Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht na Macabéach I agus II

Title
Sgéalaidheacht na Macabéach I agus II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1925
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉALAIDHEACHT NA MACABÉACH



I.



DHÁ CHLAIDHE MHÓRA ÁRDA.



Nuair a thuig Ptolemé nár bh'aon mhaith dhó bheith
ag braith air go dtabharfadh na Iúdaígh, íseal ná uasal,
aon toradh air, do sgríbh sé chun Antiochuis 'ghá innsint
dó cad a bhí déanta aige. Bhí Antiochus lán d'áthas.
An t-aon fhear amháin go raibh eagla aige roimis bhí
sé curtha as an saoghal. Dhéanfadh an congnamh a
bhí le fághail aige ó Ptolemé an lámh uachtair a thabhairt
dó ar pé neart a dh'fhéadfadh Eóin a thabhairt 'n-a
choinnibh. Dhéanfadh sé díoltas dearg ar na Iúdaígh
mar gheall ar an éirleach a dheineadar ar mhór shluagh
Chendebéuis. Gheóbhadh sé forlámhas ar an gcathair sin
Ierúsalem agus ar an uile fhód de thalamh Iúdéa.



Do chruinnigh sé mór shluag líonmhar agus do ghluais
sé isteach i Iúdéa. Ach do dhein Ptolemé rud ná
raibh aon choinne leis. I n-inead feitheamh le
h-Antiochus agus gabháil leis, is amhlaidh a theich sé as
an dtír ar fad agus chuaidh sé ag triall ar Zénó,
rí catharach Philadelphia. Ní fheadair aoinne cad é
an chúis a bhí aige le h-imtheacht. Ach innstear gur
mhairbh sé máthair Eóin mhic Shímoinn sar ar imthigh sé.
Ní'l aon tuairisg ar conus a dh'imthigh leis 'n-a dhiaidh
san ná ar cad é an chrích a rug é.



Tháinig Antiochus agus a mhór shluagh isteach i dtír
Iúdéa agus thug sé aghaidh ar chathair Ierúsalem. Níor
fhéad Eóin agus pé neart slógh a bhí aige aon chosg
a chur leis an mór shluagh iasachta. Chomáineadar


L. 2


rómpa é go dtí gur chuaid sé isteach sa chathair. Do
dúnadh na geataí agus do tugadh aghaidh ar chosaint
na catharach. Do chuir Antiochus a mhór shluagh mór-
thímpal ar an gcathair. Do deineadh an chosaint go
tréan. Chun na catharach do chur ó aon bhreith ar chabhair
ná ar bhia ó'n dtaobh amuich, do dhein Antiochus dhá
dhíog mhóra dhoimhne mórthímpal ar an gcathair, agus
dhá chlaidhe mhóra árda, mórthímpal, ar an gcuma
gcéadna, i dtreó ná raibh aon bhreith ag aoinne ar dhul
isteach ná ar theacht amach. Ansan do chuir sé suas, ar
bharr gach claidhe de'n dá chlaidhe sin, mórthímpal,
túir láidire, árda, trí chéad túr acu, agus iad ní
b'aoirde 'ná fallaí na catharach. Ansan do chuir sé fir
anáirde ar na túraibh sin chun bheith ag lámhach saighead
le lucht cosanta fallaí na catharach an fhaid a bhí fir
eile ag polladh na bhfallaí sin fútha thíos. Deir
Ióséphus go raibh sluagh an rí i gcruadhchás ar feadh
rainnt aimsire le h-easba uisge, agus ansan go
dtáinig fearthainn throm ortha agus go raibh sí buan.



Ach níor fhéad an rí an chathair do thógaint. Thugadh
an mhuinntir istigh fogha fíochmhar láidir amach go
minic, agus do dheinidís mórán toirmisg do'n mhuinn-
tir amuich. Níor bh'fhéidir, ámhthach, d'aon chródhacht
seasamh i n-aghaidh easba bídh. Bhí an bia ag dul i
nganachúisighe sa chathair. Gan amhras bhí a lán daoine,
óg agus aosta, istigh sa chathair agus iad go maith chun
bídh a chaitheamh agus gan aon mhaith ionta chun na catharach
do chosaint. Do chruinnigh Eóin iad i dteannta chéile
agus chuir sé lasmuich d'fhalla na catharach iad. Bhí,
ansan, falla na catharach laistigh díobh agus an díog
mhór dhoimhinn úd agus an claidhe árd, mórthímpal,
lasmuich dhíobh, agus gan aon bhlúire bídh acu le n-ithe.
Bhíodar ag gol go h-árd agus ag blaidhthrigh leis an
ocras. I gcionn tamail do tógadh isteach iad airís.
Ba chruaidh an gníomh é le déanamh, dá bhfágtí amuich
ansúd iad chun go bhfaighdís bás do'n ghorta. Níor


L. 3


fágadh. Dheabhróchadh an sgéal, as ar thuit amach 'n-a
dhiaidh san, go raibh cúis éigin ná tuigtear ag Eóin chun
iad a chur amach i n-aon chor sa n-áit sin, idir an dá
fhalla. Níor caitheadh aon urchar leó as na túraibh a
bhí anáirde ar na fallaíbh lasmuich. Níor bh'aon
iongna é sin. Do thuig an namhaid, dá bhfágtí beó iad,
go gcaithfí iad a thógaint isteach sa chathair airís, agus
gur mar sin ba thúisge do h-ídeófí an bia, agus nuair
a bheadh an bia ídighthe go dtuitfadh an chathair. Deir
an seanachaidhe gur bh'é cúis n-ar tógadh isteach thar
n-ais iad ná so, go raibh féile mhór na dtabernacul
ag teacht i ngar, agus mar gheall air sin go dtáinig
aithreachas ar Eóin agus ar an muinntir istigh nuair
a bhíodar ag éisteacht leis an árdghol agus leis an
mblaidhthreach lasmuich. Nuair a chífar na neithe do
thuit amach 'n-a dhiaidh san tuigfar an sgéal níos fearr.



II.



SÍOTHCHÁIN 'Á DÉANAMH.



Do tógadh isteach sa chathair airís na daoine a bhí
amuich idir fhalla na catharach agus an díog mhór
dhoimhinn agus iad ag gol agus ag blaidhthrigh. Ansan
do chuir Eóin teachtaireacht amach ag triall ar an rí
agus d'iarr sé sos cómhraic air. Dubhairt sé go
raibh féile mhór na dtabernacul ag teacht agus nár
bh'fholáir do sna Iúdaígh an fhéile sin do sholumnú
mar ba ghnáth, agus nár mhór dóibh seacht lá fhághail chun
na h-oibre sin a dhéanamh. Do thuit rud iongantach
amach ansan. Déarfadh duine nár bh'fhéidir d'aon rí
an sos cómhraic sin a thabhairt uaidh an uair sin. Bhí
fhios aige nuair a chonaic sé, agus nuair airigh sé ag gol
agus ag blaidhthrigh na daoine a cuireadh amach as an
gcathair, gur le h-easba bídh a cuireadh amach iad.


L. 4


Bhí fhios aige ná raibh aige le déanamh ach an greim
a bhí aige do chimeád agus nár bh'fhada go gcaithfí an
chathair a thabhairt suas dó gan choinghíol. Cad 'n-a
thaobh nár chimeád sé a ghreim? Cad 'n-a thaobh dó an
sos cómhraic a thabhairt uaidh? Ní miste an cheist
chéadna do chur ó'n dtaobh eile. Bhí fhios ag Eóin gur
thuig an rí an cás 'n-a raibh an chathair le h-easba bhídh.
Cad a chuir 'n-a cheann go bhféadfadh aon rí sos cómh-
raic a thabhairt agus neithe ar an gcuma san? Ach
d'iarr sé an sos cómhraic; agus, rud ba mhó d'iongna
'ná san féin, do fuair sé an sos cómhraic! Ansan,
ámhthach, tháinig rud ba mhó d'iongna 'ná aon taobh acu.
Bhí fhios ag an rí Antiochus nár bh'fhéidir an fhéile mhór
san do sholumnú gan ídhbirtí dhéanamh. Bhí fhios aige
nár bh'fhéidir ídhbirtí dhéanamh gan bhictimí. Cad a
dhein sé? Do chuir sé isteach ag triall ar mhuinntir
na catharach na bhictimí a bhí riachtanach chun na n-ídhbirtí
dhéanamh. Chuir sé chucha isteach na beithidhigh a bhí riach-
tanach, agus a n-adharca órtha, agus iad gleusta mar
ba cheart chun ídhbirte. Chuir sé isteach i dteannta na
mbeithidheach, na h-arthaí óir agus airgid a bhí riachtanach
chun na n-ídhbirtí dhéanamh mar ba chóir do réir na
dlighe. Chuir sé isteach, leis, rainnt túiseana cúmhartha
a bhí ana dhaor, agus rainnt airgid, agus neithe eile a
bhí riachtanach. Do h-osgaladh geata agus do glacadh
na neithe sin, agus bhí Eóin agus muinntir na catharach
buidheach go maith de'n rí. Do cimeádadh an fhéile
mar ba chóir.



Do tugadh féile na dtabernacul ar an bhféile sin
mar chuimhneamh ar an dachad blian a thug clann Israéil
ag fánaidheacht sa n-uaigneas lom ghainmheach, sar a
dtánadar isteach i dtír tarainge, .i. i dtír Phalestín.
I gcábánaibh a dheinidís cómhnuidhe i gcaitheamh an dachad
blian san, agus is ionan tabernacul agus cábán.
B'í an fhéile sin na dtabernacul an fhéile ba mhó ag
na Iúdaígh. Do leanadh an fhéile sin ocht lá. I


L. 5


gcaitheamh an ocht lá san bhí fhiachaint ar na fearaibh go
léir imtheacht as a dtighthibh féinig agus cábáin do chur
suas dóibh féin amuich in sna páirceanaibh, nú amuich
in sna sráideanaibh, nú anáirde ar na tighthibh, mar
buaiceana lebhéaltha a bhíodh ar na tighthibh in sna tíor-
thaibh sin. Tráth éigin i mitheamh an fhóghmhair iseadh do
thosnuigheadh an fhéile, agus do leantí 'ghá cimeád ar
feadh ocht lá, agus bhíodh ídhbirtí d'á ndéanamh chun Dé
i gcaitheamh an ocht lá san, agus bhíodh ídhbirtí móra an
chéad lá agus an t-ochtmhadh lá. Ansan do thagadh na
daoine as na cábánaibh, nú as na tabernaculaibh agus
théidís isteach airís 'n-a dtighthibh féinig.



Nuair a bhí féile na dtabernacul imthighthe i gcathair
Ierúsalem an uair sin do chuir Eóin teachtaireacht
amach ag triall ar an rí 'ghá iarraidh air síothcháin a
dhéanamh agus ag tairisgint coinghíolacha dhó. Do
deineadh an tsíothcháin.



Sidiad na coinghíolacha ar ar deineadh an tsíothcháin:
go dtabharfadh clann Israéil uatha na h-airm a bhí
acu; go leagfí ar lár fallaí na catharach; go gcaith-
fadh Eóin cíos áirithe do dhíol a' Ioppe agus a' bailtibh
eile a bhí aige lasmuich de thír Iúdéa. Bhí an rí sásta
leis na coinghíolachaibh sin, ach d'éilimh sé go cruaidh dhá
choinghíol eile, .i. go nglacfí gairisiún de mhuinntir
an rí isteach sa chathair agus go gcurfí suas airís an
caisleán úd a leagadh. Do thoiligh Eóin chun chúig
céad talant airgid a dhíol, ach ná curfí an gairisiún
san isteach sa chathair. Do thoiligh Eóin, leis, chun
daoine thabhairt suas do'n rí i ngeall le bheith dílis dó
feasta. Ach ní thoileóchadh Eóin i n-aon chor chun an
chaisleáin úd do chur suas airís. Fé dheire do ghéill
an rí ar an bpuínte sin.



Deir Ióséphus go raibh gorta uathbhásach sa chathair
an fhaid a bhí an tsíothcháin sin 'á déanamh, agus deir
sé gur thuig muinntir an rí go raibh an gorta ann,
agus go rabhadar ag tathant go cruaidh ar an rí


L. 6


leanmhaint ar an gcogadh, agus, ó bhí an chaoi aige
air, na Iúdaígh a dhísgiú ar fad, mar gur namhaid
do'n chine daona gur bh'eadh iad agus ná beadh aon
rath ar an saoghal go dtí go mbeidís ídighthe glan
amach as.



III.



DO TUGADH NA GILL.



Sin ceist agus is ceart feuchaint isteach innti agus
í bhreithniú. Cad 'n-a thaobh do'n rí an tsíothcháin sin
dhéanamh i n-aon chor an uair sin? Bheadh an chathair
aige gan aon teip i gcionn beagán aimsire. Bhí an
fear céadna san, Eóin, agus na Iúdaígh chéadna san
a bhí an uair sin ag fághail bháis do'n ghorta, bíodar
tar éis éirligh a dhéanamh ar mhórshluagh an rí chéadna
san. Chun díoltais a dhéanamh ar an bhfear san, agus ar
na Iúdaígh sin, mar gheall ar an éirleach san, iseadh
chuir sé é féin agus a dhaoine chun na trioblóide go
léir agus chun an chostais go léir, ag cruinniú mór
shlógh, 'ghá ngleusadh fé arm, 'ghá gcórú chun cogaidh,
ag soláthar bídh dóibh, 'ghá seóladh treasna tíortha fada
fairsinge, 'ghá gcur ag obair go cruaidh ar na fallaíbh
úd agus ar an ndíg mhór dhoimhinn úd mórthímpal ar
an gcathair, chun í thógaint agus an t-éirleach céadna
dhéanamh ar na Iúdaígh a dhein na Iúdaígh ar shluagh
Chendebéuis, agus foghail na catharach a thabhairt d'á
shluagh mar dhíoluidheacht as a raibh d'annródh fuiligthe
acu agus as a raibh marbh d'á muinntir go dtí san sa
chogadh. Cad 'n-a thaobh dó a ghreim a bhogadh de'n
chathair nuair a bhí sí nách mór istigh 'n-a láimh aige?
Cad 'n-a thaobh ná raibh eagla air go n-eireóchadh a shluagh
féinig 'n-a choinnibh nuair a chífidís foghail na catharach
tógtha uatha díreach nuair a bhí an fhoghail istigh 'n-a


L. 7


láimh acu nách mór, agus na Iúdaígh, "namhaid na cine
daona," dar leó, d'á gcosaint ortha díreach nuair a
bhí ar a gcumas iad a dhísgiú as an saoghal i n-aon lán
sgríb amháin? Ní féidir a thabhairt ar an gceist ach
aon fhreagra amháin. Mírbhúilt ó Dhia ab eadh é go
léir. Nuair a bhí muinntir na catharach brúighte go
talamh agus gan aon tsúil le fuasgailt acu do dhein
Dia na Glóire, moladh go deó leis, an rud a dhein sé
go minic roimis sin agus go minic ó shin, d'fhuasgail
sé féin na daoine nuair ná raibh aonóchmhacht eile chun
iad d'fhuasgailt. Do thug sé cogar éigin d'aigne an
rí; thug sé le tuisgint do'n rí go gcaithfadh sé an
tsíothcháin a dhéanamh, nú mara ndéanfadh gur dhó ba
mheasa. Mírbhúilt éigin de'n tsórd san iseadh chuir
fhiachaint ar an rí na beithidhigh úd a chur isteach sa
chathair nuair a h-iarradh an sos cómhraic air chun
féile na dtabernacul do sholumnú. Gan amhras do
chuimhnigh sé ar an íde a dhein Dia ar Shennacherib
agus ar a shluagh nuair a bhí sé chun na catharach
céadna san, cathair Ierúsalem, do thógaint ar an
gcuma gcéadna mórán céadta blian roimis sin, agus
gur mhairbh aingeal an Tighearna céad ocht ndeich a
cúig de mhíltibh fear air. Gan amhras do chuimhnigh
Antiochus go mb'fhéidir go ndéanfadh aingeal an
Tighearna chéadna rud éigin de'n tsaghas le n-a shluagh
féinig dá ndeineadh sé an rud a dhein Sennacherib.



Bhí aithne mhaith ag na págánaigh ar Thighearna Dia na
nIúdach, ar shlighe. Nuair a dheineadh náisiún éigin
págánach cogadh do chur ar chlainn Israéil, agus ansan
nuair a dheineadh Dia leis an náisiún san rud éigin a
bhíodh cosmhail leis na neithibh a dhein sé le Pharó agus
le muinntir na h-Éigipte, nú cosmhail leis an íde a
dhein sé ar shluagh Shennacherib, deireadh na págánaigh
eile:-



"Nár mhór an díthcéille dóibh sin cogadh do chur
ar na Iúdaígh agus iarracht a dhéanamh ar iad a dhísgiú?


L. 8


Nár chóir go gcuimhneóchaidís ar an gcrích a rug
Pharó agus a shluagh, nú ar an gcrích a rug sluagh
Shennacherib."



Bhíodh cainnteana de'n tsaghas san i gcómhnuidhe i
mbéalaibh na bpágánach i dtaobh na nIúdach. Bhí fhios
acu go maith go raibh Cómhacht éigin a bhí níba threise
'ná aon chómhacht shaoghalta, ag cosaint na nIúdach ar a
namhaid. Bhí an t-eólus 'n-a sgéalaidheacht agus 'n-a
sheanachus béil eatartha. Mar gheall air sin iseadh bhí
an fuath marbhuightheach acu do sna Iúdaígh agus an
fonn thar barr ortha chun rud éigin a dhéanamh a dhís-
geóchadh as an saoghal iad; díreach mar a bhíon anois
an fuath marbhuightheach céadna ag lucht díchreidimh
d'Eaglais Chríost, agus an t-eagla céadna acu
roímpi, agus an fonn céadna ortha chun í dhísgiú
as an saoghal dá bhféadfidís é. Isé an sgéal
céadna é anois agus an uair sin agus riamh ó shin,
agus isé an sgéal céadna a bheidh ann go dtí deire
an tsaoghail.



Bhí an t-eagla roim Thighearna Dia na nIúdach ar
Antiochus. Do dhein san fear mín cneasta síbhialta
dhe. Bhí an t-eagla céadna ar a shluagh. Thuigeadar
go mb'fhéidir, dá leanaidís ró dhian ar an gcathair
sin, go n-imtheóchadh ortha mar imthigh ar shluagh
Shennacherib. Do deineadh an tsíothcháin, do
h-osgaladh na geataí. Do tugadh isteach an bia
agus an deoch. Ansan bhí an mhuinntir a tháinig
agus muinntir na catharach go h-ana shoilbhir agus
go h-ana shuairc i gcómhluadar a chéile. Do tugadh
na gill agus do díoladh an t-airgead agus do
leog gach aoinne air go raibh sé sásta. Do tugadh
na gill, agus bhí drítháir d'Eóin féin ar dhuine acu.
Ansan, nuair a bhí gach aon ghnó déanta, agus
gach aoinne chómh sásta agus d'fhéad sé bheith, do
chruinnigh an rí a mhór shluagh agus do sheól sé leis
iad soir óthuaidh go h-Antioch.


L. 9


IV.



AIRGEAD AS AN mBANNC.



Tugaid cuid de'n lucht seanachuis cúntas éagsamhlach
ar an gcuma 'n-a bhfuair Eóin an t-airgead ab éigean
dó a dhíol chun na síothchána dh'fhághail. Ní raibh aon
airgead i gciste na catharach. Bhí an ciste folamh.
Deirtear, ámhthach, go raibh stórus mór airgid fé
thalamh i n-áit éigin, a gan fhios do'n tsaoghal, i ndiaidh
righthe Iúda, stórus a bhí d'á chruinniú ó aimsir Dháibhid,
agus gur osgail Eóin an stórus san agus gur thóg sé,
aníos as, an trí chéad talant a bhí air a dhíol leis an rí
Antiochus. Deir drong gur bh'é an rí Dáibhid féinig
do chruinnigh an stórus san agus do chuir i bhfolach fé
thalamh é. Deir Ióséphus gur i dtuama Dháibhid a bhí
sé, agus gur thóg Eóin trí mhíle talant aníos as,
agus nár thóg aon rí eile aon airgead as go dtí go
dtáinig Héród, agus gur thóg sé sin rainnt éigin
as.



Deir daoine eile, agus daoine géarchúiseacha tuis-
gionacha iseadh iad, ná raibh aon bhunús i n-aon chor
leis an sgéal; nár chuir Dáibhid, ná aoinne eile de
sna righthibh, aon stórus de'n tsórd san i bhfolach fé
thalamh ná os cionn tailimh. Tá cheithre leabhair ann i
n-a bhfuil seanachas ar na Macabéachaibh. Ní'l glacaithe
ag an Eaglais ach dhá leabhar díobh san, an chéad leabhar
agus an tarna leabhar. Ach deir an ceathramhadh
leabhar díobh ná raibh an sgéal san, i dtaobh an stóruis
mhóir fé thalamh, ach amháin 'n-a ráidhteachas i mbéalaibh
daoine. Ach deir Ióséphus go raibh an stórus ann,
agus gur thóg Eóin mac Shímoinn cuid de, agus gur
thóg Héród cuid de 'n-a dhiaidh san.



Admhuightear gur chruinnigh Dáibhid agus Solomon
cruacha móra saidhbhris. Ach ní deirtear i n-aon


L. 10


tseanachus gur chuireadar aon chuid de'n tsaidhbhreas
san i bhfolach fé thalamh i n-aon áit, 'n-a n-uaghnaibh ná
i n-aon áit eile. A mhalairt iseadh is léir. Dá
mbeadh a leithéid de stórus ann, agus dá dtógadh
Eóin cuid de chun an airgid úd a dhíol le h-Antiochus,
déarfí focal éigin 'n-a thaobh, 'ghá admháil nú 'ghá shéanadh,
i leabhar éigin de cheithre leabhraibh na Macabéach. Má
bhí sé ann cad 'n-a thaobh nár thóg aon rí eile aon chuid
de, de sna righthibh a tháinig i ndiaidh Sholomoin agus
Dháibhid? Tháinig a lán droch righthe 'n-a ndiaidh, agus
rainnt righthe fóghanta. Níor staon cuid de sna
droch righthibh ó'n dteampul do chreachadh. D'á olcas
iad, nách léir, dá mbeadh an stórus san fé thalamh i
n-aon áit, go dtógfidís é níba thúisge 'ná mar a
thógfidís an saidhbhreas naomhtha a bhí sa teampul?
"Ach b'fhéidir ná raibh fhios ag aoinne cá raibh an saidhbh-
reas mór i bhfolach." Mara raibh fhios ag aoinne cá
raibh sé i bhfolach conus fhéadfadh Eóin mac Shímoinn
teacht air?



Agus má bhí an stórus mór san ann, agus má bhí
eólus na h-áite i n-a raibh sé ag muinntir na catharach,
conus a thárla ná fuair righthe págánacha na Suír-
iánach aon chogar 'n-a thaobh? Dá mbeadh sé ann agus
eólus na h-áite i n-a raibh sé ag puinn daoine, ní
baoghal ná go bhfaghadh na righthe págánacha san an
t-eólus, agus ní baoghal ná go dtiocfidís air agus go
dtógfidís é agus go mbéarfidís leó é soir go Baibi-
lóin. Ach bíodh go dtánadar go minic agus gur
sgartáladar an teampul mór agus gur rugadar leó
gach aon rud i bhfuirm óir nú airgid gur fhéadadar
teacht suas leis, ní'l aon trácht i n-aon leabhar a
thugan cúntas ortha, ar aon stórus fé thalamh acu
d'á fhághail agus d'á bhreith leó.



Ach bhí saghas eile saidhbhris i gcathair Ierúsalem le
linn na h-aimsire sin. Bhí daoine sa chathair agus sa
tír mórthímpal agus bhí mórán saidhbhris acu. Níor


L. 11


leog an t-eagla dhóibh an saidhbhreas a chimeád 'n-a
dtighthibh féinig. Bhí mar bheadh bannc acu istigh sa
chathair, i n-áit éigin láidir agus gan eólus na h-áite
ag aoinne ach acu féinig. Níor bhaoghal go 'neósfadh
aoinne acu féinig cá raibh an áit. Bhí sa bhannc san,
i n-éaghmais saidhbhris na ndaoine sin, a lán saidhbhris
a bhí i gcimeád ann chun daoine dealbha do chothú.
Deir cuid de lucht an tseanachuis gur as an mbannc
san a thóg Eóin an t-airgead, ar iasacht, agus le cead
na ndaoine go mba leó é, chun airgid na síothchána
do dhíol, agus gur cuireadh an t-airgead thar n-ais
isteach sa bhannc san chómh luath agus do féadadh é chur
thar n-ais.



V.



NAMHAID EILE FÉ SMACHT.



Pé ball 'n-a bhfuair Eóin an t-airgead do fuair sé
é, agus do dhíol sé é, agus bhí an tsíothcháin daingean.
Ansan, mar adubhradh, do glacadh an rí Antiochus
isteach i gcathair Ierúsalem, é féin agus na h-uaisle
móra a bhí i n'fhochair agus bhí an dá chualacht go h-ana
mhuinnteartha le n-a chéile, agus iad ag ithe agus ag
ól i bhfochair a chéile go soilbhir agus go suairc agus go
síothchánta.



Ansan do deineadh rud eile. Do dhein Eóin agus
an rí Antiochus cómhaltas cogaidh le n-a chéile. Agus
do lean an cómhaltas san an fhaid a mhair Antiochus.
Do chómhlíon Eóin a thaobh féinig de'n chómhaltas san go
dílis. D'eirigh cogadh idir Antiochus agus righthe a bhí
'n-a chómharsanacht, agus thug Eóin congnamh fear
dó, agus thug an congnamh san buadh dhó go minic.
Níor bh'fhada, ámhthach, gur thuit Antiochus i gcath.
Ansan tháinig Eóin agus a chuid armála féinig abhaile


L. 12


go dtí Ierúsalem. Ag teacht abhaile dhó do thug sé
aghaidh ar chathair Aleppo agus thóg sé í agus chuir sé
fé chíos í.



Tar éis teacht abhaile d'Eóin mhac Shímoinn an uair
sin do chrom sé ar fhallaíbh catharach Ierúsalem do
chur suas airís, agus dhein sé níba threise agus níba
dhaingine iad go mór 'ná mar a bhíodar ar dtúis.
Níor bh'fhada, leis, gur thug sé fé ndeara go raibh na
tíortha lastoir, tíortha na Suíriánach, ag troid
le n-a chéile, ag lagú a chéile agus ag marbhú a chéile.
Do chruinnigh sé sluagh láidir, cuid acu 'n-a nIúdaígh
agus cuid acu tógtha aige ar tuarastal a' dúthaíbh
iasachta. Nuair a bhí a shluagh curtha le chéile aige do
ghluais sé leó soir óthuaidh agus thug sé aghaidh ar
chatharachaibh na Suíriánach. Ní raibh puinn cos-
naimh 'á dhéanamh ortha. Do thóg sé rainnt acu, fé
mar a thuig sé go dtabharfidís cumas dó ar sheilbh na
tíre do chimeád agus ar a thír féinig do chosaint ar
an seana namhaid, ar chómhacht Bhaibilóin. Madeba an
chéad chathair acu ar a dtug sé aghaidh, agus b'í sin an
chathair ba threise acu. Do thóg sé í tar éis imdhridim
leath bhliana. Ansan do thóg sé cathair Samega agus
a lán eile acu i n-Arabia agus i bhPhéinicia.



Nuair a bhí an chuaird sin tabhartha agus an obair
sin déanta agus na catharacha san tógtha bhí an cluiche
iompuighthe ar fad aige ar chómhacht na Suíriánach. In
inead righthe de shaghas Antiochuis, agus righthe eile
Antioch a bheith ag teacht isteach i dtír na nIúdach agus
'ghá gcur fé n-a smacht is amhlaidh a bhí na tíortha thoir
fé smacht ag na Iúdaígh feasta. Níor eirigh aon chómh-
acht lastoir 'n-a dhiaidh san a dh'fhéad aon smacht a chur
ar na Iúdaígh. Bhí tír na nIúdach saor glan ó smacht
iasachta as san amach, agus bhí Eóin mac Shímoinn 'n-a
rí ar an dtír sin gan smacht ná úghdarás ag aon rí
os a chionn. Sa bhliain céad agus trí dheich roim theacht
an tSlánuightheóra ab eadh é sin.


L. 13


Ansan d'iompuigh Eóin ar na Samaratánachaibh, an
namhaid mhailíseach úd a bhí ag na Iúdaígh i gcómhnuidhe
riamh, ó aimsir Ierobóaim. Do thóg sé Sicem agus
cathair Gasarim agus do leag sé ar lár an teampul
íodaladhartha a bhí ann, tar éis é bheith dhá chéad blian
'n-a sheasamh, agus do sgrios sé as an áit na foir-
gneamha agus na h-altóracha do chuir Iesebel suas
ann, agus chuir sé an tír go léir fé n-a smacht féinig.



Bhí namhaid eile ag na Iúdaigh, namhaid a bhí 'n-a
gcómhnuidhe laisteas díobh, namhaid go raibh gaol acu
leó, .i. na h-Edomítigh, sliocht an fhir ruaidh úd, sliocht
Esau. Dritháir do Iácob ab eadh Esau san. Cúpla
ab eadh é féin agus Iácob. An fhaid a bhí an bheirt i
mbroinn a máthar, Rebecca, bhí imreasán éigin mír-
bhúilteach eatartha istigh sa bhroinn. Bhíodar ag unfuirt
fé mar a bheidís ag iomrasgáil, i dtreó go raibh
uathbhás agus sgannra ar an máthair go dtí gur thug
Dia le tuisgint di go raibh beirt mhac ar iompar aici,
agus go síolróchadh dhá náisiún mhóra ó'n mbeirt sin,
agus go mbeadh an dá náisiún san i n-a dhá namhaid
agá chéile aimsir fhada. Na Iúdaígh agus na h-Edomí-
tigh an dá náisiún san, sliocht Iácoib agus sliocht
Esau, agus bhí sliocht Edom i n-a namhaid i gcómh-
nuidhe ag sliocht Iácoib.



Ach do chuir Eóin mac Shímoinn mór shluagh Iúdach le
chéile agus do ghluais sé amach i gcoinnibh na n-Edomí-
teach agus bhuaidh sé ortha agus do smachtuigh sé iad.
Nuair a bhíodar smachtuighthe aige do chuir sé fógra
amach go nglacfadh sé i gcaradas iad ach iompáil chun
creidimh na nIúdach agus an phágánacht a bhí acu, agus
nár dhual dóibh a bheith acu, do chaitheamh uatha. Do
dheineadar san agus do glacadh isteach iad, agus as
san amach aon náisiún amháin ab eadh iad féin agus
sliocht Iácoib, do mheasg an dá náisiún ar a chéile
chómh maith san.


L. 14


VI.



GACH TAOBH GO SÁSTA.



Nuair a bhí na Samaratánaigh curtha fé chois ag
Eóin mac Shímoinn, agus na h-Edomítigh tabhartha
isteach aige i náisiún na nIúdach, agus na catharacha
iasachta úd lastoir agus lastuaidh, curtha fé chíos
aige, bhí sé 'n-a rí i gceart ar an dtír go léir.



Bhí leasainm ar Eóin. Do tugtí Eóin Huircánach
air. Deirtear sa cheathramhadh leabhar de sheanachus na
Macabéach gur tugadh an leasainm sin air toisg gur
bhuaidh sé i gcath ar laoch éigin go raibh an ainm sin air,
ach deir lucht eóluis nách féidir a dhéanamh amach le
h-aon chruinneas cad é an brígh atá leis an leasainm.
Tá an leasainm air sa tseanachus go léir, ach ní'l
deimhne ar conus a cuireadh an leasainm air.



Nuair a bhí sé 'n-a rí i gceart, 'n-a lán chumas, do
chuimhnigh sé ar na Rómhánaigh agus do dhein sé mar a
dhein a athair, do chuir sé teachtaireacht go dtí cathair
na Rómha, fé mar a chuir a athair, Símon, agus fé mar
a chuir dritháracha a athar, Iónatan agus Iúdás, nuair a
bhí gach duine acu i gceannas na tíre.



Símon mac Dositéuis agus Apollónius mac
Alegsandair na h-ainimneacha a bhí ar an mbeirt
teachtairí a chuir sé ag triall ar sheanaid na Rómh-
ánach, ag athnuachaint an charadais a bhí idir iad agus
a athair. Innstear gur chuir sé rainnt tabharthaistí
luachmhara, leis na teachtairíbh sin, ag triall ar na
Rómhánaigh. Deirtear sa cheathramhadh leabhar Macabéach
go raibh ar na tabharthaistíbh sin sgiath agus gur bh'fhiú
caogad míle píosa óir í. Innstear sa leabhar chéadna
gur cuireadh na teachtairí 'n-a suidhe i n-aice leis an
gconsul Rómhánach, agus gur thug an tseanaid teidiol
rí d'Eóin sa leitir a thugadar do sna teachtairíbh le


L. 15


breith leó abhaile chuige. Do ghlac Eóin, agus chimeád
sé an ghairm rí sin as san amach. 'N-a theannta san
do thug seanaid na Rómhánach suas d'Eóin an dá
chathair úd, Ioppe agus Gasara, agus rainnt eile
áiteana a bhí bainte de sna Iúdaígh ag Antiochus
roimis sin. Ansan d'órduigh an tseanaid fághaltas
airgid a thabhairt do sna teachtairíbh mar chostas bóthair
ag teacht abhaile dhóibh, agus thugadar leitireacha dhóibh
chun na n-uachtarán a bhí ar na tíorthaibh ar an slighe
rómpa, 'ghá órdú go dtabharfí dhóibh an onóir ba cheart
a thabhairt dóibh.



'N-a theannta san d'órduigh an tseanaid go ndéanfí
leórghníomh in sna h-eugcórthaibh ar ar gheasáin na teach-
tairí i gcoinnibh na Suíriánach, agus go gcurfí ar
neamhnídh gach a raibh reachtuighthe ag Antiochus agus ag
an rí 'n-a dhiaidh, i gcoinnibh an chonartha a bhí idir na
Rómhánaigh agus athair Eóin. Níor fhág an tseanaid an
t-órdú san gan cur chun cinn. Do cheapadar mea-
tóirí chun dul agus an t-órdú do chur i bhfeidhm do
réir chirt. Ansan tháinig na teachtairí abhaile go
Ierúsalem, agus do tugadh dóibh ar an slighe an onóir
a bhí órduighthe dhóibh ag seanaid na Rómhánach, agus
bhíodar lán tsásta 'n-a n-aigne féin leis an obair a
bhí déanta acu, agus bhí Eóin agus na Iúdaígh go léir
lán tsásta leis an dtuairisg a fuaradar ar an obair.



Bhíodar go léir chómh sásta san gur chuir Eóin teach-
tairí eile uaidh an bhliain 'n-a dhiaidh san, agus tuille
bronntanaisí acu, 'ghá iarraidh go ndéanfí deimhniú ar
na neithibh sin go léir a bhí reachtuighthe ag an seanaid
ar a shon. Do deineadh an deimhniú go daingean agus
go fonnmhar, agus do gabhadh buidheachas na nIúdach
leis an seanaid agus le Pobul na Rómhánach, agus
bhí gach nídh 'n-a cheart agus gach taobh go sásta.


L. 16


VII.



RÍ FÓGHANTA.



Nuair a bhí na gnóthaí sin socair chun a thoile ag
Eóin, idir é féin agus na Rómhánaigh, do mhothuigh sé é
féin láidir, neamhspleádhach. Bhí rud eile, leis, agus
chuir sé breis nirt sa mhothú san. Bhí an dá rígheacht,
Suíria agus an Éigipt, sáidhte i gcogadh agus an
cogadh san ag leanmhaint go buan. D'fhág san a
mhalairt de chúram ortha san i n-éaghmais bheith ag
déanamh aon chur isteach ar thír na nIúdach.



Bhí, um an dtaca san, sa bhliain céad dhá dheich a sé
roim Chríost, Alegsandar Sebina tagaithe i réim 'n-a
rí ar Shuíria. Dhein sé caradas go luath le h-Eóin.
Bhí san go maith ach níor lean sé abhfad. Níor bh'fhada
gur mhairbh Antiochus Griphus Alegsandar agus gur
dhein sé rí dhe féinig. Bhí fearg mhór ar Ghriphus chun
Eóin mar gheall ar an gcaradas. Bhí sé 'ghá ullmhú
féin chun fogha thabhairt fé Iúdéa. Bhí dritháir aige,
ámhthach, agus bhí an dritháir ag ullmhúchán chun fogha
thabhairt faoi féin. D'fhág Eóin fútha é. Níor ghaibh
sé páirt le h-aoinne acu. D'fhan sé sa bhaile agus
thug sé aire d'á rígheacht féin go síothchánta suaineasach.
De thoradh na síothchána san níor bh'fhada gur chuir sé
mórán saidhbhris i dteannta chéile. Fuair sé mórán
saidhbhris ó n-a dhaoine féin, mar bhí an tsíothcháin acu
agus bhíodar ag saothrú na talmhan agus bhí an talamh
go maith, agus bhí fhios acu go raibh an rí a bhí acu go
maith chun iad a chosaint ar namhaid iasachta, agus pé
airgead a thugaidís dó nách i n-aistear a thugaidís
dó é. D'á éaghmais sin bhí cíosana troma ag teacht
isteach chuige ó sna catharachaibh iasachta agus ó sna
tíorthaibh iasachta a bhí tabhartha fé smacht a láimhe aige.
Ar an gcuma san do saidhbhirigheadh é go mór, agus do


L. 17


cuireadh thar n-ais, isteach sa bhannc ú'o an t-airgead
úd a tógadh as chun na síothchána do cheannach an uair
úd ó'n rí Antiochus.



Tar éis suím aimsire dhein muinntir Shamaría droch
chómharsanacht éigin ar chathair Mharessa. Bhí an chathair
sin i gcaradas an uair sin le h-Eóin agus níor
bh'fholáir dó páirt a ghabháil léi. Bhí cathair Shamaría
curtha suas airís an uair sin, agus í daingean, láidir,
ullamh ar í féin a chosaint. Tháinig Eóin agus a bheirt
mhac, Aristóbulus agus Antigonus, agus armáil
líonmhar acu, agus éacht de sna córachaibh a bhí riach-
tanach chun na catharach d'imdhridim agus do thógaint.
Dheineadar an t-imdhridim. Dheineadar claidhe árd
agus díog dhoimhinn mórthímpal ar an gcathair agus ba
ghearr go raibh muinntir na catharach ag folag gorta,
ag ithe na gcat agus na madraí. Ba ghearr 'n-a dhiaidh
san ná raibh na cait ná na madraí féin acu le n-ithe.
Fuaradar caoi, ar chuma éigin, ar theachtaireacht do
chur ag triall ar Antiochus Cisicénus a bhí 'n-a rí ar
Shuíria an uair sin, 'ghá iarraidh air teacht le cabhair
chucha. Tháinig sé agus sluagh líonmhar aige. Bhí féile
mhór ag teacht ar na Iúdaígh. B'éigean do'n rí,
d'Eóin, dul thar n-ais go Ierúsalem chun na féile sin
do sholumnú. D'imthigh sé go Ierúsalem, ach d'fhág sé
gnó an chogaidh fé n-a bheirt mhac. Chómh luath agus
d'airighdar san go raibh rí Shuíria ag teacht dheineadar
dhá chuid d'á neart slógh, agus chuireadar cuid de fé
Aristóbulus amach i gcoinnibh rí Shuíria. Do troid-
eadh cath fuilteach idir Aristóbulus agus na Suíriá-
naigh. Do buadhadh ar na Suíriánaigh agus do cuireadh
ár agus dearg ruathar ortha agus is ar éigin a rug an
rí Antiochus Cisicénus a anam leis saor ó'n gcath.
Ansan tháinig Aristóbulus thar n-ais agus do leanadh
go dian ar imdhridim na catharach. Chuaidh teachtair-
eacht eile ag triall ar Antiochus 'ghá iarraidh air
teacht agus fóirithint ar an gcathair. Níor tháinig sé.


L. 18


Níor bheag leis díobh mar Iúdaígh. Fé dheire do tógadh
an chathair. Bhí cathair eile, cathair Scutopolis agus
thug na Iúdaígh fé í thógaint. Thógadar í gan puinn
trioblóide. Thógadar rainnt eile áiteana, leis, gan
puinn trioblóide. Ansan bhí Eóin mac Shímoinn, nú
Eóin Huircánach, 'n-a rí i gceart ar Ghaililí agus
ar Shamaría go léir. Rí fóghanta ab eadh é, agus rí
diadha do b'eadh é. Bhí an breitheamhantas agus an
oilteacht thar barr aige i ngnóthaíbh cogaidh, agus bhí sé
dílis do dhlighe Dé i ngnóthaíbh creidimh. Chuir sé cáil
náisiúnda ar na Iúdaígh, agus meas ar a gcreideamh,
meas agus cáil ná raibh ortha go dtí san ó theacht
abhaile dhóibh as an mbraighdineas.



VIII.



EASONÓIR DO'N RÍ.



Do chuir an mheabhair chinn, agus an éirim aigne, agus
an neart toile, agus an oilteacht ar ghnóthaíbh cogaidh
agus síothchána, a bhí ag Eóin mac Shímoinn, do chuir-
eadar a cháil féinig agus cáil na rígheachta a bhí fé n-a
láimh, suas go h-árd os cómhair an domhain go léir.
Ach deir Ióséphus, agus deir an ceathramhadh leabhar
de leabhraibh na Macabéach, gur bh'é rud a chuir a chlú
agus a uaisleacht os cionn ar tháinig de righthibh roimis
agus ar tháinig díobh 'n-a dhiaidh ná so, trí shaghas uais-
leachta bheith air i n-aonfheacht, é bheith 'n-a rí uasal, agus
i n'árdshagart uasal, agus i n'fháig uasal, trí shaghas
uaisleachta ná raibh riamh i n-aonfheacht ar aon fhear
ach air. Deir Ióséphus gur dhuine ana naomhtha é.
Tháinig sé abhaile go dtí Ierúsalem, mar adubhradh, chun
gnó árdshagairt a dhéanamh agus na n-ídhbirtí d'ofráil
chun Dé lá na féile móire. Innsean Ióséphus go raibh
sé istigh sa Sanctum Sanctórum ag ofráil túise nuair


L. 19


a bhuaidh a mhac Aristóbulus ar na Suíriánaigh, agus
gur airigh sé guth ag labhairt agus 'ghá innsint dó gur
rugadh an buadh san. Bhí árd chion aige ar an mbeirt
mhac san, Aristóbulus agus Antigonus, agus bhíodh sé
coitchianta 'ghá iarraidh ar Dhia a chur i n-iúil dó cia
'cu de'n bheirt a bheadh i réim 'n-a dhiaidh. Do cuireadh
i n-iúil dó, ámhthach, go raibh mac eile dhó a bhí gan teacht
ar an saoghal fós, agus go mbeadh an mac san i réim
'n-a dhiaidh. Níor thaithn san leis. Do rugadh an
trímhadh mac tamal 'n-a dhiaidh san, agus chuir an t-athair
go Gaililí ar oileamhaint é, ag braith ar go mb'fhéidir
go gcoisgfadh rud éigin é ar theacht i réim 'n-a dhiaidh.
Níor choisg. Ach do foillsigheadh dó go mbeidís go
léir i réim 'n-a dhiaidh, agus do thargair sé go mbeadh
réim Aristóbuluis agus réim Antigonuis ana ghairid,
agus ansan go dtiocfadh an trímhadh mac, .i. Aleg-
sandar, i réim. Do fíoradh an targaireacht san.
Deir an seanachas go n-innstear a lán eile neithe de'n
tsórd san i dtaobh Eóin, ach nách léir go bhfuil deimhne
ortha; go mb'fhéidir gur fíor iad agus go mb'fhéidir
nác fíor. Ní'l an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na
Macabéach ar leabhraibh canónacha na h-Eagailse.



Ach is gnáth nuair a bhíon an saoghal ag eirighe le
daoine, nú le náisiúnaibh, go ndeinid siad féin rud
éigin a chuirean droch threó ar an eirighe sin. Cuirean
Dia ar a leas iad, agus ansan deinid siad féin aimhleas
dóibh féin. I ndeire réime Eóin mhic Shímoinn, nú
tar éis é bheith tamal maith 'n-a rí, iseadh thosnuigh an
dá aicme úd, .i. na Fairisínigh agus na Sadducínigh ar
bheith ag coímhsgar le n-a chéile agus ag déanamh toir-
misg d'Eóin. I dtosach bára bhí sé go mór leis na
Fairisíneachaibh, agus is leó a ghabhadh sé páirt. Is
dóibh a thugadh sé na postana ba thairbhthighe. Ní thais-
beánadh sé aon bháidh do'n mhuinntir eile. Do thárla,
ámhthach, gur dhein sé rud éigin a chuir fearg ar dhuine
de sna Fairisíneachaibh gur bh'ainm dó Eleásar.


L. 20


Duine creideamhnach ameasg na bhFairisíneach ab
eadh an t-Eleásar san. Isé tuairim an tseanachaidhe
gur éad a bhí air, fé mar a bheadh an rí tar éis rud éigin
a thabhairt do dhuine eile agus gur mheas Eleásar gur
dó féinig ba cheart é thabhairt. Bhí a leithéid sin d'fheirg,
nú d'éad, ar Eleásar gur chas sé asachán leis an rí.
Dubhairt sé go raibh sé neamhdhlistineach. Do chas sé
leis go raibh a mháthair, ar dtúis, 'n-a daor-mhnaoi, gur
thaisbeáin san nár bhean Iúdach í i gceart, agus d'á
dheasgaibh sin go raibh sé i gcoinnibh dlighe Mhaoise a
mac a bheith i n-a árdshagart. Deir Ióséphus gur
deimhin ná raibh aon phioc fírinne sa sgéal san, agus
gur thuig na Fairisínigh eile ná raibh aon fhírinne ann.
Bhí fhios acu ná raibh aon fhírinne sa sgéal, ach mar sin
féin níor chuireadar aon phionós ar Eleásar mar
gheall ar an mbréig. Easonóir ana mhór do'n rí ab
eadh an bhréag san do cheapadh 'n-a thaobh, agus ansan
an bhréag do leogaint i n-aisge leis an bhfear a cheap í.
Nuair a chonaic an rí an easonóir d'á tabhairt dó
d'iompuigh sé i gcoinnibh na bFairísineach, agus as san
amach ba leis na Sadducíneachaibh é ar fad.



IX.



FIONGHAIL.



Nuair iompuigh Eóin i gcoinnibh na bhFairisíneach agus
ghaibh sé páirt ar fad leis na Sadducíneachaibh bhí na
Fairisínigh ar dearg bhuile chuige. Thosnuighdar ar an
uile shaghas toirmisg a dhéanamh dó, ar uisge-fé-thalamh
a dhéanamh agus ar bheith ag spriocadh daoine chun
eirighe 'n-a choinnibh anso agus ansúd ar fuaid na
tíre. Níor mhair sé ach bliain nuair a bhítheas 'ghá chrádh
ar an gcuma san.



Sa bhliain roim Chríost céad agus a seacht ab eadh


L. 21


é sin. Tháinig a mhac Aristóbulus i réim 'n-a dhiaidh
le ceart sínsireachta. B'shiné dlighe Mhaoise i dtaobh
na n-Árdshagart, agus b'é an t-Árdshagart ba cheart
a bheith 'n-a rí.



Bhí árd chion aige ar a dhritháir Antigonus agus mar
gheall ar an gcion a bhí aige air do ghlac sé isteach é, i
bpáirt leis féinig, i ngnó na rígheachta, go ceann
tamail.



Deir Ióséphus go raibh triúr eile drithár aige agus
gur chimeád sé istigh i bpríosún iad, pé cúis a bhí aige
leis. Do cheap a mháthair gur aici féinig ba cheart an
rígheacht a bheith. Dubhairt sí gur fhág Eóin an rígheacht
aici le h-uacht. Do chuir a mac Aristóbulus isteach i
bpríosún í, agus do leogh sé dhi bás d'fhagháil do'n
ghorta istigh ann.



Bhí, lastoir d'abhainn Iórdan, triúch ar a dtugtí
Ituréa. Do tugadh an ainm sin ar an áit ó fhear gur
bh'ainm dó Itur, agus mac d'Ishmaél ab eadh an fear
san. Bhí a shliocht i n-Ituréa díreach mar a bhí sliocht
Esau i n-Edom, nú i n-Iduméa. Ó Ábraham a shíol-
ruigh an tsliocht san, chómh maith le sliocht Esau, agus
chómh maith le sliocht Israéil. Do shocaruigh Aristó-
bulus ar dhul agus na h-Ituréigh sin do thabhairt isteach
i náisiún na nIúdach, díreach mar a thug a athair, Eóin
mac Shímoinn, na h-Edomítigh isteach i náisiún na
nIúdach. Chuir sé armáil mhór le chéile agus ghluais sé
soir thar abhainn Iórdan chun cogaidh a chur ar Ituréa.
Bhí an cogadh ag eirighe leis go h-áluinn, ach do buaileadh
breóite é go h-oban. B'éigean é thabhairt abhaile.
D'fhág sé an cogadh fé n-a dhritháir Antigonus agus do
tugadh abhaile é. Do chuir Antigonus an cogadh ar
aghaidh go cuthaigh agus go meacanta. Chuir sé smacht
ar an dtír. Ansan thug sé a rogha do shliocht Itur an
rud a dhein sliocht Edoim a dhéanamh nú imtheacht as an
dtír agus dul chun cómhnuighthe i dtír éigin eile. Dhein
an chuid ba mhó acu aithris ar shliocht Edoim.


L. 22


Bhí Aristóbulus sa bhaile ar a leabaidh agus é go
lag agus go leóinte. Bhí daoine sa bhaile, a n-aice
an rí Aristóbuluis agus ní raibh aon ghrádh acu d'Anti-
gonus. Ní raibh aoinne acu ba lugha grádh dhó 'ná an
bhanrighin. Dheabhróchadh an sgéal go raibh eagla uirthi
go bhfaghadh a fear, an rí Aristóbulus, bás agus go
mbeadh Antigonus 'n-a rí 'n-a dhiaidh, agus ansan nár
bh'fhios cad imtheóchadh uirthi féinig. Chrom sí, go ciúin
agus go gasta, ar neithe do dhéanamh 'á chur isteach i
n-aigne an rí go raibh dithineas ag Antigonus le n-a
bhás, gur bh'é b'fhada leis go mbeadh sé féin 'n-a
rí. Chuaidh an ghastacht i bhfeidhm. Tháinig droch
amhras ag an rí breóite ar a dhritháir. "B'fheidir,"
ar seisean i n'aigne féin, "nár chuid ba lugha 'ná
a fhonn a bheadh air gan fanamhaint lem' bás i n-aon
chor!"



Tháinig Antigonus abhaile nuair a bhí an cogadh
críochnuighthe aige chun a thoile agus chun toile an rí.
Thug sé aghaidh láithreach ar an dTeampul mór chun
buidheachuis a ghabháil le Dia mar gheall ar a bhuadh sa
chogadh, agus chun a iarraidh ar an dTighearna sláinte
thabhairt do'n rí. Níor thug sé uain dó féin ar a chuid
airm a bhaint de sar ar chuaidh sé go dtí an teampul,
é féin agus rainnt de sna fearaibh a bhí le n-a chois.
D'innis an bhanrighin do'n rí an méid sin agus d'innis
sí é ar chuma do chuir brígh leis, gan a leogaint uirthi
go raibh an brígh sin aici féinig le n-a cainnt. Tháinig
eagla ar an rí. "Sgaoilimís leis," ar seisean.
"Má thagan sé anso i n-arm agus i n-éide ar an
gcuma san tá droch fhuadar fé."



Do chomáin an bhanrighin teachtaire ag triall ar
Antigonus 'ghá rádh leis teacht i n-arm agus i n-éide
ag feuchaint an rí, mar go ndubhairt an rí gur mhaith
leis é dh'fheisgint ar an gcuma san. Le n-a linn sin
do chuir an rí teachtaireacht chuige 'ghá rádh leis a chuid
airm agus éide bhaint de agus teacht chuige láithreach.


L. 23


Thug an bhanrighin breab do'n teachtaire sin agus níor
thug sé an teachtaireacht d'Antigonus. Do cuireadh
lucht airm i gceilg ar an slighe roimis agus é ag teacht.
Tháinig sé i n-arm agus i n-éide, mar a thaithn leis an
rí dar leis. Nuair a tháinig sé go dtí an áit 'n-a
raibh an lucht airm i gceilg do phreabadar suas chuige
agus mharbhuighdar é.



X.



ALEGSANDAR.



Níor bh'fhada go bhfuair an rí amach an feall a dein-
eadh air agus ná raibh aon bhlúire fill 'n-a dhritháir
Antigonus, ach go raibh sé dílis dó go fíor ghlan.
Ansan tháinig árd aithreachas air. Bhíodh sé ag macht-
namh ar an gcuma 'n-a dtáinig bás a dhrithár as an
ndroch amhras gan chúis a bhí aige air, agus bhíodh sé ag
cuimhneamh ar an mbás cruaidh a thug sé d'á mháthair
féinig. Do luigh an cumha agus an t-aithreachas chómh
trom san ar a chroidhe gur thosnuigh sé ar bheith ag
sgéidhe fola. Do lean an sgéidhe fola. Níor bh'fhada go
raibh an sgéidhe fola chómh dian san gur chaith sé amach
lán árthaigh di. Bhí an t-árthach 'n-a láimh ag seirbhíseach
agus é ag breith na fola go dtí áit éigin i n-ar cheart
í chur sa chré. Do thárla go raibh sé ag gabháil tríd
an áit i n-ar marbhuigheadh Antigonus. Do thuit an
t-árthach as a láimh agus do doirteadh an fhuil anuas ar
fhuil Antigonuis a bhí ar an áit fós. Bhí rainnt daoine
ag feuchaint ar an nídh a thuit amach. Do chonacadar
fuil an rí d'á dortadh anuas ar fhuil Antigonuis.
Chromadar go léir ar ghol go h-árd. D'airigh an rí
an gol. D'fhiafraigh sé cad fé ndeár é. Níor tugadh
freagra air. Dubhairt sé go gcaithfí freagra thabhairt


L. 24


air agus a dh'innsint dó cad fé ndeár an gol nímhneach
san. Do h-innseadh dó. Ansan tháinig a leithéid
de ghruaim agus de bhuairt agus de dhólás air go
ndubhairt sé:-



"Tá Dia ag feuchaint ar an bhfuil a dhoirteas, agus
anois tá fearg Dé ag déanamh díoltais orm agus
ag dortadh mo chod' fola féinig. Nár bh'fhearr bás
d'fhághail gan a thuille righnis 'ná bheith beó ar a leithéid
de chuma?"



Fuair sé bás beagán aimsire 'n-a dhiaidh san,
gan a bheith caithte i réim aige ach an t-aon bhliain
amháin.



Bhí an bhliain céad agus a sé roim Chríost ann um
an dtaca san. Tháinig an dritháir úd, Alegsandar,
do h-ainimnigheadh sa targaireacht, tháinig sé chun na
coróinneach. Deir an seanachas go raibh sé sa phríosún
an uair sin, agus gur bh'í Salóme, an bhanrighin, bean
Aristóbuluis, do thug amach as an bpríosún é agus
a dhein rí dhe. Alegsandra a thugadh na Gréagaigh
mar ainm ar an Salóme sin. Dheabhróchadh an sgéal
gur mar gheall ar Alegsandra a bheith ar an mban-
righin a tugadh Alegsandar ar a mac. Iamnéus
an ainm Iúdach a bhí air. Do réir Ióséphuis bhí beirt
mhac eile fágtha 'n-a dhiaidh ag Aristóbulus. Dhein
duine acu iarracht éigin ar an rígheacht a bhaint
d'Alegsandar agus do cuireadh chun báis é. Ansan
ní raibh ann ach aoinne amháin eile, an mac ab óige
de chlainn mhac Aristóbuluis. Duine gan aon dúil i
gcómhacht ab eadh an mac san. Ba thúisge leis mair-
eachtaint ar a shuaineas. Do thuig Alegsandar an
méid sin agus bhí sé ana mhuinnteartha leis. Ní'l aon
trácht eile sa tseanachas air go dtí dachad blian
'n-a dhiaidh san, nuair a bhí sé ar shluagh a bhí i gcogadh
i n-aghaidh na Rómhánach. Do thóg an Rómhánach, Pom-
péius, 'n-a phríosúnach é an uair sin, agus chuir sé go
dtí an Róimh é i mbraighdineas.


L. 25


Rí gonta géarchúiseach mileata ab eadh Alegsandar.
Bhí Suíria d'á stracadh as a chéile an uair sin le
cogadh a daoine féin i gcoinnibh a chéile, agus an
bheirt drithár, Antiochus Cuisicus agus Antiochus
Griphus, 'ghá ngleusadh i gcoinnibh a chéile sa choímhsgar.
Do thuig Alegsandar nár bhaoghal dó féinig iad,
pé rud a dhéanfadh sé. Bha le Suíria an chathair sin
Ptolemais an uair sin. Sar a raibh an chéad bhliain
caithte aige 'n-a rí do chuir sé mór shluagh le chéile
agus thug sé aghaidh ar Ptolemais agus chrom sé ar
í dh'imdhridim. Ní fada bhí an t-imdhridim ar
siubhal nuair ab éigean dó eirighe as, agus aghaidh a
thabhairt ar namhaid a bhí tagaithe chuige ó'n Éigipt
agus mór shluagh aige, agus é ceapaithe ar Iúdéa do
ghabháil. Latíras ab ainm do'n namhaid sin agus mac
ab eadh an Latíras san do Chleopátra, banrighin na
h-Éigipte. B'éigean d'Alegsandar imtheacht ó chathair
Ptolemais agus aghaidh a thabhairt ar Latíras. Ansan
tháinig Cleopátra aníos as an Éigipt agus tháinig sí
go dtí Ptolemais agus do ghlac an chathair í go h-umhal.



Do troideadh cath fuilteach idir Alegsandar agus
Latíras agus do buadhadh ar Alegsandar, agus do
tógadh 'n-a bpríosúnachaibh uaidh trí dheich de mhíltibh
fear. Do troideadh cath eile eatartha tamal beag
'n-a dhiaidh san agus do baineadh ana threasgairt a
h-Alegsandar. Ansan ní raibh aon rud chun Latírais
do chosg ar bheith 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí eagla, ámhthach,
ar Chleopátra, dá mbeadh sé 'n-a rí ar Iúdéa nár
chuid ba lugha ná a fhonn a bheadh air í féin do chur
a' rígheacht na h-Éigipte agus bheith 'n-a rí ar an dá
thír, ar an Éigipt agus ar Phalestín. Bhí sí ag tathant
air agus 'ghá chómhairliú go dtí gur thoiligh sé gan
rígheacht Iúdéa a bhaint d'Alegsandar. Ansan tháinig
Alegsandar go Ptolemais ag gabháil a bhuidheachuis
leis an ríogain Cleopátra mar gheall ar an gcuma
'n-ar shábháil sí é ó n-a mac. Thug sé mórán


L. 26


tabharthaistí móra uaisle leis agus thug sé dhi iad.
Deir an seanachaidhe gur ar mhaithe léi féin a shábháil
sí Alegsandar an uair sin, agus gur toisg é bheith
'n-a namhaid agá mac a shábháil sí é.



XI.



GADARA.



Cuirean an seanachaidhe an cheist seo i dtaobh
Chleopátra. Cad 'n-a thaobh nár ghaibh sí tír Iúdéa
chúichi féin an uair sin? Tugan an seanachaidhe féinig
freagra ar an gceist. Bhí a lucht cómhairle 'ghá
áiteamh uirthi san do dhéanamh, ach bhí a lán cúiseana
maithe aici le gan é dhéanamh. Bhí a lán Iúdach thíos
sa n-Éigipt an uair chéadna san. Bhí cathair Aleg-
sandria lán díobh. Bhí mórán Iúdach i n-armáil na
h-Éigipte. An ceann uraid a bhí aici ar an armáil
sin go léir duin'uasal ana chreideamhnach ab eadh é.
Fear ana oilte ar ghnóthaíbh stáit agus ar ghnóthaíbh
cogaidh ab eadh é. Bhí neart aigne agus éirim inntil-
eachta ann thar chách. Iúdach ab eadh é. Ananias ab
ainm dó. Bhí sé i gcathair Ptolemais i n-aonfheacht
léi an uair sin. Bhí sé ag éisteacht le daoine 'ghá
chómhairliú dhi Iúdéa do ghabháil chúichi féinig. Thug
sé malairt na cómhairle sin di. Ba ghnáth léi a chómh-
airle do ghlacadh. Bhí sí féin géarchúiseach tuisgeanach
go maith. Do ghlac sí a chómhairle an uair sin. B'fhéidir
gur thuig sí 'n-a h-aigne go n-iompóchadh sí Iúdaígh
na h-Éigipte 'n-a coinnibh mara nglacadh. D'á éagh-
mais sin bhí meas ana mhór aici ar bhreitheamhntas
Ananiais; agus d'á éaghmais sin airís bhí gaol ag
Ananias le h-Alegsandar. Bhí sí ag cuimhneamh ar
an dtír do ghabháil chúichi féinig, ach do ghéill sí
do chómhairle Ananiais. D'fhág sí tír Iúdéa ag


L. 27


Alegsandar, agus ansan do ghreamuigh sí chómhaltas
cogaidh agus síothchána idir í féin agus é. Ansan do
chuaidh Alegsandar thar n-ais go Ierúsalem.



Tar éis beagán aimsire do chruinnigh sé airís a
shlóighte briste agus chuir sé córú agus eagar ortha,
agus do ghluais sé leó thar Iórdan soir agus chrom
sé ar chathair Ghadara d'imdhridim. Tar éis deich
mí do thóg sé an chathair sin. Ansan thug sé aghaidh
ar dhún ana láidir ana dhaingean ná raibh abhfad ó
Ghadara. Amatus an ainm a bhí ar an ndún san, agus
bhí Teodotus mac Zeno, tíoránach Philadelphia, tar
éis a chuid saidhbhris go léir do chur isteach ann i
gcimeád, agus bhí an saidhbhreas san ana mhór. Do
thóg Alegsandar an dún san agus bhí saidhbhreas mór
Theodotuis aige. Níor chimeád sé an saidhbhreas
abhfad. Do chruinnigh Teodotus sluagh líonmhar agus
thug sé fogha oban fíochmhar fé shluagh Alegsandair
nuair a bhí sé ag imtheacht ó'n ndún. Do mhairbh sé
deich míle fear de shluagh Alegsandair agus do
sgaip sé an chuid eile acu agus fuair a chuid saidhbh-
ris thar n-ais, agus 'n-a theannta san do thóg sé
ualaí lóin an tslóigh agus mórán ollmhathais ó sna
fearaibh.



Níor chuir an méid sin Alegsandar ó ghnóthaíbh
cogaidh. Ach marar dhein, do chuir sé a sheana namhaid,
na Fairisínigh, ag déanamh áthais agus gáirdeachais,
agus 'ghá cháine os cómhair na ndaoine sa bhaile
i gcathair Ierúsalem, ag spídiúchán air agus ag
maslúchán air, agus ag déanamh an uile shaghas díthil
ar a chur 'n-a luighe ar an bpoibilidheacht nár cheart
é bheith 'n-a rí i n-aon chor.



Bhí an rí tagaithe go Ierúsalem agus bhí sé ag éist-
eacht leis an maslúchán. Níor dhein sé aon righneas,
ámhthach, ná níor dhein sé aon iarracht ar smacht a chur
ar na Fairisínigh. Bhí nídh nar bh'é ar aigne aige. Bhí
sé ag cuimhneamh ar chathair Ghasa. An treasgairt úd


L. 28


a thug Latíras dó b'iad muinntir na catharach san
fé ndeár é. Do chuireadar fios air agus thugadar
lucht conganta dhó agus thugadar córacha cogaidh
dó; mara mbeadh iad ní thiocfadh sé i n-aon chor, agus
mara mbeadh an congnamh a thugadar dó ní bheadh ar
a chumas a leithéid de threasgairt a bhaint as. Do
chruinnigh sé a neart slógh agus thug sé aghaidh ar
Ghasa. Tháinig sé ar dtúis go dtí dún ar a dtugtí
Raphia agus thóg sé é; ansan do thóg sé dún eile ar
a dtugtí Antedon. Ní raibh an dá áit sin ach cúpla
míle ó Ghasa, agus nuair a bhíodar tógtha aige bhí Gasa
dúnta isteach go mór aige ó'n dtír mórthímpal.
Bhí sé ag cur a shlógh i méid i n-aghaidh an lae agus i
gceann bliana bhí sé láidir a dhóithin chun catharach
Gasa d'imdhridim. Do dhein sé an t-imdhridim.
Bí fear d'ár bh'ainm Apollodotus 'n-a cheann uraid
ar mhuinntir na catharach. Fear ana chródha, ana oilte
ar ghnóthaíbh cogaidh, ab eadh an t-Apollodotus san.
Do ghleus sé an chosaint. Dhein muinntir na catharach
rud air chómh cruinn chómh toiltheanach san gur ghluais
bliain iomlán sar ar fhéad Alegsandar an chathair
do thógaint. Thugadh Apollodotus agus fir na
catharach fogha amach uaireanta agus dheinidís ana
bhárthan do'n mhuinntir amuich. Fogha acu san d'ár
tugadh ba ró dhóbair dóibh ruag agus brise catha do
chur go h-iomlán ar Alegsandar agus ar a shluagh.
Ach bhí dritháir ag Apollodotus agus Luisimacus
ab ainm dó. Dhein sé sin feall ar Apollodotus agus
mhairbh sé é. Ansan do dhein an Luisimacus san feall
eile, do leog sé an namhaid isteach a gan fhios. Nuair
a chuaidh Alegsandar isteach do leog sé air ná raibh
sé ceapaithe ar aon dochar a dhéanamh do sna daoine,
ach nuair a bhí a shluagh go léir istigh aige do leog sé
dhóibh a dtoil a dh'imirt ar an gcathair agus ar na
daoine. Do chosain na daoine iad féin, agus do
deineadh éirleach thar na beartaibh ar gach taobh.


L. 29


XII.



AN BAILE MÓR AGUS A RAIBH ANN.



Deir an seanachaidhe gur dhóbair d'Alegsandar
an díoltas a dhein sé ar mhuinntir Ghasa bheith 'n-a
dhíoltas theinn aige; nuair a fuair muinntir na
catharach an t-éirleach 'á dhéanamh ortha gur lámhuigh-
dar a n-airm agus gur dheineadar ar an namhaid
éirleach a bhí, geall leis, chómh fuilteach leis an éir-
leach a deineadh ortha féinig. Ansan, nuair a bhí an
t-éirleach fola déanta aige dhein sé an chuid eile
d'á dhíoltas ar an gcathair féin. Do loisg sé an
chathair agus níor fhág sé cloch ar muin cloiche innti.
Dhein sé cárnán cloch di. Agus cathair bhreágh mhór
shaidhbhir, ársa, uasal, ab eadh í roimis sin.



Deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na
Macabéach gur thóg Alegsandar an dá chathair eile
sin, .i. Emat agus Tuíre, ach ní deir Ióséphus aon
fhocal i dtaobh an sgéil sin. An fhaid a bhí sé as baile,
ámh, níor fhan na Fairisínigh ró shocair. Bhí an fuath
marbhuightheach acu dhó féin agus d'á theaghlach go léir.
Níor stadadar ach ag gríosadh na ndaoine 'n-a
choinnibh. Fé dheire bhí an gríosadh déanta chómh maith
san acu go raibh an pobul go léir ar dearg bhuile
chuige. Bhí sé tagaithe abhaile go Ierúsalem; bhí féile
mhór na dtabernacul ann; bhí an t-Árdshagart, .i.
Alegsandar féinig, ó bhí sé 'n-a rí agus i n'Árd-
shagart, ag solumnú na féile; bhí sé ag an altóir
ag déanamh na h-oibre sin. Tháinig na daoine agus
géaga crainn atroig i n-a lámhaibh acu. Sórd adhmaid
ar a dtugtar citron iseadh atrog. Bhí na torthaí ar
na géagaibh an uair sin. Nuair a bhí sé i lár na h-oibre
solumanta do chrom an pobul ar é bhualadh leis na
h-atrogaibh úd agus ar é mhaslú le droch chainnt;
ar an asachán úd i dtaobh a mháthar do chasadh leis;


L. 30


agus iad a liúirigh agus ag sgreadaigh agus 'gha rádh
go h-árd nár cheart mac na daor-mhná bheith i n'
Árdshagart, gur thruilliú ar an Árdshagartacht
é bheith ag déanamh na h-oibre sin ag an altóir
naomhtha san; agus iad ag gabháil de sna h-atrog-
aibh air gan stad. Do stad sé de'n obair naomhtha
a bhí ar siubhal aige agus d'órduigh sé d'á shaighdiúríbh
"é chosaint ar an ngramhasgar san." Do rith na fir
armtha chucha agus mharbhuighdar sé mhíle duine acu
agus do sgaipeadar an chuid eile acu. Ansan
d'órduigh an rí falla adhmaid a dhéanamh a dhúnfadh
isteach cúirt na sagart, i dtreó nár bh'fhéidir do'n
tsluagh teacht isteach a thuille agus toirmeasg de'n
tsórd san a dhéanamh.



Ansan do dhein sé rud eile. Do thóg sé ar tuar-
astal saighdiúrí iasachta, ó Phisidia agus ó Chilicia,
agus dhein sé gárda pearsan dó féinig díobh. Níor
fhéad se aon iontaoibh a bheith aige a thuille a' saigh-
diúiríbh Iúdacha, daoine a bhí iompuighthe 'n-a choinnibh
chómh mór san nár bh'fhéidir iad a mhealladh le míne
ná iad do smachtú le lámh láidir. D'á mhíne agus d'á
chneastacht a ghlacadh sé iad iseadh ba tharcuisneamhla
thugaidís masla dhó; agus ansan, nuair imireadh sé
a chómhacht ortha is amhlaidh a chuireadh san ar dearg-
bhuile ar fad iad. Fé dheire do ghleus sé a shluagh
agus chuir sé i n-eagar iad agus d'imthigh sé amach a'
cathair Ierúsalem agus d'fhág sé "an baile mór
agus a raibh ann" ag na Iúdaígh mhalluighthe sin.



Do ghluais sé féin agus a shluagh amach a' cathair
Ierúsalem. Thug sé a aghaidh soir chun na h-abhan, chun
Iórdain. Chuaidh sé thar Iórdan soir agus thug sé
aghaidh ar chathair Amatuis mar a raibh Teodotus úd
agus a stórus saidhbhris aige. Do thóg Alegsandar
an chathair, ach bhí Teodotus tar éis imtheacht agus a
chuid saidhbhris a bhreith leis. Níos fhan se le h-Aleg-
sandar. Ainm sgannramhail ab eadh ainm Alegsandair


L. 31


um an dtaca san ar fuaid na dtíortha mórthímpal.
Dhein sé íde agus léirsgrios ar chathair Amatuis.
Dhein sé cárnán cloch di. Do ghluais sé ansan agus
chuir sé na Móabítigh agus muinntir Ghalaad fé chíos.
Tamal 'n-a dhiaidh san bhí cogadh aige 'á chur ar Obodas
rí na n-Arabiánach. D'imir na h-Arabiánaigh cleas
air. Do chruinnighdar táinte móra camul, na céadta
mílte díobh, agus thánadar laistiar díobh agus com-
áineadh rómpa iad, isteach i longphort Alegsandair.
B'éigean d'Alegsandar agus d'á shluagh teiche as
an longphort nú gheabhadh na camuil de chosaibh ionta.
B'éigean dóibh teiche isteach i sórd gleanna a bhí caol
cúmhang, lán de charaigreachaibh. Ar éigin bháis a rug
sé féin agus a shluagh a n-anam leó saor as an
gcúmhngaracht san. Chuadar as ar chuma éigin agus
thánadar abhaile go Ierúsalem. Bhí sgéal na gcamul
tar éis dul abhaile rómpa. Má bhí na Fairisínigh agus
na daoine a bhí ag gabháil leó feargach, tarcuisneach
roimis sin bhíodar níba sheacht measa 'ná san an uair
sin, agus asachán na gcamul acu 'á chasadh le h-Aleg-
sandar i dteannta asacháin a mháthar, agus gach aon
asachán eile ar ar fhéadadar cuimhneamh, agus ba chuma
leó i n'fhírinne nú i n'éitheach é. Thug sé iarracht eile
ar iad a mhealladh le míne agus le cneastacht. Níor
dhein san ach iad a dhéanamh níba mheasa. Fé dheire
d'eirighdar 'n-a choinnibh i gceanairc armtha. Dhein-
eadar dearmhad sa méid sin. Bhí sé ró oilte ar
chogadh chun aon eagla ghlacadh rómpa sa cheanairc
sin. Chruinnigh sé rainnt slóighte agus thug sé cath dhóibh.
Chuir sé ruag ortha tapaidh go leór, ach níor chuir san
fhiachaint ortha stad. Do lean an toirmeasg. Bhí
sé 'n-a chogadh dhearg fhionghalach idir é féin agus
iad ar feadh sé mblian. I gcaitheamh na sé mblian san
do marbhuigheadh bréis agus caogad míle díobh-san.
Ní h-innstear an mór a marbhuigheadh ar a thaobh-san.


L. 32


XIII.



COGADH FIONGHALACH.



Is ag Alegsandar a bíodh an buadh i gcómhnuidhe,
ach bíodh gur bh'eadh ní stadaidís. Bhíodh an t-éirleach
'á dhéanamh ortha ach ní chuireadh pé éirleach a deintí
ortha aon fhonn staid de'n chogadh ortha. Do chuireadh
Alegsandar teachtairí chucha, nuair a bhíodh éirleach
éigin ba throime 'ná chéile déanta aige ortha, 'ghá
iarraidh ortha ciall a bheith acu agus síothcháin a
dhéanamh leis. Gach aon iarracht d'á ndeineadh sé ar
an gcuma san chun na síothchána dhéanamh is amhlaidh
a chuireadh sé fonn níba mhó chun an chogaidh ortha.
Fé dheire chuir sé teachtaire chucha 'ghá fhiafraighe dhíobh
cad a bhí uatha nú cad a shásóchadh iad, agus 'ghá rádh
go ndéanfadh sé an rud a shásóchadh iad ach é dh'innsint
dó; go raibh sé féin cortha de'n chogadh fhionghalach
san agus go dtabharfadh sé dhóibh aon rud i n-aon chor
ba mhaith leó, chómh fada leis an gceart. Do chuireadar
freagra chuige 'ghá rádh leis go raibh aon nídh amháin
do shásóchadh iad, agus ná raibh aige ach an t-aon nídh
amháin sin a dhéanamh agus go mbeidís lán tsásta,
agus go mbeadh deire leis an gcogadh. "Agus isé
nídh é sin," ar siad, "ná do sgórnach a ghearradh!"
"Agus," ar siad, "is buidheach go maith ba cheart duit
bheith dhínn mar gheall ar sinn a bheith sásta led' bhás
mar leórghníomh i n-a bhfuil de dhíobháil déanta agat
dúinn."



Thug an freagra san le tuisgint dó nár bh'aon
mhaith dhó bheith ag braith ar aon tsíothcháin a dhéanamh,
agus nár bh'fholáir dó beart éigin eile dhéanamh chun
deire chur leis an gcogadh. Do thuigeadar-san, leis,
go gcuirfadh an freagra san fhiachaint air-sean iarracht
chómhachtach éigin a dhéanamh 'n-a gcoinnibh. Bhí fhios


L. 33


acu cad a bhí chucha agus chuireadar sgéala óthuaidh
go dtí cathair Dhamascuis ag triall ar Dhemétrius
Eucharus, rí na catharach san, 'ghá iarraidh air teacht
le cabhair chucha. Do tháinig sé dachad míle troightheach
agus trí mhíle marcach, Iúdaígh agus Gréagaigh
measgaithe ar a chéile. Do ghluais Alegsandar amach
'n-a choinnibh sé míle Gréagach agus fiche míle Iúdach.
Thug an dá rí tamal ag faire ar a chéile, Alegsandar
a d'iarraidh na nIúdach a bhí ag Demétrius do mhealladh
uaidh chuige féin, agus Demétrius a d'iarraidh na
nGréagach a bhí ag Alegsandar a mhealladh uaidh
chuige féinig. Do theip glan ar gach taobh. Ansan
do troideadh an cath eatartha. Do buadhadh ar
Alegsandar agus do briseadh an cath chómh tiubais-
teach san air go mb'éigean dó teiche chun na gcnoc
agus gan aige ach fíor bheagán d'á shluagh.



Siné an cúntas a thugan Ióséphus ar an gcath. Tugan
an ceathramhadh leabhar de leabharaibh na Macabéach
a mhalairt sin ar fad de chúntas ar an gcath. Deir
an leabhar san gur ag Alegsandar a bhí an buadh,
agus gur fearr go mór a tháinig sé as an ngleic 'ná
mar a tháinig Demétrius. Ach deir Ióséphus gur
briseadh an cath chómh tiubaisteach san ar Alegsandar
ná raibh aon bhreith aige ar é féin d'fhuasgailt as an
ngéibhinn i n-ar cuireadh é mara mbeadh rud ná raibh
coinne leis a thuitim amach. Isé rud é sin ná so,
nuair a chonaic na Iúdaígh a bhí ag Demétrius an
cruadhchás i n-ar cuireadh Alegsandar tháinig truagh
acu dhó. Tháinig aithreachas ortha mar gheall ar an
lámh a bhí acu féin sa ghníomh a chuir sa chás san é.
Do phreabadar agus thugadar cúl le Demétrius
agus siúd anall iad ag triall ar Alegsandar!
Do theip glan air iad do mhealladh chuige an fhaid a
bhí sé 'n-a lán neart, ach nuair a chonacadar sa
chruadhtan é do ritheadar chuige.



Nuair a chonaic Demétrius ag imtheacht iad do


L. 34


theich sé féin agus an méid a dh'fhan aige as an áit,
le h-eagla go n-imteóchadh tuille. Bhí dritháir aige
agus Pilib ab ainm dó agus bhí cogadh ar siubhal eat-
artha. D'fhág sé Iúdéa agus thug sé aghaidh ar a
dhritháir.



Nuair a bhí Demétrius imthighthe do chruinnigh
Alegsandar a shlóighte airís agus thug sé aghaidh ar
na Fairisínigh. Do troideadh a lán cathana idir é agus
iad. Do buadhadh ortha in sna cathanaibh go léir, ach do
theip air a chur fhiachaint ortha umhlú dhó. Níor chuir aon
rud aon mhaolú ar an olc a bhí ortha chuige. Fé dheire
do shocaruigh sé é féin chun deire chur leó ar an aon
chuma amháin i n-ar bh'fhéidir deire chur leó, .i. iad
do dhísgiú ar fad. Do chruinnigh sé neart slógh 'n-a
gcoinnibh mar a dhéanfadh sé i gcoinnibh namhad
iasachta agus do briseadh cath ortha chómh críochnuighthe
sin gur cuireadh deire leis an gcogadh fionghalach.
Do marbhuigheadh an chuid ba mhó acu sa chath, agus do
comáineadh an chuid eile acu isteach i gcathair Bhetóne.
Thugadar iarracht ar an gcathair sin do chosaint i
gcoinnibh an rí. Níor bh'iarracht ró lag í. Ach d'imdhrid
an rí an chathair. Níor thóg sé í go dtí an bhliain a
bhí chughainn. Ansan do thóg sé an chathair agus dhein
sé príosúnaigh de'n méid nár marbhuigheadh de sna
Fairisínigh a bhí innti. Ansan iseadh d'imir sé a dhroch
aigne ar na príosúnachaibh sin. Ansan iseadh dhein
sé an bheart ba ghráinne agus do b'fhuathmhaire agus
ba dhéistinighe d'ár deineadh riamh. Do bhuaidh an
bheart a dhein sé an uair sin, i mídhaonachtaighe agus
i ngráinneamhlacht, ar a bhfuil innste de bheartaibh
gráinneamhla i seanachas an domhain. Thug sé leis go
Ierúsalem ocht gcéad fear, de sna fearaibh ab uaisle
agus ba chreideamhnaighe de sna príosúnaigh sin agus
do chéas sé ar chrosaibh iad aon lá amháin i dteannta
chéile. Ansan do thug sé leis a mná agus a gclann
agus do chuir sé chun báis iad os cómhair a súl!


L. 35


XIV.



DEMÉTRIUS 'N-A PHRÍOSÚNACH.



Nuair a bhí na fir uaisle chreideamhnacha san go
léir ansúd tárnáltha ar na crosaibh ag an rí
Alegsandar, agus a mná augs a gclann marbh os
cómhair a súl aige, agus iad féin 'n-a mbeathaidh,
ag feuchaint air, d'órduigh sé búird do chur 'n-a
láthair i dtreó go bhfeicfidís iad, augs flúirse bídh
agus dighe do chur ar na bórdaibh sin, os cómhair na
bhfear san a bhí tárnáltha ar na crosaibh, agus ansan
do dhuidh sé féin agus a chuideachta leanan chun na
mbórd san, ag ithe agus ag ól go suairc, agus na
fir sin a bhí tárnáltha ar na crosaibh ag feuchaint
ortha. Daoine do tárnaltí ar chrosaibh do mhairidís
cúpla lá nú trí uaireanta ag folag na péíne sin.
Is láídir an sgairt agus is cruaidh an croide agus
is díoblaidhe an aigne a bhí ag an bhfear a thárnáil
ar na crosaibh sin iad súd agus ansan do shuidh chun
bídh os a gcómhair agus iad ag feuchaint air! Agus
Macabéach ab eadh é, duine de shliocht uasal Mhata-
tiais! Ach b'fhéidir gur bh'fhíor an rud úd adubhairt
na Fairisínigh; b'fhéidir, bíodh go raibh cródhacht na
Macabéach ann, go raibh an droch mhianach ó n-a
mháthair ann.



Is deacair le lucht an tseanachurs a chreideamhaint
gur dhein sé an bheart chómh díoblaidhe ar fad. Fairis-
íneach dialta ab eadh Ióséphus agus deirtear go
mh'fhéidir gur chuir sé le h-olcas an sgéil. Marar
chuir sé leis, ní baoghal gur bhain sé uaidh. Fairisíneahc
dialta ab eadh é mar adubhradh, augs namhaid nímhneach
do sna Fairisínigh ab eadh Alegsandar. B'fhéidir
gur chuir Ióséphus le h-olcas an sgéil. Is léir,
ámhthach, go raibh an sgéal olc go maith i n-éaghmais


L. 36


pé cur leis a dhein sé. Bhí sé chómh h-olc san gur
eirigh tímpal míle duine de sna Fairisínigh an oidhche
'n-a dhiaidh san agus gur imthighdar chun siubhail agus
ná feachathas sa n-áit iad a thuille an fhaid a mhair
Alegsandar. Bhí suaineas aige ó sna Fairisínigh as
san amach.



Ach mara raibh na Fairisínigh ag cur isteach air
tháinig namhaid eile chuige beagán aimsire 'n-a dhiaidh
san. Bhí rí ar chríochaibh Shuíria agus Antiochus ab
ainm dó. Do bheartuigh sé cogadh do chur ar chríochaibh
Arabia. Níor bh'fhéidir dó dul isteach i n-Arabia
gan gabháil trí pháirt de Iúdéa. Bhí droch iontaoibh
ag Alegsandar as. Cheap sé é chosg ar ghabháil tré
aon pháirt de thalamh Iúdéa. Dá ngabhadh sé tré
Iúdéa níor bh'fholáir dó gabháil tríd an dtalamh a
bhí idir an mbaile ar a dtugtar Antipatris agus
an chathair sin Ioppe. Tháinig Alegsandar agus dhein
sé díog mhór dhoimhinn, fiche míle ar faid ó Antipatris
go Ioppe, agus ar an gclaidhe a deineadh de'n chré
agus de sna clochaibh a tógadh as an ndíg, do chuir
sé suas túir láidire adhmaid mar dhainginiú. Ach
ní raibh aon mhaith 'n-a shaothar. Tháinig Antiochus
agus do dhein sé slighe dhó féin agus d'á shluagh tríd
an ndainginiú go léir agus chuaidh sé isteach i dtír
Arabia. Níor eirigh a chuaird leis. Níor bh'fhada gur
marbhuigheadh é i n-Arábia. Suaineas aigne d'Aleg-
sandar ab eadh an méid sin. Níor ghlac sé a shuaineas,
ámhthach. An fhaid a bhí an cogadh fionghalach ar siubhal
idir é féin agus na Fairisínigh bhí righthe Arabia ar
tí teacht agus páirt a ghabháil leis na Fairisínigh.
B'éigean d'Alegsandar tír Ghalaad agus tír
Mhóab, lastoir d'abhainn Iórdan, a thabhairt dóibh i
dtreó ná tiocfidís. Chómh luath agus a fuair sé go
raibh Antiochus marbh i n-Arabia do chruinnigh sé a
shlóighte agus do ghluais sé thar Iórdan soir chun na
dtíortha san Mhóab agus Ghalaad a bhaint amach do


L. 37


féinig airís. Chómh luath agus bhí Alegsandar agus
a shluagh imthighthe thar Iórdan soir tháinig Arétus, rí
Arabia, isteach i dtír Iúdéa. B'éigean d'Alegsandar
teacht thar n-ais agus Arétus a throid. Do buadhadh
ar Alegsandar. Ansan do dhein sé féin agus
Arétus síothcháin agus d'imthigh Arétus. Ansan do
thug Alegsandar aghaidh ar chathair ar a dtugtí Pella
agus thóg sé í. Ansan thug sé aghaidh ar chathair ar a
dtugtí Gerasa. Bhí an Teodotus úd go raibh an
saidhbhreas go léir aige, bhí sé i nGerasa agus a chuid
saidhbhris aige. Do thóg Alegsandar an chathair sin
agus an saidhbhreas go léir. Do ghluais sé ó'n áit
sin agus thóg sé cathair Ghaulana, agus Seleucia ag
gleann Antiochuis. Bhí Demétrius 'n-a phriúnsa
in sna h-áiteanaibh sin. Dhein Alegsandar príosúnach
de. Bhí trí bliana caithte aige in sna cuardaibh sin
um an dtaca san, agus tháinig sé abhaile go Ierúsalem
agus Demétrius 'n-a phríosúnach aige. Bhí fáilte mhór
mhaoidhteach ag muinntir Ierúsalem roimis mar gheall
ar na cathanaibh a bhí buaidhte aige agus ar na
catharachaibh a bhí tógtha aige.



Ansan d'fhan sé sa bhaile agus thug sé é féin suas
do'n uile shaghas pléisiúir, do chraos agus do mheisge
agus do mhí-iompar. Do chuir an pléisiúr galar
air, an galar ar a dtugtar crith. Do lean an galar
san air go dtí lá a bháis.



XV.



BÁS ALEGSANDAIR.



Bíodh go raibh an bhreóiteacht ar Alegsandar níor
fhéad sé a shuaineas do cheapadh. Bhí an dúil mhall-
uighthe sa chogadh aige. Do lean sé d'á bheatha annrianta,
agus do chruinnigh sé a shlóighte airís agus do ghluais


L. 38


sé thar Iórdan soir ag cur cogaidh ar na Gerasén-
achaibh. Bhí sé ag imdhridim catharach leó d'ár bh'ainm
Regaba. Sa n-imdhridim sin iseadh fuair sé bás,
sa seachtmhadh bliain ar fhichid d'á réim, sa bhliain
seacht ndeich a naoi roim Chríost.



Bhí sé an uair sin tar éis éacht de thíorthaibh iasachta
agus de chatharachaibh iasachta do thabhairt fé smacht
a láimhe. Bhí aige i Suíria, Iduméa Phénicia, Arabia,
agus a lán eile áiteana. Bhí aige, laistiar, fan na
faraige, túr Stratan, agus na bailte cuain seo,
Apollonia agus Ioppe, agus Iamnia, agus Asótus,
agus Gasa, agus Antedon, agus Ráphia, agus
Rinocerura, bailte cuain a bhíodh ag na Filistínigh
agus ag namhaid eile d'Israél i gcaitheamh na gcéadta
blian roimis sin. Bhí a smacht i bhfeidhm aig aer
Phalestín go léir, ar gach taobh de'n Iórdan, ó
bhruach na Mara Ruadh go h-Antioch agus go Seleucia
óthuaidh, agus ó chnoc Chármel soir go h-imeallaibh
gainmhighe Arabia.



D'fhág sé beirt mhac 'n-a dhiaidh. Huircánus ab ainm
do dhuine acu, agus Aristóbulus ab ainm do'n
duine eile. D'fhág sé réim a rígheachta agá mhnaoi,
Alegsandra, ar feadh a saoghail, agus neart di,
nuair a bheadh sí ag dul chun báis, an rígheacht d'fhág-
áilt agá rogha de'n bheirt mhac.



Bhí an bhanrighin 'n-a theannta nuair a bhí sé ag dul
chun báis. Nuair a thuigeadar araon go raibh an bás
i ngioracht dó do labhair sí leis ar an gcuma so:-



"Feuch, a rí," ar sisi, "nuair a bheir-se imthighthe
beidh an sgéal go h-olc agam-sa agus ag an gclainn
seo atá againn. Tá fuath marbhuightheach ag na Fairi-
sínigh duit-se agus do gach aoinne a bhainean leat.
Tá an phoibilidheacht agus iad féin ana bháidheamhail
le n-a chéile. Nuair a bheir-se imthighthe imireóchaid
siad a ndroch aigne orm-sa agus ar an gclainn. Ní
stadfid siad go dtí go mbeidh do shliocht-sa ídighthe


L. 39


acu glan as an saoghal. Ní fheadar an domhan cad a
dhéanfimíd ná conus is féidir dúinn dul saor uatha."



"Éist liom-sa, a ríogan," ar seisean. "Nuair a
bhead-sa tar éis bháis ná h-innis do'n tsluagh é. Leog
dóibh leanamhaint ar an imdhridim go dtí go mbeidh
an chathair seo tógtha acu. Ansan, ná leog ort ná
gur trom i mbreóiteacht atáim. Abair leó gur mian
liom dul abhaile fé bhuadh go Ierúsalem. Cimeád
ino chorp i bhfolach uatha agus beir leat é, agus dein
gluaiseacht an tslóigh do stiúrú, mar dh'eadh gur
mise bheidh 'á dhéanamh. Nuair a shroisfir cathair
Ierúsalem cuir fios ar uachtaránaibh na bhFairis-
íneach agus taisbeáin dóibh mo chorp. Abair leó ansan
gur b'shiné an corp acu, corp a namhad agus a rogha
cor do thabhairt dó, é chur fé thalamh nú é chaitheamh
amach ar an machaire. Abair leó go bhfuilir féin
ceapaithe feasta ar gan aon nídh do dhéanamh ach do
réir a gcómhairle, agus go bhfuilir ar aigne iad do
chur sa chruith, i ngnó na rígheachta, i n-a rabhadar ar
dtúis. Abair leó, pé díoltas is maith leó do dhéanamh
ar mo chorp-sa mar gheall ar ar dheineas d'olc ortha
i gcaitheamh mo shaoghail. Ná bíodh aon mhearathal ort
ná go ndéanfid siad mo chorp a dh'adhlacadh le
h-onóir, agus ní baoghal duit ná go mbeid siad go
h-ana bháidheamhail leat-sa agus leis an gclainn as
san amach. Tabharfid siad gach aon chongnamh duit-
se i ngnó na rígheachta, agus dom' mhacaibh at' dhiaidh."
Níor mhair sé puinn aimsire tar éis na cómhairle
sin a bheith tabhartha do'n bhanrighin aige. Do dhein
Alegsandra mar adubhairt sé léi a dhéanamh. Déar-
fadh daoine ná dubhairt sé riamh an chainnt. Go
raibh árd ghastacht innti agus gur bh'í féin a cheap
agus do chúm an sgéal go léir i dtaobh na cómhairle
sin. Ach pé duine cheap an chómhairle do dhein sisi
beart d'á réir. Fuair an rí bás. Chimeád sí a chorp
i bhfolach. Thug sí gach órdú do'n tsluagh fé mar a


L. 40


bheadh sí 'ghá thabhairt chucha ó'n rí. Níor thugadar fé
ndeara an cheilt, mar bhí gach órdú chómh h-eagnaighe,
chómh tuisgionach agus dá mb'é Alegsandar féin
a bheadh 'ghá thabhairt uaidh. Is dócha gur thuig Aleg-
sandar go raibh an éirim aigne sin aici agus gur mar
gheall air sin a dh'fhág sé an rígheacht aici an fhaid a
mhairfadh sí.



Fé dheire do tógadh cathair Regaba, agus do
sgartáladh í. Do thug an tsluagh leó aisti pé saidhbh
reas a fuaradar innti, agus do thug an bhanrighin
le tuisgint dóibh, ó'n rí, mar dh'eadh, "nár bh'fholáir
aghaidh a thabhairt ar an mbaile." Bhíodar go léir
buidheach de'n rí, nú de bhreóiteacht an rí, mar gheall
air sin. Thug an mhór shluagh aghaidh ar an mbaile.



Thánadar go dtí cathair Ierúsalem. Chuir an bhan-
righin fios ar uaislibh na bhFairisíneach. Thánadar.
Thaisbeáin sí corp Alegsandair dóibh.



"Seo, a uaisle," ar sisi. "Siné corp bhúr namhad
agaibh, corp an fhir a dhein na h-uilc úd go léir
oraibh. Deinidh pé díoltas is maith libh anois air.
Ní mór liom-sa dhaoibh é chaitheamh amach ar an mbán
nú é dh'adhlacadh, pé 'cu is toil libh. Dhein sé mórán
uilc oraibh, ach is libh-se atá báidh agam-sa. Is liom-
sa an rígheacht anois, ach ní déanfar aon ghnó rígheachta
feasta ach mar is toil libh-se."



Bhíodar as a meabhair le h-áthas. Cad a dheineadar?
Ar chaitheadar an corp amach ar an mbán?



SAMHALTAS RÉIME.



XVI.



Nuair airigh uaisle na bhFairisíneach an chainnt
adubhairt an bhanrighin Alegsandra bhíodar as a
meabhair le h-áthas. Níor chaitheadar an corp amach


L. 41


ar an bpáirc. Dheineadar a mhalairt sin ar fad. Do
chruinnighdar an pobul agus do labhair lucht cainnte
dhéanamh, agus do mholadar Alegsandar chómh h-árd
agus do moladh rí riamh! Ní raibh Árdshagart riamh
ba dhiadha 'ná é. Ní raibh rí riamh do b'uaisle aigne
'ná é, do b'fhearr ciall 'ná é, ba mhó eólus 'ná é,
ba chirte breitheamhantas 'ná é, ba thréine i gcath 'ná
é, do b'fhearr ceann d'á shluagh 'ná é. Do h-innseadh
amach i ndiaidh chéile na cathana do throid sé; na
catharacha do thóg sé; na tíortha do smachtuigh sé;
na slóighte namhad a thraoch sé agus do threasgair
sé; na tairbhthí móra dhein sé do shliocht Israéil;
an leathanú a dhein sé ar a bhforlámhas; an t-eagla
chuir sé ar na náisiúnaibh cómharsanacha go léir
mórthímpal. Níor labhradh aon fhocal amach a' béal
aoinne i dtaobh an ocht gcéad Fairisíneach úd a
thárnáil sé i dteannta chéile ar na crosaibh. Nuair
a bhí an moladh mór déanta d'adhlacadar é agus bhí
an t-adhlacadh chómh glórmhar leis an moladh. Má
b'é Alegsandar a thug an chómhairle úd do'n bhan-
righin do thuig sé go maith cad é an saghas na Fairi-
sínigh. Má 'sí Alegsandra féin do chúm agus do
cheap an chómhairle níor mhiste an cumadh agus an
ceapadh d'fhágáilt fúithi. Do shaor sí í féin agus a
clann agus a rígheacht uatha an uair sin, ach níor
chuaidh sí saor uatha ar fad. Dubhairt sí leó ná déan-
fí aon ghnó rígheachta ach do réir a dtoile. Thugadar-
san togha an aireachais nár deineadh.



Isé céad ghnó rígheachta ab éigean di a dhéanamh,
do réir a dtoile, ná na reachtana a bhí déanta 'n-a
gcoinnibh i ndiaidh Alegsandair agus i ndiaidh Eóin
Huircánuis, do chur ar neamhnídh. Ansan d'iarradar
uirthi pé Fairisínigh a bhí 'n-a bpríosúnachaibh i ndiaidh
an rí Alegsandar, iad do leogaint amach saor,
agus aon bhrise dlighe a bhí i gcoinnibh aon fhairisínigh
mar gheall ar na reachtaibh sin gan é dh'agairt air.


L. 42


Agus aon fhairisíneach a bhí i bpríosún mar gheall
ar an gcogadh fionghail úd, é leogaint amach gan a
thuille righnis. Ansan, pé Fairisínigh a bhí ar díbirt,
nú go mb'éigean dóibh teiche as an dtír, iad a thabhairt
thar n-ais agus iad a chur airís i seilbh a gcod' talmhan
agus a saoghaltachta.



Do tugadh abhaile an mhuinntir a bhí ar díbirt. Do
leogadh amach na príosúnaigh. D'fhill an mhuinntir
a bhí ar fán. Do tugadh a shaoghaltacht féinig thar
n-ais do gach aoinne. Do neartuigh an aicme. Do
h-iomaduigheadh iad. Do chleachtadar airís a seana
nósa féin, agus chuadar i gcreideamhnaighe sa tír, i
dtreó go raibh ar a gcumas a nósa féinig do chur i
bhfeidhm ar chách. B'é nádúr na nós san bheith ana
dhian ag cimeád leitire na dlighe agus ansan dear-
mhad ar fad a dhéanamh de bhrígh agus de spirid na
dlighe. Chuireadar a nósa i bhfeidhm ar an bpoibilidh-
eacht go trom agus go daingean, agus bhí an phoibilidh-
eacht fé smacht acu, agus i gcruadhtan acu. Agus
ba léir do'n bhanrighin ná raibh acu d'á fhágáilt aici
ach amháin samhaltas réime agus cumas ar a chur
fhiachaint ar a daoinibh bheith umhal do sna Fairisínigh
agus rud a dhéanamh ortha.



Do tháinig léi, tríd a's tríd, sé mhíle fear a bhí
'n-a saighdiúiríbh tuarastail aici do chimeád fé n-a
smacht féinig. Leó san chimeád sí a smacht i bhfeidhm
ar na tíorthaibh gabháltais a bhí aici i ndiaidh Alegs-
andair agus chimeád sí a h-uamhan agus a h-eagla
ar na righthibh cómharsanacha do mheasfadh, b'fhéidir,
cur isteach a dhéanamh uirthi. Do thuig aicme na bhFairi-
síneach, ámh, nách ar an sé mhíle fear tuarastail sin
ba cheart di a bhuidheachas san a bheith aici ach ortha
féinig, agus ar an gcaradas a bhí acu 'á thaisbeáint
di i n-aindeóin a raibh déanta agá fear, ag Alegs-
andar, de dhíobháil dóibh. I ndiaidh ar ndiaidh thuga-
dar le tuisgint di, má bhí a fear tar éis bháis go raibh


L. 43


na daoine a bhí ag cabhrú leis chun na ndroch bheart
go léir a dhéanamh ortha, go rabhadar beó fós; go
raibh dlighe Mhaoise briste acu go malluighthe leis
an gcabhrú san; go rabhadar cionntach i marbhú na
bhFairisíneach a cuireadh chun báis i réim Alegsandair;
go raibh, do réir na dlighe, bás tuillte acu mar gheall
air sin. Dubhradar, ar dtúis, go raibh ceangailte
uirthi na daoine a thug cómhairle d'Alegsandar
chun an ocht gcéad Fairisíneach úd do thárnáil ar na
crosaibh, do chur chun báis. Níor fhanadar léi chun
tosnú ar an ngó san a dhéanamh. Ba ghearr gur
marbhuigheadh duin'uasal Sadducíneach d'ár bh'ainm
Diogenés, duine d'uachtaránaibh na h-aicme sin.
Ansan do marbhuigheadh duine eile, ansan do ghluais
an marbhú go h-iomadamhail. Aon duine d'aicme
na Sadducíneach a bhí go h-ana bháidheamhail le
h-Alegsandar do cuireadh "dlighe Mhaoise" i bhfeidhm
air gan iomarca righnis.



Do lean an marbhú ar an gcuma san ar feadh
rainnt blianta. Fé dheire do thuig aicme na Saddu-
cíneach nár chuid ba lugha 'ná a fhonn a bhí ar aicme na
bhFairisíneach iad a dhísgiú ar fad. Bhí an sgéal go
cruaidh ag an mbanrighin. B'iad na Sadducínigh
cáirde dílse a fir. Bhíodar dílis di féinig, leis.
Ach dá ndeineadh sí aon iarracht ar chosg do chur leis
an marbhú déarfadh na Fairisínigh go raibh sí "ag
brise dlighe Mhaoise." Ba chruaidh an cás é.


L. 44


ATHAIR HÉRÓID.



XVII.



Fé dheire tháinig rainnt de sna h-uaislibh ba chreid-
eamhnaighe ar na Sadducíneachaibh i láthair na ban-
righne agus Aristóbulus óg 'na cheann ortha agus
dubhradar léi mar seo:-



"Feuch, a ríogan ró uasal, nuair a bhí an rí Alegs-
andar beó bhíomair-ne go léir dílis dó, bhíomair
umhal dó, agus dheineamair seirbhís dó le dúthracht.
Bhí seisean buidheach dínn agus thaisbeáin sé a bhuidh-
eachas. Do bhronn sé tabharthaistí móra maithe orainn.
Tá éad fíochmhar ar ár namhaid chughainn anois mar
gheall air sin, agus is cosmhail go bhfuilid siad lán
cheapaithe ar sinn go léir do chur as an saoghal glan.
Thánamair chughat-sa, a ríogan uasal, 'ghá iarraidh
ort, ar son an té atá imthighthe, sinn a chosaint ar
ár namhaid, ar an aicme sin a bhí 'n-a namhaid mharbh-
uightheach ag an rí Alegsandar."



"Tuigean sibh féin mo sgéal," ar sisi. "Cad is
dóich libh is féidir dom a dhéanamh?"



"Dá dtugadh do Shoillse cead dúinn," ar siad-
san, "imtheacht go dtí dúthaigh éigin iasachta i dtreó
ná beimís i gcómhngar ár namhad b'fhéidir go
mbeimís ó bhaoghal."



Do thuig Alegsandra nár bh'fhéidir di an nídh sin
a dhéanamh, go gcuirfadh an nídh sin na Fairisínigh ar
dearg bhuile, mar go gcuirfadh sé ar chumas na
Sadducíneach iad féin do neartú sa dúthaigh iasachta
agus ansan teacht thar n-ais agus díoltas a dhéanamh.
Ní h-é sin freagra thug sí ortha-san, ámhthach. "Ní
maith liom sgaramhaint libh," ar sisi. "Bhíobhair
dílis do'n rí Alegsandar agus ca bhfios domh-sa
cathain a bheadh gádh agam féinig le nbhúr ndílse."


L. 45


"Má 'sead," ar siad-san, "b'fhéidir go bhféadfadh
do Shoillse sinn a chur isteach in sna daingeanaibh,
anso 's ansúd, ar fuaid na tíre, ag cimeád na
ndaingeán, agus ansan d'fhéadfadh do Shoillse
glaodhach thar n-ais orainn dá ráineóchadh go mbeadh
aon ghnó agat' Shoillse dhínn."



Do thuig sí gur bh'fhéidir an nídh sin a dhéanamh;
go raibh gádh ag na daingeanaibh le cimeád maith
láidir, go dtuigfadh na Fairisínigh nár bh'fhéidir do'n
mhuinntir a bheadh ag cimeád na ndaingean aon iarracht
a dhéanamh ar iad féin do neartú agus teacht ag
déanamh díoltais, agus d'á éaghmais sin, nuair a
bheadh na Sadducínigh sgaipithe ar an gcuma san
agus deighilte ó n-a chéile go mbeadh cathair Ierú-
salem ag na Fairisínigh fútha féin. Do socaruigheadh
air sin.



Bhí trí cinn de sna daingeanaibh, ámhthach, agus
níor thoiligh sí chun aon chuid acu do chur 'ghá gcimeád.
B'iad daingeana iad san ná Huircánia agus Alegs-
andria agus Macheron, mar a raibh an chuid ba mhó
d'á cuid saidhbhris i gcimeád aici. Do thuig sí, dá
gcuireadh sí cimeád na ndaingean san mar chúram
ar na Sadducíneachaibh go ndéarfadh na Fairisínigh
go raibh an iomad iontaoibhe aici asta, agus go
mb'fhéidir go ndéanfidís toirmeasg.



Ní deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na
Macabéach aon fhocal i dtaobh na Sadducíneach a
dhul ag cimeád na ndaingean. Ní deir sé ach gur
thug sí cead dóibh iad féin do sgaipe ar chatharachaibh
na tíre mar ba thoil leó, agus gur imthigh i n-aon-
fheacht leó aicme ar a dtugtí na h-Esseniánacha,
aicme d'ár thug na Fairisínigh an fuath céadna a
thugadar do sna Sadducíneachaibh.



Sa bhliain roim Chríost seacht ndeich a dó iseadh do
deineadh an sgaipe sin ar na Sadducíneachaibh, agus
sa bhliain sin iseadh do rugadh Héród úd a bhí 'n-a


L. 46


rí ar Iúdéa 'n-a dhiaidh san. Beidh a lán againn le
rádh i dtaobh an Héróid sin ar ball.



Antipas ab ainm d'á athair, nú Antipater, do
réir na Gréigise a chuir sé féinig ar a ainm. Tá
tuairisgí bun os cionn le n-a chéile againn sa tsean-
achas ar an bhfear san. Cúntas fabhramhail ag sean-
achaidhe 'á thabhairt air agus a mhalairt sin de chúntas
ag seanachaidhe eile 'á thabhairt air, fé mar a bhíodh
duine acu go báidheamhail le n-a mhac agus duine
eile acu míbháidheamhail leis.



Damascén ab ainm do sheanachaidhe acu san.
Bhí Antipas tar éis mórán tabharthaistí do bhronnadh
air. Do sgríbh sé cúntas ar bheatha Antipais nuair
a bhí Héród, mac an Antipais sin, 'n-a rí, Do
mhol sé Antipas sa chúntas san, agus dubhairt sé
gur shíolruigh sé ó dhuine de sna Iúdaígh ab uaisle
d'ár tháinig abhaile a' braighdineas Bhaibilóin. Do
labhair seanachaidhe eile, .i. Ióséphus, i gcoinnibh an
chúntais sin agus dubhairt sé gur bh'éitheach é; gur
shíolruigh an t-Antipas san ó dhuin'uasal Iduméach,
agus gur dhein Alegsandar Iamnéus riaghaltóir de
ar Iduméa, agus go raibh sé 'na riaghaltóir ar
Iduméa i réim na banrighne Alegsandra. Do réir
Ióséphuis, d'á bhrígh sin, Iduméach ab eadh Antipater,
nú Antipas, athair Héróid. Ach níor phágánach é.
Iúdach ab eadh é, i gcreideamh, mar bhí na h-Iduméigh
tar éis iompáil 'n-a nIúdachaibh an uair sin.



Tímpal na bliana seacht ndeich roim Chríost tháinig
sgéala chun na banrighne Alegsandra, go raibh
Tigranés, rí Arménia, tagaithe isteach i gcrích Suíria
agus go raibh sé ag imdhridim catharach Ptolemais
agus caogad míle fear aige, agus go raibh sé
ceapaithe ar theacht as san isteach i Iúdéa. Chuir an
sgéal nua san sgannra ar an dtír go léir, mar ní
raibh sé de ghustal ag an náisiún aghaidh a thabhairt
ar a leithéidh de neart slógh. Isé rud a dhein an


L. 47


bhanrighin Alegsandra ná teachtairí do chur ag triall
ar Thigranés agus ualaí móra saidhbhris acu le tabhairt
dó, agus a iarraidh go cruaidh air caradas a dhéanamh
léi agus gan aon díobháil a dhéanamh di. Do dhein
sé an caradas. Do ghlac sé an saidhbhreas, agus bhí
sé ana bhuidheach. Bhí a chúis féin aige. Bhí na Rómhánaigh
ag cur isteach ar a dhúthaigh féin um an dtaca san.



ARISTÓBOLUS.



XVIII.



Is ar éigin a bhí an tsíothcháin sin déanta ag an
mbanrighin Alegsandra le Tigranés agus an
trioblóid sin curtha dhi aici nuair tháinig taom
breóiteachta uirthi, taom a bhí contabharthach toisg í
bheith ana aosta. Do cheap an té ab óige d'á macaibh
go raibh an bás buailte léi. Bhí fhios aige ná raibh a
dhritháir, bíodh gur bh'é an sínsear é, oireamhnach i n-aon
chor chun bheith 'n-a rí. Do cheap sé an rígheacht a chur
i n-áirithe dhó féinig. D'eirigh sé sa n-oidhche agus
thóg sé leis aon chomrádaidhe amháin agus d'imthigh
an bheirt amach a' cathair Ierúsalem agus thugadar
aghaidh ar cheann de sna daingeanaibh úd go raibh na
Sadducínigh 'ghá gcimeád. Thánadar go dtí an dain-
gean ar a dtugtí Agaba. An fear a bhí ag cimeád an
daingin sin Gabétus ab ainm dó. Duine de sna
cómhairleachaibh ba dhílse d'á raibh ag Alegsandar
ab eadh an fear san. Do ghlac sé an mac san ab óige
de mhacaibh Alegsandair agus thaisbeáin sé caradas
mór dó ar son a athar. Aristóbulus, mar adubhradh,
ab ainm do'n mhac óg san. Sadducíneach ab eadh
Gabétus, agus bhí áthas mór air nuair innis Aris-
tóbulus dó an nídh a bhí beartuighthe aige.



"Tá mo mháthair i n-uacht bháis," arsa Aristóbulus,


L. 48


"agus má imthighean sí gan an rígheacht a bheith curtha
i n-áirithe dhom féin agam-sa beidh mo dhritháir Huir-
cánus 'n-a rí agus ní'l aon mhaith ann chun na rígheachta
do láimhseáil. Déanfid na Fairisínigh amadán de,
agus is acu a bheidh an chómhacht."



D'aontuigh Gabétus leis an gcainnt sin gan a
thuille righnis. Nuair aontuigh Gabétus d'aontuigh
na cinn a bhí ar na daingeanaibh eile.



Thug an bhanrighin fé ndeara ná raibh a mac Aris-
tóbulus sa bhaile. Níor chuimhnigh sí, ámhthach, ar aon
droch bheart a bheith ar siubhal aige go dtí go dtáinig
na Fairisínigh chúichi agus sgeón ionta agus gur
innseadar di go raibh muinntir na ndaingean go
léir iompuighthe chuige agus go raibh neart na rígheachta
greamuighthe cheana féin aige.



Bhí an bhanrighin ró lag chun puinn suime chur sa
ghnó. Bhí an armáil ann agus iad dílis fós do'n
bhanrighin, ach do thuig na Fairisínigh gur bhaoghal ná
beadh an armáil dílis dóibh féin, mar go raibh a lán
annsmachta imeartha acu, ó am go h-am, ar an armáil
sin, agus nách báidh ná dílse a bhí tuillte acu uatha,
ach a mhalairt sin ar fad. Thuigeadar go raibh gach
aon deabhramh go n-iompóchadh an armáil go léir
chun Aristóbuluis agus chun na Sadducíneach. Isé
rud a dheineadar ná an mac ba shine, .i. Huircánus,
do thabhairt leó i láthair na banrighne agus a iarraidh
uirthi rí dhéanamh de.



"Táim-se ró lag anois," arsan bhanrighin, "chun
bheith ag cuimhneamh ar ghnóthaíbh rígheachta. Tá armáil
agus saidhbhreas agaibh agus ní'l aon bhac oraibh sibh
féin a chosaint ar Aristóbulus. Bíodh Huircánus
ansan 'n-a rí agaibh am' dhiaidh-se. Isé a cheart é ó
'sé an mac is sine é."



Nuair a bhí an focal san ráidhte aici fuair sí bás;
bhí sí an uair sin sa bhliain seacht ndeich a trí (73) d'á
h-aois, agus sa naomhadh bliain d'á réim.


L. 49


Lá dubhach ab eadh an lá san d'aicme na bhFairis-
íneach. Bhí naoi mbliana caithte acu ag déanamh an
uile shaghas uilc ar na Sadducíneachaibh, agus bhí gach
aon deabhramh an uair sin go ndéanfí a ndroch
bhearta do chúiteamh go h-iomlán leó. Lá áthais ab
eadh é, ní h-amháin do sna Sadducíneachaibh ach do gach
aicme eile de dhaoinibh na rígheachta chómh maith. Ní
raibh aon aicme daoine sa rígheacht ná raibh eugcóir
throm déanta ag na Fairisíneachaibh ortha. Bhí úfáid
acu 'á dhéanamh i gcomhnuidhe, i gcaitheamh na naoi
mblian, de chómhacht na banrighne, chun iad féin do
neartú agus do shaidhbhiriú agus chun daoine eile
do chinieád fé chois agus do bhochtainiú, idir Shadduc-
íneacha agus uile. Bhí a rian air. Nuair a fuair na
daoine go raibh Aristóbulus 'n-a rí agus go raibh
sé i gcoinnibh na bhFairisíneach do ghaibh an pobul go
léir a pháirt. Ansan do ghlac an armáil a pháirt.
Ansan ní raibh ag na Fairisíneachaibh le déanamh ach
breith ar mhnaoi agus ar chlainn Aristóbuluis, a bhí
'n-a dhiaidh i gcathair Ierúsalem, agus iad do chur
isteach i bpríosún chun iad a chimeád i ngeall 'n-a
choinnibh. Ba ghearr go bhfeacadar nár chuir san aon
chosg leis agus go raibh a chómhacht ag neartú i n-aghaidh
an lae. Ansan do chruinnighdar sluagh 'n-a choinnibh.
Siné díreach an rud a thaithn leis. Bhí fhios aige go
raibh bláth armála na rígheachta aige agus nár bhaoghal
dó pé armháil a bhí agá dhritháir. Do shocaruigh sé ar
chath a thabhairt d'á dhritháir chómh luath agus do b'fhéidir
é. Tháinig an dá shluagh i gcoinnibh a chéile i n-aice
Ierichó. Chómh luath agus tháinig an dá shluagh i gcómhn-
gar d'á chéile siúd anonn ag triall ar Aristóbulus
an chuid ba mhó agus ab fhearr de shluagh Huircánuis.
Chuir san deire go luath leis an gcath. Ní h-innstear
gur marbhuigheadh aoinne. Do theich Huircánus thar
n-ais go cathair Ierúsalem agus chuaidh sé isteach
agus dhainginigh sé é féin sa chaisleán chéadna i n-a


L. 50


raibh bean agus clann Aristóbuluis 'n-a bpríosún-
achaibh. An rainnt bheag fear do lean é chuadar agus
ghlacadar tearmain i n-imeallaibh áite an teampuil.
Ní fada a bhíodar sa tarmain sin nuair a thánadar
amach as agus d'imthighdar anonn agus ghabhadar le
sluagh Aristóbuluis. Ansan tháinig Huircánus ag
triall ar a dhritháir agus dubhairt sé leis mar seo:-



"Feuch, a dhritháir," ar seisean, "ní'l aon dúil i
gcómhacht ná i rígheacht agam-sa. Leog dom dul
agus maireachtaint ar m'fhearan beag féinig ar mo
shuaineas, agus bíodh an rígheacht agat-sa agus mo
bheannacht." Shocaruighdar air sin.



XIX.



D'IMTHIGH ANTIPATER SOIR.



Mar adubhradh, ní raibh aon dúil i gcómhacht ná i
ngradam rígheachta ag Huircánus. I suaineas agus
i socaracht iseadh bhí dúil aige. Níor mhór leis d'á
dhritháir an rígheacht agus an chómhacht agus an gradam
ach go leogfí dhó féinig maireachtaint ar a shuaineas
ar pé estát talmhan a bhí 'n-a cheart féin aige. Thug
sé suas d'á dhritháir an rígheacht agus an Árdshagartacht
agus d'imthigh abhaile chun a thighe féin. Níor thaithn
san leis na Fairisínigh. Bhí fhios acu gur ag na
Sadducínigh a bheadh an lámh uachtair an fhaid a bheadh
Aristóbulus i gcómhacht, agus bhí sé daingean 'n-a
n-aigne go ndíolfadh na Sadducínigh an cómhar leó
as ar dheineadar féin d'olc ar an aicme sin i gcaith-
eamh na naoi mblian úd a bhí an bhanrighin Alegs-
andra i gcómhacht. D'á bhrígh sin níor stad na
Fairisínigh de bheith ag faire chucha feuchaint an dtioc-
fadh aon atharú sa tsaoghal a thabharfadh Huircánus
amach airís as an suaineas a bhí ceapaithe aige dhó


L. 51


féin agus a chuirfadh fhiachaint air bheith 'n-a rí pé
leisge a bhí roimis an ngradam air.



Bhí aon fhear amháin, .i. an fear úd gur bh'ainm dó
Antipater, athair Heróid, agus bhí sé ag faire go
géar ar na Fairisíneachaibh agus ar Aristóbulus agus
ar Huircánus. Ní raibh aon bháidh aige leis na Fair-
isíneachaibh ná leis na Sadducíneachaibh seachas a
chéile, ach bhí eagla aige roim Aristóbulus, agus seo
mar a thárla an t-eagla. Bhí sé tar éis mórán tairbhthe
dh'fhághail ó Alegsandar, agus ó'n mbanrighin Alegs-
andra. Bhí an bhanrighin tar éis é chur 'n-a ghobhernóir
ar Iduméa. Bhí súil aige le tuille tairbhthe agus le
tuille tógáilt cinn ó Huircánus dá mbeadh sé
'n-a rí. Mar gheall ar an súil sin do ghaibh sé páirt
go dian le Huircánus i gcoinnibh Aristóbuluis an
fhaid a bhí an sgéal gan socarú eatartha. Nuair a bhí
Aristóbulus socair i gcómhacht agus Huircánus
ar a shuaineas sa bhaile, bhí lán a chroidhe d'eagla ar
Antipater go n-agaróchadh Aristóbulus air an
díogras a bhí taisbeánta aige do Huircánus, nú, an
chuid ba lugha dhe, go raibh deire le n-a thuille tógáilt
cinn dó sa tsaoghal.



Bhí fhios aige go raibh an sgéal ar an gcuma
gcéadna, nú b'fhéidir níba mheasa, ag na Fairis-
íneachaibh. Do ghluais sé eatartha agus chrom sé ar
bheith ag cainnt leó. Sa chainnt dó leó bhí sé ag gabháil
dóibh go dtí gur chuir sé 'n-a luighe ar a n-aigne go
raibh dearmhad ortha féin agus ar Huircánus i dtaobh
an tsocruighthe a bhí déanta acu le h-Aristóbulus.



"Tuigean Aristóbulus go dian mhaith," ar seisean,
"ná fuil aon cheart aige chun na rígheachta. Tá
fhios aige gur b'é Huircánus an rí ceart. Ní féidir
d'aon tsocarú an tsínsireacht a bhaint de Huircánus
agus í thabhairt d'Aristóbulus. Ní féidir d'aon
rud rí ceart a dhéanamh d'Aristóbulus ach amháin
d'aon rud amháin, agus isé nídh an t-aon rud amháin


L. 52


sin ná bás Huircánuis. Ní mhothóchaidh Aristóbulus
é féin socair daingean i gcómhacht go dtí go mbeidh
Huircánus tar éis bháis. Mara dtagaidh an bás go
luath ar Huircánus do réir nádúra tiocfidh bás
ar chuma éigin eile air. Is mór an truagh gan an
méid sin a chur ar a shúilibh i n-am dó."



Do thuig na Fairisínigh an fuadar a bhí fé Anti-
pater agus chromadar ar bheith ag cabhrú leis chómh
maith agus d'fhéadadar cabhrú leis. Chromadar ar bheith
'ghá chur 'n-a luighe ar Huircánus go raibh sé i gcon-
tabhairt. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ní raibh aon
droch iontaoibh aige as a dhritháir. Ní raibh aon dúil
i gcómhacht aige. Go mór mór níor bh'fhiú dar leis an
chómhacht a gcaithfí de chathanaibh a throid chun í dh'fhághail,
agus ansan, b'fhéidir, a gcaithfí de chathanaibh a throid
chun í chimeád, agus ansan, rud ba mheasa 'ná aon
taobh acu san, go mb'fhéidir, tar éis na gcathana go
léir, go gcaillfadh duine an cluiche. Do theip ar na
Fairisíneachaibh aon ghéille bhaint as. Ansan tháinig
Antipater agus thug sé fé. Do thuig Antipater
ná raibh ach aon rud amháin a dh'fhéadfadh aon chorruighe
bhaint a' Huircánus agus gur bh'é rud é sin ná eagla
roimis an mbás. Bhí sé ag gabháil dó go dtí gur
áitimh sé air go raibh gach aon deabhramh go gcuirfadh
Aristóbulus chun báis é, agus ná raibh aon chosaint
aige le déanamh air féin ach a cheart do bhaint amach
de thoradh nirt. "Ach ca bhfuil an neart le fághail?"
arsa Huircánus.



"Raghad-sa soir sa n-Arabia," arsa Antipater,
"go dtí cathair Phetra, agus labharfad le h-Arétas,
rí Arabia, agus tabharfad chughat anoir ó'n rí sin
neart do dhóithin chun cirt do shínsireachta do bhaint
amach."



D'imthigh Antipater soir, gan aon phioc d'á fhios
ag aoinne go raibh sé ag imtheacht ná cad é an
uadar a bhí fé. Chuaidh sé chun cainnte leis


L. 53


an rí. Shocaruighdar le n-a chéile. Tháinig sé thar
n-ais. Siúd soir airís é agus Huircánus le n-a chois
aige, agus gan aon phioc d'á fhios ag Aristóbulus
ná ag aoinne ba leis.



Nuair a chuaidh sé soir an chéad uair níor iarr sé
ar Arétas ach amháin Huircánus do ghlacadh fé n-a
chomairce agus é chosnamh i n-aghaidh a dhrithár Aris-
tóbulus. Nuair a chuaidh sé soir an tarna h-uair
agus Huircánus le n-a chois aige, do nocht sé
a aigne do'n rí Arétas agus dubhairt sé leis mar
seo:-



"Feuch, a rí," ar seisean, "tá a lán áiteana
bainte díot-sa i gcaitheamh na h-aimsire seo imthighthe
le déanaighe, go mór mór an fhaid a bhí an rí Aleg-
sandar i réim. Cuir-se le chéile anois armáil mhaith
láidir a chuirfidh an priúnsa so, mac Alegsandair
i réim 'n-a cheart féinig agus tabharfar duit thar
n-ais na h-áiteana san a baineadh díot roime seo."



Do thaithn an chainnt sin le h-Arétas. Do dein-
eadh an margadh. Do ghreamuigh Huircánus é féin
chun an mhargaidh a chómhlíonadh, agus sar a raibh aon
phioc d'á fhios ag Aristóbulus cad a bhí chuige siúd
Arétas isteach i dtír Iúdéa agus chúig mhíle fear
aige, agus siúd na Fairisínigh go léir, 'n-a slóightibh
ag cabhrú le h-Arétas agus le Huircánus.



XX.



DIVIDE ET IMPERA.



Chómh luath agus d'airigh Aristóbulus an namhaid
a bheith istigh i dtír Iúdéa do ghluais sé chucha agus
armáil aige chómh láidir agus d'fhéad sé a chruinniú.
Do troideadh cath fíochmhar feargach idir an dá


L. 54


shluagh. Do buadhadh ar Aristóbulus. Do briseadh
cath air chómh tiubaisteach san gur chaith sé teiche
isteach i gcathair Ierúsalem. Do lean Arétas isteach é
i dtreó go mb'éigean dó teiche isteach i n-imeallaibh
an teampuil. Do dúnadh isteach é sa n-áit sin agus
do h-imdhrideadh ann é, agus d'iompuigh an pobul
go léir a bhí lasmuich d'iompuighdar chun Huircánuis.



Ansan bhí Aristóbulus i gcruadhchás, é dúnta
isteach ansúd i n-imeallaibh an teampuil agus a
dhaoine go léir iompuighthe uaidh, agus Arétas ag
fásgadh air go dian. Fuair sé caoi ar sgéala chur
chun na Rómhánach 'ghá iarraidh ortha teacht agus é
dh'fhuasgailt. Bhí Pompéius, an t-árd thaoiseach
Rómhánach, sa n-Arménia iachtarach an uair sin. Bhí
buaidhte aige ar Thigranés úd a fuair an bronn-
tanas mór ó'n mbanrighin Alegsandra. Chuir sé
uaidh isteach i dtír Iúdéa, ag triall ar Aristóbulus,
Rómhánach gur bh'ainm do Gabínius. Chuaidh Gabínius
chun cainnte le h-Aristóbulus. Thug Aristóbulus
trí chéad talant dó, ag braith air go ngeóbhadh sé
a pháirt. Ní deirtear sa tseanachas go raibh aon
chainnt idir Ghabínius agus Huircánus. Innstear,
ámhthach, gur ghlac Gabínius an trí chéad talant, agus
ansan gur imthigh sé a bhóthar gan aon tsocarú
dhé-anamh idir an mbeirt drithár. Ansan tháinig ó
Shuiria fear gur bh'ainm dó Scaurus. Ag teacht
isteach i dtír Iúdéa dhó do tháinig chuige teachtairí
ó Aristóbulus agus teachtairí ó Huircánus, gach
dritháir ag lorg caradais air i gcoinnibh an drithár
eile. Fuair Scaurus cheithre chéad talant uatha. Ní
h-innstear an mór a fuair sé ó gach taobh. Bhí fhios
aige gur bh'é Aristóbulus an fear ba threise agus
ba chródha de'n bheirt agus ghaibh sé a pháirt. Do
thuig sé, leis, gur lugha bheadh le déanamh aige mar
sin 'ná mar a bheadh le déanamh aige dá ngabhadh
sé páirt le Huircánus. Ní raibh le déanamh aige


L. 55


d'Aristóbulus ach an imdhridim a thógaint de. Do
sgríbh sé leitir ag triall ar Arétas mar seo:-



"Tóg leat as an dtír seo do chuid armála agus
imthigh abhaile chun do thíre féínig agus fan ann nú
is namhaid tu do phobul na Rómha."



Níor bheag san. Bhailigh sé chuige a chuid armála
agus d'imthigh sé. Chuaidh Scaurus thar n-ais go
Damascus.



Bhí mianach Alegsandair i n-Aristóbulus. Ní túisge
a bhí cead a chinn agus a chos aige 'na mar a chruinnigh
sé sluagh agus do lean sé Arétas. Tháinig sé suas
leis i n-áit ar a dtugtí Papirion. Thug sé cath dhó,
agus do bhris sé an cath air, augs mhairbh sé seacht míle
fear air, ar a raibh fear d'ár bh'ainm Cephalion,
dritháír do'n fhear a thug an t-aimhleas go léir air,
.i. d'Antipater.



Le linn na h-aimsire céadna san tháínig Pompéius
go Damascus agus tháínig teachtairí chuige ó sna
tíorthaibh go léir mórthímpal, go h-áirithe ó Iúdéa
agus ó Shuíria agus ó'n Éigipt. Bhí sáruightheóir 'n-a
rí an uair sin ar gach rígheacht díobh san, augs bhí an
triúr righthe sin, Aristóbulus agus an bheirt eile,
ag déanamh an uile shaghas díthil chun na Rómhanach
a bheith fabhramhail dóibh. Chuige sin do chuir gach rí
dhíobh bronntanas ana shaidhbhir ag triall ar Árd
thaoiseach na Rómhánach, ar Phompéius.



Chuir Aristóbulus chuige fíneamhain ór agus í
socair ar bhonn chearnach, agus a torthaí uirthi, augs
ainmhidhthe tímpal uirthi, fiadhana agus leóim agus
beithidhigh eiel, agus iad go léir déanta d'ór. Aleg-
sandar Iamnéus isé dhein an tseóid sin, agus do
tugadh an uair sin do Phompéius í. Do chuir Pom-
péius go dtí an Róimh í agus churi muinntir na Rómha
isteach í i dteampul Iupiteir sa Chapitólium. Deir
Strábó linn go bhfeacaidh se féin í sa n-áit sin, agus
gur bh'fhiú chúig mhíle talant í, do réir mar a mheas


L. 56


lucht eóluis. Níor mhaith le seanaid na Róma,
ámhthach, Aristóbulus d'admháil 'n-a rí ar Iúdéa,
agus ó bhí greim acu ar an seóid sin a bhí chómh h-uasal
agus chómh neamhchoitchianta níor mhaith leó sgaramhaint
léi agus í chur abhaile. Isé rud a dheineadar ná
sgríbhinn a chur uirthi 'ghá h-ainimniú ó Alegsandar,
rí na nIúdach, athair Aristóbuluis.



Tamal beag 'n-a dhiaidh san do chuir an bheirt
drithár teachtaireacht ó'n nduine acu ag triall ar
Phompéius, gach duine acu a d'iarraidh caradais
agus comairce air go cruaidh, i gcoinnibh an duine
eile. B'é Antipater teachtaire Huircánuis, agus
Nicodémus an ainm a bhí ar theachtaire Aristóbuluis.
D'éist Ponipéius go breágh réidh le cainnt gach
teachtaire acu. Ansan thug sé geallamhna síbhialta
dhóibh araon, agus chuir sé uaidh iad, agus d'órduigh
sé an bheirt drithár do theacht 'n-a láthair i dtreó go
ndéanfadh gach duine acu a chás féinig a phléidhe, agus
go bhféadfadh sé breith a thabhairt eatartha do réir
chirt nuair a bheadh iomláine an sgéil innste acu dhó.



Ach do dhein Nicodémus, teachtaire Aristóbuluis
tuathal tiubaisteach, Do ghéaráin sé Scaurus agus
Gabínius mar gheall ar an airgead úd a ghlacadar
ó Aristóbulus, an cheithre chéad talant a fuair
duine acu agus an trí chéad talant a fuair an duine
eile. Dhein san dhá namhaid nímhneacha de'n bheirt sin,
agus bhí creideamhaint mhór acu i láthair Phompéiuis.
Agus deir an ceathramhadh leabhar de leabhraibh na
Macabéach gur gheall Pompéius do Nicodémus
go dtabharfadh sé breith i bhfabhar d'Aristóbulus
agus 'n-a dhiaidh san gur thug sé an bhreith, a gan fhios,
i bhfabhar do Huircánus.



An seana sgéal i gcómhnuidhe, "Divide et impera."
Na Rómhánaigh 'ghá dhéanam an uair sin go dtí go
raibh an domhan fé smacht acu, agus muinntir Shasana
'ghá dhéanamh anso i n-Éirinn le seacht gcéad blian.


L. 57


XXI.



ALEGSANDRION.



Bíodh gur gheall Pompéius go dtabharfadh sé a
bhreith i bhfabhar d'Aristóbulus, agus 'n-a dhiaidh san
gur i bhfabhar do Huircánus a thug sé a bhreith, a gan
fhios, níor chríochnuigh sin an cás idir an mbeirt
drithár. D'imthigh Pompéius as an áit an uair sin
agus tháinig sé airís go Damascus an bhliain 'n-a
dhiaidh san. Bhí an bheirt drithár ann roimis agus
gach duine acu ceapaithe ar a chás féin do phléidhe
agus gan bheith ag braith ar theachtairíbh. Bhí ann, leis,
Iúdaígh áirithe a bhí ceapaithe ar labhairt i gcoinnibh
na beirte, 'ghá rádh ná raibh aon cheart ag aoinne
acu chun na rígheachta; go raibh náisiún na nIúdach
ar feadh mórán aimsire fé riaghaltas árdshagairt
ná raibh 'n-a rí i n-aon chor; gur bh'fhíor gur de shliocht
na sagart an bheirt drithár san, ach gur bhriseadar
dlighe ársa na nIúdach nuair a dheineadar righthe
dhíobh féin agus chuireadar náisiún na nIúdach fé
dhaoirse.



Níor chuir Pompéius aon tsuím i gcainnt na
nIúdach san ná níor thug sé aon fhreagra ortha. Nuair
a stadadar do labhair Huircánus mar seo:-



"A uasail Rómhánaigh," ar seisean, "is mise an
mac is sine, agus, d'á bhrígh sin, is liom an rígheacht
le ceart sínsireachta. Dhein mo dhritháir Aristóbulus
eugcóir orm, do sháruigh sé me. Do chuir sé as an
rígheacht me, as mo cheart sínsireachta. Chuir sé
fhiachaint orm fanmhaint i n-uirísleacht agus do
ghlac sé féinig cómhacht agus saidhbhreas na rígheachta.
Ní raibh sé sásta leis an saidhbhreas san féin, agus
chrom sé ar bheith ag déanamh foghla agus ag creachadh
na gcómharsan ar an uile thaobh, ar muir agus ar tír."


L. 58


Do thug Huircánus leis, ní h-eadh ac do thug
Antipater leis, suas le míle duine de san
Iúdaígh mar fhínnithe, chun fírinne an sgéil sin do
dhearbhú. Ansan do labhair Aristóbulus ar an
gcuma so:-



"Is fíor, a uasail Rómhánaigh," ar seisean,"gur
thógas-sa orm féin an rígheacht, ach ní le dúil i gcómh-
acht na le dúil i ngradam na le dúil i saidhbhreas a
dheineas é. Do dheineas é ar mhaithe leis an rígheacht
féin, agus leis na daoine, agus leis an dtír. Ní
gádh dhom a dh'innsint duit-se, a Uasail Rómhánaigh.,
cad é an saghas fir an duine bocht san, Huircánus.
Fear tuisgeanach géarchúiseach iseadh thu. Chíon tú féin
ná beadh i náisiún na nIúdach ach náisiún gan cheann
an fhaid a bheadh an duine bocht san 'n-a rí air. Ní
h-é féinig a bheadh 'n-a rí i n-aon chor. Bheadh duine
eile 'n-a rí ar náísiún na nIúdach, agus tá fhios againn
go léir cé hé an duine eile sin. Níor bh'fhéidir
do náisiún na nIúdach aon mhí-ádh theacht ortha ba
thiubaistighe 'ná rí gan mhaith a bheith os a gcionn,
agus ansan lámh iasachta bheith ag stiúrú gnóthaí na
righeachta. Chun mé féínig agus na daoine do chosaint
ar an mí-ádh san iseadh do ghlacas-sa orm an obair
seo na righeachta. Chómhairligheas do'n duine bhocht
so dul agus maireachtaint ar a fhearan féin ar a
shuaineas. Bhí se 'ghá dhéanamh san agus bhí sé lán
tsásta augs aigne shuaineasach aige go dtí go
dtáinig an droch chómhairleach agus gur chrom sé ar
bheith ag séide fé gur chomáin sé ar a aimhleas é.
Ach i dtaobh an ghearáin seo atá déanta ag na Iúdaígh
eile seo orm, .i. gur ghlacas gairm rí orm agus
gur chuireas iad féinig fé dhaoirse; níor ghlacas
aon ghairm orm ach an ghairm a bhí ar n'athair rómham.
Má mholan tusa, a Uasail, an righeacht so na nIúdach
dom' dhritháír anois, ní dom' dhritháír a bheidh tú ag
tabhairt na righeachta ach do dhuine eile, agus is


L. 59


eugcóir é sin orm-sa agus ar mo dhritháir agus ar
phobul na nIúdach."



Bhí Pompéius ag éisteacht leis an gcainnt go léir,
agus é go stuama agus go daingean agus go
séimh, agus é ag cuimhneamh ar a thaobh féin de'n ghnó,
ar thaobh na Rómhánach de'n ghnó. Níor bh'é buac na
Rómhánach sa ghnó fear seasamhach, láidir, cródha,
dána, géar aigeanta, bheith 'n-a rí ar an dtír sin na
nIúdach an uair sin. B'é a mhalairt sin ar
fad a mbuac. D'á bhrígh sin bhí Pompéius ceapaithe
ar a bhreith do thabhairt i bhfabhar do Huircánus.
Bhí fhios aige, ámhthach, dá dtugadh sé an bhreith
láithreach go ndéanfadh Aristóbulus a dhítheal ar
gan a leogaint dó an bhreith do chur i ngníomh.
Isé rud a dhein sé ná an bhreith do chur ar athlá.
Dubhairt sé gur theastuigh uaidh rainnt machtnaimh a
dhéanamh ar an sgéal sar a dtabharfadh sé a bhreith.
"Tá orm dul láithreach agus smacht do chur ar na
Nabateánachaibh agus ar an rí sin Arétas. Nuair
a bheidh an gnó san déanta agam tiocfad thar n-ais,
agus raghad féinig ódheas go cathair Ierúsalem,
agus ansan tabharfad mo bhreith eadraibh agus
cuirfad an fear ceart i gcómhacht na rígheachta."



Do thuig Aristóbulus as an gcainnt sin go raibh
an Rómhánach doimhinn sin ceapaithe ar an rígheacht
a thabhairt do Huircánus. D'imthigh sé i bhfeirg, gan
ceileabhradh do Phompéius. Ní raibh aon lorg aige
ar an Rómhánach doimhinn sin do theacht i n-aon
chor isteach i dtír Iúdéa. Chuaidh sé ar dtúis go dtí
áit ar a dtugtí Delion. Ansan chuaidh sé isteach í
Iúdéa.



Do thuig Pompéius go raibh drochfhuadar fé
Aristóbulus. Chuir sé fios ar an armáil a bhí chun
dul i gcoinnibh Arétais. Dhein sé aon tsluagh amháin
díobh san agus de sna légiónaibh eile a bhí aige, agus
siúd isteach é i dtír Iúdéa i ndiaidh Aristóbuluis.


L. 60


Ba mhaith an mhaise ag Aristóbulus é, d'á luighead
aimsir a bhí aige bhí sluagh mhaith mhór cruinnighthe
aige sa dún ar a dtugtí Alegsandrion sar ar chuir
Pompéius a chos ar thalamh Iúdéa. Dún ana dhain-
gean, ana láidir ab eadh Alegsandrion. Alegsandar
Iamnéus, athair Aristóbuluis isé do chuir suas
agus do dhainginigh an dún san, agus do thug
Alegsandrion mar ainm air. Bhí sé suidhte ar barr
cnuic aoird, ar an mbóthar ó Shamaría go Ierichó,
agus é díreach ar an slighe roim aoinne bheadh ag teacht
isteach i Iúdéa ó'n dtaobh thuaidh. Bhí baile beag ar
a dtugtí Coréa i gcómhngar do'n chnoc ar a raibh
an dún Alegsandrion.



XXII.



POMPÉIUS.



Tháinig Pompéius agus a shluagh go Coréa. Chonaic
sé neart na h-áite. Shamhlóchadh duine go mbeartóchadh
sé láithreach an áit d'imdhridim agus do thógant.
Níor dhein. Bhí an iomad de dhoimhneas agus de
chúilfhéith an Rómhánaigh ann. Chuir sé teachtaireacht
ag triall ar Aristóbulus 'ghá iarraidh air teacht chun
cainnte leis. Do mheas Aristóbulus gan aon toradh
thabhairt ar an dteachtaireacht. Dubhairt na cómhair-
leacha a bhí 'n-a thímpal ná beadh san ceart. "Ní'l
aon chogadh fós," ar siad, "idir thu agus na Rómhán-
aigh. Ní maith an chiall duit-se cogadh do thosnú leó."
Do ghéill sé do'n chómhairle sin. D'fhreagair sé an
teachtaireacht. Do thárla mórán cainnte idir é
agus Pompéius. D'éist Pompéius leis go breágh
séimh agus do sgaradar go muinnteartha. Chuaidh
Aristóbulus ann an tarna h-uair, agus do rug sé
tabharthaistí maithe leis agus dheineadar tuille


L. 61


cainnte agus do sgaradar go muinnteartha. Chuaidh
Aristóbulus ann an trímhadh h-uair. Dheineadar a lán
cainnte. Fé dheire dubhairt Pompéius mar seo:-



"Feuch, a rí," ar seisean, "táim ag machtnamh
agus ag machtnamh ar an sgéal. Is ana dheacair é
shocarú eadraibh. Ní féidir dom an rígheacht a
thabhairt d'aoinne agaibh gan cumas a bheith agam
féin ar an rígheacht ar dtúis. Nuair a bheidh mo
bhreith déanta agam agus nuair a bheidh socair agam
ar an té agaibh gur ceart dom an rígheacht a thabhairt
dó, ní mór dhom a bheith ar mo chumas an bhreith do
chur i bhfeidhm. Má thugaim an rígheacht duit-se
eireochaid na Fairisínigh go léir am' choinnibh agus
cuirfid siad cogadh orm. Agus tá fhios agat féin
nách aon dóichín iad. Má thugaim an rígheacht do Huir-
cánus eireóchaid na Sadducínigh go léir am' choinnibh.
Táid siad san, leis, láidir go maith. Pé taobh ar a
dtabharfad mo bhreith is baoghal go n-eireóchaidh
cogadh fuilteach as an socarú. Ansan déarfidh
Seanaid na Rómhánach nár dheineas an gnó sa cheart,
agus dá ndeininn an gnó sa cheart ná doirtfí an
fhuil, fuil Rómhánach. Is deacair dul ó sheanaid na
Rómhánach má thuigid siad gur dein taoiseach armála
leó tuathal agus gur doirteadh fuil Rómhánachmar
gheall ar an dtuathal."



"Agus cad is ceart a dhéanamh, a rí," arsa
Aristóbulus, "chun tusa chur ó bhaoghal?"



"Ní fheicim go bhfuil le déanamh ach an t-aon nídh
amháin," arsa Pompéius, ".i. cómhacht na rígheachta
do chur isteach am' láimh-se ar dtúis, agus ansan
féadfad-sa an rígheacht a thabhairt do'n té d'ár dual
í, gan spleádhchas d'Fhairisíneach ná do Shadducíneach."



"Agus conus a curfar cómhacht na rígheachta
isteach ad' láimh-se, a rí?" arsa Aristóbulus.
"Cuir an caisleán san Alegsandion agus gach aon
daingean eile de sna daingeanaibh atá fed' smacht


L. 62


cuir fém' smacht-sa iad. Cuir uait ag triall ar gach
duine de sna taoiseachaibh atá os a gcionn agat,
teachtaireacht chruinn 'ghá rádh leó iad a thabhairt
suas domh-sa gan aon righneas. Deineadh do dhritháir
an rud céadna le h-aon daingean nú le h-aon
tsaghas eile cómhachta atá fé smacht a láimhe féin
aige. Ansan beidh ar mo chumas-sa an rígheacht, i n-a
h-iomláine, thabhairt do'n té gur ceart i thabhairt dó,
agus ní bheidh ar chumas aoinne agaibh aon chur am'
choinnibh a dhéanamh. Agus d'á éaghmais sin, pé toir-
measg a dh'eireóchaidh 'n-a dhiaidh san eadraibh féin
ní bheidh ar chumas aoinne a rádh gur mise fé ndeár
an toirmeasg san, mar chífidh an uile dhuine gur
dheineas mo dhítheal chun gach sórd toirmisg do
sheachnadh."



"Seadh, a rí," arsa Aristóbulus, "agus má
eirighean aon toirmeasg 'n-a dhiaidh san cuirfidh
cómhacht na Rómha i bhfeidhm an socarú a dhein Pom-
péius, seirbhíseach na Rómhánach féin."



"Thar a bhfeacaís riamh," arsa Pompéius.



Bhí Pompéius doimhinn, ach bhí an gas Macabéach
doimhinn go maith, leis. As an mbreithniú a bhí aige 'á
dhéanamh ar ghnúis agus ar dheabhramh an Rómhánaigh, an
fhaid a bhí sé ag éisteacht le n-a chainnt, do buaileadh
isteach i n' aigne go raibh socair aige ar an rígheacht
a thabhairt do Huircánus chómh luath agus bheadh
cómhacht na rígheachta daingean 'n-a láimh féin aige.
Ach bhí sé istigh i longphort an Rómhánaigh agus dá
n-abradh sé ná raibh sé sásta dhéanfadh an Rómhánach
príosúnach de.



"Tá go maith, a rí," ar seisean, "cuirfad-sa
teachtaireacht uaim láithreach chun na ndaingean go
léir atá fém' smacht. Ach tabhair-se aire mhaith i
dtaobh mo dhrithár agus i dtaobh na bhFairisíneach.
Cuir fhiachaint air féin agus ortha-san an rud céadna
dhéanamh."


L. 63


"Ná bíodh eagla ort," arsa Pompéius.



Do sgaradar go séimh, mar ba ghnáth. Chómh luath
agus fuair Aristóbulus a chosa lasmuich de long-
phort an Rómhánaigh thug sé féin agus an armáil a
bhí aige aghaidh ar chathair Ierúsalem agus chrom sé
ar an gcathair do chur i dtreó chosanta.



XXIII.



DHÁ AICME



Nuair a fuair Pompéius cad a bhí déanta ag
Aristóbulus siúd 'n-a dhiaidh é i n-a lán neart.
Bhí Aristóbulus misneamhail go leór go dtí go
bhfuair sé amach go raibh an Rómhánach agus a shluagh
go léir ag teacht ceann ar aghaidh fé dhéin catharach
Ierúsalem. Bhí fhios aige cad é an saghas Pompéius,
agus cad é an saghas na Rómhánaigh agus thuit a lug
ar a lag aige. Do rith sé amach agus chuaidh sé i
gcoinnibh na Rómhánach agus chaith sé é féin ag cosaibh
Phompéiuis agus d'iarr sé i n-eachainigheachaibh air gan
aon dochar a dhéanamh do sna Iúdaígh agus go dtabhar-
fadh sé féin mórchuid airgid dó. Ní h-innstear an
mór an t-airgead a gheall sé. Ní deirtear ach gur
chuid mhaith mhór é. Do thoiligh Pompéius. Chimeád sé
Aristóbulus, agus chuir sé uaidh chun na catharach
taoiseach leis féinig d'ár bh'ainm Gabínius agus
buidhean le n-a chois, chun an airgid a thabhairt chuige.
Tháinig Gabínius go dtí geata na catharach; d'innis
sé cad a bhí uaidh; go dtáinig sé ó Phompéius, le
h-órdú Aristóbuluis, chun an airgid a dh'fhághail.
Dubhradh leis imtheacht láithreach. Do dúnadh geataí
na catharach. Tháinig sé thar n-ais agus d'innis sé ná
fuair sé an t-airgead agus gur dhún an gairisiún
geataí na catharach 'n-a choinnibh. Bhí Pompéius ar


L. 64


buile nuair airigh sé an méid sin. Dhein sé príosúnach
d'Aristóbulus agus chuir sé i n-iarnaíbh é. Ansan
thug sé féin agus a shluagh go léir aghaidh ar an
gcathair.



Cathair ana láidir ab eadh cathair Ierúsalem an
uair sin. Bhí a daingineacha mórthímpal déanta suas
go h-ana neartmhar, ábalta ar sheasamh i gcoinnibh
aon oibreacha imdhridime a tabharfí 'n-a tímpal. Bhí
gairisiún líonmhar láidir istigh innti agus flúirse
lóin acu. Dá gcuireadh an gairisiún le n-a chéile,
agus bheith ar aon aigne agus ar aon ghníomh ba ró
dheacair do Phompéius an chathair a thógaint. Ach ní
mar sin a bhí. Bhí an gairisiún 'n-a dhá aicme, agus
an dá aicme sin i gcoinnibh a chéile go fíochmhar. An
aicme a bhí ag gabháil le h-Aristóbulus ba mhian leó
seasamh amach agus an chathair do chimeád agus do
chosaint i gcoinnibh an fhir sin a thug an easonóir d'á
rí agus a dhein príosúnach de. An mhuinntir a bhí ag
gabháil le Huircánus ba mhian leó na geataí a dh'os-
gailt agus síothcháin a bheith acu agus na Rómhán-
aigh do ghlacadh i gcaradas, agus gan cruadhtan agus
éirleach imdhridime do chur ar an gcathair. Bhí an
aicme sin níba líonmhaire go mór'ná an aicme a bhí i
bhfabhar d'Aristóbulus. Bhí an chuid ba mhó de mhuinn-
tir na tíre mórthímpal ag gabháil le h-Aristóbulus,
ach bhí an chuid ba mhó go mór de'n méid daoine a
bhí istigh sa chathair an uair sin bhíodar ag gabháil
le Huircánus. Do thuig muinntir Aristóbuluis go
raibh an bhuidhean eile ró láidir dóibh. Isé rud a
dheineadar ná imtheacht anonn agus iad féin do dhain-
giniú ar an gcnocán ar a raibh an teampul 'n-a
sheasamh.



Bhí clais mhór leathan dhoimhinn idir an cnocán san
agus an chuid eile de'n chathair. Gleann doimhinn a
tugtar sa tseanachas ar an gclais sin. Bhí cúpla
drochad nú trí treasna an ghleanna san, fé mar a


L. 65


bheadh treasna abhan. Bhí na Lebhítigh go léir ag gabháil
le h-Aristóbulus. Chuadar féin agus an chuid eile
de cháirdibh Aristóbuluis treasna na ndrocad,
anonn ar an gcnocán mar a raibh an teampul, agus
ansan do bhriseadar agus do leagadar na drochaid
i dtreó go raibh cnocán an teampuil gearrtha amach
ar fad ó'n gcuid eile de'n chathair. Nuair a bhí na
drochaid briste ar lár níor ghádh aon dainginiúchán
a dhéanamh ar an dtaobh san de'n chnocán. Bhí an
gleann, nú an chlais, ró dhoimhinn, ró achranach, i
dtreó nár bh'fhéidir d'aon namhaid gabháil thairis
isteach ar an gcnocán. Bhí nídh eile sa sgéal. Bhí an
gleann doimhinn sin mórthímpal, nách mór, ar an
gcnocán.



Chómh luath agus bhí na drochaid briste ar lár ag
muinntir Aristóbuluis chromadar ar an áit ná raibh
an gleann ann do dhainginiú. Bhí sé daingean go
maith cheana, ach do dhainginighdar ní b'fhearr é i dtreó
go raibh sé chómh daingean agus do b'fhéidir é bheith
le fallaíbh ramhara agus le túraibh árda. Bhí pálás
an rí ar an gcnocán san, i n-aice an teampuil mhóir.



Tháinig Pompéius. Do sgaoileadh isteach é féin
agus a shluagh sa pháirt de'n chathair a bhí i seilbh
muinntire Huircánuis. D'feuch sé ar an gchocán.
Má fheuch do chonaic sé nár bh'aon dóichín an cnocán.
Chuir sé teachtaireacht ag triall ar mhuinntir an
chnocáin 'ghá iarraidh ortha síothcháin a dhéanamh leis;
'ghá rádh leó gur ghnó gan chiall dóibh bheith ag cimeád
an chnocáin sin nuair a bhí an chuid eile go léir de'n
chathair tar éis síothchána do dhéanamh. Níor thugadar
aon toradh ar an dteachtaireacht. Chomáineadar leó
go dian ar an ndainginiúchán. Chonaic sé nár bh'aon
mhaith bheith leó, go gcaithfadh sé an áit d'imdhridim
agus do thógaint. Isé céad rud a dhein sé ná falla
mór láidir a dhéanamh, lasmuich ar fad, mórthímpal
ar an gcnocán, i dtreó nár bh'fhéidir do'n mhuinntir


L. 66


istigh aon chabhair ná aon chongnamh fhághail ó'n dtaobh
amuich, agus i dtreó, dá gceapaidis imtheacht as an
áit ná féadfidís imtheacht. Ansan do chuir sé na
reithí-buailte, agus na h-inneala eile imdhridime,
i gcóir agus i n-inead chun na ndaingean do bhrise.
Thug Huircánus agus a mhuinntir gach aon chongnamh
dó i dtaobh córacha agus oibre agus inneallacha
cogaidh. Ansan do ghluais an bualadh agus an chosaint.



XXIV.



DO GHÉILL AN FALLA.



Do ghluais, mar adubhradh, an bualadh agus an
chosaint. Sa n-áit ná raibh an gleann doimhinn úd
ag déanamh an chosnaimh le n-a dhoimhneas agus le
n-a mhí-chothram, iseadh do shocaruigh Pompéius a
ghleus buailte. Do cuireadh na reithí-buailte ar
siubhal agus bhíodar ag bualadh go mear agus go
láidir. Ní raibh aon bhrígh sa bhualadh. Bhí an falla
ró reamhar, ró láidir, agus é déanta de chlochaibh
móra troma, cearnacha, snoighte, i dtreó, i n-inead
na gcloch san do bhrise gur b'amhlaidh a bristí ceann
an reithe a bhíodh 'ghá mbualadh. D'á éaghmais sin,
bhíodh an lucht cosnaimh thuas ar bhara an fhalla agus
clocha móra troma acu 'á chaitheamh anuas ar na
reithíbh agus ar an lucht buailte.



Chonaic Pompéius nár bh'aon mhaith dhó bheith ag braith
ar na reithíbh sin agus ar na h-inneallaibh eile a bhí
fachta aige sa chathair ó mhuinntir Huircánuis. Chuir
sé fios óthuaidh ar fad go dtí cathair na Tuíre ar
reithíbh a bhí ann aige féinig, reithíbh a bhí níba chruadha
agus níba throime go mór 'já na reithí a bhí i gcanair
Ierúsalem. Do tugadh chuige adtuaidh iad san, agus
inneallacha eile, leis, a bhí thuaidh aige. Ansan do


L. 67


socaruigheadh na reithí sin ar aghaidh na h-áite ba
laige de'n fhalla. Do h-oibirigheadh iad go dian.
Tar éis aimsire do thosnuigh an falla ar ghéille.
Thosnuigh cuid de chlochaibh an fhalla ar bhrise agus
ar imtheacht 'n-a gceó agus 'n-a mbrúscar. Nuair
a chonaic an lucht cosanta an méid sin do thugadar
fogha amach ar an lucht-buailte agus do mharbhuighdar
a lán acu, agus do ruagadar an méid nár mharbhuigh-
dar díobh, agus do loisgeadar le teine na h-innealla
buailte, agus an méid nár loisgeadar díobh do
loiteadar iad.



Do deisigheadh na h-innealla airís, agus do dein-
eadh innealla nua i n-inead na n-inneall a loisgeadh,
agus do cuireadh suas airís iad, ar aghaidh na h-áite
a bhí lag, agus a bhí, um an dtaca san, leath-bhriste.
Do deineadh an fogha airís, agus an marbhú, ar an
lucht-buailte, agus an losgadh agus an lot ar na
h-inneallaibh, agus do neartuigheadh an áit de'n
fhalla ar ar deineadh aon bhrise nú aon lagú.



Do lean an chaismirt ar an gcuma san ar feadh trí
mhí, an lucht-buailte ag déanamh a ndíthil chun an
fhalla do leagadh agus an lucht cosanta 'ghá gcosg
go tréan, agus ag léimt amach 'n-a mbuidhnibh láidre
nuair ná bíodh coinne leó, agus ag marbhú an lucht-
buailte agus ag brise agus ag losgadh na n-inneall.
Deir an seanachaidhe, go raibh gach aon deabhramh go
dteipfadh ar Phompéius an cnocán do thógaint i n-aon
chor mara mbeadh gur thug sé aon nídh amháin fé
ndeara. Do thug sé fé ndeara ná deineadh an mhuinn-
tir istigh aon ghníomh i n-aon chor lá na Sabbóide.
Seo mar a dhein sé nuair a thug sé fé ndeara an
nídh sin. I gcaitheamh an dá lá roimis an Sabbóid
d'órduigh sé gan aon bhualadh dhéanamh ar an bhfalla,
ach bheith ag cruinniú na n-ineall agus 'ghá ngleusadh
i n-a n-ineadaibh chun oibre, ar aghaidh na h-áite ba
laige de'n fhalla. Bhí ceann de sna túraibh móra árda


L. 68


ar bhara an fhalla lastuas de'n áit sin. Bhí gach aon
rud socair chun buailte. Tháinig maidean lae na
Sabbóide. Do thosnuigh an bualadh go tréan, agus
do thosnuigh an ceó agus an brúsgar ar theacht go
tiugh as an bhfalla. Níor chuir an mhuinntir istigh cor
díobh. Ní bhrisfidís an tSabbóid. Bheadh san i gcoinnibh
dlighe Mhaoise, dar leó. Níor deineadh cosnamh ná
fogha. Chomáin an lucht-buailte leó go tréan. Bhí
an lá go léir acu chun na h-oibre, gan aon chosg i
n-aon chor d'á chur leó, ach an áit istigh chómh ciúin
chómh suaineasach san gur dhóich le duine go raibh an
cnocán folamh ó dhaoine. Fé dheire do ghéill an
falla. Do thuit an falla agus do thuit an túr a bhí
anáirde air. Agus, donas an sgéil ar fad, ní
h-isteach a thuit an túr ná amach. Do tuith sé i leith
a thaoibh, anuas ar bhara an fhalla, i dtreó gur leag
sé faid a aoirde féin de'n fhalla agus gur osgail
sé beárna bhreágh mhór leathan agus gur fhéad an
namhaid go léir rith isteach. Siúd isteach, i dtaobh
de'n bheárnain, Lúcius Faustus, mac do Shulla,
agus buidhean mhór namhad i n-aonfheacht leis. Siúd
isteach tríd an dtaobh eile de'n bheárnain taoiseach
d'ár bh'ainm Furius agus buidhean eile namhad i
n-aonfheacht leis. Siúd isteach tré lár na beárnan
taoiseach d'ár bh'ainm Fábius agus an trímhadh buidh-
ean namhad le n-a chois. Ansan, iongna an sgéil thar
gach iongna, do thosnuigh an namhaid ar an muinntir
istigh do mharbhú agus níor dhein aon fhear de'n mhuinn-
tir istigh aon chor a chur de chun aon chosanta do
dhéanamh air féinig ná ar aoinne. D'fhanadar go léir
socair agus do leogadar do'n namhaid iad a mharbhú,
mar, dar leó féin, dá gcuiridís aon chor díobh
bheidís ag brise na saoire! Do marbhuigheadh dhá
mhíle dhéag (12,000) díobh, agus i n-éaghmais an dá
mhíle dhéag san do goineadh a lán eile acu agus fuair
na daoine gonta san bás 'n-a dhiaidh san.


L. 69


XXV.



SAMHALTAS CÓMHACHTA.



I n-éaghmais an dá mhíle dhéag san a marbhuigheadh
nuair a thóg Pompéius cnocán an teampuil, agus
i n-éaghmais an méid a fuair bás d'á ngoinibh bhí a
lán acu agus d'imireadar bás ortha féinig níba
thúisge 'ná mar a dh'fhanfidís beó nuair a fuaradar
go raibh an buadh agá namhaid. Agus do chonaic
Pompéius rud ana ghrána sa n-éirleach san. Chonaic
sé gur mhó go mór agus gur mhiosgaisighe an fonn
a bhí ar an aicme Iúdach, a bhí ag gabháil leis na
Rómhánaigh, chun na nIúdach eile do mharbhú, 'ná
mar a bhí ar na Rómhánaigh chun iad a mharbhú, d'á
mhéid buile a bhí ar na Rómhánaigh chucha.



Do chuir an mhiosgais ghrána san iongna a chroidhe
air. Ach do chonaic sé an lá san rud eile do chuir
iongna ba mhó 'ná san féin air. B'é lá na sabbóide
é. Bhí na sagairt go léir ag an altóir agus iad ag
ofráil na n-ídhbirtí agus ag déanamh na n-oibreacha
naomhtha a bhain leis na n-ídhbirtíbh. Nuair a tógadh
an áit agus do rith an namhaid isteach, ag bualadh
agus ag marbhú rómpa, níor chorraigh aon tsagart
acu san ó'n obair a bhí ar siubhal aige. Do leanadar
de'n obair bheannuighthe chómh réidh chómh socair chómh
stuama díreach agus do leanfidís dá mb'é ciúnas
na saoire a bheadh 'n-a dtímpal i n-inead an éirligh.
Níor árduigh aon tsagart acu lámh chun é féin a chos-
aint. Do marbhuigheadh an uile dhuine acu. Bhí iongna
a chroidhe ar an Rómhánach nuair a chonaic sé an
seasamh a dhein na sagairt sin, gach sagart acu ag
déanamh na h-ídhbirte go breágh réidh stuama go dtí
gur thuit sé le buille'chlaidheamh ó láimh Rómhánaigh nú
ó láimh Iúdaígh de'n aicme eile.


L. 70


Tugan an seanachaidhe fé ndeara go raibh féile
áirithe ar an lá de'n bhliain ar ar tógadh cathair
Ierúsalem an uair sin. An lá céadna díreach de'n
bhliain iseadh do tógadh í, mórán blianta roimis
sin, nuair a thóg Nabuchodonosor í, agus sa bhliain
bheannuighthe ab eadh. Agus an lá céadna de'n bhliain,
sé bliana fichid 'n-a dhiaidh san, iseadh do thóg Sosius
í, agus gur chuir san na Iúdaígh fé láimh Héróid.



D'á mhéid iongna chuir seasamhacht agus stuaim
na sagart ar Phompéius níor dhein an iongna san
aon bhogadh ar an bhfeirg a chuir seasamhacht lucht
cosanta an chnocáin air. D'órduigh sé iad go léir
do chur chun báis. Níor fhan cuid acu leis an órdú
san. D'imireadar bás ortha féin, le h-arm nú le
h-iad féin do chaitheamh le fánaidh na bhfaillteach
síos sa ghleann úd a bhí lasmuich de'n chnocán, i
dtreó gur marbhuigheadh ar na clochaibh thíos iad.
Chuaidh cuid acu isteach in sna tighthibh agus chuireadar
na tighthe tré theine agus do loisgeadh istigh ionta
iad.



B'usa na Rómhánaigh a thabhairt isteach 'ná iad do
chur amach airís. Do chuir Pompéius Huircánus i
gcómhacht ach níor dhein sé rí dhe. Dhein sé priúnsa
dhe, agus dhein sé Árdshagart de. Agus chuir sé na
Iúdaígh fé chíos do sna Rómhánaigh. Do choisg sé
Huircánus ar aon teidiol rí do ghlacadh ná ar aon
ghradam rí bheith aige. Níor fhág sé aige ach samhaltas
cómhachta, agus do choisg sé é ar an samhaltas san
féin do leathadh thar teóranaibh Iúdéa amach. Do thóg
sé uaidh an uile chathair de sna catharachaibh úd a
smachtuigh a athair agus a shínsear i bhPhenicia agus i
gCelesuíria, agus do chuir sé le Suíria airís iad,
agus chuir sé taoiseach Rómhánach os cionn na tíre
sin mar ghobhernóir agus dhá légión d'armáil
Rómhánach fé n-a láimh, chun na dútha san go léir do
chimeád fé sgáth.


L. 71


Sidiad na catharacha a bhí, ansan, fé láimh an
ghobhernóra Rómhánaigh, .i. Huircánia, agus
Scuitopolis, agus Pella, agus Díón, agus Samaría, agus
Marissa, agus Asótas, agus Iamnia, agus Aretusa,
sa tír istigh; agus ar bruach na faraige, Gasa, agus
Ioppe, agus Dóra, agus túr Stratoin. D'á n-éagh-
mais sin bhí mórán bailte beaga fé n-a smacht.



Nuair a thóg Pompéius an cnocán úd do dhein
sé rud a ghoill níba mhó ar chroidhe na nIúdach 'ná
mar a ghoill aon droch nídh eile d'ár dhein sé ortha,
d'á olcas iad. Nuair a bhí an cnocán tógtha aige do
chonaic sé an teampul mór. Níor bh'fholáir leis dul
isteach sa teampul chun go bhfeicfadh sé cad é an
saghas é laistigh. D'órduigh sé an sanctum sanc-
tórum a dh'osgailt dó, agus chuaidh sé isteach ann,
é féin agus a thaoiseacha móra. Chonaic sé gach aon
rud agus chuir gach aon rud iongna air. Chonaic sé
an coinnleóir óir agus an bórd óir, agus na
cúmhrthachtaí daora, éacht saidhbhris óir agus airgid
agus ollmhaithis. Ach dhein sé rud nár dhein aon
mhór-thaoiseach eile roimis. Níor thóg sé aon rud.
D'fhág sé gach aon rud mar a fuair sé é, agus
d'imthigh sé amach gan aon díobháil a dhéanamh.



XXVI.



FEAR NA h-EADARGHABHÁLA.



Ní h-é amháin gur staon Pompéius ó aon nídh
thógaint de'n tsaidhbhreas ná de sna neithibh luachmhara,
taithneamhacha, éagsamhlacha úd a chonaic sé istigh sa
teampul, ach d'órduigh sé, chómh luath agus tháinig
sé féin agus a uaisle amach as, an áit do choisreacan
airís. Do h-innseadh dó gur thrualliú ar an sanctum


L. 72


sanctórum aon duine iasachta do dhul isteach ann.
Chuir sé fios ar an árdshagart agus dubhairt sé leis
mar seo:-



"Tá sé i gcoinnibh na dlighe d'aon duine iasachta
dul isteach sa teampul mór san, agus is truailliú
ar an dteampul é, fé mar a thuigim. Chuamair-ne
isteach ann, agus d'á bhrígh sin tá an áit truaillighthe.
Dein-se anois, agus na sagairt eile, an teampul
do neamh-thruailliú. Cruinnighidh an pobul agus
ofrálaidh na h-ídhbirtí atá ceart chun na h-oibre sin,
agus tugaidh le tuisgint do'n phobul go bhfuil an
truailliú bainte de'n teampul airís, i dtreó go
mbeidh sásamh aigne ar an bpobul."



Tá cúntas tabhartha agá lán de lucht seanachuis
na Rómhánach ar an smachtú san a dhein Pompéius an
uair sin ar náisiún na nIúdach, agus ní'l aon deif-
righeacht, ach i rainnt neithe beaga suaracha, idir an
gcúntas san na Rómhánach agus an cúntas a thugan
Ióséphus ar an obair. Molan Cicero go h-árd an
uraim a thaisbeáin Pompéius do'n teampul mór
agus do sna neithibh beannuighthe, luachmhara, a bhí
istigh ann.



Nuair a bhí an smachtú déanta ag Pompéius do
leag sé fallaí catharach Ierúsalem, agus d'fhág sé
Scaurus sa n-áit 'n-a ghobhernóir agus neart slógh
a dhóithin aige, agus tháinig sé féin abhaile go dtí an
Róimh. Thug sé leis, 'n-a bpríosúnachaibh, Aristóbulus
agus a bheirt mhac Alegsandar agus Antigonus,
agus a bheirt inghean, chun iad do bheith le taisbeáint
sa bhuadh-choscair a tabharfí dhó i gcathair na Rómha,
mar ba ghnáth a thabhairt d'á leithéid.



Do shleamhnuigh Alegsandar uaidh ar an slighe,
agus chuaidh sé thar n-ais go Iúdéa agus dhein sé tuille
toirmisg, mar a 'neósfar.



Do rugadh an t-athair, Aristóbulus, agus an
mac eile, Antigonus, go dtí an Róimh, agus do


L. 73


seóladh sa bhuadh-choscair iad féin agus a lán eile
righthe agus priúnsaí agus uaisle ar a raibh buadh
beirtha ag Pompéius.



Chómh luath agus a fuair Huircánus go raibh a
dhritháir Aristóbulus imthighthe agus nár bhaoghal dó
é a thuille thug sé suas é féin do shuaineas agus do
dhíomhaointeas. Do stad sé d'aon speóis a bheith
aige i ngnóthaíbh stáit. D'fág sé na gnóthaí sin go
léir fé'n bhfear úd, Antipater, fear a thug aire mhaith
do sna gnóthaíbh sin, ar mhaithe leis féinig; é féin do
neartú, agus do shaidhbhiriú, agus a chreideamhaint
do leathadh agus do bhuanú, siniad na neithe a bhí uaidh.
Ní fhéadfadh sé na neithe sin do chur chun cinn chómh
maith agus ba mhaith leis iad chur chun cinn gan aithne
bheith ag na Rómhánaigh air agus iontaoibh a bheith acu
as. Ar an aigne sin níor staon sé choidhche ó thriob-
lóid ná ó chostas nuair a fuair sé aon chaoi ar na
Rómhánaigh a chur fé chomaoine agus iad a dhéanamh
buidheach de. Níor bh'fhada go dtáinig caoi dhíobh san
chuige. D'eirigh cúis éigin a chuir fhiachaint ar Scaurus,
an Gobhernóir, an t-armáil Rómhánach do sheóladh
amach i gcoinnibh príomh chatharach Arabia. Tháinig
cruadhtan éigin ar an armáil sin i gcaitheamh na
slighe, i dtreó go rabhadar i gcontabhairt dul chun
báis do'n ghorta. Do shábháil Antipater iad. Chomáin
sé bronntanas breágh mór arbhair ag triall ortha
amach sa ghainmheach. Bhí Scaurus ana bhuidheach, nídh
nár bh'iongna. Agus bhí na Rómhánaigh ana bhuidheach
nuair a dh'innis Scaurus dóibh an sgéal, an cruadhtan
i n-a raibh sé agus an chabhair i n-am féin a tugadh
dó. Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san gur dhein Antipater
deagh-chómharsanacht eile do'n taoiseach Rómhánach.
Bhí aithne mhaith aige ar rí na h-Arabia. D'imthigh sé
soir ag triall air agus do labhair sé leis. Chuir sé
ar a shúilibh dó gur bh'olc an chiall dó fearg na
Rómhánach a tharrac air féin agus ar a thír. Pé cúis


L. 74


acharainn a bhí idir é féin agus iad gur bh'é leas rí
na h-Arabia é shocarú. Do ghlac an rí a chómhairle.
Do socaruigheadh idir é agus Scaurus ach go dtabhar-
fadh an rí do Scaurus trí chéad talant airgid. Do
díoladh an t-airgead agus bhí an dá thaobh, nídh nách
minic a thuitean amach, go h-ana bhuidheach d'fhear na
h-eadarghabhála. Fuair Scaurus a thrí chéad talant
agus tháinig sé abhaile as an ngainmheach uaigneach,
mhí-chothramach. Agus do thuig an rí nár cheaduighthe
dhó ar a thrí oiread airgid an lot a dhéanfadh na
Rómhánaigh ar a thír dá dtagaidís isteach ann.



Le gnóthaíbh de'n tsórd san do dhein Antipater
na Rómhánaigh buidheach de, agus dhein sé rí Arabia
buidheach de. Dhein sé daoine eile buidheach de, leis.
Bhí muinntir catharach Aténé i bpúnc éigin ana chruaidh.
D'iarradar ar Huircánus deagh-chómharsanacht éigin
a dhéanamh dóibh. Do dhein sé an nídh a h-iarradh air
a dhéanamh, ach deir Ióséphus gur bh'é Antipater a
chómhairligh chuige sin é. Bhí muinntir Aténé chómh
buidheach san gur reachtadar coróinn óir do Huir-
cánus agus go ndubhradar sa reacht san go raibh
muinntir catharach Aténé, agus na Gréagaigh go
léir go mór fé chomaoine aige. Do thuig an uile
dhuine gur bh'é Antipater ba bhun leis an ndeagh-
chómharsanacht, agus fuair sé an chreideamhaint a bhí
uaidh.



XXVII.



CÚIRTEANA DLIGHE.



Bhí an aimsir ag drideamhaint chun teacht an
tSlánuightheóra. Bhí an bhliain chúig dheich a seacht ann
um an dtaca 'n-a raibh smacht na Rómhánach curtha
daingean ag Pompéius ar na Iúdaígh.


L. 75


Mar a h-innseadh, do shleamhnuigh Alegsandar,
duine de bheirt mhac Aristóbuluis, ó láimh Phompéiuis
nuair a bhí seisean 'ghá mbreith leis 'n-a bpríosúna-
chaibh go dtí an Róimh. Tháinig sé isteach i dtír Iúdéa.
Thosnuigh na fir a bhí báidheamhail len' athair ar
chruinniú chuige. Bhí armáil mhaith láidir aige sar a
raibh mórán aimsire curtha dhe aige. Bhíodar ag
cruinniú chuige go dtí go raibh deich míle troightheach
aige agus míle agus chúig céad de mharcshluagh.
Thosnuigh sé ar chuid de sna daingeanaibh ba thairbh-
thighe do chur suas airís agus do neartú, go h-áirithe
an daingean úd Alegsandrion, agus an daingean
eile úd Macheron, a bhí i n-aice le sléibhtibh Arabia.
Thosnuigh sé ar bheith ag tabhairt ruag as na dain-
geanaibh sin isteach i dtír Iúdéa agus ag creachadh
na tíre. Ní raibh Huircánus ábalta ar aon chur 'n-a
choinnibh a dhéanamh. Isé rud a dhein sé ná díriú ar
fhallaíbh catharach Ierúsalem do chur suas airís, chun
na catharach agus é féinig do chosaint ar mhac a
dhrithár.



Do h-airigheadh sa Róimh go raibh na fallaí d'á gcur
suas airís. Tháinig órdú ó'n Róimh stad de'n obair
sin. Nuair a tháinig an t-órdú san d'iarr Huircánus
ar na Rómhánaigh teacht agus é chosaint ar mhac a
dhrithár nuair ná leogfidís dó féin é féin do chos-
aint air.



Bhí Scaurus imthighthe ó Shuíria agus bhí gobhernóir
eile tagaithe i n' inead. Gabínius ab ainm do'n
ghobhernóir eile sin. Do chomáin Gabínius láithreach
rainnt armála siar go dtí Iúdéa, agus Marcus
Antónius 'n-a thaoiseach ortha, agus chrom sé féin
ar an gcuid eile d'á neart do chur i dtreó chun teacht
'n-a dhiaidh. Níor fhan Antipater socair. Chuir sé
rainnt armála le n-a chéile agus chomáin sé chun
siubhail iad ag cabhrú leis na Rómhánaigh. Do chruinn-
ighdar go léir i gcoinnibh Alegsandair. Do chruinnigh


L. 76


seisean a neart slógh i n-áit ná raibh abhfad ó chathair
Ierúsalem. Do throid sé cath leis na Rómhánaigh
agus do buadhadh air. Do thuit trí mhíle fear d'á
shluagh agus do tógadh a lán eile acu 'n-a bpríosún-
achaibh. Do theich sé féin agus an chuid eile acu isteach
sa daingean úd Alegsandrion. Tháinig Gabínius
agus d'imdhrid sé an daingean. Daingean láidir
go maith ab eadh é agus bhí flúirse lóin istigh ann.
Níor bh'fhéidir é thógaint ach le h-aimsir. D'fhág
Gabínius rainnt d'á neart slógh ag imdhridim an
daingin sin agus do ghluais sé féin agus an chuid
eile d'á neart mórthímpal na tíre, ag cur na
ndaingean eile suas agus 'ghá neartú, le h-órdú
ó Phompéius. Do chuir sé suas Samaría an uair sin,
agus thug sé a ainm féin ar an ndaingean san. As
san amach ní Samaría a bhí mar ainm air ach Gabíniána.
Nuair a tháinig Héród 'n-a dhiaidh san do bhaist sé an
daingean san airís agus ní Samaría ná Gabíniána
do chuir sé mar ainm air ach Sebaste.



Bhí an t-imdhridim ag dul dian ar Alegsandar.
Chuir sé teachtaireacht ag triall ar Ghabínius 'gha
iarraidh air síothcháin a dhéanamh leis agus 'ghá rádh
go dtabharfadh sé suas dó an dá dhaingean eile,
Macheron agus Huircánion.



Bhí máthair Alegsandair sa tír, bíodh go raibh a
fear, Aristóbulus agus an chuid eile d'á clainn
sa Róimh. Tháinig sí chun cainnte le Gabínius. Chrom
sí ar thathant air an tsíothcháin do dhéanamh le n-a
mac. B'é deire an tathaint é gur thuig Gabínius
gur bh'é a bhuac an tsíothcháin do dhéanamh agus na
daingeana úd do ghlacadh gan a thuille trioblóide.
Ansan do lean an mháthair ag tathant air go dtí gur
mhaith sé do'n mhac a raibh déanta aige agus gur thug
sé suas d'á mháthair é.



Do tugadh suas na daingeana úd do Ghabínius.
Do leag sé iad go talamh, i dtreó ná déanfí an


L. 77


úsáid chéadna choidhche airís díobh. Do dheabhróchadh
an sgéal go raibh Huircánus i dteannta Ghabíniuis
sa chogadh san, mar innstear sa tseanachas, nuair
a bhí an gnó go léir críochnuighthe ag Gabínius, gur
rug sé Huircánus leis go dtí Ierúsalem agus gur
chuir sé suas airís é sa n-Ardshagartacht. Ansan
do dheighil sé an tír 'n-a chúig cúigíbh agus chuir sé
suas cúirt dlighe fé leith ins gach cúig díobh. Chuir
sé suas an chéad chúirt i gcathair Ierúsalem, an
tarna cúirt i nGadara, an trímadh cúirt i n-Amat,
an ceathramhadh cúirt i Ierichó, agus an cúigmhadh cúirt
i Sephoris i nGaililí.



Go dtí san bhí dhá shaghas cúirteana dlighe ag na
Iúdaígh chun cúiseana dlighe do thriail agus do bhreith-
niú, fé láimh an rí. Sanhedrim a tugtí ar gach cúirt
díobh san. Tugtar cómhairle, nú cúirt, sa tseanachas,
ar an sanhedrim. Bhí sanhedrim beag ann agus
sanhedrim mór. Bhíodh beirt chómhairleach agus
fiche sa tsanhedrim bheag, agus dháréag a's trí
fichid sa tsanhedrim mhór. Do tugtí an t-Árd-
shanhedrim ar an sanhedrim mór. Bhíodh sanhedrim
beag ins gach cathair, agus bhíodh dhá shanhedrim
bheaga i gcathair Ierúsalem, toisg an bhreis daoine
bheith ann agus an bhreis gnótha. Ní shuidheadh an
chómhairle mhór, nú an chúirt mhór, nú an t-Árd-
shanhedrim, i n-aon áit eile ach amháin i gcathair
Ierúsalem féin, agus bhí áit fé leith socair do'n
chómhairle sin sa teampul. An té go dtabharfí
breith 'n-a choinnibh i gceann de sna cúirteanaibh
beaga d'fhéadfadh sé an t-Árd-shanhedrim do ghairm
agus a chúis do bhreith i láthair na h-árd chómhairle,
agus ní raibh gairm ó bhreith na h-árd chómhairle. Do
chuir Gabínius deire leis an dá shanhedrim agus
chuir sé suas 'n-a n-inead cúirt dlighe ins gach cúig
de sna chúig cúigíbh úd.


L. 78


XXVIII.



GABÍNIUS.



An fhaid a bhí an t-Árd-shanhedrim, nú an chómhairle
mhór, 'n-a suidhe istigh sa teampul i gcathair Ierú-
salem, is chun na cómhairle móire sin a deintí
gairm a dh'fhógairt ó sna cómhairleanaibh ísle. Ach
nuair a chuir Gabínius suas na chúig cúirteana
dlighe in sna chúig cúigíbh, is chun na Rómha, chun an
ímpire, do caithtí an ghairm a dh'fhógairt. D'fhág san
an chúirt i gcathair Ierúsaleim gan aon úghdarás
aici i n-aon áit lasmuich de'n chathair. Agus, istigh
sa chathair féinig, d'fhéadfí gairm a dh'fhógairt ó chúirt
Ierúsalem chun ímpire na Rómha.



Innsean an talmud, ámhthach, go raibh saghas eile
cómhairle ag na Iúdaígh agus gur chimeádadar í.
Sórd moladh beirte, nú moladh trír, ab eadh an
chómhairle sin, nú an chúirt sin. Nuair a bhíodh aighneas
idir bheirt i dtaobh gnótha ceannaidheachta, nú mar-
gaidh nú éilimh fiach, do thoghdís beirt chreideamhnach,
duine ó gach taobh; ansan do thoghadh an bheirt sin
aoinne amháin eile agus do fágtí an chúis fé mholadh
an trír sin. Deirtear go raibh dhá chúis ag na daoine
le bheith sásta leis an moladh san. Cúis díobh san
ab eadh cúirteana Ghabíniuis a bheith ró chostasamhail.
Cúis eile ab eadh cúirteana Ghabíniuis a bheith claon
chun na h-eugcóra dhéanamh.



Tráth éigin an fhaid a bhí Gabínius ag cur na ngnóthaí
sin chun cinn fuair Aristóbulus an chaoi ar eulódh
as an bpríosún i n-a raibh sé i gcathair na Rómha, an
príosún i n-ar cuireadh isteach é tar éis an bhuadh-
chosgair úd a fuair pompéius. Tháinig sé féin agus
a mhac Antigonus go Iúdéa. Do chruinnigh a lán d'á
sheana cháirdibh chuige láithreach. Tháinig chuige, i


L. 79


dteannta na coda eile, taoiseach d'ár bh'ainm
Pitolaus, taoiseach ana chródha a bhíodh ag gabháil le
muinntir na Rómha, nú le muinntir Ghabíniuis agus
Antipater sa n-aimsir roime sin.



Tháinig sluagh ana mhór, ach ní raibh na h-airm ag
Aristóbulus le tabhairt dóibh agus b'éigean dó a
lán acu do sgaoile uaidh mar gheall air sin. Níor
fhéad sé a chimeád ach ocht míle fear, ach b'iad san
na fir ab fhearr de'n mhuinntir a tháinig. D'imthigh
sé féin agus an t-ocht míle fear san agus chrom sé
ar an gcaisleán úd Alegsandrion do chur suas
airís, óir bhí Gabínius tar éis é féin agus na cais-
leán eile úd do raobadh go talamh. Níorthug Gabínius
puinn aimsire dhó chun an chaisleáin do chur suas.
Chomáin sé 'n-a choinnibh neart láidir armála agus
an triúr taoiseach Caesenna agus Marcus Antónius
agus Serbhillius. B'éigean dó troid. Do buadhadh
air sa chath agus do marbhuigheadh chuig mhíle fear air.
Do theich dhá mhíle fear pé treó 'n-ar fhéadadar teiche.
Ní raibh aige ansan ach míle fear. Do rith sé féin
agus an míle fear san isteach i ndaingean Mhacheron.
Ní raibh aon chosaint sa daingean san, mar bhí Gabínius
tar éis é bhrise agus do raobadh, mar adubhradh.
Níor thug na Rómhánaigh uain dó ar aon déanamh suas
a dhéanamh air. Thánadar 'n-a thímpal agus d'imdhrid-
eadar é féin agus a mhíle fear. Do chosanadar san
iad féin go cródha ar feadh dhá lá. Fé dheire do tógadh
Aristóbulus agus é go créachtuighthe agus go lag,
agus do cuireadh thar n-ais go dtí an Róimh é féin
agus a mhac Antigonus, agus do cuireadh isteach
é sa phríosún chéadna as ar euluigh sé tamal beag
roime sin.



Ní deirtear gur tháinig Alegsandar, an mac eile
úd a bhí ag Aristóbulus, ná gur thug se aon chongnamh
d'á athair ná d'á dhritháir Antigonus, an uair sin.
Ach do dheabhróchadh an sgéal go dtáinig an mháthair


L. 80


airís agus gur labhair sí le Gabínius. Deirtear gur
chuimhnigh Gabínius ar an ngeallamhaint a thug sé do'n
mháthair agus gur sgríbh sé leitir chun na seanaide
'ghá rádh gur thug sé an gheallamhaint do'n mháthair
go dtabharfí a clann saor di. Mar gheall ar an
ngeallamhaint sin do sgaoileadh amach an chuid eile
de'n chlainn, Antigonus agus an bheirt inghean, agus
thánadar abhaile chun a máthar, agus do cimeádadh
Aristóbulus 'n-a phríosúnach sa Róimh.



Bhí rí sa n-Éigipt an uair sin agus Ptolemé
Analetus ab ainm dó. D'eirigh muinntir na h-Éigipte
'n-a choinnibh agus chuireadar as an rígheacht é. Do
chuir sé teachtaireacht ag triall ar Ghabínius 'ghá
iarraidh air teacht chuige agus congnamh a thabhairt
dó chun sealbha a rígheachta dh'fhághail airís. Do thoiligh
Gabínius chuige sin. Bhí fhios aige, dá n-eirigheadh leis,
go mbeadh rí na h-Éigipte fé chomaoine ag na
Rómhánaigh; agus bhí fhios aige go mb'fhéidir go
mbeadh tír na h-Éigipte acu ar ball, de thoradh na
h-eadarghabhála, fé mar a bhí tír Iúdéa an uair sin acu.



Bhí fhios ag Gabínius nár mhór dó neart maith láidir
armála bheith aige chun na h-oibre a bhí le déanamh
aige sa n-Éigipt. D'iarr sé ar Huircánus teacht i
n-aonfheacht. Ní h-ar Huircánus a bhí sé ag braith,
ámhthach, ach ar Antipater. D'oibrigh an bheirt, do
thoil a chéile, ag cabhrú leis; thugadar flúirse arbhair
dó, agus mórán arm agus mórán airgid. Thugadar
congnamh eile dhó. Bhí mórán Iúdach thíos sa n-Éigipt
an uair sin, agus do sgríbh an bheirt chucha 'ghá iarraidh
ortha cabhrú le Gabínius nuair a raghadh sé síos.
Bhí dhá áit thíos, Onion agus Pelusium, agus bhí
mórán Iúdach sa dá áit sin, agus ó'n gcuma 'n-a
raibh an dá áit sin suidhte bheadh an congnamh a gheóbhfí
uatha ana thairbhtheach. Chuaidh Gabínius agus Marcus
Antónius síos; do tugadh dóibh congnamh na
nIúdach, go mór mór congnamh na nIúdach a bhí sa


L. 81


dá áit úd. D'eirigh a gcúrsa leó. Chuireadar
Ptolemé i seilbh a rígheachta, agus bhí sé buidheach
de sna Rómhánaigh agus de sna Iúdaígh. Ansan, mar
adeir an seanachas, do shnamuigh Gabínius caradas
nua le Huircánus agus chuaidh sé abhaile go dtí an
Róimh.



XXIX.



SAIL ÓIR.



Nuair a bhí Gabínius ag dul síos sa n-Éigipt
d'fhág sé 'n-a dhiaidh, 'n-a ghobhernóir ar chrích Shuíria,
an Rómhánach úd Caesenna, agus níor fhág sé fé
n-a láimh ach neart slógh ná raibh ró láidir. Ba mhian
leis oiread nirt slógh agus d'fhéadfadh sé a bhreith
leis síos sa n-Éigipt. Fear óg ab eadh Caesenna,
agus do réir mar a labharthar air sa tseanachas ní
raibh an éirim aigne ró láidir aige. B'fhéidir go
ndeinean an seanachaidhe eugcóir air. Níor fágadh
puinn nirt slógh aige, agus ní fhéadfadh aon éirim
aigne gníomh mór a dhéanamh le suarachas nirt.



Ach bhí Alegsandar, duine de mhacaibh Aristóbuluis,
i dtír Iúdéa an uair sin. Is dócha gur mheas Gabínius
go gcimeádfadh a mháthair socair é. Má mheas bhí
dearmhad air. Chómh luath agus thug sé a chúl le Iúdéa
do phreab Alegsandar amach agus chrom sé ar shluagh
do chruinniú. In sna críochaibh lasmuich de Iúdéa
iseadh fuair sé an chuid ba mhó de sna fearaibh. Nuair
a bhí neart maith láidir fear curtha le chéile aige
siúd isteach é i dtír Iúdéa, agus siúd ag marbhú na
Rómhánach é ins gach ball 'n-ar fhéad sé teacht ortha.
Do theich na Rómhánaigh roimis agus chuadar isteach
sa daingean a bhí ar chnoc Gasarim. Do bhailigh
Alegsandar a shlóighte agus chrom sé ar na Rómhán-
aigh a dh'imdhridim istigh sa daingean san. Um an


L. 82


dtaca san díreach iseadh bhí Gabínius ag teacht thar
n-ais as an Éigipt. D'airigh sé an obair a bhí ag
Alegsandar 'á dhéanamh. Chomáin sé Antipater uaidh
i dtreó na h-áite'n-a raibh Alegsandar. Dubhairt sé
le h-Antipater dítheal a dhéanamh ar a chur fhiacaint
ar Alegsandar, agus ar a shluagh, ciall a bheith acu,
agus iad féin d'umhlú fé chómhacht na Rómhánach, mar
gur bh' é a leas é. Dhein Antipater an gnó go gasta
agus go tuisgeanach agus go h-éirimeamhail. Do
mheall sé a lán de sna fearaibh ó Alegsandar, ach do
theip glan air a chur fhiachaint ar Alegsandar féinig
umhlú. Bhí sé ar buile nuair a chonaic sé na fir ag
imtheacht uaidh tré chómhairle Antipater. Bhí tríochad
míle (30,000) fear aige gan imtheacht. Shocaruigh sé
ar chath a thabhairt do sna Rómhánaigh a bhí ag Antipater
agus ag Gabínius sar a n-imtheóchadh a thuille de sna
fearaibh uaidh. Do troideadh an cath i n-aice chnuic
Tabor. Do briseadh an cath ar Alegsandar. Do
marbhuigheadh deich míle fear air, agus do theich an
chuid eile acu. Ní h-innstear cad d'imthigh ar
Alegsandar. I ndiaidh an chatha san iseadh d'imthigh
Gabínius abhaile go dtí an Róimh, agus tháinig Crassus
ó'n Róimh, 'n-a ghobhernóir ar chrích Shuíria. Do bhain
Iúdéa an uair sin leis an gcrích sin, fé smacht na
Rómhánach.



Fear ab eadh Crassus go raibh ana dhúil i n-airgead
aige. Bhí an dúil sin sa n-airgead agá lán de sna
taoiseachaibh Rómhánacha do cuirtí 'n-a ngobhernóiríbh
ar na críochaibh a thuiteadh fé smacht na Rómhánach.
Bhí gach aon rud suaineasach socair síothchánta i gcrích
Shuíria agus Iúdéa nuair a tháinig Crassus 'n-a
ghobhernóir ar an áit. Ní raibh aon leathsgéal aige
chun aon tsraith airgid d'éileamh ó mhuinntir na tíre.
D'airigh sé, ámhthach, go raibh saidhbhreas mór istigh sa
teampul. Tháinig sé chun an teampuil chun go bhfeich-
fadh sé ar bh'fhíor an sgéal. Bhíodh duine de sna


L. 83


sagartaibh 'n-a stíbhard ar an saidhbhreas a bhí sa
teampul. Nuair airigh sé go raibh Crassus ag teacht
bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí ainm na sainnte ar
Chrassus agus bhí fhios ag an stíbhard gur chun a raibh
de shaidhbhreas sa teampul a thógaint agus do bhreith
leis a bhí sé ag teacht. Cheap an stíbhard dá dtais-
beánadh sé dhó aon tseóid amháin a bhí ana uasal go
mbeadh sé sásta leis an seóid sin agus ná tógfadh
sé a thuille. Sidí an tseóid uasal a thaisbeáin sé
do Chrassus. Bhí sail mhór throm théagartha óir, 'n-a
fárdorus os cionn doruis an sanctum sanctórum.
Ar an bhfárdorus óir sin iseadh bhíodh brat an team-
puil ar crochadh. Bhí an tsail óir le feisgint nuair
a cuireadh an chéad bhrat ar crochadh uirthi. Nuair a
dh'imthigh rainnt aimsire agus nár bh'fholáir an chéad
bhrat san d'aistiriú agus brat nua do chur suas i
n' inead, ní h-amhlaidh a tógadh an seana bhrat chun
siubhail. Is amhlaidh a filleadh mórthímpal ar an sail
óir é, agus do cuireadh an brat nua lasmuich dhe. Do
filleadh an tarna brat, ar an gcuma gcéadna,
mórthímpal ar an sail óir, nuair a bhí an aimsir
imthighthe airís agus an trímhadh brat le cur suas.
Mar sin dóibh. Nuair a bhíodh brat nua le cur suas
ní deintí i gcómhnuidhe ach an seana bhrat do chasadh
tímpal ar an sail óir, lasmuich de sna seanabhrataibh
eile go léir. Ar ball ní raibh aon radharc ar an
sail óir, agus le h-imtheacht na h-aimsire d'imthigh
cuimhne ar an sail óir a bheith ann i n-aon chor
a h-aigne na ndaoine. Ansan ní raibh aon phioc
d'á fhios ag aoinne an tsail a bheith sa n-áit ach
amháin ag an stíbhard. Sin mar a bhí an sgéal
nuair a tháinig Crassus. Do labhair an stíbhard le
Crassus:-



"Feuch, a dhuin'uasail," ars an stíbhard, "á
seóid uasal óir i bhfolach sa n-áit seo agus tais-
beánfad duit í má dhearbhuighean tú dhom go


L. 84


solmanta ná tógfir aon nídh eile as an dteampul
naomhtha so."



Do dhearbhuigh Crassus go dian. Do taisbeánadh
an tsail dó. Do thóg sé an tsail. Ansan do thóg
sé an uile phioc saidhbhris eile d'á raibh sa teampul.
Nuair adubhairt an stíbhard leis gan an dearbhú do
bhrise níor dhein sé ach "Éist do bhéal, a bhrealláin,"
do rádh leis, agus gáire do chur as.



XXX.



CRASSUS.



Nuair a chonaic Crassus na brait go léir tógtha
anuas de'n bhfárdorus, agus an tsail bhreágh mhór
fhada bhuidhe ag taithneamh fé sholus na gréine, d'eirigh
buile sainnte, nár bh'fhéidir leis a smachtú, istigh
'n-a chroidhe. Pé breith a bheadh aige ar aon chuid de
shaidhbhreas an teampuil fhágaint 'n-a dhiaidh sar a
bhfeacaidh sé an tsail óir sin ní raibh aon tseans go
bhfágfadh sé aon rud 'n-a dhiaidh tar éis soluis na
saile sin a dhul 'n-a shúilibh. Thóg sé anuas an tsail
agus chuir sé ar chóir iompair í chun í bhreith leis as
an áit. Ansan do chrom sé ar árthaíbh beannuighthe an
teampuil do bhailiú chuige agus do chur ar an gcóir
iompair i n-aice na saile.



"A dhuin'uasail," arsan stíbhard, "ná sáruigh an
dearbhú a dheinis. Ná tarraig ort an easgaine úd
a labhrais ad' choinnibh féinig."



"Éist do bhéal, a bhrealláin, arsa Crassus. "Dá
mbeadh aon leus meabhrach agat-sa ná ag muinntir
na catharach so ní bheadh an tsail sin i bhfolach ansan
agaibh chómh fada. Is mithid do dhuine éigin go bhfuil
ciall daona aige greim fhághail uirthi féin agus ar
an gcuid eile de'n tsaidhbhreas so."


L. 85


Thug Ióséphus a thuairim fé mhéid an tsaidhbhris a
bhí sa tsail agus sa chuid eile de sna neithibh a thóg
Crassus an uair sin. Bhí an saidhbhreas chómh mór
san go raibh eagla ar Ióséphus ná creidfí a mheas
féinig 'n-a thaobh gan meas ó dhaoinibh éigin creid-
eamhnacha eile bheith aige mar dheimhniú. Deir sé gur
bh'é meas Strabó Chapadocia gur bh'fhiú deich míle
talant an saidhbhreas san. Dhéanfadh san dhá mhílliún
púnt d'airgead na h-aimsire seo (£2,000,000).
Ainimnighean Ióséphus sgríbhinní eile, leis, sgríbhinní
atá ar ceal anois, agus bhíodar ar an bhfocal
gcéadna.



Níor fhan an easgaine abhfad gan tuitim ar
Chrassus. Bhí fhios aige go raibh tír Phartia ana
shaidhbhir, agus an taoiseach Rómhánach do chuirfadh
smacht na Rómha ar an dtír sin go mbeadh caoi
aige ar shaidhbhreas ana mhór fhághail nuair a gheóbhadh
sé gobhernóireacht na tíre sin ó'n seanaid. Bhí sé
ar feadh abhfad 'ghá iarraidh ar an seanaid úghdarás
a thabhairt dó chun go raghadh sé isteach sa tír sin agus
go gcuirfadh sé cogadh uirthi agus go dtabharfadh
sé fé smacht na Rómha í. Bhí an tseanaid ag diúltú
dhó ar feadh abhfad. Fé dheire do ghéilleadar dó.
Thugadar dó an t-úghdarás a bhí uaidh. Bhí an saidhbh-
reas aige. Níor bh'fhada an mhoill air sluagh do
chruinniú agus do ghleusadh. Do ghluais sé féin agus
a shluagh isteach i dtír na bPartiánach. Bhí na Partián-
aigh ullamh dó. Do throideadar cath cródha, fuilteach,
fíochmhar leis, ag cosnamh a dtíre. Do briseadh an
cath air agus do thuit sé sa ruaig. Sin mar a thuit an
easgaine air. Ní h-innstear cad d'imthigh ar an
sail óir as san amach. Ach innstear gur marbhuigheadh
an Crassus san dhá bhliain agus caogad roim theacht
an tSlánuightheóra.



Bhí an taoiseach Cassius ar shluagh Chrassuis. Nuair
thuit Crassus agus do sgaipeadh a shluagh do chruinnigh


L. 86


Cassius iad agus thug sé leis isteach iad i dtriúchaibh
Shuíria. Bhí na Partiánaigh lán de dhásacht tar éis
an chatha san a bhriseadar ar Chrassus, agus bhíodar
ag brúth isteach i dtriúchaibh Shuíria agus ag creachadh
na dtriúch san. Do chruinnigh Cassius an tsluagh
bhriste agus chuir sé misneach airís ionta. Do ghluais
sé leó i gcoinnibh na bPartiánach a bhí ag creachadh
Shuíria agus bhris sé mórán cathana ortha. Ansan thug
sé aghaidh thar n-ais ar Iúdéa mar bhí gnó aige le
déanamh ann.



Bhí cathair ar a dtugtí Taricéa ar bhruach Locha
Gennesaret. Bhí duine de thaoiseachaibh Alegsan-
dair úd, mac Aristóbuluis, tar éis dul isteach sa
chathair sin agus é féin agus sluagh mhaith láidir do
dhainginiú istigh innti. Chítear nár marbhuigheadh
Alegsandar sa chath úd a bhris Gabínius air tar éis
teacht aníos ó'n Éigipt dó. Bhí sé istigh i gcathair
Taricéa, é féin agus an taoiseach úd Pitolaus. Do
thóg Cassius an chathair agus tríochad míle príosúnach.



Bhí Antipater i dteannta Chassiuis an uair sin.
Ar chómhairle Antipater do cuireadh Pitolaus chun
báis. Níor cuireadh Alegsandar chun báis. Do
tuigeadh go bhfanfadh Alegsandar socair mara
mbeadh Pitolaus a bheith ag séide faoi. Ansan do
ghluais Cassius agus a shluagh i dtreó abhan Euphrátes
soir ódheas chun go gcuirfadh sé cosg le ruagaibh
na bPartiánach.



Trí bliana 'n-a dhiaidh san iseadh chuir Iúlius Caesar
cathair na Rómha fé n-a smacht. Bhí Aristóbulus sa
phríosún sa Róimh. Do socaruigheadh ar é fhágaint sa
phríosún an chuid eile d'á shaoghal. Do fágfí ann é
mara mbeadh Iúlius Caesar.



Do thuig Iúlius Caesar go mbeadh Aristóbulus
tairbhtheach dó féinig, i n-aghaidh Pompéiuis dámbeadh
cead a chinn agus a chos aige agus é thoir i dtír Iúdéa.
Do leog sé amach as an bpríosún é, agus chuir sé dhá


L. 87


légión fear armtha fé n-a láimh, agus dubhairt sé
leis dul soir go dti Palestín, agus tír Shuíria do
chimeád fé eagla. Bheadh san go h-ana mhaith d'Aris-
tóbulus mara mbeadh aon nídh amháin. Bhí Caesar
agus Pompéius an uair sin i gcoinnibh a chéile go
dian. Bhí muinntir na Rómha go léir i gcoinnibh a
chéile mar gheall ar an mbeirt, gach aoinne ag gabháil
le duine éigin de'n bheirt, agus na daoine a bhí ar
thaobh Chaesair agus na daoine a bhí ar thaobh Phompéiuis
i gcoinnibh a chéile, chómh dian díreach agus bhí Caesar
agus Pompéius i gcoinnibh a chéile. Chonaic muinntir
Phompéiuis Aristóbulus tagaithe amach as an
bpríosún. Thuigeadar cad chuige. Thugadar nimh dó.
Chuir san as an slighe é ó Phompéius. Chuireadar
isteach é i bpríosún ná féadfadh Caesar é leogaint
amach as.



XXXI.



MOLADH A BHÍ TUILLTE GO MAITH.



Bhí Alegsandar, mac Aristóbuluis, thoir sa tír
naomhtha. D'airigh sé an sgéal nua, go raibh Caesar
tar éis a athar, Aristóbulus, do leogaint amach as
an bpríosún agus go raibh sé ag teacht abhaile ó'n
Róimh agus neart slógh ó Chaesar aige chun cur i
n-aghaidh Phompéiuis. Do phreab sé láithreach agus
chrom sé ar neart slógh do chur le chéile chun bheith
ullamh ar pháirt a ghabháil len' athair chómh luath agus
thiocfadh sé isteach i Iúdéa. Ach bhí Pompéius ag faire
air. Do h-innseadh dó cad a bhí ar siubhal ag Aleg-
sandar. Bhí taoiseach i n-Antioch an uair sin agus
Quintus Metellus Scipio ab ainm dó. Cliamhain
do Phompéius ab eadh é. Do thárla go raibh Aleg-
sandar i gcómhgar d'Antioch i n-áit éigin. Chuir
Pompéius sgéala ag triall ar a chliamhain 'ghá rádh


L. 88


leis breith ar Alegsandar agus é chur chun báis.
Do rugadh ar Alegsandar agus do tugadh i láthair
Mhetellus Scipio é. Do dhaor Metellus chun báis
é, agus do baineadh an ceann de. Ní raibh d'á
clainn beó ansan ag an máthair ach a mac Antigonus
agus a beirt inghean. Bhí sí féin agus an triúr 'n-a
gcómhnuidhe i n-Ascalon. Chuir Ptolemé Mennaeus,
priúnsa Chaleis, sgéala ag triall uirthi 'ghá iarr-
aidh uirthi a mac Antigonus agus a beirt inghean do
chur chuige féin agus go dtabharfadh sé aire dhóibh. Do
chuir sí ag triall air iad. Bhí mac aige agus Philipion
ab ainm dó. Phós sé sin duine de'n bheirt inghean.
Alegsandra ab ainm di sin, ainm a máthar. Suím
éigin aimsire 'n-a dhiaidh san, ámhthach, pé cúis a bhí
aige chuige, do chuir a athair Philipion chun báis agus
ansan do phós sé féin an ríogan óg Alegsandra.



Ach bhí an cogadh agus an chaismirt ar siubhal go
dian idir an mbeirt, Caesar agus Pompéius. Thug
san caoi do sna Iúdaígh ar rainnt tairbhthe dhéanamh
dóibh féinig. Bhí ar a gcumas páirt a ghabháil le
Caesar i gcoinnibh Phompéiuis nú le Pompéius i
gcoinnibh Chaesair. Ghabhadar páirt le Caesar. Bhí sé
thíos sa n-Éigipt an uair sin, agus é a d'iarraidh na
catharach san Phelúsium do thógaint. Bhí an chathair
ana láidir, ana dhaingean, agus ní raibh neart slógh
aige a bheadh ábalta ar an gcathair a thógaint. Bhí sé
ag feitheamh le tuille nirt a bhí ag taoiseach d'ár
bh'ainm Mitridátes'á thabhairt chuige. Ní raibh Mitri-
dátes ag teacht, agus bhí Caesar neamh-fhoidhneach.
I n-Ascalon a bhí sé ag feitheamh. Ba mhaith an mhaise
ag Antipater é, do chuir sé le chéile trí mhíle fear,
Iúdaígh chródha, agus iad armtha i gceart, agus tháinig
sé ag triall ar Chaesar; i dteannta an trí mhíle
fear san bhí cuid mhaith eile nirt aige, neart fear a
chruinnigh sé ó Arménia agus ó Shuíria agus ó shliabh
Libanuis. Bhí rud maith eile aige i dteannta an méid


L. 89


sin. Bhí leitireacha aige ó Huircánus chun na nIúdach
a bhí 'n-a gcómhnuidhe thíos sa n-Éigipt, 'ghá iarraidh
ortha páirt a ghabháil le Caesar agus cabhrú leis
chun catharach Phelúsium a thógaint. Do dhein Iúdaígh
na h-Éigipte an rud a dh'iarr an t-árdshagart
Huircánus ortha. Do cuireadh an neart go léir le
chéile agus do tógadh Pelúsium, agus bhí an Éigipt
ag Iúlius Caesar, agus a bhuidheachas san aige ar
Antipater agus ar Huircánus agus ar Iúdaígh na
h-Éigipte. Fear cruaidh láidir cródha ab eadh
Antipater féin. Bhí sé ar an gcéad fhear do léim
isteach thar falla sa chathair an lá a tógadh í.



Déarfadh daoine, ámhthach, nár sgríbh Huircánus
riamh na leitireacha úd chun na nIúdach a bhí thíos sa
n-Eigipt, gur sgríbh Antipater féinig iad agus gur
chuir sé ainm Huircánuis thíos leó. Níor bh'fhearr
le Huircánus rud a dhein sé. Dhein Antipater an
gníomh agus fuair Huircánus an chreideamhaint.
Do mhol Mitridátes go h-árd an chuma 'n-ar dhein
Antipater an gnó san. Dubhairt sé lom díreach le
Iúlius Caesar: "Mara mbeadh Antipater ní thógfá
Pelúsium, agus gan Pelúsium ní bheadh an Éigipt
agat."



Do thuig Caesar go raibh an moladh tuillte go
maith. Bhí árd mheas aige ar Antipater as san amach.
Thug sé mórán onóradhó; dhein sé "Civis Rómánus"
de, agus thug sé gnóthaí móra dhó, le déanamh i Iúdéa.
Thug Caesar mórán onóra do Huircánus leis. Pé
'cu do sgríbh sé na leitireacha úd nú nár sgríbh fuair
sé an chreideamhaint, agus fuair sé an tuarastal.
Do dhainginigh Caesar é sa n-árdshagartacht, agus
dhein sé priúnsa ar Iúdéa dhe, agus an teidiol san a
bheith agá shliocht go deó. Agusthugsé do náisiún na
nIúdach thar n-ais ceartana agus príléidí a sínsear.
Dhein sé reacht cun na bpríléidí sin do cur i bhfeidhm,
agus leis an reacht san d'atharuigh sé ar fad an


L. 90


obair úd a dhein Gabínius nuair a chuir sé na chúig
cúirteana dlighe ar bun in sna chúig cúigíbh. Do
chuir Caesar an obair sin go léir ar neamhnídh agus
chuir sé na seana chúirteana ar bun airís mar a
bhíodar roimis sin.



Ach i lár na h-oibre sin, agus an obair ag dul ar
aghaidh go breágh réidh, tháinig Antigonus i láthair
Chaesair agus chuir sé gearán go cruaidh isteach ar
Antipater agus ar Huircánus. Thaisbeáin sé conus
mar a bhí bás fuiligthe agá athair agus agá dhritháir
mar gheall ar pháirt a ghabháil le Caesar; conus
mar a bhí an eugcóir go léir déanta ag Huircánus
agus ag Antipater air féinig agus ar a athair agus
ar shliocht a athar. D'fhreagair Antipater é. Do
mhínigh sé amach go breágh soiléir gur bh'é Huircánus
an dritháir ba shine, agus gur deineadh sárú air, agus
ná raibh ag Aristóbulus agus agá chlainn 'á dhéanamh
i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach an eugcóir; ag
cur na tíre tré n-a chéile, an sárú a deineadh ar dtúis
d'á chur i bhfeidhm riamh ó shin. Ní bhfuair Antigonus
aon tsásamh.



XXXII.



CARADAS COGAIDH.



Seo reacht a dhein Caesar an uair sin i bhfabhar do
sna Iúdaígh. Do chuir Ióséphus síos 'n-a sheanachas í:



"Iúlius Caesar, i n' ímpire agus 'n-a dhictatóir
an tarna h-uair, agus c. Ó's rud é go bhfuil an Iúdach
Huircánus tar éis a bháidheamhlactha do thaisbeáint
dúinn ar a lán slighte áirithe, i n-aimsir chogaidh agus
i n-aimsir síothchána, go mór mór leis an gcabhair a
chuir sé chughainn sa chogadh dheirineach so; mar gheall
ar a bhfuil de thairbhthe déanta aige, dlighim-se anois,


L. 91


leis an reacht so, chuige féin agus chun a shleachta,
forlámhas ar na Iúdaígh go deó, agus é bheith 'n-a
phriúnsa agus i n-a Árdshagart os a gcionn, chun iad
do riaghlú do réir a nós agus a ndlighthe féinig.
Ainimnighim é feasta ar dhuine dem' cháirdibh ró
dhílse; agus dleachtaim go daingean gach ceart agus
gach príléid d'á mbainean leis an Árdshagartacht
a dh'fhanmhaint aige féin agus agá mhacaibh go deó;
agus gur b'é féin nú iad-san, amháin, a thabharfidh
breith ins gach cúis d'á n-eireóchaidh idir Iúdachaibh.
Agus 'n-a theannta san, na Iúdaígh a bheith saor
feasta ó chothú slógh sa gheimhre agus ó gach cáin
phoibilidhe."



Tháinig an méid sin chun na nIúdach tríd an gcogadh
bheith idir an dá Rómhánach mhóra, Caesar agus Pom-
péius. Gan amhras ní thiocfadh oiread san tairbhthe
chucha as an gcogadh mara mbeadh a fheabhas a dhein
Antipater a ghnó agus a fheabhas a thuig sé gach beart
roim ré. Is seanfhocal é gur "tar éis a tuigtear
gach beart," ach an té a thuigfidh gach beart roim ré
is aige a bheidh buadh, mara rud é go dtuigfidh duine
éigin eile "gach beart roim ré" níos fearr 'ná mar
a thuigfidh seisean.



Tímpal na h-aimsire céadna chuir muinntir catharach
Aténé teachtairí ag triall ar Huircánus ag athnua-
chaint caradais, agus chuireadar reacht uatha go dtí
cathair Ierúsalem, ag admháil dílse caradais
Huircánuis dóibh féin agus do sna Gréagaigh go
léir.



Go luath 'n-a dhiaidh san do chuir Huircánus teacht-
airí go dtí an Róimh ag athnuachaint caradais chogaidh.
Do glacadh na teachtairí sin sa Róimh le h-onóir
mhór. Thaisbeáin Iúlius Caesar dóibh onóir nár ghnáth
a thabhairt do theachtairíbh. Thug sé mar phríléid dóibh
suidhe 'n-a láthair féin. Agus d'órduigh sé go gcaith-
fadh muinntir na tíre, ó Ghasa go dtí Sídon, an


L. 92


cháin do dhíolaidís i gcomhnuidhe leis an ímpireacht,
do dhíol feasta isteach i dteampul catharach Ierú-
salem. Fiche míle tómhas cruithneachtan ab é an méid
a dhíoladh cathair Sídon amháin de'n cháin sin. D'órduigh
sé, leis, na catharacha a bhí roimis sin i seilbh na
n-Árdshagart do thabhairt thar n-ais do Huircánus.



Nuair a bhí na maitheasaí sin go léir déanta ag
Caesar do sna Iúdaígh, tré mhéid a bhuidheachuis ortha
mar gheall ar ar dhein Antipater dó i n-aghaidh na
bPartiánach, chuir se Segstus Caesar, a ghaol gairid
'n-a ghobhernóir ar chríochaibh Shuíria, agus chuaidh sé
féin agus Antipater i n-aonfheacht leis, siar go
cathair Tuíre. As san chuaidh sé, ar bórd luinge,
siar go Sicilia.



Do sgar Antipater le Caesar ag Tuíre, agus
ansan thug sé aghaidh ar chathair Ierúsalem. Níor stad
sé, an fhaid a bhí sé ár an slighe, ach 'ghá chur 'n-a luighe
ar na daoine gur bh'é a leas bheith umhal do sna
Rómhánaigh; gur bh'fhearr bheith umhal dóibh ar ais, nú
go gcaithfí bheith umhal dóibh ar éigin.



XXXIII.



BUIDHEAN LUCHT FOGHLA.



Tháinig Antipater go Ierúsalem agus reacht
Chaesair 'n-a phóca aige. Chrom sé láithreach ar na
gnóthaí dhéanamh a bhí ceaduighthe sa reacht. Chuir se
gnóthaí na dlighe sa riocht i n-a rabhadar sar ar dhein
Gabínius an t-atharú.



Do leag Pompéius fallaí na catharach. Do chrom
Antipater ar iad do chur suas airís go breágh dain-
gean. Phasael ab ainm do'n té ba shine d'á mhacaibh.
Dhein sé gobhernóir ar an gcathair de'n mhac san.
Héród ab ainm do'n mhac eile. Dhein sé gobhernóir


L. 93


an Ghaililí de Héród. Ansan do ghluais sé féin agus
Huircánus, an t-árdshagart, ar chuaird mórthímpal
tríd an dtír, ag cur dlighe i bhfeidhm agus ag cur
na rígheachta i n-eagar.



Do thárla go raibh an uair sin i nGaililí buidhean
luacht foghla, agus go raibh an dúthaigh ciapaithe creachta
acu. Do shocaruigh Héród, gobhernóir Gaililí, ar an
mbuidhin sin d'ídiú as an áit. Gníomh ab eadh é nár
bh'fhuiriste dhéanamh. Ach fuair Héród greim ar an
gceann a bhí ortha, agus ar rainnt de'n chuid eile acu,
de'n chuid ab ábalta acu, agus mhairbh sé iad. Do
theich an chuid eile acu as an áit. Thug an gníomh san
ana chreideamhaint do Héród ar fuaid na tíre go
léir. Bhí an uile dhuine buidheach de. Bhí creideamhaint
mhór ag Phasael d'á fhághail, leis, mar gheall ar an
gcuma 'n-a raibh gnó na catharach aige 'á dhéanamh.
Bhí áthas mór ar Antipater nuair a chonaic sé an
chreideamhaint go léir agá bheirt mhac. Bhí Segstus
Caesar, gaol an fhir mhóir a bhí sa Róimh, 'n-a ghobher-
nóir ar Shuíria. D'airigh sé trácht ar an mbeirt agus
do mhéaduigh an meas a bhí aige ortha féin agus ar
a n-athair. Ní raibh aon mheas ag aoinne ar Huaircánus,
agus ba chuma le Huircánus cé 'cu bhí nú ná raibh.
Ní raibh ann ach spreas. Bhí gach aon rud ag Antipater
'á dhéanamh. Ach bhí sé ana ghasta. Dhein sé gach aon
rud i n-ainm Huricánuis, ach do réir a thoile féinig.



Bhí san go maith go dtí gur thosnuigh na Iúdaígh
uaisle ar a thuisgint go raibh iomad úghdaráis a
Antipater. Chonacadar conus mar a chuir a mhac
Héród na foghlaidhthe úd chun báis gan aon triail
dlighe thabhairt dóibh, gan iad a thabhairt os cómhair
an tSanhedrim. Bhí a thoil féinig curtha aige os
cionn an tSanhedrim. "An fear a dhein an gníomh
san anois," ar siad, eatartha féin, "feuch, cad a
dhéanfidh sé ar ball!" Bhíodar ar buile. Do
labhradar le Huircánus augs chromadar ar thathant


L. 94


air a thoil féin do chur i bhfeidhm i gcoinnibh an fhir
óig sin, agus é thabhairt chun lámha agus a chur fhiach-
aint air freagairt sa ghníomh a bhí déanta aige, fir
do chur chun báis gan triail gan dlighe, ach le n-a
thoil féinig! "Feuch," ar siad le Huircánus, "cad
'tá agat 'á dhéanamh. Cead agat 'á thabhairt do mhac
Antipater san, do mhac an phroselítigh sin ná
bainean le clainn Israéil i n-aon chor, gníomh a
dhéanamh ná leómhfadh rí a dhéanamh, fir a chur chun
báis gan iad a thabhairt os cómhair aon chúirte ná os
comhair aon bhreithimh!"



Bhí an bháidh ró láidir ag Huircánus le Héród.
Ach do chuir na h-uaisle sgannra air. Fe dheire do
ghéill sé. Chuireadar máithreacha na bhfear a cuireadh
chun báis i n-áit i n-a bhfeicfadh Huircánus iad, agus
iad ag gol agus ag lógóireacht agus a d'iarraidh
sásaimh ar an bhfear a chuir a gclann chun báis gan
dlighe gan triail. Fé dheire chuir Huircánus órdú
ag triall ar Héród 'ghá rádh leis teacht agus freag-
airt 'n-a ghníomh



XXXIV.



SAMÉAS.



Fuair Héród an teachtaireacht a chuir Huircánus
chuige 'ghá rádh leis teacht agus freagairt sa ghnoímh
a bhí déanta aige, ag cur na bhfoghlaidhthe úd chun báis
gan iad a thabhairt os cómhair an tSanhedrim.
Tháinig sé. Ach conus a tháinig sé? Tháinig sé mar
a thiocfadh rí, éadach corcra uime. Buidhean láidir
d'á sheirbhíseachaibh le n-a chois agus iad armtha go
maith. Agus bhí leitir aige ó Shegstus Caesar 'ghárádh
leis an Sanhedrim dá ndaoraidís Héród gur
dhóibh ba mheasa.


L. 95


Chuaidh sé i láthair cúirte an tSanhedrim. Níor
labhair aoinne 'n-a choinnibh. Tháinig sgannra ortha.
Bhí aon duin'uasal amháin ortha nár bh'fhéidir aon
sgannra chur air. Nuair a chonaic sé an sgannra ar
an gcuid eile d'eirigh sé agus do labhair sé, do chuir
sé i leith Héróid na gníomhartha aindleathacha a bhí
déanta aige, ní h-amháin i dtaobh na bhfear úd a chuir
sé chun báis gan dlighe gan triail, ach a lán eile
gníomhartha de'n tsaghas chéadna a bhí déanta aige.
Ansan do chuir sé 'n-a leith an easumhluidheacht a
bhí tabhartha aige do'n tSanhedrim, agus do'n rí,
agus do dhlighe an náisiúin, ag teacht os a gcómhair
ansan agus buidhean armtha aige chun é chosaint ar
an ndlighe, agus ar an rí, agus ar bhreith an tSan-
hedrim. "Ach sa n-am gcéadna," ar seisean, "ní
h-air is mó atá milleán agam. Ar an árdshagart
agus ar na breitheamhain seo atá milleán agam. Tá
úghdarás agus cómhacht agus freagarthacht na dlighe
mar chúram ortha, agus siniad ansan iad 'n-a suidhe
go ciúin agus gan aon iarracht acu 'á dhéanamh ar
chómhacht na dlighe do chur i bhfeidhm ar an bhfear san!
Ach cuimhnighdís ar mo chainnt. Breitheamh ceart
cómhachtach iseadh Dia na Glóire. An fear san atá
agaibh-se d'á leogaint saor anois, agus go bhfuil
ceart Dé agaibh d'á bhrise ar a shon, déanfidh sé íde
'n-a dhiaidh so oraibh go léir, idir rí agus Sanhedrim
daoibh."



Saméas ab ainm do'n fhear san. Tháinig a chainnt
fíor. Tháinig an Héród san i gcómhacht 'n-a dhiaidh san,
agus chuir sé chun báis Huircánus agus an uile dhuine
de sna breitheamhain sin a bhí os a chómhair an lá san.
Níor fhág sé beó ach beirt acu, Saméas agus duin'-
uasal eile dá'r bh'ainm Pollio. Do lean árd mheas
aige ar Shaméas i gcaitheamh a shaoghail 'n-a dhiaidh san.



Thug Huircánus fé ndeara, ámhthach, gur chuir cainnt
Shaméais fonn ar na breitheamhnaibh go léir labhairt


L. 96


i gcoinnibh Héróid, agus gur bhaoghal go mb'fhéidir
go ndaorfidís é. Chuir sé an gnó ar athlá go dtí
amáireach a bhí chughainn; ansan chuir sé teachtaireacht,
a gan fhios, ag triall ar Héród 'ghá rádh leis teiche
len' anam. Do theich sé. Chuaidh sé óthuaidh go
Damascus. Ansan chuir sé é féin fé chomairce an
ghobhernóra, agus chuir sé teachtaireacht ag triall
ar an Sanhedrim 'ghá rádh leó dá nglaodhidís airís
air go séanfadh sé a n-úghdarás. Bhíodar ar buile.
Dheineadar a ndítheal chun a chur fhiachaint ar Huir-
cánus a thuisgint gur bhaoghal dó féinig an fear san.
Ní raibh aon mhaith dhóibh ann.



XXXV.



AR IOMPÁIL NA N-EACH TIG ATHARACH NA
SGÉAL.



Bhí an tSanhedrim i gcathair Ierúsalem agus iad
ar buile chun Héróid mar gheall ar an easonóir a bhí
tabhartha aige dhóibh. Bhí Héród fé chomairce Shegstuis
Caesair agus é ar buile mar gheall ar an easonóir
a bhí tabhartha dhó ag an Sanhedrim agus ag an árd-
shagart Huircánus.



Chuir Héród rainnt airgid le chéile agus cheannuigh
sé gobhernóireacht na tíre sin Celesuíria, ó Shegstus
Caesar. Ansan do chrom sé ar neart slógh do chur
le chéile chun teacht go Ierúsalem agus díoltas a
dhéanamh ar an Sanhedrim agus ar an árdshagart
i n-aonfheacht. Do labhair a athair Antipater leis,
agus do labhair a dhritháir Phasael leis.



"Ní ceart duit, a mhic," arsa Antipater," aon
nídh dhéanamh i gcoinnibh Huircánuis. Isé an duine
muinnteartha is fearr a bhí riamh againn é. Mara


L. 97


mbeadh é ní bheadh aon rud againn, cómhacht ná
creideamhaint ná saidhbhreas.



"Táim-se am' ghobhernóir ar chathair Ierúsalem,
a dhritháir," arsa Phasael, "agus is orm-sa a bheidh
an t-olc go léir agat 'á dhéanamh."



Do ghéill Héród an uair sin do'n bheirt. Ach do
bheartuigh sé i n'aigne féin go mbeadh lá eile aige.
D'fhan sé socair 'n-a chúige féin an uair sin.



Dhá bhliain 'n-a dhiaidh san, cheithre bliana agus
dachad roim theacht an tSlánuightheóra, do chuir
Huircánus teachtaireacht go dtí an Róimh, ag triall
ar Iúlius Caesar, chun caradais d'athnuachaint. Bhí
Caesar an uair sin 'n-a chonsul an cúigmhadh bliain.
Thug sé reacht eile dho Huircánus an uair sin 'ghá
cheadú dhó tuille dainginiúcháin a dhéanamh ar chathair
Ierúsalem, agus ag tabhairt tuille príléidí do sna
Iúdaígh, mar gheall ar an dtairbhthe a dheineadar dó
in sna cogaíbh, i Suíria agus sa n-Éigipt. Thug sé
cead do Huircánus a rogha gobhernóireacht a dhéanamh
ar chathair Ierúsalem, agus do dheimhnigh sé airís chuige
seilbh na mbailte agus na gcatharach a bhí agá
shínsear. Thug sé a lán tabharthaistí agus príléidí
eile dhóibh leis, i dtreó go raibh an sgéal go h-ana
mhaith acu.



Chómh luath agus tháinig an reacht do thosnuigh
Antipater ar an ndainginiúchán, agus dhein sé an
obair chómh maith san agus chómh bunúsach san go raibh
an chathair, nuair a bhí an dainginiúchán críochnuighthe
aige, chómh daingean, chómh láidir, chómh maiseamhail,
agus a bhí sí an uair ba mhó a cómhacht sa n-aimsir a
bhí imthighthe.



Ach an bhliain 'n-a dhiaidh san, sa bhlian cheithre dheich
a trí roim theacht an tSlánuightheóra, do thuit rud
amach a chuir iompáil taobh síos suas ar an saoghal.
Do marbhuigheadh Iúlius Caesar sa Róimh. An tráth
céadna díreach, do marbhuigheadh Segstus Caesar


L. 98


lastoir i Suíria. Bassus ab ainm do'n fhear a mhairbh
Segstus Caesar, agus Brútus agus Cassius, agus an
bhuidhean a bhí ag gabháil leó, isiad a chuir chun báis
Iúlius Caesar.



Ba mhór agus ba thiobaisteach an iompáil í. Na
reachtana agus na príléidí agus na tabharthaistí go
léir imthighthe! Thug Iúlius Caesar na tabharthaistí
go léir agus na príléidí go léir do Huircánus agus
do sna Iúdaígh, "go deó." Nár ghairid an "go
deó" é! Nách suarach an rud "go deó" i mbéal
an duine! Mheas Huircánus agus na Iúdaígh go
mbeadh síothcháin agus suaineas agus suairceas "go
deó" acu nuair a bhí na tabharthaistí agus na príléidí
sin fághalta acu ó Chaesar, ach "ar iompáil na n-each
tig atharach na sgéal."



XXXVI.



CASSIUS FÉ CHOMAOINE.



"Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal."
Bhí Caesar marbh. Bhí Segstus Caesar marbh. Bhí
Bassus, an fear a dh'imir bás ar Shegstus Caesar,
bhí sé 'n-a ghobhernóir ar Shuíria. Bhí Antonius agus
Dolabella 'n-a gconsulaibh sa Róimh. Bhí na teacht-
airí úd Huircánuis sa Róimh fós. Do chruinnigh na
consuil an tseanaid. Do tugadh teachtairí Huir-
cánuis isteach i láthair na seanaide chun an charadais
a dh'athnuachaint.



Chómh luath agus bhí Iúlius Caesar marbh do rith
Cassius soir go Palestín agus chuir sé Bassus a'
gobhernóireacht Shuíria go tapaidh. Do ghlac sé féin
forlámhas ar a raibh de shaighdiúiríbh Rómhánacha sa
n-áit. Ansan dhein sé síothcháin le Bassus agus ghlac
sé isteach fé féin é agus pé neart slógh a bhí ag gabháil
leis. Bhí Suíria go léir fé n-a láimh aige ansan.


L. 99


Ní foláir dúinn a chimeád os cómhair ár n-aigne
conus mar a bhí na Rómhánaigh go léir 'n-a dhá mbuidh-
in sar ar marbhuigheadh Iúlius Caesar, buidhean acu
ag gabháil le Iúlius Caesar agus an bhuidhean eile
ag gabháil le Pompéius. Namhaid do Chaesar ab eadh
an bhuidhean a bhí ag gabháil le Pompéius. Cáirde do
Chaesar ab eadh Marcus Antónius agus Dolabella,
an bheirt chonsul a bhí sa chathair nuair a bhí teachtairí
Huircánuis ann agus iad gan dul soir abhaile fós.
Namhaid do Chaesar ab eadh Brútus agus Cassius.
Bhíodar sa bhuidhin a mhairbh é, agus do chuir Brútus
féin sgian ann. Do lean an dá bhuidhin a d'iarraidh
caradais a dhéanamh leis na Iúdaígh tar éis bháis
Chaesair, díreach mar a bhíodar roime n-a bhás. Chun
greama dh'fhághail i n-am ar Phalestín iseadh do rith
Cassius soir chómh tapaidh. Bhí Bassus tar éis Segstuis
Caesair do mharbhú. D'á bhrígh sin namhaid do mhuinn-
tir Chaesair ab eadh Bassus. Bhí a rian air, do thuig
sé féin agus Cassius a chéile go tapaidh. Ghabhadar
páirt le n-a chéile do luigh bassus isteach fé
Chassiu agus bhí Suíria go léir ag namhdaibh Chaesair.



Ní raibh an taobh eile díomhaoin. Chuir Dolabella
uaidh taoiseach d'ár bh'ainm Aliénus soir go Iúdéa
chun na tíre sin a chimeád do cháirdibh Chaesair.



Bhí Cleopátra sa n-Éigipt. Chuir sí cheithre légióin
de shaighdiúríbh Rómhánacha ag triall ar Aliénus.
D'airigh Cassius go raibh Aliénus ag teacht 'n-a choinnibh
tré thír Iúdéa agus na cheithre légióin sin aige. Bhí
ocht légióin ag Cassius. Do ghleus sé na h-ocht
légióin sin, i n-ineadaibh áirithe, chómh maith san agus
chómh tuisgeanach san, gur ghlacadar cheithre légióin
Aliénuis mar a glacfí i líon iad. Bhí dhá légión
déag ag Cassius ansan, agus bhí sé 'n-a mháighistir ar
an dtír go léir. Ach rud costasamhail iseadh mór-
shluagh. B'éigean dó airgead mór a dh'éileamh ar
thír Iúdéa, ba mhaith an mhaise ag Antipater é, thug


L. 100


sé féin agus a mhac, Phasael, ana chongnamh dó chun
an airgid a dh'fhághail. Thug Héród, leis, congnamh
mór dó, agus thug sé céad talant airgid uaidh
féinig dó. Ar an gcuma san bhí Cassius fé chomaoine
mhór ag Antipater agus agá bheirt mhac, Héród agus
Phasael. Thug Huircánus, leis, céad talant airgid
dó, thar cheann fir d'ár bh'ainm Malichus, chun é
shaoradh ó bhás.



XXXVII.



MALICHUS.



Bhí Cassius lastoir i Suíria agus an dhá légión
déag de shaighdiúiríbh Rómhánacha aige. Níor bh'fhada
gur airigh na consuil sa Róimh cad a bhí imthighthe ar
na cheithre légióin úd a thug Cleopátra d'Aliénus.
Do ghluais Dolabella agus neart slógh aige chun
dul i gcoinnibh Chassiuis. D'airigh Cassius an sgéal
san. Dhein sé gobhernóir ar Chelesuíria de Héród
agus d'imthigh sé féin as an áit sin thoir, agus thug
sé aghaidh i dtreó éigin i n-a bhféadfadh sé oibiriú
i gcoinnibh Dholabella.



An fear úd, Malichus, gur thug Huircánus an
céad talant do Chassius thar a cheann chun é shaoradh
ó'n mbás, fear ab eadh é a bhíodh i gcómhnuidhe ag
cabhrú le h-Antipater in sna gnóthaíbh stáit a bhíodh
aige 'á dhéanamh i n-ainm Huircánuis. Nuair a chonaic
an Malichus san Antipater agus a bheirt mhac chómh
cómhachtach sa stát, mac acu 'n-a ghobhernóir ar
Chelesuíria, agus an mac eile 'n-a ghobhernóir ar
chathair Ierúsalem, agus a n-athair, Antipater, níba
chómhachtaighe go mór 'ná Huircánus féinig, tháinig
fuath nímhneach aige do'n triúr, d'Antipater agus
d'á bheirt mhac. Bhí sé ar buile chuige féinig mar
gheall ar an gcongnamh a bhí tabhartha aige d'Antipater,


L. 101


i gcaitheamh na h-aimsire roimis sin, chun é féin
d'árdú agus do chur sa chruith i n-a raibh sé an uair
sin; é 'n-a rí ar an dtír, chómh fada le cómhacht rí
dáiríribh a bheith aige, agus gan ann le fírinne ach
Iduméach, fear nár bhain i n-aon chor le clainn Israéil.
Bhí Malichus ar buile mar gheall air sin agus do
shocaruigh sé i n-aigne ar Antipater a mharbhú. Bhí
an tslighe socair aige ar conus a dhéanfadh sé an
bheart. D'innis duine éigin d'Antipater cad a bhí
chuige. D'imthigh sé soir treasna abhan Iórdain agus
chruinnigh sé oiread nirt slógh agus chosanóchadh é
ar Mhalichus. Nuair a fuair Malichus go raibh
sgéidhte air, d'imthigh sé láithreach soir ag triall ar
Antipater agus chrom sé ar dhearbhú go dian gur
bh'éitheach an uile fhocal d'ár innseadh d'Antipater
'n-a thaobh.



"Tá fhios agam-sa," ar seisean, "cé h-iad a chuir
an t-éitheach san orm," agus d'innis sé d'Antipater
cé 'r bh'iad. Fé dheire do chreid Antipater é, agus
bhí síothcháin eatartha. Bhí Marcus 'n-a ghobhernóir ar
Chelesuíria an uair chéadna. Bhí aithne mhaith ag Marcus
ar Mhalichus. Bhí sé ceapaithe ar Mhalichus do chur
chun báis mar gheall ar a bheartaibh fill. Do labhair
Antipater go cruaidh le Marcus agus thug sé
Malichus saor ó'n mbás an uair sin; b'olc an gnó
a bhí aige 'á dhéanamh. Ach do thaithn an gnó san go
mór le Cassius agus le Marcus. Bhíodar tar éis
gobhernóireachta Chelesuíria thabhairt do Héród, agus
dubhradar le h-Antipater go ndéanfidís rí dhe ar
Iúdéa chómh luath agus bheadh deire leis an gcogadh a
bhí an uair sin ar siubhal i gcoinnibh Mharcuis Antónius
agus Octábhiuis Óig. Bhí Brútus agus Cassius arthaobh
de'n chogadh san, agus bhí Marcus Antónius agus
Octábhius Óg 'n-a gcoinnibh sin ar an dtaobh eile.



Nuair airigh Malichus go rabhthas chun rí dáiríribh
a dhéanamh d'Antipater thug sé breab do dhuine éigin


L. 102


agus do tugadh nimh d'Antipater agus é ar dínnéar
i dtigh Huircánuis. Sin mar a chúitigh Malichus le
h-Antipater an chosaint a dhein Antipater air nuair
a bhí Marcus chun é chur chun báis.



XXXVIII.



MALICHUS MARBH.



Bhí, mar adubhradh, Malichus ar buile nuair a bhí
fhios aige go raibh an Rómhánach cómhachtach úd, Cassius,
ceapaithe ar rí dhéanamh de Antipater ar Iúdéa.
Iduméach iasachta le bheith 'n-a rí ar Iúdéa! Níor
bh'fhéidir cur suas le n-a leithéid.



Bhí Antipater le bheith ar dínnéar ag an Árdshagart,
ag Huircánus. Thug Malichus breab do dhuine de
sheirbhíseachaibh an Árdshagairt agus thug an seirbhíseach
san nimh d'Antipater ag an ndínnéar.



Do thuig an bheirt mhac, Héród agus Phasael, gur
bh'é Malichus a dhein an gníomh san. Ní raibh aon phioc
d'á mhearathal ortha. Bhí Malichus 'ghá dhearbhú go
dian ná raibh aon bhaint aige leis an ngníomh, ach bhí
an aithne ró mhaith acu air, agus bhí fhios ag gach aoinne
gur bh'é chuir an gníomh 'á dhéanamh. Bhí an aigne
theasaidhe ag Héród agus dubhairt sé go gcuirfadh
sé féin neart slógh le chéile gan a thuille righnis agus
go dtiocfadh sé agus go ndéanfadh sé díoltas ar
Mhalichus. Bhí Phasael fadaraidhneach agus dubhairt
sé gur bh'fhearr cuid d'á chleasaidheacht féin a dh'imirt
ar Mhalichus 'ná an tír go léir do shuathadh le cogadh
mar gheall air; go bhféadfí an t-uisge-fé-thalamh
a dhéanamh air fé mar a dheineadh seisean ar dhaoinibh
eile.



Do leog an bheirt ortha le Malichus gur chreid-
eadar é nuair adubhairt sé ná raibh aon bhaint aige
le bás a n-athar. Do chrom Phasael ar leacht a chur


L. 103


suas i n-onóir d'Antipater. D'imthigh Héród
óthuaidh go Samaría ar ghnó éigin. Tháinig sé thar n-ais
go Ierúsalem tamal beag 'n-a dhiaidh san agus
buidhean láidir d'á lucht airm le n-a chois. Bhí
Malichus istigh sa chathair i dteannta Huircánuis.
Bhí féile na cásga ann. Nuair a fuair Malichus go
raibh Héród ag teacht agus an bhuidhean armtha aige
dubhairt sé le Huircánus; "Ní ceart leogaint do
Héród teacht isteach sa chathair agus a bhuidhean lucht
airm aige. Is truailliú ar an bhféile é." Níor thug
Héród uain dóibh ar an sgéal do shocarú eatartha.
Bhí sé istigh sa chathair sar a raibh fhios acu cad a bhí
ar siubhal aige. Bhí cead aige ó Chassius díoltas a
dhéanamh ar Mhalichus. Bíodh go raibh, níor dhein sé
aon nídh 'n-a choinnibh an uair sin. Tháinig caoi ab
fhearr chuige. Bhí Cassius tar éis Laodicéa do
thógaint. Bhí uaisle na tíre ag teacht ag umhlú dhó.
Bhí mac do Mhalichus 'n-a gheall ag Cassius. Cheap
Malichus go raghadh sé agus go n-umhlóchadh, mar
chách, do Chassius, agus go mb'fhéidir go bhféadfadh
sé a mhac a thabhairt saor leis. Bhí tuairim ag Héród
go dtiocfadh Malichus chun san do dhéanamh. Bhí
Malichus agus Huircánus ag teacht. Bhuail Héród
úmpa ar an slighe. D'ullmhuigh sé dínnéar do
Huircánus agus do Mhalichus, i n-aice le cathair
Tuíre. Chuir sé teachtairí isteach i gcathair Tuíre chun
an dínnéir a dh'ullmhú mar dh'eadh. D'innis na teacht-
arirí do mhuinntir na catharach gur bh'é órdú Chassiuis
dóibh Malichus do mharbhú. Tháinig muinntir na
catharach amach. Bhuaileadar uime Mhalichus agus
mharbhuighdar é. Bhí iongna ar Huircánus nuair a
fuair sé an gníomh déanta.



"Cé dh'órduigh an gníomh san?" ar seisean.
"D'órduigh Cassius an gníomh," arsa Héród. "Is
maith an gníomh é," arsa Huircánus. "Do sgar an
gníomh san mise le droch dhuine."


L. 104


XXXIX.



DROCH SHLIOCHT AR SHÍNSEAR UASAL



Do marbhuigheadh Malichus, ach d'fhag sé 'n-a
dhiaidh dritháir a bhí chómh h-olc leis féinig. B'éigean
do Chassius imtheacht ag triall ar Bhrútus. Bhí cúram
a ndóithin ar an mbeirt sin an uair sin. Bhíodar
ag cruinniú a slóighte i gcoinnibh Mharcuis Antónius
agus Octábhiuis óig. Bhí Héród thuaidh i nDamascus
agus é breóite.



Do chrom dritháir Mhalichuis ar shlóighte do chur
le chéile i Iúdéa chun díoltais a dhéanamh ar an
mbeirt a chuir a dhritháir chun báis. Bhí fear gur
bh'ainim do Féligs i gcathair Ierúsalem an uair
chéadna agus é 'n-a cheann ar pé saighdiúirí Rómhánacha
a bhí sa chathair. Measaid lucht eóluis gur ghaibh sé
sin páirt le dritháir Mhalichuis, i gcoinnibh Phasael.
Níor chuir Huircánus aon chosg leó. Ní raibh aon
mhaith ann chuige. D'aontuigh sé leó ins gach nídh d'á
raibh ar siubhal acu. Bhí Féligs ag cur ar Phasael.
D'imthigh dritháir Mhalichuis agus thóg sé an dún ar
a dtugtí Massada agus rainnt eile de dhúnaibh
láidire a bhí sa tír. Bhí Héród breóite. D'fhág san
an brúth go léir ar Phasael. Ach bhí rainnt mhaith
slóighte aige. Chuir sé le chéile iad agus chomáin sé
Féligs agus a shlóighte amach a' cathair Ierúsalem.
Chuadar isteach i ndún éigin. Do dhún Phasael
isteach sa dún san iad agus níor leog sé amach as
iad ach ar choinghiolachaibh. Le n-a linn sin bhí a thaom
breóiteachta curtha dhe ag Héród. Tháinig sé adtuaidh
agus chabhruigh sé le n-a dhritháir. Níor bh'fhada go
bhfuair an bheirt an lámh uachtair ar dhritháir Mhalichuis
agus ar a raibh ag gabháil leis. B'éigean dó dún
Mhassada a thabhairt suas do Héród ar choinghill
go leogfí a anam saor leis.


L. 105


Ansan tháinig an bheirt abhaile go dtí Ierúsalem.
Thugadar aghaidh bhéil ar Huircánus mar gheall ar
leogaint do dhritháir Mhalichuis a leithéid de thoir-
measg a dhéanamh. Ach tar éis an aghaidh bhéil sin a
thabhairt air do mhaitheadar dó. Agus do phós Héród
an ríogan Mariamne, inghean mic do Huircánus,
an bhean ba bhreághtha d'á raibh sa dúthaigh an uair sin.
Aristóbulus ab ainm d'á h-athair. Mac do Huir-
cánus ab eadh é. 'Sé sin le rádh, de shliocht na
Macabéach ab eadh é. Agus ó'n Mariamne sin iseadh
do shíolruigh an bhean úd gur bh'ainm di Heródias,
an bhean a dh'órduigh d'á n-inghin, do Shalóme, a
dh'iarraidh ar an rí ceann Eóin Baiste do thabhairt
ar mhéis di. Droch shliocht ar shínsear uasal ab eadh
Heródias agus Salóme. Do rug droch chrích an
bheirt. Bhí Heródias pósta ag Héród Philib. B'é
sin athair Shalóme. D'imthigh sí ó'n bhfear san agus
bhí sí ag fear eile, ag Héród Antipas. Chuir sí suas
Antipas chun dul go dtí an Róimh ag lorg teidil
rí. Nuair a shroiseadar an Róimh do cuireadh coir i
leith Antipais agus do díbireadh é siar go Gaillia.
Chuaidh Heródias siar i n-aonfheacht leis. Ní'l a
thuille trácht orna.



Tráth éigin 'n-a dhiaidh san bhí Salóme ag dul thar
abhainn. Bhí leac-oidhir ar an abhainn. Cheap sí dul
treasna ar an leac-oidhir. Nuair a bhí sí i lár na
h-abhan do bhris an leac-oidhir fé n-a cosaibh. Chuaidh
sí síos go guailnibh. Ansan tháinig bró leac-oidhrach
chúichi, anáirde ar an leac-oidhir a bhris. Tháinig an
bhró leac-oidhrach chúichi go breágh réidh. Níor bh'fhéidir
di corruighe ná dridim i leathtaoibh. B'éigin di fan-
mhaint mar a raibh aici, agus do bhain an bhró leac-
oidhrach an ceann di ansúd istigh i lár na h-abhan!


L. 106


XL.



MAR MHAITHE LEIS FÉIN.



Bhí Malichus marbh. Bhí dritháir Mhalichuis curtha
fé smacht. Bhí gach nídh ar a dtoil ag an mbeirt
drithár, ag Phasael agus ag Héród. Ní fada a bhí
ámhthach. D'eirigh 'n-a gcoinnibh fear gur bh'ainm dó
Antigonus, mac drithár do Huircánus, mac do'n
Aristóbulus úd a dhein an coímhsgar go léir, ó
thosach, i gcoinnibh Huircánuis. Bhí an t-Antigonus
san ceapaithe ar Huircánus do chur as an rígheacht,
óir, dar leis, b'é féin an rí ceart ó b'é mac Aris-
tóbuluis é. Do ghaibh Ptolemé Mennacus, rí
Chailcis, a pháirt, mar bhí gaol aige leis agus uchtmhac
dó ab eadh é. Do mheall sé chuige, leis, Marion,
priúnsa Tuíre. Agus do ghaibh gobhernóir Dhamas-
cuis a pháirt ar bhreib mhaith. Fábius ab ainm do'n
ghobhernóir sin.



Nuair a bhí an congnamh san go léir aige chuir sé
neart slógh le chéile agus siúd fé dhéin catharach
Ierúsalem é féin agus a shluagh chun a chirt a bhaint
amach. Níor tháinig sé abhfad ar an slighe nuair a
bhuail Héród uime agus sluagh láidir aige. Do
throideadar. Do briseadh an cath ar Antigonus
chómh tiubaisteach san gur cuireadh deire le n-a ghnó
an iarracht san. Bhí Héród ró oilte dhó ar ghnóthaíbh
cogaidh.



Ach i dteannta bheith oilte ar ghnóthaíbh cogaidh, bhí
Héród gasta. Bhí muinntir catharach Tuíre tar éis
teacht agus páirt a ghabháil le n-a namhaid, agus
troid 'n-a choinnibh sa chath san. Do theastuigh uaidh,
ámhthach, muinntir na catharach san a bheith 'n-a gcáirdibh
aige i n-inead iad a bheith 'n-a namhdaibh aige. Mheas-
adar, nuair a bhí buaidhte aige ortha sa chath nár


L. 107


bh'fhios cad é an díoltas a dhéanfadh sé ortha. Bhíodar
deimhnightheach ná raighdís as níba shaoire 'ná a raibh
d'uaislibh ortha do chur chun báis agus an chuid eile
acu do dhíol 'n-a ndaoraibh. Ní raibh aon choinne acu
leis an rud adhein Héród. Chuir sé fios ar na h-uais-
libh a bhí ortha. Do labhair sé leó go cneasta. Thug sé
le tuisgint dóibh go raibh fhios aige ná beidís ar
thaobh a namhad mara mbeadh gur deineadh feall ortha
d'á bhrígh sin ná raibh aon mhilleán aige ortha. Ansan
do bhronn sé tabharthaistí móra ortha. Do thug sé
dhóibh le breith abhaile leó an chuid acu a bhí créacht
nuighthe tar éis an chatha. Thug sé cóir iompair dóibh
i dtreó go bhféadfidís a ndaoine créachtnuighthe,
agus b'fhéidir cuid de chorpaibh a n-uasal, do bhreith
leó abhaile, agus thug sé lón bóthair dóibh go fial.
Agus chuir sé cuid d'á shluagh féin leó chun iad a
thionnlacan agus do chosaint ar na buidhnibh lucht
foghla go raibh an dúthaigh lán díobh.



Bhí, nídh nár bh'iongna, uathbhás agus iongna agus
alltacht ortha-san. Chuadar abhaile go dtí cathair
Tuíre, agus bheadh an tseamróg ag an té fhéadfadh
iad a mhealladh, as san amach, chun páirt a ghabháil le
h-aon treabhchas daoine, i gcoinnibh Héróid.



Ach, "mar mhaithe leis féin a dheinean an cat
crónán." Is ar mhaithe leis féin a dhein Héród an
deagh-chómharsanacht san. Dhein sé an deagh-chómhar-
sanacht ar mhaithe leis féin, agus fuair sé toradh na
deagh-chomharsanachta. Is ar mhaithe leis féin a dhein
sé an deagh-chómharsanacht, agus is mar mhaithe leis
a dh'iompuigh an deagh-chómharsanacht amach 'n-a dhiaidh
san. Ní h-ar mhaithe le muinntir catharach Tuíre a
dhein sé an gníomh, ach is mar mhaithe leó a deineadh
an gníomh.


L. 108


XLI.



CATH PHILIPPÍ.



Do chuir buadh an chatha san i gcoinnibh Antigonuis
oirdhearcas ar ainm Héróid ar fuaid Iúdéa go léir,
agus ar fuaid na dtíortha mórthímpal. Bhí fhios ag
an uile dhuine an uair sin go raibh sé cródha i gcath,
tapaidh i ngníomh, dochlaoidhte i gcómhrac, ach, ní
raibh súil ag aoinne go bhféadfadh sé a leithéid de
bhuille thiubaisteach a bhualadh ar an neart slógh
láidir, líonmhar san d'fhearaibh cruadha go raibh
seana thaithighe acu ar chogadh. Do bhuail sé an buille
tiubaisteach ortha. Do sgaip sé iad díreach niar a
sgaipfí pobul nár sheasaimh riamh i gcath. Bhí iongna
ar gach aoinne, agus bhí ainm Héróid i mbéal an uile
dhuine.



Ach níor bh'fhiú trácht ar an oirdhearcas a chuir an
cath ar ainm Héróid, ná ar an iongna do chuir an
cath ar gach aoinne, seachas an iongna a tháinig ar an
uile dhuine, idir charaid agus namhaid, nuair a
h-airigheadh agus a h-innseadh, ó bhéal go béal, an
rud a dhein sé le muinntir catharach Tuíre nuair a
bhí buaidhte aige ortha agus greim aige ortha agus
díoltas cruaidh tuillte go maith acu. Do chuir an
cath oirdhearcas ar ainm Héróid, ach iongna agus
alltacht iseadh do chuir an gníomh eile sin ar gach
aoinne. Ó'n aithne a bhí ag daoine ar an bhfear ní raibh
aon choinne ag aoinne leis an ngníomh eile sin.



Ach do dhein sé an dá ghníomh. Chuaidh muinntir
catharach Tuíre abhaile agus áthas ortha agus tháinig
Huircánus agus muinntir catharach Ierúsalem
amach i gcoinnibh Héróid ag fáiltiú roimis agus ag
bronnadh onóra air nuair a bhí sé ag dul abhaile go
Ierúsalem agus an dá ghníomh san déanta aige.
Mac do'n Iduméach ab eadh é, ach, mar sin féin, bhí


L. 109


an cleamhnas socair an uair sin idir é agus Mari-
amne agus d'á bhrígh sin ba dhuine de mhuinntir
Huircánuis é. D'á éaghmais sin bhí sé tar éis buach-
taint ar namhaid Huircánuis, agus níor thuig aoinne
go raibh aoinne eile beó an uair sin a dh'fhéadfadh
buachtaint ar an namhaid sin. Ní baoghal go bhféad-
fadh Huircánus féin buachtaint air. D'á bhrígh sin,
má bhí Huircánus beó 'n-a rígheacht an uair sin b'ar
Héród a bhuidheachas.



Ach bhí gnóthaí eile ar siubhal ar fuaid an domhain
an uair sin i n-éaghmais gnóthaí Huircánuis agus
Héróid agus Antigonuis. Bhí leath an domhain
Rómhánaigh ag Brútus agus ag Cassius 'á chruinniú
chun cogaidh, agus bhí an leath eile de'n domhan
Rómhánach ag Antonius agus ag Octábhius Óg 'á
chruinniú i gcoinnibh Bhrútuis agus Chassiuis. Do
cruinnigheadh cómhachta armtha an domhain go léir,
a leath, ar gach taobh, thoir i Macedónia, mar a raibh
an chathair ar a dtugtí Philippí. Do troideadh dhá
chath fhuilteacha idir an dá mhórshluagh. Do buadhadh
ar Bhrútus agus ar Chassius sa troid sin agus dein-
eadh ímpire d'Octábhius Óg. Ansan chuaidh Octábhius
siar tré thíorthaibh Ghaillia agus chuaidh Marcus
Antónius soir go tíorthaibh Shuíria agus Phalestín
agus chífar cad iad na gnóthaí a dhein Marcus
Antónius in sna tíorthaibh sin lastoir.



Sa bhliain cheithre dheich a dó roim Chríost a troideadh
an cath san Philippí (42 B.C.).



XLII.



TEACHT ABHAILE FÉ ÁTHAS.



Tar éis catha Philippí do chuaidh, mar a h-innseadh,
Octábhius siar i dtíorthaibh Ghaillia, agus chuaidh
Marcus Antónius soir isteach i dtíorthaibh Shuíria.


L. 110


Bhí fhios aige go raibh obair le déanamh aige sa
n-áit sin thoir.



Bhí Héród tar éis buachtaint ar Antigonus sa
chath úd. Ach bhí a lán de sna Iúdaígh gan aon ghrádh
acu do Héród ná d'Antipater ná do Huircánus.
Bhí fuath acu do'n Iduméach Antipater, agus bhí
fuath nímhneach ag cuid acu do Huircánus féin.



Tháinig Marcus Antónius go Bitúinia. Chómh luath
agus a h-airigheadh é bheith sa n-áit sin siúd chuige
teachtairí as na tíorthaibh go léir mórthímpal, ag umhlú
dhó, ag umhlú do chómhacht na Rómha, ag umhlú do'n
té go raibh cómhacht na Róma i n-a láimh an uair sin
aige tar éis catha Philippí.



Tháinig chuige, leis, buidhean de sna Iúdaígh agus
gearán cruaidh acu 'á chur isteach i gcoinnibh Héróid
agus i gcoinnibh Phasael agus i gcoinnibh Huircánuis.
Dubhradar go raibh Héród agus Phasael, clann
Antipater, tar éis cómhachta na rígheachta go léir
do bhailiú chucha isteach 'n-a lámhaibh féinig agus ná
raibh fágtha acu ag Huircánus ach amháin samhaltas
cómhachta, agus, toisg gan aon nídh i bhfuirm nirt
aigne a bheith i Huircánus go raibh sé tar éis sgaoile
leó agus a leogaint dóibh a rogha rud a dhéanamh
leis an dtír.



Bhí Héród sa n-áit rómpa. Ní baoghal gur fhág
sé tosach sgéil acu. Bhí aithne aige féin ar Mharcus
Antónius abhfad roimis sin. Bhí Marcus Antónius
i Iúdéa abhfad roimis sin. Bhí sé 'n-a thaoiseach airm
fé Ghabínius ann nuair a bhí Gabínius 'n-a ghobhernóir
ann, an uair úd a dhein sé an t-atharú go léir i
dtaobh an tSanhedrim agus na gcúirteana dlighe.
Bhí Héród, agus Antipater, tar éis Antóniuis
do chur fé chomaoine mhór an uair sin, agus ní
baoghal gur dhein Antónius aon dearmhad de'n
chomaoine sin. Níor fhan Héród i dtaobh leis an
seana chomaoine sin. Bhí fhios aige go maith ná


L. 111


féadfadh Antónius gan easnamh airgid a bheith air
tar éis an chatha san Philippí. Bhí an t-airgead
ag Héród. Thug sé síntiús maith de'n airgead
d'Antónius. Tháinig na Iúdaígh ag cur an ghearáin
isteach i gcoinnibh Héróid agus i gcoinnibh Phasael.
Chuireadar a ngearán isteach. Níor éist Antónius
leó. Ní fhéadfadh sé an gearán a bhí acu 'á dhéanamh
do thuisgint i n-aon chor! Bhí iongna ortha. Ní raibh
aon iongna ar Héród ná ar Phasael.



Tháinig Marcus Antónius go h-Ephesus. Tháinig
teachtaireacht chuige sa n-áit sin ó Huircánus 'ghá
innsint dó gur dhíol Cassius 'n-a ndaoraibh a lán
Iúdach agus 'ghá iarraidh air na Iúdaígh sin d'fhuas-
gailt agus iad a chur saor abhaile, mar gur cháirde
iad do phobul na Rómhánach. Do dhein Antónius an
gnó san láithreach. Chuir sé teachtaireacht mórthímpal
chun na ndaoine go raibh na Iúdaígh sin 'n-a ndaoraibh
acu 'ghá órdú dhóibh na daoine sin do chur thar n-ais
abhaile chun a dtíre féinig. Agus chuir sé reacht i
bhfeidhm i dtreó go ndéanfí an nídh sin, agus, d'á
éaghmais sin, go dtabharfí a maoin agus a gcuid
tailimh thar n-ais do sna Iúdaígh sin. Bhí an sgannra
roim chómhacht na Rómhánach ar na daoine go raibh na
daoir acu. Chuireadar abhaile iad gan a thuille
righnis agus thugadar gach aon chongnamh dóibh chun
teacht abhaile fé áthas.



XLIII.



MARCUS ANTÓNIUS.



Sidí an reacht a chuir Marcus Antónius ag triall
ar mhuinntir Tuíre i dtaobh na nIúdach úd a bhí d'á
gcimeád 'n-a ndaoraibh acu:-



"Marcus Antónius, ímpire agus tríumVir, chun


L. 112


giúistísí, agus chun seanaide, agus chun daoine
catharach Tuíre, le deagh mhéinn:-



"Ó's rud é go bhfuilid na déithe tar éis iad féin
a thaisbeáint ag imirt díoltais go cruaidh ar an
muinntir a dh'imir bás ar Chaesar, agus ó's rud é
gur dhein Cassius eugcóir throm ar náisiún na
nIúdach, náisiún atá i ndlúth-charadas leis na
Rómhánaigh, agus gur dhíol sé mórán de sna Iúdaígh
'n-a ndaoraibh, órduighmíd anois na Iúdaígh sin do
leogaint chun siubhail, agus go dtabharfar dóibh na
príléidí go léir a thug Dolabella do'n náisiún
san. Agus tá órdú againn 'á thabhairt do gach
cathair, i n-a bhfuil aon chuid de sna Iúdaígh sin d'á
gcimeád i mbraighdineas, iad do leogaint chun siubhail
i saoirse láithreach, de bhrígh na reachta so, agus d'á
réir."



Chuir sé reacht eile de'n tsaghas chéadna go cathair
Sídon, agus ceann go h-Antioch, agus ceann do dtí
cathair Arad. Agus d'órduigh sé na reachtana san
d'aistriú i nGréigis, agus ins gach teangain a bhain
le pé tír i n-ar ghádh iad do léighe, agus ansan iad a
chur suas i n-áit éigin phoibilidhe i n-a bhféadfadh
na daoine iad do léighe. Agus d'á éaghmais sin, maca-
samhail do gach reacht acu do chur i gcimeád ameasg
cúntaisí gach catharach nú gach tíre. Ar an gcuma
san níor fhág Marcus Antónius aon chaoi ag aoinne
ar aon bhúntáiste bhreith ar aon reacht acu.



Do bhuaidh Héród, sa chath úd, ar Antigonus agus
chuir sé deire le n-a ghnóthaíbh an uair sin. Ach níor
marbhuigheadh Antigonus sa chath. D'á éaghmais sin bhí
mórán de sna Iúdaígh agus pé maitheasaí a déanfí
dhóibh ná pé tabharthaistí a bronnfí ortha, ní curfí
fhiachaint ortha aon ghrádh bheith acu do mhacaibh an
Iduméigh úd, Antipater.



Tháinig Marcus Antónius go dtí an chathair ar a
dtugtí Daphne, cathair ná raibh abhfad ó Antioch. Chómh


L. 113


luath agus do shrois sé an chathair sin tháinig chuige
ó Ierúsalem buidhean teachtairí ó chuid de mhuinntir
na catharach, agus an seana ghearán acu 'á chur isteach
i gcoinnibh Héróid agus i gcoinnibh Phasael. Dhein
fear d'ár bh'ainm Messala an bheirt do chosaint. Do
thaobhuigh Huircánus le Messala sa chosaint. D'éist
Marcus Antónius go breágh réidh leis an ngearán
agus leis an gcosaint. Nuair a bhí gach a raibh le
rádh ar gach taobh ráidhte do labhair Marcus Antónius
le Huircánus:-



"Cad é do bhreitheamhantas féin, a uasail," ar
seisean, "cia 'cu an bheirt drithár so nú an mhuinntir
seo atá 'n-a gcoinnibh a dhéanfidh gnó riaghaltais na
tíre ar an gcuma is fearr?"



"Deirim, a uasail," arsa Huircánus, "agus
táim deimhnightheach de gur b'iad an bheirt drithár,
Héród agus Phasael, a dhéanfidh gnó an riaghaltais
ar an gcuma is fearr."



Ansan do thug Marcus Antónius a bhreith i bhfabhar
do'n bheirt drithár. Dhein sé dhá thetrarc díobh agus
do sgríbh sé leitir 'n-a bhfabhar ag triall ar an
Sanhedrim.



Bhí an mhuinntir eile ar buile. Bhíodar chómh h-ann-
rianta san go mb'éigean chúig dhuine dhéag acu do
chur i bpríosún. Do curfí chun báis iad mara mbeadh
gur iarr Héród ná curfí.



XLIV.



RAINNT NA CAILLIGHE.



Do cuiread an chúig dhuine dhéag úd sa phríosún.
Do curfí chun báis iad mara mbeadh gur iarr Héród
ná curfí. Nuair a tugadh an bhreith i bhfabhar do


L. 114


Héród agus do Phasael bhí na Iúdaígh ar buile. Nuair
a leogadh a n-anam leó tré ímpidhe Héróid bhíodar
ar dearg bhuile. Agus bhí na daoine a bhí 'n-a ndiaidh
sa bhaile, i gcathair Ierúsalem níba mhó ar dearg
bhuile 'ná mar a bhíodar-san.



Tháinig Marcus Antónius go Tuíre. Tháinig chuige
buidhean eile lucht gearáin ó chathair Ierúsalem. Bhí
míle duine sa bhuidhin sin. Ach bhí mórán tabhar-
thaistí tagaithe, a gan fhios dóibh, ag triall ar Mharcus
Antónius. Chuaidh Héród amach a' cathair Tuíre chucha.
Chómhairligh sé dhóibh ciall a bheith acu agus gan fearg
a chur ar an Rómhánach. D'iarr Huircánus ortha, leis,
ciall a bheith acu. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Do rith
muinntir na catharach chucha amach agus do mharbhuigh-
dar a lán acu agus thógadar a lán acu 'n-a bpríos-
únachaibh agus do sgaipeadh an chuid eile acu. Do
chuir san deire leis an aighneas an lá san, ach níor
chuir sé deire leis an mbruighin. Do lean lucht na
bruighne ag spídiúchán chómh dian san agus chómh seas-
amach san i gcoinnibh Héróid go dtáinig buile
feirge ar Mharcus Antónius. Do buaileadh isteach
i n' aigne nár dhein cneastacht leó ach iad a chur i
n-olcas, agus d'órduigh sé na príosúnaigh go léir a
chur chun báis. Níor ghníomh Rómhánach é. Ach cad fhéad-
fadh an duine a dhéanamh? Chuir sé an gnó go léir
i gcómhairle an árdshagairt a bhí os a gcionn féinig.
Dhein sé an socarú do réir chómhairle an árdshagairt
sin. Má bhíodar ceapaithe ar gan bheith sásta le h-aon
rud ach leis an rud a bhí socair acu roim ré 'n-a
n-aigne féin cad é an gnó a bhí acu ag teacht i láthair
an Rómhánaigh sin agus ag pléidhe an cháis 'n-a láthair?
Má bhíodar ceapaithe ar gan bheith sásta leis an
socarú a dhéanfadh sé cad é mar obair dóibh a
dh'iarraidh ar an nduine aon tsocarú dhéanamh? Nú
má shocaruighdar a n-aigne chun a dh'iarraidh air an
socarú dhéanamh cad 'n-a thaobh nár shocaruighdar a


L. 115


n-aigne ar bheith sásta leis an socarú a dhéanfadh
sé pé 'cu bheadh sé do réir a dtoile féinig nú ná
beadh?



Ní h-eadh. Ní socarú a bhí uatha. A dtoil féinig
do chur i bhfeidhm iseadh bhí uatha. Dá gcuireadh Marcus
Antónius a dtoil féinig i bhfeidhm dóibh bheidís ana
gheal dó. Mheasadar nuair a 'neósfidís a dtaobh
féinig de'n sgéal dó ná féadfadh sé gan a thuisgint
go raibh corp lár an chirt acu. Nár chóir go mbeadh
fhios acu gur thuig an Rómhánach úd "go mbíon dhá
innsint ar sgéal?" Do thuig sé ná raibh aon chiall
i n-aon chor acu; gur fhágadar an socarú faoi agus
ansan ná raibh uatha ach "rainnt na caillighe;" gur
iarradar air an sgéal do shocarú agus ansan gur
mheasadar nár bh'fhéidir a bheith ar an sgéal ach aon
tsocarú amháin, nách dhá innsint a bhí ar an sgéal ach
aon innsint amháin.



Bhí aon nídh amháin, ámhthach, fírinneach ó thosach.
B'é Huircánus an té ba shine de'n bheirt drithár.
Ba leis an rígheacht do réir chirt sínsir. Conus ab
fhéidir do Mharcus Antónius dul laistiar de'n
méid sin fírinne? Thug sé a bhreith do réir na
fírinne sin. D'iarradar a bhreith. Ansan ní ghlac-
fidís a bhreith. Conus fhéadfadh sé gnó dhéanamh le
daoine de'n tsórd san?



XLV.



FOGHA FÍOCHMHAR LÁIDIR.



Bhí buaidhte ag Héród ar an aicme úd a bhí 'ghá
ghearán le Marcus Antónius, ach níor bh'fhada gur
eirigh trioblóid eile chuige.



Bhí rí ar na Partiánaigh agus bhí mac aige d'ár
bh'ainm Pacórus. Bhí taoiseach slógh ag an bPacórus


L. 116


san agus Barsanés ab ainm dó. Do chuir an bheirt
sin fé n-a smacht cathair Shídoin agus cathair Ptolé-
mais. Nuair a bhí an dá chathair sin fé n-a smacht acu
tháinig Antigonus chucha agus d'iarr sé ortha teacht
isteach i Iúdéa agus cogadh do chur ar an dtír agus
Huircánus do dhíbirt agus é féin, .i. Antigonus,
do chur i gcómhacht, "agus," arsa Antigonus, "tabhar-
fad-sa dhuit céad talant agus chúig céad ban."



Bhí Pacórus sásta. Chuir sé a shluagh le chéile agus
siúd isteach é i dtír Iúdéa agus ódheas chun catharach
Ierúsalem. Do bhailigh Antigonus chuige na Iúdaígh
go raibh an fuath go léir acu do Huircánus agus
do bheirt mhac Antipater. Thug an dá shluagh mórán
aimsire ag troid le n-a chéile agus ag marbhú a
chéile, an buadh ag sluagh na ndrithár lá, agus an buadh
ag an sluagh eile lá eile. Ansan, an dá shluagh istigh
sa chathair, agus iad ag marbhú a chéile ar an gcuma
gcéadna. Bhí Phasael agus Héród istigh i bpálás
an rí agus iad 'ghá gcosaint féin.



Bhí féile áirithe ag teacht agus bhí súil ag Antigonus,
nuair a thiocfadh na slóighte Iúdach chun na féile sin
go ngeóbhdís páirt leis féinig i gcoinnibh na beirte
Iduméach. Tháinig an fhéile. Tháinig na daoine chun
na féile. Do ghaibh an chuid ba mhó acu páirt le
h-Antigonus. Bhí an bheirt drithár istigh sa phálás
agus iad 'ghá gcosaint féin. Bhí na daoine a tháinig
chun na féile líonmhar go maith ach ní raibh na h-airm
acu, ná ní raibh eólus acu ar ghnóthaíbh cogaidh. Thug
an bheirt drithár fogha fíochmhar láidir amach fútha
agus do sgaipeadar iad agus mharbhuighdar a lán
acu.



Bhí an coímhsgar agus an marbhú ar siubhal ar an
gcuma san go dtí go raibh an dá thaobh tuirseach go
maith de'n obair. Bhí Pacórus 'n-a longphort lasmuich
de'n chathair. Ag cabhrú le h-Antigonus a tháinig sé,
ach do dheabhróchadh an sgéal go raibh sé sin, leis, cortha


L. 117


de'n chaismirt. Pé'r domhan é, do shocaruigh Antigonus
agus an bheirt drithár ar shíothcháin a dhéanamh agus
ar dhéanamh na síothchána d'fhágaint fé Phacórus. Bhí
súil ag Antigonus go mbeadh Pacórus fabhramhail
dó féinig ó ba Phartiánach é. Níor dhein an bheirt
drithár aon chur 'n-a choinnibh. Chuaidh Phasael amach
go dtí an longphort ag triall air agus bhíodar go
séimh agus go cneasta le n-a chéile. Thug Phasael
leis isteach sa phálás é féin agus rainnt d'á uaislibh
agus chuir sé cóir mhaith ortha. Nuair a fuair Pacórus
an iontaoibh go léir ag Phasael as, do labhair sé leis
mar seo: "Feuch, a rí," ar seisean, "is gnó ana
dheacair an gnó so atá agaibh 'á iarraidh orm-sa do
shocarú eadraibh. Pé socarú a dhéanfad ní bheidh sé
daingean, ná ní bheidh sé buan. Ach tar-sa liom-sa
ag triall ar Bharsapharnés atá 'n-a ghobhernóir ar
Shuíria fé rí na bPartiánach. Má dheinean sé sin
socarú beidh an socarú daingean agus beidh sé buan."
Do thoiligh Phasael. Níor thaithn san i n-aon chor le
Héród. Do ghluais Phasael, ach do rug sé Huircánus
leis, agus dhá chéad marcach Partiánach 'ghá dtionn-
lacan.



XLVI.



PACÓRUS.



Do ghluais an chúmplacht ortha óthuaidh agus thánadar
i dtír Ghaililí. Bhí Barsapharnés i n-áit éigin sa tír
sin. Chuadar ag triall air. Nuair a h-innseadh dó
iad a bheith ag teacht chuir sé gárda lucht airm amach
'n-a gcoinnibh ag cur fáilte rómpa. Nuair a tháinig
an gárda san chucha do sgar Pacórus leó agus
d'iompuigh sé thar n-ais fé dhéin catharach Ierúsalem.
Do rugadh Phasael agus Huircánus ag triall ar


L. 118


Bharsapharnés. Thaisbeáin sé gach aon uraim agus
gach aon onóir dóibh. Chuir sé chun cómhnuighthe iad
i dtigh a bhí ar bruach na faraige.



Bhí daoine éigin sa n-áit sin agus bhí báidh acu le
Phasael. D'innseadar dó go raibh feall 'á dhéanamh
air féin agus ar Huircánus; go raibh socair ar an
bhfeall ag Antigonus agus ag rí na bPartiánach;
gur bh'é cúis do Phacórus iompáil thar n-ais go
Ierúsalem ná chun greama dh'fhághail ar Héród agus
é mharbhú. Dubhairt na cáirde sin le Phasael: "Siní
an fharaige os do chómhair. Tabharfimíd-ne long
duit. Eirigh ar bórd na luinge agus imthigh agus
beir t-anam leat."



"Ní imtheóchad," ar seisean. "Ní fhágfad Huir-
cánus anso am' dhiaidh. Mara mbeadh mé ní thiocfadh
sé anso. D'á éaghmais sin ní foláir dom mo dhritháir
Héród do chosaint má's féidir é."



Isé rud a dhein sé ná dul go dána i láthair
Bharsapharnés agus labhairt go neamheaglach leis
agus an feall a bhí beartuighthe aige do chasadh leis.
D'imthigh sé agus do labhair sé le Barsapharnés agus
d'fhiafraigh sé dhe cad chuige dhó an feall a dhéanamh.
"Má's airgead atá uait," ar seisean, "tá dear-
mhad déanta agat. D'fhéadfinn-se díoluidheacht ní
b'fhearr a thabhairt duit a' bheith dílis dom 'ná mar
fhéadfidís siúd a thabhairt duit a' feall a dhéanamh
orm."



Do bhain an chainnt sin Barsapharnés d'á bhunaibh.
Ní raibh aon choinne aige le cainnt chómh dána ná le
gníomh chómh dána. Níor dhein sé ach cromadh ar
dheimhniú agus ar dhearbhú, fé mhionnaíbh troma, ná
raibh aon fhírinne i n-aon chor sa sgéal a h-innseadh
do Phasael i dtaobh an fhill. Is amhlaidh a bhí sé ag
feitheamh go dtí go mbeadh Pacórus tar éis cathair
Ierúsalem do shroisint agus tar éis greama dh'fhághail
ar Héród. Chómh luath agus a bhí, dar leis, uain a


L. 119


dhóithin fághalta ag Pacórus chun na h-oibre sin a
dhéanamh d'órduigh sé Phasael agus Huircánus do
chur isteach i bpríosún agus do ghluais sé féin agus
pé neart slógh a bhí aige ódheas fé dhéin catharach
Ierúsalem i ndiaidh Phacóruis.



Bhí dearmhad air, ámhthach. Fuair Héród gaoth an
fhocail ó dhuine éigin 'ghá innsint dó go raibh an feall
déanta ar Phasael agus go rabhthas chuige féin go
mear. Bhí mórán saidhbhris aige agus muinntir
líonmhar, agus buidhean láidir lucht airm. Bhailigh
sé chuige iad go léir, idir shaidhbhreas agus daoine,
agus d'imthigh sé amach as an gcathair agus thug sé
aghaidh ódheas ar dhúthaigh a athar, ar Iduméa. Níor
mhór dó an t-armáil a bheith láidir go maith aige.
Do thug a lán namhad iarracht ar é shárú agus do
thabhairt thar n-ais. Do bhuaidh sé ortha go léir agus
d'imthigh sé d'á n-aindeóin. Nuair a tháinig Pacórus
agus súil aige le greim fhághail ar shaidhbhreas Héróid
bhí gruaim a dhóithin air. Bhí an saidhbhreas agus Héród
imthighthe.



XLVII.



HÉRÓD SA N-ÉIGIPT.



Bhí Héród ag cur na slighe dhe ódheas go Iduméa,
a chuid saidhbhris agus a mhuinntir roimis amach agus
é féin agus a neart slógh ar deire, 'ghá gcosaint ar
na slóighte namhad a bhí 'ghá leanmhaint. Bhí dritháir
dó d'ár bh'ainm Ióseph, theas i n-Iduméa. Tháinig sé
sin 'n-a choinnibh aindeas agus buidhean mhaith láidir
aige. Ansan do thánadar go dtí dún ar a dtugtí
Massada, dún a bhí ana láidir. Chuir sé a mhuinntir
agus a chuid saidhbhris isteach sa dún san agus chuir
sé ocht gcéad fear isteach ann mar lucht cimeádta,
agus thug sé dhóibh flúirse lóin, agus d'fhág sé a


L. 120


dhritháir Ióseph os a gcionn. Ansan thug sé aghaidh
ódheas sa n-Éigipt.



Nuair a tháinig Antigonus agus na Partiánaigh
agus fuaradar Héród imthighthe, do thógadar pé
saidhbhreas nár fhéad sé a bhreith leis as a thigh agus
do sgartáladar an tigh, agus rainnt bailte a bhí sa
chómharsanacht. Ansan dheineadar rí d'Antigonus.
Go luath 'n-a dhiaidh san thugadar 'n-a láthair, 'n-a
bpríosúnachaibh, Phasael agus Huircánus. Níor mhaith
le h-Antigonus an t-árdshagart do chur chun báis,
ach bhain sé na cluasa dhe i dtreó go gcuirfadh an
mhachail sin é ó aon bhreith a bheith aige ar bheith i
n'árdshagart a thuille.



Do thuig Phasael go raibh Antigonus ceapaithe ar
bhás éigin grána pianamhail a dh'imirt air féin. Bhí
sé ceangailte le slabhraíbh chómh dian chómh docht san
ná raibh ar a chumas aon anchor a thabhairt dó féin le
n-a láimh féinig. Do thug san, leis, le tuisgint dó
go raibh bás éigin grána beartuighthe dhó ag an rí nua.
Do thárla cloch éigin i n-aice a chinn sa n-áit 'n-a raibh
sé ceangailte. Do chrom sé ar bheith ag bualadh a
chinn i gcoinnibh na cloiche sin go dtí go raibh sé ó
bhaoghal fanmhaint beó.



Ansan d'imthigh na Partiánaigh óthuaidh abhaile agus
do rugadar leó Huircánus bocht, le h-eagla dá
bhfágaidís sa n-áit é go n-eireóchadh tuille toirmisg
mar gheall air.



Chomáin Héród leis ódheas go dti Rhinocorúra,
agus go dtí Pelúsium, agus síos isteach sa n-Éigipt.
Bhí Cleopátra 'n-a banrighin ar an Éigipt an uair
sin. Chuir sí míle fáilte roimis. Bhí fhios aici an
t-eólus a bheith aige ar ghnótaíbh stáit agus ar ghnóthaíbh
cogaidh, an t-eólus ba dhual athar dó a bheith aige.
Mheas sí é chur os cionn na tíre agus os cionn na
n-armála sa n-Éigipt. Níor fhéad sí aon taobh acu
san do dhéanamh, mar bhí socair ag Héród ar dhul


L. 121


siar go dtí an Róimh chómh luath agus d'fhéadfadh
gaoth agus uisge é bhreith siar. Chuaidh sé ar bórd na
luinge ba thúisge bhuail uime, long a bhí ag dul go
Pamphuilia. Do chomáin stoirm an long san isteach
go h-oileán Rodésia, agus b'éigean dó dul i dtír
ar an oileán san. Bhuail daoine muinnteartha ansan
uime agus thugadar caoi dhó ar dhul chómh fada le
Brundúsium. Chuaidh sé as san óthuaidh go dtí cathair
na Rómha. Chuaidh sé chun cainnte le Marcus Antónius
agus le h-Octábhius. Do chuir sé os a gcómhair go
soiléir an cruadhtan i n-a raibh sé. D'éisteadar
leis, agus do thuigeadar, ó'n gcaradas a bhí idir
a athair Antipater agus na Rómhánaigh, nár bh'fholáir
do sna Rómhánaigh cabhrú leis.



XLVIII.



HÉRÓD 'N-A RÍ.



Nuair a bhí Héród 'ghá iarraidh ar Antónius agus
ar Octábhius cabhrú leis i gcoinnibh Antigonuis thug
sé le tuisgint dóibh go mbeadh sé lán tsásta dá
ndeinidís rí ar Iúdéa d'fhear d'ár bh'ainm Aristó-
bulus, dritháir do Mhariamne, agus leogaint dó
féinig luighe isteach fé'n bhfear san, ag tabhairt aire
do ghnóthaíbh an stáit, díreach mar a bhí a athair Anti-
pater fé Huircánus. Do thuig an bheirt Rómhánach,
ámhthach, 'n-a n-aigne féin, gur thairbhthighe do chómhacht
na Rómha, i gcoinnibh na bPartiánach, Héród a bheith
'n-a rí ar Iúdéa 'ná aoinne eile bheith 'n-a rí ar an
dtír sin. Bhí san i gcoinnibh mar ba ghnáth leis na
Rómhánaigh a dhéanamh. Ba ghnáth leó, nuair a chuiridís
tír fé n-a smacht, dá mbeidís ceapaithe ar rí do chur
os cionn na tíre sin, fear éigin d'fhuil ríoga na
tíre féin do thoghadh chuige. Gan amhras do thuig Héród
an gnás san a bheith ag na Rómhánaigh agus is d'á


L. 122


dheasgaibh sin nár iarr sé ortha rí dhéanam de féinig,
ach gur iarr sé ortha rí dhéanamh d'Aristóbulus,
dritháir Mhariamne, fear de shliocht na Macabéach.
Bhí sé féin chun Mariamne do phósadh. Dá mbeadh
dritháir Mhariamne 'n-a rí ar Iúdéa bheadh sé féin,
fé dhritháir Mhariamne, sa chruit i n-ar raibh a athair
fé athair Mhariamne. Ach do shocaruigh an bheirt
Rómhánach ar rí dhéanamh de féin.



Do cruinnigheadh an tseanaid. Tháinig Messala
agus Atratínus, beirt d'uaislibh na seanaide,
agus do rugadar leó isteach é agus thaisbeánadar
d'uaislibh eile na seanaide é agus d'innseadar cé'r
bh'é, agus cad iad na tairbhthí móra a dhein a athair,
Antipater, do phobul na Rómhánach. D'innseadar,
leis, cad é an saghas Antigonus, gur thoirmeasgóir
ceanairceach é, gur namhaid do sna Rómhánaigh gur
bh'eadh é, go raibh sé i gcaradas leis na Partiánaigh,
namhaid mhalluighthe na Rómhánach; gur le congnamh
na bPartiánach a bhí sé an uair sin 'n-a rí ar Iúdéa.



Do labhair Marcus Antónius: "Táim-se ag dul
amach anois," ar seisean, "chun troda i gcoinnibh na
bPartiánach san agus ba mhór go léir an tairbhthe
dom mo chara dílis dúthrachtach, Héród anso, a bheith
'n-a rí laisteas díom ar Iúdéa seachas annsgian de
shaghas Antigonuis."



Do thug an tseanaid a n-aon ghuth do Héród chun
ébheith 'n-a rí ar Iúdéa, agus do luadhadh, do'n aon
ghuth chéadna, Antigonus 'n-a namhaid do phobul na
Rómhánach. Do deineadh reacht d'á réir sin. Ansan
do rugadh Héród isteach sa Capitólium, Octábhius
ar thaobh de agus Antónius ar an dtaobh eile dhe,
agus uaisle eile na seanaide i n-aonfheacht leó. Do
deineadh na h-ídhbirtí ba chóir; do cuireadh an
reacht i dtaisge ameasg na sgríbhinní. Ansan bhí
Héród 'n-a rí ar Iúdéa, agus thug Marcus Antónius
dínnéar breágh uasal dóibh go léir.


L. 123


XLIX.



MASSADA.



I gconsulacht Chaius Domintius Calbhinus agus
Chaius Asinius Pollia, iseadh a deineadh, thiar sa
Róimh, rí ar thír Iúdéa de Héród. Nuair a bhí an gnó
déanta níor dhein sé puinn righnis laistiar. Bhí dún
Mhassada ag déanamh buartha dhó. Bhí fhios aige go
mbeadh Antigonus ag déanamh gach díthil chun an
dúna san do thógaint, agus d'á luathacht a bheadh sé
féin lastoir chun an dúna san do chosaint gur bh'eadh
b'fhearr é. Tar éis seacht lá bheith caithte sa Róimh
aige do ghluais sé ódheas airís go dtí Brundúsium
agus chuaidh sé ar bórd luinge sa n-áit sin agus
chuaidh sé, ar uisge, soir go dtí Ptolemais. Bhí
deire an tsamhraidh ann um an dtacha san, agus ní
raibh caithte aige ar a chuaird, ar muir agus ar tír,
ach amháin trí mhí.



An fhaid a bhí sé ar an gcuaird tháinig cruadhtan
mór ar na daoine a bhí fé imdhridim i ndún Mhassada.
Bhí Antigonus lasmuich de'n dún 'ghá imdhridim ar
a dhítheal. Bhí an lucht cosanta láidir agus bhí an lón
flúirseach, ach tháinig an aimsir ana thirim agus do
chuaidh de'n uisge acu. Bhíodar go léir d'á dtachtadh
leis an dtart. Fé dheire do shocaruigh Ióseph slighe
áirithe chun iad do shaoradh ó'n gcruadhtan. Do cheap
sé fogha sanntach a thabhairt amach agus brise tríd
an namhaid agus dul soir go h-Arabia ag triall
ar an rí Malchus agus congnamh slógh thabhairt anoir
agus an t-imdhridim do bhogadh de'n dún. Bhí sé 'ghá
ullmhú féin go tiugh chun na h-oibre sin do dhéanamh
nuair ab é toil Dé go dtáinig ana thaoisg fearthana.
Do lean an fhearthainn ag tuitim 'n-a dílinn i
gcaitheamh na h-oidhche i dtreó ná raibh umar mór


L. 124


ná umar beag ná dabhach ná meadar ná aon tsaghas
eile árthaigh ná raibh lán go bara de'n uisge abhfad
sar a dtáinig an mhaidean. Chomáineadar leó ansan,
ag cosaint an dúna ar shlóightibh Antigonuis agus
ag tabhairt fogha amach fútha anois agus airís agus
ag déanamh mórán díobhála dhóibh agus ag marbhú a
lán acu.



Ach bhí Héród tagaithe i dtír i Ptolemais agus
níor bh'fhada go raibh mórán nirt slógh aige agus é
ag teacht go mear fé dhéin dúna Mhassada. Bhí
mórán neithe ag cur righnis air. Bhí buidheana Parti-
ánach curtha i bhfolach ar an slighe roimis ag Antigonus
agus iad ag léimt amach chuige nuair a thagadh
sé chun na n-áiteana i n-a mbídís, agus iad ag casadh
le h-é mharbhú dá mb'fhéidir é. Ach níor fhéadadar
é. Bhí rainnt áiteana ar an slighe, leis, agus lucht
cimeádta ó Antigonus istigh ionta. B'éigean do
Héród iad a thógaint agus a lucht cimeádta féinig
do chur isteach ionta. Ach bhí a neart slógh ag dul i
méid i n-aghaidh gach míle de'n tslighe d'ár chuir sé
dhe. Fé dheire do shrois sé dún Mhassada agus
b'éigean d'Antigonus agus d'á shluagh imtheacht as
an áit. Chuaidh Héród isteach agus ní miste a rádh
go raibh fáilte roimis.



L.



SÍLÓ.



Nuair a bhí dún Mhassada fuasgalta ag Héród
bhí a shluagh tar éis dul i méid go mór. Bhí lucht
cimeádta an dúna aige agus bhí mórán nirt tagaithe
chuige, le n-a dtoil féinig, ó'n dtír mórthímpal; i
dtreó go raibh ar a chumas aghaidh a thabhairt ar chathair
Ierúsalem, mar a raibh Antigonus agus a neart


L. 125


slógh i seilbh agus an chathair sin d'imdhridhim. Bhí dún
Rhessa ar an slighe roimis. Thóg sé an dún san.
Ansan tháinig sé go Ierúsalem. Chómh luath agus
tháinig sé chun na catharach chuir sé fógra amach 'ghá rádh,
aoinne a bhí tar éis páirt a ghabháil le h-Antigonus
go raibh síothcháin agus caradas le fághail aige ach
teacht thar n-ais chuige féin laistigh d'am áirithe.



Bhí taoiseach d'ár bh'ainm Síló agus rainnt saigh-
diúirí Rómhánacha tar éis teacht ag cabhru le Héród.
Do labhair Antigonus leó:-



"Is mór an náire agus an eugcóir," ar seisean,
"do sheanaid na Rómhánach duine gan uaisleacht,
duine de'n choitchiantacht, duine ná fuil ann ach
Iduméach, duine ná fuil ann ach leath-Iúdach, do chur
'n-a rí ar thír Iúdéa. Tá an nídh sin i gcoinnibh dlighthe
na nIúdach, agus i gcoinnibh gach cirt sínsireachta.
Má b'olc le seanaid na Rómhánach mise do ghlacadh
na coróinneach ó sna Partiánaigh, cad é an bac a
bhí ortha duine éigin de shliocht ríoga na tíre do
thoghadh agus an choróinn do chur ar a cheann agus gan
an t-Iduméach iasachta so do thoghadh? Má bhí
mórán tairbhthe déanta ag Héród do mhuinntir na
Rómha tá a lán d'uaislibh na tíre go bhfuil níos mó
tairbhthe déanta acu do sna Rómhánaigh. D'fhéadfidís
an choróinn a thabhairt do dhuine acu san agus bheadh
an ceart acu 'á dhéanamh i dteannta buidheachais a
thuilleamh."



D'eirigh aighneas láithreach as an gcainnt sin. Do
chrom na Rómhánaigh ar a rádh ná raibh a ndóithin bídh
acu d'á fhághail ó Héród. B'éigean do Héród tuille
bídh do sholáthar dóibh. Dhein sé an soláthar dóibh i
dtreó go raibh a ndóithin mór acu. Dheabhróchadh an
sgéal gur chuadar féin amach ag déanamh an tsol-
áthair, mar deir an seanachaidhe "gur sgartáladar
na Rómhánaigh cathair Ierichó an uair sin agus gur
thógadar éacht saidhbhris aisti." Do thuig Héród gur


L. 126


bh'é an taoiseach Síló fé ndeár an droch obair sin.



Bhí an geimhre ag teacht um an dtaca san agus
níor bh'fhéidir do Héród cathair Ierúsalem a
dh'imdhridim. Do chuir sé a shlóighte chun comhnuighthe
i gcóir an gheimhridh, cuid acu i Samaría, agus cuid
acu i n-Iduméa agus cuid acu i nGaililí. Chuir sé
a dhritháir Ióseph go h-Iduméa agus míle troightheach
aige agus cheithre chéad marcach. Ansan d'imthigh sé
agus thóg sé rainnt daingean ó Antigonus i nGaililí.
Sephoris an ainm a bhí ar dhaingean díobh san, agus
fuair sé mórán saidhbhris istigh sa daingean san.
Ansan thug sé aghaidh ar an lucht foghla go raibh an
dúthaigh lán díobh.



LI.



NA PLUAISEANA.



Bhí Héród tar éis na saighdiúirí Rómhánacha a bhí
ag cabhrú leis do chur ar a suaineas i n-áiteanaibh
i n-a bhféadfidís an geimhre do chur díobh go neamh-
spleádhach. Níor thug sé aon tsuaineas, ámhthach, dó
féinig ná d'á shlóightibh féinig.



Bhí an dúthaigh lán de lucht foghla agus bhí daoine
macánta na tíre creachta acu. Bhí faillteacha móra
árda sa tír, agus na faillteacha san lán do phollaibh
agus de phluaiseanaibh. Bhí na pluaiseana san ana
mhór, ana leathan, ana dhoimhinn, i dtreó go bhféad-
fadh buidhean ana láidir d'fhearaibh armtha dul
isteach ins gach pluais díobh agus fanmhaint 'n-a
gcómhnuidhe istigh ionta agus iad féin a chosaint. Do
bhailighdís isteach ionta an fhoghail a thógaidís ó
dhaoine na tíre. Thugadh na daoine uatha, go toil-
theanach, mórán foghla, i dtreó ná bainfí a thuille
dhíobh. Bhíodh, go minic, dorus na pluaise go h-árd
ó'n dtalamh, i dtreó ná féadfadh aoinne dul isteach


L. 127


sa phluais ó'n dtalamh gan dréimire, agus bhíodh an
dorus chómh fada anuas ó bhara na faille nár bh'fhéidir
teacht anuas chun an dorais gan dréimire. De
théadaibh láidire a bhíodh na dréimirí sin déanta,
agus do tarraigtí suas isteach sa phluais iad, nú
suas go bara na faille, nuair ná bíodh aon ghnó dhíobh,
nú nuair a bhíodh namhaid ag teacht. Ba ró dheacair
do namhaid teacht ar na fearaibh a bhíodh istigh in
sna pluaiseanaibh sin.



Do shocaruigh Héród ar na foghlaidhthibh sin do
dhísgiú. Nuair airighdar an rud a bhí beartuighthe aige
cad a dheineadar ach sgéala chur chun a chéile ar fuaid
na tíre agus an cogar a thabhairt d'á chéile teacht
anuas as na pluaisibh agus aghaidh a thabhairt air féin
agus ar a neart slógh! Do throideadar 'n-a choinn-
ibh go tréan. Ach do bhuaidh sé ortha. Do ritheadar
thar n-ais chun na bpluaiseana. Ba dhóbair dóibh
buachtaint air, ámhthach, agus bhuadhfidís air mara
mbeadh a chródhacht féinig agus an t-eólus a bhí aige
ar conus sluagh do láimhseáil agus do stiúrú.



Nuair a bhíodar istigh airís in sna pluaiseanaibh
do shocaruigh Héród é féin chun iad do dhísgiú glan
agus an dúthaigh a dh'fhuasgailt ó n-a leithéid de dhroch
aicme. Níor bh'fhuiriste teacht ortha. Níor bh'fhéidir
dul suas ó'n dtalamh go dorus gach pluaise. Ní
fhéadfadh dul suas ó'n dtalamh ar dhréimire ach
aoinne amháin gach turus. Do marbhófí an fear san
sar a mbeadh sé leath na slighe suas. Isé rud a dhein
Héród ná boscaí iarainn a dhéanamh agus fir a chur
isteach ionta agus iad do leogaint anuas ó bhara
gach faille go dtí dorus gach pluaise. Ansan níor
bh'fhéidir do lucht na pluaise aon bhuille bhualadh ar
aoinne de'n mhuinntir a bhíodh istigh sa bhosca iarainn,
agus d'fhéadadh lucht an bhosca an méid a bhíodh i
ndorus na pluaise do mharbhú. D'á éaghmais sin,
bhíodh adhbhar teine ag lucht an bhosca agus chaithidís


L. 128


an teine isteach sa phluais agus do lasadh an teine
an tuighe a bhíodh sa phluais agus do múchtí agus do
loisgtí a mbíodh de dhaoinibh sa phluais.



LII.



ÍDIÚ.



Sar ar dhein Héród na boscaí iarainn, chun teacht
ar na pluaiseanaibh, do chuir sé fógra amach eatartha
'ghá rádh leó, aoinne acu, do thiocfadh, uaidh féin,
agus thabharfadh é féin suas dó, go raibh maitheamhnachas
le fághail aige. Níor tháinig ach fíor bheagán.



Innsean Ióséphus conus mar a bhí i gceann de sna
pluaisibh aon tseanduine amháin agus a bhean agus
a mhórsheisear mac. Bhí an bhean agus an chlann 'ghá
iarraidh air, go bog agus go cruaidh, leogaint dóibh
iad féin a thabhairt suas do Héród. Ní leogfadh.
Do shocaruigh sé é féin i mbéal na pluaise agus
nuair a bhí an teine 'ghá losgadh agus an deatach 'ghá
múchadh thug gach duine acu i ndiaidh chéile iarracht
ar ghabháil thairis amach, ach bhí sgian fhada ghéar 'n-a
láimh aige agus do rop sé an sgian san tré chroidhe
gach duine de'n mhórsheisear mac, agus tré chroidhe na
mná, le linn dul thairis amach dóibh. Le linn gach
duine acu do thuitim síos, ó bhéal na pluaise, le
fánaidh na faille, deireadh sé le Héród:-



"Sin feóil úr agat, a leath Iúdaígh!" Ansan:
"Agus seo chughat mise mar aon leó!" ar seisean
agus chaith sé é féin le fánaidh agus do marbhuigheadh
é ar na caraigreachaibh a bhí thíos ag bun na faille.
I gcaitheamh na h-aimsire, bhí Héród ag déanamh a
dhíthil chun é mhealladh agus a chur fhiachaint air párdún
do ghlacadh. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Bhí fuath thar
na beartaibh acu go léir do Héród.


L. 129


Nuair a bhíodar go léir ídighthe aige, dar leis,
d'fhag sé captaén d'ár bh'ainm Ptolemé, agus
rainnt armála aige, sa n-áit, chun iad a chimeád fé
eagla, agus thug sé féinig aghaidh siar ar Shamaría
mar a raibh a mhuinntir fágtha aige. Bhí sé ceapaithe ar
a chur fhiachaint ar Antigonus cath a thabhairt dó dá
bhféadadh sé é, nú, dá dteipeadh san air, aghaidh a
thabhairt láithreach ar chathair Ierúsalem agus an
chathair d'imdhridim.



Ní túisge a bhí a chúl tabhartha aige leis na foghlaidh-
thibh 'ná mar a chruinnighdar airís chómh dána agus a
bhíodar riamh. Do dhíbir sé a lán acu thar Iórdan
soir. Siúd anoir airís iad chómh luath agus bhí sé
imthighthe. Mharbhuighdar Ptolemé agus chreachadar
an dúthaigh go léir. Siúd thar n-ais chucha Héród agus
dhein sé a leithéid d'éirleach ortha, agus chuir sé a
leithéid do chostas fíneála ar na catharachaibh a bhíodh
ag cabhrú leó agus ag tabhairt dín dóibh, gur dhein sé
ídiú ortha a chuir deire leó glan.



Go luath 'n-a dhiaidh san do bhuaidh na Rómhánaigh
ar na Partiánaigh; ansan do chuir Marcus Antónius
an captaén, Machaéras, agus dhá légión agus míle
marcach aige, chun cabhruighthe le Héród i gcoinnibh
Antigonuis.



LIII.



MACHAÉRAS.



Tháinig Machaéras, agus an dá légión aige, agus
an míle marcach, agus an t-órdú aige, ó Mharcus
Antónius, gach aon chabhair a thabhairt do Héród i
gcoinnibh Antigonuis. Bhí san go maith go dtí go
bhfuair Antigonus caoi ar bheith ag cainnt le Machaéras


L. 130


agus ar bhreib mhaith shaidhbhir a thabhairt dó. Nuair
a fuair Machaéras an bhreab dubhairt sé le Héród:-



"Ní mór dhom dul anonn agus an neart slógh
atá aige siúd do bhreithniú."



"Measaim," arsa Héród, "gur fearra dhuit fan-
amhaint amach uaidh."



"Ní mór dhom fhios a bheith agam cad é an saghas
na fir atá aige," agus do ghluais sé féin agus a dhá
légión agus a mhíle marcach anonn i dtreó Anti-
gonuis agus na nIúdach a bhí istigh i gcathair Ierúsalem.
Nuair a chonaic Héród é chómh ceapaithe ar dhul i dtreó
na catharach tháinig droch amhras aige air. Cheap sé,
agus bhí an fhírinne aige, gur chun iompáil chun
Antigonuis a bhí sé. Ach do thuit rud amach ná raibh
coinne ag aoinne leis. Ní raibh aon phioc d'fhios na
breibe ag muinntir na catharach. Bhí gráin acu ar
na Rómhánaigh. Chonacadar ag teacht chun na catharach
iad. Namhaid mharbhuightheacha do sna Iúdaígh ab eadh
iad. Do sgaoil na Iúdaígh cith saighead amach ortha
agus do marbhuigheadh rainnt acu. Do chuir san fearg
ar Mhachaéras. Tharraig sé siar ó'n gcathair agus
chuaidh sé féin agus a shluagh thar n-ais go h-Emaus
agus d'fhanadar ann. Ach ní ró shocair a dh'fhanadar
ann. Chromadar ar a ndroch aigne dh'imirt ar na
Iúdaígh a bhí sa n-áit agus ar bheith 'ghá marbhú. Do
mharbhuighdar cuid de cháirdibh Héróid féinig. Bhí
Héród ag imtheacht, le linn na h-uaire sin, ag
triall ar Antónius chun cabhruighthe leis, mar bhí sé
ag imdhridim Shamosáta.



"Tá droch bheart déanta agat orm," ar seisean
le Machaéras, "agus táim ag dul ag triall ar
Antónius, go Samosáta, ag cabhrú leis, agus 'neósfad
dó cad tá déanta agat orm. Do chuir sé anso thu
chun go dtabharfá congnamh dom agus is ag marbhú
mo dhaoine a taoian tú! Is ag cabhrú lem' namhaid
taoian tú!"


L. 131


"Faire! faire! Ná dein, a rí," arsa Machaéras.
"Tabharfad-sa dhuit an congnamh. An fuath atá ag
Iúdaígh agus ag Rómhánaigh d'á chéile fé ndeár an
méid úd a thuit amach i n-Emaus. Bíodh foidhne agat
agus tabharfar duit an congnamh. Fág anso am'
theannta do dhritháir Ióseph agus fág rainnt nirt
slógh aige i dtreó go bhféadfimíd an cogadh so do
chimeád ar siubhal go dtagair thar n-ais."



Bhí Héród sásta. "Fágfad," ar seisean, "ach ná
bainidh le tabhairt fé aon obair throm an fhaid a
bhead uaibh."



Nuair a bhí an méid sin socair aige do ghluais sé
fé dhéin Antóniuis. Ach b'éigean dó bheith ag troid
i gcaitheamh na slighe go léir i gcoinnibh na mbuidhean
lucht foghla a bhí ag cur air, agus bhíodar ana láidir.



LIV.



STOIRM UATHBHÁSACH.



Tháinig Héród agus a neart slógh go Samosáta.
Do chuir Antónius na mílte fáilte roimis agus
thaisbeáin sé an uile shaghas onóra dhó. Ba mhaith an
díol ar Héród an onóir sin a thabhairt dó. Ba mhaith
an bhail ar Antónius é theacht. Do chuir a chongnamh
agus a thuisgint agus a ghníomhartha ar chumas
Antóniuis an chathair do thógaint níba luatha agus
níba shaoráidighe go mór 'ná mar fhéadfadh sé í
thógaint gan iad. Bhí a rian air. Bhí Antónius buidh-
each de. Nuair a bhí an chathair tógtha aige do dhein
sé gobhernóir ar Shuíria de Shosius agus d'órduigh
sé dó bheith ag cabhrú le Héród coitchianta ins gach
aon tslighe i n-a mbeadh gádh le cabhair aige, agus
úsáid a dhéanamh de lán neart na Rómhánach sa
chabhair sin.


L. 132


Ansan tháinig Héród abhaile. Má tháinig fuair
sé a ghnóthaí féinig go léir imthighthe bun os cionn
roimis. Bhí a dhritháir Ióseph tar éis dul i gcoinnibh
na cómhairle úd a thug sé dhó, gan aon ghnó ró throm
do tharrac air. Do tharraig sé gnó trom air. Do
chuir sé a neart slógh féin le chéile agus fuair sé
chúig légión de sna Rómhánaigh ó Mhachaéras agus
dhein sé cur isteach ar thír Ierichó, tír a bhí ag gabháil
le h-Antigonus. Bhí an talamh ar a raibh Ióseph agus
a shluagh ró anacair d'eachra na Rómhánach. D'á
éaghmais sin tháinig an namhaid go h-oban air. Do
briseadh an cath air agus do marbhuigheadh é. D'eirigh
muinntir Ghaililí láithreach i gcoinnibh Héróid agus
chromadar ar uaislibh na tíre sin, cáirde Héróid,
do mharbhú agus do chaitheamh isteach sa loch ar a
dtugtí Tibérias. Nuair airigh muinntir Iduméa an
rud a bhí déanta ag muinntir Ghaililí do chromadar
féin ar iad féin d'ullmhú chun eirighthe ar an gcuma
gcéadna. Sar a raibh uain acu ar an ullmhúchán do
chriochnú bhí Héród tagaithe thar n-ais agus neart
slógh láidir aige. Níor bh'fhada an mhoill air Gaililí
agus Iduméa do smachtú. Bhí Machaéras 'ghá chosaint
féin go cródha i gcoinnibh Antigonuis. Tháinig Héród,
do troideadh cath fíochmhar idir é agus Antigonus.
Do briseadh an cath ar Antigonus. Do dhein Héród
éirleach uathbhásach ar mhuinntir Antigonuis. Do lean
sé ar a dtóir agus iad ag rith chun catharach Ierúsalem
agus iad ag tuitim go tiugh. Deir an sgéalaidhe go
leanfadh sé isteach sa chathair iad agus go dtógfadh
sé an chathair an uair sin gan a thuille trioblóide
ach go dtáinig stoirm uathbhásach agus gur chuir an
stoirm cosg leis an dtóir.



Bhí buaidhte glan ar Antigonus. Bhí sé ar bheagán
nirt slógh. Gan bac do'n chosg a chuir an stoirm
leis an dtóir do b'fhuiriste do Héród an chathair
a thógaint an uair sin le h-imdhridim. Ach bhí an


L. 133


geimhre ag teacht agus bhí tuirse ar a shlóightibh agus
thuig sé go mb'fhearr fanamhaint go dtí tosach an
earraigh a bhí chughainn.



LV.



BLIAIN NA SABBÓIDE.



An fhaid a bhí a shlóighte ag cur an gheimhridh díobh
bhí Héród 'ghá chur féin i dtreó chun catharach Ierú-
salem a dh'imdhridim agus do thógaint. Dhein sé
an cur i dtreó chómh maith san go raibh trí dheich de
mhíltibh fear curtha de bhreis aige ar a neart slógh
um an dtaca 'n-a raibh an t-earrach ag teacht. D'á
n-éaghmais sin bhí Sosius ag teacht anoir chuige ó
Shuíria agus cheithre légión de Rómhánachaibh aige agus
sé mhíle marcach. Tháinig sé féin agus Sosius, agus
an neart slógh san go léir acu, agus thosnuighdar ar
chathair Ierúsalem a dh'imdhridim.



Bhí an chathair, an uair sin, lán de Iúdachaibh a bhí
tagaithe chun na catharach ó'n uile pháirt de'n tír.
D'á dheasgaibh sin bhí an neart slógh istigh chómh líon-
mhar, chómh láidir, chómh ceapaithe ar an gcathair a
chosaint, agus a bhí an neart slógh amuich ar an
gcathair a thógaint. Ní raibh de dheifridheacht idir an
dá neart ach so; .i. gan taithighe bheith ag an muinn-
tir istigh ar ghnóthaíbh cogaidh agus taithighe mhaith a bheith
ag an muinntir amuich ar na gnótaíbh sin agus ar
gach aon rud a bhain leis na gnóthaíbh sin.



Ach mara raibh taithighe ag an muinntir istigh ar
chogadh agus ar a ghnóthaíbh bhí árdmhisneach ortha.
Bhí sé daingean 'n-a n-aigne ná ceadóchadh Dia do'n
Iduméach iasachta san, Héród, agus do'n tsluagh
págánach san ó'n Róimh, an chathair naomhtha do


L. 134


thógaint agus an teampul beannuighthe, teampul
Dé féinig, do thruailliú.



Ach do fáisgeadh an t-imdhridim, agus do géar-
uigheadh an chosaint. Do dúnadh isteach an chathair i
dtreó nár fágadh aon teangmháil ag an muinntir
istigh leis an dtír lasmuich, ná aon chaoi acu ar aon
tsaghas bídh ná dighe a dh'fhághail ó'n dtír lasmuich.
Bhí san cruaidh ar an muinntir istigh, mar bhí mórán
acu ann agus níor bh'fhada le dul ortha pé bia a bhí
sa chathair dá leanadh an t-imdhridim abhfad. Bhíodar
ceapaithe, chómh fada agus do b'fhéidir é, gan leo-
gaint do'n imdhridim leanmhaint ró fhada. Bhíodar
coitchianta ag cur neart fear le n-a chéile agus ag
léimt amach agus foghana fíochmhara acu 'á thabhairt
fé'n muinntir amuich i dtreó go marbhuighdís mórán
acu agus go loitidís a lán d'á gcuid armála agus
d'á gcuid lóin, agus go mbeiridís leó isteach cuid
mhaith dhe. I n-aindeóin a ndíchil, ámhthach, tar éis
dachad lá bheith caithte ar an gcuma san do fuair an
mhuinntir amuich caoi ar theacht isteach de dhruim an
fhalla ba shia amach. Tar éis deich lá eile bhíodar
laistigh de'n tarna falla. Sa choímhsgar, le linn an
fhalla san do thógaint do thárla gur cuireadh cuid
de phóirsíbh an teampuil tré theine. Easonóir mhór
do'n teampul ab eadh é sin, ach dubhairt Héród gur
bh'é Antigonus fé ndeár an easonóir sin. Do Thóg
an mhuinntir amuich an pháirt iachtarach de'n chathair.
Ansan do chuaidh an mhuinntir istigh isteach sa pháirt
uachtarach de'n chathair agus isteach sa teampul. Um
an dtaca san bhí an tart agus an t-ocras ag tosnú
ar ghoilleamhaint ar an lucht cosanta. Ní raibh oiread
lóin, ó thosach, acu agus ba cheart dóibh a bheith acu,
mar b'í sin bliain na sabbóide, agus níor deineadh
aon tsaothrú an bhliain sin. D'fhág san an tír go
léir gan puinn arbhair ná puinn de thorthaíbh eile na
talmhan.


L. 135


LVI.



MAR A TÓGADH AN CHATHAIR



Nuair a fuair lucht cosanta na catharach go raibh
an pháirt iachtarach de'n chathair i seilbh a namhad agus
gan 'n-a seilbh féin ach an pháirt uachtarach de'n
chathair agus an teampul, do chuireadar suas falla
láidir eile idir iad agus a namhaid, idir an bpáirt
uachtaraigh agus an pháirt iachtarach de'n chathair, agus
do leanadar de'n chosaint. Do leanadar de'n
chosaint chómh dian chómh seasamhach agus do lean-
fadh daoine go mbeadh súil le buachtaint acu. Bhí
súil ag Héród, nuair a chífidís ná raibh aon bhreith
acu ar bhuachtaint, go mbeadh sé de mheabhair acu
géille ar choinghiolaibh fóghanta. Fé dheire bhí chúig
mhí caithte acu 'ghá gcosaint féin agus an t-imdhridim
ag fásgadh níba chruadha ortha i n-inead aon bhogadh
theacht air. Chonaic Héród nár bh'aon mhaith bheith
ag braith air go ngéillfidís an fhaid a bheadh
duine acu beó. D'órduigh sé d'á shluagh go léir,
idir Iúdaígh agus Rómhánaigh, aon tsádh neartmhar
amháin do thabhairt fútha agus iad do leagadh ar
lár agus an pháirt uachtarach de'n chathair a thógaint.
Do deineadh san. Fé dheire b'éigean dóibh géille.
Bhí Antigonus thuas ar bhara túir aoird agus é 'ghá
chosaint féin go cródha. Chonaic sé an buadh ag an
namhaid. Tháinig sé anuas agus chaith sé é féin ag
cosaibh an chaptaéin Rómhánaigh, Sosius. "Comarighe
mh'anama ort, a uasail!" ar seisean leis, agus
é ag gol go h-árd. "Tachtadh leat!" arsa Sosius,
"a sheana bhean! "Antigonus" a tugtar ort. Ní
h-Antigonus a thugaim-se ort ach "Antigona,"
óir ní fear i n-aon chor tu! Rud éigin bainean
iseadh thu! Stad, a bhéiceacháin agus ná bí 'am
bodhradh!" Do labhair na Rómhánaigh eile ar an


L. 136


gcuma gcéadna le h-Antigonus bocht. Ansan do
leathadar iad féin tríd an bpáirt uachtaraigh de'n
chathair agus dheineadar éirleach uathbhásach ar na
Iúdaígh. Do scartáladar na tighthe agus thógadar
chucha gach aon tsaghas saidhbhris gur bh'fhéidir leó
lámh a chur air. Dheineadar díoltas fíochmhar mar
gheall ar a dhéine do cosanadh an chathair ortha. Ba
dhóbair go ndéanfidís an sanctuárium féin do
thruailliú agus do sgartáil. Tháinig sgannra ar Héród
nuair a chonaic sé an t-éirleach go léir 'á dhéanamh
agus an sanctuárium i gcontabhairt. Dá n-imthigheadh
droch nídh ar an sanctuárium bheadh náire fághalta
aige os cómhair an domhain go léir. Chuir sé 'n-a
luighe ar na Rómhánaigh go mbeadh an náire chéadna
fághalta acu-san. Thug sé breab éigin dóibh ach
leogaint do'n tsanctuárium. "Agus," ar seisean
leó, "má leanan an t-éirleach so a thuille beidh mé
am' rí gan daoine. Siné saghas rí a bheidh déanta ag
na Rómhánaigh díom-sa."



Dubhairt sé an focal san le Sosius. Do thuig
Sosius nár mhaith an focal é sin le dul i gcluasaibh
Mharcuis Antónius 'n-a choinnibh féin. Fuair sé
bronntanas maith ó Héród agus chuir sé cosg leis
an éirleach agus do shábháil sé an sanctuárium ó
thruailliú agus ó sgartáil. Do deineadh príosúnach
d'Antigonus agus do cuireadh fé ghárda láidir é.
Sin mar a tógadh an chathair sin Ierúsalem, sa bhliain
roim Chríost trí dheich a seacht (37 B.C.).



LVII.



EAGLA NA H-ÁIRITHE.



Do thug Sosius béiceachán ar Antigonus mar gheall
ar é bheith ag gol chómh h-árd nuair a bhí an cath tar
éis gabháil 'n-a choinnibh. Bhí iongna ar an Rómhánach a


L. 137


leithéid d'eagla roimis an mbás a bheith ar an bhfear
san a throid chómh cródha an fhaid a lean an cath, agus
nár chuaidh órlach i ndiaidh a chúil ó bhaoghal báis nuair
ba dhéine a bhí an cath ar siubhal 'n-a thínipal. Ach níor
thuig Sosius neithe áirithe a bhí istigh i n-aigne Anti-
gonuis. Níor thuig sé na neithe a bhí istigh i n-aigne
Phasael, dritháir Héróid, nuair a bhí sé ag gabháil
d'á cheann i gcoinnibh na cloiche úd go dtí gur imir
sé bás air féin níba thúisge 'ná mar fhanfadh sé leis
an mbás a bhí i n-áirithe ag Antigonus dó. Bhí fhios
ag Antigonus cad a bhí ag brise a mhisnigh féinig
agus 'ghá chur ag gol chómh h-árd. Bhí fhios aige, dá
bhfaghadh Héród greim air, go ndíolfadh sé go daor
as na piantaibh a bhí ceapaithe aige a chur ar Phasael.
Eagla na bpian a bhí air, eagla na bpian a curfí air
féin agus go gcaithfadh sé iad d'fholag, agus go
gcurfí air iad i dtreó go gcaithfadh sé bheith 'ghá
bhfolag ar feadh mórán aimsire sar a leogfí do'n
bhás teacht agus é dh'fhuasgailt uatha. Siné an
t-eagla a bhí air agus b'é eagla na h-áirithe dhó é.



Do cimeádadh fé ghárda láidir é agus ceangalacha
cruadha air, agus do rug Sosius leis é ag triall
ar Antónius. Do bhéarfadh Antónius leis é go dtí
an Róimh chun é thaisbeáint sa bhuadh-chosgair a bhí le
fághail aige, do réir nóis na Rómhánach.



Níor thaithn le Héród, pé rud a dhéanfadh an buadh-
chosgair, Antigonus do dhul go dtí an Róimh i n-aon
chor. Bhí eagla air, dá bhfaghadh Antigonus caoi ar a
sgéal féin a dh'innsint do sheanaid na Rómhánach go
mb'fhéidir go gcuirfadh sé 'n-a luighe ortha go raibh
beart acu 'á dhéanamh nár ghnáth leis na Rómhánaigh
a dhéanamh, nuair a bhí an t-Iduméach iasachta san,
Héród, acu 'á chur isteach i rígheacht na Macabéach.
Bhí Antónius fé chomaoine mhór aige. Bhí sé ag tathant
air gan Antigonus a bhreith go dtí an Róimh leis.
Thug sé síntiús mór airgid dó. Do bhuaidh an


L. 138


t-airgead. Ansan bhí sé ag tathant ar Antónius
Antigonus a chur chun báis i dtreó ná féadfadh a
thuille toirmisg teacht mar gheall air. Ansan do
chuir sé 'n-a luighe ar Antónius gur bh'fhearr bás tar-
cuisneach a dh'imirt ar Antigonus i dtreó go mbeadh
droch mheas air tar éis a bháis agus ná déanfí aon
iarracht ar oirdhearcas a thabhairt dó. Do h-imireadh
bás tarcuisneach air. Do baineadh de teidiol an rí.
Ansan do gabhadh de sgiúirsíbh air go dtí go raibh
sé leath mharbh. Ansan do baineadh an ceann de.



B'shiné an fear deirineach de sna Macabéachaibh
a bhí 'n-a rí.



LVIII.



CÓMHAIRLIÚCHÁN I N-AISTEAR.



B'é Antigonus an rí deirineach de shliocht Mhatatiais,
an tsliocht ar a dtugtí na Macabéacha, nú na
Asmóniánacha. Sliocht uasal ab eadh an tsliocht
san agus bhí grádh ana mhór ag na Iúdaígh go léir
dóibh agus uraim ana mhór acu dhóibh. Do thuig
Héród gur bhaoghal, bíodh go raibh Antigonus tar
éis bháis, go bpreabfadh duine éigin eile de'n
tsliocht san suas agus go n-éileóchadh sé an
rígheacht, agus go ngeóbhadh na Iúdaígh a pháirt,
'n-a choinnibh féin, agus ansan go mb'fhéidir go
ngeóbhadh na Rómhánaigh a pháirt, toisg an fuath go
léir a bheith ag na Iúdaígh do Héród. Bhí neamh-
shuaineas ar aigne Héróid mar gheall air sin. Ach
bhí cúis nár bh'é sin leis chun neamhshuainis aigne
aige. Bhí Antigonus marbh, ach bhí an seanduine,
Huircánus, beó; bhí sé 'n-a phríosúnach thoir i bPartia
agus saoghal breágh aige. Do rug Pacórus leis
soir é, 'n-a phríosúnach, ach nuair airigh an rí,
Phraates, cér' bh'é féin bhain sé dhe na ceangalacha


L. 139


agus do leog sé dhó dul chun cómhnuighthe i n-a rogha
áit. Chuaidh sé chun cómhnuighthe i gcathair Bhaibilóin.
Bhí a lán Iúdach 'n-a gcómhnuidhe sa chathair sin an uair
sin. Nuair a fuaradar go raibh Huircánus 'n-a
chómhnuidhe sa chathair do bhailighdar chuige agus
thugadar dó an onóir a thuigeadar ba cheart a thabhairt
dó toisg gur bh'é a rí féinig é. Bhí a lán Iúdach
lastoir d'abhainn Euphrátes agus thugadar an onóir
chéadna dhó. Bhí uraim ana mhór, leis, ag muinntir
na catharach dó, agus bhíodar go léir ana mhór leis.



Bhí saoghal suaineasach aige lastoir, ach nuair airigh
sé go raibh Héród 'n-a rí ar Iúdéa do chuimhnigh sé ar
a dhuine muinnteartha, Antipater, agus do buaileadh
isteach i n'aigne go mbeadh saoghal suairc aige thiar
'n-a dhúthaigh féin mar a raibh mac an Antipateir sin
'n-a rí. Bhí an machtnamh coitchianta os cómhair a aigne
agus d'á ghéire a bhíodh an machtnamh aige 'á dhéanamh
iseadh ba mhó ba mhian leis dul siar ag triall ar mhac
Antipater, agus ag triall ar na cáirdibh a bhí aige sa
dúthaigh thiar, agus ag triall ar an ndúthaigh thiar féin.



D'innis sé do sna daoine muinnteartha a bhí
lastoir aige an nídh a bhí ar aigne aige. Dubhradar
go léir leis gur bh'fhearra dhó fanmhaint thoir; nár
bh'é a leas a bhí ceapaithe aige a dhéanamh; go raibh
droch fhuadar féi; go mb'fhéidir nár mhar a chéile
an t-athair agus an mac, Antipater agus Héród;
gur bh'fhearr aon fhéachaint amháin roime dhuine 'ná
dhá fhéachaint 'n-a dhiaidh.



Níor bh'aon mhaith dhóibh bheith 'ghá chómhairliú. I lár
an chómhairliúcháin tháinig teachtaireacht chuige ó
Héród 'ghá iarraidh air dul siar; 'ghá rádh leis ná
beadh mac Antipateir sásta choidhche go dtí go
mbeadh Huircánus, cara Antipateir, thiar sa bhaile
aige, fé áthas agus fé mhaise, 'n-a thír dúchais féinig.
Do bhuaidh an teachtaireacht san ar an gcómhair-
liúchán go léir.


L. 140


LIX



GREIM AR HUIRCÁNUS.



Sa teachtaireacht san a chuir Héród ag triall ar
Huircánus d'iarr sé go bog a's go cruaidh air
teacht a bhaile chun a thíre féinig.



"Mara mbeadh tusa," ar seisean leis, "ní bheadh
m'athair riamh sa chruith i n-a raibh sé i Iúdéa. Ní
bheadh aige an chómhacht agus an chreideamhaint a bhí
aige fút-sa nuair a bhí an rígheacht agat. Mara mbeadh
ar dheinis-se dom' athair conus a bheadh aon bhreith
agam-sa ar bheith am' rí ar Iúdéa mar atáim anois?
Ní-bheidh mé sásta choidhche go dtí go mbeidh mé féin
agus tusa i dteannta chéile anso, ag cabhrú le n-a
chéile i ngnóthaíbh na rígheachta, mar a bhíthá féin agus
m'athair."



Ní raibh uaidh ar fad, ámhthach, ach Huircánus do
mhealladh chuige anoir i dtreó go bhféadfadh sé é chur
chun báis. Bhí eagla aige roimis. Do bhain Antigonus
na cluasa dhe i dtreó nár bh'fhéidir dó choidhche bheith
i n'Árdshagart. Ach ní choisgfadh easba na gcluas
é ar bheith 'n-a rí, agus bhí fhios ag Héród go raibh
fuath nímhneach ag na Iúdaígh dó féinig agus go
mb'fhéidir gur shuarach an rud a chuirfadh fhiachaint
ortha eirighe 'n-a choinnibh agus é dhíbirt agus an rí
ceart, Huircánus, do thabhairt leó anoir ó Bhaibilóin,
agus, le congnamh na Rómhánach, é chur suas airís
'n-a rí ar Iúdéa. Do thuig Héród, d'á luathacht a bheadh
greim ar Huircánus aige agus é curtha chun báis
aige gur bh'eadh ba luatha a bheadh an baoghal san
curtha ar neamhnídh aige.



Do tháinig Huircánus anoir. Do ghlac Héród é
le n-onóir mhór. Dhein sé ana chúram de. Níor fhág
sé aon mhearathal ar aigne Huircánuis ná gur bh'é


L. 141


a leas a bhí aige 'á dhéanamh nuair a bhí sé ag teacht
anoir. Bhí Héród sásta nuair a bhí sé tagaithe anoir;
ní raibh aige le déanamh ansan ach an t-anam a bhaint
as chómh luath agus ba mhaith leis é. Thug sé oiread
san onóra dhó agus chuir sé an fháilte chómh h-uasal
san, chómh ríoga san, roimis, nár fhág sé ar a chumas
aon droch iontaoibh a bheith aige as.



Le h-eagla go gcimeádfadh aon rud gan teacht
anoir é do chuir Héród tabharthaistí móra, saidhbhire,
soir ag triall ar rí na bPartiánach, ag breith a
bhuidheachuis leis agus le n-a dhaoine mar gheall ar
an onóir a bhí taisbeánta acu do Huircánus an
fhaid a bhí sé thoir 'n-a bhfochair. Do chuir san ar
neamhnídh glan gach dítheal d'á raibh ag cáirdibh Huir-
cánuis 'á dhéanamh ar chómhairle a leasa thabhairt dó
agus ar a chur fhiachaint air fanmhaint toir.



LX.



EASBA AIRGID.



An fhaid a bhí an gnó san ag Héród 'á dhéanamh i
dtaobh Huircánuis a thabhairt leis anoir ó Bhaibilóin
bhí tuille agus a dhóithin de ghnóthaíbh eile ag déanamh
buartha dhó agus ag baint codla na h-oidhche dhe sa
bhaile i gcathair Ierúsalem. Nuair a bhí an chathair
tógtha aige agus í fé n-a smacht féinig aige go
h-iomlán, bhí sé i gcruadhchás tré easba airgid. Na
breabana móra ab éigean dó a thabhairt do Shosius
chun cosg a chur leis an éirleach agus chun an teampuil
a shábháil, agus na breabana móra ab éigean dó a
thabhairt do Mharcus Antónius chun é chur ó Antigo-
nus a bhreith leis go dtí an Róimh, agus chun a chur
fhiachaint air an bás tarcuisneach úd a thabhairt dó;
agus 'n-a theannta san go léir an saidhbhreas ab éigean
dó a chur soir go Baibilóin ag triall ar Phraates, chun


L. 142


fonn a chur air gan aon ghreim a chimeád ar Huircánus
lastoir, d'fhág na costasaí sin go léir, agus a lán
costasaí nár bh'iad, easba saidhbhris go trom air.
Chómh luath agus bhí seilbh na catharach aige do bhailigh
sé chuige, isteach 'n-a phálás féinig gach a raibh d'airi-
gead agus d'ór agus d'ollmhaitheas le fághail sa
chathair; go mór mór gach ar fhan i ndiaidh na Rómhánach
de shaidhbhreas na ndaoine a cuireadh chun báis sa
n-éirleach. Do tharraig san fuath na ndaoine air go
fíochmhar, agus do neartuigh san an fuath a bhí chómh
láidir cheana ag lucht leanamhna Antigonuis dó,
fuath nár dhein an easonóir a tugadh d'Antigonus aon
mhaolú air. B'éigean dó gníomhartha cruadha dhéanamh
chun an lucht leanamhna san do chlaoi agus do
smachtú. Do rug sé ar chúigear agus dachad de'n
chuid ba shaidhbhre dhíobh san agus do chuir sé chun báis
iad agus thóg sé chuige féin a gcuid saidhbhris. Bhí sé
chómh ceapaithe sin ar gan aon phioc de'n tsaidhbhreas
san do leogaint uaidh gur chuir sé gárda d'fhearaibh
armtha ag geata tighe gach duine acu, nuair a bhíthas
ag breith a chuirp amach le h-adhlacadh, chun na cómhran
a dh'osgailt feuchaint an mbeadh aon tsaidhbhreas
innti i bhfolach, agus dá mbeadh é thógaint agus do
thabhairt chuige, agus deimhne thabhairt chuige go raibh
an duine marbh dáiríribh. Níor bh'fhada gur thug an
obair sin saidhbhreas a dhóithin do Héród. Ach do
thug an obair sin rud eile dhó. Thug an obair sin,
agus an saghas aigne a bhí aige i ndéanamh na h-oibre
sin, beatha bhriogadánach dó, agus saoghal neamhshuain-
easach, an fhaid a mhair sé.



Ach dhein sé droch bheart eile do mhéaduigh an
neamhshuaineas. Thug sé leis anoir ó Bhaibilóin fear
d'ár bh'ainm Ananel, duine de shliocht na Lebhíteach
a shocaruigh lastoir chun cómhnuighthe tar éis an
bhraighdinis, cara dílis dó féin, fear a dhéanfadh rud
air ins gach nídh, agus dhein sé árdshagart de.


L. 143


LXI.



ANANEL.



Bhí inghean ag Huircánus agus Alegsandra ab
ainm di. Bhí beirt chlainne aici, mac agus inghean.
Aristóbulus ab ainm do'n mhac agus Mariamne
ab ainm do'n inghin. Bhí an Mariamne sin pósta ag
Héród. Is ag an Aristóbulus san ba cheart an
árdshagartacht a bheith, ó cheart a sheanathar Huircánus,
an fear gur bhain Antigonus na cluasa dhe chun é chur
as an árdshagartacht. Nuair a thug Héród an fear
úd Ananel, fear gan cháil, anoir leis ó Bhaibilóin,
agus dhein sé árdshagart de, bhí fearg ar Alegsandra.
Bean mhórchúiseach ab eadh í. Bhíodh sí coitchianta ag
gearán ar an eugcóir a bhí déanta aige ar a mac,
'ghá rádh leis ná raibh aon cheart aige árdshagart a
dhéanamh de'n fhear íseal iasachta san agus é chur
isteach i gceart a mic féin.



Bhí fhios ag Héród go raibh an ceart aici. Ach bhí
fhios aige, leis, má b'é ceart Aristóbuluis bheith i
n'árdshagart go raibh ceart chómh láidir díreach aige
chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí fhios aige, má b'é
Aristóbulus ba cheart a bheith i n' árdshagart gur
bh'é an t-Aristóbulus céadna ba cheart a bheith 'n-a rí.
Bhí máthair a chéile, Alegsandra, ró ghasta, ró ábalta,
agus bhí eagla air, dá ndeineadh sé árdshagart d'á
mac go bhfaghadh sí slighe éigin ar rí dhéanamh de, ar
é féin do chur as an rígheacht agus ar an bhfear ab
fhearr ceart chúichi do chur innti. Ní leogfadh eagla
dhó géille dhi, bíodh gur thuig sé go raibh an ceart aici.
Do chuimhnigh sisi ar Chleopátra a bhí 'n-a banrighin
sa n-Éigipt agus a bhí go h-ana mhór le Marcus
Antónius. Do thuig sí go mb'fhéidir go labharfadh
Cleopátra le h-Antónius agus ansan go n-iarrfadh


L. 144


Antónius ar Héród an fear ó Bhaibilóin do chur
soir abhaile agus árdshagart a dhéanamh d'Aristóbulus.
Do sgríbh sí leitir ag triall ar Chleopátra 'ghá
iarraidh uirthi labhairt le h-Antónius. Fuair Héród
amach an bheirt bhanuasal san a bheith i gcómhairle a
chéile ar an gcuma san. Tháinig eagla aige roimis
an mbeirt. Thuig sé go ndéanfadh Antónius pé rud
a déarfadh Cleopátra leis a dhéanamh. Do thuig sé
gur bh'fhearra dhó an gníomh a dhéanamh uaidh féin
'ná fanmhaint go dtí go n-iarrfadh Antónius air
an gníomh a dhéanamh. Do chomáin sé fear Baibilóin
soir abhaile agus dhein sé árdshagart d'Aristóbulus.
Seo mar adubhairt sé leis an bpoibilidheacht:-



"Ní thabharfinn an fear iasachta san anoir ó
Bhaibilóin liom ach amháin chun é bheith ag déanamh na
h-oibre go dtí go mbeadh Aristóbulus tagaithe sa
n-aois cheart. Anois ó tá sé sa n-aois cheart cuir-
fad sa n-árdshagartacht é agus téidheadh Ananel
soir abhaile. Dá dtoghainn duine de mhuinntir na
h-áite seo nuair a thoghas Ananel b'fhéidir ná beadh
sé chómh h-uiriste sgaramhaint leis anois agus atá
sé sgaramhaint le h-Ananel." Bhí gach aoinne sásta,
agus d'imthigh Ananel.



LXII.



MOLADH TEINN.



Nuair adubhairt Héród ná raibh sé ach ag feitheamh
le h-Aristóbulus do theacht sa n-aois cheart nuair
a dhein sé árdshagart d'Ananel, agus ansan, nuair
a chuir sé an t-árdshagart iasachta san chun siubhail
agus dhein sé árdshagart d'Aristóbulus, bhí áthas ar
gach aoinne ach amháin air féinig. Ní raibh aon áthas


L. 145


air féinig. Fear áluinn uasal ríoga ab eadh Aris-
tóbulus. Rí ab eadh é 'n-a phearsain agus 'n-a dhéanamh.
Ní raibh aoinne a chonaic é ag déanamh an ghnótha a
bhain le h-oific árdshagairt nár chuimhnigh ar a fheabhas
a dhéanfadh sé gnó rí. Ní raibh aoinne do b'fhearr a
thuig an méid sin 'ná mar a thuig Héród é. Do thuig
sé é, agus níor mhaith an bhail ar an árdshagart óg
gur thuig.



Bhí sé, i n' aigne féin, ar buile chun máthar a
chéile, chun Alegsandra, mar gheall ar a chur fhiachaint
air árdshagart a dhéanamh d'á mac. Bhí sé ar buile
chúichi, ach bhí an t-eagla aige roímpi féin agus roime
Chleopátra agus roime Mharcus Antónius. Bhí sé
ar buile chúichi, ach do leog sé air, tar éis rainnt
feirge thaisbeáint di, go raibh sé ana mhuinnteartha
léi.



Sa n-am gcéadna bhí sé ag faire chuige feuchaint
an dtuitfadh aon rud amach a thabharfadh caoi dhó ar
Aristóbulus do chur as a shlighe a gan fhios do'n
phobul. I lár na faire dhó do tháinig féile na dtaber-
nacul. Féile ana mhór ab eadh an fhéile sin ag na
Iúdaígh. Do chruinnighdar isteach i gcathair Ierúsalem
ó'n uile pháirt de'n tír.



Nuair a thosnuigh gnó na féile bhí an teampul lán
de dhaoine. Chonacadar an t-árdshagart. Ní raibh sé
ach seacht mbliana déag d'aois. Bhí bláth na h-aoise
sin ag taithneamh ar a cheannachaibh. Bíodh ná raibh sé
ach na seacht mbliana déag bhí sé chómh h-árd le fear
a bheadh chúig bliana fichid. Bhí sé uasal 'n-a phearsain
mar ba dhual dó bheith ó n-a shínsear ríoga. Bhí
stuaim agus staidéar agus cruinneas agus naomh-
tacht ins gach cor d'ár chuir sé dhe i ndéanamh na
h-oibre naomhtha. Bhí an pobul go léir ag feuchaint
air agus ag faire air. Bhí áthas ortha ó'n gcéad
radharc a fuaradar air agus bhí an t-áthas ag méadú
ortha fé mar a chuaidh an obair ar aghaidh. Sar a raibh


L. 146


leath na h-oibre déanta bhí smaoineamh áirithe tagaithe
i n-aigne an uile dhuine acu. "O!" ar siad go
léir, istigh 'n-a n-aigne, "nách truagh gan é i
n'árdrí againn i dteannta bheith i n' árdshagart!"
Nuair a bhí obair na féile críochnuighthe bhí an pobul
go léir, istigh sa teampul agus ar fuaid na catharach,
ag cainnt ar a ndítheal agus gan de phort acu ach
an t-árdshagart óg agus iad 'ghá mholadh agus ag
áireamh a thréithe fóghanta, uaisle, ríogamhla; agus
iad ag moladh an rí mar gheall ar a leithéid
d'árdshagart a thabhairt dóibh.



Moladh teinn do'n árdshagart óg ab eadh an
moladh san. Do thuig Héród go raibh an ceart ag
an bpobul. Do thuig sé, chómh maith agus do thuig-
eadar-san, gur 'n-a rí ba cheart é bheith.



LXIII.



AR TÓN PUILL.



Bhí Alegsandra, máthair an árdshagairt óig, ag
feuchaint air an fhaid a bhí sé ag déanamh na h-oibre
agus bhí áthas an domhain uirthi. Bhí sí ag éisteacht
leis na daoine 'ghá mholadh go h-árd agus do mhéaduigh
san an t-áthas uirthi. Bhí sí ag éisteacht le cuid mhaith
de'n chogarnach a bhí 'ghá leogaint amach, i ndiaidh
chéile, gur mhór an truagh gan é bheith 'n-a rí chómh maith
le bheith in' árdshagart. Dubhairt an chogarnach an
rud a bhí istigh 'n-a croidhe féin aici, agus do thaithn an
chogarnach léi.



Bhí an t-áthas chómh mór san uirthi gur imthigh sí
soir go Iericó, mar a raibh pálás cómhnuighthe aici,
agus gur chóruigh sí féasta mór ann do'n rí agus
d'uaislibh a theaghlaigh, agus d'á cáirdibh uaisle
féinig, agus do'n árdshagart óg.


L. 147


Chuaidh an rí agus na h-uaisle go léir soir chun an
fhéasta. Bhí loch breágh mór i gcómhngar do'n phálás,
loch i n-a gcimeádtí iasgana breághtha a bhí áluinn
le feisgint sa loch, agus a bhí deighbhlasta agus foláin
chun bídh.



Bhí an lá brothalach. Do léim rainnt de mhuinntir
Héróid isteach sa loch 'ghá bhfuaradh féin agus 'ghá
nighe féin. Do mheall tuille acu, a bhí ar bhruach an
locha, an t-árdshagart óg chun dul isteach i n-aon-
fheacht leó. Níor dhein aoinne aon iongna dhe sin.
Snámhaidhe maith ab eadh é. Ar ball thánadar go léir
amach. Ní fheacaidh aoinne an t-árdshagart ag teacht
amach. Ní raibh aon tuairisg air! Tháinig sgannra
ar an rí, mar dh'eadh. Bhí fhios aige, ámhthach, cad a bhí
déanta. Bhí órdú tabhartha aige do'n mhuinntir a
mheall an t-árdshagart agus a chuir fhiachaint air dul
ag snámh. Nuair a bhíodar istigh agus gan aoinne
'ghá dtabhairt fé ndeara do rugadar eatartha ar
an árdshagart agus chimeádadar fé uisge é go dtí
go raibh sé báidhte. Nuair a bhí an gnó san déanta
acu do sgaipeadar agus mheasgadar ar an gcuid
eile de sna snámhaidhthibh. Nuair a thánadar go léir
amach bhí Aristóbulus óg istigh sa loch agus é sínte
marbh ar tón puill!



Do ghluais an rí, agus é as a mheabhair mar dh'eadh
le buairt, agus do sholáthruigh sé cóir chuardaigh.
Do cuarduigheadh an loch. Do fuaradh an corp. Do
tógadh aníos as an loch é agus do síneadh ar an
bport é. Do chonaic a mháthair é. Do sgread sí agus
do bhéic sí; b'éigean breith go daingean uirthi sar a
léimfadh sí isteach sa loch chun í féin do bháth; bhí sí as
a meabhair le neart buile buartha. B'éigean í
cheangal.



Bhí buairt ar Héród agus é ag sile na ndeór go
fuigheach. Ach bhí áthas istigh 'n-a chroidhe. Níor bh'fhéidir
feasta d'Alegsandra, ná do Chleopátra, ná do


L. 148


Mharcus Antónius, pé plámás a dhéanfadh an bheirt
ríogan air, rí dhéanamh d'Aristóbulus.



Bhí buairt ar na daoine; bhíodar go léir ar buile
le buairt agus le feirg, agus le fuath do'n rí. Bhí
fhios acu go maith gur bh'é féin a mhairbh an t-árd-
shagart. Ní raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar é
féin a ghlanadh ó'n gcoir pé rud a déarfadh sé ná
pé rud a dhéanfadh sé. Tháinig gráin ag an náisiún
go léir air.


L. 149b


BRÚN AGUS NÓLÁIN, TEOR., DO CHLÓBHUAIL


L. 149c


SGÉALAIDHEACHT NA
MACABÉACH



(Cuid a Dó)



Ó'N ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
CANÓNACH, S.P.



Ar dheis Dé go raibh a anam.



Fógarthar gach ceart ar cosnamh.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEOR.,
I mBAILE ÁTHA CLIATH: I mBÉAL FEIRSTE
I gCORCAIGH: I bPORTLÁIRGE


L. 149


SGÉALAIDHEACHT NA MACABÉACH



LXIV.



AON TSEIFT AMHÁIN



Do thuig Alegsandra go dian mhaith gur bh'é Héród
fé ndeár an mí-ádh a bhí tagaithe uirthi. Bhí fhios aici
gur bh'é a mhairbh a mac, go raibh sé chómh cionntach sa
ghníomh agus bheadh sé dá mba le n-a láimh féin a
bhainfadh sé an t-anam as. Do shocaruigh sí ar dhíoltas a
dhéanamh air. Do sgríbh sí leitir ag triall ar
Chleopátra ag innsint an sgéil go léir di agus 'ghá
iarraidh uirthi labhairt le Marcus Antónius agus
a iarraidh air cómhacht na Rómha do chur i bhfeidhm ar
Héród agus é chur chun báis mar gheall ar an gcoir
a bhí déanta aige.



Do léigh Cleopátra an leitir. Do chuimhnigh sí 'n-a
h-aigne ar chuma áirithe in-a ndéanfadh bás Héróid
tairbhthe dhi féin. Do sgríbh sí chun Antóniuis. Do
chuir sí os a chómhair an sgéal go soiléir. Do thais-
beáin sí dhó nár bh'aon tionoisg a dh imthigh ar an
árdshagart, ach seirbhísigh Héróid 'ghá chimeád fé uisge,
sa loch, go dtí go raibh sé marbh. D'iarr sí air an bás
a bhí tuillte ag Héród do thabhairt dó. Agus d'iarr
sí air rígheacht Iudéa thabhairt di féinig.



Do léigh Antónius an leitir. Chuir sé i gconnibh
Chleopátra ar feadh tamail. Bhí sí ag tathant air,
fé dheire do ghéill sé. Bhí sé an uair sin sa n-áit
ar a dtugtí Laodicéa. Do sgríbh sé leitir agus chuir
sé ag triall ar Héród í. Isé rud a bhí sa leitir ná
órdú do Héród teacht chuige go Laodicéa agus é féin
a ghlanadh ó aon lámh a bheith aige i mbás an árdshagairt.


L. 150


Bí Cleopátra i Laodicéa, leis. Níor thaithn le
Héród aghaidh a thabhairt ar an mbeirt. Ní raibh aon
dul uaidh aige, ámhthach. Ní raibh aige ach aon tseift
amháin chun é féin a ghlanadh. Chuir sé bronntanas
mór airgid ag triall ar Antónius. Ansan chuaidh
sé go Laodicéa agus thug sé aghaidh ar an mbeirt.
D'innis Cleopátra an sgéal fé mar a h-innseadh
di féin é sa leitir a fuair sí ó Alegsandra. D'innis
Héród an sgéal díreach, dar leis, mar a thuit an
sgéal amach. D'oibrigh an bhreab. Thug Antónius a
bhreith i bhfabhar do Héród. Do ghlan an bhreab Héród
ó aon lámh a bheith aige i mbás Aristóbuluis. Ní
bhfuair Alegsandra aon tsásamh. Nuair nár fhéad
Marcus Antónius Iúdéa thabhairt do Chleopátra
thug sé Celesuíria dhi.



Sar ar fhág Héród Ierúsalem chun dul go Laodicéa
dhein sé gobhernóir ar an gcathair de Ióseph dritháir
a athar. Bhíodh Ióseph 'ghá innsint do Mhariamne cad
é an neart grádha a bhí ag an rí dhi.



"Feuch, a ríogan," ar seisean léi, "tá a leithéid
sin de ghrádh aige dhuit gur órduigh sé dhomh-sa dá
mba ná h-eireóchadh an gnó so leis i Laodicéa, thusa
chur chun báis, le h-eagla go mbeifá ag aon fhear eile,
go mór mór, le h-eagla go mbeifá ag Marcus
Antónius. D'airigh sé an fear san ag moladh
t'áilneachta." B'fhearra do Ióseph go ngearrfí an
teanga amach as a cheann sar ar labhair sé an chainnt
sin. Nuair airigh Mariamne an chainnt is amhlaidh a
tháinig fuath fíochmhar aici do'n fhear a dh'fhéad a leithéid
d'órdú a thabhairt uaidh. D'innis sí an t-órdú d'á
máthair. Bhí fuath a dóithin cheana ag Alegsandra
do Heród Do mhairbh sé a mac. Thaisbeáin an
t-órdú san cad é an saghas grádha a bhí aige d'á
n-inghin. Ní fuiriste a dh'innsint cad é an sórd
aigne a bhí aici dhó.


L. 151


LXV.



ÉAD I GCROIDHE HÉRÓID



Le n-a linn sin do ghluais ráfla ó bhéal go béal
ar fuaid na catharach go raibh Héród tar éis bháis,
go raibh Antónius tar éis é chur chun báis agus gur
imir sé pionós ana ghéar air, fé mar a h-imireadh
ar Antigonus. Do chuir an ráfla san uathbhás ar na
daoine go léir. Do chuir sé sgannra ar Alegsandra
agus ar Mhariamne. Do réir na cainnte a bhí ráidhte
ag Ióseph níor bh'fholáir Mariamne do chur chun báis
laithreach! Siúd an bheirt, Mariamne agus a máthair
ag triall ar Ioseph, 'ghá fhiafraighe dhe cad a bhí le
déanamh chun Mariamne do chimeád saor ó'n ordú úd
a bhí fághalta ag Ióseph. ó'n rí. Bhí áit ná raibh ró fhada
ó'n gcathair agus bhí sé fé chómhacht na Rómhánach agus
é lasmuich de chómhacht rí na nIúdach, agus mar chomh-
artha ar an nídh sin bhí na fiolair Rómhánacha curtha
suas os cionn na h-áite. Do chrom Alegsandra ar
a iarraidh ar Ióseph imtheacht, i n-aonfheacht léi féin
agus le Mariamne, amach a' cathair Iérúsalem agus
iad i dtriúr a dhul fé chomairce na bhfiolar, agus
cómhacht na Rómha do chur idir iad agus órdú an rí.
Bíodar 'ghá n-ullmhu féin chun imtheacht. I lár an
ullmhúcháin dóibh tháinig leitir chucha ó Héród 'ghá
innsint dóibh go raibh buaidhte aige! go raibh Antónius
tar éis breithe thabhairt i bhfabhar dó agus é ghlanadh
ó aon lámh a bheith aige i nibás an árdshagairt.



"Táim glan," ar seisean, "ó aon lámh a bheith
agam i mbás an árdshagairt, agus ní h-é sin féin
ach ní raibh meas chómh mór riamh ag Antónius orm
agus atá aige orm anois. Ní fada go mbead ag dul
abhaile go Ierúsalem agus mo chómhacht níos treise
'ná mar a bhí riamh." Do stad an t-ullmhúchán.


L. 152


Bhí drifiúr ag Héród agus Salóme ab ainm di.
Tráth éigin roimis sin do thárla aighneas éigin idir
Shalóme sin agus Mariamne agus do chas Mariamne
le Salóme a neamhuaisleacht, ná raibh innti ach leath-
Iúdach. Fuair Salóme aniach an t-ullmhúchán chun dul
fé chomairce na bhfiolar Rómhánach. Chómh luath agus
tháinig Héród abhaile d'innis sí dhó i dtaobh an
ullmhúcháin. "Agus go deimhin féin," ar sisi,
"níor ghádh do Ióseph bheith chómh mór ar fad le Mari-
amne agus a bhí sé an fhaid a bhís-se i Laodicéa!"
Do las an focal san éad i gcroidhe Héróid. Do
labhair sé le Mariamne agus do chas sé léi í bheith
chómh mór san le Ióseph. Do thaisbeáin sí dhó go
soiléir, ná raibh aon nídh bun os cionn déanta
aici. Do thuig sé go raibh eugcóir déanta aige uirthi
agus chrom ar mhéid a ghrádha dhi do léiriú. Ansan
dubhairt sí focal agus b'fhearra dhi ná déarfadh
sí é.



LXVI.



CLEOPATRA.



An fhaid a bhí Hérod ag maoidheamh as méid an
ghrádha a bhí aige do Mhariamne bhí Mariamne ag
cuimhneamh ar an órdu úd a thug sé d'á oncuil,
Ióseph, nuair a bhí sé ag imtheacht go Laodicéa chun
é féin a ghlanadh i láthair Mharcus Antónius ó aon
lámh a bheith aige i mbás an árdsagairt Aristóbulus.
Níor fhéad sí gan labhairt:-



"Ba dhóich liom, a rí," ar sise," dá mbeadh grádh
ceart agat dom, grádh bheadh ar mhaithe liom, ná
h-órdofá do Ióseph mé chur chun báis dá gcuireadh
Marcus Antónius thu féin chun báis."



Níor bheag san. D'eirigh sé ar buile. "Dar fiadh,"


L. 153


ar seisean, i n' aigne féin, "d'innis Salóme an
fhírinne! Mara mbeadh í féin agus Ióseph a bheith
ana mhór le n-a chéile ní 'neósfadh Ióseph di gur thugas
an t-órdú san dó!" Tharraig sé a chlaidheamh chun
í mharbhú láithreach le n-a láimh féinig. Do sheasaimh
sí os a chomhair gan staonadh. D'fheuch sí in sna
suilibh air gan crithniú, a h-aghaidh chómh breágh, chomh
socair, chómh suaineasach, chómh stuama, agus bheadh sí
dá mba ná beadh aon fhearg i n-aon chor air. Níor
fhéad sé í bhualadh. Bhí fuil ríoga na Macabéach ró
láidir dó, ró uasal dó. Chuir sé a chlaidheamh thar
n-ais 'n-a thruaill taisge. Ach do dhein sé rud eile.
Chuir sé lucht airm uaidh chun Ióseph do chur chun báis
gan a thuille righnis, gan leogaint dó teacht 'n-a
ghoire ná aon fhocal do labairt 'ghá thaisbeáint ná
raibh aon choir déanta aige. D'órduigh sé do'n lucht
airm breith ar Alegsandra agus í cheangal go dain-
gean agus í chur isteach i bpríosún.



Le linn an niéid sin a bheith déanta ag Héród
tháinig sgéala chuige 'ghá chur i n-iúil dó go raibh
Cleopátra ag teacht isteach i dtír Iúdéa. Is amhlaidh
a bhí sí ag teacht thar n-ais ó thír Euphrátes tar éis
í bheith thoir sa tír sin ar chuaird i n-aonfheacht le
Marcus Antónius.



Bhí fuath ag Héród do Chleopátra, fuath fíochmhar.
Bí mórán uilc déanta aici air. Bhí sí, i dteannta
gach uilc eile, tar éis mórán de'n talamh ba shaidhbhre
a bhí aige do bhaint de, an talamh a bhí mórthímpal ar
chathair Iericó, talamh a thugadh cíosana troma
isteach chun Héróid mar gheall ar an mbalsam a
dh'fhásadh as agus ar na crannaibh pailime a bí chómh
téagartha, chómh flúirseach, air. Bhí Cleopátra ana
mhór le Marcus Antónius agus do mheall sí an
talamh san go léir uaidh. Thug sé an talamh di. Bhí
Héród ar buile, ach cad fhéadfadh sé dhéanamh i
gcoinnibh an Rómhánaigh chómhachtaigh?


L. 154


D'á éaghmais sin, bhí sí 'ghá leogaint uirthi go
raibh ana ghrádh aici dhó, agus bhí sí a d'iarraidh bheith
go mór leis fé mar a bhí sí le Marcus Antónius
féinig. Is amhlaidh a tháinig gráin mhillteach aige
uirthi mar gheall air sin. Agus bhí sí ansúd i
n'fhochair aige, fé n-a láimh.



LXVII.



FUATH AGUS GRÁIN.



Bhí sí ansud fé n-a laimh aige, agus an díobháil
go léir úd déanta aici dhó, agus an fonn uirthi chun
tuille díobhála dhéanamh dó, agus an grádh salach
bréagach aici 'á thaisbeáint dó, agus an fuath aige
dhi agus an ghráin aige uirthi. Ba chruaidh an cás é. An
fonn thar barr air chun an chinn a bhaint di, agus an
chaoi tabhartha aici fchinig dó chómh h-áluinn chun a
dhéanta, ach an t-eagla istigh 'n-a chroidhe roim
Mharcus Antónius. Bhí a ghnó aige 'á dhéanamh go
h-ait 'n-a taobh. Bhí sé ag machtnamh go cruaidh ar
conus a thiocfadh sé ar í chur chun báis gan aon droch
nídh a theacht air féinig mar gheall ar a bás, agus bhí
sé, sa n-am gcéadna, ag tabhairt an uile shaghas
onóra dhi féin agus d'á cualacht, ag déanamh féastaí
móra costasamhla dhóibh agus ag bronnadh tabhar-
thaistí uaisle ortha.



Do labhair sé le cuid d'á cháirdibh ionmhuine agus
do nocht sé a aigne dhóibh. Chuireadar ar a shuilibh dó
go mbeadh sé ró chontabartach dó aon nídh dhéanamh
i gcoinnibh a h-anama, pé ceilt a dhéanfadh sé ar
a leithéid de ghníomh go bhfaghadh Antónius amach an
fhírinne 'n-a thaobh agus ansan go ndéanfadh na
Rómhánaigh an donas de dhíoltas ar gach aoinne a
bhain leis. "Agus," ar siad, "tá a lán de sna Iúdaígh


L. 155


agus cuirfidh an díoltas san áthas mór ortha." Bhí
fhios aige go raibh san fíor. Níor dhein sé ach comáint
leis ag tabhairt, na h-onóra do Chleopátra agus ag
bronnadh na se ód uasal uirthi féin agus ar a cualacht.



Do thuig sé go niaith, ámhthach, gur thuig sisi an
fuath a bhí aige dhi agus an ghráin a bhí aige uirthi, agus
bhí fhios aige go dtiocfadh a droch aigne 'n-a choinnibh
luath nú mall. Bhí fhios aige go raibh sí ró dhoimhinn,
ró ghéarchúiseach, ró thuisgeanach in sna gnothaíbh
stáit a bhain an uair sin leis na Rómhánaigh agus
leis na Iúdaígh agus leis na treabhchasaíbh eile mór-
thímpal, agus, le cor éigin d'á gcuirfadh an saoghal
de, gur bhaogal dó go mbainfadh sí leagadh as nár
bh'fhuiriste dhó eirighe uaidh.



Nuair a tháinig an t-am di chun dul ódheas abhaile
chun a h-Eigipte do chuaidh sé féin agus cualacht
mhór d'á cháirdibh 'ghá tonnlacan chómh fada le
Pelúsium. Do sgar sé léi ansan agus do sgaoil
sé uaid ódheas í.



Chómh luath agus bhí sgartha aige léi d'imthigh sé agns
do dhainginigh sé go láidir an caisleán ar a dtugtí
Massada. Dhein sé daingean ana láidir de'n
chaisleán san agus chuir sé isteach ann armáil agus lón
do dheich míle fear, i dtreó, dá dtagadh céini cruaidh
air tré dhroch aigne agus tré bheartuchán na mná
san, go bhféadfadh sé teiche isteach sa chaisleán san
agus é féin a chosaint.



LXVIII.



MALCHUS.



Níor bh'fhada gur sáid Cleopátra isteach é i gcéim
a bhí cruaidh go maith, i gcéim a bhí chómh cruaidh sin
nár bh'fholáir dó a ghastacht go léir agus a ghliocas


L. 156


go léir agus a neart go léir do tharrac chuige agus
d'oibiriú chun é féin do thabhairt saor as.



Bhí sluagh líonmhar láidir ag Hérod agus coir
ortha chun cogaidh. Bí beartuighthe aige an tsluagh
san do chur ag cabhrú le Marcus Antónius i gcoinnibh
an Rómhánaigh eile úd Octábhius. Bhí Antónius tar
éis mórán tíortha lastoir do bhronnadh ar Chleopátra.
Bhí tír acu san i n-Arabia agus Malchus ab ainm
do'n rí a bhí ar an dtír sin. Bhí Malchus ag díol
chíosa le Cleopátra as an dtir sin, go dtí gur
briseadh cath Actium ar Mharcus Antónius. Chomh
luath agus do briseadh an cath san ar Mharcus
Antónius do dhiúltuigh Malchus d'á thuille cíosa
thabhairt do Chleopátra. Do labhair Cleopátra le
Marcus Antónius:-



"Tá sluagh líonmhar láidir," ar sisi, "ag Héród.
Tá eileamh agat-sa ar Héród agus ar an sluagh san.
Iarr air an ncart slógh san d'iompáil anois soir
ar Mhalchus agus ar na h-Arabiánaigh. Buadhfidh
sé ortha agus cuirfidh sé do chómhacht-sa i bhfeidhm
lastoir. Déanfidh san lagú ar an gcómhacht atá ag
Octábhius óg laistiar. B'fhéidir go ndéanfadh an
neartú san ort-sa agus an lagú san air siúd an
cluiche d'iompáil eadraibh agus an lámh uachtair a
thabhairt duit-se."



Ar mhaithe léi féin iseadh adubhairt Cleopátra an
chainnt sin le h-Antónius. Bhí fhios aici go ndéanfadh
Antónius an rud a bhí aici 'á iarraidh air a dhéanamh.
Ansan, dá mbuadhadh Héród ar Mhalchus bheadh tír
Mhalchuis ag Cleopátra. Agus dá mba ag Malchus
a bheadh an buadh do thabharfadh Antónius tír Iúdéa
do Chleopátra. Ar an gcuma san, pé duine go
mbeadh an buadh aige is ag Cleopátra bheadh toradh
an chatha, agus bheadh san, aici i n-aisge, gan pingi
a chailleamhaint, gan buille do bhualadh.



Do dhein Antónius an rud a dh'iarr sí air a


L. 157


dhéanamh. Dubhairt sé le Héród dul agus cogadh chur
ar Mhalchus. Do ghluais Héród. Chuir sé cath ar Mhal-
chus agus bhris sé an cath air. Chuir Malchus armáil
eile le chéile, armáil a bhí níba threise 'ná an chéad
armáil. Ach bhí rud eile déanta ag Cleopátra um
an dtaca san. Chuir sí uaithi taoiseach airm a bhi aici
gur bh'ainm dó Atenion agus dubhairt sí leisbuidhean
a bhreith leis agus a leogaint air go raibh sé ag dul
ag cabhrú le Héród ach iompáil 'n-a choinnibh i lár
catha agus troid 'n-a choinnibh. Do buaileadh an tarna
cath idir Héród agus Malchus. D'fhan Atenion agus
a bhuidhean Éigipteach ag feuchaint ar an gcath go
dtí go bhfeacaidh sé Héród i riocht an chatha do
bhrise airís ar Mhalchus. Ansan do phreab sé féin
agus a bhuidhean isteach sa chath agus do briseadh an
cath ar Héród.



Deir an seanachaidhe gur i gCamat, i n-Arabia,
lastoir de'n Iórdan, a briseadh an cath san ar Héród.



LXIX.



LUASGADH TALMHAN.



Do dhein Atenion an feall ar Héród. Do
phreab sé isteach sa chath, díreach nuair a bhí Héród
i riocht an chatha do bhrise ar Mhalchus agus ar na
h-Arabiánaigh agus do throid sé i gcoinnibh Héróid
tar éis a leogaint air gur ag cabhrú le Héród
a tháinig sé. Ní raibh blúire coinne ag Héród leis
an bhfeall san. Bhí iongna air, agus ar a shluagh
nuair a chonacadar Atenion agus a bhuidhean 'n-a
seasamh ag feuchaint ar an gcath i gcaitheamh na
h-aimsire 'n-a raibh an cath ar siubhal. Feall ab
eadh an fanmhaint siar san, tar éis na geallamhna,
ach feall caillte ab eadh iompáil agus troid i


L. 158


gcoinnibh na nIúdach tar éis na geallamhna. Do
h-iompuigheadh 'n-a gcoinnibh agus do throid an dá
namhaid i gco nnibh na nIúdach chómh dian san gur
briseadh an cath san ar Héród agus gur dhóbair
dó féinig gan dul saor. Do briseadh an cath air
agus do sgaipeadh a shluagh. Do tógadh a longphort
agus a raibh ann, agus ar éigin bháis iseadh fhéad
sé féin agus beagán d'á shluagh slighe a ghearradh
dhóibh féin tré lár a namhad agus imtheacht suas
cliathán cnuic a bhí n-aice na h-áite. As san
amach, ar feadh tamail, níor thug Héród cath d'á
namhaid; d'fhan sé féin agus a shluagh anieasg na
gcnoc. Bhí a shluagh ag dul i méid. Bhí na fir a
theich as an gcath ag teacht ag triall air, agus a lán
fear eile ná raibh sa chath san in-aon chor. Chimeád
Héród ameasg na gcnoc iad, agus n-inead
catha thabhairt go h-osgailte d'á namhaid is amhlaidh
a bhíodh sé 'ghá gcrádh le ruagaibh. Do stiúruigheadh
sé féin na ruaga san go cródha agus go h-oilte.
Do chuireadh san misneach ar na fearaibh a bhí aige
agus mímhisneach ar a namhaid, i dteannta mórán
lóin do thabhairt isteach ó'n namhaid, mórán de'n
lón agus de'n tsaidhbhreas a thóg an namhaid nuair
a briseadh an cath ar na Iúdaíg agus do tógadh a
longphort.



An fhaid a bhí neithe ar an gcuma san b'é toil Dé
go dtáinig luasgadh uathbhásach talmhan ar thír Iúdéa,
luasgadh nár chuimhin le daoine a leithéid a theacht
riamh roimis sin. Do mhairbh an luasgadh talmhan
san mórán beithidheach agus na mílte daoine. Do
leagadh na tighthe ar na daoine agus do marbhuighcadh
na daoine fútha. Níor dhein an luasgadh san puinn
díobhála do shluagh Héróid, mar ní h-istigh i dtighthibh
a bhíodar aige ac i gcábánaibh amuich ar na cnocaibh.



Níor dhein an luasgadh talmhan puinn díobhála do
sna fearaibh a bhí ag Héród, ach do chreach sé an tír go


L. 159


leir i dtreó ná raibh bia ná deoch ná aon tsaghas eile
cabhrach aige le fághail chun an chogaidh do chothú.
B'éigean dó teachtaireacht a chur chun na n-Arabiánach
ag lorg síothchána. Fuair sé an t-eiteachas i dtaobh
na síothchána. Níor bh'é sin féin ach do mhairbh an
namhaid na teachtairí, agus siúd isteach i Iúdéa na
h-Arabiánaigh nuair a bhí, dar leó, an tír gan chosnamh.
Tháinig sgannra ar na fearaibh a bhí ag Héród. B'é
a dhítheal iad a chimeád gan teiche uaidh ar fad. Do
mheall sé chuige iad ar chuma éigin. Chuaidh sé féin
agus iad thar Iórdan soir agus thug sé cath do'n
namhaid. Do bhris sé an cath san ortha, agus cath
eile 'n-a dhiaidh.



LXX.



CAINNT GAN MHAITH.



Chuaidh Héród agus a shluagh, mar adubhradh, thar
Iórdan soir. Ní raibh aon choinne ag na h-Arabiánaigh
go bhféadfadh sé cath a thabhairt dóibh. Do thug sé cath
dhóibh, ámhthach, i n-aice na h-áite ar a dtugtí Phila-
delphia. Do bhris sé an cath san ortha agus mhairbh
sé chúig mhíle fear ortha. Ansan do dhein sé imdhridim
ortha agus iad istigh 'n-a longphort. Do dhún sé isteach
sa longphort iad, chómh dúnta san nár bh'fhada go
rabhadar i ndeire an anama le tart agus le h-ocras.
Tharraigeadar dó caogad talant ach leogaint dóibh
imtheacht uaidh. Do chuimhnigh sé ar mharbhú a theachtairí
agus chimeád sé a ghreim ortha. Bhí an tart agus an
t-ocras ró dhian ortha. Chromadar ar theacht chuige
'n-a gcéadtaibh ag umhlú dhó. Bhíodar ag teacht ar
feadh chúig lá. Bhí an chuid acu ná tiocfadh bhíodar
ar buile chun na muinntire a tháinig. B'fhearr leo
féinig bás d'fhághail 'ná teacht, ach bhí an tart ró dhian


L. 160


agus gan aon bhraon uisge le fághail. Fé dheire
shocaruighdar ar é throid bíodh ná raibh aon tsúil acu
go mbuadhfidís air. Chuireadar le chéile agus do
ghluaiseadar amach. Namhaid chontabharthach iseadh
a leithéidí i gcás de'n tsórd. Is minic a rug a
leithéidí buadh i gcás de'n tsórd. Ní bhíon aon
bheann ar an mbás acu ná aon eagla acu roimis an
mbás. Troidid siad le fuinneamh cródhachta ná
bíon i bhfearaibh ach i n-a leithéid de chás. Ach do
thuig Héród an méid sin agus do neartuigh sé 'n-a
gcoinnibh an chuid d'a shluagh ar ar thugadar aghaidh.
Do choisg sé an ruag a thugadar faoi. Do bhuaidh sé
ortha agus mhairbh sé seacht míle fear díobh. Ansan
d'umhluighdar dó agus do ghlacadar uaidh breith a
bhéil féinig. B'éigean dóibh é ghlacadh mar riaghal-
tóir os a gcionn agus dul fé n-a smacht agus fé
n-a chomairce.



Bhí buaidhte ansan aige ar Chleopátra. Ní fhéad-
fadh Antónius tír Iúdéa ná tír Mhalchuis a thabhairt
di. Bhí na h-Arabiánaigh tar éis Héród do ghlacadh
'n-a riaghaltóir os a gcionn, agus bhí aithne ró mhaith
curtha acu air um an dtaca san chun aon fhonn a
bheith ortha gabháil 'n-a choinnibh. D'á éaghmais sin bhí
briste ag Octábhius ar Antónius i gcath Actium.
Ní raibh ar chumas Antóniuis feasta tíortha do
thógaint ná tíortha thabhairt uaidh.



Ach bhí an fuath fíochmar ag Héród do Chleopátra.
Do labhair sé le h-Antónius. "Feuch, a Uasail,"
ar seisean leis, "isí Cleopátra fé ndeár cath
Actium do ghabháil ad' choinnibh. Mairbh í sin agus
glac an Éigipt chughat féinig. Ta éacht saidhbhris ag
an mnaoi sin. Tóg chughat an saidhbhreas san.
Cruinneóchaidh sé sluagh dhuit. Beidh mo shluagh-sa
agat, leis. Nuair a bheimíd i dteannta chéile buadh-
fimíd ar Octábhius agus beidh an ímpireachta agat-
sa."


L. 161


Ní raibh aon mhaith sa chainnt. Bhí an greim ró
dhaingean ag Cleopátra ar Antónius.



"Is ádhbharaighe dhom dul agus claoidhe le
h-Octábhius," arsa Héród i n' aigne féin.



LXXI.



CLUICHE CRUAIDH CONTABHARTHACH.



Nuair a shocaraigh Héród ar chúl a thabhairt le
Marcus Antónius agus ar a dhítheal a dhéanamh
chun caradais a dh'fhághail ó Octábhius bhí fhios aige
go dian mhaith go raibh cluiche cruaidh contabharthach
aige le h-imirt. Bhí fhios ag Octábhius gur tré
chómhacht Antóniuis a bhí Héród 'n-a rí ar Iúdéa. Bhí
fhios aige, leis, go raibh Héród, go h-osgailte agus
fé cheilt, ag cabhrú le Marcus Antónius i gcaith-
eamh na h-aimsire an fhaid a bhí an bheirt 'ghá n-ullmhú
féin i gcóir an chatha úd Actiuim. Níor b'fhuiriste
do Héród a chur 'n-a luighe ar aigne Octábhiuis go
mbeadh an fear a bhí chómh dílis d'Antónius, agus
chómh mór fé chomaoine ag Antónius, go mbeadh sé
dílis d'Octábhius nuair iompóchadh sé chun Octábhiuis.



Bhí contabhairt eile sa chluiche. Bhí Huircánus beó
fós, bíodh go raibh sé cheithre fichid blian agus go raibh
sé gan chluasa. Níor dheacair d'aoinne a thabharfadh
fé a chur 'n-a luighe ar Octábhius gur bh'é Huircánus
an rí ceart, ná raibh i Héród ach mac Iduméigh;
gur Mhacabéach fírinneach Huircánus agus gur bh'é
ba cheart a bheith 'n-a rí ar Iúdéa, agus gur dhóichighe
go mór é bheith dílis d'ímpire na Rómhánach 'ná
Héród a bheith dílis dó.



Ach cé bhí chun cirt Huircánuis do nochtadh
d'Octábhius? Bhí duine chun a dhéanta, duine ná fág-
fadh aon dítheal gan oibiriú chun a dhéanta, máthair


L. 162


chéile Héróid féin, Alegsandra. Bhí sí sin ann chun
cirt Huircánuis do nochtadh d'Octábhius, agus is
ró mhaith a bhí fhios ag Héród cad a dhéanfadh sí agus
cad a bhí tuillte aige féinig uaithi. Do thuig sé i
n'aigne ná raibh ar a chumas cosg a chur léi i dtaobh
Huircánuis, i dtaobh a h-athar, ar aon chuma eile ach
amháin ar an gcuma 'n-ar chuir sé cosg léi i dtaobh
Aristóbuluis óig, i dtaobh a mic, an t-árdshagart
uasal úd. Do chuir bás Aristóbuluis cosg léi an
uair sin. Ní fhéadfadh aon rud eile cosg a chur léi
an uair sin. Ní raibh aon rud chun cosg a chur léi i
dtaobh Huircánuis ach amháin bás Huircánuis. Ní
raibh aon rud chun cosg a chur lei i dtaobh a mic ach
amháin bás a mic. Ní raibh aon rud chun cosg a chur
lei i dtaobh a h-athar ach amháin bás a h-athar.



Ach conus a bhí a h-athair le cur chun báis? Dá
gcurtí chun báis é lom díreach, gan chúis, bheadh
sgeal aici le h-innsint d'Octábhius a bheadh níba
mheasa go mór 'ná aon nídh eile a bhí le rádh aici i
gcoinnibh Héróid. Níor mhór cleas éigin a dh'imirt
ar Huircánus a chuirfadh fhiachaint air rud éigin a
dhéanamh a féadfí a chur 'n-a leith agus a thuillfadh
bás dó. Do bheartuigh Héród cleas de'n tsórd san
agus d'imir sé an cleas. 'Neósfad conus a
bheartuigh sé an cleas, agus cad é an saghas an cleas
agus cér' bh'iad a bhí ag cabhrú leis sa n-imirt.



LXXII.



DEIRE LE HUIRCÁNUS.



Bhí Huircánus tar éis mórán d'á shaoghal a chaitheamh
in sna tíorthaibh lastoir. Bhí a cháirde go léir tar
éis gach díthil a dhéanamh chun a chur 'n-a luighe air gur


L. 163


b'é a leas fanmhaint lastoir. Níor bh'aon iongna
le h-aoinne é bheith, um an dtaca san, tar éis a thuis-
gint i n'aigne go raibh an ceart agá cháirdibh. Bhí sé
tar éis bháis Aristóbuluis a dh'fheisgint, an t-árd-
sagart óg, mac a inghine féin, an t-óigfhear go raibh
gach duine 'ghá rádh gur thruagh gan é 'n-a rí chómh
maith le bheith in' árdshagart. Bhí aithne curtha ar
Héród aige um an dtaca san ná raibh aigc air an
fhaid a bhí sé abhfad uaidh, agus níor bh'iongna le
h-aoinne fonn a bheith air dul abhfad uaidh airís dá
bhféadadh sé é.



Bhí fhios ag Héród go raibh Malchus 'n-a rí ar na
h-Arabiánaigh sa dúthaigh lastoir. Ba mhaith le Héród
go ndéanfadh Huircánus iarracht éigin ar dhul soir
agus é féin a chur fé chomairce Mhalchuis. Ní raibh
aon chuimhneamh ag Huircánus bocht ar aon iarracht
de'n tsórd san a dhéanamh.



Bhí seirbhíseach ag Huircánus agus Dositéus ab
ainm dó. Do labhair Héród leis an seirbhíseach san:-



"Is eól domh-sa, a Dhositéuis," ar seisean, "go
bhfuil fonn ana mhór ar do mháighistir imtheacht uaim
soir agus é féin a chur fé chomairce mo namhad, fé
chomairce Malchuis, rí na n-Arabiánach. Is eól dom
go bhfuil teachtaireachtaí d'á gcur soir ag triall
ar Mhalchus 'ghá iarraidh air teacht agus Huircánus
agus Alegsandra do bhreith leis soir chuigc féin
uaim-se. Anois, a Dhositéuis, dá bhféadfá-sa
deimhne dh'fhághail domh-sa ar an ngnó san bheinn ana
bhuidheach díot. Is eól duit nách buidheachas gan
tairbhthe mo bhuidheachas-sa nuair a tuilltear é chun
mo thoile."



D'imthigh Dositéus. Do thuig sé go maith cad a
theastuigh ó Héród. Do sgríbh sé féin leitir chun
Malchuis agus chuir sé ainm Huircánuis thíos leis
an leitir. Isé rud a chuir sé sa leitir 'ná athchuinighe,
'gá iarraidh ar Mhalchus Huircánus a ghlacadh fé


L. 164


n-a chomairce agus buidhean bheag marcach do chur
uaidh go h-áit áirithe chun Huircánuis agus Alegs-
andra bhreith chuige soir. Do fuair Malchus an
leitir. Chuir sé freagra uaidh 'ghá rádh go gcuirfadh
sé an bhuidhean marcach uaidh chun na h-áite. Do rug
Dositéus an leitir agus an freagra leis agus thug
sé isteach i láimh Héróid iad.



Do rugadh Huircánus i láthair an rí. Do chas an
rí leis an feall a bhí déanta aige.



"Níor dheineas riamh é," arsa Huircánus. Do
tharraig Héród amach an dá leitir agus thaisbeáin
sé dhó iad.



Ansan iseadh thuig Huircánus i gceart cad é an
saghas duine Héród. Ní dubhairt sé a thuille. Do
baineadh an ceann dc. Ansan do shocaruigh Héród
ch féin chun dul siar go dtí an Róimh chun caradais
do lorg ar Octábhius. Sar ar fhág sé Iúdéa do chuir
sé Mariamne agus a máthair isteach i bpríosún
Mhassada. "Agus," ar seisean leis an bhfear a bhí
os cionn an phríosúin, "má imthighean aon droch nídh
orm-sa sa Róimh mairbh an bheirt sin!" Do chuir sé
dritháir a bhí aige, agus a dhrifiúr Salóme, isteach
i ndún Alegsandrion. "Agus," ar seisean leó,
"má imthighean aon droch nídh orm-sa sa Róimh beiridh
greim ar rígheacht Iúdéa agus cimeádaidh an
greim."



LXXIII.



DUINE BOCHT SÍMPLIDHE.



Bhí Huircánus cheithre fichid blian nuair a bhain
Héród an ceann de. Duine bocht símplidhe macánta
ab eadh é, gan aon dúil i gcómhacht aige. Ní raibh uaidh


L. 165


ach go leogfí dhó maireachtaint ar a shuaineas. Níor
leogadh dó maireachtaint ar a shuaineas, ámthach.
Dhein a mháthair Alegsandra árdshagart de' ansan
fuair sí bás agus bhí sé 'n-a rí 'n-a diaidh. Trí mhí 'n-a
dhiaidh san do chuir a dhritháir Aristóbulus as an
rígheacht é. Do chuir Pompéius thar n-ais é sa rígheacht
agus sa n-árdshagartacht. Chimeád sé an dá ghairm
suas le dachad blian. Ansan d'eirigh Antigonus
'n-a choinnibh agus dhíbir sé as an rígheacht é, agus
bhain sé na cluasa dhe i dtreó nár bh'fhéidir dó bheith
i n' árdshagart, agus do chuir sé go Partia é 'n-a
phríosúnach. Bhí saoghal maith lastoir aige. Do thuig
an rí thoir cad é an saghas é agus bhí uraim ana mor
aige dhó agus ana bháidh aige leis. Bhí eagla ar Héród
go mb'fhéidir go dtuigfadh Octábhius gur bh'é Huir-
cánus an rí ceart agus nár bh'é féin. Do mheall sé
anoir é, le grádh dhó, mar dh'eadh. Tháinig Huircánus
bocht anoir, ag triall ar mhac a charad' ag triall
ar mhac Antipateir, ag braith air go mbeadh saogal
breágh aige i n' fhochair. Ansan, nuair a bhí greim ag
Héród air dhein sé an feall grána air, agus bhain sé
an ceann de.



Ansan, nuair a bhí Aristóbulus óg marbh, agus
a shean-athair Huircánus marbh, agus gan aon fhear
eile de shliocht Mhatatiuis beó, agus a bhean Mariamne
agus máthair a chéile, Alegsandra, istigh sa phríosún
aige, i bpríosún Mhassada, agus fear gurbh ainm
dó Sohémus ag tabhairt aire dhóibh, do thuig sé i
n'aigne nár mhiste dhó imtheacht siar go dtí an Róim
agus rainnt cainnte bheith aige le h-Octábhius.



Ní raibh sé ró dheimnightheach i dtaobh Octábhiuis.
Do thuig sé go mb'fhéidir nár bh'fhuiriste dhó caradas
d'fhághail ó'n bhfear san tar éis a raibh déanta aige
ag cabhrú le h-Antónius. Do thuig sé go mb'fhéidir
gur bh'amhlaidh a curfí chun báis é mar gheall ar an
gcabhair a bhí tabhartha aige d'Antónius i gcoinnibh


L. 166


Octábhiuis. Ach bhí an aigne láidir aige agus níor
staon sé ó aghaidh a thabhairt ar an gcontabhairt.
Do labhair sé, ámhthach, leis an bhfear a bhí curtha os
cionn an phríosúin aige ag tabhairt aire do'n bheirt
bhanuasal, d'Alegsandra agus do Mariamne.



"Feuch," ar seisean, "a Shohémuis, má imthighean
aon droch nídh orm-sa sa Róimh dein-se an bheirt bhan
san do mharbhú láithreach, agus ansan imthigh féin
agus a bhfuil de neart slógh anso agat, ag triall
ar mo dhríthair Pheróras. Tá sé anois i gcaisleán
Alegsandrion agus tá órdú aige uaim-se greim a
bhreith ar an rígheacht agus an greim a chimeád go
daingean, le n-a láimh féin, ma's rud é go n-imthe-
óchaidh aon nídh orm-sa sa chathair sin laistiar."



Beagán aimsire 'n-a dhiaidh san chuaidh sé ar bórd
luinge agus chuaidh sé siar go Rodésia mar a raibh
Octábhius le linn na h-uaire sin.



LXXIV.



DÍLSE DO ChÓMHACHT NA RÓMHANACH.



Chuaidh Héród go dtí Rodésia mar a raibh Octábhius
an uair sin. Do rughadh i láthair an Rómhánaigh é,
Octábhius, nú Augustus, an ainm a tugtí air nuair
a bhí cómhacht ímpireachta na Rómha i n-a láimh aige.
Tháinig Héród isteach 'n-a láthair, go h-uramamhail,
ach gan aon eagla. D'fheuch Augustus air Chonaic
sé os a chómhair duin'uasal breágh cumasach, duin'-
uasal ná raibh dána agus sa n-am gcéadna ná raibh
sgáth ná eagla air Bhí Héród éidighthe 'n-a chulaith
rí, agus bhí an chulaith chómh h-uasal chómh greanta,
chómh h-órtha agus do b'fhéidir í bheith, ní h-ar a cheann
a bhi an choróinn, ámhthach. Bhí sí n-a láimh aige.


L. 167


Chimeád sé 'n-a láimh an choróinn agus thosnuigh sé
ar chainnt:-



"A Uasail," ar seisean, "tá dánaidheacht déanta
agam ar theacht ad' láthair chun mo sgéil a dh'innsint
duit. Gan amhras tá mo sgéal-sa innste dhuit cheana.
Ní'l aon mhearathal orm, a uasail, ná go bhfuil a lán
de'n fhírinne fachta agat am' thaobh. Is me is rí ar
thír Iúdéa. Is tré chómhacht na Rómhánach atá san
amhlaidh. Is tré láimh Mharcus Antónius a dhein
cómhacht na Rómanach an nídh sin dom. Bhí Marcus
Antónius go maith dhoin. Dheineas mo dhítheal, mar
is eól, ag cabhrú leis sa chogadh go dtí gur briseadh
cath Actium air Tar éis an chatha san féin níor
thugas cúl leis. Do thuigeas, tar éis a raibh déanta
aige dhom, go raibh ceangailte orm bheith dílis dó,
bíodh go raibh an cath tar éis gabháil 'n-a choinnibh.
Do thuigeas go raibh ceangailte orm cómhairle a
leasa thabhairt dó, do réir mo thuisgiona. Do dhein-
eas san. Do labhras leis agus dubhart leis mar
seo:-



""A chara," arsa mise leis, "isí an ríogan san
Cleopátra fé ndeár an cath san do ghabháil ad'
choinnibh. Iompuigh 'n-a coinnibh sin. Droch ara iseadh
í. Cuir chun báis í. Tá uathbhás saidhbhris aici. Glac
chughat féinig an saidhbhreas san. Cuirfidh an saidh-
bhreas san ar do chumas mór shluagh láidir do chur
le chéile agus iarracht eile dhéanamh ar an gcómhacht
do chimeád nuair ná beidh sí sin ann chun bheith ag
déanamh aimhleasa dhuit."



"Níor bh'aon mhaith dhom bheith leis. Nuair a thuigeas
nár bh'aon mhaith dhom bheith leis d'atharuigh m'aigne
'n-a thaobh. Is ó chómhacht na Rómhánach atá mo rígheacht
agam. Is do chómhacht na Rómhánach is ceart dom
bheith dílis. An fhaid a bhíos dílis do Marcus Antónius
is do chómhacht na Rómhánach a bhíos dílis mar is i
láimh Marcus Antónius a bhí cómhacht na Rómhánach


L. 168


an uair sin. Is léir, a Uasail, gur ad' láimh-se
atá cómhacht na Rómhánach anois. Is maith liom-sa
bheith dílis duit-se feasta má's áil leat dílse
ghlacadh uaim."



LXXV.



OS CÓMHAIR AUGUSTUIS.



Nuair a chonaic Augustus Héród, an fear breágh,
cumasach, córach, uasal, 'n-a sheasamh os a chómhair,
tháinig smaoineamh áirithe chuige i n'aigne. "Chun é
féin a chosaint atá sé seo. Beidh rud le déanamh
aige. Is dána an t-éadan atá air agus teacht anso
am' láthair tar éis ar thug sé de chongnamh dom'
namhaid. B'fhéidir gur dóich leis nách eól dom na
gníomhartha a dhein sé. Beidh fhios aige ar ball cad
is eól dom, nuair a thosanóchaidh sé ar é féin a
chosaint."



Bhí an smaoineamh san i n'aigne, ach níor tháinig aon
ghaoth dhé as a bhéal, ná aon dath dhe ar a ghnúis. D'fheuch
sé go breágh, ciúin, stuama, idir an dá shúil, ar an
bfear a bhí os a chómhair D'fheuc an fear san air-
sean gan sgáth, gan eagla, ach gan aon easba urama,
mar adubhradh. Bhí an choróinn 'n-a láimh aige, ach
níor dhóich le h-aoinne air go raibh aon chúis áirithe
aige le h-í chimeád mar sin 'n-a láimh. Do thosnuigh
sé ar chainnt. Níor dhein sé aon chosaint air féin.
D'innis sé an fhírinne. Na neithe a bhí ag Augustus
le cur 'n-a leith d'innis sé féinig iad agus d'admhuigh
sé gur bh'fhíor iad. Do baineadh Augustus d'á
bhunaibh glan. Nuair a bhí a chainnt críochnuighthe ag
an bhfear breágh, nuair adubhairt sé go mbeadh sé
chómh dílis d'Agustus agus bhí sé do Mharcus


L. 169


Antónius, d'eirigh Agustus 'n-a sheasamh agus tháinig
sé chuige. Do thóg sé an choróinn amach ar a láimh
agus chuir sé ar a cheann í:-



"Téanam amach anso, a rí," ar seisean, "agus
feuchaimís ár sluagh."



Do ghluais an bheirt amach agus mórthímpal tré
shluagh na Rómhánach, a chulaith órtha ar Héród agus
a choróinn ar a cheann aige, agus gan aon choróinn
ar cheann Augustuis ach é sa chruith i n-a bhfeiceadh
a shluagh é do ghnáth. Chonaic an tsluagh go léir go
raibh sé go h-ana mhór agus go h-ana cháirdeamhail
leis an bhfear áluinn órtha go raibh an choróinn ar
a cheann aige.



Nuair a bhí a gcuaird tabhartha acu dubhairt
Augustus, "Feuch, a rí, tá aon ghníomh amháin a
dheinis agus níor innsis dom é. Nuair a bhí lucht
gleacaidheachta Mharcus Antónius ag cur isteach ar
Dhidius, mo ghobhernóir i Suíria, do chuiris uait
buidhean d'fhearaibh armtha ag cabhrú le Didius. B'é
an chabhair i n'am féin é sin. An dílse seo atá geallta
agat dom is áil liom í ghlacadh. Tugaim duit seilbh
dhaingean i rígheacht Iúdéa agus gura fada buan sa
rígheacht san tu!"



Do sgaradar. Bhí Héród lán tsásta. Bhí an rud
a bhí uaidh fághalta aige. Do bhronn sé mórán tabhar-
thaistaí maithe ar Augustus agus ar chuid de cháir-
dibh Augustuis. Bhíodh sé fial i gcómhnuidhe i mbron-
nadh na séad. Ansan tháinig sé abhaile go Ierúsalem
agus é níba threise i gcómhacht 'ná mar a bhí sé
riamh.


L. 170


LXXVI.



AG CÚLCHAINNT AR MHARIAMNE



An fhaid a bhí Héród i Rodésia, 'ghá chur 'n-a luighe
ar Augustus gur dhuine mhachánta é féin bhí an bheirt
bhan, Mariamne agus Alegsandra, istigh i bpríosún
Mhassada agus buairt aigne ortha. Bhí an cheist os
cómhair a n-aigne acu cad a bhí le h-imtheacht ortha
dá gcuireadh Augustus Héród chun báis mar gheall
ar an gcabhair a bhí tabharta aige do Mharcus Antónius.
Bi tuairim acu gur thug Héród, sar ar imthigh sé,
órdú éigin 'n-a dtaobh do Shohémus, an fear a bhí
ag tabhairt aire dhóibh. Bhíodar ag plámás choidhche
air agus ag cimilt bhaise dhe, go dtí gur mhealadar
uaidh an t-órdú a tugadh 'n-a dtaobh. Fé dheire d'innis
sé dhóibh gur órduigh Héród dó iad do chur chun báis
dá n-imthigheadh aon droch nídh air féinig sa Roimh.



Tháinig sé abháile agus áthas an domhain air agus
a chroidhe lán de'n sgéal áthais a bhí aige le h-innsint
d'á mhnaoi, do Mhariamne. Chómh luath agus tháinig sé
isteach sa chathair chuir sé fios uirthi. Tháinig sí, ach
ar éigin a labharfadh sí leis ach i ag gol agus ag
osnuíol agus. buairt 'ghá tachtadh. D'eirigh buile
feirge dho. Tug sé droch chainnt agus tarcuisne
dhi. Do thrácht sé ar an ngrádh a bhí aige dhi, an grádh
san ná raibh a leithéid eile riamh ag fear d'á mhnaoi,
agus gan aon ghrádh aici 'á thabhairt thar n-ais dó. Do
chas sé an eugcóir sin léi. D'fheuch sí in sna súilibh
air. Níor labhair sí. Bhí fhios aici ó'n rud a thuit amach
cheana tamal roimis sin, go marbhóchadh se Sohémus
láithreach dá sgéitheadh sí air. Níor labhair sí, ach bhí a
dhá súil ar dian leathadh agus iad lán d'fheirg chuige
agus d'fhuath dhó, agus de ghráin air. Tharraig sé a
chlaidheamh. Chonaic sé iarracht de gháire in sna súilibh


L. 171


móra solusmhara san. Chonaic sé nár mhór lei dhó
an claidheamh san do shádh tré n-a cliabh, ní h-eadh
ach gur bh'é sin díreach a thaithnfadh léi, go mbeadh sí
go h-ana bhuidheach de dá sádhadh sé an claidheamh san
tré n-a cliabh. Do chuir sé an claidheamh thar n-ais
'n-a thruaill. Deir an seanachaidhe gur tré mhéid a
grádh dhi nár fhéad sé an claidheamh a dh'imirt uirthi
an uair sin ná an uair eile úd.



Bhí an sgéal mar sin eatartha ar feadh rainnt
aimsire. Tháinig a mháthair agus a dhrifiúr Salóme
ó Alegsandrion agus bhíodar sa phálás. Chonacadar
an chuma'n-a raibh an sgéal idir an mbeirt. Chromadar
ar bheith ag cogarnaigh leis agus ag cúlchainnt ar
Mhariamne go dtí gur chuireadar 'n-a luighe ar
a aigne nách gan chúis a bhí an fuath go léir aici dhó.
Thosnuigh éad ar theacht air.



Le n-a linn sinn do h-innseadh dó go raibh Augustus
ag gabháil tré Shuíria agus é ag dul síos sa n-Éigipt.
Chuaidh Héród go Ptolemais, agus bhí sé ann nuair
a bhí Augustus ag gabháil tríd an gcathair sin, ag
dul síos dó. Do thug Héród féasta mór, féasta
ana chostasamhail d'Augustus agus d'á chualacht
sa chathair sin. Do bhronn sé ocht gcéad talant ar
Augustus féin. Thug sé lón mór aráin agus fíona
do'n tsluagh, mar bhí ortha gabháil tré ghainmheach.



LXXVII.



NIMH SA CHUPÁN.



I n-éaghmais an airgid a thabhairt d'Augustus mar
thabharthas, agus i n-éaghmais an aráin agus an fhíona
thabhairt d'á shluagh chun iad a chimeád ó thart agus ó
ocras an fhaid a bheidís ag gabháil tríd an ngainmheach


L. 172


thirim, do chuaidh Héród i n-aonfheacht leis chómh fada
ódheas le cathair Phelúsium. Do thuig Augustus nár
bhuail aon duin'uasal riamh uime chómh séimh, chómh
muinntcartha, chómh deagh-labhartha, chomh fial, chómh
h-uasal, le Héród. Nuair a bhíodh sé ag dul ainach
ag feuchaint a shlógh agus ag gabháil tríotha, nú ag
feuchaint ar áiteanaibh iongantacha na tíre, chuireadh
sé fhiachaint ar Héród dul i n-aonfheacht leis. Tháinig
árd chion aige ar Héród agus árd uraim aige dhó.
Nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais aníos as an Éigipt
bhí Héród 'n-a choinnibh ag cathair Phelúsium agus
chuir sé an chóir chéadna air féin agus ar a shluagh,
go fial agus go fairsing. Bhí cheithre mhíle fear ag
Cleopátra mar ghnáth theaghlach, chun a pearsan do
chosnamh. Gailigh ab eadh iad, saighdiúirí ana chrodha.
Do thug Augustus an cheithre mhíle fear san leis
aníos as an Éigipt. Nuair a bhuail Héród uime ar
a theacht aníos as an Éigipt do bhronn sé an cheithre
mhíle fear san air. Chuaidh Héród le na chois tré
thíorthaibh Suíria. An fhaid a bhíodar ar an gcuaird
sin do thug Augustus thar n-ais do Héród na
h-áiteana úd a bhain Marcus Antónius de chun iad
a thabhairt do Chleopátra. Ar an gcuma san do
fuair Héród thar n-ais cíosana Iericó, agus Ghadara,
agus Hippon, agus Shamaría agus na n-oileán;
agus cíosana Ghasa, agus Antedoin, agus Ioppa;
agus túr Straton a bhí ar bruach na faraige. Do
b'fhiú dhó bheith fial. Do cúitigheadh an fhéile leis.



Ansan tháinig sé abhaile go Ierúsalem. Má tháinig
níor thug sé abhaile leis aon phioc de'n tséimhe úd a
chonaic Augustus ann. Do chuir sé fios ar Mhariamne.
Tháinig sí. D'iarr sé uirthi suidhe i n-aice leis. D'fheuch
sí go fíochmar air. Do labhair sí go feargach leis.
"Tabhair thar n-ais dom mo dhritháir!" ar sise.



Do chomáin sí léi ag tabhairt an uile shaghas
tarcuisne dhó ag áireamh na ndroch ghníomh go léir a bhí


L. 173


déanta aige uirthi féin agus ar a muinntir. Nuair
a bhí sé geall le bheith as a mheabhair le feirg aici
d'imthigh sí agus d'fhág sí ansan é.



Thugadar suas le bliain ar an gcuma san. Fé dheire
do chuimhnigh Salóme, drifiúr Héróid, ar sheift. Thug
sí breab do'n fhear a thugadh a chupán fíona do Héród.
"Seo," ar sisi leis an bhfear, "sin cupán fíona agat
agus tá nimh ann, agus feuch. Sin lán do dhoruinn
d'ór agat sa láimh eile. Imthigh leat anois isteach
i láthair an rí agus taisbeáin an cupán fíona san
dó agus taisbeáin an t-ór san dó agus abair leis
gur thug an bhanrighin an t-ór duit ach an cupán
fíona san a thabhairt do'n rí le n-ol, agus go bhfuil
nimh sa chupán."



Má bhí fearg riamh ar Héród do chuir an méid sin
buile feirge air. Chuir sé fios ar sheirbhíseach
Mhariamne agus chuir sé fé chéasadh é chun a chur
fhiachaint air an fhírinne dh'innsint i dtaobh an nimhe.
Nuair a bhí an céasad dian ar an seirbhiseach dubhairt
sé:-



"An t-órdú úd do thug an rí do Shohémus isé a
dh'iompuigh Mariamne 'n-a choinnibh."



Do cuireadh Sohémus chun báis gan a thuille
righnis.



LXXVIII.



BEART SPRIÚNLUITHE.



Nuair airigh Héród an focal a' béal an tseirbhísigh,
gur bh'é an t-órdú a thug sé féin do Shohémus fe
ndeár an fuath go léir a theacht ag Mariamne dhó,
do las eud 'n-a cheann. Do chuimhnigh sé ar an bhfocal
úd a dubhairt Salóme, nuair adubhairt sí: "Ní


L. 174


iompóchadh sí ad' choinnibh i n-aon chor chómh dubh mara
mbeadh a cúis féin a bheith aici leis."



"Seadh," arsa Héród i n'aigne féin, "agus ní
'neósfadh Sohémus di choidhche an t-órdú a thugas
dó mara mbeadh iad a bheith go h-ana mhór le n-a
chéile!"



Do neartuigh nimh an euda 'n-a cheann. Chuir sé
i leith Mariamne go raibh sí cionntach i ríghmhasla.
Chuir sé ar a triail í. Do cheap sé féin coiste breith-
eamhan chun í thriail. Do thuig na breitheamhain sin nár
bh fholáir dóibh í dhaoradh chun báis agus mara ndaor-
aidís chun báis í gur dóibh ba mheasa. Do dhaoradar
chun báis í, ach d'iarradar go bog a's go cruaidh air
gan í chur chun báis láithreach ach í chur isteach i bpríosún
agus rainnt aimsire do leogaint thairis, le h-eagla
go mb'fhéidir go n-atharóchadh a aigne 'n-a taobh agus
ansan gur bh'fhearr leis beó í.



Nuair airigh Salóme an chómhairle sin tháinig
sgannra uirthi le h-eagla go bhfaghfí amach an rud
a dhein sí i dtaobh an chupáin fíona. Tháinig sí agus
do labhair sí le Héród. "Feuch, a rí," ar sisi, "tá
báidh ana mhór ag na daoine go léir le Mariamne.
Má airighid siad í bheith beó agus í bheith istigh i bpríosún
eireóchaid siad amach agus brísfid siad an prío-
sún-agus feuch, an dtuigan tú me, ní fios cad a
thiocfidh as. Má curtar chun báis láithreach í ní féidir
d'aon droch nídh teacht as, anso ná sa Róimh."



Níor stad sí go dtí gur mheall sí uaidh an t-órdú
go gcuirfí Mariamne chun báis.



Do taisbeánadh an t-órdú do Mhariamne. Níor
tugadh fé ndeara gur chuir an t-órdú aon chrithniú
ná aon sgannra uirthi. Do shiubhluigh sí chun áite an
bháis chómh réidh, chómh stuama agus a shiubhlóchadh sí
dá mba na beadh sí ag cuimhneamh i n-aon chor ar an
mbás. Bhí an aigne uasal aici, agus an sgairt láidir
ba dhual di a bheith aici ó n-a sínsear.


L. 175


Níor thaisbeain a máthair, ámhthach, Alegsandra,
aon phioc de'n uaisleacht aigne sin. Bhí fhios aici go
n-iompóchadh fearg Héróid uirthi féinig chómh luath agus
bheadh Mariamne curtha chun bais. Agus cad a dhein
sí? Do shiubluigh sí i n-aice a h-inghine go dtí áit an
bháis, agus bhí sí ag moladh Héróid i gcaitheamh na
h-aimsire agus ag sprídiúchán ar a h-inghin, mar d'eadh,
mar gheall ar gan grádh agus uraim agus ionmhuine
thaisbeáint d'á fear, do'n rí sin a bhí chómh breágh chómh
h-uasal chómh ríoga. Bhí Mariamne ag éisteacht leis
an gcainnt. Do thuig sí cad chuige an chainnt agus
bhí náire agus ceann-fé uirthí. Do mheas an mháthair
bhocht go 'neósfí an chainnt do Héród agus go
mb'féidir go leogfadh sé saor í féin. Ba spriún-
luithe an bheart í, agus níor dhein an bheart aon tairbhthe
d'Alegsandra, nídh nár bh'iongna. Níor bh'fhada gur
lean sí a h-inghean.



LXXIX.



DEIRE LE H-ALEGSANDRA.



Nuair a bhí an gníomh déanta ag Héród agus
Mariamne curtha chun báis tháinig atharú aigne air.
Tháinig uaigneas agus aithreachas thar na beartaibh air.
Bhíodh sé ag glaodhach uirthi, fé mar ba dhoich leis í
bheith beó agus í bheith i seómra éigin eile de'n phálás.
Bhíodh sé ag glaodhach ar theachtairíbh agus 'ghá gcur
uaidh ag triall uirthi 'ghá iarraidh uirthi teacht chuige
agus labhairt leis.



Go luath tar éis a báis tháinig pláig uathbhásach ar
an dtír. Dubhairt an uile dhuine gur tré dhíbhfeirg
Dé, mar gheall ar an eugcóir a deineadh ar an mban-
righin, a tháinig an phláig sin. Bhí na daoine go léir,
uasal agus íseal, ag fághail bháis, an phláig 'ghá marbhú


L. 176


agus milleán an uilc go léir ag an bpoibilidheacht
ar an rí. Bhí fhios ag an rí go raibh san amhlaidh, agus
do mhéaduigh an nídh sin an t-aithreachas agus an
t-uaigneas a bhí ag brise a chroidhe. D'imthigh sé as
an gcathair chun dul ag fiach ameasg na gcnoc mar
dh'eadh. Ní h-ag fiach ameasg na gcnoc a bhíodh sé,
ámhthach, ach ag brise a chroidhe ag gol i ndiaidh Mhar-
iamne. Fé dheire tháinig taom éigin breóiteachta air.
Teinneas cuirp a thugan an seanachaidhe ar an
mbreóiteacht. Chuaidh sé isteach i Samaría agus chuaidh
sé fé láimh dochtúra. Bhí a lán dochtúirí 'n-a thímpal.
D'órduighdar a lán leighseana dhó. Níor dhein na
leighseana aon mhaitheas dó, mar bhí a bheatha aige 'á
chaitheamh ró annrianta. Bhí an cholan ró láidir aige,
ámhthach, agus chuir sch dhe an bhreóiteacht i n-aindeóin
na h-annriantachta. Ansan thug sé srian d'á fheirg
agus d'á dhroch aigne i dtreó nár fhéad namhaid ná
cara dul saor uaidh.



Bhí Alegsandra, máthair Mhariamne, gan cur chun
báis fós. Nuair a bhí Héród breóite i Samaría do
thuig sí go mb'fhéidir go bhfaghadh sé bás. Bhí dhá dhain-
gean i Iúdéa agus bhíodar ana láidir. Chuaidh Alegs-
andra ag triall ar an dá ghobhernóir a bhí ar an dá
dhaingean agus tharraig sí breabana dhóibh agus
d'iarr sí ortha an dá dhaingean a thabhairt suas di
féin, agus clann mhac Héróid a thabhairt suas di,
mar gur theastuigh uaithi an rígheacht a chur i n-áirithe
do dhuine de sna macaibh a bhí aige le Mariamne dá
bhfaghadh sé féin bás de dhruim an teinnis cuirp a
bhí air. Ach bhí sean aithne ag an mbeirt ghobhernóirí
uirthi. I n-inead rud a dhéanamh uirthi is amhlaidh a
dh'innseadar do Héród cad a bhí ráidhte aici leó.
D'órduigh sé dhóibh í chur chun báis láithreach. Do
cuireadh chun báis í gan aon tsaghas trialach.



Sé bhliana fichid roim theacht ár Slánuightheóra
iseadh do cuireadh Alegsandra chun báis.


L. 177


LXXX.



COSTOBÁRÉS



Bhí Salóme, drifiúr Héróid, pósta. Do, chuir a
fear fearg ar Héród. Iduméach ab eadh é. Do chuir
Héród chun báis é. Ansan do phós Salóme airís.
Ansan do dhein Héród gobhernóir de'n fhear san
ar Iduméa. Costobárés ab ainm dó. D'eirigh sé
amach i gcoinnibh Héróid, mar do cheap sé bheith 'n-a
rí ar Iduméa i n-inead bheith 'n-a ghobhernóir. Bhí
Cleopátra beó an uair sin. Do chuir Costobárés
sgéala ag triall ar Chleopátra 'gha iarraidh uirthi
congnamh a thabhairt dó i gcoinnibh Héróid. Fuair
Héród amach an méid sin. Do mheas sé an ceann
a bhaint láithreach de Chostobárés. Do labhair Salóme
ar a shon le Héród. Do mhaith Héród dó. Bhí san go
maith go dtí gur atharuigh aigne na mná, aigne
Shalóme, agus gur iompuigh sí i gcoinnibh a fir,
Costobárés.



Nuair iompuigh a h-aigne 'n-a choinnibh do shocaruigh
sí ar é chur as an slighe uaithi. Seo mar a dhein sí a
gnó. Chuir sí chuige ar dtúis an sgríbhinn ar a dtugtí
bille díbeartha. Ansan níor mhór di a thaisbeáint
go raibh cúis aici leis an ngníomh san. Bhí rún aici
air. Bhí fear sa n-áit tamal roimis sin agus d'órduigh
Héród é féin agus a chlann do chur chun báis. Babas
ab ainm do'n fhear san. Ní innsean an seanachaidhe
cad d'imthigh ar Bhabas, ach innsean sé gur cimeádadh
a chlann beó a gan fhios do Héród. Bhí triúr i
n-aonfheacht ag obair a' lámhaibh a chéile 'ghá gcimeád
beó a gan fhios do Héród. Bhí Costobárés ar dhuine
acu san. Bhí fios an méid sin ag Salóme. D'innis
bhí do Héród gur mar gheall ar é bheith ag déanamh


L. 178


na h-oibre sin a thug sí féin an bille díbeartha dhó.
D'fheuch Héród isteach sa sgéal. Fuair sé go raibh
an sgéal fíor, agus gur bh'é Costobárés a bhí ag cothú
clainne Bhabais. Do chuir sé iad go leir chun báis.



Seo mar a thárla an fhearg ag Héród chun Babais.
Nuair a thóg Héród cathair Ierúsalem d'órduigh sé
do Chostobárés clann Bhabais do chur chun báis. De
shliocht na Macabéach abh eadh iad. Do leog Costobárés
air le Héród gur bh'amhlaidh a dh'euluighdar uaidh.
Nuair a sgéidh Salóme ar Chostobárés do fuair
Héród amach gur bh'amhlaidh a bhíodar i bhfolach n-áit
éigin ag Costobárés agus é 'ghá gcothú. Ansan do
chuir Héród chun báis iad go léir agus an uile dhuine
de shliocht na Macabéach gur fhéad sé teacht suas
leis. Bí fhios aige go maith go raibh an fuath thar na
beartaibh ag na Iúdaígh dó. Bhí fhios aige go raibh
an grádh thar na beartaibh acu do shliocht na Macabéach.
Bhí fhios aige dá bhfaighdís an chaoi air, go marbhóch-
aidís é agus dá mbeadh aon duine de shliocht na
Macabéach le fághail, go ndéanfidís rí dhe i n' inead
féinig. Do thuig sé i n' aigne, d'á bhrígh sin, ná beadh
sé féinig ó bhaoghal i gceart an fhaid a bheadh aon fhear
de shliocht na Macabéach beó. Bhí sé, mar gheall air
sin, 'ghá marbhú chómh tiugh agus d'fhéad sé é, agus
bhi an marbhú san ag cur na nIúdach go léir ar buile
le fuath dhó agus le feirg chuige.



LXXXI.



GNÁSA IASACHTA.



An fhaid a thuig Héród go raibh aon iarsma beó
ameasg na nIúdach de shliocht uasal na Macabéach
ní raibh sé ar a shocaracht i n'aigne. Bhí fhios aige go


L. 179


raibh árd ghreann ag na Iúdaígh go léir ar an gcine
sin. Bí an fuath aige fchin do sna Iúdaígh agus acu
dho. Bhí fhios aige, leis, dá n-imireadh sé ortha iom-
laine an fhuatha a bhí aigc dhóibh go mb'fhéidir go
n-eireóchaidís amach 'n-a choinnibh agus go soláth-
rochaidís fear uasal éigin de'n chine uasal úd agus
go n-iarrfidís ar na Rómhánaigh é chur 'n-a rí os a
gciomn i n-inead Héróid. Dá dtuiteadh san amach
b'fhéidir ná déanfadh na Rómhánaigh rud ortha. Ach
b'fhéidir eile go ndéanfidís. Dheineadar rud de'n
tsórd uaireanta nuair a chonacadar ná raibh rí
ábalta ar rígheacht do láimhseáil sa cheart. Ní raibh
Héród saor ó eagla go ndéanfadh na Rómhánaigh
mar sin leis féinig dá n-iompuigheadh an náisiún
ró dhubh 'n-a choinnibh, go mór mór dá mbeadh ar
chumas na nIúdach fear uasal, ríoga, stuama, de
chine na Macabéach, a bhreith leó agus a thaisbeáint
do sna Rómhánaigh.



Nuair a bhí cine na Macabéach ídighthe glan aige
d'imthigh an t-eagla san de. Nuair a dh'imthigh an
t-eagla san de níor bh'fhada gur thosnuigh sé ar a
thaisbeáint cad é an neamhshuím a bhí aige i gcreideamh
na nIúdach. Do thosnuigh sé ar chuid de sna gnásaibh
creidimh a bhí acu do chosg agus ar ghnásaibh iasachta
do thabhairt isteach agus do chur ar siubhal'n-a n-inead,
gnása a bhí bun os cionn le gnásaibh creidimh na
mIúdach. Chuir sé suas téatar áluinn istigh sa chathair,
agus chuir sé suas, lasmuich de'n chathair, amphitéatar
breágh mór leathan, agus d'órduigh cluichí poibilidhe,
agus cleasaidheacht agus gleacaidheacht, a bheith ar
siubhal, uair ins gach caogad blian, i n-onóir d'Augus-
tus. Chuir sé an nídh sin d'á fhógairt, ní h-amháin sa
chómharsanacht ach i ndúthaíbh iasachta abhfad ó bhaile,
i dtreó go dtiocfadh mórán daoine chun bheith ag
feuchaint ar na radharcaibh breághtha. Do gheall sé
duaiseana daora do'n mhuinntir a bhéarfadh buadh


L. 180


in sna cluichíbh, agus in sna gleacaidheachtaibh, agus
in sna súgraibh. D'á éaghmais sin thug sé leis éacht
de sna ceóltóiríbh ba chliste le fághail, agus lucht
cleas, agus daoine a bhí oilte ar claidheamh agus ar
gach arm cómhraic eile. Agus thug sé leis droch
bheithidhigh ghrána chun go ndéanfadh lucht na n-arm
iad a chómhrac.



LXXXII.



AMPHITÉATAR.



Nuair a chonaic na Iúdaígh na riaghalta nua d'á
ndéanamh i ngnóthaíbh an chreidimh, istigh sa teampul,
d'fheuchadar ortha agus ní le taithneamh é. Nuair a
chonacadar an téatar agus é istigh sa chathair acu
bhí fearg ortha. Nuair a chonacadar an t-amphi-
téatar lasmuich de'n chathair, agus é chómh breágh, chómh
mór, agus nuair airighdar cad iad na gnóthaí a bhí
chun bheith ar siubhal ann, an chleasaidheacht, agus an
ghleacaidheacht, agus an cómhrac leis na beithidhigh ghrána,
mhóra, chraosacha, do chuimhnighdar ar Mhatatias agus
ar a chlainn mhac, ar Iúdás Macabéus, agus ar an
gcuid eile acu. "Ochón!" ar siad, 'n-a n-aigne
féin, "nách truagh gan a leithéidí beó airís againn!"



Ba chuma le Héród cad a bhí 'n-a n-aigne acu ná
cad ná raibh. Do chomáin sé leis ag críochnú an
téatair bhig istigh sa chathair agus ag críochnú an téatair
mhóir lasmuich, an téatair thímpalaigh. Agus chomáin
sé leis 'ghá mbreághthú, ag cur gach aon tsaghas
órnáidí ortha, i dtreó nuair a thiocfadh na daoine
iasachta as na tíorthaibh i gcéin go mbeidís ag déanamh
iongna dhíobh agus go leathfadh a súile ortha agus
go ndéarfidís ná feacadar riamh aon oibreacha chómh
h-áluinn, chómh greanta leó.


L. 181


Chuir sé ornáidí áirithe ortha agus ba dhóbair dó
cathú bheith air mar geall ortha. Ba dhóich le duine
a dh'fheuchfadh ortha gur bh'íomhághthacha iad. Níor bh'eadh,
ámh. Bhíodar cosmhail le h-íomághthachaibh, ach is amhlaidh
a bhíodar 'n-a bpíosaíbh curtha le chéile agus iad
folamh istigh, agus bataí sáidhte suas tríotha agus
ma bataí 'ghá gcimeád 'n-a seasamh. Nuair a chonaic
na daoine iad do mheasadar gur bh'íomhághtha iad
dáiríribh. D'eirighdar ar buile. Do ritheadar i
n-aon bhróin amháin agus thugadar aghaidh ar na
h-órnáidíbh chun iad do leagadh agus do bhrise. Chonaic
Héród ag teacht iad. Bhí fhios aige cad é an fuadar
a bhí fútha. Do rith sé rómpa agus do leag sé ar lár
eeann de sna h-órnáidíbh agus thosnuigh sé ar na
píosaíbh a tharrac ó n-a chéile, agus thaisbeáin sé dhóibh
an bata adhmaid a bhí 'ghá gcimeád le chéile agus 'ghá
gcimeád 'n-a seasamh. Do gháir cuid de sna daoine.
Bí cuid acu leath-shásta. Bhí cuid acu, ámhthach, ná
raibh sásta i n-aon chor. Do leanadar ag trácht ar
an obair go léir eatartha féinig. Bhí an fhearg ag
dul i ngéire ortha. "Ní rí Iúdach i n-aon chor é!"
ar siad le n-a chéile. "Págánach iseadh é, agus
measan sé págánaigh a dhéanamh dínn go léir!"



LXXXIII.



PIANTA TRUAGHMHÉILEACHA.



Bhí deichneabhar acu a bhí níba dhána 'ná an chuid
eile agus bhíodar ag cainnt eatartha féinig i dtaobh
an téatair agus an amphitéatair go dtí go rabhadar
tar éis iad féin a ghríosadh go maith le feirg. Ansan
do shocaruighdar iad féin chun deire chur le Héród
agus le n-a phágánacht. Chuireadar chucha, laistigh d'á


L. 182


gcuid éadaigh, sgeana breághtha, fada, géara, agus
bhíodar chun rith go h-oban isteach sa téatar agus
an rí nú cuid éigin d'á chualacht do ropadh leis na
sgeanaibh sin. Do thuigeadar go maith gur chailleamh-
aint anama ba ró bhaoghal dóibh d'á dhruim sin. Ach
do thuigeadar, leis, go dtabharfadh a mbás gráin na
ndaoine ar an rí agus go dtiocfadh bás an rí as an
ngráin sin.



Sar a raibh uain acu ar aon ghníomh a dhéanamh
d'innis duine éigin do Héród cad a bhí beartuighthe
acu. Do rugadh ortha agus do cuireadh chun báis iad
i bpiantaibh truaghmhéileacha. Nuair a chonaic na daoine
na pianta uathbhásacha d'á gcur ortha tháinig buile
feirge ortha. Do rugadar ar an dtiúsgalóir, ar an
bhfear a dh'innis ortha, agus do stracadar as a chéile
é, agus do chaitheadar a chuid feola chun na ngadhar.
Do cheap Héród teacht suas leis an muinntir a dhein
an gníomh san. Do theip air an t-eólus a dh'fhásgadh
le piantaibh amach as aon fhear. Ansan do rug sé ar
chuid de sna mnáibh agus bhí sch ag cur na bpian ortha
go dtí gur fháisg sé an t-eólus asta. Le géire na
bpian d'ainimnigh na mná bochta daoine éigin. Do
rug Héród ar na daoinibh sin agus chuir sé chun báis
iad i bpiantaibh uathbhásacha. Ansan bhí na daoine go
léir ar deargbhuile aige chómh mór san gur mheas sé
go n-eireóchaidís go léir amach 'n-a. choinnibh. Bhí an
t-eagla chómh mór san air roimis an eirighe amach gur
dhainginigh sch cathair Ierúsalem go láidir fé mar
a curfí cathair i dtreó chosanta i n-aghaidh namhad
iasachta. Do chuir sé suas agus dhainginigh sé Samaría
ar an gcuma gcéadna. 'N-a theannta san do near-
tuigh sé agus do dhainginigh sé aon áit láidir eile
sa tír a bhí oireamhnach chun seasaimh i n-aghaidh an
náisiún dá n-eirighdís.



Ní raibh i Samaría sar ar chuir Héród suas é ach
cathair bhriste. Do raob Huircánus í ar dtúis. Ansan


L. 183


do chuir Gabínius suas í agus thug sé Gabiniana
uirthi. Níor b'fhada gur díbireadh Gabín us. Ansan
do dhein cathair bhriste airís de Shamaría. Ansan
do chuir Héród suas í agus dhein sé cathair ana
láidir di. Thug. sé leis isteach innti sé mhíle fear
d'armáil iasachta agus dubhairt sé leó cómhnuidhe
dhéanamh innti. Thug sé Sebaste mar ainm uirthi.
"Sebaste" sa Ghréigis iseadh "Augustus" sa
Laidin. Bí fhios aige gur bh'é a bhuac an uile shaghas
omóra thabhairt d'Augustus.



LXXXIV.



MAOLÚ BEAG AR AN BHFEIRG.



Do dhaingin gh sé mar an gcéadna an túr úd
Stratoin agus chuir sé buidhean láidir lucht cimeádta
isteach ann, agus thug sé Caesaréa mar ainm air, i
n-onóir do'n ímpire Rómhánach, agus thug sé a
leithéid de neartú agus de dhainginú ar an dtúr
san gur dhóich le duine nár bheag é chun na tíre go
léir a chimeád fé smacht. Ar bruach na faraige
iseadh bhí an túr suidhte agus cuan áluinn i n-aice
leis. Cuan ana chontabharthach ab eadh an cuan, ámhthach,
go mór mór nuair a bhíodh an ghaoth an ar-andeas.
Nuair a bhíodh aon phuinn nirt sa ghaoith sin níor
bh'fhéidir d'aon loing fanmhaint sa chuan gan brise.
Do chonaic Héród gur bh'fhéidir an locht san do leigh-
eas, gur bh'fhéidir na caraigreacha báidhte a bhí ag
déanamh an toirmisg do bhrise agus do chur as an
áit, ach go mbeadh an obair ana dheacair agus ana
chostasamhail. Thug sé aghaidh ar an obair agus dhein
sé an obair, agus nuair a bhí an obair déanta aige
ní raibh aon chuan ar an dtaobh san ar fad de'n


L. 184


fharaige a bhí chómh sábhálta do loingeas leis an gcuan
san. Bhí sé dhá bhliain déag ag obair ar an gcuan san
agus ar Chaesaréa. Chuir sé suas daingeana eile, leis,
ar fuaid na tíre, cuid acu lastoir de'n Iórdan.
Nuair a bhíodar san go léir curtha suas, neartuighte,
daingean, gairisiúnta, aige, bhí dhá thaobh na h-abhan
aige óthuaidh go dtí Loch Genesaret agus níba shia.



Do dheabhrochadh an sgéal gur chuir na h-oibreacha
san go léir, go mór mór na daingeana láidire,
gur chuireadar an t-eirighe amach soir siar as aigne
na ndaoine. Pé'r domhan é ní'l aon trácht sa tsean-
achas ar aon eirighe amach i gcaitheamh an dá bhliain
déag san. Ach nuair a bhí an dá bhliain déag geall le
bheith caithte tháinig ar an dtír nídh a chuir a mhalairt
de chúram ar na daoine i n-inead bheith ag cuimhne ar
eirighe amach. Tháinig, ar dtúis tiormacht uathbhásach.
As an dtiormacht tháinig easba fáis. As an easba
fáis tháinig gorta leunmhar. As an ngorta tháinig
pláig mhillteach. Leis an ngorta agus leis an bpláig
bhí na daoine ag fághail bháis 'n-a gcruachaibh. Ba mhian
le Héród bia cheannach do sna daoine, ach ní raibh an
t-airgead aige chuige. Bhí an t-airgead go léir ídighthe
aige leis nah-oibreachaibh móra costasamhla. Bhí mórán
saidhbhris aige, ámhthach, i riocht pláta. Chuir séan t-ór
agus an t-airgead a bhí aige sa riocht san, d'á leighe
le teine. Ansan do chuir sé an saidhbhreas san síos
sa n-Éigipt chun arbhair a cheannach agus a thabhairt
aníos agus do rainnt ar na daoine.



Déarfadh duine gur cóir go mbcadh na daoine
buidheach de mar gheall air sin. Ní rabhadar. Dubh-
radar gur bh'é féin a bhí cionntach in sna h-olcaibh
go léir: gur mar gheall ar a dhroch ghníomharthaibh a
tháinig an tiormacht agus an t-easba fáis agus an
gorta agus an phláig agus an t-ár.



B'éigean dóibh na caoire go léir a mharbhú chun
bídh. Ansan bhíodar gan olan chun éadaigh. Do thug


L. 185


Héród morán olna chucha aníos as an Éigipt, i
dteannta an arbhair. Bhí uachtarán Rómhánach sa
n-Éigipt an uair sin. Thug sé sin breis de'n arbhar
agus de'n olan do Héród agus do rainn Héród
iad ar na Iúdaígh i dtreó go raibh suas le n-a ndóithin
acu. Thug san maolú beag ar an bhfeirg a bhí acu chun
Héróid.



LXXXV.



AN TARNA MARIAMNE.



Nuair a fuair na daoine an t-arbhar go léir agus
an olan go léir ag Héród 'á thabhairt leis aníos as
am Éigipt chucha agus 'á rainnt ortha, agus an gádh
chómh cruaidh acu leis an mbia agus leis an éadach,
is beag ná go raibh iarracht de ghrádh ag teacht acu
dhó. Ach níor bh'fhada gur bhris an droch mhianach amach
ann airís agus gur chrom sé ar an ndroch mhianach a
dh'imirt ortha go léir, i dtreo ná féidir aoinne cathain
a thuitfadh an crann air féin agus go mbainfí an
t-anam as gan chúis gan adhbhar, gan blúire coinne aige
leis. Do las san fearg na ndaoine 'n-a choinnibh agus
do lean an fuath acu dhó an chuid eile dh'á shaoghal.
Ach bhí an tairbhthe déanta aige do'n tír. Bhí an flúirse
arbhair tabhartha isteach sa tír aige. D'imthigh an
tiorniacht. Tháinig aimsir bhreágh bhog, agus tháinig
an fhearthainn go flúirseach agus go saidhbhir. D'fhás
an féar glas. Bhí an bia ag na beithidhigh. Do
saothruigheadh an talamh agus b'é toil Dé an ráth do chur
ar an saothrú agus níor bh'fhada go raibh gach aoinne
neamhspleádhach.



Bhí an t-am, an uair sin, i ngioracht trí bliana
fichid do theacht an tSlánuightheóra, moladh 's buidheachas
leis.


L. 186


Nuair a chonaic Héród an tír tagaithe ó'n gcruadh-
tan agus na daoine neamhspleádhach do phós sé bean
eile agus Mariamne ab ainm di. Bean ana bhreágh
ab eadh í. Chuir sé suas pálás áluinn uasal di féin
agus dó féin, i n-aice an teampuil mhóir i gcathair
Ierúsalem. Do chuir sé ór agus airgead agus mar-
niar agus cédar, an uile shaghas miotail agus cloiche
agus adhmaid d'á áilneacht agus d'á chostasamhlacht
ag cur maise ar an ríghtheaghlach san, i dtreó, má
ba bhreágh í an bhean nár bhaoghal go mbéarfadh sí
buadh i mbreághthacht ar an dtigh a bheadh ullamh aige
dhi. Bhí mórán seómraí breághtha móra maiseamhla
sa tigh sin, ach bhí dhá sheómra mhóra, árda, sholusmhara,
thaithneamhacha ann agus do rugadar buadh i niéid
agus i bfairsinge agus i ngreantacht ar an gcuid
eile go léir. Thug Hérod Augustus niar ainm ar
sheómra dhíobh san agus thug sé Agrippa niar ainm
ar an seómra eile.



Bhí an palás ríoga san maith a dóithin do'n tarna
Mariamne, ach ní raibh a h-athair uasal a dhóithin do
Héród. Chun an easnaimh uaisleachta san do leigheas
do dhein sé árdshagart de. Do dhíbir sé an t-árd-
shagart a bhí sa teampul agus do chuir sé athair
Mhariamne i n' inead. Ansan do chuir sé suas pálás
áluinn uasal eile díreach ar an áit ar ar bhris sé an
cath ar mhuinntir Antigonuis úd. Bhí an áit chómh
breágh san go dtáinig Iúdaigh agus daoine eile agus
gur chuireadar suas tighthe dhóibh féinig ann agus gur
fhás cathair ann.


L. 187


LXXXVI.



BEIRT MHAC.



Bhí ana dhúil ag Héród i n-oibreachaibh uaisle saoir-
seachta, agus bhí a bhreitheamhantas agus a thuisgint,
in sna h-oibreachaibh sin, agus in sna h-órnáidíbh ba
cheart a chur ar a leithéidíbh, bhíodar chómh fírinneach,
chómh ceart, chómh cruinn sin nár bh'fhéidir do sna
breitheamhain ba ghéire locht fhághail ortha.



Chuir sé suas cuid mhaith de sna h-oibreachaibh sin
istigh i gcathair Ierúsalem féin, ach ní raibh cead a
chinn aige 'n-a dtaobh san ná i dtaobh na n-órnáidí
ba mhaith leis a chur ortha, mar gheall ar an bhfuath a
bhí ag na Iúdaígh d'aon rud i bhfuirm íomhághthacha. Ach
do dhein sé mórán de sna h-oibreachaibh breághtha
san lasmuich de Iúdéa, agus d'imir sé a dhúil i
m-órnáid ortha san chun a thoile. Nuair a gheibhtí locht
ar an gcóstas mór a bhíodh aige 'á dhéanamh ortha do
leogadh sé air gur chun na Rómhánach a shasamh a bhíodh
sé ag déanamh an chostais sin. Do thaithn san le
h-Augustus agus leis na Rómhánaigh, agus do near-
tuigh an taithneamh san smacht Héróid ar na Iúdaígh
agus chuir sé breis eagla ar an gcómharsanacht roim
Héród. Do mhothuigh seisean, nuair a bhí san amhlaidh,
go raibh a chómhacht láidir go maith.



Bhí beirt mhac aige le Mariamne. Do chuir sé an
bheirt mhac san siar go dtí an Róimh i dtreó go
gcurfí oileamhaint agus tabhairt suas ortha fé shúil
an ímpire féinig. Bhí duin'uasal sa Róimh an uair
sin agus bhí sé cáirdeamhail le Héród. Pollio ab
ainm do'n duin'uasal san. D'iarr Héród air tigh
cómhnuighthe dh'fhághail sa chathair do'n bheirt mhac. Do
fuair, tigh breágh uasal a bhí oireamhnach d'á leithéidíbh.


L. 188


Nuair a fuair Augustus an bheirt mhac i gcathair na
Rómha agus thuig sé cé 'r bh'iad, do thóg sé chuige iad
isteach 'n-a phálás féinig. Ansan cé leómhfadh focal
do rádh i gcoinnibh Héróid i Iúdéa ná sa Róimh. Bhí
Augustus chómh buidheach san de Héród mar gheall
ar a leithéid sin d'iontaoibh a bheith aige as i dtaobh
na beirte sin gur thug sé cead dó an mac acu ba
mhaith leis a bheith i n' oighre ar rígheacht Iúdéa 'n-a
dhiaidh do cheapadh láithreach.



Bhí teacht an tSlánuightheóra i ngoireacht bliain
agus fiche dhóibh an uair sin.



Bhí fear d'ár bh'ainm Bharró i n' uachtarán ar
Shuíria. Thug sé na trí críocha beaga úd, Trachonítis
agus Itúria agus Batánia, ar chíos d'fhear gur
bh'ainm dó Senodorus. Bhí na críocha bcaga san lán
de phluaisibh caraigreach agus bhíodh na pluaiseana
san lán de lucht foghla a bhíodh ag déanamh foghla ar
an gcómharsanacht. Níor chuir Senodorus aon chosg
leó. Chuir Bharró gearán isteach i láthair an ímpire.
D'órduigh Augustus na críocha beaga san a thabhairt
do Héród. Do tugadh. Níor bh'fhada an mhoill ar
Héród na foghlaidhthe do sgrios as an áit. Ansan
d'fhan na críocha beaga san ag Héród.



LXXXVII.



SENODÓRUS.



Nuair a tugadh na críocha beaga úd do Héród do
thuig Senodórus gur deineadh eugcóir air féinig.
D'imthigh sé siar go dtí an Róimh agus chuir sé gearán
isteach i láthair Augustuis. Dubhairt sé go mba leis
féinig na críocha beaga úd agus gur bh'eugcóir iad
a thabhairt do Héród. Ní bfuair sé aon tsasamh ó


L. 189


Augustus. Bhí tuairim ag Augustus go raibh a chúis
féin ag Senodórus leis an gcathú a bhí air i ndiaidh
na gcríoch mbeag. Bhí tuairim aige go raibh cuid
de'n fhoghail aige d'á fhághail ó sna foghlaidhthibh. Ní
dubhairt sé aon rud le Senodórus i dtaobh na foghla
ach níor thug sé aon tsásamh dó.



Nuair ná fuair Senodórus aon tsásamh tháinig sé
abhaile agus shocaruigh sé i n-aigne go bhfaghadh sé
sásamh ar chuma éigin. D'imthigh sé agus do dhíol sé
leis na h-Arabaigh ceann de sna críochaibh beaga
céadna, an chríoch bheag ar a dtugtí Itúria. Thug na
h-Arabaigh caogad talant airgid do Shenodórus,
ar an mblúire tailimh sin.



"Is liom-sa an talamh san!" arsa Héród.



"Is cuma linn-na cé go mba leis indé é," arsa
na h-Arabaigh, "ach is linn-na indiu é, agus cimeád-
fimíd é."



"Socruighmhís ar chuma éigin é," arsa Héród.



"Tá sé socair cheana," ar siad san." Is linn-na
an talamh agus cimeádfimíd é!"



Thosnuigh Héród, láithreach mar ba ghnáth leis, ar
é féin d'ullmhú chun cogaidh i n-aghaidh na n-Arabach.
Le n-a linn sin do rug gnó éigin Augustus soir
go h-Antioch. Bhí namhaid éigin ag Héród agus Gad-
aránaigh a tugtí ortha. Do sprioc Senodórus iad
chun dul go h-Antioch agus gearánta troma do chur
isteach i láthair Augustuis i gcoinnibh Héróid. Chuaidh
Senodórus leó. Chuireadar isteach i gcoinnibh Héróid
cortha ana throma. D'éist Augustus leó. Mheas-
adar air go raibh fonn air taobhú leó. Bhí Héród
láithreach. Do cheap Augustus lá dhó chun teacht agus
é féin a chosaint, agus é féin do ghlanadh ar na
corthaibh troma a bhí acu súd 'á chur 'n-a leith. Tháinig
Héród an lá a bhí ceapaithe dhó. Do thosnuigh sé ar
na gnóthaíbh go léir a dh'innsint ó n-a thaobh féinig.
Ba ghearr nár bh'iad na gnóthaí céadna i n-aon chor


L. 190


iad. Ba ghearr go bhfeacaidh an uile dhuine gur bh'é
innsint Héróid a chreid Augustus. Tháinig sgannra
ar lucht na ngearán. "Tabharfidh sé suas do Héród
sinn go léir!" ar siad le n-a chéile i gcogaraibh.
"Cuirfidh an t-annsgian san pionós éigin orainn
nár h-airigheadh a leithéid fós d'á imirt ar dhaonaidhe.
Is fearr gan fanmhaint le n-a phionós."



D'imireadar go léir bás ortha féin an oidhche sin.
Do chroch cuid acu iad féin. Do bháidh cuid acu iad
féin. Bhí a leithéid sin de sgannra ar Shenodórus
gur thóg sé nimh. Bhí sé marbh sar a dtáinig an mhaidean.
Dubhairt Augustus gur thaisbeáin an marbhú a dhein
namhaid Héróid ortha féin go raibh fhios acu Héród
a bheith neamhchiontach.



LXXXVIII.



AUGUSTUS 'N-A CHARA.



Mar a h-innseadh, nuair a fuair Augustus go
raibh lucht na tromaidheachta dhéanamh ar Héród tar
éis iad féin a chur as an saoghal, do leog sé air gur
chreid sé gur bh'é cúis dóibh an íde sin a dhéanamh ortha
féin ná cainnt Héróid 'ghá chur 'n-a luighe ar a n-aigne
go raibh sé neamhchiontach, agus go raibh eugcóir déanta
acu air leis an dtromaidheacht. Ansan do leog sé
air gur thuig sé féin gur cheart dó rud éigin a
dhéanamh a thaisbeánfadh an iontaoibh ba cheart dó a
bheith aige as an bhfear san gur chuir a neamhchiontacht
agus a ionracas fhiachaint ar an muinntir a dhein an
eugcóir air iad féin a chur chun báis. Thaisbeáin sé
an iontaoibh sin ar an gcuma so. Chuir sé Héród
mar fhear-inid dó féinig os cionn críche Suíria go
léir. Bhí gobhernóir aige cheana os cionn na tíre sin,


L. 191


ach thug sé órdú do'n ghobhernóir sin gan aon ghnó do
ghlacadh ar láimh gan é chur i gcómhairle Héróid agus
ansan beart a dhéanamh do réir a chómhairle.



Ní fheicim aon chúntas ar cad a dhein na h-Arabaigh
i dtaobh na críche bige tailimh úd a cheannuighdar ó
Shenodórus agus go rabadar chómh ceapaithe ar gan
sgaramhaint leis. B'fhéidir gur thuigeadar um an
dtaca san gur bh'fhearr Héród do ghlacadh beagáinín
réidh.



Nuair a fuair Héród an t-ímpire ag cárnadh na
bhfabhar air d'iarr sé air fabhar beag a thabhairt d'á
dhritháir Pheróras, "i dtreó," ar seisean, "go
bhféadfidh sé maireachtaint do réir a uaisleachta agus ná
beidh sé ag braith ar an té bheidh i réim am dhiaidh-se
ar ball."



Do thug Augustus seilbh críche i n-áit éigin do'n
dritháir sin, ach ní h-innstear sa tseanachus cad é an
áit. Meastar gur lastoir de'n Iórdan a bhí an áit
agus ná raibh sé ró chómhgarach do chathair Ierúsalem.



Bhí Héród buidheach go maith de'n ímpire um an
dtaca san agus níor bh'aon iongna san. Bhí a ghnó
déanta ag an ímpire sa n-áit an uair sin agus bhí
sé ag dul siar abhaile go dtí an Róimh. Chuaidh Héród
'ghá thionlacan go bruach na faraige. Ní raibh an baile
puirt abhfad ó'n áit 'n-a dtagan uisge abhan Iórdain
chun a chéile as na cnocaibh. Do sgar Héród le
h-Augustus ar an áit sin. Go luath 'n-a dhiaidh san
do chuir Héród suas, ar an áit, saghas éigin, team-
puil, i n-onóir d'Augustus, agus níor bheag d'iongna
an teampul san le breághthacht agus le maiseamhlacht
agus le h-uaisleacht déantúis, agus é déanta de
mharmar a bhí chómh geal le sneachta.



Bhí ana dhúil ag Héród in sma déantúsaíbh sin,
agus d'á chostasamhlacht a dheineadh sé iad agus d'á
uaisleacht na h-órnáidí chuireadh sé ortha iseadh ba
mhó chuiridís fearg ar na Iúdaígh.


L. 192


LXXXIX.



ÓRNÁIDEACHT PHEACHAMHAIL



Bhí an fhearg ag méadú ar na daoine go léir agus
iad ag feuchaint ar an gcostas a bhí ag Héród 'á
dhéanamh leis na déantúsaíbh saoirseachta; ní
h-amháin leis na déantúsaíbh féinig ach leis an ornáid-
eacht a bhí aige 'á chur ortha, ornaideacht a bhí, dar leó,
i gcoinnibh aitheanta Dé, órnáideacht a bhí peacamhail,
órnáideacht a bhí díoblaidhe thar na beartaibh. Bhí an
costas ag eirighe. Bhí an órnáideacht ag dul i n-áil-
neacht agus i n-olcas. Agus bhí ag neartú agus ag
gearú ar an bhfeirg. Fé dheire bhí an náisiún go
léir mar bheidís as a meabhair le neart buile feirge.
Níor bh fhéidir leanmhaint ar an obair gan cáin ana
throm a bheith ag teacht isteach ó'n náisiún. Do thuig
Héród go raibh an bhuile feirge eirighthe chómh h-árd
san gur bhaoghal go gcuirfadh na daoine cos i dtalamh
agus ná díolfidís an cháin mhór a bhí aige d'á fhághail
uatha. Ba mhian leis an cháin do luigheadú ach níor
mhian leis a leogaint air gur ag géille d'fheirg na
ndaoine a bhí sé. Tarraig sé leathsgéal chuige. Níor
leog sé air gur thuig sé go raibh aon fhearg ar
aoinne chuige. Dubhairt sé go raibh sé 'ghá thabhairt
fé ndeara gur dhein an tiormacht úd a bhí ann tamal
roime sin dochar ana mhór d'ithir na talmhan agus
mar gheall air sin ná raibh an talamh chómh torthamhail
agus bhí sé sar a dtáinig an tiormacht san. D'ór-
duigh sé, d'á dheasgaibh sin, do lucht na cánach a
bhailiú gan a dh'iarraidh ach dhá dtrian an éilimh.



Níor dhein an locáiste sin puinn tairbhthe. Bhíodh
sé ag gluaiseacht fé cheilt ameasg na ndaoine. Fuair
se amach go mbídís ag cruinniú i dteannta chéile


L. 193


agus ag cainnt agus ag gearán agus ag lochtúchán,
agus ag árdú na feirge ar a chéile 'n-a choinnibh féinig.
Bíodh lucht spiaireachta aige ag imtheacht ameasg na
ndaoine agus ag tabhairt gach eóluis chuige ar gach
a ndeintí agus ar gach a ndeirtí. Mar gheall ar an
eólus san do chuir sé amach reacht ag cosg na ndaoine
ar chruinniú i n-aon chor i bhfochair a chéile. Níor bh fhada
go bhfuair sé amach ná raibh aon tairbhthe sa reacht
san. Ansan do shocaruigh sé ar a chur fhiachaint ar
gach aon duine dul fé dhearbhú dílseachta chuige
féimig. Láithreach bonn do chuir uaisle uile an náisiúin
cos i dtalamh 'n-a choinnibh sin. Do chuir na Fairisínigh
go léir 'n-a choinnibh agus chuir na h-Esseniánaigh
go léir 'n-a choinnibh. B'éigean dó eirighe as an ngnó
san agus gan a leogaint air go raibh aon bhlúire
feirge air mar gheall ar eirighe as. B'éigean dó gáire
dhéanamh agus a leogaint air gur mar mhagadh bhí se,
mú bheadh an sgéal 'n-a chogadh dhearg aige.



Ansan do chuimhnigh sé ar bheart a bhí níba thábhacht-
aighe chun na ndaoine chur chun suainis, agus a bhí ag
teacht isteach níba chruinne le nádúr agus le fuadar
na h-aigne a bhí aige féinig, 'ná mar bheadh aon tsaghas
smachtúcháin a dh'fhéadfadh a dhítheal a dhéanamh. B'í
beart í sin ná an teampul mór i gcathair Ierúsalem
d'athnuachaint. Do chuimhnigh sé ar an mbeart san,
agus do shocaruigh sé ar an mbeart san a dhéanamh.



XC.



AN TEAMPUL 'Á CHUR SUAS.



Bhí an dúil ag Héród in sna h-oibreachaibh uaisle
saoirseachta. Do thuig sé dá bhféadadh sé an teampul
mór d'athnuachaint, go mbeadh an obair ab uaisle ab


L. 194


fhéidir a dhéanamh déanta aige, agus go mbeadh a cháil
bithbhuan, ní h-amháin ameasg daoine an domhaim ach
ameasg na nIúdach go h-áirithe, ó b'iad ba lugha fonn
chun aon nídh fóghanta do chreideamhaint 'n-a thaobh,
Níor bh'fholáir dó ar dtúis an neamh-fhonn san a bhaint
díobh, dá mb'fhéidir é, agus a chur 'n-a luighe ar a
n-aigne go raibh ar a chumas an gníomh san a dhéanamh
agus sa n-am gcéadna go raibh sé lom dáiríribh i
dtaobh a dhéanta. "Ca bh'fhios dúinn," ar siad 'n-a
n-aigne féin, "ná go bhfágfadh sé an teampul nua
gan cur suas choidhche nuair a bheadh an seana theampul
ar lár aige?"



Bhí fhios aige go raibh an smaoineamh san istigh 'n-a
n-aigne acu. Shocaruigh sé ar an smaoineamh san a
chur as a n-aigne.



Cainnteóir áluinn ab eadh é. Bhí neart agus
fuinneamh agus deisbhéalaighe 'n-a chainnt, agus
deaghlabharthacht, i dtreó go raibh ar a chumas aon nídh ba
mhaith leis, pé 'cu thaithnfadh sé leó nú ná taithnfadh,
d'áiteamh ortha, agus do chur 'n-a luighe ortha, pé cur
n-a choinnibh a bheadh acu.



Do chruinnigh sé i dteannta chéile iad agus do
labhair sé leó:-



"A uaisle Israchil," ar seisean leó, "tá nídh ar
m'aigne agus tá sé ag déanamh buartha dhom le fada.
Tá Dia na Glóire tar éis na síothchána thabhairt dom
mórthímpal ar an uile thaobh, agus tar éis mo chómh-
achta do neartú thar na beartaibh le caradas na
Rómhánach. Tá sé buailte isteach am' aigne gur b'é
is lugha is gann domh-sa rud éigin a dhéanamh a
thabharfadh glóire do'n Tighearna mar chúiteamh in sna
tabharthaistíbh móra atá tabhartha dhom aige. Nuair a
tháinig ár sínsear thar n-ais anso ó bhraighdineas do
chuir Soróbabel suas an teampul so. Teampul suarach
ab eadh é i gcomparáid leis an dteampul a chuir
Solomon suas ann ar dtúis. Níor chóir locht fhághail


L. 195


ar an muinntir a chuir suas an teampul mar gheall
air sin. Ní raibh an acfuinn acu. Tá an acfuinn againn-
na anois, agus táim-se ceapaithe ar theampul a chur
suas anso a bheidh oireamhnach chun glóire thabhairt do
Dhia. Ní déanfar aon cheataighe do riaghaltaibh ná
do ghnóthaíbh an chreidimh mar ní corrófar oiread
agus aon chloch amháin de'n tseana theampul go dtí
go mbeidh an uile bhlúire d'adhbhar an teampuil nua
anso ar an bhfód."



Do chuir an focal deirineach san suaineas aigne
ortha. Do chuir sé láithreach deich míle fear de sna
ceárdaidhthibh ab fhearr ag obair, agus míle fear de
sna sagartaibh ab eólgaisighe ar shnoidhe agus ar obair
saoirseachta, agus dhíol sé féin a dtuarastal leó.



XCI.



AN OBAIR AR SIUBHAL.



Mar adubhradh, do chuir Héród, láithreach bonn,
deich míle fear, de sna ceárdaidhthibh ab fhearr, ag
obair, agus chuir sé ag obair míle fear de sna
sagartaibh ab fhearr eólus ar shnoidheadóireacht
agus ar shaoirseacht, agus ar na gnóthaíbh a bhainean
leis an dá eólus san. Thaisbeánfadh san gur bhaim
an dá ealadhain sin, .i. snoidheadóireacht agus
saoirseacht, le gairm beatha na sagart. Ba chóir agus ba
cheart go mbainfidís, óir b'é a gcúram fé leith an
teampul mór do chimeád suas, le h-aireachas agus
le h-órnáid, agus le h-athnuachaint ar neithibh a bheadh
ag dul ar feódh tré ghluaiseacht aimsire.



I n-éaghmais na gceárdaidhe agus na sagart do
chur ag obair do chuir Héród éacht de thrucailibh agus
do charaíbh ag tarrach adhbhar na h-oibre chucha. Do


L. 196


ghluais an obair ar seól go mear agus bhí oiread
san daoine sáidhte sa n-obair, agus bhí an fonn agus
an flosg chómh mór san ortha go léir, agus iad go
léir ag cur misnigh agus anamamhlachta ar a chéile
chomh mór san go raibh an uile phioc de sna h-adhbhraibh
a bhí riachtanach go rabhadar ansúd i dteannta chéile
go cruinnighthe slachtmhar, sar a raibh dhá bhliain caithte.



Nuair a bhí san mar sin do tosnuigheadh gan stad
gan righneas ar an seana theampul do leagadh ar
lár. Cómh luath agus bhí an seana theampul ar lár
do tosnuigheadh, leis an bhfuadar gcéadna, ar an
dteampul nua do chur suas. Bhí an lucht ealadhan
agus na ceárdaidhthe chómh maith san agus chómh fonn-
mhar san, agus an rí chómh brostuightheach san, go raibh
an áit naomhtha críochnuighthe agus oireamhnach do
ghnóthaíbh an chreidimh i n-aon bhliain go leith amháin.
Deirtear, an fhaid a bhí an obair sin ar siubhal gur
bh'é toil Dé mar thuit aon fhearthainn sa lá, ach pé fear-
thainn a thuit gur san oidhche do thuit sí.



Ach bíodh go raibh an méid sin déanta laistigh de
bhliain go leith bhí ocht mbliana eile imthighthe sar a raibh
críochnú déanta go bhféadfí críochnú thabhairt air le
ceart. Um an dtaca san féin ní raibh an obair
críochnuighthe i gceart, bíodh go raibh an teampul i
dtreó chun gnóthaí creidimh, do réir mar a bhí
ceapaithe ag an rí ó thosach. Bhí ar a chumas a rádh go raibh
an rud a gheall sé a dhéanamh go raibh sé déanta aige.



Fiche bliain roim theacht an tSlánuightheóra iseadh
do, tosnuigheadh an teampul mór san. Níor stadadh
de'n obair tar éis na n-ocht mbliain. Deir Ióséphus
gur leanadh de'n obair go dtí gur thosnuigh an cogadh
fé Ghelius Flórus. Ansan gur briseadh amach ocht
míle dhéag fear as an obair, ach gur lean na Iúdaígh
féin ar an obair ar feadh abhfadh 'n-a dhiaidh san.


L. 197


XCII.



DRIFIÚR HÉRÓID



Mar adubhradh do briseadh amach as an obair ocht
míle dhéag fear nuair a tháinig an cogadh úd, ach níor
tháinig sé go ceann abhfad. Nuair a tháinig an sémhadh
bliain déag roim theacht an tSlánuightheóra bhí an
obair ar siubhal fé lán an tseóil, na fir go léir ag
obair, idir lucht ealadhan agus lucht cheárd, agus
Héród ansúd agus a shúil ortha agus é 'ghá stiúrú
agus 'ghá mbrostú gan sos gan suaineas.



Ach, mar is cuimhin, bhí beirt mhac le Héród sa
Róimh, i bpálás an ímpire. Do thuig Héród gur cheart
dó cuaird a thabhairt go dtí an Róimh chun na bhfear
óg san a dh'fheisgint agus chun a dheagh mhéinne féin
a thaisbeáint do'n ímpire agus a bhuidheachas do
ghabháil leis. Thug sé an chuaird sin. Tháinig sé go
dtí an chathair. Do chuir Augustus fáilte ríoga
roimis. Thaisbeáin sé méid a charadais dó. D'ullmhuigh
sé féasta uasal dó féin agus d'á chualacht, agus
thug sé chuige an bheirt mhac. Bhí áthas mór ar Héród
nuair a chonaic sé an bheirt ógánach agus iad ag
feuchaint chómh h-uasal agus chómh deagh thabhartha
suas agus chómh creideamhnach. D'admhuigh sé do'n
ímpire a bhuidheachas air, agus níor fhág sé an
admháil gan tabharthaistí saidhbhire do chur léi,
tabharthaistí a bhí i gcomórtas leis an gcomaoine
a bhí curtha ag an ímpire air féin agus ar a bheirt mhac.
Tar éis rainnt laethanta thug an t-ímpire suas dó
iad agus thug sé leis abhaile go Iúdéa iad.



Nuair a chonaic na daoine iad do thaithneadar chómh
maith san leó gur chuireadar árd fháilte rómpa le
mór mholadh agus le liúireach. Níor bh'fhada tar éis
iad a theacht abhaile gur pósadh an bheirt. Alegsandar


L. 198


ab ainm do dhuine acu agus Aristóbulus ab ainm
do'n duine eile. Do pósadh Alegsandar le Glafíre,
inghean Archelauis, rí Chapadócia, agus do pósadh
Aristóbulus le Bhereníce, inghean Shalóme.



Bhí fuil na Macabéach sa bheirt ógánach uasal san,
ó n-a máthair, ó'n gcéad Mhariamne a bhí pósta ag
Héród. Gan amhras do thug an bheirt ó'n máthair sin
deabhramh agus gné uasal na Macabéach agus do
thaithn an ghné sin leis na Iúdaígh go léir, agus bhí árd
áthas ar an náisiún go léir an bheirt sin a bheith eirighthe
suas agus iad a bheith ansúd 'n-a measg.



Bhí aon bhean amháin, ámhthach, a bhí gan aon bhlúire
áthais uirthi mar gheall ar iad a bheith ann. B'í bean
í sin ná Salóme, drifiúr an rí. Bhí a h-aigne agus
a cuimhne ag cur uirthi mar gheall ar an mbeirt sin.
Bhí fhios aici cad a bhí déanta aici le máthair na
beirte sin. Bhí fhios aici gur iarr a lán daoine creid-
eamhnacha ar Héród gan Mariamne do chur chun báis
ach í chimeád i bpríosún éigin, agus gur áitimh sí
féin ar Héród í chur chun báis. Bhí fhios aici go bhfaghadh
na fir óga an obair sin go léir amach, mara raibh sé
fághalta amach cheana acu. Thosnuigh sí féin agus a
cáirde láithreach ar uisge-fé-thalamh a dhéanamh i
gcoinnibh na beirte, 'ghá chur 'n-a luighe ar aigne an
rí, le cogarnach ameasg daoine, nár bh'fhéidir do'n
bheirt ógánach san aon ghrádh bheith acu do'n fhear san
a dhein a leithéid d'eugcóir ar a máthair. D'oibrigh
an chogarnach.



XCIII.



SÍOTHCHÁIN NÁR BHUAN.



Bhí an chogarnach ar siubhal. Fé dheire d'airigh Héród
ó dhuine agus ó dhuine eile focal anso agus ansúd.
Ní raibh aireachas ceart ag na fearaibh óga féinig ar


L. 199


a mbéalaibh. Nuair a deirtí focal leó i dtaobh na
h-eugcóra deineadh ar a máthair d'admhuighdis gur
bh'fhíor an focal. Do théigheadh an focal san ag triall
ar an rí agus rainnt focal eile curtha leis. B'é crích
an sgéil é gur thuig Héród ná raibh aon bheirt namhad
aige a bhí níba chontabharthighe dhó 'ná an bheirt mhac
san leis féin, agus nár bh'fholáir dó an bheirt sin do
chur as an saoghal nú go gcuirfidís-sin as an saoghal
é féin.



Bhí mac ag Héród le mnaoi ar a dtugan Ióséphus
Doris mar ainm; Antipater ab ainm do'n mhac san.
Nuair a bhí aigne an rí iompuighthe i gcoinnibh bheirte
mhac Mhariamne do thóg sé chuige mac Dhoris agus
thug sé le tuisgint do'n phoibilidheacht gur bh'é sin a
bheadh i réim 'n-a dhiaidh féin. Do chuir san fearg ar
bheirt mhac Mhariamne. Dhein an fhearg níba bhéal-
sgaoilte iad 'ná mar a bhíodar roime sin. Tháinig
cainnt níba ghéire uatha i dtaobh na h-eugcóra a dein-
eadh ar a máthair. Nuair airigh Héród an chainnt sin
do shocaruigh sé ar chúis a thabhairt dóibh chun tuille
cainnte dh'á sórd a dhéanamh. Shocaruigh sé ar
Antipater, mac Dhoris, a bhreith leis go dtí an Róimh
agus é thaisbeáint do'n ímpire.



Níor bh'aon amadán Antipater. Bhí sé ana ghasta.
Oiread agus focal aniach as a bhéal níor labhair sé i
gcoinnibh na beirte eile, ach do thug sé toghadh an air-
eachais, mara ndubhairt sé féin focal 'n-a gcoinnibh,
go raibh a dhóithin daoine eile aige chun bheith ag labhairt
'n-a gcoinnibh agus ag tromaidheacht ortha. D'oibrigh
sé an tromaidheacht san chómh deaghlámhaigh sin gur
iompuigh sé croidhe Héróid i gcoinnibh na beirte chómh
dubh san gur shocaruigh Héród ar an mbeirt a bhreith
leis go dtí an Róimh agus a chur fhiachaint ortha a dtriail
do sheasamh i láthair an ímpire féin agus iad féin a
ghlanadh, dá mb'fhéidir é, ar na coirthibh a bhí aige le
tabhairt 'n-a gcoinnibh.


L. 200


Do ghluais sé féin agus an bheirt. Bhí Antipater
imthighthe rómpa. Bhí eagla air, an fhaid a bheadh an
t-athair agus an bheirt ar an slighe go mb'fhéidir go
ndéanfidís féin agus an t-athair síothcháin. Bhí an
lucht tromaidheachta aige laistiar díobh ag cur leit-
ireacha agus tuairisgí ag triall ar an athair, i dtreó
nár bhaoghal go bhféadfí aon tsíothcháin a dhéanamh ar an
slighe.



Do shroiseadar an chathair. Bhí Augustus imthighthe
go h-Acuiléa. Do leanadar é. Do labhair an t-athair
agus chuir sé coir throm rí-mhasladh 'n-a gcoinnibh.
Do labhair sé chomh cruaidh 'n-a gcoinnibh agus chomh
fíochmhar, gur chrom an bheirt ar ghol. D'iarr Héród
ar Augustus a bhreith do thabhairt ortha. D'iarr
Augustus ortha iad féin do chosaint. Do labhair
Alegsandar agus do dhein sé an chosaint chómh maith
san gur chreid Augustus agus na h-uaisle a bhí láith-
reach an uile fhocal d'á ndubhairt sé.



D'áitimh Augustus ar Héród go raibh dearmhad
air. Dhein sé síothcháin eatartha. Níor lean an
tsíothcháin abhfad.



XCIV.



DROCH THRUIG.



D'áitimh Augustus ar Héród go raibh dearmhad
mór air i dtaobh na beirte sin, Alegsandar agus
Aristóbulus, agus thug sé le tuisgint dó gur lughde
an meas a bhí aige ar a bhreitheamhantas é bheith chómh
droch amhraisteach ar bheirt a bhí chómh deagh-aigeanta;
go raibh aithne mhaith aige féin ortha, go rabhadar fada
a ndóithin fé n-a chúram chun aithne bheith aige ortha agus
chun a fhios a bheith aige cad é an saghas iad. Do thuig


L. 201


Héród ó'n gcainnt sin gur mhar a chéile d'Augustus
labhairt ar an gcuma san agus dá n-abradh sé "Ní
thaisbeánan tú go bhfuil meas ró mhór agat ar an
dtabhairt suas ná ar an oileamhaint a thugas-sa ar
an mbeirt sin. Ba dhóich le duine ort go bhfuil cathú
ort nár chimeádais sa bhaile agat féin uaim iad."
Ní dubhairt Augustus aon fhocal de'n tsórd san,
ach do thuig Héród go raibh na smaointe sin i n' aigne
aige. Do thuig sé go mb'fhéidir go raibh beart déanta
aige do chuirfadh fearg ar Augustus. Do bhain san
geit as. Do thoiligh sé chun na síothchána láithreach agus
tháinig sé féin agus a thriúr mac abhaile go Ierúsalem.



Bhí an tsíothcháin déanta, ach níor lean an tsíothcháin.
Do lean an chogarnach. Do chuirfadh an chogarnach
an tsíothcháin ar neamhnídh gan chongnamh ó aon droch
thrúig eile. Ach do tháinig droch thrúig eile, agus is
ó Héród féin a tháinig an droch thrúig sin.



Ag machtnamh do Héród ar an méid gnótha a bhí
déanta aige sa Róimh i gcoinnibh na beirte, do buail-
eadh isteach in' aigne gur bhaoghal go raibh droch ghnó
déanta aige dhó féinig; go raibh masla grána tabhartha
do'n ímpire aige, dul agus an bheirt sin do bhreith
leis i láthair an ímpire sin a bhí tar éis iad a thógaint
istigh 'n-a phálás féinig, agus droch ghníomhartha grána
do chur 'n-a leith, agus ansan a iarraidh go dána ar
an ímpire gcéadna san breith bháis a thabhairt ar an
mbeirt gcéadna san! Easonóir uathbhásach ab eadh
é sin le tabhairt do'n ímpire sin. "Ó," arsa Héród
i n'aigne féin, "ní mhaithfidh sé go deó dhom é."



Tháinig sé féin agus a thriúr mac abhaile. Cheap sé
a chur i n-iúil do'n ímpire go ndéanfadh sé an tsíoth
cháin do chur ó bhaoghal. Do chruinnigh sé an pobul
agus dubhairt sé leó:



"Tá triúr mac agam, gach mac acu oireamhnach
chun bheith 'n-a rí oraibh-se. Ní'l agam ach an t-aon
rígheacht amhain. Beidh an r-igheacht ag an dtriúr acu,


L. 202


i ndiaidh chéile, tar éis mo bháis, ag Antipater ar
dtúis, ag Alegsandar 'n-a dhiaidh sin, agus ag
Aristóbulus i ndiaidh Alegsandair. Ciméadfad an
rígheacht agam féin an fhaid a bheidh mé beó." Do lean
buile chogarnaighe an socarú san.



XCV.



ÉAN BEANNUIGHTHE.



Nuair a dhein Héród an socarú úd i dtaobh a
chlainne agus i dtaobh an chuma 'n-a mbeidís i réim
n-a dhiaidh i rígheacht Iúdéa, do chuir sé toirmeasg
agus aigneas agus mí-ádh i n-áirithe dhó féinig agus
doibh-sin an chuid eile dá shaoghal féinig agus d'á
saoghal-san. Aon fhear a bhí chómh droch-amhraisteach
leis ba mhór an iongna nár thuig sé go mbeadh an triúr
ag, faire ar a chéile agus air-sean feuchaint cé 'cu
de'n cheathrar ba dhóichighe maireachtaint níba shia 'ná
an triúr eile; agus ansan go mbeadh gach aoinne acu
ana dhúilmhar i mbás gach duine de'n triúr eile;
agus ansan go mbeadh gach aoinne acu, nuair a bheadh
ag brise ar an bhfoidhne aige, go ró ullamh ar bhás
aoinne de'n triúr eile do bhrostú dá n-eirigheadh
caoi chuige ar an mbrostú san a dhéanamh.



As an socarú féinig, do réir a nádúra, agus do
réir nádúra na ndaoine gur deineadh an socarú
eatartha, níor bh'fhéidir gan droch obair de'n tsórd
san a dh'eirighe, agus san go luath, agus ba dhall an
rud do dhuine chómh géarchúiseach le Héród gan an
méid sin a dh'fheisgint go soiléir.



Ach bhí éan beannuighthe i dteaghlach Héróid agus
níor bhaoghal go leogfadh sí do thrúig uilc a bhí chómh
torthamhail sin imtheacht gan an t-olc a theacht as go


L. 203


flúirseach. Salóme, drifiúr Héróid féin, an t-éan
beannuighthe sin. Bhíodh an cogar i gcluais a drithár
aici i gcómhnuidhe go dtí go gcuireadh sí fhiachaint air
beart éigin aimhleasta dhéanamh, nuair a theastuigheadh
uaithi a droch aigne féin do chur i bhfeidhm nú í féin
a thabhairt saor ó thoradh an chur i bhfeidhm sin.



Do sprioc sí eud Héróid ar dtúis i gcoinnibh
Mariamne. Do lean sí ag spriocadh an euda san,
le h-éitheach, go dtí gur chuir sí fhiachaint air Mariamne
do dhaoradh chun báis. Ansan, nuair a bhí daoine creid-
eamhnacha 'ghá chómhairliú do Héród gan Mariamne
do chur chun báis ach í chur isteach i bpríosún éigin, bhí
sí ag gabháil do go dtí gur chuir sí fhiachaint air í chur
chun báis. Ansan, nuair a tháinig beirt mhac Mhariamne
abhaile ó'n Róimh agus chonaic sí iad chómh h-uasal
chómh creideamhnach, agus an t-árd uraim ag an uile
dhuine dhóibh, tháinig sgannra uirthi le h-eagla go bhfaigh-
dís amach gur bh'í fé ndeár an eugcóir a deineadh
ar a máthair agus go ndéanfidís díoltas uirthi. Ansan
chomáin sí an chogarnach ar siubhal go dtí go raibh an
donas go léir déanta, an socarú úd déanta, agus
an ceathrar úd ag faire ar a chéile feuchaint cé ba
thúisge gheóbhadh bás.



Bhí aoinne amháin de'n cheathrar agus bhí sé chómh
h-olc, chomh droch h-aigeanta le Salóme. B'é sin
Antipater, an inac go raibh an ontaoibh go léir ag
Héród as.



XCVI.



ADMHÁIL.



Níor bh'fhada gur thosnuigh an socarú ar a thoradh
thabhairt go flúirseach. Bhí fhios ag Salóme dá
dtagadh Alegsandar i réim gur dhi féinig ba mheasa.


L. 204


Dubhairt sí le Héród go raibh Alegsandar tar éis
beirt d'á sheirbíseachaibh do bhreabadh chun é chur chun
báis. Do rugadh ar an mbeirt agus do cuireadh fé
phionós iad chun a chur fhiachaint ortha an breabadh san
d'admháil. D'admhuigh duine acu go bhfuair sé féinig
rainnt tabharthaistí ó'n bpriúnsa san ach nár labhair
an priúnsa aon fhocal leis i dtaobh aon díobhála
dhéanamh do'n rí. Ní raibh an rí sásta leis an méid
sin. Do lean sé ag meudú an phionóis ortha go dtí
gur tugadh dó oireadh eóluis, dar leis, agus do
shásaimh é. Ansan do chuir sé Alegsandar isteach i
bpríosún, i n-iarnaíbh troma. Do chuir an eugcoir
uathbhásach san an priúnsa mar bheadh sé as a mheabhair.
Do sgríbh sé leitir chun a athar 'ghá admháil gur
bh'fhíor an nídh a bhí curta 'n-a leith, gur dhein sé
an gníomh, ach ná raibh sé i n' aonar sa n-obair; go
raibh ceathrar ag déanamh na h-oibre 'n-a theannta;
gur bh'iad ceathrar iad san ná Pheroras, dritháir an
rí, agus Salóme, drifiúr an rí, agus beirt d'uaislibh
na rígheachta go raibh árd iontaoibh ag Héród asta.
Chuir sé cheithre leitireacha i ndiaidh chéile chuige ag
admháil na h-oibre sin go léir. "Agus," ar seisean
in sna leitireachaibh sin, "do tháinig Salóme chugam
i lár na h-oidhche agus do luigh sí am' aice agus thug
sí a lán de'n oidhche 'ghá chur 'n-a luighe ar m'aigne
ná beadh aon bhreit againn ar shíothcháin ná ar shuain-
eas lae ná oidhche bheith againn go dtí go mbeadh an
tíora-nach rí sin curtha chun báis againn!"



Nuair a fuair Héród na leitireacha san bhí sé mar
bheadh sé as a mheabhair le mearathal aigne agus le
h-eagla roim an uile dhuine. Ní fheadair sé an domhan
cé as gur cheart dó iontaoibh a bheith aige ná cé as
nár cheart. Ní raibh ins gach aon pháirt de'n chathair ach
pionós agus céasadh agus marbhú a d'iarraidh
admhálacha do stracadh amach a' daoine le neart
pionóis agus le fásgadh teinnis Bhí Héród féin


L. 205


i n-a leithéid de chás le sgannra agus le buaireamh
aigne go léimeadh sé as a chodla i lár na h-oidhche
agus go ritheadh sé as a leabaidh agus é deimhnightheach
go mbíodh duine d'á mhacaibh, nú an bheirt, ag rith n-a
dhiaidh chun a mharbhuighthe. Bhí daoine 'ghá mheas go
n-imtheóchadh sé as a mheabhair an uair sin le neart
an mhearathail aigne a bhí air.



I lár an chéimaighra san dó, tháinig Archelaus,
athair Ghlaphíra, rí Chapadócia, go Ierúsalem. Dhein
sé rainnt cainnte le Héród. Chuir sé suaineas aigne
air. Dhein sé síothcháin idir é féin agus a bheirt mhac.
Dhein san ciúnas sa n-áit ar feadh tamail bhig.



XCVII.



I GCOINNIBH A CHÉILE.



Nuair a sgríbh Alegsandar na cheithre leitireacha
úd ag triall ar Héród, 'ghá admháil go raibh sé
cionntach in sna neithibh go léir a bhí curtha 'n-a leith,
agus nuair adubhairt sé go raibh Pheróras agus Salóme
chómh cionntach leis féinig, nách mór an iongna nár
chas Héród le Salóme a ciontacht? Ní'l ach aon
fhreagra amháin ar an gceist sin. Dubhairt Alegsandar
go dtáinig Salóme chuige i lár na h-oidhche agus gur
thug sí mórán aimsire 'ghá chur 'n-a luighe air gur
cheart an tíoránach rí sin do chur chun báis. Do thais-
beánfadh an sgéal san go léir gur shocarú gur bh'eadh
é, idir Shalóme agus Héród, í dhul ar an gcuma san
i lár na h-oidhche ag triall ar Alegsandar feuchaint
an bhféadfadh sí admháil éigin 'n-a chiontacht do
mhealladh uaidh. Gan amhras, nuair a tháinig sí uaidh
d'imthigh sí ag triall ar Héród agus d'innis sí do
an uile fhocal de pé cainnt a thárla eatartha agus


L. 206


chuir sí leis an gcainnt pé rud a dh'oir di féin a chur
leis. Níor chas Héród léi an chiontacht a dh'innis
Alegsandar uirthi mar bhí sé fein sa ghnó san chómh
doimhinn agus bhí sisi ann.



Ach do thrácht Alegsandar ar dhuine eile in sna
leitireacaibh úd. Do thrácht sé ar Pheróras. Bhí
Pheróras níba dhoimhne go mór sa bhfeall a bhí ar
siubhal i gcoinn bh Héróid 'ná mar a bhí aoinne éile
an uair sin ach amháin b'fhéidir Salóme féin agus
Antipater. Bhí sé 'n-a chómhnuidhe abhfad soir ó chathair
Ierúsalem, ar an gceathramhadh rígheachta a thug
Augustus dó nuair a dh'iarr Héród air é. Do thug
sé toghadh an aireachais gan teacht i ngoire na catharach-
Do leog sé air le Héród gur bh'amhlaidh a bhí dearbhú
déanta aige gan teacht chun ia catharach. I n'inead
san is amhlaidh a bhí nimh láidir tabhartha aige aníos
ó Alegsandria, le tabhairt do Héród nuair a
gheóbhadh sé an chaoi air. Bhí sé thoir 'n-a thigh féin agus
é ag faire chuige, agus an chathair laistiar 'n-a chíréip
le ceistiúchán, agus le pionóisí d'á gcur ar an uile
sagas daoine go meastí go mbíodh eólus acu ar aon
iarracht i gcoinn bh anama an rí. Ní thiocfadh Pheróras
i ngoire na catharach, i dtreó go bhfeicfadh gach aoinne
nár bh'fhéidir dó féinig aon bhaint a bheith aige le h-aon
droch iarracht a déanfí.



Bhí fear eile agus dhein sé beart de'n tsaghas
chéadna. B'é fear é sin ná Antipater. Dá bhfaghadh
Héród bás bheadh sé 'n-a rí ar Iúdéa láithreach, dar
leis. Do cuireadh fios air go dtí an Róimh chun
gnóthaí éigin do shocarú ann; gnóthaí éigin a bhear-
tuigh sé féin i dtreó go gcuirfí fios air agus go
mbeadh sé abhfad ó chathair Ierúsalem nuair a leath-
fadh tásg ar bhás Héróid.



Mar sin dóibh! Pheróras lastoir agus a chualacht
féin aige i gcathair Ierúsalem ag déanamh gach uisge-
fé-thalamh chun Héróid a chur chun báis, agus Antipater


L. 207


sa Róimh agus a chualacht féin i Ierúsalem aige agus
an t-uisge-fé-thalamh céadna acu 'á dhéanamh, agus
sa n-am gcéadna, Antipater a d'iarraidh Pherórais
a chur chun bais agus Pheróras a d'iarraidh Antipater
a chur chun báis. Agus Héród lán deimhnightheach ná
raibh beirt ar an saoghal a bhí níba dhílse dhó 'ná
Pheróras agus Antipater!



XCVIII.



MÍ-SHÁSAMH CROIDHE.



D'á mhéid buaireamh aigne, agus mearathal inntinne,
agus mí-shásamh croidhe, a bhí ar Héród nuair a thuig
sé go raibh a chlann mhac féin ag gabháil 'n-a choinnibh,
agus i n-inead iad a bheith mar thaca i n-aghaidh a namhad
aige i ndeire a shaoghail, gur bh'iad ba mhó a bhí ar tí
an anama a bhaint as, níor chuir an mearathal aigne
sin fhiachaint air aon fhailighe a dhéanamh de sna gnóthaíbh
móra, costasamhla a bhí ar siubhal aige ar fuaid Iúdéa
agus istigh i gcathair Ierúsalem féinig.



Ní déarfinn ná go bhfuil a lán daoine agus gur
dóic leó, nuair a léighid siad an focal adubhairt
ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, i dtaobh an
teampuil mhóir a bhí i gcathair Ierúsalem le n-a linn
féin gur bh'é an teampul mór san an teampul a dhein
Solomon na céadta blian roimis sin. Níor bh'é i
n-aon chor. B'é sin an teampul mór a bhí ag Héród
'á chríochnú an uair chéadna san a bhí an mearathal aigne
go léir air agus é lán deimhnightheach go raibh a bheirt
mhac féin ceapaithe ar é chur chun báis.



Do dhein Solomon an chéad teampul na céadta
blian roimis sin. Do leagadh agus do raobadh agus
do sgartáladh an teampul san nuair a rugadh clann


L. 208


Israéil i mbraighdineas soir go Baibilóin, mar gheall
ar a bpeacaíbh. Ansan, nuair ab é toil Dé cuid de
chlainn Israéil do chur siar abhaile airís go Ierúsalem,
do fuaradar an teampul a dhein Solomon ar lár.
Dheineadar iarracht ar an dteampul san do chur
suas airís, ach ní raibh aon bhreith ag an dteampul
a cuireadh suas an uair sin ar theampul Sholomoin.



Bhí Héród ag cuimhneamh ar rud éigin a dhéanamh
a chuirfadh, dar leis, fhiachaint ar na Iúdaígh uraim a
bheith acu dhó. Chonaic se an teampul beag a
chuir Sorobabel ar an áit ar a raibh teampul mor
Sholomoin. "Tá fhios agam cad a dhéanfad," ar
seisean i n'aigne féin. "Leagfad an teampuilín
sin agus cuirfad suas ar an áit sin teampul a bheidh
nísa mhó 'ná an teampul a chuir Solomon suas ann
suas le míle bliain ó shin."



Bhí na maiseamhlachtaí deirineacha aige 'á chur ar
an dteampul san nuair a bhíodh sé ag léimt as a chodla
agus as a leabaidh asdoidhche ag teiche ó n-a mhacaibh,
dar leis.



Bhí oibreacha breághtha eile, mórán acu, aige 'á
dhéanamh ar fuaid na tíre agus gan aon fhailighe aige
a thabhairt ionta. Bhí cuid acu ab uaisle 'ná chéile
aige 'á dhéanamh ar chathair Chaesaréa.



Ní fheicim ráidhte i n-aon bhall, ámhthach, gur bhuaidh
teampul Héróid ar theampul Sholomoin.



XCIX.



DORIS.



I lár na h-oibre a bhí ag Hérod 'á dhéanamh ar an
dteampul mór i gcathair Ierúsalem, agus ar chathair
Chaesaréa, agus ar na caisleánaibh breághtha móra


L. 209


daingeana láidire a chuir sé suas mórthímpal Iúdéa;
agus i lár na colóide a bhí ag baint suainis lae agus
oidhche dhe, agus é a d'iarraidh é féin a chosaint, dar
leis, ar a bheirt mhac, níor fhead sé gan rud a dhéanamh
a bhí aimhleasta thar na beartaibh dó. Do chuir sé
reacht amach 'ghá órdú do sna Iúdaígh iad féin a chur
fé dhearbhú géilsine dó féin agus d'Augustus.
D'eirigh na Fairisínigh ar buile. Tháinig seacht míle
fear acu i bhfochair a chéile agus dubhradar go raibh
an reacht san i gcoinnibh dlighe Mhaoise. Do chuir
Héród reacht eile amach, reacht a chuir fíneáil throm
ortha mar gheall ar an easumhluidheacht san. Níor
dhíoladar an fhíneáil. Bhí Pheróras tar éis mná óige
do phósadh. Do dhíol sí sin an fhíneáil thar cheann na
bhFairisíneach.



Tháinig taom breóiteachta ar Héród. Chuir sé fios
ar Pheróras agus d'iarr sé air teacht chun cainnte
leis. Níor tháinig Pheróras. Thug sé mar leathsgéal
uaidh go raibh dearbhuighthe aige gan teacht. Beagán
aimsire 'n-a dhiaidh san do buaileadh Pheróras féin
breóite, agus tháinig Héród chuige féin. D'airigh
sé go raibh Pheróras 'n-a luighe le taom éigin. Do
ghluais sé soir láithreach 'ghá fheuchaint. Ní raibh aon
choinne leis lastoir. I gceann cúpla lá tar éis é
theacht chun na h-áite thoir fuair Pheróras bás. Do
chruinn gh Héród sochraid mhór agus chuaidh sé chun
mórán costais ag tabhairt onóra d'á dhritháir, agus
thug sé leis é go Ierúsalem 'ghá adhlacadh.



Bhí beirt fhear ag Pheróras agus bhíodar fé
chomaoine mhór aige. 'N-a ndaoraibh a bhíodar aige
ar dtúis, agus bhíodar ana dhílis dó. Bhíodar chómh
dílis sin dó gur thug sé a saoirse dhóibh. Dubhradar
gur theastuigh uatha ceart a dh'iarraidh ar an rí. Do
tugadh i láthair an rí iad. D'fhiafraigh Héród díobh
cad é an ceart a bhí uatha.



"Tá, a rí," ar siad, "ceart i gcoinnibh mná an


L. 210


uasail seo atá d'á adhlacadh anso indiu." "Cad a
dhein sí 'n-a choinnibh?" arsa Héród. "Tug sí nimh
dó, a rí," ar siad. "Thug sí nimh dó," ar siad, "agus
isé an nimh sin a dhein breóite é agus do mhairbh é an
lá a buaileadh breóite é."



Do rugadh láithreach ar bhanntracht tighe Pherórais
agus do ceistigheadh iad. Do shéanadar an sgéal.
Do cuireadh fé phionós iad. Níor bhain an pionós aon
eólus asta ar feadh abhfad. Fé dheire, bhí aon bhean
amháin ann agus do chuir neart an teinnis fhiachaint
uirthi aon fhocal amháin do leogaint amach.



"A Dhia na Glóire!" ar sisi, "Iarraim ort anois
Doris, máthair an phriúnsa Antipater, do thabhairt
anso agus a chur fhiachaint uirthi a cion de'n teinneas
so a dh'fholag, mar is uirthi is ceart an teinneas do
chur agus ní h-orm-sa!"



"Cad 'n-a thaobh san?" arsan rí. Níor labhair sí.
Do fáisgeadh an teinneas uirthi. Do chuir an fásgadh
fhiachaint uirthi labhairt.



"Is í Doris," ar sisi, "máthair Antipater, do
thug an nimh aníos ó Alegsandria léi chun é thabhairt
duit-se, a rí, agus chun é thabhairt do Pheróras, i
dtreó nuair a bheifá-sa agus Pheróras marbh go
gcaithfí an rígheacht a thabhairt d'á mac féinig. Ní raibh
aoinne ba ghéire a bhí ar tí an anama bhaint asat, a
rí, 'ná Antipater agus a mháthair. Cad chuige go
mbeinn ag folag pian ar a shon ?"



C.



THÁINIG NA DISGRÉADAÍ AMACH.



Chómh luath agus adubhairt an bhean an focal 'ghá
iarraidh ar Dhia Doris, máthair Antipater, do thabhairt
ag folag na péine, mar gur bh'uirthi ba cheart an pian


L. 211


a chur, tháinig na disgréadaí go léir amach. Ar dtúis
do dhiúltuigh sí d'á thuille cainnte dhéanamh. Do
cuireadh tuille pionóis uirthi. Ansan do sgaoil sí
amach an sgéal go léir. Nuair a bhí a raibh le rádh aici
ráidte aici do chruinn gh Héród aon daoine eile a
bhí ann agus go raibh aon nídh le rádh acu i dtaobh
an sgéil. Ní raibh aon ghádh le pionós 'n-a dtaobh
san, mar bhí an rún go léir sgéidhte agus ní raibh
a thuille greama ag aoinne ar pé eólus a bhí aige.
Nuair a bhí deire a chuid ceistiúcháin déanta ag
Héród do chuir sé i n-aice an eóluis a tugadh
dó an uair sin an méid eóluis a bhí fághalta aige
roimis sin ó Shalóme agus do sgrúduigh sé an
t-eólus go léir go cruinn. B'é deire an sgrúdúcháin
dó go bhfuair sé amach go breágh soiléir gur bh'é
a mhac dílis féinig, an mac go raibh an mhuin ghin
go léir aige as, an mach a bhí ceapaithe aige chun
bheith 'n-a rí ar Iúdéa 'n-a dhiaidh, gur bh'é an mac
céadna san a thug aníos ó Alegsandria an nimh a
tugadh d'á dhritháir Pheróras, agus do mairbh é.
Ní do Pheróras a cheap an mac san an nimh, ámhthach,
ach do Héród féin. Chuir Antipater an nímh i láimh
a mháthar, Doris, le tabhairt d'á athair, do Héród
féin. Chuir Doris an nimh i láimh na mná a bhí pósta
ag Pheróras. D'admhuigh an bhean gur bh'é an nímh
sin a mhairbh a fear féin. Do tuigfí ó n-a cainnt go
ndubhairt Pheróras léi an nimh a thabhairt chuige chun
go gcuirfadh sé sa teine é; go dtáinig aithreachas
air mar gheall ar aon lámh a bheith aige sa bhfeall a
bhí 'á dhéanamh ar a dhritháir Héród. Dubhairt si gur
órduigh Pheróras di an nimh do dhógh sa teine os
cómhair a shúl, agus gur dhóigh sí an nimh os a chómhair
ach amháin rainnt bheag a chimeád sí le h-eagla go
mbeadh gádh aici féin leis.



"Imtheóchad anois, a rí," ar sisi," agus tabharfad
chun do Shoillse anso an méid a chimeádas de."


L. 212


Dubhradh léi imtheacht agus é thabhairt léi. Do ghluais
sí chun mthighthe. Do thárla í bheith ag gabháil thar áit
a bhí ana árd. Do léim sí síos le fánaidh. Do gortuigh-
eadh í go mór ach níor marbhuigheadh í. D'fhéad sí a
dh'innsint cá raibh an nimh i bhfolach. Do tugadh chun
an rí an bosca agus an méid de'n nimh a bhí ann. Bí
a lán daoine ann agus d'aithn ghdar an bosca. Ní
innsean an seanachaidhe conus aithn ghdar an bosca.
Ach deir sé gur thuig Héród fé dheire thiar thall an
eugcóir agus an feall caillte a bhí déanta ag
Antipater ar Héród féin agus ar a bheirt mhac eile.



CI.



LÁ NA TRIALACH.



An fhaid a bhí Héród ag éisteacht leis an gcogarnach
a bhí ag Salóme 'á chur coitchianta isteach 'n-a chluais
i gcoinnibh a dhá mhac, bhí Antipater, an mac go raibh
an iontaoibh go léir aige as, ag imirt a chluiche féin
ar a dhítheal. Chimeád sé abhfad ó chathair Ierúsalem,
i dtreó ná beadh aon droch amhras ag aoinne air.



Bhí an dá sgéal ag dul ar aghaidh i n-aonfheacht.
Bhí Héród ag déanamh a dhíthil chun a bheirt mhac do chur
chun báis. Ní fhéadfadh séiad do chur chun báis i gcoinnibh
toile Augustuis, agus ní lamhálfadh Augustus iad
a chur chun báis gan ceart dlighe thabhairt dóibh, 'sé
sin, gan caoi thabhairt dóibh ar a dtriail a sheasamh.
Tar éis mórán tuairisgí dh'aireachtaint ó Héród
agus ó uaislibh cómharsanacha do thoiligh sé, go mór
mór tár éis cúntasaí dh'fhághail ar na leitireachaibh
a sgríbh duine de sna macaibh, 'ghá admháil go raibh
sé cionntach, agus go raibh Salóme cionntach, agus
go raibh Pheróras féin cionntach.


L. 213


Bhíodh an t-ímpire uaireanta ceapaithe ar na fearaibh
óga do chosaint ar a n-athair, ach ní túisge bhíodh 'ná
mar a thagadh sgéal éigin chuige do chuireadh 'n-a
luighe ar a aigne go mb'fhéidir go rabhadar cionntach.



Fé dheire thug sé cead do Héród iad do chur ar a
dtriail, agus dá bhfaighfí cionntach iad iad a chur chun
báis. Do sgríbh sé leitir ag triall ar Héród 'ghá rádh
leis iad a chur ar a dtriail os cómhair na ngobhernóirí
Rómhánacha bhí i Suiría, go h-áirithe os cómhair
Archelauis, rí Chapadócia.



Do tháinig lá na trialach. Bhí chúig céad duine
láithreach. Ní raibh rí Chapadócia ann. Níor iarr
Héród air teacht. Bhí eagla air go mbeadh sé ró
bháidheamhail leis na fearaibh óga. Do labhair Héród
féin 'n-a gcoinnibh, go cruaidh agus go fíochmhar; do
chuir a chainnt fearg ar gach aoinne de'n chúig céad
duine. Do saorfí iad mara mbeadh aon fhear amháin
a bhí ar na breitheamhnaibh. Do labhair sé sin 'n-a
gcoinn bh agus tharraig sé an chuid eile 'n-a dhiaidh.
Bholumnius ab ainm do'n bhreitheamh san. Ach ba mhar
a chéile é. Níor fhág Héród gan a dh'innsint dóibh go
raibh úghdarás aige féin chun iad a chur chun báis gan
aon bhreith uatha-san, do réir dlighe Iúdéa.



Do daoradh chun báis iad. Tháinig a lán uaisle
ciallmhara, creideamhnacha chuige 'ghá iarraidh air gan
iad a chur chun báis agus é féin fhágáilt, i ndeire a
shaoghail, i dtúrtaoibh le h-Antipater. Do chuir sé
chun báis iad. Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san go dtáinig
amach an feall caillte a bhí déanta ag an bpeata,
Antipater, i gcoinnibh an athar a dhein peata dhe.


L. 214


CII.



TEAGHLACH MÍ-ÁDHBHARACH.



Dubhart go raibh dhá sgéal ar siubhal agus ag dul
ar aghaidh i n-aonfheacht i dteaghlach Héróid. Isé rud
a bhí ceart agam a rádh ná go raibh b'fhéidir fiche sgéal
ag dul ar aghaidh i n-aonfheacht sa teaghlach mí-ádhbharach
san.



Bhí Salóme agus a cualacht chogarnaighe aici, agus
a lucht uisge-fé-thalamh aici, agus í ag séide fé
Héród go dtí gur chuir sí fhiachaint air Mariamne
do chur chun báis. Ansan do lean sí ag séide fé'n
Héród gcéadna go dtí gur chuir sí fhiachaint air
beirt mhac Mhariamne, a bheirt mhac féin, do chur chun
báis, Alegsandar agus Aristóbulus.



Ansan bhí Antipater, an peata, an mac a bhí ag
Héród leis an mnaoi Doris, agus bhí a lucht cogar-
naighe aige, agus a luct uisge-fé-thalamh aige, agus
é féin agus Salóme ag cabhrú le n-a chéile chun a
chur fhiachaint ar Héród Alegsandar agus Aristó-
bulus a chur chun báis. I n-éaghmais na beirte sin bhí
beirt eile agus theastuigh ó Antipater iad a chur
chun báis. B'iad beirt iad san ná Pheróras
agus Héród féin. Do phós Pheróras bean uasal
óg. Dó thuig sí sin, nídh nár bh'iongna, gur bh'fhearr
an ceart a bhí agá fear féin, dritháir an rí, chun
bheith 'n-a rí i ndiaidh drithár a chéile, 'ná mar a
bhí ag an lúbaire sin, Antipater, chuige. Tháinig
Pheróras ar aon aigne le n-a mhnaoi. Thug Antipa-
ter an nimh aníos ó Alegsandria agus thug sé d'á
mháthair é, le tabhairt d'á athair. Thug sí sin an nimh
do mhnaoi óig Pherórais, le tabhairt do Héród. Do
thuig an bhean san gan amhras, dá dtugtí an nimh do


L. 215


Héród, agus go bhfaghadh sé bás, go mbeadh sí féin
'n-a banrighin láithreach bonn.



Bhí an beartúchán agus an t-uisge-fé-thalamh go
léir, agus an chogarnach go léir, ar siubhal go mear.
Bhí Antipater ceapaithe ar a athair, an rí, do chur
chun báis leis an nimh, agus ar Pheróras do chur chun
báis leis an nimh. Bhí socair ag Pheróras agus agá
mhnaoi óig ar Antipater do chur chun báis leis an nimh
agus ar Héród do chur chun báis leis an nimh.



Ní féidir liom a dhéanamh amach ó'n seanachaidhe
conus a thárla do Pheróras an nimh a thógaint.
Deir an seanachaidhe go dtáinig aithreachas air mar
gheall ar a bhfeall a bhí aige 'á dhéanamh ar a dhritháir.
Bí taom breóiteachta air an uair chéadna agus do
h-innseadh dó go raibh an rí ag teacht 'ghá fheuchaint.
B'fhéidir gur shloig sé cuid de'n nimh nuair adubhairt
sé le n-a mhnaoi é chur sa teine.



Dubhairt an bheirt seirbhíseach úd gur bh'í an bhean
óg a thug an nimh dó. B'fhéidir gur a' láimh na mná
san a fuair sé an nimh, ach ní chun aon díobhála dhéanamh
dó a fuair sé uaithi é, mar bhí súil aici le h-é bheith
'n-a rí i ndiaidh a dhrithár.



CIII.



ANTIPATER.



Nuair a chuireadh chómhairliúchán Shalóme i dtaobh
Alegsandair agus Aristóbuluis, agus an chogarnach
ar an uile thaobh ameasg óg agus aosta, sgannra
ar aigne Héróid roim dhroch nídh éigin a mhothuigheadh
sé a bheith 'n-a thímpal mar bheadh sgamal éigin dubh,
ní dheineadh sé ach aghaidh a thabhairt ar aon daoine go
mbíodh aon droch amhras aige ortha agus díriú ar iad


L. 216


a chur chun báis, nú ar phionós a chur ortha chun eóluis
a dh'fhásgadh asta. Neul den tsórd san iseadh a bhí
eirighthe dhó nuair a bhí an pionós aige 'á chur ar an
mnaoi ud a dh'iarr ar Dhia Doris, máthair Antipater,
a thabhairt fé'n bpionós, mar gur aici b'fhearr a bhí
an pionós tuillte. Ansan, ar ádhbharaighe an tsaoghail
tháinig an bheirt seirbhíseach úd le Pheróras agus
d'iarradar ceart i n-aghaidh mná Pherórais, mar
gur thug sí nimh d'á fear. Ansan tháinig an chogarnach
go léir amach i gcainnt. Do h-innseadh cá dtáinig
an nimh, agus cé dhó, nú cé dhóibh, go raibh an nimh
ceapaithe, agus gur bh'é Antipater a bhí tar éis an
uisge-fé-thalamh go léir a chur ar siubhal; gur thug
Antipater an nimh leis aníos a' cathair Alegsandria
chun é thabhairt d'á athair, do'n athair a' dhein peata
dhe, do'n athair a cheap é chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh
ar Iúdéa.



Bhí deire leis an gceapadh san mear go maith, agus
bhí deire, direach chómh mear, le ceapadh a bhí ag gabháil
leis an gceapadh san, 'sé sin, go raibh Héród, mac
a bhí ag an Antipater san, le bheith 'n-a rí i ndiaidh
an Antipater sin. Do sgriosadh amach iad go léir.



Ach bhí an rí ró ghasta. Níor leog sé air go raibh
aon sgrios amach aige 'á dhéanamh. Bhí Antipater
sa Róimh nú i n-áit éigin a bhí abhfad ó chathair Ierúsalem,
mar adubradh. Theastuigh uaidh bheith abhfad ó bhaile
nuair a tabharfí an nimh d'á athair. Do h-innseadh dó
ráflaí éigin i dtaobh neithe móra éigin a bhí ag suathadh
catharach Ierúsalem. Bhí an gnó socair chómh maith
aige, riaruithe chómh cruinn, agus bhí na seirbhísigh
chómh dílís aige, go raibh sé lán deimhnightheach go raibh
an gnó déanta, go raibh an nimh tabhartha d'á athair,
go raibh a athair tar éis bháis, agus gur bh'é bás an rí
fé ndeár an suathadh a bhí ar an gcathair agus ar an
ndúthaigh go léir. Do thuig sé nár mhór dó teacht abhaile
láithreach agus an rígheacht do ghabháil. Bhí sé lán


L. 217


deimhnightheach go raibh an bóthar osgailte dhó chun na
rígheachta. Le h-eagla, ámhthach, go mb'fhéidir, le
h-aon mhí-ádh, ná raibh an chéad rainnt de'n nimh tar
éis na h-oibre dhéanamh chuir sé teachtaire ó'n Róimh
uaidh ag triall ar a mháthair agus fághaltas eile de'n
nimh aige. Batillus ab ainm do'n teachtaire. Do
shrois sé an chathair. Ní raibh aon choinne aige leis an
sgéal a bhí soimis sa chathair. Do rugadh air láithreach-
Do fuaradh an nimh aige. Do cuireadh fé phionós é.
B'éigean dó an sgéal go léir a dh'innsint. D'innis
sé gur bh'é Antipater a thug an nimh dó, le tabhairt
do Dhoris, chun é thabhairt do'n rí má ba rud é gur
theip an chéad iarracht.



Díreach agus an méid sin sgéil fághalta ag Héród
tháinig leitir chuige ó Antipater féin, leitir a bhí lán
de ghrádh agus d'ionmhuine 'ghá rádh go raibh sé ag teacht
abhaile.



Má bhí an t-athair tar éis bháis do chífí an leitir sin.
Ansan cé fhéadfadh a rádh go raibh aon lámh ag Anti-
pater i mbás an athar?



CIV.



ANTIPATER AG TEACHT ABHAILE.



Gan amhras, nuair a fuair Héród an leitir ó
Antipater 'ghá innsint go raibh sé ag teacht abhaile,
do leog sé gáire. "An ropaire!" ar seisean, i
n'aigne féin. "Tá sé ag teacht abhaile, lán de ghrádh
agus d'ionmhuine, ag triall ar a athair, agus é lán
deimhnightheach go bhfuil an t-athair ionmhuin sin sínte
sa n-uaigh aige le nimh na n-Éigipteach. Tá míle fáilte
rómhat, a mhic mo chroidhe, míle fáilte. Ach ní miste
thú bhrostú."


L. 218


Níor leog sé aon nídh air le h-aoinne, ach do shuidh
sé síos agus do sgríbh sé leitir ag triall ar Anti-
pater, díreach mar a sgríobhfadh sé leitir chuige dá
mbeadh sé gan aon bhlúire dh'fhághail de'n eólus a bhí
fághalta le déanaighe aige. D'iarr sé air brostú
abhaile i dtreó go ndeimhneófí i dtaobh na rígheachta,
le h-eagla go dtabharfí uain do namhaid Antipater
ar aon cheataighe dhéanamh.



Níor fhan Antipater leis an leitir sin a dh'fhághail.
Bhí sé lán deimhnightheach go raibh a athair sa n-uaigh,
agus bhí lán a chroidhe de dhithineas abhaile air. Ca
bh'fhios, dar leis, ná go mb'fhéidir go dtabharfadh
Pheróras iarracht fé ghreim a bhreith ar an rígheacht.
Ba thruagh gan é sa bhaile, dar leis.



Le n-a linn sin bhí sé chómh fada ódheas ó'n Róimh
le Tarentum agus fuair sé teachtaireacht ó cháirdibh
a bhí aige i gcathair Ierúsalem 'ghá innsint dó go raibh
Pheróras tar éis bháis. Bhain an tuairisg sin árd
phreab as. Do thuig sé nár bh'é Héród a fuair an nimh
ach Pheróras, agus go raibh Héród beó fós. Do thuig
sé an méid sin ó'n gcuma 'n-ar h-innseadh an sgéal
dó. Chomáin sé leis chómh fada le Celenderis, cathair
i Sicilia. Tháinig teachtaireacht eile chuige ag an
gcathair sin 'ghá innsint dó go raibh Héród tar éis
a mháthar, Doris, a dhíbhirt uaidh, agus gur baineadh
di, sar ar díbireadh í, na h-órnáidí uaisle go léir a
bhí uirthi agus an uile phioc saidhbhris d'á raibh aici.
Do deineadh san léi nuair a nochtadh an feall caillte
a bí déanta aici féin agus agá mac agus iad ag obair
a' láimh a chéile.



Do stad sé sa chathair sin ar feadh tamail, chun a
chur i gcómhairle na ndaoine a bhí le n-a chois cad ba
cheart dó a dhéanamh, dul ar aghaidh nú casadh. Do
chómhairligh cuid acu dhó dul ar aghaidh. "Chómh luath
agus a leogfidh t'athair a shúil ort," ar siad, "maith-
fidh sé gach aon rud duit."


L. 219


Measaim féin, bíodh ná deir an seanachaidhe é, gur
b'amhlaidh a fuair sé an uair sin an freagra úd a
chuir a athair chuige ar an leitir a fuair sé uaidh 'ghá
innsint dó go raibh sé ag teacht abhaile. Do thrácht
Héród sa bhfreagra san ar an dtuitim amach a bhí
idir é féin agus Doris, ach níor dhóich le duine ar
an gcuma 'n-ar thrácht sé ar an dtuitim amach gur
chuir sé puinn suime ann. Measaim, mara mbeadh
an neamhshuím sin sa tuitim amach ná beadh Antipater
chomh mór buile agus go dtiocfadh sé abhaile i n-aon
chor. Ach chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus níor
bh'fhada go raibh sé i gcathair Sebaste. Do chruinnigh
na daoine chuige i Sebaste, ach ní chun aon fháilte chur
roimis a thánadar ná chun aon liúireach mholta chur
suas dó. Liúireach cháinte iseadh chuireadar suas dó,
agus iad ag dranntú chuige le gráin air, agus 'á
chasadh leis go fíochmhar agus go feargach gur bh'é a
mhairbh an bheirt uasal, an bheirt chródha, an bheirt
ríoga, beirt mhac Mhariamne. Níor chuir an fháilte sin
aon áthas ar Antipater.



Beagán aimsire roim theacht Antipater go Sebaste
an uair sin seadh do mhairbh Héród na leanbhaí óga
go léir a d'iarraidh teacht suas leis an aon LEANBH
amháin, moladh go deó leis!



CV.



CIONNTACHT NÁCH FÉIDIR A THÓMHAS.



Bhí Antipater i gcathair Shebaste agus bhí Héród
ag feitheamh leis i gcathair Ierúsalem. Níor choisg
an droch fháilte a cuireadh roimis i gcathair Shebaste
é ar dhul ceann ar aghaidh go dtí cathair Ierúsalem.
Tháinig sé agus cualacht mhór armála aige, cualacht


L. 220


uasal, chun geata na catharach. Do h-osgaladh an
geata dhó láithreach. Do sgaoileadh é féin isteach, ach
do cimeádadh an chualacht lasmuich. Do rugadh i
láthair an rí é. Mheas sé é féin a chaitheamh ar a ghlúinibh
i lathair an rí. Sar ar fhéad sé san a dhéanamh do
deineadh príosúnach de; d'fhiafraigh sé cad é an
chúis príosúnach a dhéanamh de. Do h-innsead dó go
raibh bás a bheirt drithár d'á chur 'n-a leith; go raibh
gobhernóir nua tagaithe ó'n Róimh agus go dtabharfadh
an gobhernóir breith air amáireach a bhí chughainn. Do
cuireadh i bpríosún é go daingean go dtí maidin
amáireach a bhí chughainn agus ansan do tugadh i láthair
an gobhernóra Rómhánaigh a bhí tagaithe ar Shuíria é.
Bhí cruinniú mór daoine tabhartha ann ag Héród chun
go mbeidís i láthair na trialach. Bhí Héród féin ann.
Chómh luath agus tháinig Antipater i láthair do chaith
sé é féin ar a ghlúinibh agus d'iarr sé i n-achainighea-
chaibh ortha gan é dhaoradh go dtí go n-aireóchaidís an
méid a bhí le rádh aige 'n-a chosaint féin.



"Eirigh as san!" arsa Héród. "Seasaimh ar
bhunaibh do chos agus feuch in sna súilibh orm an fhaid
a bheidh mé 'ghá innsint duit cad iad na bearta fill
atá agam le cur ad' leith."



D'innis sé amach ansan os a chómhair, agus os
cómhair an ghobhernóra agus os cómhair na n-uasal
go léir, gach aon chor d'á raibh curtha dhe ag Antipater
ó thosnuigh sé ar an bhfeall a dhéanamh ar bheirt mhac
Mhariamne go dtí gur thug sé an nimh aníos ó'n Éigipt,
an dá uair, chun é thabhairt do Héród féinig. Thóg sé
a dhóithin aimsire agus níor fhág sé aon bhlúire de'n
sgéal gan innsint. Bhí a dhóithin fínnithe aige, cáirde
agus daoine muinnteartha Antipater féin, daoine
a bhí 'n-a chualacht chogarnaighe agus a bhí tar éis
sgéidhe air. Bhíodar cruinnighthe ansúd ag Héród
chun go ndéanfidís deimhniú ar an uile fhocal d'á
raibh le cur i leith Antipater aige. D'ainimnigh sé


L. 221


'n-a nduine agus 'n-a nduine na daoine a bhí curtha
chun báis aige mar gheall ar Antipater a bheith ag
séide fé 'n-a gcoinnibh. Bhí sé 'ghá n-ainimniú go
dtí gur ainimnigh sé an bheirt, Alegsandar agus
Aristóbolus. Ansan dubhairt sé: "Má bhíodar
cionntach, mar adubhraís, is seacht measa tu féin
anois 'ná iad. Má bhíodar neamhchiontach cé fhéadfadh
do chiontacht-sa do thómhas anois? Is tu a mhairbh iad.
Tá a gcuid fola ort go daingean." Le linn na bhfocal
san a rádh dhó tháinig tocht air agus do ghluais na deór-
acha as a shúilibh. Gan amhras ba chruaidh an rud dó
a chuimhneamh gur chuir sé an bheirt mhac úd chun báis
agus iad neamhchiontach b'fhéidir. Ach bhí sé ag cuimh-
neamh ar aoinne amháin eile. Bhí sé ag cuimhneamh ar
mháthair na beirte sin agus bhí a chroidhe d'á raobadh.
Dubhairt sé le Nioclás Damascén:- "Dein-se an
chuid eile d'á dhroch ghníomharthaibh a dh'innsint, agus
ansan nocht an deimhniú atá againn ortha go léir."



CVI.



GAN AON CHOSAINT AIGE AIR FÉIN.



Do thosnuigh Damascén ar an sgéal a dh'innsint,
sa n-áit i n-ar stad Héród. Bhí fhios ag Antipater
cad a bhí le teacht. Theastuigh uaidh gan leogaint do
sna neithibh grána san dul ó bheul Dhamascéin steach
i gcluasaibh na n-uasal a bhí láithreach. Do bhris sé
isteach ar chainnt Dhamascéin. Do chrom sé go dána
ar a fhiafraighe conus fhéadfadh aoinne a chreideamhaint
go ndéanfadh sé féinig, mac uasal an rí uasail,
gníomhartha chómh grána, gníomhartha chómh h-olc, chómh
h-eugcórtha, chómh déistineach, leis na gníomhartha san
a cuireadh 'n-a leith ansan an lá san. D'árduigh sé


L. 222


a ghlór agus dubhairt sé ná raibh fírinne sa chainnt
a bhí ag teacht amach a' béalaibh na ndaoine a bhí 'ghá
chionntú, ná raibh oiread agus deabhramh na fírinne
ar a gcainnt, gur mhór an náire dhóibh bheith 'ghá chur
isteach i gceann an rí, 'ghá cur isteach i gceann a athar
uasail, go bhféadfadh a mhac gníomhartha chómh h-olc,
chómh grána, chómh déistineach, a dhéanamh. Do chonaic
na daoine go léir ná raibh aon chosaint aige 'á dhéanamh,
ná raibh sé ach ag baisteachán agus ag spidiúchán ar
an muinntir a bhí ag cur 'n-a leith.



Do bhris Damascén isteach air agus d'innis sé
tríotha síos na neithe a bhí curtha 'n-a leith agus
dubhairt sé leis:-"Anois, má tá aon nídh agat
le rád chun tú féin a ghlanadh ar na neithibh sin,
abair é."



Ní dubhairt sé ach:- Feuch, a righthe agus a uaisle,
nár chuiread an lá so am' beathaidh díom, agus má
chuirim nár chuiread an lá amáireach am' beathaidh
díom, má dheineas na gníomhartha san riamh. Níor
dheineas. Níor dheineas go deimhin. Cár bheag dom
chun mé chosg ar iad a dhéanamh an chrích a rug mo
bheirt drithár mar gheall ar heith ag déanamh gníomh-
artha d'á sórd? Marbh gan anam go dtuitead ar
an bhfód so má dheineas aon nídh riamh d'á sórd."
Chomáin sé leis ar an sórd san cainnte. Fé dheire
do labhair Bharus, an gobhernóir:-



"Má tá aon chosaint agat le déanamh ort féin
dein é. Má tá aon rud agat le rádh a bhréagnóchaidh
na neithe atá curtha ad' leith abair é lom glan. Tá
fhios agat go maith nách féidir d'easgainí ná do
bhadhbóireacht ná do dhearbhúchán, a thaisbeáint cé'cu
thugais an nimh úd aníos ó'n Éigipt nú nár thugais,
nú má thugais, cé'cu is nimh é dc mharbóchadh duine
nú nách eadh."



"Tá cuid de'n nimh anso," arsa duine de sna
fínnithibh.


L. 223


"Agus tá duine sa phríosún atá daor chun a
chrochta mar gheall ar dhunmharbhu. Tugtar anso é agus
tugtar cuid de'n nimh dó; agus má théidhean sé saor
ó'n nimh téidheadh sé saor ó'n gcroich," arsa Héród.



Do tugadh amach an marbhthóir agus do tugadh
an nimh dó. Do shloig sé é. Ní túisge shloig 'ná mar
a thuit sé agus níor bh'fhada go raibh sé 'n-a chorpán,
nídh nár bh'iongna.



Chómh luath agus chonaic Bharus, an Gobhernóir, an
nimh tabhartha do'n duine agus an duine sínte ansúd
marbh, d'eirigh sé agus d'fhág sé an áit gan aon bhreith
do thabhairt agus d'imthigh sé óthuaidh abhaile go
h-Antioch. Ansan d'órduigh Héród Antipater do
chur isteach sa phríosún go daingean, agus do sgríbh
sé leitir ag triall ar Augustus ag innsint an
sgéil go léir dó, agus dubhairt sé leis an dteachtaire
an sgéal go léir a dh'innsint ó bheulaibh dó chómh maith.



CVII.



ACHME.



Nuair a bhí an leitir agus an teachtaire curtha uaidh
chun na Rómha ag Héród do chuimhnigh sé nár bh'fhearra
dhó rud a dhéanfadh sé ná Antipater do chur go dtí
an Róimh fé ghárda láidir agus a iarraidh ar an ímpire
breith a thabhairt air.



Ansan tháinig smaoineamh eile chuige. B'fhéidir go
gcruinneochadh cáirde Antipater congnamh fear
agus go dtiocfidís roim ghárda Héróid ar an slighe
agus go bhfuasgalóchaidís an príosúnach. Do thuig
sé gur bh'fhearr gan dul i gcontabhairt aon tsárúcháin
de'n tsórd san. Chuir sé Antipater isteach airís
go daingean sa phríosún.


L. 224


Tamal beag 'n-a dhiaidh san do thuit rud eile amach.
BHí fear gur bh'ainm dó Antiphilus sa n-Éigipt an
uair sin, agus cara d'Antipater ab eadh é. Bhí fuath
fíochmhar ag Antipater do Shalóme. Do bheartuigh
sé uisge-fé-thalamh áirithe dhéanamh idir í agus Héród
i dtreó go gcuirfadh Héród chun báis í. Bhí bean sa
Róimh agus Achme ab ainm di agus bean Iúdach ab
eadh í. Bhíodh sí sáidhte ins gach aon tsaghas uisge-
fé-thalamh d'á mbíodh ar siubhal ag Antipater agus
bhí mórán saidhbhris tabhartha aige dhi as an ngnó fill
a dheineadh sí dhó.



Bhí duin'uasal Nabatéach agus namhaid mharbhuigh-
theach do Héród ab eadh an duin'uasal san. Do thuig
Antipater, dá bhféadadh sé a chur 'n-a luighe ar aigne
Héróid go raibh Salóme chun an duin'uasail sin a
phósadh nár bheag san chun a chur fhiachaint ar Héród
an ceann a bhaint de Shalóme.



Do labhair Antipater le h-Achme:- "Feuch," ar
seisean léi, "tóg do pheann agus sgríbh leitir
bhréagach, mar dh'eadh gur bh'í Salóme do sgríobhfadh
í, ag triall ar Iúlia, bean an ímpire, 'ghá iarraidh
ar Iúlia cead a thabhairt di Suilléus do phósadh."
B'é sin an duin'uasal Nabatéach. Do sgríbh sí féin
agus Antipater an leitir bhréagach eatartha. Ansan
do sgríbh Achme, fé stiúrú Antipater, leitir ag
triall ar Héród, mar seo: "Achme chun Héróid
an rí: tré mhéid mo dhílse tá agam 'á chur chughat
anso, leitir ó Shalóme ag triall ar an Ríogain 'ghá
iarraidh uirthi cead a thabhairt di Suilléus do phósadh.
Strac an leitir seo led' thoil. Do bainfí an ceann
díom-sa dá bhfeictí í."



An uair cheadna díreach do chuir Antiphilus leitir
ó'n Éigipt ag triall ar Antipater. Níor bh'fhéidir
d'Antipater an leitir sin a dh'fhágail mar bhí sé
istigh sa phríosún. Ach do fuair Héród í. Sidí an
chainnt a bhí innti: "tá leitir bhréagach Shalóme chun


L. 225


na Ríoghna agam á' chur chughat. Is eól duit an chon-
tabhairt i n-a gcuirim me féin léi, seachain aon dul
amú sa ghnó." Bhí a leitir féin ó Achme i láimh Héróid,:
"Ca bhfuil an leitir ó Achme ar a bhfuil trácht anso?"
arsa Héród le teachtaire Antiphiluis. "Ní bhfuaras
aon leitir ach í sin," arsan teachtaire.



Do cuarduigheadh é go géar. Do fuaradh leitir
eile i bhfolach aige, fuaidhte i n-a léine idir dhá éadach.
Do h-osgaladh í. Macshamhail do'n leitir bhréagach!
Chuir Héród i n-aice chéile iad, agus do thuig sé an
sgéal go léir. Chuir sé fios go dtí an príosún ar
Antipater. Do tugadh 'n-a láthair é agus na h-iarnaí
air. Do léigh sé amach dó an leitir a fuair sé féin ó
Achme 'ghá innsint dó gur iarr Salóme cead na
ríoghna chun go bpósfadh sí Suilléus agus ansan do
léigh sé dhó an leitir a chuir Antiphilus ag triall ar
Antipater agus do thuit isteach i láimh Héróid, ansan
an leitir ó Achme a fuaradh idir an dá éadach i léine
an teachtaire.



"Cad tá agat le rádh anois," arsa Héród. Níor
labhair Antipater aon fhocal amach as a bheul.



CVIII.



LEITIR Ó ACHME.



Nuair a bhí na leitireacha go léir 'n-a láimh ag
Héród do thuig sé an mhalluightheacht mórthímpal,
malluightheacht Antipater agus Achme agus iad
'n-a suidhe i dteannta chéile agus an leitir bhréagach
úd acu 'á chur le chéile, an leitir a sgríbh Salóme,
dar leó, chun mná an ímpire, chun na ríoghna Iúlia,
'ghá iarraidh uirthi cead a thabhairt do Shalóme Suilléus
do phósadh agus malluightheacht Achme, ag sgrí na


L. 226


leitire chun Antiphiluis 'ghá innsint dó i dtaobh na
leitire bréagaighe, agus macasamhail do'n leitir
bhréagach aici 'á chur ag triall air le tabhairt d'Anti-
pater i dtreó go bhfeicfadh sé go raibh an tuarastal
a thug sé dhi tuillte aici. Do thuig Héród an feall
go léir agus níor mhiste leis rainnt spóirt a bheith
aige ar na feallairíbh.



Bhí Antipater láithreach agus na h-iarnaí air, agus
gan aon choinne i n-aon chor aige, ná aon chuimhneamh,
ar cad n-a thaobh gur tugadh ann é. Bhí Salóme láith-
reach agus gan cuimhneamh ar domhan aici ar cad a
bhí ag teacht, nú cad é an feall nua a h-iarrfí uirthi
a dhéanamh. Níor tháinig lá d'á chuimhneamh chúichi go
raibh iarracht mharbhuightheach 'á dhéanamh i n-aghaidh a
h-anama féinig. Ní innsean an seanachaidhe cé h-iad
eile a bhí láithreach, ach gan amhras do thug Héród a
lán d'á cháirdibh chun na h-áite, fé mar a dhein sé nuair
a chuir sé an triail ar siubhal os cómhair an ghobhernóra.
Nuair a bhí gach aon rud socair aige agus an chuid-
eachta ag éisteacht leis agus bior ar chluais gach aoinne
do tharraig sé amach an leitir a fuair sé ó'n Róimh,
ó Achme, agus do léigh sé í go breágh soiléir:-



"Achme chun an Rí Héród: Tré mhéid mo dhílse dhuit
agus mar gheall ar mo dhúil sa nídh dhéanfadh tairbhthe
dhuit tá leitir agam 'á chur chughat anso istigh, leitir
a sgríbh Salóme ag triall ar mo mháighistreás 'ghá
iarraidh uirthi cead a thabhairt di Suilléus do phósadh.
Strac an leitir seo, le toil do Shoillse. Dá bhfaighfí
amach í do bainfí an ceann díom."



Chómh luath agus d'airigh Salóme an leitir sin do
léim sí agus do spriúch sí. "Leitir bhréagach í sin!"
ar sisi. D'iompuigh sí ar Antipater, "Cé 'cu tusa
nú Achme do sgríbh an leitir bhréagach san?" ar
sisi, "nú an raibh an bheirt agaibh ag gabháil di?"



Do chrom sí ar dhearbhú, díreach mar a dhein Anti-
pater sa triail, nár sgríbh sí an leitir agus nár


L. 227


chuimhnigh sí riamh a leithéid de chead a dh'iarraidh ar
an ríogain, ná ar a leithéid de chleamhnas a dhéanamh,
nídh nár bh'iongna. Ar ball, nuair a bhí an bhuile
curtha dhi aici, do tharraig Héród amach an leitir a
fuaradh idir an dá éadach i léine theachtaire Anti-
philuis:-



"Achme chun Antipater: tá sgríobhtha agam
chun t'athar fé mar adubhraís liom. Chuireas isteach
sa leitir chuighe an leitir bhréagach ó Shalóme chun na
ríoghna. Táim deimhnightheach chómh luath agus do
léighfidh t'athair an leitir bhréagach, go gcuirfidh sé
Salóme chun báis."



"Ó," arsa Salóme, "nách fada isteach a bhí an feall
ionat! fágaim le h-uacht go measainn go minic go
mbíthá dáiríribh nuair a bhíodh an chainnt bhreágh bhog úd
agat 'á thabhairt dom! Mheasainn go deimhin! Nách
me an óinseach! An duine i n-aon chor tu! Nú an
diabhal ó ifrean aníos tu!"



Níor labhair Antipater focal le h-aoinne d'á
raibh láithreach.



CIX.



AN DÍOLTAS.



Tá sean fhocal againn i n-Éirinn agus deir duine
an sean fhocal san nuair a bhíon buile feirge air chun
duine eile. "Tá dúil 'n-a chroicean agam!" Bhí
dúil i gcroicean Antipater ag Héród. Do shásaimh
sé an dúil sin ag léighe na leitireach úd a fuair sé
ó Antipater 'ghá innsint dó go raibh an mac ionmhuin
sin ag teacht abhaile chuige. Do shásaimh sé tuille de'n
dúil sin nuair a bhí an leitir lán de dhílse a fuair
sé ó Achme aige 'á léighe, agus an leitir a bhí istigh
innti, ag cur na bréige ar Shalóme. Gan amhras do


L. 228


gháir sé nuair a spriuch Salóme. Do stad an spriú-
chadh, ámhthach, nuair airigh Salóme d'á léighe, an leitir
a fuaradh fuaidhte idir an dá éadach i léine an teacht-
aire a tháinig ó Antiphilus, an leitir a dh'admhuigh gur
leitir bhréagach gur bh'eadh an leitir a tháinig ó Achme
ag triall ar Héród féinig. Ach bhí aon easnamh amháin
ar an sásamh go léir. An fhaid a bhí na leitireacha d'á
léighe níor labhair Antipater focal amach as a bhéal.
Níor chuir sé cor de. Níor leog sé air go raibh sé
ag éisteacht leis an gcainnt i n-aon chor. Bhí a dhá
shúil ar dian leathadh agus é ag feuchaint uaidh ar an
spéir, i dtreó gur dhóich le duine air nách leis a bhain
an chainnt ach le duine éigin eile. Nuair a fuair Héród
nár bh'aon mhaith bheith a d'iarraidh é chlaoidhe dubhairt
sé i n'aigne, "Tá an méid sin de mhianach a athar ann."
Ansan chuir sé thar n-ais chun an phríosúin é agus do
dúnad an príosún air go daingean.



Nuair a shocharuigh Héród ar an eaglais mhór do
chur suas bhíodh sé coitchianta 'ghá mhaoidheamh gur i
n-onóir do Dhia a bhí sé ag déanamh na h-oibre sin.
Ní áiteóchadh aon rud ar na Iúdaígh ná gur i n-onóir
dó féinig a bhí sé ag déanamh na h-oibre sin. Ach pé
onóir ba bhun aige leis an obair sin bhí aon rud amháin
deimhnightheach. Níor dhein Héród aon ghnó áluinn
riamh gan cuid éigin de'n onóir a bheadh ag baint lcis
a thabhairt do sna Rómhánaigh. Nuair a bhí an teampul
mór críochnuighthe aige do chuir sé fiolar óir mar
órnáid os cionn an gheata mhóir lasmuich. Fiolar
áluinn ab eadh é agus é déanta d'ór, agus é breágh
mór, agus an t-ór sgiomartha go greanta, agus gur
bhreágh le duine feuchaint air nuair a bhíodh an ghrian
ag taithneamh. Ach níor thaithn sé leis na Iúdaígh, mar
íomhágh ab eadh é, agus bhí sé i gcoinnibh dlighe Mhaoise
an íomhágh phágánach san a bheith sa n-áit sin. Ní dubh-
radar aon rud an uair sin, ámhthach, ach do dheineadar
rud tamal 'n-a dhiaidh. I n-onóir do Dhia, b'fhéidir,


L. 229


ab eadh an teampul, ach i n-onóir do sna Rómhánaigh,
go deimhnightheach, ab eadh an fiolar.



Fé dheire do tháinig an brise ar an bhfoidhne a bhí ag
Dia na glóire 'á dhéanamh le Héród. I dteannta
a raibh de dhroch ghníomharthaibh eile déanta aige bhí
fuil na leanbh a mhairbh sé ag glaodhach go h-árd, 'á
iarraidh ar cheart Dé díoltas a dhéanamh ar an bhfear
a dhoirt an fhuil sin. Tháinig an buille. Tháinig an
díoltas. Tháinig ar Héród an saghas galair a tháinig
go minic ó shin, ar dhaoinibh gur thug Dia na glóire
cómhachta móra dhóibh agus gur chuir a n-uabhar féin
fhiachaint ortha na cómhachta móra san a dh'iompáil
i gcoinnibh Dé féinig agus i gcoinnibh a dhaoine naomhtha.
Do mhairbh Héród na slóighte leanbh chun teacht suas
leis an aon leanbh amáin. Do theip air teacht suas
leis an aon leanbh amháin, nídh nár bh'iongna. D'imir
sé a thoil ar ar fágadh 'n-a threó díobh; ansan d'imir
Dia na glóire a thoil air-sean. Do las mar bheadh
teine istigh 'n-a chorp, agus thosnuigh an fheóil ar thuitim
d'á chnámhaibh, agus níor bh'fhéidir dul 'n-a ghoire le
neart an bhréantais.



CX.



GALAR GRÁNA.



Uabhar, mórchúis, meas thar na beartaibh air féinig,
droch mheas thar na beartaibh ar gach duine eile, siniad
na tréithe bunaigh a bhí i Héród. Ní féidir a rádh go
raibh aon sgáth ann d'aon rud i bhfuirm creidimh.
Chuir sé suas an teampul mór úd, "i n-onóir do
Dhia," mar dh'eadh. Dhein sé uathbhás chostais leis an
obair. Dhéanfadh sé oiread eile costais, ámhthach, dá
mbeadh oiread eile gustail aige, dá bhféadadh sé


L. 230


oiread eile dh'fhághail de'n rud a bhí uaidh, 'sé sin,
na daoine bheith 'ghá mholadh go h-árd. Sin é an rud
a theastuighean i gcómhnuidhe ó'n uabhar. Do fuair
Héród lán a bhuilg de'n mholadh. Ach bhí Héród ró
ghéarchúiseach. Bhí fhios aige go maith ná raibh an moladh
fírinneach. Bhí fhios aige go maith go raibh na daoine
ró ghéarchúiseach agus nár bh'fhéidir dóibh moladh
fírinneach a thabhairt do dhuine nár thuill é. Níor
thuill sé ach moladh bréagach, agus níor tugadh dó ach
moladh bréagach. Ach bhí an dúil mhalluighthe chómh mór
san aige sa mholadh gur chuma leis fíor nú bréagach
é ach go bhfaghadh sé a dhóithin de. Do tugadh dó a
dhóithin de, a dhóithin mór. Bhí ana rith cainnte aige.
Bhí sé ana dheag-labhartha. Do moltí é mar gheall
ar a dheaghlabharthacht agus bhíodh an moladh san tuillte
aige chómh fada agus théidheadh feabhas agus uaisl-
eacht na cainnte. Do moladh é uair éigin ar an gcuma
san. Bhí an chainnt a tháinig uaidh chómh h-áluinn sin
go ndubhairt duine éigin nár dhuine i n-aon chor é,
ach gur dhia é i riocht duine.



Dubhairt daoine gur bh'shiné uair a tháinig an
bhreóiteacht ghrána úd air. Nuair a ghlac sé an moladh
san gur ghlac sé moladh do bhain le Dia, gur ghlac
sé chuige féin an moladh a bhí ag dul do Dhia. Ansan
gur chuir Dia air an galar grána úd. As san amach
níor tugadh moladh fírinneach ná moladh bréagach
dó, tháinig a leithéid sin de ghráin ag gach aoinne air.



Bhí dochtúirí ó'n uile thaobh ag teacht chuige, ach bhí
ag teip ortha go léir aon tairbhthe dhéanamh dó. Dhein
sé a uacht. Bhí a lán saidhbhris aige. Do rainn sé go
fial é. Bí sé ag braith air go molfadh an mhuinntir
a gheóbhadh an saidhbhreas é. D'órduigh dochtúir éigin
é chur isteach i n-árthach agus oíle chur tímpal air, i
dtreó go mbeadh sé túmtha sa n-oíle suas go ceann.
Is amhlaidh ba dhóbair do'n oíle deire chur leis láith-
reach. Chuir sé sgread as. Mheas gach aoinne go raibh


L. 231


sé marbh. Chómh luath agus do mheas daoine áirithe
go raibh sé marbh do ritheadar i dteannta chéile agus
thógadar anuas an fiolar óir a bhí os cionn gheata
mhóir an teampuil agus bhriseadar é. Ach ní raibh
Héród marbh. Tháinig sé chuige féin ó'n anaithe sin.
Chuir sé fios ar an muinntir a dhein an lot ar an
bhfiolar. Do labhair sé leó ar chuma a thaisbeáin
dóibh nár bh'é a leas a bhí acu 'á dhéanamh nuair a
bhíodar ag déanamh an ghnímh sin.



CXI.



ÓRDÚ GAN TRUAGH GAN TAISE.



Nuair a chuir Héród fios ar an muinntir a bhris
an fiolar óir úd a chuir sé os cionn gheata an team-
puil ní miste a rádh ná go raibh cathú ortha nár fhanadar
le bheith deimhnightheach d'é bheith marbh sar ar dheineadar
an gníomh. Thánadar 'n-a láthair. Ní leogfadh
sgannra dhóibh gan teacht. Nuair a bhíodar i láthair
Héróid d'fhiarfraigh sé dhíobh cad 'n-a thaobh dóibh a
leithéid de ghníomh a dhéanamh. Dubhradar leis go dána
go rabhadar ceapaithe le fada roimis sin ar an
ngníomh san a dhéanamh, agus gur thruagh cráidhte leó
mar a dh'fhágadar é chómh fada gan déanamh. D'órduigh
sé an mhuinntir a labhair ar an gcuma san do chean-
gal agus iad a bhreith soir go dtí Iericó, agus
d'órduigh sé cóir iompair a dhéanamh dó féin agus
é bhreith soir chun na h-áite céadna. Nuair a bhíodar
ann thoir d'órduigh sé an mhuinntir a bhí ceangailte
agus a raibh de Iúdachaibh i Iericó do thabhairt 'n-a
láthair agus do labhair sé leó ar an gcuma so:



"Is eól daoibh go léir cad iad na h-oibreacha móra,
glórmhara, maiseamhla atá déanta agam ó'n lá


L. 232


a thánag i gcómhacht, am' rí ar an dtír seo Iúdéa.
Chun glóire agus chun onóra do Dhia iseadh dheineas
na h-oibreacha san go léir. Do mheasas, nídh nách
iongna, go dtuillfinn báidh na ndaoine agus go
mbeadh na daoine buidheach díom. Ach, foraoir, a
mhalairt sin ar fad iseadh atá fághalta agam. I
n-inead onóra agus buidheachais a thabhairt dom, agus
do Dhia, is amhlaidh atá easonóir agus easumhluidheacht
agus fuath agus tarcuisne tabhartha ag na daoine
dhom fhéin agus do'n Tighearna. I n-onóir do'n
Tighearna iseadh chuireas-sa an fiolar óir suas os
cionn an gheata mhóir ar theampul an Tighearna. Do
coisriceadh chun an Tighearna an íomhágh sin, an fiolar
óir sin. D'á bhrígh sin, na daoine do bhris agus do
loit an íomhágh choisricthe do dheineadar diamhasla
ghránmhaluighthe, agus tá an pionós a thuillean
diamhasla tuillte acu." D'órduigh sé iad do losgadh
n-a mbeathaidh agus do deineadh é. Do loisg sé 'n-a
mbeathaidh iad agus é féin d'á losgadh 'n-a bheathaidh
an uair chéadna ag an ngalar uathbhásach a bhí curtha
ag Dia air!



I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir bhí súil aige
go mb'fhéidir go dtiocfadh sé ó'n ngalar a bhí air,
d'á ghráinneacht é agus d'á olcas é, ach fé dheire do
thuig sé go raibh nimh agus neart an ghalair ag buach-
taint ar an neart a bhí do réir nádúra agus ó dhúchas,
istigh 'n-a cholainn féin agus 'n-a chroidhe. Do thuig sé
go raibh an bás aige dáiríribh. Do thuig sé, leis, ná
raibh riamh i Iúdéa oiread áthais agus bheadh ann, thoir
thiar thuaidh theas, nuair a leathfadh tásg a bháis ar
fuaid na tíre. "Dar so a's súd," ar seisean i
n'aigne féin, "ach bainfad-sa an t-áthas san díobh agus
cuirfad brón ortha i n-ineadh an áthais. Beid siad ag
gáirí, ach cuirfad-sa ag gol iad, ag gol go teinn,
agus a chúis acu."



Chuir sé reacht amach 'ghá órdú d'uaislibh na tíre


L. 233


teacht chuige go cathair Iericó lá áirithe, fé phéin bháis.
Thánadar. Ansan d'órduigh sé iad go léir a chur
isteach sa Chircus fé ghlas. Ansan chuir sé fios ar
Shalóme agus ar a fear Alegsis, agus d'órduigh sé
dhóibh na h-uaisle sin go léir do chur chun báis chómh
luath agus tharraiceóchadh sé féinig an anál. B'éigean
dóibh a gheallamhaint go cruaidh dó go ndéanfidís
an marbhú san.



Le n-a linn sin tháinig leitir ó'n Róimh chuige, ó'n
ímpire, 'ghá órdú Antipater do chur chun báis agus
'ghá innsint dó gur cuireadh achme chun báis. Chuir
an leitir sin áthas mór air. D'iarr sé ubhal agus
sgian. Nuair a cuireadh an sgian 'n-a láimh tháinig
fásgadh truaghmhéileach teinnis air. Le neart agus
géire an teinnis thug sé iarracht ar an sgiain do tharrac
ar a mhuineál. Bhí buachaill i n'aice. Do liúigh an
buachaill. Do cheap gach aoinne go raibh Héród marbh.
Do chosain an buachaill an sgórnach ar an sgiain.



CXII.



UACHT HÉRÓID.



Nuair a tháinig ar Héród an pian úd a bhain an
sgread uathbhásach as agus a chuir fhiachaint air an
iarracht a dhéanamh ar an sgiain a tharrac ar a sgórnaig
ach do chosain an buachaill an sgórnach, do chuir an
buachaill sgread as a bhí chómh nímhneach díreach leis
an sgread a chuir an rí as. D'airigh a raibh de dhaoine
sa teaghlach an dá sgread agus bhíodar go léir lán
deimhnightheach go raibh Héród marbh. D'airigh Anti-
pater an ráfla agus bhí an lán deimhne céadna air
agus níor fhéad sé gan an t-áthas a bhí air do thais-
beáint. D'innis an cinieádaidhe a bhí air do'n rí an


L. 234


t-áthas mór a bhí air. "Is dócha," arsan rí, "gur doich
leis go mbeidh sé 'n-a rí am' dhiaidh am' aindeóin."
Chuir sé órdú, do réir leitire an ímpire, agus do
baineadh an ceann d'Antipater. Chúig lá 'n-a dhiaidh
san do fuair Héród féinig bás. I gcaitheamh an chúig
lá san do dhein sé uacht nua. D'fhag sé a rígheacht
ag Archelaus. Dhein sé d'Antipas tetrarc ar
Ghaililí agus ar Pheréa agus d'fhág sé ag Pilib
Traconítis agus rainnt áiteana eile. D'fhág sé ag
Salóme caogad míle de phíosaíbh airgid agus mórán
talmhan. Bí sé deich mbliana a's trí fichid nuair a
tháinig an bás air.



I dtaobh na n-uasal úd a bhí fé ghlas aige agus go
raibh an t-órdú dian tabhartha aige do Shalóme agus
d'Alegsis iad a chur chun báis chómh luath agus tharr-
aiceóchadh sé féin an anál, isé rud a dhein Salóme
agus Alegsis ná dul, chómh luath agus tharraig sé
an anál, go dtí an circus, mar a rabhadar fé ghlas,
agus na dóirse dh'osgailt agus na h-uaisle sin do
leogaint amach. Níor innseadar go raibh an rí tar
éis bháis. Do leogadar ortha go raibh órdú tabhartha
aige dhóibh a rádh leis na h-uaislibh sin imtheacht abhaile
chun a dtighthe féinig mar ná raibh a thuille gnótha aige
dhíobh. Ní baoghal gur dhein na h-uaisle sin aon righ-
neas i Iericó. D'imthighdar abhaile láithreach chun a
dtighthe féinig agus áthas an domhain ortha bheith
sgartha "le leacachaib an tighe mhóir." Ní raibh 'fhios
acu an uair sin go raibh Héród tár éis bháis, ach níor
bh fhada gur airighdar é agus bhí áthas mór ortha.
Tamal beag tar éis iad a bheith imthighthe abhaile do
h-innseadh do'n phoibilidheacht go raibh an rí tar éis
bháis. Ansan do cruinnigheadh an armáil go dtí an
t-amphitéatar i Iericó agus do léigheadh dóibh
leitir a sgríbh Héród sar a bhfuair sé bás, ag breith
a bhuidheachais leó mar gheall ar a ndílse dhó féin an
fhaid a bhí sé beó agus 'ghá iarraidh ortha an dílse sin


L. 235


a thabhairt feasta d'á mhac, Archelaus, an fear a
bhí ceapaithe aige chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh. Ansan
do léigheadh a uacht dh'á raibh láithreach. Bhí an focal
so sa n-uacht: "Beidh an t-uacht so gan feidhm go
dtí go dtabharfidh Caesar toil dó." Ach do thuig a
raibh láithreach nár bhaoghal ná go dtabharfadh Caesar
an toil sin dó agus ghlaodar rí ar Archelaus
láithreach.



CXIII.



GEALLMHAINT BHREÁGH.



Isé céad rud a dhein Archelaus ná aghaidh a thabhairt
ar an ullmhúchán nár bh'fholáir a dhéanamh i dtreó go
dtabharfí adhlacadh uasal rioga do Héród. Do
sholáthruigh sé leabaidh óir agus do cuireadh an corp
'n-a luighe ar an leabaidh óir sin, agus éachét de
chlochaibh lóghmhara, solusmhara, daora, mar órnáidí
ar an gcorp agus 'n-a thímpal, agus ar an gcoróinn
a bhí ar a cheann, agus ar an slait rí a bhí 'n-a láimh.
Nuair a ghluais an tsochraid bhí a chlann mhac, agus
a gclann mhac san, agus a dhrifiúr Salóme agus a
fear, i leithtaoibh na cómhran. Bhí 'n-a ndiaidh sin uaisle
na h-armála, agus uaisle an stáit do réir a n-órd
agus a n-uaisleachta. Bhí i dtosach na n-uasal san
a ghnáth-theaghlach. Bhí ansan an armáil féinig, na
saighdiúirí a bhí ar tuarastal aige as na tíorthaibh
mórthímpal, Trácaigh, agus Gearmánaigh, agus Gaileacha,
agus Galatacha, agus tuille de'n tsórd san. I ndeire
na sochraide bhí chúig céad duine de mhuinntir thighe
an rí, agus córacha deighbhaluithe acu a bhí ana láidir.
Do ghluais an tsochraid ar an gcórú san go dtí go
dtánadar go caisleán Héródióin. D'adhlacadar an


L. 236


corp sa n-áit sin mar a bhí órduighthe sa n-uacht a
dhein sé.



Nuair a bhí an méid sin déanta thánadar abhaile
go cathair Ierúsalem. Ansan do dhein Archelaus,
do réir mar ba ghnáth, córú buartha do lean ar feadh
seachtmhaine. Nuair a bhí an tseachtmhain bhuartha
críochnuighthe do thug Archelaus féasta flathamhail
do'n phobul. Nuair a bhí an féasta caithte chuaidh sé
go dtí an teampul agus culaith gléigeal uime, agus
do shuidh sé i gcathaoir ríoga a bhí déanta d'ór, agus
ghaibh sé a bhuidheachas ó chroidhe leis an bpobul mar
ghcall ar an ndílse agus ar an ndeagh aigne a bhí tais-
beánta acu dhó. Do tarraigeadh dó an uair sin airís
gairm an rí fé mar a tarraigeadh dó i Iericó sar
ar ghluais sochraid a athar. Ach dubhairt sé leó ná
glacfadh sé an ghairm sin go dtí go mbeadh aontú
an ímpire aige chuige. Dubhairt sé i ndeire a chainnte,
go ndéanfadh sé an uile shaghas díthil chun na deagh-
mhéinne a thaisbeánadar dó an lá san do thuilleamh,
agus saoghal a bheadh níba shuaineasaighe agus níba
shásta agus níba sháimhe thabhairt dóibh i gcaitheamh a
réime féin 'ná mar a bhí acu i gcaitheamh réime a athar.



Nuair arighdar an chainnt sin bhíodar ag liúirigh
go h-árd ar feadh abhfad agus ag bualadh bas le
h-áthas. Ansan nuair a stad an liúireach agus an
bualadh bas do chuimhnighdar go mb'fhéidir gur mhaith
an rud rainnt fabhar a dh'iarraidh air láithreach
feuchaint an raibh sé dáiríribh in sna geallamhnaibh.
D'iarr cuid acu air cíos do luigheadú dhóibh. Do
deineadh san. D'iarr tuille acu fabhair eile. Do
tugadh dóibh na fabhair a dh'iarradar. D'iarr cuid acu
go leogfí saor rainnt príosúnach. Do deineadh san.
Do thuig Archelaus nár mhaith an rud, an uair sin,
fearg a chur ortha le h-eiteachas. Ansan do deineadh
na h-ídhbirtí ba dhual, agus ansan do tugadh féasta
eile do'n phobul agus bhí an obair críochnuighthe.


L. 237


CXIV.



ACHRAN.



Gan amhras do thuig Archelaus go raibh cainnt ana
chiallmhar déanta aige nuair adubhairt sé leis na
Iúdaígh go raibh sé ceapaithe ar shaoghal níba shuain-
easaighe thabhairt dóibh i gcaitheamh a réime 'ná mar
a thug a athair dóibh an fhaid a bhí sé 'n-a rí ortha. Níor
bh'fhada gur chuireadar 'n-a luighe go daingean ar a
aigne gur chiallmhaire go mór dó gan an chainnt sin
a rádh. Chómh luath agus bhí an chainnt as a bhéal do
chromadar ar neithibh a dh'iarraidh air nár mhaith leis
a thabhairt dóibh. Do thug sé dhóibh iad an uair sin
d'fhonn an réidhtigh; níor mhaith leis míshásamh aigne
chur ortha chómh luath tar éis é theacht i gcómhacht. Thug
sé dhóibh iad, ach is amhlaidh a spriuc san iad chun
tuille dh'iarraidh, agus chun rudaí a dh'iarraidh nár
bh'fhéidir dó a thabhairt dóibh gan srian a chómhachta
do leogaint as a láimh.



Do chuimhnighdar ar an bpionós úd a cuireadh ar
an muinntir a dh'eirigh agus do bhris an íomhágh úd,
an fiolar óir, a chuir Héród anáirde os cionn gheata
an teampuil. Mar a h-innseadh, do loisgeadh 'n-a
mbeathaidh iad.



Ar éigin a bhí gnó an adhlactha déanta ag Archelaus
'nuair a tháinig buidhean de cháirdibh na ndaoine sin
a loisgeadh ag triall air, agus iad ag gol, ag caoine
na ndaoine do loisgeadh. D'iarradar ar Archelaus
breith a thabhairt ar an lucht cómhairle a bhí ag Héród
agus do chómhairligh dó an losgadh san a dh'órdú.
Bí Archelaus ar buile nuair a h-iarradh air an nídh
sin a dhéanamh. Bhí sluagh mhór daoine i n-aonfheacht
leis an mbuidhin a bhí ag cur na h-eachainighe sin.
Nuair a chonaic Archelaus an camtha mór d'iompuigh


L. 238


sé uatha agus d'imthigh sé isteach 'n-a phálás. Do chuir
sé a cheann-airm chucha amach chun a rádh leó go raibh
sé ag dul go dtí an Róimh ag triallar an ímpire agus
ná raibh ar a chumas aon rud a dhéanamh go dtí go
mbeadh Augustus tar éis é dhainginiú sa rígheacht.
Chuaidh an ceann-airm amach. Ní raibh sé d'uain aige
aon fhocal cainnte do labhairt. Do raideadh na
ceathana cloch leis agus b'éigean dó imtheacht. Do
chuir an rí oificeacha eile amach ag triall ar an sluagh
daoine. Fuaradar san an córú céadna. Le n-a linn
sin bhí Féile na Cásga ann. Bhí daoine iasachta ag
teacht go Ierúsalem ó'n uile thaobh de'n tír. Bhí eagla
ar Archelaus go leathfadh an toirmeasg, go dtógfadh
na daoine iasachta páirt leis an lucht achrainn a bhí
rómpa sa chathair. Bhí an lucht achrainn sin bailighthe
istigh sa teampul agus ní chuirfadh aon rud fhiachaint
ortha teacht amach as. Theastuigh ó Archelaus dul go
dtí an Róimh. Níor bh'fhéidir dó imtheacht ó Ierúsalem
agus an lucht achrainn sin d'fhágaint 'n-a dhiaidh sa
chathair, gan smachtú. Chuir sé oificeach airm amach
agus rainnt nirt armála aige, agus d'órduigh sé
dhó an lucht achrainn do sgaipe, nú iad a thabhairt
leó 'n-a bpríosúnachaibh. Chómh luath agus chonaic an
lucht achrainn iad siúd chucha iad. Do troideadh cath
fuilteach. Do thuit formhór na bhfear armtha. Ansan
do chuir Archelaus a shluagh go léir 'n-a gcoinnibh.
Do ghaibh mórán de sna fearaibh iasachta páirt le
lucht an achrainn. Do troideadh cath eile. Do marbh-
uigheadh trí mhíle de'n lucht achrainn agus de sna daoinibh
a ghaibh a bpáirt. Do cuireadh an t-achrann fé chois
agus do h-órduigheadh do sna daoinibh iasachta im-
theacht abhaile láithreach.


L. 239


CXV.



CAINNT AGUS COGARNACH.



Tar éis an chatha san, i n-ar marbhuigheadh an trí
mhíle duine agus i n-ar sgaipeadh lucht an achrann,
d'imthigh na daoine iasachta gho léir abhaile chun a
ndúthaí féin agus bhí deire le gnóthaíbh Cásga na
bliana san. Ní raibh bac ar Archelaus feasta é féin
d'ullmhú ar a shuaineas agus aghaidh a thabhairt ar an
Róimh agus ar ímpire na Rómhánach. D'ullmhuigh sé
é féin agus do ghluais sé. Do rug sé cualacht mhaith
mhór d'á dhaoine muinnteartha leis. D'fhág sé cúram
a rígheachta ar a dhritháir Pilib.



Do rug sé leis 'n-a chualacht Salóme, drifiúr a
athar, agus a clann. Agus do rug sé leis Nioclás
Damascén úd a bhíodh 'n-a chómhairleach agá athair.
Bhí an chualacht mór, agus do leogadar go léir ortha
gur le muinntearthas agus le caradar a bhíodar ag
dul leis chun cabhruighthe leis i láthair an ímpire agus
a chúis do phléidhe dá mba rud é go ráineóchadh go
mbeadh aon fhonn ar an ímpire diúltú d'é dh'admháil
'n-a rí ar Iúdéa. Ní cabhrú leis a bhí ar aigne acu,
ámhthach, ach labhairt 'n-a choinnibh agus an t-ímpire
d'iompáil 'n-a choinnibh dá bhféadaidís é. Bhí socair
acu ar a chur 'n-a leith i láthair an ímpire gur dhein
sé éirleach uathbhásach ar na daoine chómh luath agus
tháinig an chómhacht 'n-a láimh chuige.



Dhein Héród dhá uacht. Sa chéad uacht níor bh'é
Archelaus a cheap sé chun bheith 'n-a rí 'n-a dhiaidh ach
mac eile dhó gur bh'ainm dó Antipas. Nuair a bhí
Archelaus agus a chualacht ag dul go dtí an Róimh
do rug Salóme léi an t-Antipas san. Do rug an
t-Antipas san leis a mháthair agus a lán d'á dhaoine
muinnteartha. Ní gan fáth, agus ní h-ar mhaithe le


L. 240


h-Archelaus, a rug Salóme léi Antipas agus a
bhuidhean. Bí sí ceapaithe istigh 'n-a h-aigne ar a
chur 'n-a luighe ar an ímpire nár bh'é Archelaus
ba cheart a bheith 'n-a rí i ndiaidh Héróid ach
Antipas, mar gur bh'é a cheap Héród sa chéad uacht
a dhein sé, nuair a bhí a chiall agus a mheabhair shaoghalta
aige níba chruinne 'ná mar a bhíodar aige nuair a bhí
sé traochta ag an mbreóiteacht. Bhí socair aici, leis,
ar a chur 'n-a luighe ar an ímpire, dá bhféadadh sí é,
nár ró mhaith an áirithe ar shíothcháin ná ar shuaineas
beatha a bhí tabhartha ag Archelaus do sna Iúdaígh leis
an éirleach uathbhásach a dhein sé, uim fhéile na Cásga,
ar an lucht achrainn agus ar na daoine a ghaibh páirt
leó, nuair a mhairbh sé trí mhíle acu istigh sa teampul
naomhtha.



Bhí sí féin agus a lucht cainnte agus cogarnaighe
ag cainnt agus ag cogarnaigh ameasg cualachta
Archelauis go dtí go raibh a bhformhór iompuighthe
acu i gcoinnibh Archelauis agus i bhfabhar d'Antipas.
Ó thuairisg Ióséphuis ar an obair do tuigfí go raibh
i n-Archelaus féinig tréithe éigin nár thaithn le n-a
chualacht agus do chabhruigh leis an gcogarnach 'n-a
choinnibh.



CXVI.



CEIST LE RÉIDHTEACH.



Um an dtaca 'n-ar sroiseadh cathair na Rómha bhí
cualacht Archelauis 'n-a dtrí buidheanaibh, buidhean
acu dílis d'Archelaus i n-aindeóin na cogarnaighe,
buidhean acu dílis d'Antipas de thoradh na
cogarnaighe agus de thoradh stuacachta Archelauis féinig,
agus an trímhadh buidhean a bhí i gcoinnibh Archelauis


L. 241


agus i gcoinnibh Antipais, agus gan aon lorg acu
ar aoinne de'n bheirt a bheith 'n-a rí ar Iúdéa ach an
tír a bheith fé riaghaltas na Rómhánach lom díreach.



Bhí Héród tar éis mórán saidhbhris fhágaint le h-uacht
ag an ímpire. An fhaid a bhí Archelaus agus a chualacht
ar an slighe ó Ierúsalem go dtí an Róimh tháinig
Sabínus, fear inid an ímpire i Suíria, tháinig sé go
Ierúsalem agus socaruigh sé é féin chun cómhnuighthe
i bpálás an rí agus chuir sé fios ar an muinntir a bhí
ag tabhairt aire do'n tsaidhbhreas a bhí fágtha ag
Héród i gcóir an ímpire. Thánadar. "Thánag anso,"
arsa Sabínus, "chun go dtabharfadh sibh-se suas dom
anois an saidhbhreas a dh'fhág an rí Héród agaibh i
gcóir ímpire na Rómhánach."



"Ní féidir dúinn an saidhbhreas san a thabhairt
d'aoinne, a uasail," ar siad-san, "mar do thug an
t-uasal Archelaus órdú dhúinn gan sgaramhaint
leis an saidhbhreas san go dtí go mbeadh an t-ímpire
tar éis toil a thabhairt d'Archelaus féinig chun bheith
'n-a rí ar Iúdéa. Ní féidir dúinn sgaramhaint leis
an saidhbhreas. Ní foláir duinn é chimeád go dtagaidh
órdú chughainn ó Archelaus nú ó'n ímpire féinig
'ghá innsint dúinn cad is ceart dúinn a dhéanamh."



Do h-innseadh an sgéal san sa Róimh. D'airigh an
t-ímpire gur thug Archelaus an t-órdú san uaidh
sar ar fhág sé cathair Ierúsalem. Déarfadh cuid de
lucht an tseanachais nách tairbhthe a dhein an sgéal
san d'Archelaus i n-aigne an ímpire. Ach pé díobháil
a dhéanfadh an sgéal do chuir Archelaus féin cosg
leis, mar bhí cúntas cruinn aige ar an saidhbhreas
go léir, ar conus a bhí sé i gcimeád i gcóir an ímpire,
agus ar conus mar a bhí ar chumas an ímpire é thóg-
aint agus a thabhairt leis go dtí an Róimh pé uair ba
mhaith leis é.



Do sgríbh Archelaus, i dteannta an chúntais sin,
cúntas ar na cúiseanaibh a thaisbeánfadh gur bh'é féin


L. 242


an té do b'fhearr ceart chun bheith 'n-a rí ar Iúdéa
agus nár bh'é Antipas.



Do sgríbh Antipas cúntas 'n-a choinnibh sin thall,
'ghá thaisbeáint gur bh'é féin a bhí ceapaithe sa chéad
uacht a dhein a n-athair, agus ag áireamh a lán cúiseana
do thaisbeánfadh gur bh'é féin ab fhearr ceart chun
na rígheachta agus nár bh'é Archelaus.



Do léigh Agustus an dá sgríbhinn. Ansan, do
chruinn gh sé rainnt d'á cháirdibh agus thug sé an cás
dóibh le breithniú. Do chuir sé os cionn na cómhairle
sin fear gur bh'ainm do Cáius, mac ucht-inghine dhó
féinig gur bh'ainm di Iúlia.



CXVII.



DUINE BRÉAGACH.



An fhaid a bhí Cáius agus a lucht cómhairle ag
breithniú an cháis idir an mbeirt, Archelaus agus
Antipas, do ghluais ráfla iongantach ar fuaid
Iúdéa agus ar fuaid catharach na Rómha. Dubhairt
an ráfla san nách ag Archelaus ná ag Antipas a
bhí aon cheart chun rígheachta Iúdéa ach ag duine éigin
de'n bheirt mhac úd Mhariamne, Alegsandar agus
Aristóbulus; go raibh an bheirt sin beó; nár bh'iad
a chuir Héród chun báis nuair a mheas sé gur bh'iad,
gur imireadh cleas ar Héród; gur cimeádadh Alegs-
andar agus Aristóbulus i bhfolach agus gur cuireadh
beirt éigin eile chun báis 'n-a n-inead. Nuair a leath
an ráfla san tháinig a lán Iúdach go raibh aithne mhaith
acu ar Alegsandar, mac Mhariamne. Chonacadar
fear an ráfla. Dubhradar gur bh'é Alegsandar é
gan amhras; ná raibh mearathal ar domhan ortha féin
ná gur bh'é é! Dubhairt an ráfla gur chara dhílis do


L. 243


Mariamne an té a dh'imir an cleas, duine go raibh
árd bháid aige le fíor shliocht na Macabéach, agus
árd dhúil aige an tsliocht san a dh'fheisgint airís i
gcómhacht os cionn Iúdéa agus os cionn na nIúdach.
Do thaisbeáin an t-Alegsandar nua é féin ins gach
aon bhall. Bhí an uile dhuine d'á bhfeacaidh é 'ghá
dheimhniú gur bh'fhíor an sgéal. Bhí na Iúdaígh go léir
as a meabhair le h-áthas. Do chómhairligh gach aoinne
do'n Alegsandar imtheacht láithreach go dtí an Róimh
agus é fchin a thaisbeáint do'n ímpire agus do sna
Iúdaígh a bhí go líonmhar an uair sin i gcathair na
Rómha. Do ghlac sé an chómhairle. Tháinig flúirse
airgid isteach chuige ó'n uile thaobh. Do shrois sé an
chathair. Siúd chuige na Iúdaígh go léir, an chuid acu
a bhí i bhfabhar do shliocht Héróid agus an chuid acu a
bhí i bhfabhar do shliocht na Macabéach. Ó'n gcóir iompair
a bhí air ag dul isteach i gcathair na Rómha, agus ó
sna slóighte carad a bhí 'n-a thímpal ag fáiltiú roimis
agus ag tabhairt onóra dhó ba dhóich le duine gur bh'é
an t-ímpire féin é.



Do tugadh i láthair an ímpire é. Bhí aithne mhaith,
mar is eól, ag an ímpire ar an mbeirt uasal úd,
Alegsandar agus Aristóbulus. Do chonaic sé an
chosmhalacht mhór a bhí ag an Alegsandar so leis an
Alegsandar eile. Fear ana ghéarchúiseach ab eadh
an t-ímpire. Thug sé fé ndeara uaisleacht áirithe
pearsan ba chuimhin leis a bheith sa n-Alegsandar
eile agus ná feacaidh sé sa bhfear a bhí os a chómhair
an uair sin. Do rug sé leis i leathtaoibh é agus chuir
sé rainnt ceisteana chuige i dtaobh cainnteana agus
neithe áirithe a bhí idir é féin agus an t-Alegsandar
eile abhfad roimis sin. Ní bhfuair sé d'fhreagra ach,
"Tá sé imthighthe as mo cheann." Fé dheire dubhairt
sé leis: "Duine bréagach iseadh thu! Innis an fhírinne
dhom agus leogfad t-anam leat." D'innis sé an
fhírinne, gur bh'amhlaidh a beartuigheadh an gnó go léir


L. 244


idir é féin agus an fear a leog air gur bh'é féin
Aristóbulus. Do crochadh an t-Aristóbulus bréagach
agus do deinead daor loingeas de'n Alegsandar
bréagach.



D'eirigh a lán toirmisg i Iúdéa sar ar dhein Cáius
agus a choiste an socarú.



CXVIII.



ABHCÓIDIDHE DEAGH-LABHARTHA.



Nuair a bhí an t-Alegsandar bréagach 'n-a dhaor
loingeas agus an t-Aristóbulus bréagach crochta
do chuaidh a dtoirmeasg san chun suainis, ach bhí flúirse
toirmisg d'á éaghmais sin ar siubhal. Bhí Cáius agus
a choiste cómhairleach ag breithniú an cháis idir
Archelaus agus Antipas feuchaint ce'cu de'n bheirt ba
cheart bheith 'n-a rí ar Iúdéa.



Bhí mac ag Salóme agus Antipater ab ainm dó.
Abhcóididhe oilte ab eadh é. Bhí sé cliste deagh-labhartha,
gasta. Namhaid fíochmhar d'Archelaus ab eadh é.
Tháinig sé os cómhair na cómhairle agus do labhair
sé i gcoinnibh Archelauis mar seo:-



I gcaitheamh na li-aimsire atá imthighthe ó fuair
an rí Héród bás tá Archelaus tar éis a thaisbeáint
go soiléir nách ceart i n-aon chor rí dhéanamh de, ná
fuil aige an meón ná na tréithe ba cheart a bheith i rí
fóghanta. Tá taisbeánta aige, chómh soiléir agus do
taisbeánadh riamh é, gur b'é rud atá aige ar fad ná
meón agus tréithe droch rí. Ar dtúis, bhí fhios aige
go maith, ó uacht a athar, ná raibh aon chómhacht ná aon
úghdarás ríoga aige ó'n uacht san gan toil an ímpire
bheith ag gabháil léi. Gan toil an ímpire bheith ag
gabháil leis an uacht san bhí sí, agus tá sí fós, gan
feidhm. D'á bhrígh sin ní raibh i n-Archelaus, agus


L. 245


ní'l ann fós, ach mar bheadh aon fhear eile sa tír. Duine
gan aon úghdarás poibilidhe iseadh Archelaus. Ach
feuch na gníomhartha atá déanta ag an bhfear san
ata gan aon úghdarás. Do chuir sé cómhacht armála
isteach sa teampul, nuair a bhí féile na Cásga ann
agus. mhairbh sé trí mhíle duine, trí mhíle de sna
Iudaigh seo go measan sé gur ceart rí dhéanamh de
os a gcionn. Má dhein sé an marbhú san agus gan
aon úghdarás aige, cá stadfidh sé má tugtar an
t-úgdarás dó ?



"Níor dhein athair riamh oiread ar son mic, chun
grada agus ionmhuine thaisbeáint d'á mhac, agus a
dhein an rí Héród chun grádha agus ionmhuine thais-
beaint do'n mhac so, d'Archelaus, agus cad a dhein
an mac céadna san mar chúiteamh? Thug sé an oidhche
tar éis bháis a athar ag ithe agus ag ól agus cuideachta
mor aige, daoine d'á shaghas féinig.



Ni raibh ach meisge agus craos agus collóid agus
fothrom acu i gcaitheamh na h-oidhche. Bí na daoine
ar buile nuair a chonacadar an easonóir ghrána
sganalach á thabhairt do'n rí. Tháinig a leithéid
d'fearg ar na daoine gur dhóbair dóibh droch obair a
dhéanamh. Má curtar an fear san 'n-a rí os cionn
na ndaoine sin conus fhéadfid na daoine sin aon
meas a bheith acu air choidhche ?



"Bhí fhios ag Héród cad é an saghas é, agus d'á
bríg sin níor chuimhnigh sé riamh ar é cheapadh chun bheith
'n-a rí n-a dhiaidh féin go dtí gur bhain an bhreóiteacht
a mheabhair shaoghalta dhe. Ach i n-aindeóin na breóit-
eachta do dhein sé beart chiallmhar. D'fhág sé an uacht
gan feidhm go dtí go mbeadh toil an ímpire léi. Bhí
tuairim láidir aige dá bhfeiceadh an t-ímpire go
raibh dearmhad sa n-uacht go leighisfadh sé féin an
dearmhad agus ná toileóchadh sé choidhche chun Arche-
laus a bheith 'n-a rí."



Cad é mar a moltar an droch dhuine nuair oirean


L. 246


do'n chainnteoir é mholadh! Gan amhras bhí Arche-
laus go h-olc. Bhí sé go h-ana olc. Ach tá an méid
seo fíor 'n-a thaobh. Ní raibh aon bhlúire olcais ann
ach olcas ba dhual Héróid dó a bheith ann. Agus d'á
olcas a bhí sé ba dhual Héróid dó bheith seacht n-uaire
níba mheasa 'ná mar a bhí sé.



CXIX.



CAINNT I BHFABHAR D'ARCHELAUS.



Nuair a bhí deire ráidhte ag mac Shalóme i gcoinnibh
Archelauis agus i bhfabhar d'Antipas d'eirigh
Damascén agus do labhair sé i bhfabhar d'Archelaus
agus i gcoinnibh Antipais:-



"I dtaobh an éirligh úd a deineadh sa teampul,"
ar seisean, "níor deineadh an t-éirleach ach ar an
muinntir a thosnuigh an toirmeasg. Do thosnuighdar
an toirmeasg. Do ghlac Archelaus go réidh iad ar
dtúis. Chuir sé rainnt d'á uaislibh armála amach
chucha chun go labharfidís leó agus go bhfiafróchaidís
díobh cad a bhí uatha. I n-inead a dh'innsint cad a bhí
uatha is amhlaidh a dh'iompuighdar ar na teachtairíbh
uaisle dho cuireadh ag triall ortha agus do bhuaile-
adar iad. Do mharbhuighdar cuid acu agus b'éigean
do'n chuid eile teiche le na n-anam uatha. Cad a bhí
ag Archelaus le déanamh ansan? An amhlaidh a bhí
sé ceart aige sgaoile le lucht an toirmisg. Dá
sgaoileadh, cad a dhéanfadh lucht an toirmisg? Bhí
fhios acu féin agus ag an uile dhuine sa chathair cad
a dhéanfidís. Do ghlacfidís ceannas na catharach
agus ceannas na rígheachta, agus ní bheadh an chathair
ná an rígheacht ag aoinne de'n bheirt, ag Archelaus
ná ag Antipas, ná ag aoinne eile de chlainn Héróid.
Ansan is fada ó bhaile do h-aireófí Antipater anso,


L. 247


agus a mháthair, agus an chuid eile d'á bhfuil anso
anois ag lochtúchán ar Archelaus mar gheall ar an
éirleach úd, ag spídiúchán air go searbh agus go dian,
'ga chasadh leis go raibh cómhacht armála 'n-a láimh
aige agus nár fhéad sé úsáid a dhéanamh díobh agus
an chathair agus an rígheacht do chosaint agus do
cimeád dó féin ná d'aoinne eile.



"Ach bhí fhios ag Archelaus cad ba cheart dó a
dhéanamh agus dhein sé é. Do chosain sé an rígheacht
agus tá an rígheacht ann anois gan bac ar an ímpire
í thabhairt d'á rogha fear. Ní'l bac ar an ímpire anois
an uacht do chur i bhfeidhm nú í fhágaint gan feidhm.
Dá mbeadh an rígheacht imthighthe cá bhfaghfí feidhm do'n
uacht?



"Ach feuch, a uaisle na cómhairle seo, cé'r bh'iad
na daoine do b'aoirde glór 'ghá iarraidh ar Arche-
laus úsáid a dhéanamh de'n chómhacht a bhí aige agus
an mhalluightheacht úd do chur fé chois? Na daoine
céadna so atá go h-árd ghlórach ag spídiúchán air
anso anois mar gheall ar a gcómhairle do ghlacadh."



CXX.



BREITH AN ÍMPIRE.



Chómh luath agus bhí deire ráidhte ag Damascén do
phreab Archelaus 'n-a shuidhe agus gan fanmhaint
le n-a thuille cainnte ó aoinne d'imthigh sé anonn
agus chaith sé é féin ar an dtalamh ag cosaibh an
impire agus d'iarr sé air an sgéal a shocarú gan
a thuille righnis. Do thóg an t-ímpire suas é agus
dubhairt sé leis:-



"Measaim, a Archelauis, a bhráthair, gur fear
tu atá maith do dhóithin chun bheith ad' rí ar an dtír


L. 248


sin Iúdéa i ndiaidh t'athar, agus táim 'ghá gheallamhaint
duit anso anois ná déanfad-sa aon nídh i n-aghaidh
na h-uachta san a dhein t'athair i bhfabhar duit."



Ní dubhairt sé a thuille ná níor éist sé le n-a
thuille cainnte ó aon duine de'n chómhairle. Níor
thug sé uain dóibh ar aon tsocarú dhéanamh. Ní bhfuair
Cáius caoi ar a thuisgint do thaisbeáint, ná ar a
ghéarchúis do nochtadh, ná ar chomparáid a dhéanamh
idir an gcuma 'n-ar dhein Salóme agus a mac, agus
an chuid eile acu, an tathant cruaidh ar Archelaus
úsáid thorthamhail a dhéanamh de'n chómhacht a bhí aige,
chun lucht an toirmisg a smachtú, agus an chuma 'n-a
rabhadar ansúd an uair úd, ag spídúchán ar Arche-
laus mar gheall ar a thugthacht a ghlac sé a gcómhairle.
Ní raibh a thuille le déanamh ag Cáius ná ag an gcómh-
airle. Do chuir an t-ímpire chun siubhail iad. Mar
is gnáth i gcómhnuidhe le n-a leithéid, do chimeád sé
an socarú 'n-a láimh féinig. An fhaid a bhí mac
Shalóme ag cainnt, agus an fhaid a bhí Damascén ag
cainnt bhí an t-ímpire ag machtnamh. Bhí sé 'ghá fhiaf-
raighe dhe féin cé'cu b'fhearra dhó an rígheacht san Iúdéa
a thabhairt d'Archelaus nú an rígheacht do bhrise suas
'n-a codaibh beaga agus na coda beaga san do rainnt
ar chlainn mhac Héróid. Dá mbeadh fios aigne an
ímpire ag Salóme an uair sin ní ró mhaith a thaithnfadh
a mhachtnamh léi. Bhí machtnamh breágh mór 'n-a h-aigne
féin, ach do dhéanfadh an machtnamh a bhí i n-aigne an
ímpire machtnamh briste brúighte dhe. Dhéanfadh sé
machtnamh briste brúighte, leis, de'n mhachtnamh a
bhí i n-aigne Antipais, agus de'n mhachtnamh a bhí i
n-aigne a thuille d'á raibh láithreach. Ach níor dhein
machtnamh an ímpire brise ná brúighte an uair sin
ar aon rud, mar do chimeád an t-ímpire dúnta
daingean é istigh 'n-a chroidhe féinig.



Ní raibh ar a chumas a mhalairt sin a dhéanamh. Bhí
an uile dhuine de chlainn Héróid, agus de chlainn


L. 249


a chlainne, óg agus aosta, tar éis éilimh do chur isteach
'ghá iarraidh ar an ímpire ceart a dhéanamh dóibh agus
an fághaltas de shealbhas athar, nú shean-athar, a bhí
ag dul do gach duine acu, a thabhairt do'n duine sin.
Bí gnó le déanamh ag an ímpire.



CXXI.



SABINUS I GCONTABHAIRT.



Do sgaip an chómhairle agus gan aon tsocarú
déanta acu. Do gheall an t-ímpire agus do dheimhnigh
sé d'Archelaus, ná déanfadh sé féin aon nídh i
gcoinnibh na h-uachta. Níor ghádh dhó an gheallmhaint
sin a dhéanamh, níor bh'fhéidir dó aon nídh dhéanamh i
gcoinnibh na h-uachta ach chómh beag agus do b'fhéidir
dó aon nídh dhéanamh i gcoinnibh a thoile féinig. D'fhág
Héród an uacht gan feidhm ar bith go dtí go mbeadh
toil an ímpire ag gabháil léi. D'á bhrígh sin ní raibh
bac ar an ímpire, mar adubhairt Damascén, an rígheacht
a thabhairt d'á rogha fear, d'Archelaus, nú d'Antipas,
nú gan í thabhairt d'aoinne acu dá mb'é sin ba thoil
leis. Do leog sé rainnt aimsire thairis gan an
rígheacht do thabhairt d'aoinne de'n bheirt sin ná
d'aoinne eile.



An fhaid a bhí an gnó san na cómhairle ar siubhal,
agus an t-ímpire ag machtnamh, agus na daoine a
bhí ag braith ar an rígheacht a dh'fhághail ag machtnamh
agus ag faire chucha, agus clann mhac Héróid, agus
clann a chlainne, ag faire chucha feuchaint caithin a
gheóbhdís stial maith ramhar a' sealbhas Héróid, do
bhris na Iúdaígh amach airís i gcathair Ierúsalem. Is
dócha gur mheas Archelaus nuair a dhein sé an
t-éirleach úd ortha istigh sa teampul nár bhaoghal go


L. 250


ndéanfidís aon eirighe amach eile go deó airís. Má
mheas bhí dearmhad air, mar a bhí ar gach aon duine
eile a dhein meas de'n tsaghas chéadna riamh ó shin.
Is féidir éirleach a dhéanamh, ach ní h-ionan marbhú
agus smachtú. Ní féidir smacht do chur i bhfeidhm ach
nuair a bhíon ceart agus smacht ag oibiriú a' láimh a
chéile. Tá sé deacair go leór an uair sin féin, go
mór mór má bhíon an ceart ró fhada gan teacht.



Tháinig an taoiseach Rómhánach Bharus adtuaidh
ó Antioch agus chuir sé an t-eirighe amach san fé chois.
Ansan d'imthigh sé óthuaidh agus d'fhág sé an taoiseach
Sabínus os cionn na catharach agus neart slógh aige.
Bhí fhios ag Sabínus go raibh saidhbhreas Héróid i
gcimeád i ndaingeanaibh na catharach. Tháinig sainnt
air. Bhí an neart slógh aige. Bhí fhios aige go raibh
sé ró láidir do sna Iúdaígh. Bhí an dúil mhalluighthe
sa tsaidhbhreas aige. Do bhris sé isteach sa teampul
agus thug sé leis amach as mórán de'n tsaidhbhreas.
Ach bhí Féile na Cásga ann. Bhí na Iúdaígh ag teacht
chun na catharach. ó'n uile thaobh. Do h-innseadh dóibh
cad a bhí déanta ag Sabínus. D'eirighdar ar buile.
Do ghlacadar arm. Do dhúnadar Sabínus isteach
i bpálás an rí mar a raibh sé 'n-a chómhnuidhe le linn
na h-uaire sin. Bhíodar 'n-a trí gcodaibh, trian acu
ag rómhar fé fhallaíbh an pháláis chun an pháláis do
leagadh, trian acu sa Hippodróm agus an trímhadh
trian acu istigh sa teampul. Ar an gcuma san bhí
sé tímpaltha go h-iomlán acu. Agus ba threise gach
trian acu 'ná a raibh de neart aige-sean ar fad. I
dteannta an bhreis nirt a bheith acu bhí an bhuile feirge
ortha. Bhí Sabínus i gcontabhairt.


L. 251


CXXII.



BHARUS.



Bhí Sabínus i gcontabhairt, i gcontabhairt mhór.
Bí na slóighte Iúdach 'n-a thímpal agus é istigh i bpálás
an rí acu, agus é tímpaltha acu ó'n uile thaobh, agus
iad ag rómhar fé fhallaí an pháláis chun an tighe do
leagadh agus chun greama fhághail ar Shabínus agus
díoltas a dhéanamh air mar gheall ar bhrise isteach
sa teampul naomhtha. Chun na fírinne dh'innsint,
ámhthach, ní foláir a dh'admháil, má bhí fearg ortha mar
gheall ar an mbrise isteach sa teampul a deineadh,
go raibh a comhthrom san díreach de dhúil acu teacht
suas leis an saidhbhreas a tógadh as an dteampul.
Bí fhios acu, nú bhí tuairm láidir acu, go raibh an
saidhbhreas san istigh sa phálás ag Sabínus agus d'á
luathacht a bheadh an pálás ar lár acu gur bh'eadh ba
thúisge bheadh an saidhbhreas san 'n-a seilbh acu.



Ach ar ádhbharaighe an tsaoghail cé thiocfadh ag cabhrú
le Sabínus i lár a chruadhtain ach Bharus. D'airigh
sé an cruadhchás i n-a raibh Sabínus agus an légió
Rómhánach a bhí aige, agus iad tímpaltha ag na slóigh-
tibh Iúdach. Tháinig sé adtuaidh agus dhá légió eile
aige. Bhí sé i n-am. Chómh luath agus d'airigh na Iúdaígh
é, bheith ag teacht tháinig sgannra prtha agus theicheadar
ó'n bpálás agus as an gcathair. Chómh luath agus bhí
an namhaid imthighthe tháinig muinntir an phálais amach,
iad féin agus clann chlainne Héróid, agus bhíodar
go dúthrachtach ag gabháil a mbuidheachais le Bharus
mar gheall ar a thráthamhlacht a tháinig sé 'ghá bhfuasgailt.
Deir an seanchaidhe ná táinig Sabínus amach i n-aon
chor chun aon bhuidheachais a bhreith le Bharus, gur eulaigh
sé as an áit a gan fhios agus gur imthigh sé i dtreó


L. 252


na faraige siar. Má's fíor san is dócha gur
b'amhlaidh a rug sé leis an saidhbhreas a thóg sé as
an dteampul.



Do chruinnigh Bharus Iúdaígh na catharach agus thug
sé aghaidh bhéil ortha mar gheall ar an ngníomh namhad-
amhail a bhí déanta acu ar an légió Rómhánach a bhí
istigh sa phálás. Do mhínighdar dó nár bh'iad féin a
bhí cionntach sa ghníomh san ach na slóighthe Iúdach
iasachta a tháinig ó'n uile thaobh de'n tír chun Féile
na Cásga; gur dhcin na Iúdaígh iasachta san pé rud
a thaithn leó agus ná raibh ar chumas aoinne de mhuinntir
na catharach aon chosg a chur leo; nár chabhruigh muinn-
tir na catharach i n-aon chor leó sa droch obair a bhí
ar siubhal acu i gcoinnibh na Rómhánach. Bhí Bharus
sásta. Do chuir sé cluiche,* ámhthach, ar fuaid na tíre,
agus do tughadh chuige isteach cuid mhaith de sna
stiúrthóiríbh a dhein an toirmeasg a chur ar siubhal
agus do chimeád ar siubhal, agus chuir sé chun báis
iad.



CXXIII.



NEAMHSHUAINEAS.



Bíodh gur chuir Bharus na stiúrthóirí chun báis agus
gur thug sé an aghaidh bhéil chruaidh úd ar Iúdaígh na
catharach níor chuir san aon tsuaineas ró mhór ar an
dtír ná ar an gcathair. Cheap Bharus nár mhiste dhó,
nuair a bhí a namhaid smachtuighthe aige agus na
toirmeasgóirí curtha chun báis aige, rainnt suainis a
thabhairt dó féin agus do'n lucht conganta a bhí aige,
ach is ar éigin a bhí an machtnamh tagaithe chuige nuair
a bhí deich míle eile fear eirighthe 'n-a choinnibh agus
iad ag déanamh air chun catha thabhairt do. Marar


L. 253


thugadar-san cath dó-san do thug sé cath dhóibh. Níor
dheineadar aon tseasamh 'n-a choinnibh gur bh'fhiú
trácht air. Daoine gan eólus ar chogadh, gan taithighe
ar arm, ab eadh an chuid ba mhó dhíobh. Do ghéilleadar
dó gan aon bhuille bhualadh. Dubhradar leis a rogha
cor a thabhairt dóibh. Do chuir sé chun báis na stiúr-
thóirí malluighthe do thug ann ad, agus chuir sé uaidh
abhaile an chuid eile acu. Chuir sé cuid de sna stiúr-
thóiríbh ag triall ar an ímpire.



Is iongantach an neamhshuaineas a bhí ar an dtír
go léir agus ar na daoine go léir i gcaitheamh na
h-aimsire sin. Bhí a lán cúiseana leis an neamhshuain-
eas san. Ar dtúis, an tréimhse a bhí caithte acu fé
smacht an rí sin Héród, níor bheag é chun iad do chur
ó aon tsocarú aigne do theacht ortha an fhaid a lean
réim an fhir sin. Bhí sé géarchúiseach. Níor bh'fhuiriste
rud a dhéanamh a gan fhios dó. Bhí sé droch amhraisteach.
Dá mbeadh droch amhras aige ort do béarfí ort
nuair ba lugha bheadh coinne agat leis agus do bainfí
an ceann díot. Bhí sé gan truagh gan taise. Dá
ndeinteá iarracht ar a thaisbeáint ná rabhais cionntach
i n-aon droch ghníomh ní fheadaraís ná go mb'fhéidir
gur bh'í an iarracht san díreach a dhaingeanóchadh an
droch amhras ort. Ní raibh ar chumas aon duine a bhí
fé n-a smacht a mhothú i n'aigne féin choidhche, do ló
ná d'oidhche, go raibh sé ó bhaoghal. Dá mbeadh an
sgéal idir é féin agus a dhaoine féin b'fhéidir go
n-eireóchaidís 'n-a choinnibh agus go gcaithfidís díobh
an annsmacht. Dá mbeadh an sgéal ó thosach idir é
féin agus a dhaoine b'fhéidir go dtuigfadh sé gur
bhaoghal dó an annsmacht. Ach bhí cómhacht na Rómhánach
ghá chimeád ansúd go daingean i réim os cionn na
ndaoine d'aindeóin na ndaoine. Dá ndeineadh na
daoine aon arracht ar an annsmacht do chaitheamh
díobh do mheilleadh cómhacht ná Rómhánach iad 'n-a
mbrúsgar. Ag maireachtaint fé réim an rí sin níor


L. 254


bh'fhéidir d'aon duine aigne shuaineasach a bheith aige,
agus an duine sin a mhóthóchadh nár bh'fhéidir dó aigne
shuaineasach a bheith aige do chífadh sé go luath go raibh
na daoine go leir ar an gcuma gcéadna, nár bh'fhéidir
d'aoinne fé leith aigne shuaineasach a bheith aige féinig
ná aon iontaoibh a bheith aige as aoinne d'á chómharsan-
aibh. Bhí a rian air. Bhí an náisiún go léir go neamh-
shuaineasach agus an uile dhuine acu go goirgeach agus
go míshásta leis féin agus le gach aon duine eile.
Ní fhéadaidís fanmhaint socair agus ansan níor
bh'fholáir dóibh rith amach i ndiaidh gach droch
theangmhálaí d'á dtagadh 'n-a dtreó.



CXXIV.



TEACHTAIRÍ Ó SNA IÚDAÍGH.



Bhí an t-ímpire chómh leadránach san i dtaobh cé
dhó gur cheart dó an rígheacht a thabhairt; agus bhí
Archelaus agus Antipas agus an chuid eile de
chlainn Héróid chómh cráidhte chómh ciapaithe sin ó
bheith ag feitheamh, agus gach aoinne d'á muinntir chómh
sgólta san ó bheith ag éisteacht leó ag gearán agus
ag camhrán, go raibh an dúthaigh 'n-a chíréip acu féin
agus ag na toirmeasgóiríbh eile úd go raibh an dúthaigh
lán díobh. I lár na círéipe tháinig ó Iúdéa go dtí
an Róimh teachtairí ó sna Iúdaígh, deich nduine a's
dachad de sna h-uaislibh ba chreideamhnaighe dhíobh,
agus chuadar i láthair an ímpire, iad féin agus ocht
míle de sna Iúdaígh a bhí 'n-a gcómhnuidhe an uair sin
i gcathair na Rómha, agus d'iarradar go cruaidh ar
an ímpire gan an rígheacht a thabhairt d'aoinne.



"Leogtar," ar siad, "do náisiún na nIúdach
luighe isteach fé ímpireacht na Rómhánach agus fé


L. 255


dhlighthibh na Rómhánach. Ní'l le déanamh ach leogaint
dóibh, fé mar is gnáth leis na Rómhánaigh a dhéanamh le
gach aon náisiún a thagan fé n-a smacht, leogaint
dóibh a gcreideamh féinig a chimeád agus riaghalta
agus gnóthaí an chreidimh sin do chleachtadh mar a dhein-
eadar riamh. Má deintear san ní fada go bhfeicfid
ná Rómhánaigh go bhfuilid na Iúdaígh chómh síothchánta,
chómh cneasta, chómh soghluaiste, le h-aon treabhchas
daoine eile d'á bhfuil fé smacht na Rómhánach i láthair
na h-uaire seo."



Nuair airigh an t-ímpire an chainnt sin do ghlaoidh
sé chuige cualacht d'á lucht cómhairle féinig agus do
rug sé leis iad féin agus na Iúdaígh isteach i dteam-
pul nua a bhí curtha suas aige i n-onóir d'Apollo
tamal beag roimis sin. Ansan dubhairt sé leis an
dá bhuidhin suidhe ar aghaidh a chéile agus an cás do
phléidhe i gcoinnibh a chéile do réir uanuidheachta. Do
labhair na Iúdaígh ar dtúis i gcoinnibh Archelauis
agus chuireadar a dhroch ghníomhartha go léir 'n-a leith
go dian. Ansan do labhair Damascén 'ghá chosaint.
Nuair a bhí deire ráidhte ar gach taobh, ní h-eadh ach
nuair a mheas an t-ímpire nár bheag a raibh ráidhte
ar gach taobh, do chuir sé uaidh an dá bhuidhean gan aon
tsocarú déanamh.



CXXV.



AN SOCARÚ.



Dheabhróchadh an sgéal nách gan cúis a bhí an t-ímpire
leadránach. Bhí fhios aige an droch mhianach a bheith i
n-Archelaus. Ba chuimhin leis go maith ó'n gcéad lá
úd a labhair Héród leis, agus a choróinn 'n-a láimh
aige, conus mar a gheall sé go mbeadh sé dílis dó.


L. 256


Bhí fhios aige, agus ba chuimhin leis é go dian mhaith,
nár chuaidh Héród órlach i ndiaidh a chúil ó'n ngeall-
mhaint sin an fhaid a mhair sé. Bhí fhios aige go raibh
fios na dílse sin i n-aigne na poibilidheachta ar
fuaid na h-ímpireachta go léir. Tar éis na dílseachta
san ó Héród féin conus fhéadfadh sé, os cómhair
na h-ímpireachta, cailleamhaint ar mhac an Héróid
sin? Ach ar an dtaobh eile, b'shiniad na h-uaisle móra
creideamhnacha san go léir tagaithe ansan os a
chómhair 'ghá iarraidh go cruaidh air gan an rígheacht
a thabhairt do'n fhear san ná d'aon fhear eile, ach leo-
gaint dóibh féinig agus d'á náisiún luighe isteach go
breágh réidh fé ímpireacht na Rómhánach. Dá ndeineadh
sé an socarú san cad déarfadh an saoghal mór ach
gur chaill sé ar Héród, agus ar mhac Héróid, ar
maithe le h-ímpireacht ná Rómhánach? Bhí sé i gcás
'dir dhá chómhairle go cruaidh. Níor bh'aon iongna go
raibh sé leadránach.



Fé dheire dó shocaruigh sé ar gan a thabhairt d'Arche-
laus ach cathair Ierúsalem agus an méid de thír
Iúdéa a bhí ag gabháil leis an gcathair, agus níor thug
sé teidiol rí dhó. Níor thug sé de theidiol dó ach
"Eitnarc," 'sé sin, riaghalthóir ar náisiún. "Agus,"
ar seisean leis, "chómh luath agus chífad gur fiú thu
é tabharfad teidiol rí dhuit." Bhí Archelaus in'
Eitnarc ansan ar Iúdéa ceart agus ar Iduméa agus
ar Shamaría. Do ghearr an t-ímpire amach ó Iúdéa
ceart na trí catharacha, Gasa agus Gadara agus
Hippon, toisg nósa na nGréagach a bheith acu, agus
do chuir sé le Suíria iad.



Bhí mac ag Héród agus Pilib ab ainm dó. Thug
an t-ímpire do'n mhac san triúcha Bhatánea agus
Thraconítis agus Aupanithis, agus cuid de thír Ghaililí.
Thug sé d'Antipas an chuid eile de Ghaililí agus triúcha
bhí lastoir d'abhainn Iórdan.



An saidhbhreas úd a dh'fhág Héród ag an ímpire


L. 257


le h-uacht níor chimeád an t-ímpire aon chuid de dhó
féinig. Do roinn sé é go léir ar an gcuid eile de
chlainn Héróid agus d'á gclainn sin. Níor chimeád
sé dhó féinig ach rainnt neithe beaga ná raibh de mhaith
ionta ach chun na h-urama a bhí aige do Héród a
thaisbeáint.



CXXVI.



DAOR BHREITH AR ARCHELAUS.



Deir an seanachaidhe atá agam gur i mbliain a dó
d'aois an tSlánuightheóra a dhein ímpire na Rómhánach
rígheacht Héróid do rainnt ar an gcuma san agus
an tir a thabhairt do chlainn mhac Héróid 'n-a chodaibh
beaga. Tá fhios againn go mb'éigean do'n triúr,
Ióseph Naomhtha agus Muire Mháthair agus Íosa, im-
theacht síos sa n-Éigipt nuair a bhí Héród ag déanamh
a dhíthil chun teacht suas leis an leanbh agus é chur chun
báis. Tá fhios againn, leis, go dtáinig an t-Aingeal,
fé mar a bhí geallta, tar éis bháis Héróid, agus go
ndubhairt sé le Ióseph an Leanbh agus a Mháthair do
bhreith leis óthuaidh airís go tír Phalestín, mar go raibh
an mhuinntir a bhí ar tí an Leinbh go rabhadar tar éis
bháis.



Tháinig Ióseph, do réir órdú an aingil, ach nuair a
tháinig sé chómh fada le Betlehem d'airigh sé Arche-
laus a bheith 'n-a rí ar chathair Ierúsalem agus ni
leogfadh eagla dhó fanmhaint i n-aon chómhgar do láimh
an fhir sin, bhí a leithéid sin de dhroch ainm air. D'imthigh
sé óthuaidh go Nasaret.



Do thaisbeánfadh san go raibh an rainnt déanta
sar a dtáinig an triúr naomhtha as an Éigipt, mar
bhí Pilib lastuaidh agus ní raibh aon eagla ag Ióseph
roimis an bhfear san.


L. 258


Ach ní fhéadfadh Archelaus é féin d'iompar. Na
h-uaisle úd a chuaidh go dtí an Róimh 'n-a choinnibh
'ghá iarraidh ar an ímpire gan an rígheacht a thabhairt
dó, bhíodar ansúd os a chómhair agus níor fhéad sé
gan bheith ag déanamh díoltais ortha. D'airigh an t-ímpire
cuid de sna droch bheartaibh a bhí aige 'á dhéanamh
i gcoinnibh na ndaoine sin. D'eirigh muinntir Iúdéa
agus muinntir Shamaría i n-aonfheacht agus chuireadar
gearán isteach 'n-a choinnibh i láthair an ímpire. Chomáin
an t-ímpire teachtaire go Iúdéa 'ghá rádh leis an
Eitnarc teacht chuige go dtí an Róimh, go raibh gnó
aige dhe. Táinig sé. Chuir an t-ímpire é féin agus
na daoine a bhí ag gearán air ar aghaidh a chéilc.
D'éist sé go breágh réidh, ar feadh tamail leis an
ngearán agus leis an gcosaint. Ansan thug sé daor
bhreith ar Archelaus agus dhíbhir sé é óthuaidh go
Dauphinn, nú go Bhienn, agus d'órduigh sé a chuid
saidhbhris do chur sa chiste phoiblidhe. Do chuir san tír
Iú'oéa fé'n ímpireacht. Do chuir an ímpireacht cíosana
móra troma ar Iúdéa. Má bhí an sgéal go h-olc
ag muinntir Iúdéa ar dtúis bhí an sgéal níba sheacht
measa acu sa deire.



CXXVII.



MACHTNAMH AR AN SGÉAL.



Gan amhras bhí lán a chroidhe d'iongna ar Archelaus
nuair a thug an t-ímpire an daor bhreith úd air. Is
dócha go raibh áthas ar na h-uaislibh Iúdacha úd a
chuaidh i n-aonfheacht go dtí an Róimh ag cur an ghearáin
isteach 'n-a choinnibh. Ach measaim, nuair a thánadar
abhaile ó'n Róimh agus fuaradar nár leó féin iad
féin feasta ach le h-ímpireacht na Rómha, gur imthigh


L. 259


an t-áthas díobh, an chuid ba mhó dhe, pé'r domhan é.
Ansan, nuair a fuaradar na cíosana troma buailte
anuas i mullach an chinn ortha, ní h-é mo thuairim gur
fhan aon phioc de'n áthas gan imtheacht díobh. Do thuig-
eadar um an dtaca san nár bh' "ionan dul isteach
i dtigh an rí agus teacht as."



Ní miste dhúinn-na, ámhthach, machtnamh a dhéanamh
ar an ngnó go léir agus a fhiafraighe dhínn féin cad
'n-a thaobh do'n ímpire buille chómh tiubaisteach a
bhualadh ar gach taobh. Má bhí an fhírinne ag na h-uaislibh
a dhein an gearán ar Archelaus bhí an bhreith a tugadh
air ceart, ach cad 'n-a thaobh go dtabharfí a leithéid
de bhreith ar na h-uaislibh úd a dh'innis an fhírinne.



Sidé bunús an sgéil sin. Fairisínigh ab eadh na
"h-uaisle "a chuir an gearán isteach. Droch aicme
ab eadh na Fairisínigh. Do thosnuighdar go maith mórán
aimsire roimis sin. B'iad ba ghéire agus ba sheasamh-
aighe ag cosaint chreidimh Mhaoise ar na págánaigh.
Dar leó féin agus leis an bpoibilidheacht aicme ana
naomhtha ab eadh iad. I ndiaidh ar ndiaidh do thugadar
mar bhéas dóibh féin an ainm naomhthachta do chimeád
ortha féin os cómhair na poibilidheachta agus leog-
aint do'n naomhthacht sleamhnu as a mbeatha i láthair
Dé. Rud grána iseadh aon tsaghas bréagachta, ach
ní'l aon tsaghas bréagachta fé bhun Dé ar an dtalamh
so leath chómh grána le naomhthacht bhréagach. Do thuig
an t-ímpire iad. Do chonaic sé an naomhthacht las-
muich ortha agus gan sa naomhthacht, san ach clúdach ar
bhréantas. Págánach ab eadh é. Ach níor mhór do bheith
i n'amadán chómh maith chun gan fearg dó ghlacadh i
gcoinnibh a leithéidí. Do ghlac sé an fhearg agus thug
sé dhóibh an rud a bhí tuillte acu. Rainnt aimsire
'n-a dhiaidh san do thug ár Slánuightheóir ortha "Ail-
neacht lasmuich agus bréantas laistigh," ar nós an
tuama aoltha.


L. 260


CXXVIII.



SADÚCAS.



Nuair a fuair na Fairisínigh, sa Róimh, an bhreith
díbeartha tabhartha ar Archelaus bhí áthas an domhain
ortha. Gan amhras do chonacadar nár cuireadh aon
rí os a gcionn i n-ineadh Archelauis. Bhí fhios acu,
ámhthach, go rabhadar féin tar éis a iarraidh ar an
ímpire leogaint dóibh luighe isteach fé ímpireacht
na Rómhánach. Thuigeadar go raibh an rud a bhí uatha
tabhartha dhóibh agus ná raibh aon locht acu le fághail
ar an ngnó go léir.



Nuair a thánadar abhaile go Iúdéa fuaradar go
raibh an gnó go léir ar a mhalairt de chuma ar fad
seachas mar a mheasadar. Bhí gobhernóir ar Iúdéa
rómpa. Copónius ab ainm dó. Bhí sé fé ghobhernóir
Shuíria. Thánadar araon agus do dhíoladar amach
pálás Archelauis agus thógadar chun siubhail, óthuaidh
go h-Antioch, an uile blúire saidhbhris d'á raibh 'n-a
dhiaidh sa n-áit. Bhí fearg ar na Fairisínigh, ach níor
leogadar aon nídh ortha. Nuair a bhí saidhbhreas
Archelauis tógtha chun siubhail do tosnuigheadh ar
na cíosanaibh móra troma d'éileamh agus do thógaint.
Níor bh'fhuiriste do sna Fairisínigh cur suas leis an
obair sin. D'eirigh Fairisíneach malluighthe d'ár
bh'ainm Sadúcas agus do ghluais sé féin agus tuille
mar é, ameasg na ndaoine, 'ghá mhíniú dhóibh go raibh
an cíos eugcórtha; ná raibh aon cheart ag págánaigh
na Rómha. chun an chíosa san; gur pheaca i gcoinnibh
dlighe Mhaoise an cíos san do dhíol; dá ndíoltí an
cíos san ná beadh i gclainn Abrahaim feasta ach
daor-chlanna fé smacht págánach, go raibh san bun
os cionn ar fad leis an gceangal a bhí ar chlainn
Abrahaim gan aon smacht d'admháil os a gcionn ach


L. 261


smacht Dé féin. Do tháinig as an gcainnt sin gur
eirigh na Fairisínigh go léir ar buile, gur las cogadh
uathbhásach, ansan gur tháinig gorta i ndiaidh an
chogaidh agus pláig i ndiaidh an ghorta; agus go raibh
cogadh agus gorta agus pláig ag teacht ar shálaibh a
chéile go dtí gur imireadar íde ghlan ar náisiún na
nIúdach. D'á thiubaistighe a deintí éirleach ar na
Fairisínigh sa chogadh san iseadh ba dhaingine sheasuighdís
i gcoinnibh aon tsíothchána dhéanamh.



CXXIX.



CNÁMHA DAOINE.



Do lean na h-aicmeacha ag gríosadh a chéile i
n-aghaidh na Rómhánach agus 'ghá dheimhniú d'á chéile ná
díolfí cíos ná cáin go brách leis na págánachaibh ias-
achta san, ach i n-inead airgid a thabhairt dóibh go
dtabharfí troid dóibh, chómh tiugh, chómh seasamhach agus
ba mhaith leó an troid a dh'iarraidh.



Do loirgeadh an cháin. Do diúltuighead d'í dhíol.
Tháinig an troid. Níor bh'fhada an mhoill ar na
Rómhánaigh an cath do chur ar na Iúdaígh agus an cháin
ná tabharfí ar ais do thógáil ar éigin. Nuair a theip
ar na h-aicmeachaibh Iúdacha seasamh i n-aghaidh na
Rómhánach sa troid d'iompuighdar i gcoinnibh a chéile.
Do chromadar, nuair a bhuaidh na Rómhánaigh ortha,
ar an milleán a chur ar a chéile. Bhí, idir na
Samaratánaigh agus muinntir Ierúsalem, miosgais a thosnuigh
le bás Sholomoin agus do lean eatartha riamh ó shin.
An ceann a bhí ar na Fairisínigh do thugadar Selótes
mar ainm ortha féin agus chromadar ar an uile shaghas
droch ghnímh a dhéanamh ar gach aicme eile d'á raibh sa
tír.


L. 262


Bhí na Samarathánaigh lastuaidh. Shocaruighdar
ar dhíoltas a dhéanamh ar na Fairisínigh. Bhí féile na
Cásga ag teacht. Tháinig buidhean láidir díobh adtuaidh
go dtí cathair Ierúsalem agus málaí acu agus iad
lán de chnámhaibh daoine. D'euluighdar isteach sa
teampul mór an oidhche roim mhaidin na Cásga. Do
chaitheadar na cnámhaamach as na málaíbh, ar an dtalamh,
ar fuaid an teampuil go léir. D'eirigh na sagairt
ar maidin. Chuadar isteach sa teampul chun gnóthaí
na Cásga do thosnú. Chonacadar na cnámha. B'éigean
dóibh stad. Bhí an áit truaillighthe. Níor bh'fhéidir
aon ghnó dhéanamh.



CXXX.



NEAMHTHRUAILLIÚ.



Nuair eirigh na sagairt ar maidin fuaradar an
teampul truaillighthe, na h-úrláir go léir agus na
h-altóracha go léir lán de chnámhaibh daoine marbha,
plaoisgeana agus asnaidheacha, cnámha lurgan agus
cnámha ceathramhan, agus mar sin dóibh. Bhíothas 'ghá
bpiocadh suas agus 'ghá mbreith chun siubhail as an áit
ar feadh tamail mhaith. Ansan nuair a bhí an uile
chnámh acu, beag agus mór, piocaithe suas agus
beirtha chun siubhailagus an áit nighte glan 'n-a ndiaidh,
do b'éigean leabhar Mhaoise d'osgailt agus na
riaghalta go léir a chómhlíonadh, agus na dlighthe go
léir do léighe, le n-a raibh ceangailte ar na sagart-
aibh an truailliú do ghlanadh de'n uile órlach de
thalamh agus d'fhallaíbh an teampuil.



Fé dheire do críochnuigheadh an glanadh agus an neamh-
thruailliú agus do chuaidh gnó na Cásga ar aghaidh.
Ní innsean an seanachaidhe gur deineadh aon díoltas


L. 263


ar na Samaratánachaibh mar gheall ar an dtruailliú.
Gan amhras, nuair a bhí an gníomh déanta acu níor
dheineadar aon righneas sa n-áit. Bhí cuid mhaith de'n
tslighe óthuaidh abhaile curtha dhíobh acu, agus mórán
gáirí déanta acu, sar ar eirigh na Fairisínigh as a
leapachaibh an mhaidean san.



Deir an seanachaidhe gur bh'í sin Féile Chásga a bhí
ann nuair a tháinig ár Slánuightheóir, moladh go deó
leis, go dtí cathair Ierúsalem, é féin agus a mhuinntir,
nuair a bhí sé dhá bhliain déag, ag cómhlíonadh na dlighe
a bhí i bhfeidhm an uair sin. Do tháinig sé agus chuaidh
sé isteach sa teampul agus thug sé trí lá ann ameasg
na n-ollamh agus é ag cur ceisteana chucha agus ag
freagairt ceisteana dhóibh.



CXXXI.



ÍOSA ISTIGH SA TEAMPUL.



Ní deirtear gur leanadh na Samaratánaigh óthuaidh
go Samaría ná gur deineadh aon díoltas ortha mar
gheall ar an dtruailliú a dheineadar ar an dteam-
pul mór. Ach innstear gur bh'í sin féile Chásga a bhí
ann nuair a tháinig an triúr naomhtha, Íosa agus
Muire agus Ióseph, adtuaidh ó Nasaret chun na
féile sin d'fhrithálamh. Innstear dúinn go ndeigh ár
Slánuightheóir isteach sa teampul san an uair sin
agus gur thug sé trí lá istigh ann ameasg na n-ollamh
ag cur ceisteana chucha agus ag freagairt ceisteana
dhóibh. Bhí iongna agus alltacht ortha mar gheall ar
an eólus a bhí aige. Ní h-aon iongna linn-na an
t-eóluis san, nídh nách iongna, ach is iongna linn a
rádh gur fhág sé Muire Mháthair agus Naomh Ióseph
'ghá lorg ar fuaid na catharach agus a dhá gcroidhe
d'á sníomh le buairt.


L. 264


Cad 'n-a thaobh dó é dhéanamh? Tugan sé féin an
freagra dhúinn. "Bhí gnó m'athar agam 'á dhéanamh."
Slánú an domhain ab eadh an gnó san. Do tosnuigh-
eadh an gnó san le clainn Israéil. Bhí clann Israéil
tar éis dul amú ar fad sa ghnó san. Bh'áil leis an
Slánuightheóir trócaireach iad do chasadh ó'n ndul
amú san. Bhí sé 'ghá léiriú dhóibh ná raibh an brígh ceart
acu á bhaint as na fáigíbh, nách le cómhachtaibh an
tsaoghail seo a dhéanfadh an Messiah an slánú a bhí
geallta ach le folag péine agus le bás fé tharcaisne.
Thaisbeáin sé dhóibh Isáias agus na fáigí go léir. Ní
raibh aon mhaith ann. Bhí sé daingean 'n-a n-aigne go
mbeadh an Messiah i n'ímpire árdchómhachtach agus
go gcuirfadh sé clann Israéil os cionn an domhain.
Níor fhéad an trí lá ceistiúcháin agus chómhairliúcháin
an méid sin a chur as a n-aigne.



CXXXII.



CÁIPHAS.



Nuair adubhairt ár Slánuightheóir an t-aon fhocal
amháin úd le Muire Mháthair agus le Naomh Ióseph
do ghluais sé leó óthuaidh go Nasaret, agus mar adeir
an Soísgéal Naomhtha, "bhí sé umhal dóibh."



Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san go bhfuair an t-ímpire
Augustus bás. Dheabhróchadh an sgéal ná raibh sé
ró mhaith 'n-a shláinte ar feadh cúpla bliain sar a
dtáinig an bás air, mar bhí fear d'ár bh'ainm Tibérius
páirteach leis i ngnó na h-ímpireachta ar feadh an
dá bhliain sin. Nuair a fuair Tibérius an ímpireacht
do dhein sé gobhernóir ar Iúdéa dhe Bhalerius Grátus.
Thug sé sin aon bhliain déag sa n-oific sin. Bhí Árd-
shagart an teampuil fé smacht an fhir sin. Bhí sé 'ghá


L. 265


gceapadh agus 'ghá ndíbirt go dtí go raibh curtha i
n'Árdshagart aige os cionn an teampuil fear gur
bh'ainm do Cáiphas. Bhí an fear san agus na Fairisínigh
ag aighneas le n-a chéile i dtaobh conus a féadfí
Críost a chur chun báis. I lár an aighnis dóibh dubhairt
Cáiphas: "An amhlaid ná tuigean sibh nách foláir
aoinne amháin do dhul chun báis chun gan íde theacht
ar an gcine go léir!"



Mheas sé gur as a bhreitheamhantas féinig adubhairt
sé an focal san, ach deir an Soísgéal gur le leamhnú
Dé adubhairt sé an focal, agus ó b'é Árdshagart na
bliana san é gur dhein Dia úsáid de chun a dh'innsint
i dtargaireacht go raibh Críost chun báis a dh'fholag
chun na cine daona go léir a shaoradh ó íde.



CXXXIII.



PONTIUS PÍLÁT.



Nuair a bhí gach aon rud déanta ag ár Slánuightheóir
chun a thaisbeáint do sna h-uaislibh Iúdacha, sa team-
pul, go rabhadar imthighthe amú ar fad i dtaobh an
Mhessiah, agus nuair a bhí curtha as a gcumas choidhche
a rádh gur deineadh eugcóir ortha, nár deineadh aon
iarracht ar iad dó chasadh ó'n ndul amú, d'imthigh an
Slánuightheóir uatha. D'fhág sé 'n-a dhiaidh sa team-
pul iad agus do ghluais sé, i n-aonfheacht le Muire
Mháthair agus le Ióseph naomhtha, óthuaidh go Nasaret
"agus bhí sé umhal dóibh." Bhí síothcháin agus suaineas
agus socaracht ansúd thuaidh acu ar feadh rainnt
aimsire.



Ach i dtaobh catharach Ierúsalem agus Iúdéa, ní
raibh síothcháin ná suaineas ná socaracht lae ná oidhche
acu. Bhí Augustus tar éis bháis. Bhí Tibérius i


L. 266


gcómhacht. Níor bh'fhada gur chuir an t-ímpire.
Tibérius, mar ghobhernóir ar na Iúdaígh fear
d'ár bh'ainm Pontius Pílát. Deir an seanachaidhe
gur bhuaidh an fear san glan ar na gobhernóiríbh
go léir a tháinig roimis i gcruadhas croidhe agus
i ndéine láimhe agus i dtroime na h-eugcóra a
dheineadh sé ar na daoine. Chruinnigheadh sé an
cháin do'n ímpire, ach do chruinnigheadh sé trí
oiread na cánach san dó féinig. Dá ndeineadh
duine gearán ar an eugcóir ní raibh le fághail
aige ach faobhar an chlaidhimh nú an chroch nua,
an chruis chéasta. Deir an seanachaidhe nár
comáineadh na Iúdaígh ar buile i gceart riamh go dtí gur
cuireadh Pontius Pílát os a gcionn. D'eirighdar
n-a choinnibh airís agus airís eile, ach ní raibh aon
mhaith dhóibh ann. Ní raibh de bharr gach eirighe amach
acu ach fuil agus cuirp agus gol agus caoine-
agus tuille cánach le díol.



CXXXIV.



DO GHÉILL PÍLÁT.



Bhí sé daingean i n-aigne na bhfairisíneach, agus
i n-aigne na nIúdach go léir, leis, gur dhaoine ana
naomhtha iad. Is deacair a thuisgint conus fhéadadar
a leithéid sin de bhob a bhualadh ortha féin. Gan amhras
bhíodar naomhtha go leór chómh fada agus chuaidh deabh-
ramh naomhthachta fé shúilibh daoine. Do chreid an
phoibili'óeacht ná raibh aon teóra le n-a naomhthacht.
Ach ní raibh aon naomhthacht laistigh ionta. Bhíodar
chómh peacamhail sin istigh ionta, a gan fhios do'n
tsaoghal, gur chuir ár Slánuightheóir, moladh go deó
leis, i gcomparáid iad le tuamaíbh aoltha, gileacht


L. 267


sneachtaigh lasmuich agus bréantas ar fad laistigh;
agus bhíodar deimhnightheach gur dhaoine naomhtha iad!



Ba ghnáth leis na gobhernóiríbh Rómhánacha gan na
meirgeacha cogaidh a bhreith isteach sa chathair, mar
ná taithneadh na meirgeacha leis na Iúdaígh toisg
íomághtha daoine bheith ortha. Bhí Pontius Pílát ró
stuacach. Do rug sé na meirgeacha isteach sa chathair.
Chonaic na daoine na h-iomhághtha. Do bhíodar ar buile.
Do ghluaiseadar i n-aon bhróin amháin, go Caesaréa
mar a raibh an gobhernóir. D'iarradar air na
h-íomhághtha do bhreith as an gcathair. Do dhiúltuigh sé.
Do chaitheadar iad féin ar an dtalamh ar aghaidh a
pháláis amach 'ghá iarraidh air na h-íomhághtha bhreith uatha.
Ní ghéillfadh sé. D'fhanadar ansan ar feadh sé lá
sínte ar an dtalamh. Ní imtheóchaidís agus ní ghéill-
fadh seisean. Fe dheire tháinig sé amach ag triall
ortha. Do thuigeadar go raibh sé chun géille dhóibh. I
n'inead san is amhlaidh a bhí sluagh armála aige chun
iad go léir a mharbhú mara n-imthighdís. Níor chorruigh
aoinne acu. "Mairbh sinn má's maith leat é," ar
siad, go breágh réidh. "Is fearr linn bás d'fhághail
'ná dlighthe ár náisiúin a dh'fheisgint d'á gcur ar neamh-
nídh." Do ghéill Pílát. D'órduigh sé na meirgeacha
do bhreith chun siubhail as an gcathair.



Measaim féin gur thuig sé i n' aigne, dá gcuireadh
sé chun báis iad go dtabharfadh sé fearg Thibériuis air
féinig. Ba dhóbair dó san a dhéanamh 'n-a dhiaidh san.
Fear doimhinn stuama ab eadh Tibérius.



CXXXV.



NA SGIATHÁNA.



Deir an seanachaidhe gur le corp daonachta nár
imir Pontius Pílát bás ar na Iúdaígh a bhí ansúd


L. 268


sínte ar aghaidh doruis a pháláis amach. Ní dóich liom
gur thuig an seanachaidhe an sgéal i gceart. Ní raibh
aon daonacht sa n-annsgian fir sin. Do mharbhóchadh
sé iad go léir láithreach mara mbeadh le h-eagla roim
Thibérius. Do staon sé an uair sin ó bhás a dh'imirt
ortha, mar bhí fhios aige, nuair a 'neósfí an sgéal do
Thibérius, díreach mar a thuit an sgéal amach, go
dtiocfadh iongna agus fearg agus déistin ar
Thibérius agus go mb'fhéidir gur ar Phontius Pílát
féin a dh'imireófí bás. Do ghéill sé an uair sin.
Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san, ámhthach, gur dhein sé gníomh
de'n tsaghas chéadna. Do chuir sé suas rainnt sgiath-
ána i bpálás ríoga Ierúsalem, i n-onóir do Thibérius.
Dubhairt na Iúdaígh nách i n-onóir do Thibérius a
chuir sé suas na sgiathána san ach chun easonóra
thabhairt dóibh féin agus d'á gcreideamh. Thuigeadar
gur thaisbeáin na sgríbhinní a bhí ar na sgiathánaibh
an easonóir sin. Tháinig giúistísí na catharach, agus
clann mhac Héróid 'ghá stiúrú agus sheasuighdar 'n-a
láthair agus thugadar le tuisgint dó go raibh an
easonóir in sna sgiathánaibh agus d'iarradar air
go breágh, bog, réidh, omósach, na sgiathána do bhreith
as an áit. Níor thug sé aon toradh ortha. Níor chaith-
eadar iad féin ar an dtalamh. Dheineadar rud nár
bh'é. D'imthighdar agus chuireadar an gnó go léir
os cómhair Thibériuis sa Róimh. Tháinig órdú láithreach
ag triall ar Phontius Pílát 'ghá rádh leis na neithe sin
do thógaint chun siubhail as an áit sin. Do thug sé
chun siubhail iad agus dithineas air. Dubhradh leis
iad a bhreith go dtí Caesaréa agus do dhein.


L. 269


CXXXVI.



NA BUAILTEÁIN.



B'fhéidir go bhfiafróchadh duine cad 'n-a thaobh do
Phontius Pílát bheith chómh ceapaithe ar na sgiathánaibh
úd do chur isteach mar órnáidí ar an dteampul mór,
i n-aindeóin na nIúdach go léir. Bhí fhios aige féin
cad 'n-a thaobh dó bheith chómh ceapaithe air. Bhí fhios
aige ná raibh aon teóra le n-a raibh de shaidhbhreas i
gcimeád istigh sa teampul san. Bhí airgead agus
ór agus an uile shaghas ollmhaithis bailighthe isteach
ann ó'n náisiún go léir. Bhí an dúil mhalluighthe sa
tsaidhbhreas ag Pontius Pílát. Dá bhféadadh sé seilbh
fhághail, nú saghas éigin sealbha fhághail, dó féin agus
d'armáil na Rómha, i ngnóthaíbh an teampuil bhí súil
aige go mb'fhéidir go bhfaghadh sé, luath nú mall, caoi
ar a dhá láimh a shádh go uilleanaibh, ní h-eadh ach go
gualnibh, in sna cruachaibh saidhbhris a bhí ansúd istigh.



Nuair a theip na sgiathána air do chuimhnigh sé air
shlighe eile chun teacht ar an saidhbhreas. Bhí uisge breágh
lasmuich de'n chathair. Dubhairt sé gur cheart an
t-uisge sin a thabhairt isteach sa chathair tré chaidhséar
ar a dtugtí acuiducht, agus a chur fhiachaint ar shaidh-
bhreas an teampuil an costas a dhíol. Bheadh an caidh-
séar breis agus fiche míle ar faid. Do chruinnigh
sé na daoine chun an sgéil a chur os a gcómhair. Bhí
fhios aige go mbeadh a lán ag cur 'n-a choinnibh. Do
labhair I.é le cuid d'á cháirdibh. "Cuiridh," ar seisean,
"buailteáin mhaithe mhóra suas in bhúr muiniltíbh agus
nuair eireóchaidh an toirmeasg tarraigidh na buail-
teáin agus buailidh lucht an toirmisg." Chómh luath
agus d'innis sé cad a bhí uaidh d'eirigh an toirmeasg
ar buile. Do tarraigeadh na buailteáin nuair a thug


L. 270


Pílát an cómhartha uaidh. Do buaileadh na daoine.
Do fágadh cnámha briste agá lán acu. Do marbhuigh-
eadh cuid acu. Do sgaipeadh an cruinniú. Ní innsean
Iósephus cad a dhein Pílát ansan.



CXXXVII.



POILL SA CHARAIG.



Ní innsean an seanachaidhe gur dhein Pontius
Pílát aon iarracht eile ar theacht ar an saidhbhreas a
bhí i gcimeád sa teampul. Bhí a lán slighte eile aige
chun teacht ar airgead agus do dhein sé úsáid díobh
go léir.



Ní fhéadfadh duine, cuir i gcás, sa tír seo na
h-Éireann, uirlis iarainn a dh'aimsiú agus poll a
dhéanamh isteach i gcliathán caraige, agus ansan,
nuair a bheadh an poll mór a dhóithin aige dul isteach
ann agus cómhnuidhe dhéanamh ann. Tá an charaig ró
chruaidh sa tír seo. Bheadh an úirlis iarainn caithte
siar go cúl aige sar a mbeadh aon pholl gur bh'fhiú
é trácht air déanta aige. Ní mar sin do'n charaig
sa tír úd Iúdéa go léir. Ní h-aon righneas poll a
dhéanamh innti a bheadh mór a dhóithin chun dul isteach
ann agus cómhnuidhe dhéanamh ann. D'á éaghmais sin
tá an charaig chómh tirim sin do réir a nádúra gur
fearr agus gur compórdamhla go minic an t-inead
cómhnuighthe bheadh ag duine sa pholl san 'ná mar a
bheadh aige sa tigh a déanfí ar uachtar na talmhan.
Sin mar a dheineadh daoine, go minic, uaghna dhóibh
féin chun go gcurfí isteach ionta iad nuair a gheóbhdís
bás. Sin mar a deineadh an uaigh do Lasarus nuair
a fuair sé bás. Bhíodh dorus an phuill mar a bheadh
dorus tighe agus do faghtí cloch mhór throm agus do


L. 271


dúntí an poll léi mar a dúnfí dorus tighe le
cómhlainn.



Bhí tír Iúdéa, sa n-am ar a bhfuil ár dtrácht, lán
de phollaibh agus de phluaisibh de'n tsórd san, cuid
acu déanta ag daoine agus cuid acu déanta ag
sruthánaibh uisge. Bhí a bhformhór lán de
bhitheamhnachaibh a bhíodh 'n-a gcodla istigh ionta sa lá agus
ag teacht amach asta sa n-oidhche ag goid agus ag
fuadach as an gcómharsanacht.



CXXXVIII.



OBAIR EILE AR SIUBHAL.



Gan amhras, nuair a bhí an dúthaigh lán de sna pollaibh
agus de na pluaiseanaibh úd, agus na poill agus na
pluaiseana lán de sna bitheamhnachaibh do thárla nídh
nár bh'fhéidir a bheith ar a mhalairt de chuma. 'Sé sin,
a lán de sna bitheamhnachaibh a bheith ag déanamh na
gadaidheachta agus na foghla a' lámhaibh a chéile.
Ansan, nuair a bheadh deichneabhar nú fiche du ne acu
ar aon aigne bheadh du ne de'n deichneabhar san,
nú de'n fhichid du ne sin, 'n-a chaptaen ar an gcuid
eile. Mar sin bhí na bitheamhnaigh gléasta 'n-a
mbuidhnibh agus cíosana socair acu ar mhu nntir na
tíre.



Bhí aon chaptaen amháin os cionn na mbu dhean go
léir agus b'é captaen é sin ná Pontius Pílát
féinig!



Do díoltí na cíosana le h-ionachas ná h-éileófí
ach na cíosana a bhíodh socair. Ar an gcuma san do
gheibheadh na bitheamhnaigh an fhoghail ó sna daoine.
Ansan do gheibheadh na captaení na cíosana ó sna
bitheamhnaigh. Ansan do gheibheadh an captaen mór,


L. 272


Pontius Pílát, na cíosana breághtha móra ó sna
captaeníbh beaga.



Ba thiobaisteach an cor ar an dtír é. Ach ní raibh
aon leigheas air. Dá gcurtí gearán isteach sa Róimh
i gcoinnibh Phontius Pílát níor bh'é a leas a dhéanfadh
an té a chu rfadh an gearán san isteach.



Ach i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir bhí obair
eile ar siubhal ar fuaid Iúdéa agus ar fuaid na tíre
ar fad, i gcathair Ierúsalem istigh, as san óthuaidh
go Cana i nGaililí, mar ar thosnu gh ár Slánu ghtheóir
a mhór obair nuair a dhein sé fíon de'n uisge. Bhí na
trí bliana mírbhúilteacha caithte aige, na h-aspoil
agus na deisgiobuil ceapaithe aige, slánú an domhain
déanta aige le n-a bhás agus le n' aiseirighe, agus
obair na h-eagailse ag gluaiseacht ar a lán tseól,
tré chruadhtan agus tré shaothar agus tré cheathanaibh
fola agus tré phiantaibh an bháis.



CXXXIX.



CRÍOSTANA BRÉAGACHA.



Chómh luath agus thosnu gh ár Slánu ghtheóir, moladh
go deó leis, ar mhírbhúiltíbh móra dhéanamh do líon
an dúthaígh suas de chríostanaibh bréagacha. Gach du ne
acu 'ghá mhaoidheamh gur bh'é féin an fíor Chríost;
gur bh'é féin an Messiah a bhí ainimnighthe in sna
fáigíbh chun pobuil Israéil do chur os cionn an
domhain go léir, agus chun na Rómhánach do chlaoide
agus do threasgairt agus a gcómhacht do ghlanadh
'n-a lán sgríb a' talamh naomhtha Israéil amach. Bhí
a chualacht féin ag gluaiseacht le sálaibh gach Críost
bhréagaigh acu agus cualacht mhór líonmhar ab eadh gach
cualacht díobh, agus bhí fuath fíochmhar idir gach dá


L. 273


chualacht díobh. Bhídís ag troid agus ag marbhú a
chéile nuair a castí ar a chéile iad. Bhíodar go léir
i gcoinnibh a chéile agus bhídís go léir i n-aonfheacht
i gcoinnibh na Rómhánach. Níor bh'fhéidir an sgéal a
beith ar a mhalairt de chuma i dtaobh na Rómhánach,
mar is chun na Rómhánach do chlaoidhe agus do dhíbhirt
bhí gach Messiah bréagach díobh ceapaithe dar leis
féin.



Bhí na bitheamhnaigh in sna pluaiseanaibh agus air-
gead na tíre acu 'á chur chun Pontius Pílát, an
gobhernóir Rómhánach. Bhí na críostana bréagacha
agus gan de namhaid acu lasmuich d'á chéile ach na
Rómhánaigh. Bhí na h-aicmeacha uaisle go léir, na
Fairisínigh agus na Sadducínigh agus an chuid eile
acu agus eagla roimis na Rómhánaigh ag baint a
meabhrach asta. Bhí gach aon droch neart agus gach aon
droch fhuadar d'á raibh ar siubhal ar fuaid na tíre
ag brúth ar aghaidh chun aon droch chríche amháin, chun
an aimhlis a dhein náisiún na nIúdach dóibh féin. Do
dheinéadar an t-aimhleas, do leanadar ar an aimhleas
mar a dhéanfadh daoine bu le, go dtí go raibh cathair
Ierúsalem 'n-a chárnán cloch acu agus na céadta
milte acu féin marbh sa chárnán.



CXL.



AG DUL GO DTÍ AN RÓIMH.



Bhí duine de sna críostanaibh bréagacha san agus
do labhair sé le cuid de sna Samaratánachaibh agus
dubhairt sé leó mar seo:-



"Nuair a bhí Maois beó ar an saoghal so bhí rainnt
árthaí beannu ghthe aige agus ní raibh fhios aige cad
a dhéanfadh sé chun iad a chur ó bhaoghal dul amú nú


L. 274


tuitim isteach i seilbh págánach. Bhí fhios aige gur
chnoc naomhtha an cnoc Gasarin seo agaibh-se. Do
tháinig sé agus chuir sé na h-árthaí beannuighthe i
bhfolach i dtalamh i n-áit éigin ag bun an chnuic sin.
Má thagan sibh anso chugham-sa armtha agus i líon bhúr
slógh tabharfar domh-sa eolus mírbhúilteach ar an áit
i n-a bhfuil na h-árthaí beannuighthe sin i bhfolach."



Thánadar 'n-a míltibh. Do tugadh cúntas do
Phontius Pílát ar an gcruinniú. Siúd chucha é agus
armáil mhór láidir Rómhánach aige. Chrom sé ar iad
a mharbhú chómh tiugh agus d'fhéad sé teacht ortha. Bhí a
lán d'uaislibh na Samaratánach ann. Dhein sé éirleach
uathbhásach ortha idir íseal agus uasal. D'órduigh sé
na cinn a bhaint de chuid de sna h-uaislibh ba mhó
ortha. Do sgaipeadh a raibh ansúd an uair sin díobh.
Ach bhí uaisle ar na Samaratánaigh i n-éaghmais ar
marbhuigheadh. Chuireadar san gearán isteach i gcoinnibh
Pontius Pílát, agus d'innseadar i dtaobh na n-árthaí
beannuighthe, agus nách aon choir a bhí acu 'á dhéan-
amh i n-aghaidh cómhachta na Rómha. Do h-órduigh
Tibérius dó dul go dtí an Róimh agus go gcaithfadh
sé a thriail a sheasamh. Do ghluais sé láithreach. Ach
do chuir gaoth agus faraige righneas air agus i gcaith-
eamh an righnis fuair Tibérius bás.



CXLI.



CALIGULA.



Ach má bhí Tibérius tar éis bháis nuair a shrois
Pontius Pílát cathair na Rómha bhí ímpire eile tagaithe
in inead, annsgian tíoránaigh ba mheasa dhó chuige
go mór 'ná Tibérius. Do dhíbir an tíoránach san é go
dtí an dúthaigh iasachta ar a dtugtí Bhiéinn i nDauphiné.


L. 275


Do bhris an mí-ádh san a chroidhe agus thug sé anbhás
do féin.



Nuair a bhí Pontius Pílát imthighthe do cuireadh
'n-a ghobhernóir ar Iúdéa duin'uasal d'ár bh'ainm
Marullus, nú Marcellus. Bhí ag Caligula cara
d'ár bh'ainm Agrippa. De shliocht Mhariamne an
t-Agrippa san. 'Sé sin le rádh, de shliocht na
Macabéach ab eadh é.



Ach bhí socair ag Caligula ar a íomhágh féin, íomhágh
an impire, do chur suas istigh sa Sanctum Sanctórum
agus d'órduigh sé do Phetrónius a bhí 'n-a ghobhernóir
ar Shuíria an íomhágh san do dhéanamh agus do chur suas.
Bhi an sgéal 'n-a phraisigh acu go léir. Cé choisgfadh
Caligula ar an ngníomh san do dhéanamh? Cé iarrfadh
ar na Iúdaígh toileamhaint chuige? Cad a bhí le
déanamh i n-aon chor? Cad a bhí le h-imtheacht ar an
gcaradas a bhí idir Agrippa agus Caligula? Ach
níor bh'fhada gur baineadh a h-Agrippa an gheit ba
mó d'ár baineadh riamh as i gcaitheamh a shaoghail.



CXLII.



FÉASTA MÓR.



Bhí Agrippa sa bhaile 'n-a phálás féinig agus é a
d'iarraidh teacht as an sgannra do cuireadh air nuair
fheuch sé ar an ngnúis úd Chaligula, an ghnúis uathbhásach
ud a chuir fhiachaint air tuitim i gceann a chos.



Do shuidh sé agus do sgríbh sé leitir chneasta
réidh ag triall ar an ímpire 'ghá léiriú dhó a dhílse
a bhí a shaoghal go dtí san caithte aige in sna gnó-
thaíbh a bhain le cómhacht na Rómha. Níor tháinig aon
freagra ar an leitir sin. Níor thuig Agrippa gur
bh'aon droch chómhartha ar an sgéal an méid sin.


L. 276


Do thuig sé, ámhthach, go raibh slighe aige féin ar a
bhféadfadh sé síothcháin a dhéanamh leis an ímpire agus
sa n-am gcéadna, b'fhéidir, a chur as a aigne an nídh
a bhí beartuigthe i dtaobh a íomhágh féin do cur suas
sa Sanctum Sanctórum.



Seo mar a cheap sé an bheart a dhéanamh. Do dhein
sé féasta mór, féasta nár deineadh a leithéid riamh
roimis sin sa dúthaigh sin agus thug cuire chun an
fhéasta do'n ímpire. Tháinig an t-ímpire agus áthas
thar barr air Do ghluais an féasta agus bhí gach
aon rud chómh glórmhar chómh costasamhail sin nár
chuimhnigh an t-ímpire ar aon nídh eile ach ar ghlóire
an féasta san a deineadh i n-onóir dó féin. Do
labhair sch le h-Agrippa. "Iarr aonnídh is maith
leat orm," ar seisean, "agus gheóbhair é."



Anso do chuir bás an Athar Peadar deire leis
an obair.



Risteárd Pleimeann.


L. 277



L. 278


BRÚN AGUS NÓLÁIN, TEOR., DO CHLÓBHUAIL

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services