Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Annála na Tuatha I

Title
Annála na Tuatha I
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
Cois na Teineadh / Gruagach an Tobair
Compiler/Editor
Ó Séaghdha, Pádraig
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BA DUBHA LOCHA NA hEÓRNAN



Dia Sathairn beag so bhí mo cheann n-a
roithleán ó bheith ag éisteacht le sruth an
"Tobair "ar feadh na seachtmhaine, agus
mo radharc ag leathadh orm le barr tinnis
cinn. "Seadh," arsa mise liom féin, "ó
tá an lá go breagh raghad ar mhullach na
Ceathan, agus b'fhéidir go ndéanfadh aer an
chnuic mé thabhairt chugham féin."



Thug an tsean-bhean an bhairghin bheag agus
a beannacht(!) i gcóir an bhóthair dam.
Pé nídh is mar a dheineann an bheannacht é,
ní'l amhras ná gurab í an bhairghin bheag do-
gheibheann an Gruagach nuair ghlacann
sainnt siubhail é.



Nuair fhágas an choill, bhuaileas an cnoc
suas fé bhun Phluaise Eisc na bhFiach, cois
Abha Dhoirín an Chaithne, agus Charraig Fhada
an Staincín, gur shroicheas an mullach, agus
do shíneas tharm i n-aice turtóige i
mBogach an Mharbh-Ghamhna. Bhí an Cúm ar
m'aghaidh anonn, agus Loch na hEórnan 'n-a
chodladh go sámh i n-a lár istigh. Ba
niamhrach a bhí an grian ag taithneamh ar an


L. 2


loch, agus badh dhóigh le duine go raibh
aiteas i dtaobh ghigilt na gréine air, mar
bhí na milliúin réalta ag éirighe as an uisce
ar nós spréacha airgid, acht amháin go
raibh plucamas beag sa taobh thiar de mar
a raibh scáil Faille Duibhe an Locha os a
chionn, agus na tonnta beaga ag imtheacht
isteach ins na cuasaibh le glug-glag, glug-
glag, mar a bheidís ag mionnabar i dtaobh
phléireachta na gréine sa taobh thoir.



Mar is gnáthach le duine im' chás, ó bheith
ag féachaint ar an loch, do chromas ar
mhachtnamh ar an dtír féin — leis na cian-
taibh sladtha ag Gallaphuic; furmhór a
cloinne imthighthe seach geal le fán an
tsaoghail; an dríodar iarmharáin d'fhan
innti ag gleó, 's ag coimheascar, 's ag
acharann le chéile; na fir chalma d'éirigh
suas innti do thug agus atá ag tabhairt a
saoghail agus a sláinte go neamh-bhuidheach ar a
son. As an machtnamh so ní fuláir gur
thuiteas im' chodladh, mar ní cuimhin liom a
thuilleadh gur priocadh sa cheathramhain mé
le gob éigin géar, is go gcualadh glór ag
rádh:



"An Gruagach, mo choinsias, is é 'na dhubh-
chodladh."


L. 3


Ar oscailt mo shúl dom cia chífinn os
mo chionn acht Séamus Cháit ó'n gCrostaire
Mór, téad chlúimh fé n-a oscail chlé aige,
agus speal ar a chuislinn dheis, agus é ag dul
sa Chúm ag baint fionnáin.



Do shuidh sé síos, agus do shuidheas-sa suas,
agus do thairrngeamar chughainn ár bpíopaí;
do dheargamar iad, agus do luigheamar ar
chainnt.



"Mhuise, a Ghruagaigh," arsa Séamus,
"nach greannmhar an duine thú anois idir
chromadh is liathadh dhuit ag fágaint do
leapthan féin sa bhaile, agus ag cur aistir sé
mhíle ort chum gris do chodladh i mBogach
an Mharbh-Ghamhna ar mhullach na Ceathan.
Mo choinsias, go bhfuil corp láir na fírinne
ag na comharsain adeir go bhfuil leath-
stradhain ort. Tá fhios agat gur con-
tabhairteach an rud é codladh amuigh. Féach
an buachaill bocht soin thall i Rothchúm do
thóg an fiabhras as, slán mar n-innstear é,
agus aghaidh gach uilc i bhfad uainn; agus
Máire na Péiste, an cuimhin leat Máire
na Péiste, a Ghruagaigh?"



"Is dóigh liom gur cuimhin, a Shéamuis.
Nach í adeireadh, nuair thigeadh sí isteach


L. 4


i dtig 'n-a mbíodh sólthuistí éigin ar siubhal
"Ta mo chomráda ag éirighe chugham, a bhean
a' tighe.""



"Tá a comhartha go cruinn agat, a
Ghruagaigh. B'í sin Máire go deimhin, acht
cogar, a gcualaís riamh cia'r bh'é an com-
ráda úd a bhíodh ag éirighe chúichi?"



"Níor chualadh riamh, a Shéamuis."



"Do rug an oidhche ar Mháire uair is í
ag crosadh na Ceathan, i gcás gur bh'éigin
di cur fúithi cois Charraig an Dúna. San
oidhche do thuit a codladh uirthi, agus faid
bhí a béal ar leathadh agus í ag sreanntar-
naigh, cad deirir le heascú luachra nár
chuaidh síos 'n-a bolg. B'é sin comráda
Máire na Péiste; agus is é fé ndeara dhí
dúil a chur ins na sólthuistíbh mar a
dubhraís. Thug dochtúir ó Chiarraidhe mar
thuairim di go dtiocfadh an phiast amach
trí n-a himliocán i gcionn seacht mbliadhan;
acht do scannruigh sí chomh mór soin le
huathbhás an scéil gur cailleadh i gcionn
trí mbliadhan ó'n lá soin í. I n-aimsir
bhrothallaigh mar an lá indiu bíd na
heascoin luachra gnóthach, agus badh chóis
duit bheith ar do sheachaint féin ortha."


L. 5


"Tá sé brothallach gan amhras, a
Shéamuis, agus do b'fhearr liom 'ná rud mór
go mbeinn thall cois an locha go ndéanfainn
mé féin d'iomlascadh innti."



"Ní dáríribh ataoi, a Ghruagaigh? Níor
rugadh an fear soin fós ar an dtalamh do
bhain an snas d'á chroiceann sa loch úd.
Seadh mhuise, ag cuimhneamh ar dhul a' snámh
i loch atá fé dhraoidheacht!"



"Fé dhraoidheacht, a Shéamuis. Ná bí ag
magadh fúm."



"Ná bí féin ag magadh fút féin, is dóigh
Fé dhraoidheacht i mbasa. Cionnus eile
bheadh sé nuair chualaidh Seaghán Liath ó
Chúm Orcáin an chráin mhuice ag tál ar na
banbhaíbh ann; agus Diarmaid Dhonnchadh
ó'n gCrostaire, do spalpfadh sé an leabhar
gur airigh sé an chuigeann bhainne d'á
déanámh ann.



An bhfeiceann tú an chloch mhór úd thíos
fé n-ár mbun cois an chosáin? Sin í
Carraig an Chaipín; agus do lean dosaon ba
draoidheachta ó'n loch firín do chomhnuidh ar
an gCrostaire mBeag, dar bh'ainm Dómh'-
aillín Caoch, go dtí an Charraig sin.



Lá breagh samhraidh bhí Domh'aillín ag
baint easrach ag Cnocán an Chonnlaigh thiar


L. 6


ann so, agus thug sé fé ndeara go raibh ba
dubha geal-adharcacha, gnóthach n-a thimcheall.
Do shíl sé gur ba féaraigh ó'n gCeathain
iad, cé gur annamh a bhíodh ba na Ceathan
chomh leathan idir na maothánaibh is bhíodar
so. Is minic do thugadar fogha fé'n easair'
agus do scaipeadar le n-a n-adharcaibh í.
Teasbhach do shíl
sé bheith ortha agus do
luigh sé ar iad do
rúscadh le clochaibh.



Do thángadar arís
agus arís eile, agus do
spiúnadar an easair dá indheóin. Fé
dheireadh, bhí an beart fáiscthe aige agus
socruighthe ar a dhrom. Fé shlighe ale dhó,
do bhí na ba 'n-a thimcheall, agus do bhaineadh
ceann aca anois agus ceann eile arís lán
a béil as an mbeart.



Do leanadar de d'á chrádh ar an slighe
sin go dtáinig sé go Carraig an Chaipín
Leig sé dhé an beart ar an gcarraig, agus
siúd i ndiaidh na mbó é. Bhí sé ar buile


L. 7


dearg cughtha. Do rith ceann aca siar,
ceann aca soir, síos agus suas; agus, ar imtheacht
do Dhómh'aillín i ndiaidh chinn aca, do casadh
an chuid eile ar an mbeart. Do leagadar
dhe'n charraig é, do stracadar ó chéile é,
ghabhadar de chosaibh ann. Siúd chughtha
Dómh'aillín, ach sul ar shroich sé iad, do thóg
bó aca a ceann i n-áirde, agus do chuir sí
búir aisti. Annsoin do thógadar uile a
gcinn i n-áirde; d'árduigheadar a n-ear-
baill san aer, agus imthigheadar siar mar
bheidís ag gaoidheal.



Do lean Domh'aillín iad go bhfaca sé le
n-a shúilibh cinn ag dul isteach fé'n loch
iad.



Annsoin d'aithin se gur bh'iad na ba
draoidheachta bhí aige, agus gur bh'amhlaidh
bhí an luibh sa bheart aige. Dá gcoimeád-
fadh sé an luibh uatha do leanfaidís a-bhaile
é, agus do bheidís ceannsa choidhche aige.



Ach firín simplidhe do b'eadh Domh'aillín
riamh."



Plucamas, a swelling of the waters.



Mionnabar, murmuring or complaining.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services