Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annála na Tuatha III
Title
Annála na Tuatha III
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Cois na Teineadh / Gruagach an Tobair
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Nua Dhéanta. — XI ANNÁLA NA TUATHA CUID A TRÍ I. — AN TROMLUIGHE. I. Lánamha phósta dob' eadh iad. Nuair do bhíos-sa im' chomhnaidhe 'na n-aice do bhíodar i meádhan aoise, & ní raibh cúram ar domhan ortha acht iad féin, mar ní raibh clann riamh aca Is minic do thugamuid fé ndeara go ndeinid daoine 'na gcás peata de chat, de ghadhar, nó d'ainmhidhe éigin eile. Ní hamhlaidh seo do Mháire ná do Thadhg. Níor bhain baois de'n tsaghas so leo. Ní hé go rabhadar gan bréagáin: do bhí Tadhgh mar pheata, mar leanbh ag Máire; & dob' í Máire peata, leanbh & bréagán Thaidhg. Gidh ná raibh puinn le maoidheamh ag éinne aca as a mhaiseamhalacht féin, ná as mhaiseamhalacht an duine eile acht chomh beag, níl amhras ná gur shíleadar araon ná raibh a macsamhail ag teacht chun an phobail ar dheagh-chúmthacht & ar dhathamhlacht. Tuairgín beag mná cruinnighthe plucach dob' eadh Máire; & mara mbeadh 'fhios agat déarfá nár mhisde dhuit na mionna 'thabhairt gur leath-chúpla dhi Tadhg.
Dála dhaoine nách iad a bhíonn 'na bpeataíbh ag á chéile, níor mhionca istigh ná amuigh le chéile iad. Do mheasainn féin ar uairibh leis go mbeadh Tadhg níos sásta 'na aigne faid bhíodh Máire ar an margadh is é féin i bhfeidhil an bhaile dá mbeadh a fhios aige ná raibh a pluic chomh cruinn is chomh dearg is do bhíodar. Rud eile do bhí ag déanamh buadhartha dho, — gidh gur baile beag a bhí aige, fear saidhbhir dob' eadh é. Do bhí mórán airgid aige, & do bhí an bheag 's an mhór de le fághail ag Máire d'éis a bháis; acht do thigeadh tocht ar a chroidhe nuair dho mhachtnuigheadh sé go mbeadh cos ar a chuid ag sean-duine éigin eile sa chúinne 'na dhiaidh. Amuigh le chéile gan amhras do bhíodar oidhche áirithe gur casadh mise isteach chúcha chun tamall seanchaidh- eachta do dhéanamh le Tadhg. Do bhí an bheirt sa chistin ar mo dhul isteach, Tadhg ar chathaoir ar thaobh de'n teine & Máire 'na suidhe ar fhórma (stól) & a drom leis an “suidheachán” aici ar an dtaobh eile. Do bhí Máire ag cnotáil go lúth-mhéarach, & a ceann fúithi; acht do bhí ceann Taidhg san aer & é ag machtnamh. Ní raibh gíog as éinne 'ca. “Dé do bheatha, a Ghruagaigh,” arsa Tadhg, “druid aníos. Abair leis an sórd mná soin tu leogaint tháirsi suas, & suidh ar cheann an tsuidheacháin
i ngaor na teine. Tá an oidhche glas.” “Míle fáilte romhat, a bhuachaill,” arsa Máire, “& dá mb'áil leat innsint do'n ócáid fir sin nách gábhadh dho a rádh liom slighe do dhéanamh duit, do bheinn buidheach díot.” Sul a raibh am agam ar fhreagra 'thabhairt ortha, do rith garsún beag des na comharsain isteach & saothar air. “Ó! a Mháire, tá an leanbh ag dul chun deiridh, & dubhairt mo mháthair leat, ar son a' tsaoghail, dul síos go fóill.” Láithreach bonn d'imthigh cuimhne an eachrainn ó'n mbeirt. “Raghad, a laogh, dá mbeadh an t-aistear níos sia,” arsa Máire; “acht, a Thaidhg a chuid, cad do dhéan- fair gan do shuipéar?” “Ná bíodh soin ag déanamh triob- lóide dhuit, a Mháire,” arsa Tadg; “acht cuimhnigh ar an bhfuacht & clothraidh tu féin.” Siúd anonn 's anall Máire go gnó- thach. “Sid é an císte ar an mbórd, a Thaidhg; seo uisge sa chiotal, — féach, crochfad os cionn na teine é; & sin gráinne té, — an mhéid díreach is gábhadh dhuit a fhliuchadh, & —.” “Tá go maith, a chiallaigh; bí ag cur díot & leanfad-sa síos ar ball tu.” “Ná bain leis: b'fhéidir gurab é an fuacht do thógfá.” “Tá baoghal mór orm. Leanfad go deimhin.”
“Slán leat mar sin; & is ceann- dána an fear thu.” “Go n-éirighidh do bóthar leat, a Mháire.” D'imthigh Máire, acht d'fhill sí arís ó bhéal an sgabhait & do chuir sí a ceann isteach thar leath-doras. “A Thaidhg, má théidheann tú síos, ná dearmhaid an carabhat gorm a chur féd' mhuineál. Tá sé ar crochadh taobh thiar de'n doras sa tseomra.” II. “Molaim thu, a Thaidhg,” arsa mise, “ní iongnadh mórdháil ort i dtaobh na mná soin agat, & ní hiongnadh na comh- arsain dá maoidheamh ort.” “Ní thógfainn sin ortha, a Ghruagaigh; & dá mbeadh 'fhios ar leath a feabhais aca do mhaoidheamhfaidís níos mó orm í. Is fiú ór gach órlach dá corp.” “Acht, a Thaidhg, & ná tóg orm é, do mheasas go rabhais duairc go leor nuair thánag isteach.” “Ní gan chúis do bhíos duairc léi,” arsa Tadhg, ag teacht ar atharrach intinne de phreib, “& dá mbadh ag fear eile bheadh sí, do thabharfadh sé maide dhí.” “Cad do dhein sí as an slighe ort, airiú?” Do stad Tadhg ar feadh tamaill mar bheadh sé ag machtnamh. Fé dheir-
eadh do chuir sé sgearta gáire as, & dubhairt sé:— “Ag labhairt sa cheart, is dócha nár dhein sí pioc, & ná raibh chúichi agam acht an eagcóir dhearg. Is ise ba thrúig le tromluighe bhí aréir orm, & óir is í, níor mhór dom mo dhíoghaltas d'agairt uirthi. Is mar gheall air sin nár labhras ó shoin chúichi.” “Níor bhfuláir gur bh'olc an trom- luighe é?” “Chuir sé anaithe an bháis orm, a Ghruagaigh, & fuaras solaoidí suathantais as chomh maith; acht ó tharraigeamair chughainn i n-ao' chor é, tá sé chomh maith agam teacht 'na bhun & é 'innsint duit.” III. “Tá a fhios agat, óir is tú do sgríbhigh an t-uadhacht, ná fuilim-se dealbh i gcomhair dheiridh mo shaoghail. Níor fhág m'athair féin follamh mé; & gan áireamh ar ar thug Máire mar spré chugham an chéad lá, is mó do chuireamair leis ó shoin 'ná do bhainea- mair de. “Tá a fhios agat leis go bhfuil an fhághaltas so ar breis — cuid de thall & cuid de i bhfus. Is minic do bhíonn so ag déanamh buadhartha dhom go ndéanfar calaois ar Mháire 'na thaoibh, má glaodhtar roimpi orm, & go mb'fhéidir di bheith beo bocht im' dhiaidh.
Cuireadh é seo 'na luighe aréir orm trí mo chodladh & ní go réidh ná go cneasta é. “I lár na hoidhche do mhothuigheas ag dul i laige mé. Ní raibh ceal meabhrach ná aithne orm, acht níor fhan gog im' chroidhe. Ní fhéadfainn liúghadh ná béic do chur asam chun mo chás do chur i n-iúil do Mháire. Ní raibh pioc dá mhearathal orm gurab é an bás a bhí ag siubhal orm. Ní raibh pian ná guais ag déanamh trioblóide dom, ná éin- nídh eile acht go raibh mo chroidhe gach nóimeat ag dul i laige. Ba ghearr gur ghoill fuacht mo chos orm: suas mo rightheacha do shnáimh sé, beagán beag níos sia le gach lag-bhuille dá dtugadh mo chroidhe. Ba chosmhail rith an fhuachta so le cumhangaireacht na sáile ar chiumhais na trágha le héirghe na taoide. Mo lámha, annsoin mo chuisleanna, & 'na ndiaidh mo ghuailne, do chuadar i bhfuaire & i dtroime. Ós gach taobh timcheall mo chabhalach do bhailigh an t-ualach, & do lean an fuacht ar sgéigheadh trí sna féitheannaibh 'na theannta chun gur shroicheadar an croidhe, & níor bhuail sé a thuilleadh. Ní fheadar cionnus do dheighleas óm' chorp, acht do bhí triúr sa tseomra láithreach, — mé féin im' sheasamh cois na leaptha, an conablach cuirp seo sínte go trom fuar sa leabaidh istigh, & Máire ag sreantarnaigh suas leis.” “Do smaoinigheas gur cheart dom glaodhach uirthi & do dhruideas chun na
leaptha chun í 'dhúiseacht. Do ghlaodhas go hobann & go hárd: níor bh'éan- chabhair é. Do chimileas mo lámh feadh a leacan, do thugas stathadh dá cluais, do rugas ar sgórnaigh uirthi, acht bhí sé fánach agam. D'aithnigheas annsoin ná cloisfidhe mo ghlór, go rabhas doi- fheicseanach, & ná raibh de shubstaint ionnam acht ar nós an aeir. B'éigin dom foidhne do bheith agam, & feitheamh go ndúiseochadh fuaire an chuirp í. Bhí sé ar nós na leic'-oidhre. “Níor bhfada an feitheamh agam é. Do chorr- uigh Máire; annsoin d'únfairt sí. ‘A Thaidhg, airiú,’ ar sí ‘cad tá ort?’ Acht nuair a fuair sí marbh mé, do chuir sí liúgh aisti a chuir goláin im' chluas- aibh; do léim sí as an leabaidh, & siúd chun siubhail 'na léine í. Do ritheas 'na diaidh síos an staighre, & amach an do- ras; acht do cheapas nár bh'éan-mhaith- eas di mé sa riocht 'n-a rabhas, & gur thairbhighe dom filleadh isteach agus súil do bheith i ndiaidh na bpáipéar mbeag agam go dtigeadh sí. “I gcionn tamaill do bhí sí féin & beagán des na comharsain chugham arís. Do liúighidh sí go géar is í ag teacht fé dhéin an tighe; do chas sí sgol eile is í aníos an staighre, acht do chuir duine aca, an bodach soin thall ar an leacain, a lámh ar a béal i ndir-dhá- lín an dorais, & dubhairt sé léi éis- teacht go mb'fhéidir ná rabhas marbh, & nár cheart di mé 'sgannrughadh.
“Do ritheadar chun na leaptha. Do shatail an bitheamhnach céadna ar mo chois fé shlighe dho, acht níor ghortuigh sé mé. Do stracadar an t-éadach díom. Faid bhí grabhacaí salacha an bhodaigh úd taobh istigh dem' léine 'féachaint an raibh mo chroidhe ag bualadh do bhí na mná — cuid aca ag bualadh mo dhá dhéarnainn & tuilleadh aca ag cimilt mo chos. Do bhíos ar buile i dtaobh na heasonóra do bhí agam dhá fhágháil uatha. Dubhart leo leo- gaint dom, éiriughadh dhíom — go rabhas marbh — chomh marbh le hArt, acht níor chuireadar suím ionnam. D'iompuigh- eadar mé, do shuathadar mé, do chrothadar mé, do tharraingeadar aniar ar an urlár mé. B'fhánach é a ngnó: bheadh sé chomh maith aca 'bheith a d'iarraidh anam a chur i bhfear muir- téil. Fé dheire thiar thall, d'éirigh- eadar uile 'na seasamh acht bodach na Leacan, & do dhruideadar uaim amach. Bhí na mná timcheall ar Mháire, is í ag liúirigh, & do fuaras féin caoi ar radharc d'fhágháil ar an gcorp. “Níor bh'é 'n radharc fóghanta é. Bhí mo bhéal & mo shúile ar leathadh, & mo chuid féasóige staithte fionnadhach fém' ghiall. Bhí an bodach im' thannachadh ar a chroidhe díchill, ag dúnadh & ag fásgadh mo bhéil & mo shúl go dúthrachtach. “‘Éist, a Mháire, a chuid,’ arsa Neill; ‘buidheachas mór le Dia nach ort féin
do chuaidh an crann.’” “‘Ní fheadar, a Mháire, a rúin,’ arsa Cáit, ‘dá dtéidhinn síos, an bhfaghainn an ciotal i n-éan-bhall?’ “‘Bhfuil an buidéal mar a mbíodh sé, a chuid?’ arsa Nóra. “D'imthigheadar go léir síos sa chistin, acht an bodach & Peig & Máire —. “‘A Mháire, a ghrianáin,’ arsa Peig, ‘croth suas tu féin. Beidh na comhar- sain annso láithreach, & is cóir duit tu féin do cheartughadh. Cuir umat an gúna dubh. Nár sheansamhail do fuarais é?’ “‘Bú — ú — ú,’ arsa Máire. ‘Badh dhóigh le duine gur fios a bhí agam is an gúna dubh soin a cheannach, is nár caitheas lá riamh de. Bú — ú — ú.’ “‘Faire fút, a Mháire,’ ars' an bodach. ‘Ná cuir ciach ar do ghlór: ní hé an chéad fhear a fuair bás é, & ní bheir-se i gcomhnaidhe id' aonar le cong —.’ “‘Tagaidh anuas anois,’ arsa Nóra ó bhun an staighre. ‘Tá braon té ollamh.’ “Do ghlanadar uile leo, & d'fhág- adar sinne araon sa doircheadas, — duine againn sínte 'na mhaide mharbh ar an urlár, & an duine eile i bhfeidhil na bpáipéar mbeag. “Ba gheárr go gcuala tuairt & gleo ó'n gcistin. 'Sé shamhluigheas ar dtúis gurab amhlaidh a ghlac trosgán
beag an tighe — na cathaoireacha, an bórd & an suidheachán — éirghe 'n-áirde éigin, & gur thosnuigheadar ar dhamhas, go raibh an ursal, an ciotal, na cop- áin bheaga, na báisíní, &rl., ag comh- chaoilic le chéile ag déanamh ceoil dóibh, & an bhantracht, — ní chuala gíog ó bhodach na Leacan, — ag séideadh fútha. “I gcionn tamaill do chuaidh ciúin- eas mór ar an bhfothram & ar an gclis- iam. Ní mór go raibh le clos agam, acht cnaguigheall na gcopán ar an mbórd, & plasbuigheall na gcailleach ag cogaint & ag súbhrac. Acht i measg na neithe sgalladh-chroidheacha so do bhí éan-rud amháin is mó do ghaibh tríom 'ná iad uile: Dob' é sin an buidéal d'fhágas lán go corc sa chupúrd is mé ag dul a chodladh. “Ar thugais riamh fé ndeara gur taithneamhach le clos an glór a dhein- eann buidéal lán nuair buailtear ar bórd é? Bíonn sé doimhin — badh dhóbair go ndeirinn fearamhail — dána briosg. Acht nuair buailtear cnag de bhuidéal follamh ar chlár, cuireann sé liacharnach bheag fhada as, tráth is gurab amhlaidh a bheadh sé ag gabháil a leith- sgéil i dtaobh bheith sa tslighe. “Dob 'in é dhálta ag glór mo bhuidéil-se. Do chloisfeá mar a bheadh cnag ó thuairgín ar bórd ar dtúis uaidh; & diaidh ar ndiaidh de réir mar do bhítheas ag tarrac as, do chloisfeá
an chnagarnach ag dul i laige, chun gur chuir sé liach lag fhada as nuair leogadh síos an uair dhéidheannach é & chuala Máire 'ghá rádh — “‘Caith suas an braoinín sin, a Sheagháin’ — an bodach — ‘níl a thuilleadh ann. Ní fiú dhuit é 'fhágaint id' dhiaidh.’ “Do thosnuigh an trosgán ar dhamhas arís, & do shíleas gurab iad na corcáin is mó bhí ag seinm anois, na corcáin mhóra leis mar d'aithnigheas as a nglór. Do chuala uisge 'ghá stealladh ó cheann go ceann aca & na mná ag fiafrughadh dhá chéile ‘an bhfuil sé ró-the?’ ‘an bog is fearr é?’ ‘cá bhfuil an ghalúnach!’ ‘an bhfuil na héadaighe agat?’ & ceisteana de'n tsaghas soin. Níor bhfada go gcuala tuairt éigin ag teacht aníos an staighre, mar a bheifidhe ag iomchar ualaigh thruim éigin. Sin mar a bhí leis mar do tháinig na mná chugham isteach, corcán uisge the ag Nóra & ag Cáit eatorra, & galúnach & ceirteacha éigin ag Neill, 'na ndiaidh. “Deinidh deabhadh anois,’ arsa Neill, ‘Bíodh sé nighthe ó bhun go barr agaibh i gcionn leath-uaire. “‘Mise do nighe! sibh-se ná éinne eile ag nighe mo chuirp-se! a chaillea- cha smeartha súghaidh, cuirfead ar bhior bhur gcinn tríd an bhfuinneoig amach sibh, má leogann sibh barra méire orm.’
“‘I leath-uair?’ ars' an chailleach ag freagairt Neill, ‘tarraigimís chughainn mar sin é. Im bosa, fear maith leabhair dob' eadh é seo; is olc a bheidh sé déanta i leath-uair againn.’ “D'fhilleadar a muinchillí suas thar uillinn & do bhaineadar díobh a gcúisíní chun go raibh a mbrághaid- eanna buidhe meirgeacha ruis, & do chromadar ós mo chionn; acht do tháinig a leithéid sin de bhuile orm mar gheall ar an easonóir seo gur fhógruigheas do'n Fhear Mór an t-airgead, & na páipéir, & d'fhágas annsoin iad. “Ar mo dhul síos dom do chonnac Peig & bodach na Leacan ag cogar- naigh le chéile ag bun na staighre. Do dhruideas leo 'féachaint cad bhí ar siubhal ag an mbodach, mar bhí droch- iontaoibh agam as. Deirbhshiúr do dob' eadh Peig. “‘Dár ndóigh,’ arsa Peig, ‘ní amhlaidh do chuimhneochthá ar a leithéid. Caith- fear bliadhain a leogaint thart ar a laighead.’ “‘Mo choinnséas! ná leogfad, ná seachtmhain. Ná feiceann tú gur amadáinín í & ná baileochaidh sí airgead Thaidhgín bhacaigh choidhche gan duine éigin chun í 'chómharlach. Chomh luath is bheidh an tsochraid i leath-taobh, labhair léi, a Pheig, & maithfead na fiche púnt úd do bhí ag Taidhgín ort.’ “Do bhíos ana-ghar do is é ag rádh na cainnte seo, acht do dhruideas
níos goire dho. D'árduigheas mo chuisle & d'aimsigheas le rúisg de dhorn idir an dá shúil é. Ba rud éigin níosa shubhstainteamhla 'ná an t-aer mo rúitín an iarracht soin, mar do chlois- fidhe an chnag a bhaineas as míle ó bhaile, acht i n-ionad an bhitheamhnaigh do thuitim is amhlaidh do chuir Máire sgréach sa leabaidh aisti, mar is í do bhuaileas. “‘A mhuirdréir,’ ar sí, ‘an amhlaidh a mheasann tú mé mharbhughadh?’ “‘A chaillichín mhío-náirigh,’ arsa mise, ‘badh chóir duit fanamhaint ó dhroch- chomhluadar.’ “D'éirigh focal ar fhocal eadrainn, & níor labhramar chun a chéile ó shoin.” “Is dócha gur ag ceapadh ataoi, a Thaidhg,” arsa mise. “Deamhan ceapadh,” ar seisean, tá a chomhartha ar éadan Mháire, mo grádh í, acht is mithid dom bheith ag dul 'na coinnibh feasta.” “Ná dearmhaid an carabhat,” arsa mise.
2. — GABHAIR AN TOBAC. I. Maidean bhreagh, sa tsamhradh 'na dhiaidh sin, do bhíos cois na habhann ag faire ar bhradán do mharbhughadh. I bpáirc ar an dtaobh eile de chlaidhe do bhí Tadhg ag aodhaireacht a chuid ba. San am soin ba ghnáthach le muinntir na háite duine do bheith i gcomhnaidhe i bhfeidhil na mbó roimh eadarthrath. Togha aodhaire dob' eadh Tadhg. Bhí sé chomh ceannsa le buin is do bheadh duine eile le mnaoi uasail. Is minic do cloistí ag cainnt le “Réilthínneach” nó le “Deirgeach” é chomh maith is dá mbeadh tuigsint aca — & dob' í an chainnt shéimh bhladartha í. Bhí sé ag cainnt anois leo leis, acht ní go séimh ná go bladartha é. “Sgoithinneach! há, sgeilimis ort! Is mór an fonn troda atá ort. Roileach annsoin! 'od' thochas féin ataoi-se in' ionad bheith ag inbhear. Dá mbeinn-se id' aice do thabharfainn trúig thochais duit. Bléin-fhionn, is dóigh! breith i mball chumhang ort! ag guidheal is maith leat-sa dul is gan é an hocht de chlog. Bain uait, nó má théidhim-se id' dhiaidh bainfead cuid de'n teasbach díot.” Níor dhein an fógra soin do Bhléin- fhionn é, ámhthaig. Ní raibh sí ag fan-
amhaint socair. Siúd chúichi Tadhg & a mhaide ar tarrac aige; acht má's siúd, siúd chun siubhail an bhó. Trí bheárnain chlochach amach léi & Tadhg 'na diaidh. Ag rith tríd an mbearnain do do bhuail sé a chos i gcoinnibh cloiche, & do cuireadh ar a bhéal is ar a fhiaclaibh péirse amach sa lathaigh é. Nuair d'éirigh sé 'na sheasamh, níor lean sé a thuilleadh de'n bhuin; acht do thóg sé cloch mhór idir a dhá láimh, & do chrom sé ar ghabháil ar an gcarraig a leag é & leis gach buille a thugadh sé dhi deireadh sé: “Sheadh, bíodh soin agat!” nó, “Bhfuil tinneas cinn anois ort?” nó, “B'fhéidir gur fada arís go leagfá duine.” Déarfadh éinne chífeadh é go raibh an fear as a mheabhair: d'aithnigheas féin gurabh í “gabhair an tobac” do bhí ag gabháil do. An gleann ina rabhamar 'nár gcomhnaidhe, do bhí sé iar-gcúlach. Dob' í Neidín an tsráid ba ghiorra dhúinn, & do bhí sí sin dhá mhíle dhéag uainn. I rith an méid sin slighe ní raibh luach pinginne le fágháil le ceannach, acht pé uair a ghabhadh Peig na nUbh nó Fear na gCeartach chughainn. Is uatha-san do faightí bioráin, snáith, iallacha bróg, tobac & gréithre dá sórd. Is minic, trí dheasgaidh droch- aimsire, nó trí thionóisg éigin eile, ná gabhadh ceachtar aca chughainn ar feadh i bhfad, & gcás gur iomdha áise
do bhíodh i n-easpadh ar na mnáibh-tighe. Acht thar gach nídh eile 'sé is mó do cásuighthí — an tobac. Faid bhí Tadhg ag ceann-bhrúghadh na cloiche do chonnac bean bheag & cliabhán aniar uirthi ag gabháil aníos an bóthar. Bhí sí ag cur di go mall, mar bhí a dá ceann i dtalamh ó'n ualach. Peig na nUbh gan amhras dob' í í. Ar árdughadh a chinn do Thadhg chum buille eile do bhualadh, do chonnaic sé Peig. Do chaith sé uaidh an chloch láithreach, & shiúd fé dhéin na mná é. Bhí an áit 'nar tháinigh sé roimpi ar an mbóthar ró-fhada uaim-se chun pé comhrádh a bhí eatorra do chlos, acht do thugas fé ndeara gur thóg sé an cliabhán dá drom, & nár le n-a toil é; gur leog sé ar ghruadh an bhóthair é, & gur thosnuigh sé ar a raibh ann do spiúnadh. Bhí Peig ag bualadh a bas, & ag rinnce 'na thimcheall, ar nós éinín bhig go mbeadh droch-gharsún ag creachadh na nide uirthi. Cé go raibh breac-eagla agam roimis ó chonnac ag gabháil ar an gcloich é, do cheapas gur mhithid dom dul ag triall ar Pheig, óir nár bh'éan iontaoibh fhoghanta di é. Chomh maith do ritheas, & i gcionn nóimeite do bhíos 'na dteannta; acht do bhíodar araon chomh tógtha suas le hobair an chliabháin nar thugadar fé ndeara mé nó nár chuireadar éan-tsuim ionnam. “Faire fút, a Thaidhg,” arsa Peig, “ná cuir mo ghréithre beaga trí n-a
chéile mar sin. Ná deirim leat ná fuil sé ann?” “Ná bí ag magadh fúm, a chaillichín. Tá sé fé sna huibhibh agat. Tá a chomhartha le n-a chois ann: is cumhartha atá a bholaithe uatha.” “Dubhart cheana leat go raibh sé agam, acht ná fuil sé anois agam, — trí púint de, gearrtha “na únsaíbh & 'na leath-únsaibh; acht gur thóg Domhnall Dubh so thoir gach éan ghiob de dá mheithil mhóna. Stad, a rop- aire! an amhlaidh a mheasann tú mo chuid ubh a ‘stealladh ar an mbóthar?” Sin é díreach a bhí ar aigne Thaidhg a dhéanamh, — acht amháin ná raibh sé chun iad a ‘stealladh’ ar an mbóthar. Is i mbéal an chliabháin do bhí na “gréithre beaga.” Nuair do thóg sé amach iad so, do tháinig sé ar na huibhibh, — gach re mbrat díobh féin & de thuighe as soin síos sa chliabhán. Is ar aghaidh a chos amach do bhí an cliabhán aige, & nuair do thóg sé lán a dhá laighre de sna huibhibh, is thar an gcliabhán amach do leog sé síos go tuathallach iad. D'éirigh leis go hádhmharach an chéad iarracht; acht an dara huair do shleamhnuigh ceann aca síos le gruadh an bhóthair. Do thug sé fé bhreith air, acht leis an súmhanc a thug sé ar aghaidh dho féin do bhuail a ghlúine i gcoinnibh an chliabháin, & siúd é féin & na huibhe le fánaidh. Do bhéic Peig má bhéic sí riamh.
Níl comhachta thuas ná thíos nár iarr sí ortha sásamh a bhaint de. Do ghearán- fadh sí leis an sagart é; do thabhar- fadh sí suas do sna connstáblaidhthibh é; do chuirfeadh sí an dlighe air. Níl leas- ainm ó'n spéir anuas nár bhaist sí air. Leis an spíde 'seadh is mó d'éirigh an chonach i dTadhg. I n-ionad an chliabháin do thógaint, is amhlaidh do luigh sé chuige le n-a bhrógaibh, — síos & suas do chiceáil sé é, & na huibhe ag pléasgadh fé bhonnaibh a chos. “Ha! bíodh soin agat (cic); a stasagáin bhig shalaigh (cic); beidh tobac an chéad uair eile ionnat (cic); níos mó ná dóithin mheitheal Dhomhnaill an Spirín seo thoir (cic); díolfad asat, an eadh? (cic); an Sagart? (cic); an dlighe orm? (cic): na connstáblaidhthe? (cic, cic).” Leis an gcic dheireannaigh do thug sé do'n chliabhán do chuir sé thar claidhe isteach é, & annsoin d'fhéach sé tim- cheall air. Bhí Peig 'na suidhe cois na “ngréithre mbeag” & í ag lógóir- eacht. Do tháinig truagh aige dhi, & aithreachas air i dtaobh a raibh déanta as an slighe aige. Do chuir sé a lámh ar ghualainn Pheig & adubhairt:— “Éirigh, a Pheig, a chailín, is ná bí ag gol. Tabharfad seacht luach na diomáiste dhuit. Dein is dóigh, is ná tarraing aghaidh na gcomharsan orm.” “Tá aghaidh dhuine aca tarraingthe aici ort cheana féin,” arsa mise, ag
druidim anonn chúcha. “Sid í anuas Máire chughat. Tá sí ag púirthigh ort le leath-uair an chluig na ba do thiomáint a bhaile, acht ní thabharfá cluas di. Tá sí chughainn anois, & is dócha gur gearr 'na diaidh na comhar- sain, mar adeirir. Beidh siad ag teacht chun tú 'cheangal, óir is dóigh leo gur ar buile ataoi.” Do sgannruigh an méid seo é. “Ar ghrádh Dé is ná cuimhnig air, a Pheig” — mar do bhí sí ag bagairt an tsagairt arís air, — “seadh mhuise” mé 'ghearán leis an sagart, is náire dhearg a thabhairt dom os comhair an phobail mar gheall ar dhosaon ded' chreacháin ubh do bhriseadh!” “Dosaon ded' chreacháin ubh! cad 'na thaobh ná sgoiltheann an t-éitheach ort? Dosaon creachán adeir an cladhaire lem' thrí chéad & sé lámha de chnapánaibh úra lachan.” “Is cuma é sin anois is dóigh: pé beag mór a bhí ann díobh ní tusa bheidh siar leo. Agus, a Pheig, déarfam leis ga' héinne gurab í an Léithinneach do thug adharc fút. Is cuimhin leat nách é an chéad uair aici é. Ní baoghal go sgéithfidh an Ghruagach orainn. Cogar, a Ghruagaigh: ná fuilir ag dul ar an bpósadh Dia Sathairn? Tóg leat mo chapall-sa, & geallaim duit ná beidh éinne ar an gcóisire ó éan- taobh a bhainfidh an séipéal díot.” “Is maith soin uait. Táim ana-
bhuidheach díot; acht ná dearmhaid bóiri- cíní do chur gan mhoill ar an mbuin léith nó déanfaidh sí tuilleadh díoghbhála.” Níor fhan sé le freagra 'thabhairt orm. Do thógas an cliabhán i leith thar claidhe do Pheig, & d'fhágas ag bailiughadh a gréithre beaga chun a chéile í. I dtaobh na n-ubh, do bhíodar 'na bprabhait mbuidhe ar an mbóthar, is gan ceann slán 'na measg. II. D'éis na hoidhche 'thuitim do bhuaileas suas chun tighe Taidhg 'féachaint cad é an sgéal a bhí aige. Ní raibh ann romham acht Máire. Bhí sí 'na suidhe cois na teine, & í buadhartha go leor. “Cá bhfuil Tadhg, a Mháire?” arsa mise, “nó” — “Mo laogh thu,” arsa Máire, “ní fhea- dar cionnus tá sé, ná cá bhfuil sé, — acht ná feicim píopa id' bhéal go deo. Pé áit go bhfuil sé, ní ar foghnamh atá sé.” “Cad tá air, airiú?” arsa mise. “Aicíd ait, mhuise. Tá ‘gabhair an tobac’ le dhá lá air, & is baoghalach go ndéinfidh sé droich-íde éigin de féin. Bhí sé ar leath-stradhain indé, acht bhí súil aige ó uair go huair le Peig na nUbh. Nuair d'fhág sé an baile ar maidin chun na mba d'aodhair- eacht, bhí uisge fé n-a shúilibh i gcás gurab olc do chífeadh sé an bóthar a shiubhal. Nuair tháinig Peig sa deire is gan an tobac aici, do bhris ar an
bhfoidhne ar fad aige, & do dhein sé cosair asair di féin is dá raibh aici." “Nách í an Léithinneach do leag í, a Mháire?” “Éist, a rógaire. Do chonnac-sa ó mhullach an ghuirt cé leag í. Acht ní héan-chabhair bheith dá cheilt anois, mar chonnaic mórán nách mé é. Tá an sgéal ar fuid an ghleanna fé'n dtaca so. Go deimhin ní hé is measa liom, ná is dócha is measa dhom anois, acht an fear bocht féin.” “Agus ar dheinis éin-leigheas do, a Mháire?” “Do dheineas, mhuise, seacht leighis, acht dob' fhánach é mo ghnó.” “Ar thriallais an té leis?” “Do thriallas: d'ól * sé trí lán píopa dhi, acht níor shásaimh sí é.” “Agus móin?” “Do dheineas. Do fuaras fód de'n mhóin ba bháine is ba righne do bhí sa phort, & do dheineas miníní-seabhac de, & d'ól sé an fód go léir, acht níor thug sé maolughadh ar a chíocras chun an tobac. D'ól sé páipéir ruadha, cúpóga tiorma, & bran. D'imir an bran lár na tubaiste air, óir do bhladhm sé suas & do rith an teine chomh tréan soin air gur bhain sé an croiceann dá charabal, i gcás go bhfuil a bhfuil ó'n sgórnaigh ghairbh aniar de chomh sgólta soin ná fuil ann acht an beo dearg.” “Is olc é sin. Mo thruagh an fear
bocht. Cad 'na thaobh ná fuarais iasacht bhlúire tobac do?” “Ó, sin é arís agat é! Níl fear ar an dá bhaile nár chásuigheas mar gheall air; acht an oiread is do bhainfeadh an braon as do shúil ní raibh sé de thobac ag éan-duine aca.” “Is mór an iongna Seaghán na Leacan do bheith in' éaghmais.” “Fan go fóill. Sin é an sgéal is mío-ádhmharaighe do chualathas riamh. Ó'n uair úd a bhí an tromluighe ar Thadhg, ní lugha air an sugha 'ná Seaghán, & ní leogfadh sé dhom dul 'na ghoire. Ní raghainn dá éileamh gan a chead, ar mo chluais, óir dá gcloisfeadh sé 'na dhiaidh sin é, — rud a chloisfeadh, mar cloistear nidhthe is lugha le rádh 'ná é annso, — is amhlaidh do dhéanfadh sé tuilleadh meidrisge eatorra. Acht sa deire, nuair do bhí a charabal 's a chogansach 'na spóla sgólta ó'n mbran, & é chomh dall soin ó dheatach na móna go gcuirfeadh sé na clocha glasa ag gol, d'iarrias ar bhior mo dhá ghlún air leogaint dom dul ann, & do leog. “Badh mhaith an díol ar Sheaghán é: ní blúire beag a fuaras uaidh, acht leithead mo bhaise de cháca chruaidh cheathair-chúinneach, mar iad so a bhíonn ag máirnéalaigh, nó mar a thugaid na Ponncáin a bhaile o Mheirice leo. “Nuair a thánag a bhaile leis, do bhí Tadhg amuigh sa stábla ag ceartughadh
fé'n gcapall, & do ritheas isteach go saotharach chuige. Níor leog sé air éin-deabhadh do bheith air chuige; is dócha gur i dtaobh é 'theacht ó fhear na Leacan é. Dubhairt sé liom go neamh-chúramach, — & dá n-abrainn, go mío-chuibheasach, — é 'chur ar bhárr an fhalla, & go dtógfadh sé ar ball é. Do chuireas díreach os cionn chinn an chapaill: & — nách suathantais an sgéal é? — ní fhacathas a rian ná a thuairisg ó shoin.” “Níl éin-nídh suathantais annsoin, a Mháire. Do thuit sé san asair fé chosaibh an chapaill.” “Níor thuit, ní 'od' bhréagnughadh é. Ní raibh asair, ná aoileach, ná salachar ann, acht bualthaighe beaga glana, & ní baoghal gur fágadh ionnta soin é. Bhí beirt nó triúr de sna buachaillíbh ag cuardach de 'nár dteannta, & ní bheadh biorán buidhe ann a gan-fhios dóibh.” “Cad d'imthigh air mar sin? Ná dubhraís go raibh leithead do bhaise ann Agus dár ndóigh níor shluig an talamh é?” “Is fíor nár shluig; acht marar dhein, do shluig a mhalairt é. Tá sé go baileach i mbolg an chapaill anois.” “Mara mbeadh a fhios agam ná caitheann tú tobac, a Mháire, déar- fainn ná fuilir féin saor ó'n ‘ngabhair.’ Nách milis-bhéalach an capall é, dar leat-sa! Níl éin-nídh
is fearr dhuit a dhéanamh 'ná píopa do cheannach do. A! a Mháire, tá deall- ramh led' sgéal.” “Ó mhuise, creid mé nó ná creid, acht ní chuirfeadh sé éin-iongnadh orm dá bhfeicinn gleidire píopa féin 'na bhéal, is é ag baint smúsaigh aisti. Go deimhin, má saoghluighthear an capall céadna cloisfear sgéalta greannmhara air 'na dhiaidh seo.” “Is mór an náire dhuit bheith ag cur a leithéid sin de ghníomh mío-nádúrtha i leith an chapaill. Cionnus aimseochadh sé giota tobac ar mhullach an fhalla id' dhiaidh-se?” “Capall thar chapallaibh é siúd, a bhuachaill. Tá a fhios agat gur istigh sa tigh a bhíonn sé gach éan-oidhche — sa gheimhreadh ó'n bhfuacht, & sa tsamhradh chun é 'chosg ar bheith ag bitheamhan- tacht. Do dhein soin peata dhe. Is minic do shínim féin prátaí brúighte nó gráinne coisce i sothach chuige. Níl uair a chíonn sé 'na thimcheall mé ná gur dóigh leis gur rud éigin a bhíonn agam do. Níl árus a chíonn sé agam dá leogaint as mo láimh amach ná bíonn sé ag faire ar a cheann do sháthadh ann. Ní hé sin is measa dhe, acht níl nídh do leogaim ar an ndrosúr, ar an gcúl-lochta, ná dá n-abrainn ar an gclabhra ná bíonn i gcontabhairt aige. Níl amhras ná gurab amhlaidh d'aimsigh sé an tobac. Do thug sé fé ndeara mé dá chur ar
bhárr an fhalla, & ní túisge bhí mo chúl iompuighthe agam leis ná d'árduigh sé a cheann chuige & d'alp sé é.” “Dob' fhoirtiúnach an bhean tú nár chuaidh Tadhg amach air, mar do chuaidhis-se. Dá dtéidheadh ní dóigh liom go mbeadh dúil i dtobac go fóill aige, — ná b'fhéidir i n-éin-nídh eile.” “Do chuaidh leis. D'éis na mbuach- aillí & é féin do chuardach, do spiúnadh, & do chriathairt gach brobh is bualtach sa stábla, do bhí iongna mhór ortha cad d'imthigh ar an dtobac. “‘Fé dhraoidheacht atá sé,’ arsa duine aca, ‘nó is iad na daoine maithe do sgiob é.’ “‘Badh dhóighthidhe do na franncaigh chuige,’ arsa duine eile aca. “‘Gach éin-nídh chun Joe 'chaochadh,’ arsa Tadhg, ‘agus Joe, go bhfóiridh Dia air, caoch a dhóithin cheana!’ “‘Níl an capall caoch, mhuise,’ ars' an tríomhadh duine. ‘Féachaidh, tá na súile aige dá gcur trínn. Mo choinnséas, go bhfuil sé ag corruighe a chabhaí chomh maith is gur ag gáiridhe fúinn atá sé.’ “‘Do bhainis an ceann i n-aoinfheacht de, a Sheagháin,’ arsa Tadhg. ‘Is i mbolg an bhitheamhnaigh chéadna soin atá sé go díreach, & ní hé an chéad uair aige 'om' fhágaint-se im' throsgadh é, — acht sé an uair dhéidheannach aige é. Cá bhfuil an píce?’”
“Acht ba mhaith an mhaise do sna buachaillíbh é: do lámhuigh duine aca an píce, duine eile an grafán, & duine eile an tsluasad. “Do rugas féin lom bróige ar Thadhg, & eadrainn do tháinig linn an capall dó chosaint air. “‘Ní bhead gan sásamh ar a shon soin,’ arsa Tadhg nuair thugamar cead a chos do, ‘siúd is nách leis an bpíce do bhainfead de é.’ Do rug sé ar cheannrach a bhí ar chrochadh i dtaobh thiar de'n doras, do chuir sé leis an gcapall é, & do phreab ar a dhrom. ‘Má fhuaduigh sé mo chuid tobac-sa, beidh air turas fada do thabhairt ag soláthrughadh coda eile in' ionad chugham.’ Níor iarr sé iallaid ná srian, níor chuir sé hata ná casóg uimis, níor fhan sé le nighe ná glanadh do dhéanamh air féin; acht sratharach, slipéadach, is fronn aoiligh go cluas- aibh air, do sguab sé leis ar cos-in- áirde fé dhéin na sráide. “Sin agat mar atá Tadhg bocht, pé áit ina bhfuil sé anois. Táim buadh- artha 'na thaobh, mar tá eagla orm go mbrisfidh sé féin & an capall cnámha a chéile sul a dtiocfaidh siad.” III. Ar mo ghabháil suas chun tighe Thaidhg an oidhche bhí chughainn do casadh an triúr a bhí ag cuardach an aoiligh le n-a chois orm; & ó's chuige do bhí a dtriall-san leis, do bhuaileamar isteach i n-aoinfheacht.
“De bhur mbeatha, a bhuachaillí,” arsa Máire. “Go mairir i bhfad,” arsa sinne. Cionnus tá Tadhg?” “Go trochaill, mhuise, — slán a bheidh sibh. Tá sé sínte 'na liarne thíos sa leabaidh.” “Airiú, cad tá air? Ní hé gurab é an capall a ghortuigh é? Ná fuair sé an tobac sa tsráid?” “Do fuair, mhuise; tá rolla mór de ar an ndrosúir, & leath-dosaon píopaí cailce; acht cad é an chabhair sin? Tá a bhéal ró-thinn & ní fhéadfadh sé gal a tharrac.” Faid bhí sí ag cainnt do phreab Tadhg aníos chughainn. Sínte ar a leabaidh 'na chuid éadaigh do bhí sé. “Is fíor di, mo choinnséas,” arsa Tadhg. “Nuair do shroicheas an tsráid níor mhór dom braon biotáille, — & b'fhéidir dá bhraon, trí bhraona, — d'ól; acht, droch-chrích go mbeiridh ar lucht a déanta, is dócha gurab í an chloch- ghorm a bhí uirthi, & do sgrios sí an croiceann go léir dem' bhéal. Tá eagla orm go bhfuil sé ag caitheamh. Féach air, a Sheagháin.” “Iompuigh i leith chun an tsoluis,” arsa Seaghán, “go bhfeicead i gceart é.” Do thug Tadhg casadh dho féin, go raibh an lampa ag taithneamh idir an dá shúil air; d'osgail sé na corráin ó chéile i gcás go raibh
cothrom againn go léir ar é 'fheicsint. 'Sé rud do chonnac féin — uaithis fhairsing chraorag, is fáibre de stúmpaíbh dubha 'na thimcheall thíos & thuas. “Tá'n tú manntach, a Thaidhg,” arsa mise. “Is olc an comhartha ort bheith ag cailleamhaint na bhfiacal chomh hóg.” “Níl, ní 'od' shárughadh é,” arsa Maire, & colg ag teacht uirthi. “Séanas beag é sin a bhí riamh ann.” Níor labhair Tadhg gíog, mar bhí lámh dheas Sheagháin 'na chorrán íochtair, & a lámh chlé 'na chorrán uachtair, & é ag infhiúchadh na huaithise ar a chroidhe díchill. “Tiocfaidh sé chun craos-galair gan mhoill ort,” ar seisean, “muna bhféachfair chuige.” “Seadh, mhuise, chun craos-galair!” arsa Máire. “Nár ait an rud go dtiocfadh sé chuige.” “Féach féin air, is dóigh. Sin é ag caitheamh i mbun na bhfiacal é, & atá poll mór suas 'na chogansaigh cheana féin.” “Go bhféachaidh Dia orm,” arsa Máire, “& a leithéid de shruimile ceangailte dhíom, — nó cad a déanfar anois do? Gheobhad náire dhearg 'na thaobh. Is measa é ná seana-Dhiarmuid Dubh do chuir an triuch de i n-aois a cheithre fichead.” “Is beag dá mhearathal ort cad a déanfar do,” arsa Seaghán. “Cuir
teachtaire chun sean-Eilín seo thall, & abair léi a ganndal do chur isteach.” “Cad 'na thaobh an ganndal?” arsa mise. “Chun leigheas an chraos-galair do dhéanamh do. Má fhaghann sí ganndal 'na throsgadh & a anál do chur fé Thadhg trí maidneacha as a chéile, ní bheidh pioc air.” “Is maith an cuimhneamh agat é, a Sheagháin, & tá an ganndal go háiseach ag sean-Eilín,” arsa Máire. “Leigheas is eadh é,” arsa Seaghán, “gur furaiste é 'dhéanamh, & leigheas nár theip riamh.” “Go mbuanaighidh Dia ag bhur muinntir sibh,” arsa Tadhg; “acht ar son an tsaoghail & le hanaman ar chuaidh romhaibh, & ná leogadh éinne agaibh focal as a bhéal amach mar gheall ar sgéal so an ghanndail.” “Ná bíodh eagla ort, a mhic ó,” arsa Seaghán. “Ní béal gan sgoth sinne agat. Is dócha ná fuil éan-chaitheamh i ndiaidh an tobac anois agat, tráth is ná cloisim ag cainnt air tú?” “Is dóigh leat soin, an eadh? Mar is maith liom bheith im' bheathaidh do raghainn trí chasadh sa chroich ar an 'nóimeat-so chun seach de'n phíopa d'fhágháil.” “Dá mb'áil leat píopa do thabhairt domh-sa,” arsa duine eile aca, “d'fhéadfainn í 'tharrac & an deatach do shéideadh chughat-sa.”
“Seadh,” arsa mise, “& do chuirfinn geall go raghadh sé chomh maith dho is do raghaidh anál an ghanndail.” “Ní cúis magaidh é, a Ghruagaigh. Dar fiadh, a Dhiarmaid, gur aingeal do labhair. Brostuigh ort, a Mháire, & beir aníos an tobac & ceann de sna píopaíbh nuadha.” “Cad é an tairbhe dhuit an fághal- tas a bhainfidh Diarmaid as ceann aca?” arsa Máire, ag teacht aníos & an tobac & trí cinn de sna píopaíbh aici. “Óladh an triúr i n-aoinfheacht & geobhair sásamh éigin ann.” “Ná fuil píopa eile ann?” arsa Tadhg. “Cad 'na thaobh ná tugann tú do'n Ghruagach í?” “Go seinidh tobac ar an nGruagach,” arsa Máire. “Nach deas an radharc a thabharfadh a mháthair i mbáireach orm dá dtéidheadh sé a bhaile breoidhte chúichi.” “Níor thug sí riamh rud is sláint- eamhla dho,” arsa Tadhg. “Ní bheadh na fiacla chomh maith agam-sa is táid siad, mara mbeadh é.” “Ní bheadh, ná gábhadh le ganndal sean-Eibhlín agat,” arsa Maire, go sprideamhail. “Cad a dheineann an tobac do sna fiaclaibh, a Taidhg?” arsa mise, chun a aghaidh do thógaint de Mháire. “Tarraingeann sé an t-uisge uatha, a bhuachaill. Is é an t-uisge do bhailigheann ag bun a préimhe do
lobhann an fhiacail go deo; — díreach ar do lobhann sé an plannda sa gháirdín.” “Támaoid ullamh anois,” arsa Seaghán. “Suidh annso ar an gcathaoir.” Do shuidh go tapaidh. Do tháinig an triúr, & na píopaí dearg aca, ar a nglúinibh ar a aghaidh amach, & do luigheadar ar tharrac go dian dúthrach- tach. D'árduigh Tadhg a cheann le haiteas; do dhún sé a shúile, & do sgaoil sé a lámha siar síos leis Tugamaoid go léir fé ndeara, i dtiormacht an tsamhraidh, nuair a thagann cith báistighe, go seasuighid na lachain 'na gceann is 'na gceann ar thúrtógaibh beaga san otrainn — a súile dúnta, a gcinn san aer, & an bhog-bháisteach ag sileadh síos leo. Seo mar do bhí Tadhg, acht amháin gur aníos do bhí an deatach ag teacht — 'na brataibh boga liatha, fé n-a ghiall, ag dul isteach 'na bhéal, ag casadh timcheall istigh ann, ag teacht amach arís, ag a cimilt féin dá phlucaibh, ag pógadh na malaidhe aige, & ag éiriughadh go mall módhmharach suas go frathacha an tighe. Do bhíos-sa & Máire ag féachaint ar an obair. Do bhí formad agam le lucht an tarraic, & uisge ag teacht óm' fhiaclaibh le cíocras chun na píopa. I dtaobh Mháire, mar go raibh Tadhg sásta, do bhí sise lán-tsásta; mar go raibh Tadhg ciúin le bárr aitis, do
bhí sise ciúin trí chomhbháidh leis; mar go raibh a chlab mór osgailte aige- sean, d'osgail Máire a béal chomh maith. Ba ghearr gur dhíol as, ámhthaigh. Do chuaidh an deatach le n-a hanál, & do chaith sí teicheadh. Nuair do bhí sí imthighthe ní raibh éinne chun teora do chur liom-sa. Do fuaras píopa láithreach, do líonas í, do dheargas, & do leogas ar mo ghlúinibh mé féin i measg na coda eile, & do chromas ar chnáthairt chomh dian le héinne aca. Bhí an phíopa nuadh, & fad d'fhan sí fuar do réidhtigh an obair go maith liom: acht nuair do théidhigh sí idir mo mhéireanna, & nuair do shroich íle an tobac mo ghoile do tháinig fonn úrlaice orm, & do thosnuigh an tigh 's a raibh ann ar chasadh timcheall. Dob' éigin dom bóthar Mháire do thabhairt orm, & ní bréag a rádh go raibh deire le spórt na hoidhche agam. Do shéalthuigheas liom ar chuma éigin, mo lámh ar an gclaidhe agam, chun gur shroicheas bun an sgabhait. Do bhí glaise bheag fe'n mbóthar annsoin. Do chaitheas ar mo ghlúinibh mé féin 'na haice, & do sháitheas mo lámha go huilnibh innti. I gcionn ceath- reamhadh uaire do bhí sé ionnam siubhal a bhaile ghan teannta. Níor bh'éan-ghuidhe fhóganta thugas do Thadhg an oidhche sin.
IV. Chomh luath is do chrothas codladh na hoidhche as mo shúilibh ar maidin, do phreabas im' shuidhe, & do chuadhas fé dhéin tighe Thaidhg go bhfeicinn leigheas an ghanndail dhá dhéanamh dá chraos-galar: acht dá mhoiche sa ló é nuair shroicheas an tig, do bhí an triúr eile ann romham & ganndal shean-Eibhlín i mála ag duine aca. Ní túisge do fuaradar radharc orm ná gur thosnuigh na bitheamhnaigh ar mhagadh fúm i dtaobh na píopa do luighe aréir orm. “Slán éirighthe chughat!” arsa duine aca; “do shíleas ná feicimís go ceann seachtmhaine thú.” “Ag cuardach tuilleadh tobac a tháinig sé,” arsa duine eile. “Is gearr go gcloisfir a' big-iarraidh ar a mháthair é chun píopa do cheannach do.” “Is oireamhnaighe do'n bhograchán buidéal an leinbh go fóill, pé sgéal é,” arsa Diarmuid. “Ní éan-náire é sin do, a Dhiarmuid,” arsa Mháire, ag cur a cinn aníos thar táirsigh an rúma, mar a raibh sí ag friotháil ar Thadhg, “& níor lugha de mo mheas ort-sa féin, a Dhiarmuid, dá mbadh é stropa an bhuidéil chéadna do bheadh le feicsint ar sileadh a póca do bheiste i n-ionad choise na dúidíne duibhe sin do chím anois ann.” “Níorbh' é buidéal an leinbh do chuir an biorán suain i gcluais Thaidhg aréir.
ar a shon soin, a Mháire,” arsa Diarmuid. “Ná bac na dailtiní magaidh sin, a Mháire,” arsa mise, “acht cionnus tá Tadhg bocht d'éis na hoidhche?” “Braon beag biotáille dóighte do bhí agam dá thabhairt anois do. Tá a bhéal ana-thinn go deo, & tá eagla orm go bhfuil sé ag caitheamh i gcomh- naidhe; acht do chodail sé go sámh feadh na hoidhche — ó chuaidh sé sa leabaidh aréir go dtí ó chianaibh.” “Seadh,” arsa Diarmuid,” “& sul ar chuaidh sé sa leabaidh. D'fhanamar annso ag teannadh tobac leis go meadhan oidhche chun gur thuit sé 'na mheaig sa chathaoir againn, & do chuir- eamair eadrainn sa leabaidh é. D'imthigheamar annsoin & do ghoidea- mar ganndal shean-Eibhlín as an gcrúitín, & do chuireamair i dtaisge i gcomhair na maidne é, & tá sé annso sa mhála againn.” “Bhfuil sé ar céadlacan?” arsa mise. “Tá sé 'na throsgadh,” arsa Diarmuid. “Dar ndóigh, ní Críos- taidhe é chun bheith ar céadlacan.” “An mbeadh éin-leigheas ann mara mbeadh sé 'na throsgadh?” arsa Máire. “Ní bheadh. Caithfidh an ganndal bheith 'na throsgadh ó 'réir; & is dóigh liom nár mhisde do Thadhg bheith ag corruighe feasta, óir is gearr go
mothóchaidh sean-Eibhlín easnamh an ghanndail & go mbeidh sí dá chuardach.” “Bead-sa suas chughaibh gan mhoill,” arsa Tadhg ó'n rúm. Do cheartuigh Diarmuid cathaoir ar aghaidh an dorais isteach; annsoin do tharraig sé chuige an mála, & do thóg sé amach ganndal bán shean- Eibhlín. Do chuir macántacht an ghanndail iongna orm; níor chuir sé sgread ná béic as nuair tógadh amach é, ná níor chuir sé cor de & é idir a dhá láimh ag Diarmuid. Do thuigeas 'na dhiaidh sin gur bh'amhlaidh do dhein an múchadh do fuair sé sa mhála amadán de, & go mbeadh a mhalairt de sgéal le hinnsint air nuair do thiocfadh sé chuige féin. “Suidh annso sa chathaoir, a Taidhg” arsa Diarmuid, “& tar-sa ar a aghaidh amach, a Mháire, & seo dhuit an gann- dal. Ná bíodh eagla agat roimis, a Mháire, tá sé chomh macánta le huan.” Do shocruigh an bheirt iad féin mar adubhairt sé leo, & do thug sé an ganndal do Mháire. “Mo ghraidhin a' créatúir; mo ghraidhin beadaidhe bocht,” arsa Máire. “Druid i leith liom é, i n-ainm Dé,” arsa Tadhg, & d'osgail sé an craos mór craorac. Do shín Máire chuige an ganndal; acht an nóimeat soin badh dhóigh le duine gur dhúisigh sé ó pé slamadh
amadántachta do chuir a ghéibheann san mhála air. Do dhírigh sé a cheann, d'fhéach sé idir an dá shúil ar Thadhg, & dubhairt sé go dána “pé — é — ach!” Fógairt-chatha gan amhras do b'eadh é; acht nuair nár fhreagair fear-an-bhéil- ar-leathadh é, d'iompuigh sé siar uaidh le tarcuisne & d'fhéach sé ar Mháire. Is tuathalach an greim do bhí ag Máire ar an nganndal; mar, siúd is go raibh a chorp fáisgthe go dlúth idir a dá láimh aici, toisg fhaid a mhuiníl dob' fhéidir leis a cheann do chur anonn nó anall ar a thoil. Is cuimhin liom bheith ar dhuine de gharsúnaibh mí-riaghalta sgoile lá. Do rugamair ar lachain do bhí cois an bhóthair, & do bhí geall eadrainn ciaca againn — & an greim céadna ar an lachain aige & do bhí ag Máire ar an nganndal — do sgríobhfadh a ainm ar an mbóthar le n-a gob. Seadh, do thug Máire dó nó trí iarrachta ar cheann an ghanndail do chasadh chun béil Thaidhg, acht do theip uirthi. Nuair do dhruideadh sí chuige cabhail an ghanndail, do shíneadh sé a mhuinéal fada suas nó síos, & ní leogadh sé air go bhfeiceadh sé Tadhg. Nuair d'iompuigh an ganndal suas an tríomhadh uair, d'iompuigh Tadhg a cheann féin suas leis, i gcás gur chaith an ganndal féachaint air. “Druid leis anois é, a Mháire,” arsa Diarmuid, “is ró-bheag ná fuil sé agat.”
“Pé — é — each!” ars' an ganndal, & do chas sé síos go hobann, acht má chas, do bhí clab mór Thaidhg roimis ann. “Lean air, lean air!” arsa Diarmuid. “Pé — é — each, pé — ach,” ars' an gann- dal arís, & ar iompáil do lámha do dhírigh a mhuinéal chun go raibh sé ar nós slat-mhaide iarainn, & do chuir sé a ghob i n-achrann i mbun na súile ag Tadhg. Níl puinn eile le n-innsint agam mar gheall ortha. I gcionn leath- nóimit 'na dhiaidh sin, do bhí Máire ar fleasg a droma ar an urlár, an ganndal 'na haice & a chos briste, & mise dá dtógaint; an triúr buachaillí ag baint na spearach dá chéile ag teicheadh; & Tadhg sa rúm ar leath bhuile & a lámh ar a shúil aige. Do sgéith na buachaillí ar Tadhg, & do deineadh béithé de féin & de'n chraos-galar, acht ba mheasa do shean- Eibhlín 'ná iad uile. Do bhí an ganndal bacach as soin amach; & níl duine do castaoi san tslighe ná taisbeánadh sí do é, ag rádh —. “Mhuise, ba bhreágh an ganndal é sin, chun gur bhris Taidhgín na buile, — míochrom air, — a chos.”
AN SPIORAID. I. Dia Sathairn a bhí ceaptha chun an phósaidh. “Féasta trom,” adubhairt Sean-Eibhlín do bhí dhá ullamhughadh ann; & go deimhin is sin mar nár mhór dó bheith, má b'fhíor leath a raibh le bheith ar an gcóisire. Fiche lánamha ó gach taobh do bhí iarrtha, gan áireamh ar an gcosamar a leanann a leithéid go deo. “Cas leis an gClainn mBáin é,” arsa Máire ar maidin lae an pósaidh, & mé i dtigh Thaidhg ag iarraidh an chapaill, “níl a máighistirí sa pharóiste chun pósadh nó sochraid d'fhritheáil. Ní baoghal go mbeidh easpadh gaolta ar an ógánach, Diarmaid Bán, anocht.” “Má leogann muinntir Néill an buadh leo, mhuiseadh,” arsa sean- Eibhlín, a bhí ann ag fógairt an ghanndail do Tadhg, “ní lá fós é. 'Sé ‘pós bean ó Bhéara, pós Béara go léir’ ag Diarmaid é.” “Is cuma dhóibh mara mbeidh achrann anocht aca,” arsa Máire. “Tá mórán dighe rómpa, cloisim.” “Pé deoch atá ann,” arsa Tadhg ó'n leabaidh, “ní bheidh achrann ann. Tá a mhalairt de chéill ag daoinibh anois 'ná bheith ag briseadh plaosg a chéile.”
“Sin í an chiall mheathte,” arsa sean-Eibhlín go searbh. “Níl sé d'anam sa chuid is fearr aca anois éin-nídh is cruadha do bhriseadh 'ná plaosg uibh nó cos ganndail. Is minic do bhíos-sa ar phósaidheachaibh, — & b'iúd iad na pósaidheacha gur bh'fhiú pósaidheacha do thabhairt ortha, — ná feadair duine de sna fearaibh ar maidin cé'ca ba mhó d'fhuil ná de bhiotáille do bhíodh óltha i rith na hoidhche aige.” “Agus na mná, a shean-Eibhlín?” arsa mise. “Dá mbeadh a mac nó a fear i dteannta,” arsa sean-Eibhlín, “an dóigh leat an a' seanchaidheacht badh cheart do'n mhnaoi bheith?” “Chím gur dóigh leat-sa gur chirtisidhe dhi cloch a bheith i mbuímpéis a stoca aici, — mar a bhí go minic agat féin, a shean-Eibhlín,” arsa mise, “má's fíor bréag.” Níor ghábhadh dhom a bheith,” ar sí ag fát-gháiridhe. “Do leagfadh gal de'n phíopa na fir an uair sin, mar a leag sí bograchán áirithe an oidhche fé dheire. Seo mo mhéaracán, a ghruagaigh, chun an bhraoinín a thomhas chughat féin; do ghoíllfeadh an leath- ghloine ort. Nó b'fhéidir go dtabhar- fadh Máire annso iasacht spiúnóige na n-ubh duit, mar cloisim gur mór aici thú.”
“Tá sí ag tabhairt iasacht an chapaill dó,” arsa Tadhg go fearamhail, “rud nár thug éinne riamh duit se, a chaillichín dhroch-aigeantach. Cuir féin an iallait uirthi, a ghruagaigh. Is oth liom ná féadfainn éiriughadh & congnamh do thabhairt duit.” “Dar ndóigh, ní 'na trosgadh do thabharfadh sé leis í,” arsa Máire. “Ní bhfuaras caodh ar ghráinne coirce do thabhairt indiu di.” “Go raibh maith agat, a Mháire,” arsa mise; “dubhairt Diarmaid liom go gcaithfeadh sé dul go moch indiu go tigh na mná óige, gur mise do raghadh i n-éinfeacht leis. Níl sé leath-mhíle as so, & geallaim duit go bhfaghaidh sí coirce a dóithin ann.” “Agus b'fhéidir gal tobac,” arsa sean-Eibhlín, ag priocadh léi síos an sgabhat. II. Ní raibh puinn de'n mhaidin caithte nuair shroicheas féin & Diarmaid Bán tigh na mná óige. Dá ghroide sa ló bhí sé, ní ina gcodladh do rugamar ar lín-tighe Mhic Uí Néill. Bhí cúpla bórd as a chéile sa chistin, cruacha aráin & feola ortha, &, gan dearmad, gléas té. Bhí lathairt biotáille ann chomh maith. Ní ann do bhí an féasta le bheith;
acht is é gnás na háite an t-ógánach & furmhór na cóisire a dhul go tigh na mná óige ar maidin, & iad do bheith mar ghárda aici ag dul chun an tséipéil. Is dócha gur ghábhadh gárda de'n tsaghas tamall ó shoin nuair a deintí cailíní bochta a d'fhuadach. Níl eagla a leith- éid ar dhaoinibh anois, acht leantar de'n ghnás ar a son soin. Do bhí beirt dhearbhráthar na mná óige tamall síos ó'n dtigh in ár gcoinnibh. D'éis fáiltiughadh romhainn go meidhreach, do thógadar ár gcap- aill uainn, & chuireadar ar stábla iad. Do chuireas i n-iúl dóibh go raibh capall Thaidhg 'na trosgadh, acht dubh- radar liom gur ghearr a bheadh, go raibh a dóithin coirce le fágháil aici — “& tobac, má's maith léi é,” arsa duine aca, ag imtheacht leis ag gáir- idhe. Níor bh'éin-sgéal nuadh annso, go háirithe sgéal an tobac. III. I mbéal an sgabhait do bhí Mac Uí Néill féin romhainn. Do bhain fásgadh dian as ár lámhaibh, & do sheol sé chun an tighe sinn. Do bhí bean an tighe taobh istigh de'n doras romhainn. D'fháiltigh sí romham-sa ar dtúis, i dtaobh nár léi féin mé, & annsoin do rug sí lom bróige ar Dhiarmaid, &
dubhairt sí go raibh Dia ag tabhairt mhic eile dhi, & go raibh sí buidheach De. I gcionn tamaill bhig dubhairt sí leis gur dhearmhaid sé rud éigin sa “rúm” aréir, & go raibh sé roimis ann. Do chuaidh Diarmaid síos sa “rúm,” & pé rud a bhí ann, ní raibh éin-deabhadh air a fhágaint. Fé dheire, nuair tháinig sé aníos, do bhí a cheannacha chomh solusmhar le n-a charabhat nuadh, & ní fhéadfainn dul thairis sin. Ba ghearr gur thosnuigh lucht na cóisire ar bheith ag teacht — 'na nduine is 'na nduine ar dtúis, annsoin 'na mbeirt is 'na mbeirt; 'na dtriúraibh & 'na gceathraraibh as soin amach chun go raibh furmhór na ndaoine a bhí chun dul go dtí an séipéal bailighthe ann. Acht pé'ca 'na n-aonar nó i gcuideachtain a chéile do thángadar, do fáiltigheadh rómpa mar a fáiltigheadh romhainne. Do bhí na fir óga 'na gcoinnibh ar dtúis; an t-athair dá dtionnlach ó bhéal an sgabhait go dtí an tigh; bean an tighe annsoin chun iad do thógaint de láimh; dearbhráthair fhir an tighe 'na sheasamh ag ceann an bhóird ag tairisgint biotáille dos gach éinne de réir mar a thángadar air; fear eile muinnteardha dá gcur chun bóird, & beirt nó triúr de mhnáibh na gcomh- arsan ag fritheál ortha. Ba mheidhreach croidheamhail a bhí gach éinne timcheall an tighe an mhaid-
in bhreagh fhoghmhair úd; Cuid de sna daoinibh, d'éis bídh, amuigh san otrainn ag magadh 's ag cur trí n-a chéile; lucht na mbórd ag ithe 's ag gáiridhe i n-éinfheacht; cogarnach is clisiam ag braisile chailíní timcheall na mná óige thuas ar an lochta; urchar ag sgeinnt tríd an bhfuinneoig amach anois & arís uatha, & ag aimsiughadh dhuine de sna buachaillíbh óga sa cheann nó sa mhuineál san otrainn; beirt nó triúr ag árdach an bhuachalla suas chun na fuinneoige, is é ar buile chun sásamh a bhaint amach mar dh'eadh; sgréachaigh istigh annsoin, & glaodhach ar mhnaoi an tighe; bean an tighe ag teacht is gan puinn idir an gol 's an gáire aici; comhangaireacht cainnte & tagaireacht béil thall 's i bhfus a chuirfeadh áthas ó chroidhe ort; iongnadh ar gach éinne nuair a thúirling caidhreán móna sa chúl ar Sheaghán na Leacan nár dhein sé spórt de; an t-ógánach, chun spiur-speir a dhéanamh de, ag iarraidh comhairle Sheagháin chun rud éigin a bhí idir lámhaibh aige, & dhá thabhairt isteach chun braon an dorais a bheith aca; fear an tighe ag brostughadh gach éinne chun bóthair capaill dá dtarrac amach; giortaí dá bhfásgadh; mná dá dtrosáil féin 's ag taispeáint a gcótaí craoraca chun dul ar cúlaibh; annsoin síos an sgabhat & amach ar an mbóthar. Go deimhin ní misde a rádh gur mheidhreach mhustarach an ghasra an lá soin sinn!
IV. Bhí séipéal an Bhonáin, i n-a rabhathas chun an lánamha do phósadh, ocht míle ó bhaile. Is i gcóistíbh is gnáthaighe le cóisiríbh dul ann anois; acht is ar chapallaibh a téidhthí ann an uair úd. Gach capall a bhíodh briste isteach chun cúlóige d'iomchar do bhíodh cúlóg air, acht amháin ar chapall an ógánaigh. Ní thabharfadh capall Thaidhg cúlóg léi, & ar an adhbhar soin do bhíos-sa éasgaidh go leor. Nuair chuamair síos ar an mbóthar do ghread an t-ógánach leis amach i dtosach droch-bhéas d'éinne do b'eadh bheith ag iarraidh dul roimis. Le n-a shálaibh do bhí ógánach eile, comráda dhó. 'N-a ndiaidh sin do tháinig gach éinne mar fhéad sé é, acht amháin an bhean óg. Do bhí sí sin tamall maith siar sa chóisire ar chúlaibh a dearbhráth- ar, ar chapall shocair. I dtaobh gan do bheith ionnam féin an uair rin acht garsún do bhíos ó cheann ceann na cóisire, tamall annso & tamall ann- súd. Do shroicheamair an séipéal i n-am tráthamhail, & níor choinnigheamair féin ná an sagart éan-mhoill mhór ar a chéile. D'fhág an lánamha nua-phósta an séipéal gualainn le gualainn mar is ceart dá leithéid. Níor ró-
fhoraiste é sin a dhéanamh, mar bhí doras an tséipéil cumhang, acht do bhrúghadar iad féin amach go cean- amhail, gan duine aca órlach i ndiaidh 'ná roimhe an duine eile. Beidh a rian air, — ní bheidh a' ceachtar aca choidhche 'n-a bhaintreabhaigh; acht nuair a thiocfaidh a lá éalóchaidh an bheirt leo as an saoghal i n-éinfheacht. Dearbhráthair athar Dhiarmada is é thóg an bhean óg ar a chúlaibh ag teacht, & do dhein an “buachaill óg” marcaidh- eacht i n-a n-aice. Ní raibh éan-chosg anois le héinne dul i dtosach dá bhféadfadh sé é; & chomh maith do thos- nuigh gach éinne go raibh anam na hóige ann, nó go raibh éan-mhuinighin as a chapall aige ar bhóthar a ghreadadh. “Leath-ghalún leat,” arsa Seaghán na Leacan le Donnchadh Ua Néill, “go mbainfead an tigh díot, — & an bhean 'n-a teannta.” Bhí an bheirt go mór i ndiaidh Nóra Bháin, & do bhí Nóra sa bhaile i bhfeidhil na gcócairí. “Seachain ná gur mó soin 'ná do dhícheall,” arsa Donnchadh, “acht tiomáin leat.” Is olc d'fhan Seaghán leis an gcuir- eadh: d'imthigh sé ar nós an philéir. “Preab i n-áirde uirthi seo, a Dhonnchadh,” arsa mise, 'om' chaitheamh féin anuas dem' chapall. “Tá an
ceamalach lárach soin agat-sa ró- throm chun reatha, & tá sí séidhte d'éis na cúlóige. Dubhairt Tadhg ná béadh capall sa chóisire a bhainfeadh an tigh di seo.” “Go mbuanuighidh Dia thú,” arsa Donnchadh, & do bhí sé san iallait, & ag baint teine chreasa as an mbóthar i ndiaidh Sheagháin i gcionn nóimit. Chuadhas féin ar marcaidheacht ar an gceamalach & thug sí a bhaile gan suathadh mé. Do bhuaidh Donnchadh an geall. Bhain sé an tigh amach i bhfad roimhe Seaghán. Bhí Nóra ar an gcnocán 'féachaint an bhfeicfeadh sí an chóisire ag teacht; & nuair do chonnaic sí chúichi Donnchadh & an íde a bhí air féin & ar an gcapall, do rith sí síos go béal an sgabhait 'n-a choinnibh; acht do chaith sé a hata san aer & do chuir sé púir as, chun misneach do chur uirthi. Do stop sé an capall ag cloich na marcaidheachta, & do bhí Nóra 'n-a seasamh ar an gcloich chomh hárd le n-a bhróig. Pé comhrádh bhí eatorra dubhairt Donnchadh nuair tháinig Seaghán i n-a radharc ag bun an sgabhait: “Dein, a Nóra.” “Á! ní leogfadh náire dhom é,” arsa Nóra. “Dein, a chailín, mar olc air: deirim leat go n-inneosad gach éan- fhocal de do Dhiarmaid anocht.”
“Éin-cheann amháin, máiseadh,” arsa Nóra. “Sin a n-iarrfad: dein deabhadh.” Do shín sí a lámh chun Donnchadha, do chuir sí barr a coise ar a bhróig, & mar a chítear gearrcach éin dá dhéanamh le n-a mháthair ar chraoibh, d'éirigh sí go héadtrom suas, & do thug sí fáiméad póige do Dhonnchadh. Annsoin, & a haghaidh ar dearg-lasadh, do léim sí anuas & ní dheachaidh coinnín i dtalamh riamh níos mire 'ná mar a bhain sí an tigh amach. D'árduigh Donnchadh an capall leis taobh thiar de'n tigh. Do chaith sé tamall dá siubhal síos & suas & é ag cluas-fheadghail dó féin, chun gur imthig an teas aisti; annsoin do sgrios sé & do ghlan sé, & do thiormuigh sé í, & má bhí fear ná bean ar an bpósadh an oidhche sin do fuair aire ní b'fhearr 'ná fuair sí ba mhaoidhte air é. Bhí an dinnéar ar na bórdaibh nuair do shroicheamair an tigh. Do ceangladh na capaill de sna sgeathachaibh ar dhá thaobh an sgabhait, do fuaradar féar, & annsoin do bhrúghaidh na daoine isteach. Bhí na bóird as a chéile ar dhá thaobh na cistean, acht slighe do sna daoinibh idir iad 's an falla. Do bhí bóird do'n chosumar amuigh sa sgioból freisin. Is dócha go raibh an dinnéar go maith: do chuala mórán dá mholadh, pé i nÉirinn é; acht do bhí an chócair-
eacht chomh dona is do b'fhéidir í 'bheith. Níl amhras 'ná go raibh an raidhse ann. Prátaí do'n dá bhaile — cuid aca loitthe & an gealach go glas i dtuill- eadh aca; muicfheoil chomh hárd le píce; mairtfheoil righin, & caoir- fheoil barra-dhóighte; trí nó ceathair de bharailíbh pórtair, & biotáille le cur id' bhrógaibh. Do b'fhíor do shean- Eibhlín gur “féasta trom” é, acht ba bheag é m'fhodhail-se air. Tá sé de mhí-ádh riamh 'om' lean- amhaint go ndeinid na mná an iomad muinnteardhais liom. Níl lá ó chosain mo bhróg tuistiún ná go mbíonn siad 'om' bhodhradh ag innsint sgéalta dhom — na máithreacha ar a gclainn, na mná ar a bhfearaibh, & iad go léir ar a chéile. Badh dhóigh le duine dá mbeadh an cócaire, ná duine de sna cócairíbh, báidheamhail ar phósadh leis gur bh'é a bhuaic é. Bheadh dearmhad air, ámhthaigh. Sin mar do thárla dhomh-sa an tráth- nóna úd, & 'sí an bháidheamhlacht chéadna do loit mo dhinéar orm. Nuair do cuireadh an t-anbhruithe ar an mbórd, & faid bhí dá fhichid duine dá shéideadh is dá fhuaradh ar a ndícheall, do dhruid duine de sna cócairíbh seo liom-sa & dubhairt i gcogar: “Blais é, a Ghruagaigh; blais é, — féach cionnos a thaithneann sé leat.” Do bhlaiseas. “Tá sé go deagh-
bhlasta, a Neill,” arsa mise; & go deimhin ní bhfuaras éan-locht air. “Anois, a Pheig!” ar sí le Peig na Leacan, “cad dubhart leat?” Do dhruid Peig linn. “Do bhlais an Gruagach é,” arsa Neill, “& ní bhfaghann sé éan-locht air.” “Cad do bheadh air?” arsa mise. “Peig,” arsa Neill, “Peig adubhairt gur thuit an sugh ann, & dubhart-sa nár thuit, & féach anois gur bh'fhíor dom é.” “Do thuit, mhuise,” arsa Peig, “& do thuit lán báisín de ann, acht tá blas na biotáille i mbéal an Ghruagaigh anois, & is cuma dhó sugh ann nó as.” Ar ball, is mé ag leogaint orm go rabhas ag ithe muicfheola, dubhairt Neill arís i gcogar: “Ná bac an tseana-chráin sin; tá rud éigin fóghanta id' cóir agam-sa. Is í Nóra féin adubhairt liom í 'choimeád duit.” Do thug sí chugham blúire deas caoirfheola. “Uan é seo,” arsa Neill, “& do thógamair de'n teine roimis an chuid eile é mar bhí sé óg. Nách deas briosg é?” “Sin díreach mar atá sé,” arsa mise, “sonuachar chun Nóra: badh mhaith uaithi cuimhneamh orm-sa.”
“As an dteine dá ríribh thugais é, ar a shon soin,” arsa Neill. “Cad 'n-a thaobh?” arsa mise; “an é Bodach na Leacan a bhí ar a thí?” “Éist!” arsa Neill ag gáiridhe: “ná cloiseadh Peig tu. Ní hé, acht alpaire chomh holc leis. Nuair a thógamair é, do leogamair ar an sgiathóig cois an drosúra ag fuaradh é. Cad deire leis an gconartaigh muice atá annsoin, — & go deimhin badh chora dóibh í 'mharbhughadh nuair ná tabharfaidís rud éigin le n-ithe di, — cad deire léi nár árduig léithi 'n-a béal amach é, acht do bhaineamair di thíos ag bun an sgabhait é. Féach, níl rian bualthaigh ná lathaighe anois air. Níor innseamair do Nóra i n-éan-chor é. Acht an íosfair a thuilleadh?” Sul ar fhéadas freagra do thabhairt uirthi, do glaodhadh i mball éigin eile uirthi, & d'éaluigheas liom amach ag brúchtghail. V. Ní póstar daoine ins an áit seo d'éis an dó a chlog sa ló; & ar an adhbhar soin bhí an dinnéar caithte againne sul ar thuit an oidhche. Bhí am go leor ag éinne gur mhaith leis é féachaint i ndiaidh a chapaill, & crích do chur air sul a luightí chun óil. Do chuaidh cuid de sna comharsain a bhaile le n-a
gcapallaibh, & do tháinig teachtairí chun na gcapall a thabhairt ó thuilleadh aca. D'árduigheas féin liom capall Thaidhg & do thugas go dtí an tigh í. “Tabhair isteach sa chistin í,” arsa Máire is í ag crúthadh na mbó san otrainn. “Táim chun na mba d'fhágaint istigh anocht ó ná fuil sa chréatúir féin (Tadhg) aire 'thabhairt ar maidin dóibh, & ní mór dóibh an stábla fútha féin.” Do tharraigeas isteach an capall, & do shuidheas cois na leaptha ag cainnt le Tadhg, & ag innsint cúrsaí an lae dó. Ar ball do tháinig Máire & do dhein sí an suipéar d'ullamhughadh. Níor fhéad Tadhg acht bainne fuar d'ól mar bhí a bhéal ró-thinn fós; & ó ná raibh chun na té acht Máire is mise dubhairt sí nár bh'fhiú dhi an bórd a leogaint amach. Ar chathaoir ar aghaidh na teine do shocruigh sí í. Ní raibh trí shaghas feola ag Máire, acht níor thuit an sugh 'n-a ciotal, ná níor leag sí a cuid aráin leis an muic. Bhí an glanachar aici, an fháilte romham ag an mbeirt, & ní bréag dom a rádh gur mhó de shásamh a fuaras as an sgála té úd ar thaobh na teine, is Tadhg ag draidireacht chainnte ó'n leabaidh, 'ná do bhaineas as “féasta trom” Diar- maid Bháin. D'éis tamall a chaitheamh i dteann- ta Thaidhg, do bhuaileas ó dheas arís go tigh an fhéasta. Bhí an deoch ag dul
thart go mear fé'n dtaca soin, mar chuala clisiam na bhfear, is iad ar bog-mheisge, chomh luath is do thánag i ngoireacht páirce de'n tígh. Nuair shroicheas doras an tighe, bhí fear ar a bhonnaibh ag moladh na beirte óige, is ag iarraidh ar gach éinne a sláinte d'ól ó chroidhe. “Bhí áthas orainn uile,” ar sé, “nuair chualamair go raibh cleamhnas réidh eatortha; bhí áthas orainn ag dul dá dtionnlac sa Bhonán indiu, mar ar cuireadh i gcuíng cléire le chéile iad; tá áthas orainn bheith ag ithe & ag ól 'n-a gcuideachtain annso anocht; & is le barr áthais a bheam annso ar an mbliadhain seo chughainn ar baiste 'ca.” Bhí gáiridhe is lúirigh annsoin ann, & glaodhadh ar Dhiarmaid & ar a mnaoi. Do tháinig Diarmaid & a bhean ag gabháil buidheachais leo. Do bhí ceann na mná óige fúithi, & í ag dul i bhfolach ar sgáth Dhiarmada; acht do labhair Diarmaid go fearamhail & go neamh-náireach. Do mhol sé an chuid- eachta, 'ghá rádh go rabhadar sultmhar grádhmhar le n-a chéile; go raibh an chuid is mó de'n oidhche rómpa fós, & go raibh súil aige go leanfaidís amh- laidh; go raibh an sgioból ullamh chun rinnce anois, & go mb'fhéidir go raghadh na daoine óga amach ann ar feadh tamaill, & annsoin go mbeadh níosa mhó slighe sa chistin ag na sean-
daoinibh chun a gcaitheamh-aimsire féin do bheith aca. As soin amach do bhí an spórt ar siubhal gan sos. Rinnce amuigh, & amhráin is sgéalta istigh, & gáire is greann ins gach éan-bhall. Do bhí sé ag tarrac ar ghlaodh an choiligh san oidhche, & solus na gealaighe ag taith- neamh go gléineach nuair do bhí Diar- muid & a bhean & Nóra, Donnchadh, & mé féin i n-ár seasamh ag ceann an tighe, Donnchadh ag innsint dúinn cionnus mar do bhuaidh sé sa rás ar Sheaghán na Leacan. Faid bhíomair mar sin ag cogarnaigh, mar bhí mórán daoine dá bhfuaradh féin san otrainn san am chéadna, & ag bog-gháiridhe eadrainn féin, do chualamair tuairt chapaill ar cos i n-áirde ag gabháil anoir an bóthar, &, cé ná feacamair é toisg na gcrann a bheith idir sinn & an áit, ag iompáil aníos an sgabhat. Sul a raibh uain againn ar fhocal a rádh do bhéic fiche duine san otrainn in-éin- feacht, is iad i riochtaibh an anama do chailleamhaint le heagla is le huath- bhás: “An Spioraid! An Spioraid! A Dhia na bhFeart; an Spioraid!” Do fuaras féin éan-chat-súil amháin ar chapall dhonn ag gabháil thar dhoras an tighe síos, & caogairle bán 'n-a dhrom. “Capall Thaidhg,” arsa mise: “dailtín éigin do ghoid í.”
Ní raibh an focal as mo bhéal nuair do bhí Diarmaid & Donnchadh thar chlaidhe & ag rith chun an stábla. Do leanas féin & an bheirt bhan óga iad chomh tapaidh is do b'fhéidir linn é, óir cheapamair go mbeadh droch-obair ar siubhal sa stábla gan mhoill. Do bhí an stábla pas maith slighe ó chúil an tighe, & nuair thánag i n-ath- chomhaireacht dó, do chonnac Donnchadh ag tarrac na Spioraide de'n chapall a bhí 'n-a seasamh ag doras an stábla, & do chualadh ag rádh é, & é dhá thachtadh le feirg: “A árd-bhleagáird, mara mbeadh le hurraim dá bhfuil ar láimh anocht againn do stracfainn as a chéile thu. A rí na n-aingeal,” ar sé, nuair do tharraing sé de'n sgathamh an caogairle bán anuas, — “a rí na naomh, bean atá ann, — bean & gan uimpi acht a léine.” Bhíomar go léir 'na thimcheall láithreach. “Máire!” arsa mise. “Níl sé dhá uair a' chluig ó fhágas sa bhaile í.” “Tá an creatúir i laige,” arsa Nóra. “Cad a dhéanfam léi?” “Cuiridh suas ar lochta an stábla í go dtigidh sí chúichi féin,” arsa mise, “&, a Dhonnchadh, rith-se chomh maith is tá sé id' chosaibh chun tighe Thaidhg. Lean an bóthar ar eagla go mbeadh sé ag teacht, & má bhuaileann sé umat,
tabhair annso thar na páirceannaibh é. Níl amhras ná gur rud éigin d'éirigh i gceann na mná boichte seo, go bhfuil sí as a meabhair.” “Cad a dhéanfam má thagann na daoine ó'n dtigh chughainn?” arsa Diarmaid. “Raghad-sa isteach,” arsa mise, “& déanfad neamh-nídh de'n sgéal.” Do tháinig duine de sna mnáibh liom, & do thug sí fíon, éadaighe & solus i gan-fhios léi chun an stábla. Bhí geit i gcroidhe na ndaoine romham. Do chonnaic duine aca teine ag teacht amach as béal an chapaill, & as cúl na spioraide. Thar bhuaic an tighe, adubhairt duine eile, d'imthigh- eadar. Dubhairt an tríomhadh duine go bhfacaidh sé ag imtheacht san aer thar an gcnoc iad, & gur fhás sgeití móra dearga ar an gcapall. Níor shíl éinne aca gur bhí bean Taidhg a bhí ann, 'na céill nó ar buile, & go raibh sí anois ar lochta an stábla. Do thugas cogar d'fhear an tighe, & do theann sé biotáille leis na daoinibh. Ba ghearr go raibh fiche duine aca ag innsint sgéalta ar spioraidíbh i n-éin- fheacht. VI. Níor chuireas aon tsuim ins na sgéaltaibh: Bhíos ar bhearaibh nimhe ag feitheamh le tuairisg éigin ó lucht an
stábla. Bhí fear an tighe buadhartha leis siúd is nár leog sé air é. Fé dheire bhuail Donnchadh isteach is é go meidhreach. D'iarr sé ar an gcuid- eachtain leath-sgéal Dhiarmada do ghabháil, — “Níor mhór,” ar seisean, “do sna cailíníbh somhaltaisí beaga do thabhairt chun mná bhreoidhte ar an mbaile, & níor mhaith le Diarmaid iad do dhul 'n-a n-aonar ann. Is gearr go mbeidh siad chughainn arís.” Do thug sé cogar domh-sa & do shleamhnuigheas amach. Ní rabhas nóimeat amuigh nuair do lean fear an tighe mé & do chuadhamar gan mhoill sa stábla. Bhí lochta cláir air, i n-a gcoimeádtí coirce & féar. Nuair chuadhamar ann bhí Tadhg féin go beo- ghlórach 'na shuidhe & buidéal biotáille ar cheann seana-bhosca aige, & Diarmuid 'n-a aice; Máire & na cailíní 'n-a suidhe ar mhálaibh ann & scálaí té aca. Bhíodar ag gáiridhe & siúd is go raibh ceann Mháire fúithi, bhí sí ag gáiridhe chomh maith leo. “Airiú, a Thaidhg,” arsa mise, nuair do chonnac é féin & fear an tighe ag ól sláinte a chéile an tríomhadh huair. “Cad a dhéanfaidh an béal? Bainfir an croiceann arís de.” “Bíodh an d--l aige, a bhuachaill, ní ag tabhairt éan-ghearra-chainnt duit-se é. Mairfead-sa chomh fada leis an mbéal soin féin.”
“Mairfir go díreach, a Thaidhg,” arsa fear an tighe, “& is iomdha bliadhain le congnamh Dé go sgar- faidh sibh féin le chéile.” “Tá súil agam gur iomdha,” arsa Tadhg, “acht mo choinnséas gur dhóibir go sgarfainn le rud badh mheasa liom anocht 'ná é: 'sé sin, an créatúir mná soin ar an mála … Féach, a Ghruagaigh,” ar sé, “cé'ca is deise a thagann gúna Nóra dhi ná an éide bhán úd a bhí uimpi ó chianaibh?” “Ná bac an éide,” arsa mise, “acht ar ghrádh Dé & innis dom cad éirigh díbh sa bhaile, nó cad do thug annso mar seo sibh?” “O, déanfaidh an capall tuilleadh dho” arsa Máire, “thar a sgaraidh sé léi.” “Tá eagla orm go ndéanfaidh,” arsa Tadhg. “Níor bh'éin-nídh í 'bheith ag ithe tobac sa bhaile, acht níor mhór di teacht annso ar bholaithe biotáille, & tabhairt fé bhaintreabhaigh a dhéanamh díom 'n-a theannta soin.” “Agus imtheacht ins na daoinibh maithe le Máire,” arsa Diarmaid. “Níl éan-truaigh agat dúinn, a Thaidhg,” arsa mise; “lean ar an sgéal nó tuitfead amach leat.” “I lár na hoidhche,” arsa Tadhg, “d'éis tusa dár bhfágaint do tháinig tart orm; & nuair do chuireas sain i n-iúil do Máire do phreab sí 'n-a suidhe
chun deoch d'fhághail dom. Nuair d'osgail sí doras an “rúma” do chonnaic sí go raibh an capall sínte sa tslighe uirthe. Do mhachtnaimh sí go raibh an capall d'éis turas fada do chur isteach an lá soin, & go raibh sí tuir- seach dá dheasgaibh. Dá bhrígh sin níor mhaith lei í dhúiseacht, & 'sé rud do dhein sí ná a cos do chur tháirse chun gabháil ós a cionn suas chun na teine. Acht díreach chomh luath is do bhí Máire & cos léi ar gach taobh de'n chapall do léim an capall 'n-a suidhe, & d'árduigh sí Máire ar a drom léi, & gan uimpe acht a léine codlata.” “Do rug sí greim an duine bháidhthe ar mhuing uirthe, & do chuir sí béic aisti do dhúiseochadh na mairbh. Do léimeas im shuidhe & siúd suas mé. “A Mháire, Mháire,” arsa mise, “cad d'imthigh ort, nó cá bhfuil tú?” “Táim annso,” arsa Máire, mar a bheadh sí thuas ag na madaíbh trasna. Siúd ag cuardach di ar fuid na cistean mé. “Annso, annso,” arsa Máire. “Cá' n-ad? Ca' n-ad?” arsa mise. Lean Máire ar bhéiceach agus mise ar chuardach sa doircheadas. An deamhan nídh do gheobhainn le lasadh ann. Fé dheire d'osgalas isteach an doras, mar bhí a fhios agam go raibh an ré ag taithneamh. Do bhí an capall ag casadh tíompal istigh,
mar bhí iongna uirthe cad iad na speabhraídidhe a bhí ag gabháil do Mháire; agus b'é toil an tsaoghail nuair osgalas an doras gur siúd amach an capall. Do chuimhnigh sí ar an bpeataireacht do fuair sí annso ar maidin agus um thráthnóna, agus do dhein sí fé n-a dhéin. “Tabhair rud do'n pháisde is tiocfaidh sé mbáireach.” B'in é dhálta ag an gcapall. Níor leogas uaim chomh bog soin í ámhthaigh. D'aithnigheas annsoin cá raibh Máire, mar chonnac i n-achrann sa mhuing í; acht bhí an doras chumhang agus ní fhéadfainn dul ar cheann an chapaill. Ní raibh éan bhac orm breith ar iarball uirthe ámhthaigh. Agus do rugas go dlúth, docht. Amach an doras, & tríd an otrainn linn, — “reobhais, reobhais!” ag Máire, faid a bhí innte labhairt; agus “mhaoi, mhaoi!” agam-sa. Acht níor thaithn an port soin leis an gcapall go háirighthe; mar badh ghearr gur chuir sí ins na cosaibh go dian, agus gur chaitheas-sa sgaoileadh léi. Do bhí easpadh na mbróg ag goilleamh orm leis. D'fill- eas isteach agus do chuireas umam mo bhalcaisidhe, agus do leanas an marcach chomh dian is dob fhéidir liom é. Do bhíos i riochtaibh an anama do chailleamhaint le barr saothair nuair a bhuail Donnchadh ionnam ar an mbóthar agus d'innis sé dhom go raibh Máire
ar lámh na sábhála. Do ghabhamair trasna na páirce a leith, & támaoid annso ó shoin.” “Támaoid ró-fhada ann,” arsa Maire, “ag coimeád ár gcomhursan ó'n a gcuideachtain.” “Na habair é,” arsa fear an tighe. “'Sé an sgéal is iongantaighe do chualadh riamh é; agus, a Mháire, is mór an sgannradh do fuarais.” “Ní bhfuaireas, ní ad bhréagnughadh é,” arsa Máire, “mar ní cuimhin liom pioc de ó fhágas an doras. Beidhmid ag imtheacht anois. Tabharfidh an Gruagach an mí-ádh capaill sin roimis ar maidin, agus geobham féin an comhangar soir. Fágfam sgéal na spioraide mar atá sé, óir ná feacaidh éinne eile sinn. “Go dtugaidh Dia saoghal soghmhach díbh-se, a lánamha nuadh-phósda; go mairidh sibh ag á chéile, & go seachnaidh Sé ar dhroch-spioraidíbh an tsaoghail seo agus an tsaoghail eile sibh.” (Críoch),
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services