Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Annála na Tuatha. Cuid a Dó.

Title
Annála na Tuatha. Cuid a Dó.
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Cois na Teineadh / Gruagach an Tobair
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AR THÓRRAMH SHEANA-SHÉAMUIS.



“GRUAGACH AN TOBAIR,” do Scríobh.



I.



Tráthnóna fé dheire cia bhuailfeadh
chugham isteach ach Tadhg na gColpaí ó Chnoc
an Leasa, carabhat cluthar fé & maide
téagartha 'n-a láimh. D'aithnigheas go raibh
fonn siubhalóide éigint air.



“Ná cualaís,” arsa Tadhg ag freagradh
na ceiste bhí ar bharra mo theangan,
“Seana-Shéamus atá fé chlár anocht &
táim ag dul ar an dtórramh. Is fearra
dhuit dul lem' chois ar feadh tamaill.”
“Go ndeinidh Dia an trócaire air,” arsa
mise, “raghad ann gan amhras. Is 'mdhó
sgéal fiannuidheachta breágh blasda d'innis
sé riamh dam; & b'olc an díol fiacha agam
é mara dtéidhinn anois & paidir a rádh ós
a chionn.”



“Gluaisimís orainn mar sin,” arsa Tadhg,
“sula mbeiridh an duibhe-ré orainn.”



“Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh sin go rabha-
mair cois tighe an tórraimh. Bhí comhursain
nach sinne ag dul isteach san am chéadna.


L. 2


Ní dubhairt éinne againn “Dia annso
isteach,” ná “go mbeannuighidh Dia dhíbh,” ná
aon nídh mar sin, ach do chuamair isteach
go ciúin i ndiaidh a chéile, & do leigeamair
ar ár nglúinibh sinn féin i bhfiadhnaise an
mhairbh, & d'ofrálamair paidir chun Dé dá
iarraidh Air anam an té bhí i láthair a
thabhairt saor, “ó lic na bpian & trí phian-
taibh Progadóireachta.”



D'éis éirighe 'nár suidhe dhúinn deineadh
slighe dhúinn ar fhórmaíbh fada bhí le taoibh
an fhalla sa chisdin. Bhí an marbh leigthe
amach ar shuidheachán bhí i gcoinnibh an fhalla
ar aghaidh an dorais isteach — a cheann chun
na teine & a chosa chun an drosúra. Bhí
aibíd uimis, & Paidrín 'n-a láimh dheis. Le
n-a chosa ar sheilp-íochtair an drosúra bhí
chúig cinn de choinlibh ar lasadh; & an chuid eile
de'n tseilp lán de phíopaíbh is tobac ionnta.
Ar chosaibh an mhairbh bhí pláta sníse, &
seana-chomráda dhó 'n-a shuidhe ar chathaoir
cois an drosúra. Nuair bhíomair suidhte
d'éirigh an seanduine seo, & do shín sé
píopa nua chun gach éinne againn.



'Na dhiaidh sin tháinig sear an tighe, mac
Sheana-Shéamuis, & d'fháiltigh sé rómhainn i


L. 3


gcogar ag labhairt focail nó dhó leis gach
éinne againn fé leith chómh fearamhail deagh-
mhúinte is do dhéanfadh mac an ríogh féin.



“Ní maith liom tú bheith chomh ciúin is taoi
anocht, a Dhonnchadh,” arsa fear an tighe le
pasdaire fir cnag-aosta a bhí 'n-a shuidhe
cois na teine, “agus is dóigh liom dá
mbéadh san té atá imthighthe uainn a chás a
chur i n-umhail dúinn nár mhaith leis é acht
chomh beag. Innis sgéal nó rud éigin a
chuirfidh an oidhche i ngearracht do sna
comhursain.” “Go deimhin, a Dhomhnaill, ní
rabhamair ciúin. Bhíomair gach éinne ag
innsint do'n chuid eile an cruaidh-chás is mó
rug riamh air, ach do stopamair an chainnt
faid bhí muinntir an Chrostaire ar a
nglúinibh.” “Is maith é sin,” arsa Domhnall,
“ach leanaidh de. Breac-stróinséarach i
n-ár measc is eadh an Gruagach annso, &
bíonn sé ar scriopaidh cun scéalta mar sin
a chlos.”



“Agus tú féin, a Dhomhnaill,” arsa
mise, “taoi leath-mharbh ó bheith id' sheasamh.
Suidh annso liom-sa & éist le cruaidh-chás
Dhonnchadh. Gabhaim-se orm gur fiú é chlos.”
“Ó, b'fhéidir go bhfuil dearmhad ort, a


L. 4


Ghruagaigh; níor rug aon chruadh-chás mór
riamh mise, buidheachas le Dia, ach tá beirt
rómhainn fós, Seán Liath & Mícheál Caoch.
Seadh 'nois, a Sheáin, ná coimeád ag
feitheamh sinn.” Seanduine beag teósdalach
do b'eadh Seán & bríste glún air.



“Tá fhios ag bhur bhformór,” arsa Seán,
“go rabhas-sa fiche bliadhain ó shoin níos
óige ná táim anois. Tar éis mo theacht a
bhaile ó'n Aifreann tráthnóna Domhnaigh sa
gheimhreadh thimcheall san oiread san
bliadhanta ó shoin, do thugas fé ndeara ná
raibh mo sheana-bhean istigh léi féin.”



“Maith an teacht agat é, a bhrealláin,”
ar sise, “sceartán ort ó dhrabhfuigheal
pórtair, is gan fód móna fé dh'iadh an
an tighe agam-sa i gcóir na hoidhche, mé ann
so ag tuitim leis an saoghal a d'iarraidh ba
do cheangal is leanbh i n-acharann díom, is
tusa —.” Ach ní chualadh a thuilleadh mar
bhíos imthighthe, cliabhán ar mo ghualainn is
mé ag dul go port Charraig Fhada an
Staincín ag iarraidh cliabháin mhóna. Cé go
raibh an port leath-mhíle ó'n dtigh suas an
cnoc & an oidhche tuitithe do shroicheas é gan
bascadh ná barra-thuisle d'fhagháil, agus


L. 5


bhíos anuas an Eisc Leathan ag teacht go
meidhreach san mhóin aniar orm nuair chualadh
“mí-amha” thíos ins na Cabhna Dubha, & ar
nóimeat, 'n-a dhiaidh “mí-amha” dá fhreag-
airt thiar ag Cúm na Bolgaighe. Do
sheasamh an ghruaig ar mo cheann & do rith
codladh grífín síos trí chnámh mo dhroma
go bonn mo chos.”



“Na cait fhiadhaine,” arsa mise, “táim
réidh anois nó riamh.”



“Do b'fhíor dom. Ba ghearr go raibh
‘mí-amha’ & ‘mí-amha eile ann. Badh dhóigh
leat gur thuas san aer bhí cuid aca & tuille
aca thíos fé thalamh. Im dhiaidh & ar gach
taobh dhíom bhí an mheannlaidh ag dul i
dtreise & ag teacht níos athchumaire dhom.”



“A-bhaile,” arsa mise, “sul a dtigidh
siad mór-thimcheall orm. A-bhaile, chun na
seana-mhná; dá dhonacht í is measa iad so
go mór. Siúd ag cur is na cosaibh mé,
& siúd an uaill im' dhiaidh. Níos tréine,
níos géire anuas an cnoc liom & an cliabhán
ar mo dhrom. B'é toil an tsaoghail go
raibh an doras ar dearbh-leathadh romham.
Do chaitheas isteach mé féin.”



“Na cait! an cliabhán! a Mháire, tóg


L. 6


díom é,” arsa mise i n-deireadh na preibe



“A Dhia na bhFeart,” arsa Máire, “cad
d'imthigh ort nó cá bhfuil an cliabhán?
Sin é a úmpar (iomchur) féd' ghiall
agat, acht tá an cliabhán caillte agat.”



B'fhíor dí. Do shuidheas ar an suidhistín.



“Tá mo chosa tinn,” arsa mise, “bain
díom mo bhróga.”



“Ach an deamhan baint, mar ná rabhadar
orm chuige — bróg ná baimpéis stoca, acht
amháin uachtair na mbróg a bhí ós cionn mo
dhá ghlún ó bharr reatha & droch-úsáide.



“B'in cruadhtan agaibh,” ar seisean ag
féachaint timcheall orainn.



“Do b'eadh, go díreach, a Sheáin,” arsa
fear an tighe, “& mara mbeadh an braon
pórtair is baoghlach ná tabharfá t'anam
uatha.”



“Is fíor dhuit,” arsa Seán, “níl éin-nídh
mar bhraon biotáille chun spiona a chur i
nduine.”



“Do chruadh-chás-sa anois, a Mhíchíl,”
arsa Donnchadh.



“Ní dom féin a theangmhaidh an cruadhtan
so”, arsa Mícheál, “acht dom' shean-athair.
Is iad cait Sheáin a chuir i gcuimhne dhom é.


L. 7


“Ar an mbaile gcéadna so do bhí poitín
dá dhíol ag Neil na deachmhaidhe, & go
deimhin is 'mdhó mí-chlú nách é do lean de
Neil & dá cómhluadar. Oidhche spéir-
ghealaighe timcheall na Nodlag, bhí roinnt
fear ag ól i mbothán Neil, & as an ól do
thosnuigheadar ar bhladhmann & ar mhuidheamh
a gcuid laochais is gaisce ar a chéile; bhí mo
shean-athair na measc.



“Anois,” ar sé, “tá dhá cheig de'n
bhuachaill annsoin ag Neil, & cuirfead mar
gheall le héinne agaibh é, nó libh go léir,
go raghad amach anois gan ghunna, gan
chlaidheamh, gan fiú cipín maide, & go
dtabharfad machtíre 'n-a streille-bheathaidh
isteach cughaibh, sara mbeiridh glaodh an
choiligh orainn.”



Bhí an geall thíos láithreach. D'fháisc mo
shean-athair carabhat reamhar olna cúpla
uair timcheall a scórnaighe, & siúd amach é.
Siar an Doire Dubh leis, suas Faill na
bhFraochán, amach an céim Deasg, & níor
stad sé gur shroich sé na Mongacha Bána,
marar chaith sé é féin ar a thár i n-áirde
mar bheadh sé 'n-a dhubh-chodladh. Níor
bh'fhada gur airigh sé an t-ainmhidhe ag


L. 8


smúisigheal 'n-a thimcheall & ag druidim
isteach leis i ndiaidh ar ndiaidh chun gur
chuimil sé a chuincín fuar fan a leacain.
Is deabhrthach go raibh sé sásta, mar d'imthigh
sé tamall siar & do seasaimh sé ar thúr-
tóig & do chuir sé scol-ullagán as. I gcionn
nóimit bhí a chomráda i n-éinfheacht leis.
Comh luath is bhí an machtíre imthighthe do
phreab mo shean-athair suas ar a chorra-ghiob,
& do shín sé siar arís — a cheann anois mar
a raibh a chosa ó chianaibh, & a chosa mar a
raibh a cheann. Siúd anuas an dá mhachtíre.
Níor dheineadar aon smúisigheal anois, ach
léimeadar fé dhein a scórnaighe, mar
shíleadar, & do chuireadar na fiacla i
n-acharann 'n-a dhá bhuaitis. Le n-a linn
sin do lámhuigh mo shean-athair gach ceann
aca ar stompa erbaill. Seo 'n-a shuidhe go
tapaidh é, & do sháith sé an dá mhachtíre
roimis amach trí gach bóthar is acharann gur
chuir sé ar an dteinteán ag Neil na deach-
mhaidhe iad, & do rug sé an poitín.”



“Do b'éachtach an gníomh é,” arsa fear
an tighe, “agus anois, a Dhonnchadh, innis-se
dhúinn an cruadhtan is mó rug riamh ort-sa,
& ó tá sé ag tarrac ar an meadhán oidhche


L. 9


beam ag braith ar an ngruagach chun an
choróin pháirteach a rádh 'n-a dhiaidh.”



“Nuair bhíos-sa im' gharsún,” arsa
Donnchadh, “an deich nó dosaon bliadhan do
cheap m'athair, go ndeinidh Dia an trócaire
air, go raibh adhbhar scoláire ionnam, nó
b'fhéidir adhbhar sagairt, & do chuir sé ar
scoil mé. Níor fhágas an Gleann i n-a
rugadh mé riamh roime sin, & ní raibh éin-
sceón ná eagla agam roim mháighistir
scoile ach chomh beag is do bhí roim aon fhear
eile go mbeadh ceann is cosa air. Nuair
shroicheas an scoil bhí cuid de sna garsúin
romham 'n-a suidhe, cúigear nú seisear aca
'n-a seasamh i gceann na scoile, & fear
duairc, is smuilc dhearg gheanncach air, is
é ag féachaint tríd an bhfuinneóig amach,
'n-a sheasamh 'n-a n-aice. Ní ag féachaint
amach bhí sé i n-éan-chor, ach is amhlaidh a bhí
fiar-shúil aige ach ní raibh a fhios-san agam-
sa.



“Tar aníos annso chugham,” ar sé, agus
é mar shíleas ag féachaint amach. Ní fhaca
éinne ag teacht. “Tar aníos,” ar seisean,
“má tá aon mheas ar do chroiceann agat.”
Nuair ná raibh éinne ag teacht, & nuair


L. 10


chonnac ag lasadh suas le feirg an
máighistir, & na garsúin ag priocadh a
chéile, dubhart go neamh-eaglach, “Mhuise,
a Máighistir, b'fhéidir gurab amhlaidh ná
cloiseann sé tú, raghad amach & glaodhfad
air.” “Cé air?” ar san máighistir & é
'ghá thachtadh le buile. “Ar an té tá
amuigh go bhfuileann tú ag glaodhach
air,” arsa mise. Aililiú siúd chugham ar
nós tairbh buile é. Bíos 'n-a chrúcaíbh láith-
reach. Ní cuimhin liom puinn dá ndubhairt
sé, ach is ró-mhaith is cuimhin liom ar dhein
sé — & measaim go raibh cuimhne aige-sean
leis ar feadh abhfad ar cad do dheineas-sa.
Fuair a loirgne é chómh tréan is d'fhéadas
é, & b'é toil an tsaoghail go bhfuaras a
órdóg idir m'fhiacla sa deireadh. Ní dóigh
liom gur bhuail sé éinne le láimh na
hórdóige sin go cionn mí n-a dhiaidh sin.



Im' thaobh féin do shnámhas a-bhaile a
chuma éigin, & do spalpas an leabhar breac
go lámhachfainn éinne, dá mb'é an Pápa é
a thabharfadh scoil do mháighistir go mbeadh
fiar-shúil aige.


L. 11


II.



Nuair bhí an Choróin Mhuire ráidhte d'im-
thigh formhór na ndaoine a-bhaile. Ní raibh
gleó na tuairt ag imtheacht aca. Is amhlaidh
do shleamhnuigheadar leó 'n-a nduine is n-a
nduine, & níor mhothuigheamair go raibh an
teinteán breac-fhollamh. Níor fhan ann,
taobh 'muigh de lucht a' tighe féin, acht na
comhursain ba ghaire dhóibh & daoine muinn-
teardha.



“Druididh le chéile,” arsa fear a' tighe,
“agus téidhidh i ngaobhar na teine. Beidh an
oidhche ag dul i nglaise as so amach.”



Do dheineamair rud air, & d'éirigh an
seanduine a bhí i bhfeidhil an tobac fan na
oidhche cois an drosúra agus do shuidh sé i
n-ár measg. Seanduine beag suarach le
féachaint air do b'eadh é, agus sronán ann.
Ní thuisfeadh éinne an uair sin do gur bh'é a
dhírigh liathróid ins gach aon bháire comórtais
do himreadh sa pharóiste le fiche bliadhain
le n-a linn. Dob' é ar a shon-san, & is air
dob fheárr a dhíol é. Bhí tapa an chait ann,
& é chómh cruaidh le hiarann.



“Tá leath-chumaig déanta againn ar
Dhiarmuid Óg,” — b'id í ainm an tseanduine


L. 12


bhig, — arsa fear a' tighe. “Ní hé amháin
go bhfuil a chosa 'n-a lic oidhre ó bheith ar
aghaidh an dorais isteach, acht bhí sé ró-fada
síos uainn chun na sgéalta breághtha bhí ar
siubhal ó chianaibh a chlos.”



“Tá baoghal mór orm, go deimhin!”
arsa Diarmuid. “Agus i dtaobh na sgéal-
ta, níor chailleas focal díobh ó thúis go
deireadh. Sé bhí agam dá chuimhneamh nuair
chualadh na cruadhtain go léir dá léiriughadh
ná raibh ionnta uile acht neamh-nídh seachas
an t-anaithe do fuaras fém i gCnoc na
Léime mórán bliadhanta ó shoin.



“Is ar na Muillíníbh i bParóiste an
Bhonáin thuaidh annso,” arsa an seanduine,
— mar níor iarr sé aon tathant chun a sgéil
d'innsint, acht do chrom sé a cheann &
d'féach sé go géar isteach sa ghríosaigh chómh
maith is gur léi bheadh sé ag caint. “Is ar
na Muillíníbh do bhíos-sa im chómhnuidhe sa
droch-bhliadhain. Á! a chómhursana, Dé
beathadh grásda Dé, b'iúd i bliadhain na
hatuirse. Nár leogaidh Dia go bhfuil a
leithéid de sgiúirse is do fuair créatúirí
bochta an uair sin 'n-a gcóir choidhche arís.



Bhí sé a' tarrac amach ar lá 'le Pádraig


L. 13


nuair chualadh go dtánaig long thar lear le
hualach prátaí go Beanntraighe. B'iúd
iad na prátaí daora. Ní raibh leigheas air
sin ámhach. B'éigin iad do sholáthar i mball
éigin, mar ní raibh creachán chun síl fé dhia'n
tighe. Do bheartuigheas me féin chun dul
fé dhéin na luinge. Do shocruigheas phéire
cliabhán dúnta sa tsrathair ar láirín ruaidh
a bhí agam, agus bhuaileas suas Bóthar na
Léime. Níor dhearmhaid Máire, go ndéinidh
Dia an trócaire uirthi, lón beag mine
coirce do chur sa spaga chugham, i gcás go
mbeadh min is bainne i mBeanntraighe agam,
mar ní raibh aon trácht ar thé an uair sin.



Nuair shroitheas an long, bhí mórán
daoine timcheall uirthi ag brúth a chéile ag
iarraidh prátaí. B'fhada gur féadadh frio-
thálamh orm-sa. Sular fhágas an tsráid
lem' árd-ualach bhí an oidhche ag tuitim. Do
phriocas liom fé dhéin an bhaile chomh géar is
do b'fhéidir liom é, mar ní raibh ann acht
leath gealaighe, & bhí eagla orm go mbéar-
fadh an duibhe-ré sa chnoc orm. Do chuireas
díom mear go leór faid bhí an bóthar
socair agam, acht nuair rug an cnoc orm,
do ghoíll aoirde agus iomard an bhóthair i


L. 14


dteannta an ualaigh chómh mór san ar an
láirín go raibh sé a' tarrac ar an meadhán
oidhche sular shroicheas an mullach, agus, rud
ba mheasa ná san, bhí an ré ag dul fé.



Is uaigneach an áit é mullach na Léime,
dá mbadh i lár an lae bhuídhe ghréine é. Ní
raibh teasdal mórán daoine riamh ann:
agus ó deineadh an bóthar nuadh is annamh
a ghabhann éinne i n-éan-chor tríd. Bíonn
an ghaoth ag sguabadh go siansach timcheall
na mullaighe, agus ní'l tigh i ngiorracht trí
mhíle ó aon taobh do.



Is tríd an mbóthar so do bhí na saighdiúirí
dearga i ndiaidh an tSagairt fad ó, agus
nuair bhíodar ghá shárughadh ar mhullach an
chnuic ba leónughadh ó Dhia gur éirigh sé san
aer uatha agus gur chuaidh sé de'n léim sin
go Dún na mBárc cois Bheanntraighe. Is
ó'n “léim” míorbhúilteach soin a thug
an sagart do glaodhadh Bóthar na Léime
air. Tamall beag síos romham ó'n mullach
'seadh tá an áit i n-ar marbhuigheadh an
ceannuightheóir bocht. Do fuarthas a chorp
ar maidin ann agus a sgórnach gearrtha.
“Á! sin é an leacht cois an bhóthair,” arsa
mise liom féin. “Caithfead cloch a chur ann.”


L. 15


Do chuadhas thar ghruadh an bhóthair chun na
cloiche d'fhagháil, mar níl sé éirightheach
d'éinne gabháil thar leacht gan cloch do
chaitheamh uirthi. Nuair chromas chun í thóg-
aint do shíleas gur chorruigh rud éigin sa
bhfraoch ós mo chionn — b'fhéidir ná raibh ann
ach mada ruadh; ach níor bheag soin. Do
sheasaimh gach ruibe gruaige bhí ar mo cheann
'na coilg-sheasamh le heagla. Do chaitheas
an chloch sa charn ar a shon-san, agus dubhart:



“Cloch sa leacht chun é chur ar mo leas,
Le hanam m'athar is mo mháthar,
Is le hanam an té cailleadh san áit sin.”



Chuir glór na cloiche ar an gcarn sgeón
sa láirín. Thug sí preab, agus do bhris an
scarán feallthamhail do bhí i n-iomchar na
gcliabhán, & siúd mo chuid prátaí le
fánaidh. Ní fheadar cé'ca ar mo cheann nó
ar mo chosaibh do bhíos im' sheasamh. Níor
dheineas aon mhachtnamh. Ní fhéadfainn aon
mhachtnamh a dhéanamh. Ní raibh braon fola
im' chorp ná raibh bailighthe 'n-a hualach
timcheall mo chroidhe. Acht mo phrátaí
beaga, — mo phrátaí beaga daora! imthighthe
le fánaidh an chnuic, — imthighthe d'éis mo
thrioblóide, — imthighthe is gan agam acht iad!


L. 16


Do thugas sgiúird reatha 'n-a ndiaidh síos
agus chromas ar iad do phiocadh. Ní
rabhas abhfad ar mo chromardha nuair mhoth-
uigheas ná rabhas im' aonar. Ní hamhlaidh
d'airigheas aon nídh, acht bhíos lán-siúrálta
go raibh samhail éigin ag faire orm. Bhí
mo lámh ar bailli-chrith, is mo cheann ar
fiuchaidh. Fuar-allus ag rith 'n-a shruthaibh
anuas liom. Bhí an leacht ós mo chionn thuas.
Dá saoradh sé ó'n mbás mé, ní fhéadfainn
gan féachaint uirthi. Do thógas suas mo
cheann, & ní fheadar cé'ca ar mo radharc a
bhí sé, nó cé'ca bhí sé ann dáríribh, acht do
chonnac fear mór árd i n-a sheasamh ar
mhullach na leachta ag féachaint anuas orm.
Bhí a sgórnach gearrtha, is é a' tabhairt
a chuid fola ar nós an bheithidhigh
allta, agus do shíleas go dtí san ná raibh
sé i bpianta Ifrinn féin a leithéid de
sgannradh do chur sa pheacach is do bhí
léirighthe 'n-a chonntonós uathbhásach.



Do leogas sgread asam mar a sháithfidhe
le sgiain mé, agus siúd anuas an cnoc mé.
Anuas an bóthar ar tí mo chnámha bhriseadh.
Ní raibh éan-chuimhneamh ar an láirín agam,
agus bhí sé chomh maith agam gan a bheith, mar


L. 17


bhí sí imthighthe abhfad romham. Leath-slighe
anuas ar thaobh an chnuic tá reilg Dhroma
Fochtna ós cionn an bhóthair. B'fhéidir le
duine bheadh istigh sa reilg a lámh do chur ar
cheann an té bheadh ag gabháil an bhóthair.
Nuair a shroicheas an ball sin, bhí na céadta
dubha 'n-a seasamh ar an bhfalla, róbaí fada
gléigeala ortha, & iad ag liúirigh:



“Diarmaid óg's a' ceannuightheóir 'n-a
dhiaidh! há, há, há!
Béarfaidh sé ort, a Dhiarmaid,
Ní bhéarfaidh, a Dhiarmaid: thuit an ceann
de, há, há, há!
Cá bhfuil an sgian, a Dhiarmaid?
Caith chuige an t-airgead.”



“An muirdréir feallta!” arsa scaoinse
mór fada i bhfoirb mná 's a gruaig ar
sileadh léi. “Siubhlaimís go léir 'n-a
dhiaidh!” Agus do léimeadar uile anuas
chugham, mar do léimfeadh scata faoileann
san uisge de sgreig cois fairrge. Bhí mo
ghnó-sa déanta. Do thuiteas im' mheaig
ar an láthair sin.



D'fhan Diarmaid ar feadh abhfad na
dhiaidh san ag féachaint sa ghríosaigh is gan
gíog as. Níor chuireamair chuige ná uaidh.


L. 18


Do leogamair dó féin. Siúd is ná
dubhairt éinne againn leis an gcuid eile
gur chuir sgéal Dhiarmada uaigneas air, ní
dóigh liom go rabhamair saor. Do dhruid-
eamair chun a chéile go háirithe, agus is
dóigh liom go bhfeaca Tadhg na gColapaí
ag tabhairt súil-fhéachaint anonn chun an
tsuidheacháin. Ní dóigh liom go gcuirfeadh
sé aon iongnadh air dá bhfeicfeadh sé an
corp ag preabadh aníos chughainn.



I gcionn tamaill do labhair Diarmuid arís.



“An té d'fhéadfadh an sgéal a chríoch-
nughadh tá sí ag tabhairt an fhéir, fóríor!
Nuair tháinig an láir a-bhaile, do ghlaoidh
Máire ar a dearbhráthair, — do bhí an dá
thigh san aon otrainn, — agus do chuadar
im' chuardach. B'é toil Dé gur théar-
nuigheas, acht bhí na prátaí beaga úd fé
bhláth sara bhfeaca-sa arís iad.”



“Mo choínséas,” arsa Tadhg, d'éis Dhiar-
mada dhul síos uainn i bhfeidhil an tobac,
“Mo choínséas ná féadfad cuimhne fhir na
scórnaighe chur as mo cheann anocht. Ní'l
faill as so go Gort a' Leasa nach dóigh
liom go bhfeicfead ar a mullach é nuair
bhead ag dul a-bhaile.”


L. 19


“Badh mheasa chugham-sa spioraidí Dhroma
Fochtna,” arsa duine eile. “A' gcualaís
mar d'eitiolladar anuas de'n fhalla ar an
bóthar chuige?”



“Agus róbaí geala ortha,” ar san trío-
mhadh duine.



“Ar nós sgata faoileann ag gárthaigh
de dhruim éisg,” arsa fear ó'n gCrostaire.
“A Rígh na bhFeart, is iongnadh nár thuit an
t-anam ar fad as. Acht, caithimís uainn é
mar sgéal. Sin é an GRUAGACH annsain
fan na hoidhche 's a bhéal ar leathadh aige ag
éisteacht. Cuirimís fé gheasaibh é sgéilín
sultmhar d'innsint dúinn anois. Déin, a
Ghruagaigh, ar ghrádh an tsaoghail; ní fhéad-
fainn an píopa a tharrac le heagla.”



“Do chuir árd-ualach Dhiarmaid Óig i
gcuimhne dham, a Sheagháin,” arsa mise,
“cruadhtan áirithe do rug ar t'athair féin,
agus ní hé amháin ar t'athair, acht ar mhuinn-
tir an Chrostaire Mhóir ar fad; acht ní
dóigh liom go mbeitheá ró-bhuidheach dhíom dá
n-innsinn é.”



“Cad n-a thaobh? An amhlaidh a thabhar-
fadh sé náire do mhuinntir an bhaile? Má's


L. 20


eadh, maithfeam an náire dhuit ar son an
phléisiúir.”



“Bíodh 'n-a mhargadh mar sin,” arsa mise.



“Ní gádh dhom a chur i gcuimhne dhíbh go
raibh an Gleann mór so go léir, agus ní
fada ó shoin é leis, gan éan-bhóthar ag
gabháil tríd. Tá na cnuic árda so ar thaobh
de, agus coill an Tighearna ar an dtaobh
eile. Níor bh'fhéidir bóthar a dhéanamh chuige
acht trí choill an Tighearna, agus ní leogfadh
an Tighearna aon bhóthar a dhéanamh trí n-a
choill. Ní raibh aon chapall ar an gCros-
taire mór, pé i nÉirinn é.



San am soin thárla go raibh t'athair-se,
Sean-Dhómhnall Crón, Lá 'le Muire Fhogh-
mhair ag díol chaorach ar aonach Neidín.



D'éis na gcaorach do dhíol, do bhuail sé
thríd an aonach dó féin. Bhí banbhaí ag
sgréachaigh i dtrucaillíbh ann, caoirigh ag
méiligh ar taobh de'n tsráid, agus gabhair
ag meigiollaigh ar an dtaobh eile; tinn-
céirí is asail ag comhchoímhlic le chéile,
féachaint cé'ca treibh do b'fhearr chun béic-
eacht'; fear na méarachán thall, is ciach air
ó bheith ag callaireacht; agus Seaghán Saor
go beó-ghlórach abhfus ag fógairt a chuid


L. 21


margaidhe i sean-éadach. Acht rud ba
mheasa 'ná iad uile, bhí ceithearnaigh Thith-
bhósiosta is Ghleanna Ruachta ag tomáint
ghraigíní capall síos suas ar cos i n-áirde,
ar tí chnámha na ndaoine mbocht do bhriseadh.



“Dar so nó súd,” arsa Domhnall leis
féin, nuair ba dhóbair go leagfadh stráille
marcaigh aca so, agus bríste stracaithe air,
sa lathaigh é, — “dar so agus súd, ná beidh
do leithéid-se ag magadh a thuilleadh fúm-
sa. Nár fhaghad tairbhe mo sholáthair mara
mbeidh capall chomh maith is tá ag éinne
agaibh ag dul a-bhaile agam.”



Is ceart a chur síos go raibh fonn le
fada roimhe sin ar Dhomhnall capall a
cheannach, ach pé'ca an lag-choráiste nó a
dheacaireacht leis scaramhaint leis an
airgead do choisg é, níor bhac sé leis go
dtí so. Do ghriog an droch-úsáid do fuair
sé ó fhear an bhríste stracaithe i dteannta
an bhraoin a bhí ólta aige chomh mór soin
anois é, go raibh seilbh chairiúin cheannainn
faghálta ó thinncéir aige i gcionn chúig
nóimití ar chorruigheacht is trí púint.



Is é ag árdach bhlúire lathaighe ar bhianadh
a mhaide chun an ainmhidhe do chomharthughadh,


L. 22


d'fhiafruigh sé do'n tinncéir cad é an
t-aos a bhí an cairiún.



“Tá sé ag éiriughadh an seacht,” ars an
tinncéir.



Le n-a linn sin thairg stracaire a bhí ag
gabháil thórsa stiall dá éill ar an gcairiún
fan na gcos, agus ag cur sgearta gáire
as, dubhairt sé “Four-times seven.”



“Cé hé an diabhalamhnach úd, nó cad
dubhairt sé?” arsa Domhnall.



“Ó! cara dhamh-sa é siúd,” arsan tinn-
céir. “Sin í ainm a' chapaill adubhairt sé.
Ba dhóbair go ndearmhadainn í innsint
duit.”



“Siúd is gur mhaith uaidh í chur i n-umhail
dúinn,” arsa Domhnall, “badh dhóigh liom
nár ghádh dhó an capall bocht do ghortughadh.
Four-times seven; four-times seven. Is ró-
dheas an ainm í.”



Bhí sé d'éis na hoidhche do thuitim sarar
shroith Dómhnall an Crostaire leis an
gcairiún ceanann. Do fheistigh sé i
ngáirdín daingean fé bhun an tighe é, agus
do rith an ráfla amach gur cheannuigh
Dómhnall Crón capall. Níor thuit néal
codlata ar aon tsúil ar an an dá Chrostaire


L. 23


an oidhche sin. Ba mhoch ar maidin do bhí
cossumar mór bailighthe ar chlaidhe an
gháirdín. Siúd is ná rabhas féin an uair
sin ach im' ghlór-i-gcóitín ní raibh puinn ar
an gclaidhe romham. I gcionn tamaill
bhuail Domhnall amach chughainn. Ní raibh
uimis ach a bhríste 's a léine. A bhríste
Domhnaigh do b'é leis é, agus an léine gheal
do bhí ar an aonach air. Is é bhí go mór-
dhálach, a cheann san aer aige; agus badh
dhóigh le duine ná raibh aon chuid de Phails,
a sheanabhean, aige do bhí a' sodar 'n-a
dhiaidh.



“Go dtugaidh Dia tairbhe do chapaill
duit, a Dhómhnaill,” arsa na comhursain ar
fad.



Bhí an cairiún ag innbhíor do féin i lár
an gháirdín.



“An bhféadfá breith air, a Dhómnaill?
arsa duine leis.



“Breith air!” arsa Dómhnall, “tá sé
cómh macánta le huan, Dia dhá bheannachadh,”
agus do léim Domhnall thar claidhe isteach.
Níor leog an cairiún air go bhfeaca sé é.
Do dhruid Domhnall chuige agus a lámh
sínte amach aige, “tar i leith chúgham; fan
liom a chréatuir; mo ghraidhin mo chréatuir!”


L. 24


arsa Dómhnall chun go raibh sé ag ceann
an chairiúin. Nuair shíleamair uile go raibh
beortha aige air, faid bheitheá ag dúnadh do
shúl ní raibh an cairiún ag iompáil a dheiridh
leis. Ghaibh Dómhnall timcheall air arís,
agus “mo ghraidhin an créatuir” ar siubhal
aige, ach b'é an sgéal céadna é. Nuair
bhíodh Dómhnall ar tí a láimh do chur n-a
mhaing, do thugadh an cairiún casadh dho féin
go cliste, agus bhíodh Dómhnall n-a sheasamh ag
á chosaibh deiridh.



“Ní fheadar 'on domhan,” arsa buachaill
ar an gclaidhe, “ach ní dóigh liom go bhfuil
tú ag glaodhach i gceart air, a Dhómhnaill:
bhfuil ainm an chapaill agat?”



“Cuirfead geall,” arsa Pails, “ná raibh
an méid sin de'n chruinneas sa bhreallán,
is go mbeadh a ainm aige.”



“Tá dearmhad ort,” arsa Dómhnall.
“Is mé thug liom í go cruinn. Four-times
seven; fo-ur times seven; fo-o-our times
seven” arsa Dómhnall agus é ag druidim
níos goire dhon chapall leis gach aon fhocal.
Ach, b'é an seana-sgéal i gcómhnuidhe é.
Níor chuir an cairiún aon tsuim i bhfour-


L. 25


times-seven, agus ba gheárr go raibh
Dómhnall ag a chosaibh deiridh arís.



“Ní déarfainn go bhfuilir a' cur i
gceart fós chuige,” ar san buachaill do
labhair cheana. “Glaoidh air mar ghlaodhfá
ar aon ainmhidhe eile.”



“Ná fuilim a' rádh leis teacht i leith
chugham?” arsa Dómhnall.



“Dar ndó ní críostuidhe é,” arsan
buachaill. “Ní thuigeann sé thu.”



“Triail ‘sas sas’ leis” arsa mise.



“Éist, a dhailtín,” arsa mo mháthair, ag
baint stathadh as mo chluais.



“Leog do'n leanbh,” arsa Pails, “Is
mó chéill aige 'ná againn go léir.” Agus
do ghlaoidh si féin go h-árd “sop, sop, sop!”



Do chuir an méid adubhairt Pails coráiste
ar na haosóga ar fad, agus ba ghearr go
rabhamair uile ag béicigh i n-éinfheacht:



“Sas, sas, sas.”



“Pís, pís, pís.”



“Tiuc, tiuc, tiuc,”



“Beadaí, beadaí, beadaí.”



“Fíní, fíní, fíní.”



Dheineamair an oiread san gleóidh gur
thóg an cairiún suas a cheann, & d'fhéach sé


L. 26


aníos orainn, agus, chómh maith is gur searbh
dhínn a bheadh sé, bhuail sé uainn síos gur
chuaidh sé sa chúinne ba shia uainn de'n gháir-
dín, & do chrom sé ar innbhíor ann.



“Caithfeam éiriughadh as,” arsa Dómhnall
go tuirseach.



“A Dhómhnaill,” arsa seanduine dá raibh
ar an gclaidhe. “Ní eólach dhamh-sa aon
ainmhidhe is deabhrathaighe le capall ná
tarbh, Sara dtugair suas é, triail ‘buadh-
ró’ air.”



“An d--l triail,” arsa Dómhnall. “ní id'
eiteach é.”



Ach d'árduigh Pails a glór, agus ghlaoidh
“buadh ró, buadh ró, buadh ró,” go fada,
fuidheach. Ach ba bheag an chabhair di é.
Níor chorruigh an cairiún.



“Tá sé agam anois,” ars an buachaill
do labhair ar dtúis; “Níor thugais a cheart
féin do'n chapall fós, a Dhómhnaill.” “Cad
do cheileas air?” arsa Dómhnall.



“Cheilis an Béarla air. Is minic ar
aontaighibh mise, & ní chualadh focal dá
labhairt le capall riamh ach Béarla; &
cuirfead geall nár labhair éinne ar Neidín
indé le n-a chapall ach é.”


L. 27


“Mo choínséas, go bhfuil an ceart agat,
a bhuachaill; & nár mhór an t-amadán mise
dul is capall do cheannach is gan ionnam
focal do labhairt chuige 'n-a dhiaidh sin!”



“Ná raibh ‘four-times seven’ agat?”
arsa Pails.



Bhí Dómhnall ró-chráidhte chun freagra
thabhairt uirthi.



“Is cuma é sin, a Phails,” ar san buachaill,
“ach do chómhairleóghainn do Dhómhnall dul
agus Muirtí Beag Máighistir d'fhagháil gan
mhoill, & ní hé amháin go mbéarfaidh sé ar
‘Four-times Seven’ annso, ach múinfidh sé
ar aon bhuidéal fuisgí amháin Béarla a
dhóthain do Dhómhnall, agus duit-se leis a
Phails, chun caint' a dhéanamh le nbhúr
gcapaill choidhche.”



“Badh dheas a thiocfadh Béarla dhómh-sa!”
arsa Pails. Mar sin féin chuir sí
teachtaire ag iarraidh Mhuirtí Bhig, agus
d'imthigheamair go léir a bhaile.



Níor bh'é mo dhearmhad-sa faire ar
Mhuirtí Bheag an tráthnóna soin gur fhág sé
Carraig na Scoile, agus do leanas go tigh
Dhómhnaill é.


L. 28


“An fíor é seo, a Mhuirtí,” arsa Dómhnall,
“na tuigeann capall ach Beurla?”



“Gan dabht, a Dhómhnaill; níor labhair
éinne riamh a mhalairt chuige.”



“Agus,” arsa Dómhnaill, mar bhí sé ag
machtnamh ar an gceist seo i rith an lae,
“ná raibh each ag Cúchulainn agus each ag
Oisín, agus cad do labharadar-san chucha?”



“Béarla, gan amhras, a Dhómhnaill.
Níor labhair éinne riamh Gaedhilg acht
seirbhísigh nó rudaí bochta mar thusa is mise.”



“Shíleas gur labhair ríghthe na hÉireann
fad ó í.”



“Rómansuidheacht! a Dhómhnaill. Sinne
féin adeir é sin ag iarraidh ár leathsgéil a
ghabháil. Féach cad í an ainm a thugann ár
bpáipéar féin, an Cork Examiner, ar an
nGaedhilg.



“Ní fheadar, a Mhuirtí?”



“An vernacular, a Dhómhnaill. An dóigh
leat anois cad a chialluigheann an ainm seo?”



“Ná deireann tú gur Gaedhilg a chial-
luigheann sé?”



“Seadh agus ní headh, a Dhómhnaill
Vernacular is eadh teanga na ndaoránach,
agus sin é thugann an tExaminer uirthi.”


L. 29


“Missus Polly,” arsa Muirtí le Pails
a thánaig isteach ar an nóimeat soin,



D'fhéach Pails bhocht air, is ní fheadair sí
nách “gabhaim siar” a bhí ar siubhal aige.



Do gháir an Máighistir.



“Is olc é easbha an léighinn, a bhean
bhocht — ní 'ghá chur leat é. Sé dubhart leat
gráine coirce d'fhagháil ar bhodhrán dam.



Do las Pails suas le náire. “An iad
soin na téarmaí a bhíonn do Neill na
Deachmhaidhe agat nuair bhíonn tú ag ól an
phoitín 'n-a bothán súigh?” ar sí. “Má's
iad ní'l éan-iarraidh agam-sa ortha.”



Do fuair sí an coirce dho ar a shon san,
agus do chuaidh sé féin & Dómhnall síos sa
gháirdín.



Do leanas-sa agus Pails iad. Nuair
chuadhmair síos do bhí an Máighistir ag
déanamh anonn ar “Four-times seven”
agus é ag cur an choirce ag rinnce ar an
mbodhrán i gcás go gcloisfeadh an capall
é. Bhí ceannrach 'n-a chiotóig taobh thiar dá
dhrom aige.


L. 30


Peg — ayshus” ar san máighistir. Nuair
chuir an capall a shrón sa bhodhrán, do chuir
Muirtí an lámh chlé n-a mhaing, & shleamhnuigh
sé an cheannrach taobh thiar dá chluasaibh.
Bhí Peg-ayshus ar adhastar aige faid
bheitheá ag féachaint thart.



“A Mhuirtí,” arsa Dómhnall, “cad é an
‘pheig-éisios’ soin a bhí ar siubhal agat.
Nach breágh do thuig an capall í!”



“Sin é ainm an chapaill, a Dhómhnaill.”



“Há!” arsa Pails, go mailíseach, “is
fada ó four-times-seven é sin.”



“Ná déanfadh Peg mar ainm air an
gnó?” arsa Dómhnall.



“Cionnus a thabharfá Peg ar chairiún?”
arsa Pails.



“Cionnus a tugthar cairiún ort-sa?”
arsa Dómhnall. “Tóg an buidéal as an
gcupúrd go mbeidh gloine ag an
Máighistir.”



III.



“'Seadh,” arsa Tadhg na gColpaí, agus
sinn ag gabháil anuas ó thigh an tórraimh le
breacadh an lae, “'seadh, a Ghruagaigh, níor
chuiris go holc chun scéil an chairiúin ó


L. 31


chianaibh — ach, nár bh'é an cladhaire é Muirtí
Beag? Is dócha gur mheall sé aosóga an
Chrostaire chun na hAcadaimí, mar adeir-
eadh sé.”



“Mheall sé mise, pé i nÉirinn é. Thug
sé marcaigheacht ar ‘Four-times Seven’ ó'n
ngáirdín go tigh Dhomhnaill dom; & nuair
chuadhas i measc na gcomhursan chun na
scoruigheachta an oidhche sin ag éisteacht
leis, níor bh'é a dhearmhad mé chur im' sheas-
amh idir a dhá ghlúin ar aghaidh na teine
amach. Bhíos ag Carraig na Scoile an Luan
'n-a dhiaidh sin.”



“D'fhan sé ar an gCrostaire an oidhche
sin, mar sin,” arsa Tadhg.



“Níor fhan, i más! Do b'fhusa seana-
chat do chur as an gcistin is feóil dá
róstadh innte 'ná Muirtí do chur ó chupúrd
Phails faid fhan diúir sa bhuidéal.”



“Ba mhór an spórt é fan (feadh) na
hoidhche, ag bladhmann, ag maoidheamh as a
chuid léighinn, agus ag scilige éithigh do sna
daoine simplidhe a bhí 'n-a thimcheall.



“‘A mháighistir, airiú!’ arsa duine dhíobh
so leis, ‘deir Dómhnall annso liom gur i


L. 32


Laidin a labhrais leis an gcapall indiu, &
gur mhínigh aon fhocal amháin di é.’



“‘Níor iarr sé a thuilleadh, a Dhiarmaid.
Tháinig sé chugham 'n-a diaidh mar a thiocfadh
gadhar ag lútháil chun a mháighistir.’



“‘Béarla ar maidin,’ arsa Pails, ‘agus
Laidion um thráthnóna. Nach ait an scéal
ag seanduine an tighe seo é, go gcaithfidh
sé Béarla & Laidion d'fhoghluim chun cliabh-
án aoiligh do tharrac le capall tinncéara.’



“‘Castar le géarchúiseacht mná é!’
arsa Muirtí, go breágh, bladartha. ‘Acht
cogur a leith go fóill chugham, a bhean an
tighe. Dá gcuirthá-sa gearradh beag id'
mhéir anois, cad do dhéanfá léi?’



“‘Is greannamhar an cheist í sin. Do
cheangloghainn suas í gan dabht, nú b'fhéidir
go gcuirfinn ceiridhe bheag léi chum í
tharrac.’



“‘Ach, cuir i gcás ná déanfá soin, a
bhean an tighe, go nglacfá neamh-shuim-
eamhail ar dtúis í, & go raghadh an salachar
sa mhairc, & go dtiocfadh sí chun Nearraí
Suipileas agat, a bhean an tighe, cad do
dhéanfá annsoin?’



“Righin réidh do chuir Muirtí an méid


L. 33


seo as, agus é ag baint lán a dhá shúl as
lámha Phails a bhí 'n-a baclainn aici.



“‘Slán mo chomhartha!’ arsa Pails, ag
casadh a haprúin ar a lámha, agus breac-
sceóin innte — ‘slán mo chomhartha, & aghaidh
gach uilc i bhfad uainn! dá dtigeadh droch-
aicíd mar sin orm, do chuirfinn fios ar an
ndochtúir gan mhoill.’



“‘Mar a chuiris orm-sa do'n chapall, a
Phails — há! há! há-á! B'é dáltha do
mhéire-se díreach aige é. Dá bhféachthí i
n-am chuige, ní bheadh pioc air. Ní raibh ar
dtúis air acht dúire bheag i dtaobh é theacht
i measc stróinséarach, ach do dhingeabhair-
se bhur salachar Gaedhilge 'n-a chluasaibh
gur dhein Nearraí Suipileas 'n-a bholg di,
& do b'éigin díbh fios do chur ar an ndoch-
túir, Muirtí, chun purgóid Laidne do thabh-
airt do — há! há! há-á! Tá sé leighiste
anois agat, agus, má choimeádann tú ó
shalachar na Gaedhilge é, ní gádh dhuit a
thuilleadh dá dhuadh d'fhagháil.’



“‘Moladh leis a saoghal,’ arsa Diar-
maid, ‘nach mór í cómhacht na Laidne!’



“‘Ní'l fhios a leath agat, a mhic ó. 'Seadh
mhuise! cómhacht i Laidin. Féach ar na


L. 34


sagartaibh, a dhuine — 'sé an Laidion a thug-
ann na cómhachta go léir dóibh. An sprid
is measa do cruthnuigheadh riamh, dar ndó
ní'l ag sagart ach a hainm sa sloinneadh
do ghlaodhach i Laidin, is beidh sí chomh neamh-
dhíobhálach le huan aige.’



“‘Mh'anam! gur minic d'airigheas é sin,
a Mháighistir. Agus an bhfuil an buadh sain
leis, ag an nGréigis anois?’



“‘Níos mó go mór, a Dhiarmaid. Ach tá
sé toirmiscthe ar na sagartaibh puinn
úsáid do dhéanamh di sin. Tá sí dain-
séarach i láimh éinne; mar sin féin, nuair
a theipeann ar an Laidin, is maith í bheith le
tarrac chuige ag duine. Go deimhin do
shíleas féin um thráthnóna go gcaithfinn
fadhb nú dhó dhí do chur 'n-a luighe ar an
gcairiún, ach b'é toil an tsaoghail gur ghéill
sé do'n Laidin.’



“‘Is mór í d'fhoghluim, a Mháighistir. Ní
fuláir nár chuir éinne riamh síos tú?’



“‘Mhuise, cé gur náireach an admháil
dom é, munar cuireadh síos mé, ba gheall
leis dom. Geallaim duit ná raibh éin-nídh
saor agam. Is ar Phátrún Locha Coínleáin
do casadh ar a chéile sinn. Diarmaid Dubh


L. 35


Máighistir an fear eile. Bean de mhuinn-
tir na gCroiceann a mháthair, acht níor
bh'fhios cé ar bh'é a athair. Bhí an pátrún go
léir i n-ár dtimcheall.’



“‘Níor bh'iongnadh soin,’ arsa Diarmaid.
‘Badh mhór do b'fhiú bheith ag éisteacht libh.’



“‘Ní misde sin do rádh. Badh mhór —
d'éinne do thuigfeadh sinn. Ins na sean-
theangchaibh do luigheamair chun a chéile ar
dtúis, & asta-san do thángamair anuas ó
bhliadhain go bliadhain gur sháthamair go
doimhin sa Bhéarla sinn féin. Ag taighde
dhúinn sa ghraiméar, 'seadh do fuair sé an
lúb ar lár ionam-sa.’



“‘Muise, cad í an cheist do chuaidh
díot?’



“‘Parse von-too-three,” ar seisean.’



“‘Nach suarach do shamhluigheann sí sin, a
mháighistir: ní'l téarmaí móra i n-éan-chor
innte.’



“‘Ní'l, & Árístotail féin, an lá b'fhearr
do bhí sé, ní réidhfeadh sé an cheist ar a
shon-san.’



“‘Agus anois, a mháighistir, cionnus do
bhainis sásamh de 'n-a dhiaidh sin? Cad í an
cheist a chuir ar a thár i n-áirde é?’


L. 36


“‘Ag sárughadh a chéile le hecsanna do
bhíomair nuair do thuit an Fear Dubh.’



“‘Ní chualadh trácht ar an gcleas soin
riamh. Cad é an saghas airm na hecs-
sanna?’



“‘Há! há! há-á! Mar a dubhairt
cheana le bean an tighe, is olc é easbadh an
léighinn. Is le healadhain a tháinig ó'n
Domhan Toir a bhaineann siad. 'Sé ainm
atá ar an ealadhain 'ná an tÁl Gébr. An
té atá cliste san ealadhain seo, is féidir
leis leitir atá san Aibigitir Gallda, 'sí
sin x, do ghabháil chun oibre, &, má gabhtar i
gceart í, ní'l freagra ceiste sa domhan
ná saothróghaidh sí i gcionn nóimit.’



“‘Mo chóinséas! ná fuil oighre ar “Chos
Fé Chrios” ach é.’



“‘Is fearr í siúd go mór. Do ghabh-
amair na hecsanna, & siúd fé chéile sinn.
Aos na ré, aoirde na gcnoc, faid na
n-aibhne — do thómhaiseamair iad uile, & níor
bhris giorta ná stropa i gculaith x ar
éinne againn.



‘“Tabhair suas,” arsan Fear Dubh.
“Níor ceapadh ceist riamh ná féadfainn-se
culaith a sholáthair do chur ar x.” “Cuir


L. 37


ar lorg h'athar é,” arsa mise, “agus feic-
imíd an soláthróghaidh sé chughat é?”



“‘Do thuig gach éinne an cheist sin, & do
luigheadar ar gháiridhe agus ar mhagadh fé
Dhiarmaid Dubh. Do thug sé fúm-sa do
bhualadh, acht ní leogfí dho barra méire do
leogaint orm, agus do deineadh bé-thé ar
fuid an phátrúin de.’



“Seo, a Thaidhg, mar do chaith Muirtí an
oidhche ar an gCrostaire; acht sid é mo
bhothán annso, & caithfeam scaramhaint le
chéile.”



“Agus nuair a raghair san ámóig ní
dóigh liom gur gádh dhuit x do ghabháil chun
codladh do shaothrughadh chughat. Táim féin
ag tuitim i gceann mo chos, pé scéal é.”



TAGRA


L. 39



MÍNIUGHADH.



BREAC-FHOLLAMH, nach mór follamh. Breac-bhriste,
breac-shláinte, &rl.



NA CÓMHURSAIN BA GHAIRE DHÓIBH, na c. do chómh-
nuigh 'n-a n-aice.



DUL I NGLAISE, dul i bhfuaire.



NÍ THUISFEADH ÉINNE DHO GO —, níor dhóigh le hé —
le féachaint air go —.



BÁIRE COMÓRTAIS, báire do bheadh idir dhá pharóiste
nó dhá chontae.



LEATH-CHUMAIG, an-cheart.



I N-A LIC OIDHRE, … leac oidhre. Is é an
chéad fhocal do shóinseálthar.



AG TATHANT AIR, ag beag-iarraidh air; ag síor-
iarraidh air.



DÉ BEATHADH G. DÉ, nuair bhaineann sé leis an am
atá thart, ní maoluighthear an b.



DÉ BHEATHADH G. DÉ, is do'n am atá chughainn a
thagarann sé seo.



RÉ … GEALACH, is do'n rud atá san aer do
bheifidhe ag tagairt nuair déarfaidhe sé; agus
is í an ghealach solas na ré.



LÁ BUIDHE GRÉINE, níl san bhfocal “buidhe” annso
ach go neartuigheann sé brígh an fhocail eile.



GO SIANSACH, go crónánach; go huaibhreach.



GHÁ SHÁRUGHADH, ag teacht suas leis.



LEÓNUGHADH Ó DHIA, míorbhúilt ó Dhia.



LEACHT, carn cloch a deintear i n-áit i n-a bhfaghann
duine bás obann.


L. 40


SARCÁN, an maide cuirthear trí dhá iomchur na
gcliabhán.



MO PHRÁTAÍ BEAGA, ní “beag” a chialluigheann
sé seo, ach ceanamhail.



DO MHOTHUIGHEAS NÓ D'AIRIGHEAS, thá defir idir an
dá fhocal so. Is amach as do chroidhe féin a
thiocfaidh an fios nuair mhothóghair rud; is ó'n
dtaobh amuigh a thiocfaidh sé nuair d'aireóghair
rud.



AR NÓS A' BHEITHIDHIGH ALLTA, is treise de rádh é
seo ná “ar na beithidhigh allta.”



CONNTONÓS, aghaidh; ceannacha.



CÉADTA DUBHA, ní dubh iad ach iomadamhail, “Tá
na cáirne dubha d'airgead aige.”



SIUBHLAIMÍS 'N-A DHIAIDH — i.e., téidhmís dá fhiadhach
nó dá thóruigheacht.



SCAOINSE (fir nó mná), fear nó bean a bheadh fada,
caol.



THUITEAS IM' MHEAIG, thuiteas i dtadhm nó i bhfann-
taise. “I mig an bháis?”



NÍOR CHUIREAMAIR CHUIGE NÁ UAIDH, níor bhaca-
mais leis.



SAN AON OTRAINN, sé sin i mBéarla in one yard.
Ní fheadar cé'ca ó “idir,” nó ó otrach (lathach) a
thigeann an focal. Is dócha do réir deabhraimh
gur ó “otrach” a thigeann sé, óir is annamh a
bhíonn easbha lathaighe san otrainn.



DO THÉARNUIGHEAS, do thánag chugham féin. Do
chuadhas i bhfeabhas.



AG COMHCHOIMHLIC, ag iomaidh le chéile.



AG CALLAIREACHT, ag glaodhach go hárd.



CEITHEARNACH, duine go mbeadh foluidheacht ann.



LAG-CORÁISDE, easbha coráisde nó misnigh.



DO GHRIOG, do phrioc, nó do chorruigh suas.



CORRUIGHEACHT IS TRÍ PÚINT, breis is trí p.


L. 41


BIANADH A MHAIDE, an fáinne iarainn do bhíonn ar
bhárr mhaide lámha.



AG ÉIRIUGHADH AN SEACHT, Ní Béarlachas é seo. Sé
deir cainnteóirí Gaedhilge nuair bhíd siad ag
tagairt do chapall nó do bhuin.



COSSUMAR, scata daoine trí n-a chéile. Daoine
gan riair.



GLÓR-I-GCÓITÍN, leanbh chómh beag san gur bh'é an
glór an chuid is mó dhe.



DIA DHÁ BHEANNACHADH — i.e., go mbeannuighidh Dia é?
Is dócha.



STATHADH, stracadh ó'n bpréimh. “Níor fhág sé thuas
táth air nár stath sé is nár bheárr sé.”



NÍOS SIA UAINN, níor faide uainn. Fada, níos sia,
is sia.



SAS, SAS, SAS, ag glaodhach chughat ar ghadhar.



PÍS, PÍS, PÍS, ar chat.



TIUC, TIUC, TIUC, ar chirc.



BEADAÍ, BEADAÍ, ar ghé.



FÍNÍ, FÍNÍ, FÍNÍ, ar lachain.



BUADH-RÓ, &c., ar tharbh.



ID' EITEACH, id' dhiúltadh.



AONTAIGHIBH, aonachaibh.



BADH DHEAS A THIOCFADH BÉARLA DHÓMH-SA.



TÉARMAÍ, focal fhada léigheanta (?)



ÉIRGHTHEACH D'ÉINNE, rathmhar d'é.



DIABHALAMHNACH, bréabaire díobháilteach



NÍOR FHAN I MÁS,



DIÚIR, an braon is lugha.



SCILIGE, baint an mhogail de'n ghráine. Scilige
éithigh, Anglo Irish, “grindin' out lies.”



MÍNIGH AN CAPALL, tabhair chun ceannsacht' é.



GADHAR AG LÚTÁIL, fawning is Béarla air seo.


L. 42


MAIRC, ní “marc” é seo: Mairc is é cneadh nú
gearradh.



NEARRAÍ SUIPILEAS, sid é thugadh Muirtí an léighinn
ar erysipelas.



SLÁN MO CHOMHARTHA,



B'É DÁLTHA DO MHÉIRE-SE DÍREACH AIGE É, mar
do theangmhaidh dod mhéir-se is cruinn gur mar
sin do thárla dho-san.



DÚIRE, ceann-dáine.



TUILLEADH DÁ DHUADH,



FADHB, cloch mhór; focal mór; “téarma.”



TEANGA, TEANGCHA, TEANGCAIBH, gnás an bhaill
seo go háirithe.



AG TAIGHDE, is doimhne é seo ná tomhach.



AIBIGITIR, an t-A-B-C.



BÉ-THÉ, dreóillín spóirt.



ÁMÓG, leabaidh shuarach.



ÁRÍSTOTAIL, Aristotle.



GRUAGACH AN TOBAIR.



CRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services