Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-Chaint Cuid I

Title
Mion-Chaint Cuid I
Author(s)
O'Leary, Peter Canon, Very Rev.,
Composition Date
1902
Publisher
Brún agus Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MION-CHAINT



"Is 'na seasamh atá sí."



"tá an
bhó 'na seasamh"; "tá sí ag siúbhal."


L. 4


Is breágh an lá é.



Is lá breágh é.



Is fear láidir é.



Is láidir an fear é.



Is é an fear láidir é.



Is láidir atá sé.



Nách láidir atá sé!



Tá sé lag.



Tá sé go lag.



Is lag atá sé.



Tá sé ana lag.



Tá sé go h-ana lag.



Tá sé go h-ana lag ar fad.



Tá an donas le laige air.



Is fear Micel.



Is fear maith Micel.



Is fear gan mhaith Micel.



Is fear meathta é.



Fear meathta.



Tá Tadhg i n' fhear.



Tá sé i n' fhear mhór.



Tá sé i n' fhear bheag.



Is droch dhuine é.



Is duine fóghanta


L. 5


Is talamh fóghanta é.



Is caillte an talamh é.



Is caillte an aimsir í.



Is caillte an lá é.



Is caillte an lá é le fliche.



Is caillte a dheinis orm é.



Is deas an buachail tu!



Is maith an triail agat é!



Ní misde bheith ag brath
ort!



Ní h-eadh go deimhin.



Ní cloch iaran.



Ní h-adhmad cloch.



Ní feóil adhmad.



Ní cnámh adharc.



Ní fiona croicean.



Ní leathar fiona.



Ní fuil uisge.



Ní h-uisge bainne.



Ní bainne biotáile.



Ní gainimh cré.



Ní cré gainimh.



Ní gainimh grean.



Ní grean gainimh.



Ní móin gual.



Ní gual móin.



Ní duilleabhar féur.



Ní crann cabáiste.



Ní cabáiste crann.



Ní cabáiste feóil.



Ní feóil cabáiste.



Ní plúr min.



Ní min plúr.



Ní bó capal.



Ní capal bó.


L. 6


Ní gamhuin siorach.



Ní siorach capal.



Ní gort garaídh.



Ní cruithneacht órna.



Ní coirce cruithneacht.



Ní dair giúis.



Ní fuínseóg coll.



Ní mise Tadhg.



Ní Tadhg mise.



An adhmad cloch?



An bóthar cosán?



An fear Tadhg?



An capal bó?



An bó capal?



An amárach an Dómhnach?



An í an Aoíne atá againn?



An é an Satharn atá
againn?



An indiu an Luan?



An é an Luan atá indiu
againn?



An é seo an Luan?



An file thusa?



An gabhar mionán?



An muc madra?



An madra muc?



An leat-sa an mhuc?



An leat an gadhar?



An leat an maidirín?



An tu a chaill é?



An tu a fuair é?



An tu a thug leat é?



An tu d'fhág ansó é?


L. 7


An dóich leat gur leat é?



An mbéarfair leat é?



An bhfágfair ad dhiaig é?



An dtabharfair dómhsa é?



An coileán maith é?



An mianach maith é?



An droch mhianach é?



An mianach fóghanta é?



An bhfuil foluígheacht ann?



An cábóg é?



An ndíolfá é?



An gceanóchfá é?



An mór a bheidheadh uait
air?



An mór ar a ndíolfá é?



An mór ar a bhfaighinn
uait é?.



An mór a cheanóchadh uait é?



An mór a chosnóchadh sé?



An 'mó bliaghain é?



An 'mó lá é?



An 'mó mí é?



An 'mó ráithe é?



An 'mó seachtmhain é?



An 'mó fiacal aige?



An 'mó súil ann?



An 'mó earbal air?



An mó ceann air?



An 'mó cos fé?


L. 8


An 'mó cos tosaig fé?



An 'mó cos deiridh fé?



An 'mó iunga air?



An leat féin é?



An amhlaidh a ghuidis é?



An amhlaidh a cheanuíghis é?



An amhlaidh a fuarais ag
dul amú é?



An amhlaidh do bronadh
ort é?



Is amhlaidh do rugadh agus
do tógadh agam féin é.



An dáiríribh ataoí?



Is dáiríribh.



Nách breágh an lá é!



Nách fliuch an lá é!



Nách fuar an lá é!



Nách teith an lá é!



Nách moch atá sé!



Nách áluinn é!



Nách breágh é!



Nách breágh atá sé!



Nách bog atá sé!



Nách bog atá sé agat!



Nách bog atá do chroicean ort!



Nách bog a thagan caint
chugat!



Nách cruaidh atá an fiona
air!



Nách fada ataoí leis!



Nách é Tadhg é?



Nách mac duit é?


L. 9


Nách é do mhac é?



Nách é do mhac féin é?



Nách é do mhac-sa é?



Nách é do mhac-sa féin é?



Nách mac duitse féin é?



Nách bean í?



Nách í do bhean í?



Nách í sin í?



Nách í sin féin í?



Nách í sin í féin?



Nách leat í?



Nách leat-sa í?



Nách í t'inghean í?



Nách inghean duit í?



Nách inghean duit-se í?



Nách í t'inghean-sa í?



Nách inghean duit féin í?



Nách í t'inghean féin í?



Nách í sin do sgian?



Nách í do sgian í?



Nách í do sgian féin í?



Nách leat í?



Nách sgian leat í?



Nách sgian leatsa í?



Nách í do chuid féin í?



Nách leat féin í?



Nách tu an fear!



Nách é an fear é! a ndu-
bhairt Éamon leis an reithe.


L. 10


Ba rígh Brian.



Ba rígh uasal é.



Ba mhac dó Murchadh.



Ba mhór an rígh é.



Ba chómhachtach an rígh é.



Ba rígh cómhachtach é.



Rígh cómhachtach dob eadh é.



Ba mhaith an fear é.



Fear maith dob eadh é.



Dob aoíbhinn an lá é.



Lá aoíbhinn dob eadh é.



Ba thirm an lá é.



Lá ana thirm dob eadh é.



Ba lá brothalach é.



Ba lá ana bhrothalach é.



Lá ana bhrothalach dob eadh é.



Ba mhór an brothal é.



Ba láidir an fear é.



Fear ana láidir dob eadh é.



B' é fear ba threise ar a
chineadh é.



B' é ba lúgha beann ar
fhuacht.



B' é ba shia bhéarfadh ualach
leis.



B' air ba ghiora a mhaill
míle shlíghe do chur dé.



Ba dheas é!



Ba mhaith é!



Ba bhreágh é!



Ba mhór é!



Dob olc é!



Ba thréan é!



Ba chruínn é!


L. 11


Dob fhíor é!



Dob í an fhírinne í.



Bhí Brian 'na rígh.



Bhí sé 'na rígh uasal.



Bhí sé cómhachtach.



Bhí sé i n' fhear mhaith.



Bhí sé i n' fhear fhóghanta.



Bhí an lá go h-aoíbhinn.



Bhí an lá go h-ana aoíbhinn.



Bhí an lá tirm.



Bhí an lá ana bhrothalach.



Bhí an fear láidir.



Bhí sé ana láidir.



Bhí sé lag.



Bhí sé ana lag.



Bhí sé go lag.



Bhí sé go h-ana lag.



Bhí sé go h-ana lag ar
fad.



Bhí sé go deas.



Bhí sé go h-ana dheas.



Bhíodh sé ag ól.



Bhíodh sé ar meisge.



Bhíodh sé ag bruíghean.



Bhíodh sé ag achran.



Bhíodh tart air.



Bhíodh codla air.



Bhíodh canncar air.



Bhíodh ocras air.



Bhíodh bruid air.



Bhíodh dothall air.



Bhíodh éad air.



Bhíodh dithineas air.



Bhíodh leisge air.



Bhíodh buile air.


L. 12


Bhíodh sé scólta.



Bhíodh sé ar buile.



Bhíodh sé ar dearg-bhuile.



Bhíodh sé as a mheabhair.



Is ar meisge a bhíodh sé.



Is ag ól a bhíodh sé.



Is 'na chodla a bhí sé.



Is 'na dhúiseacht atá sé.



Is 'na dhúiseacht a bhí sé.



Is 'na chodla a bhíodh sé nuair
bhídhinn-se am dhúiseacht.



Isé an codla is feár leis.



B' é an codla dob fheár
leis.



Isé an codla dob fheár
leis.



Ar meisge atá sé.



Ag ól a bhíodh sé.



'Na chodla a bheidh sé.



Ar meisge iseadh atá sé.



Ag ól iseadh a bhíon sé.



Na chodla iseadh a bheidh sé.



Ag siúbhal iseadh atá sé.



Ag ruith atá sé.



Is agamsa atá sé.
Agamsa iseadh atá sé.
Agamsa atá sé


L. 13


Is fear é sin.
Fear iseadh é sin.
Fear é sin.



Isé an lá amárach an Domh-
nach.
Amárach an Domhnach.



Is duine é.
Duine iseadh é.
Duine atá ann.



Ba dhuine é.
Duine dob eadh é.
Duine a bhí ann.



Is indé a bhíos i gCorcaig.
Indé a bhíos i gCorcaig.



Is indiu atáim ag teacht
abhaile.
Indiu atáim ag teacht
abhaile.



Is Amárach a chasfad.
Amárach a chasfad.
Amárach iseadh a chasfad.



Is láidir atá Diarmuid.



Is láidir a bhí Diarmuid
indé.



Is láidir a bheidh sé amárach.



Is láidir an fear Diarmuid nuair bhí sé óg.
ba láidir an fear Diarmuid nuair a bhí sé óg,



Is láidir a bhí Diarmuid nuair a bhí sé óg,


L. 14


Má 's maith é is mithid é.



"Má 's cailín ó'n dtuath
mé ní íosfainn geir."



Má 's féidir é tiocfaidh
Diarmuid.



Dá mb' fhéidir é do thioc-
fadh sé.



Má tá ciall agat éistfir.



Dá mbeidheadh ciall agat
d'éistfá.



Má bhíon ciall aige éistfidh
sé.



Ba mhaith liom deoch d'
fhághail.



Ba sheóig an fear Tadhg dá
mbeidheadh airgead aige.



Dá mba mhaith leis é do
bheidheadh airgead aige.



Dá mba ná sgaoílfadh sé
uaidh é bheidheadh sé aige
go tiugh.



Má b' fhada é an lá ba
ghairid í an oídhche.



Dá mb' fhada é an lá
bheidheadh an oídhche gairid.


L. 15


Má 's duine uasal é.



Dá mba dhuine uasal é.



Má ba dhuine uasal é.



Má tá deoch agam ólfad é.



Dá mbeidheadh deoch agam
d' ólfainn é.



Má tá sé agam gheabhair é.



Dá mbeidheadh sé agam
gheabhthá é.



Má 's agamsa atá sé
gheabhair é.



Dá mb' agamsa bheidheadh
sé gheabhthá é.



Má 's ag imtheacht atá
sé déarfad leis fan-
mhaint.



Dá mb' ag imtheacht a
bheidheadh sé déarfainn
leis fanmhaint.



Má 's ocras atá air tabh-
arfad rud le n-itheadh
dhó.



Dá mb' ocras a bheidheadh
air thabharfainn rud le
n-itheadh dhó.



Má 's dómhsa a thugais é tá
sé agam.



Dá mba dhómhsa thabharfá é
bheidheadh sé agam.



Má 's na chodla atá sé ní'l
baoghal air.



Dá mba' na chodla bheidheadh
sé ní bheidheadh baoghal
air.


L. 16


Má tá a thuilleadh agam
gheabhair é.



Dá mbeidheadh a thuilleadh
agam gheabhthá é.



Ba mhaith liom dá bhféadainn
radharc d' fhagháil air.



Ba mhaith liom go labharfá.



Ba mhaith liom go n-éistfá.



Ba mhaith liom go dtiocfá
agus labhairt liom.



Ba mhaith liom go bhfanfá
thoir sa bhaile dhuit féin.



Dá mb' áil leat éisteacht
bheidhinn ana bhuidheach
díot.



Dob fheár de thu é dá mba
ná beidheadh a leath oir-
ead cainte agat.



Dá mba ná beidheadh tart
air ní ólfadh sé.



Muna mbeidheadh go bhfuil
tart air ní ólfadh sé.



Muna mbeidheadh tart do
bheith air ní ólfadh sé.



Muna mbeidheadh tart air
ní ólfadh sé.



Muna raibh tart air níor
ól sé.



Muna mbeidheadh go raibh
tart air ní ólfadh sé.



Muna bhfuil tart air ní
ólfaidh sé.


L. 17


Má 's rud é go bhfanfair
go lá tar go teine.



Dá mba rud é go bhfanfá
go lá níor mhisde dhuit
teacht go dtí an teine.



Dá mba rud é go dtiocfá
ar fhanmhaint go lá níor
mhór duit sgéala do chur
abhaile.



Ar iarais air, má ba rud
é go bhfanfadh sé go lá,
sgéala do chur abhaile?



Dá mba rud é go bhfaghainn
fiche púnt ar an gcapal
agus deich púint ar an
mboin is beag ná go
mbeidheadh an leath-chíos
agam.



Dá mba rud é go mbeidh-
eadh an lá amárach ar
fóghnamh d' fhéadfaídhe
cruach do dhéanamh de 'n
fheur sain thíos.



Dúbhart leis má ba rud é
go mbeidheadh an lá ar
foghnamh, cruach do dhéan-
amh de 'n fhéur.


L. 18


Muna rud é go dtaithnfidh
an áit leat féadfair
imtheacht as.



Dúbhart leis dá mba rud
é ná taithnfadh an áit
leis ná raibh bac air
imtheacht as.



Má 's rud é go mbeidh an
bhliaghain seo chómh maith
leis an mbliaghain anairig
beidh an saoghal suas.



Dá mba rud é go mbeidh-
eadh an bhliaghain seo
chómh maith agus bhí an
bhliaghain anairig bheidhmís
ar ár dtoil.



An t-é is rígh.



"An súmaire is athair
duit."



An t-é is fear tíghe anso.



Cia h-é is ceann anso?



Cia h-é is giolla agaibh?



Cia h-é is fear cínn riain
oraibh?



An t-é is giolla againn
isé is fear cínn riain
orainn.



An t-é is fada cos isé is
fada truslóg.


L. 19


An t-é is mór caint ní h-é
is maith ciall go minic.



Is minic nách é an t-é is
uasal cáil is uasal
méinn.



An fear is mór caint.



An fear is mó caint.



An fear is feár.



An fear is óige.



An fear is sine.



An fear ba threise.


L. 20


An fear dob óige.



An fear dob fheár.



An fear ba mhó caint.



An fear ba mhór caint.



Ba mhinic nár bh'é an fear
dob uasal cáil an fear
dob uasal méinn.



An t-é dob fhada cos b' é
dob fhada truslóg.



An t-é ba ghiolla againn
isé b'fhear cínn riain
orainn.


L. 21


Tá sé 'na chodla.



'Na chodla atá sé.



'Na codla atá sí.



Fág mar atá sé é.



"An t-é atá suas óltar
deoch air."



"An t-é atá síos buail-
tear cos air."



Táim go maith.



Fág mar atáim mé.



Go ró mhaith atáim.



Is go h-ana mhaith atáim.



Go dian mhaith iseadh atáim.



Táim go h-ana mhaith.



Táim go dian mhaith.



"Dar fiadh táimse ar
meisge!"



Bhí Seághan ua Mangáin
ann.



Isé Seághan ua Mangáin a
bhí ann.



Bhí bean Sheághain ui
Mangáin ann.



Bean Sheághain ui Mangáin
a bhí ann.



Bhí an sgéal mar sin.



Sin mar a bhí an sgéal.



Mar a bhí sé.



Mar atá sé.



Mar a bheidh sé.



Mar a bhíodh sé.


L. 22


Mar a bheidheadh sé.



Bhí sé mar atá sé.



Tá sé mar a bheidh sé.



Beidh sé mar a bhíodh sé.



Bhíodh sé mar a bhíon sé.



Bíon sé mar a bhíodh sé.



Is ag teacht atá Domhnall.



Tá Dómhnall ag teacht.



An t-é atá 'na ghiolla
againn isé atá i n' fhear
cínn riain againn.



Deirim gur breágh an lá é.



Deirim gur lá breágh é.



Deirim gurab áluinn an
lá é.



Measaim gur fear láidir
é.



Ceapaim gur anso atá sé.



Is dóich liom gur treise d'
fhear Tadhg 'ná Dómhnall.



Creidim gur fearthainn a
dhéanfaidh sé.



Ní deirim 'ná gur ag sioc
atá sé.



Ní deirim 'ná go bhfuil an
ceart agat.



Ní deirim 'ná gur agat atá
an ceart.



Dúbhart gur bhreágh an lá é.



Dúbhart gur lá breágh é.



Dúbhairt sé gur dhroch lá é.



Dúbhairt sé gur bh'áluinn
an lá é.


L. 23


Mheasas gur bh'fhear láidir
é.



Cheapas gur anso a bhí sé.



Má deirim gur breágh an
lá é déarfad an fhírinne.



Má deirim gur breágh an
lá é deirim an fhírinne.



Dá n-abrainn gur breágh
an lá é déarfainn an
fhírinne.



Dá n-abrainn gur bhreágh
an lá é déarfainn an
fhírinne.



Ní h-olc an lá é.



Deirim nách olc an lá é.



Níor bh' olc an lá é.



Dúbhart nár bh' olc an lá
é.



Níor chailleas é.



Dúbhart nár chailleas é.



Ní h-adhmad cloch.



Deirim nách adhmad cloch.



Dúbhart nár bh' adhmad
cloch.



Ní gadhar coinín.



Deirim nách gadhar coinín.



Dúbhart nár ghadhar coinín.



Má deir duine gur gadhar
coinín ní deir sé an
fhírinne.


L. 24


Dá n-abradh duine gur
ghadhar an coinín ní
déarfadh sé an fhírinne.



Má abran duine gur gadhar
coinín ní déarfaidh sé
an fhírinne.



Dúbhartsa, dá n-abradh
duine gur ghadhar coinín,
ná déarfadh sé an fhír-
inne.



Dúbhairt Dómhnall go ndúbh-
artsa, dá n-abradh duine
gur choinin gadhar ná
déarfadh sé an fhírinne.



Gur a' maith agat!



Nár a' maith agat!



Gur a' míle maith agat!



Nár a' míle maith agat!



Gur a' seacht feár a bheidh-
míd bliaghan ó 'ndiu
agus muna feár nár a'
measa!



Tá Tadhg tar éis bháis, gur
á' maith an mhaise dhó é!



Tá sé ar slígh na fírinne,
gur a' maith an mhaise
dhó é!



Tá sgéala maithe agam
duit. Gur a' slán
sgéalaídhe!



Gur a' feár amárach tú!



Tá áthas orm.



Bíon áthas orm.



Bhí áthas orm.



Bhíodh áthas orm.


L. 25


Beidh áthas orm.



Bheidheadh áthas orm.



B' fhéidir go mbeidheadh
áthas orm.



Bíodh áthas orm.



Má tá áthas orm.



Dá mbeidheadh áthas orm.



Ba mhaith liom áthas do bheith
orm.



Is maith liom áthas do bheith
orm.



Ní maith liom gan áthas do
bheith orm.



Níor mhaith liom gan áthas
do bheith orm.



Táthar chugat.



Táthar ad leanmhaint.



Táthar ag feitheamh leat.



Táthar ag faire ort.



Táthar ar do thí.



Conus atáthar agaibh?



Táthar maith go leór.



Bídhtear ag siúbhal ar an
gcosán so.



Bídhtear am leanmhaint.



Bídhtear ag caint ann.



Bídhtear ag glaodhach orm.



Bídhtear ag magadh fúm.



Bídhtear ag guid arbhair
uaim.



Bídhtear ag caitheamh na
gcloch liom.



Bídhtear ag marbhadh na
gcearc orm.


L. 26


Do bhídhtheas ag glaodhach
orm.



Bhídhtheas ag faire orm.



Bhídhtheas ag siúbhal am
dhiaidh.



Bhídhtheas rómham ar an
mbóthar.



Bhídhtí ag glaodhach orm.



Bhídhtí ag faire orm.



Bhídhtí ag caitheamh na
gcloch liom.



Beidhfar chugat.



Beidhfar ag teacht.



Beidhfar ag imtheacht a-
márach.



An mbeidhfar ag gabháil d'
fhéur indiu?



An mbeidhfar ollamh chuige?



Beidhfar.



Má táthar ollamh indiu
beidhfar ollamh amárach.



Dá mbeidhfí ollamh indiu
do bheidfí ollamh amárach.



Má bhídhtear ollamh anocht
beidhfar ollamh amárach.



An bhfuiltear ollamh?



An mbídhtear ollamh?



An mbídhtear ag glaodhach
ort?



An mbídhtear ag caitheamh
cloch leat?



Bídhtear.


L. 27


Deirim go mbídhtear.



Dúbhart go mbídhtí.



An rabhthas ag glaodhach ort
indiu?



Ní rabhthas.



An bhfuiltear ag glaodhach
ort anois?



Ní fhuiltear. Ní'ltear.



An bhfuiltear chúgam?



Táthar.



Bídhtear ag faire air.



Bí ad shuíghe!



Bí mear!



Bí amuich!



Bí ar siúbhal!



Bí ag gluaiseacht!



Bí ag imtheacht!



Ná bí ad sheasamh ansain!



Coruig agus ná bídhtear ag
feitheamh leat!



Ná bí am bhodhradh!



Ná bí ag magadh fút féin!



Ná bí ag leigint na gaoíthe
isteach.



Conus'taoi?



An bhfuil 'n tu go dia-
bhulta?


L. 28


Tá sé ag sioc.



Tá sé ag sioc go diabhulta.



Tá sé ag fearthainn.



Tá sé ag fearthainn go
diabhulta.



Tá Tadhg ag ruith.



Tá sé ag ruith go diabhulta.



Tá sé ag siúbhal go dia-
bhulta.



Tá sé ag fás go diabhulta.



Tá sé ag obair go dia-
bhulta.



An bhfuil an coirce go
maith agaibh?



Ach! Tá sé go diabhulta
againn.



Táid na prátaídhe go dia-
bhulta ar fad againn.



Is diabhail an obair í.



Is diabhalta an obair í.



Is diabhalta an duine é le
feabhas.


L. 29


Is diabhalta an duine é le
cruinneas.



Is diabhalta an capal é
chum oibre.



Is diabhalta an talamh é
chum órnan.



Is diabhalta an sgéal é ná
fanfá socair.



Nách diabhalta ná leigfadh
sibh dom féin!



Nách diabhalta ná leigfadh
sibh dom féin!



Leig dom féin.



Leig dom féin.



Ná bac é féin.



Ná bac é féin.



Nách diabhalta an dithneas
atá ort!



Nách diabhail an dithneas
atá ort!



Is diabhalta an fuinneamh
a bhíon le pléur.



Is diabhalta a bhfuil d'
airgead ag Tadhg.



Is diabhalta a bhfuil de
chaint aige pé airgead
atá aige.



Ní beag de sheó abhfuil de
chaint aige.



Ní beag d' iongna é.


L. 30


Ní beag liom dé.



Ní beag liom díobh.



Ní beag dom féin an méid
seo.



Ní mór dom féin an méid
seo.



Ní mór liom duit é.



Ní mór duit é.



Ní beag duit é.



Tá sé ró mhór agat.



Tá sé ró bheag agat.



Tá sé ró láidir duit.



Tá sé ró lag duit.



Tá sé ró lag agat.



Tá sé ró theann agat.



Tá sé ró bhog agat.



Tá sé ró bhog duit.



Tá sé cam agat.



Tá sé ollamh agam.



Tá sé lán agam.



Tá sé socair agam.



Tá sé istig agam.



Tá sé amuich agam.



Tá sé ar lár agam.



Tá sé thuas agam.


L. 31


Tá sé suas agam.



Tá sé thíos agam.



Tá sé síos agam.



Tá sé anonn agam.



Tá sé abhus agam.



Tá sé anall agam.



Tá an teine ar lasadh
agam.



Tá an t-árthach folamh
agam.



Táid na ba i dteanta
'chéile agam.



Isiad mo bha féin iad.



Isiad iad.



Ní h-iad so iad!



An iad so iad?



Ní h-iad.


L. 32


Tá duine ag teacht.



An é Diarmuid é?



Ní h-é.



An é a mhac é?



An bó atá ann?



Is bó.



Iseadh.



An í an bhó atá ann?



Isí.



Bitheamhnach iseadh í. Iseadh
san.



Tá sé 'na lá, tá san.



'Na lá iseadh atá sé. Is-
eadh san.



Briste iseadh atá é agat.
Iseadh san.



'Na smidiríníbh atá sé agat.
Iseadh san.



'Na bhrúsgar atá sé agat.
Iseadh san.



Ní h-iontaoíbh tusa. Ní
h-eadh san.



Tá sé go deas agat. Tá,
san.



Tá sé go h-aindeis agat.
Tá san.




Go h-aindeis iseadh atá sé
agat. Iseadh san.



Is tusa a bhris é.



Ní mé acht Tadhg.



Le casúr iseadh bhris sé é.



Ní h-eadh acht le tuaigh.



Siné an casúr.



Sidí an tuagh.



Siúd é Tadhg.



Siné é ansan é.



Sidé anso é.


L. 33


Siúd é ansúd é.



Sidí anso í.



Siní ansan í.



Siúd í ansúd í.



Tá sé ansan.



Tá sé anso.



Tá sé ansúd.



Siné é.



Siní í.



Iseadh.



Iseadh san.



Ní h-eadh.



Ní h-eadh san.



Bheith.



Bheith láidir.



Bheith lag.



Is maith an rud bheith
láidir.



Is olc an rud bheith lag.



B' fheár liom bheith láidir
'ná bheith lag.



Cad 'na thaobh ná ceanuí-
ghean tu bróga dhuit
féin?



Gan an t-airgead do bheith
agam.


L. 34


Cad 'na thaobh ná tugan tú
leat an mála?



É bheith ró throm.



Cad na thaobh ná fuil ann-
lan le d'chuid bídh agat?



Gan aon fhághail do bheith
agam air.



Cad chuige dhuit bheith ag
magadh fúm?



Gan aon chiall do bheith
agat.



Cad 'na thaobh ná h-ithean
tú tuilleadh?



Mo dhóithin do bheith ithte
agam.



An bhfaghad bheith istig
uait?



Gheabhair, acht gan bheith 'gá
ínsint orm amárach.



Ní feár bheith ag caint air
acht is iongantach an
duine thú!



Ní feár bheith ag caint air,
do bhuaidh an lá indiu ar
a bhfeaca riamh!



Ní'l aon mhaith dhuit bheith
liom!



Ní h-ionan bheith ar buile
agus ar lán-bhuile.



Má's maith leat bheith buan
caith fuar agus teith.



Gan-bheith am bhodhradh isé
dhéanfair!



Tá-sé gan bheith ar fóghnamh.



Cuíbhsach, gan bheith maoímh-
teach.


L. 35


B' fheara dhuith gan a bheith
agat acht práta agus
gráinne salainn ad thig
féin 'ná dá mbeidheadh
sógh agus rósta agat i
dtig an fhir thall.



Dúbhart leis gan bheith
abhfad.



Dúbhart leis gan aon
dithneas do bheith air.



Dúbhart leis gan aon eagla
bheith air.



Dúbhart leis gan aon ruagh
bheith aige dhóibh.



Dúbhart leis gan aon eagla
bheith aige rómpa.



Dúbhart leis gan aon bheann
do bheith aige ortha.



Dúbhart leis gan aon cháll
do bheith aige chúca.



"Thugas mo ghreann mo
cháll 's mo shearc do
Shéamus."



"Ná bíodh aon cháll agat
chuige."


L. 36


Is feár bheith díomhaoin 'ná
droch ghnóthach.



"Ceathrar cailleach gan bheith manntach;
Ceathrar Francach gan bheith buídhe;
Ceathrar gréasaídhe gan bheith bréagach;
'Sín dárdhéag ná fuil sa tír."


L. 38


Capa



Dhá chapal



Trí chapal



Ceithre chapal



Seacht, ocht,



Seacht mbualadh



Ocht mbualadh



Naoi mbualadh



Deich mbualadh



Cúig bheirbhadh



Trí thriomúghadh



Dhá fhásgadh



Cimilt


L. 39


Na h-uimhreacha.



An uimhir féin.


L. 40


An uimhir ag cómhreamh.


L. 41


An uimhir ag léiriúghadh.



An t-aonmhadh lá.



An chéad lá.



An dómhadh lá.



An dara lá.



An trímhadh lá.



An treas lá.



An ceathrmhadh lá.



An cúigmhadh lá.



An sémhadh lá.



An seachtmhadh lá.



An t-ochtmhadh lá.



An naomhadh lá.



An deichmhadh lá.
An deachmhadh.



An t-aonmhadh lá déag.



An dara lá déag.



An trímhadh lá déag.



An ceathrmhadh lá déag.



An cúigmhadh lá déag.



An sémhadh lá déag.



An seachtmhadh lá déag.



An t-ochtmhadh lá déag.



An naomhadh lá déag.



An fichmhadh lá.



An t-aonmhadh lá fichid.



An dara lá fichid.



An dómhadh lá fichid.



An trímhadh lá fichid.



An ceathrmhadh lá fichid.



An cúigmhadh lá fichid.



An sémhadh lá fichid.


L. 42


An t-aonmhadh lá déag ar fhichid.



An dara lá déag ar fhichid.



An trímhadh lá déag ar
fhichid.



An ceathrmhadh lá déag ar
fhichid.



An dachadmhadh lá.



Lá a dachaid.



"I mbliaghain a dachaid
beidh aition gan síol gan
bhláth."



An t-aonmhadh lá a's da-
chad.



An dara lá a's dachad.



An trímhadh lá a's dachad.



An deichmhadh lá a's dachad.



An t-aonmhadh la déág a's
dachad.



Am dara lá déag a's da-
chad.



Lá a trí fichid.



Bliaghain a trí fichid.



Bliaghain a cheithre fichid.



An t-aonmhadh bliaghain a's
cheithre fichid.



An deichmhadh bliaghain a's
cheithre fichid.


L. 43


An t-aonmhadh bliaghain
déag a's cheithre fichid.



An céadmhadh bliaghain.



An t-aonmhadh bliaghain
agus céad.



Daoine d'á gcómream.



Duine.



Beirt.



Triúr.



Ceathrar.



Cúigear.



Seisear.



Mórsheisear.



Ochtar.



Naonbhar.



Deichniúbhur.



Aoinne déag.



Dháréag.



Trí dhuine dhéag.



Ceithre dhuine dhéag.



Cúig dhuine dhéag.



Sé duine dhéag.



Seacht nduine dhéag.



Ocht nduine dhéag.



Naoi dhuine dhéag.



Fiche duine.



Duine agus fiche.



Beirt a's fiche.



Dachad duine.



Duine agus dachad.



Deich nduine agus dachad.

Deichniúbhur a's dachad.


L. 44


Trí fichid duine.



Duine agus trí fichid.



Beirt a's trí fichid.



Deichniúbhar a's trí fichid.



Aoinne déag a's trí fichid.



Dháréag a's trí fichid.



Trí dhuine dhéag a's trí
fichid.



Ceithre fichid duine.



Duine agus ceithre fichid.



Deichniúbhar a's cheithre
fichid.



Aoinne déag a's cheithre
fichid.
Dáréag agus cheithre fichid.



Trí dhuine dhéag a's cheithre
fichid.



Céad duine.



Duine agus céad.



Beirt agus céad.



Triúr a's céad.



Ceathrar a's céad.



Cúigear a's céad.



Deichniúbhar a's céad.



Míle duine.



Céad agus míle duine.


L. 45


Céad míle duine.



Duine agus céad míle.



Duine agus míle.



Deich céad míle duine.



Duine agus deich céad míle.



Fiche céad míle duine.



Duine agus fiche céad míle.



Beirt agus fiche céad míle.



Céad agus fiche céad míle
duine.



Míle agus fiche céad míle
duine.



Deich míle agus fiche céad
míle duine.



Céad míle agus fiche céad
míle duine.



Deich céad míle agus fíche
céad míle duine.



Dachad céad míle duine.



Trí fichid céad míle duine



Cheithre fichid céad míle
duine.



Céad céad míle duine.



Míle míle duine.



Céad míle míle duine.



Deich céad míle míle
duine.



Duine agus deich céad
míle míle.


L. 46


Neithe d'á gcómhreamh.



Cloch mhine.



Dhá chloich mhine.



Trí clocha mine.



Ceithre clocha mine.



Cúig clocha mine.



Sé clocha mine.



Seacht clocha mine.



Ocht clocha mine.



Naoi gclocha mine.



Deich clocha mine.



Aon chloch déag mine.



Dá chloich dhéag mhine.



Dá chloich dhéag mine.



Trí clocha déag mine.



Naoí gclocha déag mine.



Fiche cloch mhine.



Fiche cloch mine.



Cloch agus fiche mine.



Dhá chloich a's fiche mine.



Trí clocha fichid mine.



Ceithre clocha fichid mine.



Naoi gclocha fichid mine.



Deich clocha fichid mine.



Aon chloch déag ar fhichid
mine.



Dhá chloich dhéag ar fhichid
mine.



Trí clocha déág ar fhichid
mine.



Dachad cloch mhine.
Dachad cloch mine.


L. 47


An chloch mhine.



An dá chloich mhine.



Na trí clocha mine.



An t-aon chloch déag mine.



An dá chloich dhéag mine.



Na trí clocha déag mine.



Na naoi gclocha déag mine.



An fiche cloch mine.
An fiche cloch mhine.



An chloch ar fhichid mine.



An dá chloich ar fhichid mine.



Na trí clocha fichid mine.



An t-aon chloich dhéag ar fhichid
mine.



Na trí clocha déag ar fhichid
mine.



An dachad cloch mhine.
An dachad cloch mine.



An chloch a's dachad mine.



An dá chloich a's dachad
mine.



Na trí clocha a's dachad
mine.



An trí fichid cloch mine.



An trí fichid cloch mhine,
&c.


L. 48


Dhá sgiling ar chloich mhine.



Dhá sgiling ar dhá chloich
mhine.



Dhá sgiling ar trí clocha
mine.



Leath na cloiche mine.



Leath an dá chloch mhine.



Leath an dá chloch mine.



Leath na dtrí gcloch mine.



Leath na ndeich gcloch mine.



Leath an aon chloch déag
mine.



Leath an dá chloch déag mine.



Leath na dtrí gcloch ndéag
mine.



Leath an fhichead chloch mine.



Leath an aon chloch ar fhichid
mine.


L. 49


Leath an dá chloch ar fhichid
mine.



Leath na dtrí gcloch ar fhichid
mine.



Leath an dachad cloch mine.



Uair: aon uair amháin.



Dhá uair; faoi dhó.



Trí h-uaire; fó thrí.



Ceithre h-uaire; fó chea-
thair.



Deich n-uaire; fó dheich.



Fiche uair.



Uair um a seach.



Seacht n-uaire déag ar
fhichid.



Casadh.



Dá chasasdh.



Trí chasadh.



Cheithre chasadh.



Cúig chasadh.



Sé chasadh.



Seacht gcasadh.



Ocht gcasadh.



Naoi gcasadh.



Deich gcasadh.



Aon chasadh dhéag.



Trí chasadh dhéag.



Fiche casadh.


L. 50


Céad casasdh.



Bhaineamair trí chasadh
déag ar fhichid as an
mada ruadh.



Dhá bhó.



Trí cínn dhe bhuaibh.
Trí cínn dhe bhuaibh.



Ceithre cínn dhe bhuaibh.



Aon cheann déag dhe bhuaibh.



Naoi gcínn déag dhe bhuaibh.



Fiche bó.



Féur bó.



Féur dhá bhó.



Féur trí cínn dhe bhuaibh.
Féur trí mbó.



Féur ceithre mbó.
Féur ceithre cinn dhe bhuaibh.



Féur cúig mbó.
Féur cúig cínn de bhuaibh.
Féur deich mbó.



Féur deich cínn dhe bhuaibh.



Féur aon cheann déag dhe
bhuaibh.



Féur an aon cheann déag
dhe bhuaibh.
Féur an aon bhó dhéag.



Féur an fhichead bó.



Féur na h-aon bhó.


L. 51


Féur an aon chapail.



Cion duine.



Cion beirte.



Cion trír.



Cion ceathrair.



Cion na beirte.



Cion an chúigir.



Cion an aoinne dhéag.



Cion an dáréag.



Feidhm an dáréag.



Cion fiche duine.



Cion duine agus fiche.



Feidhm fiche duine.



Feidhm céad capal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services