Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litreacha Gaedhilge le hAghaidh an Aosa Óig

Title
Litreacha Gaedhilge le hAghaidh an Aosa Óig
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair,
Pen Name
Snag Breac
Composition Date
1905
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


A Dhomhnaill, a bhráthair riaghalta; a Thomáis,
a bhráthair ghrádhaigh, agus c.



A Sheagháin Stíobhart, a ridire onóraigh.


L. 10


Do'n mhnaoi uasail.
Eibhlín, Bean Sheagháin Uí Chonaill,
i Sráid na hAbhann, 10,
i gCorcaigh.



Do'n Athair onóraigh,
Seaghán Ua Conchubhair, S.P.,
'san mBaile Nuadh,
i gConntae Chorcaighe.




Do Sheaghán uasal Mac Cárthaigh,
i dTigh an tSean-bhaile,
i Ráith Luirc.


L. 11


Do'n Duine Uasal
Tomás Ua Domhnaill,
Ball de'n Chomhairle
(or Comhairleoir)
i dTigh na Comhairle,
i Lunndain



Do'n Mhnaoi Riaghalta onóraigh,
An Mháthair Máire Pádraig,
i dTigh Ban Riaghalta na Trócaire.



Do'n Mhnaoi Riaghalta, Máire Doiminic.
or,
Do'n tSiuir Riaghalta, Máire Doiminic.




L. 12


Tomás Ua Rinn,



mise, is gur mór é mo mheas ort,



Tomás Ua Rinn,



Tá áthas orm admháil, a Thighearna Easbuigh, gur
mise do sheirbhíseach umhal, dúthrachtach,



Tomás Ua Rinn.



Is bhreágh liom nach miste dham admháil, á dhuíne
uasail, gur mise do sheirbhíseach umhal, grádhach,



Tomás Ua Rinn.


L. 13


LITREACHA GAEDHILGE.



I. — PÁDRAIG UA CONCHUBHAIR AGUS A INGHEAN
BRIGHID.



(1.)



Ó Árd an Aonaigh, 24,
i gCionn Mara,
i gConntae Chiarradhe,



An tríomhadh lá fichead de Mhárta, 190-.



A Bhrighid, a leinbh is a rúin,



Do chuir an dochtúir scéala chugham i ndiu go
bhfuil droch-shlaodán ort le trí seachtmhaine, agus go
bhfuil eagla air go bhfuil obair na scoile ró-throm
duit i mbhliadhna. Dá bhrígh sin is dóigh liom-sa is led'
mháthair gur fearra dhuit teacht a bhaile is fanamhaint
annso againn go ceann ráithe.



Ná moilligh 'san tslighe, acht brostuigh chughainn. Le
congnamh Dé cuirfidh aer na háite seo neart is
fuinneamh ionnat agus ní fada fhanfaidh an slaodán
gránna sain ort.



Mo ghraidhin mo pháiste bocht,



Mise, t'athair dílis,



PÁDRAIG UA CONCHUBHAIR.


L. 14


(2.)



Ó Shráid na Manach, 65,
i gCorcaigh,



An ceathramhadh lá fichead de Mhárta, 190-.



A Athair, a chroidhe,



Fuaras do litir ar maidin i ndiu go díreach is
mé ag dul amach chum na scoile. Go deimhin féin
chuir sí iongnadh is áthas orm. Níor dheineas acht mo
chuid leabhar do chur uaim is mé féin d'ullmhughadh i
gcomhair an turais a bhaile. Bead ag fágaint
Chorcaighe ar maidin i mbárach ar thraen a deich agus le
congnamh Dé bead id' theannta timcheall a dó a chlog.



A athair, a ghrádh ghil, is mór an meisneach a chuireann
sé orm bheith ag cuimhneamh ort-sa is ar mo mháthair is a
ghearracht go bhfeicfead sibh araon.



Bí im' choinnibh ag an dtraen, ná dearmaid é anois.



Mise t'inghean dhílis,



BRIGHID NÍ CHONCHUBHAIR.


L. 15


II. — MÍCHEÁL UA CAOIMH AGUS TOMÁS
UA BRAOIN.



(1.)



Ó Árd an Teampuill, 31,
i nGaillimh,



An cúigeadh lá de Mhí na Samhna, 190-.



A Thomáis, a chara,



Thánag annso aréir is ní miste a rádh ná gur mé
bhí go tuirseach, tnáithte ó m' thuras ar an dtraen. A
leithéid de mhoill is do cuireadh orainn i Stáisiún Bhaile
Átha Luain! Bhíomar ag feitheamh le traen éigin eile
nár tháinig isteach i n-am. Is dócha gur stadamar i
n-Áth Luain ar feadh dhá uair a chluig. Níor chuir an
mhoill sin aon ghruam orm-sa, ámhthach, mar ná rabhas
i n-Áth Luain riamh roimhe sin agus gur nuadhacht
dam é d'fheicsint. Chuir radharc na Sionann iongnadh
is áthas orm. Is breágh fairsing an abha í. Nach mór
an truagh ná cuirtear a cuid uisce i bhfeidhm. Bhíomar
ag Stáisiún na Gaillimhe ar a cúig a chlog.



Tar éis dinnéir dam ghluaiseas amach agus siar
liom an bóthar go Cnocán an tSalainn. Ó'n áit sin
tá radharc breágh le fagháil ar an mBaoi agus
geallaim duit gur bheag an tuirse d'fhan orm is mé
ag faireadh luasctha na dtonn is an ghaoth aniar ag
dul im' fhéithibh is ag cur meisnigh orm.


L. 16


Mo chráidhteacht, is fiadhain neamh-thoramhail é an
talamh i dtaobh thiar de Ghaillimh agus siar ar fad go
Connamara. Ní fheadar 'on domhan cionnas a
mhaireann na daoine bochta i n-aon-chor ann. Ní'l 'san
talamh acht clocha ar fad. Ní féidir é threabhadh, ní
féidir bráca do chur i n-eachrann ann. Bíonn na mná
is na fir ag obair go dícheallach ó mhaidin go hoidhche
ag iarraidh lón an lae do sholáthar dá líon tighe.
Daoine deasa lághacha is eadh iad agus is aca atá an
Ghaedhealg bhlasta. Ní aireochthá acht Gaedhealg ó óg
is aosta ó'n mBeárnain go Connamara.



Cuir litir chugham gan moill agus cibé scéal nuadh
bheidh ar siubhal bíodh sé go cruinn agat dam. Ní
fhágfad an áit seo go ceann mí. Abair le Donnchadh
gléas iascaigh do chur chugham gan moill. Tá abha láimh
liom go bhfuil iasc an domhain innte.



Go gcoimeádaidh Dia gan máchail thú; sin í mo ghuidhe-
se dhuit,



MÍCHEÁL UA CAOIMH



(2.)



Ó Sráid na gCnoc, 23,
I mBéil Feirste,



An cúigeadh lá déag de mhí na Samhna, 190-.



A Mhíchíl, a dhalta ghrádhmhair.



An litir do chuiris chugham an lá fá dheireadh,
fuaras í. Beidh an gléas iascaigh chughat gan moill.
Tá cathughadh orm ámhthach, gur thagrais i n-aon-chor
d'iascach mar cuireann sé uaigneas orm bheith ag


L. 17


cuimhneamh ar chleas de'n tsaghas sain is gan é ar
mo chumas bheith ag gabháil de. Acht b'fhéidir go
mbeadh a mhalairt de scéal agam i gcionn ráithe.



Ní'l amhras ná gur dícheallach críochnamhail iad
lucht na cathrach so. Is ortha ná bíonn an leisce.
Is iad a thugann aire dá ngnó féin. Agus tá a
rian air is breágh seascair na tighthe atá aca.
Acht 'n-a dhiaidh sin is uile do b'fheárr liom-sa bheith im'
chomhnuidhe 'san dtuaith mar a bheadh abha iascmhar ag
gabháil tar doras agam. Budh mhaith liom bheith ag
féachaint ar ghorm-choilltibh ó mhaidin go hoidhche.
Budh bhreágh liom radharc d'fhagháil anois is arís ar
chnocaibh árda maiseamhla. Slán leat, a dhalta dhílis.



Mise do chara,



TOMÁS UA BRAOIN.


L. 18


III. — NÓRA NÍ CHAOIMH AGUS
CÁIT NÍ SHÚILLEABHÁIN.



(1.)



Ó Chnocán na gCaorach,
i gCill Áirne,



2/3/1905.



A Cháit, a chroidhe istigh,



Fuaras do litir i ndé agus ní miste a rádh ná
gur orm do bhí an t-áthas is scéala d'fhagháil uait.
Bhíos ag faire ar fhear an phuist gach aon lá le mí
d'fhéachaint an mbeadh aon nídh aige dham uait, agus
nuair ná bíodh aon litir aige uait go deimhin is é shílinn
gurbh amhlaidh a bhís breoidhte. Bheirim buidheachas do
Dhia a mhalairt de scéal do bheith agat.



Bhí Máire Ní Néill, deirbhshiúr mo mháthar, annso
againn aréir agus bhí sí ag cur do thuairisce. Tá
inghean léi le dul go Corcaigh an tseachtmhain seo
chughainn d'fhonn bheith ag dul ar scoil ann. Máire
Ní Chinneidigh is ainm di. Cailín lághach is eadh í gan aon
amhras, agus is éachtach an mheabhair chinn atá aici, leis.
Adeir gach aoinne ná beidh sí i bhfad ar scoil i
gCorcaigh go mbeidh sí ullamh chum iarracht do thabhairt
fá'n "scrúd-ughadh." Is dócha go bhfeicfir go minic i
gCorcaigh í.


L. 19


Budh mhaith liom-sa agus linn go léir go dtais-
beainfeá na háiteanna is breághtha i gCorcaigh di.
Caithin a thiocfair go Cill Áirne? Tá coinne leat ann-
so le fada, Go neartuighidh Dia thú, a Cháit, a rúin,



Mise do chara dhílis,



NÓRA NÍ CHAOIMH.



(2.)



Ó Shráid na Mumhan, 21,
I gCorcaigh,




A Nóra, a mhaoin,



Mhaise, mo ghraidhin thú, badh mhaith uait bheith ag
cuimhneamh orm ar feadh na mí ar fad. Tá's agam
gur cheart dam scríobadh chughat fadó riamh, acht
is amhlaidh a bhíonn an iomad le déanamh agam i rith an
lae, agus nuair a thagaim abhaile istoidhche tar éis
oibre an lae, bím tuirseach, tnáithte agus dá bhrígh
sin is ró-bheagh an fonn litreacha do scríobhadh a bhíonn
orm. 'N-a dhiaidh sin is uile bím ag cuimhneamh ort
gach lá bheireann orm, bím ag cuimhneamh ar an saoghal
breágh bhíodh againn is sinn ag dul ar aon-scoil is gan
aon nídh ag déanamh buaidheartha dhúinn.



Tá a mhalairt de scéal annso agam. Ní'l duine
muinnteardha im' aice do thiubhradh comhairle mo leasa
dam. Ní'l compánach sultmhar agam do bhainfeadh an
ghruaim díom. Dá bhrigh sin tá áthás ar mo chroidhe


L. 20


go bhfuil Mháire Ní Chinneidigh le teacht go Corcaigh.
Geallaim duit ná beidh aon uaigneas uirthi an fhaid is
bhead-sa annso. Beidh saoghal maith againn araon le
congnamh Dé. Tá a lán de radharcaibh breághtha le feic-
sint mór-dtimcheall Chorcaighe acht ní chuirim aon tsuim
ionnta mar gheall ar bheith im' aonar. Nuair a bheidh
Máire im' fhochair chífeam iad go léir. A Nóra, a
rúin, abair le d' mháthair agus le d' dheirbhshéithir, Sighle,
go rabhas ag cur a dtuairisce.



Gan gruaim le d' shaoghal ort,



Mise do chara dhílis,



CÁIT NÍ SHÚILLEABHÁIN.


L. 21


IV. — ART UA BRIAIN AGUS MUIRIS
UA FOGHLUDHA.



(1.)



Ó Shráid an Choimheascair, 84,
I nDoire,



An chéad lá de mhí na Lughnasa, 190-.



A Mhuiris, a chroidhe,



Féach mar a bhfuilim, is mé tinn, tuirseach ó'n
mbóthar. Ní'l acht naoi laetheanta ó fhágas Sligeach
agus do shiubhlas gach troigh de'n bhóthar as sain go
Doire. Do ghabhas tré Dhún na nGall is tré na
Ceallaibh Beaga is as sain go Gleann Choluim Cille.
Ó Ghleann Choluim Cille do bhuaileas soir go hÁrd
an Rátha is as sain go dtí na Gleannta. Ós na
Gleanntaibh do bhuaileas an comhgar go Dún Ghleo is
as sain trasna na tíre liom go Gaoth Dóir. Siúd
chum siubhail mé ó Ghaoth Dóir go Dún Feannchaidh is as
sain go Crioslach, go Cill Mic Neinin is go Leitir
Cheanainn. Ó Leitir Cheanainn do shiubhlas ar mo
shuaimhneas go Doire.



Bhí an uain breagh, tirim. Níor thuit braon fearth-
anna ar feadh na haimsire ar fad. Is ar éigean
d'fhan scamall 'san spéir. Acht 'n-a dhiaidh sin ní raibh
sé ró-bhrothallach. Budh bhreágh leat bheith ag féachaint


L. 22


ar chnocaibh Chonntae Dhún na nGall agus an ghrian ag
taithneamh ortha. Acht ní fhaca aon radharc i nÉirinn
chómh breágh le Sliabh Liag, atá 'n-a sheasamh go díreach
ós cionn na mara taobh leis an gCarraig timcheall
deich míle ar an dtaobh thiar de na Ceallaibh Beaga.
D'fhanas ar feadh uaire an chluig ag féachaint air; ní
fhéadfainn mo shúile do bhaint de ar feadh na haimsire
sin, agus ní imtheochaidh a chuimhne as mo mheabhair go
bhráth.



Ar feadh na slighe ar fad bhínn ag tabhairt na
ndaoine fá ndeara — an treo beathadh bhí ortha, a nósa
is a mbéasa. Agus is é mo mheas gur daoine
lághacha, deagh-mhúinte atá le fagháil ins gach aon bhall
i gConntae Dhún na nGall is i nDoire. Daoine fiala
soilbhire, is eadh iad, agus badh mhór an caitheamh aim-
sire dham bheith ag comhrádh leo i nGaedhilg. Cé go bhfuil-
im cortha ó'n mbóthar níor mhiste liom gach uile throigh
de'n tslighe do shiubhal tar n-ais go Sligeach, acht ní'l
aon dul agam ar an éacht sain do dhéanamh. Fuaras
litir ó m'athair ar maidin indiu. Tá sé gan bheith ar
fóghnamh agus athchrann sé orm gan moill do dhéanamh
acht brostughadh chuige.



Slán leat, a Mhuiris



Mise do chara dhílis, dhúthrachtach,



ART UA BRIAIN.


L. 23


(2.)



Ó Árd an Tobair, 16,
i dTuama,
i gConntae na Gaillimhe.



A Airt, a rúin,



Fuaras do litir i ndé agus ní miste dham a rádh
ná gur léigheas le háthas í. Tá cathughadh orm, ámhthach,
go bhfuil t'athair gan bheith ar fóghnamh, agus tá súil
agam gur geárr go mbeidh sé 'n-a shláinte arís. Is
mór an truagh ná rabhas i n-aoinfheacht leat is tú ag
gabháil tré Chonntae Dhún na nGall. Budh bhreágh liom
bheith ag féachaint ar Shliabh Liag agus radharc d'fhagháil
ar Ghaoth Dóir is ar Leitir Cheanainn. Bead ag dul go
Baile Átha Cliath an tseachtmhain seo chughainn, agus
tiubhrad cuaird ort le congnamh Dé.



Tháinig Eoghan, mo dhearbhráthair, a bhaile chughainn
ó Lunndain an lá fá dheireadh. Bhí sé deich mbliadhna
i Lunndain agus cé go bhfuil mórán dá dhaoinibh muinn-
teardha thall 'n-a dhiaidh ní miste a rádh ná go bhfuil sé
cortha de'n áit, agus gur fada arís go dtiubhraidh sé
turas air.



Bhuail duine muinnteardha dhuit umam dia Máirt
seo d'imthigh tarainn is mé ag dul go Gaillimh. Cia hé
féin, an dóigh leat? Tadhg Ua Gealbháin, agus is é atá
go láidir calma. Dubhairt sé liom go mbeadh sé féin
agus Éamonn, a dhearbhráthair, ag dul go hAmerica


L. 24


'san bhfóghmhar chum cuaird da thabhairt ar a ngaol-
taibh atá 'n-a gcomhnuidhe i mBostún is i Siceágó.
Tá súil aige go mbeid tar n-ais i nÉirinn roimh
Nodlaig.



Ní'lim ag déanamh aon nídh mar seo acht ag tabhairt
aire dom' mháthair. Tá sí 'n-a luighe le seachtmhain,
agus tá eagla orm ná beidh aon mhaith innte go ceann
a bhfad. Adeir an dochtúir, ámhthach, ná fuil aon
bhaoghal báis uirthi an turas so. Go bhfágaidh Dia suas
tú is nára fada go bhfeicfead arís tú. Mise, do
chara ghrádhach.



MUIRIS UA FOGHLUDHA.


L. 25


V. — EIBHLÍN NÍ LAOGHAIRE AGUS A BEIRT
MHAC, CONALL AGUS CORMAC.



(1.)



Ó Shráid na gCuradh, 84,
i mBaile Átha Cliath,



A mháthair, a chogair,



Nach iongantach an scéal é ná fuaras aon
litir uait le seachtmhain. Is dóigh liom go mbíonn
faid bhliadhna 'san ló nuair ná tagann aon tuairisc
uait! Ní'l acht fiche lá ó i ndiu go dtí go mbeam ag
dul a bhaile. Bím ag comhaireamh na laetheanta,
agus fiú na n-uair a chluig. Dálta Chormaic, bíonn
sé ag gol leis an uaigneas gach aon mhaidean ná
feiceann sé litir uait.



A mháthair, a ghrádh ghil, ná dearmaid scríobhadh
chughainn gach aon lá as so go dtí go mbeam ag dul
a bhaile. Tabhair cunntas dúinn ar gach nídh bhaineann
leat féin is lem' athair agus le Siobhán is le Brighid.



Ar tháinig Brighid a bhaile fós chughaibh ó Luimneach?
Abair léi an pheictiuir bhreágh fuair sí mar dhuais do
chur chugham go bhfeicead í, agus nach baoghal ná go
gcuirfead tar n-ais arís chuichi í.



Fiafruigh de Shiobhán an bhfuair sí an leabhrán do
chuireas chuichi arughadh i ndé. Tá peictiuir ar scoile-
na ann agus tá sí go hálainn ar fad. Ní bheidh aon


L. 26


scoil againn i mbárach mar atá slaodán ar an
máighistir, agus dá bhrígh sin ní bheidh aon nídh agam-sa
agus ag Cormac le déanamh acht bheith ag imirt bháire
i bpáirc an Fhionn-uisce ó mhaidin go hoidhche.



A mháthair, a chroidhe istigh, bíodh mo chapaillín go
reamhar láidir agaibh rómham 'nuair raghad a bhaile.
Beidh saoghal breágh agam féin is ag Cormach ag mar-
caidheacht dúinn féin ar fuaid na mbán, agus ag dul
go Luimneach go minic, ar sodar. Caithfead an litir
seo do chríochnughadh anois mar go bhfuil Cormac amuigh
agus liathróid aige agus gach aon ghlaodh aige orm.
Go mbuanuighidh Dia thú, a mháthair, sin í mo ghuidhe dhuit
is daoibh go léir.



Mise, do mhac fíor-ghrádhach,



CONALL UA LAOGHAIRE.



(2.)



Ó Árd na Gréine,
le hais Tobair Pádraig,
i gConntae Luimnigh,



A Chonaill is a Chormaic, a leanbhaidhe mo chléibh,



Is ró-gheárr anois go mbheidh sibh ag teacht a bhaile
chugham agus dá bhrígh sin ní ceart daoibh brón ná
uaigneas do bheith oraibh. Ná fuiltí araon i bhfochair a
chéile, agus gur iomdha páiste bocht ar scoil i bhfad ó
bhaile gan dearbhráthair gan leanbh muinnteradha 'n-a
fhochair chum meisneach do chur air. Táimíd go léir go


L. 27


maith 'sa bhaile, buidheachas le Dia, agus beidh gach nídh
ullamh againn rómhaibh.



Tháinigh Brighid a bhaile i ndé agus is í atá go láidir
cumasach, Dia dá beannachadh. Adeir sí go raghaidh sí
'n-bhar gcoinnibh an lá bheidh sibh ag teacht a bhaile. Beidh
an capaillín go breágh lúthmhar rómhaibh, ná bíodh eagla
oraibh; budh dóigh le duine ná fuil aon chúram eile
ar Shiobhán acht bheith ag tabhairt aire dhó, tá sí chómh
ceanamhail sin air.



Tá gadhairín deas bán ag Brighid do fuair sí ó dhuine
muinnteardha i Luimneach, agus tá cion againn go léir
air. 'Sé an t-ainm atá air ná Bran, ainm ghadhair
Finn Mhic Chumhail. Ní maith léi dul tar táirsigh gan
Bran le n-a cois, agus go deimhin ní fhéadfadh sí dul
i n-aon bhall i gan-fhios dó.



Bhí ceol is aoibhneas againn aréir i bhfad isteach, san
oidhche. Bhí mo bheirt dearbhráthar, Tomás is Domhnall
'n-ar bhfochair. Thángadar ó'n gcathair um thráthnóna
agus ní leigfimís dóibh dul a bhaile go maidin. Is breágh
an sás amhráin do thabhairt uaithe Siobhán so againn-
ne. Is aici atá an guth breágh. A Chormaic, a laogh,
is mór an náire dhuit beith ag gol. Nach geárr anois go
bhfeicfeam go léir arís thú?



A Chonaill, dar ndóigh bhéarair nuadhacht éigin chum
Siobhán mar gheall ar an cion atá aici ar do chapaillín.
Beidh sí ag bhrath ar rud éigin uait ar aon tslighe.



Go mbuanighidh Dia mo pháistidhe dílse,



Sin guidhe a máthar,



EIBHLÍN NÍ LAOGHAIRE.


L. 28


VI. — ÉAMONN FEIRITÉIR AGUS CATHAL
DE BÚRC.



(1.)



Ó Bhaile an Feirtéirigh,
i gCiarraidhe,



An dara lá de'n Mhitheamh, 190-.



A Chathail, a chara,



D'iarr mo mháthair orm scríobhadh chughat,
d'fhéachaint an dtiocfá chughainn ar feadh seachtmhaine
nó dhó 'san tsamhradh. Adeir sí go bhfuilir ag obair
ró-dhian is gur mithid duit sos do bhéith agat, agus ná
fuil aon áit i nÉirinn do b'fheárr leat bheith ann ná
Baile an Fheirtéirigh. Bíonn ceol is aoibhneas is
caitheamh aimsire againn 'san tsamhradh. Bíonn a lán
daoine annso ó Bhaile Átha Cliath is ó áiteannaibh eile
i nÉirinn is ó Lunndain ag foghluim Ghaedhilge ó
bhéal na ndaoine.



Tá fhios againn go léir go bhfuil grádh agat-sa do
theangain ar sinsir agus gur mhaith leat bheith ag
labhairt na Gaedhilge ó mhaidin go hoidhche dá mbeadh
daoine id' chomhluadar do labharfadh leat í. Féadfam
araon dul gach aon lá ar na Failltibh agus raghaidh
Tadhg Ua Riain i n-aoinfheacht linn. Ní'l áit i
nÉirinn níos folláine 'ná bárr an chnuic ós cionn
Chuain na dTrí bPoll.


L. 29


Adubhairt mo mháthair liom, leis, a fhiafraighe dhíot ar
mhaith leat capall is carr do bheith agat d'fhonn bheith
ag aeraidheacht gach aon tráthnóna le hais na fairrge.
Budh mhaith linn dá dtagadh Feargus id' fhochair. Ní
fuláir do'n mbuachaill mbocht bheith leath-mharbh ó
bheith ag léigheamh leabhar is ag scríobhadh is ag macht-
namh gan sos gan suaimhneas.



Is iongantach mar d'imthigh na filidhe as an saoghal.
Tá eagla orm gur fada arís go mbeidh leithéid
Phiarais Feritéir againn. File binn blasta do b'eadh
é agus cé go bhfuil dhá chéad go leith bliadhan ó cuireadh
chum báis i gCill Áirne é, tá cuid dá ráidhtibh i
mbéal na ndaoine fós.



Is minic a bhíd ag trácht is ag eachtraidhe air. Tá a
shloinne go raidhseamhail fós ar fuaid na mball so.
Budh mhaith lem' mháthair go dtiubhrthá "Dánta Phiarais"
leat d'fhonn go léighfeá cuid aca dí. Tá árd-dhúil i
bhfílidheacht aici agus is éachtach an méid amhrán atá
de ghlan-mheabhair aici.



Teidhim-se go dtí an Daingean gach aon lá anois.
Acht tá súil agam go mbeidh mo ghnó críochnuighthe
agam ann i gcíonn mí ó indiu. 'Seadh anois, airighimís
scéala maithe uait gan moill. Beidh coinne ag mo
mháthair is againn go léir leat.



Mise, do chara dhílis,



ÉAMONN FEIRITÉIR.


L. 30


(2.)



Ó Shráid Chiarraidhe, 74,
i gCorcaigh,



An seachtmhadh lá de'n Mhitheamh, 190-.



A Éamuinn, a rúin,



Is álainn do thaithnigh do litir mhuinnteardha
chneasta liom, agus gan amhrus is me atá go
buidheach de d' mháthair ghrádhaigh is díot-sa féin i
dtaoibh bhar bhféile is bhar deagh-chroidhe. Is orm-sa is
ar Fheargus a bheidh an t-áthas ag bualadh chughaibh i
dtosach mí na Lughnasa.



Tá fhios againn go maith nach miste dhúinn dánaidheacht
do dhéanamh ar do mháthair, mar nach dócha go bhfuil a
leithéid de mhnaoi le fagháil i nÉirinn ar fhéile is ar
fhairsinge. Is fíor do d' mháthair gur mithid dam féin
is d' Fheargus sos do bheith againn ó obair is ó fhoghluim.
Tá sláinte mhaith agam féin, buidheachas le Dia, acht
tá an aire a thugann sé dá leabhraibh ag lomadh na
gcnámh ag Feargus bhocht. Bím-se 'gá rádh leis i
gcomhnuidhe go dtiubhraidh sé luigheachán do féin le
neart dian-mhachtnaimh.



Ní'l buachaill dá aois i gCorcaigh go bhfuil an oiread
fuinn léighte air is tá ar Fheargus. Ní'l amhras ná go
gcuirfidh radharc na fairrge is na ngorm-chnoc meisneach
air agus go dtiocfaidh neart is sláinte chuige i mBaile


L. 31


an Fheirtéirigh. Badh ghnáth le muinntir Fheiritéir bheith
go fial, fáilteach. Ní raibh aon teora le Piaras féin le
féile is le deagh-chroidhe.



Bhéarad "Dánta Phiarais" liom cé nach gábhadh dham é
mar go bhfuil na Dánta go léir de ghlan-mheabhair agam.



Go mbuanuighidh Dia do mháthair agus sibh go léir.



Mise do chara dhílis,



CATHAL DE BÚRC.


L. 32


VII. — SIOBHÁN NÍ LUINNSIGH AGUS SORCHA
NÍ MHATHGHAMHNA.



(1.)



Ó Bhaile Bhoirne,
i gConntae Chorcaighe,



An deicheamhadh lá d'Abrán, 190-.



A Shorcha, a chroidhe istigh,



An litir do chuiris chum Máire Ní Néill i ndé,
thug sí dham le léigheamh í. De réir gach aon deallraimh
tá saoghal breágh 'sa chathair agat féin is ag Sighle.
Nach deas an rud bheith ag dul ar chormaibh ceoil
go minic is bheith ag éisteacht leis na hamhránaidhthibh is
feárr cáil 'san ndúthaigh, is leis na ceoltóiridhibh is
breághtha le fagháil. Is dóigh liom ná tiocfadh aon
chodladh go deo orm dá mbeinn ag éisteacht le ceol
aoibhinn.



Acht, an airighir, ní'l an scéal chómh dona sain annso
againn is mar cheapann tú. Bíonn scoraidheacht
againn go minic, agus ní miste a rádh, ná gur álainn
an caitheamh aimsire bhíonn ag an aos óg ann. Budh
bhreágh leat bheith ag éisteacht leis na scéaltaibh
fiannaidheachta bhíonn dá n-aithris dúinn ag Tomás Ua
Cróinín. Is feárr liom féin amhráin, ámhthach, ná
scéalta fiannaidheachta, agus is aoibhinn an t-amhrán-
uidhe Máire Ní Néill. Ní mór ná go gcuirfeadh sí
éanlaithe an aeir do chodladh i lár an lae. Dubhairt


L. 33


Máire liom go mbeifeá ag teacht abhaile chughainn 'san
bhfóghmhar agus Caitlín Ní Bhuachalla id' fhochair. Is
feárr an geimhreadh chum caitheamh aimsire ná an
fóghmhar. 'San bhfóghmhar bíonn gach aoinne ag obair
go dicheallach, bíonn na hoidhcheanta ró-ghairid is gach
aoinne tuirseach tnáithte tar éis saothair an lae.



Acht 'n-á dhiaidh sin is uile ní bheidh aon uaigneas
annso ort. Tá beirt nó triúr de chailínidhibh eile
ag teacht a bhaile 'san am chéadna. Tá Máire
Ní Dhonnchadha ó Árd an Bhóthair chum turas do thubhairt
orainn um Lughnasa. Tá coinne le beirt inghin
Dhomhnaill Uí Luinnsigh seachtmhain ó indiu agus airighim
go bhfanfaid 'sa bhaile ar feadh dhá mhí.



Acht is dócha ná beidh aon bhlas agat-sa ar an
dtuaith tar éis taithighe na cathrach. Mo chreach, mhaise,
is deacair locht d'fhagháil ar an dtuaith, agus go mór-
mhór ar Bhaile Bhoirne. Cibé áit de'n domhan 'n-a
mbeinn im' chomhnuidhe is é cheapfainn ná faghainn mo
shláinte muna bhféadfainn bheith i mBaile Bhoirne
Domhnach Cinncíse. Cuireann sé áthas ar mo chroidhe
bheith ag féachaint ar an sluagh mór daoine ó'n dtuaith
mór-dtimcheall bhíonn cruinnighthe ann an lá sain.



Is breágh liom bheith ag siubhal 'n-a measc is ag
éisteacht le n-a gcómhradh. Is binn blasta an
Ghaedhealg a thagann 'n-a srothaibh as a mbéalaibh.



Go neartuighidh Dia thú, a rúin mo chléibh.



Mise, do chara dhílis,



SIOBHÁN NÍ LUINNSIGH.


L. 34



Ó Shráid Phádraig, 849,
i gCorcaigh,



An tríomhadh lá déag d'Abrán, 190-.



A Shiobhán, a mhúirnín,



Badh mhaith uait cuimhneamh orm, is an litir
dheas sain do chur chugham. Badh mhaith an mhaise do
Mháire Ní Néill mo litir do thabhairt duit le léigheamh.
Ní maoidhte orainn an saoghal atá againn annso. Is
fíor go bhfuil neart agam dul ar chormaibh ceoil
agus go bhfuil amhránuidhthe breághtha le cloisint i
gCorcaigh, is gur breágh le Sighle bheith ag éisteacht le
ceol is le hamhránaidheacht.



Ní chuirim-se mórán spéise, ámhthach, 'sna néithibh sin.
B'fheárr liom scéal deas greannmhar do léigheamh go
seascair cois na teineadh dham féin istoidhche' na bheith ag
dul ar chormaibh ceoil. Acht ní shásóchadh aon nídh
Sighle gan ceol is amhráintidhe, agus dá bhrígh sin
caithim-se dul 'n-a fochair.



Bhí lá saoire againn dia Luain agus chuadhamar
araon ar an gcuan i mbád seoil. Bhí án lá go breágh
tirim, acht 'n-a dhiaidh sin bhí gaoth ghéar láidir ag séideadh
a dtuaidh agus ní miste a rádh ná go bhfuair ar mbád
luascadh. Bhí teinneas fairrge ar Shighle bhoicht ar
feadh na haimsire ar fad agus geallaim duit gur
bheag an dúil do bhí i n-amhráintidhibh aici. Níor
stadamar gur shroicheamar Bun an Tabhairne.


L. 35


Chuadhamar i dtír annsain agus do bhuail Maire
Ní Shúilleabháin umainn agus do ghluaiseamar a dtriúr
fá dhéin thrágha na fairrge. Bhí radharc álainn le
feicsint ó chnocán atá díreach ar bhruach na fairrge.
Bhí an ghrian ag taithneamh go lonnrach agus badh bhreágh
maiseamhail é féachaint an chuain is na céadta bád fá
sheol ann, is dhá luing chóracha fá lán-tseol ag
déanamh isteach orainn ó'n bhfairrge.



Ní dócha go bhfuil cuan 'san domhan chómh hálainn le
Cuan Chorcaighe, agus is ró-dheas é féachaint na n-aol-
bhrugh 'n-a thimcheall le taithneamh na gréine. D'fhanas
féin uair an chluig ag féachaint ar an dtír is ar an
fhairrge is go mór-mhór ar an gcuan — ar a bhádaibh is
ar na bailtibh aolmhara atá go seascair clúduighthe ar
gach taobh de.



Acht níor fhan Sighle ná Máire Ní Shúilleabháin liom.
Agus seo mé 'n-a ndiaidh ar saothar. Bhí an ghaoth 'n-ar
gcoinnibh is sinn ag dul a bhaile, is níor shroicheamar
Corcaigh go dtí a seacht a chlog. Ní'l amhras ná
go rabhamar go léir sásta le n-ar dturas. Abair le
hEibhlín go bhfuil scéal nuadh éigin agam di nuair a
thiocfaidh sí go Corcaigh. Slán leat, a Shiobhán, a
chroidhe istigh. Tá Sighle ag cur do thuairisce, leis.



Mise do chara ionmhuin,



SORCHA NÍ MHATHGHAMHNA.


L. 36


VIII. — GOBNAIT NÍ CHURRÁIN AGUS
MAIGHRÉAD NÍ CHEALLAIGH.



(1.)



Ó Árd na Croise,
i gCathair Saidhbhín,
i gConntae Chiarraidhe,



An cúigeadh lá fichead de mhí na Bealtaine, 190-.



A Mhaighréad, a mhaoin,



Tá fhios agam go maith go bhfuil fearg ort
chugham agus is beag an iongnadh sain. Is fíor gur
gheallas go gcuirfinn litir chughat gach aon tSatharn
'san mbliadhain. Acht féach anois go bhfuil mí ó
scríobhas chughat. "Ní leigfeadh an leisce dham
scríobhadh chughat." An é sin do mheas orm dá ríribh?
Má 's é, mhaise, ní meas ceart é. Mar is orm-sa ná
fuil an leisce. "Cad é an chúis nár scríobhais mar sin?"



'Seadh, ó's dá innsint duit é, bhíos ró-bhroideamhail.
Bhíomar ag cur neithe i gcóir le haghaidh na Feise
Ar feadh trí seachtmhaine roimh an bhFeis bhíos ag obair
an feadh an lae ar fad, geall leis, agus go deich a
chlog 'san oidhche. An t-aonmhadh lá déag de mhí
na Bealtaine b'é céad lá na Feise é. Bhí an uain go
breágh, bog, cneasta, gan gaoth, gan puinn fearthanna.



B'éachtach a raibh de dhaoinibh 'san Chathair an lá sain.
Bhí daoine ann ó Bhaile Átha Cliath, ó Chorcaigh, ó Dhoire,
is ó Lunndain. Thángadar 'n-a sluaightibh ó'n


L. 37


nDaingean. Agus go deimhin féin is deas blasta
na cainnteoridhe iad muinntear an Daingin is Bhaile
an Fheirtéirigh. Do ghluais lucht na tuaithe chughainn
ó Chathair Dhomhnaill, ó Dhoire Fhionáin, ó Chill Orglain,
agus níor shos do mhuinntir Chille hÁirne é.
Geallaim duit gur bheag an t-uaigneas do bhí orainn ar
feadh an lae. Bhí óráideacha againn, bhí amhráin bhreághtha,
bhinne againn; bhí ceol is rinnce tar bárr againn.



Istoidhche bhí an Tobar Draoidheachta ar an ardán
againn agus geállaim-se dhuit go raibh gach aoinne
sásta leis. Bhí Domhnall Dall agus Eibhlín go
hálainn ar fad, agus níor shos do Nuala é. Do
leanadh de'n bhFeis lá 'r n-a bhárach, agus má leanadh
is amhlaidh do bhí feabhas ar gach aon nídh. D'fhan a lán
de na deoraidhthibh i gCathair Saidhbhín ar feadh lae nó
dhó i ndiadh na Feise. Slán leat, a chroidhe istigh.



Mise do chara dhílis,



GOBNAIT NÍ CHURRÁIN.



(2.)



Ó Shráid na Mart, 90,
i nGlascú,



An chéad lá de'n Mhitheamh, 190-.



A Ghobnait, a rúin,



Ní miste a rádh ná go rabhas ar buile chughat.
B'olc an mhaise dhuit mé d'fhágaint chómh fada sain gan
litir do chur chugham. Acht gabhaim do leith-scéal an


L. 38


turas so mar gheall ar obair mhóir na Feise bhí mar
chúram ort. Is breágh liom go raibh an oiread sain
daoine ar an bhFeis is go raibh gach aon nídh ar feabhas
agaibh. Tá súil agam go mbead féin ag an gcéad
bhFeis eile.



Cé go bhfuil a lán de chlainn na hÉireann 'san
gcathair seo tagann tocht uaignis orm go minic. Ní
bhíonn leigheas agam air. Bíonn sean-aimsearacht ag
rith im' aigneadh. Bím ag cuimhneamh ort-sa is ar
Mháire Ní Dhonnchadha is ar Bhrighid Ní Cheallaigh, is ar
an sult is an scléip do bhíodh againn i bhfochair a chéile.



Ní mar a chéile bheith annso is bheith 'sa bhaile i n-Íbh
Ráthach. Is fada uaidh é. Annso bíonn broid is
deabhadh ar gach aoinne ar feadh an lae agus i bhfad
isteach 'san oidhche. Ní bhíonn uain ag daoinibh chum
suidhe is cómhrádh milis cneasta do bheith aca le
chéile. Is dóigh liom féin go mbeadh an scéal chómh
maith aca agus gan an oiread sain deabhaidh do bheith
ortha. Fothram na sráideann ní mór ná gur bhris sé
an croidhe ionnam i dtosach sul a raibh taithighe agam air.



Le congnamh Dé ní fada go mbead ag dul a bhaile.
Beidh neart agam fanamhaint i n-Íbh Ráthach ar feadh
coicighís nó mar sin. Tá súil agam go mbeir 'sa
bhaile an uair sin agus ná fágfair aon uaigneas orm.
Slán leat, a Ghobnait, a mhaoin, go mbuanuighidh Dia
thú, is go rabhair id' shaoghal is id' shláinte rómham.



Mise do chara ionmhuin.



MAIGHRÉAD NÍ CHEALLAIGH.


L. 39


IX. — DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH AGUS
TADHG CÉITINN.



(1.)



Ó Árd Choluim,
i gConntae an Chláir,



An ficheamhadh lá d' Iúl, 190-.



A Thaidhg, a chara,



Is fada ná faca thú agus is ró-fhada ná fuaras
litir uait. Bhí coinne agam leat dia Domhnaigh seo
d' imthigh tarainn. Chuadhas anonn go dtí an stáisiún
ar maidin an lae sin d'fhéachaint an mbeifeá ag
teacht ar an dtraen agus dar ndóigh ní rabhais.



Nuair do bhíos ag teacht a bhaile do bhuail Pádraig
Ua Caoimh umam ag an gcrois is é ag dul go Cill
Chaidhe. Téanam ort go Cill Chaidhe ar seisean, beidh
an lá go breágh agus raghaidh an turas chum suime dhuit.
Bhí capall mear lúthmhar is carr aige. 'Seadh, isteach 'san
gcarr liom de phreib is as go bráth linn go Cill Chaidhe.



Geallaim duit ná rabhamar i bhfad ar an mbóthar.
Is maith an sás "an Racaire" chum sodar do dhéanamh.
'Nuair shroicheamar Cill Chaidhe bhí sé a dó a chlog
díreach. Bhí sluagh daoine ar an dtráigh ag siubhal síos
suas dóibh féin agus an taoide ag borradh is ag léimrigh
isteach chucha go tréan. Bhí neart iongantach 'san
ngaoith agus dá bhrígh sin bhí an fhairrge go fiadhain,


L. 40


borb, cubhramhail. Is beag ná tógfadh an t-aer duine
ó leabaidh á bháis bhí sé chómh tréan sain.



Is éachtach an sluagh daoine bhí ar an dtráigh nó ag
siubhal ar na failltibh nó 'n-a suidhe ar a suaimhneas ar
na carraigeachaibh is ag faireadh na taoide. Bhí daoine
ó gach aon áird ann — ó Bhaile Átha Cliath, ó Lunndain,
ó Libherpúl, ó Bhostún, ó Pháris. De réir deallraimh
bhíodar go léir sásta le n-a dturas. Do bhuail Tomás
Ua Rinn ó Chorcaigh umainn agus buachaill de mhuinntir
Néill i n-aoinfheacht leis. Tá siad i gCill Chaidhe ó
thosach na mí agus is maith an teist a thugaid ar an áit.



Adubhairt Tomás liom go dtiocfadh sé ann gach uile
bhliadhain. Bíonn sé ag dul ar scoil i gCorcaigh agus
is geárr an mhoill air leathanach Laidne do léigheamh
is d'aistriughadh. Caithin a bheir ag teacht a bhaile
chughainn?



Is mór an truagh ná rabhais 'n-ar bhfochair Dia
Domhnaigh bheadh árd-shult againn. I gCill Chaidhe téid
lucht iascaigh ar an bhfairrge i naomhógaibh beaga
éadtroma. Téid amach istoidhche agus is minic a bhíd
ar dhruim na bóchna go dtí ceathair a chlog ar maidin.
Chonnac buidhean díobh ag teacht chum cuain 'nuair a
bhíos ann cheana mí o shoin, agus ní raibh acht cúpla héic
aca de bhárr a saóthar.



Go deimhin féin ní fheadas cionnas a mhaireann siad.
Acht is dócha ná bíonn an scéal chómh dona sain i
gcomhnuidhe aca. Fir láidre acfuinneacha is eadh iad,
agus is mór an truagh gan treo níos feárr ortha chum
iascaigh. Nuair thiocfair a bhaile ragham araon go Cill


L. 41


Chaidhe agus fanfam ann ar feadh mí agus geallaim
duit go raghaidh an sáile agus an leoithne aniar agus
an snámh chum suime dhúinn.



Má thiocfair liom ragham araon amach 'sna naomh-
ógaibh ag iascaireacht. Caithfidh duine nó beirt de'n
lucht iascaigh bheith i n-aoinfheacht linn chum an naomhóg
do ghléas is do cheartughadh dhúinn is chum meisneach do
chur orainn.



Tá mo mháthair ag glaodhach orm chum mé chur ar
theachtaireacht agus dá bhrígh sin ní fhéadfad a thuilleadh
a rádh leat 'san litir seo. Slán is fiche leat,



Ó d' chara dhilis,



DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH.



(2.)



Ó Shráid an Choláiste, 400.
i mBaile Átha Cliath,



An tríomhadh lá fichead d' Iul,



A Dhomhnaill, a chara,



Fuaras do litir i ndé; bhí sí rómham nuair a
thánag a bhaile ó Bhrí mar a rabhas ar feadh an lae ar
fad. Ní'l amhras ná gur fiadhaine an fhairrge atá
i gCill Chaidhe ná mar tá i mBrí, is gur mó tulcaidhe
móra atá ag teacht chum trágha ann. Acht 'n-a dhiaidh
sin is uile is deise an áit Brí ná Cill Chaidhe.


L. 42


Go deimhin ní dóigh liom go bhfuil baile mór i
nÉirinn chómh hálainn le Brí — an mhuir dheas chneasta
ós do chomhair amach, na cnuic bhreághtha, spéireamhla
ar do láimh dheis is i dtaobh thiar díot, na bailte deasa
seascara ar gach taobh díot.



Im' dhálta-sa féin do mhairfinn go deo ag féachaint
ar an mhín-fhairrge sin ag trághadh is ag líonadh, ag
borradh is ag briseadh, ag rith is ag leathadh. Tá ionad
álainn spaisteoireachta ar bhruach na mara agus
leithéid d'aoibhneas is bheith ag rástáil ann um thráthnóna
tar éis oibre an lae, is an taoide ag borradh isteach
chughat is leoithne ó's na cnocaibh ag cur meisnigh ort.



Acht is dócha nach aon nuadhacht duit-se trácht ar
fhairrgidhibh ná ar ghaothaibh. Dia Céadaoin seo d'imthigh
tarainn chuadhas féin agus Muiris Ua Ceallaigh go
Gleann Dá Locha. Bhí an lá go breágh tirim aerach.



Ní raibh scamall 'san spéir, is ar éigean a bhí leoithne
gaoithe ann. D'fhanamar ann ar feadh trí huaire an
chluig, ag machtnamh is ag smuaineamh. Go deimhin ní
mór ná go gcuirfeadh uaigneas na háite eagla ar
dhuine, Bhíomar ag cuimhneamh ar na naomhaibh is na
scoláiridhibh do bhíodh 'n-a gcomhnuidhe ann fádó, ar
an obair a ghnídís is ar neithibh de'n tsaghas sain.



Mó chráidhteacht, is mór idir an Gleann dorcha
uaigneach sain is Baile Átha Cliath mar a mbíonn
fothram tramann is cóistidhe ó mhaidin go lár na
hoidhche. Is dóigh liom féin gur fusa go mór do
dhuine deagh-mhachtnamh do dhéanamh ar chúrsaidhibh an
tsaoghail i n-áit chiuin uaignigh mar an Gleann 'ná i


L. 43


gcroidhe-lár chathrach mar Bhaile Átha Cliath. Acht féach
gur feárr le daoinibh bheith 'n-a gcomhnuidhe 'sna
cathrachaibh 'ná i gciuineas na tuaithe.



Ní hé sin mo dhálta-sa, ámhthach. Is fada liom go
mbead ag dul a bhaile go Conntae an Chláir, mar a
bhfeicfad an drúcht breágh bog ar maidin ar lomraidhibh
an fhéir is mar a mbeidh luascadh na dtonn de shíor im'
chluasaibh.



Tá súil agam go bhfuilir ag dul chum cinn go maith
le d' ghnó, agus go mbeam araon i gCill Chaidhe sul a
fada. Fuaras litir ó Shiobhán, mo dheirbhshiúr, seacht-
mhain ó shoin; tá sí ag obair go dian. Tiocfaidh sí go
Baile Átha Cliath i gcionn tamaill agus fanfaidh sí
seachtmhain im' fhochair.



Cionnas atá do dhearbhráthair Pádraig, is fada anois
ná fuaras scéala uaidh. Abair le Donnchadh go bhfuil
leabhar agam dó agus ná leigfidh sé as a láimh é go
mbeidh an leathanach deireannach de léighte aige.
B'shin é mo dhálta-sa ar aon tslighe. Do thosnuigheas
ar é léigheamh um thráthnona agus níor dhúnas súil
go raibh sé go léir léighte agam.



Abair le d' athair is le d' mháthair is léis an líon
tighe uile go rabhas ag cur a dtuairisce go ceanamhail.



Ná dearmaid scríobhadh chugham go minic.



Mise do rún dílis,



TADHG CÉITINN.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services