Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Measgán Músgraidhe - Cnuasach Beag Sgéalaidheachta

Title
Measgán Músgraidhe - Cnuasach Beag Sgéalaidheachta
Author(s)
Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“Nár do mhór-thriath Mhúsgraighe
Gaill ag taisteal a thíre,
An chuaine dhuaibhseach dhúr-chroidheach
Atá ag creachadh gach críche.”



— Aodh Buidhe Mac Cuirtín.


L. ii


“Cuir gairm ar shliocht Chairbre Mhúisg gan spás,
Fir mheardha nach measfaidh bheith umhal do'n stát.”


L. v


Brollach



Do bhí rí mór ar Éirinn fad ó gurab é
ainm a bhí air Conaire Mac Mogha Láimhe
nó Conaire II. Do bhí sé i gceannas na
tíre ó'n mbliadhain 158 go dtí an bhliadhain
165 d'aois ár dTighearna. Do bhí triúr mac
aige, .i. na trí Chairbre, .i. Cairbre Músg
& Cairbre Baisginn & Cairbre
Riada. Sliocht Chairbre Mhúisg do glaodhadh
Músgraighe ortha, & do chuireadar so
fútha i gCúigeadh Mumhan. Do bhí sé tuatha
nó dúithchí aca fad ó, acht ní mhaireann
anois díobh i ndinnseanchas na hÉireann
acht aon cheann amháin .i. Músgraidhe Ó
bhFloinn (nó Múscraige Mitaine, .i. an
tsean-ainm). Músgraighe is mó glaodhtar
indiu ar an ndúthaigh sin, & i n-iarthar
Chontae Chorcaighe atá sí.



Na sgéalta atá ins an leabhar so, is ó
Iar-Mhúsgraighe dhóibh, .i. ó Bhaile Mhúirne
& ó Uíbh Laoghaire, a n-urmhór ó'n gcéad
cheanntar. 'Sé an fáth gur baisteadh
“Measgán Músgraighe” ar an leabhar, .i.
aithris do dhéanamh ar Measgán Meidhbhe,
ainm atá ar dhá charnán cloch, carnán díobh
ar Chnoc na Riaghadh, i gContae Shligigh,
& an carnán eile ar an Mucais, i


L. vi


dtriúcha céad Chille Mhac nÉanáin, i dTír
Chonaill. Is é is measgán ann, rudaí a
bailightear & tugtar go héin-ionad,
&, d'éis iad do mheasgadh tré n-a chéile,
aon chnap mór amháin do dhéanamh dhíobh. Is
dócha go meastar gurab í Meadhbh, bain–
ríoghan Chonnacht, do rinne carnáin de na
clochaibh úd. Is mar sin do mheasgán ime
leis: bailightear an t-im & measgthar
nó cuirtear tré n-a chéile é, & déantar
aon chnap amháin de fá dheoidh. Is amhlaidh
do'n leabhar so againne: do cruinnigheadh
na sgéalta & do rinneadh measgán
díobh. Má rinneadh féin, tá súil againn
nach é dálta na measgán a chruinnigh an
bráthair a bheas air, mar níor mhaith linn go
mbeithí ag tromaidheacht orainn fá mar do
bhí an t-Athair Uilliam Inglis ar an bhfear
mbocht úd:



“Chuala sgéal, fuair Éire náire,
Fuair sí masla leanfas go bráth dhi.”



Is dócha gur minice adeirtear “miosg-
án” 'sa Mhumhain 'ná “measgán,” &
“Miosgán Meidhbhe” is é do sgríobh Seaghán
Ó Donnubháin i n-a Aguisín do cuireadh i
ndeireadh Fhoclóra Uí Raghallaigh. Mar sin


L. vii


féin, dob' fhearr linn “measgán,” ó's é is
goire do'n tsanas.



Seadh, is mithid dúinn focal nó dhó do
chur síos ar adhbhar an mheasgáin seo
againne. Fóiríor dóighte! ní hionann cor
dó fá láthair & mar do bhíodh air. Bhí
beagán de sgéaltaibh deasa greannmhara
ann tráth nach fuil ann anois, ó'n uair is
nár cheaduigh dúinn an rígh-fhear do sgríobh
iad a gcongbháil 'sa leabhar. Dob' éigean
dam iad do bhaint as, & ní abraim ná
gur “sop i n-ionad sguaibe” a bhfuil annso
'na n-ionad. Acht ní fear caointe ná
cáinte mé — ní mise ba chiontach leis sin —
acht fear díchill do dhéanamh. Tá sean-
fhocal ann:



“Muna mbeidh uaigneas ar chnoc againn,
Beidh suaimhneas ar sop againn.”



Tá an sop againn, & sinn ar ár
suaimhneas air, & má chailleamar an
sguab, is féidir dúinn teacht i n-a iongnais.
Má bhíonn fagháil againn choidhche ar an
“uaigneas ar chnoc,” & ár leannán
sídhe bheith i n-ár n-aice, cuirfimíd síos uair
éigin ar “chlé-bheartaibh gangaide an
tsaoghail” do-ghní namha de charaid &
cara de namhaid.


L. viii


Fuaras árd-chabhair 'sa ghnó so ó'n sgol-
áire úd do fhág “Sgríob iath an Earraigh”
mar aghaidh fidil nó phúicín air féin. Tá
mór-chuid dá thagra féin curtha agam ins
an bhFoclóir, & go mór-mhór ins an Chóir
Anmann & ins an Chóir Áiteann, má's
cheart dam na teidil sin d'úsáid ar an
gcuma ar a bhfuilid thíos agam. Táim an
bhuidheach de'n fhear sain & bead go deó.



Gheobhfar trácht ar na sgríbhneoiríbh, & rl.,
ins an roinn sin de'n leabhar go bhfuil
“Bunadh na Sgéal” mar theideal uirthi.
An té is mó aca, is é Conchubhar Ó Deas
mhumhna, do chomhnuidheadh i gCarraig an
Adhmaid. Dob' iongantach an chaint a bhí
ag an bhfear fóghanta sain, lá dá raibh sé
'na bheathaidh & 'na bhrígh mhartha, faoi
shaoghal & faoi shláinte, i n-a bhaile beag
féin.



Sgríbhneóir eile 'n-a bhfuil cuid dá dhéan
túsaíbh 'sa leabhar so is eadh Mícheál Ua
Murchudha, ó Chúil Aodha, i mBaile Mhúirne.
Sgríobhann sé sin go han-dheas, & is



follus gur maith leis beagán de shnas na
litridheachta d'fhágáil ar a shaothar. Sin
lorg is inleanta do gach éinne. An rud
do dheighil Gaedhilg na hAlban ó Ghaedhilg
na hÉireann, .i. aithris do dhéanamh ar gach


L. ix


aon chor beag canamhna, ní healadha do
sgoláiríbh na hÉireann baint leis.



Tá rud éigin annso leis ó Dhonnchadh
Ó Laoghaire, ó Chúil Aodha, i mBaile Mhúirne.
Ní gábhadh dham é sin do mholadh & cáil
& clú ag gach n-aon de Chonnradh na
Gaedhilge air.



Tá sgéal eile fós ó Mháirghréid Ní Áil-
gheasa, & ní misde dham a rádh 'na taoibh
gur sgríbhneoir cliste í sin — bean atá
stuamdha oilte ar gach aon chaint.



Maidir leis na sgéaltaibh eile, ní'l
ionnta acht sean-sgéalta tuatha, & is
dócha go bhfuil a gcion féin de lochtaibh
ortha. Má tá féin, tá aon bhuaidh amháin ag
na sean-sgéaltaibh ar gach aon sgéal eile,
dá fheabhas é .i. bíonn an chaint ar áilleacht
i gcomhnuidhe ionnta, go háirithe má gheibh
teas iad ó sgéalaidhthibh nach raibh puinn
taithighe aca ar Bhéarla.



I dtaobh na heagarthóireachta, ní abraim
anois acht ar cuireadh cheana i ndeireadh
réamhráidh “Mhadra na nOcht gCos,” as
“Ebistil Thioghlaicthe” an Charsalaigh.
Giolla deacair do bhain úsáid as sin &
giolla deacair atá fós ann.



Seosamh Laoide.


L. 1


Figheadóir an Ghleanna Chaim.



Roinnt mhór bhliadhanta ó shoin, do chomhnuigh
figheadhóir 'san nGleann Cham cúpla míle ó
Mhaghchromdha i gCondae Chorcaighe. 'San
am sain ceárd mhaith dob' eadh figheadói-
reacht, acht chum filleadh ar mo sgéal, do bhí
oiread le déanamh ag an bhfigheadóir seo,
gur bh'éigion do buachaill do thógaint chum
cabhruighthe leis.



An fhaid do bhí an sean-bhuachaill ag gabháil
do fhigheadóireacht níor casadh leithéid an
bhuachalla leis. Do dheineadh sé oiread le
haon triúr fear, do oibrigheadh sé chómh
dúthrachtach sain. Do bhí aon inghean amháin
ag an bhfigheadóir, is cheap sé in' aigne gur
mhaith an rud í thabhairt i gcleamhnas do'n
bhfigheadóir óg.



Thug sé, mar seo, fé n-a cómhair é lá, is
dar ndóigh bhí an fígheadóir óg sásta. Do
pósadh iad láithreach baill, 's is iad do mhair
go sásta i bhfochair a chéile.



Bhí mór-chuid oibre ag teacht isteach chúcha


L. 2


gach lá. Beagán bliadhanta tar éis é phósadh
do mhéaduigh an gnó, is bhí sé ag obair go
dícheallach lá. Lé bárr an fhuadair do bhí
fé, sgeinn ceann dos na spóil uaidh is
buaileadh le fuinneamh é thall cois an bhalla.



Do léim sé láithreach anuas do'n seól
is dhein sé ar an dtuaigh do bhí sa chúinne,
chum na lámha do sgiobadh de féin!



“Cad é sin ort nó a bhfuileann tú ar
buile? ” ars' an sean-fhigheadóir.



“Nílim, ar aon-chor,” ars' an figheadóir
óg.



“A bhfeiceann tú Dia idir sinn 's a'
t-olc? Dhá mbeadh mo mhac 'san áit gur
bhuail an spól ó chianaibh, bhí sé marbh gan
sagart gan bhráthair. Níos túisge ná thuit-
feadh a leithéid amach choidhche arís dam,
bainfead an lámh díom leis an dtuaigh so.”



“Ar mh'anam ná bainfir,” ars' an sean-
fhigheadóir.



Do rugadar go lom daingean air, &
tar éis moráin taithint, do choisgeadar é.



“Seadh,” ars' an sean-fhigheadóir. “Siubh-
lóchad an domhan go léir, is ní fhillfead thar
n-ais go dteagmhóchaidh amadán éigin liom
níos mó ná tú.”


L. 3


Do thóg an sean-fhigheadóir leis a chleith
go moch ar maidin, is ghaibh sé a leith Droichead
Nua Maghchromdha, siar leis an tsráid go
ráinig sé do'n tsean-dhroichead. Casadh
beirt fhear ar a chéile annsain. D'fhiafruigh
duine aco de'n duine eile ar cheannuigh sé
na huain ag an aonach. Dubhairt sé nár
cheannuigh.



“Budh mhaith an mhaise dhuit é, mar, dá
ndéanfá, do bhainfinn-se dhíot iad,” ars' an
duine eile.



“Cuirim i gcás go bhfuil na huain anois
ar lár an droichid; feicim anois a' bhféadfá
iad do bhaint díom,” arsa fear an aonaigh.



Seo iad araon ag sárughadh na n-uan, mar
'dheadh. Is gairid, 'san tsárughadh dhóibh, gur
chuadar i sgórnachaibh a chéile. Do thosnuigh
an bhruighean & do sgéithigh an fhuil ar fuaid
an bhóthair. Bhí an figheadóir ag féachaint i
gcómhnuidhe ar an obair. Tháinig daoine
éigin suas do choisg an bhruighean, is tharr-
aingeadar síothcháin eatorra.



Ghaibh fear anuas ó'n muilionn & braithlín
mhine coirce aige ar dhrom capaill bháin.
Do fhiafruigh duine éigin de cad fé ndear
an bhruighean, is dhruid sé isteach leis


L. 4


an ndroichead, is d'osgail sé amach an
braithlín is sgaoil sé an mhin lé fánaidh na
habhann. Do bhain sé crothadh as a' mbraithlín
os cionn an droichid, is níor fhág sé fiú aon
ghráinne amháin uirthe.



“A' bhfeiceann tú an braithlín sin leis an
nduine eile,” ars' eision.



“Chídhim,” adubhairt an fear eile.



“Ní fiú a bhfuil de mhin choirce ar an
mbraithlín sin an cás ó thosach go deire,”
arsa fear an chapaill bháin.



Bhí an figheadóir ag féachaint ar an obair
i gcómhnuidhe & do bhris ar an bhfoighne aige.



“Do shaoileas, dá siubhlóchainn Éire ná
buailfeadh aon amadáin umam chómh mór
leis an amadán atá agam ag baile, is go
deimhin shaoileas go raibh sé sin mór go maith,
acht do bhuaidh sibh-se ar a bhfeaca riamh, &
go mór mór fear na mine coirce. Raghadh
a bhaile is geobhad lem' amadán féin,” ars'
an figheadóir.



Thiomáin sé leis soir & bhí sé go mór luath
ag an nGleann Cham, is d'fhan sé an chuid
eile d'á shaoghal i bhfochair an fhigheadóra
óig.


L. 5


Síos Amach.



A cháirde, inneósaidh mé sgeul díbh a thuit
amach orm féin nuair a bhíos am' gharsún &
gan puinn céille agam.



Ins an am sain ba bheus ag fir óm' phar-
óiste dul síos amach ag cábógaidheacht go
Baile an Mhistéalaigh. D'fhanaidís ar feadh
mí nó dhó laistíos & nuair a thigidís a bhaile
chughainn do thógfaidís éinní go dtí na
cuirp as na huaghnaibh, do bhíodh a leithéidí
sin do sgéalthaibh & d'eachtraithibh aco dh'á
innsint ar na cúrsaí greannmhara do
thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a baile.



Do bhí beirt fhear 'n-a gcomhnuidhe i
ngiorracht dó nó trí 'pháirceannaibh do thigh
mo mháthar. Do théidheadh an bheirt seo chómh
siúráltha leis an mbarún síos amach ag baint
na bprátaí gach aon bhliadhain a bheireadh
ortha & nuair a thigidís a bhaile ba dhóich leat
ortha gur ag Tír na nÓg a bhíodar, do bhíodh
a leithéid sin do sgoltha fútha ag innsint
sgeultha ar na cúrsaí le greannmhaireacht
do thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a
baile, - i dtreó gur mhinic a ghuidhinn an lá


L. 6


fheicsint go mbeinn críonna láidir mo
dhóthain chun go raghainn síos amach 'n-a
dteannta.



Is air sin a bhíos ag cuimhneamh lá buidhe
fóghmhair & me ag deunamh giúrnála éigin
i n-aice an bhóthair nuair airigheas fuaim
gáirí chugham aniar an bóthar & cad a chídhfinn
ag deunamh orm ná an bheirt fhear so go
bhfuilim ag trácht ortha & a ráinní ar a
nguailnibh aco.



Nuair a thángadar am' aice dubhradar
liom gluaiseacht orm i n-éinfheacht leó síos
amach. Dubhart láithreach go raghainn acht
iad fhanamhaint ar feadh leath-uaire liom chun
go bhfaghainn me féin ollamh i gcómhair an
bhóthair.



“Rith ort, má 's eadh,” arsa iad-san ag
gáirí.



Do ritheas isteach ag triall ar mo mháthair.
D'innseas di go raibh an bheirt fhear so ag
dul síos go Baile an Mhistéalaigh ag cábóg-
aidheacht & go rabhas féin ceapaithe ar dhul
i n-éinfheacht leó.



“Airiú, a laogh,” arsa mo mháthair, “goidé
sin ar siubhal agat: bíodh ciall agat & fan
annsain sa' bhaile dhuit féin. Is minic


L. 7


airighinn t'athair, beannacht Dé le n-a anam,
dh'á rádh go gcaithfeadh na sglábhaithe bheith
ag obair ó dhubh dubh fé fhliuchara & fé fhuacht
d'fheirmeóiríbh an bhaill sin & ná bíodh teine
ná teas rómpa istoidhche acht amháin cúpla
cipín brosnaigh & rud ba mheasa ná sain ná
bíodh do chóir leaptha aco le fághail acht
briosgarnach suip & seana-chratair bairlíní
a bhíodh caithte amuigh ar lochta sgiobóil 'n-a
dtómus, — & d'á chómhartha sain féin, is mar
gheall ar an gcúrsa déidheanach a thug
t'athair síos amach go bhfuil sé sínte go
tréith sa reilig i ndiú …”



Do bhí sí faid gach n-fhaid ag gabháil dam
ar an gcuma sain & i n-ionad a cómhairle a
ghlacadh is é an rud a dheineas ná me féin
ollmhughadh i gcomhair an bhóthair, & seana-
chiopóg ráinne árdach liom & dul mar ar
fhágas na fir seo, — acht bhíodar imthighthe.
Seo chun reatha 'n-a ndiaidh me & ní raibh mo
rith i n-aistear mar thánag suas leó i n-aice
Shráid-an-Mhuilinn. Is amhlaidh a leath a
súile ortha nuair a chonnaiceadar me.



“Airiú, cá raghair? ” arsa iad-san
liom.



“Cá raghainn,” arsa mise, “acht síos amach


L. 8


i n-éinfheacht libh-se & nár mhór an náire dhíbh
nár fhan liom? ”



Dubhradar liom filleadh a bhaile arís mar
ná raibh aon ghnó síos agam, go rabhas ró-
lag chun oibre i measg meithile & go mb'é
gur thrúig bháis dam é & dá mb' eadh go
mbeadh mo mháthair ag cuir a mhilleáin ortha
féin & mar gheall air sin ná beinn i n-aon
bhóthar leó. D'fhiafruigheas díobh cad 'n-a
thaobh go rabhadar ag magadh fúm sar ar
fhágas an tigh & dubhart leó go neamh-mbalbh
ná raghainn a bhaile anois chun go dtéidhinn
go Baile an Mhistéalaigh ar dtúis. Bhíodar
faid gach n-fhaid dhom' chomhairliughadh chun
dul a bhaile acht níor bh'aon chabhair dóibh bheith
liom mar ní fhillfinn a bhaile.



Do thiomáineadar leó isteach sa' tSráid
& do leanas-sa iad & ní puinn righnis a
dheineadar innti nuair a thugadar a n-aghaidh
ar bhóthar Cheann-Tuirc. D'fhanas-sa mar
adeurfá cúpla céad ránn 'n-a ndiaidh mar
ní leogfadh eagla dham teacht nídh-sa
chomhgaraighe 'ná sain dóibh. Do bhíomair ag
siubhal linn ar an gcuma san chun gur thuit
an oidhche orainn. Annsain do dhruideas
nídh-sa-chomhgaraighe dhóibh le heagla go


L. 9


raghaidís amúdha orm sa doircheacht. Ba
ghairid gur stop an bheirt aco suas ar lár
an bhóthair & dhírigheadar ar bheith ag cogar-
naigh le chéile. Do tháinig as an gcogarnach
gur ghlaodhadar chúcha mise. Nuair a thánag
chúcha dúbhradar liom go mb'fhearra dham
dul thar n-ais go Sráid-an-Mhuilinn & fana-
mhaint ann go maidin & go dtabharfaidís
fiacha mo lóistín dam i gcomhair na hoidhche
& me dhul a bhaile dham féin ar maidin.
Dubhart leó ná raghainn. — Níor labhradar
focal eile liom acht breith orm & me leagadh
chúcha ar lár an bhóthair. Do bhíos ag spriútáil
d'iarraidh me fhéin a bhoghadh uata acht
ní raibh aon chabhair dam ann. Do tharraig
duine aco chuige carabhat & do cheangail
sé mo dhá láimh d'á chéile. Annsain do
dheineadar cronnóg díom & do chuireadar
mo ghlúine suas idir mo lámha: nuair a bhí
sain deunta aco sháitheadar bata mo ráinne
anuas ar fheacadh m' uileanna & fé bhun mo
dhá iosgad — & thugadar ceangal an chipín
orm ar an áit sin. Do bhí beárna ar chloidhe
an bhóthair 'n-a n-aice & chuireadar isteach
thar beárnainn me & d'fhágadar annsain me.
Nuair a bhíodar imthighthe uaim do dhírigh


L. 10


mo smuaínte ar bheith dhom' chrádh. Ba gheárr
gur dhírigheas ar bheith ag gol &, ar ndóin,
níor bh'iongnadh sain, mar ní raibh aon taithighe
agam ar dhólásaí an tsaoghail & me anois
ceangailthe go docht oidhche dhorcha i ndúthaig
iasachta. Ní rabhas ró-fhada ceangailthe
nuair airigheas “hó bhó! hó bhó! ” ag duine ag
teacht fém' ghéin (= dhéin). Ba gheárr 'n-a
dhiaidh sain gur tháinig bó go beul na beárnan
acht chómh luath is chonnaic sí mise do ghlac
sgárd í romham. Do léim sí thar n-ais go
hanaitheamhail & chuir sí sgárd ann-sa chuid
eile do na buaibh. Do bhí an té bhí 'ghá
dtiomáint ag troid 's ag aighneas leó a
d'iarraidh go raghaidís isteach sa' pháirc, acht
níor bh'aon chabhair do bheith leó, mar, chómh
luath is thigeadh aon cheann aco go dtí an
bheárna & chídheadh sí mise, ní chuirfeadh fear
píce isteach í. I gcionn gearra-thamaill
do tháinig an té bhí 'ghá dtiomáint go dtí an
bheárna feuchaint cad do bhí ag cuir an eagla
ortha, acht mo chráidhteacht! chómh luath is
chonnaic sé me mar bhíos ar mo chora-ghiub
b'é an rud a dhein sé ná rith leis féin i
dtáiniste an anma.



Do bhíos annsain níos uaignighe ná riamh,


L. 11


mar cheapas ná geóbhadh éinne an bóthar go
maidin:- Acht do ghaibh: mar nuair a bhíos
chun talthughadh chugham féin & mo shúil curtha
agam d'aon fhuasgailt fhághail d'airigheas
siosón cainte ag daoine tamall uaim & ag
druideamhaint liom. Nuair a bhíodar ana
chómhgarach dam do stopadar suas ar an
mbóthar & dhírigheadar ar bheith ag cóid-i-
bhfaid le chéile.



“Is dócha gur'b é an t-áidhbhirseóir féin
atá ann,” arsa duine aco.



“Ní hé, mhuise,” arsa duine eile aco,
“acht duine éigin a bhí ag imirt ar an
amadán buachalla sain: téanaídh oraibh anois
& bíodh geall libh ná fuil éinne ag an
mbeárnain rómhaibh.”



Níor labhras-sa aon fhocal amach as mo
bheul le heagla gur'b amhlaidh a chuirfinn
sgáth ortha nuair a fuaras gur ag teacht
fém' ghéin a bhíodar. Do thángadar go dtí
an bheárna & lantaor ar lasadh aco &
d'fheuchadar isteach do dhruim na beárnan
le solus an lantaora. Annsain do labhras
& d'iarras ortha i bpéin an tsaoghail teacht
isteach chugham & me sgaoileadh ó sna cruadh-
cheangalacha a bhí orm.


L. 12


“Goidé an sadhas duine thu? ” arsa iad-san.



“Ó! sgaoilighidh me ar dtúis,” arsa mise,
“mar is ar éigin atá ionnam labhairt, táim
chómh traochta sain ag an bhfásgadh atá orm.”



Do thángadar isteach chúgham & do sgaoil-
eadar me óm' cheangalacha. Nuair a bhíos
sgaoilthe aco do cheistigheadar me go dian
ar cad fé ndeara dham bheith ceangailthe nó
cad as me. Dubhart leó gur aniar ó Neidín
me & gur grásaér ó'n áit sin a réidhtigh liom
chun beithidheach a thiomáint go Ceann-Tuirc
do, & gur ag filleadh a bhaile bhíos nuair a
casadh robálaithe orm san áit seo &, tar éis
a raibh d'airgead agam a bhaint díom, gur
thugadar an ceangal so orm. Níor leogadar
dam a thuilleadh dhom' sgeul innsint mar do
dhírigheadar ar bheith ag deunamh truaigh dam,
& d'iarr duine aco orm dul leis féin go
dtí á thig go lá. Do dheineas rud air, & i
ndeireadh na hoidhche do ghluaiseas féin & an
fear so fé ghéin aonaigh a bhí i gCeann-Tuirc.
Nuair a shroiseamair Ceann-Tuirc níor
fhanas a thuilleadh 'n-a chuideachtain acht
tiomáint liom an bóthar soir ó'n sráid.



Bhíos ag siubhal liom go haonaramhail ar
an gcuma sain & ag cuir tuairisg' na slighe


L. 13


go Baile an Mhistéalaig ar gach éinne a
caistí orm fan bhóthair:- Is é fhaid ar a
ghiorracht go raibh Baile an Mhistéalaig
sroisithe agam go luath um thráthnóna Dé
Satharainn.



Ar maidin i mbáireach do chuadhas mar a
raibh na cábóga. Do chonnac an dá ghiúch a
cheangail me 'n-a measg, acht mara sluig-
feadh an talamh iad ní fhaca aon phioc díobh
as sain go hoidhche.



Ba luath um thráthnóna do bhí réidhtighthe
leis na sglábhaithe go léir & gach éinne aco
imthighthe as an sráid, acht am' thaobh-sa níor
fhiafhruigh éinne dhíom cad do thug me. Do
bhíos annsain am' chaonaidhe aonair ar feadh
tamaill i dtreó gur cheapas gluaiseacht orm
a bhaile arís, nuair a tháinig sean-duine &
seana-bhean go raibh asal & turcail aco mar
a rabhas. Do luigheas féin & an sean-duine
ar chaint le chéile ar feadh tamaill & b'é
tháinig as ár gcaint gur réidhtigh sé liom ar
choróinn go ceann seachtmhaine.



Do chuadhas a bhaile i n-éinfheacht leó & ba
ró-mhaith an t-ionad dam bheith aco. Ní raibh
aon uaigneas orm i gcaitheamh na seacht-
mhaine sin mar bhíodh buachaillí an bhaill ag


L. 14


teacht ag sgoruidheacht chughainn gach aon
oidhche & sgeulaidhe ana-bhreágh do b'eadh an
sean-duine.



Um thráthnóna Dé Satharainn do tháinig a
dhá oiread daoine chúghainn is do thigeadh
aon oidhche eile & do bhí aon bhuachaill amháin
'n-a measg a bhí ana-fhearamhail go léir & i
n-aimhdheóin a raibh do bhuachaillí sa tigh do
bhí “giub geab” aige liom féin. I ndeireadh
bárra d'fhiafruigh sé dhíom cad as me.
Dubhart leis ná feadar mar gur bhfear
cleas m'athair & ná raibh aon áit chómhnuidhthe
riamh aige acht ag imtheacht ó aonach go
margadh ar fuid cheithre chúige na hÉireann.



“Nár chóir go dtiospeánfá cleas éigin
leis dúinn? ” arsa an buachaill seo.



“Mhuise, ní maith liom,” arsa mise “bheith
ag gabháil do chleasaibh i n-aon chor mar
chídhim daoine go minic ag deunamh cleas &
nuair a ghabhann beart 'n-a gcoingibh gur
b'amhlaidh éirghid siad chun stalcaidheachta,
& mar gheall air sin do thugas-sa suas
iad.” — Do dhírigh na buachaillí go léir ar
thathaint orm cleas éigin a thiospeáint dóibh:
& dubhairt an plubaire seo ná tiospeánfainn
mar ná feudfainn é. Dubhart-sa go dtabhar-


L. 15


fainn le rádh dho go ndeunfainn cleas a
theipfeadh air sin dá mbadh mhaith liom é.



“'Seadh, feicfimís tu 'ghá dheunamh,” arsa
eisean.



Do chuireas pic ar lár an tighe & do
líonas suas d'uisge í. Do fuaras spiún &
do shuidheas ar fhuarma i n-aice na pice.
Annsain do chuireas mo dhá láim amach fé
bhun mo dhá iosgad & chaitheas trí spiúna
uisge siar do dhruim mo chinn. Dubhart leis
an mbuachaill seo, dá mheud plubaireacht a bhí
air, ná feudfadh sé an cleas sain a dheunamh.
Dubhairt sé go ndeunfadh & gur gheárr an
mhoill air é. — Do shuidh sé ar an bhfuarma &
do rug sé ar an spiúin fé mar a rugas-sa
& seo é chun an uisge a chaitheamh do dhruim
a chinn. Dubhart-sa leis nách mar sin a
rugas féin ar an spiúin & go gcaithfeadh sé
leogaint dam a lámha a shocrughadh sa cheart
uirthe. Do chromas síos, dar leis, chun a
lámha a shocrughadh 'sa' cheart ar an spiúin,
acht i n-' ionad sain a dheunam b'é an rud a
dheineas ná tarrac a bhaint as a lámha & é
chuir 'n-a shuidhe ar a thóin istigh san uisge.
Leis sin do chuir na buachaillí go léir gutháirc
asta nuair a chonnaiceadar an driuch a bhí


L. 16


air & do ritheas-sa i dtaobh thuas díobh sa
chúinne le heagla go maireóbhadh sé me
nuair éireóghadh sé, — acht níor ghádh dham an
t-anaithe: mar is amhlaidh a rith sé leis féin
amach an dorus le heagla go ndeunfaidhe
“bethé” dhe.



Ar maidin lá ar n-a bháireach fuaras mo
phádh ó'n sean-duine & do thánag a bhaile; &
ó'n lá sain ó shoin níor dheaghas síos amach.



Feirmeoir & Buachaill.



Mórán bliadhanta ó shoin, bhí feirmeóir
ann, is budh ana-dheacair d'aon tseirbhíseach é
do shásamh. Dá gcuirfidís an cnoc so ar
an gcnoc úd thall budh dhóigh leis nárbh' aon
obair dhóibh é. Bhí aon bhuachaill amháin aige
go háirighthe, is cheap sé in' aigne sásamh a
bhaint de de chionn an luighead oibre do
dheineadh sé. Thug sé ós cómhair na cúirte é.
Do glaodhadh suas ar an bhfeirmeoir chum
fiadhnaise do thabhairt uaidh, is féachaint cad
do bhí le rádh aige. Dúbhairt sé ná raibh


L. 17


fonn air dadamh do dhéanamh is go ngabhadh
sé:-



“An cómhgar chum an bhídh
'S an tímcheall chum an hoibre.”



Dúbhairt an giúistís go raibh sain dona go
leór, is glaodhadh suas ar an mbuachaill chum
é féin do chosaint, má bhí aon nídh le rádh
aige.



Dúbhairt an buachaill leo gan cluas do
thabhairt don chéad sgéal go mbéarfadh an
dara sgéal ortha. Chuir sé i n-umhail dóibh
go raibh easbadh bídh ag cur air go dian, is
go raibh sé oireamhnach ar obair do dhéanamh
is gur mar seo bhíodh an cúrsa aco:-



“An t-uachtar d'fhear an tighe
'S an t-íochtar d'fhear na hoibre,
Éirghe moch & luighe déidheanach,
Beagán le n'ithe & mórán do dhéanamh.”



Agus ar seisean, “Dá dhonacht é an biadh
atá an gléas atá agam chum oibre do
dhéanamh seacht n-uaire níos measa.”



“'Siad so iad, a dhaoine uaisle:



Sluasad mhaol mhanntach is leath-bheann ar
phíce,



Seana-bhota briste, & brusgarnach aoiligh


L. 18


Capall caol árd i gcoinnimh cnocáin gan
iarann,
Buachaill caol seanda 's is gann fhaghtar
biadh dho.”



“Dar ndóigh,” ars' an giúistís, “níl éinne
i n-Éirinn do thabharfadh milleán duit de
dheasgaibh do chuid díomhaointis.”



Do órduigh sé do'n bhfeirmeóir dul a
bhaile 's an buachaill do ghlacadh arís 'na
sheirbhís, is gléas fóghanta oibre d'fhághail
dho 'sa dhóithin le n' ithe is le n' ól, 'pé sgéal
é, is gur gairid go raghadh an buachaill i
bhfeabhas chum a ghnótha do dhéanamh.



AN TÁILLIÚIR MEANNNACH.



Timcheall dachad bliadhan o shoin do
chómhnuigh táilliúir ar na Ceapachaibh, baile
beag atá suidhte timcheall ceathramha mhíle
siar ó thuaidh o Charraig an Adhmuid .i. Príomh-
chathair Bhaile Mhúirne. Do bhí príntíseach
aige, buachaill misneamhail nách cuirfeadh an
saoghal mór eagla ná sgáth air. Dob é tigh
an táilliúra tigh sgoruidheachta an bhaile.


L. 19


Oidhche áirighthe dá raibh an táilliúir & a
bhuachaill ag obair go dícheallach, & an ghasra
eile cois na teine ag trácht ar phúcaíbh,
dubhairt fear do'n chruinniughadh gur neamh-
eaglach an fear do raghadh anonn go reilig
Ghobnait, & plaosg do thabhairt leis as. 'San
am sain ba nós i reilig Ghobnait, gach uaigh
do gheárrfaidhe ann, aon phlaosg do nochtfadh
ann do chaitheamh i gcúinne na reilige, & dá
bhrígh sin do bhí cárnán mór ann díobh 'san
am so.



“Go deimhin,” arsa an príntíseach, “is
suarach an duais do geóbhainn, nuair do
raghainn anonn & thabharfainn chughaibh é.”



“Anois,” arsa an seana-tháilliúir, “do
réidhtighis liom-sa go ceann chúig mbliadhan,
& tá dá bhliadhain de'n téarma sain uait fós.
Má thugair chughainn annso isteach anocht
plaosg ó reilig Ghobnait, do gheobhair uaim-
se do dhínntiúirí ar maidin i mbáireach &
measaim go bhfuil duais go leór duit 'sa'
méid sin.”



“Bíodh 'na mhargadh,” arsa an príntíseach
ag preabadh anuas do'n bhórd go h-éasgaidh.
Do chuir uime a bhróga & amach an doras leis.
Nuair a bhí sé imthighthe tamaillín beag


L. 20


dubhairt an seana-tháilliúir: “Tabharfaidh sé
leis an plaosg gan amhras, & caithfead seas-
amh lem' mharghadh. Imtheóchaidh sé uaim &
bead creachta leis. Acht,” ars eisean, ag
smaoineamh arís do, “raghad anonn & cuir-
fead eagla air, má's féidir.” Amach lem'
sheana-tháilliúir 'na dhiaidh & do gheárr gach
cómhgar & do bhí ag an reilig roimh an bprín-
tíseach, & do shocruigh síos é féin le h-ais an
chárnáin i gcúinne na reilige.



Budh ghairid do go dtáinig an príntíseach
isteach & do shiubhluigh go dána go dtí an
cárnán & do rug ar phlaosg 'na láimh. Ann-
sain do labhair an seana-tháilliúr & dubhairt,
mar ghuth ó'n saoghal eile: “Fág annsain mo
cheann.” Do leig an buachaill uaidh an
plaosg go h-aireach & do thóg ceann eile.
Dubhairt an seana-bhuachaill arís: “Fág
annsain mo cheann.” Do leig an buachaill
uaidh arís é & do thóg ceann eile. Do
labhair an tálliúir an treas uair & dubhairt:
“Fág annsain mo cheann.” Do labhair an
buachaill annsain & 'sé adubhairt: “Dar
ndóigh, ní leat na cinn go léir,” & an geata
amach leis.



Nuair a bhí an buachaill imthighthe do tháinig


L. 21


lán a chroidhe do eagla ar an dtáilliúir &
siúd'na dhiaidh arís é. Do airigh an príntí-
seach an fothrom 'na dhiaidh & do cheap sé
gurab é fear an phlaoisg do bhí ar a thóir, &
do rith chomh maith & do b'fhéidir leis gur bhain
sé amach an baile.



Chómh luath & do chuaidh sé thar doras isteach
do chaith sé an plaosg ar an mbórd & dubh-
airt: “Sin é agaibh é, & tá an fear gur
leis é annsain isteach im' dhiaidh.” I gcionn
tamaillín bhig do tháinig an seana-tháilliúir
isteach go corrtha, tuirseach, tnáithte,
brúighte, basgaithe, tar éis a chúrsa.



Annsain do chuaidh lucht na sgoraidheachta
a bhaile & do chuaidh an seana-tháilliúir & an
buachaill a chodladh.



Ar maidin lá'r n-a bháireach do chaith an
seana-tháilliúir a dhínntiúirí a sgríobhadh do'n
bhuachaill, & d'fhág sé slán & beannacht ag
muintir na gCeapach. Do thóg leis an
plaosg & do chuir tar n-ais 'sa' chárnán é,
& níor thug sé aon turus ar Bhaile Mhúirne
riamh o shoin.


L. 22


MUIRIS AN PHREUCHÁIN.



Do bhí a lán againn bailighthe ag sgoruidh-
eacht i dtigh Sheághain na bhFiacal an oidhche
fé dheireadh, mar fear ana-shúgach is eadh é,
& is feárr le n-a lán againn dul ag éisteacht
leis ag innsint sgeultha ná bheith ag gabháil
do chártaí mar a bhíonn buachaillí eile.



Do bhíomar tamall ag caint mar gheall
ar an aimsir & 'ghá rádh ná feacamair na
prátaí bainte ag gach éinne mór-thímcheall
orainn i gcómhair Lae Mhuiris an Phreucháin
go dtí i mbliadhna, & go mbíodh sean-daoine
'ghá rádh i gcómhnuidhe ná beadh aon bhaoghal
ó'n sioc ortha go ceann coictighise tar éis
an lae sin.



“Mhuise, a Sheághain,” arsa mé féin, “an
bhfuil aon chúntas agat ar goidé an
bunudhas a bhí le Lá Mhuiris án Phreucháin a
ghlaodhach ar an gcúigeamhadh lá deug do
Shamhain.”



“Am briathar féin go bhfuil, mhuise,” arsa
Seághan, & is minic a gháirim nuair a
chuimhnighim ar an bhfiadhach a bhí againn an
uair a thosnuigh an ainm sin ar dtúis ar an


L. 23


lá sain, cé gur 'mó bliadhain ó shoin é. Do
bhí feirmeóir annso nuair a bhíos óg. Ní
raibh do chloinn aige acht aon mhac amháin.
Muiris ab' ainm do'n mhac, & bhí sé féin & a
athair áirimhthe chun bheith ar an dá sgannradóir
ba mhó a bhí sa pharóiste le n-a línn. Ní
fheudfadh aon bhuachaill aimsire ná fear oibre
seasamh leó, do bhídís chómh dian sain ortha.
Do tháinig stracaire do bhuachaill óg chúcha
uair áirighthe ar lorg oibre, & réidhtigh Muiris
leis ar feadh bliadhna ar deich púinnt.
Tímcheall is mí tar éis an réidhtighthe do
ráinig go raibh ráiseanna sa tsráid seo thíos
'n-ár n-aice. Maidin lae na ráiseanna
nuair éirigh an buachaill do chuir sé a chuid
eudaigh ghlain uime. Nuair chonnaic Muiris
an buachaill socair suas fé n-a chuid eudaigh
ghlain, d'fhiafruigh sé dhe goidé an fuadar a
bhí fé.



“Táim chun dul ag feuchaint ar ná
ráiseanna,” arsa an buachaill.



“Ní raghair ag feuchaint ar na ráiseanna,”
arsa Muiris; “ní chun tu bheith ag gluaiseacht
ad' fhiadhaire feadha ar an gcuma sain a
réidhtigheas-sa leat, acht chun bheith ag
obair dam.”


L. 24


“Ar ndóin, tabharfad-sa lá ag obair duit
i n-ionad an lae seo,” arsa an buachaill.



“'Seadh anois,” arsa Muiris, “is é an
rud a dheunfaidh tú gan a thuilleadh dod'
ghach-re-seo thabhairt dam — mar táim ag
tabhairt foláraimh duit, má théidheann tú go
dtí na ráiseanna, gan filleadh ar an dtigh
seo led' shaoghal arís.”



“Is dócha ná téidheann rogha ó'n réidh-
teach,” arsa an buachaill, “& gur fearra
dham fanamhaint; ar ndóin, cheapas nár bh'aon
deifir leat me thógaint lae chun spóirt dam
féin ó'n uair is go dtabharfainn lá dhuit i
n'-ionad.”



Nuair dh'itheadar a mbreicfeast do chuaidh
Muiris & a bhuachaill amach sa pháirc ag
baint phrátaí. Ní fada bhíodar ag obair
nuair a bhí na cómharsain go léir ag gabháil
thársa ag dul go dtí na ráiseanna.



“Nách aereach an croidhe a tá ag na
daoine sin seochas agat-sa,” arsa an bua-
chaill le Muiris.



“Ná bíodh aon fhormad agat leó,” arsa
Muiris, “mar ní'l ionnta acht glaigíní.
Is é fear an tábhairne a bheidh suas leis na
ráiseanna um tráthnóna, & is aige bheidh an


L. 25


spórt go léir & ní hag na hamadánaibh sin
a tá ag lot an lae bhreágh so leo.”



“Mhuise,” arsa an buachaill, “b'éidir
nár bhfearra dhóibh a gcuid airgid a bheith i
bpoll an fhala aca ag cuir clúmh-liath tríd
& annsain b'éidir é imtheacht gan mhaith uatha
fé mar imthigh sé ar Sheághan na Sgolb nuair
dh'ith na franncaigh air é.”



“Cionnus é sin? ” arsa Muiris.



“Do bhí duine muinteartha dam thiar i
n-aice na fairrge,” arsa an buachaill, “go
dtugaidís Seághan na Sgolb air. Do bhí
beirt inghean aige. Do bhí cleamhnas socair
aige do dhuine aco & ceud púnt spré aige
le tabhairt di. Do tháinig an t-ógánach go
dtí tigh an chailín óig an oidhche roimis an
bpósadh chun na spré fhághail. I gcionn
tamaill d'éirigh Seághan na Sgolb 'n-a
sheasamh & phreab sé i n-áirde ar an mbórd.
Sháigh sé a lámh isteach i bpoll an fhala &
tharraig sé amach seana-bhulcais ceairt-
eacha (cirtach'a). “Tar i leith chúgham,” arsa
eisean leis an ógánach, “chun go dtugfaidh
mé do spré dhuit.” Do shuidheadar araon
ar dhá thaobh an bhúird. D'osgail Seághan
an bhulcais, acht má osgail, b'é an cheud


L. 26


rud a bhuail uime ná franncach. “Míle
murdal é! ” arsa Seághan, “táim sgriosta!
Ní'l folth dom' chuid airgid le chéile gan
bheith coganta! Faire go bhráthach, a Cháit,”
arsa eisean le n-a mhnaoi, “cad deunfaimíd?
Gurab é an mac mallachtain a bheurfaidh
franncaigh na cruinne leis! Ochón! feuch
spré mo chailín bhig 'n-a bhriosc bruathar
annsain ar an mbórd os cómhair mo dhá
shúl amach dá fhaid a bhíos 'ghá chnuasach! ”
Do bhí an uile fhocal do'n fhírinne aige 'ghá
rádh mar ní raibh aon phioc d'á chuid airgid
le chéile gan bheith coganta ag na franncaigh
'n-a mhion-rabh.”



Do bhí an buachaill & Muiris ag caint leó
go breágh sítheóilthe ar an gcuma sain go
dtí gur tháinig aimsir dínnéir. Tar éis
dínnéir do bhuaileadar araon amach chun
dul ag obair dóibh féin mar a bhíodar. Do
thug an buachaill fé ndeara go raibh Muiris
ag cimilt a bhas d'á chéile & ag cuir seilí
ortha anois is arís. D'fhiafruigh an buachaill
de an amhlaidh a bhí a lámha teinn, tráth is go
raibh sé 'ghá gcimilt d'á chéile ar an gcuma
sain.



“Ní hamhlaidh, mhuise,” arsa Muiris, “acht


L. 27


d'imthigh rud greannmhar orm: dá shaibhea-
rain a tá agam & is baoghalach go bhfuil siad
loitthe orm mar táid siad líonta do mheirg.”



“Loitfir iad, má bhíonn tú 'ghá gcimilt ar
an gcuma sain,” arsa an buachaill.



“Agus cad deunfaidh mé leó? ” arsa
Muiris.



“Cuir isteach i bpráta fuar iad,” arsa
an buachaill, “& fág ann iad ar feadh
tamaill & chídhfidh tú go nglanfaidh sé an
mheirg díobh.”



Nuair a chuadar sa gharrdha do chuir
Muiris an dá shaibhearain isteach i bpráta.
Annsain chuir sé an práta ar thulchán cloch
a bhí tamall uatha. Ba gheárr 'n-a dhiaidh
sain gur thug sé súil-fheuchaint ar an
dtulchán & cad a chídhfeadh sé ná preuchán &
an práta aige 'ghá árdach 'n-a ghob leis!



“Mo chorp ó'n riabhal go leanfad tú an
fhaid atá sgraith ar an dtalamh,” arsa Muiris.



Leis sin do chaith sé an ránn faid a urchair
uaidh & do rith sé i ndiaidh an phreucháin. Do
bhí an preuchán ag imtheacht go módhmharach
san aer & an práta 'n-a ghob aige.



Do stad an buachaill suas ag feuchaint
ar Mhuiris ag rith i ndiaidh an phreucháin. I


L. 28


gcionn tamaill dubhairt sé leis féin go
mbeadh tuilleadh spóirt aige ó'n uair is ná
raibh sé aige ag na ráiseanna. Leis sin do
rith sé fé ghéin an tighe i n-anaithe an
tsaothair. Do bhí athair Mhuiris ag tógaint
aoiligh amuigh sa chlós roimis.



“Airiú, a Sheághain an chroidhe istigh,” arsa
an buachaill, “tá Muiris imthighthe as a
mheabhair: rith i leith chúgham, rith i leith
chúgham.”



“Airiú, cad imthigh air? ” arsa an t-athair.



“An dagha mhuise, rud greannmhar,” arsa
an buachaill; “do bhí sé ag caint liom chómh
gasta is d'fheudfadh aon fhear i nÉirinn
bheith tá ceathramha uaire ó shoin, & níor
airigheas pioc chun gur chaith sé a ránn uaidh
'ghá rádh go leanfadh sé é an fhaid a bhí sgraith
ar an dtalamh.”



“Cia hé féin? ” arsa an t-athair.



“Airiú, a dhuine, ní fheadar,” arsa an
buachaill, “mar ní raibh éinne i n-aon chor
ann — acht é ag rith 's ag feuchaint i n-áirde
ar an spéir.”



Do sheasaimh an t-athair i n-áirde ar chloidhe
an chlóis & chonnaic sé Muiris ag rith & é
ceann-lomnochttha.


L. 29


“Mhuise, go bhfóiridh Dia orainn,” arsa
an t-athair go hochlánach, “feuch air sin do
thubaist tuitithe amach anois orainn & gan
éinne ar fuid an bhaile i ndiu a leanfadh é! ”



Tháinig máthair Mhuiris go dtí an dorus,
nuair airigh sí an sean-duine ag caoi mar a
bhí sé.



“Airiú, goidé sin oraibh? ” arsa ise.



“Tá droch-sgeul againn, fóiríor,” arsa
an sean-duine; “tá Muiris bocht imthighthe
as a mheabhair. Rith síos go dtí páirc na
ráiseanna, a bhuachaill mhacánta, feuchaint
an bhfaghfá éinne ann a leanfadh é.”



Do rith an buachaill fé dhéin na ráiseanna.
Nuair a bhí an pháirc sroisithe aige do casadh
buachaillí aithnide dho air. Dubhairt sé leó
go raibh Muiris imthighthe as a mheabhair & go
raibh sé ag rith treasna na mbailíacha le
neart buile & gur chuir a athair é féin annso
go dtí na ráiseanna feuchaint an bhfaghadh
sé éinne ann a leanfadh é.



“Tá baoghal mór ar an staigín,” arsa
duine do na buachaillí, & dá mbeadh sé
imthighthe uair is ceud, ní chaillfimís-ne spórt
an lae chun dul dh'á fhiadhach.”



“Cár bhfearra dhúinn spórt a bheadh


L. 30


againn,” arsa tuilleadh aca, “ná dul dh'á
fhiadhach? ”



D'fhiafruigheadar do'n bhuachaill cá raibh sé
imthighthe chun go leanfaidís é. “Do rith sé
anonn treasna an bhaile,” arsa an buachaill,
“& tá fhios agam, dá mbeadh sibh i mbarra
na carraige sin thoir, go mbeadh radharc
agaibh air.”



Ní raibh an charraig i bhfad uatha & do
ritheadar chun dul 'n-a barra chun go bhfeic-
fidís Muiris. Nuair a chonnaic na daoine
a bhí mór-thímcheall ortha ag rith iad, do
bhíodar féin 'ghá fhiafruighe d'á chéile feuchaint
goidé an chúis go raibh na buachaillí sin ag
rith ó n-a ráiseanna. Dubhairt duine thall's
i bhfus ná raibh aon bhaoghal ná go raibh spórt
éigin sa taobh eile dho'n charraig tráth is go
rabhadar ag rith fé n-a ghéin. “An dagha
mhuise,” arsa tuilleadh aco, “má tá, beidh ár
gcion againn-ne dhe.” Leis sin do ritheadar
i ndiaidh na mbuachaillí seo a bhí imthighthe fé
ghéin na carraige. Is é fhaid ar a ghiorracht
gur ar éigin fhan éinne beag ná mór ag na
ráiseanna gan rith go dtí an charraig — mar,
nuair a chonnaiceadar beul an tsluaigh
ionntuighthe uirthi, do cheap gach éinne go
raibh míorbhuilth éigin sa taobh eile dhi.


L. 31


Do bhí Muiris san am sain ag rith ar inse
bhreágh shocair a bhí sa taobh eile do'n charraig
& é ag caitheamh chloch leis na preuchánaibh.
Do rith buachaillí d'ár aithin é síos fan na
carraige & do thángadar mór-thimcheall air
& rugadar suas air.



“Sgaoilidh uaibh me,” arsa Muiris, “nó
beidh sé imthighthe as mo radharc.”



“Cia hé féin? ” arsa na buachaillí.



“Nách cuma dhíbh-se sin,” arsa Muiris,
“acht aire thabhairt d'bhar ngnó féin.”



“Mhuise, go bhfágaidh Dia ár meabhair
shaoghaltha againn,” arsa cuid aco.



“Mo thruagh go bráthach an fear bocht,”
arsa tuilleadh aco, “nách geárr a bhí an
bárthan sain 'ghá bhualadh, & is mór an truagh
a athair 's a mháthair bhocht a bhí i dtúrtaoibh
leis i gcómhair dheire a saoghail.”



Do bhí Muiris fan na haimsire a d'iarraidh
é féin a stracadh uatha & ná 'neósadh sé a
chúis d'éinne chun go ndubhairt duine éigin:



“Nách tuigseanach a thriail a bhuachaill, is
teacht fé ár ngéin go dtí na ráiseanna chun
sgeula thabhairt dúinn, mar níor bh'aon
chabhair do féin bheith a d'iarraidh é fhiadhach.”



“Mo chorp ó'n riabhal,” arsa Muiris, “go


L. 32


bhfuil sain deunta aige liom, & is beag an
truagh mise a dhein a chómhairle ó thúis.
Bogaidh díom, a bhuachaillí, mar ní'l aon
easba meabhrach orm acht chómh beag le héinne
agaibh féin, & is maith a bhí fhios ag an mbua-
chaill sin leis ná raibh — acht cuid d'á chladh-
aireacht, mar is mór de a tá 'n-a chorp.”



“Cad a dhein sé leat? ” arsa na buachaillí.



“Mhuise, is dócha go bhfuil sé chómh maith
agam é innsint,” arsa Muiris, “mar bheadh
an cladhaire úd 'ghá innsint orm ar aon
chuma. Is amhlaidh a bhí dhá shaibhearain i
bpoll an fhala agam le breis is bliadhain &
níor fheuchas ortha i gcaitheamh na haimsire
sin go dtí i ndiu. Nuair a thógas amach as
an bpoll i ndiu iad, do bhíodar líonta do
mheirg. Do bhíos 'ghá gcimilt idir mo bhasa
a d'iarraidh na meirge a bhaint díobh. Do
chonnaic an buachaill me & dubhairt sé liom
go loitfinn iad dá mbeinn 'ghá gcimilt ar
an gcuma sain. Annsain dubhairt sé liom
iad a chuir isteach i bpráta fuar & go nglan-
fadh sain an mheirg díobh. Do dheineas a
chómhairle. Do chuireas isteach sa phráta iad
& chuireas an práta ar thulchán cloch a bhí
tamall uaim. Ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur


L. 33


árduigh preuchán 'n-a ghob leis an práta, & is
ag fiadhach an phreucháin sin a bhíos nuair a
rugabhair-se orm; & tá náire fághaltha lem'
shaoghal agam mar gheall air: sin iad muin-
tir na ndúthaighe le chéile i n-áirde ar an
gcarraig ag feuchaint orm.”



Do sgaoil na buachaillí Muiris uatha
annsain & chuadar fé ghéin mhuintire na car-
raige & d'innseadar dóibh goidé an imirt a
dhein an buachaill ar Mhuiris; & na daoine
go raibh & ná raibh caidreamh ar Mhuiris aco
do gháireadar a ndóthain um an mbotún a
bhí imthighthe air. Do tháinig na daoine go
léir thar n-ais go dtí páirc na ráiseanna
arís & gan focal i mbeul éinne aco acht ag
gabháil do Mhuiris & do'n phreuchán.



D'fhág an buachaill an pharóiste annsain
& ní fheadar goidé an saoghal ó shoin aige é;
& i dtaobh Mhuiris do dhírigh gach éinne ar
bheith ag magadh fé, & ba gheárr 'n-a dhiaidh
sain gur chuir sé ceant ar a fheirm & gur
dhíol sé amach í. Annsain d'aistrigh sé féin
& a mhuintir síos i dtreó Chondae Luimnigh
& níor airigheas aon tuairisg uaidh riamh ó
shoin.


L. 34


AN GHRÁINNEÓG AGUS AN GEARRFHIADH.



Do bhí gearrfhiadh óg cos-árdach ag siubhal
ar fuaid guirt choirce lá breágh
foghmhair & do casadh gráinneóg
sgoth-aosda mí-chúmtha air. D'fheuch an
gearrfhiadh air le fuath & le droch-mheas &
dubhairt: “Gráin ort! a ainmhidhe ghránda
gan chrot, gan sgéimh, cad do bheir do
leithéid do thruagh nirt ar an saoghal so ar
aon chor? ”



“Ní fheicim puinn sgiamhacht ort féin, &
ní heól dam puinn tréithe fóghanta ionnat,
acht an saoghal mór sa tárr ort, a chnámh-
thoirt bhuidhe,” ars' an ghráinneóg go feargach,
“&, fós, ní'l nídh ar eólus agat nách eól
dómh-sa chomh maith leat, ná gaisge nirt ná
lútha ar do chumas nách féidir liom-sa do
dhéanamh.”



“Dar ndóigh, tá rith & léim agam go
h-áirighthe, & a chrot orm, nídh nách fuil ort-sa,
a chrúnca mhí-ádhbharaigh,” ars' an gearrfhiadh.



“Ní fheadar sain go fóil,” ars' an


L. 35


ghráinneog, “chum go mbeidh triail againn
air! ”



“An amhlaidh a shéidfeadh an donas leat,
a óinsighthín gan chéill, dul chum reatha
liom-sa? ” ars' an gearrfhiadh & lán a
chroidhe do iongnadh air.



“Seadh go deimhin, mhaise,” ars' an
ghráinneóg, “& táim i ndóchas láidir an
teasbach do bhaint díot leis.”



“Agus cá mbeidh an rás againn? ” ars'
an gearrfhiadh.



“'San ínse gharrdha so thiar le hais na
habhann,” ars' an ghráinneóg.



“Bí ullamh i gcionn leathuaire an chluig,
má 'seadh,” ars' an gearrfhiadh, “chum go
bhféacham amach le chéile é.”



“Bead is fáilthe,” ars' an ghráinneóg; “ní
bheidh moill orm acht mo phroinn do chaitheamh.”



Agus do sgaradar le chéile & chuaidh gach
aon díobh chum a ghnáthóige féin, & do innis
an ghráinneóg d'á bhain-chéile cionnus mar
do bhí coimheasgar reatha idir é féin & an
gearrfhiadh, “& anois,” ars' eisean léi,
“caithfir cabhrughadh liom chum buadh do
bhreith ar an bpataire gearrfhiaidh seo.”


L. 36


“Agus cionnus do thiocfair air sin? ” ars'
ise.



“'Neósad-sa dhuit,” ars' eisean: “'San
ínse gharrdha seo thiar do bheidh an rás
eadrainn; istigh ins na claiseacha 'seadh do
rithfeam. Tiocfad-sa i mbárr na claise, &
tusa i mbun. Nuair thabharfad-sa an focal
do'n amadán gearrfhiaidh úd, leigfead orm
rith le fánaidh, acht ní rithfead ránn tailimh,
& nuair thiocfaidh sé go bun, abair-se, “táim
annso rómhat,” & má ritheann sé tar n-ais,
bead-sa roimis.”



Sin mar a thárlaidh, & do tháinig an
gearrfhiadh go hionad an choinne, & do bhí
an ghráinneóg ann roimis. Do innis an
ghráinneog do gur ins na claiseacha do
b'fhearra dhóibh rith.



“Sásta leis,” ars' an gearrfhiadh.



“Seasaimh annsain i mbárr na claise,”
ars' an ghráinneóg, “& tabharfad-sa an
focal duit; déarfad aon, dó, trí, & nuair
déarfad-sa trí, gluaisimís. An bhfuilir
ullamh anois? Aon, dó, trí,” & as go bráth
lem' ghearrfhiadh go ndeachaidh go bun.



“Táim annso,” arsa caile na gráinneóige.


L. 37


“Tar n-ais arís, má'seadh,” ars' an gearr-
fhiadh, & as go bráth leis arís, & nuair tháinig
sé go barra, do bhí an sean-bhuachaill roimis.



“Síos arís linn,” arsa mo ghearrfhiadh
bocht, & na súile ag imtheacht as a cheann le
bárr díchill. 'Sé críoch an sgéil go raibh an
gearrfhiadh bocht síos suas, chum gur thuit an
t-anam as, & do thóg na gráinneóga leó é,
& do bhí feoil & anbhruithe coigthighis aco air.



SGANNRADH SHEÁGHAIN NA BHFIACAL.



Is-t-oidhche Dé Domnaigh do bhailigh
a lán buachaillí againn ag sgor-
aidheacht go tigh Sheagháin na
bhFiacal. Tá Seághan ana-chríonna
anois, & is mór an truagh é, mar
is é an chuileachta fir é is feárr
'sa' logán so, & tá cúis mhaith
agam le sain a rádh, mar is ag triall air a
thigeann buachaillí an bhaill seo ag sgoraidh-
eacht, an fhaid a bhíonn na hoidhcheanta fada
ann. Tar éis sinn a bheith tamall ag caint
an oidhche seo mar gheall ar bháire comórtais
a bhí idir bhuachaillí Chúil-Aodha & buachaillí


L. 38


Charraig-an-Adhmuid ann-sa' lá roimis sin,
dubhairt Mícheál Ua Céileachair go raibh ár
ndóthain ráidhte againn mar gheall air, go
raibh an oidhche dh'á caitheamh & gan aon sgeul
ínnsithe fós ag fear an tighe dhúinn. Dubhra-
mair go léir go raibh an ceart aige.



“'Seadh, a Sheagháin,” arsa Mícheál, “tánn
tú críonna go maith anois, & a lán do'n
tsaoghal feicithe agat, & mórán sgeultha
ínnsithe agat dúinn ar chúrsaí greannmhara
a ghaibh daoine a mhair led' línn, & an 'neósfá
dhúinn ar ghaibh aon chúrsa greannmhar tu
féin i rith do bheatha? ”



“'Neósaidh mé dhíbh a bhuachaillí,” arsa Seaghán,
“sgannradh a ghaibh me an cúigeadh lá deug
d'fhóghmhar nuair a bhíos ocht mbliadhna d'aos,
mar b'é an sgannradh é ba mhó rug riamh me,
& bhíos chómh cómhgarach do'n bhás an lá sain
is tá mo chosa do'n teine anois. Ann-san
am sain ní raibh aon tigh ar Charraig-an-
Adhmuid ná aon chuimhneamh go mbeadh go
bráthach & is é an áit go raibh an séipéal & an
tsráid ná thoir annsain ar Beul an Gheárrtha.
Do chuadhas ann chun Aifrinn i n-éinfheacht
lem' mháthair an lá so go bhfuilim ag trácht


L. 39


air. Do bhíomair ann tamall maith sar ar
thosnuigh an t-Aifreann. Do casadh a lán
garsún orm féinidh & ghluaisigheas orm
i n-éinfheacht leó ag caitheamh chloch 'san
aodhar ar feadh tamaill. Do bhí mac fir
tábhairne 'n-ár gcómhluadar go nglaodhaimís
Seághan Fiadhain air. Do bhí coileán deas
con aige. Do bhíomair go léir ag fághail
ana-spóirt 'sa' choileán, mar, nuair a
thuiteadh na clocha a bhíodh caithte 'san aodhar
againn chun tailimh, do ritheadh an coileán
chúcha & d'árduigheadh sé leis 'n-a bheul iad.
Do bhí cuid againn 'ghá rádh ná raibh aon
ghadhar le fághail ab fheárr rith 'ná é.



“Airiú,” arsa mac píobaire a bhí ann go
nglaodhaimís Diarmuid an Phíobaire air,
“is beag an bhrígh é chun reatha seachas an
coileán atá agam-sa & fanaidh annsain go
fóil go raghad dh'á iarraidh.” Leis sin
d'imthigh sé uainn & ba gheárr go raibh sé
chughainn arís & coileán deas gearr
eirbeallach i n-éinfheacht leis.



“Airiú, a gharsúna,” arsa mise, “nách
mór an truagh dhúinn, ó tá an dá ghadhar
bhreághtha sain againn, gan sinn thall ar Bun


L. 40


Laghaire, mar tá an áit ag brúchtaigh le
coiníní. Bhíos thall ar an Rathúnaigh i ndé
i n-éinfheacht lem' mháthair ag stathadh sop
pice & bhí coiníní ar ár ndul & ar ár dteacht
rómhainn ag Bun Laghaire tamaillín siar
ó'n áit 'n-a bhfuil an Sulán & Dúbhghlais ag
bualadh im á chéile, chómh tiugh is tá nóiníní
ag fás ar an bpáirc sin thuas, & iad ag rith
's ag damhas dóibh féin ar fuid na hínse.
Dubhart lem' mháthair go raghainn dh'á bhfiadhach
chun go mbeirinn ar chuid aca acht choisg sí
me & dubhairt sí liom ná feudfadh aoinne
breith ortha gan gadhar a bheith aige.”



“Am briathar,” arsa na garsúin, “go
ragham ann nuair a bheidh ár ndínnéar ithte
againn tar éis an Aifrinn.”



Do bhí an pobal go léir 'san am so ag
dul isteach 'sa' tséipéal & ghluaisigheamair-
ne orainn isteach ann chómh maith leó. Tar
éis Aifrinn d'iarr an Faircealach orm féin
gan dul a bhaile chun dínnéir mar go bhfeud-
fainn é dh'ithe 'n-a theannta féinidh.



“Airiú, a Sheághain,” arsa sinn go léir,
“an é Faircealach Ua hUidhir go bhfuileann
tú ag trácht air? ”


L. 41


“Am briathar gur'b é, beannacht Dé le
n'-anam,” arsa Seághan, “& cómhnaos dómh-
sa díreach ab' eadh é. Acht goidé seo bhí ar
siubhal agam mar gheall air. Ó 'seadh: do
bhí cuireadh dínnéir aige dh'á thabhairt dam,
& cé bheadh ag gabháil thorainn le n-a línn ná
mo mháthair. D'airigh mo mháthair é ag tabhairt
an chuireadh dham &, nuair a fuair sí é chómh
fial is bhí sé, do chrom sí ar gháirí & dubhairt
sí liom fanamhaint 'n-a theannta dá mbadh
mhaith liom é. Ní raibh uaim-se acht a cead
fhághail & ghluaisigheas orm i n-éinfheacht leis
an bhFaircealach go dtí á thigh. Do bhí tigh
an Fhaircealaigh 'sa' taobh thiar do Bheul an
Gheárrtha. Do bhí tigh an phíobaire ceangailthe
dhe; & ar a aghaidh sin anonn 'sa' taobh eile
'bhóthar a bhí tigh an tábhairne go raibh garsún
na con 'n-a chómhnaidhe ann. D'airigheas 'n-a
dhiaidh sain gur a ball éigin aníos amach bean
an phíobaire & bean an tábhairne: acht bídís
aníos nó i bhfus, ní bhacfainn leó anois, mara
mbeadh go mbainfid siad lem' sgeul ar
ball.



Nuair a shroiseamair tigh an Fhaircealaigh
do bhí an dínnéar leogaithe amach ar an


L. 42


mbórd rómhainn & do shuidheamair síos
dh'á dh'ithe; acht ba bheag de a bhí ithte againn
nuair airigheamair ana-liúghaireach & gáirí
amuigh ar an mbóthar. Siúd amach me féin
& an Faircealach & a raibh ann ar fad
againn 'feuchaint cad a bhí suas. B'é fáth
an fhothroim go léir dá choileach a bhí ag
bruighin le chéile amuigh ar lár an bhóthair
& na daoine bailighthe i bhfuirm rotha mór-
thímcheall ortha & iad ag briseadh a gcroidhe
ag gáiridhe im an mbruighin. Dubhairt an
Faircealach liom gur le bean an phíobaire
& le bean an tábhairne an dá choileach. Do
bhí bean an tábhairne a d'iarraidh dul isteach
trí sna daoine chun na gcoileach a chosaint
ar a chéile, acht má bhí, ní leogfadh na daoine
isteach í.



“Airiú, a amadáin,” arsa bean an
phíobaire léi, “sgaoil leó féin: ar ndóin,
dá marbhaídís a chéile, nách suarach an
meula iad? ”



“Feuch ná sgaoilfead, mhuise,” arsa bean
an tábhairne, “mara mbeadh agam acht an
pléisiúr go léir atá aca so dh'á fhághail
ionnta a lot ortha,” ag tógaint cloiche 'n-a


L. 43


láimh & 'ghá caitheamh leis na coileachaibh.
D'aimsigh an chloch a coileach féin i mullach
an chínn & marbhuigheadh ar an láthair sin é.
Leis sin do chuir na daoine go léir ana
liúgh suas di 'ghá moladh i dtaobh an
chruinnis a bhí 'n-a láimh, acht má chuireadar,
is amhlaidh éirigh sí chun tola-mhúaire chúcha
& dhírigh sí ar bheith 'ghá spídiughadh ar an
láthair sin. Do thosnuigh bean an phíobaire
ar bheith 'ghá cómhairliughadh & dubhairt sí léi
bualadh isteach a bhaile dhi féin, mar nár
dhein na daoine sin aoinní as an slighe
uirthi.



“An airigheann tú,” arsa sean-duine bhí
ann, go nglaodhaití Liam an Mhagaidh air, le
bean an tábhairne, “an magadh so ag Cáit
an Phíobaire dh'á dheunamh fút anois tar éis
do choilichín a bheith marbh ort, & fhios agat
féin go maith, mara mbeadh na daoine sin,
go gcosnóghfá ar a chéile iad.”



“B'fhearra dhi,” arsa bean an tábhairne,
“dul síos mar a raibh sí ag bailiughadh
chaisreabháin ar a págh, mar bhíodh sí, do
mhucaibh Thaidhg na Lópaí ná bheith a d'iarraidh
magaidh a dheunamh fúm-sa.”


L. 44


“Doigh ionnat, a shiorthóir,” arsa bean an
phíobaire, “marar bhfuiriste dhómh-sa do
chláiríní féin a léigheadh dhuit i dtaobh do
dhealbhais ag baile. An cuimhin leat an uair
a bhítheá ag tarrac na móna ar do dhrom
leat ó'n bportach isteach 'sa' tsráid & 'ghá
díol ann ar leath-phinge an sgiathóg tar éis
an asail fhághail bháis ar an gcrampán athar
a bhí agat.”



Do chuir sain na daoine go léir ag
gáiridhe, mar beanín mhórdhálach dhroch-bheulach
ab' eadh bean an tábhairne, & ba mheasa leó
bean an phíobaire 'ná í. Nuair a fuair bean
an tábhairne go raibh na daoine ag deunamh
an gheoin go léir fúithi féin, ba bheag ná gur
chaill sí a meabhair le neart feirge, & sgaoil
sí faobhar a teangan ag spídiughadh bean an
phíobaire chomh mór go raibh cúbhrán le n-a
beul, & bhí si ag cuir cainte dhi chómh tiugh is
d'aireóghfá an fhuiseóg ag seínnt 'san aodhar
gan stad tar éis Lae 'le Brighde.



Acht ní fada fhanas-sa ag éisteacht léi,
mar tháinig Seaghán Fiadhain & Diarmuid an
Phíobaire & a ngadhair aca chugham féin &
chun an Fhaircealaigh & dubhradar linn go


L. 45


rabhadar ollamh chun dul go Bun Laghaire &
sinn a ghluaiseacht orainn láithreach. Siar
an seana-phóirse leis an gceathrar againn.
Do chonnaic na garsúin eile ag imtheacht
sinn & sar a rabhamair-ne ag Tobar an
Fhíona do bhíodar sain tagaithe suas linn.
Síos linn do thoil a chéile chun Carraigín an
Radhairc & soir chun Clais an Mhada' Ruaidh
& sar ar shroiseamair Carraig Tighe Eoghain
do dhúisigheamair ana-phaitre giorré. Do
liughamair go léir & do ritheamair 'n-a
dhiaidh chun beartha air: acht cad a dhein na
coileáin, is dóich libh, ná, chómh luath is chon-
naiceadar é, a dtóin 'árdach 'n-a ndorn leó
& teicheadh leó féin a bhaile le heagla
roimis. Nuair a bíomair ag brághaid Char-
raig' Tighe Eoghain ní raibh aon tuairisg ar
an ngiorré ná ar ár gcoileánaibh againn.
Annsain do stopamair go léir suas &
dhírigheamair ar bheith ag deunamh ár gcúmhaidh
margheall ar a mheatacht a thriail na coileáin.



“Mhuise, faire fútha mar choileánaibh,”
arsa Faircealach, “feuch anois, dá mbeadh aon
mhaith ionnta, is maith a bheadh ár bpáintheach
giorré againn, & gheóbhaimís sgilling air ó


L. 46


Dhómhnall Ruadh & bhuailfeadh sain pinginn
an duine dhúinn & feuch gur breágh an póca
mísleán a bheadh ag gach aoinne againn ar a
phinginn féin.”



“Dá mbeadh pinginn ag Diarmuid an
Phíobaire,” arsa Seaghán Fiadhain, “ní'l
baoghal gur mísleáin a cheannóchadh sé uirthi:
b'fheárr leis go mór í chimeád 'n-a phóca
mar bhreágh breágh chun go dteastóchadh ó
n'-athair deócán a cheannach do'n phíb.”



“Ní fheacamair aon rabairne mór ionnat
féin riamh,” arsa Diarmuid an Phíobaire
'ghá fhreagra: “feuch cad dheinis leis an
bpinginn a fuairis aréir ó'n sagart i
dtaobh aire thabhairt dh'á chapall an fhaid a
bhí sé ag cuir na hOla ar Mháire Mhaol ná í
shíneadh amach as do dhorn chun do mháthar i
n-ionad aoinní a cheannach duit féin uirthi,
& anois chuirfinn geall leat, dá mbeadh an
giorré marbh againn & pinginn an duine
againn d'á bhárr, gur túisge a bheadh mísleáin
ceannuighthe agam ná agat-sa.”



“Ní túisge & ní tapamhla, a spreallairín,”
arsa Seaghán Fiadhain.



“Airiú caithidh uaibh an siotha seatha sain,”


L. 47


arsa an Faircealach.



“Caitheadh Seaghán Fiadhain uaidh é, mar
is é thosnuigh é,” arsa Diarmuid an Phíobaire,
“& dá luathacht a chaithfidh sé uaidh é, is é a
bhuac é, mar dhúbhfainn-se a shúile dho & sain
go tapaidh.”



“Sin rud ná feudfá a dheunamh,” arsa
Seaghán Fiadhain.



“An dagha, is sibh féin is córa a sgaoileadh
chun a chéile,” arsa an Faircealach: “tiom-
áinidh libh anois é & nár stopaidh ár ndícheall
sibh.”



Annsain do dhein an dá gharsún ar a chéile
& thosnuigheadar ar a chéile ghuailneáil. Do
sgaoil an deichneabhar againn-ne leó féin &
sheasuigheamair ag brághaid na Carraige ag
feuchaint ortha. Tar éis iad a thabhairt
tamaill mhaith ag fuirse le chéile, do
thosnuigheadar ar na dóirnibh; acht dé beatha
grásta Dé, an fhaid a bhí an méid sin ar
siubhal do bhí rud eile ar siubhal ann-sa' spéir
os ár gcionn i gan fhios dúinn, mar, sar a
raibh fhios ag an mbeirt seo cioca aca ba
threise, do thuit splanc a bhí chómh mór le
tigh 'n-ár n-aice ar an ínse & le n-a línn sin


L. 48


do tháinig tóirneach a dhein fothrom chómh
huathbhásach gur cheapamair gur bh'í an spéir
a bhí ag tuitim anuas orainn, & i lár na
tóirnighe sin do thosnuigh báisteach ar thuitim
chómh trom is chífeá uisge ag tuitim le
heasach — & geallaim-se dhíbh nách bruighean
ba chúram leis na garsúnaibh seo ná
linn féin annsain, mar tháinig splanc &
tóirneach eile ba sheacht mhó ná an cheud
chuid.



Do rugamair go léir barróg ar a chéile
& dhírigheamair ar ghol le hanaithe, mar
shamhluigheamair nár bhfios goidé an neó-
mat a bheimís marbh & gan aon tigh i n-aon
ghiorracht dúinn go rithfimís ann & gan
aon lagara ag na tóirneacha ná ag an
mbáistigh dh'á thabhairt. I gcionn tamaill
do chuimhnigheas féin ar bhéilic a chonnac 'sa'
chliathán theas do Charraig Tighe Eoghain an
lá roimis sin & dubhart leis na garsúnaibh
go raibh a leithéid ann & go mb'fhearra
dhúinn dul fúithi. Dubhradar liom láithreach
rith orm rómpa fé n-a géin. Do ritheas
chómh maith, & do leanadar me — & is dócha
go raibh suas le fiche tóirneach tagaithe tur


L. 49


teith orainn sar ar shrois linn bheith istigh
fé'n mbéilic.



Ní raibh droch-shaoghal istigh fé'n mbéilic
againn, mar ní raibh aon dul ag an mbáistigh
ar theacht orainn, & b'é an t-anaithe ba mhó
a bhí orainn annsain ná eagla go dtuitfeadh
tóirneach anuas ar an mbéilic & go maireóbh-
thaidhe sinn fúithi. Do bhí an Sulán & Dúbhghlais
ar ár n-aghaidh amach & bhí an t-uisge 'san am
sain éirighthe chómh hárd le n-a bportaibh &
ag tosnughadh ar bheith ag sgé amach ar na
hínseachaibh; & ba gheárr eile go rabhadar
clúduighthe ag uisge.



Nuair a bhíomair mara deurfá leathuair an
chluig fé'n mbéilic d'airigheamair sgreadach
ghránna 'sa' taobh thiar dínn a sgannruigh
sinn chómh mór leis na tóirneacha. Do sháigh
Diarmuid an Phíobaire a cheann amach fé'n
mbéilic & dubhairt sé go raibh miorbhuilth
éigin chughainn aniar i mbarra tulca uisge
a bhí geall leis chómh hárd leis an gcarraig
& gur bh'ann a bhí an sgreadach & go mb'fhearra
dhúinn teicheadh linn féin as an áit 'n-a
rabhamair do phas nó go mbeimís báidhte.
Do bhí sánas beag ag an mbáistigh dh'á


L. 50


thabhairt 'san am so & ní raibh na tóirneacha
ag teacht chómh trom ná chómh tiugh is do
bhíodar. Do rith Diarmuid an Phíobaire
amach as an mbéilic & amach linn-ne 'n-a
dhiaidh. Do bhíos féin ar an bhfear déidheanach
& ba dóbair go mbeadh a rian orm, mar is
ar éigin a bhí mo chosa glan-bhailighthe agam
aisti nuair a ghluais an leac a bhí ag deunamh
sgátha dhúinn fan na haimsire ar rith síos le
cliathán na carraige & níor stop sí do'n rás
sain go ndeaghaidh sí síos go dtí á bun. Do
bhí áthas ár gcroidhe orainn ná rabhamair
fúithi mar dá mbeimís do bheadh ár gcnámha
'n-a snaois aici. Acht níor chuireamair ár
n-áthas i n-úmhail d'á chéile, mar bhí an
mhíorbhuilth a dubhairt Diarmuid an Phíobaire
chughainn aniar ag snámh ar bharra na tuile:
& cad a bheadh ann ná droichead cláir a bhí
mar a bhfuil an Seana-Dhroichead anois &
beirt fhear & beirt bhan 'n-a seasamh istigh
ann & gach aon sgread as a gcorp aca. Ní
raibh fhios againn 'san am sain gur bh'é an
droichead cláir a bhí ann ná cia hiad a
bhí istigh ann. Do dhírigheamair ar bheith
'ghá 'niúchadh. I gcionn tamaill do bhuail


L. 51


Diarmuid an Phíobaire a bhasa ar a chéile &
dhírigh sé ar ghol.



“Ó Dia linn,” arsa eisean, “sin í mo
mháthair ag sgreadaigh istigh sa tseana-
chorrachán sain, pé rud a chas ann í.”



“'Sí díreach & mo mháthair-se leis,” arsa
Seaghán Fiadhain ag sgreadaigh chómh maith
leis, “& is dócha gur dá á'irseoir iad sain
'n-a dteannta a tháinig dh'á n-iarraidh chun
iad a bhreith leó go hifreann: ní fheudfaidhe
gan sompla éigin a dheunamh díobh 'sa' chuma
bhíodar ag ithe a chéile ó chianaibh.”



Sar a raibh an corrachán tagaithe chómh
fada linn dubhairt Seaghán Fiadhain go raghadh
sé féin soir go Carraig Phuill na Bró, i
gcás go mbeadh radharc aige ar a mháthair
chun go dtéidheadh sí soir go Carraig Chnúch-
ail. Dubhairt Diarmuid an Phíobaire & sinn
go léir go raghaimís ann leis. Do rithea-
mair an fhaid a bhí sé 'n-ár gcosaibh &
bhíomair 'n-ár seasamh ar Charraig Phuill na
Bró sar a raibh an corrachán i ngiorracht dá
cheud slat dúinn, mar is amuigh ar an uisge
marbh a bhí ar na hínseachaibh a bhí sé ag snámh
& mar gheall air sin ní raibh aon deabhadh


L. 52


mór air ag gabháil soir chughainn. Do chrom
an dá gharsún ar lógóireacht arís mar a
bhíodar roimis sin.



“Feuchaídh,” arsa an Faircealach, “ar na
daoine go léir ag rith anuas na carraigreacha
thar Chlais an Mhada' Ruaidh chughainn. Ní
fheadar an bhfeudfaimís aon storán a bhaint
as an gcorrachán chun go dtigidís.”



Do bhí tor mór sailighe ag fás ar an
gcarraig 'n-ár n-aice & an t-uisge éirighthe
chómh hárd le lár an toir. Is ag deunamh
ar an dtor so do bhí an corrachán. Do
chonnac féin bata péileála ar bharra an
uisge i gcoinnibh na carraige & é i n-achrann
'sa' tor. Dubhart leis na garsúnaibh, dá
mbeadh an bata againn & é chuir i gcoinnibh an
taoibh theas do'n chorrachán nuair a bheadh sé
'n-ár n-aice, go mb'éidir go gcoingeóbhaimís
moillair chun go dtagadh an congnamh orainn.
Do thógamair an bata & nuair a tháinig an
corrachán go dtí an tor do chuireamair an
bata cliathántach roimis. Do bhí an t-uisge
chómh marbh 'san áit gur stop an corrachán
d'á shnámh & d'fhan sé i n-achrann 'sa' tor
sailighe chun go dtáinig an congnamh orainn.


L. 53


Do bhí an bheirt fhear & an bheirt bhan ag
liúghairigh fan na haimsire chun gur sábháladh
iad, is annsain a fuaramair amach cé'r
bh'iad an bheirt fhear so & goidé an bunudhas
a bhí leis an obair go léir. Constáblaithe
nua a tháinig 'sa' pharóiste seo an lá
ceudna ab' eadh iad. Do bhíodar ag gabháil
anoir trí Bheul an Gheárrtha ar línn na
beirte ban so a bheith ag troid le chéile.
Do thógadar leó 'n-a bpríosúnachaibh an
bheirt bhan chun iad a bhreith i láthair giúistís
a bhí 'n-a chómhnaidhe thuas i dtigh na Cille &,
ar línn iad a bheith ag gabháil suas an
Droichead Cláir, do thóg an tuile chun
siubhail an droichead & an ceathrar aco.
Ní raibh claidhe ná bóthar 'san am sain ó'n
Seana-Dhroichead go Poll na Bhró, acht an
áit go léir i n-aon libhéal amháin, & mar
gheall air sin, is amhlaidh a bhí marcaigheacht
bhreágh ag an gceathrar.



Sin é agaibh, a bhuachaillí, an sgannradh
is mó fuaras an fhaid atáim ar an saoghal,
& is fada é sin, mar is dócha ná maireann
aoinne d'á raibh ag Carraig Phuill na Bró
an lá uathbhásach sain acht me féin amháin.


L. 54


Dualgas an droch-chroidhe.



Do bhí feirmeóir ann fad ó, & ní bhíodh
éin-nídh ag déanamh buaidheartha dhó de ló &
d'oidhche acht cionnus do thiocfadh sé ar
shaidhbhreas do chruinniughadh. Mar seo,
oidhche amháin, bhí sé féin & a bhean ag cur 's
ag cúiteamh le n-a chéile ar an tseift do
b'fhearr chuige. Do labhair an bhean, &
adubhairt:



“Ní'l éin-tslighe is fearr chum airgid do
chnuasach 'ná gan puinn bídh do thabhairt do
na seirbhísigh & breith bhuntáisteach ar
cheannuidheacht agus bheith tiúsgalach.”



“Im' briathar,” ars' an feirmeóir, “gur
dóigh liom go bhfuil an ceart agat, &
deinimís amhlaidh.”



Ó shoin amach, nuair bheadh biadh d'á chaith-
eamh 'san tigh, ní bheadh dhá ghreim ithte ag
éinne de sna seirbhísigh nuair ghlaodhfadh an
feirmeóir ar an gcailín chum an bhúird do
thógáil suas, & do deineadh. Do chaitheadar
tamall ar an nós soin, go mór-shaothair &
go hocrach, mar ní leigfeadh náire do na


L. 55


seirbhísigh gearán go mbíodh ocras ortha.
Oidhche amháin do casadh 'sa' treó chughtha
rábaire de bhacach luath láidir, & d'fhiafruigh
sé de'n chailín aimsire ar dhóigh léi go
bhfuigheadh sé lóistín na hoidhche ó'n máighis-
treás.



“Gheobhair,” ars' an cailín; “acht bíodh
fhios agat ná fuighir puinn bídh istoidhche ná
ar maidin.”



“Cionnus é sin? ” ars' an bacach. “An
amhlaidh ná cuirfear romham é? ”



“Ní headh,” ars' an cailín. “Cuirfear
do cheart bídh romhat; acht, sul a mbeidh dhá
ghreim ithte agat, déarfaidh an máighistir
liom-sa an bórd do thógáil, & caithfead a
dhéánamh.”



“Ach! má's mar sin atá an sgéal,” ars'
an bacach, “ní fiú biorán & é.”



Annsoin d'iarr an bacach lóistín na
hoidhche ar mhnaoi an tighe, & do fuair.
Nuair do bhí an suipéir ullamh, do shuidh-
eadar go léir chum an bhúird; acht ní raibh
dhá ghreim ithte ag éinne aca, nuair dubhairt
an máighistir leis an gcailín an bórd do
thógáil suas.



“Ar mh'anam-sa! ná déanfaidh go fóill,”


L. 56


ars' an bacach, “mar ní'l trian mo shásaimh
ithte agam-sa ná aca so leis,” ar seisean,
ag tagairt do na seirbhísigh.



Ní leigfeadh náire do'n bhfeirmeóir tos-
nughadh arís, cé go raibh ocras a dhóthain air,
& d'fhan an bacach & na seirbhísigh ag ithe
chum go rabhadar sásta. Fé cheann tamaill
do chuadar go léir a chodladh, & do
cheartuigh an bacach leaba dhó féin ar an
dteinnteán le hais na teineadh. Níor leig
an t-ocras do'n fheirmeóir codladh, &, fé
cheann tamaill, d'iarr sé ar a mhnaoi éirghe
& blúire aráin do sholáthar chuige, go raibh
sé caoch ag an ocras.



“Ar mh'anam, a Sheagháin,” ar sise, “ná
fuil éan-bhlúire aráin bácálta 'san tigh.”



“Éirigh, máiseadh,” ar seisean, “& dein
císte baise, & buail fé'n luaith é, & ní bheidh
sé neómat ag bácáil ann.”



D'airigh an bacach an comhrádh so eatorra
go maith, act níor leig éin-nídh air. D'éirigh
bean an tighe, & do dhein an císte baise go
mear, & do bhuail fé'n luaith ghríosaigh é.
Annsoin d'éirigh an bacach aniar ar a
chorra-ghiob 'sa' leabaidh, & do luidh ar
chomhrádh leis an mnaoi. Do b'fhearr léi go


L. 57


mór é fhanamhaint mar a raibh sé, & is í do
bhí go searbh leis.



“Agus,” ar sise leis, go feargach, “ní
fheadar cad do b'áil le bhur leath ag lorg
déarca. Dá dtugadh sibh aire d'bhur ngnó,
níor ghábhadh dhíbh bheith 'n-bhur stráilíbh dío-
mhaoine ins na cúinní ag na daoinibh.”



“Tá gach uile phioc de'n cheart agat, a
bhean an tighe,” ars' an bacach; “acht, im'
thaobh-se dhe, ní raibh leigheas agam air. Do
cheapas lá dem' shaoghal ná beadh éan-
ghábhadh agam go bráth le dul ag lorg
déarca. Seo mar ghaibh an saoghal liom:
Bhí beirt dearbhráthar againn ann, &, nuair
bhí ár n-athair ag dul chum báis, d'fhág sé
feirm mhór thailimh againn araon, & dubhairt
sé linn dá leath a dhéanamh dhi eadrainn, &
go raibh maireachtaint do bheirt againn
innti. Sin mar bhí. Do cailleadh an sean-
bhuachaill, & do chuireamar go galánta é.
Tamall 'n-a dhiaidh sin do thosnuigheamair
ar an fheirm a roinnt, & do thógamair
claidhe teórann mar seo,” ar seisean, ag
tarraing stríce tríd an luaith i leith & tríd
an gcíste baise.



“Airiú! ” ars' an bhean go feargach,


L. 58


“leig ded' stríocanna, & ná bí ag árd-
ughadh luaithe ar fuid an tighe.”



“Éist, a bhean,” ars' an bacach, “go
n-innsim mo sgéal duit. Tar éis an chlaidhe
a thógáil, ní raibh mo dhearbhráthair sásta.
Dubhairt sé go raibh an taobh do b'fhearr
de'n fheirm agam-sa. Annsoin do b'éigin
dúinn teacht & claidhe eile do thógáil mar
seo,” ar seisean, ag tarrac stríce eile
tríd an luaith & tríd an gcíste.



“Airiú,” ars' an bhean, “táim dhá rádh
leat leigint do'n luaith,” cé nach ar mhaithe
leis an luaith bhí sí, acht ar mhaithe leis an
gcíste.



Níor dhein soin do'n bhacach é. Do lean
sé ar a sgéal:



“Tar éis an chlaidhe eile seo do thógáil,”
ar seisean, “ní raibh mo dhearbhráthair
sásta, & do b'éigin dúinn claidtheacha do
thógáil mar seo & mar seo,” ar seisean, ag
tarrac stríocanna tríd an gcíste chum
gur loit sé é. Nuair bhí soin déanta aige,
“'Sé críoch an sgéil,” ar seisean, “gur
bh'éigint dam an fheirm fhágáil ar fad ag
mo dhearbhráthair & imtheacht ag lorg
déarca dham féin.”


L. 59


“Nár ghabhaidh críoch is fearr 'ná é thú,”
ars' an bhean, ag iompáil uaidh síos, & ag
dul fé dhéin fir na leapthan.



“An bhfuil an císte agat dam? ” ar
seisean.



“Ní'l,” ar sise, “mar do loit an bacach
orm é.”



“Och, Dia linn! ” ar seisean. “Cad do
dhéanfad ar éan-chor? Ní mhairfead ar
maidin. Preab amach,” ar seisean léi,
“& crúidh braon leamhnachta dham, & caith
gráinne mine coirce tríd.”



Dó dhein chomh maith. Amach léi & do
chrúidh braon leamhnachta, & do mheasg
gráinne mine coirce tríd. Níor bh'é dear-
mhad an bhacaigh preabadh amach go doras
an chró & é iarraidh uirri. Shín sí chuige an
galún, mar cheap sí gur bh'é a fear féin a bhí
ann. D'ól an bacach go tapaidh é, & isteach
leis 'sa' chúinne. Fé cheann tamaill do
tháinig an bhean isteach, & dhein ar a leabaidh
dhi féin chum dul a chodladh.



“Tabhair dham an galún,” arsa fear na
leapthan.



“Airiú, a Sheagháin,” ars' an bhean, “nár
thugas duit cheana ag dorus an chró é.”


L. 60


“Uch! Dia go bráth linn,” ar seisean,
“níor fhágas an leabaidh ó shoin. Is dócha
gur do'n bhacach do thugais é, pé diabhal do
chas chugainn é.”



'Seadh, níor bhacadar le héin-bhiadh eile
do sholáthar go maidin, & do mhair an
feirmeóir. Go moch ar maidin d'fhág an
bacach slán aca, & níor ith sé broicfeast ná
eile, bhí a bholg chomh teann soin d'éis na
mine coirce; & is dócha nár bh'é an-ghuidhe
fóghanta do thug an feirmeóir dó ar linn
sgaramhaint leis. Níor bhog an sgannradh
so croidhe an fheirmeóra chum éin-cheart do
thabhairt do na seirbhísigh, & fé cheann
tamaill ní fhanfadh seirbhíseach aige ar ór
ná ar airgead, &, i n-ionad saidhbhris do
chruinniughadh, is amhlaidh do briseadh as a
chuid tailimh é, & do b'éigint dó féin & d'á
mhnaoi dul chum martha i mbothán bocht
dealbh ar thaobh bóthair. Oidhche áirithe dá
raibh an lánamha bhocht so ag troid le chéile,
gach éinne aca ag cur milleán bheith bocht ar
an nduine eile, do labhair guth leó, &
adubhairt:



“Tabharfad-sa caoi dhíbh ar bheith go
saidhbhir arís, má's maith libh é. Tabharfad


L. 61


aon trí athchuingí is maith libh dhíbh, & tabhar-
fad cheithre uaire fichead díbh chum macht-
naimh.”



'Seadh, do bhíodar go háthasach anois, &
do sguireadar de'n achrann, & do
luidheadar ar chainnt go cneasta le chéile,
is iad ag smaoineamh ar an saidhbhreas do
bheadh aca ar ball. Do bhí teine bheag dheas
bhrothalach ar a n-aghaidh amach. Fé cheann
tamaill dubhairt an tsean-bhean:



“Badh mhaith liom go mbeadh turcaoi
reamhar agam anois, mar badh dheas a
róstfainn é.”



Airiú! láithreach boill do tháinig sgrog-
alach de chearc Fhranncach breagh reamhar
anuas an simné chughtha. D'fhéach an sean-
duine uirthi le droch-mheas i dtaobh a olcas a
bhí a hathchuinge curtha aici, & le seirbhthean
chúighthi dubhairt sé:



“Ba mhaith liom go gceanglóghadh an
turcaoi céadna suas do bharr do chuinncín.”



Airiú, is ar éigin bhí an focal as a bhéal,
nuair cheangail an turcaoi suas do chuinncín
na mná.



“Is deas an athchuinge iarrais go
deimhin,” ar sise. “Sin dá cheann aca


L. 62


imthighthe go holc uainn. Cad iarrfam
anois? ”



“Iarraimís ár ndóthain óir,” ar san
seanduine, “& cuirfead clúdach óir
leathsmuigh de'n turcaoi sin, & beidh tú ar
an mnaoi uasail is breaghtha 'sa' domhan, &
chíonn an talamh gur dheacair sin a dhéanamh
dhíot,” ar seisean.



“Ó! ní dhéanfadh éin-nídh an gnó,” ar
sise, “acht an turcaoi bhaint díom-sa arís.
Iarraim an turcaoi seo bhaint díom-sa
arís,” ar sise.



Láithreach boill do thuit an turcaoi d'á
cuinncín, & amach an simné leis.



Do bhí na trí athchuingí fachta aca, & iad
curtha go holc aca.



Bliadhain ó'n oidhche sin do bhíodar arís
ag troid le chéile 'sa' bhothán, nuair labhair
an guth leó:



“'Seadh,” ar seisean, “tabharfad dá
athchuinge anocht díbh & caithfidh sibh iad
d'iarraidh láithreach, & iarraidh rud éigin
fóghanta.”



'Sí an tsean-bean do labhair ar dtúis:



“Iarraim,” ar sise, “lán meidre de


L. 63


phreabánaibh chum bríste an tsean-bhuachalla
do dheisiughadh.”



“Ó! mhaise,” ars' an seanduine, le bárr
feirge chúighthi, “iarraim-se gach éin-cheann
riamh dhíobh do ropadh siar id' sgórnaigh & tú
tachtadh.”



Láithreach boill do tachtadh an tsean-
bhean leis na ceirteachaibh ar a aghaidh amach.
Do fuair na síothmhaoir amach go raibh an
tsean-bhean marbh, & do tógadh an
seanduine. Do dhein fínné an dochtúra é
dhaoradh, mar dubhairt sé gur thacht an sean-
duine le ceirteachaibh í. Do crochadh
an seanduine annsoin, & sin í an chríoch do
ghaibh an Feirmeóir Ocrais.



Sgríobadh an Chorcáin.



“Nach é an cat marbh chas chum na háite-si mé
'S a liacht cailín deas do fhágas-sa im' dheidh.”



Bhí fear ann tá tamall maith ó shoin gur
bh'ainm do Seaghán Córach. Bhí sé 'n-a chomh-
nuidhe le n-a mháthair i dtigh bheag dheas
chluthmhar, & bhíodar go lán-tsásta &
a ndóthain le n-ól & le n-ithe aca. Is é an
sórt suipéir a bhíodh aca gach oidhche leite


L. 64


mine buidhe. Nuair bhíodh sé beirbhthe do
thógadh an mháthair a cuid féin amach i méis,
& d'fhágadh sí cuid Sheagháin 'sa' chorcán; &
do chaitheadh sí taosgán bainne isteach ann.
D'itheadh Seaghán go meidhreach sásta mar
sin é, & ní bheadh éin-mheas ar éan-chor aige
air muna bhfuigheadh sé as an gcorcán é.



Do ghlaoidh an mháthair Seaghán chúichi aon
lá amháin & dubhairt sí:



“A Sheagháin, a stóraigh, táim ag smaoin-
eamh le tamall go bhfuil sé i n-am agat
bheith ag cuimhneamh ar phósadh, & ar mhnaoi
óig éigin d'fhagháil duit féin, mar tá fhios
agat go maith go bhfuilim-se ag dul i
gcríonnacht, & ná féadfad maireachtaint i
bhfad eile & mo lán tsaoghail d'fhagháil, &
bíodh fhios agat ná beidh compórd ort chum
go mbeidh bean éigin agat a dhéanfaidh
gnó an tighe dhuit.”



Geallaim-se dhuit ná raibh éin-leisge ar
Sheaghán an chomhairle sin do ghlacadh ó n-a
mháthair, mar bhí fonn pósta air féin le
tamall.



Chum mo sgéal a dhéanamh gairid, do phós
Seaghán cailín deas triopallach go raibh súil
aige uirthi le tamall. Dubhairt máthair


L. 65


Sheagháin léi féin, mar ba bhean chiallmhar í,
go n-imtheóghadh sí go dtí tigh deirbhshéar di
do bhí 'na comhnuidhe i n-aice dhi, & go bhfág-
fadh sí an tigh fé'n lánamhain nua-phósta —
go ceann cúpla seachtmhain, pé i n-Éirinn
é. Bhí Seaghán go meidhreach ar feadh an lae
tar éis a phósta — mar bhíonn gach éan-fhear
mar é. Nuair a tháinig am suipéir do chuir
an bhean óg an leite síos, & nuair bhí sí
beirbhthe do leig sí amach ar dhá mhéis í, is
thug sí copán breagh leamhnachta do Sheaghán
le n-a chuid féin. Do dubhadh & do gormadh
ag Seaghán bocht nuair chonnaic sé ná fuigh-
eadh sé an corcán le sgríobadh ó n-a mhnaoi
mar fuair sé i gcomhnuidhe ó n-a mháthair.
D'ith sé cúpla greim de'n leite & annsoin
d'éirigh ó'n mbórd go mí-chéadtach neamh-
shásta. Do shuidh sé 'sa' chúinne go dubhach
doilgheasach gan oiread & focal do labhairt.
Do dheun an bhean óg a dícheall chum an
tormais do bhaint de, acht pé rud do
dhéanfadh sí ní fhéadfadh sí húm ná hám do
bhaint as. Do bhí sí ag briseadh a croidhe
ag iarraidh cuimhneamh ar dhein sí éin-nídh
do chuirfeadh pus ar Sheaghán, acht dá
mbeadh sí ag smaoineamh go deóidh ní bheadh


L. 66


pioc dá bhárr aici. Do thug an bhean bhocht
an dara suipéar & an tríomhadh suipéar dó
mar an gcéadna, & ní misde dhuit a rádh
ná gur bhrónach neamh-shíbhialta an fear tighe
Seaghán an uair sin. Nuair theip ar a
mhnaoi cainnt ná gáire do bhaint as, d'im-
thigh sí go dtí a mháthair & í ag gol 's ag
bladhraigh & do 'nis sí a sgéal brónach tríd
síos di.



“Eist go fóill, & bíodh stuaim agat,”
ars' an mháthair. “Cad do thugais do chum
suipéir? ”



“Thugas leite mine buidhe dhó,” ars' an
cailín bocht.



“Cionnus ar thugais dó í? ” ars' an
mháthair.



“Thugas dó í chomh maith is d'fhéadfadh
éinne í thabhairt dó,” ar sise. “Do leigeas
amach ar mhéis ghlain dó í, & do thugas copán
breagh leamhnachta dhó léi.”



“Anois,” ars' an mháthair, “éirigh a bhaile
arís, &, nuair dhéanfaidh tú an leite anocht,
tóg do chuid féin amach ar mhéis & fág
cuid Sheagháin ins an gcorcán. Caith taos-
gán bainne isteach ann is tabhair dó an
corcán chum ithte as.”


L. 67


D'imthigh an bhean óg a bhaile & do dhein sí
mar a dubhairt máthair a céile léi. Nuair
fuair Seaghán an corcán, do léim sé go
héadtrom éasgaidh as an gcúinne. Do
bhuail sé a dhá bhais le chéile le háthas
croidhe. Ní misde a rádh ná go raibh fear
tighe súgach sásta luthgháireach aici as soin
amach.



Sin é mo sgéal-sa, & má tá bréag ann,
bíodh, mar ní mise chúm ná cheap é.



Sgéal an daill.



Mórán bliadhanta ó shoin thárla gur
casadh dall go tigh Mhuinntir Iarfhlatha ar
Chúil an Mhothair i mBaile Mhúirne. 'San
am úd bhí na daoine chomh neamhspleádhach
& chomh fial go dtiubhraidís óstuigheacht
do dheóraidhe ar feadh leath-bhliadhna,
b'féidir. De dhaoinibh ghalánta b'eadh an
dall so, & bhíodh capall aige chum é ais-
triughadh ó áit go háit. Nuair do tháinig
sé um thráthnóna go tigh mhuinntir' Iar-
fhlatha, cuireadh a chapall ag fosaidheacht i
bpáirc do bhí fé bhun an tighe. I mbun na


L. 68


páirce seo bhí tonnán bog, & dá mbeadh sé
de dhonas ar éin-bheithidheach go raghadh sé
isteach ann, ní ró-éasgaidh do rithfeadh leis
teacht amach as. Pé rud do chas capall an
daill chum na háite seo, do casadh ann é,
&, nuair chonnaic sé an féar breagh bog ag
fás ar an dtonnán, chuir sé dúil ann.
Chuaidh sé isteach, &, mó dhá léir! súghadh
síos go cnámh an droma é, & báitheadh
nó múchadh an beithidheach bocht ar an láthair
sin.



Nuair ghaibh an buachaill aimsire amach ar
maidin fuair sé an capall báidhte 'sa'
tonnán, & tháinig sé láithreach boill ag
triall ar an dall leis an sgéal. Buachaill
deagh-labhartha b'eadh é, mar gach buachaill
d'á shórd 'san aimsir úd — ní mar a chéile
iad & súmairí na haimsire seo. Bhí úr-
labhra & éirim aco an uair sin. Bhí éin-
theanga amháin aco go fóghanta & bhí fios
aca cionnus an chaint do chur i ndiaidh a
chéile. Ní mar sin dóibh anois, ní'l Béarla
ná Gaedhilg aca, acht iad ag aithris ar an
seóinín.



Chum filleadh ar mo sgéal, tháinig an
buachaill isteach, & bhí an dall i n-a shuidhe


L. 69


'san gcúinne, & is mar seo d'innis sé an
tásg do:-



“A shoilbh-fhir fhairsing i nGallaibh ná bíodh
do speóis;



Tubaist do ghlacadh feasta ní'l slighe
aige rómhat;



I mullach do chapaill go bhfaca-sa nídh ba
mhó



'Ná cineadh na bhfearann gur baisteadh
do shinnsear romhat.”



Do thuig an dall brígh na bhfocal go
blasda. 'Sé an fáth go ndubhairt an buach-
aill “go bhfaca sé nídh ba mhó i mullach a
chapaill 'ná cineadh na bhfearann gur bais-
teadh le n-a shinnsear roimis,” mar gur ó
Ghleann an Phréacháin an dall, & thuig
seisean, mara mbeadh an capall bheith
marbh, ná beadh na préacháin ag luighe air.



Geallaim-se dhuit go raibh an dall
deagh-labhartha a dhóthain do'n bhuachaill, & is
é seo an freagra do thug sé air:



“A Éin-mhic, d'fhágais ar lár an anróidh
mé,
Agus d'fhágais mo shála ag trácht na
gcam-bhóthar;


L. 70


Má leag an bás ar lár 'san neanntóig é,
Bheirim mo shlán fé'n mbáille i ngeall-
thóireacht.”



Chuir an dall i n-umhail do'n bhuachaill dá
dheas-bhéalaighe do bhí sé, má bhí a chapall
báidhte, ná raibh éin-bheann aige ar an
mbáille.



Bhí cliamhain do Mhac Uí Iarfhlatha 'san
tigh an mhaidin sin darab leas-ainm “Tadhg
na Súl mBeag.” Ceithearnach mór do
b'eadh Tadhg, & theastuigh uaidh go ndéan-
fadh an dall bhéarsa amhráin ag moladh a
mhuinntire féin. Ní freagra ró-cheannsa do
thug an dall air, mar nár thuill treibh
Thaidhg éan-mholadh. Ghaibh tolamhóire Tadhg,
& thug sé clabhtóg do'n dall bhocht, i dtaobh
é eiteach, & dhein sé rann é féin an uair
ná déanfadh an dall dó é. Is mar seo
adubhairt Tadhg:



“Is dubhach liom an chumhangracht 'n-a
n-airighim iad,
Na húir-fhir ó'n Rúsgaigh do bheathuigheadh
cliar,
Complacht nár dúnadh a ngeataí riamh,
'Gus nár túrnadh i súgradh 'ná i ngleac-
aidheacht iad.”


L. 71


Bhí fearg go leór ar an ndall um an am
so, &, nuair d'airigh sé an rann so, chuir sé
ag machtnamh é.



Ní raibh a chuid filidheachta ar iarraidh ag
an ndall, mar ba ghairid an mhoill ar Tadhg
do chur 'n-a thost, & is mar seo adubhairt
sé:-



“'Sé an chúis nár túrnadh san
ngleacaidheacht iad,



Mar i bhfionntar an phúdair ní bhfachtaoi
iad;



Úr-mhairt thar triúchaibh do bheathuigheadh
iad,



'S i ngioll le corr-chionntaibh do
chrochtaoi a dtrian.”



Geallaim-se dhuit nár fhág an dall
puinn measa ag Tadhg air féin ná ar a
mhuinntir. D'órduigh an dall é chur go tigh
duine mhuinnteardha do bhí ag Tír-ghaoth i
n-aice Dhroichid na Tuinne. Chuir Mac Uí
Iarfhlatha capall & giolla leis do'n áit, &,
nuair bhí an giolla ag fágaint na háite, do
tugadh litir dó chum í thabhairt do Thadg na
Súl mBeag. D'osgail Tadhg an litir, &
'é an nidh do bhí innte 'ná bheith ullamh a


L. 72


leithéid sin de lá chum sásaimh do thabhairt i
gclabhtóig an daill. 'Sé an áit gur chuir-
eadar coinne ar a chéile 'ná ag Gúgán
Barra. Tháinig lá an choinne, is ní beag an
iongnadh acht an sluagh bhí bailighthe ag
Tadhg & bhí sluagh an daill láidir go maith
leis. Tarraingeadh amach na fir ar gach
taobh mar déanfaidhe ar pháirc an bhuailthe,
& phlanncadar a chéile láithreach boill. Im'
basa féin bhí sluagh Thaidhg ró-láidir do
chuid an daill, acht, ag déanamh amach ar an
dtráthnóna, tháinig gasra d'fhearaibh
lúthmhara aniar andeas de dhruim na sléibhte
chum an daill. Ní misde dhuit a rádh 'ná
go dtugadar so bualadh breagh do mhuinn-
tir Thaidhg ar an láthair sin. B'fhurus d'á
chuid fear méar do chur ar phaiste tinn tar
éis an lae úd; b'í an chlabhtóg ba thinne í
d'á dtug Tadhg d'éinne riamh. Fear mór
bruighne b'eadh Tadhg i gcomhnuidhe, acht ó
bhuadhuigh an dall ar, ag an nGúgán, níor
tharraing sé éan-bhruighean chum go ndeagh-
aidh sé 'san uaigh.


L. 73


An Iasacht.



Ins an aimsir do ghaibh tharainn is tighthe
cinn tuighe is mó bhí ar fuaid na tíre, &
ins an am sain do chuireadh na daoine ar
bhárr an tsimné, mar fheabhas air, rud éigin
déanta de shlataibh, i bhfuirm cléibh no
chiseáin, mar bhriseadh ar an ngaoith,
i n-ionad na bpíopaidhe a curtar anois
ionnta.



Do bhí fear ann & do dhein sé
morán saidhbhris go cruadhálach ar beagán
fagháltais. Do bhí aon inghean amháin aige
& ní fheadair sé cionnus d' fhéadfadh sé
cleamhnas do dhéanamh di le duine mór
éigin.



Do bhí fear óg ins an gcómharsanacht
aige go raibh slighe mhór martha aige, acht
go raibh sé beagán rabairneach, mar is
gnáth le n-a leithéid a bheith. Do chuir sé
teachtaireacht chum an fhir seo feuchaint an
dtabharfadh se a inghean dó le pósadh. Do
tháinig áthas a croidhe ar an inghin & ar
a máthair mar gheall ar an sgéal, & do


L. 74


cheapadar lá do'n teachtaire chum an fhir
óig do theacht chúcha ag déanamh an chleamh-
nais.



Do dhein bean an tighe & a hinghean
an tigh suas go háluinn i gcómhair lae an
choinne. Do bhí gach aon nídh go ró-mhaith
acht go raibh an simné go holc acu. Agus
níor bh'fhuláir leis an inghin & leis an
máthair go gcaithfeadh fear an tighe dul a
d'iarraidh iasacht' cléibh acu so, ar dhuine dá
gcómharsanaibh, ar feadh lae an chleamhnais.



Is mar sin do bhí. Do fuair sé an iasacht
& chuir sé i mbárr an tsimné é.



I gcaitheamh lae an chleamhnais dóibh, is
dócha ná rabhadar spárálach ar an móin.
I ndeireadh an lae amach do las an simné
& an cliabh i dteannta a chéile. Ba
mhó an bhruid ar neómat ag múchadh an
tighe 'ná ag cur críche ar an gcleamhnas.
D'imthigh na daoine iasachta a bhaile &
an cleamhnas gan déanamh.



Seo mar dubhairt an seanduine & é
go cráidhte —


L. 75


“Mo dhiachair, mar iarras lucht imeartha
's óil!



Mó dhiachair, mar iarras lucht fichidí bó!



Mo dhiachair, mar iarras cliabh cruinnighthe
smóil!



Mo dhiachair an iasacht, 's an teine 'ghá
dóghadh! ”



Budh chóir an iasacht a chur a-bhaile.



Sgéal aonaigh an phuic.



Lá do thaisdealas ar an dtaobh thiar do
Chiarraidhe, & do casadh tré aonach an-mhór
mé. Chonnaic mé i n-áirde ar stáitse
buicín gabhair & é ceangailte, & ribíní do
bhí ceangailte d'á adharcaibh d'á séideadh
leis an ngaoith, & go deimhin daoibh, níor
fhéadas gan gáire nuair do chonnac é.



D'fhiafruigheas d'fhear do bhí lem' ais,
caidé an brígh do bhí leis an mbuicín gabhair
a bheith ceangailte ar a leithéid sin de
shlighe.



D'fhreagair sé mé go maith, & is é an
chuma gur innis sé dham é, mar seo:-



Bhí bean óg pósta ag fear críonna fad ó,


L. 76


&, mar is gnáthach le cleamhnas mar sin
d'ionntáil amach, níor thaidn an fear leis an
mnaoi & ní raibh ceart ná cóir d'á thabhairt
aici dho.



Bhí bruighean mhór eatortha aon lá amháin
& do dhíbir sí an fear bocht ar fad.
Do shiubhail sé roimhe go dtáinig sé go
cnoc mór árd. Do bhuail sgata gabhar
annsain uime & buicín 'n-a measg. D'fhia-
fruigh an buicín de, cad do bhí air, nó goidé
an fáth go raibh sé amuigh comh déidhéanach.
D'innis sé a sgéal tríd síos do. Dubhairt
an buicín leis cleith mhaith láidir do bhaint
& teacht ar a dhrom.



“Ní'l aon sgian agam,” ars' an fear.



“Léig do, máiseadh,” ars' an buicín, “&
bainfead-sa féin é.”



Do bhuail sé buille d'á adharcaibh ar chrann
mór cuilinn do bhí ag fás le n'ais, & bhris
géagán mór de.



“Tar annso ar mo dhrom,” ar sé, “&
bíodh geall go míneochad-sa í.”



Dhein sé mar sin & nuair a tháinig an
buicín go dtí an tigh, thug sé a adharca
do'n doras & chaith isteach fé'n dtigh é.
Bhuail sé suas chun na teineadh & do chimil


L. 77


sé a mheigeall anonn & anall tré an choigilt
& d'éirigh an baluithe gránna ar fuaid an
tighe.



Dubhairt an bhean leis an mbuachaill
aimsire éirghe, mar go raibh rud éigin d'á
dhóghadh. Chuir an buachaill uime, & siúd
suas chun na teineadh é, & do thárla gur
chuir sé lámh ar dhrom an bhuicín & do
ghreamuigh a lámh comh daingean d'á dhrom
ná féadfadh sé é tharraing.



Nuair dob' fhada le bean na leaptha ag
feitheamh, chuir sí an cailín aimsire ag
féachaint cad do bhí 'á choimeád uaithi.
D'éirigh an cailín, & cá gcuirfeadh sí a lámh
ná ar dhrom an bhuachalla & do ghreamuigh
sí dhe mar an gcéadna. Chimil an buicín a
mheigeall arís sa teine &, nuair ná raibh
buachaill ná cailín ag filleadh, d'éirigh bean
an tighe fé dheireadh, & siúd fé dhéin an
bhaluithe ghránna í mar an bheirt eile, & cá
gcuirfeadh sí a lámh ná ar dhrom an chailín,
& do ghreamuigh a lámh mar an bheirt eile &,
'nuair a fuair an buicín bean an tighe
ceangailte, siúd amach an doras é, fear
an tighe ar a dhrom & an buachaill, an
cailín & bean an tighe 'n-a dhiaidh aniar.


L. 78


D'ionntuigh sé a aghaidh ar dhaingean
Uí Chúis mar a raibh aonach an lá céadna,
& ní rabhadar i bhfad ar siubhal nuair a
casadh fear bóthar a shocrughadh ortha & a
shluasad 'n-a láimh aige. D'iarruigh an
bhean ar son Dé air, buille de'n tsluasaid
a thabhairt di & í sgaoileadh. Bhuail an
fear í, acht, má dhein, níor éirigh leis. Do
cheangail an tsluasad do'n mhnaoi & lámh
an fhir do'n tsluasaid & siúd chun bóthair
é arís.



D'ionntuigheadar aghaidh ar áit go glaodh-
ann siad Céim Cairrge uirthe, i n-aice
Sráide an Mhuilinn. Níor chuireadar puinn
bóthair díobh 'nuair bhuail sluagh saighdiúirí
umpa, & do liúigh fear na mbóithre ar an
gcaptaon buille d'á chlaidheamh a thabhairt
do shámhthach na sluaisde & é do ghearradh,
go raibh rud éigin d'á cheangailt & ná
feadair sé goidé an rud é, marab é an
diabhal é, & is dócha gurb' é sain féin é,
& sin é annsain ar dtosach é ag a bhfuil
na hadharcha móra fada air, & Dia lem'
anam, thainig truagh ag an gcaptaon do
& bhuail sé buille d'á chloidheamh ar shámhthach
na sluaisde, &, má dhein, b'fhearr leis ar


L. 79


ball go gceapfadh sé a shuaimhneas, mar
do cheangail a chloidheamh do shámthach na
sluaisde & a lámh do'n chloidheamh & siúd
chum bothair é arís.



Do liúigh sé & bhéic sé ar a shaighdiúiríbh
gan é leigeant ar siubhal leo. Rug ceann
de na saighdiúiríbh ar an gcaptaon chun é
stracadh ó'n gcuid eile, acht do cheangail
a lámha dhe. Rug saighdiúir eile air sin
& saighdiúir eile ar an tríomhadh fear &
mar sin dóibh go rabhadar go léir ceang-
ailte i n-aon líne amháin & siúd chun
bóthair arís é & iad go léir n-a dhiaidh.



Thug an buicín bocht cúrsa an aonaigh
trí huaire. D'ionntuigh sé tar n-ais ann-
sain & d'fhág sé gach aon duine mar a
bhfuair sé é. Sul ar sgaoil sé an bhean
dubhairt sé le n-a fear bataráil mhaith a
thabhairt di (& níor mhisde dhuit a rádh ná
gur théidheadh na claoitheáin go maith dhi
sul ar sgaoil sé í) & dá mbeadh sí go
h-olc a thuilleadh go raibh fhios aige cá
raibh sé fhéin 'n-a chomhnaidhe.



Do mhúin an méid sin ciall do'n mhnaoi
& níor thug sí droch-fhocal d'á fear riamh ó
shoin, & ó'n lá sain go dtí an lá


L. 80


tá indiu ann tá an buicín aonach an mhí
sain i n-áirde ar a stáitse, & sin críoch
ar mo sgéal.



Donnchadh an chaipín agus an dreóilín.



Do bhí dreóilín ann fad ó & do chean-
nuigh sé feirm thailimh, mar do bhí congnamh
mór de chlainn aige le n-a hoibriughadh. Acht
ní raibh a dhóthain airgid aige chum díol as
an bhfeirm, &, uime sin, do chaith sé
dá chéad púnt do ghlacadh ar iasacht ó'n
nDiairmín Riabhach. Do bhí an oiread soin
ionntaoibhe ag an nDiairmín Riabhach as ma-
cántacht an Dreóilín nár iarr sé urradh ná
áirighthe air. Nuair ba mhithid leis a chuid
airgid do fhagháil thar n-ais, d'iarr sé go
bog réidh é, acht freagra nár bh'fhóghanta do
thug an dreóilín air.



Do chuir so fearg iongantach ar an
nDiairmín Riabhach, & láithreach boill do
chuaidh sé go dtí a fhear dlighe, & do
thug ordughadh seirbheála ar an nDreóilín.
Dar ndóigh, ní raibh ó'n bhfear dlighe acht an
focal, & láithreach do sgríobh sé amach


L. 81


órdughadh dian deangmháltha, & chuir ar
láimh an bháille é. 'Sé Dhonncadh an chaipín
an báille do bhí ann an t-am soin, &
nuair do fuair sé an tseirbheáil, do ghluais
sé air fé dhéin tighe an Dreóilín.



Is amhlaidh mar do fuair sé é roimis ná
ag bualadh choirce, é féin & seisear mac
do. Ní raibh aithne ró-mhaith ag Donnchadh
ar an bhfear do bhí le seirbheáil aige, &
de bhrígh go raibh an seisear mac chómh mór
chómh acmhuinneach leis an seana-bhuachaill,
níor fhéad sé a dhéanamh amach ciaca an fear
ceart le seirbheáil, & tar éis lae fhada
mhín díreach do chaitheamh ag féachaint orra
ó mhullach stáca, dob' éigint dó filleadh
a bhaile um thráthnóna, gan a ghnó do
dhéanamh.



Is searbh do bhí an Diairmín Riabhach, ar
gclos an sgéil seo dho, acht ní raibh
leigheas air acht bheith brónach. Do
chuaidh an Diairmín Riabhach & Donnchadh
i n-éinfheacht go dtí an fear dlighe, & is
í an chomhairle do thug seisean dóibh
leigint do Dhonnchadh dul tar n-ais la'r n-a
bháireach &, pé gnó do bheadh ar siubhal
ag na dreóilíníbh, luighe ar bheith ag moladh


L. 82


an tseana-bhuachalla, &, mar gur bh'fhear
luaith-intinneach é, go labharfadh sé, &
annsoin go bhfuigheadh sé aithne air.



Sin mar bhí, & d'imthigh Donnchadh air
lá'r n-a bháireach & do bhí na dreóilíní
arís ag bualadh an choirce roimis. D'fhan
sé ag féachaint ortha tamall mór. Acht
amach timcheall aimsir dinnéir, do bhíodar
ag bualadh leó go te. Annsoin do labhair
Donnchadh ó bharr an stáca & dubhairt:



“Moghreinn do bhuille, a sheana-bhuachailll.”



“Airiú,” ars' an Seana-Dhreóilín, “bíd
siad so ag dul suas is anuas liom-sa, acht
ní'l cabhair dóibh ann fós.”



“Seadh, má'seadh,” arsa Donnchadh.
“Bíodh so agat uaim-se,” ag síneadh na
seirbheála chuige.



Níor bheag de sheó an canncar do chuir
an cleas so ar an nDreóilín & do thug
sé na mionna go mbeadh sásamh aige a
Donnchadh. Tamall 'n-a dhiaidh sin do
fuair sé caoi ar phóig do ghoid ó mhnaoi
Dhonnchadh, Máirín a' Trúis, & riamh ó
shoin tá éad ar Dhonnchadh le n-a mhnaoi féin,
& gach dreóilín riamh ó shoin ag imirt


L. 83


air i gcás go bhfuair an Dreóilín sásamh
maith ann.



AN GOBÁN SAOR.



An Gobán Saor do mhairbh sé caora
& do chuir sé a mhac ag díol an chroicinn.
Dubhairt sé le n-a mhac gan an croiceann
a dhíol go bhfaghadh sé an croiceann 's a
luaghacht. D'imthigh sé d'á dhíol & ní bhfuair
sé éinne an lá sain do cheannuigh é. An
tarna lá do bhuail cailín uime & d'fhiafruigh
sí dhe cad air go ndíolfadh sé an croiceann.
Dubhairt sé gur'b ar an gcroiceann 's a
luaghacht. Stath sí an olann de annsain
& thug sí dho an feilt & an méid ab' fhiú
an olann. Nuair a tháinig sé a bhaile
annsain, d'fhiafruigh a athair de cé cheannuigh
an croiceann & dubhairt sé gur cailín i
dtosach na sráide, inghean baintreabhaighe.



Do chuir an Gobán annsain gairm sgoile
amach chun dínnéir a bheith ann a leithéid sin
de lá & thug sé cuireadh dínnéir do'n bhain-
treabhaigh & d'á triúr inghean. Nuair a bhí
an dínnéar caithte aca, thug sé isteach 'sa'


L. 84


rúm an chéad inghean & thaisbeán sé feircín
óir di. D'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh
sí leis, dá mbadh léi é. Dubhairt sí ná
feadair sí cad do dhéanfadh sí leis acht
bheith ag féachaint air rith an lae. Dubhairt
sé ná déanfadh sí an gnó, & thug sé isteach
an tarna hinghean. Labhair sé leis an tarna
hinghin & d'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh
sí leis, dá mbadh léi é. Dubhairt an tarna
hinghean ná feadair sí pioc cad do dhéan-
fadh sí leis acht bheith dh'á chaitheamh léithi, gur
dhóigh léi go seasóghadh sé go deó í. Thóg sé
isteach annsain an tríomhadh hinghean &
d'fhiafruigh sé dhi cad do dhéanfadh sí leis.
Dubhairt sí leis cad do dhéanfadh sí leis acht
é chaitheamh 's a chnósach. Dubhairt sé go
ndéanfadh sí sain an gnó annsain & d'iarr
sé ar a máthair í mar bhean a mhic.



Pósadh iad, & an chéad lá chuadar amach
ag obair, dubhairt an t-athair leis an mac an
bótar a cur i ngirreacht do. Ní fheadair an
mac caidé an brígh bhí ag an athair & ní
dubhairt sé éinní & chasadar a bhaile arís, &
d'imthigheadar i mbáireach & dubhairt an
t-athair arís: “A mhic ó, bhí a' cuir a' bhóthair
i ngirreacht dúinn,” & ní fheadair an mac


L. 85


cionnus, & nuair a thángadar a bhaile, d'fhia-
fruigh a bhean cad do bhí dh'á dtabhairt a bhaile
& dubhairt a fear léi gur'b é a athair adeir-
eadh leis bheith ag cur an bhóthair i ngirreacht
& ná feadair sé féin cad do thugadh a bhaile
annsain é.



“Nuair imtheóghair-se i mbárach,” ar sise,
“& nuair a déarfa sé leat an bóthar a chuir
i ngirreacht, tosnuigh ag innsint sgéil fan
bhóthair.”



Chomh maith d'imthigheadar chun cinn i mbár-
ach & chuadar i bhfeighil an ghnótha & dubhairt
an t-athair leis an mac:



“Ná bí choidhche gan cara mhná tighe agat.”



D'innis sé d'á mhnaoi cad dubhairt an
t-athair leis. Dubhairt sí leis go mbeidís
ag dul go Sasana chun cúirt do dhéanamh, &,
nuair a thiocfaidís chun a ndínnéir a dh'ithe,
go bhfaghaidís uisge chun a lámha a nighe, a
leogaint do'n Ghobán óg a lámh do chur 'san
uisge & a spreacadh do'n uisge do chaitheamh
ortha, &, nuair a gheobhadh sé an tubháille 'na
láimh, buille do'n tubháille a thabhairt do'n
chailín a thabharfadh an tubháille chuige, & bheith
ag suirghe léithi & a leogaint air gan é bheith
pósta i n-éan-chor.


L. 86


D'imthigheadar annsain go Sasana ag
déanamh cúirte do rígh mór a bhí i Sasana &,
nuair a bhí an chúirt críochnuighthe, d'innis an
cailín do'n Ghobán óg go rabhadar chun iad
do chur chun báis. Labhair an rí annsain
nuair a shamhluigh sé an chúirt a bheith críoch-
nuighthe, & d'fhiafruigh sé an raibh sé críoch-
nuighthe. Dubhairt an Gobán go raibh acht
aon ní amháin a bhí 'sa bhaile uaidh mar gur
mhaith leis gan a leithéid de chúirt do bheith
ag éan-duine uasal eile 'na dhiaidh. Dubhairt
an Gobán ná faghadh éinne é acht a mhac féin
& mac an ríogh & dob' fheárr leis an rígh ann-
sain a mhac féin do chur d'á iarraidh 'ná mac
an Ghobáin & do chuir.



Nuair a tháinigh sé ag triall ar bhean an
Ghobáin, dubhairt sé gur cuireadh a d'iarraidh,
“cam & díreach” é & dubhairt sí go raibh sé
'sa chófra & go raibh fhios aici gur dhear-
mhadadar é.



D'osgail sí an cófra & do chuir sí cathaoir
le hais an chófra. Dubhairt sí leis seasamh
ar an gcathaoir & é thógaint, go raibh sé
i n-íochtar an chófra, go raibh sí ag iomchur
leinbh & ná féadfadh a thógaint aníos.
Sheasaimh sé ar an gcathaoir &, nuair a chrom


L. 87


sé dh'á lorg, thug sí a lámh leis & chaith sí
isteach é.



“Fain-se annsain, a ‘cham,’” ar sise, “no
go dtagaidh ‘díreach. ’”



Thiomáin sí litir annsain chun an ríogh, a
fear a leogaint a bhaile, go gcoinneoghadh
sí féinig a mhac chun go dtagadh a fear féin.



Leog sise mac an ríogh a bhaile nuair a
tháinig a fear féin.



Paidí Bán agus an saighdiúir.



Do bhí Paidí Bán lá ar aonach Chnuic na
Groidhe; &, ar a theacht a bhaile dho,
ghaibh sé soir gach cómhgar chum Sráide an
Mhuilinn. Ar an slighe roimis do bhí
feirm mhór thailimh le duine áirithe atá
'n-a chómhnuide sa tsráid chéadna anois.
Caoirigh & ba seasga is mó bhí ar an
bhfeirm san am so, & is tríd an
bhfeirm seo do bhí an casán gnáthach idir
an dá shráid.



Do bhí Paidí ag cur de go tapaidh tríd
an bhfeirm, & do casadh isteach i bpáirc
é go raibh sgata mhór chaorach innti. Do bhí


L. 88


sé ag infhiúchadh thall is i bhfus ortha, &
díreach & é i lár na páirce istigh, do
bhuail 'n-a threó pataire maith reithe. Ní
puinn suime do chuir Paidí ann, acht bheith
ag siubhal leis ar lán a dhíchill. Acht níor
airigh sé blúire, gur bhuail an reithe boic
aniar ins an tslinneán air, & do leag
Paidí ar a bhéal, is ar a aghaidh, ar an
bpáirc.



I gcionn tamaill bhig d'éirigh sé arís,
& do rith chómh maith & do bhí sé 'n-a
chosaibh, acht má rith, ba ghairid an mhoill ar
an reithe teacht suas leis, & é bhualadh
ar bhior a chinn arís. D'éirigh Paidí chomh
luath is do bhí sé ann éirghe; acht ní chum
reatha é, mar do bhí fhios aige ná raibh
cabhair dó ann. Acht do rug sé greim
daingean ar an reithe & do bhí ag
iarraidh é fhuirseadh leis chum an chlaidhe.
Obair dhoiceamhail dob' eadh í, an reithe do
stuthadh d'aimhdheóin a chos, &, ar an
adhbhar soin, is mall do bhí sé ag cur de.



Súil-fhéachaint éigin d'ár thug Paidí, cia
chífeadh sé ag déanamh air sa chasán acht
preabaire saighdiúra, mar san am so do


L. 89


bhí barraic saighdiúirí i Sráid an Mhuilinn,
& do bhí mo bhioránach ag máirseáil amach
go caothamhail do féin. Nuair tháinig sé
suas do labhair sé go béasach chum Paidí
& do labhair Paidí leis amhail chéadna.
Taréis beagán focal, dubhairt Paidí leis
an saighdiúir:



“Dá mb'é do thoil é, a dhuine chóir,
greim do choiméad ar an gcaoirigh seo
dham, an fhaid do bheinn ag dul amach thar
claidhe ag iarraidh súgáin.”



“Airiú! déanfad is fáilte,” ars' an
saighdiúir. “Acht ná bhí i bhfad uaim mar
tá deabhadh orm.”



“Ní bhead, go deimhin,” arsa Paidí, “acht
ná leig uait í go dtagad chughat.”



Agus leis sin do ghread sé leis fé dhéin
an chlaidhe, & do shuidh síos ar a shuaimh-
neas. I gcionn tamaillín, do labhair
an saighdiúir & dubhairt go feargach
le Paidí brosdughadh air, nó go leigfead
sé uaidh an chaora.



“Leig, má's maith leat é,” arsa Paidí,
& grainnc gháiridhe air.


L. 90


Leis sin do chaith an saighdiúir uaidh an
reithe, & do bhí ag cur de le deithneas,
acht ba ghearr do chuaidh sé, nuair d'aimsigh
an reithe é & do leag. D'éirigh sé go
tapaidh & do bhí ag imtheacht chómh tapaidh
& dob' fhéidir leis, acht do leag an
reithe arís é. Annsoin dob' éigin do'n
tsaighdiúir greim daingean do bhreith ar an
reithe & bheith ag fuirseadh chum an chlaidhe
mar bhí Paidí. Acht do tháinig an maor air,
& do sheirbháileadh an saighdiúir chum na
cúirte, le bheith ag goid an reithe. Do
cuireadh chúig phúint fíneála air, & do
briseadh amach é. Tháinig Paidí a bhaile acht
ní dheachaidh sé riamh ó shoin chum éan-aonaigh,
acht go h-aonach Bhaile Mhúirne.



An Siúinéir.



Bhí siúinéir i mBaile Mhúirne fad ó, &
thóg sé príntíseach tráth, chumh bheith ag obair
'n-a theannta. Ní raibh an príntíseach aige
acht tuairim is seachtmhain nuair a ghlaoidh
duine uasal do bhí 'sa' chomharsanacht (an
Ridire Coilltis, is dóigh liom) air chum
roinnt oibre do dhéanamh do. Chuadar


L. 91


araon ag triall air, &, nídh nach iongnadh,
ní raibh an fear óg ró-chliste chum oibre,
& thug an duine uasal so fé ndeara go
luath. Ní ró-mhaith do thaithn leis bheith dhá
chothughadh bog-dhíomhaoin, & do labhair sé
mar gheall air leis an sean-shiúinéir lá:



“Cad 'na thaobh,” ar seisean, “go bhfuil
an garsún sain agat dh'á choimeád & ná
féadann sé pioc do dhéanamh? ”



“O! ní fhéadfainn mo ghnó do dhéanamh
gan é,” ars an siúinéir; “is é fhuarann an
tráthar dam.”



“Cionnus do dhéanann sé é sin? ” ars an
duine uasal.



“Nuair a bhíonn poll déanta agam-sa,”
ars an siúinéir, “bíonn an tráthar ana-
theith, caithtear é a fhuaradh de phas nó
loitfidhe é; & is é an seift do bhíonn
agam é sháthadh isteach i mbéal an gharsúin,
& fliuchann sé go breágh dham é, &
bíonn sé oireamhnach ar é oibriughadh arís
láithreach.”



“Airiú, ná déanfainn féin an méid sin? ”
ars an duine uasal.



“Ní dhéanfá, mhuise, mar ná féadfá é,”
ars an siúinéir.


L. 92


“Bíodh geall go ndéanfainn,” ar
seisean, “díbir an garsún anois, &
déanfad-sa é sin do fhuaradh dhuit an fhaid
do bheidhir ag obair annso.”



“Sásta leis,” ars an siúinéir, &
dubhairt sé leis an ngarsún imtheacht.
D'imthigh sé, acht ní raibh sé i bhfad ó'n dtigh
nuair d'aimsigh an siúinéir blúire chruaidh
adhmaid go raibh fadharcáin go tiugh ann, &
dhírigh sé ar pholl do dhéanamh tríd an
bhfadharcán ba chruadha & ba chaise bhí
ann, & ní misde a rádh ná raibh sé i
bhfad leis.



Nuair a stad sé & allus air, do thar-
raing sé an tráthar amach as an bpoll, &
d'iompuigh sé go hobann ar an duine
uasal.



“Osgail do bhéal dam,” ar seisean.
D'osgail, & sháthaigh an siúinéir an
tráthar do bhí nach bheag ar dearg-lasadh is-
teach 'na bhéal.



“Ó! táim loisgithe,” ars' an duine uasail,
ag léim siar gur bhuail sé a chúl i gcoinnibh
an fhalla.



“Tá mo thráthar loitithe agat a chladhaire”


L. 93


ars' an siúinéir; “Níor fhuarais i n-aon
chor é.”



“Ó! tá mo chúl briste,” ars' an duine
uasal.



“Caithfir díol as an dtráthar,” ars an
siúinéir, “nuair nár fhágais agam an té
dhéanfadh 'sa' cheart é.”



“Ó! cuir fios air arís,” ars an duine
uasal, “ní fhuil sé imthighthe i bhfad.”



Tháinig an garsún arís, & is é bhí go
háthasach nuair a glaodhadh air, acht cé gur
fhair an duine uasal go géar iad an fhaid
do bhíodar ag obair aige, do theip air iad
do fheicsint aon uair ag fuaradh an tráthair.



Ní cuimhin le haoinne tá suas anois an
sgéal so do thuitim amach, acht is é an
t-ainm do ghlaodhann muinntir Bhaile
Mhúirne riamh ó shoin ar aon phríntíseach
siúinéara, ná, “Fear Fuartha na dTráithre.”



Bás Dhiúicín.



Bhí Aodhagán Ua Raghallaigh i dtigh lá.
Bhí fear eile sa' tigh, & stiobhard duine
uasail dob' eadh é. “Stiobhairdín” a


L. 94


thugadh na daoine air. Bhí maidrín ag an
stiobhard, & “Diúicín” dob' ainm do.
Maidrín beag géar dob' eadh é. Tháinig
an sagart go dtí an teach an lá céadna.
Le linn an tsagairt do theacht an dorus
isteach, do léim Diúicín, & rug sé ar sháil
air. Ní dhearna an sagart acht breith ar
dhá chois deiridh ar Dhiúicín, & buille dh'á
cheann do bhualadh ar an tairsigh, gur mhairbh
é, go ndubhairt Aodhagán an laoidh:-



A Dhiúicín an anma,
Is deacrach do chúrsaidhe,
A' teacht chum an Aifrinn,
Le hiomarca 'n umhluigheacht.
Do cheann ar an tairsigh
Go daingean do dlúthuigheadh —
Acht ní bás gan sagart
Fuair do mhadradh, a Stiobhairdín!


L. 166


BUNADH NA SGÉAL.



FIGHEADÓIR AN GHLEANNA CHAIM.



Donnchadh Ó Laoghaire, ó Chúil Aodha, do scríobh.
Sean-sgéal is eadh é, gan amhras, acht is dócha gur
innis Donnchadh ar a nós féin é. As “Irisleabhar na
Gaedhilge” dhó.



SÍOS AMACH.



Conchubhar Ó Deasmhumhna, .i. sean-Chonchubhar, ó
Charraig an Adhmaid, do chúm an sgéal so, ag cur
síos ar cionnus mar do thuitfeadh amach do bhuachaill
óg gan chéill, dar leis. “Sgríob Liath an Earraigh”
do chuir chugainn é & an dá sgéal eile ó Chonchubhar
'na theannta. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó.



FEIRMEÓIR AGUS BUACHAILL.



Donnchadh Ó Laoghaire do sgríobh, ag cur snáithe
sgéalaidheachta ar leath-bheannaibh de shean-rócánaibh
do chuala sé. As “Irisleabhar na Gaedhilge.”



AN TÁILLIÚIR MEANMNACH.



Mícheál Ó Murchudha, ó Chúil Aodha, do sgríobh, ag
tabhairt snáithe sgéalaidheachta ar shean-sgéal. Gheobh-
far déanamh Ultach air i “nGreann na Gaedhilge,”
III, .i. “An Fear ag Goid na Cloigne.” As “Iris-
leabhar na Gaedhilge” do'n innsint seo.



MUIRIS AN PHREUCHÁIN.



Conchubhar Ó Deasmhumhna do bhain as a stuaim
féin. As “Irisleabhar na Gaedhilge.”


L. 167


AN GHRÁINNEÓG AGUS AN GEARR-
FHIADH.



Mícheál Ó Murchadha thug snáithe sgéalaidheachta
ar shean-sgéal. As “Irisleabhar na Gaedhilge.” Tá
leagadh eile air i “nGreann na Gaedhilge,” VI, 10.



SGANNRADH SHEÁGHAIN NA bhFIACAL.



Conchubhar Ó Deasmhumhna do chúm an sgéal so go
húr-nua. As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó.



DUALGAS AN DROCH-CHROIDHE.



Mícheál Ó Murchudha d'fhág snáithe sheanchais ar
shean-sgéal, As “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó. Tá
innsint eile air i “Sgéalaidhe Óirghiall,” l.39, .i.
“Tigh na Gann-choda.” Leagadh Connachtach a fríoth air,
cuireadh i gcló é i “bhFáinne an Lae” roinnt bliadhan
ó shoin ann.



SGRÍOBADH AN CHORCÁIN.



Máirghréad Ní Áilgheasa, ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh
do chuir snáithe sheanchais ar nua-sgéal — rud nua do
thuit amach i n-a ceanntar féin. As “Irisleabhar na
Gaedhilge” dhó.



SGÉAL AN DAILL.



Donnchadh Ó Laoghaire thug snáithe chóimhghné ar shean-
sgéal, As “Banba” dhó. Do chuala an sgéal
gCaisleán Ua Liatháin ag an gCanónach Ró-oirmhidneach
an tAthair Peadar Ua Laoghaire.



AN IASACHT.



Mac Uí Chruadhlaoich, ó Mhaghchromdha, thug snáithe
sgéalaidheachta ar shean-sgéal, As “Fáinne an Lae”
dhó.


L. 168


SGÉAL AONAIGH AN PHUIC.



As “Fáinne an Lae” dhó.



DONNCHADH AN CHAIPÍN AGUS AN
DREÓILÍN.



Mícheál Ó Murchudha do chuir snáithe sgéalaidheachta
ar shean-sgéal. As “Banba” dhó.



AN GOBÁN SAOR.



Sean-sgéal ó mhonaí do pósadh le fear de Mhuinn-
tir Thuama. Bhí sí 'na baintreabhaigh & í 'na comh-
nuidhe tamall beag laistiar de Charraig an Adhmaid.
Do chuala gur ó cheanntar na Neidíneach di. An
t-eagarthóir féin do chuir síos an sgéal uaithi. As
“Irisleabhar na Gaedhilge” dhó.



PAIDÍ BÁN AGUS AN SAIGHDIÚIR.



Mícheál Ó Murchudha thug snáithe sheanchais ar nua-
sgéal. As “Banba” dhó.



AN SIÚINÉIR.



As páipéar nuaidheachta éigin dó so. Ní fheadar
anois caidé an t-ainm a bhí air. “Fear Fuartha na
dTráithre,” 'sé thug an té do chuir i sgríbhinn é, mar
aghaidh fidil air féin. Déir “Tórna” gurab é Seaghán
Ó Cuill an fear.



BÁS DHIÚICÍN.



Ceathramha filidheachta go bhfuil éileamh ag an
bpobal go léir uirthi. As “Irisleabhar na Gaedhilge”
dhí. Ní fheadar i gceart anois cé chuir chum an
“Irisleabhair” í, munab é an Canónach Ró-oirmhidneach
an tAthair Peadar Ó Laghaire an té sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services