Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gile na mBláth
Title
Gile na mBláth
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Composition Date
1912
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do bhí rí ins an Iodáil chúig ceud bliadhain ó shin agus do bhí inghean aige darbh ainm dí Gile na mBláth. I gCathair na hIodáile do bhí an pálás agus do bhí seacht n-acra fa thighthibh ann agus seacht n-acra fichead fa gháirdíníbh. Do bhí gáirdín thoir ann agus gáirdín thiar, gáirdín na rós, gáirdín na rosc, gáirdín na gcotharnach gorm-ghlas. Ba aoibhinn scáth na gcrann agus ba mhór an chosaint iad ar bhrothal an tsamhraidh agus an fhoghmhair, agus badh bhinn le do chluasa ceileabhradh na gcuithíní agus iad ag léimrigh ó ghéig go géig ionnta. Agus ní lugha binneas glór an uisce do bhí ag éirghe in a chubhar i bhfiche báisín de chloich gheal, dearg agus gorm, snaidhte in a chéile, deunta in íomhághaibh badh bheodha le do shúile ioná an breac ins an uisce ar snámh. Do bhí grianáin agus botha ann, agus cáirpéidí de chúnach ionnta. Do bhí póirsí fada ann oscailte ar gach taobh díobh agus piléir gheala de chloch-mharmair mar theannta fútha, in a mbíodh scáth ar an teas agus cosaint ar an bhfearthainn, agus tar éis dul fé na gréine badh dheas leat siubhal ionnta nuair thabharfadh an lóithne bheag gaoithe fionnfhuaras breaghdha léi ón bhfairrge aniar. Agus do bhí gáirdín na gcleas ann in a raibh samplaí righte agus saighdiúirí, fear agus ban deunta de dhuilleabhar chrann ar bharraíbh na bhfál. Do bhí sruth ag rioth síos go dtí an fhairrge le teóra na ngáirdíní, agus do bhí eas deich dtroighthe fichead ar aoirde
ins an sruth, agus do bhí cosán deunta idir uisce an easa agus an chloch i slighidh go bhfuightheá siubhal ann le linn brothail mhilltigh meadhon-lae an tsamhraidh, bhadh aoibhinn don duine do bheadh ann ins an lá, agus badh aoibhinn don duine do bheadh ann i dtosach oidhche agus an ré ag múscailt tar cheann na sléibhte, acht ba chuma lá nó oidhche ar bholadh chumhra na mbláth. Do bhí staighre greanta ós comhair doruis mhóir an pháláis agus ráil ar gach taobh de agus nuair do raghthá tar an tairsinn badh leathadh radhairc agus badh mhearbhall inntinne iol-mhaitheas agus iarmhaise an tighe. Do bhí ins an halla páil de chloch-mharmair, deunta i bhfigiúiríbh beathaidheach agus daoine agus snátha airgid le ciumhais gach figiúire aca. Do bhí párlús an rígh ann agus párlús na bainríoghna, agus ní inar a chéile an troscán do bhí ionnta ná an cóiriughadh do bhí orra acht amháin gurbh órshnáth do bhí ar na cathaoireachaibh go léir agus go raibh gach aon fhalla i ngach seamra aca fa aon phictiúir amháin. An té do- chífeadh an teach sin agus a raibh istigh ann agus do fheuchfadh ar na gáirdíníbh, is é do thuigfeadh a gheurchúiseacht bhíonn lucht an tsaidhbhris ag ceannach gach cóir chum sáimhireachta agus ag ceapadh gach aon rud chum áilneacht do chur ar a n-inntinn. Acht níor ghabh an bhuaidhirt tar dhorus an duine saidhbhir acht oiread le dorus an duine boicht, agus níor cheannuigh riamh ór ná airgead suaimhneas aigne ná socaireacht croidhe. Lá dá laetheantaibh agus tráth dá thráthannaibh, do bhí Rí na hIodáile agus uaisle a ríoghachta ag dul ag fiadhach na muice fiadh agus do-chuaidh Gile na mBláth in aoinfheacht leó. Do bhí ins an am cheudna Prionnsa na hAlemáine agus Prionnsa na Gréige ag cúirt Rígh na hIodáile agus fuaradar cuireadh dul ins an bhfiadhach agus do-chuadar. Nuair tángadar go bruach coille do bhí ann, do cuireadh lucht dúiseachta an chollaigh fa an choill agus tugadh órdughadh dhóibh
bheith ag bualadh na sceach leó rompa agus bheith ag liúghraigh as aoirde a gcinn chum go gcuirfidís a raibh de bheathaidheachaibh allta ins an choill amach chu's na huaisle do bhí ag fuireach leó ar an taobh eile. Do dhruid na mná tamall amach ó na fearaibh go barr cnocáin, agus do fhanadar ann ar feadh an lae. Do bhí na fir in a seasamh ag tosach na coille gach aoinneach aca ar leith-leith. Do bhíodar ag seasamh in a líne agus ag deunamh bogha le tosach na coille i slighidh go raibh cuid mhaith den talamh folamh idir iad féin agus an choill. Agus do bhí conairt con isteach ag deireadh na líne ar gach taobh. Is é acht do bhí aca ná na coin do scaoileadh fa an chollach ar an nómaint do-chífidís é, agus cibé duine a riothfadh sé do iarracht aird do chaitheamh a shleighe leis. Níorbh fada dhóibh ag fuireach ar an órdughadh sin, nuair do airigheadar an briseadh agus an trostal thall ins an choill agus liúghrach daoine agus sceamhghail madraí beaga agus ba ghairid gur oscail na sceacha agus gur phreab an collach chucha amach. Do scaoileadh na coin fé ó gach taobh agus do éirigh glór na seilge. Do rioth an collach do réim dhíreach ar Phrionnsa na Gréige. Ní raibh sé acht chúig shlata ón Phrionnsa nuair do iompuigh sé ar an gcú ba ghiorra dhó agus tug fogha dá stair-fhiacail fúithe agus do stol ó cheann go hearball í agus do-righne dhá leath ar an áit sin di. Ar a fheicsin sin don Phrionnsa táinig scannradh croidhe air. Do chaith sé uaidh an tsleagh agus do theich sé le n-a anam, agus nuair do bhí sé ag dul tar chrann íseal do bhí i gcomhgar dhó tug sé léim as a chabhail agus do bheir ar ghéig agus sin é tug saor é. Do imthigh an collach ar a aghaidh agus ní fhacadh ó shin é. Do bhí a raibh ann aca ar aon liúgh amháin gáire agus adubhairt an Rí le Prionnsa na Gréige, iná is í sin an ghaisce do bhí aige, go mbadh fhearr dhó fuireach amach ó na fearaibh
agus dul ag fiadhach coiníní i bhfochair na mbuachaillí. Do bhí náire ar an bPrionnsa annsin agus do imthigh sé leis abhaile go dtí an Ghréig gan chead ná ceileabhradh do iarraidh ar aoinneach. Tráthnóna an lae sin nuair do bhí na huaisle ag caitheamh cóisire i bPálás an Rígh, do éirigh an Rí agus an gloine in a láimh agus adubhairt: "Seo deoch fa thuairim sláinte an duine arbh dheallraighe a phearsa ioná a mhisneach, agus a léim ioná a chaitheamh"; agus do chuir a raibh ann scolfhairt gáire asta. Agus ní ró-fhada in a dhiaidh sin gur airigh an Prionnsa thall ins an Ghréig an focal adubhairt sé, mar ní bhíonn aoinneach arbh shia leis a chosa ioná teachtaire an droch-scéil. Acht do chuir Gile na mBláth litir chuige agus adubhairt sí go raibh na fir ró-bhorb leis, agus gan aon suim do chur ionnta acht teacht arís agus go mbadh fhéidir ná beadh sé ar an-áird go deoidh. Do chuir sin suaimhneas mór ar a aigne. I gcionn ráithe in a dhiaidh sin is eadh táinig an Prionnsa arís. Nuair do-chuaidh sé go dtí an pálás, ní fhaca sé aon fhear ann acht mná i ngach aon áit. Do labhair Gile na mBláth leis agus tug sí go dtí an proinnteach nó seamra an bhídh é. Do bhraith sé ná raibh aon fhear ar an lucht friothálaidh acht cailíní ar fad. Nuair do bhí an dinneur caithte aca, do- chuadar in áirde staighre, agus do bhíodar ag dul in áirde mar sin ó staighre go staighre go dtángadar amach ar cheann an tighe, mar ní haon cheann crochta do bhí ar an tigh acht ceann íseal leathan agus gan de aoirdeacht ann acht an méid thabharfadh cead reatha do uisce na fearthanna agus do bhí ráil dheas de chloch-mharmair deunta timcheall air i slighidh nárbh bhaoghal do aoinneach tuitim anuas de. Do leath a radharc ar an bPrionnsa nuair do-chonnaic sé an obair do bhí ar siubhal thíos ar an machaire. Do bhí an áit lán de shaighdiúiríbh idir mharcaigh agus coisidhthe agus do bhí gach aon cleas cogaidh dá dheunamh aca. Do bhíodar ag caitheam
sleagh agus ag oibriughadh claidhte, ag rioth agus ag léimrigh. Do bhíodar ag teacht i gcionn a chéile agus ag scaipeadh arís mar do bheadh na scamaill ar an aer le linn na tórnaighe nó mar do bheadh na faoilinn ar bharr na fairrge lá briseadh an éisc. Do bhí falla mór árd i lár an mhachaire agus do bhailigh chúig ceud fear ar thaobh de. Do- chuaidh ceathrar aca le hais a chéile agus do luigheadar ar a dhá láimh i gcoinne an fhalla. Táinig triúr eile annsin agus do sheasadar ar a slinneánaibh sin. Táinig beirt annsin agus do sheasadar ar a slinneánaibh sin arís agus do bhí lámha na beirte tar bharr an fhalla. Do fhanadar mar sin gan aon chor asta agus do-chuaidh an chuid eile de na fearaibh in áirde orra chomh maith 's dá mbadh dréimire do bheadh aca agus do-chuadar go léir tar an bhfalla. Agus ní túisce do bhíodar tar an bhfalla ioná go ndeaghadar tar n-ais arís. Tainig iongantas a chroidhe ar an bPrionnsa agus do fhiarfaigh sé de na mnáibh cad do bhí mar sin orra. Adubhradar leis go mbíodh cleachtadh cruaidh naoi lá agus naoi n-oidhche uair ins an ráithe ag an méid saighdiúirí agus ag an méid muin- tire do bhain leis an rígh-theaghlach chum ná beurfadh aon namhaid an buaidh uatha cibé aca ag cosaint a náisiúin féin do bheidís nó ag creachadh aon náisiúin eile. Do aithin Prionnsa na Gréige Prionnsa na hAlemáine i measc na saighdiúirí agus adubhairt sé leis féin ná beadh sé sin ann, muna mbeadh go raibh an Rí chum a inghean do thabhairt dó le pósadh. Níor fhan sé ann go raibh na naoi lá caithte agus do imthigh sé abhaile arís go dtí a dhúthaigh féin. I gcionn ráithe eile do bhí Gile na mBláth agus a bean choimhdeachta in a suidhe i ngáirdín na rós agus cad do- chífidís chucha acht scata ban óga agus coróin deunta de bhláthannaibh ar cheann gach duine aca agus cóir cheóil in a lámhaibh, agus ba bhinn agus ba neamh-choitcheanta an ceól do
bhí aca dá sheinneamhaint. Ba ghairid gur thuig Gile na mBláth agus a bean choimhdeachta na focail do bhí aca. Ba é brígh na cainte ná go raibh caol-bharc lom thíos ar lán mara ins an tráigh, agus go raibh aingil an cheóil ag tabhairt cuiridh di féin áilneacht na n-áilneacht do fheicsin thíos ar lán mara ins an tráigh. Do-righne an bheirt bhan gáire agus do fhreagair Gile na mBláth i bhfilidheacht iad, agus adubhairt sí gurbh orra do bhí an mheidhir, agus ná tabharfaidís coiscéim ag siubhal ná ag rinnce ná deunfadh sí féin in a ndiaidh, agus go mbeadh leath-rann ar leath-rann aici dhóibh. Do-chuadar síos go dtí an trágh, agus nuair do-chonnaic Gile na mBláth an bád do bhí aca, do-righne sí gáire eile. Do bhí cáirpéidí istigh innte agus peiliúir agus pobhsatha i ngach aon áit. Do-chuadar go léir isteach innte agus do-chuaidh ceann aca ar an stiúir agus do fhan an chuid eile aca in a seasamh agus do shíneadar amach a lámha. Do bhí an ghaoth ón tír, agus na brait dhearga agus ghorma do bhí ar a nguailnibh do bhíodar mar sheólta aca agus sin mar do chuireadar chum fairrge. Ba ghairid go dtángadar ar scáth oileáin do bhí ann, agus is annsin táinig an t-iongantas orra nuair do-chonncadar mar do bheadh cnocán cúnaigh ins an bhfairrge. Acht nuair tán- gadar gairid dó, do thuigeadar gur árthrach beag í do bhí clúdaighthe le duilleabhar agus leis na mílte bláth. Do- chuadar ar bórd uirri agus cia bheadh istigh rompa acht Prionnsa na Gréige. Ní tháinig aon eagla ar Ghile na mBláth. Do umhlaigh an Prionnsa di agus adubhairt sé léi go mbeadh cóisir ar bórd aca agus go raghaidís i dtír annsin agus go raibh sé chum a thaisbeáint dá hathair, nar cheart dó cleachtadh arm do dheunamh agus an tseód ba mhó dá raibh aige do fhágbháil gan ghárda. Do-righne Gile na mBláth gáire eile annsin acht ba ghairid dá gol a gáire agus adubhairt sí gurbh mhaith an chomhairle do bhí aige. Do-chuadar go léir síos ins an árthrach agus do bhíodar ag caitheamh cóisire agus iad go séimh agus go cathaiseach le n-a chéile, nuair do airi-
gheadar an liúghrach agus an fothrom agus do riothadar go léir suas agus cad do bheadh ann acht dhá árthrach ropairí ó Thír na Múrach. Do chaith urmhór de na mnáibh iad féin ins an bhfairrge agus do-chuadar i dtír de shnámh. Tug na Múraigh leó an chuid eile aca agus má tug ní le cead Prionnsa na Gréige tugadar, mar do tharraing sé a chlaidheamh agus do throid sé go fíochmhar, faobhrach in a gcoinne gur cuireadh an tsleagh tré n-a chroidhe. Do pholladar árthrach an Phrionnsa annsin agus do-chuaidh sí go tóin poill idir chrann agus cabhail, bláth agus duilleabhar. Do thógadar a gcuid seólta agus amach leó chum fairrge arís. Ráinig gur ins an árthrach cheudna do bhí Gile na mBláth agus a bean choimhdeachta agus do bhí an chuid eile de na mnáibh ins an árthrach eile, acht ní go dtí aon chuan amháin do bhí an dá árthrach ag dul. Is go dtí Cathair na Múrach tugadh an bheirt seo, agus do cuireadh ar an margadh iad ar nós ba nó caorach, agus slabhraidhe troma ar a lámhaibh agus ar a gcosaibh agus iad ag gol go fuidheach. Táinig fear na n-earraidh do dhíol annsin agus do bhailigh na ceannaigh- theóirí timcheall air. Do bhí fear óg ó Éirinn ar an mbaile an lá ceudna. Conchubhar ó Cinnéide ba ainm dó. Agus nuair do-chonnaic sé an sluagh mór daoine ar an margadh, do-chuaidh sé in a measc feuchaint cad do bhíodar a cheannach, agus nuair do-chonnaic sé an bheirt bhan dá ndíol ní bhfuighbheadh sé gan na deóra do shileadh. Do bhí Gile na mBláth in a seasamh ar urlár árd ann agus a dhá bais le n-a haghaidh agus an slabhradh ar sileadh léi agus a folt fada fionn anuas le n-a hucht. Do bhí eudach bán uirri agus crios airgid tar a cabhail aniar agus bláthanna dearga deunta i gciumhsa a gúna thíos timcheall ag a íochtar. Do bhí a bean choimhdeachta in a seasamh ar urlár eile le n-a hais agus í ag iarraidh labhairt le Gile na mBláth chum suaimhneas do chur innte. Acht níor airigh Conchubhar aon fhocal uaithe
acht an t-aon fhocal amháin gur treise lámh Dé ioná lámh an bhitheamhnaigh. Do bhí na Múraigh ag feuchaint orra agus iad ag screuchadh agus ag gáire agus ag suathadh a chéile. Do bhí brait de gach aon dath orra agus sceana i gcrios gach aon duine aca. Nuair do thógadh ceann de na ceannaightheóiríbh a lámh, tagadh ciúineas orra agus do fholárfadh a sé airgead orra. Annsin do éireóchadh an chaint agus an fothrom agus an screuchadh arís go dtógfadh an díolthóir a lámh mar chomhartha ná díolfadh sé ar an méid sin iad. Do labharfadh ceannaightheóir eile annsin agus do chuirfeadh sé i mbreis airgid iad, agus ba mhar sin dóibh go raibh an díolthóir sásta. Agus is é duine do cheannaigh iad ná fear mór, leathan, láidir ar a dtugtaoi an Prionnsa Dubh. Nuair do-chonnaic Conchubhar agus a mhuintir dá ndíol mar sin iad, do bhíodar dá ngearradh féin le buile agus do-righneadar a ngearán le Dia, agus do chromadar ag athchuinghe Críost na trócaire agus Muire na gcomhacht teacht i gcabhair orra agus do dhearbhadar go mbainfidís den Phrionnsa sin iad nó gurab í gainimh Tír na Múrach do ólfadh a gcuid féin fola ar a son. Nuair do bhí deireadh leis an margadh, tug Conchubhar fa ndeara go raibh na sluaighte daoine ag triall ar theampal na Múrach, agus do-chuaidh sé féin agus a mhuintir go dtí ósta do bhí ann agus do fhiarfaigheadar de fhear an ósta cad do bhí mar sin ar na daoinibh nó cadé an lá do bhí aca. Adubhairt sé sin gur lá mór úrnaighthe aca an lá so agus go bhfanfaidís ins an teampal go dtí uair an mheadhón-oidhche. "Maith an sceul agat, a óstaoir," arsa Conchubhar, "an fhaid 's bheidh siad sin ar úrnaighthe, beimíd-ne ag ceapadh comhairle agus ag taighdeadh amais." Do chuir sé uaidh annsin an buachaill ba gheurchúisighe dá raibh aige agus tug sé órdughadh dhó an Prionnsa Dubh do bhraith agus fios a chúrsaí do bheith aige dhó fa an tráthnóna. Do shín sé sparán teann chuige agus adubhairt sé:
"Ní cóir go mbadh lugha ort púrógha na sráide ioná a bhfuil de airgead ins an sparán sin." Táinig an buachaill tar n-ais i gcionn trí uair an chluig agus an sparán in a liobar aige agus adubhairt sé e Conchubhar: "Do-bheirim do Dhia an t-ór. Atá an buaidh aige chum rún do oscailt. Nuair do-chíonn an tsúil é, is gairid in a dhiaidh sin fhanann an scoth ins an mbeul." "Ar airig tu," arsa Conchubhar leis, "cá bhfuil comh naidhe ar an bPrionnsa so?" "Do airigheas," arsa an buachaill, "agus dheunfainn eolas duit ann ins an oidhche." Do innis sé annsin dó go mbeadh an Prionnsa Dubh ag dul abhaile an oidhche sin go dtí a chaisleán féin agus go mbeadh an bheirt bhan in a fhochair agus fiche saigdiúir agus gurab é bóthar do gheobhaidís ná an bóthar réidh do bhí le hais na fairrge agus go raibh coill ar gach taobh den mbóthar ar phaiste dhe, agus gur dócha ná beadh aoinneach eile ag gabháil an bhóthair sin, mar gur bóthar uaigneach é agus gurab é an Prionnsa féin do-righne é mar chomhgar go dtí a theach féin. "Bí-se," arsa Conchubhar leis an mbuachaill, "timcheall leath-mhíle ar an taobh abhus den choill sin, agus beimíd-ne ag an choill féin. Má atá an bheirt bhan ar tosach an ghárda, taisbeáin dúinn solas geal, agus má atáid in a lár tais- beáin dúinn solas dearg. Atá a fhios agam ná beidh siad ar a ndeireadh. Agus tóg an sparán so arís," arsa sé leis, dá líonadh arís, "agus cuir sceula go dtí na mná go bhfuil daoine ag teacht i gcabhair orra agus nuair aireóchaidh siad an fothrom ins an choill gan aon scáth do theacht orra." "Coingigh an sparán fóirlíonta sin agat an iarracht so, a mhaighistir," arsa an buachaill leis, "atá an teachtai- reacht sin ceannaighthe agam duit roimhe seo. Fág an t-airgead díomhaoin anois, agus cuir meabhair do chinn ag
obair. Mar is iomdha fios dhe uireasbaidh orainn chum an cleasa do imirt mar is cóir." Le crothnughadh na hoidhche do scaoileadar síos an t-árthrach fa bharr an tseóil tosaigh go dtí port do bhí gairid don choill. Do-chuaidh buachaill na soillse go dtí cnocán beag agus do chuir Conchubhar cuid de na fearaibh ar an mbóthar agus tug órdughadh dhóibh gabháil tar an gcnocán agus teacht i leith na coille díreach mar tiocfadh an Prionnsa Dubh agus bheith ag faire feuchaint an bhfeiceóchaidís na soillse, agus adubhairt sé má do-chífidís iad go gcaithfidís a mhalairt do shocrughadh do dheunamh agus beartughadh ar chomharthaíbh eile. Acht do bhí buachaill na soillse roimh ré leó. Do bhí píosa seóil aige tug sé leis ón árthrach agus do-righne sé dhá chochall de, agus do chuir na soillse isteach ionnta agus beul na gcochall ar aghaidh na coille i slighidh nuair do árdóchadh sé beann na gcochall ná feiceóchadh aoinneach na soillse acht an duine do bheadh ag an choill. Mar sin nuair táinig na fir aníos an bóthar ní fhacadar aon leus solais in aon áit acht do-chonnaic Conchubhar ón choill iad, agus adubhairt sé nach solusmhaire súile cait ins an oidhche ioná iad. Do-chuadar annsin agus do ghearradar trí chrainn ar gach taobh den mbóthar ag deireadh na coille. Acht ní tugadar iomlán-ghearradh dhóibh, mar do fhágadar unga bheag díobh gan gearradh i slighidh nuair tiocfadh an Prionnsa Dubh narbh thúisce baint leis na crainn ioná a dtuitim. Do chuir Conchubhar na fir annsin le hais na gcrann ar gach taobh den mbóthar agus do-chuaidh sé féin go dtí tosach na coille agus do fhan sé ann ag fuireach go bfeiceóchadh sé an solas. Ní raibh duine ná daonaighe ag corraighe in aon áit agus badh dhóigh leat gur le ceadughadh Dé do bhí muintir na tuaithe agus na cathrach bailighthe isteach ins an teampal mór ionnus go mbeadh caoi ag Conchubhar agus ag a mhuintir chum teacht i gcabhair ar an mbeirt bhan agus a nglas do scaoileadh.
Do bhíodar ag fuireach go dtí uair an mheadhón-oidhche agus do airigh Conchubhar annsin mar do bheadh crónán beach ar éirghe saithe agus ba ghairid gur airigh sé amhráin agus gutha daoine agus i gcionn leath-uair an chluig do-chonnaic sé an solas geal dá thaisbeáint ag an mbuachaill agus do rioth sé ar a dhícheall do iarracht ar a mhuintir do bhí ag deireadh na coille agus adubhairt sé leó bheith i gcóir go rabhadar ag teacht, "agus," arsa sé, "míle buidheachas le grásta Dé, is an tosach atá na mná aca, agus is É féin do chuir ann iad." Ní raibh na focail ráidhte aige nuair do airigheadar chucha trostal na ndaoine. Do leigeadar thósta an bheirt bhan agus do scaoileadar leis na crainn ar na fearaibh do bhí ag teacht as a ndiaidh aniar. Liúghrach na bhfear agus tuairt na gcrann agus mac-alla na coille do chuir crioth in a mbeathaidh ar na Múrachaibh, agus an méid aca nár theich le scannradh ba ghairid gur chuir Conchubhar agus a mhuintir an dearg ruagaint orra. Fuaradar na mná ar an taobh eile de na crannaibh agus iad i luigeachair. Tugadar leó iad agus do chuireadar ins an árthrach iad. Do bhogadar a gcuid seólta go léir agus do imthigheadar fairsing go dtí Gibráltar. Ní raibh aon ghortughadh ar na fearaibh acht amháin ar Chonchubhar mar do chuir an Prionnsa Dubh a scian fhada thrí-chúinneach tré n-a láimh seacht n-órdlaigh anuas ón uillinn. Lá ar n-a bhárach do-chonncadar seólta dubha na Múrach soir uatha, acht is beag shuim do chuireadar ionnta mar do bhíodar ag breith uatha i gcomhnaidhe.
Nuair táinig na mná uaisle chucha féin do bhíodar ar bórd an árthraigh, agus do thuigeadar go rabhadar ar láimh sábhála. Do bhí rian na slabhraidhe orra i gcomhnaidhe agus is fada do bhí dubhadh na fola ar chaol a lámh. Tug Conchubhar cábán dóibh ar leith-leith agus do bhí áthas orra nuair do-chonncadar eudach ban ann agus an-chuid giúirléidí agus córacha do oirfeadh do mhnáibh uaisle. Is é buachaill na soillse do chuimhnigh orra sin dóibh' agus nuair do airigheadar an méid do-righne sé dóibh agus a fheabhas do imir sé gach aon chleas ar a son, adubhradar gurbh é an feall gan a chuimhniughadh do leanmhain de agus tugadar Diarmaid na Soillse mar ainm air. Diarmaid mac Cárthaigh ba eadh é, Buachaill ón Rinn Bháin. Do bhí Gile na mBláth agus a bean choimhdeachta ag cur an chúrsa ar fad tré n-a chéile agus adubhairt Gile na mBláth go mbadh fhéidir gurbh é toil Dé í do fhuadach ó n-a hathair mar go raibh sé chum í do thabhairt lé pósadh do Phrionnsa na hAlemáine "agus," arsa sí, "nár bheiridh Dia gairid ar m'anam, acht dheurfainn a narbh fearr dham bheith in a fhochair siúd ioná bheith ag sclábhaidheacht do na Múrachaibh." "Ní dheurfainn narbh fearr," arsa an bhean choimhdeachta. Do-chonnaic mise lá é agus é ag iarraidh a chapaill do chur tar bearna. Nach cuimhin leat an capall deas riabhach sin tagadh chughat ins an pháirc gach aon lá chum ubhall do ithe de do láimh?" "Is maith is cuimhin liom é," arsa Gile na mBláth, "agus do bhí a fhios ag an Phrionnsa go raibh an t-an-chion agam ar an gcapall sin."
"'Seadh," arsa an bhean choimhdeachta, "acht níor bhac sin dó, nuair do theip an capall air ag an mbearna, an tsleagh do sháthadh tré n-a chroidhe." "Níor bhac, mhuise. Agus ní hé sin amháin acht níl gadhar ná cú timcheall air ná fuil scáth aige roimhe. Agus an té ná fuil tuicsin aige don mbeathaidheach, ní bheadh tuicsin aige don duine." "Éirigh as an bhfear ainspianta go deóidh," arsa an bhean choimhdeachta, "an té do bhuailfeadh a bheathaidheach le ainspian- taigheacht dheunfadh sé an cleas ceudna le n-a bhean nó le n-a chlainn, nuair tiocfadh an bhuile air." "Badh fhearr liom," arsa Gile na mBláth, "bheith ag tarraing an chorráin tré an tortóig le mo shaoghal agus bheith ag tomhas na talmhan le mo dhóirne ioná bheith ceangailte dá leithéid." "Mhuise, ní fearr ciall dá bhfuil agat," arsa an bhean choimhdeachta. "Ní fearr," arsa Gile na mBláth, "agus do dhearbhaigh mo athair go gcuirfeadh sé i ngabhann mé agus go mbeadh uireas- baidh coda orm muna ndeunfainn a thoil. Agus adubhairt sé go mbeadh buaineas ar an tsíothcháin idir ríoghacht na hIodáile agus ríoghacht na hAlemáine dá ndeunfainn an pósadh sin. Acht adeirim anois, dá dtuitfeadh an spéir agus an talamh le n-a chéile go mbeidh sé gan deunamh. Acht cuirfimíd sceula chuige ar chuma éigin chum a chur in iúl dó go bhfuilmíd ó bhaoghal, acht ná fuilmíd chum casadh ar ár muintir ná ar ár ndúthaigh féin go bráth agus ceud slán leó go léir." "Cá bhfhearr ioná bheith scartha leó?" arsa an bhean choimhdeachta, "cuirfimíd chum maireachtana dúinn féin agus ní fheadair tu ná beadh an t-ádh linn ins an deireadh." "Beidh, le congnamh Dé. Is fearr dhúinn gan aon chúntas do thabhairt in ár gcúrsaíbh do mhuintir an árthraigh seo."
Tar éis dul amach dóibh tar Gibráltar do-chuaidh an ghaoth siar ó dheas air agus do bhí na tonna móra ag rioth ar an bhfairrge go breaghdha gan briseadh agus do bhí an t-árthrach ar aon chóiriughadh seólta ar feadh trí lá. Do órdaigh Conchubhar cathaoireacha móra do chur ar bórd an árthraigh agus cáirpéidí dearga do bheith fútha agus foscadh ón ghréin do leathadh in áirde ós a gcionn. Do ghlaodhaigh sé ar na mnáibh uaisle teacht aníos as an gcábán tug sé dhóibh, go raibh an namhaid i bhfad ar deireadh agus gur dócha go rabhadar tar éis casadh abhaile arís agus narbh bhaoghal dóibh an fhairrge anois. Táinig an bheirt aca aníos. Do bhí na deóra ag teacht leó agus do chromadar ag gabháil buidheachais leis: "Tug tu saor sinn ón dream dubh diabhalta úd agus go gcúitighidh Dia do shaothar leat. Go bhfágaidh sé an tsláinte agat féin agus ag do mhuintir agus go meudaighe sé bhur stór ar tír agus ar fairrge cibé áit i raghaidh sibh agus nár leigidh sé go seasóchadh aon bhean de do threibh-se ar mhargadh na Múrach go deoidh agus cuingealach an a dhá cois ar nós na caorach." "Cia ar dhíobh sibh, a mhná uaisle," arsa Conchubhar, "agus cá bhfuil bhur dtriall?" "Ná fiarfaigh dínn cia ar dhíobh sinn. Mise Gile na mBlát agus Fionnlámh atá uirri seo. Is í mo bhean choimhdeachta í. Is gairid an mhoill fios ár gcursaí do thabhairt duit. Do bhí mo athair-se chum mé do thabhairt le pósadh do dhuine nár thaithnigh liom ar chruadhacht a chroidhe, acht fé raibh sé d'uain aige a chomhairle do chur i bhfeidhm, ráinig go dtáinig na Múraigh gan fhios orainn agus gur fhuadaigheadar mé féin agus í seo. Agus ó atáimíd anois scartha le n-ár muintir agus le n-ár ndúthaigh féin agus tar chomhacht láimhe mo athar, atáimíd ar aigne gan chasadh ann go bráth acht amháin sceula do chur chuige dá rádh go dtug Dia saor sinn araon ó na Múrachaibh agus mise ón phósadh badh cheusadh dham."
"Tuigim," arsa Conchubhar, "ba mhinic buaidhirt ar dhuine de dheascadh díth céille a mhuintire. An rud is milse leis an athair, badh fhéidir go mbadh é badh sheirbhe leis an inghin. Ní hé an pósadh do oirfeadh don athair, do oirfeadh don inghin, agus má bhíonn an fear go holc dí, ní hé an t-athair acht an inghean bheidh féigh dhe. Atá a fhios ag gach aoinneach cá luigheann an bhróg air féin. Acht cá dtabharfa me sibh, mar ní dóigh liom go dtiocfadh sibh chomh fada le mo bhaile dhúthchais féin?" "Agus cadé an áit é sin?" arsa Gile na mBláth. "Cluain Fhiaidh, áit láimh le Dún Garbhán i nDéisibh Mumhan. Atá caisleán ag mo athair ann, caisleán Cluain Fhiaidh tugtar air." "Nach in Éirinn atá na háiteanna sin?" arsa Fionnlámh. "Is eadh," arsa Conchubhar, "agus má is maith libh tamall do thabhairt ag an chaisleán, atá fáilte romhaibh. Níl aon duine ná deoraidhe dá dtagann ann ná faghann iosdas uainn gan aon cheist do chur air acht oiread le haoinneach linn féin. Acht má atá sibh chum lonnughadh in Éirinn, ní fheadar cad is cor díbh." "Tuigimíd cad atá tu a' rádh, a dhuine uasail," arsa Fionnlámh, "acht innis dúinn cia tú féin?" "Mise Conchubhar ó Cinnéide. Is dóigh libh-se gur captaoin saighdiúirí mé mar gheall ar an gclaidheamh so agus an chulaith airm atá orm, agus is fíor go bhfuil an cheárd sin agam." "Ba dhanaoid dúinn-ne mara raibh," arsa siad. "Ní gábhadh aon trácht air sin," arsa sé. "Acht do bhí mé ag a rádh gur saighdiúir mé, agus is iomdha ceárd eile atá agam dá hiongnais sin. Nuair do bhí mise i mo bhuachaill óg, do chuireadh mo athair ag obair ins an pháirc mé, ag glanadh agus ag piocadh cloch, agus nuair do bhí mé ins an aois do chaithinn dul i measc na bhfear ag speala- dóireacht. Ní bheadh aon tsásamh air go mbeadh taithighe agam ar gach aon saghas obair do bhí ar siubhal aige ar an stát.
Agus tug sé léigheann dam i bhfochair na sclábhaidheachta. Agus adeireadh sé gur mó do bhí an léigheann de uireasbaidh orm ioná aon rud eile, mar fear iseadh é a bhfuil árthraighe aige agus bíonn earraidh dá dtabhairt tar na fairrgí aige agus dá ndíol insan bhFrainnc agus ins an Spáinn agus ins an Iodáil agus aon bhaile cuain a mbeadh margadh ann." "Tighearna talmhan agus ceannaighe t' athair má is eadh," arsa siad. "Is eadh" arsa sé, "agus ceannaigheacht is mó bhíonn ag deunamh cúraim dó." Tagadh Conchubhar chum cainte leó gach aon lá mar sin, agus do thaisbeánadh sé dóibh sléibhte agus cathracha na Spáinne agus na Frainnce do réir mar do bhíodar ag gabháil thósda agus tugadh sé ainm ar gach aon rud dóibh. Do bhí seanchus aige i dtaobh gach aon rud ar tír agus ar fairrge agus ba dheas an chuideachta do bhí ann. Acht is mó shainnt do bhí ar na mnáibh chum bheith ag éisteacht le sceulta mar gheall air féin agus na hearraidh do bhíodh ins an árthrach aige agus na nósanna do bhíodh ag a mhuintir ins an mbaile. "Is iongnadh liom," arsa Gile na mBláth leis lá, "tu bheith i do cheannaighe in áit bheith i do shaighdiúir, mar do airighinn i gcomhnaidhe gur mó mheas do bheadh ar chaptaoin airm ioná ar fhear do bheadh ag díol agus ag ceannach." "Is fearr a chiall do mhúin m'athair damhsa," arsa Conchubhar. "Adeireadh sé liom "má is maith leat bheith go seascair, sámh, téighir ag tuilleachtain duit féin, ag obair feirmeach nó ag ceannaigheacht. Aoinneach atá díomhaoin atá sé ró dhealbh. Má is duine socair-inntinneach thu, gan aon dúil agat in aon rud neamh-choitcheanta acht do shaoghal ar fad do chaitheamh ar aon imtheacht amháin, fan ar an dtalamh so agus téighir i measc na bhfear bhíonn ag obair ann. Acht má is maith leat radharc cathrach an domhain do fheicsin, téighir ag ceannaigheacht ar na hárthraighibh bhíonn ag dul tar lear. Ná cuimhnigh ar dul in aon arm. Is beag airgead ceart
thuilleann na saighdiúirí, agus an méid ghabhann shiad le daoine bochta do chreachadh agus a gcuid do bhaint díobh, ní gnáthach an rath do bheith ar a leithéid. Acht má imthigheann tu ar na hárthraighibh, téighir ag foghluim ar dtúis cionnus claidheamh agus guna do láimhseáil mar nárbh mhór duit bheith inneamhail ar tu féin agus do chuid do chosaint ar bitheamhna- chaibh. Seachain agus ná buail aoinneach ins an eugcóir, agus má bhíonn tu ins an neart ná leig do aoinneach an duine fann, faon-lag do thrascairt." Is mar sin do labhradh m' athair liom, agus do shíl mé go raibh an ceart aige. Do bhíodh an t-an-dhúil agam dul ins an chogadh agus bheith ag troid, acht do-chuaidh sé i dtuicsin dam gur olc an cheárd í, críostaidhthe do bheith ag marbhadh a chéile agus go minic ins an eugcóir. Agus do-chuaidh sé i dtuicsin dam leis gur geall le coghadh an cheannaigheacht acht gan an díoghbháil bheith innte agus go bhfuighbhinn sásamh mo inntinne innte chomh maith is do- gheobhainn ins an chogadh. Dála an saighdiúir, bíonn an cean- naighe i gconntabhairt go minic. Bíonn sé i gconntabhairt ón bhfairrge, ón stuirm agus ó na rópairíbh bhíonn ag faire air i gcomhnaidhe go bhfuighbhidís amas air. Neart in a lámhaibh agus gliocas aigne nárbh mhór dhó i gcomhnaidhe agus faobhar ar an gclaidheamh aige. Agus nuair théigheann sé is na bailte móra ag díol a chuid earradh, bíonn ceannaighthe eile ann ag cur in a choinne. Agus caithfe sé bheith ag cuimhneamh i gcomhnaidhe ar na hearradhaibh do bheadh ón gcathair seo agus ón gcathair úd agus gan an t-árthrach do bheith folamh aige aon am. Agus caithfe sé muinteardhas do dheunamh le daoine i ngach aon bhaile, ionnus go mbeadh fios cursaí na háite aige, mar níl aon bhliadhain thagann ná tugann léi athrughadh éigin, agus an rud oireann do mhuintir na cathrach sin i mbliadhna badh fhéidir nach é sin an rud oirfidh dóibh an bhliadhain seo chughainn." Atá buaidh agaibh-se chum na ceannaigheachta," arsa Fionnlámh leis, "agus do bhí mé ag a rádh léi-seo ó chianaibh
go bhfuil bhur gcuid earradh i ngach aon áit dhen domhan. Bíonn gach aoinneach ag trácht ar líon agus olainn na hÉireann. Agus an t-eudach sin a dtugtar saoi air, is de sin urmhór den eudach atá orainn féin." "Is fíor sin," arsa Conchubhar, "do bhí a fhios agam féin é acht badh oitir liom a rádh libh. Agus is dócha gur airigh sibh leis gur againn-ne atá na seithí is fearr agus an t-adhmad daraighe is fearr atá ann." "Do airigheamar cheana," arsa siad. "Acht innis dúinn cadé saghas daoine atá in Éirinn." "Atá olc agus maith orra dála gach aon dream," arsa Conchubhar, "agus adeirim libh má bhíonn sibh ag deunamh margaidh leis an duine is maoile agus is simplidhe atá orra aireachas do thabhairt díbh féin mar nárbh mhór leis bheith ionaibh." "Acht níor theip an misneach riamh orra," arsa siad, agus iad ag feuchaint ar a láimh a raibh rian scian an Mhúraigh uirri i gcomhnaidhe. "Ní fheadar," arsa sé, "atá lag agus láidir orra daoine meathta agus daoine misnigheamhla orra dála gach aon dream eile." An fhaid 's do bhíodar ag caint mar sin, táinig árthrach mór ón bhFrainnc gairid dóibh, agus do bhí na mná ag a tabhairt fa ndeara agus ag moladh an deunamh do bhí uirri. Do-righne Conchubhar gáire agus adubhairt sé leó gur árthrach crann daraighe do-righneadh i mBaile uí Bhaoighill ag a mhuintir féin í, agus gur iomdha árthrach eile do-righneadar agus do dhíoladar chomh maith léi, agus dá bfeiceóchaidís riamh pálás rígh na hIodáile gurab é an t-adhmad ceudna do bhí ar na fallaíbh ann leith istigh agus fa cheann an tighe.
I gcionn coicthighis nuair do bhíodar gairid do Chluain Fhiaidh, adubhairt sé leó go mbeidís go léir ag an chaisleán istoidhche pátrúin Mhaothail, agus go mbeadh cóisir ag a mhuintir tar éis casadh ón bpátrún. Níorbh fhada in a dhiaidh sin go bhfacadar ceann hEilbhic agus caisleán Cluain Fhiaidh. Do labhradar ar bhrataibh le muintir an chaisleáin, agus adubhradar leó go dtiocfaidís i dtír i gcionn na hoidhche. Le tuitim na hoidhche annsin do-chuaidh Conchubhar agus an bheirt bhan i dtír. Do bhí daoine ag fuireach leó le coréiste. Do-chuadar le deithneas go dtí an caisleán agus do bhí brudhadh mór daoine istigh. Do airigheadar an ceól agus na hamhráin agus fuaim an rinnce agus do bhí na fuinneóga ar aon lasair amháin. Do fhanadar tamall ag an dorus ag feuchaint isteach. Do bhí fairsing' agus fuighleach istigh, fíonta agus feóla, togha gach bídh agus gach dighe, agus gan aoinneach ag a dtobhach orra, acht cead aca go léir dul in a rogha áit agus suidhe chum bóird ann agus a sásamh beag nó mór do bheith aca. Acht ní hé an biadh ná an deoch do bhí ag deunamh cúraim dóibh acht an chaint agus an comhrádh agus an caitheamh aimsire. Do bhí daoine ann de mhuintir na Frainnce, agus de mhuintir na hAlemáine, agus de mhuintir na hIodáile. Do bhí gasradh annso agus annsúd, agus an teanga do bheadh ag an ngasradh so, badh fhéidir nárbh í sin an teanga do bheadh ag an ngasradh badh ghiorra dhó. Do bhí Colum ó Cinnéide ag imtheacht ó dhuine go duine agus ag cur caint ar gach aoinneach, agus ní raibh aoinneach ann nár labhair sé leis as a theangaidh féin
Nuair do-chonnaic sé Conchubhar agus na mná uaisle, do bhagraigh sé orra teacht i leith. Tángadar agus do chuir sé na tuara fáilte roimh Conchubhar. Do chuir Conchubhar na mná uaisle in iúl dó agus tug fios a gcúrsaidhe dhó. Do bhí sé go séimh leó agus do chuir sé in a suidhe le n-a ais iad, agus ba iongnadh leó a fheabhas do bhí sé chum na hIodáilise: "Nach deas iad na soillse agus na dathanna go léir," arsa Fionnlámh. "'Seadh," arsa Gile na mBláth, "acht is deise fós liom glór na cainte." "Uaigneas na fairrge do bhí ort, a inghean ó," arsa Colum léi, "uaigneas na fairrge, gan le feicsin agat le scaitheamh acht drom na díleann, crainn agus crannghail." Le linn na cainte seo do-chuaidh Conchubhar ag lorg Mháire nic Gearailt. Inghean do thighearna an stáit ba ghiorra don chaisleán í seo, agus chúig bhliadhna roimhe seo do bhí a hathair agus Colum ó Cinnéide ag iarraidh cleamhnas do dheunamh idir í féin agus Conchubhar. Do shíleadar go mbeadh an pósadh sin oireamhnach i ngach aon slighidh mar ná raibh acht aoinneach amháin cloinne ag gach duine aca agus gan aon rud ag cur an dá stát ó n-a chéile acht an teora do bhí eatorra. Acht do chuir inghean an Ghearaltaigh in a choinne agus do- chuaidh a muintir an-dhian uirri géilleadh. Nuair do thuig Conchubhar ná raibh sí toiltheanach agus badh fhéidir a cúis féin aici, adubhairt sé le n-a athair go mbadh náire leis a leithéid de eugcóir do dheunamh, agus tuicsin do bheith aige dó féin agus dí sin, cibé rud dheunfadh an dá stát. Ní raibh a thuilleadh trácht air annsin, agus i gcionn na bliadhna do phós inghean an Ghearaltaigh captaoin óg ó Phortlairge, agus do bhí buidheachas aca araon ar Chonchubhar. Nuair do-chuaidh Conchubhar ag lorg Mháire an uair sin, fuair sé ins an deireadh í agus í ag caint le lucht an cheóil, mar file ba eadh í féin.
"Is ar do chuideachta atá aithint do thréithe," arsa Conchubhar taobh thiar dí. "An tu sin, a Chonchubhair?" arsa sí. "Sé do bheatha abhaile chughainn ón bhfairrge andeas." "Go mairidh tu. An bhfuil a fhios agat cad tugas liom an iarracht so?" arsa Conchubhar. "An mbainfidh tu mo chrann-tomhais díom?" arsa sí. "Go deimhin, ní bhainfead. Caith do chrann-tomhais." Do bhí an rann aici ar an nómaint, agus mar seo adubhairt sí é: "Do dhearcas neach ar ghile 'n aoil Ro ling de shidhe ó neamh ad dháil. Beir leat, a rí, tar bhorb-tuinn An bhruingeall mhín, an peurla mná. - tugais bean leat abhaile ón bhFrainnc?" "Ní ró olc an t-aimsiughadh atá agat," arsa Conchubhar léi, "acht ní bean tugas liom acht beirt aca." "Cúis gháire chughainn. Agus fiadh do bhí agat an uair dhéidheanach, agus do-bhí sceul ceart fiannaidheachta agat ar cionnus do bhain tu de na fiagaidhthibh agus de na gadharaibh é. Cad do bhí ar na mnáibh seo? Cá bhfuil siad agat? Taisbeáin dam iad." "'Seadh," arsa Conchubhar ag a tabhairt anonn go dtí na mná uaisle, "agus de na fiagaidhthibh do bhaineas iad so leis." Do cuireadh na mná uaisle in iúl dá chéile agus do éirigh Colum agus do fhág sé an áit fútha féin. Do bhagraigh Conchubhar ar sheirbhíseach agus do leag an seirbhíseach bórd beag le n-a n-ais a raibh trí cinn de mhiasaibh air. Do bhí ubhla dearga ar cheann aca, do bhí súgh thalmhan ar cheann eile aca, agus do bhí súgh chraobh ar an tríomhadh ceann. "Suidhidh annso," arsa Conchubhar leó, "caithfe mise dul ag feuchaint daoine muinteardha dúinn ón bhFrainnc."
Do chrom na mná ag seanchus agus ag cur síos dá chéile, agus níorbh fhada go raibh sceul Gile na mBláth agus Fionnlámh ag Máire nic Gearailt chomh cruinn agus do bhí sé aca féin acht amháin nár innseadar dí cia'r dhíobh iad, agus adubhairt sí go gceapfadh sí dán mar gheall orra agus go suidhfeadh sí ar mhullach an tsléibhe lá gaoithe ag lorg an chaint do oirfeadh don duine bocht aedhearach do chóirigh a long le bláthanna, agus go gcuirfeadh sí Conchubhar agus a chuideachta i gcompráid le hOscar na Féine. Acht ins an chaint dóibh do bhraitheadar ciúineas éigin ag teacht ar na daoine, agus do-chonncadar an sean-duine ag gleusadh na cláirsighe. "Éistidh leis seo," arsa Máire leó. Nuair do bhí deireadh leis an gceol, do bhí na deora ag teacht le n-a raibh ann aca. "Sin ceol agaibh," arsa Máire leó, "Caith do thuairim air," arsa sí le Gile na mBláth. "Do shíleas," arsa sí, "nuair do bhí mé ag éisteacht leis go raibh sceul dá innsint aige ins an cheol. Do shíleas go raibh sé ag trácht ar fear do chuir craoibhín bheag de chrann ubhall ar bhruach srotha; agus go dtagadh sé gach aon lá ag feuchaint uirri; agus ná raibh bileog tiocfadh uirri ná fiú na riastaí ar aon bhileoig aca ná raibh comhairighthe agus tabhartha fa ndeara aige; agus le miorbhailtí Dé gur fhás an chraoibhín sin in aon earrach amháin chum bheith in a crann mhór ubhall; agus gur chuir sí na bláthanna amach agus ná raibh a leithéid de bhláthannaibh ar aon chrann eile dá raibh ins an choill, a ghileacht do bhí an geal ionta agus a dheirgeacht do bhí an dearg; agus nuair táinig na hubhla uirri, agus nuair mheudaigh an fhearthainn iad agus nuair do chuir teas na gréine an luisne ionta, ná raibh aon ubhall aca nár chuir áilneacht ar a chroidhe; acht do shíleas annsin go dtáinig oidhche mhór gaoithe agus nuair do-chonnaic sé an crann ar maidin go raibh sí cnagtha, stractha agus gur luigh an phian ar a chroidhe, agus ná raibh sé dh'uain aige an díoghbháil do mheas
ná do chomhaireamh, nuair táinig an splannc agus gur chuir sí an crann agus a raibh fúithi leis an tuile." "Is maith an tuairim atá agat," arsa Máire nic Gearailt le Gile na mBláth, "agus is í a inghean féin an chraoibhín sin. Fuair sí bás lá Bealtaine seo do imthigh tharainn, agus is ag a caoineadh do bhí sé. Ní raibh sé ceart aca a iarraidh air an ceol sin do sheineamhaint." "Ní raibh," arsa Gile na mBláth. "Do bhí uaigneas agus amhluadh an domhain ins an cheol sin." "Do bhí" arsa Fionnlámh, "agus briseadh croidhe ann, go bhfeuchaidh Dia ar an aingceiseóir bocht." Do éirigh an chuideachta annsin agus do fhágadar slán ag a chéile i gcór na hoidhche.
Maidin lá ar n-a bhárach do chuir athair Chonchubhair fios as na mnáibh uaisle agus do-chuadar go dtí é. "Do bhí Conchubhar so agam-sa ag innsint dam mar gheall oraibh," arsa sé leó, "agus cionnus tug sé saor sibh ó na Múrachaibh." "Tug go deimhin," arsa siad. "Agus go mbadh slán an gaisceadh aige é. Beirim buidhea- chas le Dia go bhfuil mac ar mo shliocht a bhfuil neart a lámh ag freagairt do mheabhair a chinn chum dul ag fóirthin ar an duine bocht atá caithte le fán an tsaoghail. Ba dhual athar dó sin daoine do bheith ag gabháil a choimirce, mar is cuimhin liom-sa nuair do bhíos in a aois sin agus mé i mo cheannaidhe ins an bhFrainnc gur casadh i dtigh mé oidhche. Do bhíos ag imtheacht ar chapall diallaid agus do ghabhas comhgarmar do bhí deithneas orm go dtí an baile mór, acht táinig an oidhche orm agus do bhí sé chomh dubh le daol, mar ba í an duibh-ré do bhí againn agus ní fheiceóchainn mo lámh féin. Do scaoileas leis an gcapall annsin, mar is fearr de chiall bhíonn i gcosaibh capaill ins an dorchadas ioná i gceann an mharcaigh. Acht ar iompódh éigin do bhí ins an chosán do- chonnaic mé an solas mór amach romham agus do-chuaidh mé go dtí é. Teach beag ar bhruach coille ba eadh é a raibh an dorus oscailte, agus nuair do-chonnaic mé cad do bhí ann, "Ó 'se," arsa mise, "nár mhúchaidh Dia solas na bhfhlaitheas ar anmain bhur marbh, cibé daoine atá m a gcomhnaidhe annso." Acht nuair do-chuas isteach ní raibh aoinneach istigh romham acht cathaoireacha caiththe ar an urlár agus cupán briste agus hata fir. Do fheuch mé ar gach aon rud agus do-chuas suas
ins an seamra eile agus do-chonnaic mé gúna mná ar crochadh ar an bhfalla a agus adubhairt mé annsin, mar gheall ar an ngúna agus gan aon bhall eudaigh eile ann acht é agus an t-aon chupán amháin gur dócha gur le bean aonar an teach so agus gur le ropaire nó le gadaidhe éigin an hata sin agus gur dócha, nuair aireóchadh sé uaidh é, go mbeadh sé ag casadh fa n-a dhéin ar eagla go mbainfidhe aon fhaisnéis as. Do fhágas an teach le deithneas agus tug mé an capall isteach tamall ins an choill agus do cheangail mé do chrann é agus do chuireas an mála coirce ar a cheann ar eagla go mbeadh sé ag siotara. Do bhaineas na bróga díom annsin agus do eulaigheas liom go dtí an teach arís. Fuair mé plain- ceud sa seamra codlata agus do fhan mé leith istigh den dorus. Níorbh fhada gur airigh mé an duine ag teacht. Do bhí a fhios agam go mbeadh an dorchacht in a shúilibh. Díreach nuair do bhí sé ag gabháil tarm, do bhí an plainceud anuas ar a cheann agam agus é ar chnámh a dhroma ar an urlár. Do labhair mé leis annsin agus adubhairt mé go gcaithfeadh sé mé do fhreagairt agus má liúghfadh sé ná aon chorraighe do chur as go raibh sé marbh. Do innis sé dham go raibh cúigear ann díobh agus go raibh an bhean ins an choill aca agus go rabhadar chum í do bhádhadh i loch do bhí ins an choill dúmus gurbh í féin do thuit isteach ann agus go raibh seod aici agus gurbh í sin do bhí uatha. Do-righneas ceirtlín de chiarsúir do bhí agam agus do chuireas in a bheul é, agus do chuireas ceirt aniar tar a cheann agus do bhaineas na bróga de agus adu- bhairt mé leis eolas do dheunamh dham go dtí an áit i raibh a chomarádaighthe agus má bhrisfeadh sé cipín fa n-a chosaibh, bíodh sé le neamh-shuim nó le ciotarainn e nó le n-a thoil féin, go mbeadh an claidheamh is na haeibh aige. Do imthigh sé leis romham annsin chomh mín, chomh eudtrom le cat i macha chomharsan. Ní rabhamar i bhfad ag imtheacht, nuair do- chonnaic mé teine ins an choill. Do stad sé annsin, agus do cheangail mé de chrann é. Do eulaigheas gairid dóibh agus
do-chonnaic mé go raibh beirt aca a raibh a gcúl liom, agus an bheirt eile agus a n-aghaidh orm, agus an bhean bhocht in a luighe le n-a n-ais, acht ní fhaca mé aon cheangal uirri. "Ní fheadar cad atá ag a choimeud so?" arsa ceann aca. "Colum ó Cinnéide annso agaibh," arsa mise ag leigint an ghreath sin asam, agus do bhí mé preabaighthe chucha ar an nó- maint, agus an bheirt ba ghiorra dham tugas iarracht den chlaidheamh dóibh do bhain an brígh asta. Do theich ceann den mbeirt eile, acht do phreab an ceathramhadh fear in a sheasamh agus do bhí sé ins an mullach orm ar an nómaint dearg. Fear trom teugartha ba eadh é agus ceann gruaige air mar do bheadh ar leomhan. Do bhraitheas air go gcuirfeadh sé chum mo dhíchill mé, a chlisteacht do bhí sé ag imirt a chlaidhimh orm. Do bhí na claidhte ag imtheacht againn mar do bheadh lasracha ag ceárdchain. Ní raibh cleas agam nár chuireas air, agus ní raibh cleas agam ná raibh a mhilleadh aige sin. Ins an chogadh dhúinn do sheasaigh mé ar smeurthóid dearg do chuir pian i mo chroidhe, acht do leanas air gur airigh mé mo chlaidheamh ag cnagadh gairid dom mheurannaibh." Nuair do airigh an bheirt bhan do bhí ag éisteacht leis an méid sin, do bhuaileadar a mbasa agus do chromadar ag gol le scannradh. "Ní mór ná bíonn scáth orm féin," arsa sé, "nuair chuimhnighim air. Acht ní haon scáth do bhí orm an uair sin acht fuinneamh deichneabhair do dhul i mo gheugaibh agus rabharta feirge agus gaiscidh do éirghe i mo chroidhe, "anam an fhir mhacánta ar do choimirce, a Rí na bhfeart," arsa mise ag cromadh síos agus ag preabadh isteach chuige agus ag a bhualadh ins an eudan le bun an chlaidhimh do fhan agam agus ag a leagaint den iarracht sin. Do-chuaidh barr a chlaidhimh tré mo chasóig fa mo oscaill chlé agus do scrios an croiceann díom agus sin é an méid do bhain dam. Do bhaineas an claidheamh de annsin, agus ba fhurus dam a dheunamh mar do bhí sé i luigeachair agam. Is annsin tugas fa
ndeara an fothrom do bhí taob thiar díom. An fear do bhí ag teicheadh, do bhuail a chos ar an mbean do bhí sínte ar an talamh agus rug sí greim barróige air. Do bhuail sé í agus do stol sé í acht níor bhog sí de go dtáinig mise i gcabhair uirri. Do-righneamar teuda de na plainceudaibh annsin agus do chuireamar iad a gceathrar in a suidhe, gach duine aca cois crainn agus do tharraingeamar a lámha siar tar na crainn, agus is mar sin do chuireamar cruaidh-chuibhreach agus ceangal gan scaoileadh ar an áit sin orra. Adubhairt an bhean liom go raibh teach timcheall míle uainn agus dul go dtí é agus go gcuirfidís congnamh fear chuiche chum faire ar na biteamhnachaibh seo. Do-righneas agus do-chuaidh mé go dtí an baile mór fa dhéin na n-oifigeach. Do innis an bhean dam in a dhiaidh sin go raibh seód i bhfolach aici, acht badh fhada liom a innsint díbh cionnus fuair sí í, acht adubhairt sí gur fiú na mílte púnt í agus go raibh na bitheamhnaigh chum teineadh do chur le boinn a cos muna n-inneósadh cá raibh sí i bhfolach aici." "Is fíor é t'fhocal, a dhuine uasail," arsa Gile na mBláth, "gur dual dó bheith mar atá sé. Nárbh mhaith a chuimhneamh uait bun do chlaidhimh do chur i bhfeidhm ar an mbitheamhnach sin?" "Ba mhaith sin, acht is é Dia na ngrásta do aimsigh an buille dham. Do bhí mé ag a rádh in a dhiaidh sin nárbh fhuláir dam Dia mar oide múinte agam, agus muna gcuimhneóchainn ar an gcleas beag sin, do bhí mo chnámha sínte in achrann i gcúnach na coille craobhaighe sin." Le n-a linn sin táinig Conchubhar isteach ins an seamra agus do-righne sé gáire nuair do-chonnaic sé ag caint iad. "Do shíleas," arsa sé, "go rabhais chum an áit do thais- beáint dóibh." "Do bhíos," arsa sé, "acht cár mhisde dhúinn seanchus beag agus aithne do chur ar a chéile an cheud uair?" Do imthigheadar annsin agus do thaisbeáin sé dhóibh gach a
raibh ins an chaisleán. Do chuir sé iongantas orra, a neamh- choitcheantacht do bhí gach aon rud ann. Ní raibh aon cháirpéid in aon áit acht luachair caithte ar an urlár agus cúnach tirim. "Cadé a chúis ná fuil cáirpéidí agaibh," arsa na mná. "Badh fhearr linn na luachra" arsa Colum, "mar is folláine iad. Tabhair fa ndeara nach luachra coitcheanta iad sin do bheadh ag feirmeóiríbh na tuaithe ag cur dín ar bhothán nó ag deunamh easrach do bheathaidheachaibh acht luachra cumhra agus nuair bhrúdhann tu fa do chosaibh iad, cuireann siad boladh deas folláin ar fud an tseamra. Atá siad ag fás againn amuigh annsin i nGleann Dealgain. "Do bhraitheas an boladh cumhra, mhaise," arsa Fionnlámh "agus do shíl mé gurbh é an rós críon do bhí i bhfolach agaibh in áit éigin. Bíonn cleas mar sin aca ins an dúthaigh againn-ne." "Nach ón Iodáil díbh-se?" arsa Colum. "Is eadh," arsa sí, "ní haon mhaith bheith ag a cheilt sin ar aoinneach, mar do aithneóchadh aoinneach ar ár gcaint sinn." "Do aithneóchadh," arsa Colum, "dá mbeadh na háiteanna sin siubhalta aige. Acht má atá sibh ar aigne fuireach annso, caithfe sibh an teanga Gaedhilge do fhoghluim." "Caithfimíd," arsa siad, "acht innis dúinn cadé a chúis ná fuil aon phictiúirí ar na fallaíbh agaibh, dála mar bhíonn againn-ne." "Inneósad sin díbh. Nuair bhítear ag deunamh tighe do dhuine uasal ins an Iodáil, cuirtear muirteul mín cruaidh sleamhain ar na fallaíbh agus cuirtear an dath orra fé dtiormuightear an muirteul. Sughann an muirteul an dath agus atá pictiúir ar an bhfalla agaibh go bráth annsin chomh cruaidh, chomh daingean le cloich shnaidhte. Acht dá ndeunfaidhe an obair sin annso, badh bheag a mhaise do bheadh air i gcionn na bliadhna. Bíonn an aimsear fliuch againn agus nádúir na húireamhlachta i ngach aon áit. Do-
chífeá an fliuchras in a chuarnaoiníbh ar na fallaíbh againn lá geimhridh agus i dtosach earraigh, agus dá mbeadh dathanna againn orra do thréigfidís agus do mhúchfaidís a chéile. Agus mar sin chum ná beimís ag feuchain ar fallaíbh fuara, buailimíd cipíní adhmaid isteach ionnta agus leathaimíd brait orra." "Masa, atá siad go canta agaibh," arsa siad, "agus ba mhór an obair a bhfuil de shomplaíbh ar na brataibh sin do dheunamh le snáth agus snáthaid." "Mná an bhaile dheunann iad sin. Acht fan go bhfeicfe sibh an brat mór atá le falla seamra na n-árthraighe atá thíos ar chlár na talmhan." Do-chuadar ann agus do thuigeadar cadé a chúis an ainm sin do thabhairt ar an seamra mar do bhí ar cheann de na brataibh gach aon árthrach riamh dár bhain le muintir an chaisleáin le dhá cheud bhliadhain dealbhaighthe, agus dathaighthe idir chrann agus cabhail agus seolta. "Feuch ar an sean-árthrach so," arsa Colum, "do bhí ag mo shin-shin-shean-athair. Ní hé dála an éithigh atá uirri, tosach láidir agus deireadh lag. Ní hé acht a mhalairt sin" Do thaisbeáin sé annsin dóibh na seóda do bhí aca agus adubhradar: "An fhaid is beó ár súil ní fhacamar a leithéidí." Do bhíodar i seamra fa leith aige. Clocha snaidhte do bhí is na fallaíbh agus do bhí áirse deunta ar gach falla aca agus barraí na n-áirsí ag teacht le n-a chéile i gcnapán cloiche do bhí in lár an tsíleáil agus lampa ar crochadh anuas as. Dorus an tseamra do bhí i gceann de na háirsíbh agus fuinneóg do bhí ins an áirse eile do bhí ar a aghaidh sin amach. Agus ins an dá áirse atá gan áireamh fós againn do bhí oibreacha deunta isteach ins an bhfalla. Do bhain Colum na glais díobh agus níor dhóigh leat nach gealán gréine táinig ann. Do bhíodar ann, na seóda óir agus airgid, clocha solusmhara niamh- dhearg agus niamh-ghorm, bioráin agus cailísí, cupáin agus
miasa, agus soithighe a raibh gach aon chrot agus deunamh orra Agus dá dheiseacht iad a gcrot agus a ndeunamh, ní i dtaobh leó sin do bhíodar, mar ní raibh leithead do lúidín orra ná raibh fuilighthe ag órnáidíbh miona agus iad chomh bog chomh sleamhain sin go mbadh dhóigh leat gurbh é rioth an mhianaigh do-righne iad, nó gurbh uatha féin tángadar ann dála na riastaí do bheadh ar phána fuinneóige tar éis oidhche sheaca. "Mile buidheachas le míorbhailtíbh Dé," arsa siad, "ní breaghdhacht go dtí iad. Ní deise na réilthíní ar an aer ioná iad. Badh dhóigh leat go mbadh saoghal duine a gceapadh sin agus saoghal fiolair a gcumadh agus a ndeunamh." Do-chuadar annsin ag feuchaint ar throscán an tighe agus tugadar fa ndeara go raibh deunamh fairsing ar gach aon rud, an t-adhmad snaidhte go deas orra agus gach ball aca chomh socair le carraig gan díoscán ná luascadh ann agus artha an tsámháin aca go léir. Lá ar n-a bárach arís do chuir Colum ó Cinnéide fios orra agus do-chuadar go dtí é, iad féin agus Conchubhar. "'Seadh anois, a mhná uaisle mo chroidhe," arsa Colum leó, "ó is rud gur chuir Dia in ár líon sibh, an bhfuil aon tuairim agaibh cionnus chuirfe sibh chum maireachtana?" "Níl," arsa Gile na mBláth, "acht gur fuar an tuarastal bhíonn ag an duine díomhaoin agus go ndeunfaimíd cibé obair i gcasfaidhe ann sinn." "Cad mar gheall ar chuid Labhráis Traoin?" arsa Con- chubhar le n-a athair. "'Seadh," arsa sé, "atá teach beag deas ann agus gardha ag gabháil leis. Bíodh an áit sin agaibh. Tabharfaimíd congnamh díbh chum é do shaothrughadh mar ní dócha gur ró-mhaith an tuicsin atá agaibh in obair mar sin. Agus dá bhfuighbheadh sibh fuaghail do dheunamh agus teacht ag obair ar na brataibh sin do-chonncabhar ins an tigh seo, do-gheobhadh sibh luach bhur saothair go maith as."
"Buidheachas le Dia," arsa siad, nach shin é an obair is taitheach linn ins an mbaile? Agus cad dheurfadh sibh le pictiuírí beaga do dheunamh agus a ndíol? Do múineadh dúinn ins an mbaile cionnus sompla duine nó aon phictiúir eile do dhealbhadh." "'Ar bhfalaing ná fuighbhimíd bás i mbliadhna. Do bhain tu as mo bheul é. Nach shin í an cheist do bhí mé chum a cur oraibh, an raibh an cheárd sin agaibh. Mar dá fheabhas iad muintir na hÉireann, sin ceárd ná fuil aca. Agus beidh congnamh deas maireachtana annsin agaibh i bhfochair gach imill bheag eile." "Cad mar gheall ar chlainn Labhráis?" arsa Conchubhar. "'Seadh," arsa Colum, "díleachtaidhthe iad sin, go bhfeu- chaidh Dia orra. Mairneulach ba eadh a n-athair agus do bhíodh sé ar cheann de na hárthraighibh againn. Nuair do bhíodar ag cur an árthraigh a raibh sé uirri ins an ród i gcuan Burgóinne ins an bhFrainnc, do-chuaidh sé féin agus mairneulach eile i mbád bheag chum teud do cheangal ag baoi do bhí ann Rabharta do bhí ann agus tosach trágha aige agus an ghaoth in a choinne, agus cibé rud do bhain dóibh, do-chuaidh Labhrás in achrann ins an teud agus do sciobadh amach as an mbád agus do bádhadh é. Agus fé'r fhág sé an baile do bhí a bhean an- thinn. Droch-ghalar éigin do bhuail í, an bhean bhocht, agus do-chuaidh chum gadhscailt uirri. An oidhche cheudna do fhág a fear an caladh-phort thíos ag Baile uí Bhaoighill, do éirigh gála mór gaoithe agus do luigh an scannradh ar a croidhe agus lá ar n-a bhárach do bhí sí tar éis bháis." "Ó 'se, go saoraidh Dia sinn," arsa Fionnlámh, "nach iomdha ciotarainn bhíonn ós cionn an mhairneulaigh bhoicht. Conntabhairt anama air fhéin ón bhfairrge agus conntabhaist anama ón scannradh ar a mhuintir féin ins an mbaile." "Mo thruagh iad na páistí bochta," arsa Gile na mBláth, "cadé an aois atá aca?"
"Sé bliadhna ag an ngarsún beag agus chúig ag an ngearrchaile." "Agus cad atá sibh chum deunamh leó?" arsa siad. "Atá siad ag fuireach annso ins an chaisleán againn, acht ní ró-mhaith an áit dóibh é, badh fhearr linn go mbeidís i dtigh bheag, rud do thaithigheadar." "Ó 'se, nach iad sin an dá ghleóiteóirín bheaga a rabhamar ag súgradh leó ar maidin," arsa siad. "Is iad go deimhin," arsa Conchubhar, "an dhá pháiste is eadh iad." "Is eadh," arsa siad, "agus bíodh nár thuigeamar focal ó n-a chéile, badh dhóigh leat gur in aon tigh amháin do tógadh sinn. Ní fheadar an mbeadh aon fhaghbháil ar iad do thabhairt dúinn?" "Do bheadh, masa," arsa Colum, "Sé n-bhur mbeatha agus bhur sláinte agus go mbadh mhaith a mhaise dhíbh go léir é. Agus deunfaimíd an margadh so le n-a chéile, saothrughadh na talmhan do bheith in aiscidh agaibh as aireachas do thabhairt do na páistíbh agus bó do bheith agaibh ar an mbainne agus a bhfuil de throscán ins an tigh do bheith agaibh an fhaid's bheidh sibh ann, acht é do thabhairt tar n-ais nuair bheidh sibh ag fágbháil." "Ní gábhadh dhuit trácht air sin," arsa Conchubhar. "Is gábhadh," arsa Colum, "ní mar ghrádh Dia atáimíd ag a thabhairt dóíbh agus cuirfimíd cíos beag orra agus deun- faimíd an cíos do chomhaireamh ón lá so acht go bhfuighbhe siad spásas gur acfainn dóibh a dhíol." "Ó 'se níor mhisde "Colum an chruaidh-mhargaidh" do thabhairt mar ainm ort," arsa Conchubhar. "Éist, a dhuine," arsa Colum, "nó tabharfar "Con- chubhar na créithre briste" mar leas-ainm ort féin, mar is é nádúir na créithre an mion do scaoileadh tríthe agus an garbh
do choimeud, acht má bhíonn sí briste atá mion agus garbh imighthe in aoinfheacht aiste." Ní dearna na mná acht gáire agus adubhairt Gile na mBláth le Conchubhar: "Nach cuimhin leat," arsa sí, "an rud adubhairt tu mar gheall ar na hÉireannachaibh, aireachas do thabhairt dúinn féin nuair do bheimís ag deunamh margaidh leó mar nárbh mhór leis an duine is maoile do bheadh orra bheith ionainn?" "Is cuimhin go maith," arsa sé, "agus atá mo fhocal ag teacht chum críche anois." "Is maith atá a fhios agat féin ná fuil," arsa siad, "agus atáimíd buidheach díot-sa agus de t'athair, agus go mór- mhór mar gheall ar na páistíbh, mar múinfe siad an Ghaedhealg dúinn." Do-chuadar annsin chum comhnaidhthe ins an tigh bheag agus an bheirt leanbh in a bhfochair. Do thaisbeáin Colum dóibh an teach agus an gardha agus do áirmhigh sé i leabhar chúntais gach ball troscáin agus úirlis dá raibh ann agus táinig ceann de na mnáibh ón chaisleán chum a mhúineadh dhóibh cionnus bó do chrúdh. Tagadh Conchubhar agus muintir an chaisleáin go dtí an teach go minic ins an tráthnóna chum go mbeadh na mná ag éisteacht leó ag labhairt na Gaedhilge, agus is minic do bhídís ag gáire nuair do-chífidís cionnus bhíodar ag cur chum í do fhoghluim. Do bhí dathanna ag Gile na mBláth do cheannaigh sí ó Cholum, agus do chuir sí a ainm as Gaedhilg ar gach aon bhall troscáin do bhí ins an tigh. Agus do chuir sí na hain- meacha ar na soithighibh leis agus aon ainm ná beadh aici don cheud iarracht, do chuireadh sí ar an soitheach arís é nuair do bheadh sé nighte aici. Do líon sí na fallaí ó aoirde a láimhe anuas go talamh le pictiúirí agus do chuir sí na páistí ag caint mar gheall orra, agús níorbh fada go raibh an Ghaedhealg ag rioth chucha in a slaodaibh agus ba euchtach an caitheamh aimsire do na páistíbh é.
Táinig garsún den áit go dtí an dorus chucha lá agus breac le díol aige. Do bhí an garsún beag de na Traoinigh mar fear teangadh ag Fionnlámh agus do labhair sí le garsún an bhric:- "An mór atá uait ar an mbreac sin?" "Atá scilling." "Ní fiú scilling é." "Adubhairt mo mháthair liom gan é do fhágbháil agaibh muna bhfuighbhinn scilling air." "Má adubhairt, árdaigh leat é." Ní raibh sé chúig nómaintí imighthe nuair do chonncadar Diarmaid na Soillse ag gabháil tar brághaid agus an breac ceudna ar ghad aige. "Cad tugais ar an mbreac, a Dhiarmaid? arsa Fionn- lámh leis. "Tistiún." "Nach ón ngarsún do bhí annso ó chianaibh do cheannaighis é?" "'Seadh." "Agus, dar ndóigh, ní fhágfadh sé againn-ne é, muna bhfuighbheadh sé scilling air." Do-righne Diarmaid gáire. "An ndubhairt sé leat," arsa se, cuimhneamh ar na daoinibh bochta do bhí amuigh ar feadh na hoidhche ag iarraidh an breac sin do mharbhadh dhíbh, agus sibh-se go sámh ins an leabaidh?" "Ní dubhairt." "Masa, ba é a dhearmhad é. Is iongnadh liom ná dubhairt." "Agus cadé a chúis dó é do fhágbháil agat-sa ar thistiún, má dubhradh leis scilling do fhaghbháil air?" "Éist," arsa sé, "ná tuigeann tu gur de lucht na scil- linge sibh-se agus de lucht an tistiúin mise agus mo leithéidí?"
"Mhuise, is ait an dream iad, acht atá cuid aca ins an dúthaigh againn-ne agus an cleas ceudna aca. Ní hé an méid is fiú an t-earradh a luach aca, acht an méid arbh acfainn don cheannaightheoir do thabhairt air agus do bheadh fiche focal aca i siubhal lae." "Is fearr dhíbh sceula do chur chugham nó chum mo bhean, má bhíonn aon rud uaibh mar do chreachfadh mangairí an bhaile sibh. Acht ní bheadh a fhios agat arbh í an fhírinne do bhí ag an ngarsún nuair adubhairt sé ná fuighbheadh sé é do fhágbháil muna bhfuighbheadh sé scilling air, mar bíonn sceilpéirí beaga ag imtheacht anois agus do bheidís ag éileamh an dá luach as an earradh chum an barr-spártha do bheith aca féin." "Masa, is aingceis an sceul é." "Is aingceis mhuise, acht níl aon toradh le tabhairt orra agus is deacair iad do chosaint ar na pinginníbh. Nach seo, tóg an breac so ar an tistiún tugas air. Níl aon ghnó agam de." Níorbh mhaith le Fionnlámh é do thógbháil uaidh, acht do thóg sí ins an deireadh é. Nuair do bhí sí ag a ghlanadh, fuair sí blúire beag de chois luibhe istigh ann, agus do thaisbeáin sí do Ghile na mBláth é. Ní raibh luibh ag fás i ngáirdín Rígh na hIodáile ná raibh a hainm aici sin, agus dá bhfeiceóchadh sí bláth nó bileóg nó órdlach de chois nó de phréimh de aon cheann aca' do aithneóchadh sí í. Acht ba ait léi an blúire beag do thaisbeáin Fionnlámh dí, mar do bhí braoinín dearg ag sileadh le gach eudan leis, agus adubhairt sí go mbadh mhaith a chuimhneamh é do chur in uisce agus go mbadh fhéidir go dtiocfadh snáithín den phréimh amach tríd. Do chuir agus i gcionn an chúigeadh lá do bhí na preumhacha miona le feicsin mar do bheadh clúmh air. Do chuir sí annsin i dtalamh úir é agus i gcionn ráithe do bhí sé in a chraoibhín deas aici. Is é an Dearg Faille do bhí aici gan fhios dí féin, agus is den luibh sin dheuntaoi ceann de na dathannaibh do ba fhearr dá raibh ag muintir na hÉireann le linn na haimsire sin.
Aon lá cinn bliadhna tiocfadh do bhíodh an sean-nós aca. Do chuireadar an gearrchaile go dtí sean-bhean chum rann oidhche Fhéile Brighde do fhoghluim agus do-righneadar brighdeóg di, agus do-chuaidh sí léi ó thigh go tigh ar fud an bhaile. Do bhí áthas ar Cholum nuair do airigh sé é agus táinig sé féin agus Conchubhar lá ar n-a bárach chum an bhrighdeóg do fheicsin Adubhradar go raibh sí go deas aca acht an cóiriughadh do bheith tar ceal aca uirri. "Abair dúinn rann an fhir anois, a ghearrchaile," arsa Colum. "Ba mhinic siúd i do lóistín Líon 's fíon 's ceóilsidhe. A dhuine uasail mhúinte Do thaithigh subhaidheacht, Is chughat-sa tugamar an bhrighdeóg." "Tar slán, a ghilín," arsa Colum, "acht geallaim ná fuil rann na mná agat." "Atá," arsa sí. "Abair dúinn é." "Éirigh it shuidhe, a bhean an tighe, agus bí go huasal. Mar is é ba dhúthach agus ba dhual duit. Sín do lámh agus leig dúinn gluaiseacht. Mar is í bean an tighe seo Croidhe gan chruadhtan."" "Atá go praitineamhail, i maite. Acht feuch ar an bhféirín tug Conchubhar chughat. Adhbhar gúna beag agus falaing dod ghuailnibh agus biorán airgid chum í do choimheud. Cad adeir tu anois liom?" "Ná rabhais in a aithreachas, a Choluim," arsa sí.
Tug Conchubhar fa ndeara an bogha Brighde do bhí sáidhte ins an díon aca. "Ó 'se, cia mhúin díbh é sin, nó cionnus táinig sé ann ar aon chor?" "Ceann de na sean-mhnáibh adubhairt linn," arsa Gile na mBláth, "gur le Brighid gach teaghlach atá in Éirinn agus go ndeuntar a leithéid i gcomhnaidhe i gcóir na hath-bhliadhna as muinighin di, agus táinig Diarmaid na Soillse agus tug dúinn fios a dheunta." "Dar seó, muna bhfuil buaidhte agaibh," arsa siad, "is gairid ná beidh aoinneach ar an mbaile seo níos Gaedhealaighe ioná sibh." Do innis Colum sceul dóibh annsin mar gheall ar luing do bádhadh i gcuan Dún Garbhán dá fhichid bliadhain roimhe sin. Loclannaigh do bhí uirri acht ní táinig aoinneach saor aiste acht an captaoin agus a bhean, "agus," arsa sé, "atá a gclann sin annso anois agus feirm bheag thalmhan aca agus níl aon rud orra acht a sloinne do inneósadh duit gur ó na Loclannachaibh do shíolraigheadar." Nuair do airigh Gile na mBláth agus Fionnlámh an nós sin do bhíodh aca oidhche Fhéile Mártain, fuil choiligh do dhortadh agus an coileach do thabhairt timcheall ar fud an tighe an fhaid 's do bheadh sé ag tabhairt na fola, agus roinn den fhuil do ghabháil i soitheach agus í do choimheud, do thógadar col leis, agus ba ghránda leó a dheunamh. Acht ráinig go raibh Gile na mBláth agus na páistí amuigh ins an ngáirdín tráth- nóna an lae sin agus do airigheadar an fothrom agus an bualadh sciathán in áirde ós a gcionn. Seabhac do bhí ann agus do bhí sé díreach tar éis dreóilín do mharbhadh, acht do liúigh na páistí agus do thuit an dreóilín uaidh agus do riothadar fa n-a dhéin. Nuair do thógadar in a lámhaibh é, do bhí sé marbh agus a mhuineul gearrtha.
"Masa, a rí na n-eun," arsa an garsún, "ní raibh ionat do ríoghacht do chosaint." "Ní raibh," arsa Gile na mBláth, "acht badh fhéidir gurab é San Mártan do sheól chughainn é chum go mbeadh comhad na féile againn." Tug sí léi an dreóilín annsin go dtí an teach agus do leig sí do bhraon bheag fola tuitim ar thairsinn an doruis, agus do ghabh sí braon beag eile i meuracán airgid agus do chuir suas ins an simné é, agus is mar sin do-righne sí an fhéile do chomhad. Lá ar n-a bhárach do bhí an sceul ag gach aoinneach agus do bhí leath na dúithche is na reachtaíbh gáire fútha.
Do théighidís go dtí an caisleán go minic ins an oidhche nuair do bhí tuicsin mhaith aca ins an nGaedhilg chum bheith ag éisteacht leis na sean-sceulta agus na hamhráin. Do bhíodh sean- duine ait ann i gcomhnaidhe in a shuidhe ag cúinne na teineadh: Do innis Colum dóibh gur fear de mhuintir Phaoraigh é agus go mbíodh sé ins an arm, agus nuair táinig an cogadh go raibh sé féin agus seisear eile aca ag iarraidh dún beag do chosaint ar an namhaid agus gan aon choinne aca go dtiocfadh aoinneach i gcabhair orra agus ná raibh a fhios aca cia aca ba mheasa dhóibh an namhaid nó an t-ocras agus an t-anró, "acht táinig an namhaid orra lá ó gach aon taobh agus do bhí lucht an dúin ag a gcoimheud siar agus gach aon duine den mór-sheisear inneamhail do dhá fhichid. Acht i lár an lae nuair do bhraitheadar corthacht bheag ar an namhaid agus fonn orra sosadh do dheunamh, do dhorchaigh an spéir ós a gcionn agus do bhladhm an tórnach agus do mharbh an splannc cúigear den mór-sheisear agus do chuir sí fallaí an dúin ar fud an mhachaire. Agus," arsa Colum, "atá an fear bocht sin ar easnamh meabhrach ó shin riamh." Nuair do bhíodar ann oidhche, do bhí na daoine ag trácht ar an aimsir. "Nach iongantach an búithreadh do bhí ag Faill an Bhriúláin aréir," arsa fear do bhí ann. "Ba iongantach," arsa fear eile, "is í an ghaoth anoir andeas bhíonn uaithe chuige sin. Agus bíonn a gaoth féin ó gach aon fhaill aca. Acht ní fheadar cad atá ionnta ar aon chor chuireann ag sciúgaíl mar sin iad?
"Daoine, daoine," arsa an Paorach. "Cad atá ins an bhfaill acht an chré agus nach í an chré t'adhbhar-sa?" "Leig don chaint sin," arsa Colum. "Do bhí mé ag innsint do na mnáibh uaisle seo -" "Is í an fhuil uaisligheann agus is é an t-airgead uaibhrigheann," arsa an Paorach. "Éist. Do bhí mé ag innsint dóibh mar gheall ar an mbean úd ins an bhFrainnc tug mé saor ó na ropairíbh." "An í sin bean na seóide?" arsa an Paorach. "Is í," arsa Colum, "acht níor innis mé acht a leath dóibh agus ba é an leath sin ná mo chuid féin den sceul. Agus sin é atá siad a chur i gcuimhne dham anois, agus is dócha go gcaithfe mé é do thabhairt dóibh." "Atá sé chomh maith dhuit," arsa na fir. "Máire Ragód ainm na mná sin. Ní raibh aici acht aon dearbhráthair amháin. Pronnsias do ba ainm dó. Ní rabhadar tar deich mbliadhna de aois nuair do cailleadh a n-athair agus a máthair. Galar millteach éigin do bhuail iad agus muintir an bhaile go léir. Ba chuimhin le Máire na sochraidí ag imtheacht gach aon lá, fiche trucaill ann as diaidh a chéile agus coifín ar gach trucaill aca agus gan slighe ins an reilig do na marbhaibh. Uathbhás agus scannradh an ghalair sin agus cathughadh as diaidh a muintire féin do chuir an bheirt leanbh chum fáin. Do fhágadar an teach agus a raibh ann an lá do thóg muintir na sochraidí a n-athair agus a máthair uatha agus do-chuadar is na sléibhtibh. Dorn fraochán agus biolar a gcothughadh ann ar feadh dhá mhí, agus nuair do bhí fuacht agus droch-shíon na Samhna ag teacht agus barr cuisne ar na clochaibh gach aon mhaidean, do imthigheadar rómpa fiche míle go dtí baile beag cois fairrge. Táinig truagh ag na daoinibh dhóibh nuair do-chonncadar an íde do bhí orra agus tug fear maith críostamhail do bhí ann biadh agus iosdas dóibh. Do bhí siopa aige agus do iarr sé ar Phronnsias teacht ann
agus bheith mar theachtaire aca agus tug se obair le deunamh ins an chistin do Mháire. "Timcheall chúig bhliadhna in a dhiaidh sin do-chuaidh Máire ag obair i dtigh fheirmeóra agus do-chuaidh Pronnsias ar árthrach. Do bhíodh mairneulaigh ag teacht go minic go dtí an siopa a raibh sé ann agus do bhíodh sé ag éisteacht leó ag seanchus ar na hiongantaisíbh do-chonncadar agus táinig fonn air imtheacht leis chum na fairrge chum radharc an domhain do fheicsin. Acht is minic gan fios a ghuidhe féin ag an duine agus nuair atá sí faighte aige badh é badh fhearr leis uaidh í, agus do chuirfeadh an óige an sliabh ins an ngleann agus an rós ag fás ar an bhfeochadán. Acht nuair do-chuaidh Pronnsias chum na fairrge do éirigh an saoghal go maith leis ar feadh a dó nó a trí de bhliadhantaibh agus i gcionn na haimsire sin do chuir na daoine ar leó an t-árthrach go dtí campa do bhí aca in Africa é chum ceannaigheacht do dheunamh ann leis na fearaibh gorma. Do fhan sé ann ar feadh chúig bhliadhna agus do-chuaidh sé chum cinn go maith in a chuid gnótha. Do bhí sé ráidhte ná raibh aoinneach ins an champa do ba fhearr do thuigfeadh cad do bheadh ó na daoinibh fiadhaine nó cad do oirfeadh dóibh ioná é. Do chuireadh sé sceula uaidh go minic go dtí Máire agus nuair do bhí an cúigeadh bliadhain caithte adubhairt sé léi go raibh roinn bheag airgid cruinnighthe anois aige agus go mbadh fhéidir go bhfuighbhidís áit bheag do cheannach dóibh féin ins an bhFrainnc. Acht nuair bhí sé ag dul abhaile, do éirig stoirm mhór gaoithe agus do-chuaidh an t-árthrach go tóin poill. Do bhí snámh aige, acht má bhí féin do bhí an oidhche dorcha agus ní raibh a fhios aige cá raghadh sé. Níorbh fada gur bhuaidh air agus do shíl sé go mbeadh a chnámha ins an ngainimh go dtí Lá an Luain. Do bhí a mheabhair ag imtheacht uaidh. Do bhuail rud éigin fa n-a ucht agus is dócha gur chuir sé a lámha timcheall air mar nuair do dhúisigh sé ar maidin do bhí sé ar lán mara agus peiliúir in a lámhaibh aige.
Do thiormaigh sé a chuid eudaigh agus do-chuaidh sé isteach ar tír. Ní fhaca sé teach in aon áit acht tug sé tuairim go raibh sé in Africa agus adubhairt sé go mbadh fhéidir le Dia go bhfuighbheadh sé duine éigin thabharfadh go dtí an campa é. Do shiubhlaigh sé leis roimhe annsin tré na coillte móra, agus ar theacht na hoidhche i gcomhnaidhe théigheadh sé in áirde in crann ar eagla na ndroch-bheathaidheach agus do fhanadh ann go lá. Do bhíodh sé ag cuimhneamh air féin agus ar a dheirbhshiúr nuair do bhíodar is na sléibhtibh agus adubhairt sé go mbadh fhéidir go mbeadh an t-ádh leis arís an iarracht so. Ar maidin an tríomhadh lae, nuair do dhúisigh sé ba ait leis an ceól do airigh sé ag bun an chrainn. Acht nuair do fheuch sé síos cad do bheadh ann acht scata daoine gorma ag bualadh a n-ucht agus ag amhrán. Táinig sé anuas agus tángadar go léir timcheall air, acht níor bhain aoinneach aca leis. Do-chuadar annsin, é féin agus iad féin, go dtí baile beag do bhí gairid dóibh. Do bhí na daoine go léir ag fuireach leó agus seacht n-oiread glóir agus ceóil aca. Tugadh go dtí crann mór do bhí in lár na háite agus do cuireadh in a shuidhe ag a bhun é. Táinig triúr sean-duiní annsin agus do labhradar leis agus do thuig sé cad do bhíodar a rádh agus tug sé freagra orra. Do liúghadar go léir le háthas agus do-chuaidh i dtuicsin dó gur shíleadar gur duine míor bhailteach é féin. "An tusa an fear táinig chughainn tar na fairrgí?" "Is me," arsa sé. "Atá muintir na treibhe seo agus muintir na treibhe eile ag fuireach leat le ceud bliadhain," arsa siad. "Atáim annso anois," arsa sé, "agus deuntar an rud dheunfar." "Beidh an ré lán anocht agus deunfar i mbárach é." Do fhan sé ag bun an chrainn ar feadh an lae sin agus tugadh a rogha gach bídh dhó. Maidin lá ar n-a bhárach, táinig an treibh go léir timcheall an chrainn agus do chromadar ag liúghraigh agus ag deunamh ceóil. Do-chuaid triúr aca go dtí an crann agus do chuireadar gearradh beag
timcheall sé órdlaigh ar dhoimhneacht ins an chrann chúig throighthe suas air agus do chuireadar gearradh eile ann timcheall dhá throigh aníos ó n-a bhun agus do bhuaileadar dingreacha isteach ar gach taobh agus do tharraingeadar amach an píosa adhmaid. Le n-a linn sin do stad an ceól agus do chaith a raibh ann aca iad féin ar a mbeul agus ar a n-aghaidh agus d'fhóbair go dtuitfeadh Pronnsias i laige mar cad do bheadh istigh in lár an chrainn acht pictiúir beag na Maighdine Muire. Pictiúir beag seacht gcúinneach ba eadh é, cúinne in aghaidh gach dóláis d'fhuiling sí, agus badh dhóigh leat go raibh an áit deunta le n-a aghaidh ins an chrann. Do choisrigh Pronnsias é féin agus do iarr sé ar an Maighdin Muire é do thabhairt saor uatha. Do éirigh na daoine in a seasamh annsin agus do bhraith sé orra go rabhadar chum imtheacht in áit éigin agus an triúr do ghearraigh an crann do fhanadar ag feuchaint air féin agus ar an bpictiúir i gcomhnaidhe agus adubhairt sé leis féin gurab é do bhí uatha acht go dtógfadh sé an pictiúir in a lámhaibh. Do iarr sé ar an Maighdin Muire annsin, má bhí sé ag deunamh aon eugcóir a maitheamh dó. Do tóg sé an pictiúir annsin agus nuair do bhí sé ag a thógbháil as an gcrann, do bhraith sé ar an adhmad go raibh dath crón air agus do thuig sé gurbh amhlaidh do baineadh an píosa as an gcrann ins an tsean-aimsir d'aon ghnó chum an pictiúir do chur isteach fé. Do imthigheadar go léir leó annsin agus an pictiúir in a lámhaibh ag Pronnsias. Do-chuadar tré na coillte agus tar na sléibhte agus le linn dul fé na gréine do airigheadar glór daoine ag teacht in a gcoinne. Ba í Treibh na Seóide do bhí ann. Do bhí sean-duine in a lár agus a dhá láimh trasna ar a ucht aige. Do dhruid an coimh- thionól do bhí amach roimhe ó n-a chéile ar gach taobh. Do-righne an treibh eile an cleas ceudna agus do-chuaidh Pronnsias agus an sean-duine i gcoinne a chéile. Do shín an sean- duine an rud do bhí aige in a lámhaibh chum Pronnséis agus do
shín Pronnsias an pictiúir chuige sin. Do léimeadar agus do phreabadar go léir le háthas annsin agus do bhriseadar ó n-a chéile agus do chas an dá threibh ar a mbaile dhúthchais féin. Do choinnig Pronnsias in a ucht ar feadh na hoidhche an rud tug an sean-duine dhó. Ar maidin lá ar n-a bhárach do iarr muintir na treibhe air, an tseód do thaisbeáint dóibh. Ní raibh a fhios aige gur seód í mar do bhí clúdach uirri. Acht do bhain sé an clúdach di agus do thaisbeáin sé dhóibh í. Adubhairt sé liom in a dhiaidh sin nuair do bhí sé ag innsint an scéil dam gurbh í an chloch ba iongantaighe dá bhfaca sé riamh í, agus go mbadh dhóigh leis gur splannc den ghréin do bhí annsúd in a lámhaibh aige. Do chrom na daoine ag liúghraigh agus ag rinnce agus ag a gcaitheamh féin ar a lámhaibh agus a gcosa in áirde aca. Adubhairt na sean-daoine leis go mbeadh an cogadh anois aca; gur baineadh dá sinnsear ríoghacht na háite; agus go ndubhairt an fáidh leó ná beadh aon fhaghbháil aca ar í do fhaghbháil dóibh féin arís go dtiocfadh an fear geal tar na fairrgí chucha agus go ndeunfadh treibh na seóide malairt ar an bpictiúir leis an seóid leó. Do fhiarfaigh sé dhíobh an ag lucht na seóide do bhí ríoghacht na háite. Adubhradar sin nach eadh, go raibh lucht na seóide muinteardha leó féin. Do iarr sé orra annsin dath dubh do thabhairt dó agus go ndeunfadh sé é féin do chóiriughadh i slighidh ná haithneóchthaoi tar aoinneach eile ins an chath é. Ní rabhadar sásta leis sin acht ba éigean dóibh géilleadh dhó nuair adu- bhairt sé leó ná corróchadh cos leis muna bhfuighbheadh sé a shlighe féin. Do chóirigh sé é féin annsin agus aoinneach ná beadh gairid dó ní haithneóchadh sé nach duine den treibh do bheadh ann - Do imthigheadar go léir leó ins an chogadh agus a sleagha agus a saighid aca. Ba ghairid go bhfacadar an luaithreán ag éirghe ó thalamh go spéir agus é ag teacht in a gcoinne. Ba é an namhaid do bhí ann agus a seacht n-oiread ann díobh 's do bí aca féin. Adubhairt Pronnsias ná faca sé riamh aon dream do ba aoirde misneach ioná an dream a
raibh sé in a bhfochair. Do-chuadar tré an treibh eile mar raghadh an míol mór tré bhró bioránach nó seabhac tré scata mion-eunlaith nó spealadóir tré ghort arbhair agus do bhí na mairbh in a dhá shraith aca ar gach taobh díobh. Do chasadar agus do-chuadar tríotha arís. Acht do bhí an namhaid righin agus iad ró ghlic dóibh agus le linn luighe gréine táinig seacht n-oiread eile ann díobh, agus do chuireadar an briseadh ar threibh Phronnséis agus fé dtáinig an oidhce ní raibh aoinneach aca beó acht Pronnsias agus fear óg. Do theicheadar is na coilltibh. Do bhí eolas gach cosáin agus conaire ag an bhfear óg agus i gcionn trí uair an chluig do bhraitheadar ná raibh aoinneach ar a dtóir. "Cad dheunfa me leis an seóid seo anois," arsa Pronnsias, "nó cia dhó thabharfa mé í?" "Coinnigh féin í," arsa an buachaill, "nó caith i bpoll éigin ná feiceóchthaoi go bráth í. Mise rí na treibhe anois, mar ní mhaireann aon ghaiscidheach eile againn acht mé féin agus diúltaighim don tseóid úd, mar is í do chaill orainn. Ba mhí-ádhmharach an tseod dúinn í, agus is baoghal liom go ndearnadh éirghe shligheadh orainn léi ar chuma éigin. Do órdaigh an fáidh don treibh eile í do thabhairt dúinn ar an íomháigh nuair tiocfaimís dá hiarraidh orra acht badh fhéidir nach í tugadh dúinn. Dá mbadh í, ní bhuaidhfidhe orainn ins an chath mar atá buaidh cogaidh innte." "Do iarr Pronnsias ar an bhfear óg eolas go dtí an campa do dheunamh dhó, acht ní raibh aon eolas aige mar ní raibh a fhios aige go raibh a leithéid ann. Do iarr sé air annsin é do thabhairt go dtí an fhairrge agus tug, mar do bhí tuairim aige, má leanfadh sé air soir go dtiocfadh sé go dtí an campa. Fé'r scair sé leis cois trágha, do fhiarfaigh sé den bhfear óg an dtug sé fa ndeara an fear mór geal do bhí i bhfochair na treibhe eile ins an chath. Adubhairt sé go dtug, acht ná raibh a fhios aige ciarbh é nó
cionnus táinig sé ann agus gurbh é an scannradh an íospairt tug sé ar mhuintir treibhe na seóide le n-a chlaidheamh. Do fhágadar slán ag a chéile annsin agus i gcionn trí seachtmhaine do shrois Pronnsías an campa. Do shíl muintir an champa gur fear gorm do bhí ann gur labhair sé leó. Tugadh eudach dó agus do cuireadh ar bórd árthraigh do bhí ag dul go dtí an Fhrainnc é. Adubhairt sé gur shíl sé go raibh daoine ag faire air i gcomhnaidhe, agus nuair táinig sé go dtí an Fhrainnc go rabhadar ar a thóir. Ar uair an mheadhon-oidhche do fhág sé an teach i raibh sé ar lóistín ann, agus do-chuaidh sé ó thuaidh go dtí an teach i raibh a dheirbhshiúr, Máire, in aimsir ann. Acht ní raibh sí istigh roimhe, agus adubhairt muintir an tighe leis go raibh sí ag fuireach i dtigh bheag do bhí ar bhruach na coille; go raibh an tsean-bhean arbh léi an teach imthighthe go dtí an baile mór le cúpla lá ag coinne le n-a mac do bhí ag teacht abhaile ón bhfairrge agus gur iarr sí uirri-seo fuireach i bhfeidhil an tighe dhi mar go raibh eallaigh le friotháladh ann. Do imthigh Pronnsias leis annsin go dtí an teach agus do chuir sí na mílte fáilte roimhe. Tugadar an tráthnóna ar fad ag seanchus le n-a chéile, agus do thaisbeáin sé an tseód di' agus táinig criothán eagla innte nuair do-chonnaic sí í, agus do iarr sí air, le anmain a mharbh an clúdach do chur ar an seóid arís ar eagla go mbainfidhe radharc a súl di ag an solas do bhí uaithe. Adubhairt sé go raibh scannradh in a chroidhe féin ag an tseóid sin, agus gur fearr dhóibh í do chur i bhfolach ins an tigh go dtí lá ar n-a bhárach, mar gur teach cúlánta é ná raibh gabháil aoinneach air, agus go raghadh sé féin go dtí an baile mór ag cur tuairisc duine saidhbhir macánta do cheannóchadh uaidh í. Do imthigh sé leis annsin, agus ní raibh sé fiche nómaint imighthe nuair do bhuail an cúigear ropairí fé. Do leagadar é agus do chuardaighe- adar é agus ní bhfuaradar an tseod aige, mar is í do bhí uatha. Do fhágadar ceangailte ag crann é agus do-chuadar go dtí an teach beag agus tugadar an bhean leó go dtí an choill.
"Atá a fhios agaibh cionnus táinig mise ann agus cad ba chor dóibh in a dhiaidh sin. Acht do chuir Pronnsias iongantas orm nuair do innis sé dham, an fear sin do-chuaidh gairid dom mharbhadh, gurbh é sin an fear do-chonnaic sé ins an chath." "Masa, is iongantach an sceul é," arsa Fionnlámh, "acht cá bhfios díbh cá raibh an fear, Pronnsias, do bhí ceangailte ins an choill?" "Do innis na ropairí féin mar gheall air," arsa Colum. "Ní fheadar," arsa Gile na mBláth, "cionnus táinig an pictiúir sin do bheith ins an chrann?" "Téigheann an gal gréine tré an ngloine," arsa an Paorach, "agus ná raghadh pictiúir tré an adhmad? Acht is é an sceul ar fad, an fear eile do bheith thíos i gcomhnaidhe." "Éist," arsa Colum. "Níor chuimhnigh mé ar é do innsint díbh gur chomairligh Máire do Phronnsias dul go dtí na bráithre agus sceul an phictiúra do innsint dóibh, agus do- chuadar amach is na háiteanna sin agus do-righneadar críostaidhthe díobh go léir." Do chromadar ag trácht annsin ar nidhthibh eile agus ní ró- mhaith do thuig Gile na mBláth ná Fionnlámh cad dó do bhíodar ag tagairt. Acht do-chuaidh Conchubhar dá bhfeuchaint lá ar n-a bhárach agus adubhairt sé leó go raibh a athair agus muintir an bhaile buaidheartha, mar go raibh sceul, do bhí ag imtheacht ó bheul go beul, go raibh muintir na Frainnce agus na hAle- máine ag iarraidh dul in iomaidh leó ar a gcuid gnótha agus go raibh braitheadóirí uatha ag lorg cúntais ar gach luibh dá mbíodh aca ag dathughadh an eudaigh, agus go mór-mhór go rabhadar ag iarraidh teacht ar an nDearg Faille agus ar an nGormlus. "Agus," arsa sé, "dá bhfuighfidhe na cuntaisí sin, badh fhéidir go gcreachfaidhe sinn, acht ní dóigh liom go bhfuighfear mar atá na luibheanna sin ag fás i ngáirdín againn, agus níl cead ag aoinneach dul in a ghoire acht ag sean-daoinibh muinighineacha."
Is is na laetheantaibh seo do bhraith na mná go raibh doicheall eígin ag teacht ag Colum rompa, agus do labhradar le Diarmaid na Soillse: "Nach iongantach dusmánta an duine é," arsa siad, "ná beannóchadh dúinn?" "Ní fheadar cad atá air," arsa Diarmaid, "acht tuig aireachas díbh féin. Atá sé tar éis droch-amras do bhaint asaibh. Shin é is beus dó-sin. Ag cannlach uilc bhíonn sé."
Nuair tug muintir an oileáin sceula go dtí Rí na hIodáile an oidhche sin a inghean do bheith fuadaighthe ag na Múrachaibh do rioth na fir síos go dtí an trágh agus do-chuadar amach i mbádaibh agus in árthraighibh acht ní bhfuaradar a dtásc ná a dtuairisc in aon áit. Do labhair Prionnsa na hAlemáine leis an Rígh agus do fhiarfaigh de, cad do bhí an garda a dheunamh nó cionnus do fuadfaidhe a inghean as a phálás féin. "Mar, a raibh de shaighdiúiríbh agam do bhíodar ar an machaire ag cleachtadh arm," arsa an Rí. "Do bhíodar," arsa an Prionnsa. "Droch-thighearna do fhágfadh a chuid gan cosaint. Téighir ag foghluim do ghnó go dtí duine éigin ná maoidhfidh eólas ar amadán." Do phreab an Rí le buile. "Muna mbeadh go bhfuil tu ar iosdas agam, a Phrionnsa bhoirb, bhraobanta," arsa sé leis, "do bheadh do cheann ar bhior agam ag an ngeata." Do fhág an Prionnsa an pálás ar an bhfocal sin, agus adubhairt sé leis féin go mbeadh inghean Rígh na hIodáile mar mhnaoi aige in aimhdheóin a hathar agus na Múrach. Do cuir sé teachtairí uaidh annsin go dtí Tír na Múrach agus i gcionn coicthighis tángadar tar n-aisd le sceula ná raibh Gile na mBláth ann agus gur fuadaigheadh ó na Múrachaibh í agus do réir an chúntais tugadh dóibh gur dócha gur captaoin árthraigh ó Éirinn do fhuadaigh í. "Má is é," arsa an Prionnsa, "díolfaidh sé ann go dóighte." Acht do bhí daoine an-léir in a fhochair agus adubhradar nach
é an neart do bhuaidhfeadh an cleas dó acht an gliocas agus dá mbeadh sé sásta airgead do chailleamhaint leis, daoine do chur go dtí gach aon bhaile cuain dá raibh in Éirinn agus go mbadh fhéidir go bhfuighfidhe a tuairisc. "Má is é an t-airgead dheunfaidh an obair seo dhúinn, do chuirfinn mo choróin féin i ngeall chum é do fhaghbháil dó." I gcionn na bliadhna do bhí an tuarisc go cruinn aige, go raibh sí féin agus a bean choimhdeachta in a gcomhnaidhe i dtigh bheag dóibh féin láimh le Baile uí Bhaoighill i nDéisibh Mumhan. Adubhairt na comhairleóirí leis annsin Éireannach éigin do cheannach le hór mar ná raibh aon deunamh aca in eughmais a leithéid. Fuaradar an fear do bhí uatha i mbaile mór ins an bhFrainnc. Donnchadh Mór ba ainm dó, agus ó Chrua' Bhaile ba eadh é. Agus ní haon tarcaisne don áit gur ann rugadh a leithéid. Níl aon treibh ná fuil droch-dhuine uirri. Atá daoine i Sean-Shasana agus ins an bhFrainnc do dhíolfadh a muintir féin, ní áirmhim ná beadh in Éirinn. Do-chuaidh Donnchadh annsin go dtí Baile uí Bhaoighill agus fuair sé obair le deunamh ann. Fear breaghdha árd ba eadh é, acht do bhí an teanga ró-mhilis ró-shleamhain aige. Ní raibh sé i bhfad ann nuair do chuir sé aithne ar chlainn an Traoinigh do bhí i bhfochair Gile na mBláth agus Fionnlámh agus do bhíodh sé ag deunamh báid bhéaga don gharsún agus ag tabhairt féiríní beaga don ghearrchaile. Do bhí meas ag gach aoinneach air a fheabhas dhéineadh sé a chuid oibre agus a luightheacht do bhí sé le gach haoinneach. Ní raibh sé mí ann nuair fuair sé caoi ar dhul go dtí teach Gile na mBláth. Do thaisbeáin sí an gáirdín agus a raibh ann dó agus do chuir sé i dtuicsin di go raibh slighe chum na crainn ubhall do ghearradh thabharfadh torthaí ní badh fhearr di, agus adubhairt sé go dtiocfadh sé féin uair nó dó ins an tseachtmhain chum an obair do dheunamh di. Adubhairt sí leis go mbeadh fáilte
roimhe. Níor thaithnigh an muinteardhas sin le Diarmaid na Soillse acht do chrom Fionnlámh ag magadh fé agus adubhairt go raibh eud air leis. "Masa, a bhean," arsa Diarmaid, "ní gnáthach milis folláin. Atá na cathracha siubhalta agam-sa, agus níor leag mé mo shúil riamh ar dhuine ná ar chapall ná caithfinn breath na fírinne air." "Éist leat annsin, a Dhiarmaid," arsa sí. "Cadé an díoghbháil dheunfadh an fear bocht simplidhe sin?" Do bhí teach beag ag Donnchadh Mór le hais gáirdín na luibheanna agus do-chuaidh sé chum comhnaidhthe ins an áit sin do aon ghnó go bhfuighbheadh sé bheith ag faire feuchaint an gcasfaidhe aon phioc de na luibheannaibh in a shlighidh. Do thuig sé go maith cad do bhí le deunamh aige agus cionnus dheunfadh sé é. Fuair sé bileóg bheag ins an tsráid maidin lá earraigh tar éis oidhche stoirmighe agus tug sé abhaile leis í. Do chuir sé roinn cré dhubh nádúrtha i soitheach beag, agus do chuir sé an bhileóg timcheall leath- órdhlach síos ins an chré, agus tug sé teas na gréine di ar feadh an lae agus teas na teineadh ins an oidhche agus níor dhearmhaid sé cúpla braon de uisce na fearthanna do chrothadh uirri gach aon mhaidin, agus i gcionn mí do bhí tor beag den Ghormlus ag fás aige. Tug sé leis go dtí gáirdín Gile na mBláth é agus do chuir sé é gan fhios di. Acht tug sí an luibh fa ndeara agus do thaisbeáin sí do Dhonnchadh í. Adubhairt sé léi gur toirín beag deas é sin agus go mbíodh sé ag a shean-mháthair ag leigheas slaghdáin, agus dá mbuailfeadh a leithéid iad féin nó na páistí ins an ngeimhreadh é do bheiriughadh ar leamhnacht seacht n-uaire agus é do ól. Lá dá raibh Donnchadh agus na fir eile ag obair do Cholum ó Cinnéide do-righne an maor do bhí orra gearán le Colum ar fhear óg aca go raibh sé déidheanach don obair trí lá ndiaidh a chéile. Táinig Colum agus craos mór buile air
agus do chuir sé chum siubhail den iarracht sin é. Do bhí an fear bocht ag iarraidh labhairt leis acht ní éisteóchadh sé leis acht an chleath do bhí in a láimh aige do bhualadh ar an talamh agus a rádh leis muna mbaileóchadh sé leis as a radharc go mear go bhfuighbheadh sé iarracht di. Do imthigh an fear bocht go maol-chluasach acht do-chuaidh sé go dtí Conchubar agus do chásaigh sé é féin leis:- "Agus an raibh aon leath-sceul agat?" arsa Conchubhar. "Go deimhin do bhí," arsa sé, "acht badh fhéidir nach ró- mhaith an leath-sceul é acht bíodh sé olc nó maith ní éisteóch- thaidhe liom." "Agus cad do choinnigh thu?" "Atá, mo bhean agus ceann de na páistíbh beaga do bheith tinn le seachtmhain agus do bhínn ag tabhairt aireachais dóibh ins an oidhche agus do shleamhnuigheadh an mhaidin orm gan fhios dam." "Seo, siubhail leat go dtí mo athair." "Ní leigfeadh an eagla dham dul in a ghoire ná in a ghaor," arsa sé. "Siubhail leat, adeirim," arsa Conchubhar, "ní baoghal duit." Do-chuadar go dtí é agus do innis Conchubhar an sceul dó agus adubhairt leis teachtaire do chur go dtí teach an fhir seo, feuchaint an raibh an fhírinne aige. Táinig an teachtaire tar n-ais agus adubhairt sé gur labhair sé le muintir an tighe agus leis na comhursana agus go raibh an fhírinne aige. Do-chuaidh Colum agus Conchubhar agus an fear óg go dtí an lucht oibre annsin, agus adubhairt Conchubhar leis an bhfear óg dul ag obair arís:- "Agus tusa, a mhaoir," arsa sé, "cadé a chúis nár innis tu dom athair cadé an leath-sceul do bhí ag an bhfear bocht so?" "Do shíleas go mbadh fhearr damh-sa, arsa an maor,
"an gearán do dheunamh agus leigint don bhfear óg a chúis féin do phléidhe." "Atá an ceart aige," arsa Colum, "Mise do-righne an eugcóir. Do bhíos ró-obann leis." Nuair do bhí na fir ag caint le n-a chéile in a dhiaidh sin' adubhairt ceann aca gur mairg thabharfadh a bhreath ar an gceud sceul go mbeurfadh an dara sceul air. "Nach colgach an duine é?" arsa fear eile aca, "an cheud sceul an fíor-sceul aige sin i gcomhnaidhe." "Má is é," arsa Donnchad Mór leis féin, "is é an duine dheunfaidh mo ghnó-sa go caoin dam é." Do bhíodh muintir Phrionnsa na hAlemaine ag a scríobhadh chuige deithneas do chur leis an obair. Acht adubhairt sé leó foighne do bheith aca go raibh sé ag tochrais leis ar an gceirtlín i gcomhnaidhe agus nuair do bheadh deireadh an tsnátha istigh aige ná beadh le deunamh aca acht a lámha do shíneadh agus go gcaithfeadh sé in a leith í. Do bhíodh árthraighe ag teacht ón Iodáil go minic go dtí Baile uí Bhaoighill fa dhéin last daraighe, agus do-righne Donnchadh muinteardhas le captaoiní na n-árthrach sin agus tug sé ceud púnt an duine dóibh agus adubhradar leis cibé rud do bheadh uaidh go ndeunfaidís dó é. Do bhí Donnchadh ag fuireach i gcomhnaidhe go mbeadh na trí nidhthe seo in aoinfheacht aige .i. Conchubhar do bheith imighthe chum na fairrge agus ceann de na hárthraighibh Iodáileacha do bheith inneamhail ar imtheacht agus gan aon árthrach eile do bheith inneamhail ar imtheacht acht í. Acht táinig sceula ó Chorcaigh lá go raibh Conchubhar imighthe ón chuan sin go dtí Sean-Shasana agus ráinig go raibh ceann de na hárthraighibh Iodáileacha ag fuireach leis an taoide an lá ceudna agus gan aon árthrach eile ann acht í. Do-chuaidh Donnchadh ag obair ar an gcé an lá sin ag tarraing barrailí mar do bhí a fhios aige go mbeadh Colum ag gabháil an
tslighe sin um eadarshruth. Nuair do-chonnaic sé chuige é, do leig sé air gur barrthuisle do bhain dó agus do thuit sé tar an gcé. Do liúigh sé agus do screuch sé agus do chrom sé ag fuirse le n-a lámha agus do-chuaidh sé go tóin poill fa dhó. Ní dearna Colum acht an fhalaing do chaitheamh de, agus isteach leis in a dhiaidh. Do bheir sé air agus d'fhóbair go mbádhfaidhe iad araon, acht táinig an bád beag ón árthrach Iodáileach i gcabhair orra agus do cuireadh i dtír iad. Tug muintir Choluim go dtí an caisleán iad agus do bhíodar ag gabháil do Dhonnchadh ar feadh leath-uair an chluig fé dtáinig sé chuige féin. Do chrom sé ag gol annsin agus do fhiarfaigh sé dhíobh cá raibh Colum. Táinig Colum agus adubhairt Donnchadh leis: "A mhaighistir a chroidhe agus a mhaighistir is fearr ins an domhan agus a mhaighistir nach fiú mé a mholadh, do bhí mo anam thíos in ifreann na bpianta muna mbeadh a fheabhas táinig tu ag fóirthin orm, mar is peacach ró-throm mé, agus iarraim ar Rígh na ngrásta agus ort féin a mhaighistir maitheamhnas do thabhairt dam i mo choirthibh. Atá mé le tamall maith in achrann le daoine atá ar thí do dhíoghbhála acht diúltaim feasta dhóibh. Atá na Múraigh ag lorg fios na luibheanna bhíonn agat ag dathughadh an eudaigh agus atá beirt bhan annso ar a dtugtar Gile na mBláth agus Fionnlámh ag tabhairt gach aon chúntais dóibh. Do bhídís i bhfochair phrionnsa ins an tír sin acht do éirigh cogadh idir é féin agus a mhuintir agus do tógadh uaidh na mná sin agus do díoladh ar an margadh iad. Agus sin é an uair táinig do mhac agus a chuid mairneulach agus do bhaineadar iad den té do cheannaigh iad. Acht an prionnsa a raibh na mná in a fhochair an cheud uair, tug sé fa n-a ríoghacht féin do bhaint amach agus do éirigh leis agus fuair sé cúntas go raibh na mná in Éirinn. Do airigh mé ná tug na mná aon chúntas duit in a gcúrsaíbh féin, agus atá a fhios agat anois cadé a chúis ná tugadar. Acht do bhí mise i dTír na Múrach nuair
táinig an prionnsa sin in a ríoghacht arís agus is é an náire dam é do innsint duit acht do cheannaigh sé mé agus do chuir sé go dtí Éire mé ag lorg tuairisce na mban agus fuaras agus tugas dó í agus adubhairt sé gur maith an sceul iad do bheith ins an áit i rabhadar, mar go raibh coinne aige go bhfuighbheadh sé féin agus na ceannaighthe do bhí aige uaim-se agus uatha-sin gach aon fhios atá agaibh-se i dtaobh na ndathanna. Agus seo litir duit do bhí i mo phóca agam chum í do thabhairt dóibh." Do bhain sé an sparán as a phóca agus do thaisbeáin sé an litir dó. Do bhí ainm Gile na mBláth ar an litir acht is ar éigean do éighfidhe na focail do bhí innte, mar do bhí leath-mhúchadh orra ag an uisce. Acht do bhí ins an litir gurbh fada leis an bprionnsa do bhí sé ag fuireach le síol an Dearg Faille agus an Ghormlus agus deithneas do dheunamh agus go mbeadh fáilte agus fiche aige rómpa nuair tioc- faidís. "Agus, a mhaighistir a chroidhe," arsa Donnchadh, "agus a mhaighistir do shaor mé idir anam agus colann, iarraim ort arís as ucht Dé mo pheacaidh do mhaitheamh dam. Tabharfa mé an chuid eile dem shaoghal ag deunamh m'aithrighe idir Áird Mhóir agus Maothal agus ag screadadh chum Dé ó phaidir go paidirín. Acht dá dtiocfá liom, do thaisbeánfainn duit cá bhfuil na luibheanna sin ag fás ins an ngáirdín aca." Do bhí Colum ag rioth anonn agus anall le linn an mhéid sin do rádh do Dhonnchadh agus an dá shúil ar lasadh in a cheann agus é ag búithreadh le teann-neart na feirge. Do ghlaodhaigh Colum ar na fearaibh do bhí aige, agus adubhairt sé leó é do leanmhaint. Do-chuadar go dtí teach Gile na mBláth agus do bhuaileadar ag an ndorus. Táinig iongantas uirri nuair do-chonnaic sí na fir go léir leath 's amuigh agus táinig crith-eagla uirri nuair do-chonnaic sí an ola- thainn do bhí ar Cholum.
"Oscail geata an gháirdín sin dúinn," arsa sé den ghreath sin. Do-righne. Tug Donnchadh go dtí preap sceach é agus do oscail sé an phreap agus do thaisbeáin sé dhó an Dearg Faille agus an Gormlus agus an síol ag eascairt go breaghdha orra. Do ionntuigh Colum ar na mnáibh agus do bhagair sé a chlaidheamh orra agus adubhairt sé leó muna mbeadh gur mná iad go ndeunfadh sé bloghna dhíobh. Do bhíodar ag iarraidh labhairt leis acht ní éisteochadh sé leó. "Ní chreidfinn focal uaibh," arsa sé, "acht tuigi freagra ar an gceist seo: cia ar dhíobh sibh nó cá rabhabhar in bhúr gcomhnaidhe fé bhfaca sibh mo mhac?" Níor fhreagradar focal. "Tógaidh na mná sin as mo radharc," arsa sé leis na feara, "agus cuirtear tar sáile ins an cheud árthrach imthigheann iad." Do bhí áthas mór ar Donnchadh nuair do airigh sé é sin, agus adubhairt sé leis féin go raibh a ghnó deunta aige roimhe agus go raibh cleas díomhaoin aige, mar do bhí sé chum a rádh le Colum, nuair do-gheobhadh sé amas air, go raibh a mhac féin ró-mhuinteardha leis na mná úd agus go mbadh mhait a chuimh- neamh iad do chur as an tslighidh fé dtiocfadh sé. Tugadh na mná annsin go dtí an t-árthrach Iodáileach agus iad ag gol go truaighmhéileach. "Ceud slán chughat, a Dhiarmaid na Soillse," arsa Fionnlámh, "cibé áit i bhfuil tu, agus is agat-sa do bhí an ceart nuair adubhairt tu linn gan aon mhuinighin do bheith againn as an leithéisí sleamhain." Do-chuaidh Donnchadh ar bórd an árthraigh in a bhfochair agus an fhaid's do bhí muintir Choluim ag tabhairt órduighthe do na mairneulachaibh agus ag deunamh margaidh leis an gcaptaoin fuair sé caoi ar é féin do chur i bhfolach i bpoll éigin ins an árthrach. Do labhair an captaoin le Donnchadh
annsin agus adubhairt sé go raibh eagla air cur chum na fairrge mar go raibh stoirm ag teacht. Acht adubhairt Donnchadh leis má dheunfaidhe aon mhoill gur baoghal go dtiocfadh Colum ar ath-smuaineamh agus go gcuirfeadh sé fios ar na mnáibh agus go ndeurfadh sé ná tabharfadh sé breath orra go dtiocfadh a mhac abhaile. Do thairg sé chúig ceud púnt don chaptaoin annsin agus do bhuaidh an tsainnt air agus do chuir sé chum na fairrge. Nuair do airigh inghean an Ghearaltaigh, an cailín a raibh a muintir ag a tabhairt le pósadh do Chonchubhar, nuair do airigh sí cad do bhain do Ghile na mBláth agus dá bean choimhdeachta, do fhiarfaigh sí de mhuintir Choluim cá raibh Conchubhar. Adubhradar léi go raibh sé ar an bhfairrge agus gur fhág sé cuan Chorcaighe maidin an lae sin agus ná beadh sé ag casadh go cionn coicthighis. Do labhair sí leis an teachtaire tug an sceul ó Chorcaigh agus adubhairt sé go raibh an t-árthrach i gcóir chum imtheacht nuair do fhág sé fhéin an chathair agus go raibh sé deimhneach go raibh sí leath-sligheadh idir Éire agus Sean-Shasana fa an am sin. Acht do bhí sean- duine ann ag éisteacht leis, athair Dhiarmuid na Soillse ba é é, agus adubhairt sé gur dhóigh leis féin ná raibh, mar go raibh an spéir lán de eitreachaibh agus de scuabaíbh agus go ndeurfadh sé gur mó de chiall do bheadh ag Conchubhar ioná dul i gconntabhairt a bháidhte agus a leithéid de dhroch- dheallradh ar an aimsir, agus gur dócha go raibh an t-árthrach i gCorcaigh fós aige. Do-chuaidh inghean an Ghearaltaigh annsin agus fuair sí cóiste cheithre capall agus do imthigh sí léi go Corcaigh agus ba uathbhásach an oidhche do bhí aici ag dul ann le gaoith agus fearthainn, agus nuair do shrois sí an chathair cad do-chífeadh sí ag an ché acht árthrach Chonchubhair. "Míle buidheachas le Dia," arsa sí, "ní cruadhtan in aiscidh fuaras ag teacht annso." Do innis sí do Chonchubhar annsin cad do bhain do na mnáibh,
agus ní raibh a fhios aige cad do badh fhearr dhó a dheunamh. Acht adubhairt sé go raibh sé féin agus a mhuintir imthighthe chum na fairrge an lá roimhe sin agus gur bhraitheadar go raibh stoirm mhillteach ag teacht le gaoith anoir andeas agus gur chasadar arís agus go raibh eagla air go mbádhfaidhe an t-árthrach a raibh na mná uirri, "acht muna bhfuil sí báidhte cheana, ní bhfuighbheadh sí bheith i bhfad ón áit do fhág sí." Do-chuaidh laige bheag an an ngaoith um naoi a chlog ar maidin agus do-chuaidh sé chum na fairrge agus do-righne sé díreach ar Bhaile uí Bhaoighill. Agus timcheall sé a chlog um thráthnóna do-chonncadar an t-árthrach amach uatha agus í an-dhoimhin ins an uisce agus gan snáth de na seóltaibh uirri. Tug Conchubhar leis ó Chorcaigh an fiche fear do ba fhearr dá raibh ins an chathair, agus adubhairt sé leó ná raibh a fhios aige acht go mbadh fhéidir go gcaithfidís troid do dheunamh, acht ná raibh aon rud uaidh ar mhuintir an árthraigh sin acht go leigfidís dó na mná do thabhairt leis tar n-ais go dtí a athair chum go mbeadh fios an scéil aige, nó cad do bhí ag a athair in a gcoinne. Acht nuair tángadar gairid don árthrach, do iarr muintir an árthraigh orra teacht i gcongnamh dóibh. Do-chuadar mar ní raibh aon deallradh achrainn orra. Do- chuaidh Conchubhar ar bórd chucha, agus adubhairt an captaoin leis na mná do thabhairt leis dá mbadh mhaith leis a dheunamh agus gurab é a athair féin do chuir ar bórd iad, acht go rabhadar féin ag casadh ar Bhaile uí Bhaoighill arís chum deisiughadh do dheunamh, má thógfadh sé ar theud ann iad. Adubhairt Conchubhar go dtógfadh. Do innis an captaoin dó annsin go raibh fear ar bórd aige do bhí ag faghbháil bháis, Donnchadh Mór do ba ainm dó, go raibh sé ag iarraidh an t-árthrach do choimheud ar an bhfairrge agus gan casadh arís ar Bhaile uí Bhaoighill agus gur éirigh idir é féin agus na fearaibh agus gur sháith cheann aca é mar nach túisce focal ioná scian ag an Iodáileach, agus go dtug sé roinn airgid dó féin ar n-imtheacht dóibh acht ná raibh a fhios aige cadé an fuadar do bhí fé. Do-chuaidh Conchubhar ag feuchaint na
mban annsin agus do bhíodar i ndeireadh a n-anma le heagla agus le scannradh acht is gairid go raibh an faothamh aca nuair do-chonncadar Conchubhar. Adubhradar leis go rabhadar an- bhuaidheartha mar gheall ar an méid do bhí idir iad féin agus a athair acht gurbh é Donnchadh Mór do chuir an eugcóir orra. Ins an chaint dóibh táinig an captaoin isteach ins an chábán agus do iarr sé ar Chonchubhar dul ag feuchaint an fhir tinn go raibh sé ag glaodhach air. Do-chuaidh agus do bhí Donnchadh sínte ar leabaidh agus ní haon bhás bréige do bhí aige mar do bhí sé ag tarraingt ar an tsíorraidheacht. Do innis sé do Chonchubhar cad do bhí deunta aige agus is ar éigean do thuig Conchubhar é mar do bhí sé ag speabhraoid tré an gcaint. Acht do phreab sé in a shuidhe go hobann agus do labhair de ghuth árd: "Cuimhnigh ar an sean-ghamall sin do phreab isteach ins an bhfairrge i mo dhiaidh chum mé do shábháil, agus mé ag leigint orm go rabhas am bhádhadh agus gan aoinneach ó Thráigh Mhóir go hEochaill do bhuaidhfeadh orm ins an snámh, agus mise ag scithireacht fé i mo chroidhe. Ó, is é an greann go bás é." Agus do thuit sé siar, agus mar sin do imthigh sé. Nuair do airigh Colum an sceul, ní thógfadh sé a cheann le náire, agus adubhairt sé: "Aois gan chiall dheunann réir an aidhbheirseóra." Do pósadh Conchubhar agus Gile na mBláth timcheall sé seachtmhaine in a dhiaidh sin, acht ní scarfadh sí le Fionnlámh ná na páistí agus do-chuadar go léir chum comhnaidhthe ins an chaisleán. Adubhairt muintir na háite cibé mar do bhí sí féin go raibh fear maith aici, acht gur ait a ghnó go bpósfadh aoinneach de shean-threibh na gCinnéideach bean ná raibh fios a sloinne ag aoinneach. Do bhí mac óg aca i gcionn na bliadhna agus adubhairt Gile na mBláth leó Colum do thabhairt mar ainm air, mar do bhraith sí ar an sean-duine go raibh an náire do bhí air roimpe nuair tugadh tar n-aise í ag lean- mhaint de i gcomhnaidhe. Do las an fear bocht le háthas
nuair do airigh sé cad adubhairt sí agus do-chuaidh fiche bliadhain óige air. Nuair do bhí Conchubhar ag imtheacht chum na fairrge lá, tug Gile na mBláth pictiúir beag dó do-righne sí féin. Ba é a pictiúir féin agus a leinbh é. Do chuir sé an pictiúir ar slabhradh óir agus do chuir sé an slabhradh timcheall a mhuiníl agus do fhiarfaigh sé dhi an mbeadh aon rud thabharfadh sé abhaile chuichi. Adubhairt sí nuair do bhí sí i dTír na Múrach go bhfaca sí síoda breaghdha aca agus filleadh dhe sin do cheannach di. "Ba dhóigh liom," arsa Conchubhar, "nuair do bhí tu ann, ná leigfeadh an aingceis duit a leithéid do thabhairt fa ndeara ar aon chor." "Ó'se go deimhin duit," arsa sí, "tugas. An fhaid is beó í an bhean mairfidh an spiagaidheacht in a súil." Do bhí an baile go huaigneach nuair do bhí Conchubhar imthighthe agus do cheap inghean an Ghearaltaigh amhrán do Ghile na mBláth mar gheall air féin agus an luing do bhí ag luascadh ar an tuinn agus gurbh í bláth ba ghile leis Gile na mBláth, acht níl na focail in a gceart agam chum iad do thabhairt do aoinneach. Do théigheadh Gile na mBláth agus Fionnlámh amach ag siubhal gach aon tráthnóna cois trágha agus an leanbh beag aca. Do bhí sliogán órdha ar slabhradh airgid ag Gile na mBláth agus é ceangailte dá crios. Ba é Colum tug di é, mar do airigh sé go mbídís ag dul go dtí tobar atá cois trágha chum an t-uisce do ól agus ná bíodh aca chum é do ól as acht a dhá bhais. Acht an tráthnóna so, nuair do bhí an t-uisce ólta aca, do fhanadar in a suidhe ar phort bhreaghdha féir do bhí le hais an tobair mar do bhí sé brothallach agus do bhíodar cortha ó bheith ag iomchar an leinbh ó Chluain Fhiaidh a fhaid sin sligheadh. Le n-a linn sin táinig bád beag isteach ar an tráigh agus cúigear fear innte agus baraille aca. Níor chuir na mná aon suim ionnta mar is minic tagadh mairneu- laigh go dtí an tobar sin fa dhéin fíor-uisce. Acht nuair táinig na fir gairid dóibh rugadar orra agus tugadar leó iad, agus iad ag screadadh agus ag béiceadh, go dtí an bád
beag agus amach leó annsin ag iomramh ar a ndícheall go dtí an t-árthrach Iodáileach do bhí amuigh ag fuireach le seól. Do bhí muintir an bhaile ag obair ar an bhfoghmhar agus do riothadar go léir síos go dtí an trágh, spealadóirí agus mná ceangail agus páistí mar bhíodar, agus iad ag gol agus ag liúghraigh. Acht is ar an gcé do éirig an gheóin nuair do- chonnaic na fir do bhí ann cad ba chor do na mnáibh, agus i gcionn chúig nómaintí do bhí bád agus fiche ag briseadh na fairrge, ag rioth d'iarracht ar an árthrach, agus ní hiad a bpaidreacha do bhí dá rádh ag na fearaibh do bhí ionnta. Le n-a linn sin do bhí bualadh agus gleithearán ar bórd an árthraigh agus na fir ag rioth is na teudaibh ar nós dubhan- allaí agus do bhí a raibh de sheóltaibh aca in áirde uirri agus iad ag tarraing na gaoithe go teann fé'r táinig na báid bheaga i ngiorracht ceud slat dóib, agus amach leó chum na fairrge soir ó dheas. Do chas na báid bheaga tar n-ais annsin. Do bhí na fir dá ngearradh féin le buile agus ag tabhairt aghaidh a mbéil ar a chéile, gach aoinneach aca ag iarraidh a mhilleán do chur ó n-a ndorus féin. Nuair do-chonnaic Gile na mBláth na báid bheaga ag casadh, do bhuail sí a dhá bais: "Ó nach é an truagh Mhuire sinn," arsa sí, "agus nach é an seacht dtruagh Mhuire sinn, fuadaighthe ó n-ár muintir féin agus díolta ag na Múrachaibh agus fuadaighthe arís ón treibh seo is giorra dhúinn anois ioná ár muintir féin. Ó a mhic mo chroidhe," arsa sí agus í ag sileadh na frasa deór. "Éist, a leinbh," arsa Fionnlámh, "agus ná bí ag gol mar sin. Atáimíd ar láimh Dé agus atá fios a ghnó féin aige sin." Tug an captaoin cábán dóibh agus adubhairt sé le Fionnlámh gurbh é toil Rígh na hIodáile a urraim sin do thabhairt dó féin fios do chur ar a inghin leis, agus narbh dhóigh leis go mbeadh aon fhearg ar an Rígh muna mbeadh sé mí-shásta leis an bpósadh do-righne sí.
Nuair do-chuaidh Conchubhar go dtí Cathair na Múrach is ar éigean do aithin sé í. Do bhí tighthe nua dá ndeunamh i ngach aon áit, agus do bhí an teampall mór in a fhothrach agus neantóga agus canntarnaoil ag fás aníos tré an urlár ann. Do hinniseadh dó go raibh cogadh idir iad féin agus Rí na hIodáile, agus gur bhuaidh an Rí orra mar go raibh a chuid saighdiúirí ró-oilte dóibh. Do shíl na Múraigh nuair do bheadh geataí na cathrach dúnta, daingnighthe aca ná beadh aon fhaghbháil ag na hIodálachaibh dul tar na fallaí ná iad do bhriseadh. Acht do chuir na hIodáiligh an cleas úd i bhfeidhm do bhíodh aca gach aon ráithe ar an machaire ag deunamh cleachtadh arm, agus do bhíodar isteach ins an chathair chucha le hiompódh na baise, agus na Múraigh ag rioth i bpoill 's i bpóirsí uatha mar do riothfadh lán móinfhéir de choiníníbh ó chraos chaor-dhearg na gcon. Is iomdha máthair ann do bhí ag caoineadh a mic agus is iomdha leanbh do fhágadh ar thaobh na sráide ann agus a theach in a thóiteán agus gan tuairisc a mhuintire aige' agus is mairg do bheadh ag brath ar an saighdiúir chum trócaire do dheunamh air. Acht nuair do bhí an chathair agus a raibh innte fa smacht ag Rígh na hIodáile, do chuir sé fear a ionaid féin ann agus do órdaigh sé dóibh fa phian a ndíoghbhála agus a gcreachta a réir sin do dheunamh. Mar sin do bhí an sceul aca nuair táinig Conchubhar ann. Do- chuaidh sé gan mhoill ag ceannach na n-earradh do bhí uaidh don árthrach' agus nuair do bhí an last istigh aige, do fhiarfaigh sé de dhuine éigin cá raibh margadh an tsíoda agus do thaisbeáin sé dhó é. Do bhí an díolthóir in a sheasamh in áirde ar bhórd agus do bhí an síoda in a fhilltíbh leastiar de ar bhórd eile do bhí níos aoirde ioná an bórd sin agus dá fhichid slat i ngach filleadh dhe.
"Síoda na Múrach annso agam," arsa an díolthóir. "Síoda na Múrach agus é díolta agam go dtí aon fhilleadh amháin, agus is é an filleadh is fearr atá orra é. Ní gile gal na gréine ioná é, ní míne bláth na mbánta ioná é, ní righne ar caitheamh seól luinge ioná é, agus cia chuir- fidh in airgead dam é?" Do labhair fiche duine in aoinfheacht. Uathbhás ba eadh an screuchadh agus an bualadh do bhí aca. Acht do fhan Conchubhar gan labhairt go raibh sé fa bheirt aca. Do labhair sé annsin agus do chuir sé in dhá phúnt thósta d'aon iarracht é. Do fhan ceann aca in a éisteacht agus do bhí sé fa Chonchubhar agus an fear eile. Níor aithin Conchubhar cia do bhí in a choinne ag ceannach an tsíoda. Ba é an Prionnsa Dubh é acht ní raibh aithint phearsan air, mar ins an chogadh do bhí idir é féin agus Rí na hIodáile fuair sé buille millteach de chlaidheamh do fhág rian an ghearrtha ó n-a shúil chlé anuas go dtí a ghiall deis, slán mo chomh- artha. Do-chuaidh an Prionnsa púnt tar Chonchubhar, agus má do chuaidh, do-chuaidh Conchubhar trí púint tairis sin arís agus do shíl sé go raibh an filleadh aige. Agus do bhí, leis. Acht ba é beus do bhí aca, aoinneach aca do fholárfadh aon airgead a lámh do thógbháil, agus nuair do thóg Conchubhar a lámh an uair dhéidheanach, do-chonnaic an Prionnsa rian a scine féin ar a láimh agus do chuir sé uallfairt as agus adubhairt leis na saighdiúirí an fear sin do ghabháil. Do gabhadh ar an áit sin é. Tugadh ós comhair an bhreithimh annsin é agus is gairid an chúirt do bhí air. Do thaisbeáin an Prionnsa an rian trí-chúinneach do bhí ar a láimh agus do dhearbhaigh sé ná raibh scian ins an domhan do fhágfadh an rian sin in a diaidh acht a scian féin. Do innis sé don mbreitheamh annsin cionnus do ghoid sé na mná uaidh agus do dhaor an breitheamh chum báis é. I gcionn mí in a dhiaidh sin do bhí croch mhór in a
seasamh aca in lár an mhargaidh, agus tugadh Conchubhar amach as an bpríosún chum a chrochta. Do bhailigh na daoine isteach ón tuaith. Do bhí an margadh dubh aca, agus ní raibh aon fhuinneóg tart timcheall an mhargaidh ná raibh daoine ag feuchaint amach aiste. Do bhí pálás mór gairid don áit i raibh an chroch deunta aca agus is ann do bhí fear ionaid Rígh na hIodáile agus uaisle an bhaile. Do bhíodar in a suidhe in áirde i bhfuinneóig mhóir leathain ag feuchaint síos ar an gcoimhthionól agus ar an obair do bhí ar siubhal. Do chiúnaigh an coimhthionól d'aon iarracht, agus táinig Conchubhar agus na saighdiúirí ar an margadh. Is annsin do chrom gach aoinneach ag liúghraigh agus ag screuchadh, acht níor chuir Conchubhar aon suim ionnta acht bheith ag feuchaint i gcomhnaidhe ar rud éigin do bhí in a láimh. Do sheasaigh sé in áirde ar an gcroich agus do chiúnaigh an coimhthionól arís. Do chruinnigh an crochaire an teud fa n-a mhuineul agus do tharraing sé air. Is annsin do labhair fear ionaid an Rígh: "Scaoil an teud sin, a chrochaire," arsa sé, "go mbeidh a fhios agam cad atá in a láimh sin." Do bhain an crochaire as a láimh é agus tug don bhfear ionaid é. Cad do bheadh ann acht pictiúir Gile na mBláth agus a leinbh. Do chrioth an fear ionaid le scannradh agus táinig dath na cailce ar a aghaidh. "Scaoil an fear sin in ainm Rígh na hIodáile, agus cibé cúis atá agaibh in a choinne deunaidh í do phléidhe ós comhair an Rígh féin." Do scaoileadh Conchubhar agus do cuireadh an caitheamh aimsire i mudha ar na Múrachaibh an lá sin. Do bhí an Prionnsa Dubh taobh leis an bhfear ionaid, agus nuair do-chonnaic sé an pictiúir, adubhairt sé: "An bitheamhnach! Dá bhfeiceóchainnd an pictiúir sin lá na cúirte, do bhí an dá dheimhneacht ar an gcúis agam. Sin é pictiúir mo sheirbhísigh féin, í sin do thóg an fear sin uaim.
Tabhair dam é, a fhir ionaid, go dtaisbeánfa mé do Rígh na hIodáile é mar chomhartha go bhfuil an fhírinne agam." Ní raibh fios an chúrsa in a cheart ag an bhfear ionaid agus do bhí eagla air go mbadh fhéidir go raibh sé ar mearbhall agus nárbh é pictiúir Gile na mBláth ar aon chor é agus do scríobh sé go dtí an Rí agus adubhairt leis go raibh na Múraigh chum fear do chrochadh ar ghearán an Phrionnsa Dhuibh agus gur shíl sé féin ins an deireadh, ó is rud nach leis na Múraigh do bhain an fear so, go mbadh fhéidir go mbeadh máthair cúis an achrainn in a chrochadh agus go mbadh fhearr an gnó do fhágbháil fa an Rígh féin. Agus ní dearna sé aon trácht ar an bpictiúir. Tugadh Conchubhar ós comhair an Rígh agus do-chuaidh an Prionnsa Dubh ann in a fhochair. Do bhí an Rí in a shuidhe i gcathaoir uasal na hIodáile, agus an choróin ar a cheann, an tslat ríoghdha in a dhóid aige, agus an fhalaing dhearg órshnáth ó n-a ghuailnibh go talamh air. Do bhí na huaisle in a seasamh taobh thiar de ar a láimh dheis agus ar a láimh chlé agus do bhí deichneabhar saighdiúirí in a seasamh i gcoinne an fhalla ar gach taobh agus gach aoinneach aca agus a shleagh le n-a ais agus iad go léir chomh socair, ciúin le coindleóirí. Táinig an Prionnsa Dubh agus Conchubhar isteach in aoinfheacht. Do shiubhlaigh Conchubhar suas do iarracht ar an Rígh agus do umhlaigh sé dhó. Do bhí sé chomh snaidhte le snáthaid ag príosún na Múrach acht ní raibh scáth ná eagla aige roimh an Rígh ná roimh na huaisle agus iolmhaitheas an tseamra in a dtugadh é, Uaisleacht gan dánaidheacht in a phearsain agus in a shiubhal, sin é do bhain an geit asta go léir. Do bhí an Prionnsa Dubh in a sheasamh le n-a ais agus a chíor-fhiacla nochtaighthe aige agus iad chomh feicsionach le cleite bán i sciathán londubh. Do bhí pictiúir Gile na mBláth agus a leinbh in a láimh aige. "Atá annso, a Rí," arsa sé, "an fear do thóg uaim mo sheirbhíseach féin. Do cheannaigheas ar margadh na Múrach í."
"Is gránda an beus agaibh, a Phrionnsa," arsa an Rí, "daoine do dhíol agus do cheannach ar nós na mbeathaidheach." "Is gránda sin," arsa an Prionnsa, "acht is mar sin atá, agus má atá aon eugcóir ag baint leis an dlighidh caithfear a mhalairt de dhlighidh do cheapadh. Tugas luach an tseirbhísigh don díolthóir agus ní dheurfá gur ceart an seirbhíseach do bhaint díom gan pinginn de choimhlíonadh do thabhairt dam ann." "Ní dheurfainn," arsa an Rí. "Agus nach móide an eugcóir beirt aca do bhaint díom?" "Is móide," arsa an Rí, "acht cad adeir tusa, a fhir óig?" "Adeirim," arsa Conchubhar, "gur fíor dhó gur bhaineas beirt bhan de agus adeirim go ndeunfainn arís é." "Badh fhéidir," arsa an Rí, "go mbeitheá searbh go leór den chúis nuair bheidh sí pléidhte agaibh." "Agus cad dheurfá," arsa an Prionnsa Dubh, "leis an bhfear do bhainfeadh mo chuid díom. Agus thabharfadh fa mé féin agus mo chuid fear do mharbhadh?" "Leig don cheistiughadh sin agat," arsa an Rí, "agus innis an sceul dam." Do innis an Prionnsa Dubh dó cionnus mar do cheannaigh sé an bheirt bhan agus cad tug sé orra agus go raibh sé ag a dtabhairt abhaile nuair tug Conchubhar fé agus gur bhain sé dhe iad, agus má bhain nach saor do scair sé mar gur chuir sé féin a scian trí-chúinneach tré n-a láimh. "Taisbeáin dam do lámh," arsa an Rí le Conchubhar. Do thaisbeáin agus do bhí an rian trí-chúinneach uirri. "Do admhuighis cheana," arsa an Rí, "gur bhainis de iad. An admhuigheann tu go dtugais iarracht mharbhtha fé?" "Tugas go deimhin," arsa Conchubhar. "Níl uainn anois acht do bhreath, a Rí na breithe fíre," arsa an Prionnsa Dubh.
"Is ionann iarracht mharbhtha agus an duine do mharbhadh," arsa an Rí, "acht innis dam an méid seo, a fhir óig, ná fuil focal le rádh agat acht admháil do thabhairt i ngach aon chionnta?" "Níl focal le rádh agam," arsa Conchubhar, "acht an méid adubhairt mé, go ndearnas é agus go ndeunfainn a arís é." "Tabhair do bhreath, a Rí" arsa an Prionnsa Dubh "níl focal le rádh aige. Agus dá mbeadh féin, atá an pictiúir seo agam chum é do bhreugnughadh. Aithnim-se an pictiúir seo, agus aithneann mo sheirbhísigh é, gurab é pictiúir ceann de na mnáibh do tógadh uaim é. Agus fuaradh an pictiúir seo aige." Do thaisbeáin an Prionnsa Dubh an pictiúir don Rígh. Ba dhóigh leat gur splannc do bhuail an seamra in a rabhadar. "Pictiúir mo inghine féin annso!" arsa an Rí, "mo inghean féin ceannaighthe ag an bhfear dubh so!" Muna mbeadh gur thóg an Rí a dhá láim dá chosaint do bhí dá fhichid sleagh sáithte ins an Phrionnsa Dubh. "Ná marbh mé, a Rí," arsa sé, "ná daor chum báis mé. Níor innis sí dhamh-sa ná do aoinneach ciarbh í féin. Dá n-inneósadh, ní leomhfadh aoinneach oiread 's feuchaint uirri." Dá mhéid iongantas do bhí ar an bPrionnsa, ní lugha iongan- tas do bhí ar Chonchubhar. "Innis dam cá bhfuarais an pictiúir seo," arsa an Rí leis, "agus cia hé an leanbh so." Do innis Conchubhar dhó annsin gach aon rud mar do bhí. Is ar éigean do bhí deireadh le n-a chuid cainte nuair do rioth teachtaire isteach chucha le sceula go raibh Gile na mBláth agus a leanbh agus Fionnlámh ins an chathair aca. Tugadh ós comhair an Rígh iad. Do chaith Gile na mBláth í féin ar a glúinibh agus do iarr sí párdún air. "Éirigh, a inghean mo chroidhe," arsa sé, "Mise badh chóir
párdún do iarraidh ort-sa, agus gabhaim mo sheacht míle buidheachas le Conchubhar ó Cinnéide tug saor ó na Múrachaibh thu. Do bhíos ag iarraidh eugcóir do dheunamh ort le tu do thabhairt le pósadh do Phrionnsa na hAlemáine. Nuair fuaras an litir sin uait, do dubhadh mo chroidhe i do choinne, agus adubhairt mé an mí-ádh do thuarais duit féin go raibh sé ort. Acht táinig cogadh idir sinn-ne agus muintir na hAlemáine agus do thuit mac mo dheirbhshéir ins an chogadh sin agus ní raibh aoinneach agam annsin dem mhuintir féin a dtabhar- fainn an ríoghacht dó i mo dhiaidh. Do chuimhnigh mé ort-sa agus do oscail Dia na trócaire mo chroidhe agus do bhain sé as an t-olc do bhí ann chughat, agus do chuireas do thuairisc i ngach aon áit agus ní bhfuaras í. Acht le déidheanaighe tug captaoin árthraigh Iodáiligh sceula chugham go rabhais ag Baile uí Bhaoighill agus tugas órdughadh dhó tu do thabhairt i leith. Ní maith liom tu do cháineadh ar an am so, acht adeirim leat go mbadh fhearr liom go mbeitheá pósta ag Prionnsa na Frainnce nó ag Prionnsa na Spáinne ioná ag Éireannach ná fuil morán den uaisleacht ag baint leis." "Gabhaim párdún agat, a athair," arsa sí, "ní hí an fhuil uaisligheann acht an croidhe, agus dá aoirdeacht iad righte agus prionnsaí na hEórpa ní chuirfinn aoinneach aca in aon bheul amháin le Conchubhar de shean threibh na gCinnéideach." Do iarr an Rí orra fuireach in a fhochair i gcomhnaidhe acht adubhradar ná deunfaidís acht go bhfanfaidís ins an Iodáil gach aon bhliadhain ó Shamhain go Bealtaine, agus ó Bhealtaine go Samhain in Éirinn. Lá ar n-a bhárach do imthigh muintir an pháláis go léir amach ins an chuan go dtí an áit in ar bhádhadh árthrach Prionnsa na Gréige, agus do-chuaidh fir ag obair ar an árthrach agus do thógadar aníos í. Do bhí trioscar na gclog agus ruama ar gach órdhlach di, agus ba dheacair a aithint gurbh í sin an t-árthrach do bhí fuilighthe ag bláthannaibh agus ag duilleabhar.
Do bhí píosa sean-sheóil caithte ar na clárachaibh ins an áit in ar thuit an crann, agus nuair do thógadar an seól, fuaradar cnámha Prionnsa bocht na Gréige thíos fé agus an tsleagh do mharbh é sáithte ins an adhmad. Do chrom na mná ag gol agus ag lógadh agus tugadar a chnámha leó go dtí an Ghréig agus do chuireadar ins an reilig iad le hais a mhuintire féin. Agus nuair do-chuaidh Gile na mBláth tar n-ais go dtí Éire, do iarr sí ar inghin an Ghearaltaigh focail do cheapadh chum iad do chur ar an leac. Do leathanaigh an sceul timcheall ar fud na dúithche go léir go raibh Gile na mBláth tar éis teacht tar n-ais agus go raibh sí pósta agus go raibh mac óg aici, agus do bhailigheadar isteach ins an mbaile mór agus adubhairt an Rí leis na hoifigigh iad do leigint isteach is na gáirdíníbh agus fíon do chur ag rioth ann in áit uisce agus cóisir do ullamhughadh fa gach crann. Nuair do bhíodar go léir istigh táinig an Rí go dtí dorus an pháláis agus do bhí Gile na mBláth ar a láimh dheis aige agus Conchubhar ó Cinnéide ar a láimh chlé. Do shíl Conchubhar ná stadfaidís den liúghraigh go bráth. Do bheir an Rí ar an leanbh ó Ghile na mBláth, agus do labhair sé leó:- "A uaisle agus a dhaoine mhuinteardha, idir fearaibh agus mnáibh mar atá sibh, ag seo dhíbh bhur bPrionnsa, Colum óg ó Cinnéide ó Bhaile uí Bhaoighill." "Sé n-a bheatha agus mór-shláinte," arsa siad, "go mairidh sé a ainm agus a shloinne." "- agus is é bheidh mar rí oraibh nuair do-gheobhad-sa bás." "Go mbadh fada go bhfeicfear an lá sin," arsa siad. "Ámen, a Thighearna," arsa Gile na mBláth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services