Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 1

Title
Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a 1
Original Title
Jail Journal
Author(s)
Mitchel, John,
Translator
Ó Neachtain, Eoghan
Composition Date
1910
Publisher
Goill, M. H. agus a Mhac, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Bealtaine 27, 1848. - Fuaduigheadh mise .i. Seán
Mistéal, tuairim an 4 a chlog árd-tráthnóna, agus
sguabadh ar siubhal i ngeimheal mé ó Bhaile Átha Cliath
agus mé daortha mar “mhéirleach.”



Bhí mé tar éis coicidhis a chaitheamh sa bpríosún sa
nGeata Nua. Rinneadh mé a fhromhadh do réir chosamh-
lacht i bhfiadhnuise dhá réag de choisteoiribh coitcheann
an Chaisleáin, sgoilteadh a lán de bhaoth-chaint an dlighe,
agus annsin “daoradh” mé (chomh maith agus dá mbeadh
dlighe, ná ord, ná riaghaltas, ná ceart i nÉirinn).
Barún de phór ársaidh corcra Bhrunsuic .i. Lefroy, a
thug an bhreith orm, agus ní dhearna sé aon fhonomhaid de
.i. mé chur i bpríosún thar sáile ar feadh cheithre bliadhna
déag. D'fhilleas ar ais go dtí mo sheomra sa bpríosún,
agus d'fhágaibh mé slán ag mo mhnaoi agus ag mo dhá
bhuachaill bheaga bhochta. Cúpla noiméad tar éis iad
imtheacht uaim tháinig an coimhéaduidhe príosúin chugam,
agus culaidh ghlas de gharbh-éadach ina láimh leis. Cuir-
fidh tú ort iad seo, ar seisean, ar an toirt. Chuireas
orm iad ar an toirt. Tháinig an glór ó cheann an
staidhre. Fágtar a chuid éadaigh féin air, ag imtheacht
dó. Dubhradh liom mo chuid éadaigh féin a chur orm
arís. Chuireas. D'fhiarfuigheas cá raibh mé le tabhairt.
Ní fhéadfainn a rádh, ar an fear. Déan deabhadh. Bhí
mála siubhail liom sa seomra agus roinnt éadaigh ann;


L. 2


d'fhiarfuigheas an dtiubhrainn liom é. Ní thiubhrair;
déan deabhadh. Tá mé fa réir mar sin, agus leanas dó
síos na staidhrí.



Bhí roinnt constáblaí agus coimhéadaidhthe príosúin
sa gcúirt bheag ar a dhul amach dhúinn. Bhí dhá gheimheal
iarainn ina láimh ag duine aca, agus deifir an domhain
ortha, shaoilfeá, chomh maith agus dá mbeadh rud tábh-
achtach éigin le déanamh, agus é ar a chailleadh. Acht
níor ghábhadh dhóibh aon deifir a bheith ortha, bheadh sé chomh
maith dhóibh a ngnótha a dhéanamh mar is gnáth leo .i. go
righin, réidh, neamhshuimeamhail, go gruamdha acht go
stáideamhail.



Dubhradh liom mo chos a chur suas ar shuidheachán
cloiche bhí leis an mballa, gur chuir constábla ceann de
na boltaibh i bhfastódh ar chaol mo choise. Bhí an oir-
ead sin de dheifir dhá chur ag an muinntir eile leis an
gconstábla nach dtug sé uain dó féin acht a rádh: Seo,
beir ar an gceann eile so in do láimh agus siubhail
uait. Rugas, agus thóig mé suas an slabhra a raibh na
boltaí ar a dhá cheann, sa gcaoi nach mbéinn dhá tharr-
aing 'mo dhiaidh ar an talamh. Lean mé dhóibh amach
póirse an phríosúin (áit i raibh roinnt mhaith daoine
cruinn nó go bhfeicidís an “dlighe” ag baint a shásamh
amach) amach go dtí an dorus amuigh. D'fhanas nóim-
éidín 'mo sheasamh ar chéim ag béal an doruis agus
dhearcas thart timcheall orm: bhí carbad dubh na
bpríosúnach os mo chomhair, agus sluagh láidir de
phílears na cathrach ar gach aon taobh den tsráid; bhí
plód mór daoine taobh amuigh dhíobh agus iad go
duairc. Ní raibh focal asta. Bhí dreamanna den
mharcshluagh 'na seasamh feistighthe ag béal na sráide.
Shiubhail mé síos an staidhre beag agus tar éis a raibh


L. 3


de dhaoinibh cruinn ann ní dhearnadh aon torann acht a
ndearna mo shlabhra féin. Ar an toirt 's a ndeachas
isteach sa gcarbad dúineadh an dorus de thuairt. Gháir
duine éigin amach: Go dtí an Caladh Thuaidh, agus ní túisge
dubhradh sin, ná bhain na capaill as sna cosa in-áirde.
Chruinnigh an marcshluagh 'na bhfál thart timcheall orainn,
romhainn amach agus 'n-ar ndiaidh agus ar gach aon taobh
dhinn, agus ghreadamar linn go dtí an Caladh Thuaidh,
acht ní hé an bealach aithghiorra ná an gnáth-bhealach a
chuadhmar. Bhí an carbad lán de chonstáblaibh. Beirt
aca a raibh gnáth-chultacha cathruightheoirí ortha, shuidheadar
duine ar mo láimh dheis agus duine ar mo láimh chlé. Bhí
piostal ina láimh ag fear aca agus urchar ann, is
cosmhail go rabhas fa n-a gcúram-san go sonnradhach.
Thiomáineamar anuas an Bóthar Cruinn Thuaidh go
deifireach, agus ba léar dhom fa dheireadh go rabhamar
ag tarraing ar an abhainn. Sheas an carbad go hobann
agus seoladh amach mé go dtí balla na céibhe. Bhí fál
saighdiúirí ar gach taobh dhíom agus na claimhdhthe nocht-
uighthe ina lámhaibh aca. Bhí galtán an Riaghaltais ar
ancoire san abhainn .i. an Shearwater, agus í fa réir
le n-imtheacht, agus bád beag a bhain le long mhór cog-
aidh, istigh le balla, agus í lán de dhaoinibh, agus iad-
san lán-fheistighthe in-arm. Chuaidh mé síos an dréimire
agus ba deacair dhom é ag an slabhra, shuidheas i ndeir-
eadh an bháid le hais oifigeach maraidheachta, agus thug
dhá bhuille dhéag iomradh go dtí an galtán sinn. Bhí
roinnt mhaith daoine ag breathnughadh orainn ón gcaladh,
agus ó dhó nó trí longa a bhí in-aice linn. Ní raibh
focal asta, acht aon fhear amháin adubhairt: Go ngnoth-
uighidh Dia dhuit. D'fhuagair oifigeach pílears go fiadháin
air gan aon achrann a tharraing, ar mhaithe leis féin.


L. 4


Chomh túisge agus thángamar ar bórd, an t-oifigeach a
bhí 'mo chionn thug sé síos go seomra na luinge mé,
dubhairt sé an slabhra a bhaint díom, agus fíon agus
uisge a thabhairt chugainn, agus thosuigh sé ag caint. Ba
fear íseal é, gruaig dhubh air agus é tuairim agus chúig
bhliadhna is dá fhichid d'aois, nó mar sin. D'innis sé
dhom go rabhas le tabhairt go hOileán Árda Neimhidh i
dtosach, oileán é sin atá i gCuan Chorcaighe agus
príosún air, acht nach raibh seisean ag dul thar Dhún
Laoghaire liom, an áit i raibh a long féin. Long gaile
arbh ainm di an Dragon a long, agus an Caiptín de
Hál a ainm féin. Is dóigh liom, ar seisean, go gcual-
ais fa'n mí-fhortún a d'éirigh don Nemesis. Is tusa
mar sin, arsa mise, an Caiptín de Hál a bhí sa tSín le
goirid, agus sgríobh tú leabhar. Dubhairt sé go mba
hé, agus do réir chosamhlacht bhí sé sásta go maith leis
féin, agus dá mbeadh an leabhar aige an tráth sin
bhronnfadh sé orm é agus fáilte. Shaoilfeá annsin go
dtáinig faitcheas air go gceapfainn go mba hé Caiptín
Basil de Hál é, agus d'innis sé dhom nárbh é Caiptín
Basil de Hál é go bhfuair seisean bás. Acht cé nárbh é
Basil de Hál é, sheol sé agus é na ghearr-bhodach ar aon
luing .i. an Lyra, le Basil de Hál. Is dóigh liom, ar
seisean, gur léighis a leabhar i dtaobh an turas mara
thug sé ar Insibh Loo Choo. Dubhras gur léigheas
agus leabhar eile leis a thaithnigh liom níos fearr go
mór ná an leabhar sin .i. Cúntas i dtaobh na hÉirghe
Amach i Chili agus i bPeru, agus i dtaobh an laoich
áluinn úd San Máirtín. Bhain sin gáiridhe as an
gCaiptín de Hál. Éirghthe amach a bhíos ag síor-rith thré
do cheann, ar seisean. Seadh, go fír-mhinic, bunáilte i
gcomhnuidhe. Is contabhairteach an obair í, an éirghe


L. 5


amach chéadna, agus d'fhreagair mé dhó: d'fhéadfá-sa
sin a rádh. Bhíomar i n-aice na céibhe i nDún Laoghaire
faoi seo. D'fhéach mo chara ar a uaireadóir agus
dubhairt go mbeadh sé i n-am fós ag an dínnéar; agus
go raibh sé le bheith ar dínnéar leis an bhFear Ionaid.
Bhí sé sa bPáirc ar maidin an áit i raibh an t-arm dhá
dtaisbeánadh féin agus tugadh órdughadh dhó go hobann
imtheacht agus mise a thionnlacan ón Dragon, é féin
agus foireann báid. Dubhairt sé go raibh aithmhéal air
go raibh air a leithéid de sheirbhís a dhéanamh, agus gur
hinnsigheadh dhó, rud a chreid sé, go mba fear maith é
m'athair. Thugas freagra éigin air. Thug sé cuireadh
dhom a dhul ar bórd leis. Bhí foireann báid ag
ullmhughadh báid agus iad gléasta i gcultachaibh máir-
néalach agus airm aca. An comh-mháirnéalaigh iad so?
arsa mise, agus dhírigheas mo mhéar chuca. D'fhéach
sé go haisteach orm, agus rinne meanga beag gáire,
maiseadh seadh, ar seisean, is máirnéalaigh iad. Chuir
sé iongnadh air a ghéire agus bhí mé agus máirnéalaigh
aithneachtáil, agus gan cultacha airm ortha, acht is
amhlaidh chuireas an cheist air gan cuimhniughadh orm féin
ná gan fhios agam cérbh iad. Acht, ar sé, go mear,
máirnéalaigh ár saighdiúirí mara ar fad. Is dóigh liom
é, arsa mise.



D'fhágaibh Caiptín de Hál .i. caiptín an Dragon,
slán agam annsin agus dubhairt sé ag imtheacht dó go
mbeadh sé d'uain aige é féin a ghléas fa chomhair an
dínnéir. Chuireas beannacht leis agus d'imthigh sé go
dtí n-a long. Cheap sé gan aimhreas go mba iongan-
tach ciúin an duine mé; acht is ag Dia atá fhios an
croidhe. Bhí cnap mór in mo sgórnach an fhad is bhí an
giob geab cainte sin ar siubhal eadrainn, agus b'fhada


L. 6


fada uaim a bheith ag cuimhniughadh ar Peru ná ar Loo
Choo acht an oiread. Is uaigneach an teach atá i nÁth
Cliath, ag Droichead Chlármont anocht- tháinig mo
mháthair agus mo dheirbhshiuracha aníos nó go bhfeicidís
mé (an t-amharc deireadh gheabhaidís orm mara mbeadh
aon teacht as agam)- agus bhí cúigear páistí beaga ann
a raibh cion mór agam ortha, agus gan ceachtar aca san
aois go dtuigfidís an buille caillte buaileadh indiu
ortha, agus thar gach duine, thar gach uile dhuine, mo bhean.



Céard a dhéanfas siad? nó céard éireochas dóibh?
Is dóigh go bhfuil seilbh faoi seo ag foghluidhthibh an
Riaghaltais ar m'oifig agus ar mo pháipéar nuaidheacht,
ar mo chló agus ar mo leabhraibh agus ar a raibh agam.
Agus caithfidh siad an “comhartha measa” a ghlacadh,
rud a bhfuil an dearg-ghráin agam air. Agus nach raibh
fhios agam sin? Agus tar éis fios a bheith agam air
nach ndeachas sa gcontabhairt? Chuadhas, agus is maith
a rinne mé é. Ba mhór an t-uathbhás a raibh ar a chailleadh
agam go cinnte, acht ba mhór í an chúis agus ba mhór é
an riachtanas. Agus rud eile dhe, gach ar chuireas ar a
chailleadh ní bhéidh sé gan toradh a thabhairt. Agus tá
fhios agam nach mbéidh aon easbaidh ar mo mhnaoi, ná ar
mo pháistibh. An té ghníos soláthar d'éan óg an fhéich
dhuibh- agus cuireann sin i gcuimhne dhom gur fearr a
beathuigheatar an fiach dubh óg féin in Éirinn le bliadhan-
taibh gearra anuas agus éanlaith nach é a d'íosadh feoil
lobhtha, ná an Críostuighe.



Agus na dhiaidh sin 's uile cad 'na thaobh an fhulang
sin? Cé'n chiall a raibh sé riachtanach? Cé'n sochar a
bheadh dhom ann dá mbeadh an bhuaidh féin agam ar Riagh-
altas an námhad? Agus mara mbuadhochainn cé'n
sochar a bheadh ann dom? Céard tá dá bharr agam?


L. 7


Ceisteanna iad sin nach mór dhom a chur agus a
fhreagairt anocht, agus gurab é seo (b'éidir) an lá
deireadh a bhfeicfinn mé féin saor arís le mo shaoghal.
Tá cathair Átha Cliath ar ar gcúlaibh anois, agus an
cuan, agus na tighthe áille comhnuidhe le n-a n-ais, acht
daorchlanna gearánacha atá sa gcathair agus cladhairí
galánta ins na tighthibh. Tá an ghrian ag dul faoi taobh
thall de bheannaibh gorma Chille Mantáin agus sinn ag
seoladh thar Cheann Bhrí, an áit a gclaonann na cnuic
anuas go fada réidh óna Craoiseacha Órdha, an áit a
dtagann an abha anuas Gleann Sheanaganaigh ina sruth
gleordha glas-uisge go fairrge. Agus mise i n-úr-
thosach m'aistir, ag imtheacht romham go réigiúin uathbhás-
acha, anaithnid éigin. Agus b’éidir arís go deo, arís
go deo na ndeor, och, a Éire, a mháthair agus a bhain-
ríoghan, gan súil b'éidir a leagan ar ghleann, ar chnoc,
ná ar shruth shéiseach dá bhfuil ar t'fhuaid. Agus cé’n
fáth? Céard tá dhá bharr?



Cuirfidh mé síos annso cé’n fáth:



Sa gcéad áit, bhí mé leis an “Riaghaltas” eolgach
dá ngoirthear an Whig Government, ag síor-bhagairt
ortha, ag tabhairt a ndubhshlán, agus ag aithis ortha, bhíos
ag dul dóibh i gcruth is go mbeadh fhios ag gach uile
dhuine céard do bhí mé a dhéanamh, nó gur chuireas
d'fhiachaibh ortha coiste claon a thoghadh go puiblidhe, go
follusach, agus go haireach, ionnus go mbuailfidís
aon fhear amháin, agus dá bhrígh sin chuireas d'fhiachaibh
ortha a chruthughadh nach bhfuil réim reachta ar bith i
nÉirinn; nach do réir Dlighe atá an “Riaghaltas” ag
imtheacht acht d’aindeoin an dlighe; nach bhfuil ins na
coistibh a ndéantar daoine a fhromhadh os a gcomhair
acht coistí magaidh; agus nuair adeir na Whigs go


L. 8


bhfuil fútha na daoine a riaghlughadh go ceart, cneasta,
cáirdeamhail, i nÉirinn, gur bréagaighe iad ná Athair na
mBréag féin.



Ní leomhaidís mé a fhromhadh go cothrom os
comhair comhdhaoine mo thíre. Dá mbuailtí iad sa
bhfromhadh sin d’fhéadfainn leanamhaint dóibh nó go
mbeidís buailte amach ’s amach. Ba gearr go dtais-
beánainn d’fhearaibh Fáil cé’n chaoi a bhféadfaí poll a
dhéanamh thré n-a ndlighthe, agus ní hé amháin acht praiseach
a dhéanamh dhíobh féin is dá ndlighthibh.



Sa dara háit. - Ó thaisbeánas nach raibh Dlighe ná
Reacht le fagháil againn, bheadh súil ag duine go gcuir-
feadh sin deireadh le brostughadh dlisteanach, agus go
gcuirfeadh sé náire ar dhaoinibh labhairt arís ar chumh-
achta mhórálta .i. do réir mar thuig Domhnall Ó Conaill
an chumhachta mórálta. Agus ó thárla gan an mearbhall
sin ar dhaoinibh níos fuide, b'éidir go dtuigfeadh comh-
dhaoine mo thíre an fhírinne, agus seo í an fhírinne ghlan
.i. nach bhfuil aon leigheas ar an díoghbháil atá dhá
dhéanamh d’Éirinn, dhá dhéanamh dá muirghineachaibh, nach
bhfuil leigheas ar an gclaonrún, ar na claon-choistibh,
ná ar an díbirt a déantar ar Ghaedhealaibh as a dtighthibh
acht an t-aon lán-leigheas amháin, agus sin é claidheamh
an dá fhaobhar.



Chomh cinnte is tá Dia thuas sin í an fhírinne.
Chuireas m’anam agus mo chorp gurab í an fhírinne í,
agus cibé cad a thiocfas as béidh mé gabhtha leis. Má
chuimhnigheann duine go raibh Domhnall Ó Conaill agus
na sagairt dhá fhichid bliadhain dhá dhingeadh isteach i
gceann na ndaoine go mbadh chóir an réiteach a ghlacadh,
agus gan aon fhuil a dhórtadh, acht géilleadh don dlighe
(agus b’ionann sin agus a admhughadh go raibh riaghaltas


L. 9


ann agus go mbadh dlighe dlisteanach é an dlighe a
tháinig ó Londain, agus ba shin bréag a rinne an dearg-
thubaiste), tuigfidh sé a dheacracht is bhí sé don fhírinne
sin aon cheann ar aghaidh a dhéanamh, agus fós tuig-
fidhear a riachtanaighe is bhí sé an teagasg sin a mhúnadh
ós árd, agus an siabhrán seafóideach a chur i leath taobh.



An tríomhadh cás de. - Tá sé cruthuighthe do Chatoilic-
ighibh na hÉireann agam nach bhfuil siad saor fós, tar
éis a raibh de mhórdháil ortha mar gheall ar an toghadh i
gconndae an Chláir; ná nach leigtear dóibh a bheith ar
choiste choitcheann i gcúis phuiblidhe ar bith; go gcurtar
an toirmeasg sin ortha i n-aon turas, agus go
maoitéiseach; sé sin le rádh, ní cathruightheoirí iad ina
dtír féin, sé sin le rádh, is daorchlann iad, mar níl an
dara hainm ann le tabhairt ortha. Riaghlughadh le lámh
láidir atá ortha anois mar bhí riamh; agus má fhanann
siad umhal don riaghlughadh fanadh, agus ag an diabhal go
raibh siad!



Níl fhios agam céard a dhéanfas siad nuair a
chuirfear an ceacht sin in-iul dóibh. Tá fhios agam ar a
shon sin céard ba chóir dhóibh a dhéanamh. Breitheamhain,
dligheadóirí conganta, giúistíseacha agus a leithéidí
sin atá 'na gCatoilicighibh, badh chóir dhóibh a bpostaí a
thabhairt suas; constablaí atá 'na gCatoilicighibh, badh
chóir dhóibh na casógaí a chaitheamh dhíobh, mar is náireach
na casógaí dhóibh iad; saighdiúirí atá 'na gCatoilicighibh,
badh chóir dhóibh an t-arm a thréisgint; le sgéal gearr a
dhéanamh dhe, chaithfidís-sean a bheith 'na gcathruightheoiribh
ina dtír féin, sin nó praiseach a dhéanamh de ghnáth-
imtheachtaibh na ndaoine. Acht fa láthair sé a mhalairt
sin go léir a dhéanfas siad. Is diomdhach a bhéas
Catoilicigh measamhla an Chaisleán díom fa thaisbeánadh


L. 10


chomh follusach sin gur daoine truaillighthe iad. Saoil-
eann siad-san go bhfuil siad sáthach saor, agus bhéar-
faidh siad mallacht a ndéithe dhom, má tá a leithéidí aca.
A Dhia láidir! cár imthigh croidhe mór an taoisigh agus
an tanuiste uainn? Nach hé calamacht agus crodhacht Uí
Chonchubhair agus calmacht agus crodhacht Uí Dhomhnaill
Ruaidh atá ar iarraidh! Agus an é seo an cine is
stáideamhla bhí ar shliocht Shíol Chaucasius agus é 'na
ghorta ortha anois, iad fa tharcuisne, agus fa mhoghsaine?



Acht tá Catoilicigh óga ag éirghe suas - seadh agus
iad imeasg na gCatoiliceach atá sa gCaisleán, tá súil
agam, agus náireochadh siad a n-aithreacha, acht budh cliú
dá seacht sinnsear iad.



Sa gceathramha áit. - Ní stadfaidh an obair anois.
Rinneas cinnteacht de seo .i. go mbéidh an t-achrann atá
idir na Gaedhil agus an riaghaltas Carthagineach níos
treise agus níos tréine feasta ná bhí sé riamh; ag dul
i mí-shástuidheacht a bhéas na daoine; ní sheolfaidh Nice,
Bainríoghan Charthagin, anall go hÉirinn ina long
pléisiúir an samhradh so .i. 1848, mar do dheonaidh sí a
dhéanamh; cinnfidh sé ar gach uile riaghaltas Carthagin-
each dá bhfuil ann na Gaedhil a riaghlughadh; agus fa
dheireadh is fa dheoidh is amhlaidh bhéas Gaedhil agus iad
ag iarraidh Riaghaltas Puiblidheachta (nó Republic) a chur
ar bun.



Acht do tháinig an Bhainríoghan anall an bhliadhain dár gcionn,
mar bhí fúithi a dheanamh, agus bhí na Gaedhil chomh tútach agus
gur umhluigheadar sa lathaigh i gcomharthuidheacht a ndílseacht
bréige dhi. Is náireach le n-aithris é, acht cé gur náireach is
fíor é.- S. M.



Gach uile smuaine, agus gach uile bharamhail, dár sgríobhas,
i dtosach má’s taraingreacht nó eile iad d’fhágas amhlaidh iad.
Seasfaidh mé ar an bhfocal céadna fós, cé go bhfuil fhios agam go
ndéarfaidh daoine gur bhréagnuigh gníomhartha eile ’na dhiaidh sin
mé. Chífimíd go mbeidh gníomhartha eile ann na dhiaidh sin arís
agus gur bhréagnuigheadar-san iad-san. Is ionann diúltadh
a neamh-dhéanam agus posaid a dhearbhughadh.- S. M.


L. 11


Má rinneas-sa na gníomhartha sin, nó má chuidigheas
le n-a ndéanamh, nó má b’fhiú tada mo chongnamh do-
chum na ngníomhartha sin a chur chun tosaigh, agus maran
saint a bhí ga mo bhrostughadh, nó amplacht, nó mórdháil,
nach ndéarfadh mé gur maith a rinneas é? Nach amhlaidh
is teanntásaighe mé ar an aistear eistreánach atá romh-
am, seadh agus nach amhlaidh is éadtruime luighfeas mo
gheimheal orm, go nach mbéidh ann agam acht mar bheadh
fleasg blátha? Ní móide go mbeadh fhios agam goidé
mar tá an cluiche mór dhá imirt; ná ní móide go sroich-
feadh na páipéir nuaidheachta mé. B'éidir go bhfuighfidhe
sochar na hoibre go luath, agus níos obainne ná mar bhí
aon cheapadh agam, nó cá bhfios nach millfeadh amadán
an cás, nó nach ndíolfadh lucht braith é agus go mair-
feadh sin tamall? Maidir liom féin (acht is beag an
bhrígh sin) b'éidir go ndéarfaidhe go raibh grádh do mo
thír agam, agus go dtiubhraidhe mairtír orm - go bhfor-
tuighidh Dia orm - nó b'éidir gurab é a mhalairt de
sgéal a bheadh ann, agus go mbeadh sé aca ar fud na
sráideann, agus mar sheanfhocal nach raibh ionam acht
amadán; nó cá bhfios nac ndéanfaidhe dearmad díom
fa cheann míosa. Agus mo chuid-se dhe, béidh mé i bhfad
i gcéin i mball éigin, fa na Réaltbhuidhntibh Theas
b'éidir, agus mé ag obair liom ar m’obair príosúin,
gan fhios agam céard táid siad-san a dhéanamh. Nach
mór a thiubhrainn leith-bhliadhain ó indiu ar thuairisg fhágh-
áil ón Raghallach, nó ón Máirtíneach, goidé mar atá ag
éirghe leó!



Níl cladhaireacht ná fealltacht ag siubhal leis na
fearaibh is fearr againn, ná níl aon eagla orm go
bhfuil. Is díocasach deagh-labhartha an fear é mac Uí
Mheachair; fear calma i ngníomh é agus dá mbeadh call


L. 12


leis, fear a d’fhulaingeochadh rud go calma. Is truagh
liom nach smuainigheann sé ar a shon féin. Fear tréan
árd-intinneach é an Brianach, acht fear ceanndána,
collóideach, dochomhairleach; rugadh is tógadh ina dhuine
uasal freisin é, agus ó is Gaedheal dá ríribh é, ní
thuigeann sé nach Gaedhil iad a chomhuaisle, agus ní headh
acht dearg-náimhde do Ghaedhealaibh. Agus cá bhfuil an
té leomhfadh focal den fhírinne a sgríobhadh ná a chur i
gcló? Fanfaidh an Freeman gan spioraid agus im-
theochaidh sé do réir an dlighe nó go gcaithtear an droch-
aimsir. Béidh cruadhóg ar an Nation ag múnláil an
dream ar a dtugtar an “party” nó go mbidh siad go
díreach ar an nós a raibh an dream Girondist i nÉirghe
Amach na Fraince. Déanfaidh sé freisin idirdhealughadh
go haireach idir dhaoine fiadháine bharra an chnuic .i.
mise agus mo leithéid, agus daoine fíor-mheasamhla
mar na Lafayette-Lamartinists, agus is beag an mhaith é
a chur i n-éadan na ngnótha tábhachtacha atá le déanamh i
nÉirinn. An Diolúnach agus mac Uí Ghormáin, is maith
tréan na fir iad, acht níl siad sáthach fraochmhar. Acht
tá árd-mhuinighin agam as an Raghallach agus as an
Máirtíneach, acht ar ndóigh is iad-san an chéad bheirt
a bhéas alpuighthe ag arrachtach mara Charthagin. Beann-
acht Dé leo go léir, go dtreoruighidh Sé iad, agus thar
gach nídh, go dtuga Sé misneach do na daoinibh bochta!



Tháinig dorchadas ós cionn na fairrge agus sgairt
na réalta amach, agus sul d'imthigheas síos de bhórd
deireadh na luinge, an áit a rabhas ag dearcadh uaim ón
taobh den tsoitheach a bhí tugtha do thír, d’éirigh ceo trom
na hoidhche ar shliabh Cualann agus d’fhan sé ann ina
bhrat. Bhí an dá choimhéaduidhe le mo thaobh i gcomhnuidhe
.i. an dá chonsabal a raibh na cultacha cathruightheoirí


L. 13


ortha, agus dubhradar liom go raibh sé ag éirghe deir-
eanach agus go raibh an tae ullamh thíos. Chuadhas síos
dá bhrígh sin agus d’ólas tae ar nós na ndámh le
dhá airgheach. D’fhiarfuigheas de mo dhá charaid an raibh
fhios aca cá raibh ár dtriall. Dubhradar nach raibh fhios
aca tada, acht go mba dóigh leo go bhfágfaidhe ar
Oileán Árda Neimhidh mé; cheapadar gurab amhlaidh
dhéanfadh an Riaghaltas mé choinneál annsin tamall, go
dtéigheadh na daoine chun suaimhnis beagán agus annsin
go sgaoilidís bóthar liom. Maith, maiseadh, tá a
mhalairt de thuairim agam-sa, a cháirde na céille bige.
Ar thalamh na hÉireann, ná i ngar dhó, ní fhágfar mé
go cinnte. Cá gcuirfear mé mar sin? Tá príosúin i
gcríochaibh eile i n-imigéin ag muinntir Charthagin:
i nGibraltar, i mBermuda, san aigéan Atlantic ar
Insibh Nórfólc san aigéan Pacific; agus, thairis sin, tá
siad ar Oileán na Tasmáine agus i n-ilchríochaibh sa
mBreatain Nua Theas; óir ní theigheann an ghrian faoi i
n-aon chor ar na hiltíorthaibh i bhfuil daoine atá ag
éirghe amach i n-aghaidh na Breataine. Ní móide go
gcaithfidhe cheithre huaire fichead go mbéinn ag imtheacht
fá lán-tseol ag tarraing ar áit éigin aca sin. Acht
cibé áit i mbéidh mo phríosún is dóigh liom go bhfuil
neamh ós a chionn.



Solatháradh seomra maith dhom annso agus ba leor
d’fhear céachta a bheadh cortha d’éis a lae a bhfuil de
chodladh orm. Beannacht agat mar sin, a Éire, agus
ag a bhfuil d’achrann ionnat agus de stríocáil, de
bhollaireacht, de bhreallaireacht agus de shíor-bhaoth-
chaint. Beannacht agaibh, a cháirde, agus fós, a náimhde.
Agus beannacht agat, a chaomh-chéile mo chléibh, is tú
an bhaintreabhach anocht- acht casfar dhá chéile fós sinn.


L. 14


28. -Ar maidin Dia Domhnaigh. Maidin bhreagh gheal,
acht níl aon amharc againn ar thalamh. Fuaireas United
Irishman an lae indé in mo sheomra. Léigheas a raibh
ann. Buachaill, a Mháirtínigh! Fear maith, a mhic Uí
Raghallaigh! Acht, a bhuachaillí, sloigfear fós sibh. Tá
an “Riaghaltas” ag dul chun dubhshláin libh anois.



Tugadh cuireadh chun bídh dhom leis na hoifigeachaibh
agus leis na leaghaibh. Bhíodar go léir go han-tsíbhialta
liom. Fear breagh óg groidhe é duine aca, an dara
hoifigeach é, measaim, agus is gearr ó tháinig sé ón
aigéan Pacific, tar éis a bheith seacht mbliadhna ag seol-
tóireacht ann. Tá a chroiceann comh donn le croiceann
Ríoghan Pomaré. Éireannach é, acht is fearr an t-eolus
atá ar pholiticeacht i dTaiti agus i Hawaii aige ná ar
ghnóthaibh na hÉireann. Sgaip an ceo den talamh
tuairim an 10 a chlog, agus d'aithnigheas i bhfad ó thuaidh
uainn an cósta thart timceall ar Eochaill, agus Inbhear
na hAibhne Móire, agus Sliabh Cua ó thuaidh dhe sin, agus
a bharr liath-ghorm, bhí sé an fhad sin uainn. D'fhanamar
i bhfad amach ón talamh ar feadh na hoidhche, acht bhíomar
ag déanamh ar chuan Chorcaighe anois. Níor bhfada
go rángamar an cuan, agus fá cheann leath-uaire leig-
eamar ancoire amach ar aghaidh an Chóibh, i bhfoisgeacht
chúig céad slat d'Oileán Árda Neimhidh. Is truaigh-
mhéileach fhéachas an áit chéadna sin, agus d'fheicfeá uait
ar mhullach an chnuic ballaí fada an phríosúin agus
sreath gunnaí móra ann do chosaint an chuain. Hís-
ligheadh bád beag ar an toirt agus cuireadh foireann
innti. Mo cháirde a raibh na cultacha cathruightheoirí
ortha, dubhradar liom go dtógfaidís ortha féin gan na
slabhraí a chur orm ag dul i dtír dhom (mar is mór
a thógas constáblaí ortha féin i nÉirinn). An caiptín


L. 15


agus an t-árd-oifigeach, d'fháisgeadar ortha na claidhmhthí
agus shuidheadar from i ndeireadh an bháid. Ba ghearr
gur shroicheamar an t-oileán, agus ar a dhul suas an
casán dúinn, agus sinn i dtír, casadh duine uasal
aosta dhúinn, fear camalta bhí ann, agus dubhairt: An
Mistéalach, is dóigh liom. Cé an diabhal caoi, arsa
mise liom féin, an raibh fhios agat roimh ré go rabhas ag
teacht chugat. Rinneas dearmad go raibh Clarendon,
an tighearna, cinnte, nuair a fromhadh mé, go dtligfidhe
mé. D'umhluigheas dó i gcomhartha go mba mé, agus
d'ionntuigh sé ar a sháil annsin agus thionnlaic sé sinn
go dtí n-a uaimh. Thug sé thar dhroichead iontógtha sinn,
thar chúpla airgheach, thar chliath-ghrátaí, go ndeachamar
isteach fá dheireadh i gcúirtín bheag chearnógach. Fosg-
luigheadh dorus i mballa de bhallaibh na cúirte. Ar
sheomra mhór a bhí an dorus. Seomra fairsing stuadhach
a bhí ann, agus leaba, bórd, cathaoir, agus bóirdín
lothair, sin é a raibh de thrusgán ann. Dubhradh liom go
rabhas i mo sheomra. D'fhágaibh an dá oifigeach slán
agam, agus is iad a bhí go síbhialta, agus dubhradar
go raibh súil aca go mbeadh feabhas agus malairt crotha
orm nuair d'fheicfidís arís mé; agus do réir chosamh-
lacht, ba truagh leo mo chás. D'umhluigheas dóibh agus
do ghabhas buidheachas leo, agus fágadh liom féin mé.
Fágadh an seomra agus an chúirt fúm féin, níor
leigeadh aon phríosúnach eile isteach sa gcúirtín. Tháinig
an Grásach isteach .i. an Gobhernóir, agus d'innis sé
dhom go raibh cead agam sgríobhadh abhaile acht an litir
a thaisbeánadh dhó-san. Sgríobhas, agus d'innsigheas cá
raibh mé, agus d'iarras roinnt éadaigh agus roinnt
leabhra a chur chugam i mbosga. Thairg an Grásach
freisin leabhra a thabhairt ar iasacht dom an fhad is


L. 16


bheinn ann. D'fhan síléar sa gcúirt agus é ag siubhal
síos is suas dó féin, agus shiubhladh sé isteach sa
seomra chugam corr uair. Culaidh riaghalta ghorm a bhí
air. D'fhiarfuigheas dhe céard a bhí uaidh. D'innis sé
dhom go raibh air fanacht in m'fhochair go mbeadh sé
i n-am na glais a chur, go mba mhór an cruadhtan leis é,
agus go mba truagh leis nach raibh sé i n-am cheana.
Tháinig an t-am fá dheireadh: dúnadh mo dhoras agus sin
é an chéad uair beo a bhí mé gan duine ná deoraidhe
bheith i n-éinfheacht liom.



Agus ó is rud é nach mbéidh tada sa tuairisg seo
acht an fhírinne i dtaobh ar éirigh dhom, admhuighim, agus
sgríobhfad síos annso an t-admhughadh, gur chaitheas mé
féin ar an leabaidh agus go dtáinig racht uathbhásach
golata orm, agus gur shileas na frasa guirte deor, le
corp feirge, le truaigh, le aithmhéal, agus le aingceis,
acht níor shileas snig, agus ba tútach an rud dom dá
silinn, mar gheall ar ar éirigh dhom féin. Níor tháinig
sé fós ariamh an té chuirfeadh síos i gceart ar a ndeacha
thré m'aigne agus thré mo chroidhe an uair sin, acht níor
éirigh sé dhom an dara huair. Acht má tá aon duine
ann a leigfeadh a chroidhe dhó sin a chasadh liom, chomhair-
leochainn dó fanamhaint leis nó go mbidh a mhac a samh-
ail de chruth air féin. Creid mise ann, a fhir na foighde
móire, dá mbeitheá-sa in m'áit-sa go mb'fhorusta dhom
mí-fhearamhlacht a chasadh leat.



Tá sé thart, agus thart go bráth. D'éirigheas fa cheann
leath-uaire, thugas folcadh dhom féin san uisge agus
shiubhal mé thart in mo sheomra. Tá fhios agam go bhfuil
an chioth mhí-mheanman sin thart, agus táim ullamh anois
fa chomhair géire na cheithre bliadhna déag atá romham
agus fa chomhair cibé nídh atá i ndán dom dá mbarr -


L. 17


obair, tinneas, náire shaoghalta, seadh nó an bás féin.
A chinneamhain, bheirim do dhubhshlán.



29.- Níl tada le feiceál sa gcúirt seo acht ballaí
árda agus an spéir ghorm ós do chionn. Acht leathsmuigh
de na ballaibh seo tá fhios agam go bhfuil an cuan go
háluinn agus é ag síneadh ó na cnocaibh glasa amach.
Má coinnigheatar mórán bliadhnta annso mé déanfad
dearmad ar áille an tsaoghail leathsmuigh, agus liathfaidh
mo radharc ó bheith ag síor-dhearcadh ar chlochaibh liatha.



Tar éis am céadphroinne ar maidin indiu tháinig an
Grásach isteach chugam agus eochraidh freis. Bhí culaidh
dhonn éadaigh príosúin ina láimh aige agus dubhairt sé
go raibh obair mhí-thaithneamhach le déanamh aige .i. go
gcaithfinn na héadaigh sin a chur orm. Rinneas sin gan
focal a labhairt, agus cúpla noiméad 'na dhiaidh sin
tháinig fear beag ruadh isteach gur bhreathnuigh sé orm.
Gobhernóir príosúin Ghuirt an Ghabhann a bhí agam ann,
as Baile Átha Cliath. Bhí sé ar tí filleadh a bhaile agus
níor mhór leis é bheith le n-innsin aige dhóibh i nÁth Cliath
go bhfaca sé éadaigh an phríosúin orm. Acht níl blas
suime agam-sa ina gcuid riaghlacha.



Tharraing mé liom mo chathaoir chois an doruis, agus
shuidheas fúm ga mo ghoradh féin leis an ngréin, gur
chaitheas uair nó dhó ag léigheamh na Merry Wives of
Windsor. Buidheachas le Dia go bhfuil Shakespeare againn
ar chuma ar bith. Ní fhéadfaidh an Barún Lefroy breith
bháis a thabhairt ar Shakespeare, ná amháin é dhaoradh fa
dhroch-cháil a chur amach ar dhuine cé go dtuilleann sé é,
cloisim, fa'n droch-cháil a chuir sé amach ar Sir Seon
Falstaff. Ridire ciúin calma ba headh é an Falstaff, nó
an Fastolf ceart, deir siad liom, agus rinne sé cais-
leán breagh dhó féin i gCaistor go gcomhnuidheadh sé


L. 18


ann. Níor ól sé fíon Spáinneach riamh i nEastcheap, ná
ní raibh sé ag suirghe i Windsor; níor bhfear bocht, ná
níor bhfear beathaighe ná fear greannmhar é, mar an Sir
Seon seagainne, agus bhí sé chomh cosmhail le ridiribh a
aon-aimsire féin agus tá sgadán spíonta le sgadán
spíonta eile. Maith, maiseadh, má's í sin an rud dá
ngairmthear an fhírinne cé aca an fear ceart tacamhail?
Deirim-se gurb é an Sir Seon seagainne an fear
ughdarásach, agus nach raibh it fhear-sa acht Fastolf
bréige. Nach bhfacas féin é agus nach ndearnas gáiridhe
faoi, céad uair? agus cé gur fear reamhar é agus go
bhfuil sé ag dul in-aois agus ag liathchan, ní fhuighfidh
mo dhuine bocht bás go bráth- de dhéanta na fírinne, bhí
a cheann liath agus bolg air an oidhche rugadh é. Is tig
leis an fíon Spáinneach ól fós, agus go dtí an lá tá
indiu ann is duine greannmhar é, agus is ughdar grinn
é. Ná bac leis mara bhfuil rud le cur ar shon an Sir
Seon sin agam.



An fhad is bhíos ga mo ghoradh féin leis an ngréin
tháinig duine uasal mór tábhachtach isteach sa mbán
chugam. “Cigire” é, deir siad liom. Bhí ceathrar nó
cúigear de dhaoinibh uaisle óga in' fhochair agus cultacha
deasa éadaigh ortha. Chuadar isteach tharm sa seomra
agus labhradar beagán éigin eatortha féin. D'imthigh-
eadar amach arís agus dhearcadar go grinn orm ag dul
tharm dóibh. D'fhéachas ortha agus gan méag cuimhniughadh
ortha, acht mé mar bhéinn ag dearcadh thríotha agus ag
cuimhniughadh ar rud éigin eile. Creidim gurb é an
rud a thug isteach iad go bhfeicidís mé. Maith go leor,
má's aon tsólás dóibh é níl mé 'na dhiaidh ortha.



30.- An t-eochraidh atá im' chionn dubhradh leis gan
imtheacht chor ar bith uaim. Is maith socair an créatúr


L. 19


de dhuine é. Cineál creidimh éigin atá aige nach dtag-
ann leis an gcreideamh riaghalta, agus bíonn sé ag
crónán na salm dó féin go híseal. Is iondamhail go
bhfanann sé chomh fada uaim agus leigeas an riaghail dó.
Bhí dorus sa mballa árd i leath taobh, agus bán eile
amach uaidh. Tráth a rabhas ag siubhlóid thart indiu, ar
fud mo chríocha féin, bhí an t-eochraidh i bhfogus don
dorus agus dubhairt sé ós íseal liom: Siubhail isteach
annso, a dhuine uasail, má sé do thoil é. Bhí an dorus
osgailte agus greim aige air. Shiubhlas isteach agus
táinig fear árd chugam agus rug sé ar dhá láimh orm ar
an toirt boise agus é go humhal fíor-oirmhidneach dhom.
Bhí cosamhlacht duine uasail air, agus culaidh réidh-
chaithte d'éadach dubh air. D'aithnigheas a aghaidh, acht
níor chuimhnigheas i dtosach cé bhí ann. Ba hé Éadbhard
Breathnach é, an fear a sgríobh an t-amhrán Mo Chraoibhín
Cnó, agus amhráin bhinne eile nach é; chuir sé Béarla
freisin ar roinnt de shean-amhránaibh binne na Gaedhilge.
Bhí na deora ina shúilibh, agus d'innis sé dhom go raibh
sé ag déanamh seibhte nó go bhfeiceadh sé mé sul
d'imtheochainn as Éirinn. D'fhiarfuigheas de céard a bhí
sé a dhéanamh ar Oileán Árda Neimhidh, agus dubhairt sé
liom gur ag múnadh sgoile bhí sé ann, agus go mba iad
na príosúnaigh beaga na sgoláirí bhí faoi. Is fíor-shuarach
an posta é go deimhin, agus duine cúthal, náireach mar
an mBreathnach, sé an céasadh laetheamhail dó é. Chrom
sé agus phóg sé mo lámha. Á! ar seisean, níl aon fhear
i nÉirinn indiu ar chóra éad a bheith leis ná thú. Dubhras
leis, ghá fhreagairt, nach dtiocfadh gach uile dhuine leis
sa méid sin. Labhair sé cúpla focal eile liom go
carthanach, agus annsin ar bhfeiceál dom go raibh an
t-eochraidh ag fuagairt orm, d'fhágas mo bheannacht aige


L. 20


agus isteach liom im' uaimh féin. An Breathnach bocht!
Tá muirighin lag, óg air, agus do réir chosamhlacht tá sé
gan chroidhe gan tsláinte. Tá an sgrios dá thuar
dó leis na bliadhantaibh, acht saoilim go bhfuil sé
sgriosta fa dheireadh. Tá príosúnaigh ag obair ar
an Oileán agus is sásta atá siad ná an múinteoir
sgoile. B' éidir go bhfuil éad ag an bhfear liom dá
ríribh; go dearbhtha níl aon éad agam-sa leis-sean.



31.- Tháinig an Cigire tábhachtach chugam indiu agus
an Grásach i n-éinfheacht leis. D'fhiarfuigh sé dhíom an
raibh aon chasaoid le déanamh agam leis? Níl, ná
focal, arsa mise. Bhí sé idir dhá chomhairle noiméidín
agus annsin dubhairt: tá orm a innsin duit go bhfuil
sé cinnte ag an Riaghaltas thú chur as an tír. Maiseadh
seadh! Cé'n uair? Ar maidin i mbáireach. Goidé an
áird den domhan, an miste dhom fhiarfuighe? Go Ber-
muda. Cé an deis iomchair a thiubhras ann mé? Long
cogaidh a tháinig isteach sa gcuan indiu. Tá go maith,
arsa mise, agus d'imthigheadar amach. Ba gearr 'na
dhiaidh sin gur fhill an Grásach agus dubhairt sé nach
mbeadh an cás chomh dona agam agus shaoil sé agus go
raibh áthas air, go dtáinig litir o'n gCaisleán chuige dhá
rádh cothrom go mór níos fearr a thabhairt dom ná mar
gheobhas an “príosúnach coitcheann”; agus dhá rádh fós
leigean dom mo chuid éadaigh féin a chaitheamh agus gan
slabhraí a chur orm, agus rl. Ina cheann sin, dubhairt go
raibh sé ar bórd na luinge a bhí ga mo thabhairt go
Bermuda, go mba galtán mór cogaidh í .i. an Scourge.
Dubhairt go bhfaca sé an t-órdughadh tugadh don Chaiptín,
ar fhágáil Portsmouth dó, agus go raibh sé ann go
gcaithfidhe liom mar chaithfidhe le duine a mbeadh tógáil
agus foghluim air agus go mbeadh cóir dá réir sin
agam.


L. 21


Duine a mbeadh tógáil agus foghluim air! Agus
má tá coir i n-aghaidh an stáit déanta ag a leithéid sin
de dhuine nach amhlaidh is ciontaighe é? Má fhéachann
fear a bhfuil foghluim air le cír thuathbhaill a dhéanamh de
ghnáth-imtheachtaibh an phobail, agus tarcuisne a thabhairt
ar an dlighe, agus an Riaghaltas atá ag riaghlughadh a
milleadh (dá mba rud é go mbeadh órd dlighe agus
riaghaltas ann), an ndligheann sé de bharr a fhoghluma
socamhal thar mar gheobhadh daoine eile a dhéanfadh an
coir chéadna? Acht b'éidir go bhfeicthear dhuit, a Sheoin
Bhuidhe, a Eochraidh nach duine mé rinne aon choir,
d'aindeoin d'Acht nua Pairliméide, a rinneadh i n-aon
turas, agus feicthear dhuit nach fearrde thú é a dhul
chomh dian sin orm, sin nó is náireach leat é. A Sheáin
a chladhaire! badh cheart duit gan a dhul sa gceann sin
liom chor ar bith, nó gan aon dá chuid a dhéanamh de do
dhícheall. Níl san obair seo dhuit acht leanbaidheacht.
Is deimhin gur duine mé a rinne coir nó duine nach
ndearna coir; sé sin le rádh, is duine mé a rinne coir
nó is duine thusa, a Sheáin, a rinne an choir.



Tá an Grásach ag gabháil a leithsgéil liom fa na
héadaigh príosúin a chur orm - deir sé nach raibh a
mhalairt d'órdughadh aige agus nach raibh fhios aige nach
mb'éidir go raibh an ghráin ag muinntir an Chaisleáin
orm; dá bhrígh sin b'eagal leis gan na héadaigh
príosúin a chur orm ó d'iarr síléar Ghuirt an Ghabhann
air é, ionnus go mbeadh sé le n-innsin aige-san i
mBaile Átha Cliath. Is ait an rud gur éirigh sé sin
dom faoi dhó. B'éigin dom culaidh an phríosúin a chur
orm i mBaile Átha Cliath freisin, agus í bhaint díom
arís ar an bpoinnte. Seadh a thighearna Clarendon,
rinneas-sa coir nó rinnis-se coir.


L. 22


Acht b'éidir gur le fearg a chur orm agus mé a
mhaslughadh atáid siad dhá dhéanamh, agus gan a fhios aca
gur beag agam é.



Sgríobhas litir shoilbhir chum mo mhná anocht ag innsin
di fa'n gcroth is fearr a bhí orm, agus go raibh mé le
bheith 'mo dhuine uasal, an fhad is bhéinn ar bórd an
Scourge, ar chuma ar bith. Acht is eagal liom anois nach
bhfuighidh mé an litir uaithi a raibh súil agam léi sul
sheolfas mé, agus annsin nach gcloisfead focal uaithi ar
feadh míos, ná nach mbeidh fhios agam céard d'éirigh dá
raibh ann ó d'fhágas beannacht aici sa nGeata Nua -
céard a bhí gabhtha ag na consablaibh, céard a dhéanfas
sí leis an teach i mBaile Átha Cliath, cá gcuirfidh sí
fúithi, ná cé'n chaoi bhfuil mo chlann. Is beag deas den
éadach féin atá agam, “duine uasal” mar mé, ó thug
siad ar siubhal ó'n nGeata Nua mé agus sean-chóta
donn samhraidh orm, agus sean-bhróga, agus sean-
chaipín slíogtha. Agus an bosca ar chuireas fios air ní
thiocfaidh sé i dtráth. Gidheadh bhí an Grásach go maith
dhom, chuir sé fios don Chóbh ar lín-éadaighibh beaga agus
ar neithibh beaga eile a rabhas go géar n-a n-easnamh.
Tháinig liaigh an tighe chugam, fear óg ó chonndae
Muineacháin é, ag iarraidh m'ainm fhagháil sgríobhtha ó mo
láimh féin. Na mná sa gCóbh a d'iarr air é. Thug mé
m'ainm dó sgríobhtha leath-doiséine cuarta, le n-a
shásughadh. Sógh agus sásamh go raibh ag na cailínibh
gleoite as.



Ós ag tagairt do liaigh é, ní mór liom gan dearmad
a dhéanamh ar a rádh gur mhion-cheistnigh sé mé i dtaobh
mo shláinte an chéad uair a bhfaca sé mé. Dubhras leis
go raibh mo shláinte ar fheabhas, nach raibh mé riamh in mo
shaoghal chomh maith. B'fheicthear dhó go raibh easba éigin


L. 23


sláinte orm - go mb'éidir go mbíodh éagcaoine éigin
agam corr-uair. D'innsigheas dó go mbíodh múchadh
orm corr-uair, acht nach raibh tada dhe orm fa láthair.
Dubhairt sé go ndéanfadh sin. Céard a dhéanfadh sé?
arsa mise. D'innis sé dhom annsin go mb'éidir nár
mhiste don Ghrásach dearbhadh a bheith aige uaidh-san nach
raibh mo shláinte go ró-láidir, ionnus nach mbeadh air
mé chur ag obair. Dia Luain seo d'imthigh thorainn
a thárla an méid sin; ní raibh órdughadh ag an nGrásach
ón gCaisleán an uair sin gan caitheamh liom mar chaith-
feadh le príosúnaighibh eile.



Sé an fáth dhom a bheith ag cur na mion-rudaí suaracha
so síos i dtaobh an chaoi ar caitheamh liom annso, mar tá
sé ghá fheiceál dom go mbéidh sé riachtanach ag an
“Riaghaltas” macánta bréaga a innsin go hoifig-
eamhail fa'n gceist sul shroichfeas siad ceann sgríbe;
thairis sin is beag é mo shuim ionnta.



Tá bád le theacht i dtír fa mo dhéin ar maidin
i mbáireach ar a cúig a chlog.



1 Lá den Mheitheamh.- Ba glas salach an mhaidin í an
mhaidin a bhfacas an t-amharc deireadh de thalamh na
hÉireann. Tháinig an t-árd-oifigeach a bhí ar an
Scourge, agus lán an bháid den arm mara isteach 'mo
choinne. Bhí an t-oifigeach éaduighthe ina chulaidh ghaisge
ó bhonn go barr, feirc suas as a hata, agus a chlaidheamh
le n-a thaobh. Bhí an Scourge tuairim agus míle uainn.
Galtán fada íseal a bhí innti, í réiceamhail go leor
i gcosamhlacht, dath dubh uirthi, agus dhá sheimléar innti.
Fa cheann cúpla noiméad shiubhlas isteach ar bórd, agus
cuireadh i n-aithne don chaiptín mé. Bhí sé ag siubhlóid
ar bórd. D'umhluigh sé, d'iarr orm a dhul síos fa
bhórd agus go dtaisbeáinfeadh sé mo sheomra dhom. Is


L. 24


rí-dheas an seomra é an prímh-sheomra, agus dhá sheomra
déanta dhe, an ceann is goire do dheireadh an tsoithigh
aca mo sheomra codlata-sa. Tá iomdhaí ann agus
cathaoireacha agus bórd agus solus isteach na fuinn-
eoga deireadh go léir ann. Tá cead agam a bheith i
gceachtar den dá sheomra i rith an lae, agus dubhairt an
caiptín ó thárla mé im' phríosúnach aige go mbéidh saigh-
diúr mara mar airgheach i gcomhnuidhe ag bun an
dréimire, agus nuair is mian liom a dhul ar bórd
go bhfuil sin ar mo chomhairle féin agam acht a innsin
don airgheach agus go bhfuagrochaidh seisean ar sháir-
seint. Bhí súil aige go bhfeilfeadh an tráth béilidhe
bhí aige mé agus dubhairt sé go mba hé an prímh-
sheomra an seomra bídh. Fear socair, ciúin, tanaidhe,
buidhe-ghnéitheach é, tuairim le leith-chéad bliadhain
d'aois, agus glór bog íseal aige - ní fear garbh
fairrge chor ar bith é, ná máirnéalach meidhreach, ná
tada dhá shórt; acht déarfainn gur rí-mhaith an t-oifig-
each é, agus go ndéanfaidh a ghnótha go dílis.



Gheall an Grásach a dhul don Chóbh ar lorg mo litre,
agus d'fhan an soitheach uair a chluig go bhfilleadh sé.
Tháinig sé agus litir aige. Rugas go hamplach uirthi,
agus sé a raibh agam innti duilleog bheag ag baint
le cúrsaibh creidimh; bean-uasal an-aithnid éigin a chuir
chugam í. Ní fhuair mé aon litir as baile. Deich
noiméad 'na dhiaidh sin bhíomar ag seoladh linn ó dheas
agus deich míle san uair siubhail fúinn. Tá mé deal-
uighthe amach anois.



Dhorchuigh sé suas agus thosuigh an fhearthainn. Shéid
an ghaoth go borb agus bhain sí ceol as crannaibh agus
as téadrachaibh, agus tháinig trom-néalta móra liatha
agus dorchadas ar muir agus ar tír. Chomh túisge


L. 25


agus bhailigh an long as béal an chuain amach is beag
nach rabhamar as amharc na talmhan. Shíneas amach mo
lámh chum na háirde idir ó thuaidh agus shoir-dtuaidh i
gcomhartha beannacht fhágáil aca, chuadhas síos annsin
agus d'itheas béilidh maidne a raibh díol cairréara ann.



Seadh, táim dealuighthe amach anois; táim díbrighthe.
Agus ní relegatio amháin é seo fearacht mar bhí ar Ovid
i Tomi, acht dearg exsilium; an díbirt is déine d'fhéad-
faidhe a chur orm: mo chathruightheoireacht a bhaint díom,
má bhí a leithéid riamh agam, agus an comhartha is tar-
cuisnighe a chur orm is féidir le dlighe a chur orm, má
tá dlighe ann. Bíodh aige; táim-se sásta. Níl cath-
ruightheoirí i nÉirinn, ná cathruightheoireacht, ná dlighe.
Ní féidir an rud nach raibh riamh agam a bhaint díom;
óir níl ceart le fagháil fa láthair ag aon Ghaedheal.
Maidir leis an tarcuisne atá dhá thabhairt dom de
dhruim na coire i n-aghaidh an stáit, is beag an bhrígh
liom é. Ní féidir mé a dhéanamh ciontach mara
ndéanaidh mé an choir. Ní Acht Pairliméide a dhéan-
fadh ciontach mé! A bhféadfadh “dlighe” Londain a
thabhairt de tháirbhéim dhom, táim gabhtha leis, agus ní
miste liom é bheith orm go n-imthighidh an tséideog asam.
Bíodh an táir sin orm-sa agus ar mo chlainn 'mo dhiaidh.



Marach ag cuimhniughadh ar an gclainn sin agus ar a
máthair, agus marach an mí-chomhgar agus an trioblóid
a dtiocfaidh siad thríd sul 's féidir dhóibh imtheacht as
Éirinn - marach sin ba lán-mheidhreach an fear indiu mé.
Airigheann duine sórt neamh-spleadhchas ina chroidhe ag
imtheacht amach ar thuras trí mhíle míle dhó, agus sean-
chóta donn air, agus gan ina sparán riabhach acht cupla
sgilling. Ní orm-sa atá a chúram. Ort-sa anois atá
mo chúram, a Bhainríoghan Uasal, a Nicé, agus fainic nach


L. 26


dtiubhrá aire dhom. Táim i ngreim ag grás t'uais-
leacht fa dheireadh; acht b'éidir, a Ríoghain, go bhfeicfeá
féin gur daor an éadáil ort mé, agus a dtug tú orm
agus a dtiubhra tú fós orm. Tiocfaidh mé, a bhain-
ríoghan ineagluighthe, rud éigin le cois mo bheathughadh
ort.



D'éirigh sé an-gharbh tráthnóna. Cheithre spúnóg de
mhin ghallda an dínnéar a d'ith mé indiu.



2.- An lá níos gairbhe arís ná an lá indé. Bhí súil
láidir agam go dtiocfadh sé 'na stoirm. Ó thárla
duine ar fairrge bheadh sé chomh mhaith dhó lán-chumhachta
na fairrge fheiceál. Tháinig giolla isteach chugam;
d'fhiarfuigheas dhe an raibh sé 'na stoirm. Níl, a dhuine
uasail, ann acht bog-stoirm. Thugas mo mhallacht dá
“bhogadh” agus shaoil mé codladh.



3.- Tá an long dhá tuairteáil agus dhá treasgairt
fós go cumasach. Tá cuid den taobh le bórd i n-uachtar
réabtha isteach ag an ngála, deir an stíobhard liom, acht
níl sé 'na stoirm fós. Chuadhas ar bórd. Bíodh sé 'na
stoirm nó ná bíodh, is áluinn adhbhal-mhór na cnuic de
thonntrachaibh iad sin ag fud an aigéin. Muca mara ag
únfairt, an t-éinín stoirme ag eiteall le héadan
na dtonn. Sé an t-éan so sicín mháthar Ní Chiardha nó
an procellaria - acht is sgorn liom é. Nach shin é an
seanchus atá sgríobhtha ina hirisleabhar ag cailín óg ar
bith atá ag seoltóireacht go na hIndiachaibh ar lorg fir,
nó ag iomarchoróir, nó ag oifigeach “liteardha” luinge
a bhfuil faoi leabhar a dhéanamh, agus fhanfas ag innsin
a sgéil ó lá go lá, le haghaidh déantusóir éigin i
bPaternoster Row?



Chuadhas thart ar an Scourge go bhfeicinn í ó thús
go deireadh. Is breagh an long í. Bórd fada, mín,


L. 27


cothrom innti, umar mór millteach a bhfuil chúig thonna
miotail ann ar chúl an chrainn tosaigh, - gunna mór
fada agus a aghaidh tugtha amach thar an taobh ina tosach,
gunna mór práis a d'fheilfeadh ar thalamh tirm agus
é feistighthe i n-inneall i ndeireadh na luinge' agus
cheithre cinn de na gunnaibh móra giortacha. Naoi
bhfichid duine d'fhoirinn idir fhearaibh is bhuachaillibh
atá uirthi. Is cumasach an t-inneall é an gunna mór.
Ar sháirseint na saighdiúirí mara atá mo chúram agus
do réir chosamhlacht is mór é a chion ar an ngunna mór
so. Duine beag an-reamhar, spleodarach é, agus é ag
luasgán anonn is anall nuair a bhíos sé ag siubhal, féibh
mar is dual do Shasanach reamhar a dhéanamh. Chonnaic
sé mé ag breathnughadh ar an ngunna agus tháinig
sé anall go dtaisbeánadh a chúrsaí dhom: an deis
ghluaiseacht atá air, an deis atá air le n'árdughadh,
nó le n'ísliughadh, do réir uimhreacha cinnte, le n-a
dhíriughadh ar rud, agus mar sin de. A, a dhuine uasail,
ar seisean, is gasta an cailín í sin, sin í an cailín
atá gasta, ar sé, agus thug sé cúpla bog-bhois go
múirneach dhi ar an gcaithrín. Buaileadh druma ag
glaodhach chun acluidheacht ar na fearaibh, agus ba nuaidh-
eacht liom é sin. Is cosmhail go gcleachtann na
máirnéalaigh atá ar luing cogaidh acluidheacht go
riaghalta chomh maith leis na saighdiúiribh. Musgaed
agus lannaí, gearr-chlaidhmhthí leathana, pící a raibh lúba
géara ortha, agus tuaightí, na hairm a bhí aca. B'ineag-
luighthe na foghluidhthe iad. An príomh-ghunnaire a chuir
tré n-a n-acluidheacht iad, agus gan bhréig tá fhios aca
le n-e n-airm a láimhsiughadh. Acht bhí an long ag luas-
gán anonn 's anall, agus fuaireadar a ndóthain le
déanamh agus seasamh díreach ar bórd; bheidís gacha le


L. 28


tamall agus a meadhchan aca ar na sálaibh agus ar
bharraibh na gcos, agus shaoilfeá amannta go rithfidís
treasa an bhúird dá n-aindeoin agus na lannaí ar bharr
na ngunnaí aca nó go gcuiridís lann go feirc sa
ngunnaire agus ins na hoifigeachaibh bhí 'na seasamh le
taobh na luinge.



An t-árd-oifigeach ar an Scourge, sin é an timthire
agus an príomh-oibrighe ann. An chéad fhocal a labhair
sé liom d'aithnigheas ar a chanamhaint go mba Gaedheal é
ó Dhoire, nó ó Thír Eoghain. Dubhras sin leis agus bhí an
ceart agam. B'as Tír Eoghain é; agus chuaidh sé féin
's mé féin ar sgoil an t-am céadna, tuilleadh agus
fiche bliadhain ó shoin, ins an gcathair chéadna .i. Doire,
acht ní ar an sgoil chéadna a bhíomar. Tá sé cheithre
bliadhna fichead ar fairrge, agus deir an caiptín liom
gur togha oifigeach é; acht ceapann sé nach mbéidh ann
go bráth acht oifigeach. Níl aon charaid aige sa bPair-
liméid agus is Gaedheal é.



Bhíos ar dínnéar indiu ar aon bhórd leis an gcaiptín.
Wingrove is ainm dó. Tar éis eadarthrádh tháinig caint
don duine ciúin, seadh, agus d'éirigh sé meidhreach féin.
Ba chóir, dar leis, go mbeadh an-tsuim agam-sa ina
luing ó chonnaiceas í go hiomlán ó thús go deireadh,
agus ba chóir go gcuirfeadh cumhachta agus mórdhacht na
Sasanach iongnadh agus imeagla orm. Seadh, maiseadh,
is millteach agus is áluinn an feic iad, a chaiptín, acht
dá mbeadh ciall a ndóthain ag Gaedhealaibh, agus
spioraid a sáth ionnta, ní fhágfaidís cúram a ngnótha ar
dhaoinibh eile, agus annsin ba gearr go mbeadh cuid de
do chuid gunnaí móra ar easba cóir iomchair, agus
is dóigh liom go gcaillfeá cuid den uabhar. A gcuir-
imíd d'eallach agus de thoradh an fhoghmhair go Sasana


L. 29


gach uile bhliadhain (agus gan an croiceann ná a luach
againn dá mbarr), dá mbeadh a luach sin againn
b'fhorusta dhúinn neart loingis a dhéanamh, a bheadh níos
fearr ná do Scourge nimhneach, - seadh, agus foirne ar
foghnadh a chur leo, ní áirmhim frigéid agus cabhlach
loingis cogaidh go mba leor dhúinn iad, b'éidir. Níl
leas dá dtiocfadh le Sasanaigh a bhaint as iarann' ná as
adhmad, ná as cnáib, ná as púdar nach dtiocfadh le
Gaedhealaibh a bhaint asta.



Is maith an fíon atá ag an gCaiptín Wingrove, agus
is aige atá deis a fhaghála mar bhí sé go díreach d'éis a
theacht ó Madeira agus ón bPortuinéal nuair a hórduigh-
eadh dhó a dhul amach go Bermuda. Ba mhaith leis
sgéala fhagháil ar chúrsaibh i nÉirinn le goirid, acht
tá leisge air mé cheistniughadh mórán ina dtaobh.
Chualaidh sé go mba gnás é 'sna cúirteannaibh i nÉirinn
na coistí a phacáil, agus d'fhiarfuigh céard é coistí a
phacáil. Mhínigheas dó é, acht ní chreideann sé mé; is
follusach sin. Níl tada dhá ndeirim nach bhfuil cluas
aige dhó, agus faetheamh an gháire ina bhéal faoi, agus
dearcann sé corr-uair orm mar bheadh duine ann a
cheapfadh go raibh saobhchan beag céille orm agus nach
ndéanadh aon iongnadh dhe dhá ndéanainn rud aisteach
éigin.



7. - Is áluinn brothallach an aimsir í le tamall
anois; acht tá ceo beag ann indiu, agus is danaid
liom sin, mar támuid ag dul tré na hAzores idir Teir-
ciera agus San Micheal agus ní léar dhúinn iad. Is ri-
áluinn na hoileáin iad, cnuic agus aibhneacha breaghtha
ortha, agus neart arbhair agus toraidh. Is leis an
bPortuinéal iad féin agus Madiera; acht an chéad chogadh
eile b'éidir go dtiubhradh sé leithsgéal do fhoghluidhthibh


L. 30


shotalacha Charthagin go ngabhaidís na hAzores le
stórtha guail a dhéanamh ionnta, nó príosúin, agus
bhéarfadh sin postaí don chlainn atá ag éirghe suas dóibh
anois.



Chítear dhom gur mian le oifigeachaibh na luinge gan
aon mí-shástuidheacht a chur orm acht chomh beag agus is
féidir leo é. Thairg a lán aca tamall de leabhar dhom,
agus chím anois nach mór dhom casadh ar na leabhraibh, cé
gur mhóidigheas roimhe sin nach mbreathnóchainn ar thada
ar an aistear dhom acht ar an spéir agus ar an muir.
Is fadálach an rud aistear ar fairrge: tá an aimsir
go brothallach agus go ciúin, acht táim ag éirghe tuir-
seach den ghréin: tá mí-mheadhoin an tsamhraidh ag
druidim linn, agus sinne agus naoi bhfichid míle siubhail
sa ló fúinn, ag tarraing síos ar an mbrothall. Is
glórmhar an feic é a ghlaine ghuirme is tá an aigéan.
Duine nach ndearna riamh de sheoltóireacht acht a dhul
treasna na Mara n-Icht, ná nach bhfaca de thonntrachaibh
acht na mion-thonntracha dubh-dhonna atá uirthi, ní fhaca
sé riamh an fhairrge.


L. 31


An 2° Caibidil



Meitheamh 12°, 1848. - Ar bórd an Scourge .i. long na
Bainríoghna dhom. Cheithre grádha déag ar fhichid ó thuaidh
de mheadhon-líne an domhain dúinn, agus dhá fhichead
grádh agus dhá noiméad fhichead siar ó líne mheadhoin-
lae na Sasanach. Tá sé chúig lá ó chonncamar long.
Tá taithighe agam ar imtheachtaibh an Scourge agus táim
cortha de shíor-bhreaghacht na haimsire agus de chiúineas
na fairrge. Níl aon leigheas agam air acht leabharlann
beag na n-oifigeach a ath-ionnsughadh. Táim ag léigheamh
“Two Years before the Mast” (Dana), agus mo chodladh
ag tuitim orm. Sgéal deas é, sgéal borb, acht go
bhfuil beagán agus an iomarca de tharraing na dtéad
ann agus de láimhseáil na seol. B'ait an t-aistear
a rinne Dana. D'imthigh sé ar bórd luinge mar mháir-
néalach choitcheann ar aistear ó Bhoston go Califórnia,
agus bhí faoi dhá bhliadhain a chaitheamh ar long tráchtála,
cé gur minic a thugadh brútaidhe de chaiptín a bhí os a
chionn masladh dhó i n-ionad a dhóthain le n-ithe; agus
d'fhulaing sé an méad sin de bhrígh go gcuala sé go
raibh an fhairrge go maith do dhuine nach raibh an t-amharc
go maith aige. Agus leigheas sin an t-amharc dó. Níl
m'amharc-sa go maith acht an oiread. Nach féidir liom
a leigean orm gur le m'amharc a láidriughadh atá mé
ar an turas so ar an bhfairrge, agus a bhéas mé 'mo
chomhnuidhe ar oileán Bermuda? Agus ní móide go
maslófaidhe mé, ná go gcuirfidhe obair throm orm, ná


L. 32


go mbéinn ar ghann-chuid bídh mar bhí Dana bocht; agus
ní bhéidh aon ghéibhionn orm thar mar bhí air-sean.



Creidim go bhfuil an Danach ina dhligheadóir anois i
mBoston, agus an saoghal ag éirghe leis go toghtha,
agus b'éidir gur déine an géibheann agus an obair atá
anois air ná riamh. B'éidir gur duairc liom an chruth
atá orm-sa, acht dá mbéinn mar tá an Danach bocht
céard déarfainn?



Bhíos ag léigheamh “The Amber Witch” freisin agus
is rí-áluinn an sgéal é, sa nGearmáinis. An Bhain-
tighearna Dubh Górdon a chuir Béarla air, agus is
breagh an Béarla a chuir sí air.



Na réigiúin seo i bhfuilmid anois, tá iasg ann a bhíos
ag eiteall agus míolta mara - ní hiad míolta mara
Arion iad ná míolta mara ar bith eile, acht do réir mar
tá tuisgint ag máirnéalaighibh Shasana ar an ealadhain a
bhaineas le saoghal an éisg, is míolta mara iad. Tá
brat smugairlí róin le feiceál annso fosta: loingeas
cogaidh Portuinéalach atá ag máirnéalaighibh Shasana
ortha, acht tá dath breac-gheal, glé-dhearg, solusda ar
an sgamall atá ortha. Tagann an rucálach cuain thart
annso freisin, tar éis an t-aistear fada chuireas sí dhi
ag teacht ó Chuan Mecsicó - má's fíor don tseanchus.
Is mór é m'aimhreas air.



Casadh long mhór dhúinn indiu, agus bhí sí tuairim is
dhá mhíle uainn. Bratach na Fraince atá i n-áirde
uirthi, agus tá le rádh annso gur as na hIndiachaibh Thiar
atá sí ag teacht, agus go bhfuil sí ag triall abhaile don
Fhrainc. Béidh fáilte roimpi agus roimh á n-a seolta
geala ins na fineamhnaibh leis an nGaronne, nó ar
chalaidhibh Nantes nó Habhre fa cheann cúpla lá. Ó, dá
mbeadh sgiatháin cuilm orm!-


L. 33


14°- Rucálach cuain, loingeas cogaidh Portuinéalach,
iasg a bhíos ag eiteall.



15° - Iasg ag eiteall, loingeas cogaidh Portuin-
éalach, rucálach cuain.



16° - Rucálach cuain, iasg an eitill, loingeas cogaidh
Portuinéalach



17° - Ag léigheamh “Macauley's Essays” dom, d'oir-
easbha rud níos fearr ná iad. Thug an Mac Amhalghadha
céadna so léirmheasadóireacht i nDún Monaigh ó dhuth-
chas leis; léirmheasadóir clódha féin é, agus sompla
ceart ughdarásach de “litridheacht” na naomhadh aoise
déag leathanach dá sgríbheann. Is aige atá an chaoi
cheart, is faoi atá an t-iomchar, agus is é an lán-eolaidhe
beachtaighe é le plámás oirmhidneach a riar ar Shasanaighibh
- fa n-a gcalmacht, fa n-a n-onóir, fa n-a bhfoghluim,
agus a leithéidí a chur i n-iul, mhór-mhór do na daoinibh
atá 'na mbeathaidh san naomhadh aois déag breagh so,
agus an tsíbhialtacht iongantach atá ann; sé sin le rádh,
dá léightheoiribh. Rud nua ar fad é a bheith ag móradh
daoine thar cionn, de bhrígh gur mhaireadar i n-am áirithe
seachas i n-am áirithe eile; agus níor cloiseadh a leithéid
ariamh cheana i stair an chine daonna. Ní raibh aon
ndaoine ann roimh aimsir Chríost ná ó shoin anuas a bhí
mórdhálach asta féin, agus ag fonomhaid fa ghliocas a
sinnsir; agus na daoine leigeas ortha féin an mhíor-
bhuilte nua sin a bheith ionnta, taisbeánann siad measaim
doimhne a ndaille féin, i n-áit doimhne na glan-ghaoise.
Tháinig an naomhadh aois déag, acht níl sí caithte fós; agus
cé do mheas anois? nach mb'fhéidir, leis an aimsir, gur
cáil éigin eile seachas cáil na gaoise a bheadh ar mhuinn-
tir na haoise seo thar mhuinntir aon aoise eile? Acht
cuid Mhic Amhlaghadha dhe, tá seisean lán-tsásta léithi,


L. 34


agus seo é an rud adeir sé i dtaobh Milton agus
pinginn-an-líne dhó as: Níl aon chailín dár léigh an
mion-chomhrádh a sgríobh bean Mharcet i dtaobh fearachas
stáit nach fearr an t-eolus atá aici ar chisteoireacht ná
mar bhí ag Mac Taidhg nó ag Ualpole; seadh, agus nach
múinfeadh cisteoireacht dóibh. Aon fhear tuisgionach
a chaithfeadh cúpla bliadhain go dlúth le ríomhaireacht
gheobhadh sé níos mó d'fhoghluim ná mar bhí ar Neuton
mór, d'éis leithchéad bliadhain a chaitheamh dhó le stuidéar
agus ag smuaineadh”; agus mar sin de. Dá bhféad-
faidhe Pithagoras a chur i n-aithne do bhean Mharcet, nó
do dhuine dá cailínibh a fuair duais nach mór an chluas
a thiubhradh sé dhi! Dá bhfeiceadh Aristotle nó Hippar-
chus Pinnoc sul cailleadh iad, nach iad a bheadh sásta
ag fagháil bháis dóibh! An fear so atá 'na bheathaidh san
naomhadh aois déag, ní léar dhó, ná ní léar do mhórán
de lucht aon-aimsire leis, nach ionann rud 'innsin do
dhuine - mar d'innseochadh teagasg nó mion-chomhrádh é -
agus fios a bheith ag duine ar an rud; ní léar dhó nach
ionann rud fhoghluim nó é bheith de mheabhair agat,
agus thú bheith oilte ar ealadhain.



Agus is mó an sochar ealadhain na ngnáith-bhéas atá i
nDún Monaigh fa láthair ná an ghaois féin atá ann.
Leasughadh nó athrughadh nua eile é seo nach raibh fhios ag
an gcine daonna cheana; agus ó thárla mé ag éirghe as
gnóthaibh móra éifeachtacha an tsaoghail anois ar feadh
tréimhse, agus ga mo chur féin i bhfolach mar déarfá i
sgailp i gcarraig, agus na gnóthaí trom-thoranda so ar
siubhal, idir innill gaile agus cóir clódhadóireachta,
agus litridheacht ilfhiosach choitcheann, is fearr dhom, an
fad is tá an gleo gleithearánach so ag gluaiseacht, agus
an giob geab so ar siubhal, is fearr dhom cúpla focal


L. 35


de chaint Mhic Amhlaghadha a chur síos annso, go mbéidh
siad mar chomharthaí agam, mara mbeadh a mhalairt ann,
ar an áit ar sgaras féin agus an saoghal le chéile.
Mar comhairmhim gur sompla ceart é an léirmheasadóir
so de lucht a aon-aimsire agus fear a bhfuil an cháil air
go bhfoillsigheann sé smuainte luchta a aon-aimsire.
Agus dá chomhartha sin féin, agus de bharr a leirmheas-
adóireacht, tá sé anois ar dhuine de lucht comhairle an
riaghaltais.



Ag tagairt don tighearna Bacún dó, deir sé na fir
stáit a mhair le linn Bhacún go rabhadar fealltach,
bréagach, cam; gidheadh, ní cóir dhúinn, dar leis, a bheith
ró-dhian ortha. Is iomdha rud a rinneadar, agus ní
féidir a cheilt, adeir sé, agus dá ndéanadh fear stáit
é le n-ar linn-ne, bheadh trom-chasaoid ghéar air dhá
dhruim, agus bheadh sin tuillte aige [.i. go mba bréag-
adóir é, nó sladaidhe, nó fimineach, nó duine d'íocfadh
duine eile as droch-bheart a dhéanamh]; acht féach an
chruth ina raibh moralus le n-a linn, agus féach an
dream neamh-choinsiasach a bhí 'na n-aghaidh, agus rl.



Agus an chruth i bhfuil moralus, athruigheann sí
freisin, is cosmhail, ní hé amháin ó aois go haois, acht
ó réigiún go réigiún. Is iongantach an sgéal é. Seo
é atá le cur ar son an tighearna Clibhe ag ansgríbh-
neoir, agus ar son a ndearna seisean de rógaireacht
sna hIndiachaibh Thoir: “Bhí fhios aige go raibh sé ag
pléidhe le daoinibh nach raibh aon spréidh onóra ionnta,
do réir mar tuigtear onóir ar an rann Eorpa; go
raibh sé ag pléidhe le daoinibh a gheallfadh rud ar bith agus
nach gcuirfeadh sé aon mhairg ortha, ná nár chás leo
gealladh a bhriseadh; daoine nach ndéanfadh aon sgrupall
de dá n-íocaidís duine as an droch-bheart a dhéanamh, nó


L. 36


dá dtugaidís an mionna bréige, nó dá sgríobhaidís ainm
dhuine eile i mbréig-riocht, badh bheag aca é acht a gcuid
beartuidheacht a chur chun cinn.” Seadh, agus bhí fhios aca-
san go rabhadar ag pléidhe le daoinibh nach raibh aon
bhlas de chneastacht na hÁsia ag siubhal leo - le daoinibh
nach ndéanfadh aon sgrupall de dá n-íocaidís duine as
an droch-bheart a dhéanamh, nó dá dtugaidís an mionna
bréige, nó dá sgríobhaidís ainm dhuine eile i mbréig-
riocht, agus rl., agus rl. - agus mar sin de, céard d'fhéadfadh
ceachtar den dá dhream a dhéanamh, na daoine bochta?
agus a ghainneacht agus bhí moralus. Cé'n t-eagar
is fearr dhom a chur ar na ráidhte tá thíos agam uaidh?
An aois í seo (nó réigiún) i bhfeilfeadh sé goid agus
fuadach a dhéanamh ós árd? Nó an fearr an t-aer don
chealg, agus d'éirghe shlighe a dhéanamh ar dhuine? Nó an
eadh nach mór do dhuine guidhe agus leigean air féin a
bheith deagh-mhóideach, agus fonn a bheith air, mar dhóigh dhe,
na heiricigh a thabhairt chun an chreidimh - le n-a chuid
beartuidheacht a chur chun cinn? Acht fillimís ar an
tighearna Clibhe. B'an-fhear é, agus chuir sé cumhachta
na Sasanach ar bun is-na hIndiachaibh Thoir. Ar theacht
don sgríbhneoir go háit sa stair nach bhfuil aon tslighe
mhaith as aige, innsigheann sé dhúinn gur mheall Clibhe
Omichund le ainm a chuir sé i sgríbheann bréige ar
pháipéar, “acht,” ars' eisean, “níor bhfear é Clibhe a
thiubhradh leath-dhéanamh ar aon rud [ba dual Sasanaigh
dhó bheith go dícheallach]. Is beag nach náireach linn a
sgríobhadh. Sgríobh sé i mbréig-riocht ainm an Cheann-
phuirt Uatson.” Is bheag nach náireach leis - acht níl
ann acht gur beag nach náireach. Ó! a Bhabington Mhic
Amhalghadha. Is breagh deas an meas é sin agat ar
árd-mhoralus na haoise beannuighthe seo, a ghoireacht


L. 37


sin is chuaidh sé dhuit náire bheith ort, agus gan ionnat
acht léirmheasadóir.



Ná bí ag caint, acht is mór an meas atá ar mhoralus
anois; seadh, agus ar Chreideamh freisin. Tá sé dhá
admhughadh go múinte i litridheacht Béarla na naomhadh
aoise déag go bhfuil aithne shúl ar Dhia Uilechumhachtach,
agus gur ceann de na Cumhachtaibh Móra É; agus go
bhfuil duine in A chúirt agus tuarastal dó cé nach
bhfuil sé na chomhnuidhe ann, acht dearbhuigheann na
Sasanaigh deagh-bhéasacha go bhfuil siad carthanach Leis;
agus tá sórt Connradh idir-náisiúnta nó Ughdarás
gníomhach dhá dhéanamh aca “dár n-eaglais urramach”
agus “dár modh áluinn le urnuighthe a rádh” le n-a
ngeallann siad leigean Dó-san má leigean Seisean
dóibh-sean. Déanfaidh siad teampoll sár-mheasamhail
Dó, agus cuirfidh siad d'fhiachaibh ar na daoinibh uirísle
a bheith urramach sa teampoll agus íoc go maith as,
agus ní chaillfidh siad an creideamh náisiúnta mar
rinne na Francaigh uathbhásacha, má choinnigheann Sé a
shúil ar ghnóthaibh éigin eile .i. ar na daoinibh oirdhearca
úd a ólas bainne lárach, nó ar fhearaibh neamh-chiontacha
dubha, acht gan bacadh leo féin, mar tá siad-san cruadh-
ógach le gnóthaibh tráchtála agus le gnóthaibh stáit, ag
díol chodáis agus ag tabhairt deagh-bhéasa don iodhlaidhe.



Tá meas iomchubhaidh ag an sgríbhneoir ar Eaglais
urramach Shasana, agus ar an modh gur gnás leo a
n-urnuighthe a rádh; agus tá rádh nó dhó sa méid a
sgríobh sé ag cur síos ar Stair Reachtach Hallam dó,
agus is fiú liom a gcur síos annso, an mhéid go
mbaineann siad leis an bponc so. Tá sé ag tagairt
do na rógairibh a rinne leasughadh ar chreideamh i
Sasana, agus do na méirlighibh eile a rinne an Éirghe


L. 38


Ghlórmhar amach, agus deir sé: “Mar dubhramar cheana,
ba mhór an gar, ar mhodh, d'Eaglais Shasana gur daoine
a bhí gan aon bheann mhór ar a gcreideamh a rinne
an leasughadh ar chreideamh sa tír seo; agus fhearacht
sin, ba mhór an gar dár Riaghaltas choitcheann gur
daoine nach raibh aon bheann mhór aca ar phrionsapáltacht
politiceach a thug an Éirghe Amach chun críche. Ar a
theacht do chruadhchás dá samhail, b'éidir go mba mhó
an dochar ná an sochar a dhéanfadh cáilidheachta cumasacha
agus corrughadh mór intinne do dhaoinibh.” (Cineál ar
bith creidimh nó prionsapáltacht a thuigeas sé le
corrughadh mór intinne.) Agus cuireann sé an méid
so leis go dlúth 'n-a dhiaidh - ní mór dhúinn an moralus
a bheith go hárd - “Acht ní fhéadfadh aon fhiúntas a bheith
go bráth sa té a mbéidh an intleacht chumhang ann, ná
san té bhéas 'na dhuine liom-leat, cé go bhfeileann a
leithéid.” Cé'n ciall? Má's tig le cladhairibh agus
le daoithibh teampoill mhaithe, fhoghainnteacha, fhaicsidhthe
a thógáil, chun daoine a shábháil, agus má's tig leo
reachta glórmhara a dhéanamh chun daoine a riaghlughadh,
céard a choinneochadh iad gan a bheith measamhail? Go
d'eile céard é a bheith measamhail? Nó cé'n tairbhe atá
i gcáilidheachtaibh cumasacha ná i gcorrughadh mór in-
tinne? -



Ag cur m'ama amugha atá mé, agus ag cur feirge
orm féin, rud nach dual dom, leis an léir-mheas aigéin
seo ar léirmheasadóir Dhún Mhonaigh. Acht ní mórán is
fiú m'am anois faoi láthair; agus léighfidh mé gach ar
sgríobh an fear so i dtaobh an tighearna Bacún; ní ful-
áir nó is é sin an giota litridheachta is fearr sa leabhar
le cáilidheacht an sgríbhneora a thaisbeánadh.



I mbáireach a caithfear sin a dhéanamh. Tá le rádh go


L. 39


bhfuil dhá long le feiceál ar thaobh na gaoithe de ghob na
luinge; agus is mór an tsuim a curtar ina leithéid sin
de rud ar fairrge. Agus thairis sin, tá an ghrian ag
ísliughadh, go dtuga sí folcadh dhi féin, mar is béas di,
tráthnóna - is áluinn impireamhail an feic í agus ní
maith liom gan a bheith láithreach ar a dhul faoi dhi.



An dá long atá le feiceál - Ameiriocánach ceann
aca, Carthagineach an ceann eile.



18° - Dúisigheadh as mo chodladh aréir mé nuair a
bhain an clog dhá bhuille (.i. a haon a chlog), agus chualas
an tórnáil agus an truipéaracht, an tarraing' an
sáthadh agus an torann ar bórd. Bhí rud neamh-ghnáthach
éigin ar siubhal go cinnte. D'éirgheas; chuadhas treasna
an tseomra go dtí bun an dréimire. Bhí for-léasa an
tseomra imthighthe, agus an bórd mín ina n-ionad. Bhí
an caiptín ar bórd, agus barr an dréimire faluighthe
le rudaibh. Bhí an fhoireann réitighthe ar bórd fa chomhair
cogaidh. Chualas na forála ós árd. A spioraid an
Reachta! Ar fuagruigheadh cogadh ó sheolamar? An
bhfuil Báudin nó Trehouart ag déanamh orainn? Go
dtuga na cumhachtaí sin! A Threhouart, a Árd-taoiseach
na bhflaitheas tar annso le n-ar n-ais. Is forusta dhuit
ar bpleaghán malluighthe a bhriseadh, agus dhá urchar nó
thrí, leith-chéad punt an ceann, a chur tré lár na luinge
orainn agus ar seomra innill a chur as órdughadh. Rith-
eas treasna seomra an oifigigh, agus dubhras le buach-
aill a bhí ann rith suas romham agus fuagairt ar an
sáirseint go rabhas ag teacht. Thárla mé ar dhréimire
ag bun simléir agus thug sé sin ar bórd mé. Á! ní
raibh námha (ná cara) le feiceál. Dúisigheadh na saig-
diúirí calma as a gcodladh suain nó go dtaisbeánaidís
an riaghlughadh bhí ortha agus go gcleachtaidís cóirí catha


L. 40


i n-am mharbhtha na hoidhche. Bhíomar linn féin ar an
aigéan uaigneach fhairsing, agus bhíomar ag dul ag ionn-
saighe na gealaighe. Cheithre huaire a chaitheamar sliogáin
léithi as an ngunna adhbhal-mhór; acht de dhéanta na fír-
inne ní sliogáin dá ríribh bhí againn, acht ceathramha cuid
d'allamhntus urchair púdair. Cheithre huaire a chaith-
eamar léithi leis an ngunna fada, agus cheithre huaire
eile leis na gunnaibh gearra. Annsin nuair nár léar
dhúinn an ghealach ag deatach an phúdair, bhí an Sasanach
sásta gur thaisbeáin sé a neart, agus chuadhmar a
chodladh arís. Níor chuala duine ná deoraidhe an trom-
thorann a rinneadh acht gach a raibh ar bórd - mar tá
cáil na bodhaire ar an iasg. Támuid ar dhruim an
domhain annso, agus níl aon toradh de bharr an torainn
féin ann acht an toradh suarach, mar níl aon mhac-alla
le cloisteál; níl i dtorann ar bith aca acht brúcht
mhór, agus gan cosamhlacht ar bith aca le mac-alla
thagas ó throm-thorann na ngunnaí mór istigh le talamh.
Níl ann acht mar bheadh oibreacha suaracha teintidhe;
agus níl sa Scourge dhubh a bhfuil an chruth uathbhásach
uirthi, san áidhbhialtacht aduadhain seo, acht rud bradach,
binbeach, bruidhte, dubh, atá ag déanamh a díchill, agus
is dona é, ag iarraidh impireacht mhór áluinn chiúin seo
na hoidhche a chur thré n-a chéile. Acht ba gearr gur
sgaip an deatach, shéid an ghaoth roimpi é, agus dhearc
an ghealach mhaordha anuas (ní dhearnadh aon díoghbháil di
is cosmhail) ar luing agus ar muir, chomh forusta agus
dhearc sí sul hionnsuigheadh í. A ghealaighe chaoin, maith
a sotal don lasair nimhneach! Ná cuir i n-íochtar í le
cioth de do chaor-chlochaibh cumasacha aeir, óir is cuimh-
neach liom gur láidir an armáil gunnaí móra atá agat-
sa freisin. “Céard is déanta dhúinne an cine daonna,”


L. 41


arsa Seán Pól, “agus sinn 'nar gcomhnuidhe ar an
druim lom so, agus an ghealach ag dul thart dár
n-ionnsuighe, mar bheadh Turcach ann?” Bíodh sé 'na
shíothcháin idir sinne agus thusa, a Ghealaigh! A fhiadhaidhe
chaoin-fhionn 'Ioxéaipa! cuimhnigh ar na hoidhcheanntaibh
úd ar Latmos agus glac an mhánlacht leis an gcine. Tá
ar sáth d'inneallaibh cogaidh againn, ar sáth díospóir-
eacht, agus ar sáth d'fheirg dhiabhalta le n-a chéile a
strócadh agus a stialladh, a bhrúghadh agus a mhór-
bhasgadh - an oiread agus go mba leor do Hecate
chraosta mar thú féin é, gan t'ordanós-sa a chur ag
caitheamh caor-chlocha linn. Ní gábhadh dhuit-se, a Bhendis
áluinn, sinn a chur ag tairisgint íodhbartha daonna.
A Astarte mhaordha, a bhainríoghan neamhdha! tá deamhain
úrghránna ar ndóthain againn le n-ar ndearbhráthracha a
thairisgint dóibh mar íodhbairt - tá Mammon agus
Moloch againn agus dia léigheannta na ndeagh-bhéascna
.i. Belial deagh-labhartha. Déan, a ghealaigh, tabhair do
chuairt chuanna, cuir do shnadhmanna rúnda agus líon
do chuid adharc go síothchánta!



Is breagh an tseafóid í sin.



Tar éis céad-phroinne bhí teas na gréine ag trom-
sgalladh ar bórd agus chuadhas síos, chaitheas dhíom mo
chóta agus mo bháscóta, ag iarraidh fionnfhuartais agus
thosuigheas ag léigheamh aiste Mhic Amhalghadha i dtaobh
Bhacúin, an t-árd-fhoirceadlaidhe Sasanach, mar thugas
an léirmheasadóir air. Agus ní chuirfead aon éagcóir
ar an léirmheasadóir; tuigeann sé Bacún, tá fhios
aige cad do rinne sé agus cad nach ndearna; agus dá
bhrígh sin is rí-bheag é a mheas ar an “modh” nua ar
a dtéigheann an feithideach mór oirdhearc úd ag lorgair-
eacht, ar lorg na fírinne. Ní duine aineolach é, acht tá


L. 42


fhios aige nach bhfuil i stair na litridheachta aon duine a
leig air féin rud nua fhagháil amach is mó a bhfuil dul
amugha air ná mar atá ar an tighearna Bacún, an lá go
gceapann sé go bhfuair sé amach an “modh” treoruigh-
theach, nó an Novum Organum. Agus leis an gceart a
rádh le Bacún féin, d'éis a dhánacht, agus a theidil (.i.
Instauratio Scientiarum), agus d'éis a mhodh mhórdhálach,
mhór-ghlórach cainte, níor leig sé air ar fad gurb é an
chéad duine é a fuair bunadhas na gaoise amach, mar rinne
cuid dá lucht leanamhna ar a shon. Acht ní raibh ionnta-
san acht dearg-amadáin rí-fhoghlumtha. Acht gan trácht
ar an “treorughadh,” ná ar an modh, ná fós ar an
bhfocluidheacht (níl aon leithsgéal aige ina thaobh sin,
agus sháruigh sé Diarmuid Bentham féin ar an gcúntar
sin) seo í an cháil cheart “feallsamhnachta” le cur
ar Bhacún - táim gabhtha le tuarasgbháil an sgríbhneora
- “Feallsamhnacht úr-nua an fheallsamhnacht a mhúin sé.
Ar mhaithe leis an gcine daonna a bhí sí le múnadh agus
an chiall a bhí le maith .i. an chiall a bhí riamh agus bhéas i
gcomhnuidhe ag furmhór an chine daonna le maith. Sé an
rud a bhí fa fheallsamhnacht Phlató, aigne na ndaoine a
árdughadh suas thar neithe suaracha bheadh d'easba ortha;
sé an rud a bhí fa fheallsamhnacht Bhacúin, na neithe
suaracha bheadh d'easba orainn d'fhagháil dúinn. Cus-
póir uasal an chéad cheann aca, acht b'éidir an dara rud
aca a dhéanamh.” Sé an rud a thuigeas furmhór an chine
daonna leis an bhfocal maith, ar ndóigh, biadh, agus
moladh, samhaoin agus suaimhneas agus sadháile agus
cumhachta, sé sin le rádh, riar fhagháil ar easba suaras
ar bith atá ortha- .i. gach uile nídh dár thuig Bacún leis
an bhfocal commoda; agus do réir an rí-mhúinteóir
Sasanach, sin é an cuspóir is áirde ar bith, an t-aon


L. 43


chuspóir, agus feidhm na fír-fheallsamhnachta agus na
gaoise .i. freastal a dhéanamh ar an gcine daonna, má
tá aon rud d'easba ortha. Ó, a Phlató! Ó, a Íosa!



“Cuspóir uasal an chéad cheann aca, acht b'éidir
an dara rud aca a dhéanamh.” Ní headh, acht deirim-se
go raibh an chéad chuspóir go huasal agus fós go raibh a
lán daoine d'fhéadfadh a dhéanamh; acht an cuspóir eile,
ní hé amháin go raibh sé anuasal, acht ní gheobhadh aon
fhear a dhéanamh, mhór-mhór na daoine is uaisle ar bith.



Is mór an greann leis an sgríbhneoir an tseafóid
ar a dtugtaoi feallsamhnacht nuair a bhí na daoine dubh-
aineolach .i. roimh aimsir Bhacúin. “Níor bhfiú leo aon
tairbhe bhaint aisti, agus bhíodar sásta dá mbeadh sí
gan iad a chur aon chéim chun cinn. Foirbhtheacht na soi-
bhéas agus an teoir a bhain léithi, sin iad is mó a raibh
baint ag an bhfeallsamhnacht úd leo, agus bhí d'áird-réim
na neithe sin agus nach bhféadfaidhe tada a dhéanamh go
deo dhíobh acht teora. Shaoilidís fós ceisteanna do-
fhuasgluighthe a fhuasgailt leis an bhfeallsamhnacht úd;
agus stáid a sroichfeadh an aigne chuici, mholaidís a cur
ann, acht maidir le compóirt a thabhairt don duine' ní
gheobhaidís rud chomh hiníseal sin a dhéanamh.”



Acht níor cháin Plató ná Pithagoras compóirt ná
saidhbhreas riamh, ná ollmhaitheas saoghalta ar bith' acht
d'fhágadar fa lucht ceirde agus fa dhaoinibh mheabhracha
iad, ní raibh aon bhaint ó cheart ag saoithibh, dar leo, ná
ag feallsamhnaibh leo. Dá dtagadh Séamus Uatt go
cathair na hAithne, nó go Crotóna, agus a inneall gaile
leis, gheobhadh sé creideamhaint go cinnte, agus déar-
faidhe go mba gasta an duine é, agus go mb'ionmholta
an ceárduidhe - gach ar thuill sé, acht ní thiubhraidís
feallsamh air mar gheall ar an méid sin. Acht cheap na


L. 44


saoithe úd a bhí ann i n-allód go mba hí an ghaois cheart
í na smuainte agus na miana a árdughadh suas thar an
mhaith a dtugann furmhór na ndaoine “maith” uirthí,
agus lom a ndíchill a dhéanamh ar a bheith fírinneach,
fulangach, cneasta, cáidh, i n-áit a bheith ag freastal ar
oireasbha suarach ar bith dá mbeadh ortha.



Nár bh'é Íosa Críost an t-amadán bocht, dá dtugtaoi
breith Air do réir na “feallsamhnachta nua” so, mar
isé an rún céadna bhí Aige a bhí ag Plató. Níor bhfiú
Leis neithe beaga compóirteacha a sholáthar dhó féin;
seadh, maiseadh, “maidir le compóirt a thabhairt don
chine daonna, níor bhfiú Leis rud chomh hainíseal sin a
dhéanamh.” Ní headh, a mhaisge, acht “gibé rud atá
glan, gibé rud ata naomhtha, má tá aon bhuaidh- .”



A Dhia láidir! ar ndóigh níl annso againn acht ceist-
eanna sgoile. Ar smuainigh tú nach féidir an aigne a chur
sa stáid sin? Tairgeann tú arán beo dhúinn, agus uisge
nach mbéidh tart arís ar an té ólas é - tá sin go háluinn
ar fad, acht níl ann acht raiméis. An dtiubhrá congnamh
dhúinn le im a chur ar an arán mine seo atá againn, im a
chur ar thaobh de i dtosach agus annsin im a chur ar an
taobh eile? An gcuirfeá feabhas ar an uisge seo, ar a
bhlas leamh, agus ar a laige neamhdha? Sin iad na rudaí
atá d'oireasbha orainn. Sin iad na rudaí is maith le
furmhór an chine daonna. Gibé rud atá teolaidhe,
gibé rud a bhfuil cumhachta ann - suaimhneas, airgead,
cuimhnigh ortha sin. Ní admhochamuid feasta aon
lóchrann a bheith sa domhan acht an lóchrann a thiubhras
léargus dúinn ar éadáil den tsórt sin.



Tá cruth ar a urmhór sin gur Dia-mhasladh é; acht is é
an sgríbhneoir a rinne an Dia-mhasladh. Bheadh an oiread
de chiall dó an creideamh Críostuidhe a chur i gcomórtas


L. 45


leis an mbuaidh atá ag daoinibh ag cumadh rudaí nuadha,
agus bheadh dhó feallsamhnacht Phlató a chur ina chomórtas
- an cás céadna. B'ionann feallsamhnacht i n-allód
agus an creideamh aiceanta .i. a bheith go dúthrachtach ar
lorg na fírinne spioradálta, agus ar lorg na maitheasa
spioradálta. Bhain sí leis an spioraid agus le uais-
leacht an duine, agus sé an rud a chuir sí roimpi .i. a
nádúr a ghlanadh agus dóchas a thabhairt dó go raibh an
bheatha shuathain agus an choróin gheal imeasg na naomh i
ndán dó.



Go díreach, ars an sgríbhneoir, is ar sin a tugadh
gaois - ar seo a thugaim-se gaois, mé féin agus Bacún.
“Tuilleadh aoibhneasa a thabhairt don duine agus a
pheireacha a laghdughadh, an dá rud a chuir an tighearna
beachtuighthe Bacún roimhe.” Ní fiú linn trácht ar
rud ar bith thairis sin, thairis sin ná téidheadh lorgair-
eacht ná miana an duine. Éirigh as do bhrionglóidíbh
ar staid intinne nach féidir a shroicheachtáil agus
sásuigheadh an fhírinne do réir Bhacúin tú.



Cuimhnigh ar dhuine eolgach de lucht leanamhna an
treoruidhe Bacún 'na sheasamh agus pus air le tarcuisne,
agus é ag éisteacht leis an tSeanmóir ar an Sliabh, agus
cuimhnigh air ag fiarfuighe go borb den Teagasgthóir -
“Cia'n chiall atá leis sin: “tabhair do bheannacht don
té thiubhras a mhallacht duit” - “grádhuigh do náimhde” -
“bidhidh foirbhthe amhail atá bhur nAthair atá ar Neamh
foirbhthe”! Cá bhfuil an duine a bhí riamh ar an stáid
intinne sin? Goidé an chúis, a chara, nach dtiubhrá aghaidh
ar rud foghainteach éigin, ar rud éigin a d'fhéadfaidhe
a dhéanamh agus na buadha móra atá agat? An
bhféadfá tada a dhéanamh? - ná feabhas a chur ar
thada? Bíonn tú le siúinéaracht, nó tá dul amugha


L. 46


orm, agus bhíteá ag obair i n-áit éigin i nGalile;
an bhfuairis amach aon rud beag nuadh ar bith a chuir-
feadh feabhas ar do cheird mheasamhail féin? Ar chuiris
aon fheabhas ar an toireasg, nó ar an deil, nó ar an
bplána? An féidir leat aon fheabhas a chur ar sheol an
fhigheadóra, nó ar rotha an photadóra? Ar shabháil tú
adhbhar ar aon tslighe, nó ar shabháilis saothar don duine,
nó ar thugais ear is barr aoibhneasa don duine? An
ndearnais ceachtar de na neithibh sin, nó an tig leat a
thaisbeánadh do dhuine le n-a ndéanamh? Ní dhearnais,
ní thig! Tóg ar siubhal mar sin é. Céas é!”



Seadh, acht déarfaidh an Sasanach eolgach liom, ag
caint ar chreideamh atáir anois; agus sin é an rud is
treise againn fa láthair sa tír bhreagh seo. Nach bhfuil ar
dteampoll urramach againn - agus ar modh modhamhail le
urnuighthe a rádh? Tá roinn ar leith ag an rud sin dó
féin, agus Árdeasbog uasal Canterburí ina chionn.
Má theastuigheann aon tuairisg do thaobh an tsaoghail eile
ná do thaobh do shlánuighthe, ná do thaobh neith ar bith den
tsórt sin, cuir tuairisg ins an árd-oifig, nó i gceann
de na fo-oifigibh.



Is fíor sin, tá roinn ann, agus oifigí, agus tuarastal,
agus beagán le cois; acht na dhiaidh sin agus uile, ní hé
amháin nach deagh-bhéasgna críostamhla iad deagh-bhéasgna
nua na Sasanach (agus is ionann agus dalta iad don
teagasgthóir clúdhamhail Sasanach), acht ní deagh-bhéasgna
págánta féin iad. Sin í an fhírinne ghlan. Níl aon
tsuim dá laghad aca i n-aon nídh níos fearr ná níos áirde
ná mar atá le fagháil ón domhan. An dubh-chumasg
céadfaidh a thug do Bhacún agus do Mhac Amhalghadha an
fheallsamhnacht ársaidh a chur i gcomórtas le stuaim chinn
luchta an ama so taisbeánann sé go bhfuil an cháilidheacht


L. 47


sin ag teacht ar na daoinibh, ar a gcroidhe agus ar a
intinn, agus is tuar bháis don náisiún é. Sé céadfadh atá
ag urmhór an chine daonna, gur maith an rud airgead
agus cumhachta agus aoibhneas; agus, féach, bhreathnuigh
Spioraid na hAoise ar an nídh céadna agus dubhairt sise
go mba rí-mhaith na neithe iad. An stáid is áirde ina
bhféadfadh intleacht nó subháilce an duine a bheith do
réir na spioraide tútaigh sin, sé sin stáid an té sin a
bhfuil grádh aige don chine daonna - sé sin le rádh, sin é
staid an duine a laghduigheas a bpeireacha don chine, nó a
thug as tuilleadh aoibhneasa dhóibh, de bharr neithe nuadha a
fuair sé amach, nó de bharr comhgar innill a cheapadh.
Cumhachta an duine a mhéadughadh, a chumhachta ar na dúilibh
agus a chumhachta ar dhaoinibh allmhurdha, dochum sólás a
thabhairt dúinn féin, sin é an toradh is áird-réimighe
d'fhéadfadh a bheith ar an intleacht is géire. Seadh, agus
cheapfadh Spioraid ghránna na hAoise an spéir féin a
strapadh le teann inneallradh uathbhásach gaile, le
aimhléis, agus le púdar, le airgead bunaidh, le “dlighe
an chur-ar-aghaidh,” agus le neart do-mheasta an choimh-
oibriughadh le chéile. Is beag aige gur chlis ar Otus
agus ar Ephialtes, ar Tiphaeus agus ar Enceladus,
ná ar lucht thógtha Shinar; agus cad n-a thaobh? Ba
bheag é a n-eolas siúd ar chomh-oibriughadh; ní raibh
eolas duth ná dath aca ar an aimhléis ná ar an ngail,
ná ar bhun-adhbhar an stuaidh; ní rabhthas acht ag tosughadh
ar ghnáth-innillteóireacht an phobail; ní raibh dul ó
chliseadh aca.



Feicthear don tSasanach fa láthair, an t-adhbhar bunaidh
a bailightear, agus a curtar ag saorughadh, agus a mbain-
eann daoine ceannsa leas chomh hadhbhail-mhór sin as,
feicthear dhóibh gur leor mar chumhachta é sin leis an


L. 48


domhan a chur fa smacht; agus dá bhrígh sin adhruigheann
siad a numen le n-a ngnáth-ghoithibh salacha. Dearbh-
uigheann siad dóibh féin nach leomhfaidh Dia an nádúir
baint le n-a leithéid sin de chumhachta, ná aon aighneas a
chur air; óir lucht an airgid atá na gcomhnuidhe sa
gcathair creideann siad go bhfuil airgead ag Dia an
tAthair san áit a bhfáightear trí as an gcéad as, agus ar
an adhbhar sin de go bhfuil sé san áirdeal ar fhaitcheas nach
mbeadh sé 'na shíothcháin ar fud an domhain, nó ar fhaitcheas
go gcuirfidhe aon bhacadh ar réim na “ndeagh-bhéasgna.”



Is cosmhail mar sin go bhfuil sé na shíothchán an fhad is
nach bhfuil dhá chreachadh is dhá mharbhadh, is ag fagháil bháis
den ocras acht daoine gan airgead; agus freisin nach
bhfuil tada a cheannsochadh déithe is daoine chomh maith le
neart airgid bunaidh bheith aca.



Creidim go diongbhálta gur baoghalaighe an chaint
chumaisg agus na smuainte cumaisg sin atá ag tuar an
droch-ruda, agus a thug an méid sin orainn (agus ní mí-
thuisgint a thárla le timpiste é acht measgadh ó fhréimh a
rinneadh ar an teanga Béarla, agus iomroll intleachta,
agus gnáth-iomroll inchinne atá ag dul chun donacht le
dhá chéad bliadhain) ná giob geab Bhabel, agus go bhfuil
sé ag tuar an tubaiste indeire na dála. Ní hé an
sólás bun-chuspóir an duine, agus cuirfear sin i n-iul
tré chomharthaibh agus tré iongantasaibh uathbhásácha.
Dearbhuighim-se nach é an t-airgead bunaidh atá ag
riaghlughadh an domhain; ná nach bhfuil aon tsuim mar
gheall ar airgead ag Dia Uilechumhachtach sa seasamh
dhéanfas ciste an stuic, ná i gcothrom idir chumhachtaibh na
ranna Eorpa; ná fós nach bhfuil sé i n-innillteoireacht
cathrach ná i n-innillteoireacht armála an duine a chur ós
cionn na bhflaitheas, ná suidhe ríoghdha Dé a chorrughadh.


L. 49


Acht a dtagaidh an t-am sin, náisiúin atá sgartha thart
anois ar an domhan, agus gur cumhang leo é, déanfaidh
siad roinnt den fhíor-fheallsamhnacht d'fhoghluim, agus ní
hí sin an nua-fheallsamhnacht, agus béidh éadach silici
agus luaithreadh umpa. Agus náisiúin eile atá sínte sa
draoib anois, cuirfidh siad díobh an t-éadach silici, agus
buailfidh siad fan saoghal náisiúnta as a nua, agus
b'éidir dhóibh-san na cortha céadna a dhéanamh agus an
díoghaltas céadna a tharraing ortha féin. Óir is
thart timcheall is gnáthach leis an gcine a dhul ar
aghaidh; nó b'fhéidir, do réir na lúibe a dhéanfaidhe, i rotha
a bheadh ag casadh ar an gcothrom, sé sin, cosán cear-
calda a dhéanamh ar aghaidh; marar chóra a rádh gur ar
luasgán a bhíos an cine ar nós na croichteoige a ghníos
stuadh cearcaill agus é ag gluaiseacht ar a chúrsa. Seadh
agus is aois an seal ama is ceart a chomhaireamh; nó le
dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, abruighmís go bhfuil
an saoghal dhá chaitheamh.



Tá dath dearg ar an spéir arís anocht, agus an ghrian
ina caor theintidhe istigh i lár néall atá ar dearg-lasadh
ar íoghar na spéire. Tá an ghrian freisin ag leanmhaint
dá sgáile féin, thart timcheall na cruinne, gan sos gan
sgíth aici. Éirigheann an ghrian fosta, agus téigheann
an ghrian faoi, agus déanann sí deabhadh chun na háite ar
éirigh sí. Tá na srotha go léir ag teibirsin chun na
fairrge, agus na dhiaidh sin níl an fhairrge lán; fill-
eann na srotha arís gus an áit as a dtángadar.
Caitheann na huisgí na clocha. Sguabann tú ar siubhal
na neithe fhásas as deanach na talmhan, agus dóchas an
duine milleann tú é. Téigheann agat air go síorruidhe
agus téigheann sé ar ceal. “Slán leat.”



19° - Focal eile do thaobh an “rí-mhúinteora Sasanaigh”


L. 50


agus tá mé réidh leis annsin. Féach a bhfuil aon tairbhe
ann féin ná ina theagasg, ná sa leas a dhearbhas sé a bheith
ann .i. sólás agus sadháile agus réim a thabhairt don
duine. An chéad chás de, ní fhuair sé féin amach rud nuaidh
ar bith riamh, ná níor fhoghluim sé, ná ní raibh fhios aige i
gceart tada. Fearacht an tighearna Brougham, bhí
roinnt shuarach éigin eoluis aige ar an ealadhain a bhí ann
le n-a linn féin: an rud adubhradh le uachtarán aca bhí sé
ionráidhte i dtaobh an uachtaráin eile: .i. “dá mbeadh fhios
aige beagán den dlighe níl tada nach mbeadh fhios aige
beagán de.” Acht gabhaim párdún ag an tighearna
uasal - ó's cuimhneach liom anois é, chuir sé cúram níos
uaisle ná sin air féin .i. obair a leagan amach do dhaoinibh
eile, i n-áit a dhul ag obair dhó féin i dtighthibh ceirde, nó i
gceárdchaibh, nó os comhair sornn, an áit a mbeadh deatach
agus gal air. Mheas sé agus leag sé amach fós slighthe
réidhe fairsinge ar ar chóir a dhul ag lorgaireacht; d'fhéach
sé go cruinn ar obair na healadhna go foirleathan agus
go hiomlán, agus leag séamach a gcion féin oibre do na
hoibrighthibh. Agus tá le rádh na dhiaidh sin gur thaisbeáin
an t-uachtarán so a bhí ar bheagán den eolas é féin, agus
a mhair le linn saothar na meanmanradh a bheith ar siubhal
go dícheallach, dúthrachtach .i. tamall gearr d'éis an ama
a bhfuair Galileo amach slighthe na gréine agus na réalt
thríd an spéir, agus tar éis na gnáth-riaghlacha a choimh-
líonadar d'fhagháil amach do Chepler; d'éis an ama ar
fríth amach an fadradharcán, agus compás an mháirnéal-
aigh, agus cóir clódhadóireachta, (agus fríth amach iad sin
go léir gan aon chongnamh ón organum), agus tá le rádh
gur thaisbeáin an t-uachtarán so an fheallsamhnacht, agus
gur chuir sé suim ag daoinibh eile innti, agus gur chuir sé
cuspóir ar foghnadh roimpi, cé nach bhfuair sé tada amach


L. 51


ariamh acht a riaghail féin. Cá bhfuil an fhiadhnuise? Níl
sí ann. Agus dá bhrígh sin, dearbhaim-se go cinnte nach
raibh riamh fós fear comhshuidhte drug ann, ná talamh-
eoluidhe, ná ceárduidhe, ná fisigeach, liaigh, réaltóir, ná
innillteoir, ná “feallsamh” ar bith eile, anall ó aimsir
Bhacúin, ar chuimhnigh a chroidhe riamh ar an instantiae ná ar
an vindemae, ná ar thada eile den chaint liobarnach atá sa
leabhar amaideach sin, in-aon lorgaireacht dá ndearna-
dar. Dearbhaim ina theannta sin, nach raibh duine as
an dá fhichid, de na daoinibh a chuir ealadhain agus dán chun
cinn i gceart, nár léigh duine riamh aca an leabhar úd;
nach raibh duine as an dá fhichid a léigh an leabhar a thuig í -
agus na daoine a thuig í féin, ní raibh an t-aon duine aca
a bhain aon leas aisti.



Acht déarfaidh an sgríbhneoir, bí cinnte dhe, is iad na
histantiae céadna sin an organum a bhí ina gceann ag na
daoinibh a bhí ag lorgaireacht agus ag obair, agus a raibh
toradh ar a saothar de bharr na slighe a thaisbeáin an
múinteoir mór dóibh, cé nár léigheadar, nó nár thuig-
eadar an leabhar sin, nó nár bhfiú leo í áireamh, ná nach
raibh fhiosaca na téarmaí dá ndearna Bacún úsáid. Is iad
go díreach, mar bhíodar ag Tubal-cain agus ag Daedalus,
ag Archimédes agus ag Aristotle, ag Columbus agus
ag Cepler, iad sin agus iad sin amháin.



Sé an rud a rinne an tighearna Bacún dá ríre, agus
sé a ndearna sé - má rinne sé tada - ná má bhí toradh ar
bith ar a shaothar, go mba hé ba cionn-tsiocair le ceard-
uidhthibh stuamdha a chur ag obair ar lorg na riaghlacha
dá ngéilleann folaidh (ionnus go mbainfidhe leas agus
sólás asta, agus ar an adhbhar sin amháin). Chuir sé an
obair sin in-áit na feallsamhnachta, agus thug sé feall-
samhnacht uirri. Agus admhuigheann an sgríbhneoir


L. 52


dílis, ó's duine é nach raibh an-aineolach, ná nach
raibh ar deireadh ina chuid eoluis ar an saoghal a caitheadh,
ná fós nach raibh aon nídh dá raibh roimhe dhá fheiceál dó,
admhuigheann sé gurab shin é rinne Bacún, agus deir sé
gur maith a rinne sé é.



Táim tuirseach anois de Mhac Amhalghadha agus dá chuid
aistí, agus chím, agus is iongantach liom é, go bhfuil
tuairim agus deich leathanach breactha agam ag coireamh-
aint air. Is gasta deaslámhach an ceárduidhe ar
fhoclaibh é, ceárduidhe focal chomh deaslámhach agus mhair
san naomhadh aois déag é. Cheapfadh duine ar bith i
dtosach gur dánta cearta a bhfuil fíor-bhinneas an
amhráin ionnta, a dhán ar Horatius agus a amhrán ar
Nasebí. Is gearr ó cheapas féin é; acht ní féidir é
agus ní tada dá shórt iad.



“Is an rud nach féidir ní féidir é,
Is ní bheidh sé amhlaidh le n-a ré.”



Níl aon fhulaing leis an aimsir d'éirigh sé chomh te sin,
agus níl aon teacht as againn. Oiread is puth den
fhionn-fhuartas níl ann, agus is geall le ciúineas na
marbh an ciúineas atá ann. Is cosmhail le sgathán práis
uachtar na fairrge ar sleimhne, agus sgaltacha teo na
gréine gile ag éirghe dhá druim. Támuid mar bheimís
idir dhá shornn fhraochda. An mheirigín bheag de chleitea-
chaibh caola atá i mbarr na cleithe i n-áirde, tá siad ag
sileadh anuas díreach, cé go bhfuil hocht míle siubhail san
uair fúinn. Tá an sáirseint reamhar ag cuimilt an
alluis dá mhailidhe. Tá an t-uisge atá sa dabhach bog;
an fíon atá ins na buidéil, tá sé féin bog agus gan é de
chumhachta san sáile, óir tá púdar an ghunna measga thríd,
aon fhionnfhuartas a chur ann. Cá bhfuil an feallsamh a
mhúinfeas dúinn cé'n chaoi a bhfuarófaidhe an fíon, gan


L. 53


leac oidhre a chur leis, fa bhrothall so na gréine? Níl
long ná bád le feiceál, ná éan ar an spéir, ná aon rud
eile a thaisbeánfadh talamh ar bith a bheith ann. An
amhlaidh go ndeachamar thar Bhermuda? Goidé an
díoghbháil? Is beag agam é dá seolaimís thart tim-
cheall na cruinne. Acht tá muinighin ag fear stiúrtha
na luinge go mbainfimíd na hoileáin amach i dtaca
mheadhoin lae i mbáireach.



20° - Bermuda! Tuairim an deich a chlog indiu sgaip
an ceo glas, agus an fear a bhí i mbarr an chrainn' gháir sé
ós árd: “Talamh.” Ba hé an chéad talamh é a bhí le
feiceál ó d'fhágamar Éire, agus ní raibh duine againn nach
raibh fonn air a fheiceál. D'fhéachas-sa amach níos deis-
mirighe ná ceachtar aca, mar is mó é mo shuim-se i
mBermuda fa láthair ná suim aon duine eile ar bórd.
Ba gearr go raibh amharc air ó bharr an bhosga atá ós
cionn rotha na luinge; roinnt tulaigh ísle talmhan atá
ann, agus iad le feiceál go follusach idir thú agus an
spéir, agus iad gar go maith dhúinn. Níl aon chuid de
Bhermuda níos mó ná naoi bhfichid troigh ar áirde' agus
ní féidir é fheiceál nó go mbeitheá i ngar dhá bheith buailte
air. Fa cheann leath-uaire shroicheamar é, agus leigeamar
fúinn, ag fanamhaint le píolóite. Níor bhfada go dtáinig
bád chugainn; daoine buidhe na bádóirí' a raibh a
n-aithreacha bán agus na máithreacha dubh; bhí hataí de
bhilleogaibh leathna ortha. Bhí an píolóite féin chomh dubh
leis an sméir. Tá sreath gunnaí móra Carthagíneach ar
mhullach an oileáin thoir, agus tá béal an chuain go
contabhairteach, agus é idir sin agus beann mhór atá ag
éirghe aníos as an bhfairrge ar an taoibh ó thuaidh de na
hoileánaibh. Ba gearr go rabhamar thar an mbéal
contabhairteach, agus sheolamar annsin ar feadh deich


L. 54


míle le hais an dá oileán is mó, agus bhí amharc maith
againn ar an tír agus ar na tighthibh agus ar na daoinibh.
Is beag nár léar dhúinn leis na gloineachaibh fadradharc-
acha, an chóir do bhí ar na tighthibh aca istigh ionnta, an áit
a raibh na doirse osgailte. Tá daoine go tiugh ann; tá na
tighthe nó a bhfurmhór, geal, idir bhallaí agus ceann, acht
tá siad ar easba simléir agus féachann siad go mí-chom-
póirteach; tá teach beag fulachta ar leith aca, tamaillín
ón teach comhnuidhe. Tá dath geal ar chuid de na carraig-
reacha, dath buidhe ar thuilleadh aca, áit ar bith a bhfuil
siad leis, mara bhfuil carraig ann a dtagann an fhairrge
uirthi. Tá tuláin bheaga 'na gcéadtaibh ar na hoileánaibh
go léir, agus crainn bheaga garbha cedir. Níl aon
chrann ann acht an cedir. Tá dath donn-uaine ar
an gcuid den talamh nach bhfuil aon adhmad air, agus
cosamhlacht lom, spalptha air, cosamhlacht go sughfadh
sé a dtiocfadh is a dtáinig den uisge. Ní hiongnadh
dhó; níl sruth ná sreabh, ná sruthán, ná tobar, ar fhuaid
na n-oileán, agus trí chéad aca ann, agus trí mhíle
cnocán ortha. Níl na cnuic sáthach árd, ná an talamh
sáthach fairsing, agus is cineál cailce atá sa gcarraig
chalctha atá ann, agus shúghfadh sí an t-uisge ar nós an
[an] ghainimh, agus súghann sí a dtuiteann den bháistigh uirthi
agus shúghfadh sí a dheich n-oiread agus ní bheadh a dóthain
na dhiaidh sin aici. A Dhia láidir, nach dóighte feannta an
tír í!



“Áit nár rith riamh sruth ná sreabh,
Soir i n-aghaidh an ghaoi ghlais ghlain
A bhfuil lasadh aedhearamhail ó neamh ann.”



Ní mór, is cosmhail, do na daoinibh a bheith ar a ndícheall
ag gabháil na báistighe, agus cuisleacha agus dabhachanna a
shocrughadh ar shlighe ghlic fa n-a comhair. Is maith an chloch


L. 55


atá aca leis an uisge a sgagadh, ar chuma ar bith, dá
bhfaghaidís an t-uisge. Ní fheicim cur ar bith d'aon
tsórt déanta, acht beagán garrdhanta; agus is fíor-
bheag den talamh atá curtha i n-aon chor. Chítear dhom gur
doicheallach, allmhurdha an áit é seo ar fad; agus ar a
theacht dúinn anoir le tír, agus gan tada le feicsin acht
tulcháin agus na garbh-chroinnte loma cedir, agus an
talamh spalptha, chuimhnigheas ar Bhanba na Sreabh, agus
ba truagh liom gan mé ann. Ar feadh na huaire bhíomar
ag seóltóireacht anoir, bhíos ag síor-chantain liom féin:



“Is osgailte fáilteach an áit sin Éire,
Bán-chnuic Éireann óigh,
Agus toradh na sláinte i mbarr na déise
Ar bhán-chnuic Éireann óigh;
Biolar agus samha i ngleanntaibh ceo
'S na srotha san tsamhradh a' labhairt ar neoin
Is uisge na Siúire a' brúcht na shlógh
Ar bhán-chnuic Éireann óigh.”



Acht is breagh torthamhail na hoileáin iad so 'na dhiaidh
sin. Beirtear agus tógtar na mílte daoine ortha
agus créatúir dhaonna freisin iad, do réir chosamhlacht.
Tá dhá chathair ortha, i bhfuil fir a bhfuil deis a labhartha aca
agus lucht reachta agus riaghaltais i gcathair aca. Tá
dug ann agus dhá shluaightheach, agus dhá pháipéar
nuaidheacht - páipéir chearta do dhaoinibh le n-a mbara-
mhail a fhoillsiughadh (agus eagarthóirí, is dóigh liom
agus gaoth, agus gach aon deis eile). Agus rud is
fearr ná sin, tá neart toraidh ann, agus neart éisg
agus glasraidhe, agus chím ba ann, agus gabhair go leór,
agus muca agus éanlaith. Dar go dearbhtha is maith an
tír í. Is annso a shaoil Seoirse Biorclaoi seagainne


L. 56


coláiste a chur ar bun do dhaoinibh a raibh fútha a dhul
imeasg daoine allmhurdha ag teagasg an tsoisgéil. Bhí
fa Sheoirse Críostuidhthe a dhéanamh de na hAimeriocán-
aighibh dearga, agus d'éirigh sé as déagántacht a bhí aige
i nDoire Chuilm Cille agus tuarastal mór dó as, ionnus
go mbeadh sé ina Uachtarán ar an gcoláiste annso, áit
nach mbeadh dhó acht céad punt sa mbliadhain. Sir Riobart
Ualpole, saoilim, a bhí ina árd-mhinistéar ar raghaltas
Shasana an tráth sin, agus gheall seisean fiche míle punt
a bhronnadh ar an gcoláiste. Ar thabhairt an gheallaidh
sin do Sir Riobart d'fhágaibh Seoirse Doire, agus
chuaidh sé go Sasana Nua, áit ar fhan sé bliadhain ag
feitheamh leis an airgead, agus le cairt an choláiste.
Bhí sé ag iarraidh agus ag gearrán, dhá mheabhrughadh agus
dhá chur i n-iul dóibh, nó go raibh a chroidhe briste beagnach,
agus annsin d'fhill sé ar ais go hÉirinn agus éadóchas
air. An duine bocht! is beag a cheap sé go mbadh mhor
an biorán le ministéaraibh Shasana é féin agus a
choláiste. Bhí a mhalairt de leagan amach aca fa chomhair
na hoibre sin .i. min dhearg a dhéanamh de na daoinibh
dearga. Acht rinneadar easbog de Sheoirse ar Chluain
Uamha, agus d'fhan sé annsin ag feallsamhnacht agus ag
fidiléaracht dó féin go bhfuair bás. Go Bermuda
freisin a chuir Prospero Ariel oidhche áirithe ag iarraidh
drúchta. Acht is ar éigin a d'aithneochadh duine anois
gurab iad na hoileáin seo na Bermoothes chollóideacha,
mar ní suaimhnighe naoidheanán 'na chodladh i n-ucht a
mháthar ná na hoileáin indiu i n-ucht na mara gloinidhe seo.



Agus nach annso fosta a tháinig Ualler, ealadhantóir
an bheatha, nó go gcaithtí aimsir an chruadhtain, agus nach
ann a facthas dó an aisling ar oileánaibh an tsamhraidh?
Nach ndearna Tomás Ó Mórdha freisin amhráin faoi na


L. 57


crannaibh cedir seo? Ní raibh Bermuda gan a chuid-
eachta; seadh, tá cáil féin air agus cáil a mhairfeas. Is
blogh den talamh bláthmhar dá ríribh é is cosmhail, agus a
cheann ar uachtar an aigéin annso aige. Is féidir mair-
eachtáil ann ar chuma ar bith; agus dá dtugtaidhe oileán
díobh so dhom ar m'aghaidh féin, nó réasúntacht saoirse
mar sin, b'éidir liom mo chúram ar fad a thabhairt amach
annso, agus b'éidir dhúinn síol gallda a chur, agus
oráistí, agus fataí, agus comhnuidhe i mbothán a mbeadh
ceann fionn-aolta air, agus an fhairrge ar a bhéalaibh,
agus coill cedir ar a chúlaibh. B'éidir sin. An
t-órdughadh atá fá shéala ag Caiptín Wingrove, b'éidir go
leigfeadh sé an deis sin a thabhairt dom. Tá le rádh nach
mó ná folláin an áit é, acht ar ndóigh neartochadh mo
pháistí beaga fa thaithneamh láidir na gréine, agus
mhairfeadh muid ar an gcúlráid annso go gcaithtí an
tamall a cheap an dream a d'fhuadaigh ar siubhal mé
dhom, sin nó go saorfaidhe mé mar gheall ar “adhbhar
stáit” éigin (mar is dúinte dothuigthe na daoine
iad fir stáit Shasana).



Shroicheamar caladh-phort fa dheireadh, áit ar leig-
amar fúinn, ar bhéalaibh an oileáin ar a bhfuil lucht an
riaghaltais, an áit a bhfuil an dug. Seo é an t-oileán
is fuide siar-dtuaidh den iomlán, agus Éire an t-ainm
atá air, ní dhéanfadh aon ainm eile é. An long adhbhal-
mhór gaile a bhíos ag triall anonn is anall treasna an
aigéin .i. an Great Western, bhí sí annso le n-ar n-ais,
ar a theacht i gcaladh-phort dúinn, agus ar an taobh eile
dhinn tá long mhór stáideamhail cogaidh, a bhfuil cheithre
ghunna mhóra dhéag agus trí fichid uirri, agus an bhratach
chearnógach dhearg i mbarr an tseoil-chrainn, dá thais-
beánadh go bhfuil an t-uigingeach ar bórd. Tá galtán


L. 58


beag le lucht an riaghaltais ag seoltóireacht thart ar fud
an chuain; tá roinnt shoithigh sa dug, agus gob talmhan
amach le n-a n-ais, le fasgadh a dhéanamh dhóibh, dá dtagadh
an doineann, agus gleoiteóga beaga gleoite, agus
déanamh aisteach ortha, ag imtheacht anonn is anall
ina sgórthaibh - i gcruthamhnas go bhfuil beodhas san áit
thar mar bhí againn le trí seachtmhainí i n-aduadhantas an
aigéin.



An t-uigingeach atá annso, tá na hIndiacha Thiar agus
Ameiriocá Thuaidh le freastal a dhéanamh aige ortha; is
é an sean-tighearna Ó Cogaráin é, nó an tighearna Don-
domhnaill, fá láthair. Sé an fear céadna é a dhíbir na
hEsmeralda as caladh-phortaibh Callao; an fear a bhí
ina uigingeach i Sile agus Ó Huigín mar ainm air;
an t-uigingeach Gréige a bhí fa Chomhdháil Epidaurus, agus
níl aon fhear beo a thug gacha le mionna leis a bheith dílis
do riaghaltas sealadach ceannairceach. Ó bhí sé infheadh-
ma tá sé ag troid ar fud fairrgí na cruinne ar son
daoine bhí ag iarraidh a dtír a bheith neamh-spleadhach.
Gidheadh, is dóigh liom go gceapann sé gur fíor-dhroch-
dhaoine iad lucht ceannairce na hÉireann.



Bhí an tráthnóna go haoibhinn agus chaitheas an t-am ar
bórd ag comhrádh leis na hoifigeachaibh agus ag dearcadh
as fadradharcán ar na hoileáin thart timcheall orainn,
go ndeacha an ghrian faoi. Is daingean an daingean i
gcosamhlacht é oileán Éireann. Tá sreath fíor-dheas
tighthe ar mhullach an chnuic i lár an oileáin. Sluaightheach
é sin agus stórus an riaghaltais i bhfogus dó, agus
stuadh-cheanna do-bhriste ortha, nach mbrisfeadh sliogán
féin iad agus tuiteadh sé ortha. Tá an cnoc gearrtha
síos ar fiar ghéar ar a mbéalaibh sin, síos go dtí go
sroichidh sé cothrom leis an dug, agus ar a chúlaibh tá


L. 59


forscamhon gearrtha sa bhfánán agus gunnaí móra
suidhte ortha. Tá sreath fada réidh de dhaingnibh ar feadh
an bhealaigh, idir cnoc an tsluaighthighe agus cnoc eile atá
ar fíor-fhoircheann thuaidh an chnuic; agus tá tighthe eile
atá ar fíor-fhoircheann thuaidh an chnuic; agus tá tighthe eile
leis an riaghaltas ar sin, agus riar láidir gunnaí móra
thart timcheall air. Taobh thoir díobh sin tá asgaill
ann, agus is insan asgaill sin atá an stórus d'earraidh
loingis, agus na hoifigí agus an dug. Is millteach
mór luachmhar na foirgnighe iad cuid aca sin.



Níl a shamhail seo d'áit le haghaidh loingis i nÉirinn .i.
san Éirinn eile. Is maith a sheachain na Carthagíní riamh
ar fhaitchíos go mbeadh.



Chím trí long mhóra, mí-stuamdha ar ancoire istigh sa
dug, agus díon ortha, agus daoine ar bórd ortha,
casóga geala lín-éadach ar na daoinibh agus hataí tuighe,
agus litreacha agus fighearacha áirithe ar dhruim a chasóige
ag gach aon fhear aca, agus in-a theannta sin fíoghair de
shaighead leathan na bainríoghna. Samhluigheann sé dhom
gur ag cleachtadh acluidheacht atá siad, agus ag máirseáil
ar nós saighdiúirí. Agus an bhfuil saighdiúr le déanamh
dhíom-sa ina measg sin, agus mo chomhartha bheith orm gur
leis an mbainríoghan féin mé ar feadh na cheithre bliadhna
déag so atá amach romham? Tá súil agam nach bhfuil.
Acht má tá, bíodh.



Chuaidh an ghrian faoi ar chúlaibh na gcrann cedir, ar nós
comhartha cró-dhearg catha le n-a mbeithfidhe ag diub-
ragadh. Na báid bheaga éadtroma le muinntir
Bhermuda d'imthigheadar isteach fá dhorchadas an
chalaidh, iad féin agus a bhfoirne dubha. Lucht margaidh
bhí ionnta, agus mná nigheacháin. Chaith long na brataigh
urchar an tráthnóna, agus chuadhas-sa chun suaimhnis chun


L. 60


mo sheomra, ar bhórd an Scourge. Seo é an uair dheireadh
agam ag dul ann. Chuir an caiptín sgéala faoi féin
agus fa n-a theachtaireacht go dtí an t-uigingeach:
chuir an t-uigingeach sgéala ag triall ar an nGoibhear-
nóir. Beidh fhios agam i mbáireach cá mbeidh sé ceaptha
dhom a bheith sa mbaile.


L. 61


An 3° Caibidil

Meitheamh 21° 1848. Ar bórd an Scourge fós dom,
i mBermuda. Tháinig galtán eile isteach sa gcoinéal
thoir-dtuaidh indiu. Tagann péire aca isteach annso
go Bermuda uair sa gcoicidhís as na hIndiachaibh Thiar,
agus is ceann aca í seo. Bhí sí beo le lucht taistil,
idir fhir agus mhná, agus leig sí fúithi i ngar dhúinn. An
dara lá den Mheitheamh a d'fhágaibh sí Southampton,
agus tá páipéir nuaidheacht ó Londain léithi ag innsin
faoi gach ar thárla go dtí an t-am sin. An fear faire bhí
againne .i. an dara hoifigeach, chuaidh sé ar bórd aici ar
an toirt boise, agus thug sé dó nó trí pháipéar ar ais
leis. Ní fhacas aon pháipéar níos déidheanaighe ná ceann
an 6° lá den Mheitheamh agus dá bhrígh sin chuir sé áthas
orm tamall den Morning Mail féin d'fhagháil. I dtaobh
an daoir .i. an Mistéalach, atá an príomh-alt, agus an
t-ughdar a sgríobh é, is dóigh leis gur bitheamhnach mé i
dteannta bheith 'mo dhaor. Acht tháinig mé ar sgéala ar
chuir mé suim ann .i. freagra a thug Sir Seoirse Grae
ar cheist a cuireadh air i bPáirliméid Shasana .i. an
bhreith a tugadh orm, an mbeadh orm a fulang? “Chuir
lucht Riaghaltais na Bainríoghna órdughadh go hÉirinn
go gcaithfidhe an bhreith a tugadh ar an daor, an Mis-
téalach, a fhulang go hiomlán.” Níl teora ná cuimse
le daille an duine sin! Éamonn de Búrc de Róiste
a chuir an cheist, ar an nós so: An bhreith éagcórach mhí-
chothrom a tugadh orm-sa an amhlaidh go raibh fa'n riaghal-
tas dá ríribh cur fa ndeara dhom í fhulang go hiomlán?


L. 62


A bhobarúin! ní raibh éagcóir ná mí-chothrom sa mbreith,
dá gcuirtidhe ga mo fhromhadh mé agus mé a thligean. Ní
hé a chruaidhe is bhí an bhreith a tugadh orm chor ar bith, ar
theastuigh a fhiosrughadh agus a mhíniughadh, acht an sórt
fromhadh a tugadh orm, agus níor thagair Éamonn de
Búrc dó sin. An ministéara a thug an freagra, ar
ndóigh níorbh é a mhoill é gan a chasaoid a dhéanamh fa
rádh is go dtiubhraidhe breith éagcórach mhí-chothrom ar
bhreith a tugadh go riaghalta agus go dlisteanach. Agus
bhí an ceart aige freisin. Níos neamh-éifeachtaighe ná sin
ní fhéadfadh feisireacht a bheith.



Acht an colamhain dar teideal Éire, sin é an rud is
mó i bhfuil mo shuim dá bhfuil sa bpáipéar .i. tuairisg a
chuir an Raghallach agus an Máirtíneach amach roimh ré i
dtaobh an pháipéir nua nuaidheacht atá ar tí a theacht
amach uatha gach uile sheachtmhain .i. an Irish Felon, agus
sé an rud atá fútha .i. teagasg “an daoir, an Mis-
téalach,” a chraobhsgaoileadh, agus an bun-adhbhar naomhtha
atá le ceannairc na nGaedheal a leathnughadh, agus
a neartughadh. Is rí-mhaith an sgéal nuaidhe é sin, agus
ní féidir leis aon droch-chríoch a bheith air. Cuirfidh sé
ialach ar na Carthagínibh iarracht go mór mór níos dána
a dhéanamh ná mar bhí dhá dhéanamh aca; caithfidh siad a
bheith go fada, fada níos buirbe, níos do-bheartaighe,
níos anfhorlannaighe agus níos aindlighthighe ná mar
bhíodar; cuirfidh sé d'fhiachaibh ar gach uile phoiliticeoir
Lamartíneach dá bhfuil ann a bheith ceannairceach, sín nó
admhughadh láithreach nach raibh rún ariamh aca aon éirghe
amach a dhéanamh; bhéarfaidh sé aghaidh an phobail ar
an gcomhlann agus ar an mbrígh atá leis; sin é thiubhras
do na daoinibh airm d'fhagháil; nochtfaidh sé whiggery
na Breataine, bainfidh sé dhe an falach fealltach féile


L. 63


agus carthanais a bhí air, agus fágfaidh sé lom leis an
beitheadhach cíocrach, agus gíosgán fiacal air le dearg-
chúthach - óir is é an té atá amplach chun airgid an
beitheadhach is fíochmhaire ar bith; cuirfidh sé críoch le
aon chaint feasta ar “dhlighe,” agus déanfaidh sé
sprúdhánaighe de chroidhe an reachta, go nach mbéidh dlighe
ná riaghaltas (acht faobhar claidhimh) le fagháil ar fud
oileáin na hÉireann, acht an oiread is bhí an chéad
lá riamh ar éirigh an tír aníos as ucht na tuinne - seadh,
go deimhin, tiubhraidh sé go mbéidh Éire chomh soiléir
agus chomh suaitheantasach ar easbaidh dlighe agus riaghal-
tais (acht faobhar claidhimh amháin) agus bhí sí le leith-chéad
bliadhain, caoi a raibh sí go ceart críochnuighthe. Ní
féidir do mhuinntir na hÉireann gan fios a bheith aca fa
dheireadh thiar go bhfuil a dtír lom, nochtuighthe ar an
gcuma sin, gan dlighe gan riaghaltas - go dtuga Dia
dhóibh náire bheith ortha faoi sin! Má bhíonn siad umhal
annsin do láimh láidir an tSasanaigh, mar dubhairt mé
cheana deirim arís ó chroidhe é, bíodh, agus ag an diabhal
go raibh siad.



Is gearr gairid, ar ndóigh, go ngabhfar an Raghallach
agus an Máirtíneach, go gcuirtear cosg ar a bpáipéar,
go ndéantar “fromhadh” ortha féin, is mar sin adeir-
tear é agus go gcuirtear, is dóigh, thar sáile iad; óir
níl aon riaghaltas a sheasfadh le masladh dá shamhail sin.
Agus b'éidir go gcuirfidhe mac Uí Mheachair, mac Uí
Dhubhthaigh, mac Uí Ghormáin, an Brianach agus an
Diolúnach, nó cuid aca, anonn 'na ndiaidh. Goidé an
díoghbháil; cuireadh chun báis fir is fearr ná iad 'na
gcéadtaibh is 'na míltibh leis an ocras.



Tá fhios agam go rí-mhaith go bhfuil fir stáit cheann-
airceacha ann agus gur éitreorach seafóideach leo an


L. 64


leagan amach agus an chóir seo atá dhá chur agam ar an
obair ar fad; ní léar dhóibh go dtiocfadh as acht roinnt
daoine uaisle a dhul dhá marbhughadh féin i n-aghaidh
daingin cloch eibhir, agus iad ag ceapadh gur dhá ionn-
suidhe go dásachtach atá siad. Deir na poiliticeoirí
seo linn go mba chóir dhúinn fuireach go mbeimís níos
líonmhaire; go mba cheart dúinn connradh ceilge agus
brostughadh a dhéanamh i gcogar, agus fuireach faoi
sgáth an dlighe faoi láthair; nár cheart dúinn daoine
a chomhairleachan ós árd airm d'fhagháil, an lá go
gcurtar daoine thar sáile fan gcomhairle sin a
thabhairt, acht comhairle a thabhairt dóibh agus a mbros-
tughadh go socair go dtí, agus rl., agus rl. Fan, arsa
comhairleach gasta liom, agus ná craobhsgaoil do
bhun-teagasg go mbeiridh sé gréim. Acht an té chaithfeadh
an chaint sin is beag é a eolas ar mhuinntir na
hÉireann. Tá spiadóirí an Chaisleáin chomh fairsing
sin i nÉirinn agus nach féidir rud a dhéanamh i ngan
fhios. Ní fhéadfadh duine aon bhrostughadh a dhéanamh
i nÉirinn a mbeadh aon chabhair ann, an fhad is tá an
oiread sin de sgáthmhaireacht ar na daoinibh bochta
dearóile roimh an “dlighe,” agus an fhad is nach bhfeicidh
siad aon duine ann ag sárughadh an dlighe agus ag
tabhairt a dhubhshláin. Ní fhéadfá moladh go príomháid-
each do dhaoinibh i nÉirinn airm d'fhagháil, mar tá sé dhá
theagasg dóibh le dhá fhichead bliadhain gur bíodhbhanas
agus aindlighe dhóibh airm a bheith aca, i n-áit a theagasg
dóibh gur rud onórach riachtanach é; agus dá gcaint-
eochá ar airm leo i dteach ná i ngort, b'éidir gur
amhlaidh dhéanfaidís sgéala ort sa sluaightheach ba foigse
dóibh, dhá rádh gur “fear ribín” thú. Sin é an teagasg
a fuaireadar, na daoine bochta, ó shagart agus ó


L. 65


bhrostuightheoir. Cionnus a mbeimís níos líonmhaire mar
sin dá bhfanaimís? Dá fhad dá bhfanamuid nach amhlaidh
is laige agus is tútaighe sinn, nach amhlaidh is cladhardha
agus is suaraighe sinn? Ná fanadh; má tá aon bhuaidh
sa bhfírinne ghlan a innsin ós árd, go dána, dásachtach,
féachaimís léithi é aon uair amháin. Ní mór dhúinn buaidh
na n-arm a mhóradh, go mbéidh Gaedhil óga ar bís chun a
laimhsiughadh, agus a bhfaobhar agus a bhfaghairt a fhéach-
aint. Agus ní mór dhúinn sin a dhéanamh d'aindeoin
don “dlighe,” agus níos dúthrachtaighe arís an mhéid go
ndéantar dlighthe Londain in-aon turas ina aghaidh sin.
Le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, ní mór dhúinn
cur go teann i n-aghaidh an dlighe chéadna so fa dheireadh,
agus a shárughadh ortha nach dlighe é; a shárughadh ortha
nach bhfuil aon chumhachta ag Pairliméid Londain dlighthe
a dhéanamh dhúinn, agus a dhearbhadh nach mbeimíd umhal
dá ndlighthibh níos sia, an fhad is tá Dia na córa ag
riaghlughadh ar an talamh so. Saoilim go bhfuil buaidh
éigin le fagháil san státaireacht sin, má tá míonach
fear i bhfearaibh Fáil fós. Ar chuma ar bith, níl fhios
agam-sa aon tslighe níos fearr ná é.



Tráthnóna anocht ar an ceathair a chlog, fuair Caiptín
Wingrove sgéala ón Uigingeach agus d'innis sé dhom é:
go raibh bád le theacht go dtí an long fa mo dhéin.
D'ullmhuigheas mo mhála. Bhí cuid de na hoifigeachaibh
a cheap, agus bhí an ceart aca, cíbé áit i mbéinn go
mbeadh easbaidh leabhra orm, agus ó thárla go raibh fhios
aca nach raibh faill agam, sul fuaduigheadh ar siubhal
mé, leabhra d'fhagháil, chuireadar d'athchuinghe orm roinnt
leabhra a ghlacadh uatha. Ní chuirfead a n-ainmneacha
síos annso, acht ní dhéanfad dearmad ortha. Le teann
carthanais agus deigh-mhéin a bhíodar, agus ó thárla nach


L. 66


bhfuil aon achrann idir na daoine uaisle sin agus mé
féin ghlacas leabhar an duine ó cheathrar aca. Níor
bhforusta liom ariamh duine a shaoilfeadh cumaoin a chur
orm, as corp deigh-mhéine, an té sin a ruagadh uaim go
hobann agus uabhar orm. Níl sé ionam a dhéanamh.
Agus 'na dhiaidh sin, creidim dá mbeadh an t-ionbhaidh
agam, i gcruth is go smuaineochainn orm féin creidim
go n-eiteochainn na daoine geanamhla sin! Cé'n!
an féidir go nglacfaidh mise - mise, Seán Mistéal -
bronntanais, agus bronntanais gur beag nach alm-
sanna iad, ó oifigeachaibh Bhainríoghna Shasana? Acht is
rí-mhaith liom nach raibh an t-ionbhaidh agam le smuaineadh
orm féin i gcruth is go dtiocfadh fearg orm. Bhain an
ceathair a chlog, agus seo anall dhá bhád chugainn díreach
ón dug, agus daoine a raibh na casóga geala ortha ag
iomradh. Go long príosúin liom-sa, mar sin! Níl
aon bhothán i n-aice na fairrge i ndán dom-sa mar sin,
ná aon ghleann imeasg na gcrann cedir - seo leat go
deireadh na sgríbe mar sin é, a Sheáin a Eochraidh!



Tháinig triúr ar bórd an Scourge chugainn. Dubhairt
duine aca go mba hé an t-árd-cheann é a raibh cúram
na ndaor air. Duine uasal árd aosta é, agus casóg
ghorm máirnéalaigh air. Fear eile aca b'árd-cheann é
ar luing de na sean-longaibh príosúin; an dochtúr an
tríomhadh fear. Is beag an chaint a caitheadh. Fuair
Caiptín Wingrove admhughadh go dtug sé suas mo
cholainn, (ba leis an bhfear a bhí sa gcasóig ghorm annsin
í,) agus chuir sé slán agus beannacht liom. Bhí dhá
oifigeach 'n-a seasamh i leath-taobh an chosáin a bhí ag dul
amach ón luing agus chraitheadar lámh go rí-charthanach
liom ar a dhul amach dom go siubhlainn síos an
dréimire. Thug na hiomróirí isteach díreach go dtí an


L. 67


long príosúin ba sia isteach sinn, agus fa cheann
tamaill bhig bhíos ar bórd. Dubhairt an t-árd-cheann
liom go bhfágfaidhe mo chuid éadaigh féin orm faoi
láthair agus nach gcuirfidhe amach ag obair mé. Chlaonas
mo cheann. D'fhiarfuigh sé annsin: “An bhfuil aon
phinginn airgid agat?” “Cúpla sgilling.” “Aon chreid-
eamhaint le fagháil sa tír seo agat?” “Níl.” Ghlaoidh
sé chuige ar árd-mháta an tsoithigh agus dubhairt: “Tóg
airgead an Mhistéalaigh agus tabhair creideamhaint dó ar
a shon.” Ba sean-fhear árd liath é an máta, agus d'fhéach
sé orm, mar bheadh duine ann a bheadh idir dhá chomhairle'
agus a cheapfadh go mb'ait an sórt daor a bhí ionam, agus
nach maith go raibh fhios aige céard ba déanta liom.
Tharraingeas amach mo sparán treodathach. “Seo, a
chara,” arsa mise, agus dhóirteas amach ar a bhois gach a
raibh ann. “Anois,” ar an t-árd-cheann, “chífidh tú nach
bhfuil aon duine annso a mbéidh fonn air biorán ar bith
a chur ort i dteannta a mbéidh le fulang agat, ní
chaithfear droch-cheann ar bith leat má choimhlíonann tu
riaghlacha na háite.” Chlaonas mo cheann. “Agus,” ar
sé, “tá sé orm go mórmhór a innsin duit go gcaithfidh
tú gan aon bhaint a bheith agat le gnóthaibh puiblidhe, ná
le politiceacht, ná aon bhaint a bheith agat leis na
príosúnachaibh eile atá ar bórd.” D'fhreagras é nach
maith go bhféadfainn aon tsúil a bheith agam go mbain-
fainn le gnóthaibh puiblidhe annso, agus maidir leis na
príosúnachaibh bhí ar bórd, nach raibh fonn ar bith orm
aon phléidhe bheith agam leo.



Dubhairt an máta annsin go dtaisbeánfadh sé dhom
cá raibh mé le codladh. Leanas dó síos go bolg na
luinge, agus chonnaiceas cineál uachais annsin, i
gceart-lár na luinge. Bhí an uachais beagán níos áirde


L. 68


agus níos leithne ná fail mhadaidh, agus cosán dorcha
isteach go dtí í. Seo é an poll céadna a raibh seol-
chrann tosaigh an tsoithigh ag dul síos thríd uair, go tóin
an tsoithigh, agus ní bheadh léargus ar bith dhá laghad ann
marach dhá phuillín bheaga dhorcha atá curtha sa mbórd
os a chionn. Níl an áit sáthach árd dom le seasamh ann,
ag na saltachaibh atá i n-uachtar - is iad a bhíodh mar
theannta leis an seol-chrann tosaigh dhá dhaingniughadh;
agus tá leath an urláir agus é naoi n-orlaigh níos áirde
ná an leath eile agus ní féidir dhom seasamh díreach air
sin, dubh, bán ná buidhe. Sé troighthe cearnógacha an
t-achar iomlán atá fa'n urláir, agus an áit siubhlóide
atá agam ar an gcuid is ísle dhe, dhá chéim (.i. gradus)
atá ina fhad, sé sin, céim (nó passus). Aon stól
adhmaid amháin, sin é a raibh de throsgán san uaimh ar a
dhul isteach dhom innti. “Seo é t'áit,” ar an máta.
“Maith go leor,” arsa mise, agus shuidheas fúm ar an
stól agus shíneas uaim amach mo dhá chois go dtí an
cúinne thall ar m'aghaidh. Dhearc an máta is mé féin
ar a chéile, ar feadh tamaillín. “Is dóigh liom,” arsa
mise, “go mbéidh mo mhála le fagháil annso agam?”
Ní raibh fhios aige, acht d'fhiarfochadh sé. D'imthigh sé,
agus cuireadh mo mhála chugam go haibéil 'na dhiaidh sin,
agus teachtaireacht i n-éinfheacht leis, má thogair mé a
dhul ag spaisteoireacht ar bórd, nó istigh ar an ngob
talmhan a bhí ag déanamh fasgadh don chuan, go raibh a
chead agam. Ní raibh uaim acht an cuireadh d'fhagháil go
ndeachas suas, mar ní raibh aon tseasamh leis an
mbrothall a bhí i bhfail na con, agus shiubhlas sgathamh ar
bhruach na céibhe. Ba gearr go dtáinig na príosúnaigh
isteach ó obair, ina meithéalaibh, agus tugadh an focal
dhom go mbfearr dhom imtheacht. Tugadh leaba luasgáin


L. 69


isteach go fail na con annsin, agus b'éigin í chrochadh ó
chúinne go cúinne nó ní bheadh a dóthain fairsnge ann.
Tugadh cnap aráin chugam annsin agus cupán tae gan
aon bhainne air, agus ar mbeith dhóibh sin ithte ólta
agam leagadh giota de choinnill ar chláirín cumhang a
bhí mar fhoradh ag teacht amach as an mballa, agus cuir-
eadh glas ar mo dhoras. Chonnaiceas le solus na
coinnle go leor leor darbh-daoil mhóra, dath donn
ortha, gar do dhá orlach ar fad ins gach uile cheann aca'
agus iad ag rith ar na ballaibh agus ar an urlár.
Níor choisidheacht go dtí an choisidheacht a bhí fútha-
san. Is beag nár chuir an t-amharc sin iompodh
in mo ghoile. Shuidheas fúm ar mo shuidheachán agus
d'fhéachas siar as a riocht ar an riocht ina raibh mé. Níor
bhain siad na leabhra dhíom ná an mála. Níor chuartuigh-
eadar amháin é féin ná mé féin; ná níor bhaineadar an
sgríbheann so dhíom, ná níor chuireadar i n-éinfheacht
leis na daoraibh eile mé. Is maith sin, acht b'éidir go
mbeadh a mhalairt de sgéala i mbáireach agam. Agus
cé an sgéala is measa d'fhéadfadh a bheith agam? Tá,
ar ndóigh, cabhail agus triubhas lín-éadaigh a chur orm'
agus m'ainm agus m'uimhir, agus saighead na bainríoghna
a chlóbhualadh ar mo dhruim, agus mé a sheoladh amach go
dtí na coiléir agus mo phiocóid agus mo ghró a thabhairt
in mo ghlaic dhom. Maith go leor. Tá mo shláinte go
maith anois, buidheachas do Dhia. Tá lámha orm, mar tá
ar dhaoinibh eile. Tá mé 'mo sheasamh in mo chroiceann
féin, agus ar mo bhonnaibh féin, ó's feithideach mé a
shiubhlas ar mo bhonnaibh agus a bhfuil diúl cíche ann,
agus feithideach ina cheann sin nach forusta liom leigean
do rud goilleadh orm. Tagadh an lá i mbáireach,
maise, d'eile. Maidir le m'fhail con chuir an máta


L. 70


gnúsacht éigin as, ag dul amach dhó, i dtaobh áit eile
níos fearr ná é bheith ullamh dhom i gceann cúpla lá.
Maidir leis na feithideachaibh millteacha donna atá ag
siubhal annso, is dóigh liom nach mbainfidís greim as
duine; má chodluigheann daoine eile i n-áit i bhfuil
siad, nach féidir dhom-sa an rud céadna a dhéanamh?
Folcadh breagh ar maidin i sáile na céibhe, bainfidh sé
salchar faile na con díom.



Seo leat mar sin é a leaba luasgáin, go dtugaidh
mé an chéad luasgán dom féin ionnat - agus mothuighim
mé féin níos saoire anocht ná aon Ghaedheal atá saor
socair ina thalamh dhúthchais, agus é ag leigean air féin
gur duine measamhail é imeasg cháich.



23°. - D'fholcas mé féin go sádhail sa sáile, cé go
mb'éigin dom a bheith 'mo shuidhe leath uair déis an
ceathair a chlog, ionnus go mbéinn réidh ar a dhul amach
ag obair do na meithealaibh. Shiubhlas thart tamall
fada ar bórd, mar is deise an áit ag spaisteoireacht é
ná an druim atá ag cosaint an dug; tá fasgadh ón
ngréin ann agus é osgailte ar a dhá thaobh. Tá feiceál
agat ar an dug, ó thaobh den luing, agus ar an loing-
seoireacht, ar an sluaightheach agus ar ionad lucht an
lámhachais; agus ón taobh eile tá amharc agat ar an áit a
mbíonn na soithigh ar ancoire, áit an-fhairsing é freisin
agus ar an “gCuan Féarmhar” agus ar iliomad
oileán taobh thall de sin. An áirde chéadna atá ionnta-
san ar fad, an deiseacht chéadna, agus mar a chéile
fhéachas siad ar feadh t'amhairc uait. Níl Bermuda acht
óg saoilim, acht na tulcháin atá ann chuireadar leis go
maith, agus gan aon aimhreas tiocfaidh ann go mór leis
an aois. Tá sé go soiléir le feiceál go mba hiad na
carraigreacha so grinneall na fairrge tamall gearr ó


L. 71


shoin, agus is cosmhail go díreach iad leis an talamh atá
ag fás do réir mar deir Líell i n-inbhear an Adriatic;
sé sin, ar luighe do ghaineamh an tsrotha agus do
ghaineamh na mara calcuigheatar le chéile iad féin agus
sliogáin agus clocha beaga agus rudaí den tsamhail
sin, go ndéantar cruaidh-mhuirtéal aolta dhíobh, agus
fásann siad diaidh ar ndiaidh mar sin, agus tugann
teine i n-íochtar congnamh dhóibh go n-éirgheann siad go
huachtar uisge agus go ndéantar talamh tirm díobh.
Chím gurb é an cineál sliogánach, comh-chalctha céadna
atá i n-oileánaibh Bermuda ar fad; agus gan aon
aimhreas is amhlaidh gur taom theineadh íochtaraigh éigin a
thárla is-na hIndiachaibh mí-shuaimhneacha Thiar a thug
tuairt aníos dó uair éigin, agus d'fhágaibh é an áirde a
bhfuil sé. Agus b'éidir go mbeadh an talamh chum-
scughadh ag cleasuidheacht fós go gcorruigheadh sé suas
na hoileán so as a nua, agus go gcuireadh sé beann nó
dhó asta suas ins na spéarthaibh, go mbréagfaidís
anuas riar éigin den fhliuchán, agus dá ritheadh
an sruth uisge anuas le fánaidh bheadh fáilte roimhe.
Cloisfidh na Bermudánaigh annsin rud nach gcualadar
roimhe sin ariamh, sé sin fuaim an tsrotha, agus chífidh
siad tobair mhíorbhuailteacha den uisge dubh ag rith
anuas ó bharraibh spalptha na gcnoc: tiocfaidh brat deas
glas-uaine ar na gleanntáinínibh, agus ní bhéidh aon eas-
baidh ar an tír gan a bheith saothruighthe ceart críoch-
nuighthe. Níl fhios agam-sa an é a mhalairt sin de bhunadh
ná d'fhás a bhí fa oileánaibh ná fa mhór-rannaibh.



Tugaim fá deara indiu go bhfuil an-aire dhá thabhairt
dom ar fhaitcheas go mbeadh aon sgéala ag dul anonn ná
anall idir mé féin agus na príosúnaigh, agus is mór an
sásamh liom féin sin. An bórd íochtarach, mar a bhfuil


L. 72


m'fhail con, níl air, is cosmhail, acht seomraí agus lann-
daireacha do na mátaibh, don liaigh, agus don stíobhard,
agus níl aon dorus i n-íochtar air a leigfeadh duine as
amach go tosach an tsoithigh. Tá roinnt de na daoraibh
annso mar shearbhfoghantaí, agus tá duine aca ceaptha
le freastal a dhéanamh orm-sa. Níor cuireadh isteach ná
amach orm fós ar aon tslighe, agus is tig liom an t-am
a chaitheamh go díreach mar is toil liom, ag léighthóireacht
nó ag siubhlóid; acht amháin ar a theacht isteach do na
príosúnachaibh eile, agus an fhad is tá siad ar bórd go
gcaithfidh mé fanamhaint ar an gcúlráid. Ní ar bith
adeirtear liom déanaim é ar an dtoirt gan aon fhocal
a rádh dhom agus is iongantach sin le mo lucht coimhéadta.
Ní raibh aon cheapadh aca mé bheith chomh socair sin; fonn
achrainn a bhí orm i nÉirinn, dar leis an taoiseach
príosúin, ar ndóigh, agus as corp easumhla a bhíos ar
siubhal, dar leis, agus is follusach gur beag é a mhuinighin
asam féin ná as mo mhór-shocracht, ná as m'umhla - de
ghliocas ionam atá sé, is dóigh leis.



23°.- Bhíos ag spaisteoireacht ar bhórd thiar na luinge
indiu agus leabhar in mo láimh, nuair a tháinig dhá oifigeach
d'fhoirinn an Scourge ar cuairt chugam. B'éigin dóibh
a n-ainm agus a gcéim a nochtadh a dtosach, gur cuireadh
síos ar leabhar iad sin; mar níl sé ceaduighthe d'aon
duine cuairt a thabhairt orm, is clos dom, acht d'oifigeach
airm. Agus má's mar sin é, ní bhéidh mórán comhluadair
agam, óir is tearc duine i n-arm na bainríoghna a bhfuil
aithne agam air.



Is mór an sásamh liom daoine nach bhfuil i bpríosún ar
luing a fheiceál tamall beag féin.



25°.- An Domhnach. - Paidireoireacht ar bórd. Bhí na
príosúnaigh 'na suidhe ar shuidheachánaibh i dtosach na


L. 73


luinge agus casóga agus triubhsa glana ortha; bhí na
bhárdaí agus na mátaí ar a gcúlaibh mar a rabhas féin,
agus suidheachán ar leith agam i leath taobh. Mé bheith
nuaidh chuige a thug ann mé, agus níor mhór liom ina
cheann sin amharc fhághail ar an séiplíneach a bhí linn.
Tháinig sé chugam ar a bheith thart don phaidireoireacht:
thairg sé go síbhialta leabhra a thabhairt ar iasacht dom,
agus freisin leabhra d'fhagháil dom ó dhaoinibh eile.
Fear é a thaithnigheas liom. Ní raibh an fuar-chrábhadh ann
a bhíos go minic ina leithéid, acht do réir chosamhlacht bhí
fonn air soileas a dhéanamh dhom chomh fada agus leig-
feadh na riaghlacha dhó. Albanach é.



26°.- Socruigheadh isteach in mo chábán nua nó in mo
chró nua mé. Tá sé chúig troighthe ar leithead, sé troighthe
ar áirde, cheithre troighthe déag ar fad; tá bórd,
cathaoir, bóirdín lothoir ann, agus thar gach nídh tá fuinn-
eóg air, sé sin poll, ar thaobh na luinge, atá dhá throigh
go leith cearnógach, agus cé go bhfuil ráillí treasna léithi
agus ráillí síos is suas léithi, leigfidh sí neart soluis
agus neart aeir isteach, mar tá gannal gloinidhe uirthi
gur féidir a oscailt agus a dhúnadh. Tá dhá fhorudh ann
freisin do leabhraibh, agus tá an áit chomh glan le
criostal. Is fearr go mór é ná fail na con.



Thugas fá deara gur Sasanaigh go léir iad na
bhárdaí agus oifigeacha na luinge, agus na searbh-
foghantaí agus gach a mbíonn ar fud na háite de shiubhal
lae, idir bhádóirí is eile, gach uile mhac máthar aca.
D'innis - [caithfead gan aon ainm a chur síos annso]
dhom gur hathruigheadh as an luing príosúin seo gach a
raibh d'Éireannaighibh ar bórd, sé sin 80 nó 90, agus
gur cuireadh Sasanaigh agus Albanaigh ina n-áit. Sul
d'fhágas an Scourge a rinneadh sin.


L. 74


Na hamadáin, dar go dearbhtha is eagal leo go
ngríosochaidh mé an tír-ghrádh ins na daoinibh annso, féach-
aint a n-éireochaidís amach i n-aghaidh lucht an ughdaráis.



29°. - Tháinig an t-árd-taoiseach chugam indiu agus
nocht sé dhom go n-athrochaidís mé go dtí an long
otharlainne. “Go dtí an long otharlainne! Cad
chuige; tá mé go maith in mo shláinte?” “Órdughadh é
a tháinig ón nGoibhernóir. Déanfar thú athrughadh i mbád
tráthnóna.” Tháinig an dochtúir isteach tamaillín 'na
dhiaidh sin; de mhuinntir Uarner é. “Cé'n chiall mé chur
i n-otharlann,” arsa mise, “níl aon tinneas orm?”
Cé'n dochar, ar seisean, is fearrde go mór do shuaimh-
neas an t-athrughadh. Dubhairt sé freisin gurb é an
fáth a bhí leis an athrughadh, do réir mar ba chlos dó,
an tuairisg a thug an dochtúir a bhí ar an Scourge i
dtaoibh mo shláinte. (Rinneas dearmad ar a chur
síos ina ionad chóir gur bhuail taom throm go leor
den mhúchadh mé ag teacht amach dhom, agus d'innis
dochtúir an Scourge sin, rud nár mhór leis a dhéanamh
don árd-liaigh atá annso). Uime sin hathruigheadh mé,
agus is fearrde mé an t-athrughadh go cinnte, cé nach
dtaithnigheann liom othar a dhéanamh dhíom. An Tenedos
an otharlann, agus is fairsnge, is úire, agus is glaine an
long í ná an chéad cheann i raibh mé 'mo chomhnuidhe .i. an
Dromedary. Tá sí ar ancoire tuairim le ceathramha
míle ó thalamh, i gcuan sár-áluinn a bhfuil oileáin atá
fa choilltibh thart timcheall air. Níl amharc ar bith as
so ar na longaibh príosúin ná ar ionad na ngunnaí mór.
Seomra snasta é an ceann atá agam, dhá fhuinneoig air
agus gan ráillí ar bith leo. Sé an Dochtúir de Hál
taoiseach na luinge. Seanduine uasal soineanta é,
a chaith sgaithtí fada i nÉirinn, agus aithne aige ar a


L. 75


lán daoine a bhfuil aithne agam-sa freisin ortha. Shaoil-
feá go gceapann sé go bhfuil an-mhí-shástuidheacht orm-
sa agus go bhfuilim ag síor-dhéanamh díchill sin a cheilt.
Acht tá dul amugha air, má bhí sé riamh air, gidheadh tá
faoi mé dhéanamh chomh sámh is is féidir leis é. Sasanach
ar budh leis a bheith go laghach le duine, an chéad rud a
dhéanfas sé leis a dhóthain le n-ithe a thabhairt dó. An
biadh, sin é bunadh aoibhnis an tSasanaigh; agus dá bhrígh
sin fuair an stíobhard órdughadh ar leith i dtaoibh mo
chuid bídh. De dhéanta na fírinne is mó an bheann
atá ag teacht agam féin ar an mbiadh ná cheapas a bheadh
agam air go bráth. Ar mbeith i mbraighdeanas do
Naso, duine maoth a bhí ann, bhí an ghráin aige ar am an
dinnéir, nó ar nós an fhile, leig sé air féin go raibh.
Ní chreidim é; duine nach mbeidh ina ghnáth-áit oibre,
acht a sgaras le daoinibh agus le áitibh aitheantais,
déanfaidh sé árd-shaothar an lae den bhéilidh. Má coimh-
éadtar annso mórán míos mé liom féin, agus neart
bídh bríoghmhar a thabhairt dom, ní bheidh aon uathbhás acht a
gcuirfidh mé de shuim i n-am dinnéir. Béidh mé chomh
fíochmhar leis an mbeithidheach allta ag strócadh agus ag
alpadh mo chuid bídh in m'uaimh uaigneach, agus rachad
a chodladh annsin go dtigidh am bídh arís. Infandum!



Cuirim ceist orm féin amanna - cé'n chaoi a bhfaghaim
ionam féin biadh na ndaor Sasanach a ithe chomh dúlaidhe
sin, ná codladh go sásta ar leabaidh iarainn daoir, ná
caoineas a ghlacadh go geanamhail ó shíléaraibh Cartagín-
eacha, agus mo chruaidh-chinneamhain a ghlacadh go cineálta?
Dar fiadh! caithfidh sé nach bhfuil agam acht misneach an
chuilm, ná nach bhfuilim sáthach nimhneach le go ngabhadh an
searbhas greim orm, tré anfhorlann. Acht fan leat -
oibreochad mé féin ionnus go dtiocfadh an fhearg cheart


L. 76


chubhaidh orm. Acht níl aon mhaith ann. Ar a theacht
isteach don tsean-dochtúir de Hál an chéad uair eile,
agus ar thosughadh dhó ar chomhrádh dearcaim ar a cheann
liath agus ar a cheannaghaidh buidhe atá daithte ón ngréin,
sgaoilim an néall ghruamdha uaibhir dhíom, aithneochaidh
an croidhe daonna atá ionam, creidim go bhfuil sé
ionam, a chomh-dhuine, agus siúd ag comhrádh go síbhialta
leis an sean-fhear sin mé, mar bheadh dá charaid ar bith
le chéile.



Iúl 4°. - Tá long na litreach díreach tar éis a theacht
ó na hIndiachaibh Thiar agus í ag triall go Sasana.
Sgríobhas litir fhada, dá bhrígh sin, ag mo mhnaoi, dhá
nochtadh dhi mar thárla dhom ar m'aistear anall, agus
mar tá mé ag caitheamh an tsaoghail annso. Ní fhéad-
fainn freagra bheith agam uaithi roimh an 9 lá déag den
Lughnas, is cuma cé'n luathas a dhéanfadh sí.



9°. - An Domhnach. - Paidireoireacht ar bórd mar is
gnáthach. Tháinig an séiplíneach anuas in mo sheomra
chugam, ar mbeith thart do na hurnaighthibh, agus d'innis
dhom go ndeireann na hurnuighthe ar gach uile luing
príosúin agus san osbuidéal chomh maith. Ritheann sé
anonn 's anall ar bháidín sgiobtha seoil, sgiorann tré
nar bhfuirm áluinn urnuighthe cheithre huaire, déanann dhá
sheanmóir nó trí, fágann sin leath-uair aige le n'anáil a
tharraing agus greim ithe, agus seólann a bhárc abhaile
tráthnóna. Timcheall is leath-uair d'éis é imtheacht uaim
bhíos 'mo shuidhe ag an bhfuinneoig, bhí sí osgailte, ag
léigheamh Libhí agus ag ól uisge beatha agus uisge fuar
tré n-a chéile, agus mé ag déanamh baile dhom féin
den Tenedos - deich lá atá caithte agam uirthi - nuair
tháinig an Dochtúir de Hál isteach chugam agus trom -
dheabhaidh air, agus bádóir dubh ina fhochair. “Órdughadh


L. 77


thú athrughadh,” ars eisean, “ar an toirt.” “Cé'n áit
anois, a dhuine uasail?” arsa mise. “Ó! ar ais go
dtí an Dromedary. Tháinig árd-taoiseach an Dromedary
ina bhád féin agus órdughadh an ghoibhearnóra leis.
Iomchrochaidh an fear so do mhála suas ar bórd. Tá
an-aithmhéal orm.” ar sé. “Níl aon tuairim agam
cé'n fáth atá leis, acht ní mór dhuit imtheacht.” Bhí mo
leabhra agus gach a raibh agam caithte isteach in mo
bhosga agam faoi seo agus chúig nóiméad 'na dhiaidh sin
bhíos ar mo bhealach ar ais go hoileán Éireann.



Chuadhmar thar phíosa talmhan atá leagtha amach go
néata 'na reilig, ar an oileán so. Chonnaic an t-árd-
taoiseach mé ag breathnughadh air, agus d'innis dhom
go mba hí reilig na ndaor í; óir, ar fhagháil bháis do na
daoraibh ní adhnacthar iad le hais na gcorp a hadhnacthar
i reilig choisrigthe. Leis sin d'fhéachas níos grinne arís
ar an reilig, agus ní thig liom a rádh gur thaithnigh sí
liom. Tá meas ar mo cholainn agam, agus mara
n-adhnacthar i reilig choisrigthe í, tá súil agam ar chuma
ar bith nach le comhluadar neamh-choisrigthe a hadhnacfar
í. Gidheadh, is rí-chosmhail gur sa ngiodán cumhang
sin atá idir na crannaibh cedir agus an fhairrge a leag-
far mo chnámha fa dheireadh. Deir an t-árd-taoiseach
liom go gcailltear an t-uathbhás ar na longaibh príosúin
tráthanna; go n-éagann go leor aca den sgaoileadh
an chéad-tsamhraidh tar éis a theacht dóibh, agus go
n-éagann siad ina gcéadtaibh amanna, d'fhiabhras buidhe
na nIndiachaibh Thiar. Bhíos ag dearcadh ar an reilig
nó go dtáinig gob den talamh idir mé agus í, agus
chriothnuigh mé ar n-iompodh mo chinn tharm dom.



D'éis leath-uair ag seoltóireacht shroicheas mo chró
ar bórd na luinge eile .i. an Dromedary. D'fhiarfuigheas


L. 78


den árd-taoiseach cé'n chiall an t-athrughadh eile
seo, acht dhearbhuigh nach raibh fhios aige tada faoi, acht
amháin go bhfuair an Goibhernóir teachtaireacht ar leith
ar maidin ón uigingeach ó Halifax (an áit i bhfuil sé
anois).



Gidheadh, chualas an fáth go hiomlán ó [dhuine gan ainm].
Ar n-a chlos do na Gaedhealaibh i Nua Eabhroc mé a
dhaoradh agus a chur thar sáile, rinneadar roinnt gleo
dhe, agus bhagradar go n-ullmhóchaidís long (mar is
forusta caint a dhéanamh) nó cabhlach loingis, creidim,
dhá dtéigheadh sé chuige sin, le mé thárrtháil. Cloisim ina
theannta sin go bhfuil galtán measadóireachta an
Riaghaltais le tolladh ina taobh fá chéadóir nó go gcur-
tar gunnaí innti, agus an oiread gunnaí a shuidheadh
uirthi agus bhéas acmhuin aici air; agus tá trom-ull-
mhughadh eile le déanamh fosta. Agus go dtí sin, an cuan
cúlráideach i bhfuil long an osbuidéil, ní bheadh sé chomh
sábháilte mé d'fhágáil ann dar leo agus bheadh sé mé chur
fa smutaibh na ngunnaí móra sa gcró beag daingean so.



10°. - Gach uile dhuine ag breathnughadh go rúnda orm
indiu uair ar bith théighim ag siubhlóid ar bórd. Is triob-
lóideach, dar leo, an comh-mhairnéalach atá ina bhfochair,
agus atá cuma seasmhach láidir ar lucht an ughdaráis.
Acht ní thugaim tada fá deara, ní bhuailim bleid ar
aon duine, is ní bhuaileann aon duine bleid orm, acht
siubhlaim thart mar rinneas cheana gan aon chur isteach
ag aon duine orm. Tá cóirí catha le feiceál; fir oibre
go saotharach ag tolladh taoibhe na luinge go díreach
os comhair m'fhuinneóige; sreath publa tógtha thall ar
mhullach an daingin, áit i gcodlochaidh na ceithearnaigh san
oidhche, go ceann tamall, is clos dom. Is cúis grinn
dom an saothar sin ar fad.


L. 79


14°. - Tá mo bhaile dhá dhéanamh agam den bhrocais seo,
an méid gur féidir é. Fríth leabadh luasgáin canbháis
dom i n-áit na leaptha luasgáin a bhí agam, agus chuir an
Dochtúir de Hál dó nó trí neithe beaga chugam dhéanfas
comhgar dom. Fear laghach nádúrdha eile, dá ngoirthear
Mac Duibh; thug roinnt leabhra dhom ar iasacht. Sé
feadhmannach an Medway é, adeir sé, agus sin í an long
is mó do na trí longaibh príosúin atá annso. D'innis
sé dhom (i bhfiadhnuise an árd-mháta - níorbh é sin a
dhearmad), go raibh go leor leor leabhra ilchineálach aige
a thiubhradh dhom ar iasacht agus fáilte ó am go ham.



Ó thárla an chóir seo agam .i. cóir do shláinte na
colna agus do chaitheamh aimsire na meanmanradh,
cead agam fios a chur abhaile ar leabhraibh ar bith is
mian liom, (acht amháin irisleabhra poiliticeacha), agus
cead a léighte, achar mo sháth agam le mo bhaill a aclughadh
fa aer úr na fairrge, mo sháth mhór de bhiadh mhaith le n-ithe
agus neart uisge glan le n-ól, sin agus páipéar agus
peann, bhíos ag smuaineadh ó thárla an méid sin córach
agam go mb'éidir dhom maireachtáil annso suim éig-
cinnte éigin bliadhan, nó b'éidir na cheithre lán-bhliadhna
déag, mara gcuireadh rud éigin deireadh lem' shealad
annso. D'éireochadh dhom? Mhair Maior Bernardi
dhá fhichead bliadhain sa nGeata Nua; acht má seadh bhíodh
a bhean is a mhuinntir in' fhochair i gcomhnuidhe, agus cé
is moite dhó gan cead a bheith aige dul amach bhí an
oiread eoluis ar chúrsaibh an tsaoghail aige le aon duine
a bhí taobh amuigh. Mhair maor Northumberland chúig
bhliadhna déag sa Túr, le linn an chéad tSéamus a bheith
i gceannas ríghe Shasana, acht má seadh bhí cead aige
sgríobhadh ag fearaibh foghluma na ranna Eorpa i dtaobh
réadlannacht, bhí an Túr Geal, is dóigh liom, aige 'na


L. 80


réadlann, gan aon bhacadh air sgríobhadh ag a rogha duine,
agus gach uile rud go maiseach ina thimcheall, b'éidir.
Chaith rí Alban .i. an chéad tSéamus, ocht mbliadhna déag
nó fiche bliadhain i ngéibhionn i gCaisleán Windsor; acht
ar ndóigh bhí neart comhluadair aige, agus bain-diúic le
bheith ag suirghe léithi, agus ba mhór an nídh é sin. Acht ní
hionann an cás ceachtar aca sin agus mise. Is mó is
cosamhla leis an bhfear san Aghaidhfidil Iarainn mise;
bhí géibhionn dlúth air-sean an fhad is mhair sé. Agus féach
Delatude freisin, a chaith seacht mbliadhna déag is fiche
i ngéibhionn cráidhte, sa mBastille, agus bhí sé 'na shean-
fhear fholláin, chruaidh-chúiseach ar a theacht amach dhó fa
dheireadh, (féach cúntas bain-diúic d'Abrantes). Ní
cuimhneach liom cé mhéad bliadhain a chaith Tasso i dteach
na ngealt, acht chaith Siluio Pellico deich mbliadhna i
ndaingeanaibh i nAustria. Sé bliadhna a thug Bonnivard
i Chillon, agus áit an-mhí-shocamhlach a bhí ann, agus thug
Raleigh trí bliadhna déag i dtúr Londain. Cé eile?
Balue, an fear a chuir Teampoll mór Evreux ar bun,
choinnigh an t-aonmhadh Laoiseach déag dhá bhliadhain déag
i n-uaimh úrghránna é, agus chím i leabhar na Righthe go raibh
Iehoiachim .i. Rí Iudah, seacht mbliadhna déag ar
fhichid i ndaingean. Is truagh gan leabhra agus adhbhar
agam annso go mbaileochainn lán láimh-leabhair de
chúntas i dtaobh daoine a thárla i bpríosún. Bhéarfadh
sé misneach dhom arís dá mbeadh call leis. Is fada an
t-achar cheithre bliadhna déag, acht go cinnte caithfear iad.
Níl agam le déanamh acht gan aon bhás fhagháil acht fuireach.



Dá gcuirinn críoch le mo shaoghal, smuaineas ar sin,
agus chaitheas tamall ag smuaineadh air, acht chuireas an
smuaineadh uaim i n-aon turus, ar na hadhbharaibh seo
chuirfeas mé síos annso i ndiaidh a chéile, i gcruth is go


L. 81


mbeidh siad agam arís le léigheamh, má thagann an cheist
treasna orm arís sa gcaoi ar thárla cheana; mar tá fhios
agam, fairíor! gurb iomdha lá léin agus oidhche uaigneach
a bhéas ins an cheithre bliadhna déag, agus goillfidh trom-
thinneas agus marbhántacht ar mo chroidhe, de bharr gach
uile lá a bheith mar a chéile; agus is minic nach léir dhom
deireadh mo dhóláis tré dhubh-néall a bheith anuas orm,
agus gan amharc ar thada agam, le duibhe an dorchadais.
Á, ní bhrígh bheag bliadhanta fada a chur isteach i ndaingean
aduadhain, dá mheanmnaighe dá mbeadh duine - ní cúis
gháire ar bith iad; ní gheabhair a gcur uait, ná sgaradh leo,
ná fós a gcaitheamh chomh spleodrach agus chaithfeá lá
bainse, is cuma cé na cainteanna a chuirfeá le chéile,
ionnus go mbainfeá ábhacht nó greann asta arís. Ní
bheidh ciall ná meabhair ná eagna dhuit ionnta, ná adhbhar
feabhais duit, ná cúis gáire uathbhásach an uaignis. Agus
beidh comhgar éaloidh agam uair ar bith, agus é go minic
ag cur chathuighthe orm. Níl le déanamh agam acht doras
d'osgailt, mo mhéar a bhrughadh ar chnaipe agus chuirfinn
ualach agus trioblóid an tsaoghal seo dhíom, go nach
mbeadh glas ná géibhionn orm. Gidheadh ní chuirfead den
tsaoghal mé féin ar na hadhbharaibh seo síos:-



An chéad adhbhar. Mar chuirfeadh sin i gcogar
mé leis an mBarún Lefroy, le Siriam Átha Cliath agus
le riaghaltóiribh Shasana, i n-aghaidh m'ainme agus mo
chlú féin. Is tig le lucht na Pairliméide agus leis
an sirriam “méirleach” a thabhairt orm mar leas-ainm;
acht dá marbhuighinn mé féin tré éadóchas, ba shin
admhughadh go mba méirleach mé dhá ríribh, agus ba
scannal do mo chloinn mo dhiaidh é a n-athair dhá dhaoradh
agus dá mharbhughadh féin tré éadóchas.



An dara hadhbhar. De bhrígh, ó ghabhas do láimh an


L. 82


obair, agus fios maith agam go mb'amhlaidh ba dóichidhe
go gcuirfidhe i bpríosún mé féin tríd, ba tútach,
cladhardha an rud dom admhughadh anois, rud a dhéanfainn
dá gcuirinn den tsaoghal mé féin, an rud a thugas orm
féin nach raibh ionam a fhulaing.



An treas adhbhar. De bhrígh go bhfuil súil agam go
n-éireochaidh linn fós, agus go bhfuilim ag cuideachan
anois linn féin. Dá dtugainn an-bhás dom féin, ní hé
amháin go n-éireochainn as an obair ar fad acht do
dhéanfainn dícheall ar an méid a bhí déanta agam a neamh-
dhéanamh. Rud fhulaing go fearamhail an saothar is
treise thiocfadh le duine a dhéanamh amanna - b'fhéidir
go mba hí an fhraochtacht an t-oibrighe b' éifeachtaighe.
Agus creidim go diongbhálta gur mó é mo shaothar i
nÉirinn (maran dubh-dhul-amugha a bhí orm ó úrthosach
mo shaoghail) do láthair, ná mo dhíomhaoineas i mBermuda.
An leithsgéal fromhtha tugadh orm, a dhíoghrasaighe agus bhí
an námha ag iarraidh mé a sgrios, agus a raibh de dheabhaidh
ortha ag cur gubán in mo bhéal, sin agus a laghad is tá
de shuim aca i reacht ná i gceart dlighe i nÉirinn, cuir-
fidh an méid sin (nó sé an diabhal dearg é) gaimh i
ndaoinibh bhí neamh-shuimeamhail cheana; náireochaidh sé lucht
“reachta,” agus thar gach nídh brostóchaidh sé mámhadas
nimhneach san aos óg, go nach féidir gan sochar a theacht
de. An fhad is tá fhios go bhfuilim 'mo chomhnuidhe i
n-uaimh úrghránna na ndaor, agus tré n-a leithéid sin
de chaoi, agus mórmhór má curtar fir eile is fearr ná
mé ar siubhal ar an gcaoi chéadna, is deacair le aos óg
na hÉireann géilleadh, ná luighe síos go socair fa
chumhachtaibh na námhad allmhurdha. Béidh duine imthighthe
de lucht bhrostuighthe na nGaedheal, agus náimhde a námhad
laghduighthe. Agus má thugaim an-bhás dom féin,


L. 83


measa dhom é ná dearmad a dhéanamh orm - d'admhochainn
annsin nár bh'éidir seasamh i n-aghaidh cumhachta Shasana,
agus dá bhrígh sin gur aca a bhí an ceart - d'admhochainn
mo chuid-se dhe, ar chuma ar bith, go rabhas buailte. Badh
í sin an aitheasg dheireadh, agus an dearbhadh déidheanach
a d'fhágfainn le n-udhachta, ag impidhe ar mo lucht
aontíre iad féin a sheachaint ar chrúbaibh colgacha agus
ar dhlighe na Sasanach, agus chuirfinn ceann faoi ar mo
lucht leanamhna, agus i n-áit deagh-shompla a thaisbeánadh
dhóibh is amhlaidh go seachnochaidís na slighthe dár leanas.



An ceathramhadh adhbhar. Mar cuireann sé criothnughadh
ar mo chroidhe cuimhniughadh ar reilig na ndaor.



An cúigeadh hadhbhar: De bhrígh gur maith an fáth ar
mhian liom a bheith beo; mar a raibh de dhualgas orm, an
chuid de nach ndearnas faillighe go hiomlán air, níl sé
leath-chóimhlíonta agam .i. páistí óga a rugadh dhom
d'fhágas gan aon tógáil iad. Bhíos chomh cruadhógach sin
i n-imtheacht mo shaoghail nach mórán ceann ar aghaidh
rinneas ag tógáil mo mhuirighine, acht amháin go mbíodh
fúm tosuighe. Acht má thugann Dia as an uachais seo
beo mé, tá súil agam maith a dhéanamh do mo chloinn sul
thiocfas deireadh mo shaoghail.



An séamhadh hadhbhar. Mar...



Ar na sé hadhbharaibh sin tá fúm fuireach beo agus gan
aon bhás d'fhagháil. B'fhéidir go mbéinn saor fa cheann
dhá bhliadhain, fa cheann chúig bhliadhna, nó fa cheann sheacht
mbliadhan; is dóigh go mbeidh árd-ghníomhartha dhá
ndéanamh go tiugh, agus is iongantach glic dosgrúduighthe
an dream iad na Cartagíní. Mairfead liom, ar chuma
ar bith go deireadh na sgríbe, agus coigleochad mo
shláinte agus mo neart, i gcruth is nach mbead 'mo
shean-chriallachán ar a theacht amach dhom i n-aois mo shé


L. 84


bliadhna is dá fhichead, acht go mbeidh teacht aniar agus
spioraid ionam le tosughadh as a nua arís ar an
saoghal.



Is leor liom na sé hadhbhair sin atá curtha síos agam
'na ndubh ar an mbán. Agus ní mór dhóibh gur leor liom
iad, mar is maith ceart an fáth nár bhfuláir do dhuine
bheith aige le go mb'fhiú leis fuireach ina bheathaidh i
n-uaimh náireach dá samhail seo. Ní droch-ghníomh ann
féin duine do thabhairt an-bhás dó féin, cé go mb'éidir
go mbudh dubh-choir í i gcás áirithe ar bith. Ní móide gur
fíor i gcomhnuidhe an bhreith bhrónach a thug Pliní uair .i.
gurb é roghain gach sógh ar an saoghal so duine bheith i
n-ann críoch a chur le n-a shaoghal, acht is sógh sin féin.
Agus dá mbeadh síor-fhonn ar dhuine bás fhagháil, agus
gan aon adhbhar maith aige fa bheith beo - sé sin, mara
bhfuil sé de ghlan-oibliogáid ort fuireach beo, annsin
tá sé de lán-cheart agat bás fhagháil. Acht amháin an
méid seo: fainiceadh gach uile dhuine an mbeadh aon
mhearbhall air, agus é ag tabhairt na breithe air féin.
Ná bíodh deabhaidh air, ná mí-fhoighid; ná déanadh dada as
miosgais, ná as feirg: tugadh sé fromhadh cothrom air
féin - agus is annamh déantar sin ar an saoghal so -
agus má feicthear dó, d'éis a chás a sgrúdughadh go
cothrom, go bhfuil ualach a shaoghail ro-throm aige, agus
nach gcuirfidh a bhás, ná modh a bháis, tada as d'aon
duine, annsin déanadh mar rinne sean-Ghloster.



Craitheadh dhe go foighideach a throm-amhgar, go ciúin,
go sár-shoilbhir, gan aon mhallacht a thabhairt, ná dubh-
shlán Dé, gan tarcuisne a chaitheamh ar a chine, ná aon
rud díchéillidhe mar sin a dhéanamh.



Agus ó thárla dhom a dhul chomh doimhin sin isteach sa
gceist shuairc seo, i dtaoibh an-bhás a bheith dhá thabhairt ag


L. 85


duine dhó féin, fan go bhfeicead an bhfuighinn bunadh an
sgéil. Níl aon tír gan an sean-rádh seo ag na dlígh-
eadóiribh ann, agus ar ndóigh is sean-rádh é a shíolruigh ó
bhunadh fírinneach .i. gur tig leat do rogha rud a dhéanamh
le do chuid féin, acht gan aon díoghbháil a dhéanamh do
do chomhursain. Agus marab í mo cholainn mo chuid féin
ní liom tada. Is tig liom í chur go h-áit ar bith is toil
liom (mara ngoididh duine éigin uaim í agus í chur faoi
ghlas - agus d'fhéadfadh sin féin a bheith amhlaidh), nó
más breagh liom é, fágfad ar a socamhal í, nó déanfad
criathar di le urchair, má thogruighim é, agus bádhfad sa
bhfairrge í, acht amháin gan aon dochar a dhéanamh d'aon
duine eile le linn ceachtar aca sin a dhéanamh. Agus
ní coir í an ghluaiseacht, acht an oiread is dá dtugadh
duine an-bhás dó féin; acht mar sin féin níl sé ceaduigh-
theach do dhuine rith ó n-a árus, a neart gluaiseachta a
chur i bhfeidhm, a chíos fhágáil gan íoc, agus ocras ar a
chloinn.



Is cosmhail mar sin, gnótha a ghabhfadh duine do láimh
a dhéanamh, déanadh sé margadh fútha nó bíodh an margadh
iontuigthe, nár cheart dó iad fhágáil gan déanamh. An
é sin míniughadh na ceiste go hiomlán?



Ní baileach é. Chualas iomorro daoine dhá rádh, aon
duine chuireas deireadh le n-a shaoghal go dtréigeann
a cheann posta; óir gach uile dhuine curtar ar an saoghal
i n-éinfheacht le n-a chomh-chréatúraibh, an mhéid go
bhfeileann don tsaoghal tsíbhialta, agus go bhfuil sé féin
agus a chomh-chréatúr i gcleitheamhnas a chéile, agus
feidhm agus easbaidh dá réir ortha, agus cómbáidh aca le
chéile - dligheann (amhail adeirid) go ndéanfadh daoine
eile leas dó, agus tá air a admhughadh nach mór dhó an
leas a chúitiughadh; le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin


L. 86


ní fuláir dhó an bhuaidh atá aige a shaothrughadh ar mhaithe
leis féin, agus ar mhaithe le daoinibh eile; cabhair a
dhéanamh ar an té tá ina cháll, agus cómbáidh agus gean
a bheith aige ar dhaoinibh, agus a bheith go maith don choit-
cheanntacht, má's olc maith leis é, agus fuireach amhlaidh
gur toil le Dia, a Chruthuightheoir, deireadh a chur le n-a
shaoghal. Ní thigim leis sin. Níl sé d'oibliogáid ar an
duine leas a dhéanamh don chine daonna; a rádh go
bhfuigheadh duine maith a chur ar an gcine, ná é bheith de
dhualgas air, dá bhfuigheadh féin, níl annsin acht seafóid
nua nach bhfuil dhá chraobhsgaoileadh acht le nochad nó le
céad bliadhain, comhairmhim. Níl sé de dhualgas orainn
fionna feanna a dhéanamh don phobal, ná don chine, acht
amháin geallamhaint nó connradh ar bith a rinneamar
le aon duine má's go fuirmeamhail a rinneamar é, nó
é bheith iontuigthe, sin a choimhlíonadh; má ghníonn tú sin,
is tig leat a dhul chun do ghnótha, agus ní gábhadh dhuit cead
iarraidh ar an bpobal, ná ar an gcine daonna: a gcuid-
san de, níl tú fa chomaoin ar bith dhóibh. Ní gábhadh dhuit,
sa gcás sin de, aon adhbhar a lorg dá thaisbeánadh go raibh
an ceart agat, agus a dhul chun do gnótha: is leor gur
toil leat é. Má's duine duairc, doilbhir thú, agus má
táir tuirseach dar leat ag breathnughadh ar an ngréin ag
éirghe gach uile lá, cheapfainn-se go bhfuil cead agat
sáthadh de bhior rinn-ghéar a thabhairt ar do bholg, ó thárla
an triomach ag dul dó, agus bealach amach a dhéanamh
do t'anam míothaithneamhach. Nó cuir i gcás go bhfuil
grádh do mhnaoi agat, agus go dtugann sise dimhicin
ort-sa, agus ó tharla gan ionnat acht maothóglach, táir
dar leat réidh leis an saoghal; tá do chroidhe briste,
nó millte, nó brúighte, má's amhlaidh is fearr leat a rádh,
agus tú gan athair, gan mháthair, gan deirbhshiúr, gan


L. 87


dearbhráthair ar a mbeadh aithmhéal ná uathbhás fa do bhás,
ná a ghlacfadh tarcuisne thríot, annsin ar ndóigh cuir
críoch le do shaoghal agus fáilte, acht íoc do chuid fiacha
i dtosach, gan dearmad a dhéanamh ar an táilliúr féin.
Déanfaidh an cine daonna de t'oireasbha, agus maidir
leis an gcailín, ná ceap gur mór an crádh croidhe léithi
do ghníomh; is mór an áineas agus an moladh léithi é;
béidh finnsgéal ina taobh annsin, tré do bhás bhocht-sa,
agus cuirfear suim innti, agus déanfaidh sin níos áille
í ná bhí sí riamh. Go bhfóiridh Dia ar do cheann, is tú atá
simplidhe; dá mbeadh dhá réag mar thusa d'éis an-bhás
a thabhairt dóibh féin thríthi b'fhearrde a réim agus a
hordán é imeasg an fhine allmhurdha úd.



Acht cheana níor mhiste do dhuine a dhearbhughadh nach
mínigheann sin an rún ar fad; níor mínigheadh fós
ariamh é. Ní dhéanfad acht a mheabhrughadh go mb'éidir go
mb fhiú d'fhear rudaí eile a thabhairt fa deara seachas a
dhualgas amháin, seachas a ndligheann sé don phobal, seachas
na margaidh rinne sé le daoinibh eile idir fhearaibh, mhnáibh
agus páistibh, shul is mharbhochadh sé é féin. Ó thárla beo
annso thú id' dhuine, nár bhfiú dhuit (agus cuimhnigh go
mb fhéidir gurb iomdha seal nó síorraidheacht a chaithfidhe
sul gheobhthá an fhaill arís) fuireach go bhfeicfeá cé'n
sórt saoghal é seo, nó goidé an sochar atá ann - go
bhfeicteá cé an cumas gníomha nó an cumas ar fhulaing
atá san bhfearamhlacht rúnda so tugadh dhuit - goidé an
cumas atá ann breathnughadh siar nó breathnughadh
roimhe - go bhfeicteá an bhfuil neithe do b'fhiú fheiceál,
do b'fhiú a dhéanamh, do b'fhiú a fhoghluim, seadh, nó a
fhuiling. An t-anam sin atá tú ar tí a chaitheamh uait,
agus an cholainn a bhfuil tú ar tí mionach a dhéanamh dhi,
smuain, smuain, adeirim, go mb'éidir gur gealladh


L. 88


príbhiléidí agus árd-bhuadha dhóibh - ní thráchtaim ar fhiacha
ná ar dhualgas - dá dtiocfadh leat-sa, seadh leat-sa,
agus dá ndlighfeá tré t'fhearamhlacht, tré t'fheidhm
agus tré do dhílseacht, an nádúir táireach daonna sin atá
ionnat a dhéanamh níos uaisle agus a árdughadh, ní hé
amháin as an linn éadóchais ina bhfuil sí ag únfairt, acht
í chur os cionn na spéartha agus na réalt - seadh,
cuimhnigh go mb'éidir dhuit an chumhachta bheith agat dá
dtiocfadh leat an rud nach dtuigir ionnat féin anois a
thuisgint, dá dtiocfadh leat gach a bhfuil suarach ionnat
a árdughadh agus a mhóradh, agus an an gcuma sin -



“Éirghe ó céim dú go céim,
Go leagair láimh an ionnraicis ar an eochair órdha
A osglas dorus pháláis na síorraidheachta.”



Tá eolas againn orainn féin, acht níl fhios againn
céard tá romhainn; deir siad go mb'inghean dána
fuinnteora bhí sa mulchán; agus creidim go daingean
gur do réir mar niamh-ghlanfas sinn ar nádúir féin, i
rith ar saoghail, agus do réir mar ghnímíd uasal í, gur
dá réir sin a thiubhras Dia céim do gach duine againn, a
fagháil bháis dó. Deirim, dá bhrígh sin, mar dubhairt
Socrates, daor, avdpioteov, ó's fir sinn bímís 'nár
bhfearaibh - mar dubhairt an t-asbal Críostuidhe, déanaidh
dícheall mar dhéanfadh fir - fuilinghidh nuair atá cáll
le fulaing, déanaidh rud ar bith is féidir dhaoibh;
bíodh grádh agus gráin agaibh do réir riachtanais,
oibrighidh agus imrighidh gan formad, gan forlann, gan
fuiling le anfhorlann - agus thar gach nídh, gan a bheith
bréagach (libh féin ná le le daoinibh eile) agus chífidh
sibh saoghal maith fós, sul chaillfear sibh agus 'na
dhiaidh.


L. 89


Is beag an baoghal orm a bheith dhá rádh go bhfuil ort
fanacht beo i ngeill leis an méid sin .i. ingeill le do
phríbhiléid amháin. Níl ort a dhéanamh, acht tá a chead
agat; agus is tig leat gan an príbhiléid a ghlacadh, ná an
trioblóid a chur ort. Acht fainic an chéad athrughadh
eile thiocfadh ort, an id' ápa bheitheá, nó id' asal, agus
dhá chluais fhada ort.



Dhá uair d'éis an tráchtadh sin romham a sgríobhadh dhom,
do léigheas é agus chítear dhom gur beag atá ann acht
focla, nó allabhartha focal gan aon bhrígh mhór, ná aon
tsubstaint ionnta. Is beag an t-eolas atá agam ar
shaoghal ná ar árd-chinneamhnaibh an duine, agus fágaim
a fhiadhnuise sin ar Dhia, agus is minic a thagas sé thríom
a rádh gur beag is fiú é. Díomhaoineas gach uile nídh.
Gidheadh féach ar bhrígh an bheatha. Cé fhéadfas a rádh nach
bhfuil ann acht díomhaoineas go bhféacha sé leis é? Chaitheas
trí bliadhna déag ar fhichid ar an saoghal, agus ní 'mo
chomhnuidhe bhíos, ná ní feasach mé mórán den daille a bheith
ag dul dom. Mhaireas agus do thugas grádh, agus ní
thig liom a rádh go dtí an lá atá indiu ann gur aon bhrígh
mhór an saoghal céadna. Acht cheana, atá radharc úr
agam anois air; b'éidir go múinfeadh na longa príosúin
seo rud éigin dom. Fanfad go bhfeicfead liom, táim
seasmhach sa méid sin.



20°. - Mí dhom i mBermuda, agus níor chaith sé oiread
agus múr báistighe; acht tuiteann an drúcht go trom san
oidhche (is cosmhail go raibh fhios sin ag Prospero), 'seadh
agus sa ló féin, tráth a mbíonn bioth-ghaethe na gréine
ag bualadh go díreach agus go danartha anuas ar an
talamh spalptha so, is iongantach a mbíonn de thaise san
aer; bíonn de thaise an aeir go leághan an salann a bhíos
san umar, leagtha ar an bhforadh, mara gcurtar falach air,


L. 90


cé go bhfuil an long tirm. Bíonn an ghaoth i ndeas feadh
an tsamhraidh, agus í tais leis an uisge; agus marach
sin go cinnte ní fhásfadh tada i mBermuda. Gidheadh tá
fás breagh ann, agus na tortha go han-mhilis. Tugann
deagh-dhaoine mealbhacán, nó ubhall péine, isteach ós
íseal chugam corr-uair, níl fhios agam cé an chaoi.



Tá amharc agam ar an dug go hiomlán ó m'fhuinneoig,
agus ar an uirlios thart timcheall air, ar na foirgnibh, ar
an sluaightheach, agus ar thalamh spaisteóireachta an airm.
Tá Reidsiment a 42 de Ghaedhealaibh Alban ar na sreathadh
ar an machaire seo do láthair, agus bailighthear iad
gach aon tráthnóna, i dtaca dul faoi na gréine, ar an
mbán go díreach ar m'aghaidh, agus máirseáileann siad
as sin gus an sluaightheach agus iad ag seinnm “The
Campbells are coming,” no port éigin a bhfuil gaol aige
leis, ar na píobaibh. Acht is buadhartha an bailiughadh
atá ar an taobh eile dhíom, ar ghob chosnamha an chuain, óir
tá amharc ar chuid de sin freisin agam óm' fhuinneoig:
mar atá, na daoir 'na meithealaibh, na céadta aca ann,
slabhraí ar chuid aca, agus iad ag máirseáil chun a gcuid
oibre. Ins na coiléaraibh, nó ar foirgnibh nua an riaghal-
tais bhíos siad ag obair. Is trom támáilte an siubhal
atá fútha, agus an t-iomchar, dar liom. Tá le rádh gur
mór an díoghbháil dá n-amharc gile na liag geal cloch,
agus tagann daille orra a dtugtar daille gealaighe air.
Baineann na clocha tuisleadh asta agus iad ag siubhal.
Beirt nó triúr aca gurab í an long so a long comhnuighthe,
bíd do shíor agus slabhraí ortha tré chionta éigin, i
gcruthamhnas gur annamh bhím gan torann na slabhraí
bheith le clos agam. Lasgadh cuid aca go millteach
freisin le mí. Cruinnighthear na daoir eile go léir go
bhfeicidh siad an feic sin, agus cé nár goireadh ariamh orm


L. 91


go bhfeicfinn iad, níl laisg dá mbuailtear ar na díthreabh-
achaibh dearóile, ná sgread dá leigeann siad agus iad
dá leadradh, nach clos dom agus mé im' sheomra. An
giolla thugas mo bhéilidh chugam, d'fhiarfuigheas uair de
céard a bhí déanta as bealach ag an bhfear a fuair an
lasgadh an mhaidin sin. “A bheith go sotalach dhó, a dhuine
uasail,” ar an fear; sé sin le rádh caint droch-mhúinte
éigin a rádh dhó. Acht tráth a labhrann na hoifigigh, ná na
forfhairí leo-san (rud is clos dom go minic agus mé ag
spaisteoireacht ar bórd), mara mbeadh le tabhairt acht
an t-órdughadh is suaraighe ar bith, is go mór-chúiseach, go
mór-ghlórach, agus go droch-mhúinte labhras siad, go
spaidhrfeadh an bobarún is socra thríd. Is suarach an
t-iongnadh cuid aca, na créatúir, a bheith go sotalach
amanna. Féach mise, an bhreith chéadna tugadh orm-sa
agus tugadh ar na daoraibh seo, acht cheana, tá mo
“sheomra” agam-sa, agus leabhra, giolla le freastal
a dhéanamh orm, mo chuid éadaigh féin orm, cead agam
a dhul amach nó isteach ar mo thoil féin, ní hé amháin go
labhartar gan mór-chúis liom, acht labhartar go humhal
múinte féin liom, tré bheith dhom mar is dóigh leo, mo
dhuine uasal (cé nár dhubhras ariamh go rabhas). Féach
an spioraid atá i reacht na Breataine - reacht sár-
mhúinte é, agus spioraid deigh-bhéasach. Nach mín cailc-
idhe an chré dá ndéantar an duine uasal i mBreatain,
an lá nach leigtear dhó a dhul imeasg an daosgar-shluagh,
cé gur méirleach féin é (óir tá ortha leigean ortha gur
méirleach mé). Ní mór modh agus meas agus comhgar
agus freastal a dhéanamh ar an daor atá ina dhuine
uasal, agus ionbhaidh bheith aige le bheith ag gabháil do
litridheacht; acht an duine bocht, níl i ndán dó-san ar
na longaibh príosúin mar gach áit eile, acht an focal


L. 92


doraidh a chaitheamh leis, agus an buille trom a thabhairt
dó, an tsíor-obair a bhaint as, agus gan tada thabhairt
dá chionn dó, slabhraí a chur air, agus a bheith ag gabháil de
laisg air.



21°. - Tháinig an fo-fheadhmannach ar bórd indiu; de
mhuinntir Hire é, agus chuir sé litreacha in mo láimh,
a tháinig ó bhaile. Agus ba laghach an mhaise ag an
ngoibhearnóir é, chuir sé chugam iad gan osgailt; acht
dubhairt an Hireach má bhí tada ionnta i dtaobh gnótha
puiblidhe go raibh coinne aige go dtiubhrainn ar ais dó
iad - rud a gheallas a dhéanamh. Dheifrigheas síos go dtí
m'uachais annsin, agus d'osglas iad, agus mo lámha ar
coimhchreathadh. Litir fhada ó mo mhnaoi ionmhuin, mo
chaithis, agus litir eile ó mo mháthair. Nach maith a
thomhaiseas é i dtaobh na ngnótha i nÁth Cliath: an lá
céadna ar tugadh breith orm, thóg na pílears seilbh ar
m'oifig clodhadóireachta, ar an gcló, ar an bpáipéar,
agus ar na leabhraibh, agus annsin ar ndóigh, timthirí agus
daoine a raibh fiacha agam orra, ní leomhfaidís a n'íoc,
ó thárla go raibh na leabhra ag mo námhaid; óir dá
dtogruigheadh Clarendon, tighearna, é chuirfeadh d'fhiachaibh
ortha íoc athuair. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé sin;
acht pé sgéal é tá an bitheamhnach ag sladadh mo mhná is
mo pháistí thríd an gcam-leithsgéal gur daoradh mé. Tá
na daoine ag bailiughadh “cánachais” di, rud gur ceann
faoi do dhuine cuimhniughadh air, acht céard is féidir a
dhéanamh? Agus thairis sin, is maith an rud “Méir-
leachas” na nGaedheal a chothughadh ar an gcuma sin.
Níl tada chomh maith chun suim a chur ag daoinibh i gcúis
le airgead a thabhairt ar son na cúise. Tá mo dhear-
bhráthair, Liam, imthighthe go Nua Eabhroch. Chuir mo
mháthair de dhian-impidhe air é. Níor innsigheadar dom


L. 93


cé'n fáth; (bhagras ortha gan aon sgéal nuaidh a bhain-
feadh le poiliticeacht a chur chugam, óir sé an rud a
thiocfadh dhe nach bhfuighinn na litreacha), acht is dóigh
liom go bhfuil an “riaghaltas” ag obair go dána.


L. 94


An 4° Caibidil



Iúl 24°. - Ar bórd an Dromedary dhom. Nach adhbhar
báis is lae dhom é: tháinig na páipéir nuaidheacht ar
ndóigh agus litreacha na míosa; seadh, agus chím
na forfhairí agus mátaí 'gá malartughadh le chéile,
agus tá stair na hÉireann ortha ar feadh lán-
mhíosa, ag leanamhaint de ón lá a ndearnadh m'fhuadach,
agus níl aon fhagháil agam ar cheann aca. Tugadh
órdughadh sonnradhach is cosmhail do gach uile dhuine ar
bórd, fá throm-phionús, gan cur chugam-sa ná uaim, acht
i ngnóthaibh a mbeadh géar-riachtanas leo. Go dtí na
seirbhísigh amháin, atá ag freastal ar bórd, tagann
cuma sgannuighthe ortha má tá i ndán agus go siubhlaigh
siad thart i bhfogus dom, agus shaoilfeá go bhfuil gach
duine san áit ag faireadh ar gach uile dhuine eile. Chualas
fosta gur briseadh forfhaire bhí ar an Dromedary, fa
rádh is go ndubhairt sé rud éigin in m'fhabhar i bhfiadh-
nuise bhárda eile. Rinne an bhárda eile sgéala air
ar an toirt. Bhíos an tráth sin sa long osbuidéil.
Éireannach a bhí ann, bí cinnte dhe, fear de mhuinntir
Dheirinne. Sul thángas i mBermuda ní rabhadar leath
chomh dian, deir (* *) liom, ag coinneál na bpáipéar
nuaidheacht amach - ní headh, acht chonnaic na príosúnaigh
na páipéir go riaghalta; acht tá riaghlacha géara d'éis a
ndéanamh anois, agus aon duine thiubhras isteach aon
earradh bhfuil an toirmeasg air, tá sé ag tuar dhó féin é
chur i ngéibhionn leis féin, agus slabhraí a chur air, agus


L. 95


a lasgadh. Agus ó thárla an cás mar sin, dhéanfaidís
go léir spiadóireacht ar a chéile, idir bhárdaibh agus
phríosúnaighibh. Ní dál dhaonna é sin acht ar éigin, is ar
éigin gur dál shaoghalta é. Tá an diabhal ar an áit.



Acht cad chuige an trom-aire agus an t-aimhreas so?
Cé'n díoghbháil a dhéanfadh sé don “riaghaltas” sgéala
i dtaobh gnótha puiblidhe a leigean chugam, an lá nach tig
liom tada a chur amach acht mar chuireas mé le mo
shíléaraibh é? B'éidir go bhfuil adhbhar leis nach eol
dom-sa - is doimhin an ealadhain í an státaireacht.



Lughnas 4°. - Fuaras cómhra mór as baile indiu agus
roinnt éadaigh agus leabhra ann, agus rudaí thairis sin
gur mór mór is fiú liom iad .i. cheithre dhealbh agus
iad daithte ag Glucmann .i. dealbh mo mhná, agus taobh
a cinn tugtha dhom, dealbh mo mhná agus mo mháthar i
n-éinfheacht, ceann eile aca; Seán Mac Máirtín ar an
tríomhadh ceann, mo chara seasmhach, sár-fhiúntach - agus
mo chom-méirleach faoi seo, is dóigh liom. Is sochma soin-
eanta an aghaidh atá ar mo mhéirleach bocht. Ar éigin
a bhí an daor Íosa níos cáidhe, ná níos ceannsa, níos
dílse, ná níos daonnachtaighe ná an fear so. Dreach
fír-fhearamhail uasal an Athar mhac Coinín, an ceathramha
dealbh atá anois thuas go honórach agam ar bhalla mo
chró. Tá sé 'na sheasamh agus a dhá láimh thar a chéile ar
a ucht, a bhéal dlúth-dhúnta, agus a shúil ghlé-ghlas, agus
cuma bhuan-tseasmhach ortha, is beag nach ndéarfá gur
cuma dubhshláin agus tarcuisne atá orra, acht go bhfuil
siad bogtha, ceannsuighthe. Is iad togha agus rogha an
chomhluadair dhom in m'uachais dhá árd-dhealbh dá samhail
sin de dhá charaid - gan trácht ar bith ar an gcéad phéire.
Acht céard táid siad a dhéanamh anois? Cá bhfuil siad?
Cionnus a bhfuil siad? An féidir do mo shíléaraibh mé


L. 96


choinneál cheithre bliadhna déag gan aon tuairisg d'fhagháil
ar an gcaoi ar imthigh an chúis ón 7 lá fichead den
Bhealtaine seo chuaidh thart amach? Ní'l aon eagla faoi
sin orm; measaim gur féidir tuairisg éigin d'fhagháil
acht an stuaim agus an fhoighid a ghlacadh, agus a bheith
foraireach.



15° - Leigeann na daoine ortha ins na carcaireachaibh
adhmaid seo gur longa agus foirne long atá fós aca
ann; an dara hoifigeach is áirde, sé an t-árd-mháta é,
agus tá fo-mháta ann, agus máighistrí ceathramhnacha;
bhárdaí iad na heochraidhthe eile thart go dtí an duine
deireadh aca. Tá na príosúnaigh roinnte ina mbuidh-
eantaibh búird, agus ina bhforfhairibh; sin iad fuireann
na luinge: agus mátaí na mbádóirí, atá leath-doiséinne
aca a bhfuil ortha an t-urlár a sgiúradh, a dhul ag iomradh
agus neithe den tsórt sin a dhéanamh. Tugaim na rudaí
sin fá deara agus mé ag spaisteoireacht go n-ordán
ar an mbórd deireadh, agus gan focal asam, acht ag
breathnughadh uaim ó lá go lá ar an obair atá ar bun san
ionad doilbhir seo atá mar áitreabh agam. Mar sin is
duine d'fhoirinn luinge mé is dóigh liom, agus má iom-
chruighim mé féin b'fhéidir dhom mé árdughadh go ndéan-
taidhe máta bádóra dhíom! Ní headh maise, acht is mó is
cosamhla le taistealuidhe mé a bhfuil aistear cheithre
bliadhna déag roimhe, agus ancoire in tosaigh, agus
ceann eile in deireadh, leigthe fúithi ag an luing
dhá coinneál i bhfastódh. Agus an chaint atá ag na
hoifigeachaibh, agus ag na príosúnaighibh, is caint
luinge í go díreach - go leaghaidh, go bhfeannaidh, go
ropaidh an diabhal thú. Focal éigin aca sin an focal
is iondamhla dhóibh a rádh i n-éadan a ngnótha, go lae-
theamhail, agus iad ag casaoid nó ag impidhe ar a chéile,


L. 97


nó b'fhéidir ag tabhairt misnigh dhá chéile. Tá ughdarás
mór ag an árd-mháta, an sean-fhear árd a bhfuil cúram
mo chuid airgid air, agus tugann sé don deamhan agus
don diabhal gach uile mhac máthar ar an luing, acht mé féin
agus an t-árd-taoiseach. Is air go sonnradhach atá mise
de chúram. Is é chuireas glas ar mo dhorus san oidhche,
agus bhaineas de ar maidin é; agus ina theannta sin
tugann sé cuairt orm i gcomhnuidhe ar an deich a chlog
san oidhche, agus trí chuairt eile as sin go maidin ar
eagla go mbéinn éaluighthe uaidh. Má bhím 'mo chodladh,
nó ag leigean codladh orm féin, cuirfidh sé fa ndeara
don bhárda an solus a thabhairt i ngar dhom i gcruth
is go bhfeicidh sé an mé atá mo' luighe annsin nó nach mé.
Ní léar dhom aon tslighe éalóidh, agus tá a fhios ag Dia
go bhféachfainn le n-éalódh dá mba léar; acht is clos
dom nach gnáthach le mo shean-charaid an máta an dian-
fhaire sin a bheith aige ar aon duine, ná a bheith chomh trom-
imnidhteach faoi aon neach eile. Agus ní hé sin amháin:
cloisim go bhfuil coimhéaduidhe ón sluaightheach ag faireadh
feadh na hoidhche ar ghob chosanta an chuain annso, i bhfogus
don luing, ó thángas ar ais ón luing osbuidéil, agus
coimhéaduidhe eile ar an droichead atá treasna ón
ngob go dtí an daingean, agus aon duine a thiocfas go
dtí na longa príosúin d'éis dul faoi don ghréin, dá
mba hé an dochtúir féin é, nó aon oifigeach eile, ní
mór dhóibh litreacha bheith leo agus cead a bheith aca a
theacht. Agus na príosúnaigh bochta, dá laghad dá
raibh de shaoirseacht aca cheana, níl an oiread sin féin
anois aca; níl cead aca a dhul ag spaisteoireacht ar
an ngob cosnamha mar théighdís. Ní headh, acht táthar
chomh dian sin ag cur na riaghlacha i bhfeidhm anois, mar
gheall orm-sa, agus go gcreidim nach bhfuil mac an


L. 98


pheata ar chomhluadar na luinge nár mhór agus nár dhá
mhór leis dhom mé chur go hAustrail, nó i dtigh diabhail.
Acht ní leigim tada le le m'ais, acht mé ag spaisteoireacht
síos is suas ar an mbórd deireadh, agus gan focal asam
- ag siubhal an chairb atáim.



Níor mhiste dhom a rádh annso gurab iad so, gan
aimhreas, cairb chlúdhamhala an Reachta ar ar thrácht
duine uasal iomráidhteach a bhí ann tráth. Chím gur
tíc an t-adhmad atá ionnta.



20°. - Tá galtán posta na Lughnasa tar éis a theacht,
agus stair na hÉireann feadh míosa eile léithi, acht níl
aon fhagháil agam-sa air. Gidheadh tháinig litreacha as
baile chugam; iad ar fad go maith. Chaith mo bhean agus
na páistí an samhradh i gCairlinn.



28°. - Bhí an ceart agam: sgéittear sgéalta nuaidhe,
mar shnighfeadh an t-uisge thríd an gcuislín is cumhainge
aistighe an bith. Ní féidir fear a úiriadhadh amach is amach
i luing príosúin, agus níl cheithre bliadhna déag le
caitheamh agam gan tuairisg éigin d'fhagháil ar chúrsaibh
an tsaoghail. Féach a-leith! Tá an Riaghaltas ag oib-
riughadh le láimh láidir fós; do bhí Chartists áirithe
i Londain, agus chuireadar cruinnighthe ar bun do
dhéanamh combáidh liom-sa. Ghlac an riaghaltas masladh
thríd sin, gur gabhadh na Chartists agus gur cuireadh i
gcarcair fa ghlas iad, ag cur coire ina leith. Cúntas
mo dhaortha-sa, chuir mo chara Kemmis ina n-aghaidh
é sin, mar fhiadhnuise. Daoradh Earnán Seóns, agus
cuireadh dhá bhliadhain príosuntacht air faoi rádh is
go raibh sé ag cruinniughadh aca, agus faoi rádh, le n-a
linn sin go bhfillfinn-se S.M. fós ar ais abhaile cosg-
arach, agus go gcuirfidhe Seán Ruiséal agus Clarendon
tighearnaí, anonn. Dligheadóir é Earnán, agus é ina


L. 99


eagarthóir ar an Northern Star, agus fear é a bhfuil
éirim ann. Is éifeachtach an éirim í sin don riaghaltas!
Acht b'éidir go raibh coiste cóir ar an Seónsach, agus ar an
gcuid eile aca i Londain, dhá bhfromhadh. Níl iomorro
aon tuairisg bharthainneach le fagháil ina thaobh sin agam,
acht gan aimhreas tá dlighe agus riaghaltas ina dtír aca.
Níl aon adhbhar casaoide aca, mara ndearnadh pacáil
ar na coistibh. Má rinne a gcomh-bhuirgéisí a bhfromhadh
go cóir, agus a dtligeann, ar ndóigh táid ciontach.



Gabhadh mac Uí Mheachair, tigh n'athar i nÉirinn, agus
tugadh go hÁth Cliath é. Caint a chaith sé i Ráith gCaola
an choir a rinne, agus ní “méirleachas” atá aca uirthi
acht “ceannairic,” agus dá bhrígh sin leigeadh amach ar
bannaibh é. Tá barántas i n-aghaidh Mhac Gabhann Ó
Briain, acht ní dhearnadh a shearbháil fós. Acht atá Seán
Mac Máirtín fa ghlas sa nGeata Nua, agus méirleachas
ina leith a chuir sé san Irish Felon - agus go d'eile cé'n
áit ar cheart méirleachas a chur? Tá an Dubhthach fa ghlas
sa nGeata Nua freisin, fa mhéirleachas a rinne agus a
chuir sé ar an Nation; gabhadh Caoimhghin Ó Dochartaigh
fosta, agus R. D. Mac Uilliam fa mhéirleachas. Is
iad a chuir an Irish Tribune ar bun, páipéar méir-
leachais eile é sin, go díreach d'éis m'fhuadach. Rinneadh
obair níos éirimeamhla arís ná sin féin .i. na trí páipéir,
an Nation, an Felon agus an Tribune a ghabháil do na
pílears, gur bhaineadar de bhuachaillíbh a ndíolta ar
na sráideannaibh iad. Briseadh doirse na n-oifigí
freisin, gur hosgladh iad, tógadh seilbh ar na hoifigibh,
agus cuartuigheadh iad féachain an bhfuighfidhe sgríbhne
méirleachais ar bith. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, sé
modh nochad a hocht atá ar siubhal arís aca. Taithnigh-
eann an méid sin go léir go maith liom.


L. 100


Agus Mac Uilliam, an duine bocht eidtreorach, fil-
eadhta, mothuightheach, an amhlaidh go ndéanfar méirleach
agus mairtír dhe-san freisin? Agus an Máirtíneach!
Acht b'fhéidir go bhfuigheadh an tighearna Clarendon amach
gurb' shin iad an bheirt is teinne a casadh fós air.



An ndéanfaidh an Fear grádh-diadhamhail Ionaid coiste
de lucht an Chaisleáin a phacáil anois i n-aon turus fa
chomhair na mbíodhbhadh soin go léir? agus an mbainfidh
sé an ceart is coitcheannta ar bith atá ag dul do dheagh-
dhaoinibh, atá dhá n-iomchur féin do réir an dlighe, an
mbainfidh sé de thriúr as an gceathrar de bhuirghéisibh Átha
Cliath é, mar is gnáthach leis? Saoilim go ndéanfaidh;
caithfidh sé an doibheart soin a dhéanamh, ar chroiceann a
chluas. D'innsigheas dó go gcaithfeadh a dhéanamh, nó
éirghe as a bheith ag riaghlughadh. Ní leomhfaidh sé na
príosúnaigh a fhromhadh go cóir; ní leigfeadh an gnáth-
mhodh dhó, ná an “státaireacht,” ná imtheachta eile nach
bhfuil aon leigheas aige ortha, go mbainfidh sé éirghe slighe
as na fearaibh sin, go n-imrighidh sé an dubh-éagcóir ortha
i riocht an dlighe, go gcuiridh sé isteach ar an gcóir; i
n-áit cóir agus ceart a dhéanamh, déanfaidh sé dubh-
dhomáiste ar Éirinn, déanfaidh sé an dearg-bhréag le
Sasanaighibh, agus damnóchaidh a anam féin. Imtheachta
éigeantais nach bhfuil leigheas aige ortha. An dtuillfidh
sé go bráth i n-intinn dubh, dall, dorcha lucht riaghluighthe
gurb é an gnáth-mhodh is glice ar bith a bheith díreach
cneasta, agus a cheart a thabhairt do dhuine, an dtuill-
fidh sé ina gceann nach bhfuil aon stáitaireacht a sháróchadh
é sin ar eagna?



Pé i nÉirinn é, tá siad sa gcruth sin go bhfuil
neart oibre ag lucht dlighe i nÉirinn; beidh a fhios aca
shul is bheas an obair seo thart go bhfuil an-dlighe agus


L. 101


an-reacht breagh aca. Leathnochaidh an “dlighe,” agus
beidh a sásamh bainte amach go hiomchubhaidh ag an
“gCoróin agus ag an Riaghaltas.” Bheadh coinne ag
duine freisin go múinfeadh an obair so a ngnótha do
choisteoiribh (.i. na gnótha bhéas ortha a dhéanamh tráth a
mbeidh ceart le fagháil ó choisteoiribh); sé sin le rádh, aon
duine a gcuirfidh seirbhísigh Bhainríoghna Shasana dlighe
air, tré cheist poiliticeach, é a shaoradh. Agus ní hé sin
amháin, acht ní mór dhóibh breitheamhnas ar leith a thabhairt
i gcúiseannaibh den tsamhail sin, agus an leabhar a
thabhairt go dtuilleann a leithéidí sin de phríosúnaighibh
moladh ó mhuinntir a dtíre - sé sin, má tá an buille
marbhtha ceart dhá thabhairt aca do lucht an riaghaltais.



Sin é thiocfas de, nó marab é, ní mór don Fhear
grádh-diadhamhail Ionaid gach uile choiste a phacáil go
mór mór níos áirighe, go raibh a cheárduighthe sonnradhacha
féin ag tabhairt breith dhíbeartha agus breith chrochta ar
dhaoinibh .i. coisteoirí bhéas ainmnighthe ar leith don Fhear
Ionaid - agus déanfaidh sin cúis chomh maith i ndeireadh
na dála.



Badh mhian leis an tighearna Mac Uilliam “bille a
thairisgint” le tuarastal a thabhairt don chléir Chatoil-
iceach, sé sin síneadh láimhe ós íseal a thabhairt dóibh,
ionnus go gcuirfidís foighid ins na daoinibh, an fhad
is bheadh an riaghaltas ag déanamh na foghlach. Acht is
cosmhail gur follusach, gur suaitheantasach le ministéar-
aibh an chuiriptheacht, agus nílid fa réir fa láthair
aontughadh. Fanadh an bheart sin tamall.



Meadhon Fhoghmhair 1°. - Ráithe sa lá indiu sheolas ó
Chóibh Chorcaighe.



An gcuirfead leis ag sgríobhadh ar leabhar, agus ag
leigean orm féin go bhfuil irisleabhar dhá dhéanamh agam?


L. 102


Ar ndóigh dhá mar a chéile go díreach lá agus lá eile dhom.
Tá aon ghnás mara amháin a shaoilfeá a bhféadfaidhe leig-
ean dó ar an aistear fada so a mhairfeas cheithre bliadhna
déag .i. cúntas a choinneál ar imtheachtaibh na luinge.
Níl aon athrughadh ar mo chúrsa lá ar bith acht mar bhí sé an lá
roimhe sin, agus sé an fad céadna táim gach uile lá ó chrios
na cruinne agus an fad céadna ón áird thiar, nó ón áird
thoir, agus an doimhin céadna atá fúm. An áirde chéadna
atá an ghrian ós ár gcionn gac uile lá um meadhon lae,
cé is moite don athrughadh chuireas an séasúr uirri. Ní
éirgheann tada dhom. Céard tá le sgríobhadh agam?
Nó má sgríobhaim neimh-nídh cé léighfeadh é? Nach
mb'éidir don árd-mháta a theacht isteach chugam lá ar bith
agus mo chúntas a árdughadh leis, agus a bheith dhá léigheamh
dhó féin, nó a thabhairt don fheadhmannach, má's fiú leis é,
agus nach mb'fhéidir dhó-san a thabhairt don Ghoibhernóir,
agus cá bhfios nach don árd-reachtaire thiubhradh seisean
é? I gcruthamhnas go mb'éidir gur díoghbháil a thiocfadh
as dom lá éigin, mar táim ina gcumhachta.



Agus 'na dhiaidh sin is uile bíonn fonn orm leathanach
nó dhó a bhreacadh corr-uair, mara mbeadh ann acht
iongantais na spéire agus na haimsire a thabhairt fa
deara, nó leabhar éigin a léighfinn a mholadh nó a cháineadh,
nó dhá dtéigheadh sé chuige sin, rud ar bith olc ná maith
a bheadh ar m'aigne a chur síos - sé sin más' cóir do
dhuine a rádh go mbeadh aigne aige ina leithéid seo d'áit,
agus gan ann acht go dtiubhradh sé an ruille bhuidhe.
Gidheadh cá bhfios nach ndéanfadh duine dearmad ar an
tír d'fhágaibh sé 'na dhiaidh, agus ar an tslighe ar ais chuici
dá mbeadh gan rud éigin a bheith sgríobhtha aige a mheabhr-
óchadh dhó é. Cuirfidh an leabhar so i gcuimhne dhom cé an
sórt duine bhí ionam, agus cé dhe a dtáinig m'ísliughadh,


L. 103


agus ar an gcuma soin coimhéadfar aithne ar réim mo
smuainte; seadh, nó orm féin, féin, rud is baoghalach
liom corr uair a caillfidhe orm. Chraith prionnsa
áirithe (ní cuimhneach liom goidé an t-ainm a bhí air)
smúdar ar an gcosán ag dul thríd an bhfásach coille
draoidheachta dhó, le n-a threorughadh ar ais, agus sin
é fhearacht agam-sa é, leis an sgríbhneoireacht seo. Agus
ní raibh aon uathbhás sa gcoill draoidheachta úd níos úr-
ghráinne ná mar atá agam-sa le dhul thríd annso. An
máirnéalach ársaidh freisin, agus a chom-máirnéalaigh, ar
ndul dóibh ar an bhfairrge uaignigh, ó's rud é gurb iad
a chuaidh ann ar dtús, ní féidir ar ndóigh nó bhí cúntas
aca-san ar a n-imtheachtaibh ar an muir théachtuighthe.



Ar na hadhbharaibh sin, agus ó thárla gur eisiompláir
dhom iad, sgríobhfad liom, cé gur neimh-nídh a sgríobhaim.
Cuirim suim ann freisin; óir is mór an fuaradh liom an
sgiúrsáil nimhneach a sgríobhadh agus a chur sa gciste seo.
Má chuirim comhrádh, nó giota seanchuis, i ndiaidh a chéile,
cuidigheann sé liom smuaineadh, agus coinnigheann sé
mo réasún i n-órdughadh, tré organon nua d'fhionnas
amach dá ngoirthear Modh na Raiméise. Is geall le
tamall ar chapall mhaith beodha a bheadh ag imtheacht ins na
cosa-in-áirde dhom tamall maith gaoithe a stolladh asam:
tugann sé mo ghoile dhom. Agus ar ndóigh ní féidir nó
beidh rudaí éigin ar an méid a sgríobhaim a mbainfidh
mo chlann áineas éigin as, lá is fuide anonn ná indiu.



Cuimhneachán. - Ceardacht a cheapadh le n-a bhféadfainn
na páipéir seo a chaitheamh sa bhfairrge, i gcruth agus go
dtiocfaidís go tóin puill go cinnte, agus go dearbhtha,
gan aon fhagháil ar ais ortha, dá mbeadh i ndán agus go
gcuartófaidhe mé ar a lorg.



2°. - Maidir leis na leabhraibh a léighim annso, ná


L. 104


bhéas mé i n-áirithe a léigheamh (go dtiocfadh liom coimh-
sgreas níos fearr a chur orm féin), is suarach an éadáil
a bhfuil le rádh ina dtaobh. Na húr-sgéalta is fíor-
shuaraighe ar bith a tháinig ó Londain, agus a cuireadh i
gcló i Meiriocá, sin é an cineál litridheachta is cosmhail
a bhfuil tóir air annso. Agus 'sé an “Léightheoireacht ar
foghnadh” atá aca, an bailiughadh uiríseal sin ar a
dtugtar “Family Libraries” agus “Cabinet Libraries,”
agus “Miscellanies,” rudaí nach bhfuil ionnta acht
cnámharlach eolais a chuaidh ar ceal, agus nach bhféadfaidhe
faice a bhaint asta acht téarmaí ealadhna dá ndéantar
cír thuaithbhill. Cuireann sé tóir ar ealadhain, dar
leo, má bhailigheann duine beart toradh i roinn éigin
eoluis agus innsin úr a thabhairt air, i gcruth is go mbeidh
sé innsighthe ar mhodh ghnáthach, gan aon duadh a chur ar an
aithriseoir, ná ar an léightheoir; ní headh, acht níl fhios
ag an aithriseoir cé an chaoi ar fríth amach an toradh;
agus sin é an tslighe a bhfaghann an léightheoir nua adhbhar
cabaireacht i dtaoibh doimhneacht na nua-ealadhna - bíodh
fhios agat go bhfuil sé ar fad nua. Déanann an duine
foghlumtha sin truagh i gcoitchinne do na daoinibh a bhí ann
i n-allód, agus mhór-mhór don dream bocht a bhíodh ag
dealughadh míonach a bheadh ar fhuaid mhíonaigh eile, iad
sin agus réaltóirí bochta. Chítear freisin do shíor ar
pháipéir nuaidheachta, agus tá sé sa gcomhrádh coit-
cheann go ndeirtear “a rádh i dtaobh ruda” i n-áit a
réamh-aithris,” “ceist le réidhteach,” i n-áit “tá na cuir
dhá dtairisgint,” “coimhmhéid le,” i n-áit “comhgarach
do” agus a leithéidí sin.



Acht thar a bheith ag tabhairt droch-aoide ar theangaidh,
agus dá bhrígh sin ag cur mearbhaill ar dhaoinibh, 'sé an
modh ar a mbailighthear leabhra go foirleathan a


L. 105


cháinim; ag gearradh giotaí amach le siosúr, agus dá gcur
i ndiaidh a chéile, go nach leabhra i n-aon chor iad na
leabhra a ndéantar sin leo - óir ní aitheasg ó aon fhear
amháin ar leith atá ionnta acht allghlór a comh-chumadh.
Táim tar éis a bheith ag léigheamh cúntas ar Abyssinia,
imleabhar as an “bhFamily Library” é, agus bhéarfadh
brús tamall (nó caibidil) den bhealach thú, agus iomar-
churóir Portuinéalach éigin tamall eile, agus Salt nó
duine éigin eile an chuid eile den aistear; ní bheadh fhios
agat cé bheadh tamall leat. Badh cheart do leabhar a bheith
mar tá fear nó bean .i. cáilidheacht ar leith a bheith ann,
agus dá mbeadh sé aisteach féin a bheith aisteach dhó, acht
fuil a bheith 'na chuislibh, agus spré léarguis ina
shúilibh, agus bealach agus intinn ar leith a bheith aige.
Is tig leat a chaidreamh a dhéanamh annsin, agus fágfaidh
sé lorg éigin ort. Acht muna bhfuil agat ann acht cual
cnámh, nó rud is measa ná sin .i. séacla a rinne eagar-
thóir a raibh trácht air, de chnámhaibh fuair sé i n-uaigh ann-
so, agus i n-uaigh annsiúd, go gcuireann sé cnámh droma
as Brús agus blaosc cinn as Salt agus cnámha builg
agus asnacha as Belzoni i bhfasdódh ina chéile, ar ndóigh,
chuirfeadh sin déistean ar dhuine.



Léigheas go haireach dhá leabhar as an leabharlann
céadna, mar atá, “Palestine,” atá i n-eagar ag an
Dochtúir Ruiséal, agus “Persia” an Fhrisealaigh, agus
ní gan gramhas a chur go minic orm féin é, agus is searbh
do-léighte an ailím iad.



Gidheadh tá beirt de na leabhraibh sin léighte agam
d'oireasbha a malairt a bheith agam (itheann na Lapaí cré
ghorm corr-uair agus croicne crann), agus fós dornán
nó punann ursgéalta a chuir na foghluidhthe i gcló i Nua
Eabhroch agus i bhPhiladelphia mar leabhráin. Dearg-


L. 106


dhríodar a n-iomlán. Cheapas i gcomhnuidhe rud ar bith a
léighfinn nach ngoillfeadh sé orm, agus shaoileas go
dtiocfadh liom neart a léigheamh a mbeadh díoghbháil ann
agus nach ndéanfadh sé aon dochar dhom; - omnia sana
sanis; marach sin bhéinn anois chomh tinn le muic ón
gcosamar. Agus an té sin a chuirfeadh roimhe an
“litridheacht” a curtar i n-eagar don phobal ar an
saoghal iomráidhteach so a léigheadh, níor mhór dhó coim-
pléasg a bheith aige mar bhí ag Lachain Phontus (agus do
réir Aulus Gellius ba mhó an sochar ná an dochar dhóibh-
san nimh a shlugadh). Acht príosúnach nach bhfuil tada le
déanamh aige, cá bhfuil an rud nach ndéanfadh sé leis an
am a chur thairis?



Acht is gearr a ghéillfeas mé dhó so. Táim ag leigean
dom intleacht a bheith díomhaoineach fa láthair, 'ga
mo ghoradh féin leis an ngréin, nó ag tuitim 'mo
chodladh faoi sgáth canabháis, ga mo chothughadh féin ar aon
nidh a bhfuil cothughadh ann. Acht níl aon chuimhniughadh
agam ar a bheith ag iarraidh an ama a chur tharm ar feadh
cheithre mbliadhan déag - dá ndéanainn sin mharbhochadh an
t-am mise - bheadh cheithre bliadhna déag iomarcach agam.
Is tig le duine corr-leath-uair a chur thairis ar ndóigh i
ngan fhios dó féin, acht maidir le bliadhanta a chur thart
ina gcúigeannaibh agus ina ndeicheannaibh níor tháinig sé
fós an té dhéanfadh é. Tá fúm dá bhrígh sin, acht a mbeidh
sgíthe mhaith leigthe agam, connradh carthanais a dhéanamh
leis an Am - rud nach féidir a dhéanamh acht le bheith ag
obair - an tAm a thabhairt ar mo thaobh i leabaidh é chur i
m'aghaidh, i gcruth is go mbeidh sean-fhocal Ualter bocht
Scott agam .i. an tAm agus mé féin i n-aghaidh beirt
ar bith. Le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, má's
amhlaidh go bhfuil orm fanacht i bhfad annso agus an t-am


L. 107


a bheith ar mo chomharile féin agam, mar atá do láthair,
tá fúm roinnt leabhar a d'fheilfeadh d'fhagháil as Éirinn
(tuairim le céad go leith aca ar fad), agus tosuighe 'na
dhiaidh sin as a riocht ar leabhar áirithe a sgríobhadh, rud
a raibh an-fhonn orm a dhéanamh le fada, acht an t-ion-
bhaidh bheith agam chuige. Tá ionbhaidh mo dhóthain anois
agam, agus facturusne operae pretium sim, óir má chúit-
igheann an t-am liom é, sé tuarastal na hoibre í dhéanamh.



Acht dála oibre, nílim lán-chinnte go fóill nach gcuir-
fear cabhail lín-éadaigh orm a mbeidh an tsaighead
leathan cló-bhuailte ar a druim, agus mé a chur ar
mheitheal ga mo sheoladh amach ag obair i gcoiléaraibh.
Táim fa réir fa n-a chomhair, táim go rí-mhaith im' shláinte.
Ní suarach an éadáil do neach taithighe a bheith aige ar chlocha
a tholladh agus a phléasgadh, agus tighthe a thógáil, agus
b'éidir go mb'fhearr is go mba séanmhaire dhom a bheith
ag obair le mo lámhaibh ná ag sgríobhadh leabhair, agus
b'éidir go mb'fhearr é mo ghoile agus go mba suaimh-
nighe é mo chodladh dá bharr. Níl orm acht cheithre bliadhna
déag (faoi nó ós a chionn beagán) - agus dála na saighde
leathna, ní féidir dhóibh a mbranda a chur ar mo chroidhe
istigh, áit a bhfuil sé go doimhin ar dhaoinibh measamhla
iomdha i nÉirinn, ar dhaoinibh a bhfuil a n-anam i long
príosúin. B'fhéidir saighead na bainríoghna a chló-
bhualadh ar bhall éadaigh liom-sa, acht chuaidh an t-iarann
go hanam ionnta-san.



Acht dála na ceiste céadna so .i. an oircheas, nó ar
bh'oircheas mise, S. M., a chur ag obair ar nós aon daor
eile - tá tréan diospóireacht tar éis a bheith eatortha
sa bPairliméid agus ar na páipéir nuaidheacht ina thaobh.
B'áil le “lucht an ughdaráis” a thabhairt le tuisgint do
chách go bhfuil foighid aca liom, ó thárla gan mo shláinte go


L. 108


ro-láidir, sin nó iad a bheith ag géilleadh d'fhoghluim a
bheith orm, agus a bheith 'mo dhuine uasal dom, cibé cé
aca fáth is feileamhnaighe leo a innsin don phobal choit-
cheann arís. Má's easbaidh sláinte a bheith orm-sa an
fáth atá, ná a bhéas ag lucht an ughdaráis, thug lucht an
ughdaráis a n-éitheach - agus dom dhóigh-se ní hí an chéad
bhréag aca í - mar ó thángas go Bermuda ní raibh aon
chasaoid agam ar mo shláinte, agus ní raibh sí riamh níos
fearr agam ná mar tá sí. Agus maidir leis an méidín
tinnis a bhí orm ag teacht amach dhom, ní fhéadfadh siad sin
a luadhadh, óir tháinig órdughadh ar leith ó'n gCaisleán
an fhad is bhíos ar Oileán Árda Neimhidh (chonnaiceas é) gan
caitheamh liom mar chaithfidhe le daor eile, ná éadaigh na
ndaor a chur orm. Agus pé aca sin é, tá daoir bhochta
ag obair ins na coiléaraibh, na céadta aca, agus is
measa go fada an tsláinte atá aca ná mar atá agam-sa,
agus ná bhéas agam, tá coinne agam.



Acht de dhéanta na fírinne is rí-bheag é mo shuim sa
gceist mhór so. Is cuma liom iad ga mo chur ag obair
ar nós na ndaor nó gan a chur, agus is cuma liom cé
an t-éadach a chuirfeas siad umam. Acht atá an fhírinne
sin sgríobhtha agam de bhrígh gurab í an fhírinne í, agus
b'éidir go bhfoghnfadh sí dhom lá éigin.



Ar chuma ar bith ní mór dhom obair éigin d'fhagháil.
Facito aliquid operis, ar Naomh Ierome, ut semper te
Diabolus inveniat occupatum. Vel fiscellam texe junco;
vel canistrum lentis plecte viminibus:- apum fabrica
alvearia;- texantur et lina capiendis piscibus. Agus
cuireann sin i gcuimhne dhom go bhfuil neart éisg annso,
agus iasg maith: an lannach, an boneto (cineál runnach),
cineál leathóg tiugh, agus cineál eile a bhfuil dath dearg
air, agus é gar dhá bheith chomh maith le n-ithe leis an


L. 109


mbradán. Tá runnach freisin ann, cineál adhbhal-mhór,
láidir, craosach, agus trí nó ceathair de throighthibh ar fad
ann. Bíonn trí nó ceathair de cheannaibh aca ag seol-
tóireacht i n-éinfheacht, agus is minic a chaitheas uair a
chluig ag breathnughadh ortha ag snámh san uisge uainidhe
ar an doimhin. D'ionnsuighdís corr-uair na stuifíní
beaga go garg-obann, mar d'ionnsochadh ceithearn
d'amhsaibh Inse Ceithleann daosgar-shluagh.



4.- 11°. - Ag léigheamh Homer dhom agus ga mo
ghoradh féin leis an ngréin ar thaobh na fairrge do ghob
chosnamha an chuain. An aimsir go hiongantach breagh.
Ag léigheamh dhom freisin an chúntais a sgríobh daoine
ar a mbeatha féin - mar atá cúntas Ghifford, cúntas
Thomáis Olieabháird, cúntas Chaiptín Chrichton a sgríobh
an Déagánach ó Fuada. Sean-oifigeach a bhí sa marc-
shluagh é Crichton; b'Éireannach é, agus thárla dhó bheith
ag saighdiuireacht i nAlbain fa'n gcoin fola Dalziel
i n-aghaidh na gConnrathóirí. Agus ó thárla nach raibh sé
ann féin an sgéal a innsin go maith, thug sé cúntas
don Déagánach, tráth a raibh seisean 'na chomhnuidhe ar
Chnoc an Mhargaidh, agus chuir seisean síos an cúntas
dó, agus an chéad phearsa dhá chur síos aige, mar
dhóigh dhe gurb é Chrichton a bhí ag caint. Is mór
an greann an cúntas sin: níl leathanach dhe nach
bhfeicfeá déagánach theampoill Phádraig, ag tiomáint
a chapaill i mullach na bhFuigeamór, nó sáirseint Both-
well agus éadaigh an teampoill air agus é ag cáineadh
airgead ruadh Mhic Conchoille go hárd-ghlórach toranda.
Acht an rud is fearr ar fad ann: cuireann an Déagánach
breagh a bharamhail féin i dtaobh riaghaltas eaglaise, agus
baramhail ghéar nimheanta í, i leith Chrichton (fear nach
raibh suim cnaipe gan chois sa gceist aige), agus cuireann


L. 110


ag sárughadh ar Burnett, easbog, é, agus ghá cháineadh chomh
fuathmhar beagnach agus dhéanfadh diadhaire, agus gan
ann acht duine den mharcshluagh. Cúntas Liam Gifford
air féin, tá sé roinnt uallach, agus roinnt mórdhálach,
acht mar sin féin is cúntas aicionta, fearamhail é. Tá
combáidh mór ós íseal agam le Gifford. Acht cúntas
Oileabháird an ceann is fearr go fada de na trí cinn,
agus tá sé ar na cúntasaibh is fírinnighe agus is cneasta
dár casadh ariamh orm. Níor leabhar go dtí an cúntas
a sgríobhfadh fear ar a bheathaidh dá bhféadfadh sé an
fhírinne go hiomlán a chur síos, agus gan a chur síos acht
í! Ní dóigh liom go bhfuighfear a leithéid sin de dhuine go
deo. Ar ndóigh ní chreidfeadh aon duine an cúntas a
sgríobh an Giobúnach ina thaobh féin; agus maidir le
Rousseau ní bheadh fhios ag duine cad badh déanta leis.
Irisleabhar Euelín, ceann chomh maith le ceachtar aca-san
b'fhéidir, acht má 'seadh ní hé an smuaine bhí san aigne ná
sa gcroidhe a chuir sé síos, acht an rud badh léar dhó
lasmuigh dhe féin. Agus thairis sin féin bhí Euelín chomh
camalta sin, chomh riaghalta ciuin sin, agus chomh mór 'na
dhuine uasal nár mhaith go mb'fhiú le duine cluas a
thabhairt i gcomhnuidhe dá bhfuil le n-aithris aige. I gcruth-
amhnas, dar liom, nach bhfeicfear go bráth an cúntas
foirbhthe gan mharach a sgríobhfadh duine air féin, de bhrígh
an duine is fearr is fiú cúntas a bheatha a sgríobhadh,
nach n-innseochaidh sé é, agus na daoine is aigeanta, is
éirimeamhla agus is intleachtaighe, nach innseochaidís
smuainte a gcroidhe don phobal coitcheann; nó má
innsigheann siad tada ní bhéidh ann acht beagán annso
agus beagán annsúd, agus ní ina n-ainm féin ar aghaidh
é, acht chuirfeadh siad ar an sgáth é, fearacht mar rinne
na foillsightheoirí tionnsgantacha Stillschweigen agus


L. 111


Cognie as Weissnichtwo leis na málaibh draoidheachta
páipéir.



13°. - Tá an aimsir chomh lán-áluinn sin agus go bhfuil
cathughadh dhá chur aici orm, agus go gcaithim go leor dom'
aimsir ar an ngob, 'mo shuidhe síos i n-aice na fairrge
agus an t-uisge chomh ciuin, chomh glas, agus gan cor
ann acht ar éigin. Soir-dtuaidh uaim, go díreach ar
m'aghaidh, mar a bhfuilim 'mo shuidhe, tá an gorm go
neamhchuimseach, do-imeallta, soir-dtuaidh thar fhonnsa
an domhain, agus is léar dhom chítear dhom tré shíor-
shilleadh idir mé agus néall, na beanna árda i n-oileán
i imigéin, agus brat ceo ar a mbarr. Seadh, maiseadh,
chím uaim thar ghualainn drónach na cruinne comh-lagtha,
agus fonn orm a bheith ag dearcadh air, Uibh Breasail
uainidhe, ina thoirt, ar snámh thríd an nglé-sholus, na
sléibhte sidhe ann agus na srutháin ins na gleanntaibh.
Is iomdha oileán atá láimh liom annso agus iad sgaipthe
ar uachtar na mara, gan ionnta acht gaineamh agus
clocha glasa agus iad ag gealadh agus ag sgáineadh mar
bheadh cnámha tirme ann fa sgalladh na gréine, iad féin
is a gcuid doiríní beaga, loma, giobacha, tirme den
dubh-phéinne; agus tá na longa príosúin níos goire ná
sin dom, ar mo chúlaibh, longa an uathbháis gur geall le
coiribh iad a bheadh ag fiuchadh, agus iad lán den dubháilce
agus den dearóileacht. Agus bím 'mo shuidhe cois na
fairrge go minic agus m'aghaidh tugtha ar an áird thoir-
dtuaidh, agus is fada fada as láthair a bhíos mo smuainte.
Is ciuin glan an lá foghmhair i nÉirinn é an tríomhadh lá
déag seo den mheadhon fhoghmhair; tá an deirge ag teacht
ar dhuilleabhar an fheagha i ngleann agus ar chnoc, agus
dath donn seargtha ar bharr an fhraoich. Tá na goirt
arbhair lom faoi seo, mórán; tá gile an tsamhraidh ag


L. 112


imtheacht as; níl an binneas croidheamhail céadna i
gceileabhar na n-éan a bhí ann i mí mheadhon an tsamhraidh,
nuair a chuireas gach uile éinín sa gcoill a chroidhe ina
chuid ceoil agus áthas do-innsighthe air. 'Sé fuaim an
fhoghmhair freisin atá ag na haibhnibh agus iad ag bollair-
eacht, ag dul le fánaidh dhóibh, thar chlocha beaga; tá an
t-uisge chomh glas leis an airgead i gcuid aca, agus i
gcuid eile aca tá dath donn air, agus an áit a dtug an
sruth an chré dhonn ón árd leis tá dath na cloiche bige ón
gCarngorm air. Tá slócht faoi seo ar an sruth, agus
é mar bheadh sé ag casaoid (an té a bhfuil an mheabhair ann
tugadh sé cluas dó), go bhfuil an samhradh imthighthe agus
go bhfuil ceileabhar na n-éar thart. Tá cineál osnaighil
ós íseal, osnaighil throm-chroidheach, acht osnaighil gan aon
bhrón ann le clos lá fóghmhair den tsórt sin, agus sin é
an chéad chogar ó dhoineann dhoilgheasach, dhobrónach, dheir-
eadh an fhoghmhair, an doineann a gcuireann an geimh-
readh tús ar an ngairbhthean leis. Is maith is eol dom
fuaim gaoithe agus fuaim srotha na hÉireann de ló is
d'oidhche, agus beanna ársaidh a cnoc. Chím é, cloisim
go léir é, óir is deimhin gur lia lá i nÉirinn mé, tré
chumhachta agus tré chumas iongantach na haignidh, agus
tré chumas an ghrádha a tháinig ón eolus, ná ar na carr-
aigreachaibh mallaighthe seo.



Acht goidé an mhaith sin? Cé'n tairbhe m'amharc a chur
thar a fhulaing ag dearcadh anonn thar an muir? Cé'n
chabhair dhom fonn mo chroidhe a bheith orm? Nach bhfuilim
díbrighthe ag Bainríoghan Shasana as an tír i n-ar rug mo
mháthair mé, as an tír i bhfuil cnámha m'athar sa gcré?



Meadhon Fhoghmhair 26°. - An múchadh! An múchadh!
Táim gabhtha ag an námhaid. Shaoileas ar feadh roinnt
míos go raibh an diabhal craithte dhíom agam agus go


L. 113


ndearna an t-athrughadh aeir é a thoghairm leis, acht tá
sé dhá fheiceál dom dhá mbeadh sgiatháin orm agus mé
imtheacht chomh mear leis an lá nach n-éalóchainn ón bpláigh
seo.



27°. - “Go leagha mac an diabhail é! Céard tá ann
acht daor mar an gcuid eile againn - daor bradach,
damanta?” - Sé sin le rádh, mise. Chualas an focal
sin ó dhaor indiu, tré bhallaí adhmaid mo chró, nuair a
bhí na meithil ag ithe; mar labhrann siad corr-uair ós
árd le teann díocais dúthrachta cainte agus is féidir
liom a gclos annsin. Daor bradach mar an gcuid
eile! Tá an ceart ag an bhfear; agus is maith liom an
focal a chlos, agus grainc ghruamdha fheiceál ar chuid de
na príosúnaighibh, má éirgheann leo go gcastar dhom ar
an ngob talmhan iad. Méirleach mé mar iad-san, tré
“acht an phairliméid,” agus tré bhreith “coiste,” agus
ní heol dom go bhfuil aon cheart agam a bheith ag siubhal
thart “mar bheadh duine uasal ann” .i. i mo chomhnuidhe,
agus iad-san ag obair go cruaidh. Tá an ceart agat,
a mhéirligh, a chara! Is maith liom corrughadh den tsamhail
sin a bheith ar bun; agus de dhéanta na fírinne, ní fhéad-
fadh sé bheith ar a mhalairt de chaoi. Níl neart ag na
daoinibh sin labhairt leis an gcoimhéaduidhe is ísle ar
an luing gan umhlughadh dhó, ná níl neart aca siubhal ar
an mbórd deireadh, cé go mbeidís ar theachtaireacht ann,
gan an hata a bhaint díobh agus umhlughadh go híseal; agus
chíonn siad mise ag spaisteoireacht síos is suas ar
an mbórd deireadh céadna, mo hata ar mo cheann agam,
agus na hoifigeacha, má castar dhom ar an gcúlráid
iad, agus lámh ina hata aca dhom-sa. Chíonn siad sin
agus ar ndóigh cuireann siad grainc ortha féin agus
bíonn siad ag easgainidhe. Níl aon tslighe eile aca do


L. 114


láthair le n-a gcuid feirge a thaisbeáint, agus tá modh
agam dá n-easgainidhe agus meas agam ar a ngrainc,
agus tá súil agam gurb é an toradh thiocfas de go
dtiocfaidh an dearg-ghráin agus an tsíor-dhearg-ghráin
aca féin agus ag cách ar na “forasaibh” mallaighthe a
thugas an oiread sin modha don uaisleacht agus a cheileas
an modh ar an bhfearamhlacht .i. Reachtaireacht ghlórmhar
Shasana ar Eaglais agus ar Stát.



Bíonn árach agam Dia Domhnaigh ar aighthe agus ar
chloignibh na ndaor a sgrúdughadh, ar mbeith don daor-
phobal ag paidireoireacht ar bórd agus na hataí leathna
bainte dhíobh; agus is fusaide dhom a bhfeiceál an mhéid go
bhfuil an ghruaig agus an fhéasóg bearrtha go dlúth aca,
do choimhlíonadh na riaghlacha. Is cosmhail, ar an gcéad
amharc, go díreach glan leis an bpobal neamh-dhaortha
sa mbaile iad; acht dá bhféachtá níos grinne ortha
d'fheicfeá go bhfuil an t-olc ina gcontonús ag cuid aca,
agus déanamh neamh-riaghalta ar a mblaoisg - na créat-
úir bhochta! thugadar an ghaduidheacht agus an chneamhair-
eacht ón mbroinn leo.



- “Comhartha cuma agus cruth ó Nádúr ortha go
ndéanfaidís gníomh náireach éigin.”



Acht céard a bhí le déanamh leo-san? Tuige ar
geineadh iad? Nach bhfuil milleán le tabhairt dá gCruth-
uightheoir aca, mar an bhfear ó Uz, nó fearacht Ádhaimh -



“Ar iarras ort, a Chruthuightheoir, an chré a mhúnláil
agus duine a dhéanamh dhíom? Ar shíreas ort mé a
thabhairt as an dorchadas?”



B'éidir dhúinn é bheith de cheart againn na ceisteanna
sin a chur acht a mbeidh eolus againn ar rúnaibh Dé. Nach
mb'éidir dhóibh seo a bheith ag déanamh aithrighe ar son
peacaidhe a rinneadh shul 's geineadh iad? Nach mb'éidir


L. 115


gurab é seo a n-ifreann? agus ifreann atá sáthach
ifreannda féin a thiubhrthá air. Na diabhail bhochta! Tá
súil agam nach mbeidh ortha a dhul níos sia agus a bheith
níos measa.



Gidheadh furmhór na bpríosúnach atá annso níl aon
droch-ghnúis ortha, sé sin, agus a shuaraighe is atá con-
tonús na ndaoine i gcoitchinne; tá siad gach uile
rúinne chomh crothach agus d'fheicfeá ar Chnoc Ludgate
nó ar Shráid Faithche an Choláiste.



30° - Ní fhuaras aon tuairisg ar an nuaidheacht a tháinig
ar phosta míosa so an mheadhoin fhoghmhair go dtí indiu.
B'fhollusach dhom ón mbreathnughadh thugadh na bhárdaí orm
corr-uair, agus ó'n gcaoi a n-éirighdís as an gcaint dá
mbeinn ag tarraing ortha agus mé ag spaisteoireacht,
go raibh fhios aca rud éigin, agus gur éirigh rud aisteach
éigin d'Éirinn. Tá fhios agam é. An chéad chás de
cuireadh deireadh feadh tamaill le Acht an Habeas
Corpus. Níor thóg sé ortha sin a dhéanamh, sé sin, an
tAcht a léigheamh sé huaire agus ainm na ríoghna a chur
leis, acht deich n-uaire agus trí fichid go díreach.
Maith maiseadh, ní iongnadh ar bith é sin. Bhí coinne
agam leis sin, tuairim an ama so. Acht céard eile?
Daoradh Seán Mac Máirtín i gcoir méirleachais
(coiste a bhí trom-phactha le Protustúin an Chaisleáin a
dhaor é), agus tugadh de bhreith air a chur deich mbliadhna
i bpríosún thar sáile! Is rí-mhaith liom sin, mar níor
casadh ariamh orm fear a bhainfeadh barr an Mháirtínigh
ar fheabhas, ar fhiúntas, agus ar lán-árd-aigne, agus
mar tá cáirde go leor aige a bhfuil an aithne sin aca
air. Ní iarrfá buille níos domáistighe ná níos damanta
a thabhairt do dhlighe Shasana ná é bheith d'fhiachaibh ortha a
leithéid sin d'fhear a chur i long príosúin, tré mhodh dhá


L. 116


shamhail. Mo chuach thú, a Dhlighe chalma! Níl aon nídh ann
mar an dánacht.



Seán Mac Máirtín ina dhaor! Seán Mac Máirtín i
long príosúin! Stracadh ar siubhal ó Longhorne é,
ó áitibh áille uaisle uainidhe, ó áitibh fhasgamhla thorthamhla,
le n-a chur ar fhoirinn long príosúin, ar Bhermuda, nó
ar Ghibraltar. Acht níl deireadh leis an obair fós.



Cé hé an Seán Mac Máirtín seo nó cé'n sórt duine
atá ann? Eachtrannach poiliticeach atá ag iarraidh cír
thuaithbhill a dhéanamh den stát, ar shúil is go n-éireochadh
leis féin éirghe i n-uachtar ar chuma éigin, ar mbeith do
gach uile rud thré n-a chéile? nó brostuightheoir bocht a
bhfuil súil le n-a chuid den chreach aige? nó buachaill
díomhaoineach óg a bhfuil dúil aige moladh a thuilleadh ó
na páipéaraibh agus a bheith iomráidhteach? nó Séimín
fiadháin a bhfuil fuath d'órd agus d'eagar aige, agus
gurb é a ghnótha, dar leis, rud ar bith atá ar bun
a chur tré n-a chéile agus tarcuisne a thabhairt ar gach uile
nídh naomhtha? A Dhia láidir! tá a fhios agat nach bhfuil
aon fhear ar dhruim uachtair na talmhan is fuide ó bheith
ar shlighe ar bith aca sin ná Seán Mac Máirtín, an
Gaedheal atá ina mhéirleach. Fear gur méinn agus gur
gnás dó a bheith cúthal, ciuin, sásta, fear a chaith a shaoghal
ariamh ar mhaithe le daoinibh eile, i n-áit a bheith ar mhaithe
leis féin; fa'n tuaith agus ar a theallach féin is mó a
bheadh áineas aige, agus má tá rud ar bith fa'n ngréin
a bhfuil droch-mheas ó chroidhe aige air is é a bheith iomráidh-
teach é, agus dhá mholadh ar pháipéaraibh nuaidheachta.
A bhfuil ar a sheilbh (agus is leor dhó é an lá nach go leor
mar sin atá uaidh) is talamh atá ceannuighthe thar barr
amach é, agus dá ndéantaidhe cír thuaithbhill den phobal
choitcheann, chaillfeadh seisean go dearbhtha a ghreim ar an


L. 117


talamh sin. I n-áit a bheith 'na Shéimín dó agus a bheith
'na námhaid ó dhúthchas do dhlighe, d'órd, agus do mhaoin,
is amhlaidh atá sé go bhfuil urraim thar barr aige don
dlighe, agus ní bheadh sé beo dá mbeith riaghlughadh na tíre
bun os cionn. Bheadh sé gabhtha go bráth le forasaibh éag-
córacha, dhá thruaillighe agus dhá shailighe dhá gcuirthidhe
na dlighthe i bhfeidhm, sé sin dá mbeith seasamh ar bith leo,
níos túisge ná chuirfeadh sé corughadh air féin agus ar
dhaoinibh eile ag iarraidh deireadh a chur leo. Acht so:
má tá urraim don dlighe aige, tá an dearg-ghráin dá
réir sin go díreach aige don dlighe mugadh magadh. Tá
meas ar mhaoin aige - ar a mhaoin féin agus ar mhaoin
daoine eile - an fhad is tá maoin ann; agus tá fhios aige
an lá go bhfuil an-lear daoine sa gcruth sin agus go
luighfidh siad siar go gcailltear leis an ocras agus leis
an gcall iad, na milliúin aca (nó mar a ndéanadh é
acht na míllte nó na céadta aca) tá fhios aige nach maoin
atá annsin acht goid agus foghail agus argain agus
marbhadh. Ní buaidh ó Neamh í an mhaoin a mbeadh seilbh
ó Neamh uirthi, acht foras daonna; is le rath a chur ar an
bpobal coitcheann atá maoin ann agus atá sí ar sheilbh
dhaoine áirithe; agus is le ughdarás an phobail choitcheann
atá maoin ann; acht an tráth gurb eadh is dáil don tír
neithe a bheith chomh do-fhulangtha agus atáid siad anois
agus le fada riamh i nÉirinn, tá an pobal coitcheann
sgaoilte - agus dá bhrígh sin, an tseilbh a bhí ag duine ar
a mhaoin tá sí caillte aige, go nach le fear an hata atá
ar a cheann, ná an greim atá dhá chur ina bhéal aige má tá
fear níos láidre ná é ann le n-a mbaint de. Náisiún
den tsamhail sin, táid siad i ngéar-chall nó go ndéantar
gnótha an phobail a aithleagan amach; go gcurtar cruth nua
ar dhlighe agus ar órd; agus go gcurtar cuma ar mhaoin


L. 118


tré a ndéantar a hathroinnt. Agus dhá thúisge dhá
dtosuighthear ar an obair sin is amhlaidh is fearr é, mar
athnuadhchan ar bith a bhfuil gábhadh leis, ní dhearnadh ariamh
é, agus ní dhéanfar choidhche, gan na sean-fhorais urramacha
- nó gach ar fágadh ag lobhadh dhíobh - a chaitheamh anuas,
agus a chartadh aníos, agus a sguabadh amach. Má tá
orainn docamhal doilgheasach d'fhuiling, agus an riagh-
lughadh a bheith i n-aimhréidh tré n-a chéile, shul is bhéas dlighe
agus órd agus eagar againn arís, i n-ainm Dé fuiling-
mís leis lom láithreach nó go raibh sé thart.



Acht cheana, an iad so smuainte Sheáin Mhac Máirtín
atá curtha síos annso agam, nó mo smuaimte féin?
Iad araon, creidim. Is Gaedheal é Seán Mac Máirtín
ar chuma ar bith, agus ní sheasfadh sé go deo le daoine
coimhightheacha a bheith ag déanamh “dlighthe” dhá thír, cuir
i gcás gur ar mhaithe féin leo é. Sé dualgus gach
Gaedhil, dar leis, gan leigean níos sia leis an urchóid
sin. Támuid araon ar aon intinn sa méid sin ar nós
ar bith.



Támuid ar aon intinn ar phonc eile, chomh maith. Ó
bhíos 'mo ghasúirín bhí an urraim agam don fheilméara
neamhspleadhach a d'fheicfinn ag saothrughadh a ghiodán
féin talmhan, bhí urraim agam don athair muirighne tuaithe
atá sásta le bheith ag obair ina thír féin, agus atá gan
spleadhchas aige le aon duine ar an talamh acht le Dia
Uilechumhachtach. Má's ceart seilbhe atá aige ó'n tigh-
earna talmhan, nó a ghabhaltas a bheith aige dhá chuid féin,
nó cibé seilbh atá aige air, is cuma é acht cinnteacht a
bheith aige go mbainfidh sé féin nó a dhuine san áit ar
chuir sé, agus go gcothochaidh sé é féin fa shásamh. Cé nach
go leor talmhan a bheadh ag a mhac a samhail sin d'fheilm-
éara, is iondamhail gur tig leis a chlann a thógáil go


L. 119


geanamhail, agus a gcur le gnóthaibh cneasta éigin;
ceárduidhthe a dhéanamh dá chlann mhac; dhá bhó agus fiche
punt spré a thabhairt dá chlann inghean, agus a bheith
'na shean-athair agus ina árd-athair mhío-mhodhamhail, i
ndeireadh a shaoghail, caoi a bhfuil sé; agus gan dalladh
áird aige ar an gcine a chur chun cinn, ná aon tsuim aige
sa gciall atá leis an bhfocal sin. Ba mhór an t-áthas
liom an deatach fheiceál as tighthibh na bhfeilméaraí, rud a
chonnaiceas i dtuaisceart Éireann, tráth a raibh Éire ann,
as na míltibh tighthe, ar thaobhaibh na gcnoc; agus is minic
a cheapamar (mé féin agus an méirleach eile), agus sinn
ag taisteal, i rith an tsamhraidh, ó bheannaibh borba Thír
Chonaill go dtí machairí míne an Dúin agus Árd Macha,
is minic a cheapamar go mba cabhair agus congnamh
d'Éirinn é, ceart seilbhe a bheith ag an tunónta agus an
tseilbh sin a bheith ag feilméaraibh ar fhuaid na hÉireann.
Acht mo nuar! mo nuar! cé mhéid teach aca sin a bhí
te, teoluidhe an uair sin atá indiu go fuar agus go
feannta! Nach beag a shaoileamar go raibh na tighearnaí
allmhurdha talmhan chomh tubaisteach géar, garg agus
táid siad! Nach iomdha duine bocht simplidhe aca sin
a mb'éigin dó imtheacht béal a chinn roimhe, agus é ina
shean-duine; cúl a thabhairt dá thalamh athardha agus a
dhul go dubhach, droch-mhisneamhail ar lorg a bheathadh go
tír choimhightheach! Tá dailtíní measamhla ann, tá fhios
agam sin, agus is greannmhar an rud leo go mba
cruadhtan ar aitheach tuaithe, (céard tá ann acht aitheach
tuaithe?) ná ar dhuine den choitcheantacht a thír dhúthchais
d'fhágáil. Amadáin mheasamhla! Dar fiadh, níl teach
tuaithe as deich míle teach i nUltaibh nach dúthrachtaighe
shéimhe, mhúinte na daoine atá ann, nach neartmhaire a
a gcroidhe nuair a coruighthear iad, nach mó an nádúr atá


L. 120


ionnta, nach grádhmhaire a ngrádh, agus nach bríoghmhaire
a dtréithe agus a gcáilidheacht ná gheabhthá i gCaisleán
Átha Cliath, nó san árus is deise ghalánta ar Chearnóig
Mhic Uilliam.



Acht coitcheantacht atá dhá dhéanamh dhíobh go léir le
goirid (ag lucht riaghluighthe agus ag lucht argain na tíre);
agus do réir mar cheapas lucht riaghluighthe agus lucht ar-
gain a bheith feilteach, is sórt míonach amh iad, nach mór a
thanachan má bhíd ro-thiugh, nó nach mór a bhailiughadh nó
a sgaipeadh do réir mar thiocfaidís i sochar do na daoinibh
móra. Támuid ag breathnughadh le bliadhantaibh fada
(an méirleach so agus an méirleach eile) ar an gcumhangas
atá dhá dhéanamh ag tighearnaibh i leabaidh a chéile ar a
mbíodh ag na feilméaraibh tráth; támuid ag breathnughadh
ortha ag bochtughadh daoine a raibh tighthe agus gabhaltais
aca. Ní dheacha iabh ná foras ar Riaghaltas Shasana,
d'fheacht ná d'áithrid, acht ag iarraidh droch-mheas a
thabhairt ag Gaedhealaibh ortha féin; agus bliadhanta a
dtáinig an gorta thairgidís “postaí fá'n riaghaltas” do
na daoinibh, nó go ndéanaidís lucht déirce den náisiún
go hiomlán. Chaitheadar na milliúin ag milleadh na
ndaoine, agus ba náireach an rud é, ar an gcuma sin,
agus chaitheadar é sa gcaoi nach dtiocfadh toradh ná
tairbhe ná sochar as, sa gcaoi nach dtiocfadh as acht dro-
bhlás agus díomhaoineas agus dubháilce. Chonncamar
annsin claon-chonnradh dhá dhéanamh ag tighearnaibh tal-
mhan na hÉireann le riaghaltas sin an diabhail .i. iad-san
do choimhéad an cheangail a bhí ar Éirinn le Sasana, agus
an riaghaltas do chuidiughadh agus do chabhrughadh leo-san,
nó go gcuirdís i leath-taobh an oiread de mhuinntir na
hÉireann, agus nach mbeadh aon bhaoghal go mbainfidhe
le sealbhaibh na dtighearnaí, bhíodar chomh naomhtha sin.


L. 121


Chonncamar an connradh sin dhá chur i bhfeidhm, agus ann-
sin is í comhairle ar ar chinneamar gráin a fhuagairt os
árd ar lucht dhéanta na hurchóide sin, ar chuma ar bith,
agus na daoine a bhrostughadh ionnus go dtiocfaidís
roimhe i dtráth, nó a dhul roimhe dhúinn féin dá mb'amhlaidh
go gclaoidhfidhe féin sinn thríd. Agus is dhá mhéirleach
thar sáile sinn anois. Bíodh aige: is fearr i bpríosún
thar lear ná go humhal i moghsaine, is fearr é ná bheith
sásta ar a bheith rannpháirteach i marbhadh. A chompánaidhe
chroidhe! a chara chaoin! a dhearbhráthair dhílis agus
choimhmhéirleach na páirte! cibé áird i bhfuilir i ngeimheal
ag an allmhurach is eascaraid dúinn, beatha agus sláinte
dhuit anonn thar sruth-thuile na mara móire. Bíodh
misneach agus meanma agat. Níl deireadh fós linn.



Tá na príosúin dhá líonadh ag Clarendon, tighearna,
tré dheireadh a chur le Acht an Habeas Corpus; dhá líonadh
le daoinibh a bhfuil aimhreas ortha. Agus tá tuilleadh
de stair na hÉireann ann, an mhí seo, dá mbeadh aon fhagh-
áil agam air. Acht is airighe iad ná riamh gan aon pháipéar
nuaidheacht a leigean isteach sa luing, agus gan eolas
a leigean chugam ar thada. Acht glacfad foighid anois;
tá dóthain míosa de dhánacht i ndíbirt Sheáin Mhac
Máirtín.



Deireadh Foghmhair 18°. - Trí seachtmhainí tinnis curtha
dhíom agam, gan codladh oidhche fhagháil ná suaimhneas
lae; agus na leabhra suairce bhí ghá léigheadh agam ba
duairc an éadáil iad. Gidheadh Dumas, an créatúr,
ní dhearna go cinnte aon úr-sgéal chomh maith leis na
“Three Mousquetaires.” Cionnus a bhféadann an
t-úrsgéaluidhe is suaraighe éitreoraighe i bPárus na
Fraince sgéal a chumadh atá inléighte, dá dhonacht é,
(sé sin, inléighte ag an té a bhfuil fonn léightheoireacht air,


L. 122


agus an ghnáth-thuisgint ann), agus an dream a chumas an
cineál céadna i Londain, gan ionnta - cé is moite
de Dickens - acht sgata salach dall bastún? Ní hé
nach bhfuil suaracháin na Fraince sáthach salach, acht is
measa ná sin trí huaire an salchar a bhfuil neart raim-
éise leis i mbréig-riocht fiúntas gallda, sin agus an
bhrútaighil agus daille mhuinntire Londain. Úrsgéilín
taitneamhach eile é “Marquis de Letorière”; le Dumas
freisin é; acht d'fhéachas faoi dhó le beart clodha dá
ngairthear “Windsor Castle” a léigheamh, agus chinn orm.
Ainsworth an sgríbhneoir. Chinn ceann eile orm .i.
“St. Giles and St. James.” Dubhglas Jerrold an sgríbh-
neoir. Ní bheadh aon mhaith dhom ann: Dá uaignighe dá
mbeitheá, agus dá dhuairce do dhaingean, dá mhéad do
dhúil i léightheoireacht, agus dá laghad dá mbeadh ar
t'aire, b'fhearr dhuit gan baint leo; óir is amhlaidh a dhéan-
faidís thú dhalladh níos measa ná bhí tú cheana, dá mb'éidir
sin a dhéanamh. Seo é an Jerrold céadna a bhíos do shíor
ag teagasg na ndaoine galánta (i Sasana); ag coir-
eamhaint ortha fa nach gcothuigheann siad na boicht as air-
gead an phobail, agus subháilce a theagasg dhóibh, cé go
ngabhaid i láimh iad a smachtughadh má ghníonn siad goid, ná
cruacha a chur tré lasadh, ná foghail a dhéanamh le hintinn
duine a mharbhadh. Agus sgríobhann sé sgéalta ina
sraithtibh, gan críoch go deo leo, ag leigint air féin gur
aoir iad na sgéalta, agus go bhfuil teagasg ionnta
(acht amháin nach bhfuil aon ghreann san aor, ná aon mhora-
lus sa teagasg), agus taisbeánann siad go soiléir, má
ghníonn na daoine galánta faillighe ar oideachus a
thabhairt do na páistibh bochta, gur chóir dhóibh-san an
fhaillighe a chúitiughadh leo, agus rud a ghoid as pócaibh
na ndaoine galánta. Féach féin gur cruadh-chroidheach an


L. 123


dream iad na daoine móra sin, an lá nach dtógann siad
clann mar ba chóir, acht iad chomh mí-nádúrdha agus chomh
barbardha agus go bhfuil constablaí agus príosúin aca,
leis an gclann sin a smachtughadh má thuilleann siad é!
Acht an diúgaire, an gamhain bocht so, ní chuireann tada
déistean agus gráin air acht duine a chrochadh. Is mí-
thaitneamhach an rud é, ar gach uile chor, duine a chrochadh,
agus is náireach an nídh a dhéanamh san naomhadh aois déag.
Cé mar thaitneochadh leis a chrochadh, nó a chéasadh agus a
cheann le fánaidh? Déarfadh sé, gan aon aimhreas, gur
géar garg na dlighthe bhí i n-allód ag na hEabhraighibh;
acht ar ndóigh cé an solus a bhí ann an réimheas sin,
agus gan an tsraith-sgéal ann, gan tada aca acht cláir
chruaidh cloch; agus an t-aon chóip den dara cló dhe sin?
I n-úrthosach saoghail agus i dtús aimsire a bhí an pobal
an tráth soin, agus ná ceap go dtiocfaidh ciall roimh
aois, ná go ndéanfá sparán síoda as cluais cránach.
Dá n-iarrthaoi ar thionóltóir na ndlighthe Leibhiticeach a
chuid dlighthe a thionól anois, ar a shonsin, d'éis an
saothar atá déanta ag Beccaria, ag Ó Hiubhard, agus
ag lucht cabhartha daoine is fearr an lámh a dhéanfadh sé
dhíobh.



24°. - Céard so is clos dom? Iompodh dhóibh ar an
námhaid i dTiobraid Árann, agus iompodh dhóibh go
suarach anaibidh, gan aon chóir cogaidh ortha. Mac
Gabhann Ó Briain an taoiseach. Is cosmhail nach raibh
airgead ná lón a ndóthain aca le n-a gcoinneál dhá lá
ar siubhal. Agus an Brianach, mac Uí Mheachair, mac
Uí Dhonnchadha (.i. Pádraig Átha Cliath) agus Toirdhealbhach
Mac Maghnusa, ó Libherpool, gabhtha tré bheith rann-
pháirteach sa tsuaraighil, agus iad fá ghlas i bpríosún
Chluain Meala go teacht do lá na cúirte. Ní maith gur


L. 124


tig liom breith a bhreith annso ar a ndearnadar, acht do
réir a bhfuaras d'eolas agus chomh fada agus théigheas
mo thuisgint, saghdadh an Brianach, go ndearna go
díreach an rud nár chóir a dhéanamh, agus an rud gur
beirthe do Chlarendon, tighearna, buidheachas a dhéanta
ó chroidhe leis faoi. Ro-fhada bhítheas gan éirghe amach,
acht ní fa'n tuath is coir tosughadh a dhéanamh, agus an
rath atá ar an oileán fa láthair. Ar shraideannaibh Átha
Cliath badh chóir tosughadh. Tá an Gormánach, an Ragh-
all ach, agus mac Uí Dhubhchonna ar a dteicheadh; agus na
daoine is suaitheantasaighe dá raibh sa gcomhchumann
fa'n tuath, gabhadh iad tré aimhreas.



Nach iad na daoine i gCaisleán Átha Cliath agus an choin-
firt fola i Sráid Dhonnáin atá sásta fa'n leithsgéal so
a bheith aca! Anois éireochas siad dána! Agus ar
ndóigh ceapann an domhan mór go bhfuil na Gaedhil
claoidhte go bráth arís, agus go ndearnadar a ndícheall
i mBaile malluighthe sin na nGarrdha.



Is rí-mhaith liom gur éirigh leis an Raghallach a theacht
as, acht tá an Dubhthach, Mac Uilliam, agus an Dochartach i
bpríosún fós, ag fanacht go gcurtar an dlighe ortha.
Anois, a Chlarendon, a thighearna, má tá i ndán is go
seasfaidh do choisteoirí dhuit, is mór an sásughadh agus
is mór an buanughadh ar an “dlighe” é. Acht cé'n chaoi
a mbeidh an sgéal sa deireadh? An bhfuil fir fágtha fós
i nÉirinn a bhfuil fhios aca le teannadh go dlúth leis an
námhaid anois? Agus cé leomhfas teannadh leis? Agus
tá geimhreadh gorta eile roimh na daoine bochta, go
bhfortuighidh Dia ortha! óir loic na fataí arís i mbliadhna
ortha, agus maidir leis an arbhar, ní ag dul dá leithéidibh-
san atá sé.



Na coistí i gCluain Meala ní bheidh ortha ar ndóigh acht


L. 125


sliocht mhuinntire Chromuell, giúistíseacha Thobraid
Árann, agus úinéaraí Protestúnta talmhan a bhfuil
sgannradh a gcroidhe ortha. Fiarfochaidh Breitheamh an
Chaisleáin díobh-san cé'n meas atá aca ar an té d'iom-
pochadh ar lucht ughdaráis, nó cé'n smachtughadh badh chóir
a chur ortha. B'éidir don cheathrar fear fiúntach soin a
gcrochadh.


L. 126


An 5° Caibidil.



Samhain 7°, 1848. - In mo chró dhom, ar an
Dromedary. Thárla dhom 'mo shuidhe ag an bhfuinn-
eoig anocht d'éis tuitim na hoidhche agus mé ag
breathnughadh amach ar an bhfairrge leis an mbreac-sholus,
nuair a caitheadh toirt éigin isteach dorus an chró chugam
agus thuit sé ar an urlár os mo chomhair. Leis sin
chualas an choisméig ag imtheacht go mear, éadtrom ón
dorus. Rugas ar an toirt agus céard a bheadh ann
acht páipéar nuaidheacht as Londain. Tá an posta tar
éis a theacht ó Halifacs. Is fada liom go gcurtar glas
ar mo dhorus, agus go dtí sin tá an ciste i bhfalach
go haireach agam.



Chuir an t-árd-mháta glas orm fa dheireadh agus chuir
bolta ar an dorus fa chomhair na hoidhche. Lasas
coinneal agus sgaras an páipéar im' fhiadhnuise agus
mé ar creathadh.



Daoradh Mac Gabhann Ó Briain, agus tugadh de
bhreith air a tharraing ar chliath go hionad a chrochta agus
a chrochadh. Tá an mhuinntir eile gan cur fa fhromhadh
fós.



21°- Tugadh breith a gcrochta ar an gceathrar .i. ar
an mBrianach, ar mhac Uí Mheachair, ar Mhac Maghnusa
agus ar mhac Uí Dhonnchadha. Acht Spioraid soillse na
hAoise - go dtógaidh an diabhail leis a gcuid raiméis
soillse - ní leigfeadh a gcur chun báis, acht cuirfear
i bpríosún thar sáile iad le n-a ló. Chonnaiceas cuid


L. 127


den chaint chosnamha a rinne Butt ar son mhac
Uí Mheachair - ba dona í; agus fós na cúpla focal
a labhair an fear bocht féin, agus bhí uaisleacht agus
teanntás ina bhriathraibh.



Bhíos tinn agus gan ionnam sgríobhadh. Cad na thaobh
nach dtugaim mo mhallacht don lá ar rugadh mé?
Mar - mar tá súil agam, agus ní leigeann don duibhe
a theacht orm thríd - tá súil láidir agam go bhfeicfidh
mé féin agus mac Uí Mheachair lá maith fós, lá a
mbeimíd araon 'nar seasamh le chéile - go bhfuil obair
romhainn fós - súil nach bhfuil sé i ndán dom bás fhagháil
ar na carraigreachaibh geala so i mBermuda, agus nar
thuar réalt a bheirthe riamh do Thomás Ó Mheachair a
iomchur ar an gcliath úd i gCluain Meala, lá a bháis.



Níl de chomhartha agam ar an meas atá ag an bpobal
i nÉirinn ar an gcás, ná ar an spioraid a thaisbeáin
na páipéir nuaidheacht a fágadh acht an méid seo.
Chonnaiceas aon chóip amháin den Freeman's Journal,
agus cé gur do-chreidthe an sgéal é, bhí de theanntás
ionnta agus gur chuir na briathra labhair Whiteside sa
gcúirt agus é ag caint ar son na bpríosúnach, gur chuir
i gcló iad. Ag casaoid ar an gcaoi a ndéantar
pacáil ar choistibh bhí sé, nó rud éigin den tsórt sin.
Ní leomhfadh an t-eagarthóir a bharamhail féin a chur síos,
agus ní dhearna faillighe ar a rádh go mbadh iad briathra
Whiteside iad. Ceannsuighthe glan atá sé! Acht 'na
dhiaidh sin, ní do Ghrae is beirthe dhom milleán ar fad
faoi gan deireadh a chur le n-a shaoghal. Ní raibh aon
bhaint ar leith aige leis an ngluaiseacht; agus b'éidir
gur aige atá an ceart agus an doineann a leigean
thairis, agus a pháipéar a choimhéad ina bheathaidh go
suaimhnighidh an saoghal.


L. 128


Fan go bhfeicfidh mé an dtiocfadh liom aon tuairim
cheart a thabhairt ar an gcaoi i bhfuil an cás anois, agus
a bhfuil de ghleo agus de ghleithearán thart timcheall
air. Seisear dhinn, nó mar sin, a cuireadh i bpríosún
thar sáile (nó cuir i gcás gur d'éis ar gcrochadh
bhíomar). Abair gur díoghbháil sin do na daoinibh uaisle
sin agus dá gcáirdibh. Acht an tuairt a thugamar féin
agus an riaghaltas dá chéile, an ndearna sin aon dochar
do riaghaltas Shasanai nÉirinn nó nach ndearna, sin í
an cheist? Má rinne, sinne a bhí i n-úrthosach na
troda, ní gearánta dhúinn má leagadh sa díg sinn i
gcruth is go líonfaidhe an díg, agus go mbeadh slighe
anonn ag fearaibh eile tharainn. Tugaimís buidheachas
do Dhia má tá na fir ann le dhul treasna tharainn.



Agus measaim gur lotadh go trom riaghaltas na
Sasanach. Acht ar ndóigh ní hé sin is léar dhuit go
ceann tamaill, acht a mhalairt. Aon pháipéar nuaidh-
eacht a mbéidh brígh ná teanntás ann, cuirfear gubán
air, agus cuirfear na fir cheannais faoi ghlas; leigfidh
lucht ceannairce agus lucht tréasa fútha; gabhaidh
reachtairí riaghaltais ag comhaoidheamh go fimineach
leis an roinn den phobal a bhfuil dúil sa síothcháin aca;
tiocfaidh ear is barr meidhear ar lucht páipéar nuaidh-
eacht Londain, agus níl fear sleamhain slíoctha airgid
i Sasana nach mbainfidh an-ghreann as Méirleachus na
nGaedheal. Acht an amhlaidh nach bhfuil mí-shástuidheacht
na nGaedheal ag neartughadh agus ag géarughadh ar an
bhfad so? An amhlaidh nach bhfanfaidh dúil nádúrdha agus
dúil fholláin ag daoinibh sa tréas, de bhrígh go dtéigh-
eann Clarendon, tighearna, isteach i n-oifig páipéir
nuaidheacht ceannairceach lá ar bith a dtogrochaidh
sé é, agus an oifig a sgrios agus a mhilleadh, mar


L. 129


dhéanfadh foghluidhe? An Catoileach atá ina fhear tighe,
agus a bhfuil fhios aige go maith go bhfuil ceart aige
a bheith 'na choisteoir, de bhrígh go n-íocann sé an cháin
atá riachtanach, agus go bhfuil a ainm ar na leabhraibh
do réir mar is riachtanach, an dtiubhraidh seisean meas
don riaghaltas thar mar thug, an lá nach bhfuil ceart ná
feidhm phuiblidhe le fagháil aige? Agus céard is méinn
don tsluagh, fiarfuighim díot, agus don aos óg go
mór-mhór? Ar ndóigh ní féidir a ndearnamar leis na
bliadhantaibh, thríd an Nation, tré na leabharlannaibh
gaedhealacha, tré amhránaibh, agus ar shlighthibh eile, ní
féidir go bhfuil an saothar soin gan aon toradh a thabh-
airt. Níl bliadhain nach bhfuil ag teacht ins na buach-
aillibh, agus ní raibh na sgolta náisiúnta díomhaoineach.
Lasadh solus ins na míltibh de na “ceannaibh beaga
catacha” (atá iomráidhteach ag an Raghallach) agus níl
fhios ag an dochtúir Whately sin. Cá bhfuil an té d'fhéad-
fadh a mheas goidé an uaisleacht, goidé an fonn fearmhail
láidir a faduigheadh i gcroidhe na bpáistí sin, cé nach bhfuil
ortha acht sean-chóitíní tana éadtroma, leas a dhéanamh
dhóibh féin is dá dtír ársaidh; seadh, agus goidé an
trom-thruaigh atá ionnta, goidé an náire atá ortha fa'n
gcruth a cuireadh ar a dtír, agus fa'n easonóir a tugadh
ar a sinnsear, goidé an fhearg agus an faobhar dúth-
rachtach a chuir sin ortha? Ha! má saoghaltar an
buachaill te, tuisgeanach úd, go beith ina fhear dhó -!
Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, 'seadh is mian liom a
rádh go bhfuil sórt tuairim úr, anaibidh ag teacht don
phobal i gcoitchinne i nÉirinn atá dhá ndéanamh neamh-
spleadhach leis na Carthagínibh, agus leis na sagairt chomh
maith le chéile. Má tá an tuairim cheart agam i dtaobh
imtheachta na ndaoine i nÉirinn fa láthair, nó má tá go


L. 130


leor den cheart agam sa tuairim sin, béidh aithmhéal a
croidhe ar Charthagin fa n-a dánacht sa mbliadhain 1848.



Na daoine ar caitheadh an dánacht leo, is maith an
sgéal gur daoine iad na fir is mó le rádh ortha (gan
mé féin a chomhaireamh ortha) a bhfuil na tréithe is uaisle
ionnraice ar bith ionnta. Níl sé i nAcht Pairliméid
smál ná tarcuisne a thabhairt ar na fearaibh sin, ná níl
sé i mbreith a ndaortha, ná i long príosúin, ná i slabh-
raibh, ná i gcliathaibh a dhéanamh.



Daoine a ghoireas “riaghaltas” díobh féin, agus a
chuireas i leath-taobh a leithéidí sin d'fhearaibh go héag-
córach, a chuireas i leath-taobh iad tré dhul i gcogar le
claon-shirriam, agus tré casadh a bhaint as ionnracus
breithimh na cúirte, credim gur gearr é saoghal an
riaghaltais sin d'éis a leithéid de choir a dhéanamh.



An dream is fearr atá dhá mbeathughadh féin - mhór-
mhór na Catoilicigh - is fíor go mbéidh daoine ortha agus
gurab amhlaidh bhéas sé aca go gcuirfidís gráin ort ag
taisbeánadh a ndearóile agus a n-óighréir ar an ocáid
seo. Ní chuirfinn i n-iongantas dá mbeith coistí
cathrach ann, agus easbuig, agus dligheadóirí conganta
Catoiliceach, agus daoine móra measamhla eile agus go
molfaidís an tighearna Clarendon go puiblidhe faoi
chomh glic foraireach, agus rl., agus bhí sé. Béidh mac
Dhomhnaill Uí Chonaill dhá shaoradh féin go dúthrachtach,
agus dhá dhearbhadh nach bhfuil aon bhaint aige le lucht
bhriste an dlighe, agus nach bhfuil de chúram air acht an
brostughadh bocht suarach éitreorach, d'fhan d'fhuidhleach
ón a athair aige, a shaothrughadh do réir an reachta. Is
doiligh sin le n'aithris; gidheadh, deirim-se gur fearrde
Éire é daoine measamhla onóracha a chur i leath taobh go
hanfhorlannach agus go leattromach le timthiribh Shasana;


L. 131


béidh an laibhín folláin ag oibriughadh; borrfaidh agus
fásfaidh míoshástuidheacht as a nua, agus ní gan adhbhar
é, agus béidh sí ag leathnughadh, agus béidh ag teacht
innti ó lá go lá. Agus fós múinfidh sé dhóibh san
Tuaisceart (má tá múnadh ar bith indán do na cloignibh
pota sa Tuaisceart) nach bhfuil aon bhaint ag an gceist
le creideamh, an lá gur Catoilicigh leath na ndaoine a
cuireadh i leath taobh agus gur Protestúin an leath eile.
Tá muinighin mhór fosta agam as na múinteoiribh sgoile,
go múinfidh siad an teagasg maith Gaedhealach don aos
óg d'aindeoin na leabhar a thug an Dochtúir Whately
dhóibh. Tá fhios agam féin go raibh a lán de na múin-
teoiribh úd a raibh rún daingean aca anuraidh teagasg
an tsean-tSasanaigh úd a mhilleadh, é féin is a hata
sluasad-bhilleogach, agus is fada an Carthagineach
sluasad-bhilleogach céadna i réim os cionn na sgol
náisúnta, mar bheadh trom-chodladh ortha.



Chímíd mar sin -



An chéad chás de - Go mb'éigin do Riaghaltas Shasana
a rún a thaisbeánadh, mar b'éigin dóibh éirghe as a bheith
ag leigean carthanais ortha féin, agus b'éigin dóibh a
thaisbeánadh nach bhfuil ionnta acht arrachtaí garga.



An dara cás de - Bhéaraidh dubh-bhuirbe an námhad
don aos árd-aigeantach úir-fhialmhar óg combáidh agus
cáirdeas a bheith aca leis na méirlighibh agus le méir-
leachas, agus an ainbheart a himreadh ortha.



An tríomhadh cás de - Dúil nádúrdha a tháinig ag
daoinibh sa léightheoireacht ceannairceach; agus sionsa
an tighearna Clarendon ar na páipéir nuaidheacht a
ghéarochas é sin: i gcruthamhnas gur geall le toibreacha
fíor-uisge i dtalamh tirm an chéad teagasg ceart eile
a tiubhrfar.


L. 132


I gcruthamhnas go leathnófar agus go méadófar an
bhéarna de gach leith. Tá airm dhá gceannach go tréan,
d'aindeoin a bhfuil d'fhuagairt ina n-aghaidh, agus de
chuartughadh ortha; tá tréas agus míoshástuidheacht dhá
gcothughadh agus dhá gcur i dtaisge, agus fásfaidh siad
i gcroidhthibh Gaedheal go dtigidh an t-am. Agus béidh
“deacracht na hÉireann” ag borradh agus ag at go
mbéidh sé chomh mór, toirteamhail le cnoc nach féidir a
choruighe. Go rathuighe Dia é!



Seadh, is “daoir” sinn, agus is tig linn a bheith
cinnte a ndearnamar de sgríbhneoireacht, de chaint, de
shaothar, agus de ghníomharthaibh, agus a ndearnamar
d'obair dhílis, dhúthrachtach, ionnraic, nach gcaillfear í
ná nach rachaidh sí ar ceal; acht seasfaidh agus bhéarfaidh
sí toradh, cé go mbeimís-ne ag tabhairt an fhéir, i
n-imigéin, agus ar gcnámha ag lobhadh, láimh le cnámha na
mbitheamhnach is crodhanta sa domhan.



Acht céard tá le fuiling ag ar lucht aoin-tíre fós?
Mo léan! cé an t-úirísliughadh eile níos úirísle arís
atá i ndán dá gcorp agus dá n-aigne, an fhad is tá de
chumhachta ag Sasanacha - a bheith ag cíobadh ar
dtíre le n-a “ndlighthibh”? dhá ndíbirt, dhá ndúnmhar-
bhadh, dhá mbochtughadh, agus dhá milleadh; nó go dteichidh
na truagháin bhochta le uathbhás agus go ruaigtear thar
sáile iad, agus go dtéighidh siad ar fán fa cheithre ranna
an domhain! An fada! an fada!



22°. - Litir ó mo dhearbhráthair Liam. I Nua Eabhroc
atá sé. Is cosmhail mara dtéigheadh sé ar a theicheadh,
ar an toirt, go gcuirfidhe i bpríosún é fa'n Acht
Habeas-Corpus-Suspension. [An fa choimirce an Habeas
Corpus nó fa choimirce bheith 'na éagmuis, cé aca atá
Reacht Shasana?] Tá an tighearna Clarendon ag líonadh


L. 133


na bpríosún, acht is cosmhail gur éaluigh an Diolúnach,
an Raghallach, mac Uí Ghormáin agus mac Uí Dhubhchonna.
Tá an Diolúnach i Nua Eabhroc, d'éaluigh mac Uí Ghormáin
go caladh-phort éigin sa mBreatain Bhig.* Níl aon
tuairim agam cá bhfuil an Raghallach, acht cibé cá bhfuil
an duine croidhe ní ina chomhnuidhe atá sé.



Maireann Riaghaltas Poiblidheachta na Fraince fós
agus measaim go seasfaidh sé. Ní thagann chugam
tré na ráillí iarainn seo acht blúirí beaga eoluis, agus
níl feiceál iomlán agam ar imtheachtaibh na ndaoine, cé
gur léar dhom beagán annso agus beagán annsiúd;
agus gach a bhfuaras amharc air is maith é. D'fhéach
daoine éigin le iompodh ar an riaghaltas i bPárus na
Fraince sa Meitheamh so chuaidh tharainn. “Red Repub-
licans” agus Communists a thug páipéir nuaidheacht
Shasana ortha, agus dá n-éirgheadh leo b'uathbhásach an
rud é, agus is amhlaidh is dócha go gcuirfidís deireadh
le riaghaltas na poiblidheachta; acht sguabadh den tsráid
iad le púdar is le grán - a mhalairt ní raibh le déanamh
le créatúir ghránna mar iad.



Ní chreidfinn gur Ceanntróirí (nó Communists) iad
ar fad an dream atá i bhfabhar dearg-phoiblidheacht (nó
an Red Republicanism), cé go ndeir páipéir nuaidh-
eacht Shasana gurb ionann iad. Acht ar ndóigh níl
uatha-san acht droch-mheas a chaitheamh ar na daoinibh is
fearr sa Riaghaltas Poiblidheacht. Creidim go bhfuil
mórán mór den dream atá dílis don Riaghaltas
Phoiblidheacht agus go measann siad an dream a d'iom-
puigh ar an riaghaltas nach bhfuil leath a gcod' oibre
deanta fós aca: agus b'éidir gurb amhlaidh atá. Acht
má seadh, níor cheart dóibh-san a bheith rannpháirteach le



* ní headh - go Constantinople.


L. 134


Cumannóiribh: is measa na Cumannóirí ná na beithidhigh
allta.



Acht níl aon amharc le fagháil agam ar aon pháipéar
nuaidheacht ón bhFrainc; tá dorchadas Shasana thar tim-
cheall orm.



Tabhair fa deara nach bhfuil Alphonse caoin de
Lamartine le feiceál le goirid, ar chuma éigin.
Airighim uaim a phearsa sheaghanda, a mhala árd, agus
an choróin neamh-fhaicsidhe spíne a bheadh air. Airighim
uaim a mhaoth-chaint árdnósach, agus ba truaighmhéileach
cainteach an file é, a thrácht mar thrácht Bhedouin, agus
faobhar breagh mórchúiseach ina fhéachaint. Ní fhéadaim a
dhéanamh amach cad d'éirigh dhó, ná cé an t-adhbhar áirithe a
chuir as amharc é. Acht ba nádúrdha an rud a dechéance,
agus bhí ciall agus riachtanas leis: téigheadh sé don
domhan thoir arís, go dtaga aisling eile chuige ina
bhfeicfidh sé ríoghacht Druse-Maronite; tugadh sé gaoth
dhá bhuaidhreadh rúnda ar Shliabh Leuáin, agus bíodh a
chuid deor i dteannta drúchta Hermon. Ní raibh aon
bhaint aige a bheith i gceannus feadhma ar dhaoinibh a bhí
ag iompódh ar riaghaltas, agus an lá is fearr a bhí sé
ní raibh ann acht an rud a dtugann fir fairrge mar
muidne ceann bréige air. Is móide mo shásamh imtheacht
Alphonse, an mhéid gur thuaras féin sin dó ar an
United Irishman i gceann míosa tar éis iompóidh dhóibh
ar riaghaltas sa bhFeabhra. Níl aon locht ar an sgéal
fós; tá tuilleadh sgéala poiliticeacha le tuar agam -
acht níor tháinig lá a gcoimhlíonadh fós.



Tá lucht na bpáipéar nuaidheacht i Sasana go dubhach,
dobrónach fa Riaghaltas Poiblidheacht na Fraince; táid
siad ag dul thar bharr a gcéille fa rádh is go seasann
sé fós. Mí-chomhgar ar bith a thiocfas de dhruim gnótha


L. 135


a bheith thré n-a chéile, nó cosg a bheith leo ag iompódh dá
shamhail, 'sé bhfuil uatha a thaisbeánadh, agus fad a bhaint
as. Ar mhaithe leis na Francaibh atáid siad; bí cinnte
dhe, agus tá sé dhá fheiceál dóibh go léir nach mbéidh na
Francaigh sásta go mbéidh an rí ar ais arís 'na rígh
ortha .i. Bourdeaux-Berri-Bourbon, marab é Laoiseach
Philipe féin a bhéas ortha. Acht is amhlaidh atá lucht na
bpáipéar nuaidheacht ar coimhchreathadh, nó na daoine ar
leo na páipéir, agus lucht airgid, uaisle agus maithe
Charthagin a thugas airgead ar cáirde, is iad-san atá ar
coimhchreathadh, ar bhfeiceál dóibh an tsaorsacht a bheith
chomh fogus sin dóibh, agus ar n-a mhothughadh dhóibh an
t-airgead atá leigthe amach ar cáirde aca a bheith i
gcontabhairt; agus mar sin de tugann siad do na
seacht ndiabhail an t-iompódh ar an riaghaltas.



Sin é an cluiche cumasach a bhí dhá imirt trí fichid
bliadhain ó shoin, ag dul dhá imirt arís - agus b'éidir
go bhféachfaidís le n-a chéile é an turus so go deireadh
na sgríbe; agus chífidh an saoghal rí-phíosa oibre.
Agus, a Dhia láidir, an bhfuil orm-sa suidhe ar chúlaibh
na ngrátaí iarnaidhe seo agus saothar orm, agus an
obair mhór sin ar siubhal ar feadh na mbliadhanta, go
n-éaga mé mar d'éagfadh mada, agus go lobha mé
imeasg daosgar-shluagh Bhermuda! Infandum!



Eanair 16°. - Tráth rabhas féin agus mo thaise - mar
tá mo thaise liom - ag caitheamh ar bpíopa aréir i bhfoch-
air a chéile, do ghabh ar an spioraid uathbhásach ag áit-
iughadh orm de bhriathraibh mar so síos: “Tugaim fa
deara,” ar sé, “athrughadh aisteach ort le goirid; do
chroidhe a bhí chomh sochma, soineanta sin, tá néall
dubhach, doirbhis ag teacht air, agus é ag éirghe nimh-
eanta; agus, rud is doilghe liom ná sin arís, chím go


L. 136


bhfuil sórt claonadh ar do bhreitheamhnas i go bhfios duit,
agus pus agus crostacht ort atá - dar liomsa - 'sé sin
má tá an ceart agam - crostacht atá níos duibhe arís
ná an t-olc nádúrdha.



Mise (agus néallta deataigh dá leigean le gaoith
agam). - Cé'n chiall atá leis an gcaint sin? Ní gnáthach
leat labhairt mar sin.



An Taise. - Maith, maiseadh, an chéad chás de:
Cé'n chiall a bhfuil de bhruth ort ar son Riaghaltas
Poiblidheachta na Fraince. Is maith atá fhios agam nach
námha do riaghaltas ríogh ann féin thú, ná do
riaghaltas na n-uasal ann féin; agus nach bhfuil aon
bheann agat in do chroidhe istigh ar Riaghaltas teibhidh
poiblidheachta.



Mise. - Ní thiubhrainn tráithnín air. Acht 'seadh?



An Taise. - Seadh maiseadh, ní ar mhaithe leis an
gcine daonna, mar sin, atá an imnidhe sin ort, ar fhait-
cheas nach n-éireochadh le Riaghaltas Poiblidheacht na
bhFrancach, acht adhbhar éigin eile atá agat leis.



Mise. - Ní thiubhrainn cnaipe gan chois ar an gcine
daonna; adhbhar eile, cad eile?



An Taise. - Seadh, ní le grádh don chine daonna atáir,
ná fós le grádh do na Francaibh, acht as corp fuath do
Shasana, agus dúil mí-riaghalta a bheith i gcogadh agus
i n-ár agat. Is gearr, dar leat, a sheasfadh riaghaltas
poiblidheacht sa bhFrainc gan cogadh a tharraing ar fud
na hEorpa; cogadh a chuirfeadh deireadh le cáirde agus
le creideamhaint a thabhairt do dhaoinibh; cogadh a
mhillfeadh trácht ceannuigheachta; agus cogadh a bhain-
feadh, is dóigh, na hIndiacha de Shasana, agus Canada,
gan trácht ar bith ar Éirinn.



Mise. - Gan trácht ar bith ar Éirinn? Acht dá


L. 137


mba ag cuimhniughadh ar Éirinn a bhéinn ar feadh an ama,
cad déarfá?



An Taise. - Agus ar mhaith leat cogadh dearg a
tharraing ar an rann Eorpa agus ar Mheiriocá, ar shúil
agus gurb é an rud a thiocfadh as an raic agus as an
uathbhás sin Éire a dhealughadh ó Shasana? Ar shúil agus
go dtarraingeofaidhe an cogadh, an amhlaidh go bhfuil
áthas ort daoine breaghdha fiala mar na Francaigh a
fheiceál ag féachaint le deis úr-nua riaghluighthe a chur
ortha féin, agus fios maith agat gur dócha d'anacair
dóibh féin is dá sliocht a theacht de ná suaimhneas?



Mise (leagas uaim an píopa, agus chuireas néall
mhór dhorcha deataigh san aer). - Éist liom anois, a
Thaise chóir. An chéad chás de, is rí-bheag é mo bheann
ar Riaghaltas teibhidh poiblidheacht, acht ní hé sin do
Riaghaltas Poiblidheachta so na Fraince, is mór é mo
shuim ann, agus is mór é mo ghrádh dhó, agus an chaoi a
bhfuil ag teacht ann. Riaghaltas Poiblidheachta nó Riaghal-
tas Ríoghachta, asta féin, ní tada ceachtar aca. Rud
é riaghaltas a riaghluigheas daoine atá beo ina mbeathaidh,
go díreach mar atá siad; agus riaghaltas ríogh, nó
riaghaltas na n-uasal, is cuma cé'n mhaith a bhí ionnta le
n-a linn i n-áit áirithe; is cuma céard is féidir a rádh
ar a son, asta féin, measaim go bhfuil a seal tugtha
ins na náisiúin atá i nIarthar na hEorpa - sé sin le
rádh, go bhfuil a seal tugtha faoi láthair, agus go dtí
go sroichfear arís iad, ag dul tré bharbaracht dúinn,
do réir mar théigheas an cinéal ar aghaidh sa gcuairt atá
air. Tá seal na bhforas soin caithte measaim, i Sasana
le fada, agus i nÉirinn go mór-mhór; bhí a seal tugtha
leith-chéad bliadhain ó shoin; agus is tré cheannuigheacht
amháin atá siad i n-ainm is a bheith ann fós, agus le


L. 138


haghaidh gnótha a chothughadh - go gcoinnighidh siad an
briseadh agus an brughadh, an mhalairt modha agus an
mhalairt daoine atá i ndán dóibh uatha. Acht an dream
soin atá ag déanamh airgid, agus gan aca acht
creideamhaint bhréige den tsamhail sin, agus iad ar
chroidhe a ndíchill ag iarraidh gnótha a chur chun cinn
go teann thríd an gcreideamhaint sin féin, is geall
leis an bhfear iad a rinne a theach ar an ngaineamh-
dhá fhuide dhá mbéidh sé ábalta ar an teach a
choinneál ina sheasamh (agus é i gcomhnuidhe ag
cur áirde air), is amhlaidh is mó a thuitim tráth a
dtuitfidh sé. An dara cás de, deirim gurab iad na
Francaigh ba chóir a bheith ó cheart i n-úrthosach gach
turuis, agus i n-úrthosach gach ath-thuruis dá ndéanann
an cine daonna. Ní adhrann na Sasanaigh tada acht an
t-airgead; ní chuireann impidhe chun dé ar bith eile acht
chun airgid; cheannochaidís agus dhíolfaidís an Spioraid
Naomh ar airgead, agus creidid gur ar son an phuint
iomláin seasmhach Airgid a cruthuigheadh an domhan,
agus a mhaireas sé fós, agus a riaghluighthear é, agus
gur thríd atá i ndán dó a shábháil. Tugann Francaigh
aithne ar uaisleacht thairis sin a bheith i saoghal an
náisiúin; táid ar lorg cinneamhna níos uaisle don
náisiún ná gheobhthaidhe tré cheannuigheacht amháin. Sa
bhFrainc a múnluighthear smuainte agus árd-mhiana don
tsaoghal, agus is ó na Francaighibh atá an míonach soin
le fagháil ag tíorthaibh bochta an domhain do-chum a
ngnótha a dhéanamh. Sé Párus cathair oireachuis shoibhéas
na cruinne. An treas cás de, a Thaise chóir, níl aon
cheart ag na Francaibh a “suaimhneas” féin a cheannacht,
an fhad is atá a ndualgas mar sin le coimhlíonadh aca.
Ní le haghaidh a bheith suaimhneach atá duine ná náisiún


L. 139


ar bith ann, mór-mhór duine ná náisiún a bhfuil fírinní
nuadha dhá gcraobhsgaoileadh aca, nó treorughadh i slighthe
nuadha le déanamh aca. Oibrigheadh daoine go dúthrach-
tach do réir an tsaoghail náisiúnta ar a bhfuilid,
déanaidís a seacht míle dícheall ar an obair a gheobhas
siad le déanamh a dhéanamh, an fhírinne atá le rádh aca
labhraidís í de ghlór thoranda tóirnighe. Mara bhfuil
“suaimhneas” sa méid sin dóibh, déanaidís dá
oireasbha.



An Taise. - Shaoilfeá, do réir do chainte, gur ar
son riaghaltas poiblidheachta an domhain atá na Francaigh
ag troid, agus go bhfuilid i dtosach ar dhaoinibh eile an
domhain. Is cosmhail go bhfuil dearmad dhá dhéanamh
agat ar Ameiriocá, an áit indeachaidh na Francaigh féin
d'fhoghluim riaghaltas poiblidheachta. Bhí an tOileán Úr
ina riaghaltas poiblidheachta ar chuma ar bith roimh an
bhFrainc féin.



Mise. - Agus San Marinó roimh an Oileán Ur; acht
is ag tagairt do náisiúnaibh na hEorpa i n-allód a
bhíos, tráth a dtugtaoi talam os ucht seirbhís a dhéanam
don stát, agus ag tagairt don chomhlann agus don
tsaothar atá i ndán dóibh shul is féidir dhóibh an tsean-
uaisleacht mhór-chúiseach, agus an tsean-bhollsaireact
chráidhte, fheoighte a chraitheadh dhíobh, rudaí nár fhan
ionnta acht seafóid. Níor facthas ariamh san Oileán Úr
a chomh-chomhlann sin, ná ní raibh cáll leis ann, haré ón
lá ar chaith na Ameiriocánaigh dhíobh cuing Ríogh Sheoirse,
ba riaghaltas poiblidheachta iad, dá mb'olc maith leo é -
ní raibh aon mhíonach eile aca as a múnlochaidís riaghal-
tas. A dheacracht agus bheadh sé ríoghdhamhna d'fhagháil
ar na daoinibh an deacracht a chuirfeadh as dóibh san tír
sin, agus na tuismidhe bunaidh d'fhagháil a mbeadh na


L. 140


huaisle cearta ar a sliocht. Le dhá fhocal a chur i
bhfocal, sé an fáth a bhfuil riaghaltas poiblidheachta san
Oileán Úr, de bhrígh nach raibh leigheas aca air, agus
go raibh riachtanas le riaghaltas. Acht an Fhrainc,
maidir leis an bhFrainc agus a dála, agus a gnása,
agus a nósa, a raibh a mhalairt de chlaonadh ortha; an
Fhrainc ársaidh, máthair na ngaisgidheach, agus an oigh-
reacht a fágadh ag comhlaochradh Chathail Mhóir; an Fhrainc
a bhí suidhte istigh imeasg tíortha ina raibh ríghthe,
tighearnaí, agus maithe mór-chúiseacha; stróic na Franc-
aigh dhíobh an mallacht a bhí ag greamughadh dhíobh; chuir-
eadar i n-íochtar é; thugadar aghaidh ar ríoghachtaibh garga,
fearagacha, lán-armtha na ranna Eorpa, agus sheasadar
amach aonraic ina laochrabh, gan choróin, gan chulaidh ar
leith ortha, gur thaisbeánadar céard tá fir deas ar
a dhéanamh. Annsin an laoch a bhí aca féin agus a raibh
muinighin aca as, d'iompuigh sé ortha, agus nuair a
bhíodar stiallta, stróicthe, ag na búistéaraibh comh-
chongantacha a raibh sgian go feirc aca ionnta, agus
d'éis an cathruightheoir-rí éirghe shlighe do dhéanamh ortha,
choimhéadadar na dhiaidh sin an smuaine mór go láidir ina
gcroidhe ar feadh na mbliadhan, agus ní gan géire agus
doghraing a fhuiling é, go dtigidh lá an ghníomha.
Ní mheasaim-se gurb ionann sin agus an Dearbhadh
Neamh-spleadhchais. Agus is cóir dhom-sa is dhuit-
se a bheith buidheach do Dhia Mhór a thug dhúinn a
bheith ann tráth a bhfuil súil go bhfeicidhthear deagh-
chríoch ar an obair, dá mbeadh ár agus cuirp féin ann
dá bharr.



An Taise. - Acht dubhras gur as corp fuath do Shas-
ana atá an bruth so ort, agus níl freagra ar bith ar sin
agat.


L. 141


Mise. - Níl; ní fiú freagra é. Acht cad is Sasana
ann? - muinntir Shasana nó Riaghaltas Shasana? An iad
na Sasanaigh atá i gceist agat-sa na milliúin de dhaoinibh
cneasta atá 'na gcomhnuidhe i Sasana, atá ag tabhairt
aire dá ngnóthaibh féin, agus gan cuir isteach ar aon
duine aca, má leigtear dhóibh toradh a saothar féin a
chaitheamh go síothchánta sásta? Tá siad sgriosta ag
troimeacht na cánach. An iad sin atá i gceist agat nó
comh-chompántas na mallacht atá aga n-alpadh .i. tigh-
earnaí talmhan, ceannuidhthe móra airgid, agus ceann-
uidhthe codáis. An é náisiún Shasana atá i gceist agat,
nó é sin ar a dtugann Cobbet an Rud?



An Taise. - Na Sasanaigh go hiomlán ar ndóigh atá i
gceist agam, agus gach forus dá bhfuil aca, idir lucht
ceirde agus uaisle, Eaglais agus Stát, figheadóirí,
daoine a bhfuil stoc gnótha aca, lucht oibrighthe coiléir,
feilmneacha, stoc an chiste, loingeas, cumainn Charlton,
comhdháil na Chartists, lucht easaontach séipéil, agus
rásaí Epsom. Sin iad atá i gceist agam.



Mise. - Siad? Is beag an chiall atá dhuit cárnáin
den tsórt sin a dhéanamh dhíobh. Deirim-se gurab é
an cara is fearr ag Sasana, anois ná le leith-chéad
bliadhain, an té is géire fuath dá riaghaltas agus dá
bhforasaibh go hiomlán san Eaglais agus sa Stát.
I gcruthamhnas gur cara do Shasana mise, agus ní
námha. Na daoine atá na gcomhnuidhe i mBreatain sin
iad a dtugaim-se Sasanaigh ortha.



An Taise. - Cé is moite do lucht an airgid bhunaidh,
ar ndóigh, daoine ar leo muillte, tighearnaí talmhan, sé
sin, gach uile dhuine a bhfuil tada aige.



Mise. - Ní headh; an t-iomlán fré chéile! Acht tá
fhios agat féin nach bhfuil cruth dá mbíonn ar dhaoinibh i


L. 142


gcoitchinne, dhá dhoghraingighe dhá mbéidh an cás ag a bhfur-
mhór, agus dhá ghéire dhá mbéidh a mhalairt de chruth uatha,
tá fhios agat go bhfuil a lán daoine ann i gcomhnuidhe
a bhfuil slighe mhaith bheathadh aca agus atá lán-tsásta
leis an gcaoi atá ortha, mar atá, an dream ar
fearrde iad an saoghal a bheith mar tá sé. Ar
ndóigh tá a lán daoine staidéardha, deagh-ghléasta,
i nÉirinn féin (chonnaiceas féin i mBéal Feirste iad
agus i nÁth Cliath, daoine a bhfuil beatha mhaith aca) agus
deir siad go bhfuil Éire maith go leor, agus go bhfuil
sé i n-áirithe dhi a bheith go maith. Agus comhairmhim na
daoine a bhfuil an chruth mhaith ortha, ag tagairt d'Éirinn
agus do mhuinntir na hÉireann dom; acht ní aon bhrígh
liom a mbaramhail, agus ní ar mhaithe leo-san ar leith a
bhéinn, acht ar mhaithe leis an bpobal i gcoitchinne. Agus
dá bhrígh sin tá sé de cheart agam a rádh gur cara do
mhuinntir Shasana mé, cara dhóibh go hiomlán, an lá go
millfinn an riaghaltas ó bhun go barr, agus an t-eagar
atá ar na daoinibh i gcoitchinne ann - seadh maiseadh,
cara do lucht an airigid atá i Sráid Lombárd, cara
do na diúicibh féin agus do na heasbuig - chuirfinn
gairm chneasta bheathadh éigin ortha.



An Taise. - An gceapann tú go n-itheann lucht airgid
a gcuid airgid, agus gur béas dóibh a chur i leath taobh
ar an gcuma sin? nó go sloigeann agus go leaghann
tighearnaí talmhan toradh a gcuid talmh an go léir; nó go
gcuireann lucht saidhbhris caitheamh ina gcuid airgid, dá
dhonacht agat iad, gan saothrughadh a thabhairt do bhochtaibh
agus gan luach a saothair a thabhairt dóibh? Nó an
amhlaidh go mbeadh fút go gcothófaidhe na boicht gan
obair gan tuarastal a thabhairt dóibh?



Mise. - An é bun-adhbhar an tigheas stát atá tú ag


L. 143


iarraidh a mhúnadh dhom, as leabhrán an Dochtúir Whately?
B'éidir gurb é an chéad rud eile bheitheá áiteamh orm
nach lucht ithte daoine ó dhúthchas iad daoine gur leo
muillte, ná nach déanamh ainmhidhe allta atá ar thigh-
earnaibh talmhan, acht déanamh an duine. Cuir i gcás
gur fíor a bhfuil luaidhte agat, cuirimís uainn iad, níl
aon bhaint aca leis an gceist. Seo é an chaoi a bhfuil
an cás: foghluidhthe iad an dream soin a bhfuil lucht
airgid agat ortha; sé sin le rádh, tá lucht ceannuigh-
eachta ag obair ar airgead bunaidh bréige, nó ar air-
gead bunaidh dolbhtha, agus tá fhios aca é, agus iad ag
cothughadh chuallacht bhriste tré sheibhtibh atá i ndeireadh na
preibe, mar tá uamhan ortha roimh an mbriseadh atá ag
teacht; agus fós, daoine atá ag obair i gceart lár na
ngnótha, tá a mbrabach ar leith aca féin fa láthair asta
- agus ba mhinic sin leis an mbriseadh - cé gur gnótha
spíonta cheana iad. Agus níl sa méid sin acht ag ull-
mhughadh fa chomhair an sgrios agus an briseadh a bheith
níos measa, agus níos éifeachtaighe; dá mhuinghinighe dá
mbeidh na hamadáin as seasmhacht na ngnótha, agus dá
mhuinghinighe dá leigidh na cneamhairí ortha féin a bheith, is
amhlaidh is lia duine neamh-chiontach, aineolach a sgrios-
far i ndeireadh na dála. Deirim arís go bhfuil ríoghacht
na Breataine briste le leith-chéad bliadhain, agus nach
bhfuil sa modh ar cáirde, tré a gcoin nighthear ann iad,
acht dearg-chneamhaireacht náisiúnta, agus nach sgrios
amháin is deireadh dhó acht náire don náisiún ina theannta
sin.



An Taise. - Á.! tá na daoine ag déanamh cneamhair-
eacht ortha féin mar sin! Chím gur dóigh leat go
sgriosfaidh na fiacha náisiúnta Sasana - an meall mór
fiacha úd atá ag na daoinibh ortha féin.


L. 144


Mise. - Seadh, ag na daoinibh ortha féin; sé sin le
radh, atá ar na milliúin a íocas sreath ag na míltibh gur
féidir leo caitheamh a chur sa tsreath; sé sin le rádh, ag
lucht an díomhaoinis ar lucht na hoibre; ag lucht an
tsaidhbhris ar bhochtaibh; agus taréise sin, dhá dho-chreidthe
de sgéal é, is iad lucht an díomhaoinis agus lucht an
airgid a tharraing agus a thosuigh na fiacha ó thús, do
chothughadh slighe saidhbhris agus slighe díomhaoinis dóibh
féin. Agus, le sgéal gearr a dhéanamh dhe, chuir modh
gnóthana Sasanach hocht gcéad milliún, nó mar sin,
d'ear is barr, ar shluagh na hoibre, gan trácht ar bith ar
stáid éagcothrom an phobail choitcheann, dá dtagann go
gcaithfidh an sluagh an obair a dhéanamh ionnus go mbeadh
somhaoin na hoibre go deo ag an mbeagán atá díomh-
aoineach; seadh, cuireadh an méid sin ar an taobh nár
cheart a chur air, i gcruth is go gcaithfeadh lucht na
hoibre oibriughadh níos déine is cosmhail, i gcruth is go
dtiubhraidís aire mhaith dhá ngnóthaibh agus go mbeidís
tíoghbhusach, ar eagla macnas a theacht ortha, agus a bheith
ag cur dhíobh, agus sa gcur dhíobh dhóibh, go leagfaidís
ar lár an Rud ar fad.



An Taise. - Acht dála na bhfiacha náisiúnta úd, seo é
brígh an sgéil, an mb'fhiú an tairbhe don náisiún na
fiacha a chur ortha féin, nó an mb'fhiú an tairbhe mí-
chomhgar na bhfiacha agus a ghaimbín a ghearradh amach de
shochar na tíre? Níor leigeadh Sasana a ghabháil, ná
níor leigeadh baint le n-a ceannuigheacht, agus is mór é
a mhéid, ná leis na déantusaibh.



Mise. - Seadh, níor leigeadh Sasana a ghabháil, ná a
forais Eaglaise ná a forais Stát a sgrios; níor
leigeadh a huaisle a dhíbirt, ná a chrochadh ar phostaibh na
sráide, cé gur choimhéadadar an fiadhach dhóibh féin;


L. 145


níor leigeadh as an gceannuigheacht ná as na déan-
tusaibh, cé gur ar bhonn bréige a coimhéadadh iad; ná
níor leigeadh saorsacht leis na hIndiachaibh, le Canada,
ná le hÉirinn. Sin iad ar sgaipeadh na hocht gcéad
milliún ortha, agus i n-áit a dhul i bhfiachaibh nach n-íocfar
go bráth, de ghrádh gan leigean rud ar bith aca sin a
dhéanamh, deirim-se leat gur iomdha milliún badh chóir
do Shasanaighibh a chur i gcomha a ndéanta ar fad - agus
go mb'fhiú do Ghaedhealaibh a n-anam a chur i gcomha a
ndéanta.



An Taise. - Acht cad chuige dhuit a bheith ag síor-rádh
bonn bréige, airgead bunaidh bréige? Cá bhfuil an
bhréag ins an gceannuigheacht? Nach dtiocfadh sé ó
chomhaireamh ort a bhfuil léithi? Agus nach bhfuil páighe
as a saothar aca gach uile Shatharn san aer? Nach bhfuil
teach compóirteach dóibh féin is dá muirighin aca, nach
bhfuil éadach agus beatha aca, agus cá bhfuil an té atá i
n-ann é féin a ghléas agus a bheathughadh chomh maith leis
an gcearduidhe Sasanach? Nach tig leo airgead a chur
i dtaisge as, agus a bheith neamhspleadhach ar thuitim i
n-aois dóibh?



Mise.- Cá gcuirid an t-airgead a bhíos fágtha aca?
I gceannach talmhan?



An Taise. - Ní headh; is maith atá fhios agat nach
bhfuil gabhaltuis bheaga thalmhan dhá ndíol go fairsing.
Níl talamh Oileán na Breataine roinnte fós ina ghabhal-
tasaibh bheaga a cheannófaidhe thar barr amach; níor
hiompuigheadh fós ar an riaghaltas so atá i gceist agat.



Mise. - Cá bhfághann na saothruidhthibh sin a bhíos ag
obair go cruaidh an t-airgead atá i dtaisge aca, má's
fíor, le n-a ndéanamh neamhspleadhach ar thuitim i n-aois
dóibh?


L. 146


An Taise. - Sa stoc-chiste puiblidhe ar ndóigh, nó i
dtaisge ag an riaghaltas, agus iad-san dhá chur sa
gciste céadna dhóibh. Agus tráth ar mian leo a gcuid
airgid a tharraing, creidim go bhfuil sé le fagháil aca
gan ceist a chur ortha.



Mise. - Atá: cé go bhfuil an Stát briste tá gnótha
dhá dhéanamh fós aca. Agus dearbhuighim-se 'na dhiaidh
sin nach i gciste ar bith atá a gcuid airgid ag na
daoinibh bochta macánta sin. Glacaid admhughadh ar
a gcuid airgid, agus gan a fhios aca acht an oiread leis
an amadán cá bhfuil an t-airgead. Níl aon dul ó
sgrios, ar ndóigh, ag an dream deireadh a mbéidh a
gcuid airgid sa gciste sin aca. É sin dá ngoirthear
an chreideamhaint náisiúnta (nó an “national credit”)
níl ann acht dubh-chneamhaireacht náisiúnta, agus déan-
faidh sé éirghe shlighe ortha fa dheireadh go cinnte (cé go
bhfuil síneadh láimhe do lucht páipéar nuaidheacht as ucht
a mholadh, agus a bheith dhá rádh gur cóir muinighin a bheith
as, agus nach bhfuil comhaireamh ar bith ar mhaoin na
ríoghachta). Acht níl ór ná maoin ins an stoc-chiste
céadna so, ná tada eile ó neamh a d'íocfadh na daoine
bochta úd lá an cháirde, níl tada ann acht muinighin.
Agus tá siad ag tabhairt a gcuid airgid ar ghaoith.



An Taise. - Acht nach maith agus nach iongantach a
ghníos sé cúis! Féach féin a bhfuil de dhaoinibh ann atá
go socamhlach ar an teacht isteach atá i n-éadan na
bliadhna aca as an admhughadh atá aca, seadh, agus
fágann siad an t-admhughadh le n-udhacht ag a gcloinn,
nó ceannuighid talamh nó earraidh eile air, agus gan a
fhios aca gur gaoth atá ann. Féach a bhfuil de bhrabach
as na gnóthaibh a déantar thríd an gcreideamhaint mhór
náisiúnta sin, féach a bhfuil ina cleitheamhnas. Cad


L. 147


chuige nach rachadh sí chun cinn agus nach leathnochadh as
cuimse, nó ar a laghad nach leathnochadh thar teorainn?



Mise. - Mar, mar nach bhfuil aon bholsgóid fa'n
ngréin nach é a pléasgadh atá i ndán di nuair a curtar
an iomarca gaoithe innti; mar tá sé i ndán don bhréig
a bréagnughadh fa dheireadh (buidheachas do Dhia) dhá
mhinicighe dhá ndéantar í, dhá mhinicighe dhá nglactar í,
dhá mhinicighe dhá ndéantar a dearbhughadh agus a hath-
aithris. Nach mar sin atá sé sgríobhtha i leabhar mór
Thomáis seagainne, agus i leabhraibh na nádúire, agus
na staire, agus is mó ná sin arís iad, agus sgríobhtha
freisin le peann iarainn? “Is éifeachtach é an
briseadh.”



An Taise. - Cuir i gcás gur fíor sin go léir, mo
chuid-sa dhe ar chuma ar bith, is doilghe liom léir-sgríos
a theacht ar shaoghal trom-thorthach, glan-fholláin agus ar
achtáil lán-bhríoghmhar den tsamhail sin. Is breagh an
t-amharc é agus is beodha.



Mise. - Acht tabhair fa deara go maith an t-amharc
breagh soin ar a chúlaibh, agus féach, chífe tú spreangaidí
fada agus blaosga buidhe ó Sgibirín! agus taisí na
n-Indoos dhubha ar cailleadh na milliúin aca ins na
hIndiachaibh den ghorta.



An Taise. - Ní féidir ar ndóigh nó tá leigheas éigin
ar an anachain sin; mar atá, a freastal go glic, agus
reachta céillidhe a dhéanamh; níl aon cháll na taisí ná
na séaclaí a bheith ann, ná aon bhaint le bunadh na
ngnótha aca.



Mise. - Níl aon déanamh dhá bhfoireasbha, agus gach
uile uair dá gcaithtear is amhlaidh is riachtanaighe iad.
Níl aon tír dá gcuire Sasanaigh a gcrúba go daingean
i bhfastódh innti nach súghfaidh agus nach ndiúlfaidh na


L. 148


Sasanaigh go cnámh agus go smior í, do chothughadh na
cealgaighe milltighe úd. Agus cuallacht atá dhá
bristeadh ó's dual dóibh a bheith ag á gcothughadh féin ar
chreideamhaint bréige, ní fuláir dhóibh iad féin a chur
thar a bhfulang níos déine gach lá, agus géarughadh ar
an déine go ndéantar brusgar críochnuighthe dhíobh. Ní
mhairfeadh Rud mór na Breataine anois d'oireasbha
gach uile sheibhte dá bhfuil aca. Ní sheasfadh Impireacht
na Breataine (.i. an Stoc-chiste bréige) seachtmhain
anois gan na hIndiacha; ní gheobhadh sí uair a chluig de
shaoghal d'oireasbha na hÉireann; chuir an Rud é féin
thar a fhulang agus tá sé sa riocht sin agus (ó's
bolsgóid é i n-áit a bheith 'na chruinne cheart criostalda
ar an spéir dó) go leigfeadh an corughadh is lugha ar
bith an ghaoth as, agus annsin thuitfeadh an drioll ar an
dreall ar fad aige. Nó fuath labhartha eile ag tagairt
don rud gránna, is geall le pyramid 'na sheasamh ar
a mhullach é, dá mbuailteá speach air leagfá é. Mo
bheannacht-sa go deo don té bhuailfeas an speach soin
air.

An Taise. - Agus an tré fhaobhar claidhimh agus tré
chogadh atá gach uile athrughadh le theacht ar an saoghal?
Tabhair-se fa deara, rud beag, a bhfuil d'uathbhás ag
baint le cogadh.



Mise. - Tabhair-se fa deara rud beag a bhfuil
d'uathbhás ag baint le gorta a d'fhulangófaidhe fa shíoth-
cháin agus fá reacht, ní gábhadh dhuit aon stró mór a chur
ar t'aigne, óir chonnaicis le do dhá shúil é, agus fiar-
fuighim díot cé aca is fearr: imtheacht as go faon-lag
fadálach eitreorach, fa ocras agus fa anshógh, gan
croidhe, gan misneach, gan meanmain, gan tapa, gan
mhothughadh, gan arann, go n-imthighe an chiall agus go


L. 149


mbéidh tú 'do sgáile gan a bheith marbh ná beo dhuit,
cé fearr sin ná cos-i-dtaca a chur leis, agus do mhíle
dícheall a dhéanamh, cabhair iarraidh ar Dhia, dubhshlán
do námhad a thabhairt agus an deoir deireadh de do
chuid fola a dhórtadh ar do shon féin animam exhalare
opimam? Cé aca ab fhearr? Ní headh, acht cé b'fhearr
leith-chéad míle fear a mharbhadh i gcogadh ar son an chirt,
agus a mbeith ionnraic, ná go marbhochadh an gorta
salach, suarach míle fear go síothchánta? Cé aca
anachain is milltighe: an gorta do mharbhadh na ndaoine
ar feadh trí shéasúr i ndiaidh a chéile de rinn claidhimh an
allmhuraigh, cé go mbeadh an dúthaigh lán de bheathaidh,
agus galraí agus dubháilce agus úirísliughadh fhágáil na
dhiaidh dhó, nó deich mbliadhna fichead a chaitheamh ag
troid, nó go ndíbreochaidhe an t-allmhurach as an tír,
cé go bhfágfaidhe an tír 'na fásach dá bharr? Mara bhfuil
fhios agat cé aca is uathbhásaighe dearc ar Éirinn. Iad-
san a marbhuighthear le faobhar claidhimh, ar Ieremiah
fáidh, is fearr dhóibh é ná iad-san a marbhuighthear leis an
ngorta; óir imthigheann siad so as d'oireasbha toradh
na talmhan.



An Taise. - Feicthear dhom nach bhfuil aon ghéar-riacht-
anas le ceachtar aca. Na deagh-dhaoine a bhfuil súil
aca go n-éireofaidhe as cogadh amach 's amach, ní móide
gur dearg-amadáin iad 'na dhiaidh sin.



Mise. -



Sin é deir Aristophanes. Tabhair fa deara an rud
adubhairt Homer freisin -



An Taise. - Leig de do chuid ráidhte coláiste.



Mise. - Leig thusa mar sin de do chuid seafóid


L. 150


chainte i dtaobh leigean de chogadh. Níl an nádúr gan
dlighthe. Is de bhrígh gur múineadh do Ghaedhealaibh leis
an mbrostughadh a dhéanamh go síothchánta agus iad fa
dhaor-smacht, gur measa dhóibh an gorta atá mar phláigh
ortha ná dá gcaithidís bliadhanta fada ag troid. Ó
thárla nach dtroidfidís b'éigin dóibh lobhadh, ionnus go
gcuirfidhe i n-iúl dóibh fa dheireadh gur peaca marbhtha
dhóibh glacadh agus géilleadh go foighideach do chuing
an eachtrannaigh.



An Taise. - Sin é adeire, acht ní mór liom adhbhar
éigin d'fhagháil uait. Níl an nádúr gan dlighthe acht ní
thusa an té nach ndéanfadh earráid ag míniughadh na
ndlighthe sin. An bhféadfá ceist a agradh? An
dtiubhrá adhbhar?



Mise. - Ní thugaim adhbhar. Nílim acht dhá rádh.
Deirim rud go dúthrachtach, déanaim rud a theagasg
go teanntásach, acht go deo ní dhéanfainn ceist a
agradh leat. Siúd é a cheapaim, nílim ag iarraidh ort a
theacht liom ann, acht glac é nó fág é.



An Taise. - Níl locht air, acht gach ar thárla le gairid
chím gur mhúin sé a mhalairt de cheacht do mhuinntir na
hÉireann. Is mó a ngéilleadh do shíothcháin agus do
reacht ná riamh is cosmhail, agus taisbeánann mac
Dhomhnaill Uí Chonaill dóibh an díbirt agus an daoradh
a tugadh ar “Éire Óg,” nuair a ruaigeadh thar sáile
iad, agus cuireadh i ngéibhionn iad, agus deir annsin:
Féach an aoide atá i ndán do dhaoinibh nach ngéillfeadh
do theagasg síothach reachtach an Fhuasgaltóra! Agus
tá cluas mhór aca dhó.



Mise. - Agus an é meon na nGaedheal seafóid sin
mhic Dhomhnaill, an é a meon na daoine bheith ina sost, a
bheith go gruamdha, a bheith gan airm ina lámhaibh, acht


L. 151


gubán ina mbéal? Ná tarraing chugam mac Dhomhnaill.
De bhrígh mhodhamhail a ghein a athair é, agus le foighid agus
cur leis a rug a mháthair é. Dearbhaim-se dhuit go bhfuil
meanma agus tuisgint i nGaedhealaibh fós, agus béidh
fhios ag an saoghal sin lá éigin. A Dhia! go dtugair
dham an lá sin d'fheiceál. Dá mbeadh oiread de
bheodhas agus de spreaca sa sean-chunablach so, an
lá mór sin, agus go bhféadfainn seasamh fa bhratach
ghlas-uaine na hÉireann, nuais bhéas cineadhcha agus
daoine agus náisiúin an domhain agus a meirgí i n-áirde
aca sin é a n-iarfainn.



An Taise. - An ag tagairt do chath Armageddon
atáir? Tá fhios agam go rabhair ag léigheamh na Sean-
Tiomna le goirid.



Mise. - Seadh. “Cé seo a thagas ó Edom: le
éadaighibh daithte ó Bozrah? É seo atá go glórmhar
ina éide, ag taisteal i mbrígh a nirt? Cad chuige an
bhfuilir dearg in do chuid éide, agus do chuid éadaigh
ar nós an té shiubhladh i ndabhach an fhíona? Do shiubhlas
ar dhingeoir na bhfíon-chaor liom féin, agus ní raibh
duine im' fhochair: óir siubhlfad ortha i bhfeirg agus
déanfad a satailt tráth a mbéidh cúthach orm, agus
béidh a gcuid fola ar mo chuid éadaigh, agus salochad
mo chuid éide go léir. Óir atá lá an díoghaltais in mo
chroidhe.” Agus tráth a gcuimhnighim ar Éirinn agus ar
ar fhuiling sí, cuimhnighim ar mhian a bhí ag Dáibhidh Rígh:
“Go dtumtar do chos i bhfuil do námhad, agus go mba
dearg teangacha do mhadraí ón gcéadna.”



An Taise. - Mallacht! Nach uathbhásach an aigne í!



Mise. - Á! níor mhór stoirm láidir a ghlanfadh an
t-aer go breagh. An t-aer glan a bhí ann, tá sé
reamhar, trom le gal mharbhtha dhíoghbhálach, agus is beag


L. 152


an dochar dhó é agus a bhfuil de sheafóid ag imtheacht.
An bhfuil fhios agat, nó an dtuigir, b'áil liom a rádh,
marach corr stoirm a theacht ar na hIndiachaibh Thiar so
atá comhgarach dhúinn, gur gearr a mhairfeadh aon ain-
mhidhe beo ortha acht na crogaill agus ainmhidhthe neamh-
ghlana?



An Taise. - Is fíor sin, tá an chosamhlacht eatortha.
Acht níor tugadh le tuisgint dom go gcuirid na daoine
stoirmeacha ar bun i ns na hIndiachaibh Thiar, ná go
n-iarraid ar Dhia a gcur chuca. Cuimhnigh go bhfuil na
gaoithí ar fad ina ghlaic ag Dia, agus go leigean sé
stoirm amach tráth a cheapas sé a bheith feileamhnach.



Mise. - Agus cogadh freisin, acht nach mar a chéile
an deis oibre bhíos i gcomhnuidhe ag Dia. Nuair a
theastuigheas stoirm a ghlanfadh aer na spéire, cuireann
coimhthionól agus toghairm ar a bhfuil de shrothaibh aeir
ó Chancer go Capricornus, má's tais nó tirm, tiugh nó
tanaí iad, agus ar shéideadh do stoc na tóirnighe,
gluaisid na gaoithí i ndiaidh a gcinn rompa, fa n-a
n-ilmheirigibh néall, go dtugaid an luath-ruaig lán-
domáisteach sin fa úrchoilltibh bearraighe, go ndéanaid
seolta na muillte siúcra a strócadh agus a réabadh,
agus go bhfágaid banncanna na tíre léirsgriosta. Acht
tráth a séideann an stoirm fuatha tar dhruim an
domhain, tráth a bhfuil riachtanas le cogadh agus le
iompodh ar riaghaltas (agus sin í an bhrígh mhodhamhail dá
ríribh) do ghlanadh agus d'aithbheodhchan agus do dhúiseacht
an domhain as a chodladh suain, bíonn uirnis eile
annsin ag Dia fa na chomhair sin, mar atá, an duine.
Óir chomh cinnte dearbhtha agus atá na gaoithí ina ghlaic
ag Dia uile-chumhachtach, tá gaoithí agus stoirmeacha
feirge an duine freisin ina ghlaic aige; agus fós gach rún


L. 153


dá ndéanann an duine, dhá chéillidhe agus dhá staidéar-
daighe é; agus má chuireann duine i n-aghaidh lucht an
anfhorlainn agus cúthach feirge a bheith air, má bhíodhgann
sé le truaigh don té ar cuireadh an bhréag agus an
éagcóir air, le buile-chúthach fa'n éagcóir agus fa'n
mbréig, agus le meas air féin, má ghabhann sé arm go
dtroide sé lucht an uilc chian-aosta úd, deirim-se leis:
ionnsuigh iad i n-ainm Dé na Sluagh!



An Taise. - Acht b'éidir dul amugha a bheith ort.
B'éidir dhuit a bheith ag troid ar thaobh an diabhail agus
an buile-chúthach sin ort.



Mise. - Gach uile dhuine dhá dtéighidh sa troid seach-
nuigheadh sé é féin ar sin.



An Taise. - Déanfaidh sin, ní beag sin de. Chítear
dhom go bhfághaim boladh na gcorp. Níor mhaith liom
gur mise bheadh ag bríonglóididh ar an méad sin fola.
Agus go mb'éidir don chás a bheith do réir d'agartha -



Mise. - Ní ghním a agradh.



An Taise. - Do réir mar adeire, d'eile, go mór-
ghlórach; mar sin féin, níl sé d'oibliogáid ar dhuine go
mb'áilleacht leis stoirm feirge is díoghaltais, acht an
oiread leis an stoirm gaoithe a ghníos an léirsgrios.
Cé nach mór don olc a bheith ann, is mairg dó-san tré
n-a mbéidh sé ann! Mo thruaigh agus mo mhairg é, má's
í an ghairm sin is togha leis a chuireas gáirdeachas ar a
chroidhe. Is mór an t-uathbhás, agus an mí-fhollántas,
agus is le bheith d'oireasbha céille do dhuine a bheadh
áthas air daoine fheiceál ag cneadach ag saothrughadh báis
dóibh, nó na cuirp d'fheiceál fa lorga na gcapall agus
na héadaigh tiugh le fuil - agus is mí-nádúrdha an rud
dhuit-se é, de dhuine a bhí i gcomhnuidhe go síothach. Agus
dá mbeimís 'nar Manichaeans, agus dá gcreideadh sinn


L. 154


go bhfuil sé 'na dhearg-ár do shíor idir spioraid an
aidhmhillte, spioraid an mhí-eagair agus spioraid an
dorchadais do leith agus spioraid an Úird agus na
Maitheasa den leith eile, cheapfainn 'na dhiaidh sin gur
olc an roghain ag an té sin í chuireas é féin fa bhratach
Ahriman, óir is ar sin atá fonn rud a mhilleadh, agus
gan tada a thógáil ná a chruthughadh.



Mise. - Éist liom arís, a Thaise! Féach an domhan
so, tá daoine na gcomhnuidhe air, tá carraigreacha agus
cnuic úrárda air, agus machairí bláthmhara, tá sé go
síoruidhe ag fás agus ag dul d'éag, dhá bhreith agus ag
fagháil bháis; féach an ghaoth agus an stoirm, na lasracha,
an fhearthainn agus na clocha sneachta, féach tuilte na
habhann agus tonntracha borba garbha na mara, a
ndéanaid de ghearradh agus d'ithe, nó go mbíonn
uachaiseacha déanta aca, agus bruachanna agus cnuic
leagtha ar lár, go measgtar tré n-a chéile iad, agus go
dtí na cathracha uaibhreacha féin, go dtuitid ina mbusgar,
ionnus go mbéidh gach cathair ina cuailín cnámh fa bhun
an domhain chraosaigh, mar a bhfuil Helice agus Buris
anois, agus Sodom agus Gomorrah. Léirsgrios é sin
dar leat. Acht féach ina cheann sin, na teinte íochtar-
acha d'oidhche is de ló ag déanamh cnoc eibhir as a nua
den tsean-bhrusgar arís, dhá múnláil i dtréan-shornn,
go ndéantar magha nuadha fa'n bhfairrge mhóir, gan
de thoradh anois ortha acht feamainn chas-dualach; acht
tiocfaidh an lá a dtiubhraidh siad barr breagh buidhe
arbhair. Agus srotha na mara, tá clasganna bréana
dhá ngearradh aca ar thóin na fairrge, i bhfad ó sholus na
gréine, agus cairt lobhtha ortha, acht feicfidh siad an lá
gur aibhne i ngleanntaibh ar thalamh tirm iad, agus clocha
niamhracha solusda ionnta. An dtógfá-sa ort féin a


L. 155


rád annsin gur measa an obair atá dhá dhéanamh ag an
stoirm agus ag na lasrachaibh a ghníos an leagan, an
t-úirísliughadh, agus an milleadh ná tá dhá dhéanamh
ag na teintibh agus ag na cumhachtaibh íochtaracha eile
nuair a chuireas siad cruth agus cuma agus cosamhlacht
nua ar an saoghal? An amhlaidh gur mó is naomhtha na
teinte íochtaracha ná na teinte uachtaracha? An i
bhfabhar Ahriman atá na huisgí atá os cionn na firma-
meinte, agus i bhfabhar Ormuzd na huisgí atá fa'n
bhfirmameint? An bhfuil aithbhear agat ar na lasrachaibh
fa rádh is go ndéanaid sprúdhánaigh agus steig meig de
neithibh, gan tada a chruthughadh! Nó an amhlaidh go bhfuil
casaoid dhá dhéanamh ar an stoirm agat de bhrígh go
leagann na teampuill agus nach dtógann iad? Nach
léar dhuit féin cumhachtaí agus timthirí sa domhan
spioradálta, agus sa domhan neamh-spioradálta chomh
maith le chéile, agus gurb eadh is feidhm dóibh rudaí
a chur tré n-a chéile agus a mhilleadh agus a chur as a
gcuma ar fad, agus cumhachtaí eile gurb eadh is feidhm
dóibh cruth agus eagar a chur ar rudaibh? Nach bhfuil
sé chomh nádúrdha agus chomh riachtanach, mar sin, rud a
mhilleadh le rud a chruthughadh? Ní headh, acht an bhfead-
arais dom cad is cruthughadh agus cad is milleadh ann?
Is cruthughadh é an milleadh so: is breith bás agus



“Tagann an beo ar nós an lusa as an marbh.”



Leig dhom; níl aon tógáluidhe ann mar an té iompuigh-
eas ar rudaibh go ndéanaidh cothrom iad. Mar sin
glac misneach, agus glacadh gach uile Shéimín agaibh
misneach, seas ar son an chirt, agus an obair atá
ceaptha dhuit déan í, chomh maith agus tá ionnat, is cuma
ce'n tsíonaighil a bhéas ag sluagh na seafóide. Áit árd,
uaibhreach ar bith i bhfeicfir fear deagh-labhartha na mbréag,


L. 156


agus é dhá reamhrughadh féin tré allus cnámh na mbocht,
tarraing anuas agus stróic anuas é, bain de go mbidh
sé nochtuighthe, agus annsin caith uait i dtigh diabhail é.
Áit ar bith i bhfeicfir tíoránacha craosta go géar dógh-
rainneach ar bhochtaibh (dá mba ar lucht an reachta é),
déan iad a throid go teann ar bhuille boise, téighrigh i
gcogar, i gcumann agus i gcoimhthionól ina n-aghaidh,
agus ná téigheadh iabh ná forus ort go stracair chun
talmhan an anachain mhallaighthe, dá mba é gnáth-shaoghal
na daoine a chuirfeá as a lúdrachaibh leis. Ná bac
thusa le stoc; an rud soin dá ngoirthear consols, má
tá sé dhá chothughadh féin tré bhréagaibh agus tré mheall-
tóireacht, strac anuas é sin chomh maith. Ná cuireadh sé
aon imnidhe ort an pobal a bheith tré n-a chéile, ní féidir
dhuit rudaí a chur tré na chéile chomh dona agus bhíodar
ar dtús. Ná bíodh faitcheas ort, ní raibh aon choim-
measgadh riamh ar rudaibh nach bhféadfaidhe eagar a chur
arís ortha. Tógfaidh an daosgar-shluagh forais mheas-
amhla acht a nglacaidh siad comhairle le chéile. Ná
spáráil tada; oibrigh leat go háthasach, do réir mar is
feidhm duit, agus déan do dhícheall, agus nuair a bhéas
críoch le do chuid oibre, agus nuair is mithid tosughadh
ar a mhalairt de chruth a chur ar an saoghal, tosuigh ag
tógáil arís, má táir deas air sin a dhéanamh, mara
bhfuilir, leig do dhaoinibh eile a gcuid féin oibre a
dhéanamh agus leig thusa do sgíth ó thárla do ghnótha
déanta agat. Glacaighidh misneach, a Shéimíní! timthirí
Dé sibh-se freisin.



An Taise. - Le seacht bhfocal a chur i bhfocal is
amhlaidh a mheasfá a thabhairt le tuisgint dom go
dtarraingeochá cogadh agus ár ar do thír de bhrígh gur
céillidhe an rud é.


L. 157


Mise. - Sin é é go díreach. Ar mhaithe leis an gcol-
ainn amháin a mholfainn an fhuil a dhórtadh.



An Taise. - Agus ní bhainfeá sásamh de Shasana fa
n-ar fhuilingis féin ar leith.



Mise. - Sásamh! Fuiling ar leith! Fiarfuighim díot
nach é an rud céadna go díreach atá fúm a dhéanamh
anois a bhí fúm a dhéanamh dhá bhliadhain ó shoin, nuair
nach raibh aon rud ar leith dhá fhuiling agam? Nach é an
dúthracht céadna atá ionnam anois a bhí ionnam an uair
sin? Maise go deimhin, maidir le lucht an chogair a
rinne “méirleach” díom, agus a shac isteach fa ghlas
annso mé, níl aon olc agam dóibh faoi sin. Níl aon
aithne shúl agam ortha, ní fhacas ariamh an tighearna Seán
Ruiséal, ná an tighearna Clarendon, ná ní dhéanfainn
aon dochar dhóibh dá bhféadainn féin é. Measaim nach
ndíoghalfainn ar dhuine olc a dhéanfadh orm féin; acht
ar chuma ar bith, ní dhearnadh aon olc ariamh orm chomh
dubh sin agus go raibh fonn orm a dhíoghal ar dhuine.
Níl de dhíoghaltas uaim acht ceart a bhaint amach ar son
mo thíre dhúthchais; an éagcóir a rinneadh uirthi-se, is cuid
de'n éagcóir í a rinneadh orm-sa. Ní mór do Ghaedheal-
aibh iad féin a dhíoghail, go cinnte, acht má seadh, sin
díoghaltas phuiblidhe, agus ceist phuiblidhe. Siad na
Sasanaigh iomorra an bíodhbadh mór puiblidhe. Na
Sasanaigh go hiomlán atá ag déanamh na díoghbhála tré
n-a Riaghaltas, agus dhá déanamh go héifeachtamhail fa
órdughadh riaghalta, dhá déanamh tré lucht páipéar nuaidh-
eacht agus tré chainteoiribh puiblidhe, tré lucht eaglaise
agus tré fheisiribh. Tá an díoghbháil agus an éagcóir dhá
déanamh ar Éirinn fós aca, tá díoghbháil agus éagcóir
ndéanta aca, agus tá fútha tuilleadh a dhéanamh. Caithfear
iad a smachtughadh, creidim-se gurb iad na Gaedhil a


L. 158


smachtochas iad, agus béidh a sásamh bainte ag Gaedheal-
aibh díobh annsin. “Ar an saoghal so a smachtuighthear
náisiúin a imrigheas éagcóir ar dhaoinibh, níl aon tsaoghal
eile rompa.” Agus ná habair-se na cionta a ghníos an
t-athair mar sin, nach ar an gclainn neamh-chiontacha a
díoghaltar iad; is amhlaidh é i gcomhnuidhe. B'éidir
d'athair a bheith dróbhlásach, agus go séanmhar, gan ceann
faoi, gan mí-mheanmain; acht is é an dealbhas atá i
ndán dá chlainn, agus an aicíd, an mhí-mheanma, an
lagar agus an easba. Rinne an t-athair an t-olc agus
íocfaidh an chlann as. Is rúnda iad oibreacha agus beal-
aigh Dé. Sin é an díoghaltas atá uaim, agus an díogh-
altas a mbéidh mé ar a lorg; cionta na Sagsan a chúit-
iughadh go puiblidhe leo. Déantar an ceart ar chuma ar
bith; déantar an ceart le Geadhealaibh i n-áit na héag-
córa, agus béidh mo shásamh-sa bainte amach fa'n éag-
cóir a rinneadh orm féin agus ar mo dhuine - óir is mó
an t-iomlán ná cuid de. Sin é, a dhuine chóir, teoir
mo dhíoghaltais dhuit, agus sin é an sásamh a bhfuil fonn
mo chroidhe orm a bhaint amach.



An Taise (agus é ag machtnamh). - Tá mórán den
cheart aige. Tá an bharamhail chéadna ag teacht dom
féin.



Mise. - Tá, is iondamhail go mbímíd ar aon fhocal
i ndeireadh na dála. Acht tá sé ag éirghe deireanach,
agus tá ar sáth cainte déanta againn. Ólaimís ar
n-allúntas rum, agus ólfad sláinte áirithe náisiúnta
leat - (agus d'éirgheas 'mo sheasamh agus labhras go
dúthrachtach) - “Triomughadh Cuisleannach!”



An Taise. - (agus gliondar air). - “Triomughadh
Cuisleannach!”



Mise. - Beannacht leat.


L. 159


An Taise. - Éist! sin é an t-árd-mháta ag teacht le
n-a chuid eochracha. Slán codlata agat.



(D'eiteall an Taise amach an fhuinneog, idir na ráillí.
Léim Mise isteach a chodladh.)


L. 160


An 6° Caibidil

Samhain 20°, 1848. - In mo chró dhom ar bórd an
Dromedary. Tá an príosún urchóideach so corruighthe
go mór indiu. D'éaluigh triúr de na daoraibh
aréir den Coromandel, long atá i bhfogus do m'áit
chomhnuidhe. Oidhcheanna áirithe den tseachtmhain,
bíonn sgoil aca ar na longaibh príosúin annso, aon
daor a thogrochadh tada d'fhoghluim, agus b'oidhche sgoile
í an oidhche aréir ar an Coromandel. D'iarr an triúr
fear réamhráidhte, ó dhuine go duine, cead a dhul
amach ar an ngob cosnamha sa dorchadas, agus ó bhí
clagairt bháistighe ann, ní dheachaidh aon choimhéaduidhe leo.
Tá an gob sínte amach sa bhfairrge, agus gan aon bhárda
ar an gceann amuigh dhe. Rith an triúr amach go dtí
n-a cheann, amach leo sa bhfairrge ina gcuid éadaigh,
mar bhíodar, agus shnámhadar treasna béal an dug gur
shroicheadar talamh thall agus gur ionnsuigheadar amach
fa'n tuath. Tugadh an fuagra ar an toirt, agus chuaidh
na bhárdaí amach gach uile shlighe. Gabhadh duine, acht tá
an bheirt eile gan ghabháil fós. Tá na hoileáin go léir
fútha le dhul i bhfolach, agus na hoileáin chomh gar sin dá
chéile agus go bhféadfadh duine an muinéal cumhang mara
atá eatorra a shnámh go réidh, agus cloch ghlas atá ins na
carraigreacha móra le fairrge, agus uachaiseacha móra
ionnta, i gcruthamhnas go mb'éidir go mba deacair an
bheirt d'fhagháil go ceann tamaill. Chuadar ag goid
i dtosach is cosmhail, as teach, agus as stór, gur hóbair


L. 161


dhóibh an t-anam a sgannrughadh as muinntir an tighe,
agus thugadar leo riar briosgaí agus rum. Ghabhadar
bád annsin agus chuadar amach ar fairrge ar
shúil agus go mbainfidís an tOileán Úr ó thuaidh amach.
Dá n-éirgheadh leo glanadh amach de na hoileánaibh aon
uair amháin, is é is dócha go sroichfidís Charleston nó
cuan Chesapeace (mar rinne ceathrar daor anuraidh i
mbád fada éadtrom), acht buaileadh an bád ar mheall
gainimh agus fríth fágtha annsin í ar maidin indiu.
Caithfidh sé go bhfuil siad ar oileán éigin díobh so fós, óir
níl aon bhád eile ar iarraidh. Tá an tóir go dian 'na
ndiaidh indiu, agus níl aon oifig téadagáin ann gan an
fuagradh bheith thuas ó mhaidin air gur éalaigh daoir. Tá
faire dhá dhéanamh ar gach uile bhád anois, agus is dóigh
liom nach bhfuil dul ó ghabháil ag na bitheamhnaighibh bochta
mífhortúnacha. Feannfar beo iad, sin é a bhfuil ann.



21°. - D'fhill na bhárdaí ar ais trom tuirseach le
breacadh an lae, agus gan tuairisg ná fáirneis aca ar
an mbeirt. D'órduigh an goibhearnóir an t-arm a
thabhairt amach, agus fa cheann cheithre huaire fichead ní
bhéidh poll ná cuas ná cuan, uachais ná brocais ná
doire coille cedir ina ríoghacht nach mbéidh ina chosán
dearg aca. Is contabhairteach le Caiptín Elliot a leith-
éid sin de phátrún a bheith dhá thaisbeánadh ag daoraibh, is
cosmhail, de bhrígh go bhfuil mise de chúram air - is
mór an onóir leis mise bheith de chúram air. Tá súil
agam na truagháin, go n-éireochaidh leo éalughadh, mara
n-éirghidh is uathbhás an smachtughadh a cuirfear ortha.



22°.- Tá siad gabhtha, agus tugadh ar ais iad agus
slabhraí troma ortha. Fríth duine aca agus éadaigh mná
air. Tháinig an goibhearnóir féin i nOileán Éireann
ar maidin indiu, cé gurb é an Domhnach é, go dtugadh


L. 162


órdughadh ar leith i dtaoibh an ghearradh atá le tabhairt ar
na daoraibh seo i mbáireach. Dearg-bhúistéaracht foirm-
each atá le tabhairt ortha. D'fhágadh gach cuirptheach a
lasgadh roimhe seo ar bhórd an long príosúin ar a mbíodh
sé na chomhnuidhe, acht feannfar an triúr seo ins gach aon
long príosúin de na trí cinn indiaidh a chéile, agus
gheobhaidh siad fiche laisg sa gceann aca .i. trí fichid
laisg ar fad an duine.



Tá an Hireach .i. fear ionaid an ghoibhearnóra, go
han-mhór ann féin indiu. Is é an fear ceannuis i
gcomhnuidhe é ar ócáid den tsórt so, agus obair í
nach bhfuil gan taitneachtáil leis. Sean-oifigeach dúr
maraidheachta é, atá ina fheadhmannach annso le cheithre
bliadhna fichead, agus laisg mhaith thiugh naoi-ndualach,
a mbeadh naoi snaidhm chruadha ar gach dual díobh, an
coimhéad is fearr dar leis ar Reacht na Breataine.
Ní thigim leis sa méid sin i dtaobh an reachta; an Habeas
Corpus a chur ar gcúl, agus fromhadh magaidh a thabhairt ar
bhíodhbhadh an fíor-choimhéad is fearr ar an reacht áluinn
úd.



Níl aon ghrádh don tsean-oifigeach maraidheachta so
agam, cé gur múinte an duine liom é riamh ón dara lá.
Tá an lámh i n-uachtar aige annso le cheithre bliadhna
fichead ar na daoraibh is measa le fagháil, agus rinne
sin tighearnamhail é. Thairis sin féin, chítear dhom go
mbíonn boladh na fola i gcomhnuidhe air. Thugadh sé
súil ar mo chaipín go mí-shuaimhneach i dtosach, uair ar
bith a labhradh sé liom, amhail is dá gceapadh sé go mba
chóir dhom í bhaint díom, nó lámh a chur innti dhó - an sean-
phúdarlach Carthagíneach! Acht ní ceart dom a bheith ag
glaodhach leas-ainmneacha air, óir thug sé mórán leabhar
ar iasacht dom, agus tá sé chomh laghach liom agus tá ann


L. 163


a bheith le aon duine. Shaoilfeá go bhfuil sé gabhtha freisin
le mo hata bheith ina áit chóir.



Gan an lá i mbáireach thart!



23°. - Tá deireadh leis an léasadh. Tá na meithil d'éis
a dhul amach ag obair, acht cruinnigheadh i dtosach iad go
bhfeicidís an bualadh. An t-arm a tugadh amach ar an
bpíer, d'fhilleadar ar ais ar an sluaightheach; tá na
hoifigeacha agus na bhárdaí d'éis an fhuil a nigheachán
dá lámhaibh is dá n-éadan, agus tá na fithíní bainte as
a gcuid éadaigh arís aca. Tugadh na trí chunablach síos
go dtí seomraí an osbuidéil, agus iad stiallta,
stróicthe, leath-mharbh. Chualas duine aca go soiléir
ag gárrthaighil, cé go rabhas in mo chró ar feadh an ama,
agus an dorus dúinte agam. Tar éis a lasgadh ar an
Medway, caitheadh pluideanna tharta, agus a ndromanna
ag tabhairt fhola, agus tugadh go dtí an long so iad.
Dhá laisg dhéag a bhí buailte ar an gcéad duine aca,
agus é ag sgreadach go cráidhte, nuair a tháinig lagar
agus meirbhthean air. Héirgheadh as an sgiúrsáil ar
feadh naoi nó deich nóiméadaí, go ndearna an dochtúir
a aithbheodhchan, agus annsin fuair sé an chuid eile. Ní
raibh smid as an mbeirt eile an fhad is bhí a mbualadh dhá
fhagháil aca, acht chualas duine aca dhá fhuagairt ar an
oifigeach uair: “Ná buail taobh thíos den mharc, a
dhiabhail.” Bhíos ag siubhal thart ar fud mo chró agus
mé ag cogaint mo theangadh.



Ní headh gur éagcóir liom méirligh atá daortha a
bhualadh, nuair atá gábhadh leis, agus nuair theastuigheas
smacht a choinneál ortha. Acht a rádh go mbeadh saigh-
diúirí agus máirnéalaigh le bualadh mar bhuailfidhe
mada, cuimhnigh ar sin! An bhfuil cead ag saighdiúr
nó ag máirnéalach spioraid ná fearamhlacht a bheith ann,


L. 164


ná aon mheas a bheith aca ortha féin? Agus an mairfidh an
spioraid ann d'éis a bhualadh ar nós an mhadaidh? Níl
ar ndóigh, aon cheart ag duine mothughadh den tsórt sin
a bheith ann, má bhíonn sé i seirbhís na gCarthagíneach;
máirnéalach ná saighdiúr singil ná duine ar bith eile nach
bhfuil in' oifigeach, ná ceapadh gur fear é acht inneall.



Acht an méirleach féin, nuair atá a léasadh dhá fhagháil
aige, badh deise liom gan a bheith san áit a gcloisfinn é.



Mí na Nodlag 1°. - Leith-bhliadhain sa lá indiu a sheolas
amach ó chuan Chorcaighe ar an Scourge. D'éirigh an
aimsir fuar dorcha le goirid. Cé nach bhfuil an fuacht
céadna san aimsir annso atá i nÉirinn, is measa an
geimhreadh i mBermuda ná sioc agus sneachta breagh
fiúntach na hÉireann. Tá taise agus glaise agus
fliuchán sa ngaoith, agus thiocfadh sí go cnáimh agus go
smior thríot. Agus de dhéanta glan na fírinne, táim
go dona tinn agus ní chodluighim an oidche. Táim go
bocht leis an múchadh le dhá mhí mórán, agus níor sgar sé
duth ná dath liom ó shoin, agus d'oidhche is measa é. Níl
seachtmhain ó shoin nár chaitheas trí oidhche ar a laghad 'mo
shuidhe ar chathaoir sa bhfuacht agus sa dorchadas, feadh na
hoidhche. Tá mé chomh caithte leis an bhfeoig agus an
glór go lag agam. Is geall le gealbhan ar chírín an tighe
liom féin mé - Misneach!



Mí na Nodlag 2°. - Tá long an uigingigh tar éis a
theacht as Halifax arís go Bermuda agus an galtán, an
Scourge, i n-éinfheacht léithi. Caithfidh an t-uigingeach dubh-
luachair na bliadhna ins na hIndiachaibh Thiar, tiocfaidh
go Bermuda san earrach, agus anonn leis go gcaithe
sé an samhradh dhar gcionn i Halifax, i gcruthamhnas
gur tig le uigingeach loingis a bhfuil an fhairrge mhór
idir an rann Eorpa agus an tOileán Úr mar stáisiún


L. 165


aige, gur féidir leis samhradh a thoghadh dhó féin, agus an
samhradh bheith aige ó cheann go ceann na bliadhna, áit ar
bith go dtí leith-chéad grádh ó thuaidh de chrios láir na
cruinne, agus toraidh agus meas an tséasúir a bheith le
fagháil aige. Nílim i ndiaidh na sláinte ar an sean-duine
croidhe.



Níor bhacas le goirid le teideal na leabhar atáim a
léigheadh le sgathamh a chur síos - ó chaithfeas mé leabhra a
thabhairt ortha, d'oireasbha aon ainm níos fearr a bheith
agam. An fáth is mó a bhí agam leis, tá siad chomh fíor-
shuarach sin agus nach fiú cuimhniughadh ar a n-ainm amháin.
Iomshuidhe Bhieneadh, ó láimh Bean Pichler (Iomshuidhe
Sóbíescí, agus sgéal grádha atá fighte ina chéile i n-úr-
sgéal fada gan mhaith, seadh é an giota beag áluinn staire
sin); beatha Ualtar Scott, agus dligheadóir éigin de
mhuinntir Ailín a sgríobh é. Duine an-mhór ann féin
é an dligheadóir, go mór fada níos cumasaighe ná Ualtar
dar leis. Tá sé mar bheadh fear ann a bheadh go hárd
os cionn Ualtar, agus é ag dearcadh anuas ex cathedra
air, agus dhá mhíniughadh dhuit an síol ó n-ar geineadh é,
agus an gus, an bhuaidh, agus na tréithe a d'fhás ann, go
n-innsigheann do réir feallsamhnacht na histoire raisonnée
agus mar is fearr is féidir leis é, cionnus ar thárla gur
sgríobh Ualtar Scott na leabhra do sgríobh, agus ar an
modh agus an tráth dhá shaoghal ar sgríobh iad. A Thighearna
an domhain! nach linn a d'éirigh sé agus a bheith ann le
linn a bhfuil d'eolus ar an saoghal an t-am tá i láthair!
Is an-dóchasdamhail an-amaideach an leabhar í, leis an
bhfírinne a dhéanamh; acht leabhar eile atá mé a léigheadh
anois sháruigh sí arís í ar an dá mhodh sin .i. beatha Chouper
leis an Dochtúir Memes (sgríbhneoir é sin atá ar a lá
páighe ag sgríobhadh do cheannuidhe leabhar). Agus ní


L. 166


oireasbha cáilidheachta atá ar an sgríbhneoir, óir d'éirigh
leis leabhar chomh mí-mhaiseach a dhéanamh dhi agus b'fhéidir
le leabhar a bheith a thiubhradh tuairisg ar bheathaidh Chouper.



Nach bhfuil aon leabhar léighte mar sin agam acht
leabhra gan mhaith? Tá, a mhaisge! ceann den
chuid a fuaras as Éirinn .i. Rabelais. Tá cheithre im-
leabhar de ann, agus Pilib Crampton a bhuail i gcló iad;
ar Shráid Faithche an Choláiste i mBaile Átha Cliath atá
sé 'na chomhnuidhe. Ar feadh coicidhise choinnigh an
leabhar sin ag gáiridhe go breagh mé, agus sin iad na
gáiridhe a mb'fhiú gáiridhe a thabhairt ortha - bhí arainneacha
orm, agus gach uile bhall díom ar creathadh le gáiridhe.
Bhrostuigheadar an fhuil ionnam, agus ní fhuaras aon
leigheas mar iad, - léigheas an mhaith adubhairt Galen a
dhéanfadh gáiridhe geala mar iad. Is iomdha comhrádh
bhíos agam freisin le Shakespeare, agus is greannmhar
céillidhe an duine bhí ann; agus ó thángas annso léigheas
trí nó ceathair de na comhráidhtibh a rinne Plató
agus léigheas iad-san chomh dílis dúthrachtach agus dá
mba mac léighinn mé bheadh an dara bliadhain i gcoláiste.
Tá Béarla dhá chur agam focal ar fhocal ar an Politeia
- Béarla lom é, le cleachtadh a thabhairt dom féin. Sé
an fáth is mó atá agam leis, ionnus go gcuirfinn fa
ndeara dhom féin an Ghréigis a léigheadh ina ceart, agus
gan a bheith dhá slugadh idir chnámhaibh is eile.



Cúntas a thug oifigeach de mhuinntir Bhroin ar aistear
a rinne tré Bokhaia, agus suas sruth Indus, ceann
de na leabhraibh is deireanaighe ar leagas láimh air.
(Sir Alasdrom Ó Broin a bhí ar an bhfear 'na dhiaidh
sin). Agus ó cuireadh an leabhar i gcló thárla gur
thuit neithe aite amach a chuir iomrádh mór ar an
leabhar. Thairis sin féin ní holc an cúntas ar an


L. 167


aistear é. Cuireadh an Branach so go dtí na tíortha
réamhráidhte mar spiadóir (má's linn gan fiacail a chur
ar an bhfocal), ionnus go dtiubhradh an tír fa deara,
agus go bhfuigheadh sé tuairisg a d'fhoghnfadh do lucht an
Ghall-riaghaltais ins na hIndiachaibh, mar bhíodar-san ar
tí Lahore agus Cabool aionnsuighe agus a argain, go
múinfidís béasa do na daoinibh, go gcuirfidís éadaigh
codáis ortha, agus i ndeireadh na dála, go gcuirfidís
fa n-a smacht iad. Ar eagla go ndéanfainn dearmad
ar an méid sin cuirfead roinnt giotaí síos annso as
an leabhar - b'éidir go mbainfinn leas asta fós má
sgríobhaim - agus cá bhfios nach mbeadh sé i ndán dom
a dhéanamh - cúntas ar chúmhachtaibh na gCarthagíneach ins
na hIndiachaibh.



Bhí sean-Runieet Singh beo an tráth soin, agus
b'áluinn an sean-phrionnsa é; agus sé an leithsgéal a
thug ar an mBranach an t-aistear a dhéanamh, go dtugadh
roinnt capall cartach ó Bombay chuige mar bhronntanas.
An bealach ba dírighe, agus ba fusa, agus an gnáth-bhealach
go Lahore, ba tré Loodianah é, ar ndóigh, agus treasna
an Sutledge; acht aon rud amháin a bhí ón mBranach, níor
mhór leis fios d'fhagháil an bhféadfadh loingeas Shasana
a dhul suas an Indus íochtarach ón bhfairrge. Na triatha
(nó na Ameers) a bhí ar Scinde (.i. an ceanntar tré
a dtéigheann an abhainn íochtarach) bhíodar an uair sin gan
aon choimhéad ag Sasana ortha, agus ba hé rún daingean
na daoinibh bhí ionnta a bheith mar sin, agus dá bhrígh sin
d'fhaireadar go géar Sasanaigh bheadh ag teisteal an
cheanntair, agus níor dhócha rud dá ndéanfaidís ná
greim a choinneál ortha, agus ar an adhbhar sin, ars an
Branach, cuireadh bronntanais liom chum triatha Scinde
ionnus go mbeadh cosamhlacht níos fearr ar mo thurus,


L. 168


an lá go ndeachas bealach neamh-ghnáthach. Acht ní maith
gur thuig na triatha cé'n fáth na bronntanais; bhí aimhreas
aca, ar chuma éigin, ar an Sinon so agus ar a chaiplibh
cartach, agus pé aca sin é bhí margadh déanta leis na
Sasanaighibh, agus bhí sé sa margadh nach bhféachfadh aon
tSasanach le dhul suas an Indus gan cead d'fhagháil. Ba
é fad agus gearr an sgéil gur cuireadh moill ar an
mBranach agus ar a mhuinntir ag béal na habhann, an
fhad is bhí an triath bhí ar Hyderabad ag déanamh margaidhe
leis, ag coinneál chainte leis, agus ag caitheamh an ama.
Agus san am céadna cá bhfuil an té d'fhéadfadh labhairt
níos córa ná an Branach. A ndearnaidh sé de dhearbhadh
do thimthire leis an triath dar b'ainm Zoolfkar Shah,
shásochadh sé duine barbardha a mbeadh réasún ar bith ann.
Óir “d'innsigheas dó,” ars' an t-oifigeach, “má cheap sé
gur cuireadh annso mé le margadh a bhriseadh gur mór
an dul amugha bhí air i dtaobh tréithe na Sasanach, mar is
amhlaidh thángas do dhaingniughadh an choimhcheangail;
agus rud eile dhe, rud a gheallfadh oifigeach a dhéanamh
ní raibh aon dul ó choimhlíonadh aige.” Ba sásamhail an
rud go cinnte an t-oifigeach féin dhá rádh sin.



Nuair a leigeadh suas an sruth fá dheireadh iad, fuar-
adar amach ar an mbealach dóibh go raibh lucht riaghaltais
na tíre go han-chruaidh ar na daoinibh, agus go mbeadh
fearadh na fáilte ag na daoinibh roimh na Sasanaigh, dá
leigeadh na triatha, na bitheamhnacha, dhóibh. (Rud é sin
fhaghas na Sasanaigh amach i gcomhnuidhe i dtír ar bith a
dtogrochaidh siad aghaidh a thabhairt air). “Chuireamar
aithne mhaith ar na daoinibh agus bhí taithighe fhada againn
ar a ngnásaibh agus is lághaighe bhíodar linn ó thús ná
lucht an riaghaltais… Bhí an-chasaoid aca ar na
riaghluightheoiribh agus ba mhór an sgrios leo truimeacht


L. 169


na cánach, agus rl., agus rl.” Gidheadh bhí cuid aca, mhór-mhór
na sagairt agus na fir naomhtha, nach raibh chomh dall sin.
“Bhí Synd 'na sheasamh ar bhruach na habhann i n-aon áit
amháin, agus ar a dhul suas thairis dúinn dubhairt le n-a
chompánach, agus duine dár muinntir-ne ag éisteacht
leis, “Mo léan! tá deireadh le Scinde anois, ó chonnaic
na Sasanaigh an abhainn, óir sí an abha bealach an ghabh-
altuis. “Má tá i ndán.” ars an Branach, “agus gur
mar sin a bhéas, táim cinnte go gcuirfidh sé áthas ar
fhurmhór na ndaoine, agus go ndéarfaidh siad gur geal
an lá aca é,” Ní chuimhneochadh duine, tá fhios agat, ar
aon tír a ionnsuighe agus a argain san naomhadh aois
déag so, acht amháin ar mhaithe le muinntir na tíre - mar
gurab ag saothrughadh seibhtí na tíre bheidís.



Maith maiseadh, tá fhios againn gur éirigh an lá sin
ó shoin, má ba lá geal do Scinde é, agus i n-áit fáilte
a chur roimhe ar ndóigh is amhlaidh a rinne furmhór na
ndaoine rinneadar dearmad ar an rud a bheadh ar
mhaithe leo, agus throideadar go dásachtach i Meanee,
ag iarraidh iad féin a sheachaint ar an lá geal úd, acht
bhí lá chroidhe dílis aca ó Sir Caireall Napier, dá mb'olc
maith leo é, agus bhí sé chomh glan-dúthrachtach sin ar
mhaithe leo gur mharbh sé a lán díobh.



Shroich an Branach Hyderabad, agus thug cúntas do
réir a cheirde air, ionnus go rachadh an cúntas i dtosach
do lucht deagh-bhéascna. Mar so: dún, “gan ann acht
blaosg; claise, deich dtroighthe ar leithead agus hocht
dtroighthe ar doimhneacht; ballaí, chúig troighthe fichead ar
áirde, acht tá siad ag dul i léig.” Gan sgéal fada a
dhéanamh dhe, deir sé gur “áit é Hyderabad nach bhfuil
daingneacht ar bith ann, agus b'fhorusta strapadóireacht
a dhéanamh suas na ballaí agus an áit a ghabháil. Tá tur


L. 170


tiugh i lár an dúna, agus é dealuighthe ón gcuid eile den
daingean, agus feiceál ar an tír thart timcheall agat ó
bharr an tuir. Annsin atá an chuid is mó de shaidhbhreas
Scinde i dtaisge.” Tá an-tsium ag an oifigeach croidhe
sa tur agus ina bhfuil i dtaisge ann. Agus chuir sé an
cúntas i n-aguisín a chuir sé leis an leabhar freisin, mar
dhéanfadh lorgaire a bheadh briste isteach go maith. Is
eadh dubhairt sé i Stair Srotha Indus: “Tá le rádh go
bhfuil fiche milliún punt saidhbhris annsúd,” - sin é ciste
puiblidhe na tíre - agus trí mhilliún déag dhe ina air-
gead; seoda an chuid eile dhe; i ndún Hyderabad atá
an chuid is mó den airgead i dtaisge” - agus sin é an
dún atá sothógtha tré strapadóireacht. Agus go cinnte
go leor ghabh na Sasanaigh Hyderabad i gceann tamaill
agus ghoideadar a raibh sa tur. Acht má seadh ní raibh an
éadáil ann a cheap an spiadóir, de chuid mhór, ní raibh
ann acht aon mhilliún amháin punt, agus níorbh olc an
éadáil sin féin in aon bhaile amháin.



Comhartha saidhbhris ar bith d'fheicfeadh an Branach ar
mhuinntir na tíre, sin é an rud a gcuireadh suim ar fad
ann. Ar theacht go Khyrpore dó féin is dá mhuinntir,
tamall suas an abhainn ó Hyderabad, fuaradar fair-
singe agus féile agus flaitheamhlacht ó Thriath na háite;
fuaradar lón do thrí chaogad duine uaidh gach uile lá,
agus béilidh fa dhó sa ló ina theannta sin, i raibh deich mias
agus trí fichid bídh, agus “ba miasa airgid iad,” ars
an Branach. Bhí na daoine go han-mhí-shásta leis na riagh-
luightheoiribh i Khyrpore freisin, adeir sé. “Agus ní
fa rún atá siad mí-shásta acht an oiread,” adeir sé,
“is iomdha uair a chualamar daoine dhá ghuidhe go dúthrach-
tach ar fud na tíre go mba sinne úrthosach an tsluaigh
a dhéanfadh an tír a ghabháil.” Gidheadh ní leigfeadh an


L. 171


Branach a leithéid sin de smuaine le n'ais. Ba geall
le cailín neoid náireach é bheadh ag iarraidh cluanaidhe
bheadh ag suirghe léithi a chur uaithi. Reachtaire bhí ag
Meer Roostum Chan, cuir i gcás, tháinig chuige d'iarraidh
air coimhcheangal a dhéanamh leis, agus thosuigh dhá
cheartughadh dhó .i. don Bhranach, go raibh sé chomh maith dhó
a dhéanamh i n-am, “óir,” ar sé, “do rinne réalladóirí
a thairingireacht, agus tá sé i leabhraibh, go mbeadh seilbh
ag na Sasanaighibh ar na hIndiachaibh go hiomlán leis an
an, aimsir…” Tráth a bhfiarfochadh na Sasanaigh
cé'n chiall nár thairg an triath bhí ar Khyrpore coimh-
cheangal a dhéanamh, “d'fhéachas,” ars an Branach, “leis
an sgéal brónach a bhí dhá fheiceál don reachtaire a dhíbirt
as a aigne, acht ní raibh aon mhaith ann.” Leis sin
caochann an Branach an tsúil ar an léightheoir gallda
agus tuigeann an Sasanach é.



Shroicheadar tír na Daoodpootras, níos fuide suas ná
sin arís, agus chaith an prionnsa go fairsing agus go
flaitheamhail annsin freisin leo. “Bhí tuairim le míle
duine ag freastal air,” ars an Branach, “agus thugas
fa deara gur roinn sé argead ar na daoinibh ar a dhul
thart dó. Chuir an prionnsa so bronntanais luachmhara
chum an Bhranaigh féin, agus dhá chéad punt airgid, agus
dubhairt an Branach, agus é ag imtheacht ón bhfear croidhe,
nach raibh baoghal go ndéanfadh dearmad air-sean -
“dhearbhas dó gur fada an chuimhne bheadh agam air os
ucht a chórtas agus a oineacht, agus bhíos go fíor-bhuidheach
dhe.” Acht b'fhearr don phrionnsa go ndéanfadh an
Branach dearmad air!



Bhíodar ag tarraing ar Lahore fa dheireadh, agus
tháinig oifigeacha Seik ó Runjeet Singh fa n-a ndéin, ag
fáiltiughadh rómpa, agus ag tabhairt bronntanais chuca.


L. 172


“Thug gach duine aca sparán óir agus airgid dúinn
agus dubhairt an tÁrd-rí leo rí Sasana a fhiarfuighe,
agus tuairisg a chur an fada ó d'fhágamar Londain,
mar cheap an tÁrd-rí is cosmhail gur cuireadh anall
díreach ón rígh sinn. Thugas freagra iomchubhaidh ortha.”
Ní raibh aon chinne le n-a bhfaca an Branach de shaidhbhreas
i Lahore: an t-airgead, na slabhraí airgid, na postaí
leaptha óir, na seoda, na cuirtíní luachmhara, na héadaigh
síoda urláir, na filléid Cashmere, go gcuirfeadh sé
áilleacht ort léigheadh ina dtaobh. Agus nuair a bhí na
capaill cartach bronnta ag mo bhuachaill beachtaidhe .i. ag
an oifigeach, agus cúntas cruinn curtha síos aige ar
a bhfaca de sheodaibh agus d'iolmhaoin agus ar a raibh
d'áitibh laga ins na daingeanaibh, d'fhill ar ais treasna
an Sutledge gur shroich Bombay agus gur thug a raibh
de thuairisg aige. Moladh é do réir mar thuill sé é,
agus rinneadh caiptín de.



Gidheadh ba gearr go dtáinig an-fhonn air cuairt a
thabhairt ar an Punjab arís, agus a dhul chomh fada suas
le Cabool agus Bokhara. Bhí dhá eas-rí as Cabool ins
na hIndiachaibh an tráth soin, dá mb'ainm Shah Zemaun
agus Shoojah-ool-moolk, agus bhí bun-chíos aca ó Shasana.
Bhí sé ceaptha, ó thárla go raibh éagcóir dhá dhéanamh ar an
mbeirt, rí aca a chur ar ais agus seilbh a thabhairt ar a
dhúthaigh arís dó; acht na Sasanaigh bhí dhá gcumhdach ní raibh
fhios aca áirithe cia aca den bheirt a chuirfidís i seilbh,
acht bheadh sin do réir mar bheadh stáid na tíre agus do
réir an mhargaidh a bheadh na ríghthe féin toilteanach ar a
dhéanamh, sé sin do réir mar d'fheilfeadh do na Sasanaibh.
Níor mhór don Ghall-riaghaltas is-na hIndiachaibh dá bhrígh
sin, thar gach nídh eile, tuairisg iomlán d'fhagháil i dtaobh
Cabool, agus an bealach go dtí é, na mámanna a mb'éidir


L. 173


a dhul thríotha, an neart a bhí ins na treabhaibh agus an
chaoi a rabhadar suidhte in Afghanistan. Bhí dúthracht sa
mBranach freisin mar bheadh i mbuachaill beag séimh
sgoile a léighfeadh i dtaobh gabhaltas Alasdair mhóir,
i dtaobh áiteacha i ndearnadh gníomhartha móra gaisge
fa n-ar léigh sé agus é 'na ghasúr, agus i dtaobh rudaí mar
sin. Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, theastuigh spiadóir
cliste agus ba hé an t-oifigeach aerach úd an fear a
d'fheilfeadh go díreach.



Cuireadh deis fa chomhair an bhóthair ar an mBranach
arís, dá bhrígh sin, agus fuair sé cead sgur, amhail caiptín
i n-arm Shasana a bheadh ag dul ar ais don rann Eorpa;
ní headh go raibh faoi i n-aon chor filleadh ar an rann
Eorpa, acht dhéanfadh an sgéal sin cúis sáthach maith le
n-innsin do na daoinibh allta. Ar ndóigh nach raibh ciall
leis, caiptín ó Shasana a bheith ag filleadh tré na tíorthaibh
ar a thír dhúthchais.



Díreach treasna an Sutledge a chuaidh an Caiptín Ó
Broin go Lahore an turas so, agus bhí fáilte agus féile
agus laetheamhlacht ag Runjeet, an sean-fhear croidhe,
roimhe arís; gidheadh mhion-cheistnigh sé an caiptín i gcruth
is narbh oireamhnach leis-sean a fhreagairt go fírinneach.
“D'fhiarfuigh Runjeet thríd síos is thríd suas dinn i
dtaobh an aistir, agus d'innsigheas dó go rabhamar ag
tarraing ar ar dtír dhúthchais, óir níor fheil dúinn fáth
ar dturais go hiomlán a nochtadh dhó.” Sé sin, dubh-
radar leis go rabhadar ag dul go Sasana. “D'iarr sé
orainn,” ars an Branach annsin, “litir cháirdeasa a
thabhairt go rígh Shasana uaidh féin.” Is amhlaidh dubhairt
an duine uasal galánta: “níor fheil dúinn fáth ar
dturais go hiomlán,” agus rl., de bhrígh gur innis sé ar
fheil de bhréagaibh dhó ó thárla go mba spiadóir é.


L. 174


Chuaidh an Branach thar an Indus i gCabool nuair a
chonnaic sé ath-uair a raibh d'ór agus de sheodaibh i Lahore.
“Triath” atá i gcomhnuidhe aige ina leabhar ar an rígh .i.
Dost Mohammed; bhí sé ar a chosaint ar eagla go
dtiubhradh sé “rí” air, mar bhí fhios aige go mba duine
den bheirt a raibh an buin-chíos dóibh an rí ó cheart,
sin nó duine éigin eile a cheapfadh na Sasanaigh a dhéan-
fadh cúis, mar ba fial galánta na daoine iad. Cuireadh
an Branac i n-aithne don “triath,” agus d'fhiarfuigh
seisean a lán i dtaobh Runjeet Singh agus i dtaobh
a chumhachta, “agus níor thug sé aon chreideamhaint
dúinn,” ars an taistealuidhe, “fa go rabhamar gan
bacadh le n-a thír.” D'fhiarfuigh an raibh fúinn Cabool a
ionnsuighe. Níl sé tugtha síos gur tugadh aon fhreagradh
ar an gceist, cé go mba simplidhe an cheist í, acht ní
miste dhúinn a bheith cinnte gur do réir mar d'oir do
chúrsaibh an Bhranaigh do bhí an freagradh.



Is bocht brónach an rud é, taistealuidhe chomh heolgasach
leis, nach raibh aon charghaos ar mhuinntir na hÁsia bréaga
agus áibhéil a innsin dó, ná gan a rún a leigean chuige.
“Cé go mba rí-mhaith liom,” ars eisean, “deagh-bhreith
a thabhairt ar mhuinntir na hÁsia - agus do réir mar
chuireas aithne ortha mhéaduigh mo mheas ortha - ní rabhadar
gan a bheith bréagach. Is eagal liom, dá bhrígh sin, gur
iomdha mionna éithigh a thugas siad.” Nach doilgheasach
an rud sin do dhuine ón Eoraip.



D'óbair dhom an Koh-i-noor a dhearmad. An chéad
turas, ar mbeith don Bhranach ag ceileabhradh do Runjeet
Singh chuimhnigh sé nár leag súil ar an neamhainn áidh-
bhialta go raibh fuasgailt ríogh as broid ina luach, cé
go bhfaca, déarfá, an oiread óir agus airgid agus
thiubhradh ceart do Shasanaibh cur isteach ar an bPunjab.


L. 175


“Agus ar rádh dhom go mba mhaith liom amharc d'fhagháil
uirthi thaisbeáin sé an Koh-i-noor, nó an Cnoc Soluis
dom. Tá sí ar cheann de na neamhannaibh is mó sa
domhan, agus is den rígh bhí ar Cabool tráth .i. Shah
Shoojah, a baineadh í.” Sin é an fear céadna a bhfuil
cíos aige uainn, i gcruthamhnas gur b'ionann agus gur
linn an neamhann. “Ní áilleacht go dtí an chloch so,”
ars an Branach; “togha agus sgoth an mhíonaigh atá innti,
agus í leath chom mór le uibh. Meadhchan trí phíosa go
leith dhá sgilling atá innti, agus deir siad gur fiú trí
mhilliún go leith punt í, sé sin, dá mba rud é go bhféad-
faidhe í a mheas, acht sin áidhbhéil.” Níor mhór, go cinnte
gach uile thuairisg d'fhagháil ar neamhann den tsamhail sin,
mar ba mhór an chuid de shaidhbhreas Lahore í, agus bhí
Sasanaigh fuinneamhla le adhbhar saidhbhris na tíre a shaoth-
rughadh 'na dhiaidh sin. Timcheall leath chomh mór le uibh,
agus a meadhchan go cruinn agat do réir mheadhchain an
phíosa airgid is coitcheannta ar bith; agus ar eagla go
mbeadh aon dul amudha ort, deir sé, “Tá an Koh-i-noor
curtha mar bhráisléad, agus toirt uibhe an ghealbhain de
neamhann ar gach leith dhi.” I gcruthamhnas nach raibh aon
bhaoghal nach n-aithneochadh saighdiúr ar bith, dhá dhaille dhá
mbeadh sé, Cnoc an tSoluis, ar ndul isteach i Lahore do
shaothrughadh dhó, tráth a ndéanfaidhe creach agus argain
na háite. Thaisbeáin an prionnsa rúibín freisin dó bhí
chomh trom le cheithre phíosa dhéag dhá sgilling, agus
tópas a bhí leath chomh mór le liathróid cluiche buird;
le sgéal gearr a dhéanamh dhe, thaisbeáin sé an oiread dó
agus go dtáinig báidh mhór ag Sasanaibh le Lahore.



An tuairisg deireadh fuaras ar an gCnoc Soluis, bhí sé
fa choimhéad arm na Sasanach.*



* Acht an tuairisg is deireanaighe ná sin bhí an cnoc Soluis dhá
thaisbeánadh sa bPálás Criostalda, Londain, agus ba seod le
Bainríoghan Bhictoria é; go bhfuil Shah Soojah bocht anois gan
ríoghacht gan neamhann.


L. 176


Ní gábhadh leanamhaint do Chaptín Ó Broin tré Chabool
agus tré Bokhara, ná an cúntas gaoiseach a thug sé ar
neart na ndaingean a chonnaic gach áit dá ndeacha, a chur
síos annso, agus an chreach le n-a mbeadh súil ins na
cathrachaibh. Chruthuigh sé go glic agus go foghainteach
mar spiadóir, agus shásuigh sé na creachadóirí a mba leo
é, agus tá a fhios ag an saoghal gur chuir muinntir Akbar
Khan chun báis é, an chéad ucht a thug na Sasanaigh ar
Chabool; agus is maith a thuill sé sin ó dhaoinibh a bhí i
bhfeirg leis, mar gabhadh ag spiadóireacht é, an brathadóir
diombuidheach, ó ba é sin é. Méirleachas agus dún-
mharbhadh a thug na Sasanaigh ar an ngníomh, mar is gnáthach
leo.



Acht an áit i gcuireann an t-oifigeach galánta síos a
bharamhail ar an gcaoi is fearr le éadaigh Sasanacha a dhíol
san Ásia, sin é an chuid is greannmhaire den leabhar ar
fad. Óir i dteannta a bheith 'na thogha spiadóir don
tSasanach, ní mór leis a bheith na cheannuidhe siubhail
freisin, agus a bheith eolgach ar phátrúin éadaigh codáis, ar
éadaighibh cinn agus ar fhilléadaibh, agus fios a bheith aige
cé'n áit is fearr i ndíolfaidhe na héadaigh ilchineálacha,
i gceann tuairisg d'fhagháil ar áitibh ina bhfuighfidhe creach
agus éadáil le láimh láidir. D'éis léar-chuartughadh a
dhéanamh don Bhranach ar an gceist sin mhol sé do na
figheadóiribh aithris a dhéanamh i Sasana ar na héadaighibh
a bhí i Tata, i Mooltan, agus rl., “mar rinneamar.” ars
eisean, “le éadach breac codáis na hIndia.” “B'éidir
dhúinn annsin,” adeir sé, “an trácht a bhaint de lucht na
gcathrach úd, agus is beag dhe atá aca.” Is eadh is béas
gnótha do mhuinntir na Breataine i gcomhnuidhe sa
Domhan Thoir, éadaigh saora a dhéanamh ar mhúnla na
n-éadaigh thoir; iad a dhéanamh go maith agus go buan i


L. 177


dtosach, go mbeadh an trácht bainte d'fhear dhéanta na
bhfíor-éadaigh, agus annsin a bheith ag cárnadh isteach ó
bheagán go beagán dríodar ó Mhanchúin, agus an
dríodar ag dul chun donacht ó lá go lá, go meallaidís
lucht chaithte an éadaigh, go bhfágaidís an ceárduidhe gan
tsaothrughadh, agus go sgriosaidís na daoine chuireadh
aimsir ortha. Ní mór gan dearmad a dhéanamh ar an
obair thútach so, i gcruth is go dtuigfidhe cuid d'ealadhain
an cheannuidhe ghalánta uasail seo. Is cuimhneach liom
gur i nInnsin an Easbuig Héber atá an cruthughadh is
milltighe ar an díoghbháil agus ar an duairceas a rinne
an ghnáth-obair chreachach úd ins na hIndiachaibh. Ba
cathracha móra saidhbhre iad Dacca agus a lán eile i
mBombay, cathracha a raibh gleo agus gleithearán na
ndéantus ionnta, agus na mílte ceárduidhe de mhuinn-
tir na dúithche ag déanamh an éadaigh mhín, codáis úd
a bhíodh dhá chaitheamh go fairsing ar an rann Eorpa agus
ar an rann Ásia trí fichid bliadhain ó shoin; níl sna cath-
rachaibh sin indiu acht iad bán ina bhfásach, mion-chrainn
ag fás sna fothrachaibh, nó sa gcuid is mó dhíobh, na
hainmhidhthe eiceannuis ag déanamh leapthacha ionnta, agus
an madradh alla ag uailfirt de shiubhal oidhche ar a bhfuaid,
gur measa iad, dá mb'éidir sin, ná Libertí Átha Cliath.
Tá na mílte de na daoine bochta dearóile ag fagháil bháis
leis an ocras ann, i n-éadan na bliadhna; tugtar an
codás go Manchúin, aistear atá deich míle míle ar fad,
le n' fhigheachán; déantar ceirteacha éadaigh gan tslacht
annsin de, agus seoltar ar ais é go gceannuighidh na
díthreabhacha bochta arís é, má tá siad i riocht; i
gcruthamhnas go raibh de ghliocas na Sasanach, agus dá
n-amplacht, agus gur mhilleadar an margadh ortha féin.
Agus ar mbeith don trácht bainte de lucht déantús i


L. 178


Lahore níorbh é dearmad an Bhranaigh gana rádh: “Ní
bhacaim le n-a luadh tuilleadh den trácht a bhaint de
na hIndiachaibh.” Mar tá na daoinibh i gcruth an bháis
cheana leis an ocras, agus gan iad i gcruth éadaigh a
cheannach, go nach bhfuil tairbhe ná brabach ar na héadaighibh,
dá dhonacht iad.



Sin é gnáith-imtheacht na Sasanach a rinne an ceannuidhe
mála sáthach soiléir den chor sin, agus é gléasta ina éide
airm. “Cuirtí éadach éadtrom,” adeir sé, “fadó ó
Moultan don Phersia, acht is beag dhe a déantar anois ó
chuaidh sé i gcomórtas le déantus na Sagsan. Nuair
a tugtaoi ón Eoraip i dtosach é, tuairim le dhá bhliadhain
déag ó shoin, théigheadh sé ceathair fichead an tslat, acht
gheobhthaoi anois ar ocht bpinginn déag an tslat é, agus
ar séamhadh cuid déag a raibh riomhe sin air. Ní féidir
le lucht déantus i Moultan a dhíol chomh saor sin,
agus níl aon díol aca air.” Agus ar mhiste fiarfuighe
cionnus an féidir le lucht déantus i Sasana na hearraidh
a dhíol chomh saor sin agus a bhfuil de chíos agus de cháin
le n-íoc aca, agus ina theannta sin, iad ag íoc os ucht
an earraidh a iomchur leath bealaigh timcheall an domhain,
agus ar ais arís? Tá, ar ndóigh, na ceárduighthe a
fhágáil ar an ngann-chuid i Sasana, agus an droch-
earradh gan mhaith a dhíol thoir. Níl aon tslighe eile aige
le n-a bhféadfadh na hearraidhe a dhíol chomh saor sin, acht
earraidh gan mhaith a dhéanamh, agus an pháighe a ísliughadh,
gur cailleamhaint i n-áit buntáiste don cheárduidhe
Sasanach an obair. Is mór an onóir dhóibh éadaigh a
dhéanamh do dhaoinibh an domhain, acht táid siad féin gan
léine mhaith ar a gcroiceann. An spioraid grádh-
diamhail atá i gceannuigheacht shíodhach (tá fhios agat) sin
é cheanglas le slabhra óir (mar sin a deirtear é) críocha
iana 7rl.


L. 179


Molann an duine galánta uasal mar sin éadaigh olna
a chárnadh isteach i Lahore agus in Afghanistan. Níl sé
chomh cinnte sin de na síodaibh, ar fhaitcheas nach ndíol-
faidhe go maith iad fós, acht deir sé, “ní bhacaim le éadaigh
síoda a mbéidh fuatha fighte ionnta, mar táid siad sin
dhá ndíol cheana ann.” Ní mholann sé na huaireadóirí, fa
láthair, ná uirnis búird, ná seoda, ná gloine, acht
gheobhthaí margadh níos fearr i n-áit éigin eile do
bhiotáille láidir. “Is fearr leis na Punjabees fós,”
adeir sé, “an t-ól fíochmhar a ghníos siad féin, is fíor
sin.” Nach doilghe sin, acht dá ndéantaí gin breagh saor
sa mBreatain, agus neart uisge beatha a chur ann, agus
a chárnadh isteach chuca, cá bhfios nach mbainfidís an trácht
dá gcuid-san óil?



Gurab amhlaidh sin a chruthuigh an Caiptín Ó Broin go
mba spiadóir críonna foghainteach é ar gach uile chor dár
dhual do spiadóir a bheith, a bheadh dílis do Shasana.
Fuair sé amach cé'n doimhneacht a bhí san Indus, do lucht
loingis Shasana, i riocht teastealaidhe ar lorg tlacht-
eoluis agus bronntanais ar iomchur aige. Chuartuigh
sé na tíortha ar lorg margaidh nua i riocht ceannuidhe
taistil, agus chuir eolas ar phatrúin agus ar chineálachaibh
éadaigh go ndéanadh figheadóirí Shasana aithris ortha;
agus i riocht creachadóra i n-úrthosach sluagh, thug fa
deara a raibh de chreach le fagháil, cá háit áirithe i raibh an
éadáil is fearr, agus thug tuairim cé'n neart a bhí i
mballaibh, i mboltaibh, agus i n-iarann, fa chomhair na
gcreach a bhí na Sasanaigh ar tí a dhéanamh.



Tá na saighdiúirí ag cruinniughadh ar a dtalamh siubhl-
óide, agus caithfead éirghe as Caiptín Ó Broin agus
cluas a thabhart don cheol. Tugadh an 42° d'oileán San
Seoirse tá tamall ó shoin ann, go hoileán Éireann, ar


L. 180


mo shon-sa, agus mar sin an bhuidhean áluinn cheoil atá
aca seinnid, go bhfuil sógh ar leith agam asta. Tá dhá
bhuidhin bhreagha cheoil sa sluaightheach anois, agus is leis
an luing Wellesley ceann aca. Long na brataigh ise,
go bhfuil ceol áluinn ar muir agus ar tír againn, iad ag
comh-sheinnm amanna agus amanna gach buidhean aca ag
seinnm asta féin.



Ceol rinnce an 42° go nuige sin. Agus an chéad
leabar eile dá gcasann orm d'éis “Burnes' Travels”
a léigheadh dhom, nach ait go mba Caiptín Alasdram a bhí
air agus go raibh sé san 42° céadna so. “Sketches in
Portugal during the Civil War of 1834” is teideal don
leabhar, agus ba fear airm eile é seo a bhí ina cheannuidhe
siubhail, acht nach raibh sé leath chomh deas-lámhach ná leath
chomh tuisgionach leis an mBranach. An Cumann Geo-
grafach Ríoghdha a chuir aimsir air, le dhul don Afraic
Thoir-ndeas, do dhéanamh lorgaireachta ann. Chuaidh ar
dtús don Phortuinéal go bhfaghadh páipéir agus léir-
sgáilte, pasporta agus gach cóir eile d'fhoghnfadh
dhó ag siubhal na gcríoch sin, mar ba le Portuinéal na
tíortha. Ní fiú trumpa gan teanga an leabhar so, agus
ní chuirfinn a theideal amháin síos marach dhá rádh
atá ann a bhain gáiridhe asam. Bainfead amach iad go
mbaine siad gáire eile asam lá éigin eile. Is mór an
croidhe leis an oifigeach breagh so a dheigh-bhéasaighe is
bheas na hAfriocánaigh bochta de bharr a thuruis. “An
té,” adeir sé, “a mbeadh grádh an chine daonna agus grádh
a thíre ina chroidhe, ba ríogh-mhór an sólás leis aire a
thabhairt do na hAifriocánaibh ar mhaithe leo féin, agus
modha an tsíbhialtais a leathnughadh ina measg, agus ann-
sin spioraid chaoin na Críostuidheachta, dá dtiocfaidh
go cinnte saidhbhreas agus séan dar dtír dhúthchais.”


L. 181


Agus is céillidhe an rud sin. Ar ndóigh ní i n-aisge a
thiubhradh duine an Chríostuidheacht do na págánaighibh.



An bharamhail a bhí ag fear teagaisg seo an chreidimh
Chríostuighe d'éadaighibh, is as a bhainim an dara focal:
“taisbeáin síoda a mbéidh dath air nach dtréigfidh agus
a mbéidh dhá sgilling agus trí pinginne air do Thurcach,
agus taisbeáin síoda eile dhó a dtréigfidh an dath atá
air (agus a fhéachas níos deise dá bhrígh sin), mínigh dhó
an difridheacht atá eatortha, agus abair leis go mbéidh
an dara píosa le fagháil aige ar thrí pinginn déag is
leith-phinginn cé aca a thógfadh sé? Ní hé an síoda
daor é, go dearbhtha.” Ní maith go dtuigim-se dá
mbeith an caiptín seo a bhí 'na cheannuidhe, 'na chaiptín,
'na theagasgthóir Críostuidheachta agus 'na fhear dhíolta
hataí ban i n-éinfheacht, dá mbeith sé ag caint leis an
Turcach dhá ríribh, mar siúd, ní thuigim go gceapfadh sé
go mbeadh air an difridheacht a bhí idir an dá shíoda a
mhíniughadh go hiomlán don choisliméara; sé sin, dá mba
mhó an brabach a bheadh as an droch-shíoda saor ná as an
síoda daor; agus is iondamhail amhlaidh é le earraidhibh
an tSasanaigh.



Nach tútach gránna an rud do náisiún Shasana
ocustóirí a dhéanamh mar sin dá n-arm, agus leigean
dá gcuid oifigeach timthireacht choitcheann a dhéanamh
d'fhigheadóiribh Lancashire! Cad chuige nach leigfí do
lucht muillte lucht málaí dhóibh féin a bheith aca, mar bhí
nuair a chuir ceannuidhe nó dhó aimsir ar an Londrach le
dhul isteach i lár na hAifrice ar lorg coisliméaraí?
Chuirfeadh sin oifigeacha airm ag tabhairt aire dá
ngnóthaibh féin, agus ní bheadh daoine dhá mbodhradh féin
ag léigheadh díogha na leabhar.



An chéad chogadh eile thiocfas ar an rann Eorpa


L. 182


tiocfaidh so dá thairbhe don chine daonna, agus ní hé an
tairbhe is lugha é, .i. deireadh a chur ar feadh tamaill le
leabhraibh ó lucht arm ar muir agus ar tír - agus
malairt a chur ar a bport béidir, agus ar a modh, a
mhairfeadh go bráth.



Níor léigheas aon Ghréigis le sé lá, agus is amhlaidh
cheapaim go rabhas 'mo mhealltóir agus a bheith ag leigean
orm féin gur thaitnigh Plato agus Aeschylus liom. Tá
mo dhóthain de leabhraibh agam - níl leabhar dár léigheas
ariamh nach dtiubhrainn ar sgamhógaidh a dhéanfadh a
ngnótha dhom.



Mí na Nodlag 3°.- Bhreac an lá dearg arís orm
d'éis an oidhche a chaitheamh dhom 'mo shuidhe ar chathaoir
agus mé lúbtha ar a chéile; agus táim anois tuirseach
traochta, caithte, curtha, i mball agus i n-aigne. Tá sé
dhá oidhche dhéag ó leagas ceann ar adhairt - a Dhia Uile-
chumhachtach! - an amhlaidh nach dtiocfaidh aingeal an
chodlata chugam arís le mo bheo? Chaitheas an oidhche ar
fad a charaidheacht sa dorchadas, le diabhal láidir sa
gcró so - agus ní hionann an charaidheacht sin agus car-
aidheacht Iacob le Penuel, agus airighim an trom-thuirse
níos truime ná riamh anois orm le héirghe gréine, nuair
a thagas an anáil liom níos réidhe. Ní fuaire an mar-
mar ná mo dhá chois, tá an sruth alluis ar mo cheann
agus ar mo cholainn. Dearcaim orm féin sa sgathán agus
is dearbh liom gur ar righin ar éigin a d'aithneochadh mo
mháthair féin mé; tá sgéin ionam mar bheadh i gcoinín a
mbeadh an fiadhach go lán-dian 'na dhiaidh agus a mbeadh
bualadh croidhe air leis an eagla agus leis an uathbhás.
Tá an fuar-allus mar dhrúcht ar mo chlár-éadain, tá
mo leicne sluigthe isteach agus dath dubh-ghorm ortha. Is
geall le crúbaibh éin mo mhéaracha, agus “tá sgáile an


L. 183


bháis ar mo mhailibh.” D'imthigh an Múchadh siar, an
deamhan, agus é ag fanacht ar sgáth an domhain, ar
marcuidheacht san dorchadas ar nós an Diabhail. A!
cuirfidh sé crios thart timcheall na cruinne agus béidh
sé orm arís ar ndul faoi don ghréin. Níl truaghán dá
thuirsighe, ná dá thruaighmhéilighe, níl duine ar longais,
ná i mbraighdeanas, nach fada leis uaidh an oidhche, agus
atá de bhuaidh na hoidhche go bhfaghann siad socamhal,
suaimhneas, sógh, agus fuasgladh leis an gcodladh; ar
feadh na gcúpla uair sin a mbéidh siad na gcodladh
tiocfaidh an óige ar ais chuca, agus is tig leo a dtír
dhúthchais a shiubhal, amharc fhagháil ar na daoinibh grádh-
mhara a thug grádh dhóibh. Acht mise -



Acht cé'n chabhair an cineál so cainte na dhiaidh sin?
Má thosuighim ag cur síos ar a bhfuil dhá fhuiling agam,
is amhlaidh is mó bhéas sé in mo chuimhne. Agus tá rún
agam gan leigean don nídh sin goilleadh orm. Pé aca
sin é, má bhí an oidhche go holc tá an mhaidin go
háluinn, agus tá áilleacht ó neamh mar thuile ar an
domhan; an trom-éagcaoine bhuadhartha bhí ag gaoith
thais na fairrge tá sin imthighthe anois; agus na tonnta
bhí dhá mbualadh féin go gleithearánach i n-aghaidh na
luinge feadh na hoidhche níl ionnta anois acht bog-
thonnta beaga atá ag deallradh fa ghaethibh teo na
gréine. Tá sé na lán-chalm.



Réidhtigheas mé féin go mall, agus mé ga mo chrádh,
le dhul amach, agus táim uair a chluig ag déanamh mo
ghoradh leis an ngréin anois ar an bpíer. Tá na lae-
theanta chomh geal chomh te annso i lár an gheimhridh (cé
go mbíonn an oidhche fuar) agus bheidís in Éirinn sa
Iúl. Mara mbeadh duine ann a mbeadh greim ag an
éodóchas ar fad air, dhéanfadh an spéir agus an


L. 184


t-amharc áluinn seo maith dhó, an ghaoith bhog aniar agus
an mhuir chiuin ghorm atá ann. Tá an ceol binn ag
teacht ina thonntaibh ó long na brataigh atá sa gcuan,
agus is geall le oileáin aoibhne mara sna réigiúin theo,
agus an trom-thoradh ag fás ar na crannaibh, mar
d'fheicfeá i n-aisling, is geall sin oileáin Bhermuda fa
n-a gcrannaibh cedir, fa n-a ndoiribh dorcha agus fa n-a
mbotháin fionn-aolta. Tá na spéartha go trócaireach
go cinnte; tá sé i ndán don duine dóchas a bheith ann.
Táim láidir, táim go maith. Tá an úire in m'anam
agus in mo cholainn arís, agus an deamhan a shiubhlas
de shiubhal oidhche táim i riocht a throid agus i riocht a
bhualadh.



Tháinig an t-árd-dochtúir .i. an Dochtúir de Hál ag
breathnughadh orm indiu, mar gheall ar an tsíor-fhuagairt
atá ag dochtúir na luinge seo go bhfuil mo shláinte go
síor-dhona. De dhéanta na fírinne, tá mé tinn le i
n-ionann agus dhá mhí, gan feabhas ar bith a theacht orm,
agus níor chuimhnigh mo chroidhe ariamh go rabhas chomh tinn
agus bhíos, cé go bhfuil an múchadh ag dul dom le deich
mbliadhna. D'innis an Dochtúir de Hál go soiléir
dhom nach raibh aon fheabhas indán do mo shláinte chor ar
bith i n-aer na tíre seo, mhór-mhór ó bhíos gan cead mo
chos a bheith agam. Dubhairt sé go raibh sé de cháil ar
Bhermuda go mba fíor-olc an áit é do dhaoinibh a raibh
múchadh ortha, agus go raibh sé i ndán dom a dhul chun
donacht nó go gclisinn ar fad, agus le sgéal gearr a
dhéanamh dhe, nach raibh dul ón mbás agam, da gcoinnighthí
mórán níos fuide annso mé.



“Agus an amhlaidh,” arsa mise, “gur cuid den ghnás
é nuair a curtar duine i bpríosún tar sáile go gcuir-
fear díreach san áit é is túisge a mharbhochas é; táim


L. 185


cinnte go bhfuil áiteacha do dhaoraibh i dtíorthaibh eile?”



“Ní ghníonn an riaghaltas,” ar seisean, “aon idir-
dhealughadh den tsórt sin. Dar go deimhin duit
cailleadh na céadta annso nach raibh bás ar bith ortha,
dá ndéantaidhe mo chomhairle-se agus a gcur go tír
níos folláine.”



“Nach bhfuil aon teacht as agam-sa, mar sin?”



“Seadh, do chuid-sa dhe, measaim go bhféadfaidhe rud
éigin a dhéanamh. Agus is amhlaidh do thángas chugat
indiu ag iarraidh ort an méid atá ort-sa a dhéanamh fa
n-a chomhair, sin a dhéanamh. Ní mór dhuit iarraidh thú
athrughadh, nó ar chuma ar bith gan thú fhágáil chomh iadhta
suas annso leat féin agus atá tú.”



Do thugas freagra air: “Acht ón lá a ndearnadar
méirleach dhíom níor iarras ariamh claochmughadh ar bith a
chor ar a ndéine, ná logha dá laghad níor iarras ortha.
Bhíos ullamh fa chomhair díchill an riaghaltais, agus má's
bás nó beatha dhom ní fhéadfaidh mé impidhe ortha truaigh
a dhéanamh dhom.”



“Ní headh,” ar an dochtúir, “acht sgríobh chun an
ghoibhearnóra, agus innis dó an bhail atá ar do shláinte.
Innis dó go ndubhart-sa leat nach mairfeá dá bhfág-
taidhe thú ar an gcaoi i bhfuilir fa láthair, agus iarr mo
thuarasgbháil orm-sa.”



“Agus cé'n fáth nach n-innseochthá féin sin dó? Tá
fhios agat é?”



“Ní fhéadfainn. Ní fhéadfainn. Caithfear imtheacht
do réir na fuirme. Ní bhaineann sé le m'oifig bacadh
leat, mara n-iarrtar go fuirmeamhail orm é, agus ní
féidir sin a dhéanamh go n-innsigh tú go fuirmeamhail
don ghoibhearnóir é.”



“Agus m'ainm a chur leis? - impidhe é sin, ní tada


L. 186


eile é. Maith maiseadh, a Dhochtúir de Hál, táim buidh-
each dhíot-sa ar ndóigh, fa n-a bheith chomh laghach sin liom
ag iarraidh orm sin a dhéanamh. Acht go deo na ndeor
ní dhéanfad méirleach dhíom fein tré thrócaire a iarraidh
ar riaghaltas Shasana. Ní bhréagnochad a bhfuil caithte
de mo shaoghal, ná an bharamhail atá fa láthair agam. Ní
íosfad an salachar.”



Leis sin, bhí an dochtúir ar tí mé fhágáil, acht tháinig
sé ar ais ón dorus go dtí an áit a rabhas 'mo shuidhe
agus leag sé lámh ar mo ghualainn. Bhí na deora ina
shúilibh, an sean-fhear bocht. “Agus an bhfuil fút,”
ar sé, “leigean thú féin a dhúnadh suas mar dhaor annso
go gcailltear thú, an lá go bhféadfá - agus táim
cinnte go bhféadfá - malairt áite d'fhagháil duit féin,
chomh réidh sin, agus b'éidir t'fhuasgladh ar fad? Tá
tú óg fós; badh cheart duit súil a bheith agat le saoghal
fada a chaitheamh fós fa shaoirse agus fa onóir os cionn
do muirghine. Sgríobh chum an ghoibhearnóra ar chuma
éigin, déanfaidh litir, agus tá fhios agam gur maith leis
a dhícheall a dhéanamh sa méid seo, acht a chur os a
chomhair sa gcaoi go mbéidh air a ladar a chur sa gcás.
Tóg do pheann anois agus sgríobh.”



“Sgríobhfad rud éigin,” arsa mise, “acht ní anois é.
Smuaineochad air, agus féachfad le n-a chur in do
chumhachtaibh-sa agus i gcumhachtaibh an ghoibhearnóra mé
'athrughadh, ó thárla nach mór mo sgríbhinn féin chuige
sin.”



D'éis imtheacht as an gcró dhó d'fhill sé go gceart-
uigheadh sé dhom gan dearmad a téanamh ar a theideal
goibhnearóra a thabhairt ar Chaiptín Elliot. Dubhras
leis gur chreideas go raibh an duine uasal ina ghoibh-
earnóir ar Bhermuda, gan aon aimhreas, agus ar ndóigh


L. 187


go dtiubhrainn a theideal ceart air. Agus leis sin
d'imthigh an dochtúir.



Dá mbeadh fear i láimh ag sgata gaduidhthe - sé sin
gaduidhthe coitcheanna mí-reachtacha bóthair, agus dá
mbeith sé dúinte suas i gcró beag cumhang lobhtha, san
áit is measa ina n-uachais, nach n-iarrfadh sé tuilleadh
gaoithe, agus dá n-iarradh ar bh'admhughadh é sin gurab
iad a rinne an ceart leis tráth ar ghabhadar é, agus
tráth ar ghoideadar a raibh aige? nó arbh admhughadh é
go raibh sé de cheart aca goid ó dhaoinibh eile a rachadh
an bóthar? Ní shaoilim go mbeadh.



Ní breith bháis a tugadh orm. Má chuireann na creach-
adóirí chun báis ar an tslighe seo mé le gliocas, níor
mhiste ar a laghad fios a bheith ag daoinibh air atá amuigh
sa saoghal. Ní hé go gceapaim gur ag iarraidh mé
mharbhadh dhá ríribh atá siad,* agus b'éidir nach mbeadh ó
na bitheamhnachaibh acht leithsgéal go “maithfidís” dom.
Bhéarfad aire dhom féin ar chuma ar bith ar fhaitcheas go
n-iarrfainn aon laghdughadh ar an mbreith a tugadh orm,
gan trácht ar phárdún. Ní iarrfad acht amháin gan
mé a mharbhadh. Ní iarrfad ortha acht amháin gan a bheith
'ga mo chrádh, do réir a chéile, go mbéinn marbh aca.
Déanfad rud éigin i mbáireach. Maiseadh dhá mbeith
gan a bheith i gceist acht bás nó beatha don chunablach
bhocht so!”



Mí na Nodlag 4°. - Tháinig roinnt páipéar nuaidh-
eacht, agus Blackwoods' Magazine na míosa deiridh den
fhoghmhar. Tá alt fada i n-irisleabhar Blackwood ag
cur síos ar chúrsaibh an tsaoghail i n-Éirinn, agus táim
go rí-shásta leis. Deir siad (.i. lucht an irisleabhair)



* Ceapaim a mhalairt anois; chífear an t-adhbhar 'na dhiaidh seo.-
S. M.


L. 188


gur follusach anois nach bhfeileann Reacht na Breataine
d'Éirinn chor ar bith, ná coistí cúirte, ná forais fhiúnt-
acha den tsórt sin go bhfuair na Whigs féin sin amach
fa dheireadh, agus go ndubhradar fein (.i. lucht an
irisleabhair) sin i gcomhnuidhe; agus cá bhfuil an té
shárochas ortha anois é? Deir siad gur le faobhar
claidhimh amháin atá Éire le riaghlughadh, agus nuair a
bheas tógáil agus feabhas a sáth ar na Gaedhealaibh
shalacha go mb'éidir annsin go leigfidhe fa sgáth agus
fa shonas, 7rl., 7rl.



Sin é lom an chirt, a Chríostóir a chara; níor chóir
dhúinn baint ar bith a bheith againn le n-bhur Reacht, mar
thugas tú air, nó go mbéidh fhios againn, mar adeire, le
leas a bhaint as, rud a dhéanfas sinn a fhoghluim fa dheir-
eadh tá súil agam, tré fhaobhar claidhimh; agus annsin go
cinnte bainfeam an leas as atá tuillte aige.



Agus tá orm sgríobhadh indiu chun an ghoibhearnóra
ghallda so Bhermuda, agus sin go measamhail. Má
sgríobhaim chun an Chaiptín Elliot chor ar bith go deimhin
níor chomaoin dom gan sgríobhadh go measamhail chuige.
Ar a theacht annso dhom, an chéad litir a sgríobhas
abhaile chun mo mhná bhí sé de shubháilceas ann litir a
sgríobhadh chuici uaidh féin le n-a sásughadh chomh maith is
d'fhéadfadh sé.



Tá sgríobhtha agam. Seo é atá ar bharr na litre
agam: “Don duine mórdha uasal, Goibhearnóir Bher-
muda.” Níl sa litir acht ag innsint i dtaobh mo
shláinte, agus tagairt don dochtúir, agus dhá leigean
chuige “ó thárla nár tugadh breith bháis orm” nár mhiste
athrughadh éigin a dhéanamh ar an deis atá orm, agus mé a
chur go tír níos folláine, nó caoi eigin eile, “i gcruth
agus go mbead i riocht an bhreith a tugadh orm a sheasamh.”


L. 189


Ní móide go dtiubhradh an goibhearnóir aon áird ar
an sgríbhinn seo ó thárla nach impidhe atá ann, nó iarr-
aidh, no athchuinghe, agus ó thárla nach gealladh guidhe atá
ina dheireadh, cé go measaim mar sin féin go bhféach-
faidh sé leo é, féachaint a n-athrochaidis mé, agus má
mheabhruigheann sé sin do riaghaltas Londain b'éidir ar
mhaithe leo féin, nach leanfaidís do dhéine a míghníomh.
Má fhaghaim-se mé féin as a gcrúbaibh aon uair amháin
taisbeánfad-sa buidheachas dóibh dá mhéad dá bhfuilid
ar mhaithe liom.



Cuireadh an litir go Teach an Riaghaltais ar chuma ar
bith, agus deifir léithi ar eagla go nglacfadh aithmhéal
mé, agus nach gcuirfinn ar siubhal i n-aon chor í. Is mór
an t-íslughadh ar dhuine rud ar bith, an puth gaoithe féin
a iarraidh ar na creachadóiribh.



Níor náireach le fear a mbeadh a anam agus a
shaoirse air an méid sin a dhéanamh, nó tuilleadh le n-a
chois, dá mbeith sé i láimh ag Malays, no ag Gréagaibh, nó
ag foghluidhthibh éigin eile, agus b'éidir dhom m'anam a
thabhairt liom, agus mo shaoirse d'fhagháil leis an litir
bheag sin. Acht chrádh sé mé a bheith orm í a sgríobhadh.
Airighim gur mó fa thrí an éagcóir a rinneadh orm an
mhéid gur ísligheas mé féin chomh mór sin, agus má sé
toil Dé é, agus is Leis-sean gach díoghaltas, go mbain-
finn mo shásamh amach, bainfead le congnamh Dé tuill-
eadh sásamh amach faoi seo.



Fa cheann dhá mhí béidh fhios agam cad a thiocfas dhe.
Ní mór dhom an tséideog a choinneál ionnam féin go
dtí sin, mar is fearr is féidir liom é.


L. 190


An 7° Caibidil.



Tá an t-árd-mháta d'éis cuairt a thabhairt orm 'ga
m'fhiarfuighe. Tá sé i n-aimreas gur teinneas bréige
atáim a leigean orm féin. Tá an oiread le rádh aige
agus bheadh ag roilleach, agus baramhail aige fa chomhair
gach uile nídh (ó thárla gur as Londain é). Tá baramhail
láidir aige gur rud éigin atá orm taobh istigh. D'fhiar-
fuigh dhíom go dúthrachtach cé'n chaoi, an measaim, cad
ba ciontach leis an tinneas so a theacht orm. Dubhras
leis nach raibh fhios agam cad nár chiontach leis marab é a
bheith ag sleamhnughadh i n-aghaidh na gaoithe é i bhFlandras.
“An rud céadna a thiubhradh ort é go sgiobtha freisin,”
ars an t-árd-mháta.



Mí na Nodlag 8°. - Tá mé le ráiche ag cur m'aimsire
amugha go dona, gan fionna feanna dhá dhéanamh ná dhá
fhoghluim agam. I long príosúin féin ní gábhadh do dhuine
a shaoghal a chaitheamh chomh beag-mhaitheasach sin. Tá an
díomhaoineas ga mo chlaodhadh a chongnamh don tinneas.
Tá an spioraid ar bruth agus an cholainn dhá claodhadh,
tá meirg ag teacht ar an lann agus í ag ithe na truaille.
Níor sgríobhas go hÉirinn ag iarraidh na leabhar a bhí
uaim, ag ceapadh go mb'éidir go n-athrófaidhe as an áit
seo mé, agus ní léar dhom tada eile a dhéanfainn san
uaigneas so liom féin acht sgríbhneoireacht agus léigh-
theoireacht. Shaoileas mé féin a bheith níos láidre ná
mar táim, níos láidre i gcolainn agus i n-aigne. Dhá
mhéid d'uathbhás an bhroid a bheadh le fuiling agam


L. 191


shaoileas go gcaithfinn mo shaoghal go céilldhe ciuin
agus go mba leor dhom an neart agus an fhuiling
shocair a bhí ionnam, acht chítear dhom anois nach mór
dhom níos mó cleachtadh fa n-a chomhair sin ná mar tá
agam fa láthair. Ní mór dhuit cleachtadh agus acluidh-
eacht, agus gach feithe agus gach ball a oibriughadh, aigne
agus céadfadh a shaothrughadh nó ní bhéidh an spreacadh
ceart i gcolainn ná i n-aigne agat. Bím ag iarraidh a
tabhairt chun cruinnis amanna cad a mholfadh Goethe,
agus b'fhear é a raibh fhios aige le maireachtáil go maith,
cad a mholfadh sé le duine a chothughadh i long príosúin,
agus an deamhan de mhúchadh a bheith air, acht is dóigh
liom go mba saoi é a raibh an iomarca muinighin aige
as freastal a dhéanamh ar an gcolainn, agus an iomarca
muinighin as an tairbhe a gheobhthaidhe as neithibh taithneamh-
acha, agus saoilim nach mbeadh mórán maitheasa ann i
gcás mar so. Ní fuide uaim Útópia annso ná an tír
aoibhinn, lán-stáideamhail, socair, agus gach uile chóir
ar fheabhas innti a thiubhradh sógh agus sólás don duine,
do réir mar theagasg Goethe ina Wilhelm Meister's
Wanderjahr. Ní shaoilim gur fhéach Goethe riamh le
cruadhtan an phríosúin é. Nach mairg nar fhéach, annsin
bheadh ciall agus míniughadh le baint ag dacinibh bheadh ar
long príosúin as an gcruth atá ortha, agus bheadh
congnamh aca agus iad ag lorgaireacht go haonaránach
ar chúrsaibh na ndaor. Acht ina leabaidh sin, ba
gnáthach leis i gcomhnuidhe é féin a sheachaint ar rud a
sgannrochadh go mór é, ná chuirfeadh déistean air, ar
thorann ghéar agus ar rudaibh mar sin. Deir siad gur
le n-a mháthair a chuaidh sé sa méid sin, agus go mba bean
fhaitcheach í. Pé sgéal é, thug sé aire agus peatuidheacht
do féin, rud a rinne go han-fhaitcheach é, agus d'fhágaibh


L. 192


sin é gan aon chleachtadh a bheith aige ar shearbhas, ná ar
ghairbhe an tsaoghail, agus sin é ar a laghad leath a
dtéigheann duine thríd ar an saoghal. Dá mbeith boltaí
agus laincisí iarainn tamall air, agus dá ndéantaidhe
a fhuadach ar siubhal go long príosúin agus béal pios-
tail le n-a chluais, chuimhneochadh sé ar sin. Acht cá
bhfuil an té a mbeadh fhios aige cad d'fhoghluimeochadh
sé, le daoine eile a theagasg? Níl fhios ag aoinneach
cad a chailleamar leis sin.



Agus dhéanfainn tuilleadh a theagasg .i. níl an
Goethe seo chomh mór d'fháidh, ná de theagasgthóir, ná
chomh mór de shagart agus deireas aspal áirithe atá
aige fa lathair; mar nach raibh aon eolas aige ar aon
chúrsa de'n tsaoghal acht ar an gcúrsa ba séimhe.



An fáidh eile a bhí ann roimh Ghoethe agus roimh
Mohammed níor sheachain é féin ar rudaibh mhí-thaith-
neamhacha; throisg sé dhá fhichead lá, agus annsin throid
an diabhal agus a shluagh aingeal agus chuaidh aige ortha.
Ba geall le deora fola allus a chéasta; le teann uilc
air rinneadh díoghbháil dó, ghabh bitheamhnacha de laidhcibh
boise air, agus rinneadh a sgiúrsáil mar dhaor agus ba
daor é. Ní fhéadfadh an duine amhgar ná náire a fhuiling
níos mó ná mar d'fhuiling sé, i gcruthamhnas gur féidir
do dhuine (cé nach teagasg ughdarásach é seo a thugaim
anois), gur féidir do dhuine colainn agus céadfadh a
chur fa smacht go réidh, dubhshlán an diabhail a thabhairt,
agus an ceann is fearr d'fhagháil ar phian agus ar an
mbás, tré dhian-smuainiughadh ar cháilidheacht, ar chéasadh,
agus ar bhás an fháidhe sin go mór níos fearr ná tré
aon obair spioradálta eile.



Mí na Nodlag 18°. - Cloisim go bhfuil locht luinge de
dhaoraibh ag teacht go Bermuda ó Lundain go luath an


L. 193


bhliadhain seo chugainn; go gcuirfear na daoir i dtír
annso agus annsin go dtiubhrfar locht na luinge sin de
dhaoraibh eile ón áit seo don Afraic Theas .i. daoir
áirithe atá molta ar leith agus go bhfuil furmhór a
n-ama istigh aca. Ar a theacht i mBinn (nó sa Cape)
dóibh-san gheobhaidh siad cead a gcos, ar choingheall ar a
dtugtar “ticket of leave.” Cionnus a dtaithneochaidh
le muinntir an Cape Colony (nó na Binn-tíre nó an
Rosa) cead a gcos a thabhairt don locht soin bitheamhnach,
fa'n tír breagh sin? Is cosmhail nach mbeadh aon toradh
ar a nglór dá labhraidís féin. An fear i Sráid
Dhonnáin sin é a ndia, agus caithfidh siad géilleadh
d'oibreachaibh dho-thuigthe na gcléireach atá san oifig
sin.



Ó thárla an lucht so loinge ag teacht dá ríribh, b'éidir
go gceapfadh mo lucht coimhéad i Sasana go mb'fhearr
mé a chur go dtí an Ros (re n-a ráidhtear an Cape), ó is
rud é nár dhóigh dhom bás fhagháil annso gan caint a
dhéanamh faoi. Bíonn an aimsir go háluinn sa tír sin;
beidh cineál éigin saoirse agam, agus dá mbeithidhe le
mé a choinneál mórán bliadhan ann d'fhéadfainn mo
mhuirighin a thabhairt amach, agus i leabaidh bás i mbeathaidh
a bheith dhá fhuiling agam mar táim fá láthair, gheobhainn
mo shaoghal a chaitheamh cé gur i mbroid é.



“Níl ann acht go bhfuilim dí-bheo - agus mé níos mó ná
leath-marbh
Agus curtha -
Mé féin m'fheart, - uaigh ag gluaiseacht.”



An t-aer úr, cead mo chos, leabhra, gan grátaí ná
iarainn a bheith thart timcheall orm, obair ar mo chuid


L. 194


féin talmhan, in m'fhíneamhain, ag teagasg mo chloinne,
agus comhluadar mo dhaoine féin, na daoine is annsa
liom. Labhairfead leis an Doch. de Hál faoi. B'éidir
go meabhrochadh sé don ghoibhearnóir é, agus go meabhr-
ochadh seisean do Rúnaire na bhfo-thíortha é. Má's liom
a bheith 'mo phríosúnach, nó an fhad is tá orm a bheith
amhlaidh, sin í an phríosúntacht ba so-fhuilngthe.



Chím gur cuireadh deich mbliadhna príosiúntacht thar
lear ar an Dochartach .i. fear an Irish Tribune, acht
céard d'éirigh dá choigéile Mac Uilliam? Níl focal
duth ná dath faoi-san ar an bpáipéar a chonnaiceas.
B'fhéidir gur cailleadh sa bpríosún é. Bhí pacáil dhoct
ar an gcoiste a rinne fromhadh ar an Dochartach freisin.



Sgríobh roinnt sagart go hurramach ag iarraidh go
humhal modhamhail gan na coistí a phacáil, agus d'impidh-
eadar ar an tighearna Clarendon leigean do Chatoilicibh
a bheadh 'na gceann tighe a bheith ar na coistibh seo go
léir. D'fhreagair an tighearna Clarendon go dána gur
phacáil sé na coistí, agus go raibh an ceart aige, agus
an chaoi a raibh an chás. Sin é an bitheamhnach cneasta!



Is cuimhneach liom tráth ar fromhadh mise, páipéir
nuaidheacht éigin dá rádh (agus dubhairt an Hennach é
agus é ag pléidhe na cúise ar mo shon), nach raibh aon
cheart dom a bheith ag casaoid fa gan Catoiliceach a bheith
ar an gcoiste a bhí orm, an lá nár Chatoiliceach mé féin;
agus anois ó thárla gur Catoiliceach é an Dochartach
deir siad nár cheart dó a bheith ag súil le Catoilicibh a
bheith ar an gcoiste dhó-san, an lá go mba Catoiliceach
é féin, go mbeidís fabharach dhó. Ionnus gurab iad na
fíor-Phrotustúin a chaithfeas gnóthaí na Bainríoghna a
dhéanamh i gcomhnuidhe. An chaint sin i dtaobh creideamh
na gcoisteoirí, níl sí acht ag tolgadh agus ag tarraing


L. 195


achrainn creidimh i nÉirinn; agus tá páipéir nuaidheacht
Shasana ag cur a mhilleán orainne, fá rádh is go bhfuilmid
ag casaoid ar an bpacáil. Níl fhios agam an bhfuil aon
neach i nÉirinn anois a mbeadh sé de dhánacht ann a rádh
nach sinne a rinne idirdhealughadh ar bith mar gheall ar
chreideamh, acht lucht dlighe an riaghaltais; nár iarramar
ariamh sinn a fhromhadh os comhair Catoiliceach, ná os
comhair dream ar leith ar bith, acht gurb é an riaghaltas
a bhí aireach ar eagla nach Protustúin agus Protustúin
an Chaisleáin amháin a bheadh ar na coistibh a bhí orainn? An
mbeadh sé de dhánacht i n-aon neach a rádh gur iarramar
ar ngníomhartha a chur oscomhair ar gcoimhthíoracha, agus
iad-san a thoghadh go dleathach, gan sinn a fhromhadh os
comhair dream áirithe ar bith, gan trácht ar ar bhfromhadh
os comhair roinn den dream áirithe sin, agus gan sinn a
fhromhadh chor ar bith os comhair dhá réag a thoghfaidhe go
cúramach (le daoinibh a raibh fhios aca go beacht leis an
toghadh a dhéanamh), as an roinn sin den dream sin?
Acht is dóigh liom nach bhfuil sé de dhánacht i n-aoin-
neach sin a rádh - is gearr go gcuirfeadh an tighearna
Clarendon fa ghlas sa nGeata Nua é, mar fhear dhána
braith.



Mí na Nodlag 23°. - Tháinig an Doch. de Hál chugam
indiu. Deir sé liom, ag tagairt don litir a sgríobhas
chun an ghoibhearnóra, gur fiarfuigheadh dhe cé an meas
oifigeamhail a bhí aige orm, agus gur innis dóibh, gan
fiacail a chur air, go rabhas réidh leis an saoghal dá
bhfágthaidhe i mBermuda mé. Chuir an goibhearnóir an
sgéala so go Londain. B'éidir mar sin leis an aimsir
go n-athrófaidhe mé, mara gcailltear roimhe sin mé.



Mheabhruigheas dó an méid a chualas fa'n Ros, agus
d'fhiarfuigheas de nár bh'éidir mé athrughadh go dtí an áit


L. 196


sin. Tháinig iongantas air, agus d'fhiarfuigh dhíom ar
mhaith liom dá ríribh mé a chur fré daoraibh ar long a bheadh
ag iomchur ualaigh don Cape of Good Hope (.i. go Ros
an deagh-dhóchais)? “Go cinnte,” arsa mise, “is maith
liom a dhul go tír ar bith i bhfuil aer a thiocfas liom.”
Dubhairt sé go mbeadh an long ag cur thar maoil le
daoraibh. Dubhart-sa go mba chuma liom, go rabhas ag
teicheadh le m'anam, agus go mba bheag agam mo chóir
iomchuir ná mo chomhluadar. Dubhairt annsin go n-inn-
seochadh go cinnte don ghoibhearnóir fa'n gcaint a bhí
eadrainn, agus ó ba rud é go raibh am go leor le sgéala
a bheith ar ais ó Shasana, sul is sheolfadh an long go dtí
an Ros, gur mheas sé dhá dtogruighinn é go gcuirfidhe
ar bórd na luinge sin mé.



Le sgéal gearr a dhéanamh dhe, measaim go gcuirfidh na
creachadóirí go dtí an Ros mé. Agus cé'n tsuim atá
agam-sa i bhfoirinn luinge na ndaor? Bhéarfaidh siad
áit ar leith ar bórd dom, gan aimhreas, ar m'aghaidh féin,
agus ar ndóigh ní ar mhaithe liom é, acht ar fhaitcheas go
bhfadochainn teine na ceilge 'na n-aghaidh, agus táim
chomh tugtha don obair sin agus chomh deas ar a déanamh
dar leo agus go bhfuilid ar comhchreathadh romham. Ní
bhéidh ann acht aistear dhá mhí nó trí, dhá dhonacht é, agus
sheasfadh duine rud ar bith an fhad sin.



Lá Nodlag. - Dubhradh urnuighe ar bórd indiu. Bhí
lá saoire ag na fearaibh. Aimsir bhreagh the í, agus níl
áit ná ionad sa luing nach bhfuil boladh agus gal an
phreabhaitín ar a fhuaid. Cluinim i bhfad uaim gártha
commaoidhte agus torann cos, agus cuireann sin Halla
an Charadais (no an Conciliation Hall) i gcuimhne dhom.
An fear a ghníos freastal orm annso, deir sé liom gur
glas-bhuidhean daor atá ag imirt cluiche oidhidh ar bhórd


L. 197


íochtarach na luinge; tá na gárdaí agus na hoifigeacha ag
éisteacht ann chomh maith le cách agus tá lá chroidhe dílis
ag an iomlán. Pléaráca atá ann chomh drobhlásach agus
leigfeadh eagla dhóibh a thabhairt don fhoirinn bitheamhnach
so a dhéanamh. Tá súil agam go mbéidh an Nodlaig go
meidhreach aca ar fad, agus gur hiomdha Nodlaig dhá sórt
a chaithfeas siad. Acht is mór é m'aimhreas nach bhfeic-
fead féin Nodlaig eile, táim 'mo shuidhe craiplighe ar a
chéile ó mhaidin, go dona tinn, agus ualach cótaí orm,
mar bheadh ar fhear crannóige cóiste. Léigheas “Anthony
and Cleopatra.”



Imtheacht don bhliadhain 1848.



1849. Eanair 15°. - Cailín thú, a naoi déag is dá
fhichid!* Sgéala móra fa Riaghaltas puiblidheachta na
Fraince. Rinneadh Uachtarán den Phrionnsa Laoiseach
Bonaparte (é siúd a cuireadh anonn le linn Laoiseach
Philipe) den bhuidheachas don Taoiseach Cavaignac! Tá
árd-áthas ar lucht páipéar nuaidheachta Sasana, nó
leigid ortha féin go bhfuil, (agus mo thruagh ghéar, níl
tuairisg ar bith eile agam acht a bhfuil le fagháil uatha).
Agus deis siad gurb ionann sin agus éirghe glan as
Riaghaltas Puiblidheachta. Dá mba sa Riaghaltas Puib-
lidheachta a bhí suim ag na Francaibh, sé Cavaignac a
thoghfaidís, mar is fear ábalta é, a sheasas go teann ar
son an phobail i gcoitchinne; acht ina leabaidh sin níl aon
tsuim dá chur i gCavaignac, acht tá dúil an domhain ag



*Is eagal liom go raibh dul amugha orm agus an Fhrainc agus
a Prionnsa a mholadh, acht nílim cinnte dhe sin fós. Fan go deireadh
na sgríbe. Tá áit d'fhocal eile dhá fhágáil i n-íochtar annso agam.
Bothwell, Tasmáin 12adh Feabhra, '53.



An focal Eile. - Tá muinighin agam fós as Riaghaltas puiblidh-
eachta na Fraince, measaim nach raibh neart air an tImpearóir a
bheith ann; agus saoilim gur dul amugha caradas a dhéanamh le
Sasana. Nua Eabhroch, 22adh Feabhra, 1854.


L. 198


gach uile Fhrancach i n-ainm ríoghamhail Bonaparte. Acht
na bitheamhnaigh de pháipéaraibh nuaidheachta sin, ní léar
dhóibh tada sa sgéal acht rud taithneamhach, ní headh, acht
ní bhainfidís aon chiall as an sgéal acht an chiall ba mhian
leo a chur i n-iul do na léightheoiribh bochta dalla a léigheas
iad; agus léighdís-sean sin fa láthair agus smuainidis
air. Fainic a gcuirfidhe aon sgannradh ar lucht an airgid.
Coinnigheatar postaí tactha leis an gcreideamhaint,
chomh fada is is féidir é. Taisbeánadh na Francaigh
meas don laoch Bonaparte gan bacadh leis an mBona-
parte ríoghamhail. Ní ar an bhfuirm riaghaltais atá aon
bheann aca, acht sé onóir na Fraince an dia dá n-adhrann
siad. Is dóigh liom-sa freisin go bhfuil rud eile sa
sgéal, agus rud a thaithnigheas liom, agus taisbeánann
Francaigh gur rud é a bhí ag teastáil ó n-a náisiun .i.
fonn agus dúil dílis, dóighte, dóchasach atá ar gach uile
Fhrancach sásamh a bhaint den Eoraip fa Waterloo agus
fa'n Fhrainc a thógáil suas, agus an fonn céadna atá ortha
an margadh a rinneadh i Bhienna a bhriseadh. Tá an stoirm
ag teacht a chraithfeas tíortha na cruinne, agus tá tús an
cheoil atá aige ag teacht chugam annso agus mé 'mo shuidhe
ar an gcarraig gheal so, láimh le crios Chansor: San
Helene! Waterloo! Díoghaltas! Aire dhaoibh anois,
a lucht an stoc-chiste! Fairighidh anois, a lucht cosanta
na hÉireann!



Acht tá Éire bhocht tinn, agus go truaighmhéileach, gan
é de mhisneach ag aoinneach ann focal dána a rádh fa
ghnóthaibh puiblidhe, le teann faitchis roimh mhuinntir
an Chaisleáin. Rinneadh cúis an Bhrianaigh agus mhic Uí
Mheachair, agus cúis na ndaor eile atá i gCluain Meala
a phléidhe i bhfiadhnuise an dá bhreitheamh dhéag, mar gheall
ar chúrsaibh earráide. Caitheadh iad ar ndóigh. Tá an


L. 199


Brianach agus Mac Maghnusa ag tabhairt na cúise os
comhair tighe na hÁrd-Fheise .i. Teach Feise na dtighear-
naí i Sasana. Tá le rádh gur eitigh mac Uí Mheachair
amach 's amach sin a dhéanamh. Ní fhágfaidh sé Éire go
bráth ar lorg na córa. Sin é an ceart, a mhic calma
Uí Mheachair!



Tá mac Uí Dhonnchadha ag déanamh aithris ar mhac Uí
Mheachair; acht ní clos dom fós cad is cor do Mhac
Uilliam. Ní fhacas a ainm fós ó gabhadh é. Bhí an
tsláinte go rí-shuarach aige. Is eagal liom gur mharbh
an príosún é.*



Bhíos go han-dona tinn le mí, acht nílim ag géilleadh
orlach dhó. Caithfead saoghal fada fhagháil fós, má's
féidir é. B'éidir gur ar shúil is go ndéanfaidhe rí dhe
atá an Napoleon sin, agus nach bhfuil suim ar bith sa
bpuiblidheacht aige. Má seadh, is amadán é, agus
fealltóir chomh maith le chéile, agus caillfidh sé a cheann
na céille bige. Acht níl aon droch-chosamhlacht fós air.
Agus, a Thighearna an domhain! nach aige atá an leigean,
má tá an tuisgint agus an croidhe ann.



Feabhra 1°. - Deir mo shearbhfoghanta liom go bhfuil
sórt coiste ar bun annso go bhfeice siad cé na príosún-
aigh a mholfas siad a chur don Ros An Hireach, an
Doch. de Hál agus tuilleadh de lucht ughdaráis na long
príosún atá ar an gcoiste. Cuid de na daoinibh ar tair-
geadh a gcur don Ros, d'eitigheadar a dhul ann is
cosmhail. Cuireadh ainm an tsearbhfoghanta so féin
síos agus tá faoi a dhul ann. Deir sé liom nach dtaith-
nigheann Bermuda leis. “Is ait an tír í, a dhuine uasail



*Nua Eabhroch, Feabhra 22, 1854. Is maith liom go raibh dul
amugha orm sa droch-thuar so. Tá sé beo fós i nAlabáma, cé gur
eagal liom nach mó ná maith an fheilm atá ann aige. Ní beadh an
fheilm is fearr sa deisceart ro-mhaith aige.- S. M.


L. 200


an tír seo - tír chomh hait agus tá ann.” D'fhiarfuigheas
de an gcualaidh aon diúltadh bheith ag muinntir an Rosa
roimh an dream so. “Níor chualas, a dhuine uasail,”
ar seisean, “gur feasach mé - is dóigh liom go bhféachfaidh
an riaghaltas chuige sin.”



Is mall an ceann ar aghaidh atá dhá dhéanamh agam leis
an aistriughadh ar an Politeia, agus ní mór nach bhfuil
aithmhéal orm gur tharraingeas chugam é. Níl sé de
chroidhe agam dul chun cinn leis an obair. Ar éigin atá
ionnam mo pheann a dheasughadh laetheannta, ná fiú
oiread agus an obair thabhachtach sin a chur romham a
dhéanamh. Táim ag fánaidheacht le stair chogaidh na
Gréige atá sgríobhtha ag Ó Gatlaoich. Páipéir nuaidheacht
an t-ughdarás atá aige, sin agus cúntais na sgríbhneoirí
a chonnaic an cogadh. Ní cheal eachtra atá ar an stair go
cinnte, agus do réir chosamhlacht tugann an t-ughdar
tuilleadh agus innsint ar na gníomharthaibh céadna, go
ndéanann gníomhartha ar leith de gach aon innsint aca;
agus is mó de Ghréagaibh a mharbh sé sa gcogadh so ná mar
bhí sa nGréig fré chéile aon am ó aimsir Philopoemen
anall, gan trácht ar shluaightibh Turcach, agus marbhann
sé iad-san trí huaire ar a laghad. Agus irisleabhar
áirithe dár teideal an Saturday Magazine bhíos ag
iompodh a bhilleoga thart go leisgeamhail. An séiplíneach
an fear croidhe, thug dhom é. Tá sé imleabhar ann de,
agus leath an leabhair an t-imleabhar, sé sin, sé shraith de
dhríodar uathbhásach, gur ciste adhbhal-mhór atá ann de
chosamar agus de chairt, fuighleach agus smúdar gan
mhaith. Tá feitheacha móra seafóide calcuighthe ann, agus
an-toirt de chnámharlach na dícéille; cé go bhfeicfeá
corr-uair blúire beag den mhíonach ghlan thríd, áit nach
raibh aon ghnó aige a bheith, nó corr-fhocal eagnaidhe anonn


L. 201


is anall thríd an salchar. Castar beagán beag ó Thomás
seagainn féin liom, d'éis sgathamh a chaitheamh ag cartadh
agus ag romhar thríd; tá dhá ghiota uaidh curtha ins na
sé sraithtibh. Bhíodhg mo chroidhe uair ar a theacht dom ar
“The Forging of the Anchor,” agus chuireas díom é i
n-árd mo chinn, go dtáinig an mac-alla ar ais chugam
ó na froightheachaibh. Tá a lán pictiúirí ann nach bhfuil
ioncháinte, agus tuairisgí go leor atá inléighte i dtaobh
tíortha, acht is bocht agus is rí-shuarach an sórt léightheoir-
eacht atá ann - “Críléis i nEagnaidheacht,” “Greann
i gCreideamh” - ní headh acht “Ceachta Simplidhe ar
Fhiadhnuise na Críostuidheachta” go leor sgéala stardha
nach bhfuil aon ughdarás maith leo, acht thar gach rud eile
tá neart ann ag teasbánadh gail agus gaisge, córtas
agus daonnacht na Sagsan, ag teasbáineadh a gcuid
saidhbhris, a gcuid ceannuigheacht, agus a ndeigh-bhéasa,
agus cúntas ar a ndéanann siad d'éadach codáis, agus
cé mhéad milliún slat de déantar sa mbliadhain; agus
cé mhéad uair a rachadh sé sin thart timcheall na cruinne,
seadh mhaisge, mar chrios thart timcheall na cruinne;
agus ina theannta sin cúntas ar a ndéantar de pheannaibh
cruaidhe, agus cé mhéad tonna iarainn a théigheas ionnta,
agus 'na dhiaidh sin nach bhfuil an obair a déantar ar
pheannaibh cleite pioc ar deireadh leis (agus nach aoibhinn
sin). Nach annso atá an “litridheacht” agus an chean-
nuigheacht! na gnóthaí, agus an t-airgead! na cúrsaí
cúirte, agus na cúrsaí pairliméid! Nach ann atá na
leabhra cúntais agus an déanamh ar leabhraibh! Go
dearbhtha níl cinne ar bith le fuinneamh ná le gnóthaibh,
le gaois ná le glóir, le saidhbhreas ná le subháilce na
Sagsan céadna! Sin é an cineál “litridheacht” a
cóirighthear i Sasana le tamall anois fa chomhair na


L. 202


milliúnaí daoine bhíos ag léigheadh (go bhfóiridh Dia ortha!).
Ortha féin ar fad atá siad ag dearcadh. Ní léar dhóibh
tada, ná ní tig leo tada ainnsin acht rud éigin fa
Shasana, nó fa na tíorthaibh atá fútha. Sin é a bhfuil ó
Shasanaibh fa láthair: a bheith go rí-shásta leo féin; rud ar
bith nach mbaineann leo féin ní léar dóibh é, acht iad ag
síor-shilleadh ar a mbolg agus aoibhneas an domhain aca
as. Galar é nár mhiste galar builg a thabhairt air, agus
is comhartha é go bhfuil aicíd an bháis ag teacht ar an
náisiún; tá súil agam go dtiubhraidh sé buille marbhtha
don Reacht ortha.



Agus cionnus a bhféadaim suidhe i n-éadan an dríodair
seo dhá iompódh tharm ar feadh dhá uair a chluig no trí
huaire a chluig, agus an ghráin sin agam air? Má tá an
oiread sin de dhroch-mheas agam air nach féidir liom an
leabhar a dhúnadh ar a chéile agus a leagan tharm ar an
bhforudh? Níor iarr aon duine orm a léigheadh. Seadh,
acht chítear dhom-sa, agus rinneas machtnamh ar an gceist,
nach iad na smuainte atá i leabhar ar bith an chuid is
tairbhighe den leabhar, acht na smuainte thagas don léigh-
theoir; na smuainte nach raibh cuimhniughadh ar bith ag an
srgíbhneoir ortha; na smuainte nach mbaineann le rud
ar bith dá bhfuil sa leabhar. Má tá duine dall éigin ann
agus go sgríobhann sé aiste i dtaoibh ceiste éigin nach
dtuigeann sé, níl sé d'oibliogáid ort leanacht de bhrígh
na cainte a sgríobhas sé. B'éidir dhuit lúb a fhagháil sa
gcaint a d'fheilfeadh do lúib eile smuainte a bhí in do
cheann féin, agus go dtiubhradh sin smuainte dhuit ar
t'aghaidh féin, agus nár ghábhadh dhuit aon áird a thabhairt
ar an méid adubhairt an duine dall. Is cuma do
dhuine cé as a dtiocfaidh smuainte chuige, má's as
leibide é, nó as pota, as cóir srangaire, as buidéal


L. 203


ola nó as cathaoir giolcaigh. Acht cad do b'áil liom ag
caint ar aistibh ná ar sgríbhneoireacht? Pictiúr beag
a d'fheicfeá san irisleabhar suarach so, mara mbeith
ann acht tur teampoill, nó crann, nó súil, nó béal
duine, b'fhéidir go mba feicthear dhuit rud éigin ann
a chuirfeadh neithe áille i gcuimhne dhuit, neithe a chonnaicis
fadó, fadó an lá i bhfad uait, neithe a chuirfeadh áineas
agus áilleacht ar do chroidhe, seadh agus a thiubhradh
cáirde cléibh os do chomhair arís agus a chuirfeadh ag
comhrádh leo thú. Tá tú chomh cinnte sin go bhfuil siad
ann dar leat agus go n-íocfá go fonnmhar as a n-iom-
lacht treasna thar abhainn - - Uhland an duine macánta
a rinne an gníomh a theagasg:-



“Glac é seo, a bhadóir, guidhim thú,
Trí luach do shaothair atá annso,
Tá beirt nach bhfeicir láimh liom,
Ó thír ghrádhmhar mo dhúthchais.”



Ní feasach dúinn cár b'as ar smuainte, agus is doilghe
an obair an bunadh ó n-ar geineadh iad a fhagháil. Níor
mhínigh an Doch Tomás Brún ná a riaghail coimhcheangail
iad, acht is follusach nach mór do dhuine congnamh éigin
ó neithibh soiléire nó ní fhéadfadh machtnamh i n-aon chor;
agus dá mbeitheá leat féin ar fad gan focal a labhairt,
acht tú sa dorchadas, is gearr go mbeadh t'intleacht
múchta, báidhte, i muir an díomhaoinis, i ndaille agus i
gciúineas gan teora, agus thiocfadh de sin thú cailleadh
na céille, agus a bheith 'do gheilt ar buile. Fear a chaitheas
mórán míos i gcarcair uiriadhta, gan blas le feiceál aige
acht na ballaí céadna, na grátaí céadna iarainn, an
ghrian chéadna ag sgairteadh gach uile thráthnóna ar an


L. 204


áit chéadna ar an úrlár, agus gan aon duine daonna
aige a mbreathnochadh sé air acht an dearg-mhéirleach atá
ag freastal air, ní féidir dá intleacht gan feodhchan
agus imtheacht as, d'oireasbha bídh a chothochadh í, agus
d'oireasbha cleachtadh a d'aithbheochadh í. Sin é an uair
a d'aireochadh duine uaidh an fíor-dhroch-leabhar féin, agus
ba mhaith leis aige rud ar bith a chuirfeadh an smuaine ina
cheann, nó ina chroidhe, ó thárla gan é ag comhrádh le aon
neach ná úsáid dhá bhaint aige as a chéadfadhaibh.



Acht céard seo? An í seo uachais ealadhna an bheatha
atá ag oscailt os mo chomhair? Sin poll nach bhfuil a
fhios cé an doimhin atá ann, agus go dearbhtha ní rachad-
sa ag smúracht síos arís ann d'éis fheabhas is shaothruigheas
ga mo réidhteach féin as chúig bhliadhna déag ó shoin.
Chuireas romham an uair sin déanamh asam féin, agus
mo cheann a thabhairt idir m'fhiaclaibh liom, mar rinne an
mairtír ar baineadh a cheann de, do réir mar deir an
Giobúnach; nó an Mhuir Mheann a shnámh an naomh ó Éirinn
agus a cheann féin idir a fhiaclaibh aige-sean, de réir mar
deir Tomás Carlyle: “míorbhuilte nach ndearnadh ó
shoin,” adeir Tomás.



Sin sórt leithsgéal, gan a dhul chomh fada chor ar bith
le ealadhain na smuainte, ag duine a bheadh i gcarcair
leis féin, fa an-droch-leabhra a léigheadh. Ó thárla gan
a malairt aige bainfidh sé leas asta, go bhfeice sé ar
chuma éigin cúrsaí an tsaoghail agus na gnóthaí atá
ar siubhal ar fud an domhain; agus is minic iad-san chomh
suarach, chomh díchéillidhe agus chomh héitreorach le aon
ghiota “litridheachta” dár cuireadh ariamh le chéile. Acht
is tig le duine maith éigin a bhaint as, nó ní bheadh aige le
n-a chothughadh acht é féin. Cor ne edito - is mí-fholláin an
éadáil é, is cuma dhuit cé'n donacht a bheas sa mbiadh
íosas tú, acht ná hith an croidhe.


L. 205


Feabhra 3°. - Tá dhá bhalla adhmaid idir mo sheomra
agus an áit i bhfuil na daoir eile, agus pasáiste idir an
dá bhalla; acht mar sin féin, nuair bhíos na fir ag achrann
nó ag díospóireacht, is minic a chloisim a nglór, agus is
gránna an chaint a bhíos aca. Chualas indiu díospóireacht
fhada eatortha agus iad i bhfeirg le chéile, acht ní inn-
seochad an chaint ná cé faoi a raibh sí; acht dá mhéad dá
bhfeicim agus dá gcluinim annso, is amhlaidh is soiléire
dhom gur olc agus gur fíor-dhona an gnás é daoine a chur
i bpríosún thar lear mar so. Sgoil ina ndéantar urchóid
do-innsighthe a fhoghluim is eadh gach aon long príosúin
agus gach uile fhuireann dá bhfuil ann; agus buachaillí
óga a thagas annso agus nach mbíonn ina ndearg-
bhitheamhnachaibh amach 's amach, ní bhíonn siad i bhfad go
mbíonn siad chomh dona le cách. Cloisim an oiread uatha
agus go bhfuil a fhios agam gur gnáthach leo gan an dara
focal a rádh gan é bheith brúideamhail, nó gársamhail, nó
ag maslughadh Dé; (agus tá a ngnása féin aca mar tá
ag daoinibh a bhfuil tógáil agus tabhairt suas ortha).
Agus dá dhonacht dá mbéidh an chaint ag an daor, agus
dá dhonacht a iomchur, is amhlaidh is mó meas agus modh
ag na daoraibh eile dhó. Is minic ag imirt iad, agus
cailleann cuid aca amanna ceathair nó cúig de phuntaibh
ar chluiche cártaí. Is cosmhail gur féidir le cuid aca
airgead a fhagháil, le n-a ghoid, nó le n-a shaothrughadh.
Tá trí pinginne sa ló don té bhíos ag obair i gcoiléar,
nó ar theach; agus tugtar pinginn de sin sa ló dhóibh le
caitheamh; acht tá fir cheirde ann agus bíonn siad-san
ag obair amanna thar an am. Agus ar chuma éigin
déanann siad díol agus ceannach mór le muinntir
Bhermuda, tráth a mbíonn na daoir ag obair. Is iomdha
príosúnach atá ag obair go seasta ar an luing, idir


L. 206


bhádóiribh agus shearbhfoghantaí, agus is forusta dhóibh-san
leigean a fhagháil ar rud a ghoid, agus ní ghníonn siad
aon fhaillighe gan a ghoid. Dá mbeith i ndán agus go
mbeadh fear ann nach leigfeadh a choinsias dó rud a ghoid,
ná faillighe a dhéanamh ar a ghoid, acht an leigean a fhagháil
air, ba coir í sin i n-aghaidh gnáis na háite, agus smacht-
ofaidhe an duine sin do réir mar bhí tuillte aige. Ní
admhuigheann siad go bhfuil aon mhaith ann acht an t-olc,
agus an chuirptheacht is measa agus is déisteanaighe ar
bith sin í a mbuac. Cad déarfá le buachaill beag nach
mbeadh acht dhá bhliadhain déag, nó cheithre bliadhna déag
d'aois, a ghoidfeadh rud tré dhuine eile fheiceál dá
dhéanamh, nó de bhrígh go raibh sé ina chall, agus a cuirfidhe
amach ar sgoil go Bermuda ar feadh leath a shaoghail le
na chur ar a leas! Acht an rud a chuireas buile feirge
ar fad orm, nuair fheicim sluagh Gaedheal idir aosta
agus óg dhá gcur amach annso fa rádh is gur thógadar
agus gur mharbhuigheadar caora nó éanlaith, le iad féin
agus a muirighin a choinneál beo i n-aimsir na gorta. Tá
biadh agus sógh annso aca nach raibh riamh la n-a saoghal aca,
agus bristear isteach ann iad ar chuirptheacht agus ar
urchóid nach bhfuil aon ainm dóibh i dteangaidh a dtíre.
Timcheall le dhá mhí sul shroicheas an áit seo, tháinig lucht
mór luinge de Ghaedhealaibh amach, agus iad ó dhá bhliadhain
déag d'aois go dtí trí fichid bliadhain. I gcúirt ar leith
a caitheadh iad le linn na gorta. Bhíodar thar a bheith
leath-bhásuighthe leis an ocrus, agus iad chomh himthighthe
sin le cruadhtan agus le anshogh agus go rabhadar ag
fagháil bháis go tiugh leis an sgaoileadh. Maidir leis na
créatúir bhochta sin, níl anachain ná urchóid ionnta, deir
an marasgal annso liom nach bhfuil gleo ná torann ná
mí-chneastacht ionnta, ná trioblóid ar bith. “Acht,” ars


L. 207


an marasgal, “is gearr uatha a bheith na mbitheamhnachaibh
chomh crodhanta leis an gcuid eile.” Béidh gan aimhreas,
na daoine bochta. Deir sé liom gur chuir sé iongnadh
ortha i dtosach fheabhas is bhí an biadh a fuaradar: mairt-
fheoil úr trí lá sa tseachtmhain, muicfheoil na laethe eile,
anbhruith, té, builíní maithe, rudaí nach bhfacadar cheana
riamh mara bhfeicidís i siopaibh iad, agus nach raibh a
fhios aca le caitheamh a chur ionnta acht an oiread le
Críostóir Sly. Tá cead aca freisin sgríobhadh abhaile
chomh minic agus thogrochas siad é, agus nuair innseochas
siad dá ndaoinibh atá ar an ngann-chuid sa mbaile a
fheabhas is tá an saoghal ag méirleach, nach gcuirfeadh sé
cathughadh ar dhuine chneasta féin rud a dhéanam as bealach
ionnus go gcuirfidhe go háit é i bhfuil fairsingeacht le
fagháil? Deir an fear so liom go bhfuil daoine annso
ar an Dromedary aige a bhí ann cheana, agus tuilleadh
gurab é a dtríomhadh turas ann é; tá aithreacha agus a
gclann mhac i n-éinfheacht ann, agus is minic a bhí muir-
ghineacha ann ar feadh trí ghlún agus cheithre ghlún. Ní
déantar gairm bheatha den phríosúin ar longaibh i
n-aon tír acht i Sasana, agus níl aon aimhreas, do réir
mar bheas na daoine dhá mbochtughadh ann, nach amhlaidh is
treise bheas an ghairm bheatha so. A Dia na trócaire!
an dtiubhraidh fir stát Shasana an anachain seo freisin
ar Éirinn sul 's stracfar an tír as a gcrúbaibh?



Tá timcheall le dhá mhíle daor i mBermuda, timcheall
le míle ar Oileán Árda Neimhidh, agus ní fheadar cé
mhéad duine dhíobh i nGibraltar agus i nÁstralia, gan
trácht ar a bhfuil díobh i n-áitibh i Sasana. Acht is mor
an mathshluagh daor atá sgaipthe ar fud an domhain, agus
ifreann críochnuighthe gach uile áit dá bhfuil siad; agus
is tiugh atá daoir eile ag teacht ina dteannta.


L. 208


Cothuigheatar go maith iad, tá sógh is cóir bhreagh aca,
agus daoine atá ag saothrughadh an tsaoghail go cruaidh
agus beagán le n-ithe aca, seadh, dhá shaothrughadh níos
déine i Sasana, i nAlbain agus i nÉirinn, agus ar níos
lugha le n-ithe ná tá aca so, iad-san ag cailleadh leo.
Ní mhairfidh an sgéal i bhfad mar sin, ní fhéadfadh sé.



Céard is fearr a dhéanamh mar sin le n-a bhfuil de
chreachadóiribh ann, agus de ghaduighthibh, agus de dhaoinibh
a sgríobhas ainm duine eile sa mbréig? Tá, ar ndóigh,
a gcrochadh. Níl aon cheart agat na cneamhairí a chothughadh
ar shaothar an duine cneasta, agus a gcothughadh níos fearr
ná mar is féidir leis an duine cneasta é féin a chothughadh.
Níl aon cheart agat duais a thabhairt don chneamhaire,
agus teacht isteach sheasta a thabhairt don ghaduidhe agus
don té dhéanfas dóghadh. I mBermuda (cuir i gcás)
ní fíor a rádh go gcothuigheann luach a gcuid oibre féin
iad, mar tá an iomarca dhá chailleadh ar fad leis na
hoibreacha puiblidhe a bhfuil siad ag obair ortha, agus ní
gheobhadh an riaghaltas an obair a dhéanamh duth ná dath
gan daoir a bheith ag obair dhóibh, agus is as an gcáin atá
ar na daoinibh cneasta a thagas a bpáidhe. Acht cothuigh-
eann na daoir iad féin go díreach mar chothuigheas na
máirnéalaigh atá ar bórd long cogaidh iad féin, acht
nach saothruigheann siad an saoghal leath chomh géar leo-
san. An cháin, sin é an rud a mbaineann daoir a
gcothughadh as, go díreach mar bhaineas máirnéalaigh agus
lucht bhailiughadh na cánach a gcothughadh as.



Ar gcúl go mór atá ealadhain dlighe na gcortha ag dul
chomh maith le n-a lán rudaí eile san naomhadh aois déag,
agus asbuil na dearg-bharbaracht seadh iad Becarria agus
Hiubhard agus Romilly; agus is eadh thiocfadh as a
dteagasg go mbeadh daoine ag ithe a chéile fa dheireadh.


L. 209


Ní le feabhas a chur ar an gcuirptheach a smachtuighthear é,
ná ní uime sin atá an smachtughadh ann; agus dá mba
eadh féin is amhlaidh dhéanfadh an charcair agus an long
príosúin gan an cuirptheach a smachtughadh, acht mal-
luightheoir críochnuighthe a dhéanamh den té nach ndearna
acht coir nó dhó nó thrí roimhe sin. Anshógh agus amhgar
ba chóir a bheith le fuiling sa bpríosún; níor cheart
bitheamhnacha a choinneál níos glaine agus níos pioctha
ná daoine maithe cneasta, agus maidir le gaoith, bhéar-
fainn-se a ndóthain gaoithe do rógairibh ar cheann téad
cnáibe taobh amuigh de dhorus an phríosúin.



Feabhra 8°.- Táim marbh ó bheith ag léigheadh leabhra, sé
sin, leabhra a bhfuil aon eolas le fagháil asta, agus tá
“Ivanhoe” agus “The Heart of the Midlothian” dá
léigheadh agam (seo é an cúigeadh léigheadh agam ortha).
Mo bheannacht leat, a Ualtar Scott! Príosúnaigh agus
cimigh, daoine tinne agus daoine trom-chroidheacha, badh
cheart dóibh go cinnte paidir a chur le n'anam. Is beag
nach mbeadh duine gabhtha leis an litridheacht choitcheann
atá ann an lá go dtáinig de na Waverley Novels a bheith
chomh fairsing leis an aer. Chlaoidhfeadh sé duine go
mór leabhra bheith gann aige, agus ní mó ná maith go bhfuil
a fhios agam cá bhfuighead forthainn díobh. Tá mo chuid
féin go léir díolta, mo shean-cháirde, agus ní fhéadfainn
leigean do mo bhean bhocht aon phinginn a chaitheamh ar
leabhraibh dhom, agus gan aici féin acht an beagán. Nach
mór an cailleadh d'fhear a raibh tóir ar leabhraibh aige a
chuid leabhra féin a chailleadh, agus nárbh fhusa dhuit an
cosán in do gharrdha féin a shiubhal ná a n-osgailt agus
an rud a bhí uait fhagháil. Ba geall le daoine aitheantais
iad, breathnughadh sa gcúl ortha, nó ar an gclúdach. Ní
feasach mé sógh ná sadhaile a bheith ar sheilbh ríogh is deise


L. 210


deigh-bhéasaighe (cé nach raibh Parc aux cerfs go dona) ná
an chóir a bhí ag Feardorcha mór ar a chuid leabharlann.
Bhí chúig phálás aige, agus bhí sé chomh gnóthach agus go
gcaitheadh sé cuid mhaith aimsire ins gach ceann aca. An
leabharlann céadna bhí ins gach ceann aca, leabhar den
tsraith chéadna, an clúdach céadna ortha, agus iad leagtha
san áit chéadna ar na foraibh. An mhéid chéadna, an
múnla céadna, an trusgán céadna bhí ins gach aon
cheann aca, agus nuair shuidheadh sé chois na teineadh
tráthnóna agus fhallaing chéadna air, agus na slipéirí
céadna fa n-a chosaibh, bhíodh Feardorcha mór sa mbaile,
cibé pálás aca i mbeadh sé. Agus dá mba codladh bheadh
air i n-áit fonn léightheoireacht, níor bhain sin, bhí a fhios
aige cá háit sa leabhar i mbeadh an rud a bhí uaidh, agus
rinne sin cúis dhó chomh maith nó níos fearr arís.



Feabhra 12°.- Tháinig an Hireach .i. an feadhmannach
chugam indiu, le n-innseacht dom gur hórduigheadh don
ghoibhearnóir mé leigean don Ros, agus go bhfuighinn
cead mo chos ar fud ceanntair áirithe annsin acht go
mbeifidhe san áirdeal orm. Is cosmhail go bhfuil an
chuid is measa den sgéal tharm mar sin, sé sin, má
shroichim an Ros beo. Níl an Doch. de Hál cinnte go
sroichfead.



Deir an Hireach liom freisin go bhfuil mí-shástuidheacht
mhor ar dhaoinibh sa Ros, fa rádh is go leigfidhe daoir
isteach ortha, acht nach bhfuil mórán áird ag an Riaghaltas
sa mbaile ortha, ó thárla gan ag clamhsán do réir chosamh-
lacht, acht beagán aca. Chítear dhom-sa gurb ait an rud
na daoine sa Ros a bheith 'na ndreamannaibh i dtaobh
ceist dá samhail sin, nach n-éireochaidís go hiomlán go
feargach, agus d'aon aonta, i n-aghaidh a leithéid sin
d'ainbheart. Acht is aca féin is fearr atá fios a ngnótha.


L. 211


Ní bhaineann sé dhom-sa. Acht mo chuid-se dhe, is cuma
liom cá rachaidh mé acht gan fanacht i mBermuda.



Feabhra 22°.- An chéad lá den mhí seo hosgluigheadh an
Phairliméid i Londain agus tugadh óráid na Bainríoghna.
Tá an Bhainríoghan onórach ag iarraidh na cumhachtaí
tharr cionn a bhí aici i nÉirinn a fhágáil aici fós, sé sin,
gan Acht an Habeas Corpus a chur i bhfeidhm, acht cead
aon duine a thogrófaidhe, é a shacadh isteach i bpríosún, gan
coir ar bith a bheith ina leith; óir tá na daoine mí-shuaimh-
neach sa tír sin fós, adeir an Bhainríoghan onórach, cé
gur maith an sgéal nach dtáinig sé 'na chogadh. Mí-
shuaimhneach fós! d'éis a ndearnadh le feabhas a chur ortha;
d'éis daingin chosanta an Reachta, an Habeas Corpus
agus na Coistí Fromhtha a mhilleadh ar a son, agus ar
son an “dlighe” a choimhlíonadh? tar éis a dtug an
riaghaltas de chumhachtaibh, de choistibh, agus d'arm do
na tighearnaibh talmhan go mbánaighdís agus go ndíbrigh-
dís na daoine, ar mhaithe leis na daoinibh freisin ar
ndóigh. Agus iad mí-shásta 'na dhiaidh sin! Maiseadh
níl aon rud ann chomh diombuidheach leis an bpeacach.



Mí-shuaimhneas! Seadh buidheachas le Dia go bhfuil.



Aibreán 1°.- Lá na n-amadán. Tá an Márta caithte,
aon lá fada righin déag ar fhichid, agus níor tháinig an
long fós a thiubhradh don Ros sinn. Táim i gcruth an bháis
le tinneas. D'innis an Doch. Warner dhom, sin é an
dochtúir atá os cionn na long príosúin, gur labhair sé
leis an Doch. de Hál cúpla lá ó shoin, i dtaobh mo dhroch-
shláinte, agus an an-chaoi atá ar an gcró so i bhfuilim,
agus gur iarradar araon ar an ngoibhearnóir leigean
mé athrughadh arís go dtí long an osbuidéil, an áit i
mbeadh seomra níos fearr go mór agam, agus a lán
córach eile, acht níor éirigh leo. Ní raibh a fhios agam-sa


L. 212


gur iarradar sin, ná níorbh é mo thoil é iarraidh, mar
ní iarraim tada, nó ní ghním aon chasaoid fa'n gcóir atá
orm. Acht dubhairt an Doch. Warner liom dá mba aon
phríosúnach eile san áit a bheadh chomh dona tinn liom go
gcuirfidhe isteach san osbuidéal leith-bhliadhain ó shoin é,
agus gan an goibhearnóir a cheadughadh i n-aon chor faoi.
Ní mór leo a leigean ortha fós gurab eagal leo na
Meiriocánaigh a theacht ga mo thabhairt as géibhionn dá
n-aindeoin, agus measaim anois nach raibh annsin ó thús
go deireadh acht leithsgéal. Agus tá an múchadh ga mo
chíopadh agus ga mo thachtadh anois, d'oidhche is de ló;
an ghaoth ghéar thais i dtuaidh ag séideadh isteach orm,
go múchann sí an choinneal orm amanna san oidhche, óir is
sean-long í seo agus tá ciumhais na fuinneoige caithte
ó bheith dhá síor-osgailt is dhá dúnadh, agus ní luigheann
an fhuinneog go maith sa seas. Níl aon teine agam, ar
ndóigh.



Ní mó ná go maith a thuigim cionnus arbh áil leis an
“Riaghaltas” go gcaithfidhe liom: an amhlaidh gur órd-
uigheadar do mo lucht coimhéad a bheith go lághach liom nó
mé a mharbhughadh. Dubhras sin leis an Doch. Warner
indiu, agus ní dhearnaidh sé acht a cheann a chraitheadh. Is
ait an sórt lághaidheacht é go cinnte le fear atá tinn,
é choinneál deich mí i n-uaimh mhí-fholláin leis féin. Acht
táim ag feitheamh leis an luing a thiubhras don Ros mé.
An Neptune is ainm di, 7,000 tonna a hualach, agus
d'fhágaibh sí Sasana an 15° den Fheabhra. Táid siad ag
súil léi anois lá ar bith feasta. An ghaoith nimhneach so
i dtuaidh a mhúchas an choinneal orm san oidhche, tá súil
agam go bhfuil sí ag líonadh na seolta móra gaoth-
ghabhaltacha aici agus dhá seoladh anuas chugainn.


L. 213


An 8° Caibidil.



1849, Aibreán 2°.- In mo chró dhom ar an Dromedary.
- Deich mí indé ó cuireadh ar longais i mbroid mé -
deich mí as cheithre bliadhna déag, fágann sin ocht mí
dhéag ar fhichid ar chéad. Cá bhfuil an duine daonna a
gheobhadh an t-éadóchas agus an diabhal a throid an fhad
sin, leis féin? agus é chomh haonraic leis an gcorp
nach bhfuil uime acht an aisléine.



Aibreán 5°.- Tháinig an Neptune agus tá sí le seoladh
fa cheann coicidhse. Is iad atá go gleithearánach, cloisim,
sa Ros fa phríosún a chur ar bun ann, agus má's dá
n-aindeoin atáthar dhá dhéanamh, is mór go dearbhtha
an tíorántacht agus an t-anfhorlann é. Acht níl aon
tsuim ag lucht an ughdaráis annso sa ngleo. Deir siad
gur lán glaice de lucht fuar-chrábhaidh an easaontais atá
dhá bhunughadh.



Bhíos ag léigheadh tuairim leathan, leitheadach, as Tait's
Magazine i dtaobh leabhar nua a sgríobh an sgríbhneoir
sin a sgríobhas don riaghaltas, agus nach féidir a thuir-
siughadh .i. Tomás Mac Amhalghadha. Stair Shasana atá
sa leabhar, agus is forust aithne dhom ó na giotaibh a
chuireas Tait síos ina irisleabhar aisti, gur sompla
ughdarásach í den léirmheasadóireacht a déantar i nDún
Monaigh, agus gur sgríbhneoireacht mhór-ghlórach agus
innsin ghortach atá uirthi, agus fearacht gach uile rud dá


L. 214


sgríobhann an fear céadna fa stair Shasana, go bhfuil sí
gan phrionsapáilteacht.*



Aibreán 12°. - Tá cosg le dánacht na Sagsan i nÉirinn
fa dheireadh, má seastar ina n-aghaidh go teann anois.
Rinneadh an Dubhthach a fhromhadh an dara feacht, nó an
treas fheacht, fá n-a chuid méirleachais, agus buaileadh
muinntir na Corónach arís; sé sin, chinn ortha an
Dubhthach a dhaoradh, agus is ionann sin agus dearg-
bhualadh dhóibh. Sé an chruth atá ar an obair anois an chruth
ina rabhas ag iarraidh a gcur ó thús. Is náireach feasta
leis an “Riaghaltas” an oiread sin coistí a phacáil chomh
follusach sin i ndiaidh a chéile, sin no ní glic an rud é
feasta dar leo, agus dá bhrígh sin leigeadar duine nó dhó
de lucht aon-bharamhla an Dubhthaigh féin ar an gcoiste a
rinne a fhromhadh. Bhí a fhios aca-san ar ndóigh nach bhfuigh-
eadh aon Ghaedheal i nÉirinn coir a dhéanamh i n-aghaidh
Bainríoghan Shasana, agus ní hé amháin gur shaoradar é
acht mhol cuid aca an spioraid náisiúnta a theasbáin an
t-aighne a rinne a chúis a phléidhe ar a shon; agus theasbáin-
eadar sin tré “buachaill thú!” “goirim thú!” a rádh,
agus tré bhualadh bos. Is maith ceart an nídh sin, agus is
sásamhail. Tá “dlighe” na Sagsan i gcontabhairt i



*Bothwell, an tasmáin, 4° Lughnas, 1851. - Léigheas an leabhar
féin annso, óir níl leabhar níos coitcheanta sa domhan anois
ná í, agus tá sí i leabharlann an bhaile seo. Cuimhneachán:-
Dhá imleabhar de leabhrán poiliticeach atá sa stair seo, leabrán
glic, gasta, ábalta, tútach, gan doimhneacht ar bith ann. Tá an
sgríbhneoir deas ar an léightheoir a mhealladh le tládh-fhocal nó dhó,
(agus is corr-dhuine atá deas air sin a dhéanamh,) nach gcuirfeá
aon tsuim ionnta dar leat, agus deas ar shraith de na bréagaibh
is uathbhásaighe ar bith a innseacht leis an bhfoirbhriathar is deise
d'iarrfá. Agus rud is measa ná sin, ní chreideann go bhfuil
subháilce ar bith sa duine; cruthuigheann sé nach raibh i bPenn acht
gailín suarach, ó thárla go raibh an ghráin aige ar na dlighthibh
peanaideacha, agus déanann cineál laoch bromuiceach as an Tárr-
thadóir dall ón Tír fo Thuinn.


L. 215


nÉirinn. Acht céard a dhéanfas an tighearna Clarendon
anois, mo dhuine bocht? Ní fhéadfadh ná ní leomhfadh an
cath so a chur air, agus saoilim go ndéanfaidh sé an chéad
choiste eile a phacáil ós árd, nó go ndaorfar an fear
so neart gan cheart; óir ní hé amháin gurb é an Dubhthach
eagarthóir an Nation acht is é an fear é a bhrostuigh
leis an mBrianach an cogadh a thosughadh i dTiobrad
Árann. Dá mbeidís gan a leanmhain féin níos fuide
anois bhíodar buailte, agus is tig leis an Dubhthach an
riaghaltas a ruagadh amach sa bhfairrge. Is tig, acht an
ndéanfaidh sé é? Bhfuil sé de mhisneach aige? Mo
chreach! is ro-fhollusach gur ghabh sgannradh agus creathadh
an duine gránna. Cad do dhéanfadh sé agus iad dá
fhromhadh acht fiadhnuise a thabhairt i láthair nach raibh
aon droch-cháil air? Rinne go deimhin, thug sé daoine do
láthair dhá chruthughadh go mba fear é a raibh deigh-thréithe
ann, agus ní hé sin amháin, acht dhá chruthughadh nach duine
é a dhéanfadh dlighe ná reacht a bhriseadh. Dhearbhuigh an
tAthair Tiobóid Maitiú agus an tEasbog a Bláca go
mba duine ro-shéimh, deaghmhóideach é, agus nárbh é an
cineál duine é chor ar bith a dhéanfadh foiréigean i n-aghaidh
an dlighe, ná achrann a tharraing ar an bpobal - tá baoghal
air. Tugadh an Coireallánach do láthair freisin, do
dhearbhadh go raibh cáil mhaith i gcoitchinne ar an bpríos-
únach - agus ba cheart go mbeadh a fhios sin go maith ag
an gCoireallánach. Agus rud is measa ná an t-iomlán,
beagnach, shaoil an duine bocht an milleán a chur ó n-a
dhorus féin fa'n sgríbhneoireacht a bhí i gceist, dhá rádh
nárbh eisean an sgríbhneoir. Is bocht suarach an obair
í sin, acht mar sin féin mara ngéilltear go hurghránna
ar fad níl aon teacht as ag an Riaghaltas. Cuireadh ar
ais fa ghlas é, agus caithfidh siad a fhromhadh an chéad


L. 216


tseisiún eile, agus ní mór dhóibh an coiste a phacáil go
han-dlúth nó - seadh, is breagh an rud riaghaltas “fial”
“carthanach” Shasana a bhfuil “dul ar aghaidh” ann a bheith
sa gcruth sin.



Beidh an-imnidhe orm go gcloisead cad a thiocfas den
chéad fhromhadh eile. Faríor ghéar gan duine éigin i
nÉirinn a theannfadh leis an námhaid anois! Faríor gan
é sa bhfear so a dhualgas a choimhlíonadh! D'fhéadfadh an
Dubhthach sin cáil agus onóir shíorruidhe a shaothrughadh
dhó féin dá leigeadh a cháil bhreagh phearsanda dhó. Caith-
fear leanacht den díospóireacht dlighe sin go dtéighe
ag taobh éigin ar an taobh eile, ní dhéanfaidh sé cúis ar bith
gan an cath a chríochnughadh; ní mór gach uile sheafóid
reachta a sguabadh as an mbealach agus an áit a réidhteach
fa chomhair an chatha deiridh. Ní mór cath Reachta na
nGaedheal a thabhairt i mbosga an choiste i dtosach, a
thabhairt annsin ar na sráideannaibh, agus ar mhachaire an
dubhshláin fa dheireadh.



Tugadh ar siubhal indiu mé den Dromedary, gan fuagra
noiméide a thabhairt dom gur cuireadh ar luing an os-
buidéil arís mé. Seolfaidh an Neptune fa cheann
seachtmhaine, agus tiubharfar cúpla lá san osbuidéal
dom is cosmhail, le mé a ullmhughadh fa chomhair an
aistir fhada sin, “ar fhaitcheas,” ars an Doch. de Hál, “go
mbeadh ortha thú a chur sa bhfairrge idir seo agus an
Ros.” Deir sé go mba an-deacair dhó an socrughad sin
féin a dhéanamh ar mo shon, agus go mb'éigin dó dearbhadh
go rabhas ro-thinn le cur ar bórd luinge, agus go mba
baoghalach nach sárochainn an t-aistear. Ní raibh aon
tsaoileachtáil agam mé bheith chomh dona sin. Mo mhall-
acht dóibh, d'óbair dhóibh mé a mharbhadh. Gidheadh ní
shaoilim go ndéanfaidh an t-aistear aon díoghbháil dom


L. 217


ná go bhfuil aon bhaoghal báis orm anois. Ba eadh ba
mheasa dhom mé a choinneál i ngéibhionn annso liom féin.
Agus cé gurab anbhfann, lag mo cholainn, níor airigheas
mo chroidhe ná mo mhisneach níos láidre riamh, míle
buidheachas le Dia Uile-chumhachtach ar a shon. Sgamaill
ghránna a bhí ag bagairt orm sgaipeadar agus d'imthigh-
eadar ar ceal. Tá an t-aer níos glaine thart timcheall
orm anois, agus mothuighim m'aigne ag claonadh chun an
deagh-ruda. Mínigheadh feallsamh éigin an t-adhbhar atá
leis an iongantas sin dom, tré ealadhain na nádúire nó
tré ealadhain na hintinne, cibé cé aca is fearr leis;
mínigheadh sé cé'n fáth don aigne neartachan do réir mar
lagas an cholainn, agus dá ghoire dá mbéidh an duine
don bhás, cé go mbeadh i ngéibhionn, agus i measg a
náimhde, cé an fáth an dóchas, an suaimhneas, agus an
do-chlaoidhteacht a bheith ag éirghe ina chroidhe. Mo chuid-
se dhe, má tá obair le déanamh agam, measaim nach leig-
fidh Dia dhom bás fhagháil go ndéana mé í, agus go dtiubh-
raidh Sé as an uachais seo mé ina am féin; agus mara
bhfuil, tá a fhios aige cad is fearr dhúinn go léir, agus tá
fhios agam go gcuirfidh Sé cáirde agus stiúrthóirí os
cionn mo chloinne, agus cáirde agus stiúrthóirí níos
fearr ná mar bheadh ionnam-sa go bráth. Is tig leis slighe
agus inneall fhagháil, nach gcuimhneochadh mo chroidhe-se air,
le n-ar dtír bhocht a árdughadh as an draoib, agus a cur go
hárd idir na náisiúin, agus sonas agus séan a chur ar
a daoinibh. Seadh, níl aoinneach nach dtiocfaidh dom'
uireasbha, agus má cailltear ar longais mar so mé,
is comhartha cinnte liom é sin gur fearr as mé ná ann.
Agus na dhiaidh sin ní iarrfainn acht maireachtáil agus
mo chuid oibre a dhéanamh; mo chlann féin a thógáil, mo
dhualgas a choimhlíonadh, agus an ceart a dhéanamh imeasg


L. 218


na ndaoine agus an fhírinne a labhairt chomh fada agus is
léar dom í. Agus déanfad sin má's é toil dé é;
marab é, toil Dé go ndéantar.



Tá an Doch. de Hál go han-laghach liom agus an-
fhreastal dá dhéanamh aige orm. Tá faoi, is dóigh, an
oiread sláinte a thabhairt dom an fhad is bheas mé annso
agus tá ionnam a shughadh isteach. Tháinig athrughadh ar an
aimsir freisin, go bhfuil sé na shamhradh againn arís. Is
go hobann a tháinig an t-athrughadh, i gcruthamhnas go
bhfuil gach uile rud in m'fhabhar. Is geall le parrdhas
dhom na hoileáin atá thart timcheall an chuain mar a
bhfuil an Tenedos ar ancoire annso, d'éis an long
lobhtha príosúin sin i mbéal an duga fhágáil dom. Tá
garrdhanta glasa toraidh ortha, doirí dorcha cedir, agus
trágh chumhang gheal gainmhidhe.



Aibreán 13°.- Bhí sé de shásamh agam go bhfuaras
amharc anois go díreach ar na páipéir nuaidheacht, (is
cuma cionnus, ná cé thug an t-amharc dhom), agus chím
gur chuir na Seiks thréana an cath amach 's amach ar an
námhaid sa bPunjab. Tá árd-ghoibhearnóir na hIndia
ag imtheacht i mbarr an anma agus trom-shluaighte
leis, go dtuga sé congnamh don tighearna Mac Eothach,
agus is dóigh dhóibh tamall maith a thabhairt ag troid go
dian. Gan aon aimhreas troidfidh na Sasanaigh ar a
seacht míle dícheall féachaint an dtiocfadh leo a gcáil
a fhagháil ar ais, ba chuma dá mbeadh ortha an tír a fhágáil
ar fad ar an toirt 'na dhiaidh sin, tar éis a creachadh agus
a fágáil ina fásach mar rinneadar le Cabool. Acht
tiocfaidh sé an-chuimse airgid ortha, agus ní hé a bhfuighe
siad de chreach i gcathair nó dhó a íocfas iad. Go gcuid-
ighidh Dia leis an deagh-obair sin. Is mór an rud an
briseadh.


L. 219


Dála na hEorpa iomorra, is aisteach an roinnt atá
náisiúin annsin a chur ortha féin. Tá na Sasanaigh, ag
moladh na hAustria agus ag iarraidh a mealladh, d'éis
a bheith cheana ag cuidiughadh le lucht fuasgailte a chothughadh
i Lombardí. Mothuigheann na Sasanaigh gur gearr nach
mbeidh aon déanamh d'oireasbha Austria aca, agus
maidir le Austria, níl aon déanamh aca-san d'oireasbha
na Rúise, agus tugann sin an Sasanach agus an Rúiseach
chun a chéile. Níl an Ungáir claoidhte fós acht an
oiread, cé go raibh páipéir malluighthe Shasana dhá
mhaoidheamh go raibh. Sé a mhalairt sin de chosamhlacht
atá uirthi, óir is amhlaidh is dócha dhóibh, má fhaghann siad
congnamh ó na Pólándraibh Austria a chur i n-íochtar.
Agus bí cinnte annsin nach dtaithneochaidh leis an
Rúiseach cáirdeas a bheith idir an Ungáir agus an
Phóland, agus an dá thír sin a bheith ag tabhairt dubhshlán
impearóirí, agus sáithfidh sé a chlaidheamh isteach san
achrann. Tá an Francach ar bís annsin, agus a bhratach
treodathach aige, agus an Lomdarach, an Eadáil agus an
Ghearmáin, iad ar fad ag corrughadh; agus annsin ní
mór le onchú na Breataine (nó an leomhan, mar thugas an
t-ainmhidhe sin air féin) brostughadh air, cé gur go mall
é agus i n-aghaidh a tholach, óir b'fhearr leis go mór ag
búirfeadhach is na hIndiachaibh, nó sa Saolann Nua, nó i
nÉirinn (nuair a bheadh na hairm bainte de na daoinibh
annsin aige). Agus tá mí-shuaimhneas ar na daoinibh i
nÉirinn, agus is mór an sgéal le duine sin, acht is
gearr go mbéidh sé le teasbánadh ag Éireannaibh má
tá ionnta tada a dhéanamh seachas a bheith go síorruidhe ag
clamhsán fa n-a bhfuil dhá fhuiling aca.



Agus tá na Gearmánaigh go saotharach, ar feadh an ama
so, ag iarraidh rud éigin ar a dtugaid Reacht a dhéanamh


L. 220


dhóibh féin i bhFrangfurt, acht déanfaidh rí Phrúise, agus an
sean-ainmhidhe atá i Hanouer déanfaidh sin neimhnidh dhe
sin agus cuirfidh cúl na láimhe leis. Ní sháróchaidh an
Reacht an lá measaim, agus annsin níl aon dá roghain ag
an nGearmáin Thuaidh, ag an bPrúise, ná ag Hanouer, acht
riaghaltas puiblidheachta a ghabháil chuca. Ní leigfidh ríghthe
ná árd-diúicí dhóibh gan sin a dhéanamh, agus tiocfaidh an
lá go bhfeice na daoine iad féin i gcath le ríghthíbh agus
le ríoghachtaibh i gCologne agus i gCassel, i gCarlsruhe,
i mBaden agus i mBerlin, agus tuigfidh siad nach bhfuil
aon mhuinighin le cur as ríghthibh, nach seasfaidh siad cor
ná connradh, ná margadh ar bith a dhéanfas siad le n-a
ndaoinibh; agus nach bhfuil tada eile le déanamh leo,
nuair a bheas a n-oifig gan mhaith, acht cogadh dearg a chur
ortha, agus an choróin agus an ceann i n-éinfheacht a bhaint
díobh. I gcruthamhnas go bhfuil an Ghearmáin ag ull-
mhughadh a cion féin de raic na hEorpa. Dála na
bhFrancach, is cosmhail go bhfuil siad tógtha suas do
láthair ag cur chaoi ar a ngnóthaibh féin, agus ní dhéanfainn
aon iongnadh dhe dá ndéanaidís an rud is aistighe ar bith,
agus dá ndéanaidís cosair asair shul 's bheadh a ngnótha
réitighthe i gceart aca, óir is aisteach an duine croidhe
é an Francach. Acht mar sin féin, nuair thiocfas an lá
chuige, níl aon aimhreas nach bhfaighfear an Francach
calma san áit ar cheart dó a bheith. Séideadh an stoc
aon uair amháin agus béidh seisean ina ionad chóir féin,
agus a chlaidheamh le n-a cheathramha síos. Sin é an chóir
atá ar na gnóthaibh chomh fada agus thuigim-se iad, acht
b'fhéidir dhóibh athrughadh crotha a bheith ortha ar ball.



Agus go deimhin is mór is cás le duine a chlos ó
óráid Bhainríoghan gheanamhail na Breataine go bhfuil
na Gaedhil go mí-shuaimhneach.


L. 221


Tá cluiche croidheamhail ar tí a imirt. Agus an bhfuil
orm-sa mo shaoghal a chaitheamh ag cneadach i gcarcair
adhmaid annso ar an muir mhóir, nó ag tabhairt aire d'fhin-
eamhnaibh na hAfraice, agus mé i ngéibhionn fa réalt-
bhuidhntibh na deisceirte, agus ríoghachta agus náisiúin
dhá gcailleadh agus dhá mbuadhachtáil? Ní shaoilim é.



Aibreán 20°.- D'éirigh an aimsir go breagh séimh
annso, agus is áluinn ar fad an feic atá ann, idir
spéir agus muir agus tír. Aon ancoire amháin atá as
an luing seo ó n-a gob, agus do réir mar athruigheas
an ghaoth tá amharc agam d'oidhche is de ló ó m'fhuinn-
eoig ar na hoileánaibh go léir, agus iad mar bheidís ag
dul thart timcheall. Sgairteann an ghrian isteach in mo
sheomra amanna nuair bhíos sí ag éirghe, agus b'éidir
an tráthnóna céadna ar a dhul faoi dhi go mbeadh sí ag
sgairteadh isteach sa bhfuinneoig chéadna; agus ar
maidin lá ar n-a bháireach nuair d'osglochainn mo shúile
(óir tháinig mo chodladh ar ais dhom) b'éidir go bhfeic-
finnan lá ag gealadh arís agus mo cheann ar an adhairt
agam, agus an taobh thoir de San Seoirse ina chaor
liath-ghorm áluinn. Sin é an gar do dhuine a bheith na
chomhnuidhe ar long príosúin a mbeadh sgartadh áirithe
gréine uirthi seachas a bheith 'do chomhnuidhe ar an talamh,
mar a mbeitheá go dall támáilte. Tá long mhór na
brataigh tuairim agus dhá mhíle uainn, agus an Neptune
ar a cúlaibh. Long sheaghanta go leor í, agus meirg
long cogaidh i n-áirde ar bharr a croinn. Is cosmhail
go bhfuil sé de cheart aici an mheirg sin a bheith i n-áirde
uirthi ó thárla oifigeach ar bórd. Sé an t-oifigeach é an
dochtúir, agus sin é an feadhmannach a mbéidh na príos-
únaigh fa n-a smacht.



Athrughadh i mbáireach atá an Neptune le seoladh.


L. 222


Dubhradh liom go raibh cóir ar sheomra beag ar leith
dhom-sa, agus dorus amach ar an mbórd deireadh air,
ionnus go mbeadh otium cum dignitate agam ar feadh an
aistir, mar d'fheilfeadh do dhuine uasal. Aistear!
aistear go hAfraic. Osglaim mo shúile amanna, agus
tugaim cuimilt chruaidh do mo chluasaibh, agus fiar-
fuighim díom féin an mé atá ann i n-aon chor. An
féidir gurb é seo an duine céadna a bhí 'na Sheán Mhis-
téal tá tamall ó shoin ann, a bhí 'na chomhnuidhe i Sráid
Uachtarach Leeson tráth, agus atá anois ar tí seoladh ar
bórd na luinge áirde úd go thír na bhfear ndubh, agus
na bhfear ndubh-bhuidhe, go tír na bhfeilméaraí Hol-
landach agus na bhfiadh bhfiadháin? Níl aon aimhreas air,
is cosmhail, seo í mo cholainn - seadh mhaisge -



“Me vel extremos Numidarum in agros
classe releget.”



Seadh go deimhin, tusa, a Sheáin Mhistéal, atá do chomh-
nuidhe ar long príosúin anois i mBermuda agus an
uimhir 2014 ort, tá tú ar tí a dhul thar an líne agus na
haigéin deisceartaí a threabhadh ar lorg Pharthaláin
Dias.



Nach ait mar bhíos na línte agus na siollaí filidh-
eachta sin as teangachaibh coimhightheacha ag rith tré mo
cheann, agus mé san uaigneas i bhfuilm annso. Dhá
laghad dhá mbéidh le tabhairt fa deara ag duine, dá
laghad dá mbéidh le déanamh nó le fuiling aige, nó le
feiceál den tsaoghal, is amhlaidh is fearr a chuimhne b'éidir
ar a ndeacha sé thríd; agus bhéarfaidh an chuimhne agus


L. 223


an aigne adhbhar smuainte dhó, mara bhfuil aon adhbhar le
feiceál ná le cloisteáil aige. Mar sin don té chailleas
radharc a shúl, géaruigheann an éisteacht aige, le congnamh
a thabhairt dó i n-áit an amhairc - óir géaruigheann céad-
fadh ag duine do réir mar milltear céadfadh eile -
agus do réir mar tá duine gan aon bhaint a bheith aige leis
an saoghal láthaireach, is amhlaidh is soiléire don aigne an
saoghal a caitheadh. Is iomdha rud a ndeachas-sa tríd in
m'óige, agus a raibh dearmad déanta agam air, a
thagas in mo cheann anois; tá an t-am chomh fada agus
chomh huaigneach sin, agus gan le déanamh agam acht an
oiread is dhéanfadh an t-eistre nó an t-ainmhidhe nach
mbeadh a fhios agat an ainmhidhe é nó luibh; is iomdha rud
díobh a gcuimhnighim ortha agus mo chuimhne ortha chomh
húr agus chomh glan agus dá mba anois a bhéinn ag dul
thríotha. Línte agus giotaí as leabhraibh a léigheas fiche
bliadhain bán ó shoin, tagaid in mo cheann anois, gan
iarracht ar bith dhá dhéanamh agam ar a dtabhairt ar ais;
agus dhá bhliadhain ó shoin ní chuimhneochainn ortha dá
mbeadh mo shaoradh ón gcroich air. Cá raibh mo chuimhne
na codhladh ar feadh an achair sin?



Acht gan a dhul níos goire ná sin do bhruach na haibhéise
móire, d'fheabhsuigh mo chuimhne go cinnte i mBermuda.
Agus mo nuar! mo muar! is truagh nach línte filidheachta
as Aeschylus agus as Horace an rud is measa in mo
chuimhne. Tá mo shaoghal ar fad os mo chomhair, mar
d'fheicfinn tré sgathán é, agus ní geal ná ní slachtmhar an
feic é. Faríor nach bhféadaim aon deigh-ghníomh amháin
fhagháil ann (i dteannta an ghníomha a rinne méirleach
dhíom). Is truagh liom nach ndearcann sgáile séimh
m'athar níos soineanta orm - agus faríor má tá an
oiread d'adhbhar aige -


L. 224


Ina óige go cinnte is eadh is coirpthighe an duine. Tá
an diabhal thart timcheall orainn agus sinn óg. Neamh-
urchóid na hóige ar ar thrácht na sean-fhilí (rinneadar
dearmad ar a n-óige féin) níl ann acht aineolas ar an
olc. Tagann cion ag an leanbh ar an olc, do réir mar
chuireas sé aithne air; agus tráth a mbíonn sé ag éirghe
suas in' fhear, lán d'uabhar agus de mhacnas an tsaoghail,
is minic annsin nach cruaidhe an chloch ghlas ná a chroidhe;
tá sé chomh leithleasach sin agus go ndéanann sé Dia dhe
féin, agus nach n-admhuigheann sé aon Dia eile. Má inn-
sigheann sé an fhírinne agus a bheith cneasta dhó, is as
corp uabhair é agus le míchéat. Níl aon chréatúr níos
uilce as so go hifreann ná an fear breagh onórach sin.
Creidim-se sin go dearbhtha. Maith ar bith atá le
fagháil i nádúr an duine, is ó throid leis an diabhal, sé
sin leis an duine féin, a thagas sé. Níl aon rud ann
mar an bhfuiling, leis an salchar a ghlanadh den chroidhe;
ní bhogann tada an croidhe cruaidh acht a dhul thríd an
muileann dó. Agus ca bhfios domh-sa nach é Dia Uile-
chumhachtach a chuir an phríosúntacht luinge seo orm-sa, tré
n-a thrócaire, cá bhfios nach smachtughadh é a theastuigh
uaim, agus nach ndéanfadh tada eile cúis? Bhí roinnt
mhaith dá bhfuil de thrioblóid i gceann an duine cheana
orm go deimhin; acht rinneadh faillighe roimhe seo
ar an gcineál áirithe so oideachais a thabhairt dom .i.
smacht phearsanta, agus inísleacht a chaitheamh liom.
Níor tháinig sé riamh an té sin is mó bhí ar a chomhairle féin
ná mé, ná is uaibhrighe bhí faoi, ná is mó a raibh dúil ina
chomhairle féin aige. Agus an t-uabhar sin a dtugas
srian dó, b'fhéidir gur leis a bhí call cosg a chur, ionnus
go gcuirfidhe mo laige féin i n-iúl dom, ionnus go
n-aireochainn nach láidre mé 'na dhiaidh sin ná Dia,


L. 225


cruthuightheoir an iongantais agus an uathbháis. Agus dá
bhrígh sin, cuireadh sgata bitheamhnach ag cogarnaighil in
m'aghaidh agus comharthaí uaisleachta agus ionnraicis ortha,
gur tiomáineadh ar siubhal go cró aduadhain mé mar a
gcuireann eochraidh glas orm, agus fágtar annsin mé
ag foghluim mo cheachta nó go mbeidh sé agam go maith,
agus uain mo dhóthain agam le smuainiughadh ar chúrsaibh
an tsaoghail.



B'éidir gur b'é mo mhaith é a bheith annso, acht ná
raibh maith ag na bitheamhnachaibh uaisle ionnraice a chuir
ann mé.



Nach orm atá an tseafóid agus an tseodaráil, nó
nach breagh nach gcuirim cosg leis an raiméis seo. Is
geall le duine de chumann na leabhrán teagaisg mé
ag caint; agus cé'n díoghbháil? Cad na thaobh nach
labharfainn amhlaidh, mara ndeire mé acht an fhírinne?.
Ní fuláir do dhuine gan eagla bheith air roimhe thada, dá
mba é a leigean isteach i gcumann na leabhrán teagaisg
féin é. Acht an iomarca atá le rádh agam, agus pé aca
sin é, is náireach liom a bhfuil de pháipéar breactha agam,
agus a bhfuil fúm féin ann. Dá mba i ndaingean uaig-
neach féin é níor cheart d'fhear an oiread sin áird a bheith
aige air féin, ná a tháibhle dhílse a bhreacadh ag cur síos
air féin. Cé mise, le go dtiubhrainn cluas chomh
mór chomh measamhail sin dom féin, go dtí amháin mo
smuainte a chur síos ar pháipéar? Cé mé féin? nach
mé ar ndóigh an Mise - an Mise céadna a bhí dhá dhearbhadh
ag Fichte a bheith ann? Agus nach tabhachtach an duine
sin - ní headh, acht an bhfuil a mhalairt ann? Táim i
n-aimhreas anois nach raibh riamh aon duine eile ann acht
an Mise - nach raibh Fichte féin ann ná an t-eochraidh.
Is mise an tIomlán. Acht a inghean bhig ghleoite! tá


L. 226


tusa freisin ann saoilim, i n-ionad éigin sa domhan mór.



Aibreán 21° - An Satharn. - Támuid le seoladh i
mbáireach go cinnte, agus an posta ba cheart a bheith
againn ó Shasana dhá lá ó soin, níor sroich sé fós sinn.
B'éidir go mbeadh orm anois imtheacht don Ros gan
mo litir míosa d'fagháil ó Iubhar Chinn Tragha; agus cá
bhfios cé méad mí bheas mé annsin sul 's gheobhas mé
sgéala goidé mar tá mo dhaoine múirneacha? Pé
aca sin é, níl aon airgead agam, ní leigfinn a chur
chugam annso, acht sa litir dheireadh d'iarras cúpla punt
a chur chugam i dtreo nach mbéinn gan pinginn gan bonn
nuair cuirfidhe i dthír mé ar mór-roinn na hAfraice.
Níl agam de maoin an domain acht cúpla sgilling agus
b'éidir go mbead orm obair a dhéanam mar atá ar an
bhfear dubh-bhuidhe. Nach deas an bhail é sin ar “dhuine
uasal foghlumtha.”



An galtán, an Scourge, ina ndearnadh mé fhuadach
ar siubhal ó thús, tá sí annso le cúpla lá, d'éis a bheith
sna hIndiachaibh Thiar; agus anois díreach seol sí go
Sasana le deireadh a chur le n-a cuid seoltóireacht. Trí
thamall a chaith sí ar ancoire i mBermuda ó tug sí annso
mé, agus is minic a rinneas iongnadh dhe nach bhfacas
aon oifigeach dá raibh uirti ó'n gcuairt a thug an dá
oifigeach orm i dtosach. Gheall an chéad oifigeach go
cinnte go dtiubhradh sé corr-chuairt orm, agus níor
tháinig seisean i n-aon-chor. Tá an t-adhbhar agam ar
fad anois, ó na páipéir nuaidheachta. An t-uigingeach
atá ar an stáisiún, is cosmhail go dtug sé trom-mhilleán
do Chaiptín Wingrove, nuair chualaidh sé nár caitheadh liom
ar an turas mar chaithfidhe le daor coitcheann ar bith
eile. Rinneadh an-chaint de i mBermuda agus i Sasana,
agus d'fhiarfuig daoine uaisle sa bPairliméid de na


L. 227


ministéaraibh fa'n órdughadh a tugadh i dtaoibh an
daoir, an Mistéalach .i. cár ith an daor réamhráidhte a
a chuid bídh, agus cé bhí ag ól i bhfochair an daoir chéadna;
agus bhí pobal Shasana chom coruighthe agus chom feargach
sin go mba baoghalach go ndíbreofaidhe an feadhmannach
croidhe as an tseirbhís. Is cóir a rádh annso go raibh an
ceart ar fad ag pobal Shasana. Ba daor dá ríribh mé,
nó níorbh' eadh. Marar dhaor mé ní raibh aon cheart mé
a fhuadach ar siubhal cor ar bith; má ba daor mé níor
cheart a dhéanamh liom acht go díreach mar dhéanfaidhe le
daoraibh eile. Acht nuair fríth amach go rabhas ar aon
bhórd leis an dochtúir, agus le oifigeacha na luinge a thug
ó Áth Cliath go Corcaigh mé, tháinig is cosmail fear-is-
barr feirge ar phobal na Breataine. Is suarach an
t-iongnadh gur ghlac pobal na Breataine masladh faoi
sin. Nach rabhadar dhá síor-bhollaireacht i bpairliméid
agus i bpáipéir nuaidheachta, gan trácht ar a gcoiste
áirithe féin, dá fuagairt i n-árd a ngotha go mba méir-
leach é an fear so, agus an amlaidh nach raibh aoinneach
le fagháil 'na dhiaidh sin a dhéanfadh méirleach dhe, ná a
chaithfeadh leis mar chaithfidhe le daor? Agus an dochtúir
bocht a bhí ar an Shearwater (ó is air a thuit an chuid is
mó den milleán cibé fáth bhí leis), bhí roinn an loingis
den riaghaltas ar dearg-bhuile leis, go mb'éigin bréaga
éigin a chumadh dá chosaint. Ní fhacas an leithsgéal bréag-
ach sin, acht léigheas an leithsgéal bréagach a tugadh ar
son Chaiptín Wingrove an uair dheireadh tarraingeadh
an cás anuas sa bhfeis ghallda. Chím anois go bhfuil an
sgéal ar siubhal aca ann le tamall fada, agus má bhíonn
dúil ag Robuson nó ag Locart nó ag an gCoirnéal
Verner, feisire eisean ó chondae Árdmacha, má bhíonn
fútha na ministéaraidhe a chur i dteannta, éireochaidh siad


L. 228


'na seasamh, ó am go ham, agus fiarfochaidh siad goidé
mar caitheadh leis an Mistéalach, an daor, ar a bhealach go
Bermuda dhó? cé bhí ag comhrádh leis? ar baineadh an
ghruaig de an nós a mbaintear de dhaoraibh eile í?
agus an raibh sé dá choinneál ag obair annsin sna coil-
éaraibh mar ba cheart? Chím sa Times an uair dheireadh
cuireadh na ceisteanna sin go ndubhairt Uigingeach
Dundas éigin (tighearna de roinn na maruidheachta é,
creidim), gurab é órdughadh tugadh i dtaoibh an Mhis-
téalaigh, an daor, go caithfeadh feadhmannach na luinge
leis ar an aistear mar chaithfidhe le daor ar bith, agus
a choimhéad i n-áit ar leith, ionnus nach mbeadh sé imeasg
oifigeach na luinge, acht nach raibh an dara seomra sa
Scourge, agus go raibh ar an gCaiptín Wingrove é
thabhairt isteach ina sheomra féin agus a chuid bídh a
thabhairt dó ar an aon bhórd leis féin, acht gur coinnigh-
eadh ar leith ó na hoifigeachaibh eile é. Nach beag a
mhairg a chuireas sé ar na bitheamhnachaibh sin na bréaga a
innsin.



An chéad chás de, atá seomra ar leith sa Scourge, rud
nach fuláir nó tá a fhios ag tighearna so roinne na mar-
uidheacta go maith, agus ba é an dara seomra céadna
mo sheomra-sa. Chodluigheas ann, ba liom féin ar leith
é, agus bhí bórd, cathaoireacha agus iomdhadha ann, i
gcruthamhnas go bhféadfaidhe mo chuid bídh a thabhairt dom
ann dá ndéantaidhe an t-órdughadh a thabhairt. Acht níor
tugadh an t-órdughadh sin. I leabaidh órdughadh d'fhagháil
do Chaiptín Wingrove caitheamh liom mar chaithfidhe le
daor, hórduigheadh dhó go sonnradhach caitheamh liom mar
chaithfidhe le “duine uasal.”



Ná ní fíor acht an oiread gur coinnigheadh ar leith ó
na hoifigeachaibh mé, chaitheas urmhór an ama ar bórd
fré na n-oifigeach.


L. 229


Ionnus gur bréag gach ar dhubhairt an t-uigingeach so
go huile agus go hiomlán, an bhréag a bhí ag Dundas
ó thús go deireadh.



Táim cinnte nach raibh Caiptín Wingrove rann-pháirteach
sa mbréig.



Agus chím fós má d'innis an tUigingeach Dundas na
bréaga i bhfo-theach na feise, gur innis an tighearna
Lansdowne na bréaga i n-árd-teach na feise. Cuireadh
ceist den tsórt chéadna air-sean san árd-teach, agus
d'innis sé do na tighearnaibh go mb'fhíor gur tugadh cead
d'fheadhmannach an Scourge caitheamh leis an bpríosúnach
mar cheapfadh sé bheadh feilteach, mar gheall ar gan an
Mistéalach a bheith ró-láidir ina shláinte. Níl annsin acht
an oiread acht bréag. Níor tugadh an cead sin do Chaip-
tín Wingrove: níor chualaidh Caiptín Wingrove focal
ar bith fa mo dhroch-shláinte, ná fós na ministéaraí. Ní
dhearnas casaoid ar bith ar mo shláinte an uair sin.
Ionnus gur innis an dá bhréagadóir Stát sin na bréaga
go mí-stuamdha, de bhrígh nár innsigheadar an bhréag
chéadna. Go bhfortuighe Dia orainn, agus go maithe sé
ar bpeacaí dhúinn ar fad.



Adhbhar fíor-shuarach cainte seadh é sin, acht dá shuaraighe
é chuireas síos an meid sin faoi, óir b'éidir go mbeadh
orm tagairt dó arís. Ba ro-chuma dhom-sa cá leag-
faidhe mo bhéilidh fúm, no cé bheadh ar dinnéar ag aon
bhórd liom. Ó ghabh mo náimhde i láimh mé, thugas
de chleachtadh dhom féin suidhe síos, nó éirghe im' sheasamh,
nó tosuighe ag siubhal do réir mar déarfaidhe liom
é, mar dhéanfadh fíor-phríosúnach; agus biadh ar bith
a cuirfidhe os mo chomhair a ithe gan tada a rádh. Níorbh
onóir ar bith liom suidhe chun búird le Caiptín Wingrove,
ná níorbh easanóir liom é dá gcuireadh siad slabhraí


L. 230


orm agus mé a chaitheamh isteach sa daingean is íochtaraighe
bhí ina luing. Rinne riaghaltas na Breataine a ndícheall
orm nuair thugadar “Méirleach” mar leasainm orm
agus dhíbrigheadar ar siubhal ó mo thír féin mé; ní gheobh-
aidís féin ná aon tseirbhíseach dá raibh aca an míghníomh
sin a mhéadughadh ná a laghdughadh, dá dhéine ná dá shéimhe
dá mbeidís liom.



Acht cheana, tá cathughadh orm fa'n ainbheart a d'fhuiling
pobal na Breataine, - pobal fial, calma, mór-chroidheach
na Breataine.



Aibreán 22° - An Domhnach.- An lá deireadh agam
i mBermuda. Maidin gheal earraigh í, agus ar n-osgailt
mo shúile dhom an chéad rud a chonnaiceas: long an
phosta fa shiubhal treasna an chuain (agus an cuan chomh
mín leis an ngloine) go dtí an dug. Gheobhad mo litir
ón Iubhair.



Tá bád le theacht in mo choinne tar éis na céad-phroinne.
Níl aon chinnteacht agam mo leigean ar siubhal gan mé
a cheistniughadh, agus mé a chuartughadh b'éidir ar lorg
páipéar. B'éidir go mbainfidhe an leabhar cuimhneacháin
seo dhíom, agus má chuireann aoinneach duadh a léighte
air féin is eagal liom go bhfuighfear focal tuarganta nó
dhó ann, annso is annsiúd. Níor ceistnigheadh fós
ariamh mé go deimhin fa rud mar sin, ná níor cuartuigheadh
mo mhála amháin; agus fa lucht an ughdaráis annso,
níl a fhios agam an gceapann siad go bhfuil a ndualgas
dá choimhlíonadh san méid sin aca nó maran gceapann.
Bheadh uirnis sa mála sin agam le glais a bhriseadh i ngan
fhios dóibh, nó liomháin, nó cúpla piostal, seadh, nó
inneall diabhalta éigin eile. Níl a fhios aca-san nach
ag ullmhughadh tuarganta agus mí-shuaimhnis a chaitheas
an uain sgríbhneoireachta a bhí agam, agus gur gearr go


L. 231


bhféada mé a chraobhsgaoileadh. Acht sin é a ngnó-san,
ní bhaineann sé dhom-sa. Mar sin féin tá mo leabhar in
mo phóca agus an fhuinneog osgailte, nó go mbéad ar
mo bhealach i gceart agus má déantar aon chuartughadh
tá fúm mo smuainte luachmhaire a chaitheamh sa bhfairrge
agus meadhchan a chur ar an leabhrán a thiubhras go tóin
puill í.



An ceathair a chlog. - Támuid ag seoltóireacht, agus
na doirí cedir i mBermuda ag dul faoi, taobh thall
do fhonnsa ceodhach na cruinne. Sin é foircheann mo
“Bhrionglóidí se ar Oileánaibh an tSamhraidh.”



Fuaras mo litir as baile. Nár laghach múinte an
mhaise don ghoibhearnóir é a cur chugam tar éis a dhul ar
bórd dom, agus le linn an Neptune a bheith ag imtheacht?
Táid, siad ar fad go maith sa mbaile. Sgríobhas litir
fhada, chroidheamhail chun mo mhná, óir tá crut níos fearr
orm anois do réir chosamhlact. Tá an lá ag gealadh
dhúinn. Tá feabhas mór ar mo shláinte i n-achar gearr
agus is dóigh gur ag teacht ionnam a bheas ar fairrge,
agus b'éidir go dtiubhradh an aimsir ar ais ar fad í san
Afraic. Agus ní cosmhail go bhfuil fá'n “Riaghaltas”
mé choinneál sa Ros ar fad, tá an tighearna Grae ag
caint ar rud éigin a dtugann sé “párdún ar chonnradh”
air, agus go bhfuil sé le fagháil ag príosúnaighibh rachas
don Ros, acht chúig phunta dhéag a thabhairt air. Is eadh
thiocfas dhe sin go mbéidh na príosúnaigh saor ar longais,
sé sin go mbéidh cead aca a dhul ina rogha áit acht amháin
gan a dhul go hÉirinn, go Sasana, ná go hAlbain. Má
fhéadaim an sgríbheann sin d'fhagháil ar £15 (cibé ainm
atá air) ceannochad é go cinnte, agus measaim gur
deagh-mhargadh go cinnte ar an airgead é. Nach cuma
dhom-sa iad a tabhairt “párdún” air? Dá dtugaidís


L. 232


logha generáilte air nó orrtha i n-aghaidh greim an mhadaidh
bhuile, cheannochainn go fonnmhar rud a thiubhradh cead
dom imtheacht agus gan a bheith fa bhratach nimheanta
na gCarthagíneach. Acht mara ndíoltar an “párdún”
sin liom-sa, dá dhonacht an cás agam, ní bheidh orm acht
fanacht cúpla bliadhain 'mo chomhnuidhe i gcúinne cúl-
ráideach i n-áit éigin i Stellenbosch no i Suellendam
idir mo mhuinntir féin, na feilméaraí ón Tír fá Thuinn,
na daoine croidhe, thart timcheall orm, agus mé ag
saothrughadh na talmhan mar árd-athair; nó mar thréad-
aidhe ag fosuigheacht na gcaorach, go dtige am mo
shaortha.



Chítear dom go bhfuiltear i n-aimhreas fós i dtaobh a
dhul i dtír sa Ros. An tuairisg deireadh a tháinig
chugainn ón áit, ag neartughadh atá siad i n-aghaidh sinn a
leigeann i dtír. Acht an t-árd-dochtúir atá i gcionn an
Neptune .i. an Doch. Dees, deir sé liom go bhfuil
órdughadh cinnte aige don ghoibhearnóir thall, .i. Sir Enrí
Mac Gabhann, an fhuireann fré chéile a chur i dtír nuair
bhainfeas sé caladh amach. Agus na dhiaidh sin, má tá
i ndán agus go bhfuil na daoine thall ar aon fhocal, nó
go leor aca féin, gan na daoir a leigean isteach ina
dtír, agus má táid siad go láidir ina aghaidh sin is
anfhorlannach, tarcuisneach an rud do riaghaltas Shasana
na daoir a éigniughadh isteach ortha dá n-aindeoin. Ní
brígh bheag ar bith do dhuine a thír agus a thalamh a mhilleadh
le sgata méirleach, díogha agus dríodar an chine
ó impireacht mhór eile, agus iad sin a bheith ag cur fútha
agus ag ullmhughadh na hanachain. Ní dhéanfainn aon
iongnadh dhe dá mbeadh órdughadh ag Sir Enrí Mac
Gabhann nuair shroicfeadh muid ar Ros sinn a chur
anonn don Austráil.


L. 233


Mo chuid féin de, ní hé mo roghain seoladh ar an luing
seo agus an fhoireann atá uirthi, agus gan a fhios againn
nach mbeithidhe dhár dtabhairt thart timcheall an domhain,
agus sinn ag teacht fa'n dorus ag gach oileán agus ag
gach mór-roinn, i ndóigh go dtiubhraidhe dídean do 300
duine coimhightheach nach bhfuil aon deagh-chuma ortha;
acht níl aon dá roghain agam-sa, mar táim ag teicheadh
le m'anam. Acht cheana, is fearr liom a dhul go hAus-
tráil féin, agus i n-éinfheacht leis an gcomhluadar so ná
geimhreadh eile a chaitheamh ar na oileánaibh samhraidh seo,
agus dar go deimhin ní héadruime mo sparán (níl ann
acht trí sgilleacha déag) anois ná mo chroidhe agus mé ag
bualadh fa'n aistear so. D'fhágas an bás 'na thaidhbhse
'mo dhiaidh idir na cedir dhubha, agus dá leanadh mac
urghránna na stríopaighe féin sinn ní bhéarfaidh sé orm sa
long so atá ag imtheacht fa na seolta brat-ghaoithreacha.
Bainfead deich ngrádh is trí fichid de chrios an domhain
de rása as, treasna bealach bliadhna na gréine go dtí
réigiúin nár sgairt an Beithir Mór ariamh ortha, agus
má thagann an Feithideach modardha suas liom annsin
troidfead é an fhad is bhéas ionnam cosa chorrughadh.



Dhá mhí bhainfeas ar n-aistear don Ros asainn, do
réir mar mheasaid. Hurá! mar deireadh sean-Domh-
nall bocht: is éadtrom é mo chroidhe indiu, níl baoghal
nach dtiocfaidh rud éigin nua as ar n-aistear don
Afraic agus ba dual máthar di arrachtaí a thabhairt ar
an saoghal.*



Sean-Domhnall bocht! ba hé féin an sean-fhear
iongantach, cumasach, agus an sean-fhear greannmhar,
tútach! Is é bhí binn-bhriathrach, gáiridhe geala aige a


L. 234


mheallfadh an t-éan den chraoibh, agus croidhe a leaghfadh
le truaigh! agus fós fear bréagach, fealltach, cealgach.
Nár ríoghdha agus nárbh uiríseal an duine é! níor ghéire
súil, ná níor chumasaighe greim an iolair uasail ar
Charn Tuathail ná mar bhí aige, níor thútaighe uirísle an
gadhar, ná níor chruadh-chroidhigh an dubhán alla ná é.
Féach an óráid a rinne sé ar son Sheáin Mhig Aodha, an
píosa cainte ba cumhachtaighe a rinneadh ó roimh aimsir
Demostenes, agus féach annsin an teoir taibhdhseach
neimh-bhríoghmhar ag moladh don phobal brostughadh go
síothchánta móralta. Ariamh ó chuimhnigh an chéad fhear ar
adhbhar bréige do bhaint airgid amach, níor facthas a
leithéid sin d'inneall puiblidhe feille. Agus má chuimh-
nuigheann duine ar sin féin, agus ar thuilleadh le n-a
chois, cad is féidir le duine a rádh? Ní féidir, acht
amháin guidhe nár ba donaide Domhnall Ó Conaill atá
na luighe i gcré na hÉireann é: agus an Dia mór a
raibh a fhios aige le créatúr chomh hiongantach leis a
chruthughadh go ndéana trócaire ar a anam.



Aibreán 23°.- Tugadh seomra beag an-tsalach annso
dhom, agus fuinneog air as a bhfeicim an bórd deireadh
uaim. Na saighdiúir nach bhfuil ag obair, táid siad ag
spaisteoireacht thart ar an mbórd deireadh, ag comhrádh
is ag caitheamh tobac dhóibh féin. Tá na príosúnaigh 'na
sguainibh ar an mbórd tosaigh, ar an seomra sa ngob
agus ar an mbadhbhdhún, agus éide príosúin Bhermuda
ortha. Níl aon chead aca a theacht go deireadh na luinge.
Tá sé saordhálach agam-sa siubhal thart ar an mbórd
uachtarach deireadh, agus is fada fairsing agus is glan
an áit é, áit mhaith spaisteoireacht. Bíonn dhá oifigeach
de bhárda an airm ag siubhlóid annso freisin, agus ag
caitheamh tobac.


L. 235


An Doch. Dees a gairmthear den dochtúir atá ina
fheadhmannach annso. Is é atá n-ar gcionn ar fad, agus
tá éide dochtúir loingis air. Tháinig sé isteach in mo
sheomra chugam ar maidin indiu, agus bhraitheas cad a
bhí uaidh, agus shanntuigheas tabhairt faoi, ionnus go
dtuigfeadh sé féin agus mé féin a chéile, agus go mbeadh
suaimhneas againn ó n-a chéile ar feadh an aistir. Thosuigh
sé ag innsin dom gur socruigheadh i mBermuda an chóir
chéadna bídh, agus rl., a thabhairt dom a bhí ag na hoifigeachaibh,
agus dá mbeadh tada uaim a innsin dó-san, sé sin don
Doch. Dees. Dubhras leis go rabhas lán-chinnte nach
dteastochadh éinnídh uaim - agus pé aca sin é, go mba
gnáthach liom gan tada iarraidh, ná gan aon chasaoid a
dhéanamh, agus maidir leis an socrughadh áirithe a rinneadh
ar mo shon-sa nár thuigeas chor ar bith cé'n fáth a mbeadh
cóir ar leith ag dul domh-sa thar mar bhí ag dul do na
príosúnachaibh eile. “Sé a bhfuil d'eolas agam-sa air,”
ar seisean, “gur órduigh Goibhearnóir Bhermuda sin
a dhéanamh. Is oth liom,” adeir an dochtúir, “go gcaith-
fir a bheith aonraic ar fad annso agus nach féidir leat a
dhul go seomra na n-oifigeach, ná labhairt leis na hoifig-
eachaibh atá ar gárda. Ní hé go mbeadh aon diúltadh
agam féin romhat, ná ag na hoifigeachaibh acht an oiread,
is dóigh lion, acht is amhlaidh atá an cás - é an cás é -”



“Is amhlaidh atá an cás,” arsa mise, “go dtiubhraidhe
thusa agus iad féin síos sa bPáirliméid, mar tugadh an
Caiptín Wingrove, agus go mb'éidir go ndéanfaidhe sibh
a fhromhadh i gcúirt airm.” “Go díreach; sin mar tá an
sgéal ar fad.” “Maith maiseadh,” arsa mise, “ná
cuireadh sin imnidhe ar bith ort. Ón lá a ndearnadh
príosúnach dhíom-sa, agus nach tig liom mo rogha comh-
luadar a bheith agam is fearr liom mo chomhluadar


L. 236


féin ná aon chomhluadar eile. Is mór an dul amudha
do na daoinibh croidhe atá sa bPáirliméid a mheas gur
onóir ná socamhal ar bith liom-sa a bheith sa seomra
oifigeach is fearr atá i loingeas na Bainríoghna; agus
maidir leis na hoifigeachaibh atá i gceist agat mara
mbrúghaidh siad iad féin orm bí cinnte nach mbrúghfad-
sa mé féin ortha.”



D'fhan an dochtúir tamaillín ina shost, agus dubhairt
annsin, “De dhéanta na fírinne, do cuid-se dhe, tá faire
géar i gcomnuidhe is cosmail ar aon oifigeach a bhfuil aon
bhaint aige leat; agus tar éis a ndearnadh de chaint
sa BPáirliméid agus ag bórd roinne na loingseoireacht
fa'n gCaiptín Wingrove agus fa oifigeachaibh an Shear-
water níl duine againn nach eagal leis donas éigin a
tharraing air féin.” “Is cosmail,” arsa mise, “nach
leor mise a dhaoradh agus a dhíbirt gan dá roinn an
reachta agus roinn na loingseoireacht agus roinn na
bhfo-thíortha a bheith d'feacht is d'áirithe ag déanamh a
ndícheall ar mé a choinneál in mo posta nua .i. in mo
mhéirleach; ní headh, act ag déanamh a ndíchill ag iarraidh
a chur na luighe ar a gcuid féin oifigeach a leigean ortha
féin chor ar bith gur daor ná méirleach mé.” Rinne sé
gáire, agus dubhairt go mb'fíor sin. “Acht go deimhin,”
ars eisean, “ní maith go bhfuil a fhios cad is fearr a
dhéanamh leat. Saoilim nach aon fhonn atá ar an riaghal-
tas a bheith dorrdha leat, ná caitheamh leat mar caithfidhe
le daor coitcheann ar bith eile, agus 'na dhiaidh sin ní
mór leo an pobal a shásughadh. Is amhlaidh atá an sgéal
is deacair an cás a réiteach.”



“Is suarach an t-iongnadh sin,” arsa mise, “is
trioblóideach agus is doilghe an obair gníomh éagcórach ar
bith a thabhairt chun críche. Dá mba méirleach mé, tá


L. 237


a fhios, agat, níor cheart go mbeadh deacracht ar bith sa
gcás. Agus goidé an diabhal ciall atá aca le ”dorrdha,“
ná le gan fonn a bheith orm a bheith ortha caiheamh liom, mar
chaithfidhe le daor. Is méirleach mé nó ní méirleach mé.”
D'amhduigh an dochtúir sin. “Agus,” adeirim-se, “maran
méirleach mé gur méirligh na daoine a chuir annso mé.”
Níor tháinig sé liom ná in m'aghaidh sa méid sin; níor
chríonna an mhaise dó é dar leis, is cosmhail, agus níor
chuireas chuige sin é. Acht rud nár bhain liom-sa ar leith
dubhairt an doctúir: “Is minic nach sábháil ar bith ar
sheirbhíseach puiblidhe an rud ceanann céadna a hórduigh-
thear dhó a dhéanamh, óir níl cead aige an t-órdughadh a
fuair sé a teasbánadh, dá mbeith i ndán agus go mbeadh
an pobal ag casaoid fa'n rud a rinneadh. Ní mór dhó
an milleán a thógáil air féin agus eisean a bheith síos leis
i leabaidh an riaghaltas.” “Tá a fios agam go maith,”
arsa mise “gurb é sin an gnás. Árd-oifigeach ar bith
atá i seirbhís Shasana is tig leis, mar shaordháil, leithsgéal
ar bith is maith leis a cumadh agus a chraobhsgaoileadh dá
chosaint féin agus do chosaint an riagaltais, agus an
milleán a chur ar dhuine atá faoi. Agus an duine atá
faoi, caithfidh sé an sgéal a fhíorugadh, cé gur ab é a
sgrios féin a thiocfadh dhe. D'féadfadh an Caiptín
Wingrove tuairisg éigin a thabhairt ar an ngnás sin, agus
an Caiptín Elliot freisin, ó n-a ndeacha sé féin thríd
sa tSín. B'fhéidir nach bhfuil a fhios agat nach ndearna
sé acht go díreach an rud a hórduigheadh dhó; acht nuair
a ceapadh nár éirigh leis, bhíodar ar buile leis sa bPár-
laiméid agus ins na páipéir nuaidheacht; acht mar sin féin
ní fhuigheadh sé an t-órdughadh a tugadh dhó a luadh, agus
b'éigin dó bheith gabhtha leis an leithsgéal a thogair na min-
istéaraí a chumadh. Agus níl aon aimhreas agam nach


L. 238


leigfeadh an riaghaltas an Caiptín Wingrove a dhaoradh i
gcúirt airm anois, agus nach gcuirfeadh sé blas mairg
ortha, d'éis go ndearna sé go díreach mar hórduigheadh
dhó, dá mba é breitheamhnas na cúirte go ndearna sé
gníomh nach ndéanfadh sé dá mb'oifigeach é ná duine
uasal. Mar sin, a dhochtúir, ní fuláir duit dhá airighe
dhá mbeidh tú.” Bhí an dochtúir ag éirghe mí-shuaimhneach
fa an gcineál cainte bhí agam, acht ní leigfeadh an mhodh-
amhlacht dó treasnuigheacht a chur orm, rud a raibh
ughdarás aige a dhéanamh, agus nuair mhothuigheas sin
tharraingeas sgéal éigin eile chugam. Fear séimh
modhamail soineanta é. Saoilim go dtaithneochadh sé
liom - mar shíléar.



Níl puth gaoithe as aer indiu, agus tá feiceál fós
againn ar theach soluis Bhermuda. Tugadh príosúnach
dhom mar is gnáthach le bheith ag freastal orm, agus thug
sé congnamh dhom le caoi a chur ar mo sheoimrín. Béidh
mé sa mbaile annso go cheann dhá mhí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services