Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 1
Title
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 1
Original Title
Jail Journal
Author(s)
Mitchel, John,
Translator
Ó Neachtain, Eoghan
Composition Date
1910
Publisher
Goill, M. H. agus a Mhac, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bealtaine 27, 1848. - Fuaduigheadh mise .i. Seán Mistéal, tuairim an 4 a chlog árd-tráthnóna, agus sguabadh ar siubhal i ngeimheal mé ó Bhaile Átha Cliath agus mé daortha mar “mhéirleach.” Bhí mé tar éis coicidhis a chaitheamh sa bpríosún sa nGeata Nua. Rinneadh mé a fhromhadh do réir chosamh- lacht i bhfiadhnuise dhá réag de choisteoiribh coitcheann an Chaisleáin, sgoilteadh a lán de bhaoth-chaint an dlighe, agus annsin “daoradh” mé (chomh maith agus dá mbeadh dlighe, ná ord, ná riaghaltas, ná ceart i nÉirinn). Barún de phór ársaidh corcra Bhrunsuic .i. Lefroy, a thug an bhreith orm, agus ní dhearna sé aon fhonomhaid de .i. mé chur i bpríosún thar sáile ar feadh cheithre bliadhna déag. D'fhilleas ar ais go dtí mo sheomra sa bpríosún, agus d'fhágaibh mé slán ag mo mhnaoi agus ag mo dhá bhuachaill bheaga bhochta. Cúpla noiméad tar éis iad imtheacht uaim tháinig an coimhéaduidhe príosúin chugam, agus culaidh ghlas de gharbh-éadach ina láimh leis. Cuir- fidh tú ort iad seo, ar seisean, ar an toirt. Chuireas orm iad ar an toirt. Tháinig an glór ó cheann an staidhre. Fágtar a chuid éadaigh féin air, ag imtheacht dó. Dubhradh liom mo chuid éadaigh féin a chur orm arís. Chuireas. D'fhiarfuigheas cá raibh mé le tabhairt. Ní fhéadfainn a rádh, ar an fear. Déan deabhadh. Bhí mála siubhail liom sa seomra agus roinnt éadaigh ann;
d'fhiarfuigheas an dtiubhrainn liom é. Ní thiubhrair; déan deabhadh. Tá mé fa réir mar sin, agus leanas dó síos na staidhrí. Bhí roinnt constáblaí agus coimhéadaidhthe príosúin sa gcúirt bheag ar a dhul amach dhúinn. Bhí dhá gheimheal iarainn ina láimh ag duine aca, agus deifir an domhain ortha, shaoilfeá, chomh maith agus dá mbeadh rud tábh- achtach éigin le déanamh, agus é ar a chailleadh. Acht níor ghábhadh dhóibh aon deifir a bheith ortha, bheadh sé chomh maith dhóibh a ngnótha a dhéanamh mar is gnáth leo .i. go righin, réidh, neamhshuimeamhail, go gruamdha acht go stáideamhail. Dubhradh liom mo chos a chur suas ar shuidheachán cloiche bhí leis an mballa, gur chuir constábla ceann de na boltaibh i bhfastódh ar chaol mo choise. Bhí an oir- ead sin de dheifir dhá chur ag an muinntir eile leis an gconstábla nach dtug sé uain dó féin acht a rádh: Seo, beir ar an gceann eile so in do láimh agus siubhail uait. Rugas, agus thóig mé suas an slabhra a raibh na boltaí ar a dhá cheann, sa gcaoi nach mbéinn dhá tharr- aing 'mo dhiaidh ar an talamh. Lean mé dhóibh amach póirse an phríosúin (áit i raibh roinnt mhaith daoine cruinn nó go bhfeicidís an “dlighe” ag baint a shásamh amach) amach go dtí an dorus amuigh. D'fhanas nóim- éidín 'mo sheasamh ar chéim ag béal an doruis agus dhearcas thart timcheall orm: bhí carbad dubh na bpríosúnach os mo chomhair, agus sluagh láidir de phílears na cathrach ar gach aon taobh den tsráid; bhí plód mór daoine taobh amuigh dhíobh agus iad go duairc. Ní raibh focal asta. Bhí dreamanna den mharcshluagh 'na seasamh feistighthe ag béal na sráide. Shiubhail mé síos an staidhre beag agus tar éis a raibh
de dhaoinibh cruinn ann ní dhearnadh aon torann acht a ndearna mo shlabhra féin. Ar an toirt 's a ndeachas isteach sa gcarbad dúineadh an dorus de thuairt. Gháir duine éigin amach: Go dtí an Caladh Thuaidh, agus ní túisge dubhradh sin, ná bhain na capaill as sna cosa in-áirde. Chruinnigh an marcshluagh 'na bhfál thart timcheall orainn, romhainn amach agus 'n-ar ndiaidh agus ar gach aon taobh dhinn, agus ghreadamar linn go dtí an Caladh Thuaidh, acht ní hé an bealach aithghiorra ná an gnáth-bhealach a chuadhmar. Bhí an carbad lán de chonstáblaibh. Beirt aca a raibh gnáth-chultacha cathruightheoirí ortha, shuidheadar duine ar mo láimh dheis agus duine ar mo láimh chlé. Bhí piostal ina láimh ag fear aca agus urchar ann, is cosmhail go rabhas fa n-a gcúram-san go sonnradhach. Thiomáineamar anuas an Bóthar Cruinn Thuaidh go deifireach, agus ba léar dhom fa dheireadh go rabhamar ag tarraing ar an abhainn. Sheas an carbad go hobann agus seoladh amach mé go dtí balla na céibhe. Bhí fál saighdiúirí ar gach taobh dhíom agus na claimhdhthe nocht- uighthe ina lámhaibh aca. Bhí galtán an Riaghaltais ar ancoire san abhainn .i. an Shearwater, agus í fa réir le n-imtheacht, agus bád beag a bhain le long mhór cog- aidh, istigh le balla, agus í lán de dhaoinibh, agus iad- san lán-fheistighthe in-arm. Chuaidh mé síos an dréimire agus ba deacair dhom é ag an slabhra, shuidheas i ndeir- eadh an bháid le hais oifigeach maraidheachta, agus thug dhá bhuille dhéag iomradh go dtí an galtán sinn. Bhí roinnt mhaith daoine ag breathnughadh orainn ón gcaladh, agus ó dhó nó trí longa a bhí in-aice linn. Ní raibh focal asta, acht aon fhear amháin adubhairt: Go ngnoth- uighidh Dia dhuit. D'fhuagair oifigeach pílears go fiadháin air gan aon achrann a tharraing, ar mhaithe leis féin.
Chomh túisge agus thángamar ar bórd, an t-oifigeach a bhí 'mo chionn thug sé síos go seomra na luinge mé, dubhairt sé an slabhra a bhaint díom, agus fíon agus uisge a thabhairt chugainn, agus thosuigh sé ag caint. Ba fear íseal é, gruaig dhubh air agus é tuairim agus chúig bhliadhna is dá fhichid d'aois, nó mar sin. D'innis sé dhom go rabhas le tabhairt go hOileán Árda Neimhidh i dtosach, oileán é sin atá i gCuan Chorcaighe agus príosún air, acht nach raibh seisean ag dul thar Dhún Laoghaire liom, an áit i raibh a long féin. Long gaile arbh ainm di an Dragon a long, agus an Caiptín de Hál a ainm féin. Is dóigh liom, ar seisean, go gcual- ais fa'n mí-fhortún a d'éirigh don Nemesis. Is tusa mar sin, arsa mise, an Caiptín de Hál a bhí sa tSín le goirid, agus sgríobh tú leabhar. Dubhairt sé go mba hé, agus do réir chosamhlacht bhí sé sásta go maith leis féin, agus dá mbeadh an leabhar aige an tráth sin bhronnfadh sé orm é agus fáilte. Shaoilfeá annsin go dtáinig faitcheas air go gceapfainn go mba hé Caiptín Basil de Hál é, agus d'innis sé dhom nárbh é Caiptín Basil de Hál é go bhfuair seisean bás. Acht cé nárbh é Basil de Hál é, sheol sé agus é na ghearr-bhodach ar aon luing .i. an Lyra, le Basil de Hál. Is dóigh liom, ar seisean, gur léighis a leabhar i dtaobh an turas mara thug sé ar Insibh Loo Choo. Dubhras gur léigheas agus leabhar eile leis a thaithnigh liom níos fearr go mór ná an leabhar sin .i. Cúntas i dtaobh na hÉirghe Amach i Chili agus i bPeru, agus i dtaobh an laoich áluinn úd San Máirtín. Bhain sin gáiridhe as an gCaiptín de Hál. Éirghthe amach a bhíos ag síor-rith thré do cheann, ar seisean. Seadh, go fír-mhinic, bunáilte i gcomhnuidhe. Is contabhairteach an obair í, an éirghe
amach chéadna, agus d'fhreagair mé dhó: d'fhéadfá-sa sin a rádh. Bhíomar i n-aice na céibhe i nDún Laoghaire faoi seo. D'fhéach mo chara ar a uaireadóir agus dubhairt go mbeadh sé i n-am fós ag an dínnéar; agus go raibh sé le bheith ar dínnéar leis an bhFear Ionaid. Bhí sé sa bPáirc ar maidin an áit i raibh an t-arm dhá dtaisbeánadh féin agus tugadh órdughadh dhó go hobann imtheacht agus mise a thionnlacan ón Dragon, é féin agus foireann báid. Dubhairt sé go raibh aithmhéal air go raibh air a leithéid de sheirbhís a dhéanamh, agus gur hinnsigheadh dhó, rud a chreid sé, go mba fear maith é m'athair. Thugas freagra éigin air. Thug sé cuireadh dhom a dhul ar bórd leis. Bhí foireann báid ag ullmhughadh báid agus iad gléasta i gcultachaibh máir- néalach agus airm aca. An comh-mháirnéalaigh iad so? arsa mise, agus dhírigheas mo mhéar chuca. D'fhéach sé go haisteach orm, agus rinne meanga beag gáire, maiseadh seadh, ar seisean, is máirnéalaigh iad. Chuir sé iongnadh air a ghéire agus bhí mé agus máirnéalaigh aithneachtáil, agus gan cultacha airm ortha, acht is amhlaidh chuireas an cheist air gan cuimhniughadh orm féin ná gan fhios agam cérbh iad. Acht, ar sé, go mear, máirnéalaigh ár saighdiúirí mara ar fad. Is dóigh liom é, arsa mise. D'fhágaibh Caiptín de Hál .i. caiptín an Dragon, slán agam annsin agus dubhairt sé ag imtheacht dó go mbeadh sé d'uain aige é féin a ghléas fa chomhair an dínnéir. Chuireas beannacht leis agus d'imthigh sé go dtí n-a long. Cheap sé gan aimhreas go mba iongan- tach ciúin an duine mé; acht is ag Dia atá fhios an croidhe. Bhí cnap mór in mo sgórnach an fhad is bhí an giob geab cainte sin ar siubhal eadrainn, agus b'fhada
fada uaim a bheith ag cuimhniughadh ar Peru ná ar Loo Choo acht an oiread. Is uaigneach an teach atá i nÁth Cliath, ag Droichead Chlármont anocht- tháinig mo mháthair agus mo dheirbhshiuracha aníos nó go bhfeicidís mé (an t-amharc deireadh gheabhaidís orm mara mbeadh aon teacht as agam)- agus bhí cúigear páistí beaga ann a raibh cion mór agam ortha, agus gan ceachtar aca san aois go dtuigfidís an buille caillte buaileadh indiu ortha, agus thar gach duine, thar gach uile dhuine, mo bhean. Céard a dhéanfas siad? nó céard éireochas dóibh? Is dóigh go bhfuil seilbh faoi seo ag foghluidhthibh an Riaghaltais ar m'oifig agus ar mo pháipéar nuaidheacht, ar mo chló agus ar mo leabhraibh agus ar a raibh agam. Agus caithfidh siad an “comhartha measa” a ghlacadh, rud a bhfuil an dearg-ghráin agam air. Agus nach raibh fhios agam sin? Agus tar éis fios a bheith agam air nach ndeachas sa gcontabhairt? Chuadhas, agus is maith a rinne mé é. Ba mhór an t-uathbhás a raibh ar a chailleadh agam go cinnte, acht ba mhór í an chúis agus ba mhór é an riachtanas. Agus rud eile dhe, gach ar chuireas ar a chailleadh ní bhéidh sé gan toradh a thabhairt. Agus tá fhios agam nach mbéidh aon easbaidh ar mo mhnaoi, ná ar mo pháistibh. An té ghníos soláthar d'éan óg an fhéich dhuibh- agus cuireann sin i gcuimhne dhom gur fearr a beathuigheatar an fiach dubh óg féin in Éirinn le bliadhan- taibh gearra anuas agus éanlaith nach é a d'íosadh feoil lobhtha, ná an Críostuighe. Agus na dhiaidh sin 's uile cad 'na thaobh an fhulang sin? Cé'n chiall a raibh sé riachtanach? Cé'n sochar a bheadh dhom ann dá mbeadh an bhuaidh féin agam ar Riagh- altas an námhad? Agus mara mbuadhochainn cé'n sochar a bheadh ann dom? Céard tá dá bharr agam?
Ceisteanna iad sin nach mór dhom a chur agus a fhreagairt anocht, agus gurab é seo (b'éidir) an lá deireadh a bhfeicfinn mé féin saor arís le mo shaoghal. Tá cathair Átha Cliath ar ar gcúlaibh anois, agus an cuan, agus na tighthe áille comhnuidhe le n-a n-ais, acht daorchlanna gearánacha atá sa gcathair agus cladhairí galánta ins na tighthibh. Tá an ghrian ag dul faoi taobh thall de bheannaibh gorma Chille Mantáin agus sinn ag seoladh thar Cheann Bhrí, an áit a gclaonann na cnuic anuas go fada réidh óna Craoiseacha Órdha, an áit a dtagann an abha anuas Gleann Sheanaganaigh ina sruth gleordha glas-uisge go fairrge. Agus mise i n-úr- thosach m'aistir, ag imtheacht romham go réigiúin uathbhás- acha, anaithnid éigin. Agus b’éidir arís go deo, arís go deo na ndeor, och, a Éire, a mháthair agus a bhain- ríoghan, gan súil b'éidir a leagan ar ghleann, ar chnoc, ná ar shruth shéiseach dá bhfuil ar t'fhuaid. Agus cé’n fáth? Céard tá dhá bharr? Cuirfidh mé síos annso cé’n fáth: Sa gcéad áit, bhí mé leis an “Riaghaltas” eolgach dá ngoirthear an Whig Government, ag síor-bhagairt ortha, ag tabhairt a ndubhshlán, agus ag aithis ortha, bhíos ag dul dóibh i gcruth is go mbeadh fhios ag gach uile dhuine céard do bhí mé a dhéanamh, nó gur chuireas d'fhiachaibh ortha coiste claon a thoghadh go puiblidhe, go follusach, agus go haireach, ionnus go mbuailfidís aon fhear amháin, agus dá bhrígh sin chuireas d'fhiachaibh ortha a chruthughadh nach bhfuil réim reachta ar bith i nÉirinn; nach do réir Dlighe atá an “Riaghaltas” ag imtheacht acht d’aindeoin an dlighe; nach bhfuil ins na coistibh a ndéantar daoine a fhromhadh os a gcomhair acht coistí magaidh; agus nuair adeir na Whigs go
bhfuil fútha na daoine a riaghlughadh go ceart, cneasta, cáirdeamhail, i nÉirinn, gur bréagaighe iad ná Athair na mBréag féin. Ní leomhaidís mé a fhromhadh go cothrom os comhair comhdhaoine mo thíre. Dá mbuailtí iad sa bhfromhadh sin d’fhéadfainn leanamhaint dóibh nó go mbeidís buailte amach ’s amach. Ba gearr go dtais- beánainn d’fhearaibh Fáil cé’n chaoi a bhféadfaí poll a dhéanamh thré n-a ndlighthe, agus ní hé amháin acht praiseach a dhéanamh dhíobh féin is dá ndlighthibh. Sa dara háit. - Ó thaisbeánas nach raibh Dlighe ná Reacht le fagháil againn, bheadh súil ag duine go gcuir- feadh sin deireadh le brostughadh dlisteanach, agus go gcuirfeadh sé náire ar dhaoinibh labhairt arís ar chumh- achta mhórálta .i. do réir mar thuig Domhnall Ó Conaill an chumhachta mórálta. Agus ó thárla gan an mearbhall sin ar dhaoinibh níos fuide, b'éidir go dtuigfeadh comh- dhaoine mo thíre an fhírinne, agus seo í an fhírinne ghlan .i. nach bhfuil aon leigheas ar an díoghbháil atá dhá dhéanamh d’Éirinn, dhá dhéanamh dá muirghineachaibh, nach bhfuil leigheas ar an gclaonrún, ar na claon-choistibh, ná ar an díbirt a déantar ar Ghaedhealaibh as a dtighthibh acht an t-aon lán-leigheas amháin, agus sin é claidheamh an dá fhaobhar. Chomh cinnte is tá Dia thuas sin í an fhírinne. Chuireas m’anam agus mo chorp gurab í an fhírinne í, agus cibé cad a thiocfas as béidh mé gabhtha leis. Má chuimhnigheann duine go raibh Domhnall Ó Conaill agus na sagairt dhá fhichid bliadhain dhá dhingeadh isteach i gceann na ndaoine go mbadh chóir an réiteach a ghlacadh, agus gan aon fhuil a dhórtadh, acht géilleadh don dlighe (agus b’ionann sin agus a admhughadh go raibh riaghaltas
ann agus go mbadh dlighe dlisteanach é an dlighe a tháinig ó Londain, agus ba shin bréag a rinne an dearg- thubaiste), tuigfidh sé a dheacracht is bhí sé don fhírinne sin aon cheann ar aghaidh a dhéanamh, agus fós tuig- fidhear a riachtanaighe is bhí sé an teagasg sin a mhúnadh ós árd, agus an siabhrán seafóideach a chur i leath taobh. An tríomhadh cás de. - Tá sé cruthuighthe do Chatoilic- ighibh na hÉireann agam nach bhfuil siad saor fós, tar éis a raibh de mhórdháil ortha mar gheall ar an toghadh i gconndae an Chláir; ná nach leigtear dóibh a bheith ar choiste choitcheann i gcúis phuiblidhe ar bith; go gcurtar an toirmeasg sin ortha i n-aon turas, agus go maoitéiseach; sé sin le rádh, ní cathruightheoirí iad ina dtír féin, sé sin le rádh, is daorchlann iad, mar níl an dara hainm ann le tabhairt ortha. Riaghlughadh le lámh láidir atá ortha anois mar bhí riamh; agus má fhanann siad umhal don riaghlughadh fanadh, agus ag an diabhal go raibh siad! Níl fhios agam céard a dhéanfas siad nuair a chuirfear an ceacht sin in-iul dóibh. Tá fhios agam ar a shon sin céard ba chóir dhóibh a dhéanamh. Breitheamhain, dligheadóirí conganta, giúistíseacha agus a leithéidí sin atá 'na gCatoilicighibh, badh chóir dhóibh a bpostaí a thabhairt suas; constablaí atá 'na gCatoilicighibh, badh chóir dhóibh na casógaí a chaitheamh dhíobh, mar is náireach na casógaí dhóibh iad; saighdiúirí atá 'na gCatoilicighibh, badh chóir dhóibh an t-arm a thréisgint; le sgéal gearr a dhéanamh dhe, chaithfidís-sean a bheith 'na gcathruightheoiribh ina dtír féin, sin nó praiseach a dhéanamh de ghnáth- imtheachtaibh na ndaoine. Acht fa láthair sé a mhalairt sin go léir a dhéanfas siad. Is diomdhach a bhéas Catoilicigh measamhla an Chaisleán díom fa thaisbeánadh
chomh follusach sin gur daoine truaillighthe iad. Saoil- eann siad-san go bhfuil siad sáthach saor, agus bhéar- faidh siad mallacht a ndéithe dhom, má tá a leithéidí aca. A Dhia láidir! cár imthigh croidhe mór an taoisigh agus an tanuiste uainn? Nach hé calamacht agus crodhacht Uí Chonchubhair agus calmacht agus crodhacht Uí Dhomhnaill Ruaidh atá ar iarraidh! Agus an é seo an cine is stáideamhla bhí ar shliocht Shíol Chaucasius agus é 'na ghorta ortha anois, iad fa tharcuisne, agus fa mhoghsaine? Acht tá Catoilicigh óga ag éirghe suas - seadh agus iad imeasg na gCatoiliceach atá sa gCaisleán, tá súil agam, agus náireochadh siad a n-aithreacha, acht budh cliú dá seacht sinnsear iad. Sa gceathramha áit. - Ní stadfaidh an obair anois. Rinneas cinnteacht de seo .i. go mbéidh an t-achrann atá idir na Gaedhil agus an riaghaltas Carthagineach níos treise agus níos tréine feasta ná bhí sé riamh; ag dul i mí-shástuidheacht a bhéas na daoine; ní sheolfaidh Nice, Bainríoghan Charthagin, anall go hÉirinn ina long pléisiúir an samhradh so .i. 1848, mar do dheonaidh sí a dhéanamh; cinnfidh sé ar gach uile riaghaltas Carthagin- each dá bhfuil ann na Gaedhil a riaghlughadh; agus fa dheireadh is fa dheoidh is amhlaidh bhéas Gaedhil agus iad ag iarraidh Riaghaltas Puiblidheachta (nó Republic) a chur ar bun. Acht do tháinig an Bhainríoghan anall an bhliadhain dár gcionn, mar bhí fúithi a dheanamh, agus bhí na Gaedhil chomh tútach agus gur umhluigheadar sa lathaigh i gcomharthuidheacht a ndílseacht bréige dhi. Is náireach le n-aithris é, acht cé gur náireach is fíor é.- S. M. Gach uile smuaine, agus gach uile bharamhail, dár sgríobhas, i dtosach má’s taraingreacht nó eile iad d’fhágas amhlaidh iad. Seasfaidh mé ar an bhfocal céadna fós, cé go bhfuil fhios agam go ndéarfaidh daoine gur bhréagnuigh gníomhartha eile ’na dhiaidh sin mé. Chífimíd go mbeidh gníomhartha eile ann na dhiaidh sin arís agus gur bhréagnuigheadar-san iad-san. Is ionann diúltadh a neamh-dhéanam agus posaid a dhearbhughadh.- S. M.
Má rinneas-sa na gníomhartha sin, nó má chuidigheas le n-a ndéanamh, nó má b’fhiú tada mo chongnamh do- chum na ngníomhartha sin a chur chun tosaigh, agus maran saint a bhí ga mo bhrostughadh, nó amplacht, nó mórdháil, nach ndéarfadh mé gur maith a rinneas é? Nach amhlaidh is teanntásaighe mé ar an aistear eistreánach atá romh- am, seadh agus nach amhlaidh is éadtruime luighfeas mo gheimheal orm, go nach mbéidh ann agam acht mar bheadh fleasg blátha? Ní móide go mbeadh fhios agam goidé mar tá an cluiche mór dhá imirt; ná ní móide go sroich- feadh na páipéir nuaidheachta mé. B'éidir go bhfuighfidhe sochar na hoibre go luath, agus níos obainne ná mar bhí aon cheapadh agam, nó cá bhfios nach millfeadh amadán an cás, nó nach ndíolfadh lucht braith é agus go mair- feadh sin tamall? Maidir liom féin (acht is beag an bhrígh sin) b'éidir go ndéarfaidhe go raibh grádh do mo thír agam, agus go dtiubhraidhe mairtír orm - go bhfor- tuighidh Dia orm - nó b'éidir gurab é a mhalairt de sgéal a bheadh ann, agus go mbeadh sé aca ar fud na sráideann, agus mar sheanfhocal nach raibh ionam acht amadán; nó cá bhfios nac ndéanfaidhe dearmad díom fa cheann míosa. Agus mo chuid-se dhe, béidh mé i bhfad i gcéin i mball éigin, fa na Réaltbhuidhntibh Theas b'éidir, agus mé ag obair liom ar m’obair príosúin, gan fhios agam céard táid siad-san a dhéanamh. Nach mór a thiubhrainn leith-bhliadhain ó indiu ar thuairisg fhágh- áil ón Raghallach, nó ón Máirtíneach, goidé mar atá ag éirghe leó! Níl cladhaireacht ná fealltacht ag siubhal leis na fearaibh is fearr againn, ná níl aon eagla orm go bhfuil. Is díocasach deagh-labhartha an fear é mac Uí Mheachair; fear calma i ngníomh é agus dá mbeadh call
leis, fear a d’fhulaingeochadh rud go calma. Is truagh liom nach smuainigheann sé ar a shon féin. Fear tréan árd-intinneach é an Brianach, acht fear ceanndána, collóideach, dochomhairleach; rugadh is tógadh ina dhuine uasal freisin é, agus ó is Gaedheal dá ríribh é, ní thuigeann sé nach Gaedhil iad a chomhuaisle, agus ní headh acht dearg-náimhde do Ghaedhealaibh. Agus cá bhfuil an té leomhfadh focal den fhírinne a sgríobhadh ná a chur i gcló? Fanfaidh an Freeman gan spioraid agus im- theochaidh sé do réir an dlighe nó go gcaithtear an droch- aimsir. Béidh cruadhóg ar an Nation ag múnláil an dream ar a dtugtar an “party” nó go mbidh siad go díreach ar an nós a raibh an dream Girondist i nÉirghe Amach na Fraince. Déanfaidh sé freisin idirdhealughadh go haireach idir dhaoine fiadháine bharra an chnuic .i. mise agus mo leithéid, agus daoine fíor-mheasamhla mar na Lafayette-Lamartinists, agus is beag an mhaith é a chur i n-éadan na ngnótha tábhachtacha atá le déanamh i nÉirinn. An Diolúnach agus mac Uí Ghormáin, is maith tréan na fir iad, acht níl siad sáthach fraochmhar. Acht tá árd-mhuinighin agam as an Raghallach agus as an Máirtíneach, acht ar ndóigh is iad-san an chéad bheirt a bhéas alpuighthe ag arrachtach mara Charthagin. Beann- acht Dé leo go léir, go dtreoruighidh Sé iad, agus thar gach nídh, go dtuga Sé misneach do na daoinibh bochta! Tháinig dorchadas ós cionn na fairrge agus sgairt na réalta amach, agus sul d'imthigheas síos de bhórd deireadh na luinge, an áit a rabhas ag dearcadh uaim ón taobh den tsoitheach a bhí tugtha do thír, d’éirigh ceo trom na hoidhche ar shliabh Cualann agus d’fhan sé ann ina bhrat. Bhí an dá choimhéaduidhe le mo thaobh i gcomhnuidhe .i. an dá chonsabal a raibh na cultacha cathruightheoirí
ortha, agus dubhradar liom go raibh sé ag éirghe deir- eanach agus go raibh an tae ullamh thíos. Chuadhas síos dá bhrígh sin agus d’ólas tae ar nós na ndámh le dhá airgheach. D’fhiarfuigheas de mo dhá charaid an raibh fhios aca cá raibh ár dtriall. Dubhradar nach raibh fhios aca tada, acht go mba dóigh leo go bhfágfaidhe ar Oileán Árda Neimhidh mé; cheapadar gurab amhlaidh dhéanfadh an Riaghaltas mé choinneál annsin tamall, go dtéigheadh na daoine chun suaimhnis beagán agus annsin go sgaoilidís bóthar liom. Maith, maiseadh, tá a mhalairt de thuairim agam-sa, a cháirde na céille bige. Ar thalamh na hÉireann, ná i ngar dhó, ní fhágfar mé go cinnte. Cá gcuirfear mé mar sin? Tá príosúin i gcríochaibh eile i n-imigéin ag muinntir Charthagin: i nGibraltar, i mBermuda, san aigéan Atlantic ar Insibh Nórfólc san aigéan Pacific; agus, thairis sin, tá siad ar Oileán na Tasmáine agus i n-ilchríochaibh sa mBreatain Nua Theas; óir ní theigheann an ghrian faoi i n-aon chor ar na hiltíorthaibh i bhfuil daoine atá ag éirghe amach i n-aghaidh na Breataine. Ní móide go gcaithfidhe cheithre huaire fichead go mbéinn ag imtheacht fá lán-tseol ag tarraing ar áit éigin aca sin. Acht cibé áit i mbéidh mo phríosún is dóigh liom go bhfuil neamh ós a chionn. Solatháradh seomra maith dhom annso agus ba leor d’fhear céachta a bheadh cortha d’éis a lae a bhfuil de chodladh orm. Beannacht agat mar sin, a Éire, agus ag a bhfuil d’achrann ionnat agus de stríocáil, de bhollaireacht, de bhreallaireacht agus de shíor-bhaoth- chaint. Beannacht agaibh, a cháirde, agus fós, a náimhde. Agus beannacht agat, a chaomh-chéile mo chléibh, is tú an bhaintreabhach anocht- acht casfar dhá chéile fós sinn.
28. -Ar maidin Dia Domhnaigh. Maidin bhreagh gheal, acht níl aon amharc againn ar thalamh. Fuaireas United Irishman an lae indé in mo sheomra. Léigheas a raibh ann. Buachaill, a Mháirtínigh! Fear maith, a mhic Uí Raghallaigh! Acht, a bhuachaillí, sloigfear fós sibh. Tá an “Riaghaltas” ag dul chun dubhshláin libh anois. Tugadh cuireadh chun bídh dhom leis na hoifigeachaibh agus leis na leaghaibh. Bhíodar go léir go han-tsíbhialta liom. Fear breagh óg groidhe é duine aca, an dara hoifigeach é, measaim, agus is gearr ó tháinig sé ón aigéan Pacific, tar éis a bheith seacht mbliadhna ag seol- tóireacht ann. Tá a chroiceann comh donn le croiceann Ríoghan Pomaré. Éireannach é, acht is fearr an t-eolus atá ar pholiticeacht i dTaiti agus i Hawaii aige ná ar ghnóthaibh na hÉireann. Sgaip an ceo den talamh tuairim an 10 a chlog, agus d'aithnigheas i bhfad ó thuaidh uainn an cósta thart timceall ar Eochaill, agus Inbhear na hAibhne Móire, agus Sliabh Cua ó thuaidh dhe sin, agus a bharr liath-ghorm, bhí sé an fhad sin uainn. D'fhanamar i bhfad amach ón talamh ar feadh na hoidhche, acht bhíomar ag déanamh ar chuan Chorcaighe anois. Níor bhfada go rángamar an cuan, agus fá cheann leath-uaire leig- eamar ancoire amach ar aghaidh an Chóibh, i bhfoisgeacht chúig céad slat d'Oileán Árda Neimhidh. Is truaigh- mhéileach fhéachas an áit chéadna sin, agus d'fheicfeá uait ar mhullach an chnuic ballaí fada an phríosúin agus sreath gunnaí móra ann do chosaint an chuain. Hís- ligheadh bád beag ar an toirt agus cuireadh foireann innti. Mo cháirde a raibh na cultacha cathruightheoirí ortha, dubhradar liom go dtógfaidís ortha féin gan na slabhraí a chur orm ag dul i dtír dhom (mar is mór a thógas constáblaí ortha féin i nÉirinn). An caiptín
agus an t-árd-oifigeach, d'fháisgeadar ortha na claidhmhthí agus shuidheadar from i ndeireadh an bháid. Ba ghearr gur shroicheamar an t-oileán, agus ar a dhul suas an casán dúinn, agus sinn i dtír, casadh duine uasal aosta dhúinn, fear camalta bhí ann, agus dubhairt: An Mistéalach, is dóigh liom. Cé an diabhal caoi, arsa mise liom féin, an raibh fhios agat roimh ré go rabhas ag teacht chugat. Rinneas dearmad go raibh Clarendon, an tighearna, cinnte, nuair a fromhadh mé, go dtligfidhe mé. D'umhluigheas dó i gcomhartha go mba mé, agus d'ionntuigh sé ar a sháil annsin agus thionnlaic sé sinn go dtí n-a uaimh. Thug sé thar dhroichead iontógtha sinn, thar chúpla airgheach, thar chliath-ghrátaí, go ndeachamar isteach fá dheireadh i gcúirtín bheag chearnógach. Fosg- luigheadh dorus i mballa de bhallaibh na cúirte. Ar sheomra mhór a bhí an dorus. Seomra fairsing stuadhach a bhí ann, agus leaba, bórd, cathaoir, agus bóirdín lothair, sin é a raibh de thrusgán ann. Dubhradh liom go rabhas i mo sheomra. D'fhágaibh an dá oifigeach slán agam, agus is iad a bhí go síbhialta, agus dubhradar go raibh súil aca go mbeadh feabhas agus malairt crotha orm nuair d'fheicfidís arís mé; agus do réir chosamh- lacht, ba truagh leo mo chás. D'umhluigheas dóibh agus do ghabhas buidheachas leo, agus fágadh liom féin mé. Fágadh an seomra agus an chúirt fúm féin, níor leigeadh aon phríosúnach eile isteach sa gcúirtín. Tháinig an Grásach isteach .i. an Gobhernóir, agus d'innis sé dhom go raibh cead agam sgríobhadh abhaile acht an litir a thaisbeánadh dhó-san. Sgríobhas, agus d'innsigheas cá raibh mé, agus d'iarras roinnt éadaigh agus roinnt leabhra a chur chugam i mbosga. Thairg an Grásach freisin leabhra a thabhairt ar iasacht dom an fhad is
bheinn ann. D'fhan síléar sa gcúirt agus é ag siubhal síos is suas dó féin, agus shiubhladh sé isteach sa seomra chugam corr uair. Culaidh riaghalta ghorm a bhí air. D'fhiarfuigheas dhe céard a bhí uaidh. D'innis sé dhom go raibh air fanacht in m'fhochair go mbeadh sé i n-am na glais a chur, go mba mhór an cruadhtan leis é, agus go mba truagh leis nach raibh sé i n-am cheana. Tháinig an t-am fá dheireadh: dúnadh mo dhoras agus sin é an chéad uair beo a bhí mé gan duine ná deoraidhe bheith i n-éinfheacht liom. Agus ó is rud é nach mbéidh tada sa tuairisg seo acht an fhírinne i dtaobh ar éirigh dhom, admhuighim, agus sgríobhfad síos annso an t-admhughadh, gur chaitheas mé féin ar an leabaidh agus go dtáinig racht uathbhásach golata orm, agus gur shileas na frasa guirte deor, le corp feirge, le truaigh, le aithmhéal, agus le aingceis, acht níor shileas snig, agus ba tútach an rud dom dá silinn, mar gheall ar ar éirigh dhom féin. Níor tháinig sé fós ariamh an té chuirfeadh síos i gceart ar a ndeacha thré m'aigne agus thré mo chroidhe an uair sin, acht níor éirigh sé dhom an dara huair. Acht má tá aon duine ann a leigfeadh a chroidhe dhó sin a chasadh liom, chomhair- leochainn dó fanamhaint leis nó go mbidh a mhac a samh- ail de chruth air féin. Creid mise ann, a fhir na foighde móire, dá mbeitheá-sa in m'áit-sa go mb'fhorusta dhom mí-fhearamhlacht a chasadh leat. Tá sé thart, agus thart go bráth. D'éirigheas fa cheann leath-uaire, thugas folcadh dhom féin san uisge agus shiubhal mé thart in mo sheomra. Tá fhios agam go bhfuil an chioth mhí-mheanman sin thart, agus táim ullamh anois fa chomhair géire na cheithre bliadhna déag atá romham agus fa chomhair cibé nídh atá i ndán dom dá mbarr -
obair, tinneas, náire shaoghalta, seadh nó an bás féin. A chinneamhain, bheirim do dhubhshlán. 29.- Níl tada le feiceál sa gcúirt seo acht ballaí árda agus an spéir ghorm ós do chionn. Acht leathsmuigh de na ballaibh seo tá fhios agam go bhfuil an cuan go háluinn agus é ag síneadh ó na cnocaibh glasa amach. Má coinnigheatar mórán bliadhnta annso mé déanfad dearmad ar áille an tsaoghail leathsmuigh, agus liathfaidh mo radharc ó bheith ag síor-dhearcadh ar chlochaibh liatha. Tar éis am céadphroinne ar maidin indiu tháinig an Grásach isteach chugam agus eochraidh freis. Bhí culaidh dhonn éadaigh príosúin ina láimh aige agus dubhairt sé go raibh obair mhí-thaithneamhach le déanamh aige .i. go gcaithfinn na héadaigh sin a chur orm. Rinneas sin gan focal a labhairt, agus cúpla noiméad 'na dhiaidh sin tháinig fear beag ruadh isteach gur bhreathnuigh sé orm. Gobhernóir príosúin Ghuirt an Ghabhann a bhí agam ann, as Baile Átha Cliath. Bhí sé ar tí filleadh a bhaile agus níor mhór leis é bheith le n-innsin aige dhóibh i nÁth Cliath go bhfaca sé éadaigh an phríosúin orm. Acht níl blas suime agam-sa ina gcuid riaghlacha. Tharraing mé liom mo chathaoir chois an doruis, agus shuidheas fúm ga mo ghoradh féin leis an ngréin, gur chaitheas uair nó dhó ag léigheamh na Merry Wives of Windsor. Buidheachas le Dia go bhfuil Shakespeare againn ar chuma ar bith. Ní fhéadfaidh an Barún Lefroy breith bháis a thabhairt ar Shakespeare, ná amháin é dhaoradh fa dhroch-cháil a chur amach ar dhuine cé go dtuilleann sé é, cloisim, fa'n droch-cháil a chuir sé amach ar Sir Seon Falstaff. Ridire ciúin calma ba headh é an Falstaff, nó an Fastolf ceart, deir siad liom, agus rinne sé cais- leán breagh dhó féin i gCaistor go gcomhnuidheadh sé
ann. Níor ól sé fíon Spáinneach riamh i nEastcheap, ná ní raibh sé ag suirghe i Windsor; níor bhfear bocht, ná níor bhfear beathaighe ná fear greannmhar é, mar an Sir Seon seagainne, agus bhí sé chomh cosmhail le ridiribh a aon-aimsire féin agus tá sgadán spíonta le sgadán spíonta eile. Maith, maiseadh, má's í sin an rud dá ngairmthear an fhírinne cé aca an fear ceart tacamhail? Deirim-se gurb é an Sir Seon seagainne an fear ughdarásach, agus nach raibh it fhear-sa acht Fastolf bréige. Nach bhfacas féin é agus nach ndearnas gáiridhe faoi, céad uair? agus cé gur fear reamhar é agus go bhfuil sé ag dul in-aois agus ag liathchan, ní fhuighfidh mo dhuine bocht bás go bráth- de dhéanta na fírinne, bhí a cheann liath agus bolg air an oidhche rugadh é. Is tig leis an fíon Spáinneach ól fós, agus go dtí an lá tá indiu ann is duine greannmhar é, agus is ughdar grinn é. Ná bac leis mara bhfuil rud le cur ar shon an Sir Seon sin agam. An fhad is bhíos ga mo ghoradh féin leis an ngréin tháinig duine uasal mór tábhachtach isteach sa mbán chugam. “Cigire” é, deir siad liom. Bhí ceathrar nó cúigear de dhaoinibh uaisle óga in' fhochair agus cultacha deasa éadaigh ortha. Chuadar isteach tharm sa seomra agus labhradar beagán éigin eatortha féin. D'imthigh- eadar amach arís agus dhearcadar go grinn orm ag dul tharm dóibh. D'fhéachas ortha agus gan méag cuimhniughadh ortha, acht mé mar bhéinn ag dearcadh thríotha agus ag cuimhniughadh ar rud éigin eile. Creidim gurb é an rud a thug isteach iad go bhfeicidís mé. Maith go leor, má's aon tsólás dóibh é níl mé 'na dhiaidh ortha. 30.- An t-eochraidh atá im' chionn dubhradh leis gan imtheacht chor ar bith uaim. Is maith socair an créatúr
de dhuine é. Cineál creidimh éigin atá aige nach dtag- ann leis an gcreideamh riaghalta, agus bíonn sé ag crónán na salm dó féin go híseal. Is iondamhail go bhfanann sé chomh fada uaim agus leigeas an riaghail dó. Bhí dorus sa mballa árd i leath taobh, agus bán eile amach uaidh. Tráth a rabhas ag siubhlóid thart indiu, ar fud mo chríocha féin, bhí an t-eochraidh i bhfogus don dorus agus dubhairt sé ós íseal liom: Siubhail isteach annso, a dhuine uasail, má sé do thoil é. Bhí an dorus osgailte agus greim aige air. Shiubhlas isteach agus táinig fear árd chugam agus rug sé ar dhá láimh orm ar an toirt boise agus é go humhal fíor-oirmhidneach dhom. Bhí cosamhlacht duine uasail air, agus culaidh réidh- chaithte d'éadach dubh air. D'aithnigheas a aghaidh, acht níor chuimhnigheas i dtosach cé bhí ann. Ba hé Éadbhard Breathnach é, an fear a sgríobh an t-amhrán Mo Chraoibhín Cnó, agus amhráin bhinne eile nach é; chuir sé Béarla freisin ar roinnt de shean-amhránaibh binne na Gaedhilge. Bhí na deora ina shúilibh, agus d'innis sé dhom go raibh sé ag déanamh seibhte nó go bhfeiceadh sé mé sul d'imtheochainn as Éirinn. D'fhiarfuigheas de céard a bhí sé a dhéanamh ar Oileán Árda Neimhidh, agus dubhairt sé liom gur ag múnadh sgoile bhí sé ann, agus go mba iad na príosúnaigh beaga na sgoláirí bhí faoi. Is fíor-shuarach an posta é go deimhin, agus duine cúthal, náireach mar an mBreathnach, sé an céasadh laetheamhail dó é. Chrom sé agus phóg sé mo lámha. Á! ar seisean, níl aon fhear i nÉirinn indiu ar chóra éad a bheith leis ná thú. Dubhras leis, ghá fhreagairt, nach dtiocfadh gach uile dhuine leis sa méid sin. Labhair sé cúpla focal eile liom go carthanach, agus annsin ar bhfeiceál dom go raibh an t-eochraidh ag fuagairt orm, d'fhágas mo bheannacht aige
agus isteach liom im' uaimh féin. An Breathnach bocht! Tá muirighin lag, óg air, agus do réir chosamhlacht tá sé gan chroidhe gan tsláinte. Tá an sgrios dá thuar dó leis na bliadhantaibh, acht saoilim go bhfuil sé sgriosta fa dheireadh. Tá príosúnaigh ag obair ar an Oileán agus is sásta atá siad ná an múinteoir sgoile. B' éidir go bhfuil éad ag an bhfear liom dá ríribh; go dearbhtha níl aon éad agam-sa leis-sean. 31.- Tháinig an Cigire tábhachtach chugam indiu agus an Grásach i n-éinfheacht leis. D'fhiarfuigh sé dhíom an raibh aon chasaoid le déanamh agam leis? Níl, ná focal, arsa mise. Bhí sé idir dhá chomhairle noiméidín agus annsin dubhairt: tá orm a innsin duit go bhfuil sé cinnte ag an Riaghaltas thú chur as an tír. Maiseadh seadh! Cé'n uair? Ar maidin i mbáireach. Goidé an áird den domhan, an miste dhom fhiarfuighe? Go Ber- muda. Cé an deis iomchair a thiubhras ann mé? Long cogaidh a tháinig isteach sa gcuan indiu. Tá go maith, arsa mise, agus d'imthigheadar amach. Ba gearr 'na dhiaidh sin gur fhill an Grásach agus dubhairt sé nach mbeadh an cás chomh dona agam agus shaoil sé agus go raibh áthas air, go dtáinig litir o'n gCaisleán chuige dhá rádh cothrom go mór níos fearr a thabhairt dom ná mar gheobhas an “príosúnach coitcheann”; agus dhá rádh fós leigean dom mo chuid éadaigh féin a chaitheamh agus gan slabhraí a chur orm, agus rl. Ina cheann sin, dubhairt go raibh sé ar bórd na luinge a bhí ga mo thabhairt go Bermuda, go mba galtán mór cogaidh í .i. an Scourge. Dubhairt go bhfaca sé an t-órdughadh tugadh don Chaiptín, ar fhágáil Portsmouth dó, agus go raibh sé ann go gcaithfidhe liom mar chaithfidhe le duine a mbeadh tógáil agus foghluim air agus go mbeadh cóir dá réir sin agam.
Duine a mbeadh tógáil agus foghluim air! Agus má tá coir i n-aghaidh an stáit déanta ag a leithéid sin de dhuine nach amhlaidh is ciontaighe é? Má fhéachann fear a bhfuil foghluim air le cír thuathbhaill a dhéanamh de ghnáth-imtheachtaibh an phobail, agus tarcuisne a thabhairt ar an dlighe, agus an Riaghaltas atá ag riaghlughadh a milleadh (dá mba rud é go mbeadh órd dlighe agus riaghaltas ann), an ndligheann sé de bharr a fhoghluma socamhal thar mar gheobhadh daoine eile a dhéanfadh an coir chéadna? Acht b'éidir go bhfeicthear dhuit, a Sheoin Bhuidhe, a Eochraidh nach duine mé rinne aon choir, d'aindeoin d'Acht nua Pairliméide, a rinneadh i n-aon turas, agus feicthear dhuit nach fearrde thú é a dhul chomh dian sin orm, sin nó is náireach leat é. A Sheáin a chladhaire! badh cheart duit gan a dhul sa gceann sin liom chor ar bith, nó gan aon dá chuid a dhéanamh de do dhícheall. Níl san obair seo dhuit acht leanbaidheacht. Is deimhin gur duine mé a rinne coir nó duine nach ndearna coir; sé sin le rádh, is duine mé a rinne coir nó is duine thusa, a Sheáin, a rinne an choir. Tá an Grásach ag gabháil a leithsgéil liom fa na héadaigh príosúin a chur orm - deir sé nach raibh a mhalairt d'órdughadh aige agus nach raibh fhios aige nach mb'éidir go raibh an ghráin ag muinntir an Chaisleáin orm; dá bhrígh sin b'eagal leis gan na héadaigh príosúin a chur orm ó d'iarr síléar Ghuirt an Ghabhann air é, ionnus go mbeadh sé le n-innsin aige-san i mBaile Átha Cliath. Is ait an rud gur éirigh sé sin dom faoi dhó. B'éigin dom culaidh an phríosúin a chur orm i mBaile Átha Cliath freisin, agus í bhaint díom arís ar an bpoinnte. Seadh a thighearna Clarendon, rinneas-sa coir nó rinnis-se coir.
Acht b'éidir gur le fearg a chur orm agus mé a mhaslughadh atáid siad dhá dhéanamh, agus gan a fhios aca gur beag agam é. Sgríobhas litir shoilbhir chum mo mhná anocht ag innsin di fa'n gcroth is fearr a bhí orm, agus go raibh mé le bheith 'mo dhuine uasal, an fhad is bhéinn ar bórd an Scourge, ar chuma ar bith. Acht is eagal liom anois nach bhfuighidh mé an litir uaithi a raibh súil agam léi sul sheolfas mé, agus annsin nach gcloisfead focal uaithi ar feadh míos, ná nach mbeidh fhios agam céard d'éirigh dá raibh ann ó d'fhágas beannacht aici sa nGeata Nua - céard a bhí gabhtha ag na consablaibh, céard a dhéanfas sí leis an teach i mBaile Átha Cliath, cá gcuirfidh sí fúithi, ná cé'n chaoi bhfuil mo chlann. Is beag deas den éadach féin atá agam, “duine uasal” mar mé, ó thug siad ar siubhal ó'n nGeata Nua mé agus sean-chóta donn samhraidh orm, agus sean-bhróga, agus sean- chaipín slíogtha. Agus an bosca ar chuireas fios air ní thiocfaidh sé i dtráth. Gidheadh bhí an Grásach go maith dhom, chuir sé fios don Chóbh ar lín-éadaighibh beaga agus ar neithibh beaga eile a rabhas go géar n-a n-easnamh. Tháinig liaigh an tighe chugam, fear óg ó chonndae Muineacháin é, ag iarraidh m'ainm fhagháil sgríobhtha ó mo láimh féin. Na mná sa gCóbh a d'iarr air é. Thug mé m'ainm dó sgríobhtha leath-doiséine cuarta, le n-a shásughadh. Sógh agus sásamh go raibh ag na cailínibh gleoite as. Ós ag tagairt do liaigh é, ní mór liom gan dearmad a dhéanamh ar a rádh gur mhion-cheistnigh sé mé i dtaobh mo shláinte an chéad uair a bhfaca sé mé. Dubhras leis go raibh mo shláinte ar fheabhas, nach raibh mé riamh in mo shaoghal chomh maith. B'fheicthear dhó go raibh easba éigin
sláinte orm - go mb'éidir go mbíodh éagcaoine éigin agam corr-uair. D'innsigheas dó go mbíodh múchadh orm corr-uair, acht nach raibh tada dhe orm fa láthair. Dubhairt sé go ndéanfadh sin. Céard a dhéanfadh sé? arsa mise. D'innis sé dhom annsin go mb'éidir nár mhiste don Ghrásach dearbhadh a bheith aige uaidh-san nach raibh mo shláinte go ró-láidir, ionnus nach mbeadh air mé chur ag obair. Dia Luain seo d'imthigh thorainn a thárla an méid sin; ní raibh órdughadh ag an nGrásach ón gCaisleán an uair sin gan caitheamh liom mar chaith- feadh le príosúnaighibh eile. Sé an fáth dhom a bheith ag cur na mion-rudaí suaracha so síos i dtaobh an chaoi ar caitheamh liom annso, mar tá sé ghá fheiceál dom go mbéidh sé riachtanach ag an “Riaghaltas” macánta bréaga a innsin go hoifig- eamhail fa'n gceist sul shroichfeas siad ceann sgríbe; thairis sin is beag é mo shuim ionnta. Tá bád le theacht i dtír fa mo dhéin ar maidin i mbáireach ar a cúig a chlog. 1 Lá den Mheitheamh.- Ba glas salach an mhaidin í an mhaidin a bhfacas an t-amharc deireadh de thalamh na hÉireann. Tháinig an t-árd-oifigeach a bhí ar an Scourge, agus lán an bháid den arm mara isteach 'mo choinne. Bhí an t-oifigeach éaduighthe ina chulaidh ghaisge ó bhonn go barr, feirc suas as a hata, agus a chlaidheamh le n-a thaobh. Bhí an Scourge tuairim agus míle uainn. Galtán fada íseal a bhí innti, í réiceamhail go leor i gcosamhlacht, dath dubh uirthi, agus dhá sheimléar innti. Fa cheann cúpla noiméad shiubhlas isteach ar bórd, agus cuireadh i n-aithne don chaiptín mé. Bhí sé ag siubhlóid ar bórd. D'umhluigh sé, d'iarr orm a dhul síos fa bhórd agus go dtaisbeáinfeadh sé mo sheomra dhom. Is
rí-dheas an seomra é an prímh-sheomra, agus dhá sheomra déanta dhe, an ceann is goire do dheireadh an tsoithigh aca mo sheomra codlata-sa. Tá iomdhaí ann agus cathaoireacha agus bórd agus solus isteach na fuinn- eoga deireadh go léir ann. Tá cead agam a bheith i gceachtar den dá sheomra i rith an lae, agus dubhairt an caiptín ó thárla mé im' phríosúnach aige go mbéidh saigh- diúr mara mar airgheach i gcomhnuidhe ag bun an dréimire, agus nuair is mian liom a dhul ar bórd go bhfuil sin ar mo chomhairle féin agam acht a innsin don airgheach agus go bhfuagrochaidh seisean ar sháir- seint. Bhí súil aige go bhfeilfeadh an tráth béilidhe bhí aige mé agus dubhairt sé go mba hé an prímh- sheomra an seomra bídh. Fear socair, ciúin, tanaidhe, buidhe-ghnéitheach é, tuairim le leith-chéad bliadhain d'aois, agus glór bog íseal aige - ní fear garbh fairrge chor ar bith é, ná máirnéalach meidhreach, ná tada dhá shórt; acht déarfainn gur rí-mhaith an t-oifig- each é, agus go ndéanfaidh a ghnótha go dílis. Gheall an Grásach a dhul don Chóbh ar lorg mo litre, agus d'fhan an soitheach uair a chluig go bhfilleadh sé. Tháinig sé agus litir aige. Rugas go hamplach uirthi, agus sé a raibh agam innti duilleog bheag ag baint le cúrsaibh creidimh; bean-uasal an-aithnid éigin a chuir chugam í. Ní fhuair mé aon litir as baile. Deich noiméad 'na dhiaidh sin bhíomar ag seoladh linn ó dheas agus deich míle san uair siubhail fúinn. Tá mé deal- uighthe amach anois. Dhorchuigh sé suas agus thosuigh an fhearthainn. Shéid an ghaoth go borb agus bhain sí ceol as crannaibh agus as téadrachaibh, agus tháinig trom-néalta móra liatha agus dorchadas ar muir agus ar tír. Chomh túisge
agus bhailigh an long as béal an chuain amach is beag nach rabhamar as amharc na talmhan. Shíneas amach mo lámh chum na háirde idir ó thuaidh agus shoir-dtuaidh i gcomhartha beannacht fhágáil aca, chuadhas síos annsin agus d'itheas béilidh maidne a raibh díol cairréara ann. Seadh, táim dealuighthe amach anois; táim díbrighthe. Agus ní relegatio amháin é seo fearacht mar bhí ar Ovid i Tomi, acht dearg exsilium; an díbirt is déine d'fhéad- faidhe a chur orm: mo chathruightheoireacht a bhaint díom, má bhí a leithéid riamh agam, agus an comhartha is tar- cuisnighe a chur orm is féidir le dlighe a chur orm, má tá dlighe ann. Bíodh aige; táim-se sásta. Níl cath- ruightheoirí i nÉirinn, ná cathruightheoireacht, ná dlighe. Ní féidir an rud nach raibh riamh agam a bhaint díom; óir níl ceart le fagháil fa láthair ag aon Ghaedheal. Maidir leis an tarcuisne atá dhá thabhairt dom de dhruim na coire i n-aghaidh an stáit, is beag an bhrígh liom é. Ní féidir mé a dhéanamh ciontach mara ndéanaidh mé an choir. Ní Acht Pairliméide a dhéan- fadh ciontach mé! A bhféadfadh “dlighe” Londain a thabhairt de tháirbhéim dhom, táim gabhtha leis, agus ní miste liom é bheith orm go n-imthighidh an tséideog asam. Bíodh an táir sin orm-sa agus ar mo chlainn 'mo dhiaidh. Marach ag cuimhniughadh ar an gclainn sin agus ar a máthair, agus marach an mí-chomhgar agus an trioblóid a dtiocfaidh siad thríd sul 's féidir dhóibh imtheacht as Éirinn - marach sin ba lán-mheidhreach an fear indiu mé. Airigheann duine sórt neamh-spleadhchas ina chroidhe ag imtheacht amach ar thuras trí mhíle míle dhó, agus sean- chóta donn air, agus gan ina sparán riabhach acht cupla sgilling. Ní orm-sa atá a chúram. Ort-sa anois atá mo chúram, a Bhainríoghan Uasal, a Nicé, agus fainic nach
dtiubhrá aire dhom. Táim i ngreim ag grás t'uais- leacht fa dheireadh; acht b'éidir, a Ríoghain, go bhfeicfeá féin gur daor an éadáil ort mé, agus a dtug tú orm agus a dtiubhra tú fós orm. Tiocfaidh mé, a bhain- ríoghan ineagluighthe, rud éigin le cois mo bheathughadh ort. D'éirigh sé an-gharbh tráthnóna. Cheithre spúnóg de mhin ghallda an dínnéar a d'ith mé indiu. 2.- An lá níos gairbhe arís ná an lá indé. Bhí súil láidir agam go dtiocfadh sé 'na stoirm. Ó thárla duine ar fairrge bheadh sé chomh mhaith dhó lán-chumhachta na fairrge fheiceál. Tháinig giolla isteach chugam; d'fhiarfuigheas dhe an raibh sé 'na stoirm. Níl, a dhuine uasail, ann acht bog-stoirm. Thugas mo mhallacht dá “bhogadh” agus shaoil mé codladh. 3.- Tá an long dhá tuairteáil agus dhá treasgairt fós go cumasach. Tá cuid den taobh le bórd i n-uachtar réabtha isteach ag an ngála, deir an stíobhard liom, acht níl sé 'na stoirm fós. Chuadhas ar bórd. Bíodh sé 'na stoirm nó ná bíodh, is áluinn adhbhal-mhór na cnuic de thonntrachaibh iad sin ag fud an aigéin. Muca mara ag únfairt, an t-éinín stoirme ag eiteall le héadan na dtonn. Sé an t-éan so sicín mháthar Ní Chiardha nó an procellaria - acht is sgorn liom é. Nach shin é an seanchus atá sgríobhtha ina hirisleabhar ag cailín óg ar bith atá ag seoltóireacht go na hIndiachaibh ar lorg fir, nó ag iomarchoróir, nó ag oifigeach “liteardha” luinge a bhfuil faoi leabhar a dhéanamh, agus fhanfas ag innsin a sgéil ó lá go lá, le haghaidh déantusóir éigin i bPaternoster Row? Chuadhas thart ar an Scourge go bhfeicinn í ó thús go deireadh. Is breagh an long í. Bórd fada, mín,
cothrom innti, umar mór millteach a bhfuil chúig thonna miotail ann ar chúl an chrainn tosaigh, - gunna mór fada agus a aghaidh tugtha amach thar an taobh ina tosach, gunna mór práis a d'fheilfeadh ar thalamh tirm agus é feistighthe i n-inneall i ndeireadh na luinge' agus cheithre cinn de na gunnaibh móra giortacha. Naoi bhfichid duine d'fhoirinn idir fhearaibh is bhuachaillibh atá uirthi. Is cumasach an t-inneall é an gunna mór. Ar sháirseint na saighdiúirí mara atá mo chúram agus do réir chosamhlacht is mór é a chion ar an ngunna mór so. Duine beag an-reamhar, spleodarach é, agus é ag luasgán anonn is anall nuair a bhíos sé ag siubhal, féibh mar is dual do Shasanach reamhar a dhéanamh. Chonnaic sé mé ag breathnughadh ar an ngunna agus tháinig sé anall go dtaisbeánadh a chúrsaí dhom: an deis ghluaiseacht atá air, an deis atá air le n'árdughadh, nó le n'ísliughadh, do réir uimhreacha cinnte, le n-a dhíriughadh ar rud, agus mar sin de. A, a dhuine uasail, ar seisean, is gasta an cailín í sin, sin í an cailín atá gasta, ar sé, agus thug sé cúpla bog-bhois go múirneach dhi ar an gcaithrín. Buaileadh druma ag glaodhach chun acluidheacht ar na fearaibh, agus ba nuaidh- eacht liom é sin. Is cosmhail go gcleachtann na máirnéalaigh atá ar luing cogaidh acluidheacht go riaghalta chomh maith leis na saighdiúiribh. Musgaed agus lannaí, gearr-chlaidhmhthí leathana, pící a raibh lúba géara ortha, agus tuaightí, na hairm a bhí aca. B'ineag- luighthe na foghluidhthe iad. An príomh-ghunnaire a chuir tré n-a n-acluidheacht iad, agus gan bhréig tá fhios aca le n-e n-airm a láimhsiughadh. Acht bhí an long ag luas- gán anonn 's anall, agus fuaireadar a ndóthain le déanamh agus seasamh díreach ar bórd; bheidís gacha le
tamall agus a meadhchan aca ar na sálaibh agus ar bharraibh na gcos, agus shaoilfeá amannta go rithfidís treasa an bhúird dá n-aindeoin agus na lannaí ar bharr na ngunnaí aca nó go gcuiridís lann go feirc sa ngunnaire agus ins na hoifigeachaibh bhí 'na seasamh le taobh na luinge. An t-árd-oifigeach ar an Scourge, sin é an timthire agus an príomh-oibrighe ann. An chéad fhocal a labhair sé liom d'aithnigheas ar a chanamhaint go mba Gaedheal é ó Dhoire, nó ó Thír Eoghain. Dubhras sin leis agus bhí an ceart agam. B'as Tír Eoghain é; agus chuaidh sé féin 's mé féin ar sgoil an t-am céadna, tuilleadh agus fiche bliadhain ó shoin, ins an gcathair chéadna .i. Doire, acht ní ar an sgoil chéadna a bhíomar. Tá sé cheithre bliadhna fichead ar fairrge, agus deir an caiptín liom gur togha oifigeach é; acht ceapann sé nach mbéidh ann go bráth acht oifigeach. Níl aon charaid aige sa bPair- liméid agus is Gaedheal é. Bhíos ar dínnéar indiu ar aon bhórd leis an gcaiptín. Wingrove is ainm dó. Tar éis eadarthrádh tháinig caint don duine ciúin, seadh, agus d'éirigh sé meidhreach féin. Ba chóir, dar leis, go mbeadh an-tsuim agam-sa ina luing ó chonnaiceas í go hiomlán ó thús go deireadh, agus ba chóir go gcuirfeadh cumhachta agus mórdhacht na Sasanach iongnadh agus imeagla orm. Seadh, maiseadh, is millteach agus is áluinn an feic iad, a chaiptín, acht dá mbeadh ciall a ndóthain ag Gaedhealaibh, agus spioraid a sáth ionnta, ní fhágfaidís cúram a ngnótha ar dhaoinibh eile, agus annsin ba gearr go mbeadh cuid de do chuid gunnaí móra ar easba cóir iomchair, agus is dóigh liom go gcaillfeá cuid den uabhar. A gcuir- imíd d'eallach agus de thoradh an fhoghmhair go Sasana
gach uile bhliadhain (agus gan an croiceann ná a luach againn dá mbarr), dá mbeadh a luach sin againn b'fhorusta dhúinn neart loingis a dhéanamh, a bheadh níos fearr ná do Scourge nimhneach, - seadh, agus foirne ar foghnadh a chur leo, ní áirmhim frigéid agus cabhlach loingis cogaidh go mba leor dhúinn iad, b'éidir. Níl leas dá dtiocfadh le Sasanaigh a bhaint as iarann' ná as adhmad, ná as cnáib, ná as púdar nach dtiocfadh le Gaedhealaibh a bhaint asta. Is maith an fíon atá ag an gCaiptín Wingrove, agus is aige atá deis a fhaghála mar bhí sé go díreach d'éis a theacht ó Madeira agus ón bPortuinéal nuair a hórduigh- eadh dhó a dhul amach go Bermuda. Ba mhaith leis sgéala fhagháil ar chúrsaibh i nÉirinn le goirid, acht tá leisge air mé cheistniughadh mórán ina dtaobh. Chualaidh sé go mba gnás é 'sna cúirteannaibh i nÉirinn na coistí a phacáil, agus d'fhiarfuigh céard é coistí a phacáil. Mhínigheas dó é, acht ní chreideann sé mé; is follusach sin. Níl tada dhá ndeirim nach bhfuil cluas aige dhó, agus faetheamh an gháire ina bhéal faoi, agus dearcann sé corr-uair orm mar bheadh duine ann a cheapfadh go raibh saobhchan beag céille orm agus nach ndéanadh aon iongnadh dhe dhá ndéanainn rud aisteach éigin. 7. - Is áluinn brothallach an aimsir í le tamall anois; acht tá ceo beag ann indiu, agus is danaid liom sin, mar támuid ag dul tré na hAzores idir Teir- ciera agus San Micheal agus ní léar dhúinn iad. Is ri- áluinn na hoileáin iad, cnuic agus aibhneacha breaghtha ortha, agus neart arbhair agus toraidh. Is leis an bPortuinéal iad féin agus Madiera; acht an chéad chogadh eile b'éidir go dtiubhradh sé leithsgéal do fhoghluidhthibh
shotalacha Charthagin go ngabhaidís na hAzores le stórtha guail a dhéanamh ionnta, nó príosúin, agus bhéarfadh sin postaí don chlainn atá ag éirghe suas dóibh anois. Chítear dhom gur mian le oifigeachaibh na luinge gan aon mí-shástuidheacht a chur orm acht chomh beag agus is féidir leo é. Thairg a lán aca tamall de leabhar dhom, agus chím anois nach mór dhom casadh ar na leabhraibh, cé gur mhóidigheas roimhe sin nach mbreathnóchainn ar thada ar an aistear dhom acht ar an spéir agus ar an muir. Is fadálach an rud aistear ar fairrge: tá an aimsir go brothallach agus go ciúin, acht táim ag éirghe tuir- seach den ghréin: tá mí-mheadhoin an tsamhraidh ag druidim linn, agus sinne agus naoi bhfichid míle siubhail sa ló fúinn, ag tarraing síos ar an mbrothall. Is glórmhar an feic é a ghlaine ghuirme is tá an aigéan. Duine nach ndearna riamh de sheoltóireacht acht a dhul treasna na Mara n-Icht, ná nach bhfaca de thonntrachaibh acht na mion-thonntracha dubh-dhonna atá uirthi, ní fhaca sé riamh an fhairrge.
An 2° Caibidil Meitheamh 12°, 1848. - Ar bórd an Scourge .i. long na Bainríoghna dhom. Cheithre grádha déag ar fhichid ó thuaidh de mheadhon-líne an domhain dúinn, agus dhá fhichead grádh agus dhá noiméad fhichead siar ó líne mheadhoin- lae na Sasanach. Tá sé chúig lá ó chonncamar long. Tá taithighe agam ar imtheachtaibh an Scourge agus táim cortha de shíor-bhreaghacht na haimsire agus de chiúineas na fairrge. Níl aon leigheas agam air acht leabharlann beag na n-oifigeach a ath-ionnsughadh. Táim ag léigheamh “Two Years before the Mast” (Dana), agus mo chodladh ag tuitim orm. Sgéal deas é, sgéal borb, acht go bhfuil beagán agus an iomarca de tharraing na dtéad ann agus de láimhseáil na seol. B'ait an t-aistear a rinne Dana. D'imthigh sé ar bórd luinge mar mháir- néalach choitcheann ar aistear ó Bhoston go Califórnia, agus bhí faoi dhá bhliadhain a chaitheamh ar long tráchtála, cé gur minic a thugadh brútaidhe de chaiptín a bhí os a chionn masladh dhó i n-ionad a dhóthain le n-ithe; agus d'fhulaing sé an méad sin de bhrígh go gcuala sé go raibh an fhairrge go maith do dhuine nach raibh an t-amharc go maith aige. Agus leigheas sin an t-amharc dó. Níl m'amharc-sa go maith acht an oiread. Nach féidir liom a leigean orm gur le m'amharc a láidriughadh atá mé ar an turas so ar an bhfairrge, agus a bhéas mé 'mo chomhnuidhe ar oileán Bermuda? Agus ní móide go maslófaidhe mé, ná go gcuirfidhe obair throm orm, ná
go mbéinn ar ghann-chuid bídh mar bhí Dana bocht; agus ní bhéidh aon ghéibhionn orm thar mar bhí air-sean. Creidim go bhfuil an Danach ina dhligheadóir anois i mBoston, agus an saoghal ag éirghe leis go toghtha, agus b'éidir gur déine an géibheann agus an obair atá anois air ná riamh. B'éidir gur duairc liom an chruth atá orm-sa, acht dá mbéinn mar tá an Danach bocht céard déarfainn? Bhíos ag léigheamh “The Amber Witch” freisin agus is rí-áluinn an sgéal é, sa nGearmáinis. An Bhain- tighearna Dubh Górdon a chuir Béarla air, agus is breagh an Béarla a chuir sí air. Na réigiúin seo i bhfuilmid anois, tá iasg ann a bhíos ag eiteall agus míolta mara - ní hiad míolta mara Arion iad ná míolta mara ar bith eile, acht do réir mar tá tuisgint ag máirnéalaighibh Shasana ar an ealadhain a bhaineas le saoghal an éisg, is míolta mara iad. Tá brat smugairlí róin le feiceál annso fosta: loingeas cogaidh Portuinéalach atá ag máirnéalaighibh Shasana ortha, acht tá dath breac-gheal, glé-dhearg, solusda ar an sgamall atá ortha. Tagann an rucálach cuain thart annso freisin, tar éis an t-aistear fada chuireas sí dhi ag teacht ó Chuan Mecsicó - má's fíor don tseanchus. Is mór é m'aimhreas air. Casadh long mhór dhúinn indiu, agus bhí sí tuairim is dhá mhíle uainn. Bratach na Fraince atá i n-áirde uirthi, agus tá le rádh annso gur as na hIndiachaibh Thiar atá sí ag teacht, agus go bhfuil sí ag triall abhaile don Fhrainc. Béidh fáilte roimpi agus roimh á n-a seolta geala ins na fineamhnaibh leis an nGaronne, nó ar chalaidhibh Nantes nó Habhre fa cheann cúpla lá. Ó, dá mbeadh sgiatháin cuilm orm!-
14°- Rucálach cuain, loingeas cogaidh Portuinéalach, iasg a bhíos ag eiteall. 15° - Iasg ag eiteall, loingeas cogaidh Portuin- éalach, rucálach cuain. 16° - Rucálach cuain, iasg an eitill, loingeas cogaidh Portuinéalach 17° - Ag léigheamh “Macauley's Essays” dom, d'oir- easbha rud níos fearr ná iad. Thug an Mac Amhalghadha céadna so léirmheasadóireacht i nDún Monaigh ó dhuth- chas leis; léirmheasadóir clódha féin é, agus sompla ceart ughdarásach de “litridheacht” na naomhadh aoise déag leathanach dá sgríbheann. Is aige atá an chaoi cheart, is faoi atá an t-iomchar, agus is é an lán-eolaidhe beachtaighe é le plámás oirmhidneach a riar ar Shasanaighibh - fa n-a gcalmacht, fa n-a n-onóir, fa n-a bhfoghluim, agus a leithéidí a chur i n-iul, mhór-mhór do na daoinibh atá 'na mbeathaidh san naomhadh aois déag breagh so, agus an tsíbhialtacht iongantach atá ann; sé sin le rádh, dá léightheoiribh. Rud nua ar fad é a bheith ag móradh daoine thar cionn, de bhrígh gur mhaireadar i n-am áirithe seachas i n-am áirithe eile; agus níor cloiseadh a leithéid ariamh cheana i stair an chine daonna. Ní raibh aon ndaoine ann roimh aimsir Chríost ná ó shoin anuas a bhí mórdhálach asta féin, agus ag fonomhaid fa ghliocas a sinnsir; agus na daoine leigeas ortha féin an mhíor- bhuilte nua sin a bheith ionnta, taisbeánann siad measaim doimhne a ndaille féin, i n-áit doimhne na glan-ghaoise. Tháinig an naomhadh aois déag, acht níl sí caithte fós; agus cé do mheas anois? nach mb'fhéidir, leis an aimsir, gur cáil éigin eile seachas cáil na gaoise a bheadh ar mhuinn- tir na haoise seo thar mhuinntir aon aoise eile? Acht cuid Mhic Amhlaghadha dhe, tá seisean lán-tsásta léithi,
agus seo é an rud adeir sé i dtaobh Milton agus pinginn-an-líne dhó as: Níl aon chailín dár léigh an mion-chomhrádh a sgríobh bean Mharcet i dtaobh fearachas stáit nach fearr an t-eolus atá aici ar chisteoireacht ná mar bhí ag Mac Taidhg nó ag Ualpole; seadh, agus nach múinfeadh cisteoireacht dóibh. Aon fhear tuisgionach a chaithfeadh cúpla bliadhain go dlúth le ríomhaireacht gheobhadh sé níos mó d'fhoghluim ná mar bhí ar Neuton mór, d'éis leithchéad bliadhain a chaitheamh dhó le stuidéar agus ag smuaineadh”; agus mar sin de. Dá bhféad- faidhe Pithagoras a chur i n-aithne do bhean Mharcet, nó do dhuine dá cailínibh a fuair duais nach mór an chluas a thiubhradh sé dhi! Dá bhfeiceadh Aristotle nó Hippar- chus Pinnoc sul cailleadh iad, nach iad a bheadh sásta ag fagháil bháis dóibh! An fear so atá 'na bheathaidh san naomhadh aois déag, ní léar dhó, ná ní léar do mhórán de lucht aon-aimsire leis, nach ionann rud 'innsin do dhuine - mar d'innseochadh teagasg nó mion-chomhrádh é - agus fios a bheith ag duine ar an rud; ní léar dhó nach ionann rud fhoghluim nó é bheith de mheabhair agat, agus thú bheith oilte ar ealadhain. Agus is mó an sochar ealadhain na ngnáith-bhéas atá i nDún Monaigh fa láthair ná an ghaois féin atá ann. Leasughadh nó athrughadh nua eile é seo nach raibh fhios ag an gcine daonna cheana; agus ó thárla mé ag éirghe as gnóthaibh móra éifeachtacha an tsaoghail anois ar feadh tréimhse, agus ga mo chur féin i bhfolach mar déarfá i sgailp i gcarraig, agus na gnóthaí trom-thoranda so ar siubhal, idir innill gaile agus cóir clódhadóireachta, agus litridheacht ilfhiosach choitcheann, is fearr dhom, an fad is tá an gleo gleithearánach so ag gluaiseacht, agus an giob geab so ar siubhal, is fearr dhom cúpla focal
de chaint Mhic Amhlaghadha a chur síos annso, go mbéidh siad mar chomharthaí agam, mara mbeadh a mhalairt ann, ar an áit ar sgaras féin agus an saoghal le chéile. Mar comhairmhim gur sompla ceart é an léirmheasadóir so de lucht a aon-aimsire agus fear a bhfuil an cháil air go bhfoillsigheann sé smuainte luchta a aon-aimsire. Agus dá chomhartha sin féin, agus de bharr a leirmheas- adóireacht, tá sé anois ar dhuine de lucht comhairle an riaghaltais. Ag tagairt don tighearna Bacún dó, deir sé na fir stáit a mhair le linn Bhacún go rabhadar fealltach, bréagach, cam; gidheadh, ní cóir dhúinn, dar leis, a bheith ró-dhian ortha. Is iomdha rud a rinneadar, agus ní féidir a cheilt, adeir sé, agus dá ndéanadh fear stáit é le n-ar linn-ne, bheadh trom-chasaoid ghéar air dhá dhruim, agus bheadh sin tuillte aige [.i. go mba bréag- adóir é, nó sladaidhe, nó fimineach, nó duine d'íocfadh duine eile as droch-bheart a dhéanamh]; acht féach an chruth ina raibh moralus le n-a linn, agus féach an dream neamh-choinsiasach a bhí 'na n-aghaidh, agus rl. Agus an chruth i bhfuil moralus, athruigheann sí freisin, is cosmhail, ní hé amháin ó aois go haois, acht ó réigiún go réigiún. Is iongantach an sgéal é. Seo é atá le cur ar son an tighearna Clibhe ag ansgríbh- neoir, agus ar son a ndearna seisean de rógaireacht sna hIndiachaibh Thoir: “Bhí fhios aige go raibh sé ag pléidhe le daoinibh nach raibh aon spréidh onóra ionnta, do réir mar tuigtear onóir ar an rann Eorpa; go raibh sé ag pléidhe le daoinibh a gheallfadh rud ar bith agus nach gcuirfeadh sé aon mhairg ortha, ná nár chás leo gealladh a bhriseadh; daoine nach ndéanfadh aon sgrupall de dá n-íocaidís duine as an droch-bheart a dhéanamh, nó
dá dtugaidís an mionna bréige, nó dá sgríobhaidís ainm dhuine eile i mbréig-riocht, badh bheag aca é acht a gcuid beartuidheacht a chur chun cinn.” Seadh, agus bhí fhios aca- san go rabhadar ag pléidhe le daoinibh nach raibh aon bhlas de chneastacht na hÁsia ag siubhal leo - le daoinibh nach ndéanfadh aon sgrupall de dá n-íocaidís duine as an droch-bheart a dhéanamh, nó dá dtugaidís an mionna bréige, nó dá sgríobhaidís ainm dhuine eile i mbréig- riocht, agus rl., agus rl. - agus mar sin de, céard d'fhéadfadh ceachtar den dá dhream a dhéanamh, na daoine bochta? agus a ghainneacht agus bhí moralus. Cé'n t-eagar is fearr dhom a chur ar na ráidhte tá thíos agam uaidh? An aois í seo (nó réigiún) i bhfeilfeadh sé goid agus fuadach a dhéanamh ós árd? Nó an fearr an t-aer don chealg, agus d'éirghe shlighe a dhéanamh ar dhuine? Nó an eadh nach mór do dhuine guidhe agus leigean air féin a bheith deagh-mhóideach, agus fonn a bheith air, mar dhóigh dhe, na heiricigh a thabhairt chun an chreidimh - le n-a chuid beartuidheacht a chur chun cinn? Acht fillimís ar an tighearna Clibhe. B'an-fhear é, agus chuir sé cumhachta na Sasanach ar bun is-na hIndiachaibh Thoir. Ar theacht don sgríbhneoir go háit sa stair nach bhfuil aon tslighe mhaith as aige, innsigheann sé dhúinn gur mheall Clibhe Omichund le ainm a chuir sé i sgríbheann bréige ar pháipéar, “acht,” ars' eisean, “níor bhfear é Clibhe a thiubhradh leath-dhéanamh ar aon rud [ba dual Sasanaigh dhó bheith go dícheallach]. Is beag nach náireach linn a sgríobhadh. Sgríobh sé i mbréig-riocht ainm an Cheann- phuirt Uatson.” Is bheag nach náireach leis - acht níl ann acht gur beag nach náireach. Ó! a Bhabington Mhic Amhalghadha. Is breagh deas an meas é sin agat ar árd-mhoralus na haoise beannuighthe seo, a ghoireacht
sin is chuaidh sé dhuit náire bheith ort, agus gan ionnat acht léirmheasadóir. Ná bí ag caint, acht is mór an meas atá ar mhoralus anois; seadh, agus ar Chreideamh freisin. Tá sé dhá admhughadh go múinte i litridheacht Béarla na naomhadh aoise déag go bhfuil aithne shúl ar Dhia Uilechumhachtach, agus gur ceann de na Cumhachtaibh Móra É; agus go bhfuil duine in A chúirt agus tuarastal dó cé nach bhfuil sé na chomhnuidhe ann, acht dearbhuigheann na Sasanaigh deagh-bhéasacha go bhfuil siad carthanach Leis; agus tá sórt Connradh idir-náisiúnta nó Ughdarás gníomhach dhá dhéanamh aca “dár n-eaglais urramach” agus “dár modh áluinn le urnuighthe a rádh” le n-a ngeallann siad leigean Dó-san má leigean Seisean dóibh-sean. Déanfaidh siad teampoll sár-mheasamhail Dó, agus cuirfidh siad d'fhiachaibh ar na daoinibh uirísle a bheith urramach sa teampoll agus íoc go maith as, agus ní chaillfidh siad an creideamh náisiúnta mar rinne na Francaigh uathbhásacha, má choinnigheann Sé a shúil ar ghnóthaibh éigin eile .i. ar na daoinibh oirdhearca úd a ólas bainne lárach, nó ar fhearaibh neamh-chiontacha dubha, acht gan bacadh leo féin, mar tá siad-san cruadh- ógach le gnóthaibh tráchtála agus le gnóthaibh stáit, ag díol chodáis agus ag tabhairt deagh-bhéasa don iodhlaidhe. Tá meas iomchubhaidh ag an sgríbhneoir ar Eaglais urramach Shasana, agus ar an modh gur gnás leo a n-urnuighthe a rádh; agus tá rádh nó dhó sa méid a sgríobh sé ag cur síos ar Stair Reachtach Hallam dó, agus is fiú liom a gcur síos annso, an mhéid go mbaineann siad leis an bponc so. Tá sé ag tagairt do na rógairibh a rinne leasughadh ar chreideamh i Sasana, agus do na méirlighibh eile a rinne an Éirghe
Ghlórmhar amach, agus deir sé: “Mar dubhramar cheana, ba mhór an gar, ar mhodh, d'Eaglais Shasana gur daoine a bhí gan aon bheann mhór ar a gcreideamh a rinne an leasughadh ar chreideamh sa tír seo; agus fhearacht sin, ba mhór an gar dár Riaghaltas choitcheann gur daoine nach raibh aon bheann mhór aca ar phrionsapáltacht politiceach a thug an Éirghe Amach chun críche. Ar a theacht do chruadhchás dá samhail, b'éidir go mba mhó an dochar ná an sochar a dhéanfadh cáilidheachta cumasacha agus corrughadh mór intinne do dhaoinibh.” (Cineál ar bith creidimh nó prionsapáltacht a thuigeas sé le corrughadh mór intinne.) Agus cuireann sé an méid so leis go dlúth 'n-a dhiaidh - ní mór dhúinn an moralus a bheith go hárd - “Acht ní fhéadfadh aon fhiúntas a bheith go bráth sa té a mbéidh an intleacht chumhang ann, ná san té bhéas 'na dhuine liom-leat, cé go bhfeileann a leithéid.” Cé'n ciall? Má's tig le cladhairibh agus le daoithibh teampoill mhaithe, fhoghainnteacha, fhaicsidhthe a thógáil, chun daoine a shábháil, agus má's tig leo reachta glórmhara a dhéanamh chun daoine a riaghlughadh, céard a choinneochadh iad gan a bheith measamhail? Go d'eile céard é a bheith measamhail? Nó cé'n tairbhe atá i gcáilidheachtaibh cumasacha ná i gcorrughadh mór in- tinne? - Ag cur m'ama amugha atá mé, agus ag cur feirge orm féin, rud nach dual dom, leis an léir-mheas aigéin seo ar léirmheasadóir Dhún Mhonaigh. Acht ní mórán is fiú m'am anois faoi láthair; agus léighfidh mé gach ar sgríobh an fear so i dtaobh an tighearna Bacún; ní ful- áir nó is é sin an giota litridheachta is fearr sa leabhar le cáilidheacht an sgríbhneora a thaisbeánadh. I mbáireach a caithfear sin a dhéanamh. Tá le rádh go
bhfuil dhá long le feiceál ar thaobh na gaoithe de ghob na luinge; agus is mór an tsuim a curtar ina leithéid sin de rud ar fairrge. Agus thairis sin, tá an ghrian ag ísliughadh, go dtuga sí folcadh dhi féin, mar is béas di, tráthnóna - is áluinn impireamhail an feic í agus ní maith liom gan a bheith láithreach ar a dhul faoi dhi. An dá long atá le feiceál - Ameiriocánach ceann aca, Carthagineach an ceann eile. 18° - Dúisigheadh as mo chodladh aréir mé nuair a bhain an clog dhá bhuille (.i. a haon a chlog), agus chualas an tórnáil agus an truipéaracht, an tarraing' an sáthadh agus an torann ar bórd. Bhí rud neamh-ghnáthach éigin ar siubhal go cinnte. D'éirgheas; chuadhas treasna an tseomra go dtí bun an dréimire. Bhí for-léasa an tseomra imthighthe, agus an bórd mín ina n-ionad. Bhí an caiptín ar bórd, agus barr an dréimire faluighthe le rudaibh. Bhí an fhoireann réitighthe ar bórd fa chomhair cogaidh. Chualas na forála ós árd. A spioraid an Reachta! Ar fuagruigheadh cogadh ó sheolamar? An bhfuil Báudin nó Trehouart ag déanamh orainn? Go dtuga na cumhachtaí sin! A Threhouart, a Árd-taoiseach na bhflaitheas tar annso le n-ar n-ais. Is forusta dhuit ar bpleaghán malluighthe a bhriseadh, agus dhá urchar nó thrí, leith-chéad punt an ceann, a chur tré lár na luinge orainn agus ar seomra innill a chur as órdughadh. Rith- eas treasna seomra an oifigigh, agus dubhras le buach- aill a bhí ann rith suas romham agus fuagairt ar an sáirseint go rabhas ag teacht. Thárla mé ar dhréimire ag bun simléir agus thug sé sin ar bórd mé. Á! ní raibh námha (ná cara) le feiceál. Dúisigheadh na saig- diúirí calma as a gcodladh suain nó go dtaisbeánaidís an riaghlughadh bhí ortha agus go gcleachtaidís cóirí catha
i n-am mharbhtha na hoidhche. Bhíomar linn féin ar an aigéan uaigneach fhairsing, agus bhíomar ag dul ag ionn- saighe na gealaighe. Cheithre huaire a chaitheamar sliogáin léithi as an ngunna adhbhal-mhór; acht de dhéanta na fír- inne ní sliogáin dá ríribh bhí againn, acht ceathramha cuid d'allamhntus urchair púdair. Cheithre huaire a chaith- eamar léithi leis an ngunna fada, agus cheithre huaire eile leis na gunnaibh gearra. Annsin nuair nár léar dhúinn an ghealach ag deatach an phúdair, bhí an Sasanach sásta gur thaisbeáin sé a neart, agus chuadhmar a chodladh arís. Níor chuala duine ná deoraidhe an trom- thorann a rinneadh acht gach a raibh ar bórd - mar tá cáil na bodhaire ar an iasg. Támuid ar dhruim an domhain annso, agus níl aon toradh de bharr an torainn féin ann acht an toradh suarach, mar níl aon mhac-alla le cloisteál; níl i dtorann ar bith aca acht brúcht mhór, agus gan cosamhlacht ar bith aca le mac-alla thagas ó throm-thorann na ngunnaí mór istigh le talamh. Níl ann acht mar bheadh oibreacha suaracha teintidhe; agus níl sa Scourge dhubh a bhfuil an chruth uathbhásach uirthi, san áidhbhialtacht aduadhain seo, acht rud bradach, binbeach, bruidhte, dubh, atá ag déanamh a díchill, agus is dona é, ag iarraidh impireacht mhór áluinn chiúin seo na hoidhche a chur thré n-a chéile. Acht ba gearr gur sgaip an deatach, shéid an ghaoth roimpi é, agus dhearc an ghealach mhaordha anuas (ní dhearnadh aon díoghbháil di is cosmhail) ar luing agus ar muir, chomh forusta agus dhearc sí sul hionnsuigheadh í. A ghealaighe chaoin, maith a sotal don lasair nimhneach! Ná cuir i n-íochtar í le cioth de do chaor-chlochaibh cumasacha aeir, óir is cuimh- neach liom gur láidir an armáil gunnaí móra atá agat- sa freisin. “Céard is déanta dhúinne an cine daonna,”
arsa Seán Pól, “agus sinn 'nar gcomhnuidhe ar an druim lom so, agus an ghealach ag dul thart dár n-ionnsuighe, mar bheadh Turcach ann?” Bíodh sé 'na shíothcháin idir sinne agus thusa, a Ghealaigh! A fhiadhaidhe chaoin-fhionn 'Ioxéaipa! cuimhnigh ar na hoidhcheanntaibh úd ar Latmos agus glac an mhánlacht leis an gcine. Tá ar sáth d'inneallaibh cogaidh againn, ar sáth díospóir- eacht, agus ar sáth d'fheirg dhiabhalta le n-a chéile a strócadh agus a stialladh, a bhrúghadh agus a mhór- bhasgadh - an oiread agus go mba leor do Hecate chraosta mar thú féin é, gan t'ordanós-sa a chur ag caitheamh caor-chlocha linn. Ní gábhadh dhuit-se, a Bhendis áluinn, sinn a chur ag tairisgint íodhbartha daonna. A Astarte mhaordha, a bhainríoghan neamhdha! tá deamhain úrghránna ar ndóthain againn le n-ar ndearbhráthracha a thairisgint dóibh mar íodhbairt - tá Mammon agus Moloch againn agus dia léigheannta na ndeagh-bhéascna .i. Belial deagh-labhartha. Déan, a ghealaigh, tabhair do chuairt chuanna, cuir do shnadhmanna rúnda agus líon do chuid adharc go síothchánta! Is breagh an tseafóid í sin. Tar éis céad-phroinne bhí teas na gréine ag trom- sgalladh ar bórd agus chuadhas síos, chaitheas dhíom mo chóta agus mo bháscóta, ag iarraidh fionnfhuartais agus thosuigheas ag léigheamh aiste Mhic Amhalghadha i dtaobh Bhacúin, an t-árd-fhoirceadlaidhe Sasanach, mar thugas an léirmheasadóir air. Agus ní chuirfead aon éagcóir ar an léirmheasadóir; tuigeann sé Bacún, tá fhios aige cad do rinne sé agus cad nach ndearna; agus dá bhrígh sin is rí-bheag é a mheas ar an “modh” nua ar a dtéigheann an feithideach mór oirdhearc úd ag lorgair- eacht, ar lorg na fírinne. Ní duine aineolach é, acht tá
fhios aige nach bhfuil i stair na litridheachta aon duine a leig air féin rud nua fhagháil amach is mó a bhfuil dul amugha air ná mar atá ar an tighearna Bacún, an lá go gceapann sé go bhfuair sé amach an “modh” treoruigh- theach, nó an Novum Organum. Agus leis an gceart a rádh le Bacún féin, d'éis a dhánacht, agus a theidil (.i. Instauratio Scientiarum), agus d'éis a mhodh mhórdhálach, mhór-ghlórach cainte, níor leig sé air ar fad gurb é an chéad duine é a fuair bunadhas na gaoise amach, mar rinne cuid dá lucht leanamhna ar a shon. Acht ní raibh ionnta- san acht dearg-amadáin rí-fhoghlumtha. Acht gan trácht ar an “treorughadh,” ná ar an modh, ná fós ar an bhfocluidheacht (níl aon leithsgéal aige ina thaobh sin, agus sháruigh sé Diarmuid Bentham féin ar an gcúntar sin) seo í an cháil cheart “feallsamhnachta” le cur ar Bhacún - táim gabhtha le tuarasgbháil an sgríbhneora - “Feallsamhnacht úr-nua an fheallsamhnacht a mhúin sé. Ar mhaithe leis an gcine daonna a bhí sí le múnadh agus an chiall a bhí le maith .i. an chiall a bhí riamh agus bhéas i gcomhnuidhe ag furmhór an chine daonna le maith. Sé an rud a bhí fa fheallsamhnacht Phlató, aigne na ndaoine a árdughadh suas thar neithe suaracha bheadh d'easba ortha; sé an rud a bhí fa fheallsamhnacht Bhacúin, na neithe suaracha bheadh d'easba orainn d'fhagháil dúinn. Cus- póir uasal an chéad cheann aca, acht b'éidir an dara rud aca a dhéanamh.” Sé an rud a thuigeas furmhór an chine daonna leis an bhfocal maith, ar ndóigh, biadh, agus moladh, samhaoin agus suaimhneas agus sadháile agus cumhachta, sé sin le rádh, riar fhagháil ar easba suaras ar bith atá ortha- .i. gach uile nídh dár thuig Bacún leis an bhfocal commoda; agus do réir an rí-mhúinteóir Sasanach, sin é an cuspóir is áirde ar bith, an t-aon
chuspóir, agus feidhm na fír-fheallsamhnachta agus na gaoise .i. freastal a dhéanamh ar an gcine daonna, má tá aon rud d'easba ortha. Ó, a Phlató! Ó, a Íosa! “Cuspóir uasal an chéad cheann aca, acht b'éidir an dara rud aca a dhéanamh.” Ní headh, acht deirim-se go raibh an chéad chuspóir go huasal agus fós go raibh a lán daoine d'fhéadfadh a dhéanamh; acht an cuspóir eile, ní hé amháin go raibh sé anuasal, acht ní gheobhadh aon fhear a dhéanamh, mhór-mhór na daoine is uaisle ar bith. Is mór an greann leis an sgríbhneoir an tseafóid ar a dtugtaoi feallsamhnacht nuair a bhí na daoine dubh- aineolach .i. roimh aimsir Bhacúin. “Níor bhfiú leo aon tairbhe bhaint aisti, agus bhíodar sásta dá mbeadh sí gan iad a chur aon chéim chun cinn. Foirbhtheacht na soi- bhéas agus an teoir a bhain léithi, sin iad is mó a raibh baint ag an bhfeallsamhnacht úd leo, agus bhí d'áird-réim na neithe sin agus nach bhféadfaidhe tada a dhéanamh go deo dhíobh acht teora. Shaoilidís fós ceisteanna do- fhuasgluighthe a fhuasgailt leis an bhfeallsamhnacht úd; agus stáid a sroichfeadh an aigne chuici, mholaidís a cur ann, acht maidir le compóirt a thabhairt don duine' ní gheobhaidís rud chomh hiníseal sin a dhéanamh.” Acht níor cháin Plató ná Pithagoras compóirt ná saidhbhreas riamh, ná ollmhaitheas saoghalta ar bith' acht d'fhágadar fa lucht ceirde agus fa dhaoinibh mheabhracha iad, ní raibh aon bhaint ó cheart ag saoithibh, dar leo, ná ag feallsamhnaibh leo. Dá dtagadh Séamus Uatt go cathair na hAithne, nó go Crotóna, agus a inneall gaile leis, gheobhadh sé creideamhaint go cinnte, agus déar- faidhe go mba gasta an duine é, agus go mb'ionmholta an ceárduidhe - gach ar thuill sé, acht ní thiubhraidís feallsamh air mar gheall ar an méid sin. Acht cheap na
saoithe úd a bhí ann i n-allód go mba hí an ghaois cheart í na smuainte agus na miana a árdughadh suas thar an mhaith a dtugann furmhór na ndaoine “maith” uirthí, agus lom a ndíchill a dhéanamh ar a bheith fírinneach, fulangach, cneasta, cáidh, i n-áit a bheith ag freastal ar oireasbha suarach ar bith dá mbeadh ortha. Nár bh'é Íosa Críost an t-amadán bocht, dá dtugtaoi breith Air do réir na “feallsamhnachta nua” so, mar isé an rún céadna bhí Aige a bhí ag Plató. Níor bhfiú Leis neithe beaga compóirteacha a sholáthar dhó féin; seadh, maiseadh, “maidir le compóirt a thabhairt don chine daonna, níor bhfiú Leis rud chomh hainíseal sin a dhéanamh.” Ní headh, a mhaisge, acht “gibé rud atá glan, gibé rud ata naomhtha, má tá aon bhuaidh- .” A Dhia láidir! ar ndóigh níl annso againn acht ceist- eanna sgoile. Ar smuainigh tú nach féidir an aigne a chur sa stáid sin? Tairgeann tú arán beo dhúinn, agus uisge nach mbéidh tart arís ar an té ólas é - tá sin go háluinn ar fad, acht níl ann acht raiméis. An dtiubhrá congnamh dhúinn le im a chur ar an arán mine seo atá againn, im a chur ar thaobh de i dtosach agus annsin im a chur ar an taobh eile? An gcuirfeá feabhas ar an uisge seo, ar a bhlas leamh, agus ar a laige neamhdha? Sin iad na rudaí atá d'oireasbha orainn. Sin iad na rudaí is maith le furmhór an chine daonna. Gibé rud atá teolaidhe, gibé rud a bhfuil cumhachta ann - suaimhneas, airgead, cuimhnigh ortha sin. Ní admhochamuid feasta aon lóchrann a bheith sa domhan acht an lóchrann a thiubhras léargus dúinn ar éadáil den tsórt sin. Tá cruth ar a urmhór sin gur Dia-mhasladh é; acht is é an sgríbhneoir a rinne an Dia-mhasladh. Bheadh an oiread de chiall dó an creideamh Críostuidhe a chur i gcomórtas
leis an mbuaidh atá ag daoinibh ag cumadh rudaí nuadha, agus bheadh dhó feallsamhnacht Phlató a chur ina chomórtas - an cás céadna. B'ionann feallsamhnacht i n-allód agus an creideamh aiceanta .i. a bheith go dúthrachtach ar lorg na fírinne spioradálta, agus ar lorg na maitheasa spioradálta. Bhain sí leis an spioraid agus le uais- leacht an duine, agus sé an rud a chuir sí roimpi .i. a nádúr a ghlanadh agus dóchas a thabhairt dó go raibh an bheatha shuathain agus an choróin gheal imeasg na naomh i ndán dó. Go díreach, ars an sgríbhneoir, is ar sin a tugadh gaois - ar seo a thugaim-se gaois, mé féin agus Bacún. “Tuilleadh aoibhneasa a thabhairt don duine agus a pheireacha a laghdughadh, an dá rud a chuir an tighearna beachtuighthe Bacún roimhe.” Ní fiú linn trácht ar rud ar bith thairis sin, thairis sin ná téidheadh lorgair- eacht ná miana an duine. Éirigh as do bhrionglóidíbh ar staid intinne nach féidir a shroicheachtáil agus sásuigheadh an fhírinne do réir Bhacúin tú. Cuimhnigh ar dhuine eolgach de lucht leanamhna an treoruidhe Bacún 'na sheasamh agus pus air le tarcuisne, agus é ag éisteacht leis an tSeanmóir ar an Sliabh, agus cuimhnigh air ag fiarfuighe go borb den Teagasgthóir - “Cia'n chiall atá leis sin: “tabhair do bheannacht don té thiubhras a mhallacht duit” - “grádhuigh do náimhde” - “bidhidh foirbhthe amhail atá bhur nAthair atá ar Neamh foirbhthe”! Cá bhfuil an duine a bhí riamh ar an stáid intinne sin? Goidé an chúis, a chara, nach dtiubhrá aghaidh ar rud foghainteach éigin, ar rud éigin a d'fhéadfaidhe a dhéanamh agus na buadha móra atá agat? An bhféadfá tada a dhéanamh? - ná feabhas a chur ar thada? Bíonn tú le siúinéaracht, nó tá dul amugha
orm, agus bhíteá ag obair i n-áit éigin i nGalile; an bhfuairis amach aon rud beag nuadh ar bith a chuir- feadh feabhas ar do cheird mheasamhail féin? Ar chuiris aon fheabhas ar an toireasg, nó ar an deil, nó ar an bplána? An féidir leat aon fheabhas a chur ar sheol an fhigheadóra, nó ar rotha an photadóra? Ar shabháil tú adhbhar ar aon tslighe, nó ar shabháilis saothar don duine, nó ar thugais ear is barr aoibhneasa don duine? An ndearnais ceachtar de na neithibh sin, nó an tig leat a thaisbeánadh do dhuine le n-a ndéanamh? Ní dhearnais, ní thig! Tóg ar siubhal mar sin é. Céas é!” Seadh, acht déarfaidh an Sasanach eolgach liom, ag caint ar chreideamh atáir anois; agus sin é an rud is treise againn fa láthair sa tír bhreagh seo. Nach bhfuil ar dteampoll urramach againn - agus ar modh modhamhail le urnuighthe a rádh? Tá roinn ar leith ag an rud sin dó féin, agus Árdeasbog uasal Canterburí ina chionn. Má theastuigheann aon tuairisg do thaobh an tsaoghail eile ná do thaobh do shlánuighthe, ná do thaobh neith ar bith den tsórt sin, cuir tuairisg ins an árd-oifig, nó i gceann de na fo-oifigibh. Is fíor sin, tá roinn ann, agus oifigí, agus tuarastal, agus beagán le cois; acht na dhiaidh sin agus uile, ní hé amháin nach deagh-bhéasgna críostamhla iad deagh-bhéasgna nua na Sasanach (agus is ionann agus dalta iad don teagasgthóir clúdhamhail Sasanach), acht ní deagh-bhéasgna págánta féin iad. Sin í an fhírinne ghlan. Níl aon tsuim dá laghad aca i n-aon nídh níos fearr ná níos áirde ná mar atá le fagháil ón domhan. An dubh-chumasg céadfaidh a thug do Bhacún agus do Mhac Amhalghadha an fheallsamhnacht ársaidh a chur i gcomórtas le stuaim chinn luchta an ama so taisbeánann sé go bhfuil an cháilidheacht
sin ag teacht ar na daoinibh, ar a gcroidhe agus ar a intinn, agus is tuar bháis don náisiún é. Sé céadfadh atá ag urmhór an chine daonna, gur maith an rud airgead agus cumhachta agus aoibhneas; agus, féach, bhreathnuigh Spioraid na hAoise ar an nídh céadna agus dubhairt sise go mba rí-mhaith na neithe iad. An stáid is áirde ina bhféadfadh intleacht nó subháilce an duine a bheith do réir na spioraide tútaigh sin, sé sin stáid an té sin a bhfuil grádh aige don chine daonna - sé sin le rádh, sin é staid an duine a laghduigheas a bpeireacha don chine, nó a thug as tuilleadh aoibhneasa dhóibh, de bharr neithe nuadha a fuair sé amach, nó de bharr comhgar innill a cheapadh. Cumhachta an duine a mhéadughadh, a chumhachta ar na dúilibh agus a chumhachta ar dhaoinibh allmhurdha, dochum sólás a thabhairt dúinn féin, sin é an toradh is áird-réimighe d'fhéadfadh a bheith ar an intleacht is géire. Seadh, agus cheapfadh Spioraid ghránna na hAoise an spéir féin a strapadh le teann inneallradh uathbhásach gaile, le aimhléis, agus le púdar, le airgead bunaidh, le “dlighe an chur-ar-aghaidh,” agus le neart do-mheasta an choimh- oibriughadh le chéile. Is beag aige gur chlis ar Otus agus ar Ephialtes, ar Tiphaeus agus ar Enceladus, ná ar lucht thógtha Shinar; agus cad n-a thaobh? Ba bheag é a n-eolas siúd ar chomh-oibriughadh; ní raibh eolas duth ná dath aca ar an aimhléis ná ar an ngail, ná ar bhun-adhbhar an stuaidh; ní rabhthas acht ag tosughadh ar ghnáth-innillteóireacht an phobail; ní raibh dul ó chliseadh aca. Feicthear don tSasanach fa láthair, an t-adhbhar bunaidh a bailightear, agus a curtar ag saorughadh, agus a mbain- eann daoine ceannsa leas chomh hadhbhail-mhór sin as, feicthear dhóibh gur leor mar chumhachta é sin leis an
domhan a chur fa smacht; agus dá bhrígh sin adhruigheann siad a numen le n-a ngnáth-ghoithibh salacha. Dearbh- uigheann siad dóibh féin nach leomhfaidh Dia an nádúir baint le n-a leithéid sin de chumhachta, ná aon aighneas a chur air; óir lucht an airgid atá na gcomhnuidhe sa gcathair creideann siad go bhfuil airgead ag Dia an tAthair san áit a bhfáightear trí as an gcéad as, agus ar an adhbhar sin de go bhfuil sé san áirdeal ar fhaitcheas nach mbeadh sé 'na shíothcháin ar fud an domhain, nó ar fhaitcheas go gcuirfidhe aon bhacadh ar réim na “ndeagh-bhéasgna.” Is cosmhail mar sin go bhfuil sé na shíothchán an fhad is nach bhfuil dhá chreachadh is dhá mharbhadh, is ag fagháil bháis den ocras acht daoine gan airgead; agus freisin nach bhfuil tada a cheannsochadh déithe is daoine chomh maith le neart airgid bunaidh bheith aca. Creidim go diongbhálta gur baoghalaighe an chaint chumaisg agus na smuainte cumaisg sin atá ag tuar an droch-ruda, agus a thug an méid sin orainn (agus ní mí- thuisgint a thárla le timpiste é acht measgadh ó fhréimh a rinneadh ar an teanga Béarla, agus iomroll intleachta, agus gnáth-iomroll inchinne atá ag dul chun donacht le dhá chéad bliadhain) ná giob geab Bhabel, agus go bhfuil sé ag tuar an tubaiste indeire na dála. Ní hé an sólás bun-chuspóir an duine, agus cuirfear sin i n-iul tré chomharthaibh agus tré iongantasaibh uathbhásácha. Dearbhuighim-se nach é an t-airgead bunaidh atá ag riaghlughadh an domhain; ná nach bhfuil aon tsuim mar gheall ar airgead ag Dia Uilechumhachtach sa seasamh dhéanfas ciste an stuic, ná i gcothrom idir chumhachtaibh na ranna Eorpa; ná fós nach bhfuil sé i n-innillteoireacht cathrach ná i n-innillteoireacht armála an duine a chur ós cionn na bhflaitheas, ná suidhe ríoghdha Dé a chorrughadh.
Acht a dtagaidh an t-am sin, náisiúin atá sgartha thart anois ar an domhan, agus gur cumhang leo é, déanfaidh siad roinnt den fhíor-fheallsamhnacht d'fhoghluim, agus ní hí sin an nua-fheallsamhnacht, agus béidh éadach silici agus luaithreadh umpa. Agus náisiúin eile atá sínte sa draoib anois, cuirfidh siad díobh an t-éadach silici, agus buailfidh siad fan saoghal náisiúnta as a nua, agus b'éidir dhóibh-san na cortha céadna a dhéanamh agus an díoghaltas céadna a tharraing ortha féin. Óir is thart timcheall is gnáthach leis an gcine a dhul ar aghaidh; nó b'fhéidir, do réir na lúibe a dhéanfaidhe, i rotha a bheadh ag casadh ar an gcothrom, sé sin, cosán cear- calda a dhéanamh ar aghaidh; marar chóra a rádh gur ar luasgán a bhíos an cine ar nós na croichteoige a ghníos stuadh cearcaill agus é ag gluaiseacht ar a chúrsa. Seadh agus is aois an seal ama is ceart a chomhaireamh; nó le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, abruighmís go bhfuil an saoghal dhá chaitheamh. Tá dath dearg ar an spéir arís anocht, agus an ghrian ina caor theintidhe istigh i lár néall atá ar dearg-lasadh ar íoghar na spéire. Tá an ghrian freisin ag leanmhaint dá sgáile féin, thart timcheall na cruinne, gan sos gan sgíth aici. Éirigheann an ghrian fosta, agus téigheann an ghrian faoi, agus déanann sí deabhadh chun na háite ar éirigh sí. Tá na srotha go léir ag teibirsin chun na fairrge, agus na dhiaidh sin níl an fhairrge lán; fill- eann na srotha arís gus an áit as a dtángadar. Caitheann na huisgí na clocha. Sguabann tú ar siubhal na neithe fhásas as deanach na talmhan, agus dóchas an duine milleann tú é. Téigheann agat air go síorruidhe agus téigheann sé ar ceal. “Slán leat.” 19° - Focal eile do thaobh an “rí-mhúinteora Sasanaigh”
agus tá mé réidh leis annsin. Féach a bhfuil aon tairbhe ann féin ná ina theagasg, ná sa leas a dhearbhas sé a bheith ann .i. sólás agus sadháile agus réim a thabhairt don duine. An chéad chás de, ní fhuair sé féin amach rud nuaidh ar bith riamh, ná níor fhoghluim sé, ná ní raibh fhios aige i gceart tada. Fearacht an tighearna Brougham, bhí roinnt shuarach éigin eoluis aige ar an ealadhain a bhí ann le n-a linn féin: an rud adubhradh le uachtarán aca bhí sé ionráidhte i dtaobh an uachtaráin eile: .i. “dá mbeadh fhios aige beagán den dlighe níl tada nach mbeadh fhios aige beagán de.” Acht gabhaim párdún ag an tighearna uasal - ó's cuimhneach liom anois é, chuir sé cúram níos uaisle ná sin air féin .i. obair a leagan amach do dhaoinibh eile, i n-áit a dhul ag obair dhó féin i dtighthibh ceirde, nó i gceárdchaibh, nó os comhair sornn, an áit a mbeadh deatach agus gal air. Mheas sé agus leag sé amach fós slighthe réidhe fairsinge ar ar chóir a dhul ag lorgaireacht; d'fhéach sé go cruinn ar obair na healadhna go foirleathan agus go hiomlán, agus leag séamach a gcion féin oibre do na hoibrighthibh. Agus tá le rádh na dhiaidh sin gur thaisbeáin an t-uachtarán so a bhí ar bheagán den eolas é féin, agus a mhair le linn saothar na meanmanradh a bheith ar siubhal go dícheallach, dúthrachtach .i. tamall gearr d'éis an ama a bhfuair Galileo amach slighthe na gréine agus na réalt thríd an spéir, agus tar éis na gnáth-riaghlacha a choimh- líonadar d'fhagháil amach do Chepler; d'éis an ama ar fríth amach an fadradharcán, agus compás an mháirnéal- aigh, agus cóir clódhadóireachta, (agus fríth amach iad sin go léir gan aon chongnamh ón organum), agus tá le rádh gur thaisbeáin an t-uachtarán so an fheallsamhnacht, agus gur chuir sé suim ag daoinibh eile innti, agus gur chuir sé cuspóir ar foghnadh roimpi, cé nach bhfuair sé tada amach
ariamh acht a riaghail féin. Cá bhfuil an fhiadhnuise? Níl sí ann. Agus dá bhrígh sin, dearbhaim-se go cinnte nach raibh riamh fós fear comhshuidhte drug ann, ná talamh- eoluidhe, ná ceárduidhe, ná fisigeach, liaigh, réaltóir, ná innillteoir, ná “feallsamh” ar bith eile, anall ó aimsir Bhacúin, ar chuimhnigh a chroidhe riamh ar an instantiae ná ar an vindemae, ná ar thada eile den chaint liobarnach atá sa leabhar amaideach sin, in-aon lorgaireacht dá ndearna- dar. Dearbhaim ina theannta sin, nach raibh duine as an dá fhichid, de na daoinibh a chuir ealadhain agus dán chun cinn i gceart, nár léigh duine riamh aca an leabhar úd; nach raibh duine as an dá fhichid a léigh an leabhar a thuig í - agus na daoine a thuig í féin, ní raibh an t-aon duine aca a bhain aon leas aisti. Acht déarfaidh an sgríbhneoir, bí cinnte dhe, is iad na histantiae céadna sin an organum a bhí ina gceann ag na daoinibh a bhí ag lorgaireacht agus ag obair, agus a raibh toradh ar a saothar de bharr na slighe a thaisbeáin an múinteoir mór dóibh, cé nár léigheadar, nó nár thuig- eadar an leabhar sin, nó nár bhfiú leo í áireamh, ná nach raibh fhiosaca na téarmaí dá ndearna Bacún úsáid. Is iad go díreach, mar bhíodar ag Tubal-cain agus ag Daedalus, ag Archimédes agus ag Aristotle, ag Columbus agus ag Cepler, iad sin agus iad sin amháin. Sé an rud a rinne an tighearna Bacún dá ríre, agus sé a ndearna sé - má rinne sé tada - ná má bhí toradh ar bith ar a shaothar, go mba hé ba cionn-tsiocair le ceard- uidhthibh stuamdha a chur ag obair ar lorg na riaghlacha dá ngéilleann folaidh (ionnus go mbainfidhe leas agus sólás asta, agus ar an adhbhar sin amháin). Chuir sé an obair sin in-áit na feallsamhnachta, agus thug sé feall- samhnacht uirri. Agus admhuigheann an sgríbhneoir
dílis, ó's duine é nach raibh an-aineolach, ná nach raibh ar deireadh ina chuid eoluis ar an saoghal a caitheadh, ná fós nach raibh aon nídh dá raibh roimhe dhá fheiceál dó, admhuigheann sé gurab shin é rinne Bacún, agus deir sé gur maith a rinne sé é. Táim tuirseach anois de Mhac Amhalghadha agus dá chuid aistí, agus chím, agus is iongantach liom é, go bhfuil tuairim agus deich leathanach breactha agam ag coireamh- aint air. Is gasta deaslámhach an ceárduidhe ar fhoclaibh é, ceárduidhe focal chomh deaslámhach agus mhair san naomhadh aois déag é. Cheapfadh duine ar bith i dtosach gur dánta cearta a bhfuil fíor-bhinneas an amhráin ionnta, a dhán ar Horatius agus a amhrán ar Nasebí. Is gearr ó cheapas féin é; acht ní féidir é agus ní tada dá shórt iad. “Is an rud nach féidir ní féidir é, Is ní bheidh sé amhlaidh le n-a ré.” Níl aon fhulaing leis an aimsir d'éirigh sé chomh te sin, agus níl aon teacht as againn. Oiread is puth den fhionn-fhuartas níl ann, agus is geall le ciúineas na marbh an ciúineas atá ann. Is cosmhail le sgathán práis uachtar na fairrge ar sleimhne, agus sgaltacha teo na gréine gile ag éirghe dhá druim. Támuid mar bheimís idir dhá shornn fhraochda. An mheirigín bheag de chleitea- chaibh caola atá i mbarr na cleithe i n-áirde, tá siad ag sileadh anuas díreach, cé go bhfuil hocht míle siubhail san uair fúinn. Tá an sáirseint reamhar ag cuimilt an alluis dá mhailidhe. Tá an t-uisge atá sa dabhach bog; an fíon atá ins na buidéil, tá sé féin bog agus gan é de chumhachta san sáile, óir tá púdar an ghunna measga thríd, aon fhionnfhuartas a chur ann. Cá bhfuil an feallsamh a mhúinfeas dúinn cé'n chaoi a bhfuarófaidhe an fíon, gan
leac oidhre a chur leis, fa bhrothall so na gréine? Níl long ná bád le feiceál, ná éan ar an spéir, ná aon rud eile a thaisbeánfadh talamh ar bith a bheith ann. An amhlaidh go ndeachamar thar Bhermuda? Goidé an díoghbháil? Is beag agam é dá seolaimís thart tim- cheall na cruinne. Acht tá muinighin ag fear stiúrtha na luinge go mbainfimíd na hoileáin amach i dtaca mheadhoin lae i mbáireach. 20° - Bermuda! Tuairim an deich a chlog indiu sgaip an ceo glas, agus an fear a bhí i mbarr an chrainn' gháir sé ós árd: “Talamh.” Ba hé an chéad talamh é a bhí le feiceál ó d'fhágamar Éire, agus ní raibh duine againn nach raibh fonn air a fheiceál. D'fhéachas-sa amach níos deis- mirighe ná ceachtar aca, mar is mó é mo shuim-se i mBermuda fa láthair ná suim aon duine eile ar bórd. Ba gearr go raibh amharc air ó bharr an bhosga atá ós cionn rotha na luinge; roinnt tulaigh ísle talmhan atá ann, agus iad le feiceál go follusach idir thú agus an spéir, agus iad gar go maith dhúinn. Níl aon chuid de Bhermuda níos mó ná naoi bhfichid troigh ar áirde' agus ní féidir é fheiceál nó go mbeitheá i ngar dhá bheith buailte air. Fa cheann leath-uaire shroicheamar é, agus leigeamar fúinn, ag fanamhaint le píolóite. Níor bhfada go dtáinig bád chugainn; daoine buidhe na bádóirí' a raibh a n-aithreacha bán agus na máithreacha dubh; bhí hataí de bhilleogaibh leathna ortha. Bhí an píolóite féin chomh dubh leis an sméir. Tá sreath gunnaí móra Carthagíneach ar mhullach an oileáin thoir, agus tá béal an chuain go contabhairteach, agus é idir sin agus beann mhór atá ag éirghe aníos as an bhfairrge ar an taoibh ó thuaidh de na hoileánaibh. Ba gearr go rabhamar thar an mbéal contabhairteach, agus sheolamar annsin ar feadh deich
míle le hais an dá oileán is mó, agus bhí amharc maith againn ar an tír agus ar na tighthibh agus ar na daoinibh. Is beag nár léar dhúinn leis na gloineachaibh fadradharc- acha, an chóir do bhí ar na tighthibh aca istigh ionnta, an áit a raibh na doirse osgailte. Tá daoine go tiugh ann; tá na tighthe nó a bhfurmhór, geal, idir bhallaí agus ceann, acht tá siad ar easba simléir agus féachann siad go mí-chom- póirteach; tá teach beag fulachta ar leith aca, tamaillín ón teach comhnuidhe. Tá dath geal ar chuid de na carraig- reacha, dath buidhe ar thuilleadh aca, áit ar bith a bhfuil siad leis, mara bhfuil carraig ann a dtagann an fhairrge uirthi. Tá tuláin bheaga 'na gcéadtaibh ar na hoileánaibh go léir, agus crainn bheaga garbha cedir. Níl aon chrann ann acht an cedir. Tá dath donn-uaine ar an gcuid den talamh nach bhfuil aon adhmad air, agus cosamhlacht lom, spalptha air, cosamhlacht go sughfadh sé a dtiocfadh is a dtáinig den uisge. Ní hiongnadh dhó; níl sruth ná sreabh, ná sruthán, ná tobar, ar fhuaid na n-oileán, agus trí chéad aca ann, agus trí mhíle cnocán ortha. Níl na cnuic sáthach árd, ná an talamh sáthach fairsing, agus is cineál cailce atá sa gcarraig chalctha atá ann, agus shúghfadh sí an t-uisge ar nós an [an] ghainimh, agus súghann sí a dtuiteann den bháistigh uirthi agus shúghfadh sí a dheich n-oiread agus ní bheadh a dóthain na dhiaidh sin aici. A Dhia láidir, nach dóighte feannta an tír í! “Áit nár rith riamh sruth ná sreabh, Soir i n-aghaidh an ghaoi ghlais ghlain A bhfuil lasadh aedhearamhail ó neamh ann.” Ní mór, is cosmhail, do na daoinibh a bheith ar a ndícheall ag gabháil na báistighe, agus cuisleacha agus dabhachanna a shocrughadh ar shlighe ghlic fa n-a comhair. Is maith an chloch
atá aca leis an uisge a sgagadh, ar chuma ar bith, dá bhfaghaidís an t-uisge. Ní fheicim cur ar bith d'aon tsórt déanta, acht beagán garrdhanta; agus is fíor- bheag den talamh atá curtha i n-aon chor. Chítear dhom gur doicheallach, allmhurdha an áit é seo ar fad; agus ar a theacht dúinn anoir le tír, agus gan tada le feicsin acht tulcháin agus na garbh-chroinnte loma cedir, agus an talamh spalptha, chuimhnigheas ar Bhanba na Sreabh, agus ba truagh liom gan mé ann. Ar feadh na huaire bhíomar ag seóltóireacht anoir, bhíos ag síor-chantain liom féin: “Is osgailte fáilteach an áit sin Éire, Bán-chnuic Éireann óigh, Agus toradh na sláinte i mbarr na déise Ar bhán-chnuic Éireann óigh; Biolar agus samha i ngleanntaibh ceo 'S na srotha san tsamhradh a' labhairt ar neoin Is uisge na Siúire a' brúcht na shlógh Ar bhán-chnuic Éireann óigh.” Acht is breagh torthamhail na hoileáin iad so 'na dhiaidh sin. Beirtear agus tógtar na mílte daoine ortha agus créatúir dhaonna freisin iad, do réir chosamhlacht. Tá dhá chathair ortha, i bhfuil fir a bhfuil deis a labhartha aca agus lucht reachta agus riaghaltais i gcathair aca. Tá dug ann agus dhá shluaightheach, agus dhá pháipéar nuaidheacht - páipéir chearta do dhaoinibh le n-a mbara- mhail a fhoillsiughadh (agus eagarthóirí, is dóigh liom agus gaoth, agus gach aon deis eile). Agus rud is fearr ná sin, tá neart toraidh ann, agus neart éisg agus glasraidhe, agus chím ba ann, agus gabhair go leór, agus muca agus éanlaith. Dar go dearbhtha is maith an tír í. Is annso a shaoil Seoirse Biorclaoi seagainne
coláiste a chur ar bun do dhaoinibh a raibh fútha a dhul imeasg daoine allmhurdha ag teagasg an tsoisgéil. Bhí fa Sheoirse Críostuidhthe a dhéanamh de na hAimeriocán- aighibh dearga, agus d'éirigh sé as déagántacht a bhí aige i nDoire Chuilm Cille agus tuarastal mór dó as, ionnus go mbeadh sé ina Uachtarán ar an gcoláiste annso, áit nach mbeadh dhó acht céad punt sa mbliadhain. Sir Riobart Ualpole, saoilim, a bhí ina árd-mhinistéar ar raghaltas Shasana an tráth sin, agus gheall seisean fiche míle punt a bhronnadh ar an gcoláiste. Ar thabhairt an gheallaidh sin do Sir Riobart d'fhágaibh Seoirse Doire, agus chuaidh sé go Sasana Nua, áit ar fhan sé bliadhain ag feitheamh leis an airgead, agus le cairt an choláiste. Bhí sé ag iarraidh agus ag gearrán, dhá mheabhrughadh agus dhá chur i n-iul dóibh, nó go raibh a chroidhe briste beagnach, agus annsin d'fhill sé ar ais go hÉirinn agus éadóchas air. An duine bocht! is beag a cheap sé go mbadh mhor an biorán le ministéaraibh Shasana é féin agus a choláiste. Bhí a mhalairt de leagan amach aca fa chomhair na hoibre sin .i. min dhearg a dhéanamh de na daoinibh dearga. Acht rinneadar easbog de Sheoirse ar Chluain Uamha, agus d'fhan sé annsin ag feallsamhnacht agus ag fidiléaracht dó féin go bhfuair bás. Go Bermuda freisin a chuir Prospero Ariel oidhche áirithe ag iarraidh drúchta. Acht is ar éigin a d'aithneochadh duine anois gurab iad na hoileáin seo na Bermoothes chollóideacha, mar ní suaimhnighe naoidheanán 'na chodladh i n-ucht a mháthar ná na hoileáin indiu i n-ucht na mara gloinidhe seo. Agus nach annso fosta a tháinig Ualler, ealadhantóir an bheatha, nó go gcaithtí aimsir an chruadhtain, agus nach ann a facthas dó an aisling ar oileánaibh an tsamhraidh? Nach ndearna Tomás Ó Mórdha freisin amhráin faoi na
crannaibh cedir seo? Ní raibh Bermuda gan a chuid- eachta; seadh, tá cáil féin air agus cáil a mhairfeas. Is blogh den talamh bláthmhar dá ríribh é is cosmhail, agus a cheann ar uachtar an aigéin annso aige. Is féidir mair- eachtáil ann ar chuma ar bith; agus dá dtugtaidhe oileán díobh so dhom ar m'aghaidh féin, nó réasúntacht saoirse mar sin, b'éidir liom mo chúram ar fad a thabhairt amach annso, agus b'éidir dhúinn síol gallda a chur, agus oráistí, agus fataí, agus comhnuidhe i mbothán a mbeadh ceann fionn-aolta air, agus an fhairrge ar a bhéalaibh, agus coill cedir ar a chúlaibh. B'éidir sin. An t-órdughadh atá fá shéala ag Caiptín Wingrove, b'éidir go leigfeadh sé an deis sin a thabhairt dom. Tá le rádh nach mó ná folláin an áit é, acht ar ndóigh neartochadh mo pháistí beaga fa thaithneamh láidir na gréine, agus mhairfeadh muid ar an gcúlráid annso go gcaithtí an tamall a cheap an dream a d'fhuadaigh ar siubhal mé dhom, sin nó go saorfaidhe mé mar gheall ar “adhbhar stáit” éigin (mar is dúinte dothuigthe na daoine iad fir stáit Shasana). Shroicheamar caladh-phort fa dheireadh, áit ar leig- amar fúinn, ar bhéalaibh an oileáin ar a bhfuil lucht an riaghaltais, an áit a bhfuil an dug. Seo é an t-oileán is fuide siar-dtuaidh den iomlán, agus Éire an t-ainm atá air, ní dhéanfadh aon ainm eile é. An long adhbhal- mhór gaile a bhíos ag triall anonn is anall treasna an aigéin .i. an Great Western, bhí sí annso le n-ar n-ais, ar a theacht i gcaladh-phort dúinn, agus ar an taobh eile dhinn tá long mhór stáideamhail cogaidh, a bhfuil cheithre ghunna mhóra dhéag agus trí fichid uirri, agus an bhratach chearnógach dhearg i mbarr an tseoil-chrainn, dá thais- beánadh go bhfuil an t-uigingeach ar bórd. Tá galtán
beag le lucht an riaghaltais ag seoltóireacht thart ar fud an chuain; tá roinnt shoithigh sa dug, agus gob talmhan amach le n-a n-ais, le fasgadh a dhéanamh dhóibh, dá dtagadh an doineann, agus gleoiteóga beaga gleoite, agus déanamh aisteach ortha, ag imtheacht anonn is anall ina sgórthaibh - i gcruthamhnas go bhfuil beodhas san áit thar mar bhí againn le trí seachtmhainí i n-aduadhantas an aigéin. An t-uigingeach atá annso, tá na hIndiacha Thiar agus Ameiriocá Thuaidh le freastal a dhéanamh aige ortha; is é an sean-tighearna Ó Cogaráin é, nó an tighearna Don- domhnaill, fá láthair. Sé an fear céadna é a dhíbir na hEsmeralda as caladh-phortaibh Callao; an fear a bhí ina uigingeach i Sile agus Ó Huigín mar ainm air; an t-uigingeach Gréige a bhí fa Chomhdháil Epidaurus, agus níl aon fhear beo a thug gacha le mionna leis a bheith dílis do riaghaltas sealadach ceannairceach. Ó bhí sé infheadh- ma tá sé ag troid ar fud fairrgí na cruinne ar son daoine bhí ag iarraidh a dtír a bheith neamh-spleadhach. Gidheadh, is dóigh liom go gceapann sé gur fíor-dhroch- dhaoine iad lucht ceannairce na hÉireann. Bhí an tráthnóna go haoibhinn agus chaitheas an t-am ar bórd ag comhrádh leis na hoifigeachaibh agus ag dearcadh as fadradharcán ar na hoileáin thart timcheall orainn, go ndeacha an ghrian faoi. Is daingean an daingean i gcosamhlacht é oileán Éireann. Tá sreath fíor-dheas tighthe ar mhullach an chnuic i lár an oileáin. Sluaightheach é sin agus stórus an riaghaltais i bhfogus dó, agus stuadh-cheanna do-bhriste ortha, nach mbrisfeadh sliogán féin iad agus tuiteadh sé ortha. Tá an cnoc gearrtha síos ar fiar ghéar ar a mbéalaibh sin, síos go dtí go sroichidh sé cothrom leis an dug, agus ar a chúlaibh tá
forscamhon gearrtha sa bhfánán agus gunnaí móra suidhte ortha. Tá sreath fada réidh de dhaingnibh ar feadh an bhealaigh, idir cnoc an tsluaighthighe agus cnoc eile atá ar fíor-fhoircheann thuaidh an chnuic; agus tá tighthe eile atá ar fíor-fhoircheann thuaidh an chnuic; agus tá tighthe eile leis an riaghaltas ar sin, agus riar láidir gunnaí móra thart timcheall air. Taobh thoir díobh sin tá asgaill ann, agus is insan asgaill sin atá an stórus d'earraidh loingis, agus na hoifigí agus an dug. Is millteach mór luachmhar na foirgnighe iad cuid aca sin. Níl a shamhail seo d'áit le haghaidh loingis i nÉirinn .i. san Éirinn eile. Is maith a sheachain na Carthagíní riamh ar fhaitchíos go mbeadh. Chím trí long mhóra, mí-stuamdha ar ancoire istigh sa dug, agus díon ortha, agus daoine ar bórd ortha, casóga geala lín-éadach ar na daoinibh agus hataí tuighe, agus litreacha agus fighearacha áirithe ar dhruim a chasóige ag gach aon fhear aca, agus in-a theannta sin fíoghair de shaighead leathan na bainríoghna. Samhluigheann sé dhom gur ag cleachtadh acluidheacht atá siad, agus ag máirseáil ar nós saighdiúirí. Agus an bhfuil saighdiúr le déanamh dhíom-sa ina measg sin, agus mo chomhartha bheith orm gur leis an mbainríoghan féin mé ar feadh na cheithre bliadhna déag so atá amach romham? Tá súil agam nach bhfuil. Acht má tá, bíodh. Chuaidh an ghrian faoi ar chúlaibh na gcrann cedir, ar nós comhartha cró-dhearg catha le n-a mbeithfidhe ag diub- ragadh. Na báid bheaga éadtroma le muinntir Bhermuda d'imthigheadar isteach fá dhorchadas an chalaidh, iad féin agus a bhfoirne dubha. Lucht margaidh bhí ionnta, agus mná nigheacháin. Chaith long na brataigh urchar an tráthnóna, agus chuadhas-sa chun suaimhnis chun
mo sheomra, ar bhórd an Scourge. Seo é an uair dheireadh agam ag dul ann. Chuir an caiptín sgéala faoi féin agus fa n-a theachtaireacht go dtí an t-uigingeach: chuir an t-uigingeach sgéala ag triall ar an nGoibhear- nóir. Beidh fhios agam i mbáireach cá mbeidh sé ceaptha dhom a bheith sa mbaile.
An 3° Caibidil Meitheamh 21° 1848. Ar bórd an Scourge fós dom, i mBermuda. Tháinig galtán eile isteach sa gcoinéal thoir-dtuaidh indiu. Tagann péire aca isteach annso go Bermuda uair sa gcoicidhís as na hIndiachaibh Thiar, agus is ceann aca í seo. Bhí sí beo le lucht taistil, idir fhir agus mhná, agus leig sí fúithi i ngar dhúinn. An dara lá den Mheitheamh a d'fhágaibh sí Southampton, agus tá páipéir nuaidheacht ó Londain léithi ag innsin faoi gach ar thárla go dtí an t-am sin. An fear faire bhí againne .i. an dara hoifigeach, chuaidh sé ar bórd aici ar an toirt boise, agus thug sé dó nó trí pháipéar ar ais leis. Ní fhacas aon pháipéar níos déidheanaighe ná ceann an 6° lá den Mheitheamh agus dá bhrígh sin chuir sé áthas orm tamall den Morning Mail féin d'fhagháil. I dtaobh an daoir .i. an Mistéalach, atá an príomh-alt, agus an t-ughdar a sgríobh é, is dóigh leis gur bitheamhnach mé i dteannta bheith 'mo dhaor. Acht tháinig mé ar sgéala ar chuir mé suim ann .i. freagra a thug Sir Seoirse Grae ar cheist a cuireadh air i bPáirliméid Shasana .i. an bhreith a tugadh orm, an mbeadh orm a fulang? “Chuir lucht Riaghaltais na Bainríoghna órdughadh go hÉirinn go gcaithfidhe an bhreith a tugadh ar an daor, an Mis- téalach, a fhulang go hiomlán.” Níl teora ná cuimse le daille an duine sin! Éamonn de Búrc de Róiste a chuir an cheist, ar an nós so: An bhreith éagcórach mhí- chothrom a tugadh orm-sa an amhlaidh go raibh fa'n riaghal- tas dá ríribh cur fa ndeara dhom í fhulang go hiomlán?
A bhobarúin! ní raibh éagcóir ná mí-chothrom sa mbreith, dá gcuirtidhe ga mo fhromhadh mé agus mé a thligean. Ní hé a chruaidhe is bhí an bhreith a tugadh orm chor ar bith, ar theastuigh a fhiosrughadh agus a mhíniughadh, acht an sórt fromhadh a tugadh orm, agus níor thagair Éamonn de Búrc dó sin. An ministéara a thug an freagra, ar ndóigh níorbh é a mhoill é gan a chasaoid a dhéanamh fa rádh is go dtiubhraidhe breith éagcórach mhí-chothrom ar bhreith a tugadh go riaghalta agus go dlisteanach. Agus bhí an ceart aige freisin. Níos neamh-éifeachtaighe ná sin ní fhéadfadh feisireacht a bheith. Acht an colamhain dar teideal Éire, sin é an rud is mó i bhfuil mo shuim dá bhfuil sa bpáipéar .i. tuairisg a chuir an Raghallach agus an Máirtíneach amach roimh ré i dtaobh an pháipéir nua nuaidheacht atá ar tí a theacht amach uatha gach uile sheachtmhain .i. an Irish Felon, agus sé an rud atá fútha .i. teagasg “an daoir, an Mis- téalach,” a chraobhsgaoileadh, agus an bun-adhbhar naomhtha atá le ceannairc na nGaedheal a leathnughadh, agus a neartughadh. Is rí-mhaith an sgéal nuaidhe é sin, agus ní féidir leis aon droch-chríoch a bheith air. Cuirfidh sé ialach ar na Carthagínibh iarracht go mór mór níos dána a dhéanamh ná mar bhí dhá dhéanamh aca; caithfidh siad a bheith go fada, fada níos buirbe, níos do-bheartaighe, níos anfhorlannaighe agus níos aindlighthighe ná mar bhíodar; cuirfidh sé d'fhiachaibh ar gach uile phoiliticeoir Lamartíneach dá bhfuil ann a bheith ceannairceach, sín nó admhughadh láithreach nach raibh rún ariamh aca aon éirghe amach a dhéanamh; bhéarfaidh sé aghaidh an phobail ar an gcomhlann agus ar an mbrígh atá leis; sin é thiubhras do na daoinibh airm d'fhagháil; nochtfaidh sé whiggery na Breataine, bainfidh sé dhe an falach fealltach féile
agus carthanais a bhí air, agus fágfaidh sé lom leis an beitheadhach cíocrach, agus gíosgán fiacal air le dearg- chúthach - óir is é an té atá amplach chun airgid an beitheadhach is fíochmhaire ar bith; cuirfidh sé críoch le aon chaint feasta ar “dhlighe,” agus déanfaidh sé sprúdhánaighe de chroidhe an reachta, go nach mbéidh dlighe ná riaghaltas (acht faobhar claidhimh) le fagháil ar fud oileáin na hÉireann, acht an oiread is bhí an chéad lá riamh ar éirigh an tír aníos as ucht na tuinne - seadh, go deimhin, tiubhraidh sé go mbéidh Éire chomh soiléir agus chomh suaitheantasach ar easbaidh dlighe agus riaghal- tais (acht faobhar claidhimh amháin) agus bhí sí le leith-chéad bliadhain, caoi a raibh sí go ceart críochnuighthe. Ní féidir do mhuinntir na hÉireann gan fios a bheith aca fa dheireadh thiar go bhfuil a dtír lom, nochtuighthe ar an gcuma sin, gan dlighe gan riaghaltas - go dtuga Dia dhóibh náire bheith ortha faoi sin! Má bhíonn siad umhal annsin do láimh láidir an tSasanaigh, mar dubhairt mé cheana deirim arís ó chroidhe é, bíodh, agus ag an diabhal go raibh siad. Is gearr gairid, ar ndóigh, go ngabhfar an Raghallach agus an Máirtíneach, go gcuirtear cosg ar a bpáipéar, go ndéantar “fromhadh” ortha féin, is mar sin adeir- tear é agus go gcuirtear, is dóigh, thar sáile iad; óir níl aon riaghaltas a sheasfadh le masladh dá shamhail sin. Agus b'éidir go gcuirfidhe mac Uí Mheachair, mac Uí Dhubhthaigh, mac Uí Ghormáin, an Brianach agus an Diolúnach, nó cuid aca, anonn 'na ndiaidh. Goidé an díoghbháil; cuireadh chun báis fir is fearr ná iad 'na gcéadtaibh is 'na míltibh leis an ocras. Tá fhios agam go rí-mhaith go bhfuil fir stáit cheann- airceacha ann agus gur éitreorach seafóideach leo an
leagan amach agus an chóir seo atá dhá chur agam ar an obair ar fad; ní léar dhóibh go dtiocfadh as acht roinnt daoine uaisle a dhul dhá marbhughadh féin i n-aghaidh daingin cloch eibhir, agus iad ag ceapadh gur dhá ionn- suidhe go dásachtach atá siad. Deir na poiliticeoirí seo linn go mba chóir dhúinn fuireach go mbeimís níos líonmhaire; go mba cheart dúinn connradh ceilge agus brostughadh a dhéanamh i gcogar, agus fuireach faoi sgáth an dlighe faoi láthair; nár cheart dúinn daoine a chomhairleachan ós árd airm d'fhagháil, an lá go gcurtar daoine thar sáile fan gcomhairle sin a thabhairt, acht comhairle a thabhairt dóibh agus a mbros- tughadh go socair go dtí, agus rl., agus rl. Fan, arsa comhairleach gasta liom, agus ná craobhsgaoil do bhun-teagasg go mbeiridh sé gréim. Acht an té chaithfeadh an chaint sin is beag é a eolas ar mhuinntir na hÉireann. Tá spiadóirí an Chaisleáin chomh fairsing sin i nÉirinn agus nach féidir rud a dhéanamh i ngan fhios. Ní fhéadfadh duine aon bhrostughadh a dhéanamh i nÉirinn a mbeadh aon chabhair ann, an fhad is tá an oiread sin de sgáthmhaireacht ar na daoinibh bochta dearóile roimh an “dlighe,” agus an fhad is nach bhfeicidh siad aon duine ann ag sárughadh an dlighe agus ag tabhairt a dhubhshláin. Ní fhéadfá moladh go príomháid- each do dhaoinibh i nÉirinn airm d'fhagháil, mar tá sé dhá theagasg dóibh le dhá fhichead bliadhain gur bíodhbhanas agus aindlighe dhóibh airm a bheith aca, i n-áit a theagasg dóibh gur rud onórach riachtanach é; agus dá gcaint- eochá ar airm leo i dteach ná i ngort, b'éidir gur amhlaidh dhéanfaidís sgéala ort sa sluaightheach ba foigse dóibh, dhá rádh gur “fear ribín” thú. Sin é an teagasg a fuaireadar, na daoine bochta, ó shagart agus ó
bhrostuightheoir. Cionnus a mbeimís níos líonmhaire mar sin dá bhfanaimís? Dá fhad dá bhfanamuid nach amhlaidh is laige agus is tútaighe sinn, nach amhlaidh is cladhardha agus is suaraighe sinn? Ná fanadh; má tá aon bhuaidh sa bhfírinne ghlan a innsin ós árd, go dána, dásachtach, féachaimís léithi é aon uair amháin. Ní mór dhúinn buaidh na n-arm a mhóradh, go mbéidh Gaedhil óga ar bís chun a laimhsiughadh, agus a bhfaobhar agus a bhfaghairt a fhéach- aint. Agus ní mór dhúinn sin a dhéanamh d'aindeoin don “dlighe,” agus níos dúthrachtaighe arís an mhéid go ndéantar dlighthe Londain in-aon turas ina aghaidh sin. Le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, ní mór dhúinn cur go teann i n-aghaidh an dlighe chéadna so fa dheireadh, agus a shárughadh ortha nach dlighe é; a shárughadh ortha nach bhfuil aon chumhachta ag Pairliméid Londain dlighthe a dhéanamh dhúinn, agus a dhearbhadh nach mbeimíd umhal dá ndlighthibh níos sia, an fhad is tá Dia na córa ag riaghlughadh ar an talamh so. Saoilim go bhfuil buaidh éigin le fagháil san státaireacht sin, má tá míonach fear i bhfearaibh Fáil fós. Ar chuma ar bith, níl fhios agam-sa aon tslighe níos fearr ná é. Tráthnóna anocht ar an ceathair a chlog, fuair Caiptín Wingrove sgéala ón Uigingeach agus d'innis sé dhom é: go raibh bád le theacht go dtí an long fa mo dhéin. D'ullmhuigheas mo mhála. Bhí cuid de na hoifigeachaibh a cheap, agus bhí an ceart aca, cíbé áit i mbéinn go mbeadh easbaidh leabhra orm, agus ó thárla go raibh fhios aca nach raibh faill agam, sul fuaduigheadh ar siubhal mé, leabhra d'fhagháil, chuireadar d'athchuinghe orm roinnt leabhra a ghlacadh uatha. Ní chuirfead a n-ainmneacha síos annso, acht ní dhéanfad dearmad ortha. Le teann carthanais agus deigh-mhéin a bhíodar, agus ó thárla nach
bhfuil aon achrann idir na daoine uaisle sin agus mé féin ghlacas leabhar an duine ó cheathrar aca. Níor bhforusta liom ariamh duine a shaoilfeadh cumaoin a chur orm, as corp deigh-mhéine, an té sin a ruagadh uaim go hobann agus uabhar orm. Níl sé ionam a dhéanamh. Agus 'na dhiaidh sin, creidim dá mbeadh an t-ionbhaidh agam, i gcruth is go smuaineochainn orm féin creidim go n-eiteochainn na daoine geanamhla sin! Cé'n! an féidir go nglacfaidh mise - mise, Seán Mistéal - bronntanais, agus bronntanais gur beag nach alm- sanna iad, ó oifigeachaibh Bhainríoghna Shasana? Acht is rí-mhaith liom nach raibh an t-ionbhaidh agam le smuaineadh orm féin i gcruth is go dtiocfadh fearg orm. Bhain an ceathair a chlog, agus seo anall dhá bhád chugainn díreach ón dug, agus daoine a raibh na casóga geala ortha ag iomradh. Go long príosúin liom-sa, mar sin! Níl aon bhothán i n-aice na fairrge i ndán dom-sa mar sin, ná aon ghleann imeasg na gcrann cedir - seo leat go deireadh na sgríbe mar sin é, a Sheáin a Eochraidh! Tháinig triúr ar bórd an Scourge chugainn. Dubhairt duine aca go mba hé an t-árd-cheann é a raibh cúram na ndaor air. Duine uasal árd aosta é, agus casóg ghorm máirnéalaigh air. Fear eile aca b'árd-cheann é ar luing de na sean-longaibh príosúin; an dochtúr an tríomhadh fear. Is beag an chaint a caitheadh. Fuair Caiptín Wingrove admhughadh go dtug sé suas mo cholainn, (ba leis an bhfear a bhí sa gcasóig ghorm annsin í,) agus chuir sé slán agus beannacht liom. Bhí dhá oifigeach 'n-a seasamh i leath-taobh an chosáin a bhí ag dul amach ón luing agus chraitheadar lámh go rí-charthanach liom ar a dhul amach dom go siubhlainn síos an dréimire. Thug na hiomróirí isteach díreach go dtí an
long príosúin ba sia isteach sinn, agus fa cheann tamaill bhig bhíos ar bórd. Dubhairt an t-árd-cheann liom go bhfágfaidhe mo chuid éadaigh féin orm faoi láthair agus nach gcuirfidhe amach ag obair mé. Chlaonas mo cheann. D'fhiarfuigh sé annsin: “An bhfuil aon phinginn airgid agat?” “Cúpla sgilling.” “Aon chreid- eamhaint le fagháil sa tír seo agat?” “Níl.” Ghlaoidh sé chuige ar árd-mháta an tsoithigh agus dubhairt: “Tóg airgead an Mhistéalaigh agus tabhair creideamhaint dó ar a shon.” Ba sean-fhear árd liath é an máta, agus d'fhéach sé orm, mar bheadh duine ann a bheadh idir dhá chomhairle' agus a cheapfadh go mb'ait an sórt daor a bhí ionam, agus nach maith go raibh fhios aige céard ba déanta liom. Tharraingeas amach mo sparán treodathach. “Seo, a chara,” arsa mise, agus dhóirteas amach ar a bhois gach a raibh ann. “Anois,” ar an t-árd-cheann, “chífidh tú nach bhfuil aon duine annso a mbéidh fonn air biorán ar bith a chur ort i dteannta a mbéidh le fulang agat, ní chaithfear droch-cheann ar bith leat má choimhlíonann tu riaghlacha na háite.” Chlaonas mo cheann. “Agus,” ar sé, “tá sé orm go mórmhór a innsin duit go gcaithfidh tú gan aon bhaint a bheith agat le gnóthaibh puiblidhe, ná le politiceacht, ná aon bhaint a bheith agat leis na príosúnachaibh eile atá ar bórd.” D'fhreagras é nach maith go bhféadfainn aon tsúil a bheith agam go mbain- fainn le gnóthaibh puiblidhe annso, agus maidir leis na príosúnachaibh bhí ar bórd, nach raibh fonn ar bith orm aon phléidhe bheith agam leo. Dubhairt an máta annsin go dtaisbeánfadh sé dhom cá raibh mé le codladh. Leanas dó síos go bolg na luinge, agus chonnaiceas cineál uachais annsin, i gceart-lár na luinge. Bhí an uachais beagán níos áirde
agus níos leithne ná fail mhadaidh, agus cosán dorcha isteach go dtí í. Seo é an poll céadna a raibh seol- chrann tosaigh an tsoithigh ag dul síos thríd uair, go tóin an tsoithigh, agus ní bheadh léargus ar bith dhá laghad ann marach dhá phuillín bheaga dhorcha atá curtha sa mbórd os a chionn. Níl an áit sáthach árd dom le seasamh ann, ag na saltachaibh atá i n-uachtar - is iad a bhíodh mar theannta leis an seol-chrann tosaigh dhá dhaingniughadh; agus tá leath an urláir agus é naoi n-orlaigh níos áirde ná an leath eile agus ní féidir dhom seasamh díreach air sin, dubh, bán ná buidhe. Sé troighthe cearnógacha an t-achar iomlán atá fa'n urláir, agus an áit siubhlóide atá agam ar an gcuid is ísle dhe, dhá chéim (.i. gradus) atá ina fhad, sé sin, céim (nó passus). Aon stól adhmaid amháin, sin é a raibh de throsgán san uaimh ar a dhul isteach dhom innti. “Seo é t'áit,” ar an máta. “Maith go leor,” arsa mise, agus shuidheas fúm ar an stól agus shíneas uaim amach mo dhá chois go dtí an cúinne thall ar m'aghaidh. Dhearc an máta is mé féin ar a chéile, ar feadh tamaillín. “Is dóigh liom,” arsa mise, “go mbéidh mo mhála le fagháil annso agam?” Ní raibh fhios aige, acht d'fhiarfochadh sé. D'imthigh sé, agus cuireadh mo mhála chugam go haibéil 'na dhiaidh sin, agus teachtaireacht i n-éinfheacht leis, má thogair mé a dhul ag spaisteoireacht ar bórd, nó istigh ar an ngob talmhan a bhí ag déanamh fasgadh don chuan, go raibh a chead agam. Ní raibh uaim acht an cuireadh d'fhagháil go ndeachas suas, mar ní raibh aon tseasamh leis an mbrothall a bhí i bhfail na con, agus shiubhlas sgathamh ar bhruach na céibhe. Ba gearr go dtáinig na príosúnaigh isteach ó obair, ina meithéalaibh, agus tugadh an focal dhom go mbfearr dhom imtheacht. Tugadh leaba luasgáin
isteach go fail na con annsin, agus b'éigin í chrochadh ó chúinne go cúinne nó ní bheadh a dóthain fairsnge ann. Tugadh cnap aráin chugam annsin agus cupán tae gan aon bhainne air, agus ar mbeith dhóibh sin ithte ólta agam leagadh giota de choinnill ar chláirín cumhang a bhí mar fhoradh ag teacht amach as an mballa, agus cuir- eadh glas ar mo dhoras. Chonnaiceas le solus na coinnle go leor leor darbh-daoil mhóra, dath donn ortha, gar do dhá orlach ar fad ins gach uile cheann aca' agus iad ag rith ar na ballaibh agus ar an urlár. Níor choisidheacht go dtí an choisidheacht a bhí fútha- san. Is beag nár chuir an t-amharc sin iompodh in mo ghoile. Shuidheas fúm ar mo shuidheachán agus d'fhéachas siar as a riocht ar an riocht ina raibh mé. Níor bhain siad na leabhra dhíom ná an mála. Níor chuartuigh- eadar amháin é féin ná mé féin; ná níor bhaineadar an sgríbheann so dhíom, ná níor chuireadar i n-éinfheacht leis na daoraibh eile mé. Is maith sin, acht b'éidir go mbeadh a mhalairt de sgéala i mbáireach agam. Agus cé an sgéala is measa d'fhéadfadh a bheith agam? Tá, ar ndóigh, cabhail agus triubhas lín-éadaigh a chur orm' agus m'ainm agus m'uimhir, agus saighead na bainríoghna a chlóbhualadh ar mo dhruim, agus mé a sheoladh amach go dtí na coiléir agus mo phiocóid agus mo ghró a thabhairt in mo ghlaic dhom. Maith go leor. Tá mo shláinte go maith anois, buidheachas do Dhia. Tá lámha orm, mar tá ar dhaoinibh eile. Tá mé 'mo sheasamh in mo chroiceann féin, agus ar mo bhonnaibh féin, ó's feithideach mé a shiubhlas ar mo bhonnaibh agus a bhfuil diúl cíche ann, agus feithideach ina cheann sin nach forusta liom leigean do rud goilleadh orm. Tagadh an lá i mbáireach, maise, d'eile. Maidir le m'fhail con chuir an máta
gnúsacht éigin as, ag dul amach dhó, i dtaobh áit eile níos fearr ná é bheith ullamh dhom i gceann cúpla lá. Maidir leis na feithideachaibh millteacha donna atá ag siubhal annso, is dóigh liom nach mbainfidís greim as duine; má chodluigheann daoine eile i n-áit i bhfuil siad, nach féidir dhom-sa an rud céadna a dhéanamh? Folcadh breagh ar maidin i sáile na céibhe, bainfidh sé salchar faile na con díom. Seo leat mar sin é a leaba luasgáin, go dtugaidh mé an chéad luasgán dom féin ionnat - agus mothuighim mé féin níos saoire anocht ná aon Ghaedheal atá saor socair ina thalamh dhúthchais, agus é ag leigean air féin gur duine measamhail é imeasg cháich. 23°. - D'fholcas mé féin go sádhail sa sáile, cé go mb'éigin dom a bheith 'mo shuidhe leath uair déis an ceathair a chlog, ionnus go mbéinn réidh ar a dhul amach ag obair do na meithealaibh. Shiubhlas thart tamall fada ar bórd, mar is deise an áit ag spaisteoireacht é ná an druim atá ag cosaint an dug; tá fasgadh ón ngréin ann agus é osgailte ar a dhá thaobh. Tá feiceál agat ar an dug, ó thaobh den luing, agus ar an loing- seoireacht, ar an sluaightheach agus ar ionad lucht an lámhachais; agus ón taobh eile tá amharc agat ar an áit a mbíonn na soithigh ar ancoire, áit an-fhairsing é freisin agus ar an “gCuan Féarmhar” agus ar iliomad oileán taobh thall de sin. An áirde chéadna atá ionnta- san ar fad, an deiseacht chéadna, agus mar a chéile fhéachas siad ar feadh t'amhairc uait. Níl Bermuda acht óg saoilim, acht na tulcháin atá ann chuireadar leis go maith, agus gan aon aimhreas tiocfaidh ann go mór leis an aois. Tá sé go soiléir le feiceál go mba hiad na carraigreacha so grinneall na fairrge tamall gearr ó
shoin, agus is cosmhail go díreach iad leis an talamh atá ag fás do réir mar deir Líell i n-inbhear an Adriatic; sé sin, ar luighe do ghaineamh an tsrotha agus do ghaineamh na mara calcuigheatar le chéile iad féin agus sliogáin agus clocha beaga agus rudaí den tsamhail sin, go ndéantar cruaidh-mhuirtéal aolta dhíobh, agus fásann siad diaidh ar ndiaidh mar sin, agus tugann teine i n-íochtar congnamh dhóibh go n-éirgheann siad go huachtar uisge agus go ndéantar talamh tirm díobh. Chím gurb é an cineál sliogánach, comh-chalctha céadna atá i n-oileánaibh Bermuda ar fad; agus gan aon aimhreas is amhlaidh gur taom theineadh íochtaraigh éigin a thárla is-na hIndiachaibh mí-shuaimhneacha Thiar a thug tuairt aníos dó uair éigin, agus d'fhágaibh é an áirde a bhfuil sé. Agus b'éidir go mbeadh an talamh chum- scughadh ag cleasuidheacht fós go gcorruigheadh sé suas na hoileán so as a nua, agus go gcuireadh sé beann nó dhó asta suas ins na spéarthaibh, go mbréagfaidís anuas riar éigin den fhliuchán, agus dá ritheadh an sruth uisge anuas le fánaidh bheadh fáilte roimhe. Cloisfidh na Bermudánaigh annsin rud nach gcualadar roimhe sin ariamh, sé sin fuaim an tsrotha, agus chífidh siad tobair mhíorbhuailteacha den uisge dubh ag rith anuas ó bharraibh spalptha na gcnoc: tiocfaidh brat deas glas-uaine ar na gleanntáinínibh, agus ní bhéidh aon eas- baidh ar an tír gan a bheith saothruighthe ceart críoch- nuighthe. Níl fhios agam-sa an é a mhalairt sin de bhunadh ná d'fhás a bhí fa oileánaibh ná fa mhór-rannaibh. Tugaim fá deara indiu go bhfuil an-aire dhá thabhairt dom ar fhaitcheas go mbeadh aon sgéala ag dul anonn ná anall idir mé féin agus na príosúnaigh, agus is mór an sásamh liom féin sin. An bórd íochtarach, mar a bhfuil
m'fhail con, níl air, is cosmhail, acht seomraí agus lann- daireacha do na mátaibh, don liaigh, agus don stíobhard, agus níl aon dorus i n-íochtar air a leigfeadh duine as amach go tosach an tsoithigh. Tá roinnt de na daoraibh annso mar shearbhfoghantaí, agus tá duine aca ceaptha le freastal a dhéanamh orm-sa. Níor cuireadh isteach ná amach orm fós ar aon tslighe, agus is tig liom an t-am a chaitheamh go díreach mar is toil liom, ag léighthóireacht nó ag siubhlóid; acht amháin ar a theacht isteach do na príosúnachaibh eile, agus an fhad is tá siad ar bórd go gcaithfidh mé fanamhaint ar an gcúlráid. Ní ar bith adeirtear liom déanaim é ar an dtoirt gan aon fhocal a rádh dhom agus is iongantach sin le mo lucht coimhéadta. Ní raibh aon cheapadh aca mé bheith chomh socair sin; fonn achrainn a bhí orm i nÉirinn, dar leis an taoiseach príosúin, ar ndóigh, agus as corp easumhla a bhíos ar siubhal, dar leis, agus is follusach gur beag é a mhuinighin asam féin ná as mo mhór-shocracht, ná as m'umhla - de ghliocas ionam atá sé, is dóigh leis. 23°.- Bhíos ag spaisteoireacht ar bhórd thiar na luinge indiu agus leabhar in mo láimh, nuair a tháinig dhá oifigeach d'fhoirinn an Scourge ar cuairt chugam. B'éigin dóibh a n-ainm agus a gcéim a nochtadh a dtosach, gur cuireadh síos ar leabhar iad sin; mar níl sé ceaduighthe d'aon duine cuairt a thabhairt orm, is clos dom, acht d'oifigeach airm. Agus má's mar sin é, ní bhéidh mórán comhluadair agam, óir is tearc duine i n-arm na bainríoghna a bhfuil aithne agam air. Is mór an sásamh liom daoine nach bhfuil i bpríosún ar luing a fheiceál tamall beag féin. 25°.- An Domhnach. - Paidireoireacht ar bórd. Bhí na príosúnaigh 'na suidhe ar shuidheachánaibh i dtosach na
luinge agus casóga agus triubhsa glana ortha; bhí na bhárdaí agus na mátaí ar a gcúlaibh mar a rabhas féin, agus suidheachán ar leith agam i leath taobh. Mé bheith nuaidh chuige a thug ann mé, agus níor mhór liom ina cheann sin amharc fhághail ar an séiplíneach a bhí linn. Tháinig sé chugam ar a bheith thart don phaidireoireacht: thairg sé go síbhialta leabhra a thabhairt ar iasacht dom, agus freisin leabhra d'fhagháil dom ó dhaoinibh eile. Fear é a thaithnigheas liom. Ní raibh an fuar-chrábhadh ann a bhíos go minic ina leithéid, acht do réir chosamhlacht bhí fonn air soileas a dhéanamh dhom chomh fada agus leig- feadh na riaghlacha dhó. Albanach é. 26°.- Socruigheadh isteach in mo chábán nua nó in mo chró nua mé. Tá sé chúig troighthe ar leithead, sé troighthe ar áirde, cheithre troighthe déag ar fad; tá bórd, cathaoir, bóirdín lothoir ann, agus thar gach nídh tá fuinn- eóg air, sé sin poll, ar thaobh na luinge, atá dhá throigh go leith cearnógach, agus cé go bhfuil ráillí treasna léithi agus ráillí síos is suas léithi, leigfidh sí neart soluis agus neart aeir isteach, mar tá gannal gloinidhe uirthi gur féidir a oscailt agus a dhúnadh. Tá dhá fhorudh ann freisin do leabhraibh, agus tá an áit chomh glan le criostal. Is fearr go mór é ná fail na con. Thugas fá deara gur Sasanaigh go léir iad na bhárdaí agus oifigeacha na luinge, agus na searbh- foghantaí agus gach a mbíonn ar fud na háite de shiubhal lae, idir bhádóirí is eile, gach uile mhac máthar aca. D'innis - [caithfead gan aon ainm a chur síos annso] dhom gur hathruigheadh as an luing príosúin seo gach a raibh d'Éireannaighibh ar bórd, sé sin 80 nó 90, agus gur cuireadh Sasanaigh agus Albanaigh ina n-áit. Sul d'fhágas an Scourge a rinneadh sin.
Na hamadáin, dar go dearbhtha is eagal leo go ngríosochaidh mé an tír-ghrádh ins na daoinibh annso, féach- aint a n-éireochaidís amach i n-aghaidh lucht an ughdaráis. 29°. - Tháinig an t-árd-taoiseach chugam indiu agus nocht sé dhom go n-athrochaidís mé go dtí an long otharlainne. “Go dtí an long otharlainne! Cad chuige; tá mé go maith in mo shláinte?” “Órdughadh é a tháinig ón nGoibhernóir. Déanfar thú athrughadh i mbád tráthnóna.” Tháinig an dochtúir isteach tamaillín 'na dhiaidh sin; de mhuinntir Uarner é. “Cé'n chiall mé chur i n-otharlann,” arsa mise, “níl aon tinneas orm?” Cé'n dochar, ar seisean, is fearrde go mór do shuaimh- neas an t-athrughadh. Dubhairt sé freisin gurb é an fáth a bhí leis an athrughadh, do réir mar ba chlos dó, an tuairisg a thug an dochtúir a bhí ar an Scourge i dtaoibh mo shláinte. (Rinneas dearmad ar a chur síos ina ionad chóir gur bhuail taom throm go leor den mhúchadh mé ag teacht amach dhom, agus d'innis dochtúir an Scourge sin, rud nár mhór leis a dhéanamh don árd-liaigh atá annso). Uime sin hathruigheadh mé, agus is fearrde mé an t-athrughadh go cinnte, cé nach dtaithnigheann liom othar a dhéanamh dhíom. An Tenedos an otharlann, agus is fairsnge, is úire, agus is glaine an long í ná an chéad cheann i raibh mé 'mo chomhnuidhe .i. an Dromedary. Tá sí ar ancoire tuairim le ceathramha míle ó thalamh, i gcuan sár-áluinn a bhfuil oileáin atá fa choilltibh thart timcheall air. Níl amharc ar bith as so ar na longaibh príosúin ná ar ionad na ngunnaí mór. Seomra snasta é an ceann atá agam, dhá fhuinneoig air agus gan ráillí ar bith leo. Sé an Dochtúir de Hál taoiseach na luinge. Seanduine uasal soineanta é, a chaith sgaithtí fada i nÉirinn, agus aithne aige ar a
lán daoine a bhfuil aithne agam-sa freisin ortha. Shaoil- feá go gceapann sé go bhfuil an-mhí-shástuidheacht orm- sa agus go bhfuilim ag síor-dhéanamh díchill sin a cheilt. Acht tá dul amugha air, má bhí sé riamh air, gidheadh tá faoi mé dhéanamh chomh sámh is is féidir leis é. Sasanach ar budh leis a bheith go laghach le duine, an chéad rud a dhéanfas sé leis a dhóthain le n-ithe a thabhairt dó. An biadh, sin é bunadh aoibhnis an tSasanaigh; agus dá bhrígh sin fuair an stíobhard órdughadh ar leith i dtaoibh mo chuid bídh. De dhéanta na fírinne is mó an bheann atá ag teacht agam féin ar an mbiadh ná cheapas a bheadh agam air go bráth. Ar mbeith i mbraighdeanas do Naso, duine maoth a bhí ann, bhí an ghráin aige ar am an dinnéir, nó ar nós an fhile, leig sé air féin go raibh. Ní chreidim é; duine nach mbeidh ina ghnáth-áit oibre, acht a sgaras le daoinibh agus le áitibh aitheantais, déanfaidh sé árd-shaothar an lae den bhéilidh. Má coimh- éadtar annso mórán míos mé liom féin, agus neart bídh bríoghmhar a thabhairt dom, ní bheidh aon uathbhás acht a gcuirfidh mé de shuim i n-am dinnéir. Béidh mé chomh fíochmhar leis an mbeithidheach allta ag strócadh agus ag alpadh mo chuid bídh in m'uaimh uaigneach, agus rachad a chodladh annsin go dtigidh am bídh arís. Infandum! Cuirim ceist orm féin amanna - cé'n chaoi a bhfaghaim ionam féin biadh na ndaor Sasanach a ithe chomh dúlaidhe sin, ná codladh go sásta ar leabaidh iarainn daoir, ná caoineas a ghlacadh go geanamhail ó shíléaraibh Cartagín- eacha, agus mo chruaidh-chinneamhain a ghlacadh go cineálta? Dar fiadh! caithfidh sé nach bhfuil agam acht misneach an chuilm, ná nach bhfuilim sáthach nimhneach le go ngabhadh an searbhas greim orm, tré anfhorlann. Acht fan leat - oibreochad mé féin ionnus go dtiocfadh an fhearg cheart
chubhaidh orm. Acht níl aon mhaith ann. Ar a theacht isteach don tsean-dochtúir de Hál an chéad uair eile, agus ar thosughadh dhó ar chomhrádh dearcaim ar a cheann liath agus ar a cheannaghaidh buidhe atá daithte ón ngréin, sgaoilim an néall ghruamdha uaibhir dhíom, aithneochaidh an croidhe daonna atá ionam, creidim go bhfuil sé ionam, a chomh-dhuine, agus siúd ag comhrádh go síbhialta leis an sean-fhear sin mé, mar bheadh dá charaid ar bith le chéile. Iúl 4°. - Tá long na litreach díreach tar éis a theacht ó na hIndiachaibh Thiar agus í ag triall go Sasana. Sgríobhas litir fhada, dá bhrígh sin, ag mo mhnaoi, dhá nochtadh dhi mar thárla dhom ar m'aistear anall, agus mar tá mé ag caitheamh an tsaoghail annso. Ní fhéad- fainn freagra bheith agam uaithi roimh an 9 lá déag den Lughnas, is cuma cé'n luathas a dhéanfadh sí. 9°. - An Domhnach. - Paidireoireacht ar bórd mar is gnáthach. Tháinig an séiplíneach anuas in mo sheomra chugam, ar mbeith thart do na hurnaighthibh, agus d'innis dhom go ndeireann na hurnuighthe ar gach uile luing príosúin agus san osbuidéal chomh maith. Ritheann sé anonn 's anall ar bháidín sgiobtha seoil, sgiorann tré nar bhfuirm áluinn urnuighthe cheithre huaire, déanann dhá sheanmóir nó trí, fágann sin leath-uair aige le n'anáil a tharraing agus greim ithe, agus seólann a bhárc abhaile tráthnóna. Timcheall is leath-uair d'éis é imtheacht uaim bhíos 'mo shuidhe ag an bhfuinneoig, bhí sí osgailte, ag léigheamh Libhí agus ag ól uisge beatha agus uisge fuar tré n-a chéile, agus mé ag déanamh baile dhom féin den Tenedos - deich lá atá caithte agam uirthi - nuair tháinig an Dochtúir de Hál isteach chugam agus trom - dheabhaidh air, agus bádóir dubh ina fhochair. “Órdughadh
thú athrughadh,” ars eisean, “ar an toirt.” “Cé'n áit anois, a dhuine uasail?” arsa mise. “Ó! ar ais go dtí an Dromedary. Tháinig árd-taoiseach an Dromedary ina bhád féin agus órdughadh an ghoibhearnóra leis. Iomchrochaidh an fear so do mhála suas ar bórd. Tá an-aithmhéal orm.” ar sé. “Níl aon tuairim agam cé'n fáth atá leis, acht ní mór dhuit imtheacht.” Bhí mo leabhra agus gach a raibh agam caithte isteach in mo bhosga agam faoi seo agus chúig nóiméad 'na dhiaidh sin bhíos ar mo bhealach ar ais go hoileán Éireann. Chuadhmar thar phíosa talmhan atá leagtha amach go néata 'na reilig, ar an oileán so. Chonnaic an t-árd- taoiseach mé ag breathnughadh air, agus d'innis dhom go mba hí reilig na ndaor í; óir, ar fhagháil bháis do na daoraibh ní adhnacthar iad le hais na gcorp a hadhnacthar i reilig choisrigthe. Leis sin d'fhéachas níos grinne arís ar an reilig, agus ní thig liom a rádh gur thaithnigh sí liom. Tá meas ar mo cholainn agam, agus mara n-adhnacthar i reilig choisrigthe í, tá súil agam ar chuma ar bith nach le comhluadar neamh-choisrigthe a hadhnacfar í. Gidheadh, is rí-chosmhail gur sa ngiodán cumhang sin atá idir na crannaibh cedir agus an fhairrge a leag- far mo chnámha fa dheireadh. Deir an t-árd-taoiseach liom go gcailltear an t-uathbhás ar na longaibh príosúin tráthanna; go n-éagann go leor aca den sgaoileadh an chéad-tsamhraidh tar éis a theacht dóibh, agus go n-éagann siad ina gcéadtaibh amanna, d'fhiabhras buidhe na nIndiachaibh Thiar. Bhíos ag dearcadh ar an reilig nó go dtáinig gob den talamh idir mé agus í, agus chriothnuigh mé ar n-iompodh mo chinn tharm dom. D'éis leath-uair ag seoltóireacht shroicheas mo chró ar bórd na luinge eile .i. an Dromedary. D'fhiarfuigheas
den árd-taoiseach cé'n chiall an t-athrughadh eile seo, acht dhearbhuigh nach raibh fhios aige tada faoi, acht amháin go bhfuair an Goibhernóir teachtaireacht ar leith ar maidin ón uigingeach ó Halifax (an áit i bhfuil sé anois). Gidheadh, chualas an fáth go hiomlán ó [dhuine gan ainm]. Ar n-a chlos do na Gaedhealaibh i Nua Eabhroc mé a dhaoradh agus a chur thar sáile, rinneadar roinnt gleo dhe, agus bhagradar go n-ullmhóchaidís long (mar is forusta caint a dhéanamh) nó cabhlach loingis, creidim, dhá dtéigheadh sé chuige sin, le mé thárrtháil. Cloisim ina theannta sin go bhfuil galtán measadóireachta an Riaghaltais le tolladh ina taobh fá chéadóir nó go gcur- tar gunnaí innti, agus an oiread gunnaí a shuidheadh uirthi agus bhéas acmhuin aici air; agus tá trom-ull- mhughadh eile le déanamh fosta. Agus go dtí sin, an cuan cúlráideach i bhfuil long an osbuidéil, ní bheadh sé chomh sábháilte mé d'fhágáil ann dar leo agus bheadh sé mé chur fa smutaibh na ngunnaí móra sa gcró beag daingean so. 10°. - Gach uile dhuine ag breathnughadh go rúnda orm indiu uair ar bith théighim ag siubhlóid ar bórd. Is triob- lóideach, dar leo, an comh-mhairnéalach atá ina bhfochair, agus atá cuma seasmhach láidir ar lucht an ughdaráis. Acht ní thugaim tada fá deara, ní bhuailim bleid ar aon duine, is ní bhuaileann aon duine bleid orm, acht siubhlaim thart mar rinneas cheana gan aon chur isteach ag aon duine orm. Tá cóirí catha le feiceál; fir oibre go saotharach ag tolladh taoibhe na luinge go díreach os comhair m'fhuinneóige; sreath publa tógtha thall ar mhullach an daingin, áit i gcodlochaidh na ceithearnaigh san oidhche, go ceann tamall, is clos dom. Is cúis grinn dom an saothar sin ar fad.
14°. - Tá mo bhaile dhá dhéanamh agam den bhrocais seo, an méid gur féidir é. Fríth leabadh luasgáin canbháis dom i n-áit na leaptha luasgáin a bhí agam, agus chuir an Dochtúir de Hál dó nó trí neithe beaga chugam dhéanfas comhgar dom. Fear laghach nádúrdha eile, dá ngoirthear Mac Duibh; thug roinnt leabhra dhom ar iasacht. Sé feadhmannach an Medway é, adeir sé, agus sin í an long is mó do na trí longaibh príosúin atá annso. D'innis sé dhom (i bhfiadhnuise an árd-mháta - níorbh é sin a dhearmad), go raibh go leor leor leabhra ilchineálach aige a thiubhradh dhom ar iasacht agus fáilte ó am go ham. Ó thárla an chóir seo agam .i. cóir do shláinte na colna agus do chaitheamh aimsire na meanmanradh, cead agam fios a chur abhaile ar leabhraibh ar bith is mian liom, (acht amháin irisleabhra poiliticeacha), agus cead a léighte, achar mo sháth agam le mo bhaill a aclughadh fa aer úr na fairrge, mo sháth mhór de bhiadh mhaith le n-ithe agus neart uisge glan le n-ól, sin agus páipéar agus peann, bhíos ag smuaineadh ó thárla an méid sin córach agam go mb'éidir dhom maireachtáil annso suim éig- cinnte éigin bliadhan, nó b'éidir na cheithre lán-bhliadhna déag, mara gcuireadh rud éigin deireadh lem' shealad annso. D'éireochadh dhom? Mhair Maior Bernardi dhá fhichead bliadhain sa nGeata Nua; acht má seadh bhíodh a bhean is a mhuinntir in' fhochair i gcomhnuidhe, agus cé is moite dhó gan cead a bheith aige dul amach bhí an oiread eoluis ar chúrsaibh an tsaoghail aige le aon duine a bhí taobh amuigh. Mhair maor Northumberland chúig bhliadhna déag sa Túr, le linn an chéad tSéamus a bheith i gceannas ríghe Shasana, acht má seadh bhí cead aige sgríobhadh ag fearaibh foghluma na ranna Eorpa i dtaobh réadlannacht, bhí an Túr Geal, is dóigh liom, aige 'na
réadlann, gan aon bhacadh air sgríobhadh ag a rogha duine, agus gach uile rud go maiseach ina thimcheall, b'éidir. Chaith rí Alban .i. an chéad tSéamus, ocht mbliadhna déag nó fiche bliadhain i ngéibhionn i gCaisleán Windsor; acht ar ndóigh bhí neart comhluadair aige, agus bain-diúic le bheith ag suirghe léithi, agus ba mhór an nídh é sin. Acht ní hionann an cás ceachtar aca sin agus mise. Is mó is cosamhla leis an bhfear san Aghaidhfidil Iarainn mise; bhí géibhionn dlúth air-sean an fhad is mhair sé. Agus féach Delatude freisin, a chaith seacht mbliadhna déag is fiche i ngéibhionn cráidhte, sa mBastille, agus bhí sé 'na shean- fhear fholláin, chruaidh-chúiseach ar a theacht amach dhó fa dheireadh, (féach cúntas bain-diúic d'Abrantes). Ní cuimhneach liom cé mhéad bliadhain a chaith Tasso i dteach na ngealt, acht chaith Siluio Pellico deich mbliadhna i ndaingeanaibh i nAustria. Sé bliadhna a thug Bonnivard i Chillon, agus áit an-mhí-shocamhlach a bhí ann, agus thug Raleigh trí bliadhna déag i dtúr Londain. Cé eile? Balue, an fear a chuir Teampoll mór Evreux ar bun, choinnigh an t-aonmhadh Laoiseach déag dhá bhliadhain déag i n-uaimh úrghránna é, agus chím i leabhar na Righthe go raibh Iehoiachim .i. Rí Iudah, seacht mbliadhna déag ar fhichid i ndaingean. Is truagh gan leabhra agus adhbhar agam annso go mbaileochainn lán láimh-leabhair de chúntas i dtaobh daoine a thárla i bpríosún. Bhéarfadh sé misneach dhom arís dá mbeadh call leis. Is fada an t-achar cheithre bliadhna déag, acht go cinnte caithfear iad. Níl agam le déanamh acht gan aon bhás fhagháil acht fuireach. Dá gcuirinn críoch le mo shaoghal, smuaineas ar sin, agus chaitheas tamall ag smuaineadh air, acht chuireas an smuaineadh uaim i n-aon turus, ar na hadhbharaibh seo chuirfeas mé síos annso i ndiaidh a chéile, i gcruth is go
mbeidh siad agam arís le léigheamh, má thagann an cheist treasna orm arís sa gcaoi ar thárla cheana; mar tá fhios agam, fairíor! gurb iomdha lá léin agus oidhche uaigneach a bhéas ins an cheithre bliadhna déag, agus goillfidh trom- thinneas agus marbhántacht ar mo chroidhe, de bharr gach uile lá a bheith mar a chéile; agus is minic nach léir dhom deireadh mo dhóláis tré dhubh-néall a bheith anuas orm, agus gan amharc ar thada agam, le duibhe an dorchadais. Á, ní bhrígh bheag bliadhanta fada a chur isteach i ndaingean aduadhain, dá mheanmnaighe dá mbeadh duine - ní cúis gháire ar bith iad; ní gheabhair a gcur uait, ná sgaradh leo, ná fós a gcaitheamh chomh spleodrach agus chaithfeá lá bainse, is cuma cé na cainteanna a chuirfeá le chéile, ionnus go mbainfeá ábhacht nó greann asta arís. Ní bheidh ciall ná meabhair ná eagna dhuit ionnta, ná adhbhar feabhais duit, ná cúis gáire uathbhásach an uaignis. Agus beidh comhgar éaloidh agam uair ar bith, agus é go minic ag cur chathuighthe orm. Níl le déanamh agam acht doras d'osgailt, mo mhéar a bhrughadh ar chnaipe agus chuirfinn ualach agus trioblóid an tsaoghal seo dhíom, go nach mbeadh glas ná géibhionn orm. Gidheadh ní chuirfead den tsaoghal mé féin ar na hadhbharaibh seo síos:- An chéad adhbhar. Mar chuirfeadh sin i gcogar mé leis an mBarún Lefroy, le Siriam Átha Cliath agus le riaghaltóiribh Shasana, i n-aghaidh m'ainme agus mo chlú féin. Is tig le lucht na Pairliméide agus leis an sirriam “méirleach” a thabhairt orm mar leas-ainm; acht dá marbhuighinn mé féin tré éadóchas, ba shin admhughadh go mba méirleach mé dhá ríribh, agus ba scannal do mo chloinn mo dhiaidh é a n-athair dhá dhaoradh agus dá mharbhughadh féin tré éadóchas. An dara hadhbhar. De bhrígh, ó ghabhas do láimh an
obair, agus fios maith agam go mb'amhlaidh ba dóichidhe go gcuirfidhe i bpríosún mé féin tríd, ba tútach, cladhardha an rud dom admhughadh anois, rud a dhéanfainn dá gcuirinn den tsaoghal mé féin, an rud a thugas orm féin nach raibh ionam a fhulaing. An treas adhbhar. De bhrígh go bhfuil súil agam go n-éireochaidh linn fós, agus go bhfuilim ag cuideachan anois linn féin. Dá dtugainn an-bhás dom féin, ní hé amháin go n-éireochainn as an obair ar fad acht do dhéanfainn dícheall ar an méid a bhí déanta agam a neamh- dhéanamh. Rud fhulaing go fearamhail an saothar is treise thiocfadh le duine a dhéanamh amanna - b'fhéidir go mba hí an fhraochtacht an t-oibrighe b' éifeachtaighe. Agus creidim go diongbhálta gur mó é mo shaothar i nÉirinn (maran dubh-dhul-amugha a bhí orm ó úrthosach mo shaoghail) do láthair, ná mo dhíomhaoineas i mBermuda. An leithsgéal fromhtha tugadh orm, a dhíoghrasaighe agus bhí an námha ag iarraidh mé a sgrios, agus a raibh de dheabhaidh ortha ag cur gubán in mo bhéal, sin agus a laghad is tá de shuim aca i reacht ná i gceart dlighe i nÉirinn, cuir- fidh an méid sin (nó sé an diabhal dearg é) gaimh i ndaoinibh bhí neamh-shuimeamhail cheana; náireochaidh sé lucht “reachta,” agus thar gach nídh brostóchaidh sé mámhadas nimhneach san aos óg, go nach féidir gan sochar a theacht de. An fhad is tá fhios go bhfuilim 'mo chomhnuidhe i n-uaimh úrghránna na ndaor, agus tré n-a leithéid sin de chaoi, agus mórmhór má curtar fir eile is fearr ná mé ar siubhal ar an gcaoi chéadna, is deacair le aos óg na hÉireann géilleadh, ná luighe síos go socair fa chumhachtaibh na námhad allmhurdha. Béidh duine imthighthe de lucht bhrostuighthe na nGaedheal, agus náimhde a námhad laghduighthe. Agus má thugaim an-bhás dom féin,
measa dhom é ná dearmad a dhéanamh orm - d'admhochainn annsin nár bh'éidir seasamh i n-aghaidh cumhachta Shasana, agus dá bhrígh sin gur aca a bhí an ceart - d'admhochainn mo chuid-se dhe, ar chuma ar bith, go rabhas buailte. Badh í sin an aitheasg dheireadh, agus an dearbhadh déidheanach a d'fhágfainn le n-udhachta, ag impidhe ar mo lucht aontíre iad féin a sheachaint ar chrúbaibh colgacha agus ar dhlighe na Sasanach, agus chuirfinn ceann faoi ar mo lucht leanamhna, agus i n-áit deagh-shompla a thaisbeánadh dhóibh is amhlaidh go seachnochaidís na slighthe dár leanas. An ceathramhadh adhbhar. Mar cuireann sé criothnughadh ar mo chroidhe cuimhniughadh ar reilig na ndaor. An cúigeadh hadhbhar: De bhrígh gur maith an fáth ar mhian liom a bheith beo; mar a raibh de dhualgas orm, an chuid de nach ndearnas faillighe go hiomlán air, níl sé leath-chóimhlíonta agam .i. páistí óga a rugadh dhom d'fhágas gan aon tógáil iad. Bhíos chomh cruadhógach sin i n-imtheacht mo shaoghail nach mórán ceann ar aghaidh rinneas ag tógáil mo mhuirighine, acht amháin go mbíodh fúm tosuighe. Acht má thugann Dia as an uachais seo beo mé, tá súil agam maith a dhéanamh do mo chloinn sul thiocfas deireadh mo shaoghail. An séamhadh hadhbhar. Mar... Ar na sé hadhbharaibh sin tá fúm fuireach beo agus gan aon bhás d'fhagháil. B'fhéidir go mbéinn saor fa cheann dhá bhliadhain, fa cheann chúig bhliadhna, nó fa cheann sheacht mbliadhan; is dóigh go mbeidh árd-ghníomhartha dhá ndéanamh go tiugh, agus is iongantach glic dosgrúduighthe an dream iad na Cartagíní. Mairfead liom, ar chuma ar bith go deireadh na sgríbe, agus coigleochad mo shláinte agus mo neart, i gcruth is nach mbead 'mo shean-chriallachán ar a theacht amach dhom i n-aois mo shé
bliadhna is dá fhichead, acht go mbeidh teacht aniar agus spioraid ionam le tosughadh as a nua arís ar an saoghal. Is leor liom na sé hadhbhair sin atá curtha síos agam 'na ndubh ar an mbán. Agus ní mór dhóibh gur leor liom iad, mar is maith ceart an fáth nár bhfuláir do dhuine bheith aige le go mb'fhiú leis fuireach ina bheathaidh i n-uaimh náireach dá samhail seo. Ní droch-ghníomh ann féin duine do thabhairt an-bhás dó féin, cé go mb'éidir go mbudh dubh-choir í i gcás áirithe ar bith. Ní móide gur fíor i gcomhnuidhe an bhreith bhrónach a thug Pliní uair .i. gurb é roghain gach sógh ar an saoghal so duine bheith i n-ann críoch a chur le n-a shaoghal, acht is sógh sin féin. Agus dá mbeadh síor-fhonn ar dhuine bás fhagháil, agus gan aon adhbhar maith aige fa bheith beo - sé sin, mara bhfuil sé de ghlan-oibliogáid ort fuireach beo, annsin tá sé de lán-cheart agat bás fhagháil. Acht amháin an méid seo: fainiceadh gach uile dhuine an mbeadh aon mhearbhall air, agus é ag tabhairt na breithe air féin. Ná bíodh deabhaidh air, ná mí-fhoighid; ná déanadh dada as miosgais, ná as feirg: tugadh sé fromhadh cothrom air féin - agus is annamh déantar sin ar an saoghal so - agus má feicthear dó, d'éis a chás a sgrúdughadh go cothrom, go bhfuil ualach a shaoghail ro-throm aige, agus nach gcuirfidh a bhás, ná modh a bháis, tada as d'aon duine, annsin déanadh mar rinne sean-Ghloster. Craitheadh dhe go foighideach a throm-amhgar, go ciúin, go sár-shoilbhir, gan aon mhallacht a thabhairt, ná dubh- shlán Dé, gan tarcuisne a chaitheamh ar a chine, ná aon rud díchéillidhe mar sin a dhéanamh. Agus ó thárla dhom a dhul chomh doimhin sin isteach sa gceist shuairc seo, i dtaoibh an-bhás a bheith dhá thabhairt ag
duine dhó féin, fan go bhfeicead an bhfuighinn bunadh an sgéil. Níl aon tír gan an sean-rádh seo ag na dlígh- eadóiribh ann, agus ar ndóigh is sean-rádh é a shíolruigh ó bhunadh fírinneach .i. gur tig leat do rogha rud a dhéanamh le do chuid féin, acht gan aon díoghbháil a dhéanamh do do chomhursain. Agus marab í mo cholainn mo chuid féin ní liom tada. Is tig liom í chur go h-áit ar bith is toil liom (mara ngoididh duine éigin uaim í agus í chur faoi ghlas - agus d'fhéadfadh sin féin a bheith amhlaidh), nó más breagh liom é, fágfad ar a socamhal í, nó déanfad criathar di le urchair, má thogruighim é, agus bádhfad sa bhfairrge í, acht amháin gan aon dochar a dhéanamh d'aon duine eile le linn ceachtar aca sin a dhéanamh. Agus ní coir í an ghluaiseacht, acht an oiread is dá dtugadh duine an-bhás dó féin; acht mar sin féin níl sé ceaduigh- theach do dhuine rith ó n-a árus, a neart gluaiseachta a chur i bhfeidhm, a chíos fhágáil gan íoc, agus ocras ar a chloinn. Is cosmhail mar sin, gnótha a ghabhfadh duine do láimh a dhéanamh, déanadh sé margadh fútha nó bíodh an margadh iontuigthe, nár cheart dó iad fhágáil gan déanamh. An é sin míniughadh na ceiste go hiomlán? Ní baileach é. Chualas iomorro daoine dhá rádh, aon duine chuireas deireadh le n-a shaoghal go dtréigeann a cheann posta; óir gach uile dhuine curtar ar an saoghal i n-éinfheacht le n-a chomh-chréatúraibh, an mhéid go bhfeileann don tsaoghal tsíbhialta, agus go bhfuil sé féin agus a chomh-chréatúr i gcleitheamhnas a chéile, agus feidhm agus easbaidh dá réir ortha, agus cómbáidh aca le chéile - dligheann (amhail adeirid) go ndéanfadh daoine eile leas dó, agus tá air a admhughadh nach mór dhó an leas a chúitiughadh; le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin
ní fuláir dhó an bhuaidh atá aige a shaothrughadh ar mhaithe leis féin, agus ar mhaithe le daoinibh eile; cabhair a dhéanamh ar an té tá ina cháll, agus cómbáidh agus gean a bheith aige ar dhaoinibh, agus a bheith go maith don choit- cheanntacht, má's olc maith leis é, agus fuireach amhlaidh gur toil le Dia, a Chruthuightheoir, deireadh a chur le n-a shaoghal. Ní thigim leis sin. Níl sé d'oibliogáid ar an duine leas a dhéanamh don chine daonna; a rádh go bhfuigheadh duine maith a chur ar an gcine, ná é bheith de dhualgas air, dá bhfuigheadh féin, níl annsin acht seafóid nua nach bhfuil dhá chraobhsgaoileadh acht le nochad nó le céad bliadhain, comhairmhim. Níl sé de dhualgas orainn fionna feanna a dhéanamh don phobal, ná don chine, acht amháin geallamhaint nó connradh ar bith a rinneamar le aon duine má's go fuirmeamhail a rinneamar é, nó é bheith iontuigthe, sin a choimhlíonadh; má ghníonn tú sin, is tig leat a dhul chun do ghnótha, agus ní gábhadh dhuit cead iarraidh ar an bpobal, ná ar an gcine daonna: a gcuid- san de, níl tú fa chomaoin ar bith dhóibh. Ní gábhadh dhuit, sa gcás sin de, aon adhbhar a lorg dá thaisbeánadh go raibh an ceart agat, agus a dhul chun do gnótha: is leor gur toil leat é. Má's duine duairc, doilbhir thú, agus má táir tuirseach dar leat ag breathnughadh ar an ngréin ag éirghe gach uile lá, cheapfainn-se go bhfuil cead agat sáthadh de bhior rinn-ghéar a thabhairt ar do bholg, ó thárla an triomach ag dul dó, agus bealach amach a dhéanamh do t'anam míothaithneamhach. Nó cuir i gcás go bhfuil grádh do mhnaoi agat, agus go dtugann sise dimhicin ort-sa, agus ó tharla gan ionnat acht maothóglach, táir dar leat réidh leis an saoghal; tá do chroidhe briste, nó millte, nó brúighte, má's amhlaidh is fearr leat a rádh, agus tú gan athair, gan mháthair, gan deirbhshiúr, gan
dearbhráthair ar a mbeadh aithmhéal ná uathbhás fa do bhás, ná a ghlacfadh tarcuisne thríot, annsin ar ndóigh cuir críoch le do shaoghal agus fáilte, acht íoc do chuid fiacha i dtosach, gan dearmad a dhéanamh ar an táilliúr féin. Déanfaidh an cine daonna de t'oireasbha, agus maidir leis an gcailín, ná ceap gur mór an crádh croidhe léithi do ghníomh; is mór an áineas agus an moladh léithi é; béidh finnsgéal ina taobh annsin, tré do bhás bhocht-sa, agus cuirfear suim innti, agus déanfaidh sin níos áille í ná bhí sí riamh. Go bhfóiridh Dia ar do cheann, is tú atá simplidhe; dá mbeadh dhá réag mar thusa d'éis an-bhás a thabhairt dóibh féin thríthi b'fhearrde a réim agus a hordán é imeasg an fhine allmhurdha úd. Acht cheana níor mhiste do dhuine a dhearbhughadh nach mínigheann sin an rún ar fad; níor mínigheadh fós ariamh é. Ní dhéanfad acht a mheabhrughadh go mb'éidir go mb fhiú d'fhear rudaí eile a thabhairt fa deara seachas a dhualgas amháin, seachas a ndligheann sé don phobal, seachas na margaidh rinne sé le daoinibh eile idir fhearaibh, mhnáibh agus páistibh, shul is mharbhochadh sé é féin. Ó thárla beo annso thú id' dhuine, nár bhfiú dhuit (agus cuimhnigh go mb fhéidir gurb iomdha seal nó síorraidheacht a chaithfidhe sul gheobhthá an fhaill arís) fuireach go bhfeicfeá cé'n sórt saoghal é seo, nó goidé an sochar atá ann - go bhfeicteá cé an cumas gníomha nó an cumas ar fhulaing atá san bhfearamhlacht rúnda so tugadh dhuit - goidé an cumas atá ann breathnughadh siar nó breathnughadh roimhe - go bhfeicteá an bhfuil neithe do b'fhiú fheiceál, do b'fhiú a dhéanamh, do b'fhiú a fhoghluim, seadh, nó a fhuiling. An t-anam sin atá tú ar tí a chaitheamh uait, agus an cholainn a bhfuil tú ar tí mionach a dhéanamh dhi, smuain, smuain, adeirim, go mb'éidir gur gealladh
príbhiléidí agus árd-bhuadha dhóibh - ní thráchtaim ar fhiacha ná ar dhualgas - dá dtiocfadh leat-sa, seadh leat-sa, agus dá ndlighfeá tré t'fhearamhlacht, tré t'fheidhm agus tré do dhílseacht, an nádúir táireach daonna sin atá ionnat a dhéanamh níos uaisle agus a árdughadh, ní hé amháin as an linn éadóchais ina bhfuil sí ag únfairt, acht í chur os cionn na spéartha agus na réalt - seadh, cuimhnigh go mb'éidir dhuit an chumhachta bheith agat dá dtiocfadh leat an rud nach dtuigir ionnat féin anois a thuisgint, dá dtiocfadh leat gach a bhfuil suarach ionnat a árdughadh agus a mhóradh, agus an an gcuma sin - “Éirghe ó céim dú go céim, Go leagair láimh an ionnraicis ar an eochair órdha A osglas dorus pháláis na síorraidheachta.” Tá eolas againn orainn féin, acht níl fhios againn céard tá romhainn; deir siad go mb'inghean dána fuinnteora bhí sa mulchán; agus creidim go daingean gur do réir mar niamh-ghlanfas sinn ar nádúir féin, i rith ar saoghail, agus do réir mar ghnímíd uasal í, gur dá réir sin a thiubhras Dia céim do gach duine againn, a fagháil bháis dó. Deirim, dá bhrígh sin, mar dubhairt Socrates, daor, avdpioteov, ó's fir sinn bímís 'nár bhfearaibh - mar dubhairt an t-asbal Críostuidhe, déanaidh dícheall mar dhéanfadh fir - fuilinghidh nuair atá cáll le fulaing, déanaidh rud ar bith is féidir dhaoibh; bíodh grádh agus gráin agaibh do réir riachtanais, oibrighidh agus imrighidh gan formad, gan forlann, gan fuiling le anfhorlann - agus thar gach nídh, gan a bheith bréagach (libh féin ná le le daoinibh eile) agus chífidh sibh saoghal maith fós, sul chaillfear sibh agus 'na dhiaidh.
Is beag an baoghal orm a bheith dhá rádh go bhfuil ort fanacht beo i ngeill leis an méid sin .i. ingeill le do phríbhiléid amháin. Níl ort a dhéanamh, acht tá a chead agat; agus is tig leat gan an príbhiléid a ghlacadh, ná an trioblóid a chur ort. Acht fainic an chéad athrughadh eile thiocfadh ort, an id' ápa bheitheá, nó id' asal, agus dhá chluais fhada ort. Dhá uair d'éis an tráchtadh sin romham a sgríobhadh dhom, do léigheas é agus chítear dhom gur beag atá ann acht focla, nó allabhartha focal gan aon bhrígh mhór, ná aon tsubstaint ionnta. Is beag an t-eolas atá agam ar shaoghal ná ar árd-chinneamhnaibh an duine, agus fágaim a fhiadhnuise sin ar Dhia, agus is minic a thagas sé thríom a rádh gur beag is fiú é. Díomhaoineas gach uile nídh. Gidheadh féach ar bhrígh an bheatha. Cé fhéadfas a rádh nach bhfuil ann acht díomhaoineas go bhféacha sé leis é? Chaitheas trí bliadhna déag ar fhichid ar an saoghal, agus ní 'mo chomhnuidhe bhíos, ná ní feasach mé mórán den daille a bheith ag dul dom. Mhaireas agus do thugas grádh, agus ní thig liom a rádh go dtí an lá atá indiu ann gur aon bhrígh mhór an saoghal céadna. Acht cheana, atá radharc úr agam anois air; b'éidir go múinfeadh na longa príosúin seo rud éigin dom. Fanfad go bhfeicfead liom, táim seasmhach sa méid sin. 20°. - Mí dhom i mBermuda, agus níor chaith sé oiread agus múr báistighe; acht tuiteann an drúcht go trom san oidhche (is cosmhail go raibh fhios sin ag Prospero), 'seadh agus sa ló féin, tráth a mbíonn bioth-ghaethe na gréine ag bualadh go díreach agus go danartha anuas ar an talamh spalptha so, is iongantach a mbíonn de thaise san aer; bíonn de thaise an aeir go leághan an salann a bhíos san umar, leagtha ar an bhforadh, mara gcurtar falach air,
cé go bhfuil an long tirm. Bíonn an ghaoth i ndeas feadh an tsamhraidh, agus í tais leis an uisge; agus marach sin go cinnte ní fhásfadh tada i mBermuda. Gidheadh tá fás breagh ann, agus na tortha go han-mhilis. Tugann deagh-dhaoine mealbhacán, nó ubhall péine, isteach ós íseal chugam corr-uair, níl fhios agam cé an chaoi. Tá amharc agam ar an dug go hiomlán ó m'fhuinneoig, agus ar an uirlios thart timcheall air, ar na foirgnibh, ar an sluaightheach, agus ar thalamh spaisteóireachta an airm. Tá Reidsiment a 42 de Ghaedhealaibh Alban ar na sreathadh ar an machaire seo do láthair, agus bailighthear iad gach aon tráthnóna, i dtaca dul faoi na gréine, ar an mbán go díreach ar m'aghaidh, agus máirseáileann siad as sin gus an sluaightheach agus iad ag seinnm “The Campbells are coming,” no port éigin a bhfuil gaol aige leis, ar na píobaibh. Acht is buadhartha an bailiughadh atá ar an taobh eile dhíom, ar ghob chosnamha an chuain, óir tá amharc ar chuid de sin freisin agam óm' fhuinneoig: mar atá, na daoir 'na meithealaibh, na céadta aca ann, slabhraí ar chuid aca, agus iad ag máirseáil chun a gcuid oibre. Ins na coiléaraibh, nó ar foirgnibh nua an riaghal- tais bhíos siad ag obair. Is trom támáilte an siubhal atá fútha, agus an t-iomchar, dar liom. Tá le rádh gur mór an díoghbháil dá n-amharc gile na liag geal cloch, agus tagann daille orra a dtugtar daille gealaighe air. Baineann na clocha tuisleadh asta agus iad ag siubhal. Beirt nó triúr aca gurab í an long so a long comhnuighthe, bíd do shíor agus slabhraí ortha tré chionta éigin, i gcruthamhnas gur annamh bhím gan torann na slabhraí bheith le clos agam. Lasgadh cuid aca go millteach freisin le mí. Cruinnighthear na daoir eile go léir go bhfeicidh siad an feic sin, agus cé nár goireadh ariamh orm
go bhfeicfinn iad, níl laisg dá mbuailtear ar na díthreabh- achaibh dearóile, ná sgread dá leigeann siad agus iad dá leadradh, nach clos dom agus mé im' sheomra. An giolla thugas mo bhéilidh chugam, d'fhiarfuigheas uair de céard a bhí déanta as bealach ag an bhfear a fuair an lasgadh an mhaidin sin. “A bheith go sotalach dhó, a dhuine uasail,” ar an fear; sé sin le rádh caint droch-mhúinte éigin a rádh dhó. Acht tráth a labhrann na hoifigigh, ná na forfhairí leo-san (rud is clos dom go minic agus mé ag spaisteoireacht ar bórd), mara mbeadh le tabhairt acht an t-órdughadh is suaraighe ar bith, is go mór-chúiseach, go mór-ghlórach, agus go droch-mhúinte labhras siad, go spaidhrfeadh an bobarún is socra thríd. Is suarach an t-iongnadh cuid aca, na créatúir, a bheith go sotalach amanna. Féach mise, an bhreith chéadna tugadh orm-sa agus tugadh ar na daoraibh seo, acht cheana, tá mo “sheomra” agam-sa, agus leabhra, giolla le freastal a dhéanamh orm, mo chuid éadaigh féin orm, cead agam a dhul amach nó isteach ar mo thoil féin, ní hé amháin go labhartar gan mór-chúis liom, acht labhartar go humhal múinte féin liom, tré bheith dhom mar is dóigh leo, mo dhuine uasal (cé nár dhubhras ariamh go rabhas). Féach an spioraid atá i reacht na Breataine - reacht sár- mhúinte é, agus spioraid deigh-bhéasach. Nach mín cailc- idhe an chré dá ndéantar an duine uasal i mBreatain, an lá nach leigtear dhó a dhul imeasg an daosgar-shluagh, cé gur méirleach féin é (óir tá ortha leigean ortha gur méirleach mé). Ní mór modh agus meas agus comhgar agus freastal a dhéanamh ar an daor atá ina dhuine uasal, agus ionbhaidh bheith aige le bheith ag gabháil do litridheacht; acht an duine bocht, níl i ndán dó-san ar na longaibh príosúin mar gach áit eile, acht an focal
doraidh a chaitheamh leis, agus an buille trom a thabhairt dó, an tsíor-obair a bhaint as, agus gan tada thabhairt dá chionn dó, slabhraí a chur air, agus a bheith ag gabháil de laisg air. 21°. - Tháinig an fo-fheadhmannach ar bórd indiu; de mhuinntir Hire é, agus chuir sé litreacha in mo láimh, a tháinig ó bhaile. Agus ba laghach an mhaise ag an ngoibhearnóir é, chuir sé chugam iad gan osgailt; acht dubhairt an Hireach má bhí tada ionnta i dtaobh gnótha puiblidhe go raibh coinne aige go dtiubhrainn ar ais dó iad - rud a gheallas a dhéanamh. Dheifrigheas síos go dtí m'uachais annsin, agus d'osglas iad, agus mo lámha ar coimhchreathadh. Litir fhada ó mo mhnaoi ionmhuin, mo chaithis, agus litir eile ó mo mháthair. Nach maith a thomhaiseas é i dtaobh na ngnótha i nÁth Cliath: an lá céadna ar tugadh breith orm, thóg na pílears seilbh ar m'oifig clodhadóireachta, ar an gcló, ar an bpáipéar, agus ar na leabhraibh, agus annsin ar ndóigh, timthirí agus daoine a raibh fiacha agam orra, ní leomhfaidís a n'íoc, ó thárla go raibh na leabhra ag mo námhaid; óir dá dtogruigheadh Clarendon, tighearna, é chuirfeadh d'fhiachaibh ortha íoc athuair. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé sin; acht pé sgéal é tá an bitheamhnach ag sladadh mo mhná is mo pháistí thríd an gcam-leithsgéal gur daoradh mé. Tá na daoine ag bailiughadh “cánachais” di, rud gur ceann faoi do dhuine cuimhniughadh air, acht céard is féidir a dhéanamh? Agus thairis sin, is maith an rud “Méir- leachas” na nGaedheal a chothughadh ar an gcuma sin. Níl tada chomh maith chun suim a chur ag daoinibh i gcúis le airgead a thabhairt ar son na cúise. Tá mo dhear- bhráthair, Liam, imthighthe go Nua Eabhroch. Chuir mo mháthair de dhian-impidhe air é. Níor innsigheadar dom
cé'n fáth; (bhagras ortha gan aon sgéal nuaidh a bhain- feadh le poiliticeacht a chur chugam, óir sé an rud a thiocfadh dhe nach bhfuighinn na litreacha), acht is dóigh liom go bhfuil an “riaghaltas” ag obair go dána.
An 4° Caibidil Iúl 24°. - Ar bórd an Dromedary dhom. Nach adhbhar báis is lae dhom é: tháinig na páipéir nuaidheacht ar ndóigh agus litreacha na míosa; seadh, agus chím na forfhairí agus mátaí 'gá malartughadh le chéile, agus tá stair na hÉireann ortha ar feadh lán- mhíosa, ag leanamhaint de ón lá a ndearnadh m'fhuadach, agus níl aon fhagháil agam ar cheann aca. Tugadh órdughadh sonnradhach is cosmhail do gach uile dhuine ar bórd, fá throm-phionús, gan cur chugam-sa ná uaim, acht i ngnóthaibh a mbeadh géar-riachtanas leo. Go dtí na seirbhísigh amháin, atá ag freastal ar bórd, tagann cuma sgannuighthe ortha má tá i ndán agus go siubhlaigh siad thart i bhfogus dom, agus shaoilfeá go bhfuil gach duine san áit ag faireadh ar gach uile dhuine eile. Chualas fosta gur briseadh forfhaire bhí ar an Dromedary, fa rádh is go ndubhairt sé rud éigin in m'fhabhar i bhfiadh- nuise bhárda eile. Rinne an bhárda eile sgéala air ar an toirt. Bhíos an tráth sin sa long osbuidéil. Éireannach a bhí ann, bí cinnte dhe, fear de mhuinntir Dheirinne. Sul thángas i mBermuda ní rabhadar leath chomh dian, deir (* *) liom, ag coinneál na bpáipéar nuaidheacht amach - ní headh, acht chonnaic na príosúnaigh na páipéir go riaghalta; acht tá riaghlacha géara d'éis a ndéanamh anois, agus aon duine thiubhras isteach aon earradh bhfuil an toirmeasg air, tá sé ag tuar dhó féin é chur i ngéibhionn leis féin, agus slabhraí a chur air, agus
a lasgadh. Agus ó thárla an cás mar sin, dhéanfaidís go léir spiadóireacht ar a chéile, idir bhárdaibh agus phríosúnaighibh. Ní dál dhaonna é sin acht ar éigin, is ar éigin gur dál shaoghalta é. Tá an diabhal ar an áit. Acht cad chuige an trom-aire agus an t-aimhreas so? Cé'n díoghbháil a dhéanfadh sé don “riaghaltas” sgéala i dtaobh gnótha puiblidhe a leigean chugam, an lá nach tig liom tada a chur amach acht mar chuireas mé le mo shíléaraibh é? B'éidir go bhfuil adhbhar leis nach eol dom-sa - is doimhin an ealadhain í an státaireacht. Lughnas 4°. - Fuaras cómhra mór as baile indiu agus roinnt éadaigh agus leabhra ann, agus rudaí thairis sin gur mór mór is fiú liom iad .i. cheithre dhealbh agus iad daithte ag Glucmann .i. dealbh mo mhná, agus taobh a cinn tugtha dhom, dealbh mo mhná agus mo mháthar i n-éinfheacht, ceann eile aca; Seán Mac Máirtín ar an tríomhadh ceann, mo chara seasmhach, sár-fhiúntach - agus mo chom-méirleach faoi seo, is dóigh liom. Is sochma soin- eanta an aghaidh atá ar mo mhéirleach bocht. Ar éigin a bhí an daor Íosa níos cáidhe, ná níos ceannsa, níos dílse, ná níos daonnachtaighe ná an fear so. Dreach fír-fhearamhail uasal an Athar mhac Coinín, an ceathramha dealbh atá anois thuas go honórach agam ar bhalla mo chró. Tá sé 'na sheasamh agus a dhá láimh thar a chéile ar a ucht, a bhéal dlúth-dhúnta, agus a shúil ghlé-ghlas, agus cuma bhuan-tseasmhach ortha, is beag nach ndéarfá gur cuma dubhshláin agus tarcuisne atá orra, acht go bhfuil siad bogtha, ceannsuighthe. Is iad togha agus rogha an chomhluadair dhom in m'uachais dhá árd-dhealbh dá samhail sin de dhá charaid - gan trácht ar bith ar an gcéad phéire. Acht céard táid siad a dhéanamh anois? Cá bhfuil siad? Cionnus a bhfuil siad? An féidir do mo shíléaraibh mé
choinneál cheithre bliadhna déag gan aon tuairisg d'fhagháil ar an gcaoi ar imthigh an chúis ón 7 lá fichead den Bhealtaine seo chuaidh thart amach? Ní'l aon eagla faoi sin orm; measaim gur féidir tuairisg éigin d'fhagháil acht an stuaim agus an fhoighid a ghlacadh, agus a bheith foraireach. 15° - Leigeann na daoine ortha ins na carcaireachaibh adhmaid seo gur longa agus foirne long atá fós aca ann; an dara hoifigeach is áirde, sé an t-árd-mháta é, agus tá fo-mháta ann, agus máighistrí ceathramhnacha; bhárdaí iad na heochraidhthe eile thart go dtí an duine deireadh aca. Tá na príosúnaigh roinnte ina mbuidh- eantaibh búird, agus ina bhforfhairibh; sin iad fuireann na luinge: agus mátaí na mbádóirí, atá leath-doiséinne aca a bhfuil ortha an t-urlár a sgiúradh, a dhul ag iomradh agus neithe den tsórt sin a dhéanamh. Tugaim na rudaí sin fá deara agus mé ag spaisteoireacht go n-ordán ar an mbórd deireadh, agus gan focal asam, acht ag breathnughadh uaim ó lá go lá ar an obair atá ar bun san ionad doilbhir seo atá mar áitreabh agam. Mar sin is duine d'fhoirinn luinge mé is dóigh liom, agus má iom- chruighim mé féin b'fhéidir dhom mé árdughadh go ndéan- taidhe máta bádóra dhíom! Ní headh maise, acht is mó is cosamhla le taistealuidhe mé a bhfuil aistear cheithre bliadhna déag roimhe, agus ancoire in tosaigh, agus ceann eile in deireadh, leigthe fúithi ag an luing dhá coinneál i bhfastódh. Agus an chaint atá ag na hoifigeachaibh, agus ag na príosúnaighibh, is caint luinge í go díreach - go leaghaidh, go bhfeannaidh, go ropaidh an diabhal thú. Focal éigin aca sin an focal is iondamhla dhóibh a rádh i n-éadan a ngnótha, go lae- theamhail, agus iad ag casaoid nó ag impidhe ar a chéile,
nó b'fhéidir ag tabhairt misnigh dhá chéile. Tá ughdarás mór ag an árd-mháta, an sean-fhear árd a bhfuil cúram mo chuid airgid air, agus tugann sé don deamhan agus don diabhal gach uile mhac máthar ar an luing, acht mé féin agus an t-árd-taoiseach. Is air go sonnradhach atá mise de chúram. Is é chuireas glas ar mo dhorus san oidhche, agus bhaineas de ar maidin é; agus ina theannta sin tugann sé cuairt orm i gcomhnuidhe ar an deich a chlog san oidhche, agus trí chuairt eile as sin go maidin ar eagla go mbéinn éaluighthe uaidh. Má bhím 'mo chodladh, nó ag leigean codladh orm féin, cuirfidh sé fa ndeara don bhárda an solus a thabhairt i ngar dhom i gcruth is go bhfeicidh sé an mé atá mo' luighe annsin nó nach mé. Ní léar dhom aon tslighe éalóidh, agus tá a fhios ag Dia go bhféachfainn le n-éalódh dá mba léar; acht is clos dom nach gnáthach le mo shean-charaid an máta an dian- fhaire sin a bheith aige ar aon duine, ná a bheith chomh trom- imnidhteach faoi aon neach eile. Agus ní hé sin amháin: cloisim go bhfuil coimhéaduidhe ón sluaightheach ag faireadh feadh na hoidhche ar ghob chosanta an chuain annso, i bhfogus don luing, ó thángas ar ais ón luing osbuidéil, agus coimhéaduidhe eile ar an droichead atá treasna ón ngob go dtí an daingean, agus aon duine a thiocfas go dtí na longa príosúin d'éis dul faoi don ghréin, dá mba hé an dochtúir féin é, nó aon oifigeach eile, ní mór dhóibh litreacha bheith leo agus cead a bheith aca a theacht. Agus na príosúnaigh bochta, dá laghad dá raibh de shaoirseacht aca cheana, níl an oiread sin féin anois aca; níl cead aca a dhul ag spaisteoireacht ar an ngob cosnamha mar théighdís. Ní headh, acht táthar chomh dian sin ag cur na riaghlacha i bhfeidhm anois, mar gheall orm-sa, agus go gcreidim nach bhfuil mac an
pheata ar chomhluadar na luinge nár mhór agus nár dhá mhór leis dhom mé chur go hAustrail, nó i dtigh diabhail. Acht ní leigim tada le le m'ais, acht mé ag spaisteoireacht síos is suas ar an mbórd deireadh, agus gan focal asam - ag siubhal an chairb atáim. Níor mhiste dhom a rádh annso gurab iad so, gan aimhreas, cairb chlúdhamhala an Reachta ar ar thrácht duine uasal iomráidhteach a bhí ann tráth. Chím gur tíc an t-adhmad atá ionnta. 20°. - Tá galtán posta na Lughnasa tar éis a theacht, agus stair na hÉireann feadh míosa eile léithi, acht níl aon fhagháil agam-sa air. Gidheadh tháinig litreacha as baile chugam; iad ar fad go maith. Chaith mo bhean agus na páistí an samhradh i gCairlinn. 28°. - Bhí an ceart agam: sgéittear sgéalta nuaidhe, mar shnighfeadh an t-uisge thríd an gcuislín is cumhainge aistighe an bith. Ní féidir fear a úiriadhadh amach is amach i luing príosúin, agus níl cheithre bliadhna déag le caitheamh agam gan tuairisg éigin d'fhagháil ar chúrsaibh an tsaoghail. Féach a-leith! Tá an Riaghaltas ag oib- riughadh le láimh láidir fós; do bhí Chartists áirithe i Londain, agus chuireadar cruinnighthe ar bun do dhéanamh combáidh liom-sa. Ghlac an riaghaltas masladh thríd sin, gur gabhadh na Chartists agus gur cuireadh i gcarcair fa ghlas iad, ag cur coire ina leith. Cúntas mo dhaortha-sa, chuir mo chara Kemmis ina n-aghaidh é sin, mar fhiadhnuise. Daoradh Earnán Seóns, agus cuireadh dhá bhliadhain príosuntacht air faoi rádh is go raibh sé ag cruinniughadh aca, agus faoi rádh, le n-a linn sin go bhfillfinn-se S.M. fós ar ais abhaile cosg- arach, agus go gcuirfidhe Seán Ruiséal agus Clarendon tighearnaí, anonn. Dligheadóir é Earnán, agus é ina
eagarthóir ar an Northern Star, agus fear é a bhfuil éirim ann. Is éifeachtach an éirim í sin don riaghaltas! Acht b'éidir go raibh coiste cóir ar an Seónsach, agus ar an gcuid eile aca i Londain, dhá bhfromhadh. Níl iomorro aon tuairisg bharthainneach le fagháil ina thaobh sin agam, acht gan aimhreas tá dlighe agus riaghaltas ina dtír aca. Níl aon adhbhar casaoide aca, mara ndearnadh pacáil ar na coistibh. Má rinne a gcomh-bhuirgéisí a bhfromhadh go cóir, agus a dtligeann, ar ndóigh táid ciontach. Gabhadh mac Uí Mheachair, tigh n'athar i nÉirinn, agus tugadh go hÁth Cliath é. Caint a chaith sé i Ráith gCaola an choir a rinne, agus ní “méirleachas” atá aca uirthi acht “ceannairic,” agus dá bhrígh sin leigeadh amach ar bannaibh é. Tá barántas i n-aghaidh Mhac Gabhann Ó Briain, acht ní dhearnadh a shearbháil fós. Acht atá Seán Mac Máirtín fa ghlas sa nGeata Nua, agus méirleachas ina leith a chuir sé san Irish Felon - agus go d'eile cé'n áit ar cheart méirleachas a chur? Tá an Dubhthach fa ghlas sa nGeata Nua freisin, fa mhéirleachas a rinne agus a chuir sé ar an Nation; gabhadh Caoimhghin Ó Dochartaigh fosta, agus R. D. Mac Uilliam fa mhéirleachas. Is iad a chuir an Irish Tribune ar bun, páipéar méir- leachais eile é sin, go díreach d'éis m'fhuadach. Rinneadh obair níos éirimeamhla arís ná sin féin .i. na trí páipéir, an Nation, an Felon agus an Tribune a ghabháil do na pílears, gur bhaineadar de bhuachaillíbh a ndíolta ar na sráideannaibh iad. Briseadh doirse na n-oifigí freisin, gur hosgladh iad, tógadh seilbh ar na hoifigibh, agus cuartuigheadh iad féachain an bhfuighfidhe sgríbhne méirleachais ar bith. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, sé modh nochad a hocht atá ar siubhal arís aca. Taithnigh- eann an méid sin go léir go maith liom.
Agus Mac Uilliam, an duine bocht eidtreorach, fil- eadhta, mothuightheach, an amhlaidh go ndéanfar méirleach agus mairtír dhe-san freisin? Agus an Máirtíneach! Acht b'fhéidir go bhfuigheadh an tighearna Clarendon amach gurb' shin iad an bheirt is teinne a casadh fós air. An ndéanfaidh an Fear grádh-diadhamhail Ionaid coiste de lucht an Chaisleáin a phacáil anois i n-aon turus fa chomhair na mbíodhbhadh soin go léir? agus an mbainfidh sé an ceart is coitcheannta ar bith atá ag dul do dheagh- dhaoinibh, atá dhá n-iomchur féin do réir an dlighe, an mbainfidh sé de thriúr as an gceathrar de bhuirghéisibh Átha Cliath é, mar is gnáthach leis? Saoilim go ndéanfaidh; caithfidh sé an doibheart soin a dhéanamh, ar chroiceann a chluas. D'innsigheas dó go gcaithfeadh a dhéanamh, nó éirghe as a bheith ag riaghlughadh. Ní leomhfaidh sé na príosúnaigh a fhromhadh go cóir; ní leigfeadh an gnáth- mhodh dhó, ná an “státaireacht,” ná imtheachta eile nach bhfuil aon leigheas aige ortha, go mbainfidh sé éirghe slighe as na fearaibh sin, go n-imrighidh sé an dubh-éagcóir ortha i riocht an dlighe, go gcuiridh sé isteach ar an gcóir; i n-áit cóir agus ceart a dhéanamh, déanfaidh sé dubh- dhomáiste ar Éirinn, déanfaidh sé an dearg-bhréag le Sasanaighibh, agus damnóchaidh a anam féin. Imtheachta éigeantais nach bhfuil leigheas aige ortha. An dtuillfidh sé go bráth i n-intinn dubh, dall, dorcha lucht riaghluighthe gurb é an gnáth-mhodh is glice ar bith a bheith díreach cneasta, agus a cheart a thabhairt do dhuine, an dtuill- fidh sé ina gceann nach bhfuil aon stáitaireacht a sháróchadh é sin ar eagna? Pé i nÉirinn é, tá siad sa gcruth sin go bhfuil neart oibre ag lucht dlighe i nÉirinn; beidh a fhios aca shul is bheas an obair seo thart go bhfuil an-dlighe agus
an-reacht breagh aca. Leathnochaidh an “dlighe,” agus beidh a sásamh bainte amach go hiomchubhaidh ag an “gCoróin agus ag an Riaghaltas.” Bheadh coinne ag duine freisin go múinfeadh an obair so a ngnótha do choisteoiribh (.i. na gnótha bhéas ortha a dhéanamh tráth a mbeidh ceart le fagháil ó choisteoiribh); sé sin le rádh, aon duine a gcuirfidh seirbhísigh Bhainríoghna Shasana dlighe air, tré cheist poiliticeach, é a shaoradh. Agus ní hé sin amháin, acht ní mór dhóibh breitheamhnas ar leith a thabhairt i gcúiseannaibh den tsamhail sin, agus an leabhar a thabhairt go dtuilleann a leithéidí sin de phríosúnaighibh moladh ó mhuinntir a dtíre - sé sin, má tá an buille marbhtha ceart dhá thabhairt aca do lucht an riaghaltais. Sin é thiocfas de, nó marab é, ní mór don Fhear grádh-diadhamhail Ionaid gach uile choiste a phacáil go mór mór níos áirighe, go raibh a cheárduighthe sonnradhacha féin ag tabhairt breith dhíbeartha agus breith chrochta ar dhaoinibh .i. coisteoirí bhéas ainmnighthe ar leith don Fhear Ionaid - agus déanfaidh sin cúis chomh maith i ndeireadh na dála. Badh mhian leis an tighearna Mac Uilliam “bille a thairisgint” le tuarastal a thabhairt don chléir Chatoil- iceach, sé sin síneadh láimhe ós íseal a thabhairt dóibh, ionnus go gcuirfidís foighid ins na daoinibh, an fhad is bheadh an riaghaltas ag déanamh na foghlach. Acht is cosmhail gur follusach, gur suaitheantasach le ministéar- aibh an chuiriptheacht, agus nílid fa réir fa láthair aontughadh. Fanadh an bheart sin tamall. Meadhon Fhoghmhair 1°. - Ráithe sa lá indiu sheolas ó Chóibh Chorcaighe. An gcuirfead leis ag sgríobhadh ar leabhar, agus ag leigean orm féin go bhfuil irisleabhar dhá dhéanamh agam?
Ar ndóigh dhá mar a chéile go díreach lá agus lá eile dhom. Tá aon ghnás mara amháin a shaoilfeá a bhféadfaidhe leig- ean dó ar an aistear fada so a mhairfeas cheithre bliadhna déag .i. cúntas a choinneál ar imtheachtaibh na luinge. Níl aon athrughadh ar mo chúrsa lá ar bith acht mar bhí sé an lá roimhe sin, agus sé an fad céadna táim gach uile lá ó chrios na cruinne agus an fad céadna ón áird thiar, nó ón áird thoir, agus an doimhin céadna atá fúm. An áirde chéadna atá an ghrian ós ár gcionn gac uile lá um meadhon lae, cé is moite don athrughadh chuireas an séasúr uirri. Ní éirgheann tada dhom. Céard tá le sgríobhadh agam? Nó má sgríobhaim neimh-nídh cé léighfeadh é? Nach mb'éidir don árd-mháta a theacht isteach chugam lá ar bith agus mo chúntas a árdughadh leis, agus a bheith dhá léigheamh dhó féin, nó a thabhairt don fheadhmannach, má's fiú leis é, agus nach mb'fhéidir dhó-san a thabhairt don Ghoibhernóir, agus cá bhfios nach don árd-reachtaire thiubhradh seisean é? I gcruthamhnas go mb'éidir gur díoghbháil a thiocfadh as dom lá éigin, mar táim ina gcumhachta. Agus 'na dhiaidh sin is uile bíonn fonn orm leathanach nó dhó a bhreacadh corr-uair, mara mbeadh ann acht iongantais na spéire agus na haimsire a thabhairt fa deara, nó leabhar éigin a léighfinn a mholadh nó a cháineadh, nó dhá dtéigheadh sé chuige sin, rud ar bith olc ná maith a bheadh ar m'aigne a chur síos - sé sin más' cóir do dhuine a rádh go mbeadh aigne aige ina leithéid seo d'áit, agus gan ann acht go dtiubhradh sé an ruille bhuidhe. Gidheadh cá bhfios nach ndéanfadh duine dearmad ar an tír d'fhágaibh sé 'na dhiaidh, agus ar an tslighe ar ais chuici dá mbeadh gan rud éigin a bheith sgríobhtha aige a mheabhr- óchadh dhó é. Cuirfidh an leabhar so i gcuimhne dhom cé an sórt duine bhí ionam, agus cé dhe a dtáinig m'ísliughadh,
agus ar an gcuma soin coimhéadfar aithne ar réim mo smuainte; seadh, nó orm féin, féin, rud is baoghalach liom corr uair a caillfidhe orm. Chraith prionnsa áirithe (ní cuimhneach liom goidé an t-ainm a bhí air) smúdar ar an gcosán ag dul thríd an bhfásach coille draoidheachta dhó, le n-a threorughadh ar ais, agus sin é fhearacht agam-sa é, leis an sgríbhneoireacht seo. Agus ní raibh aon uathbhás sa gcoill draoidheachta úd níos úr- ghráinne ná mar atá agam-sa le dhul thríd annso. An máirnéalach ársaidh freisin, agus a chom-máirnéalaigh, ar ndul dóibh ar an bhfairrge uaignigh, ó's rud é gurb iad a chuaidh ann ar dtús, ní féidir ar ndóigh nó bhí cúntas aca-san ar a n-imtheachtaibh ar an muir théachtuighthe. Ar na hadhbharaibh sin, agus ó thárla gur eisiompláir dhom iad, sgríobhfad liom, cé gur neimh-nídh a sgríobhaim. Cuirim suim ann freisin; óir is mór an fuaradh liom an sgiúrsáil nimhneach a sgríobhadh agus a chur sa gciste seo. Má chuirim comhrádh, nó giota seanchuis, i ndiaidh a chéile, cuidigheann sé liom smuaineadh, agus coinnigheann sé mo réasún i n-órdughadh, tré organon nua d'fhionnas amach dá ngoirthear Modh na Raiméise. Is geall le tamall ar chapall mhaith beodha a bheadh ag imtheacht ins na cosa-in-áirde dhom tamall maith gaoithe a stolladh asam: tugann sé mo ghoile dhom. Agus ar ndóigh ní féidir nó beidh rudaí éigin ar an méid a sgríobhaim a mbainfidh mo chlann áineas éigin as, lá is fuide anonn ná indiu. Cuimhneachán. - Ceardacht a cheapadh le n-a bhféadfainn na páipéir seo a chaitheamh sa bhfairrge, i gcruth agus go dtiocfaidís go tóin puill go cinnte, agus go dearbhtha, gan aon fhagháil ar ais ortha, dá mbeadh i ndán agus go gcuartófaidhe mé ar a lorg. 2°. - Maidir leis na leabhraibh a léighim annso, ná
bhéas mé i n-áirithe a léigheamh (go dtiocfadh liom coimh- sgreas níos fearr a chur orm féin), is suarach an éadáil a bhfuil le rádh ina dtaobh. Na húr-sgéalta is fíor- shuaraighe ar bith a tháinig ó Londain, agus a cuireadh i gcló i Meiriocá, sin é an cineál litridheachta is cosmhail a bhfuil tóir air annso. Agus 'sé an “Léightheoireacht ar foghnadh” atá aca, an bailiughadh uiríseal sin ar a dtugtar “Family Libraries” agus “Cabinet Libraries,” agus “Miscellanies,” rudaí nach bhfuil ionnta acht cnámharlach eolais a chuaidh ar ceal, agus nach bhféadfaidhe faice a bhaint asta acht téarmaí ealadhna dá ndéantar cír thuaithbhill. Cuireann sé tóir ar ealadhain, dar leo, má bhailigheann duine beart toradh i roinn éigin eoluis agus innsin úr a thabhairt air, i gcruth is go mbeidh sé innsighthe ar mhodh ghnáthach, gan aon duadh a chur ar an aithriseoir, ná ar an léightheoir; ní headh, acht níl fhios ag an aithriseoir cé an chaoi ar fríth amach an toradh; agus sin é an tslighe a bhfaghann an léightheoir nua adhbhar cabaireacht i dtaoibh doimhneacht na nua-ealadhna - bíodh fhios agat go bhfuil sé ar fad nua. Déanann an duine foghlumtha sin truagh i gcoitchinne do na daoinibh a bhí ann i n-allód, agus mhór-mhór don dream bocht a bhíodh ag dealughadh míonach a bheadh ar fhuaid mhíonaigh eile, iad sin agus réaltóirí bochta. Chítear freisin do shíor ar pháipéir nuaidheachta, agus tá sé sa gcomhrádh coit- cheann go ndeirtear “a rádh i dtaobh ruda” i n-áit a réamh-aithris,” “ceist le réidhteach,” i n-áit “tá na cuir dhá dtairisgint,” “coimhmhéid le,” i n-áit “comhgarach do” agus a leithéidí sin. Acht thar a bheith ag tabhairt droch-aoide ar theangaidh, agus dá bhrígh sin ag cur mearbhaill ar dhaoinibh, 'sé an modh ar a mbailighthear leabhra go foirleathan a
cháinim; ag gearradh giotaí amach le siosúr, agus dá gcur i ndiaidh a chéile, go nach leabhra i n-aon chor iad na leabhra a ndéantar sin leo - óir ní aitheasg ó aon fhear amháin ar leith atá ionnta acht allghlór a comh-chumadh. Táim tar éis a bheith ag léigheamh cúntas ar Abyssinia, imleabhar as an “bhFamily Library” é, agus bhéarfadh brús tamall (nó caibidil) den bhealach thú, agus iomar- churóir Portuinéalach éigin tamall eile, agus Salt nó duine éigin eile an chuid eile den aistear; ní bheadh fhios agat cé bheadh tamall leat. Badh cheart do leabhar a bheith mar tá fear nó bean .i. cáilidheacht ar leith a bheith ann, agus dá mbeadh sé aisteach féin a bheith aisteach dhó, acht fuil a bheith 'na chuislibh, agus spré léarguis ina shúilibh, agus bealach agus intinn ar leith a bheith aige. Is tig leat a chaidreamh a dhéanamh annsin, agus fágfaidh sé lorg éigin ort. Acht muna bhfuil agat ann acht cual cnámh, nó rud is measa ná sin .i. séacla a rinne eagar- thóir a raibh trácht air, de chnámhaibh fuair sé i n-uaigh ann- so, agus i n-uaigh annsiúd, go gcuireann sé cnámh droma as Brús agus blaosc cinn as Salt agus cnámha builg agus asnacha as Belzoni i bhfasdódh ina chéile, ar ndóigh, chuirfeadh sin déistean ar dhuine. Léigheas go haireach dhá leabhar as an leabharlann céadna, mar atá, “Palestine,” atá i n-eagar ag an Dochtúir Ruiséal, agus “Persia” an Fhrisealaigh, agus ní gan gramhas a chur go minic orm féin é, agus is searbh do-léighte an ailím iad. Gidheadh tá beirt de na leabhraibh sin léighte agam d'oireasbha a malairt a bheith agam (itheann na Lapaí cré ghorm corr-uair agus croicne crann), agus fós dornán nó punann ursgéalta a chuir na foghluidhthe i gcló i Nua Eabhroch agus i bhPhiladelphia mar leabhráin. Dearg-
dhríodar a n-iomlán. Cheapas i gcomhnuidhe rud ar bith a léighfinn nach ngoillfeadh sé orm, agus shaoileas go dtiocfadh liom neart a léigheamh a mbeadh díoghbháil ann agus nach ndéanfadh sé aon dochar dhom; - omnia sana sanis; marach sin bhéinn anois chomh tinn le muic ón gcosamar. Agus an té sin a chuirfeadh roimhe an “litridheacht” a curtar i n-eagar don phobal ar an saoghal iomráidhteach so a léigheadh, níor mhór dhó coim- pléasg a bheith aige mar bhí ag Lachain Phontus (agus do réir Aulus Gellius ba mhó an sochar ná an dochar dhóibh- san nimh a shlugadh). Acht príosúnach nach bhfuil tada le déanamh aige, cá bhfuil an rud nach ndéanfadh sé leis an am a chur thairis? Acht is gearr a ghéillfeas mé dhó so. Táim ag leigean dom intleacht a bheith díomhaoineach fa láthair, 'ga mo ghoradh féin leis an ngréin, nó ag tuitim 'mo chodladh faoi sgáth canabháis, ga mo chothughadh féin ar aon nidh a bhfuil cothughadh ann. Acht níl aon chuimhniughadh agam ar a bheith ag iarraidh an ama a chur tharm ar feadh cheithre mbliadhan déag - dá ndéanainn sin mharbhochadh an t-am mise - bheadh cheithre bliadhna déag iomarcach agam. Is tig le duine corr-leath-uair a chur thairis ar ndóigh i ngan fhios dó féin, acht maidir le bliadhanta a chur thart ina gcúigeannaibh agus ina ndeicheannaibh níor tháinig sé fós an té dhéanfadh é. Tá fúm dá bhrígh sin, acht a mbeidh sgíthe mhaith leigthe agam, connradh carthanais a dhéanamh leis an Am - rud nach féidir a dhéanamh acht le bheith ag obair - an tAm a thabhairt ar mo thaobh i leabaidh é chur i m'aghaidh, i gcruth is go mbeidh sean-fhocal Ualter bocht Scott agam .i. an tAm agus mé féin i n-aghaidh beirt ar bith. Le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, má's amhlaidh go bhfuil orm fanacht i bhfad annso agus an t-am
a bheith ar mo chomharile féin agam, mar atá do láthair, tá fúm roinnt leabhar a d'fheilfeadh d'fhagháil as Éirinn (tuairim le céad go leith aca ar fad), agus tosuighe 'na dhiaidh sin as a riocht ar leabhar áirithe a sgríobhadh, rud a raibh an-fhonn orm a dhéanamh le fada, acht an t-ion- bhaidh bheith agam chuige. Tá ionbhaidh mo dhóthain anois agam, agus facturusne operae pretium sim, óir má chúit- igheann an t-am liom é, sé tuarastal na hoibre í dhéanamh. Acht dála oibre, nílim lán-chinnte go fóill nach gcuir- fear cabhail lín-éadaigh orm a mbeidh an tsaighead leathan cló-bhuailte ar a druim, agus mé a chur ar mheitheal ga mo sheoladh amach ag obair i gcoiléaraibh. Táim fa réir fa n-a chomhair, táim go rí-mhaith im' shláinte. Ní suarach an éadáil do neach taithighe a bheith aige ar chlocha a tholladh agus a phléasgadh, agus tighthe a thógáil, agus b'éidir go mb'fhearr is go mba séanmhaire dhom a bheith ag obair le mo lámhaibh ná ag sgríobhadh leabhair, agus b'éidir go mb'fhearr é mo ghoile agus go mba suaimh- nighe é mo chodladh dá bharr. Níl orm acht cheithre bliadhna déag (faoi nó ós a chionn beagán) - agus dála na saighde leathna, ní féidir dhóibh a mbranda a chur ar mo chroidhe istigh, áit a bhfuil sé go doimhin ar dhaoinibh measamhla iomdha i nÉirinn, ar dhaoinibh a bhfuil a n-anam i long príosúin. B'fhéidir saighead na bainríoghna a chló- bhualadh ar bhall éadaigh liom-sa, acht chuaidh an t-iarann go hanam ionnta-san. Acht dála na ceiste céadna so .i. an oircheas, nó ar bh'oircheas mise, S. M., a chur ag obair ar nós aon daor eile - tá tréan diospóireacht tar éis a bheith eatortha sa bPairliméid agus ar na páipéir nuaidheacht ina thaobh. B'áil le “lucht an ughdaráis” a thabhairt le tuisgint do chách go bhfuil foighid aca liom, ó thárla gan mo shláinte go
ro-láidir, sin nó iad a bheith ag géilleadh d'fhoghluim a bheith orm, agus a bheith 'mo dhuine uasal dom, cibé cé aca fáth is feileamhnaighe leo a innsin don phobal choit- cheann arís. Má's easbaidh sláinte a bheith orm-sa an fáth atá, ná a bhéas ag lucht an ughdaráis, thug lucht an ughdaráis a n-éitheach - agus dom dhóigh-se ní hí an chéad bhréag aca í - mar ó thángas go Bermuda ní raibh aon chasaoid agam ar mo shláinte, agus ní raibh sí riamh níos fearr agam ná mar tá sí. Agus maidir leis an méidín tinnis a bhí orm ag teacht amach dhom, ní fhéadfadh siad sin a luadhadh, óir tháinig órdughadh ar leith ó'n gCaisleán an fhad is bhíos ar Oileán Árda Neimhidh (chonnaiceas é) gan caitheamh liom mar chaithfidhe le daor eile, ná éadaigh na ndaor a chur orm. Agus pé aca sin é, tá daoir bhochta ag obair ins na coiléaraibh, na céadta aca, agus is measa go fada an tsláinte atá aca ná mar atá agam-sa, agus ná bhéas agam, tá coinne agam. Acht de dhéanta na fírinne is rí-bheag é mo shuim sa gceist mhór so. Is cuma liom iad ga mo chur ag obair ar nós na ndaor nó gan a chur, agus is cuma liom cé an t-éadach a chuirfeas siad umam. Acht atá an fhírinne sin sgríobhtha agam de bhrígh gurab í an fhírinne í, agus b'éidir go bhfoghnfadh sí dhom lá éigin. Ar chuma ar bith ní mór dhom obair éigin d'fhagháil. Facito aliquid operis, ar Naomh Ierome, ut semper te Diabolus inveniat occupatum. Vel fiscellam texe junco; vel canistrum lentis plecte viminibus:- apum fabrica alvearia;- texantur et lina capiendis piscibus. Agus cuireann sin i gcuimhne dhom go bhfuil neart éisg annso, agus iasg maith: an lannach, an boneto (cineál runnach), cineál leathóg tiugh, agus cineál eile a bhfuil dath dearg air, agus é gar dhá bheith chomh maith le n-ithe leis an
mbradán. Tá runnach freisin ann, cineál adhbhal-mhór, láidir, craosach, agus trí nó ceathair de throighthibh ar fad ann. Bíonn trí nó ceathair de cheannaibh aca ag seol- tóireacht i n-éinfheacht, agus is minic a chaitheas uair a chluig ag breathnughadh ortha ag snámh san uisge uainidhe ar an doimhin. D'ionnsuighdís corr-uair na stuifíní beaga go garg-obann, mar d'ionnsochadh ceithearn d'amhsaibh Inse Ceithleann daosgar-shluagh. 4.- 11°. - Ag léigheamh Homer dhom agus ga mo ghoradh féin leis an ngréin ar thaobh na fairrge do ghob chosnamha an chuain. An aimsir go hiongantach breagh. Ag léigheamh dhom freisin an chúntais a sgríobh daoine ar a mbeatha féin - mar atá cúntas Ghifford, cúntas Thomáis Olieabháird, cúntas Chaiptín Chrichton a sgríobh an Déagánach ó Fuada. Sean-oifigeach a bhí sa marc- shluagh é Crichton; b'Éireannach é, agus thárla dhó bheith ag saighdiuireacht i nAlbain fa'n gcoin fola Dalziel i n-aghaidh na gConnrathóirí. Agus ó thárla nach raibh sé ann féin an sgéal a innsin go maith, thug sé cúntas don Déagánach, tráth a raibh seisean 'na chomhnuidhe ar Chnoc an Mhargaidh, agus chuir seisean síos an cúntas dó, agus an chéad phearsa dhá chur síos aige, mar dhóigh dhe gurb é Chrichton a bhí ag caint. Is mór an greann an cúntas sin: níl leathanach dhe nach bhfeicfeá déagánach theampoill Phádraig, ag tiomáint a chapaill i mullach na bhFuigeamór, nó sáirseint Both- well agus éadaigh an teampoill air agus é ag cáineadh airgead ruadh Mhic Conchoille go hárd-ghlórach toranda. Acht an rud is fearr ar fad ann: cuireann an Déagánach breagh a bharamhail féin i dtaobh riaghaltas eaglaise, agus baramhail ghéar nimheanta í, i leith Chrichton (fear nach raibh suim cnaipe gan chois sa gceist aige), agus cuireann
ag sárughadh ar Burnett, easbog, é, agus ghá cháineadh chomh fuathmhar beagnach agus dhéanfadh diadhaire, agus gan ann acht duine den mharcshluagh. Cúntas Liam Gifford air féin, tá sé roinnt uallach, agus roinnt mórdhálach, acht mar sin féin is cúntas aicionta, fearamhail é. Tá combáidh mór ós íseal agam le Gifford. Acht cúntas Oileabháird an ceann is fearr go fada de na trí cinn, agus tá sé ar na cúntasaibh is fírinnighe agus is cneasta dár casadh ariamh orm. Níor leabhar go dtí an cúntas a sgríobhfadh fear ar a bheathaidh dá bhféadfadh sé an fhírinne go hiomlán a chur síos, agus gan a chur síos acht í! Ní dóigh liom go bhfuighfear a leithéid sin de dhuine go deo. Ar ndóigh ní chreidfeadh aon duine an cúntas a sgríobh an Giobúnach ina thaobh féin; agus maidir le Rousseau ní bheadh fhios ag duine cad badh déanta leis. Irisleabhar Euelín, ceann chomh maith le ceachtar aca-san b'fhéidir, acht má 'seadh ní hé an smuaine bhí san aigne ná sa gcroidhe a chuir sé síos, acht an rud badh léar dhó lasmuigh dhe féin. Agus thairis sin féin bhí Euelín chomh camalta sin, chomh riaghalta ciuin sin, agus chomh mór 'na dhuine uasal nár mhaith go mb'fhiú le duine cluas a thabhairt i gcomhnuidhe dá bhfuil le n-aithris aige. I gcruth- amhnas, dar liom, nach bhfeicfear go bráth an cúntas foirbhthe gan mharach a sgríobhfadh duine air féin, de bhrígh an duine is fearr is fiú cúntas a bheatha a sgríobhadh, nach n-innseochaidh sé é, agus na daoine is aigeanta, is éirimeamhla agus is intleachtaighe, nach innseochaidís smuainte a gcroidhe don phobal coitcheann; nó má innsigheann siad tada ní bhéidh ann acht beagán annso agus beagán annsúd, agus ní ina n-ainm féin ar aghaidh é, acht chuirfeadh siad ar an sgáth é, fearacht mar rinne na foillsightheoirí tionnsgantacha Stillschweigen agus
Cognie as Weissnichtwo leis na málaibh draoidheachta páipéir. 13°. - Tá an aimsir chomh lán-áluinn sin agus go bhfuil cathughadh dhá chur aici orm, agus go gcaithim go leor dom' aimsir ar an ngob, 'mo shuidhe síos i n-aice na fairrge agus an t-uisge chomh ciuin, chomh glas, agus gan cor ann acht ar éigin. Soir-dtuaidh uaim, go díreach ar m'aghaidh, mar a bhfuilim 'mo shuidhe, tá an gorm go neamhchuimseach, do-imeallta, soir-dtuaidh thar fhonnsa an domhain, agus is léar dhom chítear dhom tré shíor- shilleadh idir mé agus néall, na beanna árda i n-oileán i imigéin, agus brat ceo ar a mbarr. Seadh, maiseadh, chím uaim thar ghualainn drónach na cruinne comh-lagtha, agus fonn orm a bheith ag dearcadh air, Uibh Breasail uainidhe, ina thoirt, ar snámh thríd an nglé-sholus, na sléibhte sidhe ann agus na srutháin ins na gleanntaibh. Is iomdha oileán atá láimh liom annso agus iad sgaipthe ar uachtar na mara, gan ionnta acht gaineamh agus clocha glasa agus iad ag gealadh agus ag sgáineadh mar bheadh cnámha tirme ann fa sgalladh na gréine, iad féin is a gcuid doiríní beaga, loma, giobacha, tirme den dubh-phéinne; agus tá na longa príosúin níos goire ná sin dom, ar mo chúlaibh, longa an uathbháis gur geall le coiribh iad a bheadh ag fiuchadh, agus iad lán den dubháilce agus den dearóileacht. Agus bím 'mo shuidhe cois na fairrge go minic agus m'aghaidh tugtha ar an áird thoir- dtuaidh, agus is fada fada as láthair a bhíos mo smuainte. Is ciuin glan an lá foghmhair i nÉirinn é an tríomhadh lá déag seo den mheadhon fhoghmhair; tá an deirge ag teacht ar dhuilleabhar an fheagha i ngleann agus ar chnoc, agus dath donn seargtha ar bharr an fhraoich. Tá na goirt arbhair lom faoi seo, mórán; tá gile an tsamhraidh ag
imtheacht as; níl an binneas croidheamhail céadna i gceileabhar na n-éan a bhí ann i mí mheadhon an tsamhraidh, nuair a chuireas gach uile éinín sa gcoill a chroidhe ina chuid ceoil agus áthas do-innsighthe air. 'Sé fuaim an fhoghmhair freisin atá ag na haibhnibh agus iad ag bollair- eacht, ag dul le fánaidh dhóibh, thar chlocha beaga; tá an t-uisge chomh glas leis an airgead i gcuid aca, agus i gcuid eile aca tá dath donn air, agus an áit a dtug an sruth an chré dhonn ón árd leis tá dath na cloiche bige ón gCarngorm air. Tá slócht faoi seo ar an sruth, agus é mar bheadh sé ag casaoid (an té a bhfuil an mheabhair ann tugadh sé cluas dó), go bhfuil an samhradh imthighthe agus go bhfuil ceileabhar na n-éar thart. Tá cineál osnaighil ós íseal, osnaighil throm-chroidheach, acht osnaighil gan aon bhrón ann le clos lá fóghmhair den tsórt sin, agus sin é an chéad chogar ó dhoineann dhoilgheasach, dhobrónach, dheir- eadh an fhoghmhair, an doineann a gcuireann an geimh- readh tús ar an ngairbhthean leis. Is maith is eol dom fuaim gaoithe agus fuaim srotha na hÉireann de ló is d'oidhche, agus beanna ársaidh a cnoc. Chím é, cloisim go léir é, óir is deimhin gur lia lá i nÉirinn mé, tré chumhachta agus tré chumas iongantach na haignidh, agus tré chumas an ghrádha a tháinig ón eolus, ná ar na carr- aigreachaibh mallaighthe seo. Acht goidé an mhaith sin? Cé'n tairbhe m'amharc a chur thar a fhulaing ag dearcadh anonn thar an muir? Cé'n chabhair dhom fonn mo chroidhe a bheith orm? Nach bhfuilim díbrighthe ag Bainríoghan Shasana as an tír i n-ar rug mo mháthair mé, as an tír i bhfuil cnámha m'athar sa gcré? Meadhon Fhoghmhair 26°. - An múchadh! An múchadh! Táim gabhtha ag an námhaid. Shaoileas ar feadh roinnt míos go raibh an diabhal craithte dhíom agam agus go
ndearna an t-athrughadh aeir é a thoghairm leis, acht tá sé dhá fheiceál dom dhá mbeadh sgiatháin orm agus mé imtheacht chomh mear leis an lá nach n-éalóchainn ón bpláigh seo. 27°. - “Go leagha mac an diabhail é! Céard tá ann acht daor mar an gcuid eile againn - daor bradach, damanta?” - Sé sin le rádh, mise. Chualas an focal sin ó dhaor indiu, tré bhallaí adhmaid mo chró, nuair a bhí na meithil ag ithe; mar labhrann siad corr-uair ós árd le teann díocais dúthrachta cainte agus is féidir liom a gclos annsin. Daor bradach mar an gcuid eile! Tá an ceart ag an bhfear; agus is maith liom an focal a chlos, agus grainc ghruamdha fheiceál ar chuid de na príosúnaighibh, má éirgheann leo go gcastar dhom ar an ngob talmhan iad. Méirleach mé mar iad-san, tré “acht an phairliméid,” agus tré bhreith “coiste,” agus ní heol dom go bhfuil aon cheart agam a bheith ag siubhal thart “mar bheadh duine uasal ann” .i. i mo chomhnuidhe, agus iad-san ag obair go cruaidh. Tá an ceart agat, a mhéirligh, a chara! Is maith liom corrughadh den tsamhail sin a bheith ar bun; agus de dhéanta na fírinne, ní fhéad- fadh sé bheith ar a mhalairt de chaoi. Níl neart ag na daoinibh sin labhairt leis an gcoimhéaduidhe is ísle ar an luing gan umhlughadh dhó, ná níl neart aca siubhal ar an mbórd deireadh, cé go mbeidís ar theachtaireacht ann, gan an hata a bhaint díobh agus umhlughadh go híseal; agus chíonn siad mise ag spaisteoireacht síos is suas ar an mbórd deireadh céadna, mo hata ar mo cheann agam, agus na hoifigeacha, má castar dhom ar an gcúlráid iad, agus lámh ina hata aca dhom-sa. Chíonn siad sin agus ar ndóigh cuireann siad grainc ortha féin agus bíonn siad ag easgainidhe. Níl aon tslighe eile aca do
láthair le n-a gcuid feirge a thaisbeáint, agus tá modh agam dá n-easgainidhe agus meas agam ar a ngrainc, agus tá súil agam gurb é an toradh thiocfas de go dtiocfaidh an dearg-ghráin agus an tsíor-dhearg-ghráin aca féin agus ag cách ar na “forasaibh” mallaighthe a thugas an oiread sin modha don uaisleacht agus a cheileas an modh ar an bhfearamhlacht .i. Reachtaireacht ghlórmhar Shasana ar Eaglais agus ar Stát. Bíonn árach agam Dia Domhnaigh ar aighthe agus ar chloignibh na ndaor a sgrúdughadh, ar mbeith don daor- phobal ag paidireoireacht ar bórd agus na hataí leathna bainte dhíobh; agus is fusaide dhom a bhfeiceál an mhéid go bhfuil an ghruaig agus an fhéasóg bearrtha go dlúth aca, do choimhlíonadh na riaghlacha. Is cosmhail, ar an gcéad amharc, go díreach glan leis an bpobal neamh-dhaortha sa mbaile iad; acht dá bhféachtá níos grinne ortha d'fheicfeá go bhfuil an t-olc ina gcontonús ag cuid aca, agus déanamh neamh-riaghalta ar a mblaoisg - na créat- úir bhochta! thugadar an ghaduidheacht agus an chneamhair- eacht ón mbroinn leo. - “Comhartha cuma agus cruth ó Nádúr ortha go ndéanfaidís gníomh náireach éigin.” Acht céard a bhí le déanamh leo-san? Tuige ar geineadh iad? Nach bhfuil milleán le tabhairt dá gCruth- uightheoir aca, mar an bhfear ó Uz, nó fearacht Ádhaimh - “Ar iarras ort, a Chruthuightheoir, an chré a mhúnláil agus duine a dhéanamh dhíom? Ar shíreas ort mé a thabhairt as an dorchadas?” B'éidir dhúinn é bheith de cheart againn na ceisteanna sin a chur acht a mbeidh eolus againn ar rúnaibh Dé. Nach mb'éidir dhóibh seo a bheith ag déanamh aithrighe ar son peacaidhe a rinneadh shul 's geineadh iad? Nach mb'éidir
gurab é seo a n-ifreann? agus ifreann atá sáthach ifreannda féin a thiubhrthá air. Na diabhail bhochta! Tá súil agam nach mbeidh ortha a dhul níos sia agus a bheith níos measa. Gidheadh furmhór na bpríosúnach atá annso níl aon droch-ghnúis ortha, sé sin, agus a shuaraighe is atá con- tonús na ndaoine i gcoitchinne; tá siad gach uile rúinne chomh crothach agus d'fheicfeá ar Chnoc Ludgate nó ar Shráid Faithche an Choláiste. 30° - Ní fhuaras aon tuairisg ar an nuaidheacht a tháinig ar phosta míosa so an mheadhoin fhoghmhair go dtí indiu. B'fhollusach dhom ón mbreathnughadh thugadh na bhárdaí orm corr-uair, agus ó'n gcaoi a n-éirighdís as an gcaint dá mbeinn ag tarraing ortha agus mé ag spaisteoireacht, go raibh fhios aca rud éigin, agus gur éirigh rud aisteach éigin d'Éirinn. Tá fhios agam é. An chéad chás de cuireadh deireadh feadh tamaill le Acht an Habeas Corpus. Níor thóg sé ortha sin a dhéanamh, sé sin, an tAcht a léigheamh sé huaire agus ainm na ríoghna a chur leis, acht deich n-uaire agus trí fichid go díreach. Maith maiseadh, ní iongnadh ar bith é sin. Bhí coinne agam leis sin, tuairim an ama so. Acht céard eile? Daoradh Seán Mac Máirtín i gcoir méirleachais (coiste a bhí trom-phactha le Protustúin an Chaisleáin a dhaor é), agus tugadh de bhreith air a chur deich mbliadhna i bpríosún thar sáile! Is rí-mhaith liom sin, mar níor casadh ariamh orm fear a bhainfeadh barr an Mháirtínigh ar fheabhas, ar fhiúntas, agus ar lán-árd-aigne, agus mar tá cáirde go leor aige a bhfuil an aithne sin aca air. Ní iarrfá buille níos domáistighe ná níos damanta a thabhairt do dhlighe Shasana ná é bheith d'fhiachaibh ortha a leithéid sin d'fhear a chur i long príosúin, tré mhodh dhá
shamhail. Mo chuach thú, a Dhlighe chalma! Níl aon nídh ann mar an dánacht. Seán Mac Máirtín ina dhaor! Seán Mac Máirtín i long príosúin! Stracadh ar siubhal ó Longhorne é, ó áitibh áille uaisle uainidhe, ó áitibh fhasgamhla thorthamhla, le n-a chur ar fhoirinn long príosúin, ar Bhermuda, nó ar Ghibraltar. Acht níl deireadh leis an obair fós. Cé hé an Seán Mac Máirtín seo nó cé'n sórt duine atá ann? Eachtrannach poiliticeach atá ag iarraidh cír thuaithbhill a dhéanamh den stát, ar shúil is go n-éireochadh leis féin éirghe i n-uachtar ar chuma éigin, ar mbeith do gach uile rud thré n-a chéile? nó brostuightheoir bocht a bhfuil súil le n-a chuid den chreach aige? nó buachaill díomhaoineach óg a bhfuil dúil aige moladh a thuilleadh ó na páipéaraibh agus a bheith iomráidhteach? nó Séimín fiadháin a bhfuil fuath d'órd agus d'eagar aige, agus gurb é a ghnótha, dar leis, rud ar bith atá ar bun a chur tré n-a chéile agus tarcuisne a thabhairt ar gach uile nídh naomhtha? A Dhia láidir! tá a fhios agat nach bhfuil aon fhear ar dhruim uachtair na talmhan is fuide ó bheith ar shlighe ar bith aca sin ná Seán Mac Máirtín, an Gaedheal atá ina mhéirleach. Fear gur méinn agus gur gnás dó a bheith cúthal, ciuin, sásta, fear a chaith a shaoghal ariamh ar mhaithe le daoinibh eile, i n-áit a bheith ar mhaithe leis féin; fa'n tuaith agus ar a theallach féin is mó a bheadh áineas aige, agus má tá rud ar bith fa'n ngréin a bhfuil droch-mheas ó chroidhe aige air is é a bheith iomráidh- teach é, agus dhá mholadh ar pháipéaraibh nuaidheachta. A bhfuil ar a sheilbh (agus is leor dhó é an lá nach go leor mar sin atá uaidh) is talamh atá ceannuighthe thar barr amach é, agus dá ndéantaidhe cír thuaithbhill den phobal choitcheann, chaillfeadh seisean go dearbhtha a ghreim ar an
talamh sin. I n-áit a bheith 'na Shéimín dó agus a bheith 'na námhaid ó dhúthchas do dhlighe, d'órd, agus do mhaoin, is amhlaidh atá sé go bhfuil urraim thar barr aige don dlighe, agus ní bheadh sé beo dá mbeith riaghlughadh na tíre bun os cionn. Bheadh sé gabhtha go bráth le forasaibh éag- córacha, dhá thruaillighe agus dhá shailighe dhá gcuirthidhe na dlighthe i bhfeidhm, sé sin dá mbeith seasamh ar bith leo, níos túisge ná chuirfeadh sé corughadh air féin agus ar dhaoinibh eile ag iarraidh deireadh a chur leo. Acht so: má tá urraim don dlighe aige, tá an dearg-ghráin dá réir sin go díreach aige don dlighe mugadh magadh. Tá meas ar mhaoin aige - ar a mhaoin féin agus ar mhaoin daoine eile - an fhad is tá maoin ann; agus tá fhios aige an lá go bhfuil an-lear daoine sa gcruth sin agus go luighfidh siad siar go gcailltear leis an ocras agus leis an gcall iad, na milliúin aca (nó mar a ndéanadh é acht na míllte nó na céadta aca) tá fhios aige nach maoin atá annsin acht goid agus foghail agus argain agus marbhadh. Ní buaidh ó Neamh í an mhaoin a mbeadh seilbh ó Neamh uirthi, acht foras daonna; is le rath a chur ar an bpobal coitcheann atá maoin ann agus atá sí ar sheilbh dhaoine áirithe; agus is le ughdarás an phobail choitcheann atá maoin ann; acht an tráth gurb eadh is dáil don tír neithe a bheith chomh do-fhulangtha agus atáid siad anois agus le fada riamh i nÉirinn, tá an pobal coitcheann sgaoilte - agus dá bhrígh sin, an tseilbh a bhí ag duine ar a mhaoin tá sí caillte aige, go nach le fear an hata atá ar a cheann, ná an greim atá dhá chur ina bhéal aige má tá fear níos láidre ná é ann le n-a mbaint de. Náisiún den tsamhail sin, táid siad i ngéar-chall nó go ndéantar gnótha an phobail a aithleagan amach; go gcurtar cruth nua ar dhlighe agus ar órd; agus go gcurtar cuma ar mhaoin
tré a ndéantar a hathroinnt. Agus dhá thúisge dhá dtosuighthear ar an obair sin is amhlaidh is fearr é, mar athnuadhchan ar bith a bhfuil gábhadh leis, ní dhearnadh ariamh é, agus ní dhéanfar choidhche, gan na sean-fhorais urramacha - nó gach ar fágadh ag lobhadh dhíobh - a chaitheamh anuas, agus a chartadh aníos, agus a sguabadh amach. Má tá orainn docamhal doilgheasach d'fhuiling, agus an riagh- lughadh a bheith i n-aimhréidh tré n-a chéile, shul is bhéas dlighe agus órd agus eagar againn arís, i n-ainm Dé fuiling- mís leis lom láithreach nó go raibh sé thart. Acht cheana, an iad so smuainte Sheáin Mhac Máirtín atá curtha síos annso agam, nó mo smuaimte féin? Iad araon, creidim. Is Gaedheal é Seán Mac Máirtín ar chuma ar bith, agus ní sheasfadh sé go deo le daoine coimhightheacha a bheith ag déanamh “dlighthe” dhá thír, cuir i gcás gur ar mhaithe féin leo é. Sé dualgus gach Gaedhil, dar leis, gan leigean níos sia leis an urchóid sin. Támuid araon ar aon intinn sa méid sin ar nós ar bith. Támuid ar aon intinn ar phonc eile, chomh maith. Ó bhíos 'mo ghasúirín bhí an urraim agam don fheilméara neamhspleadhach a d'fheicfinn ag saothrughadh a ghiodán féin talmhan, bhí urraim agam don athair muirighne tuaithe atá sásta le bheith ag obair ina thír féin, agus atá gan spleadhchas aige le aon duine ar an talamh acht le Dia Uilechumhachtach. Má's ceart seilbhe atá aige ó'n tigh- earna talmhan, nó a ghabhaltas a bheith aige dhá chuid féin, nó cibé seilbh atá aige air, is cuma é acht cinnteacht a bheith aige go mbainfidh sé féin nó a dhuine san áit ar chuir sé, agus go gcothochaidh sé é féin fa shásamh. Cé nach go leor talmhan a bheadh ag a mhac a samhail sin d'fheilm- éara, is iondamhail gur tig leis a chlann a thógáil go
geanamhail, agus a gcur le gnóthaibh cneasta éigin; ceárduidhthe a dhéanamh dá chlann mhac; dhá bhó agus fiche punt spré a thabhairt dá chlann inghean, agus a bheith 'na shean-athair agus ina árd-athair mhío-mhodhamhail, i ndeireadh a shaoghail, caoi a bhfuil sé; agus gan dalladh áird aige ar an gcine a chur chun cinn, ná aon tsuim aige sa gciall atá leis an bhfocal sin. Ba mhór an t-áthas liom an deatach fheiceál as tighthibh na bhfeilméaraí, rud a chonnaiceas i dtuaisceart Éireann, tráth a raibh Éire ann, as na míltibh tighthe, ar thaobhaibh na gcnoc; agus is minic a cheapamar (mé féin agus an méirleach eile), agus sinn ag taisteal, i rith an tsamhraidh, ó bheannaibh borba Thír Chonaill go dtí machairí míne an Dúin agus Árd Macha, is minic a cheapamar go mba cabhair agus congnamh d'Éirinn é, ceart seilbhe a bheith ag an tunónta agus an tseilbh sin a bheith ag feilméaraibh ar fhuaid na hÉireann. Acht mo nuar! mo nuar! cé mhéid teach aca sin a bhí te, teoluidhe an uair sin atá indiu go fuar agus go feannta! Nach beag a shaoileamar go raibh na tighearnaí allmhurdha talmhan chomh tubaisteach géar, garg agus táid siad! Nach iomdha duine bocht simplidhe aca sin a mb'éigin dó imtheacht béal a chinn roimhe, agus é ina shean-duine; cúl a thabhairt dá thalamh athardha agus a dhul go dubhach, droch-mhisneamhail ar lorg a bheathadh go tír choimhightheach! Tá dailtíní measamhla ann, tá fhios agam sin, agus is greannmhar an rud leo go mba cruadhtan ar aitheach tuaithe, (céard tá ann acht aitheach tuaithe?) ná ar dhuine den choitcheantacht a thír dhúthchais d'fhágáil. Amadáin mheasamhla! Dar fiadh, níl teach tuaithe as deich míle teach i nUltaibh nach dúthrachtaighe shéimhe, mhúinte na daoine atá ann, nach neartmhaire a a gcroidhe nuair a coruighthear iad, nach mó an nádúr atá
ionnta, nach grádhmhaire a ngrádh, agus nach bríoghmhaire a dtréithe agus a gcáilidheacht ná gheabhthá i gCaisleán Átha Cliath, nó san árus is deise ghalánta ar Chearnóig Mhic Uilliam. Acht coitcheantacht atá dhá dhéanamh dhíobh go léir le goirid (ag lucht riaghluighthe agus ag lucht argain na tíre); agus do réir mar cheapas lucht riaghluighthe agus lucht ar- gain a bheith feilteach, is sórt míonach amh iad, nach mór a thanachan má bhíd ro-thiugh, nó nach mór a bhailiughadh nó a sgaipeadh do réir mar thiocfaidís i sochar do na daoinibh móra. Támuid ag breathnughadh le bliadhantaibh fada (an méirleach so agus an méirleach eile) ar an gcumhangas atá dhá dhéanamh ag tighearnaibh i leabaidh a chéile ar a mbíodh ag na feilméaraibh tráth; támuid ag breathnughadh ortha ag bochtughadh daoine a raibh tighthe agus gabhaltais aca. Ní dheacha iabh ná foras ar Riaghaltas Shasana, d'fheacht ná d'áithrid, acht ag iarraidh droch-mheas a thabhairt ag Gaedhealaibh ortha féin; agus bliadhanta a dtáinig an gorta thairgidís “postaí fá'n riaghaltas” do na daoinibh, nó go ndéanaidís lucht déirce den náisiún go hiomlán. Chaitheadar na milliúin ag milleadh na ndaoine, agus ba náireach an rud é, ar an gcuma sin, agus chaitheadar é sa gcaoi nach dtiocfadh toradh ná tairbhe ná sochar as, sa gcaoi nach dtiocfadh as acht dro- bhlás agus díomhaoineas agus dubháilce. Chonncamar annsin claon-chonnradh dhá dhéanamh ag tighearnaibh tal- mhan na hÉireann le riaghaltas sin an diabhail .i. iad-san do choimhéad an cheangail a bhí ar Éirinn le Sasana, agus an riaghaltas do chuidiughadh agus do chabhrughadh leo-san, nó go gcuirdís i leath-taobh an oiread de mhuinntir na hÉireann, agus nach mbeadh aon bhaoghal go mbainfidhe le sealbhaibh na dtighearnaí, bhíodar chomh naomhtha sin.
Chonncamar an connradh sin dhá chur i bhfeidhm, agus ann- sin is í comhairle ar ar chinneamar gráin a fhuagairt os árd ar lucht dhéanta na hurchóide sin, ar chuma ar bith, agus na daoine a bhrostughadh ionnus go dtiocfaidís roimhe i dtráth, nó a dhul roimhe dhúinn féin dá mb'amhlaidh go gclaoidhfidhe féin sinn thríd. Agus is dhá mhéirleach thar sáile sinn anois. Bíodh aige: is fearr i bpríosún thar lear ná go humhal i moghsaine, is fearr é ná bheith sásta ar a bheith rannpháirteach i marbhadh. A chompánaidhe chroidhe! a chara chaoin! a dhearbhráthair dhílis agus choimhmhéirleach na páirte! cibé áird i bhfuilir i ngeimheal ag an allmhurach is eascaraid dúinn, beatha agus sláinte dhuit anonn thar sruth-thuile na mara móire. Bíodh misneach agus meanma agat. Níl deireadh fós linn. Tá na príosúin dhá líonadh ag Clarendon, tighearna, tré dheireadh a chur le Acht an Habeas Corpus; dhá líonadh le daoinibh a bhfuil aimhreas ortha. Agus tá tuilleadh de stair na hÉireann ann, an mhí seo, dá mbeadh aon fhagh- áil agam air. Acht is airighe iad ná riamh gan aon pháipéar nuaidheacht a leigean isteach sa luing, agus gan eolas a leigean chugam ar thada. Acht glacfad foighid anois; tá dóthain míosa de dhánacht i ndíbirt Sheáin Mhac Máirtín. Deireadh Foghmhair 18°. - Trí seachtmhainí tinnis curtha dhíom agam, gan codladh oidhche fhagháil ná suaimhneas lae; agus na leabhra suairce bhí ghá léigheadh agam ba duairc an éadáil iad. Gidheadh Dumas, an créatúr, ní dhearna go cinnte aon úr-sgéal chomh maith leis na “Three Mousquetaires.” Cionnus a bhféadann an t-úrsgéaluidhe is suaraighe éitreoraighe i bPárus na Fraince sgéal a chumadh atá inléighte, dá dhonacht é, (sé sin, inléighte ag an té a bhfuil fonn léightheoireacht air,
agus an ghnáth-thuisgint ann), agus an dream a chumas an cineál céadna i Londain, gan ionnta - cé is moite de Dickens - acht sgata salach dall bastún? Ní hé nach bhfuil suaracháin na Fraince sáthach salach, acht is measa ná sin trí huaire an salchar a bhfuil neart raim- éise leis i mbréig-riocht fiúntas gallda, sin agus an bhrútaighil agus daille mhuinntire Londain. Úrsgéilín taitneamhach eile é “Marquis de Letorière”; le Dumas freisin é; acht d'fhéachas faoi dhó le beart clodha dá ngairthear “Windsor Castle” a léigheamh, agus chinn orm. Ainsworth an sgríbhneoir. Chinn ceann eile orm .i. “St. Giles and St. James.” Dubhglas Jerrold an sgríbh- neoir. Ní bheadh aon mhaith dhom ann: Dá uaignighe dá mbeitheá, agus dá dhuairce do dhaingean, dá mhéad do dhúil i léightheoireacht, agus dá laghad dá mbeadh ar t'aire, b'fhearr dhuit gan baint leo; óir is amhlaidh a dhéan- faidís thú dhalladh níos measa ná bhí tú cheana, dá mb'éidir sin a dhéanamh. Seo é an Jerrold céadna a bhíos do shíor ag teagasg na ndaoine galánta (i Sasana); ag coir- eamhaint ortha fa nach gcothuigheann siad na boicht as air- gead an phobail, agus subháilce a theagasg dhóibh, cé go ngabhaid i láimh iad a smachtughadh má ghníonn siad goid, ná cruacha a chur tré lasadh, ná foghail a dhéanamh le hintinn duine a mharbhadh. Agus sgríobhann sé sgéalta ina sraithtibh, gan críoch go deo leo, ag leigint air féin gur aoir iad na sgéalta, agus go bhfuil teagasg ionnta (acht amháin nach bhfuil aon ghreann san aor, ná aon mhora- lus sa teagasg), agus taisbeánann siad go soiléir, má ghníonn na daoine galánta faillighe ar oideachus a thabhairt do na páistibh bochta, gur chóir dhóibh-san an fhaillighe a chúitiughadh leo, agus rud a ghoid as pócaibh na ndaoine galánta. Féach féin gur cruadh-chroidheach an
dream iad na daoine móra sin, an lá nach dtógann siad clann mar ba chóir, acht iad chomh mí-nádúrdha agus chomh barbardha agus go bhfuil constablaí agus príosúin aca, leis an gclann sin a smachtughadh má thuilleann siad é! Acht an diúgaire, an gamhain bocht so, ní chuireann tada déistean agus gráin air acht duine a chrochadh. Is mí- thaitneamhach an rud é, ar gach uile chor, duine a chrochadh, agus is náireach an nídh a dhéanamh san naomhadh aois déag. Cé mar thaitneochadh leis a chrochadh, nó a chéasadh agus a cheann le fánaidh? Déarfadh sé, gan aon aimhreas, gur géar garg na dlighthe bhí i n-allód ag na hEabhraighibh; acht ar ndóigh cé an solus a bhí ann an réimheas sin, agus gan an tsraith-sgéal ann, gan tada aca acht cláir chruaidh cloch; agus an t-aon chóip den dara cló dhe sin? I n-úrthosach saoghail agus i dtús aimsire a bhí an pobal an tráth soin, agus ná ceap go dtiocfaidh ciall roimh aois, ná go ndéanfá sparán síoda as cluais cránach. Dá n-iarrthaoi ar thionóltóir na ndlighthe Leibhiticeach a chuid dlighthe a thionól anois, ar a shonsin, d'éis an saothar atá déanta ag Beccaria, ag Ó Hiubhard, agus ag lucht cabhartha daoine is fearr an lámh a dhéanfadh sé dhíobh. 24°. - Céard so is clos dom? Iompodh dhóibh ar an námhaid i dTiobraid Árann, agus iompodh dhóibh go suarach anaibidh, gan aon chóir cogaidh ortha. Mac Gabhann Ó Briain an taoiseach. Is cosmhail nach raibh airgead ná lón a ndóthain aca le n-a gcoinneál dhá lá ar siubhal. Agus an Brianach, mac Uí Mheachair, mac Uí Dhonnchadha (.i. Pádraig Átha Cliath) agus Toirdhealbhach Mac Maghnusa, ó Libherpool, gabhtha tré bheith rann- pháirteach sa tsuaraighil, agus iad fá ghlas i bpríosún Chluain Meala go teacht do lá na cúirte. Ní maith gur
tig liom breith a bhreith annso ar a ndearnadar, acht do réir a bhfuaras d'eolas agus chomh fada agus théigheas mo thuisgint, saghdadh an Brianach, go ndearna go díreach an rud nár chóir a dhéanamh, agus an rud gur beirthe do Chlarendon, tighearna, buidheachas a dhéanta ó chroidhe leis faoi. Ro-fhada bhítheas gan éirghe amach, acht ní fa'n tuath is coir tosughadh a dhéanamh, agus an rath atá ar an oileán fa láthair. Ar shraideannaibh Átha Cliath badh chóir tosughadh. Tá an Gormánach, an Ragh- all ach, agus mac Uí Dhubhchonna ar a dteicheadh; agus na daoine is suaitheantasaighe dá raibh sa gcomhchumann fa'n tuath, gabhadh iad tré aimhreas. Nach iad na daoine i gCaisleán Átha Cliath agus an choin- firt fola i Sráid Dhonnáin atá sásta fa'n leithsgéal so a bheith aca! Anois éireochas siad dána! Agus ar ndóigh ceapann an domhan mór go bhfuil na Gaedhil claoidhte go bráth arís, agus go ndearnadar a ndícheall i mBaile malluighthe sin na nGarrdha. Is rí-mhaith liom gur éirigh leis an Raghallach a theacht as, acht tá an Dubhthach, Mac Uilliam, agus an Dochartach i bpríosún fós, ag fanacht go gcurtar an dlighe ortha. Anois, a Chlarendon, a thighearna, má tá i ndán is go seasfaidh do choisteoirí dhuit, is mór an sásughadh agus is mór an buanughadh ar an “dlighe” é. Acht cé'n chaoi a mbeidh an sgéal sa deireadh? An bhfuil fir fágtha fós i nÉirinn a bhfuil fhios aca le teannadh go dlúth leis an námhaid anois? Agus cé leomhfas teannadh leis? Agus tá geimhreadh gorta eile roimh na daoine bochta, go bhfortuighidh Dia ortha! óir loic na fataí arís i mbliadhna ortha, agus maidir leis an arbhar, ní ag dul dá leithéidibh- san atá sé. Na coistí i gCluain Meala ní bheidh ortha ar ndóigh acht
sliocht mhuinntire Chromuell, giúistíseacha Thobraid Árann, agus úinéaraí Protestúnta talmhan a bhfuil sgannradh a gcroidhe ortha. Fiarfochaidh Breitheamh an Chaisleáin díobh-san cé'n meas atá aca ar an té d'iom- pochadh ar lucht ughdaráis, nó cé'n smachtughadh badh chóir a chur ortha. B'éidir don cheathrar fear fiúntach soin a gcrochadh.
An 5° Caibidil. Samhain 7°, 1848. - In mo chró dhom, ar an Dromedary. Thárla dhom 'mo shuidhe ag an bhfuinn- eoig anocht d'éis tuitim na hoidhche agus mé ag breathnughadh amach ar an bhfairrge leis an mbreac-sholus, nuair a caitheadh toirt éigin isteach dorus an chró chugam agus thuit sé ar an urlár os mo chomhair. Leis sin chualas an choisméig ag imtheacht go mear, éadtrom ón dorus. Rugas ar an toirt agus céard a bheadh ann acht páipéar nuaidheacht as Londain. Tá an posta tar éis a theacht ó Halifacs. Is fada liom go gcurtar glas ar mo dhorus, agus go dtí sin tá an ciste i bhfalach go haireach agam. Chuir an t-árd-mháta glas orm fa dheireadh agus chuir bolta ar an dorus fa chomhair na hoidhche. Lasas coinneal agus sgaras an páipéar im' fhiadhnuise agus mé ar creathadh. Daoradh Mac Gabhann Ó Briain, agus tugadh de bhreith air a tharraing ar chliath go hionad a chrochta agus a chrochadh. Tá an mhuinntir eile gan cur fa fhromhadh fós. 21°- Tugadh breith a gcrochta ar an gceathrar .i. ar an mBrianach, ar mhac Uí Mheachair, ar Mhac Maghnusa agus ar mhac Uí Dhonnchadha. Acht Spioraid soillse na hAoise - go dtógaidh an diabhail leis a gcuid raiméis soillse - ní leigfeadh a gcur chun báis, acht cuirfear i bpríosún thar sáile iad le n-a ló. Chonnaiceas cuid
den chaint chosnamha a rinne Butt ar son mhac Uí Mheachair - ba dona í; agus fós na cúpla focal a labhair an fear bocht féin, agus bhí uaisleacht agus teanntás ina bhriathraibh. Bhíos tinn agus gan ionnam sgríobhadh. Cad na thaobh nach dtugaim mo mhallacht don lá ar rugadh mé? Mar - mar tá súil agam, agus ní leigeann don duibhe a theacht orm thríd - tá súil láidir agam go bhfeicfidh mé féin agus mac Uí Mheachair lá maith fós, lá a mbeimíd araon 'nar seasamh le chéile - go bhfuil obair romhainn fós - súil nach bhfuil sé i ndán dom bás fhagháil ar na carraigreachaibh geala so i mBermuda, agus nar thuar réalt a bheirthe riamh do Thomás Ó Mheachair a iomchur ar an gcliath úd i gCluain Meala, lá a bháis. Níl de chomhartha agam ar an meas atá ag an bpobal i nÉirinn ar an gcás, ná ar an spioraid a thaisbeáin na páipéir nuaidheacht a fágadh acht an méid seo. Chonnaiceas aon chóip amháin den Freeman's Journal, agus cé gur do-chreidthe an sgéal é, bhí de theanntás ionnta agus gur chuir na briathra labhair Whiteside sa gcúirt agus é ag caint ar son na bpríosúnach, gur chuir i gcló iad. Ag casaoid ar an gcaoi a ndéantar pacáil ar choistibh bhí sé, nó rud éigin den tsórt sin. Ní leomhfadh an t-eagarthóir a bharamhail féin a chur síos, agus ní dhearna faillighe ar a rádh go mbadh iad briathra Whiteside iad. Ceannsuighthe glan atá sé! Acht 'na dhiaidh sin, ní do Ghrae is beirthe dhom milleán ar fad faoi gan deireadh a chur le n-a shaoghal. Ní raibh aon bhaint ar leith aige leis an ngluaiseacht; agus b'éidir gur aige atá an ceart agus an doineann a leigean thairis, agus a pháipéar a choimhéad ina bheathaidh go suaimhnighidh an saoghal.
Fan go bhfeicfidh mé an dtiocfadh liom aon tuairim cheart a thabhairt ar an gcaoi i bhfuil an cás anois, agus a bhfuil de ghleo agus de ghleithearán thart timcheall air. Seisear dhinn, nó mar sin, a cuireadh i bpríosún thar sáile (nó cuir i gcás gur d'éis ar gcrochadh bhíomar). Abair gur díoghbháil sin do na daoinibh uaisle sin agus dá gcáirdibh. Acht an tuairt a thugamar féin agus an riaghaltas dá chéile, an ndearna sin aon dochar do riaghaltas Shasanai nÉirinn nó nach ndearna, sin í an cheist? Má rinne, sinne a bhí i n-úrthosach na troda, ní gearánta dhúinn má leagadh sa díg sinn i gcruth is go líonfaidhe an díg, agus go mbeadh slighe anonn ag fearaibh eile tharainn. Tugaimís buidheachas do Dhia má tá na fir ann le dhul treasna tharainn. Agus measaim gur lotadh go trom riaghaltas na Sasanach. Acht ar ndóigh ní hé sin is léar dhuit go ceann tamaill, acht a mhalairt. Aon pháipéar nuaidh- eacht a mbéidh brígh ná teanntás ann, cuirfear gubán air, agus cuirfear na fir cheannais faoi ghlas; leigfidh lucht ceannairce agus lucht tréasa fútha; gabhaidh reachtairí riaghaltais ag comhaoidheamh go fimineach leis an roinn den phobal a bhfuil dúil sa síothcháin aca; tiocfaidh ear is barr meidhear ar lucht páipéar nuaidh- eacht Londain, agus níl fear sleamhain slíoctha airgid i Sasana nach mbainfidh an-ghreann as Méirleachus na nGaedheal. Acht an amhlaidh nach bhfuil mí-shástuidheacht na nGaedheal ag neartughadh agus ag géarughadh ar an bhfad so? An amhlaidh nach bhfanfaidh dúil nádúrdha agus dúil fholláin ag daoinibh sa tréas, de bhrígh go dtéigh- eann Clarendon, tighearna, isteach i n-oifig páipéir nuaidheacht ceannairceach lá ar bith a dtogrochaidh sé é, agus an oifig a sgrios agus a mhilleadh, mar
dhéanfadh foghluidhe? An Catoileach atá ina fhear tighe, agus a bhfuil fhios aige go maith go bhfuil ceart aige a bheith 'na choisteoir, de bhrígh go n-íocann sé an cháin atá riachtanach, agus go bhfuil a ainm ar na leabhraibh do réir mar is riachtanach, an dtiubhraidh seisean meas don riaghaltas thar mar thug, an lá nach bhfuil ceart ná feidhm phuiblidhe le fagháil aige? Agus céard is méinn don tsluagh, fiarfuighim díot, agus don aos óg go mór-mhór? Ar ndóigh ní féidir a ndearnamar leis na bliadhantaibh, thríd an Nation, tré na leabharlannaibh gaedhealacha, tré amhránaibh, agus ar shlighthibh eile, ní féidir go bhfuil an saothar soin gan aon toradh a thabh- airt. Níl bliadhain nach bhfuil ag teacht ins na buach- aillibh, agus ní raibh na sgolta náisiúnta díomhaoineach. Lasadh solus ins na míltibh de na “ceannaibh beaga catacha” (atá iomráidhteach ag an Raghallach) agus níl fhios ag an dochtúir Whately sin. Cá bhfuil an té d'fhéad- fadh a mheas goidé an uaisleacht, goidé an fonn fearmhail láidir a faduigheadh i gcroidhe na bpáistí sin, cé nach bhfuil ortha acht sean-chóitíní tana éadtroma, leas a dhéanamh dhóibh féin is dá dtír ársaidh; seadh, agus goidé an trom-thruaigh atá ionnta, goidé an náire atá ortha fa'n gcruth a cuireadh ar a dtír, agus fa'n easonóir a tugadh ar a sinnsear, goidé an fhearg agus an faobhar dúth- rachtach a chuir sin ortha? Ha! má saoghaltar an buachaill te, tuisgeanach úd, go beith ina fhear dhó -! Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, 'seadh is mian liom a rádh go bhfuil sórt tuairim úr, anaibidh ag teacht don phobal i gcoitchinne i nÉirinn atá dhá ndéanamh neamh- spleadhach leis na Carthagínibh, agus leis na sagairt chomh maith le chéile. Má tá an tuairim cheart agam i dtaobh imtheachta na ndaoine i nÉirinn fa láthair, nó má tá go
leor den cheart agam sa tuairim sin, béidh aithmhéal a croidhe ar Charthagin fa n-a dánacht sa mbliadhain 1848. Na daoine ar caitheadh an dánacht leo, is maith an sgéal gur daoine iad na fir is mó le rádh ortha (gan mé féin a chomhaireamh ortha) a bhfuil na tréithe is uaisle ionnraice ar bith ionnta. Níl sé i nAcht Pairliméid smál ná tarcuisne a thabhairt ar na fearaibh sin, ná níl sé i mbreith a ndaortha, ná i long príosúin, ná i slabh- raibh, ná i gcliathaibh a dhéanamh. Daoine a ghoireas “riaghaltas” díobh féin, agus a chuireas i leath-taobh a leithéidí sin d'fhearaibh go héag- córach, a chuireas i leath-taobh iad tré dhul i gcogar le claon-shirriam, agus tré casadh a bhaint as ionnracus breithimh na cúirte, credim gur gearr é saoghal an riaghaltais sin d'éis a leithéid de choir a dhéanamh. An dream is fearr atá dhá mbeathughadh féin - mhór- mhór na Catoilicigh - is fíor go mbéidh daoine ortha agus gurab amhlaidh bhéas sé aca go gcuirfidís gráin ort ag taisbeánadh a ndearóile agus a n-óighréir ar an ocáid seo. Ní chuirfinn i n-iongantas dá mbeith coistí cathrach ann, agus easbuig, agus dligheadóirí conganta Catoiliceach, agus daoine móra measamhla eile agus go molfaidís an tighearna Clarendon go puiblidhe faoi chomh glic foraireach, agus rl., agus bhí sé. Béidh mac Dhomhnaill Uí Chonaill dhá shaoradh féin go dúthrachtach, agus dhá dhearbhadh nach bhfuil aon bhaint aige le lucht bhriste an dlighe, agus nach bhfuil de chúram air acht an brostughadh bocht suarach éitreorach, d'fhan d'fhuidhleach ón a athair aige, a shaothrughadh do réir an reachta. Is doiligh sin le n'aithris; gidheadh, deirim-se gur fearrde Éire é daoine measamhla onóracha a chur i leath taobh go hanfhorlannach agus go leattromach le timthiribh Shasana;
béidh an laibhín folláin ag oibriughadh; borrfaidh agus fásfaidh míoshástuidheacht as a nua, agus ní gan adhbhar é, agus béidh sí ag leathnughadh, agus béidh ag teacht innti ó lá go lá. Agus fós múinfidh sé dhóibh san Tuaisceart (má tá múnadh ar bith indán do na cloignibh pota sa Tuaisceart) nach bhfuil aon bhaint ag an gceist le creideamh, an lá gur Catoilicigh leath na ndaoine a cuireadh i leath taobh agus gur Protestúin an leath eile. Tá muinighin mhór fosta agam as na múinteoiribh sgoile, go múinfidh siad an teagasg maith Gaedhealach don aos óg d'aindeoin na leabhar a thug an Dochtúir Whately dhóibh. Tá fhios agam féin go raibh a lán de na múin- teoiribh úd a raibh rún daingean aca anuraidh teagasg an tsean-tSasanaigh úd a mhilleadh, é féin is a hata sluasad-bhilleogach, agus is fada an Carthagineach sluasad-bhilleogach céadna i réim os cionn na sgol náisúnta, mar bheadh trom-chodladh ortha. Chímíd mar sin - An chéad chás de - Go mb'éigin do Riaghaltas Shasana a rún a thaisbeánadh, mar b'éigin dóibh éirghe as a bheith ag leigean carthanais ortha féin, agus b'éigin dóibh a thaisbeánadh nach bhfuil ionnta acht arrachtaí garga. An dara cás de - Bhéaraidh dubh-bhuirbe an námhad don aos árd-aigeantach úir-fhialmhar óg combáidh agus cáirdeas a bheith aca leis na méirlighibh agus le méir- leachas, agus an ainbheart a himreadh ortha. An tríomhadh cás de - Dúil nádúrdha a tháinig ag daoinibh sa léightheoireacht ceannairceach; agus sionsa an tighearna Clarendon ar na páipéir nuaidheacht a ghéarochas é sin: i gcruthamhnas gur geall le toibreacha fíor-uisge i dtalamh tirm an chéad teagasg ceart eile a tiubhrfar.
I gcruthamhnas go leathnófar agus go méadófar an bhéarna de gach leith. Tá airm dhá gceannach go tréan, d'aindeoin a bhfuil d'fhuagairt ina n-aghaidh, agus de chuartughadh ortha; tá tréas agus míoshástuidheacht dhá gcothughadh agus dhá gcur i dtaisge, agus fásfaidh siad i gcroidhthibh Gaedheal go dtigidh an t-am. Agus béidh “deacracht na hÉireann” ag borradh agus ag at go mbéidh sé chomh mór, toirteamhail le cnoc nach féidir a choruighe. Go rathuighe Dia é! Seadh, is “daoir” sinn, agus is tig linn a bheith cinnte a ndearnamar de sgríbhneoireacht, de chaint, de shaothar, agus de ghníomharthaibh, agus a ndearnamar d'obair dhílis, dhúthrachtach, ionnraic, nach gcaillfear í ná nach rachaidh sí ar ceal; acht seasfaidh agus bhéarfaidh sí toradh, cé go mbeimís-ne ag tabhairt an fhéir, i n-imigéin, agus ar gcnámha ag lobhadh, láimh le cnámha na mbitheamhnach is crodhanta sa domhan. Acht céard tá le fuiling ag ar lucht aoin-tíre fós? Mo léan! cé an t-úirísliughadh eile níos úirísle arís atá i ndán dá gcorp agus dá n-aigne, an fhad is tá de chumhachta ag Sasanacha - a bheith ag cíobadh ar dtíre le n-a “ndlighthibh”? dhá ndíbirt, dhá ndúnmhar- bhadh, dhá mbochtughadh, agus dhá milleadh; nó go dteichidh na truagháin bhochta le uathbhás agus go ruaigtear thar sáile iad, agus go dtéighidh siad ar fán fa cheithre ranna an domhain! An fada! an fada! 22°. - Litir ó mo dhearbhráthair Liam. I Nua Eabhroc atá sé. Is cosmhail mara dtéigheadh sé ar a theicheadh, ar an toirt, go gcuirfidhe i bpríosún é fa'n Acht Habeas-Corpus-Suspension. [An fa choimirce an Habeas Corpus nó fa choimirce bheith 'na éagmuis, cé aca atá Reacht Shasana?] Tá an tighearna Clarendon ag líonadh
na bpríosún, acht is cosmhail gur éaluigh an Diolúnach, an Raghallach, mac Uí Ghormáin agus mac Uí Dhubhchonna. Tá an Diolúnach i Nua Eabhroc, d'éaluigh mac Uí Ghormáin go caladh-phort éigin sa mBreatain Bhig.* Níl aon tuairim agam cá bhfuil an Raghallach, acht cibé cá bhfuil an duine croidhe ní ina chomhnuidhe atá sé. Maireann Riaghaltas Poiblidheachta na Fraince fós agus measaim go seasfaidh sé. Ní thagann chugam tré na ráillí iarainn seo acht blúirí beaga eoluis, agus níl feiceál iomlán agam ar imtheachtaibh na ndaoine, cé gur léar dhom beagán annso agus beagán annsiúd; agus gach a bhfuaras amharc air is maith é. D'fhéach daoine éigin le iompodh ar an riaghaltas i bPárus na Fraince sa Meitheamh so chuaidh tharainn. “Red Repub- licans” agus Communists a thug páipéir nuaidheacht Shasana ortha, agus dá n-éirgheadh leo b'uathbhásach an rud é, agus is amhlaidh is dócha go gcuirfidís deireadh le riaghaltas na poiblidheachta; acht sguabadh den tsráid iad le púdar is le grán - a mhalairt ní raibh le déanamh le créatúir ghránna mar iad. Ní chreidfinn gur Ceanntróirí (nó Communists) iad ar fad an dream atá i bhfabhar dearg-phoiblidheacht (nó an Red Republicanism), cé go ndeir páipéir nuaidh- eacht Shasana gurb ionann iad. Acht ar ndóigh níl uatha-san acht droch-mheas a chaitheamh ar na daoinibh is fearr sa Riaghaltas Poiblidheacht. Creidim go bhfuil mórán mór den dream atá dílis don Riaghaltas Phoiblidheacht agus go measann siad an dream a d'iom- puigh ar an riaghaltas nach bhfuil leath a gcod' oibre deanta fós aca: agus b'éidir gurb amhlaidh atá. Acht má seadh, níor cheart dóibh-san a bheith rannpháirteach le * ní headh - go Constantinople.
Cumannóiribh: is measa na Cumannóirí ná na beithidhigh allta. Acht níl aon amharc le fagháil agam ar aon pháipéar nuaidheacht ón bhFrainc; tá dorchadas Shasana thar tim- cheall orm. Tabhair fa deara nach bhfuil Alphonse caoin de Lamartine le feiceál le goirid, ar chuma éigin. Airighim uaim a phearsa sheaghanda, a mhala árd, agus an choróin neamh-fhaicsidhe spíne a bheadh air. Airighim uaim a mhaoth-chaint árdnósach, agus ba truaighmhéileach cainteach an file é, a thrácht mar thrácht Bhedouin, agus faobhar breagh mórchúiseach ina fhéachaint. Ní fhéadaim a dhéanamh amach cad d'éirigh dhó, ná cé an t-adhbhar áirithe a chuir as amharc é. Acht ba nádúrdha an rud a dechéance, agus bhí ciall agus riachtanas leis: téigheadh sé don domhan thoir arís, go dtaga aisling eile chuige ina bhfeicfidh sé ríoghacht Druse-Maronite; tugadh sé gaoth dhá bhuaidhreadh rúnda ar Shliabh Leuáin, agus bíodh a chuid deor i dteannta drúchta Hermon. Ní raibh aon bhaint aige a bheith i gceannus feadhma ar dhaoinibh a bhí ag iompódh ar riaghaltas, agus an lá is fearr a bhí sé ní raibh ann acht an rud a dtugann fir fairrge mar muidne ceann bréige air. Is móide mo shásamh imtheacht Alphonse, an mhéid gur thuaras féin sin dó ar an United Irishman i gceann míosa tar éis iompóidh dhóibh ar riaghaltas sa bhFeabhra. Níl aon locht ar an sgéal fós; tá tuilleadh sgéala poiliticeacha le tuar agam - acht níor tháinig lá a gcoimhlíonadh fós. Tá lucht na bpáipéar nuaidheacht i Sasana go dubhach, dobrónach fa Riaghaltas Poiblidheacht na Fraince; táid siad ag dul thar bharr a gcéille fa rádh is go seasann sé fós. Mí-chomhgar ar bith a thiocfas de dhruim gnótha
a bheith thré n-a chéile, nó cosg a bheith leo ag iompódh dá shamhail, 'sé bhfuil uatha a thaisbeánadh, agus fad a bhaint as. Ar mhaithe leis na Francaibh atáid siad; bí cinnte dhe, agus tá sé dhá fheiceál dóibh go léir nach mbéidh na Francaigh sásta go mbéidh an rí ar ais arís 'na rígh ortha .i. Bourdeaux-Berri-Bourbon, marab é Laoiseach Philipe féin a bhéas ortha. Acht is amhlaidh atá lucht na bpáipéar nuaidheacht ar coimhchreathadh, nó na daoine ar leo na páipéir, agus lucht airgid, uaisle agus maithe Charthagin a thugas airgead ar cáirde, is iad-san atá ar coimhchreathadh, ar bhfeiceál dóibh an tsaorsacht a bheith chomh fogus sin dóibh, agus ar n-a mhothughadh dhóibh an t-airgead atá leigthe amach ar cáirde aca a bheith i gcontabhairt; agus mar sin de tugann siad do na seacht ndiabhail an t-iompódh ar an riaghaltas. Sin é an cluiche cumasach a bhí dhá imirt trí fichid bliadhain ó shoin, ag dul dhá imirt arís - agus b'éidir go bhféachfaidís le n-a chéile é an turus so go deireadh na sgríbe; agus chífidh an saoghal rí-phíosa oibre. Agus, a Dhia láidir, an bhfuil orm-sa suidhe ar chúlaibh na ngrátaí iarnaidhe seo agus saothar orm, agus an obair mhór sin ar siubhal ar feadh na mbliadhanta, go n-éaga mé mar d'éagfadh mada, agus go lobha mé imeasg daosgar-shluagh Bhermuda! Infandum! Eanair 16°. - Tráth rabhas féin agus mo thaise - mar tá mo thaise liom - ag caitheamh ar bpíopa aréir i bhfoch- air a chéile, do ghabh ar an spioraid uathbhásach ag áit- iughadh orm de bhriathraibh mar so síos: “Tugaim fa deara,” ar sé, “athrughadh aisteach ort le goirid; do chroidhe a bhí chomh sochma, soineanta sin, tá néall dubhach, doirbhis ag teacht air, agus é ag éirghe nimh- eanta; agus, rud is doilghe liom ná sin arís, chím go
bhfuil sórt claonadh ar do bhreitheamhnas i go bhfios duit, agus pus agus crostacht ort atá - dar liomsa - 'sé sin má tá an ceart agam - crostacht atá níos duibhe arís ná an t-olc nádúrdha. Mise (agus néallta deataigh dá leigean le gaoith agam). - Cé'n chiall atá leis an gcaint sin? Ní gnáthach leat labhairt mar sin. An Taise. - Maith, maiseadh, an chéad chás de: Cé'n chiall a bhfuil de bhruth ort ar son Riaghaltas Poiblidheachta na Fraince. Is maith atá fhios agam nach námha do riaghaltas ríogh ann féin thú, ná do riaghaltas na n-uasal ann féin; agus nach bhfuil aon bheann agat in do chroidhe istigh ar Riaghaltas teibhidh poiblidheachta. Mise. - Ní thiubhrainn tráithnín air. Acht 'seadh? An Taise. - Seadh maiseadh, ní ar mhaithe leis an gcine daonna, mar sin, atá an imnidhe sin ort, ar fhait- cheas nach n-éireochadh le Riaghaltas Poiblidheacht na bhFrancach, acht adhbhar éigin eile atá agat leis. Mise. - Ní thiubhrainn cnaipe gan chois ar an gcine daonna; adhbhar eile, cad eile? An Taise. - Seadh, ní le grádh don chine daonna atáir, ná fós le grádh do na Francaibh, acht as corp fuath do Shasana, agus dúil mí-riaghalta a bheith i gcogadh agus i n-ár agat. Is gearr, dar leat, a sheasfadh riaghaltas poiblidheacht sa bhFrainc gan cogadh a tharraing ar fud na hEorpa; cogadh a chuirfeadh deireadh le cáirde agus le creideamhaint a thabhairt do dhaoinibh; cogadh a mhillfeadh trácht ceannuigheachta; agus cogadh a bhain- feadh, is dóigh, na hIndiacha de Shasana, agus Canada, gan trácht ar bith ar Éirinn. Mise. - Gan trácht ar bith ar Éirinn? Acht dá
mba ag cuimhniughadh ar Éirinn a bhéinn ar feadh an ama, cad déarfá? An Taise. - Agus ar mhaith leat cogadh dearg a tharraing ar an rann Eorpa agus ar Mheiriocá, ar shúil agus gurb é an rud a thiocfadh as an raic agus as an uathbhás sin Éire a dhealughadh ó Shasana? Ar shúil agus go dtarraingeofaidhe an cogadh, an amhlaidh go bhfuil áthas ort daoine breaghdha fiala mar na Francaigh a fheiceál ag féachaint le deis úr-nua riaghluighthe a chur ortha féin, agus fios maith agat gur dócha d'anacair dóibh féin is dá sliocht a theacht de ná suaimhneas? Mise (leagas uaim an píopa, agus chuireas néall mhór dhorcha deataigh san aer). - Éist liom anois, a Thaise chóir. An chéad chás de, is rí-bheag é mo bheann ar Riaghaltas teibhidh poiblidheacht, acht ní hé sin do Riaghaltas Poiblidheachta so na Fraince, is mór é mo shuim ann, agus is mór é mo ghrádh dhó, agus an chaoi a bhfuil ag teacht ann. Riaghaltas Poiblidheachta nó Riaghal- tas Ríoghachta, asta féin, ní tada ceachtar aca. Rud é riaghaltas a riaghluigheas daoine atá beo ina mbeathaidh, go díreach mar atá siad; agus riaghaltas ríogh, nó riaghaltas na n-uasal, is cuma cé'n mhaith a bhí ionnta le n-a linn i n-áit áirithe; is cuma céard is féidir a rádh ar a son, asta féin, measaim go bhfuil a seal tugtha ins na náisiúin atá i nIarthar na hEorpa - sé sin le rádh, go bhfuil a seal tugtha faoi láthair, agus go dtí go sroichfear arís iad, ag dul tré bharbaracht dúinn, do réir mar théigheas an cinéal ar aghaidh sa gcuairt atá air. Tá seal na bhforas soin caithte measaim, i Sasana le fada, agus i nÉirinn go mór-mhór; bhí a seal tugtha leith-chéad bliadhain ó shoin; agus is tré cheannuigheacht amháin atá siad i n-ainm is a bheith ann fós, agus le
haghaidh gnótha a chothughadh - go gcoinnighidh siad an briseadh agus an brughadh, an mhalairt modha agus an mhalairt daoine atá i ndán dóibh uatha. Acht an dream soin atá ag déanamh airgid, agus gan aca acht creideamhaint bhréige den tsamhail sin, agus iad ar chroidhe a ndíchill ag iarraidh gnótha a chur chun cinn go teann thríd an gcreideamhaint sin féin, is geall leis an bhfear iad a rinne a theach ar an ngaineamh- dhá fhuide dhá mbéidh sé ábalta ar an teach a choinneál ina sheasamh (agus é i gcomhnuidhe ag cur áirde air), is amhlaidh is mó a thuitim tráth a dtuitfidh sé. An dara cás de, deirim gurab iad na Francaigh ba chóir a bheith ó cheart i n-úrthosach gach turuis, agus i n-úrthosach gach ath-thuruis dá ndéanann an cine daonna. Ní adhrann na Sasanaigh tada acht an t-airgead; ní chuireann impidhe chun dé ar bith eile acht chun airgid; cheannochaidís agus dhíolfaidís an Spioraid Naomh ar airgead, agus creidid gur ar son an phuint iomláin seasmhach Airgid a cruthuigheadh an domhan, agus a mhaireas sé fós, agus a riaghluighthear é, agus gur thríd atá i ndán dó a shábháil. Tugann Francaigh aithne ar uaisleacht thairis sin a bheith i saoghal an náisiúin; táid ar lorg cinneamhna níos uaisle don náisiún ná gheobhthaidhe tré cheannuigheacht amháin. Sa bhFrainc a múnluighthear smuainte agus árd-mhiana don tsaoghal, agus is ó na Francaighibh atá an míonach soin le fagháil ag tíorthaibh bochta an domhain do-chum a ngnótha a dhéanamh. Sé Párus cathair oireachuis shoibhéas na cruinne. An treas cás de, a Thaise chóir, níl aon cheart ag na Francaibh a “suaimhneas” féin a cheannacht, an fhad is atá a ndualgas mar sin le coimhlíonadh aca. Ní le haghaidh a bheith suaimhneach atá duine ná náisiún
ar bith ann, mór-mhór duine ná náisiún a bhfuil fírinní nuadha dhá gcraobhsgaoileadh aca, nó treorughadh i slighthe nuadha le déanamh aca. Oibrigheadh daoine go dúthrach- tach do réir an tsaoghail náisiúnta ar a bhfuilid, déanaidís a seacht míle dícheall ar an obair a gheobhas siad le déanamh a dhéanamh, an fhírinne atá le rádh aca labhraidís í de ghlór thoranda tóirnighe. Mara bhfuil “suaimhneas” sa méid sin dóibh, déanaidís dá oireasbha. An Taise. - Shaoilfeá, do réir do chainte, gur ar son riaghaltas poiblidheachta an domhain atá na Francaigh ag troid, agus go bhfuilid i dtosach ar dhaoinibh eile an domhain. Is cosmhail go bhfuil dearmad dhá dhéanamh agat ar Ameiriocá, an áit indeachaidh na Francaigh féin d'fhoghluim riaghaltas poiblidheachta. Bhí an tOileán Úr ina riaghaltas poiblidheachta ar chuma ar bith roimh an bhFrainc féin. Mise. - Agus San Marinó roimh an Oileán Ur; acht is ag tagairt do náisiúnaibh na hEorpa i n-allód a bhíos, tráth a dtugtaoi talam os ucht seirbhís a dhéanam don stát, agus ag tagairt don chomhlann agus don tsaothar atá i ndán dóibh shul is féidir dhóibh an tsean- uaisleacht mhór-chúiseach, agus an tsean-bhollsaireact chráidhte, fheoighte a chraitheadh dhíobh, rudaí nár fhan ionnta acht seafóid. Níor facthas ariamh san Oileán Úr a chomh-chomhlann sin, ná ní raibh cáll leis ann, haré ón lá ar chaith na Ameiriocánaigh dhíobh cuing Ríogh Sheoirse, ba riaghaltas poiblidheachta iad, dá mb'olc maith leo é - ní raibh aon mhíonach eile aca as a múnlochaidís riaghal- tas. A dheacracht agus bheadh sé ríoghdhamhna d'fhagháil ar na daoinibh an deacracht a chuirfeadh as dóibh san tír sin, agus na tuismidhe bunaidh d'fhagháil a mbeadh na
huaisle cearta ar a sliocht. Le dhá fhocal a chur i bhfocal, sé an fáth a bhfuil riaghaltas poiblidheachta san Oileán Úr, de bhrígh nach raibh leigheas aca air, agus go raibh riachtanas le riaghaltas. Acht an Fhrainc, maidir leis an bhFrainc agus a dála, agus a gnása, agus a nósa, a raibh a mhalairt de chlaonadh ortha; an Fhrainc ársaidh, máthair na ngaisgidheach, agus an oigh- reacht a fágadh ag comhlaochradh Chathail Mhóir; an Fhrainc a bhí suidhte istigh imeasg tíortha ina raibh ríghthe, tighearnaí, agus maithe mór-chúiseacha; stróic na Franc- aigh dhíobh an mallacht a bhí ag greamughadh dhíobh; chuir- eadar i n-íochtar é; thugadar aghaidh ar ríoghachtaibh garga, fearagacha, lán-armtha na ranna Eorpa, agus sheasadar amach aonraic ina laochrabh, gan choróin, gan chulaidh ar leith ortha, gur thaisbeánadar céard tá fir deas ar a dhéanamh. Annsin an laoch a bhí aca féin agus a raibh muinighin aca as, d'iompuigh sé ortha, agus nuair a bhíodar stiallta, stróicthe, ag na búistéaraibh comh- chongantacha a raibh sgian go feirc aca ionnta, agus d'éis an cathruightheoir-rí éirghe shlighe do dhéanamh ortha, choimhéadadar na dhiaidh sin an smuaine mór go láidir ina gcroidhe ar feadh na mbliadhan, agus ní gan géire agus doghraing a fhuiling é, go dtigidh lá an ghníomha. Ní mheasaim-se gurb ionann sin agus an Dearbhadh Neamh-spleadhchais. Agus is cóir dhom-sa is dhuit- se a bheith buidheach do Dhia Mhór a thug dhúinn a bheith ann tráth a bhfuil súil go bhfeicidhthear deagh- chríoch ar an obair, dá mbeadh ár agus cuirp féin ann dá bharr. An Taise. - Acht dubhras gur as corp fuath do Shas- ana atá an bruth so ort, agus níl freagra ar bith ar sin agat.
Mise. - Níl; ní fiú freagra é. Acht cad is Sasana ann? - muinntir Shasana nó Riaghaltas Shasana? An iad na Sasanaigh atá i gceist agat-sa na milliúin de dhaoinibh cneasta atá 'na gcomhnuidhe i Sasana, atá ag tabhairt aire dá ngnóthaibh féin, agus gan cuir isteach ar aon duine aca, má leigtear dhóibh toradh a saothar féin a chaitheamh go síothchánta sásta? Tá siad sgriosta ag troimeacht na cánach. An iad sin atá i gceist agat nó comh-chompántas na mallacht atá aga n-alpadh .i. tigh- earnaí talmhan, ceannuidhthe móra airgid, agus ceann- uidhthe codáis. An é náisiún Shasana atá i gceist agat, nó é sin ar a dtugann Cobbet an Rud? An Taise. - Na Sasanaigh go hiomlán ar ndóigh atá i gceist agam, agus gach forus dá bhfuil aca, idir lucht ceirde agus uaisle, Eaglais agus Stát, figheadóirí, daoine a bhfuil stoc gnótha aca, lucht oibrighthe coiléir, feilmneacha, stoc an chiste, loingeas, cumainn Charlton, comhdháil na Chartists, lucht easaontach séipéil, agus rásaí Epsom. Sin iad atá i gceist agam. Mise. - Siad? Is beag an chiall atá dhuit cárnáin den tsórt sin a dhéanamh dhíobh. Deirim-se gurab é an cara is fearr ag Sasana, anois ná le leith-chéad bliadhain, an té is géire fuath dá riaghaltas agus dá bhforasaibh go hiomlán san Eaglais agus sa Stát. I gcruthamhnas gur cara do Shasana mise, agus ní námha. Na daoine atá na gcomhnuidhe i mBreatain sin iad a dtugaim-se Sasanaigh ortha. An Taise. - Cé is moite do lucht an airgid bhunaidh, ar ndóigh, daoine ar leo muillte, tighearnaí talmhan, sé sin, gach uile dhuine a bhfuil tada aige. Mise. - Ní headh; an t-iomlán fré chéile! Acht tá fhios agat féin nach bhfuil cruth dá mbíonn ar dhaoinibh i
gcoitchinne, dhá dhoghraingighe dhá mbéidh an cás ag a bhfur- mhór, agus dhá ghéire dhá mbéidh a mhalairt de chruth uatha, tá fhios agat go bhfuil a lán daoine ann i gcomhnuidhe a bhfuil slighe mhaith bheathadh aca agus atá lán-tsásta leis an gcaoi atá ortha, mar atá, an dream ar fearrde iad an saoghal a bheith mar tá sé. Ar ndóigh tá a lán daoine staidéardha, deagh-ghléasta, i nÉirinn féin (chonnaiceas féin i mBéal Feirste iad agus i nÁth Cliath, daoine a bhfuil beatha mhaith aca) agus deir siad go bhfuil Éire maith go leor, agus go bhfuil sé i n-áirithe dhi a bheith go maith. Agus comhairmhim na daoine a bhfuil an chruth mhaith ortha, ag tagairt d'Éirinn agus do mhuinntir na hÉireann dom; acht ní aon bhrígh liom a mbaramhail, agus ní ar mhaithe leo-san ar leith a bhéinn, acht ar mhaithe leis an bpobal i gcoitchinne. Agus dá bhrígh sin tá sé de cheart agam a rádh gur cara do mhuinntir Shasana mé, cara dhóibh go hiomlán, an lá go millfinn an riaghaltas ó bhun go barr, agus an t-eagar atá ar na daoinibh i gcoitchinne ann - seadh maiseadh, cara do lucht an airigid atá i Sráid Lombárd, cara do na diúicibh féin agus do na heasbuig - chuirfinn gairm chneasta bheathadh éigin ortha. An Taise. - An gceapann tú go n-itheann lucht airgid a gcuid airgid, agus gur béas dóibh a chur i leath taobh ar an gcuma sin? nó go sloigeann agus go leaghann tighearnaí talmhan toradh a gcuid talmh an go léir; nó go gcuireann lucht saidhbhris caitheamh ina gcuid airgid, dá dhonacht agat iad, gan saothrughadh a thabhairt do bhochtaibh agus gan luach a saothair a thabhairt dóibh? Nó an amhlaidh go mbeadh fút go gcothófaidhe na boicht gan obair gan tuarastal a thabhairt dóibh? Mise. - An é bun-adhbhar an tigheas stát atá tú ag
iarraidh a mhúnadh dhom, as leabhrán an Dochtúir Whately? B'éidir gurb é an chéad rud eile bheitheá áiteamh orm nach lucht ithte daoine ó dhúthchas iad daoine gur leo muillte, ná nach déanamh ainmhidhe allta atá ar thigh- earnaibh talmhan, acht déanamh an duine. Cuir i gcás gur fíor a bhfuil luaidhte agat, cuirimís uainn iad, níl aon bhaint aca leis an gceist. Seo é an chaoi a bhfuil an cás: foghluidhthe iad an dream soin a bhfuil lucht airgid agat ortha; sé sin le rádh, tá lucht ceannuigh- eachta ag obair ar airgead bunaidh bréige, nó ar air- gead bunaidh dolbhtha, agus tá fhios aca é, agus iad ag cothughadh chuallacht bhriste tré sheibhtibh atá i ndeireadh na preibe, mar tá uamhan ortha roimh an mbriseadh atá ag teacht; agus fós, daoine atá ag obair i gceart lár na ngnótha, tá a mbrabach ar leith aca féin fa láthair asta - agus ba mhinic sin leis an mbriseadh - cé gur gnótha spíonta cheana iad. Agus níl sa méid sin acht ag ull- mhughadh fa chomhair an sgrios agus an briseadh a bheith níos measa, agus níos éifeachtaighe; dá mhuinghinighe dá mbeidh na hamadáin as seasmhacht na ngnótha, agus dá mhuinghinighe dá leigidh na cneamhairí ortha féin a bheith, is amhlaidh is lia duine neamh-chiontach, aineolach a sgrios- far i ndeireadh na dála. Deirim arís go bhfuil ríoghacht na Breataine briste le leith-chéad bliadhain, agus nach bhfuil sa modh ar cáirde, tré a gcoin nighthear ann iad, acht dearg-chneamhaireacht náisiúnta, agus nach sgrios amháin is deireadh dhó acht náire don náisiún ina theannta sin. An Taise. - Á.! tá na daoine ag déanamh cneamhair- eacht ortha féin mar sin! Chím gur dóigh leat go sgriosfaidh na fiacha náisiúnta Sasana - an meall mór fiacha úd atá ag na daoinibh ortha féin.
Mise. - Seadh, ag na daoinibh ortha féin; sé sin le radh, atá ar na milliúin a íocas sreath ag na míltibh gur féidir leo caitheamh a chur sa tsreath; sé sin le rádh, ag lucht an díomhaoinis ar lucht na hoibre; ag lucht an tsaidhbhris ar bhochtaibh; agus taréise sin, dhá dho-chreidthe de sgéal é, is iad lucht an díomhaoinis agus lucht an airgid a tharraing agus a thosuigh na fiacha ó thús, do chothughadh slighe saidhbhris agus slighe díomhaoinis dóibh féin. Agus, le sgéal gearr a dhéanamh dhe, chuir modh gnóthana Sasanach hocht gcéad milliún, nó mar sin, d'ear is barr, ar shluagh na hoibre, gan trácht ar bith ar stáid éagcothrom an phobail choitcheann, dá dtagann go gcaithfidh an sluagh an obair a dhéanamh ionnus go mbeadh somhaoin na hoibre go deo ag an mbeagán atá díomh- aoineach; seadh, cuireadh an méid sin ar an taobh nár cheart a chur air, i gcruth is go gcaithfeadh lucht na hoibre oibriughadh níos déine is cosmhail, i gcruth is go dtiubhraidís aire mhaith dhá ngnóthaibh agus go mbeidís tíoghbhusach, ar eagla macnas a theacht ortha, agus a bheith ag cur dhíobh, agus sa gcur dhíobh dhóibh, go leagfaidís ar lár an Rud ar fad. An Taise. - Acht dála na bhfiacha náisiúnta úd, seo é brígh an sgéil, an mb'fhiú an tairbhe don náisiún na fiacha a chur ortha féin, nó an mb'fhiú an tairbhe mí- chomhgar na bhfiacha agus a ghaimbín a ghearradh amach de shochar na tíre? Níor leigeadh Sasana a ghabháil, ná níor leigeadh baint le n-a ceannuigheacht, agus is mór é a mhéid, ná leis na déantusaibh. Mise. - Seadh, níor leigeadh Sasana a ghabháil, ná a forais Eaglaise ná a forais Stát a sgrios; níor leigeadh a huaisle a dhíbirt, ná a chrochadh ar phostaibh na sráide, cé gur choimhéadadar an fiadhach dhóibh féin;
níor leigeadh as an gceannuigheacht ná as na déan- tusaibh, cé gur ar bhonn bréige a coimhéadadh iad; ná níor leigeadh saorsacht leis na hIndiachaibh, le Canada, ná le hÉirinn. Sin iad ar sgaipeadh na hocht gcéad milliún ortha, agus i n-áit a dhul i bhfiachaibh nach n-íocfar go bráth, de ghrádh gan leigean rud ar bith aca sin a dhéanamh, deirim-se leat gur iomdha milliún badh chóir do Shasanaighibh a chur i gcomha a ndéanta ar fad - agus go mb'fhiú do Ghaedhealaibh a n-anam a chur i gcomha a ndéanta. An Taise. - Acht cad chuige dhuit a bheith ag síor-rádh bonn bréige, airgead bunaidh bréige? Cá bhfuil an bhréag ins an gceannuigheacht? Nach dtiocfadh sé ó chomhaireamh ort a bhfuil léithi? Agus nach bhfuil páighe as a saothar aca gach uile Shatharn san aer? Nach bhfuil teach compóirteach dóibh féin is dá muirighin aca, nach bhfuil éadach agus beatha aca, agus cá bhfuil an té atá i n-ann é féin a ghléas agus a bheathughadh chomh maith leis an gcearduidhe Sasanach? Nach tig leo airgead a chur i dtaisge as, agus a bheith neamhspleadhach ar thuitim i n-aois dóibh? Mise.- Cá gcuirid an t-airgead a bhíos fágtha aca? I gceannach talmhan? An Taise. - Ní headh; is maith atá fhios agat nach bhfuil gabhaltuis bheaga thalmhan dhá ndíol go fairsing. Níl talamh Oileán na Breataine roinnte fós ina ghabhal- tasaibh bheaga a cheannófaidhe thar barr amach; níor hiompuigheadh fós ar an riaghaltas so atá i gceist agat. Mise. - Cá bhfághann na saothruidhthibh sin a bhíos ag obair go cruaidh an t-airgead atá i dtaisge aca, má's fíor, le n-a ndéanamh neamhspleadhach ar thuitim i n-aois dóibh?
An Taise. - Sa stoc-chiste puiblidhe ar ndóigh, nó i dtaisge ag an riaghaltas, agus iad-san dhá chur sa gciste céadna dhóibh. Agus tráth ar mian leo a gcuid airgid a tharraing, creidim go bhfuil sé le fagháil aca gan ceist a chur ortha. Mise. - Atá: cé go bhfuil an Stát briste tá gnótha dhá dhéanamh fós aca. Agus dearbhuighim-se 'na dhiaidh sin nach i gciste ar bith atá a gcuid airgid ag na daoinibh bochta macánta sin. Glacaid admhughadh ar a gcuid airgid, agus gan a fhios aca acht an oiread leis an amadán cá bhfuil an t-airgead. Níl aon dul ó sgrios, ar ndóigh, ag an dream deireadh a mbéidh a gcuid airgid sa gciste sin aca. É sin dá ngoirthear an chreideamhaint náisiúnta (nó an “national credit”) níl ann acht dubh-chneamhaireacht náisiúnta, agus déan- faidh sé éirghe shlighe ortha fa dheireadh go cinnte (cé go bhfuil síneadh láimhe do lucht páipéar nuaidheacht as ucht a mholadh, agus a bheith dhá rádh gur cóir muinighin a bheith as, agus nach bhfuil comhaireamh ar bith ar mhaoin na ríoghachta). Acht níl ór ná maoin ins an stoc-chiste céadna so, ná tada eile ó neamh a d'íocfadh na daoine bochta úd lá an cháirde, níl tada ann acht muinighin. Agus tá siad ag tabhairt a gcuid airgid ar ghaoith. An Taise. - Acht nach maith agus nach iongantach a ghníos sé cúis! Féach féin a bhfuil de dhaoinibh ann atá go socamhlach ar an teacht isteach atá i n-éadan na bliadhna aca as an admhughadh atá aca, seadh, agus fágann siad an t-admhughadh le n-udhacht ag a gcloinn, nó ceannuighid talamh nó earraidh eile air, agus gan a fhios aca gur gaoth atá ann. Féach a bhfuil de bhrabach as na gnóthaibh a déantar thríd an gcreideamhaint mhór náisiúnta sin, féach a bhfuil ina cleitheamhnas. Cad
chuige nach rachadh sí chun cinn agus nach leathnochadh as cuimse, nó ar a laghad nach leathnochadh thar teorainn? Mise. - Mar, mar nach bhfuil aon bholsgóid fa'n ngréin nach é a pléasgadh atá i ndán di nuair a curtar an iomarca gaoithe innti; mar tá sé i ndán don bhréig a bréagnughadh fa dheireadh (buidheachas do Dhia) dhá mhinicighe dhá ndéantar í, dhá mhinicighe dhá nglactar í, dhá mhinicighe dhá ndéantar a dearbhughadh agus a hath- aithris. Nach mar sin atá sé sgríobhtha i leabhar mór Thomáis seagainne, agus i leabhraibh na nádúire, agus na staire, agus is mó ná sin arís iad, agus sgríobhtha freisin le peann iarainn? “Is éifeachtach é an briseadh.” An Taise. - Cuir i gcás gur fíor sin go léir, mo chuid-sa dhe ar chuma ar bith, is doilghe liom léir-sgríos a theacht ar shaoghal trom-thorthach, glan-fholláin agus ar achtáil lán-bhríoghmhar den tsamhail sin. Is breagh an t-amharc é agus is beodha. Mise. - Acht tabhair fa deara go maith an t-amharc breagh soin ar a chúlaibh, agus féach, chífe tú spreangaidí fada agus blaosga buidhe ó Sgibirín! agus taisí na n-Indoos dhubha ar cailleadh na milliúin aca ins na hIndiachaibh den ghorta. An Taise. - Ní féidir ar ndóigh nó tá leigheas éigin ar an anachain sin; mar atá, a freastal go glic, agus reachta céillidhe a dhéanamh; níl aon cháll na taisí ná na séaclaí a bheith ann, ná aon bhaint le bunadh na ngnótha aca. Mise. - Níl aon déanamh dhá bhfoireasbha, agus gach uile uair dá gcaithtear is amhlaidh is riachtanaighe iad. Níl aon tír dá gcuire Sasanaigh a gcrúba go daingean i bhfastódh innti nach súghfaidh agus nach ndiúlfaidh na
Sasanaigh go cnámh agus go smior í, do chothughadh na cealgaighe milltighe úd. Agus cuallacht atá dhá bristeadh ó's dual dóibh a bheith ag á gcothughadh féin ar chreideamhaint bréige, ní fuláir dhóibh iad féin a chur thar a bhfulang níos déine gach lá, agus géarughadh ar an déine go ndéantar brusgar críochnuighthe dhíobh. Ní mhairfeadh Rud mór na Breataine anois d'oireasbha gach uile sheibhte dá bhfuil aca. Ní sheasfadh Impireacht na Breataine (.i. an Stoc-chiste bréige) seachtmhain anois gan na hIndiacha; ní gheobhadh sí uair a chluig de shaoghal d'oireasbha na hÉireann; chuir an Rud é féin thar a fhulang agus tá sé sa riocht sin agus (ó's bolsgóid é i n-áit a bheith 'na chruinne cheart criostalda ar an spéir dó) go leigfeadh an corughadh is lugha ar bith an ghaoth as, agus annsin thuitfeadh an drioll ar an dreall ar fad aige. Nó fuath labhartha eile ag tagairt don rud gránna, is geall le pyramid 'na sheasamh ar a mhullach é, dá mbuailteá speach air leagfá é. Mo bheannacht-sa go deo don té bhuailfeas an speach soin air. An Taise. - Agus an tré fhaobhar claidhimh agus tré chogadh atá gach uile athrughadh le theacht ar an saoghal? Tabhair-se fa deara, rud beag, a bhfuil d'uathbhás ag baint le cogadh. Mise. - Tabhair-se fa deara rud beag a bhfuil d'uathbhás ag baint le gorta a d'fhulangófaidhe fa shíoth- cháin agus fá reacht, ní gábhadh dhuit aon stró mór a chur ar t'aigne, óir chonnaicis le do dhá shúil é, agus fiar- fuighim díot cé aca is fearr: imtheacht as go faon-lag fadálach eitreorach, fa ocras agus fa anshógh, gan croidhe, gan misneach, gan meanmain, gan tapa, gan mhothughadh, gan arann, go n-imthighe an chiall agus go
mbéidh tú 'do sgáile gan a bheith marbh ná beo dhuit, cé fearr sin ná cos-i-dtaca a chur leis, agus do mhíle dícheall a dhéanamh, cabhair iarraidh ar Dhia, dubhshlán do námhad a thabhairt agus an deoir deireadh de do chuid fola a dhórtadh ar do shon féin animam exhalare opimam? Cé aca ab fhearr? Ní headh, acht cé b'fhearr leith-chéad míle fear a mharbhadh i gcogadh ar son an chirt, agus a mbeith ionnraic, ná go marbhochadh an gorta salach, suarach míle fear go síothchánta? Cé aca anachain is milltighe: an gorta do mharbhadh na ndaoine ar feadh trí shéasúr i ndiaidh a chéile de rinn claidhimh an allmhuraigh, cé go mbeadh an dúthaigh lán de bheathaidh, agus galraí agus dubháilce agus úirísliughadh fhágáil na dhiaidh dhó, nó deich mbliadhna fichead a chaitheamh ag troid, nó go ndíbreochaidhe an t-allmhurach as an tír, cé go bhfágfaidhe an tír 'na fásach dá bharr? Mara bhfuil fhios agat cé aca is uathbhásaighe dearc ar Éirinn. Iad- san a marbhuighthear le faobhar claidhimh, ar Ieremiah fáidh, is fearr dhóibh é ná iad-san a marbhuighthear leis an ngorta; óir imthigheann siad so as d'oireasbha toradh na talmhan. An Taise. - Feicthear dhom nach bhfuil aon ghéar-riacht- anas le ceachtar aca. Na deagh-dhaoine a bhfuil súil aca go n-éireofaidhe as cogadh amach 's amach, ní móide gur dearg-amadáin iad 'na dhiaidh sin. Mise. - Sin é deir Aristophanes. Tabhair fa deara an rud adubhairt Homer freisin - An Taise. - Leig de do chuid ráidhte coláiste. Mise. - Leig thusa mar sin de do chuid seafóid
chainte i dtaobh leigean de chogadh. Níl an nádúr gan dlighthe. Is de bhrígh gur múineadh do Ghaedhealaibh leis an mbrostughadh a dhéanamh go síothchánta agus iad fa dhaor-smacht, gur measa dhóibh an gorta atá mar phláigh ortha ná dá gcaithidís bliadhanta fada ag troid. Ó thárla nach dtroidfidís b'éigin dóibh lobhadh, ionnus go gcuirfidhe i n-iúl dóibh fa dheireadh gur peaca marbhtha dhóibh glacadh agus géilleadh go foighideach do chuing an eachtrannaigh. An Taise. - Sin é adeire, acht ní mór liom adhbhar éigin d'fhagháil uait. Níl an nádúr gan dlighthe acht ní thusa an té nach ndéanfadh earráid ag míniughadh na ndlighthe sin. An bhféadfá ceist a agradh? An dtiubhrá adhbhar? Mise. - Ní thugaim adhbhar. Nílim acht dhá rádh. Deirim rud go dúthrachtach, déanaim rud a theagasg go teanntásach, acht go deo ní dhéanfainn ceist a agradh leat. Siúd é a cheapaim, nílim ag iarraidh ort a theacht liom ann, acht glac é nó fág é. An Taise. - Níl locht air, acht gach ar thárla le gairid chím gur mhúin sé a mhalairt de cheacht do mhuinntir na hÉireann. Is mó a ngéilleadh do shíothcháin agus do reacht ná riamh is cosmhail, agus taisbeánann mac Dhomhnaill Uí Chonaill dóibh an díbirt agus an daoradh a tugadh ar “Éire Óg,” nuair a ruaigeadh thar sáile iad, agus cuireadh i ngéibhionn iad, agus deir annsin: Féach an aoide atá i ndán do dhaoinibh nach ngéillfeadh do theagasg síothach reachtach an Fhuasgaltóra! Agus tá cluas mhór aca dhó. Mise. - Agus an é meon na nGaedheal seafóid sin mhic Dhomhnaill, an é a meon na daoine bheith ina sost, a bheith go gruamdha, a bheith gan airm ina lámhaibh, acht
gubán ina mbéal? Ná tarraing chugam mac Dhomhnaill. De bhrígh mhodhamhail a ghein a athair é, agus le foighid agus cur leis a rug a mháthair é. Dearbhaim-se dhuit go bhfuil meanma agus tuisgint i nGaedhealaibh fós, agus béidh fhios ag an saoghal sin lá éigin. A Dhia! go dtugair dham an lá sin d'fheiceál. Dá mbeadh oiread de bheodhas agus de spreaca sa sean-chunablach so, an lá mór sin, agus go bhféadfainn seasamh fa bhratach ghlas-uaine na hÉireann, nuais bhéas cineadhcha agus daoine agus náisiúin an domhain agus a meirgí i n-áirde aca sin é a n-iarfainn. An Taise. - An ag tagairt do chath Armageddon atáir? Tá fhios agam go rabhair ag léigheamh na Sean- Tiomna le goirid. Mise. - Seadh. “Cé seo a thagas ó Edom: le éadaighibh daithte ó Bozrah? É seo atá go glórmhar ina éide, ag taisteal i mbrígh a nirt? Cad chuige an bhfuilir dearg in do chuid éide, agus do chuid éadaigh ar nós an té shiubhladh i ndabhach an fhíona? Do shiubhlas ar dhingeoir na bhfíon-chaor liom féin, agus ní raibh duine im' fhochair: óir siubhlfad ortha i bhfeirg agus déanfad a satailt tráth a mbéidh cúthach orm, agus béidh a gcuid fola ar mo chuid éadaigh, agus salochad mo chuid éide go léir. Óir atá lá an díoghaltais in mo chroidhe.” Agus tráth a gcuimhnighim ar Éirinn agus ar ar fhuiling sí, cuimhnighim ar mhian a bhí ag Dáibhidh Rígh: “Go dtumtar do chos i bhfuil do námhad, agus go mba dearg teangacha do mhadraí ón gcéadna.” An Taise. - Mallacht! Nach uathbhásach an aigne í! Mise. - Á! níor mhór stoirm láidir a ghlanfadh an t-aer go breagh. An t-aer glan a bhí ann, tá sé reamhar, trom le gal mharbhtha dhíoghbhálach, agus is beag
an dochar dhó é agus a bhfuil de sheafóid ag imtheacht. An bhfuil fhios agat, nó an dtuigir, b'áil liom a rádh, marach corr stoirm a theacht ar na hIndiachaibh Thiar so atá comhgarach dhúinn, gur gearr a mhairfeadh aon ain- mhidhe beo ortha acht na crogaill agus ainmhidhthe neamh- ghlana? An Taise. - Is fíor sin, tá an chosamhlacht eatortha. Acht níor tugadh le tuisgint dom go gcuirid na daoine stoirmeacha ar bun i ns na hIndiachaibh Thiar, ná go n-iarraid ar Dhia a gcur chuca. Cuimhnigh go bhfuil na gaoithí ar fad ina ghlaic ag Dia, agus go leigean sé stoirm amach tráth a cheapas sé a bheith feileamhnach. Mise. - Agus cogadh freisin, acht nach mar a chéile an deis oibre bhíos i gcomhnuidhe ag Dia. Nuair a theastuigheas stoirm a ghlanfadh aer na spéire, cuireann coimhthionól agus toghairm ar a bhfuil de shrothaibh aeir ó Chancer go Capricornus, má's tais nó tirm, tiugh nó tanaí iad, agus ar shéideadh do stoc na tóirnighe, gluaisid na gaoithí i ndiaidh a gcinn rompa, fa n-a n-ilmheirigibh néall, go dtugaid an luath-ruaig lán- domáisteach sin fa úrchoilltibh bearraighe, go ndéanaid seolta na muillte siúcra a strócadh agus a réabadh, agus go bhfágaid banncanna na tíre léirsgriosta. Acht tráth a séideann an stoirm fuatha tar dhruim an domhain, tráth a bhfuil riachtanas le cogadh agus le iompodh ar riaghaltas (agus sin í an bhrígh mhodhamhail dá ríribh) do ghlanadh agus d'aithbheodhchan agus do dhúiseacht an domhain as a chodladh suain, bíonn uirnis eile annsin ag Dia fa na chomhair sin, mar atá, an duine. Óir chomh cinnte dearbhtha agus atá na gaoithí ina ghlaic ag Dia uile-chumhachtach, tá gaoithí agus stoirmeacha feirge an duine freisin ina ghlaic aige; agus fós gach rún
dá ndéanann an duine, dhá chéillidhe agus dhá staidéar- daighe é; agus má chuireann duine i n-aghaidh lucht an anfhorlainn agus cúthach feirge a bheith air, má bhíodhgann sé le truaigh don té ar cuireadh an bhréag agus an éagcóir air, le buile-chúthach fa'n éagcóir agus fa'n mbréig, agus le meas air féin, má ghabhann sé arm go dtroide sé lucht an uilc chian-aosta úd, deirim-se leis: ionnsuigh iad i n-ainm Dé na Sluagh! An Taise. - Acht b'éidir dul amugha a bheith ort. B'éidir dhuit a bheith ag troid ar thaobh an diabhail agus an buile-chúthach sin ort. Mise. - Gach uile dhuine dhá dtéighidh sa troid seach- nuigheadh sé é féin ar sin. An Taise. - Déanfaidh sin, ní beag sin de. Chítear dhom go bhfághaim boladh na gcorp. Níor mhaith liom gur mise bheadh ag bríonglóididh ar an méad sin fola. Agus go mb'éidir don chás a bheith do réir d'agartha - Mise. - Ní ghním a agradh. An Taise. - Do réir mar adeire, d'eile, go mór- ghlórach; mar sin féin, níl sé d'oibliogáid ar dhuine go mb'áilleacht leis stoirm feirge is díoghaltais, acht an oiread leis an stoirm gaoithe a ghníos an léirsgrios. Cé nach mór don olc a bheith ann, is mairg dó-san tré n-a mbéidh sé ann! Mo thruaigh agus mo mhairg é, má's í an ghairm sin is togha leis a chuireas gáirdeachas ar a chroidhe. Is mór an t-uathbhás, agus an mí-fhollántas, agus is le bheith d'oireasbha céille do dhuine a bheadh áthas air daoine fheiceál ag cneadach ag saothrughadh báis dóibh, nó na cuirp d'fheiceál fa lorga na gcapall agus na héadaigh tiugh le fuil - agus is mí-nádúrdha an rud dhuit-se é, de dhuine a bhí i gcomhnuidhe go síothach. Agus dá mbeimís 'nar Manichaeans, agus dá gcreideadh sinn
go bhfuil sé 'na dhearg-ár do shíor idir spioraid an aidhmhillte, spioraid an mhí-eagair agus spioraid an dorchadais do leith agus spioraid an Úird agus na Maitheasa den leith eile, cheapfainn 'na dhiaidh sin gur olc an roghain ag an té sin í chuireas é féin fa bhratach Ahriman, óir is ar sin atá fonn rud a mhilleadh, agus gan tada a thógáil ná a chruthughadh. Mise. - Éist liom arís, a Thaise! Féach an domhan so, tá daoine na gcomhnuidhe air, tá carraigreacha agus cnuic úrárda air, agus machairí bláthmhara, tá sé go síoruidhe ag fás agus ag dul d'éag, dhá bhreith agus ag fagháil bháis; féach an ghaoth agus an stoirm, na lasracha, an fhearthainn agus na clocha sneachta, féach tuilte na habhann agus tonntracha borba garbha na mara, a ndéanaid de ghearradh agus d'ithe, nó go mbíonn uachaiseacha déanta aca, agus bruachanna agus cnuic leagtha ar lár, go measgtar tré n-a chéile iad, agus go dtí na cathracha uaibhreacha féin, go dtuitid ina mbusgar, ionnus go mbéidh gach cathair ina cuailín cnámh fa bhun an domhain chraosaigh, mar a bhfuil Helice agus Buris anois, agus Sodom agus Gomorrah. Léirsgrios é sin dar leat. Acht féach ina cheann sin, na teinte íochtar- acha d'oidhche is de ló ag déanamh cnoc eibhir as a nua den tsean-bhrusgar arís, dhá múnláil i dtréan-shornn, go ndéantar magha nuadha fa'n bhfairrge mhóir, gan de thoradh anois ortha acht feamainn chas-dualach; acht tiocfaidh an lá a dtiubhraidh siad barr breagh buidhe arbhair. Agus srotha na mara, tá clasganna bréana dhá ngearradh aca ar thóin na fairrge, i bhfad ó sholus na gréine, agus cairt lobhtha ortha, acht feicfidh siad an lá gur aibhne i ngleanntaibh ar thalamh tirm iad, agus clocha niamhracha solusda ionnta. An dtógfá-sa ort féin a
rád annsin gur measa an obair atá dhá dhéanamh ag an stoirm agus ag na lasrachaibh a ghníos an leagan, an t-úirísliughadh, agus an milleadh ná tá dhá dhéanamh ag na teintibh agus ag na cumhachtaibh íochtaracha eile nuair a chuireas siad cruth agus cuma agus cosamhlacht nua ar an saoghal? An amhlaidh gur mó is naomhtha na teinte íochtaracha ná na teinte uachtaracha? An i bhfabhar Ahriman atá na huisgí atá os cionn na firma- meinte, agus i bhfabhar Ormuzd na huisgí atá fa'n bhfirmameint? An bhfuil aithbhear agat ar na lasrachaibh fa rádh is go ndéanaid sprúdhánaigh agus steig meig de neithibh, gan tada a chruthughadh! Nó an amhlaidh go bhfuil casaoid dhá dhéanamh ar an stoirm agat de bhrígh go leagann na teampuill agus nach dtógann iad? Nach léar dhuit féin cumhachtaí agus timthirí sa domhan spioradálta, agus sa domhan neamh-spioradálta chomh maith le chéile, agus gurb eadh is feidhm dóibh rudaí a chur tré n-a chéile agus a mhilleadh agus a chur as a gcuma ar fad, agus cumhachtaí eile gurb eadh is feidhm dóibh cruth agus eagar a chur ar rudaibh? Nach bhfuil sé chomh nádúrdha agus chomh riachtanach, mar sin, rud a mhilleadh le rud a chruthughadh? Ní headh, acht an bhfead- arais dom cad is cruthughadh agus cad is milleadh ann? Is cruthughadh é an milleadh so: is breith bás agus “Tagann an beo ar nós an lusa as an marbh.” Leig dhom; níl aon tógáluidhe ann mar an té iompuigh- eas ar rudaibh go ndéanaidh cothrom iad. Mar sin glac misneach, agus glacadh gach uile Shéimín agaibh misneach, seas ar son an chirt, agus an obair atá ceaptha dhuit déan í, chomh maith agus tá ionnat, is cuma ce'n tsíonaighil a bhéas ag sluagh na seafóide. Áit árd, uaibhreach ar bith i bhfeicfir fear deagh-labhartha na mbréag,
agus é dhá reamhrughadh féin tré allus cnámh na mbocht, tarraing anuas agus stróic anuas é, bain de go mbidh sé nochtuighthe, agus annsin caith uait i dtigh diabhail é. Áit ar bith i bhfeicfir tíoránacha craosta go géar dógh- rainneach ar bhochtaibh (dá mba ar lucht an reachta é), déan iad a throid go teann ar bhuille boise, téighrigh i gcogar, i gcumann agus i gcoimhthionól ina n-aghaidh, agus ná téigheadh iabh ná forus ort go stracair chun talmhan an anachain mhallaighthe, dá mba é gnáth-shaoghal na daoine a chuirfeá as a lúdrachaibh leis. Ná bac thusa le stoc; an rud soin dá ngoirthear consols, má tá sé dhá chothughadh féin tré bhréagaibh agus tré mheall- tóireacht, strac anuas é sin chomh maith. Ná cuireadh sé aon imnidhe ort an pobal a bheith tré n-a chéile, ní féidir dhuit rudaí a chur tré na chéile chomh dona agus bhíodar ar dtús. Ná bíodh faitcheas ort, ní raibh aon choim- measgadh riamh ar rudaibh nach bhféadfaidhe eagar a chur arís ortha. Tógfaidh an daosgar-shluagh forais mheas- amhla acht a nglacaidh siad comhairle le chéile. Ná spáráil tada; oibrigh leat go háthasach, do réir mar is feidhm duit, agus déan do dhícheall, agus nuair a bhéas críoch le do chuid oibre, agus nuair is mithid tosughadh ar a mhalairt de chruth a chur ar an saoghal, tosuigh ag tógáil arís, má táir deas air sin a dhéanamh, mara bhfuilir, leig do dhaoinibh eile a gcuid féin oibre a dhéanamh agus leig thusa do sgíth ó thárla do ghnótha déanta agat. Glacaighidh misneach, a Shéimíní! timthirí Dé sibh-se freisin. An Taise. - Le seacht bhfocal a chur i bhfocal is amhlaidh a mheasfá a thabhairt le tuisgint dom go dtarraingeochá cogadh agus ár ar do thír de bhrígh gur céillidhe an rud é.
Mise. - Sin é é go díreach. Ar mhaithe leis an gcol- ainn amháin a mholfainn an fhuil a dhórtadh. An Taise. - Agus ní bhainfeá sásamh de Shasana fa n-ar fhuilingis féin ar leith. Mise. - Sásamh! Fuiling ar leith! Fiarfuighim díot nach é an rud céadna go díreach atá fúm a dhéanamh anois a bhí fúm a dhéanamh dhá bhliadhain ó shoin, nuair nach raibh aon rud ar leith dhá fhuiling agam? Nach é an dúthracht céadna atá ionnam anois a bhí ionnam an uair sin? Maise go deimhin, maidir le lucht an chogair a rinne “méirleach” díom, agus a shac isteach fa ghlas annso mé, níl aon olc agam dóibh faoi sin. Níl aon aithne shúl agam ortha, ní fhacas ariamh an tighearna Seán Ruiséal, ná an tighearna Clarendon, ná ní dhéanfainn aon dochar dhóibh dá bhféadainn féin é. Measaim nach ndíoghalfainn ar dhuine olc a dhéanfadh orm féin; acht ar chuma ar bith, ní dhearnadh aon olc ariamh orm chomh dubh sin agus go raibh fonn orm a dhíoghal ar dhuine. Níl de dhíoghaltas uaim acht ceart a bhaint amach ar son mo thíre dhúthchais; an éagcóir a rinneadh uirthi-se, is cuid de'n éagcóir í a rinneadh orm-sa. Ní mór do Ghaedheal- aibh iad féin a dhíoghail, go cinnte, acht má seadh, sin díoghaltas phuiblidhe, agus ceist phuiblidhe. Siad na Sasanaigh iomorra an bíodhbadh mór puiblidhe. Na Sasanaigh go hiomlán atá ag déanamh na díoghbhála tré n-a Riaghaltas, agus dhá déanamh go héifeachtamhail fa órdughadh riaghalta, dhá déanamh tré lucht páipéar nuaidh- eacht agus tré chainteoiribh puiblidhe, tré lucht eaglaise agus tré fheisiribh. Tá an díoghbháil agus an éagcóir dhá déanamh ar Éirinn fós aca, tá díoghbháil agus éagcóir ndéanta aca, agus tá fútha tuilleadh a dhéanamh. Caithfear iad a smachtughadh, creidim-se gurb iad na Gaedhil a
smachtochas iad, agus béidh a sásamh bainte ag Gaedheal- aibh díobh annsin. “Ar an saoghal so a smachtuighthear náisiúin a imrigheas éagcóir ar dhaoinibh, níl aon tsaoghal eile rompa.” Agus ná habair-se na cionta a ghníos an t-athair mar sin, nach ar an gclainn neamh-chiontacha a díoghaltar iad; is amhlaidh é i gcomhnuidhe. B'éidir d'athair a bheith dróbhlásach, agus go séanmhar, gan ceann faoi, gan mí-mheanmain; acht is é an dealbhas atá i ndán dá chlainn, agus an aicíd, an mhí-mheanma, an lagar agus an easba. Rinne an t-athair an t-olc agus íocfaidh an chlann as. Is rúnda iad oibreacha agus beal- aigh Dé. Sin é an díoghaltas atá uaim, agus an díogh- altas a mbéidh mé ar a lorg; cionta na Sagsan a chúit- iughadh go puiblidhe leo. Déantar an ceart ar chuma ar bith; déantar an ceart le Geadhealaibh i n-áit na héag- córa, agus béidh mo shásamh-sa bainte amach fa'n éag- cóir a rinneadh orm féin agus ar mo dhuine - óir is mó an t-iomlán ná cuid de. Sin é, a dhuine chóir, teoir mo dhíoghaltais dhuit, agus sin é an sásamh a bhfuil fonn mo chroidhe orm a bhaint amach. An Taise (agus é ag machtnamh). - Tá mórán den cheart aige. Tá an bharamhail chéadna ag teacht dom féin. Mise. - Tá, is iondamhail go mbímíd ar aon fhocal i ndeireadh na dála. Acht tá sé ag éirghe deireanach, agus tá ar sáth cainte déanta againn. Ólaimís ar n-allúntas rum, agus ólfad sláinte áirithe náisiúnta leat - (agus d'éirgheas 'mo sheasamh agus labhras go dúthrachtach) - “Triomughadh Cuisleannach!” An Taise. - (agus gliondar air). - “Triomughadh Cuisleannach!” Mise. - Beannacht leat.
An Taise. - Éist! sin é an t-árd-mháta ag teacht le n-a chuid eochracha. Slán codlata agat. (D'eiteall an Taise amach an fhuinneog, idir na ráillí. Léim Mise isteach a chodladh.)
An 6° Caibidil Samhain 20°, 1848. - In mo chró dhom ar bórd an Dromedary. Tá an príosún urchóideach so corruighthe go mór indiu. D'éaluigh triúr de na daoraibh aréir den Coromandel, long atá i bhfogus do m'áit chomhnuidhe. Oidhcheanna áirithe den tseachtmhain, bíonn sgoil aca ar na longaibh príosúin annso, aon daor a thogrochadh tada d'fhoghluim, agus b'oidhche sgoile í an oidhche aréir ar an Coromandel. D'iarr an triúr fear réamhráidhte, ó dhuine go duine, cead a dhul amach ar an ngob cosnamha sa dorchadas, agus ó bhí clagairt bháistighe ann, ní dheachaidh aon choimhéaduidhe leo. Tá an gob sínte amach sa bhfairrge, agus gan aon bhárda ar an gceann amuigh dhe. Rith an triúr amach go dtí n-a cheann, amach leo sa bhfairrge ina gcuid éadaigh, mar bhíodar, agus shnámhadar treasna béal an dug gur shroicheadar talamh thall agus gur ionnsuigheadar amach fa'n tuath. Tugadh an fuagra ar an toirt, agus chuaidh na bhárdaí amach gach uile shlighe. Gabhadh duine, acht tá an bheirt eile gan ghabháil fós. Tá na hoileáin go léir fútha le dhul i bhfolach, agus na hoileáin chomh gar sin dá chéile agus go bhféadfadh duine an muinéal cumhang mara atá eatorra a shnámh go réidh, agus cloch ghlas atá ins na carraigreacha móra le fairrge, agus uachaiseacha móra ionnta, i gcruthamhnas go mb'éidir go mba deacair an bheirt d'fhagháil go ceann tamaill. Chuadar ag goid i dtosach is cosmhail, as teach, agus as stór, gur hóbair
dhóibh an t-anam a sgannrughadh as muinntir an tighe, agus thugadar leo riar briosgaí agus rum. Ghabhadar bád annsin agus chuadar amach ar fairrge ar shúil agus go mbainfidís an tOileán Úr ó thuaidh amach. Dá n-éirgheadh leo glanadh amach de na hoileánaibh aon uair amháin, is é is dócha go sroichfidís Charleston nó cuan Chesapeace (mar rinne ceathrar daor anuraidh i mbád fada éadtrom), acht buaileadh an bád ar mheall gainimh agus fríth fágtha annsin í ar maidin indiu. Caithfidh sé go bhfuil siad ar oileán éigin díobh so fós, óir níl aon bhád eile ar iarraidh. Tá an tóir go dian 'na ndiaidh indiu, agus níl aon oifig téadagáin ann gan an fuagradh bheith thuas ó mhaidin air gur éalaigh daoir. Tá faire dhá dhéanamh ar gach uile bhád anois, agus is dóigh liom nach bhfuil dul ó ghabháil ag na bitheamhnaighibh bochta mífhortúnacha. Feannfar beo iad, sin é a bhfuil ann. 21°. - D'fhill na bhárdaí ar ais trom tuirseach le breacadh an lae, agus gan tuairisg ná fáirneis aca ar an mbeirt. D'órduigh an goibhearnóir an t-arm a thabhairt amach, agus fa cheann cheithre huaire fichead ní bhéidh poll ná cuas ná cuan, uachais ná brocais ná doire coille cedir ina ríoghacht nach mbéidh ina chosán dearg aca. Is contabhairteach le Caiptín Elliot a leith- éid sin de phátrún a bheith dhá thaisbeánadh ag daoraibh, is cosmhail, de bhrígh go bhfuil mise de chúram air - is mór an onóir leis mise bheith de chúram air. Tá súil agam na truagháin, go n-éireochaidh leo éalughadh, mara n-éirghidh is uathbhás an smachtughadh a cuirfear ortha. 22°.- Tá siad gabhtha, agus tugadh ar ais iad agus slabhraí troma ortha. Fríth duine aca agus éadaigh mná air. Tháinig an goibhearnóir féin i nOileán Éireann ar maidin indiu, cé gurb é an Domhnach é, go dtugadh
órdughadh ar leith i dtaoibh an ghearradh atá le tabhairt ar na daoraibh seo i mbáireach. Dearg-bhúistéaracht foirm- each atá le tabhairt ortha. D'fhágadh gach cuirptheach a lasgadh roimhe seo ar bhórd an long príosúin ar a mbíodh sé na chomhnuidhe, acht feannfar an triúr seo ins gach aon long príosúin de na trí cinn indiaidh a chéile, agus gheobhaidh siad fiche laisg sa gceann aca .i. trí fichid laisg ar fad an duine. Tá an Hireach .i. fear ionaid an ghoibhearnóra, go han-mhór ann féin indiu. Is é an fear ceannuis i gcomhnuidhe é ar ócáid den tsórt so, agus obair í nach bhfuil gan taitneachtáil leis. Sean-oifigeach dúr maraidheachta é, atá ina fheadhmannach annso le cheithre bliadhna fichead, agus laisg mhaith thiugh naoi-ndualach, a mbeadh naoi snaidhm chruadha ar gach dual díobh, an coimhéad is fearr dar leis ar Reacht na Breataine. Ní thigim leis sa méid sin i dtaobh an reachta; an Habeas Corpus a chur ar gcúl, agus fromhadh magaidh a thabhairt ar bhíodhbhadh an fíor-choimhéad is fearr ar an reacht áluinn úd. Níl aon ghrádh don tsean-oifigeach maraidheachta so agam, cé gur múinte an duine liom é riamh ón dara lá. Tá an lámh i n-uachtar aige annso le cheithre bliadhna fichead ar na daoraibh is measa le fagháil, agus rinne sin tighearnamhail é. Thairis sin féin, chítear dhom go mbíonn boladh na fola i gcomhnuidhe air. Thugadh sé súil ar mo chaipín go mí-shuaimhneach i dtosach, uair ar bith a labhradh sé liom, amhail is dá gceapadh sé go mba chóir dhom í bhaint díom, nó lámh a chur innti dhó - an sean- phúdarlach Carthagíneach! Acht ní ceart dom a bheith ag glaodhach leas-ainmneacha air, óir thug sé mórán leabhar ar iasacht dom, agus tá sé chomh laghach liom agus tá ann
a bheith le aon duine. Shaoilfeá go bhfuil sé gabhtha freisin le mo hata bheith ina áit chóir. Gan an lá i mbáireach thart! 23°. - Tá deireadh leis an léasadh. Tá na meithil d'éis a dhul amach ag obair, acht cruinnigheadh i dtosach iad go bhfeicidís an bualadh. An t-arm a tugadh amach ar an bpíer, d'fhilleadar ar ais ar an sluaightheach; tá na hoifigeacha agus na bhárdaí d'éis an fhuil a nigheachán dá lámhaibh is dá n-éadan, agus tá na fithíní bainte as a gcuid éadaigh arís aca. Tugadh na trí chunablach síos go dtí seomraí an osbuidéil, agus iad stiallta, stróicthe, leath-mharbh. Chualas duine aca go soiléir ag gárrthaighil, cé go rabhas in mo chró ar feadh an ama, agus an dorus dúinte agam. Tar éis a lasgadh ar an Medway, caitheadh pluideanna tharta, agus a ndromanna ag tabhairt fhola, agus tugadh go dtí an long so iad. Dhá laisg dhéag a bhí buailte ar an gcéad duine aca, agus é ag sgreadach go cráidhte, nuair a tháinig lagar agus meirbhthean air. Héirgheadh as an sgiúrsáil ar feadh naoi nó deich nóiméadaí, go ndearna an dochtúir a aithbheodhchan, agus annsin fuair sé an chuid eile. Ní raibh smid as an mbeirt eile an fhad is bhí a mbualadh dhá fhagháil aca, acht chualas duine aca dhá fhuagairt ar an oifigeach uair: “Ná buail taobh thíos den mharc, a dhiabhail.” Bhíos ag siubhal thart ar fud mo chró agus mé ag cogaint mo theangadh. Ní headh gur éagcóir liom méirligh atá daortha a bhualadh, nuair atá gábhadh leis, agus nuair theastuigheas smacht a choinneál ortha. Acht a rádh go mbeadh saigh- diúirí agus máirnéalaigh le bualadh mar bhuailfidhe mada, cuimhnigh ar sin! An bhfuil cead ag saighdiúr nó ag máirnéalach spioraid ná fearamhlacht a bheith ann,
ná aon mheas a bheith aca ortha féin? Agus an mairfidh an spioraid ann d'éis a bhualadh ar nós an mhadaidh? Níl ar ndóigh, aon cheart ag duine mothughadh den tsórt sin a bheith ann, má bhíonn sé i seirbhís na gCarthagíneach; máirnéalach ná saighdiúr singil ná duine ar bith eile nach bhfuil in' oifigeach, ná ceapadh gur fear é acht inneall. Acht an méirleach féin, nuair atá a léasadh dhá fhagháil aige, badh deise liom gan a bheith san áit a gcloisfinn é. Mí na Nodlag 1°. - Leith-bhliadhain sa lá indiu a sheolas amach ó chuan Chorcaighe ar an Scourge. D'éirigh an aimsir fuar dorcha le goirid. Cé nach bhfuil an fuacht céadna san aimsir annso atá i nÉirinn, is measa an geimhreadh i mBermuda ná sioc agus sneachta breagh fiúntach na hÉireann. Tá taise agus glaise agus fliuchán sa ngaoith, agus thiocfadh sí go cnáimh agus go smior thríot. Agus de dhéanta glan na fírinne, táim go dona tinn agus ní chodluighim an oidche. Táim go bocht leis an múchadh le dhá mhí mórán, agus níor sgar sé duth ná dath liom ó shoin, agus d'oidhche is measa é. Níl seachtmhain ó shoin nár chaitheas trí oidhche ar a laghad 'mo shuidhe ar chathaoir sa bhfuacht agus sa dorchadas, feadh na hoidhche. Tá mé chomh caithte leis an bhfeoig agus an glór go lag agam. Is geall le gealbhan ar chírín an tighe liom féin mé - Misneach! Mí na Nodlag 2°. - Tá long an uigingigh tar éis a theacht as Halifax arís go Bermuda agus an galtán, an Scourge, i n-éinfheacht léithi. Caithfidh an t-uigingeach dubh- luachair na bliadhna ins na hIndiachaibh Thiar, tiocfaidh go Bermuda san earrach, agus anonn leis go gcaithe sé an samhradh dhar gcionn i Halifax, i gcruthamhnas gur tig le uigingeach loingis a bhfuil an fhairrge mhór idir an rann Eorpa agus an tOileán Úr mar stáisiún
aige, gur féidir leis samhradh a thoghadh dhó féin, agus an samhradh bheith aige ó cheann go ceann na bliadhna, áit ar bith go dtí leith-chéad grádh ó thuaidh de chrios láir na cruinne, agus toraidh agus meas an tséasúir a bheith le fagháil aige. Nílim i ndiaidh na sláinte ar an sean-duine croidhe. Níor bhacas le goirid le teideal na leabhar atáim a léigheadh le sgathamh a chur síos - ó chaithfeas mé leabhra a thabhairt ortha, d'oireasbha aon ainm níos fearr a bheith agam. An fáth is mó a bhí agam leis, tá siad chomh fíor- shuarach sin agus nach fiú cuimhniughadh ar a n-ainm amháin. Iomshuidhe Bhieneadh, ó láimh Bean Pichler (Iomshuidhe Sóbíescí, agus sgéal grádha atá fighte ina chéile i n-úr- sgéal fada gan mhaith, seadh é an giota beag áluinn staire sin); beatha Ualtar Scott, agus dligheadóir éigin de mhuinntir Ailín a sgríobh é. Duine an-mhór ann féin é an dligheadóir, go mór fada níos cumasaighe ná Ualtar dar leis. Tá sé mar bheadh fear ann a bheadh go hárd os cionn Ualtar, agus é ag dearcadh anuas ex cathedra air, agus dhá mhíniughadh dhuit an síol ó n-ar geineadh é, agus an gus, an bhuaidh, agus na tréithe a d'fhás ann, go n-innsigheann do réir feallsamhnacht na histoire raisonnée agus mar is fearr is féidir leis é, cionnus ar thárla gur sgríobh Ualtar Scott na leabhra do sgríobh, agus ar an modh agus an tráth dhá shaoghal ar sgríobh iad. A Thighearna an domhain! nach linn a d'éirigh sé agus a bheith ann le linn a bhfuil d'eolus ar an saoghal an t-am tá i láthair! Is an-dóchasdamhail an-amaideach an leabhar í, leis an bhfírinne a dhéanamh; acht leabhar eile atá mé a léigheadh anois sháruigh sí arís í ar an dá mhodh sin .i. beatha Chouper leis an Dochtúir Memes (sgríbhneoir é sin atá ar a lá páighe ag sgríobhadh do cheannuidhe leabhar). Agus ní
oireasbha cáilidheachta atá ar an sgríbhneoir, óir d'éirigh leis leabhar chomh mí-mhaiseach a dhéanamh dhi agus b'fhéidir le leabhar a bheith a thiubhradh tuairisg ar bheathaidh Chouper. Nach bhfuil aon leabhar léighte mar sin agam acht leabhra gan mhaith? Tá, a mhaisge! ceann den chuid a fuaras as Éirinn .i. Rabelais. Tá cheithre im- leabhar de ann, agus Pilib Crampton a bhuail i gcló iad; ar Shráid Faithche an Choláiste i mBaile Átha Cliath atá sé 'na chomhnuidhe. Ar feadh coicidhise choinnigh an leabhar sin ag gáiridhe go breagh mé, agus sin iad na gáiridhe a mb'fhiú gáiridhe a thabhairt ortha - bhí arainneacha orm, agus gach uile bhall díom ar creathadh le gáiridhe. Bhrostuigheadar an fhuil ionnam, agus ní fhuaras aon leigheas mar iad, - léigheas an mhaith adubhairt Galen a dhéanfadh gáiridhe geala mar iad. Is iomdha comhrádh bhíos agam freisin le Shakespeare, agus is greannmhar céillidhe an duine bhí ann; agus ó thángas annso léigheas trí nó ceathair de na comhráidhtibh a rinne Plató agus léigheas iad-san chomh dílis dúthrachtach agus dá mba mac léighinn mé bheadh an dara bliadhain i gcoláiste. Tá Béarla dhá chur agam focal ar fhocal ar an Politeia - Béarla lom é, le cleachtadh a thabhairt dom féin. Sé an fáth is mó atá agam leis, ionnus go gcuirfinn fa ndeara dhom féin an Ghréigis a léigheadh ina ceart, agus gan a bheith dhá slugadh idir chnámhaibh is eile. Cúntas a thug oifigeach de mhuinntir Bhroin ar aistear a rinne tré Bokhaia, agus suas sruth Indus, ceann de na leabhraibh is deireanaighe ar leagas láimh air. (Sir Alasdrom Ó Broin a bhí ar an bhfear 'na dhiaidh sin). Agus ó cuireadh an leabhar i gcló thárla gur thuit neithe aite amach a chuir iomrádh mór ar an leabhar. Thairis sin féin ní holc an cúntas ar an
aistear é. Cuireadh an Branach so go dtí na tíortha réamhráidhte mar spiadóir (má's linn gan fiacail a chur ar an bhfocal), ionnus go dtiubhradh an tír fa deara, agus go bhfuigheadh sé tuairisg a d'fhoghnfadh do lucht an Ghall-riaghaltais ins na hIndiachaibh, mar bhíodar-san ar tí Lahore agus Cabool aionnsuighe agus a argain, go múinfidís béasa do na daoinibh, go gcuirfidís éadaigh codáis ortha, agus i ndeireadh na dála, go gcuirfidís fa n-a smacht iad. Ar eagla go ndéanfainn dearmad ar an méid sin cuirfead roinnt giotaí síos annso as an leabhar - b'éidir go mbainfinn leas asta fós má sgríobhaim - agus cá bhfios nach mbeadh sé i ndán dom a dhéanamh - cúntas ar chúmhachtaibh na gCarthagíneach ins na hIndiachaibh. Bhí sean-Runieet Singh beo an tráth soin, agus b'áluinn an sean-phrionnsa é; agus sé an leithsgéal a thug ar an mBranach an t-aistear a dhéanamh, go dtugadh roinnt capall cartach ó Bombay chuige mar bhronntanas. An bealach ba dírighe, agus ba fusa, agus an gnáth-bhealach go Lahore, ba tré Loodianah é, ar ndóigh, agus treasna an Sutledge; acht aon rud amháin a bhí ón mBranach, níor mhór leis fios d'fhagháil an bhféadfadh loingeas Shasana a dhul suas an Indus íochtarach ón bhfairrge. Na triatha (nó na Ameers) a bhí ar Scinde (.i. an ceanntar tré a dtéigheann an abhainn íochtarach) bhíodar an uair sin gan aon choimhéad ag Sasana ortha, agus ba hé rún daingean na daoinibh bhí ionnta a bheith mar sin, agus dá bhrígh sin d'fhaireadar go géar Sasanaigh bheadh ag teisteal an cheanntair, agus níor dhócha rud dá ndéanfaidís ná greim a choinneál ortha, agus ar an adhbhar sin, ars an Branach, cuireadh bronntanais liom chum triatha Scinde ionnus go mbeadh cosamhlacht níos fearr ar mo thurus,
an lá go ndeachas bealach neamh-ghnáthach. Acht ní maith gur thuig na triatha cé'n fáth na bronntanais; bhí aimhreas aca, ar chuma éigin, ar an Sinon so agus ar a chaiplibh cartach, agus pé aca sin é bhí margadh déanta leis na Sasanaighibh, agus bhí sé sa margadh nach bhféachfadh aon tSasanach le dhul suas an Indus gan cead d'fhagháil. Ba é fad agus gearr an sgéil gur cuireadh moill ar an mBranach agus ar a mhuinntir ag béal na habhann, an fhad is bhí an triath bhí ar Hyderabad ag déanamh margaidhe leis, ag coinneál chainte leis, agus ag caitheamh an ama. Agus san am céadna cá bhfuil an té d'fhéadfadh labhairt níos córa ná an Branach. A ndearnaidh sé de dhearbhadh do thimthire leis an triath dar b'ainm Zoolfkar Shah, shásochadh sé duine barbardha a mbeadh réasún ar bith ann. Óir “d'innsigheas dó,” ars' an t-oifigeach, “má cheap sé gur cuireadh annso mé le margadh a bhriseadh gur mór an dul amugha bhí air i dtaobh tréithe na Sasanach, mar is amhlaidh thángas do dhaingniughadh an choimhcheangail; agus rud eile dhe, rud a gheallfadh oifigeach a dhéanamh ní raibh aon dul ó choimhlíonadh aige.” Ba sásamhail an rud go cinnte an t-oifigeach féin dhá rádh sin. Nuair a leigeadh suas an sruth fá dheireadh iad, fuar- adar amach ar an mbealach dóibh go raibh lucht riaghaltais na tíre go han-chruaidh ar na daoinibh, agus go mbeadh fearadh na fáilte ag na daoinibh roimh na Sasanaigh, dá leigeadh na triatha, na bitheamhnacha, dhóibh. (Rud é sin fhaghas na Sasanaigh amach i gcomhnuidhe i dtír ar bith a dtogrochaidh siad aghaidh a thabhairt air). “Chuireamar aithne mhaith ar na daoinibh agus bhí taithighe fhada againn ar a ngnásaibh agus is lághaighe bhíodar linn ó thús ná lucht an riaghaltais… Bhí an-chasaoid aca ar na riaghluightheoiribh agus ba mhór an sgrios leo truimeacht
na cánach, agus rl., agus rl.” Gidheadh bhí cuid aca, mhór-mhór na sagairt agus na fir naomhtha, nach raibh chomh dall sin. “Bhí Synd 'na sheasamh ar bhruach na habhann i n-aon áit amháin, agus ar a dhul suas thairis dúinn dubhairt le n-a chompánach, agus duine dár muinntir-ne ag éisteacht leis, “Mo léan! tá deireadh le Scinde anois, ó chonnaic na Sasanaigh an abhainn, óir sí an abha bealach an ghabh- altuis. “Má tá i ndán.” ars an Branach, “agus gur mar sin a bhéas, táim cinnte go gcuirfidh sé áthas ar fhurmhór na ndaoine, agus go ndéarfaidh siad gur geal an lá aca é,” Ní chuimhneochadh duine, tá fhios agat, ar aon tír a ionnsuighe agus a argain san naomhadh aois déag so, acht amháin ar mhaithe le muinntir na tíre - mar gurab ag saothrughadh seibhtí na tíre bheidís. Maith maiseadh, tá fhios againn gur éirigh an lá sin ó shoin, má ba lá geal do Scinde é, agus i n-áit fáilte a chur roimhe ar ndóigh is amhlaidh a rinne furmhór na ndaoine rinneadar dearmad ar an rud a bheadh ar mhaithe leo, agus throideadar go dásachtach i Meanee, ag iarraidh iad féin a sheachaint ar an lá geal úd, acht bhí lá chroidhe dílis aca ó Sir Caireall Napier, dá mb'olc maith leo é, agus bhí sé chomh glan-dúthrachtach sin ar mhaithe leo gur mharbh sé a lán díobh. Shroich an Branach Hyderabad, agus thug cúntas do réir a cheirde air, ionnus go rachadh an cúntas i dtosach do lucht deagh-bhéascna. Mar so: dún, “gan ann acht blaosg; claise, deich dtroighthe ar leithead agus hocht dtroighthe ar doimhneacht; ballaí, chúig troighthe fichead ar áirde, acht tá siad ag dul i léig.” Gan sgéal fada a dhéanamh dhe, deir sé gur “áit é Hyderabad nach bhfuil daingneacht ar bith ann, agus b'fhorusta strapadóireacht a dhéanamh suas na ballaí agus an áit a ghabháil. Tá tur
tiugh i lár an dúna, agus é dealuighthe ón gcuid eile den daingean, agus feiceál ar an tír thart timcheall agat ó bharr an tuir. Annsin atá an chuid is mó de shaidhbhreas Scinde i dtaisge.” Tá an-tsium ag an oifigeach croidhe sa tur agus ina bhfuil i dtaisge ann. Agus chuir sé an cúntas i n-aguisín a chuir sé leis an leabhar freisin, mar dhéanfadh lorgaire a bheadh briste isteach go maith. Is eadh dubhairt sé i Stair Srotha Indus: “Tá le rádh go bhfuil fiche milliún punt saidhbhris annsúd,” - sin é ciste puiblidhe na tíre - agus trí mhilliún déag dhe ina air- gead; seoda an chuid eile dhe; i ndún Hyderabad atá an chuid is mó den airgead i dtaisge” - agus sin é an dún atá sothógtha tré strapadóireacht. Agus go cinnte go leor ghabh na Sasanaigh Hyderabad i gceann tamaill agus ghoideadar a raibh sa tur. Acht má seadh ní raibh an éadáil ann a cheap an spiadóir, de chuid mhór, ní raibh ann acht aon mhilliún amháin punt, agus níorbh olc an éadáil sin féin in aon bhaile amháin. Comhartha saidhbhris ar bith d'fheicfeadh an Branach ar mhuinntir na tíre, sin é an rud a gcuireadh suim ar fad ann. Ar theacht go Khyrpore dó féin is dá mhuinntir, tamall suas an abhainn ó Hyderabad, fuaradar fair- singe agus féile agus flaitheamhlacht ó Thriath na háite; fuaradar lón do thrí chaogad duine uaidh gach uile lá, agus béilidh fa dhó sa ló ina theannta sin, i raibh deich mias agus trí fichid bídh, agus “ba miasa airgid iad,” ars an Branach. Bhí na daoine go han-mhí-shásta leis na riagh- luightheoiribh i Khyrpore freisin, adeir sé. “Agus ní fa rún atá siad mí-shásta acht an oiread,” adeir sé, “is iomdha uair a chualamar daoine dhá ghuidhe go dúthrach- tach ar fud na tíre go mba sinne úrthosach an tsluaigh a dhéanfadh an tír a ghabháil.” Gidheadh ní leigfeadh an
Branach a leithéid sin de smuaine le n'ais. Ba geall le cailín neoid náireach é bheadh ag iarraidh cluanaidhe bheadh ag suirghe léithi a chur uaithi. Reachtaire bhí ag Meer Roostum Chan, cuir i gcás, tháinig chuige d'iarraidh air coimhcheangal a dhéanamh leis, agus thosuigh dhá cheartughadh dhó .i. don Bhranach, go raibh sé chomh maith dhó a dhéanamh i n-am, “óir,” ar sé, “do rinne réalladóirí a thairingireacht, agus tá sé i leabhraibh, go mbeadh seilbh ag na Sasanaighibh ar na hIndiachaibh go hiomlán leis an an, aimsir…” Tráth a bhfiarfochadh na Sasanaigh cé'n chiall nár thairg an triath bhí ar Khyrpore coimh- cheangal a dhéanamh, “d'fhéachas,” ars an Branach, “leis an sgéal brónach a bhí dhá fheiceál don reachtaire a dhíbirt as a aigne, acht ní raibh aon mhaith ann.” Leis sin caochann an Branach an tsúil ar an léightheoir gallda agus tuigeann an Sasanach é. Shroicheadar tír na Daoodpootras, níos fuide suas ná sin arís, agus chaith an prionnsa go fairsing agus go flaitheamhail annsin freisin leo. “Bhí tuairim le míle duine ag freastal air,” ars an Branach, “agus thugas fa deara gur roinn sé argead ar na daoinibh ar a dhul thart dó. Chuir an prionnsa so bronntanais luachmhara chum an Bhranaigh féin, agus dhá chéad punt airgid, agus dubhairt an Branach, agus é ag imtheacht ón bhfear croidhe, nach raibh baoghal go ndéanfadh dearmad air-sean - “dhearbhas dó gur fada an chuimhne bheadh agam air os ucht a chórtas agus a oineacht, agus bhíos go fíor-bhuidheach dhe.” Acht b'fhearr don phrionnsa go ndéanfadh an Branach dearmad air! Bhíodar ag tarraing ar Lahore fa dheireadh, agus tháinig oifigeacha Seik ó Runjeet Singh fa n-a ndéin, ag fáiltiughadh rómpa, agus ag tabhairt bronntanais chuca.
“Thug gach duine aca sparán óir agus airgid dúinn agus dubhairt an tÁrd-rí leo rí Sasana a fhiarfuighe, agus tuairisg a chur an fada ó d'fhágamar Londain, mar cheap an tÁrd-rí is cosmhail gur cuireadh anall díreach ón rígh sinn. Thugas freagra iomchubhaidh ortha.” Ní raibh aon chinne le n-a bhfaca an Branach de shaidhbhreas i Lahore: an t-airgead, na slabhraí airgid, na postaí leaptha óir, na seoda, na cuirtíní luachmhara, na héadaigh síoda urláir, na filléid Cashmere, go gcuirfeadh sé áilleacht ort léigheadh ina dtaobh. Agus nuair a bhí na capaill cartach bronnta ag mo bhuachaill beachtaidhe .i. ag an oifigeach, agus cúntas cruinn curtha síos aige ar a bhfaca de sheodaibh agus d'iolmhaoin agus ar a raibh d'áitibh laga ins na daingeanaibh, d'fhill ar ais treasna an Sutledge gur shroich Bombay agus gur thug a raibh de thuairisg aige. Moladh é do réir mar thuill sé é, agus rinneadh caiptín de. Gidheadh ba gearr go dtáinig an-fhonn air cuairt a thabhairt ar an Punjab arís, agus a dhul chomh fada suas le Cabool agus Bokhara. Bhí dhá eas-rí as Cabool ins na hIndiachaibh an tráth soin, dá mb'ainm Shah Zemaun agus Shoojah-ool-moolk, agus bhí bun-chíos aca ó Shasana. Bhí sé ceaptha, ó thárla go raibh éagcóir dhá dhéanamh ar an mbeirt, rí aca a chur ar ais agus seilbh a thabhairt ar a dhúthaigh arís dó; acht na Sasanaigh bhí dhá gcumhdach ní raibh fhios aca áirithe cia aca den bheirt a chuirfidís i seilbh, acht bheadh sin do réir mar bheadh stáid na tíre agus do réir an mhargaidh a bheadh na ríghthe féin toilteanach ar a dhéanamh, sé sin do réir mar d'fheilfeadh do na Sasanaibh. Níor mhór don Ghall-riaghaltas is-na hIndiachaibh dá bhrígh sin, thar gach nídh eile, tuairisg iomlán d'fhagháil i dtaobh Cabool, agus an bealach go dtí é, na mámanna a mb'éidir
a dhul thríotha, an neart a bhí ins na treabhaibh agus an chaoi a rabhadar suidhte in Afghanistan. Bhí dúthracht sa mBranach freisin mar bheadh i mbuachaill beag séimh sgoile a léighfeadh i dtaobh gabhaltas Alasdair mhóir, i dtaobh áiteacha i ndearnadh gníomhartha móra gaisge fa n-ar léigh sé agus é 'na ghasúr, agus i dtaobh rudaí mar sin. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, theastuigh spiadóir cliste agus ba hé an t-oifigeach aerach úd an fear a d'fheilfeadh go díreach. Cuireadh deis fa chomhair an bhóthair ar an mBranach arís, dá bhrígh sin, agus fuair sé cead sgur, amhail caiptín i n-arm Shasana a bheadh ag dul ar ais don rann Eorpa; ní headh go raibh faoi i n-aon chor filleadh ar an rann Eorpa, acht dhéanfadh an sgéal sin cúis sáthach maith le n-innsin do na daoinibh allta. Ar ndóigh nach raibh ciall leis, caiptín ó Shasana a bheith ag filleadh tré na tíorthaibh ar a thír dhúthchais. Díreach treasna an Sutledge a chuaidh an Caiptín Ó Broin go Lahore an turas so, agus bhí fáilte agus féile agus laetheamhlacht ag Runjeet, an sean-fhear croidhe, roimhe arís; gidheadh mhion-cheistnigh sé an caiptín i gcruth is narbh oireamhnach leis-sean a fhreagairt go fírinneach. “D'fhiarfuigh Runjeet thríd síos is thríd suas dinn i dtaobh an aistir, agus d'innsigheas dó go rabhamar ag tarraing ar ar dtír dhúthchais, óir níor fheil dúinn fáth ar dturais go hiomlán a nochtadh dhó.” Sé sin, dubh- radar leis go rabhadar ag dul go Sasana. “D'iarr sé orainn,” ars an Branach annsin, “litir cháirdeasa a thabhairt go rígh Shasana uaidh féin.” Is amhlaidh dubhairt an duine uasal galánta: “níor fheil dúinn fáth ar dturais go hiomlán,” agus rl., de bhrígh gur innis sé ar fheil de bhréagaibh dhó ó thárla go mba spiadóir é.
Chuaidh an Branach thar an Indus i gCabool nuair a chonnaic sé ath-uair a raibh d'ór agus de sheodaibh i Lahore. “Triath” atá i gcomhnuidhe aige ina leabhar ar an rígh .i. Dost Mohammed; bhí sé ar a chosaint ar eagla go dtiubhradh sé “rí” air, mar bhí fhios aige go mba duine den bheirt a raibh an buin-chíos dóibh an rí ó cheart, sin nó duine éigin eile a cheapfadh na Sasanaigh a dhéan- fadh cúis, mar ba fial galánta na daoine iad. Cuireadh an Branac i n-aithne don “triath,” agus d'fhiarfuigh seisean a lán i dtaobh Runjeet Singh agus i dtaobh a chumhachta, “agus níor thug sé aon chreideamhaint dúinn,” ars an taistealuidhe, “fa go rabhamar gan bacadh le n-a thír.” D'fhiarfuigh an raibh fúinn Cabool a ionnsuighe. Níl sé tugtha síos gur tugadh aon fhreagradh ar an gceist, cé go mba simplidhe an cheist í, acht ní miste dhúinn a bheith cinnte gur do réir mar d'oir do chúrsaibh an Bhranaigh do bhí an freagradh. Is bocht brónach an rud é, taistealuidhe chomh heolgasach leis, nach raibh aon charghaos ar mhuinntir na hÁsia bréaga agus áibhéil a innsin dó, ná gan a rún a leigean chuige. “Cé go mba rí-mhaith liom,” ars eisean, “deagh-bhreith a thabhairt ar mhuinntir na hÁsia - agus do réir mar chuireas aithne ortha mhéaduigh mo mheas ortha - ní rabhadar gan a bheith bréagach. Is eagal liom, dá bhrígh sin, gur iomdha mionna éithigh a thugas siad.” Nach doilgheasach an rud sin do dhuine ón Eoraip. D'óbair dhom an Koh-i-noor a dhearmad. An chéad turas, ar mbeith don Bhranach ag ceileabhradh do Runjeet Singh chuimhnigh sé nár leag súil ar an neamhainn áidh- bhialta go raibh fuasgailt ríogh as broid ina luach, cé go bhfaca, déarfá, an oiread óir agus airgid agus thiubhradh ceart do Shasanaibh cur isteach ar an bPunjab.
“Agus ar rádh dhom go mba mhaith liom amharc d'fhagháil uirthi thaisbeáin sé an Koh-i-noor, nó an Cnoc Soluis dom. Tá sí ar cheann de na neamhannaibh is mó sa domhan, agus is den rígh bhí ar Cabool tráth .i. Shah Shoojah, a baineadh í.” Sin é an fear céadna a bhfuil cíos aige uainn, i gcruthamhnas gur b'ionann agus gur linn an neamhann. “Ní áilleacht go dtí an chloch so,” ars an Branach; “togha agus sgoth an mhíonaigh atá innti, agus í leath chom mór le uibh. Meadhchan trí phíosa go leith dhá sgilling atá innti, agus deir siad gur fiú trí mhilliún go leith punt í, sé sin, dá mba rud é go bhféad- faidhe í a mheas, acht sin áidhbhéil.” Níor mhór, go cinnte gach uile thuairisg d'fhagháil ar neamhann den tsamhail sin, mar ba mhór an chuid de shaidhbhreas Lahore í, agus bhí Sasanaigh fuinneamhla le adhbhar saidhbhris na tíre a shaoth- rughadh 'na dhiaidh sin. Timcheall leath chomh mór le uibh, agus a meadhchan go cruinn agat do réir mheadhchain an phíosa airgid is coitcheannta ar bith; agus ar eagla go mbeadh aon dul amudha ort, deir sé, “Tá an Koh-i-noor curtha mar bhráisléad, agus toirt uibhe an ghealbhain de neamhann ar gach leith dhi.” I gcruthamhnas nach raibh aon bhaoghal nach n-aithneochadh saighdiúr ar bith, dhá dhaille dhá mbeadh sé, Cnoc an tSoluis, ar ndul isteach i Lahore do shaothrughadh dhó, tráth a ndéanfaidhe creach agus argain na háite. Thaisbeáin an prionnsa rúibín freisin dó bhí chomh trom le cheithre phíosa dhéag dhá sgilling, agus tópas a bhí leath chomh mór le liathróid cluiche buird; le sgéal gearr a dhéanamh dhe, thaisbeáin sé an oiread dó agus go dtáinig báidh mhór ag Sasanaibh le Lahore. An tuairisg deireadh fuaras ar an gCnoc Soluis, bhí sé fa choimhéad arm na Sasanach.* * Acht an tuairisg is deireanaighe ná sin bhí an cnoc Soluis dhá thaisbeánadh sa bPálás Criostalda, Londain, agus ba seod le Bainríoghan Bhictoria é; go bhfuil Shah Soojah bocht anois gan ríoghacht gan neamhann.
Ní gábhadh leanamhaint do Chaptín Ó Broin tré Chabool agus tré Bokhara, ná an cúntas gaoiseach a thug sé ar neart na ndaingean a chonnaic gach áit dá ndeacha, a chur síos annso, agus an chreach le n-a mbeadh súil ins na cathrachaibh. Chruthuigh sé go glic agus go foghainteach mar spiadóir, agus shásuigh sé na creachadóirí a mba leo é, agus tá a fhios ag an saoghal gur chuir muinntir Akbar Khan chun báis é, an chéad ucht a thug na Sasanaigh ar Chabool; agus is maith a thuill sé sin ó dhaoinibh a bhí i bhfeirg leis, mar gabhadh ag spiadóireacht é, an brathadóir diombuidheach, ó ba é sin é. Méirleachas agus dún- mharbhadh a thug na Sasanaigh ar an ngníomh, mar is gnáthach leo. Acht an áit i gcuireann an t-oifigeach galánta síos a bharamhail ar an gcaoi is fearr le éadaigh Sasanacha a dhíol san Ásia, sin é an chuid is greannmhaire den leabhar ar fad. Óir i dteannta a bheith 'na thogha spiadóir don tSasanach, ní mór leis a bheith na cheannuidhe siubhail freisin, agus a bheith eolgach ar phátrúin éadaigh codáis, ar éadaighibh cinn agus ar fhilléadaibh, agus fios a bheith aige cé'n áit is fearr i ndíolfaidhe na héadaigh ilchineálacha, i gceann tuairisg d'fhagháil ar áitibh ina bhfuighfidhe creach agus éadáil le láimh láidir. D'éis léar-chuartughadh a dhéanamh don Bhranach ar an gceist sin mhol sé do na figheadóiribh aithris a dhéanamh i Sasana ar na héadaighibh a bhí i Tata, i Mooltan, agus rl., “mar rinneamar.” ars eisean, “le éadach breac codáis na hIndia.” “B'éidir dhúinn annsin,” adeir sé, “an trácht a bhaint de lucht na gcathrach úd, agus is beag dhe atá aca.” Is eadh is béas gnótha do mhuinntir na Breataine i gcomhnuidhe sa Domhan Thoir, éadaigh saora a dhéanamh ar mhúnla na n-éadaigh thoir; iad a dhéanamh go maith agus go buan i
dtosach, go mbeadh an trácht bainte d'fhear dhéanta na bhfíor-éadaigh, agus annsin a bheith ag cárnadh isteach ó bheagán go beagán dríodar ó Mhanchúin, agus an dríodar ag dul chun donacht ó lá go lá, go meallaidís lucht chaithte an éadaigh, go bhfágaidís an ceárduidhe gan tsaothrughadh, agus go sgriosaidís na daoine chuireadh aimsir ortha. Ní mór gan dearmad a dhéanamh ar an obair thútach so, i gcruth is go dtuigfidhe cuid d'ealadhain an cheannuidhe ghalánta uasail seo. Is cuimhneach liom gur i nInnsin an Easbuig Héber atá an cruthughadh is milltighe ar an díoghbháil agus ar an duairceas a rinne an ghnáth-obair chreachach úd ins na hIndiachaibh. Ba cathracha móra saidhbhre iad Dacca agus a lán eile i mBombay, cathracha a raibh gleo agus gleithearán na ndéantus ionnta, agus na mílte ceárduidhe de mhuinn- tir na dúithche ag déanamh an éadaigh mhín, codáis úd a bhíodh dhá chaitheamh go fairsing ar an rann Eorpa agus ar an rann Ásia trí fichid bliadhain ó shoin; níl sna cath- rachaibh sin indiu acht iad bán ina bhfásach, mion-chrainn ag fás sna fothrachaibh, nó sa gcuid is mó dhíobh, na hainmhidhthe eiceannuis ag déanamh leapthacha ionnta, agus an madradh alla ag uailfirt de shiubhal oidhche ar a bhfuaid, gur measa iad, dá mb'éidir sin, ná Libertí Átha Cliath. Tá na mílte de na daoine bochta dearóile ag fagháil bháis leis an ocras ann, i n-éadan na bliadhna; tugtar an codás go Manchúin, aistear atá deich míle míle ar fad, le n' fhigheachán; déantar ceirteacha éadaigh gan tslacht annsin de, agus seoltar ar ais é go gceannuighidh na díthreabhacha bochta arís é, má tá siad i riocht; i gcruthamhnas go raibh de ghliocas na Sasanach, agus dá n-amplacht, agus gur mhilleadar an margadh ortha féin. Agus ar mbeith don trácht bainte de lucht déantús i
Lahore níorbh é dearmad an Bhranaigh gana rádh: “Ní bhacaim le n-a luadh tuilleadh den trácht a bhaint de na hIndiachaibh.” Mar tá na daoinibh i gcruth an bháis cheana leis an ocras, agus gan iad i gcruth éadaigh a cheannach, go nach bhfuil tairbhe ná brabach ar na héadaighibh, dá dhonacht iad. Sin é gnáith-imtheacht na Sasanach a rinne an ceannuidhe mála sáthach soiléir den chor sin, agus é gléasta ina éide airm. “Cuirtí éadach éadtrom,” adeir sé, “fadó ó Moultan don Phersia, acht is beag dhe a déantar anois ó chuaidh sé i gcomórtas le déantus na Sagsan. Nuair a tugtaoi ón Eoraip i dtosach é, tuairim le dhá bhliadhain déag ó shoin, théigheadh sé ceathair fichead an tslat, acht gheobhthaoi anois ar ocht bpinginn déag an tslat é, agus ar séamhadh cuid déag a raibh riomhe sin air. Ní féidir le lucht déantus i Moultan a dhíol chomh saor sin, agus níl aon díol aca air.” Agus ar mhiste fiarfuighe cionnus an féidir le lucht déantus i Sasana na hearraidh a dhíol chomh saor sin agus a bhfuil de chíos agus de cháin le n-íoc aca, agus ina theannta sin, iad ag íoc os ucht an earraidh a iomchur leath bealaigh timcheall an domhain, agus ar ais arís? Tá, ar ndóigh, na ceárduighthe a fhágáil ar an ngann-chuid i Sasana, agus an droch- earradh gan mhaith a dhíol thoir. Níl aon tslighe eile aige le n-a bhféadfadh na hearraidhe a dhíol chomh saor sin, acht earraidh gan mhaith a dhéanamh, agus an pháighe a ísliughadh, gur cailleamhaint i n-áit buntáiste don cheárduidhe Sasanach an obair. Is mór an onóir dhóibh éadaigh a dhéanamh do dhaoinibh an domhain, acht táid siad féin gan léine mhaith ar a gcroiceann. An spioraid grádh- diamhail atá i gceannuigheacht shíodhach (tá fhios agat) sin é cheanglas le slabhra óir (mar sin a deirtear é) críocha iana 7rl.
Molann an duine galánta uasal mar sin éadaigh olna a chárnadh isteach i Lahore agus in Afghanistan. Níl sé chomh cinnte sin de na síodaibh, ar fhaitcheas nach ndíol- faidhe go maith iad fós, acht deir sé, “ní bhacaim le éadaigh síoda a mbéidh fuatha fighte ionnta, mar táid siad sin dhá ndíol cheana ann.” Ní mholann sé na huaireadóirí, fa láthair, ná uirnis búird, ná seoda, ná gloine, acht gheobhthaí margadh níos fearr i n-áit éigin eile do bhiotáille láidir. “Is fearr leis na Punjabees fós,” adeir sé, “an t-ól fíochmhar a ghníos siad féin, is fíor sin.” Nach doilghe sin, acht dá ndéantaí gin breagh saor sa mBreatain, agus neart uisge beatha a chur ann, agus a chárnadh isteach chuca, cá bhfios nach mbainfidís an trácht dá gcuid-san óil? Gurab amhlaidh sin a chruthuigh an Caiptín Ó Broin go mba spiadóir críonna foghainteach é ar gach uile chor dár dhual do spiadóir a bheith, a bheadh dílis do Shasana. Fuair sé amach cé'n doimhneacht a bhí san Indus, do lucht loingis Shasana, i riocht teastealaidhe ar lorg tlacht- eoluis agus bronntanais ar iomchur aige. Chuartuigh sé na tíortha ar lorg margaidh nua i riocht ceannuidhe taistil, agus chuir eolas ar phatrúin agus ar chineálachaibh éadaigh go ndéanadh figheadóirí Shasana aithris ortha; agus i riocht creachadóra i n-úrthosach sluagh, thug fa deara a raibh de chreach le fagháil, cá háit áirithe i raibh an éadáil is fearr, agus thug tuairim cé'n neart a bhí i mballaibh, i mboltaibh, agus i n-iarann, fa chomhair na gcreach a bhí na Sasanaigh ar tí a dhéanamh. Tá na saighdiúirí ag cruinniughadh ar a dtalamh siubhl- óide, agus caithfead éirghe as Caiptín Ó Broin agus cluas a thabhart don cheol. Tugadh an 42° d'oileán San Seoirse tá tamall ó shoin ann, go hoileán Éireann, ar
mo shon-sa, agus mar sin an bhuidhean áluinn cheoil atá aca seinnid, go bhfuil sógh ar leith agam asta. Tá dhá bhuidhin bhreagha cheoil sa sluaightheach anois, agus is leis an luing Wellesley ceann aca. Long na brataigh ise, go bhfuil ceol áluinn ar muir agus ar tír againn, iad ag comh-sheinnm amanna agus amanna gach buidhean aca ag seinnm asta féin. Ceol rinnce an 42° go nuige sin. Agus an chéad leabar eile dá gcasann orm d'éis “Burnes' Travels” a léigheadh dhom, nach ait go mba Caiptín Alasdram a bhí air agus go raibh sé san 42° céadna so. “Sketches in Portugal during the Civil War of 1834” is teideal don leabhar, agus ba fear airm eile é seo a bhí ina cheannuidhe siubhail, acht nach raibh sé leath chomh deas-lámhach ná leath chomh tuisgionach leis an mBranach. An Cumann Geo- grafach Ríoghdha a chuir aimsir air, le dhul don Afraic Thoir-ndeas, do dhéanamh lorgaireachta ann. Chuaidh ar dtús don Phortuinéal go bhfaghadh páipéir agus léir- sgáilte, pasporta agus gach cóir eile d'fhoghnfadh dhó ag siubhal na gcríoch sin, mar ba le Portuinéal na tíortha. Ní fiú trumpa gan teanga an leabhar so, agus ní chuirfinn a theideal amháin síos marach dhá rádh atá ann a bhain gáiridhe asam. Bainfead amach iad go mbaine siad gáire eile asam lá éigin eile. Is mór an croidhe leis an oifigeach breagh so a dheigh-bhéasaighe is bheas na hAfriocánaigh bochta de bharr a thuruis. “An té,” adeir sé, “a mbeadh grádh an chine daonna agus grádh a thíre ina chroidhe, ba ríogh-mhór an sólás leis aire a thabhairt do na hAifriocánaibh ar mhaithe leo féin, agus modha an tsíbhialtais a leathnughadh ina measg, agus ann- sin spioraid chaoin na Críostuidheachta, dá dtiocfaidh go cinnte saidhbhreas agus séan dar dtír dhúthchais.”
Agus is céillidhe an rud sin. Ar ndóigh ní i n-aisge a thiubhradh duine an Chríostuidheacht do na págánaighibh. An bharamhail a bhí ag fear teagaisg seo an chreidimh Chríostuighe d'éadaighibh, is as a bhainim an dara focal: “taisbeáin síoda a mbéidh dath air nach dtréigfidh agus a mbéidh dhá sgilling agus trí pinginne air do Thurcach, agus taisbeáin síoda eile dhó a dtréigfidh an dath atá air (agus a fhéachas níos deise dá bhrígh sin), mínigh dhó an difridheacht atá eatortha, agus abair leis go mbéidh an dara píosa le fagháil aige ar thrí pinginn déag is leith-phinginn cé aca a thógfadh sé? Ní hé an síoda daor é, go dearbhtha.” Ní maith go dtuigim-se dá mbeith an caiptín seo a bhí 'na cheannuidhe, 'na chaiptín, 'na theagasgthóir Críostuidheachta agus 'na fhear dhíolta hataí ban i n-éinfheacht, dá mbeith sé ag caint leis an Turcach dhá ríribh, mar siúd, ní thuigim go gceapfadh sé go mbeadh air an difridheacht a bhí idir an dá shíoda a mhíniughadh go hiomlán don choisliméara; sé sin, dá mba mhó an brabach a bheadh as an droch-shíoda saor ná as an síoda daor; agus is iondamhail amhlaidh é le earraidhibh an tSasanaigh. Nach tútach gránna an rud do náisiún Shasana ocustóirí a dhéanamh mar sin dá n-arm, agus leigean dá gcuid oifigeach timthireacht choitcheann a dhéanamh d'fhigheadóiribh Lancashire! Cad chuige nach leigfí do lucht muillte lucht málaí dhóibh féin a bheith aca, mar bhí nuair a chuir ceannuidhe nó dhó aimsir ar an Londrach le dhul isteach i lár na hAifrice ar lorg coisliméaraí? Chuirfeadh sin oifigeacha airm ag tabhairt aire dá ngnóthaibh féin, agus ní bheadh daoine dhá mbodhradh féin ag léigheadh díogha na leabhar. An chéad chogadh eile thiocfas ar an rann Eorpa
tiocfaidh so dá thairbhe don chine daonna, agus ní hé an tairbhe is lugha é, .i. deireadh a chur ar feadh tamaill le leabhraibh ó lucht arm ar muir agus ar tír - agus malairt a chur ar a bport béidir, agus ar a modh, a mhairfeadh go bráth. Níor léigheas aon Ghréigis le sé lá, agus is amhlaidh cheapaim go rabhas 'mo mhealltóir agus a bheith ag leigean orm féin gur thaitnigh Plato agus Aeschylus liom. Tá mo dhóthain de leabhraibh agam - níl leabhar dár léigheas ariamh nach dtiubhrainn ar sgamhógaidh a dhéanfadh a ngnótha dhom. Mí na Nodlag 3°.- Bhreac an lá dearg arís orm d'éis an oidhche a chaitheamh dhom 'mo shuidhe ar chathaoir agus mé lúbtha ar a chéile; agus táim anois tuirseach traochta, caithte, curtha, i mball agus i n-aigne. Tá sé dhá oidhche dhéag ó leagas ceann ar adhairt - a Dhia Uile- chumhachtach! - an amhlaidh nach dtiocfaidh aingeal an chodlata chugam arís le mo bheo? Chaitheas an oidhche ar fad a charaidheacht sa dorchadas, le diabhal láidir sa gcró so - agus ní hionann an charaidheacht sin agus car- aidheacht Iacob le Penuel, agus airighim an trom-thuirse níos truime ná riamh anois orm le héirghe gréine, nuair a thagas an anáil liom níos réidhe. Ní fuaire an mar- mar ná mo dhá chois, tá an sruth alluis ar mo cheann agus ar mo cholainn. Dearcaim orm féin sa sgathán agus is dearbh liom gur ar righin ar éigin a d'aithneochadh mo mháthair féin mé; tá sgéin ionam mar bheadh i gcoinín a mbeadh an fiadhach go lán-dian 'na dhiaidh agus a mbeadh bualadh croidhe air leis an eagla agus leis an uathbhás. Tá an fuar-allus mar dhrúcht ar mo chlár-éadain, tá mo leicne sluigthe isteach agus dath dubh-ghorm ortha. Is geall le crúbaibh éin mo mhéaracha, agus “tá sgáile an
bháis ar mo mhailibh.” D'imthigh an Múchadh siar, an deamhan, agus é ag fanacht ar sgáth an domhain, ar marcuidheacht san dorchadas ar nós an Diabhail. A! cuirfidh sé crios thart timcheall na cruinne agus béidh sé orm arís ar ndul faoi don ghréin. Níl truaghán dá thuirsighe, ná dá thruaighmhéilighe, níl duine ar longais, ná i mbraighdeanas, nach fada leis uaidh an oidhche, agus atá de bhuaidh na hoidhche go bhfaghann siad socamhal, suaimhneas, sógh, agus fuasgladh leis an gcodladh; ar feadh na gcúpla uair sin a mbéidh siad na gcodladh tiocfaidh an óige ar ais chuca, agus is tig leo a dtír dhúthchais a shiubhal, amharc fhagháil ar na daoinibh grádh- mhara a thug grádh dhóibh. Acht mise - Acht cé'n chabhair an cineál so cainte na dhiaidh sin? Má thosuighim ag cur síos ar a bhfuil dhá fhuiling agam, is amhlaidh is mó bhéas sé in mo chuimhne. Agus tá rún agam gan leigean don nídh sin goilleadh orm. Pé aca sin é, má bhí an oidhche go holc tá an mhaidin go háluinn, agus tá áilleacht ó neamh mar thuile ar an domhan; an trom-éagcaoine bhuadhartha bhí ag gaoith thais na fairrge tá sin imthighthe anois; agus na tonnta bhí dhá mbualadh féin go gleithearánach i n-aghaidh na luinge feadh na hoidhche níl ionnta anois acht bog- thonnta beaga atá ag deallradh fa ghaethibh teo na gréine. Tá sé na lán-chalm. Réidhtigheas mé féin go mall, agus mé ga mo chrádh, le dhul amach, agus táim uair a chluig ag déanamh mo ghoradh leis an ngréin anois ar an bpíer. Tá na lae- theanta chomh geal chomh te annso i lár an gheimhridh (cé go mbíonn an oidhche fuar) agus bheidís in Éirinn sa Iúl. Mara mbeadh duine ann a mbeadh greim ag an éodóchas ar fad air, dhéanfadh an spéir agus an
t-amharc áluinn seo maith dhó, an ghaoith bhog aniar agus an mhuir chiuin ghorm atá ann. Tá an ceol binn ag teacht ina thonntaibh ó long na brataigh atá sa gcuan, agus is geall le oileáin aoibhne mara sna réigiúin theo, agus an trom-thoradh ag fás ar na crannaibh, mar d'fheicfeá i n-aisling, is geall sin oileáin Bhermuda fa n-a gcrannaibh cedir, fa n-a ndoiribh dorcha agus fa n-a mbotháin fionn-aolta. Tá na spéartha go trócaireach go cinnte; tá sé i ndán don duine dóchas a bheith ann. Táim láidir, táim go maith. Tá an úire in m'anam agus in mo cholainn arís, agus an deamhan a shiubhlas de shiubhal oidhche táim i riocht a throid agus i riocht a bhualadh. Tháinig an t-árd-dochtúir .i. an Dochtúir de Hál ag breathnughadh orm indiu, mar gheall ar an tsíor-fhuagairt atá ag dochtúir na luinge seo go bhfuil mo shláinte go síor-dhona. De dhéanta na fírinne, tá mé tinn le i n-ionann agus dhá mhí, gan feabhas ar bith a theacht orm, agus níor chuimhnigh mo chroidhe ariamh go rabhas chomh tinn agus bhíos, cé go bhfuil an múchadh ag dul dom le deich mbliadhna. D'innis an Dochtúir de Hál go soiléir dhom nach raibh aon fheabhas indán do mo shláinte chor ar bith i n-aer na tíre seo, mhór-mhór ó bhíos gan cead mo chos a bheith agam. Dubhairt sé go raibh sé de cháil ar Bhermuda go mba fíor-olc an áit é do dhaoinibh a raibh múchadh ortha, agus go raibh sé i ndán dom a dhul chun donacht nó go gclisinn ar fad, agus le sgéal gearr a dhéanamh dhe, nach raibh dul ón mbás agam, da gcoinnighthí mórán níos fuide annso mé. “Agus an amhlaidh,” arsa mise, “gur cuid den ghnás é nuair a curtar duine i bpríosún tar sáile go gcuir- fear díreach san áit é is túisge a mharbhochas é; táim
cinnte go bhfuil áiteacha do dhaoraibh i dtíorthaibh eile?” “Ní ghníonn an riaghaltas,” ar seisean, “aon idir- dhealughadh den tsórt sin. Dar go deimhin duit cailleadh na céadta annso nach raibh bás ar bith ortha, dá ndéantaidhe mo chomhairle-se agus a gcur go tír níos folláine.” “Nach bhfuil aon teacht as agam-sa, mar sin?” “Seadh, do chuid-sa dhe, measaim go bhféadfaidhe rud éigin a dhéanamh. Agus is amhlaidh do thángas chugat indiu ag iarraidh ort an méid atá ort-sa a dhéanamh fa n-a chomhair, sin a dhéanamh. Ní mór dhuit iarraidh thú athrughadh, nó ar chuma ar bith gan thú fhágáil chomh iadhta suas annso leat féin agus atá tú.” Do thugas freagra air: “Acht ón lá a ndearnadar méirleach dhíom níor iarras ariamh claochmughadh ar bith a chor ar a ndéine, ná logha dá laghad níor iarras ortha. Bhíos ullamh fa chomhair díchill an riaghaltais, agus má's bás nó beatha dhom ní fhéadfaidh mé impidhe ortha truaigh a dhéanamh dhom.” “Ní headh,” ar an dochtúir, “acht sgríobh chun an ghoibhearnóra, agus innis dó an bhail atá ar do shláinte. Innis dó go ndubhart-sa leat nach mairfeá dá bhfág- taidhe thú ar an gcaoi i bhfuilir fa láthair, agus iarr mo thuarasgbháil orm-sa.” “Agus cé'n fáth nach n-innseochthá féin sin dó? Tá fhios agat é?” “Ní fhéadfainn. Ní fhéadfainn. Caithfear imtheacht do réir na fuirme. Ní bhaineann sé le m'oifig bacadh leat, mara n-iarrtar go fuirmeamhail orm é, agus ní féidir sin a dhéanamh go n-innsigh tú go fuirmeamhail don ghoibhearnóir é.” “Agus m'ainm a chur leis? - impidhe é sin, ní tada
eile é. Maith maiseadh, a Dhochtúir de Hál, táim buidh- each dhíot-sa ar ndóigh, fa n-a bheith chomh laghach sin liom ag iarraidh orm sin a dhéanamh. Acht go deo na ndeor ní dhéanfad méirleach dhíom fein tré thrócaire a iarraidh ar riaghaltas Shasana. Ní bhréagnochad a bhfuil caithte de mo shaoghal, ná an bharamhail atá fa láthair agam. Ní íosfad an salachar.” Leis sin, bhí an dochtúir ar tí mé fhágáil, acht tháinig sé ar ais ón dorus go dtí an áit a rabhas 'mo shuidhe agus leag sé lámh ar mo ghualainn. Bhí na deora ina shúilibh, an sean-fhear bocht. “Agus an bhfuil fút,” ar sé, “leigean thú féin a dhúnadh suas mar dhaor annso go gcailltear thú, an lá go bhféadfá - agus táim cinnte go bhféadfá - malairt áite d'fhagháil duit féin, chomh réidh sin, agus b'éidir t'fhuasgladh ar fad? Tá tú óg fós; badh cheart duit súil a bheith agat le saoghal fada a chaitheamh fós fa shaoirse agus fa onóir os cionn do muirghine. Sgríobh chum an ghoibhearnóra ar chuma éigin, déanfaidh litir, agus tá fhios agam gur maith leis a dhícheall a dhéanamh sa méid seo, acht a chur os a chomhair sa gcaoi go mbéidh air a ladar a chur sa gcás. Tóg do pheann anois agus sgríobh.” “Sgríobhfad rud éigin,” arsa mise, “acht ní anois é. Smuaineochad air, agus féachfad le n-a chur in do chumhachtaibh-sa agus i gcumhachtaibh an ghoibhearnóra mé 'athrughadh, ó thárla nach mór mo sgríbhinn féin chuige sin.” D'éis imtheacht as an gcró dhó d'fhill sé go gceart- uigheadh sé dhom gan dearmad a téanamh ar a theideal goibhnearóra a thabhairt ar Chaiptín Elliot. Dubhras leis gur chreideas go raibh an duine uasal ina ghoibh- earnóir ar Bhermuda, gan aon aimhreas, agus ar ndóigh
go dtiubhrainn a theideal ceart air. Agus leis sin d'imthigh an dochtúir. Dá mbeadh fear i láimh ag sgata gaduidhthe - sé sin gaduidhthe coitcheanna mí-reachtacha bóthair, agus dá mbeith sé dúinte suas i gcró beag cumhang lobhtha, san áit is measa ina n-uachais, nach n-iarrfadh sé tuilleadh gaoithe, agus dá n-iarradh ar bh'admhughadh é sin gurab iad a rinne an ceart leis tráth ar ghabhadar é, agus tráth ar ghoideadar a raibh aige? nó arbh admhughadh é go raibh sé de cheart aca goid ó dhaoinibh eile a rachadh an bóthar? Ní shaoilim go mbeadh. Ní breith bháis a tugadh orm. Má chuireann na creach- adóirí chun báis ar an tslighe seo mé le gliocas, níor mhiste ar a laghad fios a bheith ag daoinibh air atá amuigh sa saoghal. Ní hé go gceapaim gur ag iarraidh mé mharbhadh dhá ríribh atá siad,* agus b'éidir nach mbeadh ó na bitheamhnachaibh acht leithsgéal go “maithfidís” dom. Bhéarfad aire dhom féin ar chuma ar bith ar fhaitcheas go n-iarrfainn aon laghdughadh ar an mbreith a tugadh orm, gan trácht ar phárdún. Ní iarrfad acht amháin gan mé a mharbhadh. Ní iarrfad ortha acht amháin gan a bheith 'ga mo chrádh, do réir a chéile, go mbéinn marbh aca. Déanfad rud éigin i mbáireach. Maiseadh dhá mbeith gan a bheith i gceist acht bás nó beatha don chunablach bhocht so!” Mí na Nodlag 4°. - Tháinig roinnt páipéar nuaidh- eacht, agus Blackwoods' Magazine na míosa deiridh den fhoghmhar. Tá alt fada i n-irisleabhar Blackwood ag cur síos ar chúrsaibh an tsaoghail i n-Éirinn, agus táim go rí-shásta leis. Deir siad (.i. lucht an irisleabhair) * Ceapaim a mhalairt anois; chífear an t-adhbhar 'na dhiaidh seo.- S. M.
gur follusach anois nach bhfeileann Reacht na Breataine d'Éirinn chor ar bith, ná coistí cúirte, ná forais fhiúnt- acha den tsórt sin go bhfuair na Whigs féin sin amach fa dheireadh, agus go ndubhradar fein (.i. lucht an irisleabhair) sin i gcomhnuidhe; agus cá bhfuil an té shárochas ortha anois é? Deir siad gur le faobhar claidhimh amháin atá Éire le riaghlughadh, agus nuair a bheas tógáil agus feabhas a sáth ar na Gaedhealaibh shalacha go mb'éidir annsin go leigfidhe fa sgáth agus fa shonas, 7rl., 7rl. Sin é lom an chirt, a Chríostóir a chara; níor chóir dhúinn baint ar bith a bheith againn le n-bhur Reacht, mar thugas tú air, nó go mbéidh fhios againn, mar adeire, le leas a bhaint as, rud a dhéanfas sinn a fhoghluim fa dheir- eadh tá súil agam, tré fhaobhar claidhimh; agus annsin go cinnte bainfeam an leas as atá tuillte aige. Agus tá orm sgríobhadh indiu chun an ghoibhearnóra ghallda so Bhermuda, agus sin go measamhail. Má sgríobhaim chun an Chaiptín Elliot chor ar bith go deimhin níor chomaoin dom gan sgríobhadh go measamhail chuige. Ar a theacht annso dhom, an chéad litir a sgríobhas abhaile chun mo mhná bhí sé de shubháilceas ann litir a sgríobhadh chuici uaidh féin le n-a sásughadh chomh maith is d'fhéadfadh sé. Tá sgríobhtha agam. Seo é atá ar bharr na litre agam: “Don duine mórdha uasal, Goibhearnóir Bher- muda.” Níl sa litir acht ag innsint i dtaobh mo shláinte, agus tagairt don dochtúir, agus dhá leigean chuige “ó thárla nár tugadh breith bháis orm” nár mhiste athrughadh éigin a dhéanamh ar an deis atá orm, agus mé a chur go tír níos folláine, nó caoi eigin eile, “i gcruth agus go mbead i riocht an bhreith a tugadh orm a sheasamh.”
Ní móide go dtiubhradh an goibhearnóir aon áird ar an sgríbhinn seo ó thárla nach impidhe atá ann, nó iarr- aidh, no athchuinghe, agus ó thárla nach gealladh guidhe atá ina dheireadh, cé go measaim mar sin féin go bhféach- faidh sé leo é, féachaint a n-athrochaidis mé, agus má mheabhruigheann sé sin do riaghaltas Londain b'éidir ar mhaithe leo féin, nach leanfaidís do dhéine a míghníomh. Má fhaghaim-se mé féin as a gcrúbaibh aon uair amháin taisbeánfad-sa buidheachas dóibh dá mhéad dá bhfuilid ar mhaithe liom. Cuireadh an litir go Teach an Riaghaltais ar chuma ar bith, agus deifir léithi ar eagla go nglacfadh aithmhéal mé, agus nach gcuirfinn ar siubhal i n-aon chor í. Is mór an t-íslughadh ar dhuine rud ar bith, an puth gaoithe féin a iarraidh ar na creachadóiribh. Níor náireach le fear a mbeadh a anam agus a shaoirse air an méid sin a dhéanamh, nó tuilleadh le n-a chois, dá mbeith sé i láimh ag Malays, no ag Gréagaibh, nó ag foghluidhthibh éigin eile, agus b'éidir dhom m'anam a thabhairt liom, agus mo shaoirse d'fhagháil leis an litir bheag sin. Acht chrádh sé mé a bheith orm í a sgríobhadh. Airighim gur mó fa thrí an éagcóir a rinneadh orm an mhéid gur ísligheas mé féin chomh mór sin, agus má sé toil Dé é, agus is Leis-sean gach díoghaltas, go mbain- finn mo shásamh amach, bainfead le congnamh Dé tuill- eadh sásamh amach faoi seo. Fa cheann dhá mhí béidh fhios agam cad a thiocfas dhe. Ní mór dhom an tséideog a choinneál ionnam féin go dtí sin, mar is fearr is féidir liom é.
An 7° Caibidil. Tá an t-árd-mháta d'éis cuairt a thabhairt orm 'ga m'fhiarfuighe. Tá sé i n-aimreas gur teinneas bréige atáim a leigean orm féin. Tá an oiread le rádh aige agus bheadh ag roilleach, agus baramhail aige fa chomhair gach uile nídh (ó thárla gur as Londain é). Tá baramhail láidir aige gur rud éigin atá orm taobh istigh. D'fhiar- fuigh dhíom go dúthrachtach cé'n chaoi, an measaim, cad ba ciontach leis an tinneas so a theacht orm. Dubhras leis nach raibh fhios agam cad nár chiontach leis marab é a bheith ag sleamhnughadh i n-aghaidh na gaoithe é i bhFlandras. “An rud céadna a thiubhradh ort é go sgiobtha freisin,” ars an t-árd-mháta. Mí na Nodlag 8°. - Tá mé le ráiche ag cur m'aimsire amugha go dona, gan fionna feanna dhá dhéanamh ná dhá fhoghluim agam. I long príosúin féin ní gábhadh do dhuine a shaoghal a chaitheamh chomh beag-mhaitheasach sin. Tá an díomhaoineas ga mo chlaodhadh a chongnamh don tinneas. Tá an spioraid ar bruth agus an cholainn dhá claodhadh, tá meirg ag teacht ar an lann agus í ag ithe na truaille. Níor sgríobhas go hÉirinn ag iarraidh na leabhar a bhí uaim, ag ceapadh go mb'éidir go n-athrófaidhe as an áit seo mé, agus ní léar dhom tada eile a dhéanfainn san uaigneas so liom féin acht sgríbhneoireacht agus léigh- theoireacht. Shaoileas mé féin a bheith níos láidre ná mar táim, níos láidre i gcolainn agus i n-aigne. Dhá mhéid d'uathbhás an bhroid a bheadh le fuiling agam
shaoileas go gcaithfinn mo shaoghal go céilldhe ciuin agus go mba leor dhom an neart agus an fhuiling shocair a bhí ionnam, acht chítear dhom anois nach mór dhom níos mó cleachtadh fa n-a chomhair sin ná mar tá agam fa láthair. Ní mór dhuit cleachtadh agus acluidh- eacht, agus gach feithe agus gach ball a oibriughadh, aigne agus céadfadh a shaothrughadh nó ní bhéidh an spreacadh ceart i gcolainn ná i n-aigne agat. Bím ag iarraidh a tabhairt chun cruinnis amanna cad a mholfadh Goethe, agus b'fhear é a raibh fhios aige le maireachtáil go maith, cad a mholfadh sé le duine a chothughadh i long príosúin, agus an deamhan de mhúchadh a bheith air, acht is dóigh liom go mba saoi é a raibh an iomarca muinighin aige as freastal a dhéanamh ar an gcolainn, agus an iomarca muinighin as an tairbhe a gheobhthaidhe as neithibh taithneamh- acha, agus saoilim nach mbeadh mórán maitheasa ann i gcás mar so. Ní fuide uaim Útópia annso ná an tír aoibhinn, lán-stáideamhail, socair, agus gach uile chóir ar fheabhas innti a thiubhradh sógh agus sólás don duine, do réir mar theagasg Goethe ina Wilhelm Meister's Wanderjahr. Ní shaoilim gur fhéach Goethe riamh le cruadhtan an phríosúin é. Nach mairg nar fhéach, annsin bheadh ciall agus míniughadh le baint ag dacinibh bheadh ar long príosúin as an gcruth atá ortha, agus bheadh congnamh aca agus iad ag lorgaireacht go haonaránach ar chúrsaibh na ndaor. Acht ina leabaidh sin, ba gnáthach leis i gcomhnuidhe é féin a sheachaint ar rud a sgannrochadh go mór é, ná chuirfeadh déistean air, ar thorann ghéar agus ar rudaibh mar sin. Deir siad gur le n-a mháthair a chuaidh sé sa méid sin, agus go mba bean fhaitcheach í. Pé sgéal é, thug sé aire agus peatuidheacht do féin, rud a rinne go han-fhaitcheach é, agus d'fhágaibh
sin é gan aon chleachtadh a bheith aige ar shearbhas, ná ar ghairbhe an tsaoghail, agus sin é ar a laghad leath a dtéigheann duine thríd ar an saoghal. Dá mbeith boltaí agus laincisí iarainn tamall air, agus dá ndéantaidhe a fhuadach ar siubhal go long príosúin agus béal pios- tail le n-a chluais, chuimhneochadh sé ar sin. Acht cá bhfuil an té a mbeadh fhios aige cad d'fhoghluimeochadh sé, le daoine eile a theagasg? Níl fhios ag aoinneach cad a chailleamar leis sin. Agus dhéanfainn tuilleadh a theagasg .i. níl an Goethe seo chomh mór d'fháidh, ná de theagasgthóir, ná chomh mór de shagart agus deireas aspal áirithe atá aige fa lathair; mar nach raibh aon eolas aige ar aon chúrsa de'n tsaoghal acht ar an gcúrsa ba séimhe. An fáidh eile a bhí ann roimh Ghoethe agus roimh Mohammed níor sheachain é féin ar rudaibh mhí-thaith- neamhacha; throisg sé dhá fhichead lá, agus annsin throid an diabhal agus a shluagh aingeal agus chuaidh aige ortha. Ba geall le deora fola allus a chéasta; le teann uilc air rinneadh díoghbháil dó, ghabh bitheamhnacha de laidhcibh boise air, agus rinneadh a sgiúrsáil mar dhaor agus ba daor é. Ní fhéadfadh an duine amhgar ná náire a fhuiling níos mó ná mar d'fhuiling sé, i gcruthamhnas gur féidir do dhuine (cé nach teagasg ughdarásach é seo a thugaim anois), gur féidir do dhuine colainn agus céadfadh a chur fa smacht go réidh, dubhshlán an diabhail a thabhairt, agus an ceann is fearr d'fhagháil ar phian agus ar an mbás, tré dhian-smuainiughadh ar cháilidheacht, ar chéasadh, agus ar bhás an fháidhe sin go mór níos fearr ná tré aon obair spioradálta eile. Mí na Nodlag 18°. - Cloisim go bhfuil locht luinge de dhaoraibh ag teacht go Bermuda ó Lundain go luath an
bhliadhain seo chugainn; go gcuirfear na daoir i dtír annso agus annsin go dtiubhrfar locht na luinge sin de dhaoraibh eile ón áit seo don Afraic Theas .i. daoir áirithe atá molta ar leith agus go bhfuil furmhór a n-ama istigh aca. Ar a theacht i mBinn (nó sa Cape) dóibh-san gheobhaidh siad cead a gcos, ar choingheall ar a dtugtar “ticket of leave.” Cionnus a dtaithneochaidh le muinntir an Cape Colony (nó na Binn-tíre nó an Rosa) cead a gcos a thabhairt don locht soin bitheamhnach, fa'n tír breagh sin? Is cosmhail nach mbeadh aon toradh ar a nglór dá labhraidís féin. An fear i Sráid Dhonnáin sin é a ndia, agus caithfidh siad géilleadh d'oibreachaibh dho-thuigthe na gcléireach atá san oifig sin. Ó thárla an lucht so loinge ag teacht dá ríribh, b'éidir go gceapfadh mo lucht coimhéad i Sasana go mb'fhearr mé a chur go dtí an Ros (re n-a ráidhtear an Cape), ó is rud é nár dhóigh dhom bás fhagháil annso gan caint a dhéanamh faoi. Bíonn an aimsir go háluinn sa tír sin; beidh cineál éigin saoirse agam, agus dá mbeithidhe le mé a choinneál mórán bliadhan ann d'fhéadfainn mo mhuirighin a thabhairt amach, agus i leabaidh bás i mbeathaidh a bheith dhá fhuiling agam mar táim fá láthair, gheobhainn mo shaoghal a chaitheamh cé gur i mbroid é. “Níl ann acht go bhfuilim dí-bheo - agus mé níos mó ná leath-marbh Agus curtha - Mé féin m'fheart, - uaigh ag gluaiseacht.” An t-aer úr, cead mo chos, leabhra, gan grátaí ná iarainn a bheith thart timcheall orm, obair ar mo chuid
féin talmhan, in m'fhíneamhain, ag teagasg mo chloinne, agus comhluadar mo dhaoine féin, na daoine is annsa liom. Labhairfead leis an Doch. de Hál faoi. B'éidir go meabhrochadh sé don ghoibhearnóir é, agus go meabhr- ochadh seisean do Rúnaire na bhfo-thíortha é. Má's liom a bheith 'mo phríosúnach, nó an fhad is tá orm a bheith amhlaidh, sin í an phríosúntacht ba so-fhuilngthe. Chím gur cuireadh deich mbliadhna príosiúntacht thar lear ar an Dochartach .i. fear an Irish Tribune, acht céard d'éirigh dá choigéile Mac Uilliam? Níl focal duth ná dath faoi-san ar an bpáipéar a chonnaiceas. B'fhéidir gur cailleadh sa bpríosún é. Bhí pacáil dhoct ar an gcoiste a rinne fromhadh ar an Dochartach freisin. Sgríobh roinnt sagart go hurramach ag iarraidh go humhal modhamhail gan na coistí a phacáil, agus d'impidh- eadar ar an tighearna Clarendon leigean do Chatoilicibh a bheadh 'na gceann tighe a bheith ar na coistibh seo go léir. D'fhreagair an tighearna Clarendon go dána gur phacáil sé na coistí, agus go raibh an ceart aige, agus an chaoi a raibh an chás. Sin é an bitheamhnach cneasta! Is cuimhneach liom tráth ar fromhadh mise, páipéir nuaidheacht éigin dá rádh (agus dubhairt an Hennach é agus é ag pléidhe na cúise ar mo shon), nach raibh aon cheart dom a bheith ag casaoid fa gan Catoiliceach a bheith ar an gcoiste a bhí orm, an lá nár Chatoiliceach mé féin; agus anois ó thárla gur Catoiliceach é an Dochartach deir siad nár cheart dó a bheith ag súil le Catoilicibh a bheith ar an gcoiste dhó-san, an lá go mba Catoiliceach é féin, go mbeidís fabharach dhó. Ionnus gurab iad na fíor-Phrotustúin a chaithfeas gnóthaí na Bainríoghna a dhéanamh i gcomhnuidhe. An chaint sin i dtaobh creideamh na gcoisteoirí, níl sí acht ag tolgadh agus ag tarraing
achrainn creidimh i nÉirinn; agus tá páipéir nuaidheacht Shasana ag cur a mhilleán orainne, fá rádh is go bhfuilmid ag casaoid ar an bpacáil. Níl fhios agam an bhfuil aon neach i nÉirinn anois a mbeadh sé de dhánacht ann a rádh nach sinne a rinne idirdhealughadh ar bith mar gheall ar chreideamh, acht lucht dlighe an riaghaltais; nár iarramar ariamh sinn a fhromhadh os comhair Catoiliceach, ná os comhair dream ar leith ar bith, acht gurb é an riaghaltas a bhí aireach ar eagla nach Protustúin agus Protustúin an Chaisleáin amháin a bheadh ar na coistibh a bhí orainn? An mbeadh sé de dhánacht i n-aon neach a rádh gur iarramar ar ngníomhartha a chur oscomhair ar gcoimhthíoracha, agus iad-san a thoghadh go dleathach, gan sinn a fhromhadh os comhair dream áirithe ar bith, gan trácht ar ar bhfromhadh os comhair roinn den dream áirithe sin, agus gan sinn a fhromhadh chor ar bith os comhair dhá réag a thoghfaidhe go cúramach (le daoinibh a raibh fhios aca go beacht leis an toghadh a dhéanamh), as an roinn sin den dream sin? Acht is dóigh liom nach bhfuil sé de dhánacht i n-aoin- neach sin a rádh - is gearr go gcuirfeadh an tighearna Clarendon fa ghlas sa nGeata Nua é, mar fhear dhána braith. Mí na Nodlag 23°. - Tháinig an Doch. de Hál chugam indiu. Deir sé liom, ag tagairt don litir a sgríobhas chun an ghoibhearnóra, gur fiarfuigheadh dhe cé an meas oifigeamhail a bhí aige orm, agus gur innis dóibh, gan fiacail a chur air, go rabhas réidh leis an saoghal dá bhfágthaidhe i mBermuda mé. Chuir an goibhearnóir an sgéala so go Londain. B'éidir mar sin leis an aimsir go n-athrófaidhe mé, mara gcailltear roimhe sin mé. Mheabhruigheas dó an méid a chualas fa'n Ros, agus d'fhiarfuigheas de nár bh'éidir mé athrughadh go dtí an áit
sin. Tháinig iongantas air, agus d'fhiarfuigh dhíom ar mhaith liom dá ríribh mé a chur fré daoraibh ar long a bheadh ag iomchur ualaigh don Cape of Good Hope (.i. go Ros an deagh-dhóchais)? “Go cinnte,” arsa mise, “is maith liom a dhul go tír ar bith i bhfuil aer a thiocfas liom.” Dubhairt sé go mbeadh an long ag cur thar maoil le daoraibh. Dubhart-sa go mba chuma liom, go rabhas ag teicheadh le m'anam, agus go mba bheag agam mo chóir iomchuir ná mo chomhluadar. Dubhairt annsin go n-inn- seochadh go cinnte don ghoibhearnóir fa'n gcaint a bhí eadrainn, agus ó ba rud é go raibh am go leor le sgéala a bheith ar ais ó Shasana, sul is sheolfadh an long go dtí an Ros, gur mheas sé dhá dtogruighinn é go gcuirfidhe ar bórd na luinge sin mé. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, measaim go gcuirfidh na creachadóirí go dtí an Ros mé. Agus cé'n tsuim atá agam-sa i bhfoirinn luinge na ndaor? Bhéarfaidh siad áit ar leith ar bórd dom, gan aimhreas, ar m'aghaidh féin, agus ar ndóigh ní ar mhaithe liom é, acht ar fhaitcheas go bhfadochainn teine na ceilge 'na n-aghaidh, agus táim chomh tugtha don obair sin agus chomh deas ar a déanamh dar leo agus go bhfuilid ar comhchreathadh romham. Ní bhéidh ann acht aistear dhá mhí nó trí, dhá dhonacht é, agus sheasfadh duine rud ar bith an fhad sin. Lá Nodlag. - Dubhradh urnuighe ar bórd indiu. Bhí lá saoire ag na fearaibh. Aimsir bhreagh the í, agus níl áit ná ionad sa luing nach bhfuil boladh agus gal an phreabhaitín ar a fhuaid. Cluinim i bhfad uaim gártha commaoidhte agus torann cos, agus cuireann sin Halla an Charadais (no an Conciliation Hall) i gcuimhne dhom. An fear a ghníos freastal orm annso, deir sé liom gur glas-bhuidhean daor atá ag imirt cluiche oidhidh ar bhórd
íochtarach na luinge; tá na gárdaí agus na hoifigeacha ag éisteacht ann chomh maith le cách agus tá lá chroidhe dílis ag an iomlán. Pléaráca atá ann chomh drobhlásach agus leigfeadh eagla dhóibh a thabhairt don fhoirinn bitheamhnach so a dhéanamh. Tá súil agam go mbéidh an Nodlaig go meidhreach aca ar fad, agus gur hiomdha Nodlaig dhá sórt a chaithfeas siad. Acht is mór é m'aimhreas nach bhfeic- fead féin Nodlaig eile, táim 'mo shuidhe craiplighe ar a chéile ó mhaidin, go dona tinn, agus ualach cótaí orm, mar bheadh ar fhear crannóige cóiste. Léigheas “Anthony and Cleopatra.” Imtheacht don bhliadhain 1848. 1849. Eanair 15°. - Cailín thú, a naoi déag is dá fhichid!* Sgéala móra fa Riaghaltas puiblidheachta na Fraince. Rinneadh Uachtarán den Phrionnsa Laoiseach Bonaparte (é siúd a cuireadh anonn le linn Laoiseach Philipe) den bhuidheachas don Taoiseach Cavaignac! Tá árd-áthas ar lucht páipéar nuaidheachta Sasana, nó leigid ortha féin go bhfuil, (agus mo thruagh ghéar, níl tuairisg ar bith eile agam acht a bhfuil le fagháil uatha). Agus deis siad gurb ionann sin agus éirghe glan as Riaghaltas Puiblidheachta. Dá mba sa Riaghaltas Puib- lidheachta a bhí suim ag na Francaibh, sé Cavaignac a thoghfaidís, mar is fear ábalta é, a sheasas go teann ar son an phobail i gcoitchinne; acht ina leabaidh sin níl aon tsuim dá chur i gCavaignac, acht tá dúil an domhain ag *Is eagal liom go raibh dul amugha orm agus an Fhrainc agus a Prionnsa a mholadh, acht nílim cinnte dhe sin fós. Fan go deireadh na sgríbe. Tá áit d'fhocal eile dhá fhágáil i n-íochtar annso agam. Bothwell, Tasmáin 12adh Feabhra, '53. An focal Eile. - Tá muinighin agam fós as Riaghaltas puiblidh- eachta na Fraince, measaim nach raibh neart air an tImpearóir a bheith ann; agus saoilim gur dul amugha caradas a dhéanamh le Sasana. Nua Eabhroch, 22adh Feabhra, 1854.
gach uile Fhrancach i n-ainm ríoghamhail Bonaparte. Acht na bitheamhnaigh de pháipéaraibh nuaidheachta sin, ní léar dhóibh tada sa sgéal acht rud taithneamhach, ní headh, acht ní bhainfidís aon chiall as an sgéal acht an chiall ba mhian leo a chur i n-iul do na léightheoiribh bochta dalla a léigheas iad; agus léighdís-sean sin fa láthair agus smuainidis air. Fainic a gcuirfidhe aon sgannradh ar lucht an airgid. Coinnigheatar postaí tactha leis an gcreideamhaint, chomh fada is is féidir é. Taisbeánadh na Francaigh meas don laoch Bonaparte gan bacadh leis an mBona- parte ríoghamhail. Ní ar an bhfuirm riaghaltais atá aon bheann aca, acht sé onóir na Fraince an dia dá n-adhrann siad. Is dóigh liom-sa freisin go bhfuil rud eile sa sgéal, agus rud a thaithnigheas liom, agus taisbeánann Francaigh gur rud é a bhí ag teastáil ó n-a náisiun .i. fonn agus dúil dílis, dóighte, dóchasach atá ar gach uile Fhrancach sásamh a bhaint den Eoraip fa Waterloo agus fa'n Fhrainc a thógáil suas, agus an fonn céadna atá ortha an margadh a rinneadh i Bhienna a bhriseadh. Tá an stoirm ag teacht a chraithfeas tíortha na cruinne, agus tá tús an cheoil atá aige ag teacht chugam annso agus mé 'mo shuidhe ar an gcarraig gheal so, láimh le crios Chansor: San Helene! Waterloo! Díoghaltas! Aire dhaoibh anois, a lucht an stoc-chiste! Fairighidh anois, a lucht cosanta na hÉireann! Acht tá Éire bhocht tinn, agus go truaighmhéileach, gan é de mhisneach ag aoinneach ann focal dána a rádh fa ghnóthaibh puiblidhe, le teann faitchis roimh mhuinntir an Chaisleáin. Rinneadh cúis an Bhrianaigh agus mhic Uí Mheachair, agus cúis na ndaor eile atá i gCluain Meala a phléidhe i bhfiadhnuise an dá bhreitheamh dhéag, mar gheall ar chúrsaibh earráide. Caitheadh iad ar ndóigh. Tá an
Brianach agus Mac Maghnusa ag tabhairt na cúise os comhair tighe na hÁrd-Fheise .i. Teach Feise na dtighear- naí i Sasana. Tá le rádh gur eitigh mac Uí Mheachair amach 's amach sin a dhéanamh. Ní fhágfaidh sé Éire go bráth ar lorg na córa. Sin é an ceart, a mhic calma Uí Mheachair! Tá mac Uí Dhonnchadha ag déanamh aithris ar mhac Uí Mheachair; acht ní clos dom fós cad is cor do Mhac Uilliam. Ní fhacas a ainm fós ó gabhadh é. Bhí an tsláinte go rí-shuarach aige. Is eagal liom gur mharbh an príosún é.* Bhíos go han-dona tinn le mí, acht nílim ag géilleadh orlach dhó. Caithfead saoghal fada fhagháil fós, má's féidir é. B'éidir gur ar shúil is go ndéanfaidhe rí dhe atá an Napoleon sin, agus nach bhfuil suim ar bith sa bpuiblidheacht aige. Má seadh, is amadán é, agus fealltóir chomh maith le chéile, agus caillfidh sé a cheann na céille bige. Acht níl aon droch-chosamhlacht fós air. Agus, a Thighearna an domhain! nach aige atá an leigean, má tá an tuisgint agus an croidhe ann. Feabhra 1°. - Deir mo shearbhfoghanta liom go bhfuil sórt coiste ar bun annso go bhfeice siad cé na príosún- aigh a mholfas siad a chur don Ros An Hireach, an Doch. de Hál agus tuilleadh de lucht ughdaráis na long príosún atá ar an gcoiste. Cuid de na daoinibh ar tair- geadh a gcur don Ros, d'eitigheadar a dhul ann is cosmhail. Cuireadh ainm an tsearbhfoghanta so féin síos agus tá faoi a dhul ann. Deir sé liom nach dtaith- nigheann Bermuda leis. “Is ait an tír í, a dhuine uasail *Nua Eabhroch, Feabhra 22, 1854. Is maith liom go raibh dul amugha orm sa droch-thuar so. Tá sé beo fós i nAlabáma, cé gur eagal liom nach mó ná maith an fheilm atá ann aige. Ní beadh an fheilm is fearr sa deisceart ro-mhaith aige.- S. M.
an tír seo - tír chomh hait agus tá ann.” D'fhiarfuigheas de an gcualaidh aon diúltadh bheith ag muinntir an Rosa roimh an dream so. “Níor chualas, a dhuine uasail,” ar seisean, “gur feasach mé - is dóigh liom go bhféachfaidh an riaghaltas chuige sin.” Is mall an ceann ar aghaidh atá dhá dhéanamh agam leis an aistriughadh ar an Politeia, agus ní mór nach bhfuil aithmhéal orm gur tharraingeas chugam é. Níl sé de chroidhe agam dul chun cinn leis an obair. Ar éigin atá ionnam mo pheann a dheasughadh laetheannta, ná fiú oiread agus an obair thabhachtach sin a chur romham a dhéanamh. Táim ag fánaidheacht le stair chogaidh na Gréige atá sgríobhtha ag Ó Gatlaoich. Páipéir nuaidheacht an t-ughdarás atá aige, sin agus cúntais na sgríbhneoirí a chonnaic an cogadh. Ní cheal eachtra atá ar an stair go cinnte, agus do réir chosamhlacht tugann an t-ughdar tuilleadh agus innsint ar na gníomharthaibh céadna, go ndéanann gníomhartha ar leith de gach aon innsint aca; agus is mó de Ghréagaibh a mharbh sé sa gcogadh so ná mar bhí sa nGréig fré chéile aon am ó aimsir Philopoemen anall, gan trácht ar shluaightibh Turcach, agus marbhann sé iad-san trí huaire ar a laghad. Agus irisleabhar áirithe dár teideal an Saturday Magazine bhíos ag iompodh a bhilleoga thart go leisgeamhail. An séiplíneach an fear croidhe, thug dhom é. Tá sé imleabhar ann de, agus leath an leabhair an t-imleabhar, sé sin, sé shraith de dhríodar uathbhásach, gur ciste adhbhal-mhór atá ann de chosamar agus de chairt, fuighleach agus smúdar gan mhaith. Tá feitheacha móra seafóide calcuighthe ann, agus an-toirt de chnámharlach na dícéille; cé go bhfeicfeá corr-uair blúire beag den mhíonach ghlan thríd, áit nach raibh aon ghnó aige a bheith, nó corr-fhocal eagnaidhe anonn
is anall thríd an salchar. Castar beagán beag ó Thomás seagainn féin liom, d'éis sgathamh a chaitheamh ag cartadh agus ag romhar thríd; tá dhá ghiota uaidh curtha ins na sé sraithtibh. Bhíodhg mo chroidhe uair ar a theacht dom ar “The Forging of the Anchor,” agus chuireas díom é i n-árd mo chinn, go dtáinig an mac-alla ar ais chugam ó na froightheachaibh. Tá a lán pictiúirí ann nach bhfuil ioncháinte, agus tuairisgí go leor atá inléighte i dtaobh tíortha, acht is bocht agus is rí-shuarach an sórt léightheoir- eacht atá ann - “Críléis i nEagnaidheacht,” “Greann i gCreideamh” - ní headh acht “Ceachta Simplidhe ar Fhiadhnuise na Críostuidheachta” go leor sgéala stardha nach bhfuil aon ughdarás maith leo, acht thar gach rud eile tá neart ann ag teasbánadh gail agus gaisge, córtas agus daonnacht na Sagsan, ag teasbáineadh a gcuid saidhbhris, a gcuid ceannuigheacht, agus a ndeigh-bhéasa, agus cúntas ar a ndéanann siad d'éadach codáis, agus cé mhéad milliún slat de déantar sa mbliadhain; agus cé mhéad uair a rachadh sé sin thart timcheall na cruinne, seadh mhaisge, mar chrios thart timcheall na cruinne; agus ina theannta sin cúntas ar a ndéantar de pheannaibh cruaidhe, agus cé mhéad tonna iarainn a théigheas ionnta, agus 'na dhiaidh sin nach bhfuil an obair a déantar ar pheannaibh cleite pioc ar deireadh leis (agus nach aoibhinn sin). Nach annso atá an “litridheacht” agus an chean- nuigheacht! na gnóthaí, agus an t-airgead! na cúrsaí cúirte, agus na cúrsaí pairliméid! Nach ann atá na leabhra cúntais agus an déanamh ar leabhraibh! Go dearbhtha níl cinne ar bith le fuinneamh ná le gnóthaibh, le gaois ná le glóir, le saidhbhreas ná le subháilce na Sagsan céadna! Sin é an cineál “litridheacht” a cóirighthear i Sasana le tamall anois fa chomhair na
milliúnaí daoine bhíos ag léigheadh (go bhfóiridh Dia ortha!). Ortha féin ar fad atá siad ag dearcadh. Ní léar dhóibh tada, ná ní tig leo tada ainnsin acht rud éigin fa Shasana, nó fa na tíorthaibh atá fútha. Sin é a bhfuil ó Shasanaibh fa láthair: a bheith go rí-shásta leo féin; rud ar bith nach mbaineann leo féin ní léar dóibh é, acht iad ag síor-shilleadh ar a mbolg agus aoibhneas an domhain aca as. Galar é nár mhiste galar builg a thabhairt air, agus is comhartha é go bhfuil aicíd an bháis ag teacht ar an náisiún; tá súil agam go dtiubhraidh sé buille marbhtha don Reacht ortha. Agus cionnus a bhféadaim suidhe i n-éadan an dríodair seo dhá iompódh tharm ar feadh dhá uair a chluig no trí huaire a chluig, agus an ghráin sin agam air? Má tá an oiread sin de dhroch-mheas agam air nach féidir liom an leabhar a dhúnadh ar a chéile agus a leagan tharm ar an bhforudh? Níor iarr aon duine orm a léigheadh. Seadh, acht chítear dhom-sa, agus rinneas machtnamh ar an gceist, nach iad na smuainte atá i leabhar ar bith an chuid is tairbhighe den leabhar, acht na smuainte thagas don léigh- theoir; na smuainte nach raibh cuimhniughadh ar bith ag an srgíbhneoir ortha; na smuainte nach mbaineann le rud ar bith dá bhfuil sa leabhar. Má tá duine dall éigin ann agus go sgríobhann sé aiste i dtaoibh ceiste éigin nach dtuigeann sé, níl sé d'oibliogáid ort leanacht de bhrígh na cainte a sgríobhas sé. B'éidir dhuit lúb a fhagháil sa gcaint a d'fheilfeadh do lúib eile smuainte a bhí in do cheann féin, agus go dtiubhradh sin smuainte dhuit ar t'aghaidh féin, agus nár ghábhadh dhuit aon áird a thabhairt ar an méid adubhairt an duine dall. Is cuma do dhuine cé as a dtiocfaidh smuainte chuige, má's as leibide é, nó as pota, as cóir srangaire, as buidéal
ola nó as cathaoir giolcaigh. Acht cad do b'áil liom ag caint ar aistibh ná ar sgríbhneoireacht? Pictiúr beag a d'fheicfeá san irisleabhar suarach so, mara mbeith ann acht tur teampoill, nó crann, nó súil, nó béal duine, b'fhéidir go mba feicthear dhuit rud éigin ann a chuirfeadh neithe áille i gcuimhne dhuit, neithe a chonnaicis fadó, fadó an lá i bhfad uait, neithe a chuirfeadh áineas agus áilleacht ar do chroidhe, seadh agus a thiubhradh cáirde cléibh os do chomhair arís agus a chuirfeadh ag comhrádh leo thú. Tá tú chomh cinnte sin go bhfuil siad ann dar leat agus go n-íocfá go fonnmhar as a n-iom- lacht treasna thar abhainn - - Uhland an duine macánta a rinne an gníomh a theagasg:- “Glac é seo, a bhadóir, guidhim thú, Trí luach do shaothair atá annso, Tá beirt nach bhfeicir láimh liom, Ó thír ghrádhmhar mo dhúthchais.” Ní feasach dúinn cár b'as ar smuainte, agus is doilghe an obair an bunadh ó n-ar geineadh iad a fhagháil. Níor mhínigh an Doch Tomás Brún ná a riaghail coimhcheangail iad, acht is follusach nach mór do dhuine congnamh éigin ó neithibh soiléire nó ní fhéadfadh machtnamh i n-aon chor; agus dá mbeitheá leat féin ar fad gan focal a labhairt, acht tú sa dorchadas, is gearr go mbeadh t'intleacht múchta, báidhte, i muir an díomhaoinis, i ndaille agus i gciúineas gan teora, agus thiocfadh de sin thú cailleadh na céille, agus a bheith 'do gheilt ar buile. Fear a chaitheas mórán míos i gcarcair uiriadhta, gan blas le feiceál aige acht na ballaí céadna, na grátaí céadna iarainn, an ghrian chéadna ag sgairteadh gach uile thráthnóna ar an
áit chéadna ar an úrlár, agus gan aon duine daonna aige a mbreathnochadh sé air acht an dearg-mhéirleach atá ag freastal air, ní féidir dá intleacht gan feodhchan agus imtheacht as, d'oireasbha bídh a chothochadh í, agus d'oireasbha cleachtadh a d'aithbheochadh í. Sin é an uair a d'aireochadh duine uaidh an fíor-dhroch-leabhar féin, agus ba mhaith leis aige rud ar bith a chuirfeadh an smuaine ina cheann, nó ina chroidhe, ó thárla gan é ag comhrádh le aon neach ná úsáid dhá bhaint aige as a chéadfadhaibh. Acht céard seo? An í seo uachais ealadhna an bheatha atá ag oscailt os mo chomhair? Sin poll nach bhfuil a fhios cé an doimhin atá ann, agus go dearbhtha ní rachad- sa ag smúracht síos arís ann d'éis fheabhas is shaothruigheas ga mo réidhteach féin as chúig bhliadhna déag ó shoin. Chuireas romham an uair sin déanamh asam féin, agus mo cheann a thabhairt idir m'fhiaclaibh liom, mar rinne an mairtír ar baineadh a cheann de, do réir mar deir an Giobúnach; nó an Mhuir Mheann a shnámh an naomh ó Éirinn agus a cheann féin idir a fhiaclaibh aige-sean, de réir mar deir Tomás Carlyle: “míorbhuilte nach ndearnadh ó shoin,” adeir Tomás. Sin sórt leithsgéal, gan a dhul chomh fada chor ar bith le ealadhain na smuainte, ag duine a bheadh i gcarcair leis féin, fa an-droch-leabhra a léigheadh. Ó thárla gan a malairt aige bainfidh sé leas asta, go bhfeice sé ar chuma éigin cúrsaí an tsaoghail agus na gnóthaí atá ar siubhal ar fud an domhain; agus is minic iad-san chomh suarach, chomh díchéillidhe agus chomh héitreorach le aon ghiota “litridheachta” dár cuireadh ariamh le chéile. Acht is tig le duine maith éigin a bhaint as, nó ní bheadh aige le n-a chothughadh acht é féin. Cor ne edito - is mí-fholláin an éadáil é, is cuma dhuit cé'n donacht a bheas sa mbiadh íosas tú, acht ná hith an croidhe.
Feabhra 3°. - Tá dhá bhalla adhmaid idir mo sheomra agus an áit i bhfuil na daoir eile, agus pasáiste idir an dá bhalla; acht mar sin féin, nuair bhíos na fir ag achrann nó ag díospóireacht, is minic a chloisim a nglór, agus is gránna an chaint a bhíos aca. Chualas indiu díospóireacht fhada eatortha agus iad i bhfeirg le chéile, acht ní inn- seochad an chaint ná cé faoi a raibh sí; acht dá mhéad dá bhfeicim agus dá gcluinim annso, is amhlaidh is soiléire dhom gur olc agus gur fíor-dhona an gnás é daoine a chur i bpríosún thar lear mar so. Sgoil ina ndéantar urchóid do-innsighthe a fhoghluim is eadh gach aon long príosúin agus gach uile fhuireann dá bhfuil ann; agus buachaillí óga a thagas annso agus nach mbíonn ina ndearg- bhitheamhnachaibh amach 's amach, ní bhíonn siad i bhfad go mbíonn siad chomh dona le cách. Cloisim an oiread uatha agus go bhfuil a fhios agam gur gnáthach leo gan an dara focal a rádh gan é bheith brúideamhail, nó gársamhail, nó ag maslughadh Dé; (agus tá a ngnása féin aca mar tá ag daoinibh a bhfuil tógáil agus tabhairt suas ortha). Agus dá dhonacht dá mbéidh an chaint ag an daor, agus dá dhonacht a iomchur, is amhlaidh is mó meas agus modh ag na daoraibh eile dhó. Is minic ag imirt iad, agus cailleann cuid aca amanna ceathair nó cúig de phuntaibh ar chluiche cártaí. Is cosmhail gur féidir le cuid aca airgead a fhagháil, le n-a ghoid, nó le n-a shaothrughadh. Tá trí pinginne sa ló don té bhíos ag obair i gcoiléar, nó ar theach; agus tugtar pinginn de sin sa ló dhóibh le caitheamh; acht tá fir cheirde ann agus bíonn siad-san ag obair amanna thar an am. Agus ar chuma éigin déanann siad díol agus ceannach mór le muinntir Bhermuda, tráth a mbíonn na daoir ag obair. Is iomdha príosúnach atá ag obair go seasta ar an luing, idir
bhádóiribh agus shearbhfoghantaí, agus is forusta dhóibh-san leigean a fhagháil ar rud a ghoid, agus ní ghníonn siad aon fhaillighe gan a ghoid. Dá mbeith i ndán agus go mbeadh fear ann nach leigfeadh a choinsias dó rud a ghoid, ná faillighe a dhéanamh ar a ghoid, acht an leigean a fhagháil air, ba coir í sin i n-aghaidh gnáis na háite, agus smacht- ofaidhe an duine sin do réir mar bhí tuillte aige. Ní admhuigheann siad go bhfuil aon mhaith ann acht an t-olc, agus an chuirptheacht is measa agus is déisteanaighe ar bith sin í a mbuac. Cad déarfá le buachaill beag nach mbeadh acht dhá bhliadhain déag, nó cheithre bliadhna déag d'aois, a ghoidfeadh rud tré dhuine eile fheiceál dá dhéanamh, nó de bhrígh go raibh sé ina chall, agus a cuirfidhe amach ar sgoil go Bermuda ar feadh leath a shaoghail le na chur ar a leas! Acht an rud a chuireas buile feirge ar fad orm, nuair fheicim sluagh Gaedheal idir aosta agus óg dhá gcur amach annso fa rádh is gur thógadar agus gur mharbhuigheadar caora nó éanlaith, le iad féin agus a muirighin a choinneál beo i n-aimsir na gorta. Tá biadh agus sógh annso aca nach raibh riamh la n-a saoghal aca, agus bristear isteach ann iad ar chuirptheacht agus ar urchóid nach bhfuil aon ainm dóibh i dteangaidh a dtíre. Timcheall le dhá mhí sul shroicheas an áit seo, tháinig lucht mór luinge de Ghaedhealaibh amach, agus iad ó dhá bhliadhain déag d'aois go dtí trí fichid bliadhain. I gcúirt ar leith a caitheadh iad le linn na gorta. Bhíodar thar a bheith leath-bhásuighthe leis an ocrus, agus iad chomh himthighthe sin le cruadhtan agus le anshogh agus go rabhadar ag fagháil bháis go tiugh leis an sgaoileadh. Maidir leis na créatúir bhochta sin, níl anachain ná urchóid ionnta, deir an marasgal annso liom nach bhfuil gleo ná torann ná mí-chneastacht ionnta, ná trioblóid ar bith. “Acht,” ars
an marasgal, “is gearr uatha a bheith na mbitheamhnachaibh chomh crodhanta leis an gcuid eile.” Béidh gan aimhreas, na daoine bochta. Deir sé liom gur chuir sé iongnadh ortha i dtosach fheabhas is bhí an biadh a fuaradar: mairt- fheoil úr trí lá sa tseachtmhain, muicfheoil na laethe eile, anbhruith, té, builíní maithe, rudaí nach bhfacadar cheana riamh mara bhfeicidís i siopaibh iad, agus nach raibh a fhios aca le caitheamh a chur ionnta acht an oiread le Críostóir Sly. Tá cead aca freisin sgríobhadh abhaile chomh minic agus thogrochas siad é, agus nuair innseochas siad dá ndaoinibh atá ar an ngann-chuid sa mbaile a fheabhas is tá an saoghal ag méirleach, nach gcuirfeadh sé cathughadh ar dhuine chneasta féin rud a dhéanam as bealach ionnus go gcuirfidhe go háit é i bhfuil fairsingeacht le fagháil? Deir an fear so liom go bhfuil daoine annso ar an Dromedary aige a bhí ann cheana, agus tuilleadh gurab é a dtríomhadh turas ann é; tá aithreacha agus a gclann mhac i n-éinfheacht ann, agus is minic a bhí muir- ghineacha ann ar feadh trí ghlún agus cheithre ghlún. Ní déantar gairm bheatha den phríosúin ar longaibh i n-aon tír acht i Sasana, agus níl aon aimhreas, do réir mar bheas na daoine dhá mbochtughadh ann, nach amhlaidh is treise bheas an ghairm bheatha so. A Dia na trócaire! an dtiubhraidh fir stát Shasana an anachain seo freisin ar Éirinn sul 's stracfar an tír as a gcrúbaibh? Tá timcheall le dhá mhíle daor i mBermuda, timcheall le míle ar Oileán Árda Neimhidh, agus ní fheadar cé mhéad duine dhíobh i nGibraltar agus i nÁstralia, gan trácht ar a bhfuil díobh i n-áitibh i Sasana. Acht is mor an mathshluagh daor atá sgaipthe ar fud an domhain, agus ifreann críochnuighthe gach uile áit dá bhfuil siad; agus is tiugh atá daoir eile ag teacht ina dteannta.
Cothuigheatar go maith iad, tá sógh is cóir bhreagh aca, agus daoine atá ag saothrughadh an tsaoghail go cruaidh agus beagán le n-ithe aca, seadh, dhá shaothrughadh níos déine i Sasana, i nAlbain agus i nÉirinn, agus ar níos lugha le n-ithe ná tá aca so, iad-san ag cailleadh leo. Ní mhairfidh an sgéal i bhfad mar sin, ní fhéadfadh sé. Céard is fearr a dhéanamh mar sin le n-a bhfuil de chreachadóiribh ann, agus de ghaduighthibh, agus de dhaoinibh a sgríobhas ainm duine eile sa mbréig? Tá, ar ndóigh, a gcrochadh. Níl aon cheart agat na cneamhairí a chothughadh ar shaothar an duine cneasta, agus a gcothughadh níos fearr ná mar is féidir leis an duine cneasta é féin a chothughadh. Níl aon cheart agat duais a thabhairt don chneamhaire, agus teacht isteach sheasta a thabhairt don ghaduidhe agus don té dhéanfas dóghadh. I mBermuda (cuir i gcás) ní fíor a rádh go gcothuigheann luach a gcuid oibre féin iad, mar tá an iomarca dhá chailleadh ar fad leis na hoibreacha puiblidhe a bhfuil siad ag obair ortha, agus ní gheobhadh an riaghaltas an obair a dhéanamh duth ná dath gan daoir a bheith ag obair dhóibh, agus is as an gcáin atá ar na daoinibh cneasta a thagas a bpáidhe. Acht cothuigh- eann na daoir iad féin go díreach mar chothuigheas na máirnéalaigh atá ar bórd long cogaidh iad féin, acht nach saothruigheann siad an saoghal leath chomh géar leo- san. An cháin, sin é an rud a mbaineann daoir a gcothughadh as, go díreach mar bhaineas máirnéalaigh agus lucht bhailiughadh na cánach a gcothughadh as. Ar gcúl go mór atá ealadhain dlighe na gcortha ag dul chomh maith le n-a lán rudaí eile san naomhadh aois déag, agus asbuil na dearg-bharbaracht seadh iad Becarria agus Hiubhard agus Romilly; agus is eadh thiocfadh as a dteagasg go mbeadh daoine ag ithe a chéile fa dheireadh.
Ní le feabhas a chur ar an gcuirptheach a smachtuighthear é, ná ní uime sin atá an smachtughadh ann; agus dá mba eadh féin is amhlaidh dhéanfadh an charcair agus an long príosúin gan an cuirptheach a smachtughadh, acht mal- luightheoir críochnuighthe a dhéanamh den té nach ndearna acht coir nó dhó nó thrí roimhe sin. Anshógh agus amhgar ba chóir a bheith le fuiling sa bpríosún; níor cheart bitheamhnacha a choinneál níos glaine agus níos pioctha ná daoine maithe cneasta, agus maidir le gaoith, bhéar- fainn-se a ndóthain gaoithe do rógairibh ar cheann téad cnáibe taobh amuigh de dhorus an phríosúin. Feabhra 8°.- Táim marbh ó bheith ag léigheadh leabhra, sé sin, leabhra a bhfuil aon eolas le fagháil asta, agus tá “Ivanhoe” agus “The Heart of the Midlothian” dá léigheadh agam (seo é an cúigeadh léigheadh agam ortha). Mo bheannacht leat, a Ualtar Scott! Príosúnaigh agus cimigh, daoine tinne agus daoine trom-chroidheacha, badh cheart dóibh go cinnte paidir a chur le n'anam. Is beag nach mbeadh duine gabhtha leis an litridheacht choitcheann atá ann an lá go dtáinig de na Waverley Novels a bheith chomh fairsing leis an aer. Chlaoidhfeadh sé duine go mór leabhra bheith gann aige, agus ní mó ná maith go bhfuil a fhios agam cá bhfuighead forthainn díobh. Tá mo chuid féin go léir díolta, mo shean-cháirde, agus ní fhéadfainn leigean do mo bhean bhocht aon phinginn a chaitheamh ar leabhraibh dhom, agus gan aici féin acht an beagán. Nach mór an cailleadh d'fhear a raibh tóir ar leabhraibh aige a chuid leabhra féin a chailleadh, agus nárbh fhusa dhuit an cosán in do gharrdha féin a shiubhal ná a n-osgailt agus an rud a bhí uait fhagháil. Ba geall le daoine aitheantais iad, breathnughadh sa gcúl ortha, nó ar an gclúdach. Ní feasach mé sógh ná sadhaile a bheith ar sheilbh ríogh is deise
deigh-bhéasaighe (cé nach raibh Parc aux cerfs go dona) ná an chóir a bhí ag Feardorcha mór ar a chuid leabharlann. Bhí chúig phálás aige, agus bhí sé chomh gnóthach agus go gcaitheadh sé cuid mhaith aimsire ins gach ceann aca. An leabharlann céadna bhí ins gach ceann aca, leabhar den tsraith chéadna, an clúdach céadna ortha, agus iad leagtha san áit chéadna ar na foraibh. An mhéid chéadna, an múnla céadna, an trusgán céadna bhí ins gach aon cheann aca, agus nuair shuidheadh sé chois na teineadh tráthnóna agus fhallaing chéadna air, agus na slipéirí céadna fa n-a chosaibh, bhíodh Feardorcha mór sa mbaile, cibé pálás aca i mbeadh sé. Agus dá mba codladh bheadh air i n-áit fonn léightheoireacht, níor bhain sin, bhí a fhios aige cá háit sa leabhar i mbeadh an rud a bhí uaidh, agus rinne sin cúis dhó chomh maith nó níos fearr arís. Feabhra 12°.- Tháinig an Hireach .i. an feadhmannach chugam indiu, le n-innseacht dom gur hórduigheadh don ghoibhearnóir mé leigean don Ros, agus go bhfuighinn cead mo chos ar fud ceanntair áirithe annsin acht go mbeifidhe san áirdeal orm. Is cosmhail go bhfuil an chuid is measa den sgéal tharm mar sin, sé sin, má shroichim an Ros beo. Níl an Doch. de Hál cinnte go sroichfead. Deir an Hireach liom freisin go bhfuil mí-shástuidheacht mhor ar dhaoinibh sa Ros, fa rádh is go leigfidhe daoir isteach ortha, acht nach bhfuil mórán áird ag an Riaghaltas sa mbaile ortha, ó thárla gan ag clamhsán do réir chosamh- lacht, acht beagán aca. Chítear dhom-sa gurb ait an rud na daoine sa Ros a bheith 'na ndreamannaibh i dtaobh ceist dá samhail sin, nach n-éireochaidís go hiomlán go feargach, agus d'aon aonta, i n-aghaidh a leithéid sin d'ainbheart. Acht is aca féin is fearr atá fios a ngnótha.
Ní bhaineann sé dhom-sa. Acht mo chuid-se dhe, is cuma liom cá rachaidh mé acht gan fanacht i mBermuda. Feabhra 22°.- An chéad lá den mhí seo hosgluigheadh an Phairliméid i Londain agus tugadh óráid na Bainríoghna. Tá an Bhainríoghan onórach ag iarraidh na cumhachtaí tharr cionn a bhí aici i nÉirinn a fhágáil aici fós, sé sin, gan Acht an Habeas Corpus a chur i bhfeidhm, acht cead aon duine a thogrófaidhe, é a shacadh isteach i bpríosún, gan coir ar bith a bheith ina leith; óir tá na daoine mí-shuaimh- neach sa tír sin fós, adeir an Bhainríoghan onórach, cé gur maith an sgéal nach dtáinig sé 'na chogadh. Mí- shuaimhneach fós! d'éis a ndearnadh le feabhas a chur ortha; d'éis daingin chosanta an Reachta, an Habeas Corpus agus na Coistí Fromhtha a mhilleadh ar a son, agus ar son an “dlighe” a choimhlíonadh? tar éis a dtug an riaghaltas de chumhachtaibh, de choistibh, agus d'arm do na tighearnaibh talmhan go mbánaighdís agus go ndíbrigh- dís na daoine, ar mhaithe leis na daoinibh freisin ar ndóigh. Agus iad mí-shásta 'na dhiaidh sin! Maiseadh níl aon rud ann chomh diombuidheach leis an bpeacach. Mí-shuaimhneas! Seadh buidheachas le Dia go bhfuil. Aibreán 1°.- Lá na n-amadán. Tá an Márta caithte, aon lá fada righin déag ar fhichid, agus níor tháinig an long fós a thiubhradh don Ros sinn. Táim i gcruth an bháis le tinneas. D'innis an Doch. Warner dhom, sin é an dochtúir atá os cionn na long príosúin, gur labhair sé leis an Doch. de Hál cúpla lá ó shoin, i dtaobh mo dhroch- shláinte, agus an an-chaoi atá ar an gcró so i bhfuilim, agus gur iarradar araon ar an ngoibhearnóir leigean mé athrughadh arís go dtí long an osbuidéil, an áit i mbeadh seomra níos fearr go mór agam, agus a lán córach eile, acht níor éirigh leo. Ní raibh a fhios agam-sa
gur iarradar sin, ná níorbh é mo thoil é iarraidh, mar ní iarraim tada, nó ní ghním aon chasaoid fa'n gcóir atá orm. Acht dubhairt an Doch. Warner liom dá mba aon phríosúnach eile san áit a bheadh chomh dona tinn liom go gcuirfidhe isteach san osbuidéal leith-bhliadhain ó shoin é, agus gan an goibhearnóir a cheadughadh i n-aon chor faoi. Ní mór leo a leigean ortha fós gurab eagal leo na Meiriocánaigh a theacht ga mo thabhairt as géibhionn dá n-aindeoin, agus measaim anois nach raibh annsin ó thús go deireadh acht leithsgéal. Agus tá an múchadh ga mo chíopadh agus ga mo thachtadh anois, d'oidhche is de ló; an ghaoth ghéar thais i dtuaidh ag séideadh isteach orm, go múchann sí an choinneal orm amanna san oidhche, óir is sean-long í seo agus tá ciumhais na fuinneoige caithte ó bheith dhá síor-osgailt is dhá dúnadh, agus ní luigheann an fhuinneog go maith sa seas. Níl aon teine agam, ar ndóigh. Ní mó ná go maith a thuigim cionnus arbh áil leis an “Riaghaltas” go gcaithfidhe liom: an amhlaidh gur órd- uigheadar do mo lucht coimhéad a bheith go lághach liom nó mé a mharbhughadh. Dubhras sin leis an Doch. Warner indiu, agus ní dhearnaidh sé acht a cheann a chraitheadh. Is ait an sórt lághaidheacht é go cinnte le fear atá tinn, é choinneál deich mí i n-uaimh mhí-fholláin leis féin. Acht táim ag feitheamh leis an luing a thiubhras don Ros mé. An Neptune is ainm di, 7,000 tonna a hualach, agus d'fhágaibh sí Sasana an 15° den Fheabhra. Táid siad ag súil léi anois lá ar bith feasta. An ghaoith nimhneach so i dtuaidh a mhúchas an choinneal orm san oidhche, tá súil agam go bhfuil sí ag líonadh na seolta móra gaoth- ghabhaltacha aici agus dhá seoladh anuas chugainn.
An 8° Caibidil. 1849, Aibreán 2°.- In mo chró dhom ar an Dromedary. - Deich mí indé ó cuireadh ar longais i mbroid mé - deich mí as cheithre bliadhna déag, fágann sin ocht mí dhéag ar fhichid ar chéad. Cá bhfuil an duine daonna a gheobhadh an t-éadóchas agus an diabhal a throid an fhad sin, leis féin? agus é chomh haonraic leis an gcorp nach bhfuil uime acht an aisléine. Aibreán 5°.- Tháinig an Neptune agus tá sí le seoladh fa cheann coicidhse. Is iad atá go gleithearánach, cloisim, sa Ros fa phríosún a chur ar bun ann, agus má's dá n-aindeoin atáthar dhá dhéanamh, is mór go dearbhtha an tíorántacht agus an t-anfhorlann é. Acht níl aon tsuim ag lucht an ughdaráis annso sa ngleo. Deir siad gur lán glaice de lucht fuar-chrábhaidh an easaontais atá dhá bhunughadh. Bhíos ag léigheadh tuairim leathan, leitheadach, as Tait's Magazine i dtaobh leabhar nua a sgríobh an sgríbhneoir sin a sgríobhas don riaghaltas, agus nach féidir a thuir- siughadh .i. Tomás Mac Amhalghadha. Stair Shasana atá sa leabhar, agus is forust aithne dhom ó na giotaibh a chuireas Tait síos ina irisleabhar aisti, gur sompla ughdarásach í den léirmheasadóireacht a déantar i nDún Monaigh, agus gur sgríbhneoireacht mhór-ghlórach agus innsin ghortach atá uirthi, agus fearacht gach uile rud dá
sgríobhann an fear céadna fa stair Shasana, go bhfuil sí gan phrionsapáilteacht.* Aibreán 12°. - Tá cosg le dánacht na Sagsan i nÉirinn fa dheireadh, má seastar ina n-aghaidh go teann anois. Rinneadh an Dubhthach a fhromhadh an dara feacht, nó an treas fheacht, fá n-a chuid méirleachais, agus buaileadh muinntir na Corónach arís; sé sin, chinn ortha an Dubhthach a dhaoradh, agus is ionann sin agus dearg- bhualadh dhóibh. Sé an chruth atá ar an obair anois an chruth ina rabhas ag iarraidh a gcur ó thús. Is náireach feasta leis an “Riaghaltas” an oiread sin coistí a phacáil chomh follusach sin i ndiaidh a chéile, sin no ní glic an rud é feasta dar leo, agus dá bhrígh sin leigeadar duine nó dhó de lucht aon-bharamhla an Dubhthaigh féin ar an gcoiste a rinne a fhromhadh. Bhí a fhios aca-san ar ndóigh nach bhfuigh- eadh aon Ghaedheal i nÉirinn coir a dhéanamh i n-aghaidh Bainríoghan Shasana, agus ní hé amháin gur shaoradar é acht mhol cuid aca an spioraid náisiúnta a theasbáin an t-aighne a rinne a chúis a phléidhe ar a shon; agus theasbáin- eadar sin tré “buachaill thú!” “goirim thú!” a rádh, agus tré bhualadh bos. Is maith ceart an nídh sin, agus is sásamhail. Tá “dlighe” na Sagsan i gcontabhairt i *Bothwell, an tasmáin, 4° Lughnas, 1851. - Léigheas an leabhar féin annso, óir níl leabhar níos coitcheanta sa domhan anois ná í, agus tá sí i leabharlann an bhaile seo. Cuimhneachán:- Dhá imleabhar de leabhrán poiliticeach atá sa stair seo, leabrán glic, gasta, ábalta, tútach, gan doimhneacht ar bith ann. Tá an sgríbhneoir deas ar an léightheoir a mhealladh le tládh-fhocal nó dhó, (agus is corr-dhuine atá deas air sin a dhéanamh,) nach gcuirfeá aon tsuim ionnta dar leat, agus deas ar shraith de na bréagaibh is uathbhásaighe ar bith a innseacht leis an bhfoirbhriathar is deise d'iarrfá. Agus rud is measa ná sin, ní chreideann go bhfuil subháilce ar bith sa duine; cruthuigheann sé nach raibh i bPenn acht gailín suarach, ó thárla go raibh an ghráin aige ar na dlighthibh peanaideacha, agus déanann cineál laoch bromuiceach as an Tárr- thadóir dall ón Tír fo Thuinn.
nÉirinn. Acht céard a dhéanfas an tighearna Clarendon anois, mo dhuine bocht? Ní fhéadfadh ná ní leomhfadh an cath so a chur air, agus saoilim go ndéanfaidh sé an chéad choiste eile a phacáil ós árd, nó go ndaorfar an fear so neart gan cheart; óir ní hé amháin gurb é an Dubhthach eagarthóir an Nation acht is é an fear é a bhrostuigh leis an mBrianach an cogadh a thosughadh i dTiobrad Árann. Dá mbeidís gan a leanmhain féin níos fuide anois bhíodar buailte, agus is tig leis an Dubhthach an riaghaltas a ruagadh amach sa bhfairrge. Is tig, acht an ndéanfaidh sé é? Bhfuil sé de mhisneach aige? Mo chreach! is ro-fhollusach gur ghabh sgannradh agus creathadh an duine gránna. Cad do dhéanfadh sé agus iad dá fhromhadh acht fiadhnuise a thabhairt i láthair nach raibh aon droch-cháil air? Rinne go deimhin, thug sé daoine do láthair dhá chruthughadh go mba fear é a raibh deigh-thréithe ann, agus ní hé sin amháin, acht dhá chruthughadh nach duine é a dhéanfadh dlighe ná reacht a bhriseadh. Dhearbhuigh an tAthair Tiobóid Maitiú agus an tEasbog a Bláca go mba duine ro-shéimh, deaghmhóideach é, agus nárbh é an cineál duine é chor ar bith a dhéanfadh foiréigean i n-aghaidh an dlighe, ná achrann a tharraing ar an bpobal - tá baoghal air. Tugadh an Coireallánach do láthair freisin, do dhearbhadh go raibh cáil mhaith i gcoitchinne ar an bpríos- únach - agus ba cheart go mbeadh a fhios sin go maith ag an gCoireallánach. Agus rud is measa ná an t-iomlán, beagnach, shaoil an duine bocht an milleán a chur ó n-a dhorus féin fa'n sgríbhneoireacht a bhí i gceist, dhá rádh nárbh eisean an sgríbhneoir. Is bocht suarach an obair í sin, acht mar sin féin mara ngéilltear go hurghránna ar fad níl aon teacht as ag an Riaghaltas. Cuireadh ar ais fa ghlas é, agus caithfidh siad a fhromhadh an chéad
tseisiún eile, agus ní mór dhóibh an coiste a phacáil go han-dlúth nó - seadh, is breagh an rud riaghaltas “fial” “carthanach” Shasana a bhfuil “dul ar aghaidh” ann a bheith sa gcruth sin. Beidh an-imnidhe orm go gcloisead cad a thiocfas den chéad fhromhadh eile. Faríor ghéar gan duine éigin i nÉirinn a theannfadh leis an námhaid anois! Faríor gan é sa bhfear so a dhualgas a choimhlíonadh! D'fhéadfadh an Dubhthach sin cáil agus onóir shíorruidhe a shaothrughadh dhó féin dá leigeadh a cháil bhreagh phearsanda dhó. Caith- fear leanacht den díospóireacht dlighe sin go dtéighe ag taobh éigin ar an taobh eile, ní dhéanfaidh sé cúis ar bith gan an cath a chríochnughadh; ní mór gach uile sheafóid reachta a sguabadh as an mbealach agus an áit a réidhteach fa chomhair an chatha deiridh. Ní mór cath Reachta na nGaedheal a thabhairt i mbosga an choiste i dtosach, a thabhairt annsin ar na sráideannaibh, agus ar mhachaire an dubhshláin fa dheireadh. Tugadh ar siubhal indiu mé den Dromedary, gan fuagra noiméide a thabhairt dom gur cuireadh ar luing an os- buidéil arís mé. Seolfaidh an Neptune fa cheann seachtmhaine, agus tiubharfar cúpla lá san osbuidéal dom is cosmhail, le mé a ullmhughadh fa chomhair an aistir fhada sin, “ar fhaitcheas,” ars an Doch. de Hál, “go mbeadh ortha thú a chur sa bhfairrge idir seo agus an Ros.” Deir sé go mba an-deacair dhó an socrughad sin féin a dhéanamh ar mo shon, agus go mb'éigin dó dearbhadh go rabhas ro-thinn le cur ar bórd luinge, agus go mba baoghalach nach sárochainn an t-aistear. Ní raibh aon tsaoileachtáil agam mé bheith chomh dona sin. Mo mhall- acht dóibh, d'óbair dhóibh mé a mharbhadh. Gidheadh ní shaoilim go ndéanfaidh an t-aistear aon díoghbháil dom
ná go bhfuil aon bhaoghal báis orm anois. Ba eadh ba mheasa dhom mé a choinneál i ngéibhionn annso liom féin. Agus cé gurab anbhfann, lag mo cholainn, níor airigheas mo chroidhe ná mo mhisneach níos láidre riamh, míle buidheachas le Dia Uile-chumhachtach ar a shon. Sgamaill ghránna a bhí ag bagairt orm sgaipeadar agus d'imthigh- eadar ar ceal. Tá an t-aer níos glaine thart timcheall orm anois, agus mothuighim m'aigne ag claonadh chun an deagh-ruda. Mínigheadh feallsamh éigin an t-adhbhar atá leis an iongantas sin dom, tré ealadhain na nádúire nó tré ealadhain na hintinne, cibé cé aca is fearr leis; mínigheadh sé cé'n fáth don aigne neartachan do réir mar lagas an cholainn, agus dá ghoire dá mbéidh an duine don bhás, cé go mbeadh i ngéibhionn, agus i measg a náimhde, cé an fáth an dóchas, an suaimhneas, agus an do-chlaoidhteacht a bheith ag éirghe ina chroidhe. Mo chuid- se dhe, má tá obair le déanamh agam, measaim nach leig- fidh Dia dhom bás fhagháil go ndéana mé í, agus go dtiubh- raidh Sé as an uachais seo mé ina am féin; agus mara bhfuil, tá a fhios aige cad is fearr dhúinn go léir, agus tá fhios agam go gcuirfidh Sé cáirde agus stiúrthóirí os cionn mo chloinne, agus cáirde agus stiúrthóirí níos fearr ná mar bheadh ionnam-sa go bráth. Is tig leis slighe agus inneall fhagháil, nach gcuimhneochadh mo chroidhe-se air, le n-ar dtír bhocht a árdughadh as an draoib, agus a cur go hárd idir na náisiúin, agus sonas agus séan a chur ar a daoinibh. Seadh, níl aoinneach nach dtiocfaidh dom' uireasbha, agus má cailltear ar longais mar so mé, is comhartha cinnte liom é sin gur fearr as mé ná ann. Agus na dhiaidh sin ní iarrfainn acht maireachtáil agus mo chuid oibre a dhéanamh; mo chlann féin a thógáil, mo dhualgas a choimhlíonadh, agus an ceart a dhéanamh imeasg
na ndaoine agus an fhírinne a labhairt chomh fada agus is léar dom í. Agus déanfad sin má's é toil dé é; marab é, toil Dé go ndéantar. Tá an Doch. de Hál go han-laghach liom agus an- fhreastal dá dhéanamh aige orm. Tá faoi, is dóigh, an oiread sláinte a thabhairt dom an fhad is bheas mé annso agus tá ionnam a shughadh isteach. Tháinig athrughadh ar an aimsir freisin, go bhfuil sé na shamhradh againn arís. Is go hobann a tháinig an t-athrughadh, i gcruthamhnas go bhfuil gach uile rud in m'fhabhar. Is geall le parrdhas dhom na hoileáin atá thart timcheall an chuain mar a bhfuil an Tenedos ar ancoire annso, d'éis an long lobhtha príosúin sin i mbéal an duga fhágáil dom. Tá garrdhanta glasa toraidh ortha, doirí dorcha cedir, agus trágh chumhang gheal gainmhidhe. Aibreán 13°.- Bhí sé de shásamh agam go bhfuaras amharc anois go díreach ar na páipéir nuaidheacht, (is cuma cionnus, ná cé thug an t-amharc dhom), agus chím gur chuir na Seiks thréana an cath amach 's amach ar an námhaid sa bPunjab. Tá árd-ghoibhearnóir na hIndia ag imtheacht i mbarr an anma agus trom-shluaighte leis, go dtuga sé congnamh don tighearna Mac Eothach, agus is dóigh dhóibh tamall maith a thabhairt ag troid go dian. Gan aon aimhreas troidfidh na Sasanaigh ar a seacht míle dícheall féachaint an dtiocfadh leo a gcáil a fhagháil ar ais, ba chuma dá mbeadh ortha an tír a fhágáil ar fad ar an toirt 'na dhiaidh sin, tar éis a creachadh agus a fágáil ina fásach mar rinneadar le Cabool. Acht tiocfaidh sé an-chuimse airgid ortha, agus ní hé a bhfuighe siad de chreach i gcathair nó dhó a íocfas iad. Go gcuid- ighidh Dia leis an deagh-obair sin. Is mór an rud an briseadh.
Dála na hEorpa iomorra, is aisteach an roinnt atá náisiúin annsin a chur ortha féin. Tá na Sasanaigh, ag moladh na hAustria agus ag iarraidh a mealladh, d'éis a bheith cheana ag cuidiughadh le lucht fuasgailte a chothughadh i Lombardí. Mothuigheann na Sasanaigh gur gearr nach mbeidh aon déanamh d'oireasbha Austria aca, agus maidir le Austria, níl aon déanamh aca-san d'oireasbha na Rúise, agus tugann sin an Sasanach agus an Rúiseach chun a chéile. Níl an Ungáir claoidhte fós acht an oiread, cé go raibh páipéir malluighthe Shasana dhá mhaoidheamh go raibh. Sé a mhalairt sin de chosamhlacht atá uirthi, óir is amhlaidh is dócha dhóibh, má fhaghann siad congnamh ó na Pólándraibh Austria a chur i n-íochtar. Agus bí cinnte annsin nach dtaithneochaidh leis an Rúiseach cáirdeas a bheith idir an Ungáir agus an Phóland, agus an dá thír sin a bheith ag tabhairt dubhshlán impearóirí, agus sáithfidh sé a chlaidheamh isteach san achrann. Tá an Francach ar bís annsin, agus a bhratach treodathach aige, agus an Lomdarach, an Eadáil agus an Ghearmáin, iad ar fad ag corrughadh; agus annsin ní mór le onchú na Breataine (nó an leomhan, mar thugas an t-ainmhidhe sin air féin) brostughadh air, cé gur go mall é agus i n-aghaidh a tholach, óir b'fhearr leis go mór ag búirfeadhach is na hIndiachaibh, nó sa Saolann Nua, nó i nÉirinn (nuair a bheadh na hairm bainte de na daoinibh annsin aige). Agus tá mí-shuaimhneas ar na daoinibh i nÉirinn, agus is mór an sgéal le duine sin, acht is gearr go mbéidh sé le teasbánadh ag Éireannaibh má tá ionnta tada a dhéanamh seachas a bheith go síorruidhe ag clamhsán fa n-a bhfuil dhá fhuiling aca. Agus tá na Gearmánaigh go saotharach, ar feadh an ama so, ag iarraidh rud éigin ar a dtugaid Reacht a dhéanamh
dhóibh féin i bhFrangfurt, acht déanfaidh rí Phrúise, agus an sean-ainmhidhe atá i Hanouer déanfaidh sin neimhnidh dhe sin agus cuirfidh cúl na láimhe leis. Ní sháróchaidh an Reacht an lá measaim, agus annsin níl aon dá roghain ag an nGearmáin Thuaidh, ag an bPrúise, ná ag Hanouer, acht riaghaltas puiblidheachta a ghabháil chuca. Ní leigfidh ríghthe ná árd-diúicí dhóibh gan sin a dhéanamh, agus tiocfaidh an lá go bhfeice na daoine iad féin i gcath le ríghthíbh agus le ríoghachtaibh i gCologne agus i gCassel, i gCarlsruhe, i mBaden agus i mBerlin, agus tuigfidh siad nach bhfuil aon mhuinighin le cur as ríghthibh, nach seasfaidh siad cor ná connradh, ná margadh ar bith a dhéanfas siad le n-a ndaoinibh; agus nach bhfuil tada eile le déanamh leo, nuair a bheas a n-oifig gan mhaith, acht cogadh dearg a chur ortha, agus an choróin agus an ceann i n-éinfheacht a bhaint díobh. I gcruthamhnas go bhfuil an Ghearmáin ag ull- mhughadh a cion féin de raic na hEorpa. Dála na bhFrancach, is cosmhail go bhfuil siad tógtha suas do láthair ag cur chaoi ar a ngnóthaibh féin, agus ní dhéanfainn aon iongnadh dhe dá ndéanaidís an rud is aistighe ar bith, agus dá ndéanaidís cosair asair shul 's bheadh a ngnótha réitighthe i gceart aca, óir is aisteach an duine croidhe é an Francach. Acht mar sin féin, nuair thiocfas an lá chuige, níl aon aimhreas nach bhfaighfear an Francach calma san áit ar cheart dó a bheith. Séideadh an stoc aon uair amháin agus béidh seisean ina ionad chóir féin, agus a chlaidheamh le n-a cheathramha síos. Sin é an chóir atá ar na gnóthaibh chomh fada agus thuigim-se iad, acht b'fhéidir dhóibh athrughadh crotha a bheith ortha ar ball. Agus go deimhin is mór is cás le duine a chlos ó óráid Bhainríoghan gheanamhail na Breataine go bhfuil na Gaedhil go mí-shuaimhneach.
Tá cluiche croidheamhail ar tí a imirt. Agus an bhfuil orm-sa mo shaoghal a chaitheamh ag cneadach i gcarcair adhmaid annso ar an muir mhóir, nó ag tabhairt aire d'fhin- eamhnaibh na hAfraice, agus mé i ngéibhionn fa réalt- bhuidhntibh na deisceirte, agus ríoghachta agus náisiúin dhá gcailleadh agus dhá mbuadhachtáil? Ní shaoilim é. Aibreán 20°.- D'éirigh an aimsir go breagh séimh annso, agus is áluinn ar fad an feic atá ann, idir spéir agus muir agus tír. Aon ancoire amháin atá as an luing seo ó n-a gob, agus do réir mar athruigheas an ghaoth tá amharc agam d'oidhche is de ló ó m'fhuinn- eoig ar na hoileánaibh go léir, agus iad mar bheidís ag dul thart timcheall. Sgairteann an ghrian isteach in mo sheomra amanna nuair bhíos sí ag éirghe, agus b'éidir an tráthnóna céadna ar a dhul faoi dhi go mbeadh sí ag sgairteadh isteach sa bhfuinneoig chéadna; agus ar maidin lá ar n-a bháireach nuair d'osglochainn mo shúile (óir tháinig mo chodladh ar ais dhom) b'éidir go bhfeic- finnan lá ag gealadh arís agus mo cheann ar an adhairt agam, agus an taobh thoir de San Seoirse ina chaor liath-ghorm áluinn. Sin é an gar do dhuine a bheith na chomhnuidhe ar long príosúin a mbeadh sgartadh áirithe gréine uirthi seachas a bheith 'do chomhnuidhe ar an talamh, mar a mbeitheá go dall támáilte. Tá long mhór na brataigh tuairim agus dhá mhíle uainn, agus an Neptune ar a cúlaibh. Long sheaghanta go leor í, agus meirg long cogaidh i n-áirde ar bharr a croinn. Is cosmhail go bhfuil sé de cheart aici an mheirg sin a bheith i n-áirde uirthi ó thárla oifigeach ar bórd. Sé an t-oifigeach é an dochtúir, agus sin é an feadhmannach a mbéidh na príos- únaigh fa n-a smacht. Athrughadh i mbáireach atá an Neptune le seoladh.
Dubhradh liom go raibh cóir ar sheomra beag ar leith dhom-sa, agus dorus amach ar an mbórd deireadh air, ionnus go mbeadh otium cum dignitate agam ar feadh an aistir, mar d'fheilfeadh do dhuine uasal. Aistear! aistear go hAfraic. Osglaim mo shúile amanna, agus tugaim cuimilt chruaidh do mo chluasaibh, agus fiar- fuighim díom féin an mé atá ann i n-aon chor. An féidir gurb é seo an duine céadna a bhí 'na Sheán Mhis- téal tá tamall ó shoin ann, a bhí 'na chomhnuidhe i Sráid Uachtarach Leeson tráth, agus atá anois ar tí seoladh ar bórd na luinge áirde úd go thír na bhfear ndubh, agus na bhfear ndubh-bhuidhe, go tír na bhfeilméaraí Hol- landach agus na bhfiadh bhfiadháin? Níl aon aimhreas air, is cosmhail, seo í mo cholainn - seadh mhaisge - “Me vel extremos Numidarum in agros classe releget.” Seadh go deimhin, tusa, a Sheáin Mhistéal, atá do chomh- nuidhe ar long príosúin anois i mBermuda agus an uimhir 2014 ort, tá tú ar tí a dhul thar an líne agus na haigéin deisceartaí a threabhadh ar lorg Pharthaláin Dias. Nach ait mar bhíos na línte agus na siollaí filidh- eachta sin as teangachaibh coimhightheacha ag rith tré mo cheann, agus mé san uaigneas i bhfuilm annso. Dhá laghad dhá mbéidh le tabhairt fa deara ag duine, dá laghad dá mbéidh le déanamh nó le fuiling aige, nó le feiceál den tsaoghal, is amhlaidh is fearr a chuimhne b'éidir ar a ndeacha sé thríd; agus bhéarfaidh an chuimhne agus
an aigne adhbhar smuainte dhó, mara bhfuil aon adhbhar le feiceál ná le cloisteáil aige. Mar sin don té chailleas radharc a shúl, géaruigheann an éisteacht aige, le congnamh a thabhairt dó i n-áit an amhairc - óir géaruigheann céad- fadh ag duine do réir mar milltear céadfadh eile - agus do réir mar tá duine gan aon bhaint a bheith aige leis an saoghal láthaireach, is amhlaidh is soiléire don aigne an saoghal a caitheadh. Is iomdha rud a ndeachas-sa tríd in m'óige, agus a raibh dearmad déanta agam air, a thagas in mo cheann anois; tá an t-am chomh fada agus chomh huaigneach sin, agus gan le déanamh agam acht an oiread is dhéanfadh an t-eistre nó an t-ainmhidhe nach mbeadh a fhios agat an ainmhidhe é nó luibh; is iomdha rud díobh a gcuimhnighim ortha agus mo chuimhne ortha chomh húr agus chomh glan agus dá mba anois a bhéinn ag dul thríotha. Línte agus giotaí as leabhraibh a léigheas fiche bliadhain bán ó shoin, tagaid in mo cheann anois, gan iarracht ar bith dhá dhéanamh agam ar a dtabhairt ar ais; agus dhá bhliadhain ó shoin ní chuimhneochainn ortha dá mbeadh mo shaoradh ón gcroich air. Cá raibh mo chuimhne na codhladh ar feadh an achair sin? Acht gan a dhul níos goire ná sin do bhruach na haibhéise móire, d'fheabhsuigh mo chuimhne go cinnte i mBermuda. Agus mo nuar! mo muar! is truagh nach línte filidheachta as Aeschylus agus as Horace an rud is measa in mo chuimhne. Tá mo shaoghal ar fad os mo chomhair, mar d'fheicfinn tré sgathán é, agus ní geal ná ní slachtmhar an feic é. Faríor nach bhféadaim aon deigh-ghníomh amháin fhagháil ann (i dteannta an ghníomha a rinne méirleach dhíom). Is truagh liom nach ndearcann sgáile séimh m'athar níos soineanta orm - agus faríor má tá an oiread d'adhbhar aige -
Ina óige go cinnte is eadh is coirpthighe an duine. Tá an diabhal thart timcheall orainn agus sinn óg. Neamh- urchóid na hóige ar ar thrácht na sean-fhilí (rinneadar dearmad ar a n-óige féin) níl ann acht aineolas ar an olc. Tagann cion ag an leanbh ar an olc, do réir mar chuireas sé aithne air; agus tráth a mbíonn sé ag éirghe suas in' fhear, lán d'uabhar agus de mhacnas an tsaoghail, is minic annsin nach cruaidhe an chloch ghlas ná a chroidhe; tá sé chomh leithleasach sin agus go ndéanann sé Dia dhe féin, agus nach n-admhuigheann sé aon Dia eile. Má inn- sigheann sé an fhírinne agus a bheith cneasta dhó, is as corp uabhair é agus le míchéat. Níl aon chréatúr níos uilce as so go hifreann ná an fear breagh onórach sin. Creidim-se sin go dearbhtha. Maith ar bith atá le fagháil i nádúr an duine, is ó throid leis an diabhal, sé sin leis an duine féin, a thagas sé. Níl aon rud ann mar an bhfuiling, leis an salchar a ghlanadh den chroidhe; ní bhogann tada an croidhe cruaidh acht a dhul thríd an muileann dó. Agus ca bhfios domh-sa nach é Dia Uile- chumhachtach a chuir an phríosúntacht luinge seo orm-sa, tré n-a thrócaire, cá bhfios nach smachtughadh é a theastuigh uaim, agus nach ndéanfadh tada eile cúis? Bhí roinnt mhaith dá bhfuil de thrioblóid i gceann an duine cheana orm go deimhin; acht rinneadh faillighe roimhe seo ar an gcineál áirithe so oideachais a thabhairt dom .i. smacht phearsanta, agus inísleacht a chaitheamh liom. Níor tháinig sé riamh an té sin is mó bhí ar a chomhairle féin ná mé, ná is uaibhrighe bhí faoi, ná is mó a raibh dúil ina chomhairle féin aige. Agus an t-uabhar sin a dtugas srian dó, b'fhéidir gur leis a bhí call cosg a chur, ionnus go gcuirfidhe mo laige féin i n-iúl dom, ionnus go n-aireochainn nach láidre mé 'na dhiaidh sin ná Dia,
cruthuightheoir an iongantais agus an uathbháis. Agus dá bhrígh sin, cuireadh sgata bitheamhnach ag cogarnaighil in m'aghaidh agus comharthaí uaisleachta agus ionnraicis ortha, gur tiomáineadh ar siubhal go cró aduadhain mé mar a gcuireann eochraidh glas orm, agus fágtar annsin mé ag foghluim mo cheachta nó go mbeidh sé agam go maith, agus uain mo dhóthain agam le smuainiughadh ar chúrsaibh an tsaoghail. B'éidir gur b'é mo mhaith é a bheith annso, acht ná raibh maith ag na bitheamhnachaibh uaisle ionnraice a chuir ann mé. Nach orm atá an tseafóid agus an tseodaráil, nó nach breagh nach gcuirim cosg leis an raiméis seo. Is geall le duine de chumann na leabhrán teagaisg mé ag caint; agus cé'n díoghbháil? Cad na thaobh nach labharfainn amhlaidh, mara ndeire mé acht an fhírinne?. Ní fuláir do dhuine gan eagla bheith air roimhe thada, dá mba é a leigean isteach i gcumann na leabhrán teagaisg féin é. Acht an iomarca atá le rádh agam, agus pé aca sin é, is náireach liom a bhfuil de pháipéar breactha agam, agus a bhfuil fúm féin ann. Dá mba i ndaingean uaig- neach féin é níor cheart d'fhear an oiread sin áird a bheith aige air féin, ná a tháibhle dhílse a bhreacadh ag cur síos air féin. Cé mise, le go dtiubhrainn cluas chomh mór chomh measamhail sin dom féin, go dtí amháin mo smuainte a chur síos ar pháipéar? Cé mé féin? nach mé ar ndóigh an Mise - an Mise céadna a bhí dhá dhearbhadh ag Fichte a bheith ann? Agus nach tabhachtach an duine sin - ní headh, acht an bhfuil a mhalairt ann? Táim i n-aimhreas anois nach raibh riamh aon duine eile ann acht an Mise - nach raibh Fichte féin ann ná an t-eochraidh. Is mise an tIomlán. Acht a inghean bhig ghleoite! tá
tusa freisin ann saoilim, i n-ionad éigin sa domhan mór. Aibreán 21° - An Satharn. - Támuid le seoladh i mbáireach go cinnte, agus an posta ba cheart a bheith againn ó Shasana dhá lá ó soin, níor sroich sé fós sinn. B'éidir go mbeadh orm anois imtheacht don Ros gan mo litir míosa d'fagháil ó Iubhar Chinn Tragha; agus cá bhfios cé méad mí bheas mé annsin sul 's gheobhas mé sgéala goidé mar tá mo dhaoine múirneacha? Pé aca sin é, níl aon airgead agam, ní leigfinn a chur chugam annso, acht sa litir dheireadh d'iarras cúpla punt a chur chugam i dtreo nach mbéinn gan pinginn gan bonn nuair cuirfidhe i dthír mé ar mór-roinn na hAfraice. Níl agam de maoin an domain acht cúpla sgilling agus b'éidir go mbead orm obair a dhéanam mar atá ar an bhfear dubh-bhuidhe. Nach deas an bhail é sin ar “dhuine uasal foghlumtha.” An galtán, an Scourge, ina ndearnadh mé fhuadach ar siubhal ó thús, tá sí annso le cúpla lá, d'éis a bheith sna hIndiachaibh Thiar; agus anois díreach seol sí go Sasana le deireadh a chur le n-a cuid seoltóireacht. Trí thamall a chaith sí ar ancoire i mBermuda ó tug sí annso mé, agus is minic a rinneas iongnadh dhe nach bhfacas aon oifigeach dá raibh uirti ó'n gcuairt a thug an dá oifigeach orm i dtosach. Gheall an chéad oifigeach go cinnte go dtiubhradh sé corr-chuairt orm, agus níor tháinig seisean i n-aon-chor. Tá an t-adhbhar agam ar fad anois, ó na páipéir nuaidheachta. An t-uigingeach atá ar an stáisiún, is cosmhail go dtug sé trom-mhilleán do Chaiptín Wingrove, nuair chualaidh sé nár caitheadh liom ar an turas mar chaithfidhe le daor coitcheann ar bith eile. Rinneadh an-chaint de i mBermuda agus i Sasana, agus d'fhiarfuig daoine uaisle sa bPairliméid de na
ministéaraibh fa'n órdughadh a tugadh i dtaoibh an daoir, an Mistéalach .i. cár ith an daor réamhráidhte a a chuid bídh, agus cé bhí ag ól i bhfochair an daoir chéadna; agus bhí pobal Shasana chom coruighthe agus chom feargach sin go mba baoghalach go ndíbreofaidhe an feadhmannach croidhe as an tseirbhís. Is cóir a rádh annso go raibh an ceart ar fad ag pobal Shasana. Ba daor dá ríribh mé, nó níorbh' eadh. Marar dhaor mé ní raibh aon cheart mé a fhuadach ar siubhal cor ar bith; má ba daor mé níor cheart a dhéanamh liom acht go díreach mar dhéanfaidhe le daoraibh eile. Acht nuair fríth amach go rabhas ar aon bhórd leis an dochtúir, agus le oifigeacha na luinge a thug ó Áth Cliath go Corcaigh mé, tháinig is cosmail fear-is- barr feirge ar phobal na Breataine. Is suarach an t-iongnadh gur ghlac pobal na Breataine masladh faoi sin. Nach rabhadar dhá síor-bhollaireacht i bpairliméid agus i bpáipéir nuaidheachta, gan trácht ar a gcoiste áirithe féin, dá fuagairt i n-árd a ngotha go mba méir- leach é an fear so, agus an amlaidh nach raibh aoinneach le fagháil 'na dhiaidh sin a dhéanfadh méirleach dhe, ná a chaithfeadh leis mar chaithfidhe le daor? Agus an dochtúir bocht a bhí ar an Shearwater (ó is air a thuit an chuid is mó den milleán cibé fáth bhí leis), bhí roinn an loingis den riaghaltas ar dearg-bhuile leis, go mb'éigin bréaga éigin a chumadh dá chosaint. Ní fhacas an leithsgéal bréag- ach sin, acht léigheas an leithsgéal bréagach a tugadh ar son Chaiptín Wingrove an uair dheireadh tarraingeadh an cás anuas sa bhfeis ghallda. Chím anois go bhfuil an sgéal ar siubhal aca ann le tamall fada, agus má bhíonn dúil ag Robuson nó ag Locart nó ag an gCoirnéal Verner, feisire eisean ó chondae Árdmacha, má bhíonn fútha na ministéaraidhe a chur i dteannta, éireochaidh siad
'na seasamh, ó am go ham, agus fiarfochaidh siad goidé mar caitheadh leis an Mistéalach, an daor, ar a bhealach go Bermuda dhó? cé bhí ag comhrádh leis? ar baineadh an ghruaig de an nós a mbaintear de dhaoraibh eile í? agus an raibh sé dá choinneál ag obair annsin sna coil- éaraibh mar ba cheart? Chím sa Times an uair dheireadh cuireadh na ceisteanna sin go ndubhairt Uigingeach Dundas éigin (tighearna de roinn na maruidheachta é, creidim), gurab é órdughadh tugadh i dtaoibh an Mhis- téalaigh, an daor, go caithfeadh feadhmannach na luinge leis ar an aistear mar chaithfidhe le daor ar bith, agus a choimhéad i n-áit ar leith, ionnus nach mbeadh sé imeasg oifigeach na luinge, acht nach raibh an dara seomra sa Scourge, agus go raibh ar an gCaiptín Wingrove é thabhairt isteach ina sheomra féin agus a chuid bídh a thabhairt dó ar an aon bhórd leis féin, acht gur coinnigh- eadh ar leith ó na hoifigeachaibh eile é. Nach beag a mhairg a chuireas sé ar na bitheamhnachaibh sin na bréaga a innsin. An chéad chás de, atá seomra ar leith sa Scourge, rud nach fuláir nó tá a fhios ag tighearna so roinne na mar- uidheacta go maith, agus ba é an dara seomra céadna mo sheomra-sa. Chodluigheas ann, ba liom féin ar leith é, agus bhí bórd, cathaoireacha agus iomdhadha ann, i gcruthamhnas go bhféadfaidhe mo chuid bídh a thabhairt dom ann dá ndéantaidhe an t-órdughadh a thabhairt. Acht níor tugadh an t-órdughadh sin. I leabaidh órdughadh d'fhagháil do Chaiptín Wingrove caitheamh liom mar chaithfidhe le daor, hórduigheadh dhó go sonnradhach caitheamh liom mar chaithfidhe le “duine uasal.” Ná ní fíor acht an oiread gur coinnigheadh ar leith ó na hoifigeachaibh mé, chaitheas urmhór an ama ar bórd fré na n-oifigeach.
Ionnus gur bréag gach ar dhubhairt an t-uigingeach so go huile agus go hiomlán, an bhréag a bhí ag Dundas ó thús go deireadh. Táim cinnte nach raibh Caiptín Wingrove rann-pháirteach sa mbréig. Agus chím fós má d'innis an tUigingeach Dundas na bréaga i bhfo-theach na feise, gur innis an tighearna Lansdowne na bréaga i n-árd-teach na feise. Cuireadh ceist den tsórt chéadna air-sean san árd-teach, agus d'innis sé do na tighearnaibh go mb'fhíor gur tugadh cead d'fheadhmannach an Scourge caitheamh leis an bpríosúnach mar cheapfadh sé bheadh feilteach, mar gheall ar gan an Mistéalach a bheith ró-láidir ina shláinte. Níl annsin acht an oiread acht bréag. Níor tugadh an cead sin do Chaip- tín Wingrove: níor chualaidh Caiptín Wingrove focal ar bith fa mo dhroch-shláinte, ná fós na ministéaraí. Ní dhearnas casaoid ar bith ar mo shláinte an uair sin. Ionnus gur innis an dá bhréagadóir Stát sin na bréaga go mí-stuamdha, de bhrígh nár innsigheadar an bhréag chéadna. Go bhfortuighe Dia orainn, agus go maithe sé ar bpeacaí dhúinn ar fad. Adhbhar fíor-shuarach cainte seadh é sin, acht dá shuaraighe é chuireas síos an meid sin faoi, óir b'éidir go mbeadh orm tagairt dó arís. Ba ro-chuma dhom-sa cá leag- faidhe mo bhéilidh fúm, no cé bheadh ar dinnéar ag aon bhórd liom. Ó ghabh mo náimhde i láimh mé, thugas de chleachtadh dhom féin suidhe síos, nó éirghe im' sheasamh, nó tosuighe ag siubhal do réir mar déarfaidhe liom é, mar dhéanfadh fíor-phríosúnach; agus biadh ar bith a cuirfidhe os mo chomhair a ithe gan tada a rádh. Níorbh onóir ar bith liom suidhe chun búird le Caiptín Wingrove, ná níorbh easanóir liom é dá gcuireadh siad slabhraí
orm agus mé a chaitheamh isteach sa daingean is íochtaraighe bhí ina luing. Rinne riaghaltas na Breataine a ndícheall orm nuair thugadar “Méirleach” mar leasainm orm agus dhíbrigheadar ar siubhal ó mo thír féin mé; ní gheobh- aidís féin ná aon tseirbhíseach dá raibh aca an míghníomh sin a mhéadughadh ná a laghdughadh, dá dhéine ná dá shéimhe dá mbeidís liom. Acht cheana, tá cathughadh orm fa'n ainbheart a d'fhuiling pobal na Breataine, - pobal fial, calma, mór-chroidheach na Breataine. Aibreán 22° - An Domhnach.- An lá deireadh agam i mBermuda. Maidin gheal earraigh í, agus ar n-osgailt mo shúile dhom an chéad rud a chonnaiceas: long an phosta fa shiubhal treasna an chuain (agus an cuan chomh mín leis an ngloine) go dtí an dug. Gheobhad mo litir ón Iubhair. Tá bád le theacht in mo choinne tar éis na céad-phroinne. Níl aon chinnteacht agam mo leigean ar siubhal gan mé a cheistniughadh, agus mé a chuartughadh b'éidir ar lorg páipéar. B'éidir go mbainfidhe an leabhar cuimhneacháin seo dhíom, agus má chuireann aoinneach duadh a léighte air féin is eagal liom go bhfuighfear focal tuarganta nó dhó ann, annso is annsiúd. Níor ceistnigheadh fós ariamh mé go deimhin fa rud mar sin, ná níor cuartuigheadh mo mhála amháin; agus fa lucht an ughdaráis annso, níl a fhios agam an gceapann siad go bhfuil a ndualgas dá choimhlíonadh san méid sin aca nó maran gceapann. Bheadh uirnis sa mála sin agam le glais a bhriseadh i ngan fhios dóibh, nó liomháin, nó cúpla piostal, seadh, nó inneall diabhalta éigin eile. Níl a fhios aca-san nach ag ullmhughadh tuarganta agus mí-shuaimhnis a chaitheas an uain sgríbhneoireachta a bhí agam, agus gur gearr go
bhféada mé a chraobhsgaoileadh. Acht sin é a ngnó-san, ní bhaineann sé dhom-sa. Mar sin féin tá mo leabhar in mo phóca agus an fhuinneog osgailte, nó go mbéad ar mo bhealach i gceart agus má déantar aon chuartughadh tá fúm mo smuainte luachmhaire a chaitheamh sa bhfairrge agus meadhchan a chur ar an leabhrán a thiubhras go tóin puill í. An ceathair a chlog. - Támuid ag seoltóireacht, agus na doirí cedir i mBermuda ag dul faoi, taobh thall do fhonnsa ceodhach na cruinne. Sin é foircheann mo “Bhrionglóidí se ar Oileánaibh an tSamhraidh.” Fuaras mo litir as baile. Nár laghach múinte an mhaise don ghoibhearnóir é a cur chugam tar éis a dhul ar bórd dom, agus le linn an Neptune a bheith ag imtheacht? Táid, siad ar fad go maith sa mbaile. Sgríobhas litir fhada, chroidheamhail chun mo mhná, óir tá crut níos fearr orm anois do réir chosamhlact. Tá an lá ag gealadh dhúinn. Tá feabhas mór ar mo shláinte i n-achar gearr agus is dóigh gur ag teacht ionnam a bheas ar fairrge, agus b'éidir go dtiubhradh an aimsir ar ais ar fad í san Afraic. Agus ní cosmhail go bhfuil fá'n “Riaghaltas” mé choinneál sa Ros ar fad, tá an tighearna Grae ag caint ar rud éigin a dtugann sé “párdún ar chonnradh” air, agus go bhfuil sé le fagháil ag príosúnaighibh rachas don Ros, acht chúig phunta dhéag a thabhairt air. Is eadh thiocfas dhe sin go mbéidh na príosúnaigh saor ar longais, sé sin go mbéidh cead aca a dhul ina rogha áit acht amháin gan a dhul go hÉirinn, go Sasana, ná go hAlbain. Má fhéadaim an sgríbheann sin d'fhagháil ar £15 (cibé ainm atá air) ceannochad é go cinnte, agus measaim gur deagh-mhargadh go cinnte ar an airgead é. Nach cuma dhom-sa iad a tabhairt “párdún” air? Dá dtugaidís
logha generáilte air nó orrtha i n-aghaidh greim an mhadaidh bhuile, cheannochainn go fonnmhar rud a thiubhradh cead dom imtheacht agus gan a bheith fa bhratach nimheanta na gCarthagíneach. Acht mara ndíoltar an “párdún” sin liom-sa, dá dhonacht an cás agam, ní bheidh orm acht fanacht cúpla bliadhain 'mo chomhnuidhe i gcúinne cúl- ráideach i n-áit éigin i Stellenbosch no i Suellendam idir mo mhuinntir féin, na feilméaraí ón Tír fá Thuinn, na daoine croidhe, thart timcheall orm, agus mé ag saothrughadh na talmhan mar árd-athair; nó mar thréad- aidhe ag fosuigheacht na gcaorach, go dtige am mo shaortha. Chítear dom go bhfuiltear i n-aimhreas fós i dtaobh a dhul i dtír sa Ros. An tuairisg deireadh a tháinig chugainn ón áit, ag neartughadh atá siad i n-aghaidh sinn a leigeann i dtír. Acht an t-árd-dochtúir atá i gcionn an Neptune .i. an Doch. Dees, deir sé liom go bhfuil órdughadh cinnte aige don ghoibhearnóir thall, .i. Sir Enrí Mac Gabhann, an fhuireann fré chéile a chur i dtír nuair bhainfeas sé caladh amach. Agus na dhiaidh sin, má tá i ndán agus go bhfuil na daoine thall ar aon fhocal, nó go leor aca féin, gan na daoir a leigean isteach ina dtír, agus má táid siad go láidir ina aghaidh sin is anfhorlannach, tarcuisneach an rud do riaghaltas Shasana na daoir a éigniughadh isteach ortha dá n-aindeoin. Ní brígh bheag ar bith do dhuine a thír agus a thalamh a mhilleadh le sgata méirleach, díogha agus dríodar an chine ó impireacht mhór eile, agus iad sin a bheith ag cur fútha agus ag ullmhughadh na hanachain. Ní dhéanfainn aon iongnadh dhe dá mbeadh órdughadh ag Sir Enrí Mac Gabhann nuair shroicfeadh muid ar Ros sinn a chur anonn don Austráil.
Mo chuid féin de, ní hé mo roghain seoladh ar an luing seo agus an fhoireann atá uirthi, agus gan a fhios againn nach mbeithidhe dhár dtabhairt thart timcheall an domhain, agus sinn ag teacht fa'n dorus ag gach oileán agus ag gach mór-roinn, i ndóigh go dtiubhraidhe dídean do 300 duine coimhightheach nach bhfuil aon deagh-chuma ortha; acht níl aon dá roghain agam-sa, mar táim ag teicheadh le m'anam. Acht cheana, is fearr liom a dhul go hAus- tráil féin, agus i n-éinfheacht leis an gcomhluadar so ná geimhreadh eile a chaitheamh ar na oileánaibh samhraidh seo, agus dar go deimhin ní héadruime mo sparán (níl ann acht trí sgilleacha déag) anois ná mo chroidhe agus mé ag bualadh fa'n aistear so. D'fhágas an bás 'na thaidhbhse 'mo dhiaidh idir na cedir dhubha, agus dá leanadh mac urghránna na stríopaighe féin sinn ní bhéarfaidh sé orm sa long so atá ag imtheacht fa na seolta brat-ghaoithreacha. Bainfead deich ngrádh is trí fichid de chrios an domhain de rása as, treasna bealach bliadhna na gréine go dtí réigiúin nár sgairt an Beithir Mór ariamh ortha, agus má thagann an Feithideach modardha suas liom annsin troidfead é an fhad is bhéas ionnam cosa chorrughadh. Dhá mhí bhainfeas ar n-aistear don Ros asainn, do réir mar mheasaid. Hurá! mar deireadh sean-Domh- nall bocht: is éadtrom é mo chroidhe indiu, níl baoghal nach dtiocfaidh rud éigin nua as ar n-aistear don Afraic agus ba dual máthar di arrachtaí a thabhairt ar an saoghal.* Sean-Domhnall bocht! ba hé féin an sean-fhear iongantach, cumasach, agus an sean-fhear greannmhar, tútach! Is é bhí binn-bhriathrach, gáiridhe geala aige a
mheallfadh an t-éan den chraoibh, agus croidhe a leaghfadh le truaigh! agus fós fear bréagach, fealltach, cealgach. Nár ríoghdha agus nárbh uiríseal an duine é! níor ghéire súil, ná níor chumasaighe greim an iolair uasail ar Charn Tuathail ná mar bhí aige, níor thútaighe uirísle an gadhar, ná níor chruadh-chroidhigh an dubhán alla ná é. Féach an óráid a rinne sé ar son Sheáin Mhig Aodha, an píosa cainte ba cumhachtaighe a rinneadh ó roimh aimsir Demostenes, agus féach annsin an teoir taibhdhseach neimh-bhríoghmhar ag moladh don phobal brostughadh go síothchánta móralta. Ariamh ó chuimhnigh an chéad fhear ar adhbhar bréige do bhaint airgid amach, níor facthas a leithéid sin d'inneall puiblidhe feille. Agus má chuimh- nuigheann duine ar sin féin, agus ar thuilleadh le n-a chois, cad is féidir le duine a rádh? Ní féidir, acht amháin guidhe nár ba donaide Domhnall Ó Conaill atá na luighe i gcré na hÉireann é: agus an Dia mór a raibh a fhios aige le créatúr chomh hiongantach leis a chruthughadh go ndéana trócaire ar a anam. Aibreán 23°.- Tugadh seomra beag an-tsalach annso dhom, agus fuinneog air as a bhfeicim an bórd deireadh uaim. Na saighdiúir nach bhfuil ag obair, táid siad ag spaisteoireacht thart ar an mbórd deireadh, ag comhrádh is ag caitheamh tobac dhóibh féin. Tá na príosúnaigh 'na sguainibh ar an mbórd tosaigh, ar an seomra sa ngob agus ar an mbadhbhdhún, agus éide príosúin Bhermuda ortha. Níl aon chead aca a theacht go deireadh na luinge. Tá sé saordhálach agam-sa siubhal thart ar an mbórd uachtarach deireadh, agus is fada fairsing agus is glan an áit é, áit mhaith spaisteoireacht. Bíonn dhá oifigeach de bhárda an airm ag siubhlóid annso freisin, agus ag caitheamh tobac.
An Doch. Dees a gairmthear den dochtúir atá ina fheadhmannach annso. Is é atá n-ar gcionn ar fad, agus tá éide dochtúir loingis air. Tháinig sé isteach in mo sheomra chugam ar maidin indiu, agus bhraitheas cad a bhí uaidh, agus shanntuigheas tabhairt faoi, ionnus go dtuigfeadh sé féin agus mé féin a chéile, agus go mbeadh suaimhneas againn ó n-a chéile ar feadh an aistir. Thosuigh sé ag innsin dom gur socruigheadh i mBermuda an chóir chéadna bídh, agus rl., a thabhairt dom a bhí ag na hoifigeachaibh, agus dá mbeadh tada uaim a innsin dó-san, sé sin don Doch. Dees. Dubhras leis go rabhas lán-chinnte nach dteastochadh éinnídh uaim - agus pé aca sin é, go mba gnáthach liom gan tada iarraidh, ná gan aon chasaoid a dhéanamh, agus maidir leis an socrughadh áirithe a rinneadh ar mo shon-sa nár thuigeas chor ar bith cé'n fáth a mbeadh cóir ar leith ag dul domh-sa thar mar bhí ag dul do na príosúnachaibh eile. “Sé a bhfuil d'eolas agam-sa air,” ar seisean, “gur órduigh Goibhearnóir Bhermuda sin a dhéanamh. Is oth liom,” adeir an dochtúir, “go gcaith- fir a bheith aonraic ar fad annso agus nach féidir leat a dhul go seomra na n-oifigeach, ná labhairt leis na hoifig- eachaibh atá ar gárda. Ní hé go mbeadh aon diúltadh agam féin romhat, ná ag na hoifigeachaibh acht an oiread, is dóigh lion, acht is amhlaidh atá an cás - é an cás é -” “Is amhlaidh atá an cás,” arsa mise, “go dtiubhraidhe thusa agus iad féin síos sa bPáirliméid, mar tugadh an Caiptín Wingrove, agus go mb'éidir go ndéanfaidhe sibh a fhromhadh i gcúirt airm.” “Go díreach; sin mar tá an sgéal ar fad.” “Maith maiseadh,” arsa mise, “ná cuireadh sin imnidhe ar bith ort. Ón lá a ndearnadh príosúnach dhíom-sa, agus nach tig liom mo rogha comh- luadar a bheith agam is fearr liom mo chomhluadar
féin ná aon chomhluadar eile. Is mór an dul amudha do na daoinibh croidhe atá sa bPáirliméid a mheas gur onóir ná socamhal ar bith liom-sa a bheith sa seomra oifigeach is fearr atá i loingeas na Bainríoghna; agus maidir leis na hoifigeachaibh atá i gceist agat mara mbrúghaidh siad iad féin orm bí cinnte nach mbrúghfad- sa mé féin ortha.” D'fhan an dochtúir tamaillín ina shost, agus dubhairt annsin, “De dhéanta na fírinne, do cuid-se dhe, tá faire géar i gcomnuidhe is cosmail ar aon oifigeach a bhfuil aon bhaint aige leat; agus tar éis a ndearnadh de chaint sa BPáirliméid agus ag bórd roinne na loingseoireacht fa'n gCaiptín Wingrove agus fa oifigeachaibh an Shear- water níl duine againn nach eagal leis donas éigin a tharraing air féin.” “Is cosmail,” arsa mise, “nach leor mise a dhaoradh agus a dhíbirt gan dá roinn an reachta agus roinn na loingseoireacht agus roinn na bhfo-thíortha a bheith d'feacht is d'áirithe ag déanamh a ndícheall ar mé a choinneál in mo posta nua .i. in mo mhéirleach; ní headh, act ag déanamh a ndíchill ag iarraidh a chur na luighe ar a gcuid féin oifigeach a leigean ortha féin chor ar bith gur daor ná méirleach mé.” Rinne sé gáire, agus dubhairt go mb'fíor sin. “Acht go deimhin,” ars eisean, “ní maith go bhfuil a fhios cad is fearr a dhéanamh leat. Saoilim nach aon fhonn atá ar an riaghal- tas a bheith dorrdha leat, ná caitheamh leat mar caithfidhe le daor coitcheann ar bith eile, agus 'na dhiaidh sin ní mór leo an pobal a shásughadh. Is amhlaidh atá an sgéal is deacair an cás a réiteach.” “Is suarach an t-iongnadh sin,” arsa mise, “is trioblóideach agus is doilghe an obair gníomh éagcórach ar bith a thabhairt chun críche. Dá mba méirleach mé, tá
a fhios, agat, níor cheart go mbeadh deacracht ar bith sa gcás. Agus goidé an diabhal ciall atá aca le ”dorrdha,“ ná le gan fonn a bheith orm a bheith ortha caiheamh liom, mar chaithfidhe le daor. Is méirleach mé nó ní méirleach mé.” D'amhduigh an dochtúir sin. “Agus,” adeirim-se, “maran méirleach mé gur méirligh na daoine a chuir annso mé.” Níor tháinig sé liom ná in m'aghaidh sa méid sin; níor chríonna an mhaise dó é dar leis, is cosmhail, agus níor chuireas chuige sin é. Acht rud nár bhain liom-sa ar leith dubhairt an doctúir: “Is minic nach sábháil ar bith ar sheirbhíseach puiblidhe an rud ceanann céadna a hórduigh- thear dhó a dhéanamh, óir níl cead aige an t-órdughadh a fuair sé a teasbánadh, dá mbeith i ndán agus go mbeadh an pobal ag casaoid fa'n rud a rinneadh. Ní mór dhó an milleán a thógáil air féin agus eisean a bheith síos leis i leabaidh an riaghaltas.” “Tá a fios agam go maith,” arsa mise “gurb é sin an gnás. Árd-oifigeach ar bith atá i seirbhís Shasana is tig leis, mar shaordháil, leithsgéal ar bith is maith leis a cumadh agus a chraobhsgaoileadh dá chosaint féin agus do chosaint an riagaltais, agus an milleán a chur ar dhuine atá faoi. Agus an duine atá faoi, caithfidh sé an sgéal a fhíorugadh, cé gur ab é a sgrios féin a thiocfadh dhe. D'féadfadh an Caiptín Wingrove tuairisg éigin a thabhairt ar an ngnás sin, agus an Caiptín Elliot freisin, ó n-a ndeacha sé féin thríd sa tSín. B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat nach ndearna sé acht go díreach an rud a hórduigheadh dhó; acht nuair a ceapadh nár éirigh leis, bhíodar ar buile leis sa bPár- laiméid agus ins na páipéir nuaidheacht; acht mar sin féin ní fhuigheadh sé an t-órdughadh a tugadh dhó a luadh, agus b'éigin dó bheith gabhtha leis an leithsgéal a thogair na min- istéaraí a chumadh. Agus níl aon aimhreas agam nach
leigfeadh an riaghaltas an Caiptín Wingrove a dhaoradh i gcúirt airm anois, agus nach gcuirfeadh sé blas mairg ortha, d'éis go ndearna sé go díreach mar hórduigheadh dhó, dá mba é breitheamhnas na cúirte go ndearna sé gníomh nach ndéanfadh sé dá mb'oifigeach é ná duine uasal. Mar sin, a dhochtúir, ní fuláir duit dhá airighe dhá mbeidh tú.” Bhí an dochtúir ag éirghe mí-shuaimhneach fa an gcineál cainte bhí agam, acht ní leigfeadh an mhodh- amhlacht dó treasnuigheacht a chur orm, rud a raibh ughdarás aige a dhéanamh, agus nuair mhothuigheas sin tharraingeas sgéal éigin eile chugam. Fear séimh modhamail soineanta é. Saoilim go dtaithneochadh sé liom - mar shíléar. Níl puth gaoithe as aer indiu, agus tá feiceál fós againn ar theach soluis Bhermuda. Tugadh príosúnach dhom mar is gnáthach le bheith ag freastal orm, agus thug sé congnamh dhom le caoi a chur ar mo sheoimrín. Béidh mé sa mbaile annso go cheann dhá mhí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services