Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litreacha Gaedhilge le hAghaidh an Aosa Óig
Title
Litreacha Gaedhilge le hAghaidh an Aosa Óig
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair,
Pen Name
Snag Breac
Composition Date
1905
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Dhomhnaill, a bhráthair riaghalta; a Thomáis, a bhráthair ghrádhaigh, agus c. A Sheagháin Stíobhart, a ridire onóraigh.
Do'n mhnaoi uasail. Eibhlín, Bean Sheagháin Uí Chonaill, i Sráid na hAbhann, 10, i gCorcaigh. Do'n Athair onóraigh, Seaghán Ua Conchubhair, S.P., 'san mBaile Nuadh, i gConntae Chorcaighe. Do Sheaghán uasal Mac Cárthaigh, i dTigh an tSean-bhaile, i Ráith Luirc.
Do'n Duine Uasal Tomás Ua Domhnaill, Ball de'n Chomhairle (or Comhairleoir) i dTigh na Comhairle, i Lunndain Do'n Mhnaoi Riaghalta onóraigh, An Mháthair Máire Pádraig, i dTigh Ban Riaghalta na Trócaire. Do'n Mhnaoi Riaghalta, Máire Doiminic. or, Do'n tSiuir Riaghalta, Máire Doiminic.
Tomás Ua Rinn, mise, is gur mór é mo mheas ort, Tomás Ua Rinn, Tá áthas orm admháil, a Thighearna Easbuigh, gur mise do sheirbhíseach umhal, dúthrachtach, Tomás Ua Rinn. Is bhreágh liom nach miste dham admháil, á dhuíne uasail, gur mise do sheirbhíseach umhal, grádhach, Tomás Ua Rinn.
LITREACHA GAEDHILGE. I. — PÁDRAIG UA CONCHUBHAIR AGUS A INGHEAN BRIGHID. (1.) Ó Árd an Aonaigh, 24, i gCionn Mara, i gConntae Chiarradhe, An tríomhadh lá fichead de Mhárta, 190-. A Bhrighid, a leinbh is a rúin, Do chuir an dochtúir scéala chugham i ndiu go bhfuil droch-shlaodán ort le trí seachtmhaine, agus go bhfuil eagla air go bhfuil obair na scoile ró-throm duit i mbhliadhna. Dá bhrígh sin is dóigh liom-sa is led' mháthair gur fearra dhuit teacht a bhaile is fanamhaint annso againn go ceann ráithe. Ná moilligh 'san tslighe, acht brostuigh chughainn. Le congnamh Dé cuirfidh aer na háite seo neart is fuinneamh ionnat agus ní fada fhanfaidh an slaodán gránna sain ort. Mo ghraidhin mo pháiste bocht, Mise, t'athair dílis, PÁDRAIG UA CONCHUBHAIR.
(2.) Ó Shráid na Manach, 65, i gCorcaigh, An ceathramhadh lá fichead de Mhárta, 190-. A Athair, a chroidhe, Fuaras do litir ar maidin i ndiu go díreach is mé ag dul amach chum na scoile. Go deimhin féin chuir sí iongnadh is áthas orm. Níor dheineas acht mo chuid leabhar do chur uaim is mé féin d'ullmhughadh i gcomhair an turais a bhaile. Bead ag fágaint Chorcaighe ar maidin i mbárach ar thraen a deich agus le congnamh Dé bead id' theannta timcheall a dó a chlog. A athair, a ghrádh ghil, is mór an meisneach a chuireann sé orm bheith ag cuimhneamh ort-sa is ar mo mháthair is a ghearracht go bhfeicfead sibh araon. Bí im' choinnibh ag an dtraen, ná dearmaid é anois. Mise t'inghean dhílis, BRIGHID NÍ CHONCHUBHAIR.
II. — MÍCHEÁL UA CAOIMH AGUS TOMÁS UA BRAOIN. (1.) Ó Árd an Teampuill, 31, i nGaillimh, An cúigeadh lá de Mhí na Samhna, 190-. A Thomáis, a chara, Thánag annso aréir is ní miste a rádh ná gur mé bhí go tuirseach, tnáithte ó m' thuras ar an dtraen. A leithéid de mhoill is do cuireadh orainn i Stáisiún Bhaile Átha Luain! Bhíomar ag feitheamh le traen éigin eile nár tháinig isteach i n-am. Is dócha gur stadamar i n-Áth Luain ar feadh dhá uair a chluig. Níor chuir an mhoill sin aon ghruam orm-sa, ámhthach, mar ná rabhas i n-Áth Luain riamh roimhe sin agus gur nuadhacht dam é d'fheicsint. Chuir radharc na Sionann iongnadh is áthas orm. Is breágh fairsing an abha í. Nach mór an truagh ná cuirtear a cuid uisce i bhfeidhm. Bhíomar ag Stáisiún na Gaillimhe ar a cúig a chlog. Tar éis dinnéir dam ghluaiseas amach agus siar liom an bóthar go Cnocán an tSalainn. Ó'n áit sin tá radharc breágh le fagháil ar an mBaoi agus geallaim duit gur bheag an tuirse d'fhan orm is mé ag faireadh luasctha na dtonn is an ghaoth aniar ag dul im' fhéithibh is ag cur meisnigh orm.
Mo chráidhteacht, is fiadhain neamh-thoramhail é an talamh i dtaobh thiar de Ghaillimh agus siar ar fad go Connamara. Ní fheadar 'on domhan cionnas a mhaireann na daoine bochta i n-aon-chor ann. Ní'l 'san talamh acht clocha ar fad. Ní féidir é threabhadh, ní féidir bráca do chur i n-eachrann ann. Bíonn na mná is na fir ag obair go dícheallach ó mhaidin go hoidhche ag iarraidh lón an lae do sholáthar dá líon tighe. Daoine deasa lághacha is eadh iad agus is aca atá an Ghaedhealg bhlasta. Ní aireochthá acht Gaedhealg ó óg is aosta ó'n mBeárnain go Connamara. Cuir litir chugham gan moill agus cibé scéal nuadh bheidh ar siubhal bíodh sé go cruinn agat dam. Ní fhágfad an áit seo go ceann mí. Abair le Donnchadh gléas iascaigh do chur chugham gan moill. Tá abha láimh liom go bhfuil iasc an domhain innte. Go gcoimeádaidh Dia gan máchail thú; sin í mo ghuidhe- se dhuit, MÍCHEÁL UA CAOIMH (2.) Ó Sráid na gCnoc, 23, I mBéil Feirste, An cúigeadh lá déag de mhí na Samhna, 190-. A Mhíchíl, a dhalta ghrádhmhair. An litir do chuiris chugham an lá fá dheireadh, fuaras í. Beidh an gléas iascaigh chughat gan moill. Tá cathughadh orm ámhthach, gur thagrais i n-aon-chor d'iascach mar cuireann sé uaigneas orm bheith ag
cuimhneamh ar chleas de'n tsaghas sain is gan é ar mo chumas bheith ag gabháil de. Acht b'fhéidir go mbeadh a mhalairt de scéal agam i gcionn ráithe. Ní'l amhras ná gur dícheallach críochnamhail iad lucht na cathrach so. Is ortha ná bíonn an leisce. Is iad a thugann aire dá ngnó féin. Agus tá a rian air is breágh seascair na tighthe atá aca. Acht 'n-a dhiaidh sin is uile do b'fheárr liom-sa bheith im' chomhnuidhe 'san dtuaith mar a bheadh abha iascmhar ag gabháil tar doras agam. Budh mhaith liom bheith ag féachaint ar ghorm-choilltibh ó mhaidin go hoidhche. Budh bhreágh liom radharc d'fhagháil anois is arís ar chnocaibh árda maiseamhla. Slán leat, a dhalta dhílis. Mise do chara, TOMÁS UA BRAOIN.
III. — NÓRA NÍ CHAOIMH AGUS CÁIT NÍ SHÚILLEABHÁIN. (1.) Ó Chnocán na gCaorach, i gCill Áirne, 2/3/1905. A Cháit, a chroidhe istigh, Fuaras do litir i ndé agus ní miste a rádh ná gur orm do bhí an t-áthas is scéala d'fhagháil uait. Bhíos ag faire ar fhear an phuist gach aon lá le mí d'fhéachaint an mbeadh aon nídh aige dham uait, agus nuair ná bíodh aon litir aige uait go deimhin is é shílinn gurbh amhlaidh a bhís breoidhte. Bheirim buidheachas do Dhia a mhalairt de scéal do bheith agat. Bhí Máire Ní Néill, deirbhshiúr mo mháthar, annso againn aréir agus bhí sí ag cur do thuairisce. Tá inghean léi le dul go Corcaigh an tseachtmhain seo chughainn d'fhonn bheith ag dul ar scoil ann. Máire Ní Chinneidigh is ainm di. Cailín lághach is eadh í gan aon amhras, agus is éachtach an mheabhair chinn atá aici, leis. Adeir gach aoinne ná beidh sí i bhfad ar scoil i gCorcaigh go mbeidh sí ullamh chum iarracht do thabhairt fá'n "scrúd-ughadh." Is dócha go bhfeicfir go minic i gCorcaigh í.
Budh mhaith liom-sa agus linn go léir go dtais- beainfeá na háiteanna is breághtha i gCorcaigh di. Caithin a thiocfair go Cill Áirne? Tá coinne leat ann- so le fada, Go neartuighidh Dia thú, a Cháit, a rúin, Mise do chara dhílis, NÓRA NÍ CHAOIMH. (2.) Ó Shráid na Mumhan, 21, I gCorcaigh, A Nóra, a mhaoin, Mhaise, mo ghraidhin thú, badh mhaith uait bheith ag cuimhneamh orm ar feadh na mí ar fad. Tá's agam gur cheart dam scríobadh chughat fadó riamh, acht is amhlaidh a bhíonn an iomad le déanamh agam i rith an lae, agus nuair a thagaim abhaile istoidhche tar éis oibre an lae, bím tuirseach, tnáithte agus dá bhrígh sin is ró-bheagh an fonn litreacha do scríobhadh a bhíonn orm. 'N-a dhiaidh sin is uile bím ag cuimhneamh ort gach lá bheireann orm, bím ag cuimhneamh ar an saoghal breágh bhíodh againn is sinn ag dul ar aon-scoil is gan aon nídh ag déanamh buaidheartha dhúinn. Tá a mhalairt de scéal annso agam. Ní'l duine muinnteardha im' aice do thiubhradh comhairle mo leasa dam. Ní'l compánach sultmhar agam do bhainfeadh an ghruaim díom. Dá bhrigh sin tá áthás ar mo chroidhe
go bhfuil Mháire Ní Chinneidigh le teacht go Corcaigh. Geallaim duit ná beidh aon uaigneas uirthi an fhaid is bhead-sa annso. Beidh saoghal maith againn araon le congnamh Dé. Tá a lán de radharcaibh breághtha le feic- sint mór-dtimcheall Chorcaighe acht ní chuirim aon tsuim ionnta mar gheall ar bheith im' aonar. Nuair a bheidh Máire im' fhochair chífeam iad go léir. A Nóra, a rúin, abair le d' mháthair agus le d' dheirbhshéithir, Sighle, go rabhas ag cur a dtuairisce. Gan gruaim le d' shaoghal ort, Mise do chara dhílis, CÁIT NÍ SHÚILLEABHÁIN.
IV. — ART UA BRIAIN AGUS MUIRIS UA FOGHLUDHA. (1.) Ó Shráid an Choimheascair, 84, I nDoire, An chéad lá de mhí na Lughnasa, 190-. A Mhuiris, a chroidhe, Féach mar a bhfuilim, is mé tinn, tuirseach ó'n mbóthar. Ní'l acht naoi laetheanta ó fhágas Sligeach agus do shiubhlas gach troigh de'n bhóthar as sain go Doire. Do ghabhas tré Dhún na nGall is tré na Ceallaibh Beaga is as sain go Gleann Choluim Cille. Ó Ghleann Choluim Cille do bhuaileas soir go hÁrd an Rátha is as sain go dtí na Gleannta. Ós na Gleanntaibh do bhuaileas an comhgar go Dún Ghleo is as sain trasna na tíre liom go Gaoth Dóir. Siúd chum siubhail mé ó Ghaoth Dóir go Dún Feannchaidh is as sain go Crioslach, go Cill Mic Neinin is go Leitir Cheanainn. Ó Leitir Cheanainn do shiubhlas ar mo shuaimhneas go Doire. Bhí an uain breagh, tirim. Níor thuit braon fearth- anna ar feadh na haimsire ar fad. Is ar éigean d'fhan scamall 'san spéir. Acht 'n-a dhiaidh sin ní raibh sé ró-bhrothallach. Budh bhreágh leat bheith ag féachaint
ar chnocaibh Chonntae Dhún na nGall agus an ghrian ag taithneamh ortha. Acht ní fhaca aon radharc i nÉirinn chómh breágh le Sliabh Liag, atá 'n-a sheasamh go díreach ós cionn na mara taobh leis an gCarraig timcheall deich míle ar an dtaobh thiar de na Ceallaibh Beaga. D'fhanas ar feadh uaire an chluig ag féachaint air; ní fhéadfainn mo shúile do bhaint de ar feadh na haimsire sin, agus ní imtheochaidh a chuimhne as mo mheabhair go bhráth. Ar feadh na slighe ar fad bhínn ag tabhairt na ndaoine fá ndeara — an treo beathadh bhí ortha, a nósa is a mbéasa. Agus is é mo mheas gur daoine lághacha, deagh-mhúinte atá le fagháil ins gach aon bhall i gConntae Dhún na nGall is i nDoire. Daoine fiala soilbhire, is eadh iad, agus badh mhór an caitheamh aim- sire dham bheith ag comhrádh leo i nGaedhilg. Cé go bhfuil- im cortha ó'n mbóthar níor mhiste liom gach uile throigh de'n tslighe do shiubhal tar n-ais go Sligeach, acht ní'l aon dul agam ar an éacht sain do dhéanamh. Fuaras litir ó m'athair ar maidin indiu. Tá sé gan bheith ar fóghnamh agus athchrann sé orm gan moill do dhéanamh acht brostughadh chuige. Slán leat, a Mhuiris Mise do chara dhílis, dhúthrachtach, ART UA BRIAIN.
(2.) Ó Árd an Tobair, 16, i dTuama, i gConntae na Gaillimhe. A Airt, a rúin, Fuaras do litir i ndé agus ní miste dham a rádh ná gur léigheas le háthas í. Tá cathughadh orm, ámhthach, go bhfuil t'athair gan bheith ar fóghnamh, agus tá súil agam gur geárr go mbeidh sé 'n-a shláinte arís. Is mór an truagh ná rabhas i n-aoinfheacht leat is tú ag gabháil tré Chonntae Dhún na nGall. Budh bhreágh liom bheith ag féachaint ar Shliabh Liag agus radharc d'fhagháil ar Ghaoth Dóir is ar Leitir Cheanainn. Bead ag dul go Baile Átha Cliath an tseachtmhain seo chughainn, agus tiubhrad cuaird ort le congnamh Dé. Tháinig Eoghan, mo dhearbhráthair, a bhaile chughainn ó Lunndain an lá fá dheireadh. Bhí sé deich mbliadhna i Lunndain agus cé go bhfuil mórán dá dhaoinibh muinn- teardha thall 'n-a dhiaidh ní miste a rádh ná go bhfuil sé cortha de'n áit, agus gur fada arís go dtiubhraidh sé turas air. Bhuail duine muinnteardha dhuit umam dia Máirt seo d'imthigh tarainn is mé ag dul go Gaillimh. Cia hé féin, an dóigh leat? Tadhg Ua Gealbháin, agus is é atá go láidir calma. Dubhairt sé liom go mbeadh sé féin agus Éamonn, a dhearbhráthair, ag dul go hAmerica
'san bhfóghmhar chum cuaird da thabhairt ar a ngaol- taibh atá 'n-a gcomhnuidhe i mBostún is i Siceágó. Tá súil aige go mbeid tar n-ais i nÉirinn roimh Nodlaig. Ní'lim ag déanamh aon nídh mar seo acht ag tabhairt aire dom' mháthair. Tá sí 'n-a luighe le seachtmhain, agus tá eagla orm ná beidh aon mhaith innte go ceann a bhfad. Adeir an dochtúir, ámhthach, ná fuil aon bhaoghal báis uirthi an turas so. Go bhfágaidh Dia suas tú is nára fada go bhfeicfead arís tú. Mise, do chara ghrádhach. MUIRIS UA FOGHLUDHA.
V. — EIBHLÍN NÍ LAOGHAIRE AGUS A BEIRT MHAC, CONALL AGUS CORMAC. (1.) Ó Shráid na gCuradh, 84, i mBaile Átha Cliath, A mháthair, a chogair, Nach iongantach an scéal é ná fuaras aon litir uait le seachtmhain. Is dóigh liom go mbíonn faid bhliadhna 'san ló nuair ná tagann aon tuairisc uait! Ní'l acht fiche lá ó i ndiu go dtí go mbeam ag dul a bhaile. Bím ag comhaireamh na laetheanta, agus fiú na n-uair a chluig. Dálta Chormaic, bíonn sé ag gol leis an uaigneas gach aon mhaidean ná feiceann sé litir uait. A mháthair, a ghrádh ghil, ná dearmaid scríobhadh chughainn gach aon lá as so go dtí go mbeam ag dul a bhaile. Tabhair cunntas dúinn ar gach nídh bhaineann leat féin is lem' athair agus le Siobhán is le Brighid. Ar tháinig Brighid a bhaile fós chughaibh ó Luimneach? Abair léi an pheictiuir bhreágh fuair sí mar dhuais do chur chugham go bhfeicead í, agus nach baoghal ná go gcuirfead tar n-ais arís chuichi í. Fiafruigh de Shiobhán an bhfuair sí an leabhrán do chuireas chuichi arughadh i ndé. Tá peictiuir ar scoile- na ann agus tá sí go hálainn ar fad. Ní bheidh aon
scoil againn i mbárach mar atá slaodán ar an máighistir, agus dá bhrígh sin ní bheidh aon nídh agam-sa agus ag Cormac le déanamh acht bheith ag imirt bháire i bpáirc an Fhionn-uisce ó mhaidin go hoidhche. A mháthair, a chroidhe istigh, bíodh mo chapaillín go reamhar láidir agaibh rómham 'nuair raghad a bhaile. Beidh saoghal breágh agam féin is ag Cormach ag mar- caidheacht dúinn féin ar fuaid na mbán, agus ag dul go Luimneach go minic, ar sodar. Caithfead an litir seo do chríochnughadh anois mar go bhfuil Cormac amuigh agus liathróid aige agus gach aon ghlaodh aige orm. Go mbuanuighidh Dia thú, a mháthair, sin í mo ghuidhe dhuit is daoibh go léir. Mise, do mhac fíor-ghrádhach, CONALL UA LAOGHAIRE. (2.) Ó Árd na Gréine, le hais Tobair Pádraig, i gConntae Luimnigh, A Chonaill is a Chormaic, a leanbhaidhe mo chléibh, Is ró-gheárr anois go mbheidh sibh ag teacht a bhaile chugham agus dá bhrígh sin ní ceart daoibh brón ná uaigneas do bheith oraibh. Ná fuiltí araon i bhfochair a chéile, agus gur iomdha páiste bocht ar scoil i bhfad ó bhaile gan dearbhráthair gan leanbh muinnteradha 'n-a fhochair chum meisneach do chur air. Táimíd go léir go
maith 'sa bhaile, buidheachas le Dia, agus beidh gach nídh ullamh againn rómhaibh. Tháinigh Brighid a bhaile i ndé agus is í atá go láidir cumasach, Dia dá beannachadh. Adeir sí go raghaidh sí 'n-bhar gcoinnibh an lá bheidh sibh ag teacht a bhaile. Beidh an capaillín go breágh lúthmhar rómhaibh, ná bíodh eagla oraibh; budh dóigh le duine ná fuil aon chúram eile ar Shiobhán acht bheith ag tabhairt aire dhó, tá sí chómh ceanamhail sin air. Tá gadhairín deas bán ag Brighid do fuair sí ó dhuine muinnteardha i Luimneach, agus tá cion againn go léir air. 'Sé an t-ainm atá air ná Bran, ainm ghadhair Finn Mhic Chumhail. Ní maith léi dul tar táirsigh gan Bran le n-a cois, agus go deimhin ní fhéadfadh sí dul i n-aon bhall i gan-fhios dó. Bhí ceol is aoibhneas againn aréir i bhfad isteach, san oidhche. Bhí mo bheirt dearbhráthar, Tomás is Domhnall 'n-ar bhfochair. Thángadar ó'n gcathair um thráthnóna agus ní leigfimís dóibh dul a bhaile go maidin. Is breágh an sás amhráin do thabhairt uaithe Siobhán so againn- ne. Is aici atá an guth breágh. A Chormaic, a laogh, is mór an náire dhuit beith ag gol. Nach geárr anois go bhfeicfeam go léir arís thú? A Chonaill, dar ndóigh bhéarair nuadhacht éigin chum Siobhán mar gheall ar an cion atá aici ar do chapaillín. Beidh sí ag bhrath ar rud éigin uait ar aon tslighe. Go mbuanighidh Dia mo pháistidhe dílse, Sin guidhe a máthar, EIBHLÍN NÍ LAOGHAIRE.
VI. — ÉAMONN FEIRITÉIR AGUS CATHAL DE BÚRC. (1.) Ó Bhaile an Feirtéirigh, i gCiarraidhe, An dara lá de'n Mhitheamh, 190-. A Chathail, a chara, D'iarr mo mháthair orm scríobhadh chughat, d'fhéachaint an dtiocfá chughainn ar feadh seachtmhaine nó dhó 'san tsamhradh. Adeir sí go bhfuilir ag obair ró-dhian is gur mithid duit sos do bhéith agat, agus ná fuil aon áit i nÉirinn do b'fheárr leat bheith ann ná Baile an Fheirtéirigh. Bíonn ceol is aoibhneas is caitheamh aimsire againn 'san tsamhradh. Bíonn a lán daoine annso ó Bhaile Átha Cliath is ó áiteannaibh eile i nÉirinn is ó Lunndain ag foghluim Ghaedhilge ó bhéal na ndaoine. Tá fhios againn go léir go bhfuil grádh agat-sa do theangain ar sinsir agus gur mhaith leat bheith ag labhairt na Gaedhilge ó mhaidin go hoidhche dá mbeadh daoine id' chomhluadar do labharfadh leat í. Féadfam araon dul gach aon lá ar na Failltibh agus raghaidh Tadhg Ua Riain i n-aoinfheacht linn. Ní'l áit i nÉirinn níos folláine 'ná bárr an chnuic ós cionn Chuain na dTrí bPoll.
Adubhairt mo mháthair liom, leis, a fhiafraighe dhíot ar mhaith leat capall is carr do bheith agat d'fhonn bheith ag aeraidheacht gach aon tráthnóna le hais na fairrge. Budh mhaith linn dá dtagadh Feargus id' fhochair. Ní fuláir do'n mbuachaill mbocht bheith leath-mharbh ó bheith ag léigheamh leabhar is ag scríobhadh is ag macht- namh gan sos gan suaimhneas. Is iongantach mar d'imthigh na filidhe as an saoghal. Tá eagla orm gur fada arís go mbeidh leithéid Phiarais Feritéir againn. File binn blasta do b'eadh é agus cé go bhfuil dhá chéad go leith bliadhan ó cuireadh chum báis i gCill Áirne é, tá cuid dá ráidhtibh i mbéal na ndaoine fós. Is minic a bhíd ag trácht is ag eachtraidhe air. Tá a shloinne go raidhseamhail fós ar fuaid na mball so. Budh mhaith lem' mháthair go dtiubhrthá "Dánta Phiarais" leat d'fhonn go léighfeá cuid aca dí. Tá árd-dhúil i bhfílidheacht aici agus is éachtach an méid amhrán atá de ghlan-mheabhair aici. Teidhim-se go dtí an Daingean gach aon lá anois. Acht tá súil agam go mbeidh mo ghnó críochnuighthe agam ann i gcíonn mí ó indiu. 'Seadh anois, airighimís scéala maithe uait gan moill. Beidh coinne ag mo mháthair is againn go léir leat. Mise, do chara dhílis, ÉAMONN FEIRITÉIR.
(2.) Ó Shráid Chiarraidhe, 74, i gCorcaigh, An seachtmhadh lá de'n Mhitheamh, 190-. A Éamuinn, a rúin, Is álainn do thaithnigh do litir mhuinnteardha chneasta liom, agus gan amhrus is me atá go buidheach de d' mháthair ghrádhaigh is díot-sa féin i dtaoibh bhar bhféile is bhar deagh-chroidhe. Is orm-sa is ar Fheargus a bheidh an t-áthas ag bualadh chughaibh i dtosach mí na Lughnasa. Tá fhios againn go maith nach miste dhúinn dánaidheacht do dhéanamh ar do mháthair, mar nach dócha go bhfuil a leithéid de mhnaoi le fagháil i nÉirinn ar fhéile is ar fhairsinge. Is fíor do d' mháthair gur mithid dam féin is d' Fheargus sos do bheith againn ó obair is ó fhoghluim. Tá sláinte mhaith agam féin, buidheachas le Dia, acht tá an aire a thugann sé dá leabhraibh ag lomadh na gcnámh ag Feargus bhocht. Bím-se 'gá rádh leis i gcomhnuidhe go dtiubhraidh sé luigheachán do féin le neart dian-mhachtnaimh. Ní'l buachaill dá aois i gCorcaigh go bhfuil an oiread fuinn léighte air is tá ar Fheargus. Ní'l amhras ná go gcuirfidh radharc na fairrge is na ngorm-chnoc meisneach air agus go dtiocfaidh neart is sláinte chuige i mBaile
an Fheirtéirigh. Badh ghnáth le muinntir Fheiritéir bheith go fial, fáilteach. Ní raibh aon teora le Piaras féin le féile is le deagh-chroidhe. Bhéarad "Dánta Phiarais" liom cé nach gábhadh dham é mar go bhfuil na Dánta go léir de ghlan-mheabhair agam. Go mbuanuighidh Dia do mháthair agus sibh go léir. Mise do chara dhílis, CATHAL DE BÚRC.
VII. — SIOBHÁN NÍ LUINNSIGH AGUS SORCHA NÍ MHATHGHAMHNA. (1.) Ó Bhaile Bhoirne, i gConntae Chorcaighe, An deicheamhadh lá d'Abrán, 190-. A Shorcha, a chroidhe istigh, An litir do chuiris chum Máire Ní Néill i ndé, thug sí dham le léigheamh í. De réir gach aon deallraimh tá saoghal breágh 'sa chathair agat féin is ag Sighle. Nach deas an rud bheith ag dul ar chormaibh ceoil go minic is bheith ag éisteacht leis na hamhránaidhthibh is feárr cáil 'san ndúthaigh, is leis na ceoltóiridhibh is breághtha le fagháil. Is dóigh liom ná tiocfadh aon chodladh go deo orm dá mbeinn ag éisteacht le ceol aoibhinn. Acht, an airighir, ní'l an scéal chómh dona sain annso againn is mar cheapann tú. Bíonn scoraidheacht againn go minic, agus ní miste a rádh, ná gur álainn an caitheamh aimsire bhíonn ag an aos óg ann. Budh bhreágh leat bheith ag éisteacht leis na scéaltaibh fiannaidheachta bhíonn dá n-aithris dúinn ag Tomás Ua Cróinín. Is feárr liom féin amhráin, ámhthach, ná scéalta fiannaidheachta, agus is aoibhinn an t-amhrán- uidhe Máire Ní Néill. Ní mór ná go gcuirfeadh sí éanlaithe an aeir do chodladh i lár an lae. Dubhairt
Máire liom go mbeifeá ag teacht abhaile chughainn 'san bhfóghmhar agus Caitlín Ní Bhuachalla id' fhochair. Is feárr an geimhreadh chum caitheamh aimsire ná an fóghmhar. 'San bhfóghmhar bíonn gach aoinne ag obair go dicheallach, bíonn na hoidhcheanta ró-ghairid is gach aoinne tuirseach tnáithte tar éis saothair an lae. Acht 'n-á dhiaidh sin is uile ní bheidh aon uaigneas annso ort. Tá beirt nó triúr de chailínidhibh eile ag teacht a bhaile 'san am chéadna. Tá Máire Ní Dhonnchadha ó Árd an Bhóthair chum turas do thubhairt orainn um Lughnasa. Tá coinne le beirt inghin Dhomhnaill Uí Luinnsigh seachtmhain ó indiu agus airighim go bhfanfaid 'sa bhaile ar feadh dhá mhí. Acht is dócha ná beidh aon bhlas agat-sa ar an dtuaith tar éis taithighe na cathrach. Mo chreach, mhaise, is deacair locht d'fhagháil ar an dtuaith, agus go mór- mhór ar Bhaile Bhoirne. Cibé áit de'n domhan 'n-a mbeinn im' chomhnuidhe is é cheapfainn ná faghainn mo shláinte muna bhféadfainn bheith i mBaile Bhoirne Domhnach Cinncíse. Cuireann sé áthas ar mo chroidhe bheith ag féachaint ar an sluagh mór daoine ó'n dtuaith mór-dtimcheall bhíonn cruinnighthe ann an lá sain. Is breágh liom bheith ag siubhal 'n-a measc is ag éisteacht le n-a gcómhradh. Is binn blasta an Ghaedhealg a thagann 'n-a srothaibh as a mbéalaibh. Go neartuighidh Dia thú, a rúin mo chléibh. Mise, do chara dhílis, SIOBHÁN NÍ LUINNSIGH.
Ó Shráid Phádraig, 849, i gCorcaigh, An tríomhadh lá déag d'Abrán, 190-. A Shiobhán, a mhúirnín, Badh mhaith uait cuimhneamh orm, is an litir dheas sain do chur chugham. Badh mhaith an mhaise do Mháire Ní Néill mo litir do thabhairt duit le léigheamh. Ní maoidhte orainn an saoghal atá againn annso. Is fíor go bhfuil neart agam dul ar chormaibh ceoil agus go bhfuil amhránuidhthe breághtha le cloisint i gCorcaigh, is gur breágh le Sighle bheith ag éisteacht le ceol is le hamhránaidheacht. Ní chuirim-se mórán spéise, ámhthach, 'sna néithibh sin. B'fheárr liom scéal deas greannmhar do léigheamh go seascair cois na teineadh dham féin istoidhche' na bheith ag dul ar chormaibh ceoil. Acht ní shásóchadh aon nídh Sighle gan ceol is amhráintidhe, agus dá bhrígh sin caithim-se dul 'n-a fochair. Bhí lá saoire againn dia Luain agus chuadhamar araon ar an gcuan i mbád seoil. Bhí án lá go breágh tirim, acht 'n-a dhiaidh sin bhí gaoth ghéar láidir ag séideadh a dtuaidh agus ní miste a rádh ná go bhfuair ar mbád luascadh. Bhí teinneas fairrge ar Shighle bhoicht ar feadh na haimsire ar fad agus geallaim duit gur bheag an dúil do bhí i n-amhráintidhibh aici. Níor stadamar gur shroicheamar Bun an Tabhairne.
Chuadhamar i dtír annsain agus do bhuail Maire Ní Shúilleabháin umainn agus do ghluaiseamar a dtriúr fá dhéin thrágha na fairrge. Bhí radharc álainn le feicsint ó chnocán atá díreach ar bhruach na fairrge. Bhí an ghrian ag taithneamh go lonnrach agus badh bhreágh maiseamhail é féachaint an chuain is na céadta bád fá sheol ann, is dhá luing chóracha fá lán-tseol ag déanamh isteach orainn ó'n bhfairrge. Ní dócha go bhfuil cuan 'san domhan chómh hálainn le Cuan Chorcaighe, agus is ró-dheas é féachaint na n-aol- bhrugh 'n-a thimcheall le taithneamh na gréine. D'fhanas féin uair an chluig ag féachaint ar an dtír is ar an fhairrge is go mór-mhór ar an gcuan — ar a bhádaibh is ar na bailtibh aolmhara atá go seascair clúduighthe ar gach taobh de. Acht níor fhan Sighle ná Máire Ní Shúilleabháin liom. Agus seo mé 'n-a ndiaidh ar saothar. Bhí an ghaoth 'n-ar gcoinnibh is sinn ag dul a bhaile, is níor shroicheamar Corcaigh go dtí a seacht a chlog. Ní'l amhras ná go rabhamar go léir sásta le n-ar dturas. Abair le hEibhlín go bhfuil scéal nuadh éigin agam di nuair a thiocfaidh sí go Corcaigh. Slán leat, a Shiobhán, a chroidhe istigh. Tá Sighle ag cur do thuairisce, leis. Mise do chara ionmhuin, SORCHA NÍ MHATHGHAMHNA.
VIII. — GOBNAIT NÍ CHURRÁIN AGUS MAIGHRÉAD NÍ CHEALLAIGH. (1.) Ó Árd na Croise, i gCathair Saidhbhín, i gConntae Chiarraidhe, An cúigeadh lá fichead de mhí na Bealtaine, 190-. A Mhaighréad, a mhaoin, Tá fhios agam go maith go bhfuil fearg ort chugham agus is beag an iongnadh sain. Is fíor gur gheallas go gcuirfinn litir chughat gach aon tSatharn 'san mbliadhain. Acht féach anois go bhfuil mí ó scríobhas chughat. "Ní leigfeadh an leisce dham scríobhadh chughat." An é sin do mheas orm dá ríribh? Má 's é, mhaise, ní meas ceart é. Mar is orm-sa ná fuil an leisce. "Cad é an chúis nár scríobhais mar sin?" 'Seadh, ó's dá innsint duit é, bhíos ró-bhroideamhail. Bhíomar ag cur neithe i gcóir le haghaidh na Feise Ar feadh trí seachtmhaine roimh an bhFeis bhíos ag obair an feadh an lae ar fad, geall leis, agus go deich a chlog 'san oidhche. An t-aonmhadh lá déag de mhí na Bealtaine b'é céad lá na Feise é. Bhí an uain go breágh, bog, cneasta, gan gaoth, gan puinn fearthanna. B'éachtach a raibh de dhaoinibh 'san Chathair an lá sain. Bhí daoine ann ó Bhaile Átha Cliath, ó Chorcaigh, ó Dhoire, is ó Lunndain. Thángadar 'n-a sluaightibh ó'n
nDaingean. Agus go deimhin féin is deas blasta na cainnteoridhe iad muinntear an Daingin is Bhaile an Fheirtéirigh. Do ghluais lucht na tuaithe chughainn ó Chathair Dhomhnaill, ó Dhoire Fhionáin, ó Chill Orglain, agus níor shos do mhuinntir Chille hÁirne é. Geallaim duit gur bheag an t-uaigneas do bhí orainn ar feadh an lae. Bhí óráideacha againn, bhí amhráin bhreághtha, bhinne againn; bhí ceol is rinnce tar bárr againn. Istoidhche bhí an Tobar Draoidheachta ar an ardán againn agus geállaim-se dhuit go raibh gach aoinne sásta leis. Bhí Domhnall Dall agus Eibhlín go hálainn ar fad, agus níor shos do Nuala é. Do leanadh de'n bhFeis lá 'r n-a bhárach, agus má leanadh is amhlaidh do bhí feabhas ar gach aon nídh. D'fhan a lán de na deoraidhthibh i gCathair Saidhbhín ar feadh lae nó dhó i ndiadh na Feise. Slán leat, a chroidhe istigh. Mise do chara dhílis, GOBNAIT NÍ CHURRÁIN. (2.) Ó Shráid na Mart, 90, i nGlascú, An chéad lá de'n Mhitheamh, 190-. A Ghobnait, a rúin, Ní miste a rádh ná go rabhas ar buile chughat. B'olc an mhaise dhuit mé d'fhágaint chómh fada sain gan litir do chur chugham. Acht gabhaim do leith-scéal an
turas so mar gheall ar obair mhóir na Feise bhí mar chúram ort. Is breágh liom go raibh an oiread sain daoine ar an bhFeis is go raibh gach aon nídh ar feabhas agaibh. Tá súil agam go mbead féin ag an gcéad bhFeis eile. Cé go bhfuil a lán de chlainn na hÉireann 'san gcathair seo tagann tocht uaignis orm go minic. Ní bhíonn leigheas agam air. Bíonn sean-aimsearacht ag rith im' aigneadh. Bím ag cuimhneamh ort-sa is ar Mháire Ní Dhonnchadha is ar Bhrighid Ní Cheallaigh, is ar an sult is an scléip do bhíodh againn i bhfochair a chéile. Ní mar a chéile bheith annso is bheith 'sa bhaile i n-Íbh Ráthach. Is fada uaidh é. Annso bíonn broid is deabhadh ar gach aoinne ar feadh an lae agus i bhfad isteach 'san oidhche. Ní bhíonn uain ag daoinibh chum suidhe is cómhrádh milis cneasta do bheith aca le chéile. Is dóigh liom féin go mbeadh an scéal chómh maith aca agus gan an oiread sain deabhaidh do bheith ortha. Fothram na sráideann ní mór ná gur bhris sé an croidhe ionnam i dtosach sul a raibh taithighe agam air. Le congnamh Dé ní fada go mbead ag dul a bhaile. Beidh neart agam fanamhaint i n-Íbh Ráthach ar feadh coicighís nó mar sin. Tá súil agam go mbeir 'sa bhaile an uair sin agus ná fágfair aon uaigneas orm. Slán leat, a Ghobnait, a mhaoin, go mbuanuighidh Dia thú, is go rabhair id' shaoghal is id' shláinte rómham. Mise do chara ionmhuin. MAIGHRÉAD NÍ CHEALLAIGH.
IX. — DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH AGUS TADHG CÉITINN. (1.) Ó Árd Choluim, i gConntae an Chláir, An ficheamhadh lá d' Iúl, 190-. A Thaidhg, a chara, Is fada ná faca thú agus is ró-fhada ná fuaras litir uait. Bhí coinne agam leat dia Domhnaigh seo d' imthigh tarainn. Chuadhas anonn go dtí an stáisiún ar maidin an lae sin d'fhéachaint an mbeifeá ag teacht ar an dtraen agus dar ndóigh ní rabhais. Nuair do bhíos ag teacht a bhaile do bhuail Pádraig Ua Caoimh umam ag an gcrois is é ag dul go Cill Chaidhe. Téanam ort go Cill Chaidhe ar seisean, beidh an lá go breágh agus raghaidh an turas chum suime dhuit. Bhí capall mear lúthmhar is carr aige. 'Seadh, isteach 'san gcarr liom de phreib is as go bráth linn go Cill Chaidhe. Geallaim duit ná rabhamar i bhfad ar an mbóthar. Is maith an sás "an Racaire" chum sodar do dhéanamh. 'Nuair shroicheamar Cill Chaidhe bhí sé a dó a chlog díreach. Bhí sluagh daoine ar an dtráigh ag siubhal síos suas dóibh féin agus an taoide ag borradh is ag léimrigh isteach chucha go tréan. Bhí neart iongantach 'san ngaoith agus dá bhrígh sin bhí an fhairrge go fiadhain,
borb, cubhramhail. Is beag ná tógfadh an t-aer duine ó leabaidh á bháis bhí sé chómh tréan sain. Is éachtach an sluagh daoine bhí ar an dtráigh nó ag siubhal ar na failltibh nó 'n-a suidhe ar a suaimhneas ar na carraigeachaibh is ag faireadh na taoide. Bhí daoine ó gach aon áird ann — ó Bhaile Átha Cliath, ó Lunndain, ó Libherpúl, ó Bhostún, ó Pháris. De réir deallraimh bhíodar go léir sásta le n-a dturas. Do bhuail Tomás Ua Rinn ó Chorcaigh umainn agus buachaill de mhuinntir Néill i n-aoinfheacht leis. Tá siad i gCill Chaidhe ó thosach na mí agus is maith an teist a thugaid ar an áit. Adubhairt Tomás liom go dtiocfadh sé ann gach uile bhliadhain. Bíonn sé ag dul ar scoil i gCorcaigh agus is geárr an mhoill air leathanach Laidne do léigheamh is d'aistriughadh. Caithin a bheir ag teacht a bhaile chughainn? Is mór an truagh ná rabhais 'n-ar bhfochair Dia Domhnaigh bheadh árd-shult againn. I gCill Chaidhe téid lucht iascaigh ar an bhfairrge i naomhógaibh beaga éadtroma. Téid amach istoidhche agus is minic a bhíd ar dhruim na bóchna go dtí ceathair a chlog ar maidin. Chonnac buidhean díobh ag teacht chum cuain 'nuair a bhíos ann cheana mí o shoin, agus ní raibh acht cúpla héic aca de bhárr a saóthar. Go deimhin féin ní fheadas cionnas a mhaireann siad. Acht is dócha ná bíonn an scéal chómh dona sain i gcomhnuidhe aca. Fir láidre acfuinneacha is eadh iad, agus is mór an truagh gan treo níos feárr ortha chum iascaigh. Nuair thiocfair a bhaile ragham araon go Cill
Chaidhe agus fanfam ann ar feadh mí agus geallaim duit go raghaidh an sáile agus an leoithne aniar agus an snámh chum suime dhúinn. Má thiocfair liom ragham araon amach 'sna naomh- ógaibh ag iascaireacht. Caithfidh duine nó beirt de'n lucht iascaigh bheith i n-aoinfheacht linn chum an naomhóg do ghléas is do cheartughadh dhúinn is chum meisneach do chur orainn. Tá mo mháthair ag glaodhach orm chum mé chur ar theachtaireacht agus dá bhrígh sin ní fhéadfad a thuilleadh a rádh leat 'san litir seo. Slán is fiche leat, Ó d' chara dhilis, DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH. (2.) Ó Shráid an Choláiste, 400. i mBaile Átha Cliath, An tríomhadh lá fichead d' Iul, A Dhomhnaill, a chara, Fuaras do litir i ndé; bhí sí rómham nuair a thánag a bhaile ó Bhrí mar a rabhas ar feadh an lae ar fad. Ní'l amhras ná gur fiadhaine an fhairrge atá i gCill Chaidhe ná mar tá i mBrí, is gur mó tulcaidhe móra atá ag teacht chum trágha ann. Acht 'n-a dhiaidh sin is uile is deise an áit Brí ná Cill Chaidhe.
Go deimhin ní dóigh liom go bhfuil baile mór i nÉirinn chómh hálainn le Brí — an mhuir dheas chneasta ós do chomhair amach, na cnuic bhreághtha, spéireamhla ar do láimh dheis is i dtaobh thiar díot, na bailte deasa seascara ar gach taobh díot. Im' dhálta-sa féin do mhairfinn go deo ag féachaint ar an mhín-fhairrge sin ag trághadh is ag líonadh, ag borradh is ag briseadh, ag rith is ag leathadh. Tá ionad álainn spaisteoireachta ar bhruach na mara agus leithéid d'aoibhneas is bheith ag rástáil ann um thráthnóna tar éis oibre an lae, is an taoide ag borradh isteach chughat is leoithne ó's na cnocaibh ag cur meisnigh ort. Acht is dócha nach aon nuadhacht duit-se trácht ar fhairrgidhibh ná ar ghaothaibh. Dia Céadaoin seo d'imthigh tarainn chuadhas féin agus Muiris Ua Ceallaigh go Gleann Dá Locha. Bhí an lá go breágh tirim aerach. Ní raibh scamall 'san spéir, is ar éigean a bhí leoithne gaoithe ann. D'fhanamar ann ar feadh trí huaire an chluig, ag machtnamh is ag smuaineamh. Go deimhin ní mór ná go gcuirfeadh uaigneas na háite eagla ar dhuine, Bhíomar ag cuimhneamh ar na naomhaibh is na scoláiridhibh do bhíodh 'n-a gcomhnuidhe ann fádó, ar an obair a ghnídís is ar neithibh de'n tsaghas sain. Mó chráidhteacht, is mór idir an Gleann dorcha uaigneach sain is Baile Átha Cliath mar a mbíonn fothram tramann is cóistidhe ó mhaidin go lár na hoidhche. Is dóigh liom féin gur fusa go mór do dhuine deagh-mhachtnamh do dhéanamh ar chúrsaidhibh an tsaoghail i n-áit chiuin uaignigh mar an Gleann 'ná i
gcroidhe-lár chathrach mar Bhaile Átha Cliath. Acht féach gur feárr le daoinibh bheith 'n-a gcomhnuidhe 'sna cathrachaibh 'ná i gciuineas na tuaithe. Ní hé sin mo dhálta-sa, ámhthach. Is fada liom go mbead ag dul a bhaile go Conntae an Chláir, mar a bhfeicfad an drúcht breágh bog ar maidin ar lomraidhibh an fhéir is mar a mbeidh luascadh na dtonn de shíor im' chluasaibh. Tá súil agam go bhfuilir ag dul chum cinn go maith le d' ghnó, agus go mbeam araon i gCill Chaidhe sul a fada. Fuaras litir ó Shiobhán, mo dheirbhshiúr, seacht- mhain ó shoin; tá sí ag obair go dian. Tiocfaidh sí go Baile Átha Cliath i gcionn tamaill agus fanfaidh sí seachtmhain im' fhochair. Cionnas atá do dhearbhráthair Pádraig, is fada anois ná fuaras scéala uaidh. Abair le Donnchadh go bhfuil leabhar agam dó agus ná leigfidh sé as a láimh é go mbeidh an leathanach deireannach de léighte aige. B'shin é mo dhálta-sa ar aon tslighe. Do thosnuigheas ar é léigheamh um thráthnona agus níor dhúnas súil go raibh sé go léir léighte agam. Abair le d' athair is le d' mháthair is léis an líon tighe uile go rabhas ag cur a dtuairisce go ceanamhail. Ná dearmaid scríobhadh chugham go minic. Mise do rún dílis, TADHG CÉITINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services