Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scríbhne Risteard de Hindeberg

Title
Scríbhne Risteard de Hindeberg
Author(s)
In eagar ag Seán Ó Cuirrín,
Compiler/Editor
Ó Cuirrín, Seán
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Nualán

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GREAS FUIRSEÓRACHTA É SEO.



IS É IS TIODAL DÓ



COR IN AGHAIDH AN CHAIM AGUS CAM IN
AGHAIDH AN CHOIR.



Atáid in aon ionad .i. i dtigh an Ghobbáin Saoir - teach-
taire ó rígh Shean-Shasna, an Gobbán Saor agus a Mhac.



T. Bail ó Dhia oraibh.



G. Dia is Muire dhuit is Pádraig. Suidh síos
chum na teineadh. Nach fiadhain an aimsear í,
míle buidheachus le Dia?



T. Atáim buidheach díot. Is fiadhain sin.
Ní'l aon fhuacht orm. Ní ró-fhuar an lá é ar
aon chor, an té do bheadh ag corruighe. Ní fuacht
acht fán atá orm.



M. Massa, is iomdha duine mbíd araon air.



T. Is iomdha sin. Acht ní beag liom-sa an
t-aon cheann amháin orm.



G. Agus cadé an fán atá ort?



T. Atá: siubhal réidh is ród, is cnoc is cruach,
móin is machaire, áth is uisce, droichead is dain-
gean, sliabh maol agus slighe motharach ar fuaid


L. 2


na hÉireann, ó n-a bárr gá bun, agus ó Bhaile
Átha Cliath Laighean go léim Chonculainn aniar.



G. Massa b'fhada iad do shiubhalta. Agus
cad thug ort an chuaird sin do chur díot, maran
miste leat a iarfaighe dhíot?



T. Ní miste sin. Badh mhóide é m'eolus go
ceann mo chonaire, fios mo thurusa do bheith ag
cách.



M. Agus cadé an rud é?



T. Lorg an Ghobbáin Saoir agus a mhic. Rí
Shean-Shasna do chuir uaidh mé dá lorg. Atá
caisleán aige le tógbháil agus adeirtear ag an
choitcheantacht gor bhuaidh so agus a mhac ar a
bhfuil do cheardaidhthibh ar domhan. B'ail leis
an rígh seo againne go mb'fhearr a chaisleán féin,
ar áilneacht, ar aoirde, ar mhéid agus ar mhaise,
ioná caisleáin na cruinne, agus sin é an chúis a
bhfuil sé ag cuardach an domhain mhóir ag lorg
ceardaidhe a dhiongbhála. Agus ceardaidhe a
dhiongbhála do n-a leithéid seo do dhún ríogh agus
do lios ró-flatha, ní'l le fághbháil, beo ná marbh,
acht an Gobbán.



G. Maite, pé duine is déidheanaighe do ghuidh
bun bóthair agus deireadh bealaigh leat, níor
bh'olc an tuairim uaidh é.



T. Cionnus? Cia atá agam ar aon chor?



G. Mar mise an Gobbán Saor sin atá tu
d' iarraidh.



T. Iseadh, is tu sin! An dá ríribh atá tu?



G. Iseadh go deimhin.



T. Feuch ar sin leat anois. Agus mise, ní
chreidfinn go rabhais i ngiorracht dá fhichead míle
dham. An bhfuil céird agat?



G. Atá rud beag.


L. 3


T. Massa, deallruigheann tu le ceardaidhe
cliste dham.



G. Mhaiseadh, ní'l me acht leath-chuibheasach.



T. A ndearna tu aon ghaisceadh riamh?



G. Dorighneas. An lá raibh cath Muighe Tuireadh
dá chur, do bhí Goibhne gobha sa cheardchain ag
deunamh na n-arm do Thuathaibh Dé Dannan, agus
do bhíos-sa ag deunamh na gcrann dosna gaoibh
agus dosna sleaghaibh. Doghníodh Goibhne gobha
na sleagha le trí buillidhe do'n órd agus b' fhéith
an buille déidheanach, sé sin, ba bhuille sleamhna
nó maise do chur air é. Doghnínn-se na cranna
le trí snaga do'n bhilleóig agus b' fhéith an snag
déidheanach. Do chaitheadh Goibhne na gaoi a
gobaibh teanchair go leanaidís san ursain. Do
leiginn-se na cranna 'na ndiaidh agus ba leor
an t-urchor sin dá ndaingniughadh. Do leiginn
na snonga indiaidh na gcrann go dtéighdís thórsta
soir isteach gusan loisig orra, agus ba leor
daingnighthe dóibh an méid sin. Rugadar na
fearaibh buaidh sa ghleo an lá sin. B' fhuiris dóibh
sin, do bhí ceardaidhthe maithe ag freastal faobhar
orra.



T. Do bhí gan amhrus. Is tusa an fear atáimse
do lorg, agus atá mo thurus-sa tabhartha agam.
Acht fan leat go léighe me do dhintiúir atá innso
agam duit.



G. Cadé an dintiúir?



T. Ó maiste, fógradh ón rígh ort-sa bheith thall
aige féin, chum caisleáin do thógbháil dó ag Bhinsor
in Sean-Shasna seachtmhain ón Fheil Mhichíl seo
chughainn, nó do cheann ar chuaille agus do chroic-
eann ar sceach an lá 'na dhiaidh.



G. Ó mhaiseadh, is láidir an fhógairt í sin ar
dhuine.


L. 4


T. Ó massa iseadh. Acht is éigean damhsa mo
dhualgus féin do choimhlíonadh. Éist go léighe
me dhuit é. Bainidh bhur hataí dhíbh in ainm an ríogh.
[An méid seo do léigheamh dó]:



An tochtmhadh Henrí deug do ghrásaibh Dé, Rí
Shasna agus Rí na Fraince agus Tighearna na
hÉireann. Is é chuireas fáilte agus féile roimh
gach duine agus daonaidhe atá fa n-a smacht agus
fa n-a reacht in gach ríoghacht díobh sin adubhramar,
ag a fhógairt orra an méid seo im dhiaidh, mar
atá: "fios do bheith ag gach aoinneach éistfeas,
léighfeas agus thuigfeas brígh an dintiúra so,
go raibh is go bhfuil, i bhfód d'fhódaibh agus i
dtalamh do thalmhantaibh na hÉireann, ceardaidhe
ceannfhionn an chlaonbheirt agus cuirptheoir
caochshrónach caoch, darab comh-ainm an Gobbán
Saor, spadaire saoir adhmaid agus mútóg
milleadh-maide; agus whereas, gorab beus don
Ghobbán Saor sin reumhráidhte, caisleáin chloch-
dhaingne chailce agus grianáin ghriandha ghlana do
dheunamh do gach ceithearnach chlaon cham agus
do gach bandúnaidhe bacaigh do ghramaisc na
hÉireann, is iad sin deunta aige níos mó
maiseamhla, níos leithe láidre, fotha agus
fraightheacha ioná aon chaisleán dá bhfuil agam
fhéin.



Ar an adhbhar sin, bíodh a fhios ag an Ghobbán
Saor reumhráidhte go bhfuil sé d'fhiachaibh air
gan caisleán ná cruiceóg, bothán ná bráca, do
dheunamh do dhuine ar bith feasta acht dam féin,
agus tuille fós, go bhfuil sé fa gheassaibh naoi
n-uaire bheith i leith innso chugham seachtmhain ón
Fheil Mhichíl seo chughainn agus caisleán do
dheunamh damhsa do-bheura buaidh beatha agus
cruinne go deoidh, nó a cheann ar spíce agus a


L. 5


chroiceann ag gabháilt na gaoithe lá ar na mhárach,



Mise,



An tochmhmadh Henri deug, Réx.



G. O! O! nach iongantach an tortach cainte
atá aige. Cruadh-Ghaedhealg atá innsin, is dócha.



T. Iseadh.



G. An eadh anois? Agus cad deir sé?



T. Nár airigh tu cad dubhairt sé?



G. Is ar éigean do thuigeas focal de.



T. Ní'l ann acht an méid adubhart cheana leat,
caisleán do thógbháil dó dhuit-se nó do cheann
ar spíce.



G. Ia! scannradh is eadh sin mar chaint. Caith-
fimíd dul ann, is dócha.



T. Ó massa, ní'l dul as agat ná eulódh ná
teicheadh.



G. Atá go maith. Raghaimíd nuair bheidh an
garrdha curtha againn.



T. Seo, caithfead-sa bheith ag imtheacht anois.
Fágbhaim mo bheannacht agaibh.



G. Ná h-íosthá práta?



T. Ní íosainn.



G. Go n-eirighe ádh leat, mar sin.



T. Go gcuire Dia an rath oraibh.
[é d'imtheacht].



M. Ó mhaiseadh, imtheacht gan casadh air.



G. Amen go dóighte.



Atáid is an áit cheudna inso - an Gobbán agus a mhac
taréis don teachtaire imtheacht.



M. Cait as sin. Nach iongantach an dúil
atá agat sa teinidh?



G. Cad atá sa teinidh?


L. 6


M. Dada. Leis an sean-chat do bhí me.



G. An caitín bocht. Ní fheadar cadé an seachrán
bheas uirre nuair bheimíd thall.



M. Ia mhaiseadh, nach í an teugar í mar chat.
Maiste geallaim-se dhuit go mbainfeadh sí sin
a maireachtain amach, pé acu thall nó ibhfus duit-se.



G. Ní fheadar, is baoghal liom gor bás le
hocras bheuraidh í.



M. Adeirim-se bás le hocras leat agus ocht
mbuaidh na caitreachta aici.



G. Cia rud iad sin, ar son Dia?



M. Atá:
Goid, broid is éigean,
Ciúineas cos, is béice,
Radharc san oidhche,
Suim i suidhiste,
Is dearmhad bean an tighe aici.



G. Ia, nach léir í an creutúirín bocht. M'anam
í sin. Agus cad do-gheunaimíd leis an asal sin
agus an gabhairín odhar gleoidhte. Ar dheinis
í do chrudh fós?



M. Dhein me. Tomhais:



Dá mbeadh gabhar odhar agat agus adhbhar
gabhair



Agus gabhar reamhar do chur 'na mbun,



Is do thogha ghabhar odhar reamhar agat,



Cadé an mhéid gabhar do bheadh agat innsin?



G. Maiste, do bheadh a bhfuil do ghabhair sa
Mhaothail agat.



M. Nach tomhais.



G. Leig dam féin. Ní fheadar nach "gabhaim
siar" atá tu do rádh. Agus rud eile, an sean-
bhothán so féin agus falmairí agus ceadés na


L. 7


h-Éireann isteach is amach ann. Ní'l aon scrios
ar shean-bhothán acht gan teas tinteáin dá ghoradh.



M. Is ní'l aon strus ar shean-chráin gan banbhaí
bána dá locadh. Sin é a leath-rann sin agat.



G. Leig dod' chuid grabaireachta liom, a
fhuaice gan sceim ort acht magadh.



M. A sceim féin sceim gach aoinne agus mo
sceim-se ar aoinne.



G. Seadh, acht badh chóir go mbeadh sceim an tighe
seo anois ort, agus sceimhle an bhóthair.



M. Ara, ní'l leigheas ar an gcathughadh acht
é do smachtughadh le foighne agus an smachtín
crón do chrúdh go meidhreach.



G. Seadh, foighne bhreaghdha mar do bhí ag Seán
sa chroich. Theiceam! ná fuighbhtheá-sa bean do
phósadh do choimheadfadh an tigh againn.



M. Cia hé? Mise!



G. Ní headh acht an cat.



M. Ia mhaiseadh, go mbadh comhartha báis naomhtha
d'fhaghbháil duit do dhíthcéille. Dá bhfaghbhadh
an aois a ritheann leis, níor ghábhadh dhúinn prátaidhe
do chur. Cá bhfuighbhinn-se bean?



G. Í do bhaint do chrann le cloich nó as iomaire
le ráinn.



M. Is ná fuighbhinn ceann acu d'fhaghbháil ar
dhruim talmhan agus tír na h-Éireann go trom
fairsing futha as so go dtí Dúngarbhán.



G. B'fhéidir nár bh'amalach an tslighe sin féin
duit. Faigh duine acu cuma éigin.



M. Cad dogheobha me?



G. Faigh bean ruadh.



M. Bean ruadh, rothlach.



G. Faigh bean bhuidhe.


L. 8


M. Bean bhuidhe, báirseach



G. Faigh bean dubh.



M. Bean dubh duaibhseach.



G. Faigh bean fionn.



M. Bean fionn faobhrach.



G. Faigh bean gheal.



M. Bean gheal ghlámhánach.



G. Faigh bean donn.



M. Bean donn, donn-dubhsamánuidhe.



G. Is deacair bean do dhiongbhála do fhreastal
duit. Ní'l a thuilleadh ann díobh.



M. Ní fairsinge go dtí iad. Is fuirist a
fhaghbháil iad. Ní chrúdtar bó is ní shiubhaltar
ród is ní'l aonach ná margadh, tórramh ná sochraid,
ná aifreann Domhnaigh, ná bítear ag iarraidh
baoghal d'fhaghbháil ormsa, dom lorg, dom éileamh,
agus fearaibh nach mé. Má sé an t-uisce is
iomadamhlacht ann, is í an bhean is tánaiste dhó.
Mar ní lia gainimh i dtráigh, braoin ar réidh-chnoc,
sneachta sléibhe, ná iasc i líon, ioná mná na
hÉireann is iad 'na gcarnaibh is 'na ndrongaibh
gan díth gan dísc. Isé an scannradh é an líon
atáid. Is uathbhásach an sceul é, iad sin dá
gcothughadh agus gorta ar dhaoinibh.



G. D'airigheas an chaint sin cheana agus do
pósadh 'na dhiaidh iad. Ni'l aon tormus d'fhear
acht bheith ag cámus ar na mnáibh. An scléipire
is mó cáineadh, isé is luaithe phósfar. Bíodh
ciall agat.



M. Ó seachain ar a sórt me. Mé dom
cheangal go h-eug le duine acu súd! Dogheobhainn
go bog lainnear leadhbach leibideach nó sláimín
salach nó straoil gan strus. Is iomdha sin
dogheobhainn tulcais gan teugar, nó toicín
túcáluidhe, nó circín caillighe, nó sudramán


L. 9


strupaise, nó seibionach smíste, nó mútóg
mná, nó preicleachán pusaire, nó ropaire
rúcánuidhe, acht b'fhearr liom an bás dom sciobadh
ioná bheith dom luadh le n-a leithéid.



G. Ladús a mhic ó. Caith uait é. Isé an rud
atá uait, cailín deas ciallmhar mbeadh gaois
is gastacht inti, tigheas is tairbhe. Bean mbeadh
fios a gnó aici, seasamh i mbaoghal agus
do scuabfadh an margadh. Ní fuláir do dhuine
bocht bheith léir agus an saoghal so chomh millteach
mallaighthe sin. Do chrochfaidhe an té do bheadh
maol. An méid daoine atá ag sceilpéireacht
anois, do bheadh an duine macánta thíos de.



M. Ní gábhadh dhuit é sin do chur san áireamh.
Fuaradar an sórt sin go léir bás leis an bpiuc.



G. Iseadh. Atá a fhios agam. Acht adeirim
leat anois go b'í atá uait, bean chiallmhar ghasta.



M. Is cá bhfuighbhthear í?



G. Cad is dóigh leat don ghearrchaile seo atá
thall ag bun na coilleadh?



M. B'í inghean Cáit? B'í an tsean-scraith
righin sin? Atá gob uirre chum gobaireachta
agus soc uirre chum socaireachta. Ar mh'fhalaing,
cé gor geur liom gorta, badh mhaith an mhalairt
ar luime dhuine chlainne le Cáit é.



G. Ní hí acht inghean Bil Ruaidh an tSean-
bhríste. Sin cailín canta dhuit. Ní fhaca me
riamh leadhbach í, ní fhaca me riamh gadhgach í, ag
falmaireacht ar bóthar ná ag lorg iasacht aoinne.
Atá feuchaint strus is sprioc uirre, is í culchas
déid-gheal taithniomhach, agus togha na mbonn
idir í agus talamh. Bain an chluais seo dhíom nó
gor gasta í.



M. Atá a fhios agam an tigh sin. Ní fhaca me
aoinne riamh ann ag gabháil thar brághaid dam.


L. 10


Le linn gaoithe anoir do ghabhainn an tslighe sin, is
dócha. An cúldorus do bhíodh oscailte acu.
Ní chuirfeadh cráin mhuice an dorus béil bóthair
isteach orra.



G. Heuch, ní'l creach acht dorus leathta ar
leattaobh bóthair. Do bheidís sin bacaigh agus
geocaigh na dúithche isteach ag ithe do choda ort.
Ní bhfuighbhtheá an dorus d'fheicsin acu. Agus
ní'l liúdaidhe ar an mbaile ná beadh fa do chosaibh
istigh agus níor chead dhuit do thochus féin acu. Is
deas an rud féile agus fairsinge le trácht uirre
i dtigh an óil, acht dogheobhthá trácht uirre gan
ró-dhíol as. Acht ná bac le bothán mbeadh clab
air ag súghadh gramaisc na sligheadh isteach, ná
le haon duine clainne do thógfaidhe ann ná do
thiocfadh as. Beidh tu fad mhairfe tu ag tuitim
leo agus do chuid dá sciolpadh ag cóbaigh. Acht
más mar oiltear atá gach dalta, atá greim ag
n-a meuraibh-si ar an bpingin. Is túisce do
bhogfá a gob bhís ghabhann le fiacla oirthir do
chinn é.



M. Acht cograim é seo leat. Nach dream
botháin agus gabhair iad sin agus ní lucht bó ná
capall.



G. Thit, a bhreall. Ná cloiseadh an talamh
uait choidhche go bhfuil amadán ar mo shliocht, rud
ná raibh riamh ar mo chineadh. Ná bíodh do mhuinghin
go deoidh a muintir macha bó is muc ná a lucht
na loinnide. An iomarcradh den bhiadh is é
ró-bhog is eadh dhéineann síobhraithe agus snámh-
aidhthe desna páistíbh. Na ceathanna bláthaighe,
a dhuine, cnuic is cruacha leitean, is robhartaidhe
bainne reimhir go n-aireóchthá brúchtghail is geon
ina ndróllanaibh ar nós plubghail na meadrach.
Líonadh thar sáith is an tocht dá múchadh. Damsa
dalta an bhuilg fothrais nó smeurachán samhaidhe


L. 11


do leanbh mbeadh mrotamus ar liobarna leis,
dogheuna sin leadhb gan lúth. Acht an coileán
caol-deas fuair gorta i mbruinn agus do tógadh
le lótaidhe min-bhuidhe agus cosmairt phrátaidhe,
caol-deoch glaise um nóin nó anglais le linn
cuigean do dheunamh ag lucht ime, is gan leath
ná trian a dhóthain d'fhaghbháil dó ó oidhche Shamhna
go Bealtaine anonn, heuch! atá rón mar do
bheadh fraoch ar chlár a ochta sin. Atá deallradh
is dath air, atá righne cait ann, atá sláinte bric
ann, agus do dhíolfadh sé scata deichinbhear is
dachad do chlainn feirmeoirí ar aonach Choill mhic
Thomáisín.



M. Atá an ceart agat. Bíd na cnámhna
ró-chaol is an iomarcradh de'n bhlonaig orra.
Bíonn an leathar ró-liobarsach orra. Ní gnáth
teann iad. Acht thoicim! ca bhfios duit gaois
is gastacht do bheith insan ghearrchaile seo le Bil
Ruadh an tSean-bhríste?



G. Atá a fhios agam go maith go bhfuil agus
do chruthóchainn roimhré dhuit é.



M. Cionnus do chruthóchthá sin?



G. Triail do bhaint aiste.



M. Seadh?



G. A bhfeiceann tu an sean-chroiceann caorach
sin atá sa lochta, sean chroiceann fóisc Eudhmoinn
na gCos.



M. Ar son Dia eist! Ní bheadh a fhios agat
cá mbeadh fear do bhrathta.



G. Mhaiseadh gaoth, a gharsúin; cia do bheadh
ann?



M. Acht ar eagla na heagla. Is fearr liom
bás le hadhairt dom féin ioná an gad fa'n mhuineul
agam. Sé rud is lugha orm é. Acht do bhí tu
dá rádh go mbainfeá triail aiste. Seadh?


L. 12


G. An sean-chroiceann bhfuil an lomradh air
do thabhairt di, agus a rádh léi é do dhíol ar
aonach agus an croiceann 's a luach in aonfheacht
do thabhairt léi abhaile aríst.



M. Seadh, é do ghoid! Is feilminte an chéird
do mháthair mhuirir í. An té bhfuil an mheur aige
ní fheicfear caise 'na chrios le hocras. Pé
saoghal bheas ann le linn gorta is aige bheidh
sé.



G. Ó, ní goid é an bobhta so, cé ná cáinfinn
mar chleas é, acht gaois is gliocas do chaitheamh
leis. Dochonnarc ag gabháil siar ar maidin í.
Ag dul fa'n gcoill do bhaint brosna do bhí sí.
Beidh sí aniar gan stad. An nglaodhfa me
isteach uirre?



M. Atá go maith.



Cáit do theacht chucha sin .i. do'n ghobbán agus dá mhac.



G. Gaibh i leith, a Cháit, atá gnó agam díot.
Agus cadé an sceul é, a Cháit?



C. Nach brothallach an aimsear í, buidheachus
le Dia. Ó Dia linn! (a heire do chaitheamh di
féin do Cháit).



G. Massa atá t'eire innsin agat. Cadé an
mheadhchaint atá ann?



C. Atá timchioll ocht gclocha nó mar sin.
Ó mhaiseadh dré sceul. Cá bhfuighbhinn-se sceul?
Massa aoinne bhfuil duadh an tsaoghail air, atá
a mhalairt d'fhuadar faoi seochus bheith ag lorg
sceulta. Ní bheathóchadh muc dam ná ní dhíolfadh
a chíos leis an maighistear a raibh d'eachtraíbh
Fhinn mhic Cumhail riamh ann. Atá fiche rud ag
glaodhach orm. Atá baoghal na dtrí mbaoghal
ar gor sa bhaile agam. Baoghal na leitean, í
do bheith stulcaighthe stumpaighthe ar an teinidh


L. 13


orm. Baoghal bainne na maidne atá sa phintín
dubh, a bheith sloigthe ag an chat orm. Baoghal
ogh an chircín ruaidh atá ag breith amuich, é do bheith
alptha ag Crúger orm. Dhá thoistiún an dosaen
orra agus beidh naoi bpingne an tseachtmhain
seo chughainn. Acht ní hé an seanchus do dhíolfadh
an cíos dam, a massa. Cad atá uait?



G. Maiste atá an saoghal ag rioth ort. Acht
buaidhfe tusa air, mar is id dhiaidh bheidh sé i
ndeireadh na scríbe. Acht cogar, a ndeunfá
teachtaireacht bheag dam?



C. Dogheunainn réir duine mhacánta aon am.



G. Seadh. Daoine macánta sinn go léir dar
ndóigh. Faigh an sean-chroiceann dam, a Mhaidhc.
Ní'l uaim acht a iarfaighe dhíot a bhfuighbhtheá an
sean-chroiceann caorach so do dhíol ar aonach
agus an croiceann 's a luach do thabhairt abhaile
leat arís.



C. D'fheudfainn.



G. Mhaiseadh, togha na mbonn is togha na mban.
Seo, cuir chughat é agus tomáin leat. Beidh
aonach Dhúngarbhán ambárach ann.



An Gobbán agus Cáit in aon ionad an so.



G. Bhfuil an croiceann 's a luach agat?



C. Atá, a dhaid. Seo dhuit an croiceann agus
seo dhuit a luach.



G. Ia, aileliú! Cad do bhain dó?



C. Nach é sin é? Ní dhearna me acht a lomairt.
An olann do stothadh dhe agus í do dhíol ar leith
i leith agus an sean-chroiceann do thabhairt abhaile
liom. Ná fuil an croiceann 's a luach innsin agat?



G. Atá agus ní'l. Do shíleas gor cleas
éigin eile d'imireóchthá air. Acht ba mhaith an


L. 14


cuimhneamh uait é, mar thárla. Dorighne tu do
ghnó go maith is go macánta.



C. Massa, ní aibeórainn nach tairbheach goid
is ropaireacht bobhtaidhe, acht ná caithtear gan
gábhadh iad. Is fearr go mín tu nó go mb'
éigean foghail. Atáid na daoine macánta go
léir sa phoor-house.



G. Atá an ceart innsin agat.



C. Seo, caithfead-sa peutar do chur díom
abhaile.



G. Atá an saoghal ag rioth i gcomhnaidhe ort.



C. Atá sin.



G. Fheuch, ní bheadh a fhios agat cá mbeadh do
chuid de go minic.



C. Cionnus?



G. Cad adeurthá le Maidhc?



C. Buachaill breaghdha bríoghmhar. Cos ná
lámh leis ní cháinfinn. Acht cad dogheobhainn 'na
theanntaibh?



G. Atá: bothán cinn tuighe cluthmhar. Asal
sanntach sodrach gor bhinne leat cos-anáirde
dogheunadh ar bhóthar siar nó soir duit ioná ceol
dá fheabhas. Gabhairín odhar gleoidhte gor
bleachtach in aghaidh an mhéile í. Fiche cearc ag
breith gach féile 'siad ar áilneacht a chéile agus
a n-amhlann coiligh. Atá sceilpéireacht na
dúithche agat i ngiorracht trí míle dhuit idir
ghoid agus déirc. Sceach ar domhan i mbearnain.
An phunann badh ghiorra don chinnfhearainn. An
fód móna do thuitfeadh don chruaich agus fód ná
tuitfeadh. Toradh na ngiorrach i gcúinne guirt.
Do chuimhneamh féin leo sin mar thuilleadh, is go
gcuire Dia rath ar do strus bheag shaoghalta.



C. Bíodh 'na mhargadh.


L. 15


Atáid innso in aon ionad - an Gobbán agus a mhac,
dóirseóir an ríogh agus an rí féin.



G. Bhfuil an rí istigh?



D. Cia hé tusa?



G. Mise an Gobbán Saor agus so mo mhac.



D. Scrios leat as sin in ainm an diachair, nó
cuirfe mise na madraidhe asat.



R. Cia atá innsin?



D. Atá falmaire geocaigh do mhuintir na
hÉireann dtugtar an Gobbán Saor air agus a
dhailtín mic.



R. Ó, scaoil isteach iad. Oscail na fuinn-
eóga, ar son Dia.



S. An tusa an rí?



R. Is me.



G. Gabhaim párdún agat. Isé thug i leith me
acht go dtáinigh teachtaireacht uait dá fhuráil orainn
teacht agus caisleán do thógbháil duit.



D. (An tseanchráin thnáithte do thál orra so.
A bhfeacaidh aoinne a leithéid do mhustar riamh?)
Bainidh bhúr hataí dhíbh agus luighidh ar bhúr nglúinibh.
Maiste, sé sin féin é.



G. Go raibh maith agat, a dhuine uasail. Bain-
fead an tsean-phleidhc díom más meabhair leat
é, acht ní fheudfainn luighe ar mo ghlúinibh, óir
is siar atá meall mo dhá ghlún agus m'ioscaidí
romham.



R. Ná feaca tu aon rí riamh?



G. Ní fheaca, a laoigh.



R. (leis an teachtaire) Leig dóibh. Daoine
bochta simplidhe is eadh iad. An croidhe bog
agus ceann gan chiall. Ní'l locht orra acht gor
gnáth díomhaoin salach iad. Acht i gcúrsaíbh


L. 16


gaoise, ní'l sí ag baint leo acht oiread is do
bheadh le leanbh. Dogheobhthá iad do mhealladh le
sop, a dtarraingt le broth agus a gcrochadh le
súgán. Díolfad-sa fiach a sláinte leo nuair
bheidh me réidh leo ar an ball. Ní bheidh i ndán
dóibh acht córda caol-righin cnáibe agus a dtuitim
i ngabhail na croiche. Acht leig dóibh feasta.
Tabhair biadh agus bladar dóibh anois agus scaoil
ag obair iad.



Isan phroinn-tigh dóibh iarsin - An gobbán agus a
mhac agus dóirseóir an ríogh .i. an dáileamh.



D. Seo-gidh, ithidh agus ólaidh. Ná bíodh
teora leis an teann acht eagla go scoiltfeadh
ar leathar. Seo anois.



G. Nár thuga Dia orainn bás badh bhinne linn.



[An dáileamh d'imtheacht uatha leis sin.]



M. Is maith fear, fear tighe i bhfuileam. Fear
fáilteach, flaitheamhail, fairsinge. Ní fheadar
badh laighche beo.



G. Seadh, fear féile na bhfeillbheart. Drannadh
an mhadra go deoidh agus gáire an tSasanaigh.
Gamall bog maol tusa ná cruinneóchaidh ciall
ná cruadhas go gcruaidhe an bás tu. Maiste
mhaiseadh, geallaim-se dhuit go raibh meang go
dubh linn in a chroidhe sin, agus rún ár millte idir
an dá shúil aige. Ó, atá sé istigh innsin go
dóighte. Cá bhfuighbhthidhe é? Do bhí an cam
's an díreach fa na shaor-thoil agus rug sé an cam
do rogha. Beidh an cam 'na dhíreach nó bead-
sa in iúl dó sin. Beidh pleidhc air sada bhead-
sa réidh leis, ná bíodh eagla ort.



M. Cad dogheuna tu leis?



G. Cad dogheuna me leis acht naoi gcleasa
an cheardaidhe d'imirt air.


L. 17


M. Cadé an rud iad sin?



G. Atá cleasa an chait agat, acht ní bheadh cleasa
do chéirde agat.



M. Atá cuid díobh. Ag foghlaim go fóil dam,
dar ndóigh. Acht ní raibh a fhios agam naoi
gcleasa do chleasaibh do bheith ag baint lem chéird.



G. Atá naoi gcinn d'árd-chleasaibh ann gan
trácht ar na mion-chleasaibh. Lorg meacain
i bhfail muice is eadh lorg ceardaidhe gan cleas.
Seo dhuit anois iad agus caith do mheabhair agus
do mhachtnamh agus t'aire leo. Atá do mhaireacht-
ain orra. Mar atá:



Cleas an phúca, cleas an spíce, cleas an
phacaire,



Cleas feadghala an liúdaidhe dúdáluidhe, cleas
an fhamaire,



Cleas an laghairidhe ar eudan chloiche fuaire,



Fóisigheacht ó eirghe go headarshuth,



Marbhaigheadóracht lae is bliadhna,



Agus cleas na gcleas, an cleas nár chlis,



Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an
choir.



M. Cadé an rud é cleas an phúca?



G. Eudaingean tógbhála tighe. Is amhlaidh
doghníthear, leaca ar a bhfaobhar sa bhfotha faoi,
cuasa 'na bhallaíbh ar a fhuaid, adhmad gan faghairt
agus díon gan fuaghail gan scolb.



M. Cad badh chor dó as sin?



G. É do bheith i riocht tuirric agus tuitme go
leagann ceud-phuth gaoithe Márta ar lár é. Acht
ní hé sin cleas ceart an phúca.



M. Cad eile?



G. An daingean eudaingean.


L. 18


M. Cad é an rud é sin?



G. Atá: an tigh do thógbháil go dinn daingean,
agus a leagaint i gcionn bliadna nó seacht
mbliadna, do chur ar chomairche na gcomhacht nach
cóir a n-ainm do tharraingt anuas.



M. Seadh, múin an cleas sin dom.



G. Mar seo. An chloch do raghadh in achrann
sa cheuchta agus do leanfadh do ghob an tsuic ag
treabhadh, í sin do bheirbheadh ar mheidhg agus a
caitheamh naoi n-uaire thar mhullach an tighe in ainm
an diabhail.



M. Go sábhála Dia sinn! Agus cleas an
laghairidhe ar eudan chloiche fuaire?



G. Seadh, méirseáil moirtíl ar eudan chloiche
leasmuigh agus an fuacht in a com.



M. Agus an mharbhaigheadóracht so adeir tú?



G. Sin cleas canta dhuit. Cleas nár
sáruigheadh riamh is ná rugadh barr ná cluiche air.
Atá greas oibre deas innsin agat. Ní'l creach
air sin acht obair. Dá laighead d'oibreóchthá
is eadh is sia do mhairfeadh do ghreas agat agus
is móide do thuarastal as.



M. Is cad iad na gothaidhe atá ag gabháil leis?



G. Atá: an moirteul do mheascadh ar maidin
is gan baint leis 'na dhiaidh sin ón tráth go chéile.
É sin do dheunamh duit go ceann lae is bliadna.



M. Dar ndóigh do bheadh sé leamh innsin ort
agus ní gheobhadh greim ar aon chor.



G. Nár chuma dhuit. Raghthá amach innsin ar
maidin agus adeurthá, "Téighimíd fa'n gcoill
in ainm an Athar neamhdha indiu"; is gan
cuaille ná cipín, crann daraighe ná cuilinn ná
fuinnseóige, ná aon chrann eile do bhaint duit
go ceann lae is bliadna.


L. 19


M. Agus a mbeadh do chuid is do chothughadh
agat as sin?



G. Do bheadh go teann. Do chuid féin agus
cuid do mhic agus bean do mhic agus do chonairt
chon agus do mhóir-sheisear muintire.



M. Agus an cor in aghaidh an chaim agus an
cam in aghaidh an choir?



G. labhair go réidh. Ní cóir a nochtadh sin.
Múinfidh an bhliadhain seo chughainn duit é nó
ní mhúinfidh. An cleas is aoirde é nó cleas
gan áird. Más í an mharbhaigheadóracht cleas
na gcleas is é "cor in aghaidh an chaim agus
cam in aghaidh an choir" cleas thar chleas na gcleas,
mar is é cleas ár leasa araon é nó cleas ár
gclaoidhte. Ní leath má leath dóibh a maitheas
araon, óir ní'l acht do mhaireachtain ar an mhar-
bhaigheadóracht, acht is ar an gcleas so atá do
mharthain. Cuirfear ar chrannaibh cinneamhna
é agus beidh a fhios agat go fóil, nó ní bheidh a
fhios.



M. Atá cumhang romhainn, mar sin.



G. Atá cumhang agus caol agus cuirptheacht
romhat. Atá sodar gan sugradh romhat, atá
rince an ghaid romhat agus caoile an ghaid an
chuid is measa dhe, mar ní caol go caoile ghaid.
Acht is treise Rí na bhfeart ioná rí na gcreach,
is go dtuga sin comhgar thar an gcumhag dúinn
agus caoithar caoi le.



M. Massa, atáimíd i dteanntaibh an dá fhichead.
Acht cogar, cadé an cleas imireócha tu ar an
smíste seo?



G. Ní'l cleas dona cleasaibh do chuireas 'san
áireamh duit, idir mion agus mór, ná beidh ar
siubhal in aonfheacht agam, go mba fada leis sin
an lá agus go mba sia ioná sin leis an oidhche,


L. 20


go mbeidh fiuchadh feirge gan feicsin air, is go
mbeidh borrfhadh an uilc linn ag loscadh an chroidhe
aige is gan ar a chummus dheunamh acht an gob
grádhmhar.



M. Maiste, bainfimíd an sámhán den
tseibionach.



G. Fan leat. Beidh saoghal sníomhach air siúd
agus codladh corshuantach sada bheimídne réidh
leis.



M. Cad dogheunaimíd indiu?



G. Téighimíd fa'n gcoill in ainm an Athar
Neamhdha.



An Rí agus an dóirseóir in aon ionad.



R. Beidh an caisleán nua deunta acu so i
ndeireadh an mhíos so, is dócha. Is gairid bheidh
an mí seo ag imtheacht. Thoir bheidh comhnuidhe
innsin orainn. Badh bhreaghdha an saoghal dúinn
bheith as so amach. Ba chumhag liom an áit. Rud
eile, ba bhaoghal liom go mbídis daoine ag eirghe
ann. D'airighinn tré'm neulta screuchadh na
mban. Adeirthear aon taidhbhreamh dogheunthaidhe
mar sin duit, gor measa dhuit an bhean ioná an
chú féin. Is mithid dúinn teicheadh as. Acht
tabhair aireachus dóibh súd nuair bheid siad réidh.
Is í mo bhreath-sa orra, ceangal na gcúig gcaol
orra agus a gcrochadh le teud. B'fhearrde a
rún é. Ca bhfios do dhuine ná raghaidís sin agus
ná deunaidís caisleán chomh breaghdha leis, nó
b'fhéidir níos fearr, do mhantachánaidhe phrioslaidhe
éigin in a ndúthaigh féin? Do bheadh leadhb agus
breall go deoidh innsin orm.



D. Go díreach. Nuair bheid siad réidh. Acht
a bhfuil a fhios agat ca choin thosnóchaid?



R. Ca choin thosnóchaid!


L. 21


D. Seadh.



R. Is ná fuilid tar éis tosnughadh cheana?



D. Ia ní'lid. Is geas dóibh sin mar chear-
daidhthe tosnughadh go dtabhraid siad lá is
bliadhain againn ar aoigheadhacht. Do shaoileas
go raibh fhios sin agat cheana.



R. Go raibh fhios sin agam! Ar mh' anam ná
raibh. Agus cá bhfuilid anois?



D. Amuich sa scioból.



R. Cad táid siad do dheunamh?



D. Ag toirrchim suain agus síor-chodalta.



R Is ná fuilid ag cur aon deallradh eile
orra féin acht mar sin?



D. Ní bhrathaim-se ag teacht orra é ar aon
chuma.



R. Cadé an fhaid atáid innso anois?



D. Coigthigheas.



R. Is cadé an mhéid atá deunta acu ó choin?



D. Ar itheadar agus ar óladar.



R. Ar itheadar agus ar óladar!



D. Ó go blasta. Is dócha go raibh seacht
mbliadhna gorta thórsta acu sad thángadar. Dá
bhfeiceóchthá gach aon fhastadhach acu súd agus
scannradh in a dhá shúil chum an bhídh agus clab
air a bhfuighbhtheá prátaidhe do chartadh siar isteach
ann le sluasaid. Massa féin, is leo sin is
socair a mbeatha agus is sámh a suan.



R. Seo, beir orm. Cad dogheuna me ar aon
chor? Mach deacair dam foighneamh? Is baoghal
liom go ragha me is na craobhacha acu. Dar
fiadha! Dá bhfuighbhinn breith ar ubhall brághad
ar dhuine acu, do stracfainn as é agus do chaithfinn
chum an mhadra é.



D. Ó mhaiseadh, tocht agus traochadh orra mar


L. 22


cheardaidhthe. Leig dóibh go mbeid siad réidh
leis an obair agus dogheobha tú do rogha bháis
d'imirt innsin orra. Bíodh foighne agat. Ní'l
aon leigheas eile anois air.



R. Ní'l, is dócha. Acht feuch. Má mharbhóch-
ainn-se gan chionta iad, cad is fiú cuirptheach
iad? Má sé an bás do thuillfidís díchiollach, cad
do thuillfidís doicheallach? Níor chothrom an díol
ó Dhia ormsa, ná ar mo chuid, ná ar mo cheart,
ná ar mo chíos, nár bhronn sé acht aon anam amháin
orra sin is ná faghbhaim-se bheith ag baint anma
in aghaidh an lae asta go fíor-íochtar na síorruidh-
eachta thoir thall. A bhfuil aon bhraoinín fuiscí
istigh agat?



D. Is mór an truagh thu acu go léir. Ró
mhacánta atá tu. Muna mbeadh do chroidhe
mór ní bhfuighbhtheá seasamh ar aon chor.



R. Faigh dam seár. Foighne 'na haonar ní
háil liom mar phrugóid leighis í. Ní haon díogh-
bháil cainín de seo tríthe. Fearrde a blas é.
Seo, fa thuairim do shláinte.



D. Sláinte mhaith chughat is go raibh lá eile ag
an Phaorach.



R. Seadh, is cead aerigheachta ar ghad ag muintir
Ghobbáin.



Imtheacht don Rígh innsin.



D. A shean-thuflaisc oitir, nach truagh gan
do chorpán-sa san aoileach agus t'anam ar
bhrannradh thíos.



M. Agus an "cor in aghaidh an chaim" seo
do bhí tu do radh, ca choin chuirfe tu i bhfeidhm é?



G. Ó chaoi do bhinnighthe atá sé ag coisdriughadh
chaoi. (Beurlagair na saor ann .i. eist do
bheul, atá sé ag teacht i leith).


L. 23


R. Dia dhíbh, a fheara, is go mbeannuighe Dia
bhúr n-obair (mhaiseadh, nár theaga sibh mar
gheocaigh chearduidhthe dam).



G. Go mba hamhlaidh dhuit, (is go sciobaidh an
sean-riabhach dearg lucht an anchroidhe).



R. Atá sibh ag dul chum cinn go hiongantach.
Is uathbhásach a bhfuil deunta agaibh (is mo chreach
a bhfuil ithte agaibh agus a ghráinneacht atá an
áit agaibh). Atá sé ar áilneacht agaibh.



G. Ní'l baoghal air. Dar ndóigh, atá sé
deunta ó aréir againn. Ní rabhamar indiu
acht ag cur datha is snasa air is píosa puttí
thall 's abhfus air agus smeartha fa sna raeth-
leáinibh (atá an tsean-lúb ina chroidhe istigh aige
seo i gcómhnaidhe).



R. Fa sna raethleáinibh! (an ag magadh fúm
atá sé?)



G. Seadh go deimhin. Ná dubhairt me leat?
Atá raethleáin faoi. Dar ndóigh, ní bheadh
aoinne dá bhodhradh féin anois le caisleán gan
cóir iomchair is aisdrighthe do bheith faoi. Atá
sé sáidhte sa talamh innsin agat agus is túisce
do bhainfeá cor a crann ná as. Acht an ceann
so dogheobhthá na hannlaidhe do chur ann agus
é do thiomáin romhat ar nós an "fúl-barra."
Bím-se innso agus bídis na namhaid 'na slóightibh
thimchioll orm, d'iarraidh foghail is briseadh do
dheunamh orm. Ní'l dom thuaraisc ar maidin
acu acht gaoth. Sleamhnughadh eatorra amach
do-gheunainn istoidhche agus mo chaisleán go deas
ar raethleáinibh agam. Anté do theagmhóchadh
fa raethleán díobh ní chuirfeadh scread ná cnead
as, badh ghiorra dhó eug ná uch. Maiste, ní rabhais
riamh ar do mharthaineach go dtí so. (Futar-
áluidhe bocht bocht, is nach damhsa nár ghábhadh sin,
gaois do chaitheamh led dhalladh-sa).


L. 24


R. Dar Mártan! acht beidh sin go feilminte.



G. Seo, a rí, ár dtuarastal dúinn anois.



R. Ó, beidh sin agaibh ó chroidhe. (An fiach
dubh aniar ag giobadh is ag piocadh is ag casmairt
leis an bhfiach dubh anoir thar cheann t'ionathair
is do scartacha). Acht a bhfuil sé deunta ar
fad agaibh?



G. Atá go dinn is go daignean ón bhuaic
anáirde go dtí an fotha síos.



R. Atá go maith. Beidh bhúr dtuarastal ar
an nóimint dearg agaibh. Seo-gidh, a luach-saothair
dóibh so go mear idir teann agus bog.



G. Seadh, acht ní fheadar ar bhfiú dham teacht
thairis.



R. Cadé an rud é?



G. Mhaiseadh, ní'l ann acht an snas beag
deireanach, ní dada é.



R. B'fhéidir go b'eadh. Cadé an rud é?



G. Aon bhuille béime úirlise do bhualadh 'san
áit cheart air.



R. Cad chuige?



G. Snas beag déidheanach. Acht ní hé an
snas ar fad. Atá buaidh ar chaisleán mbuailfidhe
a leithéid do bhuille air.



R. Cadé an buaidh?



G. Atá, gan a bheith ar a gcumus dá dtáinig
ná dá dtiocfaidh do cheardaidhthibh, caisleán a chomh-
dheiseachta do dheunamh ná buadhchain ar dheiseacht
air go bruinne brátha.



R. Maiste, caithfear sin do chur air. Stadaidh,
innsin, ní'lmíd réidh fós. Ní dheunadh sé an
gnó ar aon chor gan sin air. Do bheidís cais-
leáin na hÉireann ag deunamh amadáin de.


L. 25


Do bhainfidhe an snab de. Buaidh gan buadhchain
air, a dtuigeann tu me?



G. Seadh, a rí, acht feuch. Ba dhóigh liom ar
mo theacht anall dam ná beadh a leithéid uait, mar
nár chuiris sa mhargadh é, agus b'amhlaidh d'fhágbhas
as mo dhiaidh an úirlis shaineamhail shoilseach
bhaineas leis an mbuille sin do bhualadh agus
an snas sin do chur air agus an buaidh gan
buadhchain sin do bhronnadh go deóidh go deaghaidh
air. Agus is saeth liom a rádh leat go mb'éigean
dúinn triall abhaile fa na déin sin. Agus
atá a thuille ann. Más mian leat an buaidh
buan sin air, bídís so arís sa mhargadh: deich
gcinn do loilgheachaibh is dá fhichid, deich samhaisc
is dá fhichid, gamhainín glas-riabhach, tarbh-taobh-
leathan, pingin gach tighe agus cead ael nó bior
cuilinn nó gabhlóg gharbh iarainn do shádhadh isteach
i gcoire nó i gcorcán ar domhan i Sean-Shasna
mbeadh feoil dá beirbheadh ann agus foirtiún
an bheara nó na gabhlóige do sciobadh as. An
toil leat?



R. Is toil méid méinne do chroidhe acht gan
dul abhaile dhuit.



G. Cadé an chiall?



R. Ar eagla imtheacht gan casadh oraibh.



G. Má's banna nó urraidheacht do bheadh uait
dobheurthaidhe dhuit é.



R. Cuir snaidhm ar rud agus atá sé i gcoimhead
agat. Ní geall go geall an ghaid agus ní
urraidheacht go greidhm an dhuirn. Raghad-sa
féin fa dhéin na húirlise.



G. Ní gábhadh is atá baoghal ann. Baoghal
briste, baoghal báidhte, baoghal cailleamhna agus
a dheacracht duit féin.


L. 26


R. Cuma baoghal. Éigean deacracht damhsa
ann. Luighim fa'm arm ríogh go raghad.



G. Atá go maith.



Beatha dhuine a thoil,



Dámba lorg clúmh ar chloich.



R. Eolus do thighe dham agus tuaraisc na
húirlise.



G. I Mám Bhearnan Bhéil an Bhealaigh, siar ó
dheas ó Chruachán Paorach i ndúthaigh Déise, atá
árus mo leabtha agus mo chomhnuighthe-se. Buail
ag an dorus cúil tighe, beidh bean an tighe istigh.



R. Agus cadé an sórt é an úirlis seo?



G. Cos inti mar do bheadh crann speile. Chomh
mór le corr-chip inneóna gabhann an spíce atá
ina lár. Naoi gcinn do bhacánaibh aiste thiar
is thoir, agus slabhradh airgid as gach bacán.
Cnapán óir badh mhó ioná ceann mic míos ar
cheann gach slabhraidh léi síos.



R. Is iomdha giobal atá ann is as, acht cadé
an rud é féin?



G. Sin rún nach cóir a leigin le duine beo,
a rí, is gan acht le triúr dona marbhaibh.



R. Más rún é is righin é. Bíodh agat. Acht
cad thugtar air?



G. B'fhada leat a hainm-si agus ní mór dhuit
bheith ag síor-mhachtnamh agus ag síor-mharthain
air chum go mbeadh sé do mheabhair ghlain agat.
Dá gcaillfidhe é, do bheadh t'aistear in aisce
agat.



R. Seadh, acht cadé an rud é?



G. Atá, "Cor in aghaidh an chaim agus cam
in aghaidh an choir."



R. "Cor in aghaidh an chaim, agus c.," "cor in
aghaidh an chaim, agus c."


L. 27


G. Shin é é.



R. Fágbhaim beannacht agaibh anois go gcasa
me aríst chughaibh.



G. Go dtuga Dia slán abhaile thu.



An Rí agus bean Mhaidhc.



R. Bail ó Dhia ar a bhfuil innso istigh.



B. Dia is Muire dhuit is Pádraig. Nach
iongantach an brothall atá ann, buidheachus
le Dia.



R. Is iongantach sin, anté mb' éigean dó
bheith ag siubhal do chois faoi.



B. Is fíor dhuit. A mb'fhada tháinigh tu, mar
sin?



R. Is fada sin, thar teorainn anoir dam.



B. Do bhí a fhios agam cuma éigin gor choig-
críoch tu. Agus cadé an sceul é anoir?



R. Dré sceul. Ca'l fear an tighe?



B. Atá sé as baile. Mise bean an tighe seo.



R. Ar mhiste leat fios a anma agus a
shloinnidh d'iarfaighe dhíot?



B. Ní miste go deimhin. Maidhc mac an
Ghobbáin ainm m'fhir-se agus an gobbán féin
fear an tighe. Thall sa tír sin ar b'as duit-
se dóibh. Ag tógbháil chaisleáin do rígh Shean-
Shasna atáid. Badh chóir go mbeidís réidh leis
anois, nó mara bhfuilid atáid siad lán leis.
Beid siad abhaile anois chugham gan stad.



R. Sidé áit díreach do bhí me do lorg. Dar
ndóigh, mise rí Shean-Shasna.



B. Mhaiseadh an eadh? Agus cionnus atá
Maidhc agus athair mo chéile?



R. Atáid siad ar a marthaineach.


L. 28


B. Feuch sin anois agus eagla ormsa go mbeadh
droch-bhail orra nó mí-ádh éigin insan áit fhiadhain
sin thall. An sean-andúir áit fiannachta, ní'l
aon rud chomh gaedhlach do dhuine leis. Agus
cionnus atáid na prátaidhe agaibh i mbliadna?



R. Ia mhaiseadh, níor bh'fhiú leat a bhaint iad.
Do bhí an criochán in áit an chlabhráin agus an
clabhrán 'san áit ar dhual dó sin. Do lean-
faidís don bhalla dhuit dá mbainfeá fáisc asta.



B. Ó mhaiseadh, is mar sin atáid againn fhéin.
Feuch, ní'l aon rath ar an aimsir seochus mar do
bhíodh anallód, míle buidheachus le Dia. Agus
tusa an rí, adeir tu liom.



R. Is mé a massa.



B. Nach deas duit é sin anois. Agus cionnus
atá do chéird-se ag dul chum cinn?



R. Ó mhaiseadh cuibheasach. Cadé an mhaith
dham bheith ag gearán?



B. Dar ndóigh, is fíor dhuit. Sceim is sceón
i gcomhnaidhe orainn go léir, cabhair ó Dhia chughainn.
Agus a mbíonn mórán ort, mar sin?



R. Ia bíonn, a bhean.



B. Cadé an sórt obair ar aon chor é?



R. Riaghlughadh agus smachtughadh daoine.



B. Ó! cionnus riaghluigheann tu iad?



R. A bhfuil turnap agat, nó práta? Seadh,
teasbáin dam an cnócar sin. Seo anois, bíonn
m'ubhall ríogh ar láimh liom agus mo shlat ríoghdha
reachta agus rachmuis sa láimh eile. Mar seo
ghabhaim innsin. Sin riaghlughadh dhuit.



B. Ia! massa is ait an cleas agat é. Do
thiocfainn féin cortha dhe. Agus cionnus
dhéineann tu a smachtughadh?


L. 29


R. Sé sin, creachadh ropaire agus bithbheanach
agus cur droch-bhan ar a leas.



B. Maiste mhaiseadh, ní fuiris duit é sin do
dheunamh.



R. Ní fuiris acht dogheunainn é.



B. Droch-bhean do chur ar a leas!



R. Seadh a maiste.



B. Cionnus dogheunthá é?



R. Ar mh'anam, ní'l aoinne is fearr d'inneósadh
duit é ioná anté ná fuair a fhoghlaim gan múineadh,
sé sin mise. Dar ndóigh, do bhí carn ban agam
féin agus do chuirinn ar a leas diaidh ar dhiaidh
iad. Cuid acu gan ciall droch-mhúinte agus
cuid acu gan iomchar gan náire. Bean ar a
leas, bean gan cleas, acht ní'l bean beo gan
cleas. Is amhlaidh b'éigean dam a leasughadh
innsin, crochadh beag do bhaint asta ar dtúis agus
a gceann do scrios díobh 'na dhiaidh sin le
claidheamh.



B. Obhoch, Dia linn!



R. Ia, a bhean a chroidhe, do bhainfeadh sé fáscadh
as na haeibh agat sceula mo bhan-sa agus ar
ghabhas tríd acu.



B. (Seun agus rian na croise ceusta eadram
agus é. Alpaire gan taise gan truagh ar nós
cránach muice. Scriosamhnach an bháis d'imirt ar
dhaoinibh bochta gan suim gan cuimhneamh. Mhaiseadh,
go bhfóire Dia ar mo mhuintir bhoicht-se atá ag
pléidhe leis thall. Acht ní fheadar fa'n donas
cadé an fuadar atá faoi anois. Mhaiseadh,
nach agamsa atá an "lad" ann). Seadh, b'uath-
bhásach an sceul é, is dócha.



R. Ó, ná bhí ag caint, a bhean. Do bhrisfeadh
sé do chroidhe gan acht iad do chomhaireamh tharm,
agus na bliadhanta fiara fuara, agus foighneamh


L. 30


gan foighne agus saoghal gan strus. Do bheadh
sé ró-dhian ort, a bhean an tighe, innsint mo
chreach agus fadtuirse mo scéil go léir duit;
acht gor bh'éigean dam mór-sheisear díobh do
chur díom le claidheamh. Agus is baoghal
liom go gcaithfe me an ceann atá anois agam
do leasughadh aríst.



B. (Leasughadh na reilge!)



R. Fuspar, a bhean an tighe, má bheidh tusa id
bhaintreabhaigh choidhche, is aithnid dam buachaill
deas macánta thimchioll mo shaghas-sa d'fhear
bhfuil slighe mhaireachtana aige agus ní hí mair-
eachtain an chnocadóra í.



B. (Massa, ní háil liom bean gan cheann ar
mo chineadh, acht mo leun! ca bhfios dam nach bain-
treabhach cheana me?) Seadh anois, a rí, caith-
fead-sa dul ar lorg an aisil atá ar seachrán
siar an bóthar uaim.



R. Ó, bhí a fhios agam go maith go mbadh ró-
chathach duit mo chás. Acht pé'cu sin é, níl sé
d'uain agam é d'innsint duit anois. Rud eile
atá deitheanas orm. B'é mo dhearmhad nár
chuimhnigheas go dtí anois air. Seadh, a bhean
an tighe, isé thug i leith me acht ar theachtaireacht
ót' fhear-sa agus ó athair do chéile agus fa dhéin
na húirlise sin dtugtar "cor in aghaidh an
chaim agus cam in aghaidh an choir" uirre.



B. "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh
an choir!" Ní fheadar. Agus cad ba ghábhadh
dhuit-se do rígh teachtaireacht do dheunamh, ná
dóibh sin fuireach agat thall?



R. Sceimhle na hoibre dá cur díobh. Ní raibh
aoinne díomhaoin acht me féin agus tháinigh me
liom fá n-a déin.



B. Agus cadé an ainm seo adubhairt sé do
bhí air?


L. 31


R. Atá "Cor in aghaidh an chaim agus cam in
aghaidh an choir."



B. "Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh
an choir[.]!"



R. Seadh, cos inti mar do bheadh crann speile.
Chomh mór le corr-chip inneóna gabhann an spíce
atá in a lár. Naoi gcinn do bhacánaibh aiste
agus slabhradh airgid as gach bacán. Cnapán óir
ar cheann gach slabhraidh síos.



B. Ó, iseadh go deimhin. Is cumhin liom go
maith í. Dar ndóigh, do bhí sí innsin agam ó
chianaibh. Ní'l nóimeat ó leagas as mo láimh
in áit éigin í. Ó mhaiseadh, deacair ort mar
úirlis; dámbadh mhadra í dobheuradh sí orm.
Feuch cár fhág me istigh í. Crom-se síos led
thoil agus tóg amach í. Coingeobhad-sa an clár
so anáirde dhuit.



[An rí do chromadh síos thar fhiorra an bhosca
d'fhonn an rud do thógbháil aníos. Breith ar
thóin bríste air don mhnaoi innsin agus a
chaitheamh isteach sa mbosca dhi agus an clár do
dhaingniughadh air anuas, agus a rádh leis innsin
di]:



Seo leat anois, a laoigh, fan istigh innsin
duit féineach go dtiocfa mo mhuintear-sa fa
mhaise abhaile chugham. Má bhíonn greim orra
ná greim asta badh mhiste dhuit féin sin. Sin+é
"Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh
an choir" anois agat.



Finit Amen Finit



RISTEARD DE HINDEBERG,



Sagart.



OIREACHT I dTIGH SCOILE
DIADHACHTA NA CEUD-BHLIADHNA.



DO THEAGOSC GACH FOGHLAMA AS GAEDHILG.



Tháinigh dream éigin do'n chineadh daonda, gor
ghabhadar sosadh agus comhnaighe san Roinn Eórpa,
san tsean-aimsir anallód. Atá an aimsir sin
chomh fada sin siar uainn ná fuighbheam-na cuimh-
neamh uirre anois. B'áluinn agus b'uasal an
lucht tháinigh ann. Ba bharr na féile agus bláth
na scéimhe an dream sin, agus b'uachtar na
daondachta agus ba chnó na céille. Do bhí buaidh
gaile agus gaisgidh, réime agus rachmuis, clú
agus calmachta aca sin thar a dtáinigh ina n-aimsir,
mar do bhuaidheadar ar an saoghal go léir le
cruadhas láimhe agus le cruinneas cinn. Is
fuiris a n-abraim do shuidheadh agus síolrach fear
mbán an domhain ar a sliocht agus ar a lorg sin
anois, agus tuilleadh aca nach bán, ar aistrigh
goradh gréine líth a leathair, gorab leath-ghorm
an croiceann orra anois. Agus má dubhadh
a ndealbh an méid sin le brothall agus an dara
cuid díobh bán, má's ar aon tsliocht atáid, is
fada an lá siar é go ceann a gcinidh araon agus
go bun a bhfréimhe. Acht is ar aon tsliocht
atáid. Óir ní'l aon teanga nó úrlabhra dá
labharthar ag clainn an tsíolraigh sin indiu, ná


L. 65


fuil coimhcheangal daingean dlúth eatorra, agus
ná fuilid in achrann 'na chéile an méid sin, go
mb'fhuiris a rádh gor aon teanga amháin do réir
bhunudhasa iad. Agus má's aon teanga amháin
iad acht iad do leanmhain siar go a mbun, is aon
tsliocht amháin gach aon treabh daoine darab
úrlabhra aon teanga do na teangthaibh dár thagras
romham. Ar an adhbhar sin, is ionann fuil do na
cineadhaibh atá ag áitreabh ó bhun Sionnann, is
na h-Indiachaibh thoir, go bun Sionnann, cois
Léime Conchulainn i nÉirinn. Sionna is teora
dhóibh thiar is thoir.



Is móide is córa a mheas gor uasal agus gor
foirbhthe an sean-shíolrach so, a sliocht ar a lorg
do bheith i gceannus an domhain indiu. Adhbhar
eile fós, gor 'na bheagán is 'na bheagán thug gach
treabh d'ár chinn uatha, oighreacht agus ealadhna
agus dána agus feasa a sean-shinsir leo, agus
gan treabh acu dá dtabhairt go hiomshlán leo.
Agus dá bhfeudfaidhe a bhfuil d'ealadhnaibh agus
do dhánaibh ag gach cineadh acu súd do chnuasach,
agus ar cailleadh dá samhail i gcaitheamh na saoghal
do chomhaireamh leo, dob' fhuiris a rádh gor árd
iad an tsean-dhrong ó dtángamar, agus a bhfuil
fir bhána an domhain ar a sliocht.



Agus má rug gach treabh leo a gcuid féin don
tsean-oighreacht, rugadar Gaedhil leo an croidhe
mór lághach, lán do dhaondacht; rugadar leo
fuinneamh na ngeug agus lúth na gcnámh, an
cruinneas cinn agus cothrom na meabhrach.
Buaidh brigh, buaidh croidhe, buaidh daondachta
agus buaidh inchinne leis an nGaedheal. Agus
más amhlaidh atá go bhfuil tréithe i nGaedhlaibh
idir corp agus anam, do bhuaidhfeadh araon dream
d'ár mhair riamh, cionnus chruthóchthar nach iad
taoisigh an tslóigh indiu iad, acht gor bun os
ceann leis sin atáid, iad 'na spaid go dealbh,


L. 66


gan feidhm gan teugar, agus iad an fhaid sin
siar sa réim ná fuighbhidís a thabhairt fá ndeara
gor éaluigh fir an domhain thar bharraí na gcnoc
i gcéin uatha? Atá, gor chaill ar an gcéill acu,
go bhfuil Gaedhil gan gaois gan gliocas agus
go bhfuil breall dá bharr sin orra. Atáid
Gaedhil gan léigheann gan foghlaim orra agus
scannradh ar an domhan mhór chum léighinn agus
foghlama. Atá meas ag gach cineul ar a sinsear,
acht is amhlaidh bhíd Gaedhil, dá mhéid do bhastún
thar a chéile do thiocfadh thar lear nó thar teorainn
chucha, is eadh is mó a meas air is gan do shalachar
sráide badh lugha orra ioná a sinsear féin.
Sáruigheann an Gaedheal an sean-fhocal, óir atá
a fhios ag an saoghal ar fad, " dá ghiorracht do
dhuine a chóta gor giorra ioná sin dó a léine;"
acht ní'l aon rud do b'fhearr le Gaedheal badh
ghiorra dá chroidhe is dá chneas, ioná leadhb na
lathaighe agus ceirt na gcoigcríoch, in áit léine
gheal Ghaedheal dá dhíon. Léightear is an bhíobla
gor órduigh Dia dhúinn, onóir do thabhairt dár
n-aithribh is dár máithribh, chum go mbadh bhuainide
ár gcómhnaighe sa dúthaigh. Thugamar-na easanóir
dár n-aithribh is dár máithribh agus atá a shliocht
orainn, sinn do bheith scaipthe scáinte imeasg
coigcríoch an domhain cheathar-áird, agus leadhb
na h-aingcise ar a bhfuil 'nár mbeathaidh sa bhaile
dhínn.



Ní'l treabh acu sin dár chuireas san áireamh
rómham, ná cleachtann a dteanga féin, is nach
aiste doghníd gach léigheann. Dar linne gor
geall le díth-eolais dá dhoircheacht an Ghaedhealg
bhocht, agus nach eadh a mhéid ná fuil aon léigheann
ag gabháil léi, acht gor comhartha geocaigh ar
dhuine a blas ar a bheul, nó a rian air in aon
chuma gor duine Gaedhlach é féin ná aoinne do bhain
leis riamh. Agus do thógbhamar ár gclann agus


L. 67


atáimíd dá dtógbháil anois in gach paróisde in
Éirinn, d'aon toisc chum é do cheilt ar an saoghal
ar fad gorbh iad Gaedhil ghroidhe ba shinsear dóibh,
agus chum go leigfidís orra ar an ball ná fuil
ionta ó mhaoil go talmhain, idir smior is cnámh
is croidhe is croiceann, acht sugha na mbodach
agus tál an tSasanaigh.



Bíonn báidh ag gach cineul daoine le n-a sean
agus le n-a sinsear, agus ní mó dogheunadh aon
rud ar domhan sceim dóibh sin ioná leabhair an
tseanchusa agus gach eachtra agus éacht agus na
gníomhartha bhaineas le n-a seacht gceud sinsear
rómpa do mhúineadh dá bpáistíbh. Rud nár cheil-
eadar a sinsear orra féin ní cheilfidís sin ar a
gclainn é. Agus is measa leo a gcuid féin ioná
cuid aon druinge dá mhéid, dá aoirde. Agus is
eadh is beus dóibh, múinid a dteanga féin agus a
seanchus féin agus gach gníomh gaile agus gaiscidh
dá ndearna aon chleithire cruaidh do bhí riamh ar
a gcineadh, múinid an méid sin dá bpáistíbh ar
dtús, agus teanga agus seanchus agus clú na
gcoigcrioch 'na dhiaidh sin. Is é is beus dúinne,
gan siolla do sheanchus na hÉireann ná giog do'n
Ghaedhilg do thabhairt d'aon pháiste dár bpáistíbh.
Agus cuirimíd na basa ar na cluasaibh aca ar
eagla go gcloisfidís focal ná foghar don Ghaedhilg,
agus cuirimíd fá n-a súilibh púicín an phacaire
agus bréidín an bhacaigh, ar eagla go bhfeuchfaidís
thar a n-ais nó thar a ngualainn is go bhfeicfidís
greann agus sult agus subhachas Gaedheal, nó
feidhm agus fuinneamh na bhfear ngroidhe do
chreachadh a naimhde i mbearnain bhaoghail. Ní
thráchtar ar chlú na nGaedheal, acht gach aoinne
dá rádh go n-eirgheann grian ar mhuintir Shean-
Shasna. Atá a rian sin ar ár leanbhaíbh óga.
Atá cor sa chroidhe aca, atá gob is magadh orra.
Feuch idir an da shúil go cruinn orra, agus abair


L. 68


an dóigh leat gor dúthchas dóibh mar shíolrach
Shean-Ghaedheal an draid sin. Óbhoch! cár ghabh
uainn an croidhe bog agus an leagan súl ba
dhual do shár-fhuil na hÉireann? Atá breall
ar Ghaedhlaibh fa dheireadh mar ná bíonn de shliocht
orra acht Sasnaigh.



Is mairg anté chuireas drom a láimhe le n-a
shean agus le n-a shinsear. Is é sin éacht dorigh-
neamar agus do bhain an mhairg sin dúinn go
dóighte. Is misneach dá chroidhe agus cabhair
dá rún do dhuine cuimhneamh ar an tsinsear.
Agus ní mór dó a bhfuighbheadh do mhisneach is do
mhuinghin dá chobhail is do bhrigh dá chnámhaibh san
tsaoghal so atá anois ann. Atáimíd-ne gan
cuimhne gan cion ar an tsinsear, mar do scriosadh
a gcuimhne sin as ár meabhair le n-ár dtoil fhéin
agus dorighneamar an sinsear dúthchasa do
mhalairt ar shinsear choigcríoch, acht is baoghal
liom gor maol é ár margadh. Atáimíd anois
gan sinsear romhainn gan sliocht orainn. Cár
bh'iongnadh, dá bhrigh sin, an tubaist dár suathadh
agus sinn ag síor-dhrantán os comhair fear an
domhain gor bocht amalach an cás i bhfuilmíd?
Atá gorta agus aingcis dár scriosadh agus dár
sciobadh thar sáile gach lá agus sinne d'iarraidh
ár gcréachta do leigheas le cleachtadh an Bheurla.
Agus ní móide ár mBeurla nach misde ár maitheas.
Mhaiseadh, go gcasa Dia an chiall orainn.



Atáimíd anois tar éis amus ceud go leith
bliadhain do thabhairt d'iarraidh Beurla d'fhogh-
laim. Agus do bhí sceimhle agus scannradh
orainn chuige agus sceón sa dá shúil againn chum
greim do bhreith air agus bheith níos doimhne 'na
achrann. Anois atá sé gabhtha againn, agus cad
do b'fhearrde sinn ar chaitheamar dár nduadh
d'iarraidh é do ghabháil agus an Ghaedhealg do
dhearmhad? Do bhíodh pobul is cléir gach lae dá


L. 69


dheimhniughadh dhúinn ná beadh lá 'n rath orainn
go deoidh, mara gcaithfimís uainn an Ghaedhealg
agus an Beurla d'fhoghlaim. Dorighneamar.
Do bhí an Ghaedhealg innso ó aimsir Ghaedhil Ghlais
anall, dá tabhairt chughainne anuas glún ar ghlúin
do réir úird is duail is dúthchasa. Acht aon
lá amháin do chinneamair mar chomhairle againn
féin, gan aon Ghaedheal do bheith ar an tsliocht
againn feasta acht Gaill agus Sasnaigh. Ní
raibh 'na dhiaidh sin dá ghalldacht do bheadh clann
linn nár bh'eadh b'aite linn é, an méid sin, nach
gnáthaighe is nach meabhair linn anois aon rud
in Éirinn ioná ár gcuid clainne do chur anonn
go Sean-Shasna gach aon bhliadhain, chum léigheann
agus smacht do chur orra, chum go mbadh Ghaill
go dubh-dhearbhtha idir corp is anam, fuil, feoil
is scartacha iad.



Do bhí sé ráidhte go mbeadh léigheann is maise
dá uaisleacht orainn acht an Beurla do bheith
againn. Atá sé againn anois is ní'l againn
acht é, agus cionnus atáthar againn do léigheann
is do dhánaibh, do chéirdibh agus d'ealadhain?
Inneósad-sa sin díbh-se. Do bhuail orm fear
lá, fear mór le foghlaim. Atá sé ar na fearaibh
is aoirde réim, céim is clú le foghlaim dá bhfuil
ar domhan, agus, gidh gor iomdha fear cliste
doimhin-léigheanda do casadh orm lem linn, ní
dóigh liom go bhfaca mé duine riamh do threisfeadh
air agus méid mo shiubhalta. "Feicim anois,"
ar sé sin, "Iarraim d'athchuinghe ort, as ucht Dé,
a innsint dam cionnas atáthar agaibh in Éirinn do
theagosc aosa óig agus mac léighinn sul theighid
do dheunamh leighinn san árd-scoil." "Atá,"
arsa mise, "a leithéid seo." Agus thugas uaim
innsin tuarascbháil an teagosca, amhail dob'
fhearr d'fheudfainn. Agus adubhart trá, ná
raibh fód caol ar fuaid na hÉireann ná raibh


L. 70


scol ghallda ar siubhal ann, gorab é an Beurla
ba léigheann agus ba theagosc dóibh, agus go
mbadh dhóigh leis gor i gcúil éigin do Shean-Shasna
do bheadh acht dul isteach in aon cheann riamh aca.
Go raibh lucht friothálamha agus órduighthe na scol
sin i mBaile Átha Cliath, lucht gan leabhar gan
léigheann orra féin. Go raibh na maighistrí
scoile do bhí ionta agus an smacht agus an tabhairt-
suas agus an léigheann sin orra do bhíodh ceud
bliadhain ó shoin ar na daoinibh coigcríocha atá
léigheanda foghlamtha anois. Nach eadh amháin
go raibh an teagosc mí-cheart bun-os-cionn .i.
coimhightheach in áit a bheith ceannsa, duaibhseach
in áit a bheith dúthchasach, gránda in áit a bheith
gleóidhte, Gallda in áit a bheith Gaedhlach, acht go
raibh sé d'olcas dá shórt, ná fuighbhthidhe a chómh-
dhonacht do theagosc i measg treibhe ar domhan,
ar geal an cneas is an croiceann leo san aimsir
seo. Agus dar an nDomhnach nach fearr ar
domhan é, óir ná raibh gach donacht dá mbeithfídhe
ag teagosc Bheurla dár n-aos óg san dúthaigh seo
nach fearrde sa chách linn é, mar nach fearr ann é.
Adubhart tuilleadh eile fós, go raibh scola eile
eatorra sin agus an árd-scoil agus gidh gor
mhillteach iad na mionscola do bhí fá na mbun,
go rugadar so an cluiche ar a raibh do dhroch-
scolaibh riamh ar an saoghal. Mar gor bh'amhlaidh
do bhíodar sin, nár leor d'olcas dóibh na buachaillí
do chailleamhain aimsire ionta gan dada dá bhárr
acu, acht gor chuireadar druinn ar an intleacht
agus cruit ar an mheabhair acu, an chuma sin ná
beadh aon léigheann ná smacht 'na ndiaidh go deoidh
orra. Gor béas dóibh na buachaillí do bheadh
ionta do bheith dá bhfromhadh nó dá dtástáil gach
bliadhain agus ainm is sloinneadh gach duine aca
dobheuradh an bárr ar a thuilleadh aca dá chur
is na páipéiribh. Gorab amhlaidh chaithid na


L. 71


maighistrí an bhliadhain, ag dingeadh foghlama
isteach ionta, go mbeadh na leabhair bheaga go
léir do ghlan-mheabhair acu, agus dá thabhairt
orra fromhadh bréige do dheunamh gach lá, ionnus
go mbadh móide do bheadh an obair sin 'na thathaighe
orra i gcomhair lae na scléipe. Is nárbh eudáil
leo sin na leabhair mhóra a mbeadh teugar ionta
acu dá dteagosc, mar is gnáth do dhaoinibh le
léigheann in gach tír eile, acht snab do leabhar
innso agus snab eile do leabhar innsúd, agus
na garsúin bhochta dá mealladh le snabaireacht
eatorra amhlaidh sin. Agus go raibh tír na
hÉireann 'na h-aon rí-rádh agus 'na h-aon chómhrádh-
bó acu, d'iarraidh na buachaillí is géire intleacht
agus is fearr chum foghlama do sciobadh agus do
ghoid ó n-a chéile. Gorb amhlaidh sin chuirid measgadh
meanman agus mearbhall intinne ar na garsúnaibh
bochta is na bliadhntaibh sin féin badh chóra dhóibh
bheith ag tarraingt go breaghdha bog réidh chum fotha
foghlama do dheunamh, as a ndeunfaidhe fir
léigheanda dhíobh ar an ball. Is innsin adubhairt
an fear foghlamtha so liomsa: "Do bhí a fhios
agam," ar sé sin, "go raibh breall éigin ar an
sceul, mar atá a fhios agam cionnas atá an
árd-scol agaibh, agus atá sin chómh dona sin go
gcuirfeadh sé oighear orm cuimhneamh nó trácht
uirre." Agus sin a bhfuil againn do thoradh ár
mBeurla. Atá muintear Shasna agus an saoghal
go léir ag breith uainn sa léigheann, agus dar
ndóigh ní bheadh sé do dhánacht ionainne é do
chur romhainn buaidh do bhreith ar Shasnachaibh. Do
bhí coinne againn le léigheann ó'n Bheurla, acht
do theip ar ár ndícheall feadhma; atáimíd i
dtaobh leis anois is gan len' ais acht ainbhfios.
Agus dar m'fhalaing gor maith an díol orrainn é.



Ní'l adhbhar ná gábhadh dá dtuitfeadh amach i
gcomhluadar nó i gcuidreamh daoine in san


L. 72


tsaoghal so anois againn, ná deunadh an Ghaedhealg
dó foghnamh le cruinneas agus le fairsinge. Ní'l
teanga do theangthaibh na Roinn-Eorpa, agus an
teanga féin dá ngoirthear an tSainscrit do chur
leo, do bhuaidhfeadh uirri le fairsinge focal nó
le méid an díoghloma briathar atá in aon cheann
acu. Má's ní é gor nua nó gor ró-chruaidh
é, is fuiris don Ghaedhilg a shloinneadh nó é do
chur i dtuigsint. Óir is ionnan dáil dúinne
agus do na h-Almánachaibh um an ní seo. Agus
is aca sin atá léigheann an domhain, óir ní léigheann
go léigheann na nGearmánach. Agus is eadh
doghníd, focal dá dteangaidh féin acu dá chur
chum brigh agus ciall gach ní d'ainmniughadh agus
gan bheith ag tnúth le cabhair ó aon teangaidh
eachtranaigh. Agus ní lughaide a réim is a gceannus
os comhair fear an domhain in gach cineul ealadhan
agus dána agus léighinn, a mbíonn do mhuinghin
acu as a dteangaidh dhúthchasa. Agus is mar
sin go díreach dúinn féin. Óir atá fairsinge
briathar againn do chinn ar a bhfuil do theangthaibh
ag an chineadh daonda, agus thar a cheann sin
is gnáthach don Ghaedhilg coimhcheangal coimhfhighte
na bhfocal ag cur cleithe snoighte sleamhaine thar
gach suim céille dá cur i gcrích is i dtuigsint.
Dá bhrigh sin, ní'l ciall cinn ná intinn inchinne
dár bh'fhéidir bheith ann anois a bhfuil sé thar chumas
don Ghaedhilg a sloinneadh go clisde, go snasta,
go beacht. Agus ní'l leabhar do leabhraibh na
cruinne, nach cumasach an Ghaedhealg í do chur
orra go léir le n-a dtiontódh nó le n-a n-ais-
triughadh go Gaedhilg. Acht chum a leithéid sin
d'obair do dheunamh 'na cheart, ní mór do dhuine
Gaedhealg do bheith aige do réir a glaine is a
córach, idir shean-chaint choitchinn na ndaoine agus
an chruaidh-Ghaedhilg.



Adubhart innso anurraidh gor díth-céille dúinne


L. 73


bheith ag tnúth le h-árd-scoil do chur ar siubhal
san tír seo gan í an Ghaedhealg teanga tré'
ndeunfaidhe gach teagosc san árd-scoil sin.
Agus adubhart ná raibh slighe b'oireamhnaighe
dhúinn chum a leithéid sin do scoil do cheapadh
ioná ár mbuachaillí óga Gaedheal do chur anonn
go dtí an Almáin chum gach teagosc is léigheann
dá aoirde d'fhaghbháil ann, agus iad do theacht
abhaile 'na dhiaidh sin agus toradh tuigsiona na
bhfear ba chlisde ar domhan do mhúineadh d'aos óg
na hÉireann tré Ghaedhilg. Cé gor bh'fhíor dam
sin ní raibh ionam agus im chuid cainte acht adhbhar
magaidh ag an bhuidhin shagart do bhí do láthair.
Do chuadhas siar 'na dhiaidh sin go Beul Átha an
Ghaortha, áit i dtugas cóigthigheas ag múineadh
na Gaedhilge don druing mhacléighinn do bhí ann.
Bíodh an méid seo agaibh mar sceula scoile Beul
Átha an Ghaortha: -



Go raibh fuireann d'fhearaibh ann do bhí lúbach
leathan agus buidhean do bhruingealaibh beusacha
gléigeala, agus iad go léir agus scannradh orra
chum na Gaedhilge, gan duine beo dá mbrostughadh
acht ar ghrádh da greann is dá glór.



Go mbídís dá saothrughadh gan sosadh orra ar
feadh an lae ghil agus cuid mhaith don oidhche.



Go mbíodh gach ní dá theagosc as Gaedhilg ann.



Go ndearnadh ann roint bheag oibre amhail is
gnáth é do dheunamh in gach árd-scoil eile, agus
gor fada riamh ó dorighneadh pioc dá leithéid in
Éirinn.



Gorbh é léigheann agus gorbh iad na leabhair
do bhí againn ann dá dteagosc .i. cnuasach na
céille agus uachtar na féile agus toradh saothair
na bhfear léigheanda thar lear.



Gorbh iad na leabhair go mbadh fada sin an
mhoill orra teacht i leith má's ag fuireach le
Sasnachaibh atá sibh chum Beurla do chur orra


L. 74


agus iad do thabhairt díbh. Má's amhlaidh atá
sibh, ní bheidh leabhar do na leabhraibh sin idir lámha
agaibh innso go cionn ceud bliadhain go fóil.
Agus dá bhrigh sin ba ghiorra do cheud bliadhain
do léigheann agus do smacht na dtreabh léigheanda,
an scol bheag shuarach sin Beul Átha an Ghaortha
ioná aon scol ná coláiste eile in Éirinn dá
aoirde í a gcáil nó dá ghalldacht é a dteagosc.
Go raibh árd-scol againn mar gach treabh léigh-
eanda, 'nar leagadh le chéile intleacht gheur-
ghlan Ghaedheal agus togha teagosc na suadh ba
chliste ciallmhaire fá'n ghréin is gan spleadhchus
do Shasnach. Ag sin uaim agaibh tásc agus
tuarascbháil scoile Bheul Átha an Ghaortha agus
breathnuighidh go beacht anois ar leamh mise nó
ar bh'adhbhar magaidh mé féin is mo chuid cainte
anurraidh.



Atá léigheann go cruaidh d'uireasbaidh orainn.
Caithfear é d'fhriothálamh nó atá deireadh linn.
Acht cuimhnighidh go mbeidh an dúthaigh do réir an
teagosca agus an teagosc do réir na teangadh.
Má's maith libh Éire oll do bheith os cionn tuinne
feasta, agus Gaedhil ghleoidhte ghroidhe, d'fhearaibh,
do mhnáibh, do mhacaibh, d'ingheanaibh, do bheith
ag maireachtain inte amhail ba dhúthchas di agus
dóibh ó'n chian d'aimsir do bhí sisi agus iad ag
gabháil le chéile, bíodh an Ghaedhealg mar theangaidh
an teagosca i nÉirinn agaibh. Má's fearr libh
Ireland do bheith ann agus na "Patlanders" agus
na "brógaerians" ag áitreabh ann, bíodh Beurla
do theangaidh theagosca agaibh ann, agus beidh
an breall oraibh go deoidh arís. Agus innsin
badh bhog orainne cioturrainn dá mbainfeadh
díbh; dar ndóigh, badh chuma le cuid againn Tonn
Chlíodhna dá dtiocfadh 'na haon mhaidhm-bhriseadh
thar tír agaibh agus go scriosfadh maol í ó'n
cheann go chéile.


L. 75


Agus sibhse, a shagarta na hÉireann, an dream
sin nár thréigeamar nuair ba chruaidh orainn an
cás agus ba theann an treasgairt, ná tréigidh
sinn anois acht díonaidh ar mhallaightheacht agus
ar mhillteacht na n-amhas sinn. B'fhada dhíbh ag
seasamh san éide ag an altóir Dia Domhnaigh ag
teagosc bhur dtreud mbocht. Ba gheall le
huachtar ar an gcroidhe againn milseacht agus
naomhthacht bhur raidhte ndiaganta ndeaghchomhairleach
agus ba bhinne linn ioná meura suadh ar theudaibh
sámh-chruite ceoil foghar bhur gcainte agus glór
na sean-Ghaedhilge sinsir. Ba dhearbhráithre sinn
agus mic aon mháthar, ba gheal bhur gcroidhe linn
agus b'fhial fáilteach an snódh grádhmhar gleóidhte.
Ní bhíodh aon scamall dubh duairc ag teacht
eadrainn. Ar ghrádh d'anmannaibh bhur marbh
ná claonaidh uainn croidhthe na leanbh n-óg acht
scaoilidh chughainn ó'n scoil iad go Gaedhlach
grinn gasta, mar is dual do bhraon na Bán-
tsraithe is do shíolrach shean-Ghaedheal. Cuimhnighidh
gor fada chughainn anall tháinigh an Ghaedhealg
agus an croidhe mór bog Gaedheal ghabhas léi,
agus gor foghail thar foghla agus creach thar
creacha an domhain, an croidhe gan cor sin agus
an teanga chaoin cheannsa sin do scarmhain linne
agus le n-ár sliocht 'nár ndiaidh go deoidh.
Cuimhnighidh gorab iad na páistí atá anois ar
scoil agaibh an t-aon dóchas maireachtana 'na
mbeathaidh do Ghaedhealaibh, agus má dhéineann
sibhse Sasnaigh díobh sin anois go mbadh Sasnaigh
a gclann glún ar ghlúin go bruinne an bhrátha,
agus go mbeidh deireadh le Gaedhla. Ar son
Dia, a shagarta na hÉireann, ná millidh na leanbhaí
boga óga orainn.


L. 76


FEIS NA h-ÁIRDE MÓIRE.



"A mhuintear na nDéise agus a Phobuil
Dheugláin, b'fhada í mo chuaird ag teacht go dtí
sibh ó thaobh eile na fairrge anall, mar is iomdha
cáirt saile atá idir an áit i mbím-se agus Árd
Mhór Dheugláin i bhfuilmíd go léir cruinnighthe
anois. Ba mhór an turus agus ba shíoth-fhada an
taisteal do chuireas romham, bheith sé lá gona
n-oidhcheadhaibh i gcontabhairt mo bhaidhte ag teacht
i leith chughaibh. Ní dóigh liom go bhfuil duine
innso - agus an méid atá ós mó chomhair anois - do
chuir an oiread slighe thairis is do chuireas-sa féin
ag triall oraibh. Acht mara bhfuil féin, b'fhéidir
ná fuil duine oraibh a raibh a choimh-mhéid d'fhuadar
faoi is do bhí fúm-sa, nó duine a raibh an tarraingt
is an glaodhach sin air do bhí orm-sa, mar ná fuil
duine ar domhan ar mheasa leis an Ghaedhealg do
dhul in eug ioná mise, ná duine ar thaithneamhaighe
leis comhrádh caoin Gaedhilge do dheunamh leis
an tsean-mhuintir. Agus nuair do bhíodh leisce
na slighe dam bhuaidhreadh agus gach aon deacair is
donas is eagal roimhré le lucht taistil an bhóthair
ag cur orm, isé rud adeirinn liom féin ná "bíodh
foidhne agat, atá an lá ag teacht le congnamh Dé."
Acht, a dhaoine na páirte, atá an lá sin ann
agus má atá, atáim-se tar éis mo thrí miana do
bhuadhchaint, mar atá, mian mo bhonn, mian mo
chabhaile, agus mian mo chealltair. Mian mo bhonn,
mar atá buinn mo chos ar thír Dheugláin; mian
mo chabhaile, mar atá mo chroidhe ag gáire im chliabh
imeasc mo cháirde Gaedheal; agus mian mo


L. 77


chealltair, mar atá mo dhá shúil ag feuchaint anonn
ar phobul ghléigeal na nDéise.



"Creididh uaim-se, a mhuintear mo ghrinn-chroidhe,
gur mór an sásamh aigne dham agus gur geall le
taithneamh na gréine i lár na h-aingcise dam bheith
im sheasamh innso ós bhur gcomhair indiu; acht
bíodh fhios agaibh nach amháin le h-aghaidh taithneamh
d'fhághbhail dam fhéin thánga acht ar mhaithe libh-se,
mar is ró-mhaith atá a fhios agam ná fuil gábhadh is
mó ghoilleas oraibh ná is mó atá d'bhur ndalladh is
d'bhur mealladh iona ainbhfios agus uireasbaidh
eoluis i dtaobh na Gaedhilge. Ar an adhbhar sin,
is mian liom indiu trácht ar an nGaedhilg d'réir
m'eoluis is m'acfuinne. Mar sin, caithfidh me
rud beag do rádh mar gheall orm féin ar dtús.
Agus, dar gan gó, ní taidhbhse ná éirighe-ináirde
thug orm bheith chomh droch-mhúinte sin is gur tharm
féin do thiocfainn acht gur dlúth daingean an
bhaint atá agam leis an nGaedhilg. Duine bocht
suarach mise gan éifeacht im ghlórthaibh agus, dá
bhrigh sin, níor chuibhe liom mar chleas is cleachtas
bheith ag bladaireacht nó ag maoidheamh mo thréithe
féin, muna mbeadh gur dóigh liom go mbadh
thairbhtheach díbh-se mo sceul.



"Nuair do bhíos-sa óg i gceanntar na Carraige
thoir, is beag an meas do bhíodh ag na daoinibh ar
an nGaedhilg. Ní thruailleochaidís a mbéil léi
mar shalachar acht amháin nuair do bhíodh comhrádh ar
siubhal nár do chluasaibh leanbh. Do bhíodh spailpíní
na Carraige isteach is amach sa tigh againne agus
sin iad do mhúin an Ghaedhealg dam féin. Ní raibh
acht meas caidréise agam ar an nGaedhilg mar ná
h-airighinn dá labhairt í acht ag na daoinibh bochta
dealbha agus ní raibh fhios agam go raibh leabhar ná
léigheann riamh ar Chlannaibh Gaedhil. Lá desna
laetheanta sin do-chonnac leabhar Gaedhilge agus
marab orm-sa do bhí an t-iongntas ní lá fós é.


L. 78


'Na dhiaidh sin do thuiteadar liom 'na gceathannaibh
agus 'na dtuiltibh gor bhreathnuigheas ná raibh
cineul ná cineadh fá'n ghréin a raibh eolus is
foghluim aca ba dhoimhne is ba chruinne ioná mar
do bhí ag mo shean-shinsear féin agus ná raibh drong
de dhrongaibh an domhain a raibh leabhair aca do
bhuaidhfeadh, maidir le maise is géire léighinn, ar
shluagh líonmhar fairsing sean-leabar na hÉireann.
Do-chuadhas anonn thar lear innsin go Sean-Shasna,
áit a dtugas cheithre bliadna ag foghluim na
Gaedhilge is cruaidhe agus is ársa ann ó dhuine
uasal de threibh na hAlban. Do toghadh innsin me
im Ollamh re Gaedhilg sa Choláiste mhór ag
Washington i Sasana Nua acht do cuireadh de
dhualgas orm ar dtús dul anonn go Roinn na
hEorpa chum go dtabharfainn dhá bhliadhain eile i
bhfochair na scoláirí Gaedhilge is cliste oilte dá
bhfuil ar dhruim talmhan. Is ann d'fhanas bliadhain
lán i bhfochair Rudolf Thurneysen, an deigh-fhir
ghleoidhte rug barr na féile. Do ghabhas innsin
an bóthar soir ó thuaidh go bruach na mara sa Phrúis,
áit ar léigheas go ceann bliadna eile fá'n duine
sár-uasal agus an dochtúir fial fáilteach Heinrich
Zimmer. Do cuireadh triail orm innsin agus do
bhronnadar órd agus rachmus dochtúra orm mar
gheall ar an nGaedhilg. Do-chuaidh me 'na dhiaidh
sin go Sasana Nua agus do bhí me bliadhain ag
múineadh Gaedhilge idir cruaidh is bog is sean is
nua dóibh san Árdscoil i Washington agus do
theighinn corr-uair go Nua-Eabhrach chum léigheacht
phoiblidhe ar an nGaedhilg do thabhairt uaim. Sin
agaibh mo sceula anois agus, más móide bhur meas
ar an nGaedhilg, atáim-se sásta.



"Adeirim-se libh, a phobuil na n-ae istigh, go
bhfuil sibh meallta caochta idtaobh na Gaedhilge.
Sa cheud áit atá sibh meallta, mar is dóigh libh ná
fuil blas ná snas ar an nGaedhilg atá agaibh féin.


L. 79


Nach iongantach an rud é go bhfuil Clanna Gaedhil
go léir ar aon intinn shuaraigh amháin idtaobh na
Gaedhilge bhíos aca féin. Dar leo in gach aon áit
ná fuil aca féin acht an díogha agus an dríodar
agus go bhfuil togha na Gaedhilge taobh-is-'muigh
de'n teorainn. D 'airigheas féin a bhfuil de
Ghaedhilg ann dá labhairt, ní amháin in Éirinn acht
in Albain agus in Inis Mhannan leis, agus sé mo
mheas nach fiú trácht ar aon Ghaedhilg in aice
Gaedhilge na Mumhan agus, dar ndóigh, ní'l aon
Ghaedhealg sa Mhumhain do bheuradh bárr deise ó
Ghaedhilg bhreaghdha bhuig na nDéise agus na
bPaorach. Mealltar arís sibh mar is dóigh libh
gor fearr Beurla ioná Gaedhealg, agus isé sin
an mearbhall céille is nimhnighe atá ag múchadh is
ag milleadh na Gaedhilge. Do-chíonn sibh-se na
daoine uaisle - uaisleacht bhréige - agus culaidh
bhreaghdha eudaigh anáirde ar gach falmaire aca
agus iad ag spalpadh an Bheurla, agus ba é sin
do chuir 'na luighe oraibh ná raibh aon rud sa
Ghaedhilg acht an rud do bhí ag gabháil leis an
dúirnín speile, leis an nglúinín aitinn agus
leis an bhest bháin fhlainidhe. Mo chreach dhóighte!
Dá dtabharfadh sibh-se na bliadhanta fada thugas-sa
ag foghluim Gaedhilge agus Beurla agus teangtha
nach iad, do bheadh a fhios agaibh innsin gor baoth
breugach í an tuairim seo anois agaibh i dtaobh na
Gaedhilge.



"Mealltar fa thrí sibh mar ná fuil a fhios agaibh
nach í an Ghaedhealg amháin atá i gcontabhairt bháis
acht Éire chomh maith léi. An lá chuirfear an duine
bocht deidheanach labhras an Ghaedhealg, sin é lá is
Luan Lae Brátha ann d'Éirinn na nGaedheal.
Ní bheidh inte as sin amach acht leidhbín gioballach
de Shean-Shasana; agus más amhlaidh bheidh Éire, a
chomharsana, badh chuma linn ann nó as í. Is maith
adubhairt an Lochlannach léigheanda, Holger


L. 80


Pedersen liom-sa lá i gCópenhagen thall:
"Marab í an Ghaedhealg an teanga," ar sé sin,
"ní Gaedhealach feasda an croidhe ag Éirinn." Má
chailltear an teanga caillfear an tír agus ní
thiocfaidh sí thar n-ais chughainn go deo arís nó go
n-iompócha siar aniar.



"Iarraim mar athchuinghe oraibh, as ucht Dé agus
Deugláin, gan dada do labhairt le nbhur bpáistí
acht Gaedhealg; agus más ní é go ndeunadh páiste
libh freagairt i mBeurla agus sibh-se ag labhairt
Gaedhilge leis, smachtuighidh ar an bhfód é agus
cuiridh ar a leas é le bata. Anté ná déineann
síol-chur, is fánach follamh é a choinne le foghmhar.
Agus nach dona an tubaist dúinne é, ráidhte ná
fuil acht aon scoil amháin sa dúthaigh seo a múintear
Gaedhealg inte? Má atá scoil in aon áit, is scoil
ghallda í, scoil i múintear teanga, seanchus agus
beusa na n-allmhurach gcoigcríoch agus gan trácht
ar domhan ar aon rud bhaineas linn féin. Caithfear
an obair sin do chur ar gcúl is ar ceal agus sin
do dheunamh má luaithe dúinn, sara mbeuraidh
buan-mheath báis sinn.



"A phobuil an naomh-Ghaedhil, cuiridh díbh an
daille, an buile agus an díth-céille. Cuimhnighidh
ar na ceudtaibh sinsir tháinigh romhaibh. Bíodh taidhbhse
agaibh asta agus asaibh féin. Tugaidh congnamh
dúinne agus teannfam-na libhse, go dtiocfaidh
d'ár gcomhar amhlaidh ár leas leith ar leith agus
rath is seun tré bhithu siar d'ár dtírín dúthchais.
Labhraidh an Ghaedhealg i gcomhnuidhe agus ná bacaidh
le muintir na mbailte mór. Caithfidh siad sin
Gaedhealg do labhairt ar an ball, mar cuirfeam-na
d'fhiachaibh orra a dheunamh. Má dhéineann sibh
amhlaidh, ní chasfar go deo linn gor orainn atá an
milleán gor cailleadh Clanna Gaedhil agus gur
bádhadh Tír na hÉireann. Cuiridh le chéile agus


L. 81


déinidh bhur ndícheall agus beidh rath oraibh agus
rath ar an dúthaigh, do réir mar adubhairt an file:



"Cuirfidh an dligheadh so gaois i nGaedhealaibh,
Is tiocfaidh an brígh mar do bhí ins na laochaibh,
Ceapfaidh sé com is drom is dóirne
D 'fhearaibh an domhain mar Goll mac Móirne.
Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líontaibh,
Is talamh an tsléibhe go léir fa luibheannaibh.""


L. 82


ÓRÁID MHODHEILGE.



"A dhaoine muinetardha Modheilge, thánga-sa
innso indiu d'iarraidh dorchadas na dithcéille
agus an ainbhfiosa do ruagadh amachas bhur n-aigne
agus solus na fírinne do chur ar lasadh in a áit.
Ba é fá ndear an dorchadas sin, an giobal
caochta agus an púicín dallta do chuir Gaill is
Sasanaigh fá n-bhur súilibh chum ná feiceóchadh sibh
dada acht rud d'oirfeadh dóibh siúd a theasbáint
díbh. 'Sé an solus is mian liom do lasadh dhíbh
.i. leus beag de shoillsibh na fírinne, na féile, na
fairsinge, lóchrann glan aoibhinn Gaedhilge.



"'Dé rud é an Ghaedhealg? Trí mhíle bliadhain
ó shoin do bhí Gaedhealg ag duine éigin i nDrom-
lócháin innso thoir, agus atá a rian le feicsint
fós ann sgríobhtha ar na clochaibh. Ní raibh léigh-
eann ná foghlaim an uair úd acht ar cheithre
cineadhaibh 'san domhan .i. muintear na h-India
Thoir, na Gréigigh, na Rómhánaigh agus cineadh na
h-Éireann, agus nach deas an t-adhbhar chum
taidhbhse do chur orainn é? Trí cheud deug de
bhliadhantaibh ó shoin, ní raibh pioc foghlama ag
muintir Shean-Sasana, do bhíodar ag imtheacht
allta fá'n gcoill go dtugamar aibhghitear is
ealadha dóibh, agus nach deas an t-adhbhar chum
taidhbhse do chur orainn é? Dhá cheud deug de
bhliadhantaibh ó shoin, ní raibh léigheann ná eolus
ag muintir na h-Almáine, .i. na Gearmáinigh,
go dtugamar-na foghlaim agus creideamh dóibh,
agus nach deas an t-adhbhar chum taidhbhse do chur
orainn é? Atá teanga againn, agus sluagh
mór dath-aoibhinn leabhar againn, rug buaidh ar
a bhfuil 'sa domhan, agus nach deas an t-adhbhar
chum taidhbhse do chur orainn é?


L. 83


"Acht táinigh atharrach an donuis orainn agus
cuireadh bun le n-ár bhfoghlaim. Cuireadh bun
leis le claidheamh agus le gad crochta: agus tar
éis trí cheud bliadhain mar sin dúinn gan cabhair
ón bhfoghlaim, thugadar na Sasanaigh a gcuid scol
ngallda isteach orainn, agus sinne 'n-ár
nGaedhealaibh, do chuireamar ár leanbhaí boga óga
isteach chucha chum go ndeunaidís sin Sasanaigh
díobh. Ó faire go deo! aon chineadh ag cur
drom a láimhe le sean-bhéas a shinsir. Faire go
deo! na Gaedhil bhochta ag deunamh a leithéid,
agus 'dé'n díoghbháil acht gorb é an faire dearg
é do dhéanamh mar spleádhchus do Ghallaibh is do
Shasanachaibh.



"Dalladh súile Gaedheal innsin agus righneadar
gach aon rud bhaineas le n-a sinsear is le n-a
n-athraibh do dhearmhad. Ba dhóigh leo, nuair
do chonnacadar Sasanaigh ar marcuigheacht go
h-uaibhreach árd agus culaidhthe nua éadaigh orra,
ba dhóigh leó ná raibh 'sa Ghaedhilg acht comhartha
na bochtanachta, na h-aingcise is an ainbhfiosa.
Mar gheall air sin ba iad lucht ba mhó taidhbhse an
dream ba lugha Gaedhealg. Do bhí taidhbhse is
eirghe-ináirde ar lucht na mbailte mór agus
ar na daoinibh uaisle fuara feirmeóirí; ní labhar-
faidís sin Gaedhealg agus ní leomhaidís do n-a
gclainn a labhairt. Lucht an ainbhfiosa is an
díth-eoluis, do chailleadar riamh sean-bheusa
glórmhara Gaedheal agus anois atáid ag
déanamh mion-shodair an bhacaigh le sálaibh Sasanach.
Níor chuimhnigheamar ar a ndubhairt ár dTighearna
Dia le Maois, "tabhair onóir dod' athair is dod'
mháthair" ar Sé, "chum go mba buainide do raé
ar an dtalamh thug an Tighearna do Dhia dhuit."
D'imthigh uainn cuimhne ár n-athar is ár sinsir,
agus dá bhrígh sin atáimíd scartha scáinte, caithte
cráidhte, ar fuaid an domhain.


L. 84


"Atáid na Sasanaigh d'bhur gcreachadh, d'bhur
stracadh in bhur stéidhgíníbh. Atá beul an
chlaidhimh le beul bhur sgórnach leis na ceudtaibh
bliadhain. Atá droich-mhianach an fheill 's an
éithigh ag drannadh libh agus fonn is faghairt 'na
súilibh chum sibh do chur chum báis. Atá a fhios
sin agaibh féin chomh maith liom-sa. An dóigh
libh gorab é buidheachas is ceart dúinn do bhreith
leo ann? Acht cad tá sibh do dheunamh? Innéosad-
sa sin díbh. Adubhairt duine fadó ná fuil
rud do b'fhearr dá ndeunaimís ioná na mad-
raidhe go léir do mharbhadh mar gheall ar na mad-
raidhibh canaigh bhíos orra. Adubhairt duine eile
dá fhreagairt, "Ó!" ar sé sin, "ná déintear; ní'l
aon rud chomh ceanamhail leis an ngadhar bocht
agus bíonn páirt na ndaoine go bráth leo." Isé
adubhairt an treas duine, "creid-se uaim-se,"
ar sé sin, "go mbeadh cion thar bárr agam-sa ar
mhadra sara mbeathóchainn lem leanbh féin é."
Siúd é go díreach mar dhéineann sibh-se. Mar
atá sgoil ghallda in gach fód d'Éirinn, gor geall
le madra millte canaigh nó leomhan an léir-
sgriosa gach aon cheann riamh aca, agus atá sibh-se
ag cothughadh is ag beathughadh na mbeathadhach sin,
mar do-bheir sibh-se bhur leanbhaí óga dóibh idir
fuil is feoil, idir corp is anam dá reamhrughadh
sin. Nach mór é bhur gcion ar na Sasanaigh agus
a rádh go dtugann sibh bhur bpáisdí dhóibh chum
Sasanaigh bheaga do dhéanamh díobh. Óir, ná
ghabhann bhur leanbhaí isteach i scoil aca súd, ní
mar leanbhaí díbh-se thagaid amach acht 'na
gcoigcríochaibh beaga beadaidhe. Do chuadar
isteach 'na gclannaibh Gaedheal, tagaid amach
'na gclannaibh Sasanach.



"Mo chreach is mo dhíth! nach deacair dam bheith
foidhneach libh agus mo dhá chluais dá mbodhradh
ag sean-daoinibh na dúithche dá rádh liom gor


L. 85


mór an t-athrughadh atá ar phaisdíbh anois seachas
mar do bhídís nuair do bhíodar féin ag eirghe
suas. Mhaiseadh, cia h-iad ba chionntach ann?
Nárbh iad sibh-se féin, a mhuintear na h-Éireann,
do bhain d'bhur bpáisdíbh sean-oighreacht a sinsir
agus do righne Sasanaigh díobh? Do bhí sean-
duine 'san áit seo fadó a raibh mac beag aige.
Tráthnóna ann dá dtáinigh ó'n scoil, do bhí sé
ag brasaireacht i nGaedhilg 'sa chúinne. Mhaiseadh
má bhí, is aibidh crosta adubhairt a athair leis,
"hut, a ghrabaire," ar sé sin, "ní focal breaghdha-
mhilis Beurla dobheurthá leat abhaile chughainn."
Do bhí an port ceudna ar fuaid na dúithche;
ní gábhadh dhamh-sa na mionnaí do thabhairt innsin
díbh-se, mar atá 's agaibh féin é. Do chuir muintear
na h-Éireann taithneamh a gcroidhe sa Bheurla,
do bhí pobul is cléir go léir ar buile chuige agus
d'fhág sin Éire gan cabhair gan cáirdibh.



"Do ceangladh mise mar chách i gcuibhreach na
n-allmhurach agus do cuireadh chum scoile me.
Is moch do sáthadh gobán gallda im bheul agus
do shíleadar an croidhe Gaedhealach do stracadh
amach as cobhail mo chléibhe agus croidhe cnopánach
cloiche do chur in a áit. Do chuireadar púicín
mar do bheadh sean-bhrat ath-chaithte ar rinn mo dhá
shúla agus ar bhuaic m'intleachta, agus do bhídis
ag siosarnach crónán na mbeach im chluasaibh dá
rádh gor bhreaghda, bog, uile-chomhachtach an ní é
Beurla. Is amhlaidh do righneas acht an giobal do
bhaint dem shúilibh agus 'na dhiaidh sin an cuibhreach
do stracadh dhem chorp agus léim tríotha tharsta
amach; mar, ar mbuadhchaint radharc mo shúl
dam, níorbh' áil liom gan cead mo chos agam
féin. Níor stadas den réim sin go ndeachaidh
me na mílte míle ó bhaile ag iarraidh léighinn
is eoluis mo chinidh. Fuair me na leabhair agus
fuair me na maighistrí doimhin-léigheanda do bhí


L. 86


in iúl brígh na leabhar san do mhúineadh dam.
Fuair me iad sin i ndeisceart tíre na h-Almáine
agus fuair me an oiread ceudna le h-ais na
mara i dtír na bPrúiseánach. Is ann d'fhoghlamas
seanchus na h-Éireann, rud do bhí foluighthe ag
na Sasanachaibh orm, agus do mheuduigh mo ghráin
orm do'n anglais agus do'n sciodar bhreun atá
sibh-se ag tabhairt d'bhur bpáisdíbh in áit leamhnacht
a leasa agus uachtar na Gaedhilge do thál orra.



"Má imtheóchaidh an Ghaedhealg, beidh bun le
h-Éirinn go deo, agus má bheidh, dar ndóigh, ní'l
leun is lugha linn ioná maidhm shléibhe nó Tonn
Chlíodhna éigin ag á scriosadh ar lár 'na fásach,
mar, má's Sasana Éire, badh chuma linn tirm
nó báidhte í.



"Nach dona is nach millteach an sceul dúinne é,
a dtáinigh is a dtiocfaidh do chlabaireacht béil agus
séideadh fá na daoinibh in gach aon áit, agus gan
duine ar domhan d'inneósadh an fhírinne dóibh.
Ní dhéanaidh Éire aon mhaith go bráth, mara bhfuil
misneach is muinghin aici aiste féin, rud nach
féidir mara bhfuil teanga, beusa agus seanchus
Gaedheal aicí, agus ní h-iad teanga, beusa agus
seanchus aon mhuintire eile ar domhan.



"Corruighidh oraibh, a dhaoine na páirte, agus
ná leigidh d' Éirinn dul d'euga. Creididh
uaim-se gur seacht míle fearra dhíbh soillse
Gaedheal ioná dorchadas is doicheall Gall. D o
bhíos-sa shoir agus do bhí me shiar agus ní in
eughmais m'fheasa dam atáim ag labhairt. Múinidh
Gaedhealg d'bhur bpáisdíbh, cuiridh scola Gacdhilge
ar bun in gach aon áit, agus ná bídh feasda mar
atá sibh le sealad, ag íodhbradh bhur dtíre, bhur
gclainne, bhur sean is bhur sinsir ar altóir an
ainbhfiosa.



Sin agaibh mo theasdas-sa ar an nGaedhilg."


L. 87


FÁILTE ROIMH AN
ATHAIR PEADAR MAC CONCHEARCA.



"A mhuintear Bhaile Átha Cliath agus eile mar
atá sibh, is balbh mo ghlór-sa t'réis leomhan na
teangadh líomhtha acht do-gheunad mo dhícheall ar
aon chuma. Do cuireadh ináirde innso mise
chum go mbeurainn buidheachas leis an duine
uasal so atá anois 'nár measc, acht isé mo
mheas ná beadh innsin acht lorg nós na Sasanach
agus ní baoghal liom ná go bhfuil tuille 's is
cóir de ghalldacht ag gabháil linn cheana. Dá
mbadh é an Beurla mo fhriotal anocht libh is
amhlaidh do-gheunainn .i. buidheachas do bhreith leis
ar nós na Sasanach, mar badh é sin badh dhual
dam agus ní bhfuighbhinn dada eile do fhriothálamh;
óir ní'l aon uair dá labharaim Beurla nach geall
le slisne tur nó le ceap cnapánach greusaidhe
an teanga im chraos agus ná gabhann an croidhe
agam caolughadh chuige an tslighe sin ná bíonn de
thoirt ann acht oiread gráinnín bhídigh choirce
nó croidhe shuaraigh spiodóigín i lár mo chléibh.
Acht a bhuidhe le Dia, do cuireadh d'fhiachaibh orm
Gaedhealg do labhairt libh agus, ar an adhbhar sin
scaoilim dem theangaidh, raobfad gach cruaidh-
cheangal atá dá nasc i ngeibheann agus beurad
ar mo chroidhe borradh gorig a lán-toirt, mar,
ós Gaedhealg mo ráidhte béil anocht, ní'l fál
na nGall feasda idir é agus comh-chroidhthe mo
chomh-Ghaedheal.



Dá bhrigh sin, ní buidheachas bheurad leis mar
chleachtaid Gaill acht do-gheunad a mholadh amhail
do mholfadh m'athair é nó mo shean-athair nó mo


L. 88


shin-sean-athair nó aon andúir eile ar gach glúin
dem chineadh ó bhun mo shloinnte anall. Molfad
ar dtús é mar gheall orm féin mar gor duine
atá ar na fearaibh is gile liom ar domhan é.
Molfad an croidhe mór, fíor-chroidhe sean-
Ghaedhil ná dearmhadfadh a thír dhuthchais go deo,
gidh gor minic ibhfad soir uaidh talamh beag an
ghrinn agus taithneamh gréine ar Bhinn Éadair.
Ní h-ionann dáil dó agus do na míltibh Gaedheal
suarach do chuaidh thar cáladh roimhe, do reic is
do dhíol sean-oighreacht a ndúthchasa ar ghrágallach
garbh-ghránda na barbarachta. A mhalairt sin
d'fhuadar atá faoi, mar is crann seoil bagartha
ag cosaint clú na h-Éireann é, is fál daingean
do-scaoilte ag cumhdach clann nGaedheal é, is
cleithre groidhe agus is laoch lán-chalma é ag
seasamh i mbearnain an bhaoghail - fear ná casfadh
a chúl le diabhal ná deamhan is gan acht leanbh
amháin de Chlannaibh Gaedhil ag éigheamh a chabhrach.



"Molfad arís é thar bhur gceann-sa, tré go
dtáinigh anall ón dúthaigh mhóir sin is dual anois
dó agus go bhfuil sé eadrainn féin anocht. Mar
is dian le triall an bóthar ann, do cheann ná
fuighbheadh sí bheith níos sia siar uainn agus, rud
eile, atáid súile muintire na h-Éireann iar n-a
gcaochadh agus iar n-a ndalladh le páipéiríbh
bréagacha na Sasnach. Acht 'pé aca a bhfuil nó
ná fuil tuairisc againn uirre, is talamh leathan
líonmhar í thar tír ar domhan dá bhfaca súil riamh.
D 'aimhdeoin sin is minic gur anacrach an áit
do Ghaedheal í. Mar is ann atá dream agus
cineadh ó gach fód fá'n ngréin bailighthe isteach
i dteanntaibh a chéile, cuid aca nach fearrde
talamh ar domhan a mbeidís 'na seasamh istigh ann.
Má tharraingeann a leithéidí siúd scléip nó
bruighean ar mhuintir na h-Éireann, atá túr
daingean mar dhíon aca nár thoghail duine nó


L. 89


daoscar-shluagh riamh, eadhón, lannaire luath re
leadradh agus ridire an áthais do chreachfadh agus
do réabfadh reathacha agus cnámh ag namhaid do
leomhadh pléidhe nó aighneas do chur ar dhuine
de shean-phór na h-Éireann. Agus shin é agaibh
ós comhair bhúr súl anois é, fear gor leath a
cháil 's a chlú thar réidh is cnoc is bán ó lár na
dúithche gorig dhá fhairrge teorann Shasana Nua.
Breathnuighidh go géar gach alt is féith leis, mar
is annamh go deo arís dochífear a leithéid.



"Ar an adhbhar sin, agus de bhrigh go dtáinigh
thar treathan na dtonn dtaobh-uaine dár bhfios,
nó gor chuir a chomhfhad sin do shlighe thairis dár
n-ionsuidhe, agus go dtug uaidh a cheacht is a
chomhairle le brigh agus binneas briathar, le
faobhar agus fuinneamh focal, gor dhóigh le n-bhúr
gcluasa gor mhil tré uachtar do bhí dá scéitheadh
thar béala aige, agus uair eile, gorab é bhí
ann, tóirneach thréan an tsamhraidh agus na spéartha
ag cur frasa fiuchta - ar an adhbhar sin go léir
agus tuilleadh do thuill sé, fearaim-se fíor-
chaoin fáilte roimhe, agus bídh-se ag déanamh an
oiread céadna gach féile. Fear groidhe dár
gcineadh féin é, fear calma againn i gcomhair
an bhaoghail é, fear gor measa leis ár gcás thar
cách é, fear ná righne feall ar a dhúthchas riamh é,
fear bhfuil mór-chuid dár gcúram air, fear le
féile is fíor-dheigh-mhéinn é, fear gur breágh dhúinn
a rádh gur Gaedheal é."


L. 90


FEIS DHÚNGARBHÁN.



"A mhuintear na nDéise agus a phobail
Dhéagláin, adubhairt ár slánuightheóir san
Scrioptúir naomhtha, "má dheineann dall eolus
do dhall eile go dtuitid araon sa díg." Má's
dall a dhá shúil ag duine is duine gan radharc
é agus is cuma dhó lá agus oidhche, acht anté
gor dall a intinn is daille ioná sin féin é, an
mhéid gor uaisle agus gor onóraighe radharc na
h-intinne ioná radharc na súl. Agus is í an
daille intinne do bhain díbh-se, mar do bhain sí
don dream do bhí ag deunamh eolais díbh. Do
chuireadar sin an dubh 'na gheal oraibh agus mar
do bhí dall ag treorughadh daill do thuiteabhair
araon sa díg. Anois dá scriosfaidhe an daille
intinne agus an chaoiche mheanman atá d'bhúr
ndalladh, atá d'bhúr mealladh, atá d'bhúr slad
mar do shníomhfaidhe gad, ní bheadh aon ghádh le
Feis na nDéise ná le mise do theacht innso d'iarr-
aidh sibh do chur ar bhúr leas.



"Atá an sean-ghalar sin atá ag caitheamh oraibh
le dá cheud bliadhain anois ag leanamhaint díbh
fós, sé sin, galar an ainbhfeasa agus aicíd an
díth-eoluis. Ní cuma sibh-se agus gach aon
chinéal nó dream daoine eile ar domhan. Is
contrárdha agus bun-os-cionn leo súd atá sibh,
mar bíonn meas aca súd ar a gcuid féin agus is
beag orra cuid na gcoigcríoch. Is beag oraibh-se
bhúr gcuid féin agus bíonn árd-mheas agaibh ar
chuid na gcoigcríoch. Is measa leo súd a sean
agus a sinsear agus gach beus agus gach cleachtadh
dá dtáinigh ó n-a sliocht féin, glún ar ghlúin, anuas
ioná aon rud dá dtiocfadh thar lear nó thar


L. 91


teorainn chucha. Is measa libh-se gothaidhe
agus gleacaidheacht na nGall ioná croidhe mór
gleoidhte bhúr sinsir féin. Bíonn léigheann agus
léigheamh, foghlaim agus fairsinge orra sin, atá
sibh-se gan leabhar gan léigheamh oraibh. Is uasal
leo sin a gcuid féin, ní uasal libh-se go galldacht.
Bíonn misneach orra sin, mar bíonn muinghin
aca as a muintir, atá sibh-se tar éis cúl bhúr
gcinn do chasadh le clanna Gaedhil. Ní'l dada
le maoidheamh agaibh as bhúr sinsear, mar níl aon
aithne agaibh orra agus dá bhríg sin atá sibh gan
neart gan náire, gan lúth gan láthair, gan fonn
gan fuinneamh.



"Adubhairt an Tighearna Dia, "Tabhair onóir
dod' athair agus dod' mháthair ionnus go mbadh
buan san tír thú." Thugabhair-se easonóir d' bhúr
n-aithreachaibh agus d'bhúr máithreachaibh, agus
dá chomhartha sin féin, is gairid go mbeidh an
dúthaigh seo scriosta gan bhúr rian ná bhúr dtuar-
aisc le faghbháil inte.



"Atá bhúr n-intinn chómh dall sin agus bhúr
n-aigne chómh caoch sin go bhfuil na ba sa choirce
oraibh agus ní thugann sibh d'bhúr n-aire é. Atá
scoil Shasanach in gach fód d'Éirinn ag deunamh
Gall d'bhúr bpáistíbh agus atá an Ghaedhealg
bhocht dá múchadh. Agus amhail is adhbhar dreóidhte
don chorp go léir an neascóid cléibhe bhíos ag
creim agus ag cognadh na n-ae istigh ag duine,
go mbíonn an corp sin leighte 'na bhrath bhreun
idir fuil agus feoil sa deireadh, is amhlaidh sin is
cúis millte malluighthe agus is adhbhar uathbhásach
aigncise do chlannaibh Gaedhil gach aon scoil
shalach aca súd atá ag milleadh na Gaedhilge agus
ag deunamh Gall agus geocach d'bhúr bpáistíbh.
Atá meón bhreaghdha bhog Gaedhil orra anois,
beidh gioch agus draid an t-Sasanaigh orra ar
ball. Atá aghaidh agus ceannaighthe mar is dual


L. 92


do Ghaedhealaibh orra anois, beidh gob orra chum
gobaireachta agus soc orra chum socaireachta ar
ball.



"Thugas féin cuaird na Rinne an t-seachtmhain
seo ghabh tharainn. Is ann atá an pobal is gile
gleoidhte, is groidhe Gaedhlaighe dá bhfuil in Éirinn
istigh. Is é an áit is oireamhnaighe é chum an sop
do lasadh, chum dúthaigh Déise agus tír na h-Éireann
le chéile do chur 'na luisne lasrach lá na scléipe.
Ag gabháil thar an scoil dam do chuadhas isteach.
Do bhí maighistreás scoile istigh ag múineadh
Beurla dos na páistíbh. Aon Ghaedhealg ní
mhúintear dóibh. Acht gearrchaile nó beirt ní
bhfuighbhinn focal Gaedhilge do tharraingt le teud
as duine nó deoraidhe dá raibh istigh. Shin iad
muintear na h-Éireann agus scannradh a gcroidhe
orra chum na Gaedhilge, agus a fhusacht do thuill-
feadh gach aon leanbh sa Rinn ceud púnt sa bhliadhain
ag múineadh na Gaedhilge dóibh, dá bhfuighbhidís
féin eolus uirre sa scoil. Acht ní dheunadh sin
an gnó. Ní'l dada i ndán dóibh, dá bhrígh sin,
acht iad do sciobadh thar sáile go deo. Do bhí
an bhean so ag sáthadh an Bheurla siar isteach 'na
ngoile ag sna leanbhaíbh boga óga. Ó, siúd
siar é is nára mó aniar é, agus gan trácht ar
an nGaedhilg. Agus is iomdha bean agus fear
múinte scoile nach í in Éirinn agus an cleas
ceudna aca dhá dheunamh. Mo chreach! Is eadh
is béas dóibh sin an croidhe mór Gaedhealach glan
do bhaint amach as cabhail cléibhe bhúr leanbh agus
croidhe cruaidh cnapánach cloiche an t-Sasanaigh
do chur isteach in a áit. Tháinigh buile agus
mearbhall intinne orm féin innsin agus do
gheit an croidhe agam. Adubhart leis an bpobal
in a dhiaidh sin, dá mbeadh acfuinn agus comhacht
do réir méinne agus toile agam, im' reathachaibh,
im chosaibh agus im cheathramhanaibh, go gcuirfinn


L. 93


sprong fé bhonn na seoile sin agus go gcartfainn
amach sa bhfairrge í.



"A phobuil mo ghrinn-chroidhe, ar son Dia labhraidh
an Ghaedhealg le nbhúr bpáistí. Labhraidh an
Ghaedhealg leo agus cuiridh d'fhiachaibh orra sin
freagra do thabhairt tré Ghaedhilg. Creididh
uaim-se go bhfuil rath i ndiaidh na Gaedhilge.
Atá sibh gan meas agaibh ar bhúr gcuid féin, soill-
seochaidh an Ghaedhealg bhúr n-aineolas. Atá
sibh gan báidh agaibh le sliocht bhúr sean-shinsir,
ceanglóchaidh an Ghaedhealg gad ceangailte
eadrainn agus an chuid is fearr, is uaisle agus
is mó dhínn atá sa reilg. Ní'l meas agaibh ar
bhéas de bhéasaibh ná ar chleachtadh dá gcleachtaidís
Gaedhil, beuraidh an Ghaedhealg radharc do na
súilibh dalla dúbha. Atáimíd gan leabhar gan
léigheann orainn, is í an Ghaedhealg tobar an
eoluis dúinn. Is breághdha uasal libh gach
cleachtadh dá gcleachtaid Gaill, is í an Ghaedhealg
mhúinfeas a mhalairt d'intinn díbh. Níl misneach
in bhúr gcroidhe ná muinghin agaibh asaibh féineach,
cuirfidh an Ghaedhealg gliocas in bhúr gceann,
intleacht in bhúr n-inchinn, fuinneamh in bhúr
bhféitheachaibh agus cabhair in bhúr gcnámhnaibh.



"Beidh an Ghaedhealg againn arís agus beidh rath
ar Éirinn. Beidh gaoth adtuaidh go stuamdha,
beidh gaoth andeas go measardha, beidh gaoth anoir
gan nimh léi, agus an ghaoth aniar go mín-tais.
Beidh rath ar shíoltaibh, iasc i líontaibh, borradh
ar bharradhaibh, agus croidhe mór lághach na
nGaedheal ag gáire linn, agus gile gréine maille
le grásta Dé ag tuitim orainn go léir ó na
spéarthaibh anuas.



"Acht, a phobail na n-ae istigh, cuimhnighidh ar an
bhfocal is críoch dom ráidhtibh, ná faighfidhe a
shárughadh, ar son Dia labhraidh an Ghaedhealg le
nbhúr bpáistíbh. Agus i ndeireadh na scríbe, do


L. 94


bhrígh a ndubhart agus tuilleadh ná deurad, abradh
gach aoinne leis féin mar seo:



"Gaedheal mise agus mise mo Ghaedheal, ní
fearr d'fhear cách ioná mé.



"Gaedheal mise agus mise mo Ghaedheal,
ní chasfainn mo chúl le fearaibh an domhain.



"Gaedheal mise agus ní thuigim gor náir dam
é."


L. 95


FEIS NA nDÉISE.



(Dúngarbhán, 1910).



"A Mhuintear na nDéise,



Is mór é mo scanradh, mo sceimhle agus mo
sceóin indiu acht is suarach agus is dearóil an
glór is an guth agam. Acht, dá mbeadh acfuinn
scartach is anála do réir an ghábhaidh agam, is
mise do leigfinn scread is géim asam mar do
bheadh tarbh ag aoibhill is ag búithreadh, mar do
bheadh leomhan ag leadradh is ag creachadh; is
me do leigfinn screuch asam go fonnmhar, do
chloisfidhe ó Cheann Chréadáin go hInbhear na
hEochaille agus ó Shléibh na mBan bhFionn go
fairrge theas. Mar is amhlaidh atá sibh, a mhuin-
tear na nDéise, 'n bhur spairt is 'n bhur spaid
le neart trom-shuain chodalta, gan meabhair gan
éirim agus an cogadh craorac dá chur. Ní mór
díbh múscailt go mear, má's mian libh go
mbuaidhfidhe an lá libh féin agus má's cás libh
Gaedhil do dhul i ndísc. Má's creach libh bás
agus buan-eug ag sciobadh agus ag scaipeadh
an tsean-dhreama do mhair san dúthaigh seo, ó
aimsir Ghaedhil Ghlais anuas agus dá dtángamar
go léir, má's creach libh é, preabaidh in bhur
suidhe anois do chosnamh agus do chabhair ar
Ghaedhlaibh atá in achrann chruaidh agus i mbear-
nainn bhaoghail, nó is gairid go mbeidh an tír seo
gan a rian ná a dtuairisc uirre is beidh Éire
gan greann gan sult go Lá an Luain.



"Mo chreach is mo ghruaim! Cár imthigh na fir
do bhí beo bríoghmhar seal i ndúthaigh Dhéise? Uí


L. 96


Faoláin na slingeán ngléigeal, Crathaigh do bhí
aibidh le claidheamh nó cleith, Brianaigh nár ghann
fá bhiadh nó féile, Breathnaigh nár cheannaigh a
n-anam ar mhéirliochas, Cathasaigh raibh maitheas
is réim leo, Gearaltaigh groidhe ná claoidhfeadh
ceudta, Paoraigh ná staonadh ón achrann, is
gach rábaire rígh-ghlan do phleuscadh do phlabadh
Sasanach an reamhar-chuirp is do bhaineadh geit
as Gallaibh. Go ndéine Dia trócaire ar anman-
aibh na marbh, do bhí fir seal innso againn agus
is truaigh gan oighre 'na bhfarradh. Do bhí fir
innso againn le linn Catha Cluana Tarbh do chur.
Léightear 'san leabhar dárb ainm "Cogadh Gaedheal
re Galla," gorab é ba thaoiseach Cúigidh Mumhan
uile an lá sin, Mothla mac Domhnaill mhic Fhaoláin,
Rí na nDéise. Agus lá ar n-a bhárach, nuair
do bhítheas ag comhaireamh na gcorp agus ag cur
na marbh, is amhlaidh fríth Mothla mac Domhnaill
mhic Fhaoláin, Rí na nDéise, seac-mharbh sínte, a
chlaidheamh 'na dhorn agus a aghaidh soir re a naimhde.
Fríth ar lár Rí na nDéise, acht do briseadh an
cath ar ghallaibh an lá sin agus do ruaigeadh thar
lear go bráth iad.



"Is amhlaidh doghnídís anallód na Gaill agus
na Lochlannaigh nó na Danair, d'órduighidís righthe
agus taoiseacha, maoir agus reachtaireadha i ngach
aon tír agus i ngach aon tuaith agus do thógbhaidís
an cíos ríoghdha. Ba é seo truime cána agus
cíosa na nGall i n-Éirinn go coitcheann: - rí uatha
ar gach tír agus taoiseach ar gach tuaith agus abb
ar gach cill agus maor ar gach baile agus suartlach
gacha tighe. Agus ní raibh i gcummus ag duine
d'fhearaibh Éireann cead crúidhte a bhó acht an
bainne do choimhead fá chomhair mhaoir nó reachtaire
nó suartlaigh Gall. Agus, cidh aon ghamhainín
amháin do bheadh ag gabháil leis an tigh, ní leomhthaí
a crúdh do leanbh aon-oidhche nó do dhuine ghalair


L. 97


acht an bainne do choimhead fá chomhair mhaoir nó
reachtaire nó suartlaigh Gall.



"Nuair d'imthigheadar sin, tháinigh Gaill is
geocaigh anuas orrainn arís ba sheacht measa
ioná iad. Atá truime cána is cíosa na nGall
ar Éirinn arís. Atá rí ar an tír, taoiseach ar
gach tuaith, atá abb ar gach cill agus maor ar
gach baile agus suartlach gacha tighe. Acht atá
dream eile is seacht míle measa ioná iad sin
féin agus is iad sin na Gall-Ghaedhil. Sin an
dream dárb dual is dárb dúthchas bheith Gaedhlach
amhail sinne, acht is Gaill iad. Sin iad dream
an díomais agus lucht na lathaighe agus aos
éirghe-anáirde chuireas a gcuid clainne anonn
go Sean-Shasna chum Gaill gan scaoileadh do
dhéanamh dhíobh. Badh chóir sliocht Gaedhlach ar
lorg Gaedheal, mar atá a shliocht féin ar gach
aon dream is cineadh fá'n ghréin. Acht ní dheunadh
sin an gnó; óir ní h-áil le Gaedheala ar a
sliocht feasda acht béiceachánuidhthe agus bandún-
uidhthe agus dosairí agus breasairí agus dailtíní
gallda. Nach sona an sompla do shean-shliocht
na nDéise é sin? Nach cruaidh an cás talamh
torthach na hÉireann do bheith ag tabhairt prátadha
do n-a leithéidíbh?



"Cár ghabhadar na séimh-fhir ba bhárr breaghdha
bríoghmhar agus ba thoradh teann téagarach na
nDéise do ghoill ar Ghallaibh is Lochlannachaibh
in aimsir Bhriain Bhóroimhe mic Cheinnéidigh, dá
ndíbirt go dubh agus dá ruagadh tar sáile
go deoidh? An amhlaidh go bhfuil imtheacht gan
casadh ar thogha na bhfear agus ná fuil orainn
anois acht na clabhráin agus na criotháin? Ná
fuil faghairt orainne agus fuinneamh 'nár
ngeugaibh, ná fuil reathacha agus ceáthramhna
againn chomh maith leo sin? Ní gábhadh dhúinne
arm ná faobhar ná culaidh chruaidh-eudaigh chatha


L. 98


do ghabháil umainn, ní gábhadh dhúinn cogadh ná
bruighean do chur i bhfeidhm. Ní hiarrtar orainn
acht aon ní amháin, sé sin an Ghaedhealg do labhairt
le n-ár bpáisdí agus a chur d'fhiachaibh orra sin
freagra do thabhairt orainn as Gaedhilg.
"Ba dhóigh libh gor bhreaghdha binn blasda an
ní é an Beurla. Creididh uaim-se gorab
binne, agus gorab breaghdha naoi n-uaire an
Ghaedhealg.



"Ba dhoigh libh go raibh eolus is leabhair is
léigheann ag gabháil leis an mBeurla agus
is amhlaidh atá sibh báidhte múchta in ainbhfios
tar éis bhúr ndíchill.



"Ba dhóigh libh go raibh maoin is maitheas,
díol is ceannach, earraidhe is saidhbhreas an
tsaoghail agus beatha gan roint is an Bheurla
agus thugabhar dícheall ceud go leith bliadhan
d'iarraidh Gaill do dhéanamh dhíbh féin, agus
anois do bhárr bhúr saothair atá sibh i dtaobh
le tráithníní mar dhíol is ceannach is adhbhar is
earraidhe agus bhúr mbuachaillí breaghdha agus
bhúr ngearrchailí gleóidhte ag triall thar sáile
gach lá go deoidh uaibh. Agus nach orra sin atá
imtheacht gan casadh. Is gairid go mbeidh Éire
folamh gan inte acht fiadhaile, flich is feochadáin
agus Giúdaigh, Albanaigh is Sasanaigh ag cur
lúthgháir agus fáilte roimh a chéile, 'cheann gor
imthigh na Gaedhil agus go raibh bun le clanna
Mílidh agus deireadh le tír na hÉireann.



"Badh chóir sinn do bheith mar gach cineul
agus cineadh ar domhan. Is amhlaidh bhíd siúd,
ar lorg a sean agus a sinsir. Agus más é
is cuid dá saoghal leo sin gach ní dá dtáinigh
anuas chucha ón tsean-aimsir, is é badh chóir go
mbadh creach linne gach aon ní do bhaineadh le
n-ár sinsear Gaedheal. Mar ní'l féith 'nár
gcroidhthibh, ní'l braon fola i gcuislinn linn,


L. 99


ná smior i gcnáimh, ná inchinn i gcloigeann linn,
nach ó Ghaedhlaibh do fáisceadh agus ó mhuintir
labhartha na Gaedhilge ar an dá thaoibh dá dtán-
gamar. Má's Gaedhlach an corp atá orm, is
cóir dom anam bheith Gaedhlach mar an gceudna
agus innsin badh Ghaedhlach an duine go hiomlán
idir corp agus anam me."


L. 100


CLOICHÍN AN MHARGAIBH.



"A Phobuil Chloichín,



"Atá sean-bháidh agam le muintir Chloichín 'cheann
gor ón áit seo d'Eibhlín Ní Chaisín, dom mháthair
bhoicht féin. B'shin í an bhean bhreaghdha Ghaedhealach,
bean an chroidhe mhóir, bean raibh Dia is daoine
buidheach dá gníomharthaibh, bean déirceach deagh-
chroidheach raibh idir bocht is nocht na dúithche 'na
slóightibh ag siubhal na sráide lá a sochraide ag
guidhe flaitheas na naomh dá h-anam. Bean
gan gothaidhe acht í Gaedhealach glan-rúnach, bean
gan eirghe-ináirde, mar dob' é ba shean-fhocal
aici i gcomhnaidhe, "ísligh do cheann," adeireadh
sí, "agus árdóchaidh Dia é." Bean raibh eagla
Dé uirre, bean raibh gradam agus cion na gcomh-
arsan le chéile uirre, bean raibh grádh aici don
chineadh daonda ar fad.



"Ba scarmhaint croidhe le cliabh, scarmhaint mo
mháthar liom-sa. Níor ghabhas thar tairsigh an
doruis riamh gan í do chur fíor-chaoin fáilte
romham. "Sé do bheatha a bhaile," adeireadh sí
agus a croidhe ag gáire. Ní tháinigh in Éirinn
le fad d'aimsir a leithéid do mháthair, beidh sé
an fhaid eile sara n-imtheóchaidh a leithéid aisti.
B'shin í mo mháthair-se agus cárbh ' iongnadh mé
dá gcaoinfinn le buile bróin í? Trócaire go
ndéine Rí na dtrí muintear uirre, go dtuga Sé
sonus síorruidhe dá h-anam bocht ar fhaithche na
bhflaitheas ós comhair na Trionóide tré bhithu
na beatha. Amen.



"Do thál sise ormsa an Ghaedhealg bhog bhreaghdha
bhlasta mar an t-uachtar ó n-a croidhe amach, agus


L. 101


nach ait an sceul é go bhfuilim-se ag teacht thar
n-ais chughaibh go dtí an áit seo as a dtáinigh sí,
chum a thabhairt oraibh-se, chum a iarraidh oraibh-se
ar son Dia, an Ghaedhealg do labhairt le n-bhúr
bpáisdí.



"Atá seanchus beag ag baint le díochur agus
le díbirt na Gaedhilge a tír na hÉireann agus
ag so dhíbh é. Nuair do bhuaidh orainn Crommell
fa dheireadh thiar agus nuair do chuir sé leis is
cruit orainn le greadadh claidhimh agus le tóiteán
teineadh, agus nuair dob'éigean do chlannaibh
cráidhte Gaedhil teicheadh le n-a n-anmanna fa sna
sléibht amach, agus nuair do bhíomar gan scoil
gan léigheann ar feadh ceud bliadhain agus nuair
do chonnacamar poimp is taidhbhse, magadh is
meidhir, neart is comhacht is uachtar láimhe ag
síolrach an t-Sasanaigh, agus culaidhthe bhreaghdha
eudaigh síoda agus sróil orra, do bhain mearbhall
agus seachrán intinne dhúinn innsin i dtaobh an
Bheurla agus na Gaedhilge. Ní raibh dada ag
an Ghaedheal bhocht ar a chreatalach anuas an uair
cheudna acht leadhb an t-sean-bhríste agus pleidhc
an t-sean-cháibín, sean-bhróga ath-chaithte fá n-a
bhonn, sean-bhest bhán ar a dhrom, súgáin fá n-a
luirgníbh agus ba mhinic sin righin-chórda caol
cnáibe fá'n mhuineul aige. Nuair do bhíodar
caithte cráidhte innsin, do chailleadar an meas
badh chóir dhóibh bheith acu ar a gcuid féin agus
thugadar taithniomh don Ghalldacht. Ba bhreaghdha
leo gach aon rud Gallda agus ba shuarach leo
an rud Gaedhealach. Ba bhreaghdha leo an Beurla
agus ba shuarach leo an Ghaedhealg. Acht ná
cuiridh ró-dhian in a leith ag sna daoinibh bochta
é. Ní leigfidhe dhóibh aon fhoghluim d'fhaghbháil. Do
bhíodar ceud bliadhain gan scoil gan múineadh agus
do bhí rabhartaí dorcha an dítheolais ag brúchtghail
fútha. Do mhúchadar an Ghaedhealg innsin cé


L. 102


gor bhfada ghá labhairt i dtalamh an ghrinn í. Do
mhúchadar í, ní labharfaidís acht Beurla le n-a
bpáisdí. Adubhradar leo "cuiridh drom láimhe
le clanna Gaedhil, agus bídh nbhúr Sasanaigh gan
sult gan subhachus go deoidh arís." Sin é an
mearbhall agus an dearmhad agus an dul amugha
do chuir an drantán agus an draid agus an
diuc orainn an t-slighe sin, mara gcasa Dia an
Ghaedhealg orainn go mear, go mbeidh an
an phreiceall sin orainn go Lá an Luain.



"Dorighneabhar dearmhad in a dó nó a trí
do neithibh agus badh mhaith liom iad sin do
theasbánadh díbh.



"1. Ba dhóigh libhse agus is dóigh le cuid agaibh
fós gor fearr do theangaidh an Beurla ioná an
Ghaedhealg. Nára slán an comórtas an Ghaedhealg
agus an Beurla. Ní hé amháin gor bhuaidh an
Ghaedhealg ar Bheurla acht do bhuaidh sí ar gach
aon teangaidh eile ar domhan. Ní'l aon teanga
is dual do Ghaedheal acht í, ní'l aon teanga is
binne blasda, is snoighte sleamhaine ioná í, is
í ag teacht 'na slaodaibh gach fairsinge féile,
mar do bheadh tuile na h-abhann le fánaidh. Sí
an teanga í is gáir an t-sinsir ag glaodhach orainn
agus nach cóir do gach féith is cuislinn ionainn,
gach cnámh is alt ionainn, bheith 'na sceimhle
reatha fa thuairim na geoine sin.



"11. Is dóigh libhse ná fuil léigheann ná leabhar
ag gabháil leis an nGaedhilg. Nach oraibh atá
an mearbhall buile? Ní fhacabhair riamh sluagh
geal gléigeal sean-leabhar na hÉireann, agus
sibhse dá rádh ná fuil leabhar ná léigheann sa
Ghaedhilg. Cuireann sin i gcuimhne dham an ní
adubhairt an fear leis an ngrabaire do bhí ag cur
cainte as lá sa chúinne. "A ghormaire an t-súgha,"
ar sé sin, "nár fhág riamh an chúil, ní fhaca tu Q
ná CÁ." Bhí léigheann is foghluim is smacht orainn


L. 103


nuair do bhí an Ghaedhealg againn dá labhairt
innso, atáimid anois gan fios gan eolus, gan
leabhar gan léigheann.



"111. Ba dhóigh libh go mbeadh díol is ceannach,
maoin is maitheas dá uaisle dá fhairsinge ag
tuitim oraibh anuas nuair do bheadh an Beurla
agaibh. Agus thugabhair ceud bliadhain fada
ag díbirt na Gaedhilge agus do bhí taith-
niomh bhúr dhá súla sa Bheurla. Atá an Beurla
agaibh anois agus atá sibh i dtaobh le tráithníní
d'ol-mhaitheas agus atá an long mhór fhada d'bhúr
dtrághchaint gach lá sa bhliadhain sa Chóbh innso
theas. Do chuireabhair uaibh an Ghaedhealg agus
ar imtheacht di rug sí léi ar bhain léi. D'imthigh
léi an rath saoghalta, d'imthigh an brigh, d'imthigh
an misneach, d'imthigh an meas is an muinghin badh
cheart díbh bheith agaibh asaibh féin, agus anois atá
gorta in Éirinn agus an t-uisge bodhar ag plub-
ghail in bhúr sean-bhrógaibh.



"Atá an cineul nó an mhuintear do réir na
teangadh. Má' í an Ghaedhealg is teanga dam
is Gaedheal me, má's Beurla atá agam is Gall
me. Ní'l aon Ghaedhealg ag bhur gclainn agus
atá a rian sin orra. Feuchaidh ar bhúr mbuachaillíbh
agus na brístí bandúin orra. Gioch agus feirc
orra, iad ag brasaireacht an Bheurla, deócán
tobac in a mbeul agus croidhe beag feoidhte
gan oiread gráinne choirce ann istigh ionta.



"Feuchaidh ar bhúr ngearrchailíbh, badh chóir a bheith
go breaghdha bog Gaedhealach, iad 'na ngleacaidhibh
agus 'na nglingínibh gan do ghráin orra acht an
Ghaedhealg, an t-accent ar an bpus acu agus
eirghe-ináirde fuar follamh ag séideadh fútha.
Shin a bhfuil agaibh do thoradh bhúr saothair.



"Mhaiseadh, cuiridh uaibh an drabhfuigheall agus
an díth-céille agus bídh mar gach aon dream eile
ar domhan. Bíodh bhúr dteanga féin agaibh agus


L. 104


bídh Gaedhealach gasta, díreach mar do bíodh bhúr
seacht gceud sinsear d'imthigh romhaibh. Creididh
mise go bhfuil sibh d'bhúr mealladh féin, ag seunadh
bhúr ndúthchais dhílis féin nó ag cur drom láimhe
leis chum aithris do dheunamh ar bhacachaibh agus ar
gheocachaibh an tsaoghail. Sibhse ag feuchaint anonn
ar Londun agus glóire is féile na bhfear ba
ghrádhmhar groidhe taobh thiar díbh sa reilg. Sibhse
ag bladaireacht an Bheurla bhréin agus gan do
ghile gréine agaibh acht an Ghaedhealg."


L. 105


ATH-ADHNACAL



AN ATHAR UÍ GHRAMHNA.



"A Thaoisigh na nGaedheal, a fhir an tighe agus
a dhream de mhuinntir na h-Éireann, atáim
buidheach díbh fá'n fhíor-chaoin fhairsing fáilte
do chuireabhair roimh na daoinibh tháinigh an méid
sin slighidh le taisidhe an mhairbh, an uasal-shagairt
de mhuintir Ghramhna, agus ní h-é amháin rómpa
sin acht roimh na cnámhaibh thugadar leó. Dob'
fhada aniar thángadar, ó chúl an domhain agus an
corpán leó, dá chur i reilg Mhaighe Nuadhad innso
thiar. Is ann atá an t-uasal-shagart, is ann
bheidh a eiseirghe.



"Is fada siar ó adubhradh ceudamas, agus is
deacair na seanráidhte do shárughadh, "gor sona
agus gor beannuighthe an rud é bás d'fhaghbháil
ar son an talaimh dhuthchais." Agus má's fíor
sin, fuair sé sin bás naomhtha, mar thug sé a
rae ghairid ibhfus i seirbhís a thalaimh dhúthchais, tír
na h-Éireann, agus do chuaidh d'eugaibh mar
gheall ar an ró-ghean agus an ró-chion do bhí aige
uirre. Ba mhaith leis sin a chineadh féin do bheith
ar lorg a shean agus a shinsir, go bhfuair bás do
dhruim an ró-dhíchill do righne d'iarraidh sinn go
léir do chur ar ár leas. Ba shompla dhúinne a
bhás agus a bheatha, mar ní'l aon dream ná
cineadh ar thalamh thirm an domhain, agus ní raibh
aon am riamh agus an méid ceudta bliadhan do
chuir an cineadh daonda thórsta ó thosach na saoghal
go dtáinigh an lá indiu, ní raibh aon drong díobh
sin nár mheasa leo a gcuid féin ioná cuid aon


L. 106


druinge eile, agus ná raibh ullamh réidh i gcomh-
nuidhe dul d'eugaibh chum a gcuid féin do chosnamh
ar aon namhaid nó coigcríoch dá dtagadh thar
teorainn orra. Agus is amhlaidh sin do bhí
an sagart sár-uasal, Eoghan Ó Gramhna.



"Aon dream daoine bhfuil a dteanga féin aca
agus atá, diaidh i ndiaidh, glún ar ghlúin ar lorg
a sean agus a sinsir agus, dá bhrígh sin, atá 'na
náisiún fá leith ionta féin, is cóir dóibh sin bheith
ar a n-ádhbhar féin agus gan leigint d'aon
dream eile cur isteach ná amach orra. B'amhlaidh
sin do gach aon náisiún dá shórt riamh, ba thúisce
leo eug ioná annsmacht aon druinge eile. Agus
atá ní eile, do bhíodh meas thar bárr aca ar gach
aon rud tháinigh anuas chucha ó n-a sinsear féin,
agus ba leór leo mar chomhartha ceana ar aon
rud a theacht anuas chucha amhlaidh; ba mheasa leo
gach a dtiocfadh fó'n ionnus sin ioná an ní
dob'fhearr is dob'uaisle dá dtiocfadh thar lear
i leith chucha.



"Agus má's amhlaidh atá agus do bhí an cineadh
daonda riamh anall, atá aon chineul amháin ag
cur 'na aghaidh agus 'na choinne sin anois, agus is
náir liom a innsint gorab iad sin muintear na
h-Éireann; mar ní'l rud ar domhan badh lugha
orra sin ioná gach ní dá dtáinigh chucha anuas
ó sna sean-daoinibh. Na neithe a dtugaidís
fir an domhain fuil a gcroidhe go toiltheannach
dá saoradh agus d'á gcosnamh ar dhearg-namhaid,
amhail dorighne na buachaillí gleoidhte in Aifric
Theas, sin iad na neithe is suaraighe agus is
lugha meas ag Clannaibh Gaedheal.



"Cadé an díoghbháil dá mbadh é badh dháil dúinn
gan dada le teasbáint againn ná pioc le maoidh-
eamh againn asan tsinsear nó as aon rud do bhain
leó. Dar go deimhin nach amhlaidh atá, mar ná
raibh dream dob'uaisle ioná an sinsear ó


L. 107


dtángamar. Ní'l aon teanga is breaghdha blasda,
is binne bríoghmhaire, is cruinne ciallmhaire ioná
an Ghaedhealg chian-aosta so againne. Níl
cnuasach leabhar ag druing dá mhéid, do bhuaidh-
feadh ar shluagh bán sean-leabhar na hÉireann.
Ní'l, acht feuch mar atáthar againn. Na scoláirí
is aoirde agus is léigheanda ar domhan ag caitheamh
an lae gon-a oidhche d'iarraidh na sean-leabhar sin
do scrúdughadh agus do léigheamh agus do thuiscint,
agus sinne atá ar shliocht agus ar lorg dhíreach
na bhfear do scríobh iad agus gan fios againn
a bhfuil a leithéidí ann nó as.



"Atá ceól againn rug buaidh ar a bhfuil ann do
cheólaibh an domhain, agus ní shásóchadh dada sibh-se
acht gliogar gránda an phíanó. Gearrchailí
Gaedhealacha dá sáthadh isteach 'sa gclochar
nó anonn go Sean-Shasana chum an smacht agus
an stiúir dob' uaisle do chur orra agus iad
ag casadh abhaile agaibh agus ag bualadh isteach
an dorus chughaibh 'na nglingínibh gallda gan
sult gan subhachas. Gach sláimín aca badh chóir
bheith lághach agus an croidhe mór aca amhail is
dual do Ghaedhealaibh, is amhlaidh bhíd acht gob
orra chum gobaireachta agus soc orra chum
socaireachta. Nach suairc an sompla díbh-se
an méid sin, a mhuintear Bhaile Átha Cliath?



"Bíodh an Ghaedhealg dá cleachtadh istigh is amuigh
agaibh, agus tiocfaidh gach aon ní badh riachtanach
chughainn agus rath Dé 'na bhun. Bíodh meas agaibh
oraibh féin agus ar bhúr sinsear agus beidh gáire
in áit na preicle orainn feasda. Is ar ghrádh
dá shinsear agus do Thír na h-Éireann fuair
Eoghan Ó Gramhnai bás. Cuimhnighidh air agus
guidhidh ar a anam.



"Go ndéine Dia trócaire air agus go dtuga Sé
isteach é 'na chúirt ghléigil ghlórmhair féin, áit
a mbeidh sé ós comhair naomh agus ban-naomh an


L. 108


domhain, ós comhair naomh agus ban-naomh na
h-Éireann, ós comhair Mhuire Máthar agus Ríogh
an Domhnaigh, ós comhair na Tríonóide ró-naomhtha,
ró-ghlórmhaire, an Athar, an Mhic agus an
Spioraid Naoimh, ag caitheamh na síorruidheachta
sona.


L. 109


AGALLAMH PHORTCHLÁDHAIGH.



""Dá siubhlóchainn Éire 'na fódaibh caola,
is i bPortchládhach féineach badh mheabhair liom
suidhe."



"Seán Ruadh adubhairt an méid sin ag déanamh
amhráin dá chuid filidheachta dhó uair éigin. Agus
b'fhíor dó sin. Agus b'fhíor damh-sa é, dá mba
ní é gor mise adubhairt. Óir dá siubhlóchainn
an domhan mór, an domhan thiar agus an
domhan thoir le chéile, badh mheabhair, badh
mheidhir, badh mhian liom teacht tharn-ais agus casadh
fa dheoidh arís ar an gceanntar bheag shuairc sin
is dual dom féin óm sheacht gceud sean-shinsear
d'imthigh romham. Agus thar a bhfuil d'áiteannaibh
in Éirinn istigh 'na bhfuaras féin greann agus
sult, ní'l áit díobh sin badh nádúrtha, badh
thaithniomhaighe, badh laighche liom 'ná sráid Phort-
chládhaigh a bhfuileam go léir anois ann, buidheachas
le Dia. Agus má's greann le Seán Ruadh suidhe
ann istigh, is greann liom-sa. Agus cia gor
iomdha áit do chonnac agus gor iomdha cineul
daoine do chuireas tharm, agus gor iomdha
bóthairín cumhag caol cluthmhar, agus crosairín
cheithre sligheadh do ghabhas, b'fhearr liom anois
mo luirgne do bhreacadh le spóirsigh mhóir theineadh
agus le gríosaigh an aitinn 'ná a bhfuighbhinn do
thaithniomh i gcúirt an ríogh.



"B'ait liom dá mbeidís ann na seandaoine agus
an croidhe mór bog i lár gach duine ag gáire liom,
seachas na dranairí dreoidhte, agus na pusacháin
preicleacha, agus na falmairí fuara fallsa atá
ag imtheacht anois; agus na gearrchailí giodamacha


L. 110


geanncacha, gan dada ag rith fútha acht gothaidhe
na nGall ngallda agus gleacaidheacht agus
ladamhus. Ní'l aon gharsún ag siubhal an
bhóthair anois nach leath-dhuine-uasailín é agus
bríste bandúin air anáirde. Adeirim-se duine-
uasal leo. Bíonn iongantas oraibh-se an
droch-aimsear agus an doineann do bheith ag
fearthainn orainn agus na prátaí ag dubhchant.
Nach liom-sa nach iongantas an méid sin?



"Mhaiseadh, cadé an droch-fhuadar sin fúibh nó
cadé an mearbhall intinne do bhain díbh, a
mhuintear Phortchládhaigh, agus a rádh go bhfuil
a leithéid sin de sceul agaibh? Feuch! Teigheann
laogh le bólacht, banbh le muclach, searrach le
graigh, coileán le conairt, agus gach síolradh
amhlaidh leis an gcineul ó dtáinigh. Teigheann.
Acht cadé an bun-os-cionn so ar sháir-shliocht
mhogaill Mhílidh, nach leis an gcineadh ór chinneadar
a theigheann a síolrach indiu acht leis an gcineadh
d'fhúig fann gan feidhm iad? Do bhídís leanbhaí
leathan-láidre Gaedhealacha do shliocht orra, glún
ar ghlúin, ó aimsir Ghaedhil Ghlais anuas. Céard
fá nár chinn uatha anois le scathamh acht súgh na
mbacach agus síol na ngeocach? Obhoch! atá
an t-eirighe-ináirde d'bhúr ndalladh, d'bhúr
milleadh, d'bhúr gcreachadh, agus Éire gan sult.



"Inneosad díbh-se cad do bhain díbh. Do bhain
aineolus agus díth-céille; do bhain ainbhfios
gan foghlaim gan múineadh. Do cuireadh an dubh
'na gheal oraibh, an tslighe ná raibh meas madra
agaibh ar aon rud ba dhual agus ba dhúthchas díbh,
acht sibh ag leanamhaint do chleachtaibh Gall is
gaillseach. Aon ní dá dtiocfadh anuas chughaibh
óna sean-daoinibh, ba bhreun ba dhreoidhte libh é.
Aon ní dá dtiocfadh chughaibh thar lear anall ó
na coigcríochaibh, do chuirfeadh sibh-se mian bhúr
dhá súl ann. Ba dhóigh libh-se, na sean-daoine


L. 111


ar dhíobh dúinn go léir agus ó dtángamar, ná
raibh ionnta súd acht bitheamhnaigh nó amadáin
agus go raibh gile gréine ag taithniomh ar mhuintir
Shean-Shasna. Ní'l aon dream daoine, lucht,
nó pobal, fá chúrsa na gréine nach measa leo a
gcuid féin 'ná rud do bhainfeadh le h-aon chineul
eile daoine, agus ní dhearmhadaid a dteanga
féin do bheith aca thar chách. Bun-os-cionn leis
sin atá sibh-se. Do scaoileabhair uaibh an
Ghaedhealg agus is innsin do thuit an lug ar
an lag agaibh agus do dhruideabhair le fánaidh
síos. Aoinne do labharfadh an Ghaedhealg,
spailpín ba eadh é. Adeirim-se libh-se gorb
iad na spailpíní an dream is uaisle anois
orainn."


L. 112


AGALLAMH TIONSCNAIMH CUMAINN.



"A fhuireann fhial ionruic, is dual do réir
ghnáth-chleacht na h-aoise seo, na daoine d'agallamh
le linn a gceud-chruinnighthe um gnó ar bith, ag
mionughadh gleus agus ag cur suim infheadhma in
iúl dóibh agus, ar an adhbhar sin, leanfad do'n
chor so ag craobhscaoileadh ár rúin i dtaobh
teangadh na nGaedheal agus réime an chumainn
atá beartuighthe againn a chur ar bun le h-aghaidh
cabhruighthe léi. Ar dtús atá cion agus meas
agaibh uile ar an nGaedhilg, mar is follus d'aon
neach do-chidhfeadh sibh do láthair fa'n inneall so
indiu agus, dá bhrigh sin, atá an chuid is mó dár
n-obair deunta cheana .i. saothar dian aigne agus
intleachta ar aon leith, le' suidheochainn gor
tairbheach torthamhail do dhuine bheith ag foghluim
na Gaedhilge agus bhur saothar-sa do'n leith thall
ag iarraidh grádh do'n teangaidh do ghríosadh in
bhur gcroidhthibh ó chumhacht m'úrlabhra-sa amháin,
dá mbadh é badh dháil díbh ná tug sibh searc di fadó,
iar rochtain bliadhanta na tuigsiona agus na
céille dhíbh. Mar sin, ó atáimíd ar aon intinn
i dtaobh maitheasa ár dteangadh agus rún daingean
a leasuighthe againn, is leor dúinn anois breath-
nughadh mór-thimchioll, ionnus go mbeirmís do
roghain an tslighe is fearr agus is ionchuir i
bhfeidhm chum go bhfeudaimís ár rún do rochtain.



Is é an módh agus an tslighe is fearr agus is
inleanta do'n druing ag a bhfuil obair re bros-
tughadh bhaineas le mór-tháinte agus, dá réir sin,
sháruigheas cumhacht agus cumas duine 'na aonar
.i. comhchumann ar n-a dhlúith-cheangal le cuing-


L. 113


chuibhreach an chúraim choitchinn. Fa'n am so,
iomorra, mar is léir don té chuartuigheas réim
gréasach na beatha, ní lámhann daoine gnó choimh-
leathan choithcheann ar domhan do thionscnamh, gan
congnamh lán-chabharthach luchta d'ár céard í
d'fhagbháil agus iad do chruinniughadh i dteannta
a chéile, go beith torthamhail dá saothar agus
fuinneamhach foirbhthe dá gcuid innmhe. Mar an
gceudna dúinne, is é dleághar dúinn, tionóladh
i gceann a chéile ag súil le n-ár n-obair do
shaothrughadh chomh maith leo sin. Ar an adhbhar
sin, ní h-iongnadh sinne do thuidheacht amhail do
righneamar ar an láthair so, d'fhonn cabhair do
thabhairt do'n Ghaedhilg ins an ghábhadh atá anois
ag bagairt uirre, óir is dúinn is dúthchas grádh
do bheith againn do bhinn-ghlór bheo-bhuan na bhfear
bhfial thug beatha dúinn .i. sean-áitightheoirí na
hÉireann ó'r chinneamar. Ba ghnáth, tra, iad
sin ag cleachtadh na Gaedhilge agus sinne a bhfuil
a gcuid fola sin 'nár bhféithibh agus dár chóir
a ngrádh agus a bpáirt do bheith 'nár gcroithdhibh,
an náir dúinn aithri do dheunamh ar a dtréithibh,
nó ná foghnann a dteanga sin dúinn iar n-ár
ngeineamhain mar atáimíd uatha?



Tar gach ní dá ndubhras, atá fós d'fhiachaibh
orainne go sonradhach an Ghaedhealg do chothughadh.
Le congnamh Dé, maille le h-eadarghuidhe A
Mháthar, is sagart-dhamhna gach neach againn agus
go bhfios dam agus do gach nduine ar cheana, mar
thaobhaid muintear na hÉireann leis na h-aoghairíbh
spioradálta atáid dá seoladh go dúthrachtach
do chum glóire na beatha suthaine, go ngiallaid
dóibh i ngach slighe dá dhócamhlacht agus dá dheacracht
í in aghaidh a mian agus a dtol. Is follus fós
go ngrádhaid ár ndaoine a sagairt agus go
h-áirithe antan labhraid leo ag á dteagosc agus
ag á stiúradh 'san teangaidh sin rug searc a gcliabh


L. 114


léi. Tuille eile, ní rún d'fhear machtnuighthe
raon gluaiseachta an tsaoghail so againne anois
acht gor beo agus gor daingne i bhfad creideamh na
druinge sin bhfuil an Ghaedhealg mar chanamhain
aca fós ioná creideamh lucht leanta nuadh-bheus
na nGall go n-a gcreideamh leamh leisceach sin,
mar is gnáth ag sliocht Lúther ghránda agus
Chailbhin chraosaigh i ngach leith do'n domhan dár
síneadh a síolrach; óir claochluighthear a gcreideamh
do'n aicme urchóidigh sin cheanglas dlúth-mhuin-
teardhas leo, iar dtabhairt faillighe agus mí-
chuimhne 'na n-Eaglais ndílis féin. As so is
so-fheicsithe go dtéid i sochar dár gcreideamh gach
mion-bhlódh saothair dá ndeinmíd ag cabhrughadh
leis an nGaedhilg.



Ó's ag tnúth le comhchumann do thionsnamh
atáimíd, is mithid dúinn a iarfaighe cad is comh-
chumann ann agus an obair agus an ghné oibre
is oircheas dúinn a ghnóthúghadh. Im thuairm-se,
is é is comhchumann i bhfeidhil na Gaedhilge,
tionól coimhlíonta dá grádhuightheoiríbh bhíos
cruinnighthe agus aon intinn aca sochar do dheunamh
di. Dála na h-oibre, is deacair a réim do
thomhas agus a rian do réidheachadh go beacht i
bhfoclaibh fuara cainte. Measaim-se, ar scrúdadh
na n-inneall dam, nach cóir dúinn ár suim go
léir do chur 'san teangaidh gan bacaint ar aon
chor le neithe leath-is-amuigh di, acht d'réir
mo bharamhla-sa is eadh is indheunta dúinn, gach
aon rud bhaineas re Gaedhilg do thabhairt fa
ndeara, ionnus go ndeinimís oireamhaint do gach
neach d'ár lucht congnta ar a bhfuil sí fós dá
ríribh in ainbhfios. Óir, má cheangailtear duine go
docht d'obair nach feud a sárughadh ná a tuigsin,
ní dheunaidh dada d'áird; gidheadh, má thugtar
neithe nach lingid tar a gcumas re foghnamh d'ár
muintir nár fhoghluim an teanga fós, is móide


L. 115


chuirfear i bhfeidhm an brigh atá ionta, agus mar
sin beidh spéis againn 'nár ngnó agus sásóchthar
sinn go léir.



Taobh amuigh de'n teangaidh, gidh ar n-a mbuain
léi, atá seanchus agus stáir aimsear n-imchian,
beatha ár naomh nÉireannach, aiceachta ar dhinn-
seanchas, ar shliocht agus geinealachaibh ár gcinidh,
ar chanamhain speisialta thall 's ibhfus, ar shean-
chaisleánaibh, ar shean-thobairibh coisreactha, ar
gach rud, agus é sin fa gach gné do bhí ar n-a
shealbhughadh ag ár n-aithreachaibh agus gor ionmhuin
linn é tar a chionn sin. Is féidir páipéir do
scríobhadh ar na h-adhbharaibh sin i mBeurla gan
toirmeasc ar bith do theagmháil d'ár ngnó dílis.



Go neartuighidh Dia ár lámha, ionnus go
dtroidimís go lán-chalma dúthrachtach ar son
spioraide agus teangadh ár sinsir, mar atáid
araon anois i gcomhair a múchta i ndubh-aigéin
dhorcha dhearóil na ngall-bheus ngránda, agus
go bhfeicimíd-ne go huile an Ghaedhealg bhinn-
bhlasda shár-mhilis ársaidh fa mheas agus mór-
réim fós i n-Éirinn."


L. 116


DO SHEODAIBH NA SEAN.



Is é is Seod ann, gach ní mór-luach dá mbeadh
ag duine agus is iad is SIN ann, na sean-daoine
ó dtángamar. Is iad is SEODA NA SEAN agam
dá réir sin, gach cáilidheacht do bhí i n-ár sinsear
Gaedheal idir corp is anam.



Atá gnás ag gabháil leis an gcineadh daonda,
gor measa le gach treibh an dúthchas atá ionta
féin ó n-a sinsear iona dúthchas aon treibhe eile
ar domhan agus bíonn do mhéid a ngean dó súd
gor chumma leo a mbeo ná a marbh acht é do
chosnamh. Bíodh a dheimhniughadh sin ar ar cuireadh
do chogthaibh riamh agus go h-áirighthe ar an gcogadh
atáthar do chur in Oirthear Eorpa anois. B'fhada
dhúinne ár nGaedhlaibh ar aon intinn le fearaibh
an domhain is an ní seo agus ní hé amháin go
dtángamar leo ann acht go ndeachamar céim
thórsta ag tabhairt dian-ghrádha díochra do chuid
an tsinsir. Fuil a chroidhe 'na chléibh do bheuradh
an Gaedheal le lán-toil riamh uaidh ar an ní
Gaedhlach do chosnamh. Agus cé gorb iomdha
creach d'imthigh orainn le míle bliadhain anois
agus gorab euchtach an scrios tugadh orainn
tré neart Gall is Danar, níor lughaide ár mbáidh
leis an sean-rud Gaedhlach é sin go léir agus
níor gaibh leisce de sinn ag fulang báis tar a
cheann. Ní'l iarsma catha na fuighleach foiréigin
d'ár fhágaibh an mí-ádh againn mar ualach all-
mhurach orainn anuas, ó aimsir na gceud eachtranach
ráinigh Éire go sliocht sleachta Oiliféir Chrummaill
anall, ná deárnamar Gaedhil díobh ó mhaoil go
talamh. Agus ba é sin a mhéid thugamar gean
is taithneamh do cháilidheacht, d'fholaidheacht, do
mhéinn agus do dhúthchas Gaedheal, am dá rabhamar.


L. 17


Acht tháinigh lá eile orainn agus ba lá creach
thar creach Lae Brátha an lá sin do Ghaedhlaibh.
Ba é a dhéine agus a luas do scaramar leis an
ní Gaedhlach, gombadh dhóigh leat go loiscfeadh ar
an gcroiceann againn dá mbainimís leis. Is
innsin do chasamar cúl le sean-dhream na
hÉireann do bhí in gach reilg dá bhfuil ar fuaid
na dúithche, agus thugamar aghaidh ar choigcríocha
agus ar Ghalla le dúthracht croidhe agus le taith-
neamh súl. Do cheileamar ar na leanbhaí óga
fios a gcinidh féin agus fios na bhfear ngroidhe
ó dtángadar; agus ní raibh cuimhneamh ná aithne
aca ar aoinneach do ghaibh riamh rómpa acht díreach
mar gorab anuas ó sna spéarthaibh do thuitfidís.
D'fhágamar gan fios a gcinidh aca iad agus gan
dóchas go mbeadh orra sliocht Gaedheal go deoidh
acht sliocht Sasanach. Óir, bíonn an dúthchas do
réir na teangadh. Má's Gaedhealg í do theanga,
is cumma can as t'fholaidheacht, is Gaedheal tú,
óir do ceangaladh tré chuibhreach céille is aignidh
is méinne is meabhrach do gach Gaedheal dar ghaibh
riamh romhat tú. Acht má's Beurla í do theanga
is Sasanach idir anam is corp, idir smior is
scartacha tú, mar nach Gaedhlach an cuibhreach atá
fá chabhail t'anama acht cuibhreach agus cruaidh-
cheangal na gcoigcríoch.



B'iad lucht na mbailte mór thug an fhoghail
seo ar Éirinn an cheud lá riamh agus is iad atá
dá dheunamh i gcomhnuidhe. Agus is é fa ndear é
sin acht gorab iad Gaill is Lochlannaigh do righne
bailte móra ar dtús in Éirinn augs, mar gorab
ar chuan nó cois fairrge is gnáthaighe do ghníthí
bailte móra, is ionta is mó do-ghníodh gach
coigcríoch comhnuidhe dá séideadh gaoth anoir
chughainn, gorab amhlaidh do lean sé díobh do
bheus bheith 'na gcoigcríochaibh ó shoin ille. Agus
mar go bhfuil sé do mhallacht ar lucht áitreabhtha


L. 118


bailte mór gan sliocht do bheith orra acht gus
an treas glúin uatha amach, uime sin do raghadh
baile mór ar ceal coitcheann nuair do bheadh
sé tar éis an treas glún sin do thabhairt, muna
bheadh go dtagann lucht tuaithe i gcabhair air,
dá líonadh arís. Dá bhrigh sin, is amhlaidh atá
gach baile, mór is beag, ar fuaid na hÉireann
acht amhail atá na poill sin is na failltreachaibh
in iarthar na hÉireann ar a dtugtar slogairí;
óir, anté do raghadh 'na ngaor le linn an uisce
do bheith dá thaoscadh ionta síos, do shughfaidhe le
sidhe gaoithe isteach ionta agus do shloigfidhe dá
bhádhadh amhlaidh sin é. Is amhlaidh sin shloigeann
an baile mór an dúthaigh ar fad. Agus, cé gorab
gairid mhaireann lucht áitreabhtha baile móir
agus gorab éigean na slóighte do bheith ag teacht
isteach ann ó'n tuaith i gcomhnuidhe 'na dhiaidh sin,
ní hiad beusa an lucht tuaithe do bhuaidh ar bheusaibh
na cathrach riamh, acht buaidhtear orra. Agus, cé
go n-imthigheann muintear na mbailte mór go
mear ar ceal, diaidh i ndiaidh, mairid na beusa
tháinigh anuas ó sna sean-choigcríochaibh i gcomhnuidhe.
Óir an lucht tuaithe thagann isteach foghluimíd
siad beusa na cathrach, mar gor dóigh leo gor
fearr agus gor galánta iad ioná beusa Gaedheal:
agus ní eile, ní hé amháin ná buaidheann an tslighe
Ghaedhlach ar slighe ar tSasanaigh is na bailtibh
móra, acht go bhfuil an tslighe sin an tSasanaigh
tar éis teacht amach ar an dúthaigh anois agus
tar éis scrios agus buan-bhás d'imirt ar an
tslighe Ghaedhlaigh. Tuille fós, atáid na scola
agus na páipéir ag cur an scriosa sin ar gach
aon áit gach lae, sa tslighe sin ná fuil acht meas
tuatálaidhe nó cábóige ar an bhfear Gaedhlach
ag gach aoinne anois. An fear le Gaedhilg féin
atá náire air a leigint air nach Sasanach é chomh
maith le cách. Agus an ní thar neithe an domhain


L. 119


is sia amach uainn, is mí-nádúrtha agus is measa
thagann le fonn an chroidhe mhóir lághaigh Ghaedhlaigh,
sé sin, an duine uasal Sasanach, sin é is sompla
dúinn augs ní'l brígh ná éifeacht in aon rud acht
'na iomchur, 'na bheusaibh augs 'na chuid gothaidhe sin.



Ní'l aon dream ná cineul, do chasfadh cúl
ar a sean is a sinsear, nár mhaith an díol orra
bheith go claoidhte dealbh; agus dá mhéid í an
fheidhm thugamar-na d'iarraidh breith ar an ngall-
dachas, feuch gor fuacht is fán is deire bealaigh
linn. Ní hé Dia d'órduigh riamh an gníomh so
do righneamar agus, dá bhrigh sin, ní'l rath orainn
agus ní bheidh ar an sliocht ar ár lorg ná ar shliocht
ár sleachta go deoidh.



Ní dóigh liom-sa gor othrach ná carn deandgair
tír na hÉireann agus aingeal Dé do neamh is
é do theacht chugham, ní chreidfinn uaidh gorbh
amadáin agus breill gan brígh na sean-daoine
Gaedhlacha do ghaibh romham agus ó'r fhásas.
Adeirim leibh-se go mbadh chóir go mbeadh sibh ar
aon intinn liom innsin. Agus ó's le daoine
do chuallacht na mac-léighinn nGaedhlach atá
m'agallamh don chur so, adeurainn libh go mbadh
cheart díbh go léir é do chur romhaibh mar dhulgas
agus mar gheasa nach cóir a sárughadh, fios cruinn
d'fhághail ar sheodaibh na sean agus rún daingean
do dheunamh in bhur gcroidhe istigh iad sin do
scríobadh as an gcré, dá mb'éigean é. Oraibh-se
atá sé d'ualach anois, a lucht óig na hÉireann,
na seoda so, briste brúighte mar atáid, do
bhailiughadh mar do bhaileochadh fear do bheadh
buaidhte go dealbh láimh-dhée a threibhe agus fonn
reatha air roimh neart a namhad. Atá sé oraibh-se
a mhuintear óg na hÉireann a mbailiughadh sin
go díchiollach cúramach, mar is ionta do gheobhaidh
sibh fios agus eolus cionnus badh chóir do dhuine
é féin d'iomchar, chum go mbeadh sé 'na dhuine
uasal Gaedhlach.


L. 120


DIARMUID STÓCES.



Fuair deagh-dhuine do na Déisibh bás an naomhadh
lá fichead do mhí Lughnasa so caithte againn .i.
Diarmuid Stóces. Is ann so-chuaidh sé d'eugaibh,
i dtigh a mháthar ag Baile uí Luimín, atá timchioll
trí míle siar ó Dhún-Garbhán.



Ba é an buachaill ba laighche agus ba shoineanda
gáire in a dhúthaigh féin é. Ba bhreaghdha réidh
a intinn agus a iomchar, mar ba dhual do Dhéiseach.
Níor chuir sé gob an ghabaire riamh air féin
agus ní bhíodh ag stealladh cainte fuaire na droch-
Ghaedhilge ná siotracht magaidh, na brasaireacht
an dailtín aige le daoine, mar is gaisceadh le
tuilleadh do lucht na Gaedhilge. Do bhí se lúbach
leathan am dá raibh, ba láidir a chos ar bhán na
gcleas agus ba bhríoghmhar do chaitheadh cloch
nirt i láthair gasra na h-iomaidheachta. Ba mhín
macánta le h-óg is aosda é agus ba bhádhach
muinteardha leis na leanbhaí do bhíodh fa n-a smacht,
cé ná casfadh a chúl riamh le fear mbeadh achrann
go cruaidh 'na phráinn air, da mbadh ghábhadh é do
fhreagairt. Do bhí dhá slinneán ghléigeala air
agus dha ghualainn chóra fearamhla. Do bhí lúth
'na dhá lámhaibh míne, do bhí siubhal agus seasamh
aige agus clár breaghdha aoibhinn ochta. Níor
chumhag an croidhe 'na chobhail aige acht croidhe
mór gaedhlach grádhmhar. Ba chasta dualach a
chúl is é ar dhonn-dhath an óir. Ba lághach macánta
méinn a chroidhe agus níor ghábhadh dó rún a chléibhe
do cheilt ar ainglibh Dé Ghil na bhflaitheas. Ní
raibh áít ar ghaibh sé riamh tríd ná raibh rath air is
na bítí buidheach d'obair a dhá lámh, agus ní raibh
caidreamh ná cuideachta ndeunadh sé taithighe


L. 121


orra, nach móide urraim agus grádh daoine dó é.
Do bhí teanga mhaith Ghaedhilge gan cáim gan
staonadh aige agus ba dhó nár mhiste sin, a cur
de 'na slaod go slachtmhar. Thug sé sláinte
a chroidhe go fonnmhar gach féile d'iarraidh an
Ghaedhealg bhocht do chur chum cinn, agus níor dhubh
neul air is níor lag brígh air, an fhaid d'fhan lúth
i láimh ná i gcois leis ná corraighe 'na chobhail.
Tháinigh sé abhaile innsin go dtí a mháthair bhocht
chum dul d'éagaibh, agus nár dhisi ba chealg croidhe
a imtheacht uaithe agus í i dtaobh leis do shliocht
is do thaca.



Och! a Dhiarmuid shuairc, is olc led' mhuintir
Dhéise tú dá dtréigin go deoidh. Cadé an
díoghbháil seanóir caithte fuar do bheadh i gcionn
a shaoghail thall is go mbadh dhéirc dó suaimhneas,
acht buachaill breaghdha groidhe i lár a linne is
a ré maitheasa do bheith sínte go dealbh? Ní bé
Dia d'órduigh riamh trághchaint dod' lúth 'ná
dalladh dod' shúilibh soillseacha sona ná lí odhar
an bháis thar do cheannacha córa gáiriteacha, acht
sceón do chroidhe féin ar mhaith linn ar fad agus
chum leasa na Gaedhilge. Acht ní bás gan
caoineadh fuair tu, má tá aon chuid don tsean-
chroidhe ag baint led' mhuintir Dhéise. Ba mhian
leat sliocht an tsean-chinidh chalma do bheith ar
do dhúthaigh féin agus Gaedhil as diaidh Gaedheal
do bheith ag áitreabh ó Chummar na dTrí n-Uisce
go droichead na h-Eochaille siar, mar do bhíodar
riamh is i gcomhnaidhe; agus chum an rún sin
t'aigne do chur chum cinn, ba bheag leat t'anam
is do shaoghal féin mar cheannach ar Ghaedhilg do
bheith dá labhairt leis na leanbhaí óga. Ca bhfios
nach ceannach gan margadh do-righne tu is nár
dhúiseacht as a dtrom-chodladh d'athrachaibh agus
do mháthrachaibh na sean-áite sceula agus deagh-
shompla glan do bháis is do bheathadh, is ca bhfios ná


L. 122


beid leanbhaí óga le Gaedhilg ag teacht go dtí
an Teampoll Geal fós, chum t'uaigh-se d'feicsin;
agus, dar ndóigh, níor bhinne leat ualach ar do
chom ioná iad? Agus nuair thráchtfar ar ball
ar gach duine do Dhéisibh do-righne díchioll fir
le díoghrais chum cabhrughadh le Gaedhla, mar
atá, Seathrún Céitinn agus Pilib de Barún agus
Seán Pléimionn agus Micheul ó h-Ícidhe, cuirfear
leo sin 'san áireamh Diarmuid Stóces, an buachaill
bocht thug fuil a chroidhe agus smior a chnámh chum
an Ghaedhealg do chosaint.



Go dtuga Dia rath thar rath an domhain ar anam
Dhiarmada agus nár bha mó a ghaisceadh thar ár
gceann i bhfus ioná gach feidhm dogheuna sé dhúinn
os comhair slóigh nimhe, os comhair Dhéagláin
Déise, os comhair Mhuire Máthar agus na
Tríonóide gile glórmhaire thall.


L. 123


INIS NA NAOMH AGUS NA
n-EAGNAIDHEACH.



Is é nídh do ghabhas do láimh innso .i. teist agus
tuarascbháil naomh agus eagnaidheach nÉireann
do thabhairt uaim go h-athchumair, maille re méid
a míorbhal agus iomad a bhfoircheadal bhforasta
do scríobhadh. Gidheadh, is obair gan urradh
a deunta do chuireas romham, mar ná fuil sé do
chumas ag neach san bhith aithfhriotal iomlán a
dtréithe do dheunamh, alos na bhfad-aimsear
do chuadar tharainn ó n-a rae sin anall agus ar
dhoimhin-fhairsinge na neithe d'á bhfuil re n-a
bhfaisnéis ann. Ar an adhbhar sin, is é
foillsiughadh dhleághar damh-sa do dheunamh orra,
a gcomharthadha foirleathana do chruinniughadh re
buain asta an connladh comhchruinn sin bhus
oireamhnaighe dom' acfuinn do'n chor so.



Is do na h adhbharaibh fa n-abarthar iomad
naomh agus sruithe do bheith ag áitreabhadh na tíre
seo anallana, do bhrígh go bhfuilid fós ar n-a
reic agus ar n-a scéitheadh idir dhaoine an domhain,
beo-chuimhne agus buan-thuarascbháil lúthmhar ag
suidhiughadh a mbeith ann agus ag luadh a bhfeart
agus a n-ilghníomh. Adhbhar eile fá'r móide is
iontuigthe a léithéidí súd do bheith i n-Éirinn,
a rian agus a lorg do bheith re n-a bhfaghbháil indiu,
ní hé amháin i ngach mír agus cóige do chúigidhibh
na hÉireann, acht i dtíorthaibh eachtranacha
eugsamhla iomdha ar cheana. Is eadh is lorg
dóibh ann, do réir céille na caingne seo, na
comharthadha tadhaill toirteamhla do rángadar ár


L. 124


rae agus ár n-aimsear féin agus atáid re n-a
bhfaicsin anois, mar raibhthibh na fírinne adubh-
ramar, mar atá na cealla, na cloigtheacha agus
na teampoill dá'r chumhdaighsead, na greasa
iolcrothacha amhra óir agus airgid dá ndearnsad,
mar atá mionna agus ministire agus crocha
ceusda, gan cumhdach agus tiach leabhar do chur is
an áireamh, go dtreallamh eugsamhail eile agus go
sonradhach ar scríobhsad do leabhraibh bláith binn-
bhriathracha i nGaedhilg agus i Laidin, ag foill-
siughadh agus ag deimhniughadh a gcéime agus
a gcumasa. D'feudfaidhe fós a rádh go bhfuil
annála na n-eolach, fa comhaimseardha dóibh i
gcríochaibh imchiana,ga teacht le seanchus na
hÉireann is an nídh seo. Agus dá mbeadh gor
gann an glór thugsad innso, do badh leor mar
chomhartha cinnte ar iomad naomh do bheith i
n-Éirinn agus ar aidhbhsighe a léighinn agus a
bhfeart, na cealla agus na congbhála thógbhadar
is na tíorthaibh coimhightheacha ceudna, agus líon
na manach n-eolach n-Éireannach dorighne comh-
nuighe agus áitreabhadh ionta. Is follus, do
réir a ndubhramar, gor leathan lán-fhairsing a
mhéid do theastaibh re naomhaibh agus ealadhnachaibh
ársaidh, re sruithibh éigse agus fóirnibh gacha aoise,
do ghabháil agus do shealbhughadh ceannais is réime,
ag ár sinsear.



Do bhí d'acfuinn, re grinn-fheitheamh na gcruaidh-
cheist, intleacht agus aigne na sean-Ghaedheal,
nach iongnadh le neach a léirmheasta, iar bhfeas
dó sin, go rugadar buaidh agus barr i ngach gné
foghlama go grod iar mbeith ar n-a scoladh i
litribh dóibh. Atáid cheana ag a fhoillsiughadh,
"an Leabhar Gabhála" ro scríobh an brathair bocht
Micheál ó Cléirigh, "Forus Feasa ar Éirinn" ro
scríobh an Dochtúir deighléigheanta Diadhachta,
seathrún Céitinn, na leabhair mhóra mheamraim


L. 125


maille re ceudfaidh dhaingin feallsamh bhfeasach
na h-aimsire seo, go dtángadar ár bpríomh-
aithreacha ar dtús ó áird thoir an domhain. Is
furus a mheas, dá bhíthin sin, go mbeidís acu na
beusa ceudna crábhaidh agus caondúthrachta
do chleachtaidís do ghnáth na cineadha áitigheas
i n-aghaidh turgbhála gréine .i. an fréimh-shliocht
ó'r chinneadar. Agus go bhfios dúinn gor
leansad a gcáil agus a mbearta dá ndual agus
dá ndúthchas, óir do ghreamuigheadar creideamh
Críost re h-accobhar agus re díoghrais croidhe
ar n-a phroicheapt dóibh ó Phádraig, agus fós go
mba forasta foirbhthe a léigheann agus a reachta,
i bhfad ré dtuigheacht an Abstail sin na nGaedheal
chucha. Is dearbhadh ar a reachtaibh do bheith socair
soibhéasach an mhéid léighthear is na sean-leabhraibh
um a ndlighthibh agus um a bhféineachas. Dearbhaid
fós na leabhair cheudna go rabhadar lán-tuig-
sionach ar screapt-oideas litreach ré dteacht an
chreidimh, agus is iomdha leac chian-aosda chloiche
re n-a bhfághbhail i n-Ogham Chraobh mar fhiadhnaise
dhosháruighthe an neith sin. Ar mbeith dóibh, do
dhruim ar áirmheas, 'na ndamhna oireamhnach in-
mheasta re geineamhain naomh agus éigse, níor
fhealladar iarsin ar an ngioll thugadar uatha,
i gcomharbhas irise agus eoluis an chreidimh.



Táinigh Pádraig do chum nÉireann 'san bhliadhain
d'aois Chríost cheithre cheud a triocha, do shíol-
chur na fírinne buaine i ngarrdha bhog leasuighthe
croidhthe nGaedheal. Gidh gor sheunadar cuid do
mhuintir uallaigh ainchreidmhigh na tíre seo rath Dé do
ghlacadh ar dtús, do gheillsead urmhór na ndaoine
ar ball go h-umhal úiriseal, ag ionnladh díobh
féin salachar deamhan in uisce ghlan ghrástamhail
an bhaiste, re gabháil umpa tlaicht thaithneamhaigh
na féile agus na fíréandachta. Fá chionn tréimhse,
do cuireadh ar gcúl do gach leith i n-Éirinn iodhal-


L. 126


adhradh agus timthireacht do dhiabhlaibh agus do
gnóthuigheadh do Chríost an talamh ar fad gan
dún-mharbhadh gan dortadh fola. Fa drithle re
teine grádha Dé d'adhnadh i gcuaille na daonnachta
Pádraig, agus fa gaoth gheurghlan Mhárta a ghlór
re lasair an chrábhaidh agus na caondúthrachta
d'fhadódh i méinn agus i meabhair daoine. Ní
fheudtar iomad na naomh do mhaireadar ar aithris
a shoibheart subhailceach 'na chomh-aimsir d'áireamh
ná d'fhaisnéis, acht is follus go raibh Inis Ealga
re linn an aga sin 'na lán-luisne lonnrach ghríos-
ghrádha do Dhia go roiche reanna nimhe os comhair
an Dúileamhan, mar do foillsigheadh i bhfís do
Phádraig féin, do réir an neith léighthear 'na
bheathidh.



Atáid féiliridhe agus beatha naomh n-Éireannach
ag dearbhadh a naomhthachta agus a neimhchionta,
a nglandúthrachta, a bhfad-fhulang na bpian agus
a ngoradh-ghrádh cléibhe agus compair tré sheirc
agus ceannsacht do'n Choimhdidh. Bíodh a fhiadh-
naise sin ar bheathaidh agus ar chaoin-bheusaibh
Choluim Chille, do mhair taobh istigh do dhá cheud
bliadhan indiaidh Phádraig. Do chineul Chonaill,
do ríogh-phór a dhúithche i n-Ultaibh dó, agus ro
thairngir Pádraig go lán naomh eile a gheineamhain
agus a ghníomhartha i bhfad ré n-a thuismeadh. Is
iomdha mainistir agus eaglais ro chumhdaigh 'na
chrích féin agus isna coimhtheorannaibh .i. i Midhe agus
i gConnachtaibh ar cheana, go ndeachaidh dá oilithre
anonn thar lear fa dheoidh go h-Í i n-Albain. Ro
thógaibh cealla agus congbhála iomdha innsin
agus d'ionarbaidh agus do dhíochuir dorchadas
díbhlidhe na geintlidheachta tré chraobhscaoileadh
creidimh Chríost ar feadh Alban go h-uilidhe, go
n-a h-ilmhíltibh d'oileánaibh is an mhuir budh thuaidh,
amhail dorighne Pádraig roimhe sin i n-Éirinn.
Fa gnáth, iomorra, leis an abbaidh naomhtha so


L. 127


codladh ar lom-leic chruaidh agus do chleachtadh
fós tréadhnas agus troscadh, gan a chaitheamh
acht tearc-bhiadh truagh, do thabhairt macnasa na
colna dá réir fa smacht. Is dí-áirmhthe cheana
uimhir na leabhar líomhtha nglan-bhriathrach dár
scríobh re n-a réidh-dheis dhílis féin. Gan amhras,
ar a naomhthacht ainglidhe, ar a cheannsacht agus
ar a eagna, is cian amach imeasc Cloinne Mílidh
chluinfidhear tuarascbháil a ghníomh agus a bheathadh,
mar ní lughaide sa chách indiu é ar dhruidsead
thart do bhliadhnaibh ó n-a rae anuas.



Atá re n-a luadh i bhfarradh na bpríomh-naomh
lé'r roinn Pádraig iris agus airmhide, Brighid
Ban-abb Chille Dara, dá ngoirthí Muire na
nGaedheal. Do shliocht rígheamhail rathmhar
disi mar an gceudna, agus tar a chionn sin,
is í do ghnáthuigheadh umhlóid ag fóirthin agus ag
anacal do bhochtaibh Dé, maille re almsana agus
aoigheacht do thabhairt dóibh. Mainistir ban-
riaghalda i gCill Dara aici, go n-easbog do
theagosc agus do léigheadh Aifrinn dóibh. Seal
dá h-aimsir dí ag aoghaireacht nó ag ionghaire
treud is na bántaibh go h-uaigneach, gor lonnruigh
rath Dé inti alos a míorbhal n-iongntach, gor
nochtadh a beith fa ghean ag an Choimhdidh amhlaidh
sin. Go mba caoin, aoibhinn, do-chuimsighthe a
glóir is n-a flaitheasaibh thall, mar is fada bhus
cuimhin ibhfus í re fearaibh Éireann.



Is iomdha naomh agus ban-naomh eile a bhfeud-
faidhe tuidheacht tharsta innso, muna mbeadh gor
eagal linn go gcorfaidhe an léightheoir tar bárr,
ag leanmhain do'n leasc-luadh do righfidhe
a leas deunamh orra. Dá bhrígh sin, tar an méid
adubhramar thuas um an dtriúr do thuill bárr
gacha buadha agus múirn gacha rúin, scuirfeam
feasta gan min-sceulta a mbeathadh d'innsin
ar na slóightibh dírímhe atáid d'fhuigheall díobh


L. 128


fós, acht mád anmanna beagáin na n-árd-naomh
n-ársaidh úd do chur síos, dá bhfuilid a gcomharbas
agus a gceannas ag gach easbog in easbogóideacht
do láthair i n-Éirinn. Teagmhaidh eatorra so,
tra, Naomh Ciarán Saighre i gcrích na n-Osraighe.
Is dó sin, iomorra, d'umhluighidís beathadhaigh
fhiadhta an fhásaigh, dá admháil tré n-a gcomhluadar
caomh ceannsa aige gor mheasadar gor naomhtha
neamhchaidheach antí Ciarán. A chomharbas diaidh
i ndiaidh le h-easbogaibh muintire Osraighe.
Dogheibhthear a chomhmhór sin do naomh, 'na charaid
comh-aoise agus comh-anma .i. Ciarán Chluana
Mhic Nóis. Ar ghrádh dhíochra do gheanmnaidheacht,
ní thug an naomh glé-ghlan so siolla mianghusa
ar mhnaoi feadh a bheathadh. Do bhí d'fheidhm 'na
ndéineadh do dhéirc gor claochluidheadh ar fhaomhadh
Dé lán boise arbhair, dá'r shoich lá chum boicht
d'áirithe, chum bheith 'na ór bhuidhe chraorac. I
gCluain Mhic Nóis atá, is ann bhias a eiseirghe.



Príomh-easbog eile le h-Ultaibh .i. Aodh mac
Cairthinn, ceud-easbog Chlochair. Fa tréin-fhear
do Phádraig é-sidhe, dá iomchar tar loga do-
thrialltha do-eoluis agus tar inbheara iomdhoimhne
abhann. Feacht dóibh .i. d'Aodh agus do Phádraig,
ag imtheacht conaire seach an ionad i bhfuil Cill
Chairthinn indiu, go dtárla sruth robharta ró-lán
ar a mbeulaibh. Ro sheun Aodh fa Phádraig do
bhreith tars an uisce i ngioll ar an éiglidheacht
do ghabh féin ó'n bhfoirbhtheacht d'fhás ann tré n-a
fhad-fhoghnamh do Phádraig. "Is anbhfann fa
dheoidh mo bhaill," ar sé, "is mithid duit mo
scíth do leigean." Ro scaoil Pádraig dá
mhoghsaine innsin agus ro oirdnigh 'na easbog
fó cheudóir é. Ro thomhais Pádraig iarsin a
theoranna agus ro chumhdaigh a cheall ar an láthair,
go dtug dó an Domhnach Airgid agus atá an
greas sin re a fhaicsin fós in Áth Cliath.


L. 129


In Áird Mhór, i gcríochaibh Déise cois farraige,
biaidh eiseirghe Dheugláin onóraigh, easbog agus
Pádraig na nDéise. Atáid a cheall agus a
thiubraid fós ann agus earraig ar thráigh adeirid
ughdair do threoradh a luinge ar snámh ag tuidheacht
ó'n Róimh dó, gor ghabh cuan agus áit cumhsanta
in Áird Mhór, mar rabhadh do neamh dó sin gorab
ann badh oircheas dó ionad cumhdaighthe a eaglaise
do bhreith do roghain.



Fa cian i ndiaidh tógbhála na cille sin antan
do ráinigh Mochuda dúthaigh Déise, drongaibh
dírímhe, iar n-a ionarbadh go h-eudmhar a Mainistir
Raithne i Midhe. I Lios Mór ós bruach na
h-Abhann Móire ro ghabh suidhe, agus sealad
'na dhiaidh sin is ann ro ghabh suan. Mainistir
agus seol adhbhal amhra i Lios Mór aige go gcoimh-
thionól oirdhearc manach, ag moladh do-ghréas an
Choimhdeadh Chomhachtaigh le psaltaireacht agus le
troscadh agus le fad-dúsgadh. Is ann ro
thionscain ann scol chian-teastach sin is modhmhar
clú, chum a dtánghadar dá dteagosc agus dá
seoladh i léigheann agus i ndiadhacht agus i
n-ioldán gacha filidheachta, sochaididhe aobhdha
eagnacha fear an domhain.



I gCorcaigh cois Laoi d'áitreabhadh Naomh
Barra, dár theasbáin aingeal éadrocht do ne[a]mh
ionad suidhighthe a chille agus a reilge. Breandán
i gCiarraighe Luachra i n-iarthar Mumhan. Is é
do theigheadh ar luingeas go gcabhlach líonmhar,
d'fhoghnamh do Dhia Uile-chomhachtach ar bhuinne
aimhréidh aibhéise na mara.



Is iomdha fós feidhmeoir firéanda agus seir-
bhíseach sona Mic Dé ro thréigsead maoin agus
muirear a muintear, re tógbháil ceall agus
tearmonn in oileánaibh iarthair Éireann, i bhfarradh
foghair agus fothroim threun-tonn dtorannach na
farraige fraochda fuar-aibéile. Méidithir


L. 130


naomha an domhain a líon, i Leith Chuinn agus i
Leith Mhogha agus i ngach cúige fa seach 'na slóigh-
tibh sochraidhe solus-ghlana, ag síor-mholadh Dé, ag
dáil furtachta agus fóirighne do bhochtaibh agus do
dheibhleánaibh agus ag caitheamh a rae go subhailceach
so-mholta go bhfaghbhaidís bás naomhtha fa dheoidh,
go n-a lón deidheanach fa chlí aca, iar mbuaidh
ongtha agus aithrighe.



Maiseadh, atá teastas na cruinne ag a shuidhiu-
ghadh fós, cion a raibh do chrábhadh agus do chreideamh
acu, gorbh é a chomh-oiread ceudna sin méid a
n-eolais agus a léighinn. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar na h-árd-scolaibh móra in ar ghnáth i
n-Éirinn fadó ollamhain agus eagnaidheacha
gacha ealadhan agus feallsamhain fír-eolacha gacha
forais. Bíodh dearbhadh an neith cheudna ar an
iomad d'fhearaibh ó uile-chríochaibh an domhain
dár múineadh ioldána intleachta ionta agus go
h-áirithe ar na leabhraibh léigheanda ro scríobhsad.



Ro chumhdaigh an t-Árd-Earlamh Pádraig, ar
fhuráil aingil, eaglais in Árd Mhacha, mar ar
chleacht oideas agus oileamhain do dháil dá
chléireachaibh agus dá mhacaibh léighinn féin. Scol
oireaghdha dá éis ann, go dtigh screaptra séadmhar
agus gach ionmhus iomchuibhe ar cheana, go rángadar
Gaill an port sin, dá loscadh agus dá argain.
Scol i gCill Dara le Brighid. Is ann ro sháruigheadh
clisteacht na scríobhnóiridhe airdheana agus cleasa
draoidheachta na ndruadh, mar is léir ó'n leabhar
bhláth-scothach mhín-ghreanta sin dá ngoirthear
Leabhar Ceanannsa, do scríobhadh 'san ionad sin
do réir na gceudfadh is barántamhla. Scol
eile le Mochae in Aondruim .i. oileán atá i ngar
do Loch Cuan. Mochae do thógaibh ar dtús í.
Sceul iongantach aithristear air. Lá n-aon dá
ndeachaidh fá'n gcoill do bhuain adhmaid re h-aghaidh
cille do chumhdach, ro bhreug aingeal é i riocht


L. 131


Eoin, ó bhriocht-chantain ceoil ba bhinne agus ba
shíreachtaighe tar a gcuala neach beo riamh, go
raibh ag eisteacht ria feadh trí cheud mbliadhan,
gan acht meas nó suim aoin uaire ar an rae sin
le Mochae, ar shámh-chaoine agus ar shuaimhneas
a choraidh-chleas neámhtha. Scol eile le h-Ailbhe
i n-Imleach Iubhair, agus le h-Ibhar i mBeag-
Éirinn i Loch gCarman. Scol le Finian Cluana
Earáird ós Bóinn. Trí míle líon a fhóirne.
Oide naomh nÉireann é-sidhe, óir is é d'fhiosruigheadh
sluagh glórmhar oilithreach agus fear ó uile
chineulaibh na críche. Fa soilbhir deighmhéinneach
le các a ghnúis agus a ghnáth-iomchar, gé'r bh'adhbhal
a dhéine augs a chíocras re tréadhnas agus re
troscadh, ag cur dímbrígh is na h-uile-neithibh
ar son Dé. Scol le Breandán i gCluain Fearta
cois Sionainne, iar n-eachtra agus luingeas tar
tuinn agus tír.



Dá mhéid a muirear agus a mór-chlú ar áirmheas
do scolaibh go soiche so, do bhí árd-scol Chiaráin,
i gCluain Mhic Nóis, i bhfad níos líonmhaire do
throm-bhuidhnibh scoláiridhe agus níos táscamhla
fá léigheann augs lán-eolus is na cian-áitibh tar
teorainn 'náid go h-uile. Ciarán Naomhtha ro
chuir ar bun ann eaglais bheag dhearóil ar dtús,
acht táinigh an oiread sin do rath agus breis ar
a shaothar, gor mheuduigh an t-ionad tar a éis
chum bheith 'na theaghdas toirteamhail, agus 'na
chrann chrom-gheugach ó iomad toradh na heagna,
re dídin agus foscadh do dheunamh d'ain-
eolachaibh an bheatha. Is iomdha airchinneach agus
easbog agus árd-fhlaith eaglaise Dé do righne
umhlacht agus crábhadh 'na ceallaibh cuas-dhlútha.
Is iomdha anam-chara aoibhill do ghníodh feidhm ag
cabhair agus ag congnamh leo. Ba lán-leabhair líon
a sagart, a seanóiridhe agus a scríobhnóiridhe,
agus ba fháílteach flaitheamhail oineach a tighe-


L. 132


oigheadh agus a tearmoinn. Tan ann rugadar
a fir-léighinn buaidh bláthmhar buan-réimeach i
ngach crích do'n domhan cheathar-áird, gidh scriosta
sceimhilte a suidheamh agus a dreach indiu, 'na
síor-chodladh go h-uaigneach ar shleasaibh cuain
ós broinn na Sionainne lán-tuile, iar dtrághadh
agus iar ndul i ndísc dá rachmus robharta ró-
fhairsing. Cá righthear a leas tásc agus tuarasc-
bháil do dheunamh ar an sluagh sin do scolaibh
tar nach tánag go ró so, mar atá, Scol Ghleanna
Dá Loch i Laighnibh, Beannchar i n-Ultaibh, Lios
Mór i nDéisibh Mumhan um Mochuda, Ros
Ailithir i gCorcaigh Laoighe agus Inis Faithleann
ar Loch Léin i gCiarraighe Luachra, in éinfheacht
re ceudtaibh eile do seolaibh modhmhara
tré'r bronnadh dáimh dhuan-eolacha ar gach
fód seachnóin na dúithche seo agus ó'n-eirighdís
do-ghréas deoraidhthe deagh-mhúinte d 'fhoircheadal
agus do theagosc daoine in áitibh coimhightheacha
mar an gceudna?



Mar chleith-cheangal cumhdaigh fa 'ndubhradh linn
thuas, dlighmíd a rádh innso gorab follus ó na
teastaibh ro luadhsam agus fós ó iliomad eile
do theastaibh is deimhne ciall agus is inchreidte
dearbhtha fios agus fírinne nachar luadhadh ar
bith, go rabhadar i n-Éirinn re linn na gcian-
aimsear, lucht leor-léigheanda rinn-aigeanta re
seanchus agus re crábhadh, aes gacha ealadhan agus
ceárda gacha céirde agus cleasa, maille re
naomhaibh agus ban-naomhaibh, príomhaidhe agus
prionnsadha na h-eaglaise, easboig agus earlaimh,
comharbadha caomha cliste go gcanónachaibh
agus cléireachaibh caoin-bhriathracha córa. Is
aire sin ro choimeádsad cineadha na hÉireann
chomh dlúth daingean righin-theannta sin an
creideamh do dáileadh dóibh re Pádraig, ionnus
go dtugadar neimh-sheadh i ngach fogha dá ndeárna


L. 133


an t-áidhbheirseoir dá thoirmeasc orra óraide
agus úrnuighthe sluagh naomh n-Éireannach do
thaithighe: agus is eadh bhus geall go leanfar leo
sin do chreideamh Chríost go deo, a bhfuil do
dhreamaibh agus do dhrongaibh na naomh ar neamh,
mar fhál coimhdeachta ar an ríogh-chathaoir neámhtha,
go gceatlaibh agus séisibh sír-bhinne agus oirfideadh
aoibhinn órdha, ag freastal taithnimh gan teimheal
agus ag toirbheart teas-mholta gan tláthas, i
mbuan-chaitheamh na glóire suthaine tré bhith siar
ar bheul na Tríonóide.


L. 134


DINN-SEANCHUS GEARR NA nDéise
ANSO SÍOS.



1. PORT-CLÁDHACH can as do h-ainmnigheadh?
Ní ansa. PORT-LÁGHACH badh chóra ann. Do
bhí amadán do na Déisibh ann anallód. Ba ghnáth
leis an port sin do thathaighe gach lae shamhrata,
dághoradh agus dá théigheamh féin re taithniomh
gréine. Ba shámh leis a bhfaghbhadh do shuaimhneas
ann gorab eadh adeireadh, gorab LÁGHACH an
port é. Agus do lean PORT-LÁGHACH mar
ainm don phort ó choin ille.



Nó go mbadh PORT-CLÁDHACH badh chóir ann
do réir fuirne. Agus atá PORT-CLÁDHACH
re a léigheamh i sliocht sean-leabhair éigin Beurla.
Leis an droichead anoir-andeas atá an port
sin agus is CLÁDHACH atá .i. clocha beaga san
abhainn .i. san Chlódaigh ann, amhail is léir do
lucht a feicsiona indiu.



2. MOUNT BOULTON can as do h-ainmn-
igheadh?



Ní ansa. Captaen Boulton .i. cathmhíleadh
do shliocht Shean-Shasna dár bhronn Crommel
seilbh na h-áite. BARR BEITHE a ainm ó thús riamh.
Sean-choill beithe ann fós. Is uime tugadh an
ainm sin air, do chionn iomad do na crannaibh
sin do bheith ag tuidheacht ann. Atá a chéile
d'ainm ar ionad eile in Uibh Eirc leith anall don
t-Siúir, le h-ais an bhaile ris a ráidhtear an
Caiseal indiu.



3. AN DAIRGEAL can as do h-ainmnigheadh?
Ní ansa. Dairgeal .i. dearg-fhuil. Cath do
fearadh ann anallód i dtugadh iomad fola agus
do lean an ainm don áit amhlaidh sin. Atá


L. 135


fuireann eile iomorra ag a rádh gorab eadh atá
ann an ní as IND ARGEL is an t-sean-Ghaedhilg
.i. AN AIRGEAL. Sin ainm ar abhainn. Agus
is iomdha áit in Éirinn i bhfaghthar a chosmhail
d'ainm, amhail atá AN DAIRGEAL is an áit
ar a dtugthar Cill Mhantáin indiu agus an Air-
glinn .i. abha shnigheas ó thuaidh go Beul Átha
Póirín. Atá fós AN AIRGIDÍN ar abhainn
bhig le h-ais Chaisil Mhumhan. Atá an mhéid
seo re a rádh ann. An ní as ARGENTU-M
is an Laidin, is ARGINTO-N é sin is an Ghaedhilg
chian-aosda agus is é sin AIRGEAD i nGaedhilg
na tuaithe. Go mbadh dóigh go dtugadh AN
AIRGIDEACH mar ainm ar abhainn de dhruim a
gile, óir is airgideach gach lonradhach. ARG-
is an Laidin agus is an Ghaedhilg .i. gach ní as
geal. Badh chóir a mheas go raibh ARG-LO-S,
ARG-LA, ARG-LO-N, mar aidiacht is an Ghaedhilg
chian-aosda ar ghach ní as gléigeal, agus ARG-LIO
mar ainm. Is de sin do bheadh ARGLION-OS
mar Thuisael Geineamhnach agus is uatha araon
do bheadh AIRGLE, AIRGLEANN i nGaedhilg
na tuaithe againn indiu amhail atá ÉIRE,
ÉIREANN ón ní as HIBHÉRIO, HIBHERIONOS.
Atá ní amháin ná tagann leis so. Is é sin gor
ghabh ND do bhí is an tSean-Ghaedhilg malairt soin
chuige go beith NN, amhail atá CRANN againn
in ionad CRAND agus AN BHEAN tar éis IND
BHEN, agus aroile. Dá bhrigh sin, badh chóir AN
AIRGEAL ann agus ní hé AN-DAIRGEAL.
Mo fhreagra air sin, go bhfuil focal eile is an
Ghaedhilg in a bhfuil ND tar éis ND fós againn.
Agus is é sin AN DARA ó'n ní as IND AILE
is an tSean-Ghaedhilg. Agus más fíor gorab
é an t-ind ceudna atá ionta araon, ní ná seun-
faidhe i lethi re AN DARA, is móide badh dhóigh
AN-DAIRGEAL do bheith ann é.


L. 136


4. MAOTHAIL BHRÓGÁN can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. MAOTH atá talamh ann. Ionann
MAOTHAIL agus móin nó tonn ar bogadh. Is
eadh as tonn ann .i. croiceann nó scraith. Agus
atá an mhaothail seo re a feicsin fós ann re
Tobar. Cúain anoir. Idir an tobar agus leacht
mór Bhaile Uí Chuinn atá. Gonadh iad sin dhá
cheann na maothaile.



5. ÁTH NA gCEANN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Cath do briseadh ar dhruing éigin
ann anallód agus tugadh an ainm sin ar an áit
i ndearnadh carn dá gceannaibh. Ba bheus do
Ghaedhlaibh cogadh in áthaibh, agus is de sin adeir-
thear "do cuireadh fear san áth roimhe" i
nGaedhilg na tuaithe .i. fear a dhiongbhála 'na
aghaidh re bruighean do dhéanamh. I gcomhair an
bhaile dá ngoirthear Maothail indiu atá an t-áth
so. B'eurtha an áit é anallód, óir adeirtí go
mbíodh spiorad ag eirghe ann. Do bhí beirt ag
ól oidhche i dtigh ósta san bhaile agus do chuir
an dara duine geall go raghadh gus an áth d'agall-
amh na spioraide. Ag imtheacht dó, do bhí ag
impidhe comairche Chúain agus Brógán dó féin.
Iar rochtain an átha dó innsin, do chonnairc an
t-árracht uaidh anonn agus adubhairt: "Cia
hé sin thall?" Thug an spiorad fogha faoi acht
do theib uirre teacht thar uisge anall. Is innsin
do scread sí go ndubhairt:



"Muna bheadh Cúan is Brógán is íodhbairt
na mionn



Badh chuimhin leat-sa do chuaird go h-Áth na
gCeann."



6. CLOCH NA COMAIRCHE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Scléip do chuirtí gach lá féile Cúain


L. 137


agus Brógán acu is an tsean-aimsir gorab eadh
adeiridís, fear do thugadh a anam leis gus an
gcloich sin go mbadh saor é. Mádh iar bhfuirinn
iomorra, is eadh as brigh don ainm gorab CLOCH
CHINN TEÁRMOINN í agus an bithbheanach dá
roichfeadh í, go mbadh teora teármoinn agus díon
dó, an tain bhí muintear manach i Maothail. Agus
is ann do bhíodh iomad leabhar agus is uime sin
adeireadh duine do dhearbhadh fírinne nó éithigh,
"dar brigh a bhfuil do leabhraibh i Maothail,"
acht is eadh adeirid anois, "dar brigh a bhfuil
do ghabhraibh i Maothail."



7. MAYFIELD can as do hainmnigheadh?



Ní ansa. Duine dárbh ainm Meade dá dtug
Crommel seilbh na h-áite. Clann Rocóideach
.i. sliocht de shean-ghallaibh ann roimhe sin. Is
ann do bhí lá na h-iomána móire ceud bliadhan ó
choin. An t-Iarla Bessborough do chuir geall
leis an tí Sir Seumas Meade. Tháinigh Sir Seumas
deicheanbhar fichead iar n-a gcothughadh agus iar
n-a mbeathughadh re h-aghaidh iomána. Tháinigh an
t-Iarla líon a shluagh thar Siúir anall. Ag an
Bhán Fhada ós t-Siúir dorighneadar comhrac dá
ngoirthear Mayfield indiu. Is ann do bhuadhadar
cleithirí do chineul chath-bhuadhach Phaorach ar fhuirinn
fear ngroidhe d'Uibh Eirc. Gonadh ann adubhairt
an file:



"Bhí Ponsonby ann go cráidhte is ní chreid-
eóchadh sé ar a stáit é,



teacht thar Siúir an lá úd ag faghbháilt
náire go deoidh:



nuair chonnaic sé iad dá gcárnadh 'siad
bodaigh bhoga an phrácais,



go mb'fhearra leis a bheith báidhte an lá
thánga sé leo."


L. 138


Sir Seumas Meade leomhan álainn 'sé mo
chúbhais é nár mhisde trácht air,



ó'sé ná leigfeadh eagla anma sáint in
aon áit 'an domhan mhór;



gor chuir sé ceud púnt gill an lá úd as
contae gheal Phortláirge,



is contae geal Phortláirge rug an bárr
léi 'san spórt,



8. SLIABH gCUA can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Galar nimhneach do bhain do bhuaibh
agus d'eallach Éireann feacht riamh, gor cailleadh
go léir iad acht aon tarbh agus aon tseafaid
fríoth i nGleann Samhaisce. Do bhí draoi oirdhearc
ann dárbh ainm Boibhle ag a raibh fuireann do
mhacaibh léighinn. Is í comhairle cineadh ó fhearaibh
Éireann na ba do chur ag an Bhoibhle seo, dá
bhfriothálamh agus dá gcothughadh, ionnus go mbeadh
eallach arís in Éirinn. Is eadh ba chuibhe agus
ba chneasda le Boibhle, mac léighinn dá fhuirinn
mar bhuachaill dóibh dá n-aoghaireacht ar uair.
Do bhí mac léighinn orra san dárbh ainm Cua
Ceannmhór agus an tain ráinigh seal a aoghair-
eachta é sin, dorighne feall ar an eallach. Óir
thug leis fa na coilltibh i gcéin iad agus d' fhadó
teinidh ann agus dorighne fulacht agus do mharbh
na ba agus d'uadh iad. Agus is de sin atá a
ainm ar an tSléibh ó choin ille.



9. SLIABH GCRUINN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Ón chruth atá. Óir is cruinn an
Sliabh atá ann.



10. BAILE NA gCUACH can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Adeirthear an chuach do thuidheacht
ann coigthigheas níos túisge ioná dochluintear


L. 139


in aon triochaid dona triochtaibh ceud badh choimh-
neasa dhó. Nó is eadh as córa ann BAILE
NA gCUACH .i. na gcorn nó na gcopán. Óir
atá tobar is an áit agus leac chloiche le n-a ais
i bhfuil chúig cinn do chuachaibh nó do dhabhchaibh
beaga iar na ngreannadh ar a h-eudan. Cuid
dá n-adhbha na ndruadh, le linn geintlidheacht do
bheith in Éirinn, an leac sin.



11. GLEANN NA DAIBHCHE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Ó'n ní as DABHACH .i. coire. Is
eadh as córa a mheas ann, dabhach nó poll nó coire
do bheith is an t-sruthán i ndéineadh an t-uisge
tuaithbheal 'magcuairt. Le h-ais Bhaile na nGall
atá.



12. CILL ROSANTA can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. ROS do bhí ann. AN TAE ainm na
h-abhann bige ghluaiseas thairis. Gonadh CILL
ROSANTA a ainm do réir fuirne, acht ní ceart
an méid sin. Óir dá mbadh amhlaidh do bheadh, badh
chóir CILL RUIS NA TAE ann agus ní hé CILL
ROSANTA. Is dóigh ainm neich naomhtha do bheith
ann, amhail atá le gach cill do cheallaibh Éireann.
Agus is eadh adchíthear do bheith ann, an ní as
Roxentius is an Laidin. Cella Roxentii a bhunadh
amhlaidh sin. Agus dogheibhthear a chéile d'ainm
fós in Éirinn, mar atá, Cill Osaile ó'n ní as
Cella Auxilii is an Laidin.



13. ÁIRD MÓR DHÉAGLÁN can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. ÁRD ós fairrge atá an t-Áird
sin. An tí Naomh Déaglán do thógaibh cill ar
dtús ann agus is ann atá. Is ann atá an
tobar agus reilg, agus cloch Dhéaglán ar an
tráigh thíos. Tugtar turusa fós ann. Atá
othar-lighe Dhéaglán sa reilg agus cluig-cheall


L. 140


Dhéaglán os a chomhair. Iomthúsa na cloiche sin,
innistear scéala fós i leabhraibh irse na h-Éireann.
Tan ann do bhí Déaglán ag tuidheacht ó'n Róimh
agus clog do bhronn an Pápa air aige. D'fhágaibh
an clog sin tré dhearmhad ar charraig mhóir chloiche
do bhí i mbeul chuain ag inbhear na Rómha. Iar
n-imtheacht dó innsin, do shnámh an chloch sin i
ndiaidh na luinge i raibh Déaglán, gor ghabh amach
réimpe, ag déanamh eoluis an mhara go hÉirinn
di. Is innsin do thuig Déaglán gor dheonuigh
Dia dhó féin a fhearann do theorainn agus a cheall
do thógbháil is an áit i ngéabhadh an chloch sin cuan.
Tháinigh i dtír iarsin in Áird Mhóir agus atá
re a feicsin ón tobar síos indiu.



14. CILL MHÍODÁN can as do-hainmnigheadh?



Ní ansa. Ó'n ní as CILL MO ÍODÁN. Ban-
naomh uasal do bhí ann dárbh ainm ÍODA. ÍTE
do scríobhthaí is an tsean-Ghaedhilg. MO ÍODÁN,
leas-ainm é sin thugaidís Gaedhil uirre mar ghean
dá beathaidh agus dá beusaibh cruadhais agus
crábhaidh. Óir is amhlaidh do chleachtaidís sin,
leas-ainm ceana agus bádha acu dá rádh re gach
neach naomhtha, badh ghile gníomh leo agus badh
taithniomhaighe rath Dé ioná a chéile. Agus is de
sin atá Mo Chuda dá thabhairt ar an ní as Cárthach
atá i Lios Mór. Is de fós atá gach ainm ré
gcurtar an ní as "mo" ar chuid do cheallaibh
Éireann, amhail atá Cill Mobhí agus Cill Mo
Ghíomóg agus Cill Mo Laise is na Déisibh againn
indiu agus Cill Mo Chua in Uibh Eirc, agus aroile.



15. PORT NA BÓ can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Bó do bhíodh ag ingeilt ann is
dócha, agus do lean an ainm don phort amhlaidh
sin. Is eadh as port ann .i. an ní as portus
is an Laidin. Agus is iomdha Port atá re a
n-áireamh ar Siúir, amhail atá Port na Bó agus


L. 141


Port Cládhach agus Port Láirge is na Déisibh,
agus Port na h-Ulaidhe agus Port na Scoilidh
in Uibh Eirc.



16 PORT NA h-ULAIDHE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. ULADH .i. leacht nó feart ann.
Óir is ionann uladh agus leacht is an t-sean-
Ghaedhilg.



17. PORT NA SCOILIDH can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Scoil oirdhearc badh cóir a mheas
do bheith ann anallód. Óir, an ní as scoláire
i nGaedhilg na tuaithe, is SCOILIDH é sin is an
t-sean-Ghaedhilg.




18. LÉIM AN EASA can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. EAS NA CLÓDAIGHE é sin. Is
ann lingeas an abha thar charraig cloiche re fánaidh
síos. I gCurrach Mhór atá, is an choillidh, eadh
beag ón bhaile ó Phort Cládhach.



19. BÁRR NA h-UIDHRE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Bó odhar dhearscaighthe do bhí ann, do
chinn ar a raibh do bhuaibh in Éirinn in a comhaimsir.
Is di ata Bárr na Bó Uidhre agus Gleann na
h-Uidhre agus an Uidhir .i. an odhar. Óir is
minic tugthar Tabharthaidh in ionad Ainmneadha
mar ainm ar áit, amhail atá gach ceall-ainm in
Éirinn. Deithbhir sin, óir ní h-iad lucht treabhtha
áite is mionca thráchtas uirre acht an dream
chomhnuigheas do gach leith di amuich, agus adeirid
iad féin do bheith ag teacht aiste nó ag tuidheacht
inti.



20. GAILL-TÍR can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. NA GAILL .i. na Danair nó na
Lochlannaigh do ghabháil réime agus ceanais ann
gor bha thír dhíleas dóibh í. Fuireann eile dos


L. 142


chineul sin ag áitreabh i mBaile na nGall innso
thiar. Fuigheall a luirg sin na h-anmann atáid
ar Helvick agus ar Waterford fós. Is acu
do bhíodh suairtleach nó saighdeóir gacha tighe in
Éirinn; augs is iomdha foghail agus creach dorigh-
neadar agus is iomdha cathair chian-aosda do
thoghladar augs is iomdha ceall agus leabharlann
do loisceadar agus is iomdha ár Fear n-Éireann
do chuireadar le n-a linn, amhail léighthear i
"gCogadh Gaedheal re Galla."



21. GLEANN BODHAR can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Tormán árd glórach do-ghní uisce
ann, go nach léir a n-abarthar ann ag an fhuaim
go ghníthear. Gonadh BODHAR amhlaidh sin é.



22. AN BULLÁN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. BULLÁN do bhíodh i Reilg na Muc
atá ar a theorainn. Is eadh as BULLÁN ann
.i. coire nó leastar cloiche agus is gnáth i reilg
iad do shundrudh, amhail atáid re a bhfeicsin
fós i gCill Mhunria, atá timcheal míle céimeann
re Portchládhach anoir-andeas i bPaorachaibh agus
i Reilg Phuirt na Scoilidh in Uibh Eirc. Gonadh
ó'n bhullán sin do bhíodh is an reilg do lean an
ainm de'n tsráid atá fa n-a bun.



23. LAG SCEICHE AN FHIAIDH can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Lag atá ann i mbíodh sean-bhile
sceiche, fá leigidís na fiadhtha a scítheas. I gCurrach
Mhór atá, ós Clais Ruaidh nó Clais Ghainmhe in áirde.
Ní h-ionann an fiadh do thaithigheadh an sceich sin
agus iad sin atá i gCuarrach Mhór anois, acht an
sean-fhiadh ruadh mór Gaedhealach, amhail do-
gheibhthear fós i gCiarraighe agus i Sliabh gCrot.
Síolrach eachtrannach iad sin atá ann indiu, méid
gabhair gach fiadh.


L. 143


24. CEAPACH can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. SONNACH mar theorainn re garrdha
do bhí ann anallód; óir is eadh as CEAPACH ann,
garrdha re mbeadh a shamhail sin do shonnach nó do
theorainn. Is amhlaidh do-ghníthí sonnach ceapaighe
i. fál cuaille 'na mórthimcheall, bun gach cuaille
díobh i dtalmhain síos agus rinn beara ar a
barr in áirde. "Ceap" bunadh an fhocail sin,
ó'n ní is "cippum" is an Laidin.



25. LEATH-ÁRDÁN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. ÁRDÁN .i. cnoc atá ann. Acht
ní cnoc iomlán é acht leath-chnoc .i. fánaidh leis
i gcoinnibh Siúire agus is réidh an leath eile.
Gonadh de sin is LEATH-ÁRDÁN é.



26. CRUACHÁN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Ón chruth. Dealbh cruaiche cruinne
ar an tsléibh. Agus is iomdha cruach atá re a
n-áireamh is Éirinn, amhail atá Cruach Phádruig
i gConnachtaibh agus a lán eile. Is follus
dúinn as so gor chruinn iad na cruacha do bhíodh
in Éirinn anallód, ní hionann do réir chrotha
agus iad sin bhíos anois againn. Dealbh tighe
ceathar-uillnigh orra sin.



27. LEACAIN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Leaca agus gruaidh nó pluc, amhail
atá i nGaedhilg na tuaithe, is ionann brígh dhóibh
araon. Agus amhail bhíos leaca nó gruaidh in
eudan duine, is amhlaidh sin adeirtear LEACA re
réidh nó fánaidh sléibhe ar badh dhóigh go mbeadh
dealbh ghruadha duine. Is uime adeirtear
LEACAIN in ionad LEACA, na daoine ag cur
Tabharthadha in áit Ainmneadha ann.



28. COM SEANGÁN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. COM ón ní as CANBO-S is an
Ghaedhilg chian-aosda. Agus is de sin atá Cuan
Mori-Cambi i Strath Clúid indiu .i. muir-chom.


L. 144


Ba é ba CHOM ann .i. cúil sléibhe. Is uime tugadh
COM SEANGÁN ar an gcom so, do chionn go
mbíodh iliomad díobh (.i. seangáin ) is an áit.
Óir is gnáth dóibh sin a n-árus agus a n-áitreabh
do dhéanamh in áit éigin gainmhe. Is aire adubhradh
seangán leis, do bhrigh gor seang a chorp. Agus
atá loch i gCom Seangán agus Móin an Mhullaigh
ós a chionn ar bhárr sléibhe.



29. GORT ÁRDACH can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Árdán ann, is an áít i bhfuil an
gort so, amhail as léír do lucht a h-eoluis indiu.
Gonadh ón ardán sin tugadh an ainm ar an ngort.
Mádh do réir fuirne iomorra, is eadh badh chóir a
chur ann .i. GORT EÁRDACH. Óir adeirid ná
fuil an ní sin as ÁRDACH is an Ghaedhilg idir agus
dá bhrigh sin nach cneasda a rádh gorab é an ní
as ÁRD ba bhunadh don ainm. Adeirid fós
gorab é as brígh don fhocal so EÁRDACH, an
brígh atá leis an ní as earth-y is an Bheurla, agus
gorab ionann idir cruth agus brígh an focal
EÁRD is an Ghaedhilg agus earth is an
Bheurla, leith ar leith. Agus gorab uime adeir-
thear EÁRDACH leis an áit, do chionn a bheith trom
torthach in a úir agus in a fhonn agus ina fhearann.



30. CURRACH NA NGARRDHADHA can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Currach atá ann go n-iomad garr-
dhadha in a mhórthimchioll, gonadh amhlaidh sin do
lean an ainm de. Garrdha iomorra, ón ní as
"gardr" i dteangaidh na Lochlannach é sin.



31. LIOS AN SMUTÁIN can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Cuaille mhór crainn do bhíodh i lár
leasa ann. Óir is ionann smután agus cuaille
nó ceap crainn.


L. 145


32. CRAMPÁN AN tSUAIMHNIS can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Crampán ann .i. áit i dtéid sruth
in abhainn. Is uime adeirthear CRAMPÁN
leis do bhrigh gorab CAM bhíonn i gcomhnaidhe.
Óir is eadh as CRAMPÁN ann .i. ón ní as cramp
is an Bheurla. Is dócha go dtugtaoi cramp
is an t-sean-Bheurla ar an ní badh cham nó cruaidh
nó badh dheacair a dhéanamh. Is ar an adhbhar sin
tugtar cramp ar chruaidh-Ghaedhilg nó ar phort
ar bith badh dheacair a sheinm. AN tSUAIMHNIS
iomorra, is uime atá sin da thabhairt ar an gcram-
pán úd do bhrígh gorab ar a bhruach is gnáth
dona h-iasgairíbh a sgítheas do leigin an tain
bhíd ag gabháil an éisg. Agus amhail ba shámh
leo a bhfosadh ann, agus b'adhbhar suanchodalta
dhóibh an ghrian gheal ag taithneamh orra agus dá
ngoradh ann, is aire tugadh an ainm. Idir May-
field agus Caisleán an Rocóidigh atá.



33. CÚILÍN NA FAITHCHE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Cúilín nó cúinne deireata is an
fhaithche ann. Is eadh as FAITHCHE ann .i. machaire
réidh béil doruis leasa nó cluiche-mhagh i ndéintí
gníomha gaile is gaiscidh anallód. Is ar an
fhaithche sin tionóltar aonach na Carraige indiu,
agus is dócha gorab inte do tionóltaí gach aonach
da ndéintí acu is an tsean-aimsir. Óir is eadh as
AONACH ann iar bhfír, oireacht fear re gaisceadh
nó suadh re seanchus nó fear ndlighidh, dochum
a ndualgus féin do choimhlíonadh agus a mbreatha
nó a n-órdughadh gníomh is gaisceadh nó léighinn
nó foghlama do chur i bhfeidhm. Acht is eadh as
ciall d'aonach indiu .i. margadh i ndíoltar agus
i gceannuighthear beathadhaigh nó eallach. Agus
atá áit eile ar luinneán, i gcoigcríochaibh


L. 146


Mumhan agus Osraighe, ris a ráidhthear Faithchín.
Faithche bheag ann.



34. CILL CHLISPÍN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. An tí Naomh Clispín do bheith ann
agus is uaidh do h-ainmnigheadh an cheall 'san
reilg. Gonadh aire tugadh Cill Chlispín ar an
áit. Acht ní feas do neach ar bith fear a chomhanma
sin do bheith ar naomhaibh Éireann agus ní
mó ní dóigh go mbadh Gaedhealg an ní
as Clispín. Is eadh dochíthear badh chóir ann
.i. Crispín, ón ní as Crispinus is an Laidin.
Is cuma do bhí an áit agus Rómhánach éigin do
thuidheacht chúiche dá oilithre anoir agus atá a
ainm ar an áit ó choin ille.



35. TIGH AN CHALAIDH can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Caladh do bhíodh trasna na Siúire
áit i dtéid Luinneán inte. Do bhíodh teach ar
an taoibh ba theas don abhainn, dob' árus do
mhuintir an chalaidh. Gonadh de sin atá TIGH
AN CHALAIDH ag leanmhain don áit.



36. CÚL NA LOINGIDE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Ní feas do neach bheo créad fá
dtugadh an ainm sin ar an ionad so. LOINGID
.i. adhbha re h-uachtar do phreabadh 'san mheadair
do dhéanamh ime é sin. "Lointhe atá anois uirre
i nGaedhilg na tuaithe. Is ón phreabadh sin do
thugaidís muintear Chiarraighe "bainne fuair
scanradh le bata" d'ainm ar an mbláthaigh.



37. DUBH-GHLAIS can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Óir is dubh an GLAS atá ann. Glas,
iomorra, ainm srotha é sin is an Ghaedhilg. Is
uime tugtar glas ar shruth, do chionn an dath sin
do bheith air. Óir is glas gach sruth agus gach
faobhar. Adeirtear fós GLAS re lá ar a mbeadh


L. 147


nimh fhuar, an tain shéideas an ghaoth anoir. Bíonn
glas dá thabhairt fós ar each nó ar chaoirigh, amhail
atá "Uaimh na Caorach Glaise" atá in Uibh Fatha.
Tuille eile, tugtar glas ar an bhfeur an uair
badh ghorm-liath nó riabhach a lí, nó ar shearbh-dhígh
gcaoil amhail anglais nó a leithéid. Ar an teor-
ainn idir Cúl na Loingide agus an Bhuaile atá
an Dubhghlais seo agus a bun 'sa Chlóidigh, iar
ngabháil thar droichead an Rossa dhi. An Uidhir
.i. sruth eile sin darab bun an Chlóideach. Teora
í sin idir an Sean-Bhaile agus Cill Chluana. Áth
an Bhrocháin, bun abhann eile sa Chlóidigh é sin.
Tré Mhóin Mionán ghabhas.



38. AN BHUAILE can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Ón ní as BÓ. Óir as ann doghnídís
na ba ingeilt agus is ann doghníthí a mbleaghon
'sa tsamhradh. Agus is iomdha ionad in Éirinn
darab ainm an bhuaile cheudna. Óir as inti
do bhíodh iomad bó anallód agus do ghoiridís
Gaedhil an bhuaile don áit ndéintí a mbleaghon.



39. CILL ODHRÁIN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. An tí Naomh Odhrán dár ainmnigheadh
an cheall agus an reilg, is de atá. Agus atá
a chéile sin d'ainm ar Theampoll Odhráin atá
in Uibh Eirc.



40. BAILE NA nDÉISE can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. Áitreabh nó árus comhnaighe is
cóir a mheas do bheith ag dream do Dhéisibh Mumhan
ann, re linn na Danair .i. na Gaill do ghabháil
réime is ceannais i bPort Láirge. Nó gorab
in aimsir na sean-Ghall tugadh an ainm.



41. BUN MACHAN can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Is ann atá bun abhann na Machan
.i. abha í sin atá i bPaorachaibh ó Chom Machan is
na sléibhtibh go fairrge soir.


L. 148


42. BÓTHAR AN MHACHAIRE can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Feacht n-ann tárla idir Iarla Deas-
Mhumhan agus Iarla Oir-Mhumhan is an ionadh sin,
gor fearadh cogadh cruaidh crólinnteach eatorra,
gor briseadh an cath sin ar Iarla Deas-Mhumhan,
gor créachtnuigheadh go geur agus gor gabhadh i
ngeimheal ó neart a namhad é. Agus is don
chogadh sin do lean an ainm sin don áit, óir is
eadh as MACHAIRE ann .i. cogadh. Acht ní fíor
gorab dá shamhail sin atá ainm na h-áite seo.
Atá "bachram" .i. focal is an Ghaedhilg ag an
daoscurshluagh darab brígh cogadh nó bruighean;
acht ní hé sin ba bhunadh anma don ionadh so,
amhail as léir do gach neach thuigeas an nGaedhilg,
don fhuirinn sin dá gcuala an ainm seo ag a
thabhairt riamh. Acht is eadh atá ann .i. BÓTHAR
AN MHACHAIRE agus is uime tugadh sin air,
do bhrígh gorab é an bóthar ba bhóthar don
mhachaire sin.



43. BEARNA BHÉIL AN BHEALAIGH can as
do h-ainmnigheadh?



Ni ansa. Bearna sin idir dá shliabh agus
Móin an Mhullaigh léi anoir-ndeas. Is uime
adeirthear BEARNA BHÉIL AN BHEALAIGH léi,
i dtaoibh an Bhearna sin do bheith ar bheulaibh .i.
os comhair an t-sean-bhóthair ón Charraig siar go
Dún Garbhán. Agus atá sligheadh fós tré
ngeobhadh duine uidhe aon bhaile díobh sin agus is
i mbun na bearnann sin atá. Atá an loch, dá
ngoirthear Com Seangán leis an mbearnainn
anoir agus loch eile darab ainm Loch uí Chrotaigh
léi aniar. Is innsin atá Stolla Uí Chrotaigh .i.
gallán cloiche ó lingeadh sé thar clais doimhin,
atá ar an tsléibh ann, go cuas atá ar eudan na
faille anonn isteach. Ropaire b'eadh é, an


L. 149


duine sin do mhuintir uí Chrotaigh agus ní'l aon
am dá mbíthí ar a thóir agus ar a lorg, ná lingeadh
thar clais anonn samhlaidh, dá dhíon féin ar a naimh-
dibh. Is amhlaidh ná raibh fear a dhiongbhála léim
ná lúth ara mbídís ar a thóir agus do bhí do dhoimhne
agus do leithead na claise agus d'uathbhás a
h-amus, ná leómhadh neach díobh a leanmhain do
léim anonn.



44. BEUL ÁTHA UÍ LÚBAIGH can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Fear éigin, darab shloinneadh ó Lúbaigh,
do chomhnuigheadh is an áit agus is amhlaidh do
bhíodh a árus, ar bheulaibh nó ós comhair átha atá
san abhainn ann, gonadh aire sin do lean BEUL
ÁTHA Uí LÚBAIGH mar ainm ar an bhaile. Agus
atá a chéile sin d'ainm ar bhaile eile atá i ngiorr-
acht deich míle siar uaidh .i. Beul Átha Póirín.



45. DROICHEAD NA nGABHAR can as do
h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Is ann do díoltaí agus do ceann-
uighthí na gabhair gach lae aonaigh Chluana Meala.
Óir is amhlaidh do feartaí aonach anallód, sain-
áit fó leith do gach cineul beathadhach ann, gonadh
de sin as iomdha áit in Éirinn, ar a bhfuil ainm
beathadhach dá leanmhain anois.



46. CARRAIG AN IUBHAIR can as do h-ainm-
ngheadh?



Ní ansa. IUBHAR do theacht ann os comhair
na carraige, is de ainmnighthear an baile. Agus
is iomdha áit in Éirinn re a n-áireamh fuair ainm
ón chrann sin, amhail atá Tír an Iubhair, láimh le
Baile átha Cliath agus Iubhar Chinn Tráchta agus
aroile. Adeirthear gorab d'adhmad an chrainn
sin doghníthí na fiodh-bhaic .i. bogha na saighead
do lámhach anallód.


L. 150


47. CUILNEACH can as do h-ainmnigheadh?



Ní ansa. Coill chuillinn do theacht ann, óir
is eadh as cuilneach ann .i. coill chuillinn. Adeir-
thear go raibh do bhuaidh ar an gcuilleann, ná raibh
dá mhéid do ghearrfaidhe é, nach amhlaidh go mbadh
fearrde an faobhar é. Tráchtar ar an gcuilleann
Oidhche Shamhna idir lucht na n-almsann do chnuasach.
Is eadh as beus dóibh, rithid gus an ndorus agus
glaodh fad a n-anála acu. Agus is eadh
ghlaodhaid, "sioc sioc, a bhean an tighe." Innsin
eirghidh bean an tighe istigh agus cuiridh an cheist
cheudna orra fó thrí dá rádh, "cainneal is caind-
leóir ann is ca'l a leath-cheann sin?" Is éigean
dóibh sin leath-is-amuigh freagra eugsamhail fó
leith do thabhairt ar gach ceistniúghadh díobh sin
agus dá dteibeadh sin orra, a chead do mhnaoi
an tighe gan ní do thabhairt dóibh. Is eadh adeirdís
dochum an cheud cheist do fhreagairt .i. "cuilleann
do ghearrfaidhe sa tsamhradh agus do chuirfeadh sé
ceann ar thigh." Ní fheadar-sa an fuigheall geint-
lidheachta é sin, nó nach eadh.



48. TIUBRAID FHACHTNA can as do h-ainm-
nigheadh?



Ní ansa. An tí Naomh Fachtna do bheith ann,
óir is ann atá a cheall is a reilgre a bhfeicsin fós.
Is ionann TIUBRAID agus tobar is an Ghaedhilg.
Atá áit in Uibh Fatha ris a ráidhtear Tiubraid
agus adeirthear gorab ann atá an dochtúir
diadhachta agus an seanchaidh fíor-eolach .i. Seathrún
Céitinn. Atá fós Tiubraid Árann dá thabhairt
ar an mbaile sin, do chionn tobar do bheith is
an áit.


L. 151


SLEACHTA AS TUARASCBHÁIL
IOLSCOILE NA MUMHAN.



I. Tuarascbháil na Scoile atá fá chomhair an
Aosa Óig i Rinn ó gCuanach i nDéisibh Mumhan.
Ós feas ná fuil ní ar bith is mó agus is milltighe
ghoilleas ar aos óg na hÉireann is an aimsir
seo ná uireasbaidh scoile i mbadh acfuinn dóibh
an léigheann agus an teagosc sin badh dhual do
Ghaedheal d'fhaghbháil, ba rún le Muintir Cosnamha
na Gaedhilge a leithéid sin do scoil do chur i
gcóir, dochum a chomhmhór sin do ghábhadh do
fhriotháileamh. Agus amhail nár lugha orra sin
a ndol féin d'eugaibh ioná Gaedhil agus an
Ghaedhealg do dhul ar ceal, ar an adhbhar sin,
ba mheathtacht agus ba mhearbhall leó neart naimh-
dighe na galldachta ag taoscadh Gaedheal is dá
ndíogadh gach lae is gan iad féin do theacht dá
bhfóirithin. Óir is feall, is fuadach, is slíobadh
in aghaidh fionnfaidh, is casadh tuaithbhil gan scaoil-
eadh gach oideas agus gach teagosc dá ndéintear
do leanbhaibh óga na hÉireann indiu, iar mbeith
don léigheann agus a chúl roimhe an méid sin
gombadh deimhin focal le duine a rádh gorab
beul na huaighe do Ghaedhlaibh agus don Ghaedhilg
gach aon táirseach dorais scoile atá in Éirinn
istigh.



Is ann do tógbhadh an scol so i Rinn ó gCuanach
agus is uime sin do tógbhadh ann í a fheabhas
labharthar an Ghaedhealg fós ann. Buaidh agus
rath ar mhuintir na háite sin an Ghaedhealg do
bheith ag a labhairt ag a gclainn i gcomhnaighe,


L. 152


óir nár cheileadar riamh orra an teanga mhaith
Ghaedhilge, ná an fhoghluim fiannachta, ná an ceól
caoin cathach, ná ní ar bith eile dá dtáinigh ón-a
seacht gceud sinsear rómpa anuas. Adhbhar
eile fós fá rugadh do roghain an áit seo tar
a bhfuil d'áitibh ann .i. a fholláine atá, óir nach
é móin ná riascach atá ann acht talamh tirm cruaidh,
is gan múchadh gleanna ann acht an sliabh go
breaghdha spéireamhail i mbeul na farraige amach.



Do-gheuntar oigheadhacht do na scoláiríbh ag
daoinibh badh fiú muinghin asta is an áit agus
gabhaidh Lucht Ceannais na scoile orra féin a
bhfeighil is a bhfriotháileamh le dúthracht, ionnus
gombadh móide do raghadh a dturas scoile i
dtairbhe dá sláinte is dá gcaoinbheusaibh is dá
gcreideamh.



Bíodh a fhios ag gach scoláire, dá mbadh áil
leis a phromhadh do réir an phromhtha sin doghníthear
ag Cuallacht Chosnamha na Gaedhilge i mBaile Átha
Cliath gach bliadhain, ar a dtugtar Gaelic League
Scholarship Scheme, go mbadh theagosc diong-
bhála an phromhtha sin teagosc dogheibhthear is an
scoil seo.



Atáthar in easnamh oide nGaodhlach in iliomad
d'áitibh anois agus ní'l scol in Éirinn i mbadh
fhearr dogheuntar léigheann oide ioná an scol so.
Gidheadh, tugadh gach neach dá aire, nach eadh bhus
mian le Lucht Ceannais na Scoile, teagosc
d'athrughadh ná a shain-chumadh, ionnus go mbadh
móide do raghadh i sochar do neach ar bith
ag a riar do thuarastal beathadh acht an fír-
léigheann foirbhthe do thál orra. Óir is é tuar
is deimhne tuilleamh d'fhaghbháil dóibh an léigheann
do bheith orra.


L. 153


II. DO THUARASCBHÁIL IOL-SCOILE NA
MUMHAN



Atá i Rinn ó gCuanach is na Déisibh.



D'aontaigh an Dochtúir ró-onórach .i. Risteard
ó Síothcháin, easbog na nDéise agus comharba
Dheugláin leis an iol-scoil so do bheith fá a réir
féin.



Doghníthear léigheann do chách is an scoil seo
ar feadh dhá mhí gach bliadhain, ó'n Mháirt thosaigh
Iúil go lá deiridh Lughnasa. An treas bhliadhain
ar siubhal di an bhliadhain seo. Is amhlaidh tháinigh
an scol so .i. beirt shagart do Dhéisibh dá tion-
scain .i. Micheul ó Síothcháin, sagart agus oide
re héigse agus Risteard de Hindeberg, sagart
agus oide re héigse. Is dóibh sin do-chonnarcas
go mbadh chóir agus go mbadh chneasta scol re
Gaedhilg do bheith i Rinn ó gCuanach fá chomhair
mac léighinn lenab tol an Ghaedhealg do fhoghluim,
amhail is fearr doghníthear léigheann in iol-scolaibh
fear ndomhain .i. a dteanga féin acu súd dá
teagosc ar dtús agus gach ní dá theagosc aiste
as sin amach. Is uime sin rugadar do roghain
an baile i bhfuil sí mar ionad scoile tar a bhfuil
d'ionadaibh i Mumhain, a fheabhas agus a bhreaghdhacht
labharthar an Ghaedhealg fós ag muintir na Rinne,
breis ar Ghaedhilg dá labharthar ag aon dream
eile in Éirinn, agus a ghean le Gaedhla clú agus
méinn na sean-mhuintire sin féin tré'r théigh a
gcuid fola leo an méid sin gorab chúcha thagaid
'na slóightibh gach bliadhain, d'fhonn an Ghaedhealg
sin do fhoghluim.



Is as Gaedhilg beidhfear ag teagosc is an
scoil seo agus ní mhúinfear d'aoin neach as aon
teangaidh eile inte acht dóibh sin amháin ag ná fuil
éifeacht is an Ghaedhilg. Ní'l cineula Gaedhilge


L. 154


ann, idir an chruaidh-Ghaedhilg agus Gaedhilg
seanleabhar na hÉireann agus an Ghaedhilg ghnáith, ná
badh adhbhar foghlama inte. Múinfear gach ní
do chách do réir a n-acfuinn. Bronnfar teas-
bánta measa agus molta tar a chéile ar na
macaibh léighinn do réir fheabhas a bhfeidhm. Atá
a trí do na teasbántaibh sin ann agus ní bhuaidh-
fearan treas teasbánadh is uaisle díobh gan greas
in éigse éigin aineóil bhaineas leis an nGaedhilg
do dheunamh agus a chur i gcló.



Sain-altram is an teagosc dóibh sin darab
feidhm múineadh scoile agus atá iar n-a ghabháil
le n-a n-ais teagosc do dheunamh do réir réime
an dá theangadh in gach scoil atá fá n-a smacht.
Is dóibh nochtfaidhear fios friothálmha teagosca
agus teasbánta, dá chur in iúl dóibh cionnus is
cóir gach foghluim dá bhfuil is an réim sin do
mhúineadh as Gaedhilg, amhail atá teagosc na
háirmhe agus an gheometria agus an algebra
agus an gheografia agus gach ealadha ar cheana.



An dream sin ar eudáil leo an Ghaedhealg
do bheith dá teagosc in Éirinn as Gaedhilg agus
léigheann do bheith ar Ghaedhlaibh, mar is gnáth do
dhaoinibh foghlamtha an domhain, bíodh an méid
sin acu mar ghlaodhach cabhartha orra teacht i
gcabhair ar mhuintir Iol-scoile na Mumhan. Is
cruaidh sin atá airgead d'uireasbaidh orainn
agus leabhair re haghaidh leabhar-lann scoile do
thionscain. Má chuirfidhear aon chuid airgid nó aon
leabhar go Micheul ó Síothcháin, sagart agus oide
re héigre, atá i Rinn ó gCuanach re Dún Garbhán
anoir, nó go Risteard de Hindeberg, sagart
agus oide re héigse,atá is an áit cheudna, glacfar
go fonnmhar é agus beurthar buidheachus go
poiblidhe leis an ndream dobheura uatha é.


L. 155


LITIR.



I bPortcládhach,
I nDéisibh Mumhan dam.



Agus ag so an dara lá do mhí
Lughnasa agus bliadhain d'aois an
Tighearna 1903 an tan so.



Do Liam ó Míodhacháin,
Beatha agus sláinte.



A dhuine chóir,



B'aoibhinn liom litir uait dom' thochuireadh-sa
féin go Dúngarbhán, i gcomhair an aonaigh atá
fúibh-se a chur an Domhnach so chughainn. Má's
cead le Dia is cead duit-se m'ainm-se do bheith
dá luadh agaibh thiar, mar bhreitheamh do bhreitheamh-
naibh an lae sin.



Níorbh' adhbhar áthais liom a bhfaca ó ghabhas
cuan in Éirinn an tain so agus atá smúit thar
an gcroidhe agam dá bhíthin sin. Óir ní raibh
aon lá dá gcaithinn is na coigcríochaibh thall, nár
dhóigh liom gor lá breise beódhachta do Ghaedhealaibh
i bhfus é. Acht is é a chotarsna sin thárla, mar
is amhlaidh shamhluighim anois é, na Gaill do ghabháil
breise agus bríogh chucha agus meath ar Ghaedhealaibh.
Truagh sin gan cineadh Scuit i réim is i gceannus
agus tóir ar Ghallaibh. Is truaigh liom cléir
na h-eaglaise sinsir agus an dream óg ag a
ndalladh le neart Beurla aca.



Badh chóir greas fa chomhair aos seinte bheidhlín
agus píob ar na cuimleangaibh ciúil agus oir-
fididh. Ní feas dam port do fheudfaidhe a sheinm


L. 156


ar an adhbha sin dá ngoirthear "an chuisle ciúil"
nó "fife" is an Bheurla, mar is léir do gach
neach chleachtas ceol na hÉireann.



Má's ní é go bhfuil an t-uasal-shagart agus
an t-ollamh léigheanda do mhuintir Shíothcháin
i bhfogus díbh, beiridh mo bheannacht-sa chuige agus
míle slán.



Gile gréine go dtaithne leis agus libh-se.



Mise,



Risteard an Tighe Mhóir, mac
Phiaruis de Hindeberg.


L. 157


AGUISÍN.



I. EACHTRA CHONÁIN UÍ CHEALLAIGH



ANSO SÍOS.



Do bhí Conán i mbun a ghnótha ag an fhoghlaidh i
gcomhnuidhe acht níorbha fhearrde a bhiadh ná a dheoch
ná a eudach dó a léire do bhíodh ag deunamh
aoghaireachta. Ba ghnáth dó trí treana do dheunamh
don ló .i. trian ag buachailleacht, trian ag cleas-
aidheacht agus trian ag lámhach sleagh agus liathróide.
Tiach beag mine tíre a lón lae dó ag casadh na
mbófán bhfásach, le loinnir luisne gréine agus le
breacadh bán-sholuis na maidne muiche. An uair
do bhíodh na ba ag aoibhill, do chuireadh go a mbolg
san abhainn i bhfoscadh na gcrann iad; an tain ba
dhaitheanach dóibh agus iad ag cognamh a gcíre, do
theigheadh innsin ar a chleasaibh faobhair agus
gaisgidh. Do bhí seacht gcleasa fichead aige in
eughmais díorghudh cuirp ar reannaibh. Is amhlaidh
doghníodh sin, a shleagh do chaitheamh go ceart-árd
i nglinntibh an aeoir dó go nárbha mhó leat ioná
snáthad uait in áirde í agus a tuitim innsin agus
a los réimpe go dtéigheadh slat i dtalmhain síos.
Is innsin do éirgheadh go h-athlamh úr-eudtrom, go
mbíodh ós an rinn ináirde gorab ar an rinn, do
leagadh a imlinn gan fuiliughadh gan foir-dheargadh
air agus a chorp do dhíorghudh go mbadh comh-
dhíreach le gad fionn-choill. Ba luaithe ioná áinle
ag fiadhach chorr-mhíoltóg agus mion-chuileog maidin


L. 158


bhrothaill lae shamhraidh, nó bró mhuilinn ag meilt
bhracha, gach casadh curatta dobheireadh timchioll as
a chorp comh-réidh comh-dhíreach. Is innsin do
éirgheadh do léim tré neart a dhá lámh de rinn na
sleighe ináirde, go dtarraingeadh a los as an
dtalmhain aníos, go ngabhadh leithead a dhá bhonn
ar lár agus an tsleagh ar a ghualainn. Cleas
eile leis .i. dreapadh re cranna. Buinneán
díreach cruaidh-righin fuinnseoige do lúbán le
bun an chrainn aige agus a rith as sin bonn re
cairt, gombadh déine luas a reatha ioná as fearr
do scinnfeadh cat crann agus conairt con ar a
thóir, go mbadh aoirde a cheann ioná an mhaoilinn
mhullaigh chrainn suas. Dála a lámhaigh, níor chaith
urchor iomroll riamh agus níor aimsigh ní nár
mharbh dámbadh beo, agus do ná deárna bruar
agus mion-bhrúscar dámbadh marbh. Cleas eile
dó an uair do bhíodh i mullach chrainn, cor éisg do
thabhairt as a chobhail amhail cor fír-éisg in aghaidh
thuileadh Easa Iascaigh Ruaidh nó cor áinle fá
shaithe mion-chuileog, nó cor naoscaighe maidin
shicreodhtha Márta, go dtéigheadh don léim sin a
maoilinn an chrainn go mbíodh i muthall agus i
muing a chéile, go sleamhnuigheadh le cairt go lár
agus go lán-talmhain, gan sossadh air acht sossadh
giolla an ghabhann.



Lá dá raibheag taithighe a chleas amhail adubhramar,
do ghaibh An Gadhgach Gadaidhe an sligheadh. Is
amhlaidh do bhí An Gadhgach agus nárbha lugha ar a
naimhdibh ioná ar a cháirdibh é. Geas dó deigh-mhian
do bheith in a chroidhe ná in a chliabh agus a fhios
aige ón tSatharn go chéile. Ba leor uamhan agus
imeagla, scannradh agus sceimhle a eugcosc agus
a fheicsin an ghadaidhe. Ba mhó a cheann ioná
coire nónbhair i dtigh rígh-bhiadhtaigh i mbeul slighidh
do shlighthibh Éireann. Ba chaoch leath-shúil leis gan
inte acht méid sceicheora. A céile iomorra, ba


L. 159


chommór in a chionn re maol-dorn oireamhan do
bhiadh seacht mbliadhna re treabhadh garbhthonn learg
na réidh-chnoc. Commór re clár ceuchta ceachtar
a dhá chluas. Ba shamhalta re gob inneona a shrón.
Ba choimméid re ceann mic mhíos an meall mór
feola do bhí ar a bun. Ní raghadh síneadh ar a
bheul gan a dhá chluais do tharraing siar go clais a
dhá chúilidh. Badh shia leat ioná cos shuidhe thré-
chosaigh gach stair-fhiacail tuirc do bhí in oirthear
a chinn, 'siad barr-dubh bun-bhuidhe. Andar leat
ba dhá chrann speile a dhá chois, sála fada faoi ba
shia siar uaidh ioná a ordóga soir uaidh. Dar leat
gombadh colpa súiste go n-a buailteán ceachtar a
dhá righeadh agus a dhá dhóid. Antan do imthigheadh,
ba gheall a fhuaim agus a fhothram le clagarnaigh
mála tharrainge ar mhuin asail ag sodar, leis an
siansán agus leis an scrios doghníodh a chuid cnámh
ag cuimilt dá chéile in a chreatalach istigh.
Dochonnairc an mac mbeag tar mothar an chrainn
ináirde. "Cuach chaol-bhuidhe i maoilinn géige,"
ar sé, "biaidh an bhliadhain gan rath," agus
caithis cloch leis. Rug an macaomh ar an
gcloich agus do chaith síos uaidh go ndeachaidh feadh
i dtalmhain iar dtolladh a chloiginn don Ghadhgach
agus iar mbreith a inchinne anonn as a chionn siar
don urchor sin. "Mo aithis do chaithis, a ghiolla,"
ar sé. "Aisiog do casadh," ar an giolla. Is de
sin atá "aithis a muing chrainn." Gorab amhlaidh
sin fuair bás. Níor fearadh a chluiche caointe acht
eunlaith na hÉireann idir fiacha agus fiolara ag
breith a ionathair agus a scartach leo i nglinntibh
an aeoir. Gonadh sin eachtra An Ghadhgaigh go
nuige sin.



Tarbh trom taobh-leathan boí i llaighnibh. An
Tolgach Colgach a ainm sin. Ba fhiadhain fraochda
feargach anté do bhí ann. Ba mhór scannradh
a fheuchain. Ba gheall le torann tréan tóirnighe


L. 160


a ghéim agus a bhúithreach tráthnóna samhraidh agus
é ag treorughadh a threoid ar amus a lis agus a
lán-mhacha. Do bhí a úrghráin agus a imeagla
ar Laighnibh i gcoitchinne, ó Dhroichead Átha go
Cumar na dTrí n-Uisce, an chuma sin go dtéighdís
fir i bhfolach i gcuasa na talmhan agus mná agus
mion-daoine i gcúil deirrit an tighe le buile
sceoine fá gheoin na géime sin. Beus dó na
buachaillí do mharbhadh. Lá ná marbhadh buachaill
mbó, níorbha shámh leis a chodladh an oidhche sin. Is
amhlaidh do mharbhadh iad, adharc do chur fútha agus
bheith dá gcaitheamh ináirde gan leigin dóibh tuitim
ar lár gorab 'na leadhbaibh leadartha do roichdís
talmhain fá dheoidh.



Lá dá raibhe ag tabhairt cuairde na Laighean go
bhfaca an bhólacht uaidh tar Life anonn ag ingeilt
ar fheuraibh in insidhibh boga na h-abhann, gor ghabh
mian é tuidheacht chucha ar snámh. Is ann do bhí
Conán ag fuineadh éisc ag an teinidh ar a chionn,
in eughmais a arm agus a iolfhaobhar. Ó 'tchon-
nairc an tarbh é, ba áil leis a mharbhadh amhail
gach buachaill agus táinigh ar a amus do shiubhal.
Is innsin do ling ón tsiubhal gus an sodar
agus ón tsodar gus an ruille ruathair agus
ró-reatha, go dtug sidhe sanntach faoi dá mharbhadh.
Do éirigh an maccaomh ón teinidh go ndeachaidh
do léim idir a dhá adhairc isteach agus iar n-a
mhuineul siar gá dhruim agus iar n-a earball go
talmhain. Ba iongnadh leis an dtarbh iomorra
a dhul as, óir ní thug fogha fa bhuachaill riamh roimhe
sin nár mharbh don cheud amus. Agus do iontuigh
ar an mac mbeag arís agus táinigh dá ionnsaighidh
súilibh lastaibh le binib agus le búithrigh agus
lasair bháis in a dhá shúilibh. Is innsin do éirigh
a bhruth agus a bharann ar an macaomh go ndubhairt:
"amus is cead, a thánaiste is iomarcradh," agus
is isteach idir dhá chois thosaigh an tairbh dochuaidh


L. 161


agus amach idir a dhá chois deiridh siar. Agus ag
gabháil amach dó rug ar a earball agus stothais
as. Do ghabh dásacht mire an dtarbh innsin tré
méid a chreuchta agus a náire gor mhaidhm a bhúith-
reach as go tairptheach uathbhásach agus lingis
dochum an bhuachalla dá threascairt. Acht do
ghabh sin bailc-bhéim mbríoghmhar don earball
in a dhá shúil, gor bhris in a chionn in aoinfheacht
iad. Níorbha luaithe saobh-choire ag casadh ioná
gach casadh doghníodh an tarbh agus é ag iarraidh
a dhaille do réidhiughadh agus eolus a throda do
fhaghbháil. Bíodhgais an mac beag ar chionn a
arm gor chuir a shleigh tré com agus compar an
tairbh amach iar scoltadh a chroidhe in a chliabh.
Leigis osnadh a euga uaidh agus fuair bás.



Do righneadh sluaghadh mór le Laighne go dtáinigh
drong díobh do argain Mhaighe Breagha agus do
bhreith a eallaigh agus a bhó agus a chreiche agus a
tháinte dtreud in eulódh agus i bhfuadach leo.
Is dó ráinigh argain na críche i raibh Conán gona
bhuaibh, do Dhiarmuid Chlaon Ó Ceallacháin, do
Uíbh Eirc. "Maith, a ghiolla," ar sé, "na
ba ille chugham. Is déidheanach sa ló anois é
agus is leabhair an rian atá romhainn anocht.
Mór dá nduadh fuaras-sa ag a lorg i lios agus
i leirg, in árd agus i bhfánaidh. Dírigh ar amus
an átha iad, is leasg liom siubhal." "Ní
díreochad," ar an giolla, "agus ní mó ní dhíreocha
tusa an feacht so iad." "Nach truagh mé," ar
an díbhfeargach, "agus beith in Uíbh Cinnsealaigh
ó ló anocht orm." "Ní fhuil neach dod' fhasdódh
innso," ar an giolla, "acht atá fear do dhiongbhála
dod chosc." "Is éigean dúinn gabháil le a
bhfuighbheam," ar an díbhfeargach. "Ní creach sin
acht comhlann aoinfhir," ar an giolla. Caithis
an díbhfeargach sleigh rinn-gheoir bhfanbhar-ghlais
bhfaghairtha leis le fonn a threascartha. Adchon-


L. 162


nairc an giolla an sleigh sanntaigh ruachtaigh chuige
agus tug aithne urchuir iomroll uirre. Níor
chlaon an giolla eadh ruainne as a láthair acht é
go comh-dhíreach curatta 'na cheart-sheasamh go
ndeachaidh an ga tar gualainn leis siar. Scaoilis
an dara sleigh leis go ndeachaidh tar a céile.
Scaoilis bior mbalcmhar mbun-reamhar mbarr-
gheur leis innsin go ndearna clais i bhfolt bhaithis
a chinn. "Is amaileach an lámhach," ar an giolla
agus do chaith cloich leis, go dtárla i gceart-lár
a scéith don díbhfeargach, go ndearna brus bruair
de. Do tharraing an díbhfeargach a chlaidheamh as
a thruaill agus do bhí ag a bheartughadh. Do chuir
Conán cloich in a chrann-tabhall innsin agus leigis
ar amus an chlaidhimh í gor bhean as a láimh é, go
raibhe i mullach an chrainn ós a chionn siar.
"Tiagham ar ghleo gan gaisceadh," ar an giolla.
"Tiagham," ar an díbhfeargach. Cuiris an giolla
a chrann-tabhall uaidh innsin agus do ionnsaigh-
eadar a chéile go nimhneach náimhdighe. Do iadh
ceachtar díobh a dhá righe agus a dhá dhóid um
chomm agus um chaol gcuirp a chéile agus do
bhádar ag coruidheacht rae gcian. "Imtheacht
gan spréidh don bhaile dhuit," ar an giolla.
"Ní imtheochad gan spréidh go deo agus gan
do chroiceann ar bhior agam," ar sé. "Seach
ní ragha tú le spréidh ní ragha tú 'na n-eughmais,"
ar an giolla, "óir bidh fuilteach ár n-imscaradh
(araon re chéile)." Agus fáscais an ndíbhfeargach
innsin idir a dhá righidh gor bhean cnáimh gcláir
a ochta re cnáimh a dhroma gor bhris a chroidhe agus
a dhá ae 'na lár. Is innsin tug urchor seacht
n-iomaire dtalmhan de uaidh soir agus a cheann
roimhe, gorab ar a bhaitheas tárla, gor cuireadh
a cheann tar compar a chléibh imeasg a ionathair
isteach, gor múchadh amhlaidh sin é. Gonadh é sin
bás rug é.


L. 163


Do chas an giolla na ba don bhaile innsin go
macha an fhoghladha. "Cadé an mhoill-se ar na
buaibh agat an tráthnóna so?" ar an foghlaidh.
"Ní raibh gach moill dá raibh ann nach saoghlughadh
duit-se é," aran giolla. "Faghaibh gad dam," ar
an foghlaidh le n-a mhnaoi, "go gcrocha mé so. Atá
ró-bhrothall ar an choileán so." Is le gad do
chrochtaí daoine an tain sin. Tug an bhean an
ngad anonn chuige agus dob' áil leis a chur fá
mhuinéal an mhic. "Fios mo chinidh agus mo
chineoil agus mo dhúthchasa damh-sa," ar an giolla,
"nó is duit-se bhus miste é." Ba ait leis gan
breith ar an ngiolla dó amhail ba ghnáth agus do
éirigh a bhruth agus a fhearg air go dtug bíodhg
dá ionnsaighidh agus dorighne drannadh le neart
fuinn agus díoghraise a chrochta gor nocht deud
a charbaid uachtaraigh agus a theanga tar a charbad
n-íochtarach soir amach. Is innsin do bhíodhg an
giolla an sleigh chuige, go ndeachaidh a rinn idir
a dhá bheul isteach agus go dtáinigh idir a dhá
chúilidh siar seall seachtair amach. "Is liach
tar beul an mhíor sin," ar sé, "míor mo mhillte"
agus dochuaidh do eugaibh samhlaidh. "Foghail
ar fhoghlaidh an doruis oscailte," ar an giolla."
Do bhí bean an fhoghladha ag an dorus thall. "Ba
ghad um ghainimh súd," ar an giolla agus leigis
cloich as a chrann-tabhaill léi go ndeárna cnó-
mhaidhm cró dá cionn.



Bleaghaidh an ndruimfhinn n-uidhir innsin agus
cuiridh uime a chulaidh catha agus cruadh-chomhraic
gona chlaidheabh ar a shlioss um a thrí sleagha, a
thrí beara, agus a thrí gaoithe geura guasachtacha.
Do bhí tiach na mine tar a chreat is é ceann-lom
cos-nocht, go dtug a aghaidh siar ó thuaidh ar lorg
na druimfhinne uidhre dob eolaidhe gá dhúthaigh
féin dó, agus ní aithristear a sceula go
rángadar Sionainn fón ionnus sin. Do bhí


L. 164


iascaire ag iascaireacht i gcoite agus glaoidhis
a ghlaodh gcalaidh uaidh air. Do fheuch an t-iasc-
aire agus táinigh i dtír. "Cidh iarra, a ghiolla?"
ar sé. "Mo bhreith tar caladh," ar an giolla.
Antan dob fheas dó an giolla do bheith i dtír
aineoil táinigh a mhian go hanbhail ar an mbuin agus
do chinn aige féin a goid agus an giolla do
mharbhadh, acht do léig mian a dhá shúla fiosrughadh
leis an ngiolla agus ní raghadh leis isan
gcurrachán.



Do eirigh eatorra innsin [a ndol isan uisce
agus an t-iascaire do bhádhudh don ghiolla. An
giolla do dhul do shíor-lorg na bó go gcuala
glam gcon Thaidhg uí Cheallaigh i gcoillidh. A
chuimhne do chasadh innsin air. Sluagh i bhforbhais
ar an dtigh .i. sluagh Chathail uí Cheallaigh, mhic
sheathar Thaidhg, táinigh do bhuain an righe de. Tadhg
do bheith i seirg-lighe. An dearcaidh do rádh
leis maccaomh dob' áilne do mhaccaibh an bheatha
do bheith ag fógairt chatha agus chomhraic ar Chathal.
Troid dóibh innsin. Conán do bhuain a chinn
do Chathal … ]


L. 165


EACHTRA DEIDHEANACH NA BHFIANN.



ANSO SÍOS.



Rí ró-ghlic agus roithleach raobach ro ghabh
forlámhas agus ceannus feacht riamh i bhflaith
ifrinn .i. an diabhal dásach deamhnaidhe. Ba
líonmhar tra an bhuidhean bhreun do thaithigheadh
a theach sin, mar atá, síodhbhraidhe an tseaca,
árrachta na h-aingceise, truagháin trothluighthe,
daoine damanta, go sluagh mór diabhal agus
deamhan n-ifrinn. Ba dhona, ba ghránda, ba
aingceas cóir an tighe sin. Teinte ar lasadh
ann, coiridhe ag fiuchadh, builg ag béiceadh, boladh
agus breuntas na gcorp ngonta dá mbearbhadh,
stealladh agus borb-anfadh an lingeadh lasrach,
gréachadh agus gol-ghrafainn an lucht sírchreachta,
fothain fíochmhar, gríos ar lár, dé ar barr, pian
gan spás, ochbhadh gan scíos, gleo agus geur-ghol
suthain 'san teinidh threathan-ruaidh i meadhon
an tighe istigh.



Ba aidhbhéil, adhbhal, uathbhásach gach cleas dá
gcleachtaí is an dúnadh sin an diabhail. Ba
urramach umhal dá rígh gach aicme dá dtárla i
ngéibheann ann. Níor sheunadar a umhlughadh
agus a fháilte d'fhearadh roimhe acht aon treabh
amháin dá theaghlach. Is amhlaidh do bhídis sin,
i bhfód ar leith dóibh féin ar chomairche ríogh ruithnigh
nimhe agus lúith a ngeug. B'iad sin tearmon
do bhíodh orra sin ag a thoirmeasc ar dhiabhlaibh
agus deamhnaibh buain leo. Agus is iad do
bhí ann, sean-shluagh Féinne Éireann um Fionn
mac Cumhaill agus Goll mac Mórna. Is eadh
b'obair agus b'ealadha dóibh, bheith ag síor-


L. 166


mhachtnamh agus ag mí-dheamhain ar gach eachtra
fiadhaigh agus fian-choscair dá dtugaidís anallód
i n-Éirinn. Sain-obair ag Oscar agus ag Bran
.i. cú oirdhearc í sin do bhí ag Fionn. B'é ba
ghnó d'Oscar, súist aige agus í lúbach láidir,
agus gach diabhal, mion nó mór, dá ngeobhadh tar
brághaid, a bplaoscadh agus a lascadh, agus
diabhal dá leomhadh fogha fa shluagh na Féinne,
a leadradh ó rinn buailteáin, go ndearnadh
brus dá chorp agus sligreach dá chnámhaibh. B'é
ba bheus do Bran, a ghlaodh amhastraigh agus
ochláin do leigin um loinnir an lae gach maidin do
mhúscladh na Féinne, óir b'amhlaidh sin do chleachtadh
riamh i n-Éirinn, dá gcorruighe do-chum seilge
i nGleann gheal Gheimhin, i bhfeadhaibh Feimhean
agus i motharaibh maotha Mumhan.



Lá n-aon dá rabhadar fa'n chuma sin go dtárla
an mian ceudna i gcroidhe gach duine aca dóibh
ar leith, agus is é ba mhian dóibh, cuaird na
hÉireann do thabhairt dá fhios an rabhadar Fir
Éireann agus Alban i mbun a ndúthchais dhílis
ar lorg sleachta a sin-shinsir agus dochum amharc
a ndá súla do thalmhain iath-ghlais na hÉireann
d'fhághbhail. Do bhí an ghaoth anoir ann agus
is daingean d'iadhadh comhla ifrinn. Géisis
Oscar istigh agus maidhidh a osnadh as. "Créad
é an bhuadhairt sin ort?" ar Fionn. "Mian
dom rochtain," ar sé. "A shloinneadh," ar
Fionn. "Cuaird na hÉireann do thabhairt dam
feacht n-eile," ar Oscar. Caoidhis Fionn innsin
go dtárla frassa diachra deur tar a ghruadha síos
leis. Do ghoileadar an Fhiann go fuidheach gorbh'
lán an lios dá gcumhadh. Do labhair Conán Maol
shiar .i. fear mallachtach mí-labhartha na Féinne
agus is eadh adubhairt: "Bhur gcreachadh i mbrann-
radhaibh breoidhte agus bhur dtachtadh i slabhradhaibh
sluagh ifrinn," ar sé, "an dóigh gor feidhm


L. 167


libh a ndéinidh do chneadaibh meathta mí-laochais?"
Sochtais an sluagh leis sin. D'eirigh Oscar
innsin go ndubhairt: "A mo rí, a Fhinn," ar
sé, "nach do Phádraig atá sé indán, ó chead
Dé nimhe, breath do bhreith ar fhearaibh Éireann
i ló brátha?" "Is dó," ar Fionn. "Is
iongnadh liom," ar Oscar, "Pádraig ag a chur
in ár leith-ne ní dá ndearnamar claon sul tháinigh
creideamh i n-Éirinn: óir ní gnáth le Dia ná le
Pádraig daoradh na n-aineolgach, acht gabháil
ag anbhfannaibh faon-laga agus trócaire do
dheunamh ar bhochtaibh baotha borba, agus go bhfios
damh-sa gorbh' fhann agus gorbh' fhaon an intleacht
agus an aigne againne i n-aimsir na geintlidheachta
i n-Éirinn." "Maith, a Fhinn," ar Diarmuid
ó Duibhne, "is rún liom ní." "Créad é do
rún?" ar Fionn. "Teachta do chur ar chionn
Phádraig go flaitheas Dé," ar sé, "dús an
gceadóchadh dúinn dul don bhaile 'nár mbeo
arís, ionnus go dtriailimís ár leas i riocht
ailithre do rath creidimh agus crábhaidh, ní ná
feudfaimís a dheunamh go ró so." "Molaim
ó chroidhe do rún," ar Fionn, "is í comhairle
ar a gcinnfeam."



Do chuireadar teachta iarsin d'fhios Phádraig
i ríoghacht Dé. Lingis an teachta do bhíodhg tar
ceann tighe amach go raibh eadarbhuais i nglinntibh
an aeoir. Ní h-aithristear a sceula as a aithle
sin go ráinigh dóirse an dúnaidh aolmhair, ionadh
i n-áitreabhas Dúileamh na nDúl agus Slán-ícidh
an chinidh dhaonda, go n-a theaghlach naomh agus
ban-naomh, go dtimthireacht aingeal nglan tré
bhith síor is an tsoilse shuthain. Gilithir ruithne
ngréine taithneamh an doruis ghloinidhe ghléigil
do bhí ar an árus sin. Do tharraing an teachta
bas-chrann agus buailis ag an dorus. D'eirigh
Pádraig istigh. "A mh'anam, a Oisín," ar sé,


L. 168


"atá teachta ar do chionn ó'n Fhéinn." Ba
fháilidh Oisín fear de'n Fhéinn dá fhios, do thib
a ghean-gáire air go dtug teora póga do'n
teachtaire.



D'eitealladar a dtriúr de'n réim sin fó
thuaidh agus cor dár chuireadar díobh, ní h-innistear
go rángadar dorus dubh deamhnaidhe ifrinn.
D'oscail an chomhla dá deoin féin ar a
gcomhair. Ba shamhalta le luisne lán-teineadh
oidhche dhorcha dhuibhré nó lasair ghréine gile
samhrata tar éis na doininne gach lonnradh
soilse dár scéith tar ghnúis ghlórmhair Phádraig
i n-uachais úr-dhorcha ifrinn. Do shléachtadar an
Fhiann go faon leis an tsoilse ruithin-ghrís sin.
Is innsin do labhair Pádraig go miochar mánla
leo sin go ndubhairt: "Ar bhonnaibh bhur gcos
díbh, a shluaigh ghil ghroidhe na Féinne agus eirghidh
amach liom-sa go cionn bliadna is lae do thabhairt
cuairde na hÉireann." Agus adubhairt an
laoidh:



"Eirghidh liom a shluaigh ghil ghlain,
Triallfam Éirinn go ró-bhail,
Timcheall talmhan - buan an treas,
I bhfeartaí seal ár gcruaidh-chleas.



Ró órduigh duinn an rí rán
Bliadhain go lá ar luath-dháil;
Cuaird na h-Éireann déanam seal,
Le gliadh, le rath, le creideamh.



Tuillidh go treabhar bhur leas
Is buaidhidh faithche bhflaitheas;
Cleachtaidh cluiche lann is los
Is claoidhidh cam is mórtas.



Eirghidh."



A h-aithle na laoidhe sin ro eirgheadar Pádraig
agus Oisín agus do ghabhadar an dorus amach.


L. 169


Géisidh geoin ifrinn umpa. Is innsin do
ritheadar 'na ndian-reathaibh fóirne faithche ifrinn
agus ro iadhadh go daingean dlúth comhla an
chaoi agus dóirse an doghra. Ro eirigh an diabhal
mór méirscreach, fiche míle deamhan a líon, gor
aimsigh an dorus dá dhídin. Tug aghaidh ar an
bhFéinn iaromh. Badh leor do bhás agus buan-eug
feuchain dá luighead dá dtiubhradh neach, ar scann-
radh, ar sceimhle a chealltair sin an diabhail.
Eirghis Fionn go n-a sheacht gcathaibh na Gnáth-
Fhéinne uime agus tug a dhórd fiansa le fad
a anála as. Tochtsad cuasa cama cumhga ifrinn
re gráin an choimheascair, ní nach tárla ó'n Aoine
do ceusadh Críost ar bharr sléibhe gos an taca
sin. Ro clos fa imeallaibh íochtaracha ifrinn
glór gotha Finn gor chrith gach anam - do bhí fa
dhíon an leasa leis. "Ár scaoileadh, a thrú,"
ar Fionn. "Fan re lá," ar an diabhal. "Cá
lá?" ar Fionn, "buaic ambárach agus bonn
a n-oirthear, óir ní bí lá go deoidh i n-ifreann
acht oidhche shuthain gan foircheann gan deireadh
agus ní téid ambárach ná a n-oirthear tar an lá
indiu, go nach bia ann go bráth." Scairtis an
diabhal gáire gáibhtheach fochuidbhidh fa'n Fhéinn,
go ngáiris gramaisc an tsugha agus grathain na
gríosaighe uime. "Mo chuimling ar ghalaibh
aoinfhir ort," ar Fionn. "Dá mbadh fear do
dhiongbhála me," ar an diabhal, "do badh laighde do
labhartha, óir ní gnáth an calma buacach." "Cuim-
ling dam," ar Fionn, "nó buadhairt agus buan-
raobadh an dúnaidh."



Dástar um an diabhal leis sin gor bha chuma
nó soighneán solus-ruadh samhraidh gach crithir
cróilíonta creuchnuighthe dár scing tré mac
imbleisean an dá shúla aige. Búithris a chais
mirt catha innsin go nach raibh banbh i gcráinigh,
searrach i láirigh, uan i gcaoirigh, nó leanbh i mbroinn


L. 170


is an triochaid triochad-gceud ba choimhneasa
dó nach tug cor toll tar ceann naoi n-uaire le
h-uathbhás na h-uallfairte do léig tar beula.
Bíodhgais iaromh borbshleigh mbórtha seacht-rinne
go nimhneach re Fionn. Is innsin ro ling fear
féile na Féinne do bhaoith-léim bharr-eudtroim
bhraislíomhtha i lár an dúnaidh gor bha léir lán-
tsoilseach cleatha agus díon tighe fa ladhar a
lurgan. An tsleagh, iomorra, teilgeadh ann
gabhais fa bhonn a dhá chos go gcuala cách a golgaire
ag géiseadh re fánaidh ifrinn siar. Do thúirling
Fionn innsin aran diabhal anuas, cos leis ceachtar
a dhá ghualann, gor bhrúigh fó lár é agus gor
bhean cnead as. D'fháisceadar barróig ar
chaol-dhruim a chéile leis sin, gor bha luaithithir
roth-mhol muilinn ag meilt mine gach imbreasán
aidhbhéil dá dtugsad immagcuaird seachnóin láir
an leasa. Ro scaradar ó n-a chéile iarsin agus
ro nochtadar claidhbhe scoth-gheura cruaidhe agus
d'ionnsuigheadar a chéile le feidhm bhfoirtill
bhfír-éachtaigh. Seacht lae go n-a n-oidhchibh dóibh
fó'n tsamhail sin gor chritheadar frasa fraochda
díobh .i. fras cailce dá sciathaibh, fras drithle
gcrithir-ghlan gcaor dá gclaidhbhibh, fras fíochmhar
deur ag fiuchadh tar gruadha an diabhail. Is 'na
dhiaidh sin ro tharrang Fionn an ga glas do bhí
aige agus teilgis leis é. Ro ghabh gach ndíreach
i meadhon a imbleacáin é go ndeachaidh amach siar
seachtar idir dhá mheall a lárach. Tuitis an
diabhal go faon ar lár. Lingis Fionn do bhuain
a cheann de. "Anam ar anmain, a Fhinn," ar
sé sin, "is geis duit mo ghoin." "Imtheacht
a geibheann dúinn," ar Fionn. "Scaoilidh libh,"
ar sé. Oscaltar comhla dóibh iaromh agus do
ghabhadar an dorus amach. Iar rochtain na
faithche dóibh, fuaradar Pádraig agus Oisín ar a
gcionn. Is innsin adubhairt cách: "Toghlam


L. 171


agus briseam caiseal agus cladh ndúnaidh ifrinn,"
ar siad. "A bheag ná a mhór dá shamhail ní
dingéantar libh," ar Pádraig. "Is éan Dúileamh
Dil ro órduigh agus ní toghailfidhear go deoidh
é." Lodar as iaromh.



Ní h-aithristear a sceula as a h-aithle sin
go rángadar Loch Léin i gCiarraighe. Do bhí
an oidhche ann. Do righne Pádraig trí treana
de'n oidhche .i. trian ag guidhe, trian ag caoi
agus trian go rig a bhrághaid i linn fhuarghlain
fhíoruisce. Rugadar as go socair sámh an
oidhche sin i dtoirchim shuain agus síor-chodalta.
Dlúth-mhothar crann a ndíon, fraoch a n-iomdhaidhe
agus do cheileabhair an lon dóibh i muiche na
maidne trireach ba bhinne ioná teuda mionn-
chruite i lámhaibh suadh ag seinm síreachta ciúil.
Ro eirigh Fionn agus téid do'n tobar d'ionnladh
a lámh agus a aighthe. Do ghabhadar rómpa go
beinn an tsléibhe innsin d'amharc na tíre.
B'fháilidh an Fhiann agus ba mhaith a mheanma le
Fionn féin bheith ag amharc na sean-dhúithche agus
ag tabhairt dá aire gach ionadh 'narbh' aoibhinn
dóibh is na ciantaibh shiar anallód, bíodh gorab
é reabhradh ráige nó sugradh súgach ba ghnás dóibh,
nó cogadh na gcolg gcruaidh, nó fleadh fhairsing
fhír-mheidhreach, nó leanmhain le gleo agus gártha
i sliocht na seilge agus coin ghuth-bhinne ghlóracha
ar saothar. Do bhí Fionn ag cur nimh a dhá shúla
is an tír do gach leith de agus níorbh leor agus
niorbh sháith leis a bhfeudfadh d'fheicsin di ó rinn
rosc. Tibis min-ghean gáire iarsin tar a ghnúis
agus gabhais árdughadh meanman é go ndubhairt
an laoidh



"Fearaim fáilte ré bhfear[a]nn ársaidh,
sonus, socair,
talamh táil is tearmon Pádraig,
bhronnas brothrach.


L. 172


Aoibhinn aobh an bheann ós beannaibh
sléibhte sleachta,
tír na naomh an reann os reannaibh
maotha mreachtraidh.



Mórdha maordha cleasa cleachtaid,
cluiche cliste;
Tuargain taobh le cleatha creachta,
Bruinne briste.



Glór is gártha gadhar is grafan,
meidhir is meidir,
tóir is tána, teidhm is tafan,
feidhm is feitheamh.



Binn-ghuth éan ar bhárr na ngéag ann,
casaid canaid
trireach tréan, ní gáir gan gléas nó
sanas saithe.



Tnúth mo mhéinne sluagh na Féinne,
slime sleamhna;
cró mo chléibhe snuadh na h-Éireann
grinne greannta.



Fearaim."



Ro gabh buile bhán agus mire meanman iarsin
é go ndubhairt:



Eire oll iomadach, rán ruithneach, suilbhir súgach
go n-uamhan on,
Buirbe búithreas, tarbh teann threascras, sceo
sanntach sain,
Créachtfaidhear cuirp chóir-shlíobhtha caomha ó
lonnlaochaibh leabhra Luirc,
Deirgfidhear faobhair, claoidhfidhear claoin,
ruadh-rithid ruadh-shrotha go bhfuil.


L. 173


A h-aithle na laoidhe sin ro léig Fionn a dhórd
fiannsa as agus tugadar an Fhiann na mílte
glaodh. Dúisceadh an eilit mhaol go bhfiadh
mhór bheannach léi i ndiamhair na coille 'na gcomh-
fhogus leis an dtormán do righneadar. Scaoilis
Fionn de Bhran gor lingeadar na coin go
tinneasnach ar a lorg. Gluaisis an Fhiann go
fonnmhar leo. B'aoibhinn le Fionn glór na gcon,
dian-rith an tslóigh agus sidhe sanntach an fhiadhaigh
seacha. Do ghluaiseadar ar rian-rith indiaidh
a gcon tar cnoca cruinne carracha, fa choillte
cluthmhara clúmhacha, tré réidhte ruadha riascacha,
tar Brighde, tar Abhainn Móir, tar Bearnainn
Sléibhe Cua risa ráidhtear Cnoc Maoldomhnaigh
indiu, tar Dumhach, tar Tearr agus as sin fo
thuaidh gach ndíreach, a lámh dheas re Sliabh na mBan
agus Sliabh gCrot riú aniar-andeas, go rángadar
an Siúir seibhin-bhuidhe agus sleasa sleamhna
Maighe Feimhin agus Faithche gCaisil.



A mbádar ag imtheacht an maigh go forránta
foirtil agus go frithir fuadrach, do chonnairc
an dearcaidh an ní .i. an n-oll-phéist n-allta
n-aidhbhéil ba mhó ba ghránda d'ainmhidhibh íochtaracha
óibhéalta ifrinn agus í ag tidheacht le rian-ruathar
ruanadha 'na ndochum. Tug an dearcaidh a
sceula d'Fhionn fo cheudóir. "Cidh ad-chonn-
airc?" ar Fionn. "Ad-chonnarc," ar sé,
"béist mbréin mbuile go luinne leomhain, go
dtormán threathain mhara ag taoscadh. Craos
caorach crithir-ruadh aici, lasair lann-dealbhach
teineadh a h-anál go ndiaidh dhuaibhsigh dhorcha.
Aon-tsúil aidhbhseach seacht n-imbleasan i gceart-
lár an eudain léi go míle súile soillseach ceachtar
a dá slios ótá a rinn go rig a h-earrball siar.
Luaithithir gaoith ngairbh sín gheimhridh a rith ró-
reathach. Aimsighidh an bhFéinn gach ndíreach.
Adhbhal an radharc. Samhailte leat súd, a Fhinn."


L. 174


Tug Fionn a órdóig fa a fhiacail fheasa agus,
gion gor chognaimh theas agus gor chognaimh thuaidh
go ndeachadar rinne a dhéid go smior, níorbh'
fheairrde d'fheud sé brígh ná ciall do bhuain a
briathraibh an dearcadha é. Do labhair Pádraig
agus d'iarfaigh de cad do righne. "Atáim
ag dul i muinghin m'fheasa," ar Fionn. "Breall
buan ort," ar Pádraig. "An é nach feasach
duit páideadóracht an fheill agus gach tairngire
geintlidheachta ar cheana do ghabháil bailbhe bith-
shuthaine chucha ó aimsir cheusta Críost. Is mór
badh luaithe ort suncum suadh agus fuil an fheasa
do shughadh a crúibín chnopánach mhuice lá aonaigh
Bhearnann na Gaoithe ioná as t-órdóig bhoicht
shuaidhte shúighte. Is coll crábhaidh, is tréigean
creidimh, is mainneachtnaighe na mionn bhforosda
a ndéin tu. Ná déana feasda." "Gabh agam,
a rígh-chléirigh fhear nÉireann," ar Fionn, "sean-
chleachtadh dam b'eadh é agus luighead agus laige
m'eolais ba chionntach ann. Ní diongna ní bhus
mó é."



Is innsin adubhairt Fionn: "Ní fheadar cidh
atá againn," ar sé, "munab í nathair do na
nathrachaibh nimhe sin dár dhíbir Pádraig a h-Éirinn
anallód í, atá ag teacht do dhíoghal toghla-agus
tafna a cinidh air." "Mise?" ar Pádraig.
"Is tú," ar Fionn. "Cia adubhairt?" ar
Pádraig. "Duine ná deoruidhe d'fhearaibh
Éireann," ar Fionn, "ní ráinigh teallach te
ifrinn fri rae ceud bliadhan anuas nár dóibh
ba thosach agus deireadh gach scéil é. Agus
adeirtí linn fós," ar Fionn, "ná fuil sagart
do chlannaibh Gaedhil Ghlais ar chlár lom na cruinne
nach dó ba mheanmarc meanman agus ba laochas
labhartha a rádh os comhair an phobuil i ló do líthe
agus t'fhoraithmhidh gach bliadhain gorab tusa,
le durrantacht dóide agus le buille bachaille,


L. 175


do chuir ruille ruathair agus raon-mhaidhm ar
phiastaibh dubha agus nathrachaibh nimhe Éireann,
dá ndíbirt amach 'san bhfairrge. Agus fós
do chluintí linn go minic," ar Fionn, "go bhfuil
fuinneog ghloinidhe i ngach eaglais i n-Éirinn
forsa mbí t'íomháighin-se, iar n-a dealbadh inte
le breachtradh gacha datha, idir corcur agus
gorm agus dubh agus bán agus uaine. Culaidh
bhreaghdha eudaigh allmhurdha ionaonaigh umat.
Tú id sheanóir liath go bhfeusóig go crios leat.
Cathbhárr dá bheann go ndeallradh carmhogail agus
criosdail agus gach liag lóghmhair ó shoin amach fa
bheinn do bhaithis. Bachall ríogh-fhada reamhar cheann-
chrom chleath-láidir, ba shia ba thruime ioná cuing
imeachtrach sheisrighe, eire do láimhe deise. Sleagh
chlais-leathan agus craoiseach chruaidhe ar a bun.
Sáidhtear rinn na ruadh-chraoisighe sin tré shúil
gclí nathrach nimhe go rig an tsúil eile anonn.
Gabhaidh an faobhar fo thalmhain iarsin. Innsin
do ghní an oll-phiast searradh agus lúbadh go
ndéantar cruadh-shnaidhm righin chnáibe dá corp.
Is de sin atá "snaidhm na péiste" dá gearradh
tar na laogha an tan ghabhas teidhm nó treighid
nó tinneas ar bith eile iad ó shoin ille. Scaoilidh
agus sínidh a corp iaromh gorab luaithithir earball
mbó ag aoibhill lá brothallach meadhon-tsamhraidh
gach beartughadh agus bualadh agus leadradh agus
luascadh dá ndéin i bhfanntais an bháis. Teichid
'na dtréin-reathaibh tinneasnacha clann agus
cineadh na naithreach nimhe go n-a mbráthraibh go
h-uilidhe re fánaidh faille, re scannradh, re
sceimhle an dearg-ruathair agus an iombhuailte
do chíd ag a n-imbirt orra. A Phádraig, b'aoibhne
b'áilne d'íomháighnibh an domhain dreach dáigh-
sholus deigh-ghreannta na h-íomháighne sin."



Is innsin do ghabh Pádraig ag doghra agus ag
déar-chaoineadh gorbha fhlich-dhearc a aghaidh agus


L. 176


gorbha fhuidheach na frasa deor tárla uaidh ar an
bhfeur anuas. Do ghabh loinne, luathas agus
droch-mheanma iarsin é, gorbha mhillteach a mhala
agus ba chreachta a chealltar re feuchain. Is
innsin adubhairt: "Buille báis agus coscar
cró ar lucht an éithigh agus an ainchreidimh. An
amhlaidh go leomhaidís breug do chur ar fhear ro
thuill chomh daordhálach sin iad? Mise re troscadh
agus tréidheanas, re turus agus tuirse ag
timchiolladh ceall, ag tomhus tórann agus tear-
mon, ag bronnadh mind agus ministear do
shíolchur chrábhaidh agus creidimh dóibh sin agus
gan de shuim anois ag a gclainn ionam acht mar
adhbhar ádhbhachta agus áithbhéise dóibh. A Rí na
nDúl is frit-sa ro throisceas-sa ar feadh ceath-
rachad lá orra so ar mhaoilinn na Cruaiche i
gConnachtaibh; gidheadh, níorbh' fhiú iad sin sinne
aon chomaoin dá laighead dá bhfeudfaimís do
dheunamh orra. A rádh dhóibh sin gorab í b'obair
damh-sa díbirt naithreach nimhe agus a usacht dóibh
fírinne fhorasta mo bheathadh do léigheamh i Leabhar
Árda Macha, is an Bheathaidh Tré-rannaigh, is an
Imon do righne Fiach Sleibhte agus i sleachtaibh
iomdha eile do shean-leabhraibh Éireann." "Maith,
a mh'anam, a Phádraig," ar Fionn, "a samhail
sin do leabhraibh ní chleachtaid ní bhus mó." "Cidh
uime?" ar Pádraig. "Claochlódh teangadh
agus tiontódh éigin úrlabhra do righneadar" ar
sé. "Ba líonmhar slóighte na nGaedheal," ar
Fionn, "dá ndingeadh isteach chughainn i bhfudhomh-
ain ifrinn le ceud bliadhain agus ní chuala
focal dá reic aca idir cléir agus tuaith ris an
rae sin acht teanga agus beulra Clainne Sasana.
Acht ní feairrde iad an feall agus an méirleachas
do righneadar. Óir is amhlaidh chleachtar againn
i n-ifreann, fir Shasana dá n-oirdneadh focheudóir
go beith diabhail, de bhrigh go gcinnid an dream


L. 177


sin ar fhearaibh an domhain i ngach cáilidheacht
agus tréith scannradhach as cuibhe agus as fearr
oireas do'n diabhaltacht. Agus is gnáth mogha le
cois gacha diabhail fo leith do fhreastal agus do
fhriothálamh dó. Is amhlaidh bhíos an diabhal Sasanach
iar n-a oirdneadh, an cheud fhear dob' iomchuibhe
leis don tsluagh Ghaedheal badh thúisce do richfeadh
láthair ifrinn dá bhreith do roghain, mar mhoghaidh
dhíleas dó féin tré bhiotha na beathadh. Agus is
uime thoghtar Gaedhil ann, do bhrigh gorab teanga
bhunaidh mháthardha dóibh sin Beulra an tSasanaigh,
agus ní cóir sain-theanga fa seach ag moghaidh
agus ag maighistear. Is aingceas tra bhíthear
ag trochaibh agus ag bithbhineachaibh bochta na
hÉireann i moghsaine ag muintir Shasana. Buail-
tear cos ar na beulaibh aca, crústar clocha
caor-dhearga leo agus gabhthar d'iongnaibh gríobhdha
geura ionta, athaidh dá laighead dá scuirfidís
dá saothar do ghabháil fionnfhuarais agus a scítheas
do leigin. Truagh sin muintear na hÉireann
ag Sasanachaibh dá gceusadh i bhfus agus thall.
Forlámhas Gall ag a ndíothughadh ar an saoghal
so agus mí-dhaondacht na druinge ceudna ag a
bplabadh agus ag a bplaoscadh tré bhith síor
i n-ifreann." "Is dubhach dubh-bhrónach do
sceula, a Fhinn," ar Pádraig, "sceula ghreadas
na h-ae agam sin tar a gcuala fós." Agus
adubhairt an laoidh:



Buile bróin
ro chlaoi mo chroidhe go deoidh;
truagh na treitil re ceas,
ní luinne gan cleas an tslóigh.



Géisidh lon
fa'n choillidh os Sléibh na mBan,
binne a ghlóir ag a luadh
is liach gan buaidh in a bhun.


L. 178


Tibidh tonn
re cuan-a gáir ní
ganncaoinidh tonnghar druing andeas,
an fhuireann i dtreas ba theann.



Críon mo chneas
ró mhair, ní gó, Gaedheal Glas.
mughadh a chlainne ba leun,
ní meallach an sceul ro clos.



A h-aithle na laoidhe sin do chuadar an Fhiann,
drongaibh dí-áirmhe, d'ionnsaighe na péiste.
Táinigh go toicheastalach fútha sin 'na h-aon-
réim ruathair ró-iongntaigh. Reimhithir bile ndarach
lán-fhoirbhthe i ndoíre sleasa sléibhe a ceann.
Ba hé a fad, ótá Áth Asal go Dúrlas Éile for
Siúir. A cosa rotha ró-reatha. Aon-adharc
bheann-árd bhagarthach i gceart-lár a h-eudain.
Dé agus deatach ag a séideadh as a rinn sin, gorbha
theimheal dubh-neoil an t-aeor 'san fhirmameint
uaiste go bun a h-earbaill siar. Ba gháibhthighe
ghorrgaighe a glór ioná béiceadh agus búithreadh
slóigh dheamhan n-ifrinn lá féile móire Muire
'san fhoghmhar. Téid Oscar 'na coinne. Léigis
scread faoi, go gcualadar trí tonna Éireann
agus gor chomh-gháireadar geoin agus gleo re
foghar agus fuaim agus fothrom an screid sin.
Lingis Oscar fa n-a tuairim .i. fear buadhartha
ifrinn, an buanaidh buidhne agus an balc-bhéimneach
buaidhte céid, agus scinnis go nimhneach naimhdighe
chúichi. Árduighis súist sleachta slógh 'na dhá
dhóirnibh cruadha calma agus beartuighis um a
cheann immagcuairt agus plabais plaosc di i
lár na leacan léi gor bhean aiste cuisle an deataigh
dá diubhracadh siar go Carraig Chaisil. Sóais
i gcluigchill chloch iaromh agus is í atá 'na seasamh
ris an eaglais móir anoir-andeas gos an lá


L. 179


indiu. Atá fuireann ag a rádh nárbh' é Oscar
do shuidhigh ann í acht cliar do thógaibh. Tárla
buailteán na súiste aige ag a bheartughadh re beinn
agus re barr gacha sléibhe i n-Oir-Mhumhain agus
i gcríochaibh Osraighe, gor bhean díobh gach carn
agus stuaic dá raibh orra dá leagain 'na slaodaibh
ar lár, amhail atá, Cathair Druinge i bhFearaibh
Maighe agus Carn an tSaighdeora i mBeinn Shléibhe
Cua agus Cluigcheall na nDubhsmeurach i gCurrach
Mhór i bPaorachaibh is na Déisibh Mumhan agus
Carn Baile uí Chatháin fris sin anoir agus Carn
Sléibhe Cruinn i nUibh Eirc agus Suidhe Finn i n-Uibh
Fatha agus an iomad eile nach áirmhthear innso.
Gonadh aire sin is maol muthal gach lom-sléibhe
díobh sin ó shoin ille. Is innsin ro eirigh Oscar
do bhaoth-léim bharr-eudtroim gor thúirling anuas
ar mhuin na péiste go ndeachadar a dhá lurgain
trés an lúirigh gcumhdaigh do bhí ar a druim go
dtárladar ar lár agus ar lán-talmhain tré
sleasa crédhumha agus tré easnadha iarnaidhe a
bruinne síos. Gabhais cumhsanadh agus fosadh
chúichi iarsin agus maidhidh a h-ionathar aisti le
deilm, gor scéith an t-uisce beirbhthe agus an
deatach aiste, go dtug a teine agus a gal agus
go n-eablaid a beoil fa'n riocht sin. "Mór
n-éacht do ghníomh," ar Conán Maol, "níorbh
phiast é sin dom dhóigh-se acht carbad coitcheann
an bhóthair iarainn agus is aibidh éileochthar éiric
a mhillte ort-sa ó'n chuallacht dár díleas é."



Luidh an Fhiann iarsin go Sliabh na mBan
go rabhadar ar a bharr ag amharc agus ag imfheuchain
na tíre gach n-áird fo seach. Agus dob é ba
mhian dóibh tuaraisc a gconairte agus an fhiadhaigh
d'fhághail. Is innsin adubhairt Fionn: "Déice
uait in-immegcéin, a dhearcaidh," ar sé, "dús a
bhfeicfeá comhartha gcruinn ár gcoda cúrama,
idir gadhara agus damh." Féagais an dearcaidh


L. 180


go frithir friochnamhach, go faichiollach féigh, soir,
siar, fó-dheas agus fó-thuaidh go n-acca sé grinn-
thuaraisc nglan na gcon agus na seilge aniar-
andeas uidhe dhá lá go n-oidhche uaidh. "An aicci
ní?" ar Fionn. "Adchím," ar an dearcaidh.
"Cá acca an seilg?" ar Fionn. "Adchon-
darc," ar sé, "ruainne rinne earbaill iarmhair
an ghadhair dhéin dheireannaigh tar beinn sléibhe
i gCiarraighe lághach Luachra uaim." "Maith,"
ar Fionn, "téanam ar a lorg."



Do ghluaiseadar rómpa líon a sluagh innsin
i bhfrithing na conaire agus sligheadh dár im-
thigheadar ná móin nó magh, learg nó leuna tré'r
ghabhadar, ní h-aithristear go rángadar an doire
coilleadh ós Loch Léin. Is amhlaidh fuaradar
na cona, an fiadhach marbh aca agus iad ag faire
agus ag feitheamh leis an bhFéinn. Tochailtear
fulacht fiadh do'n fheoil dá bruith. Ambádar
samhlaidh ag tomhailt a gcoda agus ag ól an
fhíona go rabhadar measc meidhir-chaoin, go n-acca
an dearcaidh an bhfear n-anaithnid n-allta chucha.
Ba threun a thrioslóg tar scairte agus iomairí.
B'fhiadhain a fheuchain. Ba chraosach a shnuadh
agus a dhreach. Iar rochtain do láthair dó, níor
bheannuigh do'n Fhéinn. Níor bheannuigheadar dó.
Do labhair tré Shacs-Bheulra go ndubhairt leo:
"Cidh do ghnídh innso?" ar sé. "An amhlaidh
atáthaoi ag slad ceathra an tighearna? Ar
mh'anam! is lom íocfar libh os comhair
breitheamhan éiric na foghla so." "Cidh adeir?"
ól Pádraig. "Sin teanga chlainne Sasana
d'úrlabhra aige," ar Fionn, "tar a dtánag
indé leat." "An fear d'fhearaibh Éireann é?"
ar Pádraig. "Is eadh go deimhin," ar Fionn.
"Créad uime nárbh í an Ghaedhealg do labhair?"
ar Pádraig. "Díomus, is dócha, agus
dítheoluis fa ndear," ar Fionn. "Dia dhuit,"


L. 181


ar Pádraig. "Ó, Dia agus Muire dhuit agus
Pádraig," ar an fear. "Mise Pádraig, árd-
earlamh na cléire," ar Pádraig, "agus ag so
Fionn agus na Fianna Éireann."



Ó'd chuala an duine sin, do léig ar a ghlúinibh
é agus do shléacht do Phádraig go h-umhal fomósach.
D'órduigh Pádraig go caoin ceannsa ar bhonn
a dhá chos arís é agus iarfaighis sceula de.
"Duine bocht truagh me," ar sé, "atá ag
tuilleamh mo bheathadh i bhfeighil an fhiadhaigh do'n
tighearna ar leis an talamh so. Sin é mo shlighe
maireachtana-sa, dom chothughadh féin agus mo
bhain chéile agus mo mhór-sheisear clainne. Sasanach
is eadh tighearna na h-áite seo, acht duine maith
macánta. Is iomdha comaoin chuireann sé orm,
an mhin-bhuidhe 'san Gheimhreadh agus an bainne
reamhar blasda 'san Samhradh. Níor dhaor
aoinneach riamh 'san-chúirt acht duine do shladfadh
a chuid fiadhaigh. Níor chroch aoinneach nár thuill
an gad agus duine níor chuir as seilbh acht an
dream ná díolfadh a chíos dleaghthach leis. Dá
mbeadh tuilleadh aca mar é b'urus dúinn maireach-
tain le n-a n-ais." "A thruaigh," ar Pádraig, "an
ní é gorab adhbhar buidheachais do bhreith le neach
leat-sa cead t'anála duit uaidh?" "Is adhbhar,"
ar an fear, "gan amhras. Bí lághach lán do
dhaondacht leis na Sasanacha, nó is duit bhus misde.
Is iomdha duine díombuidheach is cuimhin liom-sa,
ar stopadh a n-anál le córda cruaidh-righin cnáibe.
Puth níor chuireadar asta go bráth arís. Bíodh
smacht ort, bí go ciúin agus go réidh nó cuirfear
ciúineas le cnáib ort."



Ó'd chuala Pádraig sin ro leathnuigh gruaim
doininne duairce tar an ngnúis aige agus
gabhais ruicce agus ró-náire é fa'n sceul sin
acht ní dubhairt ní. Is innsin adubhairt an fear:
"Ní dual duit-se, a naoimh ghlórmhair agus a


L. 182


chinn chléire na h-Éireann, bheith i lúib claoidhe nó
i scairt mar ataoi, ná daoibh-se, a dhaoine uaisle
agus a shéimh-fheara na páirte, acht an oiread.
Siubhlaidh libh agus do-ghéabha sibh sean gacha dighe
agus nua gacha bídh thíos ag Tigh Ósda an Bhóthair
Iarainn.



Do-ghní eolus dóibh cinn an tslóigh iarsin.
D'imthigheadar drongaibh agus dreamaibh leis go
faithche Tighe Ósda an Bhóthair Iarainn. B'áluinn
an teaghdas agus ba dheagh-mhaiseach dealbh-shnoighte
an dúnadh do bhí ann. Múir árda aoldha leis
a n-eachtair. Gloine ghloinidhe gheal-shoilseach a
fhor-dhorus. Grianán go mreachtradh céard 'na
úirthimchioll. Díon sleamhain slinne air anuas.
Dóirse daingne deigh-ghreanta air shíos. Fear
fáilte d'fhearadh rés na h-oigheadhaibh re h-ursain
an dorais. Duibhithir gual a eudach. Brat
ar dhath an dearbh-dhaoil uime ba shéimhe gacha siar
gorbha choimhsheang re h-earball eoin 'na dhiaidh
é. Lín-eudach lán-tsoilseach ar chlár a ochta.
Lín-anairt ar a chuislinn aige. É ag sméideadh
go soineannda soicheallach. "An brughaidh an
fear úd thall?" ar Pádraig. "Is eadh," ar
duine an eolais do dheunamh. "Mo Dhé broth,"
ol Pádraig, "gorab annsa liom brughaidh atáid
i n-Éirinn anois ionáid brughaidh na sean-aimsire.
Óir, má's banna ar bhiadh bhláthmhar bruidhean
chailce, is blasda beul-chaoin beoil an teaghdais
sin."



Do chuadar isteach iaromh. B'adhbhal dí-áirimhe
sochaidhe an tighe sin. Andar leat go mbadh
iad fir an domhain bádar istigh. Do bhí duine
gacha cineoil agus gacha cinidh ó thuargabháil
gréine go fuineadh ar lár an leasa. Dob iad
ba líonmhaire díobh .i. daoine beaga beachta go
lí ghlas-uidhir glaise Lá Caille caillte. Beoil
tanaidhe tinne orra. Caol a gcnámha. Níorbha


L. 183


tul-leathan treun an clár eudain aca acht cinn
tuagh orra anáirde. Súile eoin gacha sleasa
leo imaille. Ba hé ba bheus dóibh bheith ag
cuartughadh árann na gciaróg agus ag infhiúchadh
agus ag imchaissin an fheoir ag fás. Fuadar
an fhóisidhe fútha do lorg an ruda nár chailleadar
riamh agus nárbh fheas dóibh créad é. Deiseadar
an Fhiann. Bádar giollanradh an tighe ar saothar
ag freasdal bídh agus dighe orra. Seallais
cách orra. Do labhair duine agus is eadh adubh-
airt: "Do-bheirim bréithir," ar sé sin, "ag
súd sluagh na gcleas agus na fuirseorachta do
dheunamh ag Uilliam mac Códaigh." "Ní h-iad,"
d'fhreagair feamaire díobh, "acht daoscar-shluagh
na tíre seo dochum reabhradh agus oirfideadh
do dheunamh dúinne ó fhuráil fhir an ósda. Biaidh
sin go feilmeinte. Níor fheall riamh ar fhear
an ósda." Is innsin d'innis an t-eolaidhe
dóibh gorab iad do bhí ann, Pádraig agus
Fianna Éireann. Ó'd chualadar na cineadha
sin do ghabh iongntas iomarcrach iad gor bha shamhail
le conairt gceolmhair gcon ag stracadh agus ag
sleas-raobadh bruic Bhárr Beithe an bíodhg baidhbhe
tugsad fa'n Fhéinn do ghabháil ruainne fionna
nó greama giobail nó leadhb dá leathar na bhFiann,
do bheith do cheap cuimhne aca féin do shíor orra.
Dástar um Oscar innsin gor eirigh i meadhon
an tighe. Sáidhis an dara shúil aige roimhe gor bha
shia ioná crann speile tar a ghruaidh amach. A
céile, iomorra, sughais in a cheann siar sall
isteach í go nach mbeuradh peata coirre soir
arís í. Ro ghabh méid uamhain agus imeagla
sluagh na gcineadhach gor chuireadar allus ag
plubghail 'na mbróga síos le h-úrghráin a dhreacha
agus a chealltair. D'uathadar an Fhiann a gcuid
iarsin agus d'ibheadar fíon na Fraingce go
rabhadar measc meadhar-chaoin. A lón ar leith


L. 184


ag Pádraig .i. gruth agus im. Ba fhial fairsing
an fhleadh do comóradh ann. Ba fháilteach na
fir agus ba bhuidheach deagh-shásta. Badh bhreaghdha
leat foghar na gcorn ndearg-óir dá dtaoscadh.



A mbádar fa'n chuma sin go modhmharach mear-
mheanmnach agus antan ba lugha ba dhóigh leo
duine ná daonnaidhe do bheith chucha do tharraing
buadhartha nó bruighne orra, ba é sin uair agus
athaidh táinigh fear an ósda anuas agus an cúntas
'na láimh aige. Soichis d'Fhionn é. "Cidh so?"
ar Fionn. "Cúntas na fleidhe," ar sé. " Coich
cúntas?" ar Pádraig. "Suim luacha gach
longtha agus craos-shloigthe dá ndearnabhar
anocht," ar sé. "An amhlaidh gorab éigean
dúinn díol as an fhleidh do chaitheamar?" ar
Pádraig. "Is éigean," ar fear an ósda.
"Adchuala ní de so cheana," ar Fionn. "Ba
mhinic adubhradh linn i n-ifreann, gorab cleacht
do chleachtaibh fear nÉireann an tain so tighthe
oigheadh gacha baile seachnóin na tíre aca i ndíoltar
agus i geeannuighthear fáilte agus féile gach ló
'san bhliadhain." Ó'd chuala Pádraig sin, ro
ghabh dásacht é go ndubhairt: "A bhithbheanaigh
an doichill, is cumhga agus is caoile croidhe,"
ar sé, "dá mbadh seacht míle mó an fhoghail do
righneamar, nárbh' fhearr duit cabhair dod' náire
ioná t'aoireadh agus t'imdheargadh tré mhaoidheamh
ar oigheadhaibh aon chomaoin dá gcuirfeá orra."
"A mbassa," ar fear an ósda, " atá breall
ar an fhear tugadh ní ar neimhní ; agus dá bhuige
é an leathar anois ort-sa," ar sé, "is maith do
teannadh do chrios le fonn ó chraos. Ní h-amhlaidh
dhíoltar an cíos." "Mo Dhé broth," ar Pádraig,
"dá dhéine é do chruadhas ag a lorg, an t-aon
chianóigín ruadh amháin ní éileochthar orainne."



Cuiris fear an ósda teachta iarsin ar chionn
shlóigh dhuibh an gheimhil. Gabhais Pádraig ag a
aoireadh innsin go ndubhairt:


L. 185


"Éadan cruncach dearcadha,
Cú fri coin for conablach,
Sciana glana ceannuighthe,
Bó for beulaibh bearnann,
Eoin gan gobadh cheachara,
Rí an locha doicheallaigh.



Agus a ghluais air," ar Pádraig:- "Eudan
agus c., .i. amhail bhíos ruic i n-eudan dearcadha tré
gach grinn-fheuchain doghní i gcéin uaidh, gorab
amhlaidh sin bhíos casadh 'na mhalaibh súd ag faire
ar gach greim agus blogam dá gcaithfidís a
oigheadha. Cú frí coin agus c., .i. amhail is eudmhar
bhíos cú fri coin le méid a cíocrasa an mort-
cheann do leadradh, gorab geall ris sin a eud
re muintir chaithmhe na fleidhe aige. Sciana
agus c., .i. amhail is glan gach nua-scian, budh glaine
ioná sin a sceana sin gan smeur ná sugha fútha
ó ghearradh feola. Bó agus c., .i. amhail ghabhas
macnas an mboin i mbearnainn le beartughadh
adharc agus crothadh cinn gan leigin do na buaibh
bhíos fa n-a smacht an feur d'ingheilt, is cuma
agus é ó neart formaid ris an ndruing thaithigheas
a theagh. Eoin agus c., .i. go bhfuighbhidís eoin an
aeoir do bheidís i dtaobh leis bás agus buan-
euga óir ní cartar amach cosmar aige acht a
ath-bhruitheadh, dá thabhairt do'n dream bhíos 'na
chuibhreann. Rí agus c., .i. gidh gor uathbhásach méid
a mianghusa na muintire áitreabhas an n-ionad
so re maoin agus re maitheas dá mbrathfaidís
ag taisdiollachaibh do sciobadh leo, gorab é
ceann creachta agus taoiseach tána orra sin
trodaire an tochais agus gliogaire na ngearb."



Is ar éigean ro scur Pádraig dá aoireadh
antan ro fhás bolg breun ar ghruaidh fhir an
ósda gor thuit ar lár tré ghríos-ghoradh agus
dian-lasadh bréithre Pádraig. Gonadh é sin
an t-aor deidheanach do righneadh i n-Éirinn.


L. 186


Tángadar sluagh dubh na geimhle isteach leis
sin. Daoscar díbhlidhe iad sin do reic a
n-oighreacht Ghaedheal agus dúthchas a sean ar
mhuinteardhas Ghall agus comhluadar na durran-
tachta. Ba do neamh-chuimsighe a mian sin do
chomhalladh a mbadh tol leis an dream dár dhual
iad, gor chinneadar ar an bhfo-dhiabhal b'fhonn-
mhaire do bhí i n-ifreann, do ghreadfadh na lobhra
ar leacaibh loma an teallaigh ann ar
fhuráil Lucifir. Do chreachfadh gach falmaire
aca sin cnámha agus cliabhradh na lánamhna do
thuisinigh é, dá mbadh é a dhóigh go mbadh lainn
le lucht an fhóirneirt é. Dúr a ndreach, dubh
a ndath, droch-fhuadar fútha le fuinneamh. Lasadh
lainneardha 'na súilibh le faghairt an fheill do
dheunamh. D'ionnsuidheadar an bhféinn go doirbh
dána. Níor bheannuigheadar dá chéile. Do
labhair an taoiseach do bhí orra innsin agus is
eadh adubhairt: "Is braighde damh-sa agus do
mhórdhacht an ríogh," ar sé, "an complucht so."
"Cidh uime?" ar Fionn. "A trí fodeara,"
ar sé, "mar atá: gan bhur bhfiacha do ghlanadh
leis an bhfear so díbh i ngach ní dár chaitheabhar,
is an fhoghail do righneabhar ag slad agus ag goid
damh an tighearna, agus do bhrigh gor bhriseabhar
agus gor mhilleabhar carbad coitcheann an bhóthair
iarainn ar an chuallacht assa cródh díleas é.
Cuiridh leis an méid sin gorab geocaigh dona
díomhaoine ag iomluadhail agus ag imtheacht
na tíre sibh ag cur eagla ar dhaoinibh agus
ar cheathraibh ar cheana. Is briathar dam go
gcuirfidhear go lom locardha sibh 'san ionadh
nach dóigh dhíbh daoine do bhuaidhreadh ná brúscar
do dheunamh dá gcuid shealbhaigh, airm in nach
baoghal díbh an chráin do chur an doruis isteach
oraibh."..............


L. 187


SEANMÓIN: NAOMH NA nGAEDHEAL.



[Seanmóin so thug an Dochtúir uaidh i gCill
Naoimh Eoghain, i Chicago, an 25adh lá de
Lughnasa, 1901, os comhair Cuallacht Cosnamha
na Gaedhilge i n-Aimeirioca agus d'fhoillsigheadh
sa "Ghaedheal," Márta 1902.



An Bráthair Seanán, Tigh N. Bonabhentúra,
i gCorcaigh, do chuir chugham í nuair do bhí an
leabhar i dtáiniste dho bheith réidh agam.]



"A dhearbhráthracha agus a phobuil dhil do
mhuintir na hÉireann, badh mhian liom trácht libh
indiu ar an aon nídh amháin is measa liom féin
agus is giorra dham ioná cobhail mo chroidhe istigh,
mar atá, díbirt agus dearg-ruathar na druinge
ba laighché is ba ghleoidhte do bhí orainn riamh.
Agus is amhlaidh do-righneadh sin tré an dí-chuimhne
agus an dearmhad so do-ghníd pobul na hÉireann
do shean-naomhaibh sinsir. Nach náir dúinn é mar
nárbh cheachtar díobh, easbaidh sonais shaoghalta,
broid nó éigin, ná aon donas eile dá n-imridís
Danair orainn, ná deonughadh Dé, ná gaois
deamhan, fa ndear an aingceis seo acht amháin
mí-mhian ár muintire féin.



Is fíor sin gor maith do chlannaibh Gaedheal
san aimsir seo, óir is leathan líonmhar atá síol
na hÉireann anois 'san domhan, ní ba líonmhaire,
dom dhóigh-se, ioná do bhíodar riamh roimhe seo.
Acht, tar a cheann sin, ní fheicim gor fearrde
do-ghníd an pobul a ndualgas creidimh agus
crábhaidh. Agus is maith mar sceul é, buidheachas le
Dia is Muire, gor sona sámh do chuid dár muintir
tall i nÉirinn. Óir is amhlaidh atáid sin ag
filleadh arís ar chleachtaibh Gaedhlacha, go gcaithid


L. 188


díobh an cheirt cheangail agus leadhb na galldachta
do bhíodh fá n-a súilibh le cian d'aimsir. Agus
is iomdha fear groidhe agus faraire fíor-uasal
atá anois ag tabhairt cuaird na hÉireann ag a
rádh leis na daoine le fad a n-anála, "fillidh
feasta ar bhur dteangaidh agus ar an sean-ród
sinsir." Badh bhinne linn fuaim agus foghar a
ngotha súd ioná ceol na cruinne agus ioná an
ceol cruite do-ghníodh Craiftine Cruitire le'
gcoideolaidís fir an domhain, muna mbeadh nídh
amháin do bheith d'easbaidh air, eadhon, ná cuirid
'ná ráidhte gor cóir do'n phobul gan naoimh agus
ban-naoimh Éireann do dhearmhad. Mar is
suarach chuimhnighthear i nÉirinn ar árd-naomhaibh
agus uasal-athraibh an chreidimh 'san aimsir seo
againne, is fánach duine mheabhruigheas a mbeathaidh
agus a míorbhal agus, mo threaghdadh gan leigheas!
atá aos óg na tíre ag dul amugha gan fios aca
go rabhadar a leithéidí riamh ann. Is iomdha gearr-
chaile sioscaithe agus spreallaire maith gaige
shiubhlas sráid go teann anois, ar déistean leo
nó magadh beathadha aoibhne na naomh agus a
mbriathra solas-ghlana. Ní ceart mar sin an
sceul' a phobuil, óir, gan cuimhne na naomh againn,
ní bhia rath orainn agus ní bhia an t-ádh linn ná
le n-ár síol go deoidh arís.



Cad thug orainn bheith chomh droch-mhúinte sin
agus chomh mí-bheusach sin agus go ndeárnamar
na sean-naoimh do dhearmhad? Is fuiris é do
rádh. Do chailleamar teanga Phádraig ar dtús.
Is innsin do bogadh ár ngreim ar mhachtnadh naomh
ár sean agus do léigeamar a gcuimhne le fánaidh.
Is cian ó thángadar naoimh i nÉirinn. B'fhada
an réim do mhaireadar. Ba dhíochra a ngrádh
agus a ndíoghrais dúinne agus dob' fhada dhúinn
ag cur mór-spéise ionta. Ba mhó a ngrádh sin
do Dhia ioná grádh aoinne riamh agus ba mhó grádh


L. 189


Dé dóibh sin ioná d'aon dream eile dá dtáinigh
ó Ádhamh anuas. Óir is dian dá ríribh do
thuilleadar an grádh sin ó Dhia, tré méid fulang
na bpian, tré gach trom-cheusadh agus tubaist
ar ghabhadar tríd d'ár scaoileadh-na ó pheacadh
an tsinsir, ó ghlasaibh an diabhail is an deamhain.
Ba bheus dóibh comhnuidhe amuigh ar bharr sceilge
carraige, i bhfad ó chaidreamh agus ó chomhluadar
daoine, do dheunamh tréadhnasa agus troiscthe
agus ag guidhe Dé go dúthrachtach orainne. Ba
shuarach a lón bídh agus díghe, ní chaithidís feoil
shámh bhlas-chaoin, ní ibhidís deocha so-mhilse, fíon
ná fairsinge níor ghabhadar leo. Culadha eudaigh
ath-chaithte umpa, gearr-chodhladh, moch-eirghe dóibh,
úrnuighthe fada, treun a dtroscadh, beag a suan.



Léaghthar ar Fhindchoin Bhrí Gabhan go ndéineadh
a chorp do cheusadh tar barr. Léaghthar an oiread
eile ar Phádraig. Léaghthar fós ar Cholumbcille
go bhfágbhadh rian a easnadha 'san ghainimh, áit
i ndéineadh codladh ar bhruach na fairrge.



Ba bheus eile dhóibh dul ar loingeas ar muir
agus gan fútha acht coite beag báid nó currachán
caol, bruach-íseal, gan seol, gan rámha aca acht
a leigin fá Dhia a dtabhairt i dtír 'san áit ar
thoil Leis féin, do shíol-chur chreidimh agus chrábhaidh
innte. Ní gábhadh dham trácht ar a ndéinidís
d'iomramhaibh do réir sleachta sean-leabhar na
h-Éireann, óir is ró-líonmhar le léaghamh nó le
teacht tharsta do'n chur so iad.



Léaghthar fós ag sean-chroinic na Sacsan go
dtáinigh feacht n-aon ó Éirinn barc beag trí
seiche nó trí croicne bó - óir ba do na croicnibh
bó do-ghnídís báid an uair úd - agus triúr ann
go lón seachtmhaine leo, gan seol anáirde, gan
rámha síos, mar do léigeadar iad féin le tuile
ar son Dé. Agus i gcionn an tseachtmhadh lae
gor ghabhadar cuan i gCornubia .i. rinn talmhan


L. 190


atá i ndeisceart Shasana, agus gor thrialladar
rómpa go h-Alfred, an Rígh. Agus dob' iad
a n-ainmneacha, Mael Imoin agus Mac Suibhne
agus Mac Beatha. Is amhlaidh sin do-chuadar
go h-Albain, go Sasana agus gos an Roinn Eorpa,
go nár fágbhadh tír nó talamh ó chathraigh na Rómha
gos an mhuir budh thuaidh nár thógbhadar cealla
agus eaglasa agus mainistreacha ionta. Ba
mhinic i nÉirinn agus is na tíorthaibh eile sin do
dúnadh duine aca isteach i dtigh bheag chloch ba
chosmhail le cruiceoig beach, áit i bhfanadh sé ag
guidhe agus ag síor-smuaineadh ar Dhia go lá
dul d'eugaibh dó. Ba mhór an toirt do thuill-
eadar i láthair Dé. Ní cóir dúinne a leigin dul
amugha uainn.



Agus, a phobuil, is dóigh dearbhtha liom-sa gorab
é méid mór do ghrásaibh do chruinnigheadar sin
thug dúinn cabhair agus congnamh, misneach agus
meanma, chum seasamh go daingean agus cogadh
do chur go cruaidh, do chosnamh creidimh Íosa
Críost agus Pádraig is an tsean-aimsir i nÉirinn.
Agus más fútha sin atá buanughadh ár gcreidimh,
is cóir dúinn bheith páirteach leo.



Atá nídh léaghthar i mbeathaidh Cholumbcille ag
teacht leis sin. Lá dá raibh Pádraig Naomhtha
ag faghbháil duaidh mhóir ag tabhairt fear nÉireann
agus a mban dochum an chreidimh, táinigh doilgheas
croidhe mór air, mar ná raibh a fhios aige cionnus
do bheidís sin fá chrábhadh agus fá chreideamh 'na
dhiaidh féin agus an méid do cheusadh sé é féin
orra. Agus táinigh an t-aingeal Axal ó Dhia
chuige agus adubhairt leis, go mbadh do réir
na físe nó an taisbeánta do bheuradh féin dó,
do bheidís 'na dhiaidh fá crábhadh agus creideamh.
Is innsin do thaisbeán sé Éire go léir dó 'na
h-aon lasair theineadh suas go rig reanna nimhe.
Acht do múchadh an tsoilse sin diaidh i ndiaidh go


L. 191


nach raibh ar lasadh acht spréidhe nó smeuróide
beaga i bhfad ó n-a chéile.



Ar n-a fheicsin sin do Phádraig, do ghoil agus
do chaoi go dian. Innsin adubhairt an t-aingeal
leis, "feuch ar an taoibh budh thuaidh díot," ar
sé, "agus do-chífe tú claochlódh láimhe deise
Dé." D'fheuch agus adchondairc an tír le chéile
ar lasadh arís suas go reannaibh nimhe, agus do
múchadh diaidh i ndiaidh arís í, go nach raibh do
ruithne lasrach ann acht smeuróide beaga.



Is innsin adubhairt an t-aingeal leis gorab
é Columbcille an dara lasair dá ndeárnadh
ann, agus ná beadh do chreideamh 'na dhiaidh sin
i nÉirinn acht cosmhaileas an ghrís bhig adchondairc
sé.



Is eagal liom, a phobuil, gorab í an aimsear
sin atá againn anois. Óir do chailleamar
cuimhne na naomh ba chaindleoir taithnimh do
scriosadh dorchadasa díoghbhálaigh an pheacaidh
do Ghaedhlaibh agus, dá bhíthin sin, do múchadh
teine an chreidimh i lár chroidhe gach duine againn.



Ná ba h-amhlaidh bhíos an sceul feasda.
Déineam scrúdadh ar bheathadhaibh na naomh i sean-
leabhraibh irise na hÉireann. Déineam tuilleadh
scrúdtha ar shean-cheallaibh agus sean-eaglasaibh
na tíre, mar nach lia gaineamh i dtráigh ioná iad
i ngach cúigeadh do na cúig cúigeadhaibh. Taibh-
ream dár n-aire gor luaithreadh agus taise
naomh úir agus cré na talmhan ann. Bíodh ainm
duine aca dá thabhairt ar gach leanbh linn; bíodh
Pádraig, Árd-earlamh na cléire, arís againn
agus Columb na h-eaglaise agus Brighid, Muire
na nGaedheal, lé ndubhairt an sean-fhile:



"Ronsaora Brighid seach dronga deamhnu."



Ná diúltam i bhfus dóibh agus ní dhiúltfaid
sin i bhfiadnaise Dé thall dúinn. Mar atá sluagh


L. 192


dí-áirmhe naomh agus ban-naomh nÉireann, um
Phádraig, um Bhrighid, um Cholumchille ag síor-
adhradh agus ag caitheamh na glóire suthaine, ós
comhair naomh an domhain, os comhair aingeal
agus árd-aingeal, Cherubim agus Seraphim, ós
comhair Mhuire agus Íosa, os comhair an radhairc
sin is aoibhne, is áilne, is uaisle do radharcaibh
na cruinne, ós comhair na Tríonóide Glórmhaire,
an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh.



Guidhim daoibh-se agus dom féin, tré eadar-
ghuidhe agus cabhair sluaigh Naomh nÉireann, seilbh
na glóire agus radharc na Tríonóide ar neamh.



I n-ainm an Athair agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh. Amen."


L. 193


SEIRGLIGHE NA bPAORACH.



[Aiste so do bhí ar "Fáinne an Lae" 15/1/1898.
"AN buinneán Aerach" do scríobh é - An Dochtúir,
cé eile?]



An sean-litriughadh do bhí aige ann agus do bhí nóta
ag Eagarthóir an pháipéir leis, ag gearrán ná tuigfidhe
tar a chionn sin é. Sliocht as an nóta so:- "Bádh
mhór an truaighe caint bhríoghmhar bhlasda agus teagasg
bríoghmhar fúithi mar tá fá'n gcaint seo romhainn agus
gan breith ag daoinibh ar é thuisgint. Acht d'fhéadfaidhe
gurab amhlaidh is fearr atá a fhios ag fear a sgríobhtha
cionnus mar thuigfidhe. Níl aon locht ar an teagasc againn,
agus go ndeónuighe Dia é leathadh ó bhéal agus
ó shúil go súil ar fud na tíre go dtí nach mbeidh aon
Ghaedhilgeoir nach gcluinfidh nó nach léighfidh é, acht i
gcás go mbadh dall agus bodhar n-éinfeacht é.">



Tráthtaim innso síos ar dhúthaigh Dhéise idir
an Siúir agus an Fhairrge Mhóir ba dheas. Is
fada anall ó do labhradh ar dtús beulra na
nGaedeal 'san tír sin agus is fíor gor iomdha
cor do chuir sí dhi leis an aimsir sin, mar atá,
gabháil agus fóirneart Gall agus Gaedheal agus
go h-áirithe creachadh an tsleachta sin do bhronn
Cromell mar bhuan-oighre a bhith-chuimhne orrainn,
acht gidheadh níor scair sí riamh leis an nGaedhilg
go dtí ár n-aimsear féin. Agus mo dhóigh dhaoibh
gor truagh an cás agus gor dóighte mar sceul
linn a rádh ná fuil Gaedhealg dá cleachtadh níos
mó ag mnintir Phaorach agus ag pobul Dheugláin
Áirde Móire agus ag cuallacht Chúain agus
Bhrógáin Mhaothla. Truagh sin indiu, aes óg
na nDéise gan tuicsin a dteangadh dúthchasa aca
agus gor seacht sóghaighe leo cadrás na nGall
gcoigrícheach agus a seanchus tar seanchus a sean
agus a sinsir féin. Truagh sin ciorrbhadh agus
claoidhe Gaedheal, acht míle truagh tar truagh
chách Gaedhil dá gclaoidhe féin. An dóigh nach
searbh lem chroidhe sugradh agus sult Gall ag


L. 194


teacht tar "the passing of the Gael," .i. léir-
oidheadh Gaedheal, gan a bhreis de shearbhas orm
Gaedhil d'imirt an oidhidh so orra féin mar
spleadhchas do Ghallaibh? Acht is feasach dam
gorab é sin an gnó is mó shaothruighid Gaedhil
do láthair i gContae Phortláirge. Is innsin
do-chífeá na sean-daoine ag labhairt Gaedhilge
eatorra féin agus gan briathar di do thuicsin
ar a gclainn. Deireadh na Gaedhilge é sin go
díreach, fuineadh agus síor-theimhe seanchusa na
hÉireann agus tosach réime gallda gan tuar
a buaidhte go bruinne an bhrátha. Nár órduighe
Críost é.



A mhuintear mo ghrinn-chroidhe, cad tug oraibh-se
a mhéid sin do dhearmhad do dheunamh agus gor
ghabhsaidh chughaibh go sámh agus go saobh, gan duine
ar domhan ag a fhoráil oraibh, a mhalairt commór
sin do theangaidh agus ní hé amháin do theangaidh
acht fós d'aigneadh agus do nádúir. Is é bhur
méinn indiu claochlódh don tsamhail sin go mba
suthain síorruidhe é, más ní é go ndingéantar
libh anois é. Má chaillfidhear urlabhra Gaedheal
don feacht so, bíodh a dheimhin agaibh nach Gaedhil
acht Gaill feasda sibh. Má atá an Ghaedhealg
d'uireasba oraibh, atá fós gach ní is Gaedhealach
iar n-a chailleamh agaibh. Más beulra Sacsan
bhur n-uraghall, is Sasanaigh ó rinn go sáil sibh.



Acht creud é do bheuradh a leithéid sin do
mhalairt mhí-ádhmharáigh mhí-nádúrtha oraibh? Atá
an dá rud .i. uaill agus ainbhfios. Is aidhbhseach
méid bhur n-ainbhfeasa i dtaoibh bhur sean. Ní
léir daoibh áilne nó aoibhneas na sean-aimsire
ag rabhartaíbh ró-bhreuna roithleacha na Galldachta
ag a bhfuil talamh na hÉireann ag a dianbháthadh
le tuilleadh agus dá fhichid bliadhain. Agus,
tar a chionn sin, ní'l gach doiléire agus gach daille
dá bhfuil bhur n-ainbhfios nach móide sa chách bhur


L. 195


ndíomas agus bhur n-uaill. Nach aingceis an
sceul é, mise ag tagairt uaille agus ainbhfeasa
libh-se, lem mhuintir féin, agus gan ní san bhith
gor mó mian mo dhá shúla ann ioná ionaibh-se
amháin. Acht, dá aimhdheoin sin, más ní é go
gclaochlóchthar go mbudh Gaill sibh, ní'l duine
ná daonnaidhe agaibh, go mbudh duine dhamhsa 'na
dhiaidh sin é. Is dócha go mairfidh Gaedhealg
an eadh bhus beo mise, i Rinn o gCuanach, is an
tSean-Phobul amuigh cois farraige, i n-Áird Mhóir
Dheugláin, i bPortchladhach is na Paorachaibh le
ciumhais na Siúire seibhin-bhuidhe, i bParróiste
Modheilge fri bruach Abhann Móire, agus do-
gheobhad turus agus cuairt do thabhairt ann idir
Ghaedheala ar feadh mo bheatha, agus dar ndóigh
ní beag mar shásamh aigeanta dam an méid sin.
Maidir leis an dream eile .i. leis na Gall-
Ghaedheala, cuirim druim mo láimhe leo idir
eoluidhthe agus lorgairidhe; is dall díbhlínibh
iad agus tuitfid araon 'san ndíg, bádhfaidhear
i ndubhaigeun dhuaibhseach na Sacsanach iad, ríomh-
faidhear iad ag an druing le'r ádhbhacht "the
passing of the Gael" .i. dianbháthadh Gaedheal,
inar bhreis glóire don ghramaisc sin spalpas
beulra na Sacsanach ar fuaid an domhain, mar
thuilleadh taidhbhse don "English-speaking race"
.i. coimhthionól na ndaoine darab urlabhra beulra
na Sacsanach agus chleachtas a mbéasgna súd
seach cách. Leig dóibh sin adeirim dul 'an bháis
sin, ní dóigh gor danaid le Fíor-Ghaedheal beo
a n-imtheacht. Acht sinne ár nGaedhealaibh cuiream
le chéile go tapaidh, gabham do láimh cineul ár
sloinnte d'aithbheodhadh, do shíolchur na seoide
mórluach sin ar dual dúinne comharbas a cúraim
tré n-ár n-aithre, glún ar ghlúin, ó na ciantaibh
ille. Agus, ionnus go mba Gaedhil fíor-ghlana
fíor-chearta sinn, déineam na Gall-Ghaedhil d'ionn-


L. 196


arbadh agus do thafann amach uainn, óir atá
obair againn le deunamh do nach foghnann leimhe
nó léic is an cheud so do bhliadhnaibh chughainn.



I dtaobh uaille Gaedheal do-bheur roinn bheag
teasta agus deismireachta innso síos. Tar
éis an ainbhfeasa táinigh an uaill. Ní fheadar
ar sinne ba chiontach san ainbhfios, acht is dearbhtha
deimhin gor orainn féin atá locht na h-uaille.
Is uallach uaibhreach ó aigeantadh sinn agus, dá
bhrigh sin, ba náir linn Gaedhealg do labhairt an
tan do-chímís "na daoine uaisle," lucht na
gculaidh nua agus na maoine, na toicigh shámha
agus na treutúiridhe díomsacha, na creachadóiridhe
claona ba thaidhbhsighe neart namhad agus iad go
léir ag spreagadh "an Bheulra blasta." Leis
sin do-righneamar an mearbhal mí-ádha agus an dul-
amugha dí-threorach, ag a dhaingniughadh in ár
meanmain linn féin gor do thoradh na Gaedhilge
tháinigh ár n-aingceise 'nár gcionn agus ag a cheapadh
gor indeunta go deithneasach dúinn athrughadh cainte
mar leigheas ár gcneadh dtubaiste. Mar sin,
an tan thárla saidhbhreas beag suarach do dhuine,
ba náir leis gan beulra na Sacsanach do labhairt
agus ní mó do cheadóchadh dá chlainn taithighe
teangadh Phádraig. Agus is urus a shuidheadh
gorab as an mearbhal daille sin ar ar thráchtas
do chinn gach mí-ádh dár imthigh ar Éirinn ó'n ló
do righneadh anall. Innsin, mar is mó is gnáth
sin taidhbhse ag lucht áitreabhtha na mbailte mór,
is luaithide sa chách do chromadar sin ar bheulra
na Sacsanach do chleachtadh. Tuilleadh eile, ba
fhuath orra sin an drong do labhradh Gaedhealg,
dá rádh dóibh gor daoine tuatha iad ar ar chóir
meas amadán nó gealt bhfiadhta do bheith. Bíodh
mar dheismireacht ar an ní sin, dá rachadh duine
go Dúngarbhán "na sean-bhád seolta," nó siar
go h-Eochaill for inbhear na h-Abhann Móire, do


L. 197


chluinfeadh lucht na mbailte sin ag tabhairt
"Turks" .i. Turcaigh ar mhuintir labhartha na Gaedh-
ilge mar fochuidbheadh agus magadh fa Ghaedhealaibh
Chnuic an Dúin agus Rinne ó gCuanach. Lá dá
rabhas-sa féin cois abhann i nEochaill ag eisteacht
le Gaedhilg ag iascairíbh Chnuic an Dúin, ba bhinne
lem chluasa ioná teuda minn-chrot, d'iarfaigheas
de dhuine lem ais "Cad as do na fearaibh so"?
Go ndubhairt liom gor Turcaigh iad do bhí dearóil
duadhmar. "Is fot we calls dhim is dhe Turks"
.i. is é rud do-bheirmíd orra sin acht na Turcaigh.
Sin é go beacht mar adubhairt m'áilleán ag nach
raibh Gaedhealg ná beulra Sacsanach. An dóigh
libh, a Ghaedheala, gor adhbhar náire nó iomcháinte
a leithéid sin d'fhalmaire do phlaoscadh nó do
rúscadh le bata?



Acht cadé a mhaith dhúinn aithbhear aon duine
amháin an tan is ciontach lán loinge. Adeir
fear ráinne agus súiste do chleachtadh, "Atá
an Ghaedhealg imthighthe anois agus ní bheinn am
bhodhradh féin d'iarraidh í do choimeád againn.
Ú-ise! ní fearr ar domhan é, b'fhearr dhamhsa
púnt im phóca ioná a bhfuil do Ghaedhilg i nÉirinn.
Seadh! ní mar a chéile iad, nára slán an
comórtas!" Adeir duine i bPortláirge,
"Do-chuala trácht ar an nGaedhilg seo, acht sé
mo thuairim-se gor leamhas daoibh-se bheith ag dul
ar gcúl agus an saoghal chomh dian sin ag bros-
tughadh air. Ní'l puinn do Littheratchure .i.
leabhair Ghaedhilge ann." Adeir fear 'san
Charraig, "Atá Gaedhealg ag na spailpíníbh atá
'na seasamh ag cúinne na sráide, an dóigh leat
go n-oirfeadh a leithéid damhsa nó dom chlainn?"
Mar sin dóibh ó Shliabh na mBan bhFionn go
Ceann Creadáin, ó Dhúngarbhán go hEochaill.
Atá an pobul so go léir, idir cléir agus tuath,
idir uasal agus íseal, ar intinn na leisce i


L. 198


dtaobh Gaedhilge. Duine do chluinfeadh ag caint
iad, ní chreidfeadh go deo go mb'í an Ghaedhealg
uraghall na h-Éireann agus go mbaineann beulra
na Sacsanach iar bhfír le muintir gcoigríoch
n-eachtronn. Acht atá an searbhas ag a bhac
dam trácht ar na scoilibh gallda atá ag scéith
agus ag stealladh anglaise alltaire ar faithche
Fódhla féar-ghlaise gach lá, agus ar na páipéiríbh
atá ag teacht ó Longdún agus ó Bhaile Átha
Cliath.



A Ghaedeala, má gheibhidh sibh feidhm im ráidhtibh,
déineam ár ndícheall ar an ainbhfios so do chur
ar ceal agus an uaill seo gan áird do scaipeadh.
Má bheuram buaidh do láthair, beidh taithneamh
gréine ann, éisc i linntibh, toradh ar thír, meas
i gcoilltibh, agus Gaedhil go deo i nÉirinn.



AMHRÁN.



[Amhrán so (leis an bhfonn The Galbally Farmer) do
chuir an Dochtúir mar chárta Nodlag chum Máire ní
Luasaigh M.E. .i. dalta léighinn dó san Iolscoil.



Do bhí aiste dár thiodal "Stáir-chuimhne ar R. de
Hinderburg" ar St. Ursula's Annual, Portláirge, 1916,
ag Máire agus an t-amhrán ann.]



Fighil na Nodlag anocht i mbliadhain an Tighearna 1915,
agus gCorcaigh Mhóir Mhumhan dam féin.



Ar mo chodhladh go socair aréir dam im luighe
Is me cortha tré shodar gan éirim na sligheadh,
'Seadh do chonnaic me an chúilfhionn ba mhúinte
'na gnaoi
'Sí ag casadh a cuid cearc chum an fhásaigh.



Bhí a cuid ór-fhuilt ag scaoileadh seacht míle 'na
diaidh
Is a snódh mar an lítis go h-íochtar a píb';
Bhí an fuighleach dá réir sin go neuta geal mín
'Sí ag casad a cuid cearc chum an fhásaigh.


L. 199


Do bhíodhgas le mire 'dtí an mhiochair-bhean óg
Is d'iarfaigheas ar mhisde léi a sloinneadh le
glór,
An tú Éire nó Alba nó aoinneach dá sórt
Atá ag casadh na gcearc chum an fhásaigh?



Nó cathair na Traoi thoir fuair gríosach ón Ghréig,
Nó Constantinople atá claoidhte go h-eug,
An Fhrainc nó an Spáinn gheal nó b'fhéidir Norway,
Atá ag casadh na gcearc chum an Fhásaigh?



Is fáilteach d'umhluigh is d'fhreagair sí mé:
Ní aoinneach do'n tsluagh mé na Géographé,
Acht Máire ní Luasaigh is ainm dam féin
Is me ag casadh mo chearc chum an fhásaigh.



An Ceangal.



Na bodaigh um Nodlaig ó stealltar stáin,
Na blogama slogaid go sanntach sámh;
Nach doiligh an obair gor gann atáim,
Is dom scrogall ní'l fothram fionn na gcairt.


L. 200


DO BHEATHAIDH ODHRÁN .i. PÁTRÚIN CATHRACH
PORTLÁIRGE, ANSO SÍOS.



[Art mac Greagóir, ó Bhaile Átha Cliath, do sheol chugham
an tseanmóin seo leis an Dochtúir. Go gcúitighe
Dia leis a ndearna de sholáthar i gcomhair an leabhair,
le báidh leis an sagart-ughdar.]



Do bhí trí prímh-chealla is na Déisibh anallód,
do réir leabhar seanchusa na h-Éireann .i. Áird-
Mór Deuglán, Maothail Bhrógán, agus Lios-Mór
Mochuda. Is in Áird-Mór do ghabh Deuglán cuan,
iar dteacht ón Róimh dó. Léightear air go raibh
clog aige fuair sé mar bhronntanas ón Phápa
agus gor dhearmhaid sé é, óir d'fhágaibh ar charraig
mhóir chloiche do bhí i mbeul an chuain san Eadáil
é agus é féin ag dul ar luing chum teacht go
h-Éirinn. Is innsin do chuaidh an charraig mhór
chloiche sin ar snámh gor ghabh sí roimh an luing
amach agus do righne eolas na fairrge go h-Éirinn
di. Do thuig antí Deuglán innsin gor dheónaigh
Dia dhó a cheall do thógbháil san áit in Éirinn i
ngéabhadh an chloch sin cuan. Táinig i dtír iar
sin in Áird-Mhór tar éis triall tar sáile agus
is ann atá sí fós re a feicsin san chuan in Áird
Mhór. Agus atá sean-cheall agus reilg Dheuglán
ar an fhaill os a cionn anáirde.



Atá dhá cheann na Gaedhilge ag moladh Dheuglán,
mar atá, moladh Phádruig agus moladh Thaidhg
Ghaedhlaigh. Do bhí Pádruig lá n-aon ag taisdioll
na h-Éireann agus do iarfaigheadh de an rachadh
sé go tír na nDéise, do shíol-chur an chreidimh agus
bréithre Dé inte. Is innsin adubhairt Pádruig:



"Ailbhe umhal, Pádruig Mumhan, mó gach
rádh,
Deuglán Pádruig na nDéise, na Déise ag
Deuglán go bráth."


L. 201


Agus do moladh fós é tar éis chúig ceud deug
bliadhna san moladh dorighne Tadhg Gaedhlach dó
go ndubhairt:



"A Dheuglán órdha onóraigh, a easboig,
Is ort thriallaid go diadha 'na ndrongaibh
Pobal geal Dé le cléir na psalm
Is a nguidhe dúthrachtach úrnaightheach dot
agall."



Adubhairt Pádruig 'san rann sin romham go
mbeadh na Déise ag Deuglán go bráth. Is follus
gorab coimhlíonadh na fáistine sin an cion agus
an grádh atá ag pobal Déise fós dó, agus go
dtugaid turusa gach bliadhain agus dobheuraid
go bráth 'san áit i bhfuil sé agus 'san áit i mbeidh
a eiseirghe .i. i sean-chill Árda-Móir.



Mochuda Leasa Móir. Mochuda Raithne ar
dtús é. Cárthach a ainm bhunaidh. I Raithin Mhidhe
do bhíodh sé gor fógradh as é tré eud agus formad
mórán do naomhaibh Éireann. Táinig roimhe fo
dheas innsin go ráinig Sliabh gCua ag lorg muin-
tire mainistreach nó cille doghéabhadh leis, ó do
dío-chuireadh as a mhainistir féin é. Is ann tháinig
an t-aingeal chuige go ndubhairt leis go mbadh
ann do dheónóchadh Dia dhó a eaglais do thógbháil
'san áit dochífeadh sé na h-aingle ag tógbháil
eaglaise airgidhe agus íomháigh óir inte ar bhruach
na h-Abhann dá ngoirthí an n-Eamh .i. an Abha Mhór
indiu, agus go mbadh é féin an íomháigh óir do
bheadh inte. Do thógaibh Mochuda a eaglais 'na
dhiaidh sin 'san áit do taisbeánadh dó an méid
adubhairt an t-aingeal leis .i. in árdán álainn
atá ós abhainn leis an Lios aniar agus i ngiorracht
míle céimeann uaidh.



Brógán Scríobhnaidh i Maothail, i bPaorachaibh
anois, do bhíodh. Cúan ainm naoimh eile do bhíodh
ann. Atá fothrach a gcille fós i Maothail agus


L. 202


tobar beannuighthe um a dtugtar turusa gach
bliadhain, lá féile Brógán sa tsamhradh.



Gonadh iad sin trí prímh-chealla pobuil Déise
go n-a dtriúr naomh.



Do ghabhadar Danair agus Lochlannaigh feacht
n-aon réim agus ceannus re ré fada in Éirinn.
Agus is iomdha foghail agus creach agus ár agus
cogadh dár chuireadar in aghaidh fear n-Éireann
dob' fhéidir a d-tabhairt anuas innso, amhail
léightear 'san leabhar darab tiodal "Cogadh
Gaedheal re Galla," dá mbadh maise linn teacht
thórsta anois. Acht do ghabhadar creideamh chucha
fa dheoidh agus ba bheus dóibh easboig agus sagairt
fa leith acu féin agus gan buain re Gaedhla insa
chreideamh. Do chuireadar Gaill Phortláirge a
n-impidhe dochum n-easbóig Uilliaim, Ríogh Sacsan,
dá iarraidh air easbog do oirdneadh dóibh agus
do ghealladar bheith fa réir an Easboig choigcrích
sin go bráth. Agus do órdain Áird-Easbog
Canturbury i ndeisceart Sacsan easbog dóibh,
agus do bhídís fa réir Áird-Easboig Chanturbury
go dtángadar na Sasnaigh agus gor chreachadar
Éirinn. Innsin, an tan b'áil leo árd-earlamh
agus pátrún do thoghadh dá n-eaglais, ní h-é
antí Deuglán uasal, Easbog na n-Déise, rugadar
do roghain acht Odhrán atá in h-Í Choluim Chille.



Do chuir Oenghus Céile Dé lá Féile Odhrán ar
an seachtmhadh lá fichead do mhí Ochtimbir. Is eadh
adubhairt ag trácht air:



"Odhrán sab saor snámhach."



Is eadh adeirid seanchadha i Leabhraibh Irise na
h-Éireann mar ghluais ar an méid sin .i. "Odhrán
sagart ó thigh Aireannán i Midhe, nó ó Leitreachaibh
Odhrán i Mumhain, nó ó Reilg Odhrán in h-Í
Choluim Chille, nó i nGair mic Mogha atá .i. oileán
atá i gCorca Dhuibhne agus ar snámh dochuaidh
inte."


L. 203


Atá an méid so im dhiaidh re a léigheamh i bportús
nua na sagart. "Otteranus (ba chóir Odrognos
ann ó'n ní as odro .i. gach bán .i. odhar indiu agus
gen. .i. gein nó breith) Patrónus Dioceisis Water-
fordiensis nobili genere natus agus aroile" .i.
Odhrán, Pátrún na h-eaglaise i bPortláirge,
fear do chinn ó shíolrach uasal do mhair in Éirinn
'san seiseadh ceud bliadhna iar ngein Chríost. Ba
shoilsighthir reanna nimhe crábhadh agus léigheann
Gaedheal an tan sin. Ó ba shuarach le h-Odhrán,
mar ba shuarach le sluagh eile do Ghaedhlaibh 'na
aimsir, bláth agus réim an tsaoghail seo, dochuaidh
go h-Albain agus do ghabh uime cochal manaigh
ó láimh Choluim Chille, a ghaoil féin, 'san mhainistir
oirdheirc do thógaibh in h-Í. Fuair sé grádh sagart
innsin agus dorighne a dhíchioll le fír-dhíoghrais
agus le lán-chúram ar feadh a ré' dochum taithniomh
Dé do ghabháil dó féin agus dochum crábhadh agus
creideamh do theagosc don treud do bhí fa a
réir. D'eug in h-Í agus do h-adhlacadh i reilig
na mainistreach é, agus do tógadh ceall bheag os
a leacht. Agus atá clú a bheathadh ar marthain
fós d'éis trí gceud deug bliadhna. D'iarr mar
athchuinge mór-chuid ríogh agus taoiseach, idir lucht
Danar agus lucht Srath-clúid agus fós ríoghradh
na gCruithne iad féin do chur in úir na reilge
ceudna iar n-eug dóibh. Ó do ghabhadar Danair
Phortláirge creideamh chucha an tan ba shlán ceud
bliadhna deug don Tighearna, dorighneadh tearmon
eaglasda coigríoch dóibh de Chathraigh Phortláirge
agus don Ghaill-Tír. Agus mar ba chuimhin leo antí
Odhrán, ba phátrún díleas dá muintir, do chuir-
eadar iad féin is a dtír go fáilidh fa n-a chomairche.



Gonadh de sin do lean Odhrán mar Phátrún
Cathrach Portláirge ó choin i leith.



Ar chomairche Odhrán agus Deuglán agus
Mochuda, Cúain agus Brógán dúinn go léir. Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services