Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Measgán Músgraidhe - Cnuasach Beag Sgéalaidheachta
Title
Measgán Músgraidhe - Cnuasach Beag Sgéalaidheachta
Author(s)
Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Nár do mhór-thriath Mhúsgraighe Gaill ag taisteal a thíre, An chuaine dhuaibhseach dhúr-chroidheach Atá ag creachadh gach críche.” — Aodh Buidhe Mac Cuirtín.
“Cuir gairm ar shliocht Chairbre Mhúisg gan spás, Fir mheardha nach measfaidh bheith umhal do'n stát.”
Brollach Do bhí rí mór ar Éirinn fad ó gurab é ainm a bhí air Conaire Mac Mogha Láimhe nó Conaire II. Do bhí sé i gceannas na tíre ó'n mbliadhain 158 go dtí an bhliadhain 165 d'aois ár dTighearna. Do bhí triúr mac aige, .i. na trí Chairbre, .i. Cairbre Músg & Cairbre Baisginn & Cairbre Riada. Sliocht Chairbre Mhúisg do glaodhadh Músgraighe ortha, & do chuireadar so fútha i gCúigeadh Mumhan. Do bhí sé tuatha nó dúithchí aca fad ó, acht ní mhaireann anois díobh i ndinnseanchas na hÉireann acht aon cheann amháin .i. Músgraidhe Ó bhFloinn (nó Múscraige Mitaine, .i. an tsean-ainm). Músgraighe is mó glaodhtar indiu ar an ndúthaigh sin, & i n-iarthar Chontae Chorcaighe atá sí. Na sgéalta atá ins an leabhar so, is ó Iar-Mhúsgraighe dhóibh, .i. ó Bhaile Mhúirne & ó Uíbh Laoghaire, a n-urmhór ó'n gcéad cheanntar. 'Sé an fáth gur baisteadh “Measgán Músgraighe” ar an leabhar, .i. aithris do dhéanamh ar Measgán Meidhbhe, ainm atá ar dhá charnán cloch, carnán díobh ar Chnoc na Riaghadh, i gContae Shligigh, & an carnán eile ar an Mucais, i
dtriúcha céad Chille Mhac nÉanáin, i dTír Chonaill. Is é is measgán ann, rudaí a bailightear & tugtar go héin-ionad, &, d'éis iad do mheasgadh tré n-a chéile, aon chnap mór amháin do dhéanamh dhíobh. Is dócha go meastar gurab í Meadhbh, bain– ríoghan Chonnacht, do rinne carnáin de na clochaibh úd. Is mar sin do mheasgán ime leis: bailightear an t-im & measgthar nó cuirtear tré n-a chéile é, & déantar aon chnap amháin de fá dheoidh. Is amhlaidh do'n leabhar so againne: do cruinnigheadh na sgéalta & do rinneadh measgán díobh. Má rinneadh féin, tá súil againn nach é dálta na measgán a chruinnigh an bráthair a bheas air, mar níor mhaith linn go mbeithí ag tromaidheacht orainn fá mar do bhí an t-Athair Uilliam Inglis ar an bhfear mbocht úd: “Chuala sgéal, fuair Éire náire, Fuair sí masla leanfas go bráth dhi.” Is dócha gur minice adeirtear “miosg- án” 'sa Mhumhain 'ná “measgán,” & “Miosgán Meidhbhe” is é do sgríobh Seaghán Ó Donnubháin i n-a Aguisín do cuireadh i ndeireadh Fhoclóra Uí Raghallaigh. Mar sin
féin, dob' fhearr linn “measgán,” ó's é is goire do'n tsanas. Seadh, is mithid dúinn focal nó dhó do chur síos ar adhbhar an mheasgáin seo againne. Fóiríor dóighte! ní hionann cor dó fá láthair & mar do bhíodh air. Bhí beagán de sgéaltaibh deasa greannmhara ann tráth nach fuil ann anois, ó'n uair is nár cheaduigh dúinn an rígh-fhear do sgríobh iad a gcongbháil 'sa leabhar. Dob' éigean dam iad do bhaint as, & ní abraim ná gur “sop i n-ionad sguaibe” a bhfuil annso 'na n-ionad. Acht ní fear caointe ná cáinte mé — ní mise ba chiontach leis sin — acht fear díchill do dhéanamh. Tá sean- fhocal ann: “Muna mbeidh uaigneas ar chnoc againn, Beidh suaimhneas ar sop againn.” Tá an sop againn, & sinn ar ár suaimhneas air, & má chailleamar an sguab, is féidir dúinn teacht i n-a iongnais. Má bhíonn fagháil againn choidhche ar an “uaigneas ar chnoc,” & ár leannán sídhe bheith i n-ár n-aice, cuirfimíd síos uair éigin ar “chlé-bheartaibh gangaide an tsaoghail” do-ghní namha de charaid & cara de namhaid.
Fuaras árd-chabhair 'sa ghnó so ó'n sgol- áire úd do fhág “Sgríob iath an Earraigh” mar aghaidh fidil nó phúicín air féin. Tá mór-chuid dá thagra féin curtha agam ins an bhFoclóir, & go mór-mhór ins an Chóir Anmann & ins an Chóir Áiteann, má's cheart dam na teidil sin d'úsáid ar an gcuma ar a bhfuilid thíos agam. Táim an bhuidheach de'n fhear sain & bead go deó. Gheobhfar trácht ar na sgríbhneoiríbh, & rl., ins an roinn sin de'n leabhar go bhfuil “Bunadh na Sgéal” mar theideal uirthi. An té is mó aca, is é Conchubhar Ó Deas mhumhna, do chomhnuidheadh i gCarraig an Adhmaid. Dob' iongantach an chaint a bhí ag an bhfear fóghanta sain, lá dá raibh sé 'na bheathaidh & 'na bhrígh mhartha, faoi shaoghal & faoi shláinte, i n-a bhaile beag féin. Sgríbhneóir eile 'n-a bhfuil cuid dá dhéan túsaíbh 'sa leabhar so is eadh Mícheál Ua Murchudha, ó Chúil Aodha, i mBaile Mhúirne. Sgríobhann sé sin go han-dheas, & is follus gur maith leis beagán de shnas na litridheachta d'fhágáil ar a shaothar. Sin lorg is inleanta do gach éinne. An rud do dheighil Gaedhilg na hAlban ó Ghaedhilg na hÉireann, .i. aithris do dhéanamh ar gach
aon chor beag canamhna, ní healadha do sgoláiríbh na hÉireann baint leis. Tá rud éigin annso leis ó Dhonnchadh Ó Laoghaire, ó Chúil Aodha, i mBaile Mhúirne. Ní gábhadh dham é sin do mholadh & cáil & clú ag gach n-aon de Chonnradh na Gaedhilge air. Tá sgéal eile fós ó Mháirghréid Ní Áil- gheasa, & ní misde dham a rádh 'na taoibh gur sgríbhneoir cliste í sin — bean atá stuamdha oilte ar gach aon chaint. Maidir leis na sgéaltaibh eile, ní'l ionnta acht sean-sgéalta tuatha, & is dócha go bhfuil a gcion féin de lochtaibh ortha. Má tá féin, tá aon bhuaidh amháin ag na sean-sgéaltaibh ar gach aon sgéal eile, dá fheabhas é .i. bíonn an chaint ar áilleacht i gcomhnuidhe ionnta, go háirithe má gheibh teas iad ó sgéalaidhthibh nach raibh puinn taithighe aca ar Bhéarla. I dtaobh na heagarthóireachta, ní abraim anois acht ar cuireadh cheana i ndeireadh réamhráidh “Mhadra na nOcht gCos,” as “Ebistil Thioghlaicthe” an Charsalaigh. Giolla deacair do bhain úsáid as sin & giolla deacair atá fós ann. Seosamh Laoide.
Figheadóir an Ghleanna Chaim. Roinnt mhór bhliadhanta ó shoin, do chomhnuigh figheadhóir 'san nGleann Cham cúpla míle ó Mhaghchromdha i gCondae Chorcaighe. 'San am sain ceárd mhaith dob' eadh figheadói- reacht, acht chum filleadh ar mo sgéal, do bhí oiread le déanamh ag an bhfigheadóir seo, gur bh'éigion do buachaill do thógaint chum cabhruighthe leis. An fhaid do bhí an sean-bhuachaill ag gabháil do fhigheadóireacht níor casadh leithéid an bhuachalla leis. Do dheineadh sé oiread le haon triúr fear, do oibrigheadh sé chómh dúthrachtach sain. Do bhí aon inghean amháin ag an bhfigheadóir, is cheap sé in' aigne gur mhaith an rud í thabhairt i gcleamhnas do'n bhfigheadóir óg. Thug sé, mar seo, fé n-a cómhair é lá, is dar ndóigh bhí an fígheadóir óg sásta. Do pósadh iad láithreach baill, 's is iad do mhair go sásta i bhfochair a chéile. Bhí mór-chuid oibre ag teacht isteach chúcha
gach lá. Beagán bliadhanta tar éis é phósadh do mhéaduigh an gnó, is bhí sé ag obair go dícheallach lá. Lé bárr an fhuadair do bhí fé, sgeinn ceann dos na spóil uaidh is buaileadh le fuinneamh é thall cois an bhalla. Do léim sé láithreach anuas do'n seól is dhein sé ar an dtuaigh do bhí sa chúinne, chum na lámha do sgiobadh de féin! “Cad é sin ort nó a bhfuileann tú ar buile? ” ars' an sean-fhigheadóir. “Nílim, ar aon-chor,” ars' an figheadóir óg. “A bhfeiceann tú Dia idir sinn 's a' t-olc? Dhá mbeadh mo mhac 'san áit gur bhuail an spól ó chianaibh, bhí sé marbh gan sagart gan bhráthair. Níos túisge ná thuit- feadh a leithéid amach choidhche arís dam, bainfead an lámh díom leis an dtuaigh so.” “Ar mh'anam ná bainfir,” ars' an sean- fhigheadóir. Do rugadar go lom daingean air, & tar éis moráin taithint, do choisgeadar é. “Seadh,” ars' an sean-fhigheadóir. “Siubh- lóchad an domhan go léir, is ní fhillfead thar n-ais go dteagmhóchaidh amadán éigin liom níos mó ná tú.”
Do thóg an sean-fhigheadóir leis a chleith go moch ar maidin, is ghaibh sé a leith Droichead Nua Maghchromdha, siar leis an tsráid go ráinig sé do'n tsean-dhroichead. Casadh beirt fhear ar a chéile annsain. D'fhiafruigh duine aco de'n duine eile ar cheannuigh sé na huain ag an aonach. Dubhairt sé nár cheannuigh. “Budh mhaith an mhaise dhuit é, mar, dá ndéanfá, do bhainfinn-se dhíot iad,” ars' an duine eile. “Cuirim i gcás go bhfuil na huain anois ar lár an droichid; feicim anois a' bhféadfá iad do bhaint díom,” arsa fear an aonaigh. Seo iad araon ag sárughadh na n-uan, mar 'dheadh. Is gairid, 'san tsárughadh dhóibh, gur chuadar i sgórnachaibh a chéile. Do thosnuigh an bhruighean & do sgéithigh an fhuil ar fuaid an bhóthair. Bhí an figheadóir ag féachaint i gcómhnuidhe ar an obair. Tháinig daoine éigin suas do choisg an bhruighean, is tharr- aingeadar síothcháin eatorra. Ghaibh fear anuas ó'n muilionn & braithlín mhine coirce aige ar dhrom capaill bháin. Do fhiafruigh duine éigin de cad fé ndear an bhruighean, is dhruid sé isteach leis
an ndroichead, is d'osgail sé amach an braithlín is sgaoil sé an mhin lé fánaidh na habhann. Do bhain sé crothadh as a' mbraithlín os cionn an droichid, is níor fhág sé fiú aon ghráinne amháin uirthe. “A' bhfeiceann tú an braithlín sin leis an nduine eile,” ars' eision. “Chídhim,” adubhairt an fear eile. “Ní fiú a bhfuil de mhin choirce ar an mbraithlín sin an cás ó thosach go deire,” arsa fear an chapaill bháin. Bhí an figheadóir ag féachaint ar an obair i gcómhnuidhe & do bhris ar an bhfoighne aige. “Do shaoileas, dá siubhlóchainn Éire ná buailfeadh aon amadáin umam chómh mór leis an amadán atá agam ag baile, is go deimhin shaoileas go raibh sé sin mór go maith, acht do bhuaidh sibh-se ar a bhfeaca riamh, & go mór mór fear na mine coirce. Raghadh a bhaile is geobhad lem' amadán féin,” ars' an figheadóir. Thiomáin sé leis soir & bhí sé go mór luath ag an nGleann Cham, is d'fhan sé an chuid eile d'á shaoghal i bhfochair an fhigheadóra óig.
Síos Amach. A cháirde, inneósaidh mé sgeul díbh a thuit amach orm féin nuair a bhíos am' gharsún & gan puinn céille agam. Ins an am sain ba bheus ag fir óm' phar- óiste dul síos amach ag cábógaidheacht go Baile an Mhistéalaigh. D'fhanaidís ar feadh mí nó dhó laistíos & nuair a thigidís a bhaile chughainn do thógfaidís éinní go dtí na cuirp as na huaghnaibh, do bhíodh a leithéidí sin do sgéalthaibh & d'eachtraithibh aco dh'á innsint ar na cúrsaí greannmhara do thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a baile. Do bhí beirt fhear 'n-a gcomhnuidhe i ngiorracht dó nó trí 'pháirceannaibh do thigh mo mháthar. Do théidheadh an bheirt seo chómh siúráltha leis an mbarún síos amach ag baint na bprátaí gach aon bhliadhain a bheireadh ortha & nuair a thigidís a bhaile ba dhóich leat ortha gur ag Tír na nÓg a bhíodar, do bhíodh a leithéid sin do sgoltha fútha ag innsint sgeultha ar na cúrsaí le greannmhaireacht do thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a baile, - i dtreó gur mhinic a ghuidhinn an lá
fheicsint go mbeinn críonna láidir mo dhóthain chun go raghainn síos amach 'n-a dteannta. Is air sin a bhíos ag cuimhneamh lá buidhe fóghmhair & me ag deunamh giúrnála éigin i n-aice an bhóthair nuair airigheas fuaim gáirí chugham aniar an bóthar & cad a chídhfinn ag deunamh orm ná an bheirt fhear so go bhfuilim ag trácht ortha & a ráinní ar a nguailnibh aco. Nuair a thángadar am' aice dubhradar liom gluaiseacht orm i n-éinfheacht leó síos amach. Dubhart láithreach go raghainn acht iad fhanamhaint ar feadh leath-uaire liom chun go bhfaghainn me féin ollamh i gcómhair an bhóthair. “Rith ort, má 's eadh,” arsa iad-san ag gáirí. Do ritheas isteach ag triall ar mo mháthair. D'innseas di go raibh an bheirt fhear so ag dul síos go Baile an Mhistéalaigh ag cábóg- aidheacht & go rabhas féin ceapaithe ar dhul i n-éinfheacht leó. “Airiú, a laogh,” arsa mo mháthair, “goidé sin ar siubhal agat: bíodh ciall agat & fan annsain sa' bhaile dhuit féin. Is minic
airighinn t'athair, beannacht Dé le n-a anam, dh'á rádh go gcaithfeadh na sglábhaithe bheith ag obair ó dhubh dubh fé fhliuchara & fé fhuacht d'fheirmeóiríbh an bhaill sin & ná bíodh teine ná teas rómpa istoidhche acht amháin cúpla cipín brosnaigh & rud ba mheasa ná sain ná bíodh do chóir leaptha aco le fághail acht briosgarnach suip & seana-chratair bairlíní a bhíodh caithte amuigh ar lochta sgiobóil 'n-a dtómus, — & d'á chómhartha sain féin, is mar gheall ar an gcúrsa déidheanach a thug t'athair síos amach go bhfuil sé sínte go tréith sa reilig i ndiú …” Do bhí sí faid gach n-fhaid ag gabháil dam ar an gcuma sain & i n-ionad a cómhairle a ghlacadh is é an rud a dheineas ná me féin ollmhughadh i gcomhair an bhóthair, & seana- chiopóg ráinne árdach liom & dul mar ar fhágas na fir seo, — acht bhíodar imthighthe. Seo chun reatha 'n-a ndiaidh me & ní raibh mo rith i n-aistear mar thánag suas leó i n-aice Shráid-an-Mhuilinn. Is amhlaidh a leath a súile ortha nuair a chonnaiceadar me. “Airiú, cá raghair? ” arsa iad-san liom. “Cá raghainn,” arsa mise, “acht síos amach
i n-éinfheacht libh-se & nár mhór an náire dhíbh nár fhan liom? ” Dubhradar liom filleadh a bhaile arís mar ná raibh aon ghnó síos agam, go rabhas ró- lag chun oibre i measg meithile & go mb'é gur thrúig bháis dam é & dá mb' eadh go mbeadh mo mháthair ag cuir a mhilleáin ortha féin & mar gheall air sin ná beinn i n-aon bhóthar leó. D'fhiafruigheas díobh cad 'n-a thaobh go rabhadar ag magadh fúm sar ar fhágas an tigh & dubhart leó go neamh-mbalbh ná raghainn a bhaile anois chun go dtéidhinn go Baile an Mhistéalaigh ar dtúis. Bhíodar faid gach n-fhaid dhom' chomhairliughadh chun dul a bhaile acht níor bh'aon chabhair dóibh bheith liom mar ní fhillfinn a bhaile. Do thiomáineadar leó isteach sa' tSráid & do leanas-sa iad & ní puinn righnis a dheineadar innti nuair a thugadar a n-aghaidh ar bhóthar Cheann-Tuirc. D'fhanas-sa mar adeurfá cúpla céad ránn 'n-a ndiaidh mar ní leogfadh eagla dham teacht nídh-sa chomhgaraighe 'ná sain dóibh. Do bhíomair ag siubhal linn ar an gcuma san chun gur thuit an oidhche orainn. Annsain do dhruideas nídh-sa-chomhgaraighe dhóibh le heagla go
raghaidís amúdha orm sa doircheacht. Ba ghairid gur stop an bheirt aco suas ar lár an bhóthair & dhírigheadar ar bheith ag cogar- naigh le chéile. Do tháinig as an gcogarnach gur ghlaodhadar chúcha mise. Nuair a thánag chúcha dúbhradar liom go mb'fhearra dham dul thar n-ais go Sráid-an-Mhuilinn & fana- mhaint ann go maidin & go dtabharfaidís fiacha mo lóistín dam i gcomhair na hoidhche & me dhul a bhaile dham féin ar maidin. Dubhart leó ná raghainn. — Níor labhradar focal eile liom acht breith orm & me leagadh chúcha ar lár an bhóthair. Do bhíos ag spriútáil d'iarraidh me fhéin a bhoghadh uata acht ní raibh aon chabhair dam ann. Do tharraig duine aco chuige carabhat & do cheangail sé mo dhá láimh d'á chéile. Annsain do dheineadar cronnóg díom & do chuireadar mo ghlúine suas idir mo lámha: nuair a bhí sain deunta aco sháitheadar bata mo ráinne anuas ar fheacadh m' uileanna & fé bhun mo dhá iosgad — & thugadar ceangal an chipín orm ar an áit sin. Do bhí beárna ar chloidhe an bhóthair 'n-a n-aice & chuireadar isteach thar beárnainn me & d'fhágadar annsain me. Nuair a bhíodar imthighthe uaim do dhírigh
mo smuaínte ar bheith dhom' chrádh. Ba gheárr gur dhírigheas ar bheith ag gol &, ar ndóin, níor bh'iongnadh sain, mar ní raibh aon taithighe agam ar dhólásaí an tsaoghail & me anois ceangailthe go docht oidhche dhorcha i ndúthaig iasachta. Ní rabhas ró-fhada ceangailthe nuair airigheas “hó bhó! hó bhó! ” ag duine ag teacht fém' ghéin (= dhéin). Ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur tháinig bó go beul na beárnan acht chómh luath is chonnaic sí mise do ghlac sgárd í romham. Do léim sí thar n-ais go hanaitheamhail & chuir sí sgárd ann-sa chuid eile do na buaibh. Do bhí an té bhí 'ghá dtiomáint ag troid 's ag aighneas leó a d'iarraidh go raghaidís isteach sa' pháirc, acht níor bh'aon chabhair do bheith leó, mar, chómh luath is thigeadh aon cheann aco go dtí an bheárna & chídheadh sí mise, ní chuirfeadh fear píce isteach í. I gcionn gearra-thamaill do tháinig an té bhí 'ghá dtiomáint go dtí an bheárna feuchaint cad do bhí ag cuir an eagla ortha, acht mo chráidhteacht! chómh luath is chonnaic sé me mar bhíos ar mo chora-ghiub b'é an rud a dhein sé ná rith leis féin i dtáiniste an anma. Do bhíos annsain níos uaignighe ná riamh,
mar cheapas ná geóbhadh éinne an bóthar go maidin:- Acht do ghaibh: mar nuair a bhíos chun talthughadh chugham féin & mo shúil curtha agam d'aon fhuasgailt fhághail d'airigheas siosón cainte ag daoine tamall uaim & ag druideamhaint liom. Nuair a bhíodar ana chómhgarach dam do stopadar suas ar an mbóthar & dhírigheadar ar bheith ag cóid-i- bhfaid le chéile. “Is dócha gur'b é an t-áidhbhirseóir féin atá ann,” arsa duine aco. “Ní hé, mhuise,” arsa duine eile aco, “acht duine éigin a bhí ag imirt ar an amadán buachalla sain: téanaídh oraibh anois & bíodh geall libh ná fuil éinne ag an mbeárnain rómhaibh.” Níor labhras-sa aon fhocal amach as mo bheul le heagla gur'b amhlaidh a chuirfinn sgáth ortha nuair a fuaras gur ag teacht fém' ghéin a bhíodar. Do thángadar go dtí an bheárna & lantaor ar lasadh aco & d'fheuchadar isteach do dhruim na beárnan le solus an lantaora. Annsain do labhras & d'iarras ortha i bpéin an tsaoghail teacht isteach chugham & me sgaoileadh ó sna cruadh- cheangalacha a bhí orm.
“Goidé an sadhas duine thu? ” arsa iad-san. “Ó! sgaoilighidh me ar dtúis,” arsa mise, “mar is ar éigin atá ionnam labhairt, táim chómh traochta sain ag an bhfásgadh atá orm.” Do thángadar isteach chúgham & do sgaoil- eadar me óm' cheangalacha. Nuair a bhíos sgaoilthe aco do cheistigheadar me go dian ar cad fé ndeara dham bheith ceangailthe nó cad as me. Dubhart leó gur aniar ó Neidín me & gur grásaér ó'n áit sin a réidhtigh liom chun beithidheach a thiomáint go Ceann-Tuirc do, & gur ag filleadh a bhaile bhíos nuair a casadh robálaithe orm san áit seo &, tar éis a raibh d'airgead agam a bhaint díom, gur thugadar an ceangal so orm. Níor leogadar dam a thuilleadh dhom' sgeul innsint mar do dhírigheadar ar bheith ag deunamh truaigh dam, & d'iarr duine aco orm dul leis féin go dtí á thig go lá. Do dheineas rud air, & i ndeireadh na hoidhche do ghluaiseas féin & an fear so fé ghéin aonaigh a bhí i gCeann-Tuirc. Nuair a shroiseamair Ceann-Tuirc níor fhanas a thuilleadh 'n-a chuideachtain acht tiomáint liom an bóthar soir ó'n sráid. Bhíos ag siubhal liom go haonaramhail ar an gcuma sain & ag cuir tuairisg' na slighe
go Baile an Mhistéalaig ar gach éinne a caistí orm fan bhóthair:- Is é fhaid ar a ghiorracht go raibh Baile an Mhistéalaig sroisithe agam go luath um thráthnóna Dé Satharainn. Ar maidin i mbáireach do chuadhas mar a raibh na cábóga. Do chonnac an dá ghiúch a cheangail me 'n-a measg, acht mara sluig- feadh an talamh iad ní fhaca aon phioc díobh as sain go hoidhche. Ba luath um thráthnóna do bhí réidhtighthe leis na sglábhaithe go léir & gach éinne aco imthighthe as an sráid, acht am' thaobh-sa níor fhiafhruigh éinne dhíom cad do thug me. Do bhíos annsain am' chaonaidhe aonair ar feadh tamaill i dtreó gur cheapas gluaiseacht orm a bhaile arís, nuair a tháinig sean-duine & seana-bhean go raibh asal & turcail aco mar a rabhas. Do luigheas féin & an sean-duine ar chaint le chéile ar feadh tamaill & b'é tháinig as ár gcaint gur réidhtigh sé liom ar choróinn go ceann seachtmhaine. Do chuadhas a bhaile i n-éinfheacht leó & ba ró-mhaith an t-ionad dam bheith aco. Ní raibh aon uaigneas orm i gcaitheamh na seacht- mhaine sin mar bhíodh buachaillí an bhaill ag
teacht ag sgoruidheacht chughainn gach aon oidhche & sgeulaidhe ana-bhreágh do b'eadh an sean-duine. Um thráthnóna Dé Satharainn do tháinig a dhá oiread daoine chúghainn is do thigeadh aon oidhche eile & do bhí aon bhuachaill amháin 'n-a measg a bhí ana-fhearamhail go léir & i n-aimhdheóin a raibh do bhuachaillí sa tigh do bhí “giub geab” aige liom féin. I ndeireadh bárra d'fhiafruigh sé dhíom cad as me. Dubhart leis ná feadar mar gur bhfear cleas m'athair & ná raibh aon áit chómhnuidhthe riamh aige acht ag imtheacht ó aonach go margadh ar fuid cheithre chúige na hÉireann. “Nár chóir go dtiospeánfá cleas éigin leis dúinn? ” arsa an buachaill seo. “Mhuise, ní maith liom,” arsa mise “bheith ag gabháil do chleasaibh i n-aon chor mar chídhim daoine go minic ag deunamh cleas & nuair a ghabhann beart 'n-a gcoingibh gur b'amhlaidh éirghid siad chun stalcaidheachta, & mar gheall air sin do thugas-sa suas iad.” — Do dhírigh na buachaillí go léir ar thathaint orm cleas éigin a thiospeáint dóibh: & dubhairt an plubaire seo ná tiospeánfainn mar ná feudfainn é. Dubhart-sa go dtabhar-
fainn le rádh dho go ndeunfainn cleas a theipfeadh air sin dá mbadh mhaith liom é. “'Seadh, feicfimís tu 'ghá dheunamh,” arsa eisean. Do chuireas pic ar lár an tighe & do líonas suas d'uisge í. Do fuaras spiún & do shuidheas ar fhuarma i n-aice na pice. Annsain do chuireas mo dhá láim amach fé bhun mo dhá iosgad & chaitheas trí spiúna uisge siar do dhruim mo chinn. Dubhart leis an mbuachaill seo, dá mheud plubaireacht a bhí air, ná feudfadh sé an cleas sain a dheunamh. Dubhairt sé go ndeunfadh & gur gheárr an mhoill air é. — Do shuidh sé ar an bhfuarma & do rug sé ar an spiúin fé mar a rugas-sa & seo é chun an uisge a chaitheamh do dhruim a chinn. Dubhart-sa leis nách mar sin a rugas féin ar an spiúin & go gcaithfeadh sé leogaint dam a lámha a shocrughadh sa cheart uirthe. Do chromas síos, dar leis, chun a lámha a shocrughadh 'sa' cheart ar an spiúin, acht i n-' ionad sain a dheunam b'é an rud a dheineas ná tarrac a bhaint as a lámha & é chuir 'n-a shuidhe ar a thóin istigh san uisge. Leis sin do chuir na buachaillí go léir gutháirc asta nuair a chonnaiceadar an driuch a bhí
air & do ritheas-sa i dtaobh thuas díobh sa chúinne le heagla go maireóbhadh sé me nuair éireóghadh sé, — acht níor ghádh dham an t-anaithe: mar is amhlaidh a rith sé leis féin amach an dorus le heagla go ndeunfaidhe “bethé” dhe. Ar maidin lá ar n-a bháireach fuaras mo phádh ó'n sean-duine & do thánag a bhaile; & ó'n lá sain ó shoin níor dheaghas síos amach. Feirmeoir & Buachaill. Mórán bliadhanta ó shoin, bhí feirmeóir ann, is budh ana-dheacair d'aon tseirbhíseach é do shásamh. Dá gcuirfidís an cnoc so ar an gcnoc úd thall budh dhóigh leis nárbh' aon obair dhóibh é. Bhí aon bhuachaill amháin aige go háirighthe, is cheap sé in' aigne sásamh a bhaint de de chionn an luighead oibre do dheineadh sé. Thug sé ós cómhair na cúirte é. Do glaodhadh suas ar an bhfeirmeoir chum fiadhnaise do thabhairt uaidh, is féachaint cad do bhí le rádh aige. Dúbhairt sé ná raibh
fonn air dadamh do dhéanamh is go ngabhadh sé:- “An cómhgar chum an bhídh 'S an tímcheall chum an hoibre.” Dúbhairt an giúistís go raibh sain dona go leór, is glaodhadh suas ar an mbuachaill chum é féin do chosaint, má bhí aon nídh le rádh aige. Dúbhairt an buachaill leo gan cluas do thabhairt don chéad sgéal go mbéarfadh an dara sgéal ortha. Chuir sé i n-umhail dóibh go raibh easbadh bídh ag cur air go dian, is go raibh sé oireamhnach ar obair do dhéanamh is gur mar seo bhíodh an cúrsa aco:- “An t-uachtar d'fhear an tighe 'S an t-íochtar d'fhear na hoibre, Éirghe moch & luighe déidheanach, Beagán le n'ithe & mórán do dhéanamh.” Agus ar seisean, “Dá dhonacht é an biadh atá an gléas atá agam chum oibre do dhéanamh seacht n-uaire níos measa.” “'Siad so iad, a dhaoine uaisle: Sluasad mhaol mhanntach is leath-bheann ar phíce, Seana-bhota briste, & brusgarnach aoiligh
Capall caol árd i gcoinnimh cnocáin gan iarann, Buachaill caol seanda 's is gann fhaghtar biadh dho.” “Dar ndóigh,” ars' an giúistís, “níl éinne i n-Éirinn do thabharfadh milleán duit de dheasgaibh do chuid díomhaointis.” Do órduigh sé do'n bhfeirmeóir dul a bhaile 's an buachaill do ghlacadh arís 'na sheirbhís, is gléas fóghanta oibre d'fhághail dho 'sa dhóithin le n' ithe is le n' ól, 'pé sgéal é, is gur gairid go raghadh an buachaill i bhfeabhas chum a ghnótha do dhéanamh. AN TÁILLIÚIR MEANNNACH. Timcheall dachad bliadhan o shoin do chómhnuigh táilliúir ar na Ceapachaibh, baile beag atá suidhte timcheall ceathramha mhíle siar ó thuaidh o Charraig an Adhmuid .i. Príomh- chathair Bhaile Mhúirne. Do bhí príntíseach aige, buachaill misneamhail nách cuirfeadh an saoghal mór eagla ná sgáth air. Dob é tigh an táilliúra tigh sgoruidheachta an bhaile.
Oidhche áirighthe dá raibh an táilliúir & a bhuachaill ag obair go dícheallach, & an ghasra eile cois na teine ag trácht ar phúcaíbh, dubhairt fear do'n chruinniughadh gur neamh- eaglach an fear do raghadh anonn go reilig Ghobnait, & plaosg do thabhairt leis as. 'San am sain ba nós i reilig Ghobnait, gach uaigh do gheárrfaidhe ann, aon phlaosg do nochtfadh ann do chaitheamh i gcúinne na reilige, & dá bhrígh sin do bhí cárnán mór ann díobh 'san am so. “Go deimhin,” arsa an príntíseach, “is suarach an duais do geóbhainn, nuair do raghainn anonn & thabharfainn chughaibh é.” “Anois,” arsa an seana-tháilliúir, “do réidhtighis liom-sa go ceann chúig mbliadhan, & tá dá bhliadhain de'n téarma sain uait fós. Má thugair chughainn annso isteach anocht plaosg ó reilig Ghobnait, do gheobhair uaim- se do dhínntiúirí ar maidin i mbáireach & measaim go bhfuil duais go leór duit 'sa' méid sin.” “Bíodh 'na mhargadh,” arsa an príntíseach ag preabadh anuas do'n bhórd go h-éasgaidh. Do chuir uime a bhróga & amach an doras leis. Nuair a bhí sé imthighthe tamaillín beag
dubhairt an seana-tháilliúir: “Tabharfaidh sé leis an plaosg gan amhras, & caithfead seas- amh lem' mharghadh. Imtheóchaidh sé uaim & bead creachta leis. Acht,” ars eisean, ag smaoineamh arís do, “raghad anonn & cuir- fead eagla air, má's féidir.” Amach lem' sheana-tháilliúir 'na dhiaidh & do gheárr gach cómhgar & do bhí ag an reilig roimh an bprín- tíseach, & do shocruigh síos é féin le h-ais an chárnáin i gcúinne na reilige. Budh ghairid do go dtáinig an príntíseach isteach & do shiubhluigh go dána go dtí an cárnán & do rug ar phlaosg 'na láimh. Ann- sain do labhair an seana-tháilliúr & dubhairt, mar ghuth ó'n saoghal eile: “Fág annsain mo cheann.” Do leig an buachaill uaidh an plaosg go h-aireach & do thóg ceann eile. Dubhairt an seana-bhuachaill arís: “Fág annsain mo cheann.” Do leig an buachaill uaidh arís é & do thóg ceann eile. Do labhair an tálliúir an treas uair & dubhairt: “Fág annsain mo cheann.” Do labhair an buachaill annsain & 'sé adubhairt: “Dar ndóigh, ní leat na cinn go léir,” & an geata amach leis. Nuair a bhí an buachaill imthighthe do tháinig
lán a chroidhe do eagla ar an dtáilliúir & siúd'na dhiaidh arís é. Do airigh an príntí- seach an fothrom 'na dhiaidh & do cheap sé gurab é fear an phlaoisg do bhí ar a thóir, & do rith chomh maith & do b'fhéidir leis gur bhain sé amach an baile. Chómh luath & do chuaidh sé thar doras isteach do chaith sé an plaosg ar an mbórd & dubh- airt: “Sin é agaibh é, & tá an fear gur leis é annsain isteach im' dhiaidh.” I gcionn tamaillín bhig do tháinig an seana-tháilliúir isteach go corrtha, tuirseach, tnáithte, brúighte, basgaithe, tar éis a chúrsa. Annsain do chuaidh lucht na sgoraidheachta a bhaile & do chuaidh an seana-tháilliúir & an buachaill a chodladh. Ar maidin lá'r n-a bháireach do chaith an seana-tháilliúir a dhínntiúirí a sgríobhadh do'n bhuachaill, & d'fhág sé slán & beannacht ag muintir na gCeapach. Do thóg leis an plaosg & do chuir tar n-ais 'sa' chárnán é, & níor thug sé aon turus ar Bhaile Mhúirne riamh o shoin.
MUIRIS AN PHREUCHÁIN. Do bhí a lán againn bailighthe ag sgoruidh- eacht i dtigh Sheághain na bhFiacal an oidhche fé dheireadh, mar fear ana-shúgach is eadh é, & is feárr le n-a lán againn dul ag éisteacht leis ag innsint sgeultha ná bheith ag gabháil do chártaí mar a bhíonn buachaillí eile. Do bhíomar tamall ag caint mar gheall ar an aimsir & 'ghá rádh ná feacamair na prátaí bainte ag gach éinne mór-thímcheall orainn i gcómhair Lae Mhuiris an Phreucháin go dtí i mbliadhna, & go mbíodh sean-daoine 'ghá rádh i gcómhnuidhe ná beadh aon bhaoghal ó'n sioc ortha go ceann coictighise tar éis an lae sin. “Mhuise, a Sheághain,” arsa mé féin, “an bhfuil aon chúntas agat ar goidé an bunudhas a bhí le Lá Mhuiris án Phreucháin a ghlaodhach ar an gcúigeamhadh lá deug do Shamhain.” “Am briathar féin go bhfuil, mhuise,” arsa Seághan, & is minic a gháirim nuair a chuimhnighim ar an bhfiadhach a bhí againn an uair a thosnuigh an ainm sin ar dtúis ar an
lá sain, cé gur 'mó bliadhain ó shoin é. Do bhí feirmeóir annso nuair a bhíos óg. Ní raibh do chloinn aige acht aon mhac amháin. Muiris ab' ainm do'n mhac, & bhí sé féin & a athair áirimhthe chun bheith ar an dá sgannradóir ba mhó a bhí sa pharóiste le n-a línn. Ní fheudfadh aon bhuachaill aimsire ná fear oibre seasamh leó, do bhídís chómh dian sain ortha. Do tháinig stracaire do bhuachaill óg chúcha uair áirighthe ar lorg oibre, & réidhtigh Muiris leis ar feadh bliadhna ar deich púinnt. Tímcheall is mí tar éis an réidhtighthe do ráinig go raibh ráiseanna sa tsráid seo thíos 'n-ár n-aice. Maidin lae na ráiseanna nuair éirigh an buachaill do chuir sé a chuid eudaigh ghlain uime. Nuair chonnaic Muiris an buachaill socair suas fé n-a chuid eudaigh ghlain, d'fhiafruigh sé dhe goidé an fuadar a bhí fé. “Táim chun dul ag feuchaint ar ná ráiseanna,” arsa an buachaill. “Ní raghair ag feuchaint ar na ráiseanna,” arsa Muiris; “ní chun tu bheith ag gluaiseacht ad' fhiadhaire feadha ar an gcuma sain a réidhtigheas-sa leat, acht chun bheith ag obair dam.”
“Ar ndóin, tabharfad-sa lá ag obair duit i n-ionad an lae seo,” arsa an buachaill. “'Seadh anois,” arsa Muiris, “is é an rud a dheunfaidh tú gan a thuilleadh dod' ghach-re-seo thabhairt dam — mar táim ag tabhairt foláraimh duit, má théidheann tú go dtí na ráiseanna, gan filleadh ar an dtigh seo led' shaoghal arís.” “Is dócha ná téidheann rogha ó'n réidh- teach,” arsa an buachaill, “& gur fearra dham fanamhaint; ar ndóin, cheapas nár bh'aon deifir leat me thógaint lae chun spóirt dam féin ó'n uair is go dtabharfainn lá dhuit i n'-ionad.” Nuair dh'itheadar a mbreicfeast do chuaidh Muiris & a bhuachaill amach sa pháirc ag baint phrátaí. Ní fada bhíodar ag obair nuair a bhí na cómharsain go léir ag gabháil thársa ag dul go dtí na ráiseanna. “Nách aereach an croidhe a tá ag na daoine sin seochas agat-sa,” arsa an bua- chaill le Muiris. “Ná bíodh aon fhormad agat leó,” arsa Muiris, “mar ní'l ionnta acht glaigíní. Is é fear an tábhairne a bheidh suas leis na ráiseanna um tráthnóna, & is aige bheidh an
spórt go léir & ní hag na hamadánaibh sin a tá ag lot an lae bhreágh so leo.” “Mhuise,” arsa an buachaill, “b'éidir nár bhfearra dhóibh a gcuid airgid a bheith i bpoll an fhala aca ag cuir clúmh-liath tríd & annsain b'éidir é imtheacht gan mhaith uatha fé mar imthigh sé ar Sheághan na Sgolb nuair dh'ith na franncaigh air é.” “Cionnus é sin? ” arsa Muiris. “Do bhí duine muinteartha dam thiar i n-aice na fairrge,” arsa an buachaill, “go dtugaidís Seághan na Sgolb air. Do bhí beirt inghean aige. Do bhí cleamhnas socair aige do dhuine aco & ceud púnt spré aige le tabhairt di. Do tháinig an t-ógánach go dtí tigh an chailín óig an oidhche roimis an bpósadh chun na spré fhághail. I gcionn tamaill d'éirigh Seághan na Sgolb 'n-a sheasamh & phreab sé i n-áirde ar an mbórd. Sháigh sé a lámh isteach i bpoll an fhala & tharraig sé amach seana-bhulcais ceairt- eacha (cirtach'a). “Tar i leith chúgham,” arsa eisean leis an ógánach, “chun go dtugfaidh mé do spré dhuit.” Do shuidheadar araon ar dhá thaobh an bhúird. D'osgail Seághan an bhulcais, acht má osgail, b'é an cheud
rud a bhuail uime ná franncach. “Míle murdal é! ” arsa Seághan, “táim sgriosta! Ní'l folth dom' chuid airgid le chéile gan bheith coganta! Faire go bhráthach, a Cháit,” arsa eisean le n-a mhnaoi, “cad deunfaimíd? Gurab é an mac mallachtain a bheurfaidh franncaigh na cruinne leis! Ochón! feuch spré mo chailín bhig 'n-a bhriosc bruathar annsain ar an mbórd os cómhair mo dhá shúl amach dá fhaid a bhíos 'ghá chnuasach! ” Do bhí an uile fhocal do'n fhírinne aige 'ghá rádh mar ní raibh aon phioc d'á chuid airgid le chéile gan bheith coganta ag na franncaigh 'n-a mhion-rabh.” Do bhí an buachaill & Muiris ag caint leó go breágh sítheóilthe ar an gcuma sain go dtí gur tháinig aimsir dínnéir. Tar éis dínnéir do bhuaileadar araon amach chun dul ag obair dóibh féin mar a bhíodar. Do thug an buachaill fé ndeara go raibh Muiris ag cimilt a bhas d'á chéile & ag cuir seilí ortha anois is arís. D'fhiafruigh an buachaill de an amhlaidh a bhí a lámha teinn, tráth is go raibh sé 'ghá gcimilt d'á chéile ar an gcuma sain. “Ní hamhlaidh, mhuise,” arsa Muiris, “acht
d'imthigh rud greannmhar orm: dá shaibhea- rain a tá agam & is baoghalach go bhfuil siad loitthe orm mar táid siad líonta do mheirg.” “Loitfir iad, má bhíonn tú 'ghá gcimilt ar an gcuma sain,” arsa an buachaill. “Agus cad deunfaidh mé leó? ” arsa Muiris. “Cuir isteach i bpráta fuar iad,” arsa an buachaill, “& fág ann iad ar feadh tamaill & chídhfidh tú go nglanfaidh sé an mheirg díobh.” Nuair a chuadar sa gharrdha do chuir Muiris an dá shaibhearain isteach i bpráta. Annsain chuir sé an práta ar thulchán cloch a bhí tamall uatha. Ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur thug sé súil-fheuchaint ar an dtulchán & cad a chídhfeadh sé ná preuchán & an práta aige 'ghá árdach 'n-a ghob leis! “Mo chorp ó'n riabhal go leanfad tú an fhaid atá sgraith ar an dtalamh,” arsa Muiris. Leis sin do chaith sé an ránn faid a urchair uaidh & do rith sé i ndiaidh an phreucháin. Do bhí an preuchán ag imtheacht go módhmharach san aer & an práta 'n-a ghob aige. Do stad an buachaill suas ag feuchaint ar Mhuiris ag rith i ndiaidh an phreucháin. I
gcionn tamaill dubhairt sé leis féin go mbeadh tuilleadh spóirt aige ó'n uair is ná raibh sé aige ag na ráiseanna. Leis sin do rith sé fé ghéin an tighe i n-anaithe an tsaothair. Do bhí athair Mhuiris ag tógaint aoiligh amuigh sa chlós roimis. “Airiú, a Sheághain an chroidhe istigh,” arsa an buachaill, “tá Muiris imthighthe as a mheabhair: rith i leith chúgham, rith i leith chúgham.” “Airiú, cad imthigh air? ” arsa an t-athair. “An dagha mhuise, rud greannmhar,” arsa an buachaill; “do bhí sé ag caint liom chómh gasta is d'fheudfadh aon fhear i nÉirinn bheith tá ceathramha uaire ó shoin, & níor airigheas pioc chun gur chaith sé a ránn uaidh 'ghá rádh go leanfadh sé é an fhaid a bhí sgraith ar an dtalamh.” “Cia hé féin? ” arsa an t-athair. “Airiú, a dhuine, ní fheadar,” arsa an buachaill, “mar ní raibh éinne i n-aon chor ann — acht é ag rith 's ag feuchaint i n-áirde ar an spéir.” Do sheasaimh an t-athair i n-áirde ar chloidhe an chlóis & chonnaic sé Muiris ag rith & é ceann-lomnochttha.
“Mhuise, go bhfóiridh Dia orainn,” arsa an t-athair go hochlánach, “feuch air sin do thubaist tuitithe amach anois orainn & gan éinne ar fuid an bhaile i ndiu a leanfadh é! ” Tháinig máthair Mhuiris go dtí an dorus, nuair airigh sí an sean-duine ag caoi mar a bhí sé. “Airiú, goidé sin oraibh? ” arsa ise. “Tá droch-sgeul againn, fóiríor,” arsa an sean-duine; “tá Muiris bocht imthighthe as a mheabhair. Rith síos go dtí páirc na ráiseanna, a bhuachaill mhacánta, feuchaint an bhfaghfá éinne ann a leanfadh é.” Do rith an buachaill fé dhéin na ráiseanna. Nuair a bhí an pháirc sroisithe aige do casadh buachaillí aithnide dho air. Dubhairt sé leó go raibh Muiris imthighthe as a mheabhair & go raibh sé ag rith treasna na mbailíacha le neart buile & gur chuir a athair é féin annso go dtí na ráiseanna feuchaint an bhfaghadh sé éinne ann a leanfadh é. “Tá baoghal mór ar an staigín,” arsa duine do na buachaillí, & dá mbeadh sé imthighthe uair is ceud, ní chaillfimís-ne spórt an lae chun dul dh'á fhiadhach.” “Cár bhfearra dhúinn spórt a bheadh
againn,” arsa tuilleadh aca, “ná dul dh'á fhiadhach? ” D'fhiafruigheadar do'n bhuachaill cá raibh sé imthighthe chun go leanfaidís é. “Do rith sé anonn treasna an bhaile,” arsa an buachaill, “& tá fhios agam, dá mbeadh sibh i mbarra na carraige sin thoir, go mbeadh radharc agaibh air.” Ní raibh an charraig i bhfad uatha & do ritheadar chun dul 'n-a barra chun go bhfeic- fidís Muiris. Nuair a chonnaic na daoine a bhí mór-thímcheall ortha ag rith iad, do bhíodar féin 'ghá fhiafruighe d'á chéile feuchaint goidé an chúis go raibh na buachaillí sin ag rith ó n-a ráiseanna. Dubhairt duine thall's i bhfus ná raibh aon bhaoghal ná go raibh spórt éigin sa taobh eile dho'n charraig tráth is go rabhadar ag rith fé n-a ghéin. “An dagha mhuise,” arsa tuilleadh aco, “má tá, beidh ár gcion againn-ne dhe.” Leis sin do ritheadar i ndiaidh na mbuachaillí seo a bhí imthighthe fé ghéin na carraige. Is é fhaid ar a ghiorracht gur ar éigin fhan éinne beag ná mór ag na ráiseanna gan rith go dtí an charraig — mar, nuair a chonnaiceadar beul an tsluaigh ionntuighthe uirthi, do cheap gach éinne go raibh míorbhuilth éigin sa taobh eile dhi.
Do bhí Muiris san am sain ag rith ar inse bhreágh shocair a bhí sa taobh eile do'n charraig & é ag caitheamh chloch leis na preuchánaibh. Do rith buachaillí d'ár aithin é síos fan na carraige & do thángadar mór-thimcheall air & rugadar suas air. “Sgaoilidh uaibh me,” arsa Muiris, “nó beidh sé imthighthe as mo radharc.” “Cia hé féin? ” arsa na buachaillí. “Nách cuma dhíbh-se sin,” arsa Muiris, “acht aire thabhairt d'bhar ngnó féin.” “Mhuise, go bhfágaidh Dia ár meabhair shaoghaltha againn,” arsa cuid aco. “Mo thruagh go bráthach an fear bocht,” arsa tuilleadh aco, “nách geárr a bhí an bárthan sain 'ghá bhualadh, & is mór an truagh a athair 's a mháthair bhocht a bhí i dtúrtaoibh leis i gcómhair dheire a saoghail.” Do bhí Muiris fan na haimsire a d'iarraidh é féin a stracadh uatha & ná 'neósadh sé a chúis d'éinne chun go ndubhairt duine éigin: “Nách tuigseanach a thriail a bhuachaill, is teacht fé ár ngéin go dtí na ráiseanna chun sgeula thabhairt dúinn, mar níor bh'aon chabhair do féin bheith a d'iarraidh é fhiadhach.” “Mo chorp ó'n riabhal,” arsa Muiris, “go
bhfuil sain deunta aige liom, & is beag an truagh mise a dhein a chómhairle ó thúis. Bogaidh díom, a bhuachaillí, mar ní'l aon easba meabhrach orm acht chómh beag le héinne agaibh féin, & is maith a bhí fhios ag an mbua- chaill sin leis ná raibh — acht cuid d'á chladh- aireacht, mar is mór de a tá 'n-a chorp.” “Cad a dhein sé leat? ” arsa na buachaillí. “Mhuise, is dócha go bhfuil sé chómh maith agam é innsint,” arsa Muiris, “mar bheadh an cladhaire úd 'ghá innsint orm ar aon chuma. Is amhlaidh a bhí dhá shaibhearain i bpoll an fhala agam le breis is bliadhain & níor fheuchas ortha i gcaitheamh na haimsire sin go dtí i ndiu. Nuair a thógas amach as an bpoll i ndiu iad, do bhíodar líonta do mheirg. Do bhíos 'ghá gcimilt idir mo bhasa a d'iarraidh na meirge a bhaint díobh. Do chonnaic an buachaill me & dubhairt sé liom go loitfinn iad dá mbeinn 'ghá gcimilt ar an gcuma sain. Annsain dubhairt sé liom iad a chuir isteach i bpráta fuar & go nglan- fadh sain an mheirg díobh. Do dheineas a chómhairle. Do chuireas isteach sa phráta iad & chuireas an práta ar thulchán cloch a bhí tamall uaim. Ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur
árduigh preuchán 'n-a ghob leis an práta, & is ag fiadhach an phreucháin sin a bhíos nuair a rugabhair-se orm; & tá náire fághaltha lem' shaoghal agam mar gheall air: sin iad muin- tir na ndúthaighe le chéile i n-áirde ar an gcarraig ag feuchaint orm.” Do sgaoil na buachaillí Muiris uatha annsain & chuadar fé ghéin mhuintire na car- raige & d'innseadar dóibh goidé an imirt a dhein an buachaill ar Mhuiris; & na daoine go raibh & ná raibh caidreamh ar Mhuiris aco do gháireadar a ndóthain um an mbotún a bhí imthighthe air. Do tháinig na daoine go léir thar n-ais go dtí páirc na ráiseanna arís & gan focal i mbeul éinne aco acht ag gabháil do Mhuiris & do'n phreuchán. D'fhág an buachaill an pharóiste annsain & ní fheadar goidé an saoghal ó shoin aige é; & i dtaobh Mhuiris do dhírigh gach éinne ar bheith ag magadh fé, & ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur chuir sé ceant ar a fheirm & gur dhíol sé amach í. Annsain d'aistrigh sé féin & a mhuintir síos i dtreó Chondae Luimnigh & níor airigheas aon tuairisg uaidh riamh ó shoin.
AN GHRÁINNEÓG AGUS AN GEARRFHIADH. Do bhí gearrfhiadh óg cos-árdach ag siubhal ar fuaid guirt choirce lá breágh foghmhair & do casadh gráinneóg sgoth-aosda mí-chúmtha air. D'fheuch an gearrfhiadh air le fuath & le droch-mheas & dubhairt: “Gráin ort! a ainmhidhe ghránda gan chrot, gan sgéimh, cad do bheir do leithéid do thruagh nirt ar an saoghal so ar aon chor? ” “Ní fheicim puinn sgiamhacht ort féin, & ní heól dam puinn tréithe fóghanta ionnat, acht an saoghal mór sa tárr ort, a chnámh- thoirt bhuidhe,” ars' an ghráinneóg go feargach, “&, fós, ní'l nídh ar eólus agat nách eól dómh-sa chomh maith leat, ná gaisge nirt ná lútha ar do chumas nách féidir liom-sa do dhéanamh.” “Dar ndóigh, tá rith & léim agam go h-áirighthe, & a chrot orm, nídh nách fuil ort-sa, a chrúnca mhí-ádhbharaigh,” ars' an gearrfhiadh. “Ní fheadar sain go fóil,” ars' an
ghráinneog, “chum go mbeidh triail againn air! ” “An amhlaidh a shéidfeadh an donas leat, a óinsighthín gan chéill, dul chum reatha liom-sa? ” ars' an gearrfhiadh & lán a chroidhe do iongnadh air. “Seadh go deimhin, mhaise,” ars' an ghráinneóg, “& táim i ndóchas láidir an teasbach do bhaint díot leis.” “Agus cá mbeidh an rás againn? ” ars' an gearrfhiadh. “'San ínse gharrdha so thiar le hais na habhann,” ars' an ghráinneóg. “Bí ullamh i gcionn leathuaire an chluig, má 'seadh,” ars' an gearrfhiadh, “chum go bhféacham amach le chéile é.” “Bead is fáilthe,” ars' an ghráinneóg; “ní bheidh moill orm acht mo phroinn do chaitheamh.” Agus do sgaradar le chéile & chuaidh gach aon díobh chum a ghnáthóige féin, & do innis an ghráinneóg d'á bhain-chéile cionnus mar do bhí coimheasgar reatha idir é féin & an gearrfhiadh, “& anois,” ars' eisean léi, “caithfir cabhrughadh liom chum buadh do bhreith ar an bpataire gearrfhiaidh seo.”
“Agus cionnus do thiocfair air sin? ” ars' ise. “'Neósad-sa dhuit,” ars' eisean: “'San ínse gharrdha seo thiar do bheidh an rás eadrainn; istigh ins na claiseacha 'seadh do rithfeam. Tiocfad-sa i mbárr na claise, & tusa i mbun. Nuair thabharfad-sa an focal do'n amadán gearrfhiaidh úd, leigfead orm rith le fánaidh, acht ní rithfead ránn tailimh, & nuair thiocfaidh sé go bun, abair-se, “táim annso rómhat,” & má ritheann sé tar n-ais, bead-sa roimis.” Sin mar a thárlaidh, & do tháinig an gearrfhiadh go hionad an choinne, & do bhí an ghráinneóg ann roimis. Do innis an ghráinneog do gur ins na claiseacha do b'fhearra dhóibh rith. “Sásta leis,” ars' an gearrfhiadh. “Seasaimh annsain i mbárr na claise,” ars' an ghráinneóg, “& tabharfad-sa an focal duit; déarfad aon, dó, trí, & nuair déarfad-sa trí, gluaisimís. An bhfuilir ullamh anois? Aon, dó, trí,” & as go bráth lem' ghearrfhiadh go ndeachaidh go bun. “Táim annso,” arsa caile na gráinneóige.
“Tar n-ais arís, má'seadh,” ars' an gearr- fhiadh, & as go bráth leis arís, & nuair tháinig sé go barra, do bhí an sean-bhuachaill roimis. “Síos arís linn,” arsa mo ghearrfhiadh bocht, & na súile ag imtheacht as a cheann le bárr díchill. 'Sé críoch an sgéil go raibh an gearrfhiadh bocht síos suas, chum gur thuit an t-anam as, & do thóg na gráinneóga leó é, & do bhí feoil & anbhruithe coigthighis aco air. SGANNRADH SHEÁGHAIN NA BHFIACAL. Is-t-oidhche Dé Domnaigh do bhailigh a lán buachaillí againn ag sgor- aidheacht go tigh Sheagháin na bhFiacal. Tá Seághan ana-chríonna anois, & is mór an truagh é, mar is é an chuileachta fir é is feárr 'sa' logán so, & tá cúis mhaith agam le sain a rádh, mar is ag triall air a thigeann buachaillí an bhaill seo ag sgoraidh- eacht, an fhaid a bhíonn na hoidhcheanta fada ann. Tar éis sinn a bheith tamall ag caint an oidhche seo mar gheall ar bháire comórtais a bhí idir bhuachaillí Chúil-Aodha & buachaillí
Charraig-an-Adhmuid ann-sa' lá roimis sin, dubhairt Mícheál Ua Céileachair go raibh ár ndóthain ráidhte againn mar gheall air, go raibh an oidhche dh'á caitheamh & gan aon sgeul ínnsithe fós ag fear an tighe dhúinn. Dubhra- mair go léir go raibh an ceart aige. “'Seadh, a Sheagháin,” arsa Mícheál, “tánn tú críonna go maith anois, & a lán do'n tsaoghal feicithe agat, & mórán sgeultha ínnsithe agat dúinn ar chúrsaí greannmhara a ghaibh daoine a mhair led' línn, & an 'neósfá dhúinn ar ghaibh aon chúrsa greannmhar tu féin i rith do bheatha? ” “'Neósaidh mé dhíbh a bhuachaillí,” arsa Seaghán, “sgannradh a ghaibh me an cúigeadh lá deug d'fhóghmhar nuair a bhíos ocht mbliadhna d'aos, mar b'é an sgannradh é ba mhó rug riamh me, & bhíos chómh cómhgarach do'n bhás an lá sain is tá mo chosa do'n teine anois. Ann-san am sain ní raibh aon tigh ar Charraig-an- Adhmuid ná aon chuimhneamh go mbeadh go bráthach & is é an áit go raibh an séipéal & an tsráid ná thoir annsain ar Beul an Gheárrtha. Do chuadhas ann chun Aifrinn i n-éinfheacht lem' mháthair an lá so go bhfuilim ag trácht
air. Do bhíomair ann tamall maith sar ar thosnuigh an t-Aifreann. Do casadh a lán garsún orm féinidh & ghluaisigheas orm i n-éinfheacht leó ag caitheamh chloch 'san aodhar ar feadh tamaill. Do bhí mac fir tábhairne 'n-ár gcómhluadar go nglaodhaimís Seághan Fiadhain air. Do bhí coileán deas con aige. Do bhíomair go léir ag fághail ana-spóirt 'sa' choileán, mar, nuair a thuiteadh na clocha a bhíodh caithte 'san aodhar againn chun tailimh, do ritheadh an coileán chúcha & d'árduigheadh sé leis 'n-a bheul iad. Do bhí cuid againn 'ghá rádh ná raibh aon ghadhar le fághail ab fheárr rith 'ná é. “Airiú,” arsa mac píobaire a bhí ann go nglaodhaimís Diarmuid an Phíobaire air, “is beag an bhrígh é chun reatha seachas an coileán atá agam-sa & fanaidh annsain go fóil go raghad dh'á iarraidh.” Leis sin d'imthigh sé uainn & ba gheárr go raibh sé chughainn arís & coileán deas gearr eirbeallach i n-éinfheacht leis. “Airiú, a gharsúna,” arsa mise, “nách mór an truagh dhúinn, ó tá an dá ghadhar bhreághtha sain againn, gan sinn thall ar Bun
Laghaire, mar tá an áit ag brúchtaigh le coiníní. Bhíos thall ar an Rathúnaigh i ndé i n-éinfheacht lem' mháthair ag stathadh sop pice & bhí coiníní ar ár ndul & ar ár dteacht rómhainn ag Bun Laghaire tamaillín siar ó'n áit 'n-a bhfuil an Sulán & Dúbhghlais ag bualadh im á chéile, chómh tiugh is tá nóiníní ag fás ar an bpáirc sin thuas, & iad ag rith 's ag damhas dóibh féin ar fuid na hínse. Dubhart lem' mháthair go raghainn dh'á bhfiadhach chun go mbeirinn ar chuid aca acht choisg sí me & dubhairt sí liom ná feudfadh aoinne breith ortha gan gadhar a bheith aige.” “Am briathar,” arsa na garsúin, “go ragham ann nuair a bheidh ár ndínnéar ithte againn tar éis an Aifrinn.” Do bhí an pobal go léir 'san am so ag dul isteach 'sa' tséipéal & ghluaisigheamair- ne orainn isteach ann chómh maith leó. Tar éis Aifrinn d'iarr an Faircealach orm féin gan dul a bhaile chun dínnéir mar go bhfeud- fainn é dh'ithe 'n-a theannta féinidh. “Airiú, a Sheághain,” arsa sinn go léir, “an é Faircealach Ua hUidhir go bhfuileann tú ag trácht air? ”
“Am briathar gur'b é, beannacht Dé le n'-anam,” arsa Seághan, “& cómhnaos dómh- sa díreach ab' eadh é. Acht goidé seo bhí ar siubhal agam mar gheall air. Ó 'seadh: do bhí cuireadh dínnéir aige dh'á thabhairt dam, & cé bheadh ag gabháil thorainn le n-a línn ná mo mháthair. D'airigh mo mháthair é ag tabhairt an chuireadh dham &, nuair a fuair sí é chómh fial is bhí sé, do chrom sí ar gháirí & dubhairt sí liom fanamhaint 'n-a theannta dá mbadh mhaith liom é. Ní raibh uaim-se acht a cead fhághail & ghluaisigheas orm i n-éinfheacht leis an bhFaircealach go dtí á thigh. Do bhí tigh an Fhaircealaigh 'sa' taobh thiar do Bheul an Gheárrtha. Do bhí tigh an phíobaire ceangailthe dhe; & ar a aghaidh sin anonn 'sa' taobh eile 'bhóthar a bhí tigh an tábhairne go raibh garsún na con 'n-a chómhnaidhe ann. D'airigheas 'n-a dhiaidh sain gur a ball éigin aníos amach bean an phíobaire & bean an tábhairne: acht bídís aníos nó i bhfus, ní bhacfainn leó anois, mara mbeadh go mbainfid siad lem' sgeul ar ball. Nuair a shroiseamair tigh an Fhaircealaigh do bhí an dínnéar leogaithe amach ar an
mbórd rómhainn & do shuidheamair síos dh'á dh'ithe; acht ba bheag de a bhí ithte againn nuair airigheamair ana-liúghaireach & gáirí amuigh ar an mbóthar. Siúd amach me féin & an Faircealach & a raibh ann ar fad againn 'feuchaint cad a bhí suas. B'é fáth an fhothroim go léir dá choileach a bhí ag bruighin le chéile amuigh ar lár an bhóthair & na daoine bailighthe i bhfuirm rotha mór- thímcheall ortha & iad ag briseadh a gcroidhe ag gáiridhe im an mbruighin. Dubhairt an Faircealach liom gur le bean an phíobaire & le bean an tábhairne an dá choileach. Do bhí bean an tábhairne a d'iarraidh dul isteach trí sna daoine chun na gcoileach a chosaint ar a chéile, acht má bhí, ní leogfadh na daoine isteach í. “Airiú, a amadáin,” arsa bean an phíobaire léi, “sgaoil leó féin: ar ndóin, dá marbhaídís a chéile, nách suarach an meula iad? ” “Feuch ná sgaoilfead, mhuise,” arsa bean an tábhairne, “mara mbeadh agam acht an pléisiúr go léir atá aca so dh'á fhághail ionnta a lot ortha,” ag tógaint cloiche 'n-a
láimh & 'ghá caitheamh leis na coileachaibh. D'aimsigh an chloch a coileach féin i mullach an chínn & marbhuigheadh ar an láthair sin é. Leis sin do chuir na daoine go léir ana liúgh suas di 'ghá moladh i dtaobh an chruinnis a bhí 'n-a láimh, acht má chuireadar, is amhlaidh éirigh sí chun tola-mhúaire chúcha & dhírigh sí ar bheith 'ghá spídiughadh ar an láthair sin. Do thosnuigh bean an phíobaire ar bheith 'ghá cómhairliughadh & dubhairt sí léi bualadh isteach a bhaile dhi féin, mar nár dhein na daoine sin aoinní as an slighe uirthi. “An airigheann tú,” arsa sean-duine bhí ann, go nglaodhaití Liam an Mhagaidh air, le bean an tábhairne, “an magadh so ag Cáit an Phíobaire dh'á dheunamh fút anois tar éis do choilichín a bheith marbh ort, & fhios agat féin go maith, mara mbeadh na daoine sin, go gcosnóghfá ar a chéile iad.” “B'fhearra dhi,” arsa bean an tábhairne, “dul síos mar a raibh sí ag bailiughadh chaisreabháin ar a págh, mar bhíodh sí, do mhucaibh Thaidhg na Lópaí ná bheith a d'iarraidh magaidh a dheunamh fúm-sa.”
“Doigh ionnat, a shiorthóir,” arsa bean an phíobaire, “marar bhfuiriste dhómh-sa do chláiríní féin a léigheadh dhuit i dtaobh do dhealbhais ag baile. An cuimhin leat an uair a bhítheá ag tarrac na móna ar do dhrom leat ó'n bportach isteach 'sa' tsráid & 'ghá díol ann ar leath-phinge an sgiathóg tar éis an asail fhághail bháis ar an gcrampán athar a bhí agat.” Do chuir sain na daoine go léir ag gáiridhe, mar beanín mhórdhálach dhroch-bheulach ab' eadh bean an tábhairne, & ba mheasa leó bean an phíobaire 'ná í. Nuair a fuair bean an tábhairne go raibh na daoine ag deunamh an gheoin go léir fúithi féin, ba bheag ná gur chaill sí a meabhair le neart feirge, & sgaoil sí faobhar a teangan ag spídiughadh bean an phíobaire chomh mór go raibh cúbhrán le n-a beul, & bhí si ag cuir cainte dhi chómh tiugh is d'aireóghfá an fhuiseóg ag seínnt 'san aodhar gan stad tar éis Lae 'le Brighde. Acht ní fada fhanas-sa ag éisteacht léi, mar tháinig Seaghán Fiadhain & Diarmuid an Phíobaire & a ngadhair aca chugham féin & chun an Fhaircealaigh & dubhradar linn go
rabhadar ollamh chun dul go Bun Laghaire & sinn a ghluaiseacht orainn láithreach. Siar an seana-phóirse leis an gceathrar againn. Do chonnaic na garsúin eile ag imtheacht sinn & sar a rabhamair-ne ag Tobar an Fhíona do bhíodar sain tagaithe suas linn. Síos linn do thoil a chéile chun Carraigín an Radhairc & soir chun Clais an Mhada' Ruaidh & sar ar shroiseamair Carraig Tighe Eoghain do dhúisigheamair ana-phaitre giorré. Do liughamair go léir & do ritheamair 'n-a dhiaidh chun beartha air: acht cad a dhein na coileáin, is dóich libh, ná, chómh luath is chon- naiceadar é, a dtóin 'árdach 'n-a ndorn leó & teicheadh leó féin a bhaile le heagla roimis. Nuair a bíomair ag brághaid Char- raig' Tighe Eoghain ní raibh aon tuairisg ar an ngiorré ná ar ár gcoileánaibh againn. Annsain do stopamair go léir suas & dhírigheamair ar bheith ag deunamh ár gcúmhaidh margheall ar a mheatacht a thriail na coileáin. “Mhuise, faire fútha mar choileánaibh,” arsa Faircealach, “feuch anois, dá mbeadh aon mhaith ionnta, is maith a bheadh ár bpáintheach giorré againn, & gheóbhaimís sgilling air ó
Dhómhnall Ruadh & bhuailfeadh sain pinginn an duine dhúinn & feuch gur breágh an póca mísleán a bheadh ag gach aoinne againn ar a phinginn féin.” “Dá mbeadh pinginn ag Diarmuid an Phíobaire,” arsa Seaghán Fiadhain, “ní'l baoghal gur mísleáin a cheannóchadh sé uirthi: b'fheárr leis go mór í chimeád 'n-a phóca mar bhreágh breágh chun go dteastóchadh ó n'-athair deócán a cheannach do'n phíb.” “Ní fheacamair aon rabairne mór ionnat féin riamh,” arsa Diarmuid an Phíobaire 'ghá fhreagra: “feuch cad dheinis leis an bpinginn a fuairis aréir ó'n sagart i dtaobh aire thabhairt dh'á chapall an fhaid a bhí sé ag cuir na hOla ar Mháire Mhaol ná í shíneadh amach as do dhorn chun do mháthar i n-ionad aoinní a cheannach duit féin uirthi, & anois chuirfinn geall leat, dá mbeadh an giorré marbh againn & pinginn an duine againn d'á bhárr, gur túisge a bheadh mísleáin ceannuighthe agam ná agat-sa.” “Ní túisge & ní tapamhla, a spreallairín,” arsa Seaghán Fiadhain. “Airiú caithidh uaibh an siotha seatha sain,”
arsa an Faircealach. “Caitheadh Seaghán Fiadhain uaidh é, mar is é thosnuigh é,” arsa Diarmuid an Phíobaire, “& dá luathacht a chaithfidh sé uaidh é, is é a bhuac é, mar dhúbhfainn-se a shúile dho & sain go tapaidh.” “Sin rud ná feudfá a dheunamh,” arsa Seaghán Fiadhain. “An dagha, is sibh féin is córa a sgaoileadh chun a chéile,” arsa an Faircealach: “tiom- áinidh libh anois é & nár stopaidh ár ndícheall sibh.” Annsain do dhein an dá gharsún ar a chéile & thosnuigheadar ar a chéile ghuailneáil. Do sgaoil an deichneabhar againn-ne leó féin & sheasuigheamair ag brághaid na Carraige ag feuchaint ortha. Tar éis iad a thabhairt tamaill mhaith ag fuirse le chéile, do thosnuigheadar ar na dóirnibh; acht dé beatha grásta Dé, an fhaid a bhí an méid sin ar siubhal do bhí rud eile ar siubhal ann-sa' spéir os ár gcionn i gan fhios dúinn, mar, sar a raibh fhios ag an mbeirt seo cioca aca ba threise, do thuit splanc a bhí chómh mór le tigh 'n-ár n-aice ar an ínse & le n-a línn sin
do tháinig tóirneach a dhein fothrom chómh huathbhásach gur cheapamair gur bh'í an spéir a bhí ag tuitim anuas orainn, & i lár na tóirnighe sin do thosnuigh báisteach ar thuitim chómh trom is chífeá uisge ag tuitim le heasach — & geallaim-se dhíbh nách bruighean ba chúram leis na garsúnaibh seo ná linn féin annsain, mar tháinig splanc & tóirneach eile ba sheacht mhó ná an cheud chuid. Do rugamair go léir barróg ar a chéile & dhírigheamair ar ghol le hanaithe, mar shamhluigheamair nár bhfios goidé an neó- mat a bheimís marbh & gan aon tigh i n-aon ghiorracht dúinn go rithfimís ann & gan aon lagara ag na tóirneacha ná ag an mbáistigh dh'á thabhairt. I gcionn tamaill do chuimhnigheas féin ar bhéilic a chonnac 'sa' chliathán theas do Charraig Tighe Eoghain an lá roimis sin & dubhart leis na garsúnaibh go raibh a leithéid ann & go mb'fhearra dhúinn dul fúithi. Dubhradar liom láithreach rith orm rómpa fé n-a géin. Do ritheas chómh maith, & do leanadar me — & is dócha go raibh suas le fiche tóirneach tagaithe tur
teith orainn sar ar shrois linn bheith istigh fé'n mbéilic. Ní raibh droch-shaoghal istigh fé'n mbéilic againn, mar ní raibh aon dul ag an mbáistigh ar theacht orainn, & b'é an t-anaithe ba mhó a bhí orainn annsain ná eagla go dtuitfeadh tóirneach anuas ar an mbéilic & go maireóbh- thaidhe sinn fúithi. Do bhí an Sulán & Dúbhghlais ar ár n-aghaidh amach & bhí an t-uisge 'san am sain éirighthe chómh hárd le n-a bportaibh & ag tosnughadh ar bheith ag sgé amach ar na hínseachaibh; & ba gheárr eile go rabhadar clúduighthe ag uisge. Nuair a bhíomair mara deurfá leathuair an chluig fé'n mbéilic d'airigheamair sgreadach ghránna 'sa' taobh thiar dínn a sgannruigh sinn chómh mór leis na tóirneacha. Do sháigh Diarmuid an Phíobaire a cheann amach fé'n mbéilic & dubhairt sé go raibh miorbhuilth éigin chughainn aniar i mbarra tulca uisge a bhí geall leis chómh hárd leis an gcarraig & gur bh'ann a bhí an sgreadach & go mb'fhearra dhúinn teicheadh linn féin as an áit 'n-a rabhamair do phas nó go mbeimís báidhte. Do bhí sánas beag ag an mbáistigh dh'á
thabhairt 'san am so & ní raibh na tóirneacha ag teacht chómh trom ná chómh tiugh is do bhíodar. Do rith Diarmuid an Phíobaire amach as an mbéilic & amach linn-ne 'n-a dhiaidh. Do bhíos féin ar an bhfear déidheanach & ba dóbair go mbeadh a rian orm, mar is ar éigin a bhí mo chosa glan-bhailighthe agam aisti nuair a ghluais an leac a bhí ag deunamh sgátha dhúinn fan na haimsire ar rith síos le cliathán na carraige & níor stop sí do'n rás sain go ndeaghaidh sí síos go dtí á bun. Do bhí áthas ár gcroidhe orainn ná rabhamair fúithi mar dá mbeimís do bheadh ár gcnámha 'n-a snaois aici. Acht níor chuireamair ár n-áthas i n-úmhail d'á chéile, mar bhí an mhíorbhuilth a dubhairt Diarmuid an Phíobaire chughainn aniar ag snámh ar bharra na tuile: & cad a bheadh ann ná droichead cláir a bhí mar a bhfuil an Seana-Dhroichead anois & beirt fhear & beirt bhan 'n-a seasamh istigh ann & gach aon sgread as a gcorp aca. Ní raibh fhios againn 'san am sain gur bh'é an droichead cláir a bhí ann ná cia hiad a bhí istigh ann. Do dhírigheamair ar bheith 'ghá 'niúchadh. I gcionn tamaill do bhuail
Diarmuid an Phíobaire a bhasa ar a chéile & dhírigh sé ar ghol. “Ó Dia linn,” arsa eisean, “sin í mo mháthair ag sgreadaigh istigh sa tseana- chorrachán sain, pé rud a chas ann í.” “'Sí díreach & mo mháthair-se leis,” arsa Seaghán Fiadhain ag sgreadaigh chómh maith leis, “& is dócha gur dá á'irseoir iad sain 'n-a dteannta a tháinig dh'á n-iarraidh chun iad a bhreith leó go hifreann: ní fheudfaidhe gan sompla éigin a dheunamh díobh 'sa' chuma bhíodar ag ithe a chéile ó chianaibh.” Sar a raibh an corrachán tagaithe chómh fada linn dubhairt Seaghán Fiadhain go raghadh sé féin soir go Carraig Phuill na Bró, i gcás go mbeadh radharc aige ar a mháthair chun go dtéidheadh sí soir go Carraig Chnúch- ail. Dubhairt Diarmuid an Phíobaire & sinn go léir go raghaimís ann leis. Do rithea- mair an fhaid a bhí sé 'n-ár gcosaibh & bhíomair 'n-ár seasamh ar Charraig Phuill na Bró sar a raibh an corrachán i ngiorracht dá cheud slat dúinn, mar is amuigh ar an uisge marbh a bhí ar na hínseachaibh a bhí sé ag snámh & mar gheall air sin ní raibh aon deabhadh
mór air ag gabháil soir chughainn. Do chrom an dá gharsún ar lógóireacht arís mar a bhíodar roimis sin. “Feuchaídh,” arsa an Faircealach, “ar na daoine go léir ag rith anuas na carraigreacha thar Chlais an Mhada' Ruaidh chughainn. Ní fheadar an bhfeudfaimís aon storán a bhaint as an gcorrachán chun go dtigidís.” Do bhí tor mór sailighe ag fás ar an gcarraig 'n-ár n-aice & an t-uisge éirighthe chómh hárd le lár an toir. Is ag deunamh ar an dtor so do bhí an corrachán. Do chonnac féin bata péileála ar bharra an uisge i gcoinnibh na carraige & é i n-achrann 'sa' tor. Dubhart leis na garsúnaibh, dá mbeadh an bata againn & é chuir i gcoinnibh an taoibh theas do'n chorrachán nuair a bheadh sé 'n-ár n-aice, go mb'éidir go gcoingeóbhaimís moillair chun go dtagadh an congnamh orainn. Do thógamair an bata & nuair a tháinig an corrachán go dtí an tor do chuireamair an bata cliathántach roimis. Do bhí an t-uisge chómh marbh 'san áit gur stop an corrachán d'á shnámh & d'fhan sé i n-achrann 'sa' tor sailighe chun go dtáinig an congnamh orainn.
Do bhí an bheirt fhear & an bheirt bhan ag liúghairigh fan na haimsire chun gur sábháladh iad, is annsain a fuaramair amach cé'r bh'iad an bheirt fhear so & goidé an bunudhas a bhí leis an obair go léir. Constáblaithe nua a tháinig 'sa' pharóiste seo an lá ceudna ab' eadh iad. Do bhíodar ag gabháil anoir trí Bheul an Gheárrtha ar línn na beirte ban so a bheith ag troid le chéile. Do thógadar leó 'n-a bpríosúnachaibh an bheirt bhan chun iad a bhreith i láthair giúistís a bhí 'n-a chómhnaidhe thuas i dtigh na Cille &, ar línn iad a bheith ag gabháil suas an Droichead Cláir, do thóg an tuile chun siubhail an droichead & an ceathrar aco. Ní raibh claidhe ná bóthar 'san am sain ó'n Seana-Dhroichead go Poll na Bhró, acht an áit go léir i n-aon libhéal amháin, & mar gheall air sin, is amhlaidh a bhí marcaigheacht bhreágh ag an gceathrar. Sin é agaibh, a bhuachaillí, an sgannradh is mó fuaras an fhaid atáim ar an saoghal, & is fada é sin, mar is dócha ná maireann aoinne d'á raibh ag Carraig Phuill na Bró an lá uathbhásach sain acht me féin amháin.
Dualgas an droch-chroidhe. Do bhí feirmeóir ann fad ó, & ní bhíodh éin-nídh ag déanamh buaidheartha dhó de ló & d'oidhche acht cionnus do thiocfadh sé ar shaidhbhreas do chruinniughadh. Mar seo, oidhche amháin, bhí sé féin & a bhean ag cur 's ag cúiteamh le n-a chéile ar an tseift do b'fhearr chuige. Do labhair an bhean, & adubhairt: “Ní'l éin-tslighe is fearr chum airgid do chnuasach 'ná gan puinn bídh do thabhairt do na seirbhísigh & breith bhuntáisteach ar cheannuidheacht agus bheith tiúsgalach.” “Im' briathar,” ars' an feirmeóir, “gur dóigh liom go bhfuil an ceart agat, & deinimís amhlaidh.” Ó shoin amach, nuair bheadh biadh d'á chaith- eamh 'san tigh, ní bheadh dhá ghreim ithte ag éinne de sna seirbhísigh nuair ghlaodhfadh an feirmeóir ar an gcailín chum an bhúird do thógáil suas, & do deineadh. Do chaitheadar tamall ar an nós soin, go mór-shaothair & go hocrach, mar ní leigfeadh náire do na
seirbhísigh gearán go mbíodh ocras ortha. Oidhche amháin do casadh 'sa' treó chughtha rábaire de bhacach luath láidir, & d'fhiafruigh sé de'n chailín aimsire ar dhóigh léi go bhfuigheadh sé lóistín na hoidhche ó'n máighis- treás. “Gheobhair,” ars' an cailín; “acht bíodh fhios agat ná fuighir puinn bídh istoidhche ná ar maidin.” “Cionnus é sin? ” ars' an bacach. “An amhlaidh ná cuirfear romham é? ” “Ní headh,” ars' an cailín. “Cuirfear do cheart bídh romhat; acht, sul a mbeidh dhá ghreim ithte agat, déarfaidh an máighistir liom-sa an bórd do thógáil, & caithfead a dhéánamh.” “Ach! má's mar sin atá an sgéal,” ars' an bacach, “ní fiú biorán & é.” Annsoin d'iarr an bacach lóistín na hoidhche ar mhnaoi an tighe, & do fuair. Nuair do bhí an suipéir ullamh, do shuidh- eadar go léir chum an bhúird; acht ní raibh dhá ghreim ithte ag éinne aca, nuair dubhairt an máighistir leis an gcailín an bórd do thógáil suas. “Ar mh'anam-sa! ná déanfaidh go fóill,”
ars' an bacach, “mar ní'l trian mo shásaimh ithte agam-sa ná aca so leis,” ar seisean, ag tagairt do na seirbhísigh. Ní leigfeadh náire do'n bhfeirmeóir tos- nughadh arís, cé go raibh ocras a dhóthain air, & d'fhan an bacach & na seirbhísigh ag ithe chum go rabhadar sásta. Fé cheann tamaill do chuadar go léir a chodladh, & do cheartuigh an bacach leaba dhó féin ar an dteinnteán le hais na teineadh. Níor leig an t-ocras do'n fheirmeóir codladh, &, fé cheann tamaill, d'iarr sé ar a mhnaoi éirghe & blúire aráin do sholáthar chuige, go raibh sé caoch ag an ocras. “Ar mh'anam, a Sheagháin,” ar sise, “ná fuil éan-bhlúire aráin bácálta 'san tigh.” “Éirigh, máiseadh,” ar seisean, “& dein císte baise, & buail fé'n luaith é, & ní bheidh sé neómat ag bácáil ann.” D'airigh an bacach an comhrádh so eatorra go maith, act níor leig éin-nídh air. D'éirigh bean an tighe, & do dhein an císte baise go mear, & do bhuail fé'n luaith ghríosaigh é. Annsoin d'éirigh an bacach aniar ar a chorra-ghiob 'sa' leabaidh, & do luidh ar chomhrádh leis an mnaoi. Do b'fhearr léi go
mór é fhanamhaint mar a raibh sé, & is í do bhí go searbh leis. “Agus,” ar sise leis, go feargach, “ní fheadar cad do b'áil le bhur leath ag lorg déarca. Dá dtugadh sibh aire d'bhur ngnó, níor ghábhadh dhíbh bheith 'n-bhur stráilíbh dío- mhaoine ins na cúinní ag na daoinibh.” “Tá gach uile phioc de'n cheart agat, a bhean an tighe,” ars' an bacach; “acht, im' thaobh-se dhe, ní raibh leigheas agam air. Do cheapas lá dem' shaoghal ná beadh éan- ghábhadh agam go bráth le dul ag lorg déarca. Seo mar ghaibh an saoghal liom: Bhí beirt dearbhráthar againn ann, &, nuair bhí ár n-athair ag dul chum báis, d'fhág sé feirm mhór thailimh againn araon, & dubhairt sé linn dá leath a dhéanamh dhi eadrainn, & go raibh maireachtaint do bheirt againn innti. Sin mar bhí. Do cailleadh an sean- bhuachaill, & do chuireamar go galánta é. Tamall 'n-a dhiaidh sin do thosnuigheamair ar an fheirm a roinnt, & do thógamair claidhe teórann mar seo,” ar seisean, ag tarraing stríce tríd an luaith i leith & tríd an gcíste baise. “Airiú! ” ars' an bhean go feargach,
“leig ded' stríocanna, & ná bí ag árd- ughadh luaithe ar fuid an tighe.” “Éist, a bhean,” ars' an bacach, “go n-innsim mo sgéal duit. Tar éis an chlaidhe a thógáil, ní raibh mo dhearbhráthair sásta. Dubhairt sé go raibh an taobh do b'fhearr de'n fheirm agam-sa. Annsoin do b'éigin dúinn teacht & claidhe eile do thógáil mar seo,” ar seisean, ag tarrac stríce eile tríd an luaith & tríd an gcíste. “Airiú,” ars' an bhean, “táim dhá rádh leat leigint do'n luaith,” cé nach ar mhaithe leis an luaith bhí sí, acht ar mhaithe leis an gcíste. Níor dhein soin do'n bhacach é. Do lean sé ar a sgéal: “Tar éis an chlaidhe eile seo do thógáil,” ar seisean, “ní raibh mo dhearbhráthair sásta, & do b'éigin dúinn claidtheacha do thógáil mar seo & mar seo,” ar seisean, ag tarrac stríocanna tríd an gcíste chum gur loit sé é. Nuair bhí soin déanta aige, “'Sé críoch an sgéil,” ar seisean, “gur bh'éigint dam an fheirm fhágáil ar fad ag mo dhearbhráthair & imtheacht ag lorg déarca dham féin.”
“Nár ghabhaidh críoch is fearr 'ná é thú,” ars' an bhean, ag iompáil uaidh síos, & ag dul fé dhéin fir na leapthan. “An bhfuil an císte agat dam? ” ar seisean. “Ní'l,” ar sise, “mar do loit an bacach orm é.” “Och, Dia linn! ” ar seisean. “Cad do dhéanfad ar éan-chor? Ní mhairfead ar maidin. Preab amach,” ar seisean léi, “& crúidh braon leamhnachta dham, & caith gráinne mine coirce tríd.” Dó dhein chomh maith. Amach léi & do chrúidh braon leamhnachta, & do mheasg gráinne mine coirce tríd. Níor bh'é dear- mhad an bhacaigh preabadh amach go doras an chró & é iarraidh uirri. Shín sí chuige an galún, mar cheap sí gur bh'é a fear féin a bhí ann. D'ól an bacach go tapaidh é, & isteach leis 'sa' chúinne. Fé cheann tamaill do tháinig an bhean isteach, & dhein ar a leabaidh dhi féin chum dul a chodladh. “Tabhair dham an galún,” arsa fear na leapthan. “Airiú, a Sheagháin,” ars' an bhean, “nár thugas duit cheana ag dorus an chró é.”
“Uch! Dia go bráth linn,” ar seisean, “níor fhágas an leabaidh ó shoin. Is dócha gur do'n bhacach do thugais é, pé diabhal do chas chugainn é.” 'Seadh, níor bhacadar le héin-bhiadh eile do sholáthar go maidin, & do mhair an feirmeóir. Go moch ar maidin d'fhág an bacach slán aca, & níor ith sé broicfeast ná eile, bhí a bholg chomh teann soin d'éis na mine coirce; & is dócha nár bh'é an-ghuidhe fóghanta do thug an feirmeóir dó ar linn sgaramhaint leis. Níor bhog an sgannradh so croidhe an fheirmeóra chum éin-cheart do thabhairt do na seirbhísigh, & fé cheann tamaill ní fhanfadh seirbhíseach aige ar ór ná ar airgead, &, i n-ionad saidhbhris do chruinniughadh, is amhlaidh do briseadh as a chuid tailimh é, & do b'éigint dó féin & d'á mhnaoi dul chum martha i mbothán bocht dealbh ar thaobh bóthair. Oidhche áirithe dá raibh an lánamha bhocht so ag troid le chéile, gach éinne aca ag cur milleán bheith bocht ar an nduine eile, do labhair guth leó, & adubhairt: “Tabharfad-sa caoi dhíbh ar bheith go saidhbhir arís, má's maith libh é. Tabharfad
aon trí athchuingí is maith libh dhíbh, & tabhar- fad cheithre uaire fichead díbh chum macht- naimh.” 'Seadh, do bhíodar go háthasach anois, & do sguireadar de'n achrann, & do luidheadar ar chainnt go cneasta le chéile, is iad ag smaoineamh ar an saidhbhreas do bheadh aca ar ball. Do bhí teine bheag dheas bhrothalach ar a n-aghaidh amach. Fé cheann tamaill dubhairt an tsean-bhean: “Badh mhaith liom go mbeadh turcaoi reamhar agam anois, mar badh dheas a róstfainn é.” Airiú! láithreach boill do tháinig sgrog- alach de chearc Fhranncach breagh reamhar anuas an simné chughtha. D'fhéach an sean- duine uirthi le droch-mheas i dtaobh a olcas a bhí a hathchuinge curtha aici, & le seirbhthean chúighthi dubhairt sé: “Ba mhaith liom go gceanglóghadh an turcaoi céadna suas do bharr do chuinncín.” Airiú, is ar éigin bhí an focal as a bhéal, nuair cheangail an turcaoi suas do chuinncín na mná. “Is deas an athchuinge iarrais go deimhin,” ar sise. “Sin dá cheann aca
imthighthe go holc uainn. Cad iarrfam anois? ” “Iarraimís ár ndóthain óir,” ar san seanduine, “& cuirfead clúdach óir leathsmuigh de'n turcaoi sin, & beidh tú ar an mnaoi uasail is breaghtha 'sa' domhan, & chíonn an talamh gur dheacair sin a dhéanamh dhíot,” ar seisean. “Ó! ní dhéanfadh éin-nídh an gnó,” ar sise, “acht an turcaoi bhaint díom-sa arís. Iarraim an turcaoi seo bhaint díom-sa arís,” ar sise. Láithreach boill do thuit an turcaoi d'á cuinncín, & amach an simné leis. Do bhí na trí athchuingí fachta aca, & iad curtha go holc aca. Bliadhain ó'n oidhche sin do bhíodar arís ag troid le chéile 'sa' bhothán, nuair labhair an guth leó: “'Seadh,” ar seisean, “tabharfad dá athchuinge anocht díbh & caithfidh sibh iad d'iarraidh láithreach, & iarraidh rud éigin fóghanta.” 'Sí an tsean-bean do labhair ar dtúis: “Iarraim,” ar sise, “lán meidre de
phreabánaibh chum bríste an tsean-bhuachalla do dheisiughadh.” “Ó! mhaise,” ars' an seanduine, le bárr feirge chúighthi, “iarraim-se gach éin-cheann riamh dhíobh do ropadh siar id' sgórnaigh & tú tachtadh.” Láithreach boill do tachtadh an tsean- bhean leis na ceirteachaibh ar a aghaidh amach. Do fuair na síothmhaoir amach go raibh an tsean-bhean marbh, & do tógadh an seanduine. Do dhein fínné an dochtúra é dhaoradh, mar dubhairt sé gur thacht an sean- duine le ceirteachaibh í. Do crochadh an seanduine annsoin, & sin í an chríoch do ghaibh an Feirmeóir Ocrais. Sgríobadh an Chorcáin. “Nach é an cat marbh chas chum na háite-si mé 'S a liacht cailín deas do fhágas-sa im' dheidh.” Bhí fear ann tá tamall maith ó shoin gur bh'ainm do Seaghán Córach. Bhí sé 'n-a chomh- nuidhe le n-a mháthair i dtigh bheag dheas chluthmhar, & bhíodar go lán-tsásta & a ndóthain le n-ól & le n-ithe aca. Is é an sórt suipéir a bhíodh aca gach oidhche leite
mine buidhe. Nuair bhíodh sé beirbhthe do thógadh an mháthair a cuid féin amach i méis, & d'fhágadh sí cuid Sheagháin 'sa' chorcán; & do chaitheadh sí taosgán bainne isteach ann. D'itheadh Seaghán go meidhreach sásta mar sin é, & ní bheadh éin-mheas ar éan-chor aige air muna bhfuigheadh sé as an gcorcán é. Do ghlaoidh an mháthair Seaghán chúichi aon lá amháin & dubhairt sí: “A Sheagháin, a stóraigh, táim ag smaoin- eamh le tamall go bhfuil sé i n-am agat bheith ag cuimhneamh ar phósadh, & ar mhnaoi óig éigin d'fhagháil duit féin, mar tá fhios agat go maith go bhfuilim-se ag dul i gcríonnacht, & ná féadfad maireachtaint i bhfad eile & mo lán tsaoghail d'fhagháil, & bíodh fhios agat ná beidh compórd ort chum go mbeidh bean éigin agat a dhéanfaidh gnó an tighe dhuit.” Geallaim-se dhuit ná raibh éin-leisge ar Sheaghán an chomhairle sin do ghlacadh ó n-a mháthair, mar bhí fonn pósta air féin le tamall. Chum mo sgéal a dhéanamh gairid, do phós Seaghán cailín deas triopallach go raibh súil aige uirthi le tamall. Dubhairt máthair
Sheagháin léi féin, mar ba bhean chiallmhar í, go n-imtheóghadh sí go dtí tigh deirbhshéar di do bhí 'na comhnuidhe i n-aice dhi, & go bhfág- fadh sí an tigh fé'n lánamhain nua-phósta — go ceann cúpla seachtmhain, pé i n-Éirinn é. Bhí Seaghán go meidhreach ar feadh an lae tar éis a phósta — mar bhíonn gach éan-fhear mar é. Nuair a tháinig am suipéir do chuir an bhean óg an leite síos, & nuair bhí sí beirbhthe do leig sí amach ar dhá mhéis í, is thug sí copán breagh leamhnachta do Sheaghán le n-a chuid féin. Do dubhadh & do gormadh ag Seaghán bocht nuair chonnaic sé ná fuigh- eadh sé an corcán le sgríobadh ó n-a mhnaoi mar fuair sé i gcomhnuidhe ó n-a mháthair. D'ith sé cúpla greim de'n leite & annsoin d'éirigh ó'n mbórd go mí-chéadtach neamh- shásta. Do shuidh sé 'sa' chúinne go dubhach doilgheasach gan oiread & focal do labhairt. Do dheun an bhean óg a dícheall chum an tormais do bhaint de, acht pé rud do dhéanfadh sí ní fhéadfadh sí húm ná hám do bhaint as. Do bhí sí ag briseadh a croidhe ag iarraidh cuimhneamh ar dhein sí éin-nídh do chuirfeadh pus ar Sheaghán, acht dá mbeadh sí ag smaoineamh go deóidh ní bheadh
pioc dá bhárr aici. Do thug an bhean bhocht an dara suipéar & an tríomhadh suipéar dó mar an gcéadna, & ní misde dhuit a rádh ná gur bhrónach neamh-shíbhialta an fear tighe Seaghán an uair sin. Nuair theip ar a mhnaoi cainnt ná gáire do bhaint as, d'im- thigh sí go dtí a mháthair & í ag gol 's ag bladhraigh & do 'nis sí a sgéal brónach tríd síos di. “Eist go fóill, & bíodh stuaim agat,” ars' an mháthair. “Cad do thugais do chum suipéir? ” “Thugas leite mine buidhe dhó,” ars' an cailín bocht. “Cionnus ar thugais dó í? ” ars' an mháthair. “Thugas dó í chomh maith is d'fhéadfadh éinne í thabhairt dó,” ar sise. “Do leigeas amach ar mhéis ghlain dó í, & do thugas copán breagh leamhnachta dhó léi.” “Anois,” ars' an mháthair, “éirigh a bhaile arís, &, nuair dhéanfaidh tú an leite anocht, tóg do chuid féin amach ar mhéis & fág cuid Sheagháin ins an gcorcán. Caith taos- gán bainne isteach ann is tabhair dó an corcán chum ithte as.”
D'imthigh an bhean óg a bhaile & do dhein sí mar a dubhairt máthair a céile léi. Nuair fuair Seaghán an corcán, do léim sé go héadtrom éasgaidh as an gcúinne. Do bhuail sé a dhá bhais le chéile le háthas croidhe. Ní misde a rádh ná go raibh fear tighe súgach sásta luthgháireach aici as soin amach. Sin é mo sgéal-sa, & má tá bréag ann, bíodh, mar ní mise chúm ná cheap é. Sgéal an daill. Mórán bliadhanta ó shoin thárla gur casadh dall go tigh Mhuinntir Iarfhlatha ar Chúil an Mhothair i mBaile Mhúirne. 'San am úd bhí na daoine chomh neamhspleádhach & chomh fial go dtiubhraidís óstuigheacht do dheóraidhe ar feadh leath-bhliadhna, b'féidir. De dhaoinibh ghalánta b'eadh an dall so, & bhíodh capall aige chum é ais- triughadh ó áit go háit. Nuair do tháinig sé um thráthnóna go tigh mhuinntir' Iar- fhlatha, cuireadh a chapall ag fosaidheacht i bpáirc do bhí fé bhun an tighe. I mbun na
páirce seo bhí tonnán bog, & dá mbeadh sé de dhonas ar éin-bheithidheach go raghadh sé isteach ann, ní ró-éasgaidh do rithfeadh leis teacht amach as. Pé rud do chas capall an daill chum na háite seo, do casadh ann é, &, nuair chonnaic sé an féar breagh bog ag fás ar an dtonnán, chuir sé dúil ann. Chuaidh sé isteach, &, mó dhá léir! súghadh síos go cnámh an droma é, & báitheadh nó múchadh an beithidheach bocht ar an láthair sin. Nuair ghaibh an buachaill aimsire amach ar maidin fuair sé an capall báidhte 'sa' tonnán, & tháinig sé láithreach boill ag triall ar an dall leis an sgéal. Buachaill deagh-labhartha b'eadh é, mar gach buachaill d'á shórd 'san aimsir úd — ní mar a chéile iad & súmairí na haimsire seo. Bhí úr- labhra & éirim aco an uair sin. Bhí éin- theanga amháin aco go fóghanta & bhí fios aca cionnus an chaint do chur i ndiaidh a chéile. Ní mar sin dóibh anois, ní'l Béarla ná Gaedhilg aca, acht iad ag aithris ar an seóinín. Chum filleadh ar mo sgéal, tháinig an buachaill isteach, & bhí an dall i n-a shuidhe
'san gcúinne, & is mar seo d'innis sé an tásg do:- “A shoilbh-fhir fhairsing i nGallaibh ná bíodh do speóis; Tubaist do ghlacadh feasta ní'l slighe aige rómhat; I mullach do chapaill go bhfaca-sa nídh ba mhó 'Ná cineadh na bhfearann gur baisteadh do shinnsear romhat.” Do thuig an dall brígh na bhfocal go blasda. 'Sé an fáth go ndubhairt an buach- aill “go bhfaca sé nídh ba mhó i mullach a chapaill 'ná cineadh na bhfearann gur bais- teadh le n-a shinnsear roimis,” mar gur ó Ghleann an Phréacháin an dall, & thuig seisean, mara mbeadh an capall bheith marbh, ná beadh na préacháin ag luighe air. Geallaim-se dhuit go raibh an dall deagh-labhartha a dhóthain do'n bhuachaill, & is é seo an freagra do thug sé air: “A Éin-mhic, d'fhágais ar lár an anróidh mé, Agus d'fhágais mo shála ag trácht na gcam-bhóthar;
Má leag an bás ar lár 'san neanntóig é, Bheirim mo shlán fé'n mbáille i ngeall- thóireacht.” Chuir an dall i n-umhail do'n bhuachaill dá dheas-bhéalaighe do bhí sé, má bhí a chapall báidhte, ná raibh éin-bheann aige ar an mbáille. Bhí cliamhain do Mhac Uí Iarfhlatha 'san tigh an mhaidin sin darab leas-ainm “Tadhg na Súl mBeag.” Ceithearnach mór do b'eadh Tadhg, & theastuigh uaidh go ndéan- fadh an dall bhéarsa amhráin ag moladh a mhuinntire féin. Ní freagra ró-cheannsa do thug an dall air, mar nár thuill treibh Thaidhg éan-mholadh. Ghaibh tolamhóire Tadhg, & thug sé clabhtóg do'n dall bhocht, i dtaobh é eiteach, & dhein sé rann é féin an uair ná déanfadh an dall dó é. Is mar seo adubhairt Tadhg: “Is dubhach liom an chumhangracht 'n-a n-airighim iad, Na húir-fhir ó'n Rúsgaigh do bheathuigheadh cliar, Complacht nár dúnadh a ngeataí riamh, 'Gus nár túrnadh i súgradh 'ná i ngleac- aidheacht iad.”
Bhí fearg go leór ar an ndall um an am so, &, nuair d'airigh sé an rann so, chuir sé ag machtnamh é. Ní raibh a chuid filidheachta ar iarraidh ag an ndall, mar ba ghairid an mhoill ar Tadhg do chur 'n-a thost, & is mar seo adubhairt sé:- “'Sé an chúis nár túrnadh san ngleacaidheacht iad, Mar i bhfionntar an phúdair ní bhfachtaoi iad; Úr-mhairt thar triúchaibh do bheathuigheadh iad, 'S i ngioll le corr-chionntaibh do chrochtaoi a dtrian.” Geallaim-se dhuit nár fhág an dall puinn measa ag Tadhg air féin ná ar a mhuinntir. D'órduigh an dall é chur go tigh duine mhuinnteardha do bhí ag Tír-ghaoth i n-aice Dhroichid na Tuinne. Chuir Mac Uí Iarfhlatha capall & giolla leis do'n áit, &, nuair bhí an giolla ag fágaint na háite, do tugadh litir dó chum í thabhairt do Thadg na Súl mBeag. D'osgail Tadhg an litir, & 'é an nidh do bhí innte 'ná bheith ullamh a
leithéid sin de lá chum sásaimh do thabhairt i gclabhtóig an daill. 'Sé an áit gur chuir- eadar coinne ar a chéile 'ná ag Gúgán Barra. Tháinig lá an choinne, is ní beag an iongnadh acht an sluagh bhí bailighthe ag Tadhg & bhí sluagh an daill láidir go maith leis. Tarraingeadh amach na fir ar gach taobh mar déanfaidhe ar pháirc an bhuailthe, & phlanncadar a chéile láithreach boill. Im' basa féin bhí sluagh Thaidhg ró-láidir do chuid an daill, acht, ag déanamh amach ar an dtráthnóna, tháinig gasra d'fhearaibh lúthmhara aniar andeas de dhruim na sléibhte chum an daill. Ní misde dhuit a rádh 'ná go dtugadar so bualadh breagh do mhuinn- tir Thaidhg ar an láthair sin. B'fhurus d'á chuid fear méar do chur ar phaiste tinn tar éis an lae úd; b'í an chlabhtóg ba thinne í d'á dtug Tadhg d'éinne riamh. Fear mór bruighne b'eadh Tadhg i gcomhnuidhe, acht ó bhuadhuigh an dall ar, ag an nGúgán, níor tharraing sé éan-bhruighean chum go ndeagh- aidh sé 'san uaigh.
An Iasacht. Ins an aimsir do ghaibh tharainn is tighthe cinn tuighe is mó bhí ar fuaid na tíre, & ins an am sain do chuireadh na daoine ar bhárr an tsimné, mar fheabhas air, rud éigin déanta de shlataibh, i bhfuirm cléibh no chiseáin, mar bhriseadh ar an ngaoith, i n-ionad na bpíopaidhe a curtar anois ionnta. Do bhí fear ann & do dhein sé morán saidhbhris go cruadhálach ar beagán fagháltais. Do bhí aon inghean amháin aige & ní fheadair sé cionnus d' fhéadfadh sé cleamhnas do dhéanamh di le duine mór éigin. Do bhí fear óg ins an gcómharsanacht aige go raibh slighe mhór martha aige, acht go raibh sé beagán rabairneach, mar is gnáth le n-a leithéid a bheith. Do chuir sé teachtaireacht chum an fhir seo feuchaint an dtabharfadh se a inghean dó le pósadh. Do tháinig áthas a croidhe ar an inghin & ar a máthair mar gheall ar an sgéal, & do
cheapadar lá do'n teachtaire chum an fhir óig do theacht chúcha ag déanamh an chleamh- nais. Do dhein bean an tighe & a hinghean an tigh suas go háluinn i gcómhair lae an choinne. Do bhí gach aon nídh go ró-mhaith acht go raibh an simné go holc acu. Agus níor bh'fhuláir leis an inghin & leis an máthair go gcaithfeadh fear an tighe dul a d'iarraidh iasacht' cléibh acu so, ar dhuine dá gcómharsanaibh, ar feadh lae an chleamhnais. Is mar sin do bhí. Do fuair sé an iasacht & chuir sé i mbárr an tsimné é. I gcaitheamh lae an chleamhnais dóibh, is dócha ná rabhadar spárálach ar an móin. I ndeireadh an lae amach do las an simné & an cliabh i dteannta a chéile. Ba mhó an bhruid ar neómat ag múchadh an tighe 'ná ag cur críche ar an gcleamhnas. D'imthigh na daoine iasachta a bhaile & an cleamhnas gan déanamh. Seo mar dubhairt an seanduine & é go cráidhte —
“Mo dhiachair, mar iarras lucht imeartha 's óil! Mó dhiachair, mar iarras lucht fichidí bó! Mo dhiachair, mar iarras cliabh cruinnighthe smóil! Mo dhiachair an iasacht, 's an teine 'ghá dóghadh! ” Budh chóir an iasacht a chur a-bhaile. Sgéal aonaigh an phuic. Lá do thaisdealas ar an dtaobh thiar do Chiarraidhe, & do casadh tré aonach an-mhór mé. Chonnaic mé i n-áirde ar stáitse buicín gabhair & é ceangailte, & ribíní do bhí ceangailte d'á adharcaibh d'á séideadh leis an ngaoith, & go deimhin daoibh, níor fhéadas gan gáire nuair do chonnac é. D'fhiafruigheas d'fhear do bhí lem' ais, caidé an brígh do bhí leis an mbuicín gabhair a bheith ceangailte ar a leithéid sin de shlighe. D'fhreagair sé mé go maith, & is é an chuma gur innis sé dham é, mar seo:- Bhí bean óg pósta ag fear críonna fad ó,
&, mar is gnáthach le cleamhnas mar sin d'ionntáil amach, níor thaidn an fear leis an mnaoi & ní raibh ceart ná cóir d'á thabhairt aici dho. Bhí bruighean mhór eatortha aon lá amháin & do dhíbir sí an fear bocht ar fad. Do shiubhail sé roimhe go dtáinig sé go cnoc mór árd. Do bhuail sgata gabhar annsain uime & buicín 'n-a measg. D'fhia- fruigh an buicín de, cad do bhí air, nó goidé an fáth go raibh sé amuigh comh déidhéanach. D'innis sé a sgéal tríd síos do. Dubhairt an buicín leis cleith mhaith láidir do bhaint & teacht ar a dhrom. “Ní'l aon sgian agam,” ars' an fear. “Léig do, máiseadh,” ars' an buicín, “& bainfead-sa féin é.” Do bhuail sé buille d'á adharcaibh ar chrann mór cuilinn do bhí ag fás le n'ais, & bhris géagán mór de. “Tar annso ar mo dhrom,” ar sé, “& bíodh geall go míneochad-sa í.” Dhein sé mar sin & nuair a tháinig an buicín go dtí an tigh, thug sé a adharca do'n doras & chaith isteach fé'n dtigh é. Bhuail sé suas chun na teineadh & do chimil
sé a mheigeall anonn & anall tré an choigilt & d'éirigh an baluithe gránna ar fuaid an tighe. Dubhairt an bhean leis an mbuachaill aimsire éirghe, mar go raibh rud éigin d'á dhóghadh. Chuir an buachaill uime, & siúd suas chun na teineadh é, & do thárla gur chuir sé lámh ar dhrom an bhuicín & do ghreamuigh a lámh comh daingean d'á dhrom ná féadfadh sé é tharraing. Nuair dob' fhada le bean na leaptha ag feitheamh, chuir sí an cailín aimsire ag féachaint cad do bhí 'á choimeád uaithi. D'éirigh an cailín, & cá gcuirfeadh sí a lámh ná ar dhrom an bhuachalla & do ghreamuigh sí dhe mar an gcéadna. Chimil an buicín a mheigeall arís sa teine &, nuair ná raibh buachaill ná cailín ag filleadh, d'éirigh bean an tighe fé dheireadh, & siúd fé dhéin an bhaluithe ghránna í mar an bheirt eile, & cá gcuirfeadh sí a lámh ná ar dhrom an chailín, & do ghreamuigh a lámh mar an bheirt eile &, 'nuair a fuair an buicín bean an tighe ceangailte, siúd amach an doras é, fear an tighe ar a dhrom & an buachaill, an cailín & bean an tighe 'n-a dhiaidh aniar.
D'ionntuigh sé a aghaidh ar dhaingean Uí Chúis mar a raibh aonach an lá céadna, & ní rabhadar i bhfad ar siubhal nuair a casadh fear bóthar a shocrughadh ortha & a shluasad 'n-a láimh aige. D'iarruigh an bhean ar son Dé air, buille de'n tsluasaid a thabhairt di & í sgaoileadh. Bhuail an fear í, acht, má dhein, níor éirigh leis. Do cheangail an tsluasad do'n mhnaoi & lámh an fhir do'n tsluasaid & siúd chun bóthair é arís. D'ionntuigheadar aghaidh ar áit go glaodh- ann siad Céim Cairrge uirthe, i n-aice Sráide an Mhuilinn. Níor chuireadar puinn bóthair díobh 'nuair bhuail sluagh saighdiúirí umpa, & do liúigh fear na mbóithre ar an gcaptaon buille d'á chlaidheamh a thabhairt do shámhthach na sluaisde & é do ghearradh, go raibh rud éigin d'á cheangailt & ná feadair sé goidé an rud é, marab é an diabhal é, & is dócha gurb' é sain féin é, & sin é annsain ar dtosach é ag a bhfuil na hadharcha móra fada air, & Dia lem' anam, thainig truagh ag an gcaptaon do & bhuail sé buille d'á chloidheamh ar shámhthach na sluaisde, &, má dhein, b'fhearr leis ar
ball go gceapfadh sé a shuaimhneas, mar do cheangail a chloidheamh do shámthach na sluaisde & a lámh do'n chloidheamh & siúd chum bothair é arís. Do liúigh sé & bhéic sé ar a shaighdiúiríbh gan é leigeant ar siubhal leo. Rug ceann de na saighdiúiríbh ar an gcaptaon chun é stracadh ó'n gcuid eile, acht do cheangail a lámha dhe. Rug saighdiúir eile air sin & saighdiúir eile ar an tríomhadh fear & mar sin dóibh go rabhadar go léir ceang- ailte i n-aon líne amháin & siúd chun bóthair arís é & iad go léir n-a dhiaidh. Thug an buicín bocht cúrsa an aonaigh trí huaire. D'ionntuigh sé tar n-ais ann- sain & d'fhág sé gach aon duine mar a bhfuair sé é. Sul ar sgaoil sé an bhean dubhairt sé le n-a fear bataráil mhaith a thabhairt di (& níor mhisde dhuit a rádh ná gur théidheadh na claoitheáin go maith dhi sul ar sgaoil sé í) & dá mbeadh sí go h-olc a thuilleadh go raibh fhios aige cá raibh sé fhéin 'n-a chomhnaidhe. Do mhúin an méid sin ciall do'n mhnaoi & níor thug sí droch-fhocal d'á fear riamh ó shoin, & ó'n lá sain go dtí an lá
tá indiu ann tá an buicín aonach an mhí sain i n-áirde ar a stáitse, & sin críoch ar mo sgéal. Donnchadh an chaipín agus an dreóilín. Do bhí dreóilín ann fad ó & do chean- nuigh sé feirm thailimh, mar do bhí congnamh mór de chlainn aige le n-a hoibriughadh. Acht ní raibh a dhóthain airgid aige chum díol as an bhfeirm, &, uime sin, do chaith sé dá chéad púnt do ghlacadh ar iasacht ó'n nDiairmín Riabhach. Do bhí an oiread soin ionntaoibhe ag an nDiairmín Riabhach as ma- cántacht an Dreóilín nár iarr sé urradh ná áirighthe air. Nuair ba mhithid leis a chuid airgid do fhagháil thar n-ais, d'iarr sé go bog réidh é, acht freagra nár bh'fhóghanta do thug an dreóilín air. Do chuir so fearg iongantach ar an nDiairmín Riabhach, & láithreach boill do chuaidh sé go dtí a fhear dlighe, & do thug ordughadh seirbheála ar an nDreóilín. Dar ndóigh, ní raibh ó'n bhfear dlighe acht an focal, & láithreach do sgríobh sé amach
órdughadh dian deangmháltha, & chuir ar láimh an bháille é. 'Sé Dhonncadh an chaipín an báille do bhí ann an t-am soin, & nuair do fuair sé an tseirbheáil, do ghluais sé air fé dhéin tighe an Dreóilín. Is amhlaidh mar do fuair sé é roimis ná ag bualadh choirce, é féin & seisear mac do. Ní raibh aithne ró-mhaith ag Donnchadh ar an bhfear do bhí le seirbheáil aige, & de bhrígh go raibh an seisear mac chómh mór chómh acmhuinneach leis an seana-bhuachaill, níor fhéad sé a dhéanamh amach ciaca an fear ceart le seirbheáil, & tar éis lae fhada mhín díreach do chaitheamh ag féachaint orra ó mhullach stáca, dob' éigint dó filleadh a bhaile um thráthnóna, gan a ghnó do dhéanamh. Is searbh do bhí an Diairmín Riabhach, ar gclos an sgéil seo dho, acht ní raibh leigheas air acht bheith brónach. Do chuaidh an Diairmín Riabhach & Donnchadh i n-éinfheacht go dtí an fear dlighe, & is í an chomhairle do thug seisean dóibh leigint do Dhonnchadh dul tar n-ais la'r n-a bháireach &, pé gnó do bheadh ar siubhal ag na dreóilíníbh, luighe ar bheith ag moladh
an tseana-bhuachalla, &, mar gur bh'fhear luaith-intinneach é, go labharfadh sé, & annsoin go bhfuigheadh sé aithne air. Sin mar bhí, & d'imthigh Donnchadh air lá'r n-a bháireach & do bhí na dreóilíní arís ag bualadh an choirce roimis. D'fhan sé ag féachaint ortha tamall mór. Acht amach timcheall aimsir dinnéir, do bhíodar ag bualadh leó go te. Annsoin do labhair Donnchadh ó bharr an stáca & dubhairt: “Moghreinn do bhuille, a sheana-bhuachailll.” “Airiú,” ars' an Seana-Dhreóilín, “bíd siad so ag dul suas is anuas liom-sa, acht ní'l cabhair dóibh ann fós.” “Seadh, má'seadh,” arsa Donnchadh. “Bíodh so agat uaim-se,” ag síneadh na seirbheála chuige. Níor bheag de sheó an canncar do chuir an cleas so ar an nDreóilín & do thug sé na mionna go mbeadh sásamh aige a Donnchadh. Tamall 'n-a dhiaidh sin do fuair sé caoi ar phóig do ghoid ó mhnaoi Dhonnchadh, Máirín a' Trúis, & riamh ó shoin tá éad ar Dhonnchadh le n-a mhnaoi féin, & gach dreóilín riamh ó shoin ag imirt
air i gcás go bhfuair an Dreóilín sásamh maith ann. AN GOBÁN SAOR. An Gobán Saor do mhairbh sé caora & do chuir sé a mhac ag díol an chroicinn. Dubhairt sé le n-a mhac gan an croiceann a dhíol go bhfaghadh sé an croiceann 's a luaghacht. D'imthigh sé d'á dhíol & ní bhfuair sé éinne an lá sain do cheannuigh é. An tarna lá do bhuail cailín uime & d'fhiafruigh sí dhe cad air go ndíolfadh sé an croiceann. Dubhairt sé gur'b ar an gcroiceann 's a luaghacht. Stath sí an olann de annsain & thug sí dho an feilt & an méid ab' fhiú an olann. Nuair a tháinig sé a bhaile annsain, d'fhiafruigh a athair de cé cheannuigh an croiceann & dubhairt sé gur cailín i dtosach na sráide, inghean baintreabhaighe. Do chuir an Gobán annsain gairm sgoile amach chun dínnéir a bheith ann a leithéid sin de lá & thug sé cuireadh dínnéir do'n bhain- treabhaigh & d'á triúr inghean. Nuair a bhí an dínnéar caithte aca, thug sé isteach 'sa'
rúm an chéad inghean & thaisbeán sé feircín óir di. D'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh sí leis, dá mbadh léi é. Dubhairt sí ná feadair sí cad do dhéanfadh sí leis acht bheith ag féachaint air rith an lae. Dubhairt sé ná déanfadh sí an gnó, & thug sé isteach an tarna hinghean. Labhair sé leis an tarna hinghin & d'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh sí leis, dá mbadh léi é. Dubhairt an tarna hinghean ná feadair sí pioc cad do dhéan- fadh sí leis acht bheith dh'á chaitheamh léithi, gur dhóigh léi go seasóghadh sé go deó í. Thóg sé isteach annsain an tríomhadh hinghean & d'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh sí leis. Dubhairt sí leis cad do dhéanfadh sí leis acht é chaitheamh 's a chnósach. Dubhairt sé go ndéanfadh sí sain an gnó annsain & d'iarr sé ar a máthair í mar bhean a mhic. Pósadh iad, & an chéad lá chuadar amach ag obair, dubhairt an t-athair leis an mac an bótar a cur i ngirreacht do. Ní fheadair an mac caidé an brígh bhí ag an athair & ní dubhairt sé éinní & chasadar a bhaile arís, & d'imthigheadar i mbáireach & dubhairt an t-athair arís: “A mhic ó, bhí a' cuir a' bhóthair i ngirreacht dúinn,” & ní fheadair an mac
cionnus, & nuair a thángadar a bhaile, d'fhia- fruigh a bhean cad do bhí dh'á dtabhairt a bhaile & dubhairt a fear léi gur'b é a athair adeir- eadh leis bheith ag cur an bhóthair i ngirreacht & ná feadair sé féin cad do thugadh a bhaile annsain é. “Nuair imtheóghair-se i mbárach,” ar sise, “& nuair a déarfa sé leat an bóthar a chuir i ngirreacht, tosnuigh ag innsint sgéil fan bhóthair.” Chomh maith d'imthigheadar chun cinn i mbár- ach & chuadar i bhfeighil an ghnótha & dubhairt an t-athair leis an mac: “Ná bí choidhche gan cara mhná tighe agat.” D'innis sé d'á mhnaoi cad dubhairt an t-athair leis. Dubhairt sí leis go mbeidís ag dul go Sasana chun cúirt do dhéanamh, &, nuair a thiocfaidís chun a ndínnéir a dh'ithe, go bhfaghaidís uisge chun a lámha a nighe, a leogaint do'n Ghobán óg a lámh do chur 'san uisge & a spreacadh do'n uisge do chaitheamh ortha, &, nuair a gheobhadh sé an tubháille 'na láimh, buille do'n tubháille a thabhairt do'n chailín a thabharfadh an tubháille chuige, & bheith ag suirghe léithi & a leogaint air gan é bheith pósta i n-éan-chor.
D'imthigheadar annsain go Sasana ag déanamh cúirte do rígh mór a bhí i Sasana &, nuair a bhí an chúirt críochnuighthe, d'innis an cailín do'n Ghobán óg go rabhadar chun iad do chur chun báis. Labhair an rí annsain nuair a shamhluigh sé an chúirt a bheith críoch- nuighthe, & d'fhiafruigh sé an raibh sé críoch- nuighthe. Dubhairt an Gobán go raibh acht aon ní amháin a bhí 'sa bhaile uaidh mar gur mhaith leis gan a leithéid de chúirt do bheith ag éan-duine uasal eile 'na dhiaidh. Dubhairt an Gobán ná faghadh éinne é acht a mhac féin & mac an ríogh & dob' fheárr leis an rígh ann- sain a mhac féin do chur d'á iarraidh 'ná mac an Ghobáin & do chuir. Nuair a tháinigh sé ag triall ar bhean an Ghobáin, dubhairt sé gur cuireadh a d'iarraidh, “cam & díreach” é & dubhairt sí go raibh sé 'sa chófra & go raibh fhios aici gur dhear- mhadadar é. D'osgail sí an cófra & do chuir sí cathaoir le hais an chófra. Dubhairt sí leis seasamh ar an gcathaoir & é thógaint, go raibh sé i n-íochtar an chófra, go raibh sí ag iomchur leinbh & ná féadfadh a thógaint aníos. Sheasaimh sé ar an gcathaoir &, nuair a chrom
sé dh'á lorg, thug sí a lámh leis & chaith sí isteach é. “Fain-se annsain, a ‘cham,’” ar sise, “no go dtagaidh ‘díreach. ’” Thiomáin sí litir annsain chun an ríogh, a fear a leogaint a bhaile, go gcoinneoghadh sí féinig a mhac chun go dtagadh a fear féin. Leog sise mac an ríogh a bhaile nuair a tháinig a fear féin. Paidí Bán agus an saighdiúir. Do bhí Paidí Bán lá ar aonach Chnuic na Groidhe; &, ar a theacht a bhaile dho, ghaibh sé soir gach cómhgar chum Sráide an Mhuilinn. Ar an slighe roimis do bhí feirm mhór thailimh le duine áirithe atá 'n-a chómhnuide sa tsráid chéadna anois. Caoirigh & ba seasga is mó bhí ar an bhfeirm san am so, & is tríd an bhfeirm seo do bhí an casán gnáthach idir an dá shráid. Do bhí Paidí ag cur de go tapaidh tríd an bhfeirm, & do casadh isteach i bpáirc é go raibh sgata mhór chaorach innti. Do bhí
sé ag infhiúchadh thall is i bhfus ortha, & díreach & é i lár na páirce istigh, do bhuail 'n-a threó pataire maith reithe. Ní puinn suime do chuir Paidí ann, acht bheith ag siubhal leis ar lán a dhíchill. Acht níor airigh sé blúire, gur bhuail an reithe boic aniar ins an tslinneán air, & do leag Paidí ar a bhéal, is ar a aghaidh, ar an bpáirc. I gcionn tamaill bhig d'éirigh sé arís, & do rith chómh maith & do bhí sé 'n-a chosaibh, acht má rith, ba ghairid an mhoill ar an reithe teacht suas leis, & é bhualadh ar bhior a chinn arís. D'éirigh Paidí chomh luath is do bhí sé ann éirghe; acht ní chum reatha é, mar do bhí fhios aige ná raibh cabhair dó ann. Acht do rug sé greim daingean ar an reithe & do bhí ag iarraidh é fhuirseadh leis chum an chlaidhe. Obair dhoiceamhail dob' eadh í, an reithe do stuthadh d'aimhdheóin a chos, &, ar an adhbhar soin, is mall do bhí sé ag cur de. Súil-fhéachaint éigin d'ár thug Paidí, cia chífeadh sé ag déanamh air sa chasán acht preabaire saighdiúra, mar san am so do
bhí barraic saighdiúirí i Sráid an Mhuilinn, & do bhí mo bhioránach ag máirseáil amach go caothamhail do féin. Nuair tháinig sé suas do labhair sé go béasach chum Paidí & do labhair Paidí leis amhail chéadna. Taréis beagán focal, dubhairt Paidí leis an saighdiúir: “Dá mb'é do thoil é, a dhuine chóir, greim do choiméad ar an gcaoirigh seo dham, an fhaid do bheinn ag dul amach thar claidhe ag iarraidh súgáin.” “Airiú! déanfad is fáilte,” ars' an saighdiúir. “Acht ná bhí i bhfad uaim mar tá deabhadh orm.” “Ní bhead, go deimhin,” arsa Paidí, “acht ná leig uait í go dtagad chughat.” Agus leis sin do ghread sé leis fé dhéin an chlaidhe, & do shuidh síos ar a shuaimh- neas. I gcionn tamaillín, do labhair an saighdiúir & dubhairt go feargach le Paidí brosdughadh air, nó go leigfead sé uaidh an chaora. “Leig, má's maith leat é,” arsa Paidí, & grainnc gháiridhe air.
Leis sin do chaith an saighdiúir uaidh an reithe, & do bhí ag cur de le deithneas, acht ba ghearr do chuaidh sé, nuair d'aimsigh an reithe é & do leag. D'éirigh sé go tapaidh & do bhí ag imtheacht chómh tapaidh & dob' fhéidir leis, acht do leag an reithe arís é. Annsoin dob' éigin do'n tsaighdiúir greim daingean do bhreith ar an reithe & bheith ag fuirseadh chum an chlaidhe mar bhí Paidí. Acht do tháinig an maor air, & do sheirbháileadh an saighdiúir chum na cúirte, le bheith ag goid an reithe. Do cuireadh chúig phúint fíneála air, & do briseadh amach é. Tháinig Paidí a bhaile acht ní dheachaidh sé riamh ó shoin chum éan-aonaigh, acht go h-aonach Bhaile Mhúirne. An Siúinéir. Bhí siúinéir i mBaile Mhúirne fad ó, & thóg sé príntíseach tráth, chumh bheith ag obair 'n-a theannta. Ní raibh an príntíseach aige acht tuairim is seachtmhain nuair a ghlaoidh duine uasal do bhí 'sa' chomharsanacht (an Ridire Coilltis, is dóigh liom) air chum roinnt oibre do dhéanamh do. Chuadar
araon ag triall air, &, nídh nach iongnadh, ní raibh an fear óg ró-chliste chum oibre, & thug an duine uasal so fé ndeara go luath. Ní ró-mhaith do thaithn leis bheith dhá chothughadh bog-dhíomhaoin, & do labhair sé mar gheall air leis an sean-shiúinéir lá: “Cad 'na thaobh,” ar seisean, “go bhfuil an garsún sain agat dh'á choimeád & ná féadann sé pioc do dhéanamh? ” “O! ní fhéadfainn mo ghnó do dhéanamh gan é,” ars an siúinéir; “is é fhuarann an tráthar dam.” “Cionnus do dhéanann sé é sin? ” ars an duine uasal. “Nuair a bhíonn poll déanta agam-sa,” ars an siúinéir, “bíonn an tráthar ana- theith, caithtear é a fhuaradh de phas nó loitfidhe é; & is é an seift do bhíonn agam é sháthadh isteach i mbéal an gharsúin, & fliuchann sé go breágh dham é, & bíonn sé oireamhnach ar é oibriughadh arís láithreach.” “Airiú, ná déanfainn féin an méid sin? ” ars an duine uasal. “Ní dhéanfá, mhuise, mar ná féadfá é,” ars an siúinéir.
“Bíodh geall go ndéanfainn,” ar seisean, “díbir an garsún anois, & déanfad-sa é sin do fhuaradh dhuit an fhaid do bheidhir ag obair annso.” “Sásta leis,” ars an siúinéir, & dubhairt sé leis an ngarsún imtheacht. D'imthigh sé, acht ní raibh sé i bhfad ó'n dtigh nuair d'aimsigh an siúinéir blúire chruaidh adhmaid go raibh fadharcáin go tiugh ann, & dhírigh sé ar pholl do dhéanamh tríd an bhfadharcán ba chruadha & ba chaise bhí ann, & ní misde a rádh ná raibh sé i bhfad leis. Nuair a stad sé & allus air, do thar- raing sé an tráthar amach as an bpoll, & d'iompuigh sé go hobann ar an duine uasal. “Osgail do bhéal dam,” ar seisean. D'osgail, & sháthaigh an siúinéir an tráthar do bhí nach bheag ar dearg-lasadh is- teach 'na bhéal. “Ó! táim loisgithe,” ars' an duine uasail, ag léim siar gur bhuail sé a chúl i gcoinnibh an fhalla. “Tá mo thráthar loitithe agat a chladhaire”
ars' an siúinéir; “Níor fhuarais i n-aon chor é.” “Ó! tá mo chúl briste,” ars' an duine uasal. “Caithfir díol as an dtráthar,” ars an siúinéir, “nuair nár fhágais agam an té dhéanfadh 'sa' cheart é.” “Ó! cuir fios air arís,” ars an duine uasal, “ní fhuil sé imthighthe i bhfad.” Tháinig an garsún arís, & is é bhí go háthasach nuair a glaodhadh air, acht cé gur fhair an duine uasal go géar iad an fhaid do bhíodar ag obair aige, do theip air iad do fheicsint aon uair ag fuaradh an tráthair. Ní cuimhin le haoinne tá suas anois an sgéal so do thuitim amach, acht is é an t-ainm do ghlaodhann muinntir Bhaile Mhúirne riamh ó shoin ar aon phríntíseach siúinéara, ná, “Fear Fuartha na dTráithre.” Bás Dhiúicín. Bhí Aodhagán Ua Raghallaigh i dtigh lá. Bhí fear eile sa' tigh, & stiobhard duine uasail dob' eadh é. “Stiobhairdín” a
thugadh na daoine air. Bhí maidrín ag an stiobhard, & “Diúicín” dob' ainm do. Maidrín beag géar dob' eadh é. Tháinig an sagart go dtí an teach an lá céadna. Le linn an tsagairt do theacht an dorus isteach, do léim Diúicín, & rug sé ar sháil air. Ní dhearna an sagart acht breith ar dhá chois deiridh ar Dhiúicín, & buille dh'á cheann do bhualadh ar an tairsigh, gur mhairbh é, go ndubhairt Aodhagán an laoidh:- A Dhiúicín an anma, Is deacrach do chúrsaidhe, A' teacht chum an Aifrinn, Le hiomarca 'n umhluigheacht. Do cheann ar an tairsigh Go daingean do dlúthuigheadh — Acht ní bás gan sagart Fuair do mhadradh, a Stiobhairdín!
BUNADH NA SGÉAL. FIGHEADÓIR AN GHLEANNA CHAIM. Donnchadh Ó Laoghaire, ó Chúil Aodha, do scríobh. Sean-sgéal is eadh é, gan amhras, acht is dócha gur innis Donnchadh ar a nós féin é. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. SÍOS AMACH. Conchubhar Ó Deasmhumhna, .i. sean-Chonchubhar, ó Charraig an Adhmaid, do chúm an sgéal so, ag cur síos ar cionnus mar do thuitfeadh amach do bhuachaill óg gan chéill, dar leis. “Sgríob Liath an Earraigh” do chuir chugainn é & an dá sgéal eile ó Chonchubhar 'na theannta. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. FEIRMEÓIR AGUS BUACHAILL. Donnchadh Ó Laoghaire do sgríobh, ag cur snáithe sgéalaidheachta ar leath-bheannaibh de shean-rócánaibh do chuala sé. As “Irisleabhar na Gaedhilge.” AN TÁILLIÚIR MEANMNACH. Mícheál Ó Murchudha, ó Chúil Aodha, do sgríobh, ag tabhairt snáithe sgéalaidheachta ar shean-sgéal. Gheobh- far déanamh Ultach air i “nGreann na Gaedhilge,” III, .i. “An Fear ag Goid na Cloigne.” As “Iris- leabhar na Gaedhilge” do'n innsint seo. MUIRIS AN PHREUCHÁIN. Conchubhar Ó Deasmhumhna do bhain as a stuaim féin. As “Irisleabhar na Gaedhilge.”
AN GHRÁINNEÓG AGUS AN GEARR- FHIADH. Mícheál Ó Murchadha thug snáithe sgéalaidheachta ar shean-sgéal. As “Irisleabhar na Gaedhilge.” Tá leagadh eile air i “nGreann na Gaedhilge,” VI, 10. SGANNRADH SHEÁGHAIN NA bhFIACAL. Conchubhar Ó Deasmhumhna do chúm an sgéal so go húr-nua. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. DUALGAS AN DROCH-CHROIDHE. Mícheál Ó Murchudha d'fhág snáithe sheanchais ar shean-sgéal, As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. Tá innsint eile air i “Sgéalaidhe Óirghiall,” l.39, .i. “Tigh na Gann-choda.” Leagadh Connachtach a fríoth air, cuireadh i gcló é i “bhFáinne an Lae” roinnt bliadhan ó shoin ann. SGRÍOBADH AN CHORCÁIN. Máirghréad Ní Áilgheasa, ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh do chuir snáithe sheanchais ar nua-sgéal — rud nua do thuit amach i n-a ceanntar féin. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. SGÉAL AN DAILL. Donnchadh Ó Laoghaire thug snáithe chóimhghné ar shean- sgéal, As “Banba” dhó. Do chuala an sgéal gCaisleán Ua Liatháin ag an gCanónach Ró-oirmhidneach an tAthair Peadar Ua Laoghaire. AN IASACHT. Mac Uí Chruadhlaoich, ó Mhaghchromdha, thug snáithe sgéalaidheachta ar shean-sgéal, As “Fáinne an Lae” dhó.
SGÉAL AONAIGH AN PHUIC. As “Fáinne an Lae” dhó. DONNCHADH AN CHAIPÍN AGUS AN DREÓILÍN. Mícheál Ó Murchudha do chuir snáithe sgéalaidheachta ar shean-sgéal. As “Banba” dhó. AN GOBÁN SAOR. Sean-sgéal ó mhonaí do pósadh le fear de Mhuinn- tir Thuama. Bhí sí 'na baintreabhaigh & í 'na comh- nuidhe tamall beag laistiar de Charraig an Adhmaid. Do chuala gur ó cheanntar na Neidíneach di. An t-eagarthóir féin do chuir síos an sgéal uaithi. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. PAIDÍ BÁN AGUS AN SAIGHDIÚIR. Mícheál Ó Murchudha thug snáithe sheanchais ar nua- sgéal. As “Banba” dhó. AN SIÚINÉIR. As páipéar nuaidheachta éigin dó so. Ní fheadar anois caidé an t-ainm a bhí air. “Fear Fuartha na dTráithre,” 'sé thug an té do chuir i sgríbhinn é, mar aghaidh fidil air féin. Déir “Tórna” gurab é Seaghán Ó Cuill an fear. BÁS DHIÚICÍN. Ceathramha filidheachta go bhfuil éileamh ag an bpobal go léir uirthi. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhí. Ní fheadar i gceart anois cé chuir chum an “Irisleabhair” í, munab é an Canónach Ró-oirmhidneach an tAthair Peadar Ó Laghaire an té sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services