Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán na Scuab

Title
Seaghán na Scuab
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Pen Name
Caoilte Mac Ronáin / Fear an Scuaibín
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge, M.H. Gill agus a mhac, Muinntir Fheallamhain, An Cló

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEAGHÁN
NA
SCUAB


L. 2


SEAGHÁN NA SGUAB.



AN FHUIREANN.



MÓR NÍ BHRIAIN (Bean
de sna Brianaigh)
Baintreabhach Bhocht Chráidhte.



SEAGHÁN Ó CONCHUBHAIR
(Mac Mhóire)
Fear déanta scuab ar Thaobh Cholláin.



CAITLÍN (Cuaichín Bán an
tSléibhe).
Cailín atá i ngrádh le Seaghán na Scuab.



PEADAR CROSACH
Báille Bladarach.



SÉAMUS GEANNCACH
Scrabhadóir Sanntach.



BRIGHID NÍ MHOCH ÉIRIGHE
Bean Feasa.



RISTEÁRD DE BÚRC
Fear Slightheach, Lúbach.



SÉAMUS BREATHNACH
Fear Macánta.



GEARRÓID DE BARRA
Píobaire dall.



DIARMUID Ó RIAIN nó
MICHEAL Ó CRÓINÍN
Rangarthach Cam-intinneach.



Cathruidhthe, Buachaillí agus Cailíní.



AN CHÉAD FHUIREANN.



Do léirigh “Seaghán na Scuab,” Oireachtas, 1904.



Fé stiúrughadh Chathail Mac Garbhaigh.



Mór Ní Bhriain
Maighréad Ní Áilgheasa.



Seaghán na Scuab
Tomás Ó hAodha.



Caitlín
Cáit Ní Dhonnchadha.



Peadar Crosach,
Séamus Breathnach
Tadhg Ó Donnchadha.



Brighid Ní Mhoch Éirghe
Síle Ní Áilgheasa.



Séamus Geanncach,
Risteárd de Búrc
Séamus Ó hÁilgheasa.



Gearróid de Barra
Éamonn Ceannt.



Diarmaid Ó Riain
Pádraig de Faoite.



Daoine Eile: Seán Ó Ceallaigh Donnchadh Ó hÉaluighthe, Lughaidh
Mac Giolla Íosa, Seán Ó Briain, &rl.


L. 3


SEAGHÁN NA SGUAB.



GNÍOMH A hAON.



AN tAM. — Timcheall le céad bliadhain ó shoin.



AN ÁIT. — Cistean i dtigh beag ar thaoibh Shliabh Cholláin i
gConntae an Chláir.



AN GLÉAS:— Teallach fairsing ar thaobh na láimhe clé. Cófra
mór le hais an fhalla ar an taobh thiar. Bórd le hais an
fhalla ar thaoibh na láimhe deise. Fuinneóg ar thuislíbh idir
an cófra agus an teine. Dóirse ar gach taobh. Cathaoir nó dó,
stóil, corcán fé'n mbórd, &rl.



MÓR NÍ BHRIAIN. — (máthair Sheagháin — ag Cniotáil
san gcúinne) Nach fada tá Seaghán amuigh indiu, ní
fheadar cad d'éirigh dhó? (Cuireann sí cluas uirthi
féin). Is dóigh liom go bhfuil sé chúgham anois.



(Tagann Seaghán isteach beart fraoigh ar a mhuin aige, agus
roinnt driseóg fá n-a ascaill. Caitheann sé an fraoch agus
na driseóga ar an urlár. Suidheann sé go tuirseach.)



SEAGHÁN. — Tá an méid sin déanta agam a mháthair;
acht táim cortha agus tnáidhte agus leath-mharbh leis
an ocras. Bhfuil éan-rud agat do thabharfá dham le
n-ithe.



MÓR. — Mhaise go bhfóiridh Dia orainn, a Sheagháin
níl an iomarca. Tá giobóigín beag de chíste agam
annso (Éirgheann sí agus cuireann an blúire aráin ós
a chomhair) acht caithfidh tú béile thur a dhéanamh de


L. 4


(Cromann Seaghán ar ithe) mar níl ím ná bainne
agam agus nuair bheidh an blúire sin ithte agat ní bheidh
an oiread bídh istigh againn is do bhainfeadh an t-ocras
de luich: Acht is giorra cabhair Dé ná an doras
(Suidheann sí).



SEAGHÁN. — An sean-scéal i gcomhnuidhe, ag marach-
táil ó'n láimh go dtí an béal (Tógann sé driseóg
agus cromann sé ar í do ghlanadh) is cruaidh an cás é,
agus is baoghal liom ná cuirfidh mise suas leis ró-
fhada mar táim tuirseach dem' shaoghal cheana.



MÓR. — Agus cad do dhéanfá? Mise d'fhágaint
annso i ndeireadh mo laethe an eadh, is mé caithte críona
agus gan an oiread brighe ionnam is bheadh i gcircín.
Dá mbeadh sé i gcumas dam soláthar a dhéanamh ar
mo shon féin ní chuirfinn cosc ar bith leat. Do
thiubhrainn cead an bhóthair duit agus mo sheacht míle
beannacht: acht a Sheagháin a chroidhe do chailleas mo
bhrigh agus mo mheisneach cúig bliadhna fichead ó shoin.
Agus níor thugas lá fóghanta ó shoin.



SEAGHÁN. — (Ag éirghe agus ag labhairt go feargach).
'Seadh nuair do dhein an bitheamhnach úd thíos uisce-fá-
thalamh agus tú chaitheamh amach ar thaoibh an bhóthair tar
éis bháis m'athar agus mise im' ghárlach ar d'ucht. Do
cheil tú an scéal orm i gcomhnuidhe acht do chualas
ar fad indiu é.



ÚNA. — Ó bhó! bhó! féach é sin anois! Agus cé bhí
ag caint leat?



SEAGHÁN. — Duine muinnteardha — Seaghán Ruadh —
d'innis sé gach éan-rud dam agus chomh cinnte is go


L. 5


bhfuil Dia féin i n-áirde beidh mise réidh le Séamus
Geanncach lá éicint (Buaileann sé leanng ar an
mbórd). Is é do thug an nimh do'n choin. Ba mhaith
leis mise do ruagairt as an áit ar fad an smearachán
salach, an cladhaire lag-bheartach, mar tá eagla aige
rómham 'n-a chroidhe istigh. Acht bainfidh mise sásamh de.



(Caitheann Mór í féin ar a glúinibh agus beireann sí ar láimh
Sheagháin.)



MÓR. — (Go truaighmhéileach) féach a Sheagháin achuin-
gím ort anois ar mo ghlúinibh ar son Dé agus ar son
anma t' athar gan éin-díoghaltas do leigint isteach id'
chroidhe i dtaobh Shéamuis Gheanncaigh agus gan baint
ar bith a bheith agat leis. Tá 'fhios agat go maith gur
brúite dorcha nimhneach é agus dá bhfuigheadh sé greim
ort ní scaoilfeadh sé go bog é. Glac mo chomhairle
agus fan uaidh; ná téighir n-a ghaor i n-éan-chor, agus
bíodh foighne agat. Tá rud éicint ag cur i n-iumhal
domh-sa i gcomhnuidhe go mbeidh do chuid féin agat
arís le congnamh Dé.



SEAGHÁN. — (Ag bogadh). Seo, seo, a mháthair éirigh
agus geallaim duit ná déanfaidh mé rud ar bith as
an tslighe, ná bíodh faitchios ort; agus tá
aithmhéala orm anois go ndubhras éan-rud i dtaobh
Shéamus Gheanncaigh.



MÓR. — Ó buidheachas mór le Dia! Bhí faitchios an
domhain orm go ndéanfá díoghbháil éicint. (Suidheann
sí).



(Osgluigheann Seaghán an fhuinneóg agus féachann sé amach.
Fágann sé an fhuinneóg ar oscailt 'na dhiaidh.)


L. 6


SEAGHÁN. — Tá mo lámh agus m'fhocal agat air
anois ná déanfad. Acht cogair! A' bhfeacaís na
báillí i n-éan-chor indiu?



MÓR. — An rud atá im' aigneadh chúcha, na bitheamhn-
aigh! Ambasa féin do chonnac; bhíodar thíos annsoin
fé bhun an tighe ó chianaibh agus ní fheadar acht go bhfuil
siad ann fós. Acht cia an chiall ar fhiafraighis a'
bhfaca mise na báillí?



SEAGHÁN. — Nuair do bhíos ag teacht isteach leis an
mbeart fraoigh do chonnacas mallfaire de ghirr-fhiadh
ag dul 'n-a luighe ins an luachair i bPáirc an tSléibhe
agus do bhíos á cheapadh dá bhfuighinn faill air go
mbeadh suipéar álainn againn ist oidhche 'mbárach.



MÓR. — Ní bheidh splannc céille id' cheann go bráth.
Ná fuil 'fhios agat go maith go bhfuil na báillí ar do
thóir gach lá le coigthigheas. Má tá ciall agat
leig do'n ghirrfhiadh.



SEAGHÁN. — Éist do bhéal a bhean! Dá bhfeicfá an
siolpach breagh ramhar do bhí ann ní leigfá-sa féin dó.
Do líonfadh sé an corcán soin thall duit.



(Féachann sé amach ar an bhfuinneóig arís ar feadh tamaill
Annsoin osgluigheann sé an cófra agus tógann sé amach
gunna.)



MÓR. — Agus a' bhfuil tú ag dul fá dhéin an ghirrfhiaidh
tar éis an méid adubhairt mé leat.



SEAGHÁN. — Táim acht b'fhearr liom an cú do leigint
'n-a dhiaidh mara'dh gur marbhuigheadar orm é.



MÓR. — Comraighe mh' anam ort a Sheagháin agus ná
teighir amach. Fág an gunna istigh adeir mé leat.
Beidh na báillí anuas ort de scheimhle (Seasann sí
idir Sheaghán agus an doras).


L. 7


SEAGHÁN. — Má thagann siad im' ghaor nó má bhain-
eann siad liom-sa beidh a mhalairt de scéal aca
(Cuireann sé an gunna i gcóir).



MÓR. — Fágaim i láthair an tsaoghail é acht go
bhfuil mo chroidhe céasttha agat. Tá 'fhios agat go
maith ná fuil cead ag éinne girrfhiadh nó éin-nídh eile
do mharbhughadh i bPáirc an tSléibhe, cé gur le Séamus
Geanncach é.



SEAGHÁN. — Le Séamus Geanncach an eadh? Tá
amhras aige féin ó d'éirigh mise suas nach leis é, agus
dá mbeadh an ceart ann agus dá maireadh m' athair —



MÓR. — Go ndeinidh Dia trócaire air.



SEAGHÁN. — Amen a Thighearna — is fada uaidh do chuinn-
eóghadh an Geanncachán agus na báillí, 'seadh agus an
Captaon féin, ó Pháirc an tSléibhe. Fágaim fé Dhia é
gur liom-sa an áit sin agus má's féidir liom marbh-
óghaidh mé an girrfhiadh gan spleáchas d'éinne. Seo
scaoil amach mé. Ní bheidh mé ró-fhada.



(Síneann Mór amach a dá láimh chun Seaghán do choinneált
istigh acht cuireann sé i leath-taoibh í agus imtigheann sé amach
de phreib.)



MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, tar i leith annso
adeir mé leat agus fan istigh. (Ritheann sí go dtí
an doras a féachaint n-a dhiaidh). Níl éan-mhaith
a bheith ag caint leis, níl éan-toradh aige orm
(iompuigheann sí isteach arís). Ó bhó! bhó! bhó! cad
do dhéanfaidh mé i n-éan-chor. Nach orm a bhí an mío-ádh
agus an butún i gcomhnaidhe. (Suidheann sí agus cromann
sí ar ghol). Béarfar air anois agus cuirfear i bpriosún


L. 8


é gan dabht ar domhan. Bhí fhios agam go maith go
raibh rud éigirt 'n-a cheann aige le déidheannaighe. Is
sean-fhocal é go mbriseann an dúthchas tré shúilibh an
chait agus tá an fearamhlacht ag briseadh amach i Seaghán
bocht anois agus ba chóir go mbrisfeadh (go mórdhálach)
ná fuil árd-fhuil na hÉireann 'n-a chuisleannaibh.
Ba dhual athar dó do bheith duineamhail agus
árd-aigeantach; agus ar ndóigh níl iongantas ar
bith ann go bhfuil sé mío-shásta mar tá fhios aige anois
nach ag déanamh scuab ba chuibhe dhó bheith i n-éin
tslighe.



(Pléascann gunna amuigh. Preabann Mór 'n-a seasamh
agus ritheann sí anonn go dtí an fuinneóg agus féachann sí
amach.)



MÓR — A Thighearna na Trócaire — ambasa féin
tá sé chugham agus an girrfhiad áige: acht
ní fheadar cá bhfuil na báillí? Níl siad
i bhfad ó bhaile táim suidhte. (Suidheann sí
arís). Ní raibh ceart ar bith ag Seaghán Ruadh an
scéal úd d'innsint dó mar ní dhéanfaidh sé pioc
maitheasa d'éinne. Tá sé chugham arís.



(Preabann Seaghán isteach agus an girrfhiadh aige. Tais-
beánann sé an girrfhiadh go háibhéiseach dá mháthair agus
annsoin caitheann sé ar an urlár é. Cuireann sé an gunna
ar an mbórd.)



SEAGHÁN. — Seo anois, a mháthair, tá adhbhar dinnéir
againn gan spleáchas d'éinne.



MÓR. — Cnapaire breágh is eadh é seo. Ar
leagais súil i n-éan-chor ar na bitheamhnaigh? (Téigh-
eann sí go dtí an bhfuinneóg arís).


L. 9


SEAGHÁN. — Ar na báillíbh, an eadh? Ní rabhadar le
feicsint i n-éan-áit, acht dá mbeidís lem' thaoibh do
mhairbheóghainn an girrfhiadh. Dá gcuiridís a súile ar
chipíníbh do mheallfainn iad.



MÓR. — Ó, cad tá uirthi?



SEAGHÁN. — Acht cia tá chughainn anois?



MÓR (Ag féachaint amach). — Cáitlín bhán agus
sceón uirthi. Tá sí ag teacht mar bheadh fiadh buidhe.



SEAGHÁN. — Caitlín bhán! Tá rud éicint ar siubhal
Ní fheadar cad tá uirthi.



(Ritheann Caitlín isteach, a gruaigh ag sileadh léi agus
scannradh an tsaoghail uirthi. Tá na hanála caillte aici agus
ní féidir léi labhairt ar feadh tamaill.)



CAITLÍN. — M' anam ó'n riasc a Sheagháin a chroidhe
acht tá na báillí anuas ort. Rith agus téighir i bhfolach
nó béarfar ort.



MÓR. — (A'preabadh suas). Rith, rith, a Sheagháin.
Rith agus teighir isteach fá'n leabainn (beireann sí
air). Ní headh — fan, cá gcuirfimíd é, a Chaitlín?
(Cromann Seaghán ag gáiridhe). Ó bhó! bhó! cad do
dhéanfamaoid i n-éan-chor — a magadh fúm atá sé.



SEAGHÁN. — Suidh síos a mháthair agus ciúinigh tú
féin. A' bhfaca éinne riamh a leithéid de chárábó gan
chiall ar bith leis. Cad tá ort a Chaitlín?



CAITLÍN. — Tá na báillí ag teacht anuas ort adeir
mé leat. Bhíodar thuas ar Charraig na nGabhar ag
faire ort agus bhí mise ag faire ortha-san. Nuair do
chonnaic mé thú ag gabháil amach leis an ngunna do


L. 10


chuireas liúgh asam acht níor airghis mé. Thángas
aníos ar mo lán-dícheall annsoin chun a innsint duit
go rabhadar a' teacht. Beidh siad isteach ort de
sceimhle. Rith agus folaigh tú féin.



SEAGHÁN. — Deamhan cos mhaise ná bí díthchéillidhe
a Chaitlín.



CAITLÍN. — Ar mo shon-sa, a Sheagháin, níor iarras
éan-rud riamh roimhe seo ort agus ná diúltuigh mé
anois, ná dein a chroidhe.



MÓR. — Nach ceann-dána atá sé — seo leat a
Sheagháin.



SEAGHÁN. — Ní rithfidh mé i bpoll uatha mar a dhéan-
fadh luch. Ní féidir leó díoghbháil ar bith do dhéanamh
orm-sa im' thigh féin.



MÓR. — Tá an Captaon agus dlighe Shasanna taobh
thiar díobh.



SEAGHÁN. — (go feargach). Bheirim-se dhó'n phláig an
Captaon agus dlighe Shasanna.



CAITLÍN. — (ag féachaint amach ar an bhfuinneóig)
Tá siad a teacht amach as Páirc an tSléibhe agus beidh
siad isteach ort láithreach.



(Druideann sí suas le Seaghán agus le gann sí a dá láimh
ar a ghuailnibh).



CAITLÍN. — A' bhfuil tú chun mise do dhiúltadh a
Sheagháin.



SEAGHÁN. — (a féachaint ar Chaitlín go ceannasach).
Tá sé an-chruaidh orm rith uatha mar ghadaidhe. Seo cá
raghaidh mé?


L. 11


CAITLÍN. — (a féachaint timcheall uirthi). Cá gcuir-
fimíd é? O 'seadh tá áit álainn againn (ag leigint
gáire aisti) an cófra! an cófra! seo isteach leat.



(Árduigheann sí ceann an chófra, léimeann Seaghán isteach
agus tugtar an gunna agus an girrfhiadh dhó).



SEAGHÁN. — B'fhearr liom míle uair seasamh suas
leó go fearamhail ná mé féin do dhúnadh suas mar seo.



CAITLÍN — Éist do bhéal a phleidhce agus féach ná
leig gíog asat (Scaoileann sí anuas ceann an chófra).
Suidh le hais na teineadh a Mhór agus leig ort go bhfuil
tú go gnóthach ag cniotáil agus beidh mise ag glanadh
an tighe (beireann sí ar scuaib agus féachann sí amach).
'Seadh ambasa tá Peadar Crosach chugainn.



PEADAR. — (ag teacht isteach). Bail ó Dhia oraibh
annso.



MÓR agus CAITLÍN. — Dia bheatha chughainn a
Pheadair. Suidh.



PEADAR. — Agus a Chaitlín a chuaichín bháin, cionnus
tá an saoghal ag éirghe leat-sa; is fada ó bhíos ag
caint leat anois.



(Leagann sé an gunna ar an gclár. Suidheann sé ar nós
go bhfuil an cófra taobh thiar de).



CAITLÍN. — (ag gáiridhe). Ní headh acht gcloisir
airiú! Is iongantach an plámásuidhe thusa a Pheadair.
A chuaichín bháin an eadh? Cad do dhéarfadh Brighid
Ruadh leis sin dá gcloiseadh sí é (Cromann sí ar an
urlár do scuabadh).



PEADAR. — Ná bac le Brighid Ruadh. Ní'l baint
ar bith agam-sa léi.


L. 12


CAITLÍN. — Éist leis sin airiú! Bhfuil sí caitthe i
n-áirde agat a Pheadair?



PEADAIR. — Ní raibh éan-rud eadrainn riamh, ní
thiubhrainn do lúidín féin ar fiche cailín mar Bhrighid
Ruadh.



(Árduigheann Seaghán ceann an chófra agus féachann sé
amach. Bagaruigheann Mór air.)



CAITLÍN. — Féach é sin anois! Is iongantach an cion
atá agat orm i gan-fhios do'n tsaoghal. Cia an chiall
nár innis tú an méid sin dam cheana?



PEADAR. — Bhí eagla orm ná héistfeá liom a
stórach. Acht tá rud éicint agam le hinnsint duit
anois.



(Féachann Seaghán amach arís. Cuireann sé Mór bhocht trí na
chéile ag féachaint air.)



CAITLÍN. — (a scuabadh) Cé rud é a Pheadair?



PEADAIR — Cogar i leith chugham go fóill.



(Druideann sé suas le Caitlín agus tugann sé iarracht ar
a lámh do leagaint ar a gualainn. Tógann Caitlín an scuab
agus sáitheann isteach fá n-a shúilibh é agus dubhann sí a ghnúis
ar fad).



CAITLÍN. — Iomchur tú féin anois a Pheadair.



PEADAR. — (ag leigint gráig as) M'anam ó'n
diabhal acht táim dalltha aici (beireann sé uirthi) a
shiorthóirín shalaigh cia an chiall ar chuiris an scuab
fá'm shúilibh, táim dalltha agat.



CAITLÍN. — (ag leigint scread beag aisti) iomchuir
tú féin adeir mé leat, bog dem' láimh.



MÓR — Dalladh gan leigheas ort! Bailigh leat as
so nó scólfaidh mé thú leis an uisce beirbhthe. Droch
rath ort, cad do thug annsd i n-éan-chor thú?


L. 13


(Léimeann Seaghán amach as an gcófra taobh thiar de
Pheadar. Bheireann sé air agus leagann sé é.)



SEAGHÁN. — (go feargach) A chladhaire bhradaigh, is
dócha gur chreidis ná raibh éinne id' choinne acht beirt
bhan. Éirigh agus cosain tú féin.



PEADAR. — (ag únfairt ar an úrlár) Níor dheinneas
éan-rud as an tslighe, a Sheagháin. Ná mairbh mé, a
Sheagháin. A Chaitlín, ar son Dé ná leig dó
mé mharbhughadh.



(Ritheann Mór eatorra.)



CAITLÍN. — Ná gortaigh é, a Sheagháin, ná salaigh do
lámh leis; scaoil uait é, ní fiú é do smachtughadh.



SEAGHÁN. — Tabhair dam an gunna úd thall.



PEADAR. — (ag rith taobh thiar de Mhóir) A Dhia
Mhóir, tá sé chun mé do mharbhughadh. A Mhór, a
Chaitlín, beir air agus coinnigh é go rithfidh mé uaidh.



SEAGHÁN. — Ní chaillfinn púdar agus grán ort, a
smúsacháin, mar táim suídhte dhe go bhfaghaidh tú an
chroch fós, acht féach.



(Árduigheann Seaghán an gunna agus buaileann sé an bas
fá'n urlár agus deineann dhá leath dhe: Tugann an gunna
briste do Pheadar agus scaoileann amach é — ag gabháil
amach dó tugann Seaghán barr na bróige dhó.)



SEAGHÁN. — Bíodh an méid sin agat anois, a
rangartaigh, agus go mbeiridh an diabhal leis tú féin
agus do mháighistir.



MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, do chuiris do mhuin-
eál san lúib indiu go háirithe! Ó, bhó! bhó! cad do
dhéanfamaoid i n-éan-chor? Cuirfear laincide ort
anois gan dabht ar domhan.


L. 14


SEAGHÁN. — Ní bhéarfar orm-sa chomh bog soin, mar
ní fhanfaidh mé leó.



CAITLÍN. — Agus cá raghaidh tú, a Sheagháin?



SEAGHÁN. — Is cuma liom chomh fada is beidh mé as
an tslighe uatha.



MÓR. — Agus, a Sheagháin, a' bhfuil tú ag imtheacht
mar sin ó'n mháthair do thál ort? Acht Dia bheatha,
grásta Dé, caithfidh tú imtheacht anois, is dócha. Nach
mise án cráiteachán! Ní raibh lá suaimhneasach riamh
agam. Acht cia an uair a imtheóghaidh tú, a Sheagháin?



SEAGHÁN. — Chomh luath 's is féidir liom.



MÓR. — Rithfidh mé síos go dtí an Tobar Beann-
uighthe fá dhéin blúire bhig de'n fhuinnseóig;
badh chóir go mbeadh greimín de id' phóca ag imtheacht
duit, agus ní bheidh mé i bhfad.



SEAGHÁN — Is maith an cuimhne í ambasa.



MÓR. — Má tá sé ort dul thar sáile, ní call duit
eagla do bheith ort go mbáidhfear tú chomh fada
is tá blúire d'Fhuinnseóig na mBuadh id' phóca agat.



CAITLÍN. — Fan-se istigh, a Mhór, agus raghaidh mise
fá n-a dhéin duit mar caithfidh mé rith abhaile ag lorg
seód-chuimhne éicint do Sheagháin.



MÓR. — Ní bhéadh éan-mhaith innti annsoin. Do
chaillfeadh sí an buadh dá dtiubhradh éinne eile do
Sheaghán í acht mé féin. Seo, cá bhfuil mo chlóca?
(Cuireann sí uirthi a clóca.)



SEAGHÁN. — Ná bidhidh i bhfad amuigh anois.


L. 15


CAITLÍN. — Nach mór an deabhadh atá ort. Badh
dhóigh le duine go raibh áthas ort bheith ag imtheacht
uainn.



(Imthigheann Mór agus Caitlín agus suidheann Seaghán agus
a cheann faoi.)



SEAGHÁN — Bhíos a' lorg leath-scéil le fada chun
imtheacht, agus tá sé agam anois. D'imtheóghainn le
croidhe éadtrom mara'dh mo mháthair agus Caitlín —
croidhe na féile. Ní'l a leithéid de chailín i nÉirinn
Tá sí chomh grádhmhar agus chomh báidheamhail agus chomh
lághach soin; agus nach cruaidh an cás é go gcaithfidh
mé scaramhaint léithe anois — go bhfóiridh Dia orainn!



(Tagann bean iasachta isteach.)



BEAN IAS. — Amen, agus Bail ó Dhia oraibh annso.



SEAGHÁN. — (ag éirghe) Go mairidh tú i bhfad agus
Dia bheatha chughainn. Suidh síos.



BEAN IAS. — Chidhim go bhfuil buaidhirt éicint ort
a Sheagháin.



SEAGHÁN. — Tá mo dhóthaint, acht tá aithint agat
orm-sa agus ní cuimhin liom go bhfaca mé tusa riamh
roimhe seo.



BEAN IAS. — B'fhéidir ná fuil an scéal chomh dona
's is dóigh leat, cé go bhfuil tú ag teicheadh led'
anam?



SEAGHÁN. — (scannruighthe) Cá bhfios duit-se é sin,
nó cé hé tusa i n-éan chor?



BEAN IAS. — Ar airigh tú trácht riamh ar Bhrighid Ní
Mhoch Éirghe?



SEAGHÁN. — (ag féachaint uirthi go géar) Agus an
tusa Brighid — an Bhean Feasa?


L. 16


BRIGHID. — Is mé go deimhin; acht cia an áit atá
leagtha amach agat chun dul ann?



SEAGHÁN. — Bhíos á cheapadh go raghainn go Luimnigh
ar dtúis.



BRIGHID. — Inneósaidh mé rud éicint duit mar sin
agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé ar bhealach do leasa
thu. Suidh annsoin agus éist liom.



(Tógann sí criostal as a póca agus féachann sí tríd.)



BRIGHID — (ag caint lei féin) Chidhim baile mór
álainn — chidhim na mílte daoine ag rith trí n-a chéile
fé mar do bheadh mearaichinn éicint ortha. Tá
clampar agus achrann agus easaontacht ar siubhal
ann. Tá dream annso ag cogarnaigh le n-a chéile
agus ag bagairt ar dhream annsúd. Tá dream thall
ag dranntadh le dream i bhfus. Tá dream i n-áit
eile ag marbhughadh a chéile. Tá droch-ionntaoibh ag na
daoine as a chéile, agus tá gnó na cathrach caitthe i
n-áirde ar fad. Fan go bhfeicfidh mé anois cad é an
fáth atá leis (impuigheann sí an gloine). Seadh, fuair
maor na cathrach bás tamall ó shoin. Tháinig saoithe
na cathrach i gceann a chéile chun fear do thoghadh, acht
d'éirigh clampar eatorra. Thóg na daoine páirt ann
agus do leath an easaontacht ó ló go ló (iom-
puigheann sí an gloine arís). Acht tá deireadh leis
an mbruighin — chidhim sagart ar siubhal i measc na
ndaoine agus ag caint leó. Tá sé ag tabhairt
comhairle dhóibh agus glacann siad an chomhairle uaidh.



“Téirigidh síos go droichead Tuadh Mhumhan ar
maidin athrughadh imbárach le héirghe na gréine,”


L. 17


adeir sé, “agus an chéad fhear a thiocfaidh treasna an
droichid ó Chonntae an Cláir —”



(Tagann duine éicint agus seasann sé ag an bhfuinneóig ag
éisteacht go haireach le Brighid).



BRIGHID. — “deinidh maor de láithreach agus bíodh
síothcháin annso feasta.”



(Preabann Seaghán n-a sheasamh.)



SEAGHÁN. — M'anam ó'n riasc acht beidh mise ann-
soin má's féidir liom. Dar fiadh acht beidh mise
mar mhaor aca. Ha! ha! ha!



Crochfad-sa feasta an cheárd
'S ní bheidh mé ar neamh-árd fad a mhairfidh mé
A' déanamh suas scuab ar Cholláin
'S ag imtheacht mar táim im' streachaille.



BRIGHID. — Sin í an chaint! Ní'l éan-rud mar
roinnt mheisnigh agus chidhim go bhfuil soin agat. 'Seadh,
agus tá an fhilidheacht ionnat freisin. Ní'l baoghal ar
bith ort, a Sheagháin. Déanfaidh tú an gnó go maith.
Féach, ná dein dearmhad ar an am — éirghe na gréine
ar maidin athrughadh imbárach.



SEAGHÁN. — Tá an méid sin im' cheann go daingean
agam agus ní baoghal go ndéanfaidh mé dearmhad air.



BRIGHID. — Tá rud éicint eile agam le rádh leat.
Beidh éan-duine amháin nó b'fhéidir beirt id' choinne
nuair shroichfidh tú an droichead. Fiafruigh de'n chéad
fhear a thiubhraidh iarracht ar easaontacht do chur ar
siubhal arís an raibh aithint aige éan-uair i gCorcaigh
ar fhear gur bh'ainm dó Micheál Ó Cróinín nó an bhfuil
'fhios aige cad do dhein sé leis an airgead do ghoid
ó'n mbaintreabhaigh fad ó. Ní fhágfaidh na ceist-
eanna so gíog ann; acht fágaim féin anois é.


L. 18


SEAGHÁN. — Fan go bhfaighead-sa faill air agus
beidh spórt ann — acht ní ar spórt ba chóir dam a bheith
ag cuimhneamh anois! Cad do dhéanfaidh mo mháthair
bhocht i n-éan-chor nuair bhead-sa imthighthe uaithi.



BRIGHID. — Ní bheidh baoghal ar bith ar do mhathair ó'n
lá so amach acht caithfidh mise bheith ag imtheacht(Síneann
sí chuige a lámh) Seo slán agus beannacht agat agus
go n-éirghe do bhóthar leat.



SEAGHÁN. — Beidhfar ag éirghe liom láithreach ambasa,
mar caithfidh mé an cnoc úd thall do chur díom ag
imtheacht dam.



BRIGHID. — Is suairc an mac thú, a Sheagháin. Go
n-éirghe an t-ádh leat i bhfochair an bhóthair agus féach ná
habair le héinne go raibh mise annso.



SEAGHÁN. — Ní déarfad agus go raibh míle maith
agat. Cuirfidh mé thar an strapa thú.



(Imthigheann Brighid agus téigheann Seaghán amach léi. Nuair tá
siad araon imthighthe cuireann Séamus Geanncach a cheann
isteach ar an bhfuinneóig agus leigeann sé gáire tarcuis-
neach as).



SÉAMUS. — Nach tráthamhail do tháinig mé annso —
“Beidh mise im' Mhaor” arsa Seaghán na Scuab. Tá
breall ort a Sheagháin. Bainfidh mise an tslighe dhíot
agus beidh mé ann romhat. Ní'l tú réidh le Séamus
Geanncach fós.



(Imthigheann Séamus agus tagann Seaghán isteach).



SEAGHÁN. — Féach é sin anois! Is 'mdhó cor a chuireann
an saoghal de ó mhaidin go hoidhche. Nach deas lághach
grádhmhar gleóidhte an bhean bheag í Brighid? — Acht
b'fhéidir gur a magadh fúm a bhí sí. Is an-dheacair é


L. 19


chreideamhaint go mbeidh mise im' mhaor. Acht deirthear
nár innis sí bréag riamh. Tá Caitlín ag teacht arís.



(Tagann Caitlín isteach.)



CAITLÍN. — Nach deas an scéal é seo againn a
Sheagháin.



SEAGHÁN. — Ní'l leigheas air a Chaitlín. Bhí sé im'
cheann agam le fada go raghainn i n-áit éicint, a
féachaint a bhfuighinn slighe ann chun roinnt airgid do
shaotharughadh ar nós go mbeadh bun-chúil againn ag
tosnughadh an tsaoghail i bhfochair a chéile. Caithfidh me
téicheadh anois go luath nó cuirfear laincide orm.
Agus ó tá iachall orm imtheacht uait badh chóir go
saorfainn thu ó'n ngeallamhaint do thugais dam fad ó.



CAITLÍN. — (go truaighmhéileach) Agus an bhfuil tú
ag imtheacht mar sin agus gan éan-tsúil agat go
bhfillfidh tú go bráth arís?



SEAGHÁN. — Ní'lim i n-éan-chor a chroidhe; beidh mé
ar ais chughaibh arís fé bheith slán dam i gceann trí
mbliadhan.



CAITLÍN. — Fanfaidh mé leat mar sin go ceann trí
mbliadan nó go ceann seacht mbliadhan má's maith leat
é. Ná dubhras leat éan uair amháin gur tusa mo
rogha thar fhearaibh an domhain agus ná pósfainn éinne
eile go bráth acht tú féin.



(Síneann Caitlín chuige a dá láimh agus glacann Seaghán
iad).



SEAGHÁN. — Mhaise nár chailidh Dia ort a stórach!
Níor dheineas an iomarca bladair nó an iomarca
plamáis leat riamh mar ní raibh éan-chall leis; acht


L. 20


caithfidh mé an méid seo a rádh anois; ní thug éan-fhear
riamh fós grádh ní ba laidre nó ní ba ghlaine do mhnaoi
ná an grádh do thug mise dhuit-se; agus tá rud éicint
ag cur i n-iumhal dam i gcomhnuidhe go mbeimíd go
sásta sóghach fós cé go bhfuilmíd ag scaramhaint le
chéile ar feadh scáthaimh.



(Seasann Mór ins an doras).



MÓR. — Go leigidh Dia soin. Téiridh ar bhur nglúinibh
go dtiubhraidh mé mo bheannacht díbh araon anois.



(Téigheann siad araon ar a nglúiníbh agus leagann Mór a
lámha ar a gceannaibh).



MÓR. — Mo sheacht míle beannacht óm' chroidhe amach
oraibh araon, agus beannacht dílis Dé agus beannacht
na n-aingeal agus na naomh oraibh; agus iarraim agus
impighim ar an Maighdin Bheannuighthe sibhse do
thógaint fá na comhraighe féin agus achuingím ar ár
Slánuightheóir Íosa Críost gach grásta do bhronnadh
oraibh. Agus nár leigidh Dia go mbuailfidh pian ná
tinneas ná éan-bhutún eile trasna oraibh go dtioc-
faidh sibh le chéile arís. Éirghidh anois i n-ainm Dé agus
tá sé i n-am duit-se tú féin do chur i gcóir mar tá
an lá ag imtheacht uait agus b'fhéidir go mbeadh na
bitheamhnaigh anuas ort arís.



(Éirgheann siad agus téidheann Seaghán fá dhéin a chóta.
Druideann Caitlín i n-aice leis an gclár.)



CAITLÍN. Acht cia leis an sparán? Féach!
(Tógann sí sparán de'n mbórd).



SEAGHÁN. — Sparán! Cad é an sparán airiu?



MÓR. — Sparán a n-eadh? Cá bhfuair tú é?


L. 21


CAITLÍN. — Ar an gclár annso. An leat-sa é, a
Mhór?



MÓR. — Go bhfóiridh Dia orainn, ní liom. Is fada
ó bhí sparán agam-sa. An tusa d'fhág ann é, a
Sheagháin?



SEAGHÁN. — Ní mé, go deimhin. Ní fhaca mé a
leithéid seo riamh.



(Féachann siad ar a chéile, le hiongantas ar feadh tamaill.
Tógann Seaghán an Sparán agus croitheann sé é.)



SEAGHÁN. — Sparán trom, ambasa.



(Caitheann sé an t-airgead amach ar an mbórd).



MÓR. — Ór ar fad agus dáfhichid giní má tá
scilling ann. Acht an airgead maith é?



CAITLÍN. — Ambasa féin is eadh (tógann sí mám
de'n airgead agus caitheann sí ar an mbórd é).
Éistidh leis an nglór soin.



MÓR. — Cad as ar tháinig sé? nó ní fheadar an le
Peadar Crosach é.



SEAGHÁN. — (ag gáiridhe) Mhaise go deimhin féin,
ní headh. Cá bhfuigheadh sé an méid sin airgid mara
ngoidfeadh sé é? Rithidh amach agus féachaidh a bhfuil
éinne timcheall na háite an fhaid bhead-sa ag cur mo
chóta orm.



(Imthigheann Mór agus Caitlín).



SEAGHÁN. — Brighid Ní Mhoch Éirghe d'fhág an t-airg-
ead úd annso acht dá ndéarfainn é sin ní chuirfidis
méar air. “Ní bheidh baoghal ar bith ar do mháthair ó'n
lá so amach,” arsa Brighid. Caithfidh mé leath-scéal


L. 22


éicint do chur le chéile chun iad do mhealladh. Seadh
tá sé agam.



(Tagann Mór agus Caitlín isteach.)



SEAGHÁN. — A' bhfaca sibh éinne?



CAITLÍN. — Ní raibh duine beó le feicsint.



SEAGHÁN. — (ag gáiridhe) Siad na Daoine Maithe
d'fhág an sparán annso. Seo cuiridh an t-airgead
dtaisce.



CAITLÍN. — Tá fhios ag Seaghán cad as ar tháinig sé.



SEAGHÁN. — Tá, fuaras ó dhuine muinteardha é,
acht níl cead agam éan rud d'innsint díbh 'na thaoibh.
Féach tá an lá ag sleamhnughadh uaim agus seo annso
mise fós.



MÓR. — Seo leat mar sin i n-ainm Dé, acht cuir
chughat é seo agus seachain agus ná caill é. Ní
baoghal duit an fhaid a bheidh soin agat. (Síneann
sí chuige blúire beag adhmuid).



CAITLÍN. — Cuir ins an máilín seo é, a Mhór, i
bhfochair na seod-chuimhne atá ann uaim féin agus
cuirfidh mé fá n-a mhuineál annsoin é.



SEAGHÁN. — Cad tá ann agat, a Chaitlín?



CAITLÍN. — Fáinne óir, agus ní raghaidh fáinne ar
mo mhéir go bráth go gcuirfidh tusa an ceann seo
uirthi. (Cuireann sí an máilín fá n-a mhuineál).



SEAGHÁN. — Fáinne óir ort, a Chaitlín. Imtheóghaidh mé
le croidhe éadtrom anois.



MÓR. — A Sheagháin, a Sheagháin, do thugas súgh mo
chroidhe dhuit agus anois cad do dhéanfaidh mé id
dhiaidh.


L. 23


CAITLÍN. — Féach, a Mhór, ná bí ag cur Seaghán
bocht tré n-a chéile. Fanfaidh mise i d'fhochair annso
go dtiocfaidh Seaghán a bhaile arís fé bheith slán dó.
Fuaras cead óm athair an fhaid do bhíos amuigh.



SEAGHÁN. — Graidhin mo chroidhe thú, a Chaitlín. Seo
a mháthair, slán agus beannacht agat anois. (Síneann
sé a dhá lámh chun a mháthar agus glacann sí iad go
ceanamhail.) Beidh mise ar ais chughat arís, le
congnamh Dé, trí bliadhna ó'n lá indiu.



MÓR. — Mo sheacht míle beannacht leat arís agus
gach lá a d'eireóghaidh orm guidhfidh mé ar do shon
(Cromann sí ar ghol.)



SEAGHÁN. — A Chaitlín, a Róisín Bháin an tSléibhe, ní
raibh fhios agam go dtí anois féin go mbeadh uaigneas
chomh mór soin orm. Is cruaidh an cás é.



CAITLÍN. — Dia bheatha, grásta Dé, a Sheagháin.



SEAGHÁN. — Pé fhaid a bhead-sa imthighthe ní leigfidh
mé do chuimhne as mo cheann. Beannacht leat, a
chroidhe.



CAITLÍN. — Go n-éirghe an t-ádh leat agus go
dtugaidh Dia slán abhaile arís thu.



(Imthigheann Seaghán ar gcúl go mall. Cuireann Mór agus
Caitlín a lámha timcheall ar a chéile; agus seasann siad i
lár an urláir ag féachaint go brónach n-a dhiaidh. Seasann
seisean nóiminte san ndoras agus beannuigheann dhóibh le
n-a laimh. Annsoin cuireann sé a lámh le n-a shúilibh agus
imthigheann sé.)



BRAT ANUAS.


L. 24


GNÍOMH A DÓ.



ÁIT. — Droichead Tuadh Mhumhan ar éirghe na gréine.



(Tagann fear isteach agus seasann tamall ar an droichead
ag féachaint n-a thimcheall.)



AN FEAR. — Ní'l éinne annso fós, acht beidh siad
annso ar ball agus gleó aca is dócha. Ní fheadar
cad é an sórt duine a thiocfaidh chun a bheith mar mhaor
againn. Ba mhaith an tslighe do cheap an t-Athair
Pádraig chun deireadh do chur leis an gclampar; acht
is baoghal liom go bhfuil aithmhéala ar chuid aca anois
gur ghéilleadar dó. Bhí an spriosán úd Diarmuid
O Riain go han-phriaclach indé. Bhí rud éicint ar
siubhal aige mar do chonnaic mé é féin agus Risteárd
De Búrc ag cogarnaigh le chéile. Go seólaidh Dia
chughainn duine acfuinneach éicint a cuirfidh smacht
ar na daoinibh annso. Siubhalfaidh mé anonn tamall
a féachaint a bhfuil éinne ag teacht.



(Imthigheann sé agus tagann fear eile ar an droichead.)



AN TARNA FEAR. — Deamhan duine annso fós.
Táim i n-am go háirithe chun fáilte do chur roimh an
mhaor nuadh. Ar airigh éinne riamh a leithéid d'am-
adántacht — maor do dhéanamh de dhuine nár leagamair
súil roimhe seo air b'fhéidir? Ba dheas an scéal é
dá mbualfeadh stóilín, nó bacach, nó dall an bóthar
chughainn. Ách! ba mhór an feall é nár dheineadar


L. 25


maor díom-sa, agus bhíos ag brath air. Bhí gach éan-
rud socair go deas agam féin is Máire. Do bheadh
saoghal breagh agam ar feadh bliadhain nó dhó. Do
gheobhainn slighe maireachtála do Laoiseach fá Chomhairle
na Cathrach. Gheobhainn fear do Bhrighid gan pioc
trioblóide, cé go bhfuil sí ar leath-shúil, mar tá a
lán daoine agus badh bhreagh leó bheith ceangailte i
gcleamhnas le Maor na Cathrach go mór mór nuair
bheadh roinnt airgid ag an Maor (togann sé amach a
sparán agus croitheann sé é). Acht do chuir an
t-Athair Pádraig gach éan-rud bun ós cionn orm;
agus ar ndóigh ba chuma liom mara'dh na deich nginí
úd do chaill Máire leis an gculaith síoda do cheannuigh
sí le haghaidh an éirghe i n-áirde. (Stadann sé agus
féachann sé tseasna an droichid is gach ball de ar
crith.) M'anam, acht tá sé chugham agus gan éinne
annso acht mé féin — acht cad tá orm i n-éan-chor!
'Sé Séamus Breathnach atá ann.



(Tagann an Chéad Fhear — Séamus Breathnach — ar an
droichead arís.)



SÉAMUS. — Móire dhuit, a Risteáird.



RISTEÁRD DE BÚRC (an Tarna Fear). — Móire
is Muire dhuit, a Shéamuis. Níor tháinig an Maor
Nuadh fós.



SÉAMUS. — Ó! tá sé luath go leór.



RISTEÁRD. — Cad é do mheas ar an ngnó so, a
Shéamuis, nó an dóigh leat an raibh éan-rud i n-aigne
an Athar Phádraig nuair do shocruigh sé an cheist ar
an gcuma so?


L. 26


SÉAMUS. — Ní thuigim thú, a Risteáird; cad tá id'
aigne féin anois?



RISTEÁRD. — Bíonn gach dubhán alla ag tochrais ar
a cheirtlín féin.



SÉAMUS. — M'anam féin is fíor dhuit (tugann súil
fhéachaint ar Risteárd).



RISTEÁRD. — Tá gaolta ag an Athair Pádraig
agus deirthear ná fuil an iomarca aca le maoidheamh
as.



SÉAMUS. — Faire fút! ar ndóigh ní dhéarfá gur
mheall an sagart sinn chun Maor do dhéanamh de
dhuine mhuinteardha dhó féin.



RISTEÁRD. — Tá Diarmuid Ó Riain suidhte gur
chuir an tAthair Pádraig a mhéar i n-ár súilibh go glan.



SÉAMUS — Ná bac leis an rangartach úd — dalta
an aighnis! ní shásóghadh na flaithis é gan trácht ar an
maoirseacht, an coigrigheach bradach. Acht cogar i
leith chugham, airghim go raibh súil agat féin leis an
onóir seo nuair éirigh an easaontacht eadrainn.



RISTEÁRD. — (ag féachaint timcheall air go mío-
shuaimhneasach). Cia dubhairt é sin airiú? Dá raghadh
gach éinne i Luimnigh ar a nglúinibh ag iarraidh orm
ceannas na Cathrach do thógaint ní ghlacfainn é. Cad
deireann tú leis sin anois?



SÉAMUS. — Gaoth, a Risteáird! gaoth adeirim!
Cad chuige ar cheannuigh do bhean culaith síoda an lá
fá dheireadh mar sin — bean nár chuir ceirt mhaith uirthi
féin riamh.


L. 27


RISTEÁRD. — Go deimhin féin agus go dearbhtha, a
Shéamuis, ós ag innsinnt duit é, tá Máire ag éirghe
go han scaiptheach le déidheannaighe agus táim nach
mór briste aici.



SÉAMUS. — (ag gáiridhe go fonnmhar) Dhe airiu!
cia an uair ar thosnuigh sí ar an scabáiste do dhéanamh
— bean do bhí chomh sanntach soin is go leanfadh sí
préachán go dtí an Caisleán Nuadh chun criochán do
bhaint de dá dtabhairfeadh sé uaithi é.



RITSTEÁRD. — (go crosta) Is iongantach an
biadánuidhe thú, a Shéamuis; bhí teanga shearbh agat i
gcomhnuidhe.



SÉAMUS. — Ní hí an teanga atá searbh acht an
fhírinne. Ní bheidh uaigneas orainn anois. Feach!
Móire dhíbh go léir.



(Tagann seisean nó móir-sheisear daoine ar an droichead
ag cogarnaigh agus ag caint le n-a chéile.)



IAD UILE. — Móire is Muire dhíbh!



FEAR. — A' bhfaca sibh éinne fós?



SÉAMUS. — Ní fhacamair acht is dócha go mbeidh
duine éicint chughainn láithreach. (Cuireann sé cluas
air féin ) M'anam ó'n riasc acht tá duine éicint ag
teacht anois. Éistidh! A' gclosann sibh ag amhrán é?



IAD UILE. — Tá an ceart agat. Ambasa féin, tá
sé chughainn, &rl.



(Preabainn síad go léir amach i lár an bhóthair agus
seasaid i scata a féachaint go géar anonn treasna an
droichid. Nuair a gheibhid radharc ar Sheaghán leigid gáir agus
gáir eile asta agus croithid a hataí chun fáilte do chur
roimhe.)



FEAR. — Ní'l sé balbh go háirithe.


L. 28


FEAR EILE. — Ná ní'l sé bacach.



RISTEARD — Acht tá cruit air — beidh cruiteachán
againn mar Mhaor.



FEAR EILE. — Ní'l cruit air acht tá rud éicint ar
a dhrom aige.



RISTEARD. — Mála tuincéara is dócha nó rud
éicint do ghoid sé.



SÉAMUS. — Tá an t-éad ag gabhailt go trom do'n
tnúthóir bhocht so; acht éistidh leis an amhrán.



(Tagann Seaghán ar an droichead ag amhrán. Tá beart
sguab ar a mhuin aige. Caitheann sé na scuaba uaidh agus
críochnuigheann sé an t-amhrán.)



CUAICHÍN BÁN AN tSLÉIBHE.



Mo chéad beannacht glé agat, a dhúthaigh shámh,
A Chonntae Chláir mo chléibh,
Is éigin dam géilleadh dhon chumhangthas ghnáith
Agus gluaiseacht le fán an tsaoghail!
Mo chéad fichid slán
Let shéimh-chineadh lághach,
Ní'l a samhail ar fagháil fén spéir;
Acht slán tar cách le báb mo ghrádh
Le Cuaichín Bán án tSléibhe.



Is uaibhreach 's is suairc é do shnódh gan cháim,
A Thuamhain ghil, le fáinne an lae;
Na muar-chnuic ó thuaidh is an reóth n-a mbárr
Agus Sliabh breagh Colláin leis féin;
Mo chruadhtan mo chás


L. 29


Mo ghluaiseacht ar stáir
Ó chiumhais Cholláin na gcraobh,
Óm stuaire 'mháthair uasail cháidh,
Is ó Chuaichín Bhán an tSléibhe.



A Thuamhain mhilis, uair eile uaim-se slán,
'S gurab uait-se atá mo dhréim,
Ag cuanta 's ag cruacha do thuaithe bhláith
Na sluaighte deagh-shlán go léir;
Nach buartha 'tá Seán
I n-uaigneas gach lá,
Acht fillfidh tráth fé réim
Ar an mhuinntir lághach ar thaobh Cholláin
Is ar Chuaichín Bhán an tSléibhe.



(Nuair tá críochnuighthe aige leigeann na catharaidhe gáir
eile asta.)



SEAGHÁN. — Móire dhíbh a dhaoine uaisle! Is
spleódrach atá sibh ar maidin.



IAD UILE. — Móire is Múire dhuit agus céad
fáilte romhat.



SEAGHÁN. — Go mairidh sibh i bhfad, is deas múinte
sibhialta na daoine atá i Luimnigh.



SÉAMUS. — Céad míle fáilte roimh Mhaor Luimnighe



SEAGHÁN. — (Ag féachaint n-a thimcheall) Cá bhfuil
an Maor airiu?



IAD UILE. — Tusa an Maor! Tusa an Maor!



SEAGHÁN. — (Ag caint leis féin) Bí an ceart ag
Brighid Ní Mhoch Éirghe. (Leis na daoinibh) Cuiridh uaibh,
cuiridh uaibh, leig dam féin agus ná bídh ag magadh fúm.


L. 30


(Scaoileann sé an ceangal atá ar na scuaba agus
tógann sé ceann 'n-a láimh) Seo ceannuigidh na scuaba
so uaim — ní raibh a leithéid de mhargadh le fagháil i
Luimnigh riamh roimhe seo. Tá siad dá ndíol agam ar
neimh-nídh geall leis. Ní'l ortha acht pingin a ceann.
Tá fraoch breagh fada teann ionnta agus é chomh fada
i lár na scuaibe is tá ar an taobh amuigh agus tá siad
ceangailte go daingean le driseóga roighne ar nós
ná tuitfidh siad ó n-a chéile go bog. Do ghlanfadh an
scuab so im' láimh agam an méid salachair atá ins an
mbaile mór so ar fad isteach san abhainn.



SÉAMUS. — Sin é an rud a theastuigheann uainn.
Tusa an fear ceart.



SEAGHÁN. — Pingin a ceann, sin a bhfuil ortha nó
tabhairfidh mé an bheart ar fad d'éinne ar thrí réala-
chaibh agus tá dhá dhosaon ann.



SÉAMUS. — Tá fios a ghnotha ag an bhfear so go
háirithe. Fad saoghail chun an Mhaoir (furá),



SEAGHÁN. — Is baoghal liom go bhfuil sibh go léir ar
meisce. Mhaise féach ná bídh ag magadh fúm acht
ceannuighidh na scuaba uaim.



SÉAMUS. — Ní call duit na scuaba do dhíol anois
a dhuine chroidhe; acht ní chreideann tú go bhfuil tú id'
Mhaor. Do réidhtigheamair an lá fá dheireadh go
ndéanfamaois Maor de'n chéad fhear a thiocfadh
treasna an droichid seo indiu. Tusa an chéad fear
agus nuair a bheidh na comhairleóirí bailighthe beidh sé
orm-sa an slabhra do chur ort agus Maor do dhéanamh
dhíot.


L. 31


SEAGHÁN. — Ní hé seo lá na n-amadán an é?



RISTEÁRD. — Sé go deimhin acht is sinne na hama-
dáin agus Maor do dhéanamh ded' leithéid-se, beidh an
saoghal mór ag magadh fúinn.



SÉAMUS. — Tá truthnán agat leis is dócha.



(Sceartann siad go léir.)



RISTEÁRD. — Le bacach éicint ó Chonntae Chláir
na bláthaighe géire an eadh? Go bhfóirid Dia orainn!



SÉAMUS. — Ní headh, acht éist le giolla an ocrais
airiú! Ní bacach é, acht preabaire d'fhear ghroidhe
ghéarchúiseach acfuinneach; agus mara bhfuil mise
amudha go mór déanfaidh sé a ghnó go macánta.



(Éirgheann fothram mór taobh thiar díobh agus iompuigheann
siad go léir siar a féachaint cad tá ann.)



SÉAMUS . — Ó tá Diarmuidín chughainn anois agus
beidh gleó againn; acht cad é an gnó atá aige de'n
bharaille?



Tagann fear isteach ag tiomáint baraille roimhe. Cuir-
eann sé an baraille n-a seasamh agus féachann sé timcheall air.>



DIARMUID Ó RIAIN. — (ag féachaint ar Sheaghán)
An é seo an céad fhear do tháinig chughaibh?



SÉAMUS. — 'Sé. Cionnus a thaithnigheann sé leat?



(Téigheann Diarmuid suas chun Sheagháin agus sgruduigheann
sé ó bhathas a chinn go bonn a choise é agus é ag caint leis féin fá
n-a fhiaclaibh.)



DIARMUID. — Fuf! Agus an bhfuil sibh chun Mhaor
do dhéanamh de'n bhacach so?



FEAR. — Cad é seo, a Dhiarmuidín? Ceann des na
baraillíbh do bhíodh agat fad ó a' díol na scadáin
asta an eadh?



(Sceartann siad go léir go spleódrach.)


L. 32


DIARMUID. — Bailighidh timcheall orm annso go
fóil. Tá rud éicint agam le rádh libh. (Téigheann
sé suas ar an mbaraille agus druideann na daoine
isteach chuige.) Ba dhóigh le duine go raibh sibh go
léir glan as bhur meamhair. Ná fuil fhios agaibh go
maith gur dhein an tAthair Pádraig amadáin díbh go
léir agus gur leig sibh dó dalla-phúicín do chur ar bhur
súilibh. Duine muinteardha dhó 'seadh an bacach so.
Nuair do ghéill sibhse dhó do chuir sé fios air.



SÉAMUS. — Cá bhfios duit?



DIARMUID. — Táim suídhte dhe im' chroidhe istigh.



SÉAMUS. — Buille fá thuairim. Dá an tsainnt id'
dhalladh.



DIARMUID. — Ba chóir dúinn duine suimeamhail a
thoghadh mar Mhaor agus gan éan-bhaint do bheith againn
le cúmrachán d'fhear díolta scuab ná fuil fhios ag
éinne cad as ar tháinig sé.



SÉAMUS. — Ní'l fhios ag éinne cad as ar tháinig
tusa acht chomh beag a mhic ó, agus ba chóir ho gcuinn-
eóghtha teanga sibhialta id' cheann agus gan droch-aoide
do thabhairt d'éinne. Nach fuil fear díolta na scuab
chomh maith le fear diolta na sgadán?



RISTEÁRD. — Tusa atá ag tabhairt an droch-aoide
uait anois, a Shéamuis.



DIARMUID. — Éistidh liom go fóil.



FEAR. — Ní éistfimíd leat níos fuide, a choigrighigh.



FEAR EILE. — Tar anuas as soin, a ghliodaracháin,
nó caithfimíd isteach 'san abhainn thú.


L. 33


DIARMUID. — Deinidh Maor de Risteárd De Búrc
annso agus beidh fear breagh ciallmhar —



(Sceartann siad uile.)



SÉAMUS. — Tá an cat as an mála go glan anois.
Bhí fhios agam go raibh socrughadh éicint eadraibh.
Dhein Risteárd na Piléir, tá tusa dá gcaitheamh dhó.



DIARMUID. — (go nimhneach) Tá tú dearg bréagach,
a raispín.



FEAR. — Ní raispín é, acht bitheamhnach an té dubhairt
gur bh'eadh.



(Arduigheann a mhaide chun Diarmuid do bhualadh. Beireann
fear eile ar an maide. Tosnuighid ag bruighean.)



SEAGHÁN. — (ag rith isteach eatortha agus ag labhairt
i nguth árd-ghlórach) Stadaidh! Cuiridh síos na maidí;
ná tógadh éinne annso a lámh i gcoinnibh éinne eile agus
ná bíodh imreas ar bith mar gheall orm-sa. Ní'lim-se
ag cur isteach ar bheith im' Mhaor. Do shaoileas ar
dtúis ná raibh sibh acht ag magadh fúm. Chídhim anois
go bhfuil sibh i ndáiríribh. Acht tá ceist agam ar an
bhfear so ar an mbaraille. An neosthá dhúinn cia
an chiall ar éaluigh tú leat i n-uair mhairbh na hoidhche
ag teacht annso dhuit an chéad uair?



(Féachann gach éinne ar Sheaghán agus ar Dhiarmuid. Glac-
ann Diarmuid scannradh agus ní féidir leis freagra do
thabhairt ar Sheaghán go ceann tamaill.)



DIARMUID. — Is léir dhíbh, a dhaoine, go bhfuair an
fear so a léigheann ag teacht annso dhó. Fuair sé
cuireadh, agus bhí 'fhios aige cad do bhí ar siubhal n-ar
measc.


L. 34


SEAGHÁN. — Ní freagra ar mo cheist-se é sin. Tá
ceist eile agam ort anois. An raibh tú riamh id'
chomhnuidhe i gCorcaigh, nó an raibh aithint agat ann ar
fhear darb' ainm Micheál O Cróinín?



(Critheann Diarmuid go smior. Tugann sé iarracht ar rud
éicint a rádh, acht ní féidir leis focal do labhairt.)



IAD UILE. — Anois, a Dhiarmuid, cad tá le rádh
agat? Tá sé bodhar balbh anois. Cia'r bhé an fear i
gCorcaigh? &rl.



(Sgeineann Risteárd leis as an áit.)



SEAGHÁN. — Tá ceist eile agam ort agus beidh mé
réidh leat annsoin.



DIARMUID. — (ag screadadh) Nach gaol gairid
do'n Athar Pádraigh tusa? Nach headh, a Risteáird?



(Leigeann siad gáire eile asta.)



SÉAMUS. — Do bhailigh Risteárd leis nuair do
chonnaic sé i gcruadh chás thú.



DIARMUID. — Droch rath air agus an bhfuil an
bitheamhnach imthighthe tar éis mise do ghríosadh chun an
imreas so do chur ar siubhal arís? Druididh amach
uaim go raghaidh mé síos as so.



(Briseann tóin an bharaille agus tuiteann Diarmuid isteach
ann. Cromann gach éinne ag gáire go fonnmhar.)



SEAGHÁN. — Is baoghal liom go bhfuil an baraille
úd ag leigint tríd.



SÉAMUS. — Cia'n dioghbháil, ní'l ann anois acht
dríodar.



(Cuireann Diarmuid suas a cheann agus féachann timcheall
air go himnidheach.)


L. 35


DIARMUID. — Scaoilidh amach mé agus ní thiubhraidh
mé pioc trioblóide dhíbh feasta.



SEAGHÁN. — Caithfimíd fineál do chur ort sula
leigfimíd chun siubhail thú mar gheall ar an gcollóid
do chur tú ar bun annso indiu. Agus anois, ó táim
im' Mhaor nó geall leis, órduighim agus fógraim go
gcaithfidh tusa dá fhichid giní do thabhairt domh-sa le
h-aghaidh bochtán na Cathrach mar b'é sin an méid
airgid do ghoid tusa — a Mhichíl Uí Chróinín — o bhain-
treabhaigh bhocht i gCorcaigh sul ar tháinig tú go
Luimnigh ar dtúis.



(Foluigheann Diarmuid é féin ins an mbaraille arís.)



IAD UILE. — Amach leis an airgead. Comhairidh
amach é, &rl.



(Caitheann Diarmuid a sparán chucha.)



DIARMUID. — Bíodh an sparán agus a bhfuil ann
agaibh, acht scaoilidh amach mé.



SÉAMUS. — Doirtidh amach an dríodar úd.



(Leagann siad an baraille ar a taoibh agus tagann Diar-
muid ag leapadáil as.)



SÉAMUS. — Féach ar airiu! Nach beag an scóip
atá faoi anois!



(Éirigheann Diarmuid agus ritheann sé leis gan focal agus
gach éinne g sgeartaighil 'n-a dhiaidh.)



SÉAMUS. — Tá tosnughadh maith déanta agat indiu,
acht cad is ainm duit?



SÉAGHÁN. — Seaghán O Conchabhair.



SÉAMUS. — Anois, a Sheagháin Uí Chonchabhair, tá sé
orm-sa an slabhra so do chur ort chun seilbhe na


L. 36


Cathrach mar adéarfá do thabhairt duit. Acht caithfidh
tú geallamhaint a thabhairt go bhfanfaidh tú linn ar
feadh trí bliadhan, agus ná déanfaidh tú dearmhad ar
éan dhualgas nó éan-chomaoinn dlistineach a bheidh ort,
agus gan éan-bhaint do bheith agat led' mhuinntir féin
ar feadh na haimsire sin.



SEAGHÁN. — (ag cur suas a lámh) Bheirim mo mhionna
agus mo mhóide dhíbh agus tugaim an ghrian, an ghealach
agus an ghaoth air, go bhfanfaidh mé libh ar feadh trí
bliadhan, go ndéanfaidh mé mo ghnó gan cam, gan
claon, go gcóimhlíonfaidh mé gach dualgas a bheidh
orm, agus ná beidh baint ar bith agam lem' mhuinntir
féin ar feadh na haimsire sin.



(Cuireann Séamus an slabhra ar ghuailnibh Sheagháin. Leig-
eann ma Catharaidhe gáir áthasach asta; bailigheann siad tim-
cheall ar Sheaghán, agus croitheann siad go léir lámh leis.)



SÉAMUS. — Is maith an obair lae atá déanta
againn indiu, agus go n-éirghe —



FEAR. — Acht cé'r'd é seo chughainn anois?



(Féachann siad go léir treasna an droichid.)



FEAR EILE. — Tá duine éicint gortuighthe nó marbh.



(Tagann ceathrar fear ar an droichead agus fear marbh aca
ar shínteán. Leagann siad ar an mbóthar é.)



SÉAMUS. — Cad tá annsoin agaibh?



NA FIR. — Fear báidhte. Fuaireamair ar bhruach na
habhann é.



SÉAMUS. — Ní fheadar an bhfuil aithint againn air.



(Árduigheann sé cúinne an bhraithlín atá ar an gcorpán.
Druideann Seaghán isteach i n-aice leis, acht ní tuisce nochtar
aghaidh an fhir báidhte ná glacann sé scannradh.)


L. 37


SEAGHÁN. — Comraighe Dé chughainn, acht féach cia tá
ann — Séamus Geanncach! A Dhia mhóir na bhfeart,
agus cad do thug annso é? nó cad d'éirigh dhó?



SÉAMUS. — Duine muinteardha dhuit an eadh?



SEAGHÁN. — Go ndeinidh Dia tróchaire air, ní headh,
acht namhaid agus namhaid nimhneach leis — go maithidh
Dia dhó a pheacaidhe.



SÉAMUS. — Ámen; acht ní call dúinn an iomarca
bróin do bheith orainn. Tógaidh libh an corp so
(árduigheann siad é agus imthigheann siad), agus tá sé
chomh maith dhúinne bheith ag gluaiseacht go Tigh na
Cathrach anois.



SEAGHÁN. — Fan! Ba chóir anois, ó tá mise im'
Mhaor agaibh, go mbeadh comhartha scéithe agam. Tógh-
faidh mise scuab mar chomhartha dom' scéith. (Tógann
sé scuab 'n-a láimh.) Gach uair a leagfaidh mé
súil air cuirfidh sé i gcuimhne dham go rabhas bocht
dealbh tamall dem' shaoghal; ní bheidh an iomarca
mórchúise nó an iomarca mórdhála ag gabháil dam
annsoin; agus rud eile, cuirfidh sé i n-iumhal dam an
salachar do sheachaint i gcomhnuidhe. Seo bímís a
gluaiseacht.



(Tagann píobaire i dtosach an tsluaigh agus imthighid —
Seaghán agus a scuab ar a ghuailinn aige. Nuair táid imthighthe
tagann Brighid Ní Mhoch Éirigh.)



BRIGHID. — D'éirigh gach éan-rud mar adubhairt
mé. Do dhein Seaghán a ghnó go háluinn. Agus nách
é Séamus Geanncach do chuir an cadhp-báis air féin go
glan. Thugas fá ndeara an lá do tháinig sé chugham


L. 38


ag féachaint an raibh éan-bhaoghal go marbhóghadh
Seaghán é gur duine beag canncrach, cam-intinneach,
doicheallach, droch-aigeanntach, dúr-chroidheach do bhí
ann. Do bhaineas dá fhichid giní dhe sul ar thugas an
t-eólas dó, mar bhí fhios agam go raibh airgead
go fairsing aige agus go raibh roinnt de ag teastáil
ó Mhóir. Is iongantach nár scoilt sé le feirg nuair
dubhairt mé leis gurb' é féin an namhaid ba mhó do bhí
aige. Do chuir sé a chos ann go glan nuair do thug sé
iarracht ar an tslighe do bhaint de Sheaghán. Acht tá
sé go daingean fá ghlas, agus fanfaidh sé ann go
ndéanfaidh sé aithrighe. Ní fheadar cad tá ar siubhal
anois. (Tógann sí amach an gloine agus, féachann sí
tríd.) Go breagh! go breagh! Seadh, buailfidh mé
isteach a' féachaint cionnus tá siad san mbaile mór.



BRAT ANUAS.


L. 39


GNÍOMH A TRÍ.



(ÁIT. — Cistean compórdach i dtigh feirmeóra um thrathnóna.
AN GLÉAS. — Mar do bhí sé sa chéad gníomh, acht amháin go
bhfuil an trosgán níos fearr.



Mór Ní Bhriain ag cniotál sa chúinne cois teineadh.)



MÓR. — (Ag caint léi féin). Is baoghal liom ná
fuil éan-amhras acht go bhfuil Seaghán bocht marbh;
agus má tá go ndeinidh Dia trócaire air. Tá sé
imthighthe uaim anois trí bliadna go díreach an lá
indiu agus istigh ná amuigh i n-árd ná i bhfánaidh ní
bhfuaireamair tásc ná tuairisc air féin nó ar Shéamus
Geanncach ó shoin. Acht ní fheadair ar thalamh an
domhain cad d'éirigh do Shéamus. Bhí sé go minic im'
cheann agam (stadann sí de'n chniotál agus féachainn
sí timcheall uirthi go crith-eaglach agus labhrann sí go
híosal) go mb' fhéidir gur chuir Seaghán lámh ann; acht
ní dhéarfainn é sin leis an talamh. B'fhearr liom
míle uair go mbeadh sé marbh má bhí an scéal mar
sin. Acht cad atá mé a' rádh, ní raibh baint ar bith
aige le Séamus, ní chreidfinn ó'n sagart go raibh —
“is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin” —
mhaise greadadh chughat mar snáthad — agus má tá
Seaghán bocht 'n-a bheathaidh nár leigidh Dia go bhfaghaidh
mise bás go bhfeicfidh mé arís é. Tá snaidhim na
péiste déanta agam de'n tsnáth so. Mo chreach


L. 40


ghear agus mo lón dóighthe, bhí saoghal cruaidh aige i
dtúis a óige, agus anois nuair do bheadh sonas an
tsaoghail orainn go léir ní'l sé agam. Acht an í seo
Caitlín?



(Duine uasal iasachta isteach).



DUINE UASAL. — Bail Dé oraibh annso.



MÓR. — Go mairidh tú i bhfad a Athair (ag éirghe
agus ag umhlughadh dhó) agus Dia bheatha chughainn. Ná
suidhfidh tú a Athair.



DUINE UASAL. — Ó ní sagart mé i n-éan-chor, a
bhean a chroidhe.



MÓR. — Gabham párdún agat, a Ath — a —
a Dhoch — a Dhochtúir, ní'l an radharc ar fóghnamh
agam, mar tá an aois ag goilleamhaint orm. Suidh,
a Dhochtúir (cuireann sí cathaoir i gcóir dó).



DUINE UASAL. — Do dheinis dearmhad arís mar
ní dochtúr mé.



MÓR. — Ó mhaise, féach é sin anois! Gabham
párdún agat arís, a Ath — a Dhoch — a Chaptaoin,
mar ní'l an iomarca taithighe agam-sa ar an saoghal
mar is bean bhocht shimplidhe de'n tsean aimsir mé.



DUINE UASAL. — Ná cuir tú féin trí ná chéile mar
gheall orm-sa, a bhean chroidhe, ní captaon mé acht an
oiread. Suidh agus —



MÓR. — Mhaise, ní'l aithint agam ort, a dhuine
uasail.


L. 41


DUINE UASAL. — Is ar éigin go bhfuil aithint agam
orm féin anois; acht neósaidh mise dhuit cad do
thug annso mé. Do thángas a' féachaint a' bhfágfá
istigh anocht mé.



MÓR. — Cad do bhearfadh ná fágfainn má tá
gábhadh agat leis. Níor dhúnas mo dhoras riamh fós
i gcoinnibh éinne ná mó lámh acht an oiread mar ní
bhfaghann dorn dúnta acht lámh iadta; agus féach, a
dhuine uasail, tá rud éicint id' dheallramh a choruigh-
eann mo chroidhe agus tá fáilte rómhat; acht tá
faitchios orm ná fuil an áit seo oireamhnach do dhuine
uasal ded' leithéid sé.



DUINE UASAL. — Déanfaidh sé an gnó go hálainn
agus beidh mé fá chomeoinn mhóir agat. Bhíos ag teacht
ag marcaigheacht ó Inis agus do ghortuigh an capall a
chrub ar chuma éicint agus b'éigin dam é d'fhágaint
i mbothán ar thaoibh an bhóthair.



MÓR. — Mhaise, go bhfóiridh Dia orainn! a' mbait
leat éan-rud le n-ithe mar is dócha go bhfuil tú
tnáidhte.



DUINE UASAL. — Ní'l tart ná ocras orm, go raibh
maith agat; má theaspánfaidh tú m'ionad codalta
dham beidh mé sásta.



(Tagann Caitlín isteach agus nuair chíonn sí an duine
uasal tagann iongantas uirthi agus iompuigheann sí siar
arís).



MÓR. — Ghabh i leith annso, a Chaitlín. Beidh an
duine uasal so ag fanacht annso anocht. Do ghortuigh


L. 42


a chapall a chrúb agus b'éigin dó teacht chughainn ag
iarraidh lóistín i gcóir na hoidhche.



CAITLÍN. — Tá fáilte romhat, a dhuine uasail.



DUINE UASAL. — Go mairidh tú i bhfad, a chailín
mhaith. An í seo d'inghean-sa, a bhean a tighe.



MÓR. — Ní hí, acht mara'dh an butún do bheadh sí
mar inghean agam fad ó.



DUINE UASAL. — Ní fheadair a' mbeadh éan-mhaith
dhamh-sa a bheith ag féachaint n-a diaidh.



MÓR. — (ag gáiridhe) Ní bheadh, is baoghal liom.



DUINE UASAL. — Do thiubhrainn saoghal breagh dhí.



CAITLÍN. — Dá dtagadh Rí Shasana chun an choróin
do chur ar mo cheann, ní bhrisfinn mo gheallamhaint.



MÓR. — Tá sí geallta le mac damh-sa, a dhuine
uasail, le fada; acht tá se imthighthe uainn le trí
bliadhna.



DUINE UASAL. — Agus cad é an sórt duine é
cailín chomh deas, slachtmhar, dathamhail, d'fhágaint gan
í do phósadh le trí bliadhna?



CAITLÍN. — Plámásuidhe, binn-bhéalach 'seadh an
duine uasal so, is baoghal liom. Nach milis a labhrann
sé le cailín tuathach, dar leis féin; tá taithighe
mhór aige ar bhladaireacht, is dócha agus is dóigh leis
go bhfuilmíd-ne annso go han-shimplidhe acht b'fhéidir
go bhfuilmíd chomh géarchúiseacht leis féin, féach anois!



MÓR. — Ó bhó! bhó! na bí droch-mhúinte, a Chaitlín,
ní dubhairt an duine uasal éan-rud as an tslighe — ní
ag magadh fúinn atá sé.


L. 43


CAITLÍN. — Ba bheag an mhaith dhó é.



MÓR. — Ag déanamh suilt eadrainn féin do bhí an
duine uasal.



DUINE UASAL. — Leig dí féin: is maith liom an
spiorad soin d'fheiscint innti agus tá súil agam go
dtiocfaidh do mhac a-bhaile chúichi go gairid.



MÓR. — Támuid ag brath air gach nóimint, acht féach
a dhuine uasail, tá an seómra i gcóir annso, ach is
baoghal liom ná faghaidh tú an iomarca codlata
anocht mar beidh rinnce annso againn ar ball.



DUINE UASAL. — Níl fonn codlata orm cé go
bhfuilim tuirseach go leór. Luighfidh mé síos go ceann
tamaill, agus má thiubhraidh sibh-se cead dam ba mhaith
liom bheith láithreach mar is fada ná feaca rinnce
Gaedhealach.



MÓR. — Beidh míle fáilte romhat: seo é an seomra
agus tá súil agam go mbeidh tú compórdach ann.



DUINE UASAL. — Go raibh míle maith agat.



(imthigheann an duine uasal).



MÓR. — Nach grádhmhar an duine uasal é, a Chaitlín.
Ní fheadair cad as é nó cá bhfuil sé ag gabháil! Ní
coigcríoch nó bodach é pé ar domhan é.



CAITLÍN. — Ní fheadar-se féin cad é an sórt duine
é acht tá an teanga go han-mhilis aige go háirithe
agus níor fhéadas gan é sin d'innsint dó; att ar a shon
soin féin do léim mo chroidhe isteach im' bhéal nuair
do labhair sé liom.



(Ritheann sí go dtí an dorus agus féachann sí amach.)


L. 44


MÓR. — 'Seadh, cia tá ann?



CAITLÍN. — Gearróid De Barra atá ann, agus a
phiob fá n-a ascaill aige. Beidh oidhche aereach againn
anois.



MÓR. — (ag osnuighil) Beidh, má thagann Seaghán,
mar tá an duthaigh go léir i n-éin-dtigh le Gearróid.



(Buaileann Gearróid isteach agus greim aige ar láimh
gharsún. Tagann scata buachaillí agus cailíní isteach n-a
dhiaidh.)



GEARRÓID. — Bail Dé annso.



MÓR. — Dia bheatha chughainn, a Ghearróid, agus go
mairidh tú i bhfad. Slán iomlán leis an aimsir atá
imthighthe. Dia bheatha chughainn, a bhuachaillí agus a
chailíní. Suidhidh. (Suidheann sí féin).



CAITLÍN. — Céad míle fáilte romhat, a Ghearróid.



GEARRÓID. — Agus a Chuaichín Bháin an tSléibhe cia
an bhail atá ort-sa. Bhfuil éin-scéal fós ó Sheaghán
agaibh?



MÓR. — Tá súil againn leis gach éan-nóiminte.



GEARRÓID. — Ba chóir go mbeadh. Beidh sé annso
go gairid mar tá scéal agam-sa uaidh.



MÓR. — (ag preabadh suas go háibhéiseach) Moladh
go deó le Dia, agus slán an scéaluidhe; acht cad é
an scéal é?



BUACHAILL. — Agus cá bhfaca tusa Seaghán, a
Ghearróid.



GEARRÓID. — Cé hé an somachán úd d'fhiafruigh de
dhall cá bhfaca sé Seaghán?



AN BUACHAILL. — Ní chun magadh do dhéanamh fút


L. 45


do chuireas an cheist ort, is amhlaidh do dheineas dear-
mhad, acht cá'r casadh Seaghán ort?



GEARRÓID — Do thug tú an casadh ceart do'n
cheist anois; acht níor casadh Seaghán orm-sa i n-éan-
chor. Nuair do bhíos féin agus Páidín ag teacht i
leith annso do bhuail sean-bhean umainn ar an mbóthar
— cia an áit í súd, a Pháidín?



PÁIDÍN. — Le hais Páirc a' Leasa.



IAD GO LÉIR. — Le hais Páirc a' Leasa an eadh?



GEARRÓID. — 'Seadh. “Bhfuil tusa ag dul anonn
go tigh Mhóire Ní Bhriain, a Ghearróid?” ar sise. Bhí
m'ainm aici go cruinn. “Táim,” arsa mise. “Abair
léithe,” ar sise, “go bhfuil Seaghán ag teacht a-bhaile
anocht.” Ní raibh níos mó ann agus d'imthigh sí léithe.



MÓR. — Ní fheadair cia bhí ann! An raibh éan-aithint
agat uirthi, a Pháidín.



PÁIDÍN. — Ní raibh, agus tá aithint agam ar gach
éinne ins na trí paróistíbh, nó geall leis.



BUACHAILL. — Agus an dóigh leat, a Pháidín, gur
duine saoghalta do bhí ann?



PÁIDÍN. — Go deimhin féin, ní raibh éan-chosamhlacht
aici le spiorad; acht is ait an rud é nuair bhí sí
imthighthe amach thorainn d'iompuigheas siar a féachaint
a n-aithneóghain ní agus ní raibh pioc di le feiscint.
Bhí sí imthighthe mar do shluigfeadh an talamh í.



MÓR. — Comraighe Dé chughainn.



(Féachainn na cailíní go crith-eaglach ar an bhfuinneóig agus
ar an ndoras.)


L. 46


GEARRÓID — Ceann des na Daoinibh Maithe do bhí
ann go cinnte.



CAITLÍN. — Agus a bhfeacaís cá ndeaghaidh sí —
isteach sa lios an eadh?



PAIDÍN. — Ní headh, chuaidh sí síos an bóthar.



CAITLÍN. — Agus d'imthigh sí as do radharc.



PÁIDÍN. — Do chuaidh, mar bhí cor cam san mbóthar.



(Scairteann siad go léir arís.)



MÓR — An rud atá im' aigne chughat-sa, a Pháidín,
nach tú do bhain an geit asainn.



GEARRÓID — Ní hí an chéad uair í; acht éirigh
amach, a bhuachaillí, agus bainidh an díomhaointeas
d'bhur gcnámhaibh.



(Cuireann Gearróid na píobaí i gcóir; éirigheann na
buachaillí agus na cailíní amach ar an urlár. Téigheann
Caitlín a' rinnce le buachaill óg agus seasann siad go
díreach ós comhair doruis an tseomraidh 'n-a bhfuil an duine
uasal iasachta. Tagann Seaghán na Scuab amach, agus
seasann sé a' féachaint ar na rinnceóiribh. Nuair tá an
rinnce críochnuighthe tugann Caitlín fá ndeara é agus leig-
eann sí scread aiste.)



CAITLÍN. — A Mhór, a Mhór! féach, airiú! Seaghán!



MÓR. — Míle moladh le Dia! Dia bheatha agus
céad míle fáilte romhat a-bhaile dod' thigh féin a
thaisce.



(Ritheann Mór agus Caitlín suas chuige agus cuireann
siad araon a lámha timcheall air. Bailigheann na buachaillí
agus na cailíní isteach air chun fáilte do chur roimhe, cuid aca
ag gáiridhe agus cuid aca ag gol.)



SEAGHÁN. — Níor dheineas dearmhad ar mo gheall-
amhaint, a mháthair.



MÓR. — Níor dheinis, a chroidhe. Bhí 'fhios agam go
dtiocfá dá mbeitheá id' bheathaidh i n-éan-chor.


L. 47


GEARRÓID. — Dia bheatha a-bhaile chughainn arís, a
Sheagháin.



SEAGHÁN. — Go mairidh tú i bhfad, a Ghearróid, agus
cionnus tá tú? (Suidheann sé.)



GEARRÓID. — Mhaise, meadhónach. Ní'l éan-mhaith i
bheith ag gearráin.



CAITLÍN. — Agus an tusa an duine uasal,
a Sheagháin?



SEAGHÁN. — Is mé; fuaras an tsean-chulaith so
istigh agus chuireas orm é ar nós go gcuirfinn críoch
ceart leis an gcleas d'imreas oraibh.



MÓR. — Ba shuairc an mac tú i gcomhnuidhe, a
Sheagháin; acht táim fiche bliadhain níos óige ó tá tú
ag baile arís agam; acht níor dheinis iongantas ar
bith dhe go bhfuilmíd ins an tsean áit ar ais arís.
(Suidheann sí.)



SEAGHÁN. — Níor dheineas, mar is deacair iongan-
tas do chur orm anois; agus rud eile, tá 'fhios agam
le trí bliadhna go bhfuil Séamus Geanncach marbh.



IAD UILE. — Séamus Geanncach marbh! Cad deir
tú? Comraighe Dé chughainn, &rl.



MÓR — Agus tá Séamus marbh. Go ndeinidh Dia
trócaire air, cé gur dhein sé éagcóir mhór orm-sa.



SEAGHÁN. — Tá sé marbh, mar do chonnacas féin a
chorpán. Do báitheadh san tSionnain é.



GEARRÓID. — Acht ní fheadair cad do thug chomh
fada soin síos é. Bhí sé as a mheamhair is dócha. Acht,


L. 48


a Sheagháin, níor innis tu dhúinn cá raibh tú an fhaid do bhí
tú imthighthe. Is dócha gur shiubhail tú an domhan mór.



SEAGHÁN. — Níor chuadhas níos sia ná Luimneach.



IAD UILE. — Ná Luimneach an eadh? Chomh gairid
sin dúinn. A magadh tá sé, &rl.



GEARRÓID. — Agus cad é an gnó do bhí ar siubhal
agat annsoin, a Sheagháin?



SEAGHÁN. — Bhíos im' Mhaor ar an gCathair ar feadh
trí bliadhan.



(Sceartann siad go léir a' gáiridhe.)



IAD UILE. — A' magadh fúinn atá sé. Maor Luim-
nighe an eadh? Éist leis airiú! &rl.



SEAGHÁN. — Deamhan focal bréige ins an méid sin.



MÓR. — Ní bheidh deireadh le miorbúiltíbh go bráth,
agus cionnus ar éirigh sé go ndeineadh Maor díot-sa?



SEAGHÁN. — Neosaidh mise dhíbh an scéal anois
agus mo lámh díbh acht cuirfidh sé iongantas oraibh.



(Bailigheann siad isteach air ag éisteacht leis go haireach.)



SEAGHÁN. — An lá úd d'fágas an tigh thall trí bliadhna
ó shoin do chuaidh tusa agus Caitlín amach agus d'fhág
sibh mise istigh im' aonar 'nbhur ndiaidh.



CAITLÍN. — Cuimhnighim air sin go maith.



SEAGHÁN. — An fhaid do bhí sibh amuigh cia bhuailfeadh
isteach cugham acht Brighid Ní Mhoch Éirghe —



MÓR. — Brighid Ní Mhoch Éirghe! an bhean feasa.
Ní raibh éan-bhaint agat léithe, a Sheagháin.


L. 49


SEAGHÁN — Leig dam féin agus ná bí ag cur an
scéal trí n-a chéile orm. Do thug sé fa ndeara go
raibh buaidhirt éicint orm agus do tharraing sí amach
buidéilín do bhí n-a póca aici agus d'féach sí tríd.
Timcheall an taca soin do thuit muinntir Luimnighe
amach le n-a chéile mar gheall ar mhaoirseacht na
Cathrach agus bhí clampar mór ar siubhal ann. Do
léigh Brighid gach éan-rud amach fé mar do bheadh sí ag
féachaint air. Nuair bhíodar tuirseach de'n bhruighean
dheineadar réidhteach agus shocruigheadar go ndéan-
faidís Maor de'n chéad fhear a thiocfadh treasna
Droichead Tuadh Mhumhan chúcha ar maidin áirithe. Ba
mise an chéad fhear agus do deineadh Maor díom ar
an droichead mar bhí saoithe na Cathrach bailighthe ann
romham.



MÓR — Buidheachas mór le Dia acht féach é sin
anois.



CAITLÍN. — Agus a Thighearna Mhaoir cia an chiall
nár cuiris scéala chughainn?



SEAGHÁN. — B'éigin dam dearbhughadh ná cuirfinn
scéala a-bhaile go mbeadh mo théarma caitthe agam
ann.



GEARRÓID. — Agus i dtaoibh Shéamuis Gheanncaigh a
Sheagháin.



(Buaileann Séamus Geanncach isteach, agus seasann sé ag
éisteacht leo. Ní thugann éinne fá ndeara é.)



SEAGHÁN. — Ó seadh, an fhaid do bhíos ar an droichead
an mhaidin do deineadh Maor díom do tógadh fear


L. 50


báidhte as an abhainn. Do bhailigheamair go léir tim-
cheall air agus cia bhí ann acht Séamus Geanncach.



MÓR. — Acht cad do thug ann é ní fheadair?
B'uathbhásach an bás a fuair sé.



GEARRÓID. — Ní dhéanfaidh Séamus Geanncach an
iomarca díoghbhála dhíbh feasta.



SÉAMUS. — Ní dhéanfaidh, tá an fhírinne san méid
sin agat a Ghearróid



(Iompuigheann siad go léir a féachaint cia tá ann.)



MÓR. — A Thighearna na Trócaire! Féach! féach!
spriod Shéamuis Gheanncaigh!



(Glacann na cailiní scannradh. Ritheann siad annso agus
annsúd taobh thiar de sna buachaillibh. Preabann na fir 'n-a
seasamh agus féachainn siad le hiongantas ar Séamus.
Druideann Seaghán anonn chuige.)



SÉAMUS. — Ná bíodh scannradh ná faitchios ar bith
oraibh, mar ní spriod i n-éan-chor mé. Tháinig mé
anocht chun maitheamhnas d'fhagháil uait-se, a Mhór,
agus uait-se, a Sheagháin, mar gheall ar an éagcóir
do dheineas oraibh araon. Tá aithmhéala orm anois;
acht do dhíolas as go trom agus go géar, agus tá
aithrighe déanta agam. Bhíos i bpriosún le trí
bliadhna.



IAD GO LÉIR. — I bpriosún, i bpriosún le trí
bliadhna! Cionnus ar éirigh sé sin? &rl.



SEAGHÁN. — Agus cé'r bh'é an fear báidhte?



SÉAMUS. — Leig dam go fóil. Bhíos ag éisteacht
le Brighid Ní Mhoch Éirghe nuair do bhí sí ag caint leat


L. 51


an lá úd. Bhíos sanntach i gcomhnuidhe agus dubhras
liom féin go mbainfinn an tslighe dhíot. Chuadhas
amugha ar an mbóthar agus do gabadh mé mar gheall
ar dhuine éicint do mharbhughadh. Cuireadh ós comhair
an bhreithimh mé, acht ní fhéadfadh an coiste teacht ar
éan-fhocal. Cuireadh siar mé arís agus arís eile,
agus is baoghal liom go mbeinn caillte mara'dh gur
tháinig bean bheag chun fiadhnuise do thabhairt im' thaobh-
sa. Dearbhuigh sí go raibh aithint aici orm-sa agus ar
an marbhthóir go rabhmar an chosamhail le chéile, acht bhí
ordóg a choise deise caillte ag an marbhthóir agus
gur báitheadh san tSionnain é. Ní raibh níos mó ann.
Scaoileadh amach mé láithreach.



SEAGHÁN. — Agus cé'r bh'í an bhean bheag?



SÉAMUS. — Brighid Ní Mhoch Éirghe.



IAD GO LÉIR. — Brighid Ní Mhoch Éirghe.



(Tagann Brighid isteach.)



BRIGHID. — Cia tá 'trácht orm-sa annso? Seadh,
Séamus Geanncach. Agus Seaghán na Scuab ag baile
arís. Níor réidhtigh an baile mór leat is dócha. Acht
cad do thug annso tusa, a Shéamuis?



SÉAMUS. — Tháinig mé chun maitheamhnas d'fhagháil
ó Mhór agus ó Sheaghán annso.



MÓR. — Agus gheobhaidh tú é, a Shéamuis.



GEARRÓID. — Ní dhéanfainn dabht díot, a Mhór.



SEAGHÁN. — Seadh, agus tabhairfimíd an teach beag
thall agus an garradha dhó an fhaid a mhairfidh sé.


L. 52


SÉAMUS. — Níor thuilleas an méid sin — mo bhean-
nacht, má tá éan-mhaith ann, agus beannacht Dé oraibh
go léir.



(Imthigheann Séamus.)



BRIGHID. — Ní'l an iomarca mórchúise ag gabháil
do indiu. Acht innis dam a Sheagháin, bhfuil an gnó
caithte i n-áirde ar fad agat i Luimnigh?



SEAGHÁN. — A mbasa féin tá, fuaras mo dhaoithint
de agus bhíos ciaptha aca. Seadh ó thárla gur tháinig
mé slán a-bhaile ní bhainfidh mé a thuilleadh le salachar
na Cathrach. Ní'l éan-ghno ag duine macánta annsúd
mar tá gach éinne ann a'tochrais ar a cheirtlín féin —
fear annso a' féachaint cionnus a chuirfeadh sé fear
thall síos; fear eile a'féachaint cionnus a dhéanfadh
sé airgead go bog — masladh agus droch-aoide ar
siubhal ó mhaidin go hoidche. B'fheárr liom éan-lá
amháin ar thaoibh Cholláin ná céad bliadhain annsúd
agus ó tháinig mé saor as (Síneann sé amach a dhá
lámh do Chaitlín agus glacann sise iad), fanfaidh
mé annso le Cuaichín Bán an tSleibhe, an cailín ná
leigfeadh do rí Shasana coróin do chur ar a ceann, agus
caithfimíd saoghal sonasach i bhfochair a chéile ón lá so
amach.



BRAT ANUAS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services