Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annála na Tuatha I
Title
Annála na Tuatha I
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
Cois na Teineadh / Gruagach an Tobair
Compiler/Editor
Ó Séaghdha, Pádraig
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BA DUBHA LOCHA NA hEÓRNAN Dia Sathairn beag so bhí mo cheann n-a roithleán ó bheith ag éisteacht le sruth an "Tobair "ar feadh na seachtmhaine, agus mo radharc ag leathadh orm le barr tinnis cinn. "Seadh," arsa mise liom féin, "ó tá an lá go breagh raghad ar mhullach na Ceathan, agus b'fhéidir go ndéanfadh aer an chnuic mé thabhairt chugham féin." Thug an tsean-bhean an bhairghin bheag agus a beannacht(!) i gcóir an bhóthair dam. Pé nídh is mar a dheineann an bheannacht é, ní'l amhras ná gurab í an bhairghin bheag do- gheibheann an Gruagach nuair ghlacann sainnt siubhail é. Nuair fhágas an choill, bhuaileas an cnoc suas fé bhun Phluaise Eisc na bhFiach, cois Abha Dhoirín an Chaithne, agus Charraig Fhada an Staincín, gur shroicheas an mullach, agus do shíneas tharm i n-aice turtóige i mBogach an Mharbh-Ghamhna. Bhí an Cúm ar m'aghaidh anonn, agus Loch na hEórnan 'n-a chodladh go sámh i n-a lár istigh. Ba niamhrach a bhí an grian ag taithneamh ar an
loch, agus badh dhóigh le duine go raibh aiteas i dtaobh ghigilt na gréine air, mar bhí na milliúin réalta ag éirighe as an uisce ar nós spréacha airgid, acht amháin go raibh plucamas beag sa taobh thiar de mar a raibh scáil Faille Duibhe an Locha os a chionn, agus na tonnta beaga ag imtheacht isteach ins na cuasaibh le glug-glag, glug- glag, mar a bheidís ag mionnabar i dtaobh phléireachta na gréine sa taobh thoir. Mar is gnáthach le duine im' chás, ó bheith ag féachaint ar an loch, do chromas ar mhachtnamh ar an dtír féin — leis na cian- taibh sladtha ag Gallaphuic; furmhór a cloinne imthighthe seach geal le fán an tsaoghail; an dríodar iarmharáin d'fhan innti ag gleó, 's ag coimheascar, 's ag acharann le chéile; na fir chalma d'éirigh suas innti do thug agus atá ag tabhairt a saoghail agus a sláinte go neamh-bhuidheach ar a son. As an machtnamh so ní fuláir gur thuiteas im' chodladh, mar ní cuimhin liom a thuilleadh gur priocadh sa cheathramhain mé le gob éigin géar, is go gcualadh glór ag rádh: "An Gruagach, mo choinsias, is é 'na dhubh- chodladh."
Ar oscailt mo shúl dom cia chífinn os mo chionn acht Séamus Cháit ó'n gCrostaire Mór, téad chlúimh fé n-a oscail chlé aige, agus speal ar a chuislinn dheis, agus é ag dul sa Chúm ag baint fionnáin. Do shuidh sé síos, agus do shuidheas-sa suas, agus do thairrngeamar chughainn ár bpíopaí; do dheargamar iad, agus do luigheamar ar chainnt. "Mhuise, a Ghruagaigh," arsa Séamus, "nach greannmhar an duine thú anois idir chromadh is liathadh dhuit ag fágaint do leapthan féin sa bhaile, agus ag cur aistir sé mhíle ort chum gris do chodladh i mBogach an Mharbh-Ghamhna ar mhullach na Ceathan. Mo choinsias, go bhfuil corp láir na fírinne ag na comharsain adeir go bhfuil leath- stradhain ort. Tá fhios agat gur con- tabhairteach an rud é codladh amuigh. Féach an buachaill bocht soin thall i Rothchúm do thóg an fiabhras as, slán mar n-innstear é, agus aghaidh gach uilc i bhfad uainn; agus Máire na Péiste, an cuimhin leat Máire na Péiste, a Ghruagaigh?" "Is dóigh liom gur cuimhin, a Shéamuis. Nach í adeireadh, nuair thigeadh sí isteach
i dtig 'n-a mbíodh sólthuistí éigin ar siubhal "Ta mo chomráda ag éirighe chugham, a bhean a' tighe."" "Tá a comhartha go cruinn agat, a Ghruagaigh. B'í sin Máire go deimhin, acht cogar, a gcualaís riamh cia'r bh'é an com- ráda úd a bhíodh ag éirighe chúichi?" "Níor chualadh riamh, a Shéamuis." "Do rug an oidhche ar Mháire uair is í ag crosadh na Ceathan, i gcás gur bh'éigin di cur fúithi cois Charraig an Dúna. San oidhche do thuit a codladh uirthi, agus faid bhí a béal ar leathadh agus í ag sreanntar- naigh, cad deirir le heascú luachra nár chuaidh síos 'n-a bolg. B'é sin comráda Máire na Péiste; agus is é fé ndeara dhí dúil a chur ins na sólthuistíbh mar a dubhraís. Thug dochtúir ó Chiarraidhe mar thuairim di go dtiocfadh an phiast amach trí n-a himliocán i gcionn seacht mbliadhan; acht do scannruigh sí chomh mór soin le huathbhás an scéil gur cailleadh i gcionn trí mbliadhan ó'n lá soin í. I n-aimsir bhrothallaigh mar an lá indiu bíd na heascoin luachra gnóthach, agus badh chóis duit bheith ar do sheachaint féin ortha."
"Tá sé brothallach gan amhras, a Shéamuis, agus do b'fhearr liom 'ná rud mór go mbeinn thall cois an locha go ndéanfainn mé féin d'iomlascadh innti." "Ní dáríribh ataoi, a Ghruagaigh? Níor rugadh an fear soin fós ar an dtalamh do bhain an snas d'á chroiceann sa loch úd. Seadh mhuise, ag cuimhneamh ar dhul a' snámh i loch atá fé dhraoidheacht!" "Fé dhraoidheacht, a Shéamuis. Ná bí ag magadh fúm." "Ná bí féin ag magadh fút féin, is dóigh Fé dhraoidheacht i mbasa. Cionnus eile bheadh sé nuair chualaidh Seaghán Liath ó Chúm Orcáin an chráin mhuice ag tál ar na banbhaíbh ann; agus Diarmaid Dhonnchadh ó'n gCrostaire, do spalpfadh sé an leabhar gur airigh sé an chuigeann bhainne d'á déanámh ann. An bhfeiceann tú an chloch mhór úd thíos fé n-ár mbun cois an chosáin? Sin í Carraig an Chaipín; agus do lean dosaon ba draoidheachta ó'n loch firín do chomhnuidh ar an gCrostaire mBeag, dar bh'ainm Dómh'- aillín Caoch, go dtí an Charraig sin. Lá breagh samhraidh bhí Domh'aillín ag baint easrach ag Cnocán an Chonnlaigh thiar
ann so, agus thug sé fé ndeara go raibh ba dubha geal-adharcacha, gnóthach n-a thimcheall. Do shíl sé gur ba féaraigh ó'n gCeathain iad, cé gur annamh a bhíodh ba na Ceathan chomh leathan idir na maothánaibh is bhíodar so. Is minic do thugadar fogha fé'n easair' agus do scaipeadar le n-a n-adharcaibh í. Teasbhach do shíl sé bheith ortha agus do luigh sé ar iad do rúscadh le clochaibh. Do thángadar arís agus arís eile, agus do spiúnadar an easair dá indheóin. Fé dheireadh, bhí an beart fáiscthe aige agus socruighthe ar a dhrom. Fé shlighe ale dhó, do bhí na ba 'n-a thimcheall, agus do bhaineadh ceann aca anois agus ceann eile arís lán a béil as an mbeart. Do leanadar de d'á chrádh ar an slighe sin go dtáinig sé go Carraig an Chaipín Leig sé dhé an beart ar an gcarraig, agus siúd i ndiaidh na mbó é. Bhí sé ar buile
dearg cughtha. Do rith ceann aca siar, ceann aca soir, síos agus suas; agus, ar imtheacht do Dhómh'aillín i ndiaidh chinn aca, do casadh an chuid eile ar an mbeart. Do leagadar dhe'n charraig é, do stracadar ó chéile é, ghabhadar de chosaibh ann. Siúd chughtha Dómh'aillín, ach sul ar shroich sé iad, do thóg bó aca a ceann i n-áirde, agus do chuir sí búir aisti. Annsoin do thógadar uile a gcinn i n-áirde; d'árduigheadar a n-ear- baill san aer, agus imthigheadar siar mar bheidís ag gaoidheal. Do lean Domh'aillín iad go bhfaca sé le n-a shúilibh cinn ag dul isteach fé'n loch iad. Annsoin d'aithin se gur bh'iad na ba draoidheachta bhí aige, agus gur bh'amhlaidh bhí an luibh sa bheart aige. Dá gcoimeád- fadh sé an luibh uatha do leanfaidís a-bhaile é, agus do bheidís ceannsa choidhche aige. Ach firín simplidhe do b'eadh Domh'aillín riamh." Plucamas, a swelling of the waters. Mionnabar, murmuring or complaining.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services