Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht na Macabéach I agus II
Title
Sgéalaidheacht na Macabéach I agus II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1925
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉALAIDHEACHT NA MACABÉACH I. DHÁ CHLAIDHE MHÓRA ÁRDA. Nuair a thuig Ptolemé nár bh'aon mhaith dhó bheith ag braith air go dtabharfadh na Iúdaígh, íseal ná uasal, aon toradh air, do sgríbh sé chun Antiochuis 'ghá innsint dó cad a bhí déanta aige. Bhí Antiochus lán d'áthas. An t-aon fhear amháin go raibh eagla aige roimis bhí sé curtha as an saoghal. Dhéanfadh an congnamh a bhí le fághail aige ó Ptolemé an lámh uachtair a thabhairt dó ar pé neart a dh'fhéadfadh Eóin a thabhairt 'n-a choinnibh. Dhéanfadh sé díoltas dearg ar na Iúdaígh mar gheall ar an éirleach a dheineadar ar mhór shluagh Chendebéuis. Gheóbhadh sé forlámhas ar an gcathair sin Ierúsalem agus ar an uile fhód de thalamh Iúdéa. Do chruinnigh sé mór shluag líonmhar agus do ghluais sé isteach i Iúdéa. Ach do dhein Ptolemé rud ná raibh aon choinne leis. I n-inead feitheamh le h-Antiochus agus gabháil leis, is amhlaidh a theich sé as an dtír ar fad agus chuaidh sé ag triall ar Zénó, rí catharach Philadelphia. Ní fheadair aoinne cad é an chúis a bhí aige le h-imtheacht. Ach innstear gur mhairbh sé máthair Eóin mhic Shímoinn sar ar imthigh sé. Ní'l aon tuairisg ar conus a dh'imthigh leis 'n-a dhiaidh san ná ar cad é an chrích a rug é. Tháinig Antiochus agus a mhór shluagh isteach i dtír Iúdéa agus thug sé aghaidh ar chathair Ierúsalem. Níor fhéad Eóin agus pé neart slógh a bhí aige aon chosg a chur leis an mór shluagh iasachta. Chomáineadar
rómpa é go dtí gur chuaid sé isteach sa chathair. Do dúnadh na geataí agus do tugadh aghaidh ar chosaint na catharach. Do chuir Antiochus a mhór shluagh mór- thímpal ar an gcathair. Do deineadh an chosaint go tréan. Chun na catharach do chur ó aon bhreith ar chabhair ná ar bhia ó'n dtaobh amuich, do dhein Antiochus dhá dhíog mhóra dhoimhne mórthímpal ar an gcathair, agus dhá chlaidhe mhóra árda, mórthímpal, ar an gcuma gcéadna, i dtreó ná raibh aon bhreith ag aoinne ar dhul isteach ná ar theacht amach. Ansan do chuir sé suas, ar bharr gach claidhe de'n dá chlaidhe sin, mórthímpal, túir láidire, árda, trí chéad túr acu, agus iad ní b'aoirde 'ná fallaí na catharach. Ansan do chuir sé fir anáirde ar na túraibh sin chun bheith ag lámhach saighead le lucht cosanta fallaí na catharach an fhaid a bhí fir eile ag polladh na bhfallaí sin fútha thíos. Deir Ióséphus go raibh sluagh an rí i gcruadhchás ar feadh rainnt aimsire le h-easba uisge, agus ansan go dtáinig fearthainn throm ortha agus go raibh sí buan. Ach níor fhéad an rí an chathair do thógaint. Thugadh an mhuinntir istigh fogha fíochmhar láidir amach go minic, agus do dheinidís mórán toirmisg do'n mhuinn- tir amuich. Níor bh'fhéidir, ámhthach, d'aon chródhacht seasamh i n-aghaidh easba bídh. Bhí an bia ag dul i nganachúisighe sa chathair. Gan amhras bhí a lán daoine, óg agus aosta, istigh sa chathair agus iad go maith chun bídh a chaitheamh agus gan aon mhaith ionta chun na catharach do chosaint. Do chruinnigh Eóin iad i dteannta chéile agus chuir sé lasmuich d'fhalla na catharach iad. Bhí, ansan, falla na catharach laistigh díobh agus an díog mhór dhoimhinn úd agus an claidhe árd, mórthímpal, lasmuich dhíobh, agus gan aon bhlúire bídh acu le n-ithe. Bhíodar ag gol go h-árd agus ag blaidhthrigh leis an ocras. I gcionn tamail do tógadh isteach iad airís. Ba chruaidh an gníomh é le déanamh, dá bhfágtí amuich ansúd iad chun go bhfaighdís bás do'n ghorta. Níor
fágadh. Dheabhróchadh an sgéal, as ar thuit amach 'n-a dhiaidh san, go raibh cúis éigin ná tuigtear ag Eóin chun iad a chur amach i n-aon chor sa n-áit sin, idir an dá fhalla. Níor caitheadh aon urchar leó as na túraibh a bhí anáirde ar na fallaíbh lasmuich. Níor bh'aon iongna é sin. Do thuig an namhaid, dá bhfágtí beó iad, go gcaithfí iad a thógaint isteach sa chathair airís, agus gur mar sin ba thúisge do h-ídeófí an bia, agus nuair a bheadh an bia ídighthe go dtuitfadh an chathair. Deir an seanachaidhe gur bh'é cúis n-ar tógadh isteach thar n-ais iad ná so, go raibh féile mhór na dtabernacul ag teacht i ngar, agus mar gheall air sin go dtáinig aithreachas ar Eóin agus ar an muinntir istigh nuair a bhíodar ag éisteacht leis an árdghol agus leis an mblaidhthreach lasmuich. Nuair a chífar na neithe do thuit amach 'n-a dhiaidh san tuigfar an sgéal níos fearr. II. SÍOTHCHÁIN 'Á DÉANAMH. Do tógadh isteach sa chathair airís na daoine a bhí amuich idir fhalla na catharach agus an díog mhór dhoimhinn agus iad ag gol agus ag blaidhthrigh. Ansan do chuir Eóin teachtaireacht amach ag triall ar an rí agus d'iarr sé sos cómhraic air. Dubhairt sé go raibh féile mhór na dtabernacul ag teacht agus nár bh'fholáir do sna Iúdaígh an fhéile sin do sholumnú mar ba ghnáth, agus nár mhór dóibh seacht lá fhághail chun na h-oibre sin a dhéanamh. Do thuit rud iongantach amach ansan. Déarfadh duine nár bh'fhéidir d'aon rí an sos cómhraic sin a thabhairt uaidh an uair sin. Bhí fhios aige nuair a chonaic sé, agus nuair airigh sé ag gol agus ag blaidhthrigh na daoine a cuireadh amach as an gcathair, gur le h-easba bídh a cuireadh amach iad.
Bhí fhios aige ná raibh aige le déanamh ach an greim a bhí aige do chimeád agus nár bh'fhada go gcaithfí an chathair a thabhairt suas dó gan choinghíol. Cad 'n-a thaobh nár chimeád sé a ghreim? Cad 'n-a thaobh dó an sos cómhraic a thabhairt uaidh? Ní miste an cheist chéadna do chur ó'n dtaobh eile. Bhí fhios ag Eóin gur thuig an rí an cás 'n-a raibh an chathair le h-easba bhídh. Cad a chuir 'n-a cheann go bhféadfadh aon rí sos cómh- raic a thabhairt agus neithe ar an gcuma san? Ach d'iarr sé an sos cómhraic; agus, rud ba mhó d'iongna 'ná san féin, do fuair sé an sos cómhraic! Ansan, ámhthach, tháinig rud ba mhó d'iongna 'ná aon taobh acu. Bhí fhios ag an rí Antiochus nár bh'fhéidir an fhéile mhór san do sholumnú gan ídhbirtí dhéanamh. Bhí fhios aige nár bh'fhéidir ídhbirtí dhéanamh gan bhictimí. Cad a dhein sé? Do chuir sé isteach ag triall ar mhuinntir na catharach na bhictimí a bhí riachtanach chun na n-ídhbirtí dhéanamh. Chuir sé chucha isteach na beithidhigh a bhí riach- tanach, agus a n-adharca órtha, agus iad gleusta mar ba cheart chun ídhbirte. Chuir sé isteach i dteannta na mbeithidheach, na h-arthaí óir agus airgid a bhí riachtanach chun na n-ídhbirtí dhéanamh mar ba chóir do réir na dlighe. Chuir sé isteach, leis, rainnt túiseana cúmhartha a bhí ana dhaor, agus rainnt airgid, agus neithe eile a bhí riachtanach. Do h-osgaladh geata agus do glacadh na neithe sin, agus bhí Eóin agus muinntir na catharach buidheach go maith de'n rí. Do cimeádadh an fhéile mar ba chóir. Do tugadh féile na dtabernacul ar an bhféile sin mar chuimhneamh ar an dachad blian a thug clann Israéil ag fánaidheacht sa n-uaigneas lom ghainmheach, sar a dtánadar isteach i dtír tarainge, .i. i dtír Phalestín. I gcábánaibh a dheinidís cómhnuidhe i gcaitheamh an dachad blian san, agus is ionan tabernacul agus cábán. B'í an fhéile sin na dtabernacul an fhéile ba mhó ag na Iúdaígh. Do leanadh an fhéile sin ocht lá. I
gcaitheamh an ocht lá san bhí fhiachaint ar na fearaibh go léir imtheacht as a dtighthibh féinig agus cábáin do chur suas dóibh féin amuich in sna páirceanaibh, nú amuich in sna sráideanaibh, nú anáirde ar na tighthibh, mar buaiceana lebhéaltha a bhíodh ar na tighthibh in sna tíor- thaibh sin. Tráth éigin i mitheamh an fhóghmhair iseadh do thosnuigheadh an fhéile, agus do leantí 'ghá cimeád ar feadh ocht lá, agus bhíodh ídhbirtí d'á ndéanamh chun Dé i gcaitheamh an ocht lá san, agus bhíodh ídhbirtí móra an chéad lá agus an t-ochtmhadh lá. Ansan do thagadh na daoine as na cábánaibh, nú as na tabernaculaibh agus théidís isteach airís 'n-a dtighthibh féinig. Nuair a bhí féile na dtabernacul imthighthe i gcathair Ierúsalem an uair sin do chuir Eóin teachtaireacht amach ag triall ar an rí 'ghá iarraidh air síothcháin a dhéanamh agus ag tairisgint coinghíolacha dhó. Do deineadh an tsíothcháin. Sidiad na coinghíolacha ar ar deineadh an tsíothcháin: go dtabharfadh clann Israéil uatha na h-airm a bhí acu; go leagfí ar lár fallaí na catharach; go gcaith- fadh Eóin cíos áirithe do dhíol a' Ioppe agus a' bailtibh eile a bhí aige lasmuich de thír Iúdéa. Bhí an rí sásta leis na coinghíolachaibh sin, ach d'éilimh sé go cruaidh dhá choinghíol eile, .i. go nglacfí gairisiún de mhuinntir an rí isteach sa chathair agus go gcurfí suas airís an caisleán úd a leagadh. Do thoiligh Eóin chun chúig céad talant airgid a dhíol, ach ná curfí an gairisiún san isteach sa chathair. Do thoiligh Eóin, leis, chun daoine thabhairt suas do'n rí i ngeall le bheith dílis dó feasta. Ach ní thoileóchadh Eóin i n-aon chor chun an chaisleáin úd do chur suas airís. Fé dheire do ghéill an rí ar an bpuínte sin. Deir Ióséphus go raibh gorta uathbhásach sa chathair an fhaid a bhí an tsíothcháin sin 'á déanamh, agus deir sé gur thuig muinntir an rí go raibh an gorta ann, agus go rabhadar ag tathant go cruaidh ar an rí
leanmhaint ar an gcogadh, agus, ó bhí an chaoi aige air, na Iúdaígh a dhísgiú ar fad, mar gur namhaid do'n chine daona gur bh'eadh iad agus ná beadh aon rath ar an saoghal go dtí go mbeidís ídighthe glan amach as. III. DO TUGADH NA GILL. Sin ceist agus is ceart feuchaint isteach innti agus í bhreithniú. Cad 'n-a thaobh do'n rí an tsíothcháin sin dhéanamh i n-aon chor an uair sin? Bheadh an chathair aige gan aon teip i gcionn beagán aimsire. Bhí an fear céadna san, Eóin, agus na Iúdaígh chéadna san a bhí an uair sin ag fághail bháis do'n ghorta, bíodar tar éis éirligh a dhéanamh ar mhórshluagh an rí chéadna san. Chun díoltais a dhéanamh ar an bhfear san, agus ar na Iúdaígh sin, mar gheall ar an éirleach san, iseadh chuir sé é féin agus a dhaoine chun na trioblóide go léir agus chun an chostais go léir, ag cruinniú mór shlógh, 'ghá ngleusadh fé arm, 'ghá gcórú chun cogaidh, ag soláthar bídh dóibh, 'ghá seóladh treasna tíortha fada fairsinge, 'ghá gcur ag obair go cruaidh ar na fallaíbh úd agus ar an ndíg mhór dhoimhinn úd mórthímpal ar an gcathair, chun í thógaint agus an t-éirleach céadna dhéanamh ar na Iúdaígh a dhein na Iúdaígh ar shluagh Chendebéuis, agus foghail na catharach a thabhairt d'á shluagh mar dhíoluidheacht as a raibh d'annródh fuiligthe acu agus as a raibh marbh d'á muinntir go dtí san sa chogadh. Cad 'n-a thaobh dó a ghreim a bhogadh de'n chathair nuair a bhí sí nách mór istigh 'n-a láimh aige? Cad 'n-a thaobh ná raibh eagla air go n-eireóchadh a shluagh féinig 'n-a choinnibh nuair a chífidís foghail na catharach tógtha uatha díreach nuair a bhí an fhoghail istigh 'n-a
láimh acu nách mór, agus na Iúdaígh, "namhaid na cine daona," dar leó, d'á gcosaint ortha díreach nuair a bhí ar a gcumas iad a dhísgiú as an saoghal i n-aon lán sgríb amháin? Ní féidir a thabhairt ar an gceist ach aon fhreagra amháin. Mírbhúilt ó Dhia ab eadh é go léir. Nuair a bhí muinntir na catharach brúighte go talamh agus gan aon tsúil le fuasgailt acu do dhein Dia na Glóire, moladh go deó leis, an rud a dhein sé go minic roimis sin agus go minic ó shin, d'fhuasgail sé féin na daoine nuair ná raibh aonóchmhacht eile chun iad d'fhuasgailt. Do thug sé cogar éigin d'aigne an rí; thug sé le tuisgint do'n rí go gcaithfadh sé an tsíothcháin a dhéanamh, nú mara ndéanfadh gur dhó ba mheasa. Mírbhúilt éigin de'n tsórd san iseadh chuir fhiachaint ar an rí na beithidhigh úd a chur isteach sa chathair nuair a h-iarradh an sos cómhraic air chun féile na dtabernacul do sholumnú. Gan amhras do chuimhnigh sé ar an íde a dhein Dia ar Shennacherib agus ar a shluagh nuair a bhí sé chun na catharach céadna san, cathair Ierúsalem, do thógaint ar an gcuma gcéadna mórán céadta blian roimis sin, agus gur mhairbh aingeal an Tighearna céad ocht ndeich a cúig de mhíltibh fear air. Gan amhras do chuimhnigh Antiochus go mb'fhéidir go ndéanfadh aingeal an Tighearna chéadna rud éigin de'n tsaghas le n-a shluagh féinig dá ndeineadh sé an rud a dhein Sennacherib. Bhí aithne mhaith ag na págánaigh ar Thighearna Dia na nIúdach, ar shlighe. Nuair a dheineadh náisiún éigin págánach cogadh do chur ar chlainn Israéil, agus ansan nuair a dheineadh Dia leis an náisiún san rud éigin a bhíodh cosmhail leis na neithibh a dhein sé le Pharó agus le muinntir na h-Éigipte, nú cosmhail leis an íde a dhein sé ar shluagh Shennacherib, deireadh na págánaigh eile:- "Nár mhór an díthcéille dóibh sin cogadh do chur ar na Iúdaígh agus iarracht a dhéanamh ar iad a dhísgiú?
Nár chóir go gcuimhneóchaidís ar an gcrích a rug Pharó agus a shluagh, nú ar an gcrích a rug sluagh Shennacherib." Bhíodh cainnteana de'n tsaghas san i gcómhnuidhe i mbéalaibh na bpágánach i dtaobh na nIúdach. Bhí fhios acu go maith go raibh Cómhacht éigin a bhí níba threise 'ná aon chómhacht shaoghalta, ag cosaint na nIúdach ar a namhaid. Bhí an t-eólus 'n-a sgéalaidheacht agus 'n-a sheanachus béil eatartha. Mar gheall air sin iseadh bhí an fuath marbhuightheach acu do sna Iúdaígh agus an fonn thar barr ortha chun rud éigin a dhéanamh a dhís- geóchadh as an saoghal iad; díreach mar a bhíon anois an fuath marbhuightheach céadna ag lucht díchreidimh d'Eaglais Chríost, agus an t-eagla céadna acu roímpi, agus an fonn céadna ortha chun í dhísgiú as an saoghal dá bhféadfidís é. Isé an sgéal céadna é anois agus an uair sin agus riamh ó shin, agus isé an sgéal céadna a bheidh ann go dtí deire an tsaoghail. Bhí an t-eagla roim Thighearna Dia na nIúdach ar Antiochus. Do dhein san fear mín cneasta síbhialta dhe. Bhí an t-eagla céadna ar a shluagh. Thuigeadar go mb'fhéidir, dá leanaidís ró dhian ar an gcathair sin, go n-imtheóchadh ortha mar imthigh ar shluagh Shennacherib. Do deineadh an tsíothcháin, do h-osgaladh na geataí. Do tugadh isteach an bia agus an deoch. Ansan bhí an mhuinntir a tháinig agus muinntir na catharach go h-ana shoilbhir agus go h-ana shuairc i gcómhluadar a chéile. Do tugadh na gill agus do díoladh an t-airgead agus do leog gach aoinne air go raibh sé sásta. Do tugadh na gill, agus bhí drítháir d'Eóin féin ar dhuine acu. Ansan, nuair a bhí gach aon ghnó déanta, agus gach aoinne chómh sásta agus d'fhéad sé bheith, do chruinnigh an rí a mhór shluagh agus do sheól sé leis iad soir óthuaidh go h-Antioch.
IV. AIRGEAD AS AN mBANNC. Tugaid cuid de'n lucht seanachuis cúntas éagsamhlach ar an gcuma 'n-a bhfuair Eóin an t-airgead ab éigean dó a dhíol chun na síothchána dh'fhághail. Ní raibh aon airgead i gciste na catharach. Bhí an ciste folamh. Deirtear, ámhthach, go raibh stórus mór airgid fé thalamh i n-áit éigin, a gan fhios do'n tsaoghal, i ndiaidh righthe Iúda, stórus a bhí d'á chruinniú ó aimsir Dháibhid, agus gur osgail Eóin an stórus san agus gur thóg sé, aníos as, an trí chéad talant a bhí air a dhíol leis an rí Antiochus. Deir drong gur bh'é an rí Dáibhid féinig do chruinnigh an stórus san agus do chuir i bhfolach fé thalamh é. Deir Ióséphus gur i dtuama Dháibhid a bhí sé, agus gur thóg Eóin trí mhíle talant aníos as, agus nár thóg aon rí eile aon airgead as go dtí go dtáinig Héród, agus gur thóg sé sin rainnt éigin as. Deir daoine eile, agus daoine géarchúiseacha tuis- gionacha iseadh iad, ná raibh aon bhunús i n-aon chor leis an sgéal; nár chuir Dáibhid, ná aoinne eile de sna righthibh, aon stórus de'n tsórd san i bhfolach fé thalamh ná os cionn tailimh. Tá cheithre leabhair ann i n-a bhfuil seanachas ar na Macabéachaibh. Ní'l glacaithe ag an Eaglais ach dhá leabhar díobh san, an chéad leabhar agus an tarna leabhar. Ach deir an ceathramhadh leabhar díobh ná raibh an sgéal san, i dtaobh an stóruis mhóir fé thalamh, ach amháin 'n-a ráidhteachas i mbéalaibh daoine. Ach deir Ióséphus go raibh an stórus ann, agus gur thóg Eóin mac Shímoinn cuid de, agus gur thóg Héród cuid de 'n-a dhiaidh san. Admhuightear gur chruinnigh Dáibhid agus Solomon cruacha móra saidhbhris. Ach ní deirtear i n-aon
tseanachus gur chuireadar aon chuid de'n tsaidhbhreas san i bhfolach fé thalamh i n-aon áit, 'n-a n-uaghnaibh ná i n-aon áit eile. A mhalairt iseadh is léir. Dá mbeadh a leithéid de stórus ann, agus dá dtógadh Eóin cuid de chun an airgid úd a dhíol le h-Antiochus, déarfí focal éigin 'n-a thaobh, 'ghá admháil nú 'ghá shéanadh, i leabhar éigin de cheithre leabhraibh na Macabéach. Má bhí sé ann cad 'n-a thaobh nár thóg aon rí eile aon chuid de, de sna righthibh a tháinig i ndiaidh Sholomoin agus Dháibhid? Tháinig a lán droch righthe 'n-a ndiaidh, agus rainnt righthe fóghanta. Níor staon cuid de sna droch righthibh ó'n dteampul do chreachadh. D'á olcas iad, nách léir, dá mbeadh an stórus san fé thalamh i n-aon áit, go dtógfidís é níba thúisge 'ná mar a thógfidís an saidhbhreas naomhtha a bhí sa teampul? "Ach b'fhéidir ná raibh fhios ag aoinne cá raibh an saidhbh- reas mór i bhfolach." Mara raibh fhios ag aoinne cá raibh sé i bhfolach conus fhéadfadh Eóin mac Shímoinn teacht air? Agus má bhí an stórus mór san ann, agus má bhí eólus na h-áite i n-a raibh sé ag muinntir na catharach, conus a thárla ná fuair righthe págánacha na Suír- iánach aon chogar 'n-a thaobh? Dá mbeadh sé ann agus eólus na h-áite i n-a raibh sé ag puinn daoine, ní baoghal ná go bhfaghadh na righthe págánacha san an t-eólus, agus ní baoghal ná go dtiocfidís air agus go dtógfidís é agus go mbéarfidís leó é soir go Baibi- lóin. Ach bíodh go dtánadar go minic agus gur sgartáladar an teampul mór agus gur rugadar leó gach aon rud i bhfuirm óir nú airgid gur fhéadadar teacht suas leis, ní'l aon trácht i n-aon leabhar a thugan cúntas ortha, ar aon stórus fé thalamh acu d'á fhághail agus d'á bhreith leó. Ach bhí saghas eile saidhbhris i gcathair Ierúsalem le linn na h-aimsire sin. Bhí daoine sa chathair agus sa tír mórthímpal agus bhí mórán saidhbhris acu. Níor
leog an t-eagla dhóibh an saidhbhreas a chimeád 'n-a dtighthibh féinig. Bhí mar bheadh bannc acu istigh sa chathair, i n-áit éigin láidir agus gan eólus na h-áite ag aoinne ach acu féinig. Níor bhaoghal go 'neósfadh aoinne acu féinig cá raibh an áit. Bhí sa bhannc san, i n-éaghmais saidhbhris na ndaoine sin, a lán saidhbhris a bhí i gcimeád ann chun daoine dealbha do chothú. Deir cuid de lucht an tseanachuis gur as an mbannc san a thóg Eóin an t-airgead, ar iasacht, agus le cead na ndaoine go mba leó é, chun airgid na síothchána do dhíol, agus gur cuireadh an t-airgead thar n-ais isteach sa bhannc san chómh luath agus do féadadh é chur thar n-ais. V. NAMHAID EILE FÉ SMACHT. Pé ball 'n-a bhfuair Eóin an t-airgead do fuair sé é, agus do dhíol sé é, agus bhí an tsíothcháin daingean. Ansan, mar adubhradh, do glacadh an rí Antiochus isteach i gcathair Ierúsalem, é féin agus na h-uaisle móra a bhí i n'fhochair agus bhí an dá chualacht go h-ana mhuinnteartha le n-a chéile, agus iad ag ithe agus ag ól i bhfochair a chéile go soilbhir agus go suairc agus go síothchánta. Ansan do deineadh rud eile. Do dhein Eóin agus an rí Antiochus cómhaltas cogaidh le n-a chéile. Agus do lean an cómhaltas san an fhaid a mhair Antiochus. Do chómhlíon Eóin a thaobh féinig de'n chómhaltas san go dílis. D'eirigh cogadh idir Antiochus agus righthe a bhí 'n-a chómharsanacht, agus thug Eóin congnamh fear dó, agus thug an congnamh san buadh dhó go minic. Níor bh'fhada, ámhthach, gur thuit Antiochus i gcath. Ansan tháinig Eóin agus a chuid armála féinig abhaile
go dtí Ierúsalem. Ag teacht abhaile dhó do thug sé aghaidh ar chathair Aleppo agus thóg sé í agus chuir sé fé chíos í. Tar éis teacht abhaile d'Eóin mhac Shímoinn an uair sin do chrom sé ar fhallaíbh catharach Ierúsalem do chur suas airís, agus dhein sé níba threise agus níba dhaingine iad go mór 'ná mar a bhíodar ar dtúis. Níor bh'fhada, leis, gur thug sé fé ndeara go raibh na tíortha lastoir, tíortha na Suíriánach, ag troid le n-a chéile, ag lagú a chéile agus ag marbhú a chéile. Do chruinnigh sé sluagh láidir, cuid acu 'n-a nIúdaígh agus cuid acu tógtha aige ar tuarastal a' dúthaíbh iasachta. Nuair a bhí a shluagh curtha le chéile aige do ghluais sé leó soir óthuaidh agus thug sé aghaidh ar chatharachaibh na Suíriánach. Ní raibh puinn cos- naimh 'á dhéanamh ortha. Do thóg sé rainnt acu, fé mar a thuig sé go dtabharfidís cumas dó ar sheilbh na tíre do chimeád agus ar a thír féinig do chosaint ar an seana namhaid, ar chómhacht Bhaibilóin. Madeba an chéad chathair acu ar a dtug sé aghaidh, agus b'í sin an chathair ba threise acu. Do thóg sé í tar éis imdhridim leath bhliana. Ansan do thóg sé cathair Samega agus a lán eile acu i n-Arabia agus i bhPhéinicia. Nuair a bhí an chuaird sin tabhartha agus an obair sin déanta agus na catharacha san tógtha bhí an cluiche iompuighthe ar fad aige ar chómhacht na Suíriánach. In inead righthe de shaghas Antiochuis, agus righthe eile Antioch a bheith ag teacht isteach i dtír na nIúdach agus 'ghá gcur fé n-a smacht is amhlaidh a bhí na tíortha thoir fé smacht ag na Iúdaígh feasta. Níor eirigh aon chómh- acht lastoir 'n-a dhiaidh san a dh'fhéad aon smacht a chur ar na Iúdaígh. Bhí tír na nIúdach saor glan ó smacht iasachta as san amach, agus bhí Eóin mac Shímoinn 'n-a rí ar an dtír sin gan smacht ná úghdarás ag aon rí os a chionn. Sa bhliain céad agus trí dheich roim theacht an tSlánuightheóra ab eadh é sin.
Ansan d'iompuigh Eóin ar na Samaratánachaibh, an namhaid mhailíseach úd a bhí ag na Iúdaígh i gcómhnuidhe riamh, ó aimsir Ierobóaim. Do thóg sé Sicem agus cathair Gasarim agus do leag sé ar lár an teampul íodaladhartha a bhí ann, tar éis é bheith dhá chéad blian 'n-a sheasamh, agus do sgrios sé as an áit na foir- gneamha agus na h-altóracha do chuir Iesebel suas ann, agus chuir sé an tír go léir fé n-a smacht féinig. Bhí namhaid eile ag na Iúdaigh, namhaid a bhí 'n-a gcómhnuidhe laisteas díobh, namhaid go raibh gaol acu leó, .i. na h-Edomítigh, sliocht an fhir ruaidh úd, sliocht Esau. Dritháir do Iácob ab eadh Esau san. Cúpla ab eadh é féin agus Iácob. An fhaid a bhí an bheirt i mbroinn a máthar, Rebecca, bhí imreasán éigin mír- bhúilteach eatartha istigh sa bhroinn. Bhíodar ag unfuirt fé mar a bheidís ag iomrasgáil, i dtreó go raibh uathbhás agus sgannra ar an máthair go dtí gur thug Dia le tuisgint di go raibh beirt mhac ar iompar aici, agus go síolróchadh dhá náisiún mhóra ó'n mbeirt sin, agus go mbeadh an dá náisiún san i n-a dhá namhaid agá chéile aimsir fhada. Na Iúdaígh agus na h-Edomí- tigh an dá náisiún san, sliocht Iácoib agus sliocht Esau, agus bhí sliocht Edom i n-a namhaid i gcómh- nuidhe ag sliocht Iácoib. Ach do chuir Eóin mac Shímoinn mór shluagh Iúdach le chéile agus do ghluais sé amach i gcoinnibh na n-Edomí- teach agus bhuaidh sé ortha agus do smachtuigh sé iad. Nuair a bhíodar smachtuighthe aige do chuir sé fógra amach go nglacfadh sé i gcaradas iad ach iompáil chun creidimh na nIúdach agus an phágánacht a bhí acu, agus nár dhual dóibh a bheith acu, do chaitheamh uatha. Do dheineadar san agus do glacadh isteach iad, agus as san amach aon náisiún amháin ab eadh iad féin agus sliocht Iácoib, do mheasg an dá náisiún ar a chéile chómh maith san.
VI. GACH TAOBH GO SÁSTA. Nuair a bhí na Samaratánaigh curtha fé chois ag Eóin mac Shímoinn, agus na h-Edomítigh tabhartha isteach aige i náisiún na nIúdach, agus na catharacha iasachta úd lastoir agus lastuaidh, curtha fé chíos aige, bhí sé 'n-a rí i gceart ar an dtír go léir. Bhí leasainm ar Eóin. Do tugtí Eóin Huircánach air. Deirtear sa cheathramhadh leabhar de sheanachus na Macabéach gur tugadh an leasainm sin air toisg gur bhuaidh sé i gcath ar laoch éigin go raibh an ainm sin air, ach deir lucht eóluis nách féidir a dhéanamh amach le h-aon chruinneas cad é an brígh atá leis an leasainm. Tá an leasainm air sa tseanachus go léir, ach ní'l deimhne ar conus a cuireadh an leasainm air. Nuair a bhí sé 'n-a rí i gceart, 'n-a lán chumas, do chuimhnigh sé ar na Rómhánaigh agus do dhein sé mar a dhein a athair, do chuir sé teachtaireacht go dtí cathair na Rómha, fé mar a chuir a athair, Símon, agus fé mar a chuir dritháracha a athar, Iónatan agus Iúdás, nuair a bhí gach duine acu i gceannas na tíre. Símon mac Dositéuis agus Apollónius mac Alegsandair na h-ainimneacha a bhí ar an mbeirt teachtairí a chuir sé ag triall ar sheanaid na Rómh- ánach, ag athnuachaint an charadais a bhí idir iad agus a athair. Innstear gur chuir sé rainnt tabharthaistí luachmhara, leis na teachtairíbh sin, ag triall ar na Rómhánaigh. Deirtear sa cheathramhadh leabhar Macabéach go raibh ar na tabharthaistíbh sin sgiath agus gur bh'fhiú caogad míle píosa óir í. Innstear sa leabhar chéadna gur cuireadh na teachtairí 'n-a suidhe i n-aice leis an gconsul Rómhánach, agus gur thug an tseanaid teidiol rí d'Eóin sa leitir a thugadar do sna teachtairíbh le
breith leó abhaile chuige. Do ghlac Eóin, agus chimeád sé an ghairm rí sin as san amach. 'N-a theannta san do thug seanaid na Rómhánach suas d'Eóin an dá chathair úd, Ioppe agus Gasara, agus rainnt eile áiteana a bhí bainte de sna Iúdaígh ag Antiochus roimis sin. Ansan d'órduigh an tseanaid fághaltas airgid a thabhairt do sna teachtairíbh mar chostas bóthair ag teacht abhaile dhóibh, agus thugadar leitireacha dhóibh chun na n-uachtarán a bhí ar na tíorthaibh ar an slighe rómpa, 'ghá órdú go dtabharfí dhóibh an onóir ba cheart a thabhairt dóibh. 'N-a theannta san d'órduigh an tseanaid go ndéanfí leórghníomh in sna h-eugcórthaibh ar ar gheasáin na teach- tairí i gcoinnibh na Suíriánach, agus go gcurfí ar neamhnídh gach a raibh reachtuighthe ag Antiochus agus ag an rí 'n-a dhiaidh, i gcoinnibh an chonartha a bhí idir na Rómhánaigh agus athair Eóin. Níor fhág an tseanaid an t-órdú san gan cur chun cinn. Do cheapadar mea- tóirí chun dul agus an t-órdú do chur i bhfeidhm do réir chirt. Ansan tháinig na teachtairí abhaile go Ierúsalem, agus do tugadh dóibh ar an slighe an onóir a bhí órduighthe dhóibh ag seanaid na Rómhánach, agus bhíodar lán tsásta 'n-a n-aigne féin leis an obair a bhí déanta acu, agus bhí Eóin agus na Iúdaígh go léir lán tsásta leis an dtuairisg a fuaradar ar an obair. Bhíodar go léir chómh sásta san gur chuir Eóin teach- tairí eile uaidh an bhliain 'n-a dhiaidh san, agus tuille bronntanaisí acu, 'ghá iarraidh go ndéanfí deimhniú ar na neithibh sin go léir a bhí reachtuighthe ag an seanaid ar a shon. Do deineadh an deimhniú go daingean agus go fonnmhar, agus do gabhadh buidheachas na nIúdach leis an seanaid agus le Pobul na Rómhánach, agus bhí gach nídh 'n-a cheart agus gach taobh go sásta.
VII. RÍ FÓGHANTA. Nuair a bhí na gnóthaí sin socair chun a thoile ag Eóin, idir é féin agus na Rómhánaigh, do mhothuigh sé é féin láidir, neamhspleádhach. Bhí rud eile, leis, agus chuir sé breis nirt sa mhothú san. Bhí an dá rígheacht, Suíria agus an Éigipt, sáidhte i gcogadh agus an cogadh san ag leanmhaint go buan. D'fhág san a mhalairt de chúram ortha san i n-éaghmais bheith ag déanamh aon chur isteach ar thír na nIúdach. Bhí, um an dtaca san, sa bhliain céad dhá dheich a sé roim Chríost, Alegsandar Sebina tagaithe i réim 'n-a rí ar Shuíria. Dhein sé caradas go luath le h-Eóin. Bhí san go maith ach níor lean sé abhfad. Níor bh'fhada gur mhairbh Antiochus Griphus Alegsandar agus gur dhein sé rí dhe féinig. Bhí fearg mhór ar Ghriphus chun Eóin mar gheall ar an gcaradas. Bhí sé 'ghá ullmhú féin chun fogha thabhairt fé Iúdéa. Bhí dritháir aige, ámhthach, agus bhí an dritháir ag ullmhúchán chun fogha thabhairt faoi féin. D'fhág Eóin fútha é. Níor ghaibh sé páirt le h-aoinne acu. D'fhan sé sa bhaile agus thug sé aire d'á rígheacht féin go síothchánta suaineasach. De thoradh na síothchána san níor bh'fhada gur chuir sé mórán saidhbhris i dteannta chéile. Fuair sé mórán saidhbhris ó n-a dhaoine féin, mar bhí an tsíothcháin acu agus bhíodar ag saothrú na talmhan agus bhí an talamh go maith, agus bhí fhios acu go raibh an rí a bhí acu go maith chun iad a chosaint ar namhaid iasachta, agus pé airgead a thugaidís dó nách i n-aistear a thugaidís dó é. D'á éaghmais sin bhí cíosana troma ag teacht isteach chuige ó sna catharachaibh iasachta agus ó sna tíorthaibh iasachta a bhí tabhartha fé smacht a láimhe aige. Ar an gcuma san do saidhbhirigheadh é go mór, agus do
cuireadh thar n-ais, isteach sa bhannc ú'o an t-airgead úd a tógadh as chun na síothchána do cheannach an uair úd ó'n rí Antiochus. Tar éis suím aimsire dhein muinntir Shamaría droch chómharsanacht éigin ar chathair Mharessa. Bhí an chathair sin i gcaradas an uair sin le h-Eóin agus níor bh'fholáir dó páirt a ghabháil léi. Bhí cathair Shamaría curtha suas airís an uair sin, agus í daingean, láidir, ullamh ar í féin a chosaint. Tháinig Eóin agus a bheirt mhac, Aristóbulus agus Antigonus, agus armáil líonmhar acu, agus éacht de sna córachaibh a bhí riach- tanach chun na catharach d'imdhridim agus do thógaint. Dheineadar an t-imdhridim. Dheineadar claidhe árd agus díog dhoimhinn mórthímpal ar an gcathair agus ba ghearr go raibh muinntir na catharach ag folag gorta, ag ithe na gcat agus na madraí. Ba ghearr 'n-a dhiaidh san ná raibh na cait ná na madraí féin acu le n-ithe. Fuaradar caoi, ar chuma éigin, ar theachtaireacht do chur ag triall ar Antiochus Cisicénus a bhí 'n-a rí ar Shuíria an uair sin, 'ghá iarraidh air teacht le cabhair chucha. Tháinig sé agus sluagh líonmhar aige. Bhí féile mhór ag teacht ar na Iúdaígh. B'éigean do'n rí, d'Eóin, dul thar n-ais go Ierúsalem chun na féile sin do sholumnú. D'imthigh sé go Ierúsalem, ach d'fhág sé gnó an chogaidh fé n-a bheirt mhac. Chómh luath agus d'airighdar san go raibh rí Shuíria ag teacht dheineadar dhá chuid d'á neart slógh, agus chuireadar cuid de fé Aristóbulus amach i gcoinnibh rí Shuíria. Do troid- eadh cath fuilteach idir Aristóbulus agus na Suíriá- naigh. Do buadhadh ar na Suíriánaigh agus do cuireadh ár agus dearg ruathar ortha agus is ar éigin a rug an rí Antiochus Cisicénus a anam leis saor ó'n gcath. Ansan tháinig Aristóbulus thar n-ais agus do leanadh go dian ar imdhridim na catharach. Chuaidh teachtair- eacht eile ag triall ar Antiochus 'ghá iarraidh air teacht agus fóirithint ar an gcathair. Níor tháinig sé.
Níor bheag leis díobh mar Iúdaígh. Fé dheire do tógadh an chathair. Bhí cathair eile, cathair Scutopolis agus thug na Iúdaígh fé í thógaint. Thógadar í gan puinn trioblóide. Thógadar rainnt eile áiteana, leis, gan puinn trioblóide. Ansan bhí Eóin mac Shímoinn, nú Eóin Huircánach, 'n-a rí i gceart ar Ghaililí agus ar Shamaría go léir. Rí fóghanta ab eadh é, agus rí diadha do b'eadh é. Bhí an breitheamhantas agus an oilteacht thar barr aige i ngnóthaíbh cogaidh, agus bhí sé dílis do dhlighe Dé i ngnóthaíbh creidimh. Chuir sé cáil náisiúnda ar na Iúdaígh, agus meas ar a gcreideamh, meas agus cáil ná raibh ortha go dtí san ó theacht abhaile dhóibh as an mbraighdineas. VIII. EASONÓIR DO'N RÍ. Do chuir an mheabhair chinn, agus an éirim aigne, agus an neart toile, agus an oilteacht ar ghnóthaíbh cogaidh agus síothchána, a bhí ag Eóin mac Shímoinn, do chuir- eadar a cháil féinig agus cáil na rígheachta a bhí fé n-a láimh, suas go h-árd os cómhair an domhain go léir. Ach deir Ióséphus, agus deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na Macabéach, gur bh'é rud a chuir a chlú agus a uaisleacht os cionn ar tháinig de righthibh roimis agus ar tháinig díobh 'n-a dhiaidh ná so, trí shaghas uais- leachta bheith air i n-aonfheacht, é bheith 'n-a rí uasal, agus i n'árdshagart uasal, agus i n'fháig uasal, trí shaghas uaisleachta ná raibh riamh i n-aonfheacht ar aon fhear ach air. Deir Ióséphus gur dhuine ana naomhtha é. Tháinig sé abhaile go dtí Ierúsalem, mar adubhradh, chun gnó árdshagairt a dhéanamh agus na n-ídhbirtí d'ofráil chun Dé lá na féile móire. Innsean Ióséphus go raibh sé istigh sa Sanctum Sanctórum ag ofráil túise nuair
a bhuaidh a mhac Aristóbulus ar na Suíriánaigh, agus gur airigh sé guth ag labhairt agus 'ghá innsint dó gur rugadh an buadh san. Bhí árd chion aige ar an mbeirt mhac san, Aristóbulus agus Antigonus, agus bhíodh sé coitchianta 'ghá iarraidh ar Dhia a chur i n-iúil dó cia 'cu de'n bheirt a bheadh i réim 'n-a dhiaidh. Do cuireadh i n-iúil dó, ámhthach, go raibh mac eile dhó a bhí gan teacht ar an saoghal fós, agus go mbeadh an mac san i réim 'n-a dhiaidh. Níor thaithn san leis. Do rugadh an trímhadh mac tamal 'n-a dhiaidh san, agus chuir an t-athair go Gaililí ar oileamhaint é, ag braith ar go mb'fhéidir go gcoisgfadh rud éigin é ar theacht i réim 'n-a dhiaidh. Níor choisg. Ach do foillsigheadh dó go mbeidís go léir i réim 'n-a dhiaidh, agus do thargair sé go mbeadh réim Aristóbuluis agus réim Antigonuis ana ghairid, agus ansan go dtiocfadh an trímhadh mac, .i. Aleg- sandar, i réim. Do fíoradh an targaireacht san. Deir an seanachas go n-innstear a lán eile neithe de'n tsórd san i dtaobh Eóin, ach nách léir go bhfuil deimhne ortha; go mb'fhéidir gur fíor iad agus go mb'fhéidir nác fíor. Ní'l an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na Macabéach ar leabhraibh canónacha na h-Eagailse. Ach is gnáth nuair a bhíon an saoghal ag eirighe le daoine, nú le náisiúnaibh, go ndeinid siad féin rud éigin a chuirean droch threó ar an eirighe sin. Cuirean Dia ar a leas iad, agus ansan deinid siad féin aimhleas dóibh féin. I ndeire réime Eóin mhic Shímoinn, nú tar éis é bheith tamal maith 'n-a rí, iseadh thosnuigh an dá aicme úd, .i. na Fairisínigh agus na Sadducínigh ar bheith ag coímhsgar le n-a chéile agus ag déanamh toir- misg d'Eóin. I dtosach bára bhí sé go mór leis na Fairisíneachaibh, agus is leó a ghabhadh sé páirt. Is dóibh a thugadh sé na postana ba thairbhthighe. Ní thais- beánadh sé aon bháidh do'n mhuinntir eile. Do thárla, ámhthach, gur dhein sé rud éigin a chuir fearg ar dhuine de sna Fairisíneachaibh gur bh'ainm dó Eleásar.
Duine creideamhnach ameasg na bhFairisíneach ab eadh an t-Eleásar san. Isé tuairim an tseanachaidhe gur éad a bhí air, fé mar a bheadh an rí tar éis rud éigin a thabhairt do dhuine eile agus gur mheas Eleásar gur dó féinig ba cheart é thabhairt. Bhí a leithéid sin d'fheirg, nú d'éad, ar Eleásar gur chas sé asachán leis an rí. Dubhairt sé go raibh sé neamhdhlistineach. Do chas sé leis go raibh a mháthair, ar dtúis, 'n-a daor-mhnaoi, gur thaisbeáin san nár bhean Iúdach í i gceart, agus d'á dheasgaibh sin go raibh sé i gcoinnibh dlighe Mhaoise a mac a bheith i n-a árdshagart. Deir Ióséphus gur deimhin ná raibh aon phioc fírinne sa sgéal san, agus gur thuig na Fairisínigh eile ná raibh aon fhírinne ann. Bhí fhios acu ná raibh aon fhírinne sa sgéal, ach mar sin féin níor chuireadar aon phionós ar Eleásar mar gheall ar an mbréig. Easonóir ana mhór do'n rí ab eadh an bhréag san do cheapadh 'n-a thaobh, agus ansan an bhréag do leogaint i n-aisge leis an bhfear a cheap í. Nuair a chonaic an rí an easonóir d'á tabhairt dó d'iompuigh sé i gcoinnibh na bFairísineach, agus as san amach ba leis na Sadducíneachaibh é ar fad. IX. FIONGHAIL. Nuair iompuigh Eóin i gcoinnibh na bhFairisíneach agus ghaibh sé páirt ar fad leis na Sadducíneachaibh bhí na Fairisínigh ar dearg bhuile chuige. Thosnuighdar ar an uile shaghas toirmisg a dhéanamh dó, ar uisge-fé-thalamh a dhéanamh agus ar bheith ag spriocadh daoine chun eirighe 'n-a choinnibh anso agus ansúd ar fuaid na tíre. Níor mhair sé ach bliain nuair a bhítheas 'ghá chrádh ar an gcuma san. Sa bhliain roim Chríost céad agus a seacht ab eadh
é sin. Tháinig a mhac Aristóbulus i réim 'n-a dhiaidh le ceart sínsireachta. B'shiné dlighe Mhaoise i dtaobh na n-Árdshagart, agus b'é an t-Árdshagart ba cheart a bheith 'n-a rí. Bhí árd chion aige ar a dhritháir Antigonus agus mar gheall ar an gcion a bhí aige air do ghlac sé isteach é, i bpáirt leis féinig, i ngnó na rígheachta, go ceann tamail. Deir Ióséphus go raibh triúr eile drithár aige agus gur chimeád sé istigh i bpríosún iad, pé cúis a bhí aige leis. Do cheap a mháthair gur aici féinig ba cheart an rígheacht a bheith. Dubhairt sí gur fhág Eóin an rígheacht aici le h-uacht. Do chuir a mac Aristóbulus isteach i bpríosún í, agus do leogh sé dhi bás d'fhagháil do'n ghorta istigh ann. Bhí, lastoir d'abhainn Iórdan, triúch ar a dtugtí Ituréa. Do tugadh an ainm sin ar an áit ó fhear gur bh'ainm dó Itur, agus mac d'Ishmaél ab eadh an fear san. Bhí a shliocht i n-Ituréa díreach mar a bhí sliocht Esau i n-Edom, nú i n-Iduméa. Ó Ábraham a shíol- ruigh an tsliocht san, chómh maith le sliocht Esau, agus chómh maith le sliocht Israéil. Do shocaruigh Aristó- bulus ar dhul agus na h-Ituréigh sin do thabhairt isteach i náisiún na nIúdach, díreach mar a thug a athair, Eóin mac Shímoinn, na h-Edomítigh isteach i náisiún na nIúdach. Chuir sé armáil mhór le chéile agus ghluais sé soir thar abhainn Iórdan chun cogaidh a chur ar Ituréa. Bhí an cogadh ag eirighe leis go h-áluinn, ach do buaileadh breóite é go h-oban. B'éigean é thabhairt abhaile. D'fhág sé an cogadh fé n-a dhritháir Antigonus agus do tugadh abhaile é. Do chuir Antigonus an cogadh ar aghaidh go cuthaigh agus go meacanta. Chuir sé smacht ar an dtír. Ansan thug sé a rogha do shliocht Itur an rud a dhein sliocht Edoim a dhéanamh nú imtheacht as an dtír agus dul chun cómhnuighthe i dtír éigin eile. Dhein an chuid ba mhó acu aithris ar shliocht Edoim.
Bhí Aristóbulus sa bhaile ar a leabaidh agus é go lag agus go leóinte. Bhí daoine sa bhaile, a n-aice an rí Aristóbuluis agus ní raibh aon ghrádh acu d'Anti- gonus. Ní raibh aoinne acu ba lugha grádh dhó 'ná an bhanrighin. Dheabhróchadh an sgéal go raibh eagla uirthi go bhfaghadh a fear, an rí Aristóbulus, bás agus go mbeadh Antigonus 'n-a rí 'n-a dhiaidh, agus ansan nár bh'fhios cad imtheóchadh uirthi féinig. Chrom sí, go ciúin agus go gasta, ar neithe do dhéanamh 'á chur isteach i n-aigne an rí go raibh dithineas ag Antigonus le n-a bhás, gur bh'é b'fhada leis go mbeadh sé féin 'n-a rí. Chuaidh an ghastacht i bhfeidhm. Tháinig droch amhras ag an rí breóite ar a dhritháir. "B'fheidir," ar seisean i n'aigne féin, "nár chuid ba lugha 'ná a fhonn a bheadh air gan fanamhaint lem' bás i n-aon chor!" Tháinig Antigonus abhaile nuair a bhí an cogadh críochnuighthe aige chun a thoile agus chun toile an rí. Thug sé aghaidh láithreach ar an dTeampul mór chun buidheachuis a ghabháil le Dia mar gheall ar a bhuadh sa chogadh, agus chun a iarraidh ar an dTighearna sláinte thabhairt do'n rí. Níor thug sé uain dó féin ar a chuid airm a bhaint de sar ar chuaidh sé go dtí an teampul, é féin agus rainnt de sna fearaibh a bhí le n-a chois. D'innis an bhanrighin do'n rí an méid sin agus d'innis sí é ar chuma do chuir brígh leis, gan a leogaint uirthi go raibh an brígh sin aici féinig le n-a cainnt. Tháinig eagla ar an rí. "Sgaoilimís leis," ar seisean. "Má thagan sé anso i n-arm agus i n-éide ar an gcuma san tá droch fhuadar fé." Do chomáin an bhanrighin teachtaire ag triall ar Antigonus 'ghá rádh leis teacht i n-arm agus i n-éide ag feuchaint an rí, mar go ndubhairt an rí gur mhaith leis é dh'fheisgint ar an gcuma san. Le n-a linn sin do chuir an rí teachtaireacht chuige 'ghá rádh leis a chuid airm agus éide bhaint de agus teacht chuige láithreach.
Thug an bhanrighin breab do'n teachtaire sin agus níor thug sé an teachtaireacht d'Antigonus. Do cuireadh lucht airm i gceilg ar an slighe roimis agus é ag teacht. Tháinig sé i n-arm agus i n-éide, mar a thaithn leis an rí dar leis. Nuair a tháinig sé go dtí an áit 'n-a raibh an lucht airm i gceilg do phreabadar suas chuige agus mharbhuighdar é. X. ALEGSANDAR. Níor bh'fhada go bhfuair an rí amach an feall a dein- eadh air agus ná raibh aon bhlúire fill 'n-a dhritháir Antigonus, ach go raibh sé dílis dó go fíor ghlan. Ansan tháinig árd aithreachas air. Bhíodh sé ag macht- namh ar an gcuma 'n-a dtáinig bás a dhrithár as an ndroch amhras gan chúis a bhí aige air, agus bhíodh sé ag cuimhneamh ar an mbás cruaidh a thug sé d'á mháthair féinig. Do luigh an cumha agus an t-aithreachas chómh trom san ar a chroidhe gur thosnuigh sé ar bheith ag sgéidhe fola. Do lean an sgéidhe fola. Níor bh'fhada go raibh an sgéidhe fola chómh dian san gur chaith sé amach lán árthaigh di. Bhí an t-árthach 'n-a láimh ag seirbhíseach agus é ag breith na fola go dtí áit éigin i n-ar cheart í chur sa chré. Do thárla go raibh sé ag gabháil tríd an áit i n-ar marbhuigheadh Antigonus. Do thuit an t-árthach as a láimh agus do doirteadh an fhuil anuas ar fhuil Antigonuis a bhí ar an áit fós. Bhí rainnt daoine ag feuchaint ar an nídh a thuit amach. Do chonacadar fuil an rí d'á dortadh anuas ar fhuil Antigonuis. Chromadar go léir ar ghol go h-árd. D'airigh an rí an gol. D'fhiafraigh sé cad fé ndeár é. Níor tugadh freagra air. Dubhairt sé go gcaithfí freagra thabhairt
air agus a dh'innsint dó cad fé ndeár an gol nímhneach san. Do h-innseadh dó. Ansan tháinig a leithéid de ghruaim agus de bhuairt agus de dhólás air go ndubhairt sé:- "Tá Dia ag feuchaint ar an bhfuil a dhoirteas, agus anois tá fearg Dé ag déanamh díoltais orm agus ag dortadh mo chod' fola féinig. Nár bh'fhearr bás d'fhághail gan a thuille righnis 'ná bheith beó ar a leithéid de chuma?" Fuair sé bás beagán aimsire 'n-a dhiaidh san, gan a bheith caithte i réim aige ach an t-aon bhliain amháin. Bhí an bhliain céad agus a sé roim Chríost ann um an dtaca san. Tháinig an dritháir úd, Alegsandar, do h-ainimnigheadh sa targaireacht, tháinig sé chun na coróinneach. Deir an seanachas go raibh sé sa phríosún an uair sin, agus gur bh'í Salóme, an bhanrighin, bean Aristóbuluis, do thug amach as an bpríosún é agus a dhein rí dhe. Alegsandra a thugadh na Gréagaigh mar ainm ar an Salóme sin. Dheabhróchadh an sgéal gur mar gheall ar Alegsandra a bheith ar an mban- righin a tugadh Alegsandar ar a mac. Iamnéus an ainm Iúdach a bhí air. Do réir Ióséphuis bhí beirt mhac eile fágtha 'n-a dhiaidh ag Aristóbulus. Dhein duine acu iarracht éigin ar an rígheacht a bhaint d'Alegsandar agus do cuireadh chun báis é. Ansan ní raibh ann ach aoinne amháin eile, an mac ab óige de chlainn mhac Aristóbuluis. Duine gan aon dúil i gcómhacht ab eadh an mac san. Ba thúisge leis mair- eachtaint ar a shuaineas. Do thuig Alegsandar an méid sin agus bhí sé ana mhuinnteartha leis. Ní'l aon trácht eile sa tseanachas air go dtí dachad blian 'n-a dhiaidh san, nuair a bhí sé ar shluagh a bhí i gcogadh i n-aghaidh na Rómhánach. Do thóg an Rómhánach, Pom- péius, 'n-a phríosúnach é an uair sin, agus chuir sé go dtí an Róimh é i mbraighdineas.
Rí gonta géarchúiseach mileata ab eadh Alegsandar. Bhí Suíria d'á stracadh as a chéile an uair sin le cogadh a daoine féin i gcoinnibh a chéile, agus an bheirt drithár, Antiochus Cuisicus agus Antiochus Griphus, 'ghá ngleusadh i gcoinnibh a chéile sa choímhsgar. Do thuig Alegsandar nár bhaoghal dó féinig iad, pé rud a dhéanfadh sé. Bha le Suíria an chathair sin Ptolemais an uair sin. Sar a raibh an chéad bhliain caithte aige 'n-a rí do chuir sé mór shluagh le chéile agus thug sé aghaidh ar Ptolemais agus chrom sé ar í dh'imdhridim. Ní fada bhí an t-imdhridim ar siubhal nuair ab éigean dó eirighe as, agus aghaidh a thabhairt ar namhaid a bhí tagaithe chuige ó'n Éigipt agus mór shluagh aige, agus é ceapaithe ar Iúdéa do ghabháil. Latíras ab ainm do'n namhaid sin agus mac ab eadh an Latíras san do Chleopátra, banrighin na h-Éigipte. B'éigean d'Alegsandar imtheacht ó chathair Ptolemais agus aghaidh a thabhairt ar Latíras. Ansan tháinig Cleopátra aníos as an Éigipt agus tháinig sí go dtí Ptolemais agus do ghlac an chathair í go h-umhal. Do troideadh cath fuilteach idir Alegsandar agus Latíras agus do buadhadh ar Alegsandar, agus do tógadh 'n-a bpríosúnachaibh uaidh trí dheich de mhíltibh fear. Do troideadh cath eile eatartha tamal beag 'n-a dhiaidh san agus do baineadh ana threasgairt a h-Alegsandar. Ansan ní raibh aon rud chun Latírais do chosg ar bheith 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí eagla, ámhthach, ar Chleopátra, dá mbeadh sé 'n-a rí ar Iúdéa nár chuid ba lugha ná a fhonn a bheadh air í féin do chur a' rígheacht na h-Éigipte agus bheith 'n-a rí ar an dá thír, ar an Éigipt agus ar Phalestín. Bhí sí ag tathant air agus 'ghá chómhairliú go dtí gur thoiligh sé gan rígheacht Iúdéa a bhaint d'Alegsandar. Ansan tháinig Alegsandar go Ptolemais ag gabháil a bhuidheachuis leis an ríogain Cleopátra mar gheall ar an gcuma 'n-ar shábháil sí é ó n-a mac. Thug sé mórán
tabharthaistí móra uaisle leis agus thug sé dhi iad. Deir an seanachaidhe gur ar mhaithe léi féin a shábháil sí Alegsandar an uair sin, agus gur toisg é bheith 'n-a namhaid agá mac a shábháil sí é. XI. GADARA. Cuirean an seanachaidhe an cheist seo i dtaobh Chleopátra. Cad 'n-a thaobh nár ghaibh sí tír Iúdéa chúichi féin an uair sin? Tugan an seanachaidhe féinig freagra ar an gceist. Bhí a lucht cómhairle 'ghá áiteamh uirthi san do dhéanamh, ach bhí a lán cúiseana maithe aici le gan é dhéanamh. Bhí a lán Iúdach thíos sa n-Éigipt an uair chéadna san. Bhí cathair Aleg- sandria lán díobh. Bhí mórán Iúdach i n-armáil na h-Éigipte. An ceann uraid a bhí aici ar an armáil sin go léir duin'uasal ana chreideamhnach ab eadh é. Fear ana oilte ar ghnóthaíbh stáit agus ar ghnóthaíbh cogaidh ab eadh é. Bhí neart aigne agus éirim inntil- eachta ann thar chách. Iúdach ab eadh é. Ananias ab ainm dó. Bhí sé i gcathair Ptolemais i n-aonfheacht léi an uair sin. Bhí sé ag éisteacht le daoine 'ghá chómhairliú dhi Iúdéa do ghabháil chúichi féinig. Thug sé malairt na cómhairle sin di. Ba ghnáth léi a chómh- airle do ghlacadh. Bhí sí féin géarchúiseach tuisgeanach go maith. Do ghlac sí a chómhairle an uair sin. B'fhéidir gur thuig sí 'n-a h-aigne go n-iompóchadh sí Iúdaígh na h-Éigipte 'n-a coinnibh mara nglacadh. D'á éagh- mais sin bhí meas ana mhór aici ar bhreitheamhntas Ananiais; agus d'á éaghmais sin airís bhí gaol ag Ananias le h-Alegsandar. Bhí sí ag cuimhneamh ar an dtír do ghabháil chúichi féinig, ach do ghéill sí do chómhairle Ananiais. D'fhág sí tír Iúdéa ag
Alegsandar, agus ansan do ghreamuigh sí chómhaltas cogaidh agus síothchána idir í féin agus é. Ansan do chuaidh Alegsandar thar n-ais go Ierúsalem. Tar éis beagán aimsire do chruinnigh sé airís a shlóighte briste agus chuir sé córú agus eagar ortha, agus do ghluais sé leó thar Iórdan soir agus chrom sé ar chathair Ghadara d'imdhridim. Tar éis deich mí do thóg sé an chathair sin. Ansan thug sé aghaidh ar dhún ana láidir ana dhaingean ná raibh abhfad ó Ghadara. Amatus an ainm a bhí ar an ndún san, agus bhí Teodotus mac Zeno, tíoránach Philadelphia, tar éis a chuid saidhbhris go léir do chur isteach ann i gcimeád, agus bhí an saidhbhreas san ana mhór. Do thóg Alegsandar an dún san agus bhí saidhbhreas mór Theodotuis aige. Níor chimeád sé an saidhbhreas abhfad. Do chruinnigh Teodotus sluagh líonmhar agus thug sé fogha oban fíochmhar fé shluagh Alegsandair nuair a bhí sé ag imtheacht ó'n ndún. Do mhairbh sé deich míle fear de shluagh Alegsandair agus do sgaip sé an chuid eile acu agus fuair a chuid saidhbh- ris thar n-ais, agus 'n-a theannta san do thóg sé ualaí lóin an tslóigh agus mórán ollmhathais ó sna fearaibh. Níor chuir an méid sin Alegsandar ó ghnóthaíbh cogaidh. Ach marar dhein, do chuir sé a sheana namhaid, na Fairisínigh, ag déanamh áthais agus gáirdeachais, agus 'ghá cháine os cómhair na ndaoine sa bhaile i gcathair Ierúsalem, ag spídiúchán air agus ag maslúchán air, agus ag déanamh an uile shaghas díthil ar a chur 'n-a luighe ar an bpoibilidheacht nár cheart é bheith 'n-a rí i n-aon chor. Bhí an rí tagaithe go Ierúsalem agus bhí sé ag éist- eacht leis an maslúchán. Níor dhein sé aon righneas, ámhthach, ná níor dhein sé aon iarracht ar smacht a chur ar na Fairisínigh. Bhí nídh nar bh'é ar aigne aige. Bhí sé ag cuimhneamh ar chathair Ghasa. An treasgairt úd
a thug Latíras dó b'iad muinntir na catharach san fé ndeár é. Do chuireadar fios air agus thugadar lucht conganta dhó agus thugadar córacha cogaidh dó; mara mbeadh iad ní thiocfadh sé i n-aon chor, agus mara mbeadh an congnamh a thugadar dó ní bheadh ar a chumas a leithéid de threasgairt a bhaint as. Do chruinnigh sé a neart slógh agus thug sé aghaidh ar Ghasa. Tháinig sé ar dtúis go dtí dún ar a dtugtí Raphia agus thóg sé é; ansan do thóg sé dún eile ar a dtugtí Antedon. Ní raibh an dá áit sin ach cúpla míle ó Ghasa, agus nuair a bhíodar tógtha aige bhí Gasa dúnta isteach go mór aige ó'n dtír mórthímpal. Bhí sé ag cur a shlógh i méid i n-aghaidh an lae agus i gceann bliana bhí sé láidir a dhóithin chun catharach Gasa d'imdhridim. Do dhein sé an t-imdhridim. Bí fear d'ár bh'ainm Apollodotus 'n-a cheann uraid ar mhuinntir na catharach. Fear ana chródha, ana oilte ar ghnóthaíbh cogaidh, ab eadh an t-Apollodotus san. Do ghleus sé an chosaint. Dhein muinntir na catharach rud air chómh cruinn chómh toiltheanach san gur ghluais bliain iomlán sar ar fhéad Alegsandar an chathair do thógaint. Thugadh Apollodotus agus fir na catharach fogha amach uaireanta agus dheinidís ana bhárthan do'n mhuinntir amuich. Fogha acu san d'ár tugadh ba ró dhóbair dóibh ruag agus brise catha do chur go h-iomlán ar Alegsandar agus ar a shluagh. Ach bhí dritháir ag Apollodotus agus Luisimacus ab ainm dó. Dhein sé sin feall ar Apollodotus agus mhairbh sé é. Ansan do dhein an Luisimacus san feall eile, do leog sé an namhaid isteach a gan fhios. Nuair a chuaidh Alegsandar isteach do leog sé air ná raibh sé ceapaithe ar aon dochar a dhéanamh do sna daoine, ach nuair a bhí a shluagh go léir istigh aige do leog sé dhóibh a dtoil a dh'imirt ar an gcathair agus ar na daoine. Do chosain na daoine iad féin, agus do deineadh éirleach thar na beartaibh ar gach taobh.
XII. AN BAILE MÓR AGUS A RAIBH ANN. Deir an seanachaidhe gur dhóbair d'Alegsandar an díoltas a dhein sé ar mhuinntir Ghasa bheith 'n-a dhíoltas theinn aige; nuair a fuair muinntir na catharach an t-éirleach 'á dhéanamh ortha gur lámhuigh- dar a n-airm agus gur dheineadar ar an namhaid éirleach a bhí, geall leis, chómh fuilteach leis an éir- leach a deineadh ortha féinig. Ansan, nuair a bhí an t-éirleach fola déanta aige dhein sé an chuid eile d'á dhíoltas ar an gcathair féin. Do loisg sé an chathair agus níor fhág sé cloch ar muin cloiche innti. Dhein sé cárnán cloch di. Agus cathair bhreágh mhór shaidhbhir, ársa, uasal, ab eadh í roimis sin. Deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na Macabéach gur thóg Alegsandar an dá chathair eile sin, .i. Emat agus Tuíre, ach ní deir Ióséphus aon fhocal i dtaobh an sgéil sin. An fhaid a bhí sé as baile, ámh, níor fhan na Fairisínigh ró shocair. Bhí an fuath marbhuightheach acu dhó féin agus d'á theaghlach go léir. Níor stadadar ach ag gríosadh na ndaoine 'n-a choinnibh. Fé dheire bhí an gríosadh déanta chómh maith san acu go raibh an pobul go léir ar dearg bhuile chuige. Bhí sé tagaithe abhaile go Ierúsalem; bhí féile mhór na dtabernacul ann; bhí an t-Árdshagart, .i. Alegsandar féinig, ó bhí sé 'n-a rí agus i n'Árd- shagart, ag solumnú na féile; bhí sé ag an altóir ag déanamh na h-oibre sin. Tháinig na daoine agus géaga crainn atroig i n-a lámhaibh acu. Sórd adhmaid ar a dtugtar citron iseadh atrog. Bhí na torthaí ar na géagaibh an uair sin. Nuair a bhí sé i lár na h-oibre solumanta do chrom an pobul ar é bhualadh leis na h-atrogaibh úd agus ar é mhaslú le droch chainnt; ar an asachán úd i dtaobh a mháthar do chasadh leis;
agus iad a liúirigh agus ag sgreadaigh agus 'gha rádh go h-árd nár cheart mac na daor-mhná bheith i n' Árdshagart, gur thruilliú ar an Árdshagartacht é bheith ag déanamh na h-oibre sin ag an altóir naomhtha san; agus iad ag gabháil de sna h-atrog- aibh air gan stad. Do stad sé de'n obair naomhtha a bhí ar siubhal aige agus d'órduigh sé d'á shaighdiúríbh "é chosaint ar an ngramhasgar san." Do rith na fir armtha chucha agus mharbhuighdar sé mhíle duine acu agus do sgaipeadar an chuid eile acu. Ansan d'órduigh an rí falla adhmaid a dhéanamh a dhúnfadh isteach cúirt na sagart, i dtreó nár bh'fhéidir do'n tsluagh teacht isteach a thuille agus toirmeasg de'n tsórd san a dhéanamh. Ansan do dhein sé rud eile. Do thóg sé ar tuar- astal saighdiúrí iasachta, ó Phisidia agus ó Chilicia, agus dhein sé gárda pearsan dó féinig díobh. Níor fhéad se aon iontaoibh a bheith aige a thuille a' saigh- diúiríbh Iúdacha, daoine a bhí iompuighthe 'n-a choinnibh chómh mór san nár bh'fhéidir iad a mhealladh le míne ná iad do smachtú le lámh láidir. D'á mhíne agus d'á chneastacht a ghlacadh sé iad iseadh ba tharcuisneamhla thugaidís masla dhó; agus ansan, nuair imireadh sé a chómhacht ortha is amhlaidh a chuireadh san ar dearg- bhuile ar fad iad. Fé dheire do ghleus sé a shluagh agus chuir sé i n-eagar iad agus d'imthigh sé amach a' cathair Ierúsalem agus d'fhág sé "an baile mór agus a raibh ann" ag na Iúdaígh mhalluighthe sin. Do ghluais sé féin agus a shluagh amach a' cathair Ierúsalem. Thug sé a aghaidh soir chun na h-abhan, chun Iórdain. Chuaidh sé thar Iórdan soir agus thug sé aghaidh ar chathair Amatuis mar a raibh Teodotus úd agus a stórus saidhbhris aige. Do thóg Alegsandar an chathair, ach bhí Teodotus tar éis imtheacht agus a chuid saidhbhris a bhreith leis. Níos fhan se le h-Aleg- sandar. Ainm sgannramhail ab eadh ainm Alegsandair
um an dtaca san ar fuaid na dtíortha mórthímpal. Dhein sé íde agus léirsgrios ar chathair Amatuis. Dhein sé cárnán cloch di. Do ghluais sé ansan agus chuir sé na Móabítigh agus muinntir Ghalaad fé chíos. Tamal 'n-a dhiaidh san bhí cogadh aige 'á chur ar Obodas rí na n-Arabiánach. D'imir na h-Arabiánaigh cleas air. Do chruinnighdar táinte móra camul, na céadta mílte díobh, agus thánadar laistiar díobh agus com- áineadh rómpa iad, isteach i longphort Alegsandair. B'éigean d'Alegsandar agus d'á shluagh teiche as an longphort nú gheabhadh na camuil de chosaibh ionta. B'éigean dóibh teiche isteach i sórd gleanna a bhí caol cúmhang, lán de charaigreachaibh. Ar éigin bháis a rug sé féin agus a shluagh a n-anam leó saor as an gcúmhngaracht san. Chuadar as ar chuma éigin agus thánadar abhaile go Ierúsalem. Bhí sgéal na gcamul tar éis dul abhaile rómpa. Má bhí na Fairisínigh agus na daoine a bhí ag gabháil leó feargach, tarcuisneach roimis sin bhíodar níba sheacht measa 'ná san an uair sin, agus asachán na gcamul acu 'á chasadh le h-Aleg- sandar i dteannta asacháin a mháthar, agus gach aon asachán eile ar ar fhéadadar cuimhneamh, agus ba chuma leó i n'fhírinne nú i n'éitheach é. Thug sé iarracht eile ar iad a mhealladh le míne agus le cneastacht. Níor dhein san ach iad a dhéanamh níba mheasa. Fé dheire d'eirighdar 'n-a choinnibh i gceanairc armtha. Dhein- eadar dearmhad sa méid sin. Bhí sé ró oilte ar chogadh chun aon eagla ghlacadh rómpa sa cheanairc sin. Chruinnigh sé rainnt slóighte agus thug sé cath dhóibh. Chuir sé ruag ortha tapaidh go leór, ach níor chuir san fhiachaint ortha stad. Do lean an toirmeasg. Bhí sé 'n-a chogadh dhearg fhionghalach idir é féin agus iad ar feadh sé mblian. I gcaitheamh na sé mblian san do marbhuigheadh bréis agus caogad míle díobh-san. Ní h-innstear an mór a marbhuigheadh ar a thaobh-san.
XIII. COGADH FIONGHALACH. Is ag Alegsandar a bíodh an buadh i gcómhnuidhe, ach bíodh gur bh'eadh ní stadaidís. Bhíodh an t-éirleach 'á dhéanamh ortha ach ní chuireadh pé éirleach a deintí ortha aon fhonn staid de'n chogadh ortha. Do chuireadh Alegsandar teachtairí chucha, nuair a bhíodh éirleach éigin ba throime 'ná chéile déanta aige ortha, 'ghá iarraidh ortha ciall a bheith acu agus síothcháin a dhéanamh leis. Gach aon iarracht d'á ndeineadh sé ar an gcuma san chun na síothchána dhéanamh is amhlaidh a chuireadh sé fonn níba mhó chun an chogaidh ortha. Fé dheire chuir sé teachtaire chucha 'ghá fhiafraighe dhíobh cad a bhí uatha nú cad a shásóchadh iad, agus 'ghá rádh go ndéanfadh sé an rud a shásóchadh iad ach é dh'innsint dó; go raibh sé féin cortha de'n chogadh fhionghalach san agus go dtabharfadh sé dhóibh aon rud i n-aon chor ba mhaith leó, chómh fada leis an gceart. Do chuireadar freagra chuige 'ghá rádh leis go raibh aon nídh amháin do shásóchadh iad, agus ná raibh aige ach an t-aon nídh amháin sin a dhéanamh agus go mbeidís lán tsásta, agus go mbeadh deire leis an gcogadh. "Agus isé nídh é sin," ar siad, "ná do sgórnach a ghearradh!" "Agus," ar siad, "is buidheach go maith ba cheart duit bheith dhínn mar gheall ar sinn a bheith sásta led' bhás mar leórghníomh i n-a bhfuil de dhíobháil déanta agat dúinn." Thug an freagra san le tuisgint dó nár bh'aon mhaith dhó bheith ag braith ar aon tsíothcháin a dhéanamh, agus nár bh'fholáir dó beart éigin eile dhéanamh chun deire chur leis an gcogadh. Do thuigeadar-san, leis, go gcuirfadh an freagra san fhiachaint air-sean iarracht chómhachtach éigin a dhéanamh 'n-a gcoinnibh. Bhí fhios
acu cad a bhí chucha agus chuireadar sgéala óthuaidh go dtí cathair Dhamascuis ag triall ar Dhemétrius Eucharus, rí na catharach san, 'ghá iarraidh air teacht le cabhair chucha. Do tháinig sé dachad míle troightheach agus trí mhíle marcach, Iúdaígh agus Gréagaigh measgaithe ar a chéile. Do ghluais Alegsandar amach 'n-a choinnibh sé míle Gréagach agus fiche míle Iúdach. Thug an dá rí tamal ag faire ar a chéile, Alegsandar a d'iarraidh na nIúdach a bhí ag Demétrius do mhealladh uaidh chuige féin, agus Demétrius a d'iarraidh na nGréagach a bhí ag Alegsandar a mhealladh uaidh chuige féinig. Do theip glan ar gach taobh. Ansan do troideadh an cath eatartha. Do buadhadh ar Alegsandar agus do briseadh an cath chómh tiubais- teach san air go mb'éigean dó teiche chun na gcnoc agus gan aige ach fíor bheagán d'á shluagh. Siné an cúntas a thugan Ióséphus ar an gcath. Tugan an ceathramhadh leabhar de leabharaibh na Macabéach a mhalairt sin ar fad de chúntas ar an gcath. Deir an leabhar san gur ag Alegsandar a bhí an buadh, agus gur fearr go mór a tháinig sé as an ngleic 'ná mar a tháinig Demétrius. Ach deir Ióséphus gur briseadh an cath chómh tiubaisteach san ar Alegsandar ná raibh aon bhreith aige ar é féin d'fhuasgailt as an ngéibhinn i n-ar cuireadh é mara mbeadh rud ná raibh coinne leis a thuitim amach. Isé rud é sin ná so, nuair a chonaic na Iúdaígh a bhí ag Demétrius an cruadhchás i n-ar cuireadh Alegsandar tháinig truagh acu dhó. Tháinig aithreachas ortha mar gheall ar an lámh a bhí acu féin sa ghníomh a chuir sa chás san é. Do phreabadar agus thugadar cúl le Demétrius agus siúd anall iad ag triall ar Alegsandar! Do theip glan air iad do mhealladh chuige an fhaid a bhí sé 'n-a lán neart, ach nuair a chonacadar sa chruadhtan é do ritheadar chuige. Nuair a chonaic Demétrius ag imtheacht iad do
theich sé féin agus an méid a dh'fhan aige as an áit, le h-eagla go n-imteóchadh tuille. Bhí dritháir aige agus Pilib ab ainm dó agus bhí cogadh ar siubhal eat- artha. D'fhág sé Iúdéa agus thug sé aghaidh ar a dhritháir. Nuair a bhí Demétrius imthighthe do chruinnigh Alegsandar a shlóighte airís agus thug sé aghaidh ar na Fairisínigh. Do troideadh a lán cathana idir é agus iad. Do buadhadh ortha in sna cathanaibh go léir, ach do theip air a chur fhiachaint ortha umhlú dhó. Níor chuir aon rud aon mhaolú ar an olc a bhí ortha chuige. Fé dheire do shocaruigh sé é féin chun deire chur leó ar an aon chuma amháin i n-ar bh'fhéidir deire chur leó, .i. iad do dhísgiú ar fad. Do chruinnigh sé neart slógh 'n-a gcoinnibh mar a dhéanfadh sé i gcoinnibh namhad iasachta agus do briseadh cath ortha chómh críochnuighthe sin gur cuireadh deire leis an gcogadh fionghalach. Do marbhuigheadh an chuid ba mhó acu sa chath, agus do comáineadh an chuid eile acu isteach i gcathair Bhetóne. Thugadar iarracht ar an gcathair sin do chosaint i gcoinnibh an rí. Níor bh'iarracht ró lag í. Ach d'imdhrid an rí an chathair. Níor thóg sé í go dtí an bhliain a bhí chughainn. Ansan do thóg sé an chathair agus dhein sé príosúnaigh de'n méid nár marbhuigheadh de sna Fairisínigh a bhí innti. Ansan iseadh d'imir sé a dhroch aigne ar na príosúnachaibh sin. Ansan iseadh dhein sé an bheart ba ghráinne agus do b'fhuathmhaire agus ba dhéistinighe d'ár deineadh riamh. Do bhuaidh an bheart a dhein sé an uair sin, i mídhaonachtaighe agus i ngráinneamhlacht, ar a bhfuil innste de bheartaibh gráinneamhla i seanachas an domhain. Thug sé leis go Ierúsalem ocht gcéad fear, de sna fearaibh ab uaisle agus ba chreideamhnaighe de sna príosúnaigh sin agus do chéas sé ar chrosaibh iad aon lá amháin i dteannta chéile. Ansan do thug sé leis a mná agus a gclann agus do chuir sé chun báis iad os cómhair a súl!
XIV. DEMÉTRIUS 'N-A PHRÍOSÚNACH. Nuair a bhí na fir uaisle chreideamhnacha san go léir ansúd tárnáltha ar na crosaibh ag an rí Alegsandar, agus a mná augs a gclann marbh os cómhair a súl aige, agus iad féin 'n-a mbeathaidh, ag feuchaint air, d'órduigh sé búird do chur 'n-a láthair i dtreó go bhfeicfidís iad, augs flúirse bídh agus dighe do chur ar na bórdaibh sin, os cómhair na bhfear san a bhí tárnáltha ar na crosaibh, agus ansan do dhuidh sé féin agus a chuideachta leanan chun na mbórd san, ag ithe agus ag ól go suairc, agus na fir sin a bhí tárnáltha ar na crosaibh ag feuchaint ortha. Daoine do tárnaltí ar chrosaibh do mhairidís cúpla lá nú trí uaireanta ag folag na péíne sin. Is láídir an sgairt agus is cruaidh an croide agus is díoblaidhe an aigne a bhí ag an bhfear a thárnáil ar na crosaibh sin iad súd agus ansan do shuidh chun bídh os a gcómhair agus iad ag feuchaint air! Agus Macabéach ab eadh é, duine de shliocht uasal Mhata- tiais! Ach b'fhéidir gur bh'fhíor an rud úd adubhairt na Fairisínigh; b'fhéidir, bíodh go raibh cródhacht na Macabéach ann, go raibh an droch mhianach ó n-a mháthair ann. Is deacair le lucht an tseanachurs a chreideamhaint gur dhein sé an bheart chómh díoblaidhe ar fad. Fairis- íneach dialta ab eadh Ióséphus agus deirtear go mh'fhéidir gur chuir sé le h-olcas an sgéil. Marar chuir sé leis, ní baoghal gur bhain sé uaidh. Fairisíneahc dialta ab eadh é mar adubhradh, augs namhaid nímhneach do sna Fairisínigh ab eadh Alegsandar. B'fhéidir gur chuir Ióséphus le h-olcas an sgéil. Is léir, ámhthach, go raibh an sgéal olc go maith i n-éaghmais
pé cur leis a dhein sé. Bhí sé chómh h-olc san gur eirigh tímpal míle duine de sna Fairisínigh an oidhche 'n-a dhiaidh san agus gur imthighdar chun siubhail agus ná feachathas sa n-áit iad a thuille an fhaid a mhair Alegsandar. Bhí suaineas aige ó sna Fairisínigh as san amach. Ach mara raibh na Fairisínigh ag cur isteach air tháinig namhaid eile chuige beagán aimsire 'n-a dhiaidh san. Bhí rí ar chríochaibh Shuíria agus Antiochus ab ainm dó. Do bheartuigh sé cogadh do chur ar chríochaibh Arabia. Níor bh'fhéidir dó dul isteach i n-Arabia gan gabháil trí pháirt de Iúdéa. Bhí droch iontaoibh ag Alegsandar as. Cheap sé é chosg ar ghabháil tré aon pháirt de thalamh Iúdéa. Dá ngabhadh sé tré Iúdéa níor bh'fholáir dó gabháil tríd an dtalamh a bhí idir an mbaile ar a dtugtar Antipatris agus an chathair sin Ioppe. Tháinig Alegsandar agus dhein sé díog mhór dhoimhinn, fiche míle ar faid ó Antipatris go Ioppe, agus ar an gclaidhe a deineadh de'n chré agus de sna clochaibh a tógadh as an ndíg, do chuir sé suas túir láidire adhmaid mar dhainginiú. Ach ní raibh aon mhaith 'n-a shaothar. Tháinig Antiochus agus do dhein sé slighe dhó féin agus d'á shluagh tríd an ndainginiú go léir agus chuaidh sé isteach i dtír Arabia. Níor eirigh a chuaird leis. Níor bh'fhada gur marbhuigheadh é i n-Arábia. Suaineas aigne d'Aleg- sandar ab eadh an méid sin. Níor ghlac sé a shuaineas, ámhthach. An fhaid a bhí an cogadh fionghalach ar siubhal idir é féin agus na Fairisínigh bhí righthe Arabia ar tí teacht agus páirt a ghabháil leis na Fairisínigh. B'éigean d'Alegsandar tír Ghalaad agus tír Mhóab, lastoir d'abhainn Iórdan, a thabhairt dóibh i dtreó ná tiocfidís. Chómh luath agus a fuair sé go raibh Antiochus marbh i n-Arabia do chruinnigh sé a shlóighte agus do ghluais sé thar Iórdan soir chun na dtíortha san Mhóab agus Ghalaad a bhaint amach do
féinig airís. Chómh luath agus bhí Alegsandar agus a shluagh imthighthe thar Iórdan soir tháinig Arétus, rí Arabia, isteach i dtír Iúdéa. B'éigean d'Alegsandar teacht thar n-ais agus Arétus a throid. Do buadhadh ar Alegsandar. Ansan do dhein sé féin agus Arétus síothcháin agus d'imthigh Arétus. Ansan do thug Alegsandar aghaidh ar chathair ar a dtugtí Pella agus thóg sé í. Ansan thug sé aghaidh ar chathair ar a dtugtí Gerasa. Bhí an Teodotus úd go raibh an saidhbhreas go léir aige, bhí sé i nGerasa agus a chuid saidhbhris aige. Do thóg Alegsandar an chathair sin agus an saidhbhreas go léir. Do ghluais sé ó'n áit sin agus thóg sé cathair Ghaulana, agus Seleucia ag gleann Antiochuis. Bhí Demétrius 'n-a phriúnsa in sna h-áiteanaibh sin. Dhein Alegsandar príosúnach de. Bhí trí bliana caithte aige in sna cuardaibh sin um an dtaca san, agus tháinig sé abhaile go Ierúsalem agus Demétrius 'n-a phríosúnach aige. Bhí fáilte mhór mhaoidhteach ag muinntir Ierúsalem roimis mar gheall ar na cathanaibh a bhí buaidhte aige agus ar na catharachaibh a bhí tógtha aige. Ansan d'fhan sé sa bhaile agus thug sé é féin suas do'n uile shaghas pléisiúir, do chraos agus do mheisge agus do mhí-iompar. Do chuir an pléisiúr galar air, an galar ar a dtugtar crith. Do lean an galar san air go dtí lá a bháis. XV. BÁS ALEGSANDAIR. Bíodh go raibh an bhreóiteacht ar Alegsandar níor fhéad sé a shuaineas do cheapadh. Bhí an dúil mhall- uighthe sa chogadh aige. Do lean sé d'á bheatha annrianta, agus do chruinnigh sé a shlóighte airís agus do ghluais
sé thar Iórdan soir ag cur cogaidh ar na Gerasén- achaibh. Bhí sé ag imdhridim catharach leó d'ár bh'ainm Regaba. Sa n-imdhridim sin iseadh fuair sé bás, sa seachtmhadh bliain ar fhichid d'á réim, sa bhliain seacht ndeich a naoi roim Chríost. Bhí sé an uair sin tar éis éacht de thíorthaibh iasachta agus de chatharachaibh iasachta do thabhairt fé smacht a láimhe. Bhí aige i Suíria, Iduméa Phénicia, Arabia, agus a lán eile áiteana. Bhí aige, laistiar, fan na faraige, túr Stratan, agus na bailte cuain seo, Apollonia agus Ioppe, agus Iamnia, agus Asótus, agus Gasa, agus Antedon, agus Ráphia, agus Rinocerura, bailte cuain a bhíodh ag na Filistínigh agus ag namhaid eile d'Israél i gcaitheamh na gcéadta blian roimis sin. Bhí a smacht i bhfeidhm aig aer Phalestín go léir, ar gach taobh de'n Iórdan, ó bhruach na Mara Ruadh go h-Antioch agus go Seleucia óthuaidh, agus ó chnoc Chármel soir go h-imeallaibh gainmhighe Arabia. D'fhág sé beirt mhac 'n-a dhiaidh. Huircánus ab ainm do dhuine acu, agus Aristóbulus ab ainm do'n duine eile. D'fhág sé réim a rígheachta agá mhnaoi, Alegsandra, ar feadh a saoghail, agus neart di, nuair a bheadh sí ag dul chun báis, an rígheacht d'fhág- áilt agá rogha de'n bheirt mhac. Bhí an bhanrighin 'n-a theannta nuair a bhí sé ag dul chun báis. Nuair a thuigeadar araon go raibh an bás i ngioracht dó do labhair sí leis ar an gcuma so:- "Feuch, a rí," ar sisi, "nuair a bheir-se imthighthe beidh an sgéal go h-olc agam-sa agus ag an gclainn seo atá againn. Tá fuath marbhuightheach ag na Fairi- sínigh duit-se agus do gach aoinne a bhainean leat. Tá an phoibilidheacht agus iad féin ana bháidheamhail le n-a chéile. Nuair a bheir-se imthighthe imireóchaid siad a ndroch aigne orm-sa agus ar an gclainn. Ní stadfid siad go dtí go mbeidh do shliocht-sa ídighthe
acu glan as an saoghal. Ní fheadar an domhan cad a dhéanfimíd ná conus is féidir dúinn dul saor uatha." "Éist liom-sa, a ríogan," ar seisean. "Nuair a bhead-sa tar éis bháis ná h-innis do'n tsluagh é. Leog dóibh leanamhaint ar an imdhridim go dtí go mbeidh an chathair seo tógtha acu. Ansan, ná leog ort ná gur trom i mbreóiteacht atáim. Abair leó gur mian liom dul abhaile fé bhuadh go Ierúsalem. Cimeád ino chorp i bhfolach uatha agus beir leat é, agus dein gluaiseacht an tslóigh do stiúrú, mar dh'eadh gur mise bheidh 'á dhéanamh. Nuair a shroisfir cathair Ierúsalem cuir fios ar uachtaránaibh na bhFairis- íneach agus taisbeáin dóibh mo chorp. Abair leó ansan gur b'shiné an corp acu, corp a namhad agus a rogha cor do thabhairt dó, é chur fé thalamh nú é chaitheamh amach ar an machaire. Abair leó go bhfuilir féin ceapaithe feasta ar gan aon nídh do dhéanamh ach do réir a gcómhairle, agus go bhfuilir ar aigne iad do chur sa chruith, i ngnó na rígheachta, i n-a rabhadar ar dtúis. Abair leó, pé díoltas is maith leó do dhéanamh ar mo chorp-sa mar gheall ar ar dheineas d'olc ortha i gcaitheamh mo shaoghail. Ná bíodh aon mhearathal ort ná go ndéanfid siad mo chorp a dh'adhlacadh le h-onóir, agus ní baoghal duit ná go mbeid siad go h-ana bháidheamhail leat-sa agus leis an gclainn as san amach. Tabharfid siad gach aon chongnamh duit- se i ngnó na rígheachta, agus dom' mhacaibh at' dhiaidh." Níor mhair sé puinn aimsire tar éis na cómhairle sin a bheith tabhartha do'n bhanrighin aige. Do dhein Alegsandra mar adubhairt sé léi a dhéanamh. Déar- fadh daoine ná dubhairt sé riamh an chainnt. Go raibh árd ghastacht innti agus gur bh'í féin a cheap agus do chúm an sgéal go léir i dtaobh na cómhairle sin. Ach pé duine cheap an chómhairle do dhein sisi beart d'á réir. Fuair an rí bás. Chimeád sí a chorp i bhfolach. Thug sí gach órdú do'n tsluagh fé mar a
bheadh sí 'ghá thabhairt chucha ó'n rí. Níor thugadar fé ndeara an cheilt, mar bhí gach órdú chómh h-eagnaighe, chómh tuisgionach agus dá mb'é Alegsandar féin a bheadh 'ghá thabhairt uaidh. Is dócha gur thuig Aleg- sandar go raibh an éirim aigne sin aici agus gur mar gheall air sin a dh'fhág sé an rígheacht aici an fhaid a mhairfadh sí. Fé dheire do tógadh cathair Regaba, agus do sgartáladh í. Do thug an tsluagh leó aisti pé saidhbh reas a fuaradar innti, agus do thug an bhanrighin le tuisgint dóibh, ó'n rí, mar dh'eadh, "nár bh'fholáir aghaidh a thabhairt ar an mbaile." Bhíodar go léir buidheach de'n rí, nú de bhreóiteacht an rí, mar gheall air sin. Thug an mhór shluagh aghaidh ar an mbaile. Thánadar go dtí cathair Ierúsalem. Chuir an bhan- righin fios ar uaislibh na bhFairisíneach. Thánadar. Thaisbeáin sí corp Alegsandair dóibh. "Seo, a uaisle," ar sisi. "Siné corp bhúr namhad agaibh, corp an fhir a dhein na h-uilc úd go léir oraibh. Deinidh pé díoltas is maith libh anois air. Ní mór liom-sa dhaoibh é chaitheamh amach ar an mbán nú é dh'adhlacadh, pé 'cu is toil libh. Dhein sé mórán uilc oraibh, ach is libh-se atá báidh agam-sa. Is liom- sa an rígheacht anois, ach ní déanfar aon ghnó rígheachta feasta ach mar is toil libh-se." Bhíodar as a meabhair le h-áthas. Cad a dheineadar? Ar chaitheadar an corp amach ar an mbán? SAMHALTAS RÉIME. XVI. Nuair airigh uaisle na bhFairisíneach an chainnt adubhairt an bhanrighin Alegsandra bhíodar as a meabhair le h-áthas. Níor chaitheadar an corp amach
ar an bpáirc. Dheineadar a mhalairt sin ar fad. Do chruinnighdar an pobul agus do labhair lucht cainnte dhéanamh, agus do mholadar Alegsandar chómh h-árd agus do moladh rí riamh! Ní raibh Árdshagart riamh ba dhiadha 'ná é. Ní raibh rí riamh do b'uaisle aigne 'ná é, do b'fhearr ciall 'ná é, ba mhó eólus 'ná é, ba chirte breitheamhantas 'ná é, ba thréine i gcath 'ná é, do b'fhearr ceann d'á shluagh 'ná é. Do h-innseadh amach i ndiaidh chéile na cathana do throid sé; na catharacha do thóg sé; na tíortha do smachtuigh sé; na slóighte namhad a thraoch sé agus do threasgair sé; na tairbhthí móra dhein sé do shliocht Israéil; an leathanú a dhein sé ar a bhforlámhas; an t-eagla chuir sé ar na náisiúnaibh cómharsanacha go léir mórthímpal. Níor labhradh aon fhocal amach a' béal aoinne i dtaobh an ocht gcéad Fairisíneach úd a thárnáil sé i dteannta chéile ar na crosaibh. Nuair a bhí an moladh mór déanta d'adhlacadar é agus bhí an t-adhlacadh chómh glórmhar leis an moladh. Má b'é Alegsandar a thug an chómhairle úd do'n bhan- righin do thuig sé go maith cad é an saghas na Fairi- sínigh. Má 'sí Alegsandra féin do chúm agus do cheap an chómhairle níor mhiste an cumadh agus an ceapadh d'fhágáilt fúithi. Do shaor sí í féin agus a clann agus a rígheacht uatha an uair sin, ach níor chuaidh sí saor uatha ar fad. Dubhairt sí leó ná déan- fí aon ghnó rígheachta ach do réir a dtoile. Thugadar- san togha an aireachais nár deineadh. Isé céad ghnó rígheachta ab éigean di a dhéanamh, do réir a dtoile, ná na reachtana a bhí déanta 'n-a gcoinnibh i ndiaidh Alegsandair agus i ndiaidh Eóin Huircánuis, do chur ar neamhnídh. Ansan d'iarradar uirthi pé Fairisínigh a bhí 'n-a bpríosúnachaibh i ndiaidh an rí Alegsandar, iad do leogaint amach saor, agus aon bhrise dlighe a bhí i gcoinnibh aon fhairisínigh mar gheall ar na reachtaibh sin gan é dh'agairt air.
Agus aon fhairisíneach a bhí i bpríosún mar gheall ar an gcogadh fionghail úd, é leogaint amach gan a thuille righnis. Ansan, pé Fairisínigh a bhí ar díbirt, nú go mb'éigean dóibh teiche as an dtír, iad a thabhairt thar n-ais agus iad a chur airís i seilbh a gcod' talmhan agus a saoghaltachta. Do tugadh abhaile an mhuinntir a bhí ar díbirt. Do leogadh amach na príosúnaigh. D'fhill an mhuinntir a bhí ar fán. Do tugadh a shaoghaltacht féinig thar n-ais do gach aoinne. Do neartuigh an aicme. Do h-iomaduigheadh iad. Do chleachtadar airís a seana nósa féin, agus chuadar i gcreideamhnaighe sa tír, i dtreó go raibh ar a gcumas a nósa féinig do chur i bhfeidhm ar chách. B'é nádúr na nós san bheith ana dhian ag cimeád leitire na dlighe agus ansan dear- mhad ar fad a dhéanamh de bhrígh agus de spirid na dlighe. Chuireadar a nósa i bhfeidhm ar an bpoibilidh- eacht go trom agus go daingean, agus bhí an phoibilidh- eacht fé smacht acu, agus i gcruadhtan acu. Agus ba léir do'n bhanrighin ná raibh acu d'á fhágáilt aici ach amháin samhaltas réime agus cumas ar a chur fhiachaint ar a daoinibh bheith umhal do sna Fairisínigh agus rud a dhéanamh ortha. Do tháinig léi, tríd a's tríd, sé mhíle fear a bhí 'n-a saighdiúiríbh tuarastail aici do chimeád fé n-a smacht féinig. Leó san chimeád sí a smacht i bhfeidhm ar na tíorthaibh gabháltais a bhí aici i ndiaidh Alegs- andair agus chimeád sí a h-uamhan agus a h-eagla ar na righthibh cómharsanacha do mheasfadh, b'fhéidir, cur isteach a dhéanamh uirthi. Do thuig aicme na bhFairi- síneach, ámh, nách ar an sé mhíle fear tuarastail sin ba cheart di a bhuidheachas san a bheith aici ach ortha féinig, agus ar an gcaradas a bhí acu 'á thaisbeáint di i n-aindeóin a raibh déanta agá fear, ag Alegs- andar, de dhíobháil dóibh. I ndiaidh ar ndiaidh thuga- dar le tuisgint di, má bhí a fear tar éis bháis go raibh
na daoine a bhí ag cabhrú leis chun na ndroch bheart go léir a dhéanamh ortha, go rabhadar beó fós; go raibh dlighe Mhaoise briste acu go malluighthe leis an gcabhrú san; go rabhadar cionntach i marbhú na bhFairisíneach a cuireadh chun báis i réim Alegsandair; go raibh, do réir na dlighe, bás tuillte acu mar gheall air sin. Dubhradar, ar dtúis, go raibh ceangailte uirthi na daoine a thug cómhairle d'Alegsandar chun an ocht gcéad Fairisíneach úd do thárnáil ar na crosaibh, do chur chun báis. Níor fhanadar léi chun tosnú ar an ngó san a dhéanamh. Ba ghearr gur marbhuigheadh duin'uasal Sadducíneach d'ár bh'ainm Diogenés, duine d'uachtaránaibh na h-aicme sin. Ansan do marbhuigheadh duine eile, ansan do ghluais an marbhú go h-iomadamhail. Aon duine d'aicme na Sadducíneach a bhí go h-ana bháidheamhail le h-Alegsandar do cuireadh "dlighe Mhaoise" i bhfeidhm air gan iomarca righnis. Do lean an marbhú ar an gcuma san ar feadh rainnt blianta. Fé dheire do thuig aicme na Saddu- cíneach nár chuid ba lugha 'ná a fhonn a bhí ar aicme na bhFairisíneach iad a dhísgiú ar fad. Bhí an sgéal go cruaidh ag an mbanrighin. B'iad na Sadducínigh cáirde dílse a fir. Bhíodar dílis di féinig, leis. Ach dá ndeineadh sí aon iarracht ar chosg do chur leis an marbhú déarfadh na Fairisínigh go raibh sí "ag brise dlighe Mhaoise." Ba chruaidh an cás é.
ATHAIR HÉRÓID. XVII. Fé dheire tháinig rainnt de sna h-uaislibh ba chreid- eamhnaighe ar na Sadducíneachaibh i láthair na ban- righne agus Aristóbulus óg 'na cheann ortha agus dubhradar léi mar seo:- "Feuch, a ríogan ró uasal, nuair a bhí an rí Alegs- andar beó bhíomair-ne go léir dílis dó, bhíomair umhal dó, agus dheineamair seirbhís dó le dúthracht. Bhí seisean buidheach dínn agus thaisbeáin sé a bhuidh- eachas. Do bhronn sé tabharthaistí móra maithe orainn. Tá éad fíochmhar ar ár namhaid chughainn anois mar gheall air sin, agus is cosmhail go bhfuilid siad lán cheapaithe ar sinn go léir do chur as an saoghal glan. Thánamair chughat-sa, a ríogan uasal, 'ghá iarraidh ort, ar son an té atá imthighthe, sinn a chosaint ar ár namhaid, ar an aicme sin a bhí 'n-a namhaid mharbh- uightheach ag an rí Alegsandar." "Tuigean sibh féin mo sgéal," ar sisi. "Cad is dóich libh is féidir dom a dhéanamh?" "Dá dtugadh do Shoillse cead dúinn," ar siad- san, "imtheacht go dtí dúthaigh éigin iasachta i dtreó ná beimís i gcómhngar ár namhad b'fhéidir go mbeimís ó bhaoghal." Do thuig Alegsandra nár bh'fhéidir di an nídh sin a dhéanamh, go gcuirfadh an nídh sin na Fairisínigh ar dearg bhuile, mar go gcuirfadh sé ar chumas na Sadducíneach iad féin do neartú sa dúthaigh iasachta agus ansan teacht thar n-ais agus díoltas a dhéanamh. Ní h-é sin freagra thug sí ortha-san, ámhthach. "Ní maith liom sgaramhaint libh," ar sisi. "Bhíobhair dílis do'n rí Alegsandar agus ca bhfios domh-sa cathain a bheadh gádh agam féinig le nbhúr ndílse."
"Má 'sead," ar siad-san, "b'fhéidir go bhféadfadh do Shoillse sinn a chur isteach in sna daingeanaibh, anso 's ansúd, ar fuaid na tíre, ag cimeád na ndaingeán, agus ansan d'fhéadfadh do Shoillse glaodhach thar n-ais orainn dá ráineóchadh go mbeadh aon ghnó agat' Shoillse dhínn." Do thuig sí gur bh'fhéidir an nídh sin a dhéanamh; go raibh gádh ag na daingeanaibh le cimeád maith láidir, go dtuigfadh na Fairisínigh nár bh'fhéidir do'n mhuinntir a bheadh ag cimeád na ndaingean aon iarracht a dhéanamh ar iad féin do neartú agus teacht ag déanamh díoltais, agus d'á éaghmais sin, nuair a bheadh na Sadducínigh sgaipithe ar an gcuma san agus deighilte ó n-a chéile go mbeadh cathair Ierú- salem ag na Fairisínigh fútha féin. Do socaruigheadh air sin. Bhí trí cinn de sna daingeanaibh, ámhthach, agus níor thoiligh sí chun aon chuid acu do chur 'ghá gcimeád. B'iad daingeana iad san ná Huircánia agus Alegs- andria agus Macheron, mar a raibh an chuid ba mhó d'á cuid saidhbhris i gcimeád aici. Do thuig sí, dá gcuireadh sí cimeád na ndaingean san mar chúram ar na Sadducíneachaibh go ndéarfadh na Fairisínigh go raibh an iomad iontaoibhe aici asta, agus go mb'fhéidir go ndéanfidís toirmeasg. Ní deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na Macabéach aon fhocal i dtaobh na Sadducíneach a dhul ag cimeád na ndaingean. Ní deir sé ach gur thug sí cead dóibh iad féin do sgaipe ar chatharachaibh na tíre mar ba thoil leó, agus gur imthigh i n-aon- fheacht leó aicme ar a dtugtí na h-Esseniánacha, aicme d'ár thug na Fairisínigh an fuath céadna a thugadar do sna Sadducíneachaibh. Sa bhliain roim Chríost seacht ndeich a dó iseadh do deineadh an sgaipe sin ar na Sadducíneachaibh, agus sa bhliain sin iseadh do rugadh Héród úd a bhí 'n-a
rí ar Iúdéa 'n-a dhiaidh san. Beidh a lán againn le rádh i dtaobh an Héróid sin ar ball. Antipas ab ainm d'á athair, nú Antipater, do réir na Gréigise a chuir sé féinig ar a ainm. Tá tuairisgí bun os cionn le n-a chéile againn sa tsean- achas ar an bhfear san. Cúntas fabhramhail ag sean- achaidhe 'á thabhairt air agus a mhalairt sin de chúntas ag seanachaidhe eile 'á thabhairt air, fé mar a bhíodh duine acu go báidheamhail le n-a mhac agus duine eile acu míbháidheamhail leis. Damascén ab ainm do sheanachaidhe acu san. Bhí Antipas tar éis mórán tabharthaistí do bhronnadh air. Do sgríbh sé cúntas ar bheatha Antipais nuair a bhí Héród, mac an Antipais sin, 'n-a rí, Do mhol sé Antipas sa chúntas san, agus dubhairt sé gur shíolruigh sé ó dhuine de sna Iúdaígh ab uaisle d'ár tháinig abhaile a' braighdineas Bhaibilóin. Do labhair seanachaidhe eile, .i. Ióséphus, i gcoinnibh an chúntais sin agus dubhairt sé gur bh'éitheach é; gur shíolruigh an t-Antipas san ó dhuin'uasal Iduméach, agus gur dhein Alegsandar Iamnéus riaghaltóir de ar Iduméa, agus go raibh sé 'na riaghaltóir ar Iduméa i réim na banrighne Alegsandra. Do réir Ióséphuis, d'á bhrígh sin, Iduméach ab eadh Antipater, nú Antipas, athair Héróid. Ach níor phágánach é. Iúdach ab eadh é, i gcreideamh, mar bhí na h-Iduméigh tar éis iompáil 'n-a nIúdachaibh an uair sin. Tímpal na bliana seacht ndeich roim Chríost tháinig sgéala chun na banrighne Alegsandra, go raibh Tigranés, rí Arménia, tagaithe isteach i gcrích Suíria agus go raibh sé ag imdhridim catharach Ptolemais agus caogad míle fear aige, agus go raibh sé ceapaithe ar theacht as san isteach i Iúdéa. Chuir an sgéal nua san sgannra ar an dtír go léir, mar ní raibh sé de ghustal ag an náisiún aghaidh a thabhairt ar a leithéidh de neart slógh. Isé rud a dhein an
bhanrighin Alegsandra ná teachtairí do chur ag triall ar Thigranés agus ualaí móra saidhbhris acu le tabhairt dó, agus a iarraidh go cruaidh air caradas a dhéanamh léi agus gan aon díobháil a dhéanamh di. Do dhein sé an caradas. Do ghlac sé an saidhbhreas, agus bhí sé ana bhuidheach. Bhí a chúis féin aige. Bhí na Rómhánaigh ag cur isteach ar a dhúthaigh féin um an dtaca san. ARISTÓBOLUS. XVIII. Is ar éigin a bhí an tsíothcháin sin déanta ag an mbanrighin Alegsandra le Tigranés agus an trioblóid sin curtha dhi aici nuair tháinig taom breóiteachta uirthi, taom a bhí contabharthach toisg í bheith ana aosta. Do cheap an té ab óige d'á macaibh go raibh an bás buailte léi. Bhí fhios aige ná raibh a dhritháir, bíodh gur bh'é an sínsear é, oireamhnach i n-aon chor chun bheith 'n-a rí. Do cheap sé an rígheacht a chur i n-áirithe dhó féinig. D'eirigh sé sa n-oidhche agus thóg sé leis aon chomrádaidhe amháin agus d'imthigh an bheirt amach a' cathair Ierúsalem agus thugadar aghaidh ar cheann de sna daingeanaibh úd go raibh na Sadducínigh 'ghá gcimeád. Thánadar go dtí an dain- gean ar a dtugtí Agaba. An fear a bhí ag cimeád an daingin sin Gabétus ab ainm dó. Duine de sna cómhairleachaibh ba dhílse d'á raibh ag Alegsandar ab eadh an fear san. Do ghlac sé an mac san ab óige de mhacaibh Alegsandair agus thaisbeáin sé caradas mór dó ar son a athar. Aristóbulus, mar adubhradh, ab ainm do'n mhac óg san. Sadducíneach ab eadh Gabétus, agus bhí áthas mór air nuair innis Aris- tóbulus dó an nídh a bhí beartuighthe aige. "Tá mo mháthair i n-uacht bháis," arsa Aristóbulus,
"agus má imthighean sí gan an rígheacht a bheith curtha i n-áirithe dhom féin agam-sa beidh mo dhritháir Huir- cánus 'n-a rí agus ní'l aon mhaith ann chun na rígheachta do láimhseáil. Déanfid na Fairisínigh amadán de, agus is acu a bheidh an chómhacht." D'aontuigh Gabétus leis an gcainnt sin gan a thuille righnis. Nuair aontuigh Gabétus d'aontuigh na cinn a bhí ar na daingeanaibh eile. Thug an bhanrighin fé ndeara ná raibh a mac Aris- tóbulus sa bhaile. Níor chuimhnigh sí, ámhthach, ar aon droch bheart a bheith ar siubhal aige go dtí go dtáinig na Fairisínigh chúichi agus sgeón ionta agus gur innseadar di go raibh muinntir na ndaingean go léir iompuighthe chuige agus go raibh neart na rígheachta greamuighthe cheana féin aige. Bhí an bhanrighin ró lag chun puinn suime chur sa ghnó. Bhí an armáil ann agus iad dílis fós do'n bhanrighin, ach do thuig na Fairisínigh gur bhaoghal ná beadh an armáil dílis dóibh féin, mar go raibh a lán annsmachta imeartha acu, ó am go h-am, ar an armáil sin, agus nách báidh ná dílse a bhí tuillte acu uatha, ach a mhalairt sin ar fad. Thuigeadar go raibh gach aon deabhramh go n-iompóchadh an armáil go léir chun Aristóbuluis agus chun na Sadducíneach. Isé rud a dheineadar ná an mac ba shine, .i. Huircánus, do thabhairt leó i láthair na banrighne agus a iarraidh uirthi rí dhéanamh de. "Táim-se ró lag anois," arsan bhanrighin, "chun bheith ag cuimhneamh ar ghnóthaíbh rígheachta. Tá armáil agus saidhbhreas agaibh agus ní'l aon bhac oraibh sibh féin a chosaint ar Aristóbulus. Bíodh Huircánus ansan 'n-a rí agaibh am' dhiaidh-se. Isé a cheart é ó 'sé an mac is sine é." Nuair a bhí an focal san ráidhte aici fuair sí bás; bhí sí an uair sin sa bhliain seacht ndeich a trí (73) d'á h-aois, agus sa naomhadh bliain d'á réim.
Lá dubhach ab eadh an lá san d'aicme na bhFairis- íneach. Bhí naoi mbliana caithte acu ag déanamh an uile shaghas uilc ar na Sadducíneachaibh, agus bhí gach aon deabhramh an uair sin go ndéanfí a ndroch bhearta do chúiteamh go h-iomlán leó. Lá áthais ab eadh é, ní h-amháin do sna Sadducíneachaibh ach do gach aicme eile de dhaoinibh na rígheachta chómh maith. Ní raibh aon aicme daoine sa rígheacht ná raibh eugcóir throm déanta ag na Fairisíneachaibh ortha. Bhí úfáid acu 'á dhéanamh i gcomhnuidhe, i gcaitheamh na naoi mblian, de chómhacht na banrighne, chun iad féin do neartú agus do shaidhbhiriú agus chun daoine eile do chinieád fé chois agus do bhochtainiú, idir Shadduc- íneacha agus uile. Bhí a rian air. Nuair a fuair na daoine go raibh Aristóbulus 'n-a rí agus go raibh sé i gcoinnibh na bhFairisíneach do ghaibh an pobul go léir a pháirt. Ansan do ghlac an armáil a pháirt. Ansan ní raibh ag na Fairisíneachaibh le déanamh ach breith ar mhnaoi agus ar chlainn Aristóbuluis, a bhí 'n-a dhiaidh i gcathair Ierúsalem, agus iad do chur isteach i bpríosún chun iad a chimeád i ngeall 'n-a choinnibh. Ba ghearr go bhfeacadar nár chuir san aon chosg leis agus go raibh a chómhacht ag neartú i n-aghaidh an lae. Ansan do chruinnighdar sluagh 'n-a choinnibh. Siné díreach an rud a thaithn leis. Bhí fhios aige go raibh bláth armála na rígheachta aige agus nár bhaoghal dó pé armháil a bhí agá dhritháir. Do shocaruigh sé ar chath a thabhairt d'á dhritháir chómh luath agus do b'fhéidir é. Tháinig an dá shluagh i gcoinnibh a chéile i n-aice Ierichó. Chómh luath agus tháinig an dá shluagh i gcómhn- gar d'á chéile siúd anonn ag triall ar Aristóbulus an chuid ba mhó agus ab fhearr de shluagh Huircánuis. Chuir san deire go luath leis an gcath. Ní h-innstear gur marbhuigheadh aoinne. Do theich Huircánus thar n-ais go cathair Ierúsalem agus chuaidh sé isteach agus dhainginigh sé é féin sa chaisleán chéadna i n-a
raibh bean agus clann Aristóbuluis 'n-a bpríosún- achaibh. An rainnt bheag fear do lean é chuadar agus ghlacadar tearmain i n-imeallaibh áite an teampuil. Ní fada a bhíodar sa tarmain sin nuair a thánadar amach as agus d'imthighdar anonn agus ghabhadar le sluagh Aristóbuluis. Ansan tháinig Huircánus ag triall ar a dhritháir agus dubhairt sé leis mar seo:- "Feuch, a dhritháir," ar seisean, "ní'l aon dúil i gcómhacht ná i rígheacht agam-sa. Leog dom dul agus maireachtaint ar m'fhearan beag féinig ar mo shuaineas, agus bíodh an rígheacht agat-sa agus mo bheannacht." Shocaruighdar air sin. XIX. D'IMTHIGH ANTIPATER SOIR. Mar adubhradh, ní raibh aon dúil i gcómhacht ná i ngradam rígheachta ag Huircánus. I suaineas agus i socaracht iseadh bhí dúil aige. Níor mhór leis d'á dhritháir an rígheacht agus an chómhacht agus an gradam ach go leogfí dhó féinig maireachtaint ar a shuaineas ar pé estát talmhan a bhí 'n-a cheart féin aige. Thug sé suas d'á dhritháir an rígheacht agus an Árdshagartacht agus d'imthigh abhaile chun a thighe féin. Níor thaithn san leis na Fairisínigh. Bhí fhios acu gur ag na Sadducínigh a bheadh an lámh uachtair an fhaid a bheadh Aristóbulus i gcómhacht, agus bhí sé daingean 'n-a n-aigne go ndíolfadh na Sadducínigh an cómhar leó as ar dheineadar féin d'olc ar an aicme sin i gcaith- eamh na naoi mblian úd a bhí an bhanrighin Alegs- andra i gcómhacht. D'á bhrígh sin níor stad na Fairisínigh de bheith ag faire chucha feuchaint an dtioc- fadh aon atharú sa tsaoghal a thabharfadh Huircánus amach airís as an suaineas a bhí ceapaithe aige dhó
féin agus a chuirfadh fhiachaint air bheith 'n-a rí pé leisge a bhí roimis an ngradam air. Bhí aon fhear amháin, .i. an fear úd gur bh'ainm dó Antipater, athair Heróid, agus bhí sé ag faire go géar ar na Fairisíneachaibh agus ar Aristóbulus agus ar Huircánus. Ní raibh aon bháidh aige leis na Fair- isíneachaibh ná leis na Sadducíneachaibh seachas a chéile, ach bhí eagla aige roim Aristóbulus, agus seo mar a thárla an t-eagla. Bhí sé tar éis mórán tairbhthe dh'fhághail ó Alegsandar, agus ó'n mbanrighin Alegs- andra. Bhí an bhanrighin tar éis é chur 'n-a ghobhernóir ar Iduméa. Bhí súil aige le tuille tairbhthe agus le tuille tógáilt cinn ó Huircánus dá mbeadh sé 'n-a rí. Mar gheall ar an súil sin do ghaibh sé páirt go dian le Huircánus i gcoinnibh Aristóbuluis an fhaid a bhí an sgéal gan socarú eatartha. Nuair a bhí Aristóbulus socair i gcómhacht agus Huircánus ar a shuaineas sa bhaile, bhí lán a chroidhe d'eagla ar Antipater go n-agaróchadh Aristóbulus air an díogras a bhí taisbeánta aige do Huircánus, nú, an chuid ba lugha dhe, go raibh deire le n-a thuille tógáilt cinn dó sa tsaoghal. Bhí fhios aige go raibh an sgéal ar an gcuma gcéadna, nú b'fhéidir níba mheasa, ag na Fairis- íneachaibh. Do ghluais sé eatartha agus chrom sé ar bheith ag cainnt leó. Sa chainnt dó leó bhí sé ag gabháil dóibh go dtí gur chuir sé 'n-a luighe ar a n-aigne go raibh dearmhad ortha féin agus ar Huircánus i dtaobh an tsocruighthe a bhí déanta acu le h-Aristóbulus. "Tuigean Aristóbulus go dian mhaith," ar seisean, "ná fuil aon cheart aige chun na rígheachta. Tá fhios aige gur b'é Huircánus an rí ceart. Ní féidir d'aon tsocarú an tsínsireacht a bhaint de Huircánus agus í thabhairt d'Aristóbulus. Ní féidir d'aon rud rí ceart a dhéanamh d'Aristóbulus ach amháin d'aon rud amháin, agus isé nídh an t-aon rud amháin
sin ná bás Huircánuis. Ní mhothóchaidh Aristóbulus é féin socair daingean i gcómhacht go dtí go mbeidh Huircánus tar éis bháis. Mara dtagaidh an bás go luath ar Huircánus do réir nádúra tiocfidh bás ar chuma éigin eile air. Is mór an truagh gan an méid sin a chur ar a shúilibh i n-am dó." Do thuig na Fairisínigh an fuadar a bhí fé Anti- pater agus chromadar ar bheith ag cabhrú leis chómh maith agus d'fhéadadar cabhrú leis. Chromadar ar bheith 'ghá chur 'n-a luighe ar Huircánus go raibh sé i gcon- tabhairt. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ní raibh aon droch iontaoibh aige as a dhritháir. Ní raibh aon dúil i gcómhacht aige. Go mór mór níor bh'fhiú dar leis an chómhacht a gcaithfí de chathanaibh a throid chun í dh'fhághail, agus ansan, b'fhéidir, a gcaithfí de chathanaibh a throid chun í chimeád, agus ansan, rud ba mheasa 'ná aon taobh acu san, go mb'fhéidir, tar éis na gcathana go léir, go gcaillfadh duine an cluiche. Do theip ar na Fairisíneachaibh aon ghéille bhaint as. Ansan tháinig Antipater agus thug sé fé. Do thuig Antipater ná raibh ach aon rud amháin a dh'fhéadfadh aon chorruighe bhaint a' Huircánus agus gur bh'é rud é sin ná eagla roimis an mbás. Bhí sé ag gabháil dó go dtí gur áitimh sé air go raibh gach aon deabhramh go gcuirfadh Aristóbulus chun báis é, agus ná raibh aon chosaint aige le déanamh air féin ach a cheart do bhaint amach de thoradh nirt. "Ach ca bhfuil an neart le fághail?" arsa Huircánus. "Raghad-sa soir sa n-Arabia," arsa Antipater, "go dtí cathair Phetra, agus labharfad le h-Arétas, rí Arabia, agus tabharfad chughat anoir ó'n rí sin neart do dhóithin chun cirt do shínsireachta do bhaint amach." D'imthigh Antipater soir, gan aon phioc d'á fhios ag aoinne go raibh sé ag imtheacht ná cad é an uadar a bhí fé. Chuaidh sé chun cainnte leis
an rí. Shocaruighdar le n-a chéile. Tháinig sé thar n-ais. Siúd soir airís é agus Huircánus le n-a chois aige, agus gan aon phioc d'á fhios ag Aristóbulus ná ag aoinne ba leis. Nuair a chuaidh sé soir an chéad uair níor iarr sé ar Arétas ach amháin Huircánus do ghlacadh fé n-a chomairce agus é chosnamh i n-aghaidh a dhrithár Aris- tóbulus. Nuair a chuaidh sé soir an tarna h-uair agus Huircánus le n-a chois aige, do nocht sé a aigne do'n rí Arétas agus dubhairt sé leis mar seo:- "Feuch, a rí," ar seisean, "tá a lán áiteana bainte díot-sa i gcaitheamh na h-aimsire seo imthighthe le déanaighe, go mór mór an fhaid a bhí an rí Aleg- sandar i réim. Cuir-se le chéile anois armáil mhaith láidir a chuirfidh an priúnsa so, mac Alegsandair i réim 'n-a cheart féinig agus tabharfar duit thar n-ais na h-áiteana san a baineadh díot roime seo." Do thaithn an chainnt sin le h-Arétas. Do dein- eadh an margadh. Do ghreamuigh Huircánus é féin chun an mhargaidh a chómhlíonadh, agus sar a raibh aon phioc d'á fhios ag Aristóbulus cad a bhí chuige siúd Arétas isteach i dtír Iúdéa agus chúig mhíle fear aige, agus siúd na Fairisínigh go léir, 'n-a slóightibh ag cabhrú le h-Arétas agus le Huircánus. XX. DIVIDE ET IMPERA. Chómh luath agus d'airigh Aristóbulus an namhaid a bheith istigh i dtír Iúdéa do ghluais sé chucha agus armáil aige chómh láidir agus d'fhéad sé a chruinniú. Do troideadh cath fíochmhar feargach idir an dá
shluagh. Do buadhadh ar Aristóbulus. Do briseadh cath air chómh tiubaisteach san gur chaith sé teiche isteach i gcathair Ierúsalem. Do lean Arétas isteach é i dtreó go mb'éigean dó teiche isteach i n-imeallaibh an teampuil. Do dúnadh isteach é sa n-áit sin agus do h-imdhrideadh ann é, agus d'iompuigh an pobul go léir a bhí lasmuich d'iompuighdar chun Huircánuis. Ansan bhí Aristóbulus i gcruadhchás, é dúnta isteach ansúd i n-imeallaibh an teampuil agus a dhaoine go léir iompuighthe uaidh, agus Arétas ag fásgadh air go dian. Fuair sé caoi ar sgéala chur chun na Rómhánach 'ghá iarraidh ortha teacht agus é dh'fhuasgailt. Bhí Pompéius, an t-árd thaoiseach Rómhánach, sa n-Arménia iachtarach an uair sin. Bhí buaidhte aige ar Thigranés úd a fuair an bronn- tanas mór ó'n mbanrighin Alegsandra. Chuir sé uaidh isteach i dtír Iúdéa, ag triall ar Aristóbulus, Rómhánach gur bh'ainm do Gabínius. Chuaidh Gabínius chun cainnte le h-Aristóbulus. Thug Aristóbulus trí chéad talant dó, ag braith air go ngeóbhadh sé a pháirt. Ní deirtear sa tseanachas go raibh aon chainnt idir Ghabínius agus Huircánus. Innstear, ámhthach, gur ghlac Gabínius an trí chéad talant, agus ansan gur imthigh sé a bhóthar gan aon tsocarú dhé-anamh idir an mbeirt drithár. Ansan tháinig ó Shuiria fear gur bh'ainm dó Scaurus. Ag teacht isteach i dtír Iúdéa dhó do tháinig chuige teachtairí ó Aristóbulus agus teachtairí ó Huircánus, gach dritháir ag lorg caradais air i gcoinnibh an drithár eile. Fuair Scaurus cheithre chéad talant uatha. Ní h-innstear an mór a fuair sé ó gach taobh. Bhí fhios aige gur bh'é Aristóbulus an fear ba threise agus ba chródha de'n bheirt agus ghaibh sé a pháirt. Do thuig sé, leis, gur lugha bheadh le déanamh aige mar sin 'ná mar a bheadh le déanamh aige dá ngabhadh sé páirt le Huircánus. Ní raibh le déanamh aige
d'Aristóbulus ach an imdhridim a thógaint de. Do sgríbh sé leitir ag triall ar Arétas mar seo:- "Tóg leat as an dtír seo do chuid armála agus imthigh abhaile chun do thíre féínig agus fan ann nú is namhaid tu do phobul na Rómha." Níor bheag san. Bhailigh sé chuige a chuid armála agus d'imthigh sé. Chuaidh Scaurus thar n-ais go Damascus. Bhí mianach Alegsandair i n-Aristóbulus. Ní túisge a bhí cead a chinn agus a chos aige 'na mar a chruinnigh sé sluagh agus do lean sé Arétas. Tháinig sé suas leis i n-áit ar a dtugtí Papirion. Thug sé cath dhó, agus do bhris sé an cath air, augs mhairbh sé seacht míle fear air, ar a raibh fear d'ár bh'ainm Cephalion, dritháír do'n fhear a thug an t-aimhleas go léir air, .i. d'Antipater. Le linn na h-aimsire céadna san tháínig Pompéius go Damascus agus tháínig teachtairí chuige ó sna tíorthaibh go léir mórthímpal, go h-áirithe ó Iúdéa agus ó Shuíria agus ó'n Éigipt. Bhí sáruightheóir 'n-a rí an uair sin ar gach rígheacht díobh san, augs bhí an triúr righthe sin, Aristóbulus agus an bheirt eile, ag déanamh an uile shaghas díthil chun na Rómhanach a bheith fabhramhail dóibh. Chuige sin do chuir gach rí dhíobh bronntanas ana shaidhbhir ag triall ar Árd thaoiseach na Rómhánach, ar Phompéius. Chuir Aristóbulus chuige fíneamhain ór agus í socair ar bhonn chearnach, agus a torthaí uirthi, augs ainmhidhthe tímpal uirthi, fiadhana agus leóim agus beithidhigh eiel, agus iad go léir déanta d'ór. Aleg- sandar Iamnéus isé dhein an tseóid sin, agus do tugadh an uair sin do Phompéius í. Do chuir Pom- péius go dtí an Róimh í agus churi muinntir na Rómha isteach í i dteampul Iupiteir sa Chapitólium. Deir Strábó linn go bhfeacaidh se féin í sa n-áit sin, agus gur bh'fhiú chúig mhíle talant í, do réir mar a mheas
lucht eóluis. Níor mhaith le seanaid na Róma, ámhthach, Aristóbulus d'admháil 'n-a rí ar Iúdéa, agus ó bhí greim acu ar an seóid sin a bhí chómh h-uasal agus chómh neamhchoitchianta níor mhaith leó sgaramhaint léi agus í chur abhaile. Isé rud a dheineadar ná sgríbhinn a chur uirthi 'ghá h-ainimniú ó Alegsandar, rí na nIúdach, athair Aristóbuluis. Tamal beag 'n-a dhiaidh san do chuir an bheirt drithár teachtaireacht ó'n nduine acu ag triall ar Phompéius, gach duine acu a d'iarraidh caradais agus comairce air go cruaidh, i gcoinnibh an duine eile. B'é Antipater teachtaire Huircánuis, agus Nicodémus an ainm a bhí ar theachtaire Aristóbuluis. D'éist Ponipéius go breágh réidh le cainnt gach teachtaire acu. Ansan thug sé geallamhna síbhialta dhóibh araon, agus chuir sé uaidh iad, agus d'órduigh sé an bheirt drithár do theacht 'n-a láthair i dtreó go ndéanfadh gach duine acu a chás féinig a phléidhe, agus go bhféadfadh sé breith a thabhairt eatartha do réir chirt nuair a bheadh iomláine an sgéil innste acu dhó. Ach do dhein Nicodémus, teachtaire Aristóbuluis tuathal tiubaisteach, Do ghéaráin sé Scaurus agus Gabínius mar gheall ar an airgead úd a ghlacadar ó Aristóbulus, an cheithre chéad talant a fuair duine acu agus an trí chéad talant a fuair an duine eile. Dhein san dhá namhaid nímhneacha de'n bheirt sin, agus bhí creideamhaint mhór acu i láthair Phompéiuis. Agus deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na Macabéach gur gheall Pompéius do Nicodémus go dtabharfadh sé breith i bhfabhar d'Aristóbulus agus 'n-a dhiaidh san gur thug sé an bhreith, a gan fhios, i bhfabhar do Huircánus. An seana sgéal i gcómhnuidhe, "Divide et impera." Na Rómhánaigh 'ghá dhéanam an uair sin go dtí go raibh an domhan fé smacht acu, agus muinntir Shasana 'ghá dhéanamh anso i n-Éirinn le seacht gcéad blian.
XXI. ALEGSANDRION. Bíodh gur gheall Pompéius go dtabharfadh sé a bhreith i bhfabhar d'Aristóbulus, agus 'n-a dhiaidh san gur i bhfabhar do Huircánus a thug sé a bhreith, a gan fhios, níor chríochnuigh sin an cás idir an mbeirt drithár. D'imthigh Pompéius as an áit an uair sin agus tháinig sé airís go Damascus an bhliain 'n-a dhiaidh san. Bhí an bheirt drithár ann roimis agus gach duine acu ceapaithe ar a chás féin do phléidhe agus gan bheith ag braith ar theachtairíbh. Bhí ann, leis, Iúdaígh áirithe a bhí ceapaithe ar labhairt i gcoinnibh na beirte, 'ghá rádh ná raibh aon cheart ag aoinne acu chun na rígheachta; go raibh náisiún na nIúdach ar feadh mórán aimsire fé riaghaltas árdshagairt ná raibh 'n-a rí i n-aon chor; gur bh'fhíor gur de shliocht na sagart an bheirt drithár san, ach gur bhriseadar dlighe ársa na nIúdach nuair a dheineadar righthe dhíobh féin agus chuireadar náisiún na nIúdach fé dhaoirse. Níor chuir Pompéius aon tsuím i gcainnt na nIúdach san ná níor thug sé aon fhreagra ortha. Nuair a stadadar do labhair Huircánus mar seo:- "A uasail Rómhánaigh," ar seisean, "is mise an mac is sine, agus, d'á bhrígh sin, is liom an rígheacht le ceart sínsireachta. Dhein mo dhritháir Aristóbulus eugcóir orm, do sháruigh sé me. Do chuir sé as an rígheacht me, as mo cheart sínsireachta. Chuir sé fhiachaint orm fanmhaint i n-uirísleacht agus do ghlac sé féinig cómhacht agus saidhbhreas na rígheachta. Ní raibh sé sásta leis an saidhbhreas san féin, agus chrom sé ar bheith ag déanamh foghla agus ag creachadh na gcómharsan ar an uile thaobh, ar muir agus ar tír."
Do thug Huircánus leis, ní h-eadh ac do thug Antipater leis, suas le míle duine de san Iúdaígh mar fhínnithe, chun fírinne an sgéil sin do dhearbhú. Ansan do labhair Aristóbulus ar an gcuma so:- "Is fíor, a uasail Rómhánaigh," ar seisean,"gur thógas-sa orm féin an rígheacht, ach ní le dúil i gcómh- acht na le dúil i ngradam na le dúil i saidhbhreas a dheineas é. Do dheineas é ar mhaithe leis an rígheacht féin, agus leis na daoine, agus leis an dtír. Ní gádh dhom a dh'innsint duit-se, a Uasail Rómhánaigh., cad é an saghas fir an duine bocht san, Huircánus. Fear tuisgeanach géarchúiseach iseadh thu. Chíon tú féin ná beadh i náisiún na nIúdach ach náisiún gan cheann an fhaid a bheadh an duine bocht san 'n-a rí air. Ní h-é féinig a bheadh 'n-a rí i n-aon chor. Bheadh duine eile 'n-a rí ar náísiún na nIúdach, agus tá fhios againn go léir cé hé an duine eile sin. Níor bh'fhéidir do náisiún na nIúdach aon mhí-ádh theacht ortha ba thiubaistighe 'ná rí gan mhaith a bheith os a gcionn, agus ansan lámh iasachta bheith ag stiúrú gnóthaí na righeachta. Chun mé féínig agus na daoine do chosaint ar an mí-ádh san iseadh do ghlacas-sa orm an obair seo na righeachta. Chómhairligheas do'n duine bhocht so dul agus maireachtaint ar a fhearan féin ar a shuaineas. Bhí se 'ghá dhéanamh san agus bhí sé lán tsásta augs aigne shuaineasach aige go dtí go dtáinig an droch chómhairleach agus gur chrom sé ar bheith ag séide fé gur chomáin sé ar a aimhleas é. Ach i dtaobh an ghearáin seo atá déanta ag na Iúdaígh eile seo orm, .i. gur ghlacas gairm rí orm agus gur chuireas iad féinig fé dhaoirse; níor ghlacas aon ghairm orm ach an ghairm a bhí ar n'athair rómham. Má mholan tusa, a Uasail, an righeacht so na nIúdach dom' dhritháír anois, ní dom' dhritháír a bheidh tú ag tabhairt na righeachta ach do dhuine eile, agus is
eugcóir é sin orm-sa agus ar mo dhritháir agus ar phobul na nIúdach." Bhí Pompéius ag éisteacht leis an gcainnt go léir, agus é go stuama agus go daingean agus go séimh, agus é ag cuimhneamh ar a thaobh féin de'n ghnó, ar thaobh na Rómhánach de'n ghnó. Níor bh'é buac na Rómhánach sa ghnó fear seasamhach, láidir, cródha, dána, géar aigeanta, bheith 'n-a rí ar an dtír sin na nIúdach an uair sin. B'é a mhalairt sin ar fad a mbuac. D'á bhrígh sin bhí Pompéius ceapaithe ar a bhreith do thabhairt i bhfabhar do Huircánus. Bhí fhios aige, ámhthach, dá dtugadh sé an bhreith láithreach go ndéanfadh Aristóbulus a dhítheal ar gan a leogaint dó an bhreith do chur i ngníomh. Isé rud a dhein sé ná an bhreith do chur ar athlá. Dubhairt sé gur theastuigh uaidh rainnt machtnaimh a dhéanamh ar an sgéal sar a dtabharfadh sé a bhreith. "Tá orm dul láithreach agus smacht do chur ar na Nabateánachaibh agus ar an rí sin Arétas. Nuair a bheidh an gnó san déanta agam tiocfad thar n-ais, agus raghad féinig ódheas go cathair Ierúsalem, agus ansan tabharfad mo bhreith eadraibh agus cuirfad an fear ceart i gcómhacht na rígheachta." Do thuig Aristóbulus as an gcainnt sin go raibh an Rómhánach doimhinn sin ceapaithe ar an rígheacht a thabhairt do Huircánus. D'imthigh sé i bhfeirg, gan ceileabhradh do Phompéius. Ní raibh aon lorg aige ar an Rómhánach doimhinn sin do theacht i n-aon chor isteach i dtír Iúdéa. Chuaidh sé ar dtúis go dtí áit ar a dtugtí Delion. Ansan chuaidh sé isteach í Iúdéa. Do thuig Pompéius go raibh drochfhuadar fé Aristóbulus. Chuir sé fios ar an armáil a bhí chun dul i gcoinnibh Arétais. Dhein sé aon tsluagh amháin díobh san agus de sna légiónaibh eile a bhí aige, agus siúd isteach é i dtír Iúdéa i ndiaidh Aristóbuluis.
Ba mhaith an mhaise ag Aristóbulus é, d'á luighead aimsir a bhí aige bhí sluagh mhaith mhór cruinnighthe aige sa dún ar a dtugtí Alegsandrion sar ar chuir Pompéius a chos ar thalamh Iúdéa. Dún ana dhain- gean, ana láidir ab eadh Alegsandrion. Alegsandar Iamnéus, athair Aristóbuluis isé do chuir suas agus do dhainginigh an dún san, agus do thug Alegsandrion mar ainm air. Bhí sé suidhte ar barr cnuic aoird, ar an mbóthar ó Shamaría go Ierichó, agus é díreach ar an slighe roim aoinne bheadh ag teacht isteach i Iúdéa ó'n dtaobh thuaidh. Bhí baile beag ar a dtugtí Coréa i gcómhngar do'n chnoc ar a raibh an dún Alegsandrion. XXII. POMPÉIUS. Tháinig Pompéius agus a shluagh go Coréa. Chonaic sé neart na h-áite. Shamhlóchadh duine go mbeartóchadh sé láithreach an áit d'imdhridim agus do thógant. Níor dhein. Bhí an iomad de dhoimhneas agus de chúilfhéith an Rómhánaigh ann. Chuir sé teachtaireacht ag triall ar Aristóbulus 'ghá iarraidh air teacht chun cainnte leis. Do mheas Aristóbulus gan aon toradh thabhairt ar an dteachtaireacht. Dubhairt na cómhair- leacha a bhí 'n-a thímpal ná beadh san ceart. "Ní'l aon chogadh fós," ar siad, "idir thu agus na Rómhán- aigh. Ní maith an chiall duit-se cogadh do thosnú leó." Do ghéill sé do'n chómhairle sin. D'fhreagair sé an teachtaireacht. Do thárla mórán cainnte idir é agus Pompéius. D'éist Pompéius leis go breágh séimh agus do sgaradar go muinnteartha. Chuaidh Aristóbulus ann an tarna h-uair, agus do rug sé tabharthaistí maithe leis agus dheineadar tuille
cainnte agus do sgaradar go muinnteartha. Chuaidh Aristóbulus ann an trímhadh h-uair. Dheineadar a lán cainnte. Fé dheire dubhairt Pompéius mar seo:- "Feuch, a rí," ar seisean, "táim ag machtnamh agus ag machtnamh ar an sgéal. Is ana dheacair é shocarú eadraibh. Ní féidir dom an rígheacht a thabhairt d'aoinne agaibh gan cumas a bheith agam féin ar an rígheacht ar dtúis. Nuair a bheidh mo bhreith déanta agam agus nuair a bheidh socair agam ar an té agaibh gur ceart dom an rígheacht a thabhairt dó, ní mór dhom a bheith ar mo chumas an bhreith do chur i bhfeidhm. Má thugaim an rígheacht duit-se eireochaid na Fairisínigh go léir am' choinnibh agus cuirfid siad cogadh orm. Agus tá fhios agat féin nách aon dóichín iad. Má thugaim an rígheacht do Huir- cánus eireóchaid na Sadducínigh go léir am' choinnibh. Táid siad san, leis, láidir go maith. Pé taobh ar a dtabharfad mo bhreith is baoghal go n-eireóchaidh cogadh fuilteach as an socarú. Ansan déarfidh Seanaid na Rómhánach nár dheineas an gnó sa cheart, agus dá ndeininn an gnó sa cheart ná doirtfí an fhuil, fuil Rómhánach. Is deacair dul ó sheanaid na Rómhánach má thuigid siad gur dein taoiseach armála leó tuathal agus gur doirteadh fuil Rómhánachmar gheall ar an dtuathal." "Agus cad is ceart a dhéanamh, a rí," arsa Aristóbulus, "chun tusa chur ó bhaoghal?" "Ní fheicim go bhfuil le déanamh ach an t-aon nídh amháin," arsa Pompéius, ".i. cómhacht na rígheachta do chur isteach am' láimh-se ar dtúis, agus ansan féadfad-sa an rígheacht a thabhairt do'n té d'ár dual í, gan spleádhchas d'Fhairisíneach ná do Shadducíneach." "Agus conus a curfar cómhacht na rígheachta isteach ad' láimh-se, a rí?" arsa Aristóbulus. "Cuir an caisleán san Alegsandion agus gach aon daingean eile de sna daingeanaibh atá fed' smacht
cuir fém' smacht-sa iad. Cuir uait ag triall ar gach duine de sna taoiseachaibh atá os a gcionn agat, teachtaireacht chruinn 'ghá rádh leó iad a thabhairt suas domh-sa gan aon righneas. Deineadh do dhritháir an rud céadna le h-aon daingean nú le h-aon tsaghas eile cómhachta atá fé smacht a láimhe féin aige. Ansan beidh ar mo chumas-sa an rígheacht, i n-a h-iomláine, thabhairt do'n té gur ceart i thabhairt dó, agus ní bheidh ar chumas aoinne agaibh aon chur am' choinnibh a dhéanamh. Agus d'á éaghmais sin, pé toir- measg a dh'eireóchaidh 'n-a dhiaidh san eadraibh féin ní bheidh ar chumas aoinne a rádh gur mise fé ndeár an toirmeasg san, mar chífidh an uile dhuine gur dheineas mo dhítheal chun gach sórd toirmisg do sheachnadh." "Seadh, a rí," arsa Aristóbulus, "agus má eirighean aon toirmeasg 'n-a dhiaidh san cuirfidh cómhacht na Rómha i bhfeidhm an socarú a dhein Pom- péius, seirbhíseach na Rómhánach féin." "Thar a bhfeacaís riamh," arsa Pompéius. Bhí Pompéius doimhinn, ach bhí an gas Macabéach doimhinn go maith, leis. As an mbreithniú a bhí aige 'á dhéanamh ar ghnúis agus ar dheabhramh an Rómhánaigh, an fhaid a bhí sé ag éisteacht le n-a chainnt, do buaileadh isteach i n' aigne go raibh socair aige ar an rígheacht a thabhairt do Huircánus chómh luath agus bheadh cómhacht na rígheachta daingean 'n-a láimh féin aige. Ach bhí sé istigh i longphort an Rómhánaigh agus dá n-abradh sé ná raibh sé sásta dhéanfadh an Rómhánach príosúnach de. "Tá go maith, a rí," ar seisean, "cuirfad-sa teachtaireacht uaim láithreach chun na ndaingean go léir atá fém' smacht. Ach tabhair-se aire mhaith i dtaobh mo dhrithár agus i dtaobh na bhFairisíneach. Cuir fhiachaint air féin agus ortha-san an rud céadna dhéanamh."
"Ná bíodh eagla ort," arsa Pompéius. Do sgaradar go séimh, mar ba ghnáth. Chómh luath agus fuair Aristóbulus a chosa lasmuich de long- phort an Rómhánaigh thug sé féin agus an armáil a bhí aige aghaidh ar chathair Ierúsalem agus chrom sé ar an gcathair do chur i dtreó chosanta. XXIII. DHÁ AICME Nuair a fuair Pompéius cad a bhí déanta ag Aristóbulus siúd 'n-a dhiaidh é i n-a lán neart. Bhí Aristóbulus misneamhail go leór go dtí go bhfuair sé amach go raibh an Rómhánach agus a shluagh go léir ag teacht ceann ar aghaidh fé dhéin catharach Ierúsalem. Bhí fhios aige cad é an saghas Pompéius, agus cad é an saghas na Rómhánaigh agus thuit a lug ar a lag aige. Do rith sé amach agus chuaidh sé i gcoinnibh na Rómhánach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phompéiuis agus d'iarr sé i n-eachainigheachaibh air gan aon dochar a dhéanamh do sna Iúdaígh agus go dtabhar- fadh sé féin mórchuid airgid dó. Ní h-innstear an mór an t-airgead a gheall sé. Ní deirtear ach gur chuid mhaith mhór é. Do thoiligh Pompéius. Chimeád sé Aristóbulus, agus chuir sé uaidh chun na catharach taoiseach leis féinig d'ár bh'ainm Gabínius agus buidhean le n-a chois, chun an airgid a thabhairt chuige. Tháinig Gabínius go dtí geata na catharach; d'innis sé cad a bhí uaidh; go dtáinig sé ó Phompéius, le h-órdú Aristóbuluis, chun an airgid a dh'fhághail. Dubhradh leis imtheacht láithreach. Do dúnadh geataí na catharach. Tháinig sé thar n-ais agus d'innis sé ná fuair sé an t-airgead agus gur dhún an gairisiún geataí na catharach 'n-a choinnibh. Bhí Pompéius ar
buile nuair airigh sé an méid sin. Dhein sé príosúnach d'Aristóbulus agus chuir sé i n-iarnaíbh é. Ansan thug sé féin agus a shluagh go léir aghaidh ar an gcathair. Cathair ana láidir ab eadh cathair Ierúsalem an uair sin. Bhí a daingineacha mórthímpal déanta suas go h-ana neartmhar, ábalta ar sheasamh i gcoinnibh aon oibreacha imdhridime a tabharfí 'n-a tímpal. Bhí gairisiún líonmhar láidir istigh innti agus flúirse lóin acu. Dá gcuireadh an gairisiún le n-a chéile, agus bheith ar aon aigne agus ar aon ghníomh ba ró dheacair do Phompéius an chathair a thógaint. Ach ní mar sin a bhí. Bhí an gairisiún 'n-a dhá aicme, agus an dá aicme sin i gcoinnibh a chéile go fíochmhar. An aicme a bhí ag gabháil le h-Aristóbulus ba mhian leó seasamh amach agus an chathair do chimeád agus do chosaint i gcoinnibh an fhir sin a thug an easonóir d'á rí agus a dhein príosúnach de. An mhuinntir a bhí ag gabháil le Huircánus ba mhian leó na geataí a dh'os- gailt agus síothcháin a bheith acu agus na Rómhán- aigh do ghlacadh i gcaradas, agus gan cruadhtan agus éirleach imdhridime do chur ar an gcathair. Bhí an aicme sin níba líonmhaire go mór'ná an aicme a bhí i bhfabhar d'Aristóbulus. Bhí an chuid ba mhó de mhuinn- tir na tíre mórthímpal ag gabháil le h-Aristóbulus, ach bhí an chuid ba mhó go mór de'n méid daoine a bhí istigh sa chathair an uair sin bhíodar ag gabháil le Huircánus. Do thuig muinntir Aristóbuluis go raibh an bhuidhean eile ró láidir dóibh. Isé rud a dheineadar ná imtheacht anonn agus iad féin do dhain- giniú ar an gcnocán ar a raibh an teampul 'n-a sheasamh. Bhí clais mhór leathan dhoimhinn idir an cnocán san agus an chuid eile de'n chathair. Gleann doimhinn a tugtar sa tseanachas ar an gclais sin. Bhí cúpla drochad nú trí treasna an ghleanna san, fé mar a
bheadh treasna abhan. Bhí na Lebhítigh go léir ag gabháil le h-Aristóbulus. Chuadar féin agus an chuid eile de cháirdibh Aristóbuluis treasna na ndrocad, anonn ar an gcnocán mar a raibh an teampul, agus ansan do bhriseadar agus do leagadar na drochaid i dtreó go raibh cnocán an teampuil gearrtha amach ar fad ó'n gcuid eile de'n chathair. Nuair a bhí na drochaid briste ar lár níor ghádh aon dainginiúchán a dhéanamh ar an dtaobh san de'n chnocán. Bhí an gleann, nú an chlais, ró dhoimhinn, ró achranach, i dtreó nár bh'fhéidir d'aon namhaid gabháil thairis isteach ar an gcnocán. Bhí nídh eile sa sgéal. Bhí an gleann doimhinn sin mórthímpal, nách mór, ar an gcnocán. Chómh luath agus bhí na drochaid briste ar lár ag muinntir Aristóbuluis chromadar ar an áit ná raibh an gleann ann do dhainginiú. Bhí sé daingean go maith cheana, ach do dhainginighdar ní b'fhearr é i dtreó go raibh sé chómh daingean agus do b'fhéidir é bheith le fallaíbh ramhara agus le túraibh árda. Bhí pálás an rí ar an gcnocán san, i n-aice an teampuil mhóir. Tháinig Pompéius. Do sgaoileadh isteach é féin agus a shluagh sa pháirt de'n chathair a bhí i seilbh muinntire Huircánuis. D'feuch sé ar an gchocán. Má fheuch do chonaic sé nár bh'aon dóichín an cnocán. Chuir sé teachtaireacht ag triall ar mhuinntir an chnocáin 'ghá iarraidh ortha síothcháin a dhéanamh leis; 'ghá rádh leó gur ghnó gan chiall dóibh bheith ag cimeád an chnocáin sin nuair a bhí an chuid eile go léir de'n chathair tar éis síothchána do dhéanamh. Níor thugadar aon toradh ar an dteachtaireacht. Chomáineadar leó go dian ar an ndainginiúchán. Chonaic sé nár bh'aon mhaith bheith leó, go gcaithfadh sé an áit d'imdhridim agus do thógaint. Isé céad rud a dhein sé ná falla mór láidir a dhéanamh, lasmuich ar fad, mórthímpal ar an gcnocán, i dtreó nár bh'fhéidir do'n mhuinntir
istigh aon chabhair ná aon chongnamh fhághail ó'n dtaobh amuich, agus i dtreó, dá gceapaidis imtheacht as an áit ná féadfidís imtheacht. Ansan do chuir sé na reithí-buailte, agus na h-inneala eile imdhridime, i gcóir agus i n-inead chun na ndaingean do bhrise. Thug Huircánus agus a mhuinntir gach aon chongnamh dó i dtaobh córacha agus oibre agus inneallacha cogaidh. Ansan do ghluais an bualadh agus an chosaint. XXIV. DO GHÉILL AN FALLA. Do ghluais, mar adubhradh, an bualadh agus an chosaint. Sa n-áit ná raibh an gleann doimhinn úd ag déanamh an chosnaimh le n-a dhoimhneas agus le n-a mhí-chothram, iseadh do shocaruigh Pompéius a ghleus buailte. Do cuireadh na reithí-buailte ar siubhal agus bhíodar ag bualadh go mear agus go láidir. Ní raibh aon bhrígh sa bhualadh. Bhí an falla ró reamhar, ró láidir, agus é déanta de chlochaibh móra troma, cearnacha, snoighte, i dtreó, i n-inead na gcloch san do bhrise gur b'amhlaidh a bristí ceann an reithe a bhíodh 'ghá mbualadh. D'á éaghmais sin, bhíodh an lucht cosnaimh thuas ar bhara an fhalla agus clocha móra troma acu 'á chaitheamh anuas ar na reithíbh agus ar an lucht buailte. Chonaic Pompéius nár bh'aon mhaith dhó bheith ag braith ar na reithíbh sin agus ar na h-inneallaibh eile a bhí fachta aige sa chathair ó mhuinntir Huircánuis. Chuir sé fios óthuaidh ar fad go dtí cathair na Tuíre ar reithíbh a bhí ann aige féinig, reithíbh a bhí níba chruadha agus níba throime go mór 'já na reithí a bhí i gcanair Ierúsalem. Do tugadh chuige adtuaidh iad san, agus inneallacha eile, leis, a bhí thuaidh aige. Ansan do
socaruigheadh na reithí sin ar aghaidh na h-áite ba laige de'n fhalla. Do h-oibirigheadh iad go dian. Tar éis aimsire do thosnuigh an falla ar ghéille. Thosnuigh cuid de chlochaibh an fhalla ar bhrise agus ar imtheacht 'n-a gceó agus 'n-a mbrúscar. Nuair a chonaic an lucht cosanta an méid sin do thugadar fogha amach ar an lucht-buailte agus do mharbhuighdar a lán acu, agus do ruagadar an méid nár mharbhuigh- dar díobh, agus do loisgeadar le teine na h-innealla buailte, agus an méid nár loisgeadar díobh do loiteadar iad. Do deisigheadh na h-innealla airís, agus do dein- eadh innealla nua i n-inead na n-inneall a loisgeadh, agus do cuireadh suas airís iad, ar aghaidh na h-áite a bhí lag, agus a bhí, um an dtaca san, leath-bhriste. Do deineadh an fogha airís, agus an marbhú, ar an lucht-buailte, agus an losgadh agus an lot ar na h-inneallaibh, agus do neartuigheadh an áit de'n fhalla ar ar deineadh aon bhrise nú aon lagú. Do lean an chaismirt ar an gcuma san ar feadh trí mhí, an lucht-buailte ag déanamh a ndíthil chun an fhalla do leagadh agus an lucht cosanta 'ghá gcosg go tréan, agus ag léimt amach 'n-a mbuidhnibh láidre nuair ná bíodh coinne leó, agus ag marbhú an lucht- buailte agus ag brise agus ag losgadh na n-inneall. Deir an seanachaidhe, go raibh gach aon deabhramh go dteipfadh ar Phompéius an cnocán do thógaint i n-aon chor mara mbeadh gur thug sé aon nídh amháin fé ndeara. Do thug sé fé ndeara ná deineadh an mhuinn- tir istigh aon ghníomh i n-aon chor lá na Sabbóide. Seo mar a dhein sé nuair a thug sé fé ndeara an nídh sin. I gcaitheamh an dá lá roimis an Sabbóid d'órduigh sé gan aon bhualadh dhéanamh ar an bhfalla, ach bheith ag cruinniú na n-ineall agus 'ghá ngleusadh i n-a n-ineadaibh chun oibre, ar aghaidh na h-áite ba laige de'n fhalla. Bhí ceann de sna túraibh móra árda
ar bhara an fhalla lastuas de'n áit sin. Bhí gach aon rud socair chun buailte. Tháinig maidean lae na Sabbóide. Do thosnuigh an bualadh go tréan, agus do thosnuigh an ceó agus an brúsgar ar theacht go tiugh as an bhfalla. Níor chuir an mhuinntir istigh cor díobh. Ní bhrisfidís an tSabbóid. Bheadh san i gcoinnibh dlighe Mhaoise, dar leó. Níor deineadh cosnamh ná fogha. Chomáin an lucht-buailte leó go tréan. Bhí an lá go léir acu chun na h-oibre, gan aon chosg i n-aon chor d'á chur leó, ach an áit istigh chómh ciúin chómh suaineasach san gur dhóich le duine go raibh an cnocán folamh ó dhaoine. Fé dheire do ghéill an falla. Do thuit an falla agus do thuit an túr a bhí anáirde air. Agus, donas an sgéil ar fad, ní h-isteach a thuit an túr ná amach. Do tuith sé i leith a thaoibh, anuas ar bhara an fhalla, i dtreó gur leag sé faid a aoirde féin de'n fhalla agus gur osgail sé beárna bhreágh mhór leathan agus gur fhéad an namhaid go léir rith isteach. Siúd isteach, i dtaobh de'n bheárnain, Lúcius Faustus, mac do Shulla, agus buidhean mhór namhad i n-aonfheacht leis. Siúd isteach tríd an dtaobh eile de'n bheárnain taoiseach d'ár bh'ainm Furius agus buidhean eile namhad i n-aonfheacht leis. Siúd isteach tré lár na beárnan taoiseach d'ár bh'ainm Fábius agus an trímhadh buidh- ean namhad le n-a chois. Ansan, iongna an sgéil thar gach iongna, do thosnuigh an namhaid ar an muinntir istigh do mharbhú agus níor dhein aon fhear de'n mhuinn- tir istigh aon chor a chur de chun aon chosanta do dhéanamh air féinig ná ar aoinne. D'fhanadar go léir socair agus do leogadar do'n namhaid iad a mharbhú, mar, dar leó féin, dá gcuiridís aon chor díobh bheidís ag brise na saoire! Do marbhuigheadh dhá mhíle dhéag (12,000) díobh, agus i n-éaghmais an dá mhíle dhéag san do goineadh a lán eile acu agus fuair na daoine gonta san bás 'n-a dhiaidh san.
XXV. SAMHALTAS CÓMHACHTA. I n-éaghmais an dá mhíle dhéag san a marbhuigheadh nuair a thóg Pompéius cnocán an teampuil, agus i n-éaghmais an méid a fuair bás d'á ngoinibh bhí a lán acu agus d'imireadar bás ortha féinig níba thúisge 'ná mar a dh'fhanfidís beó nuair a fuaradar go raibh an buadh agá namhaid. Agus do chonaic Pompéius rud ana ghrána sa n-éirleach san. Chonaic sé gur mhó go mór agus gur mhiosgaisighe an fonn a bhí ar an aicme Iúdach, a bhí ag gabháil leis na Rómhánaigh, chun na nIúdach eile do mharbhú, 'ná mar a bhí ar na Rómhánaigh chun iad a mharbhú, d'á mhéid buile a bhí ar na Rómhánaigh chucha. Do chuir an mhiosgais ghrána san iongna a chroidhe air. Ach do chonaic sé an lá san rud eile do chuir iongna ba mhó 'ná san féin air. B'é lá na sabbóide é. Bhí na sagairt go léir ag an altóir agus iad ag ofráil na n-ídhbirtí agus ag déanamh na n-oibreacha naomhtha a bhain leis na n-ídhbirtíbh. Nuair a tógadh an áit agus do rith an namhaid isteach, ag bualadh agus ag marbhú rómpa, níor chorraigh aon tsagart acu san ó'n obair a bhí ar siubhal aige. Do leanadar de'n obair bheannuighthe chómh réidh chómh socair chómh stuama díreach agus do leanfidís dá mb'é ciúnas na saoire a bheadh 'n-a dtímpal i n-inead an éirligh. Níor árduigh aon tsagart acu lámh chun é féin a chos- aint. Do marbhuigheadh an uile dhuine acu. Bhí iongna a chroidhe ar an Rómhánach nuair a chonaic sé an seasamh a dhein na sagairt sin, gach sagart acu ag déanamh na h-ídhbirte go breágh réidh stuama go dtí gur thuit sé le buille'chlaidheamh ó láimh Rómhánaigh nú ó láimh Iúdaígh de'n aicme eile.
Tugan an seanachaidhe fé ndeara go raibh féile áirithe ar an lá de'n bhliain ar ar tógadh cathair Ierúsalem an uair sin. An lá céadna díreach de'n bhliain iseadh do tógadh í, mórán blianta roimis sin, nuair a thóg Nabuchodonosor í, agus sa bhliain bheannuighthe ab eadh. Agus an lá céadna de'n bhliain, sé bliana fichid 'n-a dhiaidh san, iseadh do thóg Sosius í, agus gur chuir san na Iúdaígh fé láimh Héróid. D'á mhéid iongna chuir seasamhacht agus stuaim na sagart ar Phompéius níor dhein an iongna san aon bhogadh ar an bhfeirg a chuir seasamhacht lucht cosanta an chnocáin air. D'órduigh sé iad go léir do chur chun báis. Níor fhan cuid acu leis an órdú san. D'imireadar bás ortha féin, le h-arm nú le h-iad féin do chaitheamh le fánaidh na bhfaillteach síos sa ghleann úd a bhí lasmuich de'n chnocán, i dtreó gur marbhuigheadh ar na clochaibh thíos iad. Chuaidh cuid acu isteach in sna tighthibh agus chuireadar na tighthe tré theine agus do loisgeadh istigh ionta iad. B'usa na Rómhánaigh a thabhairt isteach 'ná iad do chur amach airís. Do chuir Pompéius Huircánus i gcómhacht ach níor dhein sé rí dhe. Dhein sé priúnsa dhe, agus dhein sé Árdshagart de. Agus chuir sé na Iúdaígh fé chíos do sna Rómhánaigh. Do choisg sé Huircánus ar aon teidiol rí do ghlacadh ná ar aon ghradam rí bheith aige. Níor fhág sé aige ach samhaltas cómhachta, agus do choisg sé é ar an samhaltas san féin do leathadh thar teóranaibh Iúdéa amach. Do thóg sé uaidh an uile chathair de sna catharachaibh úd a smachtuigh a athair agus a shínsear i bhPhenicia agus i gCelesuíria, agus do chuir sé le Suíria airís iad, agus chuir sé taoiseach Rómhánach os cionn na tíre sin mar ghobhernóir agus dhá légión d'armáil Rómhánach fé n-a láimh, chun na dútha san go léir do chimeád fé sgáth.
Sidiad na catharacha a bhí, ansan, fé láimh an ghobhernóra Rómhánaigh, .i. Huircánia, agus Scuitopolis, agus Pella, agus Díón, agus Samaría, agus Marissa, agus Asótas, agus Iamnia, agus Aretusa, sa tír istigh; agus ar bruach na faraige, Gasa, agus Ioppe, agus Dóra, agus túr Stratoin. D'á n-éagh- mais sin bhí mórán bailte beaga fé n-a smacht. Nuair a thóg Pompéius an cnocán úd do dhein sé rud a ghoill níba mhó ar chroidhe na nIúdach 'ná mar a ghoill aon droch nídh eile d'ár dhein sé ortha, d'á olcas iad. Nuair a bhí an cnocán tógtha aige do chonaic sé an teampul mór. Níor bh'fholáir leis dul isteach sa teampul chun go bhfeicfadh sé cad é an saghas é laistigh. D'órduigh sé an sanctum sanc- tórum a dh'osgailt dó, agus chuaidh sé isteach ann, é féin agus a thaoiseacha móra. Chonaic sé gach aon rud agus chuir gach aon rud iongna air. Chonaic sé an coinnleóir óir agus an bórd óir, agus na cúmhrthachtaí daora, éacht saidhbhris óir agus airgid agus ollmhaithis. Ach dhein sé rud nár dhein aon mhór-thaoiseach eile roimis. Níor thóg sé aon rud. D'fhág sé gach aon rud mar a fuair sé é, agus d'imthigh sé amach gan aon díobháil a dhéanamh. XXVI. FEAR NA h-EADARGHABHÁLA. Ní h-é amháin gur staon Pompéius ó aon nídh thógaint de'n tsaidhbhreas ná de sna neithibh luachmhara, taithneamhacha, éagsamhlacha úd a chonaic sé istigh sa teampul, ach d'órduigh sé, chómh luath agus tháinig sé féin agus a uaisle amach as, an áit do choisreacan airís. Do h-innseadh dó gur thrualliú ar an sanctum
sanctórum aon duine iasachta do dhul isteach ann. Chuir sé fios ar an árdshagart agus dubhairt sé leis mar seo:- "Tá sé i gcoinnibh na dlighe d'aon duine iasachta dul isteach sa teampul mór san, agus is truailliú ar an dteampul é, fé mar a thuigim. Chuamair-ne isteach ann, agus d'á bhrígh sin tá an áit truaillighthe. Dein-se anois, agus na sagairt eile, an teampul do neamh-thruailliú. Cruinnighidh an pobul agus ofrálaidh na h-ídhbirtí atá ceart chun na h-oibre sin, agus tugaidh le tuisgint do'n phobul go bhfuil an truailliú bainte de'n teampul airís, i dtreó go mbeidh sásamh aigne ar an bpobul." Tá cúntas tabhartha agá lán de lucht seanachuis na Rómhánach ar an smachtú san a dhein Pompéius an uair sin ar náisiún na nIúdach, agus ní'l aon deif- righeacht, ach i rainnt neithe beaga suaracha, idir an gcúntas san na Rómhánach agus an cúntas a thugan Ióséphus ar an obair. Molan Cicero go h-árd an uraim a thaisbeáin Pompéius do'n teampul mór agus do sna neithibh beannuighthe, luachmhara, a bhí istigh ann. Nuair a bhí an smachtú déanta ag Pompéius do leag sé fallaí catharach Ierúsalem, agus d'fhág sé Scaurus sa n-áit 'n-a ghobhernóir agus neart slógh a dhóithin aige, agus tháinig sé féin abhaile go dtí an Róimh. Thug sé leis, 'n-a bpríosúnachaibh, Aristóbulus agus a bheirt mhac Alegsandar agus Antigonus, agus a bheirt inghean, chun iad do bheith le taisbeáint sa bhuadh-choscair a tabharfí dhó i gcathair na Rómha, mar ba ghnáth a thabhairt d'á leithéid. Do shleamhnuigh Alegsandar uaidh ar an slighe, agus chuaidh sé thar n-ais go Iúdéa agus dhein sé tuille toirmisg, mar a 'neósfar. Do rugadh an t-athair, Aristóbulus, agus an mac eile, Antigonus, go dtí an Róimh, agus do
seóladh sa bhuadh-choscair iad féin agus a lán eile righthe agus priúnsaí agus uaisle ar a raibh buadh beirtha ag Pompéius. Chómh luath agus a fuair Huircánus go raibh a dhritháir Aristóbulus imthighthe agus nár bhaoghal dó é a thuille thug sé suas é féin do shuaineas agus do dhíomhaointeas. Do stad sé d'aon speóis a bheith aige i ngnóthaíbh stáit. D'fág sé na gnóthaí sin go léir fé'n bhfear úd, Antipater, fear a thug aire mhaith do sna gnóthaíbh sin, ar mhaithe leis féinig; é féin do neartú, agus do shaidhbhiriú, agus a chreideamhaint do leathadh agus do bhuanú, siniad na neithe a bhí uaidh. Ní fhéadfadh sé na neithe sin do chur chun cinn chómh maith agus ba mhaith leis iad chur chun cinn gan aithne bheith ag na Rómhánaigh air agus iontaoibh a bheith acu as. Ar an aigne sin níor staon sé choidhche ó thriob- lóid ná ó chostas nuair a fuair sé aon chaoi ar na Rómhánaigh a chur fé chomaoine agus iad a dhéanamh buidheach de. Níor bh'fhada go dtáinig caoi dhíobh san chuige. D'eirigh cúis éigin a chuir fhiachaint ar Scaurus, an Gobhernóir, an t-armáil Rómhánach do sheóladh amach i gcoinnibh príomh chatharach Arabia. Tháinig cruadhtan éigin ar an armáil sin i gcaitheamh na slighe, i dtreó go rabhadar i gcontabhairt dul chun báis do'n ghorta. Do shábháil Antipater iad. Chomáin sé bronntanas breágh mór arbhair ag triall ortha amach sa ghainmheach. Bhí Scaurus ana bhuidheach, nídh nár bh'iongna. Agus bhí na Rómhánaigh ana bhuidheach nuair a dh'innis Scaurus dóibh an sgéal, an cruadhtan i n-a raibh sé agus an chabhair i n-am féin a tugadh dó. Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san gur dhein Antipater deagh-chómharsanacht eile do'n taoiseach Rómhánach. Bhí aithne mhaith aige ar rí na h-Arabia. D'imthigh sé soir ag triall air agus do labhair sé leis. Chuir sé ar a shúilibh dó gur bh'olc an chiall dó fearg na Rómhánach a tharrac air féin agus ar a thír. Pé cúis
acharainn a bhí idir é féin agus iad gur bh'é leas rí na h-Arabia é shocarú. Do ghlac an rí a chómhairle. Do socaruigheadh idir é agus Scaurus ach go dtabhar- fadh an rí do Scaurus trí chéad talant airgid. Do díoladh an t-airgead agus bhí an dá thaobh, nídh nách minic a thuitean amach, go h-ana bhuidheach d'fhear na h-eadarghabhála. Fuair Scaurus a thrí chéad talant agus tháinig sé abhaile as an ngainmheach uaigneach, mhí-chothramach. Agus do thuig an rí nár cheaduighthe dhó ar a thrí oiread airgid an lot a dhéanfadh na Rómhánaigh ar a thír dá dtagaidís isteach ann. Le gnóthaíbh de'n tsórd san do dhein Antipater na Rómhánaigh buidheach de, agus dhein sé rí Arabia buidheach de. Dhein sé daoine eile buidheach de, leis. Bhí muinntir catharach Aténé i bpúnc éigin ana chruaidh. D'iarradar ar Huircánus deagh-chómharsanacht éigin a dhéanamh dóibh. Do dhein sé an nídh a h-iarradh air a dhéanamh, ach deir Ióséphus gur bh'é Antipater a chómhairligh chuige sin é. Bhí muinntir Aténé chómh buidheach san gur reachtadar coróinn óir do Huir- cánus agus go ndubhradar sa reacht san go raibh muinntir catharach Aténé, agus na Gréagaigh go léir go mór fé chomaoine aige. Do thuig an uile dhuine gur bh'é Antipater ba bhun leis an ndeagh- chómharsanacht, agus fuair sé an chreideamhaint a bhí uaidh. XXVII. CÚIRTEANA DLIGHE. Bhí an aimsir ag drideamhaint chun teacht an tSlánuightheóra. Bhí an bhliain chúig dheich a seacht ann um an dtaca 'n-a raibh smacht na Rómhánach curtha daingean ag Pompéius ar na Iúdaígh.
Mar a h-innseadh, do shleamhnuigh Alegsandar, duine de bheirt mhac Aristóbuluis, ó láimh Phompéiuis nuair a bhí seisean 'ghá mbreith leis 'n-a bpríosúna- chaibh go dtí an Róimh. Tháinig sé isteach i dtír Iúdéa. Thosnuigh na fir a bhí báidheamhail len' athair ar chruinniú chuige. Bhí armáil mhaith láidir aige sar a raibh mórán aimsire curtha dhe aige. Bhíodar ag cruinniú chuige go dtí go raibh deich míle troightheach aige agus míle agus chúig céad de mharcshluagh. Thosnuigh sé ar chuid de sna daingeanaibh ba thairbh- thighe do chur suas airís agus do neartú, go h-áirithe an daingean úd Alegsandrion, agus an daingean eile úd Macheron, a bhí i n-aice le sléibhtibh Arabia. Thosnuigh sé ar bheith ag tabhairt ruag as na dain- geanaibh sin isteach i dtír Iúdéa agus ag creachadh na tíre. Ní raibh Huircánus ábalta ar aon chur 'n-a choinnibh a dhéanamh. Isé rud a dhein sé ná díriú ar fhallaíbh catharach Ierúsalem do chur suas airís, chun na catharach agus é féinig do chosaint ar mhac a dhrithár. Do h-airigheadh sa Róimh go raibh na fallaí d'á gcur suas airís. Tháinig órdú ó'n Róimh stad de'n obair sin. Nuair a tháinig an t-órdú san d'iarr Huircánus ar na Rómhánaigh teacht agus é chosaint ar mhac a dhrithár nuair ná leogfidís dó féin é féin do chos- aint air. Bhí Scaurus imthighthe ó Shuíria agus bhí gobhernóir eile tagaithe i n' inead. Gabínius ab ainm do'n ghobhernóir eile sin. Do chomáin Gabínius láithreach rainnt armála siar go dtí Iúdéa, agus Marcus Antónius 'n-a thaoiseach ortha, agus chrom sé féin ar an gcuid eile d'á neart do chur i dtreó chun teacht 'n-a dhiaidh. Níor fhan Antipater socair. Chuir sé rainnt armála le n-a chéile agus chomáin sé chun siubhail iad ag cabhrú leis na Rómhánaigh. Do chruinn- ighdar go léir i gcoinnibh Alegsandair. Do chruinnigh
seisean a neart slógh i n-áit ná raibh abhfad ó chathair Ierúsalem. Do throid sé cath leis na Rómhánaigh agus do buadhadh air. Do thuit trí mhíle fear d'á shluagh agus do tógadh a lán eile acu 'n-a bpríosún- achaibh. Do theich sé féin agus an chuid eile acu isteach sa daingean úd Alegsandrion. Tháinig Gabínius agus d'imdhrid sé an daingean. Daingean láidir go maith ab eadh é agus bhí flúirse lóin istigh ann. Níor bh'fhéidir é thógaint ach le h-aimsir. D'fhág Gabínius rainnt d'á neart slógh ag imdhridim an daingin sin agus do ghluais sé féin agus an chuid eile d'á neart mórthímpal na tíre, ag cur na ndaingean eile suas agus 'ghá neartú, le h-órdú ó Phompéius. Do chuir sé suas Samaría an uair sin, agus thug sé a ainm féin ar an ndaingean san. As san amach ní Samaría a bhí mar ainm air ach Gabíniána. Nuair a tháinig Héród 'n-a dhiaidh san do bhaist sé an daingean san airís agus ní Samaría ná Gabíniána do chuir sé mar ainm air ach Sebaste. Bhí an t-imdhridim ag dul dian ar Alegsandar. Chuir sé teachtaireacht ag triall ar Ghabínius 'gha iarraidh air síothcháin a dhéanamh leis agus 'ghá rádh go dtabharfadh sé suas dó an dá dhaingean eile, Macheron agus Huircánion. Bhí máthair Alegsandair sa tír, bíodh go raibh a fear, Aristóbulus agus an chuid eile d'á clainn sa Róimh. Tháinig sí chun cainnte le Gabínius. Chrom sí ar thathant air an tsíothcháin do dhéanamh le n-a mac. B'é deire an tathaint é gur thuig Gabínius gur bh'é a bhuac an tsíothcháin do dhéanamh agus na daingeana úd do ghlacadh gan a thuille trioblóide. Ansan do lean an mháthair ag tathant air go dtí gur mhaith sé do'n mhac a raibh déanta aige agus gur thug sé suas d'á mháthair é. Do tugadh suas na daingeana úd do Ghabínius. Do leag sé iad go talamh, i dtreó ná déanfí an
úsáid chéadna choidhche airís díobh. Do dheabhróchadh an sgéal go raibh Huircánus i dteannta Ghabíniuis sa chogadh san, mar innstear sa tseanachas, nuair a bhí an gnó go léir críochnuighthe ag Gabínius, gur rug sé Huircánus leis go dtí Ierúsalem agus gur chuir sé suas airís é sa n-Ardshagartacht. Ansan do dheighil sé an tír 'n-a chúig cúigíbh agus chuir sé suas cúirt dlighe fé leith ins gach cúig díobh. Chuir sé suas an chéad chúirt i gcathair Ierúsalem, an tarna cúirt i nGadara, an trímadh cúirt i n-Amat, an ceathramhadh cúirt i Ierichó, agus an cúigmhadh cúirt i Sephoris i nGaililí. Go dtí san bhí dhá shaghas cúirteana dlighe ag na Iúdaígh chun cúiseana dlighe do thriail agus do bhreith- niú, fé láimh an rí. Sanhedrim a tugtí ar gach cúirt díobh san. Tugtar cómhairle, nú cúirt, sa tseanachas, ar an sanhedrim. Bhí sanhedrim beag ann agus sanhedrim mór. Bhíodh beirt chómhairleach agus fiche sa tsanhedrim bheag, agus dháréag a's trí fichid sa tsanhedrim mhór. Do tugtí an t-Árd- shanhedrim ar an sanhedrim mór. Bhíodh sanhedrim beag ins gach cathair, agus bhíodh dhá shanhedrim bheaga i gcathair Ierúsalem, toisg an bhreis daoine bheith ann agus an bhreis gnótha. Ní shuidheadh an chómhairle mhór, nú an chúirt mhór, nú an t-Árd- shanhedrim, i n-aon áit eile ach amháin i gcathair Ierúsalem féin, agus bhí áit fé leith socair do'n chómhairle sin sa teampul. An té go dtabharfí breith 'n-a choinnibh i gceann de sna cúirteanaibh beaga d'fhéadfadh sé an t-Árd-shanhedrim do ghairm agus a chúis do bhreith i láthair na h-árd chómhairle, agus ní raibh gairm ó bhreith na h-árd chómhairle. Do chuir Gabínius deire leis an dá shanhedrim agus chuir sé suas 'n-a n-inead cúirt dlighe ins gach cúig de sna chúig cúigíbh úd.
XXVIII. GABÍNIUS. An fhaid a bhí an t-Árd-shanhedrim, nú an chómhairle mhór, 'n-a suidhe istigh sa teampul i gcathair Ierú- salem, is chun na cómhairle móire sin a deintí gairm a dh'fhógairt ó sna cómhairleanaibh ísle. Ach nuair a chuir Gabínius suas na chúig cúirteana dlighe in sna chúig cúigíbh, is chun na Rómha, chun an ímpire, do caithtí an ghairm a dh'fhógairt. D'fhág san an chúirt i gcathair Ierúsaleim gan aon úghdarás aici i n-aon áit lasmuich de'n chathair. Agus, istigh sa chathair féinig, d'fhéadfí gairm a dh'fhógairt ó chúirt Ierúsalem chun ímpire na Rómha. Innsean an talmud, ámhthach, go raibh saghas eile cómhairle ag na Iúdaígh agus gur chimeádadar í. Sórd moladh beirte, nú moladh trír, ab eadh an chómhairle sin, nú an chúirt sin. Nuair a bhíodh aighneas idir bheirt i dtaobh gnótha ceannaidheachta, nú mar- gaidh nú éilimh fiach, do thoghdís beirt chreideamhnach, duine ó gach taobh; ansan do thoghadh an bheirt sin aoinne amháin eile agus do fágtí an chúis fé mholadh an trír sin. Deirtear go raibh dhá chúis ag na daoine le bheith sásta leis an moladh san. Cúis díobh san ab eadh cúirteana Ghabíniuis a bheith ró chostasamhail. Cúis eile ab eadh cúirteana Ghabíniuis a bheith claon chun na h-eugcóra dhéanamh. Tráth éigin an fhaid a bhí Gabínius ag cur na ngnóthaí sin chun cinn fuair Aristóbulus an chaoi ar eulódh as an bpríosún i n-a raibh sé i gcathair na Rómha, an príosún i n-ar cuireadh isteach é tar éis an bhuadh- chosgair úd a fuair pompéius. Tháinig sé féin agus a mhac Antigonus go Iúdéa. Do chruinnigh a lán d'á sheana cháirdibh chuige láithreach. Tháinig chuige, i
dteannta na coda eile, taoiseach d'ár bh'ainm Pitolaus, taoiseach ana chródha a bhíodh ag gabháil le muinntir na Rómha, nú le muinntir Ghabíniuis agus Antipater sa n-aimsir roime sin. Tháinig sluagh ana mhór, ach ní raibh na h-airm ag Aristóbulus le tabhairt dóibh agus b'éigean dó a lán acu do sgaoile uaidh mar gheall air sin. Níor fhéad sé a chimeád ach ocht míle fear, ach b'iad san na fir ab fhearr de'n mhuinntir a tháinig. D'imthigh sé féin agus an t-ocht míle fear san agus chrom sé ar an gcaisleán úd Alegsandrion do chur suas airís, óir bhí Gabínius tar éis é féin agus na cais- leán eile úd do raobadh go talamh. Níorthug Gabínius puinn aimsire dhó chun an chaisleáin do chur suas. Chomáin sé 'n-a choinnibh neart láidir armála agus an triúr taoiseach Caesenna agus Marcus Antónius agus Serbhillius. B'éigean dó troid. Do buadhadh air sa chath agus do marbhuigheadh chuig mhíle fear air. Do theich dhá mhíle fear pé treó 'n-ar fhéadadar teiche. Ní raibh aige ansan ach míle fear. Do rith sé féin agus an míle fear san isteach i ndaingean Mhacheron. Ní raibh aon chosaint sa daingean san, mar bhí Gabínius tar éis é bhrise agus do raobadh, mar adubhradh. Níor thug na Rómhánaigh uain dó ar aon déanamh suas a dhéanamh air. Thánadar 'n-a thímpal agus d'imdhrid- eadar é féin agus a mhíle fear. Do chosanadar san iad féin go cródha ar feadh dhá lá. Fé dheire do tógadh Aristóbulus agus é go créachtuighthe agus go lag, agus do cuireadh thar n-ais go dtí an Róimh é féin agus a mhac Antigonus, agus do cuireadh isteach é sa phríosún chéadna as ar euluigh sé tamal beag roime sin. Ní deirtear gur tháinig Alegsandar, an mac eile úd a bhí ag Aristóbulus, ná gur thug se aon chongnamh d'á athair ná d'á dhritháir Antigonus, an uair sin. Ach do dheabhróchadh an sgéal go dtáinig an mháthair
airís agus gur labhair sí le Gabínius. Deirtear gur chuimhnigh Gabínius ar an ngeallamhaint a thug sé do'n mháthair agus gur sgríbh sé leitir chun na seanaide 'ghá rádh gur thug sé an gheallamhaint do'n mháthair go dtabharfí a clann saor di. Mar gheall ar an ngeallamhaint sin do sgaoileadh amach an chuid eile de'n chlainn, Antigonus agus an bheirt inghean, agus thánadar abhaile chun a máthar, agus do cimeádadh Aristóbulus 'n-a phríosúnach sa Róimh. Bhí rí sa n-Éigipt an uair sin agus Ptolemé Analetus ab ainm dó. D'eirigh muinntir na h-Éigipte 'n-a choinnibh agus chuireadar as an rígheacht é. Do chuir sé teachtaireacht ag triall ar Ghabínius 'ghá iarraidh air teacht chuige agus congnamh a thabhairt dó chun sealbha a rígheachta dh'fhághail airís. Do thoiligh Gabínius chuige sin. Bhí fhios aige, dá n-eirigheadh leis, go mbeadh rí na h-Éigipte fé chomaoine ag na Rómhánaigh; agus bhí fhios aige go mb'fhéidir go mbeadh tír na h-Éigipte acu ar ball, de thoradh na h-eadarghabhála, fé mar a bhí tír Iúdéa an uair sin acu. Bhí fhios ag Gabínius nár mhór dó neart maith láidir armála bheith aige chun na h-oibre a bhí le déanamh aige sa n-Éigipt. D'iarr sé ar Huircánus teacht i n-aonfheacht. Ní h-ar Huircánus a bhí sé ag braith, ámhthach, ach ar Antipater. D'oibrigh an bheirt, do thoil a chéile, ag cabhrú leis; thugadar flúirse arbhair dó, agus mórán arm agus mórán airgid. Thugadar congnamh eile dhó. Bhí mórán Iúdach thíos sa n-Éigipt an uair sin, agus do sgríbh an bheirt chucha 'ghá iarraidh ortha cabhrú le Gabínius nuair a raghadh sé síos. Bhí dhá áit thíos, Onion agus Pelusium, agus bhí mórán Iúdach sa dá áit sin, agus ó'n gcuma 'n-a raibh an dá áit sin suidhte bheadh an congnamh a gheóbhfí uatha ana thairbhtheach. Chuaidh Gabínius agus Marcus Antónius síos; do tugadh dóibh congnamh na nIúdach, go mór mór congnamh na nIúdach a bhí sa
dá áit úd. D'eirigh a gcúrsa leó. Chuireadar Ptolemé i seilbh a rígheachta, agus bhí sé buidheach de sna Rómhánaigh agus de sna Iúdaígh. Ansan, mar adeir an seanachas, do shnamuigh Gabínius caradas nua le Huircánus agus chuaidh sé abhaile go dtí an Róimh. XXIX. SAIL ÓIR. Nuair a bhí Gabínius ag dul síos sa n-Éigipt d'fhág sé 'n-a dhiaidh, 'n-a ghobhernóir ar chrích Shuíria, an Rómhánach úd Caesenna, agus níor fhág sé fé n-a láimh ach neart slógh ná raibh ró láidir. Ba mhian leis oiread nirt slógh agus d'fhéadfadh sé a bhreith leis síos sa n-Éigipt. Fear óg ab eadh Caesenna, agus do réir mar a labharthar air sa tseanachas ní raibh an éirim aigne ró láidir aige. B'fhéidir go ndeinean an seanachaidhe eugcóir air. Níor fágadh puinn nirt slógh aige, agus ní fhéadfadh aon éirim aigne gníomh mór a dhéanamh le suarachas nirt. Ach bhí Alegsandar, duine de mhacaibh Aristóbuluis, i dtír Iúdéa an uair sin. Is dócha gur mheas Gabínius go gcimeádfadh a mháthair socair é. Má mheas bhí dearmhad air. Chómh luath agus thug sé a chúl le Iúdéa do phreab Alegsandar amach agus chrom sé ar shluagh do chruinniú. In sna críochaibh lasmuich de Iúdéa iseadh fuair sé an chuid ba mhó de sna fearaibh. Nuair a bhí neart maith láidir fear curtha le chéile aige siúd isteach é i dtír Iúdéa, agus siúd ag marbhú na Rómhánach é ins gach ball 'n-ar fhéad sé teacht ortha. Do theich na Rómhánaigh roimis agus chuadar isteach sa daingean a bhí ar chnoc Gasarim. Do bhailigh Alegsandar a shlóighte agus chrom sé ar na Rómhán- aigh a dh'imdhridim istigh sa daingean san. Um an
dtaca san díreach iseadh bhí Gabínius ag teacht thar n-ais as an Éigipt. D'airigh sé an obair a bhí ag Alegsandar 'á dhéanamh. Chomáin sé Antipater uaidh i dtreó na h-áite'n-a raibh Alegsandar. Dubhairt sé le h-Antipater dítheal a dhéanamh ar a chur fhiacaint ar Alegsandar, agus ar a shluagh, ciall a bheith acu, agus iad féin d'umhlú fé chómhacht na Rómhánach, mar gur bh' é a leas é. Dhein Antipater an gnó go gasta agus go tuisgeanach agus go h-éirimeamhail. Do mheall sé a lán de sna fearaibh ó Alegsandar, ach do theip glan air a chur fhiachaint ar Alegsandar féinig umhlú. Bhí sé ar buile nuair a chonaic sé na fir ag imtheacht uaidh tré chómhairle Antipater. Bhí tríochad míle (30,000) fear aige gan imtheacht. Shocaruigh sé ar chath a thabhairt do sna Rómhánaigh a bhí ag Antipater agus ag Gabínius sar a n-imtheóchadh a thuille de sna fearaibh uaidh. Do troideadh an cath i n-aice chnuic Tabor. Do briseadh an cath ar Alegsandar. Do marbhuigheadh deich míle fear air, agus do theich an chuid eile acu. Ní h-innstear cad d'imthigh ar Alegsandar. I ndiaidh an chatha san iseadh d'imthigh Gabínius abhaile go dtí an Róimh, agus tháinig Crassus ó'n Róimh, 'n-a ghobhernóir ar chrích Shuíria. Do bhain Iúdéa an uair sin leis an gcrích sin, fé smacht na Rómhánach. Fear ab eadh Crassus go raibh ana dhúil i n-airgead aige. Bhí an dúil sin sa n-airgead agá lán de sna taoiseachaibh Rómhánacha do cuirtí 'n-a ngobhernóiríbh ar na críochaibh a thuiteadh fé smacht na Rómhánach. Bhí gach aon rud suaineasach socair síothchánta i gcrích Shuíria agus Iúdéa nuair a tháinig Crassus 'n-a ghobhernóir ar an áit. Ní raibh aon leathsgéal aige chun aon tsraith airgid d'éileamh ó mhuinntir na tíre. D'airigh sé, ámhthach, go raibh saidhbhreas mór istigh sa teampul. Tháinig sé chun an teampuil chun go bhfeich- fadh sé ar bh'fhíor an sgéal. Bhíodh duine de sna
sagartaibh 'n-a stíbhard ar an saidhbhreas a bhí sa teampul. Nuair airigh sé go raibh Crassus ag teacht bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí ainm na sainnte ar Chrassus agus bhí fhios ag an stíbhard gur chun a raibh de shaidhbhreas sa teampul a thógaint agus do bhreith leis a bhí sé ag teacht. Cheap an stíbhard dá dtais- beánadh sé dhó aon tseóid amháin a bhí ana uasal go mbeadh sé sásta leis an seóid sin agus ná tógfadh sé a thuille. Sidí an tseóid uasal a thaisbeáin sé do Chrassus. Bhí sail mhór throm théagartha óir, 'n-a fárdorus os cionn doruis an sanctum sanctórum. Ar an bhfárdorus óir sin iseadh bhíodh brat an team- puil ar crochadh. Bhí an tsail óir le feisgint nuair a cuireadh an chéad bhrat ar crochadh uirthi. Nuair a dh'imthigh rainnt aimsire agus nár bh'fholáir an chéad bhrat san d'aistiriú agus brat nua do chur suas i n' inead, ní h-amhlaidh a tógadh an seana bhrat chun siubhail. Is amhlaidh a filleadh mórthímpal ar an sail óir é, agus do cuireadh an brat nua lasmuich dhe. Do filleadh an tarna brat, ar an gcuma gcéadna, mórthímpal ar an sail óir, nuair a bhí an aimsir imthighthe airís agus an trímhadh brat le cur suas. Mar sin dóibh. Nuair a bhíodh brat nua le cur suas ní deintí i gcómhnuidhe ach an seana bhrat do chasadh tímpal ar an sail óir, lasmuich de sna seanabhrataibh eile go léir. Ar ball ní raibh aon radharc ar an sail óir, agus le h-imtheacht na h-aimsire d'imthigh cuimhne ar an sail óir a bheith ann i n-aon chor a h-aigne na ndaoine. Ansan ní raibh aon phioc d'á fhios ag aoinne an tsail a bheith sa n-áit ach amháin ag an stíbhard. Sin mar a bhí an sgéal nuair a tháinig Crassus. Do labhair an stíbhard le Crassus:- "Feuch, a dhuin'uasail," ars an stíbhard, "á seóid uasal óir i bhfolach sa n-áit seo agus tais- beánfad duit í má dhearbhuighean tú dhom go
solmanta ná tógfir aon nídh eile as an dteampul naomhtha so." Do dhearbhuigh Crassus go dian. Do taisbeánadh an tsail dó. Do thóg sé an tsail. Ansan do thóg sé an uile phioc saidhbhris eile d'á raibh sa teampul. Nuair adubhairt an stíbhard leis gan an dearbhú do bhrise níor dhein sé ach "Éist do bhéal, a bhrealláin," do rádh leis, agus gáire do chur as. XXX. CRASSUS. Nuair a chonaic Crassus na brait go léir tógtha anuas de'n bhfárdorus, agus an tsail bhreágh mhór fhada bhuidhe ag taithneamh fé sholus na gréine, d'eirigh buile sainnte, nár bh'fhéidir leis a smachtú, istigh 'n-a chroidhe. Pé breith a bheadh aige ar aon chuid de shaidhbhreas an teampuil fhágaint 'n-a dhiaidh sar a bhfeacaidh sé an tsail óir sin ní raibh aon tseans go bhfágfadh sé aon rud 'n-a dhiaidh tar éis soluis na saile sin a dhul 'n-a shúilibh. Thóg sé anuas an tsail agus chuir sé ar chóir iompair í chun í bhreith leis as an áit. Ansan do chrom sé ar árthaíbh beannuighthe an teampuil do bhailiú chuige agus do chur ar an gcóir iompair i n-aice na saile. "A dhuin'uasail," arsan stíbhard, "ná sáruigh an dearbhú a dheinis. Ná tarraig ort an easgaine úd a labhrais ad' choinnibh féinig." "Éist do bhéal, a bhrealláin, arsa Crassus. "Dá mbeadh aon leus meabhrach agat-sa ná ag muinntir na catharach so ní bheadh an tsail sin i bhfolach ansan agaibh chómh fada. Is mithid do dhuine éigin go bhfuil ciall daona aige greim fhághail uirthi féin agus ar an gcuid eile de'n tsaidhbhreas so."
Thug Ióséphus a thuairim fé mhéid an tsaidhbhris a bhí sa tsail agus sa chuid eile de sna neithibh a thóg Crassus an uair sin. Bhí an saidhbhreas chómh mór san go raibh eagla ar Ióséphus ná creidfí a mheas féinig 'n-a thaobh gan meas ó dhaoinibh éigin creid- eamhnacha eile bheith aige mar dheimhniú. Deir sé gur bh'é meas Strabó Chapadocia gur bh'fhiú deich míle talant an saidhbhreas san. Dhéanfadh san dhá mhílliún púnt d'airgead na h-aimsire seo (£2,000,000). Ainimnighean Ióséphus sgríbhinní eile, leis, sgríbhinní atá ar ceal anois, agus bhíodar ar an bhfocal gcéadna. Níor fhan an easgaine abhfad gan tuitim ar Chrassus. Bhí fhios aige go raibh tír Phartia ana shaidhbhir, agus an taoiseach Rómhánach do chuirfadh smacht na Rómha ar an dtír sin go mbeadh caoi aige ar shaidhbhreas ana mhór fhághail nuair a gheóbhadh sé gobhernóireacht na tíre sin ó'n seanaid. Bhí sé ar feadh abhfad 'ghá iarraidh ar an seanaid úghdarás a thabhairt dó chun go raghadh sé isteach sa tír sin agus go gcuirfadh sé cogadh uirthi agus go dtabharfadh sé fé smacht na Rómha í. Bhí an tseanaid ag diúltú dhó ar feadh abhfad. Fé dheire do ghéilleadar dó. Thugadar dó an t-úghdarás a bhí uaidh. Bhí an saidhbh- reas aige. Níor bh'fhada an mhoill air sluagh do chruinniú agus do ghleusadh. Do ghluais sé féin agus a shluagh isteach i dtír na bPartiánach. Bhí na Partián- aigh ullamh dó. Do throideadar cath cródha, fuilteach, fíochmhar leis, ag cosnamh a dtíre. Do briseadh an cath air agus do thuit sé sa ruaig. Sin mar a thuit an easgaine air. Ní h-innstear cad d'imthigh ar an sail óir as san amach. Ach innstear gur marbhuigheadh an Crassus san dhá bhliain agus caogad roim theacht an tSlánuightheóra. Bhí an taoiseach Cassius ar shluagh Chrassuis. Nuair thuit Crassus agus do sgaipeadh a shluagh do chruinnigh
Cassius iad agus thug sé leis isteach iad i dtriúchaibh Shuíria. Bhí na Partiánaigh lán de dhásacht tar éis an chatha san a bhriseadar ar Chrassus, agus bhíodar ag brúth isteach i dtriúchaibh Shuíria agus ag creachadh na dtriúch san. Do chruinnigh Cassius an tsluagh bhriste agus chuir sé misneach airís ionta. Do ghluais sé leó i gcoinnibh na bPartiánach a bhí ag creachadh Shuíria agus bhris sé mórán cathana ortha. Ansan thug sé aghaidh thar n-ais ar Iúdéa mar bhí gnó aige le déanamh ann. Bhí cathair ar a dtugtí Taricéa ar bhruach Locha Gennesaret. Bhí duine de thaoiseachaibh Alegsan- dair úd, mac Aristóbuluis, tar éis dul isteach sa chathair sin agus é féin agus sluagh mhaith láidir do dhainginiú istigh innti. Chítear nár marbhuigheadh Alegsandar sa chath úd a bhris Gabínius air tar éis teacht aníos ó'n Éigipt dó. Bhí sé istigh i gcathair Taricéa, é féin agus an taoiseach úd Pitolaus. Do thóg Cassius an chathair agus tríochad míle príosúnach. Bhí Antipater i dteannta Chassiuis an uair sin. Ar chómhairle Antipater do cuireadh Pitolaus chun báis. Níor cuireadh Alegsandar chun báis. Do tuigeadh go bhfanfadh Alegsandar socair mara mbeadh Pitolaus a bheith ag séide faoi. Ansan do ghluais Cassius agus a shluagh i dtreó abhan Euphrátes soir ódheas chun go gcuirfadh sé cosg le ruagaibh na bPartiánach. Trí bliana 'n-a dhiaidh san iseadh chuir Iúlius Caesar cathair na Rómha fé n-a smacht. Bhí Aristóbulus sa phríosún sa Róimh. Do socaruigheadh ar é fhágaint sa phríosún an chuid eile d'á shaoghal. Do fágfí ann é mara mbeadh Iúlius Caesar. Do thuig Iúlius Caesar go mbeadh Aristóbulus tairbhtheach dó féinig, i n-aghaidh Pompéiuis dámbeadh cead a chinn agus a chos aige agus é thoir i dtír Iúdéa. Do leog sé amach as an bpríosún é, agus chuir sé dhá
légión fear armtha fé n-a láimh, agus dubhairt sé leis dul soir go dti Palestín, agus tír Shuíria do chimeád fé eagla. Bheadh san go h-ana mhaith d'Aris- tóbulus mara mbeadh aon nídh amháin. Bhí Caesar agus Pompéius an uair sin i gcoinnibh a chéile go dian. Bhí muinntir na Rómha go léir i gcoinnibh a chéile mar gheall ar an mbeirt, gach aoinne ag gabháil le duine éigin de'n bheirt, agus na daoine a bhí ar thaobh Chaesair agus na daoine a bhí ar thaobh Phompéiuis i gcoinnibh a chéile, chómh dian díreach agus bhí Caesar agus Pompéius i gcoinnibh a chéile. Chonaic muinntir Phompéiuis Aristóbulus tagaithe amach as an bpríosún. Thuigeadar cad chuige. Thugadar nimh dó. Chuir san as an slighe é ó Phompéius. Chuireadar isteach é i bpríosún ná féadfadh Caesar é leogaint amach as. XXXI. MOLADH A BHÍ TUILLTE GO MAITH. Bhí Alegsandar, mac Aristóbuluis, thoir sa tír naomhtha. D'airigh sé an sgéal nua, go raibh Caesar tar éis a athar, Aristóbulus, do leogaint amach as an bpríosún agus go raibh sé ag teacht abhaile ó'n Róimh agus neart slógh ó Chaesar aige chun cur i n-aghaidh Phompéiuis. Do phreab sé láithreach agus chrom sé ar neart slógh do chur le chéile chun bheith ullamh ar pháirt a ghabháil len' athair chómh luath agus thiocfadh sé isteach i Iúdéa. Ach bhí Pompéius ag faire air. Do h-innseadh dó cad a bhí ar siubhal ag Aleg- sandar. Bhí taoiseach i n-Antioch an uair sin agus Quintus Metellus Scipio ab ainm dó. Cliamhain do Phompéius ab eadh é. Do thárla go raibh Aleg- sandar i gcómhgar d'Antioch i n-áit éigin. Chuir Pompéius sgéala ag triall ar a chliamhain 'ghá rádh
leis breith ar Alegsandar agus é chur chun báis. Do rugadh ar Alegsandar agus do tugadh i láthair Mhetellus Scipio é. Do dhaor Metellus chun báis é, agus do baineadh an ceann de. Ní raibh d'á clainn beó ansan ag an máthair ach a mac Antigonus agus a beirt inghean. Bhí sí féin agus an triúr 'n-a gcómhnuidhe i n-Ascalon. Chuir Ptolemé Mennaeus, priúnsa Chaleis, sgéala ag triall uirthi 'ghá iarr- aidh uirthi a mac Antigonus agus a beirt inghean do chur chuige féin agus go dtabharfadh sé aire dhóibh. Do chuir sí ag triall air iad. Bhí mac aige agus Philipion ab ainm dó. Phós sé sin duine de'n bheirt inghean. Alegsandra ab ainm di sin, ainm a máthar. Suím éigin aimsire 'n-a dhiaidh san, ámhthach, pé cúis a bhí aige chuige, do chuir a athair Philipion chun báis agus ansan do phós sé féin an ríogan óg Alegsandra. Ach bhí an cogadh agus an chaismirt ar siubhal go dian idir an mbeirt, Caesar agus Pompéius. Thug san caoi do sna Iúdaígh ar rainnt tairbhthe dhéanamh dóibh féinig. Bhí ar a gcumas páirt a ghabháil le Caesar i gcoinnibh Phompéiuis nú le Pompéius i gcoinnibh Chaesair. Ghabhadar páirt le Caesar. Bhí sé thíos sa n-Éigipt an uair sin, agus é a d'iarraidh na catharach san Phelúsium do thógaint. Bhí an chathair ana láidir, ana dhaingean, agus ní raibh neart slógh aige a bheadh ábalta ar an gcathair a thógaint. Bhí sé ag feitheamh le tuille nirt a bhí ag taoiseach d'ár bh'ainm Mitridátes'á thabhairt chuige. Ní raibh Mitri- dátes ag teacht, agus bhí Caesar neamh-fhoidhneach. I n-Ascalon a bhí sé ag feitheamh. Ba mhaith an mhaise ag Antipater é, do chuir sé le chéile trí mhíle fear, Iúdaígh chródha, agus iad armtha i gceart, agus tháinig sé ag triall ar Chaesar; i dteannta an trí mhíle fear san bhí cuid mhaith eile nirt aige, neart fear a chruinnigh sé ó Arménia agus ó Shuíria agus ó shliabh Libanuis. Bhí rud maith eile aige i dteannta an méid
sin. Bhí leitireacha aige ó Huircánus chun na nIúdach a bhí 'n-a gcómhnuidhe thíos sa n-Éigipt, 'ghá iarraidh ortha páirt a ghabháil le Caesar agus cabhrú leis chun catharach Phelúsium a thógaint. Do dhein Iúdaígh na h-Éigipte an rud a dh'iarr an t-árdshagart Huircánus ortha. Do cuireadh an neart go léir le chéile agus do tógadh Pelúsium, agus bhí an Éigipt ag Iúlius Caesar, agus a bhuidheachas san aige ar Antipater agus ar Huircánus agus ar Iúdaígh na h-Éigipte. Fear cruaidh láidir cródha ab eadh Antipater féin. Bhí sé ar an gcéad fhear do léim isteach thar falla sa chathair an lá a tógadh í. Déarfadh daoine, ámhthach, nár sgríbh Huircánus riamh na leitireacha úd chun na nIúdach a bhí thíos sa n-Eigipt, gur sgríbh Antipater féinig iad agus gur chuir sé ainm Huircánuis thíos leó. Níor bh'fhearr le Huircánus rud a dhein sé. Dhein Antipater an gníomh agus fuair Huircánus an chreideamhaint. Do mhol Mitridátes go h-árd an chuma 'n-ar dhein Antipater an gnó san. Dubhairt sé lom díreach le Iúlius Caesar: "Mara mbeadh Antipater ní thógfá Pelúsium, agus gan Pelúsium ní bheadh an Éigipt agat." Do thuig Caesar go raibh an moladh tuillte go maith. Bhí árd mheas aige ar Antipater as san amach. Thug sé mórán onóradhó; dhein sé "Civis Rómánus" de, agus thug sé gnóthaí móra dhó, le déanamh i Iúdéa. Thug Caesar mórán onóra do Huircánus leis. Pé 'cu do sgríbh sé na leitireacha úd nú nár sgríbh fuair sé an chreideamhaint, agus fuair sé an tuarastal. Do dhainginigh Caesar é sa n-árdshagartacht, agus dhein sé priúnsa ar Iúdéa dhe, agus an teidiol san a bheith agá shliocht go deó. Agusthugsé do náisiún na nIúdach thar n-ais ceartana agus príléidí a sínsear. Dhein sé reacht cun na bpríléidí sin do cur i bhfeidhm, agus leis an reacht san d'atharuigh sé ar fad an
obair úd a dhein Gabínius nuair a chuir sé na chúig cúirteana dlighe ar bun in sna chúig cúigíbh. Do chuir Caesar an obair sin go léir ar neamhnídh agus chuir sé na seana chúirteana ar bun airís mar a bhíodar roimis sin. Ach i lár na h-oibre sin, agus an obair ag dul ar aghaidh go breágh réidh, tháinig Antigonus i láthair Chaesair agus chuir sé gearán go cruaidh isteach ar Antipater agus ar Huircánus. Thaisbeáin sé conus mar a bhí bás fuiligthe agá athair agus agá dhritháir mar gheall ar pháirt a ghabháil le Caesar; conus mar a bhí an eugcóir go léir déanta ag Huircánus agus ag Antipater air féinig agus ar a athair agus ar shliocht a athar. D'fhreagair Antipater é. Do mhínigh sé amach go breágh soiléir gur bh'é Huircánus an dritháir ba shine, agus gur deineadh sárú air, agus ná raibh ag Aristóbulus agus agá chlainn 'á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach an eugcóir; ag cur na tíre tré n-a chéile, an sárú a deineadh ar dtúis d'á chur i bhfeidhm riamh ó shin. Ní bhfuair Antigonus aon tsásamh. XXXII. CARADAS COGAIDH. Seo reacht a dhein Caesar an uair sin i bhfabhar do sna Iúdaígh. Do chuir Ióséphus síos 'n-a sheanachas í: "Iúlius Caesar, i n' ímpire agus 'n-a dhictatóir an tarna h-uair, agus c. Ó's rud é go bhfuil an Iúdach Huircánus tar éis a bháidheamhlactha do thaisbeáint dúinn ar a lán slighte áirithe, i n-aimsir chogaidh agus i n-aimsir síothchána, go mór mór leis an gcabhair a chuir sé chughainn sa chogadh dheirineach so; mar gheall ar a bhfuil de thairbhthe déanta aige, dlighim-se anois,
leis an reacht so, chuige féin agus chun a shleachta, forlámhas ar na Iúdaígh go deó, agus é bheith 'n-a phriúnsa agus i n-a Árdshagart os a gcionn, chun iad do riaghlú do réir a nós agus a ndlighthe féinig. Ainimnighim é feasta ar dhuine dem' cháirdibh ró dhílse; agus dleachtaim go daingean gach ceart agus gach príléid d'á mbainean leis an Árdshagartacht a dh'fhanmhaint aige féin agus agá mhacaibh go deó; agus gur b'é féin nú iad-san, amháin, a thabharfidh breith ins gach cúis d'á n-eireóchaidh idir Iúdachaibh. Agus 'n-a theannta san, na Iúdaígh a bheith saor feasta ó chothú slógh sa gheimhre agus ó gach cáin phoibilidhe." Tháinig an méid sin chun na nIúdach tríd an gcogadh bheith idir an dá Rómhánach mhóra, Caesar agus Pom- péius. Gan amhras ní thiocfadh oiread san tairbhthe chucha as an gcogadh mara mbeadh a fheabhas a dhein Antipater a ghnó agus a fheabhas a thuig sé gach beart roim ré. Is seanfhocal é gur "tar éis a tuigtear gach beart," ach an té a thuigfidh gach beart roim ré is aige a bheidh buadh, mara rud é go dtuigfidh duine éigin eile "gach beart roim ré" níos fearr 'ná mar a thuigfidh seisean. Tímpal na h-aimsire céadna chuir muinntir catharach Aténé teachtairí ag triall ar Huircánus ag athnua- chaint caradais, agus chuireadar reacht uatha go dtí cathair Ierúsalem, ag admháil dílse caradais Huircánuis dóibh féin agus do sna Gréagaigh go léir. Go luath 'n-a dhiaidh san do chuir Huircánus teacht- airí go dtí an Róimh ag athnuachaint caradais chogaidh. Do glacadh na teachtairí sin sa Róimh le h-onóir mhór. Thaisbeáin Iúlius Caesar dóibh onóir nár ghnáth a thabhairt do theachtairíbh. Thug sé mar phríléid dóibh suidhe 'n-a láthair féin. Agus d'órduigh sé go gcaith- fadh muinntir na tíre, ó Ghasa go dtí Sídon, an
cháin do dhíolaidís i gcomhnuidhe leis an ímpireacht, do dhíol feasta isteach i dteampul catharach Ierú- salem. Fiche míle tómhas cruithneachtan ab é an méid a dhíoladh cathair Sídon amháin de'n cháin sin. D'órduigh sé, leis, na catharacha a bhí roimis sin i seilbh na n-Árdshagart do thabhairt thar n-ais do Huircánus. Nuair a bhí na maitheasaí sin go léir déanta ag Caesar do sna Iúdaígh, tré mhéid a bhuidheachuis ortha mar gheall ar ar dhein Antipater dó i n-aghaidh na bPartiánach, chuir se Segstus Caesar, a ghaol gairid 'n-a ghobhernóir ar chríochaibh Shuíria, agus chuaidh sé féin agus Antipater i n-aonfheacht leis, siar go cathair Tuíre. As san chuaidh sé, ar bórd luinge, siar go Sicilia. Do sgar Antipater le Caesar ag Tuíre, agus ansan thug sé aghaidh ar chathair Ierúsalem. Níor stad sé, an fhaid a bhí sé ár an slighe, ach 'ghá chur 'n-a luighe ar na daoine gur bh'é a leas bheith umhal do sna Rómhánaigh; gur bh'fhearr bheith umhal dóibh ar ais, nú go gcaithfí bheith umhal dóibh ar éigin. XXXIII. BUIDHEAN LUCHT FOGHLA. Tháinig Antipater go Ierúsalem agus reacht Chaesair 'n-a phóca aige. Chrom sé láithreach ar na gnóthaí dhéanamh a bhí ceaduighthe sa reacht. Chuir se gnóthaí na dlighe sa riocht i n-a rabhadar sar ar dhein Gabínius an t-atharú. Do leag Pompéius fallaí na catharach. Do chrom Antipater ar iad do chur suas airís go breágh dain- gean. Phasael ab ainm do'n té ba shine d'á mhacaibh. Dhein sé gobhernóir ar an gcathair de'n mhac san. Héród ab ainm do'n mhac eile. Dhein sé gobhernóir
an Ghaililí de Héród. Ansan do ghluais sé féin agus Huircánus, an t-árdshagart, ar chuaird mórthímpal tríd an dtír, ag cur dlighe i bhfeidhm agus ag cur na rígheachta i n-eagar. Do thárla go raibh an uair sin i nGaililí buidhean luacht foghla, agus go raibh an dúthaigh ciapaithe creachta acu. Do shocaruigh Héród, gobhernóir Gaililí, ar an mbuidhin sin d'ídiú as an áit. Gníomh ab eadh é nár bh'fhuiriste dhéanamh. Ach fuair Héród greim ar an gceann a bhí ortha, agus ar rainnt de'n chuid eile acu, de'n chuid ab ábalta acu, agus mhairbh sé iad. Do theich an chuid eile acu as an áit. Thug an gníomh san ana chreideamhaint do Héród ar fuaid na tíre go léir. Bhí an uile dhuine buidheach de. Bhí creideamhaint mhór ag Phasael d'á fhághail, leis, mar gheall ar an gcuma 'n-a raibh gnó na catharach aige 'á dhéanamh. Bhí áthas mór ar Antipater nuair a chonaic sé an chreideamhaint go léir agá bheirt mhac. Bhí Segstus Caesar, gaol an fhir mhóir a bhí sa Róimh, 'n-a ghobher- nóir ar Shuíria. D'airigh sé trácht ar an mbeirt agus do mhéaduigh an meas a bhí aige ortha féin agus ar a n-athair. Ní raibh aon mheas ag aoinne ar Huaircánus, agus ba chuma le Huircánus cé 'cu bhí nú ná raibh. Ní raibh ann ach spreas. Bhí gach aon rud ag Antipater 'á dhéanamh. Ach bhí sé ana ghasta. Dhein sé gach aon rud i n-ainm Huricánuis, ach do réir a thoile féinig. Bhí san go maith go dtí gur thosnuigh na Iúdaígh uaisle ar a thuisgint go raibh iomad úghdaráis a Antipater. Chonacadar conus mar a chuir a mhac Héród na foghlaidhthe úd chun báis gan aon triail dlighe thabhairt dóibh, gan iad a thabhairt os cómhair an tSanhedrim. Bhí a thoil féinig curtha aige os cionn an tSanhedrim. "An fear a dhein an gníomh san anois," ar siad, eatartha féin, "feuch, cad a dhéanfidh sé ar ball!" Bhíodar ar buile. Do labhradar le Huircánus augs chromadar ar thathant
air a thoil féin do chur i bhfeidhm i gcoinnibh an fhir óig sin, agus é thabhairt chun lámha agus a chur fhiach- aint air freagairt sa ghníomh a bhí déanta aige, fir do chur chun báis gan triail gan dlighe, ach le n-a thoil féinig! "Feuch," ar siad le Huircánus, "cad 'tá agat 'á dhéanamh. Cead agat 'á thabhairt do mhac Antipater san, do mhac an phroselítigh sin ná bainean le clainn Israéil i n-aon chor, gníomh a dhéanamh ná leómhfadh rí a dhéanamh, fir a chur chun báis gan iad a thabhairt os cómhair aon chúirte ná os comhair aon bhreithimh!" Bhí an bháidh ró láidir ag Huircánus le Héród. Ach do chuir na h-uaisle sgannra air. Fe dheire do ghéill sé. Chuireadar máithreacha na bhfear a cuireadh chun báis i n-áit i n-a bhfeicfadh Huircánus iad, agus iad ag gol agus ag lógóireacht agus a d'iarraidh sásaimh ar an bhfear a chuir a gclann chun báis gan dlighe gan triail. Fé dheire chuir Huircánus órdú ag triall ar Héród 'ghá rádh leis teacht agus freag- airt 'n-a ghníomh XXXIV. SAMÉAS. Fuair Héród an teachtaireacht a chuir Huircánus chuige 'ghá rádh leis teacht agus freagairt sa ghnoímh a bhí déanta aige, ag cur na bhfoghlaidhthe úd chun báis gan iad a thabhairt os cómhair an tSanhedrim. Tháinig sé. Ach conus a tháinig sé? Tháinig sé mar a thiocfadh rí, éadach corcra uime. Buidhean láidir d'á sheirbhíseachaibh le n-a chois agus iad armtha go maith. Agus bhí leitir aige ó Shegstus Caesar 'ghárádh leis an Sanhedrim dá ndaoraidís Héród gur dhóibh ba mheasa.
Chuaidh sé i láthair cúirte an tSanhedrim. Níor labhair aoinne 'n-a choinnibh. Tháinig sgannra ortha. Bhí aon duin'uasal amháin ortha nár bh'fhéidir aon sgannra chur air. Nuair a chonaic sé an sgannra ar an gcuid eile d'eirigh sé agus do labhair sé, do chuir sé i leith Héróid na gníomhartha aindleathacha a bhí déanta aige, ní h-amháin i dtaobh na bhfear úd a chuir sé chun báis gan dlighe gan triail, ach a lán eile gníomhartha de'n tsaghas chéadna a bhí déanta aige. Ansan do chuir sé 'n-a leith an easumhluidheacht a bhí tabhartha aige do'n tSanhedrim, agus do'n rí, agus do dhlighe an náisiúin, ag teacht os a gcómhair ansan agus buidhean armtha aige chun é chosaint ar an ndlighe, agus ar an rí, agus ar bhreith an tSan- hedrim. "Ach sa n-am gcéadna," ar seisean, "ní h-air is mó atá milleán agam. Ar an árdshagart agus ar na breitheamhain seo atá milleán agam. Tá úghdarás agus cómhacht agus freagarthacht na dlighe mar chúram ortha, agus siniad ansan iad 'n-a suidhe go ciúin agus gan aon iarracht acu 'á dhéanamh ar chómhacht na dlighe do chur i bhfeidhm ar an bhfear san! Ach cuimhnighdís ar mo chainnt. Breitheamh ceart cómhachtach iseadh Dia na Glóire. An fear san atá agaibh-se d'á leogaint saor anois, agus go bhfuil ceart Dé agaibh d'á bhrise ar a shon, déanfidh sé íde 'n-a dhiaidh so oraibh go léir, idir rí agus Sanhedrim daoibh." Saméas ab ainm do'n fhear san. Tháinig a chainnt fíor. Tháinig an Héród san i gcómhacht 'n-a dhiaidh san, agus chuir sé chun báis Huircánus agus an uile dhuine de sna breitheamhain sin a bhí os a chómhair an lá san. Níor fhág sé beó ach beirt acu, Saméas agus duin'- uasal eile dá'r bh'ainm Pollio. Do lean árd mheas aige ar Shaméas i gcaitheamh a shaoghail 'n-a dhiaidh san. Thug Huircánus fé ndeara, ámhthach, gur chuir cainnt Shaméais fonn ar na breitheamhnaibh go léir labhairt
i gcoinnibh Héróid, agus gur bhaoghal go mb'fhéidir go ndaorfidís é. Chuir sé an gnó ar athlá go dtí amáireach a bhí chughainn; ansan chuir sé teachtaireacht, a gan fhios, ag triall ar Héród 'ghá rádh leis teiche len' anam. Do theich sé. Chuaidh sé óthuaidh go Damascus. Ansan chuir sé é féin fé chomairce an ghobhernóra, agus chuir sé teachtaireacht ag triall ar an Sanhedrim 'ghá rádh leó dá nglaodhidís airís air go séanfadh sé a n-úghdarás. Bhíodar ar buile. Dheineadar a ndítheal chun a chur fhiachaint ar Huir- cánus a thuisgint gur bhaoghal dó féinig an fear san. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. XXXV. AR IOMPÁIL NA N-EACH TIG ATHARACH NA SGÉAL. Bhí an tSanhedrim i gcathair Ierúsalem agus iad ar buile chun Héróid mar gheall ar an easonóir a bhí tabhartha aige dhóibh. Bhí Héród fé chomairce Shegstuis Caesair agus é ar buile mar gheall ar an easonóir a bhí tabhartha dhó ag an Sanhedrim agus ag an árd- shagart Huircánus. Chuir Héród rainnt airgid le chéile agus cheannuigh sé gobhernóireacht na tíre sin Celesuíria, ó Shegstus Caesar. Ansan do chrom sé ar neart slógh do chur le chéile chun teacht go Ierúsalem agus díoltas a dhéanamh ar an Sanhedrim agus ar an árdshagart i n-aonfheacht. Do labhair a athair Antipater leis, agus do labhair a dhritháir Phasael leis. "Ní ceart duit, a mhic," arsa Antipater," aon nídh dhéanamh i gcoinnibh Huircánuis. Isé an duine muinnteartha is fearr a bhí riamh againn é. Mara
mbeadh é ní bheadh aon rud againn, cómhacht ná creideamhaint ná saidhbhreas. "Táim-se am' ghobhernóir ar chathair Ierúsalem, a dhritháir," arsa Phasael, "agus is orm-sa a bheidh an t-olc go léir agat 'á dhéanamh." Do ghéill Héród an uair sin do'n bheirt. Ach do bheartuigh sé i n'aigne féin go mbeadh lá eile aige. D'fhan sé socair 'n-a chúige féin an uair sin. Dhá bhliain 'n-a dhiaidh san, cheithre bliana agus dachad roim theacht an tSlánuightheóra, do chuir Huircánus teachtaireacht go dtí an Róimh, ag triall ar Iúlius Caesar, chun caradais d'athnuachaint. Bhí Caesar an uair sin 'n-a chonsul an cúigmhadh bliain. Thug sé reacht eile dho Huircánus an uair sin 'ghá cheadú dhó tuille dainginiúcháin a dhéanamh ar chathair Ierúsalem, agus ag tabhairt tuille príléidí do sna Iúdaígh, mar gheall ar an dtairbhthe a dheineadar dó in sna cogaíbh, i Suíria agus sa n-Éigipt. Thug sé cead do Huircánus a rogha gobhernóireacht a dhéanamh ar chathair Ierúsalem, agus do dheimhnigh sé airís chuige seilbh na mbailte agus na gcatharach a bhí agá shínsear. Thug sé a lán tabharthaistí agus príléidí eile dhóibh leis, i dtreó go raibh an sgéal go h-ana mhaith acu. Chómh luath agus tháinig an reacht do thosnuigh Antipater ar an ndainginiúchán, agus dhein sé an obair chómh maith san agus chómh bunúsach san go raibh an chathair, nuair a bhí an dainginiúchán críochnuighthe aige, chómh daingean, chómh láidir, chómh maiseamhail, agus a bhí sí an uair ba mhó a cómhacht sa n-aimsir a bhí imthighthe. Ach an bhliain 'n-a dhiaidh san, sa bhlian cheithre dheich a trí roim theacht an tSlánuightheóra, do thuit rud amach a chuir iompáil taobh síos suas ar an saoghal. Do marbhuigheadh Iúlius Caesar sa Róimh. An tráth céadna díreach, do marbhuigheadh Segstus Caesar
lastoir i Suíria. Bassus ab ainm do'n fhear a mhairbh Segstus Caesar, agus Brútus agus Cassius, agus an bhuidhean a bhí ag gabháil leó, isiad a chuir chun báis Iúlius Caesar. Ba mhór agus ba thiobaisteach an iompáil í. Na reachtana agus na príléidí agus na tabharthaistí go léir imthighthe! Thug Iúlius Caesar na tabharthaistí go léir agus na príléidí go léir do Huircánus agus do sna Iúdaígh, "go deó." Nár ghairid an "go deó" é! Nách suarach an rud "go deó" i mbéal an duine! Mheas Huircánus agus na Iúdaígh go mbeadh síothcháin agus suaineas agus suairceas "go deó" acu nuair a bhí na tabharthaistí agus na príléidí sin fághalta acu ó Chaesar, ach "ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal." XXXVI. CASSIUS FÉ CHOMAOINE. "Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal." Bhí Caesar marbh. Bhí Segstus Caesar marbh. Bhí Bassus, an fear a dh'imir bás ar Shegstus Caesar, bhí sé 'n-a ghobhernóir ar Shuíria. Bhí Antonius agus Dolabella 'n-a gconsulaibh sa Róimh. Bhí na teacht- airí úd Huircánuis sa Róimh fós. Do chruinnigh na consuil an tseanaid. Do tugadh teachtairí Huir- cánuis isteach i láthair na seanaide chun an charadais a dh'athnuachaint. Chómh luath agus bhí Iúlius Caesar marbh do rith Cassius soir go Palestín agus chuir sé Bassus a' gobhernóireacht Shuíria go tapaidh. Do ghlac sé féin forlámhas ar a raibh de shaighdiúiríbh Rómhánacha sa n-áit. Ansan dhein sé síothcháin le Bassus agus ghlac sé isteach fé féin é agus pé neart slógh a bhí ag gabháil leis. Bhí Suíria go léir fé n-a láimh aige ansan.
Ní foláir dúinn a chimeád os cómhair ár n-aigne conus mar a bhí na Rómhánaigh go léir 'n-a dhá mbuidh- in sar ar marbhuigheadh Iúlius Caesar, buidhean acu ag gabháil le Iúlius Caesar agus an bhuidhean eile ag gabháil le Pompéius. Namhaid do Chaesar ab eadh an bhuidhean a bhí ag gabháil le Pompéius. Cáirde do Chaesar ab eadh Marcus Antónius agus Dolabella, an bheirt chonsul a bhí sa chathair nuair a bhí teachtairí Huircánuis ann agus iad gan dul soir abhaile fós. Namhaid do Chaesar ab eadh Brútus agus Cassius. Bhíodar sa bhuidhin a mhairbh é, agus do chuir Brútus féin sgian ann. Do lean an dá bhuidhin a d'iarraidh caradais a dhéanamh leis na Iúdaígh tar éis bháis Chaesair, díreach mar a bhíodar roime n-a bhás. Chun greama dh'fhághail i n-am ar Phalestín iseadh do rith Cassius soir chómh tapaidh. Bhí Bassus tar éis Segstuis Caesair do mharbhú. D'á bhrígh sin namhaid do mhuinn- tir Chaesair ab eadh Bassus. Bhí a rian air, do thuig sé féin agus Cassius a chéile go tapaidh. Ghabhadar páirt le n-a chéile do luigh bassus isteach fé Chassiu agus bhí Suíria go léir ag namhdaibh Chaesair. Ní raibh an taobh eile díomhaoin. Chuir Dolabella uaidh taoiseach d'ár bh'ainm Aliénus soir go Iúdéa chun na tíre sin a chimeád do cháirdibh Chaesair. Bhí Cleopátra sa n-Éigipt. Chuir sí cheithre légióin de shaighdiúríbh Rómhánacha ag triall ar Aliénus. D'airigh Cassius go raibh Aliénus ag teacht 'n-a choinnibh tré thír Iúdéa agus na cheithre légióin sin aige. Bhí ocht légióin ag Cassius. Do ghleus sé na h-ocht légióin sin, i n-ineadaibh áirithe, chómh maith san agus chómh tuisgeanach san, gur ghlacadar cheithre légióin Aliénuis mar a glacfí i líon iad. Bhí dhá légión déag ag Cassius ansan, agus bhí sé 'n-a mháighistir ar an dtír go léir. Ach rud costasamhail iseadh mór- shluagh. B'éigean dó airgead mór a dh'éileamh ar thír Iúdéa, ba mhaith an mhaise ag Antipater é, thug
sé féin agus a mhac, Phasael, ana chongnamh dó chun an airgid a dh'fhághail. Thug Héród, leis, congnamh mór dó, agus thug sé céad talant airgid uaidh féinig dó. Ar an gcuma san bhí Cassius fé chomaoine mhór ag Antipater agus agá bheirt mhac, Héród agus Phasael. Thug Huircánus, leis, céad talant airgid dó, thar cheann fir d'ár bh'ainm Malichus, chun é shaoradh ó bhás. XXXVII. MALICHUS. Bhí Cassius lastoir i Suíria agus an dhá légión déag de shaighdiúiríbh Rómhánacha aige. Níor bh'fhada gur airigh na consuil sa Róimh cad a bhí imthighthe ar na cheithre légióin úd a thug Cleopátra d'Aliénus. Do ghluais Dolabella agus neart slógh aige chun dul i gcoinnibh Chassiuis. D'airigh Cassius an sgéal san. Dhein sé gobhernóir ar Chelesuíria de Héród agus d'imthigh sé féin as an áit sin thoir, agus thug sé aghaidh i dtreó éigin i n-a bhféadfadh sé oibiriú i gcoinnibh Dholabella. An fear úd, Malichus, gur thug Huircánus an céad talant do Chassius thar a cheann chun é shaoradh ó'n mbás, fear ab eadh é a bhíodh i gcómhnuidhe ag cabhrú le h-Antipater in sna gnóthaíbh stáit a bhíodh aige 'á dhéanamh i n-ainm Huircánuis. Nuair a chonaic an Malichus san Antipater agus a bheirt mhac chómh cómhachtach sa stát, mac acu 'n-a ghobhernóir ar Chelesuíria, agus an mac eile 'n-a ghobhernóir ar chathair Ierúsalem, agus a n-athair, Antipater, níba chómhachtaighe go mór 'ná Huircánus féinig, tháinig fuath nímhneach aige do'n triúr, d'Antipater agus d'á bheirt mhac. Bhí sé ar buile chuige féinig mar gheall ar an gcongnamh a bhí tabhartha aige d'Antipater,
i gcaitheamh na h-aimsire roimis sin, chun é féin d'árdú agus do chur sa chruith i n-a raibh sé an uair sin; é 'n-a rí ar an dtír, chómh fada le cómhacht rí dáiríribh a bheith aige, agus gan ann le fírinne ach Iduméach, fear nár bhain i n-aon chor le clainn Israéil. Bhí Malichus ar buile mar gheall air sin agus do shocaruigh sé i n-aigne ar Antipater a mharbhú. Bhí an tslighe socair aige ar conus a dhéanfadh sé an bheart. D'innis duine éigin d'Antipater cad a bhí chuige. D'imthigh sé soir treasna abhan Iórdain agus chruinnigh sé oiread nirt slógh agus chosanóchadh é ar Mhalichus. Nuair a fuair Malichus go raibh sgéidhte air, d'imthigh sé láithreach soir ag triall ar Antipater agus chrom sé ar dhearbhú go dian gur bh'éitheach an uile fhocal d'ár innseadh d'Antipater 'n-a thaobh. "Tá fhios agam-sa," ar seisean, "cé h-iad a chuir an t-éitheach san orm," agus d'innis sé d'Antipater cé 'r bh'iad. Fé dheire do chreid Antipater é, agus bhí síothcháin eatartha. Bhí Marcus 'n-a ghobhernóir ar Chelesuíria an uair chéadna. Bhí aithne mhaith ag Marcus ar Mhalichus. Bhí sé ceapaithe ar Mhalichus do chur chun báis mar gheall ar a bheartaibh fill. Do labhair Antipater go cruaidh le Marcus agus thug sé Malichus saor ó'n mbás an uair sin; b'olc an gnó a bhí aige 'á dhéanamh. Ach do thaithn an gnó san go mór le Cassius agus le Marcus. Bhíodar tar éis gobhernóireachta Chelesuíria thabhairt do Héród, agus dubhradar le h-Antipater go ndéanfidís rí dhe ar Iúdéa chómh luath agus bheadh deire leis an gcogadh a bhí an uair sin ar siubhal i gcoinnibh Mharcuis Antónius agus Octábhiuis Óig. Bhí Brútus agus Cassius arthaobh de'n chogadh san, agus bhí Marcus Antónius agus Octábhius Óg 'n-a gcoinnibh sin ar an dtaobh eile. Nuair airigh Malichus go rabhthas chun rí dáiríribh a dhéanamh d'Antipater thug sé breab do dhuine éigin
agus do tugadh nimh d'Antipater agus é ar dínnéar i dtigh Huircánuis. Sin mar a chúitigh Malichus le h-Antipater an chosaint a dhein Antipater air nuair a bhí Marcus chun é chur chun báis. XXXVIII. MALICHUS MARBH. Bhí, mar adubhradh, Malichus ar buile nuair a bhí fhios aige go raibh an Rómhánach cómhachtach úd, Cassius, ceapaithe ar rí dhéanamh de Antipater ar Iúdéa. Iduméach iasachta le bheith 'n-a rí ar Iúdéa! Níor bh'fhéidir cur suas le n-a leithéid. Bhí Antipater le bheith ar dínnéar ag an Árdshagart, ag Huircánus. Thug Malichus breab do dhuine de sheirbhíseachaibh an Árdshagairt agus thug an seirbhíseach san nimh d'Antipater ag an ndínnéar. Do thuig an bheirt mhac, Héród agus Phasael, gur bh'é Malichus a dhein an gníomh san. Ní raibh aon phioc d'á mhearathal ortha. Bhí Malichus 'ghá dhearbhú go dian ná raibh aon bhaint aige leis an ngníomh, ach bhí an aithne ró mhaith acu air, agus bhí fhios ag gach aoinne gur bh'é chuir an gníomh 'á dhéanamh. Bhí an aigne theasaidhe ag Héród agus dubhairt sé go gcuirfadh sé féin neart slógh le chéile gan a thuille righnis agus go dtiocfadh sé agus go ndéanfadh sé díoltas ar Mhalichus. Bhí Phasael fadaraidhneach agus dubhairt sé gur bh'fhearr cuid d'á chleasaidheacht féin a dh'imirt ar Mhalichus 'ná an tír go léir do shuathadh le cogadh mar gheall air; go bhféadfí an t-uisge-fé-thalamh a dhéanamh air fé mar a dheineadh seisean ar dhaoinibh eile. Do leog an bheirt ortha le Malichus gur chreid- eadar é nuair adubhairt sé ná raibh aon bhaint aige le bás a n-athar. Do chrom Phasael ar leacht a chur
suas i n-onóir d'Antipater. D'imthigh Héród óthuaidh go Samaría ar ghnó éigin. Tháinig sé thar n-ais go Ierúsalem tamal beag 'n-a dhiaidh san agus buidhean láidir d'á lucht airm le n-a chois. Bhí Malichus istigh sa chathair i dteannta Huircánuis. Bhí féile na cásga ann. Nuair a fuair Malichus go raibh Héród ag teacht agus an bhuidhean armtha aige dubhairt sé le Huircánus; "Ní ceart leogaint do Héród teacht isteach sa chathair agus a bhuidhean lucht airm aige. Is truailliú ar an bhféile é." Níor thug Héród uain dóibh ar an sgéal do shocarú eatartha. Bhí sé istigh sa chathair sar a raibh fhios acu cad a bhí ar siubhal aige. Bhí cead aige ó Chassius díoltas a dhéanamh ar Mhalichus. Bíodh go raibh, níor dhein sé aon nídh 'n-a choinnibh an uair sin. Tháinig caoi ab fhearr chuige. Bhí Cassius tar éis Laodicéa do thógaint. Bhí uaisle na tíre ag teacht ag umhlú dhó. Bhí mac do Mhalichus 'n-a gheall ag Cassius. Cheap Malichus go raghadh sé agus go n-umhlóchadh, mar chách, do Chassius, agus go mb'fhéidir go bhféadfadh sé a mhac a thabhairt saor leis. Bhí tuairim ag Héród go dtiocfadh Malichus chun san do dhéanamh. Bhí Malichus agus Huircánus ag teacht. Bhuail Héród úmpa ar an slighe. D'ullmhuigh sé dínnéar do Huircánus agus do Mhalichus, i n-aice le cathair Tuíre. Chuir sé teachtairí isteach i gcathair Tuíre chun an dínnéir a dh'ullmhú mar dh'eadh. D'innis na teacht- arirí do mhuinntir na catharach gur bh'é órdú Chassiuis dóibh Malichus do mharbhú. Tháinig muinntir na catharach amach. Bhuaileadar uime Mhalichus agus mharbhuighdar é. Bhí iongna ar Huircánus nuair a fuair sé an gníomh déanta. "Cé dh'órduigh an gníomh san?" ar seisean. "D'órduigh Cassius an gníomh," arsa Héród. "Is maith an gníomh é," arsa Huircánus. "Do sgar an gníomh san mise le droch dhuine."
XXXIX. DROCH SHLIOCHT AR SHÍNSEAR UASAL Do marbhuigheadh Malichus, ach d'fhag sé 'n-a dhiaidh dritháir a bhí chómh h-olc leis féinig. B'éigean do Chassius imtheacht ag triall ar Bhrútus. Bhí cúram a ndóithin ar an mbeirt sin an uair sin. Bhíodar ag cruinniú a slóighte i gcoinnibh Mharcuis Antónius agus Octábhiuis óig. Bhí Héród thuaidh i nDamascus agus é breóite. Do chrom dritháir Mhalichuis ar shlóighte do chur le chéile i Iúdéa chun díoltais a dhéanamh ar an mbeirt a chuir a dhritháir chun báis. Bhí fear gur bh'ainim do Féligs i gcathair Ierúsalem an uair chéadna agus é 'n-a cheann ar pé saighdiúirí Rómhánacha a bhí sa chathair. Measaid lucht eóluis gur ghaibh sé sin páirt le dritháir Mhalichuis, i gcoinnibh Phasael. Níor chuir Huircánus aon chosg leó. Ní raibh aon mhaith ann chuige. D'aontuigh sé leó ins gach nídh d'á raibh ar siubhal acu. Bhí Féligs ag cur ar Phasael. D'imthigh dritháir Mhalichuis agus thóg sé an dún ar a dtugtí Massada agus rainnt eile de dhúnaibh láidire a bhí sa tír. Bhí Héród breóite. D'fhág san an brúth go léir ar Phasael. Ach bhí rainnt mhaith slóighte aige. Chuir sé le chéile iad agus chomáin sé Féligs agus a shlóighte amach a' cathair Ierúsalem. Chuadar isteach i ndún éigin. Do dhún Phasael isteach sa dún san iad agus níor leog sé amach as iad ach ar choinghiolachaibh. Le n-a linn sin bhí a thaom breóiteachta curtha dhe ag Héród. Tháinig sé adtuaidh agus chabhruigh sé le n-a dhritháir. Níor bh'fhada go bhfuair an bheirt an lámh uachtair ar dhritháir Mhalichuis agus ar a raibh ag gabháil leis. B'éigean dó dún Mhassada a thabhairt suas do Héród ar choinghill go leogfí a anam saor leis.
Ansan tháinig an bheirt abhaile go dtí Ierúsalem. Thugadar aghaidh bhéil ar Huircánus mar gheall ar leogaint do dhritháir Mhalichuis a leithéid de thoir- measg a dhéanamh. Ach tar éis an aghaidh bhéil sin a thabhairt air do mhaitheadar dó. Agus do phós Héród an ríogan Mariamne, inghean mic do Huircánus, an bhean ba bhreághtha d'á raibh sa dúthaigh an uair sin. Aristóbulus ab ainm d'á h-athair. Mac do Huir- cánus ab eadh é. 'Sé sin le rádh, de shliocht na Macabéach ab eadh é. Agus ó'n Mariamne sin iseadh do shíolruigh an bhean úd gur bh'ainm di Heródias, an bhean a dh'órduigh d'á n-inghin, do Shalóme, a dh'iarraidh ar an rí ceann Eóin Baiste do thabhairt ar mhéis di. Droch shliocht ar shínsear uasal ab eadh Heródias agus Salóme. Do rug droch chrích an bheirt. Bhí Heródias pósta ag Héród Philib. B'é sin athair Shalóme. D'imthigh sí ó'n bhfear san agus bhí sí ag fear eile, ag Héród Antipas. Chuir sí suas Antipas chun dul go dtí an Róimh ag lorg teidil rí. Nuair a shroiseadar an Róimh do cuireadh coir i leith Antipais agus do díbireadh é siar go Gaillia. Chuaidh Heródias siar i n-aonfheacht leis. Ní'l a thuille trácht orna. Tráth éigin 'n-a dhiaidh san bhí Salóme ag dul thar abhainn. Bhí leac-oidhir ar an abhainn. Cheap sí dul treasna ar an leac-oidhir. Nuair a bhí sí i lár na h-abhan do bhris an leac-oidhir fé n-a cosaibh. Chuaidh sí síos go guailnibh. Ansan tháinig bró leac-oidhrach chúichi, anáirde ar an leac-oidhir a bhris. Tháinig an bhró leac-oidhrach chúichi go breágh réidh. Níor bh'fhéidir di corruighe ná dridim i leathtaoibh. B'éigin di fan- mhaint mar a raibh aici, agus do bhain an bhró leac- oidhrach an ceann di ansúd istigh i lár na h-abhan!
XL. MAR MHAITHE LEIS FÉIN. Bhí Malichus marbh. Bhí dritháir Mhalichuis curtha fé smacht. Bhí gach nídh ar a dtoil ag an mbeirt drithár, ag Phasael agus ag Héród. Ní fada a bhí ámhthach. D'eirigh 'n-a gcoinnibh fear gur bh'ainm dó Antigonus, mac drithár do Huircánus, mac do'n Aristóbulus úd a dhein an coímhsgar go léir, ó thosach, i gcoinnibh Huircánuis. Bhí an t-Antigonus san ceapaithe ar Huircánus do chur as an rígheacht, óir, dar leis, b'é féin an rí ceart ó b'é mac Aris- tóbuluis é. Do ghaibh Ptolemé Mennacus, rí Chailcis, a pháirt, mar bhí gaol aige leis agus uchtmhac dó ab eadh é. Do mheall sé chuige, leis, Marion, priúnsa Tuíre. Agus do ghaibh gobhernóir Dhamas- cuis a pháirt ar bhreib mhaith. Fábius ab ainm do'n ghobhernóir sin. Nuair a bhí an congnamh san go léir aige chuir sé neart slógh le chéile agus siúd fé dhéin catharach Ierúsalem é féin agus a shluagh chun a chirt a bhaint amach. Níor tháinig sé abhfad ar an slighe nuair a bhuail Héród uime agus sluagh láidir aige. Do throideadar. Do briseadh an cath ar Antigonus chómh tiubaisteach san gur cuireadh deire le n-a ghnó an iarracht san. Bhí Héród ró oilte dhó ar ghnóthaíbh cogaidh. Ach i dteannta bheith oilte ar ghnóthaíbh cogaidh, bhí Héród gasta. Bhí muinntir catharach Tuíre tar éis teacht agus páirt a ghabháil le n-a namhaid, agus troid 'n-a choinnibh sa chath san. Do theastuigh uaidh, ámhthach, muinntir na catharach san a bheith 'n-a gcáirdibh aige i n-inead iad a bheith 'n-a namhdaibh aige. Mheas- adar, nuair a bhí buaidhte aige ortha sa chath nár
bh'fhios cad é an díoltas a dhéanfadh sé ortha. Bhíodar deimhnightheach ná raighdís as níba shaoire 'ná a raibh d'uaislibh ortha do chur chun báis agus an chuid eile acu do dhíol 'n-a ndaoraibh. Ní raibh aon choinne acu leis an rud adhein Héród. Chuir sé fios ar na h-uais- libh a bhí ortha. Do labhair sé leó go cneasta. Thug sé le tuisgint dóibh go raibh fhios aige ná beidís ar thaobh a namhad mara mbeadh gur deineadh feall ortha d'á bhrígh sin ná raibh aon mhilleán aige ortha. Ansan do bhronn sé tabharthaistí móra ortha. Do thug sé dhóibh le breith abhaile leó an chuid acu a bhí créacht nuighthe tar éis an chatha. Thug sé cóir iompair dóibh i dtreó go bhféadfidís a ndaoine créachtnuighthe, agus b'fhéidir cuid de chorpaibh a n-uasal, do bhreith leó abhaile, agus thug sé lón bóthair dóibh go fial. Agus chuir sé cuid d'á shluagh féin leó chun iad a thionnlacan agus do chosaint ar na buidhnibh lucht foghla go raibh an dúthaigh lán díobh. Bhí, nídh nár bh'iongna, uathbhás agus iongna agus alltacht ortha-san. Chuadar abhaile go dtí cathair Tuíre, agus bheadh an tseamróg ag an té fhéadfadh iad a mhealladh, as san amach, chun páirt a ghabháil le h-aon treabhchas daoine, i gcoinnibh Héróid. Ach, "mar mhaithe leis féin a dheinean an cat crónán." Is ar mhaithe leis féin a dhein Héród an deagh-chómharsanacht san. Dhein sé an deagh-chómhar- sanacht ar mhaithe leis féin, agus fuair sé toradh na deagh-chomharsanachta. Is ar mhaithe leis féin a dhein sé an deagh-chómharsanacht, agus is mar mhaithe leis a dh'iompuigh an deagh-chómharsanacht amach 'n-a dhiaidh san. Ní h-ar mhaithe le muinntir catharach Tuíre a dhein sé an gníomh, ach is mar mhaithe leó a deineadh an gníomh.
XLI. CATH PHILIPPÍ. Do chuir buadh an chatha san i gcoinnibh Antigonuis oirdhearcas ar ainm Héróid ar fuaid Iúdéa go léir, agus ar fuaid na dtíortha mórthímpal. Bhí fhios ag an uile dhuine an uair sin go raibh sé cródha i gcath, tapaidh i ngníomh, dochlaoidhte i gcómhrac, ach, ní raibh súil ag aoinne go bhféadfadh sé a leithéid de bhuille thiubaisteach a bhualadh ar an neart slógh láidir, líonmhar san d'fhearaibh cruadha go raibh seana thaithighe acu ar chogadh. Do bhuail sé an buille tiubaisteach ortha. Do sgaip sé iad díreach niar a sgaipfí pobul nár sheasaimh riamh i gcath. Bhí iongna ar gach aoinne, agus bhí ainm Héróid i mbéal an uile dhuine. Ach níor bh'fhiú trácht ar an oirdhearcas a chuir an cath ar ainm Héróid, ná ar an iongna do chuir an cath ar gach aoinne, seachas an iongna a tháinig ar an uile dhuine, idir charaid agus namhaid, nuair a h-airigheadh agus a h-innseadh, ó bhéal go béal, an rud a dhein sé le muinntir catharach Tuíre nuair a bhí buaidhte aige ortha agus greim aige ortha agus díoltas cruaidh tuillte go maith acu. Do chuir an cath oirdhearcas ar ainm Héróid, ach iongna agus alltacht iseadh do chuir an gníomh eile sin ar gach aoinne. Ó'n aithne a bhí ag daoine ar an bhfear ní raibh aon choinne ag aoinne leis an ngníomh eile sin. Ach do dhein sé an dá ghníomh. Chuaidh muinntir catharach Tuíre abhaile agus áthas ortha agus tháinig Huircánus agus muinntir catharach Ierúsalem amach i gcoinnibh Héróid ag fáiltiú roimis agus ag bronnadh onóra air nuair a bhí sé ag dul abhaile go Ierúsalem agus an dá ghníomh san déanta aige. Mac do'n Iduméach ab eadh é, ach, mar sin féin, bhí
an cleamhnas socair an uair sin idir é agus Mari- amne agus d'á bhrígh sin ba dhuine de mhuinntir Huircánuis é. D'á éaghmais sin bhí sé tar éis buach- taint ar namhaid Huircánuis, agus níor thuig aoinne go raibh aoinne eile beó an uair sin a dh'fhéadfadh buachtaint ar an namhaid sin. Ní baoghal go bhféad- fadh Huircánus féin buachtaint air. D'á bhrígh sin, má bhí Huircánus beó 'n-a rígheacht an uair sin b'ar Héród a bhuidheachas. Ach bhí gnóthaí eile ar siubhal ar fuaid an domhain an uair sin i n-éaghmais gnóthaí Huircánuis agus Héróid agus Antigonuis. Bhí leath an domhain Rómhánaigh ag Brútus agus ag Cassius 'á chruinniú chun cogaidh, agus bhí an leath eile de'n domhan Rómhánach ag Antonius agus ag Octábhius Óg 'á chruinniú i gcoinnibh Bhrútuis agus Chassiuis. Do cruinnigheadh cómhachta armtha an domhain go léir, a leath, ar gach taobh, thoir i Macedónia, mar a raibh an chathair ar a dtugtí Philippí. Do troideadh dhá chath fhuilteacha idir an dá mhórshluagh. Do buadhadh ar Bhrútus agus ar Chassius sa troid sin agus dein- eadh ímpire d'Octábhius Óg. Ansan chuaidh Octábhius siar tré thíorthaibh Ghaillia agus chuaidh Marcus Antónius soir go tíorthaibh Shuíria agus Phalestín agus chífar cad iad na gnóthaí a dhein Marcus Antónius in sna tíorthaibh sin lastoir. Sa bhliain cheithre dheich a dó roim Chríost a troideadh an cath san Philippí (42 B.C.). XLII. TEACHT ABHAILE FÉ ÁTHAS. Tar éis catha Philippí do chuaidh, mar a h-innseadh, Octábhius siar i dtíorthaibh Ghaillia, agus chuaidh Marcus Antónius soir isteach i dtíorthaibh Shuíria.
Bhí fhios aige go raibh obair le déanamh aige sa n-áit sin thoir. Bhí Héród tar éis buachtaint ar Antigonus sa chath úd. Ach bhí a lán de sna Iúdaígh gan aon ghrádh acu do Héród ná d'Antipater ná do Huircánus. Bhí fuath acu do'n Iduméach Antipater, agus bhí fuath nímhneach ag cuid acu do Huircánus féin. Tháinig Marcus Antónius go Bitúinia. Chómh luath agus a h-airigheadh é bheith sa n-áit sin siúd chuige teachtairí as na tíorthaibh go léir mórthímpal, ag umhlú dhó, ag umhlú do chómhacht na Rómha, ag umhlú do'n té go raibh cómhacht na Róma i n-a láimh an uair sin aige tar éis catha Philippí. Tháinig chuige, leis, buidhean de sna Iúdaígh agus gearán cruaidh acu 'á chur isteach i gcoinnibh Héróid agus i gcoinnibh Phasael agus i gcoinnibh Huircánuis. Dubhradar go raibh Héród agus Phasael, clann Antipater, tar éis cómhachta na rígheachta go léir do bhailiú chucha isteach 'n-a lámhaibh féinig agus ná raibh fágtha acu ag Huircánus ach amháin samhaltas cómhachta, agus, toisg gan aon nídh i bhfuirm nirt aigne a bheith i Huircánus go raibh sé tar éis sgaoile leó agus a leogaint dóibh a rogha rud a dhéanamh leis an dtír. Bhí Héród sa n-áit rómpa. Ní baoghal gur fhág sé tosach sgéil acu. Bhí aithne aige féin ar Mharcus Antónius abhfad roimis sin. Bhí Marcus Antónius i Iúdéa abhfad roimis sin. Bhí sé 'n-a thaoiseach airm fé Ghabínius ann nuair a bhí Gabínius 'n-a ghobhernóir ann, an uair úd a dhein sé an t-atharú go léir i dtaobh an tSanhedrim agus na gcúirteana dlighe. Bhí Héród, agus Antipater, tar éis Antóniuis do chur fé chomaoine mhór an uair sin, agus ní baoghal gur dhein Antónius aon dearmhad de'n chomaoine sin. Níor fhan Héród i dtaobh leis an seana chomaoine sin. Bhí fhios aige go maith ná
féadfadh Antónius gan easnamh airgid a bheith air tar éis an chatha san Philippí. Bhí an t-airgead ag Héród. Thug sé síntiús maith de'n airgead d'Antónius. Tháinig na Iúdaígh ag cur an ghearáin isteach i gcoinnibh Héróid agus i gcoinnibh Phasael. Chuireadar a ngearán isteach. Níor éist Antónius leó. Ní fhéadfadh sé an gearán a bhí acu 'á dhéanamh do thuisgint i n-aon chor! Bhí iongna ortha. Ní raibh aon iongna ar Héród ná ar Phasael. Tháinig Marcus Antónius go h-Ephesus. Tháinig teachtaireacht chuige sa n-áit sin ó Huircánus 'ghá innsint dó gur dhíol Cassius 'n-a ndaoraibh a lán Iúdach agus 'ghá iarraidh air na Iúdaígh sin d'fhuas- gailt agus iad a chur saor abhaile, mar gur cháirde iad do phobul na Rómhánach. Do dhein Antónius an gnó san láithreach. Chuir sé teachtaireacht mórthímpal chun na ndaoine go raibh na Iúdaígh sin 'n-a ndaoraibh acu 'ghá órdú dhóibh na daoine sin do chur thar n-ais abhaile chun a dtíre féinig. Agus chuir sé reacht i bhfeidhm i dtreó go ndéanfí an nídh sin, agus, d'á éaghmais sin, go dtabharfí a maoin agus a gcuid tailimh thar n-ais do sna Iúdaígh sin. Bhí an sgannra roim chómhacht na Rómhánach ar na daoine go raibh na daoir acu. Chuireadar abhaile iad gan a thuille righnis agus thugadar gach aon chongnamh dóibh chun teacht abhaile fé áthas. XLIII. MARCUS ANTÓNIUS. Sidí an reacht a chuir Marcus Antónius ag triall ar mhuinntir Tuíre i dtaobh na nIúdach úd a bhí d'á gcimeád 'n-a ndaoraibh acu:- "Marcus Antónius, ímpire agus tríumVir, chun
giúistísí, agus chun seanaide, agus chun daoine catharach Tuíre, le deagh mhéinn:- "Ó's rud é go bhfuilid na déithe tar éis iad féin a thaisbeáint ag imirt díoltais go cruaidh ar an muinntir a dh'imir bás ar Chaesar, agus ó's rud é gur dhein Cassius eugcóir throm ar náisiún na nIúdach, náisiún atá i ndlúth-charadas leis na Rómhánaigh, agus gur dhíol sé mórán de sna Iúdaígh 'n-a ndaoraibh, órduighmíd anois na Iúdaígh sin do leogaint chun siubhail, agus go dtabharfar dóibh na príléidí go léir a thug Dolabella do'n náisiún san. Agus tá órdú againn 'á thabhairt do gach cathair, i n-a bhfuil aon chuid de sna Iúdaígh sin d'á gcimeád i mbraighdineas, iad do leogaint chun siubhail i saoirse láithreach, de bhrígh na reachta so, agus d'á réir." Chuir sé reacht eile de'n tsaghas chéadna go cathair Sídon, agus ceann go h-Antioch, agus ceann do dtí cathair Arad. Agus d'órduigh sé na reachtana san d'aistriú i nGréigis, agus ins gach teangain a bhain le pé tír i n-ar ghádh iad do léighe, agus ansan iad a chur suas i n-áit éigin phoibilidhe i n-a bhféadfadh na daoine iad do léighe. Agus d'á éaghmais sin, maca- samhail do gach reacht acu do chur i gcimeád ameasg cúntaisí gach catharach nú gach tíre. Ar an gcuma san níor fhág Marcus Antónius aon chaoi ag aoinne ar aon bhúntáiste bhreith ar aon reacht acu. Do bhuaidh Héród, sa chath úd, ar Antigonus agus chuir sé deire le n-a ghnóthaíbh an uair sin. Ach níor marbhuigheadh Antigonus sa chath. D'á éaghmais sin bhí mórán de sna Iúdaígh agus pé maitheasaí a déanfí dhóibh ná pé tabharthaistí a bronnfí ortha, ní curfí fhiachaint ortha aon ghrádh bheith acu do mhacaibh an Iduméigh úd, Antipater. Tháinig Marcus Antónius go dtí an chathair ar a dtugtí Daphne, cathair ná raibh abhfad ó Antioch. Chómh
luath agus do shrois sé an chathair sin tháinig chuige ó Ierúsalem buidhean teachtairí ó chuid de mhuinntir na catharach, agus an seana ghearán acu 'á chur isteach i gcoinnibh Héróid agus i gcoinnibh Phasael. Dhein fear d'ár bh'ainm Messala an bheirt do chosaint. Do thaobhuigh Huircánus le Messala sa chosaint. D'éist Marcus Antónius go breágh réidh leis an ngearán agus leis an gcosaint. Nuair a bhí gach a raibh le rádh ar gach taobh ráidhte do labhair Marcus Antónius le Huircánus:- "Cad é do bhreitheamhantas féin, a uasail," ar seisean, "cia 'cu an bheirt drithár so nú an mhuinntir seo atá 'n-a gcoinnibh a dhéanfidh gnó riaghaltais na tíre ar an gcuma is fearr?" "Deirim, a uasail," arsa Huircánus, "agus táim deimhnightheach de gur b'iad an bheirt drithár, Héród agus Phasael, a dhéanfidh gnó an riaghaltais ar an gcuma is fearr." Ansan do thug Marcus Antónius a bhreith i bhfabhar do'n bheirt drithár. Dhein sé dhá thetrarc díobh agus do sgríbh sé leitir 'n-a bhfabhar ag triall ar an Sanhedrim. Bhí an mhuinntir eile ar buile. Bhíodar chómh h-ann- rianta san go mb'éigean chúig dhuine dhéag acu do chur i bpríosún. Do curfí chun báis iad mara mbeadh gur iarr Héród ná curfí. XLIV. RAINNT NA CAILLIGHE. Do cuiread an chúig dhuine dhéag úd sa phríosún. Do curfí chun báis iad mara mbeadh gur iarr Héród ná curfí. Nuair a tugadh an bhreith i bhfabhar do
Héród agus do Phasael bhí na Iúdaígh ar buile. Nuair a leogadh a n-anam leó tré ímpidhe Héróid bhíodar ar dearg bhuile. Agus bhí na daoine a bhí 'n-a ndiaidh sa bhaile, i gcathair Ierúsalem níba mhó ar dearg bhuile 'ná mar a bhíodar-san. Tháinig Marcus Antónius go Tuíre. Tháinig chuige buidhean eile lucht gearáin ó chathair Ierúsalem. Bhí míle duine sa bhuidhin sin. Ach bhí mórán tabhar- thaistí tagaithe, a gan fhios dóibh, ag triall ar Mharcus Antónius. Chuaidh Héród amach a' cathair Tuíre chucha. Chómhairligh sé dhóibh ciall a bheith acu agus gan fearg a chur ar an Rómhánach. D'iarr Huircánus ortha, leis, ciall a bheith acu. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Do rith muinntir na catharach chucha amach agus do mharbhuigh- dar a lán acu agus thógadar a lán acu 'n-a bpríos- únachaibh agus do sgaipeadh an chuid eile acu. Do chuir san deire leis an aighneas an lá san, ach níor chuir sé deire leis an mbruighin. Do lean lucht na bruighne ag spídiúchán chómh dian san agus chómh seas- amach san i gcoinnibh Héróid go dtáinig buile feirge ar Mharcus Antónius. Do buaileadh isteach i n' aigne nár dhein cneastacht leó ach iad a chur i n-olcas, agus d'órduigh sé na príosúnaigh go léir a chur chun báis. Níor ghníomh Rómhánach é. Ach cad fhéad- fadh an duine a dhéanamh? Chuir sé an gnó go léir i gcómhairle an árdshagairt a bhí os a gcionn féinig. Dhein sé an socarú do réir chómhairle an árdshagairt sin. Má bhíodar ceapaithe ar gan bheith sásta le h-aon rud ach leis an rud a bhí socair acu roim ré 'n-a n-aigne féin cad é an gnó a bhí acu ag teacht i láthair an Rómhánaigh sin agus ag pléidhe an cháis 'n-a láthair? Má bhíodar ceapaithe ar gan bheith sásta leis an socarú a dhéanfadh sé cad é mar obair dóibh a dh'iarraidh ar an nduine aon tsocarú dhéanamh? Nú má shocaruighdar a n-aigne chun a dh'iarraidh air an socarú dhéanamh cad 'n-a thaobh nár shocaruighdar a
n-aigne ar bheith sásta leis an socarú a dhéanfadh sé pé 'cu bheadh sé do réir a dtoile féinig nú ná beadh? Ní h-eadh. Ní socarú a bhí uatha. A dtoil féinig do chur i bhfeidhm iseadh bhí uatha. Dá gcuireadh Marcus Antónius a dtoil féinig i bhfeidhm dóibh bheidís ana gheal dó. Mheasadar nuair a 'neósfidís a dtaobh féinig de'n sgéal dó ná féadfadh sé gan a thuisgint go raibh corp lár an chirt acu. Nár chóir go mbeadh fhios acu gur thuig an Rómhánach úd "go mbíon dhá innsint ar sgéal?" Do thuig sé ná raibh aon chiall i n-aon chor acu; gur fhágadar an socarú faoi agus ansan ná raibh uatha ach "rainnt na caillighe;" gur iarradar air an sgéal do shocarú agus ansan gur mheasadar nár bh'fhéidir a bheith ar an sgéal ach aon tsocarú amháin, nách dhá innsint a bhí ar an sgéal ach aon innsint amháin. Bhí aon nídh amháin, ámhthach, fírinneach ó thosach. B'é Huircánus an té ba shine de'n bheirt drithár. Ba leis an rígheacht do réir chirt sínsir. Conus ab fhéidir do Mharcus Antónius dul laistiar de'n méid sin fírinne? Thug sé a bhreith do réir na fírinne sin. D'iarradar a bhreith. Ansan ní ghlac- fidís a bhreith. Conus fhéadfadh sé gnó dhéanamh le daoine de'n tsórd san? XLV. FOGHA FÍOCHMHAR LÁIDIR. Bhí buaidhte ag Héród ar an aicme úd a bhí 'ghá ghearán le Marcus Antónius, ach níor bh'fhada gur eirigh trioblóid eile chuige. Bhí rí ar na Partiánaigh agus bhí mac aige d'ár bh'ainm Pacórus. Bhí taoiseach slógh ag an bPacórus
san agus Barsanés ab ainm dó. Do chuir an bheirt sin fé n-a smacht cathair Shídoin agus cathair Ptolé- mais. Nuair a bhí an dá chathair sin fé n-a smacht acu tháinig Antigonus chucha agus d'iarr sé ortha teacht isteach i Iúdéa agus cogadh do chur ar an dtír agus Huircánus do dhíbirt agus é féin, .i. Antigonus, do chur i gcómhacht, "agus," arsa Antigonus, "tabhar- fad-sa dhuit céad talant agus chúig céad ban." Bhí Pacórus sásta. Chuir sé a shluagh le chéile agus siúd isteach é i dtír Iúdéa agus ódheas chun catharach Ierúsalem. Do bhailigh Antigonus chuige na Iúdaígh go raibh an fuath go léir acu do Huircánus agus do bheirt mhac Antipater. Thug an dá shluagh mórán aimsire ag troid le n-a chéile agus ag marbhú a chéile, an buadh ag sluagh na ndrithár lá, agus an buadh ag an sluagh eile lá eile. Ansan, an dá shluagh istigh sa chathair, agus iad ag marbhú a chéile ar an gcuma gcéadna. Bhí Phasael agus Héród istigh i bpálás an rí agus iad 'ghá gcosaint féin. Bhí féile áirithe ag teacht agus bhí súil ag Antigonus, nuair a thiocfadh na slóighte Iúdach chun na féile sin go ngeóbhdís páirt leis féinig i gcoinnibh na beirte Iduméach. Tháinig an fhéile. Tháinig na daoine chun na féile. Do ghaibh an chuid ba mhó acu páirt le h-Antigonus. Bhí an bheirt drithár istigh sa phálás agus iad 'ghá gcosaint féin. Bhí na daoine a tháinig chun na féile líonmhar go maith ach ní raibh na h-airm acu, ná ní raibh eólus acu ar ghnóthaíbh cogaidh. Thug an bheirt drithár fogha fíochmhar láidir amach fútha agus do sgaipeadar iad agus mharbhuighdar a lán acu. Bhí an coímhsgar agus an marbhú ar siubhal ar an gcuma san go dtí go raibh an dá thaobh tuirseach go maith de'n obair. Bhí Pacórus 'n-a longphort lasmuich de'n chathair. Ag cabhrú le h-Antigonus a tháinig sé, ach do dheabhróchadh an sgéal go raibh sé sin, leis, cortha
de'n chaismirt. Pé'r domhan é, do shocaruigh Antigonus agus an bheirt drithár ar shíothcháin a dhéanamh agus ar dhéanamh na síothchána d'fhágaint fé Phacórus. Bhí súil ag Antigonus go mbeadh Pacórus fabhramhail dó féinig ó ba Phartiánach é. Níor dhein an bheirt drithár aon chur 'n-a choinnibh. Chuaidh Phasael amach go dtí an longphort ag triall air agus bhíodar go séimh agus go cneasta le n-a chéile. Thug Phasael leis isteach sa phálás é féin agus rainnt d'á uaislibh agus chuir sé cóir mhaith ortha. Nuair a fuair Pacórus an iontaoibh go léir ag Phasael as, do labhair sé leis mar seo: "Feuch, a rí," ar seisean, "is gnó ana dheacair an gnó so atá agaibh 'á iarraidh orm-sa do shocarú eadraibh. Pé socarú a dhéanfad ní bheidh sé daingean, ná ní bheidh sé buan. Ach tar-sa liom-sa ag triall ar Bharsapharnés atá 'n-a ghobhernóir ar Shuíria fé rí na bPartiánach. Má dheinean sé sin socarú beidh an socarú daingean agus beidh sé buan." Do thoiligh Phasael. Níor thaithn san i n-aon chor le Héród. Do ghluais Phasael, ach do rug sé Huircánus leis, agus dhá chéad marcach Partiánach 'ghá dtionn- lacan. XLVI. PACÓRUS. Do ghluais an chúmplacht ortha óthuaidh agus thánadar i dtír Ghaililí. Bhí Barsapharnés i n-áit éigin sa tír sin. Chuadar ag triall air. Nuair a h-innseadh dó iad a bheith ag teacht chuir sé gárda lucht airm amach 'n-a gcoinnibh ag cur fáilte rómpa. Nuair a tháinig an gárda san chucha do sgar Pacórus leó agus d'iompuigh sé thar n-ais fé dhéin catharach Ierúsalem. Do rugadh Phasael agus Huircánus ag triall ar
Bharsapharnés. Thaisbeáin sé gach aon uraim agus gach aon onóir dóibh. Chuir sé chun cómhnuighthe iad i dtigh a bhí ar bruach na faraige. Bhí daoine éigin sa n-áit sin agus bhí báidh acu le Phasael. D'innseadar dó go raibh feall 'á dhéanamh air féin agus ar Huircánus; go raibh socair ar an bhfeall ag Antigonus agus ag rí na bPartiánach; gur bh'é cúis do Phacórus iompáil thar n-ais go Ierúsalem ná chun greama dh'fhághail ar Héród agus é mharbhú. Dubhairt na cáirde sin le Phasael: "Siní an fharaige os do chómhair. Tabharfimíd-ne long duit. Eirigh ar bórd na luinge agus imthigh agus beir t-anam leat." "Ní imtheóchad," ar seisean. "Ní fhágfad Huir- cánus anso am' dhiaidh. Mara mbeadh mé ní thiocfadh sé anso. D'á éaghmais sin ní foláir dom mo dhritháir Héród do chosaint má's féidir é." Isé rud a dhein sé ná dul go dána i láthair Bharsapharnés agus labhairt go neamheaglach leis agus an feall a bhí beartuighthe aige do chasadh leis. D'imthigh sé agus do labhair sé le Barsapharnés agus d'fhiafraigh sé dhe cad chuige dhó an feall a dhéanamh. "Má's airgead atá uait," ar seisean, "tá dear- mhad déanta agat. D'fhéadfinn-se díoluidheacht ní b'fhearr a thabhairt duit a' bheith dílis dom 'ná mar fhéadfidís siúd a thabhairt duit a' feall a dhéanamh orm." Do bhain an chainnt sin Barsapharnés d'á bhunaibh. Ní raibh aon choinne aige le cainnt chómh dána ná le gníomh chómh dána. Níor dhein sé ach cromadh ar dheimhniú agus ar dhearbhú, fé mhionnaíbh troma, ná raibh aon fhírinne i n-aon chor sa sgéal a h-innseadh do Phasael i dtaobh an fhill. Is amhlaidh a bhí sé ag feitheamh go dtí go mbeadh Pacórus tar éis cathair Ierúsalem do shroisint agus tar éis greama dh'fhághail ar Héród. Chómh luath agus a bhí, dar leis, uain a
dhóithin fághalta ag Pacórus chun na h-oibre sin a dhéanamh d'órduigh sé Phasael agus Huircánus do chur isteach i bpríosún agus do ghluais sé féin agus pé neart slógh a bhí aige ódheas fé dhéin catharach Ierúsalem i ndiaidh Phacóruis. Bhí dearmhad air, ámhthach. Fuair Héród gaoth an fhocail ó dhuine éigin 'ghá innsint dó go raibh an feall déanta ar Phasael agus go rabhthas chuige féin go mear. Bhí mórán saidhbhris aige agus muinntir líonmhar, agus buidhean láidir lucht airm. Bhailigh sé chuige iad go léir, idir shaidhbhreas agus daoine, agus d'imthigh sé amach as an gcathair agus thug sé aghaidh ódheas ar dhúthaigh a athar, ar Iduméa. Níor mhór dó an t-armáil a bheith láidir go maith aige. Do thug a lán namhad iarracht ar é shárú agus do thabhairt thar n-ais. Do bhuaidh sé ortha go léir agus d'imthigh sé d'á n-aindeóin. Nuair a tháinig Pacórus agus súil aige le greim fhághail ar shaidhbhreas Héróid bhí gruaim a dhóithin air. Bhí an saidhbhreas agus Héród imthighthe. XLVII. HÉRÓD SA N-ÉIGIPT. Bhí Héród ag cur na slighe dhe ódheas go Iduméa, a chuid saidhbhris agus a mhuinntir roimis amach agus é féin agus a neart slógh ar deire, 'ghá gcosaint ar na slóighte namhad a bhí 'ghá leanmhaint. Bhí dritháir dó d'ár bh'ainm Ióseph, theas i n-Iduméa. Tháinig sé sin 'n-a choinnibh aindeas agus buidhean mhaith láidir aige. Ansan do thánadar go dtí dún ar a dtugtí Massada, dún a bhí ana láidir. Chuir sé a mhuinntir agus a chuid saidhbhris isteach sa dún san agus chuir sé ocht gcéad fear isteach ann mar lucht cimeádta, agus thug sé dhóibh flúirse lóin, agus d'fhág sé a
dhritháir Ióseph os a gcionn. Ansan thug sé aghaidh ódheas sa n-Éigipt. Nuair a tháinig Antigonus agus na Partiánaigh agus fuaradar Héród imthighthe, do thógadar pé saidhbhreas nár fhéad sé a bhreith leis as a thigh agus do sgartáladar an tigh, agus rainnt bailte a bhí sa chómharsanacht. Ansan dheineadar rí d'Antigonus. Go luath 'n-a dhiaidh san thugadar 'n-a láthair, 'n-a bpríosúnachaibh, Phasael agus Huircánus. Níor mhaith le h-Antigonus an t-árdshagart do chur chun báis, ach bhain sé na cluasa dhe i dtreó go gcuirfadh an mhachail sin é ó aon bhreith a bheith aige ar bheith i n'árdshagart a thuille. Do thuig Phasael go raibh Antigonus ceapaithe ar bhás éigin grána pianamhail a dh'imirt air féin. Bhí sé ceangailte le slabhraíbh chómh dian chómh docht san ná raibh ar a chumas aon anchor a thabhairt dó féin le n-a láimh féinig. Do thug san, leis, le tuisgint dó go raibh bás éigin grána beartuighthe dhó ag an rí nua. Do thárla cloch éigin i n-aice a chinn sa n-áit 'n-a raibh sé ceangailte. Do chrom sé ar bheith ag bualadh a chinn i gcoinnibh na cloiche sin go dtí go raibh sé ó bhaoghal fanmhaint beó. Ansan d'imthigh na Partiánaigh óthuaidh abhaile agus do rugadar leó Huircánus bocht, le h-eagla dá bhfágaidís sa n-áit é go n-eireóchadh tuille toirmisg mar gheall air. Chomáin Héród leis ódheas go dti Rhinocorúra, agus go dtí Pelúsium, agus síos isteach sa n-Éigipt. Bhí Cleopátra 'n-a banrighin ar an Éigipt an uair sin. Chuir sí míle fáilte roimis. Bhí fhios aici an t-eólus a bheith aige ar ghnótaíbh stáit agus ar ghnóthaíbh cogaidh, an t-eólus ba dhual athar dó a bheith aige. Mheas sí é chur os cionn na tíre agus os cionn na n-armála sa n-Éigipt. Níor fhéad sí aon taobh acu san do dhéanamh, mar bhí socair ag Héród ar dhul
siar go dtí an Róimh chómh luath agus d'fhéadfadh gaoth agus uisge é bhreith siar. Chuaidh sé ar bórd na luinge ba thúisge bhuail uime, long a bhí ag dul go Pamphuilia. Do chomáin stoirm an long san isteach go h-oileán Rodésia, agus b'éigean dó dul i dtír ar an oileán san. Bhuail daoine muinnteartha ansan uime agus thugadar caoi dhó ar dhul chómh fada le Brundúsium. Chuaidh sé as san óthuaidh go dtí cathair na Rómha. Chuaidh sé chun cainnte le Marcus Antónius agus le h-Octábhius. Do chuir sé os a gcómhair go soiléir an cruadhtan i n-a raibh sé. D'éisteadar leis, agus do thuigeadar, ó'n gcaradas a bhí idir a athair Antipater agus na Rómhánaigh, nár bh'fholáir do sna Rómhánaigh cabhrú leis. XLVIII. HÉRÓD 'N-A RÍ. Nuair a bhí Héród 'ghá iarraidh ar Antónius agus ar Octábhius cabhrú leis i gcoinnibh Antigonuis thug sé le tuisgint dóibh go mbeadh sé lán tsásta dá ndeinidís rí ar Iúdéa d'fhear d'ár bh'ainm Aristó- bulus, dritháir do Mhariamne, agus leogaint dó féinig luighe isteach fé'n bhfear san, ag tabhairt aire do ghnóthaíbh an stáit, díreach mar a bhí a athair Anti- pater fé Huircánus. Do thuig an bheirt Rómhánach, ámhthach, 'n-a n-aigne féin, gur thairbhthighe do chómhacht na Rómha, i gcoinnibh na bPartiánach, Héród a bheith 'n-a rí ar Iúdéa 'ná aoinne eile bheith 'n-a rí ar an dtír sin. Bhí san i gcoinnibh mar ba ghnáth leis na Rómhánaigh a dhéanamh. Ba ghnáth leó, nuair a chuiridís tír fé n-a smacht, dá mbeidís ceapaithe ar rí do chur os cionn na tíre sin, fear éigin d'fhuil ríoga na tíre féin do thoghadh chuige. Gan amhras do thuig Héród an gnás san a bheith ag na Rómhánaigh agus is d'á
dheasgaibh sin nár iarr sé ortha rí dhéanam de féinig, ach gur iarr sé ortha rí dhéanamh d'Aristóbulus, dritháir Mhariamne, fear de shliocht na Macabéach. Bhí sé féin chun Mariamne do phósadh. Dá mbeadh dritháir Mhariamne 'n-a rí ar Iúdéa bheadh sé féin, fé dhritháir Mhariamne, sa chruit i n-ar raibh a athair fé athair Mhariamne. Ach do shocaruigh an bheirt Rómhánach ar rí dhéanamh de féin. Do cruinnigheadh an tseanaid. Tháinig Messala agus Atratínus, beirt d'uaislibh na seanaide, agus do rugadar leó isteach é agus thaisbeánadar d'uaislibh eile na seanaide é agus d'innseadar cé'r bh'é, agus cad iad na tairbhthí móra a dhein a athair, Antipater, do phobul na Rómhánach. D'innseadar, leis, cad é an saghas Antigonus, gur thoirmeasgóir ceanairceach é, gur namhaid do sna Rómhánaigh gur bh'eadh é, go raibh sé i gcaradas leis na Partiánaigh, namhaid mhalluighthe na Rómhánach; gur le congnamh na bPartiánach a bhí sé an uair sin 'n-a rí ar Iúdéa. Do labhair Marcus Antónius: "Táim-se ag dul amach anois," ar seisean, "chun troda i gcoinnibh na bPartiánach san agus ba mhór go léir an tairbhthe dom mo chara dílis dúthrachtach, Héród anso, a bheith 'n-a rí laisteas díom ar Iúdéa seachas annsgian de shaghas Antigonuis." Do thug an tseanaid a n-aon ghuth do Héród chun ébheith 'n-a rí ar Iúdéa, agus do luadhadh, do'n aon ghuth chéadna, Antigonus 'n-a namhaid do phobul na Rómhánach. Do deineadh reacht d'á réir sin. Ansan do rugadh Héród isteach sa Capitólium, Octábhius ar thaobh de agus Antónius ar an dtaobh eile dhe, agus uaisle eile na seanaide i n-aonfheacht leó. Do deineadh na h-ídhbirtí ba chóir; do cuireadh an reacht i dtaisge ameasg na sgríbhinní. Ansan bhí Héród 'n-a rí ar Iúdéa, agus thug Marcus Antónius dínnéar breágh uasal dóibh go léir.
XLIX. MASSADA. I gconsulacht Chaius Domintius Calbhinus agus Chaius Asinius Pollia, iseadh a deineadh, thiar sa Róimh, rí ar thír Iúdéa de Héród. Nuair a bhí an gnó déanta níor dhein sé puinn righnis laistiar. Bhí dún Mhassada ag déanamh buartha dhó. Bhí fhios aige go mbeadh Antigonus ag déanamh gach díthil chun an dúna san do thógaint, agus d'á luathacht a bheadh sé féin lastoir chun an dúna san do chosaint gur bh'eadh b'fhearr é. Tar éis seacht lá bheith caithte sa Róimh aige do ghluais sé ódheas airís go dtí Brundúsium agus chuaidh sé ar bórd luinge sa n-áit sin agus chuaidh sé, ar uisge, soir go dtí Ptolemais. Bhí deire an tsamhraidh ann um an dtacha san, agus ní raibh caithte aige ar a chuaird, ar muir agus ar tír, ach amháin trí mhí. An fhaid a bhí sé ar an gcuaird tháinig cruadhtan mór ar na daoine a bhí fé imdhridim i ndún Mhassada. Bhí Antigonus lasmuich de'n dún 'ghá imdhridim ar a dhítheal. Bhí an lucht cosanta láidir agus bhí an lón flúirseach, ach tháinig an aimsir ana thirim agus do chuaidh de'n uisge acu. Bhíodar go léir d'á dtachtadh leis an dtart. Fé dheire do shocaruigh Ióseph slighe áirithe chun iad do shaoradh ó'n gcruadhtan. Do cheap sé fogha sanntach a thabhairt amach agus brise tríd an namhaid agus dul soir go h-Arabia ag triall ar an rí Malchus agus congnamh slógh thabhairt anoir agus an t-imdhridim do bhogadh de'n dún. Bhí sé 'ghá ullmhú féin go tiugh chun na h-oibre sin do dhéanamh nuair ab é toil Dé go dtáinig ana thaoisg fearthana. Do lean an fhearthainn ag tuitim 'n-a dílinn i gcaitheamh na h-oidhche i dtreó ná raibh umar mór
ná umar beag ná dabhach ná meadar ná aon tsaghas eile árthaigh ná raibh lán go bara de'n uisge abhfad sar a dtáinig an mhaidean. Chomáineadar leó ansan, ag cosaint an dúna ar shlóightibh Antigonuis agus ag tabhairt fogha amach fútha anois agus airís agus ag déanamh mórán díobhála dhóibh agus ag marbhú a lán acu. Ach bhí Héród tagaithe i dtír i Ptolemais agus níor bh'fhada go raibh mórán nirt slógh aige agus é ag teacht go mear fé dhéin dúna Mhassada. Bhí mórán neithe ag cur righnis air. Bhí buidheana Parti- ánach curtha i bhfolach ar an slighe roimis ag Antigonus agus iad ag léimt amach chuige nuair a thagadh sé chun na n-áiteana i n-a mbídís, agus iad ag casadh le h-é mharbhú dá mb'fhéidir é. Ach níor fhéadadar é. Bhí rainnt áiteana ar an slighe, leis, agus lucht cimeádta ó Antigonus istigh ionta. B'éigean do Héród iad a thógaint agus a lucht cimeádta féinig do chur isteach ionta. Ach bhí a neart slógh ag dul i méid i n-aghaidh gach míle de'n tslighe d'ár chuir sé dhe. Fé dheire do shrois sé dún Mhassada agus b'éigean d'Antigonus agus d'á shluagh imtheacht as an áit. Chuaidh Héród isteach agus ní miste a rádh go raibh fáilte roimis. L. SÍLÓ. Nuair a bhí dún Mhassada fuasgalta ag Héród bhí a shluagh tar éis dul i méid go mór. Bhí lucht cimeádta an dúna aige agus bhí mórán nirt tagaithe chuige, le n-a dtoil féinig, ó'n dtír mórthímpal; i dtreó go raibh ar a chumas aghaidh a thabhairt ar chathair Ierúsalem, mar a raibh Antigonus agus a neart
slógh i seilbh agus an chathair sin d'imdhridhim. Bhí dún Rhessa ar an slighe roimis. Thóg sé an dún san. Ansan tháinig sé go Ierúsalem. Chómh luath agus tháinig sé chun na catharach chuir sé fógra amach 'ghá rádh, aoinne a bhí tar éis páirt a ghabháil le h-Antigonus go raibh síothcháin agus caradas le fághail aige ach teacht thar n-ais chuige féin laistigh d'am áirithe. Bhí taoiseach d'ár bh'ainm Síló agus rainnt saigh- diúirí Rómhánacha tar éis teacht ag cabhru le Héród. Do labhair Antigonus leó:- "Is mór an náire agus an eugcóir," ar seisean, "do sheanaid na Rómhánach duine gan uaisleacht, duine de'n choitchiantacht, duine ná fuil ann ach Iduméach, duine ná fuil ann ach leath-Iúdach, do chur 'n-a rí ar thír Iúdéa. Tá an nídh sin i gcoinnibh dlighthe na nIúdach, agus i gcoinnibh gach cirt sínsireachta. Má b'olc le seanaid na Rómhánach mise do ghlacadh na coróinneach ó sna Partiánaigh, cad é an bac a bhí ortha duine éigin de shliocht ríoga na tíre do thoghadh agus an choróinn do chur ar a cheann agus gan an t-Iduméach iasachta so do thoghadh? Má bhí mórán tairbhthe déanta ag Héród do mhuinntir na Rómha tá a lán d'uaislibh na tíre go bhfuil níos mó tairbhthe déanta acu do sna Rómhánaigh. D'fhéadfidís an choróinn a thabhairt do dhuine acu san agus bheadh an ceart acu 'á dhéanamh i dteannta buidheachais a thuilleamh." D'eirigh aighneas láithreach as an gcainnt sin. Do chrom na Rómhánaigh ar a rádh ná raibh a ndóithin bídh acu d'á fhághail ó Héród. B'éigean do Héród tuille bídh do sholáthar dóibh. Dhein sé an soláthar dóibh i dtreó go raibh a ndóithin mór acu. Dheabhróchadh an sgéal gur chuadar féin amach ag déanamh an tsol- áthair, mar deir an seanachaidhe "gur sgartáladar na Rómhánaigh cathair Ierichó an uair sin agus gur thógadar éacht saidhbhris aisti." Do thuig Héród gur
bh'é an taoiseach Síló fé ndeár an droch obair sin. Bhí an geimhre ag teacht um an dtaca san agus níor bh'fhéidir do Héród cathair Ierúsalem a dh'imdhridim. Do chuir sé a shlóighte chun comhnuighthe i gcóir an gheimhridh, cuid acu i Samaría, agus cuid acu i n-Iduméa agus cuid acu i nGaililí. Chuir sé a dhritháir Ióseph go h-Iduméa agus míle troightheach aige agus cheithre chéad marcach. Ansan d'imthigh sé agus thóg sé rainnt daingean ó Antigonus i nGaililí. Sephoris an ainm a bhí ar dhaingean díobh san, agus fuair sé mórán saidhbhris istigh sa daingean san. Ansan thug sé aghaidh ar an lucht foghla go raibh an dúthaigh lán díobh. LI. NA PLUAISEANA. Bhí Héród tar éis na saighdiúirí Rómhánacha a bhí ag cabhrú leis do chur ar a suaineas i n-áiteanaibh i n-a bhféadfidís an geimhre do chur díobh go neamh- spleádhach. Níor thug sé aon tsuaineas, ámhthach, dó féinig ná d'á shlóightibh féinig. Bhí an dúthaigh lán de lucht foghla agus bhí daoine macánta na tíre creachta acu. Bhí faillteacha móra árda sa tír, agus na faillteacha san lán do phollaibh agus de phluaiseanaibh. Bhí na pluaiseana san ana mhór, ana leathan, ana dhoimhinn, i dtreó go bhféad- fadh buidhean ana láidir d'fhearaibh armtha dul isteach ins gach pluais díobh agus fanmhaint 'n-a gcómhnuidhe istigh ionta agus iad féin a chosaint. Do bhailighdís isteach ionta an fhoghail a thógaidís ó dhaoine na tíre. Thugadh na daoine uatha, go toil- theanach, mórán foghla, i dtreó ná bainfí a thuille dhíobh. Bhíodh, go minic, dorus na pluaise go h-árd ó'n dtalamh, i dtreó ná féadfadh aoinne dul isteach
sa phluais ó'n dtalamh gan dréimire, agus bhíodh an dorus chómh fada anuas ó bhara na faille nár bh'fhéidir teacht anuas chun an dorais gan dréimire. De théadaibh láidire a bhíodh na dréimirí sin déanta, agus do tarraigtí suas isteach sa phluais iad, nú suas go bara na faille, nuair ná bíodh aon ghnó dhíobh, nú nuair a bhíodh namhaid ag teacht. Ba ró dheacair do namhaid teacht ar na fearaibh a bhíodh istigh in sna pluaiseanaibh sin. Do shocaruigh Héród ar na foghlaidhthibh sin do dhísgiú. Nuair airighdar an rud a bhí beartuighthe aige cad a dheineadar ach sgéala chur chun a chéile ar fuaid na tíre agus an cogar a thabhairt d'á chéile teacht anuas as na pluaisibh agus aghaidh a thabhairt air féin agus ar a neart slógh! Do throideadar 'n-a choinn- ibh go tréan. Ach do bhuaidh sé ortha. Do ritheadar thar n-ais chun na bpluaiseana. Ba dhóbair dóibh buachtaint air, ámhthach, agus bhuadhfidís air mara mbeadh a chródhacht féinig agus an t-eólus a bhí aige ar conus sluagh do láimhseáil agus do stiúrú. Nuair a bhíodar istigh airís in sna pluaiseanaibh do shocaruigh Héród é féin chun iad do dhísgiú glan agus an dúthaigh a dh'fhuasgailt ó n-a leithéid de dhroch aicme. Níor bh'fhuiriste teacht ortha. Níor bh'fhéidir dul suas ó'n dtalamh go dorus gach pluaise. Ní fhéadfadh dul suas ó'n dtalamh ar dhréimire ach aoinne amháin gach turus. Do marbhófí an fear san sar a mbeadh sé leath na slighe suas. Isé rud a dhein Héród ná boscaí iarainn a dhéanamh agus fir a chur isteach ionta agus iad do leogaint anuas ó bhara gach faille go dtí dorus gach pluaise. Ansan níor bh'fhéidir do lucht na pluaise aon bhuille bhualadh ar aoinne de'n mhuinntir a bhíodh istigh sa bhosca iarainn, agus d'fhéadadh lucht an bhosca an méid a bhíodh i ndorus na pluaise do mharbhú. D'á éaghmais sin, bhíodh adhbhar teine ag lucht an bhosca agus chaithidís
an teine isteach sa phluais agus do lasadh an teine an tuighe a bhíodh sa phluais agus do múchtí agus do loisgtí a mbíodh de dhaoinibh sa phluais. LII. ÍDIÚ. Sar ar dhein Héród na boscaí iarainn, chun teacht ar na pluaiseanaibh, do chuir sé fógra amach eatartha 'ghá rádh leó, aoinne acu, do thiocfadh, uaidh féin, agus thabharfadh é féin suas dó, go raibh maitheamhnachas le fághail aige. Níor tháinig ach fíor bheagán. Innsean Ióséphus conus mar a bhí i gceann de sna pluaisibh aon tseanduine amháin agus a bhean agus a mhórsheisear mac. Bhí an bhean agus an chlann 'ghá iarraidh air, go bog agus go cruaidh, leogaint dóibh iad féin a thabhairt suas do Héród. Ní leogfadh. Do shocaruigh sé é féin i mbéal na pluaise agus nuair a bhí an teine 'ghá losgadh agus an deatach 'ghá múchadh thug gach duine acu i ndiaidh chéile iarracht ar ghabháil thairis amach, ach bhí sgian fhada ghéar 'n-a láimh aige agus do rop sé an sgian san tré chroidhe gach duine de'n mhórsheisear mac, agus tré chroidhe na mná, le linn dul thairis amach dóibh. Le linn gach duine acu do thuitim síos, ó bhéal na pluaise, le fánaidh na faille, deireadh sé le Héród:- "Sin feóil úr agat, a leath Iúdaígh!" Ansan: "Agus seo chughat mise mar aon leó!" ar seisean agus chaith sé é féin le fánaidh agus do marbhuigheadh é ar na caraigreachaibh a bhí thíos ag bun na faille. I gcaitheamh na h-aimsire, bhí Héród ag déanamh a dhíthil chun é mhealladh agus a chur fhiachaint air párdún do ghlacadh. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Bhí fuath thar na beartaibh acu go léir do Héród.
Nuair a bhíodar go léir ídighthe aige, dar leis, d'fhag sé captaén d'ár bh'ainm Ptolemé, agus rainnt armála aige, sa n-áit, chun iad a chimeád fé eagla, agus thug sé féinig aghaidh siar ar Shamaría mar a raibh a mhuinntir fágtha aige. Bhí sé ceapaithe ar a chur fhiachaint ar Antigonus cath a thabhairt dó dá bhféadadh sé é, nú, dá dteipeadh san air, aghaidh a thabhairt láithreach ar chathair Ierúsalem agus an chathair d'imdhridim. Ní túisge a bhí a chúl tabhartha aige leis na foghlaidh- thibh 'ná mar a chruinnighdar airís chómh dána agus a bhíodar riamh. Do dhíbir sé a lán acu thar Iórdan soir. Siúd anoir airís iad chómh luath agus bhí sé imthighthe. Mharbhuighdar Ptolemé agus chreachadar an dúthaigh go léir. Siúd thar n-ais chucha Héród agus dhein sé a leithéid d'éirleach ortha, agus chuir sé a leithéid do chostas fíneála ar na catharachaibh a bhíodh ag cabhrú leó agus ag tabhairt dín dóibh, gur dhein sé ídiú ortha a chuir deire leó glan. Go luath 'n-a dhiaidh san do bhuaidh na Rómhánaigh ar na Partiánaigh; ansan do chuir Marcus Antónius an captaén, Machaéras, agus dhá légión agus míle marcach aige, chun cabhruighthe le Héród i gcoinnibh Antigonuis. LIII. MACHAÉRAS. Tháinig Machaéras, agus an dá légión aige, agus an míle marcach, agus an t-órdú aige, ó Mharcus Antónius, gach aon chabhair a thabhairt do Héród i gcoinnibh Antigonuis. Bhí san go maith go dtí go bhfuair Antigonus caoi ar bheith ag cainnt le Machaéras
agus ar bhreib mhaith shaidhbhir a thabhairt dó. Nuair a fuair Machaéras an bhreab dubhairt sé le Héród:- "Ní mór dhom dul anonn agus an neart slógh atá aige siúd do bhreithniú." "Measaim," arsa Héród, "gur fearra dhuit fan- amhaint amach uaidh." "Ní mór dhom fhios a bheith agam cad é an saghas na fir atá aige," agus do ghluais sé féin agus a dhá légión agus a mhíle marcach anonn i dtreó Anti- gonuis agus na nIúdach a bhí istigh i gcathair Ierúsalem. Nuair a chonaic Héród é chómh ceapaithe ar dhul i dtreó na catharach tháinig droch amhras aige air. Cheap sé, agus bhí an fhírinne aige, gur chun iompáil chun Antigonuis a bhí sé. Ach do thuit rud amach ná raibh coinne ag aoinne leis. Ní raibh aon phioc d'fhios na breibe ag muinntir na catharach. Bhí gráin acu ar na Rómhánaigh. Chonacadar ag teacht chun na catharach iad. Namhaid mharbhuightheacha do sna Iúdaígh ab eadh iad. Do sgaoil na Iúdaígh cith saighead amach ortha agus do marbhuigheadh rainnt acu. Do chuir san fearg ar Mhachaéras. Tharraig sé siar ó'n gcathair agus chuaidh sé féin agus a shluagh thar n-ais go h-Emaus agus d'fhanadar ann. Ach ní ró shocair a dh'fhanadar ann. Chromadar ar a ndroch aigne dh'imirt ar na Iúdaígh a bhí sa n-áit agus ar bheith 'ghá marbhú. Do mharbhuighdar cuid de cháirdibh Héróid féinig. Bhí Héród ag imtheacht, le linn na h-uaire sin, ag triall ar Antónius chun cabhruighthe leis, mar bhí sé ag imdhridim Shamosáta. "Tá droch bheart déanta agat orm," ar seisean le Machaéras, "agus táim ag dul ag triall ar Antónius, go Samosáta, ag cabhrú leis, agus 'neósfad dó cad tá déanta agat orm. Do chuir sé anso thu chun go dtabharfá congnamh dom agus is ag marbhú mo dhaoine a taoian tú! Is ag cabhrú lem' namhaid taoian tú!"
"Faire! faire! Ná dein, a rí," arsa Machaéras. "Tabharfad-sa dhuit an congnamh. An fuath atá ag Iúdaígh agus ag Rómhánaigh d'á chéile fé ndeár an méid úd a thuit amach i n-Emaus. Bíodh foidhne agat agus tabharfar duit an congnamh. Fág anso am' theannta do dhritháir Ióseph agus fág rainnt nirt slógh aige i dtreó go bhféadfimíd an cogadh so do chimeád ar siubhal go dtagair thar n-ais." Bhí Héród sásta. "Fágfad," ar seisean, "ach ná bainidh le tabhairt fé aon obair throm an fhaid a bhead uaibh." Nuair a bhí an méid sin socair aige do ghluais sé fé dhéin Antóniuis. Ach b'éigean dó bheith ag troid i gcaitheamh na slighe go léir i gcoinnibh na mbuidhean lucht foghla a bhí ag cur air, agus bhíodar ana láidir. LIV. STOIRM UATHBHÁSACH. Tháinig Héród agus a neart slógh go Samosáta. Do chuir Antónius na mílte fáilte roimis agus thaisbeáin sé an uile shaghas onóra dhó. Ba mhaith an díol ar Héród an onóir sin a thabhairt dó. Ba mhaith an bhail ar Antónius é theacht. Do chuir a chongnamh agus a thuisgint agus a ghníomhartha ar chumas Antóniuis an chathair do thógaint níba luatha agus níba shaoráidighe go mór 'ná mar fhéadfadh sé í thógaint gan iad. Bhí a rian air. Bhí Antónius buidh- each de. Nuair a bhí an chathair tógtha aige do dhein sé gobhernóir ar Shuíria de Shosius agus d'órduigh sé dó bheith ag cabhrú le Héród coitchianta ins gach aon tslighe i n-a mbeadh gádh le cabhair aige, agus úsáid a dhéanamh de lán neart na Rómhánach sa chabhair sin.
Ansan tháinig Héród abhaile. Má tháinig fuair sé a ghnóthaí féinig go léir imthighthe bun os cionn roimis. Bhí a dhritháir Ióseph tar éis dul i gcoinnibh na cómhairle úd a thug sé dhó, gan aon ghnó ró throm do tharrac air. Do tharraig sé gnó trom air. Do chuir sé a neart slógh féin le chéile agus fuair sé chúig légión de sna Rómhánaigh ó Mhachaéras agus dhein sé cur isteach ar thír Ierichó, tír a bhí ag gabháil le h-Antigonus. Bhí an talamh ar a raibh Ióseph agus a shluagh ró anacair d'eachra na Rómhánach. D'á éaghmais sin tháinig an namhaid go h-oban air. Do briseadh an cath air agus do marbhuigheadh é. D'eirigh muinntir Ghaililí láithreach i gcoinnibh Héróid agus chromadar ar uaislibh na tíre sin, cáirde Héróid, do mharbhú agus do chaitheamh isteach sa loch ar a dtugtí Tibérias. Nuair airigh muinntir Iduméa an rud a bhí déanta ag muinntir Ghaililí do chromadar féin ar iad féin d'ullmhú chun eirighthe ar an gcuma gcéadna. Sar a raibh uain acu ar an ullmhúchán do chriochnú bhí Héród tagaithe thar n-ais agus neart slógh láidir aige. Níor bh'fhada an mhoill air Gaililí agus Iduméa do smachtú. Bhí Machaéras 'ghá chosaint féin go cródha i gcoinnibh Antigonuis. Tháinig Héród, do troideadh cath fíochmhar idir é agus Antigonus. Do briseadh an cath ar Antigonus. Do dhein Héród éirleach uathbhásach ar mhuinntir Antigonuis. Do lean sé ar a dtóir agus iad ag rith chun catharach Ierúsalem agus iad ag tuitim go tiugh. Deir an sgéalaidhe go leanfadh sé isteach sa chathair iad agus go dtógfadh sé an chathair an uair sin gan a thuille trioblóide ach go dtáinig stoirm uathbhásach agus gur chuir an stoirm cosg leis an dtóir. Bhí buaidhte glan ar Antigonus. Bhí sé ar bheagán nirt slógh. Gan bac do'n chosg a chuir an stoirm leis an dtóir do b'fhuiriste do Héród an chathair a thógaint an uair sin le h-imdhridim. Ach bhí an
geimhre ag teacht agus bhí tuirse ar a shlóightibh agus thuig sé go mb'fhearr fanamhaint go dtí tosach an earraigh a bhí chughainn. LV. BLIAIN NA SABBÓIDE. An fhaid a bhí a shlóighte ag cur an gheimhridh díobh bhí Héród 'ghá chur féin i dtreó chun catharach Ierú- salem a dh'imdhridim agus do thógaint. Dhein sé an cur i dtreó chómh maith san go raibh trí dheich de mhíltibh fear curtha de bhreis aige ar a neart slógh um an dtaca 'n-a raibh an t-earrach ag teacht. D'á n-éaghmais sin bhí Sosius ag teacht anoir chuige ó Shuíria agus cheithre légión de Rómhánachaibh aige agus sé mhíle marcach. Tháinig sé féin agus Sosius, agus an neart slógh san go léir acu, agus thosnuighdar ar chathair Ierúsalem a dh'imdhridim. Bhí an chathair, an uair sin, lán de Iúdachaibh a bhí tagaithe chun na catharach ó'n uile pháirt de'n tír. D'á dheasgaibh sin bhí an neart slógh istigh chómh líon- mhar, chómh láidir, chómh ceapaithe ar an gcathair a chosaint, agus a bhí an neart slógh amuich ar an gcathair a thógaint. Ní raibh de dheifridheacht idir an dá neart ach so; .i. gan taithighe bheith ag an muinn- tir istigh ar ghnóthaíbh cogaidh agus taithighe mhaith a bheith ag an muinntir amuich ar na gnótaíbh sin agus ar gach aon rud a bhain leis na gnóthaíbh sin. Ach mara raibh taithighe ag an muinntir istigh ar chogadh agus ar a ghnóthaíbh bhí árdmhisneach ortha. Bhí sé daingean 'n-a n-aigne ná ceadóchadh Dia do'n Iduméach iasachta san, Héród, agus do'n tsluagh págánach san ó'n Róimh, an chathair naomhtha do
thógaint agus an teampul beannuighthe, teampul Dé féinig, do thruailliú. Ach do fáisgeadh an t-imdhridim, agus do géar- uigheadh an chosaint. Do dúnadh isteach an chathair i dtreó nár fágadh aon teangmháil ag an muinntir istigh leis an dtír lasmuich, ná aon chaoi acu ar aon tsaghas bídh ná dighe a dh'fhághail ó'n dtír lasmuich. Bhí san cruaidh ar an muinntir istigh, mar bhí mórán acu ann agus níor bh'fhada le dul ortha pé bia a bhí sa chathair dá leanadh an t-imdhridim abhfad. Bhíodar ceapaithe, chómh fada agus do b'fhéidir é, gan leo- gaint do'n imdhridim leanmhaint ró fhada. Bhíodar coitchianta ag cur neart fear le n-a chéile agus ag léimt amach agus foghana fíochmhara acu 'á thabhairt fé'n muinntir amuich i dtreó go marbhuighdís mórán acu agus go loitidís a lán d'á gcuid armála agus d'á gcuid lóin, agus go mbeiridís leó isteach cuid mhaith dhe. I n-aindeóin a ndíchil, ámhthach, tar éis dachad lá bheith caithte ar an gcuma san do fuair an mhuinntir amuich caoi ar theacht isteach de dhruim an fhalla ba shia amach. Tar éis deich lá eile bhíodar laistigh de'n tarna falla. Sa choímhsgar, le linn an fhalla san do thógaint do thárla gur cuireadh cuid de phóirsíbh an teampuil tré theine. Easonóir mhór do'n teampul ab eadh é sin, ach dubhairt Héród gur bh'é Antigonus fé ndeár an easonóir sin. Do Thóg an mhuinntir amuich an pháirt iachtarach de'n chathair. Ansan do chuaidh an mhuinntir istigh isteach sa pháirt uachtarach de'n chathair agus isteach sa teampul. Um an dtaca san bhí an tart agus an t-ocras ag tosnú ar ghoilleamhaint ar an lucht cosanta. Ní raibh oiread lóin, ó thosach, acu agus ba cheart dóibh a bheith acu, mar b'í sin bliain na sabbóide, agus níor deineadh aon tsaothrú an bhliain sin. D'fhág san an tír go léir gan puinn arbhair ná puinn de thorthaíbh eile na talmhan.
LVI. MAR A TÓGADH AN CHATHAIR Nuair a fuair lucht cosanta na catharach go raibh an pháirt iachtarach de'n chathair i seilbh a namhad agus gan 'n-a seilbh féin ach an pháirt uachtarach de'n chathair agus an teampul, do chuireadar suas falla láidir eile idir iad agus a namhaid, idir an bpáirt uachtaraigh agus an pháirt iachtarach de'n chathair, agus do leanadar de'n chosaint. Do leanadar de'n chosaint chómh dian chómh seasamhach agus do lean- fadh daoine go mbeadh súil le buachtaint acu. Bhí súil ag Héród, nuair a chífidís ná raibh aon bhreith acu ar bhuachtaint, go mbeadh sé de mheabhair acu géille ar choinghiolaibh fóghanta. Fé dheire bhí chúig mhí caithte acu 'ghá gcosaint féin agus an t-imdhridim ag fásgadh níba chruadha ortha i n-inead aon bhogadh theacht air. Chonaic Héród nár bh'aon mhaith bheith ag braith air go ngéillfidís an fhaid a bheadh duine acu beó. D'órduigh sé d'á shluagh go léir, idir Iúdaígh agus Rómhánaigh, aon tsádh neartmhar amháin do thabhairt fútha agus iad do leagadh ar lár agus an pháirt uachtarach de'n chathair a thógaint. Do deineadh san. Fé dheire b'éigean dóibh géille. Bhí Antigonus thuas ar bhara túir aoird agus é 'ghá chosaint féin go cródha. Chonaic sé an buadh ag an namhaid. Tháinig sé anuas agus chaith sé é féin ag cosaibh an chaptaéin Rómhánaigh, Sosius. "Comarighe mh'anama ort, a uasail!" ar seisean leis, agus é ag gol go h-árd. "Tachtadh leat!" arsa Sosius, "a sheana bhean! "Antigonus" a tugtar ort. Ní h-Antigonus a thugaim-se ort ach "Antigona," óir ní fear i n-aon chor tu! Rud éigin bainean iseadh thu! Stad, a bhéiceacháin agus ná bí 'am bodhradh!" Do labhair na Rómhánaigh eile ar an
gcuma gcéadna le h-Antigonus bocht. Ansan do leathadar iad féin tríd an bpáirt uachtaraigh de'n chathair agus dheineadar éirleach uathbhásach ar na Iúdaígh. Do scartáladar na tighthe agus thógadar chucha gach aon tsaghas saidhbhris gur bh'fhéidir leó lámh a chur air. Dheineadar díoltas fíochmhar mar gheall ar a dhéine do cosanadh an chathair ortha. Ba dhóbair go ndéanfidís an sanctuárium féin do thruailliú agus do sgartáil. Tháinig sgannra ar Héród nuair a chonaic sé an t-éirleach go léir 'á dhéanamh agus an sanctuárium i gcontabhairt. Dá n-imthigheadh droch nídh ar an sanctuárium bheadh náire fághalta aige os cómhair an domhain go léir. Chuir sé 'n-a luighe ar na Rómhánaigh go mbeadh an náire chéadna fághalta acu-san. Thug sé breab éigin dóibh ach leogaint do'n tsanctuárium. "Agus," ar seisean leó, "má leanan an t-éirleach so a thuille beidh mé am' rí gan daoine. Siné saghas rí a bheidh déanta ag na Rómhánaigh díom-sa." Dubhairt sé an focal san le Sosius. Do thuig Sosius nár mhaith an focal é sin le dul i gcluasaibh Mharcuis Antónius 'n-a choinnibh féin. Fuair sé bronntanas maith ó Héród agus chuir sé cosg leis an éirleach agus do shábháil sé an sanctuárium ó thruailliú agus ó sgartáil. Do deineadh príosúnach d'Antigonus agus do cuireadh fé ghárda láidir é. Sin mar a tógadh an chathair sin Ierúsalem, sa bhliain roim Chríost trí dheich a seacht (37 B.C.). LVII. EAGLA NA H-ÁIRITHE. Do thug Sosius béiceachán ar Antigonus mar gheall ar é bheith ag gol chómh h-árd nuair a bhí an cath tar éis gabháil 'n-a choinnibh. Bhí iongna ar an Rómhánach a
leithéid d'eagla roimis an mbás a bheith ar an bhfear san a throid chómh cródha an fhaid a lean an cath, agus nár chuaidh órlach i ndiaidh a chúil ó bhaoghal báis nuair ba dhéine a bhí an cath ar siubhal 'n-a thínipal. Ach níor thuig Sosius neithe áirithe a bhí istigh i n-aigne Anti- gonuis. Níor thuig sé na neithe a bhí istigh i n-aigne Phasael, dritháir Héróid, nuair a bhí sé ag gabháil d'á cheann i gcoinnibh na cloiche úd go dtí gur imir sé bás air féin níba thúisge 'ná mar fhanfadh sé leis an mbás a bhí i n-áirithe ag Antigonus dó. Bhí fhios ag Antigonus cad a bhí ag brise a mhisnigh féinig agus 'ghá chur ag gol chómh h-árd. Bhí fhios aige, dá bhfaghadh Héród greim air, go ndíolfadh sé go daor as na piantaibh a bhí ceapaithe aige a chur ar Phasael. Eagla na bpian a bhí air, eagla na bpian a curfí air féin agus go gcaithfadh sé iad d'fholag, agus go gcurfí air iad i dtreó go gcaithfadh sé bheith 'ghá bhfolag ar feadh mórán aimsire sar a leogfí do'n bhás teacht agus é dh'fhuasgailt uatha. Siné an t-eagla a bhí air agus b'é eagla na h-áirithe dhó é. Do cimeádadh fé ghárda láidir é agus ceangalacha cruadha air, agus do rug Sosius leis é ag triall ar Antónius. Do bhéarfadh Antónius leis é go dtí an Róimh chun é thaisbeáint sa bhuadh-chosgair a bhí le fághail aige, do réir nóis na Rómhánach. Níor thaithn le Héród, pé rud a dhéanfadh an buadh- chosgair, Antigonus do dhul go dtí an Róimh i n-aon chor. Bhí eagla air, dá bhfaghadh Antigonus caoi ar a sgéal féin a dh'innsint do sheanaid na Rómhánach go mb'fhéidir go gcuirfadh sé 'n-a luighe ortha go raibh beart acu 'á dhéanamh nár ghnáth leis na Rómhánaigh a dhéanamh, nuair a bhí an t-Iduméach iasachta san, Héród, acu 'á chur isteach i rígheacht na Macabéach. Bhí Antónius fé chomaoine mhór aige. Bhí sé ag tathant air gan Antigonus a bhreith go dtí an Róimh leis. Thug sé síntiús mór airgid dó. Do bhuaidh an
t-airgead. Ansan bhí sé ag tathant ar Antónius Antigonus a chur chun báis i dtreó ná féadfadh a thuille toirmisg teacht mar gheall air. Ansan do chuir sé 'n-a luighe ar Antónius gur bh'fhearr bás tar- cuisneach a dh'imirt ar Antigonus i dtreó go mbeadh droch mheas air tar éis a bháis agus ná déanfí aon iarracht ar oirdhearcas a thabhairt dó. Do h-imireadh bás tarcuisneach air. Do baineadh de teidiol an rí. Ansan do gabhadh de sgiúirsíbh air go dtí go raibh sé leath mharbh. Ansan do baineadh an ceann de. B'shiné an fear deirineach de sna Macabéachaibh a bhí 'n-a rí. LVIII. CÓMHAIRLIÚCHÁN I N-AISTEAR. B'é Antigonus an rí deirineach de shliocht Mhatatiais, an tsliocht ar a dtugtí na Macabéacha, nú na Asmóniánacha. Sliocht uasal ab eadh an tsliocht san agus bhí grádh ana mhór ag na Iúdaígh go léir dóibh agus uraim ana mhór acu dhóibh. Do thuig Héród gur bhaoghal, bíodh go raibh Antigonus tar éis bháis, go bpreabfadh duine éigin eile de'n tsliocht san suas agus go n-éileóchadh sé an rígheacht, agus go ngeóbhadh na Iúdaígh a pháirt, 'n-a choinnibh féin, agus ansan go mb'fhéidir go ngeóbhadh na Rómhánaigh a pháirt, toisg an fuath go léir a bheith ag na Iúdaígh do Héród. Bhí neamh- shuaineas ar aigne Héróid mar gheall air sin. Ach bhí cúis nár bh'é sin leis chun neamhshuainis aigne aige. Bhí Antigonus marbh, ach bhí an seanduine, Huircánus, beó; bhí sé 'n-a phríosúnach thoir i bPartia agus saoghal breágh aige. Do rug Pacórus leis soir é, 'n-a phríosúnach, ach nuair airigh an rí, Phraates, cér' bh'é féin bhain sé dhe na ceangalacha
agus do leog sé dhó dul chun cómhnuighthe i n-a rogha áit. Chuaidh sé chun cómhnuighthe i gcathair Bhaibilóin. Bhí a lán Iúdach 'n-a gcómhnuidhe sa chathair sin an uair sin. Nuair a fuaradar go raibh Huircánus 'n-a chómhnuidhe sa chathair do bhailighdar chuige agus thugadar dó an onóir a thuigeadar ba cheart a thabhairt dó toisg gur bh'é a rí féinig é. Bhí a lán Iúdach lastoir d'abhainn Euphrátes agus thugadar an onóir chéadna dhó. Bhí uraim ana mhór, leis, ag muinntir na catharach dó, agus bhíodar go léir ana mhór leis. Bhí saoghal suaineasach aige lastoir, ach nuair airigh sé go raibh Héród 'n-a rí ar Iúdéa do chuimhnigh sé ar a dhuine muinnteartha, Antipater, agus do buaileadh isteach i n'aigne go mbeadh saoghal suairc aige thiar 'n-a dhúthaigh féin mar a raibh mac an Antipateir sin 'n-a rí. Bhí an machtnamh coitchianta os cómhair a aigne agus d'á ghéire a bhíodh an machtnamh aige 'á dhéanamh iseadh ba mhó ba mhian leis dul siar ag triall ar mhac Antipater, agus ag triall ar na cáirdibh a bhí aige sa dúthaigh thiar, agus ag triall ar an ndúthaigh thiar féin. D'innis sé do sna daoine muinnteartha a bhí lastoir aige an nídh a bhí ar aigne aige. Dubhradar go léir leis gur bh'fhearra dhó fanmhaint thoir; nár bh'é a leas a bhí ceapaithe aige a dhéanamh; go raibh droch fhuadar féi; go mb'fhéidir nár mhar a chéile an t-athair agus an mac, Antipater agus Héród; gur bh'fhearr aon fhéachaint amháin roime dhuine 'ná dhá fhéachaint 'n-a dhiaidh. Níor bh'aon mhaith dhóibh bheith 'ghá chómhairliú. I lár an chómhairliúcháin tháinig teachtaireacht chuige ó Héród 'ghá iarraidh air dul siar; 'ghá rádh leis ná beadh mac Antipateir sásta choidhche go dtí go mbeadh Huircánus, cara Antipateir, thiar sa bhaile aige, fé áthas agus fé mhaise, 'n-a thír dúchais féinig. Do bhuaidh an teachtaireacht san ar an gcómhair- liúchán go léir.
LIX GREIM AR HUIRCÁNUS. Sa teachtaireacht san a chuir Héród ag triall ar Huircánus d'iarr sé go bog a's go cruaidh air teacht a bhaile chun a thíre féinig. "Mara mbeadh tusa," ar seisean leis, "ní bheadh m'athair riamh sa chruith i n-a raibh sé i Iúdéa. Ní bheadh aige an chómhacht agus an chreideamhaint a bhí aige fút-sa nuair a bhí an rígheacht agat. Mara mbeadh ar dheinis-se dom' athair conus a bheadh aon bhreith agam-sa ar bheith am' rí ar Iúdéa mar atáim anois? Ní-bheidh mé sásta choidhche go dtí go mbeidh mé féin agus tusa i dteannta chéile anso, ag cabhrú le n-a chéile i ngnóthaíbh na rígheachta, mar a bhíthá féin agus m'athair." Ní raibh uaidh ar fad, ámhthach, ach Huircánus do mhealladh chuige anoir i dtreó go bhféadfadh sé é chur chun báis. Bhí eagla aige roimis. Do bhain Antigonus na cluasa dhe i dtreó nár bh'fhéidir dó choidhche bheith i n'Árdshagart. Ach ní choisgfadh easba na gcluas é ar bheith 'n-a rí, agus bhí fhios ag Héród go raibh fuath nímhneach ag na Iúdaígh dó féinig agus go mb'fhéidir gur shuarach an rud a chuirfadh fhiachaint ortha eirighe 'n-a choinnibh agus é dhíbirt agus an rí ceart, Huircánus, do thabhairt leó anoir ó Bhaibilóin, agus, le congnamh na Rómhánach, é chur suas airís 'n-a rí ar Iúdéa. Do thuig Héród, d'á luathacht a bheadh greim ar Huircánus aige agus é curtha chun báis aige gur bh'eadh ba luatha a bheadh an baoghal san curtha ar neamhnídh aige. Do tháinig Huircánus anoir. Do ghlac Héród é le n-onóir mhór. Dhein sé ana chúram de. Níor fhág sé aon mhearathal ar aigne Huircánuis ná gur bh'é
a leas a bhí aige 'á dhéanamh nuair a bhí sé ag teacht anoir. Bhí Héród sásta nuair a bhí sé tagaithe anoir; ní raibh aige le déanamh ansan ach an t-anam a bhaint as chómh luath agus ba mhaith leis é. Thug sé oiread san onóra dhó agus chuir sé an fháilte chómh h-uasal san, chómh ríoga san, roimis, nár fhág sé ar a chumas aon droch iontaoibh a bheith aige as. Le h-eagla go gcimeádfadh aon rud gan teacht anoir é do chuir Héród tabharthaistí móra, saidhbhire, soir ag triall ar rí na bPartiánach, ag breith a bhuidheachuis leis agus le n-a dhaoine mar gheall ar an onóir a bhí taisbeánta acu do Huircánus an fhaid a bhí sé thoir 'n-a bhfochair. Do chuir san ar neamhnídh glan gach dítheal d'á raibh ag cáirdibh Huir- cánuis 'á dhéanamh ar chómhairle a leasa thabhairt dó agus ar a chur fhiachaint air fanmhaint toir. LX. EASBA AIRGID. An fhaid a bhí an gnó san ag Héród 'á dhéanamh i dtaobh Huircánuis a thabhairt leis anoir ó Bhaibilóin bhí tuille agus a dhóithin de ghnóthaíbh eile ag déanamh buartha dhó agus ag baint codla na h-oidhche dhe sa bhaile i gcathair Ierúsalem. Nuair a bhí an chathair tógtha aige agus í fé n-a smacht féinig aige go h-iomlán, bhí sé i gcruadhchás tré easba airgid. Na breabana móra ab éigean dó a thabhairt do Shosius chun cosg a chur leis an éirleach agus chun an teampuil a shábháil, agus na breabana móra ab éigean dó a thabhairt do Mharcus Antónius chun é chur ó Antigo- nus a bhreith leis go dtí an Róimh, agus chun a chur fhiachaint air an bás tarcuisneach úd a thabhairt dó; agus 'n-a theannta san go léir an saidhbhreas ab éigean dó a chur soir go Baibilóin ag triall ar Phraates, chun
fonn a chur air gan aon ghreim a chimeád ar Huircánus lastoir, d'fhág na costasaí sin go léir, agus a lán costasaí nár bh'iad, easba saidhbhris go trom air. Chómh luath agus bhí seilbh na catharach aige do bhailigh sé chuige, isteach 'n-a phálás féinig gach a raibh d'airi- gead agus d'ór agus d'ollmhaitheas le fághail sa chathair; go mór mór gach ar fhan i ndiaidh na Rómhánach de shaidhbhreas na ndaoine a cuireadh chun báis sa n-éirleach. Do tharraig san fuath na ndaoine air go fíochmhar, agus do neartuigh san an fuath a bhí chómh láidir cheana ag lucht leanamhna Antigonuis dó, fuath nár dhein an easonóir a tugadh d'Antigonus aon mhaolú air. B'éigean dó gníomhartha cruadha dhéanamh chun an lucht leanamhna san do chlaoi agus do smachtú. Do rug sé ar chúigear agus dachad de'n chuid ba shaidhbhre dhíobh san agus do chuir sé chun báis iad agus thóg sé chuige féin a gcuid saidhbhris. Bhí sé chómh ceapaithe sin ar gan aon phioc de'n tsaidhbhreas san do leogaint uaidh gur chuir sé gárda d'fhearaibh armtha ag geata tighe gach duine acu, nuair a bhíthas ag breith a chuirp amach le h-adhlacadh, chun na cómhran a dh'osgailt feuchaint an mbeadh aon tsaidhbhreas innti i bhfolach, agus dá mbeadh é thógaint agus do thabhairt chuige, agus deimhne thabhairt chuige go raibh an duine marbh dáiríribh. Níor bh'fhada gur thug an obair sin saidhbhreas a dhóithin do Héród. Ach do thug an obair sin rud eile dhó. Thug an obair sin, agus an saghas aigne a bhí aige i ndéanamh na h-oibre sin, beatha bhriogadánach dó, agus saoghal neamhshuain- easach, an fhaid a mhair sé. Ach dhein sé droch bheart eile do mhéaduigh an neamhshuaineas. Thug sé leis anoir ó Bhaibilóin fear d'ár bh'ainm Ananel, duine de shliocht na Lebhíteach a shocaruigh lastoir chun cómhnuighthe tar éis an bhraighdinis, cara dílis dó féin, fear a dhéanfadh rud air ins gach nídh, agus dhein sé árdshagart de.
LXI. ANANEL. Bhí inghean ag Huircánus agus Alegsandra ab ainm di. Bhí beirt chlainne aici, mac agus inghean. Aristóbulus ab ainm do'n mhac agus Mariamne ab ainm do'n inghin. Bhí an Mariamne sin pósta ag Héród. Is ag an Aristóbulus san ba cheart an árdshagartacht a bheith, ó cheart a sheanathar Huircánus, an fear gur bhain Antigonus na cluasa dhe chun é chur as an árdshagartacht. Nuair a thug Héród an fear úd Ananel, fear gan cháil, anoir leis ó Bhaibilóin, agus dhein sé árdshagart de, bhí fearg ar Alegsandra. Bean mhórchúiseach ab eadh í. Bhíodh sí coitchianta ag gearán ar an eugcóir a bhí déanta aige ar a mac, 'ghá rádh leis ná raibh aon cheart aige árdshagart a dhéanamh de'n fhear íseal iasachta san agus é chur isteach i gceart a mic féin. Bhí fhios ag Héród go raibh an ceart aici. Ach bhí fhios aige, leis, má b'é ceart Aristóbuluis bheith i n'árdshagart go raibh ceart chómh láidir díreach aige chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí fhios aige, má b'é Aristóbulus ba cheart a bheith i n' árdshagart gur bh'é an t-Aristóbulus céadna ba cheart a bheith 'n-a rí. Bhí máthair a chéile, Alegsandra, ró ghasta, ró ábalta, agus bhí eagla air, dá ndeineadh sé árdshagart d'á mac go bhfaghadh sí slighe éigin ar rí dhéanamh de, ar é féin do chur as an rígheacht agus ar an bhfear ab fhearr ceart chúichi do chur innti. Ní leogfadh eagla dhó géille dhi, bíodh gur thuig sé go raibh an ceart aici. Do chuimhnigh sisi ar Chleopátra a bhí 'n-a banrighin sa n-Éigipt agus a bhí go h-ana mhór le Marcus Antónius. Do thuig sí go mb'fhéidir go labharfadh Cleopátra le h-Antónius agus ansan go n-iarrfadh
Antónius ar Héród an fear ó Bhaibilóin do chur soir abhaile agus árdshagart a dhéanamh d'Aristóbulus. Do sgríbh sí leitir ag triall ar Chleopátra 'ghá iarraidh uirthi labhairt le h-Antónius. Fuair Héród amach an bheirt bhanuasal san a bheith i gcómhairle a chéile ar an gcuma san. Tháinig eagla aige roimis an mbeirt. Thuig sé go ndéanfadh Antónius pé rud a déarfadh Cleopátra leis a dhéanamh. Do thuig sé gur bh'fhearra dhó an gníomh a dhéanamh uaidh féin 'ná fanmhaint go dtí go n-iarrfadh Antónius air an gníomh a dhéanamh. Do chomáin sé fear Baibilóin soir abhaile agus dhein sé árdshagart d'Aristóbulus. Seo mar adubhairt sé leis an bpoibilidheacht:- "Ní thabharfinn an fear iasachta san anoir ó Bhaibilóin liom ach amháin chun é bheith ag déanamh na h-oibre go dtí go mbeadh Aristóbulus tagaithe sa n-aois cheart. Anois ó tá sé sa n-aois cheart cuir- fad sa n-árdshagartacht é agus téidheadh Ananel soir abhaile. Dá dtoghainn duine de mhuinntir na h-áite seo nuair a thoghas Ananel b'fhéidir ná beadh sé chómh h-uiriste sgaramhaint leis anois agus atá sé sgaramhaint le h-Ananel." Bhí gach aoinne sásta, agus d'imthigh Ananel. LXII. MOLADH TEINN. Nuair adubhairt Héród ná raibh sé ach ag feitheamh le h-Aristóbulus do theacht sa n-aois cheart nuair a dhein sé árdshagart d'Ananel, agus ansan, nuair a chuir sé an t-árdshagart iasachta san chun siubhail agus dhein sé árdshagart d'Aristóbulus, bhí áthas ar gach aoinne ach amháin air féinig. Ní raibh aon áthas
air féinig. Fear áluinn uasal ríoga ab eadh Aris- tóbulus. Rí ab eadh é 'n-a phearsain agus 'n-a dhéanamh. Ní raibh aoinne a chonaic é ag déanamh an ghnótha a bhain le h-oific árdshagairt nár chuimhnigh ar a fheabhas a dhéanfadh sé gnó rí. Ní raibh aoinne do b'fhearr a thuig an méid sin 'ná mar a thuig Héród é. Do thuig sé é, agus níor mhaith an bhail ar an árdshagart óg gur thuig. Bhí sé, i n' aigne féin, ar buile chun máthar a chéile, chun Alegsandra, mar gheall ar a chur fhiachaint air árdshagart a dhéanamh d'á mac. Bhí sé ar buile chúichi, ach bhí an t-eagla aige roímpi féin agus roime Chleopátra agus roime Mharcus Antónius. Bhí sé ar buile chúichi, ach do leog sé air, tar éis rainnt feirge thaisbeáint di, go raibh sé ana mhuinnteartha léi. Sa n-am gcéadna bhí sé ag faire chuige feuchaint an dtuitfadh aon rud amach a thabharfadh caoi dhó ar Aristóbulus do chur as a shlighe a gan fhios do'n phobul. I lár na faire dhó do tháinig féile na dtaber- nacul. Féile ana mhór ab eadh an fhéile sin ag na Iúdaígh. Do chruinnighdar isteach i gcathair Ierúsalem ó'n uile pháirt de'n tír. Nuair a thosnuigh gnó na féile bhí an teampul lán de dhaoine. Chonacadar an t-árdshagart. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag d'aois. Bhí bláth na h-aoise sin ag taithneamh ar a cheannachaibh. Bíodh ná raibh sé ach na seacht mbliana déag bhí sé chómh h-árd le fear a bheadh chúig bliana fichid. Bhí sé uasal 'n-a phearsain mar ba dhual dó bheith ó n-a shínsear ríoga. Bhí stuaim agus staidéar agus cruinneas agus naomh- tacht ins gach cor d'ár chuir sé dhe i ndéanamh na h-oibre naomhtha. Bhí an pobul go léir ag feuchaint air agus ag faire air. Bhí áthas ortha ó'n gcéad radharc a fuaradar air agus bhí an t-áthas ag méadú ortha fé mar a chuaidh an obair ar aghaidh. Sar a raibh
leath na h-oibre déanta bhí smaoineamh áirithe tagaithe i n-aigne an uile dhuine acu. "O!" ar siad go léir, istigh 'n-a n-aigne, "nách truagh gan é i n'árdrí againn i dteannta bheith i n' árdshagart!" Nuair a bhí obair na féile críochnuighthe bhí an pobul go léir, istigh sa teampul agus ar fuaid na catharach, ag cainnt ar a ndítheal agus gan de phort acu ach an t-árdshagart óg agus iad 'ghá mholadh agus ag áireamh a thréithe fóghanta, uaisle, ríogamhla; agus iad ag moladh an rí mar gheall ar a leithéid d'árdshagart a thabhairt dóibh. Moladh teinn do'n árdshagart óg ab eadh an moladh san. Do thuig Héród go raibh an ceart ag an bpobul. Do thuig sé, chómh maith agus do thuig- eadar-san, gur 'n-a rí ba cheart é bheith. LXIII. AR TÓN PUILL. Bhí Alegsandra, máthair an árdshagairt óig, ag feuchaint air an fhaid a bhí sé ag déanamh na h-oibre agus bhí áthas an domhain uirthi. Bhí sí ag éisteacht leis na daoine 'ghá mholadh go h-árd agus do mhéaduigh san an t-áthas uirthi. Bhí sí ag éisteacht le cuid mhaith de'n chogarnach a bhí 'ghá leogaint amach, i ndiaidh chéile, gur mhór an truagh gan é bheith 'n-a rí chómh maith le bheith in' árdshagart. Dubhairt an chogarnach an rud a bhí istigh 'n-a croidhe féin aici, agus do thaithn an chogarnach léi. Bhí an t-áthas chómh mór san uirthi gur imthigh sí soir go Iericó, mar a raibh pálás cómhnuighthe aici, agus gur chóruigh sí féasta mór ann do'n rí agus d'uaislibh a theaghlaigh, agus d'á cáirdibh uaisle féinig, agus do'n árdshagart óg.
Chuaidh an rí agus na h-uaisle go léir soir chun an fhéasta. Bhí loch breágh mór i gcómhngar do'n phálás, loch i n-a gcimeádtí iasgana breághtha a bhí áluinn le feisgint sa loch, agus a bhí deighbhlasta agus foláin chun bídh. Bhí an lá brothalach. Do léim rainnt de mhuinntir Héróid isteach sa loch 'ghá bhfuaradh féin agus 'ghá nighe féin. Do mheall tuille acu, a bhí ar bhruach an locha, an t-árdshagart óg chun dul isteach i n-aon- fheacht leó. Níor dhein aoinne aon iongna dhe sin. Snámhaidhe maith ab eadh é. Ar ball thánadar go léir amach. Ní fheacaidh aoinne an t-árdshagart ag teacht amach. Ní raibh aon tuairisg air! Tháinig sgannra ar an rí, mar dh'eadh. Bhí fhios aige, ámhthach, cad a bhí déanta. Bhí órdú tabhartha aige do'n mhuinntir a mheall an t-árdshagart agus a chuir fhiachaint air dul ag snámh. Nuair a bhíodar istigh agus gan aoinne 'ghá dtabhairt fé ndeara do rugadar eatartha ar an árdshagart agus chimeádadar fé uisge é go dtí go raibh sé báidhte. Nuair a bhí an gnó san déanta acu do sgaipeadar agus mheasgadar ar an gcuid eile de sna snámhaidhthibh. Nuair a thánadar go léir amach bhí Aristóbulus óg istigh sa loch agus é sínte marbh ar tón puill! Do ghluais an rí, agus é as a mheabhair mar dh'eadh le buairt, agus do sholáthruigh sé cóir chuardaigh. Do cuarduigheadh an loch. Do fuaradh an corp. Do tógadh aníos as an loch é agus do síneadh ar an bport é. Do chonaic a mháthair é. Do sgread sí agus do bhéic sí; b'éigean breith go daingean uirthi sar a léimfadh sí isteach sa loch chun í féin do bháth; bhí sí as a meabhair le neart buile buartha. B'éigean í cheangal. Bhí buairt ar Héród agus é ag sile na ndeór go fuigheach. Ach bhí áthas istigh 'n-a chroidhe. Níor bh'fhéidir feasta d'Alegsandra, ná do Chleopátra, ná do
Mharcus Antónius, pé plámás a dhéanfadh an bheirt ríogan air, rí dhéanamh d'Aristóbulus. Bhí buairt ar na daoine; bhíodar go léir ar buile le buairt agus le feirg, agus le fuath do'n rí. Bhí fhios acu go maith gur bh'é féin a mhairbh an t-árd- shagart. Ní raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar é féin a ghlanadh ó'n gcoir pé rud a déarfadh sé ná pé rud a dhéanfadh sé. Tháinig gráin ag an náisiún go léir air.
BRÚN AGUS NÓLÁIN, TEOR., DO CHLÓBHUAIL
SGÉALAIDHEACHT NA MACABÉACH (Cuid a Dó) Ó'N ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE CANÓNACH, S.P. Ar dheis Dé go raibh a anam. Fógarthar gach ceart ar cosnamh. BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEOR., I mBAILE ÁTHA CLIATH: I mBÉAL FEIRSTE I gCORCAIGH: I bPORTLÁIRGE
SGÉALAIDHEACHT NA MACABÉACH LXIV. AON TSEIFT AMHÁIN Do thuig Alegsandra go dian mhaith gur bh'é Héród fé ndeár an mí-ádh a bhí tagaithe uirthi. Bhí fhios aici gur bh'é a mhairbh a mac, go raibh sé chómh cionntach sa ghníomh agus bheadh sé dá mba le n-a láimh féin a bhainfadh sé an t-anam as. Do shocaruigh sí ar dhíoltas a dhéanamh air. Do sgríbh sí leitir ag triall ar Chleopátra ag innsint an sgéil go léir di agus 'ghá iarraidh uirthi labhairt le Marcus Antónius agus a iarraidh air cómhacht na Rómha do chur i bhfeidhm ar Héród agus é chur chun báis mar gheall ar an gcoir a bhí déanta aige. Do léigh Cleopátra an leitir. Do chuimhnigh sí 'n-a h-aigne ar chuma áirithe in-a ndéanfadh bás Héróid tairbhthe dhi féin. Do sgríbh sí chun Antóniuis. Do chuir sí os a chómhair an sgéal go soiléir. Do thais- beáin sí dhó nár bh'aon tionoisg a dh imthigh ar an árdshagart, ach seirbhísigh Héróid 'ghá chimeád fé uisge, sa loch, go dtí go raibh sé marbh. D'iarr sí air an bás a bhí tuillte ag Héród do thabhairt dó. Agus d'iarr sí air rígheacht Iudéa thabhairt di féinig. Do léigh Antónius an leitir. Chuir sé i gconnibh Chleopátra ar feadh tamail. Bhí sí ag tathant air, fé dheire do ghéill sé. Bhí sé an uair sin sa n-áit ar a dtugtí Laodicéa. Do sgríbh sé leitir agus chuir sé ag triall ar Héród í. Isé rud a bhí sa leitir ná órdú do Héród teacht chuige go Laodicéa agus é féin a ghlanadh ó aon lámh a bheith aige i mbás an árdshagairt.
Bí Cleopátra i Laodicéa, leis. Níor thaithn le Héród aghaidh a thabhairt ar an mbeirt. Ní raibh aon dul uaidh aige, ámhthach. Ní raibh aige ach aon tseift amháin chun é féin a ghlanadh. Chuir sé bronntanas mór airgid ag triall ar Antónius. Ansan chuaidh sé go Laodicéa agus thug sé aghaidh ar an mbeirt. D'innis Cleopátra an sgéal fé mar a h-innseadh di féin é sa leitir a fuair sí ó Alegsandra. D'innis Héród an sgéal díreach, dar leis, mar a thuit an sgéal amach. D'oibrigh an bhreab. Thug Antónius a bhreith i bhfabhar do Héród. Do ghlan an bhreab Héród ó aon lámh a bheith aige i mbás Aristóbuluis. Ní bhfuair Alegsandra aon tsásamh. Nuair nár fhéad Marcus Antónius Iúdéa thabhairt do Chleopátra thug sé Celesuíria dhi. Sar ar fhág Héród Ierúsalem chun dul go Laodicéa dhein sé gobhernóir ar an gcathair de Ióseph dritháir a athar. Bhíodh Ióseph 'ghá innsint do Mhariamne cad é an neart grádha a bhí ag an rí dhi. "Feuch, a ríogan," ar seisean léi, "tá a leithéid sin de ghrádh aige dhuit gur órduigh sé dhomh-sa dá mba ná h-eireóchadh an gnó so leis i Laodicéa, thusa chur chun báis, le h-eagla go mbeifá ag aon fhear eile, go mór mór, le h-eagla go mbeifá ag Marcus Antónius. D'airigh sé an fear san ag moladh t'áilneachta." B'fhearra do Ióseph go ngearrfí an teanga amach as a cheann sar ar labhair sé an chainnt sin. Nuair airigh Mariamne an chainnt is amhlaidh a tháinig fuath fíochmhar aici do'n fhear a dh'fhéad a leithéid d'órdú a thabhairt uaidh. D'innis sí an t-órdú d'á máthair. Bhí fuath a dóithin cheana ag Alegsandra do Heród Do mhairbh sé a mac. Thaisbeáin an t-órdú san cad é an saghas grádha a bhí aige d'á n-inghin. Ní fuiriste a dh'innsint cad é an sórd aigne a bhí aici dhó.
LXV. ÉAD I GCROIDHE HÉRÓID Le n-a linn sin do ghluais ráfla ó bhéal go béal ar fuaid na catharach go raibh Héród tar éis bháis, go raibh Antónius tar éis é chur chun báis agus gur imir sé pionós ana ghéar air, fé mar a h-imireadh ar Antigonus. Do chuir an ráfla san uathbhás ar na daoine go léir. Do chuir sé sgannra ar Alegsandra agus ar Mhariamne. Do réir na cainnte a bhí ráidhte ag Ióseph níor bh'fholáir Mariamne do chur chun báis laithreach! Siúd an bheirt, Mariamne agus a máthair ag triall ar Ioseph, 'ghá fhiafraighe dhe cad a bhí le déanamh chun Mariamne do chimeád saor ó'n ordú úd a bhí fághalta ag Ióseph. ó'n rí. Bhí áit ná raibh ró fhada ó'n gcathair agus bhí sé fé chómhacht na Rómhánach agus é lasmuich de chómhacht rí na nIúdach, agus mar chomh- artha ar an nídh sin bhí na fiolair Rómhánacha curtha suas os cionn na h-áite. Do chrom Alegsandra ar a iarraidh ar Ióseph imtheacht, i n-aonfheacht léi féin agus le Mariamne, amach a' cathair Iérúsalem agus iad i dtriúr a dhul fé chomairce na bhfiolar, agus cómhacht na Rómha do chur idir iad agus órdú an rí. Bíodar 'ghá n-ullmhu féin chun imtheacht. I lár an ullmhúcháin dóibh tháinig leitir chucha ó Héród 'ghá innsint dóibh go raibh buaidhte aige! go raibh Antónius tar éis breithe thabhairt i bhfabhar dó agus é ghlanadh ó aon lámh a bheith aige i nibás an árdshagairt. "Táim glan," ar seisean, "ó aon lámh a bheith agam i mbás an árdshagairt, agus ní h-é sin féin ach ní raibh meas chómh mór riamh ag Antónius orm agus atá aige orm anois. Ní fada go mbead ag dul abhaile go Ierúsalem agus mo chómhacht níos treise 'ná mar a bhí riamh." Do stad an t-ullmhúchán.
Bhí drifiúr ag Héród agus Salóme ab ainm di. Tráth éigin roimis sin do thárla aighneas éigin idir Shalóme sin agus Mariamne agus do chas Mariamne le Salóme a neamhuaisleacht, ná raibh innti ach leath- Iúdach. Fuair Salóme aniach an t-ullmhúchán chun dul fé chomairce na bhfiolar Rómhánach. Chómh luath agus tháinig Héród abhaile d'innis sí dhó i dtaobh an ullmhúcháin. "Agus go deimhin féin," ar sisi, "níor ghádh do Ióseph bheith chómh mór ar fad le Mari- amne agus a bhí sé an fhaid a bhís-se i Laodicéa!" Do las an focal san éad i gcroidhe Héróid. Do labhair sé le Mariamne agus do chas sé léi í bheith chómh mór san le Ióseph. Do thaisbeáin sí dhó go soiléir, ná raibh aon nídh bun os cionn déanta aici. Do thuig sé go raibh eugcóir déanta aige uirthi agus chrom ar mhéid a ghrádha dhi do léiriú. Ansan dubhairt sí focal agus b'fhearra dhi ná déarfadh sí é. LXVI. CLEOPATRA. An fhaid a bhí Hérod ag maoidheamh as méid an ghrádha a bhí aige do Mhariamne bhí Mariamne ag cuimhneamh ar an órdu úd a thug sé d'á oncuil, Ióseph, nuair a bhí sé ag imtheacht go Laodicéa chun é féin a ghlanadh i láthair Mharcus Antónius ó aon lámh a bheith aige i mbás an árdsagairt Aristóbulus. Níor fhéad sí gan labhairt:- "Ba dhóich liom, a rí," ar sise," dá mbeadh grádh ceart agat dom, grádh bheadh ar mhaithe liom, ná h-órdofá do Ióseph mé chur chun báis dá gcuireadh Marcus Antónius thu féin chun báis." Níor bheag san. D'eirigh sé ar buile. "Dar fiadh,"
ar seisean, i n' aigne féin, "d'innis Salóme an fhírinne! Mara mbeadh í féin agus Ióseph a bheith ana mhór le n-a chéile ní 'neósfadh Ióseph di gur thugas an t-órdú san dó!" Tharraig sé a chlaidheamh chun í mharbhú láithreach le n-a láimh féinig. Do sheasaimh sí os a chomhair gan staonadh. D'fheuch sí in sna suilibh air gan crithniú, a h-aghaidh chómh breágh, chomh socair, chómh suaineasach, chómh stuama, agus bheadh sí dá mba ná beadh aon fhearg i n-aon chor air. Níor fhéad sé í bhualadh. Bhí fuil ríoga na Macabéach ró láidir dó, ró uasal dó. Chuir sé a chlaidheamh thar n-ais 'n-a thruaill taisge. Ach do dhein sé rud eile. Chuir sé lucht airm uaidh chun Ióseph do chur chun báis gan a thuille righnis, gan leogaint dó teacht 'n-a ghoire ná aon fhocal do labairt 'ghá thaisbeáint ná raibh aon choir déanta aige. D'órduigh sé do'n lucht airm breith ar Alegsandra agus í cheangal go dain- gean agus í chur isteach i bpríosún. Le linn an niéid sin a bheith déanta ag Héród tháinig sgéala chuige 'ghá chur i n-iúil dó go raibh Cleopátra ag teacht isteach i dtír Iúdéa. Is amhlaidh a bhí sí ag teacht thar n-ais ó thír Euphrátes tar éis í bheith thoir sa tír sin ar chuaird i n-aonfheacht le Marcus Antónius. Bhí fuath ag Héród do Chleopátra, fuath fíochmhar. Bí mórán uilc déanta aici air. Bhí sí, i dteannta gach uilc eile, tar éis mórán de'n talamh ba shaidhbhre a bhí aige do bhaint de, an talamh a bhí mórthímpal ar chathair Iericó, talamh a thugadh cíosana troma isteach chun Héróid mar gheall ar an mbalsam a dh'fhásadh as agus ar na crannaibh pailime a bí chómh téagartha, chómh flúirseach, air. Bhí Cleopátra ana mhór le Marcus Antónius agus do mheall sí an talamh san go léir uaidh. Thug sé an talamh di. Bhí Héród ar buile, ach cad fhéadfadh sé dhéanamh i gcoinnibh an Rómhánaigh chómhachtaigh?
D'á éaghmais sin, bhí sí 'ghá leogaint uirthi go raibh ana ghrádh aici dhó, agus bhí sí a d'iarraidh bheith go mór leis fé mar a bhí sí le Marcus Antónius féinig. Is amhlaidh a tháinig gráin mhillteach aige uirthi mar gheall air sin. Agus bhí sí ansúd i n'fhochair aige, fé n-a láimh. LXVII. FUATH AGUS GRÁIN. Bhí sí ansud fé n-a laimh aige, agus an díobháil go léir úd déanta aici dhó, agus an fonn uirthi chun tuille díobhála dhéanamh dó, agus an grádh salach bréagach aici 'á thaisbeáint dó, agus an fuath aige dhi agus an ghráin aige uirthi. Ba chruaidh an cás é. An fonn thar barr air chun an chinn a bhaint di, agus an chaoi tabhartha aici fchinig dó chómh h-áluinn chun a dhéanta, ach an t-eagla istigh 'n-a chroidhe roim Mharcus Antónius. Bhí a ghnó aige 'á dhéanamh go h-ait 'n-a taobh. Bhí sé ag machtnamh go cruaidh ar conus a thiocfadh sé ar í chur chun báis gan aon droch nídh a theacht air féinig mar gheall ar a bás, agus bhí sé, sa n-am gcéadna, ag tabhairt an uile shaghas onóra dhi féin agus d'á cualacht, ag déanamh féastaí móra costasamhla dhóibh agus ag bronnadh tabhar- thaistí uaisle ortha. Do labhair sé le cuid d'á cháirdibh ionmhuine agus do nocht sé a aigne dhóibh. Chuireadar ar a shuilibh dó go mbeadh sé ró chontabartach dó aon nídh dhéanamh i gcoinnibh a h-anama, pé ceilt a dhéanfadh sé ar a leithéid de ghníomh go bhfaghadh Antónius amach an fhírinne 'n-a thaobh agus ansan go ndéanfadh na Rómhánaigh an donas de dhíoltas ar gach aoinne a bhain leis. "Agus," ar siad, "tá a lán de sna Iúdaígh
agus cuirfidh an díoltas san áthas mór ortha." Bhí fhios aige go raibh san fíor. Níor dhein sé ach comáint leis ag tabhairt, na h-onóra do Chleopátra agus ag bronnadh na se ód uasal uirthi féin agus ar a cualacht. Do thuig sé go niaith, ámhthach, gur thuig sisi an fuath a bhí aige dhi agus an ghráin a bhí aige uirthi, agus bhí fhios aige go dtiocfadh a droch aigne 'n-a choinnibh luath nú mall. Bhí fhios aige go raibh sí ró dhoimhinn, ró ghéarchúiseach, ró thuisgeanach in sna gnothaíbh stáit a bhain an uair sin leis na Rómhánaigh agus leis na Iúdaígh agus leis na treabhchasaíbh eile mór- thímpal, agus, le cor éigin d'á gcuirfadh an saoghal de, gur bhaogal dó go mbainfadh sí leagadh as nár bh'fhuiriste dhó eirighe uaidh. Nuair a tháinig an t-am di chun dul ódheas abhaile chun a h-Eigipte do chuaidh sé féin agus cualacht mhór d'á cháirdibh 'ghá tonnlacan chómh fada le Pelúsium. Do sgar sé léi ansan agus do sgaoil sé uaid ódheas í. Chómh luath agus bhí sgartha aige léi d'imthigh sé agns do dhainginigh sé go láidir an caisleán ar a dtugtí Massada. Dhein sé daingean ana láidir de'n chaisleán san agus chuir sé isteach ann armáil agus lón do dheich míle fear, i dtreó, dá dtagadh céini cruaidh air tré dhroch aigne agus tré bheartuchán na mná san, go bhféadfadh sé teiche isteach sa chaisleán san agus é féin a chosaint. LXVIII. MALCHUS. Níor bh'fhada gur sáid Cleopátra isteach é i gcéim a bhí cruaidh go maith, i gcéim a bhí chómh cruaidh sin nár bh'fholáir dó a ghastacht go léir agus a ghliocas
go léir agus a neart go léir do tharrac chuige agus d'oibiriú chun é féin do thabhairt saor as. Bhí sluagh líonmhar láidir ag Hérod agus coir ortha chun cogaidh. Bí beartuighthe aige an tsluagh san do chur ag cabhrú le Marcus Antónius i gcoinnibh an Rómhánaigh eile úd Octábhius. Bhí Antónius tar éis mórán tíortha lastoir do bhronnadh ar Chleopátra. Bhí tír acu san i n-Arabia agus Malchus ab ainm do'n rí a bhí ar an dtír sin. Bhí Malchus ag díol chíosa le Cleopátra as an dtir sin, go dtí gur briseadh cath Actium ar Mharcus Antónius. Chomh luath agus do briseadh an cath san ar Mharcus Antónius do dhiúltuigh Malchus d'á thuille cíosa thabhairt do Chleopátra. Do labhair Cleopátra le Marcus Antónius:- "Tá sluagh líonmhar láidir," ar sisi, "ag Héród. Tá eileamh agat-sa ar Héród agus ar an sluagh san. Iarr air an ncart slógh san d'iompáil anois soir ar Mhalchus agus ar na h-Arabiánaigh. Buadhfidh sé ortha agus cuirfidh sé do chómhacht-sa i bhfeidhm lastoir. Déanfidh san lagú ar an gcómhacht atá ag Octábhius óg laistiar. B'fhéidir go ndéanfadh an neartú san ort-sa agus an lagú san air siúd an cluiche d'iompáil eadraibh agus an lámh uachtair a thabhairt duit-se." Ar mhaithe léi féin iseadh adubhairt Cleopátra an chainnt sin le h-Antónius. Bhí fhios aici go ndéanfadh Antónius an rud a bhí aici 'á iarraidh air a dhéanamh. Ansan, dá mbuadhadh Héród ar Mhalchus bheadh tír Mhalchuis ag Cleopátra. Agus dá mba ag Malchus a bheadh an buadh do thabharfadh Antónius tír Iúdéa do Chleopátra. Ar an gcuma san, pé duine go mbeadh an buadh aige is ag Cleopátra bheadh toradh an chatha, agus bheadh san, aici i n-aisge, gan pingi a chailleamhaint, gan buille do bhualadh. Do dhein Antónius an rud a dh'iarr sí air a
dhéanamh. Dubhairt sé le Héród dul agus cogadh chur ar Mhalchus. Do ghluais Héród. Chuir sé cath ar Mhal- chus agus bhris sé an cath air. Chuir Malchus armáil eile le chéile, armáil a bhí níba threise 'ná an chéad armáil. Ach bhí rud eile déanta ag Cleopátra um an dtaca san. Chuir sí uaithi taoiseach airm a bhi aici gur bh'ainm dó Atenion agus dubhairt sí leisbuidhean a bhreith leis agus a leogaint air go raibh sé ag dul ag cabhrú le Héród ach iompáil 'n-a choinnibh i lár catha agus troid 'n-a choinnibh. Do buaileadh an tarna cath idir Héród agus Malchus. D'fhan Atenion agus a bhuidhean Éigipteach ag feuchaint ar an gcath go dtí go bhfeacaidh sé Héród i riocht an chatha do bhrise airís ar Mhalchus. Ansan do phreab sé féin agus a bhuidhean isteach sa chath agus do briseadh an cath ar Héród. Deir an seanachaidhe gur i gCamat, i n-Arabia, lastoir de'n Iórdan, a briseadh an cath san ar Héród. LXIX. LUASGADH TALMHAN. Do dhein Atenion an feall ar Héród. Do phreab sé isteach sa chath, díreach nuair a bhí Héród i riocht an chatha do bhrise ar Mhalchus agus ar na h-Arabiánaigh agus do throid sé i gcoinnibh Héróid tar éis a leogaint air gur ag cabhrú le Héród a tháinig sé. Ní raibh blúire coinne ag Héród leis an bhfeall san. Bhí iongna air, agus ar a shluagh nuair a chonacadar Atenion agus a bhuidhean 'n-a seasamh ag feuchaint ar an gcath i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh an cath ar siubhal. Feall ab eadh an fanmhaint siar san, tar éis na geallamhna, ach feall caillte ab eadh iompáil agus troid i
gcoinnibh na nIúdach tar éis na geallamhna. Do h-iompuigheadh 'n-a gcoinnibh agus do throid an dá namhaid i gco nnibh na nIúdach chómh dian san gur briseadh an cath san ar Héród agus gur dhóbair dó féinig gan dul saor. Do briseadh an cath air agus do sgaipeadh a shluagh. Do tógadh a longphort agus a raibh ann, agus ar éigin bháis iseadh fhéad sé féin agus beagán d'á shluagh slighe a ghearradh dhóibh féin tré lár a namhad agus imtheacht suas cliathán cnuic a bhí n-aice na h-áite. As san amach, ar feadh tamail, níor thug Héród cath d'á namhaid; d'fhan sé féin agus a shluagh anieasg na gcnoc. Bhí a shluagh ag dul i méid. Bhí na fir a theich as an gcath ag teacht ag triall air, agus a lán fear eile ná raibh sa chath san in-aon chor. Chimeád Héród ameasg na gcnoc iad, agus n-inead catha thabhairt go h-osgailte d'á namhaid is amhlaidh a bhíodh sé 'ghá gcrádh le ruagaibh. Do stiúruigheadh sé féin na ruaga san go cródha agus go h-oilte. Do chuireadh san misneach ar na fearaibh a bhí aige agus mímhisneach ar a namhaid, i dteannta mórán lóin do thabhairt isteach ó'n namhaid, mórán de'n lón agus de'n tsaidhbhreas a thóg an namhaid nuair a briseadh an cath ar na Iúdaíg agus do tógadh a longphort. An fhaid a bhí neithe ar an gcuma san b'é toil Dé go dtáinig luasgadh uathbhásach talmhan ar thír Iúdéa, luasgadh nár chuimhin le daoine a leithéid a theacht riamh roimis sin. Do mhairbh an luasgadh talmhan san mórán beithidheach agus na mílte daoine. Do leagadh na tighthe ar na daoine agus do marbhuighcadh na daoine fútha. Níor dhein an luasgadh san puinn díobhála do shluagh Héróid, mar ní h-istigh i dtighthibh a bhíodar aige ac i gcábánaibh amuich ar na cnocaibh. Níor dhein an luasgadh talmhan puinn díobhála do sna fearaibh a bhí ag Héród, ach do chreach sé an tír go
leir i dtreó ná raibh bia ná deoch ná aon tsaghas eile cabhrach aige le fághail chun an chogaidh do chothú. B'éigean dó teachtaireacht a chur chun na n-Arabiánach ag lorg síothchána. Fuair sé an t-eiteachas i dtaobh na síothchána. Níor bh'é sin féin ach do mhairbh an namhaid na teachtairí, agus siúd isteach i Iúdéa na h-Arabiánaigh nuair a bhí, dar leó, an tír gan chosnamh. Tháinig sgannra ar na fearaibh a bhí ag Héród. B'é a dhítheal iad a chimeád gan teiche uaidh ar fad. Do mheall sé chuige iad ar chuma éigin. Chuaidh sé féin agus iad thar Iórdan soir agus thug sé cath do'n namhaid. Do bhris sé an cath san ortha, agus cath eile 'n-a dhiaidh. LXX. CAINNT GAN MHAITH. Chuaidh Héród agus a shluagh, mar adubhradh, thar Iórdan soir. Ní raibh aon choinne ag na h-Arabiánaigh go bhféadfadh sé cath a thabhairt dóibh. Do thug sé cath dhóibh, ámhthach, i n-aice na h-áite ar a dtugtí Phila- delphia. Do bhris sé an cath san ortha agus mhairbh sé chúig mhíle fear ortha. Ansan do dhein sé imdhridim ortha agus iad istigh 'n-a longphort. Do dhún sé isteach sa longphort iad, chómh dúnta san nár bh'fhada go rabhadar i ndeire an anama le tart agus le h-ocras. Tharraigeadar dó caogad talant ach leogaint dóibh imtheacht uaidh. Do chuimhnigh sé ar mharbhú a theachtairí agus chimeád sé a ghreim ortha. Bhí an tart agus an t-ocras ró dhian ortha. Chromadar ar theacht chuige 'n-a gcéadtaibh ag umhlú dhó. Bhíodar ag teacht ar feadh chúig lá. Bhí an chuid acu ná tiocfadh bhíodar ar buile chun na muinntire a tháinig. B'fhearr leo féinig bás d'fhághail 'ná teacht, ach bhí an tart ró dhian
agus gan aon bhraon uisge le fághail. Fé dheire shocaruighdar ar é throid bíodh ná raibh aon tsúil acu go mbuadhfidís air. Chuireadar le chéile agus do ghluaiseadar amach. Namhaid chontabharthach iseadh a leithéidí i gcás de'n tsórd. Is minic a rug a leithéidí buadh i gcás de'n tsórd. Ní bhíon aon bheann ar an mbás acu ná aon eagla acu roimis an mbás. Troidid siad le fuinneamh cródhachta ná bíon i bhfearaibh ach i n-a leithéid de chás. Ach do thuig Héród an méid sin agus do neartuigh sé 'n-a gcoinnibh an chuid d'a shluagh ar ar thugadar aghaidh. Do choisg sé an ruag a thugadar faoi. Do bhuaidh sé ortha agus mhairbh sé seacht míle fear díobh. Ansan d'umhluighdar dó agus do ghlacadar uaidh breith a bhéil féinig. B'éigean dóibh é ghlacadh mar riaghal- tóir os a gcionn agus dul fé n-a smacht agus fé n-a chomairce. Bhí buaidhte ansan aige ar Chleopátra. Ní fhéad- fadh Antónius tír Iúdéa ná tír Mhalchuis a thabhairt di. Bhí na h-Arabiánaigh tar éis Héród do ghlacadh 'n-a riaghaltóir os a gcionn, agus bhí aithne ró mhaith curtha acu air um an dtaca san chun aon fhonn a bheith ortha gabháil 'n-a choinnibh. D'á éaghmais sin bhí briste ag Octábhius ar Antónius i gcath Actium. Ní raibh ar chumas Antóniuis feasta tíortha do thógaint ná tíortha thabhairt uaidh. Ach bhí an fuath fíochmar ag Héród do Chleopátra. Do labhair sé le h-Antónius. "Feuch, a Uasail," ar seisean leis, "isí Cleopátra fé ndeár cath Actium do ghabháil ad' choinnibh. Mairbh í sin agus glac an Éigipt chughat féinig. Ta éacht saidhbhris ag an mnaoi sin. Tóg chughat an saidhbhreas san. Cruinneóchaidh sé sluagh dhuit. Beidh mo shluagh-sa agat, leis. Nuair a bheimíd i dteannta chéile buadh- fimíd ar Octábhius agus beidh an ímpireachta agat- sa."
Ní raibh aon mhaith sa chainnt. Bhí an greim ró dhaingean ag Cleopátra ar Antónius. "Is ádhbharaighe dhom dul agus claoidhe le h-Octábhius," arsa Héród i n' aigne féin. LXXI. CLUICHE CRUAIDH CONTABHARTHACH. Nuair a shocaraigh Héród ar chúl a thabhairt le Marcus Antónius agus ar a dhítheal a dhéanamh chun caradais a dh'fhághail ó Octábhius bhí fhios aige go dian mhaith go raibh cluiche cruaidh contabharthach aige le h-imirt. Bhí fhios ag Octábhius gur tré chómhacht Antóniuis a bhí Héród 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí fhios aige, leis, go raibh Héród, go h-osgailte agus fé cheilt, ag cabhrú le Marcus Antónius i gcaith- eamh na h-aimsire an fhaid a bhí an bheirt 'ghá n-ullmhú féin i gcóir an chatha úd Actiuim. Níor b'fhuiriste do Héród a chur 'n-a luighe ar aigne Octábhiuis go mbeadh an fear a bhí chómh dílis d'Antónius, agus chómh mór fé chomaoine ag Antónius, go mbeadh sé dílis d'Octábhius nuair iompóchadh sé chun Octábhiuis. Bhí contabhairt eile sa chluiche. Bhí Huircánus beó fós, bíodh go raibh sé cheithre fichid blian agus go raibh sé gan chluasa. Níor dheacair d'aoinne a thabharfadh fé a chur 'n-a luighe ar Octábhius gur bh'é Huircánus an rí ceart, ná raibh i Héród ach mac Iduméigh; gur Mhacabéach fírinneach Huircánus agus gur bh'é ba cheart a bheith 'n-a rí ar Iúdéa, agus gur dhóichighe go mór é bheith dílis d'ímpire na Rómhánach 'ná Héród a bheith dílis dó. Ach cé bhí chun cirt Huircánuis do nochtadh d'Octábhius? Bhí duine chun a dhéanta, duine ná fág- fadh aon dítheal gan oibiriú chun a dhéanta, máthair
chéile Héróid féin, Alegsandra. Bhí sí sin ann chun cirt Huircánuis do nochtadh d'Octábhius, agus is ró mhaith a bhí fhios ag Héród cad a dhéanfadh sí agus cad a bhí tuillte aige féinig uaithi. Do thuig sé i n'aigne ná raibh ar a chumas cosg a chur léi i dtaobh Huircánuis, i dtaobh a h-athar, ar aon chuma eile ach amháin ar an gcuma 'n-ar chuir sé cosg léi i dtaobh Aristóbuluis óig, i dtaobh a mic, an t-árdshagart uasal úd. Do chuir bás Aristóbuluis cosg léi an uair sin. Ní fhéadfadh aon rud eile cosg a chur léi an uair sin. Ní raibh aon rud chun cosg a chur léi i dtaobh Huircánuis ach amháin bás Huircánuis. Ní raibh aon rud chun cosg a chur lei i dtaobh a mic ach amháin bás a mic. Ní raibh aon rud chun cosg a chur lei i dtaobh a h-athar ach amháin bás a h-athar. Ach conus a bhí a h-athair le cur chun báis? Dá gcurtí chun báis é lom díreach, gan chúis, bheadh sgeal aici le h-innsint d'Octábhius a bheadh níba mheasa go mór 'ná aon nídh eile a bhí le rádh aici i gcoinnibh Héróid. Níor mhór cleas éigin a dh'imirt ar Huircánus a chuirfadh fhiachaint air rud éigin a dhéanamh a féadfí a chur 'n-a leith agus a thuillfadh bás dó. Do bheartuigh Héród cleas de'n tsórd san agus d'imir sé an cleas. 'Neósfad conus a bheartuigh sé an cleas, agus cad é an saghas an cleas agus cér' bh'iad a bhí ag cabhrú leis sa n-imirt. LXXII. DEIRE LE HUIRCÁNUS. Bhí Huircánus tar éis mórán d'á shaoghal a chaitheamh in sna tíorthaibh lastoir. Bhí a cháirde go léir tar éis gach díthil a dhéanamh chun a chur 'n-a luighe air gur
b'é a leas fanmhaint lastoir. Níor bh'aon iongna le h-aoinne é bheith, um an dtaca san, tar éis a thuis- gint i n'aigne go raibh an ceart agá cháirdibh. Bhí sé tar éis bháis Aristóbuluis a dh'fheisgint, an t-árd- sagart óg, mac a inghine féin, an t-óigfhear go raibh gach duine 'ghá rádh gur thruagh gan é 'n-a rí chómh maith le bheith in' árdshagart. Bhí aithne curtha ar Héród aige um an dtaca san ná raibh aigc air an fhaid a bhí sé abhfad uaidh, agus níor bh'iongna le h-aoinne fonn a bheith air dul abhfad uaidh airís dá bhféadadh sé é. Bhí fhios ag Héród go raibh Malchus 'n-a rí ar na h-Arabiánaigh sa dúthaigh lastoir. Ba mhaith le Héród go ndéanfadh Huircánus iarracht éigin ar dhul soir agus é féin a chur fé chomairce Mhalchuis. Ní raibh aon chuimhneamh ag Huircánus bocht ar aon iarracht de'n tsórd san a dhéanamh. Bhí seirbhíseach ag Huircánus agus Dositéus ab ainm dó. Do labhair Héród leis an seirbhíseach san:- "Is eól domh-sa, a Dhositéuis," ar seisean, "go bhfuil fonn ana mhór ar do mháighistir imtheacht uaim soir agus é féin a chur fé chomairce mo namhad, fé chomairce Malchuis, rí na n-Arabiánach. Is eól dom go bhfuil teachtaireachtaí d'á gcur soir ag triall ar Mhalchus 'ghá iarraidh air teacht agus Huircánus agus Alegsandra do bhreith leis soir chuigc féin uaim-se. Anois, a Dhositéuis, dá bhféadfá-sa deimhne dh'fhághail domh-sa ar an ngnó san bheinn ana bhuidheach díot. Is eól duit nách buidheachas gan tairbhthe mo bhuidheachas-sa nuair a tuilltear é chun mo thoile." D'imthigh Dositéus. Do thuig sé go maith cad a theastuigh ó Héród. Do sgríbh sé féin leitir chun Malchuis agus chuir sé ainm Huircánuis thíos leis an leitir. Isé rud a chuir sé sa leitir 'ná athchuinighe, 'gá iarraidh ar Mhalchus Huircánus a ghlacadh fé
n-a chomairce agus buidhean bheag marcach do chur uaidh go h-áit áirithe chun Huircánuis agus Alegs- andra bhreith chuige soir. Do fuair Malchus an leitir. Chuir sé freagra uaidh 'ghá rádh go gcuirfadh sé an bhuidhean marcach uaidh chun na h-áite. Do rug Dositéus an leitir agus an freagra leis agus thug sé isteach i láimh Héróid iad. Do rugadh Huircánus i láthair an rí. Do chas an rí leis an feall a bhí déanta aige. "Níor dheineas riamh é," arsa Huircánus. Do tharraig Héród amach an dá leitir agus thaisbeáin sé dhó iad. Ansan iseadh thuig Huircánus i gceart cad é an saghas duine Héród. Ní dubhairt sé a thuille. Do baineadh an ceann dc. Ansan do shocaruigh Héród ch féin chun dul siar go dtí an Róimh chun caradais do lorg ar Octábhius. Sar ar fhág sé Iúdéa do chuir sé Mariamne agus a máthair isteach i bpríosún Mhassada. "Agus," ar seisean leis an bhfear a bhí os cionn an phríosúin, "má imthighean aon droch nídh orm-sa sa Róimh mairbh an bheirt sin!" Do chuir sé dritháir a bhí aige, agus a dhrifiúr Salóme, isteach i ndún Alegsandrion. "Agus," ar seisean leó, "má imthighean aon droch nídh orm-sa sa Róimh beiridh greim ar rígheacht Iúdéa agus cimeádaidh an greim." LXXIII. DUINE BOCHT SÍMPLIDHE. Bhí Huircánus cheithre fichid blian nuair a bhain Héród an ceann de. Duine bocht símplidhe macánta ab eadh é, gan aon dúil i gcómhacht aige. Ní raibh uaidh
ach go leogfí dhó maireachtaint ar a shuaineas. Níor leogadh dó maireachtaint ar a shuaineas, ámthach. Dhein a mháthair Alegsandra árdshagart de' ansan fuair sí bás agus bhí sé 'n-a rí 'n-a diaidh. Trí mhí 'n-a dhiaidh san do chuir a dhritháir Aristóbulus as an rígheacht é. Do chuir Pompéius thar n-ais é sa rígheacht agus sa n-árdshagartacht. Chimeád sé an dá ghairm suas le dachad blian. Ansan d'eirigh Antigonus 'n-a choinnibh agus dhíbir sé as an rígheacht é, agus bhain sé na cluasa dhe i dtreó nár bh'fhéidir dó bheith i n' árdshagart, agus do chuir sé go Partia é 'n-a phríosúnach. Bhí saoghal maith lastoir aige. Do thuig an rí thoir cad é an saghas é agus bhí uraim ana mor aige dhó agus ana bháidh aige leis. Bhí eagla ar Héród go mb'fhéidir go dtuigfadh Octábhius gur bh'é Huir- cánus an rí ceart agus nár bh'é féin. Do mheall sé anoir é, le grádh dhó, mar dh'eadh. Tháinig Huircánus bocht anoir, ag triall ar mhac a charad' ag triall ar mhac Antipateir, ag braith air go mbeadh saogal breágh aige i n' fhochair. Ansan, nuair a bhí greim ag Héród air dhein sé an feall grána air, agus bhain sé an ceann de. Ansan, nuair a bhí Aristóbulus óg marbh, agus a shean-athair Huircánus marbh, agus gan aon fhear eile de shliocht Mhatatiuis beó, agus a bhean Mariamne agus máthair a chéile, Alegsandra, istigh sa phríosún aige, i bpríosún Mhassada, agus fear gurbh ainm dó Sohémus ag tabhairt aire dhóibh, do thuig sé i n'aigne nár mhiste dhó imtheacht siar go dtí an Róim agus rainnt cainnte bheith aige le h-Octábhius. Ní raibh sé ró dheimnightheach i dtaobh Octábhiuis. Do thuig sé go mb'fhéidir nár bh'fhuiriste dhó caradas d'fhághail ó'n bhfear san tar éis a raibh déanta aige ag cabhrú le h-Antónius. Do thuig sé go mb'fhéidir gur bh'amhlaidh a curfí chun báis é mar gheall ar an gcabhair a bhí tabhartha aige d'Antónius i gcoinnibh
Octábhiuis. Ach bhí an aigne láidir aige agus níor staon sé ó aghaidh a thabhairt ar an gcontabhairt. Do labhair sé, ámhthach, leis an bhfear a bhí curtha os cionn an phríosúin aige ag tabhairt aire do'n bheirt bhanuasal, d'Alegsandra agus do Mariamne. "Feuch," ar seisean, "a Shohémuis, má imthighean aon droch nídh orm-sa sa Róimh dein-se an bheirt bhan san do mharbhú láithreach, agus ansan imthigh féin agus a bhfuil de neart slógh anso agat, ag triall ar mo dhríthair Pheróras. Tá sé anois i gcaisleán Alegsandrion agus tá órdú aige uaim-se greim a bhreith ar an rígheacht agus an greim a chimeád go daingean, le n-a láimh féin, ma's rud é go n-imthe- óchaidh aon nídh orm-sa sa chathair sin laistiar." Beagán aimsire 'n-a dhiaidh san chuaidh sé ar bórd luinge agus chuaidh sé siar go Rodésia mar a raibh Octábhius le linn na h-uaire sin. LXXIV. DÍLSE DO ChÓMHACHT NA RÓMHANACH. Chuaidh Héród go dtí Rodésia mar a raibh Octábhius an uair sin. Do rughadh i láthair an Rómhánaigh é, Octábhius, nú Augustus, an ainm a tugtí air nuair a bhí cómhacht ímpireachta na Rómha i n-a láimh aige. Tháinig Héród isteach 'n-a láthair, go h-uramamhail, ach gan aon eagla. D'fheuch Augustus air Chonaic sé os a chómhair duin'uasal breágh cumasach, duin'- uasal ná raibh dána agus sa n-am gcéadna ná raibh sgáth ná eagla air Bhí Héród éidighthe 'n-a chulaith rí, agus bhí an chulaith chómh h-uasal chómh greanta, chómh h-órtha agus do b'fhéidir í bheith, ní h-ar a cheann a bhi an choróinn, ámhthach. Bhí sí n-a láimh aige.
Chimeád sé 'n-a láimh an choróinn agus thosnuigh sé ar chainnt:- "A Uasail," ar seisean, "tá dánaidheacht déanta agam ar theacht ad' láthair chun mo sgéil a dh'innsint duit. Gan amhras tá mo sgéal-sa innste dhuit cheana. Ní'l aon mhearathal orm, a uasail, ná go bhfuil a lán de'n fhírinne fachta agat am' thaobh. Is me is rí ar thír Iúdéa. Is tré chómhacht na Rómhánach atá san amhlaidh. Is tré láimh Mharcus Antónius a dhein cómhacht na Rómanach an nídh sin dom. Bhí Marcus Antónius go maith dhoin. Dheineas mo dhítheal, mar is eól, ag cabhrú leis sa chogadh go dtí gur briseadh cath Actium air Tar éis an chatha san féin níor thugas cúl leis. Do thuigeas, tar éis a raibh déanta aige dhom, go raibh ceangailte orm bheith dílis dó, bíodh go raibh an cath tar éis gabháil 'n-a choinnibh. Do thuigeas go raibh ceangailte orm cómhairle a leasa thabhairt dó, do réir mo thuisgiona. Do dhein- eas san. Do labhras leis agus dubhart leis mar seo:- ""A chara," arsa mise leis, "isí an ríogan san Cleopátra fé ndeár an cath san do ghabháil ad' choinnibh. Iompuigh 'n-a coinnibh sin. Droch ara iseadh í. Cuir chun báis í. Tá uathbhás saidhbhris aici. Glac chughat féinig an saidhbhreas san. Cuirfidh an saidh- bhreas san ar do chumas mór shluagh láidir do chur le chéile agus iarracht eile dhéanamh ar an gcómhacht do chimeád nuair ná beidh sí sin ann chun bheith ag déanamh aimhleasa dhuit." "Níor bh'aon mhaith dhom bheith leis. Nuair a thuigeas nár bh'aon mhaith dhom bheith leis d'atharuigh m'aigne 'n-a thaobh. Is ó chómhacht na Rómhánach atá mo rígheacht agam. Is do chómhacht na Rómhánach is ceart dom bheith dílis. An fhaid a bhíos dílis do Marcus Antónius is do chómhacht na Rómhánach a bhíos dílis mar is i láimh Marcus Antónius a bhí cómhacht na Rómhánach
an uair sin. Is léir, a Uasail, gur ad' láimh-se atá cómhacht na Rómhánach anois. Is maith liom-sa bheith dílis duit-se feasta má's áil leat dílse ghlacadh uaim." LXXV. OS CÓMHAIR AUGUSTUIS. Nuair a chonaic Augustus Héród, an fear breágh, cumasach, córach, uasal, 'n-a sheasamh os a chómhair, tháinig smaoineamh áirithe chuige i n'aigne. "Chun é féin a chosaint atá sé seo. Beidh rud le déanamh aige. Is dána an t-éadan atá air agus teacht anso am' láthair tar éis ar thug sé de chongnamh dom' namhaid. B'fhéidir gur dóich leis nách eól dom na gníomhartha a dhein sé. Beidh fhios aige ar ball cad is eól dom, nuair a thosanóchaidh sé ar é féin a chosaint." Bhí an smaoineamh san i n'aigne, ach níor tháinig aon ghaoth dhé as a bhéal, ná aon dath dhe ar a ghnúis. D'fheuch sé go breágh, ciúin, stuama, idir an dá shúil, ar an bfear a bhí os a chómhair D'fheuc an fear san air- sean gan sgáth, gan eagla, ach gan aon easba urama, mar adubhradh. Bhí an choróinn 'n-a láimh aige, ach níor dhóich le h-aoinne air go raibh aon chúis áirithe aige le h-í chimeád mar sin 'n-a láimh. Do thosnuigh sé ar chainnt. Níor dhein sé aon chosaint air féin. D'innis sé an fhírinne. Na neithe a bhí ag Augustus le cur 'n-a leith d'innis sé féinig iad agus d'admhuigh sé gur bh'fhíor iad. Do baineadh Augustus d'á bhunaibh glan. Nuair a bhí a chainnt críochnuighthe ag an bhfear breágh, nuair adubhairt sé go mbeadh sé chómh dílis d'Agustus agus bhí sé do Mharcus
Antónius, d'eirigh Agustus 'n-a sheasamh agus tháinig sé chuige. Do thóg sé an choróinn amach ar a láimh agus chuir sé ar a cheann í:- "Téanam amach anso, a rí," ar seisean, "agus feuchaimís ár sluagh." Do ghluais an bheirt amach agus mórthímpal tré shluagh na Rómhánach, a chulaith órtha ar Héród agus a choróinn ar a cheann aige, agus gan aon choróinn ar cheann Augustuis ach é sa chruith i n-a bhfeiceadh a shluagh é do ghnáth. Chonaic an tsluagh go léir go raibh sé go h-ana mhór agus go h-ana cháirdeamhail leis an bhfear áluinn órtha go raibh an choróinn ar a cheann aige. Nuair a bhí a gcuaird tabhartha acu dubhairt Augustus, "Feuch, a rí, tá aon ghníomh amháin a dheinis agus níor innsis dom é. Nuair a bhí lucht gleacaidheachta Mharcus Antónius ag cur isteach ar Dhidius, mo ghobhernóir i Suíria, do chuiris uait buidhean d'fhearaibh armtha ag cabhrú le Didius. B'é an chabhair i n'am féin é sin. An dílse seo atá geallta agat dom is áil liom í ghlacadh. Tugaim duit seilbh dhaingean i rígheacht Iúdéa agus gura fada buan sa rígheacht san tu!" Do sgaradar. Bhí Héród lán tsásta. Bhí an rud a bhí uaidh fághalta aige. Do bhronn sé mórán tabhar- thaistaí maithe ar Augustus agus ar chuid de cháir- dibh Augustuis. Bhíodh sé fial i gcómhnuidhe i mbron- nadh na séad. Ansan tháinig sé abhaile go Ierúsalem agus é níba threise i gcómhacht 'ná mar a bhí sé riamh.
LXXVI. AG CÚLCHAINNT AR MHARIAMNE An fhaid a bhí Héród i Rodésia, 'ghá chur 'n-a luighe ar Augustus gur dhuine mhachánta é féin bhí an bheirt bhan, Mariamne agus Alegsandra, istigh i bpríosún Mhassada agus buairt aigne ortha. Bhí an cheist os cómhair a n-aigne acu cad a bhí le h-imtheacht ortha dá gcuireadh Augustus Héród chun báis mar gheall ar an gcabhair a bhí tabharta aige do Mharcus Antónius. Bi tuairim acu gur thug Héród, sar ar imthigh sé, órdú éigin 'n-a dtaobh do Shohémus, an fear a bhí ag tabhairt aire dhóibh. Bhíodar ag plámás choidhche air agus ag cimilt bhaise dhe, go dtí gur mhealadar uaidh an t-órdú a tugadh 'n-a dtaobh. Fé dheire d'innis sé dhóibh gur órduigh Héród dó iad do chur chun báis dá n-imthigheadh aon droch nídh air féinig sa Roimh. Tháinig sé abháile agus áthas an domhain air agus a chroidhe lán de'n sgéal áthais a bhí aige le h-innsint d'á mhnaoi, do Mhariamne. Chómh luath agus tháinig sé isteach sa chathair chuir sé fios uirthi. Tháinig sí, ach ar éigin a labharfadh sí leis ach i ag gol agus ag osnuíol agus. buairt 'ghá tachtadh. D'eirigh buile feirge dho. Tug sé droch chainnt agus tarcuisne dhi. Do thrácht sé ar an ngrádh a bhí aige dhi, an grádh san ná raibh a leithéid eile riamh ag fear d'á mhnaoi, agus gan aon ghrádh aici 'á thabhairt thar n-ais dó. Do chas sé an eugcóir sin léi. D'fheuch sí in sna súilibh air. Níor labhair sí. Bhí fhios aici ó'n rud a thuit amach cheana tamal roimis sin, go marbhóchadh se Sohémus láithreach dá sgéitheadh sí air. Níor labhair sí, ach bhí a dhá súil ar dian leathadh agus iad lán d'fheirg chuige agus d'fhuath dhó, agus de ghráin air. Tharraig sé a chlaidheamh. Chonaic sé iarracht de gháire in sna súilibh
móra solusmhara san. Chonaic sé nár mhór lei dhó an claidheamh san do shádh tré n-a cliabh, ní h-eadh ach gur bh'é sin díreach a thaithnfadh léi, go mbeadh sí go h-ana bhuidheach de dá sádhadh sé an claidheamh san tré n-a cliabh. Do chuir sé an claidheamh thar n-ais 'n-a thruaill. Deir an seanachaidhe gur tré mhéid a grádh dhi nár fhéad sé an claidheamh a dh'imirt uirthi an uair sin ná an uair eile úd. Bhí an sgéal mar sin eatartha ar feadh rainnt aimsire. Tháinig a mháthair agus a dhrifiúr Salóme ó Alegsandrion agus bhíodar sa phálás. Chonacadar an chuma'n-a raibh an sgéal idir an mbeirt. Chromadar ar bheith ag cogarnaigh leis agus ag cúlchainnt ar Mhariamne go dtí gur chuireadar 'n-a luighe ar a aigne nách gan chúis a bhí an fuath go léir aici dhó. Thosnuigh éad ar theacht air. Le n-a linn sinn do h-innseadh dó go raibh Augustus ag gabháil tré Shuíria agus é ag dul síos sa n-Éigipt. Chuaidh Héród go Ptolemais, agus bhí sé ann nuair a bhí Augustus ag gabháil tríd an gcathair sin, ag dul síos dó. Do thug Héród féasta mór, féasta ana chostasamhail d'Augustus agus d'á chualacht sa chathair sin. Do bhronn sé ocht gcéad talant ar Augustus féin. Thug sé lón mór aráin agus fíona do'n tsluagh, mar bhí ortha gabháil tré ghainmheach. LXXVII. NIMH SA CHUPÁN. I n-éaghmais an airgid a thabhairt d'Augustus mar thabharthas, agus i n-éaghmais an aráin agus an fhíona thabhairt d'á shluagh chun iad a chimeád ó thart agus ó ocras an fhaid a bheidís ag gabháil tríd an ngainmheach
thirim, do chuaidh Héród i n-aonfheacht leis chómh fada ódheas le cathair Phelúsium. Do thuig Augustus nár bhuail aon duin'uasal riamh uime chómh séimh, chómh muinntcartha, chómh deagh-labhartha, chomh fial, chómh h-uasal, le Héród. Nuair a bhíodh sé ag dul ainach ag feuchaint a shlógh agus ag gabháil tríotha, nú ag feuchaint ar áiteanaibh iongantacha na tíre, chuireadh sé fhiachaint ar Héród dul i n-aonfheacht leis. Tháinig árd chion aige ar Héród agus árd uraim aige dhó. Nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais aníos as an Éigipt bhí Héród 'n-a choinnibh ag cathair Phelúsium agus chuir sé an chóir chéadna air féin agus ar a shluagh, go fial agus go fairsing. Bhí cheithre mhíle fear ag Cleopátra mar ghnáth theaghlach, chun a pearsan do chosnamh. Gailigh ab eadh iad, saighdiúirí ana chrodha. Do thug Augustus an cheithre mhíle fear san leis aníos as an Éigipt. Nuair a bhuail Héród uime ar a theacht aníos as an Éigipt do bhronn sé an cheithre mhíle fear san air. Chuaidh Héród le na chois tré thíorthaibh Suíria. An fhaid a bhíodar ar an gcuaird sin do thug Augustus thar n-ais do Héród na h-áiteana úd a bhain Marcus Antónius de chun iad a thabhairt do Chleopátra. Ar an gcuma san do fuair Héród thar n-ais cíosana Iericó, agus Ghadara, agus Hippon, agus Shamaría agus na n-oileán; agus cíosana Ghasa, agus Antedoin, agus Ioppa; agus túr Straton a bhí ar bruach na faraige. Do b'fhiú dhó bheith fial. Do cúitigheadh an fhéile leis. Ansan tháinig sé abhaile go Ierúsalem. Má tháinig níor thug sé abhaile leis aon phioc de'n tséimhe úd a chonaic Augustus ann. Do chuir sé fios ar Mhariamne. Tháinig sí. D'iarr sé uirthi suidhe i n-aice leis. D'fheuch sí go fíochmar air. Do labhair sí go feargach leis. "Tabhair thar n-ais dom mo dhritháir!" ar sise. Do chomáin sí léi ag tabhairt an uile shaghas tarcuisne dhó ag áireamh na ndroch ghníomh go léir a bhí
déanta aige uirthi féin agus ar a muinntir. Nuair a bhí sé geall le bheith as a mheabhair le feirg aici d'imthigh sí agus d'fhág sí ansan é. Thugadar suas le bliain ar an gcuma san. Fé dheire do chuimhnigh Salóme, drifiúr Héróid, ar sheift. Thug sí breab do'n fhear a thugadh a chupán fíona do Héród. "Seo," ar sisi leis an bhfear, "sin cupán fíona agat agus tá nimh ann, agus feuch. Sin lán do dhoruinn d'ór agat sa láimh eile. Imthigh leat anois isteach i láthair an rí agus taisbeáin an cupán fíona san dó agus taisbeáin an t-ór san dó agus abair leis gur thug an bhanrighin an t-ór duit ach an cupán fíona san a thabhairt do'n rí le n-ol, agus go bhfuil nimh sa chupán." Má bhí fearg riamh ar Héród do chuir an méid sin buile feirge air. Chuir sé fios ar sheirbhíseach Mhariamne agus chuir sé fé chéasadh é chun a chur fhiachaint air an fhírinne dh'innsint i dtaobh an nimhe. Nuair a bhí an céasad dian ar an seirbhiseach dubhairt sé:- "An t-órdú úd do thug an rí do Shohémus isé a dh'iompuigh Mariamne 'n-a choinnibh." Do cuireadh Sohémus chun báis gan a thuille righnis. LXXVIII. BEART SPRIÚNLUITHE. Nuair airigh Héród an focal a' béal an tseirbhísigh, gur bh'é an t-órdú a thug sé féin do Shohémus fe ndeár an fuath go léir a theacht ag Mariamne dhó, do las eud 'n-a cheann. Do chuimhnigh sé ar an bhfocal úd a dubhairt Salóme, nuair adubhairt sí: "Ní
iompóchadh sí ad' choinnibh i n-aon chor chómh dubh mara mbeadh a cúis féin a bheith aici leis." "Seadh," arsa Héród i n'aigne féin, "agus ní 'neósfadh Sohémus di choidhche an t-órdú a thugas dó mara mbeadh iad a bheith go h-ana mhór le n-a chéile!" Do neartuigh nimh an euda 'n-a cheann. Chuir sé i leith Mariamne go raibh sí cionntach i ríghmhasla. Chuir sé ar a triail í. Do cheap sé féin coiste breith- eamhan chun í thriail. Do thuig na breitheamhain sin nár bh fholáir dóibh í dhaoradh chun báis agus mara ndaor- aidís chun báis í gur dóibh ba mheasa. Do dhaoradar chun báis í, ach d'iarradar go bog a's go cruaidh air gan í chur chun báis láithreach ach í chur isteach i bpríosún agus rainnt aimsire do leogaint thairis, le h-eagla go mb'fhéidir go n-atharóchadh a aigne 'n-a taobh agus ansan gur bh'fhearr leis beó í. Nuair airigh Salóme an chómhairle sin tháinig sgannra uirthi le h-eagla go bhfaghfí amach an rud a dhein sí i dtaobh an chupáin fíona. Tháinig sí agus do labhair sí le Héród. "Feuch, a rí," ar sisi, "tá báidh ana mhór ag na daoine go léir le Mariamne. Má airighid siad í bheith beó agus í bheith istigh i bpríosún eireóchaid siad amach agus brísfid siad an prío- sún-agus feuch, an dtuigan tú me, ní fios cad a thiocfidh as. Má curtar chun báis láithreach í ní féidir d'aon droch nídh teacht as, anso ná sa Róimh." Níor stad sí go dtí gur mheall sí uaidh an t-órdú go gcuirfí Mariamne chun báis. Do taisbeánadh an t-órdú do Mhariamne. Níor tugadh fé ndeara gur chuir an t-órdú aon chrithniú ná aon sgannra uirthi. Do shiubhluigh sí chun áite an bháis chómh réidh, chómh stuama agus a shiubhlóchadh sí dá mba na beadh sí ag cuimhneamh i n-aon chor ar an mbás. Bhí an aigne uasal aici, agus an sgairt láidir ba dhual di a bheith aici ó n-a sínsear.
Níor thaisbeain a máthair, ámhthach, Alegsandra, aon phioc de'n uaisleacht aigne sin. Bhí fhios aici go n-iompóchadh fearg Héróid uirthi féinig chómh luath agus bheadh Mariamne curtha chun bais. Agus cad a dhein sí? Do shiubluigh sí i n-aice a h-inghine go dtí áit an bháis, agus bhí sí ag moladh Héróid i gcaitheamh na h-aimsire agus ag sprídiúchán ar a h-inghin, mar d'eadh, mar gheall ar gan grádh agus uraim agus ionmhuine thaisbeáint d'á fear, do'n rí sin a bhí chómh breágh chómh h-uasal chómh ríoga. Bhí Mariamne ag éisteacht leis an gcainnt. Do thuig sí cad chuige an chainnt agus bhí náire agus ceann-fé uirthí. Do mheas an mháthair bhocht go 'neósfí an chainnt do Héród agus go mb'féidir go leogfadh sé saor í féin. Ba spriún- luithe an bheart í, agus níor dhein an bheart aon tairbhthe d'Alegsandra, nídh nár bh'iongna. Níor bh'fhada gur lean sí a h-inghean. LXXIX. DEIRE LE H-ALEGSANDRA. Nuair a bhí an gníomh déanta ag Héród agus Mariamne curtha chun báis tháinig atharú aigne air. Tháinig uaigneas agus aithreachas thar na beartaibh air. Bhíodh sé ag glaodhach uirthi, fé mar ba dhoich leis í bheith beó agus í bheith i seómra éigin eile de'n phálás. Bhíodh sé ag glaodhach ar theachtairíbh agus 'ghá gcur uaidh ag triall uirthi 'ghá iarraidh uirthi teacht chuige agus labhairt leis. Go luath tar éis a báis tháinig pláig uathbhásach ar an dtír. Dubhairt an uile dhuine gur tré dhíbhfeirg Dé, mar gheall ar an eugcóir a deineadh ar an mban- righin, a tháinig an phláig sin. Bhí na daoine go léir, uasal agus íseal, ag fághail bháis, an phláig 'ghá marbhú
agus milleán an uilc go léir ag an bpoibilidheacht ar an rí. Bhí fhios ag an rí go raibh san amhlaidh, agus do mhéaduigh an nídh sin an t-aithreachas agus an t-uaigneas a bhí ag brise a chroidhe. D'imthigh sé as an gcathair chun dul ag fiach ameasg na gcnoc mar dh'eadh. Ní h-ag fiach ameasg na gcnoc a bhíodh sé, ámhthach, ach ag brise a chroidhe ag gol i ndiaidh Mhar- iamne. Fé dheire tháinig taom éigin breóiteachta air. Teinneas cuirp a thugan an seanachaidhe ar an mbreóiteacht. Chuaidh sé isteach i Samaría agus chuaidh sé fé láimh dochtúra. Bhí a lán dochtúirí 'n-a thímpal. D'órduighdar a lán leighseana dhó. Níor dhein na leighseana aon mhaitheas dó, mar bhí a bheatha aige 'á chaitheamh ró annrianta. Bhí an cholan ró láidir aige, ámhthach, agus chuir sch dhe an bhreóiteacht i n-aindeóin na h-annriantachta. Ansan thug sé srian d'á fheirg agus d'á dhroch aigne i dtreó nár fhéad namhaid ná cara dul saor uaidh. Bhí Alegsandra, máthair Mhariamne, gan cur chun báis fós. Nuair a bhí Héród breóite i Samaría do thuig sí go mb'fhéidir go bhfaghadh sé bás. Bhí dhá dhain- gean i Iúdéa agus bhíodar ana láidir. Chuaidh Alegs- andra ag triall ar an dá ghobhernóir a bhí ar an dá dhaingean agus tharraig sí breabana dhóibh agus d'iarr sí ortha an dá dhaingean a thabhairt suas di féin, agus clann mhac Héróid a thabhairt suas di, mar gur theastuigh uaithi an rígheacht a chur i n-áirithe do dhuine de sna macaibh a bhí aige le Mariamne dá bhfaghadh sé féin bás de dhruim an teinnis cuirp a bhí air. Ach bhí sean aithne ag an mbeirt ghobhernóirí uirthi. I n-inead rud a dhéanamh uirthi is amhlaidh a dh'innseadar do Héród cad a bhí ráidhte aici leó. D'órduigh sé dhóibh í chur chun báis láithreach. Do cuireadh chun báis í gan aon tsaghas trialach. Sé bhliana fichid roim theacht ár Slánuightheóra iseadh do cuireadh Alegsandra chun báis.
LXXX. COSTOBÁRÉS Bhí Salóme, drifiúr Héróid, pósta. Do, chuir a fear fearg ar Héród. Iduméach ab eadh é. Do chuir Héród chun báis é. Ansan do phós Salóme airís. Ansan do dhein Héród gobhernóir de'n fhear san ar Iduméa. Costobárés ab ainm dó. D'eirigh sé amach i gcoinnibh Héróid, mar do cheap sé bheith 'n-a rí ar Iduméa i n-inead bheith 'n-a ghobhernóir. Bhí Cleopátra beó an uair sin. Do chuir Costobárés sgéala ag triall ar Chleopátra 'gha iarraidh uirthi congnamh a thabhairt dó i gcoinnibh Héróid. Fuair Héród amach an méid sin. Do mheas sé an ceann a bhaint láithreach de Chostobárés. Do labhair Salóme ar a shon le Héród. Do mhaith Héród dó. Bhí san go maith go dtí gur atharuigh aigne na mná, aigne Shalóme, agus gur iompuigh sí i gcoinnibh a fir, Costobárés. Nuair iompuigh a h-aigne 'n-a choinnibh do shocaruigh sí ar é chur as an slighe uaithi. Seo mar a dhein sí a gnó. Chuir sí chuige ar dtúis an sgríbhinn ar a dtugtí bille díbeartha. Ansan níor mhór di a thaisbeáint go raibh cúis aici leis an ngníomh san. Bhí rún aici air. Bhí fear sa n-áit tamal roimis sin agus d'órduigh Héród é féin agus a chlann do chur chun báis. Babas ab ainm do'n fhear san. Ní innsean an seanachaidhe cad d'imthigh ar Bhabas, ach innsean sé gur cimeádadh a chlann beó a gan fhios do Héród. Bhí triúr i n-aonfheacht ag obair a' lámhaibh a chéile 'ghá gcimeád beó a gan fhios do Héród. Bhí Costobárés ar dhuine acu san. Bhí fios an méid sin ag Salóme. D'innis bhí do Héród gur mar gheall ar é bheith ag déanamh
na h-oibre sin a thug sí féin an bille díbeartha dhó. D'fheuch Héród isteach sa sgéal. Fuair sé go raibh an sgéal fíor, agus gur bh'é Costobárés a bhí ag cothú clainne Bhabais. Do chuir sé iad go leir chun báis. Seo mar a thárla an fhearg ag Héród chun Babais. Nuair a thóg Héród cathair Ierúsalem d'órduigh sé do Chostobárés clann Bhabais do chur chun báis. De shliocht na Macabéach abh eadh iad. Do leog Costobárés air le Héród gur bh'amhlaidh a dh'euluighdar uaidh. Nuair a sgéidh Salóme ar Chostobárés do fuair Héród amach gur bh'amhlaidh a bhíodar i bhfolach n-áit éigin ag Costobárés agus é 'ghá gcothú. Ansan do chuir Héród chun báis iad go léir agus an uile dhuine de shliocht na Macabéach gur fhéad sé teacht suas leis. Bí fhios aige go maith go raibh an fuath thar na beartaibh ag na Iúdaígh dó. Bhí fhios aige go raibh an grádh thar na beartaibh acu do shliocht na Macabéach. Bhí fhios aige dá bhfaighdís an chaoi air, go marbhóch- aidís é agus dá mbeadh aon duine de shliocht na Macabéach le fághail, go ndéanfidís rí dhe i n' inead féinig. Do thuig sé i n' aigne, d'á bhrígh sin, ná beadh sé féinig ó bhaoghal i gceart an fhaid a bheadh aon fhear de shliocht na Macabéach beó. Bhí sé, mar gheall air sin, 'ghá marbhú chómh tiugh agus d'fhéad sé é, agus bhi an marbhú san ag cur na nIúdach go léir ar buile le fuath dhó agus le feirg chuige. LXXXI. GNÁSA IASACHTA. An fhaid a thuig Héród go raibh aon iarsma beó ameasg na nIúdach de shliocht uasal na Macabéach ní raibh sé ar a shocaracht i n'aigne. Bhí fhios aige go
raibh árd ghreann ag na Iúdaígh go léir ar an gcine sin. Bí an fuath aige fchin do sna Iúdaígh agus acu dho. Bhí fhios aige, leis, dá n-imireadh sé ortha iom- laine an fhuatha a bhí aigc dhóibh go mb'fhéidir go n-eireóchaidís amach 'n-a choinnibh agus go soláth- rochaidís fear uasal éigin de'n chine uasal úd agus go n-iarrfidís ar na Rómhánaigh é chur 'n-a rí os a gciomn i n-inead Héróid. Dá dtuiteadh san amach b'fhéidir ná déanfadh na Rómhánaigh rud ortha. Ach b'fhéidir eile go ndéanfidís. Dheineadar rud de'n tsórd uaireanta nuair a chonacadar ná raibh rí ábalta ar rígheacht do láimhseáil sa cheart. Ní raibh Héród saor ó eagla go ndéanfadh na Rómhánaigh mar sin leis féinig dá n-iompuigheadh an náisiún ró dhubh 'n-a choinnibh, go mór mór dá mbeadh ar chumas na nIúdach fear uasal, ríoga, stuama, de chine na Macabéach, a bhreith leó agus a thaisbeáint do sna Rómhánaigh. Nuair a bhí cine na Macabéach ídighthe glan aige d'imthigh an t-eagla san de. Nuair a dh'imthigh an t-eagla san de níor bh'fhada gur thosnuigh sé ar a thaisbeáint cad é an neamhshuím a bhí aige i gcreideamh na nIúdach. Do thosnuigh sé ar chuid de sna gnásaibh creidimh a bhí acu do chosg agus ar ghnásaibh iasachta do thabhairt isteach agus do chur ar siubhal'n-a n-inead, gnása a bhí bun os cionn le gnásaibh creidimh na mIúdach. Chuir sé suas téatar áluinn istigh sa chathair, agus chuir sé suas, lasmuich de'n chathair, amphitéatar breágh mór leathan, agus d'órduigh cluichí poibilidhe, agus cleasaidheacht agus gleacaidheacht, a bheith ar siubhal, uair ins gach caogad blian, i n-onóir d'Augus- tus. Chuir sé an nídh sin d'á fhógairt, ní h-amháin sa chómharsanacht ach i ndúthaíbh iasachta abhfad ó bhaile, i dtreó go dtiocfadh mórán daoine chun bheith ag feuchaint ar na radharcaibh breághtha. Do gheall sé duaiseana daora do'n mhuinntir a bhéarfadh buadh
in sna cluichíbh, agus in sna gleacaidheachtaibh, agus in sna súgraibh. D'á éaghmais sin thug sé leis éacht de sna ceóltóiríbh ba chliste le fághail, agus lucht cleas, agus daoine a bhí oilte ar claidheamh agus ar gach arm cómhraic eile. Agus thug sé leis droch bheithidhigh ghrána chun go ndéanfadh lucht na n-arm iad a chómhrac. LXXXII. AMPHITÉATAR. Nuair a chonaic na Iúdaígh na riaghalta nua d'á ndéanamh i ngnóthaíbh an chreidimh, istigh sa teampul, d'fheuchadar ortha agus ní le taithneamh é. Nuair a chonacadar an téatar agus é istigh sa chathair acu bhí fearg ortha. Nuair a chonacadar an t-amphi- téatar lasmuich de'n chathair, agus é chómh breágh, chómh mór, agus nuair airighdar cad iad na gnóthaí a bhí chun bheith ar siubhal ann, an chleasaidheacht, agus an ghleacaidheacht, agus an cómhrac leis na beithidhigh ghrána, mhóra, chraosacha, do chuimhnighdar ar Mhatatias agus ar a chlainn mhac, ar Iúdás Macabéus, agus ar an gcuid eile acu. "Ochón!" ar siad, 'n-a n-aigne féin, "nách truagh gan a leithéidí beó airís againn!" Ba chuma le Héród cad a bhí 'n-a n-aigne acu ná cad ná raibh. Do chomáin sé leis ag críochnú an téatair bhig istigh sa chathair agus ag críochnú an téatair mhóir lasmuich, an téatair thímpalaigh. Agus chomáin sé leis 'ghá mbreághthú, ag cur gach aon tsaghas órnáidí ortha, i dtreó nuair a thiocfadh na daoine iasachta as na tíorthaibh i gcéin go mbeidís ag déanamh iongna dhíobh agus go leathfadh a súile ortha agus go ndéarfidís ná feacadar riamh aon oibreacha chómh h-áluinn, chómh greanta leó.
Chuir sé ornáidí áirithe ortha agus ba dhóbair dó cathú bheith air mar geall ortha. Ba dhóich le duine a dh'fheuchfadh ortha gur bh'íomhághthacha iad. Níor bh'eadh, ámh. Bhíodar cosmhail le h-íomághthachaibh, ach is amhlaidh a bhíodar 'n-a bpíosaíbh curtha le chéile agus iad folamh istigh, agus bataí sáidhte suas tríotha agus ma bataí 'ghá gcimeád 'n-a seasamh. Nuair a chonaic na daoine iad do mheasadar gur bh'íomhághtha iad dáiríribh. D'eirighdar ar buile. Do ritheadar i n-aon bhróin amháin agus thugadar aghaidh ar na h-órnáidíbh chun iad do leagadh agus do bhrise. Chonaic Héród ag teacht iad. Bhí fhios aige cad é an fuadar a bhí fútha. Do rith sé rómpa agus do leag sé ar lár eeann de sna h-órnáidíbh agus thosnuigh sé ar na píosaíbh a tharrac ó n-a chéile, agus thaisbeáin sé dhóibh an bata adhmaid a bhí 'ghá gcimeád le chéile agus 'ghá gcimeád 'n-a seasamh. Do gháir cuid de sna daoine. Bí cuid acu leath-shásta. Bhí cuid acu, ámhthach, ná raibh sásta i n-aon chor. Do leanadar ag trácht ar an obair go léir eatartha féinig. Bhí an fhearg ag dul i ngéire ortha. "Ní rí Iúdach i n-aon chor é!" ar siad le n-a chéile. "Págánach iseadh é, agus measan sé págánaigh a dhéanamh dínn go léir!" LXXXIII. PIANTA TRUAGHMHÉILEACHA. Bhí deichneabhar acu a bhí níba dhána 'ná an chuid eile agus bhíodar ag cainnt eatartha féinig i dtaobh an téatair agus an amphitéatair go dtí go rabhadar tar éis iad féin a ghríosadh go maith le feirg. Ansan do shocaruighdar iad féin chun deire chur le Héród agus le n-a phágánacht. Chuireadar chucha, laistigh d'á
gcuid éadaigh, sgeana breághtha, fada, géara, agus bhíodar chun rith go h-oban isteach sa téatar agus an rí nú cuid éigin d'á chualacht do ropadh leis na sgeanaibh sin. Do thuigeadar go maith gur chailleamh- aint anama ba ró bhaoghal dóibh d'á dhruim sin. Ach do thuigeadar, leis, go dtabharfadh a mbás gráin na ndaoine ar an rí agus go dtiocfadh bás an rí as an ngráin sin. Sar a raibh uain acu ar aon ghníomh a dhéanamh d'innis duine éigin do Héród cad a bhí beartuighthe acu. Do rugadh ortha agus do cuireadh chun báis iad i bpiantaibh truaghmhéileacha. Nuair a chonaic na daoine na pianta uathbhásacha d'á gcur ortha tháinig buile feirge ortha. Do rugadar ar an dtiúsgalóir, ar an bhfear a dh'innis ortha, agus do stracadar as a chéile é, agus do chaitheadar a chuid feola chun na ngadhar. Do cheap Héród teacht suas leis an muinntir a dhein an gníomh san. Do theip air an t-eólus a dh'fhásgadh le piantaibh amach as aon fhear. Ansan do rug sé ar chuid de sna mnáibh agus bhí sch ag cur na bpian ortha go dtí gur fháisg sé an t-eólus asta. Le géire na bpian d'ainimnigh na mná bochta daoine éigin. Do rug Héród ar na daoinibh sin agus chuir sé chun báis iad i bpiantaibh uathbhásacha. Ansan bhí na daoine go léir ar deargbhuile aige chómh mór san gur mheas sé go n-eireóchaidís go léir amach 'n-a. choinnibh. Bhí an t-eagla chómh mór san air roimis an eirighe amach gur dhainginigh sch cathair Ierúsalem go láidir fé mar a curfí cathair i dtreó chosanta i n-aghaidh namhad iasachta. Do chuir sé suas agus dhainginigh sé Samaría ar an gcuma gcéadna. 'N-a theannta san do near- tuigh sé agus do dhainginigh sé aon áit láidir eile sa tír a bhí oireamhnach chun seasaimh i n-aghaidh an náisiún dá n-eirighdís. Ní raibh i Samaría sar ar chuir Héród suas é ach cathair bhriste. Do raob Huircánus í ar dtúis. Ansan
do chuir Gabínius suas í agus thug sé Gabiniana uirthi. Níor b'fhada gur díbireadh Gabín us. Ansan do dhein cathair bhriste airís de Shamaría. Ansan do chuir Héród suas í agus dhein sé cathair ana láidir di. Thug. sé leis isteach innti sé mhíle fear d'armáil iasachta agus dubhairt sé leó cómhnuidhe dhéanamh innti. Thug sé Sebaste mar ainm uirthi. "Sebaste" sa Ghréigis iseadh "Augustus" sa Laidin. Bí fhios aige gur bh'é a bhuac an uile shaghas omóra thabhairt d'Augustus. LXXXIV. MAOLÚ BEAG AR AN BHFEIRG. Do dhaingin gh sé mar an gcéadna an túr úd Stratoin agus chuir sé buidhean láidir lucht cimeádta isteach ann, agus thug sé Caesaréa mar ainm air, i n-onóir do'n ímpire Rómhánach, agus thug sé a leithéid de neartú agus de dhainginú ar an dtúr san gur dhóich le duine nár bheag é chun na tíre go léir a chimeád fé smacht. Ar bruach na faraige iseadh bhí an túr suidhte agus cuan áluinn i n-aice leis. Cuan ana chontabharthach ab eadh an cuan, ámhthach, go mór mór nuair a bhíodh an ghaoth an ar-andeas. Nuair a bhíodh aon phuinn nirt sa ghaoith sin níor bh'fhéidir d'aon loing fanmhaint sa chuan gan brise. Do chonaic Héród gur bh'fhéidir an locht san do leigh- eas, gur bh'fhéidir na caraigreacha báidhte a bhí ag déanamh an toirmisg do bhrise agus do chur as an áit, ach go mbeadh an obair ana dheacair agus ana chostasamhail. Thug sé aghaidh ar an obair agus dhein sé an obair, agus nuair a bhí an obair déanta aige ní raibh aon chuan ar an dtaobh san ar fad de'n
fharaige a bhí chómh sábhálta do loingeas leis an gcuan san. Bhí sé dhá bhliain déag ag obair ar an gcuan san agus ar Chaesaréa. Chuir sé suas daingeana eile, leis, ar fuaid na tíre, cuid acu lastoir de'n Iórdan. Nuair a bhíodar san go léir curtha suas, neartuighte, daingean, gairisiúnta, aige, bhí dhá thaobh na h-abhan aige óthuaidh go dtí Loch Genesaret agus níba shia. Do dheabhrochadh an sgéal gur chuir na h-oibreacha san go léir, go mór mór na daingeana láidire, gur chuireadar an t-eirighe amach soir siar as aigne na ndaoine. Pé'r domhan é ní'l aon trácht sa tsean- achas ar aon eirighe amach i gcaitheamh an dá bhliain déag san. Ach nuair a bhí an dá bhliain déag geall le bheith caithte tháinig ar an dtír nídh a chuir a mhalairt de chúram ar na daoine i n-inead bheith ag cuimhne ar eirighe amach. Tháinig, ar dtúis tiormacht uathbhásach. As an dtiormacht tháinig easba fáis. As an easba fáis tháinig gorta leunmhar. As an ngorta tháinig pláig mhillteach. Leis an ngorta agus leis an bpláig bhí na daoine ag fághail bháis 'n-a gcruachaibh. Ba mhian le Héród bia cheannach do sna daoine, ach ní raibh an t-airgead aige chuige. Bhí an t-airgead go léir ídighthe aige leis nah-oibreachaibh móra costasamhla. Bhí mórán saidhbhris aige, ámhthach, i riocht pláta. Chuir séan t-ór agus an t-airgead a bhí aige sa riocht san, d'á leighe le teine. Ansan do chuir sé an saidhbhreas san síos sa n-Éigipt chun arbhair a cheannach agus a thabhairt aníos agus do rainnt ar na daoine. Déarfadh duine gur cóir go mbcadh na daoine buidheach de mar gheall air sin. Ní rabhadar. Dubh- radar gur bh'é féin a bhí cionntach in sna h-olcaibh go léir: gur mar gheall ar a dhroch ghníomharthaibh a tháinig an tiormacht agus an t-easba fáis agus an gorta agus an phláig agus an t-ár. B'éigean dóibh na caoire go léir a mharbhú chun bídh. Ansan bhíodar gan olan chun éadaigh. Do thug
Héród morán olna chucha aníos as an Éigipt, i dteannta an arbhair. Bhí uachtarán Rómhánach sa n-Éigipt an uair sin. Thug sé sin breis de'n arbhar agus de'n olan do Héród agus do rainn Héród iad ar na Iúdaígh i dtreó go raibh suas le n-a ndóithin acu. Thug san maolú beag ar an bhfeirg a bhí acu chun Héróid. LXXXV. AN TARNA MARIAMNE. Nuair a fuair na daoine an t-arbhar go léir agus an olan go léir ag Héród 'á thabhairt leis aníos as am Éigipt chucha agus 'á rainnt ortha, agus an gádh chómh cruaidh acu leis an mbia agus leis an éadach, is beag ná go raibh iarracht de ghrádh ag teacht acu dhó. Ach níor bh'fhada gur bhris an droch mhianach amach ann airís agus gur chrom sé ar an ndroch mhianach a dh'imirt ortha go léir, i dtreo ná féidir aoinne cathain a thuitfadh an crann air féin agus go mbainfí an t-anam as gan chúis gan adhbhar, gan blúire coinne aige leis. Do las san fearg na ndaoine 'n-a choinnibh agus do lean an fuath acu dhó an chuid eile dh'á shaoghal. Ach bhí an tairbhthe déanta aige do'n tír. Bhí an flúirse arbhair tabhartha isteach sa tír aige. D'imthigh an tiorniacht. Tháinig aimsir bhreágh bhog, agus tháinig an fhearthainn go flúirseach agus go saidhbhir. D'fhás an féar glas. Bhí an bia ag na beithidhigh. Do saothruigheadh an talamh agus b'é toil Dé an ráth do chur ar an saothrú agus níor bh'fhada go raibh gach aoinne neamhspleádhach. Bhí an t-am, an uair sin, i ngioracht trí bliana fichid do theacht an tSlánuightheóra, moladh 's buidheachas leis.
Nuair a chonaic Héród an tír tagaithe ó'n gcruadh- tan agus na daoine neamhspleádhach do phós sé bean eile agus Mariamne ab ainm di. Bean ana bhreágh ab eadh í. Chuir sé suas pálás áluinn uasal di féin agus dó féin, i n-aice an teampuil mhóir i gcathair Ierúsalem. Do chuir sé ór agus airgead agus mar- niar agus cédar, an uile shaghas miotail agus cloiche agus adhmaid d'á áilneacht agus d'á chostasamhlacht ag cur maise ar an ríghtheaghlach san, i dtreó, má ba bhreágh í an bhean nár bhaoghal go mbéarfadh sí buadh i mbreághthacht ar an dtigh a bheadh ullamh aige dhi. Bhí mórán seómraí breághtha móra maiseamhla sa tigh sin, ach bhí dhá sheómra mhóra, árda, sholusmhara, thaithneamhacha ann agus do rugadar buadh i niéid agus i bfairsinge agus i ngreantacht ar an gcuid eile go léir. Thug Hérod Augustus niar ainm ar sheómra dhíobh san agus thug sé Agrippa niar ainm ar an seómra eile. Bhí an palás ríoga san maith a dóithin do'n tarna Mariamne, ach ní raibh a h-athair uasal a dhóithin do Héród. Chun an easnaimh uaisleachta san do leigheas do dhein sé árdshagart de. Do dhíbir sé an t-árd- shagart a bhí sa teampul agus do chuir sé athair Mhariamne i n' inead. Ansan do chuir sé suas pálás áluinn uasal eile díreach ar an áit ar ar bhris sé an cath ar mhuinntir Antigonuis úd. Bhí an áit chómh breágh san go dtáinig Iúdaigh agus daoine eile agus gur chuireadar suas tighthe dhóibh féinig ann agus gur fhás cathair ann.
LXXXVI. BEIRT MHAC. Bhí ana dhúil ag Héród i n-oibreachaibh uaisle saoir- seachta, agus bhí a bhreitheamhantas agus a thuisgint, in sna h-oibreachaibh sin, agus in sna h-órnáidíbh ba cheart a chur ar a leithéidíbh, bhíodar chómh fírinneach, chómh ceart, chómh cruinn sin nár bh'fhéidir do sna breitheamhain ba ghéire locht fhághail ortha. Chuir sé suas cuid mhaith de sna h-oibreachaibh sin istigh i gcathair Ierúsalem féin, ach ní raibh cead a chinn aige 'n-a dtaobh san ná i dtaobh na n-órnáidí ba mhaith leis a chur ortha, mar gheall ar an bhfuath a bhí ag na Iúdaígh d'aon rud i bhfuirm íomhághthacha. Ach do dhein sé mórán de sna h-oibreachaibh breághtha san lasmuich de Iúdéa, agus d'imir sé a dhúil i m-órnáid ortha san chun a thoile. Nuair a gheibhtí locht ar an gcóstas mór a bhíodh aige 'á dhéanamh ortha do leogadh sé air gur chun na Rómhánach a shasamh a bhíodh sé ag déanamh an chostais sin. Do thaithn san le h-Augustus agus leis na Rómhánaigh, agus do near- tuigh an taithneamh san smacht Héróid ar na Iúdaígh agus chuir sé breis eagla ar an gcómharsanacht roim Héród. Do mhothuigh seisean, nuair a bhí san amhlaidh, go raibh a chómhacht láidir go maith. Bhí beirt mhac aige le Mariamne. Do chuir sé an bheirt mhac san siar go dtí an Róimh i dtreó go gcurfí oileamhaint agus tabhairt suas ortha fé shúil an ímpire féinig. Bhí duin'uasal sa Róimh an uair sin agus bhí sé cáirdeamhail le Héród. Pollio ab ainm do'n duin'uasal san. D'iarr Héród air tigh cómhnuighthe dh'fhághail sa chathair do'n bheirt mhac. Do fuair, tigh breágh uasal a bhí oireamhnach d'á leithéidíbh.
Nuair a fuair Augustus an bheirt mhac i gcathair na Rómha agus thuig sé cé 'r bh'iad, do thóg sé chuige iad isteach 'n-a phálás féinig. Ansan cé leómhfadh focal do rádh i gcoinnibh Héróid i Iúdéa ná sa Róimh. Bhí Augustus chómh buidheach san de Héród mar gheall ar a leithéid sin d'iontaoibh a bheith aige as i dtaobh na beirte sin gur thug sé cead dó an mac acu ba mhaith leis a bheith i n' oighre ar rígheacht Iúdéa 'n-a dhiaidh do cheapadh láithreach. Bhí teacht an tSlánuightheóra i ngoireacht bliain agus fiche dhóibh an uair sin. Bhí fear d'ár bh'ainm Bharró i n' uachtarán ar Shuíria. Thug sé na trí críocha beaga úd, Trachonítis agus Itúria agus Batánia, ar chíos d'fhear gur bh'ainm dó Senodorus. Bhí na críocha bcaga san lán de phluaisibh caraigreach agus bhíodh na pluaiseana san lán de lucht foghla a bhíodh ag déanamh foghla ar an gcómharsanacht. Níor chuir Senodorus aon chosg leó. Chuir Bharró gearán isteach i láthair an ímpire. D'órduigh Augustus na críocha beaga san a thabhairt do Héród. Do tugadh. Níor bh'fhada an mhoill ar Héród na foghlaidhthe do sgrios as an áit. Ansan d'fhan na críocha beaga san ag Héród. LXXXVII. SENODÓRUS. Nuair a tugadh na críocha beaga úd do Héród do thuig Senodórus gur deineadh eugcóir air féinig. D'imthigh sé siar go dtí an Róimh agus chuir sé gearán isteach i láthair Augustuis. Dubhairt sé go mba leis féinig na críocha beaga úd agus gur bh'eugcóir iad a thabhairt do Héród. Ní bfuair sé aon tsasamh ó
Augustus. Bhí tuairim ag Augustus go raibh a chúis féin ag Senodórus leis an gcathú a bhí air i ndiaidh na gcríoch mbeag. Bhí tuairim aige go raibh cuid de'n fhoghail aige d'á fhághail ó sna foghlaidhthibh. Ní dubhairt sé aon rud le Senodórus i dtaobh na foghla ach níor thug sé aon tsásamh dó. Nuair ná fuair Senodórus aon tsásamh tháinig sé abhaile agus shocaruigh sé i n-aigne go bhfaghadh sé sásamh ar chuma éigin. D'imthigh sé agus do dhíol sé leis na h-Arabaigh ceann de sna críochaibh beaga céadna, an chríoch bheag ar a dtugtí Itúria. Thug na h-Arabaigh caogad talant airgid do Shenodórus, ar an mblúire tailimh sin. "Is liom-sa an talamh san!" arsa Héród. "Is cuma linn-na cé go mba leis indé é," arsa na h-Arabaigh, "ach is linn-na indiu é, agus cimeád- fimíd é." "Socruighmhís ar chuma éigin é," arsa Héród. "Tá sé socair cheana," ar siad san." Is linn-na an talamh agus cimeádfimíd é!" Thosnuigh Héród, láithreach mar ba ghnáth leis, ar é féin d'ullmhú chun cogaidh i n-aghaidh na n-Arabach. Le n-a linn sin do rug gnó éigin Augustus soir go h-Antioch. Bhí namhaid éigin ag Héród agus Gad- aránaigh a tugtí ortha. Do sprioc Senodórus iad chun dul go h-Antioch agus gearánta troma do chur isteach i láthair Augustuis i gcoinnibh Héróid. Chuaidh Senodórus leó. Chuireadar isteach i gcoinnibh Héróid cortha ana throma. D'éist Augustus leó. Mheas- adar air go raibh fonn air taobhú leó. Bhí Héród láithreach. Do cheap Augustus lá dhó chun teacht agus é féin a chosaint, agus é féin do ghlanadh ar na corthaibh troma a bhí acu súd 'á chur 'n-a leith. Tháinig Héród an lá a bhí ceapaithe dhó. Do thosnuigh sé ar na gnóthaíbh go léir a dh'innsint ó n-a thaobh féinig. Ba ghearr nár bh'iad na gnóthaí céadna i n-aon chor
iad. Ba ghearr go bhfeacaidh an uile dhuine gur bh'é innsint Héróid a chreid Augustus. Tháinig sgannra ar lucht na ngearán. "Tabharfidh sé suas do Héród sinn go léir!" ar siad le n-a chéile i gcogaraibh. "Cuirfidh an t-annsgian san pionós éigin orainn nár h-airigheadh a leithéid fós d'á imirt ar dhaonaidhe. Is fearr gan fanmhaint le n-a phionós." D'imireadar go léir bás ortha féin an oidhche sin. Do chroch cuid acu iad féin. Do bháidh cuid acu iad féin. Bhí a leithéid sin de sgannra ar Shenodórus gur thóg sé nimh. Bhí sé marbh sar a dtáinig an mhaidean. Dubhairt Augustus gur thaisbeáin an marbhú a dhein namhaid Héróid ortha féin go raibh fhios acu Héród a bheith neamhchiontach. LXXXVIII. AUGUSTUS 'N-A CHARA. Mar a h-innseadh, nuair a fuair Augustus go raibh lucht na tromaidheachta dhéanamh ar Héród tar éis iad féin a chur as an saoghal, do leog sé air gur chreid sé gur bh'é cúis dóibh an íde sin a dhéanamh ortha féin ná cainnt Héróid 'ghá chur 'n-a luighe ar a n-aigne go raibh sé neamhchiontach, agus go raibh eugcóir déanta acu air leis an dtromaidheacht. Ansan do leog sé air gur thuig sé féin gur cheart dó rud éigin a dhéanamh a thaisbeánfadh an iontaoibh ba cheart dó a bheith aige as an bhfear san gur chuir a neamhchiontacht agus a ionracas fhiachaint ar an muinntir a dhein an eugcóir air iad féin a chur chun báis. Thaisbeáin sé an iontaoibh sin ar an gcuma so. Chuir sé Héród mar fhear-inid dó féinig os cionn críche Suíria go léir. Bhí gobhernóir aige cheana os cionn na tíre sin,
ach thug sé órdú do'n ghobhernóir sin gan aon ghnó do ghlacadh ar láimh gan é chur i gcómhairle Héróid agus ansan beart a dhéanamh do réir a chómhairle. Ní fheicim aon chúntas ar cad a dhein na h-Arabaigh i dtaobh na críche bige tailimh úd a cheannuighdar ó Shenodórus agus go rabadar chómh ceapaithe ar gan sgaramhaint leis. B'fhéidir gur thuigeadar um an dtaca san gur bh'fhearr Héród do ghlacadh beagáinín réidh. Nuair a fuair Héród an t-ímpire ag cárnadh na bhfabhar air d'iarr sé air fabhar beag a thabhairt d'á dhritháir Pheróras, "i dtreó," ar seisean, "go bhféadfidh sé maireachtaint do réir a uaisleachta agus ná beidh sé ag braith ar an té bheidh i réim am dhiaidh-se ar ball." Do thug Augustus seilbh críche i n-áit éigin do'n dritháir sin, ach ní h-innstear sa tseanachus cad é an áit. Meastar gur lastoir de'n Iórdan a bhí an áit agus ná raibh sé ró chómhgarach do chathair Ierúsalem. Bhí Héród buidheach go maith de'n ímpire um an dtaca san agus níor bh'aon iongna san. Bhí a ghnó déanta ag an ímpire sa n-áit an uair sin agus bhí sé ag dul siar abhaile go dtí an Róimh. Chuaidh Héród 'ghá thionlacan go bruach na faraige. Ní raibh an baile puirt abhfad ó'n áit 'n-a dtagan uisge abhan Iórdain chun a chéile as na cnocaibh. Do sgar Héród le h-Augustus ar an áit sin. Go luath 'n-a dhiaidh san do chuir Héród suas, ar an áit, saghas éigin, team- puil, i n-onóir d'Augustus, agus níor bheag d'iongna an teampul san le breághthacht agus le maiseamhlacht agus le h-uaisleacht déantúis, agus é déanta de mharmar a bhí chómh geal le sneachta. Bhí ana dhúil ag Héród in sma déantúsaíbh sin, agus d'á chostasamhlacht a dheineadh sé iad agus d'á uaisleacht na h-órnáidí chuireadh sé ortha iseadh ba mhó chuiridís fearg ar na Iúdaígh.
LXXXIX. ÓRNÁIDEACHT PHEACHAMHAIL Bhí an fhearg ag méadú ar na daoine go léir agus iad ag feuchaint ar an gcostas a bhí ag Héród 'á dhéanamh leis na déantúsaíbh saoirseachta; ní h-amháin leis na déantúsaíbh féinig ach leis an ornáid- eacht a bhí aige 'á chur ortha, ornaideacht a bhí, dar leó, i gcoinnibh aitheanta Dé, órnáideacht a bhí peacamhail, órnáideacht a bhí díoblaidhe thar na beartaibh. Bhí an costas ag eirighe. Bhí an órnáideacht ag dul i n-áil- neacht agus i n-olcas. Agus bhí ag neartú agus ag gearú ar an bhfeirg. Fé dheire bhí an náisiún go léir mar bheidís as a meabhair le neart buile feirge. Níor bh fhéidir leanmhaint ar an obair gan cáin ana throm a bheith ag teacht isteach ó'n náisiún. Do thuig Héród go raibh an bhuile feirge eirighthe chómh h-árd san gur bhaoghal go gcuirfadh na daoine cos i dtalamh agus ná díolfidís an cháin mhór a bhí aige d'á fhághail uatha. Ba mhian leis an cháin do luigheadú ach níor mhian leis a leogaint air gur ag géille d'fheirg na ndaoine a bhí sé. Tarraig sé leathsgéal chuige. Níor leog sé air gur thuig sé go raibh aon fhearg ar aoinne chuige. Dubhairt sé go raibh sé 'ghá thabhairt fé ndeara gur dhein an tiormacht úd a bhí ann tamal roime sin dochar ana mhór d'ithir na talmhan agus mar gheall air sin ná raibh an talamh chómh torthamhail agus bhí sé sar a dtáinig an tiormacht san. D'ór- duigh sé, d'á dheasgaibh sin, do lucht na cánach a bhailiú gan a dh'iarraidh ach dhá dtrian an éilimh. Níor dhein an locáiste sin puinn tairbhthe. Bhíodh sé ag gluaiseacht fé cheilt ameasg na ndaoine. Fuair se amach go mbídís ag cruinniú i dteannta chéile
agus ag cainnt agus ag gearán agus ag lochtúchán, agus ag árdú na feirge ar a chéile 'n-a choinnibh féinig. Bíodh lucht spiaireachta aige ag imtheacht ameasg na ndaoine agus ag tabhairt gach eóluis chuige ar gach a ndeintí agus ar gach a ndeirtí. Mar gheall ar an eólus san do chuir sé amach reacht ag cosg na ndaoine ar chruinniú i n-aon chor i bhfochair a chéile. Níor bh fhada go bhfuair sé amach ná raibh aon tairbhthe sa reacht san. Ansan do shocaruigh sé ar a chur fhiachaint ar gach aon duine dul fé dhearbhú dílseachta chuige féimig. Láithreach bonn do chuir uaisle uile an náisiúin cos i dtalamh 'n-a choinnibh sin. Do chuir na Fairisínigh go léir 'n-a choinnibh agus chuir na h-Esseniánaigh go léir 'n-a choinnibh. B'éigean dó eirighe as an ngnó san agus gan a leogaint air go raibh aon bhlúire feirge air mar gheall ar eirighe as. B'éigean dó gáire dhéanamh agus a leogaint air gur mar mhagadh bhí se, mú bheadh an sgéal 'n-a chogadh dhearg aige. Ansan do chuimhnigh sé ar bheart a bhí níba thábhacht- aighe chun na ndaoine chur chun suainis, agus a bhí ag teacht isteach níba chruinne le nádúr agus le fuadar na h-aigne a bhí aige féinig, 'ná mar bheadh aon tsaghas smachtúcháin a dh'fhéadfadh a dhítheal a dhéanamh. B'í beart í sin ná an teampul mór i gcathair Ierúsalem d'athnuachaint. Do chuimhnigh sé ar an mbeart san, agus do shocaruigh sé ar an mbeart san a dhéanamh. XC. AN TEAMPUL 'Á CHUR SUAS. Bhí an dúil ag Héród in sna h-oibreachaibh uaisle saoirseachta. Do thuig sé dá bhféadadh sé an teampul mór d'athnuachaint, go mbeadh an obair ab uaisle ab
fhéidir a dhéanamh déanta aige, agus go mbeadh a cháil bithbhuan, ní h-amháin ameasg daoine an domhaim ach ameasg na nIúdach go h-áirithe, ó b'iad ba lugha fonn chun aon nídh fóghanta do chreideamhaint 'n-a thaobh, Níor bh'fholáir dó ar dtúis an neamh-fhonn san a bhaint díobh, dá mb'fhéidir é, agus a chur 'n-a luighe ar a n-aigne go raibh ar a chumas an gníomh san a dhéanamh agus sa n-am gcéadna go raibh sé lom dáiríribh i dtaobh a dhéanta. "Ca bh'fhios dúinn," ar siad 'n-a n-aigne féin, "ná go bhfágfadh sé an teampul nua gan cur suas choidhche nuair a bheadh an seana theampul ar lár aige?" Bhí fhios aige go raibh an smaoineamh san istigh 'n-a n-aigne acu. Shocaruigh sé ar an smaoineamh san a chur as a n-aigne. Cainnteóir áluinn ab eadh é. Bhí neart agus fuinneamh agus deisbhéalaighe 'n-a chainnt, agus deaghlabharthacht, i dtreó go raibh ar a chumas aon nídh ba mhaith leis, pé 'cu thaithnfadh sé leó nú ná taithnfadh, d'áiteamh ortha, agus do chur 'n-a luighe ortha, pé cur n-a choinnibh a bheadh acu. Do chruinnigh sé i dteannta chéile iad agus do labhair sé leó:- "A uaisle Israchil," ar seisean leó, "tá nídh ar m'aigne agus tá sé ag déanamh buartha dhom le fada. Tá Dia na Glóire tar éis na síothchána thabhairt dom mórthímpal ar an uile thaobh, agus tar éis mo chómh- achta do neartú thar na beartaibh le caradas na Rómhánach. Tá sé buailte isteach am' aigne gur b'é is lugha is gann domh-sa rud éigin a dhéanamh a thabharfadh glóire do'n Tighearna mar chúiteamh in sna tabharthaistíbh móra atá tabhartha dhom aige. Nuair a tháinig ár sínsear thar n-ais anso ó bhraighdineas do chuir Soróbabel suas an teampul so. Teampul suarach ab eadh é i gcomparáid leis an dteampul a chuir Solomon suas ann ar dtúis. Níor chóir locht fhághail
ar an muinntir a chuir suas an teampul mar gheall air sin. Ní raibh an acfuinn acu. Tá an acfuinn againn- na anois, agus táim-se ceapaithe ar theampul a chur suas anso a bheidh oireamhnach chun glóire thabhairt do Dhia. Ní déanfar aon cheataighe do riaghaltaibh ná do ghnóthaíbh an chreidimh mar ní corrófar oiread agus aon chloch amháin de'n tseana theampul go dtí go mbeidh an uile bhlúire d'adhbhar an teampuil nua anso ar an bhfód." Do chuir an focal deirineach san suaineas aigne ortha. Do chuir sé láithreach deich míle fear de sna ceárdaidhthibh ab fhearr ag obair, agus míle fear de sna sagartaibh ab eólgaisighe ar shnoidhe agus ar obair saoirseachta, agus dhíol sé féin a dtuarastal leó. XCI. AN OBAIR AR SIUBHAL. Mar adubhradh, do chuir Héród, láithreach bonn, deich míle fear, de sna ceárdaidhthibh ab fhearr, ag obair, agus chuir sé ag obair míle fear de sna sagartaibh ab fhearr eólus ar shnoidheadóireacht agus ar shaoirseacht, agus ar na gnóthaíbh a bhainean leis an dá eólus san. Thaisbeánfadh san gur bhaim an dá ealadhain sin, .i. snoidheadóireacht agus saoirseacht, le gairm beatha na sagart. Ba chóir agus ba cheart go mbainfidís, óir b'é a gcúram fé leith an teampul mór do chimeád suas, le h-aireachas agus le h-órnáid, agus le h-athnuachaint ar neithibh a bheadh ag dul ar feódh tré ghluaiseacht aimsire. I n-éaghmais na gceárdaidhe agus na sagart do chur ag obair do chuir Héród éacht de thrucailibh agus do charaíbh ag tarrach adhbhar na h-oibre chucha. Do
ghluais an obair ar seól go mear agus bhí oiread san daoine sáidhte sa n-obair, agus bhí an fonn agus an flosg chómh mór san ortha go léir, agus iad go léir ag cur misnigh agus anamamhlachta ar a chéile chomh mór san go raibh an uile phioc de sna h-adhbhraibh a bhí riachtanach go rabhadar ansúd i dteannta chéile go cruinnighthe slachtmhar, sar a raibh dhá bhliain caithte. Nuair a bhí san mar sin do tosnuigheadh gan stad gan righneas ar an seana theampul do leagadh ar lár. Cómh luath agus bhí an seana theampul ar lár do tosnuigheadh, leis an bhfuadar gcéadna, ar an dteampul nua do chur suas. Bhí an lucht ealadhan agus na ceárdaidhthe chómh maith san agus chómh fonn- mhar san, agus an rí chómh brostuightheach san, go raibh an áit naomhtha críochnuighthe agus oireamhnach do ghnóthaíbh an chreidimh i n-aon bhliain go leith amháin. Deirtear, an fhaid a bhí an obair sin ar siubhal gur bh'é toil Dé mar thuit aon fhearthainn sa lá, ach pé fear- thainn a thuit gur san oidhche do thuit sí. Ach bíodh go raibh an méid sin déanta laistigh de bhliain go leith bhí ocht mbliana eile imthighthe sar a raibh críochnú déanta go bhféadfí críochnú thabhairt air le ceart. Um an dtaca san féin ní raibh an obair críochnuighthe i gceart, bíodh go raibh an teampul i dtreó chun gnóthaí creidimh, do réir mar a bhí ceapaithe ag an rí ó thosach. Bhí ar a chumas a rádh go raibh an rud a gheall sé a dhéanamh go raibh sé déanta aige. Fiche bliain roim theacht an tSlánuightheóra iseadh do, tosnuigheadh an teampul mór san. Níor stadadh de'n obair tar éis na n-ocht mbliain. Deir Ióséphus gur leanadh de'n obair go dtí gur thosnuigh an cogadh fé Ghelius Flórus. Ansan gur briseadh amach ocht míle dhéag fear as an obair, ach gur lean na Iúdaígh féin ar an obair ar feadh abhfadh 'n-a dhiaidh san.
XCII. DRIFIÚR HÉRÓID Mar adubhradh do briseadh amach as an obair ocht míle dhéag fear nuair a tháinig an cogadh úd, ach níor tháinig sé go ceann abhfad. Nuair a tháinig an sémhadh bliain déag roim theacht an tSlánuightheóra bhí an obair ar siubhal fé lán an tseóil, na fir go léir ag obair, idir lucht ealadhan agus lucht cheárd, agus Héród ansúd agus a shúil ortha agus é 'ghá stiúrú agus 'ghá mbrostú gan sos gan suaineas. Ach, mar is cuimhin, bhí beirt mhac le Héród sa Róimh, i bpálás an ímpire. Do thuig Héród gur cheart dó cuaird a thabhairt go dtí an Róimh chun na bhfear óg san a dh'fheisgint agus chun a dheagh mhéinne féin a thaisbeáint do'n ímpire agus a bhuidheachas do ghabháil leis. Thug sé an chuaird sin. Tháinig sé go dtí an chathair. Do chuir Augustus fáilte ríoga roimis. Thaisbeáin sé méid a charadais dó. D'ullmhuigh sé féasta uasal dó féin agus d'á chualacht, agus thug sé chuige an bheirt mhac. Bhí áthas mór ar Héród nuair a chonaic sé an bheirt ógánach agus iad ag feuchaint chómh h-uasal agus chómh deagh thabhartha suas agus chómh creideamhnach. D'admhuigh sé do'n ímpire a bhuidheachas air, agus níor fhág sé an admháil gan tabharthaistí saidhbhire do chur léi, tabharthaistí a bhí i gcomórtas leis an gcomaoine a bhí curtha ag an ímpire air féin agus ar a bheirt mhac. Tar éis rainnt laethanta thug an t-ímpire suas dó iad agus thug sé leis abhaile go Iúdéa iad. Nuair a chonaic na daoine iad do thaithneadar chómh maith san leó gur chuireadar árd fháilte rómpa le mór mholadh agus le liúireach. Níor bh'fhada tar éis iad a theacht abhaile gur pósadh an bheirt. Alegsandar
ab ainm do dhuine acu agus Aristóbulus ab ainm do'n duine eile. Do pósadh Alegsandar le Glafíre, inghean Archelauis, rí Chapadócia, agus do pósadh Aristóbulus le Bhereníce, inghean Shalóme. Bhí fuil na Macabéach sa bheirt ógánach uasal san, ó n-a máthair, ó'n gcéad Mhariamne a bhí pósta ag Héród. Gan amhras do thug an bheirt ó'n máthair sin deabhramh agus gné uasal na Macabéach agus do thaithn an ghné sin leis na Iúdaígh go léir, agus bhí árd áthas ar an náisiún go léir an bheirt sin a bheith eirighthe suas agus iad a bheith ansúd 'n-a measg. Bhí aon bhean amháin, ámhthach, a bhí gan aon bhlúire áthais uirthi mar gheall ar iad a bheith ann. B'í bean í sin ná Salóme, drifiúr an rí. Bhí a h-aigne agus a cuimhne ag cur uirthi mar gheall ar an mbeirt sin. Bhí fhios aici cad a bhí déanta aici le máthair na beirte sin. Bhí fhios aici gur iarr a lán daoine creid- eamhnacha ar Héród gan Mariamne do chur chun báis ach í chimeád i bpríosún éigin, agus gur áitimh sí féin ar Héród í chur chun báis. Bhí fhios aici go bhfaghadh na fir óga an obair sin go léir amach, mara raibh sé fághalta amach cheana acu. Thosnuigh sí féin agus a cáirde láithreach ar uisge-fé-thalamh a dhéanamh i gcoinnibh na beirte, 'ghá chur 'n-a luighe ar aigne an rí, le cogarnach ameasg daoine, nár bh'fhéidir do'n bheirt ógánach san aon ghrádh bheith acu do'n fhear san a dhein a leithéid d'eugcóir ar a máthair. D'oibrigh an chogarnach. XCIII. SÍOTHCHÁIN NÁR BHUAN. Bhí an chogarnach ar siubhal. Fé dheire d'airigh Héród ó dhuine agus ó dhuine eile focal anso agus ansúd. Ní raibh aireachas ceart ag na fearaibh óga féinig ar
a mbéalaibh. Nuair a deirtí focal leó i dtaobh na h-eugcóra deineadh ar a máthair d'admhuighdis gur bh'fhíor an focal. Do théigheadh an focal san ag triall ar an rí agus rainnt focal eile curtha leis. B'é crích an sgéil é gur thuig Héród ná raibh aon bheirt namhad aige a bhí níba chontabharthighe dhó 'ná an bheirt mhac san leis féin, agus nár bh'fholáir dó an bheirt sin do chur as an saoghal nú go gcuirfidís-sin as an saoghal é féin. Bhí mac ag Héród le mnaoi ar a dtugan Ióséphus Doris mar ainm; Antipater ab ainm do'n mhac san. Nuair a bhí aigne an rí iompuighthe i gcoinnibh bheirte mhac Mhariamne do thóg sé chuige mac Dhoris agus thug sé le tuisgint do'n phoibilidheacht gur bh'é sin a bheadh i réim 'n-a dhiaidh féin. Do chuir san fearg ar bheirt mhac Mhariamne. Dhein an fhearg níba bhéal- sgaoilte iad 'ná mar a bhíodar roime sin. Tháinig cainnt níba ghéire uatha i dtaobh na h-eugcóra a dein- eadh ar a máthair. Nuair airigh Héród an chainnt sin do shocaruigh sé ar chúis a thabhairt dóibh chun tuille cainnte dh'á sórd a dhéanamh. Shocaruigh sé ar Antipater, mac Dhoris, a bhreith leis go dtí an Róimh agus é thaisbeáint do'n ímpire. Níor bh'aon amadán Antipater. Bhí sé ana ghasta. Oiread agus focal aniach as a bhéal níor labhair sé i gcoinnibh na beirte eile, ach do thug sé toghadh an air- eachais, mara ndubhairt sé féin focal 'n-a gcoinnibh, go raibh a dhóithin daoine eile aige chun bheith ag labhairt 'n-a gcoinnibh agus ag tromaidheacht ortha. D'oibrigh sé an tromaidheacht san chómh deaghlámhaigh sin gur iompuigh sé croidhe Héróid i gcoinnibh na beirte chómh dubh san gur shocaruigh Héród ar an mbeirt a bhreith leis go dtí an Róimh agus a chur fhiachaint ortha a dtriail do sheasamh i láthair an ímpire féin agus iad féin a ghlanadh, dá mb'fhéidir é, ar na coirthibh a bhí aige le tabhairt 'n-a gcoinnibh.
Do ghluais sé féin agus an bheirt. Bhí Antipater imthighthe rómpa. Bhí eagla air, an fhaid a bheadh an t-athair agus an bheirt ar an slighe go mb'fhéidir go ndéanfidís féin agus an t-athair síothcháin. Bhí an lucht tromaidheachta aige laistiar díobh ag cur leit- ireacha agus tuairisgí ag triall ar an athair, i dtreó nár bhaoghal go bhféadfí aon tsíothcháin a dhéanamh ar an slighe. Do shroiseadar an chathair. Bhí Augustus imthighthe go h-Acuiléa. Do leanadar é. Do labhair an t-athair agus chuir sé coir throm rí-mhasladh 'n-a gcoinnibh. Do labhair sé chomh cruaidh 'n-a gcoinnibh agus chomh fíochmhar, gur chrom an bheirt ar ghol. D'iarr Héród ar Augustus a bhreith do thabhairt ortha. D'iarr Augustus ortha iad féin do chosaint. Do labhair Alegsandar agus do dhein sé an chosaint chómh maith san gur chreid Augustus agus na h-uaisle a bhí láith- reach an uile fhocal d'á ndubhairt sé. D'áitimh Augustus ar Héród go raibh dearmhad air. Dhein sé síothcháin eatartha. Níor lean an tsíothcháin abhfad. XCIV. DROCH THRUIG. D'áitimh Augustus ar Héród go raibh dearmhad mór air i dtaobh na beirte sin, Alegsandar agus Aristóbulus, agus thug sé le tuisgint dó gur lughde an meas a bhí aige ar a bhreitheamhantas é bheith chómh droch amhraisteach ar bheirt a bhí chómh deagh-aigeanta; go raibh aithne mhaith aige féin ortha, go rabhadar fada a ndóithin fé n-a chúram chun aithne bheith aige ortha agus chun a fhios a bheith aige cad é an saghas iad. Do thuig
Héród ó'n gcainnt sin gur mhar a chéile d'Augustus labhairt ar an gcuma san agus dá n-abradh sé "Ní thaisbeánan tú go bhfuil meas ró mhór agat ar an dtabhairt suas ná ar an oileamhaint a thugas-sa ar an mbeirt sin. Ba dhóich le duine ort go bhfuil cathú ort nár chimeádais sa bhaile agat féin uaim iad." Ní dubhairt Augustus aon fhocal de'n tsórd san, ach do thuig Héród go raibh na smaointe sin i n' aigne aige. Do thuig sé go mb'fhéidir go raibh beart déanta aige do chuirfadh fearg ar Augustus. Do bhain san geit as. Do thoiligh sé chun na síothchána láithreach agus tháinig sé féin agus a thriúr mac abhaile go Ierúsalem. Bhí an tsíothcháin déanta, ach níor lean an tsíothcháin. Do lean an chogarnach. Do chuirfadh an chogarnach an tsíothcháin ar neamhnídh gan chongnamh ó aon droch thrúig eile. Ach do tháinig droch thrúig eile, agus is ó Héród féin a tháinig an droch thrúig sin. Ag machtnamh do Héród ar an méid gnótha a bhí déanta aige sa Róimh i gcoinnibh na beirte, do buail- eadh isteach in' aigne gur bhaoghal go raibh droch ghnó déanta aige dhó féinig; go raibh masla grána tabhartha do'n ímpire aige, dul agus an bheirt sin do bhreith leis i láthair an ímpire sin a bhí tar éis iad a thógaint istigh 'n-a phálás féinig, agus droch ghníomhartha grána do chur 'n-a leith, agus ansan a iarraidh go dána ar an ímpire gcéadna san breith bháis a thabhairt ar an mbeirt gcéadna san! Easonóir uathbhásach ab eadh é sin le tabhairt do'n ímpire sin. "Ó," arsa Héród i n'aigne féin, "ní mhaithfidh sé go deó dhom é." Tháinig sé féin agus a thriúr mac abhaile. Cheap sé a chur i n-iúil do'n ímpire go ndéanfadh sé an tsíoth cháin do chur ó bhaoghal. Do chruinnigh sé an pobul agus dubhairt sé leó: "Tá triúr mac agam, gach mac acu oireamhnach chun bheith 'n-a rí oraibh-se. Ní'l agam ach an t-aon rígheacht amhain. Beidh an r-igheacht ag an dtriúr acu,
i ndiaidh chéile, tar éis mo bháis, ag Antipater ar dtúis, ag Alegsandar 'n-a dhiaidh sin, agus ag Aristóbulus i ndiaidh Alegsandair. Ciméadfad an rígheacht agam féin an fhaid a bheidh mé beó." Do lean buile chogarnaighe an socarú san. XCV. ÉAN BEANNUIGHTHE. Nuair a dhein Héród an socarú úd i dtaobh a chlainne agus i dtaobh an chuma 'n-a mbeidís i réim n-a dhiaidh i rígheacht Iúdéa, do chuir sé toirmeasg agus aigneas agus mí-ádh i n-áirithe dhó féinig agus doibh-sin an chuid eile dá shaoghal féinig agus d'á saoghal-san. Aon fhear a bhí chómh droch-amhraisteach leis ba mhór an iongna nár thuig sé go mbeadh an triúr ag, faire ar a chéile agus air-sean feuchaint cé 'cu de'n cheathrar ba dhóichighe maireachtaint níba shia 'ná an triúr eile; agus ansan go mbeadh gach aoinne acu ana dhúilmhar i mbás gach duine de'n triúr eile; agus ansan go mbeadh gach aoinne acu, nuair a bheadh ag brise ar an bhfoidhne aige, go ró ullamh ar bhás aoinne de'n triúr eile do bhrostú dá n-eirigheadh caoi chuige ar an mbrostú san a dhéanamh. As an socarú féinig, do réir a nádúra, agus do réir nádúra na ndaoine gur deineadh an socarú eatartha, níor bh'fhéidir gan droch obair de'n tsórd san a dh'eirighe, agus san go luath, agus ba dhall an rud do dhuine chómh géarchúiseach le Héród gan an méid sin a dh'fheisgint go soiléir. Ach bhí éan beannuighthe i dteaghlach Héróid agus níor bhaoghal go leogfadh sí do thrúig uilc a bhí chómh torthamhail sin imtheacht gan an t-olc a theacht as go
flúirseach. Salóme, drifiúr Héróid féin, an t-éan beannuighthe sin. Bhíodh an cogar i gcluais a drithár aici i gcómhnuidhe go dtí go gcuireadh sí fhiachaint air beart éigin aimhleasta dhéanamh, nuair a theastuigheadh uaithi a droch aigne féin do chur i bhfeidhm nú í féin a thabhairt saor ó thoradh an chur i bhfeidhm sin. Do sprioc sí eud Héróid ar dtúis i gcoinnibh Mariamne. Do lean sí ag spriocadh an euda san, le h-éitheach, go dtí gur chuir sí fhiachaint air Mariamne do dhaoradh chun báis. Ansan, nuair a bhí daoine creid- eamhnacha 'ghá chómhairliú do Héród gan Mariamne do chur chun báis ach í chur isteach i bpríosún éigin, bhí sí ag gabháil do go dtí gur chuir sí fhiachaint air í chur chun báis. Ansan, nuair a tháinig beirt mhac Mhariamne abhaile ó'n Róimh agus chonaic sí iad chómh h-uasal chómh creideamhnach, agus an t-árd uraim ag an uile dhuine dhóibh, tháinig sgannra uirthi le h-eagla go bhfaigh- dís amach gur bh'í fé ndeár an eugcóir a deineadh ar a máthair agus go ndéanfidís díoltas uirthi. Ansan chomáin sí an chogarnach ar siubhal go dtí go raibh an donas go léir déanta, an socarú úd déanta, agus an ceathrar úd ag faire ar a chéile feuchaint cé ba thúisge gheóbhadh bás. Bhí aoinne amháin de'n cheathrar agus bhí sé chómh h-olc, chomh droch h-aigeanta le Salóme. B'é sin Antipater, an inac go raibh an ontaoibh go léir ag Héród as. XCVI. ADMHÁIL. Níor bh'fhada gur thosnuigh an socarú ar a thoradh thabhairt go flúirseach. Bhí fhios ag Salóme dá dtagadh Alegsandar i réim gur dhi féinig ba mheasa.
Dubhairt sí le Héród go raibh Alegsandar tar éis beirt d'á sheirbíseachaibh do bhreabadh chun é chur chun báis. Do rugadh ar an mbeirt agus do cuireadh fé phionós iad chun a chur fhiachaint ortha an breabadh san d'admháil. D'admhuigh duine acu go bhfuair sé féinig rainnt tabharthaistí ó'n bpriúnsa san ach nár labhair an priúnsa aon fhocal leis i dtaobh aon díobhála dhéanamh do'n rí. Ní raibh an rí sásta leis an méid sin. Do lean sé ag meudú an phionóis ortha go dtí gur tugadh dó oireadh eóluis, dar leis, agus do shásaimh é. Ansan do chuir sé Alegsandar isteach i bpríosún, i n-iarnaíbh troma. Do chuir an eugcoir uathbhásach san an priúnsa mar bheadh sé as a mheabhair. Do sgríbh sé leitir chun a athar 'ghá admháil gur bh'fhíor an nídh a bhí curta 'n-a leith, gur dhein sé an gníomh, ach ná raibh sé i n' aonar sa n-obair; go raibh ceathrar ag déanamh na h-oibre 'n-a theannta; gur bh'iad ceathrar iad san ná Pheroras, dritháir an rí, agus Salóme, drifiúr an rí, agus beirt d'uaislibh na rígheachta go raibh árd iontaoibh ag Héród asta. Chuir sé cheithre leitireacha i ndiaidh chéile chuige ag admháil na h-oibre sin go léir. "Agus," ar seisean in sna leitireachaibh sin, "do tháinig Salóme chugam i lár na h-oidhche agus do luigh sí am' aice agus thug sí a lán de'n oidhche 'ghá chur 'n-a luighe ar m'aigne ná beadh aon bhreit againn ar shíothcháin ná ar shuain- eas lae ná oidhche bheith againn go dtí go mbeadh an tíora-nach rí sin curtha chun báis againn!" Nuair a fuair Héród na leitireacha san bhí sé mar bheadh sé as a mheabhair le mearathal aigne agus le h-eagla roim an uile dhuine. Ní fheadair sé an domhan cé as gur cheart dó iontaoibh a bheith aige ná cé as nár cheart. Ní raibh ins gach aon pháirt de'n chathair ach pionós agus céasadh agus marbhú a d'iarraidh admhálacha do stracadh amach a' daoine le neart pionóis agus le fásgadh teinnis Bhí Héród féin
i n-a leithéid de chás le sgannra agus le buaireamh aigne go léimeadh sé as a chodla i lár na h-oidhche agus go ritheadh sé as a leabaidh agus é deimhnightheach go mbíodh duine d'á mhacaibh, nú an bheirt, ag rith n-a dhiaidh chun a mharbhuighthe. Bhí daoine 'ghá mheas go n-imtheóchadh sé as a mheabhair an uair sin le neart an mhearathail aigne a bhí air. I lár an chéimaighra san dó, tháinig Archelaus, athair Ghlaphíra, rí Chapadócia, go Ierúsalem. Dhein sé rainnt cainnte le Héród. Chuir sé suaineas aigne air. Dhein sé síothcháin idir é féin agus a bheirt mhac. Dhein san ciúnas sa n-áit ar feadh tamail bhig. XCVII. I GCOINNIBH A CHÉILE. Nuair a sgríbh Alegsandar na cheithre leitireacha úd ag triall ar Héród, 'ghá admháil go raibh sé cionntach in sna neithibh go léir a bhí curtha 'n-a leith, agus nuair adubhairt sé go raibh Pheróras agus Salóme chómh cionntach leis féinig, nách mór an iongna nár chas Héród le Salóme a ciontacht? Ní'l ach aon fhreagra amháin ar an gceist sin. Dubhairt Alegsandar go dtáinig Salóme chuige i lár na h-oidhche agus gur thug sí mórán aimsire 'ghá chur 'n-a luighe air gur cheart an tíoránach rí sin do chur chun báis. Do thais- beánfadh an sgéal san go léir gur shocarú gur bh'eadh é, idir Shalóme agus Héród, í dhul ar an gcuma san i lár na h-oidhche ag triall ar Alegsandar feuchaint an bhféadfadh sí admháil éigin 'n-a chiontacht do mhealladh uaidh. Gan amhras, nuair a tháinig sí uaidh d'imthigh sí ag triall ar Héród agus d'innis sí do an uile fhocal de pé cainnt a thárla eatartha agus
chuir sí leis an gcainnt pé rud a dh'oir di féin a chur leis. Níor chas Héród léi an chiontacht a dh'innis Alegsandar uirthi mar bhí sé fein sa ghnó san chómh doimhinn agus bhí sisi ann. Ach do thrácht Alegsandar ar dhuine eile in sna leitireacaibh úd. Do thrácht sé ar Pheróras. Bhí Pheróras níba dhoimhne go mór sa bhfeall a bhí ar siubhal i gcoinn bh Héróid 'ná mar a bhí aoinne éile an uair sin ach amháin b'fhéidir Salóme féin agus Antipater. Bhí sé 'n-a chómhnuidhe abhfad soir ó chathair Ierúsalem, ar an gceathramhadh rígheachta a thug Augustus dó nuair a dh'iarr Héród air é. Do thug sé toghadh an aireachais gan teacht i ngoire na catharach- Do leog sé air le Héród gur bh'amhlaidh a bhí dearbhú déanta aige gan teacht chun ia catharach. I n'inead san is amhlaidh a bhí nimh láidir tabhartha aige aníos ó Alegsandria, le tabhairt do Héród nuair a gheóbhadh sé an chaoi air. Bhí sé thoir 'n-a thigh féin agus é ag faire chuige, agus an chathair laistiar 'n-a chíréip le ceistiúchán, agus le pionóisí d'á gcur ar an uile sagas daoine go meastí go mbíodh eólus acu ar aon iarracht i gcoinn bh anama an rí. Ní thiocfadh Pheróras i ngoire na catharach, i dtreó go bhfeicfadh gach aoinne nár bh'fhéidir dó féinig aon bhaint a bheith aige le h-aon droch iarracht a déanfí. Bhí fear eile agus dhein sé beart de'n tsaghas chéadna. B'é fear é sin ná Antipater. Dá bhfaghadh Héród bás bheadh sé 'n-a rí ar Iúdéa láithreach, dar leis. Do cuireadh fios air go dtí an Róimh chun gnóthaí éigin do shocarú ann; gnóthaí éigin a bhear- tuigh sé féin i dtreó go gcuirfí fios air agus go mbeadh sé abhfad ó chathair Ierúsalem nuair a leath- fadh tásg ar bhás Héróid. Mar sin dóibh! Pheróras lastoir agus a chualacht féin aige i gcathair Ierúsalem ag déanamh gach uisge- fé-thalamh chun Héróid a chur chun báis, agus Antipater
sa Róimh agus a chualacht féin i Ierúsalem aige agus an t-uisge-fé-thalamh céadna acu 'á dhéanamh, agus sa n-am gcéadna, Antipater a d'iarraidh Pherórais a chur chun bais agus Pheróras a d'iarraidh Antipater a chur chun báis. Agus Héród lán deimhnightheach ná raibh beirt ar an saoghal a bhí níba dhílse dhó 'ná Pheróras agus Antipater! XCVIII. MÍ-SHÁSAMH CROIDHE. D'á mhéid buaireamh aigne, agus mearathal inntinne, agus mí-shásamh croidhe, a bhí ar Héród nuair a thuig sé go raibh a chlann mhac féin ag gabháil 'n-a choinnibh, agus i n-inead iad a bheith mar thaca i n-aghaidh a namhad aige i ndeire a shaoghail, gur bh'iad ba mhó a bhí ar tí an anama a bhaint as, níor chuir an mearathal aigne sin fhiachaint air aon fhailighe a dhéanamh de sna gnóthaíbh móra, costasamhla a bhí ar siubhal aige ar fuaid Iúdéa agus istigh i gcathair Ierúsalem féinig. Ní déarfinn ná go bhfuil a lán daoine agus gur dóic leó, nuair a léighid siad an focal adubhairt ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, i dtaobh an teampuil mhóir a bhí i gcathair Ierúsalem le n-a linn féin gur bh'é an teampul mór san an teampul a dhein Solomon na céadta blian roimis sin. Níor bh'é i n-aon chor. B'é sin an teampul mór a bhí ag Héród 'á chríochnú an uair chéadna san a bhí an mearathal aigne go léir air agus é lán deimhnightheach go raibh a bheirt mhac féin ceapaithe ar é chur chun báis. Do dhein Solomon an chéad teampul na céadta blian roimis sin. Do leagadh agus do raobadh agus do sgartáladh an teampul san nuair a rugadh clann
Israéil i mbraighdineas soir go Baibilóin, mar gheall ar a bpeacaíbh. Ansan, nuair ab é toil Dé cuid de chlainn Israéil do chur siar abhaile airís go Ierúsalem, do fuaradar an teampul a dhein Solomon ar lár. Dheineadar iarracht ar an dteampul san do chur suas airís, ach ní raibh aon bhreith ag an dteampul a cuireadh suas an uair sin ar theampul Sholomoin. Bhí Héród ag cuimhneamh ar rud éigin a dhéanamh a chuirfadh, dar leis, fhiachaint ar na Iúdaígh uraim a bheith acu dhó. Chonaic se an teampul beag a chuir Sorobabel ar an áit ar a raibh teampul mor Sholomoin. "Tá fhios agam cad a dhéanfad," ar seisean i n'aigne féin. "Leagfad an teampuilín sin agus cuirfad suas ar an áit sin teampul a bheidh nísa mhó 'ná an teampul a chuir Solomon suas ann suas le míle bliain ó shin." Bhí na maiseamhlachtaí deirineacha aige 'á chur ar an dteampul san nuair a bhíodh sé ag léimt as a chodla agus as a leabaidh asdoidhche ag teiche ó n-a mhacaibh, dar leis. Bhí oibreacha breághtha eile, mórán acu, aige 'á dhéanamh ar fuaid na tíre agus gan aon fhailighe aige a thabhairt ionta. Bhí cuid acu ab uaisle 'ná chéile aige 'á dhéanamh ar chathair Chaesaréa. Ní fheicim ráidhte i n-aon bhall, ámhthach, gur bhuaidh teampul Héróid ar theampul Sholomoin. XCIX. DORIS. I lár na h-oibre a bhí ag Hérod 'á dhéanamh ar an dteampul mór i gcathair Ierúsalem, agus ar chathair Chaesaréa, agus ar na caisleánaibh breághtha móra
daingeana láidire a chuir sé suas mórthímpal Iúdéa; agus i lár na colóide a bhí ag baint suainis lae agus oidhche dhe, agus é a d'iarraidh é féin a chosaint, dar leis, ar a bheirt mhac, níor fhead sé gan rud a dhéanamh a bhí aimhleasta thar na beartaibh dó. Do chuir sé reacht amach 'ghá órdú do sna Iúdaígh iad féin a chur fé dhearbhú géilsine dó féin agus d'Augustus. D'eirigh na Fairisínigh ar buile. Tháinig seacht míle fear acu i bhfochair a chéile agus dubhradar go raibh an reacht san i gcoinnibh dlighe Mhaoise. Do chuir Héród reacht eile amach, reacht a chuir fíneáil throm ortha mar gheall ar an easumhluidheacht san. Níor dhíoladar an fhíneáil. Bhí Pheróras tar éis mná óige do phósadh. Do dhíol sí sin an fhíneáil thar cheann na bhFairisíneach. Tháinig taom breóiteachta ar Héród. Chuir sé fios ar Pheróras agus d'iarr sé air teacht chun cainnte leis. Níor tháinig Pheróras. Thug sé mar leathsgéal uaidh go raibh dearbhuighthe aige gan teacht. Beagán aimsire 'n-a dhiaidh san do buaileadh Pheróras féin breóite, agus tháinig Héród chuige féin. D'airigh sé go raibh Pheróras 'n-a luighe le taom éigin. Do ghluais sé soir láithreach 'ghá fheuchaint. Ní raibh aon choinne leis lastoir. I gceann cúpla lá tar éis é theacht chun na h-áite thoir fuair Pheróras bás. Do chruinn gh Héród sochraid mhór agus chuaidh sé chun mórán costais ag tabhairt onóra d'á dhritháir, agus thug sé leis é go Ierúsalem 'ghá adhlacadh. Bhí beirt fhear ag Pheróras agus bhíodar fé chomaoine mhór aige. 'N-a ndaoraibh a bhíodar aige ar dtúis, agus bhíodar ana dhílis dó. Bhíodar chómh dílis sin dó gur thug sé a saoirse dhóibh. Dubhradar gur theastuigh uatha ceart a dh'iarraidh ar an rí. Do tugadh i láthair an rí iad. D'fhiafraigh Héród díobh cad é an ceart a bhí uatha. "Tá, a rí," ar siad, "ceart i gcoinnibh mná an
uasail seo atá d'á adhlacadh anso indiu." "Cad a dhein sí 'n-a choinnibh?" arsa Héród. "Tug sí nimh dó, a rí," ar siad. "Thug sí nimh dó," ar siad, "agus isé an nimh sin a dhein breóite é agus do mhairbh é an lá a buaileadh breóite é." Do rugadh láithreach ar bhanntracht tighe Pherórais agus do ceistigheadh iad. Do shéanadar an sgéal. Do cuireadh fé phionós iad. Níor bhain an pionós aon eólus asta ar feadh abhfad. Fé dheire, bhí aon bhean amháin ann agus do chuir neart an teinnis fhiachaint uirthi aon fhocal amháin do leogaint amach. "A Dhia na Glóire!" ar sisi, "Iarraim ort anois Doris, máthair an phriúnsa Antipater, do thabhairt anso agus a chur fhiachaint uirthi a cion de'n teinneas so a dh'fholag, mar is uirthi is ceart an teinneas do chur agus ní h-orm-sa!" "Cad 'n-a thaobh san?" arsan rí. Níor labhair sí. Do fáisgeadh an teinneas uirthi. Do chuir an fásgadh fhiachaint uirthi labhairt. "Is í Doris," ar sisi, "máthair Antipater, do thug an nimh aníos ó Alegsandria léi chun é thabhairt duit-se, a rí, agus chun é thabhairt do Pheróras, i dtreó nuair a bheifá-sa agus Pheróras marbh go gcaithfí an rígheacht a thabhairt d'á mac féinig. Ní raibh aoinne ba ghéire a bhí ar tí an anama bhaint asat, a rí, 'ná Antipater agus a mháthair. Cad chuige go mbeinn ag folag pian ar a shon ?" C. THÁINIG NA DISGRÉADAÍ AMACH. Chómh luath agus adubhairt an bhean an focal 'ghá iarraidh ar Dhia Doris, máthair Antipater, do thabhairt ag folag na péine, mar gur bh'uirthi ba cheart an pian
a chur, tháinig na disgréadaí go léir amach. Ar dtúis do dhiúltuigh sí d'á thuille cainnte dhéanamh. Do cuireadh tuille pionóis uirthi. Ansan do sgaoil sí amach an sgéal go léir. Nuair a bhí a raibh le rádh aici ráidte aici do chruinn gh Héród aon daoine eile a bhí ann agus go raibh aon nídh le rádh acu i dtaobh an sgéil. Ní raibh aon ghádh le pionós 'n-a dtaobh san, mar bhí an rún go léir sgéidhte agus ní raibh a thuille greama ag aoinne ar pé eólus a bhí aige. Nuair a bhí deire a chuid ceistiúcháin déanta ag Héród do chuir sé i n-aice an eóluis a tugadh dó an uair sin an méid eóluis a bhí fághalta aige roimis sin ó Shalóme agus do sgrúduigh sé an t-eólus go léir go cruinn. B'é deire an sgrúdúcháin dó go bhfuair sé amach go breágh soiléir gur bh'é a mhac dílis féinig, an mac go raibh an mhuin ghin go léir aige as, an mach a bhí ceapaithe aige chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa 'n-a dhiaidh, gur bh'é an mac céadna san a thug aníos ó Alegsandria an nimh a tugadh d'á dhritháir Pheróras, agus do mairbh é. Ní do Pheróras a cheap an mac san an nimh, ámhthach, ach do Héród féin. Chuir Antipater an nímh i láimh a mháthar, Doris, le tabhairt d'á athair, do Héród féin. Chuir Doris an nimh i láimh na mná a bhí pósta ag Pheróras. D'admhuigh an bhean gur bh'é an nímh sin a mhairbh a fear féin. Do tuigfí ó n-a cainnt go ndubhairt Pheróras léi an nimh a thabhairt chuige chun go gcuirfadh sé sa teine é; go dtáinig aithreachas air mar gheall ar aon lámh a bheith aige sa bhfeall a bhí 'á dhéanamh ar a dhritháir Héród. Dubhairt si gur órduigh Pheróras di an nimh do dhógh sa teine os cómhair a shúl, agus gur dhóigh sí an nimh os a chómhair ach amháin rainnt bheag a chimeád sí le h-eagla go mbeadh gádh aici féin leis. "Imtheóchad anois, a rí," ar sisi," agus tabharfad chun do Shoillse anso an méid a chimeádas de."
Dubhradh léi imtheacht agus é thabhairt léi. Do ghluais sí chun mthighthe. Do thárla í bheith ag gabháil thar áit a bhí ana árd. Do léim sí síos le fánaidh. Do gortuigh- eadh í go mór ach níor marbhuigheadh í. D'fhéad sí a dh'innsint cá raibh an nimh i bhfolach. Do tugadh chun an rí an bosca agus an méid de'n nimh a bhí ann. Bí a lán daoine ann agus d'aithn ghdar an bosca. Ní innsean an seanachaidhe conus aithn ghdar an bosca. Ach deir sé gur thuig Héród fé dheire thiar thall an eugcóir agus an feall caillte a bhí déanta ag Antipater ar Héród féin agus ar a bheirt mhac eile. CI. LÁ NA TRIALACH. An fhaid a bhí Héród ag éisteacht leis an gcogarnach a bhí ag Salóme 'á chur coitchianta isteach 'n-a chluais i gcoinnibh a dhá mhac, bhí Antipater, an mac go raibh an iontaoibh go léir aige as, ag imirt a chluiche féin ar a dhítheal. Chimeád sé abhfad ó chathair Ierúsalem, i dtreó ná beadh aon droch amhras ag aoinne air. Bhí an dá sgéal ag dul ar aghaidh i n-aonfheacht. Bhí Héród ag déanamh a dhíthil chun a bheirt mhac do chur chun báis. Ní fhéadfadh séiad do chur chun báis i gcoinnibh toile Augustuis, agus ní lamhálfadh Augustus iad a chur chun báis gan ceart dlighe thabhairt dóibh, 'sé sin, gan caoi thabhairt dóibh ar a dtriail a sheasamh. Tar éis mórán tuairisgí dh'aireachtaint ó Héród agus ó uaislibh cómharsanacha do thoiligh sé, go mór mór tár éis cúntasaí dh'fhághail ar na leitireachaibh a sgríbh duine de sna macaibh, 'ghá admháil go raibh sé cionntach, agus go raibh Salóme cionntach, agus go raibh Pheróras féin cionntach.
Bhíodh an t-ímpire uaireanta ceapaithe ar na fearaibh óga do chosaint ar a n-athair, ach ní túisge bhíodh 'ná mar a thagadh sgéal éigin chuige do chuireadh 'n-a luighe ar a aigne go mb'fhéidir go rabhadar cionntach. Fé dheire thug sé cead do Héród iad do chur ar a dtriail, agus dá bhfaighfí cionntach iad iad a chur chun báis. Do sgríbh sé leitir ag triall ar Héród 'ghá rádh leis iad a chur ar a dtriail os cómhair na ngobhernóirí Rómhánacha bhí i Suiría, go h-áirithe os cómhair Archelauis, rí Chapadócia. Do tháinig lá na trialach. Bhí chúig céad duine láithreach. Ní raibh rí Chapadócia ann. Níor iarr Héród air teacht. Bhí eagla air go mbeadh sé ró bháidheamhail leis na fearaibh óga. Do labhair Héród féin 'n-a gcoinnibh, go cruaidh agus go fíochmhar; do chuir a chainnt fearg ar gach aoinne de'n chúig céad duine. Do saorfí iad mara mbeadh aon fhear amháin a bhí ar na breitheamhnaibh. Do labhair sé sin 'n-a gcoinn bh agus tharraig sé an chuid eile 'n-a dhiaidh. Bholumnius ab ainm do'n bhreitheamh san. Ach ba mhar a chéile é. Níor fhág Héród gan a dh'innsint dóibh go raibh úghdarás aige féin chun iad a chur chun báis gan aon bhreith uatha-san, do réir dlighe Iúdéa. Do daoradh chun báis iad. Tháinig a lán uaisle ciallmhara, creideamhnacha chuige 'ghá iarraidh air gan iad a chur chun báis agus é féin fhágáilt, i ndeire a shaoghail, i dtúrtaoibh le h-Antipater. Do chuir sé chun báis iad. Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san go dtáinig amach an feall caillte a bhí déanta ag an bpeata, Antipater, i gcoinnibh an athar a dhein peata dhe.
CII. TEAGHLACH MÍ-ÁDHBHARACH. Dubhart go raibh dhá sgéal ar siubhal agus ag dul ar aghaidh i n-aonfheacht i dteaghlach Héróid. Isé rud a bhí ceart agam a rádh ná go raibh b'fhéidir fiche sgéal ag dul ar aghaidh i n-aonfheacht sa teaghlach mí-ádhbharach san. Bhí Salóme agus a cualacht chogarnaighe aici, agus a lucht uisge-fé-thalamh aici, agus í ag séide fé Héród go dtí gur chuir sí fhiachaint air Mariamne do chur chun báis. Ansan do lean sí ag séide fé'n Héród gcéadna go dtí gur chuir sí fhiachaint air beirt mhac Mhariamne, a bheirt mhac féin, do chur chun báis, Alegsandar agus Aristóbulus. Ansan bhí Antipater, an peata, an mac a bhí ag Héród leis an mnaoi Doris, agus bhí a lucht cogar- naighe aige, agus a luct uisge-fé-thalamh aige, agus é féin agus Salóme ag cabhrú le n-a chéile chun a chur fhiachaint ar Héród Alegsandar agus Aristó- bulus a chur chun báis. I n-éaghmais na beirte sin bhí beirt eile agus theastuigh ó Antipater iad a chur chun báis. B'iad beirt iad san ná Pheróras agus Héród féin. Do phós Pheróras bean uasal óg. Dó thuig sí sin, nídh nár bh'iongna, gur bh'fhearr an ceart a bhí agá fear féin, dritháir an rí, chun bheith 'n-a rí i ndiaidh drithár a chéile, 'ná mar a bhí ag an lúbaire sin, Antipater, chuige. Tháinig Pheróras ar aon aigne le n-a mhnaoi. Thug Antipa- ter an nimh aníos ó Alegsandria agus thug sé d'á mháthair é, le tabhairt d'á athair. Thug sí sin an nimh do mhnaoi óig Pherórais, le tabhairt do Héród. Do thuig an bhean san gan amhras, dá dtugtí an nimh do
Héród, agus go bhfaghadh sé bás, go mbeadh sí féin 'n-a banrighin láithreach bonn. Bhí an beartúchán agus an t-uisge-fé-thalamh go léir, agus an chogarnach go léir, ar siubhal go mear. Bhí Antipater ceapaithe ar a athair, an rí, do chur chun báis leis an nimh, agus ar Pheróras do chur chun báis leis an nimh. Bhí socair ag Pheróras agus agá mhnaoi óig ar Antipater do chur chun báis leis an nimh agus ar Héród do chur chun báis leis an nimh. Ní féidir liom a dhéanamh amach ó'n seanachaidhe conus a thárla do Pheróras an nimh a thógaint. Deir an seanachaidhe go dtáinig aithreachas air mar gheall ar a bhfeall a bhí aige 'á dhéanamh ar a dhritháir. Bí taom breóiteachta air an uair chéadna agus do h-innseadh dó go raibh an rí ag teacht 'ghá fheuchaint. B'fhéidir gur shloig sé cuid de'n nimh nuair adubhairt sé le n-a mhnaoi é chur sa teine. Dubhairt an bheirt seirbhíseach úd gur bh'í an bhean óg a thug an nimh dó. B'fhéidir gur a' láimh na mná san a fuair sé an nimh, ach ní chun aon díobhála dhéanamh dó a fuair sé uaithi é, mar bhí súil aici le h-é bheith 'n-a rí i ndiaidh a dhrithár. CIII. ANTIPATER. Nuair a chuireadh chómhairliúchán Shalóme i dtaobh Alegsandair agus Aristóbuluis, agus an chogarnach ar an uile thaobh ameasg óg agus aosta, sgannra ar aigne Héróid roim dhroch nídh éigin a mhothuigheadh sé a bheith 'n-a thímpal mar bheadh sgamal éigin dubh, ní dheineadh sé ach aghaidh a thabhairt ar aon daoine go mbíodh aon droch amhras aige ortha agus díriú ar iad
a chur chun báis, nú ar phionós a chur ortha chun eóluis a dh'fhásgadh asta. Neul den tsórd san iseadh a bhí eirighthe dhó nuair a bhí an pionós aige 'á chur ar an mnaoi ud a dh'iarr ar Dhia Doris, máthair Antipater, a thabhairt fé'n bpionós, mar gur aici b'fhearr a bhí an pionós tuillte. Ansan, ar ádhbharaighe an tsaoghail tháinig an bheirt seirbhíseach úd le Pheróras agus d'iarradar ceart i n-aghaidh mná Pherórais, mar gur thug sí nimh d'á fear. Ansan tháinig an chogarnach go léir amach i gcainnt. Do h-innseadh cá dtáinig an nimh, agus cé dhó, nú cé dhóibh, go raibh an nimh ceapaithe, agus gur bh'é Antipater a bhí tar éis an uisge-fé-thalamh go léir a chur ar siubhal; gur thug Antipater an nimh leis aníos a' cathair Alegsandria chun é thabhairt d'á athair, do'n athair a' dhein peata dhe, do'n athair a cheap é chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh ar Iúdéa. Bhí deire leis an gceapadh san mear go maith, agus bhí deire, direach chómh mear, le ceapadh a bhí ag gabháil leis an gceapadh san, 'sé sin, go raibh Héród, mac a bhí ag an Antipater san, le bheith 'n-a rí i ndiaidh an Antipater sin. Do sgriosadh amach iad go léir. Ach bhí an rí ró ghasta. Níor leog sé air go raibh aon sgrios amach aige 'á dhéanamh. Bhí Antipater sa Róimh nú i n-áit éigin a bhí abhfad ó chathair Ierúsalem, mar adubradh. Theastuigh uaidh bheith abhfad ó bhaile nuair a tabharfí an nimh d'á athair. Do h-innseadh dó ráflaí éigin i dtaobh neithe móra éigin a bhí ag suathadh catharach Ierúsalem. Bhí an gnó socair chómh maith aige, riaruithe chómh cruinn, agus bhí na seirbhísigh chómh dílís aige, go raibh sé lán deimhnightheach go raibh an gnó déanta, go raibh an nimh tabhartha d'á athair, go raibh a athair tar éis bháis, agus gur bh'é bás an rí fé ndeár an suathadh a bhí ar an gcathair agus ar an ndúthaigh go léir. Do thuig sé nár mhór dó teacht abhaile láithreach agus an rígheacht do ghabháil. Bhí sé lán
deimhnightheach go raibh an bóthar osgailte dhó chun na rígheachta. Le h-eagla, ámhthach, go mb'fhéidir, le h-aon mhí-ádh, ná raibh an chéad rainnt de'n nimh tar éis na h-oibre dhéanamh chuir sé teachtaire ó'n Róimh uaidh ag triall ar a mháthair agus fághaltas eile de'n nimh aige. Batillus ab ainm do'n teachtaire. Do shrois sé an chathair. Ní raibh aon choinne aige leis an sgéal a bhí soimis sa chathair. Do rugadh air láithreach- Do fuaradh an nimh aige. Do cuireadh fé phionós é. B'éigean dó an sgéal go léir a dh'innsint. D'innis sé gur bh'é Antipater a thug an nimh dó, le tabhairt do Dhoris, chun é thabhairt do'n rí má ba rud é gur theip an chéad iarracht. Díreach agus an méid sin sgéil fághalta ag Héród tháinig leitir chuige ó Antipater féin, leitir a bhí lán de ghrádh agus d'ionmhuine 'ghá rádh go raibh sé ag teacht abhaile. Má bhí an t-athair tar éis bháis do chífí an leitir sin. Ansan cé fhéadfadh a rádh go raibh aon lámh ag Anti- pater i mbás an athar? CIV. ANTIPATER AG TEACHT ABHAILE. Gan amhras, nuair a fuair Héród an leitir ó Antipater 'ghá innsint go raibh sé ag teacht abhaile, do leog sé gáire. "An ropaire!" ar seisean, i n'aigne féin. "Tá sé ag teacht abhaile, lán de ghrádh agus d'ionmhuine, ag triall ar a athair, agus é lán deimhnightheach go bhfuil an t-athair ionmhuin sin sínte sa n-uaigh aige le nimh na n-Éigipteach. Tá míle fáilte rómhat, a mhic mo chroidhe, míle fáilte. Ach ní miste thú bhrostú."
Níor leog sé aon nídh air le h-aoinne, ach do shuidh sé síos agus do sgríbh sé leitir ag triall ar Anti- pater, díreach mar a sgríobhfadh sé leitir chuige dá mbeadh sé gan aon bhlúire dh'fhághail de'n eólus a bhí fághalta le déanaighe aige. D'iarr sé air brostú abhaile i dtreó go ndeimhneófí i dtaobh na rígheachta, le h-eagla go dtabharfí uain do namhaid Antipater ar aon cheataighe dhéanamh. Níor fhan Antipater leis an leitir sin a dh'fhághail. Bhí sé lán deimhnightheach go raibh a athair sa n-uaigh, agus bhí lán a chroidhe de dhithineas abhaile air. Ca bh'fhios, dar leis, ná go mb'fhéidir go dtabharfadh Pheróras iarracht fé ghreim a bhreith ar an rígheacht. Ba thruagh gan é sa bhaile, dar leis. Le n-a linn sin bhí sé chómh fada ódheas ó'n Róimh le Tarentum agus fuair sé teachtaireacht ó cháirdibh a bhí aige i gcathair Ierúsalem 'ghá innsint dó go raibh Pheróras tar éis bháis. Bhain an tuairisg sin árd phreab as. Do thuig sé nár bh'é Héród a fuair an nimh ach Pheróras, agus go raibh Héród beó fós. Do thuig sé an méid sin ó'n gcuma 'n-ar h-innseadh an sgéal dó. Chomáin sé leis chómh fada le Celenderis, cathair i Sicilia. Tháinig teachtaireacht eile chuige ag an gcathair sin 'ghá innsint dó go raibh Héród tar éis a mháthar, Doris, a dhíbhirt uaidh, agus gur baineadh di, sar ar díbireadh í, na h-órnáidí uaisle go léir a bhí uirthi agus an uile phioc saidhbhris d'á raibh aici. Do deineadh san léi nuair a nochtadh an feall caillte a bí déanta aici féin agus agá mac agus iad ag obair a' láimh a chéile. Do stad sé sa chathair sin ar feadh tamail, chun a chur i gcómhairle na ndaoine a bhí le n-a chois cad ba cheart dó a dhéanamh, dul ar aghaidh nú casadh. Do chómhairligh cuid acu dhó dul ar aghaidh. "Chómh luath agus a leogfidh t'athair a shúil ort," ar siad, "maith- fidh sé gach aon rud duit."
Measaim féin, bíodh ná deir an seanachaidhe é, gur b'amhlaidh a fuair sé an uair sin an freagra úd a chuir a athair chuige ar an leitir a fuair sé uaidh 'ghá innsint dó go raibh sé ag teacht abhaile. Do thrácht Héród sa bhfreagra san ar an dtuitim amach a bhí idir é féin agus Doris, ach níor dhóich le duine ar an gcuma 'n-ar thrácht sé ar an dtuitim amach gur chuir sé puinn suime ann. Measaim, mara mbeadh an neamhshuím sin sa tuitim amach ná beadh Antipater chomh mór buile agus go dtiocfadh sé abhaile i n-aon chor. Ach chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus níor bh'fhada go raibh sé i gcathair Sebaste. Do chruinnigh na daoine chuige i Sebaste, ach ní chun aon fháilte chur roimis a thánadar ná chun aon liúireach mholta chur suas dó. Liúireach cháinte iseadh chuireadar suas dó, agus iad ag dranntú chuige le gráin air, agus 'á chasadh leis go fíochmhar agus go feargach gur bh'é a mhairbh an bheirt uasal, an bheirt chródha, an bheirt ríoga, beirt mhac Mhariamne. Níor chuir an fháilte sin aon áthas ar Antipater. Beagán aimsire roim theacht Antipater go Sebaste an uair sin seadh do mhairbh Héród na leanbhaí óga go léir a d'iarraidh teacht suas leis an aon LEANBH amháin, moladh go deó leis! CV. CIONNTACHT NÁCH FÉIDIR A THÓMHAS. Bhí Antipater i gcathair Shebaste agus bhí Héród ag feitheamh leis i gcathair Ierúsalem. Níor choisg an droch fháilte a cuireadh roimis i gcathair Shebaste é ar dhul ceann ar aghaidh go dtí cathair Ierúsalem. Tháinig sé agus cualacht mhór armála aige, cualacht
uasal, chun geata na catharach. Do h-osgaladh an geata dhó láithreach. Do sgaoileadh é féin isteach, ach do cimeádadh an chualacht lasmuich. Do rugadh i láthair an rí é. Mheas sé é féin a chaitheamh ar a ghlúinibh i lathair an rí. Sar ar fhéad sé san a dhéanamh do deineadh príosúnach de; d'fhiafraigh sé cad é an chúis príosúnach a dhéanamh de. Do h-innsead dó go raibh bás a bheirt drithár d'á chur 'n-a leith; go raibh gobhernóir nua tagaithe ó'n Róimh agus go dtabharfadh an gobhernóir breith air amáireach a bhí chughainn. Do cuireadh i bpríosún é go daingean go dtí maidin amáireach a bhí chughainn agus ansan do tugadh i láthair an gobhernóra Rómhánaigh a bhí tagaithe ar Shuíria é. Bhí cruinniú mór daoine tabhartha ann ag Héród chun go mbeidís i láthair na trialach. Bhí Héród féin ann. Chómh luath agus tháinig Antipater i láthair do chaith sé é féin ar a ghlúinibh agus d'iarr sé i n-achainighea- chaibh ortha gan é dhaoradh go dtí go n-aireóchaidís an méid a bhí le rádh aige 'n-a chosaint féin. "Eirigh as san!" arsa Héród. "Seasaimh ar bhunaibh do chos agus feuch in sna súilibh orm an fhaid a bheidh mé 'ghá innsint duit cad iad na bearta fill atá agam le cur ad' leith." D'innis sé amach ansan os a chómhair, agus os cómhair an ghobhernóra agus os cómhair na n-uasal go léir, gach aon chor d'á raibh curtha dhe ag Antipater ó thosnuigh sé ar an bhfeall a dhéanamh ar bheirt mhac Mhariamne go dtí gur thug sé an nimh aníos ó'n Éigipt, an dá uair, chun é thabhairt do Héród féinig. Thóg sé a dhóithin aimsire agus níor fhág sé aon bhlúire de'n sgéal gan innsint. Bhí a dhóithin fínnithe aige, cáirde agus daoine muinnteartha Antipater féin, daoine a bhí 'n-a chualacht chogarnaighe agus a bhí tar éis sgéidhe air. Bhíodar cruinnighthe ansúd ag Héród chun go ndéanfidís deimhniú ar an uile fhocal d'á raibh le cur i leith Antipater aige. D'ainimnigh sé
'n-a nduine agus 'n-a nduine na daoine a bhí curtha chun báis aige mar gheall ar Antipater a bheith ag séide fé 'n-a gcoinnibh. Bhí sé 'ghá n-ainimniú go dtí gur ainimnigh sé an bheirt, Alegsandar agus Aristóbolus. Ansan dubhairt sé: "Má bhíodar cionntach, mar adubhraís, is seacht measa tu féin anois 'ná iad. Má bhíodar neamhchiontach cé fhéadfadh do chiontacht-sa do thómhas anois? Is tu a mhairbh iad. Tá a gcuid fola ort go daingean." Le linn na bhfocal san a rádh dhó tháinig tocht air agus do ghluais na deór- acha as a shúilibh. Gan amhras ba chruaidh an rud dó a chuimhneamh gur chuir sé an bheirt mhac úd chun báis agus iad neamhchiontach b'fhéidir. Ach bhí sé ag cuimh- neamh ar aoinne amháin eile. Bhí sé ag cuimhneamh ar mháthair na beirte sin agus bhí a chroidhe d'á raobadh. Dubhairt sé le Nioclás Damascén:- "Dein-se an chuid eile d'á dhroch ghníomharthaibh a dh'innsint, agus ansan nocht an deimhniú atá againn ortha go léir." CVI. GAN AON CHOSAINT AIGE AIR FÉIN. Do thosnuigh Damascén ar an sgéal a dh'innsint, sa n-áit i n-ar stad Héród. Bhí fhios ag Antipater cad a bhí le teacht. Theastuigh uaidh gan leogaint do sna neithibh grána san dul ó bheul Dhamascéin steach i gcluasaibh na n-uasal a bhí láithreach. Do bhris sé isteach ar chainnt Dhamascéin. Do chrom sé go dána ar a fhiafraighe conus fhéadfadh aoinne a chreideamhaint go ndéanfadh sé féinig, mac uasal an rí uasail, gníomhartha chómh grána, gníomhartha chómh h-olc, chómh h-eugcórtha, chómh déistineach, leis na gníomhartha san a cuireadh 'n-a leith ansan an lá san. D'árduigh sé
a ghlór agus dubhairt sé ná raibh fírinne sa chainnt a bhí ag teacht amach a' béalaibh na ndaoine a bhí 'ghá chionntú, ná raibh oiread agus deabhramh na fírinne ar a gcainnt, gur mhór an náire dhóibh bheith 'ghá chur isteach i gceann an rí, 'ghá cur isteach i gceann a athar uasail, go bhféadfadh a mhac gníomhartha chómh h-olc, chómh grána, chómh déistineach, a dhéanamh. Do chonaic na daoine go léir ná raibh aon chosaint aige 'á dhéanamh, ná raibh sé ach ag baisteachán agus ag spidiúchán ar an muinntir a bhí ag cur 'n-a leith. Do bhris Damascén isteach air agus d'innis sé tríotha síos na neithe a bhí curtha 'n-a leith agus dubhairt sé leis:-"Anois, má tá aon nídh agat le rád chun tú féin a ghlanadh ar na neithibh sin, abair é." Ní dubhairt sé ach:- Feuch, a righthe agus a uaisle, nár chuiread an lá so am' beathaidh díom, agus má chuirim nár chuiread an lá amáireach am' beathaidh díom, má dheineas na gníomhartha san riamh. Níor dheineas. Níor dheineas go deimhin. Cár bheag dom chun mé chosg ar iad a dhéanamh an chrích a rug mo bheirt drithár mar gheall ar heith ag déanamh gníomh- artha d'á sórd? Marbh gan anam go dtuitead ar an bhfód so má dheineas aon nídh riamh d'á sórd." Chomáin sé leis ar an sórd san cainnte. Fé dheire do labhair Bharus, an gobhernóir:- "Má tá aon chosaint agat le déanamh ort féin dein é. Má tá aon rud agat le rádh a bhréagnóchaidh na neithe atá curtha ad' leith abair é lom glan. Tá fhios agat go maith nách féidir d'easgainí ná do bhadhbóireacht ná do dhearbhúchán, a thaisbeáint cé'cu thugais an nimh úd aníos ó'n Éigipt nú nár thugais, nú má thugais, cé'cu is nimh é dc mharbóchadh duine nú nách eadh." "Tá cuid de'n nimh anso," arsa duine de sna fínnithibh.
"Agus tá duine sa phríosún atá daor chun a chrochta mar gheall ar dhunmharbhu. Tugtar anso é agus tugtar cuid de'n nimh dó; agus má théidhean sé saor ó'n nimh téidheadh sé saor ó'n gcroich," arsa Héród. Do tugadh amach an marbhthóir agus do tugadh an nimh dó. Do shloig sé é. Ní túisge shloig 'ná mar a thuit sé agus níor bh'fhada go raibh sé 'n-a chorpán, nídh nár bh'iongna. Chómh luath agus chonaic Bharus, an Gobhernóir, an nimh tabhartha do'n duine agus an duine sínte ansúd marbh, d'eirigh sé agus d'fhág sé an áit gan aon bhreith do thabhairt agus d'imthigh sé óthuaidh abhaile go h-Antioch. Ansan d'órduigh Héród Antipater do chur isteach sa phríosún go daingean, agus do sgríbh sé leitir ag triall ar Augustus ag innsint an sgéil go léir dó, agus dubhairt sé leis an dteachtaire an sgéal go léir a dh'innsint ó bheulaibh dó chómh maith. CVII. ACHME. Nuair a bhí an leitir agus an teachtaire curtha uaidh chun na Rómha ag Héród do chuimhnigh sé nár bh'fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ná Antipater do chur go dtí an Róimh fé ghárda láidir agus a iarraidh ar an ímpire breith a thabhairt air. Ansan tháinig smaoineamh eile chuige. B'fhéidir go gcruinneochadh cáirde Antipater congnamh fear agus go dtiocfidís roim ghárda Héróid ar an slighe agus go bhfuasgalóchaidís an príosúnach. Do thuig sé gur bh'fhearr gan dul i gcontabhairt aon tsárúcháin de'n tsórd san. Chuir sé Antipater isteach airís go daingean sa phríosún.
Tamal beag 'n-a dhiaidh san do thuit rud eile amach. BHí fear gur bh'ainm dó Antiphilus sa n-Éigipt an uair sin, agus cara d'Antipater ab eadh é. Bhí fuath fíochmhar ag Antipater do Shalóme. Do bheartuigh sé uisge-fé-thalamh áirithe dhéanamh idir í agus Héród i dtreó go gcuirfadh Héród chun báis í. Bhí bean sa Róimh agus Achme ab ainm di agus bean Iúdach ab eadh í. Bhíodh sí sáidhte ins gach aon tsaghas uisge- fé-thalamh d'á mbíodh ar siubhal ag Antipater agus bhí mórán saidhbhris tabhartha aige dhi as an ngnó fill a dheineadh sí dhó. Bhí duin'uasal Nabatéach agus namhaid mharbhuigh- theach do Héród ab eadh an duin'uasal san. Do thuig Antipater, dá bhféadadh sé a chur 'n-a luighe ar aigne Héróid go raibh Salóme chun an duin'uasail sin a phósadh nár bheag san chun a chur fhiachaint ar Héród an ceann a bhaint de Shalóme. Do labhair Antipater le h-Achme:- "Feuch," ar seisean léi, "tóg do pheann agus sgríbh leitir bhréagach, mar dh'eadh gur bh'í Salóme do sgríobhfadh í, ag triall ar Iúlia, bean an ímpire, 'ghá iarraidh ar Iúlia cead a thabhairt di Suilléus do phósadh." B'é sin an duin'uasal Nabatéach. Do sgríbh sí féin agus Antipater an leitir bhréagach eatartha. Ansan do sgríbh Achme, fé stiúrú Antipater, leitir ag triall ar Héród, mar seo: "Achme chun Héróid an rí: tré mhéid mo dhílse tá agam 'á chur chughat anso, leitir ó Shalóme ag triall ar an Ríogain 'ghá iarraidh uirthi cead a thabhairt di Suilléus do phósadh. Strac an leitir seo led' thoil. Do bainfí an ceann díom-sa dá bhfeictí í." An uair cheadna díreach do chuir Antiphilus leitir ó'n Éigipt ag triall ar Antipater. Níor bh'fhéidir d'Antipater an leitir sin a dh'fhágail mar bhí sé istigh sa phríosún. Ach do fuair Héród í. Sidí an chainnt a bhí innti: "tá leitir bhréagach Shalóme chun
na Ríoghna agam á' chur chughat. Is eól duit an chon- tabhairt i n-a gcuirim me féin léi, seachain aon dul amú sa ghnó." Bhí a leitir féin ó Achme i láimh Héróid,: "Ca bhfuil an leitir ó Achme ar a bhfuil trácht anso?" arsa Héród le teachtaire Antiphiluis. "Ní bhfuaras aon leitir ach í sin," arsan teachtaire. Do cuarduigheadh é go géar. Do fuaradh leitir eile i bhfolach aige, fuaidhte i n-a léine idir dhá éadach. Do h-osgaladh í. Macshamhail do'n leitir bhréagach! Chuir Héród i n-aice chéile iad, agus do thuig sé an sgéal go léir. Chuir sé fios go dtí an príosún ar Antipater. Do tugadh 'n-a láthair é agus na h-iarnaí air. Do léigh sé amach dó an leitir a fuair sé féin ó Achme 'ghá innsint dó gur iarr Salóme cead na ríoghna chun go bpósfadh sí Suilléus agus ansan do léigh sé dhó an leitir a chuir Antiphilus ag triall ar Antipater agus do thuit isteach i láimh Héróid, ansan an leitir ó Achme a fuaradh idir an dá éadach i léine an teachtaire. "Cad tá agat le rádh anois," arsa Héród. Níor labhair Antipater aon fhocal amach as a bheul. CVIII. LEITIR Ó ACHME. Nuair a bhí na leitireacha go léir 'n-a láimh ag Héród do thuig sé an mhalluightheacht mórthímpal, malluightheacht Antipater agus Achme agus iad 'n-a suidhe i dteannta chéile agus an leitir bhréagach úd acu 'á chur le chéile, an leitir a sgríbh Salóme, dar leó, chun mná an ímpire, chun na ríoghna Iúlia, 'ghá iarraidh uirthi cead a thabhairt do Shalóme Suilléus do phósadh agus malluightheacht Achme, ag sgrí na
leitire chun Antiphiluis 'ghá innsint dó i dtaobh na leitire bréagaighe, agus macasamhail do'n leitir bhréagach aici 'á chur ag triall air le tabhairt d'Anti- pater i dtreó go bhfeicfadh sé go raibh an tuarastal a thug sé dhi tuillte aici. Do thuig Héród an feall go léir agus níor mhiste leis rainnt spóirt a bheith aige ar na feallairíbh. Bhí Antipater láithreach agus na h-iarnaí air, agus gan aon choinne i n-aon chor aige, ná aon chuimhneamh, ar cad n-a thaobh gur tugadh ann é. Bhí Salóme láith- reach agus gan cuimhneamh ar domhan aici ar cad a bhí ag teacht, nú cad é an feall nua a h-iarrfí uirthi a dhéanamh. Níor tháinig lá d'á chuimhneamh chúichi go raibh iarracht mharbhuightheach 'á dhéanamh i n-aghaidh a h-anama féinig. Ní innsean an seanachaidhe cé h-iad eile a bhí láithreach, ach gan amhras do thug Héród a lán d'á cháirdibh chun na h-áite, fé mar a dhein sé nuair a chuir sé an triail ar siubhal os cómhair an ghobhernóra. Nuair a bhí gach aon rud socair aige agus an chuid- eachta ag éisteacht leis agus bior ar chluais gach aoinne do tharraig sé amach an leitir a fuair sé ó'n Róimh, ó Achme, agus do léigh sé í go breágh soiléir:- "Achme chun an Rí Héród: Tré mhéid mo dhílse dhuit agus mar gheall ar mo dhúil sa nídh dhéanfadh tairbhthe dhuit tá leitir agam 'á chur chughat anso istigh, leitir a sgríbh Salóme ag triall ar mo mháighistreás 'ghá iarraidh uirthi cead a thabhairt di Suilléus do phósadh. Strac an leitir seo, le toil do Shoillse. Dá bhfaighfí amach í do bainfí an ceann díom." Chómh luath agus d'airigh Salóme an leitir sin do léim sí agus do spriúch sí. "Leitir bhréagach í sin!" ar sisi. D'iompuigh sí ar Antipater, "Cé 'cu tusa nú Achme do sgríbh an leitir bhréagach san?" ar sisi, "nú an raibh an bheirt agaibh ag gabháil di?" Do chrom sí ar dhearbhú, díreach mar a dhein Anti- pater sa triail, nár sgríbh sí an leitir agus nár
chuimhnigh sí riamh a leithéid de chead a dh'iarraidh ar an ríogain, ná ar a leithéid de chleamhnas a dhéanamh, nídh nár bh'iongna. Ar ball, nuair a bhí an bhuile curtha dhi aici, do tharraig Héród amach an leitir a fuaradh idir an dá éadach i léine theachtaire Anti- philuis:- "Achme chun Antipater: tá sgríobhtha agam chun t'athar fé mar adubhraís liom. Chuireas isteach sa leitir chuighe an leitir bhréagach ó Shalóme chun na ríoghna. Táim deimhnightheach chómh luath agus do léighfidh t'athair an leitir bhréagach, go gcuirfidh sé Salóme chun báis." "Ó," arsa Salóme, "nách fada isteach a bhí an feall ionat! fágaim le h-uacht go measainn go minic go mbíthá dáiríribh nuair a bhíodh an chainnt bhreágh bhog úd agat 'á thabhairt dom! Mheasainn go deimhin! Nách me an óinseach! An duine i n-aon chor tu! Nú an diabhal ó ifrean aníos tu!" Níor labhair Antipater focal le h-aoinne d'á raibh láithreach. CIX. AN DÍOLTAS. Tá sean fhocal againn i n-Éirinn agus deir duine an sean fhocal san nuair a bhíon buile feirge air chun duine eile. "Tá dúil 'n-a chroicean agam!" Bhí dúil i gcroicean Antipater ag Héród. Do shásaimh sé an dúil sin ag léighe na leitireach úd a fuair sé ó Antipater 'ghá innsint dó go raibh an mac ionmhuin sin ag teacht abhaile chuige. Do shásaimh sé tuille de'n dúil sin nuair a bhí an leitir lán de dhílse a fuair sé ó Achme aige 'á léighe, agus an leitir a bhí istigh innti, ag cur na bréige ar Shalóme. Gan amhras do
gháir sé nuair a spriuch Salóme. Do stad an spriú- chadh, ámhthach, nuair airigh Salóme d'á léighe, an leitir a fuaradh fuaidhte idir an dá éadach i léine an teacht- aire a tháinig ó Antiphilus, an leitir a dh'admhuigh gur leitir bhréagach gur bh'eadh an leitir a tháinig ó Achme ag triall ar Héród féinig. Ach bhí aon easnamh amháin ar an sásamh go léir. An fhaid a bhí na leitireacha d'á léighe níor labhair Antipater focal amach as a bhéal. Níor chuir sé cor de. Níor leog sé air go raibh sé ag éisteacht leis an gcainnt i n-aon chor. Bhí a dhá shúil ar dian leathadh agus é ag feuchaint uaidh ar an spéir, i dtreó gur dhóich le duine air nách leis a bhain an chainnt ach le duine éigin eile. Nuair a fuair Héród nár bh'aon mhaith bheith a d'iarraidh é chlaoidhe dubhairt sé i n'aigne, "Tá an méid sin de mhianach a athar ann." Ansan chuir sé thar n-ais chun an phríosúin é agus do dúnad an príosún air go daingean. Nuair a shocharuigh Héród ar an eaglais mhór do chur suas bhíodh sé coitchianta 'ghá mhaoidheamh gur i n-onóir do Dhia a bhí sé ag déanamh na h-oibre sin. Ní áiteóchadh aon rud ar na Iúdaígh ná gur i n-onóir dó féinig a bhí sé ag déanamh na h-oibre sin. Ach pé onóir ba bhun aige leis an obair sin bhí aon rud amháin deimhnightheach. Níor dhein Héród aon ghnó áluinn riamh gan cuid éigin de'n onóir a bheadh ag baint lcis a thabhairt do sna Rómhánaigh. Nuair a bhí an teampul mór críochnuighthe aige do chuir sé fiolar óir mar órnáid os cionn an gheata mhóir lasmuich. Fiolar áluinn ab eadh é agus é déanta d'ór, agus é breágh mór, agus an t-ór sgiomartha go greanta, agus gur bhreágh le duine feuchaint air nuair a bhíodh an ghrian ag taithneamh. Ach níor thaithn sé leis na Iúdaígh, mar íomhágh ab eadh é, agus bhí sé i gcoinnibh dlighe Mhaoise an íomhágh phágánach san a bheith sa n-áit sin. Ní dubh- radar aon rud an uair sin, ámhthach, ach do dheineadar rud tamal 'n-a dhiaidh. I n-onóir do Dhia, b'fhéidir,
ab eadh an teampul, ach i n-onóir do sna Rómhánaigh, go deimhnightheach, ab eadh an fiolar. Fé dheire do tháinig an brise ar an bhfoidhne a bhí ag Dia na glóire 'á dhéanamh le Héród. I dteannta a raibh de dhroch ghníomharthaibh eile déanta aige bhí fuil na leanbh a mhairbh sé ag glaodhach go h-árd, 'á iarraidh ar cheart Dé díoltas a dhéanamh ar an bhfear a dhoirt an fhuil sin. Tháinig an buille. Tháinig an díoltas. Tháinig ar Héród an saghas galair a tháinig go minic ó shin, ar dhaoinibh gur thug Dia na glóire cómhachta móra dhóibh agus gur chuir a n-uabhar féin fhiachaint ortha na cómhachta móra san a dh'iompáil i gcoinnibh Dé féinig agus i gcoinnibh a dhaoine naomhtha. Do mhairbh Héród na slóighte leanbh chun teacht suas leis an aon leanbh amáin. Do theip air teacht suas leis an aon leanbh amháin, nídh nár bh'iongna. D'imir sé a thoil ar ar fágadh 'n-a threó díobh; ansan d'imir Dia na glóire a thoil air-sean. Do las mar bheadh teine istigh 'n-a chorp, agus thosnuigh an fheóil ar thuitim d'á chnámhaibh, agus níor bh'fhéidir dul 'n-a ghoire le neart an bhréantais. CX. GALAR GRÁNA. Uabhar, mórchúis, meas thar na beartaibh air féinig, droch mheas thar na beartaibh ar gach duine eile, siniad na tréithe bunaigh a bhí i Héród. Ní féidir a rádh go raibh aon sgáth ann d'aon rud i bhfuirm creidimh. Chuir sé suas an teampul mór úd, "i n-onóir do Dhia," mar dh'eadh. Dhein sé uathbhás chostais leis an obair. Dhéanfadh sé oiread eile costais, ámhthach, dá mbeadh oiread eile gustail aige, dá bhféadadh sé
oiread eile dh'fhághail de'n rud a bhí uaidh, 'sé sin, na daoine bheith 'ghá mholadh go h-árd. Sin é an rud a theastuighean i gcómhnuidhe ó'n uabhar. Do fuair Héród lán a bhuilg de'n mholadh. Ach bhí Héród ró ghéarchúiseach. Bhí fhios aige go maith ná raibh an moladh fírinneach. Bhí fhios aige go maith go raibh na daoine ró ghéarchúiseach agus nár bh'fhéidir dóibh moladh fírinneach a thabhairt do dhuine nár thuill é. Níor thuill sé ach moladh bréagach, agus níor tugadh dó ach moladh bréagach. Ach bhí an dúil mhalluighthe chómh mór san aige sa mholadh gur chuma leis fíor nú bréagach é ach go bhfaghadh sé a dhóithin de. Do tugadh dó a dhóithin de, a dhóithin mór. Bhí ana rith cainnte aige. Bhí sé ana dheag-labhartha. Do moltí é mar gheall ar a dheaghlabharthacht agus bhíodh an moladh san tuillte aige chómh fada agus théidheadh feabhas agus uaisl- eacht na cainnte. Do moladh é uair éigin ar an gcuma san. Bhí an chainnt a tháinig uaidh chómh h-áluinn sin go ndubhairt duine éigin nár dhuine i n-aon chor é, ach gur dhia é i riocht duine. Dubhairt daoine gur bh'shiné uair a tháinig an bhreóiteacht ghrána úd air. Nuair a ghlac sé an moladh san gur ghlac sé moladh do bhain le Dia, gur ghlac sé chuige féin an moladh a bhí ag dul do Dhia. Ansan gur chuir Dia air an galar grána úd. As san amach níor tugadh moladh fírinneach ná moladh bréagach dó, tháinig a leithéid sin de ghráin ag gach aoinne air. Bhí dochtúirí ó'n uile thaobh ag teacht chuige, ach bhí ag teip ortha go léir aon tairbhthe dhéanamh dó. Dhein sé a uacht. Bhí a lán saidhbhris aige. Do rainn sé go fial é. Bí sé ag braith air go molfadh an mhuinntir a gheóbhadh an saidhbhreas é. D'órduigh dochtúir éigin é chur isteach i n-árthach agus oíle chur tímpal air, i dtreó go mbeadh sé túmtha sa n-oíle suas go ceann. Is amhlaidh ba dhóbair do'n oíle deire chur leis láith- reach. Chuir sé sgread as. Mheas gach aoinne go raibh
sé marbh. Chómh luath agus do mheas daoine áirithe go raibh sé marbh do ritheadar i dteannta chéile agus thógadar anuas an fiolar óir a bhí os cionn gheata mhóir an teampuil agus bhriseadar é. Ach ní raibh Héród marbh. Tháinig sé chuige féin ó'n anaithe sin. Chuir sé fios ar an muinntir a dhein an lot ar an bhfiolar. Do labhair sé leó ar chuma a thaisbeáin dóibh nár bh'é a leas a bhí acu 'á dhéanamh nuair a bhíodar ag déanamh an ghnímh sin. CXI. ÓRDÚ GAN TRUAGH GAN TAISE. Nuair a chuir Héród fios ar an muinntir a bhris an fiolar óir úd a chuir sé os cionn gheata an team- puil ní miste a rádh ná go raibh cathú ortha nár fhanadar le bheith deimhnightheach d'é bheith marbh sar ar dheineadar an gníomh. Thánadar 'n-a láthair. Ní leogfadh sgannra dhóibh gan teacht. Nuair a bhíodar i láthair Héróid d'fhiarfraigh sé dhíobh cad 'n-a thaobh dóibh a leithéid de ghníomh a dhéanamh. Dubhradar leis go dána go rabhadar ceapaithe le fada roimis sin ar an ngníomh san a dhéanamh, agus gur thruagh cráidhte leó mar a dh'fhágadar é chómh fada gan déanamh. D'órduigh sé an mhuinntir a labhair ar an gcuma san do chean- gal agus iad a bhreith soir go dtí Iericó, agus d'órduigh sé cóir iompair a dhéanamh dó féin agus é bhreith soir chun na h-áite céadna. Nuair a bhíodar ann thoir d'órduigh sé an mhuinntir a bhí ceangailte agus a raibh de Iúdachaibh i Iericó do thabhairt 'n-a láthair agus do labhair sé leó ar an gcuma so: "Is eól daoibh go léir cad iad na h-oibreacha móra, glórmhara, maiseamhla atá déanta agam ó'n lá
a thánag i gcómhacht, am' rí ar an dtír seo Iúdéa. Chun glóire agus chun onóra do Dhia iseadh dheineas na h-oibreacha san go léir. Do mheasas, nídh nách iongna, go dtuillfinn báidh na ndaoine agus go mbeadh na daoine buidheach díom. Ach, foraoir, a mhalairt sin ar fad iseadh atá fághalta agam. I n-inead onóra agus buidheachais a thabhairt dom, agus do Dhia, is amhlaidh atá easonóir agus easumhluidheacht agus fuath agus tarcuisne tabhartha ag na daoine dhom fhéin agus do'n Tighearna. I n-onóir do'n Tighearna iseadh chuireas-sa an fiolar óir suas os cionn an gheata mhóir ar theampul an Tighearna. Do coisriceadh chun an Tighearna an íomhágh sin, an fiolar óir sin. D'á bhrígh sin, na daoine do bhris agus do loit an íomhágh choisricthe do dheineadar diamhasla ghránmhaluighthe, agus tá an pionós a thuillean diamhasla tuillte acu." D'órduigh sé iad do losgadh n-a mbeathaidh agus do deineadh é. Do loisg sé 'n-a mbeathaidh iad agus é féin d'á losgadh 'n-a bheathaidh an uair chéadna ag an ngalar uathbhásach a bhí curtha ag Dia air! I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir bhí súil aige go mb'fhéidir go dtiocfadh sé ó'n ngalar a bhí air, d'á ghráinneacht é agus d'á olcas é, ach fé dheire do thuig sé go raibh nimh agus neart an ghalair ag buach- taint ar an neart a bhí do réir nádúra agus ó dhúchas, istigh 'n-a cholainn féin agus 'n-a chroidhe. Do thuig sé go raibh an bás aige dáiríribh. Do thuig sé, leis, ná raibh riamh i Iúdéa oiread áthais agus bheadh ann, thoir thiar thuaidh theas, nuair a leathfadh tásg a bháis ar fuaid na tíre. "Dar so a's súd," ar seisean i n'aigne féin, "ach bainfad-sa an t-áthas san díobh agus cuirfad brón ortha i n-ineadh an áthais. Beid siad ag gáirí, ach cuirfad-sa ag gol iad, ag gol go teinn, agus a chúis acu." Chuir sé reacht amach 'ghá órdú d'uaislibh na tíre
teacht chuige go cathair Iericó lá áirithe, fé phéin bháis. Thánadar. Ansan d'órduigh sé iad go léir a chur isteach sa Chircus fé ghlas. Ansan chuir sé fios ar Shalóme agus ar a fear Alegsis, agus d'órduigh sé dhóibh na h-uaisle sin go léir do chur chun báis chómh luath agus tharraiceóchadh sé féinig an anál. B'éigean dóibh a gheallamhaint go cruaidh dó go ndéanfidís an marbhú san. Le n-a linn sin tháinig leitir ó'n Róimh chuige, ó'n ímpire, 'ghá órdú Antipater do chur chun báis agus 'ghá innsint dó gur cuireadh achme chun báis. Chuir an leitir sin áthas mór air. D'iarr sé ubhal agus sgian. Nuair a cuireadh an sgian 'n-a láimh tháinig fásgadh truaghmhéileach teinnis air. Le neart agus géire an teinnis thug sé iarracht ar an sgiain do tharrac ar a mhuineál. Bhí buachaill i n'aice. Do liúigh an buachaill. Do cheap gach aoinne go raibh Héród marbh. Do chosain an buachaill an sgórnach ar an sgiain. CXII. UACHT HÉRÓID. Nuair a tháinig ar Héród an pian úd a bhain an sgread uathbhásach as agus a chuir fhiachaint air an iarracht a dhéanamh ar an sgiain a tharrac ar a sgórnaig ach do chosain an buachaill an sgórnach, do chuir an buachaill sgread as a bhí chómh nímhneach díreach leis an sgread a chuir an rí as. D'airigh a raibh de dhaoine sa teaghlach an dá sgread agus bhíodar go léir lán deimhnightheach go raibh Héród marbh. D'airigh Anti- pater an ráfla agus bhí an lán deimhne céadna air agus níor fhéad sé gan an t-áthas a bhí air do thais- beáint. D'innis an cinieádaidhe a bhí air do'n rí an
t-áthas mór a bhí air. "Is dócha," arsan rí, "gur doich leis go mbeidh sé 'n-a rí am' dhiaidh am' aindeóin." Chuir sé órdú, do réir leitire an ímpire, agus do baineadh an ceann d'Antipater. Chúig lá 'n-a dhiaidh san do fuair Héród féinig bás. I gcaitheamh an chúig lá san do dhein sé uacht nua. D'fhag sé a rígheacht ag Archelaus. Dhein sé d'Antipas tetrarc ar Ghaililí agus ar Pheréa agus d'fhág sé ag Pilib Traconítis agus rainnt áiteana eile. D'fhág sé ag Salóme caogad míle de phíosaíbh airgid agus mórán talmhan. Bí sé deich mbliana a's trí fichid nuair a tháinig an bás air. I dtaobh na n-uasal úd a bhí fé ghlas aige agus go raibh an t-órdú dian tabhartha aige do Shalóme agus d'Alegsis iad a chur chun báis chómh luath agus tharr- aiceóchadh sé féin an anál, isé rud a dhein Salóme agus Alegsis ná dul, chómh luath agus tharraig sé an anál, go dtí an circus, mar a rabhadar fé ghlas, agus na dóirse dh'osgailt agus na h-uaisle sin do leogaint amach. Níor innseadar go raibh an rí tar éis bháis. Do leogadar ortha go raibh órdú tabhartha aige dhóibh a rádh leis na h-uaislibh sin imtheacht abhaile chun a dtighthe féinig mar ná raibh a thuille gnótha aige dhíobh. Ní baoghal gur dhein na h-uaisle sin aon righ- neas i Iericó. D'imthighdar abhaile láithreach chun a dtighthe féinig agus áthas an domhain ortha bheith sgartha "le leacachaib an tighe mhóir." Ní raibh 'fhios acu an uair sin go raibh Héród tár éis bháis, ach níor bh fhada gur airighdar é agus bhí áthas mór ortha. Tamal beag tar éis iad a bheith imthighthe abhaile do h-innseadh do'n phoibilidheacht go raibh an rí tar éis bháis. Ansan do cruinnigheadh an armáil go dtí an t-amphitéatar i Iericó agus do léigheadh dóibh leitir a sgríbh Héród sar a bhfuair sé bás, ag breith a bhuidheachais leó mar gheall ar a ndílse dhó féin an fhaid a bhí sé beó agus 'ghá iarraidh ortha an dílse sin
a thabhairt feasta d'á mhac, Archelaus, an fear a bhí ceapaithe aige chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh. Ansan do léigheadh a uacht dh'á raibh láithreach. Bhí an focal so sa n-uacht: "Beidh an t-uacht so gan feidhm go dtí go dtabharfidh Caesar toil dó." Ach do thuig a raibh láithreach nár bhaoghal ná go dtabharfadh Caesar an toil sin dó agus ghlaodar rí ar Archelaus láithreach. CXIII. GEALLMHAINT BHREÁGH. Isé céad rud a dhein Archelaus ná aghaidh a thabhairt ar an ullmhúchán nár bh'fholáir a dhéanamh i dtreó go dtabharfí adhlacadh uasal rioga do Héród. Do sholáthruigh sé leabaidh óir agus do cuireadh an corp 'n-a luighe ar an leabaidh óir sin, agus éachét de chlochaibh lóghmhara, solusmhara, daora, mar órnáidí ar an gcorp agus 'n-a thímpal, agus ar an gcoróinn a bhí ar a cheann, agus ar an slait rí a bhí 'n-a láimh. Nuair a ghluais an tsochraid bhí a chlann mhac, agus a gclann mhac san, agus a dhrifiúr Salóme agus a fear, i leithtaoibh na cómhran. Bhí 'n-a ndiaidh sin uaisle na h-armála, agus uaisle an stáit do réir a n-órd agus a n-uaisleachta. Bhí i dtosach na n-uasal san a ghnáth-theaghlach. Bhí ansan an armáil féinig, na saighdiúirí a bhí ar tuarastal aige as na tíorthaibh mórthímpal, Trácaigh, agus Gearmánaigh, agus Gaileacha, agus Galatacha, agus tuille de'n tsórd san. I ndeire na sochraide bhí chúig céad duine de mhuinntir thighe an rí, agus córacha deighbhaluithe acu a bhí ana láidir. Do ghluais an tsochraid ar an gcórú san go dtí go dtánadar go caisleán Héródióin. D'adhlacadar an
corp sa n-áit sin mar a bhí órduighthe sa n-uacht a dhein sé. Nuair a bhí an méid sin déanta thánadar abhaile go cathair Ierúsalem. Ansan do dhein Archelaus, do réir mar ba ghnáth, córú buartha do lean ar feadh seachtmhaine. Nuair a bhí an tseachtmhain bhuartha críochnuighthe do thug Archelaus féasta flathamhail do'n phobul. Nuair a bhí an féasta caithte chuaidh sé go dtí an teampul agus culaith gléigeal uime, agus do shuidh sé i gcathaoir ríoga a bhí déanta d'ór, agus ghaibh sé a bhuidheachas ó chroidhe leis an bpobul mar ghcall ar an ndílse agus ar an ndeagh aigne a bhí tais- beánta acu dhó. Do tarraigeadh dó an uair sin airís gairm an rí fé mar a tarraigeadh dó i Iericó sar ar ghluais sochraid a athar. Ach dubhairt sé leó ná glacfadh sé an ghairm sin go dtí go mbeadh aontú an ímpire aige chuige. Dubhairt sé i ndeire a chainnte, go ndéanfadh sé an uile shaghas díthil chun na deagh- mhéinne a thaisbeánadar dó an lá san do thuilleamh, agus saoghal a bheadh níba shuaineasaighe agus níba shásta agus níba sháimhe thabhairt dóibh i gcaitheamh a réime féin 'ná mar a bhí acu i gcaitheamh réime a athar. Nuair arighdar an chainnt sin bhíodar ag liúirigh go h-árd ar feadh abhfad agus ag bualadh bas le h-áthas. Ansan nuair a stad an liúireach agus an bualadh bas do chuimhnighdar go mb'fhéidir gur mhaith an rud rainnt fabhar a dh'iarraidh air láithreach feuchaint an raibh sé dáiríribh in sna geallamhnaibh. D'iarr cuid acu air cíos do luigheadú dhóibh. Do deineadh san. D'iarr tuille acu fabhair eile. Do tugadh dóibh na fabhair a dh'iarradar. D'iarr cuid acu go leogfí saor rainnt príosúnach. Do deineadh san. Do thuig Archelaus nár mhaith an rud, an uair sin, fearg a chur ortha le h-eiteachas. Ansan do deineadh na h-ídhbirtí ba dhual, agus ansan do tugadh féasta eile do'n phobul agus bhí an obair críochnuighthe.
CXIV. ACHRAN. Gan amhras do thuig Archelaus go raibh cainnt ana chiallmhar déanta aige nuair adubhairt sé leis na Iúdaígh go raibh sé ceapaithe ar shaoghal níba shuain- easaighe thabhairt dóibh i gcaitheamh a réime 'ná mar a thug a athair dóibh an fhaid a bhí sé 'n-a rí ortha. Níor bh'fhada gur chuireadar 'n-a luighe go daingean ar a aigne gur chiallmhaire go mór dó gan an chainnt sin a rádh. Chómh luath agus bhí an chainnt as a bhéal do chromadar ar neithibh a dh'iarraidh air nár mhaith leis a thabhairt dóibh. Do thug sé dhóibh iad an uair sin d'fhonn an réidhtigh; níor mhaith leis míshásamh aigne chur ortha chómh luath tar éis é theacht i gcómhacht. Thug sé dhóibh iad, ach is amhlaidh a spriuc san iad chun tuille dh'iarraidh, agus chun rudaí a dh'iarraidh nár bh'fhéidir dó a thabhairt dóibh gan srian a chómhachta do leogaint as a láimh. Do chuimhnighdar ar an bpionós úd a cuireadh ar an muinntir a dh'eirigh agus do bhris an íomhágh úd, an fiolar óir, a chuir Héród anáirde os cionn gheata an teampuil. Mar a h-innseadh, do loisgeadh 'n-a mbeathaidh iad. Ar éigin a bhí gnó an adhlactha déanta ag Archelaus 'nuair a tháinig buidhean de cháirdibh na ndaoine sin a loisgeadh ag triall air, agus iad ag gol, ag caoine na ndaoine do loisgeadh. D'iarradar ar Archelaus breith a thabhairt ar an lucht cómhairle a bhí ag Héród agus do chómhairligh dó an losgadh san a dh'órdú. Bí Archelaus ar buile nuair a h-iarradh air an nídh sin a dhéanamh. Bhí sluagh mhór daoine i n-aonfheacht leis an mbuidhin a bhí ag cur na h-eachainighe sin. Nuair a chonaic Archelaus an camtha mór d'iompuigh
sé uatha agus d'imthigh sé isteach 'n-a phálás. Do chuir sé a cheann-airm chucha amach chun a rádh leó go raibh sé ag dul go dtí an Róimh ag triallar an ímpire agus ná raibh ar a chumas aon rud a dhéanamh go dtí go mbeadh Augustus tar éis é dhainginiú sa rígheacht. Chuaidh an ceann-airm amach. Ní raibh sé d'uain aige aon fhocal cainnte do labhairt. Do raideadh na ceathana cloch leis agus b'éigean dó imtheacht. Do chuir an rí oificeacha eile amach ag triall ar an sluagh daoine. Fuaradar san an córú céadna. Le n-a linn sin bhí Féile na Cásga ann. Bhí daoine iasachta ag teacht go Ierúsalem ó'n uile thaobh de'n tír. Bhí eagla ar Archelaus go leathfadh an toirmeasg, go dtógfadh na daoine iasachta páirt leis an lucht achrainn a bhí rómpa sa chathair. Bhí an lucht achrainn sin bailighthe istigh sa teampul agus ní chuirfadh aon rud fhiachaint ortha teacht amach as. Theastuigh ó Archelaus dul go dtí an Róimh. Níor bh'fhéidir dó imtheacht ó Ierúsalem agus an lucht achrainn sin d'fhágaint 'n-a dhiaidh sa chathair, gan smachtú. Chuir sé oificeach airm amach agus rainnt nirt armála aige, agus d'órduigh sé dhó an lucht achrainn do sgaipe, nú iad a thabhairt leó 'n-a bpríosúnachaibh. Chómh luath agus chonaic an lucht achrainn iad siúd chucha iad. Do troideadh cath fuilteach. Do thuit formhór na bhfear armtha. Ansan do chuir Archelaus a shluagh go léir 'n-a gcoinnibh. Do ghaibh mórán de sna fearaibh iasachta páirt le lucht an achrainn. Do troideadh cath eile. Do marbh- uigheadh trí mhíle de'n lucht achrainn agus de sna daoinibh a ghaibh a bpáirt. Do cuireadh an t-achrann fé chois agus do h-órduigheadh do sna daoinibh iasachta im- theacht abhaile láithreach.
CXV. CAINNT AGUS COGARNACH. Tar éis an chatha san, i n-ar marbhuigheadh an trí mhíle duine agus i n-ar sgaipeadh lucht an achrann, d'imthigh na daoine iasachta gho léir abhaile chun a ndúthaí féin agus bhí deire le gnóthaíbh Cásga na bliana san. Ní raibh bac ar Archelaus feasta é féin d'ullmhú ar a shuaineas agus aghaidh a thabhairt ar an Róimh agus ar ímpire na Rómhánach. D'ullmhuigh sé é féin agus do ghluais sé. Do rug sé cualacht mhaith mhór d'á dhaoine muinnteartha leis. D'fhág sé cúram a rígheachta ar a dhritháir Pilib. Do rug sé leis 'n-a chualacht Salóme, drifiúr a athar, agus a clann. Agus do rug sé leis Nioclás Damascén úd a bhíodh 'n-a chómhairleach agá athair. Bhí an chualacht mór, agus do leogadar go léir ortha gur le muinntearthas agus le caradar a bhíodar ag dul leis chun cabhruighthe leis i láthair an ímpire agus a chúis do phléidhe dá mba rud é go ráineóchadh go mbeadh aon fhonn ar an ímpire diúltú d'é dh'admháil 'n-a rí ar Iúdéa. Ní cabhrú leis a bhí ar aigne acu, ámhthach, ach labhairt 'n-a choinnibh agus an t-ímpire d'iompáil 'n-a choinnibh dá bhféadaidís é. Bhí socair acu ar a chur 'n-a leith i láthair an ímpire gur dhein sé éirleach uathbhásach ar na daoine chómh luath agus tháinig an chómhacht 'n-a láimh chuige. Dhein Héród dhá uacht. Sa chéad uacht níor bh'é Archelaus a cheap sé chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh ach mac eile dhó gur bh'ainm dó Antipas. Nuair a bhí Archelaus agus a chualacht ag dul go dtí an Róimh do rug Salóme léi an t-Antipas san. Do rug an t-Antipas san leis a mháthair agus a lán d'á dhaoine muinnteartha. Ní gan fáth, agus ní h-ar mhaithe le
h-Archelaus, a rug Salóme léi Antipas agus a bhuidhean. Bí sí ceapaithe istigh 'n-a h-aigne ar a chur 'n-a luighe ar an ímpire nár bh'é Archelaus ba cheart a bheith 'n-a rí i ndiaidh Héróid ach Antipas, mar gur bh'é a cheap Héród sa chéad uacht a dhein sé, nuair a bhí a chiall agus a mheabhair shaoghalta aige níba chruinne 'ná mar a bhíodar aige nuair a bhí sé traochta ag an mbreóiteacht. Bhí socair aici, leis, ar a chur 'n-a luighe ar an ímpire, dá bhféadadh sí é, nár ró mhaith an áirithe ar shíothcháin ná ar shuaineas beatha a bhí tabhartha ag Archelaus do sna Iúdaígh leis an éirleach uathbhásach a dhein sé, uim fhéile na Cásga, ar an lucht achrainn agus ar na daoine a ghaibh páirt leó, nuair a mhairbh sé trí mhíle acu istigh sa teampul naomhtha. Bhí sí féin agus a lucht cainnte agus cogarnaighe ag cainnt agus ag cogarnaigh ameasg cualachta Archelauis go dtí go raibh a bhformhór iompuighthe acu i gcoinnibh Archelauis agus i bhfabhar d'Antipas. Ó thuairisg Ióséphuis ar an obair do tuigfí go raibh i n-Archelaus féinig tréithe éigin nár thaithn le n-a chualacht agus do chabhruigh leis an gcogarnach 'n-a choinnibh. CXVI. CEIST LE RÉIDHTEACH. Um an dtaca 'n-ar sroiseadh cathair na Rómha bhí cualacht Archelauis 'n-a dtrí buidheanaibh, buidhean acu dílis d'Archelaus i n-aindeóin na cogarnaighe, buidhean acu dílis d'Antipas de thoradh na cogarnaighe agus de thoradh stuacachta Archelauis féinig, agus an trímhadh buidhean a bhí i gcoinnibh Archelauis
agus i gcoinnibh Antipais, agus gan aon lorg acu ar aoinne de'n bheirt a bheith 'n-a rí ar Iúdéa ach an tír a bheith fé riaghaltas na Rómhánach lom díreach. Bhí Héród tar éis mórán saidhbhris fhágaint le h-uacht ag an ímpire. An fhaid a bhí Archelaus agus a chualacht ar an slighe ó Ierúsalem go dtí an Róimh tháinig Sabínus, fear inid an ímpire i Suíria, tháinig sé go Ierúsalem agus socaruigh sé é féin chun cómhnuighthe i bpálás an rí agus chuir sé fios ar an muinntir a bhí ag tabhairt aire do'n tsaidhbhreas a bhí fágtha ag Héród i gcóir an ímpire. Thánadar. "Thánag anso," arsa Sabínus, "chun go dtabharfadh sibh-se suas dom anois an saidhbhreas a dh'fhág an rí Héród agaibh i gcóir ímpire na Rómhánach." "Ní féidir dúinn an saidhbhreas san a thabhairt d'aoinne, a uasail," ar siad-san, "mar do thug an t-uasal Archelaus órdú dhúinn gan sgaramhaint leis an saidhbhreas san go dtí go mbeadh an t-ímpire tar éis toil a thabhairt d'Archelaus féinig chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa. Ní féidir dúinn sgaramhaint leis an saidhbhreas. Ní foláir duinn é chimeád go dtagaidh órdú chughainn ó Archelaus nú ó'n ímpire féinig 'ghá innsint dúinn cad is ceart dúinn a dhéanamh." Do h-innseadh an sgéal san sa Róimh. D'airigh an t-ímpire gur thug Archelaus an t-órdú san uaidh sar ar fhág sé cathair Ierúsalem. Déarfadh cuid de lucht an tseanachais nách tairbhthe a dhein an sgéal san d'Archelaus i n-aigne an ímpire. Ach pé díobháil a dhéanfadh an sgéal do chuir Archelaus féin cosg leis, mar bhí cúntas cruinn aige ar an saidhbhreas go léir, ar conus a bhí sé i gcimeád i gcóir an ímpire, agus ar conus mar a bhí ar chumas an ímpire é thóg- aint agus a thabhairt leis go dtí an Róimh pé uair ba mhaith leis é. Do sgríbh Archelaus, i dteannta an chúntais sin, cúntas ar na cúiseanaibh a thaisbeánfadh gur bh'é féin
an té do b'fhearr ceart chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa agus nár bh'é Antipas. Do sgríbh Antipas cúntas 'n-a choinnibh sin thall, 'ghá thaisbeáint gur bh'é féin a bhí ceapaithe sa chéad uacht a dhein a n-athair, agus ag áireamh a lán cúiseana do thaisbeánfadh gur bh'é féin ab fhearr ceart chun na rígheachta agus nár bh'é Archelaus. Do léigh Agustus an dá sgríbhinn. Ansan, do chruinn gh sé rainnt d'á cháirdibh agus thug sé an cás dóibh le breithniú. Do chuir sé os cionn na cómhairle sin fear gur bh'ainm do Cáius, mac ucht-inghine dhó féinig gur bh'ainm di Iúlia. CXVII. DUINE BRÉAGACH. An fhaid a bhí Cáius agus a lucht cómhairle ag breithniú an cháis idir an mbeirt, Archelaus agus Antipas, do ghluais ráfla iongantach ar fuaid Iúdéa agus ar fuaid catharach na Rómha. Dubhairt an ráfla san nách ag Archelaus ná ag Antipas a bhí aon cheart chun rígheachta Iúdéa ach ag duine éigin de'n bheirt mhac úd Mhariamne, Alegsandar agus Aristóbulus; go raibh an bheirt sin beó; nár bh'iad a chuir Héród chun báis nuair a mheas sé gur bh'iad, gur imireadh cleas ar Héród; gur cimeádadh Alegs- andar agus Aristóbulus i bhfolach agus gur cuireadh beirt éigin eile chun báis 'n-a n-inead. Nuair a leath an ráfla san tháinig a lán Iúdach go raibh aithne mhaith acu ar Alegsandar, mac Mhariamne. Chonacadar fear an ráfla. Dubhradar gur bh'é Alegsandar é gan amhras; ná raibh mearathal ar domhan ortha féin ná gur bh'é é! Dubhairt an ráfla gur chara dhílis do