Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 2
Title
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 2
Original Title
Jail Journal
Author(s)
Mitchel, John,
Translator
Ó Neachtain, Eoghan
Composition Date
1911
Publisher
Goill, M. H. agus a Mhac, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN 9° CAIBIDIL. Aibreán 24°, 1849. — Ar muir. — Labhramar le foirinn an arthaigh dá ngoirthear an Palos. Bhí sí ag triall abhaile go Boston ó Buenos Ayres. Americánach tanaí an caiptín atá uirthi, hata leathan-bhilleogach air. Bhí an bórd beo le daoinibh againne agus dhearc sé go neamh-shuimeamhail orainn agus d'fhiarfuigh cá caladh a raibh ar dtriall. Is maith a thuig sé, shaoilfeá, an sórt locht a bhí againn. Níl réigiún nach bhfuil eolas maith ar longaibh daor na Breataine ann. 20°. — Tá cóir bhreagh gaoithe anoir indiu againn agus sinn ag dul ó dheas agus gearradh siubhail fúinn. Daily News a tháinig sa bposta Dia Domhnaigh tá an dochtúir d'éis a chur isteach in mo sheomra chugam. Maiseadh nach bhféadfadh an Dubhthach a shaoghal a chaitheamh ag déanamh amhráin ar an gcúlráid dó féin, agus gan a dhul ag fuasgailt an námhaid ón sáinn a raibh siad ann, tré bheith ag iarraidh cur fa ndeara do na daoinibh sásamh a thabhairt sa dlighe? Shaoilfeá gur i n-aon turas a rinne sé é, nuair a leig sé impidhe a chur ar an riaghaltas ar a shon, ag iarraidh ar an námhaid gan leanamhaint dó níos fuide sa dlighe — agus gan uatha acht leithsgéal leis an rud céadna sin a dhéanamh. Leig sé an impidhe sin a chur ar an námhaid, agus ainmneacha go leor daoine leis, dhá iarraidh ortha trócaire a dhéanamh air agus leigean dó, de bhrígh go raibh sé sgriosta amach is amach; de bhrígh go raibh sé tamall fada i ngéibhionn
cheana; de bhrígh go raibh an-cháil air ina shaoghal phríomh- áideach; go raibh a shláinte gan a bheith ro-láidir; de bhrígh go raibh na daoine go han-chorruighthe agus go han-bhruithte ar feadh an ama a raibh an chaint láidir, cheannairceach ar a pháipéar; agus nach raibh an chaint sin air mar sin féin acht ar feadh cúpla seachtmhain. Leig sé, adeirim, an impidhe sin a chur ar an riaghaltas — mar nach bhféadfadh lucht na himpidhe aon ghealladh leasuighthe a thabhairt ar a shon gan cead uaidh féin; agus mórmhór ó thárla nár labhair sé focal i n-aghaidh rud tútach mar é a dhéanamh. Acht is cosmhail go díreach é leis an gcosaint shuarach a rinne sé air féin tráth a raibh sé dhá fhromhadh fa dheireadh nuair a thug sé fiadhnuise go raibh cáil mhaith air, agus nuair a shaoil sé cúram na cainte bhí ar a pháipéar aige a chur ó n-a dhoras féin. Sir Laoiseach Ó Briain a thug an impidhe seo go dtí an tighearna Clarendon; d'admhuigh sé freisin go raibh an bíodhbha “ciontach.” Nach iad an námhaid a bhéas samhasach fa'n obair sin, nach ortha a bhéas an t-áthas fa sinne agus ar gcúis a bheith ar lár! Tá an Daily News go ríméadach do réir chosamhlacht fa'n leithsgéal maith seo a bheith aca, agus cá bhfuil an páipéar nuaidheacht sa mBreatain nach mbeadh? agus deir sé, a chuid féin de, duine uasal a bhfuil cáil chomh maith sin air nár mhiste a leigean amach saor agus nach bhfuil aon dochar don phobal ann. Is tútach suarach an obair í! Mo mhallacht dá cháil phríomh- áideach! Gidheadh níor cheart do dhuine fearg a ghlacadh leis an Dubhthach, óir níor ghabhadh dhúinn aon cheapadh bheith againn go dtiubhradh sé príosúntacht air féin mar gheall ar phrionsabáltacht ná ar adhbhar ar bith. Ní mhairfeadh an Dubhthach gan gaoth mholta bheith dhá séideadh faoi; sin
í a choinnigheadh an tséideog ann; agus ní mórán moladh ná gaoithe mhór atá le fagháil ón adhmad cruaidh seo atá fúinne. Nuair a shroicheas fear an áit seo tá talamh bainte amach aige; ní fhanann aon néall chumhra mholta annso faoi, imthigheann sé le gaoith. Ná ceapadh aon fhear go mbainfidh sé beatha ar fad as an gcineál sin bídh — óir is droch-bhiadh é agus d'atfadh sé é — ná líonadh duine a bholg leis an iomarca den ghaoith anoir. Nach bhfuil a fhios againn Polláirí fairsinge sin a shluigeadh na muillte gaoithe — é siúd a bhfaca Panta- gruel é i ríoghachtaibh Ríoghna Entéléchie — gur imthigh sé as ar fad agus gur éag fa dheireadh agus na leagha thart timcheall air, nuair nach dtiocfadh leis an biadh ba gnáthach leis a fhagháil, acht go mb'éigin dó ciotalacha cruadha a chogaint agus friochtáin. Dá gcaitheadh Polláirí fair- singe a theacht i dtír ar bharraibh iarainn agus ar bholtaibh, goidé mar thiocfadh ann, meas tú? Go deimhin féin is rí-bheag an tuairisg do réir cosamhlacht atá annso i mBermuda ar na fearaibh breagha óga liteardha sin, ná ar a gcáil ná ar a mbuadhaibh; cé gur buidhean bheag iad a chuir anam as a nua i nÉirinn. Ní féidir tada fhagháil as duine acht an rud atá ann; gidheadh is beag an tsúil a bhí agam go ndéanfadh an Dubhthach an inísliughadh sin air féin. Is fearr go fada an t-árach a bhí aige ná ag ceachtar againn, agus leigfidh sé don “Riaghaltas” imtheacht leo anois agus comhar- thuidheacht éigin dlighe agus reachta dhá bhfalach féin, an lá go bhféadfadh sé gan snáith dhe fhágáil ortha, acht a dtaisbeánadh mar tá siad — .i. sluagh armtha iad atá ag riaghlughadh a námhad de rinn gaoi. Agus dá mbeith an “Riaghaltas” gan géilleadh don impidhe so féin agus dá leanaidís de agus an dlighe a chur
air arís cá bhfuil an coisteoir a mbeadh sé de chroidhe aige seasamh ar son an té thiocfadh ar gcúl mar chuaidh seisean? Ná cá mbeadh an tairbhe dhó ann dá seasadh féin? Is olc an obair í ar gach uile chor; acht ní hé seo is críoch di. Creidim gurab amhlaidh is mian leis an Dubhthach agus le n-a chomhairleachaibh a chur 'n-a luighe orainn, nuair a gheallas sé éirghe as politiceacht, a chur 'na luighe orainn go bhfuil cúis na hÉireann sa bpreib dheireadh, nó nach fiú troid ar a son; a chur i n-iúl dúinn, a gcuid-san de, go dtiubhraidh siad-san suas an tír, agus déanadh na Sasanaigh “cill nó muileann di.” Agus cé'n dochar acht sin a dhéanamh anois, tráth nach bhfuil aon dlighe le fagháil, nó má tá gur dlighe é atá iompuighthe i n-aghaidh gach uile fhear cneasta; tráth a bhfuil ceathrar as an gcúigear de mhuinntir na tíre, agus gan é de chead aca ceart cathruightheoirí a bheith aca; tráth a bhfuil duine as an gcúigear aca ag fagháil bháis leis an ocrus, agus an t-oileán fútha féin ag an arm, mar bhéadh dúthaigh námhad. Agus an fear ar leis an Nation, gabhann sé párdún — ní raibh faoi aon díogh- bháil a dhéanamh a chuid-san de le na briathraibh mór- ghlóracha úd a bhí aige, acht é chomh dlightheach le Quaker ar feadh an ama, agus ní dhéanfaidh sé a leithéid arís go deo. Mar sin go díreach atá an cás, sin nó is dearg-bhréagadóir é an Daily News so. An phláigh go raibh ar gach uile chladhaire! Níl cúis na hÉireann sa bpreib dheireadh, agus is tútach agus is sunda an rud a rádh, ná a cheapadh, ná a chuimhniughadh, ná a leigean amach go bhfuil. Creidim nach cóir a mheas go bhfuilmid buailte má chuaidh aca orainn féin i mBaile an Gharrdha. Duine
uasal croidhe measamhail, fiúntach, a thug ceathrar nó cúigear fear leis, agus gan aithne ná eolus ag na daoinibh ortha, chuadar i gconndae Chill Choinnigh agus i gconndae Thiobrad Árann agus d'iarradar ar a lán daoine éirghe amach i n-aghaidh an riaghaltais, fa n-a stiúradh-san, nó go saoraidís an tír. Níl aon phinginn airgid ag an duine uasal sin le n-a n-íocfadh sé a shluagh; níl éide ná airm aige dhóibh ná greim bídh a chuirfidís ina mbéal. Thaisbeáin sé píce a bhí aige agus d'órduigh dhóibh leanamhaint dó agus an tír a shaoradh. Maith maise, ní hé nach bhfuil fonn a ndóthain ar na daoinibh an tír a shaoradh; dá mbeith leath a ndóthain airm féin aca, agus leath a ndóthain éadaigh, agus ceathramha cuid a ndóthain le n-ithe thaisbeáinfidís sin. Acht tháinig an duine uasal croidhe seo ortha chomh hobann sin gur chuir sé iongantas ortha. Is fíor-bheag aca a bhfuil arm ar bith aca. Ba hé gnáth-rún an riaghaltais a bhí ortha agus a bhí mar námhaid aca, gan airm a fhágáil aca le leith-chéad bliadhain anuas, agus cuireadh fiche dlighe arm i bhfeidhm leis an intinn sin amháin ó aimsir an Aonta. Ba ró-bheacht agus ba glic an gnáth-rún é; óir bhí a fhios ag an námhaid dá mbeith cleachtadh ag na daoinibh ar airm go mbainfidís an leas ceart, ionnraic asta a bhainfeadh Críostuidhthe ar bith asta. Dá bhrígh sin gach Gaedheal a bhí ina Chatoiliceach nuair a chuimhnigheadh sé ar airm chuimhnigheadh sé ar an gcoir, ar an bpríosún, ar lucht braith, ar an seisiún beag, ar laincis agus ar an arm. Ba hé sin an gnás le leith-chéad bliadhain. Agus ar eagla nach raibh a sháith sa méid sin ba hé teagasg na ndaoine a bhíodh ag brostughadh do réir an reachta, seadh agus teagasg na sagart freisin, nó teagasg a bhfurmhór, go mba peacadh
é úsáid a dhéanamh d'arm. Níor múineadh dhóibh gurab é pribhiléid an duine arm a bheith ar iomchur aige — gurab é an beithidheach amháin a bhfuil déanamh d'fhoireasbha arm aige; níor múineadh dhóibh gurab amhlaidh chuir Pairliméid na Breataine dlighthe arm i bhfeidhm de bhrígh go mbain- eann gach uile fhoghluidhe arm den té a bhfuil sé ar tí a chreach agus a shlad. Níor múineadh; múineadh na sean- fhocla seafóideacha dhóibh: “Is fearr linne maireachtáil ar son ar dtíre, éagadh daoine eile ar a son”; “Is fearr aon duine amháin a bhfuil grádh dhá thír aige agus é beo ná lán reilice de dhaoinibh marbha.” Ní daoine den tsórt sin a mbeadh súil agat go n-éireochaidís amach en masse nuair a déanfaidhe a nglaodhach chun cogaidh, bíodh go mbeadh an sglábhuidheacht is do- fhulangtha ar bith ortha agus fearg an domhain mar gheall air: táid siad ró-thruaillighthe, ró-dhall, ró- imthighthe as agus gan aon mhaith dhóibh féin ionnta. Caithfear i dtosach, shul 's éireochas mórán de na daoinibh amach, ná shul 's bhéas siad ábalta ar a dhéanamh, caithfear teagasg breagh fearamhail a thabhairt agus a ghlacadh. Caithfear annsin troid a bheith go minic ann idir na daoine agus arm Shasana i mbaile mór agus fá'n tuaith chomh maith le chéile, agus caithfidh cleachtadh a theacht ag fearaibh agus ag buachaillibh agus ag mnáibh ar an lann ghéar glas, agus ar a bheith ag tabhairt na fola. An Éirghe amach Ameriocánach is amhlaidh thosuigh sé as raiceanna a bhí idir dhá bhuidhin ar na sráideannaibh i mBoston — “raiceanna suaracha.” Tráth ar éirigh na Lombardaí amach an uair dheireadh bhíodar d'éis bliadhanta fada a chaitheamh dhá n-ullmhughadh féin, ag troid go fraochmhar i n-amharclannaibh agus ar na
sráideannaibh nó go raibh na daoine go hiomlán coipighthe, go mba geall le niosgóid iad; agus is mar sin a bhéas sé go deo ag daoinibh a mbeidh an spioraid ionnta má bhíonn anfhorlann dá fhulang aca, sé sin mara mbaintear an fhearamhlacht asta le droch-theagasg. Dá n-éirghití as an gcúis anois níor thada eile é acht leithsgéal a bheadh ag daoinibh a rádh: “Ní saoirse atá ó na daoinibh sin, ní fiú iad saoirse a fhagháil; ní throid- fidís in mBaile an Gharrdha.” Deirim-se arís nach cladhairí iad mo chomhthíoracha, agus nach bhfuil aon fhonn ortha a bheith fa mhoghsaine; agus cé go bhfuilim anois imo chime agus go bhfuilim ar longais tá súil agam go bhfeicfead an lá fós go mbéidh an leigean aca leis sin a chruthughadh. Gidheadh fa láthair is ró-fhollusach go bhfuil an chuid aca atá lag mí-mheanmnach go bhfuil siad ar lorg leithsgéil éigin a thabharfadh dhóibh brostughadh síothchánta a dhéanamh mar tá dhá dhéanamh ag lucht leanamhna Dhomhnaill Uí Chonaill, sin nó éirghe as politiceacht ar fad — thiubhradh sé leithsgéal dóibh gur chlis ortha i mBaile an Gharrdha, nó go bhfuil an riaghaltas ag dul chun dánacht, nó an droch-shláinte, &rl. — acht is bocht suarach an rud le rádh nó le cuimhniughadh air é. D'fhan- faidís go síothchánta i nÉirinn, chaithfidís a saoghal go fiúntach imeasg na ndaoine, agus d'fhéachfaidís fútha agus tharta ag cuartughadh áit i bhfuighdís uaigh eas- onórach dhóibh féin. Acht níl stair na hÉireann thart fós. Chím fós ar na páipéir seo go bhfuil arm Riaghaltais Puiblidheacht na Fraince ag ionnsuighe na Róimhe .i. riaghaltas puiblidheacht eile, ag iarraidh a chur d'fhiach- aibh ar na Rómhánaibh an triúr a thoghadar (agus is é an
deagh-Eadáileach uasal sin Mazzini an ceann ortha) a dhíbirt agus an chumhachta a thabhairt arís do “bhuidhin uathbhásach” na sagart. Tá dul amugha gránna éigin ortha sa méid sin; sin nó tá an Bonaparte so i dtréas i n-aghaidh Riaghaltas Puiblidheachta agus i n-aghaidh na Fraince, é féin agus a Odillon Barrots agus an dream ríoghdha eile atá ina fhochair. Is cumh- achtach an bhuidhean atá ina aghaidh agus i n-aghaidh a Riaghaltais, agus “Cumanntóirí” atá ag lucht páipéar nuaidheacht Shasana ortha fré chéile. Acht saoilim go ngoirthear “cumanntóirí” anois de na daoinibh is fearr a bhfuil an creideamh puiblidheacht aca; óir ní fhéadfadh aon bhuidhean mhór a bheith ann a chreidfeadh i bhFourier-Owenism. Ag Dia atá a fhios gur deacair an rud ceist i dtaobh aicmí na ndaoine a réidhteach ar an rann Eorpa fa láthair; acht ní réidhteochadh Fourier- Owenism í. Fairíor gan feiceál agam ar pháipéar éigin ón bhFrainc; tá mé sa dorchadas. Acht is forusta aithne gur éirigh seafóid chainte os cionn “Órd,” chomh maith agus dá mbeadh gan tada eile bheith ar chúram an duine, ná ar chúram an phobail acht aire a thabhairt d'órd. Tá lucht an airgid ar ndóigh ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an tseafóid chainte a leathnughadh. Agus nach hí an dearg-sheafóid í na dhiaidh sin. Órd! ars eisean; is fearr an t-órd atá ar bun i longaibh príosúin Bhermuda ná mar atá ins na Champs Elysées. Tá an Ungáir dhá cosaint féin go fearamhail ar an Ástria. D'iarr Impearóir na Gearmáine congnamh ar Impearóir na Rúise, agus gheobhaidh sé conghnamh uaidh. Is laoch é Kossuth a bhfuil intleacht thar barr ann.
Acht chuaidh ag an námhaid críochruighthe ar na Seiks is- na hIndiachaibh; ghabhadar Moultan agus rinneadar a argain. Cathair í Moultan den chuid a sgrúduigh an Branach dóibh. Rinneadh an áit a chosaint go fear- amhail. 28°. — Támuid ag tarraing ar na Barbadoes, agus ní mór dhúinn leath-bhórd a thabhairt ó thuaidh arís, cloisim. Tá an aimsir go háluinn, gan a bheith go ró-the ar fad di. Tá an tsláinte go breagh agam, agus mé ag spais- teoireacht go leisgeamhail agus ag bhfáinneáil ar an mbórd árd deireadh agus gan tada ar m'aire d'oidhche ná de ló. Ní duine de phobal na ndaoine móra mé, agus ó thárla gan mé ar aon bhórd leis na hoifig- eachaibh, tá an t-am ar mo chomhairle féin agam, cead agam mé féin a ghléas mar is breagh liom, agus ní labhraim le aon duine acht leis an dochtúir, agus le cineál ministéara nó “Teagasgthóir” mar curtar i gcomhnuidhe ar longaibh príosúin. Sean-Albanach é an caiptín, feasóg ruadh air; agus eisean agus an dochtúir agus dhá fheithideach ar a dtugtar mátaí .i. an t-árd-mháta agus an dara máta, agus dhá oifigeach de bhuidhin airm an 91°, agus an ministéara nó an teagasg- thóir, sin iad atá ar bhórd na n-oifigeach i n-am bídh. Buaileann an caiptín agus an dá mháta bleid chainte orm corr-uair nuair a thagas sé in mo cheann leigean dóibh, cé gur máirnéalaigh féin iad ní holc na daoine croidhe iad; acht is mór an greann liom an chaoi a bhfuil an dá oifigeach san áirdeal ortha féin ar fhait- cheas go labhairfidís liom. Ní chuirfear cúirt airm ar na daoinibh uaisle sin, nó cinnfidh sé ortha, faoi an iomarca aire a thabhairt dom: agus dá bhrígh sin fanann siad i bhfad uaim ar an mbórd árd agus iad ag siubhal
ar an taobh thall de. Shaoilfeá i dtosach go mb'eagal leo go dtiocfainn ag brúghadh carthanais ortha, agus d'fhéachaidís cam orm mar d'fhéachfadh cailín neoid ar fhear ghránna a cheapfadh sí a bheith ar tí a milleadh. Ní gábhadh dhóibh faitcheas ar bith dhá laghad a bheith ortha — ní mhillfead-sa an onóir Shasanach atá ionnta. Fear de na Stíobhardaigh ó Ghlascú é an teagasgthóir, agus nár laghach an mhaise dhó é agus iasacht a chuid leabhar a thairisgint dom an fhad is bhéinn ar an aistear. Léigheann sé na paidreacha do bhuidhin bheag Protus- túin atá ar na daoraibh, — féachann sé le léightheoireacht a mhúnadh dhóibh agus le feabhas éigin a chur ortha i gcruth agus go leasóchaidís. Gidheadh ní labhrann liom-sa ar chreideamh agus taisbeánann sin go bhfuil stuaim ann. Gur mar sin atáim ag breathnughadh ar na daoinibh bhéas 'na gcomh-máirnéalaigh liom ar feadh dhá mhí. Iúl 12°. — An dara lá déag den Iúl. — Tá súil agam nach bhfuil na hamadáin i dtuaisgeart na hÉireann ag marbhadh a chéile indiu.* Gidheadh má tá, tá aon tsólás amháin ann: an té marbhófar ní éagfaidh sé den ghorta. Támuid gar do ráiche ag seoltóireacht: ní fhacamar talamh fós, agus támuid gan a bheith leath bealaigh go dtí an Ros fós. Ón lá ar fríth amach compás an mháir- néalaigh ar chuma ar bith, chreidim nár facthas seolteóirí chomh dall leo seo. Trí huaire a chuadhmar treasna líne creasa na gréine — agus trí huaire a chuadhmar tré “réigiúin na gcalm” agus ba mall fadálach an t-aistear dhúinn a dhul thríd an bpíosa sin mara. Níl *Níor mhór dham an focal sin a mhíniughadh do na léightheoiribh ameriocánacha; Sé an dara lá déag den Iúl an Lá atá ceaptha ag na Fearaibh Órdha san Tuaisgeart le n-a n-áthas a chur i n-iúl faoi na cathaibh a chuir an Rí ón Tír fo Thuinn a bhí ar Shasana ar a gcomhthíorachaibh féin.
aon tsúil ag an gcaiptín an Ros a bhaint amach, is fadó a chur sé a shúil de sin, gan cur i dtír i n-áit éigin i mBrazil ar lorg lóin agus uisge; agus támuid ag triall ar Pernambuco anois. Tá an fhoireann agus na príosúnaigh agus gan le fagháil aca acht leath a mbíodh ag dul dóibh de bhiadh agus d'uisge. Chuaidh an t-uisge chun donacht go mór: tá dath dubh air, agus é bog, agus beo le ainmhidhthibh beaga. Tá an tinneas ag leath- nughadh imeasg na ndaor agus imeasg na saighdiúirí: agus támuid taréis seacht gcorp a chaitheamh amach cheana thar bórd go dtí na craosairí mara. Tá go leor eile go fíor-dhona leis an ngrís; agus tá an-fhaitcheas roimh an bhfiabhras; agus ó thárla gur sa réigiún is teo den chruinne a cuireadh an mhoill seo orainn (támuid ar líne na gréine nó i bhfoisgeacht trí grádha dhó le hocht seachtmhainí) sé an rud is mó is curtha i n-iongan- tas a laghad is cailleadh fós. D'órduigh an dochtúir cúpla lá ó shoin gan a thabhairt d'aon duine acht ceath- ramha cuid a raibh ag dul dó d'uisge, sé sin pionta go leith sa ló, agus déanadh sin cócaireacht dó agus tae agus uisge le n-ól. An tráthnóna céadna sin thuit múr mór uathbhásach fearthainne, mar is gnáthach a theacht ins na réigiúin theo, agus gabhadh deich dtonna d'uisge glan úr fuar agus cuireadh i mbairillibh é i mbolg na luinge. Ní rabhthas leis acht sé huaire a chluig, mar cuireadh caoi ar an sgáth gréine bhí ar an luing, agus rinneadh cuisle canbháis a shocrughadh a chuaidh ón mbórd síos go dtí na bairillí. Cheithre ghrádh agus cheithre fichid teas atá dá thaisbeánadh ag gloine tomhais an teas Fahrenheit le seachtmhainí, agus níl duine ar bórd nach mór an samhas leis an múr áluinn sin. Ar a theacht don dorchadas bhaineas díom go croiceann agus
chuadhas amach in mo chroiceann ar an gcasán, gur fhanas tamall annsin agus samhas orm 'mo sheasamh sa lán-mhúr breagh úd. B'éidir, mar gheall ar an múr cóir seo, gur leath ar n-allúntas uisge bheadh le fagháil againn as so go Pernambuco i n-áit ceathramha cuid. Mo chuid-sa dhe, taithnigheann gach uile rud thar barr liom — an teas agus an fionnfhuartas, an fliuchán agus an triomach, lán-allúntas bídh, nó a leath sin, nó a cheathramha cuid, agus caithim tobac agus ólaim an t-uathbhás san oidhche, tar éis a bheith ga mo ghoradh féin sa ngréin ar feadh an lae, ar nós an toirtís. Ní hé go bhfuil an ghrian féin ag sgartadh ins na réigiúin so go bhfuil an lá agus an oidhche comhfhad ionnta, acht tá an t-aer chomh te sin agus chomh sádhail sin gur féidir do dhuine a ghoradh a dhéanamh leis. Iúl 13°. — Níl sa gcraosaire mara acht breac beag bídeach. Tarraingeadh ocht nó naoi de cheannaibh aca ar bórd chugainn ó shroicheamar na réigiúin theo so, agus bhí na sgórtha aca ag snámh thart timcheall orainn agus ní bhainfidís leis an mbaoite. Ní raibh ceachtar aca thar chúig troighthe ar fad, agus an béal atá ortha tá sé chomh cumhang agus gur beag le cois toirt cnú fiadháin a thiocfadh thríd; acht is do-áirmhidhe an uimhir fiacla beaga, féithleogacha, triantánacha atá aca agus iad chomh tanaidhe sin agus chomh lag sin agus dá mbuailtí buille maith ó bhróig láidir sa mbéal ortha go gcuirfidhe seasga nó seachtmha de na fiaclaibh síos an sgóig aca. Is gránna garbh an cineál feola tá ortha, agus droch- bholadh uirthi, tráth is úire bhíos sí, acht bhí corr-dhuine de na máirnéalaigh agus de na príosúnaigh a d'ith í. Is aisteach, iongantach an feic é an “réigiún na
gcalm,” agus is tuirseach. Tá camhaoin ifreanda mar néall os a chionn agus sostacht dó-innsighthe, amhail is dá mba hé ríoghacht Dis é. Tá an t-aer tais, te, dorcha ann; is beag nach bhféadfá breith air. Níl puth as aer, acht sinneán dubh nó dhó sa ló; acht tá an t-aer i n-aon mhuirt liath-dhorcha amháin, agus tonnta móra dorcha ag at sa bhfairrge, go saoilfeá gur righin atá an t-uisge. Níl bualadh loingis ar bith ar an ionad i bhfuilmíd, acht an oiread, agus is iomdha seachtmhain sinn dhar dtuairt- eáil anois ar an muir mhuirteamhail seo i n-uaigneas na marbh. Is minic mé ag aithris na línte seo dham féin: An doimhin féin do lobh sé, a Chríost! Nach mairg ariamh sin a bheith amhlaidh — Agus ainmhidhthe bealaidhe shnámhadar agus cosa fútha Ar an muir bhealaidhe. Tráth a dteagann sinneán fúinn san oidhche, dhár seoladh faoi na seolta uachtaracha ar uachtar na mara ar feadh ceathramha uaire an chluig d'fheicfeá an teine 'na casán siar n-ar ndiaidh sa dorchadas ar feadh t'amhairc, agus an cubhar 'na chaor theine ag rith thart siar ó ghob na luinge ar nós Pyriphlegethon sa bhfuarloch. Is mór an grádh Dia linn múr mór báistighe a theacht, agus ní raibh a fhios agam ariamh cheana a leithéid de shádhaile a bheith i ndeoch den uisge úr fionn-fhuar; cé go mbéinn leath an lae ag siubhal ar bharraibh na gcnoc agus go dtiocfainn annsin ar shruthán uisge glas i ngleann, nó ar thobar faoi sgáth carraige, mar a mbeadh an stór luachmhar i bhfolach ó íota agus ó theas na gréine. Suidhim fúm amanna annso ar feadh i bhfad 's i bhfad ag breathnughadh uaim
ar néall dubh báistighe atá ag gluaiseacht ag bun dubh-ghorm na spéire, agus mé ag súil go mbros- tochadh an ghaoth agus go seolfadh sí chugainn an locht breagh trom sin uisge atá ag imtheacht mar ualach thríd an spéir agus dath dubh dubh-ruadh ar an bhfairrge fúithi. Bheadh íota tairt orm acht ní choisgfinn é acht cúl tugtha agam do linn dubh na luinge agus don tsúbhlach liomáinte, agus mé go dúlaidhe ag dearcadh ar an ualach uisge milis a bhí i dtaisge sa néall néata úd a bheadh ag déanamh orainn, ag seoltóireacht ar nós long stáideamhail ó Tarshish a bheadh ag déanamh ar oileán Java nó ar Gadire faoi mhaise a cuid seol. B'fhacthas dom go bhfeicfinn srutháin chriostalda agus go gcloisfinn an torann a ghníodh an sruth Ruadh nó an Banna. An t-íota tairt a bheadh orm choimhéadainn é agus ghnínn mórán de (agus súil agam nár bhfada uaim é a choisgeadh sa tuile sin), agus mé ag iarraidh é a ghéarughadh, ag cuimhniughadh ar gach uile nídh is mó a chuirfeadh tart ar dhuine; coin allta íotmhara ag lafairt as an tobar dubh-uisge; lucht taistil an fhásaigh agus iad ag triall tré fhásach chailcidhe na Siria; an máirnéalach a mb'éigin dó greim a bhaint as a láimh, agus an fhuil a dhiúl shul 's d'fhéadfadh sé Seol! Seol! a ghlaodhach amach. Acht féach, nuair a bhí an néall báistighe trí léig nó mar sin uainn, thuit gach uile dheoir dhe go dtí an deoir deireadh agus an deoir deireadh féin ós comhair mo dhá shúil síos sa bhfairrge, gur chuir sé éad orm, agus an stór luachmhar sin uisge cailleadh san aigéan é, agus ba diomadhach neamhthorthamhail a bhí an sáile dhá bharr — an fásach, mar dubhairt siúd, nach maireann aon duine ann. Agus cé hé thusa, a dhuine.
go sileadh néallta neimhe dhuit? An bhfuil ionat do ghlór a árdughadh chum na néall ionnus go dtiubhrá neart uisge chugat féin? An bhfuil athair ag an mbáistigh? Nó cé ghein na deora drúchta? Ní mise é. Mar sin tá orm mo námhaid a choisgeadh le linn na luinge, agus le braon beag de shúbhlach an liom- áinte agus gráinne siúcra thríd, sin nó le gloine biotáilte láidir. Iúl 14°. — Indiu an chéad uair a mhothuigheamar an chéad phuth de ghaoith anoir-ndeas na gceárd; agus tá súil ag an gcaiptín ó thárla chomh fada sin soir sinn .i. 25 grádha siar ó líne mheadhon lae na Sasan, tá súil aige Pernambuco a shroicheachtáil fa cheann cúpla lá leis an ngaoith seo; nó má thugann an sruth soir arís sinn thar St. Roque níl baoghal nach dona bhéas an cás againn an uair sin. Is mór an t-ualach de chroidhe an árd-dochtúra é a dhóithidighe is tá sé dhúinn caladh a bhaint amach an turas so, óir bhí an-imnidhe air le roinnt laetheanta. Agus is beag an dochar dhó é; mara mbeadh lón agus uisge ar ndóthain againn, agus sinn a bheith i bhfad ó thalamh, nó dhá dtagadh sé na chalm orainn i ngar do thalamh anaithnid, tá cheithre chéad duine ar bórd againn, agus trí chéad aca sin 'na mbitheamhnachaibh crodhanta, is gearr a rachadh riaghlughadh annsin, agus ní bheadh ann acht lucht na gcábán a raibh a ndóthain aca, cé aca a d'íosfaidhe i dtosach agus cé aca a d'fhágfaidhe go deireadh? Duine beathaidhe é an ministéara agus tháinig sé chugam cúpla lá ó shoin agus é chomh bán leis an bpáipéar le imnidhe, agus d'innis sé a sgéal dom. “Éireochaidh siad n-ar n-aghaidh annso,” adeir sé. “Marbhochaidh siad sinn, íosfaidh siad sinn agus déan- faidh siad an-uathbhás.” Dubhras leis go mba gnás é
sin a bhí ag leathnughadh go mór .i. daoine a ithe — agus d'fhéachas ar a bholg mór agus dubhras go raibh na daoine ag ithe a chéile i nÉirinn le tamall cé go mba daoine suaidhte iad. Tháinig creathadh air agus dubhairt go raibh súil aige deagh-chríoch a theacht ar an sgéal. Iúl 15°. — Támuid gan aon aimhreas ag imtheacht roimh ghaoith cheart na gceárd, céad go leith míle sa ló de shiubhal fúinn agus sinn ag tarraint ar chósta Ameriocá Theas. An Doch. bocht Dees, a raibh droch-shláinte agus imnidhe i n-éinfheacht ag dul dó, tá sé ag féachaint níos spleodaraighe anois na mar bhí sé; tá a ghoile ag teacht don tséiplíneach, agus é ag reamhrughadh; go dtí na hoifigeacha galánta féin, cé gur thaisbeánadar sang froid i gcomhnuidhe mar dhéanfadh daoine uaisle, táid siad níos sásta anois ag caitheamh a bpíopa, dar liom, ná mar bhíodar. D'fhágamar réigiún na gcalm ar ar gcúlaibh agus tá gaoth chruaidh thirm anoir-ndeas ann agus tonnta beaga gorma dhá ndéanamh ar uachtar na mara aici. Tá an ghrian ag dul thart ina caor theine arís os ar gcionn ar a haistear lae, agus síos léithi sa bhfairrge thiar tráthnóna agus is áluinn thar barr an feic í. Támuid glanta amach as na línntibh Acerontacha agus sinn ag teacht arís go dtí an áit i bhfuil an ghrian bheannuighthe ag sgartadh. Iúl 18.° — Talamh! — cósta íseal ag síneadh i bhfad amach uainn agus é i bhfoisgeacht dhá mhíle dhúinn. Tá sé faoi bhrat throm de choilltibh uaisle agus iad ag fás anuas go bruach na fairrge — iubhair árda crotha fiadh- áine 'na seasamh le cúl a chéile ar ghaineamh na trágha; cathair fhionn-aolta, tuir árda ar a fuaid, agus í déanta síos go dtí an snáithe mara ar feadh dhá lán- mhíle cladaigh agus gan ann ag an gcathair adhbhalmhór
shaoilfeá acht go dtug an fhoraois sin ionad sheasta dhí ar a ciumhais. Tá glasraidh go tiugh tréan ag fás ar gach taobh den chathair, idir na tighthibh agus na clochair agus amach go dtí na sráideannaibh; agus ar chúlaibh na cathrach tá an talamh ag éirghe do réir a chéile, agus chím go bhfuil sé faluighthe ar feadh mílte suas go barraibh na gcnoc i bhfad uainn le duilleabhar fiadháin na gcoillte. Acht tá sé fichid míle duine 'na gcomhnuidhe sa gcathair sin, idir an fhoraois agus an aigéan; tá a lán teampuill agus mainistreacha mhóra ar dhéanamh mórdha Lúsitanach innti agus stórtha móra agus calaidh agus loingeas ó iltíorthaibh an domhain insa gcuan. Tá casáin do mhúillíbh ag dul thríd an bhforaois, amach go dtí na machairí féarmhara agus go dtí na garrdhanta siúcra, na garrdhanta caifí agus go dtí na garrdhanta tobac a bhí i bhfad isteach sa tír. Ba hé Pernambuco an caladhphort as a gcuirthí ar siubhal go tíortha eile iad. Chím meirgí na Ameiriocánach agus na bhFrancach, meirgí na Sasan agus na Tíre fo Thuinn, meirgí na Péru agus bratach buidhe uaine na mBraziles i n-áirde ar na long- aibh atá sa dug agus tá bratach buidhe an fhiabhrais ar aon long amháin atá ar ancoire tuairim le míle uainn. Tá súil againn riar mairtfheola fhagháil annso (daimh allta a gabhadh leis an téid), agus uisge, agus toraidh talmhan, liomáintí agus oráistí leis na gearba a dhíbirt. Támuid i ngéar-chall dá bhfoireasbha. 20°. — Tháinig báid amach chugainn agus iad lochtuighthe le oráistibh le liomáintibh le glasradh agus le arán úr. Oráistí an-mhór an-mhilis iad, craiceann donn ar chuid aca agus tuilleadh aca glas. Cheannuigheas deich gcinn fhichead aca ar shé pinginne agus an samhas agus an t-ampla bhí orm nó go raibh sé cinn aca ithte agam
ar bhall na baice ní iarrfainn dearmad a dhéanamh go deo air. Sglábhuidhthe do b'eadh cuid de na daoinibh a raibh cúram na mbád agus cúram na n-earraidh ortha; b'éidir gur san Afraic a rugadh iad (óir díoltar a lán daoine ón Afraic ar na margaibh i gcaladh-phortaibh Brazil agus Havana). Chaitheas i bhfad 's i bhfad ag breathnughadh go grinn ortha, óir ní fhacas ariamh cheana gus indiu sglábhuidhe ina sglábhuidheacht — sé sin, sglábh- uidhe a d'fhéadfaidhe a dhíol, agus mb'fhiú airgead é, sglábhuidhe a gceannochadh duine é agus a dtiubhradh sé cothughadh dhó na dhiaidh sin i gcúrsaibh gnótha. Na sglábh- uidhthe bochta a raibh cleachtadh agam-sa ortha, ní hé amháin nár bhfiú tada iad acht na daoine ar leo iad is mór a chaillfidís le n-a gcur uatha — ní sglábhuidhthe iad a thiubhraidhe isteach i dtír, acht sglábhuidhthe atá d'ear is barr ann agus iad annsin le cur as an tír — sglábh- uidhthe a bhfuil Reacht glórmhar aca, agus Coimhéad, agus Habeas Corpus gur féidir a chur i leath taobh, agus fromhadh coistí, go mbeadh sé de chompóirt aca a ndíbirt as teach agus as árus, a gcur i bpríosún thar sáile, agus a gcrochadh má's breagh leís na “daoinibh móra” é. Sglábhuidhthe reamhra soilbhire iad sin atá i mBrazil, gan an iomarca oibre ortha, ná cheal a ndóthain le n-ithe; agus is mór an spóirt a bheith ag breathnughadh ar na bitheamhnachaibh dhá n-únfairt féin ar thóin na mbád le teann leisge, agus iad ag diúl giota de chrann an tsiúcra, drad gáiridhe ortha agus iad ag siosga cainte le chéile agus gan a fhios aca go bhfuil aon anachain mar Palladium sa domhan mór. Pé aca sin é, is measa agus is uirísle go mór fada a bhí na sglábhuidhthe faoi na Sasanaibh, agus is measa uirísle a ndáil anois faoi na Ameriocánaibh ná mar bhí a ndáil ariamh faoi
riaghaltas na Spáinne, nó faoi riaghaltas na bPort- úinealach, nó faoi na Francaibh. An cine Anglo- Sacsan, áit ar bith i bhfuil an chumhachta aca bíonn siad i gcomhnuidhe ag caitheamh tarcuisne ar dhaoinibh. Má oibrigheann na sglábhuidhthe i mBrazil go réasúnta táthar sásta leo agus ní caithtear tarcuisne leo. Is minic a leigtear isteach iad i gcomhluadar na ndaoine a mbíonn siad ar seirbhís aca, agus tá daonnacht éigin ina saoghal. An fearr a bheith id' sglábhuidhe mar sin faoi mháighistir atá trócaireach ionnraic ná faoi thighearna talmhan i nÉirinn? Ag Dia atá fhios. Acht má seadh, ní hé go dtaithnigheann an cineál so sglábhuidheacht ar fad liom. B'fhearr liom, dhá mbeith airgead agam, earraidh ar bith eile a cheannach leis ná sglábhuidhe, nó é a chur i ngnóthaibh ar bith — cé is moite ar ndóigh do stoc-chiste ar cáirde. Iúl 25°. — Támuid ar ancoire le seachtmhain i gcuan Pernambuco agus sinn ag ithe ar sáth toraidh. Is rí- bhreagh an glasradh é an iam, ní aithneochá ar a bhlas, ar a dhath, ná ar a dhéanamh nach fata é — is fearr é féin ná an cineál fataí atá ann, mhórmhór ar an aimsir seo. Acht tá siad thar barr le daoire, tá fiche punt an tonna ortha, ar éigin a chreidfeá é, cé gurab é an talamh so in Ameriocá ó Dheas a dtalamh dúthchais. Tá na horáistí le fagháil ar chúig cinn ar an bpinginn, acht tá sé pinginne an pionta ar an mbainne, cé gurab annso atá tabhairt amach an eallaigh. Ní féidir dhom an cás sin a sgrúdughadh ná a mhíniughadh mar nach bhfuil cead agam a dhul i dtír; agus dá mbeadh féin ní móide go bhfiarfochainn aon cheist amháin ina dtaobh. Nuair fhéachaim siar ar an leabhar cuimhneachain seo, cé gur irisleabhar é i n-ainm,
go deimhin féin is fíor-bheag an t-eolus atá ann, agus is náireach liom a rádh. Níor chuireas tada i dteannta ealadhna. Ní fearrde an t-eolus fóghainteach blas mé. Is cuimhneach liom go dtug Humboldt fa deara, agus ba cumasach an saothruidhe é, go dtug sé fa deara, agus é ag taisteal na gcoillte gcéadna so in Ameriocá ó Dheas, cineál áirithe mongaithe a bhíodh ag uailfirt i gcomhnuidhe le héirghe gréine; i ngleanntaibh Caraccas é sin. Agus ní hé sin amháin, acht thug sé fa deara, tar éis cuartughadh agus sgrúdughadh fada a dhéanamh, go gcloisfidhe an uailfirt sin 1,705 slata, chomh gar is d'fhéadfadh sé a dhul dó. Bhí de chruinneas agus de thábhacht an eolais sin gur fhan sé go soiléir in mo chuimhne, cé gur iomdha rud níos suaraighe ná é a ndear- nas dearmad air. Ní fhéadfadh an feallsamh ar ndóigh an t-eolus sin a bheith chomh sásamhail sin aige marach a mhinicidhe agus thug sé fa deara é agus a airighe agus thomhais sé an t-achar — maidneacha a dtéigheadh sé i n-áit a mbeadh na mongaí ar thaobh na gaoithe, agus annsin an t-achar a áireamh uaidh sin. Nach bhféadfainn-se freisin féachaint le iongantas éigin a thabhairt fa deara, ion- gantas maruidheacht, nó iongantas aeir, agus feabhas d'fhágáil ar eolus na healadhna? Nach é an barún de Humboldt céadna so an fear a raibh a thomhas-gorm aige .i. uirnis mín le n-a bhféadfadh sé a dhéine agus tá gorm na spéire a thomhas? É féin a cheap an uirnis sin agus ba mhór é a mheas air. Is eagal liom gur neamh-fheallsamhnach an mhaise dhom a bheith ag dearcadh suas ar an spéir ghorm d'oidhche agus de ló, mar an mbeithidheach gan a dhéine bheith ar sgála céimeann agam. Iúl 26°. — Tá an Doch. Dees tar éis páipeir nuaidh- eacht ó Shasana a thabhairt sa luing; an dara lá déag
den Mheitheamh an dáta is deireanaighe bhí ortha. Ba bheag an mhaith don Bhrianach, do mhac Uí Mheachair, do mhac Uí Dhonnchadha ná do Mhac Mhaghnusa a dhul go teach Feise na dTighearnaí ar lorg an chirt, óir daoradh iad agus cuireadh anonn go Tasmáin iad ar bhuille boise. Tá an Máirtíneach agus an Dochartach le cur anonn freisin. Tá an seisear aca ar an aigéan mhóir mar so. Labhradar i n-aghaidh a gcur anonn, dhá rádh nár dhlightheach don Bhainríoghain athrughadh a dhéanamh ar an mbreith a tugadh ortha — agus ní dlightheach. Acht d'iarr na minis- téaraí Acht a chur i bhfeidhm a dhéanfadh dlightheach é, agus ar ndóigh ní baoghal nach gcuirfear an tAcht i bhfeidhm dóibh, agus gan mórán moille acht an oiread. Tá muinighin ag lucht na feise as na ministéaraibh; agus dá n-iarraidís Acht a chur i bhfeidhm dhá rádh: “Ó thárla gur fearr colainneacha Liam Mac Gabhann Ó Briain, &rl., a chur ar bórd an long iomchuir — agus a dtabhairt go — ” agus leis sin dhá chur i bhfeidhm le toil na Bainríoghna sár-onóraigh &rl., &rl., ar ndóigh chuirfidhe i bhfeidhm dhóibh é go fonnmhar agus teanna leis; óir tá muinighin ag na feisiribh as comhairleachaibh na ríoghna. Má bhíos nóiméad ar bith riamh nár bh'onóir mhór liom mé a chur i bpríosún thar sáile tá aithmhéal anois orm faoi; óir is daoir thar sáile iad Seán Mac Máirtín, agus Mac Gabhann Ó Briain agus Tomás Ó Meachair. Má's mian le aon Ghaedheal cáil na cneastachta a chur air féin níl aige le déanamh acht díbirt go príosún thar sáile a thabhairt air féin ar an toirt; bíodh sé ar dhuine de na daoinibh nach bhfuil aon tseasamh aca leis an rud a dtugtar “Riaghaltas” air i nÉirinn —
Anois ba rí-mhaith liom a bheith san áirdeal ar na gnóthaibh seo, óir is ait an obair liom í, go bhfeicfead ciannos a n-éireochaidh le riaghaltas tar éis cuid de na fir is fearr sa tír a chur faoi ghlas; agus ní hé a gcur faoi ghlas do réir an dlighe acht go follusach agus i n-aon turas d'aindeoin an dlighe. Is fiú an gníomh a thabhairt fa deara agus gach a dtiocfaidh dhe. Nach ciúin uaim cur síos ar an doibheart mí-nádúrdha sin! Acht ní sean-mhná iad mo cháirde acht fir. Iúl 27°. — Níor sgríobhas faice le seachtmhain. Bhí fiabhras beag orm agus ar righin ar éigin a bhí ionnam siubhal suas ar bórd indiu 'na dhiaidh. Támuid dhar luasgadh fós i gcuan Pernambuco; Penny-booker atá ag máirnéalaigh Shasana air. Dearbhaim os comhair Dé nach bhfuil aon triúr fear beo i nÉirinn fa láthair níos urramaighe don dlighe, ná níos óighriaraighe dhó, ná níos dílse dúthrachtaighe do riaghaltas ná an triúr so atá anois ar a mbealach go thuar an domhain, mar mhéirligh agus mar chneamhairigh. Is go díreach mar gheall ar a n-urraim don dlighe, agus mar gheall ar a ngráin ar simulacrum bréagach an dlighe atá siad dhá seoladh anois ar long na ndaor — mar gheall ar an an-dúil atá aca sa síothcháin agus san órd agus sa gceart atá le fagháil faoi an dlighe cóir. Níl aon triúr ar m'eolus is fonnmhaire bheadh a saoghal a chaitheamh go socair síothchánta agus a ndualgas a choimhlíonadh go hoighriarach do dhlighe na talmhan ná an Brianach, an Máirtíneach agus mac Uí Mheachair, agus is tig liom cáilidheacht mo dhaoine aitheantais a thabhairt chun cruinnis annso, i n-áit a bhfuilim i bhfad uatha. Acht ní raibh aon tseasamh aca leis an éagcóir dhiabhalta a bhí dhá dhéanamh i n-ainm an dlighe mallaighthe bréige
seo; ná ní aontochaidís na milliúnaigh de chomh-dhaoine a dtíre a mharbhadh ionnus go gcothófaidhe an dlighe bréige sin ar feadh na gcianta bhí le theacht — “agus go n-íosfadh a naoidheanáin a thoradh agus go n-éagfaidís.” — Agus dá bhrígh sin táid siad i long príosúin anois i n-éinfheacht le dearg-dhríodar an chine daonna. Mo chuid féin de ní mhairfinn dá mbeadh i ndán agus go ndéanfainn coir i n-aghaidh dlighthe mo thíre — bheadh an oiread sin den náire orm agus go marbh- ochadh sé mé. An dtiocfaidh an lá go bráth a gcuirfear deireadh leis an éagcóir atá dhá dhéanamh ag na dlighthibh sin? Ní móide é, ar an saoghal so. “Ní féidir an rud atá cam a dhíriughadh an rud atá ar iarraidh ní féidir a chomhaireamh.” Dhá luing Ameriocánach atá ar ancoire annso tá na caiptíní atá ortha d'éis cuairt a thabhairt orm. Thángadar chugam go n-urraim mhóir, chaitheadar caint bhreagh liom feadh tamaill, agus ní dócha rud dá ndearnadar ná tuairisg a sgríobhadh fúm.* Lughnas 4°. — Ceannuidhe de mhuinntir Dowsley atá 'na chomhnuidhe sa tír annso chuir sé cliabh mór toraidh chugam. Deir sé gur Éireannach é, agus ar an adhbhar sin go bhfuil sé de cheart aige a bheith go lághach liom. Níor iarras cead a dhul i dtír ar ndóigh, cé go bhfuighinn é is dócha dá n-iarrainn — acht ní iarraim tada. Le linn Laoiseach Philip, nuair a cuireadh an Prionnsa Laoiseach Bonaparte thar sáile, is cuimhneach liom — dá mb'aon chompóirt dom é — go raibh a long *Rud a rinneadar. An tuairisg a thug na caiptíní croidhe orm táim taréis a léigheadh i bhFreeman's Journal Átha Cliath. Bothwell, an Tasmáin, 12° Lughnas, 1850.
ar ancoire i gcuan Rio ar an gcósta céadna so, agus níor leigeadh i dtír é d'éis a dhúthrachtaighe is d'iarr sé é, acht coinnigheadh go géar i ngéibhionn é ar bórd. Dhá laghad d'adhbhar sóláis dá mbeidh againn ní cóir dhúinn faillighe a dhéanamh air. Gidh- eadh thug na mátaí agus an dochtúir cuairt ar an gcathair agus deir siad liom gur mór an rí-rá gnótha atá ann; go bhfuil na sráideanna salach agus chomh cumhang agus nach mó ná go dtiocfadh dhá mhúille a mbeadh ualaigh ortha thar a chéile ionnta; gan carbaid ar bith ionnta, acht go leor mná maiseacha ionnta, mná Portuinéalach, agus Quadronas bán agus donn, — 'seadh, sin tuairisg is féidir le duine ar bith fhagháil as leabhraibh. Saoileann an námha gur cailleadh mé. Léigheas tuairisg feise ar an bpáipéar, agus dubhairt Rúnaire Shasana, i bhfreagra ar cheist éigin a cuireadh air im' thaobh féin an 3° lá den Aibreán: “Nuair a shroich sé Bermuda fríth go raibh a shláinte chomh dona sin agus nach raibh aon mhaith dhá choinneál ann. Socruigheadh dá bhrígh sin [déis “fanamhaint” deich mí im' aonraic ann] é athrughadh go dtí Ros an Dóchais áit a bhfuighfeadh sé toicéad saorsachta dá sroicheadh sé an tír sin beo — agus ní dóigh go sroichfidh, do réir na tuairisge is déidheanaighe tháinig chugainn i dtaobh a shláinte.” Ná bíodh aon imnidhe ar an Rúnaire. Tiocfaidh áthas air acht a gcloisidh sé a fheabhas is tháinig an t-aistear ar fairrge liom, ó thárla an oiread sin suime aige ionnam. B'éidir 'na dhiaidh sin gur ag iarraidh mé a mharbhadh atá na cneamhairí. Lughnas 9° — Pernambuco fós: is beag nach bhfuil- mid trí seachtmhainí ar ancoire annso anois agus gan
lón aistir fós againn fa chomhair ar dturais. Tá- muid dhá mhíle amach ó thalamh ar an ród, agus bualadh na dtonn ón aigéan mhóir orainn, agus an fear a rinne margadh linn fa riar lóin a thabhairt dúinn ní thiocfadh a chuid fear amach dó ar na báid, sin é an fáth. B'éidir do lá bhreagh a theacht annsin, acht is lá saoire é agus tá na cluig ar fad ag baint, tá a gcuid éadaigh Domhnaigh ar na daoinibh agus ní dhéan- faidís tada. Tá ar ndaoine-ne .i. an caiptín agus na mátaí ag malluidheadóireacht ortha agus ag tabhairt sgraistí leisgeamhla coimhightheacha ortha. “Féach an leithsgéal atá ag na bitheamhnachaibh,” adeir an máta liom. — “Níor mhaith leo a gcuid sglábhuidhthe a chur i gcontabhairt a gcailleadh ag teacht amach an aimsir seo — mo mhallacht dóibh. Ar ndóigh dá mba Sasanaigh nó Ameiriocánaigh na bádóirí is fadó bheadh an obair déanta aca.” Acht muinntir Brazil seo a thagas amach chugainn, is beag an imnidhe atá ortha fa dheabhadh na Sasan; tá cleachtadh aca ortha, ní bheadh súil aca le n-a mhalairt uatha, agus dar leo do réir chosamh- lacht is galar é an deabhadh atá ón mbruinn ar an Sasanach; tá truaigh aca don té bhfuil an galar air, acht is maith atáid siad dhá gcosaint féin ar fhaitchios go dtógfaidís é. Bheadh meas agam ar chine a bheadh aimhleasg, ar chine nach marbhochadh a ndeifir iad, ar chine a chóimhlíonfadh an tsaoire agus nach gcuirfeadh a gcuid sglábhuidhthe i gcontabhairt a gcailleadh. Na Sasanaigh sin agus na Meiriocánaigh, is an iomarca deabhaidh ar fad a bhíos ortha, — is ar éigin a thugaid siad am bídh ná am codlata dhóibh féin, ní áirmhim am paidireoireachta — tá an t-inneall daonna ag imtheacht ró-mhear ar fad aca (agus na coirthí i
gcontabhairt a bpléasgtha) agus gan é d'uain aca an anáil a tharraing. An é sin an chaoi le maireachtáil? Saoghal fada mar sin ag lucht aon-tíre an im- pearóra — ó thárla rún aca a saoghal ar fad a chaitheamh: saoghal fada fa shogh aca: go mba buan é a saoghal ag baint, agus gan gabhadh le cur aca — go dtuga na coillte luibh an bhídh agus neart aráin cassava dhóibh — go mba tréan é an siúcra ar na giolcachaibh siúcra aca, agus go mba dó-áirmhithe iad na tréada dhóibh ar na machairibh móra! Bhéarfaidh sin neart laethe saoire dhóibh, agus tiubharfar onóir mar is dual don Mhaighdean agus do na naoimh go léir.
AN 10° CAIBIDIL. An naomhadh lá de Lughnas. — Ar bórd an Neptune dom i gcaladh-phort Pernambuco. — Ní cóir dhom dear- mad a chur síos annso na dhiaidh sin nach Neamh ar fad ar talamh é an Brazil so ag na daoinibh, is cuma cén dath atá ortha — dubh nó bán, donn nó dearg. D'éirigh na sglábhuidhthe amach i bPernambuco annso cúpla mí ó shoin agus bhí coirp ann. Agus deir an Doch. Dees liom gur forusta aithne ar a bhfuil de thighthibh ar lár gur throideadar go diabhalta. D'éirgheadar amach go cumasach freisin le goirid sa dá chathair mhóra Ríó agus Bahia. Ní dhéarfainn gur aon díoghbháil sin: is maith an ceart do na daoinibh dubha agus do na daoinibh donna malairt áite a dhéanamh leis an gcine Port- uinéalach an dá luadh is bhéas siad i riocht a dhéanta — acht roimhe sin ní móide gur maith. Ba truaighmhéileach an rud i gcomhnuidhe an ceannach a bhí ar sglábhuidhthibh san Afraic; acht is measa fo cheathair a rinne Sir Fowell Buxton (creidim gurab in é is ainm dó) é i bhfeis na Sasan, é féin agus a lucht conganta. Óir caithfear a cheithre oiread sglábhuidhthe a cheannach anois ionnus go mbeadh riar díobh le fagháil d'aindeoin na bhfoghluidhthe daonna atá ar muir. Sé a dtuairim go gcaillfidh siad trí locht as na cheithre locht, acht má seadh ní hiad na foghluidhthe a bhaineas na trí locht díobh le n-a saoradh, nó le n-a gcur mar “phrindíseacha” — is beag an baoghal — caithtear amach sa bhfairrge iad agus
iad beo beathadhach ar fhaitchios go dtógfaidhe na longa dá bhfáightí na sglábhuidhthe ortha. Má ritheann ceann- uidhthe sglábhuidhthe ón bhfoghluidhe daonna agus má bhíonn siad i gcontabhairt a ngabhtha iseadh ghníos siad na daoine dubha ar fad a chaitheamh amach sa bhfairrge, iad féin agus na cláracha bhíos sa mbórd ar leith bhí fútha, cuirid a gceann sa ngaoth annsin, seasaid agus tugaid cuireadh don oifigeach ó Shasana teacht ar bórd. Níl aon sglábhuidhe ann roimhe agus do réir an mhargaidh caithfidh sé an long a shaoradh. Imthigheann an caiptín annsin arís go cósta na hAfraice go bhfagha sé locht eile. Acht ní hé sin a bhfuil ar a chailleadh ag fear na luinge. B'éigin dóibh roimhe sin, ar mhaithe leo féin, longa fairsinge a bheith aca do na sglábhuidhthibh, agus gan níos mó a chur ionnta ná mar thuillfeadh go socamh- lach ionnta, i gcruth agus go dtiubhraidhe aire dhá sláinte: — dá mba muca bheadh duine a thabhairt ó thír eile chuirfeadh sé cóir ortha sa gcaoi nach mbeadh mórán baoghal a gcailleadh ortha ar an mbealach agus go sroichfidís ceann cúrsa beo: — acht anois ní mór le ceannuidhthibh sglábhuidhthibh longa beaga meara a dhéanamh mar gheall ar na foghluidhthibh laghacha. Cuireann siad na créatúir bhochta le cúl a chéile in aon chnap amháin ar na longaibh sin, go mbíonn a gcloigne buailte suas le bórd agus iad 'na suidhe síos, agus gach duine aca 'na shuidhe i ngabhal an duine eile — i gcruth agus go mbíonn colainn gach duine aca buailte le colainn duine eile ar a bhéal agus ar a chúl, ar a láimh dheis agus ar a láimh chlé — a shrón dhá leathnughadh féin le cúl catach ar a bhéal agus srón eile dhá leathnughadh féin ar a chúl catach féin. Mar sin a shocruigh Sir Fowell Buxton iad. Agus dá bhrígh sin cailltear a dtrian nó
mar sin i gcomhnuidhe, agus an chuid eile aca, bíonn siad chomh himthighthe sin agus chomh caithte claoidhte sin agus gur giorrachan saoghail dóibh é. Cé is moite do chorr shean-bhean, is tearc duine atá chomh díchéillidhe sin agus go gcreidfeadh sé gur le daonnacht ar bith, ná le consias, ná tré Chríostuidheacht, ná tré adhbhar breagh ar bith a luaidhtear i bPairliméid, atá an t-arm mara ag Riaghaltas Shasana san airdeal ar chúrsaibh gnótha na hAfraice. Tá dhá adhbhar aca leis, agus níl acht sin: — adhbhar díobh féachaint a bhfágfaidís na daoine chuireas an crann siúcra i mBrazil agus i gCúba ar easbaidh lucht oibre, nó féachaint an ndaor- sochaidís an obair chomh mór sin ortha agus nach bhféad- faidís a dhul i gcomórtas le lucht planndála i Jamaica agus sna Barbadoes; — agus an t adhbhar eile, “órdláimh mara” a fhágáil ag Sasanaibh agus ceart an fhoghluidhe a fhágáil aca ar longa a chuartughadh, agus gach uile dhuine dhá dtiocfaidh an bealach, cleachtadh a thabhairt dó ar bhratach na Sasan a fheiceál i n-áirde ós cionn gach uile nídh dhá gcasa uirthi — na sgaothairí ó is iad-san iad. Lughnas 10°. — Cloisim indiu go bhfuil ar lón ar bórd againn agus go bhfuilmíd le gluaiseacht i mbáireach. Thug Dowsley cuairt orainn, é siúd a rinne an margadh linn fa'n lón. D'fhiarfuigheas a lán de i dtaobh Brazil: deir sé gur uasal an tír í don té chaithfeadh a shaoghal innti, “agus,” ar seisean, “tír freisin a bhfuil an tsaorsacht dá ríribh innti.” Dubhart leis nach raibh aon choinne agam sin a chlos uaidh; “acht muinntir Brazil féin a ghníos na dlighthe,” arsa mise, “agus ní daoine coimhightheacha ar bith eile, agus curtar i bhfeidhm gan éag- cóir iad, agus is do mhuinntir Brazil a curtar i bhfeidhm iad agus ní d'aon náisiún coimhightheach: sin é b'áil leat
a rádh, agus má's é, sin saorsacht dá ríribh.” B'fhíor sin ar fad, acht ní hé sin a bhí ina cheann aige, acht go raibh riaghaltas aca ar son na ndaoine agus go mbíonn toghadh ann aca, “agus gach uile rud mar sin.” D'fhiarfuigheas de goidé mar ghníotar an toghadh — nó an mbíonn bruth mór ann agus faobhar ar na dreamannaibh, goidé an chiall an faobhar a bheadh ar na dreamannaibh, nó goidé na dreamanna iad i n-aon chor. “Faobhar ar dhream- annaibh!” ars eisean, “bruth! Ó, ní bhíonn tada dhá shórt sin ann — na maoir shíthe a shocruigheas na gnótha sin.” “Na maoir shíthe? Nach mbíonn guthaidheacht ann, mar sin? ná soláruidhthe i n-aghaidh a chéile?” “Ní bhíonn, ní bhíonn; faghann na maoir shíthe an soláruidhe, agus maidir le guthaidheacht, ná soláruidhthe a chur i n-aghaidh a chéile, go bhfóiridh Dia ort! ní leigfeadh na maor shíthe do cheachtar aca a bheith ann — is gearr go nglanfaidís amach an áit agus go gcuirfidís glas air.” “Leis an Impearóir, is dóigh liom,” arsa mise, “an eochair. Acht tuigim anois thú; agus má's dlighthe ionnraice iad agus nach ndéantar aon éagcóir tré na gcur i bhfeidhm annsin, mar deir tusa, tá an tsaorsacht dá ríribh i mBrazil — acht amháin nár mhiste éirghe as an toghadh a ghníos na maoir shíthe. Deir Dowsley liom go bhfuil go leor cáirde agam i bPernambuco — an oiread sin agus nár bhfearr dhom rud dá ndéanainn ná cur fúm ina measg chomh túisge agus sgaoilfidhe mo cheann liom. Dubhart leis chomh túisge agus bhéinn saor go smuaineochainn ar sin. D'innis sé sgéal maith dhom fosta, má's fíor é .i. go bhfuil mo dhear- bhráthair Liam i bposta fa Riaghaltas Ameiriocá agus go bhfuil sé n-a chomhnuidhe i Washington. Níor bhféidir dhó gur dul amugha é, adeir sé, óir isé an tuairisg a
tugadh air ar pháipéaraibh nuaidheachta na Ameiriocánach go mba é Liam Mistéal é, dearbhráthair don mhéirleach. 12°. — Thangas ar bórd ar maidin indiu agus do chonnac cóstaí Ameiriocá ó Dheas i bhfad uaim ar uachtar an uisge agus iad ag téaltughadh uainn sa gceo, an chathair áluinn agus a cuid ballaí geala agus na coillte fiadháine atá ann go fairsing foirleathan ó thús aimsire. Táid siad ar fad imthighthe: tá an ghrian go hárd, agus an fhairrge ghorm thart timcheall orainn arís. An bhfacas dá ríribh le mo shúilibh cinn coillte agus cathracha ar thalamh tirm in Ameiriocá ó Dheas, agus talamh daingean a bhfuil bonn carraige faoi agus srutháin ag rith thríd agus na Cordilleras os a chionn agus na toibre ag éirghe asta? Nó an bhfuil ann acht aisling dholbhtha? Aisling féin é, cé go bhfuil siúd ann dá ríribh. D'itheas an toradh buidhe a baineadh úr ar na crannaibh hesperideacha; d'ibheas an t-uisge fionnfhuar a d'éirigh i bhfad i gcéin thuas ar shléibhtibh Brazil, an áit i ndéanann an ghrian, ó is ise an t-árd-mhúnlóir, an néamhainn agus an tseod- chloch uainidhe; do chualas na cluig Ameiriocánacha ó Dheas ag baint; do chonnac an t-am ar chlog Ameirioc- ánach ó Dheas cé nár chuireas bonn le talamh riamh ann. Do chonnac an aisling sin go cinnte os comhair mo shúl - acht ní fhéadfainn a rádh an raibh colainn na haislinge ann nó mara raibh, agus tá sí imthighthe anois, fuaduighthe le gaoith, sloigeadh sa doimhin mhóir í. Slán aici! Slán aici! Go deimhin féin tá cuma aislinge ar an saoghal so atá agam. An long so atá lán de dhaoinibh, agus áille aisteach an aigéin thart timcheall orainn, agus an fhad is támuid ann, táim go dubh-uaigneach ann, cé go bhfuil rí-rá oibre ann agus greann mar is gnáthach, agus
achrann ar ndóigh mar is dual d'áit i mbeadh cheithre dhream ar leith ag pléidhe le chéile ann — mar atá, na máirnéalaigh, na daoir, na saighdiúir, agus uaisle an chábáin (gan trácht orm-sa agus mé 'mo dhream liom féin). Agus na ceisteanna do-áirmhe bhíos le réiteach i bhfoisgeacht slaite dhom, agus an t-easaontas a caith- tear a shocrughadh; acht mo chuid-se dhe níl ceist ná eas- aontas ar bith dhom ann, gan le déanamh agam acht a bheith ag breathnughadh uaim: — agus aithne shúl agam ortha, aithne agam ar a nglórthaibh, fios a n-ainm agam, seadh, agus fios ar thréithibh na saighdiúr agam agus iad go síoruidhe ag caint is ag gáiridhe, ag crónán a gcuid amhrán (agus gan ag an iomlán aca acht trí amhrán) taobh amuigh de m'fhuinneoig, agus nach n-aithneochaidís mo ghlór-sa. Agus féach, d'éirigh na coillte breagha agus na cathracha so i modh iongantach as an bhfairrge ar nós na gaile, agus i modh iongantach eile chuadar faoi arís. Gur cosmhail le duine mé a mbeadh arrachtach ag eiteall thairis agus táimhnéall air: is taisí iad na máirnéalaigh seo agus na saighdiúirí agus iad ag obair mar thaisí os mo chomhair ar feadh tréimhse ar an aigéan mhóir; acht glaoidhfidh an coileach orm maidin éigin agus mé i dtír choimhightheach éigin, agus dúiseochaidh mé agus imtheochaidh sluagh taisí an aigéin leis an ngaoith agus iad ag síonaighil. Tiocfaidh taisí eile annsin. Acht an bhfuil tada dhá fhoghluim agam ó na taisibh seo, ó n-a ngluaiseacht ná ó n-a giob geab cainte, a mb'fhiú liom smuaineadh air? Nach bhfuil solus, ná órd i ngníomhar- thaibh na cheithre dhream sin atá ag oibriughadh le chéile agus i n-aghaidh e chéile go follusach agus go neamh- fhollusach, agus a bhfuil de neithibh iongantacha ag baint le taisibh da samhail, an amhlaidh nach bhfuil tada ionnta
acht an míonach cumaisg as a múnluighthear aislingí? Nach bhfuil feabhas ag teacht ar mo chuid foghluma sa méid sin, cé gur fada rinneadh faillighe air? Tá biadh don aigne annsin féin, a bheag nó a mhór de, agus an té dhearcas go ciúin iad bainfidh sé tuisgint asta:- (go dtuga Dia sin) Meadhon Fhoghmhair 11°. — Mí sa lá indiu d'fhágamar Per- nambuco — cheithre mhí agus fiche lá sa lá indiu d'fhágamar Bermuda agus támuid tuilleadh agus deich gcéad míle ón gRos fós. Tá cóir mhaith sheasta gaoithe againn anois agus is minic ina ghála é, agus go gcaithmíd na seolta uachtair a bhaint anuas. Sé ceartlár an gheimhridh annso é, agus tá sé an-fhuar ó thárla é i bhfad ó dheas ón Ros. Airighim fuacht na gaoithe i ndeas so atá ag teacht ó shléibhtibh oighre na mara téachtuighthe taréis an-teas an tsamhraidh a ndeachamar thríd; agus tá an námhaid, an cladhaire agus an sgraiste, ga m'ionnsuighe arís, acht do thugas a dhubhshlán agus chuireas i n-íochtar é. Sgata colm ón Ros atá go síoruidhe ag eiteall thart timcheall ar an luing, is cineal fuiseóga stoirme iad, acht is cuilm ón Ros atá ag na máirnéalaigh Sasanacha ortha. Is áluinn maiseach na créatúir iad, agus iad ag eiteall thart timcheall ar an luing, a sgiatháin díreach amach uatha (agus gan níos mó suime aca sa siubhal atá fúinn, sé sin naoi míle san uair, ná bheadh aca sa siubhal atá fá'n lá), nó iad ag snámh go huaibhreach ar bharr na tuinne móire, agus na hiogáin gheala go toirteamhail amach rómpa. Tá trí nó ceathair d'albatrosanna ag eiteall thart timcheall orainn freisin, sgiatháin lúthmhara, láidre,
fhada ortha (dhá throigh dhéag ó bharr sgiatháin go barr sgiatháin eile) agus iad lúbtha go rabhadar i gcosamhlacht claidhimh an Turcaigh. Ag Dia atá fhios a bhfuil d'éad agam leis na halbatrosanna sin, an chumhachta áluinn ghluaiseachta atá aca agus na sgamhóga iongantacha atá ag na diabhail. Bhfuil albatros sa domhan a mbeadh an múchadh air? Saoilim nach bhfuil, óir dá mbeadh d'ionn- sochadh an chuid eile ar an toirt é, agus mharbhochaidís é, sin é dúthchas coitcheann na n-ainmhidhthe allta, agus b'fhéidir ó is brútaidhe neimh-riaghalta é an duine freisin go mba cheart go mba hé a dhúthchas-san chomh maith é. Má gontar fiadh den tréad díbreochaidh an chuid eile uatha é nó marbhochaidh siad é; má bhíonn cearc tinn ní bhíonn aon truaigh ag na héanlaith eile dhí; níl aon osbuidéal ag cumann na mbeathódach do bheathódachaibh tinne; agus is maith riaghalta an fine iad, leigean siad síos leis an abhainn iad. Tá dream simplidhe neamh- ghlic daoine ar an gcine daonna féin .i. na Troglodytae, agus is eadh ghníos siad le na daoinibh bhíos tinn ina measg a gcrochadh go solamhanta agus go honórach le iarball bó. Rug saighdiúr annso ar cholm ón Ros le téid na lúibe, chuir sé búnna d'éadach dearg fa n-a mhuinéal agus leig uaidh arís é. Bhí an t-éan tamall ag eiteall thart timcheall na luinge mar ba gnáthach, acht chomh túisge agus chonnaic an chuid eile an dath gránna dearg air d'ionnsuigheadar go nimhneach é, agus is gearr na dhiaidh sin a bhí sé le feiceál i n-éinfheacht leo. Ní gan fáth é sin; an amhlaidh go mbeadh riar as an gciste puib- lidhe grán ag dul do bheathódachaibh tinne an lá nach gcuirid féin oiread agus gráinne isteach ann? Alba- tros tinn, nach bhfuil ann soláthar a dhéanamh dhó féin, an gceapann sé go ndéanfar soláthar ar a shon? Agus
thar gach uile rud, an ceart leigean do cholm mór gránna dearg mara an treibh a mhilleadh agus an dath dúthchais atá ar an gcineál aca atá san Aigéan Mhóir ó Dheas a chur thré n-a chéile? Is minic a moltar dhúinn foghluim ó na beachain, ó na beathódacha agus ó na siogáin le obair a dhéanamh; dílseacht d'fhoghluim ó mhadraibh; séimhe d'fhoghluim ó na huain agus ó na cuilm; agus cad chuige nach bhféadfadh an duine a chuireas cláir fighreacha, &rl., le chéile rud éigin d'fhoghluim ón gcolm mara agus ón mbeathódach agus chomh críonna glic agus tá siad; mhórmhór ó thárla go bhfíoruigheann gach uile bheitheadhach dá bhfuil ann ar a shlighe féin an fhírinne sin a leanas don tigheas daonna (óir ní chreidim an sgéal fa'n gcorr sgréach). Ní hé go bhfuilim cinnte go bhfeileann an sean-rádh i dtaobh na n-ainmhidhthe dhúinne — b'fhéidir gur fearr don ainmhidhe daonna an gnás síbhialta daonna — ó thárla tuithte an duine, mar déarfá. Smuaine brúideamhail é atá mé a luadhadh, sin an méid — ex volucrum monedula-rumque regno. Is cosmhail nach bhfuil sé d'fhiachaibh ar dhuine baramhail a bheith réidh aige do gach uile cheist dá dtaga air. Gidheadh atá aon cheist amháin gur forusta a réiteach. Níor cumadh ariamh aon chóir smachtuighthe ar chuirpthibh níos measa ná cóir na Sasanach .i. an cur thar sáile; agus go deimhin féin saoilim gurab é an diabhal agus cáirde conganta dhó a chúm é. Chonnac agus do chualas i bhfeidhm é i mBermuda; acht ó thángas ar bórd annso d'innis an Stíobhardach .i. an “teagasgthóir,” agus fear tuisgeanach é, tuilleadh sgéalta adhuathmhara dhom faoi. Bhí árach ar leith aige-san ar aithne a chur ar an gcóir go hiomlán, óir chaith sé bliadhanta is na háitibh is boichte i Londain mar theagasgthóir, shul 's rinneadh
séiplíneach dhe ar na longaibh iomchuir sé. Dearbhann sé dhom nach bhfuil drugall dá laghad ag na daoinibh bochta i Londain roimh a gcur i bpríosúin thar sáile, na gráin ar bith air, go gceapann siad gur slighe é leis an saoghal a chaitheamh agus slighe mhaith féin. Maidir le go mba tarcuisne é do dhuine dar leo, mar shaoilfeadh muidne táid siad chomh bocht dearóil agus nach tarcuisne ar bith leo é, Bhí fear óg ar an Neptune ag teacht amach di an turas so, gabha dubh é, agus é gan aon droch-chontunús ar bith. Taréis a thabhairt as an bpríosún cathrach agus a chur ar bórd i bPortsmouth, sgríobh an buachaill seo litir go dtí n-a athair agus a mháthair i n-éinfheacht, agus thaisbeáin sé an-chion a bheith aige ortha; acht shaoil sé an litir a sheoladh amach i ngan fhios, acht fríth greim ar an litir, léigheadh í agus dóghadh annsin í. Dubhairt sé sa litir go ndeacha sé ar bórd luinge le dhul go Ber- muda, go raibh dream taitneamhach daoine ar aon bhórd leis; nár hiarradh air tada a dhéanamh (níor bh'é sin do na saighdiúiribh agus do na máirnéalaigh é, na diabhail bhochta), acht a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige agus cead siubhal thart “mar dhuine uasal”; gur fadó dhéan- fadh sé iarracht ar a chur thar sáile dá mbeith a fhios aige go raibh saoghal chomh maith sin aca; go raibh sé go soi- mheanmnach; agus ar deireadh thiar go raibh faoi acht a sroichfeadh sé Bermuda bean dubh a fhagháil agus a bheith go sásta uaidh sin amach. Mar sin is iondamhla trácht ar na gnóthaibh sin, is cosmhail; agus ní dhéanfá leath- iongnadh dhe dhá mba le comh-ghaduidhe a déarfaidhe sin; acht, a Dhia laidir, a leithéid sin a rádh do dhuine le n' athair agus le n-a mháthair — dhá mholadh dhóibh a dhear- bhráthracha agus a dheirbhshiúracha a thógáil ionnus go leanaidís don ghairm bhreagh chéadna bheatha!
Acht má's amhlaidh nach smachtughadh ar bith ar an gcuirp- theach i gcoitchinne a chur thar sáile ar an gcuma sin, ní hé sin don té a mbeidh an oiread den mhíofhurtún air agus go ndéanfadh sé rud éigin as bealach as spadhar, tráth a gcuirfear de chathughadh air é, cé nach cuirptheach dúr é de ghnáth. Is géar, géar an bhreith air-sean í, is measa dhó í ná an bás is measa d'fhéadfadh sé fhagháil. An té gur gnás leis an chneamhaireacht, ní smachtughadh air an príosún so, acht cóir bhreagh chompóirteach, acht is bás ceart críochnuighthe colna agus anma é don fhán- aidhe bocht nach ndéanann acht an t-aon choir, agus b'éidir a threorughadh de chasán an diabhail dá mba aon daoine eile acht seirbhísigh an diabhail a bheadh dhá dhéanamh agus dhá chur i bhfeidhm. Fuaras amach go mbíonn an-mheas amach 's amach ar an gcneamhaire is measa ar bith, sin gnás imeasg na ndaor, agus dá dhonacht é an cneamhaire is amhlaidh is mó an meas atá air. Acht is brígh bheag an meas a thugas sé air féin tré dhroch-bhéasa, tré dhroch-theangaidh, tré chneamhaireacht laetheamhail, agus tré n-a ndéanann sé de bhréagaibh le hais a mbeadh de mheas air thríd an gcéad choir a rinne sé agus an choir fa n-a bhfuil sé dhá smachtughadh. Is minic a fíoradh sin dom agus mé ar an Neptune, agus cuireann sin i gcuimhne dhom sgéal greannmhar faoi fhear a casadh orm anuraidh, tráth a rabhas cúpla lá ar bhórd an Tenedos .i. an long osbuidéil. Ní rabhas acht istigh in mo sheomra go díreach d'éis a theacht, agus mé liom féin, nuair a shiubhail daor isteach go socair chugam. Ba seirbhíseach don dochtúir conganta é, agus bhí ubhall péinne aige dhom ó n-a mháighistir. Timcheall le leith-chéad bliadhain d'aois a bhí sé, acht fear teann lúthmhar do b'eadh é agus duine a
a bhí go han-mhór ann féin caoi nár mhiste dhó a bheith mar chífeas tú. — “Tá súil agam, a dhuine uasail,” ar sé, “nach mbeidh aon locht le fagháil agat ar éinnidh annso. Má's féidir dhom tada a dhéanamh dhuit déanfad é agus fáilte — is mise Gearóid.” — “Seadh, Gearóid,” arsa mise. — “Gearóid, a dhuine uasail, Gearóid; is dóigh go gcualais fúm cheana; bhí sé ar na páipéir go léir. Gearóid, tá fhios agat.” — “Níor chualas focal fút ariamh cheana, a Ghearóid.” — “Ó! maise go deimhin, a dhuine uasail, ní fuláir nó tá fhios agat ar fad cheana é, an obair mhór úd i dtaobh an bhóthair iarainn, is cuimhin leat.” — “Ní cuimhin.” — “Ó, maise, is mise an Gearóid a raibh baint agam leis an mbóthar — iarainn. (Ní chuimhnighim ar ainm an bhóthair iarainn). £40,000 a bhaineas as. Dhá fhichid míle punt, a dhuine uasail: — d'fhágas 'mo dhiaidh é ag mo mhnaoi; tá sí 'na comhnuidhe i Sasana, agus cóir bhreagh, dheiseamhail uirthi. Táim annso le dhá bhliadhain agus taithnigheann an áit go maith liom — is rí-bhreagh na cailíní donna atá ann, a dhuine uasail, — tá meas mór orm — is mór an t-iongnadh bhí ortha annso ar a theacht dom. Seadh, agus ba mé an fear is mó a raibh trácht air sa tír go dtáinig tusa. Dhá fhichid míle punt, a dhuine uasail — gan feoirling faoi. Acht is agat-sa atá an chraobh anois.” D'éirigheas agus d'umhluigheas don bhitheamhnach crodhanta so. Sin rud nach raibh aon tseasamh agam leis — a rádh gur mó an meas a bhí orm ná ar chneamhaire a ghoid dhá fhichid míle punt. Agus dubhras, agus d'umhluigheas go béasach dó: “Ó, a dhuine uasail, an iomarca onóra atá agat dhá thabhairt dom; is fearr go mór an aghaidh ort sa áit na honóra. Maidir liom-sa, ní fhacas dhá fhichid míle punt i n-imtheacht mo shaoghail.” — “A dhuine uasail chroidhe,” ars eisean
ar ais liom, agus d'umhluigh sé dhom go maith, “a dhuine uasail chroidhe, ar ndóigh is príosúnach stáit thusa agus mairtír a ghrádhuigheas a thír, agus a leithéid sin. Maidir liom-sa, rinneadh cúrsaí stáit de mo ghnóthaibh beaga féin freisin. Ó tháinig mé amach annso, fuaireas sgéala a chuir an tighearna Seon Ruiséal amach le m' aghaidh féin go maithfidhe an cás ar fad dom dá n-inn- sighinn mo mhodh oibre dhó — an chaoi a ndearnas é, tá fhios agat; ní mór leo iad féin a chosaint, tuigeann tú, ar a leithéid de chás arís.” — “Tá súil agam, a dhuine uasail,” arsa mise go humhal, “gur freagra mí-chéadtach mar thuill sé a thugais ar an duine.” Chaoch an bitheamhnach a shúil. Shaoileas-sa súil a chaochadh, acht chinn sé orm, agus d'umhluigheas arís. “Bí-sa cinnte dhe sin, a dhuine uasail,” ar sé — “is beag é mo bheann ar cheachtar aca. Tá saoghal maith annso agam — ní raibh lá tinnis ariamh orm. Is minic a théighim anonn go dtí an t-oileán is neasa dhúinn ag breathnughadh i ndiaidh lachan an Doch. Beck. Á, a dhuine uasail, is breagh na cailíní beirt nó thriúr de na cailíníbh donna atá ar an oileán sin; agus sgríobhaim go dtí na páipéir nuaidheatcha amanna; tá caoi agam le sgéala a chur amach uair ar bith i ngan fhios d'aon duine annso — agus chuirfinn sgríbheann ar bith amach dhuit i ngan fhios agus fáilte, tá fhios agat; ní mór leat innsin corr-uair faoi na bitheamhnachaibh seo.” — “Is mór, a Ghearóid,” arsa mise, agus mé ag éirghe tuirseach, “déanfaidh sin, is tig leat imtheacht.” An sean-chneamhaire, ghabh iongnadh é, acht d'imthigh leis ar an toirt, agus ó tharla gur iarras gan a leigean isteach chugam arís, thug an Doch. de Hál an t-órdughadh leis agus ní fhacas é uaidh sin amach. Is deagh chonntanósach an gaduidhe bóthair iarainn é
an duine seo, níos deagh-chonntanósaighe chreidim ná Hudson .i. ceann a dhreama; fear téagarach, fear measamhail, agus fear a thuigeas a ionad féin imeasg na ndaoine agus an meas agus an t-omós atá ag dul dó - ghoid sé dhá fhichid míle punt ó na daoinibh — agus admhuigheann an Sasanach ceart i gcomhnuidhe agus ar an toirt go bhfuil sin ag dul dó. Ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm dá gcloisinn faoi cheann cúpla bliadhain ga mbeadh an Gearóid seo ina fheisire i bhfeis mhórdhálach na Sasan ar son dream mór gnótha éigin, agus é ag déanamh “dlighthe” dhóibh. Acht ní bheidh, tá dul amugha orm — ní shroicheann aoinneach an posta onóra sin acht an méirleach atá gan daoradh. Gidheadh dá mb' agam-sa bheadh chuirfinn Gearóid anonn go San Stiopháin ar son conndae Eabhroc, agus chuirfinn Hudson go Bermuda mar fheisire ar son an Bhóthair Choimhcheangail Iarainn ó Thuaidh; sin nó (rud a b'fhearr fós ná ceachtar aca) chrochfainn an bheirt. Sin deireadh agam leis. Dar go dearbhtha ní chuirfead níos mó seanchuis dhíom faoi thigheas daor; acht déarfad arís annso dá mbeadh duais ag dul do dhiabhal ar bith de na deich míle fhichead ualach cartach de dhiabhlaibh dubha atá ann os ucht an modh is diabhalta dlighe-eolais is féidir a chumadh don chine daonna don diabhal diabhal ortha a gheabhadh aon fheabhas a chur ar an modh príosúin thar sáile atá ag na Sasanaighibh foghluma faoi láthair. Dhá shaighdiúr a bhí ag díospóireacht taobh amuigh de m'fhuinneoig i dtaobh fírinne sgéil éigin, agus thugadar éitheach dá chéile gan mhairg ar bith; rud is gnáthach leo a dhéanamh. Na créatúir bhochta, caithfidh siad glacadh leis ó n-a chéile; agus má bhuaileann duine aca an duine eile faoi éitheach a thabhairt ba coir mhór
riaghluighthe dhó sin. Ba mhaith liom go mór fios d'fhagháil an bhfuil sé ceadamhach ag saighdiúr sa bhFrainc nó i nÁstria éitheach a thabhairt dá choigéile ná a ghlacadh uaidh. Níl aon rud is measa, dar liom-sa, d'fhearamhlacht an duine ná é sin; cé is moite don sgiúrsáil amháin — agus caithfidh saighdiúirí Shasana glacadh leo araon. Acht maidir le saighdiúr Shasana ná le Sasanach bocht ar bith eile níl sé de chead aige aon mheas mhór a bheith aige air féin ná aon mhodh mhór; do dhaoinibh is fearr ná iad atá sin ag dul: — is tig leis meas a bheith ar an tseirbhís aige, agus meas mór ar onóir a chatha, agus is féidir leis a bheith ríméadach as a chuid oifigeach, ó's fir bhreagha óga iad, acht ná cuimhnigheadh sé go bhfuil aon onóir ag dul dó féin, ná go mbeadh cead aige a bheith feargach faoi n-a mhaslughadh. Saighdiúr singil nó duine uiríseal dá shamhail a bheadh feargach faoi n-a leithéid, sgartaighil gháiridhe a dhéanfadh “an t-oifigeach .i. an duine uasal” faoi. Níl aon tír sa domhan is mó a dtugtar suaitheantas don difridheacht mhór atá idir na huaisle agus na huirísle, ná is mó dá ndéantar tarcuisne thríd an modh saoghail ná i Sasana. Fear liteardha de mhuinntir Chambers ó Dhun Monaidh a chuaidh ar “Tour” ar an Rhín, is cuimhneach liom nuair a chonnaic sé árd- oifigeacha ag beannughadh go cáirdeamhail do shaighdiúiribh singil a casfaidhe dhóibh i gcuid de na bailtibh móra tórainne i raibh saighdiúirí ón dTír fo Thuinn agus ón nGearmáin agus ó Ástria, nó na seasamh tamall ag comhrádh agus ag gáiridhe leo ar choirnéal sráide, ní fhéadfadh sé gan a thaisbeánadh a laghad is thaithnigh sin leis agus le n-a mhúnadh Sasanach. Cá bhfuil an té chonnaic an t-oifigeach uaibhreach uasal Sasanach dá
ísliughadh féin ar an gcuma sin (mara mbeadh sé ar meisge)? Chualas i mBermuda gur minic fhágas saighdiúirí an t-arm i n-aon turas le dhul i “seirbhís na ndaor.” Sé sin le rádh, éaluigheann siad, agus fios maith aca go ndéanfar daoir díobh má gabhthar iad; acht is fearr leo saoghal an daoir ná saoghal dúr doilghe dóghrainneach an tsaighdiúra. Tháinig long isteach i mBermuda uair, agus mé ann ó Halifax, agus dhá phríosúnach is fiche uirthi, daoine d'éaluigh as an arm; agus nach ait an rud le rádh é an redsiment ina rabhadar bhíodar na gcomh- nuidhe dhá bhliadhain roimhe sin i mBermuda; agus dá bhrígh sin chonncadar an saoghal a bhí ag daoraibh agus is fearr a thaithnigh sé leo ná a bheith ar sheirbhís an tsaighdiúra. Chonnaiceas na fir nuair a tugadh ar bórd an Dromedary iad, long príosúin ise; cuireadh i n-eagar iad i ndiaidh a chéile agus ba soimheanmnach na fir iad do réir chosamhlacht. Ní headh acht duine as an gcúigear de dhaoraibh na háite sin cloisim gur saigh- diúirí iad a d'éaluigh as an arm; agus go bhfuil tuilleadh agus fiche fear ar an Neptune seo anois agus gur éaluigheadar as an arm. Cé'n t-iongnadh sin? Níl meas ar bith ag na daoinibh sin ortha féin, ní daoine iad acht innill, agus ní uirísleacht ar bith leo an méirleachas. Innsigheatar ar ndóigh don tsaighdiúr gur mór an onóir a bheith i seirbhís airm ghlórmhar oirdheirc Shasana, agus má tá saoghal docamhlach féin aca nach saoghal tarcuis- neach é mar tá ag daoraibh. Deirtear sin leis, acht airigheann sé féin an t-ísliughadh, sin nó tá sé féin chomh hiníseal agus nach n-airigheann; tá a fhios aige go bhfuil a bhualadh ag dul dó mar bheadh d'asal nó do mhúille, agus céard eile a dhéanfaidhe le daor? Na
daoine atá os a chionn, táid siad chomh mórdhálach sin agus go mothuigheann sé dá mba méirleach é nár bhféidir dhó bheith níos fuide ón dream fiúntach ná mar tá sé, ná nach bhfuil aon fhagháil aige ar a bheith ar dhuine aca. Níl aon reacht-shaoirseacht aige, ná aon chathruightheoireacht, ná aon bhaile, acht an oiread leis an daor. Agus tá a fhios aige gur buige atá an saoghal ag an daor, go bhfuil biadh maith aige agus a dhóthain de, nach bhfuil gacha le máighistir air agus tá ar an saighdiúr, nach bhfuil sé dhá thachtadh le beilteanna ná le málaibh, ná dhá phlúchadh le cailc, gur iondamhail gur giorra an téarma atá le cur isteach aige, agus gurab é is dócha dhó cur faoi i dtír thorthamhail éigin fa dheireadh. Ní fheadar-sa an iad sin na hadhbhair a thugas do shaighdiúiribh an mhalairt a dhéanamh nó munab iad, acht deir siad go ndeir a leithéidí de shaighdiúiribh gur céim ar aghaidh dhóibh a ndaoradh: sé sin, ó chéim an tsaighdiúra go céim an daoir. Ní bheidh aon sgiúrsáil i n-arm na nGaedheal. An chéad uair a éalóchas saighdiúr cuirfear i bpríosún é, an dara huair cuirfear urchar thríd. Ina theannta sin, ní bheidh aon bhaint aige le cailc. Ní bhéidh néallta geala deanaigh go síoruidhe thart timcheall air ag iarraidh an salchar atá ar a chuid éadaigh a chur i bhfolach faoi bhrat salchair atá níos sailiche ná sin arís. Tá coireamhaint mo sháith déanta agam anois ar dhá chraoibh de Sheirbhís Shasana — na daoir agus an t-arm — fanadh na máirnéalaigh go ham eile. Go bhféachaidh Dia anuas orainn go léir, idir shaighdiúirí agus dhaoraibh, oifigeacha agus eochraidh; agus mhórmhór ar na fearaibh míofhortúnacha stáit a bhfuil ortha an obair sin ar fad a chur i n-órdughadh cheart (agus gan aon órdughadh ina
gcloignibh féin ná aon fhírinne ina gcroidhe); agus tharta ar fad, go bhféachaidh Dia anuas orm-sa, fánaidhe mara mar mé, tír-ghrádhuightheoir agus mairtír atá go géar ag lochtughadh an chine daonna agus sinn ag seoladh ar na fairrgibh caibhtheacha dhá chéad déag míle ó thalamh. Tá sé go doimhin san oidhche. Tá an ghaoth ag séideadh go diabhalta agus tá an ghealach gheal ag sgairteadh isteach orm tré n-a sgamaill. Agus mar sin de, suas liom ar bórd go bhfeicidh mé an ghealach ag sgartadh go geal gruamdha ar mhullach chúig fichid céad fágaí móra. D'fheicfeá an ghealach sa samhradh ag sgartadh go bog buidhe tré bharra na gcrann anuas ar na gleanntaibh míne féarmhara, acht ní hionann sin agus an ghealach gheal ghruamdha so agus í ag imtheacht 'na sean-rith thré néalltaibh atá stiallta stróicthe oidhche stoirme ar fairrge, cé go bhfuil le rádh go bhfeileann áireamh Euler dóibh araon. Agus na dhiaidh sin agus uile nach í an ghealach gheimhridh so atá os cionn na n-aigéan so ó dheas an ghealach chéadna foghmhair atá i nÉirinn, agus í ag sgartadh anuas go soineanta, isteach sa seomra ina bhfuil mo pháistí 'na gcodladh an oidhche bheannuighthe seo. Óir nílmíd i bhfad ó mheadhoin lae Iubhair Chinn Trágha, trí fichid céad míle ó dheas de; agus tá a fhios agam an bhlaosg gheal so atá go saotharach ag iarraidh a bealach a dhéanamh tré néalta agus tré dhoineann na réigiún ó dheas, gurb in í an meall geal céadna atá ar an spéir anocht ag sgartadh anuas tré ghéagaibh an Labhrais i nDruim an Leamhain. Sin smuaine fuaireas ó dhuine éigin; tá a fhios agam nach liom féin é ó bhunadh. Ba le Seon Pól Richter é uair, gan aimhreas; acht nár cailleadh Seon Pól? Agus nár fhág sé sin agus gach a raibh eile aige le n'udhachta agam-sa agus agat-sa?
12°. — Tá dhá chéad míle siubhail sa ló fúinn fós, agus sinn ag déanamh díreach ar an Ros. Tá dia éigin thíos agus é ag stiúradh ár gcílle le láimh láidir; sin nó is í an ghaoth aniar-dtuaidh seo atá dhá dhéanamh le n-a srannadh. Má sheasann dúinn ar an siubhal so bainfimíd cósta na hAfraice amach taobh istigh de sheachtmhain. Níl duine ar bórd nach ar éirghe meadhrach atá, mar bheadh sé ag dúisiughadh as a chodladh suain. Aon bhean amháin atá ar bórd, bean sáirseant atá ag teacht amach mar bhárda ar na daoraibh. Go háthamhail go leór is Éireannach í, ó chonndae an Chláir. Tráth- amhail go leor freisin, mar nár chualas le tuilleadh agus bliadhain aon chanamhain daonna acht giob geab gránna na Sasan is ísle — is ar éigin a thiubhrá canamhain daonna uirthi. Agus ar a theacht aníos ar bórd do bhean an Nuallánaigh ag tógáil an aeir úir di féin caithim tamall ag comhrádh léi de ghrádh canamhain bhinn cheolmhar charthanach na Mumhan a chlos. Is maith an sgéal í bheith chomh haosta agus atá sí (leith-chéad bliadhain nó mar sin) nó tiocfadh grádh do bhean an Nuallánaigh agam. Is gearr ó dhá chéad atá sé a bhfuil de Ghaedhealaibh ar an luing seo — Gaedhil na gorta iad ar chuir an Chúirt Shonnradhach díbirt ortha. Tá a lán aca agus gan focal Béarla aca, agus a bhfurmhór chomh caithte claoidhte sin leis an ocras agus leis an anshógh, nár cailleadh aon phríosúnach eile ó sheolamar acht ar cailleadh díobh-san. Acht is annamh chloisim a nglór, cé is moite dá ngabhail fhuinn san oidhche ar bórd, ó thárla mé i bhfad ón áit i bhfuil siad-san sa luing. Agus an brón atá sa ngabháil fhuinn sin, níl sé i gcaoine ná i gcrónán na i marbhna a bheith chomh brónach. Nach dhaoibh a bhí sé i ndán a chomhthíoracha!
Nach duairc an chinneamhain a shníomh agus a d'fhigh snáithe bhur mbeatha! An t-ocras críochnuighthe a bhí i ndán do na fearaibh sin ón mbruinn, agus a dtalamh máthardha ag tabhairt an toradh céadtach — níor fágadh fasgadh ná dídean aca ina dtír fhial féin nár díbrigheadh as iad mar dhíbreofaidhe an beathadhach allta — go mb'éigin dóibh an námhaid a bhí dhá gcrádh a chosg le n-a “maoin” mar a thugas daoine creideamhnacha áirithe uirthi. Agus tá siad, dá bhrígh sin, ag treabhadh na mara móire anois faoi rinn gaoth, go gcaithtear amach ar chósta lom allmhurdha iad, agus déanaidís a mbeatha a bhaint amach annsin imeasg daoine nach dtuigeann siad a dteanga amháin. Creidim gur hiomdha duine aca atá gan mhuirighin, agus a bhfuil ríméad air a anam a thabhairt leis mar sin féin, agus ba bheag an dochar dóibh a bheith ríméadach as ucht an t-anam a thabhairt leo ó na fiadhuidhibh a bhí ar a dtí sa mbaile. Acht má seadh is iomdha duine eile aca a gcuirfeadh sé sgrupall ort a bhfeiceál (buachaillí óga ó dhá bhliadhain déag go dtí seacht mbliadhna déag d'aois agus buachaillí an-dathamhla cuid aca, contanós breagh laetheamhail aca agus geal- gháiridhe croidheamhail. Níl a fhios aca acht an sluagh dubh-námhad atá ar a dtóir, bearta gaotha aca nó go millidh siad iad idir chorp agus anam; is beag é a bhfios- san air, agus, ó is iad an díol truaighe dá bharr iad, is beag a airigheas siad é. Acht tá botháin éitreoracha ar shleasaibh cnoc i nÉirinn, mar a bhfuil aithreacha agus máithreacha na ndaoine sin na gcomhnuidhe faoi bhoichteanas faoi anshógh agus faoi bhrón, agus táid na tuismidhthe sin go deorach ag caoineadh na clainne a chailleadar agus gan chompóirt le fagháil aca go gcurtar i gcill iad. Óir ní ó chloich nó ó chrann a shíolruigh na buachaillí sin,
na daor sin; ba máithreacha daonna a rug iad, agus a chuir a chodladh iad ina gcliabhán, agus a chaoin iad agus a ghuidh dhóibh. Acht is faoi stiúradh fear stáit Shasana a bhí Éire an uair úd agus is dóibh a bhí saidhbhreas na hÉireann dhá shaothrughadh; agus is do longaibh príosúin Shasana a bhog agus a dhiúl na máithreacha dear- óile sin a gclann mhac, le feabhas a chur ortha agus tógáil imeasg gaduidhthe Londain, le go gcuirfeadh an daosgar-shluagh galánta ar bhealach a leasa iad, i gcruth agus go gcabhrochaidís le síbhialtacht na Sasan a leath- nughadh ar mór-rannaibh agus ar oileánaibh i n-imigéin. Bím ag smuaineadh ar neithibh den tsórt sin go minic san oidhche nuair chloisim fonn gaedhealach éigin a chuireas an tsean-aimsir i gcuimhne dhom nuair chualas an fonn céadna ó bhean an tighe agus í dhá chrónán tráth a mbeadh sí ag sníomhachán: agus annsin tosuighim ag easgainidhe go dílis dúthrachtach ar ríoghacht Shasana. A ríoghacht an diabhail! an fada go mbeidh críoch le t'olcas? Acht cuirim srian leis an easgainidhe sin i gcomhnuidhe; óir is suarach an chompóirt focla feirge a chur den chroidhe mar sin. Ní fuláir srian a chur le smuaintibh feirge agus a gcur i n-íochtar ar feadh tamaill. “Ní ceart a bheith ag smuaineadh ar neithibh ar an gcuma sin. Chuirfidís duine de bharr a chéille.” Meadhon Fhoghmhair 15°. — Duine bocht dearóil a bhí ag fagháil bháis le tamall fada cailleadh indiu é: Éireannach é de mhuinntir Bhróithe. Sin é an seachtmhadh príosúnach a cailleadh ó d'fhágamar Bermuda. Cailleadh saighdiúr agus máirnéalach fosta. Meadhon Fhoghmhair 17°. — I bhfoisgeacht céad míle don Ros agus ocht míle siubhail san uair fúinn agus cóir
sheasta againn. Ní fuláir nó bainfimíd talamh amach ar maidin i mbáireach. Agus tá ar n-aistear i bhfeidhil a bheith thart tar éis chúig mhí. Deir gach aoinneach go mba fada an t-aistear é agus táid siad tuirseach dhe; acht níor bhfada liom- sa é, ná nílim tuirseach dhe. Acht ó thárla gar do thalamh sinn, agus radhairc nua romhainn, agus cathracha ina bhfuil daoine a bhfuil urlabhra aca ní mór dhom éirghe as mo chuid bríonglóidibh mara agus crúdh a chur ina thosach nó go mbuailidh mé faoi cibé saoghal atá romham san Afraic. Bidhidh ag imtheacht, a thaisí! Meadhon Fhoghmhair 18°. — Trí gártha do chualas ó thosach na luinge ar maidin indiu roimh éirghe gréine a dhúisigh as mo chodladh mé. Bhí a fhios agam nár bhfuláir nó bhí Cnoc an Bhúird le feiceál; agus thugas léim as mo leabaidh agus chuadhas ar bórd. Chonncamar amach os ar gcomhair an cósta garbh sléibhe i bhfoisgeacht dhá mhíle dhúinn agus brat ceo ag éirghe dhe go leis- geamhail: ba léar dhúinn na coillte beaga sgagacha ar leicnibh na gcarraigreacha, agus dó nó trí thighthe beaga i ngar don tráigh. Chualamar fuaim na dtonn a bhí ag briseadh de thuairt ar an ngaineamh. Seo í an Afraic cheart. Acht an féidir gurab é seo Ros na Stoirmeacha? Támuid annso gan cor ná car ionainn ar uachtar an uisge, na seolta ag tuitim i n-aghaidh na gcrann agus gan puth as aer, taobh amuigh de Ros so an uathbháis, d'éis a bheith ag seoltóireacht ar feadh coicthidhse agus gála láidir againn nár sgar linn ar feadh na huaire féin agus sinn ag ceapadh nach raibh i ndán dúinn caladh a dhéanamh gan stoirmeacha bheith orainn as gach áird den domhan. Agus is é lom ar leasa é bheith ciúin, óir
thángamar ró-ghar isteach san oidhche agus cheithre mhíle ró-fhada ó thuaidh: sé sin le rádh ní mór dhúinn a dhul thart timcheall an Rosa fós shul 's féidir dhúinn béal an Chuain Fhallsa a shroicheachtáil: sé sin le rádh, an áit nár éirigh linn a bhaint amach sin é an áit a gcuireann loingeas atá ag triall ar an tír seo fiche céad míle de thimcheall ortha féin le n-a bhaint amach. An ghaoth anoir- ndeas an ghaoth is iondamhla atá annso i gcomhnuidhe, agus sruth láidir sa bhfairrge léi; agus dá bhrígh sin má éirgheann an ghaoth indiu agus gan sinn a ruagadh isteach ar an tráigh (áit i ndéanfaidhe sprúdhánaigh go cinnte den luing) tiomáinfear amach siar-dtuaidh i bhfad as láthair sinn; agus b'éidir dhúinn trí seachtmhainí seol- tóireacht a bheith romhainn fós shul 's bhainfeas muid caladh amach, tar éis sinn a bheith i bhfoisgeacht cheithre mhíle dhó. Sin é deir máirnéalaigh. Acht b'éidir dhúinn an t-ádh bheith orainn. Timcheall mheadhoin lae bhí na cnuic glan; agus gan bhréig ar bith siúd é árdán Chnuic an Bhuird 'na thighearna os a gcionn ar fad. Níl aon fheiceál againn ar aon talamh as an áit i bhfuilmíd acht a bhfuil againn ar an muineál garbh atá idir Cuan an Bhúird agus an Cuan Fallsa, agus tuairim le triochad míle an fad atá sa gcósta sin. Meall áluinn an cnoc atá ar an gceann ó thuaidh den mhuineál; agus tá coinéal cumhang, dá ngairmthear Cuan an Adhmaid, isteach sa meall go díreach ar aghaidh na háite i bhfuilmíd ag imtheacht le sruth anois, agus shaoilfeá go bhfuil na creigreacha ag éirghe suas díreach as an uisge, chomh díreach agus nach seasfadh gabhar ann: agus 'na dhiaidh sin is uile deir siad gur thart timcheall ar an ngéig talmhan sin, a bhfuil na carraigreacha garbha le n-a chiumhais atá
na fíneamhna is fearr sa tír. Tá uisge ag teacht ó m'fhiacla le dúil isna caoraibh fíona sin na Hafraice agus ní leigean an déistean dom mo chuid biotáille d'ól indiu. Tá áthas mór ar bhean an Nuallánaigh .i. an sáirseant, acht is ciúin an t-áthas é, mar creidim gur shaoil sí go ndeacha an caiptín amugha agus go raibh sé ag seol- tóireacht ar fhairrgibh choimhightheacha thar dheireadh an domhain. Deir sí gur cosmhail Cnoc an Bhúird le Callan go díreach glan (cnoc i gconndae an Cláir é sin) agus tá sí ag gabháil bhuidheachais le Dia ó mhaidin, go socair. Mharbhuigheamar roinnt éisg, d'iasg thoghtha agus d'ith- eamar dinnéar áluinn, agus chuireamar sinn féin ar meisge na dhiaidh sin ar thoghadh an Chonstantia a chuimh- nigheamar a bheith againn. Chonncamar rud iongantach indiu, comhartha é ar dheireadh turais daor .i. sean-phaca caithte cártaí ag snámh tharainn ar uachtar uisge, dath an-donn ortha, agus na coirnéil ar fad caithte stróicthe. Caitheadh amach iad: níl aon mhaith leo indiu; agus b'ait an t-áireamh é le cur os comhair na Páirliméide dá bhféadadh aon duine a dhéanamh amach: cé mhéad a cailleadh agus a gnóthuigheadh leo le chúig mhí. Cuid de na daoinibh croidhe seo againn a raibh cultacha cod- áis agus cultacha córd ortha gus anois, táid siad ag tarraing éadaigh nua chuca, agus éadaigh maithe iad freisin, a fuaradar i mBermuda, dhá mbaint as a bhfilleadh agus dhá gcur ortha, agus is iongantach an cual díobh atá aca, faoi chomhair an tsaoghail ar fóghnamh atá rompa sa tír seo. Ní headh acht is uasal féin na daoine iad cuid de na cneamhairibh agus de na ropairibh
atá annso as Londain: is fearr na cótaí agus na hataí atá ar chuid aca ná mar atá orm-sa; agus ní mise an daor is fiúntaighe a rachas i dtír ar an Ros. Anois, a dhaoine croidhe na Hafraice a bhfuil tighthe agaibh, aire dhaoibh, bíodh boltaí agus glais mhaithe ar na dóirsibh agaibh: ní chaithfear leith-bhliadhain go ndaor- suighidh an cineál sin earraidh sa gcomhursanacht so. A mhaithe na Hafraice! fainicidh bhur bpócaí. Go dearbhtha is míghníomh thar cionn ar chine ar bith é lastas urchóide mar tá ar iomchur againne a sgaoileadh isteach ina measg. Acht má tá muinntir na tíre gabhtha leo, do réir mar is clos dom, ar ndóigh bainidís an tairbhe is fearr is féidir leo asta. Meadhon Fhoghmhair 19°. — Hurá! Hurá! Rugadh rud nua san Afraic — rud rí-uasal é an turas so — agus ó mo chroidhe amach adeirim é: go n-éirghidh sin léi.
AN I° CAIBIDIL X Meadhon Fhoghmhair 19°, 1849. — Ar bórd an Neptune dom. Cuan Shíomáin, Ros an Deagh-dhóchais. Sgríobhas aréir mo chomh-gháirdeachas leis an Afraic, agus d'ólas a sláinte go lán-mheanmnach. Mar so atá an cás — Níl muinntir na tíre seo sásta, ná ní rabhadar riamh sásta ar thír príosúin a dhéanamh dhá dtír. Bréaga a bhí dhá ndéanamh ag páipéir nuaidh- eachta Charthagin, agus meabhal an iarla Grae, reachtaire na dtíortha amuigh, iseadh a thug dhóibh a leigean ortha go raibh. Dhá bhliadhain ó shoin dubhairt an “fear stáit” sin go puiblidhe, aon tír leo-san nach raibh príosún daor cheana ann nach gcuirfidhe ceann ar bun ann gan cead mhuinntire na tíre sin; agus muinntir na tíre seo chreideadar é, na hamadáin; acht tamall na dhiaidh sin chuir an fear stáit sin príosún daor ar bun i ngan fhios, tré “Órdughadh sa gComhairle,” agus nuair a bhí gach uile rud socair aige agus aimsir curtha ar luing aige le locht méirleach a chur amach chuca d'innis sé dhóibh annsin é. Agus ar feadh na gcúig mhí a bhíomar ar fairrge bhí corughadh mór agus buile dhearg ar na daoinibh san Afraic ó Dheas. Chuir na daoine d'fhiachaibh ar an gComhairle Reachta sgaoileadh; — b'éigin don Ghoibhearnóir .i. Sir Henrí Mac Gabhann gealladh dhá mhí ó shoin nach leigfeadh sé d'aon daor amháin a theacht i dtír tráth a dtiocfadh an Neptune; agus níor fhan duine sa tír, fear ceirde ná ceannuidhe, búistéara ná
fuinteoir, óstóir ná éile, gan “Cumann i nAghaidh na nDaor” a dhéanamh dhíobh féin fré chéile, agus a móid a thabhairt nach gcuirfidís aimsir ar aon daor, nach ndíol- faidís tada le daor, nach dtiubhraidís áit do dhaor a leagfadh sé a cheann, ná aon fhealltóir, ón ngoibhear- nóir anuas go dtí na buachaillí dubha agus na bádóirí a thiubhradh compóirt ná cabhair ar bith dhá laghad do dhaor, nach mbeadh baint ná páirt ná focal le labhairt aca leis. An mhoill a cuireadh orainn ag teacht, thug sin ionbhaidh do lucht páipéar nuaidheacht agus don chléir, agus labhradar-san go teann agus go fraochmhar, gur bhrostuigheadar suas an pobal go láidir tré chruinnighthibh puiblidhe agus is na teampoill; agus nuair a sheolamar-ne suas an Cuan Fallsa indiu, agus gan cuimhniughadh ar thada againn do bhí muinntir an Rosa ullamh fa n-ar gcomhair. Sul bhaineamar caladh Chuain Shíomáin amach (agus níl ann acht báisín beag uisge istigh sa gCuan Fallsa timcheall fiche míle ó Bhaile an Rosa) haithnigheadh comharthaí an Neptune, agus d'fhuagair bád beag ón gcaladh orainn. Maighistir an chalaidh ó Bháighe Shíomáin a bhí ann agus litir don Doch. Dees aige ón ngoibhearnóir, leigean fúinn sa gcuan agus gan a dhul i dtír é féin, ná aon chaidéis a chur ar mhuinntir na tíre go bhfághadh sé sgéala arís. Thug an duine uasal céadna beart páipéar nuaidheachta chugainn, le tuairisg a thabhairt dúinn ar an gCumann i nAghaidh na nDaor agus le taisbeánadh dhúinn a dheacracht is tá sé an lastas méirleach a chur i dtír annso. Do chuir an Doch. Dees a thuarasgbháil féin chum an ghoibhearnóra. Chuir maighistir an chalaidh litir im' ghlaic freisin ó — —; agus duine uasal a tháinig leis chuir sé é féin i n-aithne dhom, an Doch. Mhac an Mhaoir é, agus is é
“oifigeach sláinte” an chalaidh é. Thug sé roinnt pháipéar nuaidheachta dhom, a bhí aige dhom féin, agus dubhairt liom mo chuid-se dhe nach raibh tada ag na daoinibh in aghaidh mise a chur i dtír — go dtuigid go maith cad a thug dhom-sa bheith annso, nach raibh aon bhaint ag an gcorughadh liom-sa ar ndóigh, &rl. — agus cineál leith- sgéil dhá ghabháil aige fa n-a fhíochmhaire agus bhí an pobal. Dubhras leis go raibh áthas orm a chlos na daoine a bheith chomh dána sin i n-aghaidh an “Riaghal- tais” agus i n-aghaidh an doibheart a bhí dhá imirt aca — go raibh lom an chirt ag na daoinibh, agus go raibh súil agam nach ngéillfidís orlach go deireadh na sgríbe; agus maidir liom-sa dhe sin nach mbeadh aon tsúil agam go mbeadh loghadh ar leith ag dul dom, cuir i gcás go raibh a fhios ag gach neach nár mhéirleach mé. Bhíodar ag troid i ndian-chomhrac agus chuirfidhe a bpobal ó mhaith dá gcaillidís, agus dá bhrígh sin nach raibh aon acmhuinn aca ar aon fhabhar a dhéanamh d'aon duine áirithe. B'iongantach leis a dhúthrachtaigh is labhras acht bhí fúm an chéad fhear ón Ros a casfaidhe orm mo bhar- amhail a chur i n-iúl dó. Deir maighistir an chalaidh liom gur shaoil gach uile dhuine ar an Ros, ó ba rud é gur chúig mhí ó shoin a d'fhágamar Bermuda, go ndeachamar go léir go tóin puill, agus ar an adhbhar sin nach mbeadh aon ghábhadh leis an troid a bhí dhá hollmhughadh ag muinntir na tíre fa n-ar gcomhair. Ní headh, acht cuid den chléir ag guidhe Dé an anachain a choinneál uatha; agus iad go sásta dhá rádh ag déanamh seanmóir dóibh go mba hé an sgéal ab iongantaighe fós é an Neptune a bháthadh, mar shaoileadar, agus gach a raibh ar bórd uirthi. Deir an maighistir céadna calaidh liom go dtáinig an Swift
i gcaladh annso, long cogaidh ise, timcheall le seacht- mhain ó shoin, agus gur thógadar lón ar bórd, agus iad ag triall go Sydney; go raibh an Brianach ar bórd uirthi agus mac Uí Mheachair, mac Uí Dhonnchadha agus Mac Mághnusa, nach bhfaca aon duine iad acht eisean, agus nár fhan an Swift i gcaladh acht lá agus cuid den dara lá. Ní raibh an Máirtíneach ná an Dochartach ar bórd; cuireadh iad-san ar siubhal i luing choitcheann daor, is cosmhail. Ó is rud é go raibh páipéir nuaidheachta aca- san an tarcuisne is mó d'fhéadfadh méirleachas a thabhairt ortha ní raibh an Riaghaltas 'na dhiaidh sin ortha. Sé sin le rádh, an fear cneasta a bhfuil páipéar nuaidh- eacht mar arm ina láimh aige, sin é an námhaid is baoghalaighe is féidir do na daoinibh ar a dtugtar an Riaghaltas a bheith aca i nÉirinn fa láthair; agus uime sin, an easonóir is mó atá ina gcumhachtaibh a thabhairt orainn tiubhraidh siad orainn é agus is mór an onóir linn sin. Is beag nach raibh an oidhche tuitthe nuair a shroicheamar an báisín uisge ar a dtugtar Cuan Shíomáin. Cnuic ghruamdha, ba dhóigh leat, atá ina thimcheall; chomh maith le dhá long mhóra dhéag sa gcuan agus soillse an bhaile i bhfoisgeacht ceathramha míle dhúinn, — ceathramha míle atá chomh fada uainn agus atá an solus ó thuaidh: óir chomh cinnte is tá cluas ar mo leiceann ní chuirfead bonn le talamh go bráth do réir chosamhlacht ar an Afraic. Is mór go cinnte an mealladh dhom sin, ar chaoi: agus níl sé ann an té a bhfuil a fhios aige cá dtioc- famaoid i dtír fa dheireadh: an Ástrail b'éidir; agus ní raibh lá riamh nach raibh an dearg-ghráin agam ar an
Ástrail. Chuir sé iongnadh riamh orm, daoine saora a d'fhéadfadh a dhul go Dahomey, dhá dtogruighdís é, nó go Whidah nó go Nua-Sembla nó go Terra del Fuego go ndeachadar dá ndeoin féin, iad féin is a gclann, agus gur chuireadar fútha i dtír príosúnach, agus gur ghabhadar léi mar thír dhúthchais. Gheobhadh duine a bheith gabhtha le n-a shaoghal a chaitheamh imeasg daoine atá fiadháin simplidhe ó nádúr, dá mba i Labrador é nó sa Sahara; acht chuirfeadh sé déistean agus gráin ort a bheith 'do chomhnuidhe agus do chlann a thógáil imeasg daoine fiadháine a caitheadh amach as an tsíbhialtacht, imeasg daoine fiadháine neimh-shíbhialta, daoine fiadháine atá níos brúideamhla ná gheabhthá i dTimbuctoo agus chomh lobhtha chomh hurghránna agus atá i Londain. Gidh- eadh chruaidhigheas mo chroidhe ionnus gur beag beag é mo shuim sa gcaingin ar fad. Is mé atá sásta nár leigeas mo mhuinntir féin go dtí an tír seo fa láthair fa mo dhéin; agus an fhad is nach bhfuil de chúram orm acht mé féin, agus mo shláinte bheith go maith, is beag agam cé'n áird den domhan a dtiubhra long an droch- thuair seo a haghaidh. Agus nach ait an rud leat é agus go bhfuil sórt áthas orm anocht, agus go bhfuil coruighe taitneamhach ar mo chroidhe, agus taitneamh te thart tim- cheall ar mo chroidhe a chuireas an fhuil ag bíodhgadh ionam. Is breagh tábhachtach agus is sásamhail an dáil ar a bhfuilmíd taréis a theacht i ngnóthaibh seo thíortha thar lear na Sasan; agus má's amhlaidh go bhfuil an obair do réir mar cheapaim-se is dathamhail gan bhréig an píosa oibre a bhéas le feiceál ar ball. Ní ghabhfadh Goibhearnóir an Rosa a láimh an long a chur ar siubhal; is soiléir sin; sé sin le rádh, a cur go tír eile thar lear le Sasana, gan órdughadh ó Charthagin;
agus b'éidir dhúinn curaintín leith-bhliadhna a chaitheamh annso sul thiocfas aon órdughadh cinnte. Agus is iomdha duine dhá thomhais cé'n t-órdughadh é, agus na tomhaiseanna ar fad comh-chinnte. B'éidir sinn a chur go hÁstráil, nó sinn a thabhairt ar ais go Bermuda, nó sinn a ghairm go Londain, nó ar gcur i dtír gan bhuidh- eachas ar an Ros, nó ar gcur ar oileán anaithnid éigin san aigéan Chiúin nó go hionad éigin eile nach bhfuil a fhios againn. Acht is cinnte go ngéillfidh fir Shráide Dhonnáin d'éileamh mhuinntire an Rosa, agus iad go stainnc- eamhail faoi. Saoilim nach maith go dtiocfadh leo chor ar bith a n-aigne a chlaonadh do-chum a dhéanta; boll- sgaireacht an chéad rud a dhéanfadh an Sasanach i gcomh- nuidhe ina leithéid de chás. Gidheadh má théigheann siad sa gceann sin leis is iad na daoir bhochta bhéas siar leis, óir tiubharfar aoide na bhfaol-chon ortha nó aoide na bhfear ndubh. Níl cinnteacht ar bith dhá laghad agam i dtaobh an sgéil go léir. Tá coinne agam, ar a shon sin, nach bhfuil na daoine gan a bheith cinnte dá gcúr- saibh féin. Níl a fhios ag na daoraibh fós goidé mar atá an cás agus táid siad ag déanamh cinnteacht de a bheith ag dul i dtír i mbáireach; acht lucht ughdaráis na luinge táid siad ina staic agus gan a fhios aca an fada atá ortha a bheith annso. Maidir leis an Doch. Dees is mór an truaigh é la n-a bhfuil d'uathbhás air. Ba lag anbhfann é a choimpléasg, agus ba faitcheach a aigne, agus anois is dóigh go mbuailfear síos tinn é leis an imnidhe a chuir an turas air agus de bharr na fáilte seo a cuireadh roimhe. Bhí coinne aige a dhearbhráthair d'fheiceál annso, is dochtúir eisean ar luing Mhic Raghnaill an tUigingeach;
acht trí lá go díreach sul thángamar cuireadh taoiseach loingis i n-ionad an uigingigh agus d'imthigh an long go Sruth Plate. Shaoilfeá an duine bocht gur as a chéill atá sé anocht, ar éigin atá ann labhairt gan a bheith ag gol: a leithéid de rud, a rádh nach mbeadh níos mó de ghoirm roimhe-sean i dtír le Sasana, agus gur oifigeach Sasanach é, acht mar bheadh roimh fhoghluidhe ón India! I gcruthamhnas nach bhfuil ceachtar againn gan a thrioblóid áirithe féin. Síos le ancoire guib an Neptune agus na slabhraí ag craitheadh na sean-luinge ag dul síos di. Cé'n áit an chéad áit eile a dtiocfaidh an ancoire sin go tóin puill — i gCuan Moreton, i bPort Philip, ar Oileána Falkland, ag an mBalla Dubh nó faoi choillte cedir Bermuda ar ais? A mhaithe Shráide Dhonnáin, seo giota beag oibre dhaoibh le socrughadh, le ribín dearg, nó le cóir éigin eile. Ní'l aon bhaint agam-sa dhó; oraibh-se atá a chúram; dá bhrígh sin, caithfead gail den phíopa agus go mba doilghe an obair dhaoibh an cheist a fhuasgailt. Gur leigeamar fúinn amhlaidh sin, agus deifir orainn leis an lá éirghe. 20°. — D'éirigh an ghrian indiu mar is gnáthach agus gan aon chosamhlacht imnidhe ar a gnúis — gan aon tsuim aici i n-ar mí-shuaimhneas — agus chímid cá bhfuilmíd ar ancoire. Cuainín nó cúinne beag é Cuan Shíomáin ar an taobh thiar den Chuan Fhallsa, agus cnuic gharbha thart timcheall air agus iad ó 800 go dtí 1400 troigh ar áirde; agus an baile féin agus na foirgnighthe duga atá ann is thart ar imeall-bhórdaibh bhéil an chuain atá siad suidhte, ar éadan an chnuic, agus is géar an cnoc é, ar nós Genóa beag. Tá gleann doimhin ag ceann an bhaile agus sruth uisge ag teacht anuas thríd ó na cnocaibh agus roinnt
bheag crann ag béal an tsrotha. Seo é a bhfuil sa mbaile: roinnt tighthe dathamhla, tighthe ósta, roinnt mhaith siopaí, teampoll, sluagh-theach beag, sraith stórtha d'earraidh loingis; agus tá trí nó ceathair de cheannaibh garrdhanta suas ar éadan ghéar an chnuic ar a gcúla, acht má seadh, ní fuláir nó is ar ghuaillibh daoine a hiom- chruigheadh suas an chréafóg atá ortha i n-áit ar chartachaibh. Chothochadh sé trí bhó tuairim, a bhfuil de chimín le ciumhais an uisge. Tá na crainn fa dhuilleabhar iomlán anois agus ní glaise an smarag ná an féar, na garrdhanta agus an fraoch atá ar na sléibhte. Tá na cnuic ins gach uile áit faoi thumacha ísle; frioth- choillte iad agus crainn fhraoich an Rosa, agus dath corcra cheana ortha ag na craobhracha fiadháine priacháin atá ortha, go bhfuil dath dearg an rósa ar áitibh fiadháine na Hafraice ó dheas aca. Ó thuaidh dhíobh sin arís d'fheic- feá gualainn Chnuic an Bhúird agus é go hárd os a gcionn ar fad, agus tá sraith adhbhalmhór de chnuic árda garbha ar an taobh thoir den Chuan Fallsa (timcheall chúig mhíle dhéag uait), agus beanna briste loma géara ortha. Tá réimse de thalamh cothrom gainmhidhe ag ceann an Chuain Fhallsa; agus taobh thall de sin arís d'fheicfeá na cnuic atá i bhfad uait istigh sa tír, “ag bagairt a ndrom thar dhrom a chéile,” agus an sneachta 'na luighe fós ar a mullaigh garbha, taidhbhseacha. Is soiléir go bhfuil corughadh ortha i mBaile Shíomáin indiu; tá cruinniughadh puiblidhe ann, agus tá a lán daoine ann atá sa “gCumann i n-aghaidh na nDaor” ó Bhaile an Rosa: chuadar síos bog, te do dhéanamh comhairle sollamhanta i dtaobh catha, go díreach glan os comhair an námhad. Clog mór atá aca i dteach na cathrach, Baile an Rosa, tá sé dhá bhaint mar ba sochraide
bheadh sa gcathair (.i. buille gach aon leath nóiméide), ar fuláireamh lucht ughdaráis na cathrach; agus an fhad is bhéas an Neptune taobh istigh d'imeall na tíre tá an fhuaim dhuairc sin le bheith ar siubhal. Níl ceanntar sa tír gan cruinniughadh bheith ann, agus gach cruinniughadh aca ar siubhal an lá céadna; tá na cainteoirí ag béic- feadh agus an chléir ag easgainidhe níos tréine ná bhíodar riamh. Samhluigheann sé nach bhfuil tada eile ag goilleadh ar an bpobal, ná cúram ar bith eile ortha; tá na daoine go hiomlán dhá gcraipliughadh féin suas go gcuiridh siad deilgne móra láidre amach ortha féin ar nós na gráinneoige, féachaint an gcuirfidís an sluagh méirleach uatha. Buachaillí oraibh! Ní chloisimíd indiu cad a cinneadh ar a dhéanamh i n-aghaidh na ndaor; acht iseadh atá i mbéal gach aoinneach gur labhradar ar fad ó aon bhéal; go saoilim-se nach mbeidh claochmughadh dá laghad ortha. Fuair an Doch. Dees litir anocht ón ngoibhearnóir go bhfuair sé na tuarasgbhála, acht mar sin féin nach raibh faoi an cúram a thógáil den dochtúir, ná leigean d'aoinneach a theacht i dtír as an Neptune; dá bhrígh sin gur fa'n taoiseach loingis atá sé (agus tá a long-san ar ancoire láimh linn, agus gach uile bhád dá bhfuil ar snámh is-na huisgibh seo is fá n-a órdughadh-san atáid); agus nach fuláir dhó fuireach le órdughadh ó Shasana. 21°. — Na himtheachta go léir go fabharach. Is air do cinneadh ag cruinniughadh an lae indé, an gealladh a thabhairt go cruaidh i n-aghaidh na ndaor .i. gealladh gan tada a dhíol le aon duine ar bórd an Neptune, ná le aon duine a dhíolfadh an rud, ná le aon duine a chuideochadh le daor chun a thabhairt i dtír, ná a thiubhradh cabhair chothuighthe dhó dhá dtagadh i dtír; gan tada a dhíol leis
an riaghaltas ná le aon duine ar son an riaghaltais an fhad is tá an Neptune ar snámh i gcuan na tíre. Gach uile cheannuidhe siopa dá raibh i mBaile Shíomáin cuireadh fa ndeara dhó an gealladh sin a thabhairt ar an toirt, agus níor dhá ndeoin é; óir is ar ghnóthaibh stórtha an dug agus ar mháirnéalaighibh na loingis cogaidh atá teacht suas an bhaile bhig sin. Cuireadh forfhaire i n-aice an chladaigh (daoine le n-a ráitear Coiste an Fhorfhaire agus gloin- eacha fad-radharcacha aca), ag faire go síoruidhe ar an Neptune, agus ar gach uile bhád dhá dtéigheann chuici nó uaithi. Cuireadh faireadh freisin ar cheannuidhthibh Bhaile Shíomáin agus níor mhór é. Tá fútha ar gcur chun báis leis an ocras, d'éis na gcúig mhí a chaitheamar ag triall ortha. Chuir an taoiseach loingis mairtfheoil úr chugainn indé, riar do gach duine dhá raibh ann, agus teachtaireacht léi nach raibh aon cheapadh aige go bhféadfadh sé níos mó ná riar lae nó dhó a thabhairt dúinn, óir dá bhfionntaidhe amach é ní gheobhadh sé féin greim feasta dhó féin ná dhá fhoirinn. Agus is le beartuidheacht a chuir sé an méid seo féin chugainn, mar dhéanfaidhe é le baile bheadh dhá iomshuidhe: d'órduigh sé riar dhá lá d'fhoirinn a luinge féin, agus ar a theacht don mhairtfheoil annsin chuir sé a leath amach i mbád beag ar thaobh na fairrge den luing agus anonn leis an mbád beag go dtí an Neptune. Thíos i ngar don tráigh atá an bóthar go Baile an Rosa agus é ag dul thart timcheall íochtar na gcnoc, agus gan sa mbóthar céadna acht gaineamh na trágha agus é fliuchta cruaidhthe ag an sáile. Tá coisighthe, marcaigh, agus caranna ar a mine ghéire ar siubhal ar an mbóthar sin. Tháinig beirt nó triúr ar bórd an Neptune indiu ag infhiuchadh, an General Taoiseach Ceathramhan duine aca
dhá dhochtúir an bheirt eile. Taréis tosach na luinge a bheith sgrúduighthe aca, agus na daoine bhí tinn, &rl., tháinig an Doch. Dees chugam féin agus dubhairt go mba mhaith leis na hoifigeacha labhairt liom. Nuair a bhíos go díreach dhá bhfreagairt i dtaobh mo shláinte bhí an Doch. Dees na sheasamh le m'ais, thuit sé as a sheasamh go hobann, agus b'uathbhás é ag cneadach agus dhá shníomh féin. Shaoileas gurab é an tinneas mór a bhí air; acht tá sé le sé huaire a chluig agus níor tháinig mothughadh ann, acht é d'fheacht is d'áirid ag sníomh na mball. Is eagal liom go n-éagfaidh an duine bocht. Tá seisean millte ar chuma ar bith ag obair tíoruighthe an tighearna Grae. Ag borradh atá an corughadh atá ar tír i n-éadan na huaire. Carr aráin a bhí ag teacht le aráin go dtí lucht na long choinnigh an daosgar-shluagh na sheasamh taobh amuigh de Bhaile an Rosa é, go mb'éigin don ghoibhearnóir buidhean den arm a chur leis dhá chosaint. Páipéir nuaidheachta an Rosa, gach a dtáinig amach díobh le dhá mhí fuaras iad, agus gach cumann dá raibh ann i n-aghaidh na ndaor ar feadh an ama sin léigheas a gcúrsaí agus a n-imtheachta. Is mó an fhearg atá ar na daoinibh i bhfad isteach sa tír, agus is daingne coitcheanta a rún arís, dá mb'éidir sin, i n-aghaidh na ndaor ná i mBaile an Rosa féin. Is feargaighe go mór na sean- áitreabhaigh Ollandacha, agus tá triúr díobh-san sa tír i n-aghaidh an duine de gach cine eile dá bhfuil ann, ná na Sasanaigh, agus táid siad lán-toilteanach do réir deallramh ar a dhul chun cogaidh thríd an gcúis; ní headh, acht táid siad chomh mí-shásta sin le riaghaltas Shasana agus nach mbeadh uatha acht leithsgéal maith troda. Gidheadh tá an dá chine d'aontoil ar an gceist seo:
tugadh an “gealladh” ag gach uile chruinniughadh; agus aon duine rachas ag taisteal na tíre gan an teastas a bheith leis san Ollandais agus sa mBéarla, ón gCumann atá i n-aghaidh na ndaor ina cheanntar fhéin, dhá rádh go dtug sé an gealladh, tá an gealladh é féin san dá theanga ar chúl an teastis, níl lón ná lóistín le fagháil ar a chuid airgid aige, ná sop féir dá chuid bulán. I n-áitibh áirithe, nach bhfuil ann acht Ollandacha amháin, tháinig na feilméaraí dhá fhichid míle agus leath-chéad míle bealaigh, treasna thar na cnuic agus thar cheanntracha loma fásaigh na tíre. Karroos a tugtar ar na maghaibh loma sin. Ní raibh a fhios ag na daoinibh simplidhe sin, adeir an páipéar nuaidheacht, cad é an rud daor, — níor chualadar riamh trácht ar an tighearna Grae, ná ar oifig an Tíoruighthe, ná ar Shráid Dhonnáin; acht nuair a mínigheadh an cás dóibh, agus gur chuir an tighearna Grae locht luinge de dhaoraibh, cuirptheacha .i. Bandieten, ó Shasana agus ó Éirinn, le n-a sgaoileadh amach fa'n tír, agus nuair d'innis na cainteoirí an tslighe agus an modh maireachtála bhí ag na daoinibh sa tír seo, go rabhadar na gcomhnuidhe san uaigneas ar a gcuid feilm- neacha, agus gur minic a chaitheadh na fir trí nó ceathair de sheachtmhainí as a chéile as baile, agus iad go minic ag siubhal na machairí uaigneacha, agus na mámanna agus céimeanna cnoc, iad féin agus a gcuid bulán agus a gcuid carbad, ar a mbealach go dtí na caladh- phorta leis an toradh, agus nuair a mheabhruigh na caint- eoirí dhóibh nach raibh gábhadh riamh cheana aca le glas ná le bolta d'oidhche ná de ló, agus nach mbíodh blas imnidhe ortha a bheith amuigh ó na dtighthe, agus annsin nuair a chuireadar ina gceann é fa'n sluagh creachadóirí seo agus an t-uathbhás a d'imreochaidís ar na daoinibh, agus
d'innsigheadar sgéalta áidhmhiallta dhóibh fa na mí- ghníomhartha a bhíodh dhá ndéanamh i bhfiadhantas na gcoillte ag creachadóiribh i nÁstrail, nó go raibh a n-aigne coruighthe thar barr, agus shaoileadar go mba buidhean neamh-nádúrdha foghluidhthe iad na daoine bhí ar longais ag an tighearna Grae, agus go rabhadar ag teacht i n-aon turas do ghoid, d'éigniughadh, do dhóghadh agus do mharbhadh, Donner en blitzen! ní hé amháin go dtug na feilméaraí croidhe an gealladh ó aon bhéal agus gur chuireadar a n-ainm leis ar bhall na baice, acht do thugadar an leabhar go feargach agus go dúthrachtach, agus a lámha sínte suas aca, nach ngéillfidís don éagcóir sin go bráth, go séanfaidís a n-umhlacht i dtosach, agus go nglacfaidís airm agus go dtroidfidís na méirleacha níos fonnmhaire ná mar throideadar riamh na fir dhubha. Agus is dócha go gcoimhlíonochaidh na feilméaraí dána a bhfocal: tá súil agam go gcoimh- líonochaidh — chuirfeadh sé áthas ar dhuine a theacht ar dhream daoine i gcoirnéal éigin den domhan dá mbeidís ag bagairt go dána go mbeadh fútha a mbagairt a dhéanamh go maith. Ní misde a rádh go bhfuil airm mhaithe ag na feilméaraibh Ollandacha annso, agus iad ar fad cleachtach ar dhiubh- ragadh; níor chualadar riamh trácht ar “acht do bhaint an airm de dhaoinibh,” agus tá roinnt eoluis ar riagh- lughadh airm aca, agus tóir mhór ar phúdar agus ar urchair, óir bhíodar go minic mar arm ghlas-laoch i gcogadh leis na buachaillibh dubha. Níor mhínigh aoinneach ariamh dhóibh go mba coir dóibh sin, agus an té ghníos an choir go neartuigheann sé leis an námhaid. Is iomdha ceanntar a ndeachadar glan díreach go dtí an teampoll ón gcruinniughadh puiblidhe, thiubhraidhe
seanmóir annsin i n-aghaidh na ndaor, agus ghuidhfidís Dia an tír a shábháil ar an anachain a bhí ag teacht uirthi. Thug páipéar nuaidheachta tuarasgbháil ar chruinniughadh den tsórt sin, agus dubhairt sé annsin: Agus chuir sin críoch leis an 18° de Lughnas. Go mba fada buan é sa Tír Dhubh. Aithreacha ag éirghe agus ag luighe dhóibh, go mba &rl., &rl. Caint níos dána ní fhacas i n-aon áit, ná sa Nation féin, ná tá ar na páipéir nuaidheachta so. Deirid go léir ó aon bhéal nach bhfuil san obair ó bhun go barr acht meabhal a rinne an t-iarla Grae ortha i n-aon turas (agus níl), agus nach bhfuil ann acht dearg- bhréagadóir ó thús go deireadh. Má shíolruigheann a leithéid sin de shluagh cuirptheach ó rí-shíbhialtacht Char- thagin, deirid gur cóir do Charthagin cúram na gcuirp- theach a thógáil uirthi féin agus gan linnte agus camraí méirleachais a dhéanamh de thíorthaibh a bhfuil a mhalairt de chúram ortha, agus a mhalairt d'imnidhe ar na daoinibh - deirid, rud is fíor dhóibh, agus ar ndóigh rud is ceart dóibh, go bhfuil cuirptheacha dá gcuid féin ar an Ros, agus gur leor leo iad-san a smachtughadh, gan bitheamhnaigh thar tír isteach a chur de chúram ortha, ná cineálacha úra urchóide a leathnughadh sa tír. Ó thárla gur thug riaghaltas Charthagin saighdiúirí do-chum an Ros a shábháil ar na buachaillibh dubha tá sé de cheart aca, dar leo, a gcuid bitheamhnach daor a chur isteach sa Ros, acht ní le muinntir an Rosa a chosaint a rinneabhair sin, arsa na páipéir nuaidheachta, acht do-chum seilbh a choinneál ar an Afraic ó Dheas; agus dá mba headh féin, deirmid-ne tógaidh libh bhur gcuid saighdiúirí, agus bhur gcuid loingis, cosnochaimíd sinn féin ar na buach- aillibh dubha, nó dhá dtéigheadh sé chuige sin is fearr linn iad sin féin ná daoir.
Ó thús an domhain an bhfaca aon fhear cúis catha ná adhbhar feirge níos córa ná mar tá ag an daoinibh sin? Acht ní taobh le bheith i n-aghaidh na ndaor atá an corughadh anois. Gach áit dhá dtiocfá chloisfeá iarraidh ar riaghaltas a thoghfaidhe leis na daoinibh féin agus cumhachta a bheith aca ar an airgead; ní leigfidh siad feasda do gheospail ó Shráid Donnáin a bheith dhá riagh- lughadh le ribínibh dearga, ná fós do chomhairle riagh- luighthe Carthagineach an Rosa. Seo rún a cuireadh i bhfeidhm ag cruinniughadh a bhí i gceanntar Worcester an 11° de Lughnas — (Peadar Shéamus de Bhós i gceannas an chruinnighthe): — “Gur modh éagcórach ó nádúr é an modh tré n-a riaghluighthear an tír fa láthair, agus nár mhór modh riaghaltais níos saoire ná é a chur ina ionad. Agus thairis sin, an modh riaghaltais atá ann fa láthair ní fheileann sé feasta don tír agus ba cheart reacht a n-oibreochadh na daoine féin é a chur ina áit.” Níl cruinniughadh bhíos ann anois nach gcurtar rún éigin dá shamhail sin i bhfeidhm. Acht cheana, níl feidhm dá laghad sa riaghaltas atá annso anois: d'éirigh comhairleacha an riaghluighthe as a gcuid oibre: ní bhíonn aon chruinniughadh den chomhairle gnótha ann: agus tá an tír gan riaghaltas ar bith, geall leis. Tá na daoine ag gabháil do láimh ar an gciúineas agus go héifeachtamhail an obair a dhéanamh iad féin; d'fhuagair lucht banc agus lucht árachais nach mbainfidh siad feasda le aoinneach nár thug an gealladh, le aoinneach a dhéanfas riar ar bith ar an riaghaltas, go gcur- tar ar ceal an tÓrdughadh Comhairle atá ag déanamh tír daor den tír: agus do-chum muinighin a thabhairt do dhaoinibh ath-uair do-rinne Sir Énrí Mac Gabhann rud nach móide go raibh aon cheart aige a dhéanamh: a fhuagairt
go bhfuil sé ar tí airgead riaghaltais páipéir a thabhairt amach ar urradhas a cheapfas “bórd oifigeach” a bheith sásamhail, agus go nglacfar i n-omós cánach é. As na páipéir nuaidheachta a bhaineas an méid sin: is cosmhail gur ag dul i mbuirbe a bhí an corughadh go dtí an lá ar bhain an Neptune caladh-phort amach: agus is measa (nó is fearr) atá an obair ó shoin i n-éadan an lae. 22°. — Níl greim eile den fheoil úr againn. Fuair Coiste na Foraire amach an cleas a d'imir an taoiseach loingis, agus ní thiubhraidh na daoine feoil ná tada eile don taoiseach anois ná d'fhoirinn aon luinge eile ar an gcabhlach — ná fós do roinn ar bith den loing- seoireacht. Tá cheithre long cogaidh ar ancoire annso anois, agus tuairim is 900 fear ortha, agus gan le fagháil aca acht feoil ghuirt mar tá againn féin. Ádhamhail go leor tá neart éisg sa gcuan so, de thoghadh an éisg, agus fuireann a chuaidh amach ag iasgach i mbád beag ó luing de na longaibh móra, mharbhuigheadar locht breagh éisg. Agus béidh iasg úr ar sáith againn i mbáireach. Is amhlaidh atá an Cumann dhá dhéanamh anois táid siad ag iarraidh an dearg-ghorta a thabhairt ar an ngoibhearnóir ins gach uile roinn den tseirbhís phuiblidhe, sa riocht go mbéidh sé d'fhiachaibh air an Neptune a chur amach as cuan na tíre go háit éigin eile, is cuma cé'n áit é. Tá an gealladh dhá choimhlíonadh go dlúth dílis aca. Daoine a rinne margadh le lucht an riaghaltais le n-a riar d'eiteadar go léir a margadh a choimhlíonadh, agus b'fhearr leo an t-airgead urradhais íoc ná lucht an riaghaltais a riar. Chuir an riaghaltas fuagradh amach (agus é daite i litreachaibh móra i n-áit a bheith
clóbhuailte, ní chlóbhuailfeadh aon clódhadóir tada do riaghaltas méirleachais) ag iarraidh ar dhaoinibh éigin eile a riar, acht níor fhreagair aon duine amháin iad. Agus i mBaile Shíomáin féin tá sé d'fhiachaibh ar na daoinibh an gealladh a chur i bhfeidhm. Chuaidh an stíobhard ón Neptune i dtír indiu, agus timcheall mór a chuir sé air féin; chuaidh sé go dtí an Minerva i dtosach, long ón Domhan Thoir ise, agus chuaidh sé i dtír i mbád beag leis an Minerva. Chuaidh sé isteach i siopa búistéara agus d'iarr caoir-fheoil. Dubhairt an buachaill siopa leis go ndíolfadh sé dhá phunt leis. Dubhairt an stíobhard gur speir chaorach a bhí uaidh. Ní raibh a fhios ag an mbuachaill an dtiubhradh sé dhó í, acht d'fhiarfochadh sé dhá mháighistir é. Tháinig an máighistir agus leig an stíobhard an-fhearg air féin. Ba hé stíobhard an Minerva é adubhairt sé; agus an gcaithfeadh na daoine uaisle ó Madras a bhí mar phaisinéaraí aige trosgadh faoi rádh is go raibh sluagh mallaighthe daor ar luing sa gcuan? Acht d'aindeoin na feirge is géar a cheistnigh an búis- téara é le cinnteacht d'fhagháil an ar an Neptune a bhí sé nó mar ar bh'eadh. Acht i ndeireadh na dála thug an stíobhard an speir chaorach leis. Ní móide gur obair mugadh magadh í seo, agus b'éidir dhi a theacht níos truime ná sin fós, an té a bhfuil a bhaint léi; acht is mór an greann í. Bím ag gáiridhe ag léigheadh na bpáipéar nuaidheacht dom go dtagann an sruth deor ó mo shúilibh. Agus gach uile sgéal nuaidh dhá dtagann i dtaoibh imtheachta na ngnótha baineann sé tuilleadh gáiridhe asam; agus amanna ní sguirim ar feadh leath-uaire, ar mo leabaidh dhom, acht ag gáiridhe. 24°. — Gan blas le n-ithe fós againn acht an t-iasg; acht is clos dom go bhfuil faoi an taoiseach na
feilmneacha d'ionnsuighe de shiubhal oidhche ar lorg creach. Ní thugann an goibhearnóir suaitheantas ar bith don Neptune anois. Tá an dochtúir go dona tinn fós, corughadh mór intinne air agus reachtaighil mhóra chreaitthe. 25°. — Tá sean-long sa gcuan agus gan aon chrann uirthi, an sean-fhrigéad le n-a ráidhtear an Seringapatam agus hathruigheadh sé fichid príosúnach tráthnóna indé gur cuireadh uirthi-se iad, agus fágfaidh sin níos mó achair agus níos mó aeir ag an gcuid eile ná mar bhí aca. Shaoilfeá orainn go bhfuilmíd ag ullmhughadh do- chum an samhradh a chaitheamh annso. Tugadh an dochtúr bocht i dtír indiu i mbád beag leis an bhfrigéad, agus é sínte ar a leabaidh, gur cuireadh i n-osbuidéal na máirnéalach ar tír é. Ní shaoilim go bhfágfaidh sé beó é. An sean-chaiptín atá againn chuaidh sé i dtír indiu agus dhá phiostal leis. Bhí na daoine go han-tsocair leis acht ní bhacfaidís leis. Chuaidh sé isteach ina lán siopaí ag iarraidh píopa a cheannach, gloine dá uaireadóir, agus builín beag úr, acht ní raibh aon mhaith ann; ní dhíolfaidís tada leis. Bean bhocht a raibh teach aráin aici, agus milseáin dhá ndíol, chuaidh sé isteach chuici, agus is amhlaidh bhíodh sí ag díol arán úr cheana le foirnibh loingis cogaidh do dhéanamh slighe mhaireachtála dhi féin. Dubhairt sí leis agus na deora ar a gruadh go raibh sí sgriosta amach 's amach, gur éirigh na feilméaraí agus na muilleoirí as a bheith ag cur phlúir ná arbhair go Baile Shíomáin; nach raibh thar aon bhácús amháin ag obair anois agus gan cead a dhíol i n-aon teach acht riar dá raibh sa teach. Sa gcaint dóibh, cé thiocfadh acht carr an aráin. Chuir an caiptín d'impidhe uirthi, ó bhí sí
ag ceannach di féin, dhá bhuilín sa mbreis a fhágháil agus a ndíol leis-sean; acht rinne sí a dhearbhadh agus uathbhás uirthi dá n-iarradh sí amháin a leithéid nach mbeadh greim eile le fagháil aici dhi féin. Tháinig sé ar bórd arís, agus dubhairt nach bhfaca sé ó rugadh é a leithéid d'amad- áin. Is cosmhail gur duine den dream daoine é an caiptín nach dtuigeann cionnus a n-eiteochadh aoin- neach a bheadh ar a chéill, agus Sasanaigh féin, agus Críostuidhthe atá 'na mbeathaidh san naomhadh aois déag cionnus a n-eiteochaidís tré adhbhar puiblidhe airgead a shaothrughadh. Sean-chaiptín ó na hIndiachaibh Thoir é, agus deir sé liom go bhfuil a fhios aige go maith cad a chuirfeadh ciall is-na daoinibh seo; sé sin le rádh sé sgiúrsa dhéag ar fhichid an duine a thabhairt do mhuinntir na tíre as éadan a chéile, agus a dhá oiread a thabhairt an duine don chléir. 26°. — Tá an taoiseach loingis taréis sgata bulán a thiomáint leis. Chuir sé foireann báid amach aréir, agus roimh mhaidin thiomáineadar sgata eallaigh isteach go Baile Shíomáin; bhí druma agus feadóg ar siubhal amach rompa agus ceol meadhrach dhá imirt aca, fonn de na fonnaibh a bhíos dhá n-imirt ag máirnéalaigh. Do leath a súile ar Choisde an Fhoraire agus iad ar na taibhlibh ag faireadh ar feadh na hoidhche. Íocfaidh an taoiseach na daoinibh dar bhain sé an t-eallach ar ndóigh, i gcruthamhnas nach dearg-fhoghluidhe ar fad é. Oifigeach a bhí ar bórd indiu deir sé liom go bhfuil buile dhearg ar na máirnéalaigh tá ar an bhfrigéad le daoinibh ceann- airceacha na tíre, agus go raibh máta an ghunnadóra i dtír indé agus go gcualaidh sé fear sa tsráid ag coireamhaint ar an riaghaltas fa'n doibheart atá dhá dhéanamh aca ag sgaoileadh sgata daor isteach ina measg
go millidh siad a móráltacht, agus a gclann inghean; agus ar n-a chlos sin don mháirnéalach theann sé leis an tír-ghrádhuightheoir: “Óra, mo mhallacht duit,” ar seisean, “is duine de na leibidibh malluighthe thusa atá i n-aghaidh na ndaor,” agus leis sin bhuail sé an dorn sin idir an dá shúil air gur leag é. Gidheadh níl sos ná comhnuidhe ón iomshuidhe. Dubh na fríghde ní dhíolfaidh aon cheannuidhe siopa annso le muinntir an Neptune ná le muinntir aon long cogaidh eile. Sgriosfar Baile Shíomáin go cinnte má sheasann an t-achrann mórán níos fuide agus is géar atá na daoine dhá éagcaoineadh, acht níl aon trócaire sa bpobal.
AN 2° CAIBIDIL X. Meadhon Fhoghmhair 27°. — Ar bórd an Neptune, cuan Bhaile Shíomáin. — Chuaidh an caiptín suas go Baile an Rosa indé agus thug sé trí litir fhada ar ais leis dom, a tháinig as baile, agus ar feadh uaire nó dhó bhíos ag á léigheadh agus níor chuimhnigh mo chroidhe go raibh daor beo feadh an ama soin, ná duine i gcoinne daoir, ná Ros, ná taoiseach loingis, ná goibhearnóir ná tada eile. I gcarbad a tháinig an caiptín ar ais ó Bhaile an Rosa agus bhí beirt freis ar an gcarbad a bhí ag teacht anuas go bhfairidís a dtamall féin ar na taibhlibh ar son Cumann na Foraire. Ní raibh aon aithne aca ar a gcomh-thaistealaidhe, agus is ar an Neptune agus ar na méirlibh a chaitheadar an t-am ag seanchus. Nuair d'innis sé dhóibh go raibh sé i mBaile Shíomáin agus go bhfaca sé an long d'áitigheadar air dhá cheistniughadh — nó an bhfaca sé mise, S. Mistéal? nó an gcualaidh sé go ndubhras go raibh an ceart ag muinntir na tíre agus go mba chóir dhóibh cur leis? Ar bhfíor go mbím ag siubhal san áit chéadna i mbíonn an caiptín ag siubhal? &rl. D'innis sé dhóibh go mb'fhíor sin agus go raibh sin le feicsin ag aoinneach den tsráid i mBaile Shíomáin. Deir sé gur fiadháin garg agus gur coipighthe cor- uighthe atá na daoine i mBaile an Rosa; gur beag gnótha atá dhá dhéanamh ann, agus go bhfuil na céadta agus gan buille oibre le déanamh aca. Tá muirighní
ann atá ag ollmhughadh go gcuiridh siad deireadh le n-a ngnótha, go ndíolaidh siad a bhfuil aca, agus deirid go bhfágfaidh siad an tír. Héirgheadh as tighthibh nua bhí dhá ndéanamh, tá fiacha dhá mbailiughadh isteach, agus deir gach uile dhuine cibé críoch a bhéas ar an obair seo gur beag nach mbeidh an tír sgriosta aici. Tá baramhail eile ar bun anois .i. na daoine a tháinig annso le bliadhantaibh le congnamh an riaghaltais nach raibh ionnta acht daoir inchleithe an tighearna Grae; agus na feilm- éaraí a chuir aimsir ortha tá siad dhá ndíbirt anois agus ag caitheamh tarcuisne ortha. Tá na créatúir bhochta sin freisin ag triall ar Bhaile an Rosa ar ndóigh agus is mór an congnamh iad don chorughadh atá ag borradh san áit. Cathair í Baile an Rosa atá beagán níos mó ná Cill Choinnigh, agus trí nó ceathair de chineadhchaibh ar leith innti, mar atá: na Sasanaigh, na Hollandacha (an dream is láidre ann); buachaillí dubha ón Domhan Thoir; agus buachaillí donna le n-a ráidhtear Hottentots, agus sluagh mór eile a shíolruigh ó na Hollandachaibh agus ón dream fíochmhar ón Domhan Thoir; agus is iad- san na saoir, na bádóirí, na seirbhísigh agus an cineál sin. Dhá mheitheal atá déanta anois den dream atá i n-aghaidh na ndaor; meitheal díobh atá toilteanach ar riar a thabhairt don riaghaltas, don arm agus do na foirnibh long, agus don Neptune féin go dtigidh an sgéala ó Shasana, acht annsin (mara mbeadh an sgéala fabharach) an “gealladh” a chur i bhfeidhm agus seasamh amach ar gach uile shlighe, sin iad na daoine “meas- ardha”; na daoine “ainmheasardha” an dream eile (agus sin iad amháin atá i n-aghaidh na ndaor dá ríribh) agus tá siad-san ag iarraidh go gcuirfidhe an goibhear- nóir agus gach a mbaineann leis faoi choinneal-bháthadh
mara gcurtar an Neptune chun fairrge gan fanamhaint le sgéala ar bith as Sasana. Sin iad de mhórán an dream is líonmhaire. 28°. — Dees bocht, ní thógfadh an goibhearnóir an cúram de, thóig ughdar eile dhe é. Tá sé básuighthe. 29°. — Rinneadh athrughadh indiu ar an ngárda airm: buidhean de redsiment a 73° a tháinig ar bórd agus fo-oifigeach 'na gcionn. An dá oifigeach seagainn féin a bhíodh ag síor-chaitheamh an tobac chuadar i dtír le n-a chaitheamh. 30°, An Domhnach. — Tháinig an Doch. Grae ar bórd indiu agus rinne sé seanmóir do na daoraibh ar an mbórd mór. Is é “Easbog Bhaile an Rosa” é. Ba deismireach liom an chaoi a labhrfadh sé leo agus shiubh- las chomh gar dhó agus go gcloisinn é. Ní dheireann an Stíobhardach .i. an teagasgthóir, leó acht: a fhearaibh; ní dubhairt sé riamh a dhéarbhráthracha leo; sin é an gnás creidim atá ag séiplíneachaibh daor, óir b'uath- bhásach an rud é, cé go ndeir na teagasgthóirí gur peacachaí go hiomlán sinn, gidheadh b'uathbhásach an rud ar fad é dá gceapadh peacachaí atá daortha gur dearbh- ráthracha iad do theagasgthóir an tsoisgéil. Peacachaí sinn go léir go deimhin; sé sin do réir teoir, nó is múinte an rud dúinn a rádh, agus sinn ag caint go múinte, mar déarfa, leis an Athair uile-chumhachtach. Acht a dhearbhráthracha ghrádhmhara ionmhuine a thug an t-easbog ar na daoraibh bochta, ní a chuir iongnadh orm. D'éis an phaidreoireacht a bheith thart chuir sé mo thuairisg féin: tháinig an caiptín faoi mo dhéin, agus ó is eisean an t-árd-shíléar ó d'imthigh an dochtúir, chuadhas leis go dtí an cábán deireadh agus cuireadh i n-aithne don duine oirmhidneach mé. Is óg an t-easbog é, acht
atá an hata sluasad-bhilleogach cóir air agus naprún síoda fáisgighthe go hórduightheach ar a bhléintreachaibh. Fear subháilceach é; molann sé leis na daoinibh atá i n-aghaidh na ndaor; dubhras leis go raibh áthas orm sin a chlos, agus go molaim féin leo. Deir sé dhá mbeith an tír beagán níos láidre ná mar atá go n-éireochadh na daoine ar an toirt i n-aghaidh an riaghaltais ar an gceist sin amháin. Dubhart-sa mo chuach iad! faoi sin. Gidheadh ní uaidh féin mar easbog a mholfadh sé sin acht is í sin an aigne ar a bhfuil na daoine go hiomlán. Chaitheamar timcheall le leath-uair a chluig ag comhrádh, agus bhí caitheamh na dhiaidh orm é imtheacht. Deireadh Foghmhair 1°. — Is eagal liom nach seasfaidh muinntir Bhaile Shíomáin é níos fuide. Tá le rádh go bhfuil na ceannuidhthe siopa ag teicheadh as an áit agus go bhfuil na fuagraí dhá gcur suas ar na fuinneogaibh. Tá a bhfurmhór ag osgailt na siopaí arís agus is forusta aithne dhóibh nuair bhreathnochaidh siad anonn is anall go bhfuil gach uile rud ann ceart. I mBaile an Rosa féin, cé go bhfuilid ag cur suas d'aon bhaint a bheith leis an riaghaltas aca, ná le haon roinn de, díoltar rudaí na dhiaidh sin le bunáilte aon duine. Níor thairg aon cheannuidhe an riaghaltas a riar ar na connrachaibh nua agus an fear a bhí coscrach i nAliwal tá sé anois i gcruadhchás. Ag méadughadh atá an corughadh fa'n tuaith gach uile lá agus ag dul chun feirge atáid siad. Is geall le dealg géar sa mbeo do mhuinntir na tíre an long phláigheach so a bheith ar uachtar uisge ina n-aice, tá siad i bpian agus fiabhras ortha go leigthear an bracha: níl aon tseasamh ag na daoinibh leis an gceirín nimheanta méirleachais, níl suaimhneas d'oidhche ortha acht iad ag
brionglóididh ar dhoibheartaibh na ndaor. Táid siad anois ag impidhe agus ag athchuinghe ar an ngoibhearnóir gach uile lá an long a chur amach as an gcuan ar chuma ar bith, agus amach as amharc an Rosa agus órdughadh dhóibh a bheith ag seoltóireacht thart go dtigidh an t-órdughadh a bhfuil coinne leis, sé sin ar feadh ráiche nó cheithre mhí nó chúig mhí. Deir sé nach dleathach dhó sin a dhéanamh — sin í comhairle an Árd-Turnaoi dhó, óir tá Árd-Turnaoi ar an Ros freisin. Leis sin, chuir na daoine atá i n-aghaidh na ndaor an cás os comhair deich- neabhar nó dhá réag de na dligheadóiribh is clúdhamhla sa tír, idir Shasanaigh agus Ollandacha, agus deirid siad- san d'aon-ghuth gur dleathach dhó a dhéanamh. Agus deir na daoine atá i n-aghaidh na ndaor dá bhrígh sin go mba cheart dó, agus go gcaithfidh sé a dhéanamh, agus muna ndéanaidh go gcuirfidh siad an gealladh ag obair in' aghaidh, agus gach a bhfuil eile de chumhachta aca — agus nach leigfidh siad fionna feanna a dhíol le duine aonraic féin ar a shon, acht go mbainfidh siad an ghail de a thugas solus dó, go mbainfidh siad an t-uisge dhe, nach bhfágfaidh siad ina thimcheall acht an follamhas ná i dtimcheall aon oifigeach atá faoi: go bhfuil súil go gcaithfidh siad géilleadh. Tá ráflaí ag imtheacht freisin atá ag séideadh faoi na daoinibh agus ag cur iar is barr coruighthe ortha. Dubhradh lá gur éaluigh cuid de na méirleachaibh ba mheasa bhí ann den Neptune sa snámh agus gur sgaipeadar iad féin fa'n tír ag goid, ag marbhadh agus ag éigniughadh fútha agus tharta. An goibhearnóir iomorro ghéill sé don Chumann sa méid seo: gheall sé go cinnte dá mb'amhlaidh go n-órdochadh an riaghaltas dó na daoir a thabhairt i dtír go dtiubhraidh sé suas a phosta agus nach mbeidh seisean
ciontach la n-a leithéid sin de dhíoghbhail a dhéanamh don tír. Is cosmhail dá réir sin go mbeimíd annso ar feadh an tsamhraidh, go Feabhra nó Márta so chugainn, an fhad is bhéas sgéala fa thabhairt suas an phosta ag dul go Sasana agus goibhearnóir úr ag teacht amach. Agus na daoine i nAstráil táid siad-san anois ag iarraidh gan a thuilleadh méirleach ó Shasana a leigeann isteach ina dtír féin. Cuireann sin na gnótha i n-aimh- réidh níos measa ná riamh agus deineann níos deacra iad do mhuinntir Shráide Dhonnáin. Long a tháinig go Sydney le goirid bhí na daoine chomh mór i n-aghaidh a teacht agus tá na daoine annso fa láthair, acht ní raibh an comhcheangal céadna ortha, óir an goibhearnóir do bhí annsin do thug sé na daoir i dtír ar an toirt agus teachta a bhí ar tí teacht chuige do chur 'na n-aghaidh ní leigfeadh sé isteach iad. Agus anois féin atá dhá long nó thrí méirleach ar a mbealach don Bhreatain Bhig Nua, nó don Tasmáin, agus an Máirtíneach agus an Dochartach ar cheann aca: ní bhíonn longa méirleach Shasana choidhche gan é bheith na lá ortha, agus is deacair a rádh an leigfear dhóibh-san a dhul i dtír nó mara leigfear nuair a shroichfeas siad caladh-phort. Dá gcuirtidhe d'aon pháirt den Ástráil sinn mar sin ní bheadh ann dúinn acht turas eile féachaint an éireochadh linn: agus b'éidir do na daoinibh croidhe annsin rádh linn freisin imtheacht romhainn. An chuid is fearr den sgéal ní féidir leo sinn a chur mórán níos fuide ó bhaile: na daoine d'fhuaduigh ar siubhal mé má thugaid mórán níos fuide ar an mbealach sin mé béidh mé ag déanamh ortha ar an taobh eile, agus sin aon tairbhe amháin nár thug na heolaigh faoi deara as an domhan a bheith timcheallach.
Tháinig a lán daoine do m'fheiceál, ag déanamh iongnadh dhíom — mar chualadar go raibh méirleach ais- teach éigin le feiceál — sin nó tré lághaidheacht. Tháinig oifigeach óg luinge ar bórd an lá cheana den fhrigéad ar a dtugtar an Castor; chuir é féin i n-aithne dhom agus dubhairt go mba Gaedheal é, agus rinneamar sgathadh cainte. Cléireach oirmhidneach de mhuinntir Sandberg é atá i nEaglais na Sasan, rugadh sa nGearmáin é, agus tá sé anois ar a bhealach do na Hindiachaibh, acht gur chuir sé faoi tamall ar an Ros, bhí sé ar bórd cúpla uair agus thug seanmóir, adeir sé, do na príosúnaigh fa bhórd. Tairgeann sé iasacht leabhar dhom agus tá sé múinte lághach thairis sin. Agus a lán eile fós dá ndearnas dearmad. D. Foghmhair 12°. — Tá muinntir chroidhe na tíre ag dul i ngealltaibh. Táid siad as a gcéill ag na ráflaibh, ag an bhfeirg agus ag an aimhreas neamh- nádúrdha. An tseachtmhain seo chuaidh tharainn cuireadh fuadar mór chun cinn leis an obair gur cosmhail go dtiocfaidh éacht éigin de. Nuair a chonnaic na daoine nár cuireadh an long chun siubhail, ná cosamhlacht ar bith air, nár tugadh aon áird ar bharamhail na ndligh- eadóirí Ollandacha a mhol é, ná ar na seanmóirí a thug an chléir, ná fós ar na paidreacha a dubhradh i dteam- pollaibh na nIúdaighe, acht go raibh neart caoirfheola agus neart mairtfheola an Rosa dhá fhagháil ag lucht an airm, agus ag lucht an loingis, ag an riaghaltas, 'seadh, agus ag na daoraibh féin, cé go raibh míchomhgar ann do na fátalaidhibh, agus goití móra ag an arm faoi; nuair chonncadar sin, agus cheapadar dá leigthí don luing fanamhaint go dtigeadh breith an tighearna Grae go raibh an lá caillte ortha, chuireadar gairm ar
mhór-thionól a bhí ann indé, agus chuireadar i bhfeidhm go sollamhanta é gach uile shiopa a dhúnadh agus gan tada a dhíol le duine ar bith acht le n-a gcoisliméaraibh féin agus le daoinibh a raibh an gealladh ortha. Tá súil láidir aca an goibhearnóir a chur sa gcruth nach mbéidh sé i n-ann é féin ná na daoir a chothughadh, an fhad is tá na daoir ar a sheilbh. Rinneadh an rún a chlóbhualadh agus a chur suas ar na ballaibh mar fhuagra, agus uair a chluig taréis a chur suas indé níor fágadh siopa i mBaile an Rosa gan dúnadh. Cuireadh teachtaire go Cuan Shíomáin ar an toirt leis an bhfuagra nua, agus a rádh go gcuirfidhe an gealladh go dlúth i bhfeidhm ó indiu amach. Tá Baile Shíomáin arís agus gan aon dul ina ghoire. Is iongantach an teacht le chéile atá ionnta ar an gceist. Na daoine “measardha” féin cé nach molann siad a fhad agus chuathas leis an sgéal deirid go seasfaidh siad le muinntir a dtíre. Is amhlaidh tá sé ní leomhfadh neach a bheith easumhal d'órdughadh an phobail. Seo é é. CUMANN I nAGAIDH NA nDAOR Cruinniughadh sonnradhach a bhí ag an gCumann indiu .i. Diardaoin ag Halla na Cathrach — J. J. L. Smuts i gceannas — thairg J. Fairbairn an rún so agus do chuidigh Tomás Sutherland leis: An mhéid nár sheas an t-iarla sár-onórach Grae dá fhocal acht go ndearnaidh iarracht daoir a chur isteach sa tír seo d'aindeoin a n-athchuinghe agus a n-iarraidh agus a n-impidhe gan a chur; agus an mhéid go bhfuil an Neptune, an long a bhfuil na daoir uirthi, dhá coinneál taobh istigh de thórainn na tíre agus gur ar Bhaile an Rosa atá a triall, tré n-a rádh d'Árd-Turnaoi na
Bainríoghna nar dhleathach a cur ar siubhal cé gurab é tuairim na ndligheadóirí eile atá sa tír go mba dhleathach, tá míriaghaltacht ag borradh go tréan is-na daoinibh ó cheann go ceann na tíre, agus thríd an mí- riaghaltacht sin agus thríd an míshástuidheacht sin is amhlaidh is deacra don riaghaltas áiteamhail an dualgas atá ar shaor-riaghaltas a choimhlíonadh, agus is amhlaidh is deacra dhóibh na daoine atá ar an tórainn a chosaint, iad féin agus a maoin, dá dtagadh aon achrann idir iad féin agus na buachaillí dubha atá ar aon tórainn leo. Dá bhrígh sin aon deagh-dhuine atá tairiseach don bhain- ríoghain atá sé d'oibliogáid ortha gan aon ghnótha i gcuma ná i gcor ar bith a dhéanamh don riaghaltas ón lá indiu amach nó go ndéantar a dhearbhadh go hoifigeamhail go n-imtheochaidh an Neptune, agus a locht daor léi, chomh túisge agus is féidir í riar leis an lón a bheadh riachtanach dhi faoi chomhair an aistir: — agus ón lá indiu amach nach mbeidh baint ná páirt ag aon duine aonraic leis an ngoibhearnóir, ná le roinn an lóin dá theallach, acht go ndíolfaidh an ceannuidhe, agus fear na candála, agus an báicéara, an búistéara agus fear an tsiopa agus gach deagh-dhuine tairiseach eile, go ndíol- faidh sin earraidh le daoinibh aonraice a bhfuil a fhios aca nach bhfuil aon bhaint aca le roinneannaibh riaghal- tais a riarfadh an goibhearnóir ná aoinneach dá mbain- eann leis, óir ba leithsgéal sin tré na bhféadfaidhe na daoir a choinneál. Agus ó thárla an oiread cruadhóige leis an gcás agus nár fhreagair gach a ndearnadh cheana é, tá sé dhá mholadh na siopaí agus na stórtha go hiomlán a dhúnadh amhail is dá mba trosgadh sollamhanta bheadh ann, cé is moite do riar a thabhairt do choisliméaraibh príomháideacha
a bhfuil aithne mhaith ortha, i gcruth is go mbeidh sé iontuigthe ag an ngoibhearnóir nach féidir leis an Neptune agus a cuid daor a choinnéal taobh istigh de thórainn na tíre. Cuireadh i bhfeidhm sin ó aon-bhéal. Ní móide gur críona an rud dóibh an rud deireadh sin a dhéanamh. Goibhearnóir atá ar thír atá le fairrge agus a bhfuil neart loingis aige agus neart saighdiúirí faoi, is cinnte nach gcuirfeadh an pobal d'fhiachaibh air tré ghorta a dtoil a dhéanamh. Gheobhfaidhe míchomhgar a chur air agus námhaid a dhéanamh dhá arm, acht ní fhágfadh sin nár bhféidir an Neptune a choinneál cúpla mí nó cupla bliadhain i gCuan Shíomáin. Seo é a háit go cinnte d'aindeoin na cruadhóige atá leis an gcás go dtigidh an t-órdughadh ó Shasana; i gcruthamhnas go mb'éidir gur mó is céillidhe an tslighe atá molta ag na daoinibh “measardha” .i. an réidhteach a ghlacadh go fóilleach, acht a bheith gabhtha le na méirligh a bheith ar sáile, agus a bheith faoi réir leis an dubh-bhuille a thabhairt an dá luath is dhéanfaidhe iarracht ar na daoir a chur i dtír. Gidheadh is mór é m'aimhreas go mbudh daoine meas- ardha na daoine “measardha” so go deireadh na sgríbe agus dá bhfágtaidhe an Ros ina gcleitheamhnas go mba dona an lá don tír é. Tráth a dtángamar isteach annso i dtosach ba duine de mhuinntir Ebden dob árd-taoiseach sa gcás, acht chuaidh sé i ndiaidh a chúil go raibh sé ina dhuine mheasardha, agus gur cuireadh eagarthóir páipéir ina ionad. Fairbairn is ainm dó-san, agus fear ábalta gníomh- éachtach é agus é go hain-mheasardha i n-aghaidh na ndaor a leigean isteach. Dealbh Ebden a bhí crochta ar an
mballa i halla an chruinnighthe caitheadh anuas é go ndearnadh easonóir a thabhairt dó. Agus anois atá lucht dán ag obair ar dheilbh stardha .i. an cruinniughadh puiblidhe a bhí ann indé, Smuts sa gcathaoir agus Fairbairn ag tairisgint an rúin do chur an ghoibhearnóra faoi choinneal-bháthadh. Tá trácht ar dhlighe cogaidh a fhuagairt; agus sé an cás é níl a fhios cé'n corughadh a thiubhradh leithsgéal chuige sin anois. Tá na sluaighte i gcomhnuidhe ar na sráideannaibh i mBaile an Rosa; tá cruinnighthe go síoruidhe ann amuigh fá'n aer, agus an dícéille is suaraighe ar bith, ar thaobh ar bith, b'éidir gur uaidh a shíolrochadh an comhrac, agus dá dtosuigheadh sé sin uair ba deacair a rádh cad ba críoch dhó. Táthar ag caint ar iompódh ar an riaghaltas agus cad a thiocfadh dhe. Fearacht gach uile náisiún a raibh aon bhaint ariamh aca le riaghaltas Shasana, tá an dearg- ghráin ag na Hollandacha ortha; agus tá le rádh go bhfuilid lán-toilteanach lá ar bith fuagra a thabhairt go bhfuil a dtír neamh-spleadhach agus airm a ghlacadh do dhéanamh a bhfocal go maith. Sliocht na Sasan féin (cé is moite don sgata beag sglábhaidhthe atá measardha) táid siad chomh dúthrachtach i dtaobh na hoibre, agus chomh mí-shásta le n-a gcomhursanaibh. Agus cathair Bhaile an Rosa tá sí go ceart críochnuighthe faoi smacht an “Chaisleáin” agus an dá dhaingean bheaga; agus thairis sin, ní sheasfadh sé leath an lae go mbeadh sé 'na sprúdhanaigh ag na longaibh cogaidh. Gidheadh is an- láidir an tír atá isteach uaidh sin, agus níor mhór don ghoibhearnóir a cheithre oiread saighdiúirí agus tá aige le n-a cur faoi smacht. Aon nídh amháin a thiocfas is dóigh den chorughadh so .i. spioraid cheart náisiúnta: seo iad na cumhachtaí atá
ag obair: contabhairt choitcheann ag teacht ar an tír; dochar agus díoghbháil do chách i gcoitchinne ó bheith ag iarraidh seasamh i n-aghaidh an námhad; cabhair agus comhairle dhá gcur i gcoitchinne i gceann a chéile i n-aghaidh an námhad meilmeach, fealltach céadna; seadh agus go dtí na teistis as Ollaindis agus as Béarla nach mór a bheith ag an taistealaidhe le n-a thabhairt thar ghleann, thar mhám, agus thar mhachaire ar an mór-roinn seo, go bhfuil féile agus fáilte roimh gach uile námhaid dá bhfuil ag an tighearna Grae, is cuma cé'n cine ó n-ar shíolruigh: sin iad na chumhachtaí a dhéanfas dearbh- ráthrachas náisiúnta as an gcruinniughadh gan choinne a rinneadh ar na daoinibh, na cumhachtaí a fhadochas teine na saorsachta ionnta, agus a dhéanfas náisiún neamh- spleadhach, agus náisiún spioradamhail de chlann mhac na Sasan agus na nOllandach san Afraic ó Dheas. Ámén! Cuirfidh sin náisiún neamh-spleadhach eile ar bun. Goirim do shláinte anocht a Riaghaltas Puiblidheachta atá ag teacht san Afraic ó Dheas; fíon dearg, sugh fíneamhna an Rosa atá agam. Fuaras dhá bhuidéal déag fíona ón tír, d'fhíon chuibh- easach — is cosmhail nach dtugadar an gealladh in m'aghaidh-sa — agus chuirfeadh sé gráin ort an chaoi a gcuirid “Port” ar an séala bhíos aca ar chorc an bhuidéil ina mbíonn an fíon dearg agus “Sherry” ar an bhfíon fionn. Agus súgh na gcaor fíona is amhlaidh ghníd leis drugaí a chur ann go mbíonn sé i gcosamhlacht an fhíona ólas na Sasanaigh sa mbaile i n-omás port agus sherry. Is tútach cumhang-intinneach agus is gallda an beart é; agus is le muinntir na Hafraice ó Dheas meas a bheith aca ar thoradh a bhfíneamhna féin,
má's olc maith é — agus níl mórán gaisge i gcuid de. Ba cheart dóibh fíon an Rosa a thabhairt air ar chuma ar bith, agus ainm an cheanntair as a dtigidh sé a thabhairt ar gach cineál ar leith dhe. Nach commaith d'fhocal é Drakenstein le Rudesheim? nó Cuanadhmaid le Bruach- óir? Acht a mbéidh an Riaghaltas Puiblidheachta ar bun ní mór athrughadh a chur ar an méid seo ar fad. 13°. — Táid siad ag éirghe an-dian san iomshuidhe atá ar Bhaile an Rosa. Fríth triúr a bhí ag díol le lucht an riaghaltais i ngan fhios, ag iarraidh pinginnín a shaoth- rughadh dhóibh féin, agus iad ag déanamh díoghbhála do dhaoinibh eile. Cuireadh ainm gach duine aca suas ar choirnéil na sráideann ar an tort agus an choir a rinne sé — sguireadh dá bheith ag déaláil leo (opteschorten); éirgheadh as (afgesnyden) aon ghnótha a dhéanamh leo. Bhí duine aca a mba leis tighthe — agus níor fhan tunónta i dteach aca nár bhúrláil suas a chuid earraidh agus nár thug dá shiubhal é amhail is dá mba ón bpláigh a bheadh ar a theicheadh. Bhí duine eile aca ar an margadh agus thairg sé an oiread so ar sgata bulán. Bhíodar ceannuighthe aige agus an t-airgead i gcúl a ghlaice go n-íocfadh ortha nuair a tugadh faoi deara go mba duine de na fealltóiribh é, agus díoladh an sgata bulán arís. Ben- jamin Norden is ainm do dhuine aca agus seo fuagra faoi as an Zuid Afrikaan: Fuagra: Táthar i n-aimhreas go bhfuil duine de mhuinntir Laoghaire, ó Sheoirse, ag ceannach earraidh do Benjamin Norden. (Faoi mo láimh) Alasdar mac an Mhuilleora, 13 Heerengracht, 12° D. Foghmhair, 1849. Tugaim faoi deara nach gcurtar m'ainm-sa choidhche ar pháipéir nuaidheachta an Rosa; níl aon acmhuinn aca ar a leigean le n-a n-ais go bhfuil tada ar bórd an
Neptune acht gaduidhthe, creachadóirí agus gach uile chuirptheacht dá dhonacht. “Na daoine truagha” tá aca orainn go léir. Táthar dhá cheapadh ar na longaibh seo an rud deireadh a rinne na daoine atá i n-aghaidh na ndaor go gcuirfidh sin d'fhiachaibh ar an ngoibhearnóir éirghe as an Reacht (féibh mar tá sé) agus dlighe cogaidh a fhuagairt — nó gach uile dhlighe a chur i leath-taobh agus gach a bhfuil uaidh a thógáil mar thógfadh é dá mbeith sé i dtír a námhad. Dom dhóigh féin béidh sé i ndan na ranna riaghaltais a riar gan an gníomh gránna sin a dhéanamh: pé aca sin é níl an leithsgéal gnáthach aige do-chum an mí-ghníomh a dhéanamh, óir tá na daoine go síothchánta, gan dha dhéan- amh ina shiopa nó ina stór ag aoinneach acht an rud a bhfuil sé de cheart gan aimhreas aige a dhéanamh. Mar sin féin tá sluagh mór le cothughadh ag Sir Enrí, mar atá trí nó ceathair de chéadtaibh fear, agus is fadó bheadh sé sáinnighthe acht beag triúr nó ceathar a tháinig do chongnamh dhó tré árd-tairise. Caiptín áirithe de na Standfordaigh, a bhfuil dúthaigh mhór aige i Swellendam, thug sé dhá mhíle beithidheach don ghoibhearnóir, gan trácht ar a dtug dhó de chaoirigh; acht is ar na saighdiúiribh atá an beithidheach a mharbhadh, an t-arán a fhuint, an bácús a dhéanamh don arán agus fulang le rachtaighil gáiridhe an tsluaigh ar an bhfad sin. D'éirigh le soitheach ar a dtug- tar an Rosebud go raibh sí i gCuan an Bhuird agus locht plúir innti dhá thabhairt go Port Natal. Ghabh an goibh- earnóir an long sin, d'íoc sé iad os ucht a n-aistir go Natal agus thug an plúr i dtír — acht b'éigin do na saighdiúiribh na báid a iomradh, ní dhéanfadh na bádóirí dubha tada dhó. Agus ar feadh an ama so isé an taoiseach loingis ar
ngoibhearnóir-ne i mBaile Shíomáin, agus is faoi n-a smacht atá gach uile nídh dhá bhfuil ar snámh annso, cuireann daoine amach ar lorg creach, go mbíonn neart bulán aige agus neart caorach. Comhairim ar maidin iad tré ghloine agus iad siuncuighthe, na luighe nó ag ithe ar an ngiodán beag féir atá os comhair a dhorais. 18°. — Chuaidh an Stíobhardach .i. an teagasgthóir go Baile an Rosa cúpla lá ó shoin agus chuaidh ar lóistín i dteach ósta. Tá sé go díreach d'éis filleamhaint orainn; agus b'éigin dó leath an bhealaigh a shiubhal, óir ní fhuigheadh sé capall ná carbad a d'iomchrochadh é nuair a cuireadh aithne air. Deir sé gur fhág sé an teach ósta dá dheoin, acht dá mbeith sé ag iarraidh oidhche eile a chaitheamh ann go gcuirfidhe amach é. Chuaidh sé isteach i siopa éadaigh do cheannach adhbhar bháscóta; filleadh suas an t-éadach dhó agus cuireadh páipéar air, nuair a tháinig duine éigin isteach agus d'aithin sé teagasgthóir na ndaor. Bhí cogarnaighil idir é agus an ceannuidhe siopa ala na hoiméide agus annsin dubhradh leis an Stíobhardach nach bhféadfaidhe a fhreastal sa teach sin. D'fhiarfuigh sé dhíobh go han-fheargach ar chuir a ngealladh d'fhiachaibh ortha “gan éadach a thabhairt do theagasgthóir an tsoisgéil d'fhalughadh a náire”? Níor chuimhnigh an ceannuidhe éadaigh ar an gcás go raibh an chuma sin air agus b'iongantach den domhan leis an chaint láidir sin a chlos; dubhairt sé go sgiorrfadh anonn go dtí an t-eagarthóir réamh-ráidhte .i. an Fairbéirneach do ghlacadh comhairle leis, agus ar filleadh ar ais dó dubhairt nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh dhó. Chuir an t-eagarthóir sgéala chum an Stíobhardaigh a dhul go dtí an goibhear- nóir ar lorg bháscótaí. An fear a bhfuil riar roinne na ndaor air sé Sir Enrí Mac Gabhann é, an fear a bhí cosgarach i nAliwal.
Tá tuairisg tar éis a theacht ó áitibh i bhfad uainn' Graaf Reynet agus Baile Uí Ghréacháin fa'n gcaoi ar glacadh an sgéal gurab amhlaidh bhí an Neptune mall- uighthe agus í ar ancoire i gCuan Shíomáin. Trosgadh sollamhanta ins gach áit: éadaigh dubha bróin ar crochadh as na fuinneogaibh; na cluig ag baint amhail is dá mba sochraide bheadh ann: oifigeacha an riaghaltais dhá gcur faoi choinneal-bháthadh, agus é dhá dhearbhadh gur daoine marbha iad gurab ionann dóibh é agus a bheith marbh agus go bhfuilid marbh go politiceach nó go bhfágaidh na daoir Cuan Shíomáin. Sé rádh na mbúistéarai leo agus na mbáicéaraí — Níl aon phléidh againn le daoinibh marbha: níl ionnaibh-se acht sin (óir tá an Neptune ar snámh i gCuan Shíomáin) — agus ní féidir do thaisibh na marbh arán ná feoil ithe. Ní féidir linn airgead a ghlacadh ó thaidhbhsibh; mar sin, bidhidh ag imtheacht i n-ainm Dé! — tá na daoir ar ancoire i gCuan Shíomáin. Tá tuarastal ón riaghaltas do na giúistíseachaibh, agus is tearc giúistís ar fhuaid na tíre nach bhfuil ag éirghe as a phosta; agus a lán de na hoifigeachaibh dá ngairmthear field-cornets tá an cleas céadna dhá dhéanamh aca. Ní maith go dtuigim cad is oifig agus feidhm do na field-cornets, acht cibé cé hiad féin ní bhéidh aon bhaint aca le Sir Enrí Mac Gabhann go n-imthighidh an Neptune as an gCuan. Oifigeach de mhuinntir Mac Taidhg é rúnaire an ghoibhearnóra agus is rí-mhaith an cineál duine é. Tá sé ar thuras oifigeamhail fa láthair istigh i lár na tíre, is ar righin ar éigin is féidir leis capaill d'fhagháil anois ná daoine ar aimsir, ná áit lóistín, cé go mba gnáthach leis goirm mhór agus an-fháilte bheith fa n-a chomhair is na príomh-chathrachaibh ceanntair ar a leithéid céadna
d'úcáid cheana — nuair a bhíodh na húndúirí áiteamhla ag ionnsuighe amach fa n-a chomhair agus stuic dhá séideadh aca agus gach uile ghléas gleo eile dhá raibh aca. Bhéar- faidh siad capaill dó le n'iomchur ar ais go Baile an Rosa acht ní fhuighfidh sé aon chapall le n-a thabhairt ar aghaidh; agus is díon déirce leis iasacht dhá chathaoir fhagháil leis an oidhche a chodladh ortha i gcró bó agus an oiread den arán tor agus choinneochadh an t-ainm ann. Is coir agus faillighe ar an gceart dar liom sin féin a thabhairt dó. Tháinig long mhór sluagh isteach sa gcuan, an Apollo, agus tá sí ar ancoire i bhfúisgeacht fad téide dhúinn. Frigéad í agus 400 fear den 59° redseiment ar bórd aici agus iad ag triall ar Hong Kong. Sé an tábhacht is mó atá innti dhúinn go seinneann an bhuidhean bhreagh airm ceoil atá uirthi ar maidin agus tráthnóna, go mbíonn an t-aer bog ar creathadh leis an gceol binn tráth a mbíd ag seinnm fuinn mháirseála agus fuinn rinnce. Gidheadh atá le rádh gur mór an tábhacht leis an ngoibhearnóir í ar chor eile: b'éidir go teastochadh na saighdiúrí uaidh le smacht a chur ar na daoinibh dá n-éirghdís amach, agus b'éidir nár mhór dhó an long a chur go San Helena nó go Ríó ar lorg lóin. Agus fanfaidh sí féin agus a buidhean ceoil cúpla seachtmhain annso. 19°. — Tá na siopaí i mBaile an Rosa dúinte fós; acht tá sé iontuigthe ó na páipéir go bhfuil sé ag teacht 'na chruadhchas ortha de bharr éirghe as gnótha; na fir bhochta cheirde, iomchuróirí agus gach a mbíonn ar a lá páighe tá sé 'na ghéar-chall ortha. Chuaidh trí chéad de na buachaillibh dubha i n-aon tsluagh amháin go dtí an
goibhearnóir cúpla lá ó shoin ag iarraidh oibre agus bídh; chuir an goibhearnóir go Fairbairn iad is cosmhail; chuir seisean go Benjamin Norden iad agus chuir Benjamin Norden go dtí an Sutherlandach iad. Acht ní chothochadh sin coileach coille gan trácht ar bhuachaillibh dubha, agus má mhaireann don achrann i bhfad is eagal liom go dtuirseochaidh sé lucht na hoibre: taithneochaidh leo a bheith i n-aghaidh na ndaor acht is fearr ná sin a thaithn- eochas a n-arán laetheamhail leo; agus na ceannuidhthe siopa caithfidh siad-san fosta géilleadh, muna daoine deiseamhla iad, óir ní íocfaidís cíos ná camhlach as siopaibh atá dúinte. Is mí-fhortúnach an rud sin; agus is mór an sgéal liom muinntir na tíre. B'éidir a ndearnadar cheana de ghleo gurab é thiubhradh do ruifín- eachaibh Shráide Dhonnáin an tír a chaochadh le méirleachaibh de bhrígh go díreach gan í bheith sáthach saidhbhir na sáthach láidir le aon tseasamh a rath a dhéanamh 'na n-aghaidh. Na tíoránacha tútacha, dúra, fealltacha, ó is iad-san iad! Tá tosuighthe i gceart ag an daosgar-shluagh. Do hionnsuigheadh an Nordenach sa tsráid le daosgar- shluagh agus hionnsuigheadh a theach na dhiaidh sin agus briseadh na fuinneoga. Chaith sé urchair leo acht níor lotadh neach. D'ionnsuigh sluagh buachaillí dubha ó na hIndiachaibh Thoir Fairbairn an trathnóna céadna sin, agus é sa mbaile sa bPuinte Uaine, gur bhuaileadar é agus gur mhilleadar cuid mhaith trosgáin. Ba follusach gur daoine bhí ag obair fa'n riaghaltas a chuir aimsir ar an sluagh a rinne an doibheart sin, óir is seirbhísigh oifigeach iad an chuid díobh a raibh aithne ortha. Bhéarfaidh an mhíriaghaltacht sin adhbhar éigeantais don ghoibhearnóir: tá sé tar éis fuagra a chraobhsgaoileadh nach leigfear
d'aon mhathshluagh daoine cruinniughadh ar na sráid- eannaibh ag leigean ortha féin a bheith ag pléidhe ceisteanna politiceacha (chomh maith agus dá mba ag leigean ortha féin a bheadh an pobal agus nach mbeadh aon tsuim thairis sin aca sa gcás!) agus dhá rádh go raibh órdughadh ag na maoraibh síthe gach cruinniughadh dá samhail a bhriseadh suas. Sin í an chéad chéim — an chéad chéim eile b'éidir gurb amhlaidh a chuirfidhe dlighe ar Fairbairn, agus ar eagarthóiribh eile páipéar, agus cosg a chur le n-a gcuid páipéar. Is amhlaidh ghníos riaghaltas é. Dá n-órduigheadh Sir Enrí Mac Gabhann dá Árd- Turnaoi anois dlighe a chur ar Fairbairn croidhe, faoi cheannairc, agus a thabhairt os comhair coiste a mbeadh toghadh glic air, na créatúir atá faoi féin a bheith ar an gcoiste, agus árd-choisteoir a dhéanamh de mháta gunna- dóra an Castor, ba gearr gan aimhreas go mbeadh Fairbairn ina dhaor i n-áit i n-aghaidh na ndaor. Acht creidim nach n-ísleochadh sean Sir Enrí é féin chomh mór sin agus go ndéanfadh sé an cineál sin ruifínteacht. Ní fear ionaid leasuighthe é acht saighdiúr críochnuighthe. Is mór mór is eagal liom nach bhfuil an tír seo láidir a dóthain le seasamh i n-aghaidh an éigeantais, ná leis na casóga dearga a ruagadh amach sa bhfairrge. Níl dhá chéad míle duine sa Ros ar fad idir dhubh is bhán is dhonn agus an méidín sin féin tá réimse mór mór tíre fútha. Níl siad deas ar throid fós mar troideadh i mBoston i Saratóga agus i mBaile Eabhroc, cé gur ionnraice arís a gcás agus gur measa míle uair an doibheart atá dhá dhéanamh ortha ná mar rinneadh ar na Ameriocánaigh. Acht ní bhíonn an lá i gcomhnuidhe leis an gceart ná leis an gcóir ar an saoghal so, ní bhíonn ná go minic féin. Ní féidir an cam a dhíriughadh ná an rud atá ar easbadh ort a áireamh.
Is clos dom anois go bhfuil ceist na ndaor ar tí a bheith i n-aimhréidh níos measa ná riamh. Teachtaireacht dár chuir an tighearna Grae go dtí an goibhearnóir, dubhairt sé go raibh an “riaghaltas” ar tí mná agus páistí na ndaor a bhí ar an Neptune a chur amach don Ros. Is amhlaidh bhí, dhá mhí nó thrí shul is shroich an Neptune Bermuda cuireadh ainmneacha na bpríosúncha ó Bhermuda go Sasana, dhá innsin an chuid aca a bhí pósta, agus cá conndae agus paráiste ar chomhnuigh a gcuid ban is a gclann, agus an chuid aca ar mhaith leo a dtabhairt amach don Ros, óir d'íocfadh an riaghaltas leath an chostais. Gach uile fhear pósta dá raibh ann níor leig sé an tairisgint ar cáirde, sin é chualas: tá ainmneacha agus seoladh na mban ag an tighearna Grae le leith-bhliadhain anois: agus b'éidir do na mnáibh bochta sin agus dá bpáistí bheith ar a mbealach anall anois go tír seo na féile. Níl gaoth dá dtigidh anois nach bhfuil cam-reilic i muinéil na ndaoine ar an Ros ag faireadh go bhfeice siad na daoine coimhightheacha sin ag seoladh an cuan isteach chuca. Innseochaidh an méid seo tuarasgbhála an fháilte atá faoi n-a gcomhair. As imtheachtaibh an dream atá i n-aghaidh na ndaor é: D'éis tuarasgbháil Choisde Chuan Shíomáin a léigheadh, cinneadh ó aon bhéal: Gur bhris Hablutzel agus Hugo, búistéaraí iad ag Cuan Shíomáin, an gealladh. Thairg H. Sherman, agus chuidigh P. Law leis, Gurab é tuairim an chruinnighthe seo go mba mhór an díoghbháil do shochar agus do mhoralus na tíre seo mná (má's iad a mná iad) agus clann na ndaor a chur go dtí an tír, do réir mar dubhairt an t-iarla Grae a bhí faoi a dhéanamh sa tuarasgbháil a chuir sé go dtí
an goibhearnóir an 18° den Iúl, 1849. Cinnimíd mar sin gan aimsir a chur ar aon mhnaoi ná ar aon duine de chlann na ndaor réamhráidhte, ní leigfimid isteach i n-ar dtighthibh iad, ní dhéanfamuid buille oibre dhóibh, ná i n-éinfheacht leo, ná ní bhéidh aon bhaint againn leo ná le aoinneach a thiubhras obair dhóibh. Cuireadh i bhfeidhm d'aon ghuth. Thairg Fairbairn rún acht cuireadh ar ath-lá é, go dtí an cruinniughadh sonnradhach a bhéas ann Diardaoin ar a 10 a chlog. (Faoi m'ainm) J. J. L. Smuts, Cathaoirleach. Agus na bitheamhnacha dalla atá i Sráid Dhonnáin, is ad atá ag tarraing an sgrios agus an léan sin, agus tugaid “riaghaltas” ortha féin, agus ní imtheochaidh siad dhá gcrochadh féin.
AN 3° CAIBIDIL X. D. Foghmhair 26, 1849. — Ar bórd an Neptune fós dúinn i gCuan Shíomáin. Tháinig long ó Shasana acht níor thug sí aon sgéala cad atá i ndán dúinn. Dhá pháipéar nuaidheacht seachtmhaine. Sgéala ón Eoraip go dtí an 11° lá de Lughnas. Tá an Ungáir ag bualadh na Hástria agus na Rúise fós go fearamhail. Is amhlaidh is dócha gur tír neamh-spleadhach láidir a bhéas san Ungáir, agus leis sin fuair páipéar nuaidheacht na Sasan amach go raibh an Ungáir ina náisiún da ríribh agus go raibh sé de cheart aca sin a dhearbhadh. Rinne an tighearna Pámarstúin a dhearbhadh fosta sa bPáirliméid go raibh croidhe na Sasan — Dia dhá gcumh- dach — ar thaobh na Hungáire, má's aon chompóirt dóibh é. Go nuige sin a shroich saothar Bem agus saothar Sheoirsín. Nuair a fiarfuigheadh den tighearna Pámar- stúin cad 'na thaobh a mbeadh na Sasanaigh sásta le baramhail a thabhairt ar thaobh na Hungáire agus i n-aghaidh na Rúise — cad'na thaobh nach ngabhaidís airm ar a son? d'fhreagair sé gur treise baramhail ná airm. Sin í an bhruth seafóide atá ar bun anois. Bhainfeadh sé gáiridhe as beithir na Rúise. Gidheadh is beag an tsuim a curtar i mbaramhail na Sasan ar an mór-roinn. Is lag an meitheal iad an meitheal hairteasaí a chruinnigheadar. Sé an triuf an mámh annsiúd agus níl aon chion ar hairteasaidhe. Ní fuláir nó an spioraid bhreagh síothchána atá i lucht comhairle riaghaltais Shasana gur spioraid í a shásuigheas
na Seiks agus na Gaedhil go háluinn. Agus i nÉirinn, áit a gcurtar faoi chois aon bharamhail a bheadh i n-aghaidh na Sasan, agus áit i gcuirfidhe i bpríosún nó thar sáile aoinneach a thiubhradh a leithéid, is compóirteach an rud dóibh go cinnte omós a bheith ag Sasanaibh do “bharamhail.” Chím tuairisg a tháinig as an Globe dhá rádh ó thárla an Dubhthach saor arís, agus ó thárla gan aon bhaoghal fromhadh air fa'n gcoir a bhí ina leith, go bhfuil sé ar tí tosughadh as a nuadh ar an Nation arís. Acht deir an Globe gur eitigh an riaghaltas stampaí a thabhairt dó faoi n-a chomhair (agus sin iad na buachaillí a bhfuil an urraim mhór aca don bharamhail — dá mbaramhail féin). Fríth dlighe amach fosta, agus is mór an comhgar é, nach leigfidh d'aon pháipéar nuaidheacht tada a chur i gcló i nÉirinn, ná an páipéar a chur thríd an bposta acht le cead an riaghaltais agus le cead árd-mháighistir an phosta .i. le cead an riaghaltais chéadna. Cheapfadh duine i dtosach gur dall atá muinntir Shasana i dtaobh na gcúrsaí úd do bhí i nÉirinn le goirid, agus nach dtuigid an chontabhairt ina bhfuil a saorsacht féin. Acht ní hamhlaidh é; níl aon tSasanach nach dtuigeann gurab é réim na Sasan atá i n-uachtar thríd an tíorantacht atá dhá dhéanamh ar lucht páipéar agus ar an bpobal. Is maith atá fhios aca gurab é an dath dearg os cionn an dath uaine an chiall atá leis. Ní shaoilfidís choidhche go mbeadh aon bhaint ag sean- fhoclaibh riaghaltais na hÉireann le Sasana, agus tá an ceart aca. Gidheadh cúrsaí an Nation de, is mór an botún don tighearna Clarendon an Dubhthach a eiteach faoi na stampaí. Ba cheart dó leigean don Dubhthach dul ar aghaidh leis an bpáipéar, óir níl aon bhaoghal nach
páipéar lán-reachtach sár-dhleaghthach a bhéas sa tsraith úr — ní féidir leis a bheith ar a mhalairt agus an fhiadhnuise a thug an Dubhthach do láthair, tráth ar fromhadh é, i dtaobh a cháilidheacht síothchána. Ní headh acht is amhlaidh bhéas an páipéar nua, muna gcuiridh an Dubhthach i gcló é, b'fhiú don tighearna Clarendon duine éigin a íoc as a chur i gcló, agus an t-ainm céadna .i. The Nation, a thabhairt air. Nach foighideach, foighideach an pobal é! Sraith úr den Nation, leis an Dubhthach, agus taréis ar thárla le cúpla mí. Ní feasach mé gur thárla a mhac a samhail de chás acht an Spodizator óg a chonnaic an Doch. Rabelais le n-a shúilibh cinn ag saothrughadh a bheatha ar shlighe ait .i. ag tarraing go deaslámhach as asal marbh agus dhá ndíol ar chúig phinginne an tslat. An bhainríoghan i nÉirinn. — Cheap comhairleacha na Bainríoghna go mba tráthamhail an bhliadhain í seo do long na Ríoghna le dhul go hÉirinn. Tá neart bruth dearg árd-ghlórach ann, dá ngoirthear “dílseacht.” Iseadh is dílseacht ann, tá fhios agat, a theacht amach ar an tsráid ag breathnughadh ar an bhfeic ag dul thart. Pé aca sin é is tráthamhail an chuairt í. Na cumhachtaí fríth sa mbreis, ní raibh a seal caithte go ceann seacht- mhaine eile. Tá an Habeas Corpus i leath-taobh fós, agus na príosúin ar leathadh fa chomhair lucht ceannairce; agus órdláimh ag an tighearna Clarendon fós. Níos fabharaighe ná sin ní fhéadfadh na cúrsaí a bheith; agus mar sin de tháinig an Bhainríoghan mhórdha gur tharraing sí gean na hÉireann uirthi féin, agus má ghníonn na páipéir nuaidheacht a leas déarfaidh siad gurab é an lá geal d'Éirinn é an lá atá ag teacht. Tadhg Ó Briain atá ag tairisgint dílseacht Átha Cliath
do bhainríoghain na Sasan; thairg sé eochracha an “gheata” dhi — áit éigin idir An tSráid Ghaedhealach agus Sráid na Rátha Íochtair atá an geata, acht ní raibh sé ann le mo linn-se. Agus rinneadh ridire de Thadhg Ó Briain, nó tá ridire le déanamh dhe. Acht go cinnte an té bhí 'na shirriam anuraidh is dó-san atá an onóir ag dul. Níl aon duine uasal i nÉirinn is fearr a thuill onóir ó Bhain- ríoghan Shasana ná an sirriam a bhí anuraidh ar Áth Cliath. Thógfainn-se orm féin a mholadh don Bhainríoghain duais éigin ar foghnamh a thabhairt don Fhrinnseach (creidim gurab é sin ainm an duine) dá mbeadh aon toradh aici ar dhaor umhal mar mé. Agus mo chomh-mhéirligh .i. an Máirtíneach agus an Dochartach, dá mbeidís gan a bheith chomh fada uaim is atá is dóigh liom go molfaidís-sean an rud céadna. Tabhair faoi deara. — An páipéar nuaidheacht a chonnaic- eas, deir sé nár caitheadh tada acht tairiseacht leis an mBainríoghain, agus nach raibh Éire óg i n-aon áit le feiceál. Agus deir an Times go mórdhálach, cá raibh na buidéil nimhe? chomh maith agus dá mbeadh aon duine ann a raibh faoi nimh a chaitheamh ar an mBainríoghain. Tabhair faoi deara (2). — Cóta cabhlach de shíoda uaine bhí ar an mBainríoghain agus í i gCorcaigh; agus sgáth gréine de shíoda corcra (nach leigfeadh an nimh thríd b'éidir). Ag Cóbh Chorcaighe a chuir an Bhainríoghan bonn le talamh na hÉireann i dtosach: Baile na Ríoghna a tabharfar feasta air. Níor thug sí aon chuairt ar Oileán Árda Neimhidh. Tabhair faoi deara (3). — Nuair a bhí an Bhainríoghan ar bórd a long pléisiúir i gCuan Dhún Laoghaire, rug sí i ngreim láimhe ar a clann agus chuir i n-aithne iad (tré chomharthaibh) do Ghaedhealaibh; ba deas an modh é.
Tabhair faoi deara (4). — Teachta ó Sheanaid Uladh, teagasgthóirí atá ar tuarastal iad, a chur go hÁth Cliath faoi dhéin na Bainríoghna. Ach! cá raibh an Seanaid Casaoide? Nó nach eagal leo a ndonum a bheith i gcontabhairt? Tabhair faoi deara (5). — Níor thug an Bhainríoghan aon chuairt ar an Sgibrín, ná ar Chathair na Mart, ná ar an Sgoil; ná níor bhuail isteach (mar ghníodh i nAlbain corr-uair) le béilidh dá mbiadh simplidhe d'ithe le bocht- aibh na tuaithe. Gidheadh tá le rádh go dtiubhraidh an Bhainríoghan cuairt ar an Iarthar i gceann cúpla bliadhain. Tá súil fa'n am sin go mbeidh na daoine gann go leor ann agus go mbeidh an fiadh agus gach beithidheach allta eile fairsing ann dá réir. Tógfaidh an Prionnsa Aileabhard teach fiadhach ar cíos annsin i gConamara. Acht chím ar na páipéir so go bhfuil cuairteoir go mór níos ríoghdha i nÉirinn. Tá Carlyle tar éis a bheith ann arís agus duine uasal de mhuinntir Forastar ina fhochair. Níl aon aimhreas nach mbeidh leabhar againn uaidh go goirid i dtaobh na hÉireann. Mara bhfuil dul amugha orm bhí sé ag obair ar an leabhar, do réir na gcomharthaí, bliadhain go leith ó shoin. Chífir leabhar ait annsin.* Tá coinne agam go sroichfidh an leabhar mé cibé ball ar dhruim an domhain ina mbeidh mé; óir isé Tomás Carlyle an t-aon fhear atá deas ar leabhra a chur i ndiaidh a chéile fa láthair. *Níor tháinig an leabhar fós; agus bheadh súil ag duine nach dtiocfadh. Ní féadfadh Carlyle aon fhocal céillidhe a sgríobhadh faoi Éirinn; agus creideann sé go bhfuil sé i ndán do Charthagin an domhan a chur faoi smacht. Bothwell, 1 Eanair, 1852.
Acht cheana seo isteach chugam cliabh agus é lán de tharpáin áille caor fíona — caora fíona na Hafraice: caora míne, cruinne, agus solus bog bán ag sgartadh tré n-a gcroidhe — mheallfaidís Erigone. 1850 — Eanair 1°. — Ar ancoire fós dúinn i gCuan so Shíomáin agus sinn cortha dhe. Níor thárla athrughadh ar bith ó sgríobhas fa dheireadh in mo leabhar .i. tuilleadh agus dhá mhí ó shoin; agus níl fhios ag neach cáide eile tá orainn fanamhaint annso. Fuair an goibhearnóir sgéala trí seachtmhainí ó shoin ón iarla Grae agus gan ann acht ag admhughadh go bhfuair sé an impidhe uathbhásach úd do cuireadh chuige faoi Lughnas so chuaidh thart; agus dhá rádh acht a gcloisidh sé gur shroich an Neptune an Ros go n-órdochaidh sé cad tá le déanamh le na príosúnaigh: sé sin, d'éis na príosúnaigh a bheith ar feadh chúig mhí cúpuighthe suas i bpríosún mí-fholláin annso, ag iarr- aidh a neart a thabhairt ar ais taréis na gcúig mhí a chaith- eadar ag séoltóireacht. Is iongantach neamh-shuimeamhail an mhaise dhó é. Tá muinntir na tíre le geallta; bhíodar ag déanamh cinnteacht d'órdughadh a theacht an Neptune a chur chun bealaigh i bhfreagra ar an teachtair- eacht a chuir Sir Enrí Mac Gabhann go Sasana faoi Lugh- nas; agus tá eagla an anma ortha anois, acht a gclois- tear i Sasanaibh gur heitigheadh an t-arm faoi bhiadh &rl., nár bh'onórach le ministéaraibh an riaghaltais gan a chur d'fhiachaibh ar mhuinntir an Rosa an locht so a ghlacadh ar chuma ar bith, agus go mba dímheas don ríoghacht agus don arm gan a dhéanamh. Ponc úr eile i mbaramhail an phobail annso é daoine bheith ag leigean ortha féin go bhfuil truaigh do na daoraibh aca faoi fhad is atáid siad i ngéibhionn tré mhoilleadóireacht an iarla Grae. Dá ngéilleadh Sir Enrí Mac Gabhann do na daoinibh
trócaireacha úd nuair a d'iarradar air ráiche ó shoin an Neptune a chur chun siubhail agus cead aici a dhul ag seoltóireacht idir seo agus bior theas an domhain is fadó an lá bheadh deireadh le buaidhreadh na ndaor, agus b'Ollandach ar eiteall roimh mháirnéalaigh an Domhain ó Dheas an Neptune faoi seo. An Ungáir fa chois — Venice, an Róimh, Baden fa chois, agus ríghthe agus árd-diúicí go huaibhreach i n-uachtar is gach uile áit — faoi láthair. Ba chóir go mbeadh súil le cabhair a theacht de bharr a n-uaill, agus de bharr a gcuid uabhair agus a gcuid feirge. I bParma féin ní leigtear tionól a chur ar dhaoinibh a bheadh ag leigean ortha féin a bheith ag rinnce, i gcearcallaibh agus ina leithéidí sin. Táthar ag crochadh árd-oifigeacha agus dhá gcaitheam san Ástria agus ag sgiúrsáil mná uaisle ar an gcroiceann. Tá an goibhearnóir clúdhamhail Kossuth ar longais sa Tuircéis agus an sean-taoiseach breagh Bem ar longais i n-éinfheacht leis. Agus tuilleadh de mhuinntir na Hungáire agus de na Pólánnaigh ar a dteicheadh is na Státaibh Aontuighthe. Tá lucht cirt agus córa ina gcosair chró. An amhlaidh mar sin nach dtioc- faidh aon tairbhe as na daoine a mharbhadh? Dar Dia ní hamhlaidh! Daoine a thuit i gcath ar son na saorsachta níor dórtadh a gcuid fola riamh gan tairbhe a theacht de - ní fhaluigheann an úir an fhuil sin, acht bíonn sí ag sgreadach go hárd den talamh, agus an té ar leis an díoghaltas tá fhios aige a lá agus a uair. An-náisiún a bhéas san Ungáir arís choidhche — go mór fada níos cludhamhla ná roimh an am a raibh sí dhá céasadh; béidh a stair go fada níos áille, cuimhne ar a laochraidh go mór níos buaine, a cinneamhain i bhfad níos cinnte agus níos áirde. Ní thagann mórdhacht, féile ná saorsacht do
náisiúnaibh acht tré shaothar, tré fhuil, tré n-a mbaiste le teine, agus thríotha-san amháin. Dá mbaineadh Gaedhil a saorsacht dá námhaid, na cladhairí, tré chogadh agus tré dhórtadh fola sa mbliadhain '82, mar rinne na Ameriocánaigh, i leabaidh a baint amach le claidheamh nár deargadh, bheidís neamhspleadhach indiu mar atá na Ameriocánaigh. Cogadh ina mbuailfidhe féin iad b'fhearr é ná buaidh nach mbeadh ann acht feic. Is í lom-chlár uasal na fírinne bhí ag Ó Biorán nuair dubhairt sé: “Buaidhtear i gcomhnuidhe cath na faorsachta, ar deireadh cé go gcurtar cosg leis go minic, agus cé go bhfágfadh an t-athair, agus é ag tuitim ar pháirt an áir, le udhacht ag a mhac an cath a throid.” Agus mar sin, ó ceannuightear an tSaorsacht go ceart agus go daor, docharach, ní obair do lucht politiceachta a díol, mar dhíol maithe agus mór-uaisle árd-aigean- teacha na hÉireann an comhartha saorsachta bhí aca féin sa mbliadhain '82. Acht cheana is greannmhar na páipéir iad páipéir liteardha an “Uird,” táid siad chomh sásta sin leo féin fá'n gciúineas so atá ar dhaoinibh atá i ngéibhionn. Tá riaghaltas an námhad ag ollmhughadh go n-ionnsuigh siad Cashmere is na Hindiachaibh, go gcuiridh siad órd ar bun ann, gan aimhreas. Tá Cashmere i ngreim ag Gholab Singh agus arm breagh aige ann agus céad go leith gunna mór. Acht is beag is ionann Sasana na Heorpa agus Sasana na Hasia. Náisiún chomh síbhialta agus chomh Críostamhail sin í san Eoraip agus nach dtiubhradh sí acht baramhail; agus is mór mór é m'áthas go bhfuil daoine dhá gcáineadh ar gach taobh faoi; agus go bhfuil náisiúin
eile dhá thuisgint nach bhfuil sé d'acmhuinn ag an sean — troid. Aoinnídh a n-éirgheann leis molann páipéir nuaidheacht Londain é: mholadar an Ungáir feadh míosa nó dhó, táid siad ag moladh Ástria go croidheamhail anois, agus molann an Times don im- pearóir déanamh leis an Ungáir feasda fearacht mar rinne Sasanaigh le hÉirinn. Ar an adhbhar céadna ní raibh na Sasanaigh tuirseach i dtosach dá bheith ag magadh go hiomarcach faoi na Francaibh faoi an Róimh d'ionn- suidhe; acht chíd anois 'na dhiaidh sin gur “Órd” a bhí ó na Francaibh, agus dá bhrígh sin go raibh an ceart aca. An duine deagh-chroidheach a chuimhneochadh ar an gcáir- deas cumasach a bhí idir an Fhrainc agus Sasana fa'n Iompodh mór nuair a bhris sé amach, níl baoghal nach mór an greann leis an imnidhe atá ar Shasana ar eagla nach mbeidís carthanach leis an bhFrainc mhór-mhór. Is soiléir go bhfuil náisiúin na Heorpa dhá thuisgint gur seafóid don tSasanach a bhfuil de chaint ar “Shíoth- cháin” aige agus ar “Órd”; agus nach bhfuil ag cur imnidhe air acht na stoc-chistí agus status quo na ceann- uidheachta. Agus dá réir sin a dhéanfas náisiúin na Heorpa. D'ísligh imtheachta na bliadhna anuraidh réim na Sasan go cumasach, sa gcaoi go bhfuil a gcáil ar iarraidh. Is maith sin. Bhíos ag léigheadh san Quarterly Review fa'n turas a thug Lyell ar roinn ó thuaidh d'Amerioca. Is flaith- eamhail atá an Quarterly faoi áthas i dtaobh Dán agus Dul-chun-cinn &rl. na Ameriocánach, acht sé an rud is mó atá ag déanamh imnidhe don pháipéar iad fanamhaint go síothach, ar mhaithe leo féin, ar ndóigh. Óir má's é an séan atá i ndán dóibh agus atá rompa, adeir an léir- mheasadóir fial úd, ní mór dhóibh a bheith go síothach, agus
bheadh súil againn go mbeadh toradh na síothchána go bláthmhar agus go glórmhar ortha. Nach bog an chaint í! An tré shíothcháin mar sin a bhí dán go treiseamhail san Aithne agus i gCorinth? An i n-aimsir síothchána d'éirigh Olland, tír nach raibh innti acht sluagh tuaithe, go ndearnadar náisiún uasal árd-mheanmnach díobh féin, a raibh cáil ar a ndán agus ar a mbíonn bláthmhar, glór- mhar et cetera? An raibh síothcháin sa bhFrainc le linn an Cheathramha Laoisigh dhéag? An é an síothcháin a bhí san Eadáil tráth a raibh an Fhoghluim agus an tSaorsacht, an Cheannuigheacht (ceannuigheacht chneasta), an Dán agus an Ghlóir go tréan i gcathrachaibh na tíre sin? Agus Ameriocá féin, céard a chuir bail uirthi? Síoth- cháin an eadh? Gan sgéal fada a dhéanamh dhe, ní fuláir nó tuigeann gach uile Ameriocánach go maith faoi seo baoth-chaint na Sasan fa'n síothcháin. Chonnaiceas giotaí as an Nation úr. Aoinneach a déarfadh anois go mbainfeadh Gaedhil a gceart amach le láimh láidir chuirfeadh sé déistean agus dearg-ghráin ar an Dubhthach, ní'l peann sáthach feileamhnach aige le n-a mhíchéat a chur i n-iúl dó. Sin é shaoileas. Molann an Times an Nation úr, comhartha é an chéad alt ann go bhfuil ciall ag teacht d'Éireannaigh. Dícéille Bhaile an Gharrdha, iompodh é ar chinn air amach 's amach, adeir an Nation so. Tá Éire óg ag iarraidh ar mhuinntir na tíre glacadh leis an mbualadh tugadh ortha i mBaile an Gharrdha. Féachadh neart na hÉireann dar leis i mBaile an Gharrdha. Dá mbeith i ndán don tír a saoradh tré laochas daonna (adeir Éire Óg) hac dextra fuisset i
mBaile an Gharrdha. Dá bhrígh sin is amhlaidh mholfadh an Dubhthach anois go saothrochadh Gaedhil an neamh- spleadhchas, an fuinneamh agus an fhírinne ionnta féin (fá riaghaltas Shasana) — agus annsin acht a sgrúduigh siad iad féin go dlúth agus go mothuighidh siad go bhfuilid deas ar a ngnótha féin a dhéanamh, annsin an ceangal atá ortha le Sasana a sgaoileadh. Gurab amh- laidh sin a mhasluigheas an fealltóir seo an ceart; ní headh acht gurab amhlaidh sin atá an peacach truaigh- mhéileach ag plubarnaighil. Tá an leagan céadna ar Southern Reporter Chorcaighe atá ar an Nation úr agus é ag iarraidh a shárughadh sa tréas. Tá an Barrach ag casaoid ar an Dubhthach faoi neamhspleadhchas na hÉireann a choinneál os comhair na ndaoine, cuir i gcás go mba fada uatha féin é; ba mhian leis-sean a chur ar cáirde, sé sin leigean dó ar fad. Dall atá an Barrach mar sin agus ina chladhaire acht is cneasta faoi dhó é ná an Dubhthach. Na créatúir is gearr a bhéas aoinneach ag léigheadh a gcuid páipéar ar fud na tíre.* Aon chóip amháin den Irishman a shroich mé: Fulham atá dhá fhoillsiughadh, ag Sráid D'Olier Ur. a 4; Seosamh Ó Branáin an t-eagarthóir. Seo é do réir chosamhlacht atá ag leanamhaint do lorg an sean Nation; acht níl a sáth d'fhoirinn sgríbhneoirí maithe aca. Deir an Irish- *Creidim go ndearnas éagcóir ar an mBarrach sa méad sin thuas. Tar éis gur chinn ortha san éirghe amach sa mbliadhain '48, dubhairt an Barrach go hoscailte, go laetheamhail agus gan aon arriére pensée, nach raibh aon mhaith ag iarraidh náisiún ar leith a dhéanamh d'Éirinn, gur ghlac seisean leis an gcinneamhain a rinne cúige dhi, agus go raibh ar Éireannaigh a leas a bhaint as an staid sin. Níor chladhaire é ar nós ar bith fa na rádh go ndearnadh sé an mhalairt aigne sin, chífear na dhiaidh seo má bhí sé dall nó mara raibh.
man gur de m'fhoircheadal-sa .i. d'fhoircheadal Sh. Mh. atáid siad a leanamhaint. Má's mise an fáidhe agus an treóraidhe atá aca is eagal liom gurab í an Aigéan ó Dheas a shroichfeas aoinneach a leanfas dom — Gidheadh ní fheadar. Fear gnótha é Fulham; b'fhéidir go bhfuil, dar leo, deireadh le pacáil na gcoistí; agus má tá an ceart sa méid sin aca tá an cluiche ina lámhaibh aca. Is truagh liom gan beirt nó thriúr sgríbhneoirí fuinneamhla aca! Chuir an “riaghaltas” ár uathbhásach ar bun i gconn- dae an Dúin an Iúl so chuaidh thart. Sluagh dena fear- aibh órdha a bhí ag imtheacht ar mhór-shiubhal agus airm aca. Mháirseáladar tré cheanntar i raibh na Catoilicigh go láidir agus meirgí i n-áirde aca: agus thosuigh an t-achrann ar ndóigh, ag bruach Dolaidhe idir Caisleán an Mhuilinn agus Droichead na Banna: bhí sluagh mór den arm agus de na consablaibh i láthair, agus chuadar-san fosta ar ndóigh san achrann ar thaobh na bhfear n-órdha: marbhuigheadh cúigear nó sheisear Catoiliceach, agus dóigheadh cúig nó sé de cheannaibh tighthe ortha; níor lotadh go dona de na fearaibh órdha acht fear nó dhó: agus shiubhail an sluagh leo annsin go cosgrach. Is cosmhail go dtug an tighearna Ó Rodáin fleadh do na fearaibh órdha i nÁth Coilleadh Bhriain agus gur chuir corughadh intinne ortha le ól agus “sláintí” tairiseacha; agus tráth ar hiarraidh ar na giúistíseacha, ba hé an tighearna Ó Rodáin an cathaoirleach an lá sin, na fir órdha a choiriughadh na dhiaidh sin fa'n achrann d'eitigh sé a dhéanamh. Ba hé sin an ceart, óir níl aon dlighe i nÉirinn anois. Níl fhios agam-sa aon adhbhar faoi nach ndoghfadh na fir órdha tighthe na Pápairí feasda. Gidheadh ní raibh sé de rún ag lucht an riaghaltais
leigeann don tsluagh an oiread sin díoghbhála a dhéanamh an uair sin — nó leigeadar ortha féin nach raibh; agus sháinnigheadar an tighearna Ó Rodáin. Ní raibh annsin dóibh dar leis-sean acht feall agus droch- mhúnadh agus bhí an ceart aige, agus mheabhruigh sé dhóibh gur theastuigh tairiseacht a theasbánadh i nUltaibh i mbliadhna. Maith maiseadh, sin tairiseacht dhá theas- bánadh. Cad eile bheadh uatha? Gidheadh ní mór leis an riaghaltas, de bharr baramhail ionnraic an phobail, an ghiúistíseacht a bhaint den tighearna Ó Rodáin agus de bheirt eile de na fearaibh órdha a bhí go ró-bhorb.* Dar leo go hiomlán sa Deisceart an geimhreadh so na daoine a raibh arbhar curtha aca go mba chóir dhóibh iad féin a riar roimh aoinnídh eile, dá mbadh hé an cíos féin é. Deir na páipéir nuaidheachta gur comhairle uathbhásach cogair í. Tagaid muinntir na tuaithe i dteannta a chéile do shiubhal oidhche agus airm aca, agus tugaid arbhar &rl. ar siubhal leo go háitibh shábhála agus fágaid báillí agus lucht sraith a bhailiughadh ag caoineadh agus na hiothlannacha folamh. Agus má chuirid na consablaí a ladar sa gcás buailid na daoine iad, nó cuirid piléar thríotha, nó tugaid sáthadh sgine ortha. Sin é ar fad an ceart. Tá fhios ag na daoine anois nach bhfuil dlighe ná maoin ná ceart i nÉirinn; táid siad gan fionna feanna aca agus tuigid sin fa dheireadh. Dá mba hé dála aon náisiúin eile ar an roinn Eorpa é, thuigfidís sin trí bliadhna ó shoin. Eanair 13°. — Tháinig sé 'na stoirm anoir ndeas *Gidheadh cruthuigheadh nuair sgrúduigheadh an cás gur chuir an riaghaltas siar arm ó Chaisleán Átha Cliath go Béal Feirsde tam- aillín roimhe sin le roinnt ar Thighthe na bhFear n-órdha.
aréir. Ar maidin indiu fríth long anaithnid agus í curtha go doimhin sa ngaineamh i gCuan Shíomáin agus gan 'na seasamh dhá crannaibh acht an t-aon chrann. Aréir a ruagadh isteach í. Cad a bheadh innti acht ceannuidhe sglábhuidhthe a gabhadh i gcoinéal Mozambique, gur seoladh annso faoi oifigeach máirnéalaigh í. Leig- fear a réabadh san áit i bhfuil sí agus díolfar a bhfuil innti. Níl aon chósta sa domhan a mbíonn gacha le stoirm ann agus bhíos annso — an ghaoth anoir ndeas i gcomh- nuidhe beag nach an tráth so bhliadhain, agus é 'na stoirm theintidhe i n-éadan gach deich lá. An-teas san aimsir nuair bhíos sé na chalm: tá súil agam nach bhfuil orm Nodlaig eile a chur isteach agus gan orm acht éadaigh éadtroma, agus mé ag bíodhgadh sa sgáth. Ní tada atá i n-aghaidh an domhan ó Dheas agam, acht ní chomhnochaidh mé ann má bhíonn aon neart agam air. Tá meas agam ar an gCrois ó Dheas acht is í mo ghuidhe gur faoi Arcturus agus faoi n-a ghrian atá sé i ndán dom a bheith. Níl gnáth-chuimhne ná gnás dá mbaineann le séasúr nach gcaithtear druim ar ais agus nach gcurtar amugha annso: tá lá Bealtaine ann faoi Shamhain, cuimhnigh air sin! agus i leabaidh bheith ag dóghadh bloc Nodlag dhuit is amhlaidh bheitheá ag iarraidh beagán gaoithe d'fhagháil agus ag dul i bhfalach ó bhruth na gréine! Céard a thárluigheas do San Suitín agus dá chuid múraighil? nó do Lá Fhéil Muire na gCoinneal agus don leac oidhre? Nach contráilte an bharamhail a thiubhradh duine don
Chríostuidheacht is na réigiúin so! Tá an t-abhall faoi bhláth faoi Shamhain; agus bíonn cótaí móra troma dhá gcaitheamh ag daoinibh is na tighthibh lá Fheil Sin Seáin. Pé aca sin é, tír atá chomh fada ó áitibh móra gnótha an domhain leis an tír seo níl aon ghníomh dhá dhéanamh ann, ná aon tsaoghal ceart ag daoinibh ann: is rud gan lán-déanamh rud ar bith déantar annso nó go gcurtar sgéala faoi go Sasana agus go dtigidh an freagra ar ais. Má labhrann tú le daoinibh do chomh- thíre thríd an bpáipéar nuaidheacht, béidh do chaint bhreagh, bhinn-bhriathrach dá reodhadh, nó na luighe faoi mhuirt i réigiún na gcalm agus faoi na gaoithibh ceárd- amhla teo — is cuma cé aca é — ní chloisfidh daoine do chomh-thíre go ceann trí ráiche cad a bhí le rádh agat, agus b'éidir acht a sroichidh an freagra thú go mbeitheá ag tabhairt an fhéir. Ráiche taréis an rud a dhéanamh cloisfir trácht air, ní bhéarfar go deo air dhá dhéanamh cé go mbeadh long gaile ag bíodhgadh ag iarraidh breith air sin é a bhfuil de mhaith dhi ann. A Thighearna an domhain! cá bhfios dom nach bhfuil sé na chogadh ar an rann Eorpa agus a leath tugtha agus mise ag sgríobadh páipéir annso — an stoc-chiste pléasgtha b'éidir, Changarnier nó Oudinot 'na shuidhe i bpálás Buckingham, Tiobrad Árann b'éidir —. Leis an sgéal a ghiorrughadh, ní dhéanfaidh sé seo cúis go bráth, ag leigean orm féin a bheith ag caitheamh mo shaoghail ar dhruim an domhain, mar thugas Milton air. Má curtar i dtír annso mé, rachaidh sé cruaidh liom nó bhéarfad cuairt eile ar an mbaile is cuma cé'n coimhéad a cuirfear orm. Acht a chroidhe istigh, fan ort! Atá an oiread torainn agus táirm annso fós
agus is féidir le lucht na bpáipéar agus leis an gCumann i n-aghaidh na ndaor a chur ar bun; acht d'éis a ndíchill is follusach nach bhfuilid chomh teasaidhe ar fad agus bhíodar i dtosach i n-aghaidh na ndaor, cé go bhfuil a rún chomh daingean agus bhí sé riamh a ngealladh a choimhlíonadh go dlúth, má's rud é go n-ordochaidh an tighearna Grae na daoir a chur i dtír fa dheireadh. Acht cheana atámuid ag fuireach le n-ar gcinneamhain ó Shraid Dhonnáin agus mo chuid- se dhe is beag é m'imnidhe ná mo bhuaidhreadh faoi. Ráiche sa lá indé go díreach .i. an 12° lá de D. an Fhoghmhair do sheol an frigéad an Eurydice amach an Cuan so agus teachtaireacht léi a raibh súil go dtiubhradh an tighearna Grae a fhreagra deireadh air; agus b'éidir don chor atá i ndán dúinn a bheith ina bheart rúnda fa ribín dearg agus a bheith i n-aice le Madeira anois nó le Inis Éirghe, nó ag rith roimh ghaoth ar chósta Brazil nó ag bórdáil i n-aghaidh gála, agus gan thuas aici acht seolta barr crainn láimh le Tristan d'Acunha. Nó b'éidir gur go tóin puill a chuaidh an long agus an ribín dearg léi — nó b'éidir gur báthadh an Eurydice ar a bealach a bhaile dhi. Ah! miseram Eurydicen! Nó b'éidir gur sgaoil an riaghal- tas, agus go mbéidh an Rúnaire nua bheas ar Thíorthaibh Shasana i gcéin gan eolus ar bith a bheith aige ar na gnóthaibh — agus nach mór dhó tuairisg a chur le muinn- tir an Rosa sul chinnfeadh ar thada a dhéanamh; nach cuma d'fhoirinn daor é ar sgáth cúpla leith-bhliadhain faoi nó os a chionn. An bhfaca aon fhear dá maireann ribín chomh neimhchinnte leis ag ceangal cinneamhna? Maidir leis an áit ina gcuirfear sinn má's amhlaidh nach gcuirfear i dtír annso sinn, is iomdha áit fhiadháin
atá dhá thomhais agus dhá thuar dúinn. An Gheine Úr, imeasg lucht ithte daoine, i bPapua, an áit is coit- cheanta atá dhá thomhais. Béidh an oiread d'fháilte ar an nGeine Úr romhainn agus atá ar an Ros — ní thiubhradh na daoine annso greim ar mbéil dúinn, acht annsúd beathochaidh siad sinn, nó go mbeimíd sáthach reamhar le n-ithe. Nach meidhreach an sgéal againn sin? Leigeas as a bheith ag cur síos go riaghalta ar imtheachtaibh i n-aghaidh na ndaor; óir is amhlaidh atá an sgéal, táim tuirseach dá bheith ag léigheadh na bpáipéar, mar is ionann sgéala lae agus sgéala an lae roimhe. Na comharthaí céadna síor-achrainn atá le léigheadh gach uile mhaidin agat, agus ní chuirfeá aon tsuim ionnta. Acht seo dhá litir a bhí sa gCom- mercial Advertiser indé, agus an cruinniughadh deireadh den Chumann is iad a bhí faoi dhíospóireacht agus comhairle dhá ghlacadh 'na dtaobh: “A dhuine uasail, — Timcheall mí D. an Fhoghmhair seo chuaidh thart chuireas trí thrucail de mo chuid punann chun margaidh an bhaile. Ar a theacht ar an margadh dhóibh tháinig fear óg dubh agus thairg sé a luach do mo chlainn ortha (gan innsin cé dhó iad); acht ar chríochnughadh an mhargaidh thaisbeánfadh sé cá raibh na hualaigh le cur. Thug an buachaill sin na trucailí don tSráid Úr, ar chúla tighe Adrian Beck na dhiaidh sin, agus ar mbeith do na hualaigh leagtha tháinig Adrian Beck amach agus d'íoc sé ar na punannacha. Dá bhrígh sin is go neimhchiontach a chiontuigh mo chlann, óir ní raibh aon dá roghain aca nuair a bhí an margadh déanta agus a fhurmhór leagtha. Gidheadh iseadh tháinig dhe sin gur cuireadh mo chlann óg agus mo bhean agus
mé féin fa'n ngealladh. Sé an cás againn anois é ní cheanneochaidh aoinneach faice uainn, ná ní dhíolfaidh faice linn. Agus ina cheann sin, duine a raibh fiacha aige orm chuir sé dlighe orm, rud nach ndéanfadh marach an rud a thárla. Gabhaim orm mar sin iarraidh ort-sa, a chathaoirligh den Chumann i n-aghaidh na ndaor, mo chás a chur ar bhreith an chruinnighthe agus mé a shaoradh nó béidh mé sgriosta amach is amach. Tá súil agam le freagra fabharach, Mise, &rl., I gceanntar Stellenbosch atá Laubscher bocht na chomhnuidhe; agus ní dhearna an Cumann leis acht é féin agus a chás a chur ar ais go dtí na hughdair áiteamhla, sé sin Craobh Stellenbosch den Chumann. An cúntas a thug Laubscher air féin ní mó ná sásamhail é, agus sin í an fhírinne. Tá sé d'fhiachaibh air, nó ar a chlainn neimhchiontach a bheith cinnte nach le fealltóir atáid siad ag díol a gcuid punann; agus tá fhios go maith Adrian Beck a bheith ag riar daor agus ag siar an riaghaltais. Chonnaiceas míosa ó shoin a ainm imeasg na ndroch-bhall, agus cé gurab é a chuid aráin atáim a ithe baistim fealltóir air. Ó Enrí Seón Morkel an litir eile:- “A dhuine uasail, — Is mór é m'aithmhéal go bhfuil orm trioblóid a chur ort ath-uair, acht níl aon leigheas agam ar an gcás. Tá fhios agat gur éirigh an pobal as aon ghnótha a dhéanamh liom tré n-a bheith le rádh gur bhriseas an gealladh. Chomh túisge agus thuigeas é, chuadhas ar an toirt go mbréagnuighinn an bhréag a cuireadh orm, agus go sásuighinn an pobal mé
a bheith neimhchiontach sa méid a dubhradh liom. D'iarras ar Chumann na Hottentots i n-aghaidh na ndaor mo chás a fhiosrughadh, agus dá bhfáightí neimhchiontach mé mé a chur i bhfabhar ath-uair leis an bpobal. Níor tugadh áird ar bith ar m'iarratas; agus ní fhéadfainn míchéat an phobail a sheasamh níos fuide, agus tá an-aithmhéal orm fa rádh is go gceapfaidhe gur le droch-mheas ar bharamhail an phobail éinnídh dá ndearnas; agus ó thárla é de rún agam gach congnamh dá bhfuil in mo chumhachtaibh a thabhairt don Chumann i n-aghaidh na ndaor, do-chum cuidiughadh leis na daoinibh sa chúis mhór sin iarraim ar Chumann Bhaile an Rosa .i. máthair na gCumann eile go léir, mo chás a fhiosrughadh do réir mar atá riachtanas leis agus an ceart a dhéanamh le ball dílis da bhallaibh. — Mise, &rl., “E. S. Morkel.” Tháinig teastas leis an litir sin, faoi láimh athar an chiontaigh dhá dhearbhadh go sollamhanta gur díoladh na caoirigh tré dhul amugha. Cuireadh an cás go dtí an Cumann áiteamhail, mar rinneadh cheana. Féach an chaoi a n-ísligheann míchéat puiblidhe an buachaill sin! Is fada leis go sloigidh an talamh é fa rádh agus go ndéanfadh sé rud chomh náireach agus go mbeadh dílis do mhuinntir Shráide Dhonnáin, agus go ndéanfadh feall ar mhuinntir an Rosa. I gcruthamhnas gurab ag an mbaramhail puiblidhe atá lámh i n-uachtar ar an Ros. Acht cheana, níl fhios agam- sa goidé mar fhághas an goibhearnóir agus an taoiseach loingis riar; acht fághaid é. Agus maidir leis na daoraibh, fairíor gan a leath oiread le n-ithe ag Gaedhealaibh atá gan daoradh.
AN 4° CAIBIDIL X. Eanair 20, 1849. — Ar bórd an Neptune, Cuan Shíomáin. — An chás mar bhí sé. Na daoine ag fuireach le breith ó Shráid Dhonnáin; agus mise freisin. Acht tá an-mhí- fhoighid ortha agus an-tsúil amach aca ar talamh, agus is suarach an t-iongnadh é. Nach mór an t-uathbhás an dúil úr .i. daorsacht, a chur isteach sa tír seo, má éirgheann le bitheamhnaigh an ribín deirg a dhéanamh! Acht do réir chosamhlacht tá na daoine ag cur bheala ina n-iosgadaibh faoi chomhair an chúrsa is measa thiocfadh ortha — ag soláthar boltaí agus glais agus gunnaí agus piléir go tiugh tréan. Deagh-chléireach ó Bhaile Shíomáin, níl aon chall agam ainm an duine croidhe a cheilt — Mac Breith- eamhain a ainm — tagann sé corr-uair 'ga m'fheiceál, agus deir sé liom gur annamh chuireas muinntir na tuaithe thart timcheall Bhaile an Rosa agus sa gcomhur- sanacht sin, gur annamh chuireas siad glas ná bolta ar a ndóirsibh san oidhche: agus tráth a labhrann sé ar na trí chéad daor so, toghadh na mbitheamhnach iad a chuir a dtéarma isteach le goid agus le fuadach isna sgoil- eannaibh is fearr ar dhruim an domhain, nuair chuimhnigheas sé go mb'éidir iad a sgaoileadh fa n-a phobal, tagann na deora ó n-a shúilibh le teann feirge agus faitchis. Tá súil agam nach dtiocfaidh an lá sin. Feabhra 8°. — Gan aon sgéala fós; agus sinn ar luasgán annso i gCuan Shíomáin ag caitheamh fáinne ar n-ancoire mar deir an caiptín le dul chun chúig
mhí. Ó, a sgéala úd ó neamh, éirigh mar dhéanfadh réalt sa dorchadas! Bíodh do ribín dearg mar fháinne lae ag éirghe ar an tuinn ó thuaidh! Táim tuirseach den Ros: óir is fadó caitheadh séasúr an fhíona, agus ní thig liom anois feasta caora fíona agus caifí a bheith mar chéad-phroinn agam mar bhíodh. Tháinig sé 'na mhí-shuaimhneas ortha cúpla lá ó shoin, nuair chonncadar long mhór dhubh gaile, mar bheadh long cogaidh ann ag déanamh isteach ar an gCuan Fallsa ón bpuinte aniar ndeas. Shaoil mé gur aithnigheas an Scourge, an long foghala céadna d'iomchuir go Bermuda mé dhá bhliadhain ó shoin. Sgéala dhúinn fa dheireadh, dar linn go léir. Shaoil caiptín an Neptune, agus an feadhmannach dochtúra agus na máirnéalaigh bhí i dtír go mbeadh deireadh le n-ar bhfuireach i gcionn leath-uaire. Cuireadh sgéalta na sléibhte suas agus thar fíneamhna Constantia go Baile an Rosa le bratachaibh comhartha. Anois a thaoisigh atá i n-aghaidh na ndaor, má tá brígh na cúise oraibh, cad adeir sibh? má chuir an tighearna Grae órdughadh cinnte amach na daoir a chur i dtír, agus buidhean saighdiúirí sa mbreis le cúl báire a sheasamh don órdughadh céard a dhéanfas sibh? An bhfuil cuisle an phobail ag baint go mear indiu i Halla an Bhaile? An deargadh nó bánughadh a rinne Fair- bairn? Is beag nar mhaith liom an cás fheiceál dá fhromhadh. Acht isí an long a bhí ann an Hindostan, galtán ón Muir Ruadh a bhí ag filleadh ó Londain d'éis a deas- ughadh. Agus gan aon teachtaireacht léi. Níor thug Sir Enrí Mac Gabhann a chuid airgid páipéir amach — dhá dtugadh chreidim nach nglacfadh
aoinneach é, is cuma cé mhéad ab fhiú é. Níor tugadh a leithéid de mhíchéat d'aon riaghaltas ariamh cheana, aon riaghaltas a raibh ainm air go mba riaghaltas é. Tá le rádh go bhfuil aon nídh amháin agus gur an-tsearbh leis an sean-tsaighdiúr breagh é: — bhí sé de rún ag muinntir na tíre le goirid íomháigh marmair a thógáil i mBaile an Rosa do laoch Aliwal, .i. don fhear a chuir smacht ar na buachaillibh dubha; agus níl ceanntar den tír nach raibh airgead dhá bhailiughadh ann fa n-a chomhair. Na daoine thug an t-airgead, táid siad dhá athrughadh anois ó chiste na híomháighe go ciste an Chumainn i n-aghaidh na ndaor. An fear nach gcuirfeadh an Nep- tune amach as an tír arís ar an toirt is ar bhain sí caladh amach ní chuirfear aon íomháigh suas dó san Afraic ó Dheas. Acht cúrsaí áirithe dlighe a cuireadh ar siubhal le goirid is iad sin an rud is soiléire ar bith chuireas i dtuisgint dom a laige is atá riaghaltas agus a láidre agus atá an pobal. Fear áirithe de mhuinntir Letterstedt a chuir dlighe ar Fairbairn agus ar dhaoinibh eile a bhí sa gCumann i n-aghaidh na ndaor ag iarraidh sásamh a bhaint díobh faoi rádh is gur chuireadar a ainm os comhair an phobail go mbaineadh an pobal sásamh dhe-sean: £5,000 a bhí sé éileamh. Ba hé an tÁrd-turnaoi a árd-dligheadóir; dligheadóir ó Éirinn eisean agus fear gasta é de mhuinntir Phórter. Bhí an-tsuim dhá chur sa gcás ó thárla go raibh an iomad cás eile dá shamhail le fromhadh. Acht nuair a glaodhadh ar an gcúis san Árd-chúirt os comhair triúr breitheamhan (ní bhíonn coiste ar bith i gcúis- eannaibh airgid mar é) ní ghlacfadh na bíodhbhaidh le breitheamhnas na cúirte tré bheirt de na breitheamhain a thug a mbreith roimh ré ar an gcás, nuair a thugadar
a mbaramhail go mbeadh sé neimh-dhleathach don ghoibhear- nóir an Neptune a chur ar siubhal as a ughdarás féin. Adhbhar chomh díchéillidhe leis sin níor cloiseadh cheana riamh i gcúirt; agus chruthuigh an tÁrd-turnaoi sin; agus ba hé sin riaghlughadh na dhá bhreitheamh a rabhthas ag iarraidh toirmeasg a chur ortha faoi n-a mbreith. Leis sin dubhairt an tríomhadh breitheamh nach raibh seisean sásta agus nach suidhfeadh sé féin i bhfochair na beirte eile do fhromhadh na cúise. Fear de mhuinntir Musgrave é. Acht ní hé sin an chuid is fearr den sgéal: nuair d'eitigh Musgrave an cás a fhromhadh, bhí an bheirt eile ar tí a fhromhadh agus an lá ceaptha aca. Nuair tháinig an lá tharraing na bíodhbhaidh a bpléidh ar ais — ní chosnochaidís iad féin chor ar bith — ní thiocfaidís i láthair amháin, ná ní ghlacfaidís cúrsaí dlighe ó bhreitheamhnaibh a fuair dlighe nach leigfeadh díbirt a chur ar an Neptune; thiubhraidís cead do na droch-bhreitheamhnaibh daor sin a rogha breith a thabhairt, agus bhéarfaidís an cás go hiomlán as comhair na Bainríoghna i gcomhairle. Bhí an tÁrd-turnaoi le dhul ar aghaidh leis an gcás ex parte annsin, agus gheobhadh dar leis airgead mór dá dhusóglach. Cuireadh an chúirt ar ath-lá arís agus ar maidin ar na mháireach tháinig an Turnaoi isteach sa gcúirt agus pus air; agus d'fhuagair nach raibh Letterstedt ag dul chun cinn le n-a chás. Ar smuaineadh ortha féin don agarthóir agus don bhíodhbha ní bheadh baint ná páirt ag ceachtar aca le breitheamh- naibh Sir Enrí Mhic Gabhann, ó labhradar-san ar dhlighe i n-aghaidh an Neptune a dhíbirt. Sé sin le rádh, hathruigheadh an cás ón Árd-chúirt go dtí an Árd-chúirt is áirde .i. an Bharamhail Phuiblidhe,
tré certiorari. An Cumann i n-aghaidh na ndaor an chúirt is áirde san Afraic ó Dheas anois, agus an chúirt nach bhfuil aon dul thairti. Bhíos go han-dona tinn arís le dhá mhí; an múchadh malluighthe céadna: chomh dona nach mór agus bhíos i mBermuda, acht ní rabhas chomh dona amach 's amach. An géibhionn cruaidh atá orm, saoilim, is ciontach leis, agus an fuireach agus easba oibre a chorrochadh mé, sin iad a thugas greim agus cumhachta don deamhan gránna orm. Feabhra 10°. — Chuir páipéir an Rosa giotaí síos as páipéaraibh Tasmáin, agus chím gur shroich an Swift Baile Hobáird, agus an Brianach, mac Uí Mheachair, agus mac Uí Dhonnchadha uirthi, agus shroich an Máirtíneach agus an Dochartach an baile céadna ar an Elphinstone um an am céadna: go bhfuil cead aca a bheith gan aon ghéibhionn ortha, acht go bhfuil gach duine dhíobh i gceanntar teoranta, agus ó dheich míle fichead go dtí dhá fhichid míle idir gach beirt aca. B'éigin do gach duine aca gealladh nach bhféachfadh sé le n-éalodh nó ní gheobhadh sé an méid sin féin anála. D'eitigh an Brianach an gealladh a thabhairt agus dá bhrígh sin cuireadh ar oileán beag é atá amach ó'n tír, Oileán Mháiria tugtar air, agus ní curtar ann acht na daoir is dosmachttha ar bith. Ní forusta a thuisgint cé'n fáth ar dealuigheadh na príosúnaigh chomh cúramach sin ó n-a chéile, ná ar cuireadh gach aon duine aca leis féin isteach i lár pobal méirleach, maran amhlaidh go mbeadh súil go
ndéanaidís mórtachas le gach bitheamhnach a thárlochadh ortha, agus nach mbeadh compántas a chéile aca, agus annsin fa dheireadh go ndéanfaidhe méirleacha dhá ríribh dhíobh, rud a thugas a námhaid ortha. Nó b'éidir gurab amhlaidh sin is fusa le n-a námhaid a smachtughadh. Ba mhaith leis an “Riaghaltas” ar ndóigh sinn go hiomlán a chur ag feacadh na nglún dóibh agus cosamhlacht a chur orainn a bheith ag gabháil párdún. Agus dá leigthí do na fearaibh sin comhnuidhe i n-éinfheacht b'éidir dhóibh misneach agus meanma a thabhairt dá chéile, agus caint aindlightheach a chaitheamh, agus beartuidheacht ceannairce éigin a ullmhughadh fa chomhair an ama atá ag teacht. Acht ó thárla daoine coimhightheacha ina dtimcheall anois, ó thárla gan feiceál aca ar a gcompánachaibh, ná focal le clos fá na gcúis, agus glór a mbéil ag dul i ndearmad ortha, tá súil ag an námhaid go mbéidh siad tuir- seach dhá saoghal, go dtréigfidh an misneach agus an mheanma iad agus go dtriallfaidh siad go humhal iníseal ar an mBanríoghain. A thighearna Grae, a thighearna Ruiséal agus a thighearna Clarendon féach- famaoid libh é sa méid sin. Acht is cruaidh cráidhte an chinneamhain atá i ndán do na fearaibh sin: agus saoilim anois gurb í an chinn- eamhain chéadna atá i ndán dom-sa. Cibé rud atá ag riaghaltas na Bainríoghna fa chomhair na ndaor bocht so atá ar an Neptune tá sé dhá fheiceál dom-sa gur ceann- tar iargcúlach éigin sa Tasmáin atá i ndán dom fá chúram consablaí — le mo shaoghal a chaitheamh ann mar is fearr is féidir dhom é, agus an droch-aer atá san uachais uathbhásach sin a shughadh isteach le m'anáil, go n-éirghidh mé as na droch-bhearta agus go bhfoghluimighidh mé na deagh-bhearta.
Feabhra 13°. — Bhí a fhios agam é. Tháinig órduighthe an tighearna Grae. Tháinig caiptín long na brataighe ar bórd annso indiu agus oifigeacha máirnéalaigh i n-a fhochair. Sheas sé ar an mbórd i ndeireadh na luinge, ag an inneall le na gcastar suas na slabhraí; agus hórduigheadh do na príosúnaigh teacht aníos go clois- idís cad a bhí i ndán dóibh. Bhíos-sa ag siubhal ar an tileadh tosaigh, agus sheasas tamaillín leis an ráille ag breathnughadh síos ar an bhfeic. Shiubhail na fir siar chomh fada leis an gcosán, agus ba dubhach an sluagh iad, cuid aca agus strainc ortha, tuilleadh aca agus iad chomh bán leis an bpáipéar; agus ní raibh bitheamhnach dá dhorrdha aca nár choisg a anáil tamaillín, tráth ar osgail an Caiptín Bance na páipéir. An Neptune le n-imtheacht fa chéadóir go Tasmáin, agus (i n-omós a ndeacha na príosúnaigh thríd ó d'fhágadar Bermuda) gheobhaidís párdún ar choingheall, cé is moite don phríosúnach, an Mistéalach, acht ó thárla gan a chás-san mar bhí an cás ag na daoinibh eile, deir an tighearna Grae go mbeadh comhairle ar leith ina thaobh, acht chuir- fidhe órdughadh sonnradhach faoi go goibhearnóir na Tas- máine. Ar theacht don léightheoir go dtí an cé is moite don phríosúnach an Mistéalach, neastuigh a ghlór agus labhair go bríoghmhar agus go sollamhanta. Ar an toirt ní raibh súil nach raibh sáidhte ionnam, idir oifigeacha agus mháirnéalaigh, phríosúnaigh agus shaighdiúirí, acht má léigheadar éinnidh in m'éadan acht tarcuisne bhréagnuigh m'aghaidh mo chroidhe. Sin é an chaoi — táim le bliadhanta éigin a chaitheamh go dorrdha i n-uaigneas na gcrann guma — i n-uaigneas críochnuighthe, óir ní chuimhneóchainn in mo chroidhe ar mo bhean bhocht a thabhairt amach go dtí na réigiúin dhorcha
so ná mo bhuachaillí a thógáil ar oileán sin na mallacht. Is uaignighe bheas mé ná mar cheap Zimmerman don té is uaignighe ar bith, níos uaignighe ná an corp ina ais- léine — haré ní mór dhom blaosg, mar déarfá, a dhéan- amh dhom féin le siubhal ann, agus deilgne gráinneóige a chur dhíom amach i riocht is go gcoinneochad uaim na hainmhidhthe bheas i riocht daoine thart timcheall orm; óir is tír í sin ina ndéantar brútaidhe den duine — is cuma cén sórt duine bheas sa té rachas ann, baintear croidhe an duine dhe agus tugtar croidhe an bhrútaidhe dhó. Agus triúr as an gceathrar dá bhfuil sa Tasmáin is daoir iad, nó daoir a saoradh, nó clann daor a gein- eadh tré mhéirleachas, agus é dhá fheiceál dóibh nuair tógadh iad go mbeadh fuath aca do gach uile dhuine agus fuath ag gach uile dhuine dhóibh. Ó! síos liom go réig- iúin Dis; tá fuaim fuarlaigh Cocytus le clos agam cheana féin, agus gol na n-anam ndamanta atá ann. A chroidhe istigh bí go láidir anois, agus go ciúin agus go humhal. A bhfuaras d'fheallsamhnacht ar mo bhealach istigh ná amuigh, ná ó Neamh féin, ar mo mhodh féin, tá gnótha agam dhe anois. Ní mór dhom orrtha na mil- bhriathar agus orrtha an chaoin-iomchuir le caitheamh i mbéal mhadaidh na dtrí gcloigeann; acht an t-árd- draoidheadóir riaghaltais a bhfuil cúram gharrdhanta so ifrinn air, ar nós an mharmair a bhéas m'éadan ina aghaidh-san, agus ar nós na cruaidhe. Mar sin go gcoimhéaduighidh Dia Uilechumhachtach in mo riocht daonna mé, agus ar mbeith thart do mo dheoruigheacht mall- uighthe, go dtreoruighidh Sé amach gus an aer uachtarach mé thré gheataibh na hAdhairce. Acht cúrsaí na ndéithe bréige é sin; is amhlaidh dhéan- fas mé: cuirfead fréamha uaim san úir ar chuma éigin,
agus déanfad romhar agus tochailt go laetheamhail ann, gan araoid a chur ar aoinneach thart timcheall orm acht chomh beag is is féidir é, acht gan uabhar ná droch-mhian a theasbánadh dhóibh-sean, acht a theasbánadh don “riaghal- tas” amháin, agus ar an gcuma sin a dhul thríd an gcruadháil seo chomh ciúin calma agus atá ionnam. 15. — Chonnaiceas roinnt páipéir ó Shasanaibh; is ion- gantach an corughadh agus an fhearg a tharraing gnótha so an Rosa: tugadh masla shaoghalta d'árd-mhórdhacht na Sasan, gan trácht ar an neamh-dhaonnacht a rinneadh agus na seirbhísigh puiblidhe a eiteach faoi bhiadh, agus na daoir bhochta a bhí cortha ó threabhadh na dtonn. Ní ortha féin atá an milleán ag Sasanaibh ar ndóigh, mar gheall ar an méid sin; acht is iad-san nó a riaghaltas na daoine is ciontach leis an neamh-dhaonnacht agus leis an bhfeall (rud is measa arís), nuair shaoileadar an lucht luinge seo a chur i dtír; is den bhithmheantacht sin a tháinig gach ar thárla. Agus ní hé amháin go raibh sé de cheart ag muinntir na tíre seo seirbhísigh riagh- altais den tsamhail sin a eiteach faoi bhiadh, acht ní bheadh sé iontógtha ortha dá ngearraidís sgóig gach mac máthar aca. Is beag rud ar bith fheicim ar na páipéir seo i dtaobh na hÉireann. Ró-chiúin is eagal liom atá Éire. Tá páipéir an “riaghaltais” ag cur síos ar Éirinn anois amhail is dá mba leo féin amach 's amach mar mhaoin í, agus amhail is nach mbeadh le déanamh aca acht beartughadh ar an tslighe is fearr a bhféad- faidís tairbhe a bhaint aisti. Mara mbeadh an tír ina corp fa n-a gcosaibh an mbeadh sé de dhánacht sa Times labhairt mar so — ag trácht ar dhíbirt an tighearna Ó Rodáin atá an Times croidhe, agus ag áireamh a
ndearna an “Riaghaltas Impireamhail” d'obair riach- tanach le goirid i nÉirinn, cé go mb'obair dhubhach í: Rinne an dlighe, adeir an Times, Éire a shatailt fa chois. Lannaí a rinne an dlighe a mhúnadh, agus léir- sgrios a d'fhuasgail é. Leagadh bailte go talamh; d'imthigh na daoine 'na sluaightibh as an tír; tógadh tighthe do bhochtaibh go fairsing agus táid siad ar fad ag cur thar maoil: agus teasbánann sin gurab é inntinn an riaghaltais Éire a thógáil as an leibideacht agus as an mbarbaracht ina bhfuil, agus forais shíbhialta na tíre seo a chur ar bun innti. Sin é an leagan cainte atá ag lag-sgríbhneoiribh malluighthe an riaghaltais i dtaobh na hÉireann (gidheadh sgríobhaid an rud atá i n-intinn an riaghaltais). Agus táthar ag ruagadh na ndaoine amach is cosmhail chomh dian is bhítheas ariamh: agus níl puinn dlighe sa tír an aimsis seo; agus tá Domhnall Ó Conaill agus an Dubhthach agus a lucht leanamhna ag teagasg bros- tughadh do réir reachta; agus is é gáir na bhfear n-órdha: Ag an diabhal go raibh an Pápa; agus tá na heasbuig Chatoiliceach ag taisbeánadh a ndílseacht don choróin; agus tá cuirp ann agus marbhadh agus gorta agus geilt go tréan is go fairsing ar fud na tíre. Go cinnte, adeir Don Juan D'Aquila, níor céasadh Críost ariamh ar son na ndaoine so. 17°. — Tá deifir an domhain ortha annso ag cur an Neptune chun siubhail: níor leigeadh an taoiseach loingis as an gcuan le cheithre mhí, i leabaidh dhó bheith ag seoltóireacht i gcoinéal Mozambique, mar nach leig- feadh an goibhearnóir uaidh é an fhad is bhíomar-ne annso, d'eagla achrainn ar an Ros. Níl lá anois nach gcuireann sé buidhean dá chuid máirnéalach go dtí
an Neptune le teann deifir dar riar le lón fa chomhair an aistir. B'éidir dhúinn seoladh i mbáireach. Tá an-ríméad ortha i mBaile an Rosa — muinn- teardhas dhá dhéanamh ag an dá dhream le chéile, an dream measardha agus an dream ainmheasardha dhá réidhteach eatortha. Tá árd-ríméad puiblidhe le bheith ann, árd-dínnéar, agus soillse nár facthas a leithéidí san Afraic ó Dheas cheana riamh. An ghal an solus a bhí i mBaile an Rosa le bliadhantaibh, agus an lóchrann bhéas ar an spéir an oidhche taréis imtheacht dúinn (acht ní bhéidh roimhe, ní mhaslóchaidís na daoir bhochta) sáróchaidh sé soilse Fomalhaut agus réalt geal Ara. Fuaras páipéir an Rosa, agus iad lán d'fhuagraibh i dtaobh an Dínnéar, na Lóchrainn i gcinn- litreachaibh móra. Seo iad na giotaí deireadh bhainfeas mé as páipéir nuaidheachta na hAfraic ó Dheas. RÍMÉAD PUIBLIDHE. Soluis teintidhe ar fagháil le léir-reic nó le ceannach 'na mbeagán ó Sh Ashley. NA LOCHRAINN. Coinnle comhshuaidhte. — Cuimse dhíobh ann agus iad dhá ndíol go han-tsaor fa láthair fa chomhair an áthais atá ann. Chuir an goibhearnóir órdughadh an tighearna Grae i gcló: is an-fhada an páipéar é, cuid dhe ag gabháil leithsgéil, cuid dhe go ceasnuightheach, agus é go léir go cam. Is lán-shoiléir go raibh coinne aige go gcuirfidhe in' aghaidh mar cuireadh, agus go raibh fhios aige go rí-mhaith na daoine annso a bheith fuathmhar dá chleas agus go raibh fhios aige a fhuathmhaire agus bhíodar, acht go raibh súil aige dá gcuireadh sé leis go bhfuigheadh ughdaras agus cumhachta an riaghaltais lámh i n-uachtar
ar gach uile dhuine. Níor shéan sé go deimhin go raibh fhios aige gach uile nídh dár bhain don chás shul d'fhágaibh an Neptune Bermuda: óir deir sé nach raibh fhios aige fa'n gcás go dtí gur sheol an Neptune .i. ó Londain, le n-a locht go Bermuda. Is diabhalta an rógaire é. An 3 a chlog ar maidin. — Chaitheas an oidhche ag siubhal ar bórd, ag baint mo shásamh as an oidhche ró- áluinn a bhí ann agus ag breathnughadh ar an Afraic, an t-amharc deireadh bheadh agam air. Agus tá an comhrac thart; agus is tig le daoine na tíre a ngnótha a dhéanamh fa shíothcháin anois feasta agus gan tada le cur isteach ortha níos measa dhóibh ná na buachaillí dubha agus an beitheadhach allta. Go mba torthamhail iad a bhfíneamhna agus a ngoirt an fhad is bhéas an ghrian ag tarraing ar Chapricornus! Go mba fada buan é a gcodladh fa shíothcháin, agus ná raibh call le bolta ná le glas aca, na daoine fiala, ar a ndóirsibh, agus ná raibh d'arm uatha ag dul thar chnoc ná thar mhagh dhóibh acht laisg na mbulán! Ó mo chroidhe amach a ghním comhgháirdeachas le daoinibh an Rosa fa'n anach- ain uathbhásach a chuireadar uatha. Bhíos ag faireadh na gréine ag dul faoi ar chúlaibh na gcnoc, agus ag breathnughadh ar na soilsibh corcra ag deargadh beanna na gcnoc i n-imigéin go mba cosmhail gach áill le cloich luachmhar. Agus is maith atá fhios agam gur hiomdha gleann glas sínte idir na drom- anna lonnracha sin; agus na daoine thiubhras an tuair- isg go dtí na daoine croidhe is-na gleanntaibh sin, is áluinn é lorg a gcos ar na sléibhtibh. Ar bhreacadh lae i mbáireach chífidh na daoine an lá is mórdhálaighe dar facthas riamh san Afraic ó Dheas. Slán libh! éireochaidh soilse an domhain thoir agus Réalt geal na Maidne ar ball os cionn Madagascar.
[Ní fheadar an bhfuil fhios aca ar an Ros amhrán glórmhar Freiligrath i dtaobh an Rosa.] Beannacht agat a Afraic! 19°. — Indiu atámuid ag seoladh: an ghaoth glan in ar n-aghaidh, agus í ag séideadh suas díreach an cuan. Goidé an díoghbháil — chuir an taoiseach loingis long cogaidh .i. an Geyser dhár dtarraing amach. Tá an téad socruighthe dhár dtarraing amach, agus sinn ag imtheacht go righin réidh amach as Cuan Shíomáin agus síos an Cuan mór leathan Fallsa. Tá na cnuic ar ar gcúlaibh agus iad ag imtheacht as amharc. Tá mór-roinn eile taréis éirghe romhainn as an muir, agus d'imthigh Afraic féin as ar n-amharc anois. An gcuirfead bonn le talamh tirm arís go brath? Aibreán 4°, 1850. — Tá sé tuilleadh agus mí ó sgríobhas focal sa leabhar uaigneach mara so. Támuid ag imtheacht díreach roimh ghaoth ar an bhfad sin, agus isí an ghaoth aniar a bhíos i gcomhnuidhe ar an aigéan so ó dheas, 6 grádha is 40 ó dheas den líne, agus sinn go minic agus 200 míle sa ló siubhail fúinn. Deir siad go bhfuilmíd ag tarraing ar an Tasmáin. Bhíos go dona tinn ar an bhfad sin, agus ag dul chun donacht atáim. Is mór an t-uathbhás liom an tseol- tóireacht, óir atá tuilleadh agus aon mhí dhéag ó thángas ar bórd na luinge mí-fhortúnaighe seo, a bhfuil mall- achtaigh mar ghléas seoil uirthi agus diabhail mar locht — agus is fada liom uaim cósta éigin ar a gcuirfinn cois, dá mba hé an Iurusalem Nuadh féin é, acht nach mbeadh aon amharc ar an bhfairrge. An sluagh príos- únach atá thíos fúm, tráth a mbím ag siubhal thart ar an mbórd uachtair, deallruigheann siad a bheith go hárd- mheanmnach ar chuimhniughadh dhóibh a gcur saor i dtír
áluinn nua, an áit a bhfuil an aimsir mar d'iarrfá í agus i n-áit a bhfuil luach a saothair go binn le fagháil aca. Tá sórt truaighe aca dhomh-sa agus sórt meas orm aca; agus ceapaid gan aimhreas gur uathbhásach thar cionn an choir a rinneas-sa an lá is go dtiubhraidhe léir-mheas ar leith orm agus nach leigfidhe saor mé mar chách. 6°. — Amharc againn ar chósta cnocach ó dheas na Tasmáine. Lá spéire liath-ghorm é; an t-aer go bog agus é tiugh le boladh cumhra na gcoillte so ó dheas; is aoibhinn áluinn ar fad an t-aer é. Bhí an fhairrge ciúin ar ndul dúinn thar na rosa, agus na coillte ag fás anuas go sáile, agus a sgáile le feiceál is an tuinn: bhí tír agus talamh dhá ngorradh féin go haoibhinn leis an ngréin. Tá an tsean aigéan go dradamach — ag gáiridhe mar do chonnaic Prometheus í i n-aisling tráth a raibh sé ceangailte le slabhraibh. Mothuighim an tinneas agus an tuirse ag imtheacht de mo chroidhe féin, agus mo spioraid agus mo mheanma ag éirghe, agus an úire ag teacht orm, de bharr nádúr agus cinéaltais na talmhan. Gidheadh chím annsúd thall ar mo lámh chlé na cnuic ar a mbead ar feadh na mbliadhan agus an bhadhbh ga mo chreidhm agus ga mo chnáimh-ghearradh. Seo é go díreach an áit: an chreig nó an clochar a mbeidh mé ag éag go laetheamhail. Ní fuláir nó is ar na cnocaibh seo cheangail neart agus treise an leithdhia an íodhbairt, — óir nár dhubhairt Kratos le Hephaistos: támuid tagtha anois go fíor-chiumhais na cruinne? I n-ionad a mbeadh bonn i n-aghaidh buinn é sin, cad eile? acht níor bh'ionann eolus na dtíortha don fhile agus inchinn. Mo dhiachair nach ndearnas an choir
dhiadha, agus solus d'fhagháil ó na humair neamhdha as a dtarraingeann na réalta é; bheadh súil agam annsin le neart dhiadha an Titan a céasadh. A aer neamhdha! a ghaoithí mheara! a thoibreacha úra na n-abhann! agus a thonnta dhoimeallta, dho-chríochnuighthe, iliomadach, gheal-gháireach an aigéin! Ó! a thalamh, a mháthair gach uile nídh! agus a chearcall dhomhan-fheicsiona na gréine! — Níl freagra uatha; acht seo isteach daor, seirbhíseach, agus ainm dínnéir aige. Níor ítheas ná níor chod- luigheas le trí lá: go dona tinn a bhíos, sin agus corughadh intinne bheith orm ar shúil is go leagfainn súil ar charaid arís d'éis dhá bhliadhain. Tá an Máirtíneach, an Brianach agus mac Uí Mheachair ar fán ar na cnuic gharbha úd thall, gach duine aca leis féin ina dhaingean foraoise. Ní féidir nó gheobhad leigean ar a bhfeicsin uair ar nós ar bith. Thángamar isteach an muinéilín mara ar a dtugtar an Cuinéal idir na caisleáin tráth- nóna anocht. Sroicheann sé chúig mhíle fhichead suas idir oileán dá ngoirthear Bruni agus an Tasmáin. Cuan na Stoirme atá sgartha soir ó Bruni, agus sin é an bealach isteach go Baile Hiobaird. Tagann an cuinéal agus Cuan na Stoirme chun a chéile ó thuaidh de Bruni, agus uaidh sin isteach i bhfad sa talamh tá inbhear leathan ag rith. Tá sé na chalm orainn sa gcuinéal; acht tá feicsin againn ar Chnoc Wellington agus é 'na mheall mhór agus áilltreacha géara ar an gceann thoir de. Tá Baile Hiobaird sa ngleann ag bun na n-áill- treacha sin, deir siad liom, cnuic féarmhara thart tim- cheall air, agus garrdhanta bláthmhara, agus an Derwent ag rith síos thríd agus dath gorm uirthi. Cathair oireachais na ndúnmharbhthóirí an Baile Hiobaird sin, agus ollsgoil na gaduidheachta agus an déistin neamh- dhaonna.
Acht chítear dhom gur talamh é seo thart timcheall ar an gcuainín seo ina bhfuil sé 'na chalm orainn, agus na cnuic uaigneacha faoi choillte ar gach taobh dhínn, gur talamh é nár saothruigheadh ariamh, ón lá a ndeacha La Perouse suas an sean-chuinéal céadna so, nuair sgannruigh sé daoine ha háite agus iad ag bruth feoil Kangaroo thart ar an teine. Crainn iad so a bhfuil an duilleabhar go síor-ghlas ortha, agus is léar dhom ón luing croiceann na gcrann ag sgeitheadh ina stiall- taibh móra agus é sínte ó ghéig go géig. Ní hé an duilleabhar a sgeitheas an cineál seo crann, an Eucalypti, acht an croiceann. Breathnuigheann na crainn go hiomlán beag nach a bheith go han-árd; gidheadh féachann an choill gur coill bhocht ghiobach í, mar gheall ar na géaga agus na craobhracha bheith le feicsin chomh follusach sin thríd an gcroiceann a bheith sgeithte; agus is tanaidhe an duilleabhar atá ortha i gcomórtas le reimhre na gcrann. An té a mbeadh taithighe aige ar throm-dhuilleabhar na gcrann mbán agus na gcrann sleamhain atá san Eoraip, agus stuadha agus sgiatháin teampoll déanta aca sa bhforaois cheapfadh sé sin go cinnte ar an gcéad amharc. Acht is ar éigin báis a chreidim go bhfuilim le bonn a chur le talamh tirm arís. 7°. — Shroicheamar ceann an Chuain idir na caisleáin ar maidin indiu, áit i bhfuil pasáiste cumhang uisge idir é agus Cuan na Stoirme. Ghlacamar piolóite ar bórd annso, firín beag dubh, agus dhearcas chomh grinn agus chomh hiongantach air agus dhearc Abel Jans Tasman riamh ar an gcéad duine fiadháin a chonnaic sé san Astráil ná iad-san air. Acht ní raibh sa bhfirín acht Carthagíneach a raibh triús réidh-éadaigh air agus
casóg thimcheallach. Anuas ó bhotháinín deas néata bhí thuas ar an gcnoc a tháinig sé go dtí n-a bhád, agus faithchín féarmhar anuas ón mboth go dtí caladh an bháid, agus mil-dhriseacha ag fás ar an bhfál, do choimhéad agus d'ornadh an gharrdha. 2 a chlog árd-tráthnóna. — Támuid ar ancoire ar an Derwent, ceathramha míle ó chéibh agus ó theach custuim Bhaile Hiobaird. Tuige a sgríobhfainn síos annso arís gach a bhfeicim, agus gach a bhfeiceann gach aoinneach is gach uile chaladh-phort? Ar chiumhais an chnuic atá ag síneadh suas ón abhainn go dtí na cnuic atá an baile, fearacht gach uile bhaile eile. A lán cloigthighthe teampoll ann ar ndóigh; gunnaí móra ar bhinn; muileann gaoithe ar árd; stórtha na gceannuidhthe 'na sraith ar an gcéibh; trucailí ag tarraing earraidh ó áit go háit; agus rothaí fa na trucailibh; agus cheithre cosa fa na capaill, agus aon dlúth-chabhail amháin aca. Tá a lán loingis sa gcaladh agus aon fhrigéad Carthagíneach amháin, an Maeander. Ghléas an caiptín agus an feadhmannach dochtúra iad féin fa chomhair na n-oifigeach (agus is galánta fhéachas an dochtúir fa n-a chlaidheamh agus a órnáidí gual- ainne); agus mar is cuibhe do dhaoinibh árd-oifigeamhla gluaisid siad-san go mall agus go ndignit agus cuirid a gcóir sgríbhneorachta agus a gcuid ribín dearg i n-eagar ina n-oifigibh daor, go dtigid ar bórd chugainn mar is ceart agus mar is foirmeamhail. I gcruthamhnas go bhfuil uain agam chun breathnughadh ar an bhfeic is áille sa domhan, agus a dhearcadh i riocht is go mbeidh sé in mo chuimhne agus in mo chroidhe. Inbhear fhairsing an Derwent, sin é an chuan. Ar an taobh thiar de atá an baile, agus garrdhanta agus tighthe galánta
cois baile ar a chúlaibh, ar an gcnoc atá ag éirghe suas agus é faoi choilltibh agus faoi mhion-ghleanntaibh go sroichidh sé an meall mór dorcha cnuic dá ngoirthear Cnoc Wellington. Shaoilfeá go bhfuil an taobh thoir bán ar fad, agus tá a lán cnocáin ann agus tulaigh agus iad faoi choilltibh; agus ag breathnughadh suas gleann na habhann dom níl tada le feiceál acht cnoc agus coill agus na cnuic ghorma i bhfad ar a gcúlaibh. Tá fonn orm na coillte a shiubhal, agus imtheacht ó fhuaim agus as amharc na mara, óir táim cortha dhi. 8°. — Daoine oifigeamhla ar bórd againn maille le n-a gcuid páipéar agus dubhach agus peann agus ribín, agus constáblaí freisin. Ní fheadar cé an sórt gnótha atá ag dul ar aghaidh aca, óir fanaim istigh go dlúth in mo chábán Acht cluinim rolla dhá ghlaodhach, agus na príosúnaigh ag siubhal siar go deireadh na luinge ó dhuine go duine agus a n-éadan nighte aca. Deir an dochtúir liom nach mbeadh a fhios go dtí i mbáireach cad is cor dhom-sa, ná cá gcuirfear mé. An teachtaireacht shonnradhach fúm, cuireadh chun an ghoibhearnóra é ar ndóigh, Sir Liam Mhac Dhonnchadha; acht ag fiadhach atá an duine mór sin, agus ní móide go mbeadh sé ar ais i mbáireach féin. An-ghlionndar atá ar na daoraibh cearta, deir siad: táid siad le cur i dtír saor: agus tairgeadh don dá réag is láidre dhíobh a bheith na gconstáblaibh ar an oileán: tháinig an tairisgint amach chun na luinge chuca. Deir an Doch. Mac Giobúin .i. an feadhmannach, liom, bhí sé cheana annso, agus tá fios ar shlighthibh na háite aige, agus ar fhurmhór na bhfo-chonstáblaí, go mba daoir iad agus cuid de na hárd-chonstáblaibh; agus ina cheann sin deir sé gurab iad na bitheamhnaigh is cródhanta ar bith a toightear le cur sa bposta.
Chífir, adeir an dochtúir liom, dhá réag de na bitheamh- nachaibh is measa bhí ar an Neptune agus iad gléasta i gcultachaibh gorma, fa cheann cúpla lá, agus gunnaí aca, agus iad suidhte i n-ionad a mbéidh áirdeal aca ort-sa agus ar do cháirdibh a tháinig amach romhat. Gidheadh deir an Doch. Mac Giobúin go gcreideann sé gurab é an t-órdughadh tháinig gan a bheith go han- dian orm (níl fhios agam cén fáth a gcreideann sé sin) agus gheall sé a dhul i dtír i mbáireach agus má's amhlaidh gur istigh i lár an oileáin atá ceaptha dhom a bheith i gceanntar consabal, gheall sé a dhícheall a dhéanamh ag iarraidh ar an ngoibhearnóir mé fhágáil i n-éinfheacht leis an Máirtíneach mar gheall ar dhonacht mo shláinte. Shroich páipéir nuaidheachta éigin an long ó Bhaile Hiobaird. Tá an Brianach go dlúth i ndaingean fós ar oileán Mháiria taobh thoir den Tasmáin; áit gharbh uaigneach é dhá mhíle dhéag ar fad agus na dúnta is daingne ann dá bhfuil ag na síléaraibh. D'eitigh sé an toicéad ceada uatha, ná a fhocal a thabhairt nach bhféachfadh le n-éalodh; agus chuir sé an-fhearg ar lucht ughdaráis na ndaor a dhaingne is tá sé. Chím ó na fuagraibh go bhfuil chúig long ar tí seoladh fa láthair go Califórnia ó dhá chaladh-phort .i. ó Bhaile Hiobaird ar an taobh ó dheas agus ó Launceston ar an taobh ó thuaidh. Tá gnóthaí móra tréana ar siubhal idir an Tasmáin agus San Froinnsiais, ubhla, inniúin agus fataí na neithe is tréine curtar anonn as an tír seo chuca. Gidheadh ní fuláir nó faghann Califórnia meithil de na bitheamhnaigh is cródhanta ar dhruim an domhain ón Tasmáin maille leis na cineálachaibh úd glasradh. Bíonn “ocras neamhdha an óir” freisin ar dhaoraibh a saortar.
Tráthnóna. — Thug an dochtúir duine oifigeamhail go dtí dorus mo chábáin leath-uair ó shoin, agus chuir i n-aithne dhom é — Emmett a ainm. Oifigeach daor de mhuinntir Emmett! Chuir sé teachtaireacht in mo ghlaic ó dhuine dár teideal Árd-chisteoir, dhá rádh go mba hé an t-órdughadh tháinig ó Rúnaire an Stáit, leigean dom dul a chomhnuidhe i gceanntar ar bith consabal a thogróchainn (cé is moite do na ceanntaraibh ina bhfuil daingne mo charad) agus gan a bheith orm acht mé féin a fhuagairt uair sa mí don ghiúistís consabal atá sa gceanntar. Sin é an socrughadh a dtugtar toicéad ceada air. Is tig liom glacadh leis nó gan glacadh leis do réir mar thogrochas mé; nó má ghlacaim leis is tig liom a thabhairt suas uair ar bith is maith liom; acht ní mór dhom gealladh ar dtús nach n-éalóchad as an tír an fhad is tá an toicéad agam. Mar dubhairt mé cheana ní gheallfadh an Brianach; acht gheall an Máirtíneach, an Dochartach, agus mac Uí Mheachair. Cloisim go bhfuil cuid aca ag trácht ar an sórt saorsachta atá aca a thabhairt suas, agus a ngealladh a tharraing ar ais chomh túisge is bhéas a sláinte ar ais aca ó bheith ag imtheacht cúpla mí fá na coilltibh. An rud a rinne an chuid is mó de mo cháirdibh sin é chinneas-sa ar a dhéanamh, mhór-mhór ó dubhairt an Doch. Mac Giobúin liom gur gearr a sheasfainn é dá gcuirthí isteach i ndaingean úiriadhta mé ar Oileán Mháiria. Go deimhin is mór an fonn atá air mé a chur i dtír, agus tá creideamhaint ag dul dó dar leis faoi mé thabhairt beo an fhad so, d'éis deich mí i n-uaigneas Bermuda dhom liom féin agus aon mhí dhéag eile agus seacht lá dhéag ag sealtóireacht ar an Neptune. Chuireas litrín go dtí an tÁrd-chisteoir, thugas
d'Emmett dó í, ag geallamhaint nach n-éalóchainn an fhad is bheadh an sórt saorsachta agam: agus mheabhruigh Emrnett agus an dochtúir dhom litrín eile a chur chuige, agus chuireas go rabhas go dona tinn; go rabhas tinn le míosaibh agus nach rabhas i n-inmhe mé chur ar siubhal liom féin go ceanntar i bhfad as láthair imeasg daoine coimhightheacha. Tá an dochtúir leis sin a fhíorughadh go hughdarásach, agus deir sé féin agus Emmett go gcuirfidh an goibhearnóir go cinnte mé go háit dá ngoirthear Bothwell mo chomhnuidhe. Is ann atá an Máirtíneach. Leis sin d'fhágaibh Emmett mé. Deir sé go bhfuil gaol aige le muinntir —; acht níl, níl ann acht mealltóir. Is cóireach an chosamhlacht atá ar Bhaile Hiobaird, ag breathnughadh dhuit air ó'n bhfairrge. Tá cnuic áille ar a chúlaibh. Tuige nach sgríobhfainn mion-chúntas faoi anois anocht ó thárla uain agam, agus gan aon chion ar leith ar áit ar bith agam le mé chur amugha? Sgríobh Sterne treoir luachmhar don domhan ar an gcuma sin. Baile Hiobáird, Hiobárseach, Hiobartún. A arm- lomradh, muinéal fada, léim d'iosgaid (kangaroo) agus a phócadh follamh ag foghluighthe; agus an fabhaill- sgéal so air: Sic fortis Hobartia crevit: .i. tré fheannadh agus tré ghaduidheacht. Má's cóir géilleadh d'ughdar- aibh an bhaile, agus níl aon aimhreas agam nach bhfuil an ceart aca, ní raibh sa mbaile seo tráth acht baile beag; agus ó is rud é go bhfuil tuilleadh agus fiche míle duine na gcomhnuidhe ann fa láthair, is dóigh liom gur mhéaduigh sé i leabaidh a chéile, nó go bhfuil an méad ann anois atá — &rl. Chuir sé iongantas an tsaoghail orm litir dfhagháil
indiu ó Phádraig Ó Dhonnchadha (leigeadh dhó comhnuidhe i gcathair Hiobáird) dhá rádh gur chuir sé páipéar nuaidh- eachta, an tIrish Exile, ar bun agus ag iarraidh orm páirt a thógáil leis san obair. Chuir sé cóip den pháipéar chugam. Sin rud iongantach. Cad na thaobh go leigeann lucht ughdaráis na ndaor dhó páipéar ar bith a chur ar bun? Ná cé'n mhaith a mhac a samhail de pháipéar annso dá mbeadh an fear ábalta ar a stiúradh féin? Níl ann acht díth na céille ar fad a leithéid a dhéanamh; acht is maith liom nach bhfuil aon bhaint ag ceachtar de mo cháirdibh leis, cé gur sórt gotha ar a son é creidim, do réir mar deir sé féin. Tá an tIrish Exile ga mo mholadh go diabhalta: go dtarrthuighidh Dia mé ar ghothaibh baramhla! Ar sheolas thart timcheall na cruinne, agus an dtángas isteach i gcuainín annso san aigéan so i bhfad ó dheas ionnus go dtiocfainn ar eagarthóir ghasta 'na shuidhe ar mhullach glórtha árda agus é i n-aon turas ag caitheamh molta isteach in m'éadan? B'fhearr liom an stoirm is measa shéid ariamh ar na hIndiachaibh Thiar a bheith ga mo chiorrbhadh, nó an gála is duibhe a stróic na réigiúin theo, nó an sinneán is láidre le n-ar bhíodhg an Mhuir Mheann, nó úm-ghaoithí na mara thoir sa tSín, ná gaoth mhór mholta na réigiún so. Bhíos tuirseach den fhairrge, dar go deimhin; acht níl gotha baramhla ar fairrge ar chuma ar bith. Is minic Eurus agus Boreas sáthach garg, acht san áit is mian leo séideadh séidfidh siad, agus táid siad neamhspleadhach le Árd-chisteoir. Is féidir a rádh ar ndóigh nach dtáinig Bhirgílius liom ar an gcúntar sin, é féin agus a Árd-chisteoir AEolus agus a quos ego. Acht goidé an bhrígh sin? Ar ndul a chodladh dhom
anocht tá an dia-mhasladh in mo chroidhe agus mé ag easgainidhe ar mhuir agus ar thír. 12°. — 'Mo shuidhe dhom ar bhruach srutháin, agus an sruth úr-uisge glan ag rith le fána go hárd-ghlórach. Na crainn ag corughadh os mo chionn, agus an ghrian ag sgairteadh tré n-a nduilleabhar, agus eangach bhreac dhá dhéanamh ag an sgáile ar an talamh. Seo é Both- well, sé mhíle is dá fhichid ó Bhaile Hiobáird, ón Neptune agus ón bhfairrge, agus mé go hárd ar na cnocaibh i lár na Tasmáine. Tá an Máirtíneach ón Locharn, tráth, 'na shuidhe ar m'aghaidh, ag caitheamh tobac go sásta agus é ag silleadh go hait orm le n-a shúilibh soineanta.
AN 5° CAIBIDIL X Aibreán 13°, 1850. — Trí fichid teach, nó deich dteach is trí fichid atá i mbaile seo Bothwell, áit i bhfuil an Máirtíneach agus mé féin 'nár gcomhnuidhe fa lathair ar an toicéad ceada. Tá teampoll ann, mar a mbíonn paidreoireacht ag cléir Eaglaise Shasana agus ag cléir Eaglaise Alban, duine aca ar maidin Dia Domhnaigh agus duine eile tráthnóna. Tá cheithre tighthe móra ósta ann; agus is fearr go mór an aire atá dhá thabhairt le n-a gcothughadh san ar an modh deontach, agus is liaghaidhe duine bhíos ionnta ná mar bhíos san teampoll. Tá teach posta ann; a lán tighthe siúinéaraí agus ceardchaí do na daoinibh atá na gcomhnuidhe sa gcomhursanacht; oifig consabal agus sluaigh-theach agus giúistís na maor i gceannas na háite. Tá an baile suidhte i ngleann atá trí nó ceathair de mhíltibh ar leithead agus a dhá fhad ann agus é trí chéad déag troigh ós cionn na fairrge; agus cnuic gharbha faoi choilltibh thart timcheall air agus iad tuairim agus 1,000 troigh níos áirde arís. Tá an abha bheag an Clyde ag rith ó dheas thríd an ngleann, agus dhá mhuileann uirthi. Tá eas ar an gClyde dhá mhíle síos ó Bothwell agus í chúig troighthe agus dá fhichid ar áirde. Tá an t-uisge ag tuitim síos le fána i gcoire mhór idir charraigreacha árda, agus téigheann sé isteach i n-uachais chumhang annsin idir bhruacha árda chlochacha, agus ritheann amach go mear arís, agus sé mhíle dhéag taobh thíos
de sin téigheann thar bhaile eile a bhfuil an t-ainm Lanarkshire Hamiltún air, agus as sin síos leis an sruth ó dheas go ritheann isteach san abhainn mhóir dá ngoirthear an Derwent agus sin í an abha a ghlacas uisgí na réigiún árda atá i lár an oileain. Albanaigh is mó atá 'na gcomhnuidhe sa ngleann áirithe seo agus sin é thugas do na hainmneacha Albanacha bheith ar na háitibh. Gidheadh is ceanntar consabal é Hamiltún leis féin agus é taobh amuigh de thórainn ar ndúin-ne. Tá ceanntar Bothwell ag síneadh ó thuaidh feadh cheithre mhíle fhichead go tráigh Locha Corráin agus go tráigh Locha Sámhaidh; agus taobh thall de na lochannaibh atá tórainn cheanntair an Dochartaigh agus mhic Uí Mheachair. Sé an sruth Iorthanán tórainn thoir cheanntair Bothwell, agus sruth níos lugha na an Clyde é sin. Chuadhas thairis cúpla lá ó shoin i ngan fhios dom féin agus mé ag teacht annso, óir bíonn áit an tsrotha tirm i gcomh- nuidhe acht sa ngeimhreadh. Sroicheamuid siar go sruth mór na Sionainne, agus ritheann sé sin tré uaigneas agus tré aduantas na gcnoc agus na gcoillte idir bhruacha árda go snigheann isteach san Ouse, ribhéar is sia siar arís, go dtéigheann an péire aca isteach sa Derwent céadna. Taobh thiar de na haibhnibh sin tá réigiún lom doicheallach nár cuartuigheadh ariamh agus é mar bhórd urárd talmhan 4,000 troigh ar áirde, go fairrge siar. Rinneamar cnoc de na mion-chnocaibh a strapadh indiu agus fuaramar radharc breagh ó n-a mhullach ar shléibhtibh gan chríoch agus iad faoi choilltibh, agus sliabh adhbhal-mór thiar-ndeas díobh agus é faoi shneachta cheana cé go bhfuil sé ina fhoghmhar the annso. Cineál éigin guma atá is na crannaibh go léir; iad
árd toirteamhail, acht gan mórán géag ná duilleabhar, agus ní fhaluigheann na billeoga na crainn acht go dona. Gidheadh is tiugha ná sin an duilleabhar atá ortha is na gleanntaibh fairsnge; agus sé an cineál le n-a ráidhtear an guma dubh atá ar bhruach na n-abhann agus tá duilleabhar trom air-sean, chomh tiugh beagnach is tá ar chrann sleamhain nó ar chrann bán na hEorpa. Tá doirí móra mimósa, gum cleithe atá ag muinntir na tíre air, ar leicnibh chuid de na cnuic, agus crann fíor- chrothach síor-uaine é, acht go bhfuil an bláth órdha bhíos air tuitthe dhe anois ina shéasúr. Tá an t-aer tiugh le cumhracht na gcrann guma so, agus é soillseach ag clumhach solusta na bpíoróidí bhíos ag sgartadh le gréin mar bheadh geamaí, ar n-eiteall dóibh ó choill go coill. Táim ag neartughadh gach uile lá. Agus má's é an t-aer bog úr cumhra atá ar chnoc agus i gcoill annso atá ag cur na fola ag rith níos teinne agus níos teo tré mo chuisleacha, nó comhrádh neamh-ghnáthach mo shean-charad atá ag a m'aithbheodhchan féin as a nua, nó má's de bhrígh go bhfuilim ag siubhal arís ar an dtalamh bláthmhar mháthardha d'éis dhá bhliadhain a chaitheamh dhom ag luasgán ar an sáile lom-ghoirt — óir bíonn an talamh máthardha ag síor-chur cumhracht na beatha dhi, ó n-a míltibh míle bláth; ag síor-sheinnm a dánta agus iad ag cogarnaighil i mbarraibh na gcrann, agus i bhfuaim na sroth, ag tuitim le fána dhóibh, níl a fhios agam cé aca atá dhá dhéanamh dhom, acht is cinnte go bhfuil sórt áthais orm. Bím ag iarraidh síor-dhubh-fhearg a choinneál orm féin acht níl aon mhaith dhom ann: ní dhéanfaidh sé cúis. Ní haon mhaith dhom cuimhniughadh (mar deir Mac Giobúin) go bhfuil sé de dhualgas ghéar
orm gan dearmad a dhéanamh go bhfuilim i gcró dhá ríribh, i long príosúin, nó i ndaingean, gidheadh níl is-na sléibhtibh aosta so, ná is-na coilltibh craobhacha acht ballaí Carthagíneacha príosúin agus sgáilí na néall ag rith ar a bhfuaid; na héanlaith geala ioldathacha atá annso ag luasgadh os mo chomhair níl ionnta acht éanlaith nach bhfuil de shaorsacht aca acht toicéad ceada, agus nach bhfuil aca acht saorsacht cóibhchéimeach; acht níl maith ann — tá éadtruimeacht éigin i n-anam an duine nach leigfidh don éadóchas greim dfhagháil air. Is maith adubhairt an Bhean-uasal Eileanóra é: Nuair is measa bhíos an croidhe ag bíodhgadh bíonn íoc-shláinte aige sa bhforaois; bíonn íoc-shláinte aige sa bhforaois dá phian — ar an bhean-uasal Eileanóra. Pé aca sin é tá an Máirtíneach ag siubhal le mo chois; agus níor chualais go h-iomdha aca an sruth cainte atá aige. An corr-amharc a fuaras ar imtheacht- aibh na héirghe truaighmhéileach amach, ar mbeith dhom i ngéibhionn ar muir, níor mhór tuilleadh a chur leis: agus chaith seisean ráiche i nÉirinn 'mo dhiaidh-se. Ráiche náireach freisin! An triúr méirleach a bhfuil a ndaingne is-na ceann- taraibh thart leis an gceanntar so ar an Loch Sámhaidh, is cosmhail gur gnáthach leo a theacht chun a chéile uair sa tseachtmhain nach mór ag na lochaibh seo, rud ar ndóigh atá i n-aghaidh riaghail, acht ní bhacann lucht an ughdaráis leo, óir ní thiocfaidh aon díoghbháil mhór dar leo d'im- pireacht Shasana thríd go haibéil. Agus tá an Máirtín- each le mé a threorughadh i mbáireach gus an ionad coinne; óir ar a theacht dom sgríobh sé ar an toirt boise go dtí an bheirt eile go bhfuagruigheadh lá an tionóla. Tá capaillín glas ag an Máirtíneach; tá
capall an duine ag an Dochartach agus ag mac Uí Mheachair; agus ó thárla gan ceann agam-sa fós dom féin, táim le aimsir a chur ar cheann i mbáireach ó fhear den bhaile. Sgárdas sruth cainte ar an Máirtíneach tráthnóna anocht, agus sinn nár suidhe os comhair tein- eadh adhmaid agus sinn ag caitheamh tobac go saoilfeá gur dhá shliabh sinn a bheadh tré lasadh. Támuid ar lóistín i mbothán néata den bhaile, ag bean a stiúras buidhean ceoil an teampoill Dia Domhnaigh. Tá aire mhaith dhá thabhairt aici dhúinn; agus níor bhfada bhíos sa teach aici gur innis sí dhom go dtáinig sí amach saor, ionnus go mbeadh a fhios agam go mba duine meas- amhail í; óir is é is paition uaisleachta sa Tasmáin a theacht amach saor. Rí fear saor annso; agus is ionann na daoir annso agus na daoine dubha i gCari- líona ó dheas. Ní fhacas fós ceachtar de na comhursanna .i. de mhuinntir na tíre seo fós; acht deir an Máirtíneach liom gur thug a bhfurmhór cuairt cheana air agus go rabhadar go laghach leis ar feadh na gcúig mhí do bhí sé annso leis féin. Gidheadh is beag mo shuim i gcomh- luadar fós ar nós ar bith. Acht is mór an sásamh nach gcreideann na Sasanaigh ná na hAlbanaigh measamhla deagh-oilte atá annso gur méirligh sinn. Is dána an mhaise dhóibh sin a mheas i n-aghaidh a riaghaltais féin féin, acht is mór an sásamh agus an tairbhe dhúinne é. Thug an Máirtíneach roinnt leabhar amach leis agus cuirid féin agus an beairtín beag a bhí agam-sa cosamh- lacht liteardha ar an teach beag lóistín. An-fhear é an Máirtíneach: thug sé cluas mhór dhom anocht agus mé ag caint. Tá súil agam go bhfuil feabhas ar a aigne agam.
Ar a hocht a chlog ar maidin i mbáireach gluaisfimid go both aodhaire áirithe tréad atá láimh le Loch Sámhaidh go n-athchasamaoid dá chéile. 15. — Loch Sámhaidh. Ros Chinn an Mhadaidh nó Cynos- cephaloe. Ba fuar feannta an mhaidin í an mhaidin indé, an chéad mhaidin gheimhridh bhíos aca is cosmhail sa Tasmáin. Thosuigh sé ag báistigh go huathbhásach sul d'éirigheamar agus bhí an spéir go léir dorcha. Bhí cosamhlacht gharbh ar an lá, agus ba léar dhúinn gur sneachta bhí ag tuitim ar na cnuic thart timcheall an ghleanna i n-áit fearthainn. Mhol ar mbean tighe dhúinn agus a fear chomh maith mholadar dhúinn gan corughadh amach ar eagla go gcuirfeadh na fuarlaigh stad linn isteach sa tír árd; pé aca sin é bhíos go han-lag agus go faitcheach cé go rabhas ag teacht chugam féin. D'fhanamar go meadhon lae; acht thárla nach raibh aon aiteall aige an uair sin acht é níos measa arís, chinneamar ar tabhairt faoi agus a dhul ar marcuigheacht. Ghluaiseamar linn soir-dtuaidh an gleann. Gleann cothrom, gainmheach é, atá foluighthe le féar géar a bhfuil dath buidhe air agus é triomuighthe agus crainn i bhfus is tall ann. Chuadhmar thar theach deas cloiche d'éis cheithre mhíle siubhail dúinn agus go leor tighthe beaga le n' ais do dhaoraibh agus do lucht ceirde bhíos ag teastáil ar fheilm ar a dtógtar caoirigh. Ag fíor- bhun an chnuic le n-a ráidhtear Cnoc na Ginne atá sé suidhte, agus feiceál breagh uaidh ar an machaire atá ar a bhéalaibh, agus ar na sléibhtibh i gcéin ó dheas. Sin é Baile Dhonnchadha, dún an Ruiséalaigh é. Ó Albain eisean, agus cara maith don Mháirtíneach, acht chuadhmar thairis gan seasamh, tré bhuaile mhór ghlas, a bhfuil stáblaí agus botháin na bhfear oibre thart tim-
cheall air. Ar an toirt a ndeachamar thairis sin tháng- amar sa gcoill fhiadháin, agus suas linn bléin cnuic taobh thall. D'athruigh an bháisteach go sneachta annsin, agus ar feadh mílte bhí an sneachta dhár ndalladh réir mar chuadhmar ar aghaidh, go nár fhéadamar aon aithne áirithe a chur ar an tír. Bhí fhios agam gur ag dul suas i gcomhnuidhe a bhíomar, sé a raibh ann é; go raibh sé go han-dorcha agus go raibh sé ag casadh isteach agus amach idir na carraigreacha agus na crainn, agus gach uile mhíle dhá dtéighmís gur ag dul i bhfiadhántas atá na coillte, agus na crainn loma tuitthe treasna an chasáin; agus déarfainn fa dheireadh nach bhfacas ariamh dar liom feic chomh sár-uaigneach. Acht bhuaileamar linn, agus dubhairt an Máirtíneach dá sroicheamaois leath-bealaigh go Loch Sámhaidh go dtioc- fadh linn filleadh dá dtogruighmís. Chúig mhíle dhéag ó Bhaile Dhonnchadha chuadhmar thar fhál gharbh smután, agus annsin chonncamar os ar gcomhair machaire fairsing dhá lán-mhíle ar leithead agus crainn mhórdha dhá óirneadh acht go rabhadar gann ann, mar na páirceanna fairsnge d'fheicfeá i n-áitibh i nÉirinn. Agus cé go mba lom go leor a bhí sé indé nuair a bhí an sneachta séidthe ag feannadh na gcrann, b'fhorusta aithne go rabhamar ina mhalairt de thír faoi seo. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe do bhíomar ar bharr an strapadh fada, agus sinn anois ar an mbórd árd ina raibh an dá loch. Thiomáin- eamar linn isna cosa i n-áirde treasna an mhachaire, agus an sneachta séidthe glan díreach i n-ár n-éadan, agus bhíomar ar bhruach abhann taobh thall de réimse talmhan a raibh coillte tiugha garbha air i gcosamhlacht. An Clyde arís, arsa mo chompán liom, níl idir sinn agus barr Locha Corráin, an áit i dtéigheann sí amach,
acht ceathramha míle; acht níl aon fheiceál agat ar an loch ag an gcoill, tá sí chomh tiugh sin. Chuadhmar treasna na habhann ar dhroichead gharbh adhmaid a rinne cuid de mhuinntir na tíre leis an eallach a thabhairt ón tír árd sa ngeimhreadh go dtí an tír íseal; agus annsin ar feadh cheithre mhíle ba garbh docamhlach an talamh a bhí romhainn agus sgeacha sgagacha tiugha air agus sean-chroinnte tuitthe le fada treasna sa mbealach. Ní raibh créatúr beo le feiceál i n-aon áit; acht cúpla caora d'fheicfeá ó am go ham ar fasgadh faoi sgáth na féithleoige (óir is do chaoirigh atá na réimsibh talmhan so roinnte); ní raibh fuaim ann acht feadaighil na gaoithe, agus sgreadach agus cneadach na gcrann. Tá feicsin againn anois ar Loch Corráin ar thaoibh na láimhe deise; agus ní raibh lorg ná treoir againn ar an tslighe ar feadh trí nó ceathair de mhíltibh, acht amháin le amharc a choinneál ar an loch dúinn ar an láimh dheis nach bhféadfamaois gan a theacht ar shruth ghearr atá ag rith idir an dá loch. Agus sin é an áit i raibh an bothán mar a bhfuighmís duine daonna, dearbhadh dhom; dí- threabhach de mhuinntir Chúipéar a thiubhradh stiall chaorach dhúinn agus treorughadh ar an mbealach. Leigeas orm féin go dtí seo nach raibh aon tuirse orm agus go raibh ionam achar ar bith a mharcuigheacht; acht ba léar anois an lagar a d'fhág mo dhá bhliadhain príosúntachta orm. Thug mo chompán meisneach dhom, dhá rádh go rabhamar i bhfuisgeacht dhá mhíle do thigh an Chúipéaraigh. Rángamar talamh cothrom osgailte arís áit a dtiocfadh linn na capaill a chur isna ceanntair. Shroicheamar réimse íseal talmhan fa dheireadh leith- mhíle ar treasna agus bhí an Loch Corráin ar an láimh
dheis agus Loch mhór Sámhaidh ar an láimh chlé. Is áluinn an píosa uisge é, chúig mhíle dhéag ar fhichid thart tim- cheall ann, acht go bhfuil casacha móra isteach 's amach san imeall, agus roinnt rosa árda, inis bheag fa choill- tibh agus sraith bhreagh de shléibhtibh árda ar an taobh ó thuaidh. Bhí dath dubh ar uachtar an uisge i gcosamhlacht, agus smut feirge air; bhí aiteall beag ann ón sneachta, acht thosuigh sé arís níos déine ná riamh, agus chonncas fa dheireadh, agus ba mhór an sásamh aignidh dhom é, an deatach ag éirghe imeasg na gcrann. Ar chiumhais an riasga annsin go díreach san áit a raibh an sruth ag im- theacht go mall as Loch Sámhaidh go Loch Corráin, bhí bothán beag déanta de smutáin cruinne agus féar mar dhíon air — an chéad aitreabh daonna chonncamar ó d'fhágamar Baile Dhonnchadha. Cloiseadh torann cos na gcapall agus leis sin tháinig fear tanaidhe grinn tuisgionach do réir chosamh- lacht amach, é timcheall le dhá fhichid bliadhain d'aois agus gruaig fhionnruadh air agus ionar gorm olna an t-éide is gnáthach d'aodhairibh agus do lucht choimhéadta tréad san áit-se. Chuir sé fearadh na fáilte romhainn agus dubhairt ar an toirt go raibh mac Uí Mheachair agus an Dochartach ag fuireach linn feadh an lae tigh Townsend. Bothán eile é tigh Townsend cheithre mhíle níos fuide ó láthair, i gceanntar an Rosa. Is é an gnáth-ionad coinne é, mar is fearr an teach é ná é seo agus tá níos mó seomraí ann. Acht ar thuirling dom go suidhinn tamaillín ag teine an Chúipéaraigh, bhíos chomh cortha sin agus nach raibh ionam dul níos sia. Leis sin d'imthigh an Cúipéarac ar chapall dar gcaiplibh- ne go n-iarradh sé ar ar gcáirdibh teacht chugainne ó thárla nach raibh ionam-sa dul chuca-san.
Ná leigidh as an teine a dhaoine uaisle, arsan Cúipéarach, agus é ag fásgadh na diallaide, go n-oll- mhuighidh mé an tae agus an fheoil ar filleadh dhom, agus rachad-sa i mbannaibh go mbéidh na huaisle eile annso fa cheann uaire. Chaitheamar tuilleadh adhmaid ar an teine agus thosuigheamar ag triomughadh ar gcuid éadaigh. Bhí an oidhche ag tuitim faoi seo, mar bhíomar cheithre huaire go leith amuigh; agus bhí an dorchadas ag teacht go mear nuair chualamar trí cinn de chapaill ag teacht sna cosa i n-áirde, agus chualas gáire mór a d'aithnigh- eas go maith. Chuadhmar gus an doras, agus noiméad na dhiaidh sin thuirling mac Uí Mheachair agus an Dochartach, agus ar mbeannughadh dhá chéile dhúinn — agus níl fhios agam an é an chroidheamhlacht a rinne dhúinn é nó é bheith de chontráilteacht ionainn, acht - thosuigheamar go léir ag sgartaighil gháiridhe go dtiubhramaois ba bodhra as coilltibh, agus bhíomar ag gáiridhe chomh hárd-ghlórach sin agus chomh fada sin gur sgannruigheamar dhá éinín coille as na giolcachaibh le ciumhais na locha: d'imthigheadar-san go bhfághaidís ionad níos ciúine ná bhí aca. Acht cé go mba croidheamhail, árd, géal-gháireach na gáiridhe iad an tráth sin, déarfainn go raibh dubrón éigin ionnta, na dhiaidh sin. Acht bíonn an croidhe brónach féin nuair bhíos duine ag gáiridhe; agus bheadh sé chomh feileamhnach dhúinn a bheith ag easgainidhe agus ag caoineadh an uair chéadna le bheith ag gáiridhe. Is úr lúthmhar fhéachas an bheirt sin ar longais. Ní fhacas Caoimhghin Ó Dochartaigh riamh roimhe sin acht uair nó faoi dhó: is breagh díreach uasal an fear óg é agus dath buidhe air ó aer agus ó obair.
Thugamar dhá mhám coirce an ceann do na caiplibh, gach a raibh againn, agus thiomáineamar amach iad agus cead aca fasgadh agus greim le n-ithe d'fhagháil mar is fearr ab'fhéidir leo é. Pé aca sin é tá uirlios mór thart timcheall an bhotháin, fál air de phostaibh, agus ráillí trasna ortha, agus chasamar amach na capaill bhochta san uirlios sin, agus bhí sgrúpall orm féin ar chuma ar bith faoi n-a dhéanamh. Gidheadh sin é an cleachtadh atá ag caiplibh na háite seo, agus is annamh curtar ar stábla sa ngeimhreadh féin iad. Agus tá na mion-chrainn chomh tiugh sin ann agus go mbíonn fasgadh maith fútha ag gach uile chineál beithidheach: dris- choillte an ghuma cleithe agus an fhéithleog thiugh throm a ghníos an sgáth dhóibh. Itheann capaill freisin duilleabhar agus barra óga an dá chrann sin má bhíonn an talamh faoi shneachta, caoi gur rí-annamh bhíos i n-áit chomh hárd féin leis seo. Ar an bhfad sin, an fhad is bhíomar ag breathnughadh i ndiaidh na gcapall bhí an Cúipéarach ag róstadh spóllaí caoirfheola agus ag gléas tae dhúinn i gcanna gan clár — caoirfheoil tae agus sudóg béilidh na maidne faoi'n sgeich, agus caoirfheoil sudóg agus tae béilidh an tráthnóna. Níl sa tsudóig acht cáca mór leathan plúir fuinte as uisge, agus é a bhácáil sa ngríosaigh ar an teallach. Shuidheamar fúinn ar bhunannaibh crainn guma, agus chaitheamar ar mbéilidh ar nós ar gcéad shinsir, óir ní raibh ag an gCúipéarach acht aon sgian amháin agus aon ghabhlóg amháin; acht bhíomar stiúctha leis an ocrus agus tá an-cháil sa gcomhursanacht ar an gCúipéarach, is cosmhail fa n-a fheabhas agus tá sé i n-ann spólla feola a róstadh. Ar Éirinn a chaitheamar an t-am ag caint, ar phríosún
an Gheata Nua agus ar phríosún Risemond, agus ar an mBrianach; agus ba gearr go rabhamar dá ríribh. Is mór a bhí le foghluim fós agam, cé gur casadh Mac Maghnusa dhom ag teach ósta cois bóthair sul rángas Bothwell i n-aon chor, agus d'innis seisean dom gach a raibh fhios aige. Chúig mhí go díreach atáid siad sa Tas- máin; agus deirid liom go bhfuil an tÁrd-chisteoir agus a fho-oifigeacha go han-dian ar an mBrianach agus go drochmhúinte leis. Ní géire an géibhionn a bhí orm féin i mBermuda ná mar bhí air tamall; agus ní leigfidís dhó coruighe nó gur fhuagair an dochtúir dhóibh go raibh sé ag cailleadh na sláinte; gur bhogadar dhe annsin agus leigeadar dhó dhul ar fud páirt den oileán trátha áirithe agus consabal armtha le n-a chois. Litir ar bith a sgríobhas sé go dtí ceachtar den mhuinntir eile nó iad-san chuige-sean osglann na daoine oifigeamhla í; agus bhíodar ar feadh i bhfad chomh dian, géar sin air agus nach dtiubhraidís dhó na tudóga a cuirtí chuige go gnáthach ó Bhaile Hiobáird. Fear atá leis féin agus a ndeacha gaimh ann cheana ón doibheart agus ón éagcóir a himreadh air, is mór a dhéanfadh rud chomh suarach sin féin a ghearán. Tá fearg shonnradhach ag an Árd-chis- teoir leis, Hampton a tugtar air-sean, de bhrígh nach dtiubhradh an Brianach an urraim dó a chuireas sé faoi ndeara do na daoraibh cearta a thabhairt dó: agus ó thárla nach bhféadann sé sinne a bhualadh ná a sgiúr- sáil, ná obair throm a chur orainn dhar smachtughadh mar is gnáthach leis a dhéanamh le daoinibh eile, féachann an cisteoir le n-a dhignit a chur i n-iúl ar chaoi éigin, agus tá sé ag déanamh a dhíchill d'fheacht is d'áirithe go bhfagha sé an ceann is fearr ar a chime mhórdha. Is cosmhail gurab í sin ceird an duine; agus ní mór linn go léir
maireachtáil: acht nár bhfearr don Bhrianach cródha dá gcuirtí urchar thríd i mBaile an Gharrdha, nó dá gcrochtaí é ag béal doruis príosúin an chonndae i gCluainmeala? Cé go rabhamar sáthach spleodrach ar dteacht chun a chéile dhúinn ag na lochannaibh agus meidhreach go leor, ba gearr go rabhamar sáthach duairc; agus mhéaduigh sé an brón orainn nuair thosuigheamar ag cur síos ar na Gaedhealaibh in Ameiriocá a bheith ina ndreamannaibh achrainn agus gurab é an t-adhbhar tábhachtach achrainn a bhí aca cér bhé an fear ba cumasaighe agus an laoch ba glórmhaire a bhí páirteach sna gnóthaibh mí-ghlórmhara úd na hÉireann sa mbliadhain '48; agus dar le gach aoin- neach díobh má cháineann sé an chuid eile againn go n-árduigheann sé clú a mhairtír áirithe féin — chomh maith agus nach bhfuilmíd sáthach íseal agus sáthach trasgartha ag riaghaltas an námhad. Is cosmhail go bhfuil mo dhream féin agam-sa, agus dream níos láidre ná sin ag mac Uí Mheachair. Dá bhféadadh ar ndá dhream leath ar leath amharc d'fhagháil orainn, agus sinn ag cur síos ar an gcomórtas tábhachta, agus a dhubrónaighe agus bhíomar ag iarraidh bheith ag gáiridhe faoi n-a chéile trasna na teineadh adhmaid i mbothán beag iargcúlach i gcoilltibh dheiridh an domhain, b'éidir go mba fuaradh mór ar a mbruth é. Ar bhféachain amach dhúinn ar maidin indiu ar an sneachta agus ar an bhfiadhántas fuaramar go ndeach- aidh na capaill go léir thar an bhfál agus go rabhadar amugha orainn isna coilltibh. Bhuaileamar amach agus chaitheamar uair ar a lorg, thart sa tír aimhréidh sin atá idir an dá loch. Fuaramar fa dheireadh iad i n-áit a raibh an choill tiugh, agus iad ar fasgadh faoi na féith- leogaibh agus corr-phlaic dhá bhaint aca as an duilleabhar
- ba suarach an béilidh é. Thiomáineamar isteach iad; agus d'éis ar gcéad-phroinn d'fhagháil ón gCúipéarach, chuadhmar ar marcuigheacht agus d'imthigheamar go ráng- amar Cloigeann an Mhadaidh. Ros breagh é seo atá ag síneadh amach sa loch feadh míle, agus crainn uaisle thart le loch air. Tá teach cloch ar an taobh ó thuaidh de Chloigeann an Mhadaidh i ndólán clúthmhar ann. Aodhaire caorach atá i mbun a thréad ag fear de na Cléirigh, is leis an teach, agus is leis an gCléireach sin taobh thoir den loch ar fad. Sgairt an lá amach go háluinn agus go geal. Um an dá bhuille dhéag bhí an sneachta leaghta agus bhí uachtar an locha chomh mín le sgathán. Chonncamar a lán beanna garbha faoi choilltibh ar ar mbéalaibh; agus tá le rádh gur tír doi-eoluis críochnuighthe í an taobh tíre sin, gur ar éigin is féidir dul thríthe, go bhfuil sí lán de “dhiabhalaibh dúthchais” agus de “thíogaraibh dúthchais.” Dhá chineál ainmhidhe urgránna foghlach iad- san timcheall méad madaidh caorach agus déanaid an- tsléachta ar an tréad amanna. Thugamar linn an báidín a bhí ag an stad so gur iomramar anonn don inis, agus uaidh sin go cuan ciúin eile i n-áit a bhfuil tráigh gainmhidhe. Tráigh na Néamhann atá ag na haodh- airibh uirthi, mhar gheall ar a bhfáightear de néamhannaibh beaga áilne agus de chlochaibh beaga buidhe luachmhara amanna sa ngaineamh ann. 18°. — Sgaramar le chéile indiu agus beagán dá fhonn orainn, agus gheallamar a bheith san ionad coinne arís an tseachtmhain d'éis na seachtmhaine seo chugainn, agus chuadhmar gach aoinneach a shlighe féin. Do ghabh iongnadh mé indiu, ar mbeith don tsneachta imthighthe agus na coillte ag deallramh sa ngréin, go mb'fhacthas dom cheana go raibh an tír go lom agus go huaigneach.
D'imthigheamar le ciumhais Chnuic an Bhuird agus faoi na chuid álltracha árda díreacha; agus thángamar amach fa dheireadh ar leiceann Chnuic na Ginne. D'fhéachamar síos ar ghleann Bothwell, agus is geall le sórt baile dhom é cheana féin, dar liom. Is leathan áluinn an feic é ón áit seo — foraoiseacha agus sléibhte gan aon chríoch leo ann; agus rúinníní beaga d'áitibh glan annso agus annsiúd ann, gur cosmhail le spotaí droch-mhúinte iad a bhí ag cur isteach ar an aduantas bunaidh agus nach raibh fáilte ar bith rompa. Bhí dhá iolar ag eiteall go mórdhálach i n-áirde os ar gcionn, agus dhá shnag breac bhána le clos go soiléir mar fhuaim ó bhuabhall thíos sa duilleabhar tiugh i bhfad uainn. Cé gur snag breac atá ag daoinibh na tíre seo ar an éan níl a leithéid le fagháil sa domhain tuais- ceartaigh. Gurab in críoch ar mo chéad chuairt ar Loch Sámhaidh; agus is rí-mhaith liom nach bhfuaras go raibh ceachtar de mo cháirdibh claoidhte. Ní dóigh liom go bhfuil an cluiche thart fós.
AN 6° CAIBIDIL X. Bothwell, Aibreán 20°. — Táim d'éis a bheith ar fud cheanntair Bothwell ar gach uile thaobh agus Seán Knox (sin é an t-ainm atá ag an Dochartach ar an Máirtíneach i gcomhnuidhe) ga mo threorughadh. An chruth agus an déanamh céadna atá ar na cnocaibh — iad ag éirghe do réir a chéile ar thaobh, agus áill ghéar árd agus í 'na beannaibh briste ar an taobh eile: agus is cosmhail gach uile thulach ann le Cnoc an Bhuird sa méad sin, nó leis na dromanna adhbhal-mhóra atá san iar-ndeas. Níor facthas ariamh i n-aon tír cruth agus déanamh ar chnuic agus ar ghleanntaibh chomh mór i gcosamhlacht a chéile agus táid siad annso. Tá leac an-leathan cloiche gainimh le bun na gcnoc, agus í caithte i gcruth agus go bhfuil uachaiseacha innti ar aghaidh na mbeann n-árd. Tá meall de charraig uaine os a cionn sin le gach uile chnoc, agus í ag éirghe suas go mullach an chnuic. Is minic go mbíonn an charraig uaine ag éirghe ina coirthibh garbha mar na coirthí atá i gCnoc an Bhuird. Thiomáineamar ar na caiplibh go réigiún uaigneach ar a dtugtar an Cnoc Gorm, agus gan ann acht sraith mion-ghleannta beaga i ndiaidh a chéile taobh thiar de chnoc árd atá mar thórainn leis an ngleann. Chuadhmar go dtí an chéad áitreabh a casadh linn: teach beag adhmaid é atá cineál suarach déarfá; acht tá sgioból mór agus croithe i n-aice leis. Rinne Seán Knox ar an teach mar bheadh duine ann a
mbeadh eolus maith ar an mbealach aige; agus bhí fearadh na fíor-fháilte roimhe ag an áitreabhaigh. Cionaoth Mac Coinnigh as conndae an Rosa i nAlbain é, agus é i bhfad san áit. Thug isteach sinn, chuir ar gcapaill ar stábla, chuir mise i n-aithne dá mhnaoi (de mhuinntir Raith ise), bean árd laghach, fhíor-Ghaedhealach í, agus is fearr uaithi an Ghaedhealg a labhairt ná an Béarla, cé gur chaith sí deich mbliadhna fichead san áit. Ní raibh sí riamh i mBaile Hiobáird ó chuaidh sí thríd ar dteacht annso dhi, agus is iomdha bliadhain ó bhí i mBothwell féin, ar gcathair oireachuis-ne. Muirighin fíor-Ghaedh- alach Albanach é seo atá ag iarraidh gleann Rosa Albanaigh a dhéanamh faoi áirdeanna an domhain deis- ceartaigh. Tá túirne na sheasamh sa bpárlús. Tá sean-mhiodóg árd-chumhduighthe ar crochadh ar an mballa. Tharraing duine de na cailínibh as a truaill dúinn í, agus annsin chuir ar ais arís í ar an modh Albanach, sé sin tré chasadh dhocamhlach ghrásamhail a chur ina righ. Cuireadh bainne fíor-mhilis os ar gcomhair, a shamhail sin a bhíodh i gcuachaibh Albanacha ó éag Chionaoith Mhic Ailpín; agus tráth ar shuidheamar thart timcheall an bhuird agus chualas Cailean, Sinéad agus Cionaoth dhá ghairm de na hógánaigh árda agus de na cailínibh mais- eacha is beag nach ndéarfainn liom féin go rabhas i ngleann éigin i mBaile Quidder. 24. — Chuir sé an-áthas orm litir laghach osgailte d'fhagháil ó Mhac Gabhann Ó Briain ar maidin indiu. Ó Oileán Mháiria tháinig sí, ó Stad Darlington. Ag tag- airt don ghealladh nach dtiubhradh gan éalodh (sin é an fáth faoi a bhfuil an cruaidh-ghéibhionn air) deir sé: Níor eitigheas gealladh gan éalodh nó gur smuaineas go lán- chúramach air; agus ó is rud é gur chinneas gan gealladh
gan éalodh, cuir i gcás go leigfidhe saor mé ar fud tíortha na hAstráile féin, bí cinnte nach é a mhalairt a dhéanfainn nuair fuaras amach nach raibh dhom i n-omós na saorsachta magaidh acht cead sgur faoi cheanntar nach raibh níos fairsnge ná cúpla paráiste. Níl aon aithmhéal orm nár gheallas, acht a mhalairt sin. Gidheadh is beag nár mharbh sé mé an chomhairle ar ar chinneas. Táim cinnte dá gcuirthí riaghlacha an diabhail úd a rinne an Doch. Hampton [an Cisteoir] go dian i bhfeidhm gur fadó an lá bheinn ag tabhairt an fhéir, sin nó i dteach na ngealt. Na riaghlacha i dtaobh mo ghéibhinn ní leig- fidís dom mé féin a aclughadh, ná amháin labhairt, ná duine bheith in m'fhochair. Ná ní fheicim faoi láthair aon fheabhas mór i ndán dom. Deir sé, ag tagairt don chaoi ar caitheadh liom-sa, S. M. Ní chreidfinn, dá dhon- acht dá bhfuil pobal Shasana i n-aghaidh na nGaedheal a thaisbeáin a ngrádh dá dtír, ní chreidfinn go seasfaidís an aoide thar barr a d'imir riaghaltas na Whigionna ort-sa; óir ní chaithfidhe leis na méirligh is úirísle ar bith an pionús a cuireadh ort. Is láidir é mo mhuinighin dá bhrígh sin gur gearr uait párdún d'fhagháil ar choin- ghioll &rl. &rl. Is eagal liom go bhfuil dul amugha air faoi chórtas phobail Shasana nuair atá Gaedheal ceann- airceach i gceist. B'éidir má saoghaltar é go mbeadh árach aige ar mhalairt aigne a dhéanamh. Tháinig a litir chugam faoi shéala an Árd-chisteora, agus is cosmhail dá bhrígh sin gur léigh an feadhmannach sin í. Níl aon trácht innti ar ndóigh ar chúrsaí politic- eacha na hÉireann (má's rud é go bhfuil aon chúrsaí politiceacha i nÉirinn); pé aca sin é níl baoghal nach mbeadh difridheacht mhór eadrainn dá mbeimís ag caint féin le chéile. Níl aon tseasamh aige-san le m'iom-
podh-sa ó fhréimh aníos, ná agam-sa le n-a mheasardhacht- san. Acht nach í an chomhfhreagairt sin an tsiabhardhacht! Is truaighmhéileach an rud do dhuine uaibhreach mar eisean a bheith ag iarraidh seasamh go cródha, agus é dhá lagadh agus ag dul san ísle bhrígh, a bheith ag iarraidh seasamh go do-chlaoidhte mar Teneriffe nó mar Atlas, agus an tÁrd-chisteoir agus a sgata diabhal a choinneál de. Is follusach go bhfuil fútha a chroidhe a bhriseadh agus a chur d'fhiachaibh air, tré eagla an bháis uathbhásaigh úd, a shaor- sacht iontsamhail a ghlacadh. Is mór a thaithneochadh liom féin agus le Knox dá ngéilleadh sé ar an gcor sin. Ní raibh géibheann níos déine orm-sa i mBermuda ná mar tá air, ná tarcuisne níos mó dhá chaitheamh liom; agus creidim gur mó airigheas sé é ná mise. Rinn- eamar machtnamh ar an gcás, agus sinn ag caitheamh tobac ar ar sáimhín sógh (nar suidhe ar bhun crainn guma sa gcoill ar ndul faoi don ghréin) agus níor fhéadamar an cás a fhuasgailt. Ní ghéillfidh na ní lúb- faidh sé, agus is gearr eile atá ann an dóghraing d'fhulaing. Éagfaidh sé annsin. Chaitheamar sgathamh ag smuaineadh air, agus gan mórán cainte againn, cé is moite do chorr-mhallacht, gur chuir ar saorsacht ion- tsamhail tuirse truime agus dearg-ghráin orainn, i n-uaigneas glórmhar na gcoillte sin. Bhí dath dearg, dath corcra agus dath órdha ag comhrac le chéile isna coilltibh gruamdha bhí ar an gCnoc Gorm le dul faoi na gréine, agus chualamar feadaighil ghlan ghlé ón snagbreac bán le ciúineas an tráthnóna. Ba bheag an mhaith dhúinne sin. Ba truagh linn gan sinn ar stáisiún de na stáisiúin feithmhe; agus ba folláine linn droch- mhúnadh agus gruaim an tsíléir, agus gliogar na
mboltaí ar na dóirsibh ná glóir agus ceol na gcoillte seo um thráthnóna. Acht cheana tá orainn beart beag leabhar a chur le chéile dhó, óir ba mhaith leis iad a bheith aige ina dhain- gean — gidheadh ní mór leis an Doch. Hampton beacht- aireacht agus caint a dhéanamh dhíobh i dtosach, agus mara bhfuil aon díoghbháil ionnta dar leis-sean gheobh- aidh a dhalta iad. Caithfimíd sgríobhadh chuige freisin féachaint an dtiubhradh muid air malairt aigne a dhéanamh fa'n ngealladh. Acht is eagal liom gur beag an chabhair sin.* Thug cuid de na háitreabhaigh is measamhla i gcomhur- sanacht Bothwell cuairt orm, agus is iomdha tráthnóna aoibhinn a chaitheamar sa mbaile aca. Daoine iad gur leo réimsí móra talmhan thar barr amach, agus caoirigh agus eallach gan choimhreamh aca ar na cnuic. Is iad na daoir an dream is tréine ar an oileán, acht níl meas ar bith ortha. Acht ní hé sin dúinne, do na méirleach- aibh gaedhealacha, agus is beag nár gheall le bheith sa mbaile dhom a bheith 'mo shuidhe i bpárlús aoibhinn Rathó, an chéad uair a bhíos ina leithéid le dhá bhliadhain, áit a gcomhnuigheann muirighin lághach, múinte daoine ó Dhún Monaigh. Bhí an tsean-bhean is deise uaisle ar bith i gceannas an bhúird bídh; agus mara mbeadh duine go fíor-dhona ar fad, nó mara mbeadh coipe feirge air bhogfadh agus chiúinfeadh na leabhra é agus an ceol agus na blátha, agus comhrádh caoin na mban múinte. Agus ar ndul abhaile dhom dar mbothán chuimhnigheas agus smuaineas go mbadh beannaighthe an rud do dhuine an baile a bheith aige. *Gidheadh timcheall le chúig mhí na dhiaidh seo do thug an Brianach a ghealladh; agus tháinig a chomhnuidhe do Norfolk Nua, acht bhí faoi i gceann tamaill a ghealladh a tharraing ar ais.
Agus na dhiaidh sin táim d'éis sgríobhadh abhaile go hÉirinn ag iarraidh ar mo mhuirighin féin gan a theacht amach annso. Aibreán 26°. — Roinnt páipéar nuaidheachta chugainn ó Éirinn. Ar éigin a fhuilingim a léigheadh. Acht léigh- eann Seán Knox go haireach iad, cuireann corr-strainc air féin agus innsigheann cuid den nuaidheacht dom corr-uair. Tá Halla an Charadais na sheasamh fós, iad ag caint fós ann, agus ag bailiughadh airgid, gidheadh an beagán de sin dá fhagháil aca anois, agus droch- bholadh ag éirghe fós as. Halla Caradais eile ar bun in' aghaidh sin dá ngairmthear Coimhcheangal Gaedheal. Neart cainte annsin fosda agus bailiughadh airgid; ag aithris ar a dhaide mór ar Chéibh an Bhúrcaigh atá sé; agus cé gur úire anois é ná an sean-halla is dóigh liom gur giorra an saoghal arís atá i ndán dó ná don tsean-halla. Tá na sluaighte in Ameriocá tar éis na bliadhna '48 agus suaraighil achrainn aca agus dearg- raic amanna; acht ní raibh lámh ar bith ag an nGormánach ná ag an Diolúnach ionnta-san. (I Nua Eabhroc atá an Diolúnach na chomhnuidhe anois.) Níl aon mhilleán agam ar aon duine atá rannpháirteach sa troid sin, mar ní fheadar cé aca a bhfuil an ceart aige. Ceist de na ceisteannaibh atá eatortha, is náireach liom a rádh .i. m'fheabhas-sa S. M. i gcomórtas leis na taoiseachaibh eile. Acht cheana, tá fhios agam go maith cuid de na daoinibh atá ag achrann ar an gcuma sin gur daoine macánta ábalta iad. An fhad is táim as láthair ní fhéadfainn milleán a thabhairt dóibh, mar nach bhfuil fhios agam nach amhlaidh cuireadh achrann ortha. Mise atá annso ag deireadh an domhain, agus mé dealuighthe ó ghnóthaibh agus ó chúrsaibh an tsaoghail amhail is dá
mba hé an bás a dhealochadh uatha mé — meall an domhain idir mé agus an áit a rabhas ag obair cheana, is forusta dhom suidhe ar mo shocamhal fa'n gcrann féithleoige, ga mo ghorradh féin le aer bog cumhra móin- fhéar Asphodel nó Lotus, ar aghaidh néallta agus réalta an-aithnid Magellan, is forusta dhom mo phíopa a chaitheamh go síothchánta agus smuaineadh agus breath- nughadh uaim síos go hárd-nósach ar achrann agus ar shuaraighil na cruinne. Ní móide gur maith an nídh sin. Tá na daoine sin ar a dteicheadh freisin agus ar long- ais, agus chailleadar teach agus both, maoin agus árus chomh maith linne. Táid siad 'na theannta sin do láthair san áit ar chliseamar: tá a náimhde dhá chasadh leó, na cladhairí, agus ní mór leo nídh éigin a dhéanamh agus ionnsuighe raon éigin — rud nach bhfuil de chúram orainne fa láthair — seadh agus níl aimhreas fosda nach bhfuil ráflaí neimhneacha ag dul thart agus cainteanna námhadacha dhá gcaitheamh leo agus iad i n-íochtar. Óra, seadh! sinne atá annso ar chiumhais chiúin na locha, agus faoi sgáth an chrainn uaine, is forusta dhúinn an saoghal a ghlacadh go réidh, agus a bheith chomh geal-gháireach le aoinneach — acht cuir i gceart-lár an achrainn suaraighe sinn i gcathair chaomhna Nua Eabhroc féin, cuir i gcruth sinn agus nach mbeidh aon leigheas againn ar an amhgar atá dhár gcrádhadh go laetheamhail, cuir ag éisteacht le comhrádh na bpeacach sinn, tar éis a bhfuil le déanamh, agus le moladh na dícéille agus le géire námhad atá cosgrach, cuir sa riocht sin sinn agus féach cé aige a bhfuil eolus ar a chroidhe féin? Aibreán 28”. — Seo é an Domhnach agus chuaidh na méirligh chun teampoill. Posta atá bán do láthair annso .i. cléireach Episcopal don cheanntar — an fear
deireadh bhí ann náirigh sé é féin agus díbrigheadh é (ba de threibh chian-aosta Pusey é), acht ní hé creideamh Pusey a náirigh sé acht an ghaduidheacht. Agus ba dhiadh- aire Presbyterian Albanach de mhuinntir Robustún an teagasgthóir indiu. Fear liteardha dá ríribh é, tá bail- iughadh maith leabhar aige féin, agus ina cheann sin chuir sé leabharlann fiúntach ar bun. Le fhad ó shoin ó bhíos i n-aon teampoll rinneas dearmad go mba gnáthach guidhe ar son Bainríoghna Shasana agus gach uile ghoibhearnóir, &rl.: agus guidhe mar sin ar son an tighearna Clarendon agus Siriam Átha Cliath! Ní fhéadfá éirghe agus dul amach, agus ba cheart go mbeadh a fhios againn go ndéanfaidhe sin tráth áirithe sa paidreoireacht, go díreach mar gabhthar dán náisiúnta Shasana i nAmharclannaibh Ríoghdha idir dhá thráth: — agus níl aon cheart ag duine dul isteach i dteampoll agus corughadh a chur ar an bpobal. Dá bhrígh sin do réir mar ghuidh an cléireach thug mise mo mhallacht dóibh. 30°. — Ag na lochannaibh dhúinn indé agus indiu. Ba leis an nGiolcach ó Rathó an capall a bhí agam-sa; capall glas de chineál Araibianach ag Seán Knox; capall breagh dubh lasanta ag San Caoimhghin, agus capaillín donn ag mac Uí Mheachair. Rinneamar sgaithtí móra a mharcuigheacht tré na coilltibh fiadháine; agus isé is gnás dúinn ar ar dturas go dtí na loch- anna mtheacht sna cosa i n-áirde tré choilltibh doi- eoluis agus gur minic íocas muid as sin. Acht cheana isé San Caoimhghin atá i dtosach ar a stéidín bheag dhubh; agus aodhaire ar bith d'fheicfeadh sinn agus an siubhal sin fúinn, agus sinn ag gáiridhe agus ag déanamh grinn déarfadh leis féin: sin dream meidhreach! Acht ná
bíodh an t-aodhaire i n-éad linn, ná ná bíodh ró-chinnte dár meidhear. An bhfuil aon chiall agat a aodhaire? An bhfuil a fhios agat an cúram a bheith go trom ar chúlaibh an mharcaigh? Gidheadh an mhéid gur sa gcoill atá an saoghal so agam taitnigheann sé go maith liom. Níor mhaith do na tréadaibh sinn do thabhairt madraí linn fa'n tír seo. Is cuma cé'n cineál madaidh é bhéarfaidh corr-fhogha faoi sgata caorach, mara bhfuil an-mhúnadh ar fad air, agus ní féidir leat a stopadh go mbeidh caora nó dhó millte aige. Agus dá bhrígh sin ní dhearnamar aon fhiadhach fós ar an mbeithidheach le n-a ráidhtear an kangaroo; go deimhin ní fhacas aon kangaroo acht ceann nó dhó. Táid siad ag éirghe gann. Tá na daoine féin gann san áit seo, acht mar sin féin is aodhaire nó fear coimhéadta tréad gach uile áit- reabhach ann, agus gunna aige a bhfuil bairille dúbalta ann, agus am a dhóthain le spáráil aige; agus ina theannta sin is mí-ádhasach an sgéal don bheithidheach é: is fiú cúpla sgilling airgid a chroiceann. Agus do- chum airgid cártaí d'fhagháil agus airgid óil marbhuigh- eann an pobal tuaithe annso an kangaroo agus an dobharchú agus feannaid iad agus díolaid na croicne. An pobal tuaithe! Is beag nach peacadh pobal tuaithe a thabhairt ar na bitheamhnachaibh seo. Daoir go hiomlán nach mór iad na haodhairí agus lucht choimhéad eallaigh na háite seo — agus go leor aca a daoradh fó thrí! Níl aon lucht tuaithe annso. Corr-dhuine aca a bhfuil bean aige; is teirce ná sin duine a bhfuil muir- ighin clainne air — agus dá theirce is amhlaidh is fearr é. An chuid aca a bhfuil mná féin aca ba daoir iad na mná: gaduidhthe, stríopacha, agus an cineál sin a tógadh
ar shráideannaibh Londain. Gidheadh nach ait an t-ainmhidhe é an duine na dhiaidh sin! Na haodhairí is fearr sa Tasmáin is gaduidhthe ó Londain iad — daoine nach bhfaca caora riamh gur cuireadh thar sáile iad; agus rud is aistighe ná sin féin éirigheann a lán díobh cineál measamhail — bheadh sé mór a rádh go n-éirighid cneasta - tré bheith i dtaithighe na húire máthardha annso arís. Táid siad carthanach le chéile; tá fáilte agus féile aca roimh an duine coimhightheach (mar bíonn dúil sa nuaidheacht aca) agus iomchruigheann siad iad féin amhail daoine daonna. Agus na dhiaidh sin ní daoine daonna iad. Tré n-a dtabhairt suas táid siad ar easbaidh iomlán na daonnachta, agus níl aon mhodh ann a chuaidh chomh gar de dheamhain a dhéanamh dhíobh le modh riaghluighthe feabhais na Sasan. Chuimhneochá do shíor annso ar an tuarasgbháil uathbhásach a tugadh ar an Tasmáin le duine a raibh eolus maith aige air: — .i. Is cuma cé'n sórt duine bhéas san té a thiocfas annso cailleann sé croidhe an duine agus tagann croidhe an bheithidhigh ann. Nár bh'é an lá beannuighthe do na créatúir é agus don chine daonna i gcoitchinne ó thuaidh an domhain go dtí theas an domhain dá ndéantaí a gcrochadh! Thángas abhaile ar chapall tráthnóna anocht. Bhí sé 'na stoirm 'na bháistigh agus 'na fhlich-shneachta. Tá geimhreadh na Tasmáine orainn. Iúl 22°. — Chuireas féin agus an Máirtíneach ar gcomhairle i gceann a chéile féachaint ar cheart dom mo bhean is mo chlann a leigean don Tasmáin. Cé is moite don Bhrianach ní cheapann ceachtar de mo cháirdibh é bheith i ndán dom mo shaoradh go luath. Mara bhfaghad leigeann ar éalodh go honórach b'éidir go
mbeadh orm an dá bhliadhain déag eile atá le cur isteach agam a chaitheamh annso. B'fhorusta dhúinn go léir éalodh i ngan fhios uair ar bith, acht sin smuaine nach leigfimís le n-ar n-ais. Is dubrónach an nídh páistí a thógáil ar an oileán so; gidheadh b'éidir dá gcuirinn fúm sa gceanntar uaigneach iargcúlach so i n-áit a bhfuil ganntan daoine agus tógáil beithidheach, agus dá ngabhainn do láimh feilméaracht a dhéanamh, eallach a thógáil agus caidreamh na gcoilíneach a dhéanamh, b'éidir ar an gcuma sin go dtiocfadh linn an doibheart atá dhá dhéanamh ag ar náimhdibh orainn agus sinn a choinneál annso i n-aon chor a dhearmad; agus b'éidir go dtiocfadh linn toghadh na sláinte d'fhagháil as an aimsir áluinn atá ann. Dubhairt a lán daoine atá 'na gceannaibh tighe annso (mhórmhor aon cheann amháin ag a bhfuil toghadh na haithne orm) go mbeadh an-fhonn ortha mo mhuirighin fheiceál 'na gcomh- nuidhe liom annso. Gheobhainn go leor ama fosda a chaitheamh ag múnadh mo chloinne; agus le sgéal gearr a dhéanamh dhe tá an oiread sin de dhúil agam cineál éigin baile a bheith agam — sórt éigin baile a ndéar- fainn liom féin corr-uair gur baile dhá ríribh é — agus gur sgríobhas indiu don Iubhair gur thugas cuireadh do mo mhuinntir go léir a theacht amach go deireadh an domhain. Go dtuga Dia go ndearnas an ceart. Thug Toirdhealbhach Mac Maghnusa cuairt orainn; tháinig aníos gleann an Derwent agus an Clyde ar marcuigheacht i ngan fhios ó Norfolk Nua le n-ar bhfeicsin. B'éidir go ngabhfaidhe é agus go gcuirfidhe pionús éigin air dá bhfaightí amach a dhul thar tórainn an cheann- tair a ceapadh dhó. Tháinig faoi 'n dorus tráthnóna chug- ainn agus chuir isteach a ainm (an Doch. Mac Gabhann)
leis an gcailín beag. Athrughadh mbáireach arís bhéarfa- muid cuairt ar na lochannaibh, agus thugamar air fuireach agus dul linn, agus béidh sé chúig mhíle is trí fichid ó n-a dhaingean an uair sin. Acht tá sé ag cur cathughadh air mac Uí Mheachair agus San Caoimhghin a bheith ann le feic- sin, agus cúigear méirleach Gaedheal d'fheicsin i bhfochair a chéile arís (sin do réir an dlighe tuilleadh le cois a mbeadh ag teastáil le haghaidh cruinniughadh do dhéanamh raic). Acht a mbeimíd chomh láidir sin tá súil againn roinnt lachan a mharbhughadh, mara féidir dhúinn iompodh a dhéanamh ar an riaghaltas. Tá neart lachan bhreagha ar na lochannaibh, mar atá an lacha dhubh, agus an lacha sléibhe, lacha bheag ise a bhfuil clumhach áluinn uirthi, crann-lacha, agus lacha an bholaidh, gan trácht ar na healaibh dubha agus iad-san ag imtheacht 'na gcúplaibh, nó 'na sgataibh a mbeadh cúig nó sé cheanna i n-éinfheacht. 30°. — Chuir Toirdhealbhach an t-am thart go sulmhar dúinn feadh cúpla lá, acht tá imthighthe abhaile .i. don cheanntar atá mar dhaingean aige. Chuadhmar timcheall le dhá mhíle dhéag síor dtuaidh ó Bothwell, ar marcuigh- eacht, go bhfeicfimís an tSionainn. An chruth agus an dath ceanann céadna atá ar an tír feadh an bhealaigh, gur ionann na crainn agus na crainn eile atá ar feadh an oileáin agus fós na cnuic mar an gcéadna — níl gleann ná cnoc nach geall leis an ngleann agus leis an gcnoc iad atá ar a n-aghaidh. Aon teach amháin a chonn- camar ar an aistear dúinn. Déanamh barbardha Tudor air, agus clocha buidhe ann. Áithreabhach aisteach a thóg é le goirid san mball is uaignighe fuair san taobh tíre sin. Rángamar bruach gleanna fá dheireadh. Taobh thall .i. taobh thiar den ghleann bhí na cnuic níos fiadháine agus níos áirde ná taobh thoir. Tá machaire fairsing,
féarmhar thíos sa ngleann agus corr chrann dubh guma ag fás tré n-a urlár. Ar dteacht anuas dúinn ba gearr go gcualamar fuaim an tsrotha. Bhí an sruth i bhfolach orainn ag na croinntibh. Sin í an tSionainn agus sruth láidir tréan mear é, a bhfuil a chuid uisge ag teacht anuas ón Loch Mhór, agus bun-tsruth uasal ise atá tríocha éigin míle níos sia siar dtuaidh, na suidhe go hárd ar bhórd uaigneach talmhan na Tasmáine. Sí an loch is mó ar an oileán í, agus tá le rádh go bhfuil nocha míle thart timcheall innti. Tá an-ghearradh siubhail faoi shruth na habhann so, óir tá dhá mhíle troigh sa bhfánán atá feadh na tríochad míle sin, agus tá an t-uisge chomh fuar leis an sioc, fearacht gach aibhne eile sa Tasmáin. Níl lá riamh nár chuir aibhne, srutháin, sruthláin agus fuarlocha garga a réabfadh an grinneall go gainimh ruadh aoibhneas orm, agus fós an sruth doimhin ciúin go mbeadh na nóiníní ag fás anuas go bruach an uisge leis. Anois féin sí an fhuaim is taitneamhaighe liom fuaim an tsrotha agus is cuma liom ísiol nó árd é, garg nó fiadháin, nó dá mba hé torann na tóirnighe bheadh aige. Níl feic ná fuaim eile sa gcrích seo a chuirfeadh an baile i gcuimhne dhuit. Teanga choimhightheach atá ag na héanlaith: glór an-aithnid é glór na gaoithe ag séideadh thré na crannaibh - óir is duilleabhar cruaidh adharcach é duilleabhar an chrainn guma agus é comh líomhtha leis an gcrann labhráis, agus ina theannta sin níl taobh uachtair ná taobh íochtair ar na billeogaibh, acht iad ingearach nó 'na seasamh ar a sleasaibh, agus dá bhrígh sin ní leigfidh siad anáil gaoithe dul thríotha ar a toil féin, ná ní chloisfeá cogar, cnead ná crónán uatha mar chloisfeá ón gcrann sleamhain nó ón gcrann bán i gCaisleán Ruaidhrí. Seadh, maiseadh, níl feic ná fuaim ann nach hé an coimhightheas agus an
bharbardhacht atá ann — go gcuirfeadh sé Tropic Chap- riocórnus agus Cearcal Theas an domhain i gcuimhne dhuit — cé is moite de ghlaise agus de cheol na sruth. Is maith is eol dom fuaim binn an tsrotha so. Labhrann liom, agus leis na coilltibh agus leis na carraigreachaibh sa teangaidh agus sa gcanamhain chéadna bhí ag an Rua- shruth dhom agus mé 'mo leanbh. Tá mo cheann agus m'inchinn dhá bhfolcadh féin i nglaise an tsrotha; agus is clos dom glór an tseanchusa, glór na tairngearachta agus glór na filidheachta ó thús aimsire tré bhrón a bhfuam. Níor bh'úire fhionnfhuaire Hebrus Thracia; níor ghlaine Abana agus Pharpar, níor bh'ársaidhe oirmhidnighe an Nilus athardha. Sul chuala sruth ciúin na Heigipte glór luath-chainteach sagart Meróe, sul geineadh an síol ríoghdha d'óladh as sruth beannuighthe Choaspes, agus ríghthe amháin a d'óladh as; sul tógadh tur ar bhruach tighearnamhail Sionainne Éireann na sreabh agus sul cloiseadh clog na seacht dteampoll ar a bruach bhí an sruth so ag snigheadh síos thríd an ngleann uaigneach so go dtí an mhuir ó dheas, agus é ag gabháil amhrán siabhradha do na coilltibh ársaidhe. Tuige an monabhar, a shruth dá bhfuil grádh ag an ngréin, tuige an monabhar, an síor-mhonabhar aisteach siabhardha sin do charraig agus do thráigh? óir táid siad-san balbh agus ní fhreagraid do do shnigheadh. Tuige an ghabháil fhuinn sin agat de ló is d'oidhche? A shruth! a shruth ionmhuin táir-se ar lorg críche éigin mar a bhfuil buaidh labhartha ag daoinibh le Nádúr ar a sean- tslighe iongantach féin! An éigse a gcuireann na srotha ríméad ortha cuirid- san ríméad orm-sa; agus sin é an grádh atá agam don bhinn-fhile a raibh fuaim a shrotha dhúthchais Aufidus ina
éisteacht agus ina inchinn. Nach tré na bhrionglóidibh lae a bhíodh an tsreabh do shíor dhá fheiceál dó! nach air a bhí an fonn cleamhnas a dhéanamh idir a dhomharbhthacht féin agus monabhar shuthain an dáin a bhí ag an nglé- thobar Blandúsach! Is deigh-eolach léigheanta a labhair Séamus Ó Mongáin leis na srothaibh go ndearnaidh sé a oirfide comhfhreagarthach dá gceol iongantach. Nach áluinn a rinne oirfide Moerike Gearmánach a chantain! Ar dhruim domhain fhuair chomh doimhin leat an bhfuil aoinnídh? Tá an grádh chomh doimhin, an grádh amháin atá: Caitheann an grádh a bhfuil aige, 's ní chailleann tada, níl i n-easbaidh. Is t'fhearacht-sa fós ní stadann ná ní chodlann grádh. Snigh leat, a shruth ionmhuin snigh! Atadh do thonnta go mbíd ar nós na súl ag gáiridhe. Domharbhtha ghníos tú mé! Ní as cuach shaoghalta fíon an aoibhnis ólaim. Sé fhearacht sin fós ag Mueller é; cuireann táimh- néall an Naiad ann féin agus ina léightheóir: — Tá sliocht síl uasail ag damhsadh anuas an cnoc: sreabh go húr ó n-a thobar go mear ag rith thríd an ngleann. Chogar bean síghe éigin ‘lean díom,’ agus rinneas-sa sin go cruinn: Shiubhlas an bogach bláthmhar le mo throstán, agus mo bhlaosg. Féach mé a bhfáinneáil do shíor leis an sruth, ag éisteacht le n-a sheinnm agus ag breathnughadh ar na tonnta ag deallramh ann. An é seo conair a bhí fúm a dhul? A bhean-draoi, céard a dhéarfas mé? Chuir do dheallramh is do cheol i n-éin- fheacht saobhchan céille orm. Ní foghar saoghalta atá ag imtheacht do ghnáth tharm; Ní headh, acht Naiad éigin ag gabháil a hamhrán plámáis samhraidh! Níos áirde atá a cuid plámáis ag éirghe, agus go mór níos áirde — Acht féach! míol leibideach ceithre gcos a bhfuil gob
lachan air agus a mhaireas san uisge nó ar thalamh tirm, thug sé léim glan isteach san uisge láimh leis an bport, agus an t-éan le n-a ráidhtear an t-asal geal-gháireach - na coilínigh malluighthe thug an t-ainm air — tá sé ag sgreadach go hárd-ghlórach ar an gcrann guma úd thall. Támuid san Astráil mar sin. Bhí Knox na shuidhe ar an bport agus é ag dearcadh ar an sruth, agus ag smuaineadh. Mhúsglamar faoi seo, agus chonncamar go raibh sé ag éirghe dorcha. Sgairtfidh réalta thríd an dorchadas so nár sgairt ariamh ar an tSionainn eile. Chuadhmar ar marcuigheacht le dhul dár lóistín atá “cláruighthe” i mBothwell agus d'fhágamar an gleann áluinn sin agus chuir sé aithmhéal orainn a fhágáil. Seadh go cinnte san Astráil! Ar filleadh dhúinn rugamar ar fhear agus ar mhnaoi: créatúr gránna a raibh cuma stríopaighe uirthi an bhean, a haghaidh attha on ól, hata bán sróill uirthi agus blátha láimh-dhéanta ann. Seirbhíseach í a bhfuil cead aici, agus tá sí d'éis a cur chun bealaigh ó theach áitreabhaigh éigin san iargcúlacht agus í ag dul i ngéibhionn go Baile Hiobáird. Consabal é an fear a bhí na dhaor; gunna ar a ghualainn aige, casóg ghorm air agus crios faoi n-a lár agus dornfhásga crochta as an gcrios. D'aithin sé sinn agus chuir lámh ina hata ar ndul thairis dúinn. Bealtaine 8°, 1850. — Bothwell. — Ar feadh na míos níor chuireas dáta ná cor síos. Mar a chéile gach uile lá annso againn, go neimh-mheidhreach, agus iseadh do chuireamar romhainn sinn féin d'aclughadh go breagh de chois agus ar marcuigheacht i gcruth agus nach mbeimís ag cuimhniughadh. Téighmíd gus na Lochanna fós go bhfeic- imíd mac Uí Mheachair, sin é an sógh is fearr againn.
D'athruigh an Dochartach go Baile Hiobáird agus tá sé ag obair ar a ghairm bheatha. Rachad-sa fosda go Baile Hiobáird i mbáireach i gcead do mo shíléaraibh faoi dhéin mo mhuirighne, óir táid siad le bheith chugam faoi an am so: acht níor chualas fós cé'n long ar ar sheoladar, ná an go Baile Hiobáird atá a dtriall. Acht a dtaga siad, siúd ar ais sinn go ceanntar coillteach Bothwell! Quod exeat bene!
AN 7° CAIBIDIL X. Bealtaine 21°, 1851. — Baile Hiobáird. — Ar thuras saor dhom indé go Sruth de Brún i bhfochair San Caoimhghin. Fuair sé iasacht capaill le haghaidh na húcáide. Tá mo Fleur de lis féin annso agam (láir dheas dhearg le haghaidh mo mhná), agus d'éis céad proinne d'fhágas mé féin ar fad ar chúram San Caoimhghin, agus bhuaileamar linn ó dheas ón mbaile, Bóthar Cuain na Gainimhe, láimh leis an inbhear. Sléibhte as a n-éirigheann Cnoc Uilleachtáin ar do láimh dheas, agus ar do láimh chlé an Derwent agus í go leathan agus dath gorm uirthi. A lán tighthe deasa le feiceál den bhóthar ar feadh sgathamh mílte, sin iad tighthe tuaithe lucht saidhbhris Hiobáird. Tá garrdhanta áille leis na tighthibh. Acht má seadh is breagh atá úir agus aimsir na críche seo i bhfeileamhaint do gharrdhan- taibh dá samhail. Níl bláth dá bhfásann i Sasana, agus go leor leor dá gcaithtear a chosaint i ngrianánaibh Shasana, nach bhfásann go bláthmhar annso gan aon aire shonnradhach ar bith, agus na blátha ornáideacha a thug na coilínigh annso ón Eoraip .i. an sgeach gheal agus an dris mhilis, is bláthmhaire sa Tasmáin iad ná sa mbaile. Is tearc teach áitreabhaigh ann gan an mhil-dris ar na fáltaibh atá leis; agus is deallraighe iad samhradh agus geimhreadh, agus is cothruime a ndeallramh — rósa ortha sa samhradh agus caora sgarlóide sa ngeimhreadh - ná mar chonncas blátha cheana riamh. I dteannta na mbláth agus na lus a tugadh ón Eoraip, fionntar crainn
áille gur dual don áit iad fás ann; fionntar i ngleann- taibh doimhne iad agus is mór an mhaise ar gharrdha iad. Acht rud éigin a chuirfeas an tsean-áit i gcuimhne dhóibh sin é i gcosamhlacht is fearr leis na coilíneachaibh bheith thart timcheall na háite nuaidhe; i gcruthamhnas i n-áit an mímósa mórdha fheiceál duit fá na bhláthaibh órdha gur dócha dhuit an t-aiteann d'fhagháil ann, bláth chomh hórdha leis an mímósa, cé nach bhfuil chomh huaibhreach leis. Luibh nó lus ar bith dar dual fás sa gcrích seo ní hionann í agus luibh nó lus ar bith ón Eoraip; ní hionann an dá fhéar féin — tá an féar annso níos súighte agus níos léithe, acht is fearr an cothughadh d'eallach é do réir a thoirte. Dath liath-bhuidhe atá ar an bhféar is fearr is dual fás ann agus é ag fás ina thomacha beaga gearra mar bheadh glac olna ann. Tagann dath bán ar a bharr amach sa samhradh. Acht áit ar bith a bhfuil an dath fíor- uaine ar an bhféar bí cinnte gur féar é d'fhás ó shíol a tháinig ón Eoraip. Is fairsing atá na blátha ann is dual fás ann agus cuid aca go háluinn, mhórmhór suas mar a bhfuil na lochanna. Ceann aca dá ngairmthear an Waratah tá sé thar cionn; acht ní fhásann sé ar fhíormhul- lach na gcnoc is áirde agus is do-strapuighthe. Gidheadh is iongantach a bhfuil de chineálacha éagsamhla luibheann ar feadh na críche, iad cosmhail leis an bhfraoch (cé nach fíor-fhraoch iad) agus blátha ar dhéanamh cluig ortha, cuid díobh corcra, cuid dearg, cuid sgarlóid, cuid bán agus cuid ar dhath an rósa. An chuid is breaghtha aca níl bláth ar bith ortha, acht tarpán de chaora dearga, tuairim méad pise, agus iad chomh tiugh sin agus go bhfuil na billeoga dubh-uaine i bhfolach aca nach mór. D'fheicfeá amanna na carraigreacha garbha faluighthe le falluing tighearnamhail Tiriánach díobh sin.
Fuair Seán Knox dar leis aon lus Eorpach amháin .i. an líon, ins an tsiubhlóid dúinn. Bhaineamar go cinnte gasanna den fhíor-líon ar an riasg láimh le Loch Sámhaidh. Bhí an bláth gorm air agus an gas go caol néata; cé gur giorra é ná líon na hÉireann, acht is é an triomach is dóigh ghníos sin dó. Ní shaoilim gur dual don tír an líon seo bheith ann. Tá míle caoi ar a dtiubhraidhe gráinneacha síl ruis annso, tré arbhar nó tré shíol féir. Agus fós is fada eallach ag ingheilt annso agus cuireadh coirce féin tráth láimh le Loch Sámhaidh. Is breagh ar fad an aimsir atá annso don bheithidheach agus don ghlasradh. Ní raibh beach ar an oileán fiche bliadhain ó shoin. Thug duine éigin curcóg leis, agus tá an tír beo le beachain anois. Is cosmhail go ndiúlaid — biadh as an ngum cumhra agus ar an mímósa. Níl mil sa domhan níos fearr ná mil na Tasmáine; tá sraith fada curcóg ina gharrdha ag gach uile fhear (déanta de shean-bhosgaibh tae), agus gan call le aire aca samhradh ná geimhreadh. D'fhuagair aon fhear amháin annso i mBothwell anuraidh go raibh trí thonna meala le díol aige. Ina gharrdha féin a fuair sé na trí thonna. Is mó agus is deise freisin na madraí nuair shroichid an dara mada-ghlún faoi'n spéir taitneamhach so. Níl aon chuimse acht a bhfuil de chineálacha madraí caorach ann, agus is mór dathamhail na madraí iad, fionnfadh fada ortha chomh mín leis an síoda, ní hionann sin agus na cliobairí móra droch-bhreathnuightheacha sin ó Albain. Fearacht na gcapall, is socra na madraí annso ná sa mbaile. Gheobhthá na bromaigh chomh meanmnach annso agus gheobhthá sa mbaile, acht níl an t-oilbhéas céadna annso ionnta. Agus níl aon aimhreas nach í an aimsir is cionn-tsiocair leis sin, óir is séimhe iad daoine na
críche so freisin ná daoine na hEorpa. Fir agus mná na Tasmáine is iondamhail árd díreach dathamhail iad, soineanta, sámh, deigh-bhéasach, sochma, laghach, nádúrdha. Gidheadh táid tláith mar adeirthear is dual do chineachaibh donna Ameriocá agus na Hindia Thiar — .i. táid bog, sadhail, samhasach, agus is fearr a thagas na tréithe sin do na cailínibh arís ná do na fearaibh. Acht cheana éirgheann an cine daonna breagh foirbhthe annso: acht is iad an dream is breaghtha ar fad annso an dream a rugadh sa tuaisceart agus a tháinig annso nuair bhíodar 'na leanbhaibh. Tá teacht aniar na hEorpa ionnta agus ón tógáil a fuaireadar sa gcrích áluinn seo níl aon iongnadh acht a fheabhas is táid siad. Tá cailín óg i mbaile Hiobáird do láthair, rugadh sa bhFrainc í de bhunadh Sasan, tugadh amach annso í ar mbeith trí nó ceathair de bhliadhantaibh d'aois di, agus d'éis a bhfuair de mhaitheas na hEorpa fuair 'na theannta sin mór- mhaitheas na deiscirte. Tá sí maiseach impireamhail thar barr, uaibhreach, cumhachtach, agus an chéad tsúil a thiubhradh ort dhallfadh a háille thú agus chuirfeadh stad tamaillín le gluaiseacht do chuisle. Ba mhaith le duine a fheicsin cá fhaide rachadh dícheall Nádúir agus cóir, deis, dáil, míonach agus cumhachta do réir a tola bheith aici, agus cead a dícheall a dhéanamh. Is dóigh liom gurab í an bhean so a chef d'oeuvre — ní shárochadh sí sin go bráth; gidheadh is ionmholta an rud an iarracht a dhéanamh, agus níor chóir droch-mhisneach a chur uirthi — níl aimhreas nach ndéanfaidh sí baill dheasa fós. Acht cheana is lá de shaoghal an duine é tráth a bhfeicfidh an ball is áille; agus sé an lá geal aige é an chéad lá a leagfaidh sé súil ar fheic dá shamhail. Acht ní mór liom, leis an raiméis seo, gan a dhearmad
go bhfuil San Caoimhghin agus mé féin ar marcuigheacht anois agus ag triall don tSruth de Brún. Siar linn le bun na gcnoc, an abha ar ar láimh chlé, thar ghleanntáiníní tré a snigheann srutháin ina míltibh ó Chnoc Uellington gus an Derwent. Lá aoibhinn geal brothallach é i dtús an gheimhridh, agus an duilleabhar ag sgairteadh agus ag creathadh leis an ngaoith faoi lonnradh na gréine. Táid na pioróidí 'na ndúiseacht agus iad ag sgreadach agus ag eiteall ó chraobh go craobh faoi n-a gcultachaibh breaca, uaine. Sé mhíle ó Bhaile Hiobáird d'fhágamar tighthe agus garrdhanta cois baile n-ar ndiaidh; tá cathair oireachais na mbitheamhnach ar ar gcúlaibh; agus atá d'uaigneas na gcoillte ar ar láimh dheas agus d'uaig- neas an chuain leathan ar ar láim chlé go ndar le San Caoimhghin gur ar phort locha Sámhaidh atá sé ag marc- uigheacht, nó leis an loch ghruamdha úd, nár eiteall fuiseóg riamh os a cionn b'éidir. Bíonn gruaim agus mí-mheanma corr-uair ar San Caoimhghin; tá sé amhlaidh anois feadh tamaillín. Tá cailín deas caoin i nÉirinn, a gruaig chomh dubh leis an sméir — ba chóir go mbeadh a fhios agam cheana sin cé nár labhair sé riamh liom air — agus tá croidhe mo dhuine bhoicht ceangailte i ndual- taibh na gruaige sin. Cé go dtáinig sé leath bealaigh timcheall na cruinne tá sé i ngreim agus dhá fhad dhá dtéighidh sé ní sgaoileadh ar a cheangal é. Ní cumhachtaighe an aibhléis ag rith thríd an domhan dlúth ná amharc ó na súilibh dubha úd, óir dearcann siad tré chairt agus tré lár an domhain go ngabhann siad annso é agus go gcuirid mearbhall lae air. Rángamar ciumhais árd gleanna, agus chímíd uainn síos na crainn úrárda agus an ghaoth ag déanamh tonnta ina mbarr, agus is ros atá ag dul amach sa gcuan atá
taobh thall den ghleann. Áilltreacha agus uachaiseacha déanta de shleasaibh árda géara an rosa — gaineamh geal isna huachaiseachaibh ar an urlár, agus sliogáin; d'fhágfaidhe ag grádh Undine éigin a leithéid ar thrághaibh na hEorpa. Dá mbeith eolas an bhealaigh ag Ligea thriallfadh gus na huachaiseacha so do chíoradh a cinn — acht cé an foirgneamh é seo thuas suidhte go deas idir na crannaibh ar ghualainn an chnuic? An teampall é atá mar choróin ar an ros amhail na sgabaill agus na coirthí ar Sunium? Nó an grianán é a chuirfeadh Baiae i gcuimhne dhuit? A dhiabhail! ní headh, acht sluagh-theach daor. Chasamar coirnéal ar bhóthar an ghleanna uaignigh úd, agus thárla orainn meithil dhearóile daor ag tarr- aing cartacha gainimhe agus marasgal ina gcionn Cultacha liath-bhuidhe ortha, agus a ngruaig bearrtha go dlúth leis an gcraiceann, caipíní leathair ortha, cuma an uilc ina ngnúis, agus iad ag féachaint go hoilbhéasach, go truaighmhéileach agus go hurghránna. Bhreathnuigh- eadar go dall droch-mhúinte orainn ar ndul tharta dhúinn. Níl aon olc agam daoibh, a dhaoine bochta, acht is fadó an lá ba chóir sibh ar fad a chrochadh! Gleann Abhann de Brún an chéad ghleann eile ráng- amar. Is suarach an gleann é, mar nílim do láthair go meanmnach. Bíonn tóir ag daoinibh Bhaile Hiobáird ar a theacht amach annso do dhéanamh lae aeir dóibh féin, agus dá bhrígh sin tá boladh áite tútaigh cois cathrach air. Sruthán an-bheag fosda atá san abhainn; níl sí chomh mór leis an gClyde atá againn i mBothwell; agus tá an gleann go díreach ar nós aon ghleanna eile sa tír, cé is moite de cheann, agus tá osgailt chumhang annsin san áit a dtéigheann sé suas go Cnoc gruamdha Welling- ton, osgailt chumhang áluinn. Chaitheamar an lá ag
siubhal na trágha agus ag strapadh suas ar na háill- treachaibh, d'itheamar dínnéar sa teach ósta agus bhuail- eamar ar ais don chathair. 23° Bealtaine. — Litir ó Adelaide san Astráil Ó Dheas, ó mo mhnaoi. Thángadar (mo líon-tighe go hiomlán) móirsheisear díobh, agus cailín aimsire leo, ar luing, an Condor ó Libherpool. Go Melbourne is cosmhail i bPort Philip a sheoladar, agus nó go rabhadar ar muir ní raibh fhios aca go dtiocfadh an long go hAdelaide i dtosach le n-a folmhughadh, obair a thógfas mí a dhéanamh. Faoi dhó sa tseachtmhain a théigheas longa ó Mhelbourne don Tasmáin agus ar ais. Tá mo bhean mí-shuaimhneach mí-fhoighideach, agus deir sí liom go bhfágfaidh sí an Condor agus go dtiocfaidh go Baile Hiobáird nó go Launceston ar loingín éigin de na longaibh beaga atá ag dul anonn is anall idir an dá áit; i gcruthamhnas go mb'éidir dhi bheith anois féin ar muir, ar an dara haistear so. 25°. — Tuilleadh nuaidheachta ó Adelaide. Fuair caip- tín luinge amach indiu mé in mo theach lóistín; d'innis dom go mba caiptín é ar an Maid of Erin, agus go raibh go díreach tar éis teacht ó Adelaide — go raibh mo mhuirighin ag teacht ar a luing acht go m'eagal leo nach mbeadh áit a ndóthain dóibh uirthi, agus dá bhrígh sin gur sheoladar ar shoithighín a bhí ag teacht go Launceston, agus, arsan caiptín, má tá fút dul faoi dhéin do mhná, is fearr dhuit dul do láthair go Launceston. Ní raibh a thuilleadh le rádh. Chuadhas an oidhche sin ar an gcóiste go Launceston, sé fichid míle as so. Longphort, Meitheamh 9°. — Baile beag é Longphort ar an Esk ó Dheas dhá mhíle dhéag ó Launceston. An loingín a bhfuil mo mhuirighin go léir uirthi níor tháinig fós; agus
le seachtmhain tá an aimsir go fiadháin fraochda. Aimsir den tsórt so is ineagluighthe an áit Gaibhlíní Bass; agus ní chuirfeadh sé iongnadh orainn an tubaiste éirghe do longaibh agus a mbriseadh. Táim ar cuairt annso ag fear de na Púlearaibh; ó Árd Macha tráth dhó-san; ceannuidhe láidir anois é sa Tasmáin agus na stórtha arbhair is mó ar an oileán aige i Longphort. Chaitheas lá go n-oidhche i bpríosún Launceston. Mar so do tharla: Ar n-a chlos dom gan choinne agam leis i mBaile Hiobáird mo mhuinntir a bheith ag déanamh ar an oileán ar an taobh ó thuaidh i leabaidh ar an taobh ó dheas, chuadhas go duine oifigeamhail a raibh cúram na ngnótha air (.i. fear ionaid an Chisteora), agus d'innsigh- eas dó nár mhór dhom imtheacht do láthair. Mhol sé dhom gan aon mhoill a dhéanamh, agus dubhairt liom na páipéir a theastochadh uaim do thabhairt cheada dhom go seolfadh leis an bposta iad i gcruth is nach gcuirfidhe moill i mBaile Hiobáird orm, ná nach gcuirfidhe mí-chomhgar orm i Launceston. Bhíos buidheach don duine oifig- eamhail faoi n-a shibhialtacht (mar thiocfadh leis a bheith mí- shíbhialta dhá dtogruigheadh sé é), agus dheifrigheas liom gan noiméad moille. Chaitheas an oidhche ag taisteal. Ar an naoi ar maidin ar n-a mhárach rángas Launceston, agus chuireas fúm san ósda Cornwall. Shiubhlas an cnoc suas mar a raibh crann brataigh na gcomhartha, agus chaitheas an lá ag fuireach le tuairisgibh mháighistir na gcomhartha. Ba fliuch, garbh an lá é. Ní fhéadfadh tada teacht an Tamar aníos. Abha í sin atá chúig mhíle is dá fhichid ar fad, ón bhfairrge go Launceston, agus inbhear lúbach contabhairteach é sin. Chuimhnigheas ar maidin ar n-a mhárach go mb'fhearr dhom fuagradh do thabhairt do ghiúistís an bhaile mé bheith i Launceston; agus leis
sin chuadhas go hoifig na gconsabal, áit a bhí lán de mhuinntir an bhaile ag déanamh a ngnótha. Shiubhlas isteach agus d'fhiafruigheas den chléireach an raibh giúistís Launceston do láthair. Tá, a dhuine uasail, ar seisean, agus thaisbeáin sé fear ar an mbinnse dhom, fear árd aosta mí-chúmtha. D'fhéach seisean go deismireach orm, go bhfeiceadh cé'n chruadhóg a thiubhradh dhom stad a chur le obair na cúirte. Nuair taisbeánadh dhom é dubhras: Seán Mistéal m'ainm. Thángas go n-innsighin duit go bhfuilim anois i Launceston agus go bhfuilim ag cur fúm sa gCornwall. Sgannruigh Mac Giolladhuinn nuair chualaidh m'ainm, óir bhí sé d'ádh ar Mhac Mhaghnusa cúpla seachtmhain roimhe sin gur éaluigh sé as Launceston, an áit atá ar chúram an fhir seo. Bhí corrughadh intinne air agus d'fhiar- fuigh dhíom cé'n ghnó bhí agam i Launceston. Faoi dhéin mo mhná agus mo mhuirighne, agus ba chóir dhóibh bheith annso faoi seo agus tá súil agam leo. An bhfuairis cead teacht annso? Fuaras. Níor hinnsigheadh sin domh-sa. Níl leigheas agam-sa air sin. Deirim leat, a dhuine, nach feasach mise cead a bheith agat a theacht annso. D'fhreagras dó: A dhuine, ní le díospóireacht a dhéanamh leat fa dtaobh de do thángas annso; thángas go n-innsighinn duit gur mé Seán Mistéal, go bhfuilim i Launceston, agus go bhfuilim ag cur fúm san Ósta Cornwall. Leis sin d'iompuigheas ar mo sháil agus bhuaileas amach: acht bhí fhios agam go maith go gclois- finn tuilleadh fa dtaobh de. Ba follusach dhom anois go ndearnaidh mo chara síbhialta i n-oifig an Árd- chisteora dearmad ar na páipéir a bhí riachtanach a chur go dtí an sean-Mhac Giolladhuinn so. Do thárla mar cheapas. Bhíos ag siubhal sráide Bris-
bane, uair na dhiaidh sin leis an Pooler réamhráite agus tháinig fear chugam a raibh culaidh duine uasail air agus dubhairt: Creidim, a dhuine uasail, gur tú an Mistéalach - Is mé. — D'órduigh Mac Giolladhuinn dom a rádh leat go rabhais ag teastáil ina oifig. Is mise an t-árd- chonsabal i Launceston. — An bhfuilim gabhtha mar sin? Rinne sé umhlughadh agus dubhairt go dtiubhradh eolus an bhealaigh dhom. Ar dteacht isteach san oifig dhúinn bhí cuma dhána ineagluighthe ar Mhac Giolladhuinn. An bhfuil aon sgríbheann agat do thabhairt ughdaráis duit a bheith i Launceston? Níl. — A Dháibhis (sin é an t-árd- chonsabal), ullmhuigh na ceisteana. Anois, a dhuine, ar seisean liom-sa, múinfidh mise dhuit go dtaisbeáinfir meas mar is cóir don ghiúistís ar an mbinnse. Ar dteacht isteach san oifig seo dhuit uair ó shoin ba fada ó bheith ceart an t-iomchur a bhí fút; bhí tú go huallach, go míchéatach, go drochmhúinte. An bhfuil na ceisteanna ullamh agat, a Dháibhis. D'fhiarfuigheas de cad a bhí sé ar tí a dhéanamh liom. Thú chur faoi ghlas, a dhuine. — Tá go maith; is cosmhail go bhfuil cumhachta agat sin a dhéanamh. B'éidir go raibh míchéat in m'iomchur, acht cibé céard do bhí in mo chroidhe ní raibh fúm a thaisbeánadh in m'iomchur. — A Dháibhis, léigh na ceisteanna. Léigheadh an srgíbheann. Dubhradh ann go dtángas-sa ón árus i raibh aithne orm .i. Bothwell, go Launceston, gan aon phasport, agus mé 'mo phríosúnach agus toicéad ceada agam. Agus d'éis cúpla ceist nó trí a chur ar an gconsabal fuaduigheadh ar siubhal mé agus caitheadh isteach i gcarcair Launceston mé. Cuireadh teachtaire áirithe ar an toirt go Baile Hiobáird ag fiarfuighe cad ba déanta liom. Is cosmhail nach bhféadfadh an giúistís a mhalairt a
dhéanamh; níor mhaith an chosamhlacht go cinnte a bheith gan sgríbheann gan pasport, agus is rud é an míchéat a chuirfeadh fearg ar ghiúistís. Níor chuireas-sa suim ar bith sa ngnótha, marach amháin go mb'éidir do mo mhnaoi teacht an lá céadna sin, agus go mb'éidir dhúinn casadh dhá chéile mar sgaramar le chéile trí bliadhna roimhe sin i gcarcair Sasanach. Marach sin déarfainn go mba folláin an rud do m'aigne mé chur i gcarcair mar sin. Ró-bhog, ró-mheanmnach agus ró-thláith is baoghalach dúinn a bheith ó n-a bhfuil de shadháile aeir againn sa bhfiadhántas so ina bhfuilmid, áit nach bhfuil amharc le fagháil againn ar shíléar; agus dá bhrígh sin, is folláin an rud liom fuaim glais agus eochrach na Sagsan a chlos corr-uair, agus táim ag cuimhniughadh ar a dhul thríd tamall gach aon bhliadhain an fhad is bhéas mé i mbroid. Acht sgaoileadh dhíom d'éis cheithre huaire fichead a chaitheamh sa gcarcair. An fhad sin féin bhí an síléar go bog liom; duine nádúrdha bhí ann, a raibh a fhios aige goidé mar bhí an cás. Leig an duine oifigeamhail i mBaile Hiobáird posta no dhó uaidh gan an sgríbheann riachtanach a sheoladh. Ar theacht ar ais don Ósta dhom bhí cead fáighte ag mo charaid an Púlerach dhom, i ngan fhios dom, cuairt a thabhairt air go Longphort; agus dá bhrígh sin táim annso le seachtmhain. Tráth ar hinnseadh fa mo ghabháil bhí cuid de na páipéir nuaidheachta a labhair go géar ar a ghéire agus caitheadh liom. Páipéar deigh-sheolta i mBaile Hiobáird .i. an Colonial Times labhradar-san go háirithe ar an gcás, agus mholadar go hárd cruinniughadh a chur ar bun sa Tasmáin agus san Astráil chomh maith, agus impidhe a chur
go Sasana párdún a thabhairt do na huaislibh le ndeirtí príosúnaigh stát na hÉireann. Nuair chonnaiceas sin ar maidin indiu sgríobhas litrín do láthair chum an Times ag rádh ina tús — is dóigh liom gur míchéat a tiubhr- far ar seo freisin: (Chum Eagarthóra an Colonial Times.) Launceston, 9° Meitheamh, 1851. A Dhuine Uasail, — Táim d'éis focal a léigheadh in do pháipéar ag casaoid ar tamaillín a baineadh de mo shaorsacht coibhchéime annso. Ba lághach an mhaise dhuit sin a rádh, go raibh maith agat; acht a rádh go gcuirfeadh coilíní na gcríoch nAstráileach impidhe chum Bainríoghna Shasana ag iarraidh párdún do na príosúnaigh Gaedheal- acha stát, ní mór liom a rádh má curtar a leithéid sin d'impidhe ar an mbainríoghain gan m'ainm-se a chur ann. Níl fúm aon phárdún iarraidh, ná leigean d'aoinneach párdún iarraidh ar mo shon, má bhíonn aon neart agam air. Is dóigh liom nach ndearna an giúistís tada acht a ghnótha nuair ghabh sé mé — ní móide mar sin féin go ndearna a ghnótha go hiomlán. Ní fheadar cad iad gnótha oifigeach na mBreatan; agus ó thárla nach bhfuilim chomh honórach agus gur Sasanach mé, ní chuireann sé aon imnidhe orm; acht is dóigh liom go mba hé a dhualgas ar an úcáid seo mé chur i ngéibhionn. Is cosmhail go raibh mo mhí-iomchur go ró-fhollusach — óir do bhí an oiread de dheabhaidh go Launceston orm agus gur shroicheas an áit sul fuair Mac Giolladhuinn an fuagradh oifigeamhail. Má rinne sé as bealach é ar an úcáid seo tré bheith ró-bhog ró-réidh liom tá súil agam nach gcuirfidh sé tada as dó, &rl. 18°. — D'éis naoi lá eile a chaitheamh domh ag fuireach i
Longphort agus imnidhe orm, fuaras litir indiu ó San Caoimhghin, go ráinig mo chúram Baile Hiobáird ar an loingín Union, agus iad ar fad go maith. Sgríobhas chuca i gcruth is go gcasfaidís dhom ag an Tobar Glas — sin é an puinte den bhóthar mhór is goire do Bothwell; rachad-sa don Tobar Glas ar an gcóiste tráthnóna i mbáireach. 20.° — An Tobar Glas. — Thárla mo bhean is mo mhuirighin orm arís indiu d'éis na mbliadhan. Níl innsin sgéil ar a leithéid sin. Gluaisfimíd ar maidin amárach go Bothwell tré na coilltibh. 21°. — Cé go raibh sé fliuch agus ina shneachta indiu, d'éirigh linn an t-aistear a dhéanamh. Chuireas aimsir ar charr a d'iomchrochadh mo mhuirighin, agus chuadhas féin ar marcuigheacht ar Fleur de lis: bhí sé sin ag an Tobar Glas le trí seachtmhainí ag fuireach leis an ais- tear. An bothán ar chaitheas féin agus Seán Knox deich mí ann, tá sé ró-bheag againn, tá sé ar ghanntan trosgáin, agus é sé mhíle ón mbaile, agus chuadhmar go teach compóirteach ósta le bean de mhuinntir Thrágha sa mbaile — tá sise go toghtha ag cócaireacht feoil an Kangaroo. Bhí Knox ag fuireach linn; agus is annamh chaitheas cimigh tráthnóna chomh haoibhinn agus chaitheamar. Chítear dhom gur iongantach an chosamhlacht baile atá ar Bothwell anois, agus a bhfuil d'adhbhar baile agam ag filleadh air taréis gan súil a leagan air le sé seacht- mhainí. Is dóigh liom go mbeidh cineál teallaigh agam arís. Ní rachainn a chomhnuidhe i gceanntar ar bith eile den oileán anois is cuma céard a gheobhainn as. Tá an t-aer glé annso againn, coillte breagha, aibhne áille, ceanntar ar bheagán daoine, agus cáirde lághacha. Rachad i mbáireach ar lorg tighe agus feilme mar a bhféadfad penates mo thoicéid ceada a chur suas.
AN 8° CAIBIDIL X. Both Nant, Bothwell, Lughnas 26°, 1851. — Támuid curtha fúinn annso faoi dheireadh, trí mhíle ón tsráid- bhaile, ar fheilm a bhfuil dhá chéad acra innti, agus an Clyde le tórainn thoir na talmhan. Tá amharc breagh againn ón teach ar an ngleann breagh atá ag dul suas ó thuaidh go bun Chnuic na Ginne feadh trí mhíle. Toghadh talamh cimín atá ann, agus tá eallach agus caoirigh dhá gcur agam air. Cheithre huaire sa ló agam ag teagasg na mbuachaillí; ar marcuigheacht linn annsin, nó siúd sinn ar fhuaid na gcoillte leis na madraibh. D. Foghmhair 13°. — Ghluaiseas féin is mo bhean le cuairt a thabhairt ar Mhac Gabhann Ó Briain. Bhí seisean 'na chomhnuidhe feadh roinnt míos i gceanntar sléibhe thoir dtuaidh, dá ngairmthear an Abhainn Mhór. Ghlac sé an tsaorsacht coibhchéime gar do bhliadhain ó shoin (agus gheall ar ndóigh gan éalódh) agus chuir faoi i dtosach i Norfolk Nua; acht níor mhór leis obair éigin a bheith air agus d'athruigh go teach an Dochtúra Bróg; áitreabhach eisean atá ar an Abhainn Mhóir agus ghabh air ag teagasg a chlann mhac. Ní fhacamar é le trí bliadhna go leith agus do réir mar deir mac Uí Mheachair is eagal liom go bhfuil athrughadh mór air. Ní miste dhom a innsin annso a dhéine is bhí Sir Liam Mac Donnchadha air uair. Ar mbeith don Bhrianach ar tí Norfolk Nua d'fhágáil ag dul don Abhainn Mhóir dhó, sgríobh sé chugam-sa agus chum an Mháirtínigh go ndéan-
fadh a bhealach go Bothwell, — bhí an áit sin agus Loch Sámhaidh go díreach ar a bhealach, agus ba hé sin an comh- gar dhó, cé nach bhfuil bóithre puiblidhe ann, dubhairt go gcuirfeadh a bhosga ar chóiste an phosta, go gcaithfeadh lá nó dhó froinn, go dtiubhradh cuairt ar mhac Uí Mheachair annsin i n-éinfheacht linn, agus go dtiubhradh seisean go Baile an Chaimbéalaigh é, agus as sin go mb'fhorusta dhó a dhul treasna na tíre go dtí an Abhainn Mhór. Níor léar do cheachtar againn aon locht a bheith ar an méad sin, ná fós níor léar dúinn go gcuirfidhe toirmeasg air thríd. Rinne Mac Maghnusa an t-aistear céadna cheana, agus chuaidh an tslighe chéadna agus níor dubhradh tada faoi. Agus na méirligh dá ríribh, ar mbeith dhóibh ag dul ó áit den oileán go háit eile is iondamhail go ngabhann slighe ar bith is breagh leo agus go nglacaid a n-am mar thogruigheas siad. Bhíomar, ar ndóigh, go háthasach go rabhamar le n'fheicsin feadh lae nó dhó féin, agus labhramar ar an gcuairt le n-ar gcomhursannaibh i mBothwell, agus chuir sé ríméad ortha-san i gcosamhlacht mar chuir sé orainn féin. I n-áit a dtugtar Hamiltún (20 míle ó dheas de Bothwell) bhíomar le casadh dhó, agus bhí capall srian is diallaid ar leith againn dó le n-a thabhairt aníos. Acht chuala an t-árd-shíléar é; agus trí lá roimh lá na coinne fuair giúistís Norfolk Nua órdughadh oifigeamhail le tabhairt don phríosúnach a raibh a ainm ar an gciumhais (.i. an Brianach) dhá fhuráileamh go hórduigheach air — dul don Abhainn Mhóir ar fhágáil Norfolk Nua dhó, agus an lá a bhfuagrochadh sé a bheith ag imtheacht imtheacht leis, agus dul go Droichead Uisge, an áit ba goire dhá cheann- tar ar an mbóthar mór go Baile Hiobáird; dul díreach an bóthar sin gan casadh ar an láimh dheis ná ar an láimh
chlé, ná gan moill a dhéanamh ar an mbealach. Tháinig de sin go mb'éigin dó i leabaidh dul díreach ag aghaidh timcheall a chur air féin, i gcruth agus nach bhfeicfeadh sinn a chéile. Sin é an píosa mailíse is mailísighe rinne an sean-shíléar fós, agus cruthuigheann sé gur croidhe eochraidhe atá ann. Gidheadh ó tháinig mo mhuirighin amach cuireadh cumaoin ar leith orm gur beag nár saoradh mé ar nós na ndaor dá ríribh a bhfuil toicéad ceada aca; óir tugadh cead dom dul ó cheanntar go ceanntar acht “pas” le haghaidh na húcáide bheith agam (agus tuairisg faoi m' áirde bheith air, faoi dhath mo shúl, &rl.), acht go dtaisbeán- ainn é i n-oifig giúistíse ar bith ina mbéinn. Ní miste a mheas gurab annamh liom an chumaoin dheas sin a ghlacadh. Acht fághaim an pasport sin fa láthair go riaghalta de ghrádh an chuairt a thabhairt ar an Abhainn Mhóir. Chonnaiceas indé i bpáipéar Tasmáineach giota ó pháipéar éigin i Londain go bhfuil gnáth-chreideamhaint mhór dhá thabhairt don riaghaltas tré n-a shéimhe agus a bhuige agus táid siad leis na príosúnaigh Gaedhealacha. Acht do dhéanta glan na fírinne an mhalairt atá orainne thar mar tá ar na daoraibh dá ríribh, is malairt chun donacht dúinne é. Tá trí mhíle nó cheithre mhíle duine ar an oileán a bhfuil toicéad ceada aca; agus is tig leo-san fanamhaint ina rogha áit agus ar a rogha slighe, agus gan ortha acht iad féin a fhuagairt faoi dhó sa mbliadhain, tré dhuine eile má's breagh leo é. Acht níl neart againne corruighe nach bhfuil cosg linn, agus ní mór dhúinn sinn féin a fhuagairt uair sa mí, sinn féin féin, sna hoifigibh dar ceapadh sinn. Agus i dteannta áirdeal a bheith orainn mar sin agus fearg a chur orainn thríd, ní mór
leo ar ngealladh a bhaint dínn, i gcruth fallsa mar dhóigh dhe nach gcuirfidís amach ar aimsir sinn ar an gcunntar sin, ag na háitreabhaigh, mar dhéanfaidhe le seirbhísigh. Sin bréag, adeirim. Ba mhaith linn go léir an cothrom céadna d'fhagháil a tugtar do na daoraibh atá 'na ndaoraibh dá ríribh, óir d'éalóchmuid annsin ar an toirt; agus tá fhios ag an ngoibhearnóir nach bhfuil coilíneach ar an oileán nach gcuideochadh linn. Ní hiad an dá roghain atá againn, obair nó gealladh gan éalodh, acht gealladh gan ealódh nó bás i ndaingean — gealladh gan éalodh nó géibheann mar bhí orm-sa i mBermuda agus ar an mBrianach i bPort Artúir.* Ghluais mé féin is mo bhean ar maidin indiu agus sinn ar marcuigheacht ar phéire capall; bhí cheithre mhíle fhichead le dhul againn tré choilltibh Fhearainn an Choirce gus an áit a sroichfimís an cóiste. Bhí na capaill ar fheabhas .i. Treodathach agus Fleur de lis, agus iad ag ithe na sgeach. Lá rí-áluinn earraigh a bhí ann agus an luibh a dtugtar an mímósa air faoi bhláth, agus an boladh breagh cumhra de a bhfuil toghadh na haithne ag an uile dhuine ón Eoraip air. Cumhracht Ríoghna na Machairí go díreach *Ní mhaith liom an méad sin tuarasgbhála a chuireas síos in m'irisleabhar a fhoillsiughadh faoi n-a dhéine is caitheadh linn thar mar caitheadh le daoinibh eile; acht go bhfeicim go ndeirtear i bpáipéir nuaidheachta Shagsan fós go rabhthas go ceannsa agus go bog linn; agus ní aon díoghbháil an fhírinne an chraobhsgaoil- eadh. Dá mbeadh an riaghaltas go bog agus go séimh linn ba sgorn liom iad, an méid nach buige ná séimhe den tsórt a bhí uainn acht ar bhfromhadh dá ríribh os comhair ar gcóimhthíoracha — sé sin, ní buige bhí uainn acht an ceart. Agus níorbh mhí-réas- únach an nidh sin le n-iarraidh ar riaghalatas a thug amach go rabh- adar ag cur an dlighe i bhfeidhm agus ag déanamh an chirt dá réir. Acht céard déarfá leis an raiméis sin ó Shasanaigh faoi bhuige, an lá nár fromhadh i n-aon chor sinn, agus an lá an bhreith fhallsa a tugadh orainn gur cuireadh níos géire go mór i bhfeidhm í ná mar cuireadh an bhreith tugadh ar dhaoraibh a bhí daortha ó cheart?
atá air “ag dórtadh a hola” dhi. D'éis deich míle a chur dhínn chuadhmar síos gleann doimhin gur thugamar deoch do na caiplibh san Iordán. Annso atá an t-aon mhám san áird seo gur féidir dul thríd ó Bothwell go Fearann an Choirce, agus tá stáisiún consabal ann. Bhí dhá chonsabal ag leaduidheacht os comhair an doruis ag dul thairis dúinn, agus cuireann sin i gcuimhne dhúinn nach bhfuil sa bhfaraois leathan ghlórmhar na dhiaidh sin acht carcair dhuilleogach lán-chumhra. Rinneamar an cnoc taobh thall de ghleann an Iordáin a strapadh, go rabhamar go gairid arís i bhfiadhántas na gcoillte. Rángamar Ósta Fhearainn an Choirce i gceann tamaill. An cóiste théigheas do ló ó Bhaile Hiobáird go Launceston, tháinig sé ar a haon a chlog. Is cosmhail go díreach é féin is a mbaineann leis le sean-chóistibh na Sagsan sul shluig na bóithre iarainn iad-san go léir. Toghadh bóthair é, agus na capaill ar fheabhas. Príosún- aigh gan aimhreas iad an cóisteóir agus an bhárda, agus níorbh fhéidir leo a bheith níos cosamhla i mbéasaibh, i n-éideadh agus i n-iomchur, le Sasanaigh Shagsan ná mar táid siad. Tighthe tabhairne glan-Shasanacha na tighthe tabhairne a ndeachamar tharta cois bóthair, go dtí amháin an biotáille díoltar ionnta is ól Sasanach é. Canamhain Shasanach atá ar an lucht taistil; agus an bhárda ar theacht dó go sráid-bhaile seineann ar a bhuabhall an dán is déidheanaighe rinneadh faoi na fearaibh dubha. Is mór an ghráin liom go mbíonn orm corr-uair ar gceann- tar iargcúlach i mBothwell d'fhágáil agus dul imeasg na dtaistealaidh neamh-ghlana a théigheas an bóthar so. Níl tarraing aoinneach go Bothwell, áit a bhfuil for- aoiseacha agus sléibhte doi-eoluis taobh thiar agus taobh ó thuaidh dhe, agus atá dhá chiúine go tig le duine úrghráin
an tsaoghail uathbhásaigh seo a dhearmad tamaillín. Níl amharc dá bhfeicfeá ná fuaim dá gcloisfeá ar bhóthar chóiste na litreach annso nach gcuirfeadh i gcuimhne dhuit gur sórt Sasana é an chríoch seo cé gur mí-chrothach an bastard é; agus níl an oiread sin de chion agam ar shean-Shasana agus go mbeadh cion agam ar a mac- a-samhail eile. Chuireamar fúinn feadh na hoidhche sa bpríomh-ósta i mBaile an Chaimbéalaigh. Teach galánta é, agus trosgán áluinn ann go mba chreideamhaint do theach i mBrí Cualann nó i nDún Laoghaire a leithéid. Támuid le gluaiseacht as so athrughadh amárach ar an gcóiste puiblidhe don Abhainn Mhóir, áit i bhfeicimíd an Brianach. Táthar ar tí toghadh a dhéanamh ar fheisiribh, an chéad toghadh é seo fa'n reacht nua a ceapadh annso do stiúradh gnótha riaghaltais: trian na bhfeisirí d'ainmniughadh don choróin, dhá dtrian eile do thoghadh do na daoinibh. Tá corrughadh mór intinne ar na daoinibh ar ndóigh; agus áthas mór ar gach aoinneach faill eile d'fhagháil ar aithris a dhéanamh ar an tsean-tír. Tá na ballaí faluighthe le páipéir a bhfuil fuagraí ortha do na daoinibh neamh- spleadhacha dhéanfas an toghadh; ribíní gorma agus ribíní dearga ar chluasaibh capall na gcóistí, agus ar fhuinneogaibh na dtighthe tabhairne; bratacha i mbarr cuaillí do chraobhsgaoileadh creideamh poiliticeach na n-óstóirí a dhíolas droch-ól agus leann gránna: i n-aon fhocal amháin, níl cabhair ná deis láimh-cheárdamhail dá dteastochadh do bhailiughadh an daosgar-shluagh nach bhfuil aca — agus is doilghe an rud sin agus a ghainne is tá na daoine — ná do chabhairiughadh leis an ól — rud é sin nach bhfuil chomh doilghe. Modh athchurtha daor go tír eile an
t-aon cheart poiliticeach atá ann anois. Tá fonn an domhain ar na coilíneachaibh fiúntacha atá annso an reacht nua a chur i bhfeidhm agus deireadh a chur leis an reacht faoi n-a dtugtaoi daoir chun na tíre; óir tá muirighní ag éirghe suas aca anois, agus tuigid gur mór an chon- tabhairt oilbhéasa na ndaoine atá thart timcheall ortha; tuigid gur tarcuisneach an rud dóibh gan aon tír dúth- chais a bheith aca acht críoch daor, gan seirbhísigh aca, ná fear oibre, ná comhursa amháin, cé is moite don bheagán, acht daoine do thuill a gcrochadh. An t-ór do fríth san Astráil le goirid, tá bitheamhnaigh na Tasmáine ag tarraing air 'na sluaightibh anonn thar an gcoinéal, agus cuireann sin suim mhór ag muinntir Phuirt Philip sa gcúis chéadna; gur cuireadh Cumann Astráileach ar bun ina bhfuil na coilínigh is fearr san mBreatain Nua Ó Dheas, i bPort Philip, san Astráil Ó Dheas, san Tasmáin, agus i Saolann Nua rannpháirteach. Bratach ghorm aca agus chúig réalt uirthi; neart airgid, sgríbh- neoirí cliste, agus furmhór a bhfuil de dhaoinibh gasta san Domhan Ó Dheas ar a dtaobh. Is iomdha crann luinge a bhfuil a ngnótha dhá dtabhairt ó chríoch go críoch san Domhan Ó Dheas agus bratach na réalt i n-áirde ina bharr, agus níl árdán san Tasmáin dá labhrann cainteoirí i n-aghaidh daoir a thabhairt don chrích nach bhfuil an bhratach i n-áirde air. Ina aghaidh sin tá an goibhearnóir i mBaile Hiobáird agus a sgata oifigeach dá bhfuil tuarastail mhóra, ag déanamh a ndíchill ag iarraidh pobal fiúntach éigin d'fhágháil a labharfadh ar son na bpríosún, ar son slabhraí a choinneál ar na foirnibh daor agus ar son a leithéidibh eile sin, acht ní go maith atá ag éirghe leis. Gidheadh atá a pháipéar ag an ngoibhearnóir freisin .i. an Hobart Town Advertiser, agus is náireach liom
a rádh gur le Éireannach é, agus gurab é an prímh- sgríbhneoir atá aca an Balbh a rinne sgéala ar na daoinibh sa mbliadhain '48. Bhí seisean tráth, go lán-cheannairceach nuair bhí sé sa gCoimh-cheangal Gaedheal, acht i n-omós seirbhíse éigin nach cóir a ainmniughadh fuair sé posta mar Chongantóir Ionaid do Chisteoir na ndaor — tuarastal mór leis, agus réimse mór talmhan, agus tá sé 'na Ghiúistís 'na theannta sin. Is ar éigin a chreidfidhe a thútaigh agus a dhiabhlaidhe an modh oibre atá ag an ngoibhearnóir agus ag a lucht conganta. Leigid ortha go bhfuil an dream eile námhadach do na príosúnaigh agus dá sliocht, i n-áit a mbeith, caoi a bhfuilid, i bhfabhar deireadh a chur le aicmibh ar leith imeasg na ndaoine, (agus an fhad is bhéas an tír ina príosún féibh mar atá béidh na haicmí sin ann), i gcruth d'éis glún nó dhó go mb'aon daoine amháin daoine na críche. Ghlanfadh sin pobal na críche; shúighfeadh aer glan agus úir na tíre na droch-dhúilí — agus is mór é mo mhuinighin as na cumhachtaibh sin — agus shíolrochadh dúilí nua úra, go ndéanfaidhe dearmad fa dheireadh shiar ar an tobar as ar éirgheadar ar dtús. Sir Liam Mac Donnchadha, tá an duine bocht ag déanamh a dhíchill ar son an “riaghaltais” agus ar son a thuarastail, agus tá sé ag iarraidh esprit de corps a chur is na daoraibh bochta: agus tá Baile Hiobáird i gcontabhairt ag daosgar-shluaightibh daor an riaghaltais go ndéanfaidh siad raic ann, agus oifigeacha na ndaor dhá stiúradh. An tAdvertiser agus páipéar eile (Éireannach eile dhá sheoladh-san) a gcuid páipéar. Sé Balbh an Coryphoeus liteardha atá aca; agus bitheamhnach de mhuinntir Grae a gceann feadhna. Mac do dhúnmharbhthóir Mhuineacháin eisean, agus cuireadh é féin thar sáile faoi ainm duine
eile a sgríobhadh i mbréig-riocht agus faoi bheith páirteach i mionna éithigh. Múintear don daosgar-shluagh “na daoine” a thabhairt ortha féin, agus a rádh gur aicme den phobal iad; agus ar mbeith dá sáth ólta aca is mór an chontabhairt do dhaoinibh cneasta iad, óir leigid leo féin agus iad go brúideamhail, agus bíd teann as an riaghaltas ó thárla faoi choimhéad áirithe an ghoibhearnóra iad. Nach beag féin an t-iongnadh coilíneacha saora fiún- tacha a bheith ag iarraidh deireadh a chur le modh as a dtagann mí-riaghal den tsórt sin? De ghrádh an réidh- tigh, tá cuid aca ag imtheacht go Port Philip, agus cuid go Sasana; acht furmhór na n-áitreabhach tá fútha do réir chosamhlacht an lámh uachtair d'fhagháil ar an modh, agus ní mór leo do-chum a dhéanta dul i gcontabhairt, agus rud a chailleadh féin leis. An toghadh so ag teacht an rud is mó a bhfuil muinighin ag na coilíneachaibh as, agus tá súil aca feisire a gheallfas dul i n-aghaidh daoir a thabhairt isteach sa gcrích a thoghadh ins gach uile cheanntar. An sluagh ag siubhal thart annso a chuireas sin i gcuimhne dhom. Táid siad ar tí soláruidhe feisireachta an riaghal- tais a thionlacan go sráid-bhaile an Rosa, áit a mbéidh cruinniughadh dá lucht conganta indiu. Allison is ainm dó. Cóiste carbad ceithre gcapall agus a lán mion-charanna atá sa sluagh sin; agus tá neart ribíní dearga ann agus bruth ar dhaoraibh. Béidh meitheal na tuaithe agus a gcruinniughadh féin a mbáireach aca ag an Abhainn Mhóir ina n-aghaidh siúd, agus béidh feiceál againn ortha-san chomh maith. Fear de mhuinntir Chear- moda an soláruidhe atá aca; atá a athair ar dhuine de na háitreabhaigh is deiseamhla san áit, agus fear dílis dúthrachtach sa gcúis é féin, agus dá réir sin fear a
bhfuil an dearg-ghráin ag lucht an riaghaltais air. Deir siad gur mó an tsuim atá dhá chur sa toghadh so i mBaile an Chaimbéalaigh ná sa toghadh i n-aon áit eile den tír. Deireadh Foghmhair 15°, An Abhainn Mhór. — Thángamar míle is fiche indiu thríd an ngleann garbh ar a dtugtar an Esk O Dheas. Tá cnoc ina iomaire ar thórainn thuaidh an ghleanna agus beanna úrárda Bhinne Lomonn ar a mhullach san. Cnoc é sin atá chúig mhíle troigh ar áirde agus é dá bhrígh sin go mór níos áille ná a chomh-ainm i nAlbain. Ritheann an Esk ó dheas isteach sa San Pól ag an Abhainn Mhóir, agus láimh le uillinn an chumair tá an cnoc cruinn, uasal ar a dtugtar Beann San Pól, agus a leiceann faluighthe le adhmad áluinn. Is mó chuireas na beanna agus na cnuic seo éadan Dhúin na nGall agus éadan an Dúin i gcuimhne dhom ná aon pháirt éile den Tasmáin. Ag dul go dtí cruinniughadh na hAibhne Móire a bhí ar gcomhthaistealaidhe; agus fear a bhí ar marcuigheacht le n-ar gcois bhí búrla éigin ar a bhéalaibh ar an diallaid. Ar bhféachain dom níos grinne ar an mbúrla thugas faoi deara bratach chúig- réaltógach an Chumainn, agus cuirfear ise i n-áirde indiu os cionn daoine neamh-spleadhacha na hAibhne Móire. Thuirlingeamar ag teach fiúntach ósta den bhaile, agus i gcionn cúpla noiméad chuaidh duine uasal thar an bhfuinneoig taobh amuigh .i. Uilliam Mac Gabhann Ó Briain. Ar éigin a d'aithnigheamar é i dtosach; tá sé gar do cheithre bliadhna ó chonncamar é. Chasamar dhó ag an dorus ar dteacht isteach dhó. D'fháiltigh- eamar roimhe go socair, acht go te, cáirdeamhail. Ní rabhamar go han-mhór le chéile ag sgaramhain ar deir- eadh i nÉirinn. Tá sé ag tabhairt uaidh do réir chosamh-
lacht ina shláinte; níl se chomh díreach is bhí, ná a chéim chomh seaghanda; liath sé cuid mhaith, agus cuma air gur fhulang pian agus pionús. Is brónach an feic é an t-uasal so de mhaithibh Gaedheal a fheiceál brúighte isteach annso imeasg díogha na bpríosúnach ó Shasana; a theallach bán, a dhóchas caillte aige, a shaoghal sgriosta agus é ag dul san ísle bhrígh. Tá sé leith-chéad bliadhain d'aois, gidheadh tá an oiread de phléisiúr aige as mór- dhacht na gcnoc agus na gcoillte annso agus dá mb'ógánach é; cé gur bhain an dubrón as é agus gur cuimhneach leis fós an tsúil a chuaidh in' aghaidh. Is annamh d'feicfeá feic chomh huasal: fear é nach féidir a lúbadh, a bhrúghadh ná a bhriseadh; fear a sheasas go daingean ar a bhonnaibh féin gan bhuidheachas do bhith- eamhnaigh garbha, garga an domhain; a aghaidh chomh dána agus go mbreathnochadh díreach ar an ngréin mar aon Titan eile dar mac do Choelus agus do Terra. Tá sé lán-mhuinighneach as féin; a chroidhe agus a shúil chomh glan chomh hosgailte agus bhí riamh faoi chomhair a bhfuil d'áilleacht agus d'oirfide ar talamh agus ar neamh, agus é ag fuireach go sásta le aingeal an bháis. Bhíomar ag ithe nuair a tháinig sé isteach. D'éis bídh dubhairt sé a dhul ag spaisteoireacht go dtugadh sé suas gleann an Esk ó Dheas sinn. Shiubhlamar linn feadh cúpla uair ag cur síos ar '48. D'innis sé dhom níos cruinne agus níos iomláine ná mar chualas cheana faoi n-a imtheachtaibh féin i dTiobraid Árann; agus is tré (céard a thiubhras mé air? — tré chladhaireacht, tré fheall, nó tré shagartóireacht, acht ar chuma ar bith tré) iomchur na sagart is mó a chaill sé an lá. Gach áit dá ndeachaidh bhí sagairt ina thimcheall; agus thángadar dó nó trí chuarta ag cogarnaighil, ar mbeith do na daoinibh
ag cruinniughadh, gur imthigh na daoine arís as amharc ar nós an tsneachta. D'innis dom faoi shean-daoine liatha a tháinig chuige agus na deora anuas leo, dhá rádh leis go leanfaidís go deireadh an domhain é agus gurab é a raibh uatha é, go mba fada ag súil leis an lá sin iad, agus is ag Dia atá fhios nach iad féin a bhíodar a spáráil: acht bhí an sagart annsin agus dubh- airt seisean dá ndóirtidís fuil go ndamnófaidhe iad; agus céard d'fhéadfaidís a dhéanamh? Go bhfóiridh Dia ortha, cá n-iompochaidís? agus chuadar ar a nglúinibh chuige ag iarraidh maitheamhnas air faoi n-a thréisgint. Gur imthigheadar abhaile, an t-iarball sa tóin aca, go sábhálaidís a n-anmnacha salacha, agus go bhfanaidís annsin go ruaigeadh báille an tsirriam isteach go tigh na mbocht iad. Tá an Brianach gabhtha le n-a bhualadh: ón gcaoi ar thréig na daoine é, ón gcaoi ar sheasadar siar, ón mbreith a thug coisde (an sórt coisde bhí ann) na cúirte air i gCluainmeala, tá deireadh dar leis le airm a ghlacadh i n-aghaidh na Sagsan; agus dá réir sin tá deireadh leis an gcúis, agus tá críoch agus deireadh go deo le stair náisiúnta na hÉireann. Ní shaoilim-se sin. Tá fhios aige go maith dá ngéilleadh sé rud ar bith dhá lughad go leigfidhe amach saor é; tugadh an t-ugach sin dó go soiléir tré n-a mhuinntir féin. Acht tá sé ró- uaibhreach le maitheamhnas ná párdún iarraidh; acht tuige nach n-iarrfadh an lá go bhfuil an bharamhail aige atá? Ghabhfainn-se párdún go cinnte dhá gcreidinn go raibh baramhail na ndaoine 'n-ar n-aghaidh san iompodh amach a bhíomar ar tí a dhéanamh, agus ina theannta sin dhá gceapainn go ndearna mo chomh-Ghaedhil mé a fhromhadh agus an bhreith a thabhairt orm — sé sin dá
gceapainn gurab í Bainríoghan Bhictória bainríoghan na hÉireann dá ríribh i leabaidh a bheith 'na tíoránach coimhightheach dhi. Saoilim fa láthair ar nós ar bith go ndeanfainn é. Nocht sé annsin dom go hiomlán faoi 'n iarracht a rinne ar éalodh d'Oileán Mháiria. Leigeadh dhó siubhal thart ar fhuaid an oileáin agus gan le n-a chois acht aon chonsabal amháin a raibh airm aige; go dtéigheadh amannta cúig nó sé mhílte ón stáisiún. Ar ndéanamh margadh dhá cháirdibh i dtaobh luinge i mBaile Hiobáird, luingín bheag a bhí innti, d'éirigh leo sgéala a chur chuige faoi go han-fhoghluightheach, agus go dtiocfadh an long lá áirithe go beann áirithe den oileán, go gcuirfidhe bád beag i dtír, agus cead aige-san éalodh ó na choimhéad nó lámh i n-uachtar d'fhagháil air ionnus go bhféadfadh léim a thabhairt isteach sa mbád agus a sáthadh amach. D'éirigh moill dóibh i mBaile Hiobáird, gur chaith an príosúnach bocht an iomad seachtmhain ag siubhal gach uile lá go háit áirithe den oileán agus é ag síor-dhearcadh ó dheas. Ní raibh a fhios aige an uair sin go ndeachaidh caiptín na luinge sin, Ó hEilgheasa a ainm, go Teach an Riaghatais agus gur dhíol sé an Brianach ar airgead: ní raibh fhios aige go raibh cúntas cruinn ag síléaraibh Oileáin Mháiria ar an deis ar fad; agus gach uile chéim dár thug sé gur tugadh go grinn faoi deara é. Ag siubhal dó ar an tráigh fa dheireadh agus a shúil curtha den luing aige beagnach chonnaic sé an long. Ar fhaitchios go mbraithfeadh an consabal é nuair d'fheicfeadh sé ag faireadh na luinge é shiubhail isteach fo'n gcoill tamaillín go dtagadh sí níos goire dhóibh. Bhuail sé síos arís go dtí an áit go neamh-shuimeamhail go leor i gcosamhlacht, acht bualadh croidhe air. Bhéar-
fadh aghaidh ar San Phroinsias; agus bhí an domhan mór, a bhaile, a chlann agus saoghal onórach roimhe taobh thall den gheata órdha sin. Bhí an bád ag déanamh air agus triúr innti, agus shiubhail sé amach go huaibhreach fonnmhar go gcasadh dhóibh ar an tráigh. Bhí consabal suarach i n-áit éigin ar a chúlaibh ar ndóigh agus a ghunna suarach leis; acht le congnamh na mbádóirí níor bh'aimhreas leis teacht uaidh-san. Ní fhéadfadh an bád a theacht sáthach gar don tráigh mar thugadar isteach i ndóláinín beag ciúin í mar a raibh snáithe tiugh mara. Mar ráinig an Brianach an tráigh isteach leis béal a chinn roimhe sa bhfairrge ionnus nach ndéanfaidhe aon mhoill, go ndearna sé a bhealach thríd an bhfeamuinn go dtí an bád. Níor shaoil sé go raibh an áit chomh doimhin agus bhí, agus nuair shroich sé an bád ní raibh sé i n-ann dul isteach innti gan congnamh na mbádóirí. I leabaidh cuidiughadh leis d'fhágaibh na bitheamhnacha annsin é ag slapaireacht san uisge, agus iad ag breathnughadh isteach chum na talmhan, áit a bhfacadar an consabal ag déanamh ortha faoi seo agus a mhusgéad leis. Ní túisge fuair an triúr bádóirí amharc air ná gháireadar d'aon ghuth “tugamaoid suas!” agus d'iarradar ar bórd é, agus ar an toirt boise ar shroich sé an bád rug ar thuaigh, a thug na bádóirí leo gan aimhreas le haghaidh na húcáide, gur bhris an bád. Thuig an Brianach go ndearnadh feall air, agus nuair hórduigheadh dhó imtheacht leis na bádóiribh agus leis an gconsabal gus an stáisiún ní chorrochadh sé cos, ar shúil is go dtiubhradh ar an gconsabal a chaitheamh. Gidheadh rug na bádóirí air gur thógadar de chothrom talmhan é, gur iomchruigheadar é mar d'órduigh an consabal. Cuireadh géibhionn níos déine na dhiaidh sin
air; agus go goirid na dhiaidh sin hathruigheadh ó Oileán Mháiria é go Port Artúir. Sa gcaint dúinn d'fhilleamar ar an teach ósta. Bhí nathair mhór dhubh ar an gcosán romhainn, an chéad cheann a chonnaiceas an samhradh so; agus shiubhlfadh mo bhean uirthi acht go bhfaca an Brianach i dtosach í agus gur bhac sé mo bhean; thug léim chuici annsin go marbhuigheadh le cleith í. Acht shnámh léi, rud is iondamhail leo a dhéanamh acht an deis d'fhagháil, go ndeacha isteach sa bhféar tiugh agus chinn orainn a fagháil. Deireadh Foghmhair, 16°. — Bhíomar le sgaradh le chéile indiu. Cheithre mhíle dhéag gleann San Pól suas a bhí le siubhal ag an mBrianach; agus d'iarr orainn dul suas dhá mhíle leis go dtaisbeánadh teach agus feilm dhúinn i n-áit áluinn ar an abhainn San Pól. Mhol dhom iad a dtógáil ar chíos; óir is tig liom cur fúm anois in mo rogha ceanntar chomh neamh-spleadhach le aon bhitheamhnach sa tír a bhfuil toicéad ceada aige. Chaitheamar an fhad is d'fhéadamar a' fálróid is ag moilleadóireacht sa ngleann breagh sin. Níor mhór dhúinn sgaradh le chéile fa dheireadh: chuaidh seisean go teach an dochtúra Bróg áit a raibh air roinnt múinteoir- eacht a dhéanamh anocht, agus chuadhamar-ne ar ais don Abhainn Mhóir, le dhul as sin go Baile an Chaimbéalaigh ar an trucail puiblidhe. D'fhanamar ar feadh i bhfad ag breathnughadh na dhiaidh agus é ag siubhal go huaig- neach an gleann suas; agus saoilim gurab annamh chonnaiceas feic chomh huaibhreach ná chomh brónach. A Nicé, a bhainríoghan Charthagin! ná fág díoghaltas ar bith dhá shuaraighe in do chumhachtaibh nach n-imreochaidh tú ar an bhfear mórdha sin; gach tarcuisne dá gcuimh- neochaidh tú air, dár féidir leat a cheapadh nó a chumadh
tabhair ar chroidhe mór an fhir sin, acht ní chuirfir sgáth ná eagla ar an gcroidhe, ná ní lúbfair an fear. Ní tusa, a ríoghan, an crann réitigh ná an breitheamh ar onóir ná ar easonóir; ná ní feasach do dhaoine i bParlaiment, ná i gcrannóig, ar árdán, ná i n-áit phuiblidhe ar bith eile cad a bhaineas don nídh sin. Chasamar go righin, mise ag easgainidhe, mo bhean agus na deora ar a gruaidh, agus thángamar ar ais go hAbhainn Mhóir. Imtheochamuid go Bothwell i mbáireach. Bhéarfamuid cuairt ar Loch Sámhaidh agus ar bhoth sighe mhic Uí Mheachair ar ar mbealach ar ais.
AN 9° CAIBIDIL X. D. Foghmhair 16°. — Ar ais linn indiu go hÓsta Bhaile Chaimbéil áit a bhfuil fúinn an oidhche a chaitheamh. 17°. — Fuaramar sórt cart indiu gur thiomáineamar sé mhíle dhéag tré ghleann Abhann Mhic Guaire go Sliabh na Gaibhle. Comhnuigheann Gaedhil annsin a tháinig ó Chorcaigh dhá bhliadhain déag ar fhichid ó shoin. De mhuinn- tir Chonaill iad. Gheallamar cuairt a thabhairt ortha ag filleadh ó'n Abhainn Mhóir dhúinn; agus ba lághach an mhaise don Chonallach é, chuir fios go Fearann an Choirce ar ar gcaiplibh agus táid siad ullmhuighthe aige faoi chomhair ar dturais chum na loch i mbáireach. Chuaidh an Conallach agus a bhean tré an-chruadhtan ar gcur fútha annso i dtosach — talamh fiadháin coille le réiteach aca agus le móinfhéir a dhéanamh dhe, agus daoine dubha fiadháine na háite le faire aca, dá gcoimhéad féin ortha, agus daoir níos fiadháine ná ceachtar aca le troid istigh ina dtigh féin go minic. Fíor-Ghaedheal ceart í bean an Chonallaigh — canamhaint Chorcaighe chomh blasta uirthi agus dá mba anuraidh thiocfadh amach, agus ní fhuighfeá i nÉirinn do láthair bean tighe níos nádúrdha lághaighe ná í, óir is goire do ghleanntaibh Mumhan “síbhialtacht” Charthagin agus is cumhachtaighe ann í ná i gcoilltibh aduadhaine seo Sléibhe na Gaibhle. Acht tá an saothar agus an stríocáil is déine curtha dhíobh aca; tá a bhfeilm faoi pháirceanna uaine geamhair agus faoi thréadaibh caorach; tá na curcóga lán de
bheachain aca, agus is blasta an mheadh a ghníos bean an tighe; dhíbir síbhialtacht na ndaor daoine dubha na Tasmáine; agus níl cneamhairí an fhiadhántais chomh fairsing le bliadhantaibh anuas agus bhíodar. Mar sin féin gach uile theach dá bhfuil ar an uaigneas ní mór airm a bheith ann; agus níl sé mórán bliadhan ó shoin ó rinne bean an Chonallaigh gníomh a bhfuil cuimhne air i stair na críche, i n-aghaidh na bhfoghluighthe úd. Bhí ceath- rar nó cúigear fear a raibh airm aca a thóg seilbh ar an teach tráth a raibh a fear as baile. Cuireadh beirt aca ag faire taobh amuigh; duine eile aca a chuaidh isteach agus choinnigh aghaidh béal an ghunna ar mhuinntir an tighe an fhad is bhí bitheamhnach eile ag goid is ag fuadach ar fhéad sé. Thug bhean an Chonallaigh dhó-san dul isteach i gcaibhéad thuas an staidhre mar dhóigh dhe go raibh rud luachmhar éigin ann le taisbeánadh dhó. Ní túisge fuair istigh sa gcaibhéad é ná d'fháisg glas air, sgiorr síos go tapaidh go dtí an fear a bhí ar gárda, ghabh agus cheangail é go dtug ceangal na gcúig gcaol air le congnamh na bpáistí agus bhain na hairm de; dhúin an dorus annsin agus thosuigh ag caitheamh leis an gcuingir a bhí san úirlios amuigh. Chaitheadar-san cúpla urchar nó thrí ar ais léi agas thugadar dá shiubhal ann- sin é, gur fhágadar a gcompánacha gabhtha ag bean an Chonallaigh. Crochadh an bheirt sin ar ndóigh, agus (rud ab iondamhail an tráth úd) tugadh tuilleadh talmhan do na Conallaighibh tré chrodhacht an ghníomha. D. Foghmhair 18°. — Chuadhmar ar marcuigheacht ar na caiplibh arís agus thugamar aghaidh ar mhám ghruamdha atá sa Druim Thiar, sin é an t-ainm atá ag muinntir na críche ar na sléibhtibh atá 'na sraith ó cheann thuaidh go ceann theas oileáin na Tasmáine. Chonncamar tighthe
deasa le muinntir na háite ar an máigh, agus bhíomar imeasg na gcnoc agus sinn hocht míle ó Shliabh na Gaibhle. An Conallach óg a bhí mar threoraidhe againn d'fhágaibh sé sinn annsin, agus leanamar do chosán gharbh suas an cnoc idir chrannaibh adhbhal-mhóra agus charraigreacha. Ba gearr na dhiaidh sin gur fhágamar an áit ina raibh an mímósa ag fás, agus na dhiaidh sin an guma bán agus an guma gorm. Ar n-éirghe míle troigh dhúinn os cionn an mhachaire bhíomar imeasg crannaibh árda díreacha a raibh croiceann gruamdha na stríocracha ortha. Ní sgeitheann an cineál sin crainn a chroiceann ar nós na Eucalypti eile, agus an t-adhmad atá ann tá sé go fíor-chruaidh, go han-trom, go buan agus snáithe díreach ann. Is é is iondamhla a chur i dtighthibh agus i bhfáltaibh. Suas linn agus níos fiadháine agus níos géire a bhí an cnoc ag éirghe gach uile mhíle, gur shroicheamar dhá lán-mhíle troigh os cionn maighe an Rosa. Fuaramar amharc san áit sin amach bearna coille ar an gcrích ísiol d'fhágamar 'nar ndiaidh — áit fhairsing a raibh cuma thirm shúighte air, agus na cnuic ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile ar feadh t'amhairc soir gus an aigeán, agus iad faoi choilltibh. Bí Beann árd dorrdha Lomonn thoir dtuaidh; agus ba léar dhúinn i bhfad uainn sa nguirme gleann San Pól mar ar fhágamar an Brianach ag taisteal san uaigneas. Ba gearr uainn anois mullach an chnuic mar a ndeacha an cosán ar a rabhamar thar shléibhtibh an iarthair. Thuirlingeamar agus bhíos-sa ag cinnireacht na gcapall suas a raibh fágtha den chnoc, nuair chonncamar an fear ar an gcosán thuas os ar gcionn. Bhí gunna ina ghlaic aige, hata leathan- bhilleogach ar a cheann, agus mada adhbhal-mhór le n-a chois. An túisge chonnaic sé sinn gháir sé an cú-í! sin
í an ghlaodh sho-chlosda le n-a nglaodhann na daoine ar a chéile is-na coilltibh. Cú-í, arsa mise, in mo shean- bhéice, dhá fhreagairt; agus anuas leis an bhfear agus leis an mada i n-éinfheacht de sgiotán. Mac Uí Mheachair a bhí ann, agus bhí cheithre mhíle siubhalta aige ó n-a bhothán faoi n-ar ndéin! Brian ainm an mhadaidh, cú bhreagh chliobach le Mac Maghnusa tráth, acht bhí sí anois faoi chúram mhic Uí Mheachair. Bhaineamar as suas go meadh- rach, agus cé go raibh an choill go tiugh thart timcheall orainn ba gearr go raibh fhios againn go rabhamar ar bharr an chnuic, óir mhothuigheamar an ghaoth ag séideadh orainn ón taobh thall. Agus cé'n chaoi a gcuirfead síos anois ar an bhfeic iongantach ar ar thárlamar — feic nach bhfeicfeá i n-aon áit eile acht san Tasmáin, óir is críoch ise ní hé amháin nach bhfuil a samhail sa domhan, acht i gcruth agus i ndéanamh isé a contrárdha de phatrún atá sa gcuid eile den chruinne; go dtí tortha na críche féin: tá lochanna leathna ar bharraibh na gcnoc, i leabaidh an duilleabhar a sgeitheadh do na crannaibh is é an croiceann a sgeithid agus ar an taobh amuigh a bhíos an chloch ar an silín. D'éis dhá lán-mhíle troigh a strapadh dhúinn bhíomar ar bhior ghéar an chnuic agus chonncamar machaire réidh an Rosa thíos i bhfad uainn. I leabaidh dul síos dúinn an taobh eile den chnoc thárlamar an loch mhór a bhí ar a laghad seacht míle ar leithead, agus gan ag coinneál na locha annsin acht mullaigh na gcnoc agus í luma lán go béal, cibé cuach nó uachais dá ndearnadh í. Dá ngearrtaoi claise chúig troighthe fichead ar doimhin uaithi san áit seo rithfeadh an sruth síos an cnoc uaithi go ndéanadh abhainn eile tré mhachaire an Rosa. Dá ngearr- taoi claise den tsamhail chéadna ar an taobh thiar dtuaidh
dhi sgárdfadh an t-uisge síos go habhainn-loch atá ag bun an tsléibhe ar an taobh sin. Acht níl aon bhealach amach ag an uisge acht tré Loch an Chorráin gus an Clyde; gurab amhlaidh sin a fhliuchas sé gleann Bothwell agus thugas úire do bhunannaibh na gcrann ag Bothán Nant. Chuadhmar thar bheann Chinn an Mhadaidh go ndeachamar ar chosán gharbh cam idir na crannaibh, gur shroicheamar cuan ciúin nó dolán doimhin sa loch, agus sin é an áit i bhfuil bothán ar gcarad agus ní fheicfeá i dtír na n-óg amharc níos áille: an sruth glas ag snigheadh ós do chomhair agus coill thiugh thart ar a chúlaibh. Tá céibhín bheag adhmaid ag dul amach tamaillín sa loch, agus ag ceann na céibhe tá an Speranza ar snámh. Bád nua ise a rinneadh i mBaile Hiobáird, agus tugadh aníos annso í tré Bothwell ar shé cinn de bhuláin, chúig mhíle dhéag is trí fichid bealaigh. Bhí bean an tighe coille seo ar an ngrianán ag fáil- tiughadh romhainn. Thugamar na capaill do Thomás Mac Aodhagáin le aire a thabhairt dóibh, agus chaitheamar uair an chluig go sultmhar ag spaisteoireacht ar bhórd na locha go ham bídh. D'éis bídh meabhruigheadh a dhul ar an loch. Glaodhadh ar Sheon, sean-mháirnéalach atá ag mac Uí Mheachair do stiúradh an bháid. Cuireadh croicne míne beathadhach allta fúinn agus filléid ar na seasanna agus ar na suidheacháin, crochadh bratach Ameriocá i mbarr an chrainn, agus siúd amach sinn, le cuairt a thabhairt ar an oileán, go bhfeicimíd goidé mar tá an coirce agus na fataí ag teacht ar aghaidh. Óir ní mór le mac Uí Mheachair a bheith ina an-fheiliméara freisin; agus bhí fear ar an oileán cúpla mí aige ag treabhadh is ag forsadh is ag cur. Acht tháinig an tráthnóna garbh; bhí an ghaoth in ar n-aghaidh, agus ní rabhamar thar chúpla míle amach
nuair a chasamar. Nuair a chuir Seon thairis an bád is beag nach ndeachaidh a bórd faoi uisge gur shroicheamar an chéibh de sgiotán. D'éirigh sé glas tráthnóna; agus ba mhór an áineas linn an teine dheas adhmaid, an párlús beag dearg agus na leabhra galánta ar na foraidhibh. Bhíomar go sultmhar ar ndóigh cé is moite don uair a dtráchtaimís ar Éirinn agus ar an gciseach a rinne a fir phuiblidhe dhi; agus táid siad-san ag déanamh adhbhar magaidh d'Éirinn ar fud an domhain. Acht bhí cur síos mór againn ar an Tasmáin, ar an toghadh agus ar an gCumann Astráileach, agus tá an- tsuim ag mac Uí Mheachair annsin. Ba mhaith linn araon go n-éireochadh le na coilíníbh fiúntacha deireadh a chur leis an daorsacht annso, óir is mór an náire í — ní hé go deimhin go mbainfeadh an t-athrughadh linne, Gaedhil mar sinn atá ar longais, óir ba deimhneach dhúinn ar gcoimhéad ar chuma ar bith; acht ar gcáirde croidhe annso tá an oiread sin de shuim sa gcás aca agus an oiread sin den cheart aca, ar son na críche a thoghadar mar thír mháthardha, agus sin í an oighreacht a fhágfas siad ag a sliocht. Is móide ar suim (mo shuim-se pé n-Éirinn é) sa gcás, an mhéid gur mór an sásamh liom riaghaltas Charthagin a sháinniughadh agus a uirísliughadh. Sin é thug dhom an sásamh fuaras ar an gceannairc a bhí san Afraic Ó Dheas; thríd sin atá ríméad orm gurab é baramhail na gcoilíneach annso gur náimhde fealltacha atá ag déanamh uisge faoi thalamh ortha atá sa riaghaltas i Sráid Dhonnáin, go nach bhfuil súil aca le tada uatha- san acht le bréagaibh agus le droch-mhúnadh; thríd sin atá fúm go goirid tuairisg a chraobhsgaoileadh faoi an seasamh rinneadh san Afraic Ó Dheas i n-aghaidh na ndaor, agus fuaras an tuairisg sin nuair bhíos ann sa
láthair. Táim deimhneach go gcuirfidh an Colonial Times i gcló dhom é ó lá go lá, cibé fad is maith liom a bhaint as. Ní raibh mac Uí Mheachair na chomhnuidhe agus an deagh- obair seo ar siubhal; agus is mór an chumhachta atá aige sa Ros agus i mBaile Chaimbéil. Thóigeas in mo láimh i nÓsta na hAibhne Móire an fuagra thug an soláruidhe do lucht toghtha an cheanntair. Clóbhuaileadh ar fhoill- seacháin mhóra é, agus thug an Cearmodach anuas annso é le n-a chur suas ar bhallaibh agus le n-a sgaipeadh. Bhí cual díobh ar an mbórd agus an cainteoir ag caint. Chonnaiceas cor cainte a thug dhom tuilleadh a léigheadh - dithreabhach an locha a chúm gach uile fhocal de; d'aith- nigheas lorg a láimhe ar an uile líne. 19° — Thug Tomás Mac Aodhagáin na capaill le bórd locha dhúinn go both an Chúipéaraigh, agus chaitheamar sgathamh go haoibhinn ag seoltóireacht ó áit go háit ar an loch Feicthear dhúinn gur glaine agus gur éad- truime an t-aer atá thuas is-na réigiúin árda so ná i n-aon áit eile den oileán; gur glaise an féar ann agus gur fearr an duilleabhar; agus ar mbeith dhúinn ar snámh annso ar ar sógh feicthear dhúinn nach bhfuil aon loch sa domhan níos breaghdha ná Loch Sámhaidh. Ní dhearnadh gacha le rann molta dhi agus rinneadh do Win- dermere, ná níl gacha le duine ag tarraing uirthi ó Londain ná dhá milleadh agus atá ag tarraing ar Loch Lomonn nó ar Lochannaibh Chill Áirne; níl a hainm chomh coitcheanta sa sgéaluidheacht le Loch Regillus nó le Thrasymené, ná chomh tásgamhail sa litridheacht le Como nó Geneua. Is breaghdha an tuairt le n-a dtuiteann an Éríe san Ontarío ná mar tá ag uisge an locha so ag tuitim isteach i Loch seathrach an Chorráin di; ná
ní thagann mac alla ó na fuaim mar thagas agus mar thiocfas go bráth ó na cnuic go Loch Caitríona agus go Loch Achréidh. Rud is measa ná sin arís: níl iasg ruaidh ná breac innti, an péirse, an gaill-iasg ná an bradán. Acht féach, en revanche, an fhoraois adhbhal-mhór atá ina chéile thart timcheall orainn annso. Tá an bheann ar a dtugtar Cnoc an Chliabháin ar an taobh ó thuaidh agus na háilltreacha liatha ag éirghe amach as ina bharr tré na crannaibh — aon bheann amháin ise atá ag éirghe as an druim mór thiar, agus í míle troigh ar áirde os cionn na locha, agus í gar do cheithre mhíle troigh os cionn cothrom na fairrge. Tá Cnoc breagh an Bhúird thall ar a aghaidh sin, níos fuide uait arís ar an taobh thall de Loch an Chor- ráin. Níl comharthuidheacht ar bith annso an duine ná an beithidheach a bheith beo ann. Níl tighthe galánta ar dhéanamh ársaidh aimsire Eilíse ann, ná ar dhéanamh Gothic, ná ar dhéanamh Gréagach, ar stuadhaibh árda agus i n-áitibh áille leis an loch. Ní fheicfeá dreamanna daoine ag imtheacht faoi sgáthaibh galánta gréine, ag seoltóireacht go háitibh aoibhne do dhéanamh aeir agus pléisiúir dóibh féin, treoruidhe ina gcionn le deiseacht na háite a thaisbeánadh dhóibh agus le n-a dtreorughadh ar ais arís tráthnóna go tighthibh móra maiseacha ósta mar a mbeadh biadh agus deoch ullamh dhóibh ar an ceathair a chlog. Tá coill fíor-doi-eolais ar bhórd thuaidh na locha, coill fhada fhiadháin, cé go ndearna San Caoimhghin agus tuilleadh againn ar mbealach tríthi uair ar na caiplibh, agus ba contabhairteach an turas é: sinn ag treabhadh na locha amanna, ag léimneach thar chrannaibh a bhí ar lár agus dhár mbrúghadh féin thríd an gcrannlach go rabhamar i riocht ar stracadh de na caiplibh. Aon ghailín amháin deataigh sin é an méid is léar dhúinn thart
timcheall na locha. Ag éirghe as both aodhaire atá sé sin, sé mhíle treasna na locha uainn, i n-áit a bhfuil an t-aodhaire ag cumhdach a thréad agus an tréad ag ithe ar chimín samhraidh an cheanntair. Tuige nach mbeadh Loch Sámhaidh iomráiteach freisin chomh maith le aon loch eile? Cá bhfuil an t-uisge níos glaise níos glaine, ná an spéir níos guirme os a cionn? Cá bhfuil an lacha fhiadháin a bhfuil a nead níos cumhduighthe ná an lacha a bhfuil a nead faoi chiúmhais an chrainn tae ná ar do bhórd-sa, a Loch na deisceirte? Agus an eala bhán a shnámhas dúbailte .i. an eala agus a sgáile, ar Loch Naoimh Muire, an mó is seaghanda í, agus an deise sgáile a muinéil fhada ná eala dhubh uasal na deisceirte? Tiocfaidh an lá fós go gcanfaidh binn- fhile éigin do mhaise, a loch dheas na gcoillte. Tu quoque fontium eris nobilum. Níl ar t'fhuaid anois acht deamhain na críche, agus aodhairí a bhfuil pasport aca ag feadaighil agus ag seinnm cheoil faoi do spéir bhog chiúin; acht tógfar fós sa domhan deisceartach so deagh-dhaoine iomráiteacha agus bhéarfaidh siad cuairt- eanna ar do bheannaibh agus ar do lochannaibh; ní bheidh cuan gan a fhinnsgéal (óir tá fuil dhearg sa duine fós a bhíodhgfas agus a fhiuchfas go deo na ndeor le uaill agus le ainmhian), agus filí nár rugadh fós bhéarfaidh siad taithneamh do sgartadh na gréine ar do mhion- thonntaibh. Tharraingeamar ar thaobh Bothwell den loch: agus shroicheamar an caladh mar a bhfuil a bhothán adhmaid ag an gCúipéarach. Bhí an ghrian go bárd, acht níor mhór linn a bheith ag triall abhaile. Acht bíonn aithmhéal i gcomhnuidhe orm dhá bhfágáil; agus níl uair a thagaim chuca nach mbím ag taisbeánadh do Sheán Knox áiteacha fasgamhla ar an
mbórd is goire do Bothwell den loch le n-ar mbothán do thógáil ann; agus is minic a bhíos féin agus eisean ar tí a dhéanamh. Acht an fhad is bhéas muid i réigiúin seo an diabhail is cosmhail gur i sráid-bhaile Bothwell atá i ndán dúinn a bheith. Aon áille amháin atá i gcrích na loch a aoirde; tráth a mbímíd ag seoltóireacht ar na lochannaibh árda so i mbarra na mbeann bímíd i bhfad 's i bhfad os cionn gach uile bhaile os cionn domhan na ndaor agus na mbitheamh- nach; dhá mhíle troigh níos goire do na réaltaibh ná an daosgar-shluagh daor agus síléar atá ag cur alluis agus ag saothrughadh thíos i n-íochtar. Támuid ina measg, acht ní cuid aca sinn. Támuid i sraith aeir atá níos áirde ná iad; agus an t-aer atá na bitheamhnaigh a shúghadh isteach, tagann chugainne ar an ngaoith ó aigéan dhorcha na hIndia, nó ón aigéan thoir ina bhfuil oileáin chumhra gréineacha. Sgiorramar síos an abhainn atá idir an dá loch ar feadh dhá fhichid slat go dtí an droichead garbh, san áit a mbíonn an Cúipéarach ag foraireadh. Bhí Treodathach ag sgríobadh na talmhan go mí-fhoighideach le n-a crúib, agus Fleur de lis agus a cheann san aer, agus a pholláirí osgailte amhail is dá mbeadh ag cur bholaidh na stáblaí ag Both Nant. Cheileabhramar dá chéile. Thugas-sa kangaroo óg liom i mála (bronntanas a chuir muirighin Shléibhe na Gaibhle chum na bpáistí) agus ó thárla go raibh an toirmeasg sin orm thug sé mo sháth le déanamh dhom agus an capall a chinnireacht. Bhí mo bhean i dtosach agus í ar Fleur de lis. Bhuaileamar siar le bórd thiar Locha an Chorráin sna cosa i n-áirde; thar an Clyde (a ritheas síos go deifireach go gleanntaibh doimhne go nach mbéidh feiceál arís againn uirthi ar feadh fiche míle
dá haistear); le bun áilltreacha Chnuic an Bhúird, agus iad-san ag lonnradh sa ngréin mar bheadh soirnn ann. Síos linn diaidh i ndiaidh ar an druim leathan, ní ar leicean an tsléibhe é, agus níor bhaineamar cos as rith go rángamar an fhaithche uaine ar a dtugtar riasg na dtrí mhíle; nídh nach riasg ar bith acht móinfhéar áluinn trí mhíle ar leithead agus é faluighthe le crannaibh sheagh- anda. Bhí beann garbh Chnuic na Ginne os ar gcomhair, éadan árd linn — níl cnoc sa Tasmáin gan éadan árd air — agus é ag éirghe suas ina rinn gharbh-ghéar nach sroichfeadh tada a bharr mara mbeadh an t-iolar ann. Gidheadh chonnaiceas cailín óg ó Bothwell, cailín dána ó Albain, a rinne capall a mharcuigheacht go dtí n-a mhullach, ag magadh faoi fhear a rinne an rud céadna tré gheall a chur. Míle eile a chuireamar dhínn gur shroicheamar gualainn na Ginne, agus uaidh sin ba léar dhúinn gleann Bothwell thíos fúinn, mar bheadh léarsgáil ann a bheadh osgailte os ar gcomhair. Tuitim géar atá sa talamh annso, ní fánán réidh atá ann, acht mion-chnuic agus gleannta cama atá faluighthe le crannaibh móra millteacha, agus an mimósa breagh buidhe bláthmhar fútha-san. An gleann doimhin garbh tré n-a ndéanann an Clyde a bealach thar na cnuic, atá sé taobh na láimhe deise dhínn; an Cnoc Gorm ina mheall thall annsúd, agus ó dheas ar fad uainn beanna na gcnoc atá taobh thall den Derwent, agus iad faoi shneachta. Seacht míle eile atá le dhul againn; acht d'éis teacht go mall an cnoc anuas thárlamar ar mhachaire fhéarmhar Bothwell, é faoi choilltibh mar bheadh páirc mhór ann, agus rith na capaill thairis mar an teine ghealáin, agus níor stadadar gur bháitheadar a bpuis sa gClyde arís
láimh le feilm Nant. Bhí Seán Knox agus na páistí agus na madraí ag spaisdeóireacht sa bpáirc; chonn- cadar sinn ó chuadhmar an athá anonn; ritheadar fá n-ar ndéin dar bhfáiltiughadh; agus tá ríméad i mBoth Nant faoi an gceangarú. 1853. — Eanair 1°. — Both Nant. — Is fada ó sgríobhas éinnídh in mo leabhar tuairisge. Táim cortha de litridheacht, is fearr liom a bheith ag feilméaracht agus ag díol olna. Tá rud éigin sa spéir shéimh chumhra so a dhallas an inchinn rud éigin agus a neartuigheas an cholainn. Táim ag iarraidh an nídh iongantach sin a mhíniughadh dhom féin ar a lán slighthibh. An stáid aisteach ina mbíonn an spéir ar mbeith lán d'aibhléis di, sin teoir atá agam. Ar feadh na dtrí mbliadhan a chaitheas agus a chuireas amugha faoi shléibhtibh agus faoi choilltibh annso ní fhacas aon fhíor-stoirm cheart teintidhe; níor chualas dhá phlump dhéag tóirnighe le trí bliadhna! agus d'fheicfeá lasair aonruic sa spéir sa samhradh ann chomh minic agus chonnaic Diogenes an t-iongnadh a raibh sé ar a lorg le n-a laindéar. Ní fheadar go cruinn goidé an chumhachta atá ag an gcineál sin spéire ar inchinn an duine, ar a fhuil ná ar a fheitheachaibh; acht is deimhin gur lugha an mothughadh agus an corrughadh intinne bhíos ar mhuinntir na Tasmáine — idir dhaoinibh dhúthchais na tíre agus dhaoine tháinig sa gcrích — ná chonnaiceas cheana riamh. Ní thaitnigheann spaisteoireacht leo; níl siad mar sin le marcuigheacht; táid siad neamh-shuimeamhail, neamh- ghníomhach, socair; agus nach iongantach an rud é, níor shaoileas go bhféadfaidhe an oiread óil láidir a ól gan dochar don tsláinte agus ólaid? D'itheamar-ne freisin luibh chodlata, Seán Knox agus mé féin annso, agus marar bhain sí an dúil chun dul abhaile dhínn bhain sí an
ghaimh as an dúil. D'ólamar fós deoch shiabhardha na leisge is-na garrdhantaibh seo, an tSidheog Morgana a mheasg dhúinn í; agus mara bhfuil dearmad déanta againn ar an domhan agus ar na gnóthaibh cruadhógacha atá ar siubhal ann tá a ghleo agus a ghleithearán i bhfad uainn, tá sé bogtha bodhruighthe, comhfhuaim aige beagnach mar bheadh ag torann tonn an aigéin a chluinfeá i mbríonglóidibh, nó mar chloisfeá iad as sliogán mara. Ní maith dhúinn go cinnte a bheith annso. Tagann dúil orm amannta dúisiughadh, agus stoirm theintidhe thoranda a chlos ag sgoilteadh na spéire, ag réabadh na gcoillte agus ag craitheadh na cruinne; agus is dóigh liom go gcuirfeadh lasair na spéire beodhas sa bhfuil agus san inchinn agam. Is leisgeamhail marbhánta uainn na páipéir thagas ón domhan ó thuaidh chughainn a léigheadh — nuaidheacht a bhí ann cheithre mhí ó shoin; agus cé'n chaoi a bhféadfadh an tsuim chéadna bheith againn i gcúrsaibh a bheadh neamh-dhéanta b'éidir arís agus na daoine ba ciontach leo sa gcré sul chloisimid fútha? Má rinne Laoiseach Napóleon coup méirleachais d'etat bliadhain ó shoin, má d'ionnsuigh Párus, má chuir fir is fearr ná é féin i gcarcair nó thar sáile, nach beag sin againne? B'éidir an ceann a bheith sgoithte dhe féin faoi seo, nó é bheith faoi 'n tuaith i Ham arís, nó 'na chearrbhach i Londain, nó 'na Impearóir ar an bhFrainc — is dóigh liom gur cuma eatortha é céad bliadhain ó indiu. Tá ciúineas an bháis ar an domhan braonach — 'na gcodladh nó i bhfanntais atá na daoine ó na cuibhreachaibh troma agus ó na glais atá ortha ag lucht brath idir ríghthe agus impearóirí. Níl ar fud an domhain a bhfuil an bruth agus an spioraid ionnta acht corr-dhuine atá ar lorg na háite áirithe le n-a gcuirfeadh teine agus lasair
na beathadh tré n-a mbíogfadh an meall marbh arís. Is beag nár mhothuigheas mé féin 'mo dhúiseacht feadh tamaillín, ar n-a chlos dom Laoiseach Kossuth d'imtheacht as an gcúlráid ina raibh sa Turgéis. Chuaidh go Sasana i dtosach agus annsin go Ameiriocá; agus chuir sé aithbheodhas ionnam beagnach caint líomhtha ghlórmhar an Ghoibhearnóra a léigheadh. Ba cosmhail le dia beag é an Goibhearnóir ag triall ar fud na Stát Aonta; agus chuir sé gliondar ar dhaoinibh an domhain fíor-óráideach a chlos ag cur síos ar an gCeart, ar Dhlighe Puiblidhe, ar Shaorsacht agus ar Onóir. Acht ní raibh fhios agam go rabhthas ag déanamh mealltóir dhe san bPuiblidheacht Mhóir; agus gur fhill an Magyar tréan ar an Eoraip agus an t-ainm bréige Seán Mac Gabhann air. B'éidir go ndar leis nach n-osglochadh lucht posta Shasana litreacha Mhic Gabhann; acht ná meall thú féin a Ghoibhearnóir Mhac Gabhann; is duine contabhairteach thú, agus ní mór leis an Rúnaire Baile i Sasana a dhualgas a choimhlíonadh dá dhia .i. d'Órd. Agus cá dteichfir anois, a Kossuth Mhic Gabhann? Cé na cumhachtaí ar dhruim an domhain nó faoi an domhan ar a gcuirfir impidhe anois? Féach, Órd agus Ceannuigheacht atá ag riaghlughadh an domhain anois (an Cheannuigheacht an spioraid is gársamh lasa gcruinne; Mammon b'ainm di uair, agus ceapadh go mba diabhal í), agus níl aon áit duit-se. Cá bhfuil an té leomhfadh géilleadh dhuit-se anois? Cá bhfuil an té leomhfadh cluas a thabhairt do do chaint dá chumasaighe í? Fairíor gan thú anois i mBoth Nant, a Ghoibhearnóir — níor bhfearr dhuit áit dá mbeitheá ar longais — agus thiubhramaois d'fhiadhach an cheangarú thú, chuirfimís hata leathan-bhilleogach ort, agus gheobhthá píopa uathbhásach na síothchána le caitheamh tráthnóna
uainn; gheobhthá toghadh na n-each uainn, a thiubhradh dhá fhichid míle sa ló thú, tré choilltibh cumhra bláthmhara, go súghfadh do chroidhe luibh an chrúiscín — go nach mbeadh de chuimhne agat ar do Ungáir féin ná ar do shruth Danóibí acht amhail is dá mba i stáid éigin eile den tsaoghal a chonnaic tú iad, sul rug do mháthair thú. Tharraing ar gcompánach, mac Uí Mheachair, a ghealladh gan éalodh ar ais bliadhain ó shoin; agus fuair congnamh ó cháirdibh, gur éaluigh. Tá sé anois san Oileán Úr, áit ar cuireadh fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe. Léigheas cuid dá chaint; agus ní miste a mheas an chreideamhaint a bhuaidh dhó féin nach gcaillfidh í. Níl aon athrughadh eile ar ar gcáirdibh annso. Tá an Dochartach i mBaile Hiobáird fós, 'na chomhnuidhe i nOsbuidéal Naoimh Muire mar liaigh; éaluigheann aníos go Bothwell corr-uair le cuairt a thabhairt orainn agus do thógáil aeir na gcnoc. Tá an Brianach i Norfolk Nua arís le bliadhain. Tá sé ina shláinte arís. Is minic a chloisim uaidh, agus téighim féin agus duine de na buachaillibh síos uaireanta dá fheiceál. Tá fúm an t-aistear a thabhairt an tseacht- mhain seo chugainn; táim cruadhógach anois ag baint an fhéir. Seo é a bhfuil de thuairisg le sgríobhadh agam lá Chinn Bhliadhna 1853. Ní móide go gcuirfinn focal eile síos go bliadhain ó indiu; óir thárla athrughadh don irisleabhar lae seo, gur hathruigheadh i leabhar seachtmhaine é, i n-irisleabhar míosa annsin, agus i n-irisleabhar bliadhna faoi dheireadh.
AN 20° CAIBIDIL. Bothwell, Eanair 3°, 1853. — Níor thugas aon tuairisg fós san Irisleabhar fhírinneach so ar aon fhiadhach dá ndearnamar ar an gceangarú; agus níor Thasmáin í an Tasmáin gan an fiadhach a bheith ar an gceangarú. Dá réir sin, seo leat é. Ar theacht do Sir Liam Mac Dhonnchadha faoi an tuaith amanna ag “árd-fhiadhach” le na chuid aides de camp agus rúnairí, is clos dom gur paca gadhar a bhíos aige agus lán na páirce de mharcaigh; acht ní hé sin dúinne, ná ní hé an modh gnáthach é. Cú láidir a tógtar le haghaidh na húcáide an mada ceart le bheith agat ar an bhfiadhach sin; agus is leor péire aca-san. Chuadhas féin agus Seán Knox amach an lá cheana i n-éindigh leis an nGiolcach. Bhí a dhá mhada ar an nGiolcach, cú bheag a raibh an míonach ceart innti ceann aca; mada mór láidir an ceann eile a raibh míonach na con innti, ar dhéanamh níos áirde agus níos breaghdha ná d'fheicfeá sa gcineál díobh atá i Sasana. Thriallamar ar an gCnoc Gorm siar, agus ba gearr go rabhamar i gceanntar fiadháin achrannach sléibhe a bhí faoi choilltibh tiugha, a lán crann ar lár sa mbealach orainn ann, agus mion- ghleannta géara ina gcéadtaibh ann, ag síneadh soir, siar, síos is suas; agus na tulaigh chomh cosmhail sin le chéile agus nár bhféidir aithne a chur ar cheann aca seachas ceann eile. Ní bheadh a fhios agat ce'n áird den domhan a mbeitheá ag triall marach an ghrian. Agus atá de
thiughas na gcrann ar leicnibh na gcnoc, agus atá de ghairbhe na talmhan le bunanna crann, le carraigreacha agus le puill agus nach bhféadfadh marcach imtheacht go mear. D'fhan na madraí le n-ar gcois go dlúth agus sinn ag triall thríd an bhfiadhántas, gur léim ceangarú amach faoi dheireadh ó bhun sean-chrainn agus gur chuir sgréach as le heagla. Thug trí árd-léim, é ag éirghe ar a chosa deireadh agus ar a iarball, go ndeachaidh as amharc; síos leis ar chúlaibh na sgeach, síos an gleann garbh. Acht ní túisge fuair na madraí amharc ar a chluasa beaga luchóige ná siúd ar siubhal iad ar a lorg. Hula! hula! a Ghae! Beir air, a Dhéagánaigh! (óir is é ainm Dhéagánaigh bhaoth Theampuill Phádraig a tugadh ar cheann aca). D'imthigh na madraí as radharc fosda ar an toirt; gur tharraingeamar srian annsin, agus níor chuireamar cor dhínn go filleadh dhóibh. Béidh sé marbh nó caillte aca faoi cheann deich noiméad; agus má's beo marbh é fillfidh siad gus an áit ar fhágadar sinn; agus ar an toirt is a bhfillfidh siad aithneochaidh muid ar a ngnúis má d'éirigh leo mharbhadh. Má d'éaluigh an t-ainmhidhe, béidh na cluasa ar liobarnaigh leo ag filleamhaint agus cruth na haithrighe ortha, go luighfidh fúinn agus gan puth dhá n-anáil aca. Má mharbhuigheadar an námhaid tiocfaidh siad ag réabadh thríd an gcoill, na cloigne san aer aca, fuil ar a smuit, agus sul thiocfas siad chomh fada linn casfaidh siad ag imtheacht arís ar bhog-shodar go dtuga siad gus an ionad sinn i bhfuil sé marbh agus a sgórnach gearrtha agus cnámh a mhuiníl briste. D'éisteamar agus chualamar na géagáin úra dhá lúbadh agus na géagáin chríona dá mbriseadh leis an bhfuadar a bhí faoi na madraibh — annsin corr-thafann gearr feargach,
go nach gcualamar tada — agus go haibéil na dhiaidh sin tháinig an Déagánach ag déanamh aithrighe, agus tháinig Ga agus é go náireach. Ní bhreathnochaidís díreach orainn, óir is beithidheach é an mada ina bhfuil réasún, acht iad ag siubhal anonn is anall ag déanamh orainn dóibh, gur luigheadar ar a dtaobh agus séideán ionnta amhail is dá mbeidís i gcruth pléasgadh. Ní dheachamar i n-aice leo — ba leor dhóibh mar phionús gur chinn ortha. Má fhághann an ceangarú ceann garbh le fána mar atá annso, áit a mbéidh crannlach agus sgeacha i n-íochtar níl a bhreith air ina chionn, óir is fada an léim atá aige ag dul le fána, agus dá ndéanadh na madraí a ndícheall na dhiaidh mharbhochaidís iad féin i n-aghaidh tuláin, nó sturáin, nó i sgailp éigin. Acht fághaidís an bitheamhnach rómpa agus sórt cothruime sa talamh agus gan na crainn a bheith ro-thiugh ann, fághaidís amharc maith i n-áit mar sin air agus ní bheidh ortha acht cúpla léim go mbéidh siad ina mhullach. Óir níl an ceangarú i ngar dá bheith chomh mear leis an ngirrfhiadh. Rinneamar ar ar n-aghaidh suas na cnuic, gur dhúisigh- eamar ceann eile. D'imthigh an dá chú arís le iompódh do bhoise. Chualamar an síor-thafann géar feargach: — ní raibh smid uatha annsin feadh tamaillín, annsin chualamar mada aca ag uailfirt ina shean-bhéice; bhí sé ceathramha míle uainn. Táid siad ag teannadh leis an námhaid, agus thug an uaill sin le tuisgint dúinn má thuit sé gur bhain roinnt éigin sásamh amach ag tuitim dó. Gidheadh níor fhéadamar tarraing ortha, ar fhaitchios a chéile a chailleadh is-na gleanntaibh cama, acht d'fhanamar tam- aillín go mí-fhoighideach. Tháinig na madraí dhá dhearbhadh dhúinn go raibh go maith, acht bhí an Déagánach gearrtha go cnáimh ó n-a chluais go barr a phuis. Ceangarú láidir
a curtar i sáinn, cuirfidh a dhruim le crann, a cheann san aer, troidfidh annsin le n-a chosa fada deireadh dhá n-árdughadh amach roimhe, agus tá ionga láidir sa gcrúib láir aige. Acht seo rud a theasbáineas an míonach agus an meis- neach atá i gceann de na madraibh breaghdha so: ar mbeith dhúinn dá leanamhain gus an áit ina raibh an t-ain- mhidhe marbh aca léim ceangarú eile amach os a gcomhair. Bhí na madraí tuirseach, sáruighthe, acht siúd na dhiaidh iad: acht ar mbeith gonta don tsean-Déagánach leisgeamhail loic sé d'éis cúpla amhóg, d'fhill ar ais agus d'iarr cead luighe faoi, rud a fuair mar gheall ar a aois, a cháilidheacht, agus a sheirbhís. Bhí Ga as amharc, agus d'fhanamar ceathramha uaire leis. Chuireamar cluas orainn féin théint a gcloisimís tafann acht níor chlos dúinn acht sgréach na pioróide, nó glaodh ón snag breac bán. Tháinig sé faoi dheireadh go mall, a iarball leis síos acht comhartha buadha ina aghaidh. Tá sé aige, ar an Giolcach; Maith thú, a Ghae! Buachaill maith! Cé aca a thaisbeáinfeas sé dhúinn anois? arsa mise. Marbhuigheadh péire, agus ní san áird chéadna atáid siad. Chífir sin, ar seisean. Go dtug Ga thar chúpla cnoc agus thré chúpla gleann sinn, gur stad ag bun carraige. Fuaireamar an dara hainmhidhe annsin: bhí sé te agus an fhuil the ag teacht ina sruth ó n-a mhuineál. Chrochamar suas ar dhiallaid é gur cheanglamar ann é. An ceann eile anois! An ndéanfaidh Ga a bhealach go deo gus an ionad i bhfuil an chéad cheann? óir d'éirigh an péire san áit chéadna agus d'imthigheadar ar dhá líne a bhí dronuillinneach le chéile. Gidheadh dubhairt an Giolcach leis an mada: buail leat, a bhuachaill mhaith, buail leat, buail leat! agus créatúr tuisgionach a bhí
ann mar mhada. D'fhéach faoi is tairis agus níor léar dhó faice acht crainn agus carraigreacha, acht bhain as go muinighneach an tslighe a thogh dhó féin. Níor fhill amháin go dtí an áit ar dúisigheadh an dá ainmhidhe, acht ghluais leis an tslighe chomh díreach le slat ghunna, tré chúpla gleann cumhang agus thar chúpla cnocán; agus d'éis sinn a thabhairt leith mhíle fuaramar an chéad chean- garú ag bun crainn. Beithidheach an-mhór buineann a bhí innti, agus í tuairim le 50 punt meadhchain. Ní fuláir nó fuair sí a sáth reatha; óir fuaramar ceann óg léi ina póca, ní raibh d'uain aici a chaitheamh uaithi. Ar n-éirghe as a leabaidh do na cinn bhuineanna, nuair thagas an námha ortha, cuirid a lámha ina bpócaibh i gcomhnuidhe go gcaithid na cinn óga i n-áit shábhála éigin i gcruth is go mbeidís féin níos eadtruime chun reatha. Throid an ceann so go cumasach ar a son féin agus ar son an chinn bhig. An chlaise ghearr sí le n-a hiongain i n-éadan an Déagánaigh ní chaillfidh an Déagánach a lorg go lá a bháis. Bhí línn mhór fhola ina timcheall agus a cloigeann gar dhá bheith strachta den cholainn; agus í lottha go doimhin ina taobh, áit ar chuir an Déagánach a phus ag ól na fola. Cheanglamar í, gur chuireamar treasna ar dhiallaid eile í. Sa bhfiadhach dúinn, dhúisigheamar chúig cinn i n-imtheacht trí huaire; mharbh na madraí trí cinn agus leigeadar péire uatha. Is maith an obair lae sin anois, deir siad; óir tá an ceangarú ag éirghe gann san áit ina bhfuil daoine 'na gcomhnuidhe ar fud an oileáin. Tá an-tóir ortha mar gheall ar an bhfeoil — feoil bhog dhonn í ar nós feola an ghirrfhiaidh — agus mar gheall ar an gcroiceann. Déantar leathar mín bog dhe sin i mBaile Hiobáird agus i Launceston, agus gléastar é le mimósa agus le cairt
crainn. Sin é an míonach is fearr sa domhan do dhéanamh leathair; agus tháinig trácht mhór air le bliadhantaibh gearra anuas, agus is iomdha lucht den chairt a curtar i n-éadan na bliadhna go Sasana. Isé an cineál is ró- áille é den luibh ar a dtugtar an acacia; agus tá fuiling ar an bhfuacht aige, ní hionann sin agus an cineál de fhásas sa domhan tuaisceartach, agus chonnaiceas ag fás go tréan i réigiún na loch annso sa Tasmáin é, 3,000 troigh os cionn cothrom na mara. Gidheadh ní tráchtas é seo ar luibheadóireacht acht ar fhiadhach an cheangarú. Níl de bhaint ag an ainmhidhe sin le crann na cleithe acht an oiread is tá ag laogh le crann liomóide; gidheadh cuirfidh an crann deas a ndéantar úsáid dá chroiceann do dhéanamh leathair de chroiceann an chean- garú, cuirfidh sin an t-ainmhidhe i gcuimhne dhuit, mar chuirfeadh spólla de laogh an crann liomóide i gcuimhne dhuit. Is iongantach agus is grinn iad slighthe na haignidh — tá “asal gáireach” (éan breac é sin chomh mór le smólach) ag sgreadach agus ag gáiridhe ar an gcraoibh i n-aice linn; dá leigeadh duine dá aigne smuaineadh ar an mbaint atá ag ainm an éin seo le n-a gháiridhe dhí- chéillidhe — cá stadfadh sé? Sin é an cineál feall- samhnachta atá ag rith tré n-ar gceann agus sinn n-ar suidhe ar chrann atá ar lár i n-aice le tobar; agus sinn ag ól braoinín as an mbuidéilín biotáille atá againn. Támuid lán-tsásta la fiadhach an lae. Abhaile linn go Bothwell annsin, áit i n-íosfamuid béilidh i dtigh an Ghiolcaigh. Eanair 5°. — Táim ag baint an fhoghmhair go dúthrachtach, agus dhá mhéirleach nó thrí ó Éirinn a chongnamh dhom — cuireadh anall iad, adeirid liom, faoi airm a thógáil. Is fiúntach an choir sin leis na buachaillibh sin. Is tig
leo, na bitheamhnaigh, deich sgilleacha sa ló a shaothrughadh sa bhfoghmhar, agus saoghal ríogh Gaedhealaigh aca ó cheann ceann na bliadhna i leabaidh saoghal rógaire. Ní maith leo a bheith ró-dhian ortha féin, agus ní mór leo cuid mhaith óil. Sguirid d'obair go moch, agus caithid an tráthnóna ag caitheamh tobac is ag comhrádh sa gcúilios, agus codluighid siad i bpluideannaibh croicinn sa sgioból. Gidheadh níl siad go han-dona ar fad, na créatúir ghránna, d'éis a bhfaghaid de shaothrughadh ar son a mí-ghníomh, d'éis an aire tugtar dhóibh ar mhaithe le na bitheamhnachaibh — níl siad leath chomh dona, cuir i gcás, le comhairleacha Bainríoghna Shasana. Daoine sibhialta iad atá nádúrdha le chéile, gan rógaireacht ar bith ionnta — tá an oiread de chóir agus de dheis ortha agus nach bhfuil tada ann a chuirfeadh cathughadh ortha, agus rud eile dhe tá de dhéine an phionúis a leanas an choir agus gur eagal leo aon díoghbháil a dhéanamh. Agus is iongantach an rud é, agus sgríobhfad síos annso é; na trí bliadhna chaitheas sa Tasmáin i mbothán beag iargcúlach a raibh fuinneoga thart timcheall le talamh air, agus gan aon choimhéad ortha, d'éis dhá dhaor a bheith mar sheirbhísigh agam, chodail mo mhuirighin ar feadh an ama sin chomh suaimhneach agus dá mbeidís i nDroichead na Banna, agus níor goideadh tada riamh uaim acht aon ghunna amháin. Ba mhaith le duine na créatúir seo a bheith go compóirteach agus iomchur fiúntach fheiceál fútha marach amháin go bhfuil fhios ag duine nach bhfuil sa modh ar fad acht modh as a síolruigheann peacaigh; agus an riaghastas gránna céadna agus an stáid saoghail a thugas luach maith saothair do na daoinibh seo faoi n-a gcneamhaireacht go gcuirid smacht agus tarcuisne ar dhaoinibh bochta, cneasta agus go bhfágaid an t-ocras
ortha de bhrígh a mbeith bocht, cneasta. Is minic dá réir sin, nuair bhíos na fir sin ag baint do réir a láimhe, nó ag treabhadh ar leiceann an tsléibhe, agus iad ag gabháil fhuinn nó ag caitheamh tobac ar a socamhal, nó i bhfeidhil tréad a maighistir faoi na coillte mar bheadh aodhairí simplidhe daonna ar bith, is minic gur mór an ghráin liom iad i n-áit a bheith ríméadach as a bhfeabhas agus as a n-iomchur; agus gur arrachtaigh amhghlana agam iad a raibh a gcrochadh ag dul dóibh fadó riamh. Chítear dhom annsin go dtagann dath dearg ar ghaethibh geala na gréine sa gcrích shoillseach so; chítear dom go dtagann uathbhás i gcogarnaighil dhuilleabhair na gcoillte ar nós na gcoill- te a chonnaic Dante ag cneadach i n-ifreann san aisling. Is geall leis an gcneadach atá ag daoinibh damanta an chneadach a thigeas annso ón ngaoith bhog aniar! Tagann dorchadas ar na réaltaibh; agus siúd braon tais, cumasach annsúd ar chiumhais na gealaighe. Tá an diabhal ar an áit. Na hainmneacha a thug na coilíneacha tosaigh ar na cnuic agus ar na haibhnibh a mheabhrochadh an cineál sin diabhluidheacht do dhuine. Tá gleann doimhin i gceann- tar Bothwell ar a dtugtar Geataí Ifrinn; agus ar ndul duit thríd-san gus an cnoc thall as a bhfeicfeá cumar dhá shruth. Cnoc géar féarmhar é, atá faoi mhion-choillte mimósa agus Cnoc na Lasracha an t-ainm uathbhásach atá air. An Styx ainm an tsrotha a théigheas isteach sa Derwent ag Norfolk Nua, agus níor bhain bád Cháron riamh le bórd srotha chomh deas leis an sruth ifreanda sin sa Tasmáin, cé gur le gráin air a hainmnigheadh é. Snigheann an sruth Lethe freisin annso; agus bíonn na daoine ar nós an tsalachair reamhar a lobhas ann leis an leisge. Tá sé dorcha thart annso, agus boladh
ruibhe ann. Is uathbhás comhnuidhe ann! Is uathbhás bás d'fhagháil ann! Is í mo ghuidhe, mar ghuidhe iomchar- thóir na Sgéithe seacht-bhfillte: ó, marbh mé ar chuma ar bith ó ló. A lucht buana Erebus! is é foghmhar an diabhail atá sibh a bhaint le n-bhur gcorráin malluighthe: agus ag ullmhughadh na talmhan i réigiúin dhorcha so an diabhail ionnus go mbeadh an ghráinneacht agus an t-uathbhás mar thoradh air, do ghlúinibh daoine nár rugadh fós, toradh triochadach agus toradh seascadach. — Nach ag dul ar aghaidh atá an duine? 7°. — Litir ón Raghallach; míle fáilte roimpi, cé gur fada ar an mbóthar í. I Nua-Eabhroc atá sé, agus marach chomh colgach lasanta is bhí sé chuirfeadh a ndeachaidh sé thríd i n-íochtar é. Is cruaidh an cás againn féin é dar linn, cuibhrighthe annso faoi'n gcrois ó dheas; acht ba mheasa ná sin arís an cás é ag ar gcáirdibh a d'éaluigh ó chrúbaibh na Sagsan. Sgríobh sé mar is gnáthach leis go líomhtha, lasanta, agus go fraochda, go bog bráthar- amhail (óir is dearbhráithre sinn), agus go fíor-fheargach; gidheadh bhí sé lán de dhóchas agus d'éadóchas; lán de mheadhar agus de thruaighmhéil. Bhain sé gáiridhe asam; agus dá bhféadainn caoineadh, bhainfeadh gol asam.* Thosuigh an duine bocht ar mheisneach agus meanma a thabhairt domh-sa: — Ó thárla do bhean is do chlann agat anois, agus caoirigh agus lachain, uain agus éanacha géadha, ba cheart duit a bheith chomh suaimhneach le aon fhear a bhéarfaidhe san Acropolios agus a dhíbreofaidhe go *D'éag Tomás Daimhín Ó Raghallaigh. Tá sé sa reilg san Oileán Úr anois, agus ní raibh le n-a linn ar Ghaedhealaibh fear ba mhó croidhe, fear ba theinne, ná fear a raibh spioraid agus intleacht ann mar é. Is iomdha léaghthóir ar mhaith leis an tuairisg a léigheadh a thug sé do charaid i ndeireadh an domhain ar na daoinibh agus ar na gnóthaibh bhí thart timcheall air.
hArcadia. An caitheamh i ndiaidh cúirteanna atá agat mar bhí ag Touchstone agus i ndiaidh gnóthaí an domhain? Mo náire thú, a dhuine! Is maith an sgéal duit-se ar chuma ar bith thú bheith cuibhrighthe ag do náimhdibh le dhá bhliadhain. — Bíodh mar sin: acht cé dubhairt leat-sa, a chara ionmhuin, go raibh spéis i gcúirteanna agam mar bhí ag Touchstone? Cúirteanna go deimhin? Chuir- finn tré lasadh iad; agus maidir le bheith suaimhneach annso dhom: tar anall annso agus caith bliadhain i mBothán Nant liom go bhfeice tú leat! Seo é an tuair- isg a thug sé i dtaobh lucht puiblidheachta na hEorpa, (an 4° lá xx. den Aibreán dáta na litre). Is foillseach an leathanach den leabhar cuimhneachan a dhéanfas an comhrádh rinne sé féin agus an Kossuth intleachtach le chéile. Ag iomchur croicne agus arbhair atá Garibaldí i n-áit éigin in do chomharsanacht féin ar an aigéan thoir idir Ameriocá Ó Dheas agus Califórnia. Chuaidh Maz- zini i bpáirt le “liberals” agus le Protustúin Shasana; thréig an dream dá ngoirthear Chartists; cháin sé na Franncaigh a dhéanfadh comhroinnt agus dubhairt go raibh i bhfabhar aondacht na hEadáile, agus i n-aghaidh creidimh an Phápa. Tá sé marbh agus deireadh leis, agus caithfidh sé imtheacht, é féin is a chuid “liberals” agus a chuid Pro- tustúntacht. — Sin rud nach maith go dtuigim go soiléir, a Dhaimhín. Ní dóigh liom gur dochar do dhuine a bheith i n-aghaidh creidimh an Phápa nó i n-aghaidh creidimh na bPro- tustún — sé sin le rádh, ní aon dochar do dhuine é ag iompódh ar an riaghaltas dó, ná i gcúrsaibh an tsaoghail seo (óir caillfidh sé an t-anam). Acht mara bhfuil dul amugha orm, bhí Tomás Mac Sheafraidh i n-aghaidh creidimh an Phápa (agus ba géar a d'iompuigh ar an riaghaltas). Gidheadh éist leis an gCalmuc — rinne Kossuth an diabhal
air féin — chuaidh seisean i bpáirt le Liberals Shasana freisin, bhí sé ag ithe agus ag ól ar aon bhórd leis an tighearna Dubhaltach Mac an Mhaoir agus tháinig an fhoireann sin bitheamhnach [ní mór liom a rádh annso nach bitheamhnach é an tighearna Dubhaltach Mac an Mhaoir acht pladhaice baoth d'amadán] sa tír seo annsin gléasta suas i n-éide gnáthach, chuir goití móra air féin, labhair go breagh, bríoghmhar i bhfabhar na deagh-chúise, gur mhol thar barr na Sasanaigh agus a Reacht, mhol do na Gaedhealaibh comh-oibriughadh leo, agus cuidiughadh leis na daoinibh móra sin na Sasanaigh, ó Phamarstún anuas gus an duine is ísle ann, “do shaoradh na hEorpa”! go bhfuil anois i ndeireadh na preibe. Admhuighim gur corrach an dream daoine iad, mór-mhór do dhaoinibh móra coimhthigheacha: d'éis iad a mholadh agus flaitheamhlacht agus féile a chaitheamh leo, thosuigh ortha dhá mbualadh agus dhá gcáineadh arís, ar fhaitchios gurab iad-san ar bhfilleadh don Eoraip dhóibh a cháinfeadh agus a mhaslóchadh an dream eile, mar rinne Dickens agus Ó Mórdha cheana. — [Agus tuige nach ndéanfadh? Sin é an sean-fhocal; más leat nach leagfadh tarbh thú leag thusa eisean.] Cáilidheacht náisiúnta í sin a tháinig ón ngrinneas agus ó mhodh gnótha agus ón aithne atá ag duine ar dhaoinibh oireaghdha coimhightheacha. Acht mar sin féin ní maith ná ní críonna rinne Kossuth é. Bhailigh sé airgead agus rinne díoghbháil mhór do dheagh-chúis. Tá sé chomh taghdach le bean droch-intinneach; leigeann críonnacht air féin os comhair an phobail agus é ag síor-fhéachaint ar na hamharcaigh go bhfeiceadh an aithneochaidís faoi'n bpúicín é. Maiseadh ní maith go bhféadfainn a rádh gur soiléir an cur síos ar an Hun é sin; acht seo chugainn an
goibhearnóir i bpearsain. Deir an Raghallach: Bhíos ag comhrádh leis ar feadh i bhfad agus gan neach eile 'n-ar bhfochair. Chuir sé Urquhart i gcuimhne dhom. Shaoil gan aimhreas gur amadán mise; acht dar fiadh! b'ait an feic sinn. . . Duine dathamhail é; súile móra ann, sé chlár-éadain thart timcheall a chinn agus ceann eile i gcúl a chinn, b'éidir; agus é lán de theangachaibh, teanga na mbláth agus an ghrádha ar cheann aca; gruaig dhubh, féasóg dhubh-dhonn, agus iad araon ag liathchan agus dath na cloiche eibhir ortha; an fhéasóg 'na seasamh amach mar bheadh siostal ann ar a ghéill mar bheadh gaethe soluis an dorchadais; fear éadtrom, a dhóthain áirde ann — Calmuc an-intleachtach é. Is leor sin anois. Cóirighthe atá an duine; gléasta faoi chomhair an árdáin. Faoi do chomhrádh anois, buail leat: Bhí dá dtugadar de mholadh annso dhó agus go dtug léim den chathaoir nuair thosuigheas ag díospóireacht leis, las a thudóg, le foighid a chur ann féin, rug ar chába mo chóta (mar dhéanfadh Urquhart), agus é dhá cheartughadh dhom go mb'é seo seo. Dixi. Agus mise freisin, chomh maith leis; thugas gacha le Dixi dhó, ag umhlughadh go hinísiol dó agus ag teacht in' aghaidh. A Thighearna an domhain, dá bhfeicteá annsin é! Dá mbeith deich Urqu- hart ann i n-aon duine amháin níor thada iad le n'ais. Gur thosuigheamar ar na fíoghracha; shuaimhnigh sé agus leig faoi. Chuireas d'impidhe air gan cúis na hEorpa do chur tré n-a chéile thríd féin agus tré n-a thír. Ní dhéanfadh? I gcionn ráiche, mar hinnsigheadh dhó tré litreacha, d'éireofaidhe amach sa bhFrainc agus chuirfidhe riaghaltas fíor-phuiblidheachta ar bun ann. Leigeas chuige an t-eolas a bhí agam a dtaoibh cláir ar úcáidibh den tsórt, i dtaobh dátaí mhórmhór. Thug sé an teagasg
inchreidte dhom mar dhéanfadh an Máirtíneach, go mba fear óg mé — nach rabhas sáthach críonna. D'imir sé fuil na náisiún ar an ár-mháigh. (Chuir sin ga ionnam, acht níor thug sé sin faoi deara. Dá mbeimís d'éis troda bheadh duine éigin eile freisin ann a bheadh d'éis imirt ar fhuil beirte ar a laghad d'fhuil na náisiún), — acht b'éidir do mo lá a theacht fós, ar seisean. Bheadh fhios agam annsin cad é an rud gáir bháis náisiúin. Bheadh a bhratach i n-áirde i gcionn ráiche; i gcionn ráiche bheadh airm fíor-phuiblidheachta na Fraince — &rl. Níor caitheadh trí seachtmhainí go gcualamar go raibh Laoiseach Napóleon 'na mhaighistir ar an bhFrainc, tré coup, tré razzia oidhche, agus tré ár a dhéanamh ar an bpobal ar feadh deich lá n-a dhiaidh sin. Tá fhios agam an méid sin cheana a dhuine chóir, tré na gnáth-mhodhaibh eoluis; óir tá an chlódóireacht naomhtha dhomharbhtha ar siubhal annso freisin. Éirigh as stair na comhaimsire dá réir sin agus innis tuilleadh fa'n Magyar. Féach, nach ait an dá chainteoir iad sin — Raghallach Gaedhealach ó Bhreifne Uí Raghallaigh agus Tartar Calmuc a raibh a shinnsir agus pobaill aca ar bhórdaibh an Yenisei, iad ag comhrádh le chéile annsin i seomra i Nua Eabhroc, cathair na cruadhóige nach raibh suim ag ceachtar aca innti — ag iarraidh connradh a dhéanamh, agus congnamh dhá fhagháil aca ó chaitheamh tobac agus ó ghoitibh; iad ag iarraidh margadh a dhéanamh eatortha féin tré n-a saorfaidís an domhan ó ríghthibh agus ó dhiabhlaibh. Fairíor nach rabhas ann, go mbeadh triúr ann. Acht déan ar t'aghaidh, a Dhaimhín. — Bhí páipéir na nGaedheal agus na sagart annso ina choinne, (tá Laoiseach Napóleon dhá bheannughadh anois aca faoi rádh is gur shábháil sé Órd agus Creideamh ó n-a gcur faoi
chois) agus dubhras leis nár mhór liom a innsin dó ar chuma ar bith go raibh meas agus cion ag Gaedhealaibh na Puiblidheachta air. Gidheadh do mhínigheas go beacht dó agus go soiléir go n-eiteofaidhe é faoi chongnamh sa gcaoi a raibh sé dhá iarraidh. Má's amhlaidh gurab é an cleachtadh bhí agam ar chaint leis an bpobal a thug dhom a bheith go binn-bhriathrach, nó nach gcuala sé focal díreach den fhírinne annso go dtí sin (acht sí an chaint phuiblidhe a rinne é saoilim) d'éist sé tamaillín agus a cheann faoi aige, agus bhí na deora móra ina shúilibh. Tá maith mo thurais (nach díchéillidhe an rud iad na turais chéadna! Acht b'éidir gur fhoghluim sé an cor cainte ón gcaoi a labhraid go céillidhe agus go fearamhail i Sasana i measg na “Liberals”) — tá maith mo thurais ar iarraidh mar sin — tá mé buailte — agus tá sé chomh maith dhom filleadh abhaile agus bás fhagháil. Is eagal liom gurb olc an meas a thug sé do bhunadhas cúrsaí sa tír seo, agus gur beag é a thuisgint ortha. Gidheadh chuir deireadh leis féin agus ní bhéidh sé 'na threoruidhe go deo arís ar rann na hEorpa [ná bí go ró-chinnte dhe sin, a Dhaimhín Uí Raghallaigh], agus ó bhí sin amhlaidh, is sothuigthe dhuit an comhrádh bhí eadrainn [seadh, maiseadh] an leanbh so ar thaobh agus ar an taobh eile Urquhart Calmuc, agus é ag léimneach mar bheadh liathróid ann, nó dhá shíneadh féin mar bheadh gadaighe ann nó nathair — é ag éirghe dhá chathaoir an focal is lugha ar bith fa n-a gcúirfeá treasnuigheacht air, a chosa ag obair agus a lámha, a chloigean, a éadan, a shúile, a theanga, an fhéasóg, an chorr-mhéar, a thudóg agus na hailt i gcnáimh a dhroma, iad go hiomlán ag oibriughadh go saoth- arach sa gcaint dó. Óra! is leor sin. Is fasgamhail an gleann é gleann
an Clyde, agus is tíoramhail an bothán é Nant; acht fairíor nach rabhas sa seomra sin i gcathair uasal Nua Eabhroc leis an mbeirt sin agus tudóg agam, agus ní le droch-mheas ar an domhan deisceartach adeirim sin. Acht fan leat, seo tuilleadh as an litir fa'n Magyar. An iomarca cainte atá aige, adeir an Gaedheal, ag guidhe Dé dhó; tá na deora go bog aige ar iomchur, agus guileann sé go bhfliuchann sé a naipcín póca, má chloiseann caint bhinn-bhriathrach. Rud ar bith gheobhas sé gabhaidh buidheachus faoi (thairg bean Chléirigh Uí Dhonnchadha as Cincinnati na muicfheola, thairg sí a naoidheanán dó mar thabhartas don Ungáir — mhúinfidhe dhó le umhlughadh don Ungáir ar n-a chlos dó í bheith saortha ag Kossuth! Ghlac seisean leis agus ghuidh sé Dia — a Thighearna, ba hí sin an phaidir — Eisean atá ar neamh má chuala í ní fuláir nó rinne gáire — tá súil le Dia agam nach mbéidh umhlughadh dhá dhéanamh ag an naoidheanán beannuighthe sin mar bhí ag an mbuachaill dána Gargantua le rufaí na mná uaisle; dhá dteagmhuigheadh bucla an hata dhá chroiceann b'éidir gurab é a ghearradh dhéanfadh agus go mbeadh an Ungáir i gcontabhairt thríd sin) — gabhaim párdún agat, a Sheáin, fa'n treasnuidheacht so a chur ar an sgéal [seadh, acht goidé an chabhair an dara treasnuidheacht le leisgéal a ghabháil fa'n gcéad treasnuidheacht — ní a bhaineas an tríomhadh treasnuidhe- acht so asam-sa?] — sháruigh sé Domhnall Ó Conaill ag glacadh ruda agus dhá mholadh, gurab é an buidheachas an moladh aige. Acht tá d'fhad mo sgéil go bhfuilir tuirseach agam. Maiseadh ó dubhrais é, táim, beagán. Féach duine éigin eile: tú féin, a chara ionmhuin, cuir i gcás. Tá sé (.i. an Raghallach) ag sgríobhadh anois don Democratic
Review is cosmhail; agus is iontuigthe ó n-a litir go bhfuil sé ar a mhine ghéire, gach uile fhéithe ina chorp, agus a cholainn agus a inchinn ag obair, mar bhí Hercuil ar mbeith dhó féin ag comhrac leis an arrachtach i Lerna, go marbhuighidh, go mbrúghaidh, go mbrisidh, go ndéanaidh sprúdhánaigh de dhream uathbháis (ní fuláir nó is iad náimhde an chine daonna iad) ar a dtugann Sean-sgológa - ní mór leis mionach a dhéanamh dhíobh-san agus a gcur sa talamh. Ní fhuaras aon tuairisg cé hiad na sean- pheacthacha sin: tá gean ar mo charaid agam agus an ghráin agam ortha-san roimh-ré. Do réir a chúntais ba buadhartha an fear é féin sul thosuigh ar an léirmheas- adóireacht, agus b'uathbhásach a ghleic leis an sgológa. Deir sé: Tráth a bhfuaras an litir úd uait bhíos chomh bocht mí-mheanmnach agus d'fhéadfainn a bheith, agus mé ar mo dhícheall ag iarraidh an posta so tá agam a fhagháil. Bhí croidhe tinn agam agus an-fhonn orm deigh-sgéal a bheith agam duit, agus níor fhreagras í. Nuair bhí ag éirghe liom annsin agus thuigeas go n-éireochadh liom an posta fhagháil, thagadh fonn orm ó am go ham an chóir a chuireas romham a chur ar pháipéar. Tá cuid de sin sa Review agam anois. Fuair sé bean Ghaedhealach fosta san Oileán Úr; agus sin í a choimhéaduidhe, a threoruidhe agus a thur neirt, a bhean agus a stór, cibé bochtaineas ná tinneas croidhe, ná buaidhreadh dá dtagaidh air. Tá an oiread de ghrádh aige dhi agus tá de ghráin aige ar shean-sgolóig. Deir sé agus é go brónach: Chailleas mo bhuachaill beag an uair is measa bhí an saoghal agam, t'ainm-se bhí agam air; agus cailleadh cailín beag orm an chéad mhí chuadhas le eagarthóireacht. Shaoileas go raibh Dia nó an chinnea- mhain ga mo nochtadh fa chomhair an chomhraic, agus go raibh
m'éadáil dheireadh .i. mo bhean ar a cailleadh le n-a ndeacha sí thríd de dhroch-shláinte, d'imnidhe agus de bhuaidhreadh. Chuir sé sgéalta níos brónaighe ná sin arís síos annso; acht ní fhoillseochad iad. Níor leag Dia ná an chinneamhain lámh ariamh ar chroidhe níos teinne ná tá sa bhfear sin, agus éireochaidh sé fós d'éis a bhfuair de smíochadh de nochtadh agus de thrasgairt, agus beidh sé níos teinne dána ná bhí sé riamh. D'éirigh sé as cúrsaibh a bhróin féin annsin gur thosuigh ag cur síos go dílis dúthrachtach ar Dhubhghlas áirithe éigin. Acht cé an diabhal é an Dubhghlas so?* Seo isteach Dubhghlas chugainn, Daimhín Ó Raghallaigh dhá chur i n-aithne dhúinn: Firín beag breagh, dhá fhichid bliadhain d'aois nó cúig is dá fhichid; fear ísiol, binn- bhriathrach, rí-fhear stáit é i bhfabhar an phobail choitchinn, agus é chomh fuathmhar do Shasana le aon Ameiriocánach ann. Tá suim dhá chur sa bhfear beag binn-bhriathrach agam; agus chím sa léigheadh dhom gurab amhlaidh atá an Raghallach agus a Review ag iarraidh Uachtarán a dhéanamh dhe ar Ameriocá. B'uathbhásach an gníomh é náisiún go hiomlán a ionn- suighe; b'éidir gurab é ar mbás a thiocfadh dhe i gceart- lár ar gcuid oibre [nár leigidh Dia, a Thomáis]; agus ba hé sin an gníomh a b'fhearr dhúinn a dhéanamh; agus dá n-éirgheadh linn, bhí linn uaidh sin amach. Má éirgh- eann le Dubhghlas (is faitcheach, corrach an chaoi tré n-a bhfuil sé ag iarraidh dul isteach, acht) má éirgheann leis *Gabhaim párdún anois (Nua Eabhroc, Lughnas 1°, 1854), fán aineolas sin, ní raibh neart agam air, óir chaitheas roinnt éigin bliadhan roimhe sin ar an gcúlráid. — S.M.
aon uair amháin táim cinnte go bhfuil an míonach ann, maran d'adhmad a rinne an Cruthuightheoir na daoine; agus go ndéanfaidh sé brusgar dá dtiocfaidh in' aghaidh, mhórmhór de dhaoinibh coimhightheacha. [Is ion- tuigthe as sin ar chuma ar bith nach Sean-sgológ é Dubh- ghlas.] Táthar dhá admhughadh anois gur mharbhuigheamar .i. gur mharbh T. D. Ó R. .i. gur mharbh an Democratic Review na Sean-sgológa, agus go bhfuil mórdháil Nua Eabhroc i n-ar bhfabhar. Ní fheadar cad is brígh don mhórdháil sin a bheith in bhur bhfabhar — acht tá áthas orm na Sean-sgológa a bheith marbh. Bhí Seán Knox 'na shuidhe chois na teineadh ag caitheamh tobac dhó féin agus mé ag léigheadh na litre dhó. Is minic a d'árduigh a mhailidh, agus bhain a phíopa as a bhéal corr-uair go ndeireadh: Sábháil Dé orainn, cé hiad na sgológa bochta so? Tá súil aige go maithfear a bpeacaidh dhóibh; acht mo chuid-se dhe, thugas mo mhallacht dóibh mar gheall ar an gcúthach atá ar mo charaid leo. Siúd ort, a Dhubhghlais, a fhir bhig ina bhfuil an míonach ceart.
AN 1° CAIBIDIL AR XX. Bothwell, 8° d'Eanair, 1853. — Thosuigheas féin agus Seán Knox ar litir nó ar litreacha an Raghallaigh a léigheadh arís indiu, gach ar fhágamar gan léigheadh dhíobh. Timcheall le chúig leathanaigh is dá fhichid díobh atá ann, agus uair a mbeadh sé d'uain aige sgríobhadh sé; gan áird ar bith aige ar an órdughadh chuireadh ar an nuaidh- eacht gurab ionann é agus ar gcara a bheith 'na shuidhe chois na teineadh tráthnóna n-ar bhfochair ag caitheamh tobac agus ag comhrádh linn ar a shlighe fhiadháin bhorb féin. Is cosmhail go raibh sé ag sgríobhadh do thrí nó ceathair de pháipéaraibh eile sul thosuigh ar an Democratic Review. The People an chéad pháipéar a bhuail faoi, agus rinne a dhícheall air-sean ag iarraidh sean-chreideamh na Amerioc- ánach i dtaobh eadarsgáin a athchur as an tír amach. D'innis go soiléir an t-adhbhar fa n-ar chlis air. Níor dhual d'aon dream aca, adeir sé, baint le gnóthaibh na hEorpa; agus ní raibh lán-mhuinighin as daoinibh coimhigh- theacha an mhéid nár dhaoine as a mb'iomchurtha muinighin na daoine coimhightheacha bhíodh ag teacht isteach sa tír, ná na daoine ab fhearr a thigeadh ón Eoraip (cé is moite dá dtagadh ar teicheadh ó thíorántacht). Thairis sin féin ba bheag é m'eolus ar chúrsaibh an tsaoghail in Aimeriocá, agus ba lugha ná sin é m'eolus ar dhaoinibh ná ar dhream- annaibh daoine. Ba “Whig” ba compánach dhó fosta san obair, deagh-
dhuine de mhuinntir Robustún, é siúd ar a raibh trácht i leabhar litrighthe mhic an Mhaoir: bhí trácht air féin agus ar Mhac Gabhann; ar de Brún, ar Seóns agus ar bháthadh; “agus ó ba Whig áibhéil é agus é ag séideadh adhairce idir Ghaedhlaibh bháith sé mé.” Níor thaithnigh fuath labhartha so an Raghallaigh le Seán Knox; níor bh'féidir duine a bháthadh tré séideadh adhairce. Dá séidthidhe ar siubhal é nó a leithide sin, adeir Knox, thuigfinn é; acht níor facthas domh-sa go mba chóir dhó cur isteach orm agus dubhras leis: do shéideadh go bhfaghair! agus léigheas liom. Ba chuma céard a dhéan- fainn dubhradh go mba whig mé, agus dá réir sin go mba droch-Ghaedheal mé agus droch-chara don phobal. Agus fós — do bhí corr-dhuine ag a raibh tuisgint orm, Pólandraigh mhórmhór, Francaigh agus muinntir na hIodáile, [thuigfidís-sean gan aimhreas an t-eadarsgáin] agus Ameriocánaigh na Puiblidheachta: acht seo é an cruadhchás ina rabhas: — Léigh na Ameriocánaigh, ón Uachtarán (agus d'íoc an sean-fhear a dhíolaidheacht mar dhéanfadh fear, go ndéana Dia maith ar a shean-chabhail meirgeach) go dtí mo tháilliúr, léigh sin, mo pháipéar, agus iad ag magadh faoi agus sa n-aimhreas orm-sa; go ndubhradar go léir go mba cliste acht go mba Gaedhealach an duine mé. Agus ar ndul dom i n-aghaidh an Phápa agus i n-aghaidh an chreidimh dubhairt na sagairt go mb'eirceach mé [Dia le m'anam, ar Knox, an bhféad- fadh na sagairt a mhalairt a rádh?] agus chuir páipéar na heaglaise fa choinnealbháthadh mé [bhí sin iomarcach aca, ar Knox], agus sgannruigheadh na cailíní aimsire tráth a gcloisidís m'ainm. — Uch! nach brónach an cás é; tá fhios agat féin an chuid eile: sin é an chaoi ar theip ar an People. — Agus sin é díreach an chaoi a dteipfeadh,
freisin. An fíor-bhochtaineas uaidh sin amach, — agus rud éigin níos measa ná fonomhaid dhá dhéanamh ag a tháilliúr faoi. Deir sé fós: — Ní dhéanfadh sé cúis a bheith ag iarraidh beatha a bhaint as an láimh fholamh, agus ba gearr go ndeachas go Nua Eabhroc, agus go rabhas ag iarraidh an Whig Review a dhéanamh fabharach don phobal choitcheann (árd-tóraí a bhí ann). Cuirfead cuid aca chugat má fhéadaim é. [Acht níor shroich aon cheann aca an Tas- máin.] Chaitheas leith-bhliadhain ag sgríobhadh don Review agus chuireas an sgian go feirc chomh minic agus fuaras an deis air, — [sé sin, chuir sé claidheamh lucht na dearg- Phuiblidheacht i gcolainn bhog an uiggeachais] — gur athchuir na uiggionna as a mbuidhin amach mé, amhail is da mba duine mé dhéanfadh dóghadh ortha, agus dubhradar go mba sionnach i gcroiceann na gcaorach mé, go mba nathair sa bhféar mé, go raibh saobhchan céille orm, agus a lán eile den tsamhail chéadna adubhradar fúm. Gidheadh is cosmhail gur fhága sé lorg a láimhe na dhiaidh, an Tomás Daimhín Ó Raghallaigh sin; agus béidh sin inléighte ag an té thiocfas na dhiaidh. Deir sé: Tá an toghadh ag teacht. Na taoisigh atá ar an bpobal coitcheann fuaras litreacha agus cuireadha uatha, agus buidheachas agus moladh. Shiubhlas isteach chuca go cruinn- iughadh an oidhche cheana, agus na neithe bhíos a theagasg le bliadhantaibh chualas dhá moladh aca iad; gheall na daoine cumhachtacha dlúthas a chur leis an obair, agus cuireadh i n-aithne dá léithide seo d'ughdar mé. Go dearbhtha, a chara, má éirgheann liom is-na gnóthaibh seo agus go bhféadaidh mé aon dearg-ruathar Amerioc- ánach amháin a sguabadh thar an Eoraip, saoilim, cé gur ruagadh go híochtar féin mé is gur thángas as, cé gurab iomdha rud a rinneas as bealach, tré thaghad agus tré
éadóchus, mar is gnáthach d'fhear óg ruadh go méin choll- óideach, (mar dubhairt cara a bhí 'na liaigh agus sinn ag fiadhach), saoilim acht a dtagamuid ar a chéile go bhfuil rud éigin déanta agam a thuilleas, nuair a bheas tusa i mbun na ngnótha [cad is ciall leis sin? ar Knox, nuair a bhain sé a phíopa as a bhéal. Tá, ar ndóigh, acht a mbéad-sa san Oileán Úr, agus mé ag seoladh dearg-ruathair lucht na puiblidheachta ann ar mhaithe leis an gcine daonna — ag seoladh catha agus airm fraoch- mhara Ameriocánach amach do shaoradh na Pólann, do chur Kossuth i réim i mBiúda, d'iadhadh an impearóra Napóleon arís i Ham, do chur riaghaltais sealadacha ar bun i gCaisleán Átha Cliath, i bPálás Buckinhgam, i Bhiena, i mBerlín agus i Mílan, do dhíbirt impearóir na Rúise ar ais go Tobolsc, do athrughadh dubrón na nEadáileach i ngáirdeachus, agus do ghabháil de chosa i dtrí hata an Phápa ó Spartibhentó go Cnocaibh Alp. Sin é is ciall leis. Seadh, is dóigh, ar Knox], a thuilleas dom, adeir Daimhín, ionad ciúin i ngleann caoin éigin, mo dhóthain den tobac, agus deoch a choisgfeas mo thart. Sin é mo stair-se dhuit; agus tá súil agam go mbainfir an oiread suilt as is bhainfeá as stair aon Ghaedhil fáin eile, óir is díomhaoineach sotalach an mac é an mac so. Gidheadh níl deireadh fós le stair iongantach an Ghaedhil mhórdhálaigh seo. Bhuail sé fa'n Democratic Review ar a dhicheall báis agus beatha. Seo é an tuairisg a thug ar na compánachaibh atá frois. Ameriocánach dearg-phuiblidhe agus fíor-dhuine den phobal choitcheann an fear foillsighthe atá agam agus foghluidhe cneasta. Cuiridh aithne ar a chéile — Mac uí Chuilinn, an Mistéalach - umhluighidh. An cara is dílse thárla riamh orm san
Oileán Úr an Cuileannach sin, agus tá fúinn turas beag síothchánta agus turas ag fiadhach a thabhairt (acht an fhaill a bheith againn) thart timcheall Londain, gan bacadh leis an riasg; agus tá súil agam go gcasaidh tú féin agus é féin dá chéile sa tír seo nó sa gcéad tír eile. [Is maith liom aithne a chur ar an bhfear so an phobail choitchinn ata 'na fhoghluidhe chneasta.] Hiarradh orm fós “mo ghrádh thú” a rádh leat ó Ameriocánach ón iarthar, agus b'fhearr liom grádh ná gráin a bheith aige orm — Ó Corraidh is ainm dó, ó Ohió é, agus bhí sé ar dhuine de na cainteoiribh ab fhearr a bhí againn ag an gcruinn- iughadh mór a bhí againn le goirid. Is mór dhe atá i bhfabhar an phobail choitchinn .i. sé troighthe ó mhullach a chinn go bonn a chos; fear géar agus gan sgiolltar air. Is geall le bata de lampa é a mbeadh solus mór ar a bharr agus a cholainn go han-chaithte. Tá aithne aige ort- sa freisin. [Tá míle fáilte romhat, a dhuine uasail, go Both Nant. Siubhail uait isteach. Crom do cheann beagán, ar fhaitchios go mbrisfidhe do lampa. Seán Knox agus mé féin atá annso agus caithfir píopa tobac agus ólfair gloine de leann Bothwell i n-ar gcuideachta.] Agus sin fear cliste eile agus fear atá dílis don phobal choitcheann, an Sándursach. Acht is leor sin as an litir. Tharraing an Raghallach annsin cúrsaí na hÉireann chuige; agus nocht dom fa'n toghadh atá le bheith i Ros Mhic Treoin: is ann atá i ndán d'Éirinn a sábháil faoi dheireadh acht Gabhan Ó Dubhthaigh a thoghadh, nó Géilleadh Ó Dubhthaigh, mar thugas Tomás air. Ní mór liom a admhughadh gur fiadháin an chaint a chaith sé i dtaobh cúrsaí na hÉireann. Ní dhéarfad fá na sagairt ná faoi na tobair bheannuighthe, acht Dia a ghuidhe na sagairt a
bháthádh is na toibreachaibh! Agus faoi Éirinn: Níor ghabhas leisgéal fa'n dubh-léirsgrios a thárla dár dtír, d'admhuigheas é; acht dubhras: dhá ghéire dhá labhrair faoi mo thír agus faoi mo chomhthíorachaibh tigim leat; acht má seadh is móide an cruthughadh ar a daoirse a donacht, óir is breagh calma na daoine atá innti, agus tá fhios agat-sa go maith gur troduighthe iad. Dá bhrígh sin, ní mór dhuit cáirde nó náimhde a dhéanamh dhíobh. Ní fuláir an avant garde ar an rann Eorpa a dhéanamh dhíobh, sin nó an Vendée. Cuir arm innti isteach agus déanfair sprúdhánaigh ar an bhfód d'impireacht na Sagsan; acht má thosuigheann an cogadh san Eadáil agus má curtar ann é, agus an fhaisnéis bhréagach faoi a fhágáil faoi shagairt agus faoi Shasanaigh, fágfaidh sin nach mbeidh aon tír ar an rann Eorpa is mó bhéas i bhfaltanas le riaghaltas puiblidheachta ná Éire. Labhras ar an gcuma sin agus tá súil agam nach mbéidh mo chaint gan toradh. Ní dhéarfad acht go bhfuil súil agam. Dhúineamar an litir aisteach sin, gur fhanamar tamall gan focal a rádh. Dubhairt Seán Knox fa dheireadh: Ní hionmholta an rud do dhuine bheith 'na Ghaedheal do láthair, is follusach sin. Mo thruaigh an Raghallach a bheith dhá chaitheamh is dhá spíonadh féin leis an bpoilitic- eacht achrannach chéadna, dhá mharbhadh féin do cheachtar aca, agus iad-san ar lorg postaí, agus gan aige uatha dhá bharr acht ag súil le Dia ar son na hÉireann, gur ar éigin atá sin féin aige — ag obair dhóibh ar a mhine ghéire as ucht an deagh-fhocail (nó, mar deir an duine bocht) as ucht an gealladh a thabhairt a bheith dílis d'Éirinn. Éire féin! Éire! chomh maith dá mbeith Éire ann agus í na corp. Féach-sa féin sin agus an dearg-ghráin ag teacht ar an nGaedheal ar fud an domhain fa'n gcaoi ar
theip orainn. Is uathbhásach agus is dílis an dílseacht ag an Raghallach í. Agus céard eile meas tú a dhéanfadh an Raghallach, d'eile? Toicéad ceada d'fhagháil, ar Knox, agus hata leathan-bhilleogach fa láthair; é féin a sheachaint ar rí-rá na poiliticeachta, agus faill fhagháil ar eolus a bhailiughadh agus a chur i dtaisge, i leabaidh bheith dhá chaitheamh agus dhá chur amugha. B'fhearr dhó a aigne a chothughadh agus a neartughadh fá na coillte annso, fá chumhachtaibh máthardha na Nádúire ná a bheith dhá ídiughadh agus dhá bhochtughadh féin ag iarraidh na cnuic atá glas i bhfad uaidh a shroicheachtáil, dhá mhilleadh féin le cleasa cama aimhréiteacha. B'fhearr dhó bheith 'na aodhaire tréad do láthair amuigh cois locha. B'éidir go ndéanfadh sin cúis dhom-sa agus dhuit-se a Sheáin, acht sé an gníomh beatha an Raghallaigh. Tá an oiread den chollóid ann agus nár shuaimhneach é, nár bheo é gan a bheith ag obair go dícheallach, a charuidheacht agus ag corráil leis an gcinneamhain agus leis an saoghal corrach so, seadh agus dhá chaitheamh agus dhá ídiughadh féin i n-aon turus, a aigne agus a inchinn i n-éinfheacht, le dílseacht agus le dúthracht a shaothair. Dá mbeith sé annso chrochfadh é féin as crann. Oibrigheadh sé leis mar a bhfuil, ag gleic le sgológa agus ag tras- gairt lucht seafóide is dícéille. Is uasal an obair a chuir sé roimhe pé nÉirinn é, agus is uasal uaidh a déanamh. Fearacht naoimh nó dé úd na hIndia .i. Ram-Das, mothuigheann sé an oiread de bhruth ina cholainn agus dhóghfadh a bhfuil de thútaighil agus de chladhairidheacht sa domhan. Lasgadh sé leis. Acht caillfear é. Cailltear. Is áluinn an cás ina gcaillfear é — agus nach sógh do dhuine adhbhar oibre a bheith roimhe aige? Nach iomdha duine sa domhan gur leor leis
a bheatha laetheamhail a shaothrughadh agus a chuid leanna agus gan ag cur imnidhe ortha acht cumhachta agus stáid mhaith dhóibh féin sa saoghal, a bheith measamhail i go bhfios do chách, agus cách go droch-mheasamhail, agus nach tearc duine sa domhan atá muinighneach as éinnidh eile acht sin? Agus nach mór an t-áthas dó a dhílse agus a shearc dá Ríoghain neamh-chorónta .i. dá mháthair Éire? Is áthas é nach mothuigheann an té tá fuar-chroidheach támáilte i n-aon chor. Tá an lasadh domharbhtha ann, ag bíodhgadh thríd ó n'óige, ó chonnaic in' aisling aghaidh áluinn Róisín Dubh go tuirseach dubrónach, a gruaig dhubh ina strácaibh léi síos, gur cosmhail an lasadh tá ann leis an lasadh bhí i dtriath Thíre Conaill: Ba dheas mo dhóith feadh do bhí mé pósta le m' stóirín féin, I dtúis m'óige bhí mé stróigh léi gan easbaidh aon nídh, Acht mo dhíth-ghuirt tháinic aois dam 's d'éaloidh mo chruth, 'S is éigin dam tú thréigion, a Róisín Dubh. Ba dheas do chlódh ar gach aon chor, a chraoibh urbhláth, Ba mhaith do chóisir ar bhórdaibh glan nua gach lá; Uch! cuimhnidh, a Róisín, ar gach móide do thugais féin dam, Gidh gur b'éigion dam do thréigion, a Róisín Dubh. Is geal an lá é ag an té a bhfuil teas agus lasadh na fola dhá dhéanamh íogmhar, beodha i n-áit meidhg agus leann Bothwell a bheith mar fhuil ann. Nach mbéidh an féar críochnuighthe ag na fearaibh anocht? adeir Knox. Ag an donas go raibh an féar. Tá éad agam le
Daimhín Ó Raghallaigh fa bheith beo, adeirim leat agus beo sa gcaoi nach mbeir-se ná mise beo go deo arís. B'fhíor dhó, bhí an féar istigh sa n-iothlainn; agus tháinig na fir oibre ar lorg a bpáighe. D'iarr duine aca orm m'ainm a chur le páipéar clóbhuailte bhí aige. Oibrighe maith an malluighdóir sin, agus duine síbhialta ó chonndae Luimnigh. Teastas a bhí ann aige dhá rádh go raibh sé ag obair dhom agus gur iomchuir é féin go maith. Táim ag imtheacht go Port Philip i mbáireach, ars eisean, mar a bhfuiltear ar lorg an óir; fuaras an párdún coingheallach, agus ní mór dhom an páipéar so bheith liom ar maidin i mbáireach don ghiúistís ar na páipéir eile dfhagháil dom ga mo shaoradh. Go n-éirghidh do bhóthar leat, a Mhíchil; ná caith do chuid airgid ar fad sa teach ósta anocht. Mh'anam, ar Mícheál, go n-ólfad sláinte Gharrdha Eoghain anocht, go saoghaltar é. Slán agat, a dhuine uasail. Rachad go Baile Hiobáird i mbáireach ar marcuigheacht agus tioc- fad tré Norfolk Nua ag filleadh dhom. 13° Eanair. — Tháinig duine eile chugainn — as na spéartha a thuit nó ó Nua Eabhroc a ghluais. Nuair ráinig mé Baile Hiobáird cúpla lá ó shoin chuadhas ar dtús ar ndóigh go Hosbuidéal Naoimh Muire, áit i bhfuaras San Caoimhghin ina sheomra oibre. Nuair chonn- aic sé mé d'osgail a shúile le iongantas, thug leis isteach go seomra ar leith mé agus chuir de thomhais orm cé bhí d'éis teacht go Tasmáin. Níor thomhaiseas, acht ag feitheamh ar an sgéal. Pádraig Mac Gabhann! Daortha? Ní headh, a bhuachaill: acht Cumann Gaedheal i Nua Eabhroc dhá chur anall go saoradh duine againn, nó beirt, go saoradh an Brianach go mórmhór — agus deis a dhóthain aige le long fhagháil a thiubhradh go
San Phroinsias sinn, agus le sinn a bhaint den ghiúistís dá mbeith gábhadh leis d'éis ar ngealladh a tharraing ar ais dúinn. Tá sé ag teacht ó Launceston indiu ar chóiste an lae, agus casfad-sa agus an Brianach dhó ag Droichead Uisge (deich míle as so), i n-áit a theacht dó isteach go Baile Hiobáird. Rachaidh tusa liom. Tioc- faidh an Brianach ar marcuigheacht ó Norfolk Nua, agus is tig linn ar gcomhairle a chur i gceann a chéile. Níl aon aimhreas nach n-éireochaidh le duine againn ar chuma ar bith, ar San Caoimhghin. Chraitheas mo cheann i dtosach, agus is beag nár ghlac an naomh masla faoi, agus chinneamar gan labhairt air go tráthnóna nuair d'fheicfimís ar gcáirde. Gan aon bhréig ní turus magaidh a thug Mac Gabhann do réir chosamhlacht, óir is méirleach aibidh é, agus ní fear é a thiubhradh an turus sin gan deis a bheith aige; ná ní fear é a d'imreochadh cleasa leanbuidhe. Fuair San Caoimhghin iasacht capaill ó shagart. Bhíos- sa ar mo chapall féin, agus thángamar ar an mBrianach an t-am a bhí ceapuighthe go díreach, ag dorus an tighe ósta beagnach, agus é ag marcuigheacht ar an tsean-Easóig. Níor tháinig an cóiste an tráth sin. Bhain an seacht acht níor tháinig aon chóiste, cé go raibh sé i n-am aige. Bhain a hocht, agus leath-uair 'na dhiaidh, acht níor tháinig. Chaitheamar an t-am go dtí sin ag spaisteoireacht sa ngarrdha, ag cur síos ar an ngnó. Ba follusach dhúinn nach raibh aon ghoir againn ar gceathrar éalódh. Sé baramhail an Bhrianaigh nach mór dhúinn ar ngealladh a tharraing ar ais go fuirmeamhail, gach neach a dhul go dtí an giúistís ina cheanntar féin, agus leigean a thabhairt do lucht an ughdaráis a ghabháil má táid siad ábalta air, (mara bhfuil is dóibh féin is measa é,) — nach mór sin a
dhéanamh i dtráth iomchuibhe gnótha .i. idir an deich is an trí — breab ar bith is féidir a thabhairt roimhe sin nach bhfuil locht air; seadh, agus an giúistís a cheannach ar fad dá mb'éidir é; annsin má chuireann na bitheamhnaibh rompa gabháil orainn san oifig é bheith ar an láimh láidir aca (acht gan marbhadh a dhéanamh, adeir an Brianach). Ar chuma ar bith, tá orainn dul go pearsanta don oifig agus a thabhairt go soiléir le tuisgint don ghiúistís (tráth a mbéidh sé ina oifig féin agus na consablaí thart timcheall air) go bhfuil deireadh feasta le n-ar ngealladh; gur thugamar suas an toicéad ceada, agus go bhfuilmíd ag gluaiseacht. D'éis comhairle a ghlacadh le chéile thuigeamar go mba do-dhéanta an rud don cheathrar againn ar ngealladh a tharraing ar ais an t-am céadna i n-ar n-oifigibh féin agus ní ghabhfadh an Brianach uaim-se gan an iarracht a dhéanamh an turus so. Cheapas-sa beart eile tré n-a ngabhthaidhe sinn i láimh i n-éinfheacht sa gcaoi go mb'fhor- usta dhúinn imtheacht: acht mhol an Brianach agus an Dochartach an tslighe eile atá innsighthe cheana agam. Bhain moill éigin don chóiste; agus ba mhithid don Bhrianach agus don Dochartach filleadh. D'imthigheadar- san, agus chuireas-sa fúm sa teach ósta go maidin. Bhíodar leath-uair a chluig imthighthe nuair tháinig an cóiste. Bhí sé 'n oidhche dhorcha. Bhíos 'mo sheasamh sa halla, áit i raibh lóchrann breagh. Thuirling na taistealaidhthe agus thángadar isteach sa teach ósta. Bhí fear óg ortha a thuirlin agus a tháinig isteach. Bhain sé lán na súl asam agus mise as. Ba hé Mac Gabhann é, acht níor aithin ceachtar againn an duine eile: bhí sé cheithre bliadhna ó chonncamar a chéile. Chuaidh sé isteach san oifig gur iarr áit chodlata, agus níor
aithnigheas a ghlór. Thainig sé amach arís ag iarraidh a mhála, agus casadh dhá chéile arís sinn sa halla. Ní fuláir nó sin é Mac Gabhann, arsa mise, ní chuirfeadh aoinneach eile faoi annso i bhfuisgeacht deich míle do Bhaile Hiobáird. Leanas de amach go dtí an taobh thall den chóiste, áit a bhí dorcha. An Mac Gabhann is ainm duit? D'iompuigh orm go hobann: ba léar dhom gur shaoil gur ag faireadh air a bhíos — gur leanadh é go dtí an t-ionad a raibh sé le casadh dhúinn; go raibh i ngreim agus go raibh a ghnótha déanta. Ní dhearnas moill gur innsigheas an fhírinne dhó, óir ba cosmhail le duine é bhí ar tí urchar a chur thríom agus a thabhairt dá shiubhal. Tá go maith, a Phádraig: bí 'do thost: siubhail isteach sa seomra. Bhuaileas isteach go neamh-shuim- eamhail. Ba gearr go raibh sé isteach 'mo dhiaidh, agus d'imthigh an cóiste. Chaitheamar an tráthnóna i n-éin- fheacht i seomra ar leith; agus b'iomdha rud a bhí le fiarfuighe againn dá chéile; níor chuireamar síos go sonnradhach ar an deis éalóidh go bhfeicfimís an mhuinntir eile. Tráthnóna lá ar n-a bháireach bhíomar i dtigh lóistín an Bhrianaigh i Norfolk Nua. Mhínigh Mac Gabhann an t-órd- ughadh a fuair .i. an Brianach agus mise a thabhairt leis i ngan fhios; nó duine againn mara bhféadadh an bheirt againn a thabhairt leis; agus cúram ar n-éignighthe a bheith ar Mhac Gabhann dá mbeith gábhadh le éigniughadh — rud a bhí Mac Gabhann toilteanach ar a dhéanamh. Shaoil- eamar araon a thabhairt don Bhrianach éalódh i dtosach, ó ba rud é go raibh sé daortha ar feadh a shaoghail; acht d'eitigh sé éalódh i dtosach, ghá rádh gur chinn air éalódh cheana d'oileán Mháiria nuair fuair an fhaill; agus rud eile: an pobal a d'íoc an costas an uair sin. Seo
é do thráth-sa, ar seisean. Thairis sin féin, is fearr an t-adhbhar atá agat-sa ar a dhul go Ameriocá ná agam-sa, agus is fearr a d'fheilfeadh an áit dhuit mar bhaile. B'éidir, adeir sé, uair éigin go ndéarfadh riaghaltas Shasana leo féin go mba hé a leas mise a shaoradh, gan géilleadh dhóibh, agus d'fhillfinn go hÉirinn annsin. Má éaluighim uatha ní fhéadfainn cos a chur i nÉirinn go bráth. Tá fhios ag cáirdibh an Bhrianaigh nach féidir a bhogadh, agus dá bhrígh sin ba gearr gur leigeamar dhó. Dubhras- sa annsin go ndéanfainn an iarracht sa gcaoi a luadhadh. Chuadhas féin agus Mac Gabhann go Bothwell indé; bhíos-sa ar marcuigheacht agus bhí seisean ar chineál carr puiblidhe. Is garbh an bóthar suas gleann an Derwent é, chomh fada le Hamaltún, áit i bhfuil cumar an Clyde agus an Derwent. Sráid-bhaile beag deas é Hamiltún, atá ag stracadh leis an saoghal: tá teach maith ósta ann, sluaightheach, carcair ar ndóigh freisin, teampall, garrdha gabhann, agus timcheall le tríocha teach beag ósta. Coillte agus cnuic fhiadháine atá le bóthar as sin go Bothwell. Ní raibh capall srian is diallaid le fagháil, agus b'éigin do Mhac Gabhann aimsir a chur ar charr beag éadtrom agus fear tiomána; bhíos-sa ar marcuigheacht le n-a thaobh. B'aoibhinn an t-aistear fiche míle é tré choilltibh sa samhradh. Támuid annso i mBoth Nant anois. Ar ndul dúinn tré Bothwell chuadhas den bhóthar díreach as mo bhealach ar lorg litreacha go hoifig an phosta. D'íoc Pádraig fear an cháirr agus sgaoil bóthar leis agus tháinig liom dá chois. Cá bhfuil an sluaightheach cumasach so? ar seisean. Tara uait go bhfeicir é: tá sé féin agus teach an phosta sa bhfoirgneamh
céadna. Dhearc sé an áit go grinn ar a theacht 'na ghoire dhó; agus shiubhail sé isteach go neamh-shuimeamhail i n-oifig an ghiúistís, an fhad is bhíos-sa ag an bhfuinneoig ag iarraidh litreacha, gur dhearc sé an duine uasal sin tamaillín, é féin agus an cléireach a bhí 'na shuidhe le n'ais. Chuaidh sé trasna an halla annsoin go hoifig an árd-chonsabail; go dtug fa deara a shuidhiughadh, agus na hairm crochta le cúl a chéile ar an mballa, na dorn-fhásga agus na hinnill eile príosúin a bhí ann fa chomhair daor. Tháinig amach annsin, thug fa deara an teach faire thall ar a aghaidh agus na consablaí ag spaisteoireacht thart go díomhaoineach, (bhí duine aca agus greim cinn aige ar mo chapall, dhá choinneál dom, rud go mba lághach an mhaise dhó a dhéanamh); thug fa deara an sluaightheach a bhí ar chnocáinín ar ar n-aghaidh thall agus ar gach a raibh eile ann, i gcruth is go mbeadh a fhios aige goidé an leagann a bhí ar an áit fa chómhair na hoibre a bhí romhainn. Saoilim, adeir sé, dá mbeith triúr nó ceathrar fear ann, nó ar a mhéid seisear agus piostail an Choltaigh aca, go réabfaidís an baile agus go bhfuadochaidís leo an giúistís. Is cumasach an fear é an Coltach — duine de na daoine is intleachtaighe sa domhan fa láthair. Indiu atá an chruadhóg ortha sa mbothán. Bhí aithne mhaith ag Mac Gabhann orainn i mBaile Átha Cliath agus bhí aithne aige ar Sheán Knox. Shiubhail sé Éirinn ó shoin fearacht gach neach eile, ag iarraidh teine na ceannairce a fhadughadh acht ní lasfadh sí. D'éaluigh annsin don Oileán Úr, gur imthigh ar luing as Gaillimh i riocht tuata agus a chóta bréidín air. Chothuigh sé é féin i Nua Eabhroc mar is fearr a b'fhéidir leis, rinne eagarthóireacht ar pháipéar nuaidheacht i bPitsburg, bhrostuigh an pobal
i Nua Eabhroc i dtaobh an bhóthair iarainn i Nicaragua, ag iarraidh na daoine a dhéanamh namhadach do Shasana fa'n gceist; fearacht an Raghallaigh, chuir sé roimhe feidhm agus dualgas an fhíor-mhéirligh a choimhlíonadh. Bhí cáirdeas dlúth aige la mac Uí Mheachair ó thús, agus is deas an cúntas a thug dhúinn ar ghníomharthaibh agus ar ráidhtibh an eas-phríosúnaigh sin, do bhí tamall 'na chomh- nuidhe ag Cloigeann an Mhadaidh, Loch Sámhaidh, acht atá san Ósta Metripolitan anois. Chuir sé síos dúinn ar an gcaoi a raibh na gobemouches dhá shárughadh, ar an gcaoi ar chaoin a shean-chompánacha é le áthas, ar an gcaoi ar chuir na sagairt strainc ortha féin leis, agus b'iontuigthe do dhuine go ndéanfaidhe sin go huile. Dó nó trí laetheanta atá Pádraig le caitheamh i n-ar gcuideachta; rachaidh annsin go háitibh eile den oileán le comhairle a ghlacadh le n-ar gcáirde agus leis na gnóthaibh a ollmhughadh. Chítear dhom cheana go bhfaghaim boladh an domhain uachtaraigh, agus go bhfeicim an lá ag breacadh tré gheataibh ifrinn.
AN 2° CAIBIDIL AR XX. Bothwell, Eanair 16°, 1853. — Chuaidh Nicaragua (sin é an t-ainm atá againn ar Phádraig Mac Gabhann tré n-a shaothar i Meadhon Ameriocá), chuaidh sin go Mel- bourne féachaint a n-éireochadh leis aimsir a chur ar luing; óir is contabhairtighe Baile Hiobáird chuige sin agus is teirce tá longa ann. Thugas suas go Loch Sámhaidh é agus síos an taobh thall den chnoc go dtí an bóthar mór atá ag dul ó thuaidh. Tá súil againn i gcionn míosa nó sé seachtmhainí sgéala dfhagháil goidé mar tá ag éirghe leis. Tá Seán Knox toilteanach ar iarracht éalóidh a dhéanamh an turas so fosta, ó thárla mé féin agus eisean 'nar gcomhnuidhe sa gceanntar céadna agus fa'n oifig consabal céadna. Má éirgheann liom ní mór liom mo mhuirighin dfhágáil i mBoth Nant, agus tagaidís go San Phroinsiais i bhfochair Nicaragua mar is fearr is féidir dhóibh. Gidheadh níl aon sgáth ag mo mhnaoi roimh an gcontabhairt ná roimh an mí-chomhgar. Tuigeann sí a dhocharaigh is tá sé clann a thógáil ina leithide seo de thír, agus an deis atá orainn; agus i n-áit a bheith ga mo bhacadh is amhlaidh tá sí ag moladh go mór liom. Níor labhramar ar ndóigh leis na daoinibh aitheantais annso faoi, óir ní éireochaidh linn mara ndéanamuid an rud i ngan fhios do lucht an ughdaráis, sé sin go dtí go dtugamuid fuagra go fuirmeamhail uainn.