Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scríbhne Risteard de Hindeberg
Title
Scríbhne Risteard de Hindeberg
Author(s)
In eagar ag Seán Ó Cuirrín,
Compiler/Editor
Ó Cuirrín, Seán
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Nualán
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREAS FUIRSEÓRACHTA É SEO. IS É IS TIODAL DÓ COR IN AGHAIDH AN CHAIM AGUS CAM IN AGHAIDH AN CHOIR. Atáid in aon ionad .i. i dtigh an Ghobbáin Saoir - teach- taire ó rígh Shean-Shasna, an Gobbán Saor agus a Mhac. T. Bail ó Dhia oraibh. G. Dia is Muire dhuit is Pádraig. Suidh síos chum na teineadh. Nach fiadhain an aimsear í, míle buidheachus le Dia? T. Atáim buidheach díot. Is fiadhain sin. Ní'l aon fhuacht orm. Ní ró-fhuar an lá é ar aon chor, an té do bheadh ag corruighe. Ní fuacht acht fán atá orm. M. Massa, is iomdha duine mbíd araon air. T. Is iomdha sin. Acht ní beag liom-sa an t-aon cheann amháin orm. G. Agus cadé an fán atá ort? T. Atá: siubhal réidh is ród, is cnoc is cruach, móin is machaire, áth is uisce, droichead is dain- gean, sliabh maol agus slighe motharach ar fuaid
na hÉireann, ó n-a bárr gá bun, agus ó Bhaile Átha Cliath Laighean go léim Chonculainn aniar. G. Massa b'fhada iad do shiubhalta. Agus cad thug ort an chuaird sin do chur díot, maran miste leat a iarfaighe dhíot? T. Ní miste sin. Badh mhóide é m'eolus go ceann mo chonaire, fios mo thurusa do bheith ag cách. M. Agus cadé an rud é? T. Lorg an Ghobbáin Saoir agus a mhic. Rí Shean-Shasna do chuir uaidh mé dá lorg. Atá caisleán aige le tógbháil agus adeirtear ag an choitcheantacht gor bhuaidh so agus a mhac ar a bhfuil do cheardaidhthibh ar domhan. B'ail leis an rígh seo againne go mb'fhearr a chaisleán féin, ar áilneacht, ar aoirde, ar mhéid agus ar mhaise, ioná caisleáin na cruinne, agus sin é an chúis a bhfuil sé ag cuardach an domhain mhóir ag lorg ceardaidhe a dhiongbhála. Agus ceardaidhe a dhiongbhála do n-a leithéid seo do dhún ríogh agus do lios ró-flatha, ní'l le fághbháil, beo ná marbh, acht an Gobbán. G. Maite, pé duine is déidheanaighe do ghuidh bun bóthair agus deireadh bealaigh leat, níor bh'olc an tuairim uaidh é. T. Cionnus? Cia atá agam ar aon chor? G. Mar mise an Gobbán Saor sin atá tu d' iarraidh. T. Iseadh, is tu sin! An dá ríribh atá tu? G. Iseadh go deimhin. T. Feuch ar sin leat anois. Agus mise, ní chreidfinn go rabhais i ngiorracht dá fhichead míle dham. An bhfuil céird agat? G. Atá rud beag.
T. Massa, deallruigheann tu le ceardaidhe cliste dham. G. Mhaiseadh, ní'l me acht leath-chuibheasach. T. A ndearna tu aon ghaisceadh riamh? G. Dorighneas. An lá raibh cath Muighe Tuireadh dá chur, do bhí Goibhne gobha sa cheardchain ag deunamh na n-arm do Thuathaibh Dé Dannan, agus do bhíos-sa ag deunamh na gcrann dosna gaoibh agus dosna sleaghaibh. Doghníodh Goibhne gobha na sleagha le trí buillidhe do'n órd agus b' fhéith an buille déidheanach, sé sin, ba bhuille sleamhna nó maise do chur air é. Doghnínn-se na cranna le trí snaga do'n bhilleóig agus b' fhéith an snag déidheanach. Do chaitheadh Goibhne na gaoi a gobaibh teanchair go leanaidís san ursain. Do leiginn-se na cranna 'na ndiaidh agus ba leor an t-urchor sin dá ndaingniughadh. Do leiginn na snonga indiaidh na gcrann go dtéighdís thórsta soir isteach gusan loisig orra, agus ba leor daingnighthe dóibh an méid sin. Rugadar na fearaibh buaidh sa ghleo an lá sin. B' fhuiris dóibh sin, do bhí ceardaidhthe maithe ag freastal faobhar orra. T. Do bhí gan amhrus. Is tusa an fear atáimse do lorg, agus atá mo thurus-sa tabhartha agam. Acht fan leat go léighe me do dhintiúir atá innso agam duit. G. Cadé an dintiúir? T. Ó maiste, fógradh ón rígh ort-sa bheith thall aige féin, chum caisleáin do thógbháil dó ag Bhinsor in Sean-Shasna seachtmhain ón Fheil Mhichíl seo chughainn, nó do cheann ar chuaille agus do chroic- eann ar sceach an lá 'na dhiaidh. G. Ó mhaiseadh, is láidir an fhógairt í sin ar dhuine.
T. Ó massa iseadh. Acht is éigean damhsa mo dhualgus féin do choimhlíonadh. Éist go léighe me dhuit é. Bainidh bhur hataí dhíbh in ainm an ríogh. [An méid seo do léigheamh dó]: An tochtmhadh Henrí deug do ghrásaibh Dé, Rí Shasna agus Rí na Fraince agus Tighearna na hÉireann. Is é chuireas fáilte agus féile roimh gach duine agus daonaidhe atá fa n-a smacht agus fa n-a reacht in gach ríoghacht díobh sin adubhramar, ag a fhógairt orra an méid seo im dhiaidh, mar atá: "fios do bheith ag gach aoinneach éistfeas, léighfeas agus thuigfeas brígh an dintiúra so, go raibh is go bhfuil, i bhfód d'fhódaibh agus i dtalamh do thalmhantaibh na hÉireann, ceardaidhe ceannfhionn an chlaonbheirt agus cuirptheoir caochshrónach caoch, darab comh-ainm an Gobbán Saor, spadaire saoir adhmaid agus mútóg milleadh-maide; agus whereas, gorab beus don Ghobbán Saor sin reumhráidhte, caisleáin chloch- dhaingne chailce agus grianáin ghriandha ghlana do dheunamh do gach ceithearnach chlaon cham agus do gach bandúnaidhe bacaigh do ghramaisc na hÉireann, is iad sin deunta aige níos mó maiseamhla, níos leithe láidre, fotha agus fraightheacha ioná aon chaisleán dá bhfuil agam fhéin. Ar an adhbhar sin, bíodh a fhios ag an Ghobbán Saor reumhráidhte go bhfuil sé d'fhiachaibh air gan caisleán ná cruiceóg, bothán ná bráca, do dheunamh do dhuine ar bith feasta acht dam féin, agus tuille fós, go bhfuil sé fa gheassaibh naoi n-uaire bheith i leith innso chugham seachtmhain ón Fheil Mhichíl seo chughainn agus caisleán do dheunamh damhsa do-bheura buaidh beatha agus cruinne go deoidh, nó a cheann ar spíce agus a
chroiceann ag gabháilt na gaoithe lá ar na mhárach, Mise, An tochmhmadh Henri deug, Réx. G. O! O! nach iongantach an tortach cainte atá aige. Cruadh-Ghaedhealg atá innsin, is dócha. T. Iseadh. G. An eadh anois? Agus cad deir sé? T. Nár airigh tu cad dubhairt sé? G. Is ar éigean do thuigeas focal de. T. Ní'l ann acht an méid adubhart cheana leat, caisleán do thógbháil dó dhuit-se nó do cheann ar spíce. G. Ia! scannradh is eadh sin mar chaint. Caith- fimíd dul ann, is dócha. T. Ó massa, ní'l dul as agat ná eulódh ná teicheadh. G. Atá go maith. Raghaimíd nuair bheidh an garrdha curtha againn. T. Seo, caithfead-sa bheith ag imtheacht anois. Fágbhaim mo bheannacht agaibh. G. Ná h-íosthá práta? T. Ní íosainn. G. Go n-eirighe ádh leat, mar sin. T. Go gcuire Dia an rath oraibh. [é d'imtheacht]. M. Ó mhaiseadh, imtheacht gan casadh air. G. Amen go dóighte. Atáid is an áit cheudna inso - an Gobbán agus a mhac taréis don teachtaire imtheacht. M. Cait as sin. Nach iongantach an dúil atá agat sa teinidh? G. Cad atá sa teinidh?
M. Dada. Leis an sean-chat do bhí me. G. An caitín bocht. Ní fheadar cadé an seachrán bheas uirre nuair bheimíd thall. M. Ia mhaiseadh, nach í an teugar í mar chat. Maiste geallaim-se dhuit go mbainfeadh sí sin a maireachtain amach, pé acu thall nó ibhfus duit-se. G. Ní fheadar, is baoghal liom gor bás le hocras bheuraidh í. M. Adeirim-se bás le hocras leat agus ocht mbuaidh na caitreachta aici. G. Cia rud iad sin, ar son Dia? M. Atá: Goid, broid is éigean, Ciúineas cos, is béice, Radharc san oidhche, Suim i suidhiste, Is dearmhad bean an tighe aici. G. Ia, nach léir í an creutúirín bocht. M'anam í sin. Agus cad do-gheunaimíd leis an asal sin agus an gabhairín odhar gleoidhte. Ar dheinis í do chrudh fós? M. Dhein me. Tomhais: Dá mbeadh gabhar odhar agat agus adhbhar gabhair Agus gabhar reamhar do chur 'na mbun, Is do thogha ghabhar odhar reamhar agat, Cadé an mhéid gabhar do bheadh agat innsin? G. Maiste, do bheadh a bhfuil do ghabhair sa Mhaothail agat. M. Nach tomhais. G. Leig dam féin. Ní fheadar nach "gabhaim siar" atá tu do rádh. Agus rud eile, an sean- bhothán so féin agus falmairí agus ceadés na
h-Éireann isteach is amach ann. Ní'l aon scrios ar shean-bhothán acht gan teas tinteáin dá ghoradh. M. Is ní'l aon strus ar shean-chráin gan banbhaí bána dá locadh. Sin é a leath-rann sin agat. G. Leig dod' chuid grabaireachta liom, a fhuaice gan sceim ort acht magadh. M. A sceim féin sceim gach aoinne agus mo sceim-se ar aoinne. G. Seadh, acht badh chóir go mbeadh sceim an tighe seo anois ort, agus sceimhle an bhóthair. M. Ara, ní'l leigheas ar an gcathughadh acht é do smachtughadh le foighne agus an smachtín crón do chrúdh go meidhreach. G. Seadh, foighne bhreaghdha mar do bhí ag Seán sa chroich. Theiceam! ná fuighbhtheá-sa bean do phósadh do choimheadfadh an tigh againn. M. Cia hé? Mise! G. Ní headh acht an cat. M. Ia mhaiseadh, go mbadh comhartha báis naomhtha d'fhaghbháil duit do dhíthcéille. Dá bhfaghbhadh an aois a ritheann leis, níor ghábhadh dhúinn prátaidhe do chur. Cá bhfuighbhinn-se bean? G. Í do bhaint do chrann le cloich nó as iomaire le ráinn. M. Is ná fuighbhinn ceann acu d'fhaghbháil ar dhruim talmhan agus tír na h-Éireann go trom fairsing futha as so go dtí Dúngarbhán. G. B'fhéidir nár bh'amalach an tslighe sin féin duit. Faigh duine acu cuma éigin. M. Cad dogheobha me? G. Faigh bean ruadh. M. Bean ruadh, rothlach. G. Faigh bean bhuidhe.
M. Bean bhuidhe, báirseach G. Faigh bean dubh. M. Bean dubh duaibhseach. G. Faigh bean fionn. M. Bean fionn faobhrach. G. Faigh bean gheal. M. Bean gheal ghlámhánach. G. Faigh bean donn. M. Bean donn, donn-dubhsamánuidhe. G. Is deacair bean do dhiongbhála do fhreastal duit. Ní'l a thuilleadh ann díobh. M. Ní fairsinge go dtí iad. Is fuirist a fhaghbháil iad. Ní chrúdtar bó is ní shiubhaltar ród is ní'l aonach ná margadh, tórramh ná sochraid, ná aifreann Domhnaigh, ná bítear ag iarraidh baoghal d'fhaghbháil ormsa, dom lorg, dom éileamh, agus fearaibh nach mé. Má sé an t-uisce is iomadamhlacht ann, is í an bhean is tánaiste dhó. Mar ní lia gainimh i dtráigh, braoin ar réidh-chnoc, sneachta sléibhe, ná iasc i líon, ioná mná na hÉireann is iad 'na gcarnaibh is 'na ndrongaibh gan díth gan dísc. Isé an scannradh é an líon atáid. Is uathbhásach an sceul é, iad sin dá gcothughadh agus gorta ar dhaoinibh. G. D'airigheas an chaint sin cheana agus do pósadh 'na dhiaidh iad. Ni'l aon tormus d'fhear acht bheith ag cámus ar na mnáibh. An scléipire is mó cáineadh, isé is luaithe phósfar. Bíodh ciall agat. M. Ó seachain ar a sórt me. Mé dom cheangal go h-eug le duine acu súd! Dogheobhainn go bog lainnear leadhbach leibideach nó sláimín salach nó straoil gan strus. Is iomdha sin dogheobhainn tulcais gan teugar, nó toicín túcáluidhe, nó circín caillighe, nó sudramán
strupaise, nó seibionach smíste, nó mútóg mná, nó preicleachán pusaire, nó ropaire rúcánuidhe, acht b'fhearr liom an bás dom sciobadh ioná bheith dom luadh le n-a leithéid. G. Ladús a mhic ó. Caith uait é. Isé an rud atá uait, cailín deas ciallmhar mbeadh gaois is gastacht inti, tigheas is tairbhe. Bean mbeadh fios a gnó aici, seasamh i mbaoghal agus do scuabfadh an margadh. Ní fuláir do dhuine bocht bheith léir agus an saoghal so chomh millteach mallaighthe sin. Do chrochfaidhe an té do bheadh maol. An méid daoine atá ag sceilpéireacht anois, do bheadh an duine macánta thíos de. M. Ní gábhadh dhuit é sin do chur san áireamh. Fuaradar an sórt sin go léir bás leis an bpiuc. G. Iseadh. Atá a fhios agam. Acht adeirim leat anois go b'í atá uait, bean chiallmhar ghasta. M. Is cá bhfuighbhthear í? G. Cad is dóigh leat don ghearrchaile seo atá thall ag bun na coilleadh? M. B'í inghean Cáit? B'í an tsean-scraith righin sin? Atá gob uirre chum gobaireachta agus soc uirre chum socaireachta. Ar mh'fhalaing, cé gor geur liom gorta, badh mhaith an mhalairt ar luime dhuine chlainne le Cáit é. G. Ní hí acht inghean Bil Ruaidh an tSean- bhríste. Sin cailín canta dhuit. Ní fhaca me riamh leadhbach í, ní fhaca me riamh gadhgach í, ag falmaireacht ar bóthar ná ag lorg iasacht aoinne. Atá feuchaint strus is sprioc uirre, is í culchas déid-gheal taithniomhach, agus togha na mbonn idir í agus talamh. Bain an chluais seo dhíom nó gor gasta í. M. Atá a fhios agam an tigh sin. Ní fhaca me aoinne riamh ann ag gabháil thar brághaid dam.
Le linn gaoithe anoir do ghabhainn an tslighe sin, is dócha. An cúldorus do bhíodh oscailte acu. Ní chuirfeadh cráin mhuice an dorus béil bóthair isteach orra. G. Heuch, ní'l creach acht dorus leathta ar leattaobh bóthair. Do bheidís sin bacaigh agus geocaigh na dúithche isteach ag ithe do choda ort. Ní bhfuighbhtheá an dorus d'fheicsin acu. Agus ní'l liúdaidhe ar an mbaile ná beadh fa do chosaibh istigh agus níor chead dhuit do thochus féin acu. Is deas an rud féile agus fairsinge le trácht uirre i dtigh an óil, acht dogheobhthá trácht uirre gan ró-dhíol as. Acht ná bac le bothán mbeadh clab air ag súghadh gramaisc na sligheadh isteach, ná le haon duine clainne do thógfaidhe ann ná do thiocfadh as. Beidh tu fad mhairfe tu ag tuitim leo agus do chuid dá sciolpadh ag cóbaigh. Acht más mar oiltear atá gach dalta, atá greim ag n-a meuraibh-si ar an bpingin. Is túisce do bhogfá a gob bhís ghabhann le fiacla oirthir do chinn é. M. Acht cograim é seo leat. Nach dream botháin agus gabhair iad sin agus ní lucht bó ná capall. G. Thit, a bhreall. Ná cloiseadh an talamh uait choidhche go bhfuil amadán ar mo shliocht, rud ná raibh riamh ar mo chineadh. Ná bíodh do mhuinghin go deoidh a muintir macha bó is muc ná a lucht na loinnide. An iomarcradh den bhiadh is é ró-bhog is eadh dhéineann síobhraithe agus snámh- aidhthe desna páistíbh. Na ceathanna bláthaighe, a dhuine, cnuic is cruacha leitean, is robhartaidhe bainne reimhir go n-aireóchthá brúchtghail is geon ina ndróllanaibh ar nós plubghail na meadrach. Líonadh thar sáith is an tocht dá múchadh. Damsa dalta an bhuilg fothrais nó smeurachán samhaidhe
do leanbh mbeadh mrotamus ar liobarna leis, dogheuna sin leadhb gan lúth. Acht an coileán caol-deas fuair gorta i mbruinn agus do tógadh le lótaidhe min-bhuidhe agus cosmairt phrátaidhe, caol-deoch glaise um nóin nó anglais le linn cuigean do dheunamh ag lucht ime, is gan leath ná trian a dhóthain d'fhaghbháil dó ó oidhche Shamhna go Bealtaine anonn, heuch! atá rón mar do bheadh fraoch ar chlár a ochta sin. Atá deallradh is dath air, atá righne cait ann, atá sláinte bric ann, agus do dhíolfadh sé scata deichinbhear is dachad do chlainn feirmeoirí ar aonach Choill mhic Thomáisín. M. Atá an ceart agat. Bíd na cnámhna ró-chaol is an iomarcradh de'n bhlonaig orra. Bíonn an leathar ró-liobarsach orra. Ní gnáth teann iad. Acht thoicim! ca bhfios duit gaois is gastacht do bheith insan ghearrchaile seo le Bil Ruadh an tSean-bhríste? G. Atá a fhios agam go maith go bhfuil agus do chruthóchainn roimhré dhuit é. M. Cionnus do chruthóchthá sin? G. Triail do bhaint aiste. M. Seadh? G. A bhfeiceann tu an sean-chroiceann caorach sin atá sa lochta, sean chroiceann fóisc Eudhmoinn na gCos. M. Ar son Dia eist! Ní bheadh a fhios agat cá mbeadh fear do bhrathta. G. Mhaiseadh gaoth, a gharsúin; cia do bheadh ann? M. Acht ar eagla na heagla. Is fearr liom bás le hadhairt dom féin ioná an gad fa'n mhuineul agam. Sé rud is lugha orm é. Acht do bhí tu dá rádh go mbainfeá triail aiste. Seadh?
G. An sean-chroiceann bhfuil an lomradh air do thabhairt di, agus a rádh léi é do dhíol ar aonach agus an croiceann 's a luach in aonfheacht do thabhairt léi abhaile aríst. M. Seadh, é do ghoid! Is feilminte an chéird do mháthair mhuirir í. An té bhfuil an mheur aige ní fheicfear caise 'na chrios le hocras. Pé saoghal bheas ann le linn gorta is aige bheidh sé. G. Ó, ní goid é an bobhta so, cé ná cáinfinn mar chleas é, acht gaois is gliocas do chaitheamh leis. Dochonnarc ag gabháil siar ar maidin í. Ag dul fa'n gcoill do bhaint brosna do bhí sí. Beidh sí aniar gan stad. An nglaodhfa me isteach uirre? M. Atá go maith. Cáit do theacht chucha sin .i. do'n ghobbán agus dá mhac. G. Gaibh i leith, a Cháit, atá gnó agam díot. Agus cadé an sceul é, a Cháit? C. Nach brothallach an aimsear í, buidheachus le Dia. Ó Dia linn! (a heire do chaitheamh di féin do Cháit). G. Massa atá t'eire innsin agat. Cadé an mheadhchaint atá ann? C. Atá timchioll ocht gclocha nó mar sin. Ó mhaiseadh dré sceul. Cá bhfuighbhinn-se sceul? Massa aoinne bhfuil duadh an tsaoghail air, atá a mhalairt d'fhuadar faoi seochus bheith ag lorg sceulta. Ní bheathóchadh muc dam ná ní dhíolfadh a chíos leis an maighistear a raibh d'eachtraíbh Fhinn mhic Cumhail riamh ann. Atá fiche rud ag glaodhach orm. Atá baoghal na dtrí mbaoghal ar gor sa bhaile agam. Baoghal na leitean, í do bheith stulcaighthe stumpaighthe ar an teinidh
orm. Baoghal bainne na maidne atá sa phintín dubh, a bheith sloigthe ag an chat orm. Baoghal ogh an chircín ruaidh atá ag breith amuich, é do bheith alptha ag Crúger orm. Dhá thoistiún an dosaen orra agus beidh naoi bpingne an tseachtmhain seo chughainn. Acht ní hé an seanchus do dhíolfadh an cíos dam, a massa. Cad atá uait? G. Maiste atá an saoghal ag rioth ort. Acht buaidhfe tusa air, mar is id dhiaidh bheidh sé i ndeireadh na scríbe. Acht cogar, a ndeunfá teachtaireacht bheag dam? C. Dogheunainn réir duine mhacánta aon am. G. Seadh. Daoine macánta sinn go léir dar ndóigh. Faigh an sean-chroiceann dam, a Mhaidhc. Ní'l uaim acht a iarfaighe dhíot a bhfuighbhtheá an sean-chroiceann caorach so do dhíol ar aonach agus an croiceann 's a luach do thabhairt abhaile leat arís. C. D'fheudfainn. G. Mhaiseadh, togha na mbonn is togha na mban. Seo, cuir chughat é agus tomáin leat. Beidh aonach Dhúngarbhán ambárach ann. An Gobbán agus Cáit in aon ionad an so. G. Bhfuil an croiceann 's a luach agat? C. Atá, a dhaid. Seo dhuit an croiceann agus seo dhuit a luach. G. Ia, aileliú! Cad do bhain dó? C. Nach é sin é? Ní dhearna me acht a lomairt. An olann do stothadh dhe agus í do dhíol ar leith i leith agus an sean-chroiceann do thabhairt abhaile liom. Ná fuil an croiceann 's a luach innsin agat? G. Atá agus ní'l. Do shíleas gor cleas éigin eile d'imireóchthá air. Acht ba mhaith an
cuimhneamh uait é, mar thárla. Dorighne tu do ghnó go maith is go macánta. C. Massa, ní aibeórainn nach tairbheach goid is ropaireacht bobhtaidhe, acht ná caithtear gan gábhadh iad. Is fearr go mín tu nó go mb' éigean foghail. Atáid na daoine macánta go léir sa phoor-house. G. Atá an ceart innsin agat. C. Seo, caithfead-sa peutar do chur díom abhaile. G. Atá an saoghal ag rioth i gcomhnaidhe ort. C. Atá sin. G. Fheuch, ní bheadh a fhios agat cá mbeadh do chuid de go minic. C. Cionnus? G. Cad adeurthá le Maidhc? C. Buachaill breaghdha bríoghmhar. Cos ná lámh leis ní cháinfinn. Acht cad dogheobhainn 'na theanntaibh? G. Atá: bothán cinn tuighe cluthmhar. Asal sanntach sodrach gor bhinne leat cos-anáirde dogheunadh ar bhóthar siar nó soir duit ioná ceol dá fheabhas. Gabhairín odhar gleoidhte gor bleachtach in aghaidh an mhéile í. Fiche cearc ag breith gach féile 'siad ar áilneacht a chéile agus a n-amhlann coiligh. Atá sceilpéireacht na dúithche agat i ngiorracht trí míle dhuit idir ghoid agus déirc. Sceach ar domhan i mbearnain. An phunann badh ghiorra don chinnfhearainn. An fód móna do thuitfeadh don chruaich agus fód ná tuitfeadh. Toradh na ngiorrach i gcúinne guirt. Do chuimhneamh féin leo sin mar thuilleadh, is go gcuire Dia rath ar do strus bheag shaoghalta. C. Bíodh 'na mhargadh.
Atáid innso in aon ionad - an Gobbán agus a mhac, dóirseóir an ríogh agus an rí féin. G. Bhfuil an rí istigh? D. Cia hé tusa? G. Mise an Gobbán Saor agus so mo mhac. D. Scrios leat as sin in ainm an diachair, nó cuirfe mise na madraidhe asat. R. Cia atá innsin? D. Atá falmaire geocaigh do mhuintir na hÉireann dtugtar an Gobbán Saor air agus a dhailtín mic. R. Ó, scaoil isteach iad. Oscail na fuinn- eóga, ar son Dia. S. An tusa an rí? R. Is me. G. Gabhaim párdún agat. Isé thug i leith me acht go dtáinigh teachtaireacht uait dá fhuráil orainn teacht agus caisleán do thógbháil duit. D. (An tseanchráin thnáithte do thál orra so. A bhfeacaidh aoinne a leithéid do mhustar riamh?) Bainidh bhúr hataí dhíbh agus luighidh ar bhúr nglúinibh. Maiste, sé sin féin é. G. Go raibh maith agat, a dhuine uasail. Bain- fead an tsean-phleidhc díom más meabhair leat é, acht ní fheudfainn luighe ar mo ghlúinibh, óir is siar atá meall mo dhá ghlún agus m'ioscaidí romham. R. Ná feaca tu aon rí riamh? G. Ní fheaca, a laoigh. R. (leis an teachtaire) Leig dóibh. Daoine bochta simplidhe is eadh iad. An croidhe bog agus ceann gan chiall. Ní'l locht orra acht gor gnáth díomhaoin salach iad. Acht i gcúrsaíbh
gaoise, ní'l sí ag baint leo acht oiread is do bheadh le leanbh. Dogheobhthá iad do mhealladh le sop, a dtarraingt le broth agus a gcrochadh le súgán. Díolfad-sa fiach a sláinte leo nuair bheidh me réidh leo ar an ball. Ní bheidh i ndán dóibh acht córda caol-righin cnáibe agus a dtuitim i ngabhail na croiche. Acht leig dóibh feasta. Tabhair biadh agus bladar dóibh anois agus scaoil ag obair iad. Isan phroinn-tigh dóibh iarsin - An gobbán agus a mhac agus dóirseóir an ríogh .i. an dáileamh. D. Seo-gidh, ithidh agus ólaidh. Ná bíodh teora leis an teann acht eagla go scoiltfeadh ar leathar. Seo anois. G. Nár thuga Dia orainn bás badh bhinne linn. [An dáileamh d'imtheacht uatha leis sin.] M. Is maith fear, fear tighe i bhfuileam. Fear fáilteach, flaitheamhail, fairsinge. Ní fheadar badh laighche beo. G. Seadh, fear féile na bhfeillbheart. Drannadh an mhadra go deoidh agus gáire an tSasanaigh. Gamall bog maol tusa ná cruinneóchaidh ciall ná cruadhas go gcruaidhe an bás tu. Maiste mhaiseadh, geallaim-se dhuit go raibh meang go dubh linn in a chroidhe sin, agus rún ár millte idir an dá shúil aige. Ó, atá sé istigh innsin go dóighte. Cá bhfuighbhthidhe é? Do bhí an cam 's an díreach fa na shaor-thoil agus rug sé an cam do rogha. Beidh an cam 'na dhíreach nó bead- sa in iúl dó sin. Beidh pleidhc air sada bhead- sa réidh leis, ná bíodh eagla ort. M. Cad dogheuna tu leis? G. Cad dogheuna me leis acht naoi gcleasa an cheardaidhe d'imirt air.
M. Cadé an rud iad sin? G. Atá cleasa an chait agat, acht ní bheadh cleasa do chéirde agat. M. Atá cuid díobh. Ag foghlaim go fóil dam, dar ndóigh. Acht ní raibh a fhios agam naoi gcleasa do chleasaibh do bheith ag baint lem chéird. G. Atá naoi gcinn d'árd-chleasaibh ann gan trácht ar na mion-chleasaibh. Lorg meacain i bhfail muice is eadh lorg ceardaidhe gan cleas. Seo dhuit anois iad agus caith do mheabhair agus do mhachtnamh agus t'aire leo. Atá do mhaireacht- ain orra. Mar atá: Cleas an phúca, cleas an spíce, cleas an phacaire, Cleas feadghala an liúdaidhe dúdáluidhe, cleas an fhamaire, Cleas an laghairidhe ar eudan chloiche fuaire, Fóisigheacht ó eirghe go headarshuth, Marbhaigheadóracht lae is bliadhna, Agus cleas na gcleas, an cleas nár chlis, Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir. M. Cadé an rud é cleas an phúca? G. Eudaingean tógbhála tighe. Is amhlaidh doghníthear, leaca ar a bhfaobhar sa bhfotha faoi, cuasa 'na bhallaíbh ar a fhuaid, adhmad gan faghairt agus díon gan fuaghail gan scolb. M. Cad badh chor dó as sin? G. É do bheith i riocht tuirric agus tuitme go leagann ceud-phuth gaoithe Márta ar lár é. Acht ní hé sin cleas ceart an phúca. M. Cad eile? G. An daingean eudaingean.
M. Cad é an rud é sin? G. Atá: an tigh do thógbháil go dinn daingean, agus a leagaint i gcionn bliadna nó seacht mbliadna, do chur ar chomairche na gcomhacht nach cóir a n-ainm do tharraingt anuas. M. Seadh, múin an cleas sin dom. G. Mar seo. An chloch do raghadh in achrann sa cheuchta agus do leanfadh do ghob an tsuic ag treabhadh, í sin do bheirbheadh ar mheidhg agus a caitheamh naoi n-uaire thar mhullach an tighe in ainm an diabhail. M. Go sábhála Dia sinn! Agus cleas an laghairidhe ar eudan chloiche fuaire? G. Seadh, méirseáil moirtíl ar eudan chloiche leasmuigh agus an fuacht in a com. M. Agus an mharbhaigheadóracht so adeir tú? G. Sin cleas canta dhuit. Cleas nár sáruigheadh riamh is ná rugadh barr ná cluiche air. Atá greas oibre deas innsin agat. Ní'l creach air sin acht obair. Dá laighead d'oibreóchthá is eadh is sia do mhairfeadh do ghreas agat agus is móide do thuarastal as. M. Is cad iad na gothaidhe atá ag gabháil leis? G. Atá: an moirteul do mheascadh ar maidin is gan baint leis 'na dhiaidh sin ón tráth go chéile. É sin do dheunamh duit go ceann lae is bliadna. M. Dar ndóigh do bheadh sé leamh innsin ort agus ní gheobhadh greim ar aon chor. G. Nár chuma dhuit. Raghthá amach innsin ar maidin agus adeurthá, "Téighimíd fa'n gcoill in ainm an Athar neamhdha indiu"; is gan cuaille ná cipín, crann daraighe ná cuilinn ná fuinnseóige, ná aon chrann eile do bhaint duit go ceann lae is bliadna.
M. Agus a mbeadh do chuid is do chothughadh agat as sin? G. Do bheadh go teann. Do chuid féin agus cuid do mhic agus bean do mhic agus do chonairt chon agus do mhóir-sheisear muintire. M. Agus an cor in aghaidh an chaim agus an cam in aghaidh an choir? G. labhair go réidh. Ní cóir a nochtadh sin. Múinfidh an bhliadhain seo chughainn duit é nó ní mhúinfidh. An cleas is aoirde é nó cleas gan áird. Más í an mharbhaigheadóracht cleas na gcleas is é "cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir" cleas thar chleas na gcleas, mar is é cleas ár leasa araon é nó cleas ár gclaoidhte. Ní leath má leath dóibh a maitheas araon, óir ní'l acht do mhaireachtain ar an mhar- bhaigheadóracht, acht is ar an gcleas so atá do mharthain. Cuirfear ar chrannaibh cinneamhna é agus beidh a fhios agat go fóil, nó ní bheidh a fhios. M. Atá cumhang romhainn, mar sin. G. Atá cumhang agus caol agus cuirptheacht romhat. Atá sodar gan sugradh romhat, atá rince an ghaid romhat agus caoile an ghaid an chuid is measa dhe, mar ní caol go caoile ghaid. Acht is treise Rí na bhfeart ioná rí na gcreach, is go dtuga sin comhgar thar an gcumhag dúinn agus caoithar caoi le. M. Massa, atáimíd i dteanntaibh an dá fhichead. Acht cogar, cadé an cleas imireócha tu ar an smíste seo? G. Ní'l cleas dona cleasaibh do chuireas 'san áireamh duit, idir mion agus mór, ná beidh ar siubhal in aonfheacht agam, go mba fada leis sin an lá agus go mba sia ioná sin leis an oidhche,
go mbeidh fiuchadh feirge gan feicsin air, is go mbeidh borrfhadh an uilc linn ag loscadh an chroidhe aige is gan ar a chummus dheunamh acht an gob grádhmhar. M. Maiste, bainfimíd an sámhán den tseibionach. G. Fan leat. Beidh saoghal sníomhach air siúd agus codladh corshuantach sada bheimídne réidh leis. M. Cad dogheunaimíd indiu? G. Téighimíd fa'n gcoill in ainm an Athar Neamhdha. An Rí agus an dóirseóir in aon ionad. R. Beidh an caisleán nua deunta acu so i ndeireadh an mhíos so, is dócha. Is gairid bheidh an mí seo ag imtheacht. Thoir bheidh comhnuidhe innsin orainn. Badh bhreaghdha an saoghal dúinn bheith as so amach. Ba chumhag liom an áit. Rud eile, ba bhaoghal liom go mbídis daoine ag eirghe ann. D'airighinn tré'm neulta screuchadh na mban. Adeirthear aon taidhbhreamh dogheunthaidhe mar sin duit, gor measa dhuit an bhean ioná an chú féin. Is mithid dúinn teicheadh as. Acht tabhair aireachus dóibh súd nuair bheid siad réidh. Is í mo bhreath-sa orra, ceangal na gcúig gcaol orra agus a gcrochadh le teud. B'fhearrde a rún é. Ca bhfios do dhuine ná raghaidís sin agus ná deunaidís caisleán chomh breaghdha leis, nó b'fhéidir níos fearr, do mhantachánaidhe phrioslaidhe éigin in a ndúthaigh féin? Do bheadh leadhb agus breall go deoidh innsin orm. D. Go díreach. Nuair bheid siad réidh. Acht a bhfuil a fhios agat ca choin thosnóchaid? R. Ca choin thosnóchaid!
D. Seadh. R. Is ná fuilid tar éis tosnughadh cheana? D. Ia ní'lid. Is geas dóibh sin mar chear- daidhthe tosnughadh go dtabhraid siad lá is bliadhain againn ar aoigheadhacht. Do shaoileas go raibh fhios sin agat cheana. R. Go raibh fhios sin agam! Ar mh' anam ná raibh. Agus cá bhfuilid anois? D. Amuich sa scioból. R. Cad táid siad do dheunamh? D. Ag toirrchim suain agus síor-chodalta. R Is ná fuilid ag cur aon deallradh eile orra féin acht mar sin? D. Ní bhrathaim-se ag teacht orra é ar aon chuma. R. Cadé an fhaid atáid innso anois? D. Coigthigheas. R. Is cadé an mhéid atá deunta acu ó choin? D. Ar itheadar agus ar óladar. R. Ar itheadar agus ar óladar! D. Ó go blasta. Is dócha go raibh seacht mbliadhna gorta thórsta acu sad thángadar. Dá bhfeiceóchthá gach aon fhastadhach acu súd agus scannradh in a dhá shúil chum an bhídh agus clab air a bhfuighbhtheá prátaidhe do chartadh siar isteach ann le sluasaid. Massa féin, is leo sin is socair a mbeatha agus is sámh a suan. R. Seo, beir orm. Cad dogheuna me ar aon chor? Mach deacair dam foighneamh? Is baoghal liom go ragha me is na craobhacha acu. Dar fiadha! Dá bhfuighbhinn breith ar ubhall brághad ar dhuine acu, do stracfainn as é agus do chaithfinn chum an mhadra é. D. Ó mhaiseadh, tocht agus traochadh orra mar
cheardaidhthe. Leig dóibh go mbeid siad réidh leis an obair agus dogheobha tú do rogha bháis d'imirt innsin orra. Bíodh foighne agat. Ní'l aon leigheas eile anois air. R. Ní'l, is dócha. Acht feuch. Má mharbhóch- ainn-se gan chionta iad, cad is fiú cuirptheach iad? Má sé an bás do thuillfidís díchiollach, cad do thuillfidís doicheallach? Níor chothrom an díol ó Dhia ormsa, ná ar mo chuid, ná ar mo cheart, ná ar mo chíos, nár bhronn sé acht aon anam amháin orra sin is ná faghbhaim-se bheith ag baint anma in aghaidh an lae asta go fíor-íochtar na síorruidh- eachta thoir thall. A bhfuil aon bhraoinín fuiscí istigh agat? D. Is mór an truagh thu acu go léir. Ró mhacánta atá tu. Muna mbeadh do chroidhe mór ní bhfuighbhtheá seasamh ar aon chor. R. Faigh dam seár. Foighne 'na haonar ní háil liom mar phrugóid leighis í. Ní haon díogh- bháil cainín de seo tríthe. Fearrde a blas é. Seo, fa thuairim do shláinte. D. Sláinte mhaith chughat is go raibh lá eile ag an Phaorach. R. Seadh, is cead aerigheachta ar ghad ag muintir Ghobbáin. Imtheacht don Rígh innsin. D. A shean-thuflaisc oitir, nach truagh gan do chorpán-sa san aoileach agus t'anam ar bhrannradh thíos. M. Agus an "cor in aghaidh an chaim" seo do bhí tu do radh, ca choin chuirfe tu i bhfeidhm é? G. Ó chaoi do bhinnighthe atá sé ag coisdriughadh chaoi. (Beurlagair na saor ann .i. eist do bheul, atá sé ag teacht i leith).
R. Dia dhíbh, a fheara, is go mbeannuighe Dia bhúr n-obair (mhaiseadh, nár theaga sibh mar gheocaigh chearduidhthe dam). G. Go mba hamhlaidh dhuit, (is go sciobaidh an sean-riabhach dearg lucht an anchroidhe). R. Atá sibh ag dul chum cinn go hiongantach. Is uathbhásach a bhfuil deunta agaibh (is mo chreach a bhfuil ithte agaibh agus a ghráinneacht atá an áit agaibh). Atá sé ar áilneacht agaibh. G. Ní'l baoghal air. Dar ndóigh, atá sé deunta ó aréir againn. Ní rabhamar indiu acht ag cur datha is snasa air is píosa puttí thall 's abhfus air agus smeartha fa sna raeth- leáinibh (atá an tsean-lúb ina chroidhe istigh aige seo i gcómhnaidhe). R. Fa sna raethleáinibh! (an ag magadh fúm atá sé?) G. Seadh go deimhin. Ná dubhairt me leat? Atá raethleáin faoi. Dar ndóigh, ní bheadh aoinne dá bhodhradh féin anois le caisleán gan cóir iomchair is aisdrighthe do bheith faoi. Atá sé sáidhte sa talamh innsin agat agus is túisce do bhainfeá cor a crann ná as. Acht an ceann so dogheobhthá na hannlaidhe do chur ann agus é do thiomáin romhat ar nós an "fúl-barra." Bím-se innso agus bídis na namhaid 'na slóightibh thimchioll orm, d'iarraidh foghail is briseadh do dheunamh orm. Ní'l dom thuaraisc ar maidin acu acht gaoth. Sleamhnughadh eatorra amach do-gheunainn istoidhche agus mo chaisleán go deas ar raethleáinibh agam. Anté do theagmhóchadh fa raethleán díobh ní chuirfeadh scread ná cnead as, badh ghiorra dhó eug ná uch. Maiste, ní rabhais riamh ar do mharthaineach go dtí so. (Futar- áluidhe bocht bocht, is nach damhsa nár ghábhadh sin, gaois do chaitheamh led dhalladh-sa).
R. Dar Mártan! acht beidh sin go feilminte. G. Seo, a rí, ár dtuarastal dúinn anois. R. Ó, beidh sin agaibh ó chroidhe. (An fiach dubh aniar ag giobadh is ag piocadh is ag casmairt leis an bhfiach dubh anoir thar cheann t'ionathair is do scartacha). Acht a bhfuil sé deunta ar fad agaibh? G. Atá go dinn is go daignean ón bhuaic anáirde go dtí an fotha síos. R. Atá go maith. Beidh bhúr dtuarastal ar an nóimint dearg agaibh. Seo-gidh, a luach-saothair dóibh so go mear idir teann agus bog. G. Seadh, acht ní fheadar ar bhfiú dham teacht thairis. R. Cadé an rud é? G. Mhaiseadh, ní'l ann acht an snas beag deireanach, ní dada é. R. B'fhéidir go b'eadh. Cadé an rud é? G. Aon bhuille béime úirlise do bhualadh 'san áit cheart air. R. Cad chuige? G. Snas beag déidheanach. Acht ní hé an snas ar fad. Atá buaidh ar chaisleán mbuailfidhe a leithéid do bhuille air. R. Cadé an buaidh? G. Atá, gan a bheith ar a gcumus dá dtáinig ná dá dtiocfaidh do cheardaidhthibh, caisleán a chomh- dheiseachta do dheunamh ná buadhchain ar dheiseacht air go bruinne brátha. R. Maiste, caithfear sin do chur air. Stadaidh, innsin, ní'lmíd réidh fós. Ní dheunadh sé an gnó ar aon chor gan sin air. Do bheidís cais- leáin na hÉireann ag deunamh amadáin de.
Do bhainfidhe an snab de. Buaidh gan buadhchain air, a dtuigeann tu me? G. Seadh, a rí, acht feuch. Ba dhóigh liom ar mo theacht anall dam ná beadh a leithéid uait, mar nár chuiris sa mhargadh é, agus b'amhlaidh d'fhágbhas as mo dhiaidh an úirlis shaineamhail shoilseach bhaineas leis an mbuille sin do bhualadh agus an snas sin do chur air agus an buaidh gan buadhchain sin do bhronnadh go deóidh go deaghaidh air. Agus is saeth liom a rádh leat go mb'éigean dúinn triall abhaile fa na déin sin. Agus atá a thuille ann. Más mian leat an buaidh buan sin air, bídís so arís sa mhargadh: deich gcinn do loilgheachaibh is dá fhichid, deich samhaisc is dá fhichid, gamhainín glas-riabhach, tarbh-taobh- leathan, pingin gach tighe agus cead ael nó bior cuilinn nó gabhlóg gharbh iarainn do shádhadh isteach i gcoire nó i gcorcán ar domhan i Sean-Shasna mbeadh feoil dá beirbheadh ann agus foirtiún an bheara nó na gabhlóige do sciobadh as. An toil leat? R. Is toil méid méinne do chroidhe acht gan dul abhaile dhuit. G. Cadé an chiall? R. Ar eagla imtheacht gan casadh oraibh. G. Má's banna nó urraidheacht do bheadh uait dobheurthaidhe dhuit é. R. Cuir snaidhm ar rud agus atá sé i gcoimhead agat. Ní geall go geall an ghaid agus ní urraidheacht go greidhm an dhuirn. Raghad-sa féin fa dhéin na húirlise. G. Ní gábhadh is atá baoghal ann. Baoghal briste, baoghal báidhte, baoghal cailleamhna agus a dheacracht duit féin.
R. Cuma baoghal. Éigean deacracht damhsa ann. Luighim fa'm arm ríogh go raghad. G. Atá go maith. Beatha dhuine a thoil, Dámba lorg clúmh ar chloich. R. Eolus do thighe dham agus tuaraisc na húirlise. G. I Mám Bhearnan Bhéil an Bhealaigh, siar ó dheas ó Chruachán Paorach i ndúthaigh Déise, atá árus mo leabtha agus mo chomhnuighthe-se. Buail ag an dorus cúil tighe, beidh bean an tighe istigh. R. Agus cadé an sórt é an úirlis seo? G. Cos inti mar do bheadh crann speile. Chomh mór le corr-chip inneóna gabhann an spíce atá ina lár. Naoi gcinn do bhacánaibh aiste thiar is thoir, agus slabhradh airgid as gach bacán. Cnapán óir badh mhó ioná ceann mic míos ar cheann gach slabhraidh léi síos. R. Is iomdha giobal atá ann is as, acht cadé an rud é féin? G. Sin rún nach cóir a leigin le duine beo, a rí, is gan acht le triúr dona marbhaibh. R. Más rún é is righin é. Bíodh agat. Acht cad thugtar air? G. B'fhada leat a hainm-si agus ní mór dhuit bheith ag síor-mhachtnamh agus ag síor-mharthain air chum go mbeadh sé do mheabhair ghlain agat. Dá gcaillfidhe é, do bheadh t'aistear in aisce agat. R. Seadh, acht cadé an rud é? G. Atá, "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir." R. "Cor in aghaidh an chaim, agus c.," "cor in aghaidh an chaim, agus c."
G. Shin é é. R. Fágbhaim beannacht agaibh anois go gcasa me aríst chughaibh. G. Go dtuga Dia slán abhaile thu. An Rí agus bean Mhaidhc. R. Bail ó Dhia ar a bhfuil innso istigh. B. Dia is Muire dhuit is Pádraig. Nach iongantach an brothall atá ann, buidheachus le Dia. R. Is iongantach sin, anté mb' éigean dó bheith ag siubhal do chois faoi. B. Is fíor dhuit. A mb'fhada tháinigh tu, mar sin? R. Is fada sin, thar teorainn anoir dam. B. Do bhí a fhios agam cuma éigin gor choig- críoch tu. Agus cadé an sceul é anoir? R. Dré sceul. Ca'l fear an tighe? B. Atá sé as baile. Mise bean an tighe seo. R. Ar mhiste leat fios a anma agus a shloinnidh d'iarfaighe dhíot? B. Ní miste go deimhin. Maidhc mac an Ghobbáin ainm m'fhir-se agus an gobbán féin fear an tighe. Thall sa tír sin ar b'as duit- se dóibh. Ag tógbháil chaisleáin do rígh Shean- Shasna atáid. Badh chóir go mbeidís réidh leis anois, nó mara bhfuilid atáid siad lán leis. Beid siad abhaile anois chugham gan stad. R. Sidé áit díreach do bhí me do lorg. Dar ndóigh, mise rí Shean-Shasna. B. Mhaiseadh an eadh? Agus cionnus atá Maidhc agus athair mo chéile? R. Atáid siad ar a marthaineach.
B. Feuch sin anois agus eagla ormsa go mbeadh droch-bhail orra nó mí-ádh éigin insan áit fhiadhain sin thall. An sean-andúir áit fiannachta, ní'l aon rud chomh gaedhlach do dhuine leis. Agus cionnus atáid na prátaidhe agaibh i mbliadna? R. Ia mhaiseadh, níor bh'fhiú leat a bhaint iad. Do bhí an criochán in áit an chlabhráin agus an clabhrán 'san áit ar dhual dó sin. Do lean- faidís don bhalla dhuit dá mbainfeá fáisc asta. B. Ó mhaiseadh, is mar sin atáid againn fhéin. Feuch, ní'l aon rath ar an aimsir seochus mar do bhíodh anallód, míle buidheachus le Dia. Agus tusa an rí, adeir tu liom. R. Is mé a massa. B. Nach deas duit é sin anois. Agus cionnus atá do chéird-se ag dul chum cinn? R. Ó mhaiseadh cuibheasach. Cadé an mhaith dham bheith ag gearán? B. Dar ndóigh, is fíor dhuit. Sceim is sceón i gcomhnaidhe orainn go léir, cabhair ó Dhia chughainn. Agus a mbíonn mórán ort, mar sin? R. Ia bíonn, a bhean. B. Cadé an sórt obair ar aon chor é? R. Riaghlughadh agus smachtughadh daoine. B. Ó! cionnus riaghluigheann tu iad? R. A bhfuil turnap agat, nó práta? Seadh, teasbáin dam an cnócar sin. Seo anois, bíonn m'ubhall ríogh ar láimh liom agus mo shlat ríoghdha reachta agus rachmuis sa láimh eile. Mar seo ghabhaim innsin. Sin riaghlughadh dhuit. B. Ia! massa is ait an cleas agat é. Do thiocfainn féin cortha dhe. Agus cionnus dhéineann tu a smachtughadh?
R. Sé sin, creachadh ropaire agus bithbheanach agus cur droch-bhan ar a leas. B. Maiste mhaiseadh, ní fuiris duit é sin do dheunamh. R. Ní fuiris acht dogheunainn é. B. Droch-bhean do chur ar a leas! R. Seadh a maiste. B. Cionnus dogheunthá é? R. Ar mh'anam, ní'l aoinne is fearr d'inneósadh duit é ioná anté ná fuair a fhoghlaim gan múineadh, sé sin mise. Dar ndóigh, do bhí carn ban agam féin agus do chuirinn ar a leas diaidh ar dhiaidh iad. Cuid acu gan ciall droch-mhúinte agus cuid acu gan iomchar gan náire. Bean ar a leas, bean gan cleas, acht ní'l bean beo gan cleas. Is amhlaidh b'éigean dam a leasughadh innsin, crochadh beag do bhaint asta ar dtúis agus a gceann do scrios díobh 'na dhiaidh sin le claidheamh. B. Obhoch, Dia linn! R. Ia, a bhean a chroidhe, do bhainfeadh sé fáscadh as na haeibh agat sceula mo bhan-sa agus ar ghabhas tríd acu. B. (Seun agus rian na croise ceusta eadram agus é. Alpaire gan taise gan truagh ar nós cránach muice. Scriosamhnach an bháis d'imirt ar dhaoinibh bochta gan suim gan cuimhneamh. Mhaiseadh, go bhfóire Dia ar mo mhuintir bhoicht-se atá ag pléidhe leis thall. Acht ní fheadar fa'n donas cadé an fuadar atá faoi anois. Mhaiseadh, nach agamsa atá an "lad" ann). Seadh, b'uath- bhásach an sceul é, is dócha. R. Ó, ná bhí ag caint, a bhean. Do bhrisfeadh sé do chroidhe gan acht iad do chomhaireamh tharm, agus na bliadhanta fiara fuara, agus foighneamh
gan foighne agus saoghal gan strus. Do bheadh sé ró-dhian ort, a bhean an tighe, innsint mo chreach agus fadtuirse mo scéil go léir duit; acht gor bh'éigean dam mór-sheisear díobh do chur díom le claidheamh. Agus is baoghal liom go gcaithfe me an ceann atá anois agam do leasughadh aríst. B. (Leasughadh na reilge!) R. Fuspar, a bhean an tighe, má bheidh tusa id bhaintreabhaigh choidhche, is aithnid dam buachaill deas macánta thimchioll mo shaghas-sa d'fhear bhfuil slighe mhaireachtana aige agus ní hí mair- eachtain an chnocadóra í. B. (Massa, ní háil liom bean gan cheann ar mo chineadh, acht mo leun! ca bhfios dam nach bain- treabhach cheana me?) Seadh anois, a rí, caith- fead-sa dul ar lorg an aisil atá ar seachrán siar an bóthar uaim. R. Ó, bhí a fhios agam go maith go mbadh ró- chathach duit mo chás. Acht pé'cu sin é, níl sé d'uain agam é d'innsint duit anois. Rud eile atá deitheanas orm. B'é mo dhearmhad nár chuimhnigheas go dtí anois air. Seadh, a bhean an tighe, isé thug i leith me acht ar theachtaireacht ót' fhear-sa agus ó athair do chéile agus fa dhéin na húirlise sin dtugtar "cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir" uirre. B. "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir!" Ní fheadar. Agus cad ba ghábhadh dhuit-se do rígh teachtaireacht do dheunamh, ná dóibh sin fuireach agat thall? R. Sceimhle na hoibre dá cur díobh. Ní raibh aoinne díomhaoin acht me féin agus tháinigh me liom fá n-a déin. B. Agus cadé an ainm seo adubhairt sé do bhí air?
R. Atá "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir." B. "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir[.]!" R. Seadh, cos inti mar do bheadh crann speile. Chomh mór le corr-chip inneóna gabhann an spíce atá in a lár. Naoi gcinn do bhacánaibh aiste agus slabhradh airgid as gach bacán. Cnapán óir ar cheann gach slabhraidh síos. B. Ó, iseadh go deimhin. Is cumhin liom go maith í. Dar ndóigh, do bhí sí innsin agam ó chianaibh. Ní'l nóimeat ó leagas as mo láimh in áit éigin í. Ó mhaiseadh, deacair ort mar úirlis; dámbadh mhadra í dobheuradh sí orm. Feuch cár fhág me istigh í. Crom-se síos led thoil agus tóg amach í. Coingeobhad-sa an clár so anáirde dhuit. [An rí do chromadh síos thar fhiorra an bhosca d'fhonn an rud do thógbháil aníos. Breith ar thóin bríste air don mhnaoi innsin agus a chaitheamh isteach sa mbosca dhi agus an clár do dhaingniughadh air anuas, agus a rádh leis innsin di]: Seo leat anois, a laoigh, fan istigh innsin duit féineach go dtiocfa mo mhuintear-sa fa mhaise abhaile chugham. Má bhíonn greim orra ná greim asta badh mhiste dhuit féin sin. Sin+é "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir" anois agat. Finit Amen Finit RISTEARD DE HINDEBERG, Sagart. OIREACHT I dTIGH SCOILE DIADHACHTA NA CEUD-BHLIADHNA. DO THEAGOSC GACH FOGHLAMA AS GAEDHILG. Tháinigh dream éigin do'n chineadh daonda, gor ghabhadar sosadh agus comhnaighe san Roinn Eórpa, san tsean-aimsir anallód. Atá an aimsir sin chomh fada sin siar uainn ná fuighbheam-na cuimh- neamh uirre anois. B'áluinn agus b'uasal an lucht tháinigh ann. Ba bharr na féile agus bláth na scéimhe an dream sin, agus b'uachtar na daondachta agus ba chnó na céille. Do bhí buaidh gaile agus gaisgidh, réime agus rachmuis, clú agus calmachta aca sin thar a dtáinigh ina n-aimsir, mar do bhuaidheadar ar an saoghal go léir le cruadhas láimhe agus le cruinneas cinn. Is fuiris a n-abraim do shuidheadh agus síolrach fear mbán an domhain ar a sliocht agus ar a lorg sin anois, agus tuilleadh aca nach bán, ar aistrigh goradh gréine líth a leathair, gorab leath-ghorm an croiceann orra anois. Agus má dubhadh a ndealbh an méid sin le brothall agus an dara cuid díobh bán, má's ar aon tsliocht atáid, is fada an lá siar é go ceann a gcinidh araon agus go bun a bhfréimhe. Acht is ar aon tsliocht atáid. Óir ní'l aon teanga nó úrlabhra dá labharthar ag clainn an tsíolraigh sin indiu, ná
fuil coimhcheangal daingean dlúth eatorra, agus ná fuilid in achrann 'na chéile an méid sin, go mb'fhuiris a rádh gor aon teanga amháin do réir bhunudhasa iad. Agus má's aon teanga amháin iad acht iad do leanmhain siar go a mbun, is aon tsliocht amháin gach aon treabh daoine darab úrlabhra aon teanga do na teangthaibh dár thagras romham. Ar an adhbhar sin, is ionann fuil do na cineadhaibh atá ag áitreabh ó bhun Sionnann, is na h-Indiachaibh thoir, go bun Sionnann, cois Léime Conchulainn i nÉirinn. Sionna is teora dhóibh thiar is thoir. Is móide is córa a mheas gor uasal agus gor foirbhthe an sean-shíolrach so, a sliocht ar a lorg do bheith i gceannus an domhain indiu. Adhbhar eile fós, gor 'na bheagán is 'na bheagán thug gach treabh d'ár chinn uatha, oighreacht agus ealadhna agus dána agus feasa a sean-shinsir leo, agus gan treabh acu dá dtabhairt go hiomshlán leo. Agus dá bhfeudfaidhe a bhfuil d'ealadhnaibh agus do dhánaibh ag gach cineadh acu súd do chnuasach, agus ar cailleadh dá samhail i gcaitheamh na saoghal do chomhaireamh leo, dob' fhuiris a rádh gor árd iad an tsean-dhrong ó dtángamar, agus a bhfuil fir bhána an domhain ar a sliocht. Agus má rug gach treabh leo a gcuid féin don tsean-oighreacht, rugadar Gaedhil leo an croidhe mór lághach, lán do dhaondacht; rugadar leo fuinneamh na ngeug agus lúth na gcnámh, an cruinneas cinn agus cothrom na meabhrach. Buaidh brigh, buaidh croidhe, buaidh daondachta agus buaidh inchinne leis an nGaedheal. Agus más amhlaidh atá go bhfuil tréithe i nGaedhlaibh idir corp agus anam, do bhuaidhfeadh araon dream d'ár mhair riamh, cionnus chruthóchthar nach iad taoisigh an tslóigh indiu iad, acht gor bun os ceann leis sin atáid, iad 'na spaid go dealbh,
gan feidhm gan teugar, agus iad an fhaid sin siar sa réim ná fuighbhidís a thabhairt fá ndeara gor éaluigh fir an domhain thar bharraí na gcnoc i gcéin uatha? Atá, gor chaill ar an gcéill acu, go bhfuil Gaedhil gan gaois gan gliocas agus go bhfuil breall dá bharr sin orra. Atáid Gaedhil gan léigheann gan foghlaim orra agus scannradh ar an domhan mhór chum léighinn agus foghlama. Atá meas ag gach cineul ar a sinsear, acht is amhlaidh bhíd Gaedhil, dá mhéid do bhastún thar a chéile do thiocfadh thar lear nó thar teorainn chucha, is eadh is mó a meas air is gan do shalachar sráide badh lugha orra ioná a sinsear féin. Sáruigheann an Gaedheal an sean-fhocal, óir atá a fhios ag an saoghal ar fad, " dá ghiorracht do dhuine a chóta gor giorra ioná sin dó a léine;" acht ní'l aon rud do b'fhearr le Gaedheal badh ghiorra dá chroidhe is dá chneas, ioná leadhb na lathaighe agus ceirt na gcoigcríoch, in áit léine gheal Ghaedheal dá dhíon. Léightear is an bhíobla gor órduigh Dia dhúinn, onóir do thabhairt dár n-aithribh is dár máithribh, chum go mbadh bhuainide ár gcómhnaighe sa dúthaigh. Thugamar-na easanóir dár n-aithribh is dár máithribh agus atá a shliocht orainn, sinn do bheith scaipthe scáinte imeasg coigcríoch an domhain cheathar-áird, agus leadhb na h-aingcise ar a bhfuil 'nár mbeathaidh sa bhaile dhínn. Ní'l treabh acu sin dár chuireas san áireamh rómham, ná cleachtann a dteanga féin, is nach aiste doghníd gach léigheann. Dar linne gor geall le díth-eolais dá dhoircheacht an Ghaedhealg bhocht, agus nach eadh a mhéid ná fuil aon léigheann ag gabháil léi, acht gor comhartha geocaigh ar dhuine a blas ar a bheul, nó a rian air in aon chuma gor duine Gaedhlach é féin ná aoinne do bhain leis riamh. Agus do thógbhamar ár gclann agus
atáimíd dá dtógbháil anois in gach paróisde in Éirinn, d'aon toisc chum é do cheilt ar an saoghal ar fad gorbh iad Gaedhil ghroidhe ba shinsear dóibh, agus chum go leigfidís orra ar an ball ná fuil ionta ó mhaoil go talmhain, idir smior is cnámh is croidhe is croiceann, acht sugha na mbodach agus tál an tSasanaigh. Bíonn báidh ag gach cineul daoine le n-a sean agus le n-a sinsear, agus ní mó dogheunadh aon rud ar domhan sceim dóibh sin ioná leabhair an tseanchusa agus gach eachtra agus éacht agus na gníomhartha bhaineas le n-a seacht gceud sinsear rómpa do mhúineadh dá bpáistíbh. Rud nár cheil- eadar a sinsear orra féin ní cheilfidís sin ar a gclainn é. Agus is measa leo a gcuid féin ioná cuid aon druinge dá mhéid, dá aoirde. Agus is eadh is beus dóibh, múinid a dteanga féin agus a seanchus féin agus gach gníomh gaile agus gaiscidh dá ndearna aon chleithire cruaidh do bhí riamh ar a gcineadh, múinid an méid sin dá bpáistíbh ar dtús, agus teanga agus seanchus agus clú na gcoigcrioch 'na dhiaidh sin. Is é is beus dúinne, gan siolla do sheanchus na hÉireann ná giog do'n Ghaedhilg do thabhairt d'aon pháiste dár bpáistíbh. Agus cuirimíd na basa ar na cluasaibh aca ar eagla go gcloisfidís focal ná foghar don Ghaedhilg, agus cuirimíd fá n-a súilibh púicín an phacaire agus bréidín an bhacaigh, ar eagla go bhfeuchfaidís thar a n-ais nó thar a ngualainn is go bhfeicfidís greann agus sult agus subhachas Gaedheal, nó feidhm agus fuinneamh na bhfear ngroidhe do chreachadh a naimhde i mbearnain bhaoghail. Ní thráchtar ar chlú na nGaedheal, acht gach aoinne dá rádh go n-eirgheann grian ar mhuintir Shean- Shasna. Atá a rian sin ar ár leanbhaíbh óga. Atá cor sa chroidhe aca, atá gob is magadh orra. Feuch idir an da shúil go cruinn orra, agus abair
an dóigh leat gor dúthchas dóibh mar shíolrach Shean-Ghaedheal an draid sin. Óbhoch! cár ghabh uainn an croidhe bog agus an leagan súl ba dhual do shár-fhuil na hÉireann? Atá breall ar Ghaedhlaibh fa dheireadh mar ná bíonn de shliocht orra acht Sasnaigh. Is mairg anté chuireas drom a láimhe le n-a shean agus le n-a shinsear. Is é sin éacht dorigh- neamar agus do bhain an mhairg sin dúinn go dóighte. Is misneach dá chroidhe agus cabhair dá rún do dhuine cuimhneamh ar an tsinsear. Agus ní mór dó a bhfuighbheadh do mhisneach is do mhuinghin dá chobhail is do bhrigh dá chnámhaibh san tsaoghal so atá anois ann. Atáimíd-ne gan cuimhne gan cion ar an tsinsear, mar do scriosadh a gcuimhne sin as ár meabhair le n-ár dtoil fhéin agus dorighneamar an sinsear dúthchasa do mhalairt ar shinsear choigcríoch, acht is baoghal liom gor maol é ár margadh. Atáimíd anois gan sinsear romhainn gan sliocht orainn. Cár bh'iongnadh, dá bhrigh sin, an tubaist dár suathadh agus sinn ag síor-dhrantán os comhair fear an domhain gor bocht amalach an cás i bhfuilmíd? Atá gorta agus aingcis dár scriosadh agus dár sciobadh thar sáile gach lá agus sinne d'iarraidh ár gcréachta do leigheas le cleachtadh an Bheurla. Agus ní móide ár mBeurla nach misde ár maitheas. Mhaiseadh, go gcasa Dia an chiall orainn. Atáimíd anois tar éis amus ceud go leith bliadhain do thabhairt d'iarraidh Beurla d'fhogh- laim. Agus do bhí sceimhle agus scannradh orainn chuige agus sceón sa dá shúil againn chum greim do bhreith air agus bheith níos doimhne 'na achrann. Anois atá sé gabhtha againn, agus cad do b'fhearrde sinn ar chaitheamar dár nduadh d'iarraidh é do ghabháil agus an Ghaedhealg do dhearmhad? Do bhíodh pobul is cléir gach lae dá
dheimhniughadh dhúinn ná beadh lá 'n rath orainn go deoidh, mara gcaithfimís uainn an Ghaedhealg agus an Beurla d'fhoghlaim. Dorighneamar. Do bhí an Ghaedhealg innso ó aimsir Ghaedhil Ghlais anall, dá tabhairt chughainne anuas glún ar ghlúin do réir úird is duail is dúthchasa. Acht aon lá amháin do chinneamair mar chomhairle againn féin, gan aon Ghaedheal do bheith ar an tsliocht againn feasta acht Gaill agus Sasnaigh. Ní raibh 'na dhiaidh sin dá ghalldacht do bheadh clann linn nár bh'eadh b'aite linn é, an méid sin, nach gnáthaighe is nach meabhair linn anois aon rud in Éirinn ioná ár gcuid clainne do chur anonn go Sean-Shasna gach aon bhliadhain, chum léigheann agus smacht do chur orra, chum go mbadh Ghaill go dubh-dhearbhtha idir corp is anam, fuil, feoil is scartacha iad. Do bhí sé ráidhte go mbeadh léigheann is maise dá uaisleacht orainn acht an Beurla do bheith againn. Atá sé againn anois is ní'l againn acht é, agus cionnus atáthar againn do léigheann is do dhánaibh, do chéirdibh agus d'ealadhain? Inneósad-sa sin díbh-se. Do bhuail orm fear lá, fear mór le foghlaim. Atá sé ar na fearaibh is aoirde réim, céim is clú le foghlaim dá bhfuil ar domhan, agus, gidh gor iomdha fear cliste doimhin-léigheanda do casadh orm lem linn, ní dóigh liom go bhfaca mé duine riamh do threisfeadh air agus méid mo shiubhalta. "Feicim anois," ar sé sin, "Iarraim d'athchuinghe ort, as ucht Dé, a innsint dam cionnas atáthar agaibh in Éirinn do theagosc aosa óig agus mac léighinn sul theighid do dheunamh leighinn san árd-scoil." "Atá," arsa mise, "a leithéid seo." Agus thugas uaim innsin tuarascbháil an teagosca, amhail dob' fhearr d'fheudfainn. Agus adubhart trá, ná raibh fód caol ar fuaid na hÉireann ná raibh
scol ghallda ar siubhal ann, gorab é an Beurla ba léigheann agus ba theagosc dóibh, agus go mbadh dhóigh leis gor i gcúil éigin do Shean-Shasna do bheadh acht dul isteach in aon cheann riamh aca. Go raibh lucht friothálamha agus órduighthe na scol sin i mBaile Átha Cliath, lucht gan leabhar gan léigheann orra féin. Go raibh na maighistrí scoile do bhí ionta agus an smacht agus an tabhairt- suas agus an léigheann sin orra do bhíodh ceud bliadhain ó shoin ar na daoinibh coigcríocha atá léigheanda foghlamtha anois. Nach eadh amháin go raibh an teagosc mí-cheart bun-os-cionn .i. coimhightheach in áit a bheith ceannsa, duaibhseach in áit a bheith dúthchasach, gránda in áit a bheith gleóidhte, Gallda in áit a bheith Gaedhlach, acht go raibh sé d'olcas dá shórt, ná fuighbhthidhe a chómh- dhonacht do theagosc i measg treibhe ar domhan, ar geal an cneas is an croiceann leo san aimsir seo. Agus dar an nDomhnach nach fearr ar domhan é, óir ná raibh gach donacht dá mbeithfídhe ag teagosc Bheurla dár n-aos óg san dúthaigh seo nach fearrde sa chách linn é, mar nach fearr ann é. Adubhart tuilleadh eile fós, go raibh scola eile eatorra sin agus an árd-scoil agus gidh gor mhillteach iad na mionscola do bhí fá na mbun, go rugadar so an cluiche ar a raibh do dhroch- scolaibh riamh ar an saoghal. Mar gor bh'amhlaidh do bhíodar sin, nár leor d'olcas dóibh na buachaillí do chailleamhain aimsire ionta gan dada dá bhárr acu, acht gor chuireadar druinn ar an intleacht agus cruit ar an mheabhair acu, an chuma sin ná beadh aon léigheann ná smacht 'na ndiaidh go deoidh orra. Gor béas dóibh na buachaillí do bheadh ionta do bheith dá bhfromhadh nó dá dtástáil gach bliadhain agus ainm is sloinneadh gach duine aca dobheuradh an bárr ar a thuilleadh aca dá chur is na páipéiribh. Gorab amhlaidh chaithid na
maighistrí an bhliadhain, ag dingeadh foghlama isteach ionta, go mbeadh na leabhair bheaga go léir do ghlan-mheabhair acu, agus dá thabhairt orra fromhadh bréige do dheunamh gach lá, ionnus go mbadh móide do bheadh an obair sin 'na thathaighe orra i gcomhair lae na scléipe. Is nárbh eudáil leo sin na leabhair mhóra a mbeadh teugar ionta acu dá dteagosc, mar is gnáth do dhaoinibh le léigheann in gach tír eile, acht snab do leabhar innso agus snab eile do leabhar innsúd, agus na garsúin bhochta dá mealladh le snabaireacht eatorra amhlaidh sin. Agus go raibh tír na hÉireann 'na h-aon rí-rádh agus 'na h-aon chómhrádh- bó acu, d'iarraidh na buachaillí is géire intleacht agus is fearr chum foghlama do sciobadh agus do ghoid ó n-a chéile. Gorb amhlaidh sin chuirid measgadh meanman agus mearbhall intinne ar na garsúnaibh bochta is na bliadhntaibh sin féin badh chóra dhóibh bheith ag tarraingt go breaghdha bog réidh chum fotha foghlama do dheunamh, as a ndeunfaidhe fir léigheanda dhíobh ar an ball. Is innsin adubhairt an fear foghlamtha so liomsa: "Do bhí a fhios agam," ar sé sin, "go raibh breall éigin ar an sceul, mar atá a fhios agam cionnas atá an árd-scol agaibh, agus atá sin chómh dona sin go gcuirfeadh sé oighear orm cuimhneamh nó trácht uirre." Agus sin a bhfuil againn do thoradh ár mBeurla. Atá muintear Shasna agus an saoghal go léir ag breith uainn sa léigheann, agus dar ndóigh ní bheadh sé do dhánacht ionainne é do chur romhainn buaidh do bhreith ar Shasnachaibh. Do bhí coinne againn le léigheann ó'n Bheurla, acht do theip ar ár ndícheall feadhma; atáimíd i dtaobh leis anois is gan len' ais acht ainbhfios. Agus dar m'fhalaing gor maith an díol orrainn é. Ní'l adhbhar ná gábhadh dá dtuitfeadh amach i gcomhluadar nó i gcuidreamh daoine in san
tsaoghal so anois againn, ná deunadh an Ghaedhealg dó foghnamh le cruinneas agus le fairsinge. Ní'l teanga do theangthaibh na Roinn-Eorpa, agus an teanga féin dá ngoirthear an tSainscrit do chur leo, do bhuaidhfeadh uirri le fairsinge focal nó le méid an díoghloma briathar atá in aon cheann acu. Má's ní é gor nua nó gor ró-chruaidh é, is fuiris don Ghaedhilg a shloinneadh nó é do chur i dtuigsint. Óir is ionnan dáil dúinne agus do na h-Almánachaibh um an ní seo. Agus is aca sin atá léigheann an domhain, óir ní léigheann go léigheann na nGearmánach. Agus is eadh doghníd, focal dá dteangaidh féin acu dá chur chum brigh agus ciall gach ní d'ainmniughadh agus gan bheith ag tnúth le cabhair ó aon teangaidh eachtranaigh. Agus ní lughaide a réim is a gceannus os comhair fear an domhain in gach cineul ealadhan agus dána agus léighinn, a mbíonn do mhuinghin acu as a dteangaidh dhúthchasa. Agus is mar sin go díreach dúinn féin. Óir atá fairsinge briathar againn do chinn ar a bhfuil do theangthaibh ag an chineadh daonda, agus thar a cheann sin is gnáthach don Ghaedhilg coimhcheangal coimhfhighte na bhfocal ag cur cleithe snoighte sleamhaine thar gach suim céille dá cur i gcrích is i dtuigsint. Dá bhrigh sin, ní'l ciall cinn ná intinn inchinne dár bh'fhéidir bheith ann anois a bhfuil sé thar chumas don Ghaedhilg a sloinneadh go clisde, go snasta, go beacht. Agus ní'l leabhar do leabhraibh na cruinne, nach cumasach an Ghaedhealg í do chur orra go léir le n-a dtiontódh nó le n-a n-ais- triughadh go Gaedhilg. Acht chum a leithéid sin d'obair do dheunamh 'na cheart, ní mór do dhuine Gaedhealg do bheith aige do réir a glaine is a córach, idir shean-chaint choitchinn na ndaoine agus an chruaidh-Ghaedhilg. Adubhart innso anurraidh gor díth-céille dúinne
bheith ag tnúth le h-árd-scoil do chur ar siubhal san tír seo gan í an Ghaedhealg teanga tré' ndeunfaidhe gach teagosc san árd-scoil sin. Agus adubhart ná raibh slighe b'oireamhnaighe dhúinn chum a leithéid sin do scoil do cheapadh ioná ár mbuachaillí óga Gaedheal do chur anonn go dtí an Almáin chum gach teagosc is léigheann dá aoirde d'fhaghbháil ann, agus iad do theacht abhaile 'na dhiaidh sin agus toradh tuigsiona na bhfear ba chlisde ar domhan do mhúineadh d'aos óg na hÉireann tré Ghaedhilg. Cé gor bh'fhíor dam sin ní raibh ionam agus im chuid cainte acht adhbhar magaidh ag an bhuidhin shagart do bhí do láthair. Do chuadhas siar 'na dhiaidh sin go Beul Átha an Ghaortha, áit i dtugas cóigthigheas ag múineadh na Gaedhilge don druing mhacléighinn do bhí ann. Bíodh an méid seo agaibh mar sceula scoile Beul Átha an Ghaortha: - Go raibh fuireann d'fhearaibh ann do bhí lúbach leathan agus buidhean do bhruingealaibh beusacha gléigeala, agus iad go léir agus scannradh orra chum na Gaedhilge, gan duine beo dá mbrostughadh acht ar ghrádh da greann is dá glór. Go mbídís dá saothrughadh gan sosadh orra ar feadh an lae ghil agus cuid mhaith don oidhche. Go mbíodh gach ní dá theagosc as Gaedhilg ann. Go ndearnadh ann roint bheag oibre amhail is gnáth é do dheunamh in gach árd-scoil eile, agus gor fada riamh ó dorighneadh pioc dá leithéid in Éirinn. Gorbh é léigheann agus gorbh iad na leabhair do bhí againn ann dá dteagosc .i. cnuasach na céille agus uachtar na féile agus toradh saothair na bhfear léigheanda thar lear. Gorbh iad na leabhair go mbadh fada sin an mhoill orra teacht i leith má's ag fuireach le Sasnachaibh atá sibh chum Beurla do chur orra
agus iad do thabhairt díbh. Má's amhlaidh atá sibh, ní bheidh leabhar do na leabhraibh sin idir lámha agaibh innso go cionn ceud bliadhain go fóil. Agus dá bhrigh sin ba ghiorra do cheud bliadhain do léigheann agus do smacht na dtreabh léigheanda, an scol bheag shuarach sin Beul Átha an Ghaortha ioná aon scol ná coláiste eile in Éirinn dá aoirde í a gcáil nó dá ghalldacht é a dteagosc. Go raibh árd-scol againn mar gach treabh léigh- eanda, 'nar leagadh le chéile intleacht gheur- ghlan Ghaedheal agus togha teagosc na suadh ba chliste ciallmhaire fá'n ghréin is gan spleadhchus do Shasnach. Ag sin uaim agaibh tásc agus tuarascbháil scoile Bheul Átha an Ghaortha agus breathnuighidh go beacht anois ar leamh mise nó ar bh'adhbhar magaidh mé féin is mo chuid cainte anurraidh. Atá léigheann go cruaidh d'uireasbaidh orainn. Caithfear é d'fhriothálamh nó atá deireadh linn. Acht cuimhnighidh go mbeidh an dúthaigh do réir an teagosca agus an teagosc do réir na teangadh. Má's maith libh Éire oll do bheith os cionn tuinne feasta, agus Gaedhil ghleoidhte ghroidhe, d'fhearaibh, do mhnáibh, do mhacaibh, d'ingheanaibh, do bheith ag maireachtain inte amhail ba dhúthchas di agus dóibh ó'n chian d'aimsir do bhí sisi agus iad ag gabháil le chéile, bíodh an Ghaedhealg mar theangaidh an teagosca i nÉirinn agaibh. Má's fearr libh Ireland do bheith ann agus na "Patlanders" agus na "brógaerians" ag áitreabh ann, bíodh Beurla do theangaidh theagosca agaibh ann, agus beidh an breall oraibh go deoidh arís. Agus innsin badh bhog orainne cioturrainn dá mbainfeadh díbh; dar ndóigh, badh chuma le cuid againn Tonn Chlíodhna dá dtiocfadh 'na haon mhaidhm-bhriseadh thar tír agaibh agus go scriosfadh maol í ó'n cheann go chéile.
Agus sibhse, a shagarta na hÉireann, an dream sin nár thréigeamar nuair ba chruaidh orainn an cás agus ba theann an treasgairt, ná tréigidh sinn anois acht díonaidh ar mhallaightheacht agus ar mhillteacht na n-amhas sinn. B'fhada dhíbh ag seasamh san éide ag an altóir Dia Domhnaigh ag teagosc bhur dtreud mbocht. Ba gheall le huachtar ar an gcroidhe againn milseacht agus naomhthacht bhur raidhte ndiaganta ndeaghchomhairleach agus ba bhinne linn ioná meura suadh ar theudaibh sámh-chruite ceoil foghar bhur gcainte agus glór na sean-Ghaedhilge sinsir. Ba dhearbhráithre sinn agus mic aon mháthar, ba gheal bhur gcroidhe linn agus b'fhial fáilteach an snódh grádhmhar gleóidhte. Ní bhíodh aon scamall dubh duairc ag teacht eadrainn. Ar ghrádh d'anmannaibh bhur marbh ná claonaidh uainn croidhthe na leanbh n-óg acht scaoilidh chughainn ó'n scoil iad go Gaedhlach grinn gasta, mar is dual do bhraon na Bán- tsraithe is do shíolrach shean-Ghaedheal. Cuimhnighidh gor fada chughainn anall tháinigh an Ghaedhealg agus an croidhe mór bog Gaedheal ghabhas léi, agus gor foghail thar foghla agus creach thar creacha an domhain, an croidhe gan cor sin agus an teanga chaoin cheannsa sin do scarmhain linne agus le n-ár sliocht 'nár ndiaidh go deoidh. Cuimhnighidh gorab iad na páistí atá anois ar scoil agaibh an t-aon dóchas maireachtana 'na mbeathaidh do Ghaedhealaibh, agus má dhéineann sibhse Sasnaigh díobh sin anois go mbadh Sasnaigh a gclann glún ar ghlúin go bruinne an bhrátha, agus go mbeidh deireadh le Gaedhla. Ar son Dia, a shagarta na hÉireann, ná millidh na leanbhaí boga óga orainn.
FEIS NA h-ÁIRDE MÓIRE. "A mhuintear na nDéise agus a Phobuil Dheugláin, b'fhada í mo chuaird ag teacht go dtí sibh ó thaobh eile na fairrge anall, mar is iomdha cáirt saile atá idir an áit i mbím-se agus Árd Mhór Dheugláin i bhfuilmíd go léir cruinnighthe anois. Ba mhór an turus agus ba shíoth-fhada an taisteal do chuireas romham, bheith sé lá gona n-oidhcheadhaibh i gcontabhairt mo bhaidhte ag teacht i leith chughaibh. Ní dóigh liom go bhfuil duine innso - agus an méid atá ós mó chomhair anois - do chuir an oiread slighe thairis is do chuireas-sa féin ag triall oraibh. Acht mara bhfuil féin, b'fhéidir ná fuil duine oraibh a raibh a choimh-mhéid d'fhuadar faoi is do bhí fúm-sa, nó duine a raibh an tarraingt is an glaodhach sin air do bhí orm-sa, mar ná fuil duine ar domhan ar mheasa leis an Ghaedhealg do dhul in eug ioná mise, ná duine ar thaithneamhaighe leis comhrádh caoin Gaedhilge do dheunamh leis an tsean-mhuintir. Agus nuair do bhíodh leisce na slighe dam bhuaidhreadh agus gach aon deacair is donas is eagal roimhré le lucht taistil an bhóthair ag cur orm, isé rud adeirinn liom féin ná "bíodh foidhne agat, atá an lá ag teacht le congnamh Dé." Acht, a dhaoine na páirte, atá an lá sin ann agus má atá, atáim-se tar éis mo thrí miana do bhuadhchaint, mar atá, mian mo bhonn, mian mo chabhaile, agus mian mo chealltair. Mian mo bhonn, mar atá buinn mo chos ar thír Dheugláin; mian mo chabhaile, mar atá mo chroidhe ag gáire im chliabh imeasc mo cháirde Gaedheal; agus mian mo
chealltair, mar atá mo dhá shúil ag feuchaint anonn ar phobul ghléigeal na nDéise. "Creididh uaim-se, a mhuintear mo ghrinn-chroidhe, gur mór an sásamh aigne dham agus gur geall le taithneamh na gréine i lár na h-aingcise dam bheith im sheasamh innso ós bhur gcomhair indiu; acht bíodh fhios agaibh nach amháin le h-aghaidh taithneamh d'fhághbhail dam fhéin thánga acht ar mhaithe libh-se, mar is ró-mhaith atá a fhios agam ná fuil gábhadh is mó ghoilleas oraibh ná is mó atá d'bhur ndalladh is d'bhur mealladh iona ainbhfios agus uireasbaidh eoluis i dtaobh na Gaedhilge. Ar an adhbhar sin, is mian liom indiu trácht ar an nGaedhilg d'réir m'eoluis is m'acfuinne. Mar sin, caithfidh me rud beag do rádh mar gheall orm féin ar dtús. Agus, dar gan gó, ní taidhbhse ná éirighe-ináirde thug orm bheith chomh droch-mhúinte sin is gur tharm féin do thiocfainn acht gur dlúth daingean an bhaint atá agam leis an nGaedhilg. Duine bocht suarach mise gan éifeacht im ghlórthaibh agus, dá bhrigh sin, níor chuibhe liom mar chleas is cleachtas bheith ag bladaireacht nó ag maoidheamh mo thréithe féin, muna mbeadh gur dóigh liom go mbadh thairbhtheach díbh-se mo sceul. "Nuair do bhíos-sa óg i gceanntar na Carraige thoir, is beag an meas do bhíodh ag na daoinibh ar an nGaedhilg. Ní thruailleochaidís a mbéil léi mar shalachar acht amháin nuair do bhíodh comhrádh ar siubhal nár do chluasaibh leanbh. Do bhíodh spailpíní na Carraige isteach is amach sa tigh againne agus sin iad do mhúin an Ghaedhealg dam féin. Ní raibh acht meas caidréise agam ar an nGaedhilg mar ná h-airighinn dá labhairt í acht ag na daoinibh bochta dealbha agus ní raibh fhios agam go raibh leabhar ná léigheann riamh ar Chlannaibh Gaedhil. Lá desna laetheanta sin do-chonnac leabhar Gaedhilge agus marab orm-sa do bhí an t-iongntas ní lá fós é.
'Na dhiaidh sin do thuiteadar liom 'na gceathannaibh agus 'na dtuiltibh gor bhreathnuigheas ná raibh cineul ná cineadh fá'n ghréin a raibh eolus is foghluim aca ba dhoimhne is ba chruinne ioná mar do bhí ag mo shean-shinsear féin agus ná raibh drong de dhrongaibh an domhain a raibh leabhair aca do bhuaidhfeadh, maidir le maise is géire léighinn, ar shluagh líonmhar fairsing sean-leabar na hÉireann. Do-chuadhas anonn thar lear innsin go Sean-Shasna, áit a dtugas cheithre bliadna ag foghluim na Gaedhilge is cruaidhe agus is ársa ann ó dhuine uasal de threibh na hAlban. Do toghadh innsin me im Ollamh re Gaedhilg sa Choláiste mhór ag Washington i Sasana Nua acht do cuireadh de dhualgas orm ar dtús dul anonn go Roinn na hEorpa chum go dtabharfainn dhá bhliadhain eile i bhfochair na scoláirí Gaedhilge is cliste oilte dá bhfuil ar dhruim talmhan. Is ann d'fhanas bliadhain lán i bhfochair Rudolf Thurneysen, an deigh-fhir ghleoidhte rug barr na féile. Do ghabhas innsin an bóthar soir ó thuaidh go bruach na mara sa Phrúis, áit ar léigheas go ceann bliadna eile fá'n duine sár-uasal agus an dochtúir fial fáilteach Heinrich Zimmer. Do cuireadh triail orm innsin agus do bhronnadar órd agus rachmus dochtúra orm mar gheall ar an nGaedhilg. Do-chuaidh me 'na dhiaidh sin go Sasana Nua agus do bhí me bliadhain ag múineadh Gaedhilge idir cruaidh is bog is sean is nua dóibh san Árdscoil i Washington agus do theighinn corr-uair go Nua-Eabhrach chum léigheacht phoiblidhe ar an nGaedhilg do thabhairt uaim. Sin agaibh mo sceula anois agus, más móide bhur meas ar an nGaedhilg, atáim-se sásta. "Adeirim-se libh, a phobuil na n-ae istigh, go bhfuil sibh meallta caochta idtaobh na Gaedhilge. Sa cheud áit atá sibh meallta, mar is dóigh libh ná fuil blas ná snas ar an nGaedhilg atá agaibh féin.
Nach iongantach an rud é go bhfuil Clanna Gaedhil go léir ar aon intinn shuaraigh amháin idtaobh na Gaedhilge bhíos aca féin. Dar leo in gach aon áit ná fuil aca féin acht an díogha agus an dríodar agus go bhfuil togha na Gaedhilge taobh-is-'muigh de'n teorainn. D 'airigheas féin a bhfuil de Ghaedhilg ann dá labhairt, ní amháin in Éirinn acht in Albain agus in Inis Mhannan leis, agus sé mo mheas nach fiú trácht ar aon Ghaedhilg in aice Gaedhilge na Mumhan agus, dar ndóigh, ní'l aon Ghaedhealg sa Mhumhain do bheuradh bárr deise ó Ghaedhilg bhreaghdha bhuig na nDéise agus na bPaorach. Mealltar arís sibh mar is dóigh libh gor fearr Beurla ioná Gaedhealg, agus isé sin an mearbhall céille is nimhnighe atá ag múchadh is ag milleadh na Gaedhilge. Do-chíonn sibh-se na daoine uaisle - uaisleacht bhréige - agus culaidh bhreaghdha eudaigh anáirde ar gach falmaire aca agus iad ag spalpadh an Bheurla, agus ba é sin do chuir 'na luighe oraibh ná raibh aon rud sa Ghaedhilg acht an rud do bhí ag gabháil leis an dúirnín speile, leis an nglúinín aitinn agus leis an bhest bháin fhlainidhe. Mo chreach dhóighte! Dá dtabharfadh sibh-se na bliadhanta fada thugas-sa ag foghluim Gaedhilge agus Beurla agus teangtha nach iad, do bheadh a fhios agaibh innsin gor baoth breugach í an tuairim seo anois agaibh i dtaobh na Gaedhilge. "Mealltar fa thrí sibh mar ná fuil a fhios agaibh nach í an Ghaedhealg amháin atá i gcontabhairt bháis acht Éire chomh maith léi. An lá chuirfear an duine bocht deidheanach labhras an Ghaedhealg, sin é lá is Luan Lae Brátha ann d'Éirinn na nGaedheal. Ní bheidh inte as sin amach acht leidhbín gioballach de Shean-Shasana; agus más amhlaidh bheidh Éire, a chomharsana, badh chuma linn ann nó as í. Is maith adubhairt an Lochlannach léigheanda, Holger
Pedersen liom-sa lá i gCópenhagen thall: "Marab í an Ghaedhealg an teanga," ar sé sin, "ní Gaedhealach feasda an croidhe ag Éirinn." Má chailltear an teanga caillfear an tír agus ní thiocfaidh sí thar n-ais chughainn go deo arís nó go n-iompócha siar aniar. "Iarraim mar athchuinghe oraibh, as ucht Dé agus Deugláin, gan dada do labhairt le nbhur bpáistí acht Gaedhealg; agus más ní é go ndeunadh páiste libh freagairt i mBeurla agus sibh-se ag labhairt Gaedhilge leis, smachtuighidh ar an bhfód é agus cuiridh ar a leas é le bata. Anté ná déineann síol-chur, is fánach follamh é a choinne le foghmhar. Agus nach dona an tubaist dúinne é, ráidhte ná fuil acht aon scoil amháin sa dúthaigh seo a múintear Gaedhealg inte? Má atá scoil in aon áit, is scoil ghallda í, scoil i múintear teanga, seanchus agus beusa na n-allmhurach gcoigcríoch agus gan trácht ar domhan ar aon rud bhaineas linn féin. Caithfear an obair sin do chur ar gcúl is ar ceal agus sin do dheunamh má luaithe dúinn, sara mbeuraidh buan-mheath báis sinn. "A phobuil an naomh-Ghaedhil, cuiridh díbh an daille, an buile agus an díth-céille. Cuimhnighidh ar na ceudtaibh sinsir tháinigh romhaibh. Bíodh taidhbhse agaibh asta agus asaibh féin. Tugaidh congnamh dúinne agus teannfam-na libhse, go dtiocfaidh d'ár gcomhar amhlaidh ár leas leith ar leith agus rath is seun tré bhithu siar d'ár dtírín dúthchais. Labhraidh an Ghaedhealg i gcomhnuidhe agus ná bacaidh le muintir na mbailte mór. Caithfidh siad sin Gaedhealg do labhairt ar an ball, mar cuirfeam-na d'fhiachaibh orra a dheunamh. Má dhéineann sibh amhlaidh, ní chasfar go deo linn gor orainn atá an milleán gor cailleadh Clanna Gaedhil agus gur bádhadh Tír na hÉireann. Cuiridh le chéile agus
déinidh bhur ndícheall agus beidh rath oraibh agus rath ar an dúthaigh, do réir mar adubhairt an file: "Cuirfidh an dligheadh so gaois i nGaedhealaibh, Is tiocfaidh an brígh mar do bhí ins na laochaibh, Ceapfaidh sé com is drom is dóirne D 'fhearaibh an domhain mar Goll mac Móirne. Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líontaibh, Is talamh an tsléibhe go léir fa luibheannaibh.""
ÓRÁID MHODHEILGE. "A dhaoine muinetardha Modheilge, thánga-sa innso indiu d'iarraidh dorchadas na dithcéille agus an ainbhfiosa do ruagadh amachas bhur n-aigne agus solus na fírinne do chur ar lasadh in a áit. Ba é fá ndear an dorchadas sin, an giobal caochta agus an púicín dallta do chuir Gaill is Sasanaigh fá n-bhur súilibh chum ná feiceóchadh sibh dada acht rud d'oirfeadh dóibh siúd a theasbáint díbh. 'Sé an solus is mian liom do lasadh dhíbh .i. leus beag de shoillsibh na fírinne, na féile, na fairsinge, lóchrann glan aoibhinn Gaedhilge. "'Dé rud é an Ghaedhealg? Trí mhíle bliadhain ó shoin do bhí Gaedhealg ag duine éigin i nDrom- lócháin innso thoir, agus atá a rian le feicsint fós ann sgríobhtha ar na clochaibh. Ní raibh léigh- eann ná foghlaim an uair úd acht ar cheithre cineadhaibh 'san domhan .i. muintear na h-India Thoir, na Gréigigh, na Rómhánaigh agus cineadh na h-Éireann, agus nach deas an t-adhbhar chum taidhbhse do chur orainn é? Trí cheud deug de bhliadhantaibh ó shoin, ní raibh pioc foghlama ag muintir Shean-Sasana, do bhíodar ag imtheacht allta fá'n gcoill go dtugamar aibhghitear is ealadha dóibh, agus nach deas an t-adhbhar chum taidhbhse do chur orainn é? Dhá cheud deug de bhliadhantaibh ó shoin, ní raibh léigheann ná eolus ag muintir na h-Almáine, .i. na Gearmáinigh, go dtugamar-na foghlaim agus creideamh dóibh, agus nach deas an t-adhbhar chum taidhbhse do chur orainn é? Atá teanga againn, agus sluagh mór dath-aoibhinn leabhar againn, rug buaidh ar a bhfuil 'sa domhan, agus nach deas an t-adhbhar chum taidhbhse do chur orainn é?
"Acht táinigh atharrach an donuis orainn agus cuireadh bun le n-ár bhfoghlaim. Cuireadh bun leis le claidheamh agus le gad crochta: agus tar éis trí cheud bliadhain mar sin dúinn gan cabhair ón bhfoghlaim, thugadar na Sasanaigh a gcuid scol ngallda isteach orainn, agus sinne 'n-ár nGaedhealaibh, do chuireamar ár leanbhaí boga óga isteach chucha chum go ndeunaidís sin Sasanaigh díobh. Ó faire go deo! aon chineadh ag cur drom a láimhe le sean-bhéas a shinsir. Faire go deo! na Gaedhil bhochta ag deunamh a leithéid, agus 'dé'n díoghbháil acht gorb é an faire dearg é do dhéanamh mar spleádhchus do Ghallaibh is do Shasanachaibh. "Dalladh súile Gaedheal innsin agus righneadar gach aon rud bhaineas le n-a sinsear is le n-a n-athraibh do dhearmhad. Ba dhóigh leo, nuair do chonnacadar Sasanaigh ar marcuigheacht go h-uaibhreach árd agus culaidhthe nua éadaigh orra, ba dhóigh leó ná raibh 'sa Ghaedhilg acht comhartha na bochtanachta, na h-aingcise is an ainbhfiosa. Mar gheall air sin ba iad lucht ba mhó taidhbhse an dream ba lugha Gaedhealg. Do bhí taidhbhse is eirghe-ináirde ar lucht na mbailte mór agus ar na daoinibh uaisle fuara feirmeóirí; ní labhar- faidís sin Gaedhealg agus ní leomhaidís do n-a gclainn a labhairt. Lucht an ainbhfiosa is an díth-eoluis, do chailleadar riamh sean-bheusa glórmhara Gaedheal agus anois atáid ag déanamh mion-shodair an bhacaigh le sálaibh Sasanach. Níor chuimhnigheamar ar a ndubhairt ár dTighearna Dia le Maois, "tabhair onóir dod' athair is dod' mháthair" ar Sé, "chum go mba buainide do raé ar an dtalamh thug an Tighearna do Dhia dhuit." D'imthigh uainn cuimhne ár n-athar is ár sinsir, agus dá bhrígh sin atáimíd scartha scáinte, caithte cráidhte, ar fuaid an domhain.
"Atáid na Sasanaigh d'bhur gcreachadh, d'bhur stracadh in bhur stéidhgíníbh. Atá beul an chlaidhimh le beul bhur sgórnach leis na ceudtaibh bliadhain. Atá droich-mhianach an fheill 's an éithigh ag drannadh libh agus fonn is faghairt 'na súilibh chum sibh do chur chum báis. Atá a fhios sin agaibh féin chomh maith liom-sa. An dóigh libh gorab é buidheachas is ceart dúinn do bhreith leo ann? Acht cad tá sibh do dheunamh? Innéosad- sa sin díbh. Adubhairt duine fadó ná fuil rud do b'fhearr dá ndeunaimís ioná na mad- raidhe go léir do mharbhadh mar gheall ar na mad- raidhibh canaigh bhíos orra. Adubhairt duine eile dá fhreagairt, "Ó!" ar sé sin, "ná déintear; ní'l aon rud chomh ceanamhail leis an ngadhar bocht agus bíonn páirt na ndaoine go bráth leo." Isé adubhairt an treas duine, "creid-se uaim-se," ar sé sin, "go mbeadh cion thar bárr agam-sa ar mhadra sara mbeathóchainn lem leanbh féin é." Siúd é go díreach mar dhéineann sibh-se. Mar atá sgoil ghallda in gach fód d'Éirinn, gor geall le madra millte canaigh nó leomhan an léir- sgriosa gach aon cheann riamh aca, agus atá sibh-se ag cothughadh is ag beathughadh na mbeathadhach sin, mar do-bheir sibh-se bhur leanbhaí óga dóibh idir fuil is feoil, idir corp is anam dá reamhrughadh sin. Nach mór é bhur gcion ar na Sasanaigh agus a rádh go dtugann sibh bhur bpáisdí dhóibh chum Sasanaigh bheaga do dhéanamh díobh. Óir, ná ghabhann bhur leanbhaí isteach i scoil aca súd, ní mar leanbhaí díbh-se thagaid amach acht 'na gcoigcríochaibh beaga beadaidhe. Do chuadar isteach 'na gclannaibh Gaedheal, tagaid amach 'na gclannaibh Sasanach. "Mo chreach is mo dhíth! nach deacair dam bheith foidhneach libh agus mo dhá chluais dá mbodhradh ag sean-daoinibh na dúithche dá rádh liom gor
mór an t-athrughadh atá ar phaisdíbh anois seachas mar do bhídís nuair do bhíodar féin ag eirghe suas. Mhaiseadh, cia h-iad ba chionntach ann? Nárbh iad sibh-se féin, a mhuintear na h-Éireann, do bhain d'bhur bpáisdíbh sean-oighreacht a sinsir agus do righne Sasanaigh díobh? Do bhí sean- duine 'san áit seo fadó a raibh mac beag aige. Tráthnóna ann dá dtáinigh ó'n scoil, do bhí sé ag brasaireacht i nGaedhilg 'sa chúinne. Mhaiseadh má bhí, is aibidh crosta adubhairt a athair leis, "hut, a ghrabaire," ar sé sin, "ní focal breaghdha- mhilis Beurla dobheurthá leat abhaile chughainn." Do bhí an port ceudna ar fuaid na dúithche; ní gábhadh dhamh-sa na mionnaí do thabhairt innsin díbh-se, mar atá 's agaibh féin é. Do chuir muintear na h-Éireann taithneamh a gcroidhe sa Bheurla, do bhí pobul is cléir go léir ar buile chuige agus d'fhág sin Éire gan cabhair gan cáirdibh. "Do ceangladh mise mar chách i gcuibhreach na n-allmhurach agus do cuireadh chum scoile me. Is moch do sáthadh gobán gallda im bheul agus do shíleadar an croidhe Gaedhealach do stracadh amach as cobhail mo chléibhe agus croidhe cnopánach cloiche do chur in a áit. Do chuireadar púicín mar do bheadh sean-bhrat ath-chaithte ar rinn mo dhá shúla agus ar bhuaic m'intleachta, agus do bhídis ag siosarnach crónán na mbeach im chluasaibh dá rádh gor bhreaghda, bog, uile-chomhachtach an ní é Beurla. Is amhlaidh do righneas acht an giobal do bhaint dem shúilibh agus 'na dhiaidh sin an cuibhreach do stracadh dhem chorp agus léim tríotha tharsta amach; mar, ar mbuadhchaint radharc mo shúl dam, níorbh' áil liom gan cead mo chos agam féin. Níor stadas den réim sin go ndeachaidh me na mílte míle ó bhaile ag iarraidh léighinn is eoluis mo chinidh. Fuair me na leabhair agus fuair me na maighistrí doimhin-léigheanda do bhí
in iúl brígh na leabhar san do mhúineadh dam. Fuair me iad sin i ndeisceart tíre na h-Almáine agus fuair me an oiread ceudna le h-ais na mara i dtír na bPrúiseánach. Is ann d'fhoghlamas seanchus na h-Éireann, rud do bhí foluighthe ag na Sasanachaibh orm, agus do mheuduigh mo ghráin orm do'n anglais agus do'n sciodar bhreun atá sibh-se ag tabhairt d'bhur bpáisdíbh in áit leamhnacht a leasa agus uachtar na Gaedhilge do thál orra. "Má imtheóchaidh an Ghaedhealg, beidh bun le h-Éirinn go deo, agus má bheidh, dar ndóigh, ní'l leun is lugha linn ioná maidhm shléibhe nó Tonn Chlíodhna éigin ag á scriosadh ar lár 'na fásach, mar, má's Sasana Éire, badh chuma linn tirm nó báidhte í. "Nach dona is nach millteach an sceul dúinne é, a dtáinigh is a dtiocfaidh do chlabaireacht béil agus séideadh fá na daoinibh in gach aon áit, agus gan duine ar domhan d'inneósadh an fhírinne dóibh. Ní dhéanaidh Éire aon mhaith go bráth, mara bhfuil misneach is muinghin aici aiste féin, rud nach féidir mara bhfuil teanga, beusa agus seanchus Gaedheal aicí, agus ní h-iad teanga, beusa agus seanchus aon mhuintire eile ar domhan. "Corruighidh oraibh, a dhaoine na páirte, agus ná leigidh d' Éirinn dul d'euga. Creididh uaim-se gur seacht míle fearra dhíbh soillse Gaedheal ioná dorchadas is doicheall Gall. D o bhíos-sa shoir agus do bhí me shiar agus ní in eughmais m'fheasa dam atáim ag labhairt. Múinidh Gaedhealg d'bhur bpáisdíbh, cuiridh scola Gacdhilge ar bun in gach aon áit, agus ná bídh feasda mar atá sibh le sealad, ag íodhbradh bhur dtíre, bhur gclainne, bhur sean is bhur sinsir ar altóir an ainbhfiosa. Sin agaibh mo theasdas-sa ar an nGaedhilg."
FÁILTE ROIMH AN ATHAIR PEADAR MAC CONCHEARCA. "A mhuintear Bhaile Átha Cliath agus eile mar atá sibh, is balbh mo ghlór-sa t'réis leomhan na teangadh líomhtha acht do-gheunad mo dhícheall ar aon chuma. Do cuireadh ináirde innso mise chum go mbeurainn buidheachas leis an duine uasal so atá anois 'nár measc, acht isé mo mheas ná beadh innsin acht lorg nós na Sasanach agus ní baoghal liom ná go bhfuil tuille 's is cóir de ghalldacht ag gabháil linn cheana. Dá mbadh é an Beurla mo fhriotal anocht libh is amhlaidh do-gheunainn .i. buidheachas do bhreith leis ar nós na Sasanach, mar badh é sin badh dhual dam agus ní bhfuighbhinn dada eile do fhriothálamh; óir ní'l aon uair dá labharaim Beurla nach geall le slisne tur nó le ceap cnapánach greusaidhe an teanga im chraos agus ná gabhann an croidhe agam caolughadh chuige an tslighe sin ná bíonn de thoirt ann acht oiread gráinnín bhídigh choirce nó croidhe shuaraigh spiodóigín i lár mo chléibh. Acht a bhuidhe le Dia, do cuireadh d'fhiachaibh orm Gaedhealg do labhairt libh agus, ar an adhbhar sin scaoilim dem theangaidh, raobfad gach cruaidh- cheangal atá dá nasc i ngeibheann agus beurad ar mo chroidhe borradh gorig a lán-toirt, mar, ós Gaedhealg mo ráidhte béil anocht, ní'l fál na nGall feasda idir é agus comh-chroidhthe mo chomh-Ghaedheal. Dá bhrigh sin, ní buidheachas bheurad leis mar chleachtaid Gaill acht do-gheunad a mholadh amhail do mholfadh m'athair é nó mo shean-athair nó mo
shin-sean-athair nó aon andúir eile ar gach glúin dem chineadh ó bhun mo shloinnte anall. Molfad ar dtús é mar gheall orm féin mar gor duine atá ar na fearaibh is gile liom ar domhan é. Molfad an croidhe mór, fíor-chroidhe sean- Ghaedhil ná dearmhadfadh a thír dhuthchais go deo, gidh gor minic ibhfad soir uaidh talamh beag an ghrinn agus taithneamh gréine ar Bhinn Éadair. Ní h-ionann dáil dó agus do na míltibh Gaedheal suarach do chuaidh thar cáladh roimhe, do reic is do dhíol sean-oighreacht a ndúthchasa ar ghrágallach garbh-ghránda na barbarachta. A mhalairt sin d'fhuadar atá faoi, mar is crann seoil bagartha ag cosaint clú na h-Éireann é, is fál daingean do-scaoilte ag cumhdach clann nGaedheal é, is cleithre groidhe agus is laoch lán-chalma é ag seasamh i mbearnain an bhaoghail - fear ná casfadh a chúl le diabhal ná deamhan is gan acht leanbh amháin de Chlannaibh Gaedhil ag éigheamh a chabhrach. "Molfad arís é thar bhur gceann-sa, tré go dtáinigh anall ón dúthaigh mhóir sin is dual anois dó agus go bhfuil sé eadrainn féin anocht. Mar is dian le triall an bóthar ann, do cheann ná fuighbheadh sí bheith níos sia siar uainn agus, rud eile, atáid súile muintire na h-Éireann iar n-a gcaochadh agus iar n-a ndalladh le páipéiríbh bréagacha na Sasnach. Acht 'pé aca a bhfuil nó ná fuil tuairisc againn uirre, is talamh leathan líonmhar í thar tír ar domhan dá bhfaca súil riamh. D 'aimhdeoin sin is minic gur anacrach an áit do Ghaedheal í. Mar is ann atá dream agus cineadh ó gach fód fá'n ngréin bailighthe isteach i dteanntaibh a chéile, cuid aca nach fearrde talamh ar domhan a mbeidís 'na seasamh istigh ann. Má tharraingeann a leithéidí siúd scléip nó bruighean ar mhuintir na h-Éireann, atá túr daingean mar dhíon aca nár thoghail duine nó
daoscar-shluagh riamh, eadhón, lannaire luath re leadradh agus ridire an áthais do chreachfadh agus do réabfadh reathacha agus cnámh ag namhaid do leomhadh pléidhe nó aighneas do chur ar dhuine de shean-phór na h-Éireann. Agus shin é agaibh ós comhair bhúr súl anois é, fear gor leath a cháil 's a chlú thar réidh is cnoc is bán ó lár na dúithche gorig dhá fhairrge teorann Shasana Nua. Breathnuighidh go géar gach alt is féith leis, mar is annamh go deo arís dochífear a leithéid. "Ar an adhbhar sin, agus de bhrigh go dtáinigh thar treathan na dtonn dtaobh-uaine dár bhfios, nó gor chuir a chomhfhad sin do shlighe thairis dár n-ionsuidhe, agus go dtug uaidh a cheacht is a chomhairle le brigh agus binneas briathar, le faobhar agus fuinneamh focal, gor dhóigh le n-bhúr gcluasa gor mhil tré uachtar do bhí dá scéitheadh thar béala aige, agus uair eile, gorab é bhí ann, tóirneach thréan an tsamhraidh agus na spéartha ag cur frasa fiuchta - ar an adhbhar sin go léir agus tuilleadh do thuill sé, fearaim-se fíor- chaoin fáilte roimhe, agus bídh-se ag déanamh an oiread céadna gach féile. Fear groidhe dár gcineadh féin é, fear calma againn i gcomhair an bhaoghail é, fear gor measa leis ár gcás thar cách é, fear ná righne feall ar a dhúthchas riamh é, fear bhfuil mór-chuid dár gcúram air, fear le féile is fíor-dheigh-mhéinn é, fear gur breágh dhúinn a rádh gur Gaedheal é."
FEIS DHÚNGARBHÁN. "A mhuintear na nDéise agus a phobail Dhéagláin, adubhairt ár slánuightheóir san Scrioptúir naomhtha, "má dheineann dall eolus do dhall eile go dtuitid araon sa díg." Má's dall a dhá shúil ag duine is duine gan radharc é agus is cuma dhó lá agus oidhche, acht anté gor dall a intinn is daille ioná sin féin é, an mhéid gor uaisle agus gor onóraighe radharc na h-intinne ioná radharc na súl. Agus is í an daille intinne do bhain díbh-se, mar do bhain sí don dream do bhí ag deunamh eolais díbh. Do chuireadar sin an dubh 'na gheal oraibh agus mar do bhí dall ag treorughadh daill do thuiteabhair araon sa díg. Anois dá scriosfaidhe an daille intinne agus an chaoiche mheanman atá d'bhúr ndalladh, atá d'bhúr mealladh, atá d'bhúr slad mar do shníomhfaidhe gad, ní bheadh aon ghádh le Feis na nDéise ná le mise do theacht innso d'iarr- aidh sibh do chur ar bhúr leas. "Atá an sean-ghalar sin atá ag caitheamh oraibh le dá cheud bliadhain anois ag leanamhaint díbh fós, sé sin, galar an ainbhfeasa agus aicíd an díth-eoluis. Ní cuma sibh-se agus gach aon chinéal nó dream daoine eile ar domhan. Is contrárdha agus bun-os-cionn leo súd atá sibh, mar bíonn meas aca súd ar a gcuid féin agus is beag orra cuid na gcoigcríoch. Is beag oraibh-se bhúr gcuid féin agus bíonn árd-mheas agaibh ar chuid na gcoigcríoch. Is measa leo súd a sean agus a sinsear agus gach beus agus gach cleachtadh dá dtáinigh ó n-a sliocht féin, glún ar ghlúin, anuas ioná aon rud dá dtiocfadh thar lear nó thar
teorainn chucha. Is measa libh-se gothaidhe agus gleacaidheacht na nGall ioná croidhe mór gleoidhte bhúr sinsir féin. Bíonn léigheann agus léigheamh, foghlaim agus fairsinge orra sin, atá sibh-se gan leabhar gan léigheamh oraibh. Is uasal leo sin a gcuid féin, ní uasal libh-se go galldacht. Bíonn misneach orra sin, mar bíonn muinghin aca as a muintir, atá sibh-se tar éis cúl bhúr gcinn do chasadh le clanna Gaedhil. Ní'l dada le maoidheamh agaibh as bhúr sinsear, mar níl aon aithne agaibh orra agus dá bhríg sin atá sibh gan neart gan náire, gan lúth gan láthair, gan fonn gan fuinneamh. "Adubhairt an Tighearna Dia, "Tabhair onóir dod' athair agus dod' mháthair ionnus go mbadh buan san tír thú." Thugabhair-se easonóir d' bhúr n-aithreachaibh agus d'bhúr máithreachaibh, agus dá chomhartha sin féin, is gairid go mbeidh an dúthaigh seo scriosta gan bhúr rian ná bhúr dtuar- aisc le faghbháil inte. "Atá bhúr n-intinn chómh dall sin agus bhúr n-aigne chómh caoch sin go bhfuil na ba sa choirce oraibh agus ní thugann sibh d'bhúr n-aire é. Atá scoil Shasanach in gach fód d'Éirinn ag deunamh Gall d'bhúr bpáistíbh agus atá an Ghaedhealg bhocht dá múchadh. Agus amhail is adhbhar dreóidhte don chorp go léir an neascóid cléibhe bhíos ag creim agus ag cognadh na n-ae istigh ag duine, go mbíonn an corp sin leighte 'na bhrath bhreun idir fuil agus feoil sa deireadh, is amhlaidh sin is cúis millte malluighthe agus is adhbhar uathbhásach aigncise do chlannaibh Gaedhil gach aon scoil shalach aca súd atá ag milleadh na Gaedhilge agus ag deunamh Gall agus geocach d'bhúr bpáistíbh. Atá meón bhreaghdha bhog Gaedhil orra anois, beidh gioch agus draid an t-Sasanaigh orra ar ball. Atá aghaidh agus ceannaighthe mar is dual
do Ghaedhealaibh orra anois, beidh gob orra chum gobaireachta agus soc orra chum socaireachta ar ball. "Thugas féin cuaird na Rinne an t-seachtmhain seo ghabh tharainn. Is ann atá an pobal is gile gleoidhte, is groidhe Gaedhlaighe dá bhfuil in Éirinn istigh. Is é an áit is oireamhnaighe é chum an sop do lasadh, chum dúthaigh Déise agus tír na h-Éireann le chéile do chur 'na luisne lasrach lá na scléipe. Ag gabháil thar an scoil dam do chuadhas isteach. Do bhí maighistreás scoile istigh ag múineadh Beurla dos na páistíbh. Aon Ghaedhealg ní mhúintear dóibh. Acht gearrchaile nó beirt ní bhfuighbhinn focal Gaedhilge do tharraingt le teud as duine nó deoraidhe dá raibh istigh. Shin iad muintear na h-Éireann agus scannradh a gcroidhe orra chum na Gaedhilge, agus a fhusacht do thuill- feadh gach aon leanbh sa Rinn ceud púnt sa bhliadhain ag múineadh na Gaedhilge dóibh, dá bhfuighbhidís féin eolus uirre sa scoil. Acht ní dheunadh sin an gnó. Ní'l dada i ndán dóibh, dá bhrígh sin, acht iad do sciobadh thar sáile go deo. Do bhí an bhean so ag sáthadh an Bheurla siar isteach 'na ngoile ag sna leanbhaíbh boga óga. Ó, siúd siar é is nára mó aniar é, agus gan trácht ar an nGaedhilg. Agus is iomdha bean agus fear múinte scoile nach í in Éirinn agus an cleas ceudna aca dhá dheunamh. Mo chreach! Is eadh is béas dóibh sin an croidhe mór Gaedhealach glan do bhaint amach as cabhail cléibhe bhúr leanbh agus croidhe cruaidh cnapánach cloiche an t-Sasanaigh do chur isteach in a áit. Tháinigh buile agus mearbhall intinne orm féin innsin agus do gheit an croidhe agam. Adubhart leis an bpobal in a dhiaidh sin, dá mbeadh acfuinn agus comhacht do réir méinne agus toile agam, im' reathachaibh, im chosaibh agus im cheathramhanaibh, go gcuirfinn
sprong fé bhonn na seoile sin agus go gcartfainn amach sa bhfairrge í. "A phobuil mo ghrinn-chroidhe, ar son Dia labhraidh an Ghaedhealg le nbhúr bpáistí. Labhraidh an Ghaedhealg leo agus cuiridh d'fhiachaibh orra sin freagra do thabhairt tré Ghaedhilg. Creididh uaim-se go bhfuil rath i ndiaidh na Gaedhilge. Atá sibh gan meas agaibh ar bhúr gcuid féin, soill- seochaidh an Ghaedhealg bhúr n-aineolas. Atá sibh gan báidh agaibh le sliocht bhúr sean-shinsir, ceanglóchaidh an Ghaedhealg gad ceangailte eadrainn agus an chuid is fearr, is uaisle agus is mó dhínn atá sa reilg. Ní'l meas agaibh ar bhéas de bhéasaibh ná ar chleachtadh dá gcleachtaidís Gaedhil, beuraidh an Ghaedhealg radharc do na súilibh dalla dúbha. Atáimíd gan leabhar gan léigheann orainn, is í an Ghaedhealg tobar an eoluis dúinn. Is breághdha uasal libh gach cleachtadh dá gcleachtaid Gaill, is í an Ghaedhealg mhúinfeas a mhalairt d'intinn díbh. Níl misneach in bhúr gcroidhe ná muinghin agaibh asaibh féineach, cuirfidh an Ghaedhealg gliocas in bhúr gceann, intleacht in bhúr n-inchinn, fuinneamh in bhúr bhféitheachaibh agus cabhair in bhúr gcnámhnaibh. "Beidh an Ghaedhealg againn arís agus beidh rath ar Éirinn. Beidh gaoth adtuaidh go stuamdha, beidh gaoth andeas go measardha, beidh gaoth anoir gan nimh léi, agus an ghaoth aniar go mín-tais. Beidh rath ar shíoltaibh, iasc i líontaibh, borradh ar bharradhaibh, agus croidhe mór lághach na nGaedheal ag gáire linn, agus gile gréine maille le grásta Dé ag tuitim orainn go léir ó na spéarthaibh anuas. "Acht, a phobail na n-ae istigh, cuimhnighidh ar an bhfocal is críoch dom ráidhtibh, ná faighfidhe a shárughadh, ar son Dia labhraidh an Ghaedhealg le nbhúr bpáistíbh. Agus i ndeireadh na scríbe, do
bhrígh a ndubhart agus tuilleadh ná deurad, abradh gach aoinne leis féin mar seo: "Gaedheal mise agus mise mo Ghaedheal, ní fearr d'fhear cách ioná mé. "Gaedheal mise agus mise mo Ghaedheal, ní chasfainn mo chúl le fearaibh an domhain. "Gaedheal mise agus ní thuigim gor náir dam é."
FEIS NA nDÉISE. (Dúngarbhán, 1910). "A Mhuintear na nDéise, Is mór é mo scanradh, mo sceimhle agus mo sceóin indiu acht is suarach agus is dearóil an glór is an guth agam. Acht, dá mbeadh acfuinn scartach is anála do réir an ghábhaidh agam, is mise do leigfinn scread is géim asam mar do bheadh tarbh ag aoibhill is ag búithreadh, mar do bheadh leomhan ag leadradh is ag creachadh; is me do leigfinn screuch asam go fonnmhar, do chloisfidhe ó Cheann Chréadáin go hInbhear na hEochaille agus ó Shléibh na mBan bhFionn go fairrge theas. Mar is amhlaidh atá sibh, a mhuin- tear na nDéise, 'n bhur spairt is 'n bhur spaid le neart trom-shuain chodalta, gan meabhair gan éirim agus an cogadh craorac dá chur. Ní mór díbh múscailt go mear, má's mian libh go mbuaidhfidhe an lá libh féin agus má's cás libh Gaedhil do dhul i ndísc. Má's creach libh bás agus buan-eug ag sciobadh agus ag scaipeadh an tsean-dhreama do mhair san dúthaigh seo, ó aimsir Ghaedhil Ghlais anuas agus dá dtángamar go léir, má's creach libh é, preabaidh in bhur suidhe anois do chosnamh agus do chabhair ar Ghaedhlaibh atá in achrann chruaidh agus i mbear- nainn bhaoghail, nó is gairid go mbeidh an tír seo gan a rian ná a dtuairisc uirre is beidh Éire gan greann gan sult go Lá an Luain. "Mo chreach is mo ghruaim! Cár imthigh na fir do bhí beo bríoghmhar seal i ndúthaigh Dhéise? Uí
Faoláin na slingeán ngléigeal, Crathaigh do bhí aibidh le claidheamh nó cleith, Brianaigh nár ghann fá bhiadh nó féile, Breathnaigh nár cheannaigh a n-anam ar mhéirliochas, Cathasaigh raibh maitheas is réim leo, Gearaltaigh groidhe ná claoidhfeadh ceudta, Paoraigh ná staonadh ón achrann, is gach rábaire rígh-ghlan do phleuscadh do phlabadh Sasanach an reamhar-chuirp is do bhaineadh geit as Gallaibh. Go ndéine Dia trócaire ar anman- aibh na marbh, do bhí fir seal innso againn agus is truaigh gan oighre 'na bhfarradh. Do bhí fir innso againn le linn Catha Cluana Tarbh do chur. Léightear 'san leabhar dárb ainm "Cogadh Gaedheal re Galla," gorab é ba thaoiseach Cúigidh Mumhan uile an lá sin, Mothla mac Domhnaill mhic Fhaoláin, Rí na nDéise. Agus lá ar n-a bhárach, nuair do bhítheas ag comhaireamh na gcorp agus ag cur na marbh, is amhlaidh fríth Mothla mac Domhnaill mhic Fhaoláin, Rí na nDéise, seac-mharbh sínte, a chlaidheamh 'na dhorn agus a aghaidh soir re a naimhde. Fríth ar lár Rí na nDéise, acht do briseadh an cath ar ghallaibh an lá sin agus do ruaigeadh thar lear go bráth iad. "Is amhlaidh doghnídís anallód na Gaill agus na Lochlannaigh nó na Danair, d'órduighidís righthe agus taoiseacha, maoir agus reachtaireadha i ngach aon tír agus i ngach aon tuaith agus do thógbhaidís an cíos ríoghdha. Ba é seo truime cána agus cíosa na nGall i n-Éirinn go coitcheann: - rí uatha ar gach tír agus taoiseach ar gach tuaith agus abb ar gach cill agus maor ar gach baile agus suartlach gacha tighe. Agus ní raibh i gcummus ag duine d'fhearaibh Éireann cead crúidhte a bhó acht an bainne do choimhead fá chomhair mhaoir nó reachtaire nó suartlaigh Gall. Agus, cidh aon ghamhainín amháin do bheadh ag gabháil leis an tigh, ní leomhthaí a crúdh do leanbh aon-oidhche nó do dhuine ghalair
acht an bainne do choimhead fá chomhair mhaoir nó reachtaire nó suartlaigh Gall. "Nuair d'imthigheadar sin, tháinigh Gaill is geocaigh anuas orrainn arís ba sheacht measa ioná iad. Atá truime cána is cíosa na nGall ar Éirinn arís. Atá rí ar an tír, taoiseach ar gach tuaith, atá abb ar gach cill agus maor ar gach baile agus suartlach gacha tighe. Acht atá dream eile is seacht míle measa ioná iad sin féin agus is iad sin na Gall-Ghaedhil. Sin an dream dárb dual is dárb dúthchas bheith Gaedhlach amhail sinne, acht is Gaill iad. Sin iad dream an díomais agus lucht na lathaighe agus aos éirghe-anáirde chuireas a gcuid clainne anonn go Sean-Shasna chum Gaill gan scaoileadh do dhéanamh dhíobh. Badh chóir sliocht Gaedhlach ar lorg Gaedheal, mar atá a shliocht féin ar gach aon dream is cineadh fá'n ghréin. Acht ní dheunadh sin an gnó; óir ní h-áil le Gaedheala ar a sliocht feasda acht béiceachánuidhthe agus bandún- uidhthe agus dosairí agus breasairí agus dailtíní gallda. Nach sona an sompla do shean-shliocht na nDéise é sin? Nach cruaidh an cás talamh torthach na hÉireann do bheith ag tabhairt prátadha do n-a leithéidíbh? "Cár ghabhadar na séimh-fhir ba bhárr breaghdha bríoghmhar agus ba thoradh teann téagarach na nDéise do ghoill ar Ghallaibh is Lochlannachaibh in aimsir Bhriain Bhóroimhe mic Cheinnéidigh, dá ndíbirt go dubh agus dá ruagadh tar sáile go deoidh? An amhlaidh go bhfuil imtheacht gan casadh ar thogha na bhfear agus ná fuil orainn anois acht na clabhráin agus na criotháin? Ná fuil faghairt orainne agus fuinneamh 'nár ngeugaibh, ná fuil reathacha agus ceáthramhna againn chomh maith leo sin? Ní gábhadh dhúinne arm ná faobhar ná culaidh chruaidh-eudaigh chatha
do ghabháil umainn, ní gábhadh dhúinn cogadh ná bruighean do chur i bhfeidhm. Ní hiarrtar orainn acht aon ní amháin, sé sin an Ghaedhealg do labhairt le n-ár bpáisdí agus a chur d'fhiachaibh orra sin freagra do thabhairt orainn as Gaedhilg. "Ba dhóigh libh gor bhreaghdha binn blasda an ní é an Beurla. Creididh uaim-se gorab binne, agus gorab breaghdha naoi n-uaire an Ghaedhealg. "Ba dhoigh libh go raibh eolus is leabhair is léigheann ag gabháil leis an mBeurla agus is amhlaidh atá sibh báidhte múchta in ainbhfios tar éis bhúr ndíchill. "Ba dhóigh libh go raibh maoin is maitheas, díol is ceannach, earraidhe is saidhbhreas an tsaoghail agus beatha gan roint is an Bheurla agus thugabhar dícheall ceud go leith bliadhan d'iarraidh Gaill do dhéanamh dhíbh féin, agus anois do bhárr bhúr saothair atá sibh i dtaobh le tráithníní mar dhíol is ceannach is adhbhar is earraidhe agus bhúr mbuachaillí breaghdha agus bhúr ngearrchailí gleóidhte ag triall thar sáile gach lá go deoidh uaibh. Agus nach orra sin atá imtheacht gan casadh. Is gairid go mbeidh Éire folamh gan inte acht fiadhaile, flich is feochadáin agus Giúdaigh, Albanaigh is Sasanaigh ag cur lúthgháir agus fáilte roimh a chéile, 'cheann gor imthigh na Gaedhil agus go raibh bun le clanna Mílidh agus deireadh le tír na hÉireann. "Badh chóir sinn do bheith mar gach cineul agus cineadh ar domhan. Is amhlaidh bhíd siúd, ar lorg a sean agus a sinsir. Agus más é is cuid dá saoghal leo sin gach ní dá dtáinigh anuas chucha ón tsean-aimsir, is é badh chóir go mbadh creach linne gach aon ní do bhaineadh le n-ár sinsear Gaedheal. Mar ní'l féith 'nár gcroidhthibh, ní'l braon fola i gcuislinn linn,
ná smior i gcnáimh, ná inchinn i gcloigeann linn, nach ó Ghaedhlaibh do fáisceadh agus ó mhuintir labhartha na Gaedhilge ar an dá thaoibh dá dtán- gamar. Má's Gaedhlach an corp atá orm, is cóir dom anam bheith Gaedhlach mar an gceudna agus innsin badh Ghaedhlach an duine go hiomlán idir corp agus anam me."
CLOICHÍN AN MHARGAIBH. "A Phobuil Chloichín, "Atá sean-bháidh agam le muintir Chloichín 'cheann gor ón áit seo d'Eibhlín Ní Chaisín, dom mháthair bhoicht féin. B'shin í an bhean bhreaghdha Ghaedhealach, bean an chroidhe mhóir, bean raibh Dia is daoine buidheach dá gníomharthaibh, bean déirceach deagh- chroidheach raibh idir bocht is nocht na dúithche 'na slóightibh ag siubhal na sráide lá a sochraide ag guidhe flaitheas na naomh dá h-anam. Bean gan gothaidhe acht í Gaedhealach glan-rúnach, bean gan eirghe-ináirde, mar dob' é ba shean-fhocal aici i gcomhnaidhe, "ísligh do cheann," adeireadh sí, "agus árdóchaidh Dia é." Bean raibh eagla Dé uirre, bean raibh gradam agus cion na gcomh- arsan le chéile uirre, bean raibh grádh aici don chineadh daonda ar fad. "Ba scarmhaint croidhe le cliabh, scarmhaint mo mháthar liom-sa. Níor ghabhas thar tairsigh an doruis riamh gan í do chur fíor-chaoin fáilte romham. "Sé do bheatha a bhaile," adeireadh sí agus a croidhe ag gáire. Ní tháinigh in Éirinn le fad d'aimsir a leithéid do mháthair, beidh sé an fhaid eile sara n-imtheóchaidh a leithéid aisti. B'shin í mo mháthair-se agus cárbh ' iongnadh mé dá gcaoinfinn le buile bróin í? Trócaire go ndéine Rí na dtrí muintear uirre, go dtuga Sé sonus síorruidhe dá h-anam bocht ar fhaithche na bhflaitheas ós comhair na Trionóide tré bhithu na beatha. Amen. "Do thál sise ormsa an Ghaedhealg bhog bhreaghdha bhlasta mar an t-uachtar ó n-a croidhe amach, agus
nach ait an sceul é go bhfuilim-se ag teacht thar n-ais chughaibh go dtí an áit seo as a dtáinigh sí, chum a thabhairt oraibh-se, chum a iarraidh oraibh-se ar son Dia, an Ghaedhealg do labhairt le n-bhúr bpáisdí. "Atá seanchus beag ag baint le díochur agus le díbirt na Gaedhilge a tír na hÉireann agus ag so dhíbh é. Nuair do bhuaidh orainn Crommell fa dheireadh thiar agus nuair do chuir sé leis is cruit orainn le greadadh claidhimh agus le tóiteán teineadh, agus nuair dob'éigean do chlannaibh cráidhte Gaedhil teicheadh le n-a n-anmanna fa sna sléibht amach, agus nuair do bhíomar gan scoil gan léigheann ar feadh ceud bliadhain agus nuair do chonnacamar poimp is taidhbhse, magadh is meidhir, neart is comhacht is uachtar láimhe ag síolrach an t-Sasanaigh, agus culaidhthe bhreaghdha eudaigh síoda agus sróil orra, do bhain mearbhall agus seachrán intinne dhúinn innsin i dtaobh an Bheurla agus na Gaedhilge. Ní raibh dada ag an Ghaedheal bhocht ar a chreatalach anuas an uair cheudna acht leadhb an t-sean-bhríste agus pleidhc an t-sean-cháibín, sean-bhróga ath-chaithte fá n-a bhonn, sean-bhest bhán ar a dhrom, súgáin fá n-a luirgníbh agus ba mhinic sin righin-chórda caol cnáibe fá'n mhuineul aige. Nuair do bhíodar caithte cráidhte innsin, do chailleadar an meas badh chóir dhóibh bheith acu ar a gcuid féin agus thugadar taithniomh don Ghalldacht. Ba bhreaghdha leo gach aon rud Gallda agus ba shuarach leo an rud Gaedhealach. Ba bhreaghdha leo an Beurla agus ba shuarach leo an Ghaedhealg. Acht ná cuiridh ró-dhian in a leith ag sna daoinibh bochta é. Ní leigfidhe dhóibh aon fhoghluim d'fhaghbháil. Do bhíodar ceud bliadhain gan scoil gan múineadh agus do bhí rabhartaí dorcha an dítheolais ag brúchtghail fútha. Do mhúchadar an Ghaedhealg innsin cé
gor bhfada ghá labhairt i dtalamh an ghrinn í. Do mhúchadar í, ní labharfaidís acht Beurla le n-a bpáisdí. Adubhradar leo "cuiridh drom láimhe le clanna Gaedhil, agus bídh nbhúr Sasanaigh gan sult gan subhachus go deoidh arís." Sin é an mearbhall agus an dearmhad agus an dul amugha do chuir an drantán agus an draid agus an diuc orainn an t-slighe sin, mara gcasa Dia an Ghaedhealg orainn go mear, go mbeidh an an phreiceall sin orainn go Lá an Luain. "Dorighneabhar dearmhad in a dó nó a trí do neithibh agus badh mhaith liom iad sin do theasbánadh díbh. "1. Ba dhóigh libhse agus is dóigh le cuid agaibh fós gor fearr do theangaidh an Beurla ioná an Ghaedhealg. Nára slán an comórtas an Ghaedhealg agus an Beurla. Ní hé amháin gor bhuaidh an Ghaedhealg ar Bheurla acht do bhuaidh sí ar gach aon teangaidh eile ar domhan. Ní'l aon teanga is dual do Ghaedheal acht í, ní'l aon teanga is binne blasda, is snoighte sleamhaine ioná í, is í ag teacht 'na slaodaibh gach fairsinge féile, mar do bheadh tuile na h-abhann le fánaidh. Sí an teanga í is gáir an t-sinsir ag glaodhach orainn agus nach cóir do gach féith is cuislinn ionainn, gach cnámh is alt ionainn, bheith 'na sceimhle reatha fa thuairim na geoine sin. "11. Is dóigh libhse ná fuil léigheann ná leabhar ag gabháil leis an nGaedhilg. Nach oraibh atá an mearbhall buile? Ní fhacabhair riamh sluagh geal gléigeal sean-leabhar na hÉireann, agus sibhse dá rádh ná fuil leabhar ná léigheann sa Ghaedhilg. Cuireann sin i gcuimhne dham an ní adubhairt an fear leis an ngrabaire do bhí ag cur cainte as lá sa chúinne. "A ghormaire an t-súgha," ar sé sin, "nár fhág riamh an chúil, ní fhaca tu Q ná CÁ." Bhí léigheann is foghluim is smacht orainn
nuair do bhí an Ghaedhealg againn dá labhairt innso, atáimid anois gan fios gan eolus, gan leabhar gan léigheann. "111. Ba dhóigh libh go mbeadh díol is ceannach, maoin is maitheas dá uaisle dá fhairsinge ag tuitim oraibh anuas nuair do bheadh an Beurla agaibh. Agus thugabhair ceud bliadhain fada ag díbirt na Gaedhilge agus do bhí taith- niomh bhúr dhá súla sa Bheurla. Atá an Beurla agaibh anois agus atá sibh i dtaobh le tráithníní d'ol-mhaitheas agus atá an long mhór fhada d'bhúr dtrághchaint gach lá sa bhliadhain sa Chóbh innso theas. Do chuireabhair uaibh an Ghaedhealg agus ar imtheacht di rug sí léi ar bhain léi. D'imthigh léi an rath saoghalta, d'imthigh an brigh, d'imthigh an misneach, d'imthigh an meas is an muinghin badh cheart díbh bheith agaibh asaibh féin, agus anois atá gorta in Éirinn agus an t-uisge bodhar ag plub- ghail in bhúr sean-bhrógaibh. "Atá an cineul nó an mhuintear do réir na teangadh. Má' í an Ghaedhealg is teanga dam is Gaedheal me, má's Beurla atá agam is Gall me. Ní'l aon Ghaedhealg ag bhur gclainn agus atá a rian sin orra. Feuchaidh ar bhúr mbuachaillíbh agus na brístí bandúin orra. Gioch agus feirc orra, iad ag brasaireacht an Bheurla, deócán tobac in a mbeul agus croidhe beag feoidhte gan oiread gráinne choirce ann istigh ionta. "Feuchaidh ar bhúr ngearrchailíbh, badh chóir a bheith go breaghdha bog Gaedhealach, iad 'na ngleacaidhibh agus 'na nglingínibh gan do ghráin orra acht an Ghaedhealg, an t-accent ar an bpus acu agus eirghe-ináirde fuar follamh ag séideadh fútha. Shin a bhfuil agaibh do thoradh bhúr saothair. "Mhaiseadh, cuiridh uaibh an drabhfuigheall agus an díth-céille agus bídh mar gach aon dream eile ar domhan. Bíodh bhúr dteanga féin agaibh agus
bídh Gaedhealach gasta, díreach mar do bíodh bhúr seacht gceud sinsear d'imthigh romhaibh. Creididh mise go bhfuil sibh d'bhúr mealladh féin, ag seunadh bhúr ndúthchais dhílis féin nó ag cur drom láimhe leis chum aithris do dheunamh ar bhacachaibh agus ar gheocachaibh an tsaoghail. Sibhse ag feuchaint anonn ar Londun agus glóire is féile na bhfear ba ghrádhmhar groidhe taobh thiar díbh sa reilg. Sibhse ag bladaireacht an Bheurla bhréin agus gan do ghile gréine agaibh acht an Ghaedhealg."
ATH-ADHNACAL AN ATHAR UÍ GHRAMHNA. "A Thaoisigh na nGaedheal, a fhir an tighe agus a dhream de mhuinntir na h-Éireann, atáim buidheach díbh fá'n fhíor-chaoin fhairsing fáilte do chuireabhair roimh na daoinibh tháinigh an méid sin slighidh le taisidhe an mhairbh, an uasal-shagairt de mhuintir Ghramhna, agus ní h-é amháin rómpa sin acht roimh na cnámhaibh thugadar leó. Dob' fhada aniar thángadar, ó chúl an domhain agus an corpán leó, dá chur i reilg Mhaighe Nuadhad innso thiar. Is ann atá an t-uasal-shagart, is ann bheidh a eiseirghe. "Is fada siar ó adubhradh ceudamas, agus is deacair na seanráidhte do shárughadh, "gor sona agus gor beannuighthe an rud é bás d'fhaghbháil ar son an talaimh dhuthchais." Agus má's fíor sin, fuair sé sin bás naomhtha, mar thug sé a rae ghairid ibhfus i seirbhís a thalaimh dhúthchais, tír na h-Éireann, agus do chuaidh d'eugaibh mar gheall ar an ró-ghean agus an ró-chion do bhí aige uirre. Ba mhaith leis sin a chineadh féin do bheith ar lorg a shean agus a shinsir, go bhfuair bás do dhruim an ró-dhíchill do righne d'iarraidh sinn go léir do chur ar ár leas. Ba shompla dhúinne a bhás agus a bheatha, mar ní'l aon dream ná cineadh ar thalamh thirm an domhain, agus ní raibh aon am riamh agus an méid ceudta bliadhan do chuir an cineadh daonda thórsta ó thosach na saoghal go dtáinigh an lá indiu, ní raibh aon drong díobh sin nár mheasa leo a gcuid féin ioná cuid aon
druinge eile, agus ná raibh ullamh réidh i gcomh- nuidhe dul d'eugaibh chum a gcuid féin do chosnamh ar aon namhaid nó coigcríoch dá dtagadh thar teorainn orra. Agus is amhlaidh sin do bhí an sagart sár-uasal, Eoghan Ó Gramhna. "Aon dream daoine bhfuil a dteanga féin aca agus atá, diaidh i ndiaidh, glún ar ghlúin ar lorg a sean agus a sinsir agus, dá bhrígh sin, atá 'na náisiún fá leith ionta féin, is cóir dóibh sin bheith ar a n-ádhbhar féin agus gan leigint d'aon dream eile cur isteach ná amach orra. B'amhlaidh sin do gach aon náisiún dá shórt riamh, ba thúisce leo eug ioná annsmacht aon druinge eile. Agus atá ní eile, do bhíodh meas thar bárr aca ar gach aon rud tháinigh anuas chucha ó n-a sinsear féin, agus ba leór leo mar chomhartha ceana ar aon rud a theacht anuas chucha amhlaidh; ba mheasa leo gach a dtiocfadh fó'n ionnus sin ioná an ní dob'fhearr is dob'uaisle dá dtiocfadh thar lear i leith chucha. "Agus má's amhlaidh atá agus do bhí an cineadh daonda riamh anall, atá aon chineul amháin ag cur 'na aghaidh agus 'na choinne sin anois, agus is náir liom a innsint gorab iad sin muintear na h-Éireann; mar ní'l rud ar domhan badh lugha orra sin ioná gach ní dá dtáinigh chucha anuas ó sna sean-daoinibh. Na neithe a dtugaidís fir an domhain fuil a gcroidhe go toiltheannach dá saoradh agus d'á gcosnamh ar dhearg-namhaid, amhail dorighne na buachaillí gleoidhte in Aifric Theas, sin iad na neithe is suaraighe agus is lugha meas ag Clannaibh Gaedheal. "Cadé an díoghbháil dá mbadh é badh dháil dúinn gan dada le teasbáint againn ná pioc le maoidh- eamh againn asan tsinsear nó as aon rud do bhain leó. Dar go deimhin nach amhlaidh atá, mar ná raibh dream dob'uaisle ioná an sinsear ó
dtángamar. Ní'l aon teanga is breaghdha blasda, is binne bríoghmhaire, is cruinne ciallmhaire ioná an Ghaedhealg chian-aosta so againne. Níl cnuasach leabhar ag druing dá mhéid, do bhuaidh- feadh ar shluagh bán sean-leabhar na hÉireann. Ní'l, acht feuch mar atáthar againn. Na scoláirí is aoirde agus is léigheanda ar domhan ag caitheamh an lae gon-a oidhche d'iarraidh na sean-leabhar sin do scrúdughadh agus do léigheamh agus do thuiscint, agus sinne atá ar shliocht agus ar lorg dhíreach na bhfear do scríobh iad agus gan fios againn a bhfuil a leithéidí ann nó as. "Atá ceól againn rug buaidh ar a bhfuil ann do cheólaibh an domhain, agus ní shásóchadh dada sibh-se acht gliogar gránda an phíanó. Gearrchailí Gaedhealacha dá sáthadh isteach 'sa gclochar nó anonn go Sean-Shasana chum an smacht agus an stiúir dob' uaisle do chur orra agus iad ag casadh abhaile agaibh agus ag bualadh isteach an dorus chughaibh 'na nglingínibh gallda gan sult gan subhachas. Gach sláimín aca badh chóir bheith lághach agus an croidhe mór aca amhail is dual do Ghaedhealaibh, is amhlaidh bhíd acht gob orra chum gobaireachta agus soc orra chum socaireachta. Nach suairc an sompla díbh-se an méid sin, a mhuintear Bhaile Átha Cliath? "Bíodh an Ghaedhealg dá cleachtadh istigh is amuigh agaibh, agus tiocfaidh gach aon ní badh riachtanach chughainn agus rath Dé 'na bhun. Bíodh meas agaibh oraibh féin agus ar bhúr sinsear agus beidh gáire in áit na preicle orainn feasda. Is ar ghrádh dá shinsear agus do Thír na h-Éireann fuair Eoghan Ó Gramhnai bás. Cuimhnighidh air agus guidhidh ar a anam. "Go ndéine Dia trócaire air agus go dtuga Sé isteach é 'na chúirt ghléigil ghlórmhair féin, áit a mbeidh sé ós comhair naomh agus ban-naomh an
domhain, ós comhair naomh agus ban-naomh na h-Éireann, ós comhair Mhuire Máthar agus Ríogh an Domhnaigh, ós comhair na Tríonóide ró-naomhtha, ró-ghlórmhaire, an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag caitheamh na síorruidheachta sona.
AGALLAMH PHORTCHLÁDHAIGH. ""Dá siubhlóchainn Éire 'na fódaibh caola, is i bPortchládhach féineach badh mheabhair liom suidhe." "Seán Ruadh adubhairt an méid sin ag déanamh amhráin dá chuid filidheachta dhó uair éigin. Agus b'fhíor dó sin. Agus b'fhíor damh-sa é, dá mba ní é gor mise adubhairt. Óir dá siubhlóchainn an domhan mór, an domhan thiar agus an domhan thoir le chéile, badh mheabhair, badh mheidhir, badh mhian liom teacht tharn-ais agus casadh fa dheoidh arís ar an gceanntar bheag shuairc sin is dual dom féin óm sheacht gceud sean-shinsear d'imthigh romham. Agus thar a bhfuil d'áiteannaibh in Éirinn istigh 'na bhfuaras féin greann agus sult, ní'l áit díobh sin badh nádúrtha, badh thaithniomhaighe, badh laighche liom 'ná sráid Phort- chládhaigh a bhfuileam go léir anois ann, buidheachas le Dia. Agus má's greann le Seán Ruadh suidhe ann istigh, is greann liom-sa. Agus cia gor iomdha áit do chonnac agus gor iomdha cineul daoine do chuireas tharm, agus gor iomdha bóthairín cumhag caol cluthmhar, agus crosairín cheithre sligheadh do ghabhas, b'fhearr liom anois mo luirgne do bhreacadh le spóirsigh mhóir theineadh agus le gríosaigh an aitinn 'ná a bhfuighbhinn do thaithniomh i gcúirt an ríogh. "B'ait liom dá mbeidís ann na seandaoine agus an croidhe mór bog i lár gach duine ag gáire liom, seachas na dranairí dreoidhte, agus na pusacháin preicleacha, agus na falmairí fuara fallsa atá ag imtheacht anois; agus na gearrchailí giodamacha
geanncacha, gan dada ag rith fútha acht gothaidhe na nGall ngallda agus gleacaidheacht agus ladamhus. Ní'l aon gharsún ag siubhal an bhóthair anois nach leath-dhuine-uasailín é agus bríste bandúin air anáirde. Adeirim-se duine- uasal leo. Bíonn iongantas oraibh-se an droch-aimsear agus an doineann do bheith ag fearthainn orainn agus na prátaí ag dubhchant. Nach liom-sa nach iongantas an méid sin? "Mhaiseadh, cadé an droch-fhuadar sin fúibh nó cadé an mearbhall intinne do bhain díbh, a mhuintear Phortchládhaigh, agus a rádh go bhfuil a leithéid sin de sceul agaibh? Feuch! Teigheann laogh le bólacht, banbh le muclach, searrach le graigh, coileán le conairt, agus gach síolradh amhlaidh leis an gcineul ó dtáinigh. Teigheann. Acht cadé an bun-os-cionn so ar sháir-shliocht mhogaill Mhílidh, nach leis an gcineadh ór chinneadar a theigheann a síolrach indiu acht leis an gcineadh d'fhúig fann gan feidhm iad? Do bhídís leanbhaí leathan-láidre Gaedhealacha do shliocht orra, glún ar ghlúin, ó aimsir Ghaedhil Ghlais anuas. Céard fá nár chinn uatha anois le scathamh acht súgh na mbacach agus síol na ngeocach? Obhoch! atá an t-eirighe-ináirde d'bhúr ndalladh, d'bhúr milleadh, d'bhúr gcreachadh, agus Éire gan sult. "Inneosad díbh-se cad do bhain díbh. Do bhain aineolus agus díth-céille; do bhain ainbhfios gan foghlaim gan múineadh. Do cuireadh an dubh 'na gheal oraibh, an tslighe ná raibh meas madra agaibh ar aon rud ba dhual agus ba dhúthchas díbh, acht sibh ag leanamhaint do chleachtaibh Gall is gaillseach. Aon ní dá dtiocfadh anuas chughaibh óna sean-daoinibh, ba bhreun ba dhreoidhte libh é. Aon ní dá dtiocfadh chughaibh thar lear anall ó na coigcríochaibh, do chuirfeadh sibh-se mian bhúr dhá súl ann. Ba dhóigh libh-se, na sean-daoine
ar dhíobh dúinn go léir agus ó dtángamar, ná raibh ionnta súd acht bitheamhnaigh nó amadáin agus go raibh gile gréine ag taithniomh ar mhuintir Shean-Shasna. Ní'l aon dream daoine, lucht, nó pobal, fá chúrsa na gréine nach measa leo a gcuid féin 'ná rud do bhainfeadh le h-aon chineul eile daoine, agus ní dhearmhadaid a dteanga féin do bheith aca thar chách. Bun-os-cionn leis sin atá sibh-se. Do scaoileabhair uaibh an Ghaedhealg agus is innsin do thuit an lug ar an lag agaibh agus do dhruideabhair le fánaidh síos. Aoinne do labharfadh an Ghaedhealg, spailpín ba eadh é. Adeirim-se libh-se gorb iad na spailpíní an dream is uaisle anois orainn."
AGALLAMH TIONSCNAIMH CUMAINN. "A fhuireann fhial ionruic, is dual do réir ghnáth-chleacht na h-aoise seo, na daoine d'agallamh le linn a gceud-chruinnighthe um gnó ar bith, ag mionughadh gleus agus ag cur suim infheadhma in iúl dóibh agus, ar an adhbhar sin, leanfad do'n chor so ag craobhscaoileadh ár rúin i dtaobh teangadh na nGaedheal agus réime an chumainn atá beartuighthe againn a chur ar bun le h-aghaidh cabhruighthe léi. Ar dtús atá cion agus meas agaibh uile ar an nGaedhilg, mar is follus d'aon neach do-chidhfeadh sibh do láthair fa'n inneall so indiu agus, dá bhrigh sin, atá an chuid is mó dár n-obair deunta cheana .i. saothar dian aigne agus intleachta ar aon leith, le' suidheochainn gor tairbheach torthamhail do dhuine bheith ag foghluim na Gaedhilge agus bhur saothar-sa do'n leith thall ag iarraidh grádh do'n teangaidh do ghríosadh in bhur gcroidhthibh ó chumhacht m'úrlabhra-sa amháin, dá mbadh é badh dháil díbh ná tug sibh searc di fadó, iar rochtain bliadhanta na tuigsiona agus na céille dhíbh. Mar sin, ó atáimíd ar aon intinn i dtaobh maitheasa ár dteangadh agus rún daingean a leasuighthe againn, is leor dúinn anois breath- nughadh mór-thimchioll, ionnus go mbeirmís do roghain an tslighe is fearr agus is ionchuir i bhfeidhm chum go bhfeudaimís ár rún do rochtain. Is é an módh agus an tslighe is fearr agus is inleanta do'n druing ag a bhfuil obair re bros- tughadh bhaineas le mór-tháinte agus, dá réir sin, sháruigheas cumhacht agus cumas duine 'na aonar .i. comhchumann ar n-a dhlúith-cheangal le cuing-
chuibhreach an chúraim choitchinn. Fa'n am so, iomorra, mar is léir don té chuartuigheas réim gréasach na beatha, ní lámhann daoine gnó choimh- leathan choithcheann ar domhan do thionscnamh, gan congnamh lán-chabharthach luchta d'ár céard í d'fhagbháil agus iad do chruinniughadh i dteannta a chéile, go beith torthamhail dá saothar agus fuinneamhach foirbhthe dá gcuid innmhe. Mar an gceudna dúinne, is é dleághar dúinn, tionóladh i gceann a chéile ag súil le n-ár n-obair do shaothrughadh chomh maith leo sin. Ar an adhbhar sin, ní h-iongnadh sinne do thuidheacht amhail do righneamar ar an láthair so, d'fhonn cabhair do thabhairt do'n Ghaedhilg ins an ghábhadh atá anois ag bagairt uirre, óir is dúinn is dúthchas grádh do bheith againn do bhinn-ghlór bheo-bhuan na bhfear bhfial thug beatha dúinn .i. sean-áitightheoirí na hÉireann ó'r chinneamar. Ba ghnáth, tra, iad sin ag cleachtadh na Gaedhilge agus sinne a bhfuil a gcuid fola sin 'nár bhféithibh agus dár chóir a ngrádh agus a bpáirt do bheith 'nár gcroithdhibh, an náir dúinn aithri do dheunamh ar a dtréithibh, nó ná foghnann a dteanga sin dúinn iar n-ár ngeineamhain mar atáimíd uatha? Tar gach ní dá ndubhras, atá fós d'fhiachaibh orainne go sonradhach an Ghaedhealg do chothughadh. Le congnamh Dé, maille le h-eadarghuidhe A Mháthar, is sagart-dhamhna gach neach againn agus go bhfios dam agus do gach nduine ar cheana, mar thaobhaid muintear na hÉireann leis na h-aoghairíbh spioradálta atáid dá seoladh go dúthrachtach do chum glóire na beatha suthaine, go ngiallaid dóibh i ngach slighe dá dhócamhlacht agus dá dheacracht í in aghaidh a mian agus a dtol. Is follus fós go ngrádhaid ár ndaoine a sagairt agus go h-áirithe antan labhraid leo ag á dteagosc agus ag á stiúradh 'san teangaidh sin rug searc a gcliabh
léi. Tuille eile, ní rún d'fhear machtnuighthe raon gluaiseachta an tsaoghail so againne anois acht gor beo agus gor daingne i bhfad creideamh na druinge sin bhfuil an Ghaedhealg mar chanamhain aca fós ioná creideamh lucht leanta nuadh-bheus na nGall go n-a gcreideamh leamh leisceach sin, mar is gnáth ag sliocht Lúther ghránda agus Chailbhin chraosaigh i ngach leith do'n domhan dár síneadh a síolrach; óir claochluighthear a gcreideamh do'n aicme urchóidigh sin cheanglas dlúth-mhuin- teardhas leo, iar dtabhairt faillighe agus mí- chuimhne 'na n-Eaglais ndílis féin. As so is so-fheicsithe go dtéid i sochar dár gcreideamh gach mion-bhlódh saothair dá ndeinmíd ag cabhrughadh leis an nGaedhilg. Ó's ag tnúth le comhchumann do thionsnamh atáimíd, is mithid dúinn a iarfaighe cad is comh- chumann ann agus an obair agus an ghné oibre is oircheas dúinn a ghnóthúghadh. Im thuairm-se, is é is comhchumann i bhfeidhil na Gaedhilge, tionól coimhlíonta dá grádhuightheoiríbh bhíos cruinnighthe agus aon intinn aca sochar do dheunamh di. Dála na h-oibre, is deacair a réim do thomhas agus a rian do réidheachadh go beacht i bhfoclaibh fuara cainte. Measaim-se, ar scrúdadh na n-inneall dam, nach cóir dúinn ár suim go léir do chur 'san teangaidh gan bacaint ar aon chor le neithe leath-is-amuigh di, acht d'réir mo bharamhla-sa is eadh is indheunta dúinn, gach aon rud bhaineas re Gaedhilg do thabhairt fa ndeara, ionnus go ndeinimís oireamhaint do gach neach d'ár lucht congnta ar a bhfuil sí fós dá ríribh in ainbhfios. Óir, má cheangailtear duine go docht d'obair nach feud a sárughadh ná a tuigsin, ní dheunaidh dada d'áird; gidheadh, má thugtar neithe nach lingid tar a gcumas re foghnamh d'ár muintir nár fhoghluim an teanga fós, is móide
chuirfear i bhfeidhm an brigh atá ionta, agus mar sin beidh spéis againn 'nár ngnó agus sásóchthar sinn go léir. Taobh amuigh de'n teangaidh, gidh ar n-a mbuain léi, atá seanchus agus stáir aimsear n-imchian, beatha ár naomh nÉireannach, aiceachta ar dhinn- seanchas, ar shliocht agus geinealachaibh ár gcinidh, ar chanamhain speisialta thall 's ibhfus, ar shean- chaisleánaibh, ar shean-thobairibh coisreactha, ar gach rud, agus é sin fa gach gné do bhí ar n-a shealbhughadh ag ár n-aithreachaibh agus gor ionmhuin linn é tar a chionn sin. Is féidir páipéir do scríobhadh ar na h-adhbharaibh sin i mBeurla gan toirmeasc ar bith do theagmháil d'ár ngnó dílis. Go neartuighidh Dia ár lámha, ionnus go dtroidimís go lán-chalma dúthrachtach ar son spioraide agus teangadh ár sinsir, mar atáid araon anois i gcomhair a múchta i ndubh-aigéin dhorcha dhearóil na ngall-bheus ngránda, agus go bhfeicimíd-ne go huile an Ghaedhealg bhinn- bhlasda shár-mhilis ársaidh fa mheas agus mór- réim fós i n-Éirinn."
DO SHEODAIBH NA SEAN. Is é is Seod ann, gach ní mór-luach dá mbeadh ag duine agus is iad is SIN ann, na sean-daoine ó dtángamar. Is iad is SEODA NA SEAN agam dá réir sin, gach cáilidheacht do bhí i n-ár sinsear Gaedheal idir corp is anam. Atá gnás ag gabháil leis an gcineadh daonda, gor measa le gach treibh an dúthchas atá ionta féin ó n-a sinsear iona dúthchas aon treibhe eile ar domhan agus bíonn do mhéid a ngean dó súd gor chumma leo a mbeo ná a marbh acht é do chosnamh. Bíodh a dheimhniughadh sin ar ar cuireadh do chogthaibh riamh agus go h-áirighthe ar an gcogadh atáthar do chur in Oirthear Eorpa anois. B'fhada dhúinne ár nGaedhlaibh ar aon intinn le fearaibh an domhain is an ní seo agus ní hé amháin go dtángamar leo ann acht go ndeachamar céim thórsta ag tabhairt dian-ghrádha díochra do chuid an tsinsir. Fuil a chroidhe 'na chléibh do bheuradh an Gaedheal le lán-toil riamh uaidh ar an ní Gaedhlach do chosnamh. Agus cé gorb iomdha creach d'imthigh orainn le míle bliadhain anois agus gorab euchtach an scrios tugadh orainn tré neart Gall is Danar, níor lughaide ár mbáidh leis an sean-rud Gaedhlach é sin go léir agus níor gaibh leisce de sinn ag fulang báis tar a cheann. Ní'l iarsma catha na fuighleach foiréigin d'ár fhágaibh an mí-ádh againn mar ualach all- mhurach orainn anuas, ó aimsir na gceud eachtranach ráinigh Éire go sliocht sleachta Oiliféir Chrummaill anall, ná deárnamar Gaedhil díobh ó mhaoil go talamh. Agus ba é sin a mhéid thugamar gean is taithneamh do cháilidheacht, d'fholaidheacht, do mhéinn agus do dhúthchas Gaedheal, am dá rabhamar.
Acht tháinigh lá eile orainn agus ba lá creach thar creach Lae Brátha an lá sin do Ghaedhlaibh. Ba é a dhéine agus a luas do scaramar leis an ní Gaedhlach, gombadh dhóigh leat go loiscfeadh ar an gcroiceann againn dá mbainimís leis. Is innsin do chasamar cúl le sean-dhream na hÉireann do bhí in gach reilg dá bhfuil ar fuaid na dúithche, agus thugamar aghaidh ar choigcríocha agus ar Ghalla le dúthracht croidhe agus le taith- neamh súl. Do cheileamar ar na leanbhaí óga fios a gcinidh féin agus fios na bhfear ngroidhe ó dtángadar; agus ní raibh cuimhneamh ná aithne aca ar aoinneach do ghaibh riamh rómpa acht díreach mar gorab anuas ó sna spéarthaibh do thuitfidís. D'fhágamar gan fios a gcinidh aca iad agus gan dóchas go mbeadh orra sliocht Gaedheal go deoidh acht sliocht Sasanach. Óir, bíonn an dúthchas do réir na teangadh. Má's Gaedhealg í do theanga, is cumma can as t'fholaidheacht, is Gaedheal tú, óir do ceangaladh tré chuibhreach céille is aignidh is méinne is meabhrach do gach Gaedheal dar ghaibh riamh romhat tú. Acht má's Beurla í do theanga is Sasanach idir anam is corp, idir smior is scartacha tú, mar nach Gaedhlach an cuibhreach atá fá chabhail t'anama acht cuibhreach agus cruaidh- cheangal na gcoigcríoch. B'iad lucht na mbailte mór thug an fhoghail seo ar Éirinn an cheud lá riamh agus is iad atá dá dheunamh i gcomhnuidhe. Agus is é fa ndear é sin acht gorab iad Gaill is Lochlannaigh do righne bailte móra ar dtús in Éirinn augs, mar gorab ar chuan nó cois fairrge is gnáthaighe do ghníthí bailte móra, is ionta is mó do-ghníodh gach coigcríoch comhnuidhe dá séideadh gaoth anoir chughainn, gorab amhlaidh do lean sé díobh do bheus bheith 'na gcoigcríochaibh ó shoin ille. Agus mar go bhfuil sé do mhallacht ar lucht áitreabhtha
bailte mór gan sliocht do bheith orra acht gus an treas glúin uatha amach, uime sin do raghadh baile mór ar ceal coitcheann nuair do bheadh sé tar éis an treas glún sin do thabhairt, muna bheadh go dtagann lucht tuaithe i gcabhair air, dá líonadh arís. Dá bhrigh sin, is amhlaidh atá gach baile, mór is beag, ar fuaid na hÉireann acht amhail atá na poill sin is na failltreachaibh in iarthar na hÉireann ar a dtugtar slogairí; óir, anté do raghadh 'na ngaor le linn an uisce do bheith dá thaoscadh ionta síos, do shughfaidhe le sidhe gaoithe isteach ionta agus do shloigfidhe dá bhádhadh amhlaidh sin é. Is amhlaidh sin shloigeann an baile mór an dúthaigh ar fad. Agus, cé gorab gairid mhaireann lucht áitreabhtha baile móir agus gorab éigean na slóighte do bheith ag teacht isteach ann ó'n tuaith i gcomhnuidhe 'na dhiaidh sin, ní hiad beusa an lucht tuaithe do bhuaidh ar bheusaibh na cathrach riamh, acht buaidhtear orra. Agus, cé go n-imthigheann muintear na mbailte mór go mear ar ceal, diaidh i ndiaidh, mairid na beusa tháinigh anuas ó sna sean-choigcríochaibh i gcomhnuidhe. Óir an lucht tuaithe thagann isteach foghluimíd siad beusa na cathrach, mar gor dóigh leo gor fearr agus gor galánta iad ioná beusa Gaedheal: agus ní eile, ní hé amháin ná buaidheann an tslighe Ghaedhlach ar slighe ar tSasanaigh is na bailtibh móra, acht go bhfuil an tslighe sin an tSasanaigh tar éis teacht amach ar an dúthaigh anois agus tar éis scrios agus buan-bhás d'imirt ar an tslighe Ghaedhlaigh. Tuille fós, atáid na scola agus na páipéir ag cur an scriosa sin ar gach aon áit gach lae, sa tslighe sin ná fuil acht meas tuatálaidhe nó cábóige ar an bhfear Gaedhlach ag gach aoinne anois. An fear le Gaedhilg féin atá náire air a leigint air nach Sasanach é chomh maith le cách. Agus an ní thar neithe an domhain
is sia amach uainn, is mí-nádúrtha agus is measa thagann le fonn an chroidhe mhóir lághaigh Ghaedhlaigh, sé sin, an duine uasal Sasanach, sin é is sompla dúinn augs ní'l brígh ná éifeacht in aon rud acht 'na iomchur, 'na bheusaibh augs 'na chuid gothaidhe sin. Ní'l aon dream ná cineul, do chasfadh cúl ar a sean is a sinsear, nár mhaith an díol orra bheith go claoidhte dealbh; agus dá mhéid í an fheidhm thugamar-na d'iarraidh breith ar an ngall- dachas, feuch gor fuacht is fán is deire bealaigh linn. Ní hé Dia d'órduigh riamh an gníomh so do righneamar agus, dá bhrigh sin, ní'l rath orainn agus ní bheidh ar an sliocht ar ár lorg ná ar shliocht ár sleachta go deoidh. Ní dóigh liom-sa gor othrach ná carn deandgair tír na hÉireann agus aingeal Dé do neamh is é do theacht chugham, ní chreidfinn uaidh gorbh amadáin agus breill gan brígh na sean-daoine Gaedhlacha do ghaibh romham agus ó'r fhásas. Adeirim leibh-se go mbadh chóir go mbeadh sibh ar aon intinn liom innsin. Agus ó's le daoine do chuallacht na mac-léighinn nGaedhlach atá m'agallamh don chur so, adeurainn libh go mbadh cheart díbh go léir é do chur romhaibh mar dhulgas agus mar gheasa nach cóir a sárughadh, fios cruinn d'fhághail ar sheodaibh na sean agus rún daingean do dheunamh in bhur gcroidhe istigh iad sin do scríobadh as an gcré, dá mb'éigean é. Oraibh-se atá sé d'ualach anois, a lucht óig na hÉireann, na seoda so, briste brúighte mar atáid, do bhailiughadh mar do bhaileochadh fear do bheadh buaidhte go dealbh láimh-dhée a threibhe agus fonn reatha air roimh neart a namhad. Atá sé oraibh-se a mhuintear óg na hÉireann a mbailiughadh sin go díchiollach cúramach, mar is ionta do gheobhaidh sibh fios agus eolus cionnus badh chóir do dhuine é féin d'iomchar, chum go mbeadh sé 'na dhuine uasal Gaedhlach.
DIARMUID STÓCES. Fuair deagh-dhuine do na Déisibh bás an naomhadh lá fichead do mhí Lughnasa so caithte againn .i. Diarmuid Stóces. Is ann so-chuaidh sé d'eugaibh, i dtigh a mháthar ag Baile uí Luimín, atá timchioll trí míle siar ó Dhún-Garbhán. Ba é an buachaill ba laighche agus ba shoineanda gáire in a dhúthaigh féin é. Ba bhreaghdha réidh a intinn agus a iomchar, mar ba dhual do Dhéiseach. Níor chuir sé gob an ghabaire riamh air féin agus ní bhíodh ag stealladh cainte fuaire na droch- Ghaedhilge ná siotracht magaidh, na brasaireacht an dailtín aige le daoine, mar is gaisceadh le tuilleadh do lucht na Gaedhilge. Do bhí se lúbach leathan am dá raibh, ba láidir a chos ar bhán na gcleas agus ba bhríoghmhar do chaitheadh cloch nirt i láthair gasra na h-iomaidheachta. Ba mhín macánta le h-óg is aosda é agus ba bhádhach muinteardha leis na leanbhaí do bhíodh fa n-a smacht, cé ná casfadh a chúl riamh le fear mbeadh achrann go cruaidh 'na phráinn air, da mbadh ghábhadh é do fhreagairt. Do bhí dhá slinneán ghléigeala air agus dha ghualainn chóra fearamhla. Do bhí lúth 'na dhá lámhaibh míne, do bhí siubhal agus seasamh aige agus clár breaghdha aoibhinn ochta. Níor chumhag an croidhe 'na chobhail aige acht croidhe mór gaedhlach grádhmhar. Ba chasta dualach a chúl is é ar dhonn-dhath an óir. Ba lághach macánta méinn a chroidhe agus níor ghábhadh dó rún a chléibhe do cheilt ar ainglibh Dé Ghil na bhflaitheas. Ní raibh áít ar ghaibh sé riamh tríd ná raibh rath air is na bítí buidheach d'obair a dhá lámh, agus ní raibh caidreamh ná cuideachta ndeunadh sé taithighe
orra, nach móide urraim agus grádh daoine dó é. Do bhí teanga mhaith Ghaedhilge gan cáim gan staonadh aige agus ba dhó nár mhiste sin, a cur de 'na slaod go slachtmhar. Thug sé sláinte a chroidhe go fonnmhar gach féile d'iarraidh an Ghaedhealg bhocht do chur chum cinn, agus níor dhubh neul air is níor lag brígh air, an fhaid d'fhan lúth i láimh ná i gcois leis ná corraighe 'na chobhail. Tháinigh sé abhaile innsin go dtí a mháthair bhocht chum dul d'éagaibh, agus nár dhisi ba chealg croidhe a imtheacht uaithe agus í i dtaobh leis do shliocht is do thaca. Och! a Dhiarmuid shuairc, is olc led' mhuintir Dhéise tú dá dtréigin go deoidh. Cadé an díoghbháil seanóir caithte fuar do bheadh i gcionn a shaoghail thall is go mbadh dhéirc dó suaimhneas, acht buachaill breaghdha groidhe i lár a linne is a ré maitheasa do bheith sínte go dealbh? Ní bé Dia d'órduigh riamh trághchaint dod' lúth 'ná dalladh dod' shúilibh soillseacha sona ná lí odhar an bháis thar do cheannacha córa gáiriteacha, acht sceón do chroidhe féin ar mhaith linn ar fad agus chum leasa na Gaedhilge. Acht ní bás gan caoineadh fuair tu, má tá aon chuid don tsean- chroidhe ag baint led' mhuintir Dhéise. Ba mhian leat sliocht an tsean-chinidh chalma do bheith ar do dhúthaigh féin agus Gaedhil as diaidh Gaedheal do bheith ag áitreabh ó Chummar na dTrí n-Uisce go droichead na h-Eochaille siar, mar do bhíodar riamh is i gcomhnaidhe; agus chum an rún sin t'aigne do chur chum cinn, ba bheag leat t'anam is do shaoghal féin mar cheannach ar Ghaedhilg do bheith dá labhairt leis na leanbhaí óga. Ca bhfios nach ceannach gan margadh do-righne tu is nár dhúiseacht as a dtrom-chodladh d'athrachaibh agus do mháthrachaibh na sean-áite sceula agus deagh- shompla glan do bháis is do bheathadh, is ca bhfios ná
beid leanbhaí óga le Gaedhilg ag teacht go dtí an Teampoll Geal fós, chum t'uaigh-se d'feicsin; agus, dar ndóigh, níor bhinne leat ualach ar do chom ioná iad? Agus nuair thráchtfar ar ball ar gach duine do Dhéisibh do-righne díchioll fir le díoghrais chum cabhrughadh le Gaedhla, mar atá, Seathrún Céitinn agus Pilib de Barún agus Seán Pléimionn agus Micheul ó h-Ícidhe, cuirfear leo sin 'san áireamh Diarmuid Stóces, an buachaill bocht thug fuil a chroidhe agus smior a chnámh chum an Ghaedhealg do chosaint. Go dtuga Dia rath thar rath an domhain ar anam Dhiarmada agus nár bha mó a ghaisceadh thar ár gceann i bhfus ioná gach feidhm dogheuna sé dhúinn os comhair slóigh nimhe, os comhair Dhéagláin Déise, os comhair Mhuire Máthar agus na Tríonóide gile glórmhaire thall.
INIS NA NAOMH AGUS NA n-EAGNAIDHEACH. Is é nídh do ghabhas do láimh innso .i. teist agus tuarascbháil naomh agus eagnaidheach nÉireann do thabhairt uaim go h-athchumair, maille re méid a míorbhal agus iomad a bhfoircheadal bhforasta do scríobhadh. Gidheadh, is obair gan urradh a deunta do chuireas romham, mar ná fuil sé do chumas ag neach san bhith aithfhriotal iomlán a dtréithe do dheunamh, alos na bhfad-aimsear do chuadar tharainn ó n-a rae sin anall agus ar dhoimhin-fhairsinge na neithe d'á bhfuil re n-a bhfaisnéis ann. Ar an adhbhar sin, is é foillsiughadh dhleághar damh-sa do dheunamh orra, a gcomharthadha foirleathana do chruinniughadh re buain asta an connladh comhchruinn sin bhus oireamhnaighe dom' acfuinn do'n chor so. Is do na h adhbharaibh fa n-abarthar iomad naomh agus sruithe do bheith ag áitreabhadh na tíre seo anallana, do bhrígh go bhfuilid fós ar n-a reic agus ar n-a scéitheadh idir dhaoine an domhain, beo-chuimhne agus buan-thuarascbháil lúthmhar ag suidhiughadh a mbeith ann agus ag luadh a bhfeart agus a n-ilghníomh. Adhbhar eile fá'r móide is iontuigthe a léithéidí súd do bheith i n-Éirinn, a rian agus a lorg do bheith re n-a bhfaghbháil indiu, ní hé amháin i ngach mír agus cóige do chúigidhibh na hÉireann, acht i dtíorthaibh eachtranacha eugsamhla iomdha ar cheana. Is eadh is lorg dóibh ann, do réir céille na caingne seo, na comharthadha tadhaill toirteamhla do rángadar ár
rae agus ár n-aimsear féin agus atáid re n-a bhfaicsin anois, mar raibhthibh na fírinne adubh- ramar, mar atá na cealla, na cloigtheacha agus na teampoill dá'r chumhdaighsead, na greasa iolcrothacha amhra óir agus airgid dá ndearnsad, mar atá mionna agus ministire agus crocha ceusda, gan cumhdach agus tiach leabhar do chur is an áireamh, go dtreallamh eugsamhail eile agus go sonradhach ar scríobhsad do leabhraibh bláith binn- bhriathracha i nGaedhilg agus i Laidin, ag foill- siughadh agus ag deimhniughadh a gcéime agus a gcumasa. D'feudfaidhe fós a rádh go bhfuil annála na n-eolach, fa comhaimseardha dóibh i gcríochaibh imchiana,ga teacht le seanchus na hÉireann is an nídh seo. Agus dá mbeadh gor gann an glór thugsad innso, do badh leor mar chomhartha cinnte ar iomad naomh do bheith i n-Éirinn agus ar aidhbhsighe a léighinn agus a bhfeart, na cealla agus na congbhála thógbhadar is na tíorthaibh coimhightheacha ceudna, agus líon na manach n-eolach n-Éireannach dorighne comh- nuighe agus áitreabhadh ionta. Is follus, do réir a ndubhramar, gor leathan lán-fhairsing a mhéid do theastaibh re naomhaibh agus ealadhnachaibh ársaidh, re sruithibh éigse agus fóirnibh gacha aoise, do ghabháil agus do shealbhughadh ceannais is réime, ag ár sinsear. Do bhí d'acfuinn, re grinn-fheitheamh na gcruaidh- cheist, intleacht agus aigne na sean-Ghaedheal, nach iongnadh le neach a léirmheasta, iar bhfeas dó sin, go rugadar buaidh agus barr i ngach gné foghlama go grod iar mbeith ar n-a scoladh i litribh dóibh. Atáid cheana ag a fhoillsiughadh, "an Leabhar Gabhála" ro scríobh an brathair bocht Micheál ó Cléirigh, "Forus Feasa ar Éirinn" ro scríobh an Dochtúir deighléigheanta Diadhachta, seathrún Céitinn, na leabhair mhóra mheamraim
maille re ceudfaidh dhaingin feallsamh bhfeasach na h-aimsire seo, go dtángadar ár bpríomh- aithreacha ar dtús ó áird thoir an domhain. Is furus a mheas, dá bhíthin sin, go mbeidís acu na beusa ceudna crábhaidh agus caondúthrachta do chleachtaidís do ghnáth na cineadha áitigheas i n-aghaidh turgbhála gréine .i. an fréimh-shliocht ó'r chinneadar. Agus go bhfios dúinn gor leansad a gcáil agus a mbearta dá ndual agus dá ndúthchas, óir do ghreamuigheadar creideamh Críost re h-accobhar agus re díoghrais croidhe ar n-a phroicheapt dóibh ó Phádraig, agus fós go mba forasta foirbhthe a léigheann agus a reachta, i bhfad ré dtuigheacht an Abstail sin na nGaedheal chucha. Is dearbhadh ar a reachtaibh do bheith socair soibhéasach an mhéid léighthear is na sean-leabhraibh um a ndlighthibh agus um a bhféineachas. Dearbhaid fós na leabhair cheudna go rabhadar lán-tuig- sionach ar screapt-oideas litreach ré dteacht an chreidimh, agus is iomdha leac chian-aosda chloiche re n-a bhfághbhail i n-Ogham Chraobh mar fhiadhnaise dhosháruighthe an neith sin. Ar mbeith dóibh, do dhruim ar áirmheas, 'na ndamhna oireamhnach in- mheasta re geineamhain naomh agus éigse, níor fhealladar iarsin ar an ngioll thugadar uatha, i gcomharbhas irise agus eoluis an chreidimh. Táinigh Pádraig do chum nÉireann 'san bhliadhain d'aois Chríost cheithre cheud a triocha, do shíol- chur na fírinne buaine i ngarrdha bhog leasuighthe croidhthe nGaedheal. Gidh gor sheunadar cuid do mhuintir uallaigh ainchreidmhigh na tíre seo rath Dé do ghlacadh ar dtús, do gheillsead urmhór na ndaoine ar ball go h-umhal úiriseal, ag ionnladh díobh féin salachar deamhan in uisce ghlan ghrástamhail an bhaiste, re gabháil umpa tlaicht thaithneamhaigh na féile agus na fíréandachta. Fá chionn tréimhse, do cuireadh ar gcúl do gach leith i n-Éirinn iodhal-
adhradh agus timthireacht do dhiabhlaibh agus do gnóthuigheadh do Chríost an talamh ar fad gan dún-mharbhadh gan dortadh fola. Fa drithle re teine grádha Dé d'adhnadh i gcuaille na daonnachta Pádraig, agus fa gaoth gheurghlan Mhárta a ghlór re lasair an chrábhaidh agus na caondúthrachta d'fhadódh i méinn agus i meabhair daoine. Ní fheudtar iomad na naomh do mhaireadar ar aithris a shoibheart subhailceach 'na chomh-aimsir d'áireamh ná d'fhaisnéis, acht is follus go raibh Inis Ealga re linn an aga sin 'na lán-luisne lonnrach ghríos- ghrádha do Dhia go roiche reanna nimhe os comhair an Dúileamhan, mar do foillsigheadh i bhfís do Phádraig féin, do réir an neith léighthear 'na bheathidh. Atáid féiliridhe agus beatha naomh n-Éireannach ag dearbhadh a naomhthachta agus a neimhchionta, a nglandúthrachta, a bhfad-fhulang na bpian agus a ngoradh-ghrádh cléibhe agus compair tré sheirc agus ceannsacht do'n Choimhdidh. Bíodh a fhiadh- naise sin ar bheathaidh agus ar chaoin-bheusaibh Choluim Chille, do mhair taobh istigh do dhá cheud bliadhan indiaidh Phádraig. Do chineul Chonaill, do ríogh-phór a dhúithche i n-Ultaibh dó, agus ro thairngir Pádraig go lán naomh eile a gheineamhain agus a ghníomhartha i bhfad ré n-a thuismeadh. Is iomdha mainistir agus eaglais ro chumhdaigh 'na chrích féin agus isna coimhtheorannaibh .i. i Midhe agus i gConnachtaibh ar cheana, go ndeachaidh dá oilithre anonn thar lear fa dheoidh go h-Í i n-Albain. Ro thógaibh cealla agus congbhála iomdha innsin agus d'ionarbaidh agus do dhíochuir dorchadas díbhlidhe na geintlidheachta tré chraobhscaoileadh creidimh Chríost ar feadh Alban go h-uilidhe, go n-a h-ilmhíltibh d'oileánaibh is an mhuir budh thuaidh, amhail dorighne Pádraig roimhe sin i n-Éirinn. Fa gnáth, iomorra, leis an abbaidh naomhtha so
codladh ar lom-leic chruaidh agus do chleachtadh fós tréadhnas agus troscadh, gan a chaitheamh acht tearc-bhiadh truagh, do thabhairt macnasa na colna dá réir fa smacht. Is dí-áirmhthe cheana uimhir na leabhar líomhtha nglan-bhriathrach dár scríobh re n-a réidh-dheis dhílis féin. Gan amhras, ar a naomhthacht ainglidhe, ar a cheannsacht agus ar a eagna, is cian amach imeasc Cloinne Mílidh chluinfidhear tuarascbháil a ghníomh agus a bheathadh, mar ní lughaide sa chách indiu é ar dhruidsead thart do bhliadhnaibh ó n-a rae anuas. Atá re n-a luadh i bhfarradh na bpríomh-naomh lé'r roinn Pádraig iris agus airmhide, Brighid Ban-abb Chille Dara, dá ngoirthí Muire na nGaedheal. Do shliocht rígheamhail rathmhar disi mar an gceudna, agus tar a chionn sin, is í do ghnáthuigheadh umhlóid ag fóirthin agus ag anacal do bhochtaibh Dé, maille re almsana agus aoigheacht do thabhairt dóibh. Mainistir ban- riaghalda i gCill Dara aici, go n-easbog do theagosc agus do léigheadh Aifrinn dóibh. Seal dá h-aimsir dí ag aoghaireacht nó ag ionghaire treud is na bántaibh go h-uaigneach, gor lonnruigh rath Dé inti alos a míorbhal n-iongntach, gor nochtadh a beith fa ghean ag an Choimhdidh amhlaidh sin. Go mba caoin, aoibhinn, do-chuimsighthe a glóir is n-a flaitheasaibh thall, mar is fada bhus cuimhin ibhfus í re fearaibh Éireann. Is iomdha naomh agus ban-naomh eile a bhfeud- faidhe tuidheacht tharsta innso, muna mbeadh gor eagal linn go gcorfaidhe an léightheoir tar bárr, ag leanmhain do'n leasc-luadh do righfidhe a leas deunamh orra. Dá bhrígh sin, tar an méid adubhramar thuas um an dtriúr do thuill bárr gacha buadha agus múirn gacha rúin, scuirfeam feasta gan min-sceulta a mbeathadh d'innsin ar na slóightibh dírímhe atáid d'fhuigheall díobh
fós, acht mád anmanna beagáin na n-árd-naomh n-ársaidh úd do chur síos, dá bhfuilid a gcomharbas agus a gceannas ag gach easbog in easbogóideacht do láthair i n-Éirinn. Teagmhaidh eatorra so, tra, Naomh Ciarán Saighre i gcrích na n-Osraighe. Is dó sin, iomorra, d'umhluighidís beathadhaigh fhiadhta an fhásaigh, dá admháil tré n-a gcomhluadar caomh ceannsa aige gor mheasadar gor naomhtha neamhchaidheach antí Ciarán. A chomharbas diaidh i ndiaidh le h-easbogaibh muintire Osraighe. Dogheibhthear a chomhmhór sin do naomh, 'na charaid comh-aoise agus comh-anma .i. Ciarán Chluana Mhic Nóis. Ar ghrádh dhíochra do gheanmnaidheacht, ní thug an naomh glé-ghlan so siolla mianghusa ar mhnaoi feadh a bheathadh. Do bhí d'fheidhm 'na ndéineadh do dhéirc gor claochluidheadh ar fhaomhadh Dé lán boise arbhair, dá'r shoich lá chum boicht d'áirithe, chum bheith 'na ór bhuidhe chraorac. I gCluain Mhic Nóis atá, is ann bhias a eiseirghe. Príomh-easbog eile le h-Ultaibh .i. Aodh mac Cairthinn, ceud-easbog Chlochair. Fa tréin-fhear do Phádraig é-sidhe, dá iomchar tar loga do- thrialltha do-eoluis agus tar inbheara iomdhoimhne abhann. Feacht dóibh .i. d'Aodh agus do Phádraig, ag imtheacht conaire seach an ionad i bhfuil Cill Chairthinn indiu, go dtárla sruth robharta ró-lán ar a mbeulaibh. Ro sheun Aodh fa Phádraig do bhreith tars an uisce i ngioll ar an éiglidheacht do ghabh féin ó'n bhfoirbhtheacht d'fhás ann tré n-a fhad-fhoghnamh do Phádraig. "Is anbhfann fa dheoidh mo bhaill," ar sé, "is mithid duit mo scíth do leigean." Ro scaoil Pádraig dá mhoghsaine innsin agus ro oirdnigh 'na easbog fó cheudóir é. Ro thomhais Pádraig iarsin a theoranna agus ro chumhdaigh a cheall ar an láthair, go dtug dó an Domhnach Airgid agus atá an greas sin re a fhaicsin fós in Áth Cliath.
In Áird Mhór, i gcríochaibh Déise cois farraige, biaidh eiseirghe Dheugláin onóraigh, easbog agus Pádraig na nDéise. Atáid a cheall agus a thiubraid fós ann agus earraig ar thráigh adeirid ughdair do threoradh a luinge ar snámh ag tuidheacht ó'n Róimh dó, gor ghabh cuan agus áit cumhsanta in Áird Mhór, mar rabhadh do neamh dó sin gorab ann badh oircheas dó ionad cumhdaighthe a eaglaise do bhreith do roghain. Fa cian i ndiaidh tógbhála na cille sin antan do ráinigh Mochuda dúthaigh Déise, drongaibh dírímhe, iar n-a ionarbadh go h-eudmhar a Mainistir Raithne i Midhe. I Lios Mór ós bruach na h-Abhann Móire ro ghabh suidhe, agus sealad 'na dhiaidh sin is ann ro ghabh suan. Mainistir agus seol adhbhal amhra i Lios Mór aige go gcoimh- thionól oirdhearc manach, ag moladh do-ghréas an Choimhdeadh Chomhachtaigh le psaltaireacht agus le troscadh agus le fad-dúsgadh. Is ann ro thionscain ann scol chian-teastach sin is modhmhar clú, chum a dtánghadar dá dteagosc agus dá seoladh i léigheann agus i ndiadhacht agus i n-ioldán gacha filidheachta, sochaididhe aobhdha eagnacha fear an domhain. I gCorcaigh cois Laoi d'áitreabhadh Naomh Barra, dár theasbáin aingeal éadrocht do ne[a]mh ionad suidhighthe a chille agus a reilge. Breandán i gCiarraighe Luachra i n-iarthar Mumhan. Is é do theigheadh ar luingeas go gcabhlach líonmhar, d'fhoghnamh do Dhia Uile-chomhachtach ar bhuinne aimhréidh aibhéise na mara. Is iomdha fós feidhmeoir firéanda agus seir- bhíseach sona Mic Dé ro thréigsead maoin agus muirear a muintear, re tógbháil ceall agus tearmonn in oileánaibh iarthair Éireann, i bhfarradh foghair agus fothroim threun-tonn dtorannach na farraige fraochda fuar-aibéile. Méidithir
naomha an domhain a líon, i Leith Chuinn agus i Leith Mhogha agus i ngach cúige fa seach 'na slóigh- tibh sochraidhe solus-ghlana, ag síor-mholadh Dé, ag dáil furtachta agus fóirighne do bhochtaibh agus do dheibhleánaibh agus ag caitheamh a rae go subhailceach so-mholta go bhfaghbhaidís bás naomhtha fa dheoidh, go n-a lón deidheanach fa chlí aca, iar mbuaidh ongtha agus aithrighe. Maiseadh, atá teastas na cruinne ag a shuidhiu- ghadh fós, cion a raibh do chrábhadh agus do chreideamh acu, gorbh é a chomh-oiread ceudna sin méid a n-eolais agus a léighinn. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na h-árd-scolaibh móra in ar ghnáth i n-Éirinn fadó ollamhain agus eagnaidheacha gacha ealadhan agus feallsamhain fír-eolacha gacha forais. Bíodh dearbhadh an neith cheudna ar an iomad d'fhearaibh ó uile-chríochaibh an domhain dár múineadh ioldána intleachta ionta agus go h-áirithe ar na leabhraibh léigheanda ro scríobhsad. Ro chumhdaigh an t-Árd-Earlamh Pádraig, ar fhuráil aingil, eaglais in Árd Mhacha, mar ar chleacht oideas agus oileamhain do dháil dá chléireachaibh agus dá mhacaibh léighinn féin. Scol oireaghdha dá éis ann, go dtigh screaptra séadmhar agus gach ionmhus iomchuibhe ar cheana, go rángadar Gaill an port sin, dá loscadh agus dá argain. Scol i gCill Dara le Brighid. Is ann ro sháruigheadh clisteacht na scríobhnóiridhe airdheana agus cleasa draoidheachta na ndruadh, mar is léir ó'n leabhar bhláth-scothach mhín-ghreanta sin dá ngoirthear Leabhar Ceanannsa, do scríobhadh 'san ionad sin do réir na gceudfadh is barántamhla. Scol eile le Mochae in Aondruim .i. oileán atá i ngar do Loch Cuan. Mochae do thógaibh ar dtús í. Sceul iongantach aithristear air. Lá n-aon dá ndeachaidh fá'n gcoill do bhuain adhmaid re h-aghaidh cille do chumhdach, ro bhreug aingeal é i riocht
Eoin, ó bhriocht-chantain ceoil ba bhinne agus ba shíreachtaighe tar a gcuala neach beo riamh, go raibh ag eisteacht ria feadh trí cheud mbliadhan, gan acht meas nó suim aoin uaire ar an rae sin le Mochae, ar shámh-chaoine agus ar shuaimhneas a choraidh-chleas neámhtha. Scol eile le h-Ailbhe i n-Imleach Iubhair, agus le h-Ibhar i mBeag- Éirinn i Loch gCarman. Scol le Finian Cluana Earáird ós Bóinn. Trí míle líon a fhóirne. Oide naomh nÉireann é-sidhe, óir is é d'fhiosruigheadh sluagh glórmhar oilithreach agus fear ó uile chineulaibh na críche. Fa soilbhir deighmhéinneach le các a ghnúis agus a ghnáth-iomchar, gé'r bh'adhbhal a dhéine augs a chíocras re tréadhnas agus re troscadh, ag cur dímbrígh is na h-uile-neithibh ar son Dé. Scol le Breandán i gCluain Fearta cois Sionainne, iar n-eachtra agus luingeas tar tuinn agus tír. Dá mhéid a muirear agus a mór-chlú ar áirmheas do scolaibh go soiche so, do bhí árd-scol Chiaráin, i gCluain Mhic Nóis, i bhfad níos líonmhaire do throm-bhuidhnibh scoláiridhe agus níos táscamhla fá léigheann augs lán-eolus is na cian-áitibh tar teorainn 'náid go h-uile. Ciarán Naomhtha ro chuir ar bun ann eaglais bheag dhearóil ar dtús, acht táinigh an oiread sin do rath agus breis ar a shaothar, gor mheuduigh an t-ionad tar a éis chum bheith 'na theaghdas toirteamhail, agus 'na chrann chrom-gheugach ó iomad toradh na heagna, re dídin agus foscadh do dheunamh d'ain- eolachaibh an bheatha. Is iomdha airchinneach agus easbog agus árd-fhlaith eaglaise Dé do righne umhlacht agus crábhadh 'na ceallaibh cuas-dhlútha. Is iomdha anam-chara aoibhill do ghníodh feidhm ag cabhair agus ag congnamh leo. Ba lán-leabhair líon a sagart, a seanóiridhe agus a scríobhnóiridhe, agus ba fháílteach flaitheamhail oineach a tighe-
oigheadh agus a tearmoinn. Tan ann rugadar a fir-léighinn buaidh bláthmhar buan-réimeach i ngach crích do'n domhan cheathar-áird, gidh scriosta sceimhilte a suidheamh agus a dreach indiu, 'na síor-chodladh go h-uaigneach ar shleasaibh cuain ós broinn na Sionainne lán-tuile, iar dtrághadh agus iar ndul i ndísc dá rachmus robharta ró- fhairsing. Cá righthear a leas tásc agus tuarasc- bháil do dheunamh ar an sluagh sin do scolaibh tar nach tánag go ró so, mar atá, Scol Ghleanna Dá Loch i Laighnibh, Beannchar i n-Ultaibh, Lios Mór i nDéisibh Mumhan um Mochuda, Ros Ailithir i gCorcaigh Laoighe agus Inis Faithleann ar Loch Léin i gCiarraighe Luachra, in éinfheacht re ceudtaibh eile do seolaibh modhmhara tré'r bronnadh dáimh dhuan-eolacha ar gach fód seachnóin na dúithche seo agus ó'n-eirighdís do-ghréas deoraidhthe deagh-mhúinte d 'fhoircheadal agus do theagosc daoine in áitibh coimhightheacha mar an gceudna? Mar chleith-cheangal cumhdaigh fa 'ndubhradh linn thuas, dlighmíd a rádh innso gorab follus ó na teastaibh ro luadhsam agus fós ó iliomad eile do theastaibh is deimhne ciall agus is inchreidte dearbhtha fios agus fírinne nachar luadhadh ar bith, go rabhadar i n-Éirinn re linn na gcian- aimsear, lucht leor-léigheanda rinn-aigeanta re seanchus agus re crábhadh, aes gacha ealadhan agus ceárda gacha céirde agus cleasa, maille re naomhaibh agus ban-naomhaibh, príomhaidhe agus prionnsadha na h-eaglaise, easboig agus earlaimh, comharbadha caomha cliste go gcanónachaibh agus cléireachaibh caoin-bhriathracha córa. Is aire sin ro choimeádsad cineadha na hÉireann chomh dlúth daingean righin-theannta sin an creideamh do dáileadh dóibh re Pádraig, ionnus go dtugadar neimh-sheadh i ngach fogha dá ndeárna
an t-áidhbheirseoir dá thoirmeasc orra óraide agus úrnuighthe sluagh naomh n-Éireannach do thaithighe: agus is eadh bhus geall go leanfar leo sin do chreideamh Chríost go deo, a bhfuil do dhreamaibh agus do dhrongaibh na naomh ar neamh, mar fhál coimhdeachta ar an ríogh-chathaoir neámhtha, go gceatlaibh agus séisibh sír-bhinne agus oirfideadh aoibhinn órdha, ag freastal taithnimh gan teimheal agus ag toirbheart teas-mholta gan tláthas, i mbuan-chaitheamh na glóire suthaine tré bhith siar ar bheul na Tríonóide.
DINN-SEANCHUS GEARR NA nDéise ANSO SÍOS. 1. PORT-CLÁDHACH can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. PORT-LÁGHACH badh chóra ann. Do bhí amadán do na Déisibh ann anallód. Ba ghnáth leis an port sin do thathaighe gach lae shamhrata, dághoradh agus dá théigheamh féin re taithniomh gréine. Ba shámh leis a bhfaghbhadh do shuaimhneas ann gorab eadh adeireadh, gorab LÁGHACH an port é. Agus do lean PORT-LÁGHACH mar ainm don phort ó choin ille. Nó go mbadh PORT-CLÁDHACH badh chóir ann do réir fuirne. Agus atá PORT-CLÁDHACH re a léigheamh i sliocht sean-leabhair éigin Beurla. Leis an droichead anoir-andeas atá an port sin agus is CLÁDHACH atá .i. clocha beaga san abhainn .i. san Chlódaigh ann, amhail is léir do lucht a feicsiona indiu. 2. MOUNT BOULTON can as do h-ainmn- igheadh? Ní ansa. Captaen Boulton .i. cathmhíleadh do shliocht Shean-Shasna dár bhronn Crommel seilbh na h-áite. BARR BEITHE a ainm ó thús riamh. Sean-choill beithe ann fós. Is uime tugadh an ainm sin air, do chionn iomad do na crannaibh sin do bheith ag tuidheacht ann. Atá a chéile d'ainm ar ionad eile in Uibh Eirc leith anall don t-Siúir, le h-ais an bhaile ris a ráidhtear an Caiseal indiu. 3. AN DAIRGEAL can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Dairgeal .i. dearg-fhuil. Cath do fearadh ann anallód i dtugadh iomad fola agus do lean an ainm don áit amhlaidh sin. Atá
fuireann eile iomorra ag a rádh gorab eadh atá ann an ní as IND ARGEL is an t-sean-Ghaedhilg .i. AN AIRGEAL. Sin ainm ar abhainn. Agus is iomdha áit in Éirinn i bhfaghthar a chosmhail d'ainm, amhail atá AN DAIRGEAL is an áit ar a dtugthar Cill Mhantáin indiu agus an Air- glinn .i. abha shnigheas ó thuaidh go Beul Átha Póirín. Atá fós AN AIRGIDÍN ar abhainn bhig le h-ais Chaisil Mhumhan. Atá an mhéid seo re a rádh ann. An ní as ARGENTU-M is an Laidin, is ARGINTO-N é sin is an Ghaedhilg chian-aosda agus is é sin AIRGEAD i nGaedhilg na tuaithe. Go mbadh dóigh go dtugadh AN AIRGIDEACH mar ainm ar abhainn de dhruim a gile, óir is airgideach gach lonradhach. ARG- is an Laidin agus is an Ghaedhilg .i. gach ní as geal. Badh chóir a mheas go raibh ARG-LO-S, ARG-LA, ARG-LO-N, mar aidiacht is an Ghaedhilg chian-aosda ar ghach ní as gléigeal, agus ARG-LIO mar ainm. Is de sin do bheadh ARGLION-OS mar Thuisael Geineamhnach agus is uatha araon do bheadh AIRGLE, AIRGLEANN i nGaedhilg na tuaithe againn indiu amhail atá ÉIRE, ÉIREANN ón ní as HIBHÉRIO, HIBHERIONOS. Atá ní amháin ná tagann leis so. Is é sin gor ghabh ND do bhí is an tSean-Ghaedhilg malairt soin chuige go beith NN, amhail atá CRANN againn in ionad CRAND agus AN BHEAN tar éis IND BHEN, agus aroile. Dá bhrigh sin, badh chóir AN AIRGEAL ann agus ní hé AN-DAIRGEAL. Mo fhreagra air sin, go bhfuil focal eile is an Ghaedhilg in a bhfuil ND tar éis ND fós againn. Agus is é sin AN DARA ó'n ní as IND AILE is an tSean-Ghaedhilg. Agus más fíor gorab é an t-ind ceudna atá ionta araon, ní ná seun- faidhe i lethi re AN DARA, is móide badh dhóigh AN-DAIRGEAL do bheith ann é.
4. MAOTHAIL BHRÓGÁN can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. MAOTH atá talamh ann. Ionann MAOTHAIL agus móin nó tonn ar bogadh. Is eadh as tonn ann .i. croiceann nó scraith. Agus atá an mhaothail seo re a feicsin fós ann re Tobar. Cúain anoir. Idir an tobar agus leacht mór Bhaile Uí Chuinn atá. Gonadh iad sin dhá cheann na maothaile. 5. ÁTH NA gCEANN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Cath do briseadh ar dhruing éigin ann anallód agus tugadh an ainm sin ar an áit i ndearnadh carn dá gceannaibh. Ba bheus do Ghaedhlaibh cogadh in áthaibh, agus is de sin adeir- thear "do cuireadh fear san áth roimhe" i nGaedhilg na tuaithe .i. fear a dhiongbhála 'na aghaidh re bruighean do dhéanamh. I gcomhair an bhaile dá ngoirthear Maothail indiu atá an t-áth so. B'eurtha an áit é anallód, óir adeirtí go mbíodh spiorad ag eirghe ann. Do bhí beirt ag ól oidhche i dtigh ósta san bhaile agus do chuir an dara duine geall go raghadh gus an áth d'agall- amh na spioraide. Ag imtheacht dó, do bhí ag impidhe comairche Chúain agus Brógán dó féin. Iar rochtain an átha dó innsin, do chonnairc an t-árracht uaidh anonn agus adubhairt: "Cia hé sin thall?" Thug an spiorad fogha faoi acht do theib uirre teacht thar uisge anall. Is innsin do scread sí go ndubhairt: "Muna bheadh Cúan is Brógán is íodhbairt na mionn Badh chuimhin leat-sa do chuaird go h-Áth na gCeann." 6. CLOCH NA COMAIRCHE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Scléip do chuirtí gach lá féile Cúain
agus Brógán acu is an tsean-aimsir gorab eadh adeiridís, fear do thugadh a anam leis gus an gcloich sin go mbadh saor é. Mádh iar bhfuirinn iomorra, is eadh as brigh don ainm gorab CLOCH CHINN TEÁRMOINN í agus an bithbheanach dá roichfeadh í, go mbadh teora teármoinn agus díon dó, an tain bhí muintear manach i Maothail. Agus is ann do bhíodh iomad leabhar agus is uime sin adeireadh duine do dhearbhadh fírinne nó éithigh, "dar brigh a bhfuil do leabhraibh i Maothail," acht is eadh adeirid anois, "dar brigh a bhfuil do ghabhraibh i Maothail." 7. MAYFIELD can as do hainmnigheadh? Ní ansa. Duine dárbh ainm Meade dá dtug Crommel seilbh na h-áite. Clann Rocóideach .i. sliocht de shean-ghallaibh ann roimhe sin. Is ann do bhí lá na h-iomána móire ceud bliadhan ó choin. An t-Iarla Bessborough do chuir geall leis an tí Sir Seumas Meade. Tháinigh Sir Seumas deicheanbhar fichead iar n-a gcothughadh agus iar n-a mbeathughadh re h-aghaidh iomána. Tháinigh an t-Iarla líon a shluagh thar Siúir anall. Ag an Bhán Fhada ós t-Siúir dorighneadar comhrac dá ngoirthear Mayfield indiu. Is ann do bhuadhadar cleithirí do chineul chath-bhuadhach Phaorach ar fhuirinn fear ngroidhe d'Uibh Eirc. Gonadh ann adubhairt an file: "Bhí Ponsonby ann go cráidhte is ní chreid- eóchadh sé ar a stáit é, teacht thar Siúir an lá úd ag faghbháilt náire go deoidh: nuair chonnaic sé iad dá gcárnadh 'siad bodaigh bhoga an phrácais, go mb'fhearra leis a bheith báidhte an lá thánga sé leo."
Sir Seumas Meade leomhan álainn 'sé mo chúbhais é nár mhisde trácht air, ó'sé ná leigfeadh eagla anma sáint in aon áit 'an domhan mhór; gor chuir sé ceud púnt gill an lá úd as contae gheal Phortláirge, is contae geal Phortláirge rug an bárr léi 'san spórt, 8. SLIABH gCUA can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Galar nimhneach do bhain do bhuaibh agus d'eallach Éireann feacht riamh, gor cailleadh go léir iad acht aon tarbh agus aon tseafaid fríoth i nGleann Samhaisce. Do bhí draoi oirdhearc ann dárbh ainm Boibhle ag a raibh fuireann do mhacaibh léighinn. Is í comhairle cineadh ó fhearaibh Éireann na ba do chur ag an Bhoibhle seo, dá bhfriothálamh agus dá gcothughadh, ionnus go mbeadh eallach arís in Éirinn. Is eadh ba chuibhe agus ba chneasda le Boibhle, mac léighinn dá fhuirinn mar bhuachaill dóibh dá n-aoghaireacht ar uair. Do bhí mac léighinn orra san dárbh ainm Cua Ceannmhór agus an tain ráinigh seal a aoghair- eachta é sin, dorighne feall ar an eallach. Óir thug leis fa na coilltibh i gcéin iad agus d' fhadó teinidh ann agus dorighne fulacht agus do mharbh na ba agus d'uadh iad. Agus is de sin atá a ainm ar an tSléibh ó choin ille. 9. SLIABH GCRUINN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Ón chruth atá. Óir is cruinn an Sliabh atá ann. 10. BAILE NA gCUACH can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Adeirthear an chuach do thuidheacht ann coigthigheas níos túisge ioná dochluintear
in aon triochaid dona triochtaibh ceud badh choimh- neasa dhó. Nó is eadh as córa ann BAILE NA gCUACH .i. na gcorn nó na gcopán. Óir atá tobar is an áit agus leac chloiche le n-a ais i bhfuil chúig cinn do chuachaibh nó do dhabhchaibh beaga iar na ngreannadh ar a h-eudan. Cuid dá n-adhbha na ndruadh, le linn geintlidheacht do bheith in Éirinn, an leac sin. 11. GLEANN NA DAIBHCHE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Ó'n ní as DABHACH .i. coire. Is eadh as córa a mheas ann, dabhach nó poll nó coire do bheith is an t-sruthán i ndéineadh an t-uisge tuaithbheal 'magcuairt. Le h-ais Bhaile na nGall atá. 12. CILL ROSANTA can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. ROS do bhí ann. AN TAE ainm na h-abhann bige ghluaiseas thairis. Gonadh CILL ROSANTA a ainm do réir fuirne, acht ní ceart an méid sin. Óir dá mbadh amhlaidh do bheadh, badh chóir CILL RUIS NA TAE ann agus ní hé CILL ROSANTA. Is dóigh ainm neich naomhtha do bheith ann, amhail atá le gach cill do cheallaibh Éireann. Agus is eadh adchíthear do bheith ann, an ní as Roxentius is an Laidin. Cella Roxentii a bhunadh amhlaidh sin. Agus dogheibhthear a chéile d'ainm fós in Éirinn, mar atá, Cill Osaile ó'n ní as Cella Auxilii is an Laidin. 13. ÁIRD MÓR DHÉAGLÁN can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. ÁRD ós fairrge atá an t-Áird sin. An tí Naomh Déaglán do thógaibh cill ar dtús ann agus is ann atá. Is ann atá an tobar agus reilg, agus cloch Dhéaglán ar an tráigh thíos. Tugtar turusa fós ann. Atá othar-lighe Dhéaglán sa reilg agus cluig-cheall
Dhéaglán os a chomhair. Iomthúsa na cloiche sin, innistear scéala fós i leabhraibh irse na h-Éireann. Tan ann do bhí Déaglán ag tuidheacht ó'n Róimh agus clog do bhronn an Pápa air aige. D'fhágaibh an clog sin tré dhearmhad ar charraig mhóir chloiche do bhí i mbeul chuain ag inbhear na Rómha. Iar n-imtheacht dó innsin, do shnámh an chloch sin i ndiaidh na luinge i raibh Déaglán, gor ghabh amach réimpe, ag déanamh eoluis an mhara go hÉirinn di. Is innsin do thuig Déaglán gor dheonuigh Dia dhó féin a fhearann do theorainn agus a cheall do thógbháil is an áit i ngéabhadh an chloch sin cuan. Tháinigh i dtír iarsin in Áird Mhóir agus atá re a feicsin ón tobar síos indiu. 14. CILL MHÍODÁN can as do-hainmnigheadh? Ní ansa. Ó'n ní as CILL MO ÍODÁN. Ban- naomh uasal do bhí ann dárbh ainm ÍODA. ÍTE do scríobhthaí is an tsean-Ghaedhilg. MO ÍODÁN, leas-ainm é sin thugaidís Gaedhil uirre mar ghean dá beathaidh agus dá beusaibh cruadhais agus crábhaidh. Óir is amhlaidh do chleachtaidís sin, leas-ainm ceana agus bádha acu dá rádh re gach neach naomhtha, badh ghile gníomh leo agus badh taithniomhaighe rath Dé ioná a chéile. Agus is de sin atá Mo Chuda dá thabhairt ar an ní as Cárthach atá i Lios Mór. Is de fós atá gach ainm ré gcurtar an ní as "mo" ar chuid do cheallaibh Éireann, amhail atá Cill Mobhí agus Cill Mo Ghíomóg agus Cill Mo Laise is na Déisibh againn indiu agus Cill Mo Chua in Uibh Eirc, agus aroile. 15. PORT NA BÓ can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Bó do bhíodh ag ingeilt ann is dócha, agus do lean an ainm don phort amhlaidh sin. Is eadh as port ann .i. an ní as portus is an Laidin. Agus is iomdha Port atá re a n-áireamh ar Siúir, amhail atá Port na Bó agus
Port Cládhach agus Port Láirge is na Déisibh, agus Port na h-Ulaidhe agus Port na Scoilidh in Uibh Eirc. 16 PORT NA h-ULAIDHE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. ULADH .i. leacht nó feart ann. Óir is ionann uladh agus leacht is an t-sean- Ghaedhilg. 17. PORT NA SCOILIDH can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Scoil oirdhearc badh cóir a mheas do bheith ann anallód. Óir, an ní as scoláire i nGaedhilg na tuaithe, is SCOILIDH é sin is an t-sean-Ghaedhilg. 18. LÉIM AN EASA can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. EAS NA CLÓDAIGHE é sin. Is ann lingeas an abha thar charraig cloiche re fánaidh síos. I gCurrach Mhór atá, is an choillidh, eadh beag ón bhaile ó Phort Cládhach. 19. BÁRR NA h-UIDHRE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Bó odhar dhearscaighthe do bhí ann, do chinn ar a raibh do bhuaibh in Éirinn in a comhaimsir. Is di ata Bárr na Bó Uidhre agus Gleann na h-Uidhre agus an Uidhir .i. an odhar. Óir is minic tugthar Tabharthaidh in ionad Ainmneadha mar ainm ar áit, amhail atá gach ceall-ainm in Éirinn. Deithbhir sin, óir ní h-iad lucht treabhtha áite is mionca thráchtas uirre acht an dream chomhnuigheas do gach leith di amuich, agus adeirid iad féin do bheith ag teacht aiste nó ag tuidheacht inti. 20. GAILL-TÍR can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. NA GAILL .i. na Danair nó na Lochlannaigh do ghabháil réime agus ceanais ann gor bha thír dhíleas dóibh í. Fuireann eile dos
chineul sin ag áitreabh i mBaile na nGall innso thiar. Fuigheall a luirg sin na h-anmann atáid ar Helvick agus ar Waterford fós. Is acu do bhíodh suairtleach nó saighdeóir gacha tighe in Éirinn; augs is iomdha foghail agus creach dorigh- neadar agus is iomdha cathair chian-aosda do thoghladar augs is iomdha ceall agus leabharlann do loisceadar agus is iomdha ár Fear n-Éireann do chuireadar le n-a linn, amhail léighthear i "gCogadh Gaedheal re Galla." 21. GLEANN BODHAR can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Tormán árd glórach do-ghní uisce ann, go nach léir a n-abarthar ann ag an fhuaim go ghníthear. Gonadh BODHAR amhlaidh sin é. 22. AN BULLÁN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. BULLÁN do bhíodh i Reilg na Muc atá ar a theorainn. Is eadh as BULLÁN ann .i. coire nó leastar cloiche agus is gnáth i reilg iad do shundrudh, amhail atáid re a bhfeicsin fós i gCill Mhunria, atá timcheal míle céimeann re Portchládhach anoir-andeas i bPaorachaibh agus i Reilg Phuirt na Scoilidh in Uibh Eirc. Gonadh ó'n bhullán sin do bhíodh is an reilg do lean an ainm de'n tsráid atá fa n-a bun. 23. LAG SCEICHE AN FHIAIDH can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Lag atá ann i mbíodh sean-bhile sceiche, fá leigidís na fiadhtha a scítheas. I gCurrach Mhór atá, ós Clais Ruaidh nó Clais Ghainmhe in áirde. Ní h-ionann an fiadh do thaithigheadh an sceich sin agus iad sin atá i gCuarrach Mhór anois, acht an sean-fhiadh ruadh mór Gaedhealach, amhail do- gheibhthear fós i gCiarraighe agus i Sliabh gCrot. Síolrach eachtrannach iad sin atá ann indiu, méid gabhair gach fiadh.
24. CEAPACH can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. SONNACH mar theorainn re garrdha do bhí ann anallód; óir is eadh as CEAPACH ann, garrdha re mbeadh a shamhail sin do shonnach nó do theorainn. Is amhlaidh do-ghníthí sonnach ceapaighe i. fál cuaille 'na mórthimcheall, bun gach cuaille díobh i dtalmhain síos agus rinn beara ar a barr in áirde. "Ceap" bunadh an fhocail sin, ó'n ní is "cippum" is an Laidin. 25. LEATH-ÁRDÁN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. ÁRDÁN .i. cnoc atá ann. Acht ní cnoc iomlán é acht leath-chnoc .i. fánaidh leis i gcoinnibh Siúire agus is réidh an leath eile. Gonadh de sin is LEATH-ÁRDÁN é. 26. CRUACHÁN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Ón chruth. Dealbh cruaiche cruinne ar an tsléibh. Agus is iomdha cruach atá re a n-áireamh is Éirinn, amhail atá Cruach Phádruig i gConnachtaibh agus a lán eile. Is follus dúinn as so gor chruinn iad na cruacha do bhíodh in Éirinn anallód, ní hionann do réir chrotha agus iad sin bhíos anois againn. Dealbh tighe ceathar-uillnigh orra sin. 27. LEACAIN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Leaca agus gruaidh nó pluc, amhail atá i nGaedhilg na tuaithe, is ionann brígh dhóibh araon. Agus amhail bhíos leaca nó gruaidh in eudan duine, is amhlaidh sin adeirtear LEACA re réidh nó fánaidh sléibhe ar badh dhóigh go mbeadh dealbh ghruadha duine. Is uime adeirtear LEACAIN in ionad LEACA, na daoine ag cur Tabharthadha in áit Ainmneadha ann. 28. COM SEANGÁN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. COM ón ní as CANBO-S is an Ghaedhilg chian-aosda. Agus is de sin atá Cuan Mori-Cambi i Strath Clúid indiu .i. muir-chom.
Ba é ba CHOM ann .i. cúil sléibhe. Is uime tugadh COM SEANGÁN ar an gcom so, do chionn go mbíodh iliomad díobh (.i. seangáin ) is an áit. Óir is gnáth dóibh sin a n-árus agus a n-áitreabh do dhéanamh in áit éigin gainmhe. Is aire adubhradh seangán leis, do bhrigh gor seang a chorp. Agus atá loch i gCom Seangán agus Móin an Mhullaigh ós a chionn ar bhárr sléibhe. 29. GORT ÁRDACH can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Árdán ann, is an áít i bhfuil an gort so, amhail as léír do lucht a h-eoluis indiu. Gonadh ón ardán sin tugadh an ainm ar an ngort. Mádh do réir fuirne iomorra, is eadh badh chóir a chur ann .i. GORT EÁRDACH. Óir adeirid ná fuil an ní sin as ÁRDACH is an Ghaedhilg idir agus dá bhrigh sin nach cneasda a rádh gorab é an ní as ÁRD ba bhunadh don ainm. Adeirid fós gorab é as brígh don fhocal so EÁRDACH, an brígh atá leis an ní as earth-y is an Bheurla, agus gorab ionann idir cruth agus brígh an focal EÁRD is an Ghaedhilg agus earth is an Bheurla, leith ar leith. Agus gorab uime adeir- thear EÁRDACH leis an áit, do chionn a bheith trom torthach in a úir agus in a fhonn agus ina fhearann. 30. CURRACH NA NGARRDHADHA can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Currach atá ann go n-iomad garr- dhadha in a mhórthimchioll, gonadh amhlaidh sin do lean an ainm de. Garrdha iomorra, ón ní as "gardr" i dteangaidh na Lochlannach é sin. 31. LIOS AN SMUTÁIN can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Cuaille mhór crainn do bhíodh i lár leasa ann. Óir is ionann smután agus cuaille nó ceap crainn.
32. CRAMPÁN AN tSUAIMHNIS can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Crampán ann .i. áit i dtéid sruth in abhainn. Is uime adeirthear CRAMPÁN leis do bhrigh gorab CAM bhíonn i gcomhnaidhe. Óir is eadh as CRAMPÁN ann .i. ón ní as cramp is an Bheurla. Is dócha go dtugtaoi cramp is an t-sean-Bheurla ar an ní badh cham nó cruaidh nó badh dheacair a dhéanamh. Is ar an adhbhar sin tugtar cramp ar chruaidh-Ghaedhilg nó ar phort ar bith badh dheacair a sheinm. AN tSUAIMHNIS iomorra, is uime atá sin da thabhairt ar an gcram- pán úd do bhrígh gorab ar a bhruach is gnáth dona h-iasgairíbh a sgítheas do leigin an tain bhíd ag gabháil an éisg. Agus amhail ba shámh leo a bhfosadh ann, agus b'adhbhar suanchodalta dhóibh an ghrian gheal ag taithneamh orra agus dá ngoradh ann, is aire tugadh an ainm. Idir May- field agus Caisleán an Rocóidigh atá. 33. CÚILÍN NA FAITHCHE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Cúilín nó cúinne deireata is an fhaithche ann. Is eadh as FAITHCHE ann .i. machaire réidh béil doruis leasa nó cluiche-mhagh i ndéintí gníomha gaile is gaiscidh anallód. Is ar an fhaithche sin tionóltar aonach na Carraige indiu, agus is dócha gorab inte do tionóltaí gach aonach da ndéintí acu is an tsean-aimsir. Óir is eadh as AONACH ann iar bhfír, oireacht fear re gaisceadh nó suadh re seanchus nó fear ndlighidh, dochum a ndualgus féin do choimhlíonadh agus a mbreatha nó a n-órdughadh gníomh is gaisceadh nó léighinn nó foghlama do chur i bhfeidhm. Acht is eadh as ciall d'aonach indiu .i. margadh i ndíoltar agus i gceannuighthear beathadhaigh nó eallach. Agus atá áit eile ar luinneán, i gcoigcríochaibh
Mumhan agus Osraighe, ris a ráidhthear Faithchín. Faithche bheag ann. 34. CILL CHLISPÍN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. An tí Naomh Clispín do bheith ann agus is uaidh do h-ainmnigheadh an cheall 'san reilg. Gonadh aire tugadh Cill Chlispín ar an áit. Acht ní feas do neach ar bith fear a chomhanma sin do bheith ar naomhaibh Éireann agus ní mó ní dóigh go mbadh Gaedhealg an ní as Clispín. Is eadh dochíthear badh chóir ann .i. Crispín, ón ní as Crispinus is an Laidin. Is cuma do bhí an áit agus Rómhánach éigin do thuidheacht chúiche dá oilithre anoir agus atá a ainm ar an áit ó choin ille. 35. TIGH AN CHALAIDH can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Caladh do bhíodh trasna na Siúire áit i dtéid Luinneán inte. Do bhíodh teach ar an taoibh ba theas don abhainn, dob' árus do mhuintir an chalaidh. Gonadh de sin atá TIGH AN CHALAIDH ag leanmhain don áit. 36. CÚL NA LOINGIDE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Ní feas do neach bheo créad fá dtugadh an ainm sin ar an ionad so. LOINGID .i. adhbha re h-uachtar do phreabadh 'san mheadair do dhéanamh ime é sin. "Lointhe atá anois uirre i nGaedhilg na tuaithe. Is ón phreabadh sin do thugaidís muintear Chiarraighe "bainne fuair scanradh le bata" d'ainm ar an mbláthaigh. 37. DUBH-GHLAIS can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Óir is dubh an GLAS atá ann. Glas, iomorra, ainm srotha é sin is an Ghaedhilg. Is uime tugtar glas ar shruth, do chionn an dath sin do bheith air. Óir is glas gach sruth agus gach faobhar. Adeirtear fós GLAS re lá ar a mbeadh
nimh fhuar, an tain shéideas an ghaoth anoir. Bíonn glas dá thabhairt fós ar each nó ar chaoirigh, amhail atá "Uaimh na Caorach Glaise" atá in Uibh Fatha. Tuille eile, tugtar glas ar an bhfeur an uair badh ghorm-liath nó riabhach a lí, nó ar shearbh-dhígh gcaoil amhail anglais nó a leithéid. Ar an teor- ainn idir Cúl na Loingide agus an Bhuaile atá an Dubhghlais seo agus a bun 'sa Chlóidigh, iar ngabháil thar droichead an Rossa dhi. An Uidhir .i. sruth eile sin darab bun an Chlóideach. Teora í sin idir an Sean-Bhaile agus Cill Chluana. Áth an Bhrocháin, bun abhann eile sa Chlóidigh é sin. Tré Mhóin Mionán ghabhas. 38. AN BHUAILE can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Ón ní as BÓ. Óir as ann doghnídís na ba ingeilt agus is ann doghníthí a mbleaghon 'sa tsamhradh. Agus is iomdha ionad in Éirinn darab ainm an bhuaile cheudna. Óir as inti do bhíodh iomad bó anallód agus do ghoiridís Gaedhil an bhuaile don áit ndéintí a mbleaghon. 39. CILL ODHRÁIN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. An tí Naomh Odhrán dár ainmnigheadh an cheall agus an reilg, is de atá. Agus atá a chéile sin d'ainm ar Theampoll Odhráin atá in Uibh Eirc. 40. BAILE NA nDÉISE can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. Áitreabh nó árus comhnaighe is cóir a mheas do bheith ag dream do Dhéisibh Mumhan ann, re linn na Danair .i. na Gaill do ghabháil réime is ceannais i bPort Láirge. Nó gorab in aimsir na sean-Ghall tugadh an ainm. 41. BUN MACHAN can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Is ann atá bun abhann na Machan .i. abha í sin atá i bPaorachaibh ó Chom Machan is na sléibhtibh go fairrge soir.
42. BÓTHAR AN MHACHAIRE can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Feacht n-ann tárla idir Iarla Deas- Mhumhan agus Iarla Oir-Mhumhan is an ionadh sin, gor fearadh cogadh cruaidh crólinnteach eatorra, gor briseadh an cath sin ar Iarla Deas-Mhumhan, gor créachtnuigheadh go geur agus gor gabhadh i ngeimheal ó neart a namhad é. Agus is don chogadh sin do lean an ainm sin don áit, óir is eadh as MACHAIRE ann .i. cogadh. Acht ní fíor gorab dá shamhail sin atá ainm na h-áite seo. Atá "bachram" .i. focal is an Ghaedhilg ag an daoscurshluagh darab brígh cogadh nó bruighean; acht ní hé sin ba bhunadh anma don ionadh so, amhail as léir do gach neach thuigeas an nGaedhilg, don fhuirinn sin dá gcuala an ainm seo ag a thabhairt riamh. Acht is eadh atá ann .i. BÓTHAR AN MHACHAIRE agus is uime tugadh sin air, do bhrígh gorab é an bóthar ba bhóthar don mhachaire sin. 43. BEARNA BHÉIL AN BHEALAIGH can as do h-ainmnigheadh? Ni ansa. Bearna sin idir dá shliabh agus Móin an Mhullaigh léi anoir-ndeas. Is uime adeirthear BEARNA BHÉIL AN BHEALAIGH léi, i dtaoibh an Bhearna sin do bheith ar bheulaibh .i. os comhair an t-sean-bhóthair ón Charraig siar go Dún Garbhán. Agus atá sligheadh fós tré ngeobhadh duine uidhe aon bhaile díobh sin agus is i mbun na bearnann sin atá. Atá an loch, dá ngoirthear Com Seangán leis an mbearnainn anoir agus loch eile darab ainm Loch uí Chrotaigh léi aniar. Is innsin atá Stolla Uí Chrotaigh .i. gallán cloiche ó lingeadh sé thar clais doimhin, atá ar an tsléibh ann, go cuas atá ar eudan na faille anonn isteach. Ropaire b'eadh é, an
duine sin do mhuintir uí Chrotaigh agus ní'l aon am dá mbíthí ar a thóir agus ar a lorg, ná lingeadh thar clais anonn samhlaidh, dá dhíon féin ar a naimh- dibh. Is amhlaidh ná raibh fear a dhiongbhála léim ná lúth ara mbídís ar a thóir agus do bhí do dhoimhne agus do leithead na claise agus d'uathbhás a h-amus, ná leómhadh neach díobh a leanmhain do léim anonn. 44. BEUL ÁTHA UÍ LÚBAIGH can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Fear éigin, darab shloinneadh ó Lúbaigh, do chomhnuigheadh is an áit agus is amhlaidh do bhíodh a árus, ar bheulaibh nó ós comhair átha atá san abhainn ann, gonadh aire sin do lean BEUL ÁTHA Uí LÚBAIGH mar ainm ar an bhaile. Agus atá a chéile sin d'ainm ar bhaile eile atá i ngiorr- acht deich míle siar uaidh .i. Beul Átha Póirín. 45. DROICHEAD NA nGABHAR can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Is ann do díoltaí agus do ceann- uighthí na gabhair gach lae aonaigh Chluana Meala. Óir is amhlaidh do feartaí aonach anallód, sain- áit fó leith do gach cineul beathadhach ann, gonadh de sin as iomdha áit in Éirinn, ar a bhfuil ainm beathadhach dá leanmhain anois. 46. CARRAIG AN IUBHAIR can as do h-ainm- ngheadh? Ní ansa. IUBHAR do theacht ann os comhair na carraige, is de ainmnighthear an baile. Agus is iomdha áit in Éirinn re a n-áireamh fuair ainm ón chrann sin, amhail atá Tír an Iubhair, láimh le Baile átha Cliath agus Iubhar Chinn Tráchta agus aroile. Adeirthear gorab d'adhmad an chrainn sin doghníthí na fiodh-bhaic .i. bogha na saighead do lámhach anallód.
47. CUILNEACH can as do h-ainmnigheadh? Ní ansa. Coill chuillinn do theacht ann, óir is eadh as cuilneach ann .i. coill chuillinn. Adeir- thear go raibh do bhuaidh ar an gcuilleann, ná raibh dá mhéid do ghearrfaidhe é, nach amhlaidh go mbadh fearrde an faobhar é. Tráchtar ar an gcuilleann Oidhche Shamhna idir lucht na n-almsann do chnuasach. Is eadh as beus dóibh, rithid gus an ndorus agus glaodh fad a n-anála acu. Agus is eadh ghlaodhaid, "sioc sioc, a bhean an tighe." Innsin eirghidh bean an tighe istigh agus cuiridh an cheist cheudna orra fó thrí dá rádh, "cainneal is caind- leóir ann is ca'l a leath-cheann sin?" Is éigean dóibh sin leath-is-amuigh freagra eugsamhail fó leith do thabhairt ar gach ceistniúghadh díobh sin agus dá dteibeadh sin orra, a chead do mhnaoi an tighe gan ní do thabhairt dóibh. Is eadh adeirdís dochum an cheud cheist do fhreagairt .i. "cuilleann do ghearrfaidhe sa tsamhradh agus do chuirfeadh sé ceann ar thigh." Ní fheadar-sa an fuigheall geint- lidheachta é sin, nó nach eadh. 48. TIUBRAID FHACHTNA can as do h-ainm- nigheadh? Ní ansa. An tí Naomh Fachtna do bheith ann, óir is ann atá a cheall is a reilgre a bhfeicsin fós. Is ionann TIUBRAID agus tobar is an Ghaedhilg. Atá áit in Uibh Fatha ris a ráidhtear Tiubraid agus adeirthear gorab ann atá an dochtúir diadhachta agus an seanchaidh fíor-eolach .i. Seathrún Céitinn. Atá fós Tiubraid Árann dá thabhairt ar an mbaile sin, do chionn tobar do bheith is an áit.
SLEACHTA AS TUARASCBHÁIL IOLSCOILE NA MUMHAN. I. Tuarascbháil na Scoile atá fá chomhair an Aosa Óig i Rinn ó gCuanach i nDéisibh Mumhan. Ós feas ná fuil ní ar bith is mó agus is milltighe ghoilleas ar aos óg na hÉireann is an aimsir seo ná uireasbaidh scoile i mbadh acfuinn dóibh an léigheann agus an teagosc sin badh dhual do Ghaedheal d'fhaghbháil, ba rún le Muintir Cosnamha na Gaedhilge a leithéid sin do scoil do chur i gcóir, dochum a chomhmhór sin do ghábhadh do fhriotháileamh. Agus amhail nár lugha orra sin a ndol féin d'eugaibh ioná Gaedhil agus an Ghaedhealg do dhul ar ceal, ar an adhbhar sin, ba mheathtacht agus ba mhearbhall leó neart naimh- dighe na galldachta ag taoscadh Gaedheal is dá ndíogadh gach lae is gan iad féin do theacht dá bhfóirithin. Óir is feall, is fuadach, is slíobadh in aghaidh fionnfaidh, is casadh tuaithbhil gan scaoil- eadh gach oideas agus gach teagosc dá ndéintear do leanbhaibh óga na hÉireann indiu, iar mbeith don léigheann agus a chúl roimhe an méid sin gombadh deimhin focal le duine a rádh gorab beul na huaighe do Ghaedhlaibh agus don Ghaedhilg gach aon táirseach dorais scoile atá in Éirinn istigh. Is ann do tógbhadh an scol so i Rinn ó gCuanach agus is uime sin do tógbhadh ann í a fheabhas labharthar an Ghaedhealg fós ann. Buaidh agus rath ar mhuintir na háite sin an Ghaedhealg do bheith ag a labhairt ag a gclainn i gcomhnaighe,
óir nár cheileadar riamh orra an teanga mhaith Ghaedhilge, ná an fhoghluim fiannachta, ná an ceól caoin cathach, ná ní ar bith eile dá dtáinigh ón-a seacht gceud sinsear rómpa anuas. Adhbhar eile fós fá rugadh do roghain an áit seo tar a bhfuil d'áitibh ann .i. a fholláine atá, óir nach é móin ná riascach atá ann acht talamh tirm cruaidh, is gan múchadh gleanna ann acht an sliabh go breaghdha spéireamhail i mbeul na farraige amach. Do-gheuntar oigheadhacht do na scoláiríbh ag daoinibh badh fiú muinghin asta is an áit agus gabhaidh Lucht Ceannais na scoile orra féin a bhfeighil is a bhfriotháileamh le dúthracht, ionnus gombadh móide do raghadh a dturas scoile i dtairbhe dá sláinte is dá gcaoinbheusaibh is dá gcreideamh. Bíodh a fhios ag gach scoláire, dá mbadh áil leis a phromhadh do réir an phromhtha sin doghníthear ag Cuallacht Chosnamha na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath gach bliadhain, ar a dtugtar Gaelic League Scholarship Scheme, go mbadh theagosc diong- bhála an phromhtha sin teagosc dogheibhthear is an scoil seo. Atáthar in easnamh oide nGaodhlach in iliomad d'áitibh anois agus ní'l scol in Éirinn i mbadh fhearr dogheuntar léigheann oide ioná an scol so. Gidheadh, tugadh gach neach dá aire, nach eadh bhus mian le Lucht Ceannais na Scoile, teagosc d'athrughadh ná a shain-chumadh, ionnus go mbadh móide do raghadh i sochar do neach ar bith ag a riar do thuarastal beathadh acht an fír- léigheann foirbhthe do thál orra. Óir is é tuar is deimhne tuilleamh d'fhaghbháil dóibh an léigheann do bheith orra.
II. DO THUARASCBHÁIL IOL-SCOILE NA MUMHAN Atá i Rinn ó gCuanach is na Déisibh. D'aontaigh an Dochtúir ró-onórach .i. Risteard ó Síothcháin, easbog na nDéise agus comharba Dheugláin leis an iol-scoil so do bheith fá a réir féin. Doghníthear léigheann do chách is an scoil seo ar feadh dhá mhí gach bliadhain, ó'n Mháirt thosaigh Iúil go lá deiridh Lughnasa. An treas bhliadhain ar siubhal di an bhliadhain seo. Is amhlaidh tháinigh an scol so .i. beirt shagart do Dhéisibh dá tion- scain .i. Micheul ó Síothcháin, sagart agus oide re héigse agus Risteard de Hindeberg, sagart agus oide re héigse. Is dóibh sin do-chonnarcas go mbadh chóir agus go mbadh chneasta scol re Gaedhilg do bheith i Rinn ó gCuanach fá chomhair mac léighinn lenab tol an Ghaedhealg do fhoghluim, amhail is fearr doghníthear léigheann in iol-scolaibh fear ndomhain .i. a dteanga féin acu súd dá teagosc ar dtús agus gach ní dá theagosc aiste as sin amach. Is uime sin rugadar do roghain an baile i bhfuil sí mar ionad scoile tar a bhfuil d'ionadaibh i Mumhain, a fheabhas agus a bhreaghdhacht labharthar an Ghaedhealg fós ag muintir na Rinne, breis ar Ghaedhilg dá labharthar ag aon dream eile in Éirinn, agus a ghean le Gaedhla clú agus méinn na sean-mhuintire sin féin tré'r théigh a gcuid fola leo an méid sin gorab chúcha thagaid 'na slóightibh gach bliadhain, d'fhonn an Ghaedhealg sin do fhoghluim. Is as Gaedhilg beidhfear ag teagosc is an scoil seo agus ní mhúinfear d'aoin neach as aon teangaidh eile inte acht dóibh sin amháin ag ná fuil éifeacht is an Ghaedhilg. Ní'l cineula Gaedhilge
ann, idir an chruaidh-Ghaedhilg agus Gaedhilg seanleabhar na hÉireann agus an Ghaedhilg ghnáith, ná badh adhbhar foghlama inte. Múinfear gach ní do chách do réir a n-acfuinn. Bronnfar teas- bánta measa agus molta tar a chéile ar na macaibh léighinn do réir fheabhas a bhfeidhm. Atá a trí do na teasbántaibh sin ann agus ní bhuaidh- fearan treas teasbánadh is uaisle díobh gan greas in éigse éigin aineóil bhaineas leis an nGaedhilg do dheunamh agus a chur i gcló. Sain-altram is an teagosc dóibh sin darab feidhm múineadh scoile agus atá iar n-a ghabháil le n-a n-ais teagosc do dheunamh do réir réime an dá theangadh in gach scoil atá fá n-a smacht. Is dóibh nochtfaidhear fios friothálmha teagosca agus teasbánta, dá chur in iúl dóibh cionnus is cóir gach foghluim dá bhfuil is an réim sin do mhúineadh as Gaedhilg, amhail atá teagosc na háirmhe agus an gheometria agus an algebra agus an gheografia agus gach ealadha ar cheana. An dream sin ar eudáil leo an Ghaedhealg do bheith dá teagosc in Éirinn as Gaedhilg agus léigheann do bheith ar Ghaedhlaibh, mar is gnáth do dhaoinibh foghlamtha an domhain, bíodh an méid sin acu mar ghlaodhach cabhartha orra teacht i gcabhair ar mhuintir Iol-scoile na Mumhan. Is cruaidh sin atá airgead d'uireasbaidh orainn agus leabhair re haghaidh leabhar-lann scoile do thionscain. Má chuirfidhear aon chuid airgid nó aon leabhar go Micheul ó Síothcháin, sagart agus oide re héigre, atá i Rinn ó gCuanach re Dún Garbhán anoir, nó go Risteard de Hindeberg, sagart agus oide re héigse,atá is an áit cheudna, glacfar go fonnmhar é agus beurthar buidheachus go poiblidhe leis an ndream dobheura uatha é.
LITIR. I bPortcládhach, I nDéisibh Mumhan dam. Agus ag so an dara lá do mhí Lughnasa agus bliadhain d'aois an Tighearna 1903 an tan so. Do Liam ó Míodhacháin, Beatha agus sláinte. A dhuine chóir, B'aoibhinn liom litir uait dom' thochuireadh-sa féin go Dúngarbhán, i gcomhair an aonaigh atá fúibh-se a chur an Domhnach so chughainn. Má's cead le Dia is cead duit-se m'ainm-se do bheith dá luadh agaibh thiar, mar bhreitheamh do bhreitheamh- naibh an lae sin. Níorbh' adhbhar áthais liom a bhfaca ó ghabhas cuan in Éirinn an tain so agus atá smúit thar an gcroidhe agam dá bhíthin sin. Óir ní raibh aon lá dá gcaithinn is na coigcríochaibh thall, nár dhóigh liom gor lá breise beódhachta do Ghaedhealaibh i bhfus é. Acht is é a chotarsna sin thárla, mar is amhlaidh shamhluighim anois é, na Gaill do ghabháil breise agus bríogh chucha agus meath ar Ghaedhealaibh. Truagh sin gan cineadh Scuit i réim is i gceannus agus tóir ar Ghallaibh. Is truaigh liom cléir na h-eaglaise sinsir agus an dream óg ag a ndalladh le neart Beurla aca. Badh chóir greas fa chomhair aos seinte bheidhlín agus píob ar na cuimleangaibh ciúil agus oir- fididh. Ní feas dam port do fheudfaidhe a sheinm
ar an adhbha sin dá ngoirthear "an chuisle ciúil" nó "fife" is an Bheurla, mar is léir do gach neach chleachtas ceol na hÉireann. Má's ní é go bhfuil an t-uasal-shagart agus an t-ollamh léigheanda do mhuintir Shíothcháin i bhfogus díbh, beiridh mo bheannacht-sa chuige agus míle slán. Gile gréine go dtaithne leis agus libh-se. Mise, Risteard an Tighe Mhóir, mac Phiaruis de Hindeberg.
AGUISÍN. I. EACHTRA CHONÁIN UÍ CHEALLAIGH ANSO SÍOS. Do bhí Conán i mbun a ghnótha ag an fhoghlaidh i gcomhnuidhe acht níorbha fhearrde a bhiadh ná a dheoch ná a eudach dó a léire do bhíodh ag deunamh aoghaireachta. Ba ghnáth dó trí treana do dheunamh don ló .i. trian ag buachailleacht, trian ag cleas- aidheacht agus trian ag lámhach sleagh agus liathróide. Tiach beag mine tíre a lón lae dó ag casadh na mbófán bhfásach, le loinnir luisne gréine agus le breacadh bán-sholuis na maidne muiche. An uair do bhíodh na ba ag aoibhill, do chuireadh go a mbolg san abhainn i bhfoscadh na gcrann iad; an tain ba dhaitheanach dóibh agus iad ag cognamh a gcíre, do theigheadh innsin ar a chleasaibh faobhair agus gaisgidh. Do bhí seacht gcleasa fichead aige in eughmais díorghudh cuirp ar reannaibh. Is amhlaidh doghníodh sin, a shleagh do chaitheamh go ceart-árd i nglinntibh an aeoir dó go nárbha mhó leat ioná snáthad uait in áirde í agus a tuitim innsin agus a los réimpe go dtéigheadh slat i dtalmhain síos. Is innsin do éirgheadh go h-athlamh úr-eudtrom, go mbíodh ós an rinn ináirde gorab ar an rinn, do leagadh a imlinn gan fuiliughadh gan foir-dheargadh air agus a chorp do dhíorghudh go mbadh comh- dhíreach le gad fionn-choill. Ba luaithe ioná áinle ag fiadhach chorr-mhíoltóg agus mion-chuileog maidin
bhrothaill lae shamhraidh, nó bró mhuilinn ag meilt bhracha, gach casadh curatta dobheireadh timchioll as a chorp comh-réidh comh-dhíreach. Is innsin do éirgheadh do léim tré neart a dhá lámh de rinn na sleighe ináirde, go dtarraingeadh a los as an dtalmhain aníos, go ngabhadh leithead a dhá bhonn ar lár agus an tsleagh ar a ghualainn. Cleas eile leis .i. dreapadh re cranna. Buinneán díreach cruaidh-righin fuinnseoige do lúbán le bun an chrainn aige agus a rith as sin bonn re cairt, gombadh déine luas a reatha ioná as fearr do scinnfeadh cat crann agus conairt con ar a thóir, go mbadh aoirde a cheann ioná an mhaoilinn mhullaigh chrainn suas. Dála a lámhaigh, níor chaith urchor iomroll riamh agus níor aimsigh ní nár mharbh dámbadh beo, agus do ná deárna bruar agus mion-bhrúscar dámbadh marbh. Cleas eile dó an uair do bhíodh i mullach chrainn, cor éisg do thabhairt as a chobhail amhail cor fír-éisg in aghaidh thuileadh Easa Iascaigh Ruaidh nó cor áinle fá shaithe mion-chuileog, nó cor naoscaighe maidin shicreodhtha Márta, go dtéigheadh don léim sin a maoilinn an chrainn go mbíodh i muthall agus i muing a chéile, go sleamhnuigheadh le cairt go lár agus go lán-talmhain, gan sossadh air acht sossadh giolla an ghabhann. Lá dá raibheag taithighe a chleas amhail adubhramar, do ghaibh An Gadhgach Gadaidhe an sligheadh. Is amhlaidh do bhí An Gadhgach agus nárbha lugha ar a naimhdibh ioná ar a cháirdibh é. Geas dó deigh-mhian do bheith in a chroidhe ná in a chliabh agus a fhios aige ón tSatharn go chéile. Ba leor uamhan agus imeagla, scannradh agus sceimhle a eugcosc agus a fheicsin an ghadaidhe. Ba mhó a cheann ioná coire nónbhair i dtigh rígh-bhiadhtaigh i mbeul slighidh do shlighthibh Éireann. Ba chaoch leath-shúil leis gan inte acht méid sceicheora. A céile iomorra, ba
chommór in a chionn re maol-dorn oireamhan do bhiadh seacht mbliadhna re treabhadh garbhthonn learg na réidh-chnoc. Commór re clár ceuchta ceachtar a dhá chluas. Ba shamhalta re gob inneona a shrón. Ba choimméid re ceann mic mhíos an meall mór feola do bhí ar a bun. Ní raghadh síneadh ar a bheul gan a dhá chluais do tharraing siar go clais a dhá chúilidh. Badh shia leat ioná cos shuidhe thré- chosaigh gach stair-fhiacail tuirc do bhí in oirthear a chinn, 'siad barr-dubh bun-bhuidhe. Andar leat ba dhá chrann speile a dhá chois, sála fada faoi ba shia siar uaidh ioná a ordóga soir uaidh. Dar leat gombadh colpa súiste go n-a buailteán ceachtar a dhá righeadh agus a dhá dhóid. Antan do imthigheadh, ba gheall a fhuaim agus a fhothram le clagarnaigh mála tharrainge ar mhuin asail ag sodar, leis an siansán agus leis an scrios doghníodh a chuid cnámh ag cuimilt dá chéile in a chreatalach istigh. Dochonnairc an mac mbeag tar mothar an chrainn ináirde. "Cuach chaol-bhuidhe i maoilinn géige," ar sé, "biaidh an bhliadhain gan rath," agus caithis cloch leis. Rug an macaomh ar an gcloich agus do chaith síos uaidh go ndeachaidh feadh i dtalmhain iar dtolladh a chloiginn don Ghadhgach agus iar mbreith a inchinne anonn as a chionn siar don urchor sin. "Mo aithis do chaithis, a ghiolla," ar sé. "Aisiog do casadh," ar an giolla. Is de sin atá "aithis a muing chrainn." Gorab amhlaidh sin fuair bás. Níor fearadh a chluiche caointe acht eunlaith na hÉireann idir fiacha agus fiolara ag breith a ionathair agus a scartach leo i nglinntibh an aeoir. Gonadh sin eachtra An Ghadhgaigh go nuige sin. Tarbh trom taobh-leathan boí i llaighnibh. An Tolgach Colgach a ainm sin. Ba fhiadhain fraochda feargach anté do bhí ann. Ba mhór scannradh a fheuchain. Ba gheall le torann tréan tóirnighe
a ghéim agus a bhúithreach tráthnóna samhraidh agus é ag treorughadh a threoid ar amus a lis agus a lán-mhacha. Do bhí a úrghráin agus a imeagla ar Laighnibh i gcoitchinne, ó Dhroichead Átha go Cumar na dTrí n-Uisce, an chuma sin go dtéighdís fir i bhfolach i gcuasa na talmhan agus mná agus mion-daoine i gcúil deirrit an tighe le buile sceoine fá gheoin na géime sin. Beus dó na buachaillí do mharbhadh. Lá ná marbhadh buachaill mbó, níorbha shámh leis a chodladh an oidhche sin. Is amhlaidh do mharbhadh iad, adharc do chur fútha agus bheith dá gcaitheamh ináirde gan leigin dóibh tuitim ar lár gorab 'na leadhbaibh leadartha do roichdís talmhain fá dheoidh. Lá dá raibhe ag tabhairt cuairde na Laighean go bhfaca an bhólacht uaidh tar Life anonn ag ingeilt ar fheuraibh in insidhibh boga na h-abhann, gor ghabh mian é tuidheacht chucha ar snámh. Is ann do bhí Conán ag fuineadh éisc ag an teinidh ar a chionn, in eughmais a arm agus a iolfhaobhar. Ó 'tchon- nairc an tarbh é, ba áil leis a mharbhadh amhail gach buachaill agus táinigh ar a amus do shiubhal. Is innsin do ling ón tsiubhal gus an sodar agus ón tsodar gus an ruille ruathair agus ró-reatha, go dtug sidhe sanntach faoi dá mharbhadh. Do éirigh an maccaomh ón teinidh go ndeachaidh do léim idir a dhá adhairc isteach agus iar n-a mhuineul siar gá dhruim agus iar n-a earball go talmhain. Ba iongnadh leis an dtarbh iomorra a dhul as, óir ní thug fogha fa bhuachaill riamh roimhe sin nár mharbh don cheud amus. Agus do iontuigh ar an mac mbeag arís agus táinigh dá ionnsaighidh súilibh lastaibh le binib agus le búithrigh agus lasair bháis in a dhá shúilibh. Is innsin do éirigh a bhruth agus a bharann ar an macaomh go ndubhairt: "amus is cead, a thánaiste is iomarcradh," agus is isteach idir dhá chois thosaigh an tairbh dochuaidh
agus amach idir a dhá chois deiridh siar. Agus ag gabháil amach dó rug ar a earball agus stothais as. Do ghabh dásacht mire an dtarbh innsin tré méid a chreuchta agus a náire gor mhaidhm a bhúith- reach as go tairptheach uathbhásach agus lingis dochum an bhuachalla dá threascairt. Acht do ghabh sin bailc-bhéim mbríoghmhar don earball in a dhá shúil, gor bhris in a chionn in aoinfheacht iad. Níorbha luaithe saobh-choire ag casadh ioná gach casadh doghníodh an tarbh agus é ag iarraidh a dhaille do réidhiughadh agus eolus a throda do fhaghbháil. Bíodhgais an mac beag ar chionn a arm gor chuir a shleigh tré com agus compar an tairbh amach iar scoltadh a chroidhe in a chliabh. Leigis osnadh a euga uaidh agus fuair bás. Do righneadh sluaghadh mór le Laighne go dtáinigh drong díobh do argain Mhaighe Breagha agus do bhreith a eallaigh agus a bhó agus a chreiche agus a tháinte dtreud in eulódh agus i bhfuadach leo. Is dó ráinigh argain na críche i raibh Conán gona bhuaibh, do Dhiarmuid Chlaon Ó Ceallacháin, do Uíbh Eirc. "Maith, a ghiolla," ar sé, "na ba ille chugham. Is déidheanach sa ló anois é agus is leabhair an rian atá romhainn anocht. Mór dá nduadh fuaras-sa ag a lorg i lios agus i leirg, in árd agus i bhfánaidh. Dírigh ar amus an átha iad, is leasg liom siubhal." "Ní díreochad," ar an giolla, "agus ní mó ní dhíreocha tusa an feacht so iad." "Nach truagh mé," ar an díbhfeargach, "agus beith in Uíbh Cinnsealaigh ó ló anocht orm." "Ní fhuil neach dod' fhasdódh innso," ar an giolla, "acht atá fear do dhiongbhála dod chosc." "Is éigean dúinn gabháil le a bhfuighbheam," ar an díbhfeargach. "Ní creach sin acht comhlann aoinfhir," ar an giolla. Caithis an díbhfeargach sleigh rinn-gheoir bhfanbhar-ghlais bhfaghairtha leis le fonn a threascartha. Adchon-
nairc an giolla an sleigh sanntaigh ruachtaigh chuige agus tug aithne urchuir iomroll uirre. Níor chlaon an giolla eadh ruainne as a láthair acht é go comh-dhíreach curatta 'na cheart-sheasamh go ndeachaidh an ga tar gualainn leis siar. Scaoilis an dara sleigh leis go ndeachaidh tar a céile. Scaoilis bior mbalcmhar mbun-reamhar mbarr- gheur leis innsin go ndearna clais i bhfolt bhaithis a chinn. "Is amaileach an lámhach," ar an giolla agus do chaith cloich leis, go dtárla i gceart-lár a scéith don díbhfeargach, go ndearna brus bruair de. Do tharraing an díbhfeargach a chlaidheamh as a thruaill agus do bhí ag a bheartughadh. Do chuir Conán cloich in a chrann-tabhall innsin agus leigis ar amus an chlaidhimh í gor bhean as a láimh é, go raibhe i mullach an chrainn ós a chionn siar. "Tiagham ar ghleo gan gaisceadh," ar an giolla. "Tiagham," ar an díbhfeargach. Cuiris an giolla a chrann-tabhall uaidh innsin agus do ionnsaigh- eadar a chéile go nimhneach náimhdighe. Do iadh ceachtar díobh a dhá righe agus a dhá dhóid um chomm agus um chaol gcuirp a chéile agus do bhádar ag coruidheacht rae gcian. "Imtheacht gan spréidh don bhaile dhuit," ar an giolla. "Ní imtheochad gan spréidh go deo agus gan do chroiceann ar bhior agam," ar sé. "Seach ní ragha tú le spréidh ní ragha tú 'na n-eughmais," ar an giolla, "óir bidh fuilteach ár n-imscaradh (araon re chéile)." Agus fáscais an ndíbhfeargach innsin idir a dhá righidh gor bhean cnáimh gcláir a ochta re cnáimh a dhroma gor bhris a chroidhe agus a dhá ae 'na lár. Is innsin tug urchor seacht n-iomaire dtalmhan de uaidh soir agus a cheann roimhe, gorab ar a bhaitheas tárla, gor cuireadh a cheann tar compar a chléibh imeasg a ionathair isteach, gor múchadh amhlaidh sin é. Gonadh é sin bás rug é.
Do chas an giolla na ba don bhaile innsin go macha an fhoghladha. "Cadé an mhoill-se ar na buaibh agat an tráthnóna so?" ar an foghlaidh. "Ní raibh gach moill dá raibh ann nach saoghlughadh duit-se é," aran giolla. "Faghaibh gad dam," ar an foghlaidh le n-a mhnaoi, "go gcrocha mé so. Atá ró-bhrothall ar an choileán so." Is le gad do chrochtaí daoine an tain sin. Tug an bhean an ngad anonn chuige agus dob' áil leis a chur fá mhuinéal an mhic. "Fios mo chinidh agus mo chineoil agus mo dhúthchasa damh-sa," ar an giolla, "nó is duit-se bhus miste é." Ba ait leis gan breith ar an ngiolla dó amhail ba ghnáth agus do éirigh a bhruth agus a fhearg air go dtug bíodhg dá ionnsaighidh agus dorighne drannadh le neart fuinn agus díoghraise a chrochta gor nocht deud a charbaid uachtaraigh agus a theanga tar a charbad n-íochtarach soir amach. Is innsin do bhíodhg an giolla an sleigh chuige, go ndeachaidh a rinn idir a dhá bheul isteach agus go dtáinigh idir a dhá chúilidh siar seall seachtair amach. "Is liach tar beul an mhíor sin," ar sé, "míor mo mhillte" agus dochuaidh do eugaibh samhlaidh. "Foghail ar fhoghlaidh an doruis oscailte," ar an giolla." Do bhí bean an fhoghladha ag an dorus thall. "Ba ghad um ghainimh súd," ar an giolla agus leigis cloich as a chrann-tabhaill léi go ndeárna cnó- mhaidhm cró dá cionn. Bleaghaidh an ndruimfhinn n-uidhir innsin agus cuiridh uime a chulaidh catha agus cruadh-chomhraic gona chlaidheabh ar a shlioss um a thrí sleagha, a thrí beara, agus a thrí gaoithe geura guasachtacha. Do bhí tiach na mine tar a chreat is é ceann-lom cos-nocht, go dtug a aghaidh siar ó thuaidh ar lorg na druimfhinne uidhre dob eolaidhe gá dhúthaigh féin dó, agus ní aithristear a sceula go rángadar Sionainn fón ionnus sin. Do bhí
iascaire ag iascaireacht i gcoite agus glaoidhis a ghlaodh gcalaidh uaidh air. Do fheuch an t-iasc- aire agus táinigh i dtír. "Cidh iarra, a ghiolla?" ar sé. "Mo bhreith tar caladh," ar an giolla. Antan dob fheas dó an giolla do bheith i dtír aineoil táinigh a mhian go hanbhail ar an mbuin agus do chinn aige féin a goid agus an giolla do mharbhadh, acht do léig mian a dhá shúla fiosrughadh leis an ngiolla agus ní raghadh leis isan gcurrachán. Do eirigh eatorra innsin [a ndol isan uisce agus an t-iascaire do bhádhudh don ghiolla. An giolla do dhul do shíor-lorg na bó go gcuala glam gcon Thaidhg uí Cheallaigh i gcoillidh. A chuimhne do chasadh innsin air. Sluagh i bhforbhais ar an dtigh .i. sluagh Chathail uí Cheallaigh, mhic sheathar Thaidhg, táinigh do bhuain an righe de. Tadhg do bheith i seirg-lighe. An dearcaidh do rádh leis maccaomh dob' áilne do mhaccaibh an bheatha do bheith ag fógairt chatha agus chomhraic ar Chathal. Troid dóibh innsin. Conán do bhuain a chinn do Chathal … ]
EACHTRA DEIDHEANACH NA BHFIANN. ANSO SÍOS. Rí ró-ghlic agus roithleach raobach ro ghabh forlámhas agus ceannus feacht riamh i bhflaith ifrinn .i. an diabhal dásach deamhnaidhe. Ba líonmhar tra an bhuidhean bhreun do thaithigheadh a theach sin, mar atá, síodhbhraidhe an tseaca, árrachta na h-aingceise, truagháin trothluighthe, daoine damanta, go sluagh mór diabhal agus deamhan n-ifrinn. Ba dhona, ba ghránda, ba aingceas cóir an tighe sin. Teinte ar lasadh ann, coiridhe ag fiuchadh, builg ag béiceadh, boladh agus breuntas na gcorp ngonta dá mbearbhadh, stealladh agus borb-anfadh an lingeadh lasrach, gréachadh agus gol-ghrafainn an lucht sírchreachta, fothain fíochmhar, gríos ar lár, dé ar barr, pian gan spás, ochbhadh gan scíos, gleo agus geur-ghol suthain 'san teinidh threathan-ruaidh i meadhon an tighe istigh. Ba aidhbhéil, adhbhal, uathbhásach gach cleas dá gcleachtaí is an dúnadh sin an diabhail. Ba urramach umhal dá rígh gach aicme dá dtárla i ngéibheann ann. Níor sheunadar a umhlughadh agus a fháilte d'fhearadh roimhe acht aon treabh amháin dá theaghlach. Is amhlaidh do bhídis sin, i bhfód ar leith dóibh féin ar chomairche ríogh ruithnigh nimhe agus lúith a ngeug. B'iad sin tearmon do bhíodh orra sin ag a thoirmeasc ar dhiabhlaibh agus deamhnaibh buain leo. Agus is iad do bhí ann, sean-shluagh Féinne Éireann um Fionn mac Cumhaill agus Goll mac Mórna. Is eadh b'obair agus b'ealadha dóibh, bheith ag síor-
mhachtnamh agus ag mí-dheamhain ar gach eachtra fiadhaigh agus fian-choscair dá dtugaidís anallód i n-Éirinn. Sain-obair ag Oscar agus ag Bran .i. cú oirdhearc í sin do bhí ag Fionn. B'é ba ghnó d'Oscar, súist aige agus í lúbach láidir, agus gach diabhal, mion nó mór, dá ngeobhadh tar brághaid, a bplaoscadh agus a lascadh, agus diabhal dá leomhadh fogha fa shluagh na Féinne, a leadradh ó rinn buailteáin, go ndearnadh brus dá chorp agus sligreach dá chnámhaibh. B'é ba bheus do Bran, a ghlaodh amhastraigh agus ochláin do leigin um loinnir an lae gach maidin do mhúscladh na Féinne, óir b'amhlaidh sin do chleachtadh riamh i n-Éirinn, dá gcorruighe do-chum seilge i nGleann gheal Gheimhin, i bhfeadhaibh Feimhean agus i motharaibh maotha Mumhan. Lá n-aon dá rabhadar fa'n chuma sin go dtárla an mian ceudna i gcroidhe gach duine aca dóibh ar leith, agus is é ba mhian dóibh, cuaird na hÉireann do thabhairt dá fhios an rabhadar Fir Éireann agus Alban i mbun a ndúthchais dhílis ar lorg sleachta a sin-shinsir agus dochum amharc a ndá súla do thalmhain iath-ghlais na hÉireann d'fhághbhail. Do bhí an ghaoth anoir ann agus is daingean d'iadhadh comhla ifrinn. Géisis Oscar istigh agus maidhidh a osnadh as. "Créad é an bhuadhairt sin ort?" ar Fionn. "Mian dom rochtain," ar sé. "A shloinneadh," ar Fionn. "Cuaird na hÉireann do thabhairt dam feacht n-eile," ar Oscar. Caoidhis Fionn innsin go dtárla frassa diachra deur tar a ghruadha síos leis. Do ghoileadar an Fhiann go fuidheach gorbh' lán an lios dá gcumhadh. Do labhair Conán Maol shiar .i. fear mallachtach mí-labhartha na Féinne agus is eadh adubhairt: "Bhur gcreachadh i mbrann- radhaibh breoidhte agus bhur dtachtadh i slabhradhaibh sluagh ifrinn," ar sé, "an dóigh gor feidhm
libh a ndéinidh do chneadaibh meathta mí-laochais?" Sochtais an sluagh leis sin. D'eirigh Oscar innsin go ndubhairt: "A mo rí, a Fhinn," ar sé, "nach do Phádraig atá sé indán, ó chead Dé nimhe, breath do bhreith ar fhearaibh Éireann i ló brátha?" "Is dó," ar Fionn. "Is iongnadh liom," ar Oscar, "Pádraig ag a chur in ár leith-ne ní dá ndearnamar claon sul tháinigh creideamh i n-Éirinn: óir ní gnáth le Dia ná le Pádraig daoradh na n-aineolgach, acht gabháil ag anbhfannaibh faon-laga agus trócaire do dheunamh ar bhochtaibh baotha borba, agus go bhfios damh-sa gorbh' fhann agus gorbh' fhaon an intleacht agus an aigne againne i n-aimsir na geintlidheachta i n-Éirinn." "Maith, a Fhinn," ar Diarmuid ó Duibhne, "is rún liom ní." "Créad é do rún?" ar Fionn. "Teachta do chur ar chionn Phádraig go flaitheas Dé," ar sé, "dús an gceadóchadh dúinn dul don bhaile 'nár mbeo arís, ionnus go dtriailimís ár leas i riocht ailithre do rath creidimh agus crábhaidh, ní ná feudfaimís a dheunamh go ró so." "Molaim ó chroidhe do rún," ar Fionn, "is í comhairle ar a gcinnfeam." Do chuireadar teachta iarsin d'fhios Phádraig i ríoghacht Dé. Lingis an teachta do bhíodhg tar ceann tighe amach go raibh eadarbhuais i nglinntibh an aeoir. Ní h-aithristear a sceula as a aithle sin go ráinigh dóirse an dúnaidh aolmhair, ionadh i n-áitreabhas Dúileamh na nDúl agus Slán-ícidh an chinidh dhaonda, go n-a theaghlach naomh agus ban-naomh, go dtimthireacht aingeal nglan tré bhith síor is an tsoilse shuthain. Gilithir ruithne ngréine taithneamh an doruis ghloinidhe ghléigil do bhí ar an árus sin. Do tharraing an teachta bas-chrann agus buailis ag an dorus. D'eirigh Pádraig istigh. "A mh'anam, a Oisín," ar sé,
"atá teachta ar do chionn ó'n Fhéinn." Ba fháilidh Oisín fear de'n Fhéinn dá fhios, do thib a ghean-gáire air go dtug teora póga do'n teachtaire. D'eitealladar a dtriúr de'n réim sin fó thuaidh agus cor dár chuireadar díobh, ní h-innistear go rángadar dorus dubh deamhnaidhe ifrinn. D'oscail an chomhla dá deoin féin ar a gcomhair. Ba shamhalta le luisne lán-teineadh oidhche dhorcha dhuibhré nó lasair ghréine gile samhrata tar éis na doininne gach lonnradh soilse dár scéith tar ghnúis ghlórmhair Phádraig i n-uachais úr-dhorcha ifrinn. Do shléachtadar an Fhiann go faon leis an tsoilse ruithin-ghrís sin. Is innsin do labhair Pádraig go miochar mánla leo sin go ndubhairt: "Ar bhonnaibh bhur gcos díbh, a shluaigh ghil ghroidhe na Féinne agus eirghidh amach liom-sa go cionn bliadna is lae do thabhairt cuairde na hÉireann." Agus adubhairt an laoidh: "Eirghidh liom a shluaigh ghil ghlain, Triallfam Éirinn go ró-bhail, Timcheall talmhan - buan an treas, I bhfeartaí seal ár gcruaidh-chleas. Ró órduigh duinn an rí rán Bliadhain go lá ar luath-dháil; Cuaird na h-Éireann déanam seal, Le gliadh, le rath, le creideamh. Tuillidh go treabhar bhur leas Is buaidhidh faithche bhflaitheas; Cleachtaidh cluiche lann is los Is claoidhidh cam is mórtas. Eirghidh." A h-aithle na laoidhe sin ro eirgheadar Pádraig agus Oisín agus do ghabhadar an dorus amach.
Géisidh geoin ifrinn umpa. Is innsin do ritheadar 'na ndian-reathaibh fóirne faithche ifrinn agus ro iadhadh go daingean dlúth comhla an chaoi agus dóirse an doghra. Ro eirigh an diabhal mór méirscreach, fiche míle deamhan a líon, gor aimsigh an dorus dá dhídin. Tug aghaidh ar an bhFéinn iaromh. Badh leor do bhás agus buan-eug feuchain dá luighead dá dtiubhradh neach, ar scann- radh, ar sceimhle a chealltair sin an diabhail. Eirghis Fionn go n-a sheacht gcathaibh na Gnáth- Fhéinne uime agus tug a dhórd fiansa le fad a anála as. Tochtsad cuasa cama cumhga ifrinn re gráin an choimheascair, ní nach tárla ó'n Aoine do ceusadh Críost ar bharr sléibhe gos an taca sin. Ro clos fa imeallaibh íochtaracha ifrinn glór gotha Finn gor chrith gach anam - do bhí fa dhíon an leasa leis. "Ár scaoileadh, a thrú," ar Fionn. "Fan re lá," ar an diabhal. "Cá lá?" ar Fionn, "buaic ambárach agus bonn a n-oirthear, óir ní bí lá go deoidh i n-ifreann acht oidhche shuthain gan foircheann gan deireadh agus ní téid ambárach ná a n-oirthear tar an lá indiu, go nach bia ann go bráth." Scairtis an diabhal gáire gáibhtheach fochuidbhidh fa'n Fhéinn, go ngáiris gramaisc an tsugha agus grathain na gríosaighe uime. "Mo chuimling ar ghalaibh aoinfhir ort," ar Fionn. "Dá mbadh fear do dhiongbhála me," ar an diabhal, "do badh laighde do labhartha, óir ní gnáth an calma buacach." "Cuim- ling dam," ar Fionn, "nó buadhairt agus buan- raobadh an dúnaidh." Dástar um an diabhal leis sin gor bha chuma nó soighneán solus-ruadh samhraidh gach crithir cróilíonta creuchnuighthe dár scing tré mac imbleisean an dá shúla aige. Búithris a chais mirt catha innsin go nach raibh banbh i gcráinigh, searrach i láirigh, uan i gcaoirigh, nó leanbh i mbroinn
is an triochaid triochad-gceud ba choimhneasa dó nach tug cor toll tar ceann naoi n-uaire le h-uathbhás na h-uallfairte do léig tar beula. Bíodhgais iaromh borbshleigh mbórtha seacht-rinne go nimhneach re Fionn. Is innsin ro ling fear féile na Féinne do bhaoith-léim bharr-eudtroim bhraislíomhtha i lár an dúnaidh gor bha léir lán- tsoilseach cleatha agus díon tighe fa ladhar a lurgan. An tsleagh, iomorra, teilgeadh ann gabhais fa bhonn a dhá chos go gcuala cách a golgaire ag géiseadh re fánaidh ifrinn siar. Do thúirling Fionn innsin aran diabhal anuas, cos leis ceachtar a dhá ghualann, gor bhrúigh fó lár é agus gor bhean cnead as. D'fháisceadar barróig ar chaol-dhruim a chéile leis sin, gor bha luaithithir roth-mhol muilinn ag meilt mine gach imbreasán aidhbhéil dá dtugsad immagcuaird seachnóin láir an leasa. Ro scaradar ó n-a chéile iarsin agus ro nochtadar claidhbhe scoth-gheura cruaidhe agus d'ionnsuigheadar a chéile le feidhm bhfoirtill bhfír-éachtaigh. Seacht lae go n-a n-oidhchibh dóibh fó'n tsamhail sin gor chritheadar frasa fraochda díobh .i. fras cailce dá sciathaibh, fras drithle gcrithir-ghlan gcaor dá gclaidhbhibh, fras fíochmhar deur ag fiuchadh tar gruadha an diabhail. Is 'na dhiaidh sin ro tharrang Fionn an ga glas do bhí aige agus teilgis leis é. Ro ghabh gach ndíreach i meadhon a imbleacáin é go ndeachaidh amach siar seachtar idir dhá mheall a lárach. Tuitis an diabhal go faon ar lár. Lingis Fionn do bhuain a cheann de. "Anam ar anmain, a Fhinn," ar sé sin, "is geis duit mo ghoin." "Imtheacht a geibheann dúinn," ar Fionn. "Scaoilidh libh," ar sé. Oscaltar comhla dóibh iaromh agus do ghabhadar an dorus amach. Iar rochtain na faithche dóibh, fuaradar Pádraig agus Oisín ar a gcionn. Is innsin adubhairt cách: "Toghlam
agus briseam caiseal agus cladh ndúnaidh ifrinn," ar siad. "A bheag ná a mhór dá shamhail ní dingéantar libh," ar Pádraig. "Is éan Dúileamh Dil ro órduigh agus ní toghailfidhear go deoidh é." Lodar as iaromh. Ní h-aithristear a sceula as a h-aithle sin go rángadar Loch Léin i gCiarraighe. Do bhí an oidhche ann. Do righne Pádraig trí treana de'n oidhche .i. trian ag guidhe, trian ag caoi agus trian go rig a bhrághaid i linn fhuarghlain fhíoruisce. Rugadar as go socair sámh an oidhche sin i dtoirchim shuain agus síor-chodalta. Dlúth-mhothar crann a ndíon, fraoch a n-iomdhaidhe agus do cheileabhair an lon dóibh i muiche na maidne trireach ba bhinne ioná teuda mionn- chruite i lámhaibh suadh ag seinm síreachta ciúil. Ro eirigh Fionn agus téid do'n tobar d'ionnladh a lámh agus a aighthe. Do ghabhadar rómpa go beinn an tsléibhe innsin d'amharc na tíre. B'fháilidh an Fhiann agus ba mhaith a mheanma le Fionn féin bheith ag amharc na sean-dhúithche agus ag tabhairt dá aire gach ionadh 'narbh' aoibhinn dóibh is na ciantaibh shiar anallód, bíodh gorab é reabhradh ráige nó sugradh súgach ba ghnás dóibh, nó cogadh na gcolg gcruaidh, nó fleadh fhairsing fhír-mheidhreach, nó leanmhain le gleo agus gártha i sliocht na seilge agus coin ghuth-bhinne ghlóracha ar saothar. Do bhí Fionn ag cur nimh a dhá shúla is an tír do gach leith de agus níorbh leor agus niorbh sháith leis a bhfeudfadh d'fheicsin di ó rinn rosc. Tibis min-ghean gáire iarsin tar a ghnúis agus gabhais árdughadh meanman é go ndubhairt an laoidh "Fearaim fáilte ré bhfear[a]nn ársaidh, sonus, socair, talamh táil is tearmon Pádraig, bhronnas brothrach.
Aoibhinn aobh an bheann ós beannaibh sléibhte sleachta, tír na naomh an reann os reannaibh maotha mreachtraidh. Mórdha maordha cleasa cleachtaid, cluiche cliste; Tuargain taobh le cleatha creachta, Bruinne briste. Glór is gártha gadhar is grafan, meidhir is meidir, tóir is tána, teidhm is tafan, feidhm is feitheamh. Binn-ghuth éan ar bhárr na ngéag ann, casaid canaid trireach tréan, ní gáir gan gléas nó sanas saithe. Tnúth mo mhéinne sluagh na Féinne, slime sleamhna; cró mo chléibhe snuadh na h-Éireann grinne greannta. Fearaim." Ro gabh buile bhán agus mire meanman iarsin é go ndubhairt: Eire oll iomadach, rán ruithneach, suilbhir súgach go n-uamhan on, Buirbe búithreas, tarbh teann threascras, sceo sanntach sain, Créachtfaidhear cuirp chóir-shlíobhtha caomha ó lonnlaochaibh leabhra Luirc, Deirgfidhear faobhair, claoidhfidhear claoin, ruadh-rithid ruadh-shrotha go bhfuil.
A h-aithle na laoidhe sin ro léig Fionn a dhórd fiannsa as agus tugadar an Fhiann na mílte glaodh. Dúisceadh an eilit mhaol go bhfiadh mhór bheannach léi i ndiamhair na coille 'na gcomh- fhogus leis an dtormán do righneadar. Scaoilis Fionn de Bhran gor lingeadar na coin go tinneasnach ar a lorg. Gluaisis an Fhiann go fonnmhar leo. B'aoibhinn le Fionn glór na gcon, dian-rith an tslóigh agus sidhe sanntach an fhiadhaigh seacha. Do ghluaiseadar ar rian-rith indiaidh a gcon tar cnoca cruinne carracha, fa choillte cluthmhara clúmhacha, tré réidhte ruadha riascacha, tar Brighde, tar Abhainn Móir, tar Bearnainn Sléibhe Cua risa ráidhtear Cnoc Maoldomhnaigh indiu, tar Dumhach, tar Tearr agus as sin fo thuaidh gach ndíreach, a lámh dheas re Sliabh na mBan agus Sliabh gCrot riú aniar-andeas, go rángadar an Siúir seibhin-bhuidhe agus sleasa sleamhna Maighe Feimhin agus Faithche gCaisil. A mbádar ag imtheacht an maigh go forránta foirtil agus go frithir fuadrach, do chonnairc an dearcaidh an ní .i. an n-oll-phéist n-allta n-aidhbhéil ba mhó ba ghránda d'ainmhidhibh íochtaracha óibhéalta ifrinn agus í ag tidheacht le rian-ruathar ruanadha 'na ndochum. Tug an dearcaidh a sceula d'Fhionn fo cheudóir. "Cidh ad-chonn- airc?" ar Fionn. "Ad-chonnarc," ar sé, "béist mbréin mbuile go luinne leomhain, go dtormán threathain mhara ag taoscadh. Craos caorach crithir-ruadh aici, lasair lann-dealbhach teineadh a h-anál go ndiaidh dhuaibhsigh dhorcha. Aon-tsúil aidhbhseach seacht n-imbleasan i gceart- lár an eudain léi go míle súile soillseach ceachtar a dá slios ótá a rinn go rig a h-earrball siar. Luaithithir gaoith ngairbh sín gheimhridh a rith ró- reathach. Aimsighidh an bhFéinn gach ndíreach. Adhbhal an radharc. Samhailte leat súd, a Fhinn."
Tug Fionn a órdóig fa a fhiacail fheasa agus, gion gor chognaimh theas agus gor chognaimh thuaidh go ndeachadar rinne a dhéid go smior, níorbh' fheairrde d'fheud sé brígh ná ciall do bhuain a briathraibh an dearcadha é. Do labhair Pádraig agus d'iarfaigh de cad do righne. "Atáim ag dul i muinghin m'fheasa," ar Fionn. "Breall buan ort," ar Pádraig. "An é nach feasach duit páideadóracht an fheill agus gach tairngire geintlidheachta ar cheana do ghabháil bailbhe bith- shuthaine chucha ó aimsir cheusta Críost. Is mór badh luaithe ort suncum suadh agus fuil an fheasa do shughadh a crúibín chnopánach mhuice lá aonaigh Bhearnann na Gaoithe ioná as t-órdóig bhoicht shuaidhte shúighte. Is coll crábhaidh, is tréigean creidimh, is mainneachtnaighe na mionn bhforosda a ndéin tu. Ná déana feasda." "Gabh agam, a rígh-chléirigh fhear nÉireann," ar Fionn, "sean- chleachtadh dam b'eadh é agus luighead agus laige m'eolais ba chionntach ann. Ní diongna ní bhus mó é." Is innsin adubhairt Fionn: "Ní fheadar cidh atá againn," ar sé, "munab í nathair do na nathrachaibh nimhe sin dár dhíbir Pádraig a h-Éirinn anallód í, atá ag teacht do dhíoghal toghla-agus tafna a cinidh air." "Mise?" ar Pádraig. "Is tú," ar Fionn. "Cia adubhairt?" ar Pádraig. "Duine ná deoruidhe d'fhearaibh Éireann," ar Fionn, "ní ráinigh teallach te ifrinn fri rae ceud bliadhan anuas nár dóibh ba thosach agus deireadh gach scéil é. Agus adeirtí linn fós," ar Fionn, "ná fuil sagart do chlannaibh Gaedhil Ghlais ar chlár lom na cruinne nach dó ba mheanmarc meanman agus ba laochas labhartha a rádh os comhair an phobuil i ló do líthe agus t'fhoraithmhidh gach bliadhain gorab tusa, le durrantacht dóide agus le buille bachaille,
do chuir ruille ruathair agus raon-mhaidhm ar phiastaibh dubha agus nathrachaibh nimhe Éireann, dá ndíbirt amach 'san bhfairrge. Agus fós do chluintí linn go minic," ar Fionn, "go bhfuil fuinneog ghloinidhe i ngach eaglais i n-Éirinn forsa mbí t'íomháighin-se, iar n-a dealbadh inte le breachtradh gacha datha, idir corcur agus gorm agus dubh agus bán agus uaine. Culaidh bhreaghdha eudaigh allmhurdha ionaonaigh umat. Tú id sheanóir liath go bhfeusóig go crios leat. Cathbhárr dá bheann go ndeallradh carmhogail agus criosdail agus gach liag lóghmhair ó shoin amach fa bheinn do bhaithis. Bachall ríogh-fhada reamhar cheann- chrom chleath-láidir, ba shia ba thruime ioná cuing imeachtrach sheisrighe, eire do láimhe deise. Sleagh chlais-leathan agus craoiseach chruaidhe ar a bun. Sáidhtear rinn na ruadh-chraoisighe sin tré shúil gclí nathrach nimhe go rig an tsúil eile anonn. Gabhaidh an faobhar fo thalmhain iarsin. Innsin do ghní an oll-phiast searradh agus lúbadh go ndéantar cruadh-shnaidhm righin chnáibe dá corp. Is de sin atá "snaidhm na péiste" dá gearradh tar na laogha an tan ghabhas teidhm nó treighid nó tinneas ar bith eile iad ó shoin ille. Scaoilidh agus sínidh a corp iaromh gorab luaithithir earball mbó ag aoibhill lá brothallach meadhon-tsamhraidh gach beartughadh agus bualadh agus leadradh agus luascadh dá ndéin i bhfanntais an bháis. Teichid 'na dtréin-reathaibh tinneasnacha clann agus cineadh na naithreach nimhe go n-a mbráthraibh go h-uilidhe re fánaidh faille, re scannradh, re sceimhle an dearg-ruathair agus an iombhuailte do chíd ag a n-imbirt orra. A Phádraig, b'aoibhne b'áilne d'íomháighnibh an domhain dreach dáigh- sholus deigh-ghreannta na h-íomháighne sin." Is innsin do ghabh Pádraig ag doghra agus ag déar-chaoineadh gorbha fhlich-dhearc a aghaidh agus
gorbha fhuidheach na frasa deor tárla uaidh ar an bhfeur anuas. Do ghabh loinne, luathas agus droch-mheanma iarsin é, gorbha mhillteach a mhala agus ba chreachta a chealltar re feuchain. Is innsin adubhairt: "Buille báis agus coscar cró ar lucht an éithigh agus an ainchreidimh. An amhlaidh go leomhaidís breug do chur ar fhear ro thuill chomh daordhálach sin iad? Mise re troscadh agus tréidheanas, re turus agus tuirse ag timchiolladh ceall, ag tomhus tórann agus tear- mon, ag bronnadh mind agus ministear do shíolchur chrábhaidh agus creidimh dóibh sin agus gan de shuim anois ag a gclainn ionam acht mar adhbhar ádhbhachta agus áithbhéise dóibh. A Rí na nDúl is frit-sa ro throisceas-sa ar feadh ceath- rachad lá orra so ar mhaoilinn na Cruaiche i gConnachtaibh; gidheadh, níorbh' fhiú iad sin sinne aon chomaoin dá laighead dá bhfeudfaimís do dheunamh orra. A rádh dhóibh sin gorab í b'obair damh-sa díbirt naithreach nimhe agus a usacht dóibh fírinne fhorasta mo bheathadh do léigheamh i Leabhar Árda Macha, is an Bheathaidh Tré-rannaigh, is an Imon do righne Fiach Sleibhte agus i sleachtaibh iomdha eile do shean-leabhraibh Éireann." "Maith, a mh'anam, a Phádraig," ar Fionn, "a samhail sin do leabhraibh ní chleachtaid ní bhus mó." "Cidh uime?" ar Pádraig. "Claochlódh teangadh agus tiontódh éigin úrlabhra do righneadar" ar sé. "Ba líonmhar slóighte na nGaedheal," ar Fionn, "dá ndingeadh isteach chughainn i bhfudhomh- ain ifrinn le ceud bliadhain agus ní chuala focal dá reic aca idir cléir agus tuaith ris an rae sin acht teanga agus beulra Clainne Sasana. Acht ní feairrde iad an feall agus an méirleachas do righneadar. Óir is amhlaidh chleachtar againn i n-ifreann, fir Shasana dá n-oirdneadh focheudóir go beith diabhail, de bhrigh go gcinnid an dream
sin ar fhearaibh an domhain i ngach cáilidheacht agus tréith scannradhach as cuibhe agus as fearr oireas do'n diabhaltacht. Agus is gnáth mogha le cois gacha diabhail fo leith do fhreastal agus do fhriothálamh dó. Is amhlaidh bhíos an diabhal Sasanach iar n-a oirdneadh, an cheud fhear dob' iomchuibhe leis don tsluagh Ghaedheal badh thúisce do richfeadh láthair ifrinn dá bhreith do roghain, mar mhoghaidh dhíleas dó féin tré bhiotha na beathadh. Agus is uime thoghtar Gaedhil ann, do bhrigh gorab teanga bhunaidh mháthardha dóibh sin Beulra an tSasanaigh, agus ní cóir sain-theanga fa seach ag moghaidh agus ag maighistear. Is aingceas tra bhíthear ag trochaibh agus ag bithbhineachaibh bochta na hÉireann i moghsaine ag muintir Shasana. Buail- tear cos ar na beulaibh aca, crústar clocha caor-dhearga leo agus gabhthar d'iongnaibh gríobhdha geura ionta, athaidh dá laighead dá scuirfidís dá saothar do ghabháil fionnfhuarais agus a scítheas do leigin. Truagh sin muintear na hÉireann ag Sasanachaibh dá gceusadh i bhfus agus thall. Forlámhas Gall ag a ndíothughadh ar an saoghal so agus mí-dhaondacht na druinge ceudna ag a bplabadh agus ag a bplaoscadh tré bhith síor i n-ifreann." "Is dubhach dubh-bhrónach do sceula, a Fhinn," ar Pádraig, "sceula ghreadas na h-ae agam sin tar a gcuala fós." Agus adubhairt an laoidh: Buile bróin ro chlaoi mo chroidhe go deoidh; truagh na treitil re ceas, ní luinne gan cleas an tslóigh. Géisidh lon fa'n choillidh os Sléibh na mBan, binne a ghlóir ag a luadh is liach gan buaidh in a bhun.
Tibidh tonn re cuan-a gáir ní ganncaoinidh tonnghar druing andeas, an fhuireann i dtreas ba theann. Críon mo chneas ró mhair, ní gó, Gaedheal Glas. mughadh a chlainne ba leun, ní meallach an sceul ro clos. A h-aithle na laoidhe sin do chuadar an Fhiann, drongaibh dí-áirmhe, d'ionnsaighe na péiste. Táinigh go toicheastalach fútha sin 'na h-aon- réim ruathair ró-iongntaigh. Reimhithir bile ndarach lán-fhoirbhthe i ndoíre sleasa sléibhe a ceann. Ba hé a fad, ótá Áth Asal go Dúrlas Éile for Siúir. A cosa rotha ró-reatha. Aon-adharc bheann-árd bhagarthach i gceart-lár a h-eudain. Dé agus deatach ag a séideadh as a rinn sin, gorbha theimheal dubh-neoil an t-aeor 'san fhirmameint uaiste go bun a h-earbaill siar. Ba gháibhthighe ghorrgaighe a glór ioná béiceadh agus búithreadh slóigh dheamhan n-ifrinn lá féile móire Muire 'san fhoghmhar. Téid Oscar 'na coinne. Léigis scread faoi, go gcualadar trí tonna Éireann agus gor chomh-gháireadar geoin agus gleo re foghar agus fuaim agus fothrom an screid sin. Lingis Oscar fa n-a tuairim .i. fear buadhartha ifrinn, an buanaidh buidhne agus an balc-bhéimneach buaidhte céid, agus scinnis go nimhneach naimhdighe chúichi. Árduighis súist sleachta slógh 'na dhá dhóirnibh cruadha calma agus beartuighis um a cheann immagcuairt agus plabais plaosc di i lár na leacan léi gor bhean aiste cuisle an deataigh dá diubhracadh siar go Carraig Chaisil. Sóais i gcluigchill chloch iaromh agus is í atá 'na seasamh ris an eaglais móir anoir-andeas gos an lá
indiu. Atá fuireann ag a rádh nárbh' é Oscar do shuidhigh ann í acht cliar do thógaibh. Tárla buailteán na súiste aige ag a bheartughadh re beinn agus re barr gacha sléibhe i n-Oir-Mhumhain agus i gcríochaibh Osraighe, gor bhean díobh gach carn agus stuaic dá raibh orra dá leagain 'na slaodaibh ar lár, amhail atá, Cathair Druinge i bhFearaibh Maighe agus Carn an tSaighdeora i mBeinn Shléibhe Cua agus Cluigcheall na nDubhsmeurach i gCurrach Mhór i bPaorachaibh is na Déisibh Mumhan agus Carn Baile uí Chatháin fris sin anoir agus Carn Sléibhe Cruinn i nUibh Eirc agus Suidhe Finn i n-Uibh Fatha agus an iomad eile nach áirmhthear innso. Gonadh aire sin is maol muthal gach lom-sléibhe díobh sin ó shoin ille. Is innsin ro eirigh Oscar do bhaoth-léim bharr-eudtroim gor thúirling anuas ar mhuin na péiste go ndeachadar a dhá lurgain trés an lúirigh gcumhdaigh do bhí ar a druim go dtárladar ar lár agus ar lán-talmhain tré sleasa crédhumha agus tré easnadha iarnaidhe a bruinne síos. Gabhais cumhsanadh agus fosadh chúichi iarsin agus maidhidh a h-ionathar aisti le deilm, gor scéith an t-uisce beirbhthe agus an deatach aiste, go dtug a teine agus a gal agus go n-eablaid a beoil fa'n riocht sin. "Mór n-éacht do ghníomh," ar Conán Maol, "níorbh phiast é sin dom dhóigh-se acht carbad coitcheann an bhóthair iarainn agus is aibidh éileochthar éiric a mhillte ort-sa ó'n chuallacht dár díleas é." Luidh an Fhiann iarsin go Sliabh na mBan go rabhadar ar a bharr ag amharc agus ag imfheuchain na tíre gach n-áird fo seach. Agus dob é ba mhian dóibh tuaraisc a gconairte agus an fhiadhaigh d'fhághail. Is innsin adubhairt Fionn: "Déice uait in-immegcéin, a dhearcaidh," ar sé, "dús a bhfeicfeá comhartha gcruinn ár gcoda cúrama, idir gadhara agus damh." Féagais an dearcaidh
go frithir friochnamhach, go faichiollach féigh, soir, siar, fó-dheas agus fó-thuaidh go n-acca sé grinn- thuaraisc nglan na gcon agus na seilge aniar- andeas uidhe dhá lá go n-oidhche uaidh. "An aicci ní?" ar Fionn. "Adchím," ar an dearcaidh. "Cá acca an seilg?" ar Fionn. "Adchon- darc," ar sé, "ruainne rinne earbaill iarmhair an ghadhair dhéin dheireannaigh tar beinn sléibhe i gCiarraighe lághach Luachra uaim." "Maith," ar Fionn, "téanam ar a lorg." Do ghluaiseadar rómpa líon a sluagh innsin i bhfrithing na conaire agus sligheadh dár im- thigheadar ná móin nó magh, learg nó leuna tré'r ghabhadar, ní h-aithristear go rángadar an doire coilleadh ós Loch Léin. Is amhlaidh fuaradar na cona, an fiadhach marbh aca agus iad ag faire agus ag feitheamh leis an bhFéinn. Tochailtear fulacht fiadh do'n fheoil dá bruith. Ambádar samhlaidh ag tomhailt a gcoda agus ag ól an fhíona go rabhadar measc meidhir-chaoin, go n-acca an dearcaidh an bhfear n-anaithnid n-allta chucha. Ba threun a thrioslóg tar scairte agus iomairí. B'fhiadhain a fheuchain. Ba chraosach a shnuadh agus a dhreach. Iar rochtain do láthair dó, níor bheannuigh do'n Fhéinn. Níor bheannuigheadar dó. Do labhair tré Shacs-Bheulra go ndubhairt leo: "Cidh do ghnídh innso?" ar sé. "An amhlaidh atáthaoi ag slad ceathra an tighearna? Ar mh'anam! is lom íocfar libh os comhair breitheamhan éiric na foghla so." "Cidh adeir?" ól Pádraig. "Sin teanga chlainne Sasana d'úrlabhra aige," ar Fionn, "tar a dtánag indé leat." "An fear d'fhearaibh Éireann é?" ar Pádraig. "Is eadh go deimhin," ar Fionn. "Créad uime nárbh í an Ghaedhealg do labhair?" ar Pádraig. "Díomus, is dócha, agus dítheoluis fa ndear," ar Fionn. "Dia dhuit,"
ar Pádraig. "Ó, Dia agus Muire dhuit agus Pádraig," ar an fear. "Mise Pádraig, árd- earlamh na cléire," ar Pádraig, "agus ag so Fionn agus na Fianna Éireann." Ó'd chuala an duine sin, do léig ar a ghlúinibh é agus do shléacht do Phádraig go h-umhal fomósach. D'órduigh Pádraig go caoin ceannsa ar bhonn a dhá chos arís é agus iarfaighis sceula de. "Duine bocht truagh me," ar sé, "atá ag tuilleamh mo bheathadh i bhfeighil an fhiadhaigh do'n tighearna ar leis an talamh so. Sin é mo shlighe maireachtana-sa, dom chothughadh féin agus mo bhain chéile agus mo mhór-sheisear clainne. Sasanach is eadh tighearna na h-áite seo, acht duine maith macánta. Is iomdha comaoin chuireann sé orm, an mhin-bhuidhe 'san Gheimhreadh agus an bainne reamhar blasda 'san Samhradh. Níor dhaor aoinneach riamh 'san-chúirt acht duine do shladfadh a chuid fiadhaigh. Níor chroch aoinneach nár thuill an gad agus duine níor chuir as seilbh acht an dream ná díolfadh a chíos dleaghthach leis. Dá mbeadh tuilleadh aca mar é b'urus dúinn maireach- tain le n-a n-ais." "A thruaigh," ar Pádraig, "an ní é gorab adhbhar buidheachais do bhreith le neach leat-sa cead t'anála duit uaidh?" "Is adhbhar," ar an fear, "gan amhras. Bí lághach lán do dhaondacht leis na Sasanacha, nó is duit bhus misde. Is iomdha duine díombuidheach is cuimhin liom-sa, ar stopadh a n-anál le córda cruaidh-righin cnáibe. Puth níor chuireadar asta go bráth arís. Bíodh smacht ort, bí go ciúin agus go réidh nó cuirfear ciúineas le cnáib ort." Ó'd chuala Pádraig sin ro leathnuigh gruaim doininne duairce tar an ngnúis aige agus gabhais ruicce agus ró-náire é fa'n sceul sin acht ní dubhairt ní. Is innsin adubhairt an fear: "Ní dual duit-se, a naoimh ghlórmhair agus a
chinn chléire na h-Éireann, bheith i lúib claoidhe nó i scairt mar ataoi, ná daoibh-se, a dhaoine uaisle agus a shéimh-fheara na páirte, acht an oiread. Siubhlaidh libh agus do-ghéabha sibh sean gacha dighe agus nua gacha bídh thíos ag Tigh Ósda an Bhóthair Iarainn. Do-ghní eolus dóibh cinn an tslóigh iarsin. D'imthigheadar drongaibh agus dreamaibh leis go faithche Tighe Ósda an Bhóthair Iarainn. B'áluinn an teaghdas agus ba dheagh-mhaiseach dealbh-shnoighte an dúnadh do bhí ann. Múir árda aoldha leis a n-eachtair. Gloine ghloinidhe gheal-shoilseach a fhor-dhorus. Grianán go mreachtradh céard 'na úirthimchioll. Díon sleamhain slinne air anuas. Dóirse daingne deigh-ghreanta air shíos. Fear fáilte d'fhearadh rés na h-oigheadhaibh re h-ursain an dorais. Duibhithir gual a eudach. Brat ar dhath an dearbh-dhaoil uime ba shéimhe gacha siar gorbha choimhsheang re h-earball eoin 'na dhiaidh é. Lín-eudach lán-tsoilseach ar chlár a ochta. Lín-anairt ar a chuislinn aige. É ag sméideadh go soineannda soicheallach. "An brughaidh an fear úd thall?" ar Pádraig. "Is eadh," ar duine an eolais do dheunamh. "Mo Dhé broth," ol Pádraig, "gorab annsa liom brughaidh atáid i n-Éirinn anois ionáid brughaidh na sean-aimsire. Óir, má's banna ar bhiadh bhláthmhar bruidhean chailce, is blasda beul-chaoin beoil an teaghdais sin." Do chuadar isteach iaromh. B'adhbhal dí-áirimhe sochaidhe an tighe sin. Andar leat go mbadh iad fir an domhain bádar istigh. Do bhí duine gacha cineoil agus gacha cinidh ó thuargabháil gréine go fuineadh ar lár an leasa. Dob iad ba líonmhaire díobh .i. daoine beaga beachta go lí ghlas-uidhir glaise Lá Caille caillte. Beoil tanaidhe tinne orra. Caol a gcnámha. Níorbha
tul-leathan treun an clár eudain aca acht cinn tuagh orra anáirde. Súile eoin gacha sleasa leo imaille. Ba hé ba bheus dóibh bheith ag cuartughadh árann na gciaróg agus ag infhiúchadh agus ag imchaissin an fheoir ag fás. Fuadar an fhóisidhe fútha do lorg an ruda nár chailleadar riamh agus nárbh fheas dóibh créad é. Deiseadar an Fhiann. Bádar giollanradh an tighe ar saothar ag freasdal bídh agus dighe orra. Seallais cách orra. Do labhair duine agus is eadh adubh- airt: "Do-bheirim bréithir," ar sé sin, "ag súd sluagh na gcleas agus na fuirseorachta do dheunamh ag Uilliam mac Códaigh." "Ní h-iad," d'fhreagair feamaire díobh, "acht daoscar-shluagh na tíre seo dochum reabhradh agus oirfideadh do dheunamh dúinne ó fhuráil fhir an ósda. Biaidh sin go feilmeinte. Níor fheall riamh ar fhear an ósda." Is innsin d'innis an t-eolaidhe dóibh gorab iad do bhí ann, Pádraig agus Fianna Éireann. Ó'd chualadar na cineadha sin do ghabh iongntas iomarcrach iad gor bha shamhail le conairt gceolmhair gcon ag stracadh agus ag sleas-raobadh bruic Bhárr Beithe an bíodhg baidhbhe tugsad fa'n Fhéinn do ghabháil ruainne fionna nó greama giobail nó leadhb dá leathar na bhFiann, do bheith do cheap cuimhne aca féin do shíor orra. Dástar um Oscar innsin gor eirigh i meadhon an tighe. Sáidhis an dara shúil aige roimhe gor bha shia ioná crann speile tar a ghruaidh amach. A céile, iomorra, sughais in a cheann siar sall isteach í go nach mbeuradh peata coirre soir arís í. Ro ghabh méid uamhain agus imeagla sluagh na gcineadhach gor chuireadar allus ag plubghail 'na mbróga síos le h-úrghráin a dhreacha agus a chealltair. D'uathadar an Fhiann a gcuid iarsin agus d'ibheadar fíon na Fraingce go rabhadar measc meadhar-chaoin. A lón ar leith
ag Pádraig .i. gruth agus im. Ba fhial fairsing an fhleadh do comóradh ann. Ba fháilteach na fir agus ba bhuidheach deagh-shásta. Badh bhreaghdha leat foghar na gcorn ndearg-óir dá dtaoscadh. A mbádar fa'n chuma sin go modhmharach mear- mheanmnach agus antan ba lugha ba dhóigh leo duine ná daonnaidhe do bheith chucha do tharraing buadhartha nó bruighne orra, ba é sin uair agus athaidh táinigh fear an ósda anuas agus an cúntas 'na láimh aige. Soichis d'Fhionn é. "Cidh so?" ar Fionn. "Cúntas na fleidhe," ar sé. " Coich cúntas?" ar Pádraig. "Suim luacha gach longtha agus craos-shloigthe dá ndearnabhar anocht," ar sé. "An amhlaidh gorab éigean dúinn díol as an fhleidh do chaitheamar?" ar Pádraig. "Is éigean," ar fear an ósda. "Adchuala ní de so cheana," ar Fionn. "Ba mhinic adubhradh linn i n-ifreann, gorab cleacht do chleachtaibh fear nÉireann an tain so tighthe oigheadh gacha baile seachnóin na tíre aca i ndíoltar agus i geeannuighthear fáilte agus féile gach ló 'san bhliadhain." Ó'd chuala Pádraig sin, ro ghabh dásacht é go ndubhairt: "A bhithbheanaigh an doichill, is cumhga agus is caoile croidhe," ar sé, "dá mbadh seacht míle mó an fhoghail do righneamar, nárbh' fhearr duit cabhair dod' náire ioná t'aoireadh agus t'imdheargadh tré mhaoidheamh ar oigheadhaibh aon chomaoin dá gcuirfeá orra." "A mbassa," ar fear an ósda, " atá breall ar an fhear tugadh ní ar neimhní ; agus dá bhuige é an leathar anois ort-sa," ar sé, "is maith do teannadh do chrios le fonn ó chraos. Ní h-amhlaidh dhíoltar an cíos." "Mo Dhé broth," ar Pádraig, "dá dhéine é do chruadhas ag a lorg, an t-aon chianóigín ruadh amháin ní éileochthar orainne." Cuiris fear an ósda teachta iarsin ar chionn shlóigh dhuibh an gheimhil. Gabhais Pádraig ag a aoireadh innsin go ndubhairt:
"Éadan cruncach dearcadha, Cú fri coin for conablach, Sciana glana ceannuighthe, Bó for beulaibh bearnann, Eoin gan gobadh cheachara, Rí an locha doicheallaigh. Agus a ghluais air," ar Pádraig:- "Eudan agus c., .i. amhail bhíos ruic i n-eudan dearcadha tré gach grinn-fheuchain doghní i gcéin uaidh, gorab amhlaidh sin bhíos casadh 'na mhalaibh súd ag faire ar gach greim agus blogam dá gcaithfidís a oigheadha. Cú frí coin agus c., .i. amhail is eudmhar bhíos cú fri coin le méid a cíocrasa an mort- cheann do leadradh, gorab geall ris sin a eud re muintir chaithmhe na fleidhe aige. Sciana agus c., .i. amhail is glan gach nua-scian, budh glaine ioná sin a sceana sin gan smeur ná sugha fútha ó ghearradh feola. Bó agus c., .i. amhail ghabhas macnas an mboin i mbearnainn le beartughadh adharc agus crothadh cinn gan leigin do na buaibh bhíos fa n-a smacht an feur d'ingheilt, is cuma agus é ó neart formaid ris an ndruing thaithigheas a theagh. Eoin agus c., .i. go bhfuighbhidís eoin an aeoir do bheidís i dtaobh leis bás agus buan- euga óir ní cartar amach cosmar aige acht a ath-bhruitheadh, dá thabhairt do'n dream bhíos 'na chuibhreann. Rí agus c., .i. gidh gor uathbhásach méid a mianghusa na muintire áitreabhas an n-ionad so re maoin agus re maitheas dá mbrathfaidís ag taisdiollachaibh do sciobadh leo, gorab é ceann creachta agus taoiseach tána orra sin trodaire an tochais agus gliogaire na ngearb." Is ar éigean ro scur Pádraig dá aoireadh antan ro fhás bolg breun ar ghruaidh fhir an ósda gor thuit ar lár tré ghríos-ghoradh agus dian-lasadh bréithre Pádraig. Gonadh é sin an t-aor deidheanach do righneadh i n-Éirinn.
Tángadar sluagh dubh na geimhle isteach leis sin. Daoscar díbhlidhe iad sin do reic a n-oighreacht Ghaedheal agus dúthchas a sean ar mhuinteardhas Ghall agus comhluadar na durran- tachta. Ba do neamh-chuimsighe a mian sin do chomhalladh a mbadh tol leis an dream dár dhual iad, gor chinneadar ar an bhfo-dhiabhal b'fhonn- mhaire do bhí i n-ifreann, do ghreadfadh na lobhra ar leacaibh loma an teallaigh ann ar fhuráil Lucifir. Do chreachfadh gach falmaire aca sin cnámha agus cliabhradh na lánamhna do thuisinigh é, dá mbadh é a dhóigh go mbadh lainn le lucht an fhóirneirt é. Dúr a ndreach, dubh a ndath, droch-fhuadar fútha le fuinneamh. Lasadh lainneardha 'na súilibh le faghairt an fheill do dheunamh. D'ionnsuidheadar an bhféinn go doirbh dána. Níor bheannuigheadar dá chéile. Do labhair an taoiseach do bhí orra innsin agus is eadh adubhairt: "Is braighde damh-sa agus do mhórdhacht an ríogh," ar sé, "an complucht so." "Cidh uime?" ar Fionn. "A trí fodeara," ar sé, "mar atá: gan bhur bhfiacha do ghlanadh leis an bhfear so díbh i ngach ní dár chaitheabhar, is an fhoghail do righneabhar ag slad agus ag goid damh an tighearna, agus do bhrigh gor bhriseabhar agus gor mhilleabhar carbad coitcheann an bhóthair iarainn ar an chuallacht assa cródh díleas é. Cuiridh leis an méid sin gorab geocaigh dona díomhaoine ag iomluadhail agus ag imtheacht na tíre sibh ag cur eagla ar dhaoinibh agus ar cheathraibh ar cheana. Is briathar dam go gcuirfidhear go lom locardha sibh 'san ionadh nach dóigh dhíbh daoine do bhuaidhreadh ná brúscar do dheunamh dá gcuid shealbhaigh, airm in nach baoghal díbh an chráin do chur an doruis isteach oraibh."..............
SEANMÓIN: NAOMH NA nGAEDHEAL. [Seanmóin so thug an Dochtúir uaidh i gCill Naoimh Eoghain, i Chicago, an 25adh lá de Lughnasa, 1901, os comhair Cuallacht Cosnamha na Gaedhilge i n-Aimeirioca agus d'fhoillsigheadh sa "Ghaedheal," Márta 1902. An Bráthair Seanán, Tigh N. Bonabhentúra, i gCorcaigh, do chuir chugham í nuair do bhí an leabhar i dtáiniste dho bheith réidh agam.] "A dhearbhráthracha agus a phobuil dhil do mhuintir na hÉireann, badh mhian liom trácht libh indiu ar an aon nídh amháin is measa liom féin agus is giorra dham ioná cobhail mo chroidhe istigh, mar atá, díbirt agus dearg-ruathar na druinge ba laighché is ba ghleoidhte do bhí orainn riamh. Agus is amhlaidh do-righneadh sin tré an dí-chuimhne agus an dearmhad so do-ghníd pobul na hÉireann do shean-naomhaibh sinsir. Nach náir dúinn é mar nárbh cheachtar díobh, easbaidh sonais shaoghalta, broid nó éigin, ná aon donas eile dá n-imridís Danair orainn, ná deonughadh Dé, ná gaois deamhan, fa ndear an aingceis seo acht amháin mí-mhian ár muintire féin. Is fíor sin gor maith do chlannaibh Gaedheal san aimsir seo, óir is leathan líonmhar atá síol na hÉireann anois 'san domhan, ní ba líonmhaire, dom dhóigh-se, ioná do bhíodar riamh roimhe seo. Acht, tar a cheann sin, ní fheicim gor fearrde do-ghníd an pobul a ndualgas creidimh agus crábhaidh. Agus is maith mar sceul é, buidheachas le Dia is Muire, gor sona sámh do chuid dár muintir tall i nÉirinn. Óir is amhlaidh atáid sin ag filleadh arís ar chleachtaibh Gaedhlacha, go gcaithid
díobh an cheirt cheangail agus leadhb na galldachta do bhíodh fá n-a súilibh le cian d'aimsir. Agus is iomdha fear groidhe agus faraire fíor-uasal atá anois ag tabhairt cuaird na hÉireann ag a rádh leis na daoine le fad a n-anála, "fillidh feasta ar bhur dteangaidh agus ar an sean-ród sinsir." Badh bhinne linn fuaim agus foghar a ngotha súd ioná ceol na cruinne agus ioná an ceol cruite do-ghníodh Craiftine Cruitire le' gcoideolaidís fir an domhain, muna mbeadh nídh amháin do bheith d'easbaidh air, eadhon, ná cuirid 'ná ráidhte gor cóir do'n phobul gan naoimh agus ban-naoimh Éireann do dhearmhad. Mar is suarach chuimhnighthear i nÉirinn ar árd-naomhaibh agus uasal-athraibh an chreidimh 'san aimsir seo againne, is fánach duine mheabhruigheas a mbeathaidh agus a míorbhal agus, mo threaghdadh gan leigheas! atá aos óg na tíre ag dul amugha gan fios aca go rabhadar a leithéidí riamh ann. Is iomdha gearr- chaile sioscaithe agus spreallaire maith gaige shiubhlas sráid go teann anois, ar déistean leo nó magadh beathadha aoibhne na naomh agus a mbriathra solas-ghlana. Ní ceart mar sin an sceul' a phobuil, óir, gan cuimhne na naomh againn, ní bhia rath orainn agus ní bhia an t-ádh linn ná le n-ár síol go deoidh arís. Cad thug orainn bheith chomh droch-mhúinte sin agus chomh mí-bheusach sin agus go ndeárnamar na sean-naoimh do dhearmhad? Is fuiris é do rádh. Do chailleamar teanga Phádraig ar dtús. Is innsin do bogadh ár ngreim ar mhachtnadh naomh ár sean agus do léigeamar a gcuimhne le fánaidh. Is cian ó thángadar naoimh i nÉirinn. B'fhada an réim do mhaireadar. Ba dhíochra a ngrádh agus a ndíoghrais dúinne agus dob' fhada dhúinn ag cur mór-spéise ionta. Ba mhó a ngrádh sin do Dhia ioná grádh aoinne riamh agus ba mhó grádh
Dé dóibh sin ioná d'aon dream eile dá dtáinigh ó Ádhamh anuas. Óir is dian dá ríribh do thuilleadar an grádh sin ó Dhia, tré méid fulang na bpian, tré gach trom-cheusadh agus tubaist ar ghabhadar tríd d'ár scaoileadh-na ó pheacadh an tsinsir, ó ghlasaibh an diabhail is an deamhain. Ba bheus dóibh comhnuidhe amuigh ar bharr sceilge carraige, i bhfad ó chaidreamh agus ó chomhluadar daoine, do dheunamh tréadhnasa agus troiscthe agus ag guidhe Dé go dúthrachtach orainne. Ba shuarach a lón bídh agus díghe, ní chaithidís feoil shámh bhlas-chaoin, ní ibhidís deocha so-mhilse, fíon ná fairsinge níor ghabhadar leo. Culadha eudaigh ath-chaithte umpa, gearr-chodhladh, moch-eirghe dóibh, úrnuighthe fada, treun a dtroscadh, beag a suan. Léaghthar ar Fhindchoin Bhrí Gabhan go ndéineadh a chorp do cheusadh tar barr. Léaghthar an oiread eile ar Phádraig. Léaghthar fós ar Cholumbcille go bhfágbhadh rian a easnadha 'san ghainimh, áit i ndéineadh codladh ar bhruach na fairrge. Ba bheus eile dhóibh dul ar loingeas ar muir agus gan fútha acht coite beag báid nó currachán caol, bruach-íseal, gan seol, gan rámha aca acht a leigin fá Dhia a dtabhairt i dtír 'san áit ar thoil Leis féin, do shíol-chur chreidimh agus chrábhaidh innte. Ní gábhadh dham trácht ar a ndéinidís d'iomramhaibh do réir sleachta sean-leabhar na h-Éireann, óir is ró-líonmhar le léaghamh nó le teacht tharsta do'n chur so iad. Léaghthar fós ag sean-chroinic na Sacsan go dtáinigh feacht n-aon ó Éirinn barc beag trí seiche nó trí croicne bó - óir ba do na croicnibh bó do-ghnídís báid an uair úd - agus triúr ann go lón seachtmhaine leo, gan seol anáirde, gan rámha síos, mar do léigeadar iad féin le tuile ar son Dé. Agus i gcionn an tseachtmhadh lae gor ghabhadar cuan i gCornubia .i. rinn talmhan
atá i ndeisceart Shasana, agus gor thrialladar rómpa go h-Alfred, an Rígh. Agus dob' iad a n-ainmneacha, Mael Imoin agus Mac Suibhne agus Mac Beatha. Is amhlaidh sin do-chuadar go h-Albain, go Sasana agus gos an Roinn Eorpa, go nár fágbhadh tír nó talamh ó chathraigh na Rómha gos an mhuir budh thuaidh nár thógbhadar cealla agus eaglasa agus mainistreacha ionta. Ba mhinic i nÉirinn agus is na tíorthaibh eile sin do dúnadh duine aca isteach i dtigh bheag chloch ba chosmhail le cruiceoig beach, áit i bhfanadh sé ag guidhe agus ag síor-smuaineadh ar Dhia go lá dul d'eugaibh dó. Ba mhór an toirt do thuill- eadar i láthair Dé. Ní cóir dúinne a leigin dul amugha uainn. Agus, a phobuil, is dóigh dearbhtha liom-sa gorab é méid mór do ghrásaibh do chruinnigheadar sin thug dúinn cabhair agus congnamh, misneach agus meanma, chum seasamh go daingean agus cogadh do chur go cruaidh, do chosnamh creidimh Íosa Críost agus Pádraig is an tsean-aimsir i nÉirinn. Agus más fútha sin atá buanughadh ár gcreidimh, is cóir dúinn bheith páirteach leo. Atá nídh léaghthar i mbeathaidh Cholumbcille ag teacht leis sin. Lá dá raibh Pádraig Naomhtha ag faghbháil duaidh mhóir ag tabhairt fear nÉireann agus a mban dochum an chreidimh, táinigh doilgheas croidhe mór air, mar ná raibh a fhios aige cionnus do bheidís sin fá chrábhadh agus fá chreideamh 'na dhiaidh féin agus an méid do cheusadh sé é féin orra. Agus táinigh an t-aingeal Axal ó Dhia chuige agus adubhairt leis, go mbadh do réir na físe nó an taisbeánta do bheuradh féin dó, do bheidís 'na dhiaidh fá crábhadh agus creideamh. Is innsin do thaisbeán sé Éire go léir dó 'na h-aon lasair theineadh suas go rig reanna nimhe. Acht do múchadh an tsoilse sin diaidh i ndiaidh go
nach raibh ar lasadh acht spréidhe nó smeuróide beaga i bhfad ó n-a chéile. Ar n-a fheicsin sin do Phádraig, do ghoil agus do chaoi go dian. Innsin adubhairt an t-aingeal leis, "feuch ar an taoibh budh thuaidh díot," ar sé, "agus do-chífe tú claochlódh láimhe deise Dé." D'fheuch agus adchondairc an tír le chéile ar lasadh arís suas go reannaibh nimhe, agus do múchadh diaidh i ndiaidh arís í, go nach raibh do ruithne lasrach ann acht smeuróide beaga. Is innsin adubhairt an t-aingeal leis gorab é Columbcille an dara lasair dá ndeárnadh ann, agus ná beadh do chreideamh 'na dhiaidh sin i nÉirinn acht cosmhaileas an ghrís bhig adchondairc sé. Is eagal liom, a phobuil, gorab í an aimsear sin atá againn anois. Óir do chailleamar cuimhne na naomh ba chaindleoir taithnimh do scriosadh dorchadasa díoghbhálaigh an pheacaidh do Ghaedhlaibh agus, dá bhíthin sin, do múchadh teine an chreidimh i lár chroidhe gach duine againn. Ná ba h-amhlaidh bhíos an sceul feasda. Déineam scrúdadh ar bheathadhaibh na naomh i sean- leabhraibh irise na hÉireann. Déineam tuilleadh scrúdtha ar shean-cheallaibh agus sean-eaglasaibh na tíre, mar nach lia gaineamh i dtráigh ioná iad i ngach cúigeadh do na cúig cúigeadhaibh. Taibh- ream dár n-aire gor luaithreadh agus taise naomh úir agus cré na talmhan ann. Bíodh ainm duine aca dá thabhairt ar gach leanbh linn; bíodh Pádraig, Árd-earlamh na cléire, arís againn agus Columb na h-eaglaise agus Brighid, Muire na nGaedheal, lé ndubhairt an sean-fhile: "Ronsaora Brighid seach dronga deamhnu." Ná diúltam i bhfus dóibh agus ní dhiúltfaid sin i bhfiadnaise Dé thall dúinn. Mar atá sluagh
dí-áirmhe naomh agus ban-naomh nÉireann, um Phádraig, um Bhrighid, um Cholumchille ag síor- adhradh agus ag caitheamh na glóire suthaine, ós comhair naomh an domhain, os comhair aingeal agus árd-aingeal, Cherubim agus Seraphim, ós comhair Mhuire agus Íosa, os comhair an radhairc sin is aoibhne, is áilne, is uaisle do radharcaibh na cruinne, ós comhair na Tríonóide Glórmhaire, an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Guidhim daoibh-se agus dom féin, tré eadar- ghuidhe agus cabhair sluaigh Naomh nÉireann, seilbh na glóire agus radharc na Tríonóide ar neamh. I n-ainm an Athair agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen."
SEIRGLIGHE NA bPAORACH. [Aiste so do bhí ar "Fáinne an Lae" 15/1/1898. "AN buinneán Aerach" do scríobh é - An Dochtúir, cé eile?] An sean-litriughadh do bhí aige ann agus do bhí nóta ag Eagarthóir an pháipéir leis, ag gearrán ná tuigfidhe tar a chionn sin é. Sliocht as an nóta so:- "Bádh mhór an truaighe caint bhríoghmhar bhlasda agus teagasg bríoghmhar fúithi mar tá fá'n gcaint seo romhainn agus gan breith ag daoinibh ar é thuisgint. Acht d'fhéadfaidhe gurab amhlaidh is fearr atá a fhios ag fear a sgríobhtha cionnus mar thuigfidhe. Níl aon locht ar an teagasc againn, agus go ndeónuighe Dia é leathadh ó bhéal agus ó shúil go súil ar fud na tíre go dtí nach mbeidh aon Ghaedhilgeoir nach gcluinfidh nó nach léighfidh é, acht i gcás go mbadh dall agus bodhar n-éinfeacht é."> Tráthtaim innso síos ar dhúthaigh Dhéise idir an Siúir agus an Fhairrge Mhóir ba dheas. Is fada anall ó do labhradh ar dtús beulra na nGaedeal 'san tír sin agus is fíor gor iomdha cor do chuir sí dhi leis an aimsir sin, mar atá, gabháil agus fóirneart Gall agus Gaedheal agus go h-áirithe creachadh an tsleachta sin do bhronn Cromell mar bhuan-oighre a bhith-chuimhne orrainn, acht gidheadh níor scair sí riamh leis an nGaedhilg go dtí ár n-aimsear féin. Agus mo dhóigh dhaoibh gor truagh an cás agus gor dóighte mar sceul linn a rádh ná fuil Gaedhealg dá cleachtadh níos mó ag mnintir Phaorach agus ag pobul Dheugláin Áirde Móire agus ag cuallacht Chúain agus Bhrógáin Mhaothla. Truagh sin indiu, aes óg na nDéise gan tuicsin a dteangadh dúthchasa aca agus gor seacht sóghaighe leo cadrás na nGall gcoigrícheach agus a seanchus tar seanchus a sean agus a sinsir féin. Truagh sin ciorrbhadh agus claoidhe Gaedheal, acht míle truagh tar truagh chách Gaedhil dá gclaoidhe féin. An dóigh nach searbh lem chroidhe sugradh agus sult Gall ag
teacht tar "the passing of the Gael," .i. léir- oidheadh Gaedheal, gan a bhreis de shearbhas orm Gaedhil d'imirt an oidhidh so orra féin mar spleadhchas do Ghallaibh? Acht is feasach dam gorab é sin an gnó is mó shaothruighid Gaedhil do láthair i gContae Phortláirge. Is innsin do-chífeá na sean-daoine ag labhairt Gaedhilge eatorra féin agus gan briathar di do thuicsin ar a gclainn. Deireadh na Gaedhilge é sin go díreach, fuineadh agus síor-theimhe seanchusa na hÉireann agus tosach réime gallda gan tuar a buaidhte go bruinne an bhrátha. Nár órduighe Críost é. A mhuintear mo ghrinn-chroidhe, cad tug oraibh-se a mhéid sin do dhearmhad do dheunamh agus gor ghabhsaidh chughaibh go sámh agus go saobh, gan duine ar domhan ag a fhoráil oraibh, a mhalairt commór sin do theangaidh agus ní hé amháin do theangaidh acht fós d'aigneadh agus do nádúir. Is é bhur méinn indiu claochlódh don tsamhail sin go mba suthain síorruidhe é, más ní é go ndingéantar libh anois é. Má chaillfidhear urlabhra Gaedheal don feacht so, bíodh a dheimhin agaibh nach Gaedhil acht Gaill feasda sibh. Má atá an Ghaedhealg d'uireasba oraibh, atá fós gach ní is Gaedhealach iar n-a chailleamh agaibh. Más beulra Sacsan bhur n-uraghall, is Sasanaigh ó rinn go sáil sibh. Acht creud é do bheuradh a leithéid sin do mhalairt mhí-ádhmharáigh mhí-nádúrtha oraibh? Atá an dá rud .i. uaill agus ainbhfios. Is aidhbhseach méid bhur n-ainbhfeasa i dtaoibh bhur sean. Ní léir daoibh áilne nó aoibhneas na sean-aimsire ag rabhartaíbh ró-bhreuna roithleacha na Galldachta ag a bhfuil talamh na hÉireann ag a dianbháthadh le tuilleadh agus dá fhichid bliadhain. Agus, tar a chionn sin, ní'l gach doiléire agus gach daille dá bhfuil bhur n-ainbhfios nach móide sa chách bhur
ndíomas agus bhur n-uaill. Nach aingceis an sceul é, mise ag tagairt uaille agus ainbhfeasa libh-se, lem mhuintir féin, agus gan ní san bhith gor mó mian mo dhá shúla ann ioná ionaibh-se amháin. Acht, dá aimhdheoin sin, más ní é go gclaochlóchthar go mbudh Gaill sibh, ní'l duine ná daonnaidhe agaibh, go mbudh duine dhamhsa 'na dhiaidh sin é. Is dócha go mairfidh Gaedhealg an eadh bhus beo mise, i Rinn o gCuanach, is an tSean-Phobul amuigh cois farraige, i n-Áird Mhóir Dheugláin, i bPortchladhach is na Paorachaibh le ciumhais na Siúire seibhin-bhuidhe, i bParróiste Modheilge fri bruach Abhann Móire, agus do- gheobhad turus agus cuairt do thabhairt ann idir Ghaedheala ar feadh mo bheatha, agus dar ndóigh ní beag mar shásamh aigeanta dam an méid sin. Maidir leis an dream eile .i. leis na Gall- Ghaedheala, cuirim druim mo láimhe leo idir eoluidhthe agus lorgairidhe; is dall díbhlínibh iad agus tuitfid araon 'san ndíg, bádhfaidhear i ndubhaigeun dhuaibhseach na Sacsanach iad, ríomh- faidhear iad ag an druing le'r ádhbhacht "the passing of the Gael" .i. dianbháthadh Gaedheal, inar bhreis glóire don ghramaisc sin spalpas beulra na Sacsanach ar fuaid an domhain, mar thuilleadh taidhbhse don "English-speaking race" .i. coimhthionól na ndaoine darab urlabhra beulra na Sacsanach agus chleachtas a mbéasgna súd seach cách. Leig dóibh sin adeirim dul 'an bháis sin, ní dóigh gor danaid le Fíor-Ghaedheal beo a n-imtheacht. Acht sinne ár nGaedhealaibh cuiream le chéile go tapaidh, gabham do láimh cineul ár sloinnte d'aithbheodhadh, do shíolchur na seoide mórluach sin ar dual dúinne comharbas a cúraim tré n-ár n-aithre, glún ar ghlúin, ó na ciantaibh ille. Agus, ionnus go mba Gaedhil fíor-ghlana fíor-chearta sinn, déineam na Gall-Ghaedhil d'ionn-
arbadh agus do thafann amach uainn, óir atá obair againn le deunamh do nach foghnann leimhe nó léic is an cheud so do bhliadhnaibh chughainn. I dtaobh uaille Gaedheal do-bheur roinn bheag teasta agus deismireachta innso síos. Tar éis an ainbhfeasa táinigh an uaill. Ní fheadar ar sinne ba chiontach san ainbhfios, acht is dearbhtha deimhin gor orainn féin atá locht na h-uaille. Is uallach uaibhreach ó aigeantadh sinn agus, dá bhrigh sin, ba náir linn Gaedhealg do labhairt an tan do-chímís "na daoine uaisle," lucht na gculaidh nua agus na maoine, na toicigh shámha agus na treutúiridhe díomsacha, na creachadóiridhe claona ba thaidhbhsighe neart namhad agus iad go léir ag spreagadh "an Bheulra blasta." Leis sin do-righneamar an mearbhal mí-ádha agus an dul- amugha dí-threorach, ag a dhaingniughadh in ár meanmain linn féin gor do thoradh na Gaedhilge tháinigh ár n-aingceise 'nár gcionn agus ag a cheapadh gor indeunta go deithneasach dúinn athrughadh cainte mar leigheas ár gcneadh dtubaiste. Mar sin, an tan thárla saidhbhreas beag suarach do dhuine, ba náir leis gan beulra na Sacsanach do labhairt agus ní mó do cheadóchadh dá chlainn taithighe teangadh Phádraig. Agus is urus a shuidheadh gorab as an mearbhal daille sin ar ar thráchtas do chinn gach mí-ádh dár imthigh ar Éirinn ó'n ló do righneadh anall. Innsin, mar is mó is gnáth sin taidhbhse ag lucht áitreabhtha na mbailte mór, is luaithide sa chách do chromadar sin ar bheulra na Sacsanach do chleachtadh. Tuilleadh eile, ba fhuath orra sin an drong do labhradh Gaedhealg, dá rádh dóibh gor daoine tuatha iad ar ar chóir meas amadán nó gealt bhfiadhta do bheith. Bíodh mar dheismireacht ar an ní sin, dá rachadh duine go Dúngarbhán "na sean-bhád seolta," nó siar go h-Eochaill for inbhear na h-Abhann Móire, do
chluinfeadh lucht na mbailte sin ag tabhairt "Turks" .i. Turcaigh ar mhuintir labhartha na Gaedh- ilge mar fochuidbheadh agus magadh fa Ghaedhealaibh Chnuic an Dúin agus Rinne ó gCuanach. Lá dá rabhas-sa féin cois abhann i nEochaill ag eisteacht le Gaedhilg ag iascairíbh Chnuic an Dúin, ba bhinne lem chluasa ioná teuda minn-chrot, d'iarfaigheas de dhuine lem ais "Cad as do na fearaibh so"? Go ndubhairt liom gor Turcaigh iad do bhí dearóil duadhmar. "Is fot we calls dhim is dhe Turks" .i. is é rud do-bheirmíd orra sin acht na Turcaigh. Sin é go beacht mar adubhairt m'áilleán ag nach raibh Gaedhealg ná beulra Sacsanach. An dóigh libh, a Ghaedheala, gor adhbhar náire nó iomcháinte a leithéid sin d'fhalmaire do phlaoscadh nó do rúscadh le bata? Acht cadé a mhaith dhúinn aithbhear aon duine amháin an tan is ciontach lán loinge. Adeir fear ráinne agus súiste do chleachtadh, "Atá an Ghaedhealg imthighthe anois agus ní bheinn am bhodhradh féin d'iarraidh í do choimeád againn. Ú-ise! ní fearr ar domhan é, b'fhearr dhamhsa púnt im phóca ioná a bhfuil do Ghaedhilg i nÉirinn. Seadh! ní mar a chéile iad, nára slán an comórtas!" Adeir duine i bPortláirge, "Do-chuala trácht ar an nGaedhilg seo, acht sé mo thuairim-se gor leamhas daoibh-se bheith ag dul ar gcúl agus an saoghal chomh dian sin ag bros- tughadh air. Ní'l puinn do Littheratchure .i. leabhair Ghaedhilge ann." Adeir fear 'san Charraig, "Atá Gaedhealg ag na spailpíníbh atá 'na seasamh ag cúinne na sráide, an dóigh leat go n-oirfeadh a leithéid damhsa nó dom chlainn?" Mar sin dóibh ó Shliabh na mBan bhFionn go Ceann Creadáin, ó Dhúngarbhán go hEochaill. Atá an pobul so go léir, idir cléir agus tuath, idir uasal agus íseal, ar intinn na leisce i
dtaobh Gaedhilge. Duine do chluinfeadh ag caint iad, ní chreidfeadh go deo go mb'í an Ghaedhealg uraghall na h-Éireann agus go mbaineann beulra na Sacsanach iar bhfír le muintir gcoigríoch n-eachtronn. Acht atá an searbhas ag a bhac dam trácht ar na scoilibh gallda atá ag scéith agus ag stealladh anglaise alltaire ar faithche Fódhla féar-ghlaise gach lá, agus ar na páipéiríbh atá ag teacht ó Longdún agus ó Bhaile Átha Cliath. A Ghaedeala, má gheibhidh sibh feidhm im ráidhtibh, déineam ár ndícheall ar an ainbhfios so do chur ar ceal agus an uaill seo gan áird do scaipeadh. Má bheuram buaidh do láthair, beidh taithneamh gréine ann, éisc i linntibh, toradh ar thír, meas i gcoilltibh, agus Gaedhil go deo i nÉirinn. AMHRÁN. [Amhrán so (leis an bhfonn The Galbally Farmer) do chuir an Dochtúir mar chárta Nodlag chum Máire ní Luasaigh M.E. .i. dalta léighinn dó san Iolscoil. Do bhí aiste dár thiodal "Stáir-chuimhne ar R. de Hinderburg" ar St. Ursula's Annual, Portláirge, 1916, ag Máire agus an t-amhrán ann.] Fighil na Nodlag anocht i mbliadhain an Tighearna 1915, agus gCorcaigh Mhóir Mhumhan dam féin. Ar mo chodhladh go socair aréir dam im luighe Is me cortha tré shodar gan éirim na sligheadh, 'Seadh do chonnaic me an chúilfhionn ba mhúinte 'na gnaoi 'Sí ag casadh a cuid cearc chum an fhásaigh. Bhí a cuid ór-fhuilt ag scaoileadh seacht míle 'na diaidh Is a snódh mar an lítis go h-íochtar a píb'; Bhí an fuighleach dá réir sin go neuta geal mín 'Sí ag casad a cuid cearc chum an fhásaigh.
Do bhíodhgas le mire 'dtí an mhiochair-bhean óg Is d'iarfaigheas ar mhisde léi a sloinneadh le glór, An tú Éire nó Alba nó aoinneach dá sórt Atá ag casadh na gcearc chum an fhásaigh? Nó cathair na Traoi thoir fuair gríosach ón Ghréig, Nó Constantinople atá claoidhte go h-eug, An Fhrainc nó an Spáinn gheal nó b'fhéidir Norway, Atá ag casadh na gcearc chum an Fhásaigh? Is fáilteach d'umhluigh is d'fhreagair sí mé: Ní aoinneach do'n tsluagh mé na Géographé, Acht Máire ní Luasaigh is ainm dam féin Is me ag casadh mo chearc chum an fhásaigh. An Ceangal. Na bodaigh um Nodlaig ó stealltar stáin, Na blogama slogaid go sanntach sámh; Nach doiligh an obair gor gann atáim, Is dom scrogall ní'l fothram fionn na gcairt.
DO BHEATHAIDH ODHRÁN .i. PÁTRÚIN CATHRACH PORTLÁIRGE, ANSO SÍOS. [Art mac Greagóir, ó Bhaile Átha Cliath, do sheol chugham an tseanmóin seo leis an Dochtúir. Go gcúitighe Dia leis a ndearna de sholáthar i gcomhair an leabhair, le báidh leis an sagart-ughdar.] Do bhí trí prímh-chealla is na Déisibh anallód, do réir leabhar seanchusa na h-Éireann .i. Áird- Mór Deuglán, Maothail Bhrógán, agus Lios-Mór Mochuda. Is in Áird-Mór do ghabh Deuglán cuan, iar dteacht ón Róimh dó. Léightear air go raibh clog aige fuair sé mar bhronntanas ón Phápa agus gor dhearmhaid sé é, óir d'fhágaibh ar charraig mhóir chloiche do bhí i mbeul an chuain san Eadáil é agus é féin ag dul ar luing chum teacht go h-Éirinn. Is innsin do chuaidh an charraig mhór chloiche sin ar snámh gor ghabh sí roimh an luing amach agus do righne eolas na fairrge go h-Éirinn di. Do thuig antí Deuglán innsin gor dheónaigh Dia dhó a cheall do thógbháil san áit in Éirinn i ngéabhadh an chloch sin cuan. Táinig i dtír iar sin in Áird-Mhór tar éis triall tar sáile agus is ann atá sí fós re a feicsin san chuan in Áird Mhór. Agus atá sean-cheall agus reilg Dheuglán ar an fhaill os a cionn anáirde. Atá dhá cheann na Gaedhilge ag moladh Dheuglán, mar atá, moladh Phádruig agus moladh Thaidhg Ghaedhlaigh. Do bhí Pádruig lá n-aon ag taisdioll na h-Éireann agus do iarfaigheadh de an rachadh sé go tír na nDéise, do shíol-chur an chreidimh agus bréithre Dé inte. Is innsin adubhairt Pádruig: "Ailbhe umhal, Pádruig Mumhan, mó gach rádh, Deuglán Pádruig na nDéise, na Déise ag Deuglán go bráth."
Agus do moladh fós é tar éis chúig ceud deug bliadhna san moladh dorighne Tadhg Gaedhlach dó go ndubhairt: "A Dheuglán órdha onóraigh, a easboig, Is ort thriallaid go diadha 'na ndrongaibh Pobal geal Dé le cléir na psalm Is a nguidhe dúthrachtach úrnaightheach dot agall." Adubhairt Pádruig 'san rann sin romham go mbeadh na Déise ag Deuglán go bráth. Is follus gorab coimhlíonadh na fáistine sin an cion agus an grádh atá ag pobal Déise fós dó, agus go dtugaid turusa gach bliadhain agus dobheuraid go bráth 'san áit i bhfuil sé agus 'san áit i mbeidh a eiseirghe .i. i sean-chill Árda-Móir. Mochuda Leasa Móir. Mochuda Raithne ar dtús é. Cárthach a ainm bhunaidh. I Raithin Mhidhe do bhíodh sé gor fógradh as é tré eud agus formad mórán do naomhaibh Éireann. Táinig roimhe fo dheas innsin go ráinig Sliabh gCua ag lorg muin- tire mainistreach nó cille doghéabhadh leis, ó do dío-chuireadh as a mhainistir féin é. Is ann tháinig an t-aingeal chuige go ndubhairt leis go mbadh ann do dheónóchadh Dia dhó a eaglais do thógbháil 'san áit dochífeadh sé na h-aingle ag tógbháil eaglaise airgidhe agus íomháigh óir inte ar bhruach na h-Abhann dá ngoirthí an n-Eamh .i. an Abha Mhór indiu, agus go mbadh é féin an íomháigh óir do bheadh inte. Do thógaibh Mochuda a eaglais 'na dhiaidh sin 'san áit do taisbeánadh dó an méid adubhairt an t-aingeal leis .i. in árdán álainn atá ós abhainn leis an Lios aniar agus i ngiorracht míle céimeann uaidh. Brógán Scríobhnaidh i Maothail, i bPaorachaibh anois, do bhíodh. Cúan ainm naoimh eile do bhíodh ann. Atá fothrach a gcille fós i Maothail agus
tobar beannuighthe um a dtugtar turusa gach bliadhain, lá féile Brógán sa tsamhradh. Gonadh iad sin trí prímh-chealla pobuil Déise go n-a dtriúr naomh. Do ghabhadar Danair agus Lochlannaigh feacht n-aon réim agus ceannus re ré fada in Éirinn. Agus is iomdha foghail agus creach agus ár agus cogadh dár chuireadar in aghaidh fear n-Éireann dob' fhéidir a d-tabhairt anuas innso, amhail léightear 'san leabhar darab tiodal "Cogadh Gaedheal re Galla," dá mbadh maise linn teacht thórsta anois. Acht do ghabhadar creideamh chucha fa dheoidh agus ba bheus dóibh easboig agus sagairt fa leith acu féin agus gan buain re Gaedhla insa chreideamh. Do chuireadar Gaill Phortláirge a n-impidhe dochum n-easbóig Uilliaim, Ríogh Sacsan, dá iarraidh air easbog do oirdneadh dóibh agus do ghealladar bheith fa réir an Easboig choigcrích sin go bráth. Agus do órdain Áird-Easbog Canturbury i ndeisceart Sacsan easbog dóibh, agus do bhídís fa réir Áird-Easboig Chanturbury go dtángadar na Sasnaigh agus gor chreachadar Éirinn. Innsin, an tan b'áil leo árd-earlamh agus pátrún do thoghadh dá n-eaglais, ní h-é antí Deuglán uasal, Easbog na n-Déise, rugadar do roghain acht Odhrán atá in h-Í Choluim Chille. Do chuir Oenghus Céile Dé lá Féile Odhrán ar an seachtmhadh lá fichead do mhí Ochtimbir. Is eadh adubhairt ag trácht air: "Odhrán sab saor snámhach." Is eadh adeirid seanchadha i Leabhraibh Irise na h-Éireann mar ghluais ar an méid sin .i. "Odhrán sagart ó thigh Aireannán i Midhe, nó ó Leitreachaibh Odhrán i Mumhain, nó ó Reilg Odhrán in h-Í Choluim Chille, nó i nGair mic Mogha atá .i. oileán atá i gCorca Dhuibhne agus ar snámh dochuaidh inte."
Atá an méid so im dhiaidh re a léigheamh i bportús nua na sagart. "Otteranus (ba chóir Odrognos ann ó'n ní as odro .i. gach bán .i. odhar indiu agus gen. .i. gein nó breith) Patrónus Dioceisis Water- fordiensis nobili genere natus agus aroile" .i. Odhrán, Pátrún na h-eaglaise i bPortláirge, fear do chinn ó shíolrach uasal do mhair in Éirinn 'san seiseadh ceud bliadhna iar ngein Chríost. Ba shoilsighthir reanna nimhe crábhadh agus léigheann Gaedheal an tan sin. Ó ba shuarach le h-Odhrán, mar ba shuarach le sluagh eile do Ghaedhlaibh 'na aimsir, bláth agus réim an tsaoghail seo, dochuaidh go h-Albain agus do ghabh uime cochal manaigh ó láimh Choluim Chille, a ghaoil féin, 'san mhainistir oirdheirc do thógaibh in h-Í. Fuair sé grádh sagart innsin agus dorighne a dhíchioll le fír-dhíoghrais agus le lán-chúram ar feadh a ré' dochum taithniomh Dé do ghabháil dó féin agus dochum crábhadh agus creideamh do theagosc don treud do bhí fa a réir. D'eug in h-Í agus do h-adhlacadh i reilig na mainistreach é, agus do tógadh ceall bheag os a leacht. Agus atá clú a bheathadh ar marthain fós d'éis trí gceud deug bliadhna. D'iarr mar athchuinge mór-chuid ríogh agus taoiseach, idir lucht Danar agus lucht Srath-clúid agus fós ríoghradh na gCruithne iad féin do chur in úir na reilge ceudna iar n-eug dóibh. Ó do ghabhadar Danair Phortláirge creideamh chucha an tan ba shlán ceud bliadhna deug don Tighearna, dorighneadh tearmon eaglasda coigríoch dóibh de Chathraigh Phortláirge agus don Ghaill-Tír. Agus mar ba chuimhin leo antí Odhrán, ba phátrún díleas dá muintir, do chuir- eadar iad féin is a dtír go fáilidh fa n-a chomairche. Gonadh de sin do lean Odhrán mar Phátrún Cathrach Portláirge ó choin i leith. Ar chomairche Odhrán agus Deuglán agus Mochuda, Cúain agus Brógán dúinn go léir. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services