Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán na Scuab
Title
Seaghán na Scuab
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Pen Name
Caoilte Mac Ronáin / Fear an Scuaibín
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge, M.H. Gill agus a mhac, Muinntir Fheallamhain, An Cló
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAGHÁN NA SCUAB
SEAGHÁN NA SGUAB. AN FHUIREANN. MÓR NÍ BHRIAIN (Bean de sna Brianaigh) Baintreabhach Bhocht Chráidhte. SEAGHÁN Ó CONCHUBHAIR (Mac Mhóire) Fear déanta scuab ar Thaobh Cholláin. CAITLÍN (Cuaichín Bán an tSléibhe). Cailín atá i ngrádh le Seaghán na Scuab. PEADAR CROSACH Báille Bladarach. SÉAMUS GEANNCACH Scrabhadóir Sanntach. BRIGHID NÍ MHOCH ÉIRIGHE Bean Feasa. RISTEÁRD DE BÚRC Fear Slightheach, Lúbach. SÉAMUS BREATHNACH Fear Macánta. GEARRÓID DE BARRA Píobaire dall. DIARMUID Ó RIAIN nó MICHEAL Ó CRÓINÍN Rangarthach Cam-intinneach. Cathruidhthe, Buachaillí agus Cailíní. AN CHÉAD FHUIREANN. Do léirigh “Seaghán na Scuab,” Oireachtas, 1904. Fé stiúrughadh Chathail Mac Garbhaigh. Mór Ní Bhriain Maighréad Ní Áilgheasa. Seaghán na Scuab Tomás Ó hAodha. Caitlín Cáit Ní Dhonnchadha. Peadar Crosach, Séamus Breathnach Tadhg Ó Donnchadha. Brighid Ní Mhoch Éirghe Síle Ní Áilgheasa. Séamus Geanncach, Risteárd de Búrc Séamus Ó hÁilgheasa. Gearróid de Barra Éamonn Ceannt. Diarmaid Ó Riain Pádraig de Faoite. Daoine Eile: Seán Ó Ceallaigh Donnchadh Ó hÉaluighthe, Lughaidh Mac Giolla Íosa, Seán Ó Briain, &rl.
SEAGHÁN NA SGUAB. GNÍOMH A hAON. AN tAM. — Timcheall le céad bliadhain ó shoin. AN ÁIT. — Cistean i dtigh beag ar thaoibh Shliabh Cholláin i gConntae an Chláir. AN GLÉAS:— Teallach fairsing ar thaobh na láimhe clé. Cófra mór le hais an fhalla ar an taobh thiar. Bórd le hais an fhalla ar thaoibh na láimhe deise. Fuinneóg ar thuislíbh idir an cófra agus an teine. Dóirse ar gach taobh. Cathaoir nó dó, stóil, corcán fé'n mbórd, &rl. MÓR NÍ BHRIAIN. — (máthair Sheagháin — ag Cniotáil san gcúinne) Nach fada tá Seaghán amuigh indiu, ní fheadar cad d'éirigh dhó? (Cuireann sí cluas uirthi féin). Is dóigh liom go bhfuil sé chúgham anois. (Tagann Seaghán isteach beart fraoigh ar a mhuin aige, agus roinnt driseóg fá n-a ascaill. Caitheann sé an fraoch agus na driseóga ar an urlár. Suidheann sé go tuirseach.) SEAGHÁN. — Tá an méid sin déanta agam a mháthair; acht táim cortha agus tnáidhte agus leath-mharbh leis an ocras. Bhfuil éan-rud agat do thabharfá dham le n-ithe. MÓR. — Mhaise go bhfóiridh Dia orainn, a Sheagháin níl an iomarca. Tá giobóigín beag de chíste agam annso (Éirgheann sí agus cuireann an blúire aráin ós a chomhair) acht caithfidh tú béile thur a dhéanamh de
(Cromann Seaghán ar ithe) mar níl ím ná bainne agam agus nuair bheidh an blúire sin ithte agat ní bheidh an oiread bídh istigh againn is do bhainfeadh an t-ocras de luich: Acht is giorra cabhair Dé ná an doras (Suidheann sí). SEAGHÁN. — An sean-scéal i gcomhnuidhe, ag marach- táil ó'n láimh go dtí an béal (Tógann sé driseóg agus cromann sé ar í do ghlanadh) is cruaidh an cás é, agus is baoghal liom ná cuirfidh mise suas leis ró- fhada mar táim tuirseach dem' shaoghal cheana. MÓR. — Agus cad do dhéanfá? Mise d'fhágaint annso i ndeireadh mo laethe an eadh, is mé caithte críona agus gan an oiread brighe ionnam is bheadh i gcircín. Dá mbeadh sé i gcumas dam soláthar a dhéanamh ar mo shon féin ní chuirfinn cosc ar bith leat. Do thiubhrainn cead an bhóthair duit agus mo sheacht míle beannacht: acht a Sheagháin a chroidhe do chailleas mo bhrigh agus mo mheisneach cúig bliadhna fichead ó shoin. Agus níor thugas lá fóghanta ó shoin. SEAGHÁN. — (Ag éirghe agus ag labhairt go feargach). 'Seadh nuair do dhein an bitheamhnach úd thíos uisce-fá- thalamh agus tú chaitheamh amach ar thaoibh an bhóthair tar éis bháis m'athar agus mise im' ghárlach ar d'ucht. Do cheil tú an scéal orm i gcomhnuidhe acht do chualas ar fad indiu é. ÚNA. — Ó bhó! bhó! féach é sin anois! Agus cé bhí ag caint leat? SEAGHÁN. — Duine muinnteardha — Seaghán Ruadh — d'innis sé gach éan-rud dam agus chomh cinnte is go
bhfuil Dia féin i n-áirde beidh mise réidh le Séamus Geanncach lá éicint (Buaileann sé leanng ar an mbórd). Is é do thug an nimh do'n choin. Ba mhaith leis mise do ruagairt as an áit ar fad an smearachán salach, an cladhaire lag-bheartach, mar tá eagla aige rómham 'n-a chroidhe istigh. Acht bainfidh mise sásamh de. (Caitheann Mór í féin ar a glúinibh agus beireann sí ar láimh Sheagháin.) MÓR. — (Go truaighmhéileach) féach a Sheagháin achuin- gím ort anois ar mo ghlúinibh ar son Dé agus ar son anma t' athar gan éin-díoghaltas do leigint isteach id' chroidhe i dtaobh Shéamuis Gheanncaigh agus gan baint ar bith a bheith agat leis. Tá 'fhios agat go maith gur brúite dorcha nimhneach é agus dá bhfuigheadh sé greim ort ní scaoilfeadh sé go bog é. Glac mo chomhairle agus fan uaidh; ná téighir n-a ghaor i n-éan-chor, agus bíodh foighne agat. Tá rud éicint ag cur i n-iumhal domh-sa i gcomhnuidhe go mbeidh do chuid féin agat arís le congnamh Dé. SEAGHÁN. — (Ag bogadh). Seo, seo, a mháthair éirigh agus geallaim duit ná déanfaidh mé rud ar bith as an tslighe, ná bíodh faitchios ort; agus tá aithmhéala orm anois go ndubhras éan-rud i dtaobh Shéamus Gheanncaigh. MÓR. — Ó buidheachas mór le Dia! Bhí faitchios an domhain orm go ndéanfá díoghbháil éicint. (Suidheann sí). (Osgluigheann Seaghán an fhuinneóg agus féachann sé amach. Fágann sé an fhuinneóg ar oscailt 'na dhiaidh.)
SEAGHÁN. — Tá mo lámh agus m'fhocal agat air anois ná déanfad. Acht cogair! A' bhfeacaís na báillí i n-éan-chor indiu? MÓR. — An rud atá im' aigneadh chúcha, na bitheamhn- aigh! Ambasa féin do chonnac; bhíodar thíos annsoin fé bhun an tighe ó chianaibh agus ní fheadar acht go bhfuil siad ann fós. Acht cia an chiall ar fhiafraighis a' bhfaca mise na báillí? SEAGHÁN. — Nuair do bhíos ag teacht isteach leis an mbeart fraoigh do chonnacas mallfaire de ghirr-fhiadh ag dul 'n-a luighe ins an luachair i bPáirc an tSléibhe agus do bhíos á cheapadh dá bhfuighinn faill air go mbeadh suipéar álainn againn ist oidhche 'mbárach. MÓR. — Ní bheidh splannc céille id' cheann go bráth. Ná fuil 'fhios agat go maith go bhfuil na báillí ar do thóir gach lá le coigthigheas. Má tá ciall agat leig do'n ghirrfhiadh. SEAGHÁN. — Éist do bhéal a bhean! Dá bhfeicfá an siolpach breagh ramhar do bhí ann ní leigfá-sa féin dó. Do líonfadh sé an corcán soin thall duit. (Féachann sé amach ar an bhfuinneóig arís ar feadh tamaill Annsoin osgluigheann sé an cófra agus tógann sé amach gunna.) MÓR. — Agus a' bhfuil tú ag dul fá dhéin an ghirrfhiaidh tar éis an méid adubhairt mé leat. SEAGHÁN. — Táim acht b'fhearr liom an cú do leigint 'n-a dhiaidh mara'dh gur marbhuigheadar orm é. MÓR. — Comraighe mh' anam ort a Sheagháin agus ná teighir amach. Fág an gunna istigh adeir mé leat. Beidh na báillí anuas ort de scheimhle (Seasann sí idir Sheaghán agus an doras).
SEAGHÁN. — Má thagann siad im' ghaor nó má bhain- eann siad liom-sa beidh a mhalairt de scéal aca (Cuireann sé an gunna i gcóir). MÓR. — Fágaim i láthair an tsaoghail é acht go bhfuil mo chroidhe céasttha agat. Tá 'fhios agat go maith ná fuil cead ag éinne girrfhiadh nó éin-nídh eile do mharbhughadh i bPáirc an tSléibhe, cé gur le Séamus Geanncach é. SEAGHÁN. — Le Séamus Geanncach an eadh? Tá amhras aige féin ó d'éirigh mise suas nach leis é, agus dá mbeadh an ceart ann agus dá maireadh m' athair — MÓR. — Go ndeinidh Dia trócaire air. SEAGHÁN. — Amen a Thighearna — is fada uaidh do chuinn- eóghadh an Geanncachán agus na báillí, 'seadh agus an Captaon féin, ó Pháirc an tSléibhe. Fágaim fé Dhia é gur liom-sa an áit sin agus má's féidir liom marbh- óghaidh mé an girrfhiadh gan spleáchas d'éinne. Seo scaoil amach mé. Ní bheidh mé ró-fhada. (Síneann Mór amach a dá láimh chun Seaghán do choinneált istigh acht cuireann sé i leath-taoibh í agus imtigheann sé amach de phreib.) MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, tar i leith annso adeir mé leat agus fan istigh. (Ritheann sí go dtí an doras a féachaint n-a dhiaidh). Níl éan-mhaith a bheith ag caint leis, níl éan-toradh aige orm (iompuigheann sí isteach arís). Ó bhó! bhó! bhó! cad do dhéanfaidh mé i n-éan-chor. Nach orm a bhí an mío-ádh agus an butún i gcomhnaidhe. (Suidheann sí agus cromann sí ar ghol). Béarfar air anois agus cuirfear i bpriosún
é gan dabht ar domhan. Bhí fhios agam go maith go raibh rud éigirt 'n-a cheann aige le déidheannaighe. Is sean-fhocal é go mbriseann an dúthchas tré shúilibh an chait agus tá an fearamhlacht ag briseadh amach i Seaghán bocht anois agus ba chóir go mbrisfeadh (go mórdhálach) ná fuil árd-fhuil na hÉireann 'n-a chuisleannaibh. Ba dhual athar dó do bheith duineamhail agus árd-aigeantach; agus ar ndóigh níl iongantas ar bith ann go bhfuil sé mío-shásta mar tá fhios aige anois nach ag déanamh scuab ba chuibhe dhó bheith i n-éin tslighe. (Pléascann gunna amuigh. Preabann Mór 'n-a seasamh agus ritheann sí anonn go dtí an fuinneóg agus féachann sí amach.) MÓR — A Thighearna na Trócaire — ambasa féin tá sé chugham agus an girrfhiad áige: acht ní fheadar cá bhfuil na báillí? Níl siad i bhfad ó bhaile táim suidhte. (Suidheann sí arís). Ní raibh ceart ar bith ag Seaghán Ruadh an scéal úd d'innsint dó mar ní dhéanfaidh sé pioc maitheasa d'éinne. Tá sé chugham arís. (Preabann Seaghán isteach agus an girrfhiadh aige. Tais- beánann sé an girrfhiadh go háibhéiseach dá mháthair agus annsoin caitheann sé ar an urlár é. Cuireann sé an gunna ar an mbórd.) SEAGHÁN. — Seo anois, a mháthair, tá adhbhar dinnéir againn gan spleáchas d'éinne. MÓR. — Cnapaire breágh is eadh é seo. Ar leagais súil i n-éan-chor ar na bitheamhnaigh? (Téigh- eann sí go dtí an bhfuinneóg arís).
SEAGHÁN. — Ar na báillíbh, an eadh? Ní rabhadar le feicsint i n-éan-áit, acht dá mbeidís lem' thaoibh do mhairbheóghainn an girrfhiadh. Dá gcuiridís a súile ar chipíníbh do mheallfainn iad. MÓR. — Ó, cad tá uirthi? SEAGHÁN. — Acht cia tá chughainn anois? MÓR (Ag féachaint amach). — Cáitlín bhán agus sceón uirthi. Tá sí ag teacht mar bheadh fiadh buidhe. SEAGHÁN. — Caitlín bhán! Tá rud éicint ar siubhal Ní fheadar cad tá uirthi. (Ritheann Caitlín isteach, a gruaigh ag sileadh léi agus scannradh an tsaoghail uirthi. Tá na hanála caillte aici agus ní féidir léi labhairt ar feadh tamaill.) CAITLÍN. — M' anam ó'n riasc a Sheagháin a chroidhe acht tá na báillí anuas ort. Rith agus téighir i bhfolach nó béarfar ort. MÓR. — (A'preabadh suas). Rith, rith, a Sheagháin. Rith agus teighir isteach fá'n leabainn (beireann sí air). Ní headh — fan, cá gcuirfimíd é, a Chaitlín? (Cromann Seaghán ag gáiridhe). Ó bhó! bhó! cad do dhéanfamaoid i n-éan-chor — a magadh fúm atá sé. SEAGHÁN. — Suidh síos a mháthair agus ciúinigh tú féin. A' bhfaca éinne riamh a leithéid de chárábó gan chiall ar bith leis. Cad tá ort a Chaitlín? CAITLÍN. — Tá na báillí ag teacht anuas ort adeir mé leat. Bhíodar thuas ar Charraig na nGabhar ag faire ort agus bhí mise ag faire ortha-san. Nuair do chonnaic mé thú ag gabháil amach leis an ngunna do
chuireas liúgh asam acht níor airghis mé. Thángas aníos ar mo lán-dícheall annsoin chun a innsint duit go rabhadar a' teacht. Beidh siad isteach ort de sceimhle. Rith agus folaigh tú féin. SEAGHÁN. — Deamhan cos mhaise ná bí díthchéillidhe a Chaitlín. CAITLÍN. — Ar mo shon-sa, a Sheagháin, níor iarras éan-rud riamh roimhe seo ort agus ná diúltuigh mé anois, ná dein a chroidhe. MÓR. — Nach ceann-dána atá sé — seo leat a Sheagháin. SEAGHÁN. — Ní rithfidh mé i bpoll uatha mar a dhéan- fadh luch. Ní féidir leó díoghbháil ar bith do dhéanamh orm-sa im' thigh féin. MÓR. — Tá an Captaon agus dlighe Shasanna taobh thiar díobh. SEAGHÁN. — (go feargach). Bheirim-se dhó'n phláig an Captaon agus dlighe Shasanna. CAITLÍN. — (ag féachaint amach ar an bhfuinneóig) Tá siad a teacht amach as Páirc an tSléibhe agus beidh siad isteach ort láithreach. (Druideann sí suas le Seaghán agus le gann sí a dá láimh ar a ghuailnibh). CAITLÍN. — A' bhfuil tú chun mise do dhiúltadh a Sheagháin. SEAGHÁN. — (a féachaint ar Chaitlín go ceannasach). Tá sé an-chruaidh orm rith uatha mar ghadaidhe. Seo cá raghaidh mé?
CAITLÍN. — (a féachaint timcheall uirthi). Cá gcuir- fimíd é? O 'seadh tá áit álainn againn (ag leigint gáire aisti) an cófra! an cófra! seo isteach leat. (Árduigheann sí ceann an chófra, léimeann Seaghán isteach agus tugtar an gunna agus an girrfhiadh dhó). SEAGHÁN. — B'fhearr liom míle uair seasamh suas leó go fearamhail ná mé féin do dhúnadh suas mar seo. CAITLÍN — Éist do bhéal a phleidhce agus féach ná leig gíog asat (Scaoileann sí anuas ceann an chófra). Suidh le hais na teineadh a Mhór agus leig ort go bhfuil tú go gnóthach ag cniotáil agus beidh mise ag glanadh an tighe (beireann sí ar scuaib agus féachann sí amach). 'Seadh ambasa tá Peadar Crosach chugainn. PEADAR. — (ag teacht isteach). Bail ó Dhia oraibh annso. MÓR agus CAITLÍN. — Dia bheatha chughainn a Pheadair. Suidh. PEADAR. — Agus a Chaitlín a chuaichín bháin, cionnus tá an saoghal ag éirghe leat-sa; is fada ó bhíos ag caint leat anois. (Leagann sé an gunna ar an gclár. Suidheann sé ar nós go bhfuil an cófra taobh thiar de). CAITLÍN. — (ag gáiridhe). Ní headh acht gcloisir airiú! Is iongantach an plámásuidhe thusa a Pheadair. A chuaichín bháin an eadh? Cad do dhéarfadh Brighid Ruadh leis sin dá gcloiseadh sí é (Cromann sí ar an urlár do scuabadh). PEADAR. — Ná bac le Brighid Ruadh. Ní'l baint ar bith agam-sa léi.
CAITLÍN. — Éist leis sin airiú! Bhfuil sí caitthe i n-áirde agat a Pheadair? PEADAIR. — Ní raibh éan-rud eadrainn riamh, ní thiubhrainn do lúidín féin ar fiche cailín mar Bhrighid Ruadh. (Árduigheann Seaghán ceann an chófra agus féachann sé amach. Bagaruigheann Mór air.) CAITLÍN. — Féach é sin anois! Is iongantach an cion atá agat orm i gan-fhios do'n tsaoghal. Cia an chiall nár innis tú an méid sin dam cheana? PEADAR. — Bhí eagla orm ná héistfeá liom a stórach. Acht tá rud éicint agam le hinnsint duit anois. (Féachann Seaghán amach arís. Cuireann sé Mór bhocht trí na chéile ag féachaint air.) CAITLÍN. — (a scuabadh) Cé rud é a Pheadair? PEADAIR — Cogar i leith chugham go fóill. (Druideann sé suas le Caitlín agus tugann sé iarracht ar a lámh do leagaint ar a gualainn. Tógann Caitlín an scuab agus sáitheann isteach fá n-a shúilibh é agus dubhann sí a ghnúis ar fad). CAITLÍN. — Iomchur tú féin anois a Pheadair. PEADAR. — (ag leigint gráig as) M'anam ó'n diabhal acht táim dalltha aici (beireann sé uirthi) a shiorthóirín shalaigh cia an chiall ar chuiris an scuab fá'm shúilibh, táim dalltha agat. CAITLÍN. — (ag leigint scread beag aisti) iomchuir tú féin adeir mé leat, bog dem' láimh. MÓR — Dalladh gan leigheas ort! Bailigh leat as so nó scólfaidh mé thú leis an uisce beirbhthe. Droch rath ort, cad do thug annsd i n-éan-chor thú?
(Léimeann Seaghán amach as an gcófra taobh thiar de Pheadar. Bheireann sé air agus leagann sé é.) SEAGHÁN. — (go feargach) A chladhaire bhradaigh, is dócha gur chreidis ná raibh éinne id' choinne acht beirt bhan. Éirigh agus cosain tú féin. PEADAR. — (ag únfairt ar an úrlár) Níor dheinneas éan-rud as an tslighe, a Sheagháin. Ná mairbh mé, a Sheagháin. A Chaitlín, ar son Dé ná leig dó mé mharbhughadh. (Ritheann Mór eatorra.) CAITLÍN. — Ná gortaigh é, a Sheagháin, ná salaigh do lámh leis; scaoil uait é, ní fiú é do smachtughadh. SEAGHÁN. — Tabhair dam an gunna úd thall. PEADAR. — (ag rith taobh thiar de Mhóir) A Dhia Mhóir, tá sé chun mé do mharbhughadh. A Mhór, a Chaitlín, beir air agus coinnigh é go rithfidh mé uaidh. SEAGHÁN. — Ní chaillfinn púdar agus grán ort, a smúsacháin, mar táim suídhte dhe go bhfaghaidh tú an chroch fós, acht féach. (Árduigheann Seaghán an gunna agus buaileann sé an bas fá'n urlár agus deineann dhá leath dhe: Tugann an gunna briste do Pheadar agus scaoileann amach é — ag gabháil amach dó tugann Seaghán barr na bróige dhó.) SEAGHÁN. — Bíodh an méid sin agat anois, a rangartaigh, agus go mbeiridh an diabhal leis tú féin agus do mháighistir. MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, do chuiris do mhuin- eál san lúib indiu go háirithe! Ó, bhó! bhó! cad do dhéanfamaoid i n-éan-chor? Cuirfear laincide ort anois gan dabht ar domhan.
SEAGHÁN. — Ní bhéarfar orm-sa chomh bog soin, mar ní fhanfaidh mé leó. CAITLÍN. — Agus cá raghaidh tú, a Sheagháin? SEAGHÁN. — Is cuma liom chomh fada is beidh mé as an tslighe uatha. MÓR. — Agus, a Sheagháin, a' bhfuil tú ag imtheacht mar sin ó'n mháthair do thál ort? Acht Dia bheatha, grásta Dé, caithfidh tú imtheacht anois, is dócha. Nach mise án cráiteachán! Ní raibh lá suaimhneasach riamh agam. Acht cia an uair a imtheóghaidh tú, a Sheagháin? SEAGHÁN. — Chomh luath 's is féidir liom. MÓR. — Rithfidh mé síos go dtí an Tobar Beann- uighthe fá dhéin blúire bhig de'n fhuinnseóig; badh chóir go mbeadh greimín de id' phóca ag imtheacht duit, agus ní bheidh mé i bhfad. SEAGHÁN — Is maith an cuimhne í ambasa. MÓR. — Má tá sé ort dul thar sáile, ní call duit eagla do bheith ort go mbáidhfear tú chomh fada is tá blúire d'Fhuinnseóig na mBuadh id' phóca agat. CAITLÍN. — Fan-se istigh, a Mhór, agus raghaidh mise fá n-a dhéin duit mar caithfidh mé rith abhaile ag lorg seód-chuimhne éicint do Sheagháin. MÓR. — Ní bhéadh éan-mhaith innti annsoin. Do chaillfeadh sí an buadh dá dtiubhradh éinne eile do Sheaghán í acht mé féin. Seo, cá bhfuil mo chlóca? (Cuireann sí uirthi a clóca.) SEAGHÁN. — Ná bidhidh i bhfad amuigh anois.
CAITLÍN. — Nach mór an deabhadh atá ort. Badh dhóigh le duine go raibh áthas ort bheith ag imtheacht uainn. (Imthigheann Mór agus Caitlín agus suidheann Seaghán agus a cheann faoi.) SEAGHÁN — Bhíos a' lorg leath-scéil le fada chun imtheacht, agus tá sé agam anois. D'imtheóghainn le croidhe éadtrom mara'dh mo mháthair agus Caitlín — croidhe na féile. Ní'l a leithéid de chailín i nÉirinn Tá sí chomh grádhmhar agus chomh báidheamhail agus chomh lághach soin; agus nach cruaidh an cás é go gcaithfidh mé scaramhaint léithe anois — go bhfóiridh Dia orainn! (Tagann bean iasachta isteach.) BEAN IAS. — Amen, agus Bail ó Dhia oraibh annso. SEAGHÁN. — (ag éirghe) Go mairidh tú i bhfad agus Dia bheatha chughainn. Suidh síos. BEAN IAS. — Chidhim go bhfuil buaidhirt éicint ort a Sheagháin. SEAGHÁN. — Tá mo dhóthaint, acht tá aithint agat orm-sa agus ní cuimhin liom go bhfaca mé tusa riamh roimhe seo. BEAN IAS. — B'fhéidir ná fuil an scéal chomh dona 's is dóigh leat, cé go bhfuil tú ag teicheadh led' anam? SEAGHÁN. — (scannruighthe) Cá bhfios duit-se é sin, nó cé hé tusa i n-éan chor? BEAN IAS. — Ar airigh tú trácht riamh ar Bhrighid Ní Mhoch Éirghe? SEAGHÁN. — (ag féachaint uirthi go géar) Agus an tusa Brighid — an Bhean Feasa?
BRIGHID. — Is mé go deimhin; acht cia an áit atá leagtha amach agat chun dul ann? SEAGHÁN. — Bhíos á cheapadh go raghainn go Luimnigh ar dtúis. BRIGHID. — Inneósaidh mé rud éicint duit mar sin agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé ar bhealach do leasa thu. Suidh annsoin agus éist liom. (Tógann sí criostal as a póca agus féachann sí tríd.) BRIGHID — (ag caint lei féin) Chidhim baile mór álainn — chidhim na mílte daoine ag rith trí n-a chéile fé mar do bheadh mearaichinn éicint ortha. Tá clampar agus achrann agus easaontacht ar siubhal ann. Tá dream annso ag cogarnaigh le n-a chéile agus ag bagairt ar dhream annsúd. Tá dream thall ag dranntadh le dream i bhfus. Tá dream i n-áit eile ag marbhughadh a chéile. Tá droch-ionntaoibh ag na daoine as a chéile, agus tá gnó na cathrach caitthe i n-áirde ar fad. Fan go bhfeicfidh mé anois cad é an fáth atá leis (impuigheann sí an gloine). Seadh, fuair maor na cathrach bás tamall ó shoin. Tháinig saoithe na cathrach i gceann a chéile chun fear do thoghadh, acht d'éirigh clampar eatorra. Thóg na daoine páirt ann agus do leath an easaontacht ó ló go ló (iom- puigheann sí an gloine arís). Acht tá deireadh leis an mbruighin — chidhim sagart ar siubhal i measc na ndaoine agus ag caint leó. Tá sé ag tabhairt comhairle dhóibh agus glacann siad an chomhairle uaidh. “Téirigidh síos go droichead Tuadh Mhumhan ar maidin athrughadh imbárach le héirghe na gréine,”
adeir sé, “agus an chéad fhear a thiocfaidh treasna an droichid ó Chonntae an Cláir —” (Tagann duine éicint agus seasann sé ag an bhfuinneóig ag éisteacht go haireach le Brighid). BRIGHID. — “deinidh maor de láithreach agus bíodh síothcháin annso feasta.” (Preabann Seaghán n-a sheasamh.) SEAGHÁN. — M'anam ó'n riasc acht beidh mise ann- soin má's féidir liom. Dar fiadh acht beidh mise mar mhaor aca. Ha! ha! ha! Crochfad-sa feasta an cheárd 'S ní bheidh mé ar neamh-árd fad a mhairfidh mé A' déanamh suas scuab ar Cholláin 'S ag imtheacht mar táim im' streachaille. BRIGHID. — Sin í an chaint! Ní'l éan-rud mar roinnt mheisnigh agus chidhim go bhfuil soin agat. 'Seadh, agus tá an fhilidheacht ionnat freisin. Ní'l baoghal ar bith ort, a Sheagháin. Déanfaidh tú an gnó go maith. Féach, ná dein dearmhad ar an am — éirghe na gréine ar maidin athrughadh imbárach. SEAGHÁN. — Tá an méid sin im' cheann go daingean agam agus ní baoghal go ndéanfaidh mé dearmhad air. BRIGHID. — Tá rud éicint eile agam le rádh leat. Beidh éan-duine amháin nó b'fhéidir beirt id' choinne nuair shroichfidh tú an droichead. Fiafruigh de'n chéad fhear a thiubhraidh iarracht ar easaontacht do chur ar siubhal arís an raibh aithint aige éan-uair i gCorcaigh ar fhear gur bh'ainm dó Micheál Ó Cróinín nó an bhfuil 'fhios aige cad do dhein sé leis an airgead do ghoid ó'n mbaintreabhaigh fad ó. Ní fhágfaidh na ceist- eanna so gíog ann; acht fágaim féin anois é.
SEAGHÁN. — Fan go bhfaighead-sa faill air agus beidh spórt ann — acht ní ar spórt ba chóir dam a bheith ag cuimhneamh anois! Cad do dhéanfaidh mo mháthair bhocht i n-éan-chor nuair bhead-sa imthighthe uaithi. BRIGHID. — Ní bheidh baoghal ar bith ar do mhathair ó'n lá so amach acht caithfidh mise bheith ag imtheacht(Síneann sí chuige a lámh) Seo slán agus beannacht agat agus go n-éirghe do bhóthar leat. SEAGHÁN. — Beidhfar ag éirghe liom láithreach ambasa, mar caithfidh mé an cnoc úd thall do chur díom ag imtheacht dam. BRIGHID. — Is suairc an mac thú, a Sheagháin. Go n-éirghe an t-ádh leat i bhfochair an bhóthair agus féach ná habair le héinne go raibh mise annso. SEAGHÁN. — Ní déarfad agus go raibh míle maith agat. Cuirfidh mé thar an strapa thú. (Imthigheann Brighid agus téigheann Seaghán amach léi. Nuair tá siad araon imthighthe cuireann Séamus Geanncach a cheann isteach ar an bhfuinneóig agus leigeann sé gáire tarcuis- neach as). SÉAMUS. — Nach tráthamhail do tháinig mé annso — “Beidh mise im' Mhaor” arsa Seaghán na Scuab. Tá breall ort a Sheagháin. Bainfidh mise an tslighe dhíot agus beidh mé ann romhat. Ní'l tú réidh le Séamus Geanncach fós. (Imthigheann Séamus agus tagann Seaghán isteach). SEAGHÁN. — Féach é sin anois! Is 'mdhó cor a chuireann an saoghal de ó mhaidin go hoidhche. Nach deas lághach grádhmhar gleóidhte an bhean bheag í Brighid? — Acht b'fhéidir gur a magadh fúm a bhí sí. Is an-dheacair é
chreideamhaint go mbeidh mise im' mhaor. Acht deirthear nár innis sí bréag riamh. Tá Caitlín ag teacht arís. (Tagann Caitlín isteach.) CAITLÍN. — Nach deas an scéal é seo againn a Sheagháin. SEAGHÁN. — Ní'l leigheas air a Chaitlín. Bhí sé im' cheann agam le fada go raghainn i n-áit éicint, a féachaint a bhfuighinn slighe ann chun roinnt airgid do shaotharughadh ar nós go mbeadh bun-chúil againn ag tosnughadh an tsaoghail i bhfochair a chéile. Caithfidh me téicheadh anois go luath nó cuirfear laincide orm. Agus ó tá iachall orm imtheacht uait badh chóir go saorfainn thu ó'n ngeallamhaint do thugais dam fad ó. CAITLÍN. — (go truaighmhéileach) Agus an bhfuil tú ag imtheacht mar sin agus gan éan-tsúil agat go bhfillfidh tú go bráth arís? SEAGHÁN. — Ní'lim i n-éan-chor a chroidhe; beidh mé ar ais chughaibh arís fé bheith slán dam i gceann trí mbliadhan. CAITLÍN. — Fanfaidh mé leat mar sin go ceann trí mbliadan nó go ceann seacht mbliadhan má's maith leat é. Ná dubhras leat éan uair amháin gur tusa mo rogha thar fhearaibh an domhain agus ná pósfainn éinne eile go bráth acht tú féin. (Síneann Caitlín chuige a dá láimh agus glacann Seaghán iad). SEAGHÁN. — Mhaise nár chailidh Dia ort a stórach! Níor dheineas an iomarca bladair nó an iomarca plamáis leat riamh mar ní raibh éan-chall leis; acht
caithfidh mé an méid seo a rádh anois; ní thug éan-fhear riamh fós grádh ní ba laidre nó ní ba ghlaine do mhnaoi ná an grádh do thug mise dhuit-se; agus tá rud éicint ag cur i n-iumhal dam i gcomhnuidhe go mbeimíd go sásta sóghach fós cé go bhfuilmíd ag scaramhaint le chéile ar feadh scáthaimh. (Seasann Mór ins an doras). MÓR. — Go leigidh Dia soin. Téiridh ar bhur nglúinibh go dtiubhraidh mé mo bheannacht díbh araon anois. (Téigheann siad araon ar a nglúiníbh agus leagann Mór a lámha ar a gceannaibh). MÓR. — Mo sheacht míle beannacht óm' chroidhe amach oraibh araon, agus beannacht dílis Dé agus beannacht na n-aingeal agus na naomh oraibh; agus iarraim agus impighim ar an Maighdin Bheannuighthe sibhse do thógaint fá na comhraighe féin agus achuingím ar ár Slánuightheóir Íosa Críost gach grásta do bhronnadh oraibh. Agus nár leigidh Dia go mbuailfidh pian ná tinneas ná éan-bhutún eile trasna oraibh go dtioc- faidh sibh le chéile arís. Éirghidh anois i n-ainm Dé agus tá sé i n-am duit-se tú féin do chur i gcóir mar tá an lá ag imtheacht uait agus b'fhéidir go mbeadh na bitheamhnaigh anuas ort arís. (Éirgheann siad agus téidheann Seaghán fá dhéin a chóta. Druideann Caitlín i n-aice leis an gclár.) CAITLÍN. Acht cia leis an sparán? Féach! (Tógann sí sparán de'n mbórd). SEAGHÁN. — Sparán! Cad é an sparán airiu? MÓR. — Sparán a n-eadh? Cá bhfuair tú é?
CAITLÍN. — Ar an gclár annso. An leat-sa é, a Mhór? MÓR. — Go bhfóiridh Dia orainn, ní liom. Is fada ó bhí sparán agam-sa. An tusa d'fhág ann é, a Sheagháin? SEAGHÁN. — Ní mé, go deimhin. Ní fhaca mé a leithéid seo riamh. (Féachann siad ar a chéile, le hiongantas ar feadh tamaill. Tógann Seaghán an Sparán agus croitheann sé é.) SEAGHÁN. — Sparán trom, ambasa. (Caitheann sé an t-airgead amach ar an mbórd). MÓR. — Ór ar fad agus dáfhichid giní má tá scilling ann. Acht an airgead maith é? CAITLÍN. — Ambasa féin is eadh (tógann sí mám de'n airgead agus caitheann sí ar an mbórd é). Éistidh leis an nglór soin. MÓR. — Cad as ar tháinig sé? nó ní fheadar an le Peadar Crosach é. SEAGHÁN. — (ag gáiridhe) Mhaise go deimhin féin, ní headh. Cá bhfuigheadh sé an méid sin airgid mara ngoidfeadh sé é? Rithidh amach agus féachaidh a bhfuil éinne timcheall na háite an fhaid bhead-sa ag cur mo chóta orm. (Imthigheann Mór agus Caitlín). SEAGHÁN. — Brighid Ní Mhoch Éirghe d'fhág an t-airg- ead úd annso acht dá ndéarfainn é sin ní chuirfidis méar air. “Ní bheidh baoghal ar bith ar do mháthair ó'n lá so amach,” arsa Brighid. Caithfidh mé leath-scéal
éicint do chur le chéile chun iad do mhealladh. Seadh tá sé agam. (Tagann Mór agus Caitlín isteach.) SEAGHÁN. — A' bhfaca sibh éinne? CAITLÍN. — Ní raibh duine beó le feicsint. SEAGHÁN. — (ag gáiridhe) Siad na Daoine Maithe d'fhág an sparán annso. Seo cuiridh an t-airgead dtaisce. CAITLÍN. — Tá fhios ag Seaghán cad as ar tháinig sé. SEAGHÁN. — Tá, fuaras ó dhuine muinteardha é, acht níl cead agam éan rud d'innsint díbh 'na thaoibh. Féach tá an lá ag sleamhnughadh uaim agus seo annso mise fós. MÓR. — Seo leat mar sin i n-ainm Dé, acht cuir chughat é seo agus seachain agus ná caill é. Ní baoghal duit an fhaid a bheidh soin agat. (Síneann sí chuige blúire beag adhmuid). CAITLÍN. — Cuir ins an máilín seo é, a Mhór, i bhfochair na seod-chuimhne atá ann uaim féin agus cuirfidh mé fá n-a mhuineál annsoin é. SEAGHÁN. — Cad tá ann agat, a Chaitlín? CAITLÍN. — Fáinne óir, agus ní raghaidh fáinne ar mo mhéir go bráth go gcuirfidh tusa an ceann seo uirthi. (Cuireann sí an máilín fá n-a mhuineál). SEAGHÁN. — Fáinne óir ort, a Chaitlín. Imtheóghaidh mé le croidhe éadtrom anois. MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, do thugas súgh mo chroidhe dhuit agus anois cad do dhéanfaidh mé id dhiaidh.
CAITLÍN. — Féach, a Mhór, ná bí ag cur Seaghán bocht tré n-a chéile. Fanfaidh mise i d'fhochair annso go dtiocfaidh Seaghán a bhaile arís fé bheith slán dó. Fuaras cead óm athair an fhaid do bhíos amuigh. SEAGHÁN. — Graidhin mo chroidhe thú, a Chaitlín. Seo a mháthair, slán agus beannacht agat anois. (Síneann sé a dhá lámh chun a mháthar agus glacann sí iad go ceanamhail.) Beidh mise ar ais chughat arís, le congnamh Dé, trí bliadhna ó'n lá indiu. MÓR. — Mo sheacht míle beannacht leat arís agus gach lá a d'eireóghaidh orm guidhfidh mé ar do shon (Cromann sí ar ghol.) SEAGHÁN. — A Chaitlín, a Róisín Bháin an tSléibhe, ní raibh fhios agam go dtí anois féin go mbeadh uaigneas chomh mór soin orm. Is cruaidh an cás é. CAITLÍN. — Dia bheatha, grásta Dé, a Sheagháin. SEAGHÁN. — Pé fhaid a bhead-sa imthighthe ní leigfidh mé do chuimhne as mo cheann. Beannacht leat, a chroidhe. CAITLÍN. — Go n-éirghe an t-ádh leat agus go dtugaidh Dia slán abhaile arís thu. (Imthigheann Seaghán ar gcúl go mall. Cuireann Mór agus Caitlín a lámha timcheall ar a chéile; agus seasann siad i lár an urláir ag féachaint go brónach n-a dhiaidh. Seasann seisean nóiminte san ndoras agus beannuigheann dhóibh le n-a laimh. Annsoin cuireann sé a lámh le n-a shúilibh agus imthigheann sé.) BRAT ANUAS.
GNÍOMH A DÓ. ÁIT. — Droichead Tuadh Mhumhan ar éirghe na gréine. (Tagann fear isteach agus seasann tamall ar an droichead ag féachaint n-a thimcheall.) AN FEAR. — Ní'l éinne annso fós, acht beidh siad annso ar ball agus gleó aca is dócha. Ní fheadar cad é an sórt duine a thiocfaidh chun a bheith mar mhaor againn. Ba mhaith an tslighe do cheap an t-Athair Pádraig chun deireadh do chur leis an gclampar; acht is baoghal liom go bhfuil aithmhéala ar chuid aca anois gur ghéilleadar dó. Bhí an spriosán úd Diarmuid O Riain go han-phriaclach indé. Bhí rud éicint ar siubhal aige mar do chonnaic mé é féin agus Risteárd De Búrc ag cogarnaigh le chéile. Go seólaidh Dia chughainn duine acfuinneach éicint a cuirfidh smacht ar na daoinibh annso. Siubhalfaidh mé anonn tamall a féachaint a bhfuil éinne ag teacht. (Imthigheann sé agus tagann fear eile ar an droichead.) AN TARNA FEAR. — Deamhan duine annso fós. Táim i n-am go háirithe chun fáilte do chur roimh an mhaor nuadh. Ar airigh éinne riamh a leithéid d'am- adántacht — maor do dhéanamh de dhuine nár leagamair súil roimhe seo air b'fhéidir? Ba dheas an scéal é dá mbualfeadh stóilín, nó bacach, nó dall an bóthar chughainn. Ách! ba mhór an feall é nár dheineadar
maor díom-sa, agus bhíos ag brath air. Bhí gach éan- rud socair go deas agam féin is Máire. Do bheadh saoghal breagh agam ar feadh bliadhain nó dhó. Do gheobhainn slighe maireachtála do Laoiseach fá Chomhairle na Cathrach. Gheobhainn fear do Bhrighid gan pioc trioblóide, cé go bhfuil sí ar leath-shúil, mar tá a lán daoine agus badh bhreagh leó bheith ceangailte i gcleamhnas le Maor na Cathrach go mór mór nuair bheadh roinnt airgid ag an Maor (togann sé amach a sparán agus croitheann sé é). Acht do chuir an t-Athair Pádraig gach éan-rud bun ós cionn orm; agus ar ndóigh ba chuma liom mara'dh na deich nginí úd do chaill Máire leis an gculaith síoda do cheannuigh sí le haghaidh an éirghe i n-áirde. (Stadann sé agus féachann sé tseasna an droichid is gach ball de ar crith.) M'anam, acht tá sé chugham agus gan éinne annso acht mé féin — acht cad tá orm i n-éan-chor! 'Sé Séamus Breathnach atá ann. (Tagann an Chéad Fhear — Séamus Breathnach — ar an droichead arís.) SÉAMUS. — Móire dhuit, a Risteáird. RISTEÁRD DE BÚRC (an Tarna Fear). — Móire is Muire dhuit, a Shéamuis. Níor tháinig an Maor Nuadh fós. SÉAMUS. — Ó! tá sé luath go leór. RISTEÁRD. — Cad é do mheas ar an ngnó so, a Shéamuis, nó an dóigh leat an raibh éan-rud i n-aigne an Athar Phádraig nuair do shocruigh sé an cheist ar an gcuma so?
SÉAMUS. — Ní thuigim thú, a Risteáird; cad tá id' aigne féin anois? RISTEÁRD. — Bíonn gach dubhán alla ag tochrais ar a cheirtlín féin. SÉAMUS. — M'anam féin is fíor dhuit (tugann súil fhéachaint ar Risteárd). RISTEÁRD. — Tá gaolta ag an Athair Pádraig agus deirthear ná fuil an iomarca aca le maoidheamh as. SÉAMUS. — Faire fút! ar ndóigh ní dhéarfá gur mheall an sagart sinn chun Maor do dhéanamh de dhuine mhuinteardha dhó féin. RISTEÁRD. — Tá Diarmuid Ó Riain suidhte gur chuir an tAthair Pádraig a mhéar i n-ár súilibh go glan. SÉAMUS — Ná bac leis an rangartach úd — dalta an aighnis! ní shásóghadh na flaithis é gan trácht ar an maoirseacht, an coigrigheach bradach. Acht cogar i leith chugham, airghim go raibh súil agat féin leis an onóir seo nuair éirigh an easaontacht eadrainn. RISTEÁRD. — (ag féachaint timcheall air go mío- shuaimhneasach). Cia dubhairt é sin airiú? Dá raghadh gach éinne i Luimnigh ar a nglúinibh ag iarraidh orm ceannas na Cathrach do thógaint ní ghlacfainn é. Cad deireann tú leis sin anois? SÉAMUS. — Gaoth, a Risteáird! gaoth adeirim! Cad chuige ar cheannuigh do bhean culaith síoda an lá fá dheireadh mar sin — bean nár chuir ceirt mhaith uirthi féin riamh.
RISTEÁRD. — Go deimhin féin agus go dearbhtha, a Shéamuis, ós ag innsinnt duit é, tá Máire ag éirghe go han scaiptheach le déidheannaighe agus táim nach mór briste aici. SÉAMUS. — (ag gáiridhe go fonnmhar) Dhe airiu! cia an uair ar thosnuigh sí ar an scabáiste do dhéanamh — bean do bhí chomh sanntach soin is go leanfadh sí préachán go dtí an Caisleán Nuadh chun criochán do bhaint de dá dtabhairfeadh sé uaithi é. RITSTEÁRD. — (go crosta) Is iongantach an biadánuidhe thú, a Shéamuis; bhí teanga shearbh agat i gcomhnuidhe. SÉAMUS. — Ní hí an teanga atá searbh acht an fhírinne. Ní bheidh uaigneas orainn anois. Feach! Móire dhíbh go léir. (Tagann seisean nó móir-sheisear daoine ar an droichead ag cogarnaigh agus ag caint le n-a chéile.) IAD UILE. — Móire is Muire dhíbh! FEAR. — A' bhfaca sibh éinne fós? SÉAMUS. — Ní fhacamair acht is dócha go mbeidh duine éicint chughainn láithreach. (Cuireann sé cluas air féin ) M'anam ó'n riasc acht tá duine éicint ag teacht anois. Éistidh! A' gclosann sibh ag amhrán é? IAD UILE. — Tá an ceart agat. Ambasa féin, tá sé chughainn, &rl. (Preabainn síad go léir amach i lár an bhóthair agus seasaid i scata a féachaint go géar anonn treasna an droichid. Nuair a gheibhid radharc ar Sheaghán leigid gáir agus gáir eile asta agus croithid a hataí chun fáilte do chur roimhe.) FEAR. — Ní'l sé balbh go háirithe.
FEAR EILE. — Ná ní'l sé bacach. RISTEARD — Acht tá cruit air — beidh cruiteachán againn mar Mhaor. FEAR EILE. — Ní'l cruit air acht tá rud éicint ar a dhrom aige. RISTEARD. — Mála tuincéara is dócha nó rud éicint do ghoid sé. SÉAMUS. — Tá an t-éad ag gabhailt go trom do'n tnúthóir bhocht so; acht éistidh leis an amhrán. (Tagann Seaghán ar an droichead ag amhrán. Tá beart sguab ar a mhuin aige. Caitheann sé na scuaba uaidh agus críochnuigheann sé an t-amhrán.) CUAICHÍN BÁN AN tSLÉIBHE. Mo chéad beannacht glé agat, a dhúthaigh shámh, A Chonntae Chláir mo chléibh, Is éigin dam géilleadh dhon chumhangthas ghnáith Agus gluaiseacht le fán an tsaoghail! Mo chéad fichid slán Let shéimh-chineadh lághach, Ní'l a samhail ar fagháil fén spéir; Acht slán tar cách le báb mo ghrádh Le Cuaichín Bán án tSléibhe. Is uaibhreach 's is suairc é do shnódh gan cháim, A Thuamhain ghil, le fáinne an lae; Na muar-chnuic ó thuaidh is an reóth n-a mbárr Agus Sliabh breagh Colláin leis féin; Mo chruadhtan mo chás
Mo ghluaiseacht ar stáir Ó chiumhais Cholláin na gcraobh, Óm stuaire 'mháthair uasail cháidh, Is ó Chuaichín Bhán an tSléibhe. A Thuamhain mhilis, uair eile uaim-se slán, 'S gurab uait-se atá mo dhréim, Ag cuanta 's ag cruacha do thuaithe bhláith Na sluaighte deagh-shlán go léir; Nach buartha 'tá Seán I n-uaigneas gach lá, Acht fillfidh tráth fé réim Ar an mhuinntir lághach ar thaobh Cholláin Is ar Chuaichín Bhán an tSléibhe. (Nuair tá críochnuighthe aige leigeann na catharaidhe gáir eile asta.) SEAGHÁN. — Móire dhíbh a dhaoine uaisle! Is spleódrach atá sibh ar maidin. IAD UILE. — Móire is Múire dhuit agus céad fáilte romhat. SEAGHÁN. — Go mairidh sibh i bhfad, is deas múinte sibhialta na daoine atá i Luimnigh. SÉAMUS. — Céad míle fáilte roimh Mhaor Luimnighe SEAGHÁN. — (Ag féachaint n-a thimcheall) Cá bhfuil an Maor airiu? IAD UILE. — Tusa an Maor! Tusa an Maor! SEAGHÁN. — (Ag caint leis féin) Bí an ceart ag Brighid Ní Mhoch Éirghe. (Leis na daoinibh) Cuiridh uaibh, cuiridh uaibh, leig dam féin agus ná bídh ag magadh fúm.
(Scaoileann sé an ceangal atá ar na scuaba agus tógann sé ceann 'n-a láimh) Seo ceannuigidh na scuaba so uaim — ní raibh a leithéid de mhargadh le fagháil i Luimnigh riamh roimhe seo. Tá siad dá ndíol agam ar neimh-nídh geall leis. Ní'l ortha acht pingin a ceann. Tá fraoch breagh fada teann ionnta agus é chomh fada i lár na scuaibe is tá ar an taobh amuigh agus tá siad ceangailte go daingean le driseóga roighne ar nós ná tuitfidh siad ó n-a chéile go bog. Do ghlanfadh an scuab so im' láimh agam an méid salachair atá ins an mbaile mór so ar fad isteach san abhainn. SÉAMUS. — Sin é an rud a theastuigheann uainn. Tusa an fear ceart. SEAGHÁN. — Pingin a ceann, sin a bhfuil ortha nó tabhairfidh mé an bheart ar fad d'éinne ar thrí réala- chaibh agus tá dhá dhosaon ann. SÉAMUS. — Tá fios a ghnotha ag an bhfear so go háirithe. Fad saoghail chun an Mhaoir (furá), SEAGHÁN. — Is baoghal liom go bhfuil sibh go léir ar meisce. Mhaise féach ná bídh ag magadh fúm acht ceannuighidh na scuaba uaim. SÉAMUS. — Ní call duit na scuaba do dhíol anois a dhuine chroidhe; acht ní chreideann tú go bhfuil tú id' Mhaor. Do réidhtigheamair an lá fá dheireadh go ndéanfamaois Maor de'n chéad fhear a thiocfadh treasna an droichid seo indiu. Tusa an chéad fear agus nuair a bheidh na comhairleóirí bailighthe beidh sé orm-sa an slabhra do chur ort agus Maor do dhéanamh dhíot.
SEAGHÁN. — Ní hé seo lá na n-amadán an é? RISTEÁRD. — Sé go deimhin acht is sinne na hama- dáin agus Maor do dhéanamh ded' leithéid-se, beidh an saoghal mór ag magadh fúinn. SÉAMUS. — Tá truthnán agat leis is dócha. (Sceartann siad go léir.) RISTEÁRD. — Le bacach éicint ó Chonntae Chláir na bláthaighe géire an eadh? Go bhfóirid Dia orainn! SÉAMUS. — Ní headh, acht éist le giolla an ocrais airiú! Ní bacach é, acht preabaire d'fhear ghroidhe ghéarchúiseach acfuinneach; agus mara bhfuil mise amudha go mór déanfaidh sé a ghnó go macánta. (Éirgheann fothram mór taobh thiar díobh agus iompuigheann siad go léir siar a féachaint cad tá ann.) SÉAMUS . — Ó tá Diarmuidín chughainn anois agus beidh gleó againn; acht cad é an gnó atá aige de'n bharaille? Tagann fear isteach ag tiomáint baraille roimhe. Cuir- eann sé an baraille n-a seasamh agus féachann sé timcheall air.> DIARMUID Ó RIAIN. — (ag féachaint ar Sheaghán) An é seo an céad fhear do tháinig chughaibh? SÉAMUS. — 'Sé. Cionnus a thaithnigheann sé leat? (Téigheann Diarmuid suas chun Sheagháin agus sgruduigheann sé ó bhathas a chinn go bonn a choise é agus é ag caint leis féin fá n-a fhiaclaibh.) DIARMUID. — Fuf! Agus an bhfuil sibh chun Mhaor do dhéanamh de'n bhacach so? FEAR. — Cad é seo, a Dhiarmuidín? Ceann des na baraillíbh do bhíodh agat fad ó a' díol na scadáin asta an eadh? (Sceartann siad go léir go spleódrach.)
DIARMUID. — Bailighidh timcheall orm annso go fóil. Tá rud éicint agam le rádh libh. (Téigheann sé suas ar an mbaraille agus druideann na daoine isteach chuige.) Ba dhóigh le duine go raibh sibh go léir glan as bhur meamhair. Ná fuil fhios agaibh go maith gur dhein an tAthair Pádraig amadáin díbh go léir agus gur leig sibh dó dalla-phúicín do chur ar bhur súilibh. Duine muinteardha dhó 'seadh an bacach so. Nuair do ghéill sibhse dhó do chuir sé fios air. SÉAMUS. — Cá bhfios duit? DIARMUID. — Táim suídhte dhe im' chroidhe istigh. SÉAMUS. — Buille fá thuairim. Dá an tsainnt id' dhalladh. DIARMUID. — Ba chóir dúinn duine suimeamhail a thoghadh mar Mhaor agus gan éan-bhaint do bheith againn le cúmrachán d'fhear díolta scuab ná fuil fhios ag éinne cad as ar tháinig sé. SÉAMUS. — Ní'l fhios ag éinne cad as ar tháinig tusa acht chomh beag a mhic ó, agus ba chóir ho gcuinn- eóghtha teanga sibhialta id' cheann agus gan droch-aoide do thabhairt d'éinne. Nach fuil fear díolta na scuab chomh maith le fear diolta na sgadán? RISTEÁRD. — Tusa atá ag tabhairt an droch-aoide uait anois, a Shéamuis. DIARMUID. — Éistidh liom go fóil. FEAR. — Ní éistfimíd leat níos fuide, a choigrighigh. FEAR EILE. — Tar anuas as soin, a ghliodaracháin, nó caithfimíd isteach 'san abhainn thú.
DIARMUID. — Deinidh Maor de Risteárd De Búrc annso agus beidh fear breagh ciallmhar — (Sceartann siad uile.) SÉAMUS. — Tá an cat as an mála go glan anois. Bhí fhios agam go raibh socrughadh éicint eadraibh. Dhein Risteárd na Piléir, tá tusa dá gcaitheamh dhó. DIARMUID. — (go nimhneach) Tá tú dearg bréagach, a raispín. FEAR. — Ní raispín é, acht bitheamhnach an té dubhairt gur bh'eadh. (Arduigheann a mhaide chun Diarmuid do bhualadh. Beireann fear eile ar an maide. Tosnuighid ag bruighean.) SEAGHÁN. — (ag rith isteach eatortha agus ag labhairt i nguth árd-ghlórach) Stadaidh! Cuiridh síos na maidí; ná tógadh éinne annso a lámh i gcoinnibh éinne eile agus ná bíodh imreas ar bith mar gheall orm-sa. Ní'lim-se ag cur isteach ar bheith im' Mhaor. Do shaoileas ar dtúis ná raibh sibh acht ag magadh fúm. Chídhim anois go bhfuil sibh i ndáiríribh. Acht tá ceist agam ar an bhfear so ar an mbaraille. An neosthá dhúinn cia an chiall ar éaluigh tú leat i n-uair mhairbh na hoidhche ag teacht annso dhuit an chéad uair? (Féachann gach éinne ar Sheaghán agus ar Dhiarmuid. Glac- ann Diarmuid scannradh agus ní féidir leis freagra do thabhairt ar Sheaghán go ceann tamaill.) DIARMUID. — Is léir dhíbh, a dhaoine, go bhfuair an fear so a léigheann ag teacht annso dhó. Fuair sé cuireadh, agus bhí 'fhios aige cad do bhí ar siubhal n-ar measc.
SEAGHÁN. — Ní freagra ar mo cheist-se é sin. Tá ceist eile agam ort anois. An raibh tú riamh id' chomhnuidhe i gCorcaigh, nó an raibh aithint agat ann ar fhear darb' ainm Micheál O Cróinín? (Critheann Diarmuid go smior. Tugann sé iarracht ar rud éicint a rádh, acht ní féidir leis focal do labhairt.) IAD UILE. — Anois, a Dhiarmuid, cad tá le rádh agat? Tá sé bodhar balbh anois. Cia'r bhé an fear i gCorcaigh? &rl. (Sgeineann Risteárd leis as an áit.) SEAGHÁN. — Tá ceist eile agam ort agus beidh mé réidh leat annsoin. DIARMUID. — (ag screadadh) Nach gaol gairid do'n Athar Pádraigh tusa? Nach headh, a Risteáird? (Leigeann siad gáire eile asta.) SÉAMUS. — Do bhailigh Risteárd leis nuair do chonnaic sé i gcruadh chás thú. DIARMUID. — Droch rath air agus an bhfuil an bitheamhnach imthighthe tar éis mise do ghríosadh chun an imreas so do chur ar siubhal arís? Druididh amach uaim go raghaidh mé síos as so. (Briseann tóin an bharaille agus tuiteann Diarmuid isteach ann. Cromann gach éinne ag gáire go fonnmhar.) SEAGHÁN. — Is baoghal liom go bhfuil an baraille úd ag leigint tríd. SÉAMUS. — Cia'n dioghbháil, ní'l ann anois acht dríodar. (Cuireann Diarmuid suas a cheann agus féachann timcheall air go himnidheach.)
DIARMUID. — Scaoilidh amach mé agus ní thiubhraidh mé pioc trioblóide dhíbh feasta. SEAGHÁN. — Caithfimíd fineál do chur ort sula leigfimíd chun siubhail thú mar gheall ar an gcollóid do chur tú ar bun annso indiu. Agus anois, ó táim im' Mhaor nó geall leis, órduighim agus fógraim go gcaithfidh tusa dá fhichid giní do thabhairt domh-sa le h-aghaidh bochtán na Cathrach mar b'é sin an méid airgid do ghoid tusa — a Mhichíl Uí Chróinín — o bhain- treabhaigh bhocht i gCorcaigh sul ar tháinig tú go Luimnigh ar dtúis. (Foluigheann Diarmuid é féin ins an mbaraille arís.) IAD UILE. — Amach leis an airgead. Comhairidh amach é, &rl. (Caitheann Diarmuid a sparán chucha.) DIARMUID. — Bíodh an sparán agus a bhfuil ann agaibh, acht scaoilidh amach mé. SÉAMUS. — Doirtidh amach an dríodar úd. (Leagann siad an baraille ar a taoibh agus tagann Diar- muid ag leapadáil as.) SÉAMUS. — Féach ar airiu! Nach beag an scóip atá faoi anois! (Éirigheann Diarmuid agus ritheann sé leis gan focal agus gach éinne g sgeartaighil 'n-a dhiaidh.) SÉAMUS. — Tá tosnughadh maith déanta agat indiu, acht cad is ainm duit? SÉAGHÁN. — Seaghán O Conchabhair. SÉAMUS. — Anois, a Sheagháin Uí Chonchabhair, tá sé orm-sa an slabhra so do chur ort chun seilbhe na
Cathrach mar adéarfá do thabhairt duit. Acht caithfidh tú geallamhaint a thabhairt go bhfanfaidh tú linn ar feadh trí bliadhan, agus ná déanfaidh tú dearmhad ar éan dhualgas nó éan-chomaoinn dlistineach a bheidh ort, agus gan éan-bhaint do bheith agat led' mhuinntir féin ar feadh na haimsire sin. SEAGHÁN. — (ag cur suas a lámh) Bheirim mo mhionna agus mo mhóide dhíbh agus tugaim an ghrian, an ghealach agus an ghaoth air, go bhfanfaidh mé libh ar feadh trí bliadhan, go ndéanfaidh mé mo ghnó gan cam, gan claon, go gcóimhlíonfaidh mé gach dualgas a bheidh orm, agus ná beidh baint ar bith agam lem' mhuinntir féin ar feadh na haimsire sin. (Cuireann Séamus an slabhra ar ghuailnibh Sheagháin. Leig- eann ma Catharaidhe gáir áthasach asta; bailigheann siad tim- cheall ar Sheaghán, agus croitheann siad go léir lámh leis.) SÉAMUS. — Is maith an obair lae atá déanta againn indiu, agus go n-éirghe — FEAR. — Acht cé'r'd é seo chughainn anois? (Féachann siad go léir treasna an droichid.) FEAR EILE. — Tá duine éicint gortuighthe nó marbh. (Tagann ceathrar fear ar an droichead agus fear marbh aca ar shínteán. Leagann siad ar an mbóthar é.) SÉAMUS. — Cad tá annsoin agaibh? NA FIR. — Fear báidhte. Fuaireamair ar bhruach na habhann é. SÉAMUS. — Ní fheadar an bhfuil aithint againn air. (Árduigheann sé cúinne an bhraithlín atá ar an gcorpán. Druideann Seaghán isteach i n-aice leis, acht ní tuisce nochtar aghaidh an fhir báidhte ná glacann sé scannradh.)
SEAGHÁN. — Comraighe Dé chughainn, acht féach cia tá ann — Séamus Geanncach! A Dhia mhóir na bhfeart, agus cad do thug annso é? nó cad d'éirigh dhó? SÉAMUS. — Duine muinteardha dhuit an eadh? SEAGHÁN. — Go ndeinidh Dia tróchaire air, ní headh, acht namhaid agus namhaid nimhneach leis — go maithidh Dia dhó a pheacaidhe. SÉAMUS. — Ámen; acht ní call dúinn an iomarca bróin do bheith orainn. Tógaidh libh an corp so (árduigheann siad é agus imthigheann siad), agus tá sé chomh maith dhúinne bheith ag gluaiseacht go Tigh na Cathrach anois. SEAGHÁN. — Fan! Ba chóir anois, ó tá mise im' Mhaor agaibh, go mbeadh comhartha scéithe agam. Tógh- faidh mise scuab mar chomhartha dom' scéith. (Tógann sé scuab 'n-a láimh.) Gach uair a leagfaidh mé súil air cuirfidh sé i gcuimhne dham go rabhas bocht dealbh tamall dem' shaoghal; ní bheidh an iomarca mórchúise nó an iomarca mórdhála ag gabháil dam annsoin; agus rud eile, cuirfidh sé i n-iumhal dam an salachar do sheachaint i gcomhnuidhe. Seo bímís a gluaiseacht. (Tagann píobaire i dtosach an tsluaigh agus imthighid — Seaghán agus a scuab ar a ghuailinn aige. Nuair táid imthighthe tagann Brighid Ní Mhoch Éirigh.) BRIGHID. — D'éirigh gach éan-rud mar adubhairt mé. Do dhein Seaghán a ghnó go háluinn. Agus nách é Séamus Geanncach do chuir an cadhp-báis air féin go glan. Thugas fá ndeara an lá do tháinig sé chugham
ag féachaint an raibh éan-bhaoghal go marbhóghadh Seaghán é gur duine beag canncrach, cam-intinneach, doicheallach, droch-aigeanntach, dúr-chroidheach do bhí ann. Do bhaineas dá fhichid giní dhe sul ar thugas an t-eólas dó, mar bhí fhios agam go raibh airgead go fairsing aige agus go raibh roinnt de ag teastáil ó Mhóir. Is iongantach nár scoilt sé le feirg nuair dubhairt mé leis gurb' é féin an namhaid ba mhó do bhí aige. Do chuir sé a chos ann go glan nuair do thug sé iarracht ar an tslighe do bhaint de Sheaghán. Acht tá sé go daingean fá ghlas, agus fanfaidh sé ann go ndéanfaidh sé aithrighe. Ní fheadar cad tá ar siubhal anois. (Tógann sí amach an gloine agus, féachann sí tríd.) Go breagh! go breagh! Seadh, buailfidh mé isteach a' féachaint cionnus tá siad san mbaile mór. BRAT ANUAS.
GNÍOMH A TRÍ. (ÁIT. — Cistean compórdach i dtigh feirmeóra um thrathnóna. AN GLÉAS. — Mar do bhí sé sa chéad gníomh, acht amháin go bhfuil an trosgán níos fearr. Mór Ní Bhriain ag cniotál sa chúinne cois teineadh.) MÓR. — (Ag caint léi féin). Is baoghal liom ná fuil éan-amhras acht go bhfuil Seaghán bocht marbh; agus má tá go ndeinidh Dia trócaire air. Tá sé imthighthe uaim anois trí bliadna go díreach an lá indiu agus istigh ná amuigh i n-árd ná i bhfánaidh ní bhfuaireamair tásc ná tuairisc air féin nó ar Shéamus Geanncach ó shoin. Acht ní fheadair ar thalamh an domhain cad d'éirigh do Shéamus. Bhí sé go minic im' cheann agam (stadann sí de'n chniotál agus féachainn sí timcheall uirthi go crith-eaglach agus labhrann sí go híosal) go mb' fhéidir gur chuir Seaghán lámh ann; acht ní dhéarfainn é sin leis an talamh. B'fhearr liom míle uair go mbeadh sé marbh má bhí an scéal mar sin. Acht cad atá mé a' rádh, ní raibh baint ar bith aige le Séamus, ní chreidfinn ó'n sagart go raibh — “is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin” — mhaise greadadh chughat mar snáthad — agus má tá Seaghán bocht 'n-a bheathaidh nár leigidh Dia go bhfaghaidh mise bás go bhfeicfidh mé arís é. Tá snaidhim na péiste déanta agam de'n tsnáth so. Mo chreach
ghear agus mo lón dóighthe, bhí saoghal cruaidh aige i dtúis a óige, agus anois nuair do bheadh sonas an tsaoghail orainn go léir ní'l sé agam. Acht an í seo Caitlín? (Duine uasal iasachta isteach). DUINE UASAL. — Bail Dé oraibh annso. MÓR. — Go mairidh tú i bhfad a Athair (ag éirghe agus ag umhlughadh dhó) agus Dia bheatha chughainn. Ná suidhfidh tú a Athair. DUINE UASAL. — Ó ní sagart mé i n-éan-chor, a bhean a chroidhe. MÓR. — Gabham párdún agat, a Ath — a — a Dhoch — a Dhochtúir, ní'l an radharc ar fóghnamh agam, mar tá an aois ag goilleamhaint orm. Suidh, a Dhochtúir (cuireann sí cathaoir i gcóir dó). DUINE UASAL. — Do dheinis dearmhad arís mar ní dochtúr mé. MÓR. — Ó mhaise, féach é sin anois! Gabham párdún agat arís, a Ath — a Dhoch — a Chaptaoin, mar ní'l an iomarca taithighe agam-sa ar an saoghal mar is bean bhocht shimplidhe de'n tsean aimsir mé. DUINE UASAL. — Ná cuir tú féin trí ná chéile mar gheall orm-sa, a bhean chroidhe, ní captaon mé acht an oiread. Suidh agus — MÓR. — Mhaise, ní'l aithint agam ort, a dhuine uasail.
DUINE UASAL. — Is ar éigin go bhfuil aithint agam orm féin anois; acht neósaidh mise dhuit cad do thug annso mé. Do thángas a' féachaint a' bhfágfá istigh anocht mé. MÓR. — Cad do bhearfadh ná fágfainn má tá gábhadh agat leis. Níor dhúnas mo dhoras riamh fós i gcoinnibh éinne ná mó lámh acht an oiread mar ní bhfaghann dorn dúnta acht lámh iadta; agus féach, a dhuine uasail, tá rud éicint id' dheallramh a choruigh- eann mo chroidhe agus tá fáilte rómhat; acht tá faitchios orm ná fuil an áit seo oireamhnach do dhuine uasal ded' leithéid sé. DUINE UASAL. — Déanfaidh sé an gnó go hálainn agus beidh mé fá chomeoinn mhóir agat. Bhíos ag teacht ag marcaigheacht ó Inis agus do ghortuigh an capall a chrub ar chuma éicint agus b'éigin dam é d'fhágaint i mbothán ar thaoibh an bhóthair. MÓR. — Mhaise, go bhfóiridh Dia orainn! a' mbait leat éan-rud le n-ithe mar is dócha go bhfuil tú tnáidhte. DUINE UASAL. — Ní'l tart ná ocras orm, go raibh maith agat; má theaspánfaidh tú m'ionad codalta dham beidh mé sásta. (Tagann Caitlín isteach agus nuair chíonn sí an duine uasal tagann iongantas uirthi agus iompuigheann sí siar arís). MÓR. — Ghabh i leith annso, a Chaitlín. Beidh an duine uasal so ag fanacht annso anocht. Do ghortuigh
a chapall a chrúb agus b'éigin dó teacht chughainn ag iarraidh lóistín i gcóir na hoidhche. CAITLÍN. — Tá fáilte romhat, a dhuine uasail. DUINE UASAL. — Go mairidh tú i bhfad, a chailín mhaith. An í seo d'inghean-sa, a bhean a tighe. MÓR. — Ní hí, acht mara'dh an butún do bheadh sí mar inghean agam fad ó. DUINE UASAL. — Ní fheadair a' mbeadh éan-mhaith dhamh-sa a bheith ag féachaint n-a diaidh. MÓR. — (ag gáiridhe) Ní bheadh, is baoghal liom. DUINE UASAL. — Do thiubhrainn saoghal breagh dhí. CAITLÍN. — Dá dtagadh Rí Shasana chun an choróin do chur ar mo cheann, ní bhrisfinn mo gheallamhaint. MÓR. — Tá sí geallta le mac damh-sa, a dhuine uasail, le fada; acht tá se imthighthe uainn le trí bliadhna. DUINE UASAL. — Agus cad é an sórt duine é cailín chomh deas, slachtmhar, dathamhail, d'fhágaint gan í do phósadh le trí bliadhna? CAITLÍN. — Plámásuidhe, binn-bhéalach 'seadh an duine uasal so, is baoghal liom. Nach milis a labhrann sé le cailín tuathach, dar leis féin; tá taithighe mhór aige ar bhladaireacht, is dócha agus is dóigh leis go bhfuilmíd-ne annso go han-shimplidhe acht b'fhéidir go bhfuilmíd chomh géarchúiseacht leis féin, féach anois! MÓR. — Ó bhó! bhó! na bí droch-mhúinte, a Chaitlín, ní dubhairt an duine uasal éan-rud as an tslighe — ní ag magadh fúinn atá sé.
CAITLÍN. — Ba bheag an mhaith dhó é. MÓR. — Ag déanamh suilt eadrainn féin do bhí an duine uasal. DUINE UASAL. — Leig dí féin: is maith liom an spiorad soin d'fheiscint innti agus tá súil agam go dtiocfaidh do mhac a-bhaile chúichi go gairid. MÓR. — Támuid ag brath air gach nóimint, acht féach a dhuine uasail, tá an seómra i gcóir annso, ach is baoghal liom ná faghaidh tú an iomarca codlata anocht mar beidh rinnce annso againn ar ball. DUINE UASAL. — Níl fonn codlata orm cé go bhfuilim tuirseach go leór. Luighfidh mé síos go ceann tamaill, agus má thiubhraidh sibh-se cead dam ba mhaith liom bheith láithreach mar is fada ná feaca rinnce Gaedhealach. MÓR. — Beidh míle fáilte romhat: seo é an seomra agus tá súil agam go mbeidh tú compórdach ann. DUINE UASAL. — Go raibh míle maith agat. (imthigheann an duine uasal). MÓR. — Nach grádhmhar an duine uasal é, a Chaitlín. Ní fheadair cad as é nó cá bhfuil sé ag gabháil! Ní coigcríoch nó bodach é pé ar domhan é. CAITLÍN. — Ní fheadar-se féin cad é an sórt duine é acht tá an teanga go han-mhilis aige go háirithe agus níor fhéadas gan é sin d'innsint dó; att ar a shon soin féin do léim mo chroidhe isteach im' bhéal nuair do labhair sé liom. (Ritheann sí go dtí an dorus agus féachann sí amach.)
MÓR. — 'Seadh, cia tá ann? CAITLÍN. — Gearróid De Barra atá ann, agus a phiob fá n-a ascaill aige. Beidh oidhche aereach againn anois. MÓR. — (ag osnuighil) Beidh, má thagann Seaghán, mar tá an duthaigh go léir i n-éin-dtigh le Gearróid. (Buaileann Gearróid isteach agus greim aige ar láimh gharsún. Tagann scata buachaillí agus cailíní isteach n-a dhiaidh.) GEARRÓID. — Bail Dé annso. MÓR. — Dia bheatha chughainn, a Ghearróid, agus go mairidh tú i bhfad. Slán iomlán leis an aimsir atá imthighthe. Dia bheatha chughainn, a bhuachaillí agus a chailíní. Suidhidh. (Suidheann sí féin). CAITLÍN. — Céad míle fáilte romhat, a Ghearróid. GEARRÓID. — Agus a Chuaichín Bháin an tSléibhe cia an bhail atá ort-sa. Bhfuil éin-scéal fós ó Sheaghán agaibh? MÓR. — Tá súil againn leis gach éan-nóiminte. GEARRÓID. — Ba chóir go mbeadh. Beidh sé annso go gairid mar tá scéal agam-sa uaidh. MÓR. — (ag preabadh suas go háibhéiseach) Moladh go deó le Dia, agus slán an scéaluidhe; acht cad é an scéal é? BUACHAILL. — Agus cá bhfaca tusa Seaghán, a Ghearróid. GEARRÓID. — Cé hé an somachán úd d'fhiafruigh de dhall cá bhfaca sé Seaghán? AN BUACHAILL. — Ní chun magadh do dhéanamh fút
do chuireas an cheist ort, is amhlaidh do dheineas dear- mhad, acht cá'r casadh Seaghán ort? GEARRÓID — Do thug tú an casadh ceart do'n cheist anois; acht níor casadh Seaghán orm-sa i n-éan- chor. Nuair do bhíos féin agus Páidín ag teacht i leith annso do bhuail sean-bhean umainn ar an mbóthar — cia an áit í súd, a Pháidín? PÁIDÍN. — Le hais Páirc a' Leasa. IAD GO LÉIR. — Le hais Páirc a' Leasa an eadh? GEARRÓID. — 'Seadh. “Bhfuil tusa ag dul anonn go tigh Mhóire Ní Bhriain, a Ghearróid?” ar sise. Bhí m'ainm aici go cruinn. “Táim,” arsa mise. “Abair léithe,” ar sise, “go bhfuil Seaghán ag teacht a-bhaile anocht.” Ní raibh níos mó ann agus d'imthigh sí léithe. MÓR. — Ní fheadair cia bhí ann! An raibh éan-aithint agat uirthi, a Pháidín. PÁIDÍN. — Ní raibh, agus tá aithint agam ar gach éinne ins na trí paróistíbh, nó geall leis. BUACHAILL. — Agus an dóigh leat, a Pháidín, gur duine saoghalta do bhí ann? PÁIDÍN. — Go deimhin féin, ní raibh éan-chosamhlacht aici le spiorad; acht is ait an rud é nuair bhí sí imthighthe amach thorainn d'iompuigheas siar a féachaint a n-aithneóghain ní agus ní raibh pioc di le feiscint. Bhí sí imthighthe mar do shluigfeadh an talamh í. MÓR. — Comraighe Dé chughainn. (Féachainn na cailíní go crith-eaglach ar an bhfuinneóig agus ar an ndoras.)
GEARRÓID — Ceann des na Daoinibh Maithe do bhí ann go cinnte. CAITLÍN. — Agus a bhfeacaís cá ndeaghaidh sí — isteach sa lios an eadh? PAIDÍN. — Ní headh, chuaidh sí síos an bóthar. CAITLÍN. — Agus d'imthigh sí as do radharc. PÁIDÍN. — Do chuaidh, mar bhí cor cam san mbóthar. (Scairteann siad go léir arís.) MÓR — An rud atá im' aigne chughat-sa, a Pháidín, nach tú do bhain an geit asainn. GEARRÓID — Ní hí an chéad uair í; acht éirigh amach, a bhuachaillí, agus bainidh an díomhaointeas d'bhur gcnámhaibh. (Cuireann Gearróid na píobaí i gcóir; éirigheann na buachaillí agus na cailíní amach ar an urlár. Téigheann Caitlín a' rinnce le buachaill óg agus seasann siad go díreach ós comhair doruis an tseomraidh 'n-a bhfuil an duine uasal iasachta. Tagann Seaghán na Scuab amach, agus seasann sé a' féachaint ar na rinnceóiribh. Nuair tá an rinnce críochnuighthe tugann Caitlín fá ndeara é agus leig- eann sí scread aiste.) CAITLÍN. — A Mhór, a Mhór! féach, airiú! Seaghán! MÓR. — Míle moladh le Dia! Dia bheatha agus céad míle fáilte romhat a-bhaile dod' thigh féin a thaisce. (Ritheann Mór agus Caitlín suas chuige agus cuireann siad araon a lámha timcheall air. Bailigheann na buachaillí agus na cailíní isteach air chun fáilte do chur roimhe, cuid aca ag gáiridhe agus cuid aca ag gol.) SEAGHÁN. — Níor dheineas dearmhad ar mo gheall- amhaint, a mháthair. MÓR. — Níor dheinis, a chroidhe. Bhí 'fhios agam go dtiocfá dá mbeitheá id' bheathaidh i n-éan-chor.
GEARRÓID. — Dia bheatha a-bhaile chughainn arís, a Sheagháin. SEAGHÁN. — Go mairidh tú i bhfad, a Ghearróid, agus cionnus tá tú? (Suidheann sé.) GEARRÓID. — Mhaise, meadhónach. Ní'l éan-mhaith i bheith ag gearráin. CAITLÍN. — Agus an tusa an duine uasal, a Sheagháin? SEAGHÁN. — Is mé; fuaras an tsean-chulaith so istigh agus chuireas orm é ar nós go gcuirfinn críoch ceart leis an gcleas d'imreas oraibh. MÓR. — Ba shuairc an mac tú i gcomhnuidhe, a Sheagháin; acht táim fiche bliadhain níos óige ó tá tú ag baile arís agam; acht níor dheinis iongantas ar bith dhe go bhfuilmíd ins an tsean áit ar ais arís. (Suidheann sí.) SEAGHÁN. — Níor dheineas, mar is deacair iongan- tas do chur orm anois; agus rud eile, tá 'fhios agam le trí bliadhna go bhfuil Séamus Geanncach marbh. IAD UILE. — Séamus Geanncach marbh! Cad deir tú? Comraighe Dé chughainn, &rl. MÓR — Agus tá Séamus marbh. Go ndeinidh Dia trócaire air, cé gur dhein sé éagcóir mhór orm-sa. SEAGHÁN. — Tá sé marbh, mar do chonnacas féin a chorpán. Do báitheadh san tSionnain é. GEARRÓID. — Acht ní fheadair cad do thug chomh fada soin síos é. Bhí sé as a mheamhair is dócha. Acht,
a Sheagháin, níor innis tu dhúinn cá raibh tú an fhaid do bhí tú imthighthe. Is dócha gur shiubhail tú an domhan mór. SEAGHÁN. — Níor chuadhas níos sia ná Luimneach. IAD UILE. — Ná Luimneach an eadh? Chomh gairid sin dúinn. A magadh tá sé, &rl. GEARRÓID. — Agus cad é an gnó do bhí ar siubhal agat annsoin, a Sheagháin? SEAGHÁN. — Bhíos im' Mhaor ar an gCathair ar feadh trí bliadhan. (Sceartann siad go léir a' gáiridhe.) IAD UILE. — A' magadh fúinn atá sé. Maor Luim- nighe an eadh? Éist leis airiú! &rl. SEAGHÁN. — Deamhan focal bréige ins an méid sin. MÓR. — Ní bheidh deireadh le miorbúiltíbh go bráth, agus cionnus ar éirigh sé go ndeineadh Maor díot-sa? SEAGHÁN. — Neosaidh mise dhíbh an scéal anois agus mo lámh díbh acht cuirfidh sé iongantas oraibh. (Bailigheann siad isteach air ag éisteacht leis go haireach.) SEAGHÁN. — An lá úd d'fágas an tigh thall trí bliadhna ó shoin do chuaidh tusa agus Caitlín amach agus d'fhág sibh mise istigh im' aonar 'nbhur ndiaidh. CAITLÍN. — Cuimhnighim air sin go maith. SEAGHÁN. — An fhaid do bhí sibh amuigh cia bhuailfeadh isteach cugham acht Brighid Ní Mhoch Éirghe — MÓR. — Brighid Ní Mhoch Éirghe! an bhean feasa. Ní raibh éan-bhaint agat léithe, a Sheagháin.
SEAGHÁN — Leig dam féin agus ná bí ag cur an scéal trí n-a chéile orm. Do thug sé fa ndeara go raibh buaidhirt éicint orm agus do tharraing sí amach buidéilín do bhí n-a póca aici agus d'féach sí tríd. Timcheall an taca soin do thuit muinntir Luimnighe amach le n-a chéile mar gheall ar mhaoirseacht na Cathrach agus bhí clampar mór ar siubhal ann. Do léigh Brighid gach éan-rud amach fé mar do bheadh sí ag féachaint air. Nuair bhíodar tuirseach de'n bhruighean dheineadar réidhteach agus shocruigheadar go ndéan- faidís Maor de'n chéad fhear a thiocfadh treasna Droichead Tuadh Mhumhan chúcha ar maidin áirithe. Ba mise an chéad fhear agus do deineadh Maor díom ar an droichead mar bhí saoithe na Cathrach bailighthe ann romham. MÓR — Buidheachas mór le Dia acht féach é sin anois. CAITLÍN. — Agus a Thighearna Mhaoir cia an chiall nár cuiris scéala chughainn? SEAGHÁN. — B'éigin dam dearbhughadh ná cuirfinn scéala a-bhaile go mbeadh mo théarma caitthe agam ann. GEARRÓID. — Agus i dtaoibh Shéamuis Gheanncaigh a Sheagháin. (Buaileann Séamus Geanncach isteach, agus seasann sé ag éisteacht leo. Ní thugann éinne fá ndeara é.) SEAGHÁN. — Ó seadh, an fhaid do bhíos ar an droichead an mhaidin do deineadh Maor díom do tógadh fear
báidhte as an abhainn. Do bhailigheamair go léir tim- cheall air agus cia bhí ann acht Séamus Geanncach. MÓR. — Acht cad do thug ann é ní fheadair? B'uathbhásach an bás a fuair sé. GEARRÓID. — Ní dhéanfaidh Séamus Geanncach an iomarca díoghbhála dhíbh feasta. SÉAMUS. — Ní dhéanfaidh, tá an fhírinne san méid sin agat a Ghearróid (Iompuigheann siad go léir a féachaint cia tá ann.) MÓR. — A Thighearna na Trócaire! Féach! féach! spriod Shéamuis Gheanncaigh! (Glacann na cailiní scannradh. Ritheann siad annso agus annsúd taobh thiar de sna buachaillibh. Preabann na fir 'n-a seasamh agus féachainn siad le hiongantas ar Séamus. Druideann Seaghán anonn chuige.) SÉAMUS. — Ná bíodh scannradh ná faitchios ar bith oraibh, mar ní spriod i n-éan-chor mé. Tháinig mé anocht chun maitheamhnas d'fhagháil uait-se, a Mhór, agus uait-se, a Sheagháin, mar gheall ar an éagcóir do dheineas oraibh araon. Tá aithmhéala orm anois; acht do dhíolas as go trom agus go géar, agus tá aithrighe déanta agam. Bhíos i bpriosún le trí bliadhna. IAD GO LÉIR. — I bpriosún, i bpriosún le trí bliadhna! Cionnus ar éirigh sé sin? &rl. SEAGHÁN. — Agus cé'r bh'é an fear báidhte? SÉAMUS. — Leig dam go fóil. Bhíos ag éisteacht le Brighid Ní Mhoch Éirghe nuair do bhí sí ag caint leat
an lá úd. Bhíos sanntach i gcomhnuidhe agus dubhras liom féin go mbainfinn an tslighe dhíot. Chuadhas amugha ar an mbóthar agus do gabadh mé mar gheall ar dhuine éicint do mharbhughadh. Cuireadh ós comhair an bhreithimh mé, acht ní fhéadfadh an coiste teacht ar éan-fhocal. Cuireadh siar mé arís agus arís eile, agus is baoghal liom go mbeinn caillte mara'dh gur tháinig bean bheag chun fiadhnuise do thabhairt im' thaobh- sa. Dearbhuigh sí go raibh aithint aici orm-sa agus ar an marbhthóir go rabhmar an chosamhail le chéile, acht bhí ordóg a choise deise caillte ag an marbhthóir agus gur báitheadh san tSionnain é. Ní raibh níos mó ann. Scaoileadh amach mé láithreach. SEAGHÁN. — Agus cé'r bh'í an bhean bheag? SÉAMUS. — Brighid Ní Mhoch Éirghe. IAD GO LÉIR. — Brighid Ní Mhoch Éirghe. (Tagann Brighid isteach.) BRIGHID. — Cia tá 'trácht orm-sa annso? Seadh, Séamus Geanncach. Agus Seaghán na Scuab ag baile arís. Níor réidhtigh an baile mór leat is dócha. Acht cad do thug annso tusa, a Shéamuis? SÉAMUS. — Tháinig mé chun maitheamhnas d'fhagháil ó Mhór agus ó Sheaghán annso. MÓR. — Agus gheobhaidh tú é, a Shéamuis. GEARRÓID. — Ní dhéanfainn dabht díot, a Mhór. SEAGHÁN. — Seadh, agus tabhairfimíd an teach beag thall agus an garradha dhó an fhaid a mhairfidh sé.
SÉAMUS. — Níor thuilleas an méid sin — mo bhean- nacht, má tá éan-mhaith ann, agus beannacht Dé oraibh go léir. (Imthigheann Séamus.) BRIGHID. — Ní'l an iomarca mórchúise ag gabháil do indiu. Acht innis dam a Sheagháin, bhfuil an gnó caithte i n-áirde ar fad agat i Luimnigh? SEAGHÁN. — A mbasa féin tá, fuaras mo dhaoithint de agus bhíos ciaptha aca. Seadh ó thárla gur tháinig mé slán a-bhaile ní bhainfidh mé a thuilleadh le salachar na Cathrach. Ní'l éan-ghno ag duine macánta annsúd mar tá gach éinne ann a'tochrais ar a cheirtlín féin — fear annso a' féachaint cionnus a chuirfeadh sé fear thall síos; fear eile a'féachaint cionnus a dhéanfadh sé airgead go bog — masladh agus droch-aoide ar siubhal ó mhaidin go hoidche. B'fheárr liom éan-lá amháin ar thaoibh Cholláin ná céad bliadhain annsúd agus ó tháinig mé saor as (Síneann sé amach a dhá lámh do Chaitlín agus glacann sise iad), fanfaidh mé annso le Cuaichín Bán an tSleibhe, an cailín ná leigfeadh do rí Shasana coróin do chur ar a ceann, agus caithfimíd saoghal sonasach i bhfochair a chéile ón lá so amach. BRAT ANUAS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services