Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annála na Tuatha. Cuid a Dó.
Title
Annála na Tuatha. Cuid a Dó.
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Cois na Teineadh / Gruagach an Tobair
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR THÓRRAMH SHEANA-SHÉAMUIS. “GRUAGACH AN TOBAIR,” do Scríobh. I. Tráthnóna fé dheire cia bhuailfeadh chugham isteach ach Tadhg na gColpaí ó Chnoc an Leasa, carabhat cluthar fé & maide téagartha 'n-a láimh. D'aithnigheas go raibh fonn siubhalóide éigint air. “Ná cualaís,” arsa Tadhg ag freagradh na ceiste bhí ar bharra mo theangan, “Seana-Shéamus atá fé chlár anocht & táim ag dul ar an dtórramh. Is fearra dhuit dul lem' chois ar feadh tamaill.” “Go ndeinidh Dia an trócaire air,” arsa mise, “raghad ann gan amhras. Is 'mdhó sgéal fiannuidheachta breágh blasda d'innis sé riamh dam; & b'olc an díol fiacha agam é mara dtéidhinn anois & paidir a rádh ós a chionn.” “Gluaisimís orainn mar sin,” arsa Tadhg, “sula mbeiridh an duibhe-ré orainn.” “Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh sin go rabha- mair cois tighe an tórraimh. Bhí comhursain nach sinne ag dul isteach san am chéadna.
Ní dubhairt éinne againn “Dia annso isteach,” ná “go mbeannuighidh Dia dhíbh,” ná aon nídh mar sin, ach do chuamair isteach go ciúin i ndiaidh a chéile, & do leigeamair ar ár nglúinibh sinn féin i bhfiadhnaise an mhairbh, & d'ofrálamair paidir chun Dé dá iarraidh Air anam an té bhí i láthair a thabhairt saor, “ó lic na bpian & trí phian- taibh Progadóireachta.” D'éis éirighe 'nár suidhe dhúinn deineadh slighe dhúinn ar fhórmaíbh fada bhí le taoibh an fhalla sa chisdin. Bhí an marbh leigthe amach ar shuidheachán bhí i gcoinnibh an fhalla ar aghaidh an dorais isteach — a cheann chun na teine & a chosa chun an drosúra. Bhí aibíd uimis, & Paidrín 'n-a láimh dheis. Le n-a chosa ar sheilp-íochtair an drosúra bhí chúig cinn de choinlibh ar lasadh; & an chuid eile de'n tseilp lán de phíopaíbh is tobac ionnta. Ar chosaibh an mhairbh bhí pláta sníse, & seana-chomráda dhó 'n-a shuidhe ar chathaoir cois an drosúra. Nuair bhíomair suidhte d'éirigh an seanduine seo, & do shín sé píopa nua chun gach éinne againn. 'Na dhiaidh sin tháinig sear an tighe, mac Sheana-Shéamuis, & d'fháiltigh sé rómhainn i
gcogar ag labhairt focail nó dhó leis gach éinne againn fé leith chómh fearamhail deagh- mhúinte is do dhéanfadh mac an ríogh féin. “Ní maith liom tú bheith chomh ciúin is taoi anocht, a Dhonnchadh,” arsa fear an tighe le pasdaire fir cnag-aosta a bhí 'n-a shuidhe cois na teine, “agus is dóigh liom dá mbéadh san té atá imthighthe uainn a chás a chur i n-umhail dúinn nár mhaith leis é acht chomh beag. Innis sgéal nó rud éigin a chuirfidh an oidhche i ngearracht do sna comhursain.” “Go deimhin, a Dhomhnaill, ní rabhamair ciúin. Bhíomair gach éinne ag innsint do'n chuid eile an cruaidh-chás is mó rug riamh air, ach do stopamair an chainnt faid bhí muinntir an Chrostaire ar a nglúinibh.” “Is maith é sin,” arsa Domhnall, “ach leanaidh de. Breac-stróinséarach i n-ár measc is eadh an Gruagach annso, & bíonn sé ar scriopaidh cun scéalta mar sin a chlos.” “Agus tú féin, a Dhomhnaill,” arsa mise, “taoi leath-mharbh ó bheith id' sheasamh. Suidh annso liom-sa & éist le cruaidh-chás Dhonnchadh. Gabhaim-se orm gur fiú é chlos.” “Ó, b'fhéidir go bhfuil dearmhad ort, a
Ghruagaigh; níor rug aon chruadh-chás mór riamh mise, buidheachas le Dia, ach tá beirt rómhainn fós, Seán Liath & Mícheál Caoch. Seadh 'nois, a Sheáin, ná coimeád ag feitheamh sinn.” Seanduine beag teósdalach do b'eadh Seán & bríste glún air. “Tá fhios ag bhur bhformór,” arsa Seán, “go rabhas-sa fiche bliadhain ó shoin níos óige ná táim anois. Tar éis mo theacht a bhaile ó'n Aifreann tráthnóna Domhnaigh sa gheimhreadh thimcheall san oiread san bliadhanta ó shoin, do thugas fé ndeara ná raibh mo sheana-bhean istigh léi féin.” “Maith an teacht agat é, a bhrealláin,” ar sise, “sceartán ort ó dhrabhfuigheal pórtair, is gan fód móna fé dh'iadh an an tighe agam-sa i gcóir na hoidhche, mé ann so ag tuitim leis an saoghal a d'iarraidh ba do cheangal is leanbh i n-acharann díom, is tusa —.” Ach ní chualadh a thuilleadh mar bhíos imthighthe, cliabhán ar mo ghualainn is mé ag dul go port Charraig Fhada an Staincín ag iarraidh cliabháin mhóna. Cé go raibh an port leath-mhíle ó'n dtigh suas an cnoc & an oidhche tuitithe do shroicheas é gan bascadh ná barra-thuisle d'fhagháil, agus
bhíos anuas an Eisc Leathan ag teacht go meidhreach san mhóin aniar orm nuair chualadh “mí-amha” thíos ins na Cabhna Dubha, & ar nóimeat, 'n-a dhiaidh “mí-amha” dá fhreag- airt thiar ag Cúm na Bolgaighe. Do sheasamh an ghruaig ar mo cheann & do rith codladh grífín síos trí chnámh mo dhroma go bonn mo chos.” “Na cait fhiadhaine,” arsa mise, “táim réidh anois nó riamh.” “Do b'fhíor dom. Ba ghearr go raibh ‘mí-amha’ & ‘mí-amha eile ann. Badh dhóigh leat gur thuas san aer bhí cuid aca & tuille aca thíos fé thalamh. Im dhiaidh & ar gach taobh dhíom bhí an mheannlaidh ag dul i dtreise & ag teacht níos athchumaire dhom.” “A-bhaile,” arsa mise, “sul a dtigidh siad mór-thimcheall orm. A-bhaile, chun na seana-mhná; dá dhonacht í is measa iad so go mór. Siúd ag cur is na cosaibh mé, & siúd an uaill im' dhiaidh. Níos tréine, níos géire anuas an cnoc liom & an cliabhán ar mo dhrom. B'é toil an tsaoghail go raibh an doras ar dearbh-leathadh romham. Do chaitheas isteach mé féin.” “Na cait! an cliabhán! a Mháire, tóg
díom é,” arsa mise i n-deireadh na preibe “A Dhia na bhFeart,” arsa Máire, “cad d'imthigh ort nó cá bhfuil an cliabhán? Sin é a úmpar (iomchur) féd' ghiall agat, acht tá an cliabhán caillte agat.” B'fhíor dí. Do shuidheas ar an suidhistín. “Tá mo chosa tinn,” arsa mise, “bain díom mo bhróga.” “Ach an deamhan baint, mar ná rabhadar orm chuige — bróg ná baimpéis stoca, acht amháin uachtair na mbróg a bhí ós cionn mo dhá ghlún ó bharr reatha & droch-úsáide. “B'in cruadhtan agaibh,” ar seisean ag féachaint timcheall orainn. “Do b'eadh, go díreach, a Sheáin,” arsa fear an tighe, “& mara mbeadh an braon pórtair is baoghlach ná tabharfá t'anam uatha.” “Is fíor dhuit,” arsa Seán, “níl éin-nídh mar bhraon biotáille chun spiona a chur i nduine.” “Do chruadh-chás-sa anois, a Mhíchíl,” arsa Donnchadh. “Ní dom féin a theangmhaidh an cruadhtan so”, arsa Mícheál, “acht dom' shean-athair. Is iad cait Sheáin a chuir i gcuimhne dhom é.
“Ar an mbaile gcéadna so do bhí poitín dá dhíol ag Neil na deachmhaidhe, & go deimhin is 'mdhó mí-chlú nách é do lean de Neil & dá cómhluadar. Oidhche spéir- ghealaighe timcheall na Nodlag, bhí roinnt fear ag ól i mbothán Neil, & as an ól do thosnuigheadar ar bhladhmann & ar mhuidheamh a gcuid laochais is gaisce ar a chéile; bhí mo shean-athair na measc. “Anois,” ar sé, “tá dhá cheig de'n bhuachaill annsoin ag Neil, & cuirfead mar gheall le héinne agaibh é, nó libh go léir, go raghad amach anois gan ghunna, gan chlaidheamh, gan fiú cipín maide, & go dtabharfad machtíre 'n-a streille-bheathaidh isteach cughaibh, sara mbeiridh glaodh an choiligh orainn.” Bhí an geall thíos láithreach. D'fháisc mo shean-athair carabhat reamhar olna cúpla uair timcheall a scórnaighe, & siúd amach é. Siar an Doire Dubh leis, suas Faill na bhFraochán, amach an céim Deasg, & níor stad sé gur shroich sé na Mongacha Bána, marar chaith sé é féin ar a thár i n-áirde mar bheadh sé 'n-a dhubh-chodladh. Níor bh'fhada gur airigh sé an t-ainmhidhe ag
smúisigheal 'n-a thimcheall & ag druidim isteach leis i ndiaidh ar ndiaidh chun gur chuimil sé a chuincín fuar fan a leacain. Is deabhrthach go raibh sé sásta, mar d'imthigh sé tamall siar & do seasaimh sé ar thúr- tóig & do chuir sé scol-ullagán as. I gcionn nóimit bhí a chomráda i n-éinfheacht leis. Comh luath is bhí an machtíre imthighthe do phreab mo shean-athair suas ar a chorra-ghiob, & do shín sé siar arís — a cheann anois mar a raibh a chosa ó chianaibh, & a chosa mar a raibh a cheann. Siúd anuas an dá mhachtíre. Níor dheineadar aon smúisigheal anois, ach léimeadar fé dhein a scórnaighe, mar shíleadar, & do chuireadar na fiacla i n-acharann 'n-a dhá bhuaitis. Le n-a linn sin do lámhuigh mo shean-athair gach ceann aca ar stompa erbaill. Seo 'n-a shuidhe go tapaidh é, & do sháith sé an dá mhachtíre roimis amach trí gach bóthar is acharann gur chuir sé ar an dteinteán ag Neil na deach- mhaidhe iad, & do rug sé an poitín.” “Do b'éachtach an gníomh é,” arsa fear an tighe, “agus anois, a Dhonnchadh, innis-se dhúinn an cruadhtan is mó rug riamh ort-sa, & ó tá sé ag tarrac ar an meadhán oidhche
beam ag braith ar an ngruagach chun an choróin pháirteach a rádh 'n-a dhiaidh.” “Nuair bhíos-sa im' gharsún,” arsa Donnchadh, “an deich nó dosaon bliadhan do cheap m'athair, go ndeinidh Dia an trócaire air, go raibh adhbhar scoláire ionnam, nó b'fhéidir adhbhar sagairt, & do chuir sé ar scoil mé. Níor fhágas an Gleann i n-a rugadh mé riamh roime sin, & ní raibh éin- sceón ná eagla agam roim mháighistir scoile ach chomh beag is do bhí roim aon fhear eile go mbeadh ceann is cosa air. Nuair shroicheas an scoil bhí cuid de sna garsúin romham 'n-a suidhe, cúigear nú seisear aca 'n-a seasamh i gceann na scoile, & fear duairc, is smuilc dhearg gheanncach air, is é ag féachaint tríd an bhfuinneóig amach, 'n-a sheasamh 'n-a n-aice. Ní ag féachaint amach bhí sé i n-éan-chor, ach is amhlaidh a bhí fiar-shúil aige ach ní raibh a fhios-san agam- sa. “Tar aníos annso chugham,” ar sé, agus é mar shíleas ag féachaint amach. Ní fhaca éinne ag teacht. “Tar aníos,” ar seisean, “má tá aon mheas ar do chroiceann agat.” Nuair ná raibh éinne ag teacht, & nuair
chonnac ag lasadh suas le feirg an máighistir, & na garsúin ag priocadh a chéile, dubhart go neamh-eaglach, “Mhuise, a Máighistir, b'fhéidir gurab amhlaidh ná cloiseann sé tú, raghad amach & glaodhfad air.” “Cé air?” ar san máighistir & é 'ghá thachtadh le buile. “Ar an té tá amuigh go bhfuileann tú ag glaodhach air,” arsa mise. Aililiú siúd chugham ar nós tairbh buile é. Bíos 'n-a chrúcaíbh láith- reach. Ní cuimhin liom puinn dá ndubhairt sé, ach is ró-mhaith is cuimhin liom ar dhein sé — & measaim go raibh cuimhne aige-sean leis ar feadh abhfad ar cad do dheineas-sa. Fuair a loirgne é chómh tréan is d'fhéadas é, & b'é toil an tsaoghail go bhfuaras a órdóg idir m'fhiacla sa deireadh. Ní dóigh liom gur bhuail sé éinne le láimh na hórdóige sin go cionn mí n-a dhiaidh sin. Im' thaobh féin do shnámhas a-bhaile a chuma éigin, & do spalpas an leabhar breac go lámhachfainn éinne, dá mb'é an Pápa é a thabharfadh scoil do mháighistir go mbeadh fiar-shúil aige.
II. Nuair bhí an Choróin Mhuire ráidhte d'im- thigh formhór na ndaoine a-bhaile. Ní raibh gleó na tuairt ag imtheacht aca. Is amhlaidh do shleamhnuigheadar leó 'n-a nduine is n-a nduine, & níor mhothuigheamair go raibh an teinteán breac-fhollamh. Níor fhan ann, taobh 'muigh de lucht a' tighe féin, acht na comhursain ba ghaire dhóibh & daoine muinn- teardha. “Druididh le chéile,” arsa fear a' tighe, “agus téidhidh i ngaobhar na teine. Beidh an oidhche ag dul i nglaise as so amach.” Do dheineamair rud air, & d'éirigh an seanduine a bhí i bhfeidhil an tobac fan na oidhche cois an drosúra agus do shuidh sé i n-ár measg. Seanduine beag suarach le féachaint air do b'eadh é, agus sronán ann. Ní thuisfeadh éinne an uair sin do gur bh'é a dhírigh liathróid ins gach aon bháire comórtais do himreadh sa pharóiste le fiche bliadhain le n-a linn. Dob' é ar a shon-san, & is air dob fheárr a dhíol é. Bhí tapa an chait ann, & é chómh cruaidh le hiarann. “Tá leath-chumaig déanta againn ar Dhiarmuid Óg,” — b'id í ainm an tseanduine
bhig, — arsa fear a' tighe. “Ní hé amháin go bhfuil a chosa 'n-a lic oidhre ó bheith ar aghaidh an dorais isteach, acht bhí sé ró-fada síos uainn chun na sgéalta breághtha bhí ar siubhal ó chianaibh a chlos.” “Tá baoghal mór orm, go deimhin!” arsa Diarmuid. “Agus i dtaobh na sgéal- ta, níor chailleas focal díobh ó thúis go deireadh. Sé bhí agam dá chuimhneamh nuair chualadh na cruadhtain go léir dá léiriughadh ná raibh ionnta uile acht neamh-nídh seachas an t-anaithe do fuaras fém i gCnoc na Léime mórán bliadhanta ó shoin. “Is ar na Muillíníbh i bParóiste an Bhonáin thuaidh annso,” arsa an seanduine, — mar níor iarr sé aon tathant chun a sgéil d'innsint, acht do chrom sé a cheann & d'féach sé go géar isteach sa ghríosaigh chómh maith is gur léi bheadh sé ag caint. “Is ar na Muillíníbh do bhíos-sa im chómhnuidhe sa droch-bhliadhain. Á! a chómhursana, Dé beathadh grásda Dé, b'iúd i bliadhain na hatuirse. Nár leogaidh Dia go bhfuil a leithéid de sgiúirse is do fuair créatúirí bochta an uair sin 'n-a gcóir choidhche arís. Bhí sé a' tarrac amach ar lá 'le Pádraig
nuair chualadh go dtánaig long thar lear le hualach prátaí go Beanntraighe. B'iúd iad na prátaí daora. Ní raibh leigheas air sin ámhach. B'éigin iad do sholáthar i mball éigin, mar ní raibh creachán chun síl fé dhia'n tighe. Do bheartuigheas me féin chun dul fé dhéin na luinge. Do shocruigheas phéire cliabhán dúnta sa tsrathair ar láirín ruaidh a bhí agam, agus bhuaileas suas Bóthar na Léime. Níor dhearmhaid Máire, go ndéinidh Dia an trócaire uirthi, lón beag mine coirce do chur sa spaga chugham, i gcás go mbeadh min is bainne i mBeanntraighe agam, mar ní raibh aon trácht ar thé an uair sin. Nuair shroitheas an long, bhí mórán daoine timcheall uirthi ag brúth a chéile ag iarraidh prátaí. B'fhada gur féadadh frio- thálamh orm-sa. Sular fhágas an tsráid lem' árd-ualach bhí an oidhche ag tuitim. Do phriocas liom fé dhéin an bhaile chomh géar is do b'fhéidir liom é, mar ní raibh ann acht leath gealaighe, & bhí eagla orm go mbéar- fadh an duibhe-ré sa chnoc orm. Do chuireas díom mear go leór faid bhí an bóthar socair agam, acht nuair rug an cnoc orm, do ghoíll aoirde agus iomard an bhóthair i
dteannta an ualaigh chómh mór san ar an láirín go raibh sé a' tarrac ar an meadhán oidhche sular shroicheas an mullach, agus, rud ba mheasa ná san, bhí an ré ag dul fé. Is uaigneach an áit é mullach na Léime, dá mbadh i lár an lae bhuídhe ghréine é. Ní raibh teasdal mórán daoine riamh ann: agus ó deineadh an bóthar nuadh is annamh a ghabhann éinne i n-éan-chor tríd. Bíonn an ghaoth ag sguabadh go siansach timcheall na mullaighe, agus ní'l tigh i ngiorracht trí mhíle ó aon taobh do. Is tríd an mbóthar so do bhí na saighdiúirí dearga i ndiaidh an tSagairt fad ó, agus nuair bhíodar ghá shárughadh ar mhullach an chnuic ba leónughadh ó Dhia gur éirigh sé san aer uatha agus gur chuaidh sé de'n léim sin go Dún na mBárc cois Bheanntraighe. Is ó'n “léim” míorbhúilteach soin a thug an sagart do glaodhadh Bóthar na Léime air. Tamall beag síos romham ó'n mullach 'seadh tá an áit i n-ar marbhuigheadh an ceannuightheóir bocht. Do fuarthas a chorp ar maidin ann agus a sgórnach gearrtha. “Á! sin é an leacht cois an bhóthair,” arsa mise liom féin. “Caithfead cloch a chur ann.”
Do chuadhas thar ghruadh an bhóthair chun na cloiche d'fhagháil, mar níl sé éirightheach d'éinne gabháil thar leacht gan cloch do chaitheamh uirthi. Nuair chromas chun í thóg- aint do shíleas gur chorruigh rud éigin sa bhfraoch ós mo chionn — b'fhéidir ná raibh ann ach mada ruadh; ach níor bheag soin. Do sheasaimh gach ruibe gruaige bhí ar mo cheann 'na coilg-sheasamh le heagla. Do chaitheas an chloch sa charn ar a shon-san, agus dubhart: “Cloch sa leacht chun é chur ar mo leas, Le hanam m'athar is mo mháthar, Is le hanam an té cailleadh san áit sin.” Chuir glór na cloiche ar an gcarn sgeón sa láirín. Thug sí preab, agus do bhris an scarán feallthamhail do bhí i n-iomchar na gcliabhán, & siúd mo chuid prátaí le fánaidh. Ní fheadar cé'ca ar mo cheann nó ar mo chosaibh do bhíos im' sheasamh. Níor dheineas aon mhachtnamh. Ní fhéadfainn aon mhachtnamh a dhéanamh. Ní raibh braon fola im' chorp ná raibh bailighthe 'n-a hualach timcheall mo chroidhe. Acht mo phrátaí beaga, — mo phrátaí beaga daora! imthighthe le fánaidh an chnuic, — imthighthe d'éis mo thrioblóide, — imthighthe is gan agam acht iad!
Do thugas sgiúird reatha 'n-a ndiaidh síos agus chromas ar iad do phiocadh. Ní rabhas abhfad ar mo chromardha nuair mhoth- uigheas ná rabhas im' aonar. Ní hamhlaidh d'airigheas aon nídh, acht bhíos lán-siúrálta go raibh samhail éigin ag faire orm. Bhí mo lámh ar bailli-chrith, is mo cheann ar fiuchaidh. Fuar-allus ag rith 'n-a shruthaibh anuas liom. Bhí an leacht ós mo chionn thuas. Dá saoradh sé ó'n mbás mé, ní fhéadfainn gan féachaint uirthi. Do thógas suas mo cheann, & ní fheadar cé'ca ar mo radharc a bhí sé, nó cé'ca bhí sé ann dáríribh, acht do chonnac fear mór árd i n-a sheasamh ar mhullach na leachta ag féachaint anuas orm. Bhí a sgórnach gearrtha, is é a' tabhairt a chuid fola ar nós an bheithidhigh allta, agus do shíleas go dtí san ná raibh sé i bpianta Ifrinn féin a leithéid de sgannradh do chur sa pheacach is do bhí léirighthe 'n-a chonntonós uathbhásach. Do leogas sgread asam mar a sháithfidhe le sgiain mé, agus siúd anuas an cnoc mé. Anuas an bóthar ar tí mo chnámha bhriseadh. Ní raibh éan-chuimhneamh ar an láirín agam, agus bhí sé chomh maith agam gan a bheith, mar
bhí sí imthighthe abhfad romham. Leath-slighe anuas ar thaobh an chnuic tá reilg Dhroma Fochtna ós cionn an bhóthair. B'fhéidir le duine bheadh istigh sa reilg a lámh do chur ar cheann an té bheadh ag gabháil an bhóthair. Nuair a shroicheas an ball sin, bhí na céadta dubha 'n-a seasamh ar an bhfalla, róbaí fada gléigeala ortha, & iad ag liúirigh: “Diarmaid óg's a' ceannuightheóir 'n-a dhiaidh! há, há, há! Béarfaidh sé ort, a Dhiarmaid, Ní bhéarfaidh, a Dhiarmaid: thuit an ceann de, há, há, há! Cá bhfuil an sgian, a Dhiarmaid? Caith chuige an t-airgead.” “An muirdréir feallta!” arsa scaoinse mór fada i bhfoirb mná 's a gruaig ar sileadh léi. “Siubhlaimís go léir 'n-a dhiaidh!” Agus do léimeadar uile anuas chugham, mar do léimfeadh scata faoileann san uisge de sgreig cois fairrge. Bhí mo ghnó-sa déanta. Do thuiteas im' mheaig ar an láthair sin. D'fhan Diarmaid ar feadh abhfad na dhiaidh san ag féachaint sa ghríosaigh is gan gíog as. Níor chuireamair chuige ná uaidh.
Do leogamair dó féin. Siúd is ná dubhairt éinne againn leis an gcuid eile gur chuir sgéal Dhiarmada uaigneas air, ní dóigh liom go rabhamair saor. Do dhruid- eamair chun a chéile go háirithe, agus is dóigh liom go bhfeaca Tadhg na gColapaí ag tabhairt súil-fhéachaint anonn chun an tsuidheacháin. Ní dóigh liom go gcuirfeadh sé aon iongnadh air dá bhfeicfeadh sé an corp ag preabadh aníos chughainn. I gcionn tamaill do labhair Diarmuid arís. “An té d'fhéadfadh an sgéal a chríoch- nughadh tá sí ag tabhairt an fhéir, fóríor! Nuair tháinig an láir a-bhaile, do ghlaoidh Máire ar a dearbhráthair, — do bhí an dá thigh san aon otrainn, — agus do chuadar im' chuardach. B'é toil Dé gur théar- nuigheas, acht bhí na prátaí beaga úd fé bhláth sara bhfeaca-sa arís iad.” “Mo choínséas,” arsa Tadhg, d'éis Dhiar- mada dhul síos uainn i bhfeidhil an tobac, “Mo choínséas ná féadfad cuimhne fhir na scórnaighe chur as mo cheann anocht. Ní'l faill as so go Gort a' Leasa nach dóigh liom go bhfeicfead ar a mullach é nuair bhead ag dul a-bhaile.”
“Badh mheasa chugham-sa spioraidí Dhroma Fochtna,” arsa duine eile. “A' gcualaís mar d'eitiolladar anuas de'n fhalla ar an bóthar chuige?” “Agus róbaí geala ortha,” ar san trío- mhadh duine. “Ar nós sgata faoileann ag gárthaigh de dhruim éisg,” arsa fear ó'n gCrostaire. “A Rígh na bhFeart, is iongnadh nár thuit an t-anam ar fad as. Acht, caithimís uainn é mar sgéal. Sin é an GRUAGACH annsain fan na hoidhche 's a bhéal ar leathadh aige ag éisteacht. Cuirimís fé gheasaibh é sgéilín sultmhar d'innsint dúinn anois. Déin, a Ghruagaigh, ar ghrádh an tsaoghail; ní fhéad- fainn an píopa a tharrac le heagla.” “Do chuir árd-ualach Dhiarmaid Óig i gcuimhne dham, a Sheagháin,” arsa mise, “cruadhtan áirithe do rug ar t'athair féin, agus ní hé amháin ar t'athair, acht ar mhuinn- tir an Chrostaire Mhóir ar fad; acht ní dóigh liom go mbeitheá ró-bhuidheach dhíom dá n-innsinn é.” “Cad n-a thaobh? An amhlaidh a thabhar- fadh sé náire do mhuinntir an bhaile? Má's
eadh, maithfeam an náire dhuit ar son an phléisiúir.” “Bíodh 'n-a mhargadh mar sin,” arsa mise. “Ní gádh dhom a chur i gcuimhne dhíbh go raibh an Gleann mór so go léir, agus ní fada ó shoin é leis, gan éan-bhóthar ag gabháil tríd. Tá na cnuic árda so ar thaobh de, agus coill an Tighearna ar an dtaobh eile. Níor bh'fhéidir bóthar a dhéanamh chuige acht trí choill an Tighearna, agus ní leogfadh an Tighearna aon bhóthar a dhéanamh trí n-a choill. Ní raibh aon chapall ar an gCros- taire mór, pé i nÉirinn é. San am soin thárla go raibh t'athair-se, Sean-Dhómhnall Crón, Lá 'le Muire Fhogh- mhair ag díol chaorach ar aonach Neidín. D'éis na gcaorach do dhíol, do bhuail sé thríd an aonach dó féin. Bhí banbhaí ag sgréachaigh i dtrucaillíbh ann, caoirigh ag méiligh ar taobh de'n tsráid, agus gabhair ag meigiollaigh ar an dtaobh eile; tinn- céirí is asail ag comhchoímhlic le chéile, féachaint cé'ca treibh do b'fhearr chun béic- eacht'; fear na méarachán thall, is ciach air ó bheith ag callaireacht; agus Seaghán Saor go beó-ghlórach abhfus ag fógairt a chuid
margaidhe i sean-éadach. Acht rud ba mheasa 'ná iad uile, bhí ceithearnaigh Thith- bhósiosta is Ghleanna Ruachta ag tomáint ghraigíní capall síos suas ar cos i n-áirde, ar tí chnámha na ndaoine mbocht do bhriseadh. “Dar so nó súd,” arsa Domhnall leis féin, nuair ba dhóbair go leagfadh stráille marcaigh aca so, agus bríste stracaithe air, sa lathaigh é, — “dar so agus súd, ná beidh do leithéid-se ag magadh a thuilleadh fúm- sa. Nár fhaghad tairbhe mo sholáthair mara mbeidh capall chomh maith is tá ag éinne agaibh ag dul a-bhaile agam.” Is ceart a chur síos go raibh fonn le fada roimhe sin ar Dhomhnall capall a cheannach, ach pé'ca an lag-choráiste nó a dheacaireacht leis scaramhaint leis an airgead do choisg é, níor bhac sé leis go dtí so. Do ghriog an droch-úsáid do fuair sé ó fhear an bhríste stracaithe i dteannta an bhraoin a bhí ólta aige chomh mór soin anois é, go raibh seilbh chairiúin cheannainn faghálta ó thinncéir aige i gcionn chúig nóimití ar chorruigheacht is trí púint. Is é ag árdach bhlúire lathaighe ar bhianadh a mhaide chun an ainmhidhe do chomharthughadh,
d'fhiafruigh sé do'n tinncéir cad é an t-aos a bhí an cairiún. “Tá sé ag éiriughadh an seacht,” ars an tinncéir. Le n-a linn sin thairg stracaire a bhí ag gabháil thórsa stiall dá éill ar an gcairiún fan na gcos, agus ag cur sgearta gáire as, dubhairt sé “Four-times seven.” “Cé hé an diabhalamhnach úd, nó cad dubhairt sé?” arsa Domhnall. “Ó! cara dhamh-sa é siúd,” arsan tinn- céir. “Sin í ainm a' chapaill adubhairt sé. Ba dhóbair go ndearmhadainn í innsint duit.” “Siúd is gur mhaith uaidh í chur i n-umhail dúinn,” arsa Domhnall, “badh dhóigh liom nár ghádh dhó an capall bocht do ghortughadh. Four-times seven; four-times seven. Is ró- dheas an ainm í.” Bhí sé d'éis na hoidhche do thuitim sarar shroith Dómhnall an Crostaire leis an gcairiún ceanann. Do fheistigh sé i ngáirdín daingean fé bhun an tighe é, agus do rith an ráfla amach gur cheannuigh Dómhnall Crón capall. Níor thuit néal codlata ar aon tsúil ar an an dá Chrostaire
an oidhche sin. Ba mhoch ar maidin do bhí cossumar mór bailighthe ar chlaidhe an gháirdín. Siúd is ná rabhas féin an uair sin ach im' ghlór-i-gcóitín ní raibh puinn ar an gclaidhe romham. I gcionn tamaill bhuail Domhnall amach chughainn. Ní raibh uimis ach a bhríste 's a léine. A bhríste Domhnaigh do b'é leis é, agus an léine gheal do bhí ar an aonach air. Is é bhí go mór- dhálach, a cheann san aer aige; agus badh dhóigh le duine ná raibh aon chuid de Phails, a sheanabhean, aige do bhí a' sodar 'n-a dhiaidh. “Go dtugaidh Dia tairbhe do chapaill duit, a Dhómhnaill,” arsa na comhursain ar fad. Bhí an cairiún ag innbhíor do féin i lár an gháirdín. “An bhféadfá breith air, a Dhómnaill? arsa duine leis. “Breith air!” arsa Dómhnall, “tá sé cómh macánta le huan, Dia dhá bheannachadh,” agus do léim Domhnall thar claidhe isteach. Níor leog an cairiún air go bhfeaca sé é. Do dhruid Domhnall chuige agus a lámh sínte amach aige, “tar i leith chúgham; fan liom a chréatuir; mo ghraidhin mo chréatuir!”
arsa Dómhnall chun go raibh sé ag ceann an chairiúin. Nuair shíleamair uile go raibh beortha aige air, faid bheitheá ag dúnadh do shúl ní raibh an cairiún ag iompáil a dheiridh leis. Ghaibh Dómhnall timcheall air arís, agus “mo ghraidhin an créatuir” ar siubhal aige, ach b'é an sgéal céadna é. Nuair bhíodh Dómhnall ar tí a láimh do chur n-a mhaing, do thugadh an cairiún casadh dho féin go cliste, agus bhíodh Dómhnall n-a sheasamh ag á chosaibh deiridh. “Ní fheadar 'on domhan,” arsa buachaill ar an gclaidhe, “ach ní dóigh liom go bhfuil tú ag glaodhach i gceart air, a Dhómhnaill: bhfuil ainm an chapaill agat?” “Cuirfead geall,” arsa Pails, “ná raibh an méid sin de'n chruinneas sa bhreallán, is go mbeadh a ainm aige.” “Tá dearmhad ort,” arsa Dómhnall. “Is mé thug liom í go cruinn. Four-times seven; fo-ur times seven; fo-o-our times seven” arsa Dómhnall agus é ag druidim níos goire dhon chapall leis gach aon fhocal. Ach, b'é an seana-sgéal i gcómhnuidhe é. Níor chuir an cairiún aon tsuim i bhfour-
times-seven, agus ba gheárr go raibh Dómhnall ag a chosaibh deiridh arís. “Ní déarfainn go bhfuilir a' cur i gceart fós chuige,” ar san buachaill do labhair cheana. “Glaoidh air mar ghlaodhfá ar aon ainmhidhe eile.” “Ná fuilim a' rádh leis teacht i leith chugham?” arsa Dómhnall. “Dar ndó ní críostuidhe é,” arsan buachaill. “Ní thuigeann sé thu.” “Triail ‘sas sas’ leis” arsa mise. “Éist, a dhailtín,” arsa mo mháthair, ag baint stathadh as mo chluais. “Leog do'n leanbh,” arsa Pails, “Is mó chéill aige 'ná againn go léir.” Agus do ghlaoidh si féin go h-árd “sop, sop, sop!” Do chuir an méid adubhairt Pails coráiste ar na haosóga ar fad, agus ba ghearr go rabhamair uile ag béicigh i n-éinfheacht: “Sas, sas, sas.” “Pís, pís, pís.” “Tiuc, tiuc, tiuc,” “Beadaí, beadaí, beadaí.” “Fíní, fíní, fíní.” Dheineamair an oiread san gleóidh gur thóg an cairiún suas a cheann, & d'fhéach sé
aníos orainn, agus, chómh maith is gur searbh dhínn a bheadh sé, bhuail sé uainn síos gur chuaidh sé sa chúinne ba shia uainn de'n gháir- dín, & do chrom sé ar innbhíor ann. “Caithfeam éiriughadh as,” arsa Dómhnall go tuirseach. “A Dhómhnaill,” arsa seanduine dá raibh ar an gclaidhe. “Ní eólach dhamh-sa aon ainmhidhe is deabhrathaighe le capall ná tarbh, Sara dtugair suas é, triail ‘buadh- ró’ air.” “An d--l triail,” arsa Dómhnall. “ní id' eiteach é.” Ach d'árduigh Pails a glór, agus ghlaoidh “buadh ró, buadh ró, buadh ró,” go fada, fuidheach. Ach ba bheag an chabhair di é. Níor chorruigh an cairiún. “Tá sé agam anois,” ars an buachaill do labhair ar dtúis; “Níor thugais a cheart féin do'n chapall fós, a Dhómhnaill.” “Cad do cheileas air?” arsa Dómhnall. “Cheilis an Béarla air. Is minic ar aontaighibh mise, & ní chualadh focal dá labhairt le capall riamh ach Béarla; & cuirfead geall nár labhair éinne ar Neidín indé le n-a chapall ach é.”
“Mo choínséas, go bhfuil an ceart agat, a bhuachaill; & nár mhór an t-amadán mise dul is capall do cheannach is gan ionnam focal do labhairt chuige 'n-a dhiaidh sin!” “Ná raibh ‘four-times seven’ agat?” arsa Pails. Bhí Dómhnall ró-chráidhte chun freagra thabhairt uirthi. “Is cuma é sin, a Phails,” ar san buachaill, “ach do chómhairleóghainn do Dhómhnall dul agus Muirtí Beag Máighistir d'fhagháil gan mhoill, & ní hé amháin go mbéarfaidh sé ar ‘Four-times Seven’ annso, ach múinfidh sé ar aon bhuidéal fuisgí amháin Béarla a dhóthain do Dhómhnall, agus duit-se leis a Phails, chun caint' a dhéanamh le nbhúr gcapaill choidhche.” “Badh dheas a thiocfadh Béarla dhómh-sa!” arsa Pails. Mar sin féin chuir sí teachtaire ag iarraidh Mhuirtí Bhig, agus d'imthigheamair go léir a bhaile. Níor bh'é mo dhearmhad-sa faire ar Mhuirtí Bheag an tráthnóna soin gur fhág sé Carraig na Scoile, agus do leanas go tigh Dhómhnaill é.
“An fíor é seo, a Mhuirtí,” arsa Dómhnall, “na tuigeann capall ach Beurla?” “Gan dabht, a Dhómhnaill; níor labhair éinne riamh a mhalairt chuige.” “Agus,” arsa Dómhnaill, mar bhí sé ag machtnamh ar an gceist seo i rith an lae, “ná raibh each ag Cúchulainn agus each ag Oisín, agus cad do labharadar-san chucha?” “Béarla, gan amhras, a Dhómhnaill. Níor labhair éinne riamh Gaedhilg acht seirbhísigh nó rudaí bochta mar thusa is mise.” “Shíleas gur labhair ríghthe na hÉireann fad ó í.” “Rómansuidheacht! a Dhómhnaill. Sinne féin adeir é sin ag iarraidh ár leathsgéil a ghabháil. Féach cad í an ainm a thugann ár bpáipéar féin, an Cork Examiner, ar an nGaedhilg. “Ní fheadar, a Mhuirtí?” “An vernacular, a Dhómhnaill. An dóigh leat anois cad a chialluigheann an ainm seo?” “Ná deireann tú gur Gaedhilg a chial- luigheann sé?” “Seadh agus ní headh, a Dhómhnaill Vernacular is eadh teanga na ndaoránach, agus sin é thugann an tExaminer uirthi.”
“Missus Polly,” arsa Muirtí le Pails a thánaig isteach ar an nóimeat soin, D'fhéach Pails bhocht air, is ní fheadair sí nách “gabhaim siar” a bhí ar siubhal aige. Do gháir an Máighistir. “Is olc é easbha an léighinn, a bhean bhocht — ní 'ghá chur leat é. Sé dubhart leat gráine coirce d'fhagháil ar bhodhrán dam. Do las Pails suas le náire. “An iad soin na téarmaí a bhíonn do Neill na Deachmhaidhe agat nuair bhíonn tú ag ól an phoitín 'n-a bothán súigh?” ar sí. “Má's iad ní'l éan-iarraidh agam-sa ortha.” Do fuair sí an coirce dho ar a shon san, agus do chuaidh sé féin & Dómhnall síos sa gháirdín. Do leanas-sa agus Pails iad. Nuair chuadhmair síos do bhí an Máighistir ag déanamh anonn ar “Four-times seven” agus é ag cur an choirce ag rinnce ar an mbodhrán i gcás go gcloisfeadh an capall é. Bhí ceannrach 'n-a chiotóig taobh thiar dá dhrom aige.
Peg — ayshus” ar san máighistir. Nuair chuir an capall a shrón sa bhodhrán, do chuir Muirtí an lámh chlé n-a mhaing, & shleamhnuigh sé an cheannrach taobh thiar dá chluasaibh. Bhí Peg-ayshus ar adhastar aige faid bheitheá ag féachaint thart. “A Mhuirtí,” arsa Dómhnall, “cad é an ‘pheig-éisios’ soin a bhí ar siubhal agat. Nach breágh do thuig an capall í!” “Sin é ainm an chapaill, a Dhómhnaill.” “Há!” arsa Pails, go mailíseach, “is fada ó four-times-seven é sin.” “Ná déanfadh Peg mar ainm air an gnó?” arsa Dómhnall. “Cionnus a thabharfá Peg ar chairiún?” arsa Pails. “Cionnus a tugthar cairiún ort-sa?” arsa Dómhnall. “Tóg an buidéal as an gcupúrd go mbeidh gloine ag an Máighistir.” III. “'Seadh,” arsa Tadhg na gColpaí, agus sinn ag gabháil anuas ó thigh an tórraimh le breacadh an lae, “'seadh, a Ghruagaigh, níor chuiris go holc chun scéil an chairiúin ó
chianaibh — ach, nár bh'é an cladhaire é Muirtí Beag? Is dócha gur mheall sé aosóga an Chrostaire chun na hAcadaimí, mar adeir- eadh sé.” “Mheall sé mise, pé i nÉirinn é. Thug sé marcaigheacht ar ‘Four-times Seven’ ó'n ngáirdín go tigh Dhomhnaill dom; & nuair chuadhas i measc na gcomhursan chun na scoruigheachta an oidhche sin ag éisteacht leis, níor bh'é a dhearmhad mé chur im' sheas- amh idir a dhá ghlúin ar aghaidh na teine amach. Bhíos ag Carraig na Scoile an Luan 'n-a dhiaidh sin.” “D'fhan sé ar an gCrostaire an oidhche sin, mar sin,” arsa Tadhg. “Níor fhan, i más! Do b'fhusa seana- chat do chur as an gcistin is feóil dá róstadh innte 'ná Muirtí do chur ó chupúrd Phails faid fhan diúir sa bhuidéal.” “Ba mhór an spórt é fan (feadh) na hoidhche, ag bladhmann, ag maoidheamh as a chuid léighinn, agus ag scilige éithigh do sna daoine simplidhe a bhí 'n-a thimcheall. “‘A mháighistir, airiú!’ arsa duine dhíobh so leis, ‘deir Dómhnall annso liom gur i
Laidin a labhrais leis an gcapall indiu, & gur mhínigh aon fhocal amháin di é.’ “‘Níor iarr sé a thuilleadh, a Dhiarmaid. Tháinig sé chugham 'n-a diaidh mar a thiocfadh gadhar ag lútháil chun a mháighistir.’ “‘Béarla ar maidin,’ arsa Pails, ‘agus Laidion um thráthnóna. Nach ait an scéal ag seanduine an tighe seo é, go gcaithfidh sé Béarla & Laidion d'fhoghluim chun cliabh- án aoiligh do tharrac le capall tinncéara.’ “‘Castar le géarchúiseacht mná é!’ arsa Muirtí, go breágh, bladartha. ‘Acht cogur a leith go fóill chugham, a bhean an tighe. Dá gcuirthá-sa gearradh beag id' mhéir anois, cad do dhéanfá léi?’ “‘Is greannamhar an cheist í sin. Do cheangloghainn suas í gan dabht, nú b'fhéidir go gcuirfinn ceiridhe bheag léi chum í tharrac.’ “‘Ach, cuir i gcás ná déanfá soin, a bhean an tighe, go nglacfá neamh-shuim- eamhail ar dtúis í, & go raghadh an salachar sa mhairc, & go dtiocfadh sí chun Nearraí Suipileas agat, a bhean an tighe, cad do dhéanfá annsoin?’ “Righin réidh do chuir Muirtí an méid
seo as, agus é ag baint lán a dhá shúl as lámha Phails a bhí 'n-a baclainn aici. “‘Slán mo chomhartha!’ arsa Pails, ag casadh a haprúin ar a lámha, agus breac- sceóin innte — ‘slán mo chomhartha, & aghaidh gach uilc i bhfad uainn! dá dtigeadh droch- aicíd mar sin orm, do chuirfinn fios ar an ndochtúir gan mhoill.’ “‘Mar a chuiris orm-sa do'n chapall, a Phails — há! há! há-á! B'é dáltha do mhéire-se díreach aige é. Dá bhféachthí i n-am chuige, ní bheadh pioc air. Ní raibh ar dtúis air acht dúire bheag i dtaobh é theacht i measc stróinséarach, ach do dhingeabhair- se bhur salachar Gaedhilge 'n-a chluasaibh gur dhein Nearraí Suipileas 'n-a bholg di, & do b'éigin díbh fios do chur ar an ndoch- túir, Muirtí, chun purgóid Laidne do thabh- airt do — há! há! há-á! Tá sé leighiste anois agat, agus, má choimeádann tú ó shalachar na Gaedhilge é, ní gádh dhuit a thuilleadh dá dhuadh d'fhagháil.’ “‘Moladh leis a saoghal,’ arsa Diar- maid, ‘nach mór í cómhacht na Laidne!’ “‘Ní'l fhios a leath agat, a mhic ó. 'Seadh mhuise! cómhacht i Laidin. Féach ar na
sagartaibh, a dhuine — 'sé an Laidion a thug- ann na cómhachta go léir dóibh. An sprid is measa do cruthnuigheadh riamh, dar ndó ní'l ag sagart ach a hainm sa sloinneadh do ghlaodhach i Laidin, is beidh sí chomh neamh- dhíobhálach le huan aige.’ “‘Mh'anam! gur minic d'airigheas é sin, a Mháighistir. Agus an bhfuil an buadh sain leis, ag an nGréigis anois?’ “‘Níos mó go mór, a Dhiarmaid. Ach tá sé toirmiscthe ar na sagartaibh puinn úsáid do dhéanamh di sin. Tá sí dain- séarach i láimh éinne; mar sin féin, nuair a theipeann ar an Laidin, is maith í bheith le tarrac chuige ag duine. Go deimhin do shíleas féin um thráthnóna go gcaithfinn fadhb nú dhó dhí do chur 'n-a luighe ar an gcairiún, ach b'é toil an tsaoghail gur ghéill sé do'n Laidin.’ “‘Is mór í d'fhoghluim, a Mháighistir. Ní fuláir nár chuir éinne riamh síos tú?’ “‘Mhuise, cé gur náireach an admháil dom é, munar cuireadh síos mé, ba gheall leis dom. Geallaim duit ná raibh éin-nídh saor agam. Is ar Phátrún Locha Coínleáin do casadh ar a chéile sinn. Diarmaid Dubh
Máighistir an fear eile. Bean de mhuinn- tir na gCroiceann a mháthair, acht níor bh'fhios cé ar bh'é a athair. Bhí an pátrún go léir i n-ár dtimcheall.’ “‘Níor bh'iongnadh soin,’ arsa Diarmaid. ‘Badh mhór do b'fhiú bheith ag éisteacht libh.’ “‘Ní misde sin do rádh. Badh mhór — d'éinne do thuigfeadh sinn. Ins na sean- theangchaibh do luigheamair chun a chéile ar dtúis, & asta-san do thángamair anuas ó bhliadhain go bliadhain gur sháthamair go doimhin sa Bhéarla sinn féin. Ag taighde dhúinn sa ghraiméar, 'seadh do fuair sé an lúb ar lár ionam-sa.’ “‘Muise, cad í an cheist do chuaidh díot?’ “‘Parse von-too-three,” ar seisean.’ “‘Nach suarach do shamhluigheann sí sin, a mháighistir: ní'l téarmaí móra i n-éan-chor innte.’ “‘Ní'l, & Árístotail féin, an lá b'fhearr do bhí sé, ní réidhfeadh sé an cheist ar a shon-san.’ “‘Agus anois, a mháighistir, cionnus do bhainis sásamh de 'n-a dhiaidh sin? Cad í an cheist a chuir ar a thár i n-áirde é?’
“‘Ag sárughadh a chéile le hecsanna do bhíomair nuair do thuit an Fear Dubh.’ “‘Ní chualadh trácht ar an gcleas soin riamh. Cad é an saghas airm na hecs- sanna?’ “‘Há! há! há-á! Mar a dubhairt cheana le bean an tighe, is olc é easbadh an léighinn. Is le healadhain a tháinig ó'n Domhan Toir a bhaineann siad. 'Sé ainm atá ar an ealadhain 'ná an tÁl Gébr. An té atá cliste san ealadhain seo, is féidir leis leitir atá san Aibigitir Gallda, 'sí sin x, do ghabháil chun oibre, &, má gabhtar i gceart í, ní'l freagra ceiste sa domhan ná saothróghaidh sí i gcionn nóimit.’ “‘Mo chóinséas! ná fuil oighre ar “Chos Fé Chrios” ach é.’ “‘Is fearr í siúd go mór. Do ghabh- amair na hecsanna, & siúd fé chéile sinn. Aos na ré, aoirde na gcnoc, faid na n-aibhne — do thómhaiseamair iad uile, & níor bhris giorta ná stropa i gculaith x ar éinne againn. ‘“Tabhair suas,” arsan Fear Dubh. “Níor ceapadh ceist riamh ná féadfainn-se culaith a sholáthair do chur ar x.” “Cuir
ar lorg h'athar é,” arsa mise, “agus feic- imíd an soláthróghaidh sé chughat é?” “‘Do thuig gach éinne an cheist sin, & do luigheadar ar gháiridhe agus ar mhagadh fé Dhiarmaid Dubh. Do thug sé fúm-sa do bhualadh, acht ní leogfí dho barra méire do leogaint orm, agus do deineadh bé-thé ar fuid an phátrúin de.’ “Seo, a Thaidhg, mar do chaith Muirtí an oidhche ar an gCrostaire; acht sid é mo bhothán annso, & caithfeam scaramhaint le chéile.” “Agus nuair a raghair san ámóig ní dóigh liom gur gádh dhuit x do ghabháil chun codladh do shaothrughadh chughat. Táim féin ag tuitim i gceann mo chos, pé scéal é.” TAGRA
MÍNIUGHADH. BREAC-FHOLLAMH, nach mór follamh. Breac-bhriste, breac-shláinte, &rl. NA CÓMHURSAIN BA GHAIRE DHÓIBH, na c. do chómh- nuigh 'n-a n-aice. DUL I NGLAISE, dul i bhfuaire. NÍ THUISFEADH ÉINNE DHO GO —, níor dhóigh le hé — le féachaint air go —. BÁIRE COMÓRTAIS, báire do bheadh idir dhá pharóiste nó dhá chontae. LEATH-CHUMAIG, an-cheart. I N-A LIC OIDHRE, … leac oidhre. Is é an chéad fhocal do shóinseálthar. AG TATHANT AIR, ag beag-iarraidh air; ag síor- iarraidh air. DÉ BEATHADH G. DÉ, nuair bhaineann sé leis an am atá thart, ní maoluighthear an b. DÉ BHEATHADH G. DÉ, is do'n am atá chughainn a thagarann sé seo. RÉ … GEALACH, is do'n rud atá san aer do bheifidhe ag tagairt nuair déarfaidhe sé; agus is í an ghealach solas na ré. LÁ BUIDHE GRÉINE, níl san bhfocal “buidhe” annso ach go neartuigheann sé brígh an fhocail eile. GO SIANSACH, go crónánach; go huaibhreach. GHÁ SHÁRUGHADH, ag teacht suas leis. LEÓNUGHADH Ó DHIA, míorbhúilt ó Dhia. LEACHT, carn cloch a deintear i n-áit i n-a bhfaghann duine bás obann.
SARCÁN, an maide cuirthear trí dhá iomchur na gcliabhán. MO PHRÁTAÍ BEAGA, ní “beag” a chialluigheann sé seo, ach ceanamhail. DO MHOTHUIGHEAS NÓ D'AIRIGHEAS, thá defir idir an dá fhocal so. Is amach as do chroidhe féin a thiocfaidh an fios nuair mhothóghair rud; is ó'n dtaobh amuigh a thiocfaidh sé nuair d'aireóghair rud. AR NÓS A' BHEITHIDHIGH ALLTA, is treise de rádh é seo ná “ar na beithidhigh allta.” CONNTONÓS, aghaidh; ceannacha. CÉADTA DUBHA, ní dubh iad ach iomadamhail, “Tá na cáirne dubha d'airgead aige.” SIUBHLAIMÍS 'N-A DHIAIDH — i.e., téidhmís dá fhiadhach nó dá thóruigheacht. SCAOINSE (fir nó mná), fear nó bean a bheadh fada, caol. THUITEAS IM' MHEAIG, thuiteas i dtadhm nó i bhfann- taise. “I mig an bháis?” NÍOR CHUIREAMAIR CHUIGE NÁ UAIDH, níor bhaca- mais leis. SAN AON OTRAINN, sé sin i mBéarla in one yard. Ní fheadar cé'ca ó “idir,” nó ó otrach (lathach) a thigeann an focal. Is dócha do réir deabhraimh gur ó “otrach” a thigeann sé, óir is annamh a bhíonn easbha lathaighe san otrainn. DO THÉARNUIGHEAS, do thánag chugham féin. Do chuadhas i bhfeabhas. AG COMHCHOIMHLIC, ag iomaidh le chéile. AG CALLAIREACHT, ag glaodhach go hárd. CEITHEARNACH, duine go mbeadh foluidheacht ann. LAG-CORÁISDE, easbha coráisde nó misnigh. DO GHRIOG, do phrioc, nó do chorruigh suas. CORRUIGHEACHT IS TRÍ PÚINT, breis is trí p.
BIANADH A MHAIDE, an fáinne iarainn do bhíonn ar bhárr mhaide lámha. AG ÉIRIUGHADH AN SEACHT, Ní Béarlachas é seo. Sé deir cainnteóirí Gaedhilge nuair bhíd siad ag tagairt do chapall nó do bhuin. COSSUMAR, scata daoine trí n-a chéile. Daoine gan riair. GLÓR-I-GCÓITÍN, leanbh chómh beag san gur bh'é an glór an chuid is mó dhe. DIA DHÁ BHEANNACHADH — i.e., go mbeannuighidh Dia é? Is dócha. STATHADH, stracadh ó'n bpréimh. “Níor fhág sé thuas táth air nár stath sé is nár bheárr sé.” NÍOS SIA UAINN, níor faide uainn. Fada, níos sia, is sia. SAS, SAS, SAS, ag glaodhach chughat ar ghadhar. PÍS, PÍS, PÍS, ar chat. TIUC, TIUC, TIUC, ar chirc. BEADAÍ, BEADAÍ, ar ghé. FÍNÍ, FÍNÍ, FÍNÍ, ar lachain. BUADH-RÓ, &c., ar tharbh. ID' EITEACH, id' dhiúltadh. AONTAIGHIBH, aonachaibh. BADH DHEAS A THIOCFADH BÉARLA DHÓMH-SA. TÉARMAÍ, focal fhada léigheanta (?) ÉIRGHTHEACH D'ÉINNE, rathmhar d'é. DIABHALAMHNACH, bréabaire díobháilteach NÍOR FHAN I MÁS, DIÚIR, an braon is lugha. SCILIGE, baint an mhogail de'n ghráine. Scilige éithigh, Anglo Irish, “grindin' out lies.” MÍNIGH AN CAPALL, tabhair chun ceannsacht' é. GADHAR AG LÚTÁIL, fawning is Béarla air seo.
MAIRC, ní “marc” é seo: Mairc is é cneadh nú gearradh. NEARRAÍ SUIPILEAS, sid é thugadh Muirtí an léighinn ar erysipelas. SLÁN MO CHOMHARTHA, B'É DÁLTHA DO MHÉIRE-SE DÍREACH AIGE É, mar do theangmhaidh dod mhéir-se is cruinn gur mar sin do thárla dho-san. DÚIRE, ceann-dáine. TUILLEADH DÁ DHUADH, FADHB, cloch mhór; focal mór; “téarma.” TEANGA, TEANGCHA, TEANGCAIBH, gnás an bhaill seo go háirithe. AG TAIGHDE, is doimhne é seo ná tomhach. AIBIGITIR, an t-A-B-C. BÉ-THÉ, dreóillín spóirt. ÁMÓG, leabaidh shuarach. ÁRÍSTOTAIL, Aristotle. GRUAGACH AN TOBAIR. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services