Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 2

Title
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 2
Original Title
Jail Journal
Author(s)
Mitchel, John,
Translator
Ó Neachtain, Eoghan
Composition Date
1911
Publisher
Goill, M. H. agus a Mhac, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN 9° CAIBIDIL.



Aibreán 24°, 1849. — Ar muir. — Labhramar le foirinn
an arthaigh dá ngoirthear an Palos. Bhí sí ag triall
abhaile go Boston ó Buenos Ayres. Americánach tanaí
an caiptín atá uirthi, hata leathan-bhilleogach air. Bhí
an bórd beo le daoinibh againne agus dhearc sé go
neamh-shuimeamhail orainn agus d'fhiarfuigh cá caladh a
raibh ar dtriall. Is maith a thuig sé, shaoilfeá, an sórt
locht a bhí againn. Níl réigiún nach bhfuil eolas maith ar
longaibh daor na Breataine ann.



20°. — Tá cóir bhreagh gaoithe anoir indiu againn agus
sinn ag dul ó dheas agus gearradh siubhail fúinn.



Daily News a tháinig sa bposta Dia Domhnaigh tá an
dochtúir d'éis a chur isteach in mo sheomra chugam.
Maiseadh nach bhféadfadh an Dubhthach a shaoghal a chaitheamh
ag déanamh amhráin ar an gcúlráid dó féin, agus gan
a dhul ag fuasgailt an námhaid ón sáinn a raibh siad ann,
tré bheith ag iarraidh cur fa ndeara do na daoinibh
sásamh a thabhairt sa dlighe? Shaoilfeá gur i n-aon
turas a rinne sé é, nuair a leig sé impidhe a chur ar an
riaghaltas ar a shon, ag iarraidh ar an námhaid gan
leanamhaint dó níos fuide sa dlighe — agus gan uatha
acht leithsgéal leis an rud céadna sin a dhéanamh. Leig
sé an impidhe sin a chur ar an námhaid, agus ainmneacha
go leor daoine leis, dhá iarraidh ortha trócaire a dhéanamh
air agus leigean dó, de bhrígh go raibh sé sgriosta amach
is amach; de bhrígh go raibh sé tamall fada i ngéibhionn


L. 2


cheana; de bhrígh go raibh an-cháil air ina shaoghal phríomh-
áideach; go raibh a shláinte gan a bheith ro-láidir; de
bhrígh go raibh na daoine go han-chorruighthe agus go
han-bhruithte ar feadh an ama a raibh an chaint láidir,
cheannairceach ar a pháipéar; agus nach raibh an chaint
sin air mar sin féin acht ar feadh cúpla seachtmhain.
Leig sé, adeirim, an impidhe sin a chur ar an riaghaltas —
mar nach bhféadfadh lucht na himpidhe aon ghealladh
leasuighthe a thabhairt ar a shon gan cead uaidh féin;
agus mórmhór ó thárla nár labhair sé focal i
n-aghaidh rud tútach mar é a dhéanamh. Acht is
cosmhail go díreach é leis an gcosaint shuarach a
rinne sé air féin tráth a raibh sé dhá fhromhadh fa dheireadh
nuair a thug sé fiadhnuise go raibh cáil mhaith air, agus
nuair a shaoil sé cúram na cainte bhí ar a pháipéar
aige a chur ó n-a dhoras féin. Sir Laoiseach Ó Briain a
thug an impidhe seo go dtí an tighearna Clarendon;
d'admhuigh sé freisin go raibh an bíodhbha “ciontach.”
Nach iad an námhaid a bhéas samhasach fa'n obair sin, nach
ortha a bhéas an t-áthas fa sinne agus ar gcúis a bheith
ar lár! Tá an Daily News go ríméadach do réir
chosamhlacht fa'n leithsgéal maith seo a bheith aca, agus
cá bhfuil an páipéar nuaidheacht sa mBreatain nach
mbeadh? agus deir sé, a chuid féin de, duine uasal a
bhfuil cáil chomh maith sin air nár mhiste a leigean amach
saor agus nach bhfuil aon dochar don phobal ann. Is
tútach suarach an obair í! Mo mhallacht dá cháil phríomh-
áideach! Gidheadh níor cheart do dhuine fearg a ghlacadh
leis an Dubhthach, óir níor ghabhadh dhúinn aon cheapadh bheith
againn go dtiubhradh sé príosúntacht air féin mar gheall
ar phrionsabáltacht ná ar adhbhar ar bith. Ní mhairfeadh
an Dubhthach gan gaoth mholta bheith dhá séideadh faoi; sin


L. 3


í a choinnigheadh an tséideog ann; agus ní mórán moladh
ná gaoithe mhór atá le fagháil ón adhmad cruaidh seo
atá fúinne. Nuair a shroicheas fear an áit seo tá
talamh bainte amach aige; ní fhanann aon néall chumhra
mholta annso faoi, imthigheann sé le gaoith. Ná ceapadh
aon fhear go mbainfidh sé beatha ar fad as an gcineál
sin bídh — óir is droch-bhiadh é agus d'atfadh sé é — ná
líonadh duine a bholg leis an iomarca den ghaoith anoir.
Nach bhfuil a fhios againn Polláirí fairsinge sin a
shluigeadh na muillte gaoithe — é siúd a bhfaca Panta-
gruel é i ríoghachtaibh Ríoghna Entéléchie — gur imthigh sé
as ar fad agus gur éag fa dheireadh agus na leagha thart
timcheall air, nuair nach dtiocfadh leis an biadh ba gnáthach
leis a fhagháil, acht go mb'éigin dó ciotalacha cruadha a
chogaint agus friochtáin. Dá gcaitheadh Polláirí fair-
singe a theacht i dtír ar bharraibh iarainn agus ar bholtaibh,
goidé mar thiocfadh ann, meas tú? Go deimhin féin is
rí-bheag an tuairisg do réir cosamhlacht atá annso i
mBermuda ar na fearaibh breagha óga liteardha sin,
ná ar a gcáil ná ar a mbuadhaibh; cé gur buidhean bheag
iad a chuir anam as a nua i nÉirinn.



Ní féidir tada fhagháil as duine acht an rud atá ann;
gidheadh is beag an tsúil a bhí agam go ndéanfadh an
Dubhthach an inísliughadh sin air féin. Is fearr go fada
an t-árach a bhí aige ná ag ceachtar againn, agus leigfidh
sé don “Riaghaltas” imtheacht leo anois agus comhar-
thuidheacht éigin dlighe agus reachta dhá bhfalach féin, an
lá go bhféadfadh sé gan snáith dhe fhágáil ortha, acht a
dtaisbeánadh mar tá siad — .i. sluagh armtha iad atá ag
riaghlughadh a námhad de rinn gaoi.



Agus dá mbeith an “Riaghaltas” gan géilleadh don
impidhe so féin agus dá leanaidís de agus an dlighe a chur


L. 4


air arís cá bhfuil an coisteoir a mbeadh sé de chroidhe aige
seasamh ar son an té thiocfadh ar gcúl mar chuaidh
seisean? Ná cá mbeadh an tairbhe dhó ann dá seasadh
féin? Is olc an obair í ar gach uile chor; acht ní hé seo
is críoch di.



Creidim gurab amhlaidh is mian leis an Dubhthach
agus le n-a chomhairleachaibh a chur 'n-a luighe orainn,
nuair a gheallas sé éirghe as politiceacht, a chur 'na luighe
orainn go bhfuil cúis na hÉireann sa bpreib dheireadh,
nó nach fiú troid ar a son; a chur i n-iúl dúinn, a
gcuid-san de, go dtiubhraidh siad-san suas an tír,
agus déanadh na Sasanaigh “cill nó muileann di.”
Agus cé'n dochar acht sin a dhéanamh anois, tráth nach
bhfuil aon dlighe le fagháil, nó má tá gur dlighe é atá
iompuighthe i n-aghaidh gach uile fhear cneasta; tráth a
bhfuil ceathrar as an gcúigear de mhuinntir na tíre,
agus gan é de chead aca ceart cathruightheoirí a bheith
aca; tráth a bhfuil duine as an gcúigear aca ag fagháil
bháis leis an ocrus, agus an t-oileán fútha féin ag an
arm, mar bhéadh dúthaigh námhad. Agus an fear ar leis
an Nation, gabhann sé párdún — ní raibh faoi aon díogh-
bháil a dhéanamh a chuid-san de le na briathraibh mór-
ghlóracha úd a bhí aige, acht é chomh dlightheach le Quaker ar
feadh an ama, agus ní dhéanfaidh sé a leithéid arís
go deo. Mar sin go díreach atá an cás, sin nó is
dearg-bhréagadóir é an Daily News so.



An phláigh go raibh ar gach uile chladhaire! Níl cúis na
hÉireann sa bpreib dheireadh, agus is tútach agus is
sunda an rud a rádh, ná a cheapadh, ná a chuimhniughadh,
ná a leigean amach go bhfuil.



Creidim nach cóir a mheas go bhfuilmid buailte má
chuaidh aca orainn féin i mBaile an Gharrdha. Duine


L. 5


uasal croidhe measamhail, fiúntach, a thug ceathrar nó
cúigear fear leis, agus gan aithne ná eolus ag na
daoinibh ortha, chuadar i gconndae Chill Choinnigh agus i
gconndae Thiobrad Árann agus d'iarradar ar a lán
daoine éirghe amach i n-aghaidh an riaghaltais, fa n-a
stiúradh-san, nó go saoraidís an tír. Níl aon phinginn
airgid ag an duine uasal sin le n-a n-íocfadh sé a
shluagh; níl éide ná airm aige dhóibh ná greim bídh a
chuirfidís ina mbéal. Thaisbeáin sé píce a bhí aige agus
d'órduigh dhóibh leanamhaint dó agus an tír a shaoradh.
Maith maise, ní hé nach bhfuil fonn a ndóthain ar na
daoinibh an tír a shaoradh; dá mbeith leath a ndóthain
airm féin aca, agus leath a ndóthain éadaigh, agus
ceathramha cuid a ndóthain le n-ithe thaisbeáinfidís sin.
Acht tháinig an duine uasal croidhe seo ortha chomh
hobann sin gur chuir sé iongantas ortha. Is fíor-bheag
aca a bhfuil arm ar bith aca. Ba hé gnáth-rún an
riaghaltais a bhí ortha agus a bhí mar námhaid aca, gan
airm a fhágáil aca le leith-chéad bliadhain anuas, agus
cuireadh fiche dlighe arm i bhfeidhm leis an intinn sin
amháin ó aimsir an Aonta. Ba ró-bheacht agus ba glic
an gnáth-rún é; óir bhí a fhios ag an námhaid dá mbeith
cleachtadh ag na daoinibh ar airm go mbainfidís an leas
ceart, ionnraic asta a bhainfeadh Críostuidhthe ar bith
asta. Dá bhrígh sin gach Gaedheal a bhí ina Chatoiliceach
nuair a chuimhnigheadh sé ar airm chuimhnigheadh sé ar an
gcoir, ar an bpríosún, ar lucht braith, ar an seisiún
beag, ar laincis agus ar an arm. Ba hé sin an gnás
le leith-chéad bliadhain. Agus ar eagla nach raibh a sháith
sa méid sin ba hé teagasg na ndaoine a bhíodh ag
brostughadh do réir an reachta, seadh agus teagasg na
sagart freisin, nó teagasg a bhfurmhór, go mba peacadh


L. 6


é úsáid a dhéanamh d'arm. Níor múineadh dhóibh gurab é
pribhiléid an duine arm a bheith ar iomchur aige — gurab
é an beithidheach amháin a bhfuil déanamh d'fhoireasbha arm
aige; níor múineadh dhóibh gurab amhlaidh chuir Pairliméid
na Breataine dlighthe arm i bhfeidhm de bhrígh go mbain-
eann gach uile fhoghluidhe arm den té a bhfuil sé ar tí a
chreach agus a shlad. Níor múineadh; múineadh na sean-
fhocla seafóideacha dhóibh: “Is fearr linne maireachtáil
ar son ar dtíre, éagadh daoine eile ar a son”; “Is
fearr aon duine amháin a bhfuil grádh dhá thír aige agus
é beo ná lán reilice de dhaoinibh marbha.” Ní daoine
den tsórt sin a mbeadh súil agat go n-éireochaidís
amach en masse nuair a déanfaidhe a nglaodhach chun
cogaidh, bíodh go mbeadh an sglábhuidheacht is do-
fhulangtha ar bith ortha agus fearg an domhain mar
gheall air: táid siad ró-thruaillighthe, ró-dhall, ró-
imthighthe as agus gan aon mhaith dhóibh féin ionnta.
Caithfear i dtosach, shul 's éireochas mórán de na
daoinibh amach, ná shul 's bhéas siad ábalta ar a
dhéanamh, caithfear teagasg breagh fearamhail a thabhairt
agus a ghlacadh. Caithfear annsin troid a bheith go
minic ann idir na daoine agus arm Shasana i mbaile
mór agus fá'n tuaith chomh maith le chéile, agus caithfidh
cleachtadh a theacht ag fearaibh agus ag buachaillibh agus
ag mnáibh ar an lann ghéar glas, agus ar a bheith ag
tabhairt na fola.



An Éirghe amach Ameriocánach is amhlaidh thosuigh sé
as raiceanna a bhí idir dhá bhuidhin ar na sráideannaibh
i mBoston — “raiceanna suaracha.” Tráth ar éirigh na
Lombardaí amach an uair dheireadh bhíodar d'éis
bliadhanta fada a chaitheamh dhá n-ullmhughadh féin, ag
troid go fraochmhar i n-amharclannaibh agus ar na


L. 7


sráideannaibh nó go raibh na daoine go hiomlán
coipighthe, go mba geall le niosgóid iad; agus is mar
sin a bhéas sé go deo ag daoinibh a mbeidh an spioraid
ionnta má bhíonn anfhorlann dá fhulang aca, sé sin
mara mbaintear an fhearamhlacht asta le droch-theagasg.



Dá n-éirghití as an gcúis anois níor thada eile é acht
leithsgéal a bheadh ag daoinibh a rádh: “Ní saoirse atá ó
na daoinibh sin, ní fiú iad saoirse a fhagháil; ní throid-
fidís in mBaile an Gharrdha.” Deirim-se arís nach
cladhairí iad mo chomhthíoracha, agus nach bhfuil aon fhonn
ortha a bheith fa mhoghsaine; agus cé go bhfuilim anois
imo chime agus go bhfuilim ar longais tá súil agam go
bhfeicfead an lá fós go mbéidh an leigean aca leis sin
a chruthughadh.



Gidheadh fa láthair is ró-fhollusach go bhfuil an chuid
aca atá lag mí-mheanmnach go bhfuil siad ar lorg
leithsgéil éigin a thabharfadh dhóibh brostughadh síothchánta
a dhéanamh mar tá dhá dhéanamh ag lucht leanamhna
Dhomhnaill Uí Chonaill, sin nó éirghe as politiceacht ar
fad — thiubhradh sé leithsgéal dóibh gur chlis ortha i
mBaile an Gharrdha, nó go bhfuil an riaghaltas ag dul
chun dánacht, nó an droch-shláinte, &rl. — acht is bocht
suarach an rud le rádh nó le cuimhniughadh air é. D'fhan-
faidís go síothchánta i nÉirinn, chaithfidís a saoghal go
fiúntach imeasg na ndaoine, agus d'fhéachfaidís fútha
agus tharta ag cuartughadh áit i bhfuighdís uaigh eas-
onórach dhóibh féin.



Acht níl stair na hÉireann thart fós.



Chím fós ar na páipéir seo go bhfuil arm Riaghaltais
Puiblidheacht na Fraince ag ionnsuighe na Róimhe .i.
riaghaltas puiblidheacht eile, ag iarraidh a chur d'fhiach-
aibh ar na Rómhánaibh an triúr a thoghadar (agus is é an


L. 8


deagh-Eadáileach uasal sin Mazzini an ceann ortha) a
dhíbirt agus an chumhachta a thabhairt arís do “bhuidhin
uathbhásach” na sagart. Tá dul amugha gránna éigin
ortha sa méid sin; sin nó tá an Bonaparte so i
dtréas i n-aghaidh Riaghaltas Puiblidheachta agus i
n-aghaidh na Fraince, é féin agus a Odillon Barrots
agus an dream ríoghdha eile atá ina fhochair. Is cumh-
achtach an bhuidhean atá ina aghaidh agus i n-aghaidh a
Riaghaltais, agus “Cumanntóirí” atá ag lucht páipéar
nuaidheacht Shasana ortha fré chéile. Acht saoilim go
ngoirthear “cumanntóirí” anois de na daoinibh is
fearr a bhfuil an creideamh puiblidheacht aca; óir ní
fhéadfadh aon bhuidhean mhór a bheith ann a chreidfeadh i
bhFourier-Owenism. Ag Dia atá a fhios gur deacair an
rud ceist i dtaobh aicmí na ndaoine a réidhteach ar an
rann Eorpa fa láthair; acht ní réidhteochadh Fourier-
Owenism í.



Fairíor gan feiceál agam ar pháipéar éigin ón
bhFrainc; tá mé sa dorchadas.



Acht is forusta aithne gur éirigh seafóid chainte os
cionn “Órd,” chomh maith agus dá mbeadh gan tada eile
bheith ar chúram an duine, ná ar chúram an phobail acht
aire a thabhairt d'órd. Tá lucht an airgid ar ndóigh ag
déanamh a ndíchill ag iarraidh an tseafóid chainte a
leathnughadh. Agus nach hí an dearg-sheafóid í na dhiaidh
sin. Órd! ars eisean; is fearr an t-órd atá ar bun
i longaibh príosúin Bhermuda ná mar atá ins na Champs
Elysées.



Tá an Ungáir dhá cosaint féin go fearamhail ar an
Ástria. D'iarr Impearóir na Gearmáine congnamh ar
Impearóir na Rúise, agus gheobhaidh sé conghnamh uaidh.
Is laoch é Kossuth a bhfuil intleacht thar barr ann.


L. 9


Acht chuaidh ag an námhaid críochruighthe ar na Seiks is-
na hIndiachaibh; ghabhadar Moultan agus rinneadar a
argain. Cathair í Moultan den chuid a sgrúduigh an
Branach dóibh. Rinneadh an áit a chosaint go fear-
amhail.



28°. — Támuid ag tarraing ar na Barbadoes, agus ní
mór dhúinn leath-bhórd a thabhairt ó thuaidh arís, cloisim.
Tá an aimsir go háluinn, gan a bheith go ró-the ar fad
di. Tá an tsláinte go breagh agam, agus mé ag spais-
teoireacht go leisgeamhail agus ag bhfáinneáil ar an
mbórd árd deireadh agus gan tada ar m'aire d'oidhche
ná de ló. Ní duine de phobal na ndaoine móra mé,
agus ó thárla gan mé ar aon bhórd leis na hoifig-
eachaibh, tá an t-am ar mo chomhairle féin agam, cead
agam mé féin a ghléas mar is breagh liom, agus ní
labhraim le aon duine acht leis an dochtúir, agus le
cineál ministéara nó “Teagasgthóir” mar curtar i
gcomhnuidhe ar longaibh príosúin. Sean-Albanach é an
caiptín, feasóg ruadh air; agus eisean agus an
dochtúir agus dhá fheithideach ar a dtugtar mátaí .i. an
t-árd-mháta agus an dara máta, agus dhá oifigeach de
bhuidhin airm an 91°, agus an ministéara nó an teagasg-
thóir, sin iad atá ar bhórd na n-oifigeach i n-am bídh.
Buaileann an caiptín agus an dá mháta bleid chainte
orm corr-uair nuair a thagas sé in mo cheann leigean
dóibh, cé gur máirnéalaigh féin iad ní holc na daoine
croidhe iad; acht is mór an greann liom an chaoi a
bhfuil an dá oifigeach san áirdeal ortha féin ar fhait-
cheas go labhairfidís liom. Ní chuirfear cúirt airm ar
na daoinibh uaisle sin, nó cinnfidh sé ortha, faoi an
iomarca aire a thabhairt dom: agus dá bhrígh sin fanann
siad i bhfad uaim ar an mbórd árd agus iad ag siubhal


L. 10


ar an taobh thall de. Shaoilfeá i dtosach go mb'eagal
leo go dtiocfainn ag brúghadh carthanais ortha, agus
d'fhéachaidís cam orm mar d'fhéachfadh cailín neoid ar
fhear ghránna a cheapfadh sí a bheith ar tí a milleadh. Ní
gábhadh dhóibh faitcheas ar bith dhá laghad a bheith ortha — ní
mhillfead-sa an onóir Shasanach atá ionnta.



Fear de na Stíobhardaigh ó Ghlascú é an teagasgthóir,
agus nár laghach an mhaise dhó é agus iasacht a chuid
leabhar a thairisgint dom an fhad is bhéinn ar an aistear.
Léigheann sé na paidreacha do bhuidhin bheag Protus-
túin atá ar na daoraibh, — féachann sé le léightheoireacht
a mhúnadh dhóibh agus le feabhas éigin a chur ortha i gcruth
agus go leasóchaidís. Gidheadh ní labhrann liom-sa ar
chreideamh agus taisbeánann sin go bhfuil stuaim ann.



Gur mar sin atáim ag breathnughadh ar na daoinibh
bhéas 'na gcomh-máirnéalaigh liom ar feadh dhá mhí.



Iúl 12°. — An dara lá déag den Iúl. — Tá súil agam
nach bhfuil na hamadáin i dtuaisgeart na hÉireann ag
marbhadh a chéile indiu.* Gidheadh má tá, tá aon tsólás
amháin ann: an té marbhófar ní éagfaidh sé den ghorta.



Támuid gar do ráiche ag seoltóireacht: ní fhacamar
talamh fós, agus támuid gan a bheith leath bealaigh go
dtí an Ros fós. Ón lá ar fríth amach compás an mháir-
néalaigh ar chuma ar bith, chreidim nár facthas seolteóirí
chomh dall leo seo. Trí huaire a chuadhmar treasna
líne creasa na gréine — agus trí huaire a chuadhmar
tré “réigiúin na gcalm” agus ba mall fadálach an
t-aistear dhúinn a dhul thríd an bpíosa sin mara. Níl



*Níor mhór dham an focal sin a mhíniughadh do na léightheoiribh
ameriocánacha; Sé an dara lá déag den Iúl an Lá atá ceaptha ag
na Fearaibh Órdha san Tuaisgeart le n-a n-áthas a chur i n-iúl faoi
na cathaibh a chuir an Rí ón Tír fo Thuinn a bhí ar Shasana ar a
gcomhthíorachaibh féin.


L. 11


aon tsúil ag an gcaiptín an Ros a bhaint amach, is
fadó a chur sé a shúil de sin, gan cur i dtír i n-áit éigin i
mBrazil ar lorg lóin agus uisge; agus támuid ag
triall ar Pernambuco anois. Tá an fhoireann agus na
príosúnaigh agus gan le fagháil aca acht leath a mbíodh
ag dul dóibh de bhiadh agus d'uisge. Chuaidh an t-uisge
chun donacht go mór: tá dath dubh air, agus é bog,
agus beo le ainmhidhthibh beaga. Tá an tinneas ag leath-
nughadh imeasg na ndaor agus imeasg na saighdiúirí:
agus támuid taréis seacht gcorp a chaitheamh amach
cheana thar bórd go dtí na craosairí mara. Tá go leor
eile go fíor-dhona leis an ngrís; agus tá an-fhaitcheas
roimh an bhfiabhras; agus ó thárla gur sa réigiún is teo
den chruinne a cuireadh an mhoill seo orainn (támuid
ar líne na gréine nó i bhfoisgeacht trí grádha dhó le
hocht seachtmhainí) sé an rud is mó is curtha i n-iongan-
tas a laghad is cailleadh fós. D'órduigh an dochtúir
cúpla lá ó shoin gan a thabhairt d'aon duine acht ceath-
ramha cuid a raibh ag dul dó d'uisge, sé sin pionta go
leith sa ló, agus déanadh sin cócaireacht dó agus tae
agus uisge le n-ól. An tráthnóna céadna sin thuit múr
mór uathbhásach fearthainne, mar is gnáthach a theacht ins
na réigiúin theo, agus gabhadh deich dtonna d'uisge
glan úr fuar agus cuireadh i mbairillibh é i mbolg na
luinge. Ní rabhthas leis acht sé huaire a chluig, mar
cuireadh caoi ar an sgáth gréine bhí ar an luing, agus
rinneadh cuisle canbháis a shocrughadh a chuaidh ón mbórd
síos go dtí na bairillí. Cheithre ghrádh agus cheithre fichid
teas atá dá thaisbeánadh ag gloine tomhais an teas
Fahrenheit le seachtmhainí, agus níl duine ar bórd nach
mór an samhas leis an múr áluinn sin. Ar a theacht
don dorchadas bhaineas díom go croiceann agus


L. 12


chuadhas amach in mo chroiceann ar an gcasán, gur
fhanas tamall annsin agus samhas orm 'mo sheasamh sa
lán-mhúr breagh úd.



B'éidir, mar gheall ar an múr cóir seo, gur leath ar
n-allúntas uisge bheadh le fagháil againn as so go
Pernambuco i n-áit ceathramha cuid.



Mo chuid-sa dhe, taithnigheann gach uile rud thar barr
liom — an teas agus an fionnfhuartas, an fliuchán agus
an triomach, lán-allúntas bídh, nó a leath sin, nó a
cheathramha cuid, agus caithim tobac agus ólaim an
t-uathbhás san oidhche, tar éis a bheith ga mo ghoradh féin
sa ngréin ar feadh an lae, ar nós an toirtís. Ní hé go
bhfuil an ghrian féin ag sgartadh ins na réigiúin so
go bhfuil an lá agus an oidhche comhfhad ionnta, acht tá
an t-aer chomh te sin agus chomh sádhail sin gur féidir
do dhuine a ghoradh a dhéanamh leis.



Iúl 13°. — Níl sa gcraosaire mara acht breac beag
bídeach. Tarraingeadh ocht nó naoi de cheannaibh aca ar
bórd chugainn ó shroicheamar na réigiúin theo so, agus
bhí na sgórtha aca ag snámh thart timcheall orainn agus
ní bhainfidís leis an mbaoite. Ní raibh ceachtar aca thar
chúig troighthe ar fad, agus an béal atá ortha tá sé chomh
cumhang agus gur beag le cois toirt cnú fiadháin a
thiocfadh thríd; acht is do-áirmhidhe an uimhir fiacla
beaga, féithleogacha, triantánacha atá aca agus iad chomh
tanaidhe sin agus chomh lag sin agus dá mbuailtí buille
maith ó bhróig láidir sa mbéal ortha go gcuirfidhe
seasga nó seachtmha de na fiaclaibh síos an sgóig aca.
Is gránna garbh an cineál feola tá ortha, agus droch-
bholadh uirthi, tráth is úire bhíos sí, acht bhí corr-dhuine de
na máirnéalaigh agus de na príosúnaigh a d'ith í.



Is aisteach, iongantach an feic é an “réigiún na


L. 13


gcalm,” agus is tuirseach. Tá camhaoin ifreanda mar
néall os a chionn agus sostacht dó-innsighthe, amhail is
dá mba hé ríoghacht Dis é. Tá an t-aer tais, te, dorcha
ann; is beag nach bhféadfá breith air. Níl puth as aer,
acht sinneán dubh nó dhó sa ló; acht tá an t-aer i n-aon
mhuirt liath-dhorcha amháin, agus tonnta móra dorcha ag
at sa bhfairrge, go saoilfeá gur righin atá an t-uisge.
Níl bualadh loingis ar bith ar an ionad i bhfuilmíd, acht
an oiread, agus is iomdha seachtmhain sinn dhar dtuairt-
eáil anois ar an muir mhuirteamhail seo i n-uaigneas na
marbh. Is minic mé ag aithris na línte seo dham féin:



An doimhin féin do lobh sé, a Chríost!
Nach mairg ariamh sin a bheith amhlaidh —
Agus ainmhidhthe bealaidhe shnámhadar agus cosa fútha
Ar an muir bhealaidhe.



Tráth a dteagann sinneán fúinn san oidhche, dhár
seoladh faoi na seolta uachtaracha ar uachtar na mara
ar feadh ceathramha uaire an chluig d'fheicfeá an teine
'na casán siar n-ar ndiaidh sa dorchadas ar feadh
t'amhairc, agus an cubhar 'na chaor theine ag rith thart
siar ó ghob na luinge ar nós Pyriphlegethon sa
bhfuarloch.



Is mór an grádh Dia linn múr mór báistighe a
theacht, agus ní raibh a fhios agam ariamh cheana a
leithéid de shádhaile a bheith i ndeoch den uisge úr
fionn-fhuar; cé go mbéinn leath an lae ag siubhal ar
bharraibh na gcnoc agus go dtiocfainn annsin ar
shruthán uisge glas i ngleann, nó ar thobar faoi sgáth
carraige, mar a mbeadh an stór luachmhar i bhfolach
ó íota agus ó theas na gréine. Suidhim fúm amanna
annso ar feadh i bhfad 's i bhfad ag breathnughadh uaim


L. 14


ar néall dubh báistighe atá ag gluaiseacht ag bun
dubh-ghorm na spéire, agus mé ag súil go mbros-
tochadh an ghaoth agus go seolfadh sí chugainn an locht
breagh trom sin uisge atá ag imtheacht mar ualach
thríd an spéir agus dath dubh dubh-ruadh ar an bhfairrge
fúithi. Bheadh íota tairt orm acht ní choisgfinn é acht
cúl tugtha agam do linn dubh na luinge agus don
tsúbhlach liomáinte, agus mé go dúlaidhe ag dearcadh
ar an ualach uisge milis a bhí i dtaisge sa néall
néata úd a bheadh ag déanamh orainn, ag seoltóireacht
ar nós long stáideamhail ó Tarshish a bheadh ag
déanamh ar oileán Java nó ar Gadire faoi mhaise a
cuid seol. B'fhacthas dom go bhfeicfinn srutháin
chriostalda agus go gcloisfinn an torann a ghníodh
an sruth Ruadh nó an Banna. An t-íota tairt a
bheadh orm choimhéadainn é agus ghnínn mórán de
(agus súil agam nár bhfada uaim é a choisgeadh sa
tuile sin), agus mé ag iarraidh é a ghéarughadh, ag
cuimhniughadh ar gach uile nídh is mó a chuirfeadh tart
ar dhuine; coin allta íotmhara ag lafairt as an tobar
dubh-uisge; lucht taistil an fhásaigh agus iad ag triall
tré fhásach chailcidhe na Siria; an máirnéalach a
mb'éigin dó greim a bhaint as a láimh, agus an fhuil
a dhiúl shul 's d'fhéadfadh sé Seol! Seol! a ghlaodhach
amach. Acht féach, nuair a bhí an néall báistighe trí
léig nó mar sin uainn, thuit gach uile dheoir dhe go
dtí an deoir deireadh agus an deoir deireadh féin
ós comhair mo dhá shúil síos sa bhfairrge, gur chuir sé
éad orm, agus an stór luachmhar sin uisge cailleadh
san aigéan é, agus ba diomadhach neamhthorthamhail a
bhí an sáile dhá bharr — an fásach, mar dubhairt siúd, nach
maireann aon duine ann. Agus cé hé thusa, a dhuine.


L. 15


go sileadh néallta neimhe dhuit? An bhfuil ionat do
ghlór a árdughadh chum na néall ionnus go dtiubhrá
neart uisge chugat féin? An bhfuil athair ag an
mbáistigh? Nó cé ghein na deora drúchta? Ní mise
é. Mar sin tá orm mo námhaid a choisgeadh le linn
na luinge, agus le braon beag de shúbhlach an liom-
áinte agus gráinne siúcra thríd, sin nó le gloine
biotáilte láidir.



Iúl 14°. — Indiu an chéad uair a mhothuigheamar an
chéad phuth de ghaoith anoir-ndeas na gceárd; agus
tá súil ag an gcaiptín ó thárla chomh fada sin soir
sinn .i. 25 grádha siar ó líne mheadhon lae na Sasan, tá
súil aige Pernambuco a shroicheachtáil fa cheann cúpla
lá leis an ngaoith seo; nó má thugann an sruth soir
arís sinn thar St. Roque níl baoghal nach dona bhéas an
cás againn an uair sin. Is mór an t-ualach de chroidhe
an árd-dochtúra é a dhóithidighe is tá sé dhúinn caladh a
bhaint amach an turas so, óir bhí an-imnidhe air le roinnt
laetheanta. Agus is beag an dochar dhó é; mara
mbeadh lón agus uisge ar ndóthain againn, agus sinn a
bheith i bhfad ó thalamh, nó dhá dtagadh sé na chalm orainn
i ngar do thalamh anaithnid, tá cheithre chéad duine ar
bórd againn, agus trí chéad aca sin 'na mbitheamhnachaibh
crodhanta, is gearr a rachadh riaghlughadh annsin, agus ní
bheadh ann acht lucht na gcábán a raibh a ndóthain aca, cé
aca a d'íosfaidhe i dtosach agus cé aca a d'fhágfaidhe
go deireadh? Duine beathaidhe é an ministéara agus
tháinig sé chugam cúpla lá ó shoin agus é chomh bán leis
an bpáipéar le imnidhe, agus d'innis sé a sgéal dom.
“Éireochaidh siad n-ar n-aghaidh annso,” adeir sé.
“Marbhochaidh siad sinn, íosfaidh siad sinn agus déan-
faidh siad an-uathbhás.” Dubhras leis go mba gnás é


L. 16


sin a bhí ag leathnughadh go mór .i. daoine a ithe — agus
d'fhéachas ar a bholg mór agus dubhras go raibh na
daoine ag ithe a chéile i nÉirinn le tamall cé go mba
daoine suaidhte iad. Tháinig creathadh air agus dubhairt
go raibh súil aige deagh-chríoch a theacht ar an sgéal.



Iúl 15°. — Támuid gan aon aimhreas ag imtheacht roimh
ghaoith cheart na gceárd, céad go leith míle sa ló de
shiubhal fúinn agus sinn ag tarraint ar chósta Ameriocá
Theas. An Doch. bocht Dees, a raibh droch-shláinte agus
imnidhe i n-éinfheacht ag dul dó, tá sé ag féachaint níos
spleodaraighe anois na mar bhí sé; tá a ghoile ag teacht
don tséiplíneach, agus é ag reamhrughadh; go dtí na
hoifigeacha galánta féin, cé gur thaisbeánadar sang
froid i gcomhnuidhe mar dhéanfadh daoine uaisle, táid
siad níos sásta anois ag caitheamh a bpíopa, dar liom,
ná mar bhíodar. D'fhágamar réigiún na gcalm ar ar
gcúlaibh agus tá gaoth chruaidh thirm anoir-ndeas ann
agus tonnta beaga gorma dhá ndéanamh ar uachtar
na mara aici. Tá an ghrian ag dul thart ina caor theine
arís os ar gcionn ar a haistear lae, agus síos léithi
sa bhfairrge thiar tráthnóna agus is áluinn thar barr an
feic í. Támuid glanta amach as na línntibh Acerontacha
agus sinn ag teacht arís go dtí an áit i bhfuil an ghrian
bheannuighthe ag sgartadh.



Iúl 18.° — Talamh! — cósta íseal ag síneadh i bhfad
amach uainn agus é i bhfoisgeacht dhá mhíle dhúinn. Tá
sé faoi bhrat throm de choilltibh uaisle agus iad ag fás
anuas go bruach na fairrge — iubhair árda crotha fiadh-
áine 'na seasamh le cúl a chéile ar ghaineamh na trágha;
cathair fhionn-aolta, tuir árda ar a fuaid, agus í
déanta síos go dtí an snáithe mara ar feadh dhá lán-
mhíle cladaigh agus gan ann ag an gcathair adhbhalmhór


L. 17


shaoilfeá acht go dtug an fhoraois sin ionad sheasta dhí
ar a ciumhais. Tá glasraidh go tiugh tréan ag fás ar
gach taobh den chathair, idir na tighthibh agus na clochair
agus amach go dtí na sráideannaibh; agus ar chúlaibh na
cathrach tá an talamh ag éirghe do réir a chéile, agus chím
go bhfuil sé faluighthe ar feadh mílte suas go barraibh
na gcnoc i bhfad uainn le duilleabhar fiadháin na
gcoillte. Acht tá sé fichid míle duine 'na gcomhnuidhe
sa gcathair sin, idir an fhoraois agus an aigéan; tá a
lán teampuill agus mainistreacha mhóra ar dhéanamh
mórdha Lúsitanach innti agus stórtha móra agus calaidh
agus loingeas ó iltíorthaibh an domhain insa gcuan. Tá
casáin do mhúillíbh ag dul thríd an bhforaois, amach go
dtí na machairí féarmhara agus go dtí na garrdhanta
siúcra, na garrdhanta caifí agus go dtí na garrdhanta
tobac a bhí i bhfad isteach sa tír. Ba hé Pernambuco
an caladhphort as a gcuirthí ar siubhal go tíortha eile iad.
Chím meirgí na Ameiriocánach agus na bhFrancach, meirgí
na Sasan agus na Tíre fo Thuinn, meirgí na Péru agus
bratach buidhe uaine na mBraziles i n-áirde ar na long-
aibh atá sa dug agus tá bratach buidhe an fhiabhrais ar
aon long amháin atá ar ancoire tuairim le míle uainn.



Tá súil againn riar mairtfheola fhagháil annso (daimh
allta a gabhadh leis an téid), agus uisge, agus toraidh
talmhan, liomáintí agus oráistí leis na gearba a
dhíbirt. Támuid i ngéar-chall dá bhfoireasbha.



20°. — Tháinig báid amach chugainn agus iad lochtuighthe
le oráistibh le liomáintibh le glasradh agus le arán
úr. Oráistí an-mhór an-mhilis iad, craiceann donn ar
chuid aca agus tuilleadh aca glas. Cheannuigheas deich
gcinn fhichead aca ar shé pinginne agus an samhas agus
an t-ampla bhí orm nó go raibh sé cinn aca ithte agam


L. 18


ar bhall na baice ní iarrfainn dearmad a dhéanamh go
deo air. Sglábhuidhthe do b'eadh cuid de na daoinibh a
raibh cúram na mbád agus cúram na n-earraidh ortha;
b'éidir gur san Afraic a rugadh iad (óir díoltar a lán
daoine ón Afraic ar na margaibh i gcaladh-phortaibh
Brazil agus Havana). Chaitheas i bhfad 's i bhfad ag
breathnughadh go grinn ortha, óir ní fhacas ariamh cheana
gus indiu sglábhuidhe ina sglábhuidheacht — sé sin, sglábh-
uidhe a d'fhéadfaidhe a dhíol, agus mb'fhiú airgead é,
sglábhuidhe a gceannochadh duine é agus a dtiubhradh sé
cothughadh dhó na dhiaidh sin i gcúrsaibh gnótha. Na sglábh-
uidhthe bochta a raibh cleachtadh agam-sa ortha, ní hé
amháin nár bhfiú tada iad acht na daoine ar leo iad is
mór a chaillfidís le n-a gcur uatha — ní sglábhuidhthe iad
a thiubhraidhe isteach i dtír, acht sglábhuidhthe atá d'ear is
barr ann agus iad annsin le cur as an tír — sglábh-
uidhthe a bhfuil Reacht glórmhar aca, agus Coimhéad, agus
Habeas Corpus gur féidir a chur i leath taobh, agus
fromhadh coistí, go mbeadh sé de chompóirt aca a
ndíbirt as teach agus as árus, a gcur i bpríosún thar
sáile, agus a gcrochadh má's breagh leís na “daoinibh
móra” é. Sglábhuidhthe reamhra soilbhire iad sin atá i
mBrazil, gan an iomarca oibre ortha, ná cheal a ndóthain
le n-ithe; agus is mór an spóirt a bheith ag breathnughadh
ar na bitheamhnachaibh dhá n-únfairt féin ar thóin na mbád
le teann leisge, agus iad ag diúl giota de chrann an
tsiúcra, drad gáiridhe ortha agus iad ag siosga cainte
le chéile agus gan a fhios aca go bhfuil aon anachain
mar Palladium sa domhan mór. Pé aca sin é, is
measa agus is uirísle go mór fada a bhí na sglábhuidhthe
faoi na Sasanaibh, agus is measa uirísle a ndáil anois
faoi na Ameriocánaibh ná mar bhí a ndáil ariamh faoi


L. 19


riaghaltas na Spáinne, nó faoi riaghaltas na bPort-
úinealach, nó faoi na Francaibh. An cine Anglo-
Sacsan, áit ar bith i bhfuil an chumhachta aca bíonn
siad i gcomhnuidhe ag caitheamh tarcuisne ar dhaoinibh.
Má oibrigheann na sglábhuidhthe i mBrazil go réasúnta
táthar sásta leo agus ní caithtear tarcuisne leo. Is
minic a leigtear isteach iad i gcomhluadar na ndaoine
a mbíonn siad ar seirbhís aca, agus tá daonnacht éigin
ina saoghal. An fearr a bheith id' sglábhuidhe mar sin
faoi mháighistir atá trócaireach ionnraic ná faoi
thighearna talmhan i nÉirinn? Ag Dia atá fhios.



Acht má seadh, ní hé go dtaithnigheann an cineál so
sglábhuidheacht ar fad liom. B'fhearr liom, dhá mbeith
airgead agam, earraidh ar bith eile a cheannach leis ná
sglábhuidhe, nó é a chur i ngnóthaibh ar bith — cé is moite ar
ndóigh do stoc-chiste ar cáirde.



Iúl 25°. — Támuid ar ancoire le seachtmhain i gcuan
Pernambuco agus sinn ag ithe ar sáth toraidh. Is rí-
bhreagh an glasradh é an iam, ní aithneochá ar a bhlas,
ar a dhath, ná ar a dhéanamh nach fata é — is fearr é
féin ná an cineál fataí atá ann, mhórmhór ar an
aimsir seo. Acht tá siad thar barr le daoire, tá
fiche punt an tonna ortha, ar éigin a chreidfeá é, cé
gurab é an talamh so in Ameriocá ó Dheas a dtalamh
dúthchais. Tá na horáistí le fagháil ar chúig cinn ar
an bpinginn, acht tá sé pinginne an pionta ar an
mbainne, cé gurab annso atá tabhairt amach an
eallaigh. Ní féidir dhom an cás sin a sgrúdughadh
ná a mhíniughadh mar nach bhfuil cead agam a dhul i dtír;
agus dá mbeadh féin ní móide go bhfiarfochainn aon
cheist amháin ina dtaobh. Nuair fhéachaim siar ar an
leabhar cuimhneachain seo, cé gur irisleabhar é i n-ainm,


L. 20


go deimhin féin is fíor-bheag an t-eolus atá ann, agus
is náireach liom a rádh. Níor chuireas tada i dteannta
ealadhna. Ní fearrde an t-eolus fóghainteach blas mé.
Is cuimhneach liom go dtug Humboldt fa deara, agus
ba cumasach an saothruidhe é, go dtug sé fa deara, agus
é ag taisteal na gcoillte gcéadna so in Ameriocá ó
Dheas, cineál áirithe mongaithe a bhíodh ag uailfirt i
gcomhnuidhe le héirghe gréine; i ngleanntaibh Caraccas
é sin. Agus ní hé sin amháin, acht thug sé fa deara,
tar éis cuartughadh agus sgrúdughadh fada a dhéanamh,
go gcloisfidhe an uailfirt sin 1,705 slata, chomh gar is
d'fhéadfadh sé a dhul dó. Bhí de chruinneas agus de
thábhacht an eolais sin gur fhan sé go soiléir in mo
chuimhne, cé gur iomdha rud níos suaraighe ná é a ndear-
nas dearmad air. Ní fhéadfadh an feallsamh ar ndóigh
an t-eolus sin a bheith chomh sásamhail sin aige marach a
mhinicidhe agus thug sé fa deara é agus a airighe agus
thomhais sé an t-achar — maidneacha a dtéigheadh sé i n-áit
a mbeadh na mongaí ar thaobh na gaoithe, agus annsin an
t-achar a áireamh uaidh sin. Nach bhféadfainn-se freisin
féachaint le iongantas éigin a thabhairt fa deara, ion-
gantas maruidheacht, nó iongantas aeir, agus feabhas
d'fhágáil ar eolus na healadhna? Nach é an barún de
Humboldt céadna so an fear a raibh a thomhas-gorm
aige .i. uirnis mín le n-a bhféadfadh sé a dhéine agus tá
gorm na spéire a thomhas? É féin a cheap an uirnis
sin agus ba mhór é a mheas air. Is eagal liom gur
neamh-fheallsamhnach an mhaise dhom a bheith ag dearcadh
suas ar an spéir ghorm d'oidhche agus de ló, mar an
mbeithidheach gan a dhéine bheith ar sgála céimeann agam.



Iúl 26°. — Tá an Doch. Dees tar éis páipeir nuaidh-
eacht ó Shasana a thabhairt sa luing; an dara lá déag


L. 21


den Mheitheamh an dáta is deireanaighe bhí ortha. Ba
bheag an mhaith don Bhrianach, do mhac Uí Mheachair, do
mhac Uí Dhonnchadha ná do Mhac Mhaghnusa a dhul go teach
Feise na dTighearnaí ar lorg an chirt, óir daoradh iad
agus cuireadh anonn go Tasmáin iad ar bhuille boise.
Tá an Máirtíneach agus an Dochartach le cur anonn
freisin. Tá an seisear aca ar an aigéan mhóir mar so.
Labhradar i n-aghaidh a gcur anonn, dhá rádh nár dhlightheach
don Bhainríoghain athrughadh a dhéanamh ar an mbreith a
tugadh ortha — agus ní dlightheach. Acht d'iarr na minis-
téaraí Acht a chur i bhfeidhm a dhéanfadh dlightheach é,
agus ar ndóigh ní baoghal nach gcuirfear an tAcht i
bhfeidhm dóibh, agus gan mórán moille acht an oiread.
Tá muinighin ag lucht na feise as na ministéaraibh;
agus dá n-iarraidís Acht a chur i bhfeidhm dhá rádh:
“Ó thárla gur fearr colainneacha Liam Mac Gabhann
Ó Briain, &rl., a chur ar bórd an long iomchuir — agus
a dtabhairt go — ” agus leis sin dhá chur i bhfeidhm le toil
na Bainríoghna sár-onóraigh &rl., &rl., ar ndóigh chuirfidhe
i bhfeidhm dhóibh é go fonnmhar agus teanna leis; óir tá
muinighin ag na feisiribh as comhairleachaibh na ríoghna.



Má bhíos nóiméad ar bith riamh nár bh'onóir mhór liom
mé a chur i bpríosún thar sáile tá aithmhéal anois orm
faoi; óir is daoir thar sáile iad Seán Mac Máirtín,
agus Mac Gabhann Ó Briain agus Tomás Ó Meachair.
Má's mian le aon Ghaedheal cáil na cneastachta a chur
air féin níl aige le déanamh acht díbirt go príosún thar
sáile a thabhairt air féin ar an toirt; bíodh sé ar dhuine
de na daoinibh nach bhfuil aon tseasamh aca leis an rud
a dtugtar “Riaghaltas” air i nÉirinn —


L. 22


Anois ba rí-mhaith liom a bheith san áirdeal ar na
gnóthaibh seo, óir is ait an obair liom í, go bhfeicfead
ciannos a n-éireochaidh le riaghaltas tar éis cuid de na
fir is fearr sa tír a chur faoi ghlas; agus ní hé a gcur
faoi ghlas do réir an dlighe acht go follusach agus
i n-aon turas d'aindeoin an dlighe. Is fiú an gníomh a
thabhairt fa deara agus gach a dtiocfaidh dhe. Nach ciúin
uaim cur síos ar an doibheart mí-nádúrdha sin! Acht
ní sean-mhná iad mo cháirde acht fir.



Iúl 27°. — Níor sgríobhas faice le seachtmhain. Bhí
fiabhras beag orm agus ar righin ar éigin a bhí ionnam
siubhal suas ar bórd indiu 'na dhiaidh. Támuid dhar
luasgadh fós i gcuan Pernambuco; Penny-booker atá
ag máirnéalaigh Shasana air.



Dearbhaim os comhair Dé nach bhfuil aon triúr fear
beo i nÉirinn fa láthair níos urramaighe don dlighe, ná
níos óighriaraighe dhó, ná níos dílse dúthrachtaighe do
riaghaltas ná an triúr so atá anois ar a mbealach
go thuar an domhain, mar mhéirligh agus mar chneamhairigh.
Is go díreach mar gheall ar a n-urraim don dlighe, agus
mar gheall ar a ngráin ar simulacrum bréagach an
dlighe atá siad dhá seoladh anois ar long na ndaor —
mar gheall ar an an-dúil atá aca sa síothcháin agus san
órd agus sa gceart atá le fagháil faoi an dlighe cóir.
Níl aon triúr ar m'eolus is fonnmhaire bheadh a saoghal
a chaitheamh go socair síothchánta agus a ndualgas a
choimhlíonadh go hoighriarach do dhlighe na talmhan ná an
Brianach, an Máirtíneach agus mac Uí Mheachair, agus is
tig liom cáilidheacht mo dhaoine aitheantais a thabhairt
chun cruinnis annso, i n-áit a bhfuilim i bhfad uatha.
Acht ní raibh aon tseasamh aca leis an éagcóir dhiabhalta
a bhí dhá dhéanamh i n-ainm an dlighe mallaighthe bréige


L. 23


seo; ná ní aontochaidís na milliúnaigh de chomh-dhaoine a
dtíre a mharbhadh ionnus go gcothófaidhe an dlighe bréige
sin ar feadh na gcianta bhí le theacht — “agus go n-íosfadh
a naoidheanáin a thoradh agus go n-éagfaidís.” — Agus dá
bhrígh sin táid siad i long príosúin anois i n-éinfheacht
le dearg-dhríodar an chine daonna.



Mo chuid féin de ní mhairfinn dá mbeadh i ndán
agus go ndéanfainn coir i n-aghaidh dlighthe mo thíre —
bheadh an oiread sin den náire orm agus go marbh-
ochadh sé mé.



An dtiocfaidh an lá go bráth a gcuirfear deireadh
leis an éagcóir atá dhá dhéanamh ag na dlighthibh sin?
Ní móide é, ar an saoghal so. “Ní féidir an rud
atá cam a dhíriughadh an rud atá ar iarraidh ní féidir
a chomhaireamh.”



Dhá luing Ameriocánach atá ar ancoire annso tá
na caiptíní atá ortha d'éis cuairt a thabhairt orm.
Thángadar chugam go n-urraim mhóir, chaitheadar caint
bhreagh liom feadh tamaill, agus ní dócha rud dá
ndearnadar ná tuairisg a sgríobhadh fúm.*



Lughnas 4°. — Ceannuidhe de mhuinntir Dowsley atá
'na chomhnuidhe sa tír annso chuir sé cliabh mór toraidh
chugam. Deir sé gur Éireannach é, agus ar an adhbhar
sin go bhfuil sé de cheart aige a bheith go lághach liom.



Níor iarras cead a dhul i dtír ar ndóigh, cé go
bhfuighinn é is dócha dá n-iarrainn — acht ní iarraim
tada. Le linn Laoiseach Philip, nuair a cuireadh an
Prionnsa Laoiseach Bonaparte thar sáile, is cuimhneach
liom — dá mb'aon chompóirt dom é — go raibh a long



*Rud a rinneadar. An tuairisg a thug na caiptíní croidhe
orm táim taréis a léigheadh i bhFreeman's Journal Átha Cliath.
Bothwell, an Tasmáin, 12° Lughnas, 1850.


L. 24


ar ancoire i gcuan Rio ar an gcósta céadna so,
agus níor leigeadh i dtír é d'éis a dhúthrachtaighe is
d'iarr sé é, acht coinnigheadh go géar i ngéibhionn é
ar bórd. Dhá laghad d'adhbhar sóláis dá mbeidh
againn ní cóir dhúinn faillighe a dhéanamh air. Gidh-
eadh thug na mátaí agus an dochtúir cuairt ar an
gcathair agus deir siad liom gur mór an rí-rá
gnótha atá ann; go bhfuil na sráideanna salach agus
chomh cumhang agus nach mó ná go dtiocfadh dhá mhúille a
mbeadh ualaigh ortha thar a chéile ionnta; gan carbaid
ar bith ionnta, acht go leor mná maiseacha ionnta,
mná Portuinéalach, agus Quadronas bán agus donn, —
'seadh, sin tuairisg is féidir le duine ar bith fhagháil
as leabhraibh.



Saoileann an námha gur cailleadh mé. Léigheas
tuairisg feise ar an bpáipéar, agus dubhairt Rúnaire
Shasana, i bhfreagra ar cheist éigin a cuireadh air im'
thaobh féin an 3° lá den Aibreán: “Nuair a shroich
sé Bermuda fríth go raibh a shláinte chomh dona sin
agus nach raibh aon mhaith dhá choinneál ann.
Socruigheadh dá bhrígh sin [déis “fanamhaint” deich mí
im' aonraic ann] é athrughadh go dtí Ros an Dóchais
áit a bhfuighfeadh sé toicéad saorsachta dá sroicheadh
sé an tír sin beo — agus ní dóigh go sroichfidh, do
réir na tuairisge is déidheanaighe tháinig chugainn i
dtaobh a shláinte.” Ná bíodh aon imnidhe ar an Rúnaire.
Tiocfaidh áthas air acht a gcloisidh sé a fheabhas is
tháinig an t-aistear ar fairrge liom, ó thárla an oiread
sin suime aige ionnam. B'éidir 'na dhiaidh sin gur
ag iarraidh mé a mharbhadh atá na cneamhairí.



Lughnas 9° — Pernambuco fós: is beag nach bhfuil-
mid trí seachtmhainí ar ancoire annso anois agus gan


L. 25


lón aistir fós againn fa chomhair ar dturais. Tá-
muid dhá mhíle amach ó thalamh ar an ród, agus bualadh
na dtonn ón aigéan mhóir orainn, agus an fear a
rinne margadh linn fa riar lóin a thabhairt dúinn ní
thiocfadh a chuid fear amach dó ar na báid, sin é an
fáth. B'éidir do lá bhreagh a theacht annsin, acht is lá
saoire é agus tá na cluig ar fad ag baint, tá a
gcuid éadaigh Domhnaigh ar na daoinibh agus ní dhéan-
faidís tada. Tá ar ndaoine-ne .i. an caiptín agus
na mátaí ag malluidheadóireacht ortha agus ag tabhairt
sgraistí leisgeamhla coimhightheacha ortha. “Féach an
leithsgéal atá ag na bitheamhnachaibh,” adeir an máta
liom. — “Níor mhaith leo a gcuid sglábhuidhthe a chur i
gcontabhairt a gcailleadh ag teacht amach an aimsir
seo — mo mhallacht dóibh. Ar ndóigh dá mba Sasanaigh
nó Ameiriocánaigh na bádóirí is fadó bheadh an obair
déanta aca.” Acht muinntir Brazil seo a thagas
amach chugainn, is beag an imnidhe atá ortha fa dheabhadh
na Sasan; tá cleachtadh aca ortha, ní bheadh súil aca
le n-a mhalairt uatha, agus dar leo do réir chosamh-
lacht is galar é an deabhadh atá ón mbruinn ar an
Sasanach; tá truaigh aca don té bhfuil an galar air,
acht is maith atáid siad dhá gcosaint féin ar fhaitchios
go dtógfaidís é. Bheadh meas agam ar chine a bheadh
aimhleasg, ar chine nach marbhochadh a ndeifir iad, ar
chine a chóimhlíonfadh an tsaoire agus nach gcuirfeadh
a gcuid sglábhuidhthe i gcontabhairt a gcailleadh. Na
Sasanaigh sin agus na Meiriocánaigh, is an iomarca
deabhaidh ar fad a bhíos ortha, — is ar éigin a thugaid
siad am bídh ná am codlata dhóibh féin, ní áirmhim
am paidireoireachta — tá an t-inneall daonna ag
imtheacht ró-mhear ar fad aca (agus na coirthí i


L. 26


gcontabhairt a bpléasgtha) agus gan é d'uain aca an
anáil a tharraing. An é sin an chaoi le maireachtáil?



Saoghal fada mar sin ag lucht aon-tíre an im-
pearóra — ó thárla rún aca a saoghal ar fad a chaitheamh:
saoghal fada fa shogh aca: go mba buan é a saoghal ag
baint, agus gan gabhadh le cur aca — go dtuga na coillte
luibh an bhídh agus neart aráin cassava dhóibh — go mba
tréan é an siúcra ar na giolcachaibh siúcra aca, agus
go mba dó-áirmhithe iad na tréada dhóibh ar na machairibh
móra! Bhéarfaidh sin neart laethe saoire dhóibh, agus
tiubharfar onóir mar is dual don Mhaighdean agus do
na naoimh go léir.


L. 27


AN 10° CAIBIDIL.



An naomhadh lá de Lughnas. — Ar bórd an Neptune
dom i gcaladh-phort Pernambuco. — Ní cóir dhom dear-
mad a chur síos annso na dhiaidh sin nach Neamh ar fad
ar talamh é an Brazil so ag na daoinibh, is cuma cén
dath atá ortha — dubh nó bán, donn nó dearg. D'éirigh
na sglábhuidhthe amach i bPernambuco annso cúpla mí ó
shoin agus bhí coirp ann. Agus deir an Doch. Dees liom
gur forusta aithne ar a bhfuil de thighthibh ar lár gur
throideadar go diabhalta. D'éirgheadar amach go
cumasach freisin le goirid sa dá chathair mhóra Ríó agus
Bahia. Ní dhéarfainn gur aon díoghbháil sin: is maith
an ceart do na daoinibh dubha agus do na daoinibh
donna malairt áite a dhéanamh leis an gcine Port-
uinéalach an dá luadh is bhéas siad i riocht a dhéanta —
acht roimhe sin ní móide gur maith.



Ba truaighmhéileach an rud i gcomhnuidhe an ceannach a
bhí ar sglábhuidhthibh san Afraic; acht is measa fo cheathair
a rinne Sir Fowell Buxton (creidim gurab in é is ainm
dó) é i bhfeis na Sasan, é féin agus a lucht conganta.
Óir caithfear a cheithre oiread sglábhuidhthe a cheannach
anois ionnus go mbeadh riar díobh le fagháil d'aindeoin
na bhfoghluidhthe daonna atá ar muir. Sé a dtuairim go
gcaillfidh siad trí locht as na cheithre locht, acht má seadh
ní hiad na foghluidhthe a bhaineas na trí locht díobh le
n-a saoradh, nó le n-a gcur mar “phrindíseacha” — is
beag an baoghal — caithtear amach sa bhfairrge iad agus


L. 28


iad beo beathadhach ar fhaitchios go dtógfaidhe na longa
dá bhfáightí na sglábhuidhthe ortha. Má ritheann ceann-
uidhthe sglábhuidhthe ón bhfoghluidhe daonna agus má
bhíonn siad i gcontabhairt a ngabhtha iseadh ghníos siad
na daoine dubha ar fad a chaitheamh amach sa bhfairrge,
iad féin agus na cláracha bhíos sa mbórd ar leith bhí fútha,
cuirid a gceann sa ngaoth annsin, seasaid agus tugaid
cuireadh don oifigeach ó Shasana teacht ar bórd. Níl
aon sglábhuidhe ann roimhe agus do réir an mhargaidh
caithfidh sé an long a shaoradh. Imthigheann an caiptín
annsin arís go cósta na hAfraice go bhfagha sé locht
eile. Acht ní hé sin a bhfuil ar a chailleadh ag fear na
luinge. B'éigin dóibh roimhe sin, ar mhaithe leo féin,
longa fairsinge a bheith aca do na sglábhuidhthibh, agus
gan níos mó a chur ionnta ná mar thuillfeadh go socamh-
lach ionnta, i gcruth agus go dtiubhraidhe aire dhá
sláinte: — dá mba muca bheadh duine a thabhairt ó thír
eile chuirfeadh sé cóir ortha sa gcaoi nach mbeadh mórán
baoghal a gcailleadh ortha ar an mbealach agus go
sroichfidís ceann cúrsa beo: — acht anois ní mór le
ceannuidhthibh sglábhuidhthibh longa beaga meara a dhéanamh
mar gheall ar na foghluidhthibh laghacha. Cuireann siad
na créatúir bhochta le cúl a chéile in aon chnap amháin
ar na longaibh sin, go mbíonn a gcloigne buailte suas
le bórd agus iad 'na suidhe síos, agus gach duine aca
'na shuidhe i ngabhal an duine eile — i gcruth agus go
mbíonn colainn gach duine aca buailte le colainn
duine eile ar a bhéal agus ar a chúl, ar a láimh dheis
agus ar a láimh chlé — a shrón dhá leathnughadh féin le cúl
catach ar a bhéal agus srón eile dhá leathnughadh féin ar
a chúl catach féin. Mar sin a shocruigh Sir Fowell
Buxton iad. Agus dá bhrígh sin cailltear a dtrian nó


L. 29


mar sin i gcomhnuidhe, agus an chuid eile aca, bíonn
siad chomh himthighthe sin agus chomh caithte claoidhte sin
agus gur giorrachan saoghail dóibh é.



Cé is moite do chorr shean-bhean, is tearc duine atá
chomh díchéillidhe sin agus go gcreidfeadh sé gur le
daonnacht ar bith, ná le consias, ná tré Chríostuidheacht,
ná tré adhbhar breagh ar bith a luaidhtear i bPairliméid,
atá an t-arm mara ag Riaghaltas Shasana san airdeal
ar chúrsaibh gnótha na hAfraice. Tá dhá adhbhar aca leis,
agus níl acht sin: — adhbhar díobh féachaint a bhfágfaidís
na daoine chuireas an crann siúcra i mBrazil agus i
gCúba ar easbaidh lucht oibre, nó féachaint an ndaor-
sochaidís an obair chomh mór sin ortha agus nach bhféad-
faidís a dhul i gcomórtas le lucht planndála i Jamaica
agus sna Barbadoes; — agus an t adhbhar eile, “órdláimh
mara” a fhágáil ag Sasanaibh agus ceart an fhoghluidhe
a fhágáil aca ar longa a chuartughadh, agus gach uile dhuine
dhá dtiocfaidh an bealach, cleachtadh a thabhairt dó ar
bhratach na Sasan a fheiceál i n-áirde ós cionn gach uile
nídh dhá gcasa uirthi — na sgaothairí ó is iad-san iad.



Lughnas 10°. — Cloisim indiu go bhfuil ar lón ar bórd
againn agus go bhfuilmíd le gluaiseacht i mbáireach.
Thug Dowsley cuairt orainn, é siúd a rinne an margadh
linn fa'n lón. D'fhiarfuigheas a lán de i dtaobh Brazil:
deir sé gur uasal an tír í don té chaithfeadh a shaoghal
innti, “agus,” ar seisean, “tír freisin a bhfuil an
tsaorsacht dá ríribh innti.” Dubhart leis nach raibh aon
choinne agam sin a chlos uaidh; “acht muinntir Brazil
féin a ghníos na dlighthe,” arsa mise, “agus ní daoine
coimhightheacha ar bith eile, agus curtar i bhfeidhm gan éag-
cóir iad, agus is do mhuinntir Brazil a curtar i bhfeidhm
iad agus ní d'aon náisiún coimhightheach: sin é b'áil leat


L. 30


a rádh, agus má's é, sin saorsacht dá ríribh.” B'fhíor sin
ar fad, acht ní hé sin a bhí ina cheann aige, acht go raibh
riaghaltas aca ar son na ndaoine agus go mbíonn toghadh
ann aca, “agus gach uile rud mar sin.” D'fhiarfuigheas
de goidé mar ghníotar an toghadh — nó an mbíonn bruth
mór ann agus faobhar ar na dreamannaibh, goidé an
chiall an faobhar a bheadh ar na dreamannaibh, nó goidé
na dreamanna iad i n-aon chor. “Faobhar ar dhream-
annaibh!” ars eisean, “bruth! Ó, ní bhíonn tada dhá
shórt sin ann — na maoir shíthe a shocruigheas na gnótha
sin.” “Na maoir shíthe? Nach mbíonn guthaidheacht ann,
mar sin? ná soláruidhthe i n-aghaidh a chéile?” “Ní bhíonn,
ní bhíonn; faghann na maoir shíthe an soláruidhe, agus
maidir le guthaidheacht, ná soláruidhthe a chur i n-aghaidh
a chéile, go bhfóiridh Dia ort! ní leigfeadh na maor shíthe
do cheachtar aca a bheith ann — is gearr go nglanfaidís
amach an áit agus go gcuirfidís glas air.” “Leis an
Impearóir, is dóigh liom,” arsa mise, “an eochair.
Acht tuigim anois thú; agus má's dlighthe ionnraice iad
agus nach ndéantar aon éagcóir tré na gcur i bhfeidhm
annsin, mar deir tusa, tá an tsaorsacht dá ríribh i
mBrazil — acht amháin nár mhiste éirghe as an toghadh a
ghníos na maoir shíthe.



Deir Dowsley liom go bhfuil go leor cáirde agam i
bPernambuco — an oiread sin agus nár bhfearr dhom rud
dá ndéanainn ná cur fúm ina measg chomh túisge agus
sgaoilfidhe mo cheann liom. Dubhart leis chomh túisge
agus bhéinn saor go smuaineochainn ar sin. D'innis sé
sgéal maith dhom fosta, má's fíor é .i. go bhfuil mo dhear-
bhráthair Liam i bposta fa Riaghaltas Ameiriocá agus
go bhfuil sé n-a chomhnuidhe i Washington. Níor bhféidir
dhó gur dul amugha é, adeir sé, óir isé an tuairisg a


L. 31


tugadh air ar pháipéaraibh nuaidheachta na Ameiriocánach
go mba é Liam Mistéal é, dearbhráthair don mhéirleach.



12°. — Thangas ar bórd ar maidin indiu agus do
chonnac cóstaí Ameiriocá ó Dheas i bhfad uaim ar uachtar
an uisge agus iad ag téaltughadh uainn sa gceo, an chathair
áluinn agus a cuid ballaí geala agus na coillte
fiadháine atá ann go fairsing foirleathan ó thús aimsire.
Táid siad ar fad imthighthe: tá an ghrian go hárd, agus an
fhairrge ghorm thart timcheall orainn arís. An bhfacas dá
ríribh le mo shúilibh cinn coillte agus cathracha ar thalamh
tirm in Ameiriocá ó Dheas, agus talamh daingean a bhfuil
bonn carraige faoi agus srutháin ag rith thríd agus na
Cordilleras os a chionn agus na toibre ag éirghe asta?
Nó an bhfuil ann acht aisling dholbhtha? Aisling féin é,
cé go bhfuil siúd ann dá ríribh. D'itheas an toradh
buidhe a baineadh úr ar na crannaibh hesperideacha;
d'ibheas an t-uisge fionnfhuar a d'éirigh i bhfad i gcéin
thuas ar shléibhtibh Brazil, an áit i ndéanann an ghrian, ó
is ise an t-árd-mhúnlóir, an néamhainn agus an tseod-
chloch uainidhe; do chualas na cluig Ameiriocánacha ó
Dheas ag baint; do chonnac an t-am ar chlog Ameirioc-
ánach ó Dheas cé nár chuireas bonn le talamh riamh ann.
Do chonnac an aisling sin go cinnte os comhair mo shúl
- acht ní fhéadfainn a rádh an raibh colainn na haislinge
ann nó mara raibh, agus tá sí imthighthe anois, fuaduighthe
le gaoith, sloigeadh sa doimhin mhóir í. Slán aici! Slán
aici!



Go deimhin féin tá cuma aislinge ar an saoghal so
atá agam. An long so atá lán de dhaoinibh, agus áille
aisteach an aigéin thart timcheall orainn, agus an fhad
is támuid ann, táim go dubh-uaigneach ann, cé go bhfuil
rí-rá oibre ann agus greann mar is gnáthach, agus


L. 32


achrann ar ndóigh mar is dual d'áit i mbeadh cheithre
dhream ar leith ag pléidhe le chéile ann — mar atá, na
máirnéalaigh, na daoir, na saighdiúir, agus uaisle an
chábáin (gan trácht orm-sa agus mé 'mo dhream liom
féin). Agus na ceisteanna do-áirmhe bhíos le réiteach
i bhfoisgeacht slaite dhom, agus an t-easaontas a caith-
tear a shocrughadh; acht mo chuid-se dhe níl ceist ná eas-
aontas ar bith dhom ann, gan le déanamh agam acht a bheith
ag breathnughadh uaim: — agus aithne shúl agam ortha, aithne
agam ar a nglórthaibh, fios a n-ainm agam, seadh, agus
fios ar thréithibh na saighdiúr agam agus iad go síoruidhe
ag caint is ag gáiridhe, ag crónán a gcuid amhrán (agus
gan ag an iomlán aca acht trí amhrán) taobh amuigh
de m'fhuinneoig, agus nach n-aithneochaidís mo ghlór-sa.
Agus féach, d'éirigh na coillte breagha agus na cathracha
so i modh iongantach as an bhfairrge ar nós na gaile,
agus i modh iongantach eile chuadar faoi arís. Gur
cosmhail le duine mé a mbeadh arrachtach ag eiteall
thairis agus táimhnéall air: is taisí iad na máirnéalaigh
seo agus na saighdiúirí agus iad ag obair mar thaisí os
mo chomhair ar feadh tréimhse ar an aigéan mhóir; acht
glaoidhfidh an coileach orm maidin éigin agus mé i dtír
choimhightheach éigin, agus dúiseochaidh mé agus imtheochaidh
sluagh taisí an aigéin leis an ngaoith agus iad ag
síonaighil. Tiocfaidh taisí eile annsin.



Acht an bhfuil tada dhá fhoghluim agam ó na taisibh seo, ó
n-a ngluaiseacht ná ó n-a giob geab cainte, a mb'fhiú liom
smuaineadh air? Nach bhfuil solus, ná órd i ngníomhar-
thaibh na cheithre dhream sin atá ag oibriughadh le chéile
agus i n-aghaidh e chéile go follusach agus go neamh-
fhollusach, agus a bhfuil de neithibh iongantacha ag baint
le taisibh da samhail, an amhlaidh nach bhfuil tada ionnta


L. 33


acht an míonach cumaisg as a múnluighthear aislingí?
Nach bhfuil feabhas ag teacht ar mo chuid foghluma sa
méid sin, cé gur fada rinneadh faillighe air? Tá biadh
don aigne annsin féin, a bheag nó a mhór de, agus an
té dhearcas go ciúin iad bainfidh sé tuisgint asta:-



(go dtuga Dia sin)

Meadhon Fhoghmhair 11°. — Mí sa lá indiu d'fhágamar Per-
nambuco — cheithre mhí agus fiche lá sa lá indiu d'fhágamar
Bermuda agus támuid tuilleadh agus deich gcéad míle
ón gRos fós. Tá cóir mhaith sheasta gaoithe againn anois
agus is minic ina ghála é, agus go gcaithmíd na seolta
uachtair a bhaint anuas. Sé ceartlár an gheimhridh annso
é, agus tá sé an-fhuar ó thárla é i bhfad ó dheas ón Ros.
Airighim fuacht na gaoithe i ndeas so atá ag teacht ó
shléibhtibh oighre na mara téachtuighthe taréis an-teas an
tsamhraidh a ndeachamar thríd; agus tá an námhaid, an
cladhaire agus an sgraiste, ga m'ionnsuighe arís, acht
do thugas a dhubhshlán agus chuireas i n-íochtar é. Sgata
colm ón Ros atá go síoruidhe ag eiteall thart timcheall
ar an luing, is cineal fuiseóga stoirme iad, acht is
cuilm ón Ros atá ag na máirnéalaigh Sasanacha ortha.
Is áluinn maiseach na créatúir iad, agus iad ag eiteall
thart timcheall ar an luing, a sgiatháin díreach amach uatha
(agus gan níos mó suime aca sa siubhal atá fúinn, sé
sin naoi míle san uair, ná bheadh aca sa siubhal atá fá'n
lá), nó iad ag snámh go huaibhreach ar bharr na tuinne
móire, agus na hiogáin gheala go toirteamhail amach
rómpa. Tá trí nó ceathair d'albatrosanna ag eiteall
thart timcheall orainn freisin, sgiatháin lúthmhara, láidre,


L. 34


fhada ortha (dhá throigh dhéag ó bharr sgiatháin go barr
sgiatháin eile) agus iad lúbtha go rabhadar i gcosamhlacht
claidhimh an Turcaigh. Ag Dia atá fhios a bhfuil d'éad
agam leis na halbatrosanna sin, an chumhachta áluinn
ghluaiseachta atá aca agus na sgamhóga iongantacha atá
ag na diabhail. Bhfuil albatros sa domhan a mbeadh an
múchadh air? Saoilim nach bhfuil, óir dá mbeadh d'ionn-
sochadh an chuid eile ar an toirt é, agus mharbhochaidís
é, sin é dúthchas coitcheann na n-ainmhidhthe allta, agus
b'fhéidir ó is brútaidhe neimh-riaghalta é an duine freisin
go mba cheart go mba hé a dhúthchas-san chomh maith
é. Má gontar fiadh den tréad díbreochaidh an chuid
eile uatha é nó marbhochaidh siad é; má bhíonn cearc tinn
ní bhíonn aon truaigh ag na héanlaith eile dhí; níl aon
osbuidéal ag cumann na mbeathódach do bheathódachaibh
tinne; agus is maith riaghalta an fine iad, leigean siad
síos leis an abhainn iad. Tá dream simplidhe neamh-
ghlic daoine ar an gcine daonna féin .i. na Troglodytae,
agus is eadh ghníos siad le na daoinibh bhíos tinn ina
measg a gcrochadh go solamhanta agus go honórach le
iarball bó. Rug saighdiúr annso ar cholm ón Ros le
téid na lúibe, chuir sé búnna d'éadach dearg fa n-a
mhuinéal agus leig uaidh arís é. Bhí an t-éan tamall
ag eiteall thart timcheall na luinge mar ba gnáthach, acht
chomh túisge agus chonnaic an chuid eile an dath gránna
dearg air d'ionnsuigheadar go nimhneach é, agus is gearr
na dhiaidh sin a bhí sé le feiceál i n-éinfheacht leo. Ní gan
fáth é sin; an amhlaidh go mbeadh riar as an gciste puib-
lidhe grán ag dul do bheathódachaibh tinne an lá nach
gcuirid féin oiread agus gráinne isteach ann? Alba-
tros tinn, nach bhfuil ann soláthar a dhéanamh dhó féin,
an gceapann sé go ndéanfar soláthar ar a shon? Agus


L. 35


thar gach uile rud, an ceart leigean do cholm mór gránna
dearg mara an treibh a mhilleadh agus an dath dúthchais
atá ar an gcineál aca atá san Aigéan Mhóir ó Dheas a chur
thré n-a chéile? Is minic a moltar dhúinn foghluim ó
na beachain, ó na beathódacha agus ó na siogáin le obair
a dhéanamh; dílseacht d'fhoghluim ó mhadraibh; séimhe
d'fhoghluim ó na huain agus ó na cuilm; agus cad chuige
nach bhféadfadh an duine a chuireas cláir fighreacha, &rl.,
le chéile rud éigin d'fhoghluim ón gcolm mara agus ón
mbeathódach agus chomh críonna glic agus tá siad;
mhórmhór ó thárla go bhfíoruigheann gach uile bheitheadhach
dá bhfuil ann ar a shlighe féin an fhírinne sin a leanas
don tigheas daonna (óir ní chreidim an sgéal fa'n
gcorr sgréach). Ní hé go bhfuilim cinnte go bhfeileann
an sean-rádh i dtaobh na n-ainmhidhthe dhúinne — b'fhéidir
gur fearr don ainmhidhe daonna an gnás síbhialta
daonna — ó thárla tuithte an duine, mar déarfá.
Smuaine brúideamhail é atá mé a luadhadh, sin an méid —
ex volucrum monedula-rumque regno. Is cosmhail nach
bhfuil sé d'fhiachaibh ar dhuine baramhail a bheith réidh aige
do gach uile cheist dá dtaga air.



Gidheadh atá aon cheist amháin gur forusta a réiteach.
Níor cumadh ariamh aon chóir smachtuighthe ar chuirpthibh
níos measa ná cóir na Sasanach .i. an cur thar sáile;
agus go deimhin féin saoilim gurab é an diabhal agus
cáirde conganta dhó a chúm é. Chonnac agus do chualas
i bhfeidhm é i mBermuda; acht ó thángas ar bórd annso
d'innis an Stíobhardach .i. an “teagasgthóir,” agus
fear tuisgeanach é, tuilleadh sgéalta adhuathmhara dhom
faoi. Bhí árach ar leith aige-san ar aithne a chur ar an
gcóir go hiomlán, óir chaith sé bliadhanta is na háitibh
is boichte i Londain mar theagasgthóir, shul 's rinneadh


L. 36


séiplíneach dhe ar na longaibh iomchuir sé. Dearbhann
sé dhom nach bhfuil drugall dá laghad ag na daoinibh bochta
i Londain roimh a gcur i bpríosúin thar sáile, na gráin ar
bith air, go gceapann siad gur slighe é leis an saoghal
a chaitheamh agus slighe mhaith féin. Maidir le go mba
tarcuisne é do dhuine dar leo, mar shaoilfeadh muidne
táid siad chomh bocht dearóil agus nach tarcuisne ar
bith leo é, Bhí fear óg ar an Neptune ag teacht amach di
an turas so, gabha dubh é, agus é gan aon droch-chontunús
ar bith. Taréis a thabhairt as an bpríosún cathrach agus a
chur ar bórd i bPortsmouth, sgríobh an buachaill seo
litir go dtí n-a athair agus a mháthair i n-éinfheacht, agus
thaisbeáin sé an-chion a bheith aige ortha; acht shaoil sé
an litir a sheoladh amach i ngan fhios, acht fríth greim ar
an litir, léigheadh í agus dóghadh annsin í. Dubhairt sé
sa litir go ndeacha sé ar bórd luinge le dhul go Ber-
muda, go raibh dream taitneamhach daoine ar aon bhórd
leis; nár hiarradh air tada a dhéanamh (níor bh'é sin do na
saighdiúiribh agus do na máirnéalaigh é, na diabhail
bhochta), acht a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige agus
cead siubhal thart “mar dhuine uasal”; gur fadó dhéan-
fadh sé iarracht ar a chur thar sáile dá mbeith a fhios aige
go raibh saoghal chomh maith sin aca; go raibh sé go soi-
mheanmnach; agus ar deireadh thiar go raibh faoi acht
a sroichfeadh sé Bermuda bean dubh a fhagháil agus a bheith
go sásta uaidh sin amach. Mar sin is iondamhla trácht
ar na gnóthaibh sin, is cosmhail; agus ní dhéanfá leath-
iongnadh dhe dhá mba le comh-ghaduidhe a déarfaidhe sin;
acht, a Dhia laidir, a leithéid sin a rádh do dhuine le
n' athair agus le n-a mháthair — dhá mholadh dhóibh a dhear-
bhráthracha agus a dheirbhshiúracha a thógáil ionnus go
leanaidís don ghairm bhreagh chéadna bheatha!


L. 37


Acht má's amhlaidh nach smachtughadh ar bith ar an gcuirp-
theach i gcoitchinne a chur thar sáile ar an gcuma sin, ní
hé sin don té a mbeidh an oiread den mhíofhurtún air
agus go ndéanfadh sé rud éigin as bealach as spadhar,
tráth a gcuirfear de chathughadh air é, cé nach cuirptheach
dúr é de ghnáth. Is géar, géar an bhreith air-sean í, is
measa dhó í ná an bás is measa d'fhéadfadh sé fhagháil.
An té gur gnás leis an chneamhaireacht, ní smachtughadh
air an príosún so, acht cóir bhreagh chompóirteach, acht
is bás ceart críochnuighthe colna agus anma é don fhán-
aidhe bocht nach ndéanann acht an t-aon choir, agus
b'éidir a threorughadh de chasán an diabhail dá mba aon
daoine eile acht seirbhísigh an diabhail a bheadh dhá dhéanamh
agus dhá chur i bhfeidhm.



Fuaras amach go mbíonn an-mheas amach 's amach ar
an gcneamhaire is measa ar bith, sin gnás imeasg na
ndaor, agus dá dhonacht é an cneamhaire is amhlaidh is
mó an meas atá air. Acht is brígh bheag an meas a
thugas sé air féin tré dhroch-bhéasa, tré dhroch-theangaidh,
tré chneamhaireacht laetheamhail, agus tré n-a ndéanann
sé de bhréagaibh le hais a mbeadh de mheas air thríd an
gcéad choir a rinne sé agus an choir fa n-a bhfuil sé
dhá smachtughadh. Is minic a fíoradh sin dom agus mé ar
an Neptune, agus cuireann sin i gcuimhne dhom sgéal
greannmhar faoi fhear a casadh orm anuraidh, tráth a
rabhas cúpla lá ar bhórd an Tenedos .i. an long
osbuidéil. Ní rabhas acht istigh in mo sheomra go díreach
d'éis a theacht, agus mé liom féin, nuair a shiubhail daor
isteach go socair chugam. Ba seirbhíseach don dochtúir
conganta é, agus bhí ubhall péinne aige dhom ó n-a
mháighistir. Timcheall le leith-chéad bliadhain d'aois a bhí
sé, acht fear teann lúthmhar do b'eadh é agus duine a


L. 38


a bhí go han-mhór ann féin caoi nár mhiste dhó a bheith mar
chífeas tú. — “Tá súil agam, a dhuine uasail,” ar sé,
“nach mbeidh aon locht le fagháil agat ar éinnidh annso.
Má's féidir dhom tada a dhéanamh dhuit déanfad é agus
fáilte — is mise Gearóid.” — “Seadh, Gearóid,” arsa
mise. — “Gearóid, a dhuine uasail, Gearóid; is dóigh
go gcualais fúm cheana; bhí sé ar na páipéir go léir.
Gearóid, tá fhios agat.” — “Níor chualas focal fút
ariamh cheana, a Ghearóid.” — “Ó! maise go deimhin, a
dhuine uasail, ní fuláir nó tá fhios agat ar fad cheana é,
an obair mhór úd i dtaobh an bhóthair iarainn, is cuimhin
leat.” — “Ní cuimhin.” — “Ó, maise, is mise an Gearóid
a raibh baint agam leis an mbóthar — iarainn. (Ní
chuimhnighim ar ainm an bhóthair iarainn). £40,000 a
bhaineas as. Dhá fhichid míle punt, a dhuine uasail: —
d'fhágas 'mo dhiaidh é ag mo mhnaoi; tá sí 'na comhnuidhe
i Sasana, agus cóir bhreagh, dheiseamhail uirthi. Táim
annso le dhá bhliadhain agus taithnigheann an áit go maith
liom — is rí-bhreagh na cailíní donna atá ann, a dhuine
uasail, — tá meas mór orm — is mór an t-iongnadh bhí
ortha annso ar a theacht dom. Seadh, agus ba mé an
fear is mó a raibh trácht air sa tír go dtáinig tusa.
Dhá fhichid míle punt, a dhuine uasail — gan feoirling faoi.
Acht is agat-sa atá an chraobh anois.” D'éirigheas agus
d'umhluigheas don bhitheamhnach crodhanta so. Sin rud nach
raibh aon tseasamh agam leis — a rádh gur mó an meas
a bhí orm ná ar chneamhaire a ghoid dhá fhichid míle punt.
Agus dubhras, agus d'umhluigheas go béasach dó: “Ó,
a dhuine uasail, an iomarca onóra atá agat dhá thabhairt
dom; is fearr go mór an aghaidh ort sa áit na honóra.
Maidir liom-sa, ní fhacas dhá fhichid míle punt i n-imtheacht
mo shaoghail.” — “A dhuine uasail chroidhe,” ars eisean


L. 39


ar ais liom, agus d'umhluigh sé dhom go maith, “a dhuine
uasail chroidhe, ar ndóigh is príosúnach stáit thusa agus
mairtír a ghrádhuigheas a thír, agus a leithéid sin. Maidir
liom-sa, rinneadh cúrsaí stáit de mo ghnóthaibh beaga
féin freisin. Ó tháinig mé amach annso, fuaireas
sgéala a chuir an tighearna Seon Ruiséal amach le m'
aghaidh féin go maithfidhe an cás ar fad dom dá n-inn-
sighinn mo mhodh oibre dhó — an chaoi a ndearnas é, tá
fhios agat; ní mór leo iad féin a chosaint, tuigeann tú,
ar a leithéid de chás arís.” — “Tá súil agam, a dhuine
uasail,” arsa mise go humhal, “gur freagra mí-chéadtach
mar thuill sé a thugais ar an duine.” Chaoch an bitheamhnach
a shúil. Shaoileas-sa súil a chaochadh, acht chinn sé orm,
agus d'umhluigheas arís. “Bí-sa cinnte dhe sin, a dhuine
uasail,” ar sé — “is beag é mo bheann ar cheachtar aca.
Tá saoghal maith annso agam — ní raibh lá tinnis ariamh
orm. Is minic a théighim anonn go dtí an t-oileán is
neasa dhúinn ag breathnughadh i ndiaidh lachan an Doch.
Beck. Á, a dhuine uasail, is breagh na cailíní beirt
nó thriúr de na cailíníbh donna atá ar an oileán sin; agus
sgríobhaim go dtí na páipéir nuaidheatcha amanna;
tá caoi agam le sgéala a chur amach uair ar bith i ngan
fhios d'aon duine annso — agus chuirfinn sgríbheann
ar bith amach dhuit i ngan fhios agus fáilte, tá fhios agat;
ní mór leat innsin corr-uair faoi na bitheamhnachaibh
seo.” — “Is mór, a Ghearóid,” arsa mise, agus mé ag
éirghe tuirseach, “déanfaidh sin, is tig leat imtheacht.”
An sean-chneamhaire, ghabh iongnadh é, acht d'imthigh leis
ar an toirt, agus ó tharla gur iarras gan a leigean
isteach chugam arís, thug an Doch. de Hál an t-órdughadh
leis agus ní fhacas é uaidh sin amach.



Is deagh chonntanósach an gaduidhe bóthair iarainn é


L. 40


an duine seo, níos deagh-chonntanósaighe chreidim ná
Hudson .i. ceann a dhreama; fear téagarach, fear
measamhail, agus fear a thuigeas a ionad féin imeasg
na ndaoine agus an meas agus an t-omós atá ag dul dó
- ghoid sé dhá fhichid míle punt ó na daoinibh — agus
admhuigheann an Sasanach ceart i gcomhnuidhe agus ar
an toirt go bhfuil sin ag dul dó. Ní chuirfeadh sé aon
iongnadh orm dá gcloisinn faoi cheann cúpla bliadhain
ga mbeadh an Gearóid seo ina fheisire i bhfeis mhórdhálach
na Sasan ar son dream mór gnótha éigin, agus é ag
déanamh “dlighthe” dhóibh. Acht ní bheidh, tá dul amugha
orm — ní shroicheann aoinneach an posta onóra sin acht
an méirleach atá gan daoradh. Gidheadh dá mb' agam-sa
bheadh chuirfinn Gearóid anonn go San Stiopháin ar son
conndae Eabhroc, agus chuirfinn Hudson go Bermuda
mar fheisire ar son an Bhóthair Choimhcheangail Iarainn
ó Thuaidh; sin nó (rud a b'fhearr fós ná ceachtar aca)
chrochfainn an bheirt.



Sin deireadh agam leis. Dar go dearbhtha ní chuirfead
níos mó seanchuis dhíom faoi thigheas daor; acht déarfad
arís annso dá mbeadh duais ag dul do dhiabhal ar bith
de na deich míle fhichead ualach cartach de dhiabhlaibh dubha
atá ann os ucht an modh is diabhalta dlighe-eolais is
féidir a chumadh don chine daonna don diabhal diabhal
ortha a gheabhadh aon fheabhas a chur ar an modh príosúin
thar sáile atá ag na Sasanaighibh foghluma faoi láthair.



Dhá shaighdiúr a bhí ag díospóireacht taobh amuigh de
m'fhuinneoig i dtaobh fírinne sgéil éigin, agus thugadar
éitheach dá chéile gan mhairg ar bith; rud is gnáthach leo
a dhéanamh. Na créatúir bhochta, caithfidh siad glacadh
leis ó n-a chéile; agus má bhuaileann duine aca an
duine eile faoi éitheach a thabhairt ba coir mhór


L. 41


riaghluighthe dhó sin. Ba mhaith liom go mór fios d'fhagháil
an bhfuil sé ceadamhach ag saighdiúr sa bhFrainc nó i
nÁstria éitheach a thabhairt dá choigéile ná a ghlacadh uaidh.
Níl aon rud is measa, dar liom-sa, d'fhearamhlacht an
duine ná é sin; cé is moite don sgiúrsáil amháin —
agus caithfidh saighdiúirí Shasana glacadh leo araon.
Acht maidir le saighdiúr Shasana ná le Sasanach bocht ar
bith eile níl sé de chead aige aon mheas mhór a bheith aige
air féin ná aon mhodh mhór; do dhaoinibh is fearr ná iad
atá sin ag dul: — is tig leis meas a bheith ar an tseirbhís
aige, agus meas mór ar onóir a chatha, agus is féidir leis
a bheith ríméadach as a chuid oifigeach, ó's fir bhreagha
óga iad, acht ná cuimhnigheadh sé go bhfuil aon onóir ag
dul dó féin, ná go mbeadh cead aige a bheith feargach faoi
n-a mhaslughadh. Saighdiúr singil nó duine uiríseal dá
shamhail a bheadh feargach faoi n-a leithéid, sgartaighil
gháiridhe a dhéanfadh “an t-oifigeach .i. an duine uasal”
faoi.



Níl aon tír sa domhan is mó a dtugtar suaitheantas
don difridheacht mhór atá idir na huaisle agus na
huirísle, ná is mó dá ndéantar tarcuisne thríd an modh
saoghail ná i Sasana. Fear liteardha de mhuinntir
Chambers ó Dhun Monaidh a chuaidh ar “Tour” ar an
Rhín, is cuimhneach liom nuair a chonnaic sé árd-
oifigeacha ag beannughadh go cáirdeamhail do shaighdiúiribh
singil a casfaidhe dhóibh i gcuid de na bailtibh móra
tórainne i raibh saighdiúirí ón dTír fo Thuinn agus ón
nGearmáin agus ó Ástria, nó na seasamh tamall ag
comhrádh agus ag gáiridhe leo ar choirnéal sráide, ní
fhéadfadh sé gan a thaisbeánadh a laghad is thaithnigh sin
leis agus le n-a mhúnadh Sasanach. Cá bhfuil an té
chonnaic an t-oifigeach uaibhreach uasal Sasanach dá


L. 42


ísliughadh féin ar an gcuma sin (mara mbeadh sé ar
meisge)?



Chualas i mBermuda gur minic fhágas saighdiúirí an
t-arm i n-aon turas le dhul i “seirbhís na ndaor.” Sé
sin le rádh, éaluigheann siad, agus fios maith aca go
ndéanfar daoir díobh má gabhthar iad; acht is fearr leo
saoghal an daoir ná saoghal dúr doilghe dóghrainneach an
tsaighdiúra. Tháinig long isteach i mBermuda uair,
agus mé ann ó Halifax, agus dhá phríosúnach is fiche uirthi,
daoine d'éaluigh as an arm; agus nach ait an rud le
rádh é an redsiment ina rabhadar bhíodar na gcomh-
nuidhe dhá bhliadhain roimhe sin i mBermuda; agus
dá bhrígh sin chonncadar an saoghal a bhí ag daoraibh
agus is fearr a thaithnigh sé leo ná a bheith ar sheirbhís an
tsaighdiúra. Chonnaiceas na fir nuair a tugadh ar bórd
an Dromedary iad, long príosúin ise; cuireadh i
n-eagar iad i ndiaidh a chéile agus ba soimheanmnach na
fir iad do réir chosamhlacht. Ní headh acht duine as an
gcúigear de dhaoraibh na háite sin cloisim gur saigh-
diúirí iad a d'éaluigh as an arm; agus go bhfuil tuilleadh
agus fiche fear ar an Neptune seo anois agus gur
éaluigheadar as an arm. Cé'n t-iongnadh sin? Níl
meas ar bith ag na daoinibh sin ortha féin, ní daoine iad
acht innill, agus ní uirísleacht ar bith leo an méirleachas.
Innsigheatar ar ndóigh don tsaighdiúr gur mór an onóir
a bheith i seirbhís airm ghlórmhar oirdheirc Shasana, agus
má tá saoghal docamhlach féin aca nach saoghal tarcuis-
neach é mar tá ag daoraibh. Deirtear sin leis, acht
airigheann sé féin an t-ísliughadh, sin nó tá sé féin chomh
hiníseal agus nach n-airigheann; tá a fhios aige go
bhfuil a bhualadh ag dul dó mar bheadh d'asal nó do
mhúille, agus céard eile a dhéanfaidhe le daor? Na


L. 43


daoine atá os a chionn, táid siad chomh mórdhálach sin
agus go mothuigheann sé dá mba méirleach é nár bhféidir
dhó bheith níos fuide ón dream fiúntach ná mar tá sé, ná
nach bhfuil aon fhagháil aige ar a bheith ar dhuine aca. Níl
aon reacht-shaoirseacht aige, ná aon chathruightheoireacht,
ná aon bhaile, acht an oiread leis an daor. Agus tá a
fhios aige gur buige atá an saoghal ag an daor, go bhfuil
biadh maith aige agus a dhóthain de, nach bhfuil gacha le
máighistir air agus tá ar an saighdiúr, nach bhfuil sé dhá
thachtadh le beilteanna ná le málaibh, ná dhá phlúchadh le
cailc, gur iondamhail gur giorra an téarma atá le cur
isteach aige, agus gurab é is dócha dhó cur faoi i dtír
thorthamhail éigin fa dheireadh.



Ní fheadar-sa an iad sin na hadhbhair a thugas do
shaighdiúiribh an mhalairt a dhéanamh nó munab iad, acht
deir siad go ndeir a leithéidí de shaighdiúiribh gur céim
ar aghaidh dhóibh a ndaoradh: sé sin, ó chéim an tsaighdiúra
go céim an daoir.



Ní bheidh aon sgiúrsáil i n-arm na nGaedheal. An
chéad uair a éalóchas saighdiúr cuirfear i bpríosún é,
an dara huair cuirfear urchar thríd. Ina theannta sin,
ní bheidh aon bhaint aige le cailc. Ní bhéidh néallta geala
deanaigh go síoruidhe thart timcheall air ag iarraidh an
salchar atá ar a chuid éadaigh a chur i bhfolach faoi bhrat
salchair atá níos sailiche ná sin arís.



Tá coireamhaint mo sháith déanta agam anois ar dhá
chraoibh de Sheirbhís Shasana — na daoir agus an t-arm —
fanadh na máirnéalaigh go ham eile. Go bhféachaidh Dia
anuas orainn go léir, idir shaighdiúirí agus dhaoraibh,
oifigeacha agus eochraidh; agus mhórmhór ar na fearaibh
míofhortúnacha stáit a bhfuil ortha an obair sin ar fad a
chur i n-órdughadh cheart (agus gan aon órdughadh ina


L. 44


gcloignibh féin ná aon fhírinne ina gcroidhe); agus
tharta ar fad, go bhféachaidh Dia anuas orm-sa, fánaidhe
mara mar mé, tír-ghrádhuightheoir agus mairtír atá go
géar ag lochtughadh an chine daonna agus sinn ag seoladh
ar na fairrgibh caibhtheacha dhá chéad déag míle ó thalamh.
Tá sé go doimhin san oidhche. Tá an ghaoth ag séideadh
go diabhalta agus tá an ghealach gheal ag sgairteadh
isteach orm tré n-a sgamaill. Agus mar sin de, suas
liom ar bórd go bhfeicidh mé an ghealach ag sgartadh go
geal gruamdha ar mhullach chúig fichid céad fágaí móra.
D'fheicfeá an ghealach sa samhradh ag sgartadh go bog
buidhe tré bharra na gcrann anuas ar na gleanntaibh míne
féarmhara, acht ní hionann sin agus an ghealach gheal
ghruamdha so agus í ag imtheacht 'na sean-rith thré néalltaibh
atá stiallta stróicthe oidhche stoirme ar fairrge, cé go
bhfuil le rádh go bhfeileann áireamh Euler dóibh araon.
Agus na dhiaidh sin agus uile nach í an ghealach gheimhridh
so atá os cionn na n-aigéan so ó dheas an ghealach
chéadna foghmhair atá i nÉirinn, agus í ag sgartadh anuas
go soineanta, isteach sa seomra ina bhfuil mo pháistí 'na
gcodladh an oidhche bheannuighthe seo. Óir nílmíd i bhfad ó
mheadhoin lae Iubhair Chinn Trágha, trí fichid céad míle ó
dheas de; agus tá a fhios agam an bhlaosg gheal so atá
go saotharach ag iarraidh a bealach a dhéanamh tré néalta
agus tré dhoineann na réigiún ó dheas, gurb in í an
meall geal céadna atá ar an spéir anocht ag sgartadh
anuas tré ghéagaibh an Labhrais i nDruim an Leamhain.
Sin smuaine fuaireas ó dhuine éigin; tá a fhios agam
nach liom féin é ó bhunadh. Ba le Seon Pól Richter é
uair, gan aimhreas; acht nár cailleadh Seon Pól?
Agus nár fhág sé sin agus gach a raibh eile aige le
n'udhachta agam-sa agus agat-sa?


L. 45


12°. — Tá dhá chéad míle siubhail sa ló fúinn fós,
agus sinn ag déanamh díreach ar an Ros. Tá dia éigin
thíos agus é ag stiúradh ár gcílle le láimh láidir; sin
nó is í an ghaoth aniar-dtuaidh seo atá dhá dhéanamh le
n-a srannadh. Má sheasann dúinn ar an siubhal so
bainfimíd cósta na hAfraice amach taobh istigh de
sheachtmhain. Níl duine ar bórd nach ar éirghe meadhrach
atá, mar bheadh sé ag dúisiughadh as a chodladh suain.
Aon bhean amháin atá ar bórd, bean sáirseant atá ag
teacht amach mar bhárda ar na daoraibh. Go háthamhail
go leór is Éireannach í, ó chonndae an Chláir. Tráth-
amhail go leor freisin, mar nár chualas le tuilleadh
agus bliadhain aon chanamhain daonna acht giob geab
gránna na Sasan is ísle — is ar éigin a thiubhrá canamhain
daonna uirthi. Agus ar a theacht aníos ar bórd do bhean
an Nuallánaigh ag tógáil an aeir úir di féin caithim
tamall ag comhrádh léi de ghrádh canamhain bhinn cheolmhar
charthanach na Mumhan a chlos. Is maith an sgéal í bheith chomh
haosta agus atá sí (leith-chéad bliadhain nó mar sin)
nó tiocfadh grádh do bhean an Nuallánaigh agam.



Is gearr ó dhá chéad atá sé a bhfuil de Ghaedhealaibh
ar an luing seo — Gaedhil na gorta iad ar chuir an
Chúirt Shonnradhach díbirt ortha. Tá a lán aca agus
gan focal Béarla aca, agus a bhfurmhór chomh caithte
claoidhte sin leis an ocras agus leis an anshógh,
nár cailleadh aon phríosúnach eile ó sheolamar acht
ar cailleadh díobh-san. Acht is annamh chloisim a
nglór, cé is moite dá ngabhail fhuinn san oidhche ar
bórd, ó thárla mé i bhfad ón áit i bhfuil siad-san sa
luing. Agus an brón atá sa ngabháil fhuinn sin, níl
sé i gcaoine ná i gcrónán na i marbhna a bheith chomh
brónach. Nach dhaoibh a bhí sé i ndán a chomhthíoracha!


L. 46


Nach duairc an chinneamhain a shníomh agus a d'fhigh
snáithe bhur mbeatha! An t-ocras críochnuighthe a bhí
i ndán do na fearaibh sin ón mbruinn, agus a dtalamh
máthardha ag tabhairt an toradh céadtach — níor fágadh
fasgadh ná dídean aca ina dtír fhial féin nár díbrigheadh
as iad mar dhíbreofaidhe an beathadhach allta — go
mb'éigin dóibh an námhaid a bhí dhá gcrádh a chosg le
n-a “maoin” mar a thugas daoine creideamhnacha áirithe
uirthi. Agus tá siad, dá bhrígh sin, ag treabhadh na mara
móire anois faoi rinn gaoth, go gcaithtear amach ar
chósta lom allmhurdha iad, agus déanaidís a mbeatha a
bhaint amach annsin imeasg daoine nach dtuigeann siad
a dteanga amháin. Creidim gur hiomdha duine aca
atá gan mhuirighin, agus a bhfuil ríméad air a anam a
thabhairt leis mar sin féin, agus ba bheag an dochar dóibh
a bheith ríméadach as ucht an t-anam a thabhairt leo ó na
fiadhuidhibh a bhí ar a dtí sa mbaile. Acht má seadh is
iomdha duine eile aca a gcuirfeadh sé sgrupall ort a
bhfeiceál (buachaillí óga ó dhá bhliadhain déag go dtí
seacht mbliadhna déag d'aois agus buachaillí an-dathamhla
cuid aca, contanós breagh laetheamhail aca agus geal-
gháiridhe croidheamhail. Níl a fhios aca acht an sluagh
dubh-námhad atá ar a dtóir, bearta gaotha aca nó go
millidh siad iad idir chorp agus anam; is beag é a bhfios-
san air, agus, ó is iad an díol truaighe dá bharr iad,
is beag a airigheas siad é. Acht tá botháin éitreoracha
ar shleasaibh cnoc i nÉirinn, mar a bhfuil aithreacha agus
máithreacha na ndaoine sin na gcomhnuidhe faoi bhoichteanas
faoi anshógh agus faoi bhrón, agus táid na tuismidhthe
sin go deorach ag caoineadh na clainne a chailleadar
agus gan chompóirt le fagháil aca go gcurtar i gcill iad.
Óir ní ó chloich nó ó chrann a shíolruigh na buachaillí sin,


L. 47


na daor sin; ba máithreacha daonna a rug iad, agus a
chuir a chodladh iad ina gcliabhán, agus a chaoin iad agus
a ghuidh dhóibh. Acht is faoi stiúradh fear stáit Shasana
a bhí Éire an uair úd agus is dóibh a bhí saidhbhreas
na hÉireann dhá shaothrughadh; agus is do longaibh
príosúin Shasana a bhog agus a dhiúl na máithreacha dear-
óile sin a gclann mhac, le feabhas a chur ortha agus
tógáil imeasg gaduidhthe Londain, le go gcuirfeadh an
daosgar-shluagh galánta ar bhealach a leasa iad, i gcruth
agus go gcabhrochaidís le síbhialtacht na Sasan a leath-
nughadh ar mór-rannaibh agus ar oileánaibh i n-imigéin.



Bím ag smuaineadh ar neithibh den tsórt sin go minic
san oidhche nuair chloisim fonn gaedhealach éigin a
chuireas an tsean-aimsir i gcuimhne dhom nuair chualas
an fonn céadna ó bhean an tighe agus í dhá chrónán tráth
a mbeadh sí ag sníomhachán: agus annsin tosuighim ag
easgainidhe go dílis dúthrachtach ar ríoghacht Shasana. A
ríoghacht an diabhail! an fada go mbeidh críoch le
t'olcas? Acht cuirim srian leis an easgainidhe sin
i gcomhnuidhe; óir is suarach an chompóirt focla
feirge a chur den chroidhe mar sin. Ní fuláir srian
a chur le smuaintibh feirge agus a gcur i n-íochtar
ar feadh tamaill. “Ní ceart a bheith ag smuaineadh ar
neithibh ar an gcuma sin. Chuirfidís duine de bharr
a chéille.”



Meadhon Fhoghmhair 15°. — Duine bocht dearóil a bhí ag
fagháil bháis le tamall fada cailleadh indiu é: Éireannach
é de mhuinntir Bhróithe. Sin é an seachtmhadh príosúnach
a cailleadh ó d'fhágamar Bermuda. Cailleadh saighdiúr
agus máirnéalach fosta.



Meadhon Fhoghmhair 17°. — I bhfoisgeacht céad míle don
Ros agus ocht míle siubhail san uair fúinn agus cóir


L. 48


sheasta againn. Ní fuláir nó bainfimíd talamh amach
ar maidin i mbáireach.



Agus tá ar n-aistear i bhfeidhil a bheith thart tar éis
chúig mhí. Deir gach aoinneach go mba fada an t-aistear
é agus táid siad tuirseach dhe; acht níor bhfada liom-
sa é, ná nílim tuirseach dhe. Acht ó thárla gar do
thalamh sinn, agus radhairc nua romhainn, agus cathracha
ina bhfuil daoine a bhfuil urlabhra aca ní mór dhom
éirghe as mo chuid bríonglóidibh mara agus crúdh a chur
ina thosach nó go mbuailidh mé faoi cibé saoghal atá
romham san Afraic. Bidhidh ag imtheacht, a thaisí!



Meadhon Fhoghmhair 18°. — Trí gártha do chualas ó
thosach na luinge ar maidin indiu roimh éirghe gréine
a dhúisigh as mo chodladh mé. Bhí a fhios agam nár
bhfuláir nó bhí Cnoc an Bhúird le feiceál; agus thugas
léim as mo leabaidh agus chuadhas ar bórd. Chonncamar
amach os ar gcomhair an cósta garbh sléibhe i bhfoisgeacht
dhá mhíle dhúinn agus brat ceo ag éirghe dhe go leis-
geamhail: ba léar dhúinn na coillte beaga sgagacha ar
leicnibh na gcarraigreacha, agus dó nó trí thighthe beaga
i ngar don tráigh. Chualamar fuaim na dtonn a bhí ag
briseadh de thuairt ar an ngaineamh. Seo í an Afraic
cheart.



Acht an féidir gurab é seo Ros na Stoirmeacha?
Támuid annso gan cor ná car ionainn ar uachtar an
uisge, na seolta ag tuitim i n-aghaidh na gcrann agus
gan puth as aer, taobh amuigh de Ros so an uathbháis,
d'éis a bheith ag seoltóireacht ar feadh coicthidhse agus
gála láidir againn nár sgar linn ar feadh na huaire
féin agus sinn ag ceapadh nach raibh i ndán dúinn caladh
a dhéanamh gan stoirmeacha bheith orainn as gach áird den
domhan. Agus is é lom ar leasa é bheith ciúin, óir


L. 49


thángamar ró-ghar isteach san oidhche agus cheithre mhíle
ró-fhada ó thuaidh: sé sin le rádh ní mór dhúinn a dhul
thart timcheall an Rosa fós shul 's féidir dhúinn béal
an Chuain Fhallsa a shroicheachtáil: sé sin le rádh, an áit
nár éirigh linn a bhaint amach sin é an áit a gcuireann
loingeas atá ag triall ar an tír seo fiche céad míle de
thimcheall ortha féin le n-a bhaint amach. An ghaoth anoir-
ndeas an ghaoth is iondamhla atá annso i gcomhnuidhe,
agus sruth láidir sa bhfairrge léi; agus dá bhrígh sin má
éirgheann an ghaoth indiu agus gan sinn a ruagadh isteach
ar an tráigh (áit i ndéanfaidhe sprúdhánaigh go cinnte
den luing) tiomáinfear amach siar-dtuaidh i bhfad as
láthair sinn; agus b'éidir dhúinn trí seachtmhainí seol-
tóireacht a bheith romhainn fós shul 's bhainfeas muid
caladh amach, tar éis sinn a bheith i bhfoisgeacht cheithre
mhíle dhó. Sin é deir máirnéalaigh. Acht b'éidir dhúinn
an t-ádh bheith orainn.



Timcheall mheadhoin lae bhí na cnuic glan; agus gan
bhréig ar bith siúd é árdán Chnuic an Bhuird 'na thighearna
os a gcionn ar fad. Níl aon fheiceál againn ar aon
talamh as an áit i bhfuilmíd acht a bhfuil againn ar an
muineál garbh atá idir Cuan an Bhúird agus an Cuan
Fallsa, agus tuairim le triochad míle an fad atá
sa gcósta sin. Meall áluinn an cnoc atá ar an
gceann ó thuaidh den mhuineál; agus tá coinéal cumhang,
dá ngairmthear Cuan an Adhmaid, isteach sa meall go
díreach ar aghaidh na háite i bhfuilmíd ag imtheacht le
sruth anois, agus shaoilfeá go bhfuil na creigreacha
ag éirghe suas díreach as an uisge, chomh díreach agus
nach seasfadh gabhar ann: agus 'na dhiaidh sin is uile
deir siad gur thart timcheall ar an ngéig talmhan sin,
a bhfuil na carraigreacha garbha le n-a chiumhais atá


L. 50


na fíneamhna is fearr sa tír. Tá uisge ag teacht ó
m'fhiacla le dúil isna caoraibh fíona sin na Hafraice
agus ní leigean an déistean dom mo chuid biotáille
d'ól indiu.



Tá áthas mór ar bhean an Nuallánaigh .i. an sáirseant,
acht is ciúin an t-áthas é, mar creidim gur shaoil sí go
ndeacha an caiptín amugha agus go raibh sé ag seol-
tóireacht ar fhairrgibh choimhightheacha thar dheireadh an
domhain. Deir sí gur cosmhail Cnoc an Bhúird le
Callan go díreach glan (cnoc i gconndae an Cláir é
sin) agus tá sí ag gabháil bhuidheachais le Dia ó mhaidin,
go socair.



Mharbhuigheamar roinnt éisg, d'iasg thoghtha agus d'ith-
eamar dinnéar áluinn, agus chuireamar sinn féin ar
meisge na dhiaidh sin ar thoghadh an Chonstantia a chuimh-
nigheamar a bheith againn.



Chonncamar rud iongantach indiu, comhartha é ar
dheireadh turais daor .i. sean-phaca caithte cártaí ag
snámh tharainn ar uachtar uisge, dath an-donn ortha,
agus na coirnéil ar fad caithte stróicthe. Caitheadh
amach iad: níl aon mhaith leo indiu; agus b'ait an
t-áireamh é le cur os comhair na Páirliméide dá
bhféadadh aon duine a dhéanamh amach: cé mhéad a
cailleadh agus a gnóthuigheadh leo le chúig mhí. Cuid
de na daoinibh croidhe seo againn a raibh cultacha cod-
áis agus cultacha córd ortha gus anois, táid siad ag
tarraing éadaigh nua chuca, agus éadaigh maithe iad
freisin, a fuaradar i mBermuda, dhá mbaint as a
bhfilleadh agus dhá gcur ortha, agus is iongantach an
cual díobh atá aca, faoi chomhair an tsaoghail ar fóghnamh
atá rompa sa tír seo. Ní headh acht is uasal féin na
daoine iad cuid de na cneamhairibh agus de na ropairibh


L. 51


atá annso as Londain: is fearr na cótaí agus
na hataí atá ar chuid aca ná mar atá orm-sa; agus ní
mise an daor is fiúntaighe a rachas i dtír ar an Ros.
Anois, a dhaoine croidhe na Hafraice a bhfuil tighthe
agaibh, aire dhaoibh, bíodh boltaí agus glais mhaithe ar
na dóirsibh agaibh: ní chaithfear leith-bhliadhain go ndaor-
suighidh an cineál sin earraidh sa gcomhursanacht so. A
mhaithe na Hafraice! fainicidh bhur bpócaí. Go dearbhtha
is míghníomh thar cionn ar chine ar bith é lastas urchóide
mar tá ar iomchur againne a sgaoileadh isteach ina
measg. Acht má tá muinntir na tíre gabhtha leo, do
réir mar is clos dom, ar ndóigh bainidís an tairbhe is
fearr is féidir leo asta.



Meadhon Fhoghmhair 19°. — Hurá! Hurá! Rugadh rud
nua san Afraic — rud rí-uasal é an turas so — agus ó
mo chroidhe amach adeirim é: go n-éirghidh sin léi.


L. 52


AN I° CAIBIDIL X



Meadhon Fhoghmhair 19°, 1849. — Ar bórd an Neptune
dom. Cuan Shíomáin, Ros an Deagh-dhóchais. Sgríobhas
aréir mo chomh-gháirdeachas leis an Afraic, agus d'ólas
a sláinte go lán-mheanmnach.



Mar so atá an cás — Níl muinntir na tíre seo sásta,
ná ní rabhadar riamh sásta ar thír príosúin a dhéanamh
dhá dtír. Bréaga a bhí dhá ndéanamh ag páipéir nuaidh-
eachta Charthagin, agus meabhal an iarla Grae, reachtaire
na dtíortha amuigh, iseadh a thug dhóibh a leigean ortha go
raibh. Dhá bhliadhain ó shoin dubhairt an “fear stáit”
sin go puiblidhe, aon tír leo-san nach raibh príosún
daor cheana ann nach gcuirfidhe ceann ar bun ann gan
cead mhuinntire na tíre sin; agus muinntir na tíre
seo chreideadar é, na hamadáin; acht tamall na dhiaidh
sin chuir an fear stáit sin príosún daor ar bun i ngan
fhios, tré “Órdughadh sa gComhairle,” agus nuair a bhí
gach uile rud socair aige agus aimsir curtha ar luing
aige le locht méirleach a chur amach chuca d'innis sé dhóibh
annsin é. Agus ar feadh na gcúig mhí a bhíomar ar
fairrge bhí corughadh mór agus buile dhearg ar na
daoinibh san Afraic ó Dheas. Chuir na daoine d'fhiachaibh
ar an gComhairle Reachta sgaoileadh; — b'éigin don
Ghoibhearnóir .i. Sir Henrí Mac Gabhann gealladh dhá mhí
ó shoin nach leigfeadh sé d'aon daor amháin a theacht
i dtír tráth a dtiocfadh an Neptune; agus níor fhan
duine sa tír, fear ceirde ná ceannuidhe, búistéara ná


L. 53


fuinteoir, óstóir ná éile, gan “Cumann i nAghaidh na
nDaor” a dhéanamh dhíobh féin fré chéile, agus a móid a
thabhairt nach gcuirfidís aimsir ar aon daor, nach ndíol-
faidís tada le daor, nach dtiubhraidís áit do dhaor
a leagfadh sé a cheann, ná aon fhealltóir, ón ngoibhear-
nóir anuas go dtí na buachaillí dubha agus na bádóirí
a thiubhradh compóirt ná cabhair ar bith dhá laghad do
dhaor, nach mbeadh baint ná páirt ná focal le labhairt
aca leis. An mhoill a cuireadh orainn ag teacht, thug
sin ionbhaidh do lucht páipéar nuaidheacht agus don
chléir, agus labhradar-san go teann agus go fraochmhar,
gur bhrostuigheadar suas an pobal go láidir tré
chruinnighthibh puiblidhe agus is na teampoill; agus
nuair a sheolamar-ne suas an Cuan Fallsa indiu, agus
gan cuimhniughadh ar thada againn do bhí muinntir an
Rosa ullamh fa n-ar gcomhair. Sul bhaineamar caladh
Chuain Shíomáin amach (agus níl ann acht báisín beag
uisge istigh sa gCuan Fallsa timcheall fiche míle ó
Bhaile an Rosa) haithnigheadh comharthaí an Neptune, agus
d'fhuagair bád beag ón gcaladh orainn. Maighistir an
chalaidh ó Bháighe Shíomáin a bhí ann agus litir don Doch.
Dees aige ón ngoibhearnóir, leigean fúinn sa gcuan
agus gan a dhul i dtír é féin, ná aon chaidéis a chur ar
mhuinntir na tíre go bhfághadh sé sgéala arís. Thug an
duine uasal céadna beart páipéar nuaidheachta chugainn,
le tuairisg a thabhairt dúinn ar an gCumann i nAghaidh
na nDaor agus le taisbeánadh dhúinn a dheacracht is tá
sé an lastas méirleach a chur i dtír annso. Do chuir an
Doch. Dees a thuarasgbháil féin chum an ghoibhearnóra.



Chuir maighistir an chalaidh litir im' ghlaic freisin ó
— —; agus duine uasal a tháinig leis chuir sé é
féin i n-aithne dhom, an Doch. Mhac an Mhaoir é, agus is é


L. 54


“oifigeach sláinte” an chalaidh é. Thug sé roinnt pháipéar
nuaidheachta dhom, a bhí aige dhom féin, agus dubhairt
liom mo chuid-se dhe nach raibh tada ag na daoinibh in
aghaidh mise a chur i dtír — go dtuigid go maith cad a
thug dhom-sa bheith annso, nach raibh aon bhaint ag an
gcorughadh liom-sa ar ndóigh, &rl. — agus cineál leith-
sgéil dhá ghabháil aige fa n-a fhíochmhaire agus bhí an
pobal. Dubhras leis go raibh áthas orm a chlos na
daoine a bheith chomh dána sin i n-aghaidh an “Riaghal-
tais” agus i n-aghaidh an doibheart a bhí dhá imirt aca —
go raibh lom an chirt ag na daoinibh, agus go raibh súil
agam nach ngéillfidís orlach go deireadh na sgríbe;
agus maidir liom-sa dhe sin nach mbeadh aon tsúil
agam go mbeadh loghadh ar leith ag dul dom, cuir i gcás
go raibh a fhios ag gach neach nár mhéirleach mé. Bhíodar
ag troid i ndian-chomhrac agus chuirfidhe a bpobal ó
mhaith dá gcaillidís, agus dá bhrígh sin nach raibh aon
acmhuinn aca ar aon fhabhar a dhéanamh d'aon duine
áirithe. B'iongantach leis a dhúthrachtaigh is labhras acht
bhí fúm an chéad fhear ón Ros a casfaidhe orm mo bhar-
amhail a chur i n-iúl dó.



Deir maighistir an chalaidh liom gur shaoil gach uile
dhuine ar an Ros, ó ba rud é gur chúig mhí ó shoin
a d'fhágamar Bermuda, go ndeachamar go léir go tóin
puill, agus ar an adhbhar sin nach mbeadh aon ghábhadh
leis an troid a bhí dhá hollmhughadh ag muinntir na tíre
fa n-ar gcomhair. Ní headh, acht cuid den chléir ag
guidhe Dé an anachain a choinneál uatha; agus iad go
sásta dhá rádh ag déanamh seanmóir dóibh go mba hé an
sgéal ab iongantaighe fós é an Neptune a bháthadh, mar
shaoileadar, agus gach a raibh ar bórd uirthi. Deir an
maighistir céadna calaidh liom go dtáinig an Swift


L. 55


i gcaladh annso, long cogaidh ise, timcheall le seacht-
mhain ó shoin, agus gur thógadar lón ar bórd, agus iad
ag triall go Sydney; go raibh an Brianach ar bórd
uirthi agus mac Uí Mheachair, mac Uí Dhonnchadha agus
Mac Mághnusa, nach bhfaca aon duine iad acht eisean,
agus nár fhan an Swift i gcaladh acht lá agus cuid den
dara lá.



Ní raibh an Máirtíneach ná an Dochartach ar bórd;
cuireadh iad-san ar siubhal i luing choitcheann daor, is
cosmhail. Ó is rud é go raibh páipéir nuaidheachta aca-
san an tarcuisne is mó d'fhéadfadh méirleachas a
thabhairt ortha ní raibh an Riaghaltas 'na dhiaidh sin ortha.
Sé sin le rádh, an fear cneasta a bhfuil páipéar nuaidh-
eacht mar arm ina láimh aige, sin é an námhaid is
baoghalaighe is féidir do na daoinibh ar a dtugtar an
Riaghaltas a bheith aca i nÉirinn fa láthair; agus uime
sin, an easonóir is mó atá ina gcumhachtaibh a thabhairt
orainn tiubhraidh siad orainn é agus is mór an onóir
linn sin.



Is beag nach raibh an oidhche tuitthe nuair a shroicheamar
an báisín uisge ar a dtugtar Cuan Shíomáin. Cnuic
ghruamdha, ba dhóigh leat, atá ina thimcheall; chomh maith
le dhá long mhóra dhéag sa gcuan agus soillse an bhaile
i bhfoisgeacht ceathramha míle dhúinn, — ceathramha míle
atá chomh fada uainn agus atá an solus ó thuaidh: óir
chomh cinnte is tá cluas ar mo leiceann ní chuirfead
bonn le talamh go bráth do réir chosamhlacht ar an
Afraic.



Is mór go cinnte an mealladh dhom sin, ar chaoi:
agus níl sé ann an té a bhfuil a fhios aige cá dtioc-
famaoid i dtír fa dheireadh: an Ástrail b'éidir; agus
ní raibh lá riamh nach raibh an dearg-ghráin agam ar an


L. 56


Ástrail. Chuir sé iongnadh riamh orm, daoine saora a
d'fhéadfadh a dhul go Dahomey, dhá dtogruighdís é, nó
go Whidah nó go Nua-Sembla nó go Terra del Fuego
go ndeachadar dá ndeoin féin, iad féin is a gclann,
agus gur chuireadar fútha i dtír príosúnach, agus gur
ghabhadar léi mar thír dhúthchais. Gheobhadh duine a bheith
gabhtha le n-a shaoghal a chaitheamh imeasg daoine atá
fiadháin simplidhe ó nádúr, dá mba i Labrador é nó sa
Sahara; acht chuirfeadh sé déistean agus gráin ort a
bheith 'do chomhnuidhe agus do chlann a thógáil imeasg
daoine fiadháine a caitheadh amach as an tsíbhialtacht,
imeasg daoine fiadháine neimh-shíbhialta, daoine fiadháine
atá níos brúideamhla ná gheabhthá i dTimbuctoo agus
chomh lobhtha chomh hurghránna agus atá i Londain. Gidh-
eadh chruaidhigheas mo chroidhe ionnus gur beag beag é
mo shuim sa gcaingin ar fad. Is mé atá sásta nár
leigeas mo mhuinntir féin go dtí an tír seo fa láthair
fa mo dhéin; agus an fhad is nach bhfuil de chúram orm
acht mé féin, agus mo shláinte bheith go maith, is beag
agam cé'n áird den domhan a dtiubhra long an droch-
thuair seo a haghaidh. Agus nach ait an rud leat é agus
go bhfuil sórt áthas orm anocht, agus go bhfuil coruighe
taitneamhach ar mo chroidhe, agus taitneamh te thart tim-
cheall ar mo chroidhe a chuireas an fhuil ag bíodhgadh
ionam. Is breagh tábhachtach agus is sásamhail an dáil
ar a bhfuilmíd taréis a theacht i ngnóthaibh seo thíortha
thar lear na Sasan; agus má's amhlaidh go bhfuil an
obair do réir mar cheapaim-se is dathamhail gan bhréig
an píosa oibre a bhéas le feiceál ar ball.



Ní ghabhfadh Goibhearnóir an Rosa a láimh an long a
chur ar siubhal; is soiléir sin; sé sin le rádh, a cur go
tír eile thar lear le Sasana, gan órdughadh ó Charthagin;


L. 57


agus b'éidir dhúinn curaintín leith-bhliadhna a chaitheamh
annso sul thiocfas aon órdughadh cinnte. Agus is
iomdha duine dhá thomhais cé'n t-órdughadh é, agus na
tomhaiseanna ar fad comh-chinnte. B'éidir sinn a chur
go hÁstráil, nó sinn a thabhairt ar ais go Bermuda, nó
sinn a ghairm go Londain, nó ar gcur i dtír gan bhuidh-
eachas ar an Ros, nó ar gcur ar oileán anaithnid éigin
san aigéan Chiúin nó go hionad éigin eile nach bhfuil a
fhios againn.



Acht is cinnte go ngéillfidh fir Shráide Dhonnáin
d'éileamh mhuinntire an Rosa, agus iad go stainnc-
eamhail faoi. Saoilim nach maith go dtiocfadh leo chor
ar bith a n-aigne a chlaonadh do-chum a dhéanta; boll-
sgaireacht an chéad rud a dhéanfadh an Sasanach i gcomh-
nuidhe ina leithéid de chás. Gidheadh má théigheann siad
sa gceann sin leis is iad na daoir bhochta bhéas siar
leis, óir tiubharfar aoide na bhfaol-chon ortha nó aoide
na bhfear ndubh. Níl cinnteacht ar bith dhá laghad agam
i dtaobh an sgéil go léir. Tá coinne agam, ar a shon
sin, nach bhfuil na daoine gan a bheith cinnte dá gcúr-
saibh féin.



Níl a fhios ag na daoraibh fós goidé mar atá an cás
agus táid siad ag déanamh cinnteacht de a bheith ag dul i
dtír i mbáireach; acht lucht ughdaráis na luinge táid
siad ina staic agus gan a fhios aca an fada atá ortha a
bheith annso. Maidir leis an Doch. Dees is mór an
truaigh é la n-a bhfuil d'uathbhás air. Ba lag anbhfann é
a choimpléasg, agus ba faitcheach a aigne, agus anois is
dóigh go mbuailfear síos tinn é leis an imnidhe a chuir
an turas air agus de bharr na fáilte seo a cuireadh
roimhe. Bhí coinne aige a dhearbhráthair d'fheiceál annso,
is dochtúir eisean ar luing Mhic Raghnaill an tUigingeach;


L. 58


acht trí lá go díreach sul thángamar cuireadh taoiseach
loingis i n-ionad an uigingigh agus d'imthigh an long go
Sruth Plate. Shaoilfeá an duine bocht gur as a chéill
atá sé anocht, ar éigin atá ann labhairt gan a bheith ag
gol: a leithéid de rud, a rádh nach mbeadh níos mó de
ghoirm roimhe-sean i dtír le Sasana, agus gur oifigeach
Sasanach é, acht mar bheadh roimh fhoghluidhe ón India!
I gcruthamhnas nach bhfuil ceachtar againn gan a thrioblóid
áirithe féin.



Síos le ancoire guib an Neptune agus na slabhraí ag
craitheadh na sean-luinge ag dul síos di. Cé'n áit an
chéad áit eile a dtiocfaidh an ancoire sin go tóin puill —
i gCuan Moreton, i bPort Philip, ar Oileána Falkland,
ag an mBalla Dubh nó faoi choillte cedir Bermuda ar
ais? A mhaithe Shráide Dhonnáin, seo giota beag oibre
dhaoibh le socrughadh, le ribín dearg, nó le cóir éigin
eile. Ní'l aon bhaint agam-sa dhó; oraibh-se atá a
chúram; dá bhrígh sin, caithfead gail den phíopa agus
go mba doilghe an obair dhaoibh an cheist a fhuasgailt.



Gur leigeamar fúinn amhlaidh sin, agus deifir orainn
leis an lá éirghe.



20°. — D'éirigh an ghrian indiu mar is gnáthach agus gan
aon chosamhlacht imnidhe ar a gnúis — gan aon tsuim aici
i n-ar mí-shuaimhneas — agus chímid cá bhfuilmíd ar
ancoire. Cuainín nó cúinne beag é Cuan Shíomáin ar an
taobh thiar den Chuan Fhallsa, agus cnuic gharbha thart
timcheall air agus iad ó 800 go dtí 1400 troigh ar áirde;
agus an baile féin agus na foirgnighthe duga atá ann is
thart ar imeall-bhórdaibh bhéil an chuain atá siad suidhte,
ar éadan an chnuic, agus is géar an cnoc é, ar nós Genóa
beag. Tá gleann doimhin ag ceann an bhaile agus sruth
uisge ag teacht anuas thríd ó na cnocaibh agus roinnt


L. 59


bheag crann ag béal an tsrotha. Seo é a bhfuil sa
mbaile: roinnt tighthe dathamhla, tighthe ósta, roinnt mhaith
siopaí, teampoll, sluagh-theach beag, sraith stórtha
d'earraidh loingis; agus tá trí nó ceathair de cheannaibh
garrdhanta suas ar éadan ghéar an chnuic ar a gcúla,
acht má seadh, ní fuláir nó is ar ghuaillibh daoine a hiom-
chruigheadh suas an chréafóg atá ortha i n-áit ar chartachaibh.
Chothochadh sé trí bhó tuairim, a bhfuil de chimín le
ciumhais an uisge. Tá na crainn fa dhuilleabhar
iomlán anois agus ní glaise an smarag ná an féar, na
garrdhanta agus an fraoch atá ar na sléibhte. Tá na
cnuic ins gach uile áit faoi thumacha ísle; frioth-
choillte iad agus crainn fhraoich an Rosa, agus dath
corcra cheana ortha ag na craobhracha fiadháine priacháin
atá ortha, go bhfuil dath dearg an rósa ar áitibh fiadháine
na Hafraice ó dheas aca. Ó thuaidh dhíobh sin arís d'fheic-
feá gualainn Chnuic an Bhúird agus é go hárd os a
gcionn ar fad, agus tá sraith adhbhalmhór de chnuic árda
garbha ar an taobh thoir den Chuan Fallsa (timcheall chúig
mhíle dhéag uait), agus beanna briste loma géara ortha.
Tá réimse de thalamh cothrom gainmhidhe ag ceann an
Chuain Fhallsa; agus taobh thall de sin arís d'fheicfeá na
cnuic atá i bhfad uait istigh sa tír, “ag bagairt a ndrom
thar dhrom a chéile,” agus an sneachta 'na luighe fós ar a
mullaigh garbha, taidhbhseacha.



Is soiléir go bhfuil corughadh ortha i mBaile Shíomáin
indiu; tá cruinniughadh puiblidhe ann, agus tá a lán
daoine ann atá sa “gCumann i n-aghaidh na nDaor”
ó Bhaile an Rosa: chuadar síos bog, te do dhéanamh
comhairle sollamhanta i dtaobh catha, go díreach glan os
comhair an námhad. Clog mór atá aca i dteach na cathrach,
Baile an Rosa, tá sé dhá bhaint mar ba sochraide


L. 60


bheadh sa gcathair (.i. buille gach aon leath nóiméide),
ar fuláireamh lucht ughdaráis na cathrach; agus an fhad
is bhéas an Neptune taobh istigh d'imeall na tíre tá an
fhuaim dhuairc sin le bheith ar siubhal. Níl ceanntar
sa tír gan cruinniughadh bheith ann, agus gach cruinniughadh
aca ar siubhal an lá céadna; tá na cainteoirí ag béic-
feadh agus an chléir ag easgainidhe níos tréine ná bhíodar
riamh. Samhluigheann sé nach bhfuil tada eile ag goilleadh
ar an bpobal, ná cúram ar bith eile ortha; tá na daoine
go hiomlán dhá gcraipliughadh féin suas go gcuiridh
siad deilgne móra láidre amach ortha féin ar nós na
gráinneoige, féachaint an gcuirfidís an sluagh méirleach
uatha. Buachaillí oraibh!



Ní chloisimíd indiu cad a cinneadh ar a dhéanamh i
n-aghaidh na ndaor; acht iseadh atá i mbéal gach aoinneach
gur labhradar ar fad ó aon bhéal; go saoilim-se nach
mbeidh claochmughadh dá laghad ortha.



Fuair an Doch. Dees litir anocht ón ngoibhearnóir go
bhfuair sé na tuarasgbhála, acht mar sin féin nach raibh
faoi an cúram a thógáil den dochtúir, ná leigean
d'aoinneach a theacht i dtír as an Neptune; dá bhrígh sin
gur fa'n taoiseach loingis atá sé (agus tá a long-san
ar ancoire láimh linn, agus gach uile bhád dá bhfuil ar
snámh is-na huisgibh seo is fá n-a órdughadh-san atáid);
agus nach fuláir dhó fuireach le órdughadh ó Shasana.



21°. — Na himtheachta go léir go fabharach. Is air
do cinneadh ag cruinniughadh an lae indé, an gealladh a
thabhairt go cruaidh i n-aghaidh na ndaor .i. gealladh gan
tada a dhíol le aon duine ar bórd an Neptune, ná le aon
duine a dhíolfadh an rud, ná le aon duine a chuideochadh
le daor chun a thabhairt i dtír, ná a thiubhradh cabhair
chothuighthe dhó dhá dtagadh i dtír; gan tada a dhíol leis


L. 61


an riaghaltas ná le aon duine ar son an riaghaltais an
fhad is tá an Neptune ar snámh i gcuan na tíre. Gach
uile cheannuidhe siopa dá raibh i mBaile Shíomáin cuireadh
fa ndeara dhó an gealladh sin a thabhairt ar an toirt,
agus níor dhá ndeoin é; óir is ar ghnóthaibh stórtha an dug
agus ar mháirnéalaighibh na loingis cogaidh atá teacht suas
an bhaile bhig sin. Cuireadh forfhaire i n-aice an chladaigh
(daoine le n-a ráitear Coiste an Fhorfhaire agus gloin-
eacha fad-radharcacha aca), ag faire go síoruidhe ar an
Neptune, agus ar gach uile bhád dhá dtéigheann chuici
nó uaithi. Cuireadh faireadh freisin ar cheannuidhthibh
Bhaile Shíomáin agus níor mhór é. Tá fútha ar gcur
chun báis leis an ocras, d'éis na gcúig mhí a chaitheamar
ag triall ortha. Chuir an taoiseach loingis mairtfheoil
úr chugainn indé, riar do gach duine dhá raibh ann, agus
teachtaireacht léi nach raibh aon cheapadh aige go bhféadfadh
sé níos mó ná riar lae nó dhó a thabhairt dúinn, óir dá
bhfionntaidhe amach é ní gheobhadh sé féin greim feasta dhó
féin ná dhá fhoirinn. Agus is le beartuidheacht a chuir
sé an méid seo féin chugainn, mar dhéanfaidhe é le baile
bheadh dhá iomshuidhe: d'órduigh sé riar dhá lá d'fhoirinn
a luinge féin, agus ar a theacht don mhairtfheoil annsin
chuir sé a leath amach i mbád beag ar thaobh na fairrge
den luing agus anonn leis an mbád beag go dtí an
Neptune.



Thíos i ngar don tráigh atá an bóthar go Baile an Rosa
agus é ag dul thart timcheall íochtar na gcnoc, agus gan
sa mbóthar céadna acht gaineamh na trágha agus é fliuchta
cruaidhthe ag an sáile. Tá coisighthe, marcaigh, agus
caranna ar a mine ghéire ar siubhal ar an mbóthar sin.
Tháinig beirt nó triúr ar bórd an Neptune indiu ag
infhiuchadh, an General Taoiseach Ceathramhan duine aca


L. 62


dhá dhochtúir an bheirt eile. Taréis tosach na luinge a
bheith sgrúduighthe aca, agus na daoine bhí tinn, &rl.,
tháinig an Doch. Dees chugam féin agus dubhairt go mba
mhaith leis na hoifigeacha labhairt liom. Nuair a bhíos
go díreach dhá bhfreagairt i dtaobh mo shláinte bhí an Doch.
Dees na sheasamh le m'ais, thuit sé as a sheasamh go
hobann, agus b'uathbhás é ag cneadach agus dhá shníomh
féin.



Shaoileas gurab é an tinneas mór a bhí air; acht tá sé
le sé huaire a chluig agus níor tháinig mothughadh ann,
acht é d'fheacht is d'áirid ag sníomh na mball. Is eagal
liom go n-éagfaidh an duine bocht. Tá seisean millte
ar chuma ar bith ag obair tíoruighthe an tighearna Grae.



Ag borradh atá an corughadh atá ar tír i n-éadan
na huaire. Carr aráin a bhí ag teacht le aráin go dtí
lucht na long choinnigh an daosgar-shluagh na sheasamh
taobh amuigh de Bhaile an Rosa é, go mb'éigin don
ghoibhearnóir buidhean den arm a chur leis dhá chosaint.



Páipéir nuaidheachta an Rosa, gach a dtáinig amach
díobh le dhá mhí fuaras iad, agus gach cumann dá raibh ann
i n-aghaidh na ndaor ar feadh an ama sin léigheas a gcúrsaí
agus a n-imtheachta. Is mó an fhearg atá ar na daoinibh
i bhfad isteach sa tír, agus is daingne coitcheanta a
rún arís, dá mb'éidir sin, i n-aghaidh na ndaor ná i
mBaile an Rosa féin. Is feargaighe go mór na sean-
áitreabhaigh Ollandacha, agus tá triúr díobh-san sa
tír i n-aghaidh an duine de gach cine eile dá bhfuil ann,
ná na Sasanaigh, agus táid siad lán-toilteanach do
réir deallramh ar a dhul chun cogaidh thríd an gcúis; ní
headh, acht táid siad chomh mí-shásta sin le riaghaltas
Shasana agus nach mbeadh uatha acht leithsgéal maith troda.
Gidheadh tá an dá chine d'aontoil ar an gceist seo:


L. 63


tugadh an “gealladh” ag gach uile chruinniughadh; agus
aon duine rachas ag taisteal na tíre gan an teastas a
bheith leis san Ollandais agus sa mBéarla, ón gCumann
atá i n-aghaidh na ndaor ina cheanntar fhéin, dhá rádh go
dtug sé an gealladh, tá an gealladh é féin san dá
theanga ar chúl an teastis, níl lón ná lóistín le
fagháil ar a chuid airgid aige, ná sop féir dá chuid bulán.
I n-áitibh áirithe, nach bhfuil ann acht Ollandacha amháin,
tháinig na feilméaraí dhá fhichid míle agus leath-chéad
míle bealaigh, treasna thar na cnuic agus thar cheanntracha
loma fásaigh na tíre. Karroos a tugtar ar na maghaibh
loma sin. Ní raibh a fhios ag na daoinibh simplidhe sin,
adeir an páipéar nuaidheacht, cad é an rud daor, —
níor chualadar riamh trácht ar an tighearna Grae, ná ar
oifig an Tíoruighthe, ná ar Shráid Dhonnáin; acht nuair a
mínigheadh an cás dóibh, agus gur chuir an tighearna
Grae locht luinge de dhaoraibh, cuirptheacha .i. Bandieten,
ó Shasana agus ó Éirinn, le n-a sgaoileadh amach fa'n
tír, agus nuair d'innis na cainteoirí an tslighe agus an
modh maireachtála bhí ag na daoinibh sa tír seo, go
rabhadar na gcomhnuidhe san uaigneas ar a gcuid feilm-
neacha, agus gur minic a chaitheadh na fir trí nó ceathair
de sheachtmhainí as a chéile as baile, agus iad go minic
ag siubhal na machairí uaigneacha, agus na mámanna
agus céimeanna cnoc, iad féin agus a gcuid bulán
agus a gcuid carbad, ar a mbealach go dtí na caladh-
phorta leis an toradh, agus nuair a mheabhruigh na caint-
eoirí dhóibh nach raibh gábhadh riamh cheana aca le glas ná
le bolta d'oidhche ná de ló, agus nach mbíodh blas imnidhe
ortha a bheith amuigh ó na dtighthe, agus annsin nuair a
chuireadar ina gceann é fa'n sluagh creachadóirí seo
agus an t-uathbhás a d'imreochaidís ar na daoinibh, agus


L. 64


d'innsigheadar sgéalta áidhmhiallta dhóibh fa na mí-
ghníomhartha a bhíodh dhá ndéanamh i bhfiadhantas na gcoillte
ag creachadóiribh i nÁstrail, nó go raibh a n-aigne
coruighthe thar barr, agus shaoileadar go mba buidhean
neamh-nádúrdha foghluidhthe iad na daoine bhí ar longais
ag an tighearna Grae, agus go rabhadar ag teacht i
n-aon turas do ghoid, d'éigniughadh, do dhóghadh agus do
mharbhadh, Donner en blitzen! ní hé amháin go dtug na
feilméaraí croidhe an gealladh ó aon bhéal agus gur
chuireadar a n-ainm leis ar bhall na baice, acht do
thugadar an leabhar go feargach agus go dúthrachtach,
agus a lámha sínte suas aca, nach ngéillfidís don
éagcóir sin go bráth, go séanfaidís a n-umhlacht i dtosach,
agus go nglacfaidís airm agus go dtroidfidís na
méirleacha níos fonnmhaire ná mar throideadar riamh
na fir dhubha. Agus is dócha go gcoimhlíonochaidh na
feilméaraí dána a bhfocal: tá súil agam go gcoimh-
líonochaidh — chuirfeadh sé áthas ar dhuine a theacht ar
dhream daoine i gcoirnéal éigin den domhan dá mbeidís
ag bagairt go dána go mbeadh fútha a mbagairt a
dhéanamh go maith.



Ní misde a rádh go bhfuil airm mhaithe ag na feilméaraibh
Ollandacha annso, agus iad ar fad cleachtach ar dhiubh-
ragadh; níor chualadar riamh trácht ar “acht do bhaint
an airm de dhaoinibh,” agus tá roinnt eoluis ar riagh-
lughadh airm aca, agus tóir mhór ar phúdar agus ar urchair,
óir bhíodar go minic mar arm ghlas-laoch i gcogadh
leis na buachaillibh dubha. Níor mhínigh aoinneach ariamh
dhóibh go mba coir dóibh sin, agus an té ghníos an choir
go neartuigheann sé leis an námhaid.



Is iomdha ceanntar a ndeachadar glan díreach go
dtí an teampoll ón gcruinniughadh puiblidhe, thiubhraidhe


L. 65


seanmóir annsin i n-aghaidh na ndaor, agus ghuidhfidís
Dia an tír a shábháil ar an anachain a bhí ag teacht uirthi.
Thug páipéar nuaidheachta tuarasgbháil ar chruinniughadh
den tsórt sin, agus dubhairt sé annsin: Agus chuir
sin críoch leis an 18° de Lughnas. Go mba fada buan é
sa Tír Dhubh. Aithreacha ag éirghe agus ag luighe dhóibh,
go mba &rl., &rl. Caint níos dána ní fhacas i n-aon áit,
ná sa Nation féin, ná tá ar na páipéir nuaidheachta so.
Deirid go léir ó aon bhéal nach bhfuil san obair ó bhun
go barr acht meabhal a rinne an t-iarla Grae ortha i
n-aon turas (agus níl), agus nach bhfuil ann acht dearg-
bhréagadóir ó thús go deireadh. Má shíolruigheann a
leithéid sin de shluagh cuirptheach ó rí-shíbhialtacht Char-
thagin, deirid gur cóir do Charthagin cúram na gcuirp-
theach a thógáil uirthi féin agus gan linnte agus camraí
méirleachais a dhéanamh de thíorthaibh a bhfuil a mhalairt
de chúram ortha, agus a mhalairt d'imnidhe ar na daoinibh
- deirid, rud is fíor dhóibh, agus ar ndóigh rud is
ceart dóibh, go bhfuil cuirptheacha dá gcuid féin ar an
Ros, agus gur leor leo iad-san a smachtughadh, gan
bitheamhnaigh thar tír isteach a chur de chúram ortha, ná
cineálacha úra urchóide a leathnughadh sa tír. Ó thárla
gur thug riaghaltas Charthagin saighdiúirí do-chum an
Ros a shábháil ar na buachaillibh dubha tá sé de cheart
aca, dar leo, a gcuid bitheamhnach daor a chur isteach sa
Ros, acht ní le muinntir an Rosa a chosaint a rinneabhair
sin, arsa na páipéir nuaidheachta, acht do-chum seilbh
a choinneál ar an Afraic ó Dheas; agus dá mba headh
féin, deirmid-ne tógaidh libh bhur gcuid saighdiúirí, agus
bhur gcuid loingis, cosnochaimíd sinn féin ar na buach-
aillibh dubha, nó dhá dtéigheadh sé chuige sin is fearr
linn iad sin féin ná daoir.


L. 66


Ó thús an domhain an bhfaca aon fhear cúis catha ná
adhbhar feirge níos córa ná mar tá ag an daoinibh sin?



Acht ní taobh le bheith i n-aghaidh na ndaor atá an
corughadh anois. Gach áit dhá dtiocfá chloisfeá iarraidh
ar riaghaltas a thoghfaidhe leis na daoinibh féin agus
cumhachta a bheith aca ar an airgead; ní leigfidh siad
feasda do gheospail ó Shráid Donnáin a bheith dhá riagh-
lughadh le ribínibh dearga, ná fós do chomhairle riagh-
luighthe Carthagineach an Rosa. Seo rún a cuireadh i
bhfeidhm ag cruinniughadh a bhí i gceanntar Worcester
an 11° de Lughnas — (Peadar Shéamus de Bhós i gceannas
an chruinnighthe): — “Gur modh éagcórach ó nádúr é an
modh tré n-a riaghluighthear an tír fa láthair, agus nár
mhór modh riaghaltais níos saoire ná é a chur ina ionad.
Agus thairis sin, an modh riaghaltais atá ann fa láthair
ní fheileann sé feasta don tír agus ba cheart reacht a
n-oibreochadh na daoine féin é a chur ina áit.” Níl
cruinniughadh bhíos ann anois nach gcurtar rún éigin dá
shamhail sin i bhfeidhm.



Acht cheana, níl feidhm dá laghad sa riaghaltas atá
annso anois: d'éirigh comhairleacha an riaghluighthe as
a gcuid oibre: ní bhíonn aon chruinniughadh den chomhairle
gnótha ann: agus tá an tír gan riaghaltas ar bith, geall
leis. Tá na daoine ag gabháil do láimh ar an gciúineas
agus go héifeachtamhail an obair a dhéanamh iad féin;
d'fhuagair lucht banc agus lucht árachais nach mbainfidh
siad feasda le aoinneach nár thug an gealladh, le
aoinneach a dhéanfas riar ar bith ar an riaghaltas, go gcur-
tar ar ceal an tÓrdughadh Comhairle atá ag déanamh
tír daor den tír: agus do-chum muinighin a thabhairt do
dhaoinibh ath-uair do-rinne Sir Énrí Mac Gabhann rud
nach móide go raibh aon cheart aige a dhéanamh: a fhuagairt


L. 67


go bhfuil sé ar tí airgead riaghaltais páipéir a thabhairt
amach ar urradhas a cheapfas “bórd oifigeach” a bheith
sásamhail, agus go nglacfar i n-omós cánach é.



As na páipéir nuaidheachta a bhaineas an méid sin:
is cosmhail gur ag dul i mbuirbe a bhí an corughadh go
dtí an lá ar bhain an Neptune caladh-phort amach: agus
is measa (nó is fearr) atá an obair ó shoin i n-éadan an
lae.



22°. — Níl greim eile den fheoil úr againn. Fuair
Coiste na Foraire amach an cleas a d'imir an taoiseach
loingis, agus ní thiubhraidh na daoine feoil ná tada
eile don taoiseach anois ná d'fhoirinn aon luinge eile
ar an gcabhlach — ná fós do roinn ar bith den loing-
seoireacht. Tá cheithre long cogaidh ar ancoire annso
anois, agus tuairim is 900 fear ortha, agus gan le
fagháil aca acht feoil ghuirt mar tá againn féin.
Ádhamhail go leor tá neart éisg sa gcuan so, de thoghadh
an éisg, agus fuireann a chuaidh amach ag iasgach i mbád
beag ó luing de na longaibh móra, mharbhuigheadar locht
breagh éisg. Agus béidh iasg úr ar sáith againn i
mbáireach.



Is amhlaidh atá an Cumann dhá dhéanamh anois táid
siad ag iarraidh an dearg-ghorta a thabhairt ar an
ngoibhearnóir ins gach uile roinn den tseirbhís phuiblidhe,
sa riocht go mbéidh sé d'fhiachaibh air an Neptune a chur
amach as cuan na tíre go háit éigin eile, is cuma cé'n
áit é. Tá an gealladh dhá choimhlíonadh go dlúth dílis
aca. Daoine a rinne margadh le lucht an riaghaltais le
n-a riar d'eiteadar go léir a margadh a choimhlíonadh,
agus b'fhearr leo an t-airgead urradhais íoc ná lucht an
riaghaltais a riar. Chuir an riaghaltas fuagradh amach
(agus é daite i litreachaibh móra i n-áit a bheith


L. 68


clóbhuailte, ní chlóbhuailfeadh aon clódhadóir tada do
riaghaltas méirleachais) ag iarraidh ar dhaoinibh éigin eile
a riar, acht níor fhreagair aon duine amháin iad.



Agus i mBaile Shíomáin féin tá sé d'fhiachaibh ar na
daoinibh an gealladh a chur i bhfeidhm. Chuaidh an stíobhard
ón Neptune i dtír indiu, agus timcheall mór a chuir sé air
féin; chuaidh sé go dtí an Minerva i dtosach, long ón
Domhan Thoir ise, agus chuaidh sé i dtír i mbád beag leis
an Minerva. Chuaidh sé isteach i siopa búistéara agus
d'iarr caoir-fheoil. Dubhairt an buachaill siopa leis
go ndíolfadh sé dhá phunt leis. Dubhairt an stíobhard
gur speir chaorach a bhí uaidh. Ní raibh a fhios ag an
mbuachaill an dtiubhradh sé dhó í, acht d'fhiarfochadh sé dhá
mháighistir é. Tháinig an máighistir agus leig an stíobhard
an-fhearg air féin. Ba hé stíobhard an Minerva é
adubhairt sé; agus an gcaithfeadh na daoine uaisle ó
Madras a bhí mar phaisinéaraí aige trosgadh faoi rádh
is go raibh sluagh mallaighthe daor ar luing sa gcuan?
Acht d'aindeoin na feirge is géar a cheistnigh an búis-
téara é le cinnteacht d'fhagháil an ar an Neptune a bhí
sé nó mar ar bh'eadh. Acht i ndeireadh na dála thug
an stíobhard an speir chaorach leis.



Ní móide gur obair mugadh magadh í seo, agus b'éidir
dhi a theacht níos truime ná sin fós, an té a bhfuil a bhaint
léi; acht is mór an greann í. Bím ag gáiridhe ag
léigheadh na bpáipéar nuaidheacht dom go dtagann an
sruth deor ó mo shúilibh. Agus gach uile sgéal nuaidh
dhá dtagann i dtaoibh imtheachta na ngnótha baineann sé
tuilleadh gáiridhe asam; agus amanna ní sguirim ar
feadh leath-uaire, ar mo leabaidh dhom, acht ag gáiridhe.



24°. — Gan blas le n-ithe fós againn acht an t-iasg;
acht is clos dom go bhfuil faoi an taoiseach na


L. 69


feilmneacha d'ionnsuighe de shiubhal oidhche ar lorg creach.
Ní thugann an goibhearnóir suaitheantas ar bith don
Neptune anois. Tá an dochtúir go dona tinn fós,
corughadh mór intinne air agus reachtaighil mhóra
chreaitthe.



25°. — Tá sean-long sa gcuan agus gan aon chrann
uirthi, an sean-fhrigéad le n-a ráidhtear an Seringapatam
agus hathruigheadh sé fichid príosúnach tráthnóna indé
gur cuireadh uirthi-se iad, agus fágfaidh sin níos mó
achair agus níos mó aeir ag an gcuid eile ná mar bhí
aca. Shaoilfeá orainn go bhfuilmíd ag ullmhughadh do-
chum an samhradh a chaitheamh annso.



Tugadh an dochtúr bocht i dtír indiu i mbád beag leis
an bhfrigéad, agus é sínte ar a leabaidh, gur cuireadh
i n-osbuidéal na máirnéalach ar tír é. Ní shaoilim go
bhfágfaidh sé beó é.



An sean-chaiptín atá againn chuaidh sé i dtír indiu
agus dhá phiostal leis. Bhí na daoine go han-tsocair leis
acht ní bhacfaidís leis. Chuaidh sé isteach ina lán siopaí
ag iarraidh píopa a cheannach, gloine dá uaireadóir,
agus builín beag úr, acht ní raibh aon mhaith ann; ní
dhíolfaidís tada leis. Bean bhocht a raibh teach aráin aici,
agus milseáin dhá ndíol, chuaidh sé isteach chuici, agus
is amhlaidh bhíodh sí ag díol arán úr cheana le foirnibh
loingis cogaidh do dhéanamh slighe mhaireachtála dhi
féin. Dubhairt sí leis agus na deora ar a gruadh go
raibh sí sgriosta amach 's amach, gur éirigh na feilméaraí
agus na muilleoirí as a bheith ag cur phlúir ná arbhair
go Baile Shíomáin; nach raibh thar aon bhácús amháin ag
obair anois agus gan cead a dhíol i n-aon teach acht riar
dá raibh sa teach. Sa gcaint dóibh, cé thiocfadh acht
carr an aráin. Chuir an caiptín d'impidhe uirthi, ó bhí sí


L. 70


ag ceannach di féin, dhá bhuilín sa mbreis a fhágháil agus
a ndíol leis-sean; acht rinne sí a dhearbhadh agus uathbhás
uirthi dá n-iarradh sí amháin a leithéid nach mbeadh greim
eile le fagháil aici dhi féin. Tháinig sé ar bórd arís,
agus dubhairt nach bhfaca sé ó rugadh é a leithéid d'amad-
áin. Is cosmhail gur duine den dream daoine é
an caiptín nach dtuigeann cionnus a n-eiteochadh aoin-
neach a bheadh ar a chéill, agus Sasanaigh féin, agus
Críostuidhthe atá 'na mbeathaidh san naomhadh aois déag
cionnus a n-eiteochaidís tré adhbhar puiblidhe airgead a
shaothrughadh. Sean-chaiptín ó na hIndiachaibh Thoir é,
agus deir sé liom go bhfuil a fhios aige go maith cad a
chuirfeadh ciall is-na daoinibh seo; sé sin le rádh sé
sgiúrsa dhéag ar fhichid an duine a thabhairt do mhuinntir
na tíre as éadan a chéile, agus a dhá oiread a thabhairt
an duine don chléir.



26°. — Tá an taoiseach loingis taréis sgata bulán a
thiomáint leis. Chuir sé foireann báid amach aréir,
agus roimh mhaidin thiomáineadar sgata eallaigh isteach
go Baile Shíomáin; bhí druma agus feadóg ar siubhal
amach rompa agus ceol meadhrach dhá imirt aca, fonn
de na fonnaibh a bhíos dhá n-imirt ag máirnéalaigh.
Do leath a súile ar Choisde an Fhoraire agus iad ar na
taibhlibh ag faireadh ar feadh na hoidhche. Íocfaidh an
taoiseach na daoinibh dar bhain sé an t-eallach ar ndóigh,
i gcruthamhnas nach dearg-fhoghluidhe ar fad é. Oifigeach
a bhí ar bórd indiu deir sé liom go bhfuil buile dhearg
ar na máirnéalaigh tá ar an bhfrigéad le daoinibh ceann-
airceacha na tíre, agus go raibh máta an ghunnadóra i
dtír indé agus go gcualaidh sé fear sa tsráid ag
coireamhaint ar an riaghaltas fa'n doibheart atá dhá
dhéanamh aca ag sgaoileadh sgata daor isteach ina measg


L. 71


go millidh siad a móráltacht, agus a gclann inghean;
agus ar n-a chlos sin don mháirnéalach theann sé leis
an tír-ghrádhuightheoir: “Óra, mo mhallacht duit,” ar
seisean, “is duine de na leibidibh malluighthe thusa
atá i n-aghaidh na ndaor,” agus leis sin bhuail sé an
dorn sin idir an dá shúil air gur leag é.



Gidheadh níl sos ná comhnuidhe ón iomshuidhe. Dubh na
fríghde ní dhíolfaidh aon cheannuidhe siopa annso le
muinntir an Neptune ná le muinntir aon long cogaidh
eile. Sgriosfar Baile Shíomáin go cinnte má sheasann
an t-achrann mórán níos fuide agus is géar atá na
daoine dhá éagcaoineadh, acht níl aon trócaire sa bpobal.


L. 72


AN 2° CAIBIDIL X.



Meadhon Fhoghmhair 27°. — Ar bórd an Neptune, cuan
Bhaile Shíomáin. — Chuaidh an caiptín suas go Baile an
Rosa indé agus thug sé trí litir fhada ar ais leis dom,
a tháinig as baile, agus ar feadh uaire nó dhó bhíos ag á
léigheadh agus níor chuimhnigh mo chroidhe go raibh daor
beo feadh an ama soin, ná duine i gcoinne daoir,
ná Ros, ná taoiseach loingis, ná goibhearnóir ná tada
eile.



I gcarbad a tháinig an caiptín ar ais ó Bhaile an
Rosa agus bhí beirt freis ar an gcarbad a bhí ag teacht
anuas go bhfairidís a dtamall féin ar na taibhlibh ar
son Cumann na Foraire. Ní raibh aon aithne aca ar a
gcomh-thaistealaidhe, agus is ar an Neptune agus ar na
méirlibh a chaitheadar an t-am ag seanchus. Nuair
d'innis sé dhóibh go raibh sé i mBaile Shíomáin agus go
bhfaca sé an long d'áitigheadar air dhá cheistniughadh —
nó an bhfaca sé mise, S. Mistéal? nó an gcualaidh sé
go ndubhras go raibh an ceart ag muinntir na tíre agus
go mba chóir dhóibh cur leis? Ar bhfíor go mbím ag
siubhal san áit chéadna i mbíonn an caiptín ag siubhal?
&rl. D'innis sé dhóibh go mb'fhíor sin agus go raibh sin
le feicsin ag aoinneach den tsráid i mBaile Shíomáin.



Deir sé gur fiadháin garg agus gur coipighthe cor-
uighthe atá na daoine i mBaile an Rosa; gur beag
gnótha atá dhá dhéanamh ann, agus go bhfuil na céadta
agus gan buille oibre le déanamh aca. Tá muirighní


L. 73


ann atá ag ollmhughadh go gcuiridh siad deireadh le n-a
ngnótha, go ndíolaidh siad a bhfuil aca, agus deirid go
bhfágfaidh siad an tír. Héirgheadh as tighthibh nua bhí dhá
ndéanamh, tá fiacha dhá mbailiughadh isteach, agus deir
gach uile dhuine cibé críoch a bhéas ar an obair seo gur
beag nach mbeidh an tír sgriosta aici. Tá baramhail
eile ar bun anois .i. na daoine a tháinig annso le
bliadhantaibh le congnamh an riaghaltais nach raibh ionnta
acht daoir inchleithe an tighearna Grae; agus na feilm-
éaraí a chuir aimsir ortha tá siad dhá ndíbirt anois agus
ag caitheamh tarcuisne ortha. Tá na créatúir bhochta sin
freisin ag triall ar Bhaile an Rosa ar ndóigh agus is
mór an congnamh iad don chorughadh atá ag borradh san
áit. Cathair í Baile an Rosa atá beagán níos mó
ná Cill Choinnigh, agus trí nó ceathair de chineadhchaibh
ar leith innti, mar atá: na Sasanaigh, na Hollandacha
(an dream is láidre ann); buachaillí dubha ón Domhan
Thoir; agus buachaillí donna le n-a ráidhtear Hottentots,
agus sluagh mór eile a shíolruigh ó na Hollandachaibh
agus ón dream fíochmhar ón Domhan Thoir; agus is iad-
san na saoir, na bádóirí, na seirbhísigh agus an cineál
sin. Dhá mheitheal atá déanta anois den dream atá i
n-aghaidh na ndaor; meitheal díobh atá toilteanach ar
riar a thabhairt don riaghaltas, don arm agus do
na foirnibh long, agus don Neptune féin go dtigidh an
sgéala ó Shasana, acht annsin (mara mbeadh an sgéala
fabharach) an “gealladh” a chur i bhfeidhm agus seasamh
amach ar gach uile shlighe, sin iad na daoine “meas-
ardha”; na daoine “ainmheasardha” an dream eile
(agus sin iad amháin atá i n-aghaidh na ndaor dá ríribh)
agus tá siad-san ag iarraidh go gcuirfidhe an goibhear-
nóir agus gach a mbaineann leis faoi choinneal-bháthadh


L. 74


mara gcurtar an Neptune chun fairrge gan fanamhaint
le sgéala ar bith as Sasana. Sin iad de mhórán
an dream is líonmhaire.



28°. — Dees bocht, ní thógfadh an goibhearnóir an cúram
de, thóig ughdar eile dhe é. Tá sé básuighthe.



29°. — Rinneadh athrughadh indiu ar an ngárda airm:
buidhean de redsiment a 73° a tháinig ar bórd agus
fo-oifigeach 'na gcionn. An dá oifigeach seagainn féin
a bhíodh ag síor-chaitheamh an tobac chuadar i dtír le n-a
chaitheamh.



30°, An Domhnach. — Tháinig an Doch. Grae ar bórd
indiu agus rinne sé seanmóir do na daoraibh ar an
mbórd mór. Is é “Easbog Bhaile an Rosa” é. Ba
deismireach liom an chaoi a labhrfadh sé leo agus shiubh-
las chomh gar dhó agus go gcloisinn é. Ní dheireann an
Stíobhardach .i. an teagasgthóir, leó acht: a fhearaibh;
ní dubhairt sé riamh a dhéarbhráthracha leo; sin é an
gnás creidim atá ag séiplíneachaibh daor, óir b'uath-
bhásach an rud é, cé go ndeir na teagasgthóirí gur
peacachaí go hiomlán sinn, gidheadh b'uathbhásach an rud
ar fad é dá gceapadh peacachaí atá daortha gur dearbh-
ráthracha iad do theagasgthóir an tsoisgéil. Peacachaí
sinn go léir go deimhin; sé sin do réir teoir, nó is
múinte an rud dúinn a rádh, agus sinn ag caint go
múinte, mar déarfa, leis an Athair uile-chumhachtach.
Acht a dhearbhráthracha ghrádhmhara ionmhuine a thug an
t-easbog ar na daoraibh bochta, ní a chuir iongnadh orm.



D'éis an phaidreoireacht a bheith thart chuir sé mo
thuairisg féin: tháinig an caiptín faoi mo dhéin, agus ó
is eisean an t-árd-shíléar ó d'imthigh an dochtúir, chuadhas
leis go dtí an cábán deireadh agus cuireadh i n-aithne
don duine oirmhidneach mé. Is óg an t-easbog é, acht


L. 75


atá an hata sluasad-bhilleogach cóir air agus naprún
síoda fáisgighthe go hórduightheach ar a bhléintreachaibh.
Fear subháilceach é; molann sé leis na daoinibh atá i
n-aghaidh na ndaor; dubhras leis go raibh áthas orm sin
a chlos, agus go molaim féin leo. Deir sé dhá mbeith
an tír beagán níos láidre ná mar atá go n-éireochadh
na daoine ar an toirt i n-aghaidh an riaghaltais ar
an gceist sin amháin. Dubhart-sa mo chuach iad! faoi
sin. Gidheadh ní uaidh féin mar easbog a mholfadh sé
sin acht is í sin an aigne ar a bhfuil na daoine go
hiomlán. Chaitheamar timcheall le leath-uair a chluig ag
comhrádh, agus bhí caitheamh na dhiaidh orm é imtheacht.



Deireadh Foghmhair 1°. — Is eagal liom nach seasfaidh
muinntir Bhaile Shíomáin é níos fuide. Tá le rádh go
bhfuil na ceannuidhthe siopa ag teicheadh as an áit agus
go bhfuil na fuagraí dhá gcur suas ar na fuinneogaibh.
Tá a bhfurmhór ag osgailt na siopaí arís agus is
forusta aithne dhóibh nuair bhreathnochaidh siad anonn is
anall go bhfuil gach uile rud ann ceart. I mBaile an
Rosa féin, cé go bhfuilid ag cur suas d'aon bhaint
a bheith leis an riaghaltas aca, ná le haon roinn de,
díoltar rudaí na dhiaidh sin le bunáilte aon duine.
Níor thairg aon cheannuidhe an riaghaltas a riar ar
na connrachaibh nua agus an fear a bhí coscrach i
nAliwal tá sé anois i gcruadhchás.



Ag méadughadh atá an corughadh fa'n tuaith gach uile
lá agus ag dul chun feirge atáid siad. Is geall le
dealg géar sa mbeo do mhuinntir na tíre an long
phláigheach so a bheith ar uachtar uisge ina n-aice, tá siad
i bpian agus fiabhras ortha go leigthear an bracha: níl
aon tseasamh ag na daoinibh leis an gceirín nimheanta
méirleachais, níl suaimhneas d'oidhche ortha acht iad ag


L. 76


brionglóididh ar dhoibheartaibh na ndaor. Táid siad
anois ag impidhe agus ag athchuinghe ar an ngoibhearnóir
gach uile lá an long a chur amach as an gcuan ar chuma
ar bith, agus amach as amharc an Rosa agus órdughadh
dhóibh a bheith ag seoltóireacht thart go dtigidh an
t-órdughadh a bhfuil coinne leis, sé sin ar feadh ráiche
nó cheithre mhí nó chúig mhí. Deir sé nach dleathach dhó sin
a dhéanamh — sin í comhairle an Árd-Turnaoi dhó, óir tá
Árd-Turnaoi ar an Ros freisin. Leis sin, chuir na
daoine atá i n-aghaidh na ndaor an cás os comhair deich-
neabhar nó dhá réag de na dligheadóiribh is clúdhamhla sa
tír, idir Shasanaigh agus Ollandacha, agus deirid siad-
san d'aon-ghuth gur dleathach dhó a dhéanamh. Agus deir
na daoine atá i n-aghaidh na ndaor dá bhrígh sin go mba
cheart dó, agus go gcaithfidh sé a dhéanamh, agus muna
ndéanaidh go gcuirfidh siad an gealladh ag obair in'
aghaidh, agus gach a bhfuil eile de chumhachta aca — agus
nach leigfidh siad fionna feanna a dhíol le duine
aonraic féin ar a shon, acht go mbainfidh siad an ghail
de a thugas solus dó, go mbainfidh siad an t-uisge dhe,
nach bhfágfaidh siad ina thimcheall acht an follamhas ná i
dtimcheall aon oifigeach atá faoi: go bhfuil súil go
gcaithfidh siad géilleadh. Tá ráflaí ag imtheacht freisin
atá ag séideadh faoi na daoinibh agus ag cur iar
is barr coruighthe ortha. Dubhradh lá gur éaluigh cuid
de na méirleachaibh ba mheasa bhí ann den Neptune sa
snámh agus gur sgaipeadar iad féin fa'n tír ag goid,
ag marbhadh agus ag éigniughadh fútha agus tharta.



An goibhearnóir iomorro ghéill sé don Chumann sa
méid seo: gheall sé go cinnte dá mb'amhlaidh go
n-órdochadh an riaghaltas dó na daoir a thabhairt i dtír
go dtiubhraidh sé suas a phosta agus nach mbeidh seisean


L. 77


ciontach la n-a leithéid sin de dhíoghbhail a dhéanamh don
tír. Is cosmhail dá réir sin go mbeimíd annso ar
feadh an tsamhraidh, go Feabhra nó Márta so chugainn,
an fhad is bhéas sgéala fa thabhairt suas an phosta ag
dul go Sasana agus goibhearnóir úr ag teacht amach.



Agus na daoine i nAstráil táid siad-san anois ag
iarraidh gan a thuilleadh méirleach ó Shasana a leigeann
isteach ina dtír féin. Cuireann sin na gnótha i n-aimh-
réidh níos measa ná riamh agus deineann níos deacra
iad do mhuinntir Shráide Dhonnáin. Long a tháinig go
Sydney le goirid bhí na daoine chomh mór i n-aghaidh a
teacht agus tá na daoine annso fa láthair, acht ní raibh
an comhcheangal céadna ortha, óir an goibhearnóir do bhí
annsin do thug sé na daoir i dtír ar an toirt agus
teachta a bhí ar tí teacht chuige do chur 'na n-aghaidh ní
leigfeadh sé isteach iad. Agus anois féin atá dhá long
nó thrí méirleach ar a mbealach don Bhreatain Bhig Nua,
nó don Tasmáin, agus an Máirtíneach agus an
Dochartach ar cheann aca: ní bhíonn longa méirleach
Shasana choidhche gan é bheith na lá ortha, agus is deacair
a rádh an leigfear dhóibh-san a dhul i dtír nó mara
leigfear nuair a shroichfeas siad caladh-phort. Dá
gcuirtidhe d'aon pháirt den Ástráil sinn mar sin ní
bheadh ann dúinn acht turas eile féachaint an éireochadh
linn: agus b'éidir do na daoinibh croidhe annsin rádh
linn freisin imtheacht romhainn. An chuid is fearr den
sgéal ní féidir leo sinn a chur mórán níos fuide ó
bhaile: na daoine d'fhuaduigh ar siubhal mé má thugaid
mórán níos fuide ar an mbealach sin mé béidh mé ag
déanamh ortha ar an taobh eile, agus sin aon tairbhe
amháin nár thug na heolaigh faoi deara as an domhan
a bheith timcheallach.


L. 78


Tháinig a lán daoine do m'fheiceál, ag déanamh
iongnadh dhíom — mar chualadar go raibh méirleach ais-
teach éigin le feiceál — sin nó tré lághaidheacht. Tháinig
oifigeach óg luinge ar bórd an lá cheana den fhrigéad
ar a dtugtar an Castor; chuir é féin i n-aithne dhom
agus dubhairt go mba Gaedheal é, agus rinneamar
sgathadh cainte. Cléireach oirmhidneach de mhuinntir
Sandberg é atá i nEaglais na Sasan, rugadh sa
nGearmáin é, agus tá sé anois ar a bhealach do na
Hindiachaibh, acht gur chuir sé faoi tamall ar an Ros, bhí
sé ar bórd cúpla uair agus thug seanmóir, adeir sé,
do na príosúnaigh fa bhórd. Tairgeann sé iasacht
leabhar dhom agus tá sé múinte lághach thairis sin. Agus
a lán eile fós dá ndearnas dearmad.



D. Foghmhair 12°. — Tá muinntir chroidhe na tíre ag
dul i ngealltaibh. Táid siad as a gcéill ag na
ráflaibh, ag an bhfeirg agus ag an aimhreas neamh-
nádúrdha. An tseachtmhain seo chuaidh tharainn cuireadh
fuadar mór chun cinn leis an obair gur cosmhail
go dtiocfaidh éacht éigin de. Nuair a chonnaic na
daoine nár cuireadh an long chun siubhail, ná cosamhlacht
ar bith air, nár tugadh aon áird ar bharamhail na ndligh-
eadóirí Ollandacha a mhol é, ná ar na seanmóirí a thug
an chléir, ná fós ar na paidreacha a dubhradh i dteam-
pollaibh na nIúdaighe, acht go raibh neart caoirfheola
agus neart mairtfheola an Rosa dhá fhagháil ag lucht an
airm, agus ag lucht an loingis, ag an riaghaltas, 'seadh,
agus ag na daoraibh féin, cé go raibh míchomhgar ann do
na fátalaidhibh, agus goití móra ag an arm faoi;
nuair chonncadar sin, agus cheapadar dá leigthí don
luing fanamhaint go dtigeadh breith an tighearna Grae
go raibh an lá caillte ortha, chuireadar gairm ar


L. 79


mhór-thionól a bhí ann indé, agus chuireadar i bhfeidhm go
sollamhanta é gach uile shiopa a dhúnadh agus gan tada
a dhíol le duine ar bith acht le n-a gcoisliméaraibh féin
agus le daoinibh a raibh an gealladh ortha. Tá súil
láidir aca an goibhearnóir a chur sa gcruth nach mbéidh
sé i n-ann é féin ná na daoir a chothughadh, an fhad is tá
na daoir ar a sheilbh. Rinneadh an rún a chlóbhualadh
agus a chur suas ar na ballaibh mar fhuagra, agus uair
a chluig taréis a chur suas indé níor fágadh siopa i
mBaile an Rosa gan dúnadh. Cuireadh teachtaire go
Cuan Shíomáin ar an toirt leis an bhfuagra nua, agus a
rádh go gcuirfidhe an gealladh go dlúth i bhfeidhm ó
indiu amach. Tá Baile Shíomáin arís agus gan aon
dul ina ghoire. Is iongantach an teacht le chéile atá
ionnta ar an gceist. Na daoine “measardha” féin cé
nach molann siad a fhad agus chuathas leis an sgéal
deirid go seasfaidh siad le muinntir a dtíre. Is
amhlaidh tá sé ní leomhfadh neach a bheith easumhal
d'órdughadh an phobail. Seo é é.



CUMANN I nAGAIDH NA nDAOR



Cruinniughadh sonnradhach a bhí ag an gCumann indiu
.i. Diardaoin ag Halla na Cathrach — J. J. L. Smuts i
gceannas — thairg J. Fairbairn an rún so agus do
chuidigh Tomás Sutherland leis:



An mhéid nár sheas an t-iarla sár-onórach Grae dá
fhocal acht go ndearnaidh iarracht daoir a chur isteach sa
tír seo d'aindeoin a n-athchuinghe agus a n-iarraidh
agus a n-impidhe gan a chur; agus an mhéid go bhfuil an
Neptune, an long a bhfuil na daoir uirthi, dhá coinneál
taobh istigh de thórainn na tíre agus gur ar Bhaile an
Rosa atá a triall, tré n-a rádh d'Árd-Turnaoi na


L. 80


Bainríoghna nar dhleathach a cur ar siubhal cé gurab é
tuairim na ndligheadóirí eile atá sa tír go mba
dhleathach, tá míriaghaltacht ag borradh go tréan is-na
daoinibh ó cheann go ceann na tíre, agus thríd an mí-
riaghaltacht sin agus thríd an míshástuidheacht sin is
amhlaidh is deacra don riaghaltas áiteamhail an dualgas
atá ar shaor-riaghaltas a choimhlíonadh, agus is amhlaidh is
deacra dhóibh na daoine atá ar an tórainn a chosaint,
iad féin agus a maoin, dá dtagadh aon achrann idir iad
féin agus na buachaillí dubha atá ar aon tórainn leo.



Dá bhrígh sin aon deagh-dhuine atá tairiseach don bhain-
ríoghain atá sé d'oibliogáid ortha gan aon ghnótha i
gcuma ná i gcor ar bith a dhéanamh don riaghaltas ón lá
indiu amach nó go ndéantar a dhearbhadh go hoifigeamhail
go n-imtheochaidh an Neptune, agus a locht daor léi,
chomh túisge agus is féidir í riar leis an lón a bheadh
riachtanach dhi faoi chomhair an aistir: — agus ón lá
indiu amach nach mbeidh baint ná páirt ag aon duine
aonraic leis an ngoibhearnóir, ná le roinn an lóin dá
theallach, acht go ndíolfaidh an ceannuidhe, agus fear na
candála, agus an báicéara, an búistéara agus fear an
tsiopa agus gach deagh-dhuine tairiseach eile, go ndíol-
faidh sin earraidh le daoinibh aonraice a bhfuil a fhios
aca nach bhfuil aon bhaint aca le roinneannaibh riaghal-
tais a riarfadh an goibhearnóir ná aoinneach dá mbain-
eann leis, óir ba leithsgéal sin tré na bhféadfaidhe na
daoir a choinneál.



Agus ó thárla an oiread cruadhóige leis an gcás
agus nár fhreagair gach a ndearnadh cheana é, tá sé dhá
mholadh na siopaí agus na stórtha go hiomlán a dhúnadh
amhail is dá mba trosgadh sollamhanta bheadh ann, cé is
moite do riar a thabhairt do choisliméaraibh príomháideacha


L. 81


a bhfuil aithne mhaith ortha, i gcruth is go mbeidh sé
iontuigthe ag an ngoibhearnóir nach féidir leis an
Neptune agus a cuid daor a choinnéal taobh istigh de
thórainn na tíre.



Cuireadh i bhfeidhm sin ó aon-bhéal.



Ní móide gur críona an rud dóibh an rud deireadh
sin a dhéanamh. Goibhearnóir atá ar thír atá le fairrge
agus a bhfuil neart loingis aige agus neart saighdiúirí
faoi, is cinnte nach gcuirfeadh an pobal d'fhiachaibh air
tré ghorta a dtoil a dhéanamh. Gheobhfaidhe míchomhgar
a chur air agus námhaid a dhéanamh dhá arm, acht ní
fhágfadh sin nár bhféidir an Neptune a choinneál cúpla
mí nó cupla bliadhain i gCuan Shíomáin. Seo é a háit
go cinnte d'aindeoin na cruadhóige atá leis an gcás
go dtigidh an t-órdughadh ó Shasana; i gcruthamhnas go
mb'éidir gur mó is céillidhe an tslighe atá molta ag
na daoinibh “measardha” .i. an réidhteach a ghlacadh go
fóilleach, acht a bheith gabhtha le na méirligh a bheith ar
sáile, agus a bheith faoi réir leis an dubh-bhuille a
thabhairt an dá luath is dhéanfaidhe iarracht ar na daoir
a chur i dtír.



Gidheadh is mór é m'aimhreas go mbudh daoine meas-
ardha na daoine “measardha” so go deireadh na sgríbe
agus dá bhfágtaidhe an Ros ina gcleitheamhnas go mba
dona an lá don tír é.



Tráth a dtángamar isteach annso i dtosach ba duine
de mhuinntir Ebden dob árd-taoiseach sa gcás, acht
chuaidh sé i ndiaidh a chúil go raibh sé ina dhuine mheasardha,
agus gur cuireadh eagarthóir páipéir ina ionad.
Fairbairn is ainm dó-san, agus fear ábalta gníomh-
éachtach é agus é go hain-mheasardha i n-aghaidh na ndaor
a leigean isteach. Dealbh Ebden a bhí crochta ar an


L. 82


mballa i halla an chruinnighthe caitheadh anuas é go
ndearnadh easonóir a thabhairt dó. Agus anois atá
lucht dán ag obair ar dheilbh stardha .i. an cruinniughadh
puiblidhe a bhí ann indé, Smuts sa gcathaoir agus
Fairbairn ag tairisgint an rúin do chur an ghoibhearnóra
faoi choinneal-bháthadh. Tá trácht ar dhlighe cogaidh a
fhuagairt; agus sé an cás é níl a fhios cé'n corughadh a
thiubhradh leithsgéal chuige sin anois. Tá na sluaighte i
gcomhnuidhe ar na sráideannaibh i mBaile an Rosa; tá
cruinnighthe go síoruidhe ann amuigh fá'n aer, agus an
dícéille is suaraighe ar bith, ar thaobh ar bith, b'éidir gur
uaidh a shíolrochadh an comhrac, agus dá dtosuigheadh sé
sin uair ba deacair a rádh cad ba críoch dhó.



Táthar ag caint ar iompódh ar an riaghaltas agus cad
a thiocfadh dhe. Fearacht gach uile náisiún a raibh aon
bhaint ariamh aca le riaghaltas Shasana, tá an dearg-
ghráin ag na Hollandacha ortha; agus tá le rádh go
bhfuilid lán-toilteanach lá ar bith fuagra a thabhairt go
bhfuil a dtír neamh-spleadhach agus airm a ghlacadh do
dhéanamh a bhfocal go maith. Sliocht na Sasan féin (cé
is moite don sgata beag sglábhaidhthe atá measardha)
táid siad chomh dúthrachtach i dtaobh na hoibre, agus chomh
mí-shásta le n-a gcomhursanaibh. Agus cathair Bhaile an
Rosa tá sí go ceart críochnuighthe faoi smacht an
“Chaisleáin” agus an dá dhaingean bheaga; agus thairis
sin, ní sheasfadh sé leath an lae go mbeadh sé 'na
sprúdhanaigh ag na longaibh cogaidh. Gidheadh is an-
láidir an tír atá isteach uaidh sin, agus níor mhór don
ghoibhearnóir a cheithre oiread saighdiúirí agus tá aige le
n-a cur faoi smacht.



Aon nídh amháin a thiocfas is dóigh den chorughadh so .i.
spioraid cheart náisiúnta: seo iad na cumhachtaí atá


L. 83


ag obair: contabhairt choitcheann ag teacht ar an tír;
dochar agus díoghbháil do chách i gcoitchinne ó bheith ag
iarraidh seasamh i n-aghaidh an námhad; cabhair agus
comhairle dhá gcur i gcoitchinne i gceann a chéile i
n-aghaidh an námhad meilmeach, fealltach céadna; seadh
agus go dtí na teistis as Ollaindis agus as Béarla
nach mór a bheith ag an taistealaidhe le n-a thabhairt thar
ghleann, thar mhám, agus thar mhachaire ar an mór-roinn
seo, go bhfuil féile agus fáilte roimh gach uile námhaid
dá bhfuil ag an tighearna Grae, is cuma cé'n cine ó
n-ar shíolruigh: sin iad na chumhachtaí a dhéanfas dearbh-
ráthrachas náisiúnta as an gcruinniughadh gan choinne a
rinneadh ar na daoinibh, na cumhachtaí a fhadochas teine
na saorsachta ionnta, agus a dhéanfas náisiún neamh-
spleadhach, agus náisiún spioradamhail de chlann mhac
na Sasan agus na nOllandach san Afraic ó Dheas.
Ámén! Cuirfidh sin náisiún neamh-spleadhach eile ar
bun.



Goirim do shláinte anocht a Riaghaltas Puiblidheachta
atá ag teacht san Afraic ó Dheas; fíon dearg, sugh
fíneamhna an Rosa atá agam.



Fuaras dhá bhuidéal déag fíona ón tír, d'fhíon chuibh-
easach — is cosmhail nach dtugadar an gealladh in
m'aghaidh-sa — agus chuirfeadh sé gráin ort an chaoi a
gcuirid “Port” ar an séala bhíos aca ar chorc an
bhuidéil ina mbíonn an fíon dearg agus “Sherry” ar
an bhfíon fionn. Agus súgh na gcaor fíona is amhlaidh
ghníd leis drugaí a chur ann go mbíonn sé i gcosamhlacht
an fhíona ólas na Sasanaigh sa mbaile i n-omás port
agus sherry. Is tútach cumhang-intinneach agus is
gallda an beart é; agus is le muinntir na Hafraice
ó Dheas meas a bheith aca ar thoradh a bhfíneamhna féin,


L. 84


má's olc maith é — agus níl mórán gaisge i gcuid de.
Ba cheart dóibh fíon an Rosa a thabhairt air ar chuma ar
bith, agus ainm an cheanntair as a dtigidh sé a thabhairt
ar gach cineál ar leith dhe. Nach commaith d'fhocal é
Drakenstein le Rudesheim? nó Cuanadhmaid le Bruach-
óir? Acht a mbéidh an Riaghaltas Puiblidheachta ar bun
ní mór athrughadh a chur ar an méid seo ar fad.



13°. — Táid siad ag éirghe an-dian san iomshuidhe atá
ar Bhaile an Rosa. Fríth triúr a bhí ag díol le lucht an
riaghaltais i ngan fhios, ag iarraidh pinginnín a shaoth-
rughadh dhóibh féin, agus iad ag déanamh díoghbhála do
dhaoinibh eile. Cuireadh ainm gach duine aca suas ar
choirnéil na sráideann ar an tort agus an choir a rinne
sé — sguireadh dá bheith ag déaláil leo (opteschorten);
éirgheadh as (afgesnyden) aon ghnótha a dhéanamh leo. Bhí
duine aca a mba leis tighthe — agus níor fhan tunónta i
dteach aca nár bhúrláil suas a chuid earraidh agus nár
thug dá shiubhal é amhail is dá mba ón bpláigh a bheadh ar a
theicheadh. Bhí duine eile aca ar an margadh agus thairg
sé an oiread so ar sgata bulán. Bhíodar ceannuighthe
aige agus an t-airgead i gcúl a ghlaice go n-íocfadh
ortha nuair a tugadh faoi deara go mba duine de na
fealltóiribh é, agus díoladh an sgata bulán arís. Ben-
jamin Norden is ainm do dhuine aca agus seo fuagra
faoi as an Zuid Afrikaan:



Fuagra: Táthar i n-aimhreas go bhfuil duine de
mhuinntir Laoghaire, ó Sheoirse, ag ceannach earraidh do
Benjamin Norden. (Faoi mo láimh) Alasdar mac an
Mhuilleora, 13 Heerengracht, 12° D. Foghmhair, 1849.



Tugaim faoi deara nach gcurtar m'ainm-sa choidhche
ar pháipéir nuaidheachta an Rosa; níl aon acmhuinn aca
ar a leigean le n-a n-ais go bhfuil tada ar bórd an


L. 85


Neptune acht gaduidhthe, creachadóirí agus gach uile
chuirptheacht dá dhonacht. “Na daoine truagha” tá aca
orainn go léir.



Táthar dhá cheapadh ar na longaibh seo an rud deireadh
a rinne na daoine atá i n-aghaidh na ndaor go gcuirfidh
sin d'fhiachaibh ar an ngoibhearnóir éirghe as an Reacht
(féibh mar tá sé) agus dlighe cogaidh a fhuagairt — nó
gach uile dhlighe a chur i leath-taobh agus gach a bhfuil uaidh
a thógáil mar thógfadh é dá mbeith sé i dtír a námhad.
Dom dhóigh féin béidh sé i ndan na ranna riaghaltais a
riar gan an gníomh gránna sin a dhéanamh: pé aca sin é
níl an leithsgéal gnáthach aige do-chum an mí-ghníomh a
dhéanamh, óir tá na daoine go síothchánta, gan dha dhéan-
amh ina shiopa nó ina stór ag aoinneach acht an rud a
bhfuil sé de cheart gan aimhreas aige a dhéanamh. Mar
sin féin tá sluagh mór le cothughadh ag Sir Enrí, mar
atá trí nó ceathair de chéadtaibh fear, agus is fadó
bheadh sé sáinnighthe acht beag triúr nó ceathar a tháinig
do chongnamh dhó tré árd-tairise. Caiptín áirithe de na
Standfordaigh, a bhfuil dúthaigh mhór aige i Swellendam,
thug sé dhá mhíle beithidheach don ghoibhearnóir, gan trácht
ar a dtug dhó de chaoirigh; acht is ar na saighdiúiribh atá
an beithidheach a mharbhadh, an t-arán a fhuint, an bácús a
dhéanamh don arán agus fulang le rachtaighil gáiridhe an
tsluaigh ar an bhfad sin. D'éirigh le soitheach ar a dtug-
tar an Rosebud go raibh sí i gCuan an Bhuird agus locht
plúir innti dhá thabhairt go Port Natal. Ghabh an goibh-
earnóir an long sin, d'íoc sé iad os ucht a n-aistir go
Natal agus thug an plúr i dtír — acht b'éigin do na
saighdiúiribh na báid a iomradh, ní dhéanfadh na bádóirí
dubha tada dhó.



Agus ar feadh an ama so isé an taoiseach loingis ar


L. 86


ngoibhearnóir-ne i mBaile Shíomáin, agus is faoi n-a
smacht atá gach uile nídh dhá bhfuil ar snámh annso,
cuireann daoine amach ar lorg creach, go mbíonn neart
bulán aige agus neart caorach. Comhairim ar maidin
iad tré ghloine agus iad siuncuighthe, na luighe nó ag ithe
ar an ngiodán beag féir atá os comhair a dhorais.



18°. — Chuaidh an Stíobhardach .i. an teagasgthóir go
Baile an Rosa cúpla lá ó shoin agus chuaidh ar lóistín
i dteach ósta. Tá sé go díreach d'éis filleamhaint
orainn; agus b'éigin dó leath an bhealaigh a shiubhal, óir
ní fhuigheadh sé capall ná carbad a d'iomchrochadh é nuair
a cuireadh aithne air. Deir sé gur fhág sé an teach ósta
dá dheoin, acht dá mbeith sé ag iarraidh oidhche eile a
chaitheamh ann go gcuirfidhe amach é. Chuaidh sé isteach i
siopa éadaigh do cheannach adhbhar bháscóta; filleadh
suas an t-éadach dhó agus cuireadh páipéar air, nuair a
tháinig duine éigin isteach agus d'aithin sé teagasgthóir
na ndaor. Bhí cogarnaighil idir é agus an ceannuidhe
siopa ala na hoiméide agus annsin dubhradh leis an
Stíobhardach nach bhféadfaidhe a fhreastal sa teach sin.
D'fhiarfuigh sé dhíobh go han-fheargach ar chuir a ngealladh
d'fhiachaibh ortha “gan éadach a thabhairt do theagasgthóir
an tsoisgéil d'fhalughadh a náire”? Níor chuimhnigh an
ceannuidhe éadaigh ar an gcás go raibh an chuma sin air
agus b'iongantach den domhan leis an chaint láidir sin
a chlos; dubhairt sé go sgiorrfadh anonn go dtí an
t-eagarthóir réamh-ráidhte .i. an Fairbéirneach do ghlacadh
comhairle leis, agus ar filleadh ar ais dó dubhairt nach
bhféadfadh sé tada a dhéanamh dhó. Chuir an t-eagarthóir
sgéala chum an Stíobhardaigh a dhul go dtí an goibhear-
nóir ar lorg bháscótaí. An fear a bhfuil riar roinne
na ndaor air sé Sir Enrí Mac Gabhann é, an fear a bhí
cosgarach i nAliwal.


L. 87


Tá tuairisg tar éis a theacht ó áitibh i bhfad uainn'
Graaf Reynet agus Baile Uí Ghréacháin fa'n gcaoi ar
glacadh an sgéal gurab amhlaidh bhí an Neptune mall-
uighthe agus í ar ancoire i gCuan Shíomáin. Trosgadh
sollamhanta ins gach áit: éadaigh dubha bróin ar crochadh
as na fuinneogaibh; na cluig ag baint amhail is dá mba
sochraide bheadh ann: oifigeacha an riaghaltais dhá gcur
faoi choinneal-bháthadh, agus é dhá dhearbhadh gur daoine
marbha iad gurab ionann dóibh é agus a bheith marbh agus
go bhfuilid marbh go politiceach nó go bhfágaidh na
daoir Cuan Shíomáin. Sé rádh na mbúistéarai leo agus
na mbáicéaraí — Níl aon phléidh againn le daoinibh
marbha: níl ionnaibh-se acht sin (óir tá an Neptune
ar snámh i gCuan Shíomáin) — agus ní féidir do thaisibh na
marbh arán ná feoil ithe. Ní féidir linn airgead
a ghlacadh ó thaidhbhsibh; mar sin, bidhidh ag imtheacht i
n-ainm Dé! — tá na daoir ar ancoire i gCuan Shíomáin.



Tá tuarastal ón riaghaltas do na giúistíseachaibh,
agus is tearc giúistís ar fhuaid na tíre nach bhfuil ag
éirghe as a phosta; agus a lán de na hoifigeachaibh dá
ngairmthear field-cornets tá an cleas céadna dhá dhéanamh
aca. Ní maith go dtuigim cad is oifig agus feidhm
do na field-cornets, acht cibé cé hiad féin ní bhéidh aon
bhaint aca le Sir Enrí Mac Gabhann go n-imthighidh an
Neptune as an gCuan.



Oifigeach de mhuinntir Mac Taidhg é rúnaire an
ghoibhearnóra agus is rí-mhaith an cineál duine é. Tá sé
ar thuras oifigeamhail fa láthair istigh i lár na tíre, is ar
righin ar éigin is féidir leis capaill d'fhagháil anois ná
daoine ar aimsir, ná áit lóistín, cé go mba gnáthach
leis goirm mhór agus an-fháilte bheith fa n-a chomhair is
na príomh-chathrachaibh ceanntair ar a leithéid céadna


L. 88


d'úcáid cheana — nuair a bhíodh na húndúirí áiteamhla ag
ionnsuighe amach fa n-a chomhair agus stuic dhá séideadh
aca agus gach uile ghléas gleo eile dhá raibh aca. Bhéar-
faidh siad capaill dó le n'iomchur ar ais go Baile an
Rosa acht ní fhuighfidh sé aon chapall le n-a thabhairt ar
aghaidh; agus is díon déirce leis iasacht dhá chathaoir
fhagháil leis an oidhche a chodladh ortha i gcró bó agus an
oiread den arán tor agus choinneochadh an t-ainm ann.
Is coir agus faillighe ar an gceart dar liom sin féin a
thabhairt dó.



Tháinig long mhór sluagh isteach sa gcuan, an Apollo,
agus tá sí ar ancoire i bhfúisgeacht fad téide dhúinn.
Frigéad í agus 400 fear den 59° redseiment ar bórd
aici agus iad ag triall ar Hong Kong. Sé an tábhacht
is mó atá innti dhúinn go seinneann an bhuidhean bhreagh
airm ceoil atá uirthi ar maidin agus tráthnóna, go
mbíonn an t-aer bog ar creathadh leis an gceol binn
tráth a mbíd ag seinnm fuinn mháirseála agus fuinn
rinnce.



Gidheadh atá le rádh gur mór an tábhacht leis an
ngoibhearnóir í ar chor eile: b'éidir go teastochadh na
saighdiúrí uaidh le smacht a chur ar na daoinibh dá
n-éirghdís amach, agus b'éidir nár mhór dhó an long a
chur go San Helena nó go Ríó ar lorg lóin. Agus
fanfaidh sí féin agus a buidhean ceoil cúpla seachtmhain
annso.



19°. — Tá na siopaí i mBaile an Rosa dúinte fós;
acht tá sé iontuigthe ó na páipéir go bhfuil sé ag teacht
'na chruadhchas ortha de bharr éirghe as gnótha; na fir
bhochta cheirde, iomchuróirí agus gach a mbíonn ar a lá
páighe tá sé 'na ghéar-chall ortha. Chuaidh trí chéad de na
buachaillibh dubha i n-aon tsluagh amháin go dtí an


L. 89


goibhearnóir cúpla lá ó shoin ag iarraidh oibre agus bídh;
chuir an goibhearnóir go Fairbairn iad is cosmhail; chuir
seisean go Benjamin Norden iad agus chuir Benjamin
Norden go dtí an Sutherlandach iad. Acht ní chothochadh
sin coileach coille gan trácht ar bhuachaillibh dubha, agus
má mhaireann don achrann i bhfad is eagal liom go
dtuirseochaidh sé lucht na hoibre: taithneochaidh leo a
bheith i n-aghaidh na ndaor acht is fearr ná sin a thaithn-
eochas a n-arán laetheamhail leo; agus na ceannuidhthe
siopa caithfidh siad-san fosta géilleadh, muna daoine
deiseamhla iad, óir ní íocfaidís cíos ná camhlach as
siopaibh atá dúinte. Is mí-fhortúnach an rud sin; agus
is mór an sgéal liom muinntir na tíre. B'éidir a
ndearnadar cheana de ghleo gurab é thiubhradh do ruifín-
eachaibh Shráide Dhonnáin an tír a chaochadh le méirleachaibh
de bhrígh go díreach gan í bheith sáthach saidhbhir na sáthach
láidir le aon tseasamh a rath a dhéanamh 'na n-aghaidh.
Na tíoránacha tútacha, dúra, fealltacha, ó is iad-san
iad!



Tá tosuighthe i gceart ag an daosgar-shluagh. Do
hionnsuigheadh an Nordenach sa tsráid le daosgar-
shluagh agus hionnsuigheadh a theach na dhiaidh sin agus
briseadh na fuinneoga. Chaith sé urchair leo acht níor
lotadh neach. D'ionnsuigh sluagh buachaillí dubha ó na
hIndiachaibh Thoir Fairbairn an trathnóna céadna sin,
agus é sa mbaile sa bPuinte Uaine, gur bhuaileadar é
agus gur mhilleadar cuid mhaith trosgáin. Ba follusach
gur daoine bhí ag obair fa'n riaghaltas a chuir aimsir ar
an sluagh a rinne an doibheart sin, óir is seirbhísigh
oifigeach iad an chuid díobh a raibh aithne ortha. Bhéarfaidh
an mhíriaghaltacht sin adhbhar éigeantais don ghoibhearnóir:
tá sé tar éis fuagra a chraobhsgaoileadh nach leigfear


L. 90


d'aon mhathshluagh daoine cruinniughadh ar na sráid-
eannaibh ag leigean ortha féin a bheith ag pléidhe
ceisteanna politiceacha (chomh maith agus dá mba ag
leigean ortha féin a bheadh an pobal agus nach mbeadh
aon tsuim thairis sin aca sa gcás!) agus dhá rádh go
raibh órdughadh ag na maoraibh síthe gach cruinniughadh dá
samhail a bhriseadh suas. Sin í an chéad chéim — an chéad
chéim eile b'éidir gurb amhlaidh a chuirfidhe dlighe ar
Fairbairn, agus ar eagarthóiribh eile páipéar, agus cosg
a chur le n-a gcuid páipéar. Is amhlaidh ghníos riaghaltas
é. Dá n-órduigheadh Sir Enrí Mac Gabhann dá Árd-
Turnaoi anois dlighe a chur ar Fairbairn croidhe, faoi
cheannairc, agus a thabhairt os comhair coiste a mbeadh
toghadh glic air, na créatúir atá faoi féin a bheith ar an
gcoiste, agus árd-choisteoir a dhéanamh de mháta gunna-
dóra an Castor, ba gearr gan aimhreas go mbeadh
Fairbairn ina dhaor i n-áit i n-aghaidh na ndaor. Acht
creidim nach n-ísleochadh sean Sir Enrí é féin chomh mór
sin agus go ndéanfadh sé an cineál sin ruifínteacht.
Ní fear ionaid leasuighthe é acht saighdiúr críochnuighthe.



Is mór mór is eagal liom nach bhfuil an tír seo
láidir a dóthain le seasamh i n-aghaidh an éigeantais, ná
leis na casóga dearga a ruagadh amach sa bhfairrge.
Níl dhá chéad míle duine sa Ros ar fad idir dhubh is bhán
is dhonn agus an méidín sin féin tá réimse mór mór
tíre fútha. Níl siad deas ar throid fós mar troideadh
i mBoston i Saratóga agus i mBaile Eabhroc, cé gur
ionnraice arís a gcás agus gur measa míle uair
an doibheart atá dhá dhéanamh ortha ná mar rinneadh
ar na Ameriocánaigh. Acht ní bhíonn an lá i gcomhnuidhe
leis an gceart ná leis an gcóir ar an saoghal so,
ní bhíonn ná go minic féin. Ní féidir an cam a dhíriughadh
ná an rud atá ar easbadh ort a áireamh.


L. 91


Is clos dom anois go bhfuil ceist na ndaor ar tí a
bheith i n-aimhréidh níos measa ná riamh. Teachtaireacht
dár chuir an tighearna Grae go dtí an goibhearnóir,
dubhairt sé go raibh an “riaghaltas” ar tí mná agus
páistí na ndaor a bhí ar an Neptune a chur amach don
Ros. Is amhlaidh bhí, dhá mhí nó thrí shul is shroich an
Neptune Bermuda cuireadh ainmneacha na bpríosúncha
ó Bhermuda go Sasana, dhá innsin an chuid aca a bhí
pósta, agus cá conndae agus paráiste ar chomhnuigh a
gcuid ban is a gclann, agus an chuid aca ar mhaith leo a
dtabhairt amach don Ros, óir d'íocfadh an riaghaltas
leath an chostais. Gach uile fhear pósta dá raibh ann
níor leig sé an tairisgint ar cáirde, sin é chualas: tá
ainmneacha agus seoladh na mban ag an tighearna Grae
le leith-bhliadhain anois: agus b'éidir do na mnáibh
bochta sin agus dá bpáistí bheith ar a mbealach anall
anois go tír seo na féile. Níl gaoth dá dtigidh anois
nach bhfuil cam-reilic i muinéil na ndaoine ar an Ros
ag faireadh go bhfeice siad na daoine coimhightheacha sin
ag seoladh an cuan isteach chuca. Innseochaidh an méid
seo tuarasgbhála an fháilte atá faoi n-a gcomhair. As
imtheachtaibh an dream atá i n-aghaidh na ndaor é:



D'éis tuarasgbháil Choisde Chuan Shíomáin a léigheadh,
cinneadh ó aon bhéal:



Gur bhris Hablutzel agus Hugo, búistéaraí iad ag
Cuan Shíomáin, an gealladh.



Thairg H. Sherman, agus chuidigh P. Law leis,



Gurab é tuairim an chruinnighthe seo go mba mhór an
díoghbháil do shochar agus do mhoralus na tíre seo mná
(má's iad a mná iad) agus clann na ndaor a chur
go dtí an tír, do réir mar dubhairt an t-iarla Grae a
bhí faoi a dhéanamh sa tuarasgbháil a chuir sé go dtí


L. 92


an goibhearnóir an 18° den Iúl, 1849. Cinnimíd mar
sin gan aimsir a chur ar aon mhnaoi ná ar aon duine de
chlann na ndaor réamhráidhte, ní leigfimid isteach i n-ar
dtighthibh iad, ní dhéanfamuid buille oibre dhóibh, ná
i n-éinfheacht leo, ná ní bhéidh aon bhaint againn leo ná le
aoinneach a thiubhras obair dhóibh.



Cuireadh i bhfeidhm d'aon ghuth.



Thairg Fairbairn rún acht cuireadh ar ath-lá é, go dtí
an cruinniughadh sonnradhach a bhéas ann Diardaoin ar a
10 a chlog.



(Faoi m'ainm) J. J. L. Smuts, Cathaoirleach.



Agus na bitheamhnacha dalla atá i Sráid Dhonnáin, is
ad atá ag tarraing an sgrios agus an léan sin, agus
tugaid “riaghaltas” ortha féin, agus ní imtheochaidh
siad dhá gcrochadh féin.


L. 93


AN 3° CAIBIDIL X.



D. Foghmhair 26, 1849. — Ar bórd an Neptune fós
dúinn i gCuan Shíomáin. Tháinig long ó Shasana acht
níor thug sí aon sgéala cad atá i ndán dúinn. Dhá
pháipéar nuaidheacht seachtmhaine. Sgéala ón Eoraip
go dtí an 11° lá de Lughnas. Tá an Ungáir ag bualadh
na Hástria agus na Rúise fós go fearamhail. Is
amhlaidh is dócha gur tír neamh-spleadhach láidir a bhéas
san Ungáir, agus leis sin fuair páipéar nuaidheacht na
Sasan amach go raibh an Ungáir ina náisiún da ríribh
agus go raibh sé de cheart aca sin a dhearbhadh.
Rinne an tighearna Pámarstúin a dhearbhadh fosta sa
bPáirliméid go raibh croidhe na Sasan — Dia dhá gcumh-
dach — ar thaobh na Hungáire, má's aon chompóirt dóibh é.
Go nuige sin a shroich saothar Bem agus saothar
Sheoirsín. Nuair a fiarfuigheadh den tighearna Pámar-
stúin cad 'na thaobh a mbeadh na Sasanaigh sásta le
baramhail a thabhairt ar thaobh na Hungáire agus i
n-aghaidh na Rúise — cad'na thaobh nach ngabhaidís airm ar
a son? d'fhreagair sé gur treise baramhail ná airm.
Sin í an bhruth seafóide atá ar bun anois. Bhainfeadh
sé gáiridhe as beithir na Rúise.



Gidheadh is beag an tsuim a curtar i mbaramhail na
Sasan ar an mór-roinn. Is lag an meitheal iad an
meitheal hairteasaí a chruinnigheadar. Sé an triuf an
mámh annsiúd agus níl aon chion ar hairteasaidhe.



Ní fuláir nó an spioraid bhreagh síothchána atá i lucht
comhairle riaghaltais Shasana gur spioraid í a shásuigheas


L. 94


na Seiks agus na Gaedhil go háluinn. Agus i nÉirinn,
áit a gcurtar faoi chois aon bharamhail a bheadh i n-aghaidh
na Sasan, agus áit i gcuirfidhe i bpríosún nó thar sáile
aoinneach a thiubhradh a leithéid, is compóirteach an rud
dóibh go cinnte omós a bheith ag Sasanaibh do “bharamhail.”



Chím tuairisg a tháinig as an Globe dhá rádh ó thárla an
Dubhthach saor arís, agus ó thárla gan aon bhaoghal
fromhadh air fa'n gcoir a bhí ina leith, go bhfuil sé ar tí
tosughadh as a nuadh ar an Nation arís. Acht deir an
Globe gur eitigh an riaghaltas stampaí a thabhairt dó
faoi n-a chomhair (agus sin iad na buachaillí a bhfuil an
urraim mhór aca don bharamhail — dá mbaramhail féin).
Fríth dlighe amach fosta, agus is mór an comhgar é, nach
leigfidh d'aon pháipéar nuaidheacht tada a chur i gcló
i nÉirinn, ná an páipéar a chur thríd an bposta acht le
cead an riaghaltais agus le cead árd-mháighistir an
phosta .i. le cead an riaghaltais chéadna.



Cheapfadh duine i dtosach gur dall atá muinntir
Shasana i dtaobh na gcúrsaí úd do bhí i nÉirinn le
goirid, agus nach dtuigid an chontabhairt ina bhfuil
a saorsacht féin. Acht ní hamhlaidh é; níl aon tSasanach
nach dtuigeann gurab é réim na Sasan atá i n-uachtar
thríd an tíorantacht atá dhá dhéanamh ar lucht páipéar
agus ar an bpobal. Is maith atá fhios aca gurab é an
dath dearg os cionn an dath uaine an chiall atá leis.
Ní shaoilfidís choidhche go mbeadh aon bhaint ag sean-
fhoclaibh riaghaltais na hÉireann le Sasana, agus tá an
ceart aca.



Gidheadh cúrsaí an Nation de, is mór an botún don
tighearna Clarendon an Dubhthach a eiteach faoi na
stampaí. Ba cheart dó leigean don Dubhthach dul
ar aghaidh leis an bpáipéar, óir níl aon bhaoghal nach


L. 95


páipéar lán-reachtach sár-dhleaghthach a bhéas sa tsraith úr
— ní féidir leis a bheith ar a mhalairt agus an fhiadhnuise
a thug an Dubhthach do láthair, tráth ar fromhadh é, i dtaobh
a cháilidheacht síothchána. Ní headh acht is amhlaidh bhéas an
páipéar nua, muna gcuiridh an Dubhthach i gcló é, b'fhiú
don tighearna Clarendon duine éigin a íoc as a chur
i gcló, agus an t-ainm céadna .i. The Nation, a thabhairt
air.



Nach foighideach, foighideach an pobal é! Sraith úr den
Nation, leis an Dubhthach, agus taréis ar thárla le cúpla
mí. Ní feasach mé gur thárla a mhac a samhail de chás
acht an Spodizator óg a chonnaic an Doch. Rabelais le n-a
shúilibh cinn ag saothrughadh a bheatha ar shlighe ait .i. ag
tarraing go deaslámhach as asal marbh agus dhá
ndíol ar chúig phinginne an tslat.



An bhainríoghan i nÉirinn. — Cheap comhairleacha na
Bainríoghna go mba tráthamhail an bhliadhain í seo do
long na Ríoghna le dhul go hÉirinn. Tá neart bruth
dearg árd-ghlórach ann, dá ngoirthear “dílseacht.”
Iseadh is dílseacht ann, tá fhios agat, a theacht amach ar
an tsráid ag breathnughadh ar an bhfeic ag dul thart.
Pé aca sin é is tráthamhail an chuairt í. Na cumhachtaí
fríth sa mbreis, ní raibh a seal caithte go ceann seacht-
mhaine eile. Tá an Habeas Corpus i leath-taobh fós,
agus na príosúin ar leathadh fa chomhair lucht ceannairce;
agus órdláimh ag an tighearna Clarendon fós. Níos
fabharaighe ná sin ní fhéadfadh na cúrsaí a bheith;
agus mar sin de tháinig an Bhainríoghan mhórdha gur
tharraing sí gean na hÉireann uirthi féin, agus má
ghníonn na páipéir nuaidheacht a leas déarfaidh siad
gurab é an lá geal d'Éirinn é an lá atá ag teacht.



Tadhg Ó Briain atá ag tairisgint dílseacht Átha Cliath


L. 96


do bhainríoghain na Sasan; thairg sé eochracha an “gheata”
dhi — áit éigin idir An tSráid Ghaedhealach agus Sráid na
Rátha Íochtair atá an geata, acht ní raibh sé ann le mo
linn-se. Agus rinneadh ridire de Thadhg Ó Briain, nó
tá ridire le déanamh dhe. Acht go cinnte an té bhí 'na
shirriam anuraidh is dó-san atá an onóir ag dul. Níl
aon duine uasal i nÉirinn is fearr a thuill onóir ó Bhain-
ríoghan Shasana ná an sirriam a bhí anuraidh ar Áth Cliath.
Thógfainn-se orm féin a mholadh don Bhainríoghain duais
éigin ar foghnamh a thabhairt don Fhrinnseach (creidim
gurab é sin ainm an duine) dá mbeadh aon toradh aici
ar dhaor umhal mar mé. Agus mo chomh-mhéirligh .i. an
Máirtíneach agus an Dochartach, dá mbeidís gan a bheith
chomh fada uaim is atá is dóigh liom go molfaidís-sean
an rud céadna.



Tabhair faoi deara. — An páipéar nuaidheacht a chonnaic-
eas, deir sé nár caitheadh tada acht tairiseacht leis an
mBainríoghain, agus nach raibh Éire óg i n-aon áit le
feiceál. Agus deir an Times go mórdhálach, cá raibh na
buidéil nimhe? chomh maith agus dá mbeadh aon duine
ann a raibh faoi nimh a chaitheamh ar an mBainríoghain.



Tabhair faoi deara (2). — Cóta cabhlach de shíoda uaine
bhí ar an mBainríoghain agus í i gCorcaigh; agus sgáth
gréine de shíoda corcra (nach leigfeadh an nimh thríd
b'éidir). Ag Cóbh Chorcaighe a chuir an Bhainríoghan bonn
le talamh na hÉireann i dtosach: Baile na Ríoghna
a tabharfar feasta air. Níor thug sí aon chuairt ar
Oileán Árda Neimhidh.



Tabhair faoi deara (3). — Nuair a bhí an Bhainríoghan ar
bórd a long pléisiúir i gCuan Dhún Laoghaire, rug sí i
ngreim láimhe ar a clann agus chuir i n-aithne iad (tré
chomharthaibh) do Ghaedhealaibh; ba deas an modh é.


L. 97


Tabhair faoi deara (4). — Teachta ó Sheanaid Uladh,
teagasgthóirí atá ar tuarastal iad, a chur go hÁth Cliath
faoi dhéin na Bainríoghna. Ach! cá raibh an Seanaid
Casaoide? Nó nach eagal leo a ndonum a bheith i
gcontabhairt?



Tabhair faoi deara (5). — Níor thug an Bhainríoghan aon
chuairt ar an Sgibrín, ná ar Chathair na Mart, ná ar an
Sgoil; ná níor bhuail isteach (mar ghníodh i nAlbain
corr-uair) le béilidh dá mbiadh simplidhe d'ithe le bocht-
aibh na tuaithe. Gidheadh tá le rádh go dtiubhraidh an
Bhainríoghan cuairt ar an Iarthar i gceann cúpla
bliadhain. Tá súil fa'n am sin go mbeidh na daoine
gann go leor ann agus go mbeidh an fiadh agus gach
beithidheach allta eile fairsing ann dá réir. Tógfaidh
an Prionnsa Aileabhard teach fiadhach ar cíos annsin i
gConamara.



Acht chím ar na páipéir so go bhfuil cuairteoir go
mór níos ríoghdha i nÉirinn. Tá Carlyle tar éis a bheith
ann arís agus duine uasal de mhuinntir Forastar ina
fhochair. Níl aon aimhreas nach mbeidh leabhar againn
uaidh go goirid i dtaobh na hÉireann. Mara bhfuil dul
amugha orm bhí sé ag obair ar an leabhar, do réir na
gcomharthaí, bliadhain go leith ó shoin. Chífir leabhar ait
annsin.* Tá coinne agam go sroichfidh an leabhar mé
cibé ball ar dhruim an domhain ina mbeidh mé; óir isé
Tomás Carlyle an t-aon fhear atá deas ar leabhra a chur
i ndiaidh a chéile fa láthair.



*Níor tháinig an leabhar fós; agus bheadh súil ag duine nach
dtiocfadh. Ní féadfadh Carlyle aon fhocal céillidhe a sgríobhadh
faoi Éirinn; agus creideann sé go bhfuil sé i ndán do Charthagin
an domhan a chur faoi smacht. Bothwell, 1 Eanair, 1852.


L. 98


Acht cheana seo isteach chugam cliabh agus é lán de
tharpáin áille caor fíona — caora fíona na Hafraice:
caora míne, cruinne, agus solus bog bán ag sgartadh
tré n-a gcroidhe — mheallfaidís Erigone.



1850 — Eanair 1°. — Ar ancoire fós dúinn i gCuan so
Shíomáin agus sinn cortha dhe. Níor thárla athrughadh ar
bith ó sgríobhas fa dheireadh in mo leabhar .i. tuilleadh
agus dhá mhí ó shoin; agus níl fhios ag neach cáide eile tá
orainn fanamhaint annso. Fuair an goibhearnóir sgéala
trí seachtmhainí ó shoin ón iarla Grae agus gan ann acht
ag admhughadh go bhfuair sé an impidhe uathbhásach úd do
cuireadh chuige faoi Lughnas so chuaidh thart; agus dhá
rádh acht a gcloisidh sé gur shroich an Neptune an Ros
go n-órdochaidh sé cad tá le déanamh le na príosúnaigh:
sé sin, d'éis na príosúnaigh a bheith ar feadh chúig mhí
cúpuighthe suas i bpríosún mí-fholláin annso, ag iarr-
aidh a neart a thabhairt ar ais taréis na gcúig mhí a chaith-
eadar ag séoltóireacht. Is iongantach neamh-shuimeamhail
an mhaise dhó é. Tá muinntir na tíre le geallta;
bhíodar ag déanamh cinnteacht d'órdughadh a theacht an
Neptune a chur chun bealaigh i bhfreagra ar an teachtair-
eacht a chuir Sir Enrí Mac Gabhann go Sasana faoi Lugh-
nas; agus tá eagla an anma ortha anois, acht a gclois-
tear i Sasanaibh gur heitigheadh an t-arm faoi bhiadh &rl.,
nár bh'onórach le ministéaraibh an riaghaltais gan a chur
d'fhiachaibh ar mhuinntir an Rosa an locht so a ghlacadh ar
chuma ar bith, agus go mba dímheas don ríoghacht agus
don arm gan a dhéanamh. Ponc úr eile i mbaramhail an
phobail annso é daoine bheith ag leigean ortha féin go
bhfuil truaigh do na daoraibh aca faoi fhad is atáid siad
i ngéibhionn tré mhoilleadóireacht an iarla Grae. Dá
ngéilleadh Sir Enrí Mac Gabhann do na daoinibh


L. 99


trócaireacha úd nuair a d'iarradar air ráiche ó shoin an
Neptune a chur chun siubhail agus cead aici a dhul ag
seoltóireacht idir seo agus bior theas an domhain is
fadó an lá bheadh deireadh le buaidhreadh na ndaor,
agus b'Ollandach ar eiteall roimh mháirnéalaigh an
Domhain ó Dheas an Neptune faoi seo.



An Ungáir fa chois — Venice, an Róimh, Baden fa chois,
agus ríghthe agus árd-diúicí go huaibhreach i n-uachtar is
gach uile áit — faoi láthair. Ba chóir go mbeadh súil le
cabhair a theacht de bharr a n-uaill, agus de bharr a
gcuid uabhair agus a gcuid feirge. I bParma féin ní
leigtear tionól a chur ar dhaoinibh a bheadh ag leigean
ortha féin a bheith ag rinnce, i gcearcallaibh agus ina
leithéidí sin. Táthar ag crochadh árd-oifigeacha agus dhá
gcaitheam san Ástria agus ag sgiúrsáil mná uaisle ar
an gcroiceann. Tá an goibhearnóir clúdhamhail Kossuth
ar longais sa Tuircéis agus an sean-taoiseach breagh
Bem ar longais i n-éinfheacht leis. Agus tuilleadh de
mhuinntir na Hungáire agus de na Pólánnaigh ar a
dteicheadh is na Státaibh Aontuighthe. Tá lucht cirt agus
córa ina gcosair chró. An amhlaidh mar sin nach dtioc-
faidh aon tairbhe as na daoine a mharbhadh? Dar Dia ní
hamhlaidh! Daoine a thuit i gcath ar son na saorsachta
níor dórtadh a gcuid fola riamh gan tairbhe a theacht de
- ní fhaluigheann an úir an fhuil sin, acht bíonn sí ag
sgreadach go hárd den talamh, agus an té ar leis an
díoghaltas tá fhios aige a lá agus a uair. An-náisiún
a bhéas san Ungáir arís choidhche — go mór fada níos
cludhamhla ná roimh an am a raibh sí dhá céasadh; béidh a
stair go fada níos áille, cuimhne ar a laochraidh go mór
níos buaine, a cinneamhain i bhfad níos cinnte agus
níos áirde. Ní thagann mórdhacht, féile ná saorsacht do


L. 100


náisiúnaibh acht tré shaothar, tré fhuil, tré n-a mbaiste
le teine, agus thríotha-san amháin. Dá mbaineadh Gaedhil
a saorsacht dá námhaid, na cladhairí, tré chogadh agus
tré dhórtadh fola sa mbliadhain '82, mar rinne na
Ameriocánaigh, i leabaidh a baint amach le claidheamh
nár deargadh, bheidís neamhspleadhach indiu mar atá na
Ameriocánaigh. Cogadh ina mbuailfidhe féin iad b'fhearr
é ná buaidh nach mbeadh ann acht feic. Is í lom-chlár
uasal na fírinne bhí ag Ó Biorán nuair dubhairt sé:



“Buaidhtear i gcomhnuidhe cath na faorsachta, ar
deireadh cé go gcurtar cosg leis go minic, agus cé go
bhfágfadh an t-athair, agus é ag tuitim ar pháirt an áir,
le udhacht ag a mhac an cath a throid.”



Agus mar sin, ó ceannuightear an tSaorsacht go ceart
agus go daor, docharach, ní obair do lucht politiceachta
a díol, mar dhíol maithe agus mór-uaisle árd-aigean-
teacha na hÉireann an comhartha saorsachta bhí aca féin
sa mbliadhain '82.



Acht cheana is greannmhar na páipéir iad páipéir
liteardha an “Uird,” táid siad chomh sásta sin leo
féin fá'n gciúineas so atá ar dhaoinibh atá i ngéibhionn.



Tá riaghaltas an námhad ag ollmhughadh go n-ionnsuigh
siad Cashmere is na Hindiachaibh, go gcuiridh siad órd
ar bun ann, gan aimhreas. Tá Cashmere i ngreim ag
Gholab Singh agus arm breagh aige ann agus céad go
leith gunna mór.



Acht is beag is ionann Sasana na Heorpa agus
Sasana na Hasia. Náisiún chomh síbhialta agus chomh
Críostamhail sin í san Eoraip agus nach dtiubhradh sí acht
baramhail; agus is mór mór é m'áthas go bhfuil daoine
dhá gcáineadh ar gach taobh faoi; agus go bhfuil náisiúin


L. 101


eile dhá thuisgint nach bhfuil sé d'acmhuinn ag an
sean — troid. Aoinnídh a n-éirgheann leis molann
páipéir nuaidheacht Londain é: mholadar an Ungáir
feadh míosa nó dhó, táid siad ag moladh Ástria go
croidheamhail anois, agus molann an Times don im-
pearóir déanamh leis an Ungáir feasda fearacht mar
rinne Sasanaigh le hÉirinn. Ar an adhbhar céadna ní
raibh na Sasanaigh tuirseach i dtosach dá bheith ag magadh
go hiomarcach faoi na Francaibh faoi an Róimh d'ionn-
suidhe; acht chíd anois 'na dhiaidh sin gur “Órd” a bhí
ó na Francaibh, agus dá bhrígh sin go raibh an ceart aca.
An duine deagh-chroidheach a chuimhneochadh ar an gcáir-
deas cumasach a bhí idir an Fhrainc agus Sasana fa'n
Iompodh mór nuair a bhris sé amach, níl baoghal nach
mór an greann leis an imnidhe atá ar Shasana ar
eagla nach mbeidís carthanach leis an bhFrainc mhór-mhór.
Is soiléir go bhfuil náisiúin na Heorpa dhá thuisgint
gur seafóid don tSasanach a bhfuil de chaint ar “Shíoth-
cháin” aige agus ar “Órd”; agus nach bhfuil ag cur
imnidhe air acht na stoc-chistí agus status quo na ceann-
uidheachta. Agus dá réir sin a dhéanfas náisiúin na
Heorpa. D'ísligh imtheachta na bliadhna anuraidh réim
na Sasan go cumasach, sa gcaoi go bhfuil a gcáil ar
iarraidh. Is maith sin.



Bhíos ag léigheadh san Quarterly Review fa'n turas a
thug Lyell ar roinn ó thuaidh d'Amerioca. Is flaith-
eamhail atá an Quarterly faoi áthas i dtaobh Dán agus
Dul-chun-cinn &rl. na Ameriocánach, acht sé an rud is
mó atá ag déanamh imnidhe don pháipéar iad fanamhaint
go síothach, ar mhaithe leo féin, ar ndóigh. Óir má's é an
séan atá i ndán dóibh agus atá rompa, adeir an léir-
mheasadóir fial úd, ní mór dhóibh a bheith go síothach, agus


L. 102


bheadh súil againn go mbeadh toradh na síothchána go
bláthmhar agus go glórmhar ortha. Nach bog an chaint í!
An tré shíothcháin mar sin a bhí dán go treiseamhail san
Aithne agus i gCorinth? An i n-aimsir síothchána d'éirigh
Olland, tír nach raibh innti acht sluagh tuaithe, go
ndearnadar náisiún uasal árd-mheanmnach díobh féin, a
raibh cáil ar a ndán agus ar a mbíonn bláthmhar, glór-
mhar et cetera? An raibh síothcháin sa bhFrainc le linn an
Cheathramha Laoisigh dhéag? An é an síothcháin a bhí san
Eadáil tráth a raibh an Fhoghluim agus an tSaorsacht,
an Cheannuigheacht (ceannuigheacht chneasta), an Dán
agus an Ghlóir go tréan i gcathrachaibh na tíre sin?
Agus Ameriocá féin, céard a chuir bail uirthi? Síoth-
cháin an eadh? Gan sgéal fada a dhéanamh dhe, ní fuláir
nó tuigeann gach uile Ameriocánach go maith faoi seo
baoth-chaint na Sasan fa'n síothcháin.



Chonnaiceas giotaí as an Nation úr. Aoinneach a
déarfadh anois go mbainfeadh Gaedhil a gceart amach
le láimh láidir chuirfeadh sé déistean agus dearg-ghráin
ar an Dubhthach, ní'l peann sáthach feileamhnach aige le
n-a mhíchéat a chur i n-iúl dó. Sin é shaoileas. Molann
an Times an Nation úr, comhartha é an chéad alt ann go
bhfuil ciall ag teacht d'Éireannaigh. Dícéille Bhaile an
Gharrdha, iompodh é ar chinn air amach 's amach, adeir an
Nation so. Tá Éire óg ag iarraidh ar mhuinntir na tíre
glacadh leis an mbualadh tugadh ortha i mBaile an
Gharrdha. Féachadh neart na hÉireann dar leis i mBaile
an Gharrdha. Dá mbeith i ndán don tír a saoradh tré
laochas daonna (adeir Éire Óg) hac dextra fuisset i


L. 103


mBaile an Gharrdha. Dá bhrígh sin is amhlaidh mholfadh
an Dubhthach anois go saothrochadh Gaedhil an neamh-
spleadhchas, an fuinneamh agus an fhírinne ionnta féin
(fá riaghaltas Shasana) — agus annsin acht a sgrúduigh
siad iad féin go dlúth agus go mothuighidh siad go
bhfuilid deas ar a ngnótha féin a dhéanamh, annsin an
ceangal atá ortha le Sasana a sgaoileadh. Gurab amh-
laidh sin a mhasluigheas an fealltóir seo an ceart; ní
headh acht gurab amhlaidh sin atá an peacach truaigh-
mhéileach ag plubarnaighil.



Tá an leagan céadna ar Southern Reporter Chorcaighe
atá ar an Nation úr agus é ag iarraidh a shárughadh sa
tréas. Tá an Barrach ag casaoid ar an Dubhthach faoi
neamhspleadhchas na hÉireann a choinneál os comhair na
ndaoine, cuir i gcás go mba fada uatha féin é; ba
mhian leis-sean a chur ar cáirde, sé sin leigean dó ar
fad. Dall atá an Barrach mar sin agus ina chladhaire
acht is cneasta faoi dhó é ná an Dubhthach. Na créatúir
is gearr a bhéas aoinneach ag léigheadh a gcuid páipéar ar
fud na tíre.*



Aon chóip amháin den Irishman a shroich mé: Fulham
atá dhá fhoillsiughadh, ag Sráid D'Olier Ur. a 4; Seosamh
Ó Branáin an t-eagarthóir. Seo é do réir chosamhlacht
atá ag leanamhaint do lorg an sean Nation; acht níl a
sáth d'fhoirinn sgríbhneoirí maithe aca. Deir an Irish-



*Creidim go ndearnas éagcóir ar an mBarrach sa méad sin
thuas. Tar éis gur chinn ortha san éirghe amach sa mbliadhain '48,
dubhairt an Barrach go hoscailte, go laetheamhail agus gan aon
arriére pensée, nach raibh aon mhaith ag iarraidh náisiún ar leith a
dhéanamh d'Éirinn, gur ghlac seisean leis an gcinneamhain a rinne
cúige dhi, agus go raibh ar Éireannaigh a leas a bhaint as an staid
sin. Níor chladhaire é ar nós ar bith fa na rádh go ndearnadh sé an
mhalairt aigne sin, chífear na dhiaidh seo má bhí sé dall nó mara
raibh.


L. 104


man gur de m'fhoircheadal-sa .i. d'fhoircheadal Sh. Mh.
atáid siad a leanamhaint. Má's mise an fáidhe agus
an treóraidhe atá aca is eagal liom gurab í an Aigéan
ó Dheas a shroichfeas aoinneach a leanfas dom —
Gidheadh ní fheadar. Fear gnótha é Fulham;
b'fhéidir go bhfuil, dar leo, deireadh le pacáil na
gcoistí; agus má tá an ceart sa méid sin aca tá an
cluiche ina lámhaibh aca. Is truagh liom gan beirt nó
thriúr sgríbhneoirí fuinneamhla aca!



Chuir an “riaghaltas” ár uathbhásach ar bun i gconn-
dae an Dúin an Iúl so chuaidh thart. Sluagh dena fear-
aibh órdha a bhí ag imtheacht ar mhór-shiubhal agus airm
aca. Mháirseáladar tré cheanntar i raibh na Catoilicigh
go láidir agus meirgí i n-áirde aca: agus thosuigh an
t-achrann ar ndóigh, ag bruach Dolaidhe idir Caisleán an
Mhuilinn agus Droichead na Banna: bhí sluagh mór den
arm agus de na consablaibh i láthair, agus chuadar-san
fosta ar ndóigh san achrann ar thaobh na bhfear n-órdha:
marbhuigheadh cúigear nó sheisear Catoiliceach, agus
dóigheadh cúig nó sé de cheannaibh tighthe ortha; níor
lotadh go dona de na fearaibh órdha acht fear nó dhó:
agus shiubhail an sluagh leo annsin go cosgrach. Is
cosmhail go dtug an tighearna Ó Rodáin fleadh do na
fearaibh órdha i nÁth Coilleadh Bhriain agus gur chuir
corughadh intinne ortha le ól agus “sláintí” tairiseacha;
agus tráth ar hiarraidh ar na giúistíseacha, ba hé an
tighearna Ó Rodáin an cathaoirleach an lá sin, na fir
órdha a choiriughadh na dhiaidh sin fa'n achrann d'eitigh sé
a dhéanamh. Ba hé sin an ceart, óir níl aon dlighe i
nÉirinn anois. Níl fhios agam-sa aon adhbhar faoi nach
ndoghfadh na fir órdha tighthe na Pápairí feasda.



Gidheadh ní raibh sé de rún ag lucht an riaghaltais


L. 105


leigeann don tsluagh an oiread sin díoghbhála a
dhéanamh an uair sin — nó leigeadar ortha féin nach raibh;
agus sháinnigheadar an tighearna Ó Rodáin. Ní raibh
annsin dóibh dar leis-sean acht feall agus droch-
mhúnadh agus bhí an ceart aige, agus mheabhruigh sé dhóibh
gur theastuigh tairiseacht a theasbánadh i nUltaibh i
mbliadhna. Maith maiseadh, sin tairiseacht dhá theas-
bánadh. Cad eile bheadh uatha? Gidheadh ní mór leis an
riaghaltas, de bharr baramhail ionnraic an phobail, an
ghiúistíseacht a bhaint den tighearna Ó Rodáin agus de
bheirt eile de na fearaibh órdha a bhí go ró-bhorb.*



Dar leo go hiomlán sa Deisceart an geimhreadh so
na daoine a raibh arbhar curtha aca go mba chóir dhóibh
iad féin a riar roimh aoinnídh eile, dá mbadh hé an cíos
féin é. Deir na páipéir nuaidheachta gur comhairle
uathbhásach cogair í. Tagaid muinntir na tuaithe i
dteannta a chéile do shiubhal oidhche agus airm aca,
agus tugaid arbhar &rl. ar siubhal leo go háitibh shábhála
agus fágaid báillí agus lucht sraith a bhailiughadh ag
caoineadh agus na hiothlannacha folamh. Agus má
chuirid na consablaí a ladar sa gcás buailid na
daoine iad, nó cuirid piléar thríotha, nó tugaid sáthadh
sgine ortha. Sin é ar fad an ceart. Tá fhios ag na
daoine anois nach bhfuil dlighe ná maoin ná ceart i
nÉirinn; táid siad gan fionna feanna aca agus
tuigid sin fa dheireadh. Dá mba hé dála aon náisiúin
eile ar an roinn Eorpa é, thuigfidís sin trí bliadhna ó
shoin.



Eanair 13°. — Tháinig sé 'na stoirm anoir ndeas



*Gidheadh cruthuigheadh nuair sgrúduigheadh an cás gur chuir an
riaghaltas siar arm ó Chaisleán Átha Cliath go Béal Feirsde tam-
aillín roimhe sin le roinnt ar Thighthe na bhFear n-órdha.


L. 106


aréir. Ar maidin indiu fríth long anaithnid agus í
curtha go doimhin sa ngaineamh i gCuan Shíomáin agus
gan 'na seasamh dhá crannaibh acht an t-aon chrann.
Aréir a ruagadh isteach í. Cad a bheadh innti acht
ceannuidhe sglábhuidhthe a gabhadh i gcoinéal Mozambique,
gur seoladh annso faoi oifigeach máirnéalaigh í. Leig-
fear a réabadh san áit i bhfuil sí agus díolfar a
bhfuil innti.



Níl aon chósta sa domhan a mbíonn gacha le stoirm
ann agus bhíos annso — an ghaoth anoir ndeas i gcomh-
nuidhe beag nach an tráth so bhliadhain, agus é 'na
stoirm theintidhe i n-éadan gach deich lá. An-teas
san aimsir nuair bhíos sé na chalm: tá súil agam
nach bhfuil orm Nodlaig eile a chur isteach agus
gan orm acht éadaigh éadtroma, agus mé ag bíodhgadh
sa sgáth. Ní tada atá i n-aghaidh an domhan ó Dheas
agam, acht ní chomhnochaidh mé ann má bhíonn aon neart
agam air. Tá meas agam ar an gCrois ó Dheas acht
is í mo ghuidhe gur faoi Arcturus agus faoi n-a ghrian
atá sé i ndán dom a bheith. Níl gnáth-chuimhne ná
gnás dá mbaineann le séasúr nach gcaithtear druim
ar ais agus nach gcurtar amugha annso: tá lá
Bealtaine ann faoi Shamhain, cuimhnigh air sin! agus
i leabaidh bheith ag dóghadh bloc Nodlag dhuit is amhlaidh
bheitheá ag iarraidh beagán gaoithe d'fhagháil agus ag
dul i bhfalach ó bhruth na gréine! Céard a thárluigheas
do San Suitín agus dá chuid múraighil? nó do Lá
Fhéil Muire na gCoinneal agus don leac oidhre?



Nach contráilte an bharamhail a thiubhradh duine don


L. 107


Chríostuidheacht is na réigiúin so! Tá an t-abhall faoi
bhláth faoi Shamhain; agus bíonn cótaí móra troma dhá
gcaitheamh ag daoinibh is na tighthibh lá Fheil Sin Seáin.



Pé aca sin é, tír atá chomh fada ó áitibh móra gnótha
an domhain leis an tír seo níl aon ghníomh dhá dhéanamh
ann, ná aon tsaoghal ceart ag daoinibh ann: is rud
gan lán-déanamh rud ar bith déantar annso nó go
gcurtar sgéala faoi go Sasana agus go dtigidh an
freagra ar ais. Má labhrann tú le daoinibh do chomh-
thíre thríd an bpáipéar nuaidheacht, béidh do chaint
bhreagh, bhinn-bhriathrach dá reodhadh, nó na luighe faoi
mhuirt i réigiún na gcalm agus faoi na gaoithibh ceárd-
amhla teo — is cuma cé aca é — ní chloisfidh daoine do
chomh-thíre go ceann trí ráiche cad a bhí le rádh agat,
agus b'éidir acht a sroichidh an freagra thú go mbeitheá
ag tabhairt an fhéir. Ráiche taréis an rud a dhéanamh
cloisfir trácht air, ní bhéarfar go deo air dhá dhéanamh
cé go mbeadh long gaile ag bíodhgadh ag iarraidh
breith air sin é a bhfuil de mhaith dhi ann. A Thighearna
an domhain! cá bhfios dom nach bhfuil sé na chogadh
ar an rann Eorpa agus a leath tugtha agus mise
ag sgríobadh páipéir annso — an stoc-chiste pléasgtha
b'éidir, Changarnier nó Oudinot 'na shuidhe i bpálás
Buckingham, Tiobrad Árann b'éidir —. Leis an sgéal
a ghiorrughadh, ní dhéanfaidh sé seo cúis go bráth,
ag leigean orm féin a bheith ag caitheamh mo shaoghail
ar dhruim an domhain, mar thugas Milton air. Má
curtar i dtír annso mé, rachaidh sé cruaidh liom nó
bhéarfad cuairt eile ar an mbaile is cuma cé'n
coimhéad a cuirfear orm. Acht a chroidhe istigh, fan
ort!



Atá an oiread torainn agus táirm annso fós


L. 108


agus is féidir le lucht na bpáipéar agus leis an
gCumann i n-aghaidh na ndaor a chur ar bun; acht
d'éis a ndíchill is follusach nach bhfuilid chomh teasaidhe
ar fad agus bhíodar i dtosach i n-aghaidh na ndaor,
cé go bhfuil a rún chomh daingean agus bhí sé riamh
a ngealladh a choimhlíonadh go dlúth, má's rud é go
n-ordochaidh an tighearna Grae na daoir a chur i
dtír fa dheireadh. Acht cheana atámuid ag fuireach
le n-ar gcinneamhain ó Shraid Dhonnáin agus mo chuid-
se dhe is beag é m'imnidhe ná mo bhuaidhreadh faoi.
Ráiche sa lá indé go díreach .i. an 12° lá de D.
an Fhoghmhair do sheol an frigéad an Eurydice amach
an Cuan so agus teachtaireacht léi a raibh súil
go dtiubhradh an tighearna Grae a fhreagra deireadh
air; agus b'éidir don chor atá i ndán dúinn a
bheith ina bheart rúnda fa ribín dearg agus a bheith i
n-aice le Madeira anois nó le Inis Éirghe, nó ag rith
roimh ghaoth ar chósta Brazil nó ag bórdáil i n-aghaidh
gála, agus gan thuas aici acht seolta barr crainn láimh
le Tristan d'Acunha. Nó b'éidir gur go tóin puill a
chuaidh an long agus an ribín dearg léi — nó b'éidir
gur báthadh an Eurydice ar a bealach a bhaile dhi. Ah!
miseram Eurydicen! Nó b'éidir gur sgaoil an riaghal-
tas, agus go mbéidh an Rúnaire nua bheas ar Thíorthaibh
Shasana i gcéin gan eolus ar bith a bheith aige ar na
gnóthaibh — agus nach mór dhó tuairisg a chur le muinn-
tir an Rosa sul chinnfeadh ar thada a dhéanamh; nach
cuma d'fhoirinn daor é ar sgáth cúpla leith-bhliadhain
faoi nó os a chionn. An bhfaca aon fhear dá maireann
ribín chomh neimhchinnte leis ag ceangal cinneamhna?



Maidir leis an áit ina gcuirfear sinn má's amhlaidh
nach gcuirfear i dtír annso sinn, is iomdha áit fhiadháin


L. 109


atá dhá thomhais agus dhá thuar dúinn. An Gheine Úr,
imeasg lucht ithte daoine, i bPapua, an áit is coit-
cheanta atá dhá thomhais. Béidh an oiread d'fháilte
ar an nGeine Úr romhainn agus atá ar an Ros — ní
thiubhradh na daoine annso greim ar mbéil dúinn,
acht annsúd beathochaidh siad sinn, nó go mbeimíd
sáthach reamhar le n-ithe. Nach meidhreach an sgéal
againn sin?



Leigeas as a bheith ag cur síos go riaghalta ar
imtheachtaibh i n-aghaidh na ndaor; óir is amhlaidh atá
an sgéal, táim tuirseach dá bheith ag léigheadh na
bpáipéar, mar is ionann sgéala lae agus sgéala an
lae roimhe. Na comharthaí céadna síor-achrainn atá
le léigheadh gach uile mhaidin agat, agus ní chuirfeá
aon tsuim ionnta. Acht seo dhá litir a bhí sa gCom-
mercial Advertiser indé, agus an cruinniughadh deireadh
den Chumann is iad a bhí faoi dhíospóireacht agus
comhairle dhá ghlacadh 'na dtaobh:



“A dhuine uasail, — Timcheall mí D. an Fhoghmhair seo
chuaidh thart chuireas trí thrucail de mo chuid punann
chun margaidh an bhaile. Ar a theacht ar an margadh
dhóibh tháinig fear óg dubh agus thairg sé a luach do
mo chlainn ortha (gan innsin cé dhó iad); acht ar
chríochnughadh an mhargaidh thaisbeánfadh sé cá raibh na
hualaigh le cur. Thug an buachaill sin na trucailí
don tSráid Úr, ar chúla tighe Adrian Beck na dhiaidh
sin, agus ar mbeith do na hualaigh leagtha tháinig
Adrian Beck amach agus d'íoc sé ar na punannacha.
Dá bhrígh sin is go neimhchiontach a chiontuigh mo chlann,
óir ní raibh aon dá roghain aca nuair a bhí an margadh
déanta agus a fhurmhór leagtha. Gidheadh iseadh tháinig
dhe sin gur cuireadh mo chlann óg agus mo bhean agus


L. 110


mé féin fa'n ngealladh. Sé an cás againn anois é
ní cheanneochaidh aoinneach faice uainn, ná ní dhíolfaidh
faice linn. Agus ina cheann sin, duine a raibh fiacha
aige orm chuir sé dlighe orm, rud nach ndéanfadh
marach an rud a thárla. Gabhaim orm mar sin iarraidh
ort-sa, a chathaoirligh den Chumann i n-aghaidh na ndaor,
mo chás a chur ar bhreith an chruinnighthe agus mé a
shaoradh nó béidh mé sgriosta amach is amach. Tá
súil agam le freagra fabharach, Mise, &rl.,



I gceanntar Stellenbosch atá Laubscher bocht na
chomhnuidhe; agus ní dhearna an Cumann leis acht é féin
agus a chás a chur ar ais go dtí na hughdair áiteamhla,
sé sin Craobh Stellenbosch den Chumann. An cúntas a
thug Laubscher air féin ní mó ná sásamhail é, agus sin
í an fhírinne. Tá sé d'fhiachaibh air, nó ar a chlainn
neimhchiontach a bheith cinnte nach le fealltóir atáid
siad ag díol a gcuid punann; agus tá fhios go
maith Adrian Beck a bheith ag riar daor agus ag
siar an riaghaltais. Chonnaiceas míosa ó shoin a ainm
imeasg na ndroch-bhall, agus cé gurab é a chuid
aráin atáim a ithe baistim fealltóir air.



Ó Enrí Seón Morkel an litir eile:-



“A dhuine uasail, — Is mór é m'aithmhéal go bhfuil
orm trioblóid a chur ort ath-uair, acht níl aon leigheas
agam ar an gcás. Tá fhios agat gur éirigh an pobal
as aon ghnótha a dhéanamh liom tré n-a bheith le rádh
gur bhriseas an gealladh. Chomh túisge agus thuigeas
é, chuadhas ar an toirt go mbréagnuighinn an bhréag
a cuireadh orm, agus go sásuighinn an pobal mé


L. 111


a bheith neimhchiontach sa méid a dubhradh liom. D'iarras
ar Chumann na Hottentots i n-aghaidh na ndaor mo
chás a fhiosrughadh, agus dá bhfáightí neimhchiontach mé mé
a chur i bhfabhar ath-uair leis an bpobal. Níor tugadh
áird ar bith ar m'iarratas; agus ní fhéadfainn míchéat
an phobail a sheasamh níos fuide, agus tá an-aithmhéal
orm fa rádh is go gceapfaidhe gur le droch-mheas
ar bharamhail an phobail éinnídh dá ndearnas; agus ó
thárla é de rún agam gach congnamh dá bhfuil in mo
chumhachtaibh a thabhairt don Chumann i n-aghaidh na ndaor,
do-chum cuidiughadh leis na daoinibh sa chúis mhór sin
iarraim ar Chumann Bhaile an Rosa .i. máthair na
gCumann eile go léir, mo chás a fhiosrughadh do réir
mar atá riachtanas leis agus an ceart a dhéanamh le
ball dílis da bhallaibh. — Mise, &rl.,



“E. S. Morkel.”



Tháinig teastas leis an litir sin, faoi láimh athar an
chiontaigh dhá dhearbhadh go sollamhanta gur díoladh na
caoirigh tré dhul amugha. Cuireadh an cás go dtí an
Cumann áiteamhail, mar rinneadh cheana.



Féach an chaoi a n-ísligheann míchéat puiblidhe an
buachaill sin! Is fada leis go sloigidh an talamh é fa
rádh agus go ndéanfadh sé rud chomh náireach agus go
mbeadh dílis do mhuinntir Shráide Dhonnáin, agus go
ndéanfadh feall ar mhuinntir an Rosa.



I gcruthamhnas gurab ag an mbaramhail puiblidhe atá
lámh i n-uachtar ar an Ros. Acht cheana, níl fhios agam-
sa goidé mar fhághas an goibhearnóir agus an taoiseach
loingis riar; acht fághaid é. Agus maidir leis na
daoraibh, fairíor gan a leath oiread le n-ithe ag
Gaedhealaibh atá gan daoradh.


L. 112


AN 4° CAIBIDIL X.



Eanair 20, 1849. — Ar bórd an Neptune, Cuan Shíomáin.
— An chás mar bhí sé. Na daoine ag fuireach le breith ó
Shráid Dhonnáin; agus mise freisin. Acht tá an-mhí-
fhoighid ortha agus an-tsúil amach aca ar talamh, agus is
suarach an t-iongnadh é. Nach mór an t-uathbhás an dúil
úr .i. daorsacht, a chur isteach sa tír seo, má éirgheann
le bitheamhnaigh an ribín deirg a dhéanamh! Acht do réir
chosamhlacht tá na daoine ag cur bheala ina n-iosgadaibh
faoi chomhair an chúrsa is measa thiocfadh ortha — ag
soláthar boltaí agus glais agus gunnaí agus piléir go
tiugh tréan. Deagh-chléireach ó Bhaile Shíomáin, níl aon
chall agam ainm an duine croidhe a cheilt — Mac Breith-
eamhain a ainm — tagann sé corr-uair 'ga m'fheiceál,
agus deir sé liom gur annamh chuireas muinntir na
tuaithe thart timcheall Bhaile an Rosa agus sa gcomhur-
sanacht sin, gur annamh chuireas siad glas ná bolta ar
a ndóirsibh san oidhche: agus tráth a labhrann sé ar
na trí chéad daor so, toghadh na mbitheamhnach iad a chuir
a dtéarma isteach le goid agus le fuadach isna sgoil-
eannaibh is fearr ar dhruim an domhain, nuair chuimhnigheas
sé go mb'éidir iad a sgaoileadh fa n-a phobal, tagann
na deora ó n-a shúilibh le teann feirge agus faitchis.
Tá súil agam nach dtiocfaidh an lá sin.



Feabhra 8°. — Gan aon sgéala fós; agus sinn ar
luasgán annso i gCuan Shíomáin ag caitheamh fáinne
ar n-ancoire mar deir an caiptín le dul chun chúig


L. 113


mhí. Ó, a sgéala úd ó neamh, éirigh mar dhéanfadh
réalt sa dorchadas! Bíodh do ribín dearg mar fháinne
lae ag éirghe ar an tuinn ó thuaidh! Táim tuirseach
den Ros: óir is fadó caitheadh séasúr an fhíona, agus
ní thig liom anois feasta caora fíona agus caifí
a bheith mar chéad-phroinn agam mar bhíodh.



Tháinig sé 'na mhí-shuaimhneas ortha cúpla lá ó shoin,
nuair chonncadar long mhór dhubh gaile, mar bheadh
long cogaidh ann ag déanamh isteach ar an gCuan
Fallsa ón bpuinte aniar ndeas. Shaoil mé gur
aithnigheas an Scourge, an long foghala céadna d'iomchuir
go Bermuda mé dhá bhliadhain ó shoin. Sgéala dhúinn
fa dheireadh, dar linn go léir. Shaoil caiptín an
Neptune, agus an feadhmannach dochtúra agus na
máirnéalaigh bhí i dtír go mbeadh deireadh le n-ar
bhfuireach i gcionn leath-uaire. Cuireadh sgéalta na
sléibhte suas agus thar fíneamhna Constantia go
Baile an Rosa le bratachaibh comhartha. Anois a
thaoisigh atá i n-aghaidh na ndaor, má tá brígh na cúise
oraibh, cad adeir sibh? má chuir an tighearna Grae
órdughadh cinnte amach na daoir a chur i dtír, agus
buidhean saighdiúirí sa mbreis le cúl báire a sheasamh
don órdughadh céard a dhéanfas sibh? An bhfuil
cuisle an phobail ag baint go mear indiu i Halla
an Bhaile? An deargadh nó bánughadh a rinne Fair-
bairn? Is beag nar mhaith liom an cás fheiceál dá
fhromhadh.



Acht isí an long a bhí ann an Hindostan, galtán ón
Muir Ruadh a bhí ag filleadh ó Londain d'éis a deas-
ughadh. Agus gan aon teachtaireacht léi.



Níor thug Sir Enrí Mac Gabhann a chuid airgid
páipéir amach — dhá dtugadh chreidim nach nglacfadh


L. 114


aoinneach é, is cuma cé mhéad ab fhiú é. Níor tugadh a
leithéid de mhíchéat d'aon riaghaltas ariamh cheana, aon
riaghaltas a raibh ainm air go mba riaghaltas é. Tá
le rádh go bhfuil aon nídh amháin agus gur an-tsearbh
leis an sean-tsaighdiúr breagh é: — bhí sé de rún ag
muinntir na tíre le goirid íomháigh marmair a thógáil i
mBaile an Rosa do laoch Aliwal, .i. don fhear a chuir
smacht ar na buachaillibh dubha; agus níl ceanntar den
tír nach raibh airgead dhá bhailiughadh ann fa n-a chomhair.
Na daoine thug an t-airgead, táid siad dhá athrughadh
anois ó chiste na híomháighe go ciste an Chumainn i
n-aghaidh na ndaor. An fear nach gcuirfeadh an Nep-
tune amach as an tír arís ar an toirt is ar bhain sí
caladh amach ní chuirfear aon íomháigh suas dó san
Afraic ó Dheas. Acht cúrsaí áirithe dlighe a cuireadh ar
siubhal le goirid is iad sin an rud is soiléire ar bith
chuireas i dtuisgint dom a laige is atá riaghaltas
agus a láidre agus atá an pobal.



Fear áirithe de mhuinntir Letterstedt a chuir dlighe ar
Fairbairn agus ar dhaoinibh eile a bhí sa gCumann i
n-aghaidh na ndaor ag iarraidh sásamh a bhaint díobh faoi
rádh is gur chuireadar a ainm os comhair an phobail go
mbaineadh an pobal sásamh dhe-sean: £5,000 a bhí sé
éileamh. Ba hé an tÁrd-turnaoi a árd-dligheadóir;
dligheadóir ó Éirinn eisean agus fear gasta é de
mhuinntir Phórter. Bhí an-tsuim dhá chur sa gcás ó thárla
go raibh an iomad cás eile dá shamhail le fromhadh. Acht
nuair a glaodhadh ar an gcúis san Árd-chúirt os comhair
triúr breitheamhan (ní bhíonn coiste ar bith i gcúis-
eannaibh airgid mar é) ní ghlacfadh na bíodhbhaidh le
breitheamhnas na cúirte tré bheirt de na breitheamhain a
thug a mbreith roimh ré ar an gcás, nuair a thugadar


L. 115


a mbaramhail go mbeadh sé neimh-dhleathach don ghoibhear-
nóir an Neptune a chur ar siubhal as a ughdarás
féin. Adhbhar chomh díchéillidhe leis sin níor cloiseadh
cheana riamh i gcúirt; agus chruthuigh an tÁrd-turnaoi
sin; agus ba hé sin riaghlughadh na dhá bhreitheamh a
rabhthas ag iarraidh toirmeasg a chur ortha faoi n-a
mbreith. Leis sin dubhairt an tríomhadh breitheamh
nach raibh seisean sásta agus nach suidhfeadh sé féin
i bhfochair na beirte eile do fhromhadh na cúise.
Fear de mhuinntir Musgrave é. Acht ní hé sin an
chuid is fearr den sgéal: nuair d'eitigh Musgrave
an cás a fhromhadh, bhí an bheirt eile ar tí a fhromhadh
agus an lá ceaptha aca. Nuair tháinig an lá tharraing
na bíodhbhaidh a bpléidh ar ais — ní chosnochaidís iad
féin chor ar bith — ní thiocfaidís i láthair amháin, ná
ní ghlacfaidís cúrsaí dlighe ó bhreitheamhnaibh a fuair
dlighe nach leigfeadh díbirt a chur ar an Neptune;
thiubhraidís cead do na droch-bhreitheamhnaibh daor sin
a rogha breith a thabhairt, agus bhéarfaidís an cás go
hiomlán as comhair na Bainríoghna i gcomhairle. Bhí
an tÁrd-turnaoi le dhul ar aghaidh leis an gcás ex
parte annsin, agus gheobhadh dar leis airgead mór dá
dhusóglach. Cuireadh an chúirt ar ath-lá arís agus ar
maidin ar na mháireach tháinig an Turnaoi isteach sa
gcúirt agus pus air; agus d'fhuagair nach raibh
Letterstedt ag dul chun cinn le n-a chás. Ar
smuaineadh ortha féin don agarthóir agus don bhíodhbha
ní bheadh baint ná páirt ag ceachtar aca le breitheamh-
naibh Sir Enrí Mhic Gabhann, ó labhradar-san ar
dhlighe i n-aghaidh an Neptune a dhíbirt.



Sé sin le rádh, hathruigheadh an cás ón Árd-chúirt
go dtí an Árd-chúirt is áirde .i. an Bharamhail Phuiblidhe,


L. 116


tré certiorari. An Cumann i n-aghaidh na ndaor an
chúirt is áirde san Afraic ó Dheas anois, agus an
chúirt nach bhfuil aon dul thairti.



Bhíos go han-dona tinn arís le dhá mhí; an múchadh
malluighthe céadna: chomh dona nach mór agus bhíos
i mBermuda, acht ní rabhas chomh dona amach 's amach.
An géibhionn cruaidh atá orm, saoilim, is ciontach
leis, agus an fuireach agus easba oibre a chorrochadh
mé, sin iad a thugas greim agus cumhachta don
deamhan gránna orm.



Feabhra 10°. — Chuir páipéir an Rosa giotaí síos
as páipéaraibh Tasmáin, agus chím gur shroich an
Swift Baile Hobáird, agus an Brianach, mac Uí
Mheachair, agus mac Uí Dhonnchadha uirthi, agus shroich
an Máirtíneach agus an Dochartach an baile céadna
ar an Elphinstone um an am céadna: go bhfuil
cead aca a bheith gan aon ghéibhionn ortha, acht go
bhfuil gach duine dhíobh i gceanntar teoranta, agus
ó dheich míle fichead go dtí dhá fhichid míle idir gach
beirt aca. B'éigin do gach duine aca gealladh nach
bhféachfadh sé le n-éalodh nó ní gheobhadh sé an méid
sin féin anála. D'eitigh an Brianach an gealladh
a thabhairt agus dá bhrígh sin cuireadh ar oileán beag
é atá amach ó'n tír, Oileán Mháiria tugtar air, agus
ní curtar ann acht na daoir is dosmachttha ar bith.
Ní forusta a thuisgint cé'n fáth ar dealuigheadh na
príosúnaigh chomh cúramach sin ó n-a chéile, ná ar
cuireadh gach aon duine aca leis féin isteach i lár
pobal méirleach, maran amhlaidh go mbeadh súil go


L. 117


ndéanaidís mórtachas le gach bitheamhnach a thárlochadh
ortha, agus nach mbeadh compántas a chéile aca, agus
annsin fa dheireadh go ndéanfaidhe méirleacha dhá
ríribh dhíobh, rud a thugas a námhaid ortha. Nó b'éidir
gurab amhlaidh sin is fusa le n-a námhaid a smachtughadh.
Ba mhaith leis an “Riaghaltas” ar ndóigh sinn go
hiomlán a chur ag feacadh na nglún dóibh agus
cosamhlacht a chur orainn a bheith ag gabháil párdún.
Agus dá leigthí do na fearaibh sin comhnuidhe i
n-éinfheacht b'éidir dhóibh misneach agus meanma a
thabhairt dá chéile, agus caint aindlightheach a chaitheamh,
agus beartuidheacht ceannairce éigin a ullmhughadh
fa chomhair an ama atá ag teacht. Acht ó thárla daoine
coimhightheacha ina dtimcheall anois, ó thárla gan
feiceál aca ar a gcompánachaibh, ná focal le clos
fá na gcúis, agus glór a mbéil ag dul i ndearmad
ortha, tá súil ag an námhaid go mbéidh siad tuir-
seach dhá saoghal, go dtréigfidh an misneach agus an
mheanma iad agus go dtriallfaidh siad go humhal
iníseal ar an mBanríoghain. A thighearna Grae, a
thighearna Ruiséal agus a thighearna Clarendon féach-
famaoid libh é sa méid sin.



Acht is cruaidh cráidhte an chinneamhain atá i ndán do
na fearaibh sin: agus saoilim anois gurb í an chinn-
eamhain chéadna atá i ndán dom-sa. Cibé rud atá ag
riaghaltas na Bainríoghna fa chomhair na ndaor bocht so
atá ar an Neptune tá sé dhá fheiceál dom-sa gur ceann-
tar iargcúlach éigin sa Tasmáin atá i ndán dom fá
chúram consablaí — le mo shaoghal a chaitheamh ann mar
is fearr is féidir dhom é, agus an droch-aer atá san
uachais uathbhásach sin a shughadh isteach le m'anáil, go
n-éirghidh mé as na droch-bhearta agus go bhfoghluimighidh
mé na deagh-bhearta.


L. 118


Feabhra 13°. — Bhí a fhios agam é. Tháinig órduighthe an
tighearna Grae. Tháinig caiptín long na brataighe ar
bórd annso indiu agus oifigeacha máirnéalaigh i n-a
fhochair. Sheas sé ar an mbórd i ndeireadh na luinge,
ag an inneall le na gcastar suas na slabhraí; agus
hórduigheadh do na príosúnaigh teacht aníos go clois-
idís cad a bhí i ndán dóibh. Bhíos-sa ag siubhal ar an
tileadh tosaigh, agus sheasas tamaillín leis an ráille
ag breathnughadh síos ar an bhfeic. Shiubhail na fir siar
chomh fada leis an gcosán, agus ba dubhach an sluagh
iad, cuid aca agus strainc ortha, tuilleadh aca agus
iad chomh bán leis an bpáipéar; agus ní raibh bitheamhnach
dá dhorrdha aca nár choisg a anáil tamaillín, tráth ar
osgail an Caiptín Bance na páipéir. An Neptune le
n-imtheacht fa chéadóir go Tasmáin, agus (i n-omós a
ndeacha na príosúnaigh thríd ó d'fhágadar Bermuda)
gheobhaidís párdún ar choingheall, cé is moite don
phríosúnach, an Mistéalach, acht ó thárla gan a chás-san
mar bhí an cás ag na daoinibh eile, deir an tighearna
Grae go mbeadh comhairle ar leith ina thaobh, acht chuir-
fidhe órdughadh sonnradhach faoi go goibhearnóir na Tas-
máine. Ar theacht don léightheoir go dtí an cé is moite
don phríosúnach an Mistéalach, neastuigh a ghlór agus
labhair go bríoghmhar agus go sollamhanta. Ar an toirt
ní raibh súil nach raibh sáidhte ionnam, idir oifigeacha
agus mháirnéalaigh, phríosúnaigh agus shaighdiúirí, acht má
léigheadar éinnidh in m'éadan acht tarcuisne bhréagnuigh
m'aghaidh mo chroidhe.



Sin é an chaoi — táim le bliadhanta éigin a chaitheamh
go dorrdha i n-uaigneas na gcrann guma — i n-uaigneas
críochnuighthe, óir ní chuimhneóchainn in mo chroidhe ar mo
bhean bhocht a thabhairt amach go dtí na réigiúin dhorcha


L. 119


so ná mo bhuachaillí a thógáil ar oileán sin na mallacht.
Is uaignighe bheas mé ná mar cheap Zimmerman don té
is uaignighe ar bith, níos uaignighe ná an corp ina ais-
léine — haré ní mór dhom blaosg, mar déarfá, a dhéan-
amh dhom féin le siubhal ann, agus deilgne gráinneóige
a chur dhíom amach i riocht is go gcoinneochad uaim na
hainmhidhthe bheas i riocht daoine thart timcheall orm;
óir is tír í sin ina ndéantar brútaidhe den duine — is
cuma cén sórt duine bheas sa té rachas ann, baintear
croidhe an duine dhe agus tugtar croidhe an bhrútaidhe
dhó. Agus triúr as an gceathrar dá bhfuil sa Tasmáin
is daoir iad, nó daoir a saoradh, nó clann daor a gein-
eadh tré mhéirleachas, agus é dhá fheiceál dóibh nuair
tógadh iad go mbeadh fuath aca do gach uile dhuine agus
fuath ag gach uile dhuine dhóibh. Ó! síos liom go réig-
iúin Dis; tá fuaim fuarlaigh Cocytus le clos agam
cheana féin, agus gol na n-anam ndamanta atá ann.
A chroidhe istigh bí go láidir anois, agus go ciúin agus
go humhal. A bhfuaras d'fheallsamhnacht ar mo bhealach
istigh ná amuigh, ná ó Neamh féin, ar mo mhodh féin, tá
gnótha agam dhe anois. Ní mór dhom orrtha na mil-
bhriathar agus orrtha an chaoin-iomchuir le caitheamh i
mbéal mhadaidh na dtrí gcloigeann; acht an t-árd-
draoidheadóir riaghaltais a bhfuil cúram gharrdhanta so
ifrinn air, ar nós an mharmair a bhéas m'éadan ina
aghaidh-san, agus ar nós na cruaidhe. Mar sin go
gcoimhéaduighidh Dia Uilechumhachtach in mo riocht daonna
mé, agus ar mbeith thart do mo dheoruigheacht mall-
uighthe, go dtreoruighidh Sé amach gus an aer uachtarach
mé thré gheataibh na hAdhairce.



Acht cúrsaí na ndéithe bréige é sin; is amhlaidh dhéan-
fas mé: cuirfead fréamha uaim san úir ar chuma éigin,


L. 120


agus déanfad romhar agus tochailt go laetheamhail ann,
gan araoid a chur ar aoinneach thart timcheall orm acht
chomh beag is is féidir é, acht gan uabhar ná droch-mhian a
theasbánadh dhóibh-sean, acht a theasbánadh don “riaghal-
tas” amháin, agus ar an gcuma sin a dhul thríd an
gcruadháil seo chomh ciúin calma agus atá ionnam.



15. — Chonnaiceas roinnt páipéir ó Shasanaibh; is ion-
gantach an corughadh agus an fhearg a tharraing gnótha
so an Rosa: tugadh masla shaoghalta d'árd-mhórdhacht
na Sasan, gan trácht ar an neamh-dhaonnacht a rinneadh
agus na seirbhísigh puiblidhe a eiteach faoi bhiadh, agus
na daoir bhochta a bhí cortha ó threabhadh na dtonn. Ní
ortha féin atá an milleán ag Sasanaibh ar ndóigh, mar
gheall ar an méid sin; acht is iad-san nó a riaghaltas
na daoine is ciontach leis an neamh-dhaonnacht agus leis
an bhfeall (rud is measa arís), nuair shaoileadar an
lucht luinge seo a chur i dtír; is den bhithmheantacht sin
a tháinig gach ar thárla. Agus ní hé amháin go raibh
sé de cheart ag muinntir na tíre seo seirbhísigh riagh-
altais den tsamhail sin a eiteach faoi bhiadh, acht ní
bheadh sé iontógtha ortha dá ngearraidís sgóig gach
mac máthar aca.



Is beag rud ar bith fheicim ar na páipéir seo i
dtaobh na hÉireann. Ró-chiúin is eagal liom atá
Éire. Tá páipéir an “riaghaltais” ag cur síos ar
Éirinn anois amhail is dá mba leo féin amach 's amach
mar mhaoin í, agus amhail is nach mbeadh le déanamh
aca acht beartughadh ar an tslighe is fearr a bhféad-
faidís tairbhe a bhaint aisti. Mara mbeadh an tír ina
corp fa n-a gcosaibh an mbeadh sé de dhánacht sa Times
labhairt mar so — ag trácht ar dhíbirt an tighearna Ó
Rodáin atá an Times croidhe, agus ag áireamh a


L. 121


ndearna an “Riaghaltas Impireamhail” d'obair riach-
tanach le goirid i nÉirinn, cé go mb'obair dhubhach
í: Rinne an dlighe, adeir an Times, Éire a shatailt fa
chois. Lannaí a rinne an dlighe a mhúnadh, agus léir-
sgrios a d'fhuasgail é. Leagadh bailte go talamh;
d'imthigh na daoine 'na sluaightibh as an tír; tógadh
tighthe do bhochtaibh go fairsing agus táid siad ar fad
ag cur thar maoil: agus teasbánann sin gurab é
inntinn an riaghaltais Éire a thógáil as an leibideacht
agus as an mbarbaracht ina bhfuil, agus forais shíbhialta
na tíre seo a chur ar bun innti.



Sin é an leagan cainte atá ag lag-sgríbhneoiribh
malluighthe an riaghaltais i dtaobh na hÉireann (gidheadh
sgríobhaid an rud atá i n-intinn an riaghaltais). Agus
táthar ag ruagadh na ndaoine amach is cosmhail chomh
dian is bhítheas ariamh: agus níl puinn dlighe sa tír
an aimsis seo; agus tá Domhnall Ó Conaill agus
an Dubhthach agus a lucht leanamhna ag teagasg bros-
tughadh do réir reachta; agus is é gáir na bhfear
n-órdha: Ag an diabhal go raibh an Pápa; agus tá
na heasbuig Chatoiliceach ag taisbeánadh a ndílseacht
don choróin; agus tá cuirp ann agus marbhadh agus
gorta agus geilt go tréan is go fairsing ar fud
na tíre. Go cinnte, adeir Don Juan D'Aquila, níor
céasadh Críost ariamh ar son na ndaoine so.



17°. — Tá deifir an domhain ortha annso ag cur an
Neptune chun siubhail: níor leigeadh an taoiseach loingis
as an gcuan le cheithre mhí, i leabaidh dhó bheith ag
seoltóireacht i gcoinéal Mozambique, mar nach leig-
feadh an goibhearnóir uaidh é an fhad is bhíomar-ne
annso, d'eagla achrainn ar an Ros. Níl lá anois
nach gcuireann sé buidhean dá chuid máirnéalach go dtí


L. 122


an Neptune le teann deifir dar riar le lón fa chomhair
an aistir. B'éidir dhúinn seoladh i mbáireach.



Tá an-ríméad ortha i mBaile an Rosa — muinn-
teardhas dhá dhéanamh ag an dá dhream le chéile, an
dream measardha agus an dream ainmheasardha dhá
réidhteach eatortha. Tá árd-ríméad puiblidhe le bheith
ann, árd-dínnéar, agus soillse nár facthas a leithéidí
san Afraic ó Dheas cheana riamh. An ghal an solus
a bhí i mBaile an Rosa le bliadhantaibh, agus an
lóchrann bhéas ar an spéir an oidhche taréis imtheacht
dúinn (acht ní bhéidh roimhe, ní mhaslóchaidís na daoir
bhochta) sáróchaidh sé soilse Fomalhaut agus réalt
geal Ara. Fuaras páipéir an Rosa, agus iad lán
d'fhuagraibh i dtaobh an Dínnéar, na Lóchrainn i gcinn-
litreachaibh móra. Seo iad na giotaí deireadh bhainfeas
mé as páipéir nuaidheachta na hAfraic ó Dheas.



RÍMÉAD PUIBLIDHE.



Soluis teintidhe ar fagháil le léir-reic nó le ceannach
'na mbeagán ó Sh Ashley.



NA LOCHRAINN.



Coinnle comhshuaidhte. — Cuimse dhíobh ann agus iad dhá ndíol go
han-tsaor fa láthair fa chomhair an áthais atá ann.



Chuir an goibhearnóir órdughadh an tighearna Grae
i gcló: is an-fhada an páipéar é, cuid dhe ag gabháil
leithsgéil, cuid dhe go ceasnuightheach, agus é go léir go
cam. Is lán-shoiléir go raibh coinne aige go gcuirfidhe
in' aghaidh mar cuireadh, agus go raibh fhios aige go
rí-mhaith na daoine annso a bheith fuathmhar dá chleas
agus go raibh fhios aige a fhuathmhaire agus bhíodar, acht
go raibh súil aige dá gcuireadh sé leis go bhfuigheadh
ughdaras agus cumhachta an riaghaltais lámh i n-uachtar


L. 123


ar gach uile dhuine. Níor shéan sé go deimhin go raibh
fhios aige gach uile nídh dár bhain don chás shul d'fhágaibh
an Neptune Bermuda: óir deir sé nach raibh fhios aige
fa'n gcás go dtí gur sheol an Neptune .i. ó Londain,
le n-a locht go Bermuda. Is diabhalta an rógaire é.



An 3 a chlog ar maidin. — Chaitheas an oidhche ag
siubhal ar bórd, ag baint mo shásamh as an oidhche ró-
áluinn a bhí ann agus ag breathnughadh ar an Afraic, an
t-amharc deireadh bheadh agam air. Agus tá an comhrac
thart; agus is tig le daoine na tíre a ngnótha a
dhéanamh fa shíothcháin anois feasta agus gan tada le
cur isteach ortha níos measa dhóibh ná na buachaillí
dubha agus an beitheadhach allta. Go mba torthamhail
iad a bhfíneamhna agus a ngoirt an fhad is bhéas an
ghrian ag tarraing ar Chapricornus! Go mba fada
buan é a gcodladh fa shíothcháin, agus ná raibh call le
bolta ná le glas aca, na daoine fiala, ar a ndóirsibh,
agus ná raibh d'arm uatha ag dul thar chnoc ná thar mhagh
dhóibh acht laisg na mbulán! Ó mo chroidhe amach
a ghním comhgháirdeachas le daoinibh an Rosa fa'n anach-
ain uathbhásach a chuireadar uatha.



Bhíos ag faireadh na gréine ag dul faoi ar chúlaibh na
gcnoc, agus ag breathnughadh ar na soilsibh corcra ag
deargadh beanna na gcnoc i n-imigéin go mba cosmhail
gach áill le cloich luachmhar. Agus is maith atá fhios
agam gur hiomdha gleann glas sínte idir na drom-
anna lonnracha sin; agus na daoine thiubhras an tuair-
isg go dtí na daoine croidhe is-na gleanntaibh sin, is
áluinn é lorg a gcos ar na sléibhtibh. Ar bhreacadh lae
i mbáireach chífidh na daoine an lá is mórdhálaighe dar
facthas riamh san Afraic ó Dheas.



Slán libh! éireochaidh soilse an domhain thoir agus
Réalt geal na Maidne ar ball os cionn Madagascar.


L. 124


[Ní fheadar an bhfuil fhios aca ar an Ros amhrán
glórmhar Freiligrath i dtaobh an Rosa.] Beannacht
agat a Afraic!



19°. — Indiu atámuid ag seoladh: an ghaoth glan in ar
n-aghaidh, agus í ag séideadh suas díreach an cuan.
Goidé an díoghbháil — chuir an taoiseach loingis long
cogaidh .i. an Geyser dhár dtarraing amach. Tá an téad
socruighthe dhár dtarraing amach, agus sinn ag imtheacht
go righin réidh amach as Cuan Shíomáin agus síos an
Cuan mór leathan Fallsa. Tá na cnuic ar ar gcúlaibh
agus iad ag imtheacht as amharc. Tá mór-roinn eile
taréis éirghe romhainn as an muir, agus d'imthigh Afraic
féin as ar n-amharc anois. An gcuirfead bonn le
talamh tirm arís go brath?



Aibreán 4°, 1850. — Tá sé tuilleadh agus mí ó
sgríobhas focal sa leabhar uaigneach mara so. Támuid
ag imtheacht díreach roimh ghaoth ar an bhfad sin, agus isí
an ghaoth aniar a bhíos i gcomhnuidhe ar an aigéan so ó
dheas, 6 grádha is 40 ó dheas den líne, agus sinn go
minic agus 200 míle sa ló siubhail fúinn. Deir siad
go bhfuilmíd ag tarraing ar an Tasmáin.



Bhíos go dona tinn ar an bhfad sin, agus ag dul chun
donacht atáim. Is mór an t-uathbhás liom an tseol-
tóireacht, óir atá tuilleadh agus aon mhí dhéag ó thángas
ar bórd na luinge mí-fhortúnaighe seo, a bhfuil mall-
achtaigh mar ghléas seoil uirthi agus diabhail mar locht —
agus is fada liom uaim cósta éigin ar a gcuirfinn
cois, dá mba hé an Iurusalem Nuadh féin é, acht nach
mbeadh aon amharc ar an bhfairrge. An sluagh príos-
únach atá thíos fúm, tráth a mbím ag siubhal thart ar an
mbórd uachtair, deallruigheann siad a bheith go hárd-
mheanmnach ar chuimhniughadh dhóibh a gcur saor i dtír


L. 125


áluinn nua, an áit a bhfuil an aimsir mar d'iarrfá í
agus i n-áit a bhfuil luach a saothair go binn le fagháil
aca. Tá sórt truaighe aca dhomh-sa agus sórt meas
orm aca; agus ceapaid gan aimhreas gur uathbhásach
thar cionn an choir a rinneas-sa an lá is go dtiubhraidhe
léir-mheas ar leith orm agus nach leigfidhe saor mé mar
chách.



6°. — Amharc againn ar chósta cnocach ó dheas na
Tasmáine. Lá spéire liath-ghorm é; an t-aer go bog
agus é tiugh le boladh cumhra na gcoillte so ó dheas;
is aoibhinn áluinn ar fad an t-aer é. Bhí an fhairrge
ciúin ar ndul dúinn thar na rosa, agus na coillte
ag fás anuas go sáile, agus a sgáile le feiceál
is an tuinn: bhí tír agus talamh dhá ngorradh féin
go haoibhinn leis an ngréin. Tá an tsean aigéan go
dradamach — ag gáiridhe mar do chonnaic Prometheus
í i n-aisling tráth a raibh sé ceangailte le slabhraibh.
Mothuighim an tinneas agus an tuirse ag imtheacht de
mo chroidhe féin, agus mo spioraid agus mo mheanma
ag éirghe, agus an úire ag teacht orm, de bharr nádúr
agus cinéaltais na talmhan. Gidheadh chím annsúd thall
ar mo lámh chlé na cnuic ar a mbead ar feadh na
mbliadhan agus an bhadhbh ga mo chreidhm agus ga mo
chnáimh-ghearradh. Seo é go díreach an áit: an chreig nó
an clochar a mbeidh mé ag éag go laetheamhail.



Ní fuláir nó is ar na cnocaibh seo
cheangail neart agus treise an leithdhia an
íodhbairt, — óir nár dhubhairt Kratos le Hephaistos:
támuid tagtha anois go fíor-chiumhais na cruinne? I
n-ionad a mbeadh bonn i n-aghaidh buinn é sin, cad
eile? acht níor bh'ionann eolus na dtíortha don fhile
agus inchinn. Mo dhiachair nach ndearnas an choir


L. 126


dhiadha, agus solus d'fhagháil ó na humair neamhdha as a
dtarraingeann na réalta é; bheadh súil agam annsin
le neart dhiadha an Titan a céasadh. A aer neamhdha! a
ghaoithí mheara! a thoibreacha úra na n-abhann! agus
a thonnta dhoimeallta, dho-chríochnuighthe, iliomadach,
gheal-gháireach an aigéin! Ó! a thalamh, a mháthair gach uile
nídh! agus a chearcall dhomhan-fheicsiona na gréine! —
Níl freagra uatha; acht seo isteach daor, seirbhíseach,
agus ainm dínnéir aige. Níor ítheas ná níor chod-
luigheas le trí lá: go dona tinn a bhíos, sin agus
corughadh intinne bheith orm ar shúil is go leagfainn súil
ar charaid arís d'éis dhá bhliadhain. Tá an Máirtíneach,
an Brianach agus mac Uí Mheachair ar fán ar na cnuic
gharbha úd thall, gach duine aca leis féin ina dhaingean
foraoise. Ní féidir nó gheobhad leigean ar a bhfeicsin
uair ar nós ar bith. Thángamar isteach an muinéilín
mara ar a dtugtar an Cuinéal idir na caisleáin tráth-
nóna anocht. Sroicheann sé chúig mhíle fhichead suas idir
oileán dá ngoirthear Bruni agus an Tasmáin. Cuan na
Stoirme atá sgartha soir ó Bruni, agus sin é an bealach
isteach go Baile Hiobaird. Tagann an cuinéal agus
Cuan na Stoirme chun a chéile ó thuaidh de Bruni, agus
uaidh sin isteach i bhfad sa talamh tá inbhear leathan
ag rith. Tá sé na chalm orainn sa gcuinéal; acht
tá feicsin againn ar Chnoc Wellington agus é 'na
mheall mhór agus áilltreacha géara ar an gceann thoir
de. Tá Baile Hiobaird sa ngleann ag bun na n-áill-
treacha sin, deir siad liom, cnuic féarmhara thart tim-
cheall air, agus garrdhanta bláthmhara, agus an
Derwent ag rith síos thríd agus dath gorm uirthi. Cathair
oireachais na ndúnmharbhthóirí an Baile Hiobaird sin,
agus ollsgoil na gaduidheachta agus an déistin neamh-
dhaonna.


L. 127


Acht chítear dhom gur talamh é seo thart timcheall ar
an gcuainín seo ina bhfuil sé 'na chalm orainn, agus na
cnuic uaigneacha faoi choillte ar gach taobh dhínn, gur
talamh é nár saothruigheadh ariamh, ón lá a ndeacha La
Perouse suas an sean-chuinéal céadna so, nuair
sgannruigh sé daoine ha háite agus iad ag bruth feoil
Kangaroo thart ar an teine. Crainn iad so a bhfuil an
duilleabhar go síor-ghlas ortha, agus is léar dhom
ón luing croiceann na gcrann ag sgeitheadh ina stiall-
taibh móra agus é sínte ó ghéig go géig. Ní hé an
duilleabhar a sgeitheas an cineál seo crann, an
Eucalypti, acht an croiceann. Breathnuigheann na
crainn go hiomlán beag nach a bheith go han-árd;
gidheadh féachann an choill gur coill bhocht ghiobach í,
mar gheall ar na géaga agus na craobhracha bheith le
feicsin chomh follusach sin thríd an gcroiceann a bheith
sgeithte; agus is tanaidhe an duilleabhar atá ortha
i gcomórtas le reimhre na gcrann. An té a mbeadh
taithighe aige ar throm-dhuilleabhar na gcrann mbán
agus na gcrann sleamhain atá san Eoraip, agus
stuadha agus sgiatháin teampoll déanta aca sa
bhforaois cheapfadh sé sin go cinnte ar an gcéad
amharc. Acht is ar éigin báis a chreidim go bhfuilim le
bonn a chur le talamh tirm arís.



7°. — Shroicheamar ceann an Chuain idir na caisleáin
ar maidin indiu, áit i bhfuil pasáiste cumhang uisge
idir é agus Cuan na Stoirme. Ghlacamar piolóite ar
bórd annso, firín beag dubh, agus dhearcas chomh grinn
agus chomh hiongantach air agus dhearc Abel Jans
Tasman riamh ar an gcéad duine fiadháin a chonnaic sé
san Astráil ná iad-san air. Acht ní raibh sa bhfirín
acht Carthagíneach a raibh triús réidh-éadaigh air agus


L. 128


casóg thimcheallach. Anuas ó bhotháinín deas néata bhí
thuas ar an gcnoc a tháinig sé go dtí n-a bhád, agus
faithchín féarmhar anuas ón mboth go dtí caladh an
bháid, agus mil-dhriseacha ag fás ar an bhfál, do
choimhéad agus d'ornadh an gharrdha.



2 a chlog árd-tráthnóna. — Támuid ar ancoire ar
an Derwent, ceathramha míle ó chéibh agus ó theach
custuim Bhaile Hiobaird. Tuige a sgríobhfainn síos
annso arís gach a bhfeicim, agus gach a bhfeiceann gach
aoinneach is gach uile chaladh-phort? Ar chiumhais an
chnuic atá ag síneadh suas ón abhainn go dtí na cnuic
atá an baile, fearacht gach uile bhaile eile. A lán
cloigthighthe teampoll ann ar ndóigh; gunnaí móra ar
bhinn; muileann gaoithe ar árd; stórtha na gceannuidhthe
'na sraith ar an gcéibh; trucailí ag tarraing earraidh ó
áit go háit; agus rothaí fa na trucailibh; agus cheithre
cosa fa na capaill, agus aon dlúth-chabhail amháin aca.
Tá a lán loingis sa gcaladh agus aon fhrigéad
Carthagíneach amháin, an Maeander.



Ghléas an caiptín agus an feadhmannach dochtúra iad
féin fa chomhair na n-oifigeach (agus is galánta fhéachas
an dochtúir fa n-a chlaidheamh agus a órnáidí gual-
ainne); agus mar is cuibhe do dhaoinibh árd-oifigeamhla
gluaisid siad-san go mall agus go ndignit agus
cuirid a gcóir sgríbhneorachta agus a gcuid ribín
dearg i n-eagar ina n-oifigibh daor, go dtigid ar bórd
chugainn mar is ceart agus mar is foirmeamhail. I
gcruthamhnas go bhfuil uain agam chun breathnughadh ar
an bhfeic is áille sa domhan, agus a dhearcadh i riocht is
go mbeidh sé in mo chuimhne agus in mo chroidhe. Inbhear
fhairsing an Derwent, sin é an chuan. Ar an taobh thiar
de atá an baile, agus garrdhanta agus tighthe galánta


L. 129


cois baile ar a chúlaibh, ar an gcnoc atá ag éirghe suas
agus é faoi choilltibh agus faoi mhion-ghleanntaibh go
sroichidh sé an meall mór dorcha cnuic dá ngoirthear
Cnoc Wellington. Shaoilfeá go bhfuil an taobh thoir bán
ar fad, agus tá a lán cnocáin ann agus tulaigh agus
iad faoi choilltibh; agus ag breathnughadh suas gleann
na habhann dom níl tada le feiceál acht cnoc agus
coill agus na cnuic ghorma i bhfad ar a gcúlaibh. Tá
fonn orm na coillte a shiubhal, agus imtheacht ó fhuaim
agus as amharc na mara, óir táim cortha dhi.



8°. — Daoine oifigeamhla ar bórd againn maille le
n-a gcuid páipéar agus dubhach agus peann agus ribín,
agus constáblaí freisin. Ní fheadar cé an sórt gnótha
atá ag dul ar aghaidh aca, óir fanaim istigh go dlúth in
mo chábán Acht cluinim rolla dhá ghlaodhach, agus na
príosúnaigh ag siubhal siar go deireadh na luinge ó
dhuine go duine agus a n-éadan nighte aca. Deir an
dochtúir liom nach mbeadh a fhios go dtí i mbáireach cad
is cor dhom-sa, ná cá gcuirfear mé. An teachtaireacht
shonnradhach fúm, cuireadh chun an ghoibhearnóra é ar ndóigh,
Sir Liam Mhac Dhonnchadha; acht ag fiadhach atá an duine
mór sin, agus ní móide go mbeadh sé ar ais i mbáireach
féin. An-ghlionndar atá ar na daoraibh cearta, deir
siad: táid siad le cur i dtír saor: agus tairgeadh
don dá réag is láidre dhíobh a bheith na gconstáblaibh ar
an oileán: tháinig an tairisgint amach chun na luinge
chuca. Deir an Doch. Mac Giobúin .i. an feadhmannach,
liom, bhí sé cheana annso, agus tá fios ar shlighthibh na
háite aige, agus ar fhurmhór na bhfo-chonstáblaí, go
mba daoir iad agus cuid de na hárd-chonstáblaibh;
agus ina cheann sin deir sé gurab iad na bitheamhnaigh
is cródhanta ar bith a toightear le cur sa bposta.


L. 130


Chífir, adeir an dochtúir liom, dhá réag de na bitheamh-
nachaibh is measa bhí ar an Neptune agus iad gléasta i
gcultachaibh gorma, fa cheann cúpla lá, agus gunnaí
aca, agus iad suidhte i n-ionad a mbéidh áirdeal
aca ort-sa agus ar do cháirdibh a tháinig amach romhat.



Gidheadh deir an Doch. Mac Giobúin go gcreideann
sé gurab é an t-órdughadh tháinig gan a bheith go han-
dian orm (níl fhios agam cén fáth a gcreideann sé sin)
agus gheall sé a dhul i dtír i mbáireach agus má's
amhlaidh gur istigh i lár an oileáin atá ceaptha dhom a
bheith i gceanntar consabal, gheall sé a dhícheall a
dhéanamh ag iarraidh ar an ngoibhearnóir mé fhágáil
i n-éinfheacht leis an Máirtíneach mar gheall ar dhonacht
mo shláinte. Shroich páipéir nuaidheachta éigin an long
ó Bhaile Hiobaird. Tá an Brianach go dlúth i
ndaingean fós ar oileán Mháiria taobh thoir den
Tasmáin; áit gharbh uaigneach é dhá mhíle dhéag ar
fad agus na dúnta is daingne ann dá bhfuil ag na
síléaraibh. D'eitigh sé an toicéad ceada uatha, ná a
fhocal a thabhairt nach bhféachfadh le n-éalodh; agus chuir
sé an-fhearg ar lucht ughdaráis na ndaor a dhaingne is
tá sé.



Chím ó na fuagraibh go bhfuil chúig long ar tí seoladh
fa láthair go Califórnia ó dhá chaladh-phort .i. ó Bhaile
Hiobaird ar an taobh ó dheas agus ó Launceston ar an
taobh ó thuaidh. Tá gnóthaí móra tréana ar siubhal idir
an Tasmáin agus San Froinnsiais, ubhla, inniúin agus
fataí na neithe is tréine curtar anonn as an tír
seo chuca. Gidheadh ní fuláir nó faghann Califórnia
meithil de na bitheamhnaigh is cródhanta ar dhruim an
domhain ón Tasmáin maille leis na cineálachaibh úd
glasradh. Bíonn “ocras neamhdha an óir” freisin ar
dhaoraibh a saortar.


L. 131


Tráthnóna. — Thug an dochtúir duine oifigeamhail go
dtí dorus mo chábáin leath-uair ó shoin, agus chuir
i n-aithne dhom é — Emmett a ainm. Oifigeach daor de
mhuinntir Emmett! Chuir sé teachtaireacht in mo ghlaic
ó dhuine dár teideal Árd-chisteoir, dhá rádh go mba hé
an t-órdughadh tháinig ó Rúnaire an Stáit, leigean dom
dul a chomhnuidhe i gceanntar ar bith consabal a
thogróchainn (cé is moite do na ceanntaraibh ina bhfuil
daingne mo charad) agus gan a bheith orm acht mé féin
a fhuagairt uair sa mí don ghiúistís consabal atá sa
gceanntar. Sin é an socrughadh a dtugtar toicéad
ceada air. Is tig liom glacadh leis nó gan glacadh
leis do réir mar thogrochas mé; nó má ghlacaim leis is
tig liom a thabhairt suas uair ar bith is maith liom; acht
ní mór dhom gealladh ar dtús nach n-éalóchad as an tír
an fhad is tá an toicéad agam.



Mar dubhairt mé cheana ní gheallfadh an Brianach;
acht gheall an Máirtíneach, an Dochartach, agus mac
Uí Mheachair. Cloisim go bhfuil cuid aca ag trácht ar
an sórt saorsachta atá aca a thabhairt suas, agus a
ngealladh a tharraing ar ais chomh túisge is bhéas a
sláinte ar ais aca ó bheith ag imtheacht cúpla mí fá na
coilltibh. An rud a rinne an chuid is mó de mo cháirdibh
sin é chinneas-sa ar a dhéanamh, mhór-mhór ó dubhairt an
Doch. Mac Giobúin liom gur gearr a sheasfainn é dá
gcuirthí isteach i ndaingean úiriadhta mé ar Oileán
Mháiria. Go deimhin is mór an fonn atá air mé a chur
i dtír, agus tá creideamhaint ag dul dó dar leis faoi
mé thabhairt beo an fhad so, d'éis deich mí i n-uaigneas
Bermuda dhom liom féin agus aon mhí dhéag eile agus
seacht lá dhéag ag sealtóireacht ar an Neptune.



Chuireas litrín go dtí an tÁrd-chisteoir, thugas


L. 132


d'Emmett dó í, ag geallamhaint nach n-éalóchainn an
fhad is bheadh an sórt saorsachta agam: agus mheabhruigh
Emrnett agus an dochtúir dhom litrín eile a chur chuige,
agus chuireas go rabhas go dona tinn; go rabhas tinn
le míosaibh agus nach rabhas i n-inmhe mé chur ar siubhal
liom féin go ceanntar i bhfad as láthair imeasg daoine
coimhightheacha. Tá an dochtúir leis sin a fhíorughadh go
hughdarásach, agus deir sé féin agus Emmett go
gcuirfidh an goibhearnóir go cinnte mé go háit dá
ngoirthear Bothwell mo chomhnuidhe. Is ann atá an
Máirtíneach. Leis sin d'fhágaibh Emmett mé. Deir sé
go bhfuil gaol aige le muinntir —; acht níl, níl ann
acht mealltóir.



Is cóireach an chosamhlacht atá ar Bhaile Hiobaird, ag
breathnughadh dhuit air ó'n bhfairrge. Tá cnuic áille ar
a chúlaibh. Tuige nach sgríobhfainn mion-chúntas faoi
anois anocht ó thárla uain agam, agus gan aon chion ar
leith ar áit ar bith agam le mé chur amugha? Sgríobh
Sterne treoir luachmhar don domhan ar an gcuma
sin.



Baile Hiobáird, Hiobárseach, Hiobartún. A arm-
lomradh, muinéal fada, léim d'iosgaid (kangaroo)
agus a phócadh follamh ag foghluighthe; agus an fabhaill-
sgéal so air: Sic fortis Hobartia crevit: .i. tré fheannadh
agus tré ghaduidheacht. Má's cóir géilleadh d'ughdar-
aibh an bhaile, agus níl aon aimhreas agam nach bhfuil an
ceart aca, ní raibh sa mbaile seo tráth acht baile beag;
agus ó is rud é go bhfuil tuilleadh agus fiche míle
duine na gcomhnuidhe ann fa láthair, is dóigh liom gur
mhéaduigh sé i leabaidh a chéile, nó go bhfuil an méad
ann anois atá — &rl.



Chuir sé iongantas an tsaoghail orm litir dfhagháil


L. 133


indiu ó Phádraig Ó Dhonnchadha (leigeadh dhó comhnuidhe
i gcathair Hiobáird) dhá rádh gur chuir sé páipéar nuaidh-
eachta, an tIrish Exile, ar bun agus ag iarraidh orm
páirt a thógáil leis san obair. Chuir sé cóip den
pháipéar chugam. Sin rud iongantach. Cad na thaobh go
leigeann lucht ughdaráis na ndaor dhó páipéar ar bith a
chur ar bun? Ná cé'n mhaith a mhac a samhail de pháipéar
annso dá mbeadh an fear ábalta ar a stiúradh féin?
Níl ann acht díth na céille ar fad a leithéid a dhéanamh;
acht is maith liom nach bhfuil aon bhaint ag ceachtar de
mo cháirdibh leis, cé gur sórt gotha ar a son é creidim,
do réir mar deir sé féin. Tá an tIrish Exile ga mo
mholadh go diabhalta: go dtarrthuighidh Dia mé ar ghothaibh
baramhla! Ar sheolas thart timcheall na cruinne, agus
an dtángas isteach i gcuainín annso san aigéan so
i bhfad ó dheas ionnus go dtiocfainn ar eagarthóir
ghasta 'na shuidhe ar mhullach glórtha árda agus é i n-aon
turas ag caitheamh molta isteach in m'éadan? B'fhearr
liom an stoirm is measa shéid ariamh ar na hIndiachaibh
Thiar a bheith ga mo chiorrbhadh, nó an gála is duibhe
a stróic na réigiúin theo, nó an sinneán is láidre
le n-ar bhíodhg an Mhuir Mheann, nó úm-ghaoithí na mara
thoir sa tSín, ná gaoth mhór mholta na réigiún so. Bhíos
tuirseach den fhairrge, dar go deimhin; acht níl gotha
baramhla ar fairrge ar chuma ar bith. Is minic Eurus
agus Boreas sáthach garg, acht san áit is mian leo
séideadh séidfidh siad, agus táid siad neamhspleadhach
le Árd-chisteoir.



Is féidir a rádh ar ndóigh nach dtáinig Bhirgílius liom
ar an gcúntar sin, é féin agus a Árd-chisteoir AEolus
agus a quos ego.



Acht goidé an bhrígh sin? Ar ndul a chodladh dhom


L. 134


anocht tá an dia-mhasladh in mo chroidhe agus mé ag
easgainidhe ar mhuir agus ar thír.



12°. — 'Mo shuidhe dhom ar bhruach srutháin, agus an
sruth úr-uisge glan ag rith le fána go hárd-ghlórach.
Na crainn ag corughadh os mo chionn, agus an ghrian ag
sgairteadh tré n-a nduilleabhar, agus eangach bhreac
dhá dhéanamh ag an sgáile ar an talamh. Seo é Both-
well, sé mhíle is dá fhichid ó Bhaile Hiobáird, ón
Neptune agus ón bhfairrge, agus mé go hárd ar na
cnocaibh i lár na Tasmáine. Tá an Máirtíneach ón
Locharn, tráth, 'na shuidhe ar m'aghaidh, ag caitheamh tobac
go sásta agus é ag silleadh go hait orm le n-a shúilibh
soineanta.


L. 135


AN 5° CAIBIDIL X



Aibreán 13°, 1850. — Trí fichid teach, nó deich dteach is
trí fichid atá i mbaile seo Bothwell, áit i bhfuil an
Máirtíneach agus mé féin 'nár gcomhnuidhe fa lathair ar
an toicéad ceada. Tá teampoll ann, mar a mbíonn
paidreoireacht ag cléir Eaglaise Shasana agus ag cléir
Eaglaise Alban, duine aca ar maidin Dia Domhnaigh
agus duine eile tráthnóna. Tá cheithre tighthe móra ósta
ann; agus is fearr go mór an aire atá dhá thabhairt le
n-a gcothughadh san ar an modh deontach, agus is liaghaidhe
duine bhíos ionnta ná mar bhíos san teampoll. Tá
teach posta ann; a lán tighthe siúinéaraí agus ceardchaí
do na daoinibh atá na gcomhnuidhe sa gcomhursanacht;
oifig consabal agus sluaigh-theach agus giúistís na maor
i gceannas na háite.



Tá an baile suidhte i ngleann atá trí nó ceathair de
mhíltibh ar leithead agus a dhá fhad ann agus é trí chéad
déag troigh ós cionn na fairrge; agus cnuic gharbha
faoi choilltibh thart timcheall air agus iad tuairim agus
1,000 troigh níos áirde arís. Tá an abha bheag an Clyde
ag rith ó dheas thríd an ngleann, agus dhá mhuileann
uirthi. Tá eas ar an gClyde dhá mhíle síos ó Bothwell
agus í chúig troighthe agus dá fhichid ar áirde. Tá an
t-uisge ag tuitim síos le fána i gcoire mhór idir
charraigreacha árda, agus téigheann sé isteach i n-uachais
chumhang annsin idir bhruacha árda chlochacha, agus ritheann
amach go mear arís, agus sé mhíle dhéag taobh thíos


L. 136


de sin téigheann thar bhaile eile a bhfuil an t-ainm
Lanarkshire Hamiltún air, agus as sin síos leis an
sruth ó dheas go ritheann isteach san abhainn mhóir dá
ngoirthear an Derwent agus sin í an abha a ghlacas uisgí
na réigiún árda atá i lár an oileain. Albanaigh is mó
atá 'na gcomhnuidhe sa ngleann áirithe seo agus sin é
thugas do na hainmneacha Albanacha bheith ar na háitibh.



Gidheadh is ceanntar consabal é Hamiltún leis
féin agus é taobh amuigh de thórainn ar ndúin-ne. Tá
ceanntar Bothwell ag síneadh ó thuaidh feadh cheithre
mhíle fhichead go tráigh Locha Corráin agus go tráigh
Locha Sámhaidh; agus taobh thall de na lochannaibh atá
tórainn cheanntair an Dochartaigh agus mhic Uí Mheachair.
Sé an sruth Iorthanán tórainn thoir cheanntair Bothwell,
agus sruth níos lugha na an Clyde é sin. Chuadhas thairis
cúpla lá ó shoin i ngan fhios dom féin agus mé ag
teacht annso, óir bíonn áit an tsrotha tirm i gcomh-
nuidhe acht sa ngeimhreadh. Sroicheamuid siar go sruth
mór na Sionainne, agus ritheann sé sin tré uaigneas
agus tré aduantas na gcnoc agus na gcoillte idir
bhruacha árda go snigheann isteach san Ouse, ribhéar is
sia siar arís, go dtéigheann an péire aca isteach sa
Derwent céadna. Taobh thiar de na haibhnibh sin tá
réigiún lom doicheallach nár cuartuigheadh ariamh agus
é mar bhórd urárd talmhan 4,000 troigh ar áirde, go
fairrge siar.



Rinneamar cnoc de na mion-chnocaibh a strapadh
indiu agus fuaramar radharc breagh ó n-a mhullach ar
shléibhtibh gan chríoch agus iad faoi choilltibh, agus sliabh
adhbhal-mór thiar-ndeas díobh agus é faoi shneachta
cheana cé go bhfuil sé ina fhoghmhar the annso.



Cineál éigin guma atá is na crannaibh go léir; iad


L. 137


árd toirteamhail, acht gan mórán géag ná duilleabhar,
agus ní fhaluigheann na billeoga na crainn acht go
dona. Gidheadh is tiugha ná sin an duilleabhar atá
ortha is na gleanntaibh fairsnge; agus sé an cineál le
n-a ráidhtear an guma dubh atá ar bhruach na n-abhann
agus tá duilleabhar trom air-sean, chomh tiugh beagnach
is tá ar chrann sleamhain nó ar chrann bán na hEorpa.
Tá doirí móra mimósa, gum cleithe atá ag muinntir na
tíre air, ar leicnibh chuid de na cnuic, agus crann fíor-
chrothach síor-uaine é, acht go bhfuil an bláth órdha bhíos
air tuitthe dhe anois ina shéasúr. Tá an t-aer tiugh
le cumhracht na gcrann guma so, agus é soillseach
ag clumhach solusta na bpíoróidí bhíos ag sgartadh le
gréin mar bheadh geamaí, ar n-eiteall dóibh ó choill
go coill.



Táim ag neartughadh gach uile lá. Agus má's é
an t-aer bog úr cumhra atá ar chnoc agus i gcoill
annso atá ag cur na fola ag rith níos teinne agus níos
teo tré mo chuisleacha, nó comhrádh neamh-ghnáthach mo
shean-charad atá ag a m'aithbheodhchan féin as a nua,
nó má's de bhrígh go bhfuilim ag siubhal arís ar an
dtalamh bláthmhar mháthardha d'éis dhá bhliadhain a chaitheamh
dhom ag luasgán ar an sáile lom-ghoirt — óir bíonn
an talamh máthardha ag síor-chur cumhracht na beatha
dhi, ó n-a míltibh míle bláth; ag síor-sheinnm a dánta
agus iad ag cogarnaighil i mbarraibh na gcrann, agus i
bhfuaim na sroth, ag tuitim le fána dhóibh, níl a fhios
agam cé aca atá dhá dhéanamh dhom, acht is cinnte go
bhfuil sórt áthais orm. Bím ag iarraidh síor-dhubh-fhearg
a choinneál orm féin acht níl aon mhaith dhom ann: ní
dhéanfaidh sé cúis. Ní haon mhaith dhom cuimhniughadh
(mar deir Mac Giobúin) go bhfuil sé de dhualgas ghéar


L. 138


orm gan dearmad a dhéanamh go bhfuilim i gcró dhá
ríribh, i long príosúin, nó i ndaingean, gidheadh níl
is-na sléibhtibh aosta so, ná is-na coilltibh craobhacha
acht ballaí Carthagíneacha príosúin agus sgáilí na
néall ag rith ar a bhfuaid; na héanlaith geala ioldathacha
atá annso ag luasgadh os mo chomhair níl ionnta acht
éanlaith nach bhfuil de shaorsacht aca acht toicéad ceada,
agus nach bhfuil aca acht saorsacht cóibhchéimeach; acht níl
maith ann — tá éadtruimeacht éigin i n-anam an duine
nach leigfidh don éadóchas greim dfhagháil air. Is maith
adubhairt an Bhean-uasal Eileanóra é: Nuair is measa
bhíos an croidhe ag bíodhgadh bíonn íoc-shláinte aige
sa bhforaois; bíonn íoc-shláinte aige sa bhforaois dá
phian — ar an bhean-uasal Eileanóra.



Pé aca sin é tá an Máirtíneach ag siubhal le mo
chois; agus níor chualais go h-iomdha aca an sruth
cainte atá aige. An corr-amharc a fuaras ar imtheacht-
aibh na héirghe truaighmhéileach amach, ar mbeith dhom i
ngéibhionn ar muir, níor mhór tuilleadh a chur leis:
agus chaith seisean ráiche i nÉirinn 'mo dhiaidh-se. Ráiche
náireach freisin!



An triúr méirleach a bhfuil a ndaingne is-na ceann-
taraibh thart leis an gceanntar so ar an Loch Sámhaidh, is
cosmhail gur gnáthach leo a theacht chun a chéile uair sa
tseachtmhain nach mór ag na lochaibh seo, rud ar ndóigh
atá i n-aghaidh riaghail, acht ní bhacann lucht an ughdaráis
leo, óir ní thiocfaidh aon díoghbháil mhór dar leo d'im-
pireacht Shasana thríd go haibéil. Agus tá an Máirtín-
each le mé a threorughadh i mbáireach gus an ionad
coinne; óir ar a theacht dom sgríobh sé ar an toirt
boise go dtí an bheirt eile go bhfuagruigheadh lá an
tionóla. Tá capaillín glas ag an Máirtíneach; tá


L. 139


capall an duine ag an Dochartach agus ag mac Uí
Mheachair; agus ó thárla gan ceann agam-sa fós dom
féin, táim le aimsir a chur ar cheann i mbáireach ó fhear
den bhaile. Sgárdas sruth cainte ar an Máirtíneach
tráthnóna anocht, agus sinn nár suidhe os comhair tein-
eadh adhmaid agus sinn ag caitheamh tobac go saoilfeá
gur dhá shliabh sinn a bheadh tré lasadh. Támuid ar
lóistín i mbothán néata den bhaile, ag bean a stiúras
buidhean ceoil an teampoill Dia Domhnaigh. Tá aire
mhaith dhá thabhairt aici dhúinn; agus níor bhfada bhíos sa
teach aici gur innis sí dhom go dtáinig sí amach saor,
ionnus go mbeadh a fhios agam go mba duine meas-
amhail í; óir is é is paition uaisleachta sa Tasmáin
a theacht amach saor. Rí fear saor annso; agus is
ionann na daoir annso agus na daoine dubha i gCari-
líona ó dheas.



Ní fhacas fós ceachtar de na comhursanna .i. de
mhuinntir na tíre seo fós; acht deir an Máirtíneach
liom gur thug a bhfurmhór cuairt cheana air agus go
rabhadar go laghach leis ar feadh na gcúig mhí do bhí
sé annso leis féin. Gidheadh is beag mo shuim i gcomh-
luadar fós ar nós ar bith. Acht is mór an sásamh nach
gcreideann na Sasanaigh ná na hAlbanaigh measamhla
deagh-oilte atá annso gur méirligh sinn. Is dána an
mhaise dhóibh sin a mheas i n-aghaidh a riaghaltais féin féin,
acht is mór an sásamh agus an tairbhe dhúinne é.



Thug an Máirtíneach roinnt leabhar amach leis agus
cuirid féin agus an beairtín beag a bhí agam-sa cosamh-
lacht liteardha ar an teach beag lóistín. An-fhear é an
Máirtíneach: thug sé cluas mhór dhom anocht agus mé
ag caint. Tá súil agam go bhfuil feabhas ar a aigne
agam.


L. 140


Ar a hocht a chlog ar maidin i mbáireach gluaisfimid
go both aodhaire áirithe tréad atá láimh le Loch Sámhaidh
go n-athchasamaoid dá chéile.



15. — Loch Sámhaidh. Ros Chinn an Mhadaidh nó Cynos-
cephaloe. Ba fuar feannta an mhaidin í an mhaidin
indé, an chéad mhaidin gheimhridh bhíos aca is cosmhail sa
Tasmáin. Thosuigh sé ag báistigh go huathbhásach sul
d'éirigheamar agus bhí an spéir go léir dorcha. Bhí
cosamhlacht gharbh ar an lá, agus ba léar dhúinn gur
sneachta bhí ag tuitim ar na cnuic thart timcheall an
ghleanna i n-áit fearthainn. Mhol ar mbean tighe dhúinn
agus a fear chomh maith mholadar dhúinn gan corughadh
amach ar eagla go gcuirfeadh na fuarlaigh stad linn
isteach sa tír árd; pé aca sin é bhíos go han-lag agus
go faitcheach cé go rabhas ag teacht chugam féin.



D'fhanamar go meadhon lae; acht thárla nach raibh
aon aiteall aige an uair sin acht é níos measa arís,
chinneamar ar tabhairt faoi agus a dhul ar marcuigheacht.
Ghluaiseamar linn soir-dtuaidh an gleann. Gleann
cothrom, gainmheach é, atá foluighthe le féar géar a
bhfuil dath buidhe air agus é triomuighthe agus crainn
i bhfus is tall ann. Chuadhmar thar theach deas cloiche
d'éis cheithre mhíle siubhail dúinn agus go leor tighthe
beaga le n' ais do dhaoraibh agus do lucht ceirde bhíos
ag teastáil ar fheilm ar a dtógtar caoirigh. Ag fíor-
bhun an chnuic le n-a ráidhtear Cnoc na Ginne atá sé
suidhte, agus feiceál breagh uaidh ar an machaire atá ar
a bhéalaibh, agus ar na sléibhtibh i gcéin ó dheas.



Sin é Baile Dhonnchadha, dún an Ruiséalaigh é. Ó
Albain eisean, agus cara maith don Mháirtíneach, acht
chuadhmar thairis gan seasamh, tré bhuaile mhór ghlas,
a bhfuil stáblaí agus botháin na bhfear oibre thart tim-


L. 141


cheall air. Ar an toirt a ndeachamar thairis sin tháng-
amar sa gcoill fhiadháin, agus suas linn bléin cnuic
taobh thall. D'athruigh an bháisteach go sneachta annsin,
agus ar feadh mílte bhí an sneachta dhár ndalladh réir
mar chuadhmar ar aghaidh, go nár fhéadamar aon aithne
áirithe a chur ar an tír. Bhí fhios agam gur ag dul suas
i gcomhnuidhe a bhíomar, sé a raibh ann é; go raibh sé go
han-dorcha agus go raibh sé ag casadh isteach agus amach
idir na carraigreacha agus na crainn, agus gach uile
mhíle dhá dtéighmís gur ag dul i bhfiadhántas atá na
coillte, agus na crainn loma tuitthe treasna an
chasáin; agus déarfainn fa dheireadh nach bhfacas ariamh
dar liom feic chomh sár-uaigneach.



Acht bhuaileamar linn, agus dubhairt an Máirtíneach
dá sroicheamaois leath-bealaigh go Loch Sámhaidh go dtioc-
fadh linn filleadh dá dtogruighmís. Chúig mhíle dhéag ó
Bhaile Dhonnchadha chuadhmar thar fhál gharbh smután, agus
annsin chonncamar os ar gcomhair machaire fairsing dhá
lán-mhíle ar leithead agus crainn mhórdha dhá óirneadh
acht go rabhadar gann ann, mar na páirceanna fairsnge
d'fheicfeá i n-áitibh i nÉirinn. Agus cé go mba lom go
leor a bhí sé indé nuair a bhí an sneachta séidthe ag
feannadh na gcrann, b'fhorusta aithne go rabhamar ina
mhalairt de thír faoi seo. Le sgéal gearr a dhéanamh
dhe do bhíomar ar bharr an strapadh fada, agus sinn
anois ar an mbórd árd ina raibh an dá loch. Thiomáin-
eamar linn isna cosa i n-áirde treasna an mhachaire,
agus an sneachta séidthe glan díreach i n-ár n-éadan,
agus bhíomar ar bhruach abhann taobh thall de réimse
talmhan a raibh coillte tiugha garbha air i gcosamhlacht.
An Clyde arís, arsa mo chompán liom, níl idir sinn
agus barr Locha Corráin, an áit i dtéigheann sí amach,


L. 142


acht ceathramha míle; acht níl aon fheiceál agat ar an
loch ag an gcoill, tá sí chomh tiugh sin.



Chuadhmar treasna na habhann ar dhroichead gharbh
adhmaid a rinne cuid de mhuinntir na tíre leis an
eallach a thabhairt ón tír árd sa ngeimhreadh go dtí
an tír íseal; agus annsin ar feadh cheithre mhíle ba garbh
docamhlach an talamh a bhí romhainn agus sgeacha sgagacha
tiugha air agus sean-chroinnte tuitthe le fada treasna
sa mbealach. Ní raibh créatúr beo le feiceál i n-aon
áit; acht cúpla caora d'fheicfeá ó am go ham ar
fasgadh faoi sgáth na féithleoige (óir is do chaoirigh atá
na réimsibh talmhan so roinnte); ní raibh fuaim ann acht
feadaighil na gaoithe, agus sgreadach agus cneadach na
gcrann.



Tá feicsin againn anois ar Loch Corráin ar thaoibh na
láimhe deise; agus ní raibh lorg ná treoir againn ar an
tslighe ar feadh trí nó ceathair de mhíltibh, acht amháin le
amharc a choinneál ar an loch dúinn ar an láimh dheis
nach bhféadfamaois gan a theacht ar shruth ghearr atá ag
rith idir an dá loch. Agus sin é an áit i raibh an bothán
mar a bhfuighmís duine daonna, dearbhadh dhom; dí-
threabhach de mhuinntir Chúipéar a thiubhradh stiall chaorach
dhúinn agus treorughadh ar an mbealach.



Leigeas orm féin go dtí seo nach raibh aon tuirse
orm agus go raibh ionam achar ar bith a mharcuigheacht;
acht ba léar anois an lagar a d'fhág mo dhá bhliadhain
príosúntachta orm. Thug mo chompán meisneach dhom,
dhá rádh go rabhamar i bhfuisgeacht dhá mhíle do thigh an
Chúipéaraigh. Rángamar talamh cothrom osgailte arís
áit a dtiocfadh linn na capaill a chur isna ceanntair.
Shroicheamar réimse íseal talmhan fa dheireadh leith-
mhíle ar treasna agus bhí an Loch Corráin ar an láimh


L. 143


dheis agus Loch mhór Sámhaidh ar an láimh chlé. Is áluinn
an píosa uisge é, chúig mhíle dhéag ar fhichid thart tim-
cheall ann, acht go bhfuil casacha móra isteach 's amach
san imeall, agus roinnt rosa árda, inis bheag fa choill-
tibh agus sraith bhreagh de shléibhtibh árda ar an taobh ó
thuaidh. Bhí dath dubh ar uachtar an uisge i gcosamhlacht,
agus smut feirge air; bhí aiteall beag ann ón sneachta,
acht thosuigh sé arís níos déine ná riamh, agus chonncas
fa dheireadh, agus ba mhór an sásamh aignidh dhom é, an
deatach ag éirghe imeasg na gcrann. Ar chiumhais an
riasga annsin go díreach san áit a raibh an sruth ag im-
theacht go mall as Loch Sámhaidh go Loch Corráin, bhí
bothán beag déanta de smutáin cruinne agus féar
mar dhíon air — an chéad aitreabh daonna chonncamar ó
d'fhágamar Baile Dhonnchadha.



Cloiseadh torann cos na gcapall agus leis sin
tháinig fear tanaidhe grinn tuisgionach do réir chosamh-
lacht amach, é timcheall le dhá fhichid bliadhain d'aois
agus gruaig fhionnruadh air agus ionar gorm olna an
t-éide is gnáthach d'aodhairibh agus do lucht choimhéadta
tréad san áit-se. Chuir sé fearadh na fáilte romhainn
agus dubhairt ar an toirt go raibh mac Uí Mheachair
agus an Dochartach ag fuireach linn feadh an lae tigh
Townsend. Bothán eile é tigh Townsend cheithre mhíle
níos fuide ó láthair, i gceanntar an Rosa. Is é an
gnáth-ionad coinne é, mar is fearr an teach é ná é seo
agus tá níos mó seomraí ann. Acht ar thuirling dom
go suidhinn tamaillín ag teine an Chúipéaraigh, bhíos
chomh cortha sin agus nach raibh ionam dul níos sia.
Leis sin d'imthigh an Cúipéarac ar chapall dar gcaiplibh-
ne go n-iarradh sé ar ar gcáirdibh teacht chugainne ó
thárla nach raibh ionam-sa dul chuca-san.


L. 144


Ná leigidh as an teine a dhaoine uaisle, arsan
Cúipéarach, agus é ag fásgadh na diallaide, go n-oll-
mhuighidh mé an tae agus an fheoil ar filleadh dhom, agus
rachad-sa i mbannaibh go mbéidh na huaisle eile annso
fa cheann uaire. Chaitheamar tuilleadh adhmaid ar an
teine agus thosuigheamar ag triomughadh ar gcuid éadaigh.



Bhí an oidhche ag tuitim faoi seo, mar bhíomar cheithre
huaire go leith amuigh; agus bhí an dorchadas ag teacht
go mear nuair chualamar trí cinn de chapaill ag teacht
sna cosa i n-áirde, agus chualas gáire mór a d'aithnigh-
eas go maith. Chuadhmar gus an doras, agus noiméad
na dhiaidh sin thuirling mac Uí Mheachair agus an
Dochartach, agus ar mbeannughadh dhá chéile dhúinn —
agus níl fhios agam an é an chroidheamhlacht a rinne
dhúinn é nó é bheith de chontráilteacht ionainn, acht
- thosuigheamar go léir ag sgartaighil gháiridhe go
dtiubhramaois ba bodhra as coilltibh, agus bhíomar ag
gáiridhe chomh hárd-ghlórach sin agus chomh fada sin gur
sgannruigheamar dhá éinín coille as na giolcachaibh le
ciumhais na locha: d'imthigheadar-san go bhfághaidís ionad
níos ciúine ná bhí aca.



Acht cé go mba croidheamhail, árd, géal-gháireach na
gáiridhe iad an tráth sin, déarfainn go raibh dubrón
éigin ionnta, na dhiaidh sin. Acht bíonn an croidhe
brónach féin nuair bhíos duine ag gáiridhe; agus bheadh
sé chomh feileamhnach dhúinn a bheith ag easgainidhe agus
ag caoineadh an uair chéadna le bheith ag gáiridhe.



Is úr lúthmhar fhéachas an bheirt sin ar longais. Ní
fhacas Caoimhghin Ó Dochartaigh riamh roimhe sin acht uair
nó faoi dhó: is breagh díreach uasal an fear óg é agus
dath buidhe air ó aer agus ó obair.


L. 145


Thugamar dhá mhám coirce an ceann do na caiplibh,
gach a raibh againn, agus thiomáineamar amach iad agus
cead aca fasgadh agus greim le n-ithe d'fhagháil mar is
fearr ab'fhéidir leo é. Pé aca sin é tá uirlios mór
thart timcheall an bhotháin, fál air de phostaibh, agus
ráillí trasna ortha, agus chasamar amach na capaill
bhochta san uirlios sin, agus bhí sgrúpall orm féin
ar chuma ar bith faoi n-a dhéanamh. Gidheadh sin é an
cleachtadh atá ag caiplibh na háite seo, agus is annamh
curtar ar stábla sa ngeimhreadh féin iad. Agus tá
na mion-chrainn chomh tiugh sin ann agus go mbíonn
fasgadh maith fútha ag gach uile chineál beithidheach: dris-
choillte an ghuma cleithe agus an fhéithleog thiugh throm a
ghníos an sgáth dhóibh. Itheann capaill freisin duilleabhar
agus barra óga an dá chrann sin má bhíonn an talamh
faoi shneachta, caoi gur rí-annamh bhíos i n-áit chomh hárd
féin leis seo.



Ar an bhfad sin, an fhad is bhíomar ag breathnughadh i
ndiaidh na gcapall bhí an Cúipéarach ag róstadh spóllaí
caoirfheola agus ag gléas tae dhúinn i gcanna gan
clár — caoirfheoil tae agus sudóg béilidh na maidne
faoi'n sgeich, agus caoirfheoil sudóg agus tae béilidh
an tráthnóna. Níl sa tsudóig acht cáca mór leathan
plúir fuinte as uisge, agus é a bhácáil sa ngríosaigh ar
an teallach. Shuidheamar fúinn ar bhunannaibh crainn
guma, agus chaitheamar ar mbéilidh ar nós ar gcéad
shinsir, óir ní raibh ag an gCúipéarach acht aon sgian
amháin agus aon ghabhlóg amháin; acht bhíomar stiúctha
leis an ocrus agus tá an-cháil sa gcomhursanacht ar an
gCúipéarach, is cosmhail fa n-a fheabhas agus tá sé i
n-ann spólla feola a róstadh.



Ar Éirinn a chaitheamar an t-am ag caint, ar phríosún


L. 146


an Gheata Nua agus ar phríosún Risemond, agus ar an
mBrianach; agus ba gearr go rabhamar dá ríribh. Is
mór a bhí le foghluim fós agam, cé gur casadh Mac
Maghnusa dhom ag teach ósta cois bóthair sul rángas
Bothwell i n-aon chor, agus d'innis seisean dom gach a
raibh fhios aige. Chúig mhí go díreach atáid siad sa Tas-
máin; agus deirid liom go bhfuil an tÁrd-chisteoir agus
a fho-oifigeacha go han-dian ar an mBrianach agus go
drochmhúinte leis. Ní géire an géibhionn a bhí orm féin i
mBermuda ná mar bhí air tamall; agus ní leigfidís
dhó coruighe nó gur fhuagair an dochtúir dhóibh go raibh sé
ag cailleadh na sláinte; gur bhogadar dhe annsin agus
leigeadar dhó dhul ar fud páirt den oileán trátha
áirithe agus consabal armtha le n-a chois. Litir ar bith
a sgríobhas sé go dtí ceachtar den mhuinntir eile nó
iad-san chuige-sean osglann na daoine oifigeamhla í;
agus bhíodar ar feadh i bhfad chomh dian, géar sin air
agus nach dtiubhraidís dhó na tudóga a cuirtí chuige go
gnáthach ó Bhaile Hiobáird. Fear atá leis féin agus a
ndeacha gaimh ann cheana ón doibheart agus ón éagcóir
a himreadh air, is mór a dhéanfadh rud chomh suarach sin
féin a ghearán. Tá fearg shonnradhach ag an Árd-chis-
teoir leis, Hampton a tugtar air-sean, de bhrígh nach
dtiubhradh an Brianach an urraim dó a chuireas sé faoi
ndeara do na daoraibh cearta a thabhairt dó: agus
ó thárla nach bhféadann sé sinne a bhualadh ná a sgiúr-
sáil, ná obair throm a chur orainn dhar smachtughadh mar
is gnáthach leis a dhéanamh le daoinibh eile, féachann an
cisteoir le n-a dhignit a chur i n-iúl ar chaoi éigin, agus
tá sé ag déanamh a dhíchill d'fheacht is d'áirithe go bhfagha
sé an ceann is fearr ar a chime mhórdha. Is cosmhail
gurab í sin ceird an duine; agus ní mór linn go léir


L. 147


maireachtáil: acht nár bhfearr don Bhrianach cródha dá
gcuirtí urchar thríd i mBaile an Gharrdha, nó dá gcrochtaí
é ag béal doruis príosúin an chonndae i gCluainmeala?



Cé go rabhamar sáthach spleodrach ar dteacht chun
a chéile dhúinn ag na lochannaibh agus meidhreach go leor,
ba gearr go rabhamar sáthach duairc; agus mhéaduigh sé
an brón orainn nuair thosuigheamar ag cur síos ar na
Gaedhealaibh in Ameiriocá a bheith ina ndreamannaibh
achrainn agus gurab é an t-adhbhar tábhachtach achrainn
a bhí aca cér bhé an fear ba cumasaighe agus an laoch ba
glórmhaire a bhí páirteach sna gnóthaibh mí-ghlórmhara úd
na hÉireann sa mbliadhain '48; agus dar le gach aoin-
neach díobh má cháineann sé an chuid eile againn go
n-árduigheann sé clú a mhairtír áirithe féin — chomh maith
agus nach bhfuilmíd sáthach íseal agus sáthach trasgartha
ag riaghaltas an námhad. Is cosmhail go bhfuil mo
dhream féin agam-sa, agus dream níos láidre ná sin
ag mac Uí Mheachair. Dá bhféadadh ar ndá dhream leath
ar leath amharc d'fhagháil orainn, agus sinn ag cur síos
ar an gcomórtas tábhachta, agus a dhubrónaighe agus
bhíomar ag iarraidh bheith ag gáiridhe faoi n-a chéile
trasna na teineadh adhmaid i mbothán beag iargcúlach i
gcoilltibh dheiridh an domhain, b'éidir go mba fuaradh
mór ar a mbruth é.



Ar bhféachain amach dhúinn ar maidin indiu ar an
sneachta agus ar an bhfiadhántas fuaramar go ndeach-
aidh na capaill go léir thar an bhfál agus go rabhadar
amugha orainn isna coilltibh. Bhuaileamar amach agus
chaitheamar uair ar a lorg, thart sa tír aimhréidh sin atá
idir an dá loch. Fuaramar fa dheireadh iad i n-áit a
raibh an choill tiugh, agus iad ar fasgadh faoi na féith-
leogaibh agus corr-phlaic dhá bhaint aca as an duilleabhar


L. 148


- ba suarach an béilidh é. Thiomáineamar isteach iad;
agus d'éis ar gcéad-phroinn d'fhagháil ón gCúipéarach,
chuadhmar ar marcuigheacht agus d'imthigheamar go ráng-
amar Cloigeann an Mhadaidh. Ros breagh é seo atá ag
síneadh amach sa loch feadh míle, agus crainn uaisle
thart le loch air. Tá teach cloch ar an taobh ó thuaidh de
Chloigeann an Mhadaidh i ndólán clúthmhar ann. Aodhaire
caorach atá i mbun a thréad ag fear de na Cléirigh, is
leis an teach, agus is leis an gCléireach sin taobh thoir
den loch ar fad. Sgairt an lá amach go háluinn agus
go geal. Um an dá bhuille dhéag bhí an sneachta leaghta
agus bhí uachtar an locha chomh mín le sgathán. Chonncamar
a lán beanna garbha faoi choilltibh ar ar mbéalaibh; agus
tá le rádh gur tír doi-eoluis críochnuighthe í an taobh
tíre sin, gur ar éigin is féidir dul thríthe, go bhfuil sí
lán de “dhiabhalaibh dúthchais” agus de “thíogaraibh
dúthchais.” Dhá chineál ainmhidhe urgránna foghlach iad-
san timcheall méad madaidh caorach agus déanaid an-
tsléachta ar an tréad amanna. Thugamar linn an
báidín a bhí ag an stad so gur iomramar anonn don
inis, agus uaidh sin go cuan ciúin eile i n-áit a bhfuil
tráigh gainmhidhe. Tráigh na Néamhann atá ag na haodh-
airibh uirthi, mhar gheall ar a bhfáightear de néamhannaibh
beaga áilne agus de chlochaibh beaga buidhe luachmhara
amanna sa ngaineamh ann.



18°. — Sgaramar le chéile indiu agus beagán dá
fhonn orainn, agus gheallamar a bheith san ionad coinne
arís an tseachtmhain d'éis na seachtmhaine seo chugainn,
agus chuadhmar gach aoinneach a shlighe féin. Do ghabh
iongnadh mé indiu, ar mbeith don tsneachta imthighthe
agus na coillte ag deallramh sa ngréin, go mb'fhacthas
dom cheana go raibh an tír go lom agus go huaigneach.


L. 149


D'imthigheamar le ciumhais Chnuic an Bhuird agus faoi
na chuid álltracha árda díreacha; agus thángamar amach
fa dheireadh ar leiceann Chnuic na Ginne. D'fhéachamar
síos ar ghleann Bothwell, agus is geall le sórt baile
dhom é cheana féin, dar liom. Is leathan áluinn an
feic é ón áit seo — foraoiseacha agus sléibhte gan aon
chríoch leo ann; agus rúinníní beaga d'áitibh glan
annso agus annsiúd ann, gur cosmhail le spotaí
droch-mhúinte iad a bhí ag cur isteach ar an aduantas
bunaidh agus nach raibh fáilte ar bith rompa. Bhí dhá
iolar ag eiteall go mórdhálach i n-áirde os ar gcionn,
agus dhá shnag breac bhána le clos go soiléir mar
fhuaim ó bhuabhall thíos sa duilleabhar tiugh i bhfad
uainn. Cé gur snag breac atá ag daoinibh na tíre seo
ar an éan níl a leithéid le fagháil sa domhain tuais-
ceartaigh. Gurab in críoch ar mo chéad chuairt ar Loch
Sámhaidh; agus is rí-mhaith liom nach bhfuaras go raibh
ceachtar de mo cháirdibh claoidhte. Ní dóigh liom go
bhfuil an cluiche thart fós.


L. 150


AN 6° CAIBIDIL X.



Bothwell, Aibreán 20°. — Táim d'éis a bheith ar fud
cheanntair Bothwell ar gach uile thaobh agus Seán Knox
(sin é an t-ainm atá ag an Dochartach ar an Máirtíneach
i gcomhnuidhe) ga mo threorughadh. An chruth agus an
déanamh céadna atá ar na cnocaibh — iad ag éirghe do
réir a chéile ar thaobh, agus áill ghéar árd agus í 'na
beannaibh briste ar an taobh eile: agus is cosmhail gach
uile thulach ann le Cnoc an Bhuird sa méad sin, nó leis
na dromanna adhbhal-mhóra atá san iar-ndeas. Níor
facthas ariamh i n-aon tír cruth agus déanamh ar chnuic
agus ar ghleanntaibh chomh mór i gcosamhlacht a chéile
agus táid siad annso. Tá leac an-leathan cloiche
gainimh le bun na gcnoc, agus í caithte i gcruth agus go
bhfuil uachaiseacha innti ar aghaidh na mbeann n-árd.
Tá meall de charraig uaine os a cionn sin le gach uile
chnoc, agus í ag éirghe suas go mullach an chnuic. Is
minic go mbíonn an charraig uaine ag éirghe ina
coirthibh garbha mar na coirthí atá i gCnoc an Bhuird.



Thiomáineamar ar na caiplibh go réigiún uaigneach
ar a dtugtar an Cnoc Gorm, agus gan ann acht
sraith mion-ghleannta beaga i ndiaidh a chéile taobh
thiar de chnoc árd atá mar thórainn leis an ngleann.
Chuadhmar go dtí an chéad áitreabh a casadh linn:
teach beag adhmaid é atá cineál suarach déarfá; acht
tá sgioból mór agus croithe i n-aice leis. Rinne
Seán Knox ar an teach mar bheadh duine ann a


L. 151


mbeadh eolus maith ar an mbealach aige; agus bhí
fearadh na fíor-fháilte roimhe ag an áitreabhaigh. Cionaoth
Mac Coinnigh as conndae an Rosa i nAlbain é, agus
é i bhfad san áit. Thug isteach sinn, chuir ar gcapaill
ar stábla, chuir mise i n-aithne dá mhnaoi (de mhuinntir
Raith ise), bean árd laghach, fhíor-Ghaedhealach í, agus
is fearr uaithi an Ghaedhealg a labhairt ná an Béarla, cé
gur chaith sí deich mbliadhna fichead san áit. Ní raibh sí
riamh i mBaile Hiobáird ó chuaidh sí thríd ar dteacht
annso dhi, agus is iomdha bliadhain ó bhí i mBothwell
féin, ar gcathair oireachuis-ne. Muirighin fíor-Ghaedh-
alach Albanach é seo atá ag iarraidh gleann Rosa
Albanaigh a dhéanamh faoi áirdeanna an domhain deis-
ceartaigh. Tá túirne na sheasamh sa bpárlús. Tá
sean-mhiodóg árd-chumhduighthe ar crochadh ar an mballa.
Tharraing duine de na cailínibh as a truaill dúinn í,
agus annsin chuir ar ais arís í ar an modh Albanach, sé
sin tré chasadh dhocamhlach ghrásamhail a chur ina righ.
Cuireadh bainne fíor-mhilis os ar gcomhair, a shamhail sin
a bhíodh i gcuachaibh Albanacha ó éag Chionaoith Mhic
Ailpín; agus tráth ar shuidheamar thart timcheall an
bhuird agus chualas Cailean, Sinéad agus Cionaoth dhá
ghairm de na hógánaigh árda agus de na cailínibh mais-
eacha is beag nach ndéarfainn liom féin go rabhas i
ngleann éigin i mBaile Quidder.



24. — Chuir sé an-áthas orm litir laghach osgailte
d'fhagháil ó Mhac Gabhann Ó Briain ar maidin indiu. Ó
Oileán Mháiria tháinig sí, ó Stad Darlington. Ag tag-
airt don ghealladh nach dtiubhradh gan éalodh (sin é an
fáth faoi a bhfuil an cruaidh-ghéibhionn air) deir sé: Níor
eitigheas gealladh gan éalodh nó gur smuaineas go lán-
chúramach air; agus ó is rud é gur chinneas gan gealladh


L. 152


gan éalodh, cuir i gcás go leigfidhe saor mé ar fud
tíortha na hAstráile féin, bí cinnte nach é a mhalairt a
dhéanfainn nuair fuaras amach nach raibh dhom i n-omós
na saorsachta magaidh acht cead sgur faoi cheanntar
nach raibh níos fairsnge ná cúpla paráiste. Níl aon
aithmhéal orm nár gheallas, acht a mhalairt sin. Gidheadh
is beag nár mharbh sé mé an chomhairle ar ar chinneas.
Táim cinnte dá gcuirthí riaghlacha an diabhail úd a rinne
an Doch. Hampton [an Cisteoir] go dian i bhfeidhm gur
fadó an lá bheinn ag tabhairt an fhéir, sin nó i dteach
na ngealt. Na riaghlacha i dtaobh mo ghéibhinn ní leig-
fidís dom mé féin a aclughadh, ná amháin labhairt, ná
duine bheith in m'fhochair. Ná ní fheicim faoi láthair aon
fheabhas mór i ndán dom. Deir sé, ag tagairt don
chaoi ar caitheadh liom-sa, S. M. Ní chreidfinn, dá dhon-
acht dá bhfuil pobal Shasana i n-aghaidh na nGaedheal a
thaisbeáin a ngrádh dá dtír, ní chreidfinn go seasfaidís
an aoide thar barr a d'imir riaghaltas na Whigionna
ort-sa; óir ní chaithfidhe leis na méirligh is úirísle ar
bith an pionús a cuireadh ort. Is láidir é mo mhuinighin
dá bhrígh sin gur gearr uait párdún d'fhagháil ar choin-
ghioll &rl. &rl. Is eagal liom go bhfuil dul amugha air
faoi chórtas phobail Shasana nuair atá Gaedheal ceann-
airceach i gceist. B'éidir má saoghaltar é go mbeadh
árach aige ar mhalairt aigne a dhéanamh.



Tháinig a litir chugam faoi shéala an Árd-chisteora,
agus is cosmhail dá bhrígh sin gur léigh an feadhmannach
sin í. Níl aon trácht innti ar ndóigh ar chúrsaí politic-
eacha na hÉireann (má's rud é go bhfuil aon chúrsaí
politiceacha i nÉirinn); pé aca sin é níl baoghal nach
mbeadh difridheacht mhór eadrainn dá mbeimís ag caint
féin le chéile. Níl aon tseasamh aige-san le m'iom-


L. 153


podh-sa ó fhréimh aníos, ná agam-sa le n-a mheasardhacht-
san.



Acht nach í an chomhfhreagairt sin an tsiabhardhacht! Is
truaighmhéileach an rud do dhuine uaibhreach mar eisean
a bheith ag iarraidh seasamh go cródha, agus é dhá lagadh
agus ag dul san ísle bhrígh, a bheith ag iarraidh seasamh
go do-chlaoidhte mar Teneriffe nó mar Atlas, agus an
tÁrd-chisteoir agus a sgata diabhal a choinneál de. Is
follusach go bhfuil fútha a chroidhe a bhriseadh agus a chur
d'fhiachaibh air, tré eagla an bháis uathbhásaigh úd, a shaor-
sacht iontsamhail a ghlacadh. Is mór a thaithneochadh liom
féin agus le Knox dá ngéilleadh sé ar an gcor sin.
Ní raibh géibheann níos déine orm-sa i mBermuda ná
mar tá air, ná tarcuisne níos mó dhá chaitheamh liom;
agus creidim gur mó airigheas sé é ná mise. Rinn-
eamar machtnamh ar an gcás, agus sinn ag caitheamh
tobac ar ar sáimhín sógh (nar suidhe ar bhun crainn
guma sa gcoill ar ndul faoi don ghréin) agus níor
fhéadamar an cás a fhuasgailt. Ní ghéillfidh na ní lúb-
faidh sé, agus is gearr eile atá ann an dóghraing
d'fhulaing. Éagfaidh sé annsin. Chaitheamar sgathamh
ag smuaineadh air, agus gan mórán cainte againn, cé
is moite do chorr-mhallacht, gur chuir ar saorsacht ion-
tsamhail tuirse truime agus dearg-ghráin orainn, i
n-uaigneas glórmhar na gcoillte sin. Bhí dath dearg,
dath corcra agus dath órdha ag comhrac le chéile isna
coilltibh gruamdha bhí ar an gCnoc Gorm le dul faoi
na gréine, agus chualamar feadaighil ghlan ghlé ón
snagbreac bán le ciúineas an tráthnóna. Ba bheag an
mhaith dhúinne sin. Ba truagh linn gan sinn ar stáisiún
de na stáisiúin feithmhe; agus ba folláine linn droch-
mhúnadh agus gruaim an tsíléir, agus gliogar na


L. 154


mboltaí ar na dóirsibh ná glóir agus ceol na gcoillte
seo um thráthnóna.



Acht cheana tá orainn beart beag leabhar a chur le
chéile dhó, óir ba mhaith leis iad a bheith aige ina dhain-
gean — gidheadh ní mór leis an Doch. Hampton beacht-
aireacht agus caint a dhéanamh dhíobh i dtosach, agus
mara bhfuil aon díoghbháil ionnta dar leis-sean gheobh-
aidh a dhalta iad. Caithfimíd sgríobhadh chuige freisin
féachaint an dtiubhradh muid air malairt aigne a
dhéanamh fa'n ngealladh. Acht is eagal liom gur beag
an chabhair sin.*



Thug cuid de na háitreabhaigh is measamhla i gcomhur-
sanacht Bothwell cuairt orm, agus is iomdha tráthnóna
aoibhinn a chaitheamar sa mbaile aca. Daoine iad gur
leo réimsí móra talmhan thar barr amach, agus caoirigh
agus eallach gan choimhreamh aca ar na cnuic. Is iad na
daoir an dream is tréine ar an oileán, acht níl meas
ar bith ortha. Acht ní hé sin dúinne, do na méirleach-
aibh gaedhealacha, agus is beag nár gheall le bheith sa
mbaile dhom a bheith 'mo shuidhe i bpárlús aoibhinn Rathó,
an chéad uair a bhíos ina leithéid le dhá bhliadhain, áit a
gcomhnuigheann muirighin lághach, múinte daoine ó Dhún
Monaigh. Bhí an tsean-bhean is deise uaisle ar bith i
gceannas an bhúird bídh; agus mara mbeadh duine go
fíor-dhona ar fad, nó mara mbeadh coipe feirge air
bhogfadh agus chiúinfeadh na leabhra é agus an ceol agus
na blátha, agus comhrádh caoin na mban múinte. Agus
ar ndul abhaile dhom dar mbothán chuimhnigheas agus
smuaineas go mbadh beannaighthe an rud do dhuine an
baile a bheith aige.



*Gidheadh timcheall le chúig mhí na dhiaidh seo do thug an Brianach
a ghealladh; agus tháinig a chomhnuidhe do Norfolk Nua, acht bhí faoi i
gceann tamaill a ghealladh a tharraing ar ais.


L. 155


Agus na dhiaidh sin táim d'éis sgríobhadh abhaile go
hÉirinn ag iarraidh ar mo mhuirighin féin gan a theacht
amach annso.



Aibreán 26°. — Roinnt páipéar nuaidheachta chugainn
ó Éirinn. Ar éigin a fhuilingim a léigheadh. Acht léigh-
eann Seán Knox go haireach iad, cuireann corr-strainc
air féin agus innsigheann cuid den nuaidheacht dom
corr-uair. Tá Halla an Charadais na sheasamh fós, iad
ag caint fós ann, agus ag bailiughadh airgid, gidheadh
an beagán de sin dá fhagháil aca anois, agus droch-
bholadh ag éirghe fós as. Halla Caradais eile ar bun
in' aghaidh sin dá ngairmthear Coimhcheangal Gaedheal.
Neart cainte annsin fosda agus bailiughadh airgid;
ag aithris ar a dhaide mór ar Chéibh an Bhúrcaigh atá sé;
agus cé gur úire anois é ná an sean-halla is dóigh
liom gur giorra an saoghal arís atá i ndán dó ná don
tsean-halla. Tá na sluaighte in Ameriocá tar éis na
bliadhna '48 agus suaraighil achrainn aca agus dearg-
raic amanna; acht ní raibh lámh ar bith ag an nGormánach
ná ag an Diolúnach ionnta-san. (I Nua Eabhroc atá an
Diolúnach na chomhnuidhe anois.) Níl aon mhilleán agam
ar aon duine atá rannpháirteach sa troid sin, mar ní
fheadar cé aca a bhfuil an ceart aige. Ceist de na
ceisteannaibh atá eatortha, is náireach liom a rádh .i.
m'fheabhas-sa S. M. i gcomórtas leis na taoiseachaibh
eile. Acht cheana, tá fhios agam go maith cuid de na
daoinibh atá ag achrann ar an gcuma sin gur daoine
macánta ábalta iad. An fhad is táim as láthair ní
fhéadfainn milleán a thabhairt dóibh, mar nach bhfuil
fhios agam nach amhlaidh cuireadh achrann ortha. Mise
atá annso ag deireadh an domhain, agus mé dealuighthe
ó ghnóthaibh agus ó chúrsaibh an tsaoghail amhail is dá


L. 156


mba hé an bás a dhealochadh uatha mé — meall an
domhain idir mé agus an áit a rabhas ag obair cheana,
is forusta dhom suidhe ar mo shocamhal fa'n gcrann
féithleoige, ga mo ghorradh féin le aer bog cumhra móin-
fhéar Asphodel nó Lotus, ar aghaidh néallta agus réalta
an-aithnid Magellan, is forusta dhom mo phíopa a
chaitheamh go síothchánta agus smuaineadh agus breath-
nughadh uaim síos go hárd-nósach ar achrann agus ar
shuaraighil na cruinne. Ní móide gur maith an nídh sin.
Tá na daoine sin ar a dteicheadh freisin agus ar long-
ais, agus chailleadar teach agus both, maoin agus árus
chomh maith linne. Táid siad 'na theannta sin do láthair
san áit ar chliseamar: tá a náimhde dhá chasadh leó, na
cladhairí, agus ní mór leo nídh éigin a dhéanamh agus
ionnsuighe raon éigin — rud nach bhfuil de chúram
orainne fa láthair — seadh agus níl aimhreas fosda nach
bhfuil ráflaí neimhneacha ag dul thart agus cainteanna
námhadacha dhá gcaitheamh leo agus iad i n-íochtar. Óra,
seadh! sinne atá annso ar chiumhais chiúin na locha, agus
faoi sgáth an chrainn uaine, is forusta dhúinn an saoghal
a ghlacadh go réidh, agus a bheith chomh geal-gháireach le
aoinneach — acht cuir i gceart-lár an achrainn suaraighe
sinn i gcathair chaomhna Nua Eabhroc féin, cuir i gcruth
sinn agus nach mbeidh aon leigheas againn ar an amhgar
atá dhár gcrádhadh go laetheamhail, cuir ag éisteacht le
comhrádh na bpeacach sinn, tar éis a bhfuil le déanamh,
agus le moladh na dícéille agus le géire námhad atá
cosgrach, cuir sa riocht sin sinn agus féach cé aige a
bhfuil eolus ar a chroidhe féin?



Aibreán 28”. — Seo é an Domhnach agus chuaidh na
méirligh chun teampoill. Posta atá bán do láthair
annso .i. cléireach Episcopal don cheanntar — an fear


L. 157


deireadh bhí ann náirigh sé é féin agus díbrigheadh é (ba
de threibh chian-aosta Pusey é), acht ní hé creideamh
Pusey a náirigh sé acht an ghaduidheacht. Agus ba dhiadh-
aire Presbyterian Albanach de mhuinntir Robustún an
teagasgthóir indiu. Fear liteardha dá ríribh é, tá bail-
iughadh maith leabhar aige féin, agus ina cheann sin chuir
sé leabharlann fiúntach ar bun.



Le fhad ó shoin ó bhíos i n-aon teampoll rinneas
dearmad go mba gnáthach guidhe ar son Bainríoghna
Shasana agus gach uile ghoibhearnóir, &rl.: agus guidhe
mar sin ar son an tighearna Clarendon agus Siriam
Átha Cliath! Ní fhéadfá éirghe agus dul amach, agus
ba cheart go mbeadh a fhios againn go ndéanfaidhe sin
tráth áirithe sa paidreoireacht, go díreach mar gabhthar
dán náisiúnta Shasana i nAmharclannaibh Ríoghdha idir
dhá thráth: — agus níl aon cheart ag duine dul isteach i
dteampoll agus corughadh a chur ar an bpobal. Dá
bhrígh sin do réir mar ghuidh an cléireach thug mise mo
mhallacht dóibh.



30°. — Ag na lochannaibh dhúinn indé agus indiu. Ba
leis an nGiolcach ó Rathó an capall a bhí agam-sa;
capall glas de chineál Araibianach ag Seán Knox;
capall breagh dubh lasanta ag San Caoimhghin, agus
capaillín donn ag mac Uí Mheachair. Rinneamar
sgaithtí móra a mharcuigheacht tré na coilltibh fiadháine;
agus isé is gnás dúinn ar ar dturas go dtí na loch-
anna mtheacht sna cosa i n-áirde tré choilltibh doi-
eoluis agus gur minic íocas muid as sin. Acht cheana
isé San Caoimhghin atá i dtosach ar a stéidín bheag dhubh;
agus aodhaire ar bith d'fheicfeadh sinn agus an siubhal
sin fúinn, agus sinn ag gáiridhe agus ag déanamh grinn
déarfadh leis féin: sin dream meidhreach! Acht ná


L. 158


bíodh an t-aodhaire i n-éad linn, ná ná bíodh ró-chinnte
dár meidhear. An bhfuil aon chiall agat a aodhaire?
An bhfuil a fhios agat an cúram a bheith go trom ar
chúlaibh an mharcaigh?



Gidheadh an mhéid gur sa gcoill atá an saoghal so
agam taitnigheann sé go maith liom.



Níor mhaith do na tréadaibh sinn do thabhairt madraí
linn fa'n tír seo. Is cuma cé'n cineál madaidh é
bhéarfaidh corr-fhogha faoi sgata caorach, mara bhfuil
an-mhúnadh ar fad air, agus ní féidir leat a stopadh
go mbeidh caora nó dhó millte aige. Agus dá bhrígh
sin ní dhearnamar aon fhiadhach fós ar an mbeithidheach le
n-a ráidhtear an kangaroo; go deimhin ní fhacas aon
kangaroo acht ceann nó dhó. Táid siad ag éirghe gann.
Tá na daoine féin gann san áit seo, acht mar sin féin
is aodhaire nó fear coimhéadta tréad gach uile áit-
reabhach ann, agus gunna aige a bhfuil bairille dúbalta
ann, agus am a dhóthain le spáráil aige; agus ina
theannta sin is mí-ádhasach an sgéal don bheithidheach é:
is fiú cúpla sgilling airgid a chroiceann. Agus do-
chum airgid cártaí d'fhagháil agus airgid óil marbhuigh-
eann an pobal tuaithe annso an kangaroo agus an
dobharchú agus feannaid iad agus díolaid na croicne.



An pobal tuaithe! Is beag nach peacadh pobal
tuaithe a thabhairt ar na bitheamhnachaibh seo. Daoir go
hiomlán nach mór iad na haodhairí agus lucht choimhéad
eallaigh na háite seo — agus go leor aca a daoradh fó
thrí! Níl aon lucht tuaithe annso. Corr-dhuine aca a
bhfuil bean aige; is teirce ná sin duine a bhfuil muir-
ighin clainne air — agus dá theirce is amhlaidh is fearr é.
An chuid aca a bhfuil mná féin aca ba daoir iad na
mná: gaduidhthe, stríopacha, agus an cineál sin a tógadh


L. 159


ar shráideannaibh Londain. Gidheadh nach ait an t-ainmhidhe
é an duine na dhiaidh sin! Na haodhairí is fearr sa
Tasmáin is gaduidhthe ó Londain iad — daoine nach
bhfaca caora riamh gur cuireadh thar sáile iad; agus
rud is aistighe ná sin féin éirigheann a lán díobh cineál
measamhail — bheadh sé mór a rádh go n-éirighid cneasta
- tré bheith i dtaithighe na húire máthardha annso arís.
Táid siad carthanach le chéile; tá fáilte agus féile
aca roimh an duine coimhightheach (mar bíonn dúil sa
nuaidheacht aca) agus iomchruigheann siad iad féin
amhail daoine daonna. Agus na dhiaidh sin ní daoine
daonna iad. Tré n-a dtabhairt suas táid siad ar
easbaidh iomlán na daonnachta, agus níl aon mhodh ann
a chuaidh chomh gar de dheamhain a dhéanamh dhíobh le modh
riaghluighthe feabhais na Sasan. Chuimhneochá do shíor
annso ar an tuarasgbháil uathbhásach a tugadh ar an
Tasmáin le duine a raibh eolus maith aige air: — .i. Is
cuma cé'n sórt duine bhéas san té a thiocfas annso
cailleann sé croidhe an duine agus tagann croidhe an
bheithidhigh ann. Nár bh'é an lá beannuighthe do na
créatúir é agus don chine daonna i gcoitchinne ó
thuaidh an domhain go dtí theas an domhain dá ndéantaí
a gcrochadh!



Thángas abhaile ar chapall tráthnóna anocht. Bhí sé
'na stoirm 'na bháistigh agus 'na fhlich-shneachta. Tá
geimhreadh na Tasmáine orainn.



Iúl 22°. — Chuireas féin agus an Máirtíneach ar
gcomhairle i gceann a chéile féachaint ar cheart dom
mo bhean is mo chlann a leigean don Tasmáin. Cé is
moite don Bhrianach ní cheapann ceachtar de mo
cháirdibh é bheith i ndán dom mo shaoradh go luath. Mara
bhfaghad leigeann ar éalodh go honórach b'éidir go


L. 160


mbeadh orm an dá bhliadhain déag eile atá le cur
isteach agam a chaitheamh annso. B'fhorusta dhúinn go
léir éalodh i ngan fhios uair ar bith, acht sin smuaine
nach leigfimís le n-ar n-ais.



Is dubrónach an nídh páistí a thógáil ar an oileán
so; gidheadh b'éidir dá gcuirinn fúm sa gceanntar
uaigneach iargcúlach so i n-áit a bhfuil ganntan daoine
agus tógáil beithidheach, agus dá ngabhainn do láimh
feilméaracht a dhéanamh, eallach a thógáil agus caidreamh
na gcoilíneach a dhéanamh, b'éidir ar an gcuma sin go
dtiocfadh linn an doibheart atá dhá dhéanamh ag ar
náimhdibh orainn agus sinn a choinneál annso i n-aon chor
a dhearmad; agus b'éidir go dtiocfadh linn toghadh na
sláinte d'fhagháil as an aimsir áluinn atá ann. Dubhairt
a lán daoine atá 'na gceannaibh tighe annso (mhórmhor
aon cheann amháin ag a bhfuil toghadh na haithne orm) go
mbeadh an-fhonn ortha mo mhuirighin fheiceál 'na gcomh-
nuidhe liom annso. Gheobhainn go leor ama fosda a
chaitheamh ag múnadh mo chloinne; agus le sgéal gearr
a dhéanamh dhe tá an oiread sin de dhúil agam cineál
éigin baile a bheith agam — sórt éigin baile a ndéar-
fainn liom féin corr-uair gur baile dhá ríribh é — agus
gur sgríobhas indiu don Iubhair gur thugas cuireadh do
mo mhuinntir go léir a theacht amach go deireadh an
domhain. Go dtuga Dia go ndearnas an ceart.



Thug Toirdhealbhach Mac Maghnusa cuairt orainn;
tháinig aníos gleann an Derwent agus an Clyde ar
marcuigheacht i ngan fhios ó Norfolk Nua le n-ar bhfeicsin.
B'éidir go ngabhfaidhe é agus go gcuirfidhe pionús
éigin air dá bhfaightí amach a dhul thar tórainn an cheann-
tair a ceapadh dhó. Tháinig faoi 'n dorus tráthnóna chug-
ainn agus chuir isteach a ainm (an Doch. Mac Gabhann)


L. 161


leis an gcailín beag. Athrughadh mbáireach arís bhéarfa-
muid cuairt ar na lochannaibh, agus thugamar air fuireach
agus dul linn, agus béidh sé chúig mhíle is trí fichid ó
n-a dhaingean an uair sin. Acht tá sé ag cur cathughadh air
mac Uí Mheachair agus San Caoimhghin a bheith ann le feic-
sin, agus cúigear méirleach Gaedheal d'fheicsin i bhfochair
a chéile arís (sin do réir an dlighe tuilleadh le cois a
mbeadh ag teastáil le haghaidh cruinniughadh do dhéanamh
raic). Acht a mbeimíd chomh láidir sin tá súil againn
roinnt lachan a mharbhughadh, mara féidir dhúinn iompodh
a dhéanamh ar an riaghaltas. Tá neart lachan bhreagha ar
na lochannaibh, mar atá an lacha dhubh, agus an lacha
sléibhe, lacha bheag ise a bhfuil clumhach áluinn uirthi,
crann-lacha, agus lacha an bholaidh, gan trácht ar na
healaibh dubha agus iad-san ag imtheacht 'na gcúplaibh,
nó 'na sgataibh a mbeadh cúig nó sé cheanna i n-éinfheacht.



30°. — Chuir Toirdhealbhach an t-am thart go sulmhar
dúinn feadh cúpla lá, acht tá imthighthe abhaile .i. don
cheanntar atá mar dhaingean aige. Chuadhmar timcheall
le dhá mhíle dhéag síor dtuaidh ó Bothwell, ar marcuigh-
eacht, go bhfeicfimís an tSionainn. An chruth agus an
dath ceanann céadna atá ar an tír feadh an bhealaigh,
gur ionann na crainn agus na crainn eile atá ar feadh
an oileáin agus fós na cnuic mar an gcéadna — níl
gleann ná cnoc nach geall leis an ngleann agus leis
an gcnoc iad atá ar a n-aghaidh. Aon teach amháin a chonn-
camar ar an aistear dúinn. Déanamh barbardha Tudor
air, agus clocha buidhe ann. Áithreabhach aisteach a thóg
é le goirid san mball is uaignighe fuair san taobh tíre
sin. Rángamar bruach gleanna fá dheireadh. Taobh
thall .i. taobh thiar den ghleann bhí na cnuic níos fiadháine
agus níos áirde ná taobh thoir. Tá machaire fairsing,


L. 162


féarmhar thíos sa ngleann agus corr chrann dubh guma
ag fás tré n-a urlár. Ar dteacht anuas dúinn ba
gearr go gcualamar fuaim an tsrotha. Bhí an sruth i
bhfolach orainn ag na croinntibh. Sin í an tSionainn
agus sruth láidir tréan mear é, a bhfuil a chuid uisge
ag teacht anuas ón Loch Mhór, agus bun-tsruth uasal ise
atá tríocha éigin míle níos sia siar dtuaidh, na suidhe
go hárd ar bhórd uaigneach talmhan na Tasmáine. Sí
an loch is mó ar an oileán í, agus tá le rádh go bhfuil
nocha míle thart timcheall innti. Tá an-ghearradh siubhail
faoi shruth na habhann so, óir tá dhá mhíle troigh sa bhfánán
atá feadh na tríochad míle sin, agus tá an t-uisge chomh
fuar leis an sioc, fearacht gach aibhne eile sa Tasmáin.



Níl lá riamh nár chuir aibhne, srutháin, sruthláin agus
fuarlocha garga a réabfadh an grinneall go gainimh ruadh
aoibhneas orm, agus fós an sruth doimhin ciúin go mbeadh
na nóiníní ag fás anuas go bruach an uisge leis. Anois
féin sí an fhuaim is taitneamhaighe liom fuaim an tsrotha
agus is cuma liom ísiol nó árd é, garg nó fiadháin, nó
dá mba hé torann na tóirnighe bheadh aige. Níl feic
ná fuaim eile sa gcrích seo a chuirfeadh an baile i gcuimhne
dhuit. Teanga choimhightheach atá ag na héanlaith: glór
an-aithnid é glór na gaoithe ag séideadh thré na crannaibh
- óir is duilleabhar cruaidh adharcach é duilleabhar an
chrainn guma agus é comh líomhtha leis an gcrann labhráis,
agus ina theannta sin níl taobh uachtair ná taobh íochtair
ar na billeogaibh, acht iad ingearach nó 'na seasamh ar
a sleasaibh, agus dá bhrígh sin ní leigfidh siad anáil
gaoithe dul thríotha ar a toil féin, ná ní chloisfeá cogar,
cnead ná crónán uatha mar chloisfeá ón gcrann sleamhain
nó ón gcrann bán i gCaisleán Ruaidhrí. Seadh, maiseadh,
níl feic ná fuaim ann nach hé an coimhightheas agus an


L. 163


bharbardhacht atá ann — go gcuirfeadh sé Tropic Chap-
riocórnus agus Cearcal Theas an domhain i gcuimhne
dhuit — cé is moite de ghlaise agus de cheol na sruth.
Is maith is eol dom fuaim binn an tsrotha so. Labhrann
liom, agus leis na coilltibh agus leis na carraigreachaibh
sa teangaidh agus sa gcanamhain chéadna bhí ag an Rua-
shruth dhom agus mé 'mo leanbh. Tá mo cheann agus
m'inchinn dhá bhfolcadh féin i nglaise an tsrotha; agus
is clos dom glór an tseanchusa, glór na tairngearachta
agus glór na filidheachta ó thús aimsire tré bhrón a
bhfuam. Níor bh'úire fhionnfhuaire Hebrus Thracia;
níor ghlaine Abana agus Pharpar, níor bh'ársaidhe
oirmhidnighe an Nilus athardha. Sul chuala sruth ciúin
na Heigipte glór luath-chainteach sagart Meróe, sul
geineadh an síol ríoghdha d'óladh as sruth beannuighthe
Choaspes, agus ríghthe amháin a d'óladh as; sul tógadh
tur ar bhruach tighearnamhail Sionainne Éireann na
sreabh agus sul cloiseadh clog na seacht dteampoll ar
a bruach bhí an sruth so ag snigheadh síos thríd an ngleann
uaigneach so go dtí an mhuir ó dheas, agus é ag gabháil
amhrán siabhradha do na coilltibh ársaidhe.



Tuige an monabhar, a shruth dá bhfuil grádh ag an
ngréin, tuige an monabhar, an síor-mhonabhar aisteach
siabhardha sin do charraig agus do thráigh? óir táid
siad-san balbh agus ní fhreagraid do do shnigheadh.
Tuige an ghabháil fhuinn sin agat de ló is d'oidhche? A
shruth! a shruth ionmhuin táir-se ar lorg críche éigin mar
a bhfuil buaidh labhartha ag daoinibh le Nádúr ar a sean-
tslighe iongantach féin!



An éigse a gcuireann na srotha ríméad ortha cuirid-
san ríméad orm-sa; agus sin é an grádh atá agam don
bhinn-fhile a raibh fuaim a shrotha dhúthchais Aufidus ina


L. 164


éisteacht agus ina inchinn. Nach tré na bhrionglóidibh
lae a bhíodh an tsreabh do shíor dhá fheiceál dó! nach air
a bhí an fonn cleamhnas a dhéanamh idir a dhomharbhthacht
féin agus monabhar shuthain an dáin a bhí ag an nglé-
thobar Blandúsach! Is deigh-eolach léigheanta a labhair
Séamus Ó Mongáin leis na srothaibh go ndearnaidh sé a
oirfide comhfhreagarthach dá gceol iongantach. Nach
áluinn a rinne oirfide Moerike Gearmánach a chantain!



Ar dhruim domhain fhuair chomh doimhin leat an bhfuil
aoinnídh? Tá an grádh chomh doimhin, an grádh amháin atá:
Caitheann an grádh a bhfuil aige, 's ní chailleann tada,
níl i n-easbaidh. Is t'fhearacht-sa fós ní stadann ná ní
chodlann grádh. Snigh leat, a shruth ionmhuin snigh!
Atadh do thonnta go mbíd ar nós na súl ag gáiridhe.
Domharbhtha ghníos tú mé! Ní as cuach shaoghalta fíon
an aoibhnis ólaim.



Sé fhearacht sin fós ag Mueller é; cuireann táimh-
néall an Naiad ann féin agus ina léightheóir: —



Tá sliocht síl uasail ag damhsadh anuas an cnoc: sreabh
go húr ó n-a thobar go mear ag rith thríd an ngleann.
Chogar bean síghe éigin ‘lean díom,’ agus rinneas-sa
sin go cruinn: Shiubhlas an bogach bláthmhar le mo
throstán, agus mo bhlaosg. Féach mé a bhfáinneáil
do shíor leis an sruth, ag éisteacht le n-a sheinnm agus
ag breathnughadh ar na tonnta ag deallramh ann. An é
seo conair a bhí fúm a dhul? A bhean-draoi, céard a
dhéarfas mé? Chuir do dheallramh is do cheol i n-éin-
fheacht saobhchan céille orm. Ní foghar saoghalta atá
ag imtheacht do ghnáth tharm; Ní headh, acht Naiad éigin
ag gabháil a hamhrán plámáis samhraidh! Níos áirde
atá a cuid plámáis ag éirghe, agus go mór níos áirde —



Acht féach! míol leibideach ceithre gcos a bhfuil gob


L. 165


lachan air agus a mhaireas san uisge nó ar thalamh tirm,
thug sé léim glan isteach san uisge láimh leis an bport,
agus an t-éan le n-a ráidhtear an t-asal geal-gháireach
- na coilínigh malluighthe thug an t-ainm air — tá sé ag
sgreadach go hárd-ghlórach ar an gcrann guma úd
thall.



Támuid san Astráil mar sin. Bhí Knox na shuidhe ar
an bport agus é ag dearcadh ar an sruth, agus ag
smuaineadh. Mhúsglamar faoi seo, agus chonncamar go
raibh sé ag éirghe dorcha. Sgairtfidh réalta thríd an
dorchadas so nár sgairt ariamh ar an tSionainn eile.
Chuadhmar ar marcuigheacht le dhul dár lóistín atá
“cláruighthe” i mBothwell agus d'fhágamar an gleann
áluinn sin agus chuir sé aithmhéal orainn a fhágáil.



Seadh go cinnte san Astráil! Ar filleadh dhúinn
rugamar ar fhear agus ar mhnaoi: créatúr gránna a
raibh cuma stríopaighe uirthi an bhean, a haghaidh attha on
ól, hata bán sróill uirthi agus blátha láimh-dhéanta ann.
Seirbhíseach í a bhfuil cead aici, agus tá sí d'éis a cur chun
bealaigh ó theach áitreabhaigh éigin san iargcúlacht agus
í ag dul i ngéibhionn go Baile Hiobáird. Consabal é
an fear a bhí na dhaor; gunna ar a ghualainn aige, casóg
ghorm air agus crios faoi n-a lár agus dornfhásga
crochta as an gcrios. D'aithin sé sinn agus chuir lámh
ina hata ar ndul thairis dúinn.



Bealtaine 8°, 1850. — Bothwell. — Ar feadh na míos
níor chuireas dáta ná cor síos. Mar a chéile gach uile
lá annso againn, go neimh-mheidhreach, agus iseadh do
chuireamar romhainn sinn féin d'aclughadh go breagh de
chois agus ar marcuigheacht i gcruth agus nach mbeimís ag
cuimhniughadh. Téighmíd gus na Lochanna fós go bhfeic-
imíd mac Uí Mheachair, sin é an sógh is fearr againn.


L. 166


D'athruigh an Dochartach go Baile Hiobáird agus tá sé
ag obair ar a ghairm bheatha.



Rachad-sa fosda go Baile Hiobáird i mbáireach i
gcead do mo shíléaraibh faoi dhéin mo mhuirighne, óir táid
siad le bheith chugam faoi an am so: acht níor chualas fós
cé'n long ar ar sheoladar, ná an go Baile Hiobáird atá
a dtriall. Acht a dtaga siad, siúd ar ais sinn go
ceanntar coillteach Bothwell! Quod exeat bene!


L. 167


AN 7° CAIBIDIL X.



Bealtaine 21°, 1851. — Baile Hiobáird. — Ar thuras
saor dhom indé go Sruth de Brún i bhfochair San Caoimhghin.
Fuair sé iasacht capaill le haghaidh na húcáide. Tá mo
Fleur de lis féin annso agam (láir dheas dhearg le haghaidh
mo mhná), agus d'éis céad proinne d'fhágas mé féin ar
fad ar chúram San Caoimhghin, agus bhuaileamar linn ó
dheas ón mbaile, Bóthar Cuain na Gainimhe, láimh leis an
inbhear. Sléibhte as a n-éirigheann Cnoc Uilleachtáin
ar do láimh dheas, agus ar do láimh chlé an Derwent agus
í go leathan agus dath gorm uirthi. A lán tighthe deasa
le feiceál den bhóthar ar feadh sgathamh mílte, sin iad
tighthe tuaithe lucht saidhbhris Hiobáird. Tá garrdhanta
áille leis na tighthibh. Acht má seadh is breagh atá úir
agus aimsir na críche seo i bhfeileamhaint do gharrdhan-
taibh dá samhail. Níl bláth dá bhfásann i Sasana, agus
go leor leor dá gcaithtear a chosaint i ngrianánaibh
Shasana, nach bhfásann go bláthmhar annso gan aon aire
shonnradhach ar bith, agus na blátha ornáideacha a thug na
coilínigh annso ón Eoraip .i. an sgeach gheal agus an
dris mhilis, is bláthmhaire sa Tasmáin iad ná sa mbaile.
Is tearc teach áitreabhaigh ann gan an mhil-dris ar na
fáltaibh atá leis; agus is deallraighe iad samhradh agus
geimhreadh, agus is cothruime a ndeallramh — rósa
ortha sa samhradh agus caora sgarlóide sa ngeimhreadh
- ná mar chonncas blátha cheana riamh. I dteannta na
mbláth agus na lus a tugadh ón Eoraip, fionntar crainn


L. 168


áille gur dual don áit iad fás ann; fionntar i ngleann-
taibh doimhne iad agus is mór an mhaise ar gharrdha iad.
Acht rud éigin a chuirfeas an tsean-áit i gcuimhne dhóibh
sin é i gcosamhlacht is fearr leis na coilíneachaibh bheith
thart timcheall na háite nuaidhe; i gcruthamhnas i n-áit
an mímósa mórdha fheiceál duit fá na bhláthaibh órdha gur
dócha dhuit an t-aiteann d'fhagháil ann, bláth chomh hórdha
leis an mímósa, cé nach bhfuil chomh huaibhreach leis.



Luibh nó lus ar bith dar dual fás sa gcrích seo ní
hionann í agus luibh nó lus ar bith ón Eoraip; ní hionann
an dá fhéar féin — tá an féar annso níos súighte agus
níos léithe, acht is fearr an cothughadh d'eallach é do réir
a thoirte. Dath liath-bhuidhe atá ar an bhféar is fearr is
dual fás ann agus é ag fás ina thomacha beaga gearra
mar bheadh glac olna ann. Tagann dath bán ar a bharr
amach sa samhradh. Acht áit ar bith a bhfuil an dath fíor-
uaine ar an bhféar bí cinnte gur féar é d'fhás ó shíol
a tháinig ón Eoraip. Is fairsing atá na blátha ann is
dual fás ann agus cuid aca go háluinn, mhórmhór suas
mar a bhfuil na lochanna. Ceann aca dá ngairmthear an
Waratah tá sé thar cionn; acht ní fhásann sé ar fhíormhul-
lach na gcnoc is áirde agus is do-strapuighthe. Gidheadh
is iongantach a bhfuil de chineálacha éagsamhla luibheann
ar feadh na críche, iad cosmhail leis an bhfraoch (cé nach
fíor-fhraoch iad) agus blátha ar dhéanamh cluig ortha,
cuid díobh corcra, cuid dearg, cuid sgarlóid, cuid
bán agus cuid ar dhath an rósa. An chuid is breaghtha
aca níl bláth ar bith ortha, acht tarpán de chaora dearga,
tuairim méad pise, agus iad chomh tiugh sin agus go
bhfuil na billeoga dubh-uaine i bhfolach aca nach mór.
D'fheicfeá amanna na carraigreacha garbha faluighthe le
falluing tighearnamhail Tiriánach díobh sin.


L. 169


Fuair Seán Knox dar leis aon lus Eorpach amháin
.i. an líon, ins an tsiubhlóid dúinn. Bhaineamar go
cinnte gasanna den fhíor-líon ar an riasg láimh le Loch
Sámhaidh. Bhí an bláth gorm air agus an gas go caol
néata; cé gur giorra é ná líon na hÉireann, acht is é an
triomach is dóigh ghníos sin dó. Ní shaoilim gur dual don
tír an líon seo bheith ann. Tá míle caoi ar a dtiubhraidhe
gráinneacha síl ruis annso, tré arbhar nó tré shíol féir.
Agus fós is fada eallach ag ingheilt annso agus cuireadh
coirce féin tráth láimh le Loch Sámhaidh.



Is breagh ar fad an aimsir atá annso don bheithidheach
agus don ghlasradh. Ní raibh beach ar an oileán fiche
bliadhain ó shoin. Thug duine éigin curcóg leis, agus
tá an tír beo le beachain anois. Is cosmhail go ndiúlaid —
biadh as an ngum cumhra agus ar an mímósa. Níl mil
sa domhan níos fearr ná mil na Tasmáine; tá sraith
fada curcóg ina gharrdha ag gach uile fhear (déanta de
shean-bhosgaibh tae), agus gan call le aire aca samhradh
ná geimhreadh. D'fhuagair aon fhear amháin annso i
mBothwell anuraidh go raibh trí thonna meala le díol
aige. Ina gharrdha féin a fuair sé na trí thonna.



Is mó agus is deise freisin na madraí nuair shroichid
an dara mada-ghlún faoi'n spéir taitneamhach so. Níl
aon chuimse acht a bhfuil de chineálacha madraí caorach ann,
agus is mór dathamhail na madraí iad, fionnfadh fada
ortha chomh mín leis an síoda, ní hionann sin agus na
cliobairí móra droch-bhreathnuightheacha sin ó Albain.
Fearacht na gcapall, is socra na madraí annso ná sa
mbaile. Gheobhthá na bromaigh chomh meanmnach annso
agus gheobhthá sa mbaile, acht níl an t-oilbhéas céadna
annso ionnta. Agus níl aon aimhreas nach í an aimsir
is cionn-tsiocair leis sin, óir is séimhe iad daoine na


L. 170


críche so freisin ná daoine na hEorpa. Fir agus mná
na Tasmáine is iondamhail árd díreach dathamhail iad,
soineanta, sámh, deigh-bhéasach, sochma, laghach, nádúrdha.
Gidheadh táid tláith mar adeirthear is dual do chineachaibh
donna Ameriocá agus na Hindia Thiar — .i. táid bog,
sadhail, samhasach, agus is fearr a thagas na tréithe sin
do na cailínibh arís ná do na fearaibh. Acht cheana
éirgheann an cine daonna breagh foirbhthe annso: acht
is iad an dream is breaghtha ar fad annso an dream
a rugadh sa tuaisceart agus a tháinig annso nuair bhíodar
'na leanbhaibh. Tá teacht aniar na hEorpa ionnta agus
ón tógáil a fuaireadar sa gcrích áluinn seo níl aon
iongnadh acht a fheabhas is táid siad. Tá cailín óg i
mbaile Hiobáird do láthair, rugadh sa bhFrainc í de
bhunadh Sasan, tugadh amach annso í ar mbeith trí nó
ceathair de bhliadhantaibh d'aois di, agus d'éis a bhfuair
de mhaitheas na hEorpa fuair 'na theannta sin mór-
mhaitheas na deiscirte. Tá sí maiseach impireamhail
thar barr, uaibhreach, cumhachtach, agus an chéad tsúil a
thiubhradh ort dhallfadh a háille thú agus chuirfeadh stad
tamaillín le gluaiseacht do chuisle. Ba mhaith le duine a
fheicsin cá fhaide rachadh dícheall Nádúir agus cóir, deis,
dáil, míonach agus cumhachta do réir a tola bheith aici, agus
cead a dícheall a dhéanamh. Is dóigh liom gurab í an bhean
so a chef d'oeuvre — ní shárochadh sí sin go bráth; gidheadh is
ionmholta an rud an iarracht a dhéanamh, agus níor chóir
droch-mhisneach a chur uirthi — níl aimhreas nach ndéanfaidh
sí baill dheasa fós. Acht cheana is lá de shaoghal an
duine é tráth a bhfeicfidh an ball is áille; agus sé an lá
geal aige é an chéad lá a leagfaidh sé súil ar fheic dá
shamhail.



Acht ní mór liom, leis an raiméis seo, gan a dhearmad


L. 171


go bhfuil San Caoimhghin agus mé féin ar marcuigheacht
anois agus ag triall don tSruth de Brún. Siar linn le
bun na gcnoc, an abha ar ar láimh chlé, thar ghleanntáiníní
tré a snigheann srutháin ina míltibh ó Chnoc Uellington
gus an Derwent. Lá aoibhinn geal brothallach é i dtús
an gheimhridh, agus an duilleabhar ag sgairteadh agus
ag creathadh leis an ngaoith faoi lonnradh na gréine.
Táid na pioróidí 'na ndúiseacht agus iad ag sgreadach
agus ag eiteall ó chraobh go craobh faoi n-a gcultachaibh
breaca, uaine. Sé mhíle ó Bhaile Hiobáird d'fhágamar
tighthe agus garrdhanta cois baile n-ar ndiaidh; tá
cathair oireachais na mbitheamhnach ar ar gcúlaibh; agus atá
d'uaigneas na gcoillte ar ar láimh dheas agus d'uaig-
neas an chuain leathan ar ar láim chlé go ndar le San
Caoimhghin gur ar phort locha Sámhaidh atá sé ag marc-
uigheacht, nó leis an loch ghruamdha úd, nár eiteall
fuiseóg riamh os a cionn b'éidir. Bíonn gruaim agus
mí-mheanma corr-uair ar San Caoimhghin; tá sé amhlaidh
anois feadh tamaillín. Tá cailín deas caoin i nÉirinn,
a gruaig chomh dubh leis an sméir — ba chóir go mbeadh a
fhios agam cheana sin cé nár labhair sé riamh liom air —
agus tá croidhe mo dhuine bhoicht ceangailte i ndual-
taibh na gruaige sin. Cé go dtáinig sé leath bealaigh
timcheall na cruinne tá sé i ngreim agus dhá fhad dhá
dtéighidh sé ní sgaoileadh ar a cheangal é. Ní cumhachtaighe
an aibhléis ag rith thríd an domhan dlúth ná amharc ó na
súilibh dubha úd, óir dearcann siad tré chairt agus tré
lár an domhain go ngabhann siad annso é agus go gcuirid
mearbhall lae air.



Rángamar ciumhais árd gleanna, agus chímíd uainn
síos na crainn úrárda agus an ghaoth ag déanamh tonnta
ina mbarr, agus is ros atá ag dul amach sa gcuan atá


L. 172


taobh thall den ghleann. Áilltreacha agus uachaiseacha
déanta de shleasaibh árda géara an rosa — gaineamh
geal isna huachaiseachaibh ar an urlár, agus sliogáin;
d'fhágfaidhe ag grádh Undine éigin a leithéid ar thrághaibh
na hEorpa. Dá mbeith eolas an bhealaigh ag Ligea
thriallfadh gus na huachaiseacha so do chíoradh a cinn —
acht cé an foirgneamh é seo thuas suidhte go deas idir
na crannaibh ar ghualainn an chnuic? An teampall é
atá mar choróin ar an ros amhail na sgabaill agus na
coirthí ar Sunium? Nó an grianán é a chuirfeadh Baiae
i gcuimhne dhuit? A dhiabhail! ní headh, acht sluagh-theach
daor. Chasamar coirnéal ar bhóthar an ghleanna uaignigh
úd, agus thárla orainn meithil dhearóile daor ag tarr-
aing cartacha gainimhe agus marasgal ina gcionn
Cultacha liath-bhuidhe ortha, agus a ngruaig bearrtha go
dlúth leis an gcraiceann, caipíní leathair ortha, cuma
an uilc ina ngnúis, agus iad ag féachaint go hoilbhéasach,
go truaighmhéileach agus go hurghránna. Bhreathnuigh-
eadar go dall droch-mhúinte orainn ar ndul tharta
dhúinn. Níl aon olc agam daoibh, a dhaoine bochta, acht
is fadó an lá ba chóir sibh ar fad a chrochadh!



Gleann Abhann de Brún an chéad ghleann eile ráng-
amar. Is suarach an gleann é, mar nílim do láthair go
meanmnach. Bíonn tóir ag daoinibh Bhaile Hiobáird ar
a theacht amach annso do dhéanamh lae aeir dóibh féin, agus
dá bhrígh sin tá boladh áite tútaigh cois cathrach air.
Sruthán an-bheag fosda atá san abhainn; níl sí chomh
mór leis an gClyde atá againn i mBothwell; agus tá
an gleann go díreach ar nós aon ghleanna eile sa tír,
cé is moite de cheann, agus tá osgailt chumhang annsin
san áit a dtéigheann sé suas go Cnoc gruamdha Welling-
ton, osgailt chumhang áluinn. Chaitheamar an lá ag


L. 173


siubhal na trágha agus ag strapadh suas ar na háill-
treachaibh, d'itheamar dínnéar sa teach ósta agus bhuail-
eamar ar ais don chathair.



23° Bealtaine. — Litir ó Adelaide san Astráil Ó
Dheas, ó mo mhnaoi. Thángadar (mo líon-tighe go
hiomlán) móirsheisear díobh, agus cailín aimsire leo,
ar luing, an Condor ó Libherpool. Go Melbourne is
cosmhail i bPort Philip a sheoladar, agus nó go rabhadar
ar muir ní raibh fhios aca go dtiocfadh an long go
hAdelaide i dtosach le n-a folmhughadh, obair a thógfas
mí a dhéanamh. Faoi dhó sa tseachtmhain a théigheas longa
ó Mhelbourne don Tasmáin agus ar ais. Tá mo bhean
mí-shuaimhneach mí-fhoighideach, agus deir sí liom go
bhfágfaidh sí an Condor agus go dtiocfaidh go Baile
Hiobáird nó go Launceston ar loingín éigin de na
longaibh beaga atá ag dul anonn is anall idir an dá
áit; i gcruthamhnas go mb'éidir dhi bheith anois féin ar
muir, ar an dara haistear so.



25°. — Tuilleadh nuaidheachta ó Adelaide. Fuair caip-
tín luinge amach indiu mé in mo theach lóistín; d'innis
dom go mba caiptín é ar an Maid of Erin, agus go
raibh go díreach tar éis teacht ó Adelaide — go raibh mo
mhuirighin ag teacht ar a luing acht go m'eagal leo nach
mbeadh áit a ndóthain dóibh uirthi, agus dá bhrígh sin gur
sheoladar ar shoithighín a bhí ag teacht go Launceston,
agus, arsan caiptín, má tá fút dul faoi dhéin do
mhná, is fearr dhuit dul do láthair go Launceston.
Ní raibh a thuilleadh le rádh. Chuadhas an oidhche sin ar
an gcóiste go Launceston, sé fichid míle as so.



Longphort, Meitheamh 9°. — Baile beag é Longphort ar
an Esk ó Dheas dhá mhíle dhéag ó Launceston. An loingín
a bhfuil mo mhuirighin go léir uirthi níor tháinig fós; agus


L. 174


le seachtmhain tá an aimsir go fiadháin fraochda. Aimsir
den tsórt so is ineagluighthe an áit Gaibhlíní Bass;
agus ní chuirfeadh sé iongnadh orainn an tubaiste éirghe
do longaibh agus a mbriseadh. Táim ar cuairt annso
ag fear de na Púlearaibh; ó Árd Macha tráth dhó-san;
ceannuidhe láidir anois é sa Tasmáin agus na stórtha
arbhair is mó ar an oileán aige i Longphort.



Chaitheas lá go n-oidhche i bpríosún Launceston. Mar
so do tharla: Ar n-a chlos dom gan choinne agam leis
i mBaile Hiobáird mo mhuinntir a bheith ag déanamh ar
an oileán ar an taobh ó thuaidh i leabaidh ar an taobh ó
dheas, chuadhas go duine oifigeamhail a raibh cúram na
ngnótha air (.i. fear ionaid an Chisteora), agus d'innsigh-
eas dó nár mhór dhom imtheacht do láthair. Mhol sé dhom
gan aon mhoill a dhéanamh, agus dubhairt liom na páipéir
a theastochadh uaim do thabhairt cheada dhom go seolfadh
leis an bposta iad i gcruth is nach gcuirfidhe moill i
mBaile Hiobáird orm, ná nach gcuirfidhe mí-chomhgar
orm i Launceston. Bhíos buidheach don duine oifig-
eamhail faoi n-a shibhialtacht (mar thiocfadh leis a bheith mí-
shíbhialta dhá dtogruigheadh sé é), agus dheifrigheas liom
gan noiméad moille. Chaitheas an oidhche ag taisteal.
Ar an naoi ar maidin ar n-a mhárach rángas Launceston,
agus chuireas fúm san ósda Cornwall. Shiubhlas an
cnoc suas mar a raibh crann brataigh na gcomhartha, agus
chaitheas an lá ag fuireach le tuairisgibh mháighistir na
gcomhartha. Ba fliuch, garbh an lá é. Ní fhéadfadh tada
teacht an Tamar aníos. Abha í sin atá chúig mhíle is dá
fhichid ar fad, ón bhfairrge go Launceston, agus inbhear
lúbach contabhairteach é sin. Chuimhnigheas ar maidin
ar n-a mhárach go mb'fhearr dhom fuagradh do thabhairt
do ghiúistís an bhaile mé bheith i Launceston; agus leis


L. 175


sin chuadhas go hoifig na gconsabal, áit a bhí lán de
mhuinntir an bhaile ag déanamh a ngnótha. Shiubhlas
isteach agus d'fhiafruigheas den chléireach an raibh giúistís
Launceston do láthair. Tá, a dhuine uasail, ar seisean,
agus thaisbeáin sé fear ar an mbinnse dhom, fear árd
aosta mí-chúmtha. D'fhéach seisean go deismireach orm,
go bhfeiceadh cé'n chruadhóg a thiubhradh dhom stad a chur
le obair na cúirte. Nuair taisbeánadh dhom é dubhras:
Seán Mistéal m'ainm. Thángas go n-innsighin duit go
bhfuilim anois i Launceston agus go bhfuilim ag cur fúm
sa gCornwall.



Sgannruigh Mac Giolladhuinn nuair chualaidh m'ainm,
óir bhí sé d'ádh ar Mhac Mhaghnusa cúpla seachtmhain
roimhe sin gur éaluigh sé as Launceston, an áit atá ar
chúram an fhir seo. Bhí corrughadh intinne air agus d'fhiar-
fuigh dhíom cé'n ghnó bhí agam i Launceston. Faoi dhéin
mo mhná agus mo mhuirighne, agus ba chóir dhóibh bheith annso
faoi seo agus tá súil agam leo. An bhfuairis cead
teacht annso? Fuaras. Níor hinnsigheadh sin domh-sa.
Níl leigheas agam-sa air sin. Deirim leat, a dhuine,
nach feasach mise cead a bheith agat a theacht annso.
D'fhreagras dó: A dhuine, ní le díospóireacht a dhéanamh
leat fa dtaobh de do thángas annso; thángas go
n-innsighinn duit gur mé Seán Mistéal, go bhfuilim i
Launceston, agus go bhfuilim ag cur fúm san Ósta
Cornwall. Leis sin d'iompuigheas ar mo sháil agus
bhuaileas amach: acht bhí fhios agam go maith go gclois-
finn tuilleadh fa dtaobh de. Ba follusach dhom anois
go ndearnaidh mo chara síbhialta i n-oifig an Árd-
chisteora dearmad ar na páipéir a bhí riachtanach a chur
go dtí an sean-Mhac Giolladhuinn so.



Do thárla mar cheapas. Bhíos ag siubhal sráide Bris-


L. 176


bane, uair na dhiaidh sin leis an Pooler réamhráite agus
tháinig fear chugam a raibh culaidh duine uasail air agus
dubhairt: Creidim, a dhuine uasail, gur tú an Mistéalach
- Is mé. — D'órduigh Mac Giolladhuinn dom a rádh leat
go rabhais ag teastáil ina oifig. Is mise an t-árd-
chonsabal i Launceston. — An bhfuilim gabhtha mar sin?
Rinne sé umhlughadh agus dubhairt go dtiubhradh eolus
an bhealaigh dhom. Ar dteacht isteach san oifig dhúinn bhí
cuma dhána ineagluighthe ar Mhac Giolladhuinn. An
bhfuil aon sgríbheann agat do thabhairt ughdaráis duit
a bheith i Launceston? Níl. — A Dháibhis (sin é an t-árd-
chonsabal), ullmhuigh na ceisteana. Anois, a dhuine, ar
seisean liom-sa, múinfidh mise dhuit go dtaisbeáinfir
meas mar is cóir don ghiúistís ar an mbinnse. Ar
dteacht isteach san oifig seo dhuit uair ó shoin ba fada
ó bheith ceart an t-iomchur a bhí fút; bhí tú go huallach,
go míchéatach, go drochmhúinte. An bhfuil na ceisteanna
ullamh agat, a Dháibhis. D'fhiarfuigheas de cad a bhí sé ar
tí a dhéanamh liom. Thú chur faoi ghlas, a dhuine. — Tá
go maith; is cosmhail go bhfuil cumhachta agat sin a
dhéanamh. B'éidir go raibh míchéat in m'iomchur, acht
cibé céard do bhí in mo chroidhe ní raibh fúm a thaisbeánadh
in m'iomchur. — A Dháibhis, léigh na ceisteanna. Léigheadh
an srgíbheann. Dubhradh ann go dtángas-sa ón árus
i raibh aithne orm .i. Bothwell, go Launceston, gan
aon phasport, agus mé 'mo phríosúnach agus toicéad
ceada agam. Agus d'éis cúpla ceist nó trí a chur ar
an gconsabal fuaduigheadh ar siubhal mé agus caitheadh
isteach i gcarcair Launceston mé. Cuireadh teachtaire
áirithe ar an toirt go Baile Hiobáird ag fiarfuighe cad
ba déanta liom.



Is cosmhail nach bhféadfadh an giúistís a mhalairt a


L. 177


dhéanamh; níor mhaith an chosamhlacht go cinnte a bheith
gan sgríbheann gan pasport, agus is rud é an míchéat
a chuirfeadh fearg ar ghiúistís. Níor chuireas-sa suim
ar bith sa ngnótha, marach amháin go mb'éidir do mo
mhnaoi teacht an lá céadna sin, agus go mb'éidir dhúinn
casadh dhá chéile mar sgaramar le chéile trí bliadhna
roimhe sin i gcarcair Sasanach. Marach sin déarfainn
go mba folláin an rud do m'aigne mé chur i gcarcair
mar sin. Ró-bhog, ró-mheanmnach agus ró-thláith is
baoghalach dúinn a bheith ó n-a bhfuil de shadháile aeir
againn sa bhfiadhántas so ina bhfuilmid, áit nach bhfuil
amharc le fagháil againn ar shíléar; agus dá bhrígh sin,
is folláin an rud liom fuaim glais agus eochrach na
Sagsan a chlos corr-uair, agus táim ag cuimhniughadh ar
a dhul thríd tamall gach aon bhliadhain an fhad is bhéas mé i
mbroid.



Acht sgaoileadh dhíom d'éis cheithre huaire fichead a
chaitheamh sa gcarcair. An fhad sin féin bhí an síléar
go bog liom; duine nádúrdha bhí ann, a raibh a fhios aige
goidé mar bhí an cás. Leig an duine oifigeamhail i
mBaile Hiobáird posta no dhó uaidh gan an sgríbheann
riachtanach a sheoladh.



Ar theacht ar ais don Ósta dhom bhí cead fáighte ag
mo charaid an Púlerach dhom, i ngan fhios dom, cuairt
a thabhairt air go Longphort; agus dá bhrígh sin táim
annso le seachtmhain.



Tráth ar hinnseadh fa mo ghabháil bhí cuid de na páipéir
nuaidheachta a labhair go géar ar a ghéire agus caitheadh
liom. Páipéar deigh-sheolta i mBaile Hiobáird .i. an
Colonial Times labhradar-san go háirithe ar an gcás,
agus mholadar go hárd cruinniughadh a chur ar bun sa
Tasmáin agus san Astráil chomh maith, agus impidhe a chur


L. 178


go Sasana párdún a thabhairt do na huaislibh le ndeirtí
príosúnaigh stát na hÉireann. Nuair chonnaiceas sin
ar maidin indiu sgríobhas litrín do láthair chum an
Times ag rádh ina tús — is dóigh liom gur míchéat a tiubhr-
far ar seo freisin:



(Chum Eagarthóra an Colonial Times.)



Launceston, 9° Meitheamh, 1851.



A Dhuine Uasail, — Táim d'éis focal a léigheadh in do
pháipéar ag casaoid ar tamaillín a baineadh de mo
shaorsacht coibhchéime annso. Ba lághach an mhaise dhuit
sin a rádh, go raibh maith agat; acht a rádh go gcuirfeadh
coilíní na gcríoch nAstráileach impidhe chum Bainríoghna
Shasana ag iarraidh párdún do na príosúnaigh Gaedheal-
acha stát, ní mór liom a rádh má curtar a leithéid sin
d'impidhe ar an mbainríoghain gan m'ainm-se a chur ann.
Níl fúm aon phárdún iarraidh, ná leigean d'aoinneach
párdún iarraidh ar mo shon, má bhíonn aon neart agam
air. Is dóigh liom nach ndearna an giúistís tada acht
a ghnótha nuair ghabh sé mé — ní móide mar sin féin go
ndearna a ghnótha go hiomlán. Ní fheadar cad iad
gnótha oifigeach na mBreatan; agus ó thárla nach
bhfuilim chomh honórach agus gur Sasanach mé, ní chuireann
sé aon imnidhe orm; acht is dóigh liom go mba hé a
dhualgas ar an úcáid seo mé chur i ngéibhionn. Is
cosmhail go raibh mo mhí-iomchur go ró-fhollusach — óir
do bhí an oiread de dheabhaidh go Launceston orm agus
gur shroicheas an áit sul fuair Mac Giolladhuinn an
fuagradh oifigeamhail. Má rinne sé as bealach é ar
an úcáid seo tré bheith ró-bhog ró-réidh liom tá súil
agam nach gcuirfidh sé tada as dó, &rl.



18°. — D'éis naoi lá eile a chaitheamh domh ag fuireach i


L. 179


Longphort agus imnidhe orm, fuaras litir indiu ó San
Caoimhghin, go ráinig mo chúram Baile Hiobáird ar an
loingín Union, agus iad ar fad go maith. Sgríobhas
chuca i gcruth is go gcasfaidís dhom ag an Tobar Glas
— sin é an puinte den bhóthar mhór is goire do Bothwell;
rachad-sa don Tobar Glas ar an gcóiste tráthnóna
i mbáireach.



20.° — An Tobar Glas. — Thárla mo bhean is mo mhuirighin
orm arís indiu d'éis na mbliadhan. Níl innsin sgéil
ar a leithéid sin. Gluaisfimíd ar maidin amárach go
Bothwell tré na coilltibh.



21°. — Cé go raibh sé fliuch agus ina shneachta indiu,
d'éirigh linn an t-aistear a dhéanamh. Chuireas aimsir
ar charr a d'iomchrochadh mo mhuirighin, agus chuadhas
féin ar marcuigheacht ar Fleur de lis: bhí sé sin ag an
Tobar Glas le trí seachtmhainí ag fuireach leis an ais-
tear. An bothán ar chaitheas féin agus Seán Knox deich
mí ann, tá sé ró-bheag againn, tá sé ar ghanntan
trosgáin, agus é sé mhíle ón mbaile, agus chuadhmar go
teach compóirteach ósta le bean de mhuinntir Thrágha sa
mbaile — tá sise go toghtha ag cócaireacht feoil an
Kangaroo. Bhí Knox ag fuireach linn; agus is annamh
chaitheas cimigh tráthnóna chomh haoibhinn agus chaitheamar.



Chítear dhom gur iongantach an chosamhlacht baile atá
ar Bothwell anois, agus a bhfuil d'adhbhar baile agam ag
filleadh air taréis gan súil a leagan air le sé seacht-
mhainí. Is dóigh liom go mbeidh cineál teallaigh agam
arís. Ní rachainn a chomhnuidhe i gceanntar ar bith eile
den oileán anois is cuma céard a gheobhainn as. Tá an
t-aer glé annso againn, coillte breagha, aibhne áille,
ceanntar ar bheagán daoine, agus cáirde lághacha.
Rachad i mbáireach ar lorg tighe agus feilme mar a
bhféadfad penates mo thoicéid ceada a chur suas.


L. 180


AN 8° CAIBIDIL X.



Both Nant, Bothwell, Lughnas 26°, 1851. — Támuid
curtha fúinn annso faoi dheireadh, trí mhíle ón tsráid-
bhaile, ar fheilm a bhfuil dhá chéad acra innti, agus an
Clyde le tórainn thoir na talmhan. Tá amharc breagh
againn ón teach ar an ngleann breagh atá ag dul suas
ó thuaidh go bun Chnuic na Ginne feadh trí mhíle. Toghadh
talamh cimín atá ann, agus tá eallach agus caoirigh dhá
gcur agam air. Cheithre huaire sa ló agam ag teagasg
na mbuachaillí; ar marcuigheacht linn annsin, nó siúd
sinn ar fhuaid na gcoillte leis na madraibh.



D. Foghmhair 13°. — Ghluaiseas féin is mo bhean le
cuairt a thabhairt ar Mhac Gabhann Ó Briain. Bhí seisean
'na chomhnuidhe feadh roinnt míos i gceanntar sléibhe
thoir dtuaidh, dá ngairmthear an Abhainn Mhór. Ghlac sé
an tsaorsacht coibhchéime gar do bhliadhain ó shoin (agus
gheall ar ndóigh gan éalódh) agus chuir faoi i dtosach i
Norfolk Nua; acht níor mhór leis obair éigin a bheith
air agus d'athruigh go teach an Dochtúra Bróg;
áitreabhach eisean atá ar an Abhainn Mhóir agus ghabh air
ag teagasg a chlann mhac. Ní fhacamar é le trí bliadhna
go leith agus do réir mar deir mac Uí Mheachair is
eagal liom go bhfuil athrughadh mór air.



Ní miste dhom a innsin annso a dhéine is bhí Sir Liam
Mac Donnchadha air uair. Ar mbeith don Bhrianach ar
tí Norfolk Nua d'fhágáil ag dul don Abhainn Mhóir dhó,
sgríobh sé chugam-sa agus chum an Mháirtínigh go ndéan-


L. 181


fadh a bhealach go Bothwell, — bhí an áit sin agus Loch
Sámhaidh go díreach ar a bhealach, agus ba hé sin an comh-
gar dhó, cé nach bhfuil bóithre puiblidhe ann, dubhairt go
gcuirfeadh a bhosga ar chóiste an phosta, go gcaithfeadh lá
nó dhó froinn, go dtiubhradh cuairt ar mhac Uí Mheachair
annsin i n-éinfheacht linn, agus go dtiubhradh seisean go
Baile an Chaimbéalaigh é, agus as sin go mb'fhorusta
dhó a dhul treasna na tíre go dtí an Abhainn Mhór. Níor
léar do cheachtar againn aon locht a bheith ar an méad sin,
ná fós níor léar dúinn go gcuirfidhe toirmeasg air
thríd. Rinne Mac Maghnusa an t-aistear céadna
cheana, agus chuaidh an tslighe chéadna agus níor dubhradh
tada faoi. Agus na méirligh dá ríribh, ar mbeith dhóibh
ag dul ó áit den oileán go háit eile is iondamhail go
ngabhann slighe ar bith is breagh leo agus go nglacaid
a n-am mar thogruigheas siad.



Bhíomar, ar ndóigh, go háthasach go rabhamar le
n'fheicsin feadh lae nó dhó féin, agus labhramar ar an
gcuairt le n-ar gcomhursannaibh i mBothwell, agus chuir
sé ríméad ortha-san i gcosamhlacht mar chuir sé orainn
féin. I n-áit a dtugtar Hamiltún (20 míle ó dheas de
Bothwell) bhíomar le casadh dhó, agus bhí capall srian
is diallaid ar leith againn dó le n-a thabhairt aníos.
Acht chuala an t-árd-shíléar é; agus trí lá roimh lá na
coinne fuair giúistís Norfolk Nua órdughadh oifigeamhail
le tabhairt don phríosúnach a raibh a ainm ar an gciumhais
(.i. an Brianach) dhá fhuráileamh go hórduigheach air — dul
don Abhainn Mhóir ar fhágáil Norfolk Nua dhó, agus an
lá a bhfuagrochadh sé a bheith ag imtheacht imtheacht leis,
agus dul go Droichead Uisge, an áit ba goire dhá cheann-
tar ar an mbóthar mór go Baile Hiobáird; dul díreach
an bóthar sin gan casadh ar an láimh dheis ná ar an láimh


L. 182


chlé, ná gan moill a dhéanamh ar an mbealach. Tháinig
de sin go mb'éigin dó i leabaidh dul díreach ag aghaidh
timcheall a chur air féin, i gcruth agus nach bhfeicfeadh sinn
a chéile. Sin é an píosa mailíse is mailísighe rinne an
sean-shíléar fós, agus cruthuigheann sé gur croidhe
eochraidhe atá ann.



Gidheadh ó tháinig mo mhuirighin amach cuireadh cumaoin
ar leith orm gur beag nár saoradh mé ar nós na ndaor
dá ríribh a bhfuil toicéad ceada aca; óir tugadh cead
dom dul ó cheanntar go ceanntar acht “pas” le
haghaidh na húcáide bheith agam (agus tuairisg faoi m'
áirde bheith air, faoi dhath mo shúl, &rl.), acht go dtaisbeán-
ainn é i n-oifig giúistíse ar bith ina mbéinn. Ní miste
a mheas gurab annamh liom an chumaoin dheas sin a
ghlacadh. Acht fághaim an pasport sin fa láthair go
riaghalta de ghrádh an chuairt a thabhairt ar an Abhainn
Mhóir.



Chonnaiceas indé i bpáipéar Tasmáineach giota ó
pháipéar éigin i Londain go bhfuil gnáth-chreideamhaint
mhór dhá thabhairt don riaghaltas tré n-a shéimhe agus a
bhuige agus táid siad leis na príosúnaigh Gaedhealacha.
Acht do dhéanta glan na fírinne an mhalairt atá orainne
thar mar tá ar na daoraibh dá ríribh, is malairt chun
donacht dúinne é. Tá trí mhíle nó cheithre mhíle duine ar
an oileán a bhfuil toicéad ceada aca; agus is tig leo-san
fanamhaint ina rogha áit agus ar a rogha slighe, agus gan
ortha acht iad féin a fhuagairt faoi dhó sa mbliadhain, tré
dhuine eile má's breagh leo é. Acht níl neart againne
corruighe nach bhfuil cosg linn, agus ní mór dhúinn sinn
féin a fhuagairt uair sa mí, sinn féin féin, sna hoifigibh
dar ceapadh sinn. Agus i dteannta áirdeal a bheith
orainn mar sin agus fearg a chur orainn thríd, ní mór


L. 183


leo ar ngealladh a bhaint dínn, i gcruth fallsa mar dhóigh
dhe nach gcuirfidís amach ar aimsir sinn ar an gcunntar
sin, ag na háitreabhaigh, mar dhéanfaidhe le seirbhísigh.
Sin bréag, adeirim. Ba mhaith linn go léir an cothrom
céadna d'fhagháil a tugtar do na daoraibh atá 'na
ndaoraibh dá ríribh, óir d'éalóchmuid annsin ar an toirt;
agus tá fhios ag an ngoibhearnóir nach bhfuil coilíneach ar
an oileán nach gcuideochadh linn. Ní hiad an dá roghain
atá againn, obair nó gealladh gan éalodh, acht gealladh
gan ealódh nó bás i ndaingean — gealladh gan éalodh
nó géibheann mar bhí orm-sa i mBermuda agus ar an
mBrianach i bPort Artúir.*



Ghluais mé féin is mo bhean ar maidin indiu agus sinn
ar marcuigheacht ar phéire capall; bhí cheithre mhíle fhichead
le dhul againn tré choilltibh Fhearainn an Choirce gus an
áit a sroichfimís an cóiste. Bhí na capaill ar fheabhas .i.
Treodathach agus Fleur de lis, agus iad ag ithe na sgeach.
Lá rí-áluinn earraigh a bhí ann agus an luibh a dtugtar
an mímósa air faoi bhláth, agus an boladh breagh
cumhra de a bhfuil toghadh na haithne ag an uile dhuine ón
Eoraip air. Cumhracht Ríoghna na Machairí go díreach



*Ní mhaith liom an méad sin tuarasgbhála a chuireas síos in
m'irisleabhar a fhoillsiughadh faoi n-a dhéine is caitheadh linn thar
mar caitheadh le daoinibh eile; acht go bhfeicim go ndeirtear i
bpáipéir nuaidheachta Shagsan fós go rabhthas go ceannsa agus
go bog linn; agus ní aon díoghbháil an fhírinne an chraobhsgaoil-
eadh. Dá mbeadh an riaghaltas go bog agus go séimh linn ba
sgorn liom iad, an méid nach buige ná séimhe den tsórt a bhí
uainn acht ar bhfromhadh dá ríribh os comhair ar gcóimhthíoracha —
sé sin, ní buige bhí uainn acht an ceart. Agus níorbh mhí-réas-
únach an nidh sin le n-iarraidh ar riaghalatas a thug amach go rabh-
adar ag cur an dlighe i bhfeidhm agus ag déanamh an chirt dá
réir. Acht céard déarfá leis an raiméis sin ó Shasanaigh faoi
bhuige, an lá nár fromhadh i n-aon chor sinn, agus an lá an bhreith
fhallsa a tugadh orainn gur cuireadh níos géire go mór i
bhfeidhm í ná mar cuireadh an bhreith tugadh ar dhaoraibh a bhí
daortha ó cheart?


L. 184


atá air “ag dórtadh a hola” dhi. D'éis deich míle a
chur dhínn chuadhmar síos gleann doimhin gur thugamar
deoch do na caiplibh san Iordán. Annso atá an t-aon
mhám san áird seo gur féidir dul thríd ó Bothwell go
Fearann an Choirce, agus tá stáisiún consabal ann.
Bhí dhá chonsabal ag leaduidheacht os comhair an doruis
ag dul thairis dúinn, agus cuireann sin i gcuimhne dhúinn
nach bhfuil sa bhfaraois leathan ghlórmhar na dhiaidh sin
acht carcair dhuilleogach lán-chumhra.



Rinneamar an cnoc taobh thall de ghleann an Iordáin
a strapadh, go rabhamar go gairid arís i bhfiadhántas na
gcoillte. Rángamar Ósta Fhearainn an Choirce i gceann
tamaill. An cóiste théigheas do ló ó Bhaile Hiobáird
go Launceston, tháinig sé ar a haon a chlog. Is cosmhail
go díreach é féin is a mbaineann leis le sean-chóistibh na
Sagsan sul shluig na bóithre iarainn iad-san go léir.
Toghadh bóthair é, agus na capaill ar fheabhas. Príosún-
aigh gan aimhreas iad an cóisteóir agus an bhárda, agus
níorbh fhéidir leo a bheith níos cosamhla i mbéasaibh, i
n-éideadh agus i n-iomchur, le Sasanaigh Shagsan ná mar
táid siad. Tighthe tabhairne glan-Shasanacha na tighthe
tabhairne a ndeachamar tharta cois bóthair, go dtí amháin
an biotáille díoltar ionnta is ól Sasanach é. Canamhain
Shasanach atá ar an lucht taistil; agus an bhárda ar
theacht dó go sráid-bhaile seineann ar a bhuabhall an
dán is déidheanaighe rinneadh faoi na fearaibh dubha. Is
mór an ghráin liom go mbíonn orm corr-uair ar gceann-
tar iargcúlach i mBothwell d'fhágáil agus dul imeasg
na dtaistealaidh neamh-ghlana a théigheas an bóthar so.
Níl tarraing aoinneach go Bothwell, áit a bhfuil for-
aoiseacha agus sléibhte doi-eoluis taobh thiar agus taobh
ó thuaidh dhe, agus atá dhá chiúine go tig le duine úrghráin


L. 185


an tsaoghail uathbhásaigh seo a dhearmad tamaillín.
Níl amharc dá bhfeicfeá ná fuaim dá gcloisfeá ar bhóthar
chóiste na litreach annso nach gcuirfeadh i gcuimhne
dhuit gur sórt Sasana é an chríoch seo cé gur mí-chrothach
an bastard é; agus níl an oiread sin de chion agam
ar shean-Shasana agus go mbeadh cion agam ar a mac-
a-samhail eile.



Chuireamar fúinn feadh na hoidhche sa bpríomh-ósta i
mBaile an Chaimbéalaigh. Teach galánta é, agus
trosgán áluinn ann go mba chreideamhaint do theach i
mBrí Cualann nó i nDún Laoghaire a leithéid. Támuid
le gluaiseacht as so athrughadh amárach ar an gcóiste
puiblidhe don Abhainn Mhóir, áit i bhfeicimíd an
Brianach.



Táthar ar tí toghadh a dhéanamh ar fheisiribh, an chéad
toghadh é seo fa'n reacht nua a ceapadh annso do stiúradh
gnótha riaghaltais: trian na bhfeisirí d'ainmniughadh don
choróin, dhá dtrian eile do thoghadh do na daoinibh. Tá
corrughadh mór intinne ar na daoinibh ar ndóigh; agus
áthas mór ar gach aoinneach faill eile d'fhagháil ar aithris
a dhéanamh ar an tsean-tír. Tá na ballaí faluighthe le
páipéir a bhfuil fuagraí ortha do na daoinibh neamh-
spleadhacha dhéanfas an toghadh; ribíní gorma agus
ribíní dearga ar chluasaibh capall na gcóistí, agus ar
fhuinneogaibh na dtighthe tabhairne; bratacha i mbarr
cuaillí do chraobhsgaoileadh creideamh poiliticeach na
n-óstóirí a dhíolas droch-ól agus leann gránna: i n-aon
fhocal amháin, níl cabhair ná deis láimh-cheárdamhail dá
dteastochadh do bhailiughadh an daosgar-shluagh nach bhfuil
aca — agus is doilghe an rud sin agus a ghainne is tá na
daoine — ná do chabhairiughadh leis an ól — rud é sin nach
bhfuil chomh doilghe. Modh athchurtha daor go tír eile an


L. 186


t-aon cheart poiliticeach atá ann anois. Tá fonn an
domhain ar na coilíneachaibh fiúntacha atá annso an reacht
nua a chur i bhfeidhm agus deireadh a chur leis an reacht
faoi n-a dtugtaoi daoir chun na tíre; óir tá muirighní
ag éirghe suas aca anois, agus tuigid gur mór an chon-
tabhairt oilbhéasa na ndaoine atá thart timcheall ortha;
tuigid gur tarcuisneach an rud dóibh gan aon tír dúth-
chais a bheith aca acht críoch daor, gan seirbhísigh aca, ná
fear oibre, ná comhursa amháin, cé is moite don bheagán,
acht daoine do thuill a gcrochadh. An t-ór do fríth
san Astráil le goirid, tá bitheamhnaigh na Tasmáine ag
tarraing air 'na sluaightibh anonn thar an gcoinéal,
agus cuireann sin suim mhór ag muinntir Phuirt Philip
sa gcúis chéadna; gur cuireadh Cumann Astráileach
ar bun ina bhfuil na coilínigh is fearr san mBreatain
Nua Ó Dheas, i bPort Philip, san Astráil Ó Dheas, san
Tasmáin, agus i Saolann Nua rannpháirteach. Bratach
ghorm aca agus chúig réalt uirthi; neart airgid, sgríbh-
neoirí cliste, agus furmhór a bhfuil de dhaoinibh gasta
san Domhan Ó Dheas ar a dtaobh. Is iomdha crann
luinge a bhfuil a ngnótha dhá dtabhairt ó chríoch go críoch
san Domhan Ó Dheas agus bratach na réalt i n-áirde ina
bharr, agus níl árdán san Tasmáin dá labhrann cainteoirí
i n-aghaidh daoir a thabhairt don chrích nach bhfuil an bhratach
i n-áirde air. Ina aghaidh sin tá an goibhearnóir i
mBaile Hiobáird agus a sgata oifigeach dá bhfuil
tuarastail mhóra, ag déanamh a ndíchill ag iarraidh pobal
fiúntach éigin d'fhágháil a labharfadh ar son na bpríosún,
ar son slabhraí a choinneál ar na foirnibh daor agus ar
son a leithéidibh eile sin, acht ní go maith atá ag éirghe leis.
Gidheadh atá a pháipéar ag an ngoibhearnóir freisin .i.
an Hobart Town Advertiser, agus is náireach liom


L. 187


a rádh gur le Éireannach é, agus gurab é an prímh-
sgríbhneoir atá aca an Balbh a rinne sgéala ar
na daoinibh sa mbliadhain '48. Bhí seisean tráth,
go lán-cheannairceach nuair bhí sé sa gCoimh-cheangal
Gaedheal, acht i n-omós seirbhíse éigin nach cóir a
ainmniughadh fuair sé posta mar Chongantóir Ionaid
do Chisteoir na ndaor — tuarastal mór leis, agus réimse
mór talmhan, agus tá sé 'na Ghiúistís 'na theannta sin.



Is ar éigin a chreidfidhe a thútaigh agus a dhiabhlaidhe an
modh oibre atá ag an ngoibhearnóir agus ag a lucht
conganta. Leigid ortha go bhfuil an dream eile
námhadach do na príosúnaigh agus dá sliocht, i n-áit a
mbeith, caoi a bhfuilid, i bhfabhar deireadh a chur le aicmibh
ar leith imeasg na ndaoine, (agus an fhad is bhéas an tír
ina príosún féibh mar atá béidh na haicmí sin ann), i
gcruth d'éis glún nó dhó go mb'aon daoine amháin daoine
na críche. Ghlanfadh sin pobal na críche; shúighfeadh aer
glan agus úir na tíre na droch-dhúilí — agus is mór é mo
mhuinighin as na cumhachtaibh sin — agus shíolrochadh dúilí
nua úra, go ndéanfaidhe dearmad fa dheireadh shiar ar
an tobar as ar éirgheadar ar dtús. Sir Liam Mac
Donnchadha, tá an duine bocht ag déanamh a dhíchill ar
son an “riaghaltais” agus ar son a thuarastail, agus
tá sé ag iarraidh esprit de corps a chur is na daoraibh
bochta: agus tá Baile Hiobáird i gcontabhairt ag
daosgar-shluaightibh daor an riaghaltais go ndéanfaidh
siad raic ann, agus oifigeacha na ndaor dhá stiúradh.
An tAdvertiser agus páipéar eile (Éireannach eile dhá
sheoladh-san) a gcuid páipéar. Sé Balbh an Coryphoeus
liteardha atá aca; agus bitheamhnach de mhuinntir Grae
a gceann feadhna. Mac do dhúnmharbhthóir Mhuineacháin
eisean, agus cuireadh é féin thar sáile faoi ainm duine


L. 188


eile a sgríobhadh i mbréig-riocht agus faoi bheith páirteach
i mionna éithigh. Múintear don daosgar-shluagh “na
daoine” a thabhairt ortha féin, agus a rádh gur aicme
den phobal iad; agus ar mbeith dá sáth ólta aca is
mór an chontabhairt do dhaoinibh cneasta iad, óir leigid
leo féin agus iad go brúideamhail, agus bíd teann as an
riaghaltas ó thárla faoi choimhéad áirithe an ghoibhearnóra
iad.



Nach beag féin an t-iongnadh coilíneacha saora fiún-
tacha a bheith ag iarraidh deireadh a chur le modh as a
dtagann mí-riaghal den tsórt sin? De ghrádh an réidh-
tigh, tá cuid aca ag imtheacht go Port Philip, agus cuid
go Sasana; acht furmhór na n-áitreabhach tá fútha do réir
chosamhlacht an lámh uachtair d'fhagháil ar an modh, agus ní
mór leo do-chum a dhéanta dul i gcontabhairt, agus rud
a chailleadh féin leis. An toghadh so ag teacht an rud is
mó a bhfuil muinighin ag na coilíneachaibh as, agus tá
súil aca feisire a gheallfas dul i n-aghaidh daoir
a thabhairt isteach sa gcrích a thoghadh ins gach uile cheanntar.



An sluagh ag siubhal thart annso a chuireas sin i gcuimhne
dhom. Táid siad ar tí soláruidhe feisireachta an riaghal-
tais a thionlacan go sráid-bhaile an Rosa, áit a mbéidh
cruinniughadh dá lucht conganta indiu. Allison is
ainm dó. Cóiste carbad ceithre gcapall agus a lán
mion-charanna atá sa sluagh sin; agus tá neart ribíní
dearga ann agus bruth ar dhaoraibh. Béidh meitheal na
tuaithe agus a gcruinniughadh féin a mbáireach aca ag
an Abhainn Mhóir ina n-aghaidh siúd, agus béidh feiceál
againn ortha-san chomh maith. Fear de mhuinntir Chear-
moda an soláruidhe atá aca; atá a athair ar dhuine de na
háitreabhaigh is deiseamhla san áit, agus fear dílis
dúthrachtach sa gcúis é féin, agus dá réir sin fear a


L. 189


bhfuil an dearg-ghráin ag lucht an riaghaltais air. Deir
siad gur mó an tsuim atá dhá chur sa toghadh so i mBaile
an Chaimbéalaigh ná sa toghadh i n-aon áit eile den tír.



Deireadh Foghmhair 15°, An Abhainn Mhór. — Thángamar
míle is fiche indiu thríd an ngleann garbh ar a dtugtar
an Esk O Dheas. Tá cnoc ina iomaire ar thórainn thuaidh
an ghleanna agus beanna úrárda Bhinne Lomonn ar a
mhullach san. Cnoc é sin atá chúig mhíle troigh ar áirde
agus é dá bhrígh sin go mór níos áille ná a chomh-ainm i
nAlbain. Ritheann an Esk ó dheas isteach sa San Pól
ag an Abhainn Mhóir, agus láimh le uillinn an chumair tá
an cnoc cruinn, uasal ar a dtugtar Beann San Pól,
agus a leiceann faluighthe le adhmad áluinn. Is mó
chuireas na beanna agus na cnuic seo éadan Dhúin na
nGall agus éadan an Dúin i gcuimhne dhom ná aon
pháirt éile den Tasmáin. Ag dul go dtí cruinniughadh
na hAibhne Móire a bhí ar gcomhthaistealaidhe; agus
fear a bhí ar marcuigheacht le n-ar gcois bhí búrla éigin
ar a bhéalaibh ar an diallaid. Ar bhféachain dom níos
grinne ar an mbúrla thugas faoi deara bratach chúig-
réaltógach an Chumainn, agus cuirfear ise i n-áirde
indiu os cionn daoine neamh-spleadhacha na hAibhne
Móire.



Thuirlingeamar ag teach fiúntach ósta den bhaile,
agus i gcionn cúpla noiméad chuaidh duine uasal thar
an bhfuinneoig taobh amuigh .i. Uilliam Mac Gabhann
Ó Briain. Ar éigin a d'aithnigheamar é i dtosach; tá
sé gar do cheithre bliadhna ó chonncamar é. Chasamar
dhó ag an dorus ar dteacht isteach dhó. D'fháiltigh-
eamar roimhe go socair, acht go te, cáirdeamhail. Ní
rabhamar go han-mhór le chéile ag sgaramhain ar deir-
eadh i nÉirinn. Tá sé ag tabhairt uaidh do réir chosamh-


L. 190


lacht ina shláinte; níl se chomh díreach is bhí, ná a chéim
chomh seaghanda; liath sé cuid mhaith, agus cuma air gur
fhulang pian agus pionús. Is brónach an feic é an
t-uasal so de mhaithibh Gaedheal a fheiceál brúighte
isteach annso imeasg díogha na bpríosúnach ó Shasana;
a theallach bán, a dhóchas caillte aige, a shaoghal sgriosta
agus é ag dul san ísle bhrígh. Tá sé leith-chéad bliadhain
d'aois, gidheadh tá an oiread de phléisiúr aige as mór-
dhacht na gcnoc agus na gcoillte annso agus dá
mb'ógánach é; cé gur bhain an dubrón as é agus gur
cuimhneach leis fós an tsúil a chuaidh in' aghaidh. Is
annamh d'feicfeá feic chomh huasal: fear é nach féidir
a lúbadh, a bhrúghadh ná a bhriseadh; fear a sheasas go
daingean ar a bhonnaibh féin gan bhuidheachas do bhith-
eamhnaigh garbha, garga an domhain; a aghaidh chomh dána
agus go mbreathnochadh díreach ar an ngréin mar aon
Titan eile dar mac do Choelus agus do Terra. Tá sé
lán-mhuinighneach as féin; a chroidhe agus a shúil chomh
glan chomh hosgailte agus bhí riamh faoi chomhair a bhfuil
d'áilleacht agus d'oirfide ar talamh agus ar neamh,
agus é ag fuireach go sásta le aingeal an bháis.



Bhíomar ag ithe nuair a tháinig sé isteach. D'éis bídh
dubhairt sé a dhul ag spaisteoireacht go dtugadh sé
suas gleann an Esk ó Dheas sinn. Shiubhlamar linn
feadh cúpla uair ag cur síos ar '48. D'innis sé dhom
níos cruinne agus níos iomláine ná mar chualas cheana
faoi n-a imtheachtaibh féin i dTiobraid Árann; agus is
tré (céard a thiubhras mé air? — tré chladhaireacht, tré
fheall, nó tré shagartóireacht, acht ar chuma ar bith tré)
iomchur na sagart is mó a chaill sé an lá. Gach áit dá
ndeachaidh bhí sagairt ina thimcheall; agus thángadar dó
nó trí chuarta ag cogarnaighil, ar mbeith do na daoinibh


L. 191


ag cruinniughadh, gur imthigh na daoine arís as amharc
ar nós an tsneachta. D'innis dom faoi shean-daoine
liatha a tháinig chuige agus na deora anuas leo, dhá rádh
leis go leanfaidís go deireadh an domhain é agus
gurab é a raibh uatha é, go mba fada ag súil leis an
lá sin iad, agus is ag Dia atá fhios nach iad féin a
bhíodar a spáráil: acht bhí an sagart annsin agus dubh-
airt seisean dá ndóirtidís fuil go ndamnófaidhe iad;
agus céard d'fhéadfaidís a dhéanamh? Go bhfóiridh Dia
ortha, cá n-iompochaidís? agus chuadar ar a nglúinibh
chuige ag iarraidh maitheamhnas air faoi n-a thréisgint.
Gur imthigheadar abhaile, an t-iarball sa tóin aca, go
sábhálaidís a n-anmnacha salacha, agus go bhfanaidís
annsin go ruaigeadh báille an tsirriam isteach go tigh
na mbocht iad. Tá an Brianach gabhtha le n-a bhualadh:
ón gcaoi ar thréig na daoine é, ón gcaoi ar sheasadar
siar, ón mbreith a thug coisde (an sórt coisde bhí ann)
na cúirte air i gCluainmeala, tá deireadh dar leis le
airm a ghlacadh i n-aghaidh na Sagsan; agus dá réir sin
tá deireadh leis an gcúis, agus tá críoch agus deireadh
go deo le stair náisiúnta na hÉireann. Ní shaoilim-se
sin.



Tá fhios aige go maith dá ngéilleadh sé rud ar bith dhá
lughad go leigfidhe amach saor é; tugadh an t-ugach sin
dó go soiléir tré n-a mhuinntir féin. Acht tá sé ró-
uaibhreach le maitheamhnas ná párdún iarraidh; acht
tuige nach n-iarrfadh an lá go bhfuil an bharamhail aige
atá? Ghabhfainn-se párdún go cinnte dhá gcreidinn go
raibh baramhail na ndaoine 'n-ar n-aghaidh san iompodh
amach a bhíomar ar tí a dhéanamh, agus ina theannta sin
dhá gceapainn go ndearna mo chomh-Ghaedhil mé a
fhromhadh agus an bhreith a thabhairt orm — sé sin dá


L. 192


gceapainn gurab í Bainríoghan Bhictória bainríoghan na
hÉireann dá ríribh i leabaidh a bheith 'na tíoránach
coimhightheach dhi. Saoilim fa láthair ar nós ar bith go
ndeanfainn é.



Nocht sé annsin dom go hiomlán faoi 'n iarracht
a rinne ar éalodh d'Oileán Mháiria. Leigeadh dhó siubhal
thart ar fhuaid an oileáin agus gan le n-a chois acht aon
chonsabal amháin a raibh airm aige; go dtéigheadh amannta
cúig nó sé mhílte ón stáisiún. Ar ndéanamh margadh
dhá cháirdibh i dtaobh luinge i mBaile Hiobáird, luingín
bheag a bhí innti, d'éirigh leo sgéala a chur chuige faoi go
han-fhoghluightheach, agus go dtiocfadh an long lá áirithe
go beann áirithe den oileán, go gcuirfidhe bád beag i
dtír, agus cead aige-san éalodh ó na choimhéad nó lámh
i n-uachtar d'fhagháil air ionnus go bhféadfadh léim
a thabhairt isteach sa mbád agus a sáthadh amach. D'éirigh
moill dóibh i mBaile Hiobáird, gur chaith an príosúnach
bocht an iomad seachtmhain ag siubhal gach uile lá go
háit áirithe den oileán agus é ag síor-dhearcadh ó dheas.
Ní raibh a fhios aige an uair sin go ndeachaidh caiptín na
luinge sin, Ó hEilgheasa a ainm, go Teach an Riaghatais
agus gur dhíol sé an Brianach ar airgead: ní raibh fhios
aige go raibh cúntas cruinn ag síléaraibh Oileáin Mháiria
ar an deis ar fad; agus gach uile chéim dár thug sé gur
tugadh go grinn faoi deara é.



Ag siubhal dó ar an tráigh fa dheireadh agus a shúil
curtha den luing aige beagnach chonnaic sé an long.
Ar fhaitchios go mbraithfeadh an consabal é nuair
d'fheicfeadh sé ag faireadh na luinge é shiubhail isteach
fo'n gcoill tamaillín go dtagadh sí níos goire dhóibh.
Bhuail sé síos arís go dtí an áit go neamh-shuimeamhail
go leor i gcosamhlacht, acht bualadh croidhe air. Bhéar-


L. 193


fadh aghaidh ar San Phroinsias; agus bhí an domhan mór,
a bhaile, a chlann agus saoghal onórach roimhe taobh thall
den gheata órdha sin. Bhí an bád ag déanamh air agus
triúr innti, agus shiubhail sé amach go huaibhreach
fonnmhar go gcasadh dhóibh ar an tráigh. Bhí consabal
suarach i n-áit éigin ar a chúlaibh ar ndóigh agus a ghunna
suarach leis; acht le congnamh na mbádóirí níor
bh'aimhreas leis teacht uaidh-san.



Ní fhéadfadh an bád a theacht sáthach gar don tráigh mar
thugadar isteach i ndóláinín beag ciúin í mar a raibh
snáithe tiugh mara. Mar ráinig an Brianach an tráigh
isteach leis béal a chinn roimhe sa bhfairrge ionnus nach
ndéanfaidhe aon mhoill, go ndearna sé a bhealach thríd
an bhfeamuinn go dtí an bád. Níor shaoil sé go raibh
an áit chomh doimhin agus bhí, agus nuair shroich sé an bád
ní raibh sé i n-ann dul isteach innti gan congnamh na
mbádóirí. I leabaidh cuidiughadh leis d'fhágaibh na
bitheamhnacha annsin é ag slapaireacht san uisge, agus
iad ag breathnughadh isteach chum na talmhan, áit a
bhfacadar an consabal ag déanamh ortha faoi seo agus
a mhusgéad leis. Ní túisge fuair an triúr bádóirí
amharc air ná gháireadar d'aon ghuth “tugamaoid suas!”
agus d'iarradar ar bórd é, agus ar an toirt boise ar
shroich sé an bád rug ar thuaigh, a thug na bádóirí leo
gan aimhreas le haghaidh na húcáide, gur bhris an bád.



Thuig an Brianach go ndearnadh feall air, agus nuair
hórduigheadh dhó imtheacht leis na bádóiribh agus leis an
gconsabal gus an stáisiún ní chorrochadh sé cos, ar
shúil is go dtiubhradh ar an gconsabal a chaitheamh.
Gidheadh rug na bádóirí air gur thógadar de chothrom
talmhan é, gur iomchruigheadar é mar d'órduigh an
consabal. Cuireadh géibhionn níos déine na dhiaidh sin


L. 194


air; agus go goirid na dhiaidh sin hathruigheadh ó Oileán
Mháiria é go Port Artúir.



Sa gcaint dúinn d'fhilleamar ar an teach ósta. Bhí
nathair mhór dhubh ar an gcosán romhainn, an chéad cheann
a chonnaiceas an samhradh so; agus shiubhlfadh mo bhean
uirthi acht go bhfaca an Brianach i dtosach í agus gur bhac
sé mo bhean; thug léim chuici annsin go marbhuigheadh le
cleith í. Acht shnámh léi, rud is iondamhail leo a dhéanamh
acht an deis d'fhagháil, go ndeacha isteach sa bhféar tiugh
agus chinn orainn a fagháil.



Deireadh Foghmhair, 16°. — Bhíomar le sgaradh le chéile
indiu. Cheithre mhíle dhéag gleann San Pól suas a bhí le
siubhal ag an mBrianach; agus d'iarr orainn dul suas
dhá mhíle leis go dtaisbeánadh teach agus feilm dhúinn i
n-áit áluinn ar an abhainn San Pól. Mhol dhom iad a
dtógáil ar chíos; óir is tig liom cur fúm anois in mo
rogha ceanntar chomh neamh-spleadhach le aon bhitheamhnach
sa tír a bhfuil toicéad ceada aige.



Chaitheamar an fhad is d'fhéadamar a' fálróid is ag
moilleadóireacht sa ngleann breagh sin. Níor mhór
dhúinn sgaradh le chéile fa dheireadh: chuaidh seisean go
teach an dochtúra Bróg áit a raibh air roinnt múinteoir-
eacht a dhéanamh anocht, agus chuadhamar-ne ar ais don
Abhainn Mhóir, le dhul as sin go Baile an Chaimbéalaigh
ar an trucail puiblidhe. D'fhanamar ar feadh i bhfad
ag breathnughadh na dhiaidh agus é ag siubhal go huaig-
neach an gleann suas; agus saoilim gurab annamh
chonnaiceas feic chomh huaibhreach ná chomh brónach. A
Nicé, a bhainríoghan Charthagin! ná fág díoghaltas ar
bith dhá shuaraighe in do chumhachtaibh nach n-imreochaidh tú
ar an bhfear mórdha sin; gach tarcuisne dá gcuimh-
neochaidh tú air, dár féidir leat a cheapadh nó a chumadh


L. 195


tabhair ar chroidhe mór an fhir sin, acht ní chuirfir sgáth
ná eagla ar an gcroidhe, ná ní lúbfair an fear. Ní
tusa, a ríoghan, an crann réitigh ná an breitheamh ar
onóir ná ar easonóir; ná ní feasach do dhaoine i
bParlaiment, ná i gcrannóig, ar árdán, ná i n-áit
phuiblidhe ar bith eile cad a bhaineas don nídh sin.



Chasamar go righin, mise ag easgainidhe, mo bhean
agus na deora ar a gruaidh, agus thángamar ar ais go
hAbhainn Mhóir. Imtheochamuid go Bothwell i mbáireach.
Bhéarfamuid cuairt ar Loch Sámhaidh agus ar bhoth sighe
mhic Uí Mheachair ar ar mbealach ar ais.


L. 196


AN 9° CAIBIDIL X.



D. Foghmhair 16°. — Ar ais linn indiu go hÓsta Bhaile
Chaimbéil áit a bhfuil fúinn an oidhche a chaitheamh.



17°. — Fuaramar sórt cart indiu gur thiomáineamar
sé mhíle dhéag tré ghleann Abhann Mhic Guaire go Sliabh
na Gaibhle. Comhnuigheann Gaedhil annsin a tháinig ó
Chorcaigh dhá bhliadhain déag ar fhichid ó shoin. De mhuinn-
tir Chonaill iad. Gheallamar cuairt a thabhairt ortha ag
filleadh ó'n Abhainn Mhóir dhúinn; agus ba lághach an
mhaise don Chonallach é, chuir fios go Fearann an
Choirce ar ar gcaiplibh agus táid siad ullmhuighthe aige
faoi chomhair ar dturais chum na loch i mbáireach. Chuaidh
an Conallach agus a bhean tré an-chruadhtan ar gcur
fútha annso i dtosach — talamh fiadháin coille le réiteach
aca agus le móinfhéir a dhéanamh dhe, agus daoine dubha
fiadháine na háite le faire aca, dá gcoimhéad féin
ortha, agus daoir níos fiadháine ná ceachtar aca le
troid istigh ina dtigh féin go minic. Fíor-Ghaedheal
ceart í bean an Chonallaigh — canamhaint Chorcaighe chomh
blasta uirthi agus dá mba anuraidh thiocfadh amach,
agus ní fhuighfeá i nÉirinn do láthair bean tighe níos
nádúrdha lághaighe ná í, óir is goire do ghleanntaibh
Mumhan “síbhialtacht” Charthagin agus is cumhachtaighe
ann í ná i gcoilltibh aduadhaine seo Sléibhe na Gaibhle.
Acht tá an saothar agus an stríocáil is déine curtha
dhíobh aca; tá a bhfeilm faoi pháirceanna uaine geamhair
agus faoi thréadaibh caorach; tá na curcóga lán de


L. 197


bheachain aca, agus is blasta an mheadh a ghníos bean an
tighe; dhíbir síbhialtacht na ndaor daoine dubha na
Tasmáine; agus níl cneamhairí an fhiadhántais chomh
fairsing le bliadhantaibh anuas agus bhíodar. Mar sin
féin gach uile theach dá bhfuil ar an uaigneas ní mór
airm a bheith ann; agus níl sé mórán bliadhan ó shoin ó
rinne bean an Chonallaigh gníomh a bhfuil cuimhne air i
stair na críche, i n-aghaidh na bhfoghluighthe úd. Bhí ceath-
rar nó cúigear fear a raibh airm aca a thóg seilbh ar an
teach tráth a raibh a fear as baile. Cuireadh beirt aca
ag faire taobh amuigh; duine eile aca a chuaidh isteach
agus choinnigh aghaidh béal an ghunna ar mhuinntir an
tighe an fhad is bhí bitheamhnach eile ag goid is ag fuadach
ar fhéad sé. Thug bhean an Chonallaigh dhó-san dul
isteach i gcaibhéad thuas an staidhre mar dhóigh dhe go
raibh rud luachmhar éigin ann le taisbeánadh dhó. Ní
túisge fuair istigh sa gcaibhéad é ná d'fháisg glas air,
sgiorr síos go tapaidh go dtí an fear a bhí ar gárda,
ghabh agus cheangail é go dtug ceangal na gcúig gcaol
air le congnamh na bpáistí agus bhain na hairm de;
dhúin an dorus annsin agus thosuigh ag caitheamh leis an
gcuingir a bhí san úirlios amuigh. Chaitheadar-san cúpla
urchar nó thrí ar ais léi agas thugadar dá shiubhal ann-
sin é, gur fhágadar a gcompánacha gabhtha ag bean an
Chonallaigh. Crochadh an bheirt sin ar ndóigh, agus (rud
ab iondamhail an tráth úd) tugadh tuilleadh talmhan do
na Conallaighibh tré chrodhacht an ghníomha.



D. Foghmhair 18°. — Chuadhmar ar marcuigheacht ar na
caiplibh arís agus thugamar aghaidh ar mhám ghruamdha atá
sa Druim Thiar, sin é an t-ainm atá ag muinntir na
críche ar na sléibhtibh atá 'na sraith ó cheann thuaidh go
ceann theas oileáin na Tasmáine. Chonncamar tighthe


L. 198


deasa le muinntir na háite ar an máigh, agus bhíomar
imeasg na gcnoc agus sinn hocht míle ó Shliabh na Gaibhle.
An Conallach óg a bhí mar threoraidhe againn d'fhágaibh
sé sinn annsin, agus leanamar do chosán gharbh suas an
cnoc idir chrannaibh adhbhal-mhóra agus charraigreacha.
Ba gearr na dhiaidh sin gur fhágamar an áit ina raibh an
mímósa ag fás, agus na dhiaidh sin an guma bán agus an
guma gorm. Ar n-éirghe míle troigh dhúinn os cionn an
mhachaire bhíomar imeasg crannaibh árda díreacha a raibh
croiceann gruamdha na stríocracha ortha. Ní sgeitheann
an cineál sin crainn a chroiceann ar nós na Eucalypti
eile, agus an t-adhmad atá ann tá sé go fíor-chruaidh, go
han-trom, go buan agus snáithe díreach ann. Is é is
iondamhla a chur i dtighthibh agus i bhfáltaibh.



Suas linn agus níos fiadháine agus níos géire a bhí
an cnoc ag éirghe gach uile mhíle, gur shroicheamar dhá
lán-mhíle troigh os cionn maighe an Rosa. Fuaramar
amharc san áit sin amach bearna coille ar an gcrích
ísiol d'fhágamar 'nar ndiaidh — áit fhairsing a raibh cuma
thirm shúighte air, agus na cnuic ag bagairt a gcinn thar
dhruim a chéile ar feadh t'amhairc soir gus an aigeán,
agus iad faoi choilltibh. Bí Beann árd dorrdha Lomonn
thoir dtuaidh; agus ba léar dhúinn i bhfad uainn sa
nguirme gleann San Pól mar ar fhágamar an Brianach
ag taisteal san uaigneas. Ba gearr uainn anois
mullach an chnuic mar a ndeacha an cosán ar a rabhamar
thar shléibhtibh an iarthair. Thuirlingeamar agus bhíos-sa
ag cinnireacht na gcapall suas a raibh fágtha den chnoc,
nuair chonncamar an fear ar an gcosán thuas os ar
gcionn. Bhí gunna ina ghlaic aige, hata leathan-
bhilleogach ar a cheann, agus mada adhbhal-mhór le n-a
chois. An túisge chonnaic sé sinn gháir sé an cú-í! sin


L. 199


í an ghlaodh sho-chlosda le n-a nglaodhann na daoine ar
a chéile is-na coilltibh. Cú-í, arsa mise, in mo shean-
bhéice, dhá fhreagairt; agus anuas leis an bhfear agus
leis an mada i n-éinfheacht de sgiotán. Mac Uí Mheachair
a bhí ann, agus bhí cheithre mhíle siubhalta aige ó n-a bhothán
faoi n-ar ndéin! Brian ainm an mhadaidh, cú bhreagh
chliobach le Mac Maghnusa tráth, acht bhí sí anois faoi
chúram mhic Uí Mheachair. Bhaineamar as suas go meadh-
rach, agus cé go raibh an choill go tiugh thart timcheall
orainn ba gearr go raibh fhios againn go rabhamar ar
bharr an chnuic, óir mhothuigheamar an ghaoth ag séideadh
orainn ón taobh thall.



Agus cé'n chaoi a gcuirfead síos anois ar an bhfeic
iongantach ar ar thárlamar — feic nach bhfeicfeá i n-aon áit
eile acht san Tasmáin, óir is críoch ise ní hé amháin nach
bhfuil a samhail sa domhan, acht i gcruth agus i ndéanamh
isé a contrárdha de phatrún atá sa gcuid eile den
chruinne; go dtí tortha na críche féin: tá lochanna
leathna ar bharraibh na gcnoc, i leabaidh an duilleabhar
a sgeitheadh do na crannaibh is é an croiceann a sgeithid
agus ar an taobh amuigh a bhíos an chloch ar an silín.



D'éis dhá lán-mhíle troigh a strapadh dhúinn bhíomar
ar bhior ghéar an chnuic agus chonncamar machaire réidh
an Rosa thíos i bhfad uainn. I leabaidh dul síos dúinn
an taobh eile den chnoc thárlamar an loch mhór a bhí ar a
laghad seacht míle ar leithead, agus gan ag coinneál
na locha annsin acht mullaigh na gcnoc agus í luma lán
go béal, cibé cuach nó uachais dá ndearnadh í. Dá
ngearrtaoi claise chúig troighthe fichead ar doimhin uaithi
san áit seo rithfeadh an sruth síos an cnoc uaithi go
ndéanadh abhainn eile tré mhachaire an Rosa. Dá ngearr-
taoi claise den tsamhail chéadna ar an taobh thiar dtuaidh


L. 200


dhi sgárdfadh an t-uisge síos go habhainn-loch atá ag
bun an tsléibhe ar an taobh sin. Acht níl aon bhealach
amach ag an uisge acht tré Loch an Chorráin gus an Clyde;
gurab amhlaidh sin a fhliuchas sé gleann Bothwell agus
thugas úire do bhunannaibh na gcrann ag Bothán Nant.



Chuadhmar thar bheann Chinn an Mhadaidh go ndeachamar
ar chosán gharbh cam idir na crannaibh, gur shroicheamar
cuan ciúin nó dolán doimhin sa loch, agus sin é an áit
i bhfuil bothán ar gcarad agus ní fheicfeá i dtír na n-óg
amharc níos áille: an sruth glas ag snigheadh ós do
chomhair agus coill thiugh thart ar a chúlaibh. Tá céibhín
bheag adhmaid ag dul amach tamaillín sa loch, agus ag
ceann na céibhe tá an Speranza ar snámh. Bád nua
ise a rinneadh i mBaile Hiobáird, agus tugadh aníos
annso í tré Bothwell ar shé cinn de bhuláin, chúig mhíle
dhéag is trí fichid bealaigh.



Bhí bean an tighe coille seo ar an ngrianán ag fáil-
tiughadh romhainn. Thugamar na capaill do Thomás Mac
Aodhagáin le aire a thabhairt dóibh, agus chaitheamar uair
an chluig go sultmhar ag spaisteoireacht ar bhórd na locha
go ham bídh. D'éis bídh meabhruigheadh a dhul ar an loch.
Glaodhadh ar Sheon, sean-mháirnéalach atá ag mac Uí
Mheachair do stiúradh an bháid. Cuireadh croicne míne
beathadhach allta fúinn agus filléid ar na seasanna agus
ar na suidheacháin, crochadh bratach Ameriocá i mbarr an
chrainn, agus siúd amach sinn, le cuairt a thabhairt ar
an oileán, go bhfeicimíd goidé mar tá an coirce agus
na fataí ag teacht ar aghaidh. Óir ní mór le mac Uí
Mheachair a bheith ina an-fheiliméara freisin; agus bhí
fear ar an oileán cúpla mí aige ag treabhadh is ag forsadh
is ag cur. Acht tháinig an tráthnóna garbh; bhí an ghaoth
in ar n-aghaidh, agus ní rabhamar thar chúpla míle amach


L. 201


nuair a chasamar. Nuair a chuir Seon thairis an bád
is beag nach ndeachaidh a bórd faoi uisge gur shroicheamar
an chéibh de sgiotán. D'éirigh sé glas tráthnóna; agus
ba mhór an áineas linn an teine dheas adhmaid, an párlús
beag dearg agus na leabhra galánta ar na foraidhibh.
Bhíomar go sultmhar ar ndóigh cé is moite don uair a
dtráchtaimís ar Éirinn agus ar an gciseach a rinne a
fir phuiblidhe dhi; agus táid siad-san ag déanamh
adhbhar magaidh d'Éirinn ar fud an domhain.



Acht bhí cur síos mór againn ar an Tasmáin, ar an
toghadh agus ar an gCumann Astráileach, agus tá an-
tsuim ag mac Uí Mheachair annsin. Ba mhaith linn araon
go n-éireochadh le na coilíníbh fiúntacha deireadh a chur leis
an daorsacht annso, óir is mór an náire í — ní hé go
deimhin go mbainfeadh an t-athrughadh linne, Gaedhil mar
sinn atá ar longais, óir ba deimhneach dhúinn ar gcoimhéad
ar chuma ar bith; acht ar gcáirde croidhe annso tá an
oiread sin de shuim sa gcás aca agus an oiread sin
den cheart aca, ar son na críche a thoghadar mar thír
mháthardha, agus sin í an oighreacht a fhágfas siad ag a
sliocht. Is móide ar suim (mo shuim-se pé n-Éirinn é)
sa gcás, an mhéid gur mór an sásamh liom riaghaltas
Charthagin a sháinniughadh agus a uirísliughadh. Sin é
thug dhom an sásamh fuaras ar an gceannairc a bhí san
Afraic Ó Dheas; thríd sin atá ríméad orm gurab é
baramhail na gcoilíneach annso gur náimhde fealltacha
atá ag déanamh uisge faoi thalamh ortha atá sa riaghaltas
i Sráid Dhonnáin, go nach bhfuil súil aca le tada uatha-
san acht le bréagaibh agus le droch-mhúnadh; thríd sin
atá fúm go goirid tuairisg a chraobhsgaoileadh faoi
an seasamh rinneadh san Afraic Ó Dheas i n-aghaidh na
ndaor, agus fuaras an tuairisg sin nuair bhíos ann sa


L. 202


láthair. Táim deimhneach go gcuirfidh an Colonial Times
i gcló dhom é ó lá go lá, cibé fad is maith liom a
bhaint as.



Ní raibh mac Uí Mheachair na chomhnuidhe agus an deagh-
obair seo ar siubhal; agus is mór an chumhachta atá aige
sa Ros agus i mBaile Chaimbéil. Thóigeas in mo láimh
i nÓsta na hAibhne Móire an fuagra thug an soláruidhe
do lucht toghtha an cheanntair. Clóbhuaileadh ar fhoill-
seacháin mhóra é, agus thug an Cearmodach anuas annso
é le n-a chur suas ar bhallaibh agus le n-a sgaipeadh. Bhí
cual díobh ar an mbórd agus an cainteoir ag caint.
Chonnaiceas cor cainte a thug dhom tuilleadh a léigheadh
- dithreabhach an locha a chúm gach uile fhocal de; d'aith-
nigheas lorg a láimhe ar an uile líne.



19° — Thug Tomás Mac Aodhagáin na capaill le bórd
locha dhúinn go both an Chúipéaraigh, agus chaitheamar
sgathamh go haoibhinn ag seoltóireacht ó áit go háit ar
an loch Feicthear dhúinn gur glaine agus gur éad-
truime an t-aer atá thuas is-na réigiúin árda so ná i
n-aon áit eile den oileán; gur glaise an féar ann
agus gur fearr an duilleabhar; agus ar mbeith dhúinn
ar snámh annso ar ar sógh feicthear dhúinn nach bhfuil aon
loch sa domhan níos breaghdha ná Loch Sámhaidh. Ní
dhearnadh gacha le rann molta dhi agus rinneadh do Win-
dermere, ná níl gacha le duine ag tarraing uirthi ó
Londain ná dhá milleadh agus atá ag tarraing ar Loch
Lomonn nó ar Lochannaibh Chill Áirne; níl a hainm chomh
coitcheanta sa sgéaluidheacht le Loch Regillus nó le
Thrasymené, ná chomh tásgamhail sa litridheacht le Como
nó Geneua. Is breaghdha an tuairt le n-a dtuiteann
an Éríe san Ontarío ná mar tá ag uisge an locha
so ag tuitim isteach i Loch seathrach an Chorráin di; ná


L. 203


ní thagann mac alla ó na fuaim mar thagas agus mar
thiocfas go bráth ó na cnuic go Loch Caitríona agus go
Loch Achréidh. Rud is measa ná sin arís: níl iasg ruaidh
ná breac innti, an péirse, an gaill-iasg ná an bradán.
Acht féach, en revanche, an fhoraois adhbhal-mhór atá ina
chéile thart timcheall orainn annso. Tá an bheann ar a
dtugtar Cnoc an Chliabháin ar an taobh ó thuaidh agus na
háilltreacha liatha ag éirghe amach as ina bharr tré na
crannaibh — aon bheann amháin ise atá ag éirghe as an
druim mór thiar, agus í míle troigh ar áirde os cionn na
locha, agus í gar do cheithre mhíle troigh os cionn cothrom
na fairrge. Tá Cnoc breagh an Bhúird thall ar a aghaidh
sin, níos fuide uait arís ar an taobh thall de Loch an Chor-
ráin. Níl comharthuidheacht ar bith annso an duine ná an
beithidheach a bheith beo ann. Níl tighthe galánta ar dhéanamh
ársaidh aimsire Eilíse ann, ná ar dhéanamh Gothic, ná
ar dhéanamh Gréagach, ar stuadhaibh árda agus i
n-áitibh áille leis an loch. Ní fheicfeá dreamanna
daoine ag imtheacht faoi sgáthaibh galánta gréine, ag
seoltóireacht go háitibh aoibhne do dhéanamh aeir agus
pléisiúir dóibh féin, treoruidhe ina gcionn le deiseacht
na háite a thaisbeánadh dhóibh agus le n-a dtreorughadh
ar ais arís tráthnóna go tighthibh móra maiseacha ósta
mar a mbeadh biadh agus deoch ullamh dhóibh ar an ceathair
a chlog. Tá coill fíor-doi-eolais ar bhórd thuaidh na
locha, coill fhada fhiadháin, cé go ndearna San Caoimhghin
agus tuilleadh againn ar mbealach tríthi uair ar na
caiplibh, agus ba contabhairteach an turas é: sinn ag
treabhadh na locha amanna, ag léimneach thar chrannaibh
a bhí ar lár agus dhár mbrúghadh féin thríd an gcrannlach
go rabhamar i riocht ar stracadh de na caiplibh. Aon
ghailín amháin deataigh sin é an méid is léar dhúinn thart


L. 204


timcheall na locha. Ag éirghe as both aodhaire atá sé
sin, sé mhíle treasna na locha uainn, i n-áit a bhfuil an
t-aodhaire ag cumhdach a thréad agus an tréad ag ithe ar
chimín samhraidh an cheanntair.



Tuige nach mbeadh Loch Sámhaidh iomráiteach freisin chomh
maith le aon loch eile? Cá bhfuil an t-uisge níos glaise
níos glaine, ná an spéir níos guirme os a cionn? Cá
bhfuil an lacha fhiadháin a bhfuil a nead níos cumhduighthe
ná an lacha a bhfuil a nead faoi chiúmhais an chrainn tae
ná ar do bhórd-sa, a Loch na deisceirte? Agus an eala
bhán a shnámhas dúbailte .i. an eala agus a sgáile,
ar Loch Naoimh Muire, an mó is seaghanda í, agus an
deise sgáile a muinéil fhada ná eala dhubh uasal na
deisceirte? Tiocfaidh an lá fós go gcanfaidh binn-
fhile éigin do mhaise, a loch dheas na gcoillte. Tu
quoque fontium eris nobilum. Níl ar t'fhuaid anois acht
deamhain na críche, agus aodhairí a bhfuil pasport aca
ag feadaighil agus ag seinnm cheoil faoi do spéir bhog
chiúin; acht tógfar fós sa domhan deisceartach so
deagh-dhaoine iomráiteacha agus bhéarfaidh siad cuairt-
eanna ar do bheannaibh agus ar do lochannaibh; ní bheidh
cuan gan a fhinnsgéal (óir tá fuil dhearg sa duine fós a
bhíodhgfas agus a fhiuchfas go deo na ndeor le uaill
agus le ainmhian), agus filí nár rugadh fós bhéarfaidh
siad taithneamh do sgartadh na gréine ar do mhion-
thonntaibh.



Tharraingeamar ar thaobh Bothwell den loch: agus
shroicheamar an caladh mar a bhfuil a bhothán adhmaid ag
an gCúipéarach. Bhí an ghrian go bárd, acht níor mhór linn
a bheith ag triall abhaile. Acht bíonn aithmhéal i gcomhnuidhe
orm dhá bhfágáil; agus níl uair a thagaim chuca nach mbím
ag taisbeánadh do Sheán Knox áiteacha fasgamhla ar an


L. 205


mbórd is goire do Bothwell den loch le n-ar mbothán
do thógáil ann; agus is minic a bhíos féin agus eisean
ar tí a dhéanamh. Acht an fhad is bhéas muid i réigiúin
seo an diabhail is cosmhail gur i sráid-bhaile Bothwell
atá i ndán dúinn a bheith.



Aon áille amháin atá i gcrích na loch a aoirde; tráth
a mbímíd ag seoltóireacht ar na lochannaibh árda so i
mbarra na mbeann bímíd i bhfad 's i bhfad os cionn gach
uile bhaile os cionn domhan na ndaor agus na mbitheamh-
nach; dhá mhíle troigh níos goire do na réaltaibh ná an
daosgar-shluagh daor agus síléar atá ag cur alluis agus
ag saothrughadh thíos i n-íochtar. Támuid ina measg, acht
ní cuid aca sinn. Támuid i sraith aeir atá níos áirde
ná iad; agus an t-aer atá na bitheamhnaigh a shúghadh
isteach, tagann chugainne ar an ngaoith ó aigéan dhorcha
na hIndia, nó ón aigéan thoir ina bhfuil oileáin chumhra
gréineacha.



Sgiorramar síos an abhainn atá idir an dá loch ar
feadh dhá fhichid slat go dtí an droichead garbh, san áit
a mbíonn an Cúipéarach ag foraireadh. Bhí Treodathach
ag sgríobadh na talmhan go mí-fhoighideach le n-a crúib,
agus Fleur de lis agus a cheann san aer, agus a pholláirí
osgailte amhail is dá mbeadh ag cur bholaidh na stáblaí
ag Both Nant. Cheileabhramar dá chéile. Thugas-sa
kangaroo óg liom i mála (bronntanas a chuir muirighin
Shléibhe na Gaibhle chum na bpáistí) agus ó thárla go raibh
an toirmeasg sin orm thug sé mo sháth le déanamh dhom
agus an capall a chinnireacht. Bhí mo bhean i dtosach
agus í ar Fleur de lis. Bhuaileamar siar le bórd thiar
Locha an Chorráin sna cosa i n-áirde; thar an Clyde
(a ritheas síos go deifireach go gleanntaibh doimhne go
nach mbéidh feiceál arís againn uirthi ar feadh fiche míle


L. 206


dá haistear); le bun áilltreacha Chnuic an Bhúird, agus
iad-san ag lonnradh sa ngréin mar bheadh soirnn ann.
Síos linn diaidh i ndiaidh ar an druim leathan, ní ar
leicean an tsléibhe é, agus níor bhaineamar cos as rith
go rángamar an fhaithche uaine ar a dtugtar riasg na
dtrí mhíle; nídh nach riasg ar bith acht móinfhéar áluinn
trí mhíle ar leithead agus é faluighthe le crannaibh sheagh-
anda. Bhí beann garbh Chnuic na Ginne os ar gcomhair,
éadan árd linn — níl cnoc sa Tasmáin gan éadan
árd air — agus é ag éirghe suas ina rinn gharbh-ghéar nach
sroichfeadh tada a bharr mara mbeadh an t-iolar ann.
Gidheadh chonnaiceas cailín óg ó Bothwell, cailín dána ó
Albain, a rinne capall a mharcuigheacht go dtí n-a
mhullach, ag magadh faoi fhear a rinne an rud céadna
tré gheall a chur.



Míle eile a chuireamar dhínn gur shroicheamar gualainn
na Ginne, agus uaidh sin ba léar dhúinn gleann Bothwell
thíos fúinn, mar bheadh léarsgáil ann a bheadh osgailte os
ar gcomhair. Tuitim géar atá sa talamh annso, ní fánán
réidh atá ann, acht mion-chnuic agus gleannta cama atá
faluighthe le crannaibh móra millteacha, agus an mimósa
breagh buidhe bláthmhar fútha-san. An gleann doimhin
garbh tré n-a ndéanann an Clyde a bealach thar na cnuic,
atá sé taobh na láimhe deise dhínn; an Cnoc Gorm ina
mheall thall annsúd, agus ó dheas ar fad uainn beanna
na gcnoc atá taobh thall den Derwent, agus iad faoi
shneachta.



Seacht míle eile atá le dhul againn; acht d'éis teacht
go mall an cnoc anuas thárlamar ar mhachaire fhéarmhar
Bothwell, é faoi choilltibh mar bheadh páirc mhór ann,
agus rith na capaill thairis mar an teine ghealáin, agus
níor stadadar gur bháitheadar a bpuis sa gClyde arís


L. 207


láimh le feilm Nant. Bhí Seán Knox agus na páistí
agus na madraí ag spaisdeóireacht sa bpáirc; chonn-
cadar sinn ó chuadhmar an athá anonn; ritheadar fá n-ar
ndéin dar bhfáiltiughadh; agus tá ríméad i mBoth Nant
faoi an gceangarú.



1853. — Eanair 1°. — Both Nant. — Is fada ó sgríobhas
éinnídh in mo leabhar tuairisge. Táim cortha de
litridheacht, is fearr liom a bheith ag feilméaracht agus
ag díol olna. Tá rud éigin sa spéir shéimh chumhra so
a dhallas an inchinn rud éigin agus a neartuigheas an
cholainn. Táim ag iarraidh an nídh iongantach sin a
mhíniughadh dhom féin ar a lán slighthibh. An stáid aisteach
ina mbíonn an spéir ar mbeith lán d'aibhléis di, sin
teoir atá agam. Ar feadh na dtrí mbliadhan a chaitheas
agus a chuireas amugha faoi shléibhtibh agus faoi choilltibh
annso ní fhacas aon fhíor-stoirm cheart teintidhe; níor
chualas dhá phlump dhéag tóirnighe le trí bliadhna! agus
d'fheicfeá lasair aonruic sa spéir sa samhradh ann chomh
minic agus chonnaic Diogenes an t-iongnadh a raibh sé
ar a lorg le n-a laindéar. Ní fheadar go cruinn goidé
an chumhachta atá ag an gcineál sin spéire ar inchinn an
duine, ar a fhuil ná ar a fheitheachaibh; acht is deimhin gur
lugha an mothughadh agus an corrughadh intinne bhíos ar
mhuinntir na Tasmáine — idir dhaoinibh dhúthchais na tíre
agus dhaoine tháinig sa gcrích — ná chonnaiceas cheana riamh.
Ní thaitnigheann spaisteoireacht leo; níl siad mar sin le
marcuigheacht; táid siad neamh-shuimeamhail, neamh-
ghníomhach, socair; agus nach iongantach an rud é, níor
shaoileas go bhféadfaidhe an oiread óil láidir a ól gan
dochar don tsláinte agus ólaid? D'itheamar-ne freisin
luibh chodlata, Seán Knox agus mé féin annso, agus
marar bhain sí an dúil chun dul abhaile dhínn bhain sí an


L. 208


ghaimh as an dúil. D'ólamar fós deoch shiabhardha na
leisge is-na garrdhantaibh seo, an tSidheog Morgana a
mheasg dhúinn í; agus mara bhfuil dearmad déanta
againn ar an domhan agus ar na gnóthaibh cruadhógacha
atá ar siubhal ann tá a ghleo agus a ghleithearán i bhfad
uainn, tá sé bogtha bodhruighthe, comhfhuaim aige beagnach
mar bheadh ag torann tonn an aigéin a chluinfeá i
mbríonglóidibh, nó mar chloisfeá iad as sliogán mara.



Ní maith dhúinn go cinnte a bheith annso. Tagann dúil
orm amannta dúisiughadh, agus stoirm theintidhe
thoranda a chlos ag sgoilteadh na spéire, ag réabadh na
gcoillte agus ag craitheadh na cruinne; agus is dóigh
liom go gcuirfeadh lasair na spéire beodhas sa bhfuil
agus san inchinn agam. Is leisgeamhail marbhánta
uainn na páipéir thagas ón domhan ó thuaidh chughainn a
léigheadh — nuaidheacht a bhí ann cheithre mhí ó shoin; agus
cé'n chaoi a bhféadfadh an tsuim chéadna bheith againn i
gcúrsaibh a bheadh neamh-dhéanta b'éidir arís agus na
daoine ba ciontach leo sa gcré sul chloisimid fútha?
Má rinne Laoiseach Napóleon coup méirleachais d'etat
bliadhain ó shoin, má d'ionnsuigh Párus, má chuir fir is
fearr ná é féin i gcarcair nó thar sáile, nach beag sin
againne? B'éidir an ceann a bheith sgoithte dhe féin faoi
seo, nó é bheith faoi 'n tuaith i Ham arís, nó 'na chearrbhach
i Londain, nó 'na Impearóir ar an bhFrainc — is dóigh
liom gur cuma eatortha é céad bliadhain ó indiu.



Tá ciúineas an bháis ar an domhan braonach — 'na
gcodladh nó i bhfanntais atá na daoine ó na cuibhreachaibh
troma agus ó na glais atá ortha ag lucht brath idir ríghthe
agus impearóirí. Níl ar fud an domhain a bhfuil an
bruth agus an spioraid ionnta acht corr-dhuine atá ar
lorg na háite áirithe le n-a gcuirfeadh teine agus lasair


L. 209


na beathadh tré n-a mbíogfadh an meall marbh arís. Is
beag nár mhothuigheas mé féin 'mo dhúiseacht feadh
tamaillín, ar n-a chlos dom Laoiseach Kossuth d'imtheacht
as an gcúlráid ina raibh sa Turgéis. Chuaidh go Sasana i
dtosach agus annsin go Ameiriocá; agus chuir sé
aithbheodhas ionnam beagnach caint líomhtha ghlórmhar an
Ghoibhearnóra a léigheadh. Ba cosmhail le dia beag é an
Goibhearnóir ag triall ar fud na Stát Aonta; agus
chuir sé gliondar ar dhaoinibh an domhain fíor-óráideach
a chlos ag cur síos ar an gCeart, ar Dhlighe Puiblidhe, ar
Shaorsacht agus ar Onóir. Acht ní raibh fhios agam go
rabhthas ag déanamh mealltóir dhe san bPuiblidheacht
Mhóir; agus gur fhill an Magyar tréan ar an Eoraip
agus an t-ainm bréige Seán Mac Gabhann air.



B'éidir go ndar leis nach n-osglochadh lucht posta
Shasana litreacha Mhic Gabhann; acht ná meall thú féin a
Ghoibhearnóir Mhac Gabhann; is duine contabhairteach
thú, agus ní mór leis an Rúnaire Baile i Sasana a
dhualgas a choimhlíonadh dá dhia .i. d'Órd. Agus cá
dteichfir anois, a Kossuth Mhic Gabhann? Cé na cumhachtaí
ar dhruim an domhain nó faoi an domhan ar a gcuirfir
impidhe anois? Féach, Órd agus Ceannuigheacht atá
ag riaghlughadh an domhain anois (an Cheannuigheacht an
spioraid is gársamh lasa gcruinne; Mammon b'ainm
di uair, agus ceapadh go mba diabhal í), agus níl aon áit
duit-se. Cá bhfuil an té leomhfadh géilleadh dhuit-se
anois? Cá bhfuil an té leomhfadh cluas a thabhairt do
do chaint dá chumasaighe í? Fairíor gan thú anois i mBoth
Nant, a Ghoibhearnóir — níor bhfearr dhuit áit dá mbeitheá
ar longais — agus thiubhramaois d'fhiadhach an cheangarú
thú, chuirfimís hata leathan-bhilleogach ort, agus gheobhthá
píopa uathbhásach na síothchána le caitheamh tráthnóna


L. 210


uainn; gheobhthá toghadh na n-each uainn, a thiubhradh dhá
fhichid míle sa ló thú, tré choilltibh cumhra bláthmhara, go
súghfadh do chroidhe luibh an chrúiscín — go nach mbeadh de
chuimhne agat ar do Ungáir féin ná ar do shruth Danóibí
acht amhail is dá mba i stáid éigin eile den tsaoghal a
chonnaic tú iad, sul rug do mháthair thú.



Tharraing ar gcompánach, mac Uí Mheachair, a ghealladh
gan éalodh ar ais bliadhain ó shoin; agus fuair congnamh
ó cháirdibh, gur éaluigh. Tá sé anois san Oileán Úr,
áit ar cuireadh fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe.
Léigheas cuid dá chaint; agus ní miste a mheas an
chreideamhaint a bhuaidh dhó féin nach gcaillfidh í. Níl aon
athrughadh eile ar ar gcáirdibh annso. Tá an Dochartach i
mBaile Hiobáird fós, 'na chomhnuidhe i nOsbuidéal
Naoimh Muire mar liaigh; éaluigheann aníos go Bothwell
corr-uair le cuairt a thabhairt orainn agus do thógáil
aeir na gcnoc.



Tá an Brianach i Norfolk Nua arís le bliadhain. Tá
sé ina shláinte arís. Is minic a chloisim uaidh, agus
téighim féin agus duine de na buachaillibh síos uaireanta
dá fheiceál. Tá fúm an t-aistear a thabhairt an tseacht-
mhain seo chugainn; táim cruadhógach anois ag baint an
fhéir.



Seo é a bhfuil de thuairisg le sgríobhadh agam lá Chinn
Bhliadhna 1853. Ní móide go gcuirfinn focal eile síos
go bliadhain ó indiu; óir thárla athrughadh don irisleabhar
lae seo, gur hathruigheadh i leabhar seachtmhaine é, i
n-irisleabhar míosa annsin, agus i n-irisleabhar bliadhna
faoi dheireadh.


L. 211


AN 20° CAIBIDIL.



Bothwell, Eanair 3°, 1853. — Níor thugas aon tuairisg
fós san Irisleabhar fhírinneach so ar aon fhiadhach dá
ndearnamar ar an gceangarú; agus níor Thasmáin í
an Tasmáin gan an fiadhach a bheith ar an gceangarú. Dá
réir sin, seo leat é.



Ar theacht do Sir Liam Mac Dhonnchadha faoi an tuaith
amanna ag “árd-fhiadhach” le na chuid aides de camp
agus rúnairí, is clos dom gur paca gadhar a bhíos aige
agus lán na páirce de mharcaigh; acht ní hé sin dúinne,
ná ní hé an modh gnáthach é. Cú láidir a tógtar le
haghaidh na húcáide an mada ceart le bheith agat ar an
bhfiadhach sin; agus is leor péire aca-san. Chuadhas
féin agus Seán Knox amach an lá cheana i n-éindigh
leis an nGiolcach. Bhí a dhá mhada ar an nGiolcach, cú
bheag a raibh an míonach ceart innti ceann aca; mada
mór láidir an ceann eile a raibh míonach na con innti,
ar dhéanamh níos áirde agus níos breaghdha ná d'fheicfeá
sa gcineál díobh atá i Sasana. Thriallamar ar an gCnoc
Gorm siar, agus ba gearr go rabhamar i gceanntar
fiadháin achrannach sléibhe a bhí faoi choilltibh tiugha, a lán
crann ar lár sa mbealach orainn ann, agus mion-
ghleannta géara ina gcéadtaibh ann, ag síneadh soir, siar,
síos is suas; agus na tulaigh chomh cosmhail sin le chéile
agus nár bhféidir aithne a chur ar cheann aca seachas ceann
eile. Ní bheadh a fhios agat ce'n áird den domhan a
mbeitheá ag triall marach an ghrian. Agus atá de


L. 212


thiughas na gcrann ar leicnibh na gcnoc, agus atá de
ghairbhe na talmhan le bunanna crann, le carraigreacha
agus le puill agus nach bhféadfadh marcach imtheacht go
mear.



D'fhan na madraí le n-ar gcois go dlúth agus sinn ag
triall thríd an bhfiadhántas, gur léim ceangarú amach
faoi dheireadh ó bhun sean-chrainn agus gur chuir sgréach
as le heagla. Thug trí árd-léim, é ag éirghe ar a chosa
deireadh agus ar a iarball, go ndeachaidh as amharc; síos
leis ar chúlaibh na sgeach, síos an gleann garbh. Acht
ní túisge fuair na madraí amharc ar a chluasa beaga
luchóige ná siúd ar siubhal iad ar a lorg. Hula!
hula! a Ghae! Beir air, a Dhéagánaigh! (óir is é ainm
Dhéagánaigh bhaoth Theampuill Phádraig a tugadh ar cheann
aca). D'imthigh na madraí as radharc fosda ar an toirt;
gur tharraingeamar srian annsin, agus níor chuireamar
cor dhínn go filleadh dhóibh. Béidh sé marbh nó caillte
aca faoi cheann deich noiméad; agus má's beo marbh é
fillfidh siad gus an áit ar fhágadar sinn; agus ar an
toirt is a bhfillfidh siad aithneochaidh muid ar a ngnúis
má d'éirigh leo mharbhadh. Má d'éaluigh an t-ainmhidhe,
béidh na cluasa ar liobarnaigh leo ag filleamhaint agus
cruth na haithrighe ortha, go luighfidh fúinn agus gan puth
dhá n-anáil aca. Má mharbhuigheadar an námhaid tiocfaidh
siad ag réabadh thríd an gcoill, na cloigne san aer
aca, fuil ar a smuit, agus sul thiocfas siad chomh fada
linn casfaidh siad ag imtheacht arís ar bhog-shodar go
dtuga siad gus an ionad sinn i bhfuil sé marbh agus a
sgórnach gearrtha agus cnámh a mhuiníl briste.



D'éisteamar agus chualamar na géagáin úra dhá lúbadh
agus na géagáin chríona dá mbriseadh leis an bhfuadar a
bhí faoi na madraibh — annsin corr-thafann gearr feargach,


L. 213


go nach gcualamar tada — agus go haibéil na dhiaidh
sin tháinig an Déagánach ag déanamh aithrighe, agus tháinig
Ga agus é go náireach. Ní bhreathnochaidís díreach orainn,
óir is beithidheach é an mada ina bhfuil réasún, acht iad
ag siubhal anonn is anall ag déanamh orainn dóibh, gur
luigheadar ar a dtaobh agus séideán ionnta amhail is
dá mbeidís i gcruth pléasgadh. Ní dheachamar i n-aice
leo — ba leor dhóibh mar phionús gur chinn ortha. Má
fhághann an ceangarú ceann garbh le fána mar atá
annso, áit a mbéidh crannlach agus sgeacha i n-íochtar níl
a bhreith air ina chionn, óir is fada an léim atá aige ag
dul le fána, agus dá ndéanadh na madraí a ndícheall
na dhiaidh mharbhochaidís iad féin i n-aghaidh tuláin, nó
sturáin, nó i sgailp éigin. Acht fághaidís an bitheamhnach
rómpa agus sórt cothruime sa talamh agus gan na crainn
a bheith ro-thiugh ann, fághaidís amharc maith i n-áit mar sin
air agus ní bheidh ortha acht cúpla léim go mbéidh siad ina
mhullach. Óir níl an ceangarú i ngar dá bheith chomh mear
leis an ngirrfhiadh.



Rinneamar ar ar n-aghaidh suas na cnuic, gur dhúisigh-
eamar ceann eile. D'imthigh an dá chú arís le iompódh do
bhoise. Chualamar an síor-thafann géar feargach: — ní
raibh smid uatha annsin feadh tamaillín, annsin chualamar
mada aca ag uailfirt ina shean-bhéice; bhí sé ceathramha
míle uainn. Táid siad ag teannadh leis an námhaid,
agus thug an uaill sin le tuisgint dúinn má thuit sé gur
bhain roinnt éigin sásamh amach ag tuitim dó. Gidheadh
níor fhéadamar tarraing ortha, ar fhaitchios a chéile a
chailleadh is-na gleanntaibh cama, acht d'fhanamar tam-
aillín go mí-fhoighideach. Tháinig na madraí dhá dhearbhadh
dhúinn go raibh go maith, acht bhí an Déagánach gearrtha go
cnáimh ó n-a chluais go barr a phuis. Ceangarú láidir


L. 214


a curtar i sáinn, cuirfidh a dhruim le crann, a cheann
san aer, troidfidh annsin le n-a chosa fada deireadh
dhá n-árdughadh amach roimhe, agus tá ionga láidir sa
gcrúib láir aige.



Acht seo rud a theasbáineas an míonach agus an meis-
neach atá i gceann de na madraibh breaghdha so: ar
mbeith dhúinn dá leanamhain gus an áit ina raibh an t-ain-
mhidhe marbh aca léim ceangarú eile amach os a gcomhair.
Bhí na madraí tuirseach, sáruighthe, acht siúd na dhiaidh iad:
acht ar mbeith gonta don tsean-Déagánach leisgeamhail
loic sé d'éis cúpla amhóg, d'fhill ar ais agus d'iarr
cead luighe faoi, rud a fuair mar gheall ar a aois, a
cháilidheacht, agus a sheirbhís. Bhí Ga as amharc, agus
d'fhanamar ceathramha uaire leis. Chuireamar cluas
orainn féin théint a gcloisimís tafann acht níor chlos
dúinn acht sgréach na pioróide, nó glaodh ón snag
breac bán. Tháinig sé faoi dheireadh go mall, a iarball
leis síos acht comhartha buadha ina aghaidh. Tá sé aige,
ar an Giolcach; Maith thú, a Ghae! Buachaill maith!



Cé aca a thaisbeáinfeas sé dhúinn anois? arsa mise.
Marbhuigheadh péire, agus ní san áird chéadna atáid siad.
Chífir sin, ar seisean. Go dtug Ga thar chúpla cnoc
agus thré chúpla gleann sinn, gur stad ag bun carraige.
Fuaireamar an dara hainmhidhe annsin: bhí sé te agus
an fhuil the ag teacht ina sruth ó n-a mhuineál. Chrochamar
suas ar dhiallaid é gur cheanglamar ann é. An ceann
eile anois! An ndéanfaidh Ga a bhealach go deo
gus an ionad i bhfuil an chéad cheann? óir d'éirigh
an péire san áit chéadna agus d'imthigheadar ar dhá
líne a bhí dronuillinneach le chéile. Gidheadh dubhairt an
Giolcach leis an mada: buail leat, a bhuachaill mhaith,
buail leat, buail leat! agus créatúr tuisgionach a bhí


L. 215


ann mar mhada. D'fhéach faoi is tairis agus níor léar
dhó faice acht crainn agus carraigreacha, acht bhain as
go muinighneach an tslighe a thogh dhó féin. Níor fhill
amháin go dtí an áit ar dúisigheadh an dá ainmhidhe, acht
ghluais leis an tslighe chomh díreach le slat ghunna, tré
chúpla gleann cumhang agus thar chúpla cnocán; agus
d'éis sinn a thabhairt leith mhíle fuaramar an chéad chean-
garú ag bun crainn. Beithidheach an-mhór buineann a bhí
innti, agus í tuairim le 50 punt meadhchain. Ní fuláir
nó fuair sí a sáth reatha; óir fuaramar ceann óg léi
ina póca, ní raibh d'uain aici a chaitheamh uaithi. Ar
n-éirghe as a leabaidh do na cinn bhuineanna, nuair
thagas an námha ortha, cuirid a lámha ina bpócaibh i
gcomhnuidhe go gcaithid na cinn óga i n-áit shábhála éigin
i gcruth is go mbeidís féin níos eadtruime chun reatha.
Throid an ceann so go cumasach ar a son féin agus ar
son an chinn bhig. An chlaise ghearr sí le n-a hiongain i
n-éadan an Déagánaigh ní chaillfidh an Déagánach a lorg
go lá a bháis. Bhí línn mhór fhola ina timcheall agus a
cloigeann gar dhá bheith strachta den cholainn; agus í
lottha go doimhin ina taobh, áit ar chuir an Déagánach a
phus ag ól na fola. Cheanglamar í, gur chuireamar
treasna ar dhiallaid eile í.



Sa bhfiadhach dúinn, dhúisigheamar chúig cinn i n-imtheacht
trí huaire; mharbh na madraí trí cinn agus leigeadar
péire uatha. Is maith an obair lae sin anois, deir siad;
óir tá an ceangarú ag éirghe gann san áit ina bhfuil
daoine 'na gcomhnuidhe ar fud an oileáin. Tá an-tóir
ortha mar gheall ar an bhfeoil — feoil bhog dhonn í ar nós
feola an ghirrfhiaidh — agus mar gheall ar an gcroiceann.
Déantar leathar mín bog dhe sin i mBaile Hiobáird agus
i Launceston, agus gléastar é le mimósa agus le cairt


L. 216


crainn. Sin é an míonach is fearr sa domhan do dhéanamh
leathair; agus tháinig trácht mhór air le bliadhantaibh
gearra anuas, agus is iomdha lucht den chairt a curtar
i n-éadan na bliadhna go Sasana. Isé an cineál is ró-
áille é den luibh ar a dtugtar an acacia; agus tá
fuiling ar an bhfuacht aige, ní hionann sin agus an cineál
de fhásas sa domhan tuaisceartach, agus chonnaiceas
ag fás go tréan i réigiún na loch annso sa Tasmáin é,
3,000 troigh os cionn cothrom na mara. Gidheadh ní
tráchtas é seo ar luibheadóireacht acht ar fhiadhach an
cheangarú. Níl de bhaint ag an ainmhidhe sin le crann na
cleithe acht an oiread is tá ag laogh le crann liomóide;
gidheadh cuirfidh an crann deas a ndéantar úsáid dá
chroiceann do dhéanamh leathair de chroiceann an chean-
garú, cuirfidh sin an t-ainmhidhe i gcuimhne dhuit, mar
chuirfeadh spólla de laogh an crann liomóide i gcuimhne
dhuit. Is iongantach agus is grinn iad slighthe na haignidh
— tá “asal gáireach” (éan breac é sin chomh mór le
smólach) ag sgreadach agus ag gáiridhe ar an gcraoibh i
n-aice linn; dá leigeadh duine dá aigne smuaineadh ar
an mbaint atá ag ainm an éin seo le n-a gháiridhe dhí-
chéillidhe — cá stadfadh sé? Sin é an cineál feall-
samhnachta atá ag rith tré n-ar gceann agus sinn n-ar
suidhe ar chrann atá ar lár i n-aice le tobar; agus sinn
ag ól braoinín as an mbuidéilín biotáille atá againn.
Támuid lán-tsásta la fiadhach an lae. Abhaile linn go
Bothwell annsin, áit i n-íosfamuid béilidh i dtigh an
Ghiolcaigh.



Eanair 5°. — Táim ag baint an fhoghmhair go dúthrachtach,
agus dhá mhéirleach nó thrí ó Éirinn a chongnamh dhom —
cuireadh anall iad, adeirid liom, faoi airm a thógáil.
Is fiúntach an choir sin leis na buachaillibh sin. Is tig


L. 217


leo, na bitheamhnaigh, deich sgilleacha sa ló a shaothrughadh
sa bhfoghmhar, agus saoghal ríogh Gaedhealaigh aca ó cheann
ceann na bliadhna i leabaidh saoghal rógaire. Ní maith
leo a bheith ró-dhian ortha féin, agus ní mór leo cuid
mhaith óil. Sguirid d'obair go moch, agus caithid an
tráthnóna ag caitheamh tobac is ag comhrádh sa gcúilios,
agus codluighid siad i bpluideannaibh croicinn sa
sgioból. Gidheadh níl siad go han-dona ar fad, na
créatúir ghránna, d'éis a bhfaghaid de shaothrughadh ar son
a mí-ghníomh, d'éis an aire tugtar dhóibh ar mhaithe le na
bitheamhnachaibh — níl siad leath chomh dona, cuir i gcás,
le comhairleacha Bainríoghna Shasana. Daoine sibhialta
iad atá nádúrdha le chéile, gan rógaireacht ar bith ionnta
— tá an oiread de chóir agus de dheis ortha agus nach
bhfuil tada ann a chuirfeadh cathughadh ortha, agus rud
eile dhe tá de dhéine an phionúis a leanas an choir agus
gur eagal leo aon díoghbháil a dhéanamh. Agus is
iongantach an rud é, agus sgríobhfad síos annso é;
na trí bliadhna chaitheas sa Tasmáin i mbothán beag
iargcúlach a raibh fuinneoga thart timcheall le talamh air,
agus gan aon choimhéad ortha, d'éis dhá dhaor a bheith mar
sheirbhísigh agam, chodail mo mhuirighin ar feadh an ama
sin chomh suaimhneach agus dá mbeidís i nDroichead na
Banna, agus níor goideadh tada riamh uaim acht aon
ghunna amháin. Ba mhaith le duine na créatúir seo a
bheith go compóirteach agus iomchur fiúntach fheiceál
fútha marach amháin go bhfuil fhios ag duine nach bhfuil sa
modh ar fad acht modh as a síolruigheann peacaigh;
agus an riaghastas gránna céadna agus an stáid saoghail
a thugas luach maith saothair do na daoinibh seo faoi n-a
gcneamhaireacht go gcuirid smacht agus tarcuisne ar
dhaoinibh bochta, cneasta agus go bhfágaid an t-ocras


L. 218


ortha de bhrígh a mbeith bocht, cneasta. Is minic dá réir
sin, nuair bhíos na fir sin ag baint do réir a láimhe,
nó ag treabhadh ar leiceann an tsléibhe, agus iad ag
gabháil fhuinn nó ag caitheamh tobac ar a socamhal, nó
i bhfeidhil tréad a maighistir faoi na coillte mar bheadh
aodhairí simplidhe daonna ar bith, is minic gur mór an
ghráin liom iad i n-áit a bheith ríméadach as a bhfeabhas agus
as a n-iomchur; agus gur arrachtaigh amhghlana agam iad
a raibh a gcrochadh ag dul dóibh fadó riamh. Chítear dhom
annsin go dtagann dath dearg ar ghaethibh geala na gréine
sa gcrích shoillseach so; chítear dom go dtagann uathbhás
i gcogarnaighil dhuilleabhair na gcoillte ar nós na gcoill-
te a chonnaic Dante ag cneadach i n-ifreann san aisling.
Is geall leis an gcneadach atá ag daoinibh damanta an
chneadach a thigeas annso ón ngaoith bhog aniar! Tagann
dorchadas ar na réaltaibh; agus siúd braon tais,
cumasach annsúd ar chiumhais na gealaighe. Tá an
diabhal ar an áit.



Na hainmneacha a thug na coilíneacha tosaigh ar na
cnuic agus ar na haibhnibh a mheabhrochadh an cineál sin
diabhluidheacht do dhuine. Tá gleann doimhin i gceann-
tar Bothwell ar a dtugtar Geataí Ifrinn; agus ar ndul
duit thríd-san gus an cnoc thall as a bhfeicfeá cumar
dhá shruth. Cnoc géar féarmhar é, atá faoi mhion-choillte
mimósa agus Cnoc na Lasracha an t-ainm uathbhásach
atá air. An Styx ainm an tsrotha a théigheas isteach
sa Derwent ag Norfolk Nua, agus níor bhain bád Cháron
riamh le bórd srotha chomh deas leis an sruth ifreanda
sin sa Tasmáin, cé gur le gráin air a hainmnigheadh é.
Snigheann an sruth Lethe freisin annso; agus bíonn na
daoine ar nós an tsalachair reamhar a lobhas ann leis
an leisge. Tá sé dorcha thart annso, agus boladh


L. 219


ruibhe ann. Is uathbhás comhnuidhe ann! Is uathbhás
bás d'fhagháil ann! Is í mo ghuidhe, mar ghuidhe iomchar-
thóir na Sgéithe seacht-bhfillte: ó, marbh mé ar chuma
ar bith ó ló. A lucht buana Erebus! is é foghmhar an
diabhail atá sibh a bhaint le n-bhur gcorráin malluighthe:
agus ag ullmhughadh na talmhan i réigiúin dhorcha so an
diabhail ionnus go mbeadh an ghráinneacht agus an
t-uathbhás mar thoradh air, do ghlúinibh daoine nár rugadh
fós, toradh triochadach agus toradh seascadach. — Nach ag
dul ar aghaidh atá an duine?



7°. — Litir ón Raghallach; míle fáilte roimpi, cé gur
fada ar an mbóthar í. I Nua-Eabhroc atá sé, agus
marach chomh colgach lasanta is bhí sé chuirfeadh a ndeachaidh
sé thríd i n-íochtar é. Is cruaidh an cás againn féin é
dar linn, cuibhrighthe annso faoi'n gcrois ó dheas; acht
ba mheasa ná sin arís an cás é ag ar gcáirdibh a d'éaluigh
ó chrúbaibh na Sagsan. Sgríobh sé mar is gnáthach leis
go líomhtha, lasanta, agus go fraochda, go bog bráthar-
amhail (óir is dearbhráithre sinn), agus go fíor-fheargach;
gidheadh bhí sé lán de dhóchas agus d'éadóchas; lán de
mheadhar agus de thruaighmhéil. Bhain sé gáiridhe asam;
agus dá bhféadainn caoineadh, bhainfeadh gol asam.*



Thosuigh an duine bocht ar mheisneach agus meanma a
thabhairt domh-sa: — Ó thárla do bhean is do chlann agat
anois, agus caoirigh agus lachain, uain agus éanacha
géadha, ba cheart duit a bheith chomh suaimhneach le aon fhear
a bhéarfaidhe san Acropolios agus a dhíbreofaidhe go



*D'éag Tomás Daimhín Ó Raghallaigh. Tá sé sa reilg san
Oileán Úr anois, agus ní raibh le n-a linn ar Ghaedhealaibh fear ba
mhó croidhe, fear ba theinne, ná fear a raibh spioraid agus intleacht
ann mar é. Is iomdha léaghthóir ar mhaith leis an tuairisg a
léigheadh a thug sé do charaid i ndeireadh an domhain ar na daoinibh
agus ar na gnóthaibh bhí thart timcheall air.


L. 220


hArcadia. An caitheamh i ndiaidh cúirteanna atá agat
mar bhí ag Touchstone agus i ndiaidh gnóthaí an domhain?
Mo náire thú, a dhuine! Is maith an sgéal duit-se ar
chuma ar bith thú bheith cuibhrighthe ag do náimhdibh le dhá
bhliadhain. — Bíodh mar sin: acht cé dubhairt leat-sa,
a chara ionmhuin, go raibh spéis i gcúirteanna agam
mar bhí ag Touchstone? Cúirteanna go deimhin? Chuir-
finn tré lasadh iad; agus maidir le bheith suaimhneach
annso dhom: tar anall annso agus caith bliadhain i
mBothán Nant liom go bhfeice tú leat! Seo é an tuair-
isg a thug sé i dtaobh lucht puiblidheachta na hEorpa, (an
4° lá xx. den Aibreán dáta na litre). Is foillseach
an leathanach den leabhar cuimhneachan a dhéanfas an
comhrádh rinne sé féin agus an Kossuth intleachtach le
chéile.



Ag iomchur croicne agus arbhair atá Garibaldí i
n-áit éigin in do chomharsanacht féin ar an aigéan thoir
idir Ameriocá Ó Dheas agus Califórnia. Chuaidh Maz-
zini i bpáirt le “liberals” agus le Protustúin Shasana;
thréig an dream dá ngoirthear Chartists; cháin sé na
Franncaigh a dhéanfadh comhroinnt agus dubhairt go raibh
i bhfabhar aondacht na hEadáile, agus i n-aghaidh creidimh
an Phápa. Tá sé marbh agus deireadh leis, agus caithfidh
sé imtheacht, é féin is a chuid “liberals” agus a chuid Pro-
tustúntacht. — Sin rud nach maith go dtuigim go soiléir,
a Dhaimhín. Ní dóigh liom gur dochar do dhuine a bheith i
n-aghaidh creidimh an Phápa nó i n-aghaidh creidimh na bPro-
tustún — sé sin le rádh, ní aon dochar do dhuine é ag
iompódh ar an riaghaltas dó, ná i gcúrsaibh an tsaoghail
seo (óir caillfidh sé an t-anam). Acht mara bhfuil dul
amugha orm, bhí Tomás Mac Sheafraidh i n-aghaidh creidimh
an Phápa (agus ba géar a d'iompuigh ar an riaghaltas).
Gidheadh éist leis an gCalmuc — rinne Kossuth an diabhal


L. 221


air féin — chuaidh seisean i bpáirt le Liberals Shasana
freisin, bhí sé ag ithe agus ag ól ar aon bhórd leis an
tighearna Dubhaltach Mac an Mhaoir agus tháinig an
fhoireann sin bitheamhnach [ní mór liom a rádh annso
nach bitheamhnach é an tighearna Dubhaltach Mac an Mhaoir
acht pladhaice baoth d'amadán] sa tír seo annsin
gléasta suas i n-éide gnáthach, chuir goití móra air féin,
labhair go breagh, bríoghmhar i bhfabhar na deagh-chúise, gur
mhol thar barr na Sasanaigh agus a Reacht, mhol do na
Gaedhealaibh comh-oibriughadh leo, agus cuidiughadh leis na
daoinibh móra sin na Sasanaigh, ó Phamarstún anuas gus
an duine is ísle ann, “do shaoradh na hEorpa”! go
bhfuil anois i ndeireadh na preibe. Admhuighim gur
corrach an dream daoine iad, mór-mhór do dhaoinibh móra
coimhthigheacha: d'éis iad a mholadh agus flaitheamhlacht agus
féile a chaitheamh leo, thosuigh ortha dhá mbualadh agus dhá
gcáineadh arís, ar fhaitchios gurab iad-san ar bhfilleadh
don Eoraip dhóibh a cháinfeadh agus a mhaslóchadh an
dream eile, mar rinne Dickens agus Ó Mórdha cheana.
— [Agus tuige nach ndéanfadh? Sin é an sean-fhocal;
más leat nach leagfadh tarbh thú leag thusa eisean.]
Cáilidheacht náisiúnta í sin a tháinig ón ngrinneas agus
ó mhodh gnótha agus ón aithne atá ag duine ar dhaoinibh
oireaghdha coimhightheacha. Acht mar sin féin ní maith ná
ní críonna rinne Kossuth é. Bhailigh sé airgead agus
rinne díoghbháil mhór do dheagh-chúis. Tá sé chomh taghdach
le bean droch-intinneach; leigeann críonnacht air féin
os comhair an phobail agus é ag síor-fhéachaint ar na
hamharcaigh go bhfeiceadh an aithneochaidís faoi'n
bpúicín é.



Maiseadh ní maith go bhféadfainn a rádh gur soiléir
an cur síos ar an Hun é sin; acht seo chugainn an


L. 222


goibhearnóir i bpearsain. Deir an Raghallach: Bhíos
ag comhrádh leis ar feadh i bhfad agus gan neach eile 'n-ar
bhfochair. Chuir sé Urquhart i gcuimhne dhom. Shaoil
gan aimhreas gur amadán mise; acht dar fiadh! b'ait
an feic sinn. . . Duine dathamhail é; súile móra
ann, sé chlár-éadain thart timcheall a chinn agus ceann
eile i gcúl a chinn, b'éidir; agus é lán de theangachaibh,
teanga na mbláth agus an ghrádha ar cheann aca; gruaig
dhubh, féasóg dhubh-dhonn, agus iad araon ag liathchan agus
dath na cloiche eibhir ortha; an fhéasóg 'na seasamh amach
mar bheadh siostal ann ar a ghéill mar bheadh gaethe soluis
an dorchadais; fear éadtrom, a dhóthain áirde ann —
Calmuc an-intleachtach é.



Is leor sin anois. Cóirighthe atá an duine; gléasta faoi
chomhair an árdáin. Faoi do chomhrádh anois, buail leat:
Bhí dá dtugadar de mholadh annso dhó agus go dtug
léim den chathaoir nuair thosuigheas ag díospóireacht leis,
las a thudóg, le foighid a chur ann féin, rug ar chába mo
chóta (mar dhéanfadh Urquhart), agus é dhá cheartughadh
dhom go mb'é seo seo. Dixi. Agus mise freisin,
chomh maith leis; thugas gacha le Dixi dhó, ag umhlughadh go
hinísiol dó agus ag teacht in' aghaidh. A Thighearna an
domhain, dá bhfeicteá annsin é! Dá mbeith deich Urqu-
hart ann i n-aon duine amháin níor thada iad le n'ais.
Gur thosuigheamar ar na fíoghracha; shuaimhnigh sé agus
leig faoi. Chuireas d'impidhe air gan cúis na hEorpa
do chur tré n-a chéile thríd féin agus tré n-a thír. Ní
dhéanfadh? I gcionn ráiche, mar hinnsigheadh dhó tré
litreacha, d'éireofaidhe amach sa bhFrainc agus chuirfidhe
riaghaltas fíor-phuiblidheachta ar bun ann. Leigeas
chuige an t-eolas a bhí agam a dtaoibh cláir ar úcáidibh
den tsórt, i dtaobh dátaí mhórmhór. Thug sé an teagasg


L. 223


inchreidte dhom mar dhéanfadh an Máirtíneach, go mba
fear óg mé — nach rabhas sáthach críonna. D'imir sé
fuil na náisiún ar an ár-mháigh. (Chuir sin ga ionnam,
acht níor thug sé sin faoi deara. Dá mbeimís d'éis
troda bheadh duine éigin eile freisin ann a bheadh d'éis
imirt ar fhuil beirte ar a laghad d'fhuil na náisiún), — acht
b'éidir do mo lá a theacht fós, ar seisean. Bheadh
fhios agam annsin cad é an rud gáir bháis náisiúin.
Bheadh a bhratach i n-áirde i gcionn ráiche; i gcionn ráiche
bheadh airm fíor-phuiblidheachta na Fraince — &rl.
Níor caitheadh trí seachtmhainí go gcualamar go raibh
Laoiseach Napóleon 'na mhaighistir ar an bhFrainc, tré
coup, tré razzia oidhche, agus tré ár a dhéanamh ar an
bpobal ar feadh deich lá n-a dhiaidh sin.



Tá fhios agam an méid sin cheana a dhuine chóir, tré
na gnáth-mhodhaibh eoluis; óir tá an chlódóireacht naomhtha
dhomharbhtha ar siubhal annso freisin. Éirigh as stair na
comhaimsire dá réir sin agus innis tuilleadh fa'n
Magyar. Féach, nach ait an dá chainteoir iad sin —
Raghallach Gaedhealach ó Bhreifne Uí Raghallaigh agus
Tartar Calmuc a raibh a shinnsir agus pobaill aca ar
bhórdaibh an Yenisei, iad ag comhrádh le chéile annsin i
seomra i Nua Eabhroc, cathair na cruadhóige nach raibh
suim ag ceachtar aca innti — ag iarraidh connradh a
dhéanamh, agus congnamh dhá fhagháil aca ó chaitheamh tobac
agus ó ghoitibh; iad ag iarraidh margadh a dhéanamh
eatortha féin tré n-a saorfaidís an domhan ó ríghthibh agus
ó dhiabhlaibh. Fairíor nach rabhas ann, go mbeadh triúr ann.
Acht déan ar t'aghaidh, a Dhaimhín. — Bhí páipéir na
nGaedheal agus na sagart annso ina choinne, (tá
Laoiseach Napóleon dhá bheannughadh anois aca faoi rádh
is gur shábháil sé Órd agus Creideamh ó n-a gcur faoi


L. 224


chois) agus dubhras leis nár mhór liom a innsin dó ar
chuma ar bith go raibh meas agus cion ag Gaedhealaibh
na Puiblidheachta air. Gidheadh do mhínigheas go beacht
dó agus go soiléir go n-eiteofaidhe é faoi chongnamh sa
gcaoi a raibh sé dhá iarraidh. Má's amhlaidh gurab é an
cleachtadh bhí agam ar chaint leis an bpobal a thug dhom
a bheith go binn-bhriathrach, nó nach gcuala sé focal díreach
den fhírinne annso go dtí sin (acht sí an chaint phuiblidhe
a rinne é saoilim) d'éist sé tamaillín agus a cheann
faoi aige, agus bhí na deora móra ina shúilibh. Tá maith
mo thurais (nach díchéillidhe an rud iad na turais chéadna!
Acht b'éidir gur fhoghluim sé an cor cainte ón gcaoi a
labhraid go céillidhe agus go fearamhail i Sasana i
measg na “Liberals”) — tá maith mo thurais ar iarraidh
mar sin — tá mé buailte — agus tá sé chomh maith dhom
filleadh abhaile agus bás fhagháil.



Is eagal liom gurb olc an meas a thug sé do bhunadhas
cúrsaí sa tír seo, agus gur beag é a thuisgint ortha.
Gidheadh chuir deireadh leis féin agus ní bhéidh sé 'na
threoruidhe go deo arís ar rann na hEorpa [ná bí go
ró-chinnte dhe sin, a Dhaimhín Uí Raghallaigh], agus ó bhí
sin amhlaidh, is sothuigthe dhuit an comhrádh bhí eadrainn
[seadh, maiseadh] an leanbh so ar thaobh agus ar an taobh
eile Urquhart Calmuc, agus é ag léimneach mar bheadh
liathróid ann, nó dhá shíneadh féin mar bheadh gadaighe ann
nó nathair — é ag éirghe dhá chathaoir an focal is lugha ar
bith fa n-a gcúirfeá treasnuigheacht air, a chosa ag obair
agus a lámha, a chloigean, a éadan, a shúile, a theanga,
an fhéasóg, an chorr-mhéar, a thudóg agus na hailt i
gcnáimh a dhroma, iad go hiomlán ag oibriughadh go saoth-
arach sa gcaint dó.



Óra! is leor sin. Is fasgamhail an gleann é gleann


L. 225


an Clyde, agus is tíoramhail an bothán é Nant; acht
fairíor nach rabhas sa seomra sin i gcathair uasal Nua
Eabhroc leis an mbeirt sin agus tudóg agam, agus ní
le droch-mheas ar an domhan deisceartach adeirim sin.
Acht fan leat, seo tuilleadh as an litir fa'n Magyar.



An iomarca cainte atá aige, adeir an Gaedheal,
ag guidhe Dé dhó; tá na deora go bog aige ar iomchur,
agus guileann sé go bhfliuchann sé a naipcín póca, má
chloiseann caint bhinn-bhriathrach. Rud ar bith gheobhas
sé gabhaidh buidheachus faoi (thairg bean Chléirigh Uí
Dhonnchadha as Cincinnati na muicfheola, thairg sí a
naoidheanán dó mar thabhartas don Ungáir — mhúinfidhe dhó
le umhlughadh don Ungáir ar n-a chlos dó í bheith saortha
ag Kossuth! Ghlac seisean leis agus ghuidh sé Dia —
a Thighearna, ba hí sin an phaidir — Eisean atá ar neamh
má chuala í ní fuláir nó rinne gáire — tá súil le Dia
agam nach mbéidh umhlughadh dhá dhéanamh ag an naoidheanán
beannuighthe sin mar bhí ag an mbuachaill dána Gargantua
le rufaí na mná uaisle; dhá dteagmhuigheadh bucla an
hata dhá chroiceann b'éidir gurab é a ghearradh dhéanfadh
agus go mbeadh an Ungáir i gcontabhairt thríd sin) —
gabhaim párdún agat, a Sheáin, fa'n treasnuidheacht so
a chur ar an sgéal [seadh, acht goidé an chabhair an dara
treasnuidheacht le leisgéal a ghabháil fa'n gcéad
treasnuidheacht — ní a bhaineas an tríomhadh treasnuidhe-
acht so asam-sa?] — sháruigh sé Domhnall Ó Conaill ag
glacadh ruda agus dhá mholadh, gurab é an buidheachas
an moladh aige. Acht tá d'fhad mo sgéil go bhfuilir
tuirseach agam.



Maiseadh ó dubhrais é, táim, beagán. Féach duine
éigin eile: tú féin, a chara ionmhuin, cuir i gcás. Tá
sé (.i. an Raghallach) ag sgríobhadh anois don Democratic


L. 226


Review is cosmhail; agus is iontuigthe ó n-a litir go
bhfuil sé ar a mhine ghéire, gach uile fhéithe ina chorp, agus
a cholainn agus a inchinn ag obair, mar bhí Hercuil ar
mbeith dhó féin ag comhrac leis an arrachtach i Lerna, go
marbhuighidh, go mbrúghaidh, go mbrisidh, go ndéanaidh
sprúdhánaigh de dhream uathbháis (ní fuláir nó is iad
náimhde an chine daonna iad) ar a dtugann Sean-sgológa
- ní mór leis mionach a dhéanamh dhíobh-san agus a gcur
sa talamh. Ní fhuaras aon tuairisg cé hiad na sean-
pheacthacha sin: tá gean ar mo charaid agam agus an
ghráin agam ortha-san roimh-ré. Do réir a chúntais ba
buadhartha an fear é féin sul thosuigh ar an léirmheas-
adóireacht, agus b'uathbhásach a ghleic leis an sgológa.
Deir sé: Tráth a bhfuaras an litir úd uait bhíos chomh bocht
mí-mheanmnach agus d'fhéadfainn a bheith, agus mé ar mo
dhícheall ag iarraidh an posta so tá agam a fhagháil. Bhí
croidhe tinn agam agus an-fhonn orm deigh-sgéal a bheith
agam duit, agus níor fhreagras í. Nuair bhí ag éirghe
liom annsin agus thuigeas go n-éireochadh liom an
posta fhagháil, thagadh fonn orm ó am go ham an chóir
a chuireas romham a chur ar pháipéar. Tá cuid de sin
sa Review agam anois.



Fuair sé bean Ghaedhealach fosta san Oileán Úr;
agus sin í a choimhéaduidhe, a threoruidhe agus a thur
neirt, a bhean agus a stór, cibé bochtaineas ná tinneas
croidhe, ná buaidhreadh dá dtagaidh air. Tá an oiread
de ghrádh aige dhi agus tá de ghráin aige ar shean-sgolóig.
Deir sé agus é go brónach: Chailleas mo bhuachaill beag
an uair is measa bhí an saoghal agam, t'ainm-se bhí agam
air; agus cailleadh cailín beag orm an chéad mhí chuadhas
le eagarthóireacht. Shaoileas go raibh Dia nó an chinnea-
mhain ga mo nochtadh fa chomhair an chomhraic, agus go raibh


L. 227


m'éadáil dheireadh .i. mo bhean ar a cailleadh le n-a
ndeacha sí thríd de dhroch-shláinte, d'imnidhe agus de
bhuaidhreadh.



Chuir sé sgéalta níos brónaighe ná sin arís síos
annso; acht ní fhoillseochad iad. Níor leag Dia ná an
chinneamhain lámh ariamh ar chroidhe níos teinne ná tá sa
bhfear sin, agus éireochaidh sé fós d'éis a bhfuair de
smíochadh de nochtadh agus de thrasgairt, agus beidh
sé níos teinne dána ná bhí sé riamh.



D'éirigh sé as cúrsaibh a bhróin féin annsin gur
thosuigh ag cur síos go dílis dúthrachtach ar Dhubhghlas
áirithe éigin. Acht cé an diabhal é an Dubhghlas so?*
Seo isteach Dubhghlas chugainn, Daimhín Ó Raghallaigh dhá
chur i n-aithne dhúinn: Firín beag breagh, dhá fhichid
bliadhain d'aois nó cúig is dá fhichid; fear ísiol, binn-
bhriathrach, rí-fhear stáit é i bhfabhar an phobail choitchinn,
agus é chomh fuathmhar do Shasana le aon Ameiriocánach
ann.



Tá suim dhá chur sa bhfear beag binn-bhriathrach agam;
agus chím sa léigheadh dhom gurab amhlaidh atá an Raghallach
agus a Review ag iarraidh Uachtarán a dhéanamh dhe ar
Ameriocá.



B'uathbhásach an gníomh é náisiún go hiomlán a ionn-
suighe; b'éidir gurab é ar mbás a thiocfadh dhe i gceart-
lár ar gcuid oibre [nár leigidh Dia, a Thomáis]; agus
ba hé sin an gníomh a b'fhearr dhúinn a dhéanamh; agus
dá n-éirgheadh linn, bhí linn uaidh sin amach. Má éirgh-
eann le Dubhghlas (is faitcheach, corrach an chaoi tré n-a
bhfuil sé ag iarraidh dul isteach, acht) má éirgheann leis



*Gabhaim párdún anois (Nua Eabhroc, Lughnas 1°, 1854), fán
aineolas sin, ní raibh neart agam air, óir chaitheas roinnt éigin
bliadhan roimhe sin ar an gcúlráid. — S.M.


L. 228


aon uair amháin táim cinnte go bhfuil an míonach ann,
maran d'adhmad a rinne an Cruthuightheoir na daoine;
agus go ndéanfaidh sé brusgar dá dtiocfaidh in'
aghaidh, mhórmhór de dhaoinibh coimhightheacha. [Is ion-
tuigthe as sin ar chuma ar bith nach Sean-sgológ é Dubh-
ghlas.] Táthar dhá admhughadh anois gur mharbhuigheamar
.i. gur mharbh T. D. Ó R. .i. gur mharbh an Democratic
Review na Sean-sgológa, agus go bhfuil mórdháil Nua
Eabhroc i n-ar bhfabhar.



Ní fheadar cad is brígh don mhórdháil sin a bheith in bhur
bhfabhar — acht tá áthas orm na Sean-sgológa a bheith marbh.
Bhí Seán Knox 'na shuidhe chois na teineadh ag caitheamh
tobac dhó féin agus mé ag léigheadh na litre dhó. Is
minic a d'árduigh a mhailidh, agus bhain a phíopa as a bhéal
corr-uair go ndeireadh: Sábháil Dé orainn, cé hiad
na sgológa bochta so? Tá súil aige go maithfear a
bpeacaidh dhóibh; acht mo chuid-se dhe, thugas mo mhallacht
dóibh mar gheall ar an gcúthach atá ar mo charaid leo.
Siúd ort, a Dhubhghlais, a fhir bhig ina bhfuil an míonach
ceart.


L. 229


AN 1° CAIBIDIL AR XX.



Bothwell, 8° d'Eanair, 1853. — Thosuigheas féin agus
Seán Knox ar litir nó ar litreacha an Raghallaigh a
léigheadh arís indiu, gach ar fhágamar gan léigheadh dhíobh.
Timcheall le chúig leathanaigh is dá fhichid díobh atá ann,
agus uair a mbeadh sé d'uain aige sgríobhadh sé; gan
áird ar bith aige ar an órdughadh chuireadh ar an nuaidh-
eacht gurab ionann é agus ar gcara a bheith 'na shuidhe
chois na teineadh tráthnóna n-ar bhfochair ag caitheamh
tobac agus ag comhrádh linn ar a shlighe fhiadháin bhorb
féin.



Is cosmhail go raibh sé ag sgríobhadh do thrí nó ceathair
de pháipéaraibh eile sul thosuigh ar an Democratic Review.
The People an chéad pháipéar a bhuail faoi, agus rinne a
dhícheall air-sean ag iarraidh sean-chreideamh na Amerioc-
ánach i dtaobh eadarsgáin a athchur as an tír amach.
D'innis go soiléir an t-adhbhar fa n-ar chlis air. Níor
dhual d'aon dream aca, adeir sé, baint le gnóthaibh na
hEorpa; agus ní raibh lán-mhuinighin as daoinibh coimhigh-
theacha an mhéid nár dhaoine as a mb'iomchurtha muinighin
na daoine coimhightheacha bhíodh ag teacht isteach sa tír,
ná na daoine ab fhearr a thigeadh ón Eoraip (cé is moite
dá dtagadh ar teicheadh ó thíorántacht). Thairis sin féin
ba bheag é m'eolus ar chúrsaibh an tsaoghail in Aimeriocá,
agus ba lugha ná sin é m'eolus ar dhaoinibh ná ar dhream-
annaibh daoine.



Ba “Whig” ba compánach dhó fosta san obair, deagh-


L. 230


dhuine de mhuinntir Robustún, é siúd ar a raibh trácht i
leabhar litrighthe mhic an Mhaoir: bhí trácht air féin agus
ar Mhac Gabhann; ar de Brún, ar Seóns agus ar bháthadh;
“agus ó ba Whig áibhéil é agus é ag séideadh adhairce
idir Ghaedhlaibh bháith sé mé.”



Níor thaithnigh fuath labhartha so an Raghallaigh le Seán
Knox; níor bh'féidir duine a bháthadh tré séideadh adhairce.
Dá séidthidhe ar siubhal é nó a leithide sin, adeir Knox,
thuigfinn é; acht níor facthas domh-sa go mba chóir dhó
cur isteach orm agus dubhras leis: do shéideadh go
bhfaghair! agus léigheas liom. Ba chuma céard a dhéan-
fainn dubhradh go mba whig mé, agus dá réir sin go mba
droch-Ghaedheal mé agus droch-chara don phobal.



Agus fós — do bhí corr-dhuine ag a raibh tuisgint orm,
Pólandraigh mhórmhór, Francaigh agus muinntir na
hIodáile, [thuigfidís-sean gan aimhreas an t-eadarsgáin]
agus Ameriocánaigh na Puiblidheachta: acht seo é an
cruadhchás ina rabhas: — Léigh na Ameriocánaigh, ón
Uachtarán (agus d'íoc an sean-fhear a dhíolaidheacht mar
dhéanfadh fear, go ndéana Dia maith ar a shean-chabhail
meirgeach) go dtí mo tháilliúr, léigh sin, mo pháipéar,
agus iad ag magadh faoi agus sa n-aimhreas orm-sa;
go ndubhradar go léir go mba cliste acht go mba
Gaedhealach an duine mé. Agus ar ndul dom i n-aghaidh
an Phápa agus i n-aghaidh an chreidimh dubhairt na sagairt
go mb'eirceach mé [Dia le m'anam, ar Knox, an bhféad-
fadh na sagairt a mhalairt a rádh?] agus chuir páipéar
na heaglaise fa choinnealbháthadh mé [bhí sin iomarcach
aca, ar Knox], agus sgannruigheadh na cailíní aimsire
tráth a gcloisidís m'ainm. — Uch! nach brónach an cás é;
tá fhios agat féin an chuid eile: sin é an chaoi ar theip ar
an People. — Agus sin é díreach an chaoi a dteipfeadh,


L. 231


freisin. An fíor-bhochtaineas uaidh sin amach, — agus rud
éigin níos measa ná fonomhaid dhá dhéanamh ag a tháilliúr
faoi. Deir sé fós: — Ní dhéanfadh sé cúis a bheith ag
iarraidh beatha a bhaint as an láimh fholamh, agus ba gearr
go ndeachas go Nua Eabhroc, agus go rabhas ag iarraidh an
Whig Review a dhéanamh fabharach don phobal choitcheann
(árd-tóraí a bhí ann). Cuirfead cuid aca chugat má
fhéadaim é. [Acht níor shroich aon cheann aca an Tas-
máin.] Chaitheas leith-bhliadhain ag sgríobhadh don Review
agus chuireas an sgian go feirc chomh minic agus fuaras
an deis air, — [sé sin, chuir sé claidheamh lucht na dearg-
Phuiblidheacht i gcolainn bhog an uiggeachais] — gur
athchuir na uiggionna as a mbuidhin amach mé, amhail is
da mba duine mé dhéanfadh dóghadh ortha, agus dubhradar
go mba sionnach i gcroiceann na gcaorach mé, go mba
nathair sa bhféar mé, go raibh saobhchan céille orm, agus
a lán eile den tsamhail chéadna adubhradar fúm.



Gidheadh is cosmhail gur fhága sé lorg a láimhe na
dhiaidh, an Tomás Daimhín Ó Raghallaigh sin; agus béidh
sin inléighte ag an té thiocfas na dhiaidh. Deir sé:
Tá an toghadh ag teacht. Na taoisigh atá ar an bpobal
coitcheann fuaras litreacha agus cuireadha uatha, agus
buidheachas agus moladh. Shiubhlas isteach chuca go cruinn-
iughadh an oidhche cheana, agus na neithe bhíos a theagasg
le bliadhantaibh chualas dhá moladh aca iad; gheall na
daoine cumhachtacha dlúthas a chur leis an obair, agus
cuireadh i n-aithne dá léithide seo d'ughdar mé.



Go dearbhtha, a chara, má éirgheann liom is-na gnóthaibh
seo agus go bhféadaidh mé aon dearg-ruathar Amerioc-
ánach amháin a sguabadh thar an Eoraip, saoilim, cé gur
ruagadh go híochtar féin mé is gur thángas as, cé gurab
iomdha rud a rinneas as bealach, tré thaghad agus tré


L. 232


éadóchus, mar is gnáthach d'fhear óg ruadh go méin choll-
óideach, (mar dubhairt cara a bhí 'na liaigh agus sinn ag
fiadhach), saoilim acht a dtagamuid ar a chéile go bhfuil
rud éigin déanta agam a thuilleas, nuair a bheas tusa
i mbun na ngnótha [cad is ciall leis sin? ar Knox,
nuair a bhain sé a phíopa as a bhéal. Tá, ar ndóigh,
acht a mbéad-sa san Oileán Úr, agus mé ag seoladh
dearg-ruathair lucht na puiblidheachta ann ar mhaithe
leis an gcine daonna — ag seoladh catha agus airm fraoch-
mhara Ameriocánach amach do shaoradh na Pólann, do
chur Kossuth i réim i mBiúda, d'iadhadh an impearóra
Napóleon arís i Ham, do chur riaghaltais sealadacha ar
bun i gCaisleán Átha Cliath, i bPálás Buckinhgam, i
Bhiena, i mBerlín agus i Mílan, do dhíbirt impearóir
na Rúise ar ais go Tobolsc, do athrughadh dubrón na
nEadáileach i ngáirdeachus, agus do ghabháil de chosa
i dtrí hata an Phápa ó Spartibhentó go Cnocaibh Alp.
Sin é is ciall leis. Seadh, is dóigh, ar Knox], a thuilleas
dom, adeir Daimhín, ionad ciúin i ngleann caoin éigin,
mo dhóthain den tobac, agus deoch a choisgfeas mo thart.
Sin é mo stair-se dhuit; agus tá súil agam go mbainfir
an oiread suilt as is bhainfeá as stair aon Ghaedhil
fáin eile, óir is díomhaoineach sotalach an mac é an mac
so.



Gidheadh níl deireadh fós le stair iongantach an
Ghaedhil mhórdhálaigh seo. Bhuail sé fa'n Democratic
Review ar a dhicheall báis agus beatha. Seo é an tuairisg
a thug ar na compánachaibh atá frois. Ameriocánach
dearg-phuiblidhe agus fíor-dhuine den phobal choitcheann
an fear foillsighthe atá agam agus foghluidhe cneasta.
Cuiridh aithne ar a chéile — Mac uí Chuilinn, an Mistéalach
- umhluighidh. An cara is dílse thárla riamh orm san


L. 233


Oileán Úr an Cuileannach sin, agus tá fúinn turas beag
síothchánta agus turas ag fiadhach a thabhairt (acht an
fhaill a bheith againn) thart timcheall Londain, gan bacadh
leis an riasg; agus tá súil agam go gcasaidh tú féin
agus é féin dá chéile sa tír seo nó sa gcéad tír eile.
[Is maith liom aithne a chur ar an bhfear so an phobail
choitchinn ata 'na fhoghluidhe chneasta.] Hiarradh orm fós
“mo ghrádh thú” a rádh leat ó Ameriocánach ón iarthar,
agus b'fhearr liom grádh ná gráin a bheith aige orm —
Ó Corraidh is ainm dó, ó Ohió é, agus bhí sé ar dhuine
de na cainteoiribh ab fhearr a bhí againn ag an gcruinn-
iughadh mór a bhí againn le goirid. Is mór dhe atá i
bhfabhar an phobail choitchinn .i. sé troighthe ó mhullach a
chinn go bonn a chos; fear géar agus gan sgiolltar air.
Is geall le bata de lampa é a mbeadh solus mór ar a
bharr agus a cholainn go han-chaithte. Tá aithne aige ort-
sa freisin.



[Tá míle fáilte romhat, a dhuine uasail, go Both Nant.
Siubhail uait isteach. Crom do cheann beagán, ar
fhaitchios go mbrisfidhe do lampa. Seán Knox agus
mé féin atá annso agus caithfir píopa tobac agus ólfair
gloine de leann Bothwell i n-ar gcuideachta.]



Agus sin fear cliste eile agus fear atá dílis don
phobal choitcheann, an Sándursach. Acht is leor sin as
an litir. Tharraing an Raghallach annsin cúrsaí na
hÉireann chuige; agus nocht dom fa'n toghadh atá le
bheith i Ros Mhic Treoin: is ann atá i ndán d'Éirinn a
sábháil faoi dheireadh acht Gabhan Ó Dubhthaigh a thoghadh,
nó Géilleadh Ó Dubhthaigh, mar thugas Tomás air. Ní
mór liom a admhughadh gur fiadháin an chaint a chaith sé i
dtaobh cúrsaí na hÉireann. Ní dhéarfad fá na sagairt ná
faoi na tobair bheannuighthe, acht Dia a ghuidhe na sagairt a


L. 234


bháthádh is na toibreachaibh! Agus faoi Éirinn: Níor
ghabhas leisgéal fa'n dubh-léirsgrios a thárla dár dtír,
d'admhuigheas é; acht dubhras: dhá ghéire dhá labhrair faoi
mo thír agus faoi mo chomhthíorachaibh tigim leat; acht
má seadh is móide an cruthughadh ar a daoirse a donacht,
óir is breagh calma na daoine atá innti, agus tá fhios
agat-sa go maith gur troduighthe iad. Dá bhrígh sin,
ní mór dhuit cáirde nó náimhde a dhéanamh dhíobh. Ní
fuláir an avant garde ar an rann Eorpa a dhéanamh dhíobh,
sin nó an Vendée. Cuir arm innti isteach agus déanfair
sprúdhánaigh ar an bhfód d'impireacht na Sagsan; acht
má thosuigheann an cogadh san Eadáil agus má curtar
ann é, agus an fhaisnéis bhréagach faoi a fhágáil faoi
shagairt agus faoi Shasanaigh, fágfaidh sin nach mbeidh
aon tír ar an rann Eorpa is mó bhéas i bhfaltanas le
riaghaltas puiblidheachta ná Éire. Labhras ar an gcuma
sin agus tá súil agam nach mbéidh mo chaint gan toradh.
Ní dhéarfad acht go bhfuil súil agam.



Dhúineamar an litir aisteach sin, gur fhanamar tamall
gan focal a rádh. Dubhairt Seán Knox fa dheireadh:
Ní hionmholta an rud do dhuine bheith 'na Ghaedheal do
láthair, is follusach sin. Mo thruaigh an Raghallach a
bheith dhá chaitheamh is dhá spíonadh féin leis an bpoilitic-
eacht achrannach chéadna, dhá mharbhadh féin do cheachtar
aca, agus iad-san ar lorg postaí, agus gan aige uatha
dhá bharr acht ag súil le Dia ar son na hÉireann, gur ar
éigin atá sin féin aige — ag obair dhóibh ar a mhine ghéire
as ucht an deagh-fhocail (nó, mar deir an duine bocht)
as ucht an gealladh a thabhairt a bheith dílis d'Éirinn.
Éire féin! Éire! chomh maith dá mbeith Éire ann agus í
na corp. Féach-sa féin sin agus an dearg-ghráin ag
teacht ar an nGaedheal ar fud an domhain fa'n gcaoi ar


L. 235


theip orainn. Is uathbhásach agus is dílis an dílseacht
ag an Raghallach í.



Agus céard eile meas tú a dhéanfadh an Raghallach,
d'eile? Toicéad ceada d'fhagháil, ar Knox, agus hata
leathan-bhilleogach fa láthair; é féin a sheachaint ar rí-rá
na poiliticeachta, agus faill fhagháil ar eolus a bhailiughadh
agus a chur i dtaisge, i leabaidh bheith dhá chaitheamh agus
dhá chur amugha. B'fhearr dhó a aigne a chothughadh agus a
neartughadh fá na coillte annso, fá chumhachtaibh máthardha
na Nádúire ná a bheith dhá ídiughadh agus dhá bhochtughadh féin
ag iarraidh na cnuic atá glas i bhfad uaidh a shroicheachtáil,
dhá mhilleadh féin le cleasa cama aimhréiteacha. B'fhearr
dhó bheith 'na aodhaire tréad do láthair amuigh cois locha.



B'éidir go ndéanfadh sin cúis dhom-sa agus dhuit-se
a Sheáin, acht sé an gníomh beatha an Raghallaigh. Tá an
oiread den chollóid ann agus nár shuaimhneach é, nár
bheo é gan a bheith ag obair go dícheallach, a charuidheacht
agus ag corráil leis an gcinneamhain agus leis an
saoghal corrach so, seadh agus dhá chaitheamh agus dhá
ídiughadh féin i n-aon turus, a aigne agus a inchinn i
n-éinfheacht, le dílseacht agus le dúthracht a shaothair.
Dá mbeith sé annso chrochfadh é féin as crann. Oibrigheadh
sé leis mar a bhfuil, ag gleic le sgológa agus ag tras-
gairt lucht seafóide is dícéille. Is uasal an obair a
chuir sé roimhe pé nÉirinn é, agus is uasal uaidh a
déanamh. Fearacht naoimh nó dé úd na hIndia .i.
Ram-Das, mothuigheann sé an oiread de bhruth ina
cholainn agus dhóghfadh a bhfuil de thútaighil agus de
chladhairidheacht sa domhan. Lasgadh sé leis.



Acht caillfear é. Cailltear. Is áluinn an cás ina
gcaillfear é — agus nach sógh do dhuine adhbhar oibre a bheith
roimhe aige? Nach iomdha duine sa domhan gur leor leis


L. 236


a bheatha laetheamhail a shaothrughadh agus a chuid leanna
agus gan ag cur imnidhe ortha acht cumhachta agus stáid
mhaith dhóibh féin sa saoghal, a bheith measamhail i go bhfios
do chách, agus cách go droch-mheasamhail, agus nach tearc
duine sa domhan atá muinighneach as éinnidh eile acht
sin? Agus nach mór an t-áthas dó a dhílse agus a shearc
dá Ríoghain neamh-chorónta .i. dá mháthair Éire? Is áthas
é nach mothuigheann an té tá fuar-chroidheach támáilte
i n-aon chor. Tá an lasadh domharbhtha ann, ag bíodhgadh
thríd ó n'óige, ó chonnaic in' aisling aghaidh áluinn Róisín
Dubh go tuirseach dubrónach, a gruaig dhubh ina strácaibh
léi síos, gur cosmhail an lasadh tá ann leis an lasadh bhí
i dtriath Thíre Conaill:



Ba dheas mo dhóith feadh do bhí mé pósta le m' stóirín
féin,
I dtúis m'óige bhí mé stróigh léi gan easbaidh aon nídh,
Acht mo dhíth-ghuirt tháinic aois dam 's d'éaloidh mo chruth,
'S is éigin dam tú thréigion, a Róisín Dubh.



Ba dheas do chlódh ar gach aon chor, a chraoibh urbhláth,
Ba mhaith do chóisir ar bhórdaibh glan nua gach lá;
Uch! cuimhnidh, a Róisín, ar gach móide do thugais féin
dam,
Gidh gur b'éigion dam do thréigion, a Róisín Dubh.



Is geal an lá é ag an té a bhfuil teas agus lasadh na
fola dhá dhéanamh íogmhar, beodha i n-áit meidhg agus
leann Bothwell a bheith mar fhuil ann.
Nach mbéidh an féar críochnuighthe ag na fearaibh anocht?
adeir Knox.
Ag an donas go raibh an féar. Tá éad agam le


L. 237


Daimhín Ó Raghallaigh fa bheith beo, adeirim leat agus
beo sa gcaoi nach mbeir-se ná mise beo go deo arís.



B'fhíor dhó, bhí an féar istigh sa n-iothlainn; agus
tháinig na fir oibre ar lorg a bpáighe. D'iarr duine aca
orm m'ainm a chur le páipéar clóbhuailte bhí aige.
Oibrighe maith an malluighdóir sin, agus duine síbhialta
ó chonndae Luimnigh. Teastas a bhí ann aige dhá rádh go
raibh sé ag obair dhom agus gur iomchuir é féin go maith.
Táim ag imtheacht go Port Philip i mbáireach, ars eisean,
mar a bhfuiltear ar lorg an óir; fuaras an párdún
coingheallach, agus ní mór dhom an páipéar so bheith liom
ar maidin i mbáireach don ghiúistís ar na páipéir eile
dfhagháil dom ga mo shaoradh.



Go n-éirghidh do bhóthar leat, a Mhíchil; ná caith do
chuid airgid ar fad sa teach ósta anocht. Mh'anam, ar
Mícheál, go n-ólfad sláinte Gharrdha Eoghain anocht, go
saoghaltar é. Slán agat, a dhuine uasail. Rachad go
Baile Hiobáird i mbáireach ar marcuigheacht agus tioc-
fad tré Norfolk Nua ag filleadh dhom.



13° Eanair. — Tháinig duine eile chugainn — as na
spéartha a thuit nó ó Nua Eabhroc a ghluais. Nuair
ráinig mé Baile Hiobáird cúpla lá ó shoin chuadhas ar
dtús ar ndóigh go Hosbuidéal Naoimh Muire, áit i
bhfuaras San Caoimhghin ina sheomra oibre. Nuair chonn-
aic sé mé d'osgail a shúile le iongantas, thug leis
isteach go seomra ar leith mé agus chuir de thomhais orm
cé bhí d'éis teacht go Tasmáin. Níor thomhaiseas, acht
ag feitheamh ar an sgéal. Pádraig Mac Gabhann!



Daortha? Ní headh, a bhuachaill: acht Cumann
Gaedheal i Nua Eabhroc dhá chur anall go saoradh duine
againn, nó beirt, go saoradh an Brianach go mórmhór —
agus deis a dhóthain aige le long fhagháil a thiubhradh go


L. 238


San Phroinsias sinn, agus le sinn a bhaint den ghiúistís
dá mbeith gábhadh leis d'éis ar ngealladh a tharraing
ar ais dúinn. Tá sé ag teacht ó Launceston indiu ar
chóiste an lae, agus casfad-sa agus an Brianach dhó
ag Droichead Uisge (deich míle as so), i n-áit a theacht dó
isteach go Baile Hiobáird. Rachaidh tusa liom. Tioc-
faidh an Brianach ar marcuigheacht ó Norfolk Nua, agus
is tig linn ar gcomhairle a chur i gceann a chéile. Níl
aon aimhreas nach n-éireochaidh le duine againn ar chuma
ar bith, ar San Caoimhghin.



Chraitheas mo cheann i dtosach, agus is beag nár ghlac an
naomh masla faoi, agus chinneamar gan labhairt air go
tráthnóna nuair d'fheicfimís ar gcáirde. Gan aon
bhréig ní turus magaidh a thug Mac Gabhann do réir
chosamhlacht, óir is méirleach aibidh é, agus ní fear é a
thiubhradh an turus sin gan deis a bheith aige; ná ní fear
é a d'imreochadh cleasa leanbuidhe.



Fuair San Caoimhghin iasacht capaill ó shagart. Bhíos-
sa ar mo chapall féin, agus thángamar ar an mBrianach
an t-am a bhí ceapuighthe go díreach, ag dorus an tighe ósta
beagnach, agus é ag marcuigheacht ar an tsean-Easóig.
Níor tháinig an cóiste an tráth sin. Bhain an seacht acht
níor tháinig aon chóiste, cé go raibh sé i n-am aige. Bhain
a hocht, agus leath-uair 'na dhiaidh, acht níor tháinig.
Chaitheamar an t-am go dtí sin ag spaisteoireacht sa
ngarrdha, ag cur síos ar an ngnó. Ba follusach dhúinn
nach raibh aon ghoir againn ar gceathrar éalódh. Sé
baramhail an Bhrianaigh nach mór dhúinn ar ngealladh a
tharraing ar ais go fuirmeamhail, gach neach a dhul go dtí
an giúistís ina cheanntar féin, agus leigean a thabhairt
do lucht an ughdaráis a ghabháil má táid siad ábalta air,
(mara bhfuil is dóibh féin is measa é,) — nach mór sin a


L. 239


dhéanamh i dtráth iomchuibhe gnótha .i. idir an deich is an
trí — breab ar bith is féidir a thabhairt roimhe sin nach
bhfuil locht air; seadh, agus an giúistís a cheannach ar
fad dá mb'éidir é; annsin má chuireann na bitheamhnaibh
rompa gabháil orainn san oifig é bheith ar an láimh láidir
aca (acht gan marbhadh a dhéanamh, adeir an Brianach).
Ar chuma ar bith, tá orainn dul go pearsanta don oifig
agus a thabhairt go soiléir le tuisgint don ghiúistís
(tráth a mbéidh sé ina oifig féin agus na consablaí
thart timcheall air) go bhfuil deireadh feasta le n-ar
ngealladh; gur thugamar suas an toicéad ceada, agus
go bhfuilmíd ag gluaiseacht.



D'éis comhairle a ghlacadh le chéile thuigeamar go mba
do-dhéanta an rud don cheathrar againn ar ngealladh a
tharraing ar ais an t-am céadna i n-ar n-oifigibh féin
agus ní ghabhfadh an Brianach uaim-se gan an iarracht a
dhéanamh an turus so. Cheapas-sa beart eile tré n-a
ngabhthaidhe sinn i láimh i n-éinfheacht sa gcaoi go mb'fhor-
usta dhúinn imtheacht: acht mhol an Brianach agus an
Dochartach an tslighe eile atá innsighthe cheana agam.
Bhain moill éigin don chóiste; agus ba mhithid don
Bhrianach agus don Dochartach filleadh. D'imthigheadar-
san, agus chuireas-sa fúm sa teach ósta go maidin.
Bhíodar leath-uair a chluig imthighthe nuair tháinig an cóiste.
Bhí sé 'n oidhche dhorcha. Bhíos 'mo sheasamh sa halla,
áit i raibh lóchrann breagh. Thuirling na taistealaidhthe
agus thángadar isteach sa teach ósta. Bhí fear óg
ortha a thuirlin agus a tháinig isteach. Bhain sé
lán na súl asam agus mise as. Ba hé Mac Gabhann
é, acht níor aithin ceachtar againn an duine eile: bhí
sé cheithre bliadhna ó chonncamar a chéile. Chuaidh sé
isteach san oifig gur iarr áit chodlata, agus níor


L. 240


aithnigheas a ghlór. Thainig sé amach arís ag iarraidh a
mhála, agus casadh dhá chéile arís sinn sa halla. Ní
fuláir nó sin é Mac Gabhann, arsa mise, ní chuirfeadh
aoinneach eile faoi annso i bhfuisgeacht deich míle do
Bhaile Hiobáird. Leanas de amach go dtí an taobh thall
den chóiste, áit a bhí dorcha. An Mac Gabhann is ainm
duit? D'iompuigh orm go hobann: ba léar dhom
gur shaoil gur ag faireadh air a bhíos — gur leanadh é go
dtí an t-ionad a raibh sé le casadh dhúinn; go raibh i
ngreim agus go raibh a ghnótha déanta. Ní dhearnas
moill gur innsigheas an fhírinne dhó, óir ba cosmhail le
duine é bhí ar tí urchar a chur thríom agus a thabhairt dá
shiubhal. Tá go maith, a Phádraig: bí 'do thost: siubhail
isteach sa seomra. Bhuaileas isteach go neamh-shuim-
eamhail. Ba gearr go raibh sé isteach 'mo dhiaidh, agus
d'imthigh an cóiste. Chaitheamar an tráthnóna i n-éin-
fheacht i seomra ar leith; agus b'iomdha rud a bhí le
fiarfuighe againn dá chéile; níor chuireamar síos go
sonnradhach ar an deis éalóidh go bhfeicfimís an mhuinntir
eile.



Tráthnóna lá ar n-a bháireach bhíomar i dtigh lóistín an
Bhrianaigh i Norfolk Nua. Mhínigh Mac Gabhann an t-órd-
ughadh a fuair .i. an Brianach agus mise a thabhairt leis i
ngan fhios; nó duine againn mara bhféadadh an bheirt
againn a thabhairt leis; agus cúram ar n-éignighthe a
bheith ar Mhac Gabhann dá mbeith gábhadh le éigniughadh —
rud a bhí Mac Gabhann toilteanach ar a dhéanamh. Shaoil-
eamar araon a thabhairt don Bhrianach éalódh i dtosach,
ó ba rud é go raibh sé daortha ar feadh a shaoghail; acht
d'eitigh sé éalódh i dtosach, ghá rádh gur chinn air éalódh
cheana d'oileán Mháiria nuair fuair an fhaill; agus rud
eile: an pobal a d'íoc an costas an uair sin. Seo


L. 241


é do thráth-sa, ar seisean. Thairis sin féin, is fearr an
t-adhbhar atá agat-sa ar a dhul go Ameriocá ná agam-sa,
agus is fearr a d'fheilfeadh an áit dhuit mar bhaile.
B'éidir, adeir sé, uair éigin go ndéarfadh riaghaltas
Shasana leo féin go mba hé a leas mise a shaoradh, gan
géilleadh dhóibh, agus d'fhillfinn go hÉirinn annsin.
Má éaluighim uatha ní fhéadfainn cos a chur i nÉirinn go
bráth.



Tá fhios ag cáirdibh an Bhrianaigh nach féidir a bhogadh,
agus dá bhrígh sin ba gearr gur leigeamar dhó. Dubhras-
sa annsin go ndéanfainn an iarracht sa gcaoi a luadhadh.



Chuadhas féin agus Mac Gabhann go Bothwell indé;
bhíos-sa ar marcuigheacht agus bhí seisean ar chineál carr
puiblidhe. Is garbh an bóthar suas gleann an Derwent
é, chomh fada le Hamaltún, áit i bhfuil cumar an Clyde
agus an Derwent. Sráid-bhaile beag deas é Hamiltún,
atá ag stracadh leis an saoghal: tá teach maith ósta ann,
sluaightheach, carcair ar ndóigh freisin, teampall,
garrdha gabhann, agus timcheall le tríocha teach beag ósta.
Coillte agus cnuic fhiadháine atá le bóthar as sin go
Bothwell. Ní raibh capall srian is diallaid le fagháil,
agus b'éigin do Mhac Gabhann aimsir a chur ar charr beag
éadtrom agus fear tiomána; bhíos-sa ar marcuigheacht
le n-a thaobh. B'aoibhinn an t-aistear fiche míle é tré
choilltibh sa samhradh. Támuid annso i mBoth Nant
anois.



Ar ndul dúinn tré Bothwell chuadhas den bhóthar
díreach as mo bhealach ar lorg litreacha go hoifig an
phosta. D'íoc Pádraig fear an cháirr agus sgaoil
bóthar leis agus tháinig liom dá chois. Cá bhfuil an
sluaightheach cumasach so? ar seisean. Tara uait go
bhfeicir é: tá sé féin agus teach an phosta sa bhfoirgneamh


L. 242


céadna. Dhearc sé an áit go grinn ar a theacht 'na
ghoire dhó; agus shiubhail sé isteach go neamh-shuimeamhail
i n-oifig an ghiúistís, an fhad is bhíos-sa ag an bhfuinneoig
ag iarraidh litreacha, gur dhearc sé an duine uasal sin
tamaillín, é féin agus an cléireach a bhí 'na shuidhe le
n'ais. Chuaidh sé trasna an halla annsoin go hoifig
an árd-chonsabail; go dtug fa deara a shuidhiughadh,
agus na hairm crochta le cúl a chéile ar an mballa, na
dorn-fhásga agus na hinnill eile príosúin a bhí ann fa
chomhair daor. Tháinig amach annsin, thug fa deara an
teach faire thall ar a aghaidh agus na consablaí ag
spaisteoireacht thart go díomhaoineach, (bhí duine aca
agus greim cinn aige ar mo chapall, dhá choinneál dom,
rud go mba lághach an mhaise dhó a dhéanamh); thug fa
deara an sluaightheach a bhí ar chnocáinín ar ar n-aghaidh thall
agus ar gach a raibh eile ann, i gcruth is go mbeadh a fhios
aige goidé an leagann a bhí ar an áit fa chómhair na
hoibre a bhí romhainn.



Saoilim, adeir sé, dá mbeith triúr nó ceathrar fear
ann, nó ar a mhéid seisear agus piostail an Choltaigh aca,
go réabfaidís an baile agus go bhfuadochaidís leo
an giúistís. Is cumasach an fear é an Coltach — duine
de na daoine is intleachtaighe sa domhan fa láthair.



Indiu atá an chruadhóg ortha sa mbothán. Bhí aithne
mhaith ag Mac Gabhann orainn i mBaile Átha Cliath agus
bhí aithne aige ar Sheán Knox. Shiubhail sé Éirinn ó shoin
fearacht gach neach eile, ag iarraidh teine na ceannairce
a fhadughadh acht ní lasfadh sí. D'éaluigh annsin don
Oileán Úr, gur imthigh ar luing as Gaillimh i riocht tuata
agus a chóta bréidín air. Chothuigh sé é féin i Nua Eabhroc
mar is fearr a b'fhéidir leis, rinne eagarthóireacht ar
pháipéar nuaidheacht i bPitsburg, bhrostuigh an pobal


L. 243


i Nua Eabhroc i dtaobh an bhóthair iarainn i Nicaragua,
ag iarraidh na daoine a dhéanamh namhadach do Shasana
fa'n gceist; fearacht an Raghallaigh, chuir sé roimhe
feidhm agus dualgas an fhíor-mhéirligh a choimhlíonadh. Bhí
cáirdeas dlúth aige la mac Uí Mheachair ó thús, agus is
deas an cúntas a thug dhúinn ar ghníomharthaibh agus ar
ráidhtibh an eas-phríosúnaigh sin, do bhí tamall 'na chomh-
nuidhe ag Cloigeann an Mhadaidh, Loch Sámhaidh, acht atá
san Ósta Metripolitan anois. Chuir sé síos dúinn ar
an gcaoi a raibh na gobemouches dhá shárughadh, ar
an gcaoi ar chaoin a shean-chompánacha é le áthas, ar an
gcaoi ar chuir na sagairt strainc ortha féin leis, agus
b'iontuigthe do dhuine go ndéanfaidhe sin go huile.



Dó nó trí laetheanta atá Pádraig le caitheamh i n-ar
gcuideachta; rachaidh annsin go háitibh eile den oileán
le comhairle a ghlacadh le n-ar gcáirde agus leis na
gnóthaibh a ollmhughadh.



Chítear dhom cheana go bhfaghaim boladh an domhain
uachtaraigh, agus go bhfeicim an lá ag breacadh tré
gheataibh ifrinn.


L. 244


AN 2° CAIBIDIL AR XX.



Bothwell, Eanair 16°, 1853. — Chuaidh Nicaragua (sin
é an t-ainm atá againn ar Phádraig Mac Gabhann tré
n-a shaothar i Meadhon Ameriocá), chuaidh sin go Mel-
bourne féachaint a n-éireochadh leis aimsir a chur ar
luing; óir is contabhairtighe Baile Hiobáird chuige sin
agus is teirce tá longa ann. Thugas suas go Loch
Sámhaidh é agus síos an taobh thall den chnoc go dtí an
bóthar mór atá ag dul ó thuaidh. Tá súil againn i
gcionn míosa nó sé seachtmhainí sgéala dfhagháil goidé
mar tá ag éirghe leis.



Tá Seán Knox toilteanach ar iarracht éalóidh a
dhéanamh an turas so fosta, ó thárla mé féin agus eisean
'nar gcomhnuidhe sa gceanntar céadna agus fa'n oifig
consabal céadna.



Má éirgheann liom ní mór liom mo mhuirighin dfhágáil
i mBoth Nant, agus tagaidís go San Phroinsiais i bhfochair
Nicaragua mar is fearr is féidir dhóibh. Gidheadh níl
aon sgáth ag mo mhnaoi roimh an gcontabhairt ná roimh an
mí-chomhgar. Tuigeann sí a dhocharaigh is tá sé clann
a thógáil ina leithide seo de thír, agus an deis atá orainn;
agus i n-áit a bheith ga mo bhacadh is amhlaidh tá sí ag moladh
go mór liom. Níor labhramar ar ndóigh leis na daoinibh
aitheantais annso faoi, óir ní éireochaidh linn mara
ndéanamuid an rud i ngan fhios do lucht an ughdaráis,
sé sin go dtí go dtugamuid fuagra go fuirmeamhail
uainn.


L. 245


Feabhra 12°. — Gan aon sgéala fós ó Mhelbourne. I
dteannta a bhfuil de chaiplibh cheana againn ní mór dhúinn
capall maith eile fa chomhair ar ngnótha; agus táim ar
lorg capaill. An capall is fearr sa gceanntar so,
capall do-chortha, meanmnach, capall bán a shíolruigh ó
stail Arabianach, ba leis an ngiúistís .i. an Dáibhiseach é.
Bhí fhios agam é bheith ag iarraidh a dhíol; agus thaithnigh
liom capall mo námhad a cheannach agus mo cheann a
thabhairt liom uaidh ar marcuigheacht ar an gcapall;
dhá dtagadh an sochar dúbalta .i. mise a neartughadh
agus mo námha a lagachan. Dá réir sin cheannuigheas
an capall. Ba coinsiasach an mhaise dhó-san é, ar
thabhairt an chapaill dom níor mhór leis rabhadh a thabhairt
dom. Ní mór liom, a Mhistéalaigh, ars eisean, innsin
duit go réabfaidh sé roimhe má chuireann tú gléas air:
bhí gléas cheana air uair agus ba contabhairteach an rud
a chur air arís. Dubhras leis go raibh a fhios agam an
aisteamhlacht sin a bheith ann. Is ceart dom, adeir sé,
an méad sin a innsin duit, mar níl a fhios agam áirithe
goidé an obair a bhainfeas tú as. Mé a iomchur ar a
dhruim, sin an méid go háit ar bith a mbead ag dul —
ar aistear fada b'éidir uair éigin. Maith maiseadh,
ar Dáibhis, tá fhios agam go mbír go minic ar marcuigh-
eacht, agus ní miste dhuit a bheith muinighneach as Domhnall.
Go bhfuil mo chapall nua agam i Nant; agus tá fúm
obair a bhaint as go riaghalta agus a bheathughadh go
maith i gcruth agus go mbéidh sé fá réir fa chomhair a
aistir fhada nuair a bhéas sé ag teastáil.



Márta 18°. — Is do-chortha an buachaill é Nicaragua;
tá litir uaidh fa dheireadh. Deir sé go bhfuil a mheitheal
i gcóir aige do dhul ar lorg an óir agus go bhfuil ag
éirghe leis — agus is iontuigthe dhom as sin gur éirigh


L. 246


leis long dfhagháil. Dubhairt ina chionn sin go dtiocfadh
ar an gcuid eile dá mheitheal i nAsgaill Bendigo fa
cheann trí lá (ar an Asgaill sin is tréine atá daoine a'
tarraing do láthair ag iarraidh óir), agus gan annsin
aige acht fuagra go dtiocfadh orm féin agus ar Sheán
Knox an lá áirithe sin ag Loch Sámhaidh.



25°. — Rinneamar na capaill a mharcuigheacht suas
chomh fada leis an loch an lá áirithe úd gur thárla Nicar-
agua orainn agus Seán Ó Conaill in' fhochair. Ó Shliabh
na Gaibhle Seán, agus de sgoth na ndaoine a bhunadh.
Gach uile rud ceart. Tiocfaidh loingín le Seán Mac
Conmara ó Sydney isteach go Baile Hiobáird, an Lil
Uisge a hainm; imtheochaidh sí annsin don tSaolann
Nua, agus fillfidh ar ais go Cuan an Earraigh ar thaobh
thoir an oileáin (timcheall le deich míle ar thrí fichid ó
Bothwell atá an cuan sin); agus fanfaidh annsin feadh
dhá lá ag leigeann uirthi féin gur locht adhmaid atá sí
a thógáil. Tá stáisiún do chonsablaibh le cuan annsin,
acht ní bhíonn thar thriúr nó ceathrar consabal ann, agus
tá fúinn a gceannach nó a gcur dhinn ar chuma éigin.
Tiocfaidh Mac Conmara féin ar an luing .i. an fear ar
leis í, agus tiocfaidh thart uirthi go Cuan an Earraigh do
chuidiughadh linn a theacht ar bórd. Rachaidh Nicaragua
síos go Baile Hiobáird i mbáireach ar marcuigheacht ar
Fleur de lis.



Aibreán 9°. — Gach nídh ullamh. Seolfaidh an Lil Uisge
ó Bhaile Hiobáird i mbáireach, agus béidh ar ancoire i
gCuan an Earraigh san oidhche Dia Domhnaigh, agus bratach
Mhic Conmara i n-áirde uirthi (.i. crois dhearg agus an
litir M ar a corr). Níl tada dhá dhéanamh ag Knox ná
agam-sa acht gach a ndeiridh Mac Gabhann linn, agus
támuid le dhul Dia Luain go hoifig an ghiúistís go


L. 247


dtarraingmíd ar ais ar ngealladh agus go n-iarramuid
air sinn a ghabháil. Tiocfaidh Nicaragua linn agus
cúigear cáirde leis agus airm leo; ní bhéidh ionnta-san
acht amharcaigh. Má éirgheann linn a theacht as crúbaibh na
gconsabal i mBothwell tiocfamuid díreach go Cuan an
Earraigh, béidh capaill úra romhainn leath bealaigh idir
Bothwell agus sin; sroichfimíd an áit san oidhche agus
rachamuid ar bórd le breacadh an lae. Siúd ar siubhal
sinn annsin go dtí an Geata Órdha. Má ionnsuigheann
bád na gconsabal sinn i gCuan an Éarraigh tá faoi an
gcaiptín gan géilleadh dhí, acht a cur go tóin puill má's
gábhadh é.



Tráthnóna Dia Luain, Bothwell. — I mBothwell dúinn
fós. Fríth amach ar gcleasa. D'innis cara dhúinn indé
i mBothwell go raibh fhios ag an ngoibhearnóir le coicidhis
gach uile nídh dá raibh ar siubhal ag Nicaragua; go raibh
fhios an long a rabhamar le seoladh uirthi; agus an áit
a rabhamar le dhul ar bórd; an comhartha a bhí le tabhairt
againn; na cáirde a bhí a chongnamh dhúinn; gur leigeadh
an Lil Uisge as Baile Hiobáird amach i n-aon turus
gan a cuartughadh le dhul don tSaolann Nua; agus fós
gur cuireadh foireann úr consabal ó Bhaile Hiobáird
go Bothwell le bheith fá réir dúinn; agus dhá oifigeach
consabal d'ear is barr a bheadh ullamh faoi n-ar gcomhair.
Fuaras amach ar maidin indiu gur chaith dhá chonsabal
an oidhche ar an gcnoc ar chúlaibh an tighe ag faireadh an
bhotha.



Comhairle cogaidh ar siubhal againn indiu i Nant.
Bhíomar ag ceapadh ar ndóigh go mbeadh ear is barr
consablaí sa stáisiún agus i gceanntar Bothwell;
b'amhlaidh mheasamar i gcomhnuidhe nach gcloisfidhe faoi
n-ar n-iarracht go dtí an noiméad deireadh. Agus ó


L. 248


thárla go raibh a sháith consabal ag giúistís an cheanntair
le na príosúnaigh a bhí ann a choinneál fa smacht, dhá
dtéighdís-san sa láimh láidir féin leis, níor cheart dó go
dearbhtha an oiread sin consabal d'ear is barr d'fhagháil
thar an gcongnamh bhí againne. Dhá dtéigheadh muid
isteach agus féachaint le n-ar ngnótha a dhéanamh, mar bhí
fúinn, iseadh thiocfadh dhe comhlann ar Shráid Bothwell;
agus dá n-éirgheadh linn annsin bheadh tuilleadh troda
romhainn i gCuan an Earraigh agus seilbh b'éidir cheana
féin ag na consablaibh ar an luing.



Dá mb'fheileamhnach linn gan an fuagra fuirmeamhail
a thabhairt don ghiúistís ní raibh aon toirmeasg orainn le
nach dtiocfadh linn gluaiseacht ó Nant indiu (nó lá ar
bith eile) d'aindeoin faireadh na gconsabal, agus ann-
sin is dearbh nach gcloisfeadh lucht an riaghaltais focal
eile fúinn; óir an mhéid go raibh muinntir an oileáin go
hiomlán fabharach dhúinn gheobhaimís fanamhain bliadhain
i bhfalach ar an oileán, acht capaill mhaithe bheith againn,
dhá mbuidheachus, go dtigeadh long eile a thógfadh sinn
san ionad chéadna. Acht ní raibh baoghal orm féin ná
ar an Máirtíneach sin a dhéanamh.



Ba hí comhairle cogaidh ar ar cinneadh dá réir sin
gan an iarracht a dhéanamh indiu, ná congnamh an Lil
Uisge a ghlacadh. Do sgaoil ar gcáirde: chuaidh Ó C—
ó thuaidh, agus R— agus C— ó dheas. Thriall Mac
Gabhann agus an Conallach go Cuan an Earraigh do chur
na luinge ar siubhal; agus tá críoch le na gnóthaibh fa
láthair.



Acht tá fúm féin agus fa Nicaragua bualadh faoi arís.



Aibreán 12°. — Litir ó Sheán Ó Conaill. Gabhadh
Nicaragua. Bhí neart consabal ag Cuan an Earraigh
ag feitheamh leis; ní túisge thuirling ná thimchealladar


L. 249


an t-ósta agus ghabhadar é i riocht Sheáin Mhistéil. Bhí
an Conallach d'éis a fhágáil sul rángadar an Cuan, agus
thug leis go tráthamhail na páipéir. Dhearbhuigh Nicar-
agua nárbh é Seán Mistéal é, acht ba bheag an chabhair dhó
sin: cuireadh fá ghlas é, gur coinnigheadh ann é feadh na
hoidhche. Chonnaic ó n-a fhuinneoig an Lil Uisge ar
ancoire sa gcuan agus an tsingin i n-áirde i mbarr an
chrainn; agus í ag feitheamh linn. Tugadh as sin thríd
an bhforaois go Baile Hiobáird é agus é i láimh, agus
é dhá chur i n-oifigibh na gconsabal ar lóistín ar an
aistear. Bhí aithne shúl ag an árd-chonsabal a bhí i
Richmond orm-sa: thairg sé an fhiadhnuise nárbh é an
fear ceart a bhí aca, acht ní ghlacfadh giúistís Richmond
leis an bhfiadhnuise; ní bhainfeadh le cúrsaibh an bharán-
tais, agus tugadh Nicaragua bocht ar siubhal. Chaith
sé an oidhche ag taisteal i dtrucail nach raibh aon
fhalach air, agus tá an aimsir ag éirghe fuar; agus um
an am ar shroich Baile Hiobáird bhí fiabhras go doimhin
air tré chorughadh intinne agus leis an donas agus an
cruadhtan a ndeacha sé thríd. D'éis a choinneál tamall
i láimh i mBaile Hiobáird sgaoileadh dhe gan focal a
rádh ná leisgéal a ghabháil leis, acht gur dul amugha a bhí
ortha. Tá sé go han-dona tinn anois i dtigh carad
dúinn.



13°. — Baile Hiobáird. — Ghluaiseas indé go Baile
Hiobáird ar marcuigheacht go bhfeicinn goidé mar bhí
Nicaragua. Bhí sé tinn go leor acht bhí biseach air.
Chuadhas ceann ar aghaidh go hoifig na gconsabal; chonnac
an duine uasal de chléireach a bhí ann; dubhart leis go
gcualas go raibh bharántas amuigh in m'aghaidh — má bhí
go rabhas annso; — go gcualas gur gabhadh duine uasal
in m'ainm; go raibh fios uaim cé chuir an bharántas


L. 250


amach agus cad chuige; agus d'iarras air gluaiseacht
agus innsin don ghiúistís go rabhas annso. Dubhairt sé
nach raibh ann acht dul amugha; agus rinne greann de.
Gidheadh dubhras leis nár thuigeas an cineál sin grinn
- ná nár thuig Mac Gabhann é — agus gur cheapas go
mb'ainbheart ar Mhac Gabhann a ghabháil ag Cuan an
Earraigh im' riocht-sa, agus go mba mhó ná sin an ain-
bheart orm-sa é; — go raibh fhios aca go léir go maith gur
gheallas gan éalódh den oileán go dtugainn deis do
lucht an ughdaráis mé a ghabháil i dtosach; acht go
mb'ionann an rud a rinneadar agus a rádh go rabhas
ag imtheacht i ngan fhios, agus go mba tarcuisneach an
rud sin a chur im' leith. Dubhairt Miduood dá mba
hé mo thoil suidhe fúm go rachadh go dtí an giúistís, go
n-innseochadh dhó go rabhas annso agus cad a dubhras.
Tháinig ar ais faoi cheann cúpla noiméad, agus beirt
fhear freis a bhí i gcultachaibh maithe éadaigh. Chuir i
n-aithne dhom iad acht rinneas dearmad ar a n-ainm-
neacha. D'fhiarfuigheas ciarbh iad. — Árd-chonsablaí
Bhaile Hiobáird. — Agus thángabhair do m'fheiceál?
D'umhluigh na hÁrd-chonsablaí.



Thángas ar ais go dtí Nicaragua agus mé le buile
chúthach. Is é is baramhail dúinn araon gur lán-mhasla
do lucht an ughdaráis daoine a chur ag faireadh mo thighe,
agus bharántas a chur amach in m'aghaidh amhail is dá mba
ag éalódh a bheinn, go mórmhór ó tá fhios ag na bitheamh-
nachaibh nach gcoinneochadh na cleasa sin ar an oileán mé,
ná aon chleas eile acht an oiread, le trí bliadhna, ná fós
seachtmhain dá mbeith fúm éalódh. Is ainbheartach leis an
cleas a himreadh air féin chomh maith; agus dá bhrígh sin
sí comhairle ar ar chinneamar sinn araon a dhul go fuirm-
eamhail go hoifig Dháibhis linn féin, chomh túisge is bheadh


L. 251


seisean go maith, piostail a bheith i n-ar bpócaibh linn
agus cead againn annsin, má théigheann sé chuige sin,
long dfhagháil mar is fearr is féidir linn.



Meitheamh 6°. — Dhá mhí ó shoin a gabhadh Nicaragua.
Tháinig biseach air go mall. Tá sé froinn i mBoth Nant
fa láthair; agus is dóigh go mbuailfimid fa'n obair
athrughadh i mbáireach. Seolfaidh long ó Bhaile Hiobáird
an oidhche sin agus rachaidh go Sydney; agus má is féidir
linn Baile Hiobáird a bhaint amach d'éis tuitim na
hoidhche, tá timthirí na luinge carthanach liom agus cuirfidh
siad ar bórd mé ag an inbhear tar éis an long a bheith
cuartuighthe réidh ag na consablaí agus ag lucht an chus-
tuim. Rinne Nicaragua a lán bríbeáil a cheap sé
d'fhoghnfadh, acht d'aindeoin a bhféadfadh a dhéanamh
ar an gcaoi sin rachaidh sé righte linn a theacht as oifig
na gconsabal. Sí comhairle ar ar chinn Seán Knox gan
an iarracht a dhéanamh an turus so, óir mara n-éirghidh
linn breith ar an luing i mBaile Hiobáird, b'éidir go
mbeadh orainn roinnt sheachtmhainí a chaitheamh ar an oileán
agus cruadhtan go leor fhuiling (óir seo é dubhluachair
na bliadhna) agus aghaidh fidil a chur go minic orainn féin
- agus ba deacair eisean a chur i bhfalach ar an gcuma
sin.



8°. — Tá an baile ag cur thar maoil le consablaibh
indiu — támuid ag fanamhaint go dtí i mbáireach.
Chuireas Séamus síos go Baile Hiobáird le n'fhiarfuighe
de na timthiribh an bhféadfaidís cúpla uair moille
d'ear is barr a chur ar an luing. Gidheadh is cuma
cé'n freagra chuirfeas siad chugainn tá fúinn an iarracht
a dhéanamh i mbáireach. Leag Nicaragua roinnt airgid
amach, dá dtiocfadh a bheith cinnte nach mbéidh láithreach
acht an uimhir ghnáthach consabal. Dá mb'éidir muinighin


L. 252


a chur as na bitheamhnachaibh cheannochadh muid go hiomlán
iad. Acht féibh mar atá an sgéal, is cinnte dhúinn
giúistís na gconsabal a bheith romhainn, agus an cléireach,
agus fear measamhail eisean agus ní cheannochadh ór ná
airgead é, agus fós beirt chonsabal; ní fhuair ceachtar
aca-san bríb, agus ó thárla iad-san fa n-a shúil ag an
ngiúistís is dóigh go bhféachfaidh siad le n-a bhfuil de
dhualgas ortha a dhéanamh.



12°. — I gceanntar Westbury dhom deich lán-mhíle agus
trí fichid ó Bothwell. Chuamar ar marcuigheacht, Nicar-
agua ar Dhomhnall agus mise ar Fleur de lis, an 9° lá mar
bhí ceaptha againn roimh ré ag Both Nant. Shiubhail an
buachaill is sine isteach tré na garrdhanta go Bothwell
go mbeadh sé fá réir ag dorus oifig na gconsabal le
breith i ngreim cinn ar na caiplibh. Ní dheachamar
ceathramha míle ón teach gur thárla Séamus (an dara
buachaill) orainn agus é ag teacht is-na cosa i n-áirde
ó Bhaile Hiobáird. Thug sé litir dhom a fuair sé ó
thimthire na luinge. An long imthighthe; níor bh'éidir
níos mó moille a choinneál uirthi nó bheifidhe san aimhreas
air; agus chuir an timthire d'athchuinghe orm éirghe as
an ngnó, sin nó a chur ar ath-lá.



Ní raibh deis éalóidh ar bith den oileán againn anois
dá bhrígh sin, do réir mar bhí an cás; agus dá n-éirgheadh
linn ar gcosa thabhairt linn as oifig na gconsabal ba
cuma dhom cá háird a dtiubhrainn m'aghaidh, soir, ó
thuaidh, nó ó dheas. Fásach a bhí siar uainn nach bhféad-
faidhe a shiubhal.



Rugamar ar Ruiséalach Bhaile Dhonnchadha ar an
mbealach isteach go Bothwell dúinn. D'fhiarfuigh sé
go cúramach dhíom cé mhéad a fuaras ar na muilt a
dhíolas cúpla lá roimhe sin a bhí ar féar agam — agus


L. 253


fós an raibh fúm aon chur a dhéanamh an séasúr a bhí
chugainn: agus d'fhreagras é go críonna glic mar
dhéanfadh talmhaidhe agus aodhaire. Chonnac san am
céadna Seán Knox agus an buachaill ba sine ar bhruach
na habhann agus gearradh siubhail fútha, i gcruth agus go
mbeidís ar an tsráid-bhaile chomh luath liom.



Ar ndul dúinn isteach don bhaile d'imthigh an Ruiséalach
isteach i teach uainn. Bhuaileas féin agus Nicaragua
síos an tsráid do réir ar gcoise. Chonncamar ochtar
nó naonmhar consabal ag cleachtadh acluigheachta ag an
sluaightheach thall ar an gcnocán agus airm aca. Bhí
consabal ar gárda ag dorus oifige an ghiúistís mar
ba gnáthach. Bhí an tAlbanach croidhe Ó Bairr 'na
sheasamh i bhfuisgeacht cúpla slat don gheata; giúistís
den cheanntar eisean.



Thuirlingeamar. Shiubhlas-sa isteach i dtosach thríd an
ngeata beag atá leis an uirlios, isteach liom an doras
atá leis an sgaball .i. leis an bpasáiste, agus as sin
isteach go seomra na cúirte mar a raibh an giúistís 'na
shuidhe mar ba gnáthach. Bhí an cléireach, an Robustúnach,
'na shuidhe i n-aice leis. A Dháibhisigh, arsa mise, seo dhuit
cóip de litir a chuireas anois beag go dtí an goibhear-
nóir; shaoileas nár mhór dhom cóip di a thabhairt duit-se.
Is eadh bhí sa litir: —



Bothwell, 8° Meitheamh, 1853.



Don Ghoibhearnóir &rl.: —



A Dhuine Uasail, — Táim ag tabhairt an toicéad ceada
suas agus ag tarraing mo cheada ar ais.



Rachad anois os comhair giúistís na gconsabal i
mBothwell ina oifig, taisbeánfad cóip den litir seo
dhó agus bhéarfad cuireadh dhó mé a ghabháil.



Do sheirbhíseach umhal,



SEÁN MISTÉAL.


L. 254


Rug an Dáibhiseach ar an litir; bhí sí osgailte. Ar
mhaith leat mé dhá léigheadh? ars eisean. Go cinnte,
arsa mise; is uime sin thugas chugat í. D'amharc sé
ar an litir, dhá léigheadh, annsin d'fhéach orm-sa. Tháinig
Nicaragua isteach an noiméad sin agus sheas le mo
thaobh. Chuir sin as don ghiúistís agus don chléireach;
óir is rí-mhaith an aithne bhí aca ar “Nuaidheachtóir an
New York Tribune,” agus fós cad a thug anall ó Nua
Eabhroc é. Níl aon aimhreas agam nár shaoil an Dáibhis-
each go raibh meitheal fear taobh amuigh againn. Marar
shaoil cé'n fáth eile bhí aige le bheith idir dhá chomhairle?
Dubhras annsin: chír an chiall atá leis an litir sin,
a dhuine uasail, litir ghearr shoiléir í. Táim ag tabhairt
suas an rud ar a dtugtar “toicéad ceada,” agus ag
tarraing mo ghealladh ar ais, an gealladh a chuir ceangal
orm an fhad is bhí an rud sin agam.



Acht níor chorruigh agus níor órduigh tada a dhéanamh.
Mhínigheas dó arís é: Chír, a dhuine uasail, go bhfuil
deireadh le mo ghealladh anois; agus thángas annso le
mé a ghabháil do réir na litre sin. Bhí consabal sa
seomra ba goire dhúinn ar feadh an ama sin, agus bhí an
cléireach láithreach agus consabal ag an dorus; acht
níor ghluais an giúistís.



Slán agat anois, a dhuine uasail, arsa mise, ag cur
orm mo hata. Bhí Nicaragua agus a phiostal ina láimh
aige agus iad araon ina phóca. Bhí laisg throm in mo
láimh agam-sa agus piostail i bpóca in mo bhrollach.
Chomh túisge agus dubhras: Slán agat, dubhairt an
Dáibhiseach de bhéice: Fan — fan! fan annso! A Raoins-
ford! a chonsablaí! D'fhan an cléireach 'na shuidhe ag
breathnughadh uaidh. Shiubhlamar amach an halla i n-éin-
fheacht; an consabal a bhíos mar chléireach i n-oifig


L. 255


chonsabail an cheanntair lean sé amach sinn, agus
nuair dubhradh leis stad a chur linn lean sé thríd an
uirlios sinn, amach go dtí an tsráid, acht níor tháinig ró-
ghar dhúinn. Shaoileamar an fear a bhí ar gárda ag geata
na sráide go mbeadh seisean ag faireadh idir sinn féin
agus na capaill. Acht níor ghluais an consabal bocht so,
cé go gcualaidh an giúistís ag órdughadh agus an corr-
ughadh bhí ar siubhal. Bhí greim cinn ar an dá chapall
aige, agus é ag breathnughadh uaidh agus iongantas air;
chuadhmar thairis, agus léimeamar ar mhuin na gcapall.



Ba leor linn a ndearnamar, agus ní raibh aon adhbhar
eile moille againn; dá bhrígh sin: bhaineamar crothadh
as an tsrín; d'fhágamar slán aca go deo a dhílis,
agus slán agaibh go deo.



Rith an Dáibhiseach agus an dá chonsabal amach ar
ghuaillibh a chéile, gan hata ná caipín ortha agus iad ag
béiceamhach i n-árd a gcinn — bhí áitreabhaigh Bothwell ar
na cosáin, agus bhí fhios aca-san ar an toirt cad a thárla
agus nuair a hórduigheadh dhóibh i n-ainm na Ríoghna stad
a chur linn is gáire a rinneadar. Buachaillí beaga
éigin a bhí ag an gcoirnéal sheasadar agus iad ag
dearcadh ar na caiplibh ag imtheacht is-na cosa i n-áirde,
agus iad ag cur “a trí i n-aghaidh a haon as an gceann
bán” — sin é an t-amharc deireadh fuaras ar Bothwell
ar bhruach Clyde na Tasmáine.



Chuamar thar an sruth anonn ag íochtar an bhaile agus
ghluaiseamar romhainn i luas na gcapall ar feadh míle
siar ndeas; ó bhíomar tamall maith isteas sa bhforaois
annsin tharraingeamar srian, rinneamar capaill agus
cótaí a mhalartughadh agus sgaramar le chéile — thug
Nicaragua aghaidh ó thuaidh díreach ar Bhoth Nant, mar a
raibh faoi fanamhaint tamaillín, agus gluaiseacht roimhe


L. 256


arís go Fearann an Choirce go dtéigheadh ar an gcóiste
go Launceston. Chuadhas-sa romham isteach leith-mhíle
eile sa gcoill, áit i bhfuaras mo dheagh-chara, S— H—
mar bhí ceaptha againn. Mac do Shasanach croidhe é atá
na chomhnuidhe san áit seo; fear eolgach is na coilltibh,
óir níl tum ná sgeach ná sruth ar 'fhuaid nach bhfuil a
fhios aige, agus ghabh do láimh mé a stiúradh an tslighe
is comhgaraighe dorcha go hionad ar bith a thogróchainn.
Ba ghairid an comhrádh bhí eadrainn; ba cuma dhom cé'n
áird de'n oileán i dtiubhradh mé ó bhí an long imthighthe
ó Bhaile Hiobáird, agus gheabhainn cáirde romham ins gach
áird. Chinneamar ar ghluaiseacht ó thuaidh, agus ráng-
amar an ceanntar so Westbury thar na sléibhte. Ó
Éirinn na daoine is fairsnge annso agus támuid i
bhfuisgeacht lá marcuigheachta do Chreas-mhuir Bhass.
Bhí an fhairrge sin deich míle agus sé fichid ón áit ina
rabhamar nar seasamh; acht ní raibh aon tuirse ar na
capaill, agus rinne H— gáire nuair labhras ar a
mbeith dhár dtóruigheacht. D'airigheas an t-anam ag
aith-bheodhchan arís ionnam ó chroitheas dhíom an t-ualach
salach sin .i. an tiocéad ceada, agus ó bhí mo ghealladh
coimhlíonta agam. Chaithfinn roinnt éigin sheachtmhainí
sa gcrích fós ar ndóigh sul gheobhadh Nicaragua long fa
mo chomhair. B'éidir go ngabhthaidhe Nicaragua féin;
agus thairis sin, níl fhios aige cá háird den oileán ar
ionnsuigheas. Ba cinnte fós go gcuirfeadh lucht an
ughdaráis teachta áirithe thart le fairrge do bhros-
tughadh na gconsabal chun gach caladh agus gach bád a
fhaireadh; acht mhothuigheas mé féin as a gcrúba cheana.
Mhothuigheas mé féin saor cheana, ó ghlanas as Bothwell,
agus ó bhí rún agam nach mbéarfaidhe beo ath-uair orm.



Bhí sé i ngar do dhubhluachair na bliadhna; an aimsir


L. 257


go breagh, glan, an talamh faluighthe le sneachta, agus é
ag sioc go láidir gach oidhche. Ba mhaith an aimsir í le
bheith ar marcuigheacht. D'fhágaibh H— na slighthe coit-
cheanna agus threoruigh mé thríd an bhfásach fiadháin, tré
na coilltibh siar ó Bothwell, áit a ndearnas fiach
amanna ar an gceangarú. D'éis deich míle a chur dhínn
bhaineamar amach an cosán ó Bothwell go sruth na Sion-
ainne — d'fhéachamar síos is suas an bóthar go haireach,
chuamar thairis annsin agus isteach linn fa na cnuic,
agus b'fhiadháine, uaignighe iad-san arís ná a ndeachamar
thríd go dtí sin. Ghluaiseamar romhainn ar feadh dhá
mhíle, ar an druim atá le gleann na Sionainne, agus sin
é an t-amharc deireadh fuaras ar an sruth glas sin ag
dul le fánaidh; — chasamar soir-dtuaidh annsin agus
éirghe romhainn sa talamh gur shroicheamar Loch Sámhaidh.
B'éigin dúinn trí mhíle a shiubhal tré Bhogach uaigneach
na Saighdiúr, thuas go hárd ar na cnuic, (is uime tugadh
an t-ainm ar an áit, dhá shaighdiúr a mharbh lucht na sgeach
i n-allód ann). Bhí an bogach reoidhte, go nár bhris cosa
na gcapall an leac oidhre i gcomhnuidhe, acht iad ag
sgiorradh corr-uair uirthi — obair chontabhairteach a chuir
moill orainn; agus ní rángamar Loch Sámhaidh ó ló
d'éis chúig mhíle dhéag ar fhichid a bheith siubhalta againn.
Chualamar faoi dheireadh tafann mhadaidh an aodhaire ag
Both Chemp; d'fhanamar taobh na láimhe clé ag dul thairis
dúinn, agus d'imthigheamar romhainn ar feadh sé mhíle
eile ar bhórd thiar na locha.



Bhí an oidhche chomh dubh leis an bpic, agus an chuid ba
doilghe den aistear go sruth na locha rómhainn fós, san
áit a raibh fúinn an oidhche a chaitheamh i mbothán le aodhaire
an Ruiséalaigh. Bhí orainn dul síos cnoc árd, géar,
garbh, áit nár bhforusta an cosán fhagháil ó ló féin, agus


L. 258


dubhairt H— go mba críonna an rud treoruidhe
fhagháil as both a bhí ar bhórd na locha. Bhí triúr fear sa
mboth; ó dfhágamar Bothwell ní fhacamar duine ná
deoruidhe go dtí sin. Dubhradar le H— go mba
contabhairteach an obair féachaint le dhul an cnoc síos
bhí an oidhche chomh dorcha sin, agus d'iarradar orainn
fanamhaint go maidin, ógánaigh iad go mba gnáthach leo
a bheith cóir. Acht bhíomar ró-ghar do Bothwell fós, agus
tháinig duine aca amach go dtaisbeánach sé an tslighe
ab fhearr dhúinn .i. an réimse talmhan atá idir Loch
Sámhaidh agus sruth na locha; dhéanfaimís féin an tslighe
amach dar linn uaidh sin amach.



Chuaidh an treoruidhe amugha, agus ar ndóigh sinne leis.
Dubhairt linn go mb'fhearr dhúinn filleadh na dhiaidh sin,
agus pé i nÉirinn é; go bhfillfeadh féin. Ghabhamar
buidheachas leis, d'íocamar é ar son a sheirbhíse agus
thosuigheamar ag lorgaireacht an bhealaigh ó stuaic an
chnuic síos. Ba follusach dhúinn go rabhamar ag dul síos,
gidheadh ní rabhamar ar an gcosán, acht ar thalamh an-gharbh,
agus b'éigin dúinn tuirling agus na capaill a chinnir-
eacht. Ba gearr go dtángamar ar áilltreachaibh agus
ar áit a bhí tiugh le carraigreachaibh a bhí ar bogadh; bhí
sé in' fhásach le clochaibh a bhí sgaipighthe ar a fhuaid, agus
fós crainn go tiugh ann; shaoilfeá gur tré n-a dhuill-
eabhar a tharraingeas an crann guma anáil a bheatha i
n-áit cothughadh a tharraing ón úir. Bhí na capaill agus
truislí dhá mbaint asta, agus iad dhá mbualadh orainn,
bhí sé chomh dorcha sin. Bhí sé 'na mheadhon oidhche an uair
sin, agus é ag cur sheaca go tréan; ní raibh cóta mór
ná cochall ar cheachtar againn; níor bhlaiseamar féin ná
na capaill greim ó mhaidin; ní raibh aon fhéar ar an talamh
agus na capaill sgrúdtha leis an ocrus; ní raibh braon


L. 259


uisge i ngar dhúinn agus sinn stiúctha leis an tart.
Gidheadh chualamar i bhfad síos uainn ar chiúineas na
hoidhche sruth na locha ag tuitim le fána, agus madraí
shean-tSéamuis ag tafann corr-uair.



Níor fhéadamar dul ar ais ná ar aghaidh slat, go
mb'éigin dúinn cur fúinn san ionad uaigneach sin, agus
sinn i bhfuisgeacht trí mhíle don fhasgadh. Bhailigheamar
cnámharlach agus d'fhaduigheamar teine (bíonn a chuid
lasán ar iomchur ag gach fear sgeach); cheanglamar na
capaill bhochta do chrann féithleoige, d'fhéachamar ar
na piostail, chuartuigheamar na clocha ba lugha coirnéil
le suidhe ortha, lasamar na píopaí, agus thosuigheamar ar
hocht n-uaire a chluig a chaitheamh chomh sultmhar agus
b'éidir linn. Ba gearr gur thuit ar gcodladh orainn,
bhíomar chomh cortha sin, agus d'fhanaimís cúpla noiméad
ar na clochaibh géara cois na teineadh go ndúisigheadh
teas na teineadh ar na glúinibh sinn; bhíodh an cnámh
droma ina bhirín seaca ionainn an uair sin. Thugaimís
druim don teine annsin agus thuiteadh ar gcodladh arís
orainn, acht i gcionn chúig nóiméad bhíodh na glúine agus
méaracha na gcos reoidhte againn, ar gcroimbéil ina
meallta seaca agus an smior ag leaghadh leis an teas
sa gcnáimh droma. Dhúisighmís arís, chaithmís gal eile
den phíopa, agus sinn ag comhrádh.



Bhreac an mhaidin fa dheireadh; agus tháinig dath
corcra ar shléibhtibh Airt taobh thiar dínn. Shaoileamar
go mbeadh na capaill craiplighthe leath-mharbh, óir ba
gnáthach leo bheith ar stábla san oidhche agus leaba mhaith
fútha; agus an fhad is bhíos san tír ní fhacas oidhche ba
mheasa ná í. Acht capaill na Tasmáine a bhfuil an
fhuil agus an míonach maith ionnta níl a mbualadh le
fagháil ar theacht aniar agus ar mhisneach: bhíodar chomh


L. 260


húr agus bhíodar ariamh. Ba gearr go bhfuaramar an
cosán amach agus i gcionn leath-uaire bhíomar ag dorus
shean-Iób. Thárla do mhac Uí Mheachair bliadhain go leith
roimhe sin go mba hé teach Iób an chéad teach ar leig sé
sgíth agus a bhfuair lón, tar éis gluaiseacht dó ó Loch
Sámhaidh; agus ní túisge chonnaic Iób mé ná bhí a fhios
aige na gnótha bhí ar bun. D'fháiltigh romhainn go
háthasach; dubhairt le n-a mhnaoi biadh a ghléas, agus
chuadhmar leis go dtí an stábla le riar a thabhairt do na
caiplibh. Cuid na maidne annsin dúinn féin os comhair
teineadh bhreagh. Bhearr mac Uí Mheachair an crombéal
de féin annso is cosmhail ionnus go gcuirfeadh ó aithne é
féin; agus d'éis an bhídh a bheith ithte againn thug Iób
altán, sgathán, báisín agus gallaoireach chugam féin
go ndearnas athrughadh iomlán orm féin. Sgríobhas
litrín chum mo mhná dhá innsin di cá háird i ndeachas,
agus ó bhí Iób Sims ag dul go Bothwell lá ar na bháireach
le eallach an Ruiséalaigh, thugas dhó í go lán-mhuinighneach
le tabhairt do mo mhnaoi. Sasanach é, agus bhí sé 'na
phríosúnach uair, acht bhí a fhios agam nach ndíolfadh an
litir sin leis an námhaid ar mhíle punt. D'éis trí ceath-
ramhna uaire a chluig moille a dhéanamh chuadhmar ar
marcuigheacht arís, agus tháinig Iób dhá mhíle linn go
dtaisbeánadh an áth ar shruth na locha dhúinn. Chuadhas
féin agus H— thar chnoc gharbh annsin, agus bhí an
cosán go follusach fa n-ar gcois. Rinneamar i dtosach
ar theach Ghróbher,* agus bhí fhios go raibh a mhac carthanach
liom agus go gcuideochadh liom sa gcás ina rabhas.
An Tasmáin is tír dhúthchais dó. Ní fhaca ceachtar againn
an Gróbher óg cheana riamh; giúistís san tír é a athair;
acht ní raibh leisge dá laghad orainn a dhul díreach go
dtí n-a theach.



*Ní Gróbher is sloinne don duine uasal.


L. 261


Ar a theacht anuas an cosán cumhang go mall dúinn,
casadh dhá dhuine uasal dúinn ag casadh géar a bhí sa
gcosán, agus iad ag dul suas an cnoc. Bheannuigh-
eamar dá chéile, agus ar n-imtheacht dóibh dubhairt
H— liom: Ní fhacas Caireall Gróbher ariamh acht
táim i n-ionann agus a bheith cinnte gurab é an fear is
sine aca sin é. Tá cineál draoidheacht éigin ar mhuinntir
an oileáin so tré n-a n-aithnighid a chéile — rud nach raibh
uain agam an tráth sin a sgrúdughadh ná a chuartughadh
go feallsamhnach. Ní cóir dhúinn a leigean uainn, arsa
H—. Glaoidh air, mar sin. Ghlaoidh, go hárd soiléir;
i gcionn noiméide d'fhill an bheirt ar ais chugainn. Is
tusa Caireall Gróbher, ar H—. Is mé. Seo é an
Mistéalach. Chuir cúpla ceist go híogmhar, go bhfuair
amach goidé mar bhí an cás; d'fhiarfuigh an raibh ar
gcapaill tuirseach, agus cá raibh fúinn an oidhche sin a
chaitheamh. Bhí na capaill cortha; bhíomar ag déanamh
ar theach an Choilligh* i Westbury. Tháinig ar gcara
nua liom ar an toirt; d'éirigh as an obair a bhí ar láimh
aigé cibé obair í; dubhairt le H— nár mhiste dhó
filleadh ar ais go Bothwell agus mise a fhágáil faoi-san;
dubhairt le n-a chompánach a chapall a thabhairt dom-sa,
agus dul ag marcuigheacht ar Dhómhnall, a thabhairt go
teach athar Gróbher agus aire a thabhairt dó d'éis an ais-
tir; ghluais roimhe annsin liom-sa go dtugadh ar an tslighe
ba huaignighe mé go teach mhic Uí Choilligh. Is maith liom,
ars eisean, gur thárla mé ort, mar ní gábhadh dhuit teacht
go teach m'athar; giúistís é m'athair, tá fhios agat, agus
is fearr gan dul sa gcontabhairt.



D'fhágas slán go buidheach báidheamhail ag H—; chas
seisean go gcaithfeadh an oidhche sin i dtigh Iób; bhí faoi



*Ainm bhréige eile é Ó Coilligh.


L. 262


lá ar n-a bháireach timcheall a chur air féin ag filleadh
dhó go Bothwell. Mo chuid-sa dhe, ní raibh blas leisge
orm mé féin fhágáil ar chúram an chompánaigh nua a thárla
orm. Ghluaiseamar romhainn go meadhrach, d'fhágamar
na cnuic, agus chuamar siar le bun na Sreatha Iar-
tharaighe, ó thuaidh dhi. Le camhaoin na hoidhche bhuaileamar
isteach go huirlios a bhí le teach mór dathamhail agus
tháinig duine uasal árd fa n-ar ndéin. Ba hé Ó Coilligh
é. Seo é ar gcara, arsa Gróbher (ní fhacas Ó Coilligh
cheana riamh), an Mistéalach. Ara! ars eisean go socair,
bhí súil agam annso leat le dhá mhí. Chaitheas an oidhche
aréir leis an duine uasal sin agus le n-a mhuirighin
chaoin. Acht ó thárla stáisiún consabal i bhfuisgeacht
céad slat dá gheata, agus ó ba cinnte do chonsablaibh
an cheanntair a bheith ag faireadh ó indiu nó ó i mbáireach,
ceapadh go mb'fhearr mé athrughadh ar maidin indiu go
teach feilme le Gaedheal breagh óg de mhuinntir B—,
sé mhíle ó theach Uí Choilligh, agus táim annso indiu ag
feitheamh le sgéala ó Nicaragua agus ó Sir Liam Mhac
Dhonnchadha.



Meitheamh 13°. — Tá B— agus a bhean go han-lághach
liom; agus mé i bhfalach go maith aca; is beag nach
bhfuilid ríméadach as comhthíreach chomh hiomráiteach
(liom féin) a bheith ar a gcúram; agus dearbhaid dom
nach baoghal dom annso ar feadh míosa. Acht ní théighim
amach acht san oidhche, fa na coillte féin, agus an uair
sin féin bíonn airm liom. Níl aon sgéala fós ó
Nicaragua.



16°. — Sgéala ó Nicaragua faoi dheireadh. An lá ar
sgaramar le chéile sa gcoill, shroich sé Fearann an
Choirce slán, acht bhí an tóir go dian 'na dhiaidh. D'fhágaibh
láir liom a raibh aithne mhaith uirthi sa stábla i dtigh an


L. 263


tabhairne agus í fa allus; d'fhiarfuigh go deifireach an
mbeadh aon fhagháil aige ar chapall a thiubhradh go Cuan
an Earraigh soir é; — d'fhágaibh an teach ósta annsin
de shiubhal oidhche, chuaidh thríd an ngarrdha amach, chuaidh
thar na ballaí ar chúlaibh na dtighthe; bhain an bóthar
amach taobh amuigh den bhaile; d'fhan leis an gcóiste
agus d'imthigh ó thuaidh go Launceston mar a bhfuil sé
anois agus é bearrtha agus i riocht duine eile.



Is uathbhásach an corruighe a bhí orra i mBothwell.
Cuireadh móirsheisear consabal amach bog, te, ar
chaiplibh, ar ar dtóir ar fuaid na tíre. Fuaradar
lorg Nicaragua chomh fada le Fearann an Choirce;
fuaradar mo láir-se ar stábla ann; dubhradh leo an
duine uasal a thug annsin í gur iarr capall a thiubhradh
go Cuan an Earraigh é; agus dá réir sin táthar go
dúthrachtach ag cuartughadh sa gceanntar sin, agus lucht
faireadh ar rosaibh an chósta ag déanamh comharthaí dhá
chéile.



Is clos dom fós go ndubhairt an Dáibhiseach go raibh
duine de na consablaibh (Sasanach a bhí ann) a rinne
faillighe ar a ghnóthaibh i mBothwell gan mé a ghabháil nuair
a fuair an t-órdughadh, agus dubhairt ina theannta sin
go bhfuair an consabal bríb. Bhris sé dá bhrígh sin é.
Leis sin thosuigh an fear ag ól agus chaith an tráthnóna
ag glaodhach trí gártha ar chnoc dom. Ní fíor go bhfuair
an duine bocht bríb, acht faríor nach bhfuair; óir is
follusach anois go nglacfadh bríb, gur theastuigh bríb
uaidh, agus gur thuill sé ceann.



Tá consablaí Westbury ar siubhal d'oidhche is de ló ar
mo shon; acht sin rud atá dhá dhéanamh ag na consablaibh
ins gach ceanntar eile; is follusach gur chailleadar mo
lorg; agus níl fhios ag lucht an riaghaltais cad a


L. 264


thiubhradh annso mé seachas áit ar bith eile. Ar chuma ar
bith, cibé cás é, mothuighim mé féin glan as crúbaibh an
námhad, cibé rud éireochas dom. Níl fa mo chomhair
anois acht dul go Ameiriocá nó mo bhás.


L. 265


AN 3° CAIBIDIL AR XX.



Westbury, an Tasmáin, Meitheamh 20°, 1853. — Táim
le seachtmhain i dteach feilme an Bhúrcaigh agus mé i
bhfalach go huiriadhta. Is tearc caraid dom sa gceann-
tar so a bhfuil fhios aige cá bhfuilim, acht an méid sin
féin ní leomhfaidís teacht ar cuairt chugam ó ló;
acht an C— tréan a bhfuil faireadh géar ar a theach
féin, d'éirigh leis éalódh aréir uatha. Ghluais roimhe ó
n-a theach árd-tráthnóna i n-áird éigin eile, chuir timcheall
mór air féin gur shroich tigh an Bhúrcaigh d'éis an mheadhon-
oidhche. Bhí cara ó Launceston frois agus litir aige-san
ó Nicaragua Mac Gabhann. I mBaile Hiobáird atá
Nicaragua anois, agus cé go bhfuil fhios go maith go raibh
sé i n-oifig na gconsabal i mBothwell níor bacadh leis;
acht ní baoghal dó, ó is rud é nach ndearnadh aon fhoir-
éigean san oifig ná nach raibh na hairm le feiceál aige.
Gidheadh tá faireadh géar ar a ndéanaidh sé.



Deir sé liom nach bhfuil aimhreas ar bith dá laghad ag
an námhaid mé bheith sa bpáirt se den oileán; is amhlaidh
is dóigh le cách mé a bheith cheana féin ar fairrge. Táthar
ag cur geall i mBaile Hiobáird as mo dhul áird ná
áird eile; as mé bheith imthighthe nó gan a bheith; agus má
táim imthighthe as mo bheith ar luing nó ar luing eile.
Acht cheana atá margadh dhá dhéanam aige le Mac Con-
mara faoi'n loingín Don Juan. Is gearr go seolfaidh
sise ó Bhaile Hiobáird go Melbourne; agus tá súil
aige an sgéal a shocrughadh sa gcaoi go dtiocfaidh sí


L. 266


i dtír arís i gcuainín uaigneach éigin ar an gcósta ó
thuaidh den oileán ga mo thógáil ar bórd agus cead
agam-sa mo bhealach a dhéanamh gus an áit sin mar is
fearr is féidir liom.



22°. — Teachta sonnradhach ó Nicaragua. I gcionn
chúig lá tiocfaidh an Don Juan isteach i gCuan Émú;
timcheall le cheithre fichid míle ón áit se atá an cuan sin;
acht go bhfuil cheithre abhainn eadrainn agus gan droichead
ar cheachtar aca ná bóthar go dtí an cuan. Agus is
cosmhail go bhfuil an chinneamhain féin in m'aghaidh anois,
óir ní féidir Cuan Émú a shroicheachtáil le dhá lá i n-aon
chor ó thír. Thosuigh fuarlaigh an gheimhridh. Rinne sé
clagairt bháistighe fa na cnuic; agus tá srotha gáibhtheacha
sa Forth, sa Mersey, agus sa Don a sguabfadh duine
amach sa bhfairrge dá mbeadh ar marcuigheacht ar elifant,
cé go bhfuilid chomh tanaidhe sa samhradh agus go shiubhail-
feá treasna tharta. Agus bheadh deacracht eile sa
sgéal dhá ndéanaimís iarracht ar a dhul thar bhéalaibh
na sruth i mbáid bheaga: ní hiondamhail aon bhád a bheith
le fagháil ann acht báid na gconstabal; agus níl aon
inbhear ann gan constablaí a bheith ag faireadh ann, óir
cuireadh rabhaidh chuca go léir a bheith san áirdeal ar
fhear atá chúig troighthe agus deich n-orlaigh ar áirde,
gruaig dhubh air, é chúig bhliadhna déag ar fhichid nó mar
sin d'aois, &rl., &rl.



Céard is fearr a dhéanamh? Tiocfaidh an Don Juan
isteach i gCuan Émú go cinnte, agus fanfaidh dhá lá ann.
Thug mo chara ó Launceston comhairle dhom. D'imthigh
roimhe agus deifir air go Launceston go gcuirfeadh
aimsir ar chaiptín loingín a thiubhradh sgéala don Don
Juan dul soir le tír arís dá mbeadh an aimsir i n-ann
go tráigh uaigneach a bhí idir an Ceann Thiar agus Ceann an


L. 267


Bhruic, tamaillín siar ó bhéal an Tamar. D'fhéadfainn
dul don áit sin agus gan a bheith orm dul thar aon tsruth
acht an Meandar. Ní fhéachann sé gur so-dhéanta an
rud é, óir d'éirigh an aimsir go han-Fhiadháin, agus
má's féidir leis an Don Juan imtheacht as Cuan Émú
féin soir leis an gcósta, tá sé chomh contabhairteach sin
agus nach móide go bhféadfadh cur fúithi ann. Acht is í
comhairle ar ar cinneadh go ndéanfainn an iarracht.



Is fiadháin, garbh, uaigneach, bog an tír atá as so go
Port Sámhaidh — agus is amhlaidh is fearr dhúinne é, má
éirgheann linn dul thar bhóthar Westbury agus thríd an
gceanntar láimh leis an Meander i ndeas, gan aon
duine bheith san aimhreas orainn. Ó thuaidh díreach atá
orainn a dhul timcheall le deich míle is trí fichid; tá
fúinn gluaiseacht ar an deich a chlog san oidhche agus an
fhairrge a bhaint amach má's féidir é lá ar n-a bháireach.



An sgéala deireadh fuaras ó Bothwell bhíodar ar
fad go maith i mBoth Nant; tá ar gcomhursannaí croidhe
agus áthas ortha gur éaluigheas (saoileann siad-san go
bhfuilim éaluighthe glan amach cheana,) agus aire mhaith aca
ar mo mhuirighin. Gidheadh tá fhios ag mo bhean go bhfuilim
ar an oileán fós, agus gan fhios aici cé an mhaidin a
gcloisfidh sgéala m'éalóidh, nó sgéala mo ghabháil, nó
sgéala mo bháis. Dá mbeith sé d'ádh orm dul ar bórd
an Don Juan, ní bheadh ann dom acht tús ar m'eachtra.
Is go Melbourne a rachas sise. Níl aon aimhreas nach
bhfuil bharántas amuigh i Melbourne fa mo chomhair,
agus tuairisg ar dhath mo shúl, mo ghruaige agus m'áirde
ag na consablaibh; agus ó fríth an t-ór annsin níl
taistealuidhe ná máirnéalach ón Taismán nach ndearctar
go géar grinn. Níl seachtmhain beo nach ngabhtar a lán
ann. Is ionann contabhairt do dhuine ag dul ann agus


L. 268


dhá fhágáil; acht an Tasmáin d'fhágáil sin é an buille
faoi láthair.



24°. — Anocht atámuid ag gluaiseacht. Is dorcha
trom an aimsir í; báthadh an talamh le báistigh i dtosach
agus tá sé reoidhte os a chionn sin anois; acht tá an
ghealach na suidhe agus í go geal. Is cumasach an sluagh
a thiocfas liom: .i. an dá Bhúrcach; mac Uí Choilligh agus
a dhearbhráthair; an C—, Ó Meára, cliamhain dar n-óst-
óir, agus Ó Foghludha, fear cumasach ó Thiobrad Árann
agus é idir sé troighthe agus seacht dtroighthe ar áirde.
Má castar sluagh consabal linn ar an mbealach nó le
fairrge ní fearrde dlighe agus órd a dtiocfaidh dhe.



Sgríobhas dhá litir, ceann go Bothwell chun mo mhná,
agus ceann eile chun mo mháthar i Nua Eabhroc — ag fágháil
slán aca má's amhlaidh gurab é an bás atá i ndán dom —
óir is beag an tsúil atá agam an Don Juan so a fheiceál.
Mara bhfeicead, ní mór dhom mo mheitheal a sgaoileadh
abhaile agus imtheacht ón bhfairrge arís chomh mear
foluightheach agus atá in mo chosaibh. Thairg mac
Uí Choilligh, mara n-éirghidh linn mé a chur go dtí stáisiún
leis atá i bhfad as láthair thiar dtuaidh fa na cnuic, go
gcaithtear an geimhreadh agus go n-imthighidh an tóir
dhíom. Acht cheana atá bean lághach m'óstóra .i. bean
an Bhúrcaigh, go cruadhógach ag ullmhughadh fa chomhair ar
n-aistir. Fuair an bhean bhocht roinnt luaidhe fosta go
ndearna piléir. Tá a fear ag dul linn, agus a
dhearbhráthair, agus tá iasacht capaill dhá fhagháil agam ó
n-a n-athair.



26°. — Port Sámhaidh, Creas-mhuir Bhass. — Támuid-ne
annso acht níl an Don Juan ann. Timcheall an deich a
chlog athrughadh aréir, d'fhágamar slán ag bean an Bhúrc-
aigh agus ag á n-a buachaill beag (mise an bhuime bhí


L. 269


aige le coicidhis), agus ghluaiseamar romhainn mar bhí
ceaptha againn. An dá Bhúrcach a bhí ann, an C—,
Ó Meára agus Ó Foghludha. Bhí Clann Choilligh le bheith
romhainn ar bhóthar Westbury, i n-áit áirithe. Ba fuar
an oidhche í, acht bhí sí glan, agus bhí an ghealach ag sgartadh
ar an sioc liath. Thángamar ar Chlann Coilligh, bhuail-
eamar ó thuaidh díreach; agus tamall éigin d'éis
mheadhon oidhche chuadhmar síos cosáin chama, dhorcha go
gleann an Mheander. I n-áit uaigneach taobh thall den
ghleann, bhí teach ar gcarad, an C—. Feilméara fiún-
tach é, agus fear tuisgionach, eolgusach, a tháinig amach
annso tar éis na tunóntaí a dhíbirt as a ngabhaltuis i
dTiobrad Árann don tighearna Hauarden. Bhí an
C— ar dhuine den mhuinntir a caitheadh amach an uair
sin; chonnaic sé a theach dhá leagan go raibh ar lár,
agus fuagruigheadh dá chomhursannaibh gan fasgadh gan
dídean a thabhairt dó féin ná d'aon duine dá mhuirighin.
Bhain sin roinnt deor as agus roinnt easgainidhe, rud
nár thógáil air, acht níor mharbh sé tighearna ná timthire
ná oifigeach sirriam — rud nár bh'iontógtha air acht oiread
dá marbhuigheadh. Fuair sé congnamh ó cháirdibh go
dtáinig annso anall, agus is maith an fheilm atá aige i
bhfad ó thighearna Hauarden; acht tá an ghráin nimhe
neannta go fóill aige (agus ní milleán air é) ar uaislibh
agus ar riaghaltas Shasana. Cuireann sé an-tsuim i
ndíbhfreargaigh Gaedhealacha, agus ba compánach dílis
agus treoruidhe do mhac Uí Mheachair é ar an turus
deireadh a thug seisean sa Tasmáin. Ba doimhin agus
ba mear a bhí an sruth, agus ba garbh árd iad bruacha na
habhann; acht bhí fios an bealaigh ag an C—, agus
d'imthigh i dtosach; d'éirigh an sruth go guaillibh na
gcapall; acht chuadhmar suas an bruach thall i gcionn


L. 270


cúpla nioméad, agus ba gearr go rabhamar ag dorus
an C—.



Thuirlingeamar le greim d'ithe agus le slam a thabhairt
do na caiplibh. Bhí muinntir an tighe 'na gcodladh: acht
ba gearr go raibh grísgíní feóla dhá rósta ar theine mhór
mhillteach, agus nuair shuidheamar síos, agus ba lághach
cé garbh an áit suidhe ann, chuir an C— fáilte romham
(an fháilte dheireadh bhí súil aige a chuirfeadh romham),
agus thug an aoigheacht dom is gnáthach a bheith i n-iar-
gcúlacht na Tasmáine.



Is ait an rud é i gceanntar Westbury go bhfeicfeá
tighthe i gcomhursanacht a chéile agus gan ionnta acht
Gaedhil, ná gan aon duine coimhightheach amháin ag teacht
ina measg: na daoir a curtar chuca mar bhuachaillí
aimsire féin is Gaedhil iad. Uime sin fanann slighthe
agus canamhaint na nGaedheal aca go dtí an dara glún.
Níl sé acht cúpla seachtmhain ó shoin ó d'éag máthair an
Cheallaigh sa teach so, agus bhí torramh uirthi, agus
caoineadh an corp ar an sean-nós, gur sgannruigh an gul
éanlaith an aeir thart timcheall.



Sa Tasmáin a rugadh Clann Choilligh; de bhunadh
Sasanach iad, agus ní maith go dtuigid i gceart cé'n
fáth meargántacht so na Mumhan agus bruth Thiobrad
Árann atá sa gC— agus ina mhnaoi. Tá an-mhaoin
aca, marcaigh calma iad, fir sgeach atá dochortha, agus is
cosmhail go dtángadar linn den chor so de ghrádh na
n-eachtra, agus de bhrígh meas mór a bheith aca ar na
dibhfeargacha gaedhealacha. D'fhanadar go ciúin na
suidhe ag caitheamh tobac an fhad is bhí an C— ag innsin
faoi'n gcaoi ar glanadh amach a bhaile i dTiobrad Árann.



Ba mhithid dúinn imtheacht sa deireadh. Chuaidh an
ghealach faoi, agus bhí an oidhche dorcha. Seacht míle ón


L. 271


áit sin thángamar ar bhothán le Mac Iolghaile; d'aithin
Ó Coilligh an bothán óir is nia dhó Mac Iolghaile. Dubhairt
sé go raibh fear an tigh istigh agus ní ghlacfadh uainn gan
tuirling, Mac Iolghaile a dhúiseacht agus tae fhagháil
uaidh. Chuireas-sa in' aghaidh; cuir i gcás go mbeadh
daoine coimhightheacha éigin eile sa teach, níorbh fheileamh-
nach an rud fios a bheith ar mo thurus san áird sin (an
lá go mba dóigh liom gan an Don Juan d'fheicsin).
Ba bheag an chabhair dhom ag caint. Ní dhearna Ó Coilligh
acht gáire, agus dubhairt nach raibh baoghal orm, agus
ghabh dhá each-laisg ar an dorus. Thosuigh clamhsán éigin
istigh, hosgluigheadh an dorus annsin, agus bhí gunna ina
láimh ag an té d'fhosgail é. Bhí ceathrar fear istigh,
agus Mac Iolghaile ar dhuine aca; le órdughadh a thabhairt
dá aodhairibh a tháinig sé annsin. Ba gearr gur éirigh
as a phluid croicinn, d'aithin mo cháirde, acht níor aithin
mise, agus thairg dhúinn an bheatha is gnáthach a bheith ag
lucht na sgeach.



Chuadhas isteach cé gur chuir sé mí-shástacht orm an
mhoill a chur orainn, agus fós ar eagla go sgeithfeadh an
sgéal; d'fhanamar uair a chluig, agus bhí sé ag breacadh
lae sul ghluaiseamar. Hinnseadh do Mhac Iolghaile roimh
imtheacht dom, brígh ar n-aistir, agus gheall sé a chuid
aodhairí a choinneál ag obair thart timcheall an tighe, agus
aodhaire coimhightheach eile a bhí i n-éinfheacht leo, feadh
roinnt laetheanta, ar fhaitchios go sgaipfidhe sgéala fa'n
bhfoirinn marcach a bheith ag tarraing chun na fairrige a
leithide seo d'oidhche.



Nuair gheal an lá bhíomar i gceanntar chomh garbh
do-shiubhalta agus chonnaiceas fós ariam sa Tasmáin.
Ní cnuic a bhí ann acht cnocáin gan comhaireamh, agus
sgrathacha boga glugair eatortha; carraigreacha, crainn


L. 272


lobhtha ar lár, clasganna doimhne agus bruachanna boga
leo; sin é an cineál talmhan a bhí romhainn ar feadh dhá
fhichid míle. Sé a raibh de shásamh againn as nach raibh
aon chonsabal a thógfadh air féin an fásach sin a shiubhal
sa ngeimhreadh.



Bhí láir bhreagh dhubh fa'n gC—, agus chuaidh sí dhá
báthadh go hobann uair sa tsraith, an áit a raibh an féar
ag fás. Chaith sé é féin as an diallaid, gur tarraingeadh
an láir amach, d'oibrigh sí chomh tréan sin. Thángamar go
dtí bléin chumhang, gharbh, aimhréidhteach, mar a raibh mion-
sgeacha a rinne do-shiubhalta í. Bhí cineál srotha sa
mbléin, créafóg bhealaidh righin i n-íochtar agus crainn ar
lár i bhfus is tall treasna ar a chéile, agus bhí orainn
dul treasna na háite sin. Ní fhacas fós áit chomh
contabhairteach uathbhásach leis ag marcach. Bhí tuilltí
thar mar ba gnáthach sa gceanntar so an geimhreadh so
chuaidh thart, agus rinneadar an chlaise níos doimhne go
mór agus níos leithne ná mar bhí sí. Nuair thuit na
croinnte thuiteadar treasna ar a chéile i riocht is go
rabhadar i n-aimhréidh ina chéile, agus iad lobhtha faoi
seo; croinnte cumasacha árda. Bhí na bruachanna go
hárd agus créafóg ruadh bhog ionnta; agus ar thóin na
clasach an áit a raibh amharc le fagháil uirthi shaoilfeá nach
raibh ann acht láib ruadh síos chomh doimhin agus bhí ann.
Chaitheamar uair fhada a chluig ar an mbruach ag tóruigh-
eacht áite a bhféadfaidhe dul anonn; agus do réir mar
ba léir dhúinn ar an ngréin is as ar mbealach a bhíomar
ag dul.



Gháir mac Uí Mheára amach uair: lean mise, agus thug
aghaidh ar an sroth go dtéigheadh anonn de léim. Is
breagh an capall a bhí faoi, capall dearg. Chuaidh an
capall síos slán le fánaidh i bhfus agus noiméidín na


L. 273


dhiaidh sin bhí sé ag léimneach ar an mbruach thall ag iarr-
aidh a strapadh suas, agus an marcach ag ísliughadh amach
ar a mhuineál dhá sporadh agus dhá mhaoidheamh. Thug sé
cúpla léim chumasach nó thrí agus le gach léim d'imthigh
na cosa uaidh siar; agus faoi dheireadh siar leis ar
shlatrachaibh a dhroma agus a chosa tosaigh ag oibriughadh
san aer os a choinn gur thuit ar a chúl sa gclaise. D'éirigh
leis an marcach gur rug greim ar ghéagán de chrann
lobhtha, chaith é féin as an diallaid, agus marach sin
chuirfidhe sa láib é fá'n gcapall. Chaitheamar uair ag
stracadh an chapaill bhoicht as an láib, agus le láimh láidir
d'éirigh linn a dhéanamh; acht ba follusach nárbh áit é
sin le dhul anonn. Gidheadh chuadhmar treasna na dhiaidh
sin, go dtángamar amach tráthnóna aréir go deireanach
d'éis na cnuic a chur dhínn i n-aice le áit bheag ar a dtug-
tar Eabhroc. D'fhanamar ó na tighthibh, óir ní raibh a fhios
againn nach mbeadh eascáirde dhúinn ionnta .i. con-
sablaí, agus ghluaiseamar romhainn cúpla míle eile
faoi na coillte thall, agus bhí Ceann an Bhruic agus an
fhairrge chúig mhíle eile uainn.



Thuit an oidhche orainn; agus is ar éigin a bhí an chríoch
inshiubhalta ó ló féin; gur chuireamar fúinn sa gcoill.
Plás féarmhar a bhí ann, tráthamhail go leor, mar a raibh
greim le n-ithe le fagháil ag na caiplibh. D'fhaduigheamar
teine mhaith, róstamar ar bhearaibh grísgíní caoir-fheola
a thugamar linn ó theach an Ch—, chríochnuigheamar an
braon biotáille bhí againn, agus d'éis gal de na píopaibh
a chaitheamh shocruigheamar gach fear a dhiallaid fa na
cheann mar adhairt agus thuit ar gcodladh orainn.



Bhíomar 'nar suidhe ar maidin indiu le breacadh na
maidne, óir má fuair caiptín an Don Juan an teacht-
aireacht dhá ghairm ar ais, b'éidir dhó, dar linn go léir,


L. 274


a bheith ag feitheamh ó thráthnóna indé san áit a raibh súil
againn leis. Má bhí, níor mhór dhó fanamhaint i bhfad
amach óir is ón bhfairrge a bhí an ghaoth; mar a bhfanadh
bheadh a loingín 'na sprúdhánaigh ar charraigreachaibh
Cheann an Bhruic ar maidin indiu. Ba ciúin bog a bhí
an aimsir ar n-éirghe dhúinn as ar leabaidh dhearg; agus
d'éis cheithre mhíle d'aistear dhoilghe a chur dhínn thar
bhogacha, chualamar tonnta na mara ag briseadh ar an
gcladach, agus chonncamar Ceann an Bhruic go hárd
taobh na láimhe clé dhínn. Acht ní raibh aon amharc ar an
sáile fós againn, mar bhí cnocáin gainimh leis an gcladach
agus iad faluighthe le crannaibh feithleoige agus búbialla.
Rinneamar na cnuic gainimh a strapadh, agus chonnca-
mar an fhairrge acht long ná bád ná seol ní raibh le
feiceál ar feadh t'amhairc.



D'fhéach an fear i bhfus ar an bhfear thall, acht chinnea-
mar ar an lá a chaitheamh annsin féachaint an dtiocfadh
an loingín. Is breagh fairsing cruinn an asgaill
fairrge í seo idir an dá bheann gharbha, agus tráigh leathan
mhín ghainimh ann.



Tháinig long go hobann aniar thar Cheann an Bhruic.
Loingín! Bhí sí cheithre mhíle uainn, acht ní raibh aon
aimhreas againn nárbh í an Don Juan í, ó n-a toirt agus
ó na seoltaibh. Thug sí a haghaidh amach chun na fairrge,
agus do réir chosamhlacht bhí sí tar éis an oidhche a chaitheamh
ar fasgadh sa Tamar.



Bhreathnuigheamar go géar na diaidh, ag súil go
dtiubhradh leath-bhórd gach uile noiméad. Bhíomar chomh
fada uaithi agus nár léar dhúinn an í bratach Mhic Con-
mara bhí i n-áirde uirthi i mbarr an chrainn. Bhailigh-
eamar roinnt géagáin thirme, lasamar iad féin agus an
féar fada a bhí tirm ar an gcnocán. Ba gearr go


L. 275


raibh plúchadh deataigh ag éirghe a mbeadh radharc air
tríocha míle as láthair. Níor mhothuigh foireann an
loingín tada agus ní dhearnadar aon chomhartha, acht iad
ag imtheacht díreach rómpa go Melbourne. Bhí an loingín
as amharc i gcionn uaire, agus rinneamar comhairle
céard ba dhéanta dhúinn annsin. Ní fhéadfaimís
fanamhaint níos fuide annsin, mara mbeadh ann acht a
bheith ar easbaidh bídh dhúinn; agus níor mhór dhúinn
sgaoileadh. Mhol Ó Coilligh arís dom dul go stáisiún
iargcúlach leis féin a bhí san thiar a dtuaidh fa na cnuic
agus cur fúm ann mar aodhaire go gcaithtí an geimhreadh.
Acht cheana chinneamar ar a dhul naoi míle siar tráthnóna
go teach le duine uasal de na Muilleoirí a bhí i bPort
Sámhaidh; fanamhaint frois go maidin, agus comhairle a
ghlacadh leis annsin.



Níl duine ná deoraidhe na chomhnuidhe le cladach ar feadh
an bhealaigh, agus ní fhacamar mac na sgeiche ó mhaidin.
Sheasamar ar mbeith dhúinn leith-mhíle ó theach an
Mhuilleora, agus ghluais mac Uí Choilligh roimhe go dtí an
teach ar eagla go beadh daoine coimhightheacha ar bith ar
fud na háite. D'fhill sé agus mac an Mhuilleora féin in'
fhochair. Ní fhaca sé cheana riamh mé, agus is é bhí go
háthasach go dtángamar chuige. Dubhairt linn nach raibh
seirbhísigh ar bith aige an uair sin, agus go bhféadfainn
ráiche a chaitheamh annsin in' fhochair dá mbeadh cáll leis,
agus nach mbeadh fhios cá mbéinn, mar nach raibh bóthar
mór ná cosán ag dul thar a theach. Tá sráid-bhaile taobh
thall de bhéal Phort Sámhaidh leith-mhíle ó n-a theach, agus
oifig consabal ann, agus giúistís agus an chuid eile
den ghléas; agus dubhairt mac an Mhuilleora gur
consabal ó Launceston an duine coimhightheach deireadh
thug cuairt air coicidhis ó shoin agus é ag dul le sgéal
m'éalóidh ó Bothwell go dtí n-a stáisiún le cladach.


L. 276


Níl teachtaire áirithe, ars eisean, a thagas ó Launceston
le sgéala nach gcaithfidh teacht chugam-sa go dtuga mé
treasna an tsrotha é in mo bhád, an t-aon bhád atá ar
an taobh so den tsruth. I gcruthamhnas, an dtuigeann
tú, ar seisean, go bhfuil an sgéal ceart, agus nach bhfuil
aon bhaoghal ort má fhanann tú annso.



Dubhairt an C- nár thuig sé féin cionnus a ndéan-
fadh sin an sgéal ceart, óir, ar seisean, má théigheann
an tuairisg amach go dtugamar an turus so, rud a
thiocfas i gcionn cúpla lá is consabal eile an chéad
chuartuidhe eile a thiocfas chugat.



Nach é sin a bhfuil uaim, ar mac an Mhuilleora. Ní
fhéadfadh sé dul annon gan mo chongnamh-sa: — is tig
liom a chur ar meisge agus an teachtaireacht a bhaint de,
nó a íoc as filleadh agus rádh go dtug suas a theachtair-
eacht, nó a bháthadh san abhainn má's breagh leat é.



Ní raibh aon chroiceann maith ar an gcaint sin; acht
bhí orainn sgaradh, agus ó thárla go mb'éidir don Don
Juan a theacht i mbáireach chinneas-sa ar fanamhaint le
mac an Mhuilleora féachaint an dtiocfaidh. Rachaidh mo
chompánacha go léir abhaile i mbáireach agus cuirfidh an
Búrcach sgéala ag Nicaragua Mac Gabhann.



Sasanach é an Muilleoir, a chaith i bhfad i Londain,
acht tá an dearg-ghráin aige ar Sir Liam Mac Dhonnchadha
agus ar a riaghaltas, fearacht gach uile fhear cneasta sa
tír, agus ní mór leis a bhféadfadh a dhéanamh dhom; agus
ní móide gur le n-a bhfuil de ghrádh aige orm é acht le
n-a bhfuil de ghráin ar Sir Liam aige.



27°. — Chuadhas féin agus an C— amach roimh éirghe
gréine indiu, chomh fada le na cnuic ghainimh, agus thugas
gloine le mac an Mhuilleora liom tré a ndearcfainn
i bhfad uaim ar an bhfairrge. Fiú oiread is seol ní


L. 277


raibh le feiceál. An ghaoth a n-iar-dtuaidh, agus cosmhal-
acht uirthi fanamhain amhlaidh. Is maith an chóir í ag an
Don Juan, dá mbeith ag teacht ó Phort Sámhaidh, acht táim
ag cur mo shúil di anois feasta.



Tar éis biadh na maidne d'imthigh mo cháirde rómpa
agus ghealladar go hiomlán filleadh dá mbeidís ag
teastáil. D'fhágadar capall an Bhúrcaigh liom, an
ceann céadna rinneas a mharcuigheacht ó Westbury.
Bhíodar tuairim le cheithre huaire imthighthe, agus mé féin
agus mac an Mhuilleora 'nar suidhe ar an gcnocán ag
caitheamh tobac nuair fuaramar radharc ar luing, ag
teacht aniar. Bhreathnuigheamar go haireach uirthi acht
ba bárc í. Seo é m'áit mar sin, i bhfuisgeacht míle do
shluaightheach consabal: tá talamh an Mhuilleora ag dul
i bhfad amach ar aghaidh na talmhan taobh thall den asgaillín
mara: tá falach maith crann air; agus tá an talamh
clúduighthe síos go huisge le brat tiugh den chrann bú-
bialla. Crann beag gleoite é sin, seacht nó ocht de
throighthe ar áirde, duilleabhar air mar dhuilleabhar na
caithne beagnach, agus is maith an sgáth é an duilleabhar.
Tá feiceál agam ar an mbaile beag agus mé ar sgáth
na gcrann, shaoilfeá gur ina gcodladh atá na daoine ann,
gur consablaí is mó atá ann agus iad ag siubhal thart
agus dorn-fhásga ar liobarnaigh as a mbeilteanna.



Iúl 1°. — Cheithre lá atáim i dtigh an Mhuilleora indiu.
Níor tháinig an Don Juan, ná aon sgéala ó Launceston
ná ó Nicaragua Mac Gabhann. Tá an ghráin ag teacht
agam ar an gcuma folaightheach so atá orm, cé gur lághach
agus gur tuisgionach an fear é m'óstóir. Ní fuláir nó
táid siad marbh le sgannradh agus le imnidhe i mBoth
Nant. Tá meas tútach ag teacht dom féin agam faoi
fanamhaint 'mo shuidhe ar sgáth na gcrann annso, agus


L. 278


is mór é m'fhonn gníomh éigin a dhéanamh a chuirfeadh
deireadh leis an obair. Mhol mac an Mhuilleora cleas
dom. Deir sé go bhfuil soitheach i n-inbhear srotha cheithre
mhíle dhéag siar uainn agus locht adhmaid dhá thógáil aici
le tabhairt go Melbourne. Ar gcara, an tárd-chon-
sabal thall, ar mac an Mhuilleora, an fear a chuartochas
í. Tá dearbhráthair dhom-sa a tháinig ó Shasana tamall
gearr ó shoin, atá i Melbourne. Tá súil agam leis
annso ar cuairt chugam, agus tá fhios ag an ngiúistís
sin, Mac Niocaill is ainm dó-san, agus ag an árd-chon-
sabal. Bhéarfad anonn go dtí an baile thú, má thog-
ruigheann tú é, an lá sul sheolfas an soitheach, cuirfead
i n-aithne don ghiúistís croidhe thú, ag rádh leis gur tú mo
dhearbhráthair; iarrfaidh sé chun proinne thú, bhéarfaidh
teastas duit; agus rachaidh tú féin agus mé féin anonn
tráthnóna treasna na tíre go sruth an Forth, i n-éin-
fheacht leis an árd-chonsabal a chuartochas an long.
Cuirfear ar bórd go fuirmeamhail dlightheach thú i n-ainm
Enrí mac an Mhuilleora, agus is tig leat imtheacht go
measamhail romhat. An bhfuil aon aithne ag an ngiúistís
ort ná ag ceachtar de na consablaibh?



Cá bhfios dom? Táid siad i gcomhnuidhe ag athrughadh
na gconsabal ó cheanntar go ceanntar. Gidheadh
saoilim nach féidir an t-athrughadh atá orm a shárughadh.
Rith mac an Mhuilleora go dtí n-a bhád, anonn leis, agus
tháinig ar ais i gcionn uaire agus é ag gáiridhe. — Dubhras
le Mac Niocaill go rabhais annso agus saoilim nach
leigfeadh an múnadh dhó gan cuairt a thabhairt ort.
Thráchtas ort leis an árd-chonsabal fosta, go rabhais
tuirseach den tír cheana féin (rud is fíor dhom), cé gur
gearr a chaithis ann agus nach mór leat dul go Mel-
bourne. Dubhras leis nach mórán dá fhonn a bhí ort dul


L. 279


anonn go Launceston agus imtheacht ar cheann de na
galtáin agus d'fhiarfuigheas de an raibh aon long a rath
ag dul ón gceanntar so go goirid. Tá, an Wave,
ars eisean — an ceann a d'fheilfeadh thar barr do do
dhearbhráthair.



Seadh, arsa mise, céard eile? Tá, ar sé, sé ag dul a
anonn i mbáireach don Forth, rachaidh ar bórd, agus
bhéarfaidh sgéala ar ais leis faoi'n gcostas, faoi'n
gcóir thaistil, &rl. Tá tusa agus mise le proinn a ithe
leis an ngiúistís, agus cuirfidh an t-árd-chonsabal aithne
ort i n-oifig na gconsabal, agus béidh gach nídh réidh fa
chomhair mo dhearbhráthar. Déanfaidh sin. Caithfidh tú a
theacht.



Táim gabhtha le gach nídh acht proinn a ithe leis an
ngiúistís. Ní shuidhfead síos fa ainm bréige chun búird
le aon fhear; acht meallaimís é ar chaoi ar bith eile a
dtogrochaidh tú é. Táir sásta mar sin imtheacht
i riocht mo dhearbhráthar? Go cinnte; tá mé cortha
dá bheith ag imtheacht i bhfalach mar so, cé go bhfuil
do chomhluadar-sa, a dhuine chóir, agus do chomhrádh — .
Hurá! ar mac an Mhuilleora, agus rith go n-innsigheadh
ar gcleas dá mhnaoi. Tá áthas thar barr air gur dó bheas
an chreideamhaint go hiomlán ag dul faoi mo chur ar
siubhal, an lá gur chinn ar mo cháirdibh Gaedheal ar fad
a dhéanamh, agus thug an leabhar go rachadh liom go
Melbourne. Rachaidh sé anonn go dtí an baile arís i
mbáireach go bhfaghaidh tuairisg iomlán cé'n chóir atá sa
Wave dhom, óir ní mór dhúinn sinn a bheith deacair ar a
shásughadh i dtaoibh áit chodlata &rl.



2°. — Sháith amach a bhád agus chuaidh anonn arís indiu.
Nuair tháinig ar ais: Tá go maith, ar seisean, tá gach
aoinnídh ullamh. Seolfamuid an 8° lá; agus tiocfadh


L. 280


giúistís na gconsabal anall annso roimhe sin le cuairt
a thabhairt ort. Sin mar atá an cás anois. Imtheochad
ar an Wave i mbréig-riocht Enrí mac an Mhuilleora mara
bhfuil aon deis níos fearr ná sin ullamh ag Nicaragua
Mac Gabhann agus ag mo cháirdibh fa mo chomhair roimhe
sin. Tá dhá mhada bhreagha ag mac an Mhuilleora d'fhiadhach
an cheangarú. Chuaidh mac dhó .i. Seoirse agus mé féin
amach ar Cheann an Bhruic indiu ar marcuigheacht agus
thugamar na madraí linn; dhúisigheamar dhá cheangarú
sa ngleann sgeachach atá ar an ros, acht is oth liom a rádh
gur imthigh an péire uainn. Ní fhéadfadh na madraí rith
tré na sgeacha bhíodar chomh tiugh sin. Ag teacht ar ais
dúinn chonncamar trí iolar chumasacha 'na seasamh go
hárd os ar gcionn agus a gcuid sgiathán amach uatha.
Seo é an séasúr a mbeirtear na huain agus tháinig na
trí dhúnmharbhthóir so anuas ó na cnuic féachaint a
bhfuighdís leigean ar uain Mhic an Mhuilleora.



5° Iúl. — Facthas dhá mharcach ag teacht thríd an gcoill
indiu ó Cheann an Bhruic um a haon dhéag a chlog. B'an-
namh le na leithéidibh teacht an tslighe sin. Níor facthas
mac an éin le hocht lá idir seo agus Port Sámhaidh, agus
nuair fríth lorg duine aonraic ar an ngainimh an lá a
dtángadar annso chuir sé iongantas an tsaoghail ar
mhuinntir an Mhuilleora, i gcruthamhnas go raibh sé 'na
imnidhe ortha nuair rith duine de na buachaillibh isteach
dhá rádh go raibh an dá mharcach ag teacht. Chuir fear an
tighe suas in mo sheomra féin mé agus chuir glas orm,
agus dubhairt liom na piostail a bheith i gcóir agam.
Shiubhail amach annsin fa dhéin na marcach. Ba gearr gur
aithnigheas an dá ghlór agus thángas amach — an dá Bhúrcach
a bhí ann go dtugaidís go Launceston mé. Mo chara,
an Déiseach, a rinne margadh le Caiptín —, atá ar


L. 281


an ngaltán an —, fa mo thabhairt go Melbourne.
Ceannuidhe é an Déiseach i Launceston, agus fear
fíreamhail, agus is amhlaidh shaoil sé mé chur anonn i
riocht sagairt de mhuinntir Chonmara. Ní mór dhom a
bheith i Launceston tráthnóna i mbáireach, dul ar bórd do
láthair ann, agus fanamhain ar bórd ar feadh na hoidhche.
Seolfaidh an long ar maidin lá ar na bháireach. Deir siad
liom nach bhfuil aon mhoill le déanamh, óir táthar i
n-aimhreas go bhfuilim ar an oileán fós, agus is géar
ó na chonsablaibh an bolad a chur — rud a mbeadh sochar
ag teacht dóibh as.



Ó chúig mhíle dhéag is dá fhichid go dtí trí fichid míle
uainn atá Launceston, agus is do-shiubhalta ar fad an
tír í an séasúr so. Níor shiubhladar indiu acht na chúig
mhíle dhéag atá ó inbhear an Tamar go so, agus molaid
dom gluaiseacht láithreach, agus a bheith anocht i mBothán
áirithe ar a bhfuil eolus aca, agus soir linn i mbáireach
go Launceston. D'fhágas slán ag m'óstóir agus ag a
mhnaoi annsin, agus is lághach na Sasanaigh iad, agus siúd
ar marcuigheacht arís mé. Dubhairt mac an Mhuillneora
go mb'fhearr dhom imtheacht ar an Wave i riocht a dhear-
bhráthar Enrí.



8°. — Chodluigheas féin agus an dá Bhúrcach i mbothán
coille an 6° lá. Ba fliuch garbh an lá é an lá indé, acht
shroicheamar Launceston agus sinn cortha de bhárr ar
n-aistir. Chuadhas go dtí teach —, agus cuireadh
culaith sagairt orm, bearradh mé ó na súilibh go dtí an
sgórnach, cuireadh rapar fada dubh orm a raibh an bonna
beag na sheasamh air; bonna bán cumhang faoi mo
mhuineál, hata dubh orm a raibh billeog leathan air.
D'fhanas leis an Déiseach go dtugadh ar bórd mé.
Tháinig seisean agus mac Uí Choindealbháin ó Bhaile
Hiobáird.


L. 282


Chlis orainn den chor so arís; agus is eagal leo go
léir nach n-éireochaidh liom éalódh chor ar bith. Deir
Caiptín — nach leigfeadh faitchios dó mé a ghlacadh ar
bórd i Launceston, ná fós i n-aon áit ar a bhealach síos
an abhainn, go dtí tar éis an long a chuartughadh i mBaile
Sheoirse ar chuma ar bith, .i. chúig mhíle is dá fhichid taobh
thíos de Launceston. Deir sé go ndeachaid i ngéire ar
an gcuartughadh ó d'fhágas Bothwell agus go bhfuair an
giúistís i mBaile Sheoirse órdughadh sonnradhach, i gcruth-
amhnas nach bhféadfadh an caiptín mé a chur i bhfalach ina
chábán féin féin, óir cuartuighthear an áit sin féin anois,
cé nach gcuartuightí cheana é. Le sgéal gearr a dhéanamh
dhe, deir sé nach mór dhom dul síos an sruth i mbád gan
bórd anocht agus a bheith ag fanamhaint leis timcheall an
trí a chlog tráthnóna i mbáireach i mbéal na habhann idir
na beanna. Tógfaidh sé ar bórd annsin mé.



Dubhairt an Déiseach liom ar a theacht dó go raibh bád
i gcóir dhom agus nár bhfuláir dhom gluaiseacht láithreach.
B'uathbhásach an oidhche í le báisteach agus le gairbhthean.
Bhíos d'éis caogad míle a chur dhíom ar marcuigheacht thar
srotha agus thar sraithe sa bhfearthainn agus bhíos chomh
cortha agus d'fhéadfainn a bheith. Dubhras go dtiocfainn
ar bórd lá ar na bháireach ar an gcéibh os comhair cháich i
riocht an tsagairt Mac Conmara agus go mba chuma
liom fa'n gcontabhairt; acht ní ghlacfadh mo cháirde uaim
a dhéanamh, agus is beag nár iomchruigheadar síos go
dtí an abhainn mé. Bhí an oidhche chomh dubh leis an sméir.
Bhí dhá bhádóir ag feitheamh linn ar bhruach na habhann.
Tháinig an Déiseach agus an Coindealbhánach liom.
Chaitheas mé féin ar thóin an bháid agus ní raibh deich
noiméad go rabhas in mo chodladh, gurab amhlaidh sin a
thosuigheamar ar ar leith-chéad míle d'aistear oidhche.


L. 283


AN 4° CAIBIDIL AR XX.



Launceston, Tasmáin, Iul 9°. — Thángamar ar ais ann-
so. Chinn orainn arís.



Iomthúsa an iarrachta rinneamar ar a dhul síos an
Tamar i mbád beag: d'iomradar an oidhche ar fad
beagnach d'éis Launceston d'fhágáil, agus sgaithín roimh
bhreacadh maidne rángamar áit a bhfuil an abha nó an
t-inbhear breis is dhá mhíle ar leithead. Tá coilíneach
croidhe de na Bairéadaigh na chomhnuidhe ar bhruach dheas
na habhann san áit seo; níl aon aithne agam air, acht
deir mo chompánacha go bhfuil sé cáirdeamhail liom.
Chuireamar i dtír, agus shiubhlamar suas go dtí n-a theach
sa dorchadas, agus bhuaileamar an doras go teann
toranda. Tháinig an Bairéadach anuas. D'iarramar
iasacht a bháid (bád maith láidir atá aige) agus iomróirí,
mar bhí fúinn an báidín beag a thug anuas sinn d'fhágáil
go teacht ar ais do mo cháirdibh nuair chuirfidís ar bórd
an ghaltáin mé san inbhear. Bhí an bád agus na fir agus
gach aon tsórt le fagháil againn. D'fhanamar uair nó
dhó annsin, d'itheamar cuid na maidne, agus annsin
thug an Bairéadach féin toil ar teacht linn agus mé a
thionnlacan go mbéinn ar bórd. Bhí sé 'na lá gheal faoi
seo agus ní raibh orainn go Baile Sheoirse acht sé nó
seacht déag de mhíltibh. D'imthigheamar síos le sruth
do réir ar láimhe. Is cam contabhairteach an t-inbhear
é, agus é ó cheathramha míle go dtí trí mhíle ar leithead;
cnuic ar gach taobh de agus iad faluighthe le coilltibh


L. 284


cé is moite de chorr áit a bhfuil ionad feilme den
fhoraois gearrta.



Sul thángamar díreach ar aghaidh Bhaile Sheoirse chuir an
Bairéadach mé féin agus an Coindealbhánach i dtír
tamaillín is-na coilltibh ar bhruach thiar na habhann, agus
chuaidh é féin go dtí an baile anonn go n-innsigheadh bréag
éigin dó cad a thug anuas ina bhád é. Mara ndéantaí
sin deir sé go dtiocfadh na consablaí armtha go cinnte
ina mbád féin dár gceistniughadh an túisge d'fheicfidís
sinn.



Chaitheamar uair sa gcoill; gheall an Bairéadach a
theacht anall go dtí an taobh seagainne den tsroth dhá
mhíle síos ón áit ar chuir sé i dtír sinn agus ar dtógáil
arís chomh luath agus gheobhthaidhe amharc ar an ngaltán.
Ar éigin a bhí aghaidh tugtha aige ar Bhaile Sheoirse nuair
fuaireamar amharc ar an luing agus plúchadh deataigh
aisti agus í ag déanamh orainn anuas thar ros a bhí trí
mhíle uainn. Is gnáthach uair moille a chur ar na galtáin
i mBaile Sheoirse, an fhad is bheifidhe dhá gcuartughadh
den fheacht deireadh, agus shaoileamar go raibh fuighleach
ama againn. Dubhairt an caiptín linn a bheith sa mbád
i lár na habhann, agus nuair bheadh an galtán cuartuighthe,
go seasfadh agus go dtógfadh ar bórd mé. Bhí mo
chulaidh sagairt agus mo hata leathan orm ionnus go
dtiocfadh dighnit agus naomhthacht an Athar Mhic Conmara
go maith dhom.



Acht ar mbeith dhom féin agus don Choindealbhánach ag
giorrughadh an bhealaigh gus an áit a raibh an Bairéadach
le teacht fa n-ar ndéin arís, chonncamar bád na gcon-
sabal ag teacht amach do chuartughadh an ghaltáin, agus
sgannruigheamar nuair chonncamar an bád ag filleadh
ar ais uaithi arís ar an dtoirt agus an galtán ag


L. 285


imtheacht léithi gan seasamh amháin, acht í ag tabhairt na
gCeann síos uirthi féin. Níor fhága bád an Bhairéadaigh
Baile Sheoirse fós ag teacht faoi n-ar ndéin; caitheadh
leath-uair agus ní raibh aon chosamhlacht teacht uirthí. Bhí
an galtán cheithre mhíle uainn faoi seo agus stad sí thíos
ag an teach soluis.



Shaoileamar anois go raibh linn. Tháinig bád an Bhair-
éadaigh fa dheireadh agus ceathrar fear dhá hiomradh
ar a ndícheall. Thugamar léim isteach innti agus
sháthamar amach de sgiotán í agus súil againn ar an
ngaltán, agus leis sin bhog sí léi arís. Is cosmhail
gur shaoil an caiptín gur éirigh rud éigin dom agus
nár fhéadas teacht. D'fhan sé chúig lán-noiméad déag.
Bhíomar ro-fhada ón luing agus níor léir dhóibh sinn mar
bhíomar istigh leis an mbruach; leag na hiomróirí air
chomh tréan agus bhí ina mballaibh, agus leas sin ghluais
an long go mall uainn os comhair ar súl, d'imhthigh thar
an teach soluis, agus amach léi díreach go Melbourne.



Chailleamar é. Chuaidh an ghrian faoi agus ba dearg
fraochmhar a bhí an spéir thiar; b'oidhche gharbh a bheadh innti
go cinnte, agus bhíomar annsin i bhfad ó fhasgadh agus
an sluagh consabal b'airighe agus ba láidre ar an oileán
ar ar n-aghaidh thall. Bhí orainn a bheith ar ais i Launceston
gan mearbhall ar bith roimh mhaidin. Ina theannta sin,
d'fhág an Bairéadach duine dar gcompánacha .i. an Déis-
each, na dhiaidh i mBaile Sheoirse agus níor mhór leis a
thabhairt ar ais. Chuireas-sa i n-aghaidh dul go Baile
Sheoirse sa mbád; dubhras go dtiocfainn i dtir arís
thaobh thiar de shruth leis an gCoindealbhánach agus go
bhfanfainn leo-san ann.



Chuadhmar fa'n gcoill arís agus bhíomar ag breath-
nughadh ortha-san ag dul anonn. Bheadh sí ar ais i


L. 286


gcionn leath-uaire ar a fhad. Caitheadh an leath-uair
acht níor fhill aon bhád. Bhí sé dorcha faoi seo. Caitheadh
uair agus uair eile, acht níor fhill an bád. Bhí fhios
againn gur éirigh rud éigin dóibh, agus shaoileamar
gurab amhlaidh bhí na bádóirí ar meisge agus gur
sgeitheadh an rún. Má's mar sin é, ar an Coindealbhánach,
bád consabal an chéad bhád a thiocfas anall. Caitheadh
uair eile, agus bhí fúinn anois an oidhche a chaitheamh i
n-áit an-uaigneach éigin sa gcoill, agus siubhal lá ar
na bháireach thar an gCeann Thiar agus thar Cheann an Bhruic
ar ais go dtí mo chara Mac an Mhuilleora, agus leis
sin chualamar gíosgán na maidí rámha. Ba gearr na
dhiaidh sin gur sgríob cíle báid ar an ngairbhéal; acht
níor léar dhuit an rud a bheadh i bhfuisgeacht slat duit.
Dubhras leis an gCoindealbhánach dul síos mar a
gcualaidh an torann agus fuagairt orm dá mb'amhlaidh
nach raibh aon bhaoghal orainn; acht dá mb'iad na con-
sablaí bheadh ann gan aon torann a dhéanamh acht a theacht
ar ais chugam arís ar an toirt dá bhféadadh sé é. Acht
cheana chuireas-sa caipíní ar mo chuid piostail.



D'fhuagair sé orm. Bád an Bhairéadaigh a bhí ann;
beirt de na bádóiribh a bhí ar meisge, sin é an rud a chuir
an mhoill ortha; acht níor sgeitheadh an rún; sin é shaoil
an Bairéadach. Chuir sé iongnadh orm Domhnall de Búrc
ó Westbury a fheiceál sa mbád. Bhí sé 'na phaisin-
éara ar an ngaltán agus bhí faoi dul go Melbourne
leis an Athair Mac Conmara. Dubhairt sé nár fhan an
long uair mar ba gnáthach de bhrígh gur éirigh le árd-
chonsabal Bhaile Sheoirse, sé sin an té chuartuigheadh an
long, a bheith i Launceston; tháinig sé anuas ar an luing
agus chuartuigh sé í ar a bhealach anuas dó, agus nuair
shroicheadar Baile Sheoirse ní raibh air acht dul isteach


L. 287


díreach sa mbád agus dul i dtír. Deir an Búrcach nach
raibh aon leisgéal ag an gcaiptín annsin gan imtheacht,
agus dá ndéanadh aon mhoill níos goire do Bhaile Sheoirse
ná mar rinne sé go dtiubhradh na consablaí cuairt eile
air; agus an uair a sheas sé ag na Cinn thíos go raibh
sé ag dearcadh uaidh go himnidhteach tré ghloine, féachaint
an bhfeicfeadh an bád. Chuir a shúil dinn fa dheireadh.
Níorbh é an caiptín ba ciontach dá bhrígh sin, acht na
cinneamhna agus na déithe, an Triúr Deirbhsheathar agus
craobhacha foghluma dá samhail. An Búrcach féin d'fhág
sé an galtán ag na Cinn agus d'fhill ar ais i mbád an
phiolóite.



Bhíomar sáruighthe ag iomradh suas an abhainn arís.
D'éirigh stoirm uathbhásach le tuitim na hoidhche, agus
cuireadh ar na carraigibh fa dhó sinn. Rángamar tigh an
Bhairéadaigh i dtaca an haon a chlog; thugamar linn arís
an bád beag agus na bádóirí thugamar ó Launceston
linn; d'fhágamar slán ag an mBairéadach bocht, agus
is é bhí go doilgheasach fa'n gcinneamhain a bhí 'nar gcionn,
óir atá Dia na bhFlaitheas in m'aghaidh dar leis, agus
thugamar aghaidh ar Launceston. Bhíos lán-cheapuighthe ar
imtheacht ar an láthair ón taobh ó thuaidh den oileán, mo
bhealach a dhéanamh go Baile Hiobáird, mé féin a thabhairt
suas d'fhear loingeas éigin a chuirfeadh chun bealaigh mé
i ngan fhios ar an gcaoi a cheapfadh féin a bheith oireamhnach.
Ag neartughadh agus ag láidriughadh a bhí an stoirm gach
uile noiméad; cuireadh i dtír cúpla uair sinn den
abhainn; acht ó bhí an ghaoth linn d'fhágamar thuas an seol
ar shúil go sroichfimís an baile roimh mhaidin. Bhí sé ag
fearthann mar leigfeá thré roilleán é; an stoirm ag
lúbadh agus ag sníomh na gcrann, agus níor léar dhúinn
tada sa dorchadas acht an cubhar bán ar bharr na dtonn.


L. 288


Bhuail cuaibhtheach sinn sé mhíle dhéag ó Launceston a chuir
i dtír sinn sul tháinig le na bádóiribh an seol a leagan.
D'eitigh siad dul níos sia go lagfadh an gála. Bhíomar
i gcoill do-eoluis, bhí an talamh bog báidhte ón mbáistigh,
bhí na crainn ag sileadh, acht bhíomar fliuch go smior le
cúpla uair roimhe sin agus níor chuireamar aon tsuim
sa bhfliuchán. Chaitheamar chúig nó sé d'uairibh a chluig ar
an an-chaoi sin agus gan aon tsólás againn acht a bhfuar-
amar ó ghail tobac. Bhí gach mac máthar dínn chomh cortha
sin gur shíneamar siar ar an talamh fliuch fá'n mbáistigh
gur thuit ar gcodladh orainn.



Ghluaiseamar arís ar maidin indiu: agus ar ndóigh
bhí sé na lá gheal nuair shroicheamar Launceston. Míle
ón mbaile cuireadh i dtír mé, agus bhíos féin agus Domh-
nall de Búrc le siubhal suas go follusach go teach an
Athar Buitléar, áit atá ar chúlaibh an tSéipéil Chatoilicigh,
mar a raibh an mhuinntir eile le bheith. Níl aon rud ann
mar an neamh-shuim a leigean ort féin. Ghluaiseamar
romhainn go socair tríd an mbaile, agus níor tugadh
áird ná níor cuireadh aighneas ar an bhfear dubh a bhí
chúig troighthe agus deich n-orlaigh ar áirde, agus é ag
siubhal na sráideanna — b'éidir gur ó n-a raibh den
chineál sin fear ann é. De dhéanta na fírinne dá gcasadh
mo bhean dom an uair sin ní aithneochadh sí mé. Shroicheas
teach an tsagairt chroidhe fá dheireadh.



Tháinig an Coindealbhánach, an Déiseach agus a dhear-
bhráthair agus dubhradar go léir ó aon bhéal nach raibh aon
ghoir agam fanamhaint feasta sa taobh ó thuaidh den
oileán. Níor luadhadh m'ainm amháin os comhair an dá
bhádóir as Launceston, acht mar sin féin ní fuláir nó
bhíodar san aimhreas. Bhí aithne mhaith ag fearaibh an
Bhairéadaigh orm. Pé aca sin é caithfidh sé gur tugadh


L. 289


fa deara na haistir fhada a thug na Búrcaigh. Dubhras-sa
dá bhrígh sin le mo cháirdibh go raibh fúm a dhul díreach go
Baile Hiobáird ar an gcóiste puiblidhe. Sé fichid
míle bealaigh atá sé, agus an bóthar ag dul tré sheacht nó
hocht de shráid-bhailte agus thar dhá oifig dhéag consabal.
Acht bhí muinighin agam as an gculaidh sagairt agus ní
raibh aon tslighe eile taistil ba sábháilte dhom dar liom
ná é.



D'imthigh an Coindealbhánach go bhfaghadh áit ar an
gcóiste san oidhche athrughadh i mbáireach dó féin agus don
Athair a Bláca. Go dtí sin táim i bhfalach ag an sagart
an Buitléarach i gcloigtheach an tséipéil. Cionnus a
bhféadfaidh mé lághaidheacht na ndaoine sin liom a chúit-
iughadh?



12° Iul. — Baile Hiobáird. — Tháinig an tAthair a
Bláca slán ó n-a raibh de chontabhairt air ar an aistear.
Leath-uair tar éis an cúig tráthnóna a d'fhág an cóiste
Launceston .i. ó ló, agus ní leigfeadh an tAthair de
Buitléar dhom chor ar bith a dhul ar an gcóiste san áit
is puiblidhe den bhaile. Acht thug iasacht capaill dom,
agus tháinig féin liom ar marcuigheacht amach as an mbaile
go bhfanfaimís leis an gcóiste i mbaile beag ar a dtug-
tar Fearann Phroinsiais. B'éigin dúinn dul thar gheata
na cánach ar an mbealach dúinn. Béidh fhios agat annso,
arsan tAthair de Buitléar, má fhoghnann do chulaidh
bréige dhuit. Ní baintear pinginn ruadh de shagart ná
de chléireach sa Tasmáin ag dul thar gheataí cánach dóibh.
Má shaoileann fear an gheata gur sagart thú umhlóchaidh
sé go múinte dhúinn araon; mara saoilidh bainfidh sé
trí pinginne dhíot. Shábháil mé na trí pinginne agus
ba geall le beannacht don gheatóir an chaoi ar chromas
mo cheann chuige.


L. 290


Cheileabhras don Athair de Buitléar, chuadhas isteach sa
gcóiste agus bhí beirt eile istigh romhainn i n-éinfheacht
leis an gCoindealbhánach. Bhí duine aca a casadh orm
cheana, agus labhras leis uair, agus d'aithneochadh sé go
cinnte mé marach ar cuireadh d'athrughadh orm. T. Mac
Dubhghaill is ainm dó, agus is gearr ó bhí sé 'na Árd-
Turnaoi ar an tír — comhursa contabhairteach é. Ní hé
go mb' aon dochar liom an rún a leigean leis-sean;
acht bhí duine coimhightheach eile ann. Shaoil mac Uí
Dhubhghaill caint a bhaint asam, d'fhiarfuigh dhíom fa m'
easbog, acht duine cúthal, doimhin, mí-shásamhail a bhí
ionnam.



I dtaca na maidne chuadhmar thar an áit is goire do bhí
an bóthar do Bothwell. Bhí sé i bhfuisgeacht sé mhíle
dhéag dhúinn, agus dhearcas go fonnmhar ar an druim
duairc ar a dtugtar an Cnoc Den. Tá mo leas-bhaile
beag, nach bhfeicfead arís go deo, taobh thall den chnoc
sin imeasg na gcrann i mBothwell, agus mo mhuinntir
na gcodladh ann agus an Clyde ag crónán dóibh.



Cuireadh capaill úra fá'n gcóiste ag an Tobar Glas
mar ba gnáthach; agus níl neach ag an Tobar Glas nach
bhfuil aithne shúl aca orm. Bhí a lán fear thart timcheall
ar an gcóiste. D'fhéachadar isteach ann, agus d'fhéach-
adar suas air théint a bhfeicfidís taistealuidhe ar bith.
Níor chuireas aon tsuim ionnta, go ndubhairt an
Dubhghallach le duine aca: Is maith an mhoichéirghe rinn-
eabhair (tuairim an ceathair a chlog a bhí sé agus é 'na
gheimhreadh). Seadh, a dhuine uasail, ar an fear, obair
shonnradhach atá orainn. Leis sin d'fhéachas níos grinne
ar an bhfear: árd-chonsabal an Tobair Ghlais a bhí ann,
agus roinnt dá chuid fear. Gidheadh má's ar mo shon-sa
rinneadar an mhoichéirghe ba bheag an mhaith dhóibh é, óir


L. 291


níor aithin ceachtar aca mé. Bhíos chomh socair séimh sin
agus go saoilfeá gur Deus vobiscum a bhí dhá rádh agam
leo; acht bhíos ag faireadh go dtigeadh orm, mo leath-
láimh réidh leis an dorus ab'fhuide ón teach ósta a
osgailt agus mo lámh eile in mo phóca agus greim agam
ar mo phiostal. D'imthigheadar. Bhí sé na lá gheal ar
maidin indiu sul rángadar Droichead an Uisge, agus
mara mbéinn as mo chéill ar fad ní rachainn isteach go
Baile Hiobáird ar an gcóiste agus tuirling ag teach
tabhairne na luinge, áit a mbíonn sluagh consabal i
gcomhnuidhe ag faireadh. Dá bhrígh sin thuirlingeas,
chuadhas isteach sa teach ósta, go gcuirinn fúm an lá sin
ann agus go dtéighinn chun an bhaile mhóir tráthnóna ar an
gcóiste. D'fhan an Coindealbhánach sa gcóiste agus
d'fhága slán ag an Athair a Bláca go múinte. Dubhairt
sé gur fhéach an Dubhghallach go géar 'mo dhiaidh, ag rádh:
Níl aon mhála ar iomchur ag do charaid oirmhidneach, a
Choindealbhánaigh.



Chaitheas an lá ag spaisteoireacht sa gcoill i n-aice
leis an Derwent; d'itheas mo phroinn i dteach an
tabhairne, agus d'imthigheas ar an gcóiste tráthnóna,
agus mé taobh amuigh air, go sroichfinn Baile Hiobáird
ar a hocht a chlog. Stadamar tamaillín ag teach ósta
i bhfuisgeacht sé mhíle don bhaile mhór. Tháinig San
Caoimhghin Ó Dochartaigh aníos ar an gcóiste agus shuidh
thall ar m'aghaidh go díreach agus é ag dearcadh idir an
dá shúil orm. Sgairt an lóchrann ón teach orainn an
noiméad sin. Tháinig sé amach i n-aon turus fa mo dhéin;
bhí fhios aige gur culaidh sagairt a bheadh orm, acht níor
aithin de dhaoinibh an domhain mé. Shul shroicheamar lár
an bhaile, d'iarras ar an gcóisteoir seasamh, gur thuir-
lingeas agus shiubhlas go teach an Choindealbhánaigh i


L. 292


Sráid Uí Choileáin. Ní raibh aon tsolus ins na sráid-
eanna. Bhuaileas an dorus; cé d'fhosglochadh é acht
Nicaragua. An bhfuil an Coindealbhánach sa mbaile,
a dhuine uasail? Níl, a dhuine uasail, chuaidh sé amach
ag marcuigheacht. An mbéidh sé i bhfad amuigh? Bhí
Nicaragua ga mo dhearcadh go hait agus go himnidhteach
ar feadh an ama. Is amhlaidh go ndeacha an Coindeal-
bhánach go Droichead an Uisge i gcarr fa mo dhéin. Ba
mhithid dó a bheith ar ais faoi seo agus nuair tháinig duine
coimhightheach in' ionad, shaoil Nicaragua bocht gur chinn
orm, gur gabhadh mé agus go mba consabal i mbréig-
riocht mé a tháinig ag cuartughadh páipéir — tá gach neach
i n-aimhreas ar gach neach eile ar oileán so an diabhail.



B'iontuigthe dhom faoi seo go raibh an oiread sin
d'athrughadh orm agus nár mhiste dhom dul go Teach an
Riaghaltais agus dul ag ringce ann. Shiubhlas isteach sa
halla, dhúineas an dorus, chuadhas isteach sa bpárlús
mar a raibh na lóchrainn, bhaineas díom mo hata leathan,
d'fhéachas ar Nicaragua agus rinneas gáire. D'aithin
sé annsin mé. Ba hé sin an chéad uair ag teacht ar a
chéile sinn ó rinneamar malairt capall agus cótaí le
chéile sa gcoill láimh le Bothwell chúig sheachtmhainí ó
shoin go díreach, agus is beag nár shiubhail sé féin agus nár
fhuiling an oiread liom-sa ó shoin.



Is mór a bhí le n-innsin aige dhom: níl sé acht dhá lá
ná trí ó bhí sé i mBoth Nant thuas. Táid siad go léir
ar fheabhas ann; agus gach neach i mBothwell agus ar
fhuaid an oileáin ag magadh fa'n ngiúistís .i. an Dáibhis-
each. Tá amrán dhá ghabháil anois is-na ballaibh seo ag
cur síos ar chapall an ghiúistís .i. Domhnall, a thug sé ar
iasacht dá phríosúnach go n-éaluigheadh sé. Táthar go mór
san aimhreas air; agus is iomdha duine a chreideas nach


L. 293


é an capall a cheannuigheas acht an fear ar leis é. Cuir-
eann sin thar bharr a chéille é; agus tá sórt daingean
déanta d'oifig na gconsabal ó shoin aige, dhá chonsabal
armtha ar an dorus i gcomhnuidhe aige agus órdughadh aca
gan greim cinn a bhreith ar aon chapall duine uasail.
Is amhlaidh bhíodar gan a bheith sáthach aireach is-na hoifigibh
sin, agus tá roinnt creideamhaint ag dul dom, dar
liom, faoi riaghlughadh níos fearr a chur ar an oifig áirithe
seo ná mar bhí uirthi. Deir an Dáibhiseach go nglanfaidh
sé a cháilidheacht os comhair na ranna Eorpa, agus go
gcuirfidh a chás os comhair an chinidh daonna. Acht cheana
atá sé ag feitheamh go n-ionnsuighe Seán Knox é.



Ní curtar aighneas ar bith ar Nicaragua áit ar bith
dá ngabhann, óir ní raibh aon bhaint aige leis an ngnótha
i mBothwell, acht é bheith ag breathnughadh orainn; acht tá
faire géar air; agus ar dteacht ar ais don Choindeal-
bhánach is í comhairle ar ar cinneadh nár shábháilte an rud
dom aon oidhche amháin féin a chaitheamh sa teach sin. Uime
sin d'imthigh Nicaragua roimhe; d'imthigheas-sa uair
eile agus chuadhas slighe eile agus bhíomar araon le dhul
go teach Uí Mhainnín. Is é an Mainníneach atá 'na thim-
thire loingis i mBaile Hiobáird do Mhac Conmara, agus
bhí fhios agam go ndéanfadh soiligheas dom, cé gur
fear é a thugas cuairt ar Theach an Riaghaltais, agus go
mbíonn ag ringce &rl. ann.



I gceann leath-uaire bhí an rud leagtha amach againn.
Long paisinéaraí an Emma, agus i gceann seachtmhaine
béidh sí ag dul as so go Sydney. Rachaidh Nicaragua go
Bothwell i mbáireach go dtuga congnamh dhóibh leis na
hearraidh atá i mBoth Nant a dhíol, agus fós an stoc &rl.,
ionnus go dtiocfadh mo bhean agus mo mhuirighin ar an
luing chéadna. Socruigheadh iad-san a chur ar bórd ar


L. 294


an gcéibh agus a gcuartughadh ann mar ba gnáthach, agus
mise dhul síos an cuan leis an Mainníneach féin ina bhád;
an Emma gluaiseacht ón gcéibh le camhaoin an lae
ionnus go mbeadh sé i n-oidhche uirthi ag dul síos leis an
sruth — mise a chur ar bórd trí nó ceathair de mhíltibh síos
agus gan mé féin a chur i n-aithne d'aoinneach an fhad
is bhéinn ar bórd, do mo pháistibh féin amháin. Cá bhfios
nach mbeadh duine ar bórd a dhéanfadh sgéala agus dá
ndéanadh ghabhfaidhe i Sydney mé chomh cinnte agus
ghabhfaidhe mé i mBaile Hiobáird féin. Acht cheana thug
an Mainníneach amach go teach a athar mé, agus fanfad
i bhfalach annsin dhá mhile ón mbaile mór, ar bhóthar an
Chuain ghainmhidhe, go seolaidh an long.



Is dána an rud sin a dhéanamh, acht éireochaidh liom
den chor so mara n-éirghidh aon tímpiste dhom. Siúd ar
siubhal liom annsin go San Phroinsiais.



Iúl 19°. — Ar muir. Tá an Emma ag seoladh ó thuaidh
agus í faoi lán-tseol. Tá daingean an Bhrianaigh
uair, .i. oileán Mháiria, go díreach ar ar n-aghaidh, agus
cnuic fhada na Tasmáine le feiceál uait taobh na
gaoithe ar feadh t'amhairc.



Cuireadh ar bórd aréir mé sa gcuan le solus gealaighe.
Thóg an caiptín isteach mé, mar dhéanfadh le paisinéara
a raibh súil aige leis, gan rádh acht: D'óbair dhuit a bheith
mall a Mhic an tSaoir. Thug síos annsin sa gcábán mé,
agus chuir Mac an tSaoir i n-aithne do na paisinéaraí —
bhí Nicaragua ar dhuine aca. Bhí mo bhean agus na páistí
'na suidhe ar an mbórd deireadh ag faireadh go himnidh-
teach orm ag teacht ar bórd le solus na gealaighe, acht
níor labhair focal liom: agus shiubhail Mac an tSaoir
thart mar dhéanfadh duine coimhightheach ar bith. Tá an
long lán de phaisinéaraibh, acht níl aithne ag neach aca
orm.


L. 295


Iúl 20°. — Támuid ag imtheacht go mear as amharc na
Tasmáine anocht, agus ag tabhairt aghaidh ar Chreas-mhuir
gharbh Bhass. Na beanna briste gorma os cionn Cuan
na dTeinte an áit dheiridh de mo phríosún a chonnaiceas.
Slán agat, mar sin, a Oileáin áluinn, atá lán de dhoilgheas
agus de chreathadh fiacal: — a Oileáin na bhforaoiseacha
gcumhra, na sruth ngeal, agus na spéir-bhan, a Oileáin na
slabhraí agus na sgiúrsála, a Oileáin na feirge agus na
dearg-bhrúdumhlachta! Cuid de na daoine is fearr agus
is lághaighe dar chruthuigh Dia is ar chúlaibh na mbeann
ngorm úd atáid na gcomhnuidhe, agus go lá mo bháis
cuimhneochad ar a bhfuaras de shuairceas ina measg, ar
chrónán an Derwent agus na Sionainne.



Níl an Tasmáin ina príosún anois. Sin é le rádh, ghéill
lucht riaghaltais Shasana go neamhghrásmhar d'órdughadh
na gcoilíneach gan a thuilleadh príosúnach a chur ann.
Béidh lorg na daoirseachta glanta den phobal sa gcrích
sin mar sin i n-imtheacht glúine nó dhó; agus béidh
daoine is-na gleanntaibh áille úd a bhéas daonna
beagnach. Bíodh mar sin! Ní bhéidh réalt ar bhratach
gorm na hAstráile an uair sin níos gile ná réalt na
Tasmáine.



D'imthigh beanna Chuain na dTeinte as amharc; tá sé
ag teacht 'na stoirm, agus taisbeáinfidh an Chreas-mhuir
dhúinn anocht cad tá innti a dhéanamh. Síos liom, agus
ó chuir Mac an tSaoir sórt aithne cheana ar Nicaragua
agus ar thuilleadh de na paisinéaraibh shuidheas fúm ag
comhrádh agus ag caitheamh tobac.



Iúl 23°. — Le héirghe gréine. — Támuid i mbéal Cuain
Sydney. Is cumhang an béal é, agus álltracha díreach
suas ar gach taobh dhe. An teach soluis suidhte i n-áirde
ar áill díobh. D'éis dul isteach thar an mbéal d'fheicfeá
cuan fairsing agus mion-chuanta beaga 'na n-asgallaibh


L. 296


ag dul isteach sa talamh, agus atá siad chomh mór sin
agus go mbeadh áit do chabhlach loingis i gceachtar aca.
Cnuic ísle faluighthe le coillte thart timcheall ar gach
uile thaobh. Tá an chathair suidhte istigh ag ceann an
chuain agus an gábhadh a rádh go bhfuil obair loingis go
fairsing ann?



Béidh ar Mhac an tSaoir dul i gcontabhairt arís;
óir cuartóchaidh na consablaí an Emma mar is gnáthach,
agus gan aimhreas tá tuairisg aca (agus tuairisg a
raibh an iomarca moladh ann, b'éidir) ar an bhfear dubh
atá chúig troighthe agus deich n-orlaigh ar áirde. Acht tá
aithne mhaith ag an gCaiptín Brún ar an árd-oifigeach;
thug leis síos ina chábán é, leag neart óil os a chomhair,
d'innis sgéal greannmhar nua éigin dó agus leig ar
siubhal annsin é. Dubhairt an Caiptín annsin a bhád
féin a ullmhughadh, agus dubhairt le Mac an tSaoir go
dtiubhradh i dtír i dtosach é. D'fhág Mac an tSaoir
slán ag Nicaragua agus ag daoine eile ar chuir aithne
ortha agus é ar bórd, acht níor labhair le bean an
Mistéalaigh (mar nár cuireadh i n-aithne dhó í), agus síos
leis sa mbád.



An dá bhuille dhéag. — Thug an caiptín Mac an tSaoir
díreach go teach Mhic Conmara, teach atá san áit is fearr
sa gcathair. D'fháiltigh Séamus Mac Conmara go
croidheamhail roimhe (tá a athair i Melbourne anois);
tá sé 'na chomhnuidhe sa teach fá láthair agus Bharren is
ainm dó anois i n-áit Mac an tSaoir.


L. 297


AN 5° CAIBIDIL AR XX.



Sydney, Iúl 24°, 1854. — An aimsir go meirbh, go ciúin
agus go geal, cé gurab é dubhluachair na bliadhna é;
agus cosamhlacht chroidheamhail ar an gcathair. Carraig
an bonn atá fa'n gcathair agus míonach gainimh sa gcarr-
aig. Is den chloich sin atá na foirgne puiblidhe déanta
agus furmhór na stórtha agus na dtighthe príomháideacha.
A dtéigheann de chlochaibh sa tigh baintear ar ionad an
tighe iad; agus tá cruth dheas thacamhail ar an áit dá
bharr. Agus na sráideanna isí an charraig chéadna atá
mar bhonn fútha, agus ní míne an cosán i ngarrdha ná
iad. Gidheadh níl fúm tuairisg a thabhairt ar Sydney.
Caladh-phort é ina bhfuil 80,000 duine, ní beag sin de.



Tá Bharren (sin é m'ainm anois) 'na chomhnuidhe go
síothchánta i dteach Mhic Conmara: chuadhas amach ina
chóiste indiu i n-éinfheacht le n-a mhnaoi agus le n-a chlann
inghean go dtí an Ceann ó Dheas mar a bhfuil an teach
soluis; agus cé is moite de Loch Suiligh i dTír Chonaill
ní fhaca Bharren cuan ariamh is deise ná cuan so Sydney.
Tá Séamus Mac Conmara ar lorg luinge. Gheobhaidh
áit dúinn go léir má's féidir é ar an luing céadna,
acht níl aon long as so ag dul go San Phroinsiais fa
láthair, ná ní móide go mbeadh go ceann míosa. Tá
bárc ó Londain .i. an Orkney Lass atá ag dul as
so go Honolúlú, i gcionn trí nó ceathair de laetheantaibh.
Ar Oileáin Sandwich atá an chathair sin; agus dá
mbeimís annsin b'fhorusta dhúinn dul go Califórnia.


L. 298


Fuaramar amach nuair chuireamar tuairisg go raibh an
Orkney Lass lán cheana, agus ní bheadh áit ag an
gcaiptín acht d'aon duine amháin. Tá mo cháirde annso
ag moladh dhom imtheacht ar an luing sin, agus glanadh
amach as coilíneacht Shasana chomh túisge agus is féidir
é, ó thárla an oiread den ádh orm agus go bhfuil Nicaragua
annso le bheith i n-éinfheacht le mo mhuirighin go San
Phroinsias. Cinnfead i mbáireach ar an rud a dhéanfas
mé.



Iúl 25°. — Tháinig mo bhean go teach Mhic Conmara ar
cuairt ag Bharren; thug sí litir chugam a fuair sí ón
mBrianach sul d'fhág sí Bothwell, ag gabháil comhgháir-
deachais léi faoi m'éalódh; agus litir eile ó Sheán Knox.
Ba lághach an mhaise dar gcomhursanna i mBothwell é,
thugadar gach uile chongnamh dhi ag cur na ngnótha i gcóir;
ag díol chapall agus caoirigh &rl. Tá tunónta i mBoth
Nant cheana agus an fheilm aige; le goirid a tháinig sé
don chrích agus cheannuigh sé an trusgán agus thug an
phinginn is áirde air. Ag cailín óg atá Fleur de lis,
.i. an capall ba mheasa linn dá raibh againn. Ná raibh a
raca choidhche gan féar ná a mháinséar go deo gan choirce.
Tá Treodathach ag an gCoindealbhánach, agus Domhnall
ag Domhnall de Búrca; díoladh Breac, .i. láirín dhonn
an bhuachalla; agus gheall an Giolcach aire a thabhairt
dá bromach. Ba mhór é mo chion ar na caiplibh sin
go léir, agus tá súil agam sgéala a chlos corr-uair
goidé mar táid siad, agus goidé mar atá mo cháirde
daonna chomh maith.



Fuair bean an Mhistéalaigh lóistín shocamhlach láimh
le cathair Sydney, ar a dtugtar an t-ainm barbardha
Ualamulú.



Fríth áit ar an Orkney Lass do Bharren sa gcábán,


L. 299


go Honolúlú. Bhéarfaidh Nicaragua an chuid eile den
chúram go San Phroinsias an chéad long eile gheobhas sé
ag imtheacht; agus chífimíd go léir a chéile arís taobh
istigh den Gheata Órdha. I gcionn cúpla lá imtheochaidh
long Ameriocánach ó Mhelbourne go San Promsias
an Julia Anne is ainm di, agus tiocfaidh isteach go
Sydney ar a bhealach anonn di. Má bhíonn slighe a
ndóthain ar an luing sin don mhuirighin go hiomlán
imtheochaidh siad uirthi.



Iúl 28°. — Chuadhas ar bórd an Orkney Lass indiu;
Seán Mac Mairtín ainm an chaiptín. Níor bhforusta
imtheacht, mar d'fhág cuid de na máirnéalaigh an long
go dtéighdís ag baint óir. Gabhadh iad acht cuirfidh
cúrsaibh dlighe moill orainn. Táim i gcontabhairt gach
uile uair moille a curtar orm, agus tagann “con-
sablaí uisge” thart annso ar cuairt chugainn mar gheall
ar dhlighe a bheith dhá chur ar na máirnéalaigh, agus is dream
iad na consablaí sin nach bhfuil aon ghean agam ortha
agus an chaoi atá orm do láthair. Bíonn Bharren ag
spaisteoireacht thart ar an mbórd deireadh, gan tada
dhá leigean air féin aige, agus é ag comhrádh go sásta
leis na paisinéaraibh eile; gidheadh ní thaitnigheann na
“consablaí uisge” seo leis.



Is cosmhail go mbeidh cúpla lá eile moille orainn:
chuadhas i dtír arís go teach Mhic Conmara, agus
thugas cuairt ar mo mhuinntir an áit i bhfuilid ar lóistín.



29°. — Níl aon chosamhlacht orainn imtheacht go ceann
lá eile nó dhó. Chuadhas ar bórd tráthnóna, ní sheolfa-
muid go ceann sgaithimh eile; d'fhilleas ar ais agus
Francach atá ag imtheacht ar an luing céadna agus an
caiptín i n-éinfheacht liom; bhí sé de dhícéille orm go
ndeachas ar cuairt tráthnóna le lucht cuarta eile, agus


L. 300


chuadhas ina dhiaidh sin le mo cháirdibh go teach tábhairne
ina ndíoltar oistrí — rud a chuir iongnadh agus sgann-
radh ar mo charaid Séamus Mac Conmara — sin é m'ain-
geal coimhéadta.



Tabhair faoi deara go bhfuil na hoistrí go maith sa
gcathair seo, acht i mBaile Hiobáird atáid siad go dona.



Lughnas 2°. — Ar bórd dom. Tá líon ar bhfoirinn
againn. Ghluaiseamar ar a haon déag a chlog. Gaoth
úr-éadtrom ann, agus í sin féin in ar n-aghaidh. Cuart-
ófar an long arís thíos ag na Cinn — an cuartughadh
deireadh.



— Tá sin thart. Níor aithin aon námhaid an fear dubh
a bhí chúig troighthe agus deich n-orlaigh ar áirde; agus
ghlanamar amach thar na Cinn um an ceathair a chlog.
D'éirigh an ghaoth i dtuaidh beagán, agus tá an ghrian ag
dul faoi anois ar chúlaibh na gcnoc ngorm; agus gan i
n-imeall-bhórdaibh na críche acht líne ceodhach atá ag téal-
tughadh uainn ar íoghar chorcra na spéire ar nós aislinge.
Ní fheadar an rabhas ann i bpearsain nó cé'n chuma é,
acht is olc na brionglóidí a bhí agam.



Lughnas 20°. — Támuid gar do thrí seachtmhainí ag
seoltóireacht. Támuid ag tarraing ar Tahiti, cuir-
fimíd roinn den locht i dtír annsin agus 'na dhiaidh sin
tiocfamuid go hOileána Sandwich. Is iomdha sin
paisinéara sa gcábán againn, agus a thaisí Bougainville
agus Shéamuis Cúc! tá ceathrar bainghníomhairí ó
Shasana linn ag dul go hamharclann Honolúlú; agus
marcach cleas ó Ameiriocá atá ag dul don chathair
chéadna. Tá faoi na mnáibh uaisle cuirm ceoil a thabhairt
i mbaile mór Tahiti .i. Papeete, an fhad is bheimíd ann,
agus is gearr é; acht cheana féin is beag nach bhfuilmíd
marbh aca ag gabháil fhuinn sa gcábán gach aon tráthnóna.


L. 301


Táid siad cinnte go mbéidh an teach lán d'oifigeacha na
Fraince agus de cheannuidhthibh an bhaile ag an gcuirm
ceoil. Tá bean uasal ó Sydney agus cailín beag léi
linn agus iad ag dul ar cuairt ag daoinibh i Tahiti atá
i ngaol dóibh; tá mo chara an Francach ó Tahiti linn,
Bonnefin is ainm dó, agus is aerach croidheamhail an
Breathnach é, agus is múinte, greannmhar; tá ceannuidhe
taistil de mhuinntir Phrat linn; Sasanach óg é agus gan
an tsláinte go ró-láidir aige. Ar lorg na sláinte atá
sé ag dul go Tahiti; sin agus féachaint an bhféadfadh
roinnt gnótha a dhéanamh. Tá Ameriocánach ó Honolúlú
linn agus a bhean; fear ón Eadáil darab ainm Serpen-
tíní agus a bhean, cailín árd dubh ó Shasana ise: — sin
cuid den dream atá ag taisteal i n-ár bhfochair sa
gcábán ar an Orkney Lass.



B'ionann ar n-aistear ar muir agus gach aistear eile
ar muir. Ní fhacamar aon talamh ó d'fhágamar Sydney,
cé go rabhamar i bhfuisgeacht dhá fhichid míle don ghob ó
thuaidh don Saolann Nua.



24°. — Tá amharc againn ar Tahiti, thoir dtuaidh uainn
atá sé; shaoilfeá nach bhfuil ann acht cnuic árda. Morea
ar an taobh eile dhínn; oileán eile de na hoileáin chéadna
é sin, agus é ag éirghe ina bheannaibh aisteacha árda aníos
as ucht na mara, cuid de na beannaibh ag éirghe glan
díreach suas ceathair nó cúig de mhílte troighthe sa spéir,
agus cuid aca ina mbarr ingearach os cionn an bhuinn.



Thángamar gar go maith do Tahiti sul chuaidh an ghrian
faoi agus ba léar dhúinn píosa maith talmhan a bheith idir
na cnuic agus an fhairrge agus é bheith faluighthe le
crannaibh; ní aithnighim as so aon chrann díobh acht an
pailm cleiteach, cineál gall-chnó é. Tá sé 'na chalm
orainn anocht idir an dá oileán, agus tá suas le tríocha


L. 302


míle romhainn fós sul shroichfeas muid caladh-phort
Papeete. Cróibhéal an cineál cloiche atá thart timcheall
air.



25°. — I mbéal an chuain dúinn. Tá mí-shuaimhneas
agus coruighe intinne an domhain ar mo charaid an
Francach. Is leis cuid den locht atá againn; agus ó
nach miste dhom roinnt eoluis a chur síos anois féin,
cuirfead síos sórt liosta dá bhfuil ar bórd aige — i Syd-
ney a cheannuigh sé agus i Tahiti atá faoi díol: codás a
bhfuil dathanna aeracha air; sróll dubh agus síodaí
galánta do na mnáibh; léinteacha do na fearaibh agus
gacha le dath ortha agus tá ar an mbogha ceatha; bróga
móra, troma, garbha; rum, gin, braindí agus clairéad.
Rinneas iongnadh i dtosach den bhraindí agus den
chlairéad; óir níor thuigeas cad 'na thaobh a nglacfadh
coilíneacha na Fraince toradh a dtíre máthardha ó
choilíneacha Shasana. Acht níor íoc sé an cháin ortha agus
é ghá dtógáil as stórthaibh an riaghaltais: pé aca sin
é, furmhór an chlairéid agus an bhraindí atá aige sé an
cineál sin é nach bhfuil mórán maitheasa leis agus is
fairsinge go mór a déantar an cineál sin i Sasana ná
sa bhFrainc.



Níl puth as aer, acht an ghrian ag sgartadh anuas ar a
bhfuil ann. Tá an fhairrge chomh mín leis an bpláta, agus
níl leithead do bhoise de sgamall ar an aer. Acht idir
sinn agus an t-oileán is léar dhúinn fágaí millteacha,
agus iad ag lonnradh go geal ó sgartadh na gréine.
Táid siad ag briseadh i n-aghaidh na gcarraigreacha
croibhéil. Tá feiceál againn ar thighthibh, agus crainn
pailme agus crainn an aráin ina dtimcheall: an
foirgneamh is mó dhíobh is é an Stórus Fraince é; agus
céard é siúd san áit is tiugha a bhfuil na crainn? Tur


L. 303


de chloigtheach agus uaithní árda faoi. D'fhiafruigheas de
mo charaid an Breathnach Beag cé na déithe dá ndéan-
tar íodhbairt sa teampoll sin: — óir chreideas i gcomh-
nuidhe gurab é Tahiti Ciprus na réigiún so, agus nach
mb'fhéidir gurab iad so hallaí beannuighthe Paphos nó
Arsinoe?



Sin é an t-amharclann, ar mo chara; níl sé críochnuighthe
fós agus an goibhearnóir deireadh bhí orainn a thosuigh é.
Áit ar bith a mbéidh lán glaice de Fhrancaigh béidh amharc-
lann aca. Is ionann an meas atá ag an Ameriocánach ar
an teach ósta, an meas atá ag an Spáinneach ar an team-
poll agus an meas atá ag an bhFrancach ar an amharc-
lann.



Tá chomh maith le dhá long dhéag sa gcuan, agus is
suarach an báircín í ceann aca .i. an Moselle. Leis na
Francaigh í. Tháinig bád an phíolóite chugainn. Francach
é an píolóite, ó Tahiti an fhoireann. Chuir an píolóite
a dhá láimh thart timcheall mhuiníl Bonnefin, ag cur fáilte
roimhe agus phóg é; d'innis dó annsin go ríméadach go
rabhadar go léir go maith sa mbaile.



Chuadhmar thar bheárnain a bhí is-na carraigreacha
tráthnóna agus leigeamar fúinn ancoire. Tá feiceál
níos fearr annso againn ar thalamh íseal an oileáin,
agus tá sé ó mhíle go dtí dhá mhíle ar leithead annso idir
cnoc agus fairrge. Is cosmhail le cimín fiadháin é.
Tá bléintreacha na gcnoc fa choillte suas leath bealaigh,
uaidh sin suas tá an cnoc lom, garbh. An chnuic, ba chóir
dhom a rádh, i n-áit na gcnoc, óir is é an meall mór
áluinn cnuic ar a dtugtar an Orohéna, atá sé naoi
gcéad troigh ar áirde, agus é ag éirghe mar thur
suas sa spéir, agus é ag caolughadh ina bharr, sin é
an cnoc a bhfuil na bléintreacha ann agus na drom-


L. 304


anna mar phostaí faoi. Níor sheas aon duine fós ar a
bharr.*



Tugadh oráistí agus cnotha gallda agus bananaí ar
bórd agus rinneamar go léir craos. Chuaidh Bharren
i dtír, é féin is an caiptín, agus an Sasanach Prat, agus
an Francach .i. Bonnefin. Chuadhmar go dtí an timthire
atá ar an oileán ó Shasana: Muilleoir a ainm. Deir
Bonnefin liom gur duine gránna é nach bhfuil aon mheas
air, agus dá mbeith fhios aige gur mé atá ann gur dóigh
go n-iarrfadh ar na Francaigh annso mé a ghabháil.
Ní dhéanfaidís sin, acht níor leigeas orm cé bhí ann.



Ghluaiseamar romhainn ar an tráigh agus sin í an
tsráid is mó sa mbaile; bhí na céadta ar an tsráid,
fir agus mná, agus is árd, déanta, foistineach, leis-
geamhail na daoine iad. Súile móra dubha ag na mnáibh,
agus gruaig fhada, dhubh, mín, agus fleasg de bhláthaibh
úra ag gach uile dhuine aca ar a ceann. Níl d'éadach
ortha acht fallaing fhada chodáis a thagas chun a chéile fa'n
muineál agus í ag tuitim leo go talamh síos, gan an
crios féin faoi n-a lár; dath péacach uirthí, agus i
Manchuin áit i ndéantar éadaigh do dhaoinibh an domhain,
a rinneadh an t-éadach. Ní mó ná go dtaithnigheann an
chulaidh sin liom, cé go bhfuil d'fheabhas dealbh agus
déanamh na ndaoine agus gur deas a thiocfadh culaidh ar
bith dhóibh, dá bharbardha í; ná ní mó ná go dtaithnigheann



* Tá muintir Tahiti ró-leisgeamhail le dhul ag strapadh cnoc,
agus ní thuigid gur aon tsochar é. Oifigeach Ameriocánach de
mhuinntir Wilkes a bhí ar Eachtra Lorgaireachta uair, thug meitheal
leis go dtéigheadh go barr Orohéna ag seilbhéaracht, agus ar lorg
eoluis ealadhnta. Ní fhéadfaidís dul thar 6,000 troigh suas. Na
heolaigh ó Tahiti a bhí leo nuair a shroicheadar áit nach raibh an
banana fiadhain ag fás shuideadar fútha ag ceapadh nach leigfeadh
Dia dhóibh dul níos airde. Chuaidh oifigeach Francach uair leis féin
go dtéigheadh ar bharr Orohéna acht níor fhill sé riamh.


L. 305


na béil mhóra atá ortha liom cé gur gile a bhfiacla ná na
péarlaí.



Crainn cnótha cócó agus crainn toraidh aráin ag fás
ar na sráideannaibh, agus a lán sruthán d'uisge ag
snighe le fána an chnuic. Is iomdha teach itheacháin ag
na Francaigh ann; is féidir dhuit an t-uisge fuar a
chur sa gclairéad agus sin deoch ar a mbíonn tóir ag
lucht fairrge.



30°. — Cuirm cheoil aréir i seomra puiblidhe den bhaile
ag mnáibh na n-amhrán. Ní raibh aon mhaith ann. Níor
tháinig na Giollaí chuca, an Goibhearnóir, ná ceachtar de
na hoifigeacha, toisg gan na mná galánta a bheith chomh
múinte agus go gcuirfidís toicéad i n-aisge chuca. Mná
Tahiti is mó bhí ann, fallaingeacha ortha ar dhath an bhogha
ceatha, agus fleasga breaghtha de bhláthaibh dearga. Bhí
beirt inghean agus mac beag do Ríoghain Pomaré ann
- is áluinn an buachaill beag é an mac. Tá an Bhain-
ríoghan 'na comhnuidhe i mboth fairsing den bhaile,
Riaghaltas na Fraince atá ag cailleadh leis di, agus
tháinig sí féin aréir agus d'fhan imeasg cháich i mbéal
doruis an tighe. Thug Bonnefin amach mé gur chuir i
n-aithne dá Mórdhacht mé. Bean mhór thiugh í tuairim
chúig bhliadhna is dá fhichid d'aois agus í cos-nochttha. Ní
fiú trácht ar a bhfuil de Bhéarla aici, ná de Fhraincis acht
an oiread, agus sé an leisgéal a bhí aici faoi gan dul
isteach an focal “gan éadach.”



Tháinig frigéad áluinn .i. Le Forte, isteach annso indé;
trí fichid gunna mór innti, agus uigingeach Francach uirthi.
Tháinig long bheag cogaidh isteach freisin .i. an Phoque,
cúpla lá ó shoin. I gcruthamhnas go bhfuil an áit lán
d'oifigeacha agus de mháirnéalaigh. Buidhean de gens
d'armes an t-arm seasta atá na gcomhnuidhe san áit;


L. 306


acht tá le rádh gur gearr go gcuirfear sluagh líonmhar
Francach go dtí an tAigéan so; agus go bhfuil trí long
eile ag teacht na ndiaidh seo agus nach bhfuil a fhios cá
bhfuil a dtriall. Tá le rádh gur go hAlbain Nua nó
go hOileán Fígí atáid siad ag triall.



31°. — Thugas cuairt ar an bhfrigéad i bhfochair Bonne-
fin. Bhí oifigeach múinte ann a thaisbeáin an long dúinn
ar a fuaid. Chonncas dealbh na Ban-impire Eugenie i
seomra an uigingigh agus a hainm ó n-a láimh féin ar an
dealbh. D'ólamar eau sucré i bhfochair na n-oifigeach.



Téigheann Bharren ar snámh gach uile mhaidin san abhainn
Fowtowa, sruth breagh, glan, mear é, agus an pailm,
an crann oráiste, an crann toraidh aráin, an crann
líomóide agus an guabha mar stuadh os a chionn. Bíonn
an caiptín agus Bonnefin agus Diarmuid óg, an
marcach Ameriocánach, le n-a chois.



M. Fhoghmhair 4°. — Fuaras féin agus Bonnefin dhá
chapall ar aimsir go ndeachamar suas an gleann, nó
an bhléin tré n-a dtagann an Fowtowa anuas ó na cnuic.
An dá mhíle tosaigh bhí an tír ina fásach ag an gcrann
guabha. (Crann é sin a leathnuigheann a fhréamha go
mear, agus is docharach an crann é, mar tachtann sé a
mbíonn eile ag fás, agus rinne talamh fiadháin dá lán
talmhan a thugadh luibh mar an gcara mhilis nuair a shaoth-
ruightí é.) Bhí muca ina dtáinte fa'n bhforaois, sin iad
an stoc beo is tréine atá ag muinntir Tahiti, agus iad
ag alpadh oráistí, cnotha gallda, agus guabhaí. Deir
Bonnefin liom go raibh an talamh cothrom so dhá shaoth-
rughadh uair, nuair a bhí a dheich n-oiread daoine, a dheich
n-oiread maoine ann agus na daoine deich n-uaire chomh
sásta agus táid siad anois (.i. sul shroich an tsíbhialtacht
iad); acht ó tháinig muinntir na hEorpa chun na háite


L. 307


ghabh an leisge muinntir na críche agus tá gealladh tugtha
fa láthair aca dá dtriathaibh gan níos mó oibre a dhéanamh
ná mar chothochadh iad (agus is beag é sin) an fhad is
bhéas seilbh ag na Francaigh ná ag aon chine coimhightheach
eile ar an oileán. Is eadh thagas de sin a mbíonn
d'earraidh ag teastáil ar an stáisiún so nach mór a
dtabhairt ón Oileán Úr. Acht ní cóir éagcóir a chur ar
na Francaigh: ní chuirid chum muinntir na tíre ná uatha;
ní thógaid seilbh ar an talamh; ní chuirid siad d'fhiachaibh
ortha gnása ná nósa na hEOrpa a leanamhaint, ná oib-
riughadh agus an talamh a shaothrughadh. Dá mba iad na
Sasanaigh nó na Ameriocánaigh bheadh annso ina n-ionad,
chuirfidhe go cinnte d'fhiachaibh ar na daoinibh donna
obair a dhéanamh; chuirfidhe d'fhiachaibh ortha an Béarla
a léigheadh; an teagasg críostaidhe a fhoghluim; agus
toraidh a shaothrughadh dá máighistir; agus mara ndéan-
aidís sin chuirfidhe laisg na síbhialtachta ag éirghe dhá
gcroiceann donn.



Is beag nach ndearnaidh na hiomarchoróirí a tháinig go
Tahiti roimh na Francaigh fásach den tír, agus is beag
nach ndearnadar an diabhal dearg ann. Ní raibh is-na
daoinibh acht an sgáile ag a bhfuaradar de dhubhailcí agus
de ghalraibh na síbhialtachta; agus an droch-ghuabha a
tugadh isteach chuca sgrios agus mhill sé an talamh ortha;
óir is iad na hiomarchoróirí a thug an guabha sa gcrích
chomh maith leis an “mbiotáille agus an leis an bhfíor-
chreideamh.”



Ar ndul suas tamall an gleann dúinn d'fhágamar an
guabha 'nár ndiaidh, acht bhí crann foisdineach an toraidh
aráin leis an gcosán fós againn agus toirt cloiginn
naoidheanáin de chnapracha glasa air; agus sgáile dubh
ar linntibh na habhann ón gcrann oráiste agus ón gcrann


L. 308


líomóide — bhíodar-san chomh dorcha le iubhar na reilice.
B'árd géar iad beanna na ndromann ar gach taobh dhínn
agus shaoilfeá go mbeimís corr uair agus fálta cnoc
thart timcheall orainn ar mbeith dhúinn ar chosáin cama
na bléine. Cheanglamar na capaill de chrann agus chuadh-
mar síos (sin é gnás Bharren) go suidhmís ar bhruach na
habhann ag éisteacht le na crónán — crónán é a chuireas
a chodladh é. Chuimhnigh Bharren ar an mBainríoghan
Oberea agus ar na mnáibh dubha coimhideachta agus é i
gceart-lár áille na nOileán aoibhne so atá is na Fairrgibh
ó Dheas; cuimhnigheann ar na daoinibh sin agus ar a bhféile
agus gan de naprún ortha acht croiceann an chrainn
maoildeirg. Cad 'na thaobh ar ghlac Oberea riamh mar
chéile an Críostuidhe oilbhéasach Sir Seosamh? Ba mí-
fhortúnach ró-mhuinighneach an bhainríoghan í — Pomaré an
t-ainm a bhí ag máirnéalaigh mil-bhriathracha uirthi an t-am
aoibhinn sin. Infelix regina! Ní measa bhí Elissa ó
Phoenicia riamh ná í nuair mheall Aonghus na crábhaidh
ise. Níl neach beo ar na hoileáin áille sin anois acht iad
ina bhfásach, oileáin iad go bhfuil íocshláinte san aer agus
carraigreacha cróibhéil agus leabthacha uaine ar n-a
bhfalach ag an aigéan leathan atá ina dtimcheall.



An bhean sin a tháinig ar a sliocht nach suarach an mhaise
dhi é agus go n-ólann fíon Francach anois agus go
gcaitheann sróll na Fraince. Fuaireas trí bhuidéal
folamh i sgailp sa gcarraig ar bhruach na habhann i n-áit
a mbíodh Oberea agus a mná coimhideachta ar snámh,
agus an finnsgéal “Leann fionn Bhass” ar pháipéar a bhí
greamuighthe do na buidéil. A Bhass, a líonas buidéil
do-áirmhe leanna, níl áird den chruinne gan t'ainm
agus do chuid leanna a bheith ann; an t-íota tairt atá
ar chineadhacha an domhain faoi do chomhair is mó is seasta


L. 309


an leacht duit é ná leacht práis. Tugann an t-aodhaire
a bheannacht duit san Astráil tráth a mbíonn ag osgailt
do bhuidéil; ní túisge gheobhas an feilméara Ollandach
amharc ar an bpáipéar gorm atá ar do bhuidéal, ar
mhaoilinn an chnuic san Afraic Ó Dheas, ná bhéas a thart
coisgthe. An corc a cuireadh in do bhuidéal i Londain
Shasana, chonnaiceas-sa ag éirghe de sgiotán san aer
é, mar bheadh sé ag déanamh ar an gcrois deisceartach,
go ndúisigheadh an t-éan i mbarr na gcrann i gcoillte
aduadhaine na Tasmáine, óir léim an corc as an
mbuidéal sa gcrích sin freisin gur éirigh níos áirde ná an
pailm is áirde sa gcoill. Do hadhruigheadh do numen,
do chumhachta agus d'intleacht sa ngleanntán ciúin seo
ar bhruach na Fowtowa i bPolinesia, go dtáinig mac alla
torainn na gcorc ar ais ó bheannaibh Orohéna.



Is dathamhail, lághach agus is meanmnach an fear é
Bonnefin, mo chompánach ón mBreatain Bhig. Tá fhios
aige cé hé Bharren, agus is mór an tsuim atá dhá chur
aige i n-eachtraibh agus i n-imtheachtaibh an duine uasail
sin ar n-a bheith ag éalódh dhó-san. Bhuaileamar síos
ar marcuigheacht go dtí teach itheacháin gur chaitheamar
proinn, éanlaith á la mayonnaise a bhí ann, a bhí órduighthe
go sonnradhach ag Bonnefin.



Tráthnóna Dia Domhnaigh. — Ghluaiseamar romhainn do
réir ar gcoise gur shroicheamar brugh nó both na Bain-
ríoghna Pomaré. Árd-ghreann a bhí ann an tráthnóna
sin. Bhí an t-uigingeach agus an goibhearnóir i ngrianán
na bainríoghna, agus cuir agus puirt agus ceol gallda
dhá sheinnim ag an mbuidhin breagh ceoil atá sa bhfrigéad.
Bhí na cumhail coimhideachta (seisear nó ochtar díobh a bhí
ann, fallaingeacha glé-geala ortha agus fleasga de
bhlátha solusta ina ngruaig dhuibh), agus iad féin agus


L. 310


sgórtha de mhnáibh óga Tahiti, agus cuid aca-san gléasta
go háluinn, ag rinnce ar an bhfaithche ar bhéalaibh na brugha
le na hoifigeacha óga ón bhFrainc. Tá crága móra ar
chuid de na mnáibh agus is doilgheasach sin le Bharren;
déanamh maith ortha marach sin; na súile thar barr le
breaghthacht agus an chaoi a n-iomchruigheann siad a gceann
agus a muineál áluinn chuirfeadh sé áille uaibhreach borb
ainmhidhe fiadháin an fhásaigh i gcuimhne dhuit.



D'imthigh an t-uigingeach agus an goibhearnóir le
camhaoin an lae agus sin é an uair a thosuigh an greann.
Chuaidh Bonnefin, Bharren agus Prat isteach go seomra
cuarta na bainríoghna, agus d'aithin an rí sinn ar an
toirt — sin é le rádh, an té tá 'na rígh do láthair; óir
seo é an ceathramha fear a bhí ag Pomaré, agus tá cuid
den triúr eile nár cailleadh fós; bhí duine aca do
láthair tráthnóna anocht, Polinéiseach mór, trom,
reamhar é, agus é 'na rígh ar Bhólabóla. 'Sé fear bhain-
ríoghna an oileáin sin é go ceann tamaill. An fear atá
ag Bainríoghain Pomaré fa láthair is é an fear is
dathamhla ar an oileán é (ba mhí-réasúnach an mhaise dhó
marar bh'é). Thárla sé orm cheana agus is air a bhí an
ríméad as uaireadóir óir agus as a lán bronntanais
eile a thaisbeáin sé dhom, a fuair ó ghoibhearnóirí agus
ó uigingeacha na Fraince. Acht an tráthnóna Domhnaigh
seo is ar éigin a d'aithneochainn é, bhí sé chomh gléasta sin
faoi na chóta gorm airm Fraince a bhí 'na luighe go dlúth
déanta le n-a chorp, neart lásaí air agus guaillíní
troma, mar b'árd-lá é an Domhnach so aca; agus bhí
hata oifigigh cogaidh air agus cleite mór dearg suas
as mar bheadh géag de chrann pailme. Acht nuair d'imthigh
an duine mór agus nuair chonnaic a mhórdhacht sinn ina
sheomra féin, chaith sé dhe a chóta ar an toirt ag iarraidh


L. 311


fionnfhuartais, chas thart ar a shocamhal agus d'iarr i
leath taobh sinn go bórd ar leith, áit a bhfuair Bharren
fíon chomh maith agus d'ól sé fós ariamh. Bhí an Bhain-
ríoghan Pomaré 'na suidhe ar chathaoir mhór uillinneach;
ríoghshuidhe na bainríoghna is cosmhail a tugtaoi ar an
gcathaoir sin. Bhí fallaing de shróll uaine uirthi; í ag
breathnughadh go han-ghalánta agus í chomh sobraid agus
b'éidir léi a bheith. Bhí na cumhail coimhideachta ag rith
thart, fallaingeacha geala ortha, agus iad ag iarraidh
cúpla focal Fraincise nó cúpla focal Béarla a labhairt
le n-a raibh ag moladh a mbreaghthacht; agus rí Bólabóla
a bhí d'éis a chur i leath taobh bhí sé féin agus an fear a
bhí faoi láthair ag an mbainríoghain go han-mhór le
chéile.



M. Fhoghmhair 11°. — An méad de locht an Orkney
Lass a bhí le cur i dtír i Tahiti tá sé i dtír. D'imthigh
an long amach ón gcéibh agus gluaisfimíd i mbáireach
go hoileáin Sandwich.



12°. — Tháinig an píolóite amach go stiúradh amach sinn,
acht tá sé 'na chalm. Ní féidir dhúinn coruighe go dtí
i mbáireach.



13°. — Dubhradh go raibh bárc le feiceál, amach ó na
carraigreacha — bárc Ameriocánach, bhí le rádh, í, agus
ó bhíos i dtír i bhfochair Bonnefin chualas a lán ag tomhais
cé'n sórt bárc a bhí innti. Dubhradh go raibh sí lán de
phaisinéaraibh agus dubhairt fear go raibh fhios aige féin
go mba hí an Julia Anne í. Bhíodhgas nuair chualas
an t-ainm. Rugas ar ghloine agus chonnaiceas go raibh
sí ag fanamhaint taobh amuigh, agus nach raibh fúithe teacht
isteach sa gcaladh. Ba gear go dtáinig bád beag go
dtí an bhearna bhí is-na carraigreacha. D'fhaireas an
bád beag go friochnamhach; agus d'aithnigheas buachaill


L. 312


beag liom féin na shuidhe ina tosach agus Nicaragua na
shuidhe le n'ais, agus í míle uaim. Thángadar in mo
choinne.



7 a chlog tráthnóna. — Ar bórd an Julia Anne dom.
D'athruigheas ó luing go luing eile ar ndóigh ar bhuille
boise: uair a chluig tar éis amharc d'fhagháil ar an mbád
chuireas bonn le bórd na luinge Ameriocánach. Tá an
Blácach, Mac Conmara, Mac an tSaoir agus Bharren in
aon duine simplidhe amháin arís .i. Seán Mistéal. Tá
mo mhuirighin in mo thimcheall, iad go léir go maith; tá-
muid ag imtheacht faoi chóir bhreagh go San Phroinsias;
sin deireadh le m'Irisleabhar Príosúin, agus tosach ar
m'Irisleabhar as Príosún.



24°. — Tá coimhréalta an deiscirt ag dul faoi ar chúla
an domhain, agus go mbeannuighthear daoibh arís a réalta
an tuaiscirt. Tá mo shaoghal ag tosughadh arís d'éis an
bhearna mhór a baineadh as, mar atá chúig bhliadhna codlata
agus tromluighe.



Támuid chomh socamhlach ar an Julia Anne agus is
féidir dhúinn a bheith, acht tá an áit cumhang ag a bhfuil
de dhaoinibh ar bórd. Sé an Caiptín Dáibhis ón bPort
Nua, Oileán an Róid, an fear ceannuis, agus tá
sealbhóir na luinge leis ar bórd .i. fear de mhuinntir
Pond ó Nua Eabhroc. Ameriocánaigh iad an fhoir-
eann go hiomlán agus a bhfuil de lucht taistil uirthi,
agus mothuighim mé féin in mo chathruightheoir cheana féin
beagnach.



D. Foghmhair, 9°. — Is fada bhí tnúthán agam a dhul
isteach na Geataí Órdha, acht chuadhmar isteach tharta indiu
i n-éinfheacht le cabhlach loingis le ceannuidhthibh; chuadhas
féin agus Nicaragua i dtír agus siúd ar siubhal sinn
ar lorg ar gcompánaigh croidhe Mac Maghnusa. Chuala-


L. 313


mar go raibh sé i San Iósé, leith-chéad míle ón gcathair,
áit a bhfuil talamh aige. Tá na cáirde 'nar dtimcheall
'na sluaighte.



Lá Samhna. — Trí seachtmhainí dhom i gCailifornia.
Bhíomar ar féasta ag muinntir na cathrach, agus is
flaitheamhail na hóstóirí iad muinntir na Cathrach Órdha.
Chaitheamar seachtmhain i San Iósé, chuadhmar isteach na
beárnaí daraigh atá ag bun na gcnoc le fairrge, agus
isteach chomh fada le beárnain Santa Crús, áit a bhfuil
cnuic agus iad faluighthe le coillte. Fuaramar boladh
cumhra na péinne annsin, rud nach bhfuaras-sa cheana le
chúig bhliadhna. Chaith Mag Maghnusa a chuid aimsire ar
fad linn, ag cur síos ar an tsean-aimsir agus ar an
nua-aimsir chomh maith. Tá biseach ar mo mhnaoi ón
tinneas a bhí uirthi ag teacht anall thar an aigéan; agus
tugadh an féasta is flaitheamhla ar bith do Nicaragua
agus dom féin, agus 'sé Goibhearnóir an Stáit an fear
ceannuis a bhí ann.



Támuid ar an ngaltán Cortez anois agus sinn ag
triall síos tré Nicaragua go dtéighmid go Nua Eabhroc.
D'fhágamar slán ag ar sean-charaid Mac Maghnusa agus
ag céadtaibh de na nua-cháirdibh a thárla orainn, agus
támuid ag imtheacht amach idir na cnuic loma atá mar
phostaí leis an nGeata Órdha. Chífead mo mháthair i
gcionn míosa, nó níos túisge ná sin, agus mo dhearbh-
ráthair agus mo dheirbhsheathracha, agus mo shean-chompán
an Raghallach, agus mac Uí Mheachair, agus an Diolúnach,
agus mac Uí Ghormáin, agus Micheál Ó Dubhchonna an
díbhfeargach dílis, agus an bhuidhean go hiomlán a
chuaidh ar a dteicheadh, agus cloisfidh siad uaim agus mé
uatha ar thárla dhúinn ón mbliadhain mallaighthe a mharbh
sinn .i. '48; agus cuirfimíd comhairle i gceann a chéile


L. 314


féachaint a bhfuil na cinneamhna in ar n-aghaidh fós nó
an bhfuil aon chabhair i ndán dúinn.



13°. — Chuadhmar síos le tír, agus is garbh an tír í
Califórnia Íochtarach, thar Ghuatemala agus thárla an
Caroline orainn, long ise ar a bhfuil foghluighthe mara,
agus bhí fhios ag muinntir ar luinge-ne cá raibh a triall.
Chuadhmar isteach annsin i gcuainín beag ar dhéanamh
corráin, San Iuan del Sur is ainm dó agus bhí cúpla teach
adhmaid ag ceann an cuain. D'fhanamar annsin ar
feadh an lae ag feitheamh go bhfáightí múillí ar ndóthain
le sinn a thabhairt treasna go Loch Nicaragua. Chúig
mhíle dhéag atá an loch uainn agus tá an-tsluagh dhínn ann.
Ghluaiseamar fa dheireadh; chuireas-se inghean beag liom
féin ar an gcapall ar mó bhéala, agus dhá dhuine uasal
lághacha eile thugadar aire do bheirt eile de mo chlainn.
Támuid ar bórd galtáin na locha anois i gCuan na
Maighdean.



14°. — Easa Castilla. — Chuadhmar treasna na locha
indé ó Chuan na Maighdean gus an áit a snigheann sruth
an San Iuan amach as an loch, agus sin deich míle agus
cheithre fichid. Is áluinn imleathan an loch í, foraoiseacha
do-eoluis thart timcheall uirthi agus corr bheann árd
cnuic anonn is anall ann. Thángamar gus an áit seo
ar ghaltán na locha; acht tá eas annso agus ní mór
dhúinn athrughadh. Shiubhlamar ceathramha míle agus
chuadhmar ar ghaltán eile taobh thíos den eas. Chuireamar
fúinn an oidhche sin i dteach ósta agus is beag den
chompóirt a bhí ann.



15°. — Síos linn le sruth an San Iuan ar maidin indiu
go béal na haibhne, an áit a snigheann amach san aigéan
Atlantic. Is mear an sruth é agus is láidir toirteamhail,
agus fálta árda, tiugha de dhuilleabhar na críche teo so


L. 315


ar bhruach na habhann, agus na crainn árda ar na gcean-
gal dá chéile le cineál slatacha fíneamhna nó feithleoige
atá ag fás tríotha i gcruth is go déanann na géaga agus
a bhfuil ag fás ann tré n-a chéile balla dlúth den fhál
glas. Níl ainmhidhe beo ann acht na crogaill agus iad
ag únfairt ar an tanachan, agus téighid siad faoi uisge
corr-uair nuair theagmhuigheas piléar as piostal dóibh.
Sheolamar isteach fa dheireadh go cuan ciúin ur-fhairsing
San Iuan del Norte, Baile Grae atá ag lucht a “choimh-
éadta” ó Shasana air. An fear stáit iomráidhteach Grae
an ropaire ó n-a bhfuair an baile a ainm. Baile é atá
sgaipthe ar fud na trágha ar feadh míle, agus coillte
árda ar a chúla. Tá chomh maith le trí fichid teach ann, nó
deich gcinn is trí fichid, agus teach osta nó dhó.* Chuadh-
mar i dtír, óir níor tháinig an Prometheus fós, sin í an
long a thiubhras go Nua Eabhroc sinn, agus fuaramar
lóistín i dtigh mór adhmaid leis an Liathánach, agus ba
ró-dhaor an áit é agus ba deacair dhúinn a fhagháil mar
sin féin. Ameriocánach é an Liathánach, agus is le Amer-
iocánaigh gach uile theach maith dá bhfuil ann; acht tá roinnt
Shasanaigh ann agus roinnt bheag Francaigh. Is é Dia a
thug don luing gan teacht, dar leo, óir sin é d'fhága
seacht gcéad paisinéara aca le bearradh, go nach bhfág-
faidh siad aca-san acht chomh beag agus is féidir leo.†



* Tá an baile na sprúdhánaigh anois, doighte ina luaithramhán.
agus an luaithe sgaipthe le gaoith — rinneadh a leagan, a shaltairt
agus a shailleadh le salann mar sailleadh Sodom agus Gomorra
fadó, tré easurraim agus mí-mheas a tugadh ann do dhuine dar
bh'ainm Solon Borland; timthire uaibhreach a bhí ann-san ó
chumhachta de na tíortha cumhachtacha.



† Bhí gan aimhreas roinnt díoghaltais tuillte ag muinntir sin
Bhaile Grae fa n-a dhaoire is bhíodar, agus fa'n mbiadh do-
chaimhthe a bhí aca, acht an té dfheannadar féin bheadh sé sásta le
díoghaltas níos éadtruime a theacht ortha ná mar tháinig.


L. 316


Is cosmhail nár éirigh na Sasanaigh riamh as a bheith ag
cosaint na “ríoghachta” Muscuitó, ná ag cosaint
Sambó, an rí atá air. Tá crann brataigh na sheasamh
annso; rúinne de bhratach as a bharr, bratach bheag na
Sasanach ar a choirnéal, agus comharthaí éigin eile ina
lár ag taisbeánadh ríoghachta ró-ghrásamhail Galliniper.
Sa nGort Gorm atá a chúirt aige-san, ar an gcósta ó
thuaidh de Bhaile Grae. Ólann sé a bhfaghann sé ar
cáirde. Tá sórt riaghaltas cathrach ar bun sa mbaile.
Ameriocánach é an méire, agus ní bhaineann na Sasanaigh
le gnóthaibh Bhaile Grae anois chor ar bith. Is aimhréidh-
teach an sórt riaghaltais é, óir is le Stát Nicaragua an
talamh, agus ní fada go dtarraingidh gnótha Bhaile Grae
achrann.



Annso a chaith long ó Shasana urchair leis an Prometheus
dó nó trí bhliadhanta ó shoin, ag iarraidh a chur d'fhiachaibh
ortha cáin calaidh a íoc; óir ba leis na Sasanaigh an
caladh-phort agus bhí cáin calaidh ag dul dóibh ón luing
Ameriocánach. Níl aon éiliughadh ar an gcáin anois,
acht béidh chomh túisge agus bhéas sé de chomhgar ag na
Sasanaigh agus de neart ionnta an cháin a bhaint amach.
Acht cheana tá coimhéad ag muinntir Shráide Dhonnáin
ar an áit, ionnus go mbeadh greim aca ar ronnt talmhan
i Meadhon-Ameriocá; agus ní ghlacfaidh siad gan “a
Mórdhacht an Rí” a thabhairt ar amadán bocht, dearóil
de mhisgeoir atá ann agus é lán de ghalraibh. Indiach
dubh é. Is breagh an rud an ceart a dhearbhadh!



16°. — Tháinig an Prometheus tráthnóna anocht acht ní
thógfar ar bórd sinn go dtí i mbáireach; i gcruthamhnas go
mbéidh cheithre huaire fichead eile d'fhoghmhar ag muinntir
Bhaile Grae asainn. Tá na seomraí againn i dteach ósta
an Liathánaigh acht ní féidir linn biadh ná deoch d'fhagháil


L. 317


ann. Chuadhmar ag cuartughadh ar fud an bhaile, agus
fuaramar teach beag itheacháin; le Francach é, tá
pictiúirí mí-fheileamhnacha crochta ar na ballaibh aige,
agus is maith uaidh uibheacha a ghléas agus proinn agus is
maith an clairéad atá aige.*



Tá oidhche eile orainn mar sin i mBaile Grae, agus
sinn dhar n-ithe ag na coirrmhíoltóga eadtrócaireacha
atá ann.



* Ba mhaith le duine dá bhfágtaoi seanteach adhmaid an
Fhrancaigh gan leagan, féibh mar fágadh teach Phindar i dTebes
fadó, nuair a creachadh an baile le goirid. Acht ní maith go
bhféadfadh duine súil a bheith aige leis sin. Ní fheádfadh; d'ith
foirne bád le Caiptín Ó Hoileáin a chuid éanlaith ag déanamh
díoghaltas air, agus d'óladar a chlairéad le n-a chuid uibheacha,
nó gach ar fhéadadar de. Chuireadar a chuid pictiúirí tré lasadh,
agus leagadar a theach go ndearnadar sprúdhánaigh dá chuid
buidéil leis. Sin é is deireadh don té eiteochas cáin a íoc le
ríoghacht árd-chumhachtach, is don té eiteochas leisgéal a ghabháil
leo! Gidheadh níor mharbh na máirnéalaigh ná arm na mara na
fir, ná níor mhilleadar na mná, (mar bhí tuillte aca b'éidir) óir
theicheadar-san fa na coillte nuair thosuigh na hurchair ag pléas-
gadh, acht rinneadar gach díoghbháil eile is dual a dhéanamh le linn
cathair a ghabháil.


L. 318


AN 6° CAIBIDIL AR XX.



Baile Grae, Samhain 18°, 1853. — Tháinig galtán beag
anall trasna na locha indiu ó áit atá míle ó Bhaile
Vanderbilt — baile é sin a bhfuil aon teach amháin ann agus
céibh. A raibh ag dul go Nua Eabhroc thug an galtán
anonn iad i n-éinfheacht gur chuir ar an Prometheus iad.
D'fhill an galtán ar ais go Baile Grae arís agus thug
léi a raibh ag dul go hOrleans Nua; agus bhíodar-san
le cur ar luing eile a bhí ar ancoire i ngar don Prome-
theus. Léigheas an focal Pampero ar dheireadh an
ghaltáin eile so. Bhí duine uasal ó Aimeriocá na
sheasamh i ngar dhom, agus arsa mise leis: Pampero!
Tá aithne agam ar an ainm sin — nárbh í sin an long —



A raibh na hArgonotí ar iomchur aici, ars eisean, agus
a chuaidh ag iarraidh Lomradh Órdha na nAntilles, acht a
fuair garbh é sa Medea.



Seadh; níl aimsear na n-eachtra laochda caithte fós.
B'éidir oidheadh taidhbhseach a thabhairt ar ríghthibh fós ar
fud an domhain nó ar dhaoinibh inísle. B'éidir go mbeadh
Cúba mar bhí Colchis, agus an rud a thárla cheana isé
a thárlóchas arís. Acht cé'rbh é an fear úd ó do thír-se
— rinneas dearmad ar a ainm — adubhairt le saighdiúiribh
na Spáinne nuair d'iarradar air a chúl iompódh agus
ísliughadh ar a ghlúinibh go gcuiridís urchar thríd, adubhairt
leo go seasfadh suas agus go dtiubhradh aghaidh ar an
mbás mar ba dhual do Ameriocánach a dhéanamh?


L. 319


Critenden — fear chomh calma agus thuit ariamh ag
troid ar son an chirt. Níor dhóirt seisean ná a chaogad
compánach a gcuid fola fa Chaisleán Atares (chífir
Caisleán Atares i gcionn trí nó ceathair de laethe) i
n-aisge, mar bhéarfaidh sí toradh. B'iondamhail gur trí
oidheadha bhíodh i n-éinfheacht sa nGréig; bhíodh Até ar thóir
na hÉagcóra agus thagadh marbhadh ó mharbhadh, agus ní
fheicfear críoch na hoibre go dtuga an fhuil sin an toradh
céadtach. Níl dul ag Cúba uaidh gan teacht isteach.



Acht tar éis gach sgéal an bhfuil aon cheart ag na
Ameriocánaigh Cúba a ghabháil?



Níl; acht is le muintir Chúba Cúba ó cheart, agus is
leis na Gaedhil Éire ó cheart; acht tá arm diabhalta ag
an Spáinneach i gCúba dhá choinneál ó na daoinibh ar leo
an tír, mar tá ag an Sasanach i nÉirinn dhá choinneál
uaibh-se. Dá dtugadh na Ameriocánaigh dearg-ruathar
ar Éirinn a chongnamh dhuit-se agus do do cháirdibh do
dhíbirt na Sasanach an amhlaidh cheapfá go mba foghluidhthe
iad agus gaduidhthe?



Ó a Rí na bhFeart! nárbh é sin an grádh Dia — ba hé
sin an turus shábhála dhúinn. Acht is amhlaidh léigheas an
rud a sgríobh Sasanaigh i dtaobh Chúba an fhad is bhíos i
mbroid agus i mbraighdeanas aca. Béasa agus nósa
gnása agus smaointe na Sagsan a bhí in mo thimcheall,
agus ní raibh sgéal dá dtáinig ón taobh amuigh chugam
nach raibh a gcor féin aca air. Ba coilíneacha do Shasana
iad gach duine a mbínn ag comhrádh leis; agus bhídís go
géar agus go searbh ag easganaidhe ar na “foghluidhthe”
Ameriocánacha; chuir a mbriseadh áthas ortha, agus ní as
tada a bhí ríméad ortha acht as an mbonna le n-a gcuir-
eadh na Spáinnigh chun báis iad. Gidheadh bhí fhios agam an
sórt riaghlughadh tugadh ar Chúba agus thuigeas, cé go


L. 320


mba deacair dhom é, go raibh an ceart ag Lopez, agus
an fhuil a dórtadh ag Atares bhí fhios agam go mba fuil
mairtírí í agus go dtiubhradh sí an toradh céadtach.



D'fhan mo chara ó Chalifornia tamaillín ina shost, agus
annsin ní dubhairt acht: I gcionn cheithre lá tiocfamuid
isteach go Habhana ag iarraidh guail. Chifir cathair
fhoisdineach, áluinn annsin; tá sé i ndán di a bheith na
cathair oireachais ar cheannuigheacht fós i ndeisceart
Ameriocá, amhail atá Nua Eabhroc sa tuaisceart.



Tráthnóna. — Sinn go léir ar bórd an Prometheus
(de mhuinntir Churchill an caiptín), acht ní ghluaisfimíd
go dtí i mbáireach.



19°. — Thug an Prometheus sgéalta nuaidhe na ranna
Eorpa chugainn; sgéalta a thárla i Londain agus i
bPárus trí seachtmhainí ó shoin. Táim ag tarraing ar
an áit ina bhfuil beodhas agus croidhe an domhain agus
ar an áit ina bhfuil gnótha agus gníomhartha dhá ndéanamh.
Chaitheas gar de shé bliadhna i gcríochaibh deireadh an
domhain agus ní raibh ann acht cuisleanna cumhanga tré
n-ar shnigh sgéala chugam, gur ar éigin a thuiginn goidé
mar bhí an saoghal dhá chaitheamh. Ní riabh ann acht an fuacht
agus ba fada fada uaim teas agus gníomhartha an
tsaoghail.



Seafóid cuid de sin, acht ní seafóid é go hiomlán.
Sgríbhneóirí bhíos ar lorg fuath labhartha is minic a rithid
i ngan fhios dóibh féin tré phuiteach na raiméise. I
ndeireadh an domhain féin bíonn corráil agus caismirt
aca i rith a saoghail. Ionad ar bith a mbíonn duine agus
a inchinn ag obair sin é an t-ionad is tábhachtaighe leis-
san sa domhan. Ní taobh le aon ionad coitcheann gnótha
amháin atá an domhan, ná taobh le aon áit amháin ina
gcuirfeadh na daoine go hiomlán suim; óir níl sa


L. 321


domhan acht daoine aguS gan neach díobh gan a chroidhe féin
— sin é dubhradh; i gcruthamhnas an gleann fasgamhail
ina bhfuil an Clyde, an gleann a thugas cúl do na
“Cumhachtaibh Móra,” agus aghaidh ar fhuacht an deiscirt,
má bhíonn céad duine 'na gcomhnuidhe ann béidh céad
saoghal ann.



Acht mar sin féin is maith liom an sgéal nuaidh seo a
tháinig chugam ón rann Eorpa; agus ní sgéal tábhachtach
toranda go dtí é. Tá Impir na Rúise ag cur dhe. Is
fada súil aige ar an Tuircéis agus is mithid dó coruighe
feasta dar leis. Chuir sé a shluaighte trasna an Sereth
do chosaint Críostuighthe na Gréige agus chum cothrom
d'fhagháil dóibh ina n-áitibh naomhtha; agus chuir na sluaighte
sin fútha i Moldábhia agus i Uallachia agus tá bruacha
srotha na Danóibí dubh leo. Chífear obair sul thiocfas na
sluaighte sin ar ais. Buachaill thú, a Impir! Umhluighim
duit go humhal buidheach. Taréis na mbliadhan a chaitheamh
dhom im' shuan ga mo dhalladh agus ga mo bhacadh táim ar
an aigéan Atlantic so anois ar thairseach an tuaiscirt,
agus is geall le beannughadh maidne dhom do bhuabhall
árd-sgalach a chlos a Impir, ar bhruacha na Danóibí; is
geall le bheith ag gairm ar an domhan duit é ag iarraidh a
ndúisiughadh. Agus is binn an ceol maidne é, níor
sheinn Memnon ariamh níos binne (ní áirmhím an fhuiseog).



Anois a bheas an t-órdughadh ann! Anois a bheas an
siubhal faoi na teachtairibh agus an ceol ag na téadracha
teachtaireachta. Ní fhágfaidh an diabhal timthire leis 'na
chomhnuidhe anois, go gcuiridh cosg leis an gcogadh
naomhtha so; ba mhaith an rud gan an tImpir a leigean go
Constantinóple, acht ní dhéanfadh sin cúis ar fad; cuir-
fidh an diabhal a theachta thart ar fud an domhain agus
ní chloisfear tada go ceann tamaill acht na bréaga.


L. 322


Déanfaidh cumhachtaí móra ceannuigheachta na ranna
Eorpa a seacht míle dícheall anois go cinnte ag iarraidh
an cogadh so a choinneál i n-áit bhig, sa gcaoi nach leath-
nochaidh sé, acht go n-imtheochaidh sé as mar dhéanfadh teine
nach mbeadh a thuilleadh ádhbhair le cur uirthi; óir ní
ceart aon toirmeasg a chur ar chúrsaibh na síbhialtachta
ná ar chúrsaibh ceannuigheachta. Acht tá súil agam go
bhfuil fir mhaithe ghlice ar an saoghal, agus nach leigfidh siad
don diabhal a ndalladh. Níor chualas go fóill cá raibh
Kossuth anois — i Sasana fós b'éidir. Laoiseach Kos-
suth! É siúd a bhfuil an tsúil ghéar ann, agus an
tsrón a gheobhadh boladh gach doibheirte (mar bhí ar Behe-
moth) — an gcoruigheann na sgéala so an t-easghoibhear-
nóir mór impireamhail anois? Ní fuláir nó is géar
líomhtha a dhearcas an fear sin thart anois ar an rann
Eorpa agus ar an Ásia go bhfeicidh cé'n chumhachta tá
ag ríghtibh agus goidé mar tá na daoine ag oibriughadh.
Má tá an tImpir agus go bhfuil faoi cogadh fhuagairt
dá ríribh, ní mór dhúinn a bheith san áirdeal i gcruth agus
go leathnochadh an cogadh; i gcruth agus go dtarraing-
eofaidhe tíoránach Hapsburg isteach ann, mar is trom
atá seisean ar an Ungáir agus ar an Iodáil; i gcruth
agus go mbrúghfaidhe nó go stracfaidhe an Francach
agus an Sasanach isteach ann, agus ní gan uidh gan óidh
sin a dhéanamh (leis an Sasanach ar chuma ar bith), óir
níl aon fhonn troda ar an leomhan fa láthair mara mbeadh
daoine dubha nó Burmese le troid aige; i gcruth is nach
mbeidh aon tsuaimhneas feasta ag na cúig cumhachtaí atá
ag riaghlughadh go sásta as láimh a chéile; agus i gcruth
fá dheoidh agus go n-árdochaidh na fiacha ortha agus go
dtiocfaidh an Briseadh mór ortha, mar thiocfadh Deus ex
machinâ, agus go socróchadh sin gnóthaí na hEorpa.


L. 323


Is beag den chodladh fhághas an Goibhearnóir Kossuth na
hoidhcheannta so.



Is iomdha fear tuirseach ar longais ar lotaibh i Lon-
dain, i mBruxelles, agus i Nua Eabhroc a dtógfaidh an
sgéal sin a chroidhe. Tá Blanc agus Rollin, Cabhaignac
agus Victor Hugo, Garibaldi agus Avezzana — táid siad
ina liodáin agam. Chítear dhom go bhfeicim i n-aisling
Giuseppe Mazzini agus a chlár leathan éadain agus a
shúil mhór, é ag cuimhniughadh go brónach ar Menottí a
marbhuigheadh; ar Maroncellí a stracadh ó chéile; ar
na Bandiera a marbhuigheadh go fealltach, beirt dearbh-
ráthar a bhí ionnta agus buachaillí óga; ag cuimhniughadh
ar na Langelottí atá i bpríosún ar charraigreacha
Capreae; agus ar a fhad is sheas na Rómhánaigh uaisle a
thuit an bhliadhain mhallaighthe .i. '48. Is maith a thagas
a comhartha don “Aondacht Iodáileach” go dtí an lá
indiu ann .i. craobh den chrann cupair; acht, is tig le
Mazzini misneach a ghlacadh arís cé go bhfuil fuaradh aige
ó n-a ndeachaidh sé thríd. A thriúr sin! An amhlaidh
go dtiocfaidh an tsúil seo freisin in bhur n-aghaidh? An
amhlaidh gurab é is críoch don ghnótha so freisin, mar ba
críoch d'eachtra Ramorínó? agus do chogar Charbónaró?
do thréas Bandiera? agus don ár Rómhánach. Níl
fhios sin ag Mazzini; níl fhios aige acht aon rud amháin
.i. má thosuigheann an cogadh so ar an rann Eorpa árd-
ófar arís craobh na nIodáileach n-óg den chrann cupair,
agus cloisfear arís an focal faire Ora e sempre dhá
fhuagairt go dúthrachtach faoi shléibhte na hIodáile.



Na tíortha coimhightheacha sin agus a gcúrsaí atá dhá
luadh agam anocht, agus is beag nach eagal liom ainm
na hÉireann a luadh, ná a sgríobhadh amháin ar mo tháibhlibh
seicreadacha féin, ná a admhughadh gur náisiún í a bhfuil


L. 324


a cuid féin oibre roimpi i ndíoghail na héagcóra a
rinneadh uirthi — agus éagcóir níos gráinne ní dhearnadh
ná mar rinneadh uirthi. Cé an bhaint atá agam-sa don
Iodáil? ná don Ungáir? An maireann Éire fós?
An bhfuil tada ann a dhúiseochadh muinntir na hÉireann?
an ndúiseochadh an stoc déidheanach féin iad? Nó an
amhlaidh go bhfuil na Gaedhil “ar fheabhas ar a sástuigh-
eacht” mar deir páipéir Londain; go bhfuil áthas ortha
drochdhream an bhrostuighthe a bheith dealuighthe amach uatha;
agus anois ó thárla an tséideog fós ionnta d'éis na
gorta, an amhlaidh gur ghéilleadar agus go bhfuilid ag
déanamh aithrighe, faoi smacht ag Dia agus ag Sasana?
Ní bhéidh fhios agam sin go sroichfead Nua Eabhroc agus
is beag nach bhfuil faitchios roimh an bhfírinne agam. Óir
tá fhios agam duine a chaith chúig nó sé bhliadhanta i
mbroid, fearg agus náire dhá chreimeadh ag dul a chodladh
dhó agus é ag easgainidhe ag éirghe dhó, tá a fhios agam
gur dual dó-san a cheapadh gur mór mór an bhrígh don
tsaoghal ar fhuiling sé, gur mór an bhrígh dhá thír agus
dó féin é. Cionnus an bhféadfainn-se súil a bheith
agam go bhfuil Gaedhil ar longais i Nua Eabhroc, ná fós
i nÉirinn, cé go mba doilghe leo-san gan a bheith ar
longais, go mbeadh an oiread suime sa sgéal aca agus
tá agam-sa? D'fhulaingeas-sa géire agus searbhas na
gcéadta bliadhan i n-imtheacht shé mbliadhan, chaitheadar-
san na sé bliadhna ag obair mar ba ghnáth leo. Tá fhios
agam gur gnáthach leis an té atá ag filleadh ar a thír,
is cuma cé'n t-am a chaith sé ar longais, gur gnáthach leis
tosughadh ar an saoghal arís san áit ar éirigh sé as mar
déarfá, chomh maith agus dá mbeadh gan a bheith san am a
chaith sé amuigh acht aisling a dhéanfadh ó luibh cnáibe na
hIndia a ithe, óir atá d'éifeacht na luibhe sin go gcaitheann


L. 325


daoine na bliadhanta chítear dhóibh agus go gcuirid a
saoghal isteach go tuirseach i n-ala na noiméide; nó
chomh maith agus dá mba hé Mahomed é, nuair a thug
an t-aingeal eisean thré na flaithis ionnus go bhfaca a
raibh de ghlóir ann an fhad is bhí an crúisgín uisge dhá
dhórtadh, go bhfuair an crúisgín a dhóirt sé nuair a
tógadh ar siubhal den talamh é ag dórtadh fós nuair
d'fhill sé. Ba míorbhuilte é sin; acht cé nach dtáinig
aon athrughadh ar an saoghal an fhad is bhí Mahomed isna
flaithis is eagal liom go dtáinig athrughadh air an fhad
is bhíos-sa i n-ifreann. An náisiún ar a raibh aithne
agam-sa i nÉirinn tá sí millte, briste; agus ní bheidh
a háit le fagháil feasta aici. Theicheadar go Ameriocá
ón ngorta, agus ní thuigim cad is ciall don fhocal a
chualas le goirid .i. “Éire nua san Oileán Úr.” Éire
gan na Gaedhil — na Gaedhis gan a bheith i nÉirinn — ní
ceachtar aca sin ar dtír-ne. Acht cé aige an bhfuil fhios
cad a thiocfas den chogadh naomhtha so? Creidim go
bhfuil aibhleis spioradálta agus aibhleis moralta ann;
creidim go bhfadochadh athainne na sluaighte daoine a
mbeadh an mothughadh caillte aca acht breith uirthi i dtráth;
creidim gur féidir cnámha críonna a aithbheodhughadh, mar
rinneadh i n-aisling Esecíel; agus go mb'éidir gurab
é Filleadh na Heracleidae a thiocfadh as imirce na
nGaedheal.



Mo bheannacht duit, a Impir. Phógfainn íochtar
t'fhallainge. Siúd ort, agus séan agus fad saoghail
chugat. Cuir a Thighearna cogadh chugainn le n-ar
linn-ne.



19°. — Cheileabhras do mo cháirdibh ó Nua-Orléans, agus
sheolamar: an Prometheus ag dul go cathair na himpir-
eachta agus an Pampero ag triall ar chathair an chorráin:


L. 326


agus chuir sé áthas orainn a bheith ag imtheacht ó shladairibh
agus ó mhíolaibh Bhaile Grae, iad féin is a gcuid tighthe
adhmaid, agus a gcrannlach fiadháin íseal. Tá riasg bog
i mbéal srotha San Iuan aca. Is mór é cion Nicaragua
Mac Gabhann ar an muineál talmhan so atá sé a dhearcadh
go grádhach; chuir sé an New York Sun ag sgartadh
cheana air agus is fearrde an muineál sin. Ní raibh nídh
le feiceál ó thángamar i dtír i San Iuan del Sur gur
fhágamar Baile Grae nár dhearc sé go grinn friochnamhach,
féachaint cé'n chaoi is fearr a bhfeilfeadh sé amach annso
do mhuinntir Ameriocá, agus cé'n chaoi is fearr a bhféad-
fadh seilbh thar barr amach a thabhairt dóibh air.



Chaitheamar sgathamh fada tráthnóna anocht ag comhrádh
agus ag cur síos ar chúrsaibh Meadhon-Ameriocá, agus
sinn 'nar suidhe ar bórd, ag caitheamh tobac agus ag
breathnughadh ar an tír íseal ag téaltughadh uainn. Níor
mhór le Nicaragua greim daingean do-sgaoilte a bheith
ag na Ameriocánaigh ar an áit, óir isé sin an bealach
is fearr atá ag dul ón aigéan thiar go dtí an t-aigéan
thoir, agus ní oirfeadh sé, dar leis, gan bacadh a chur ar
na Sasanaigh ionnus nach mbeadh baint ná páirt aca-san
leis. Agus ní hé sin amháin acht ar ádhbharaibh eile: is
ag magadh faoi fhorasaibh lucht puiblidheachta a bhí na
Sasanaigh dar le mo charaid croidhe nuair chuireadar
misgeoir de rígh dubh lobhtha ar an trón féachaint an
gcuirfidís d'fhiachaibh ar lucht loingis an Oileáin Úir
cáin a thabhairt dá mhórdhacht; agus níor mhór leis greim
a bhreith do na Ameriocánaigh ar a bhfuil ann .i. ar an
rígh agus ar an ríoghacht, a mhórdhacht a dhíol le plannduigh-
theoir siúcra éigin a thiubhradh obair fheilteach dhó, agus
cead ag na Sasanaigh sásamh a bhaint amach ar son a
gcarad dá mbeadh sé de rath ortha ná de mheisneach aca.


L. 327


Pé aca sin é, arsa Nicaragua, is mór an tarcuisne agus
an chontabhairt a achrannaigh is táthar ag riaghlughadh
faoi láthair sa gcró bradach úd thall, agus leis sin shín
sé an lámh i raibh an tudóg chum cathair oireachais Mos-
cuitia. Sé nó seacht de chéadtaibh Ameriocánach dhá
dtabhairt annso uair sa gcoicidhis agus iad dhá sgrios
ag an sgata bitheamhnach úd nach ngéilleann do Dhia ná
do dhuine. Acht féach, ar seisean, an droch-ól atá aca!
Rinne na chúig bhliadhna a chaith sé san Oileán Úr Amerioc-
ánach ceart de Nicaragua, agus is ionann leis ga a chur
ann agus droch-ól a thabhairt dó. Seadh, ar Nicaragua,
an mhéid go bhfuil an coimhéad sin ag Sasanaigh ar
Ameriocá Meadhonach, agus an mhéid gur droch-mhúinte
na daoine iad na Sasanaigh le muinntir an Oileáin Úir
thríd sin, agus ina chionn sin an mhéid gur ionann agus nimh
é an t-ól atá dhá dhíol aca, táim-se, ar seisean, mar bhí
an cathruightheoir ó Mhissourí nuair adubhairt sé uair:
táim-se i n-aghaidh droch-bhrandí agus i bhfabhar an chéad
chogaidh eile.



21°. — Támuid ag seoltóireacht i bhfuisgeacht chúig
mhíle do chósta thoir-dtuaidh Chúba. Tá réimse cnoc ann
nach bhfuil an-árd, agus feilmneacha torthamhla idir na
cnuic agus an fhairrge; fairsnge siúcra agus fairsnge
tobac atá ann. Tá caint mhór ar Lopez, ar an Pampero
agus ar Insibh na bPéinní ag an lucht taistil atá ar
bórd againn. An bharamhail atá ag daoinibh ar an luing
seo i dtaoibh finn-Ríoghan na nAntilles (má chuimhnighim
i gceart air): tá sé cinnte dhi a theacht isteach.



22°. — Bhíomar ag dul isteach an coinéal cumhang go
Cuan Habhana go díreach d'éis breacadh lae indiu agus
sinn i ngar do Chaisleán Mhóró. Bhí tuir agus táibhle an
chaisleáin ar thaobh na láimhe cléithe dhínn agus coill gunnaí


L. 328


móra asta; sreath eile dhíobh ar thaobh na láimhe deise.
Ní raibh an pasáiste thar cheathramha míle ar leithead: áit
é a chuirfeadh criothnughadh ar fhoghluidhthe mara. Níorbh
obair do mheitheal lae saoire ó Louisiana Habhana a
ionnsuighe, is follusach sin; acht má táthar chomh dian
docharach sa mullach ar mhuinntir na tíre agus atá le
rádh, b'fhorusta dul i dtír i n-áit éigin eile, agus dá
mbeadh taoiseach maith dána ann ba gearr an mhoill an
tír a ghabháil agus Habhana fhágáil go mbeadh réidh chuige.



Fuaramar comhartha ón gcaisleán agus sheasamar.
Tháinig bád chugainn agus tháinig oifigeacha na ríoghna
Catoilicigh ar bórd chugainn; chuireadar roinnt ceasd
orainn; d'imthigheadar, agus ghluais an Prometheus
arís. Ba gearr go bhfuaramar amharc ar chathair bhreagh
ar thaobh na láimhe deise, agus ar dhug ur-fhairsing mar
a raibh loingeas ó gach uile náisiún. Theann an Prome-
theus isteach le cineál céibhe ar an taobh ó dheas den
chaladh go dtógaidh sí gual. Bhí galtán Ameriocánach
eile ann romhainn agus gual dhá thógáil aici. Go Baile
Shéarluis a bhí sise ag triall.



Thaisbeáin mo chara Ameriocánach áit dom i n-aice an
chalaidh, áit a bhí timcheall dhá mhíle uainn. Sin é Atares,
ar seisean. An caisleán úd thuas, is ann a bhí géibhionn
an Chritenden agus ar a chaogad compánach, agus an
talamh bán sin ar a bhéala is ann a caitheadh iad i riocht
foghluidhthe mara. Tá sin againn ortha acht nílmid réidh
leo fós.



Seo é ar n-áit go tráthnóna i mbáireach.



23°. — Thug Nicaragua na buachaillí leis aréir agus
chuadar féin agus beirt nó triúr eile ón Óileán Úr
go dtugaidís cuairt ar an amharclann iomráiteach mar a
bhfuil buidhean ceoltóirí do láthair ar siubhal do dhéanamh


L. 329


grinn do dhaoinibh dílse na bainríoghna Catoilicigh.
Bhí sluagh saighdiúirí ar gárda taobh amuigh den amharc-
lann; agus saighdiúirí a bhí ag taisbeánadh a gcuid
suidheachán don méid a bhí ag dul chun an amharclainn.
Má taisbeántar mí-shástuigheacht ar bith leis an riaghaltas
i Habhana ní leigfear mórán de a thaisbeánadh san amharc-
lann.



Thugas cuairt thart timcheall na cathrach indiu i
n-éinfheacht le Nicaragua agus le mo charaid ón Oileán
Úr, é siúd a bhfuil na cainteanna bríoghmhara aige. Is
foisdineach na sráideanna iad agus is glan, cé go
bhfuilid cumhang plúchta; siopaí cuasacha ann agus
cuma shocair ghéilleamhnach ar na daoinibh. An t-arm
ar gárda ar fud na háite, agus is breagh fuinneamhail
na fir iad na saighdiúirí. Chúig mhíle fhichead díobh ar
an oileán agus thángadar go hiomlán ón Spáinn. Cé
an ghnótha atá ag an arm so annso, ar ar gcara, má tá
muinntir Chúba chomh sásta socamhlach agus deir na
Caiptíní agus na hÁrd-taoisigh, óir sin é deirid de
ghnáth?



Tá, go n-ionnsuighidh siad na foghluidhthe tíre thiocfas
ortha uaibh-se.



Agus arm Shasana i nÉirinn? An fa chomhair daoine
coimhightheacha atá siad-san ann, nó le dibhfeargaigh na
tíre a smachtughadh?



Cé'n cruthaghudh eile atá ann go bhfuil mí-shuaimneas
ar mhuinntir Chúba! An bhfuil an mí-shuaimneas dhá
theasbáineadh féin ar na páipéir nuaidheachta?



Níl aon pháipéar nuaidheachta ann, fearacht na
hÉireann, acht páipéir le lucht an riaghaltais — agus sin
cruthughadh maith eile ar mhí-shuaimneas.



Agus céard eile?


L. 330


Na hairm a bheith dá mbaint de mhuinntir na tíre. Sin
iad an dá oileán dá gcurtar Billí Arm i bhfeidhm, an
dá oileán a bhfuil na gens d'armes ar a gcomhairle féin,
an dá oileán ina ndéanann spiadóirí agus lucht braith
go maith.



Acht ní thaisbáineann lucht riaghaltais gur mór leo
daoine coimhightheacha a theacht isteach sa tír na dhiaidh sin.
Féach sinne annso ag siubhal sráideanna Habhana, ag cur
síos ar an éagcóir atá dhá dhéanamh ar Chúba agus gan
aon aighneas dhá chur orainn, cé gur dóigh go gceaptar
gur Ameriocánaigh sinn, nó daoine b'éidir a rugadh
faoi an “Réalt Aonraic.”



Seadh, acht níor thángamar i dtír gan cead ón Riaghal-
tas. Tá aithne ag an gCaiptín .i. an tÁrd-taoiseach
orainn agus an-fhaire. Dá dtéightheá isteach i volante
agus tiomáint thart timcheall na cathrach leanfadh
oifigeach thú ar marcuigheacht agus níl áit dhá dtiubhrá
cuairt nach gcuirfeadh síos ar a leabhar, is cuma cé an
timcheall ná cé an aimhréidh a chuirfeá ort féin.



Agus cad tá dhá chur as do mhuinntir Chúba?



Teampoill shaidhbhre Stáit a bheith dhá gcothughadh ar
mhaithe le cléir na Spáinne; cáin trom ar earraidh
tugtar thar tír isteach cé gur earraidh iad atá riachtanach;
saidhbhreas agus maoin an oileáin a bheith ag dul d'oifig-
eacha an airm agus d'oifigeacha an riaghaltais, agus
iad-san ag déanamh saidhbhris annso agus dhá chaitheamh sa
Spáinn; gan aon phosta measamhail a bheith le fagháil ag
muinntir Chúba, ná ag-á n-a gclainn, acht iad faoi thar-
cuisne ag clann na ndaoine bochta móra thagas anall
annso ag alpadh a bhfuil ann i n-onóir mhuinntir Chúba.
Cad é do mheas ar sin?



Éire eile í, a chara.


L. 331


Cé is moite d'fhoighid agus do ghlacadh bheith aca leis
an ngorta. Níl bualadh na nGaedheal ann sa méad sin.
Níl aon dream daoine ar fuaid an domhain a luighfeadh
siar agus a d'éagfadh ina dtáintibh agus ina milliúnaibh
den ghorta acht muinntir na hÉireann, muinntir phéarla
na fairrge.



Níor fhág sin focal agam.



Chuadhmar isteach ina lán siopaí i ndíoltar tobac.
Bhíodar ag déanamh toitíní ionnta go léir. Bhuaileamar
isteach i dteach breagh itheacháin le Dominica; tá cúirt
bheag istigh ann agus tobar áluinn ag déanamh fionn-
fhuartas di. Ghluaiseamar romhainn gur shroicheamar
árus uasal an Árd-taoisigh, agus is rí-dheas agus is
láidir i gcosamhlacht an teach é, agus é ar bhruach na céibhe.
Uirlios fasgamhail ar a bhéalaibh agus bealach amach go dtí
na sráideanna ar gach taobh dhe. Stadas tamaillín ann-
sin agus dhearcas suas ar an bpálás. Chuir sé gráin
agus déistean orm, mar chuirfeadh Caisleán Átha Cliath.
Sin iad dhá dhaingean an diabhail! Nach mairg gan iad ar
lár agus sguabtha chun siubhail, agus an talamh atá fútha
saillte le n-a ghlanadh!



Chuadhmar ar bórd arís; agus ar ndul isteach sa
mbád dúinn ar an gcéibh chonncamar na saighdiúirí ag
dearcadh orainn. Ghluaiseamar thart arís anocht faoi
ghunnaí an Móró; támuid ag dul isteach ar shruth an
luchtaire, agus an cnoc árd atá mar phéarla i gcoróin
Ríoghna na hAntilles d'imthigh sé as amharc. Siúd suas
go Nua-Eabhroc sinn fa dheireadh.



26°. — Chuadhmar thar Flórida agus thar Gheorgia suas,
agus támuid ag breith go tréan ar an aimsir fhuar; tá
sé 'na gheimhreadh cheana sa tuaisceart, agus tá ar long
láidir ag tarraing suas go mear ar an bhfuacht.


L. 332


Is gearr uainn Ros Hateras. Is gearr uainn Ber-
muda, ar thaobh na láimhe deise dhínn — insibh an gholata,
insibh na heasgainidhe agus ghíosgán na bhfiacal: an
daingean dúr ar chaitheas deich mí ann. Sheolas thart
timcheall na cruinne, bheannuigheas isteach i dtrí mór-
rannaibh, chonnaiceas réimsí úrfhairsinge mara agus
tíre —



feicthear dom gur léar dhom na doirí dubha cédir ar
íoghar thoir na spéire. An bhfuil aon fheabhas ar an áit ó
bhíos ann cheithre bliadhna ó shoin ga mo chrádh? Má is
amhlaidh gur “mairtír” mé arbh aon tairbhe mo mhairtír-
eacht do mo chás? — nó aon díoghbháil? Má is amhlaidh
nach raibh ionnam acht príosúnach a fuaduigheadh ar siubhal
go cealgach, agus ar caitheadh droch-cheann leis, an bhfuil
aon fhagháil go deo agam ar cheart a bhaint amach ar mo
shon féin gan trácht ar cheart a bhaint amach do mo thír?
Tá mé annso anois, mé réidh as gach uile dhaingean, an
domhan mór romham amach — sé sin le rádh tá mo sheal
díomhaoinis caithte agus an seal a bhíos gan chúram, agus
m'aisling meadhon-oidhche samhraidh; orm féin a bhéas
freagairt feasta ar son a ndéanaidh mé. An é an
t-olc nó an mhaith a dhéanfas mé le mo linn? Nó ar
bhfearr dhom dá bhfághainn bás faoi na crannaibh dubha
cédir, agus mé a chur sa reilic mhalluighthe úd? agus is
cnámha deamhan a bhfuil de chnámhaibh san reilic sin!



Is dubhach an cheist í sin dhá chur agam orm féin agus
mé ag dul i dtír anois ar thalamh Washington! Déanfar
dia beag dhíom ar feadh dó nó trí sheachtmhainí — sin é
deir mo cháirde ón Oileán Úr liom, agus iad ag tabhairt
comhairlí iomdha dhom — fearfar fáilte romham, gheobhad


L. 333


féastaí, agus bead im' ádhbhar cainte ag lucht na
bpáipéar. Dá mb' amadán mé b'aoibhinn dom.



Maiseadh go dtarrthuighidh Dia mé ar na gobemouches!
Maidir le mo chúis, tá fhios agam go mba cheart agus go
mba chóir an chúis í — agus ba tréas dom a rádh anois nach
bhfuil aon tsúil go dtiocfaidh sí as. Sasana, sin í
námhaid an chine daonna, agus tuitfidh sí fós agus suidh-
fidh sa draoib ar nós inghean Bhaibilóin; cuirfear “cúr-
saí sibhialtachta” na hEorpa as órdughadh; sé sin le
rádh tá na cneamhairí ag tuitim amach le chéile; agus
b'éidir annsin go mbeadh fagháil ag daoinibh cneasta ar
a gcuid féin. Acht cheana, deirim: Magna est Veritas,
et non praevalebit.



29°. — Árdáin Nebhisinc le feiceál againn indiu, an
Lúb Gainimhe annsin, agus Inis Staten, agus Inis Fada
Suas linn go mear thríd an gcuan is fuide amach. Bhí
mo bhean is mé féin ag siubhal ar bórd agus greann
againn as a raibh d'áthas ar na cáirdibh dhúinn a bhí ar
bórd ar mbeith dhóibh ag filleadh abhaile go Nua Eabhroc
d'éis bliadhanta a chaitheamh i gCalifórnia. Ba meanm-
nach so-ghluaiste a thaisbeánadar áiteacha aitheantais
an chuain imleathan sin dúinn; agus iad ag iarraidh
orainn a admhughadh gurab é an cuan is áille sa domhan é.
Dubhras-sa go mba hé an cuan ba fhoghainntighe é.



De dhéanta na fírinne is ar éigin atá ionainn labhairt;
óir chuadhmar thar an tSlighe Chumhang, thar Inis Staten,
agus siúd é os ar gcomhair romhainn an meall tiugh .i.
an chathair mhillteach, agus coillte crann loingis ar gach
taobh linn ar feadh t'amhairc suas go dtí gorm na spéire.
Is beag nach bhfuil Cathair Brúclin ar an árd thall chomh
háluinn céadna, agus a foirgne foisdineacha na sreath-
aibh ar feadh mílte ar imeall-bórdaibh na hInse Fada.


L. 324


Baile Liam ar an taobh i bhfus, Cathair Ierseí ar an taobh
thall, — cathracha le cúl a chéile ann — agus an domhan
daoine.



Shroicheamar an chéibh. Tháinig mo dhearbháthair agus
Tomás Ó Meachair ar bórd ag cur fáilte romhainn —
cuireadh i mbád beag sinn le sinn a chur ar ghaltán átha.
Ní dheachamar isteach sa gcathair chor ar bith, acht dul
díreach go Brúclin, mar a raibh mo mháthair ag fuireach
liom. Gurab é sin críoch m'Irisleabhair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services