Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gile na mBláth

Title
Gile na mBláth
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Composition Date
1912
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Do bhí rí ins an Iodáil chúig ceud bliadhain ó shin agus do
bhí inghean aige darbh ainm dí Gile na mBláth. I gCathair na
hIodáile do bhí an pálás agus do bhí seacht n-acra fa thighthibh
ann agus seacht n-acra fichead fa gháirdíníbh. Do bhí gáirdín
thoir ann agus gáirdín thiar, gáirdín na rós, gáirdín na
rosc, gáirdín na gcotharnach gorm-ghlas. Ba aoibhinn
scáth na gcrann agus ba mhór an chosaint iad ar bhrothal
an tsamhraidh agus an fhoghmhair, agus badh bhinn le do chluasa
ceileabhradh na gcuithíní agus iad ag léimrigh ó ghéig go
géig ionnta. Agus ní lugha binneas glór an uisce do bhí ag
éirghe in a chubhar i bhfiche báisín de chloich gheal, dearg agus
gorm, snaidhte in a chéile, deunta in íomhághaibh badh bheodha
le do shúile ioná an breac ins an uisce ar snámh. Do bhí
grianáin agus botha ann, agus cáirpéidí de chúnach ionnta.
Do bhí póirsí fada ann oscailte ar gach taobh díobh agus
piléir gheala de chloch-mharmair mar theannta fútha, in a
mbíodh scáth ar an teas agus cosaint ar an bhfearthainn,
agus tar éis dul fé na gréine badh dheas leat siubhal ionnta
nuair thabharfadh an lóithne bheag gaoithe fionnfhuaras
breaghdha léi ón bhfairrge aniar. Agus do bhí gáirdín na
gcleas ann in a raibh samplaí righte agus saighdiúirí, fear
agus ban deunta de dhuilleabhar chrann ar bharraíbh na bhfál.
Do bhí sruth ag rioth síos go dtí an fhairrge le teóra na
ngáirdíní, agus do bhí eas deich dtroighthe fichead ar aoirde


L. 2


ins an sruth, agus do bhí cosán deunta idir uisce an easa
agus an chloch i slighidh go bhfuightheá siubhal ann le linn
brothail mhilltigh meadhon-lae an tsamhraidh, bhadh aoibhinn don
duine do bheadh ann ins an lá, agus badh aoibhinn don duine
do bheadh ann i dtosach oidhche agus an ré ag múscailt tar
cheann na sléibhte, acht ba chuma lá nó oidhche ar bholadh chumhra
na mbláth. Do bhí staighre greanta ós comhair doruis mhóir
an pháláis agus ráil ar gach taobh de agus nuair do raghthá
tar an tairsinn badh leathadh radhairc agus badh mhearbhall
inntinne iol-mhaitheas agus iarmhaise an tighe. Do bhí ins
an halla páil de chloch-mharmair, deunta i bhfigiúiríbh
beathaidheach agus daoine agus snátha airgid le ciumhais gach
figiúire aca. Do bhí párlús an rígh ann agus párlús na
bainríoghna, agus ní inar a chéile an troscán do bhí ionnta
ná an cóiriughadh do bhí orra acht amháin gurbh órshnáth do bhí
ar na cathaoireachaibh go léir agus go raibh gach aon fhalla
i ngach seamra aca fa aon phictiúir amháin. An té do-
chífeadh an teach sin agus a raibh istigh ann agus do fheuchfadh
ar na gáirdíníbh, is é do thuigfeadh a gheurchúiseacht bhíonn
lucht an tsaidhbhris ag ceannach gach cóir chum sáimhireachta
agus ag ceapadh gach aon rud chum áilneacht do chur ar a
n-inntinn. Acht níor ghabh an bhuaidhirt tar dhorus an duine
saidhbhir acht oiread le dorus an duine boicht, agus níor
cheannuigh riamh ór ná airgead suaimhneas aigne ná socaireacht
croidhe.



Lá dá laetheantaibh agus tráth dá thráthannaibh, do bhí Rí na
hIodáile agus uaisle a ríoghachta ag dul ag fiadhach na muice
fiadh agus do-chuaidh Gile na mBláth in aoinfheacht leó.
Do bhí ins an am cheudna Prionnsa na hAlemáine agus
Prionnsa na Gréige ag cúirt Rígh na hIodáile agus fuaradar
cuireadh dul ins an bhfiadhach agus do-chuadar. Nuair
tángadar go bruach coille do bhí ann, do cuireadh lucht
dúiseachta an chollaigh fa an choill agus tugadh órdughadh dhóibh


L. 3


bheith ag bualadh na sceach leó rompa agus bheith ag liúghraigh
as aoirde a gcinn chum go gcuirfidís a raibh de
bheathaidheachaibh allta ins an choill amach chu's na huaisle
do bhí ag fuireach leó ar an taobh eile. Do dhruid na mná
tamall amach ó na fearaibh go barr cnocáin, agus do fhanadar
ann ar feadh an lae. Do bhí na fir in a seasamh ag tosach
na coille gach aoinneach aca ar leith-leith. Do bhíodar ag
seasamh in a líne agus ag deunamh bogha le tosach na coille
i slighidh go raibh cuid mhaith den talamh folamh idir iad féin
agus an choill. Agus do bhí conairt con isteach ag deireadh
na líne ar gach taobh. Is é acht do bhí aca ná na coin do
scaoileadh fa an chollach ar an nómaint do-chífidís é,
agus cibé duine a riothfadh sé do iarracht aird do
chaitheamh a shleighe leis.



Níorbh fada dhóibh ag fuireach ar an órdughadh sin, nuair
do airigheadar an briseadh agus an trostal thall ins an choill
agus liúghrach daoine agus sceamhghail madraí beaga agus
ba ghairid gur oscail na sceacha agus gur phreab an collach
chucha amach. Do scaoileadh na coin fé ó gach taobh agus
do éirigh glór na seilge. Do rioth an collach do réim
dhíreach ar Phrionnsa na Gréige. Ní raibh sé acht chúig shlata
ón Phrionnsa nuair do iompuigh sé ar an gcú ba ghiorra
dhó agus tug fogha dá stair-fhiacail fúithe agus do stol ó
cheann go hearball í agus do-righne dhá leath ar an áit sin di.
Ar a fheicsin sin don Phrionnsa táinig scannradh croidhe
air. Do chaith sé uaidh an tsleagh agus do theich sé le n-a anam,
agus nuair do bhí sé ag dul tar chrann íseal do bhí i gcomhgar
dhó tug sé léim as a chabhail agus do bheir ar ghéig agus sin
é tug saor é. Do imthigh an collach ar a aghaidh agus ní fhacadh
ó shin é. Do bhí a raibh ann aca ar aon liúgh amháin gáire agus
adubhairt an Rí le Prionnsa na Gréige, iná is í sin an ghaisce
do bhí aige, go mbadh fhearr dhó fuireach amach ó na fearaibh


L. 4


agus dul ag fiadhach coiníní i bhfochair na mbuachaillí. Do bhí
náire ar an bPrionnsa annsin agus do imthigh sé leis abhaile
go dtí an Ghréig gan chead ná ceileabhradh do iarraidh ar
aoinneach.



Tráthnóna an lae sin nuair do bhí na huaisle ag caitheamh
cóisire i bPálás an Rígh, do éirigh an Rí agus an gloine in a
láimh agus adubhairt: "Seo deoch fa thuairim sláinte
an duine arbh dheallraighe a phearsa ioná a mhisneach, agus a
léim ioná a chaitheamh"; agus do chuir a raibh ann scolfhairt
gáire asta. Agus ní ró-fhada in a dhiaidh sin gur airigh an
Prionnsa thall ins an Ghréig an focal adubhairt sé, mar ní
bhíonn aoinneach arbh shia leis a chosa ioná teachtaire an
droch-scéil. Acht do chuir Gile na mBláth litir chuige agus
adubhairt sí go raibh na fir ró-bhorb leis, agus gan aon suim
do chur ionnta acht teacht arís agus go mbadh fhéidir ná beadh
sé ar an-áird go deoidh. Do chuir sin suaimhneas mór ar a
aigne.



I gcionn ráithe in a dhiaidh sin is eadh táinig an Prionnsa
arís. Nuair do-chuaidh sé go dtí an pálás, ní fhaca sé aon
fhear ann acht mná i ngach aon áit. Do labhair Gile na mBláth
leis agus tug sí go dtí an proinnteach nó seamra an bhídh é.
Do bhraith sé ná raibh aon fhear ar an lucht friothálaidh acht
cailíní ar fad. Nuair do bhí an dinneur caithte aca, do-
chuadar in áirde staighre, agus do bhíodar ag dul in áirde
mar sin ó staighre go staighre go dtángadar amach ar cheann
an tighe, mar ní haon cheann crochta do bhí ar an tigh acht ceann
íseal leathan agus gan de aoirdeacht ann acht an méid
thabharfadh cead reatha do uisce na fearthanna agus
do bhí ráil dheas de chloch-mharmair deunta timcheall air i
slighidh nárbh bhaoghal do aoinneach tuitim anuas de. Do leath
a radharc ar an bPrionnsa nuair do-chonnaic sé an obair
do bhí ar siubhal thíos ar an machaire. Do bhí an áit lán de
shaighdiúiríbh idir mharcaigh agus coisidhthe agus do bhí gach aon
cleas cogaidh dá dheunamh aca. Do bhíodar ag caitheam


L. 5


sleagh agus ag oibriughadh claidhte, ag rioth agus ag
léimrigh. Do bhíodar ag teacht i gcionn a chéile agus ag
scaipeadh arís mar do bheadh na scamaill ar an aer le linn
na tórnaighe nó mar do bheadh na faoilinn ar bharr na fairrge
lá briseadh an éisc. Do bhí falla mór árd i lár an
mhachaire agus do bhailigh chúig ceud fear ar thaobh de. Do-
chuaidh ceathrar aca le hais a chéile agus do luigheadar ar a
dhá láimh i gcoinne an fhalla. Táinig triúr eile annsin agus
do sheasadar ar a slinneánaibh sin. Táinig beirt annsin agus
do sheasadar ar a slinneánaibh sin arís agus do bhí lámha na
beirte tar bharr an fhalla. Do fhanadar mar sin gan aon
chor asta agus do-chuaidh an chuid eile de na fearaibh in
áirde orra chomh maith 's dá mbadh dréimire do bheadh aca
agus do-chuadar go léir tar an bhfalla. Agus ní túisce do
bhíodar tar an bhfalla ioná go ndeaghadar tar n-ais arís.
Tainig iongantas a chroidhe ar an bPrionnsa agus do fhiarfaigh
sé de na mnáibh cad do bhí mar sin orra. Adubhradar leis
go mbíodh cleachtadh cruaidh naoi lá agus naoi n-oidhche uair
ins an ráithe ag an méid saighdiúirí agus ag an méid muin-
tire do bhain leis an rígh-theaghlach chum ná beurfadh aon
namhaid an buaidh uatha cibé aca ag cosaint a náisiúin
féin do bheidís nó ag creachadh aon náisiúin eile. Do aithin
Prionnsa na Gréige Prionnsa na hAlemáine i measc na
saighdiúirí agus adubhairt sé leis féin ná beadh sé sin ann,
muna mbeadh go raibh an Rí chum a inghean do thabhairt dó le
pósadh. Níor fhan sé ann go raibh na naoi lá caithte agus do
imthigh sé abhaile arís go dtí a dhúthaigh féin.



I gcionn ráithe eile do bhí Gile na mBláth agus a bean
choimhdeachta in a suidhe i ngáirdín na rós agus cad do-
chífidís chucha acht scata ban óga agus coróin deunta de
bhláthannaibh ar cheann gach duine aca agus cóir cheóil in a
lámhaibh, agus ba bhinn agus ba neamh-choitcheanta an ceól do


L. 6


bhí aca dá sheinneamhaint. Ba ghairid gur thuig Gile na
mBláth agus a bean choimhdeachta na focail do bhí aca. Ba é
brígh na cainte ná go raibh caol-bharc lom thíos ar lán mara
ins an tráigh, agus go raibh aingil an cheóil ag tabhairt cuiridh
di féin áilneacht na n-áilneacht do fheicsin thíos ar lán mara
ins an tráigh. Do-righne an bheirt bhan gáire agus do fhreagair
Gile na mBláth i bhfilidheacht iad, agus adubhairt sí gurbh orra
do bhí an mheidhir, agus ná tabharfaidís coiscéim ag siubhal
ná ag rinnce ná deunfadh sí féin in a ndiaidh, agus go
mbeadh leath-rann ar leath-rann aici dhóibh. Do-chuadar
síos go dtí an trágh, agus nuair do-chonnaic Gile na mBláth
an bád do bhí aca, do-righne sí gáire eile. Do bhí cáirpéidí
istigh innte agus peiliúir agus pobhsatha i ngach aon áit.
Do-chuadar go léir isteach innte agus do-chuaidh ceann aca
ar an stiúir agus do fhan an chuid eile aca in a seasamh agus
do shíneadar amach a lámha. Do bhí an ghaoth ón tír, agus na
brait dhearga agus ghorma do bhí ar a nguailnibh do bhíodar
mar sheólta aca agus sin mar do chuireadar chum fairrge.
Ba ghairid go dtángadar ar scáth oileáin do bhí ann, agus is
annsin táinig an t-iongantas orra nuair do-chonncadar mar
do bheadh cnocán cúnaigh ins an bhfairrge. Acht nuair tán-
gadar gairid dó, do thuigeadar gur árthrach beag í do bhí
clúdaighthe le duilleabhar agus leis na mílte bláth. Do-
chuadar ar bórd uirri agus cia bheadh istigh rompa acht
Prionnsa na Gréige. Ní tháinig aon eagla ar Ghile na mBláth.
Do umhlaigh an Prionnsa di agus adubhairt sé léi go mbeadh
cóisir ar bórd aca agus go raghaidís i dtír annsin agus go
raibh sé chum a thaisbeáint dá hathair, nar cheart dó
cleachtadh arm do dheunamh agus an tseód ba mhó dá raibh
aige do fhágbháil gan ghárda. Do-righne Gile na mBláth gáire
eile annsin acht ba ghairid dá gol a gáire agus adubhairt sí
gurbh mhaith an chomhairle do bhí aige. Do-chuadar go léir
síos ins an árthrach agus do bhíodar ag caitheamh cóisire agus
iad go séimh agus go cathaiseach le n-a chéile, nuair do airi-


L. 7


gheadar an liúghrach agus an fothrom agus do riothadar
go léir suas agus cad do bheadh ann acht dhá árthrach ropairí
ó Thír na Múrach. Do chaith urmhór de na mnáibh iad féin ins
an bhfairrge agus do-chuadar i dtír de shnámh. Tug na
Múraigh leó an chuid eile aca agus má tug ní le cead
Prionnsa na Gréige tugadar, mar do tharraing sé a
chlaidheamh agus do throid sé go fíochmhar, faobhrach in a gcoinne
gur cuireadh an tsleagh tré n-a chroidhe. Do pholladar
árthrach an Phrionnsa annsin agus do-chuaidh sí go tóin poill
idir chrann agus cabhail, bláth agus duilleabhar. Do thógadar
a gcuid seólta agus amach leó chum fairrge arís.
Ráinig gur ins an árthrach cheudna do bhí Gile na mBláth
agus a bean choimhdeachta agus do bhí an chuid eile de na
mnáibh ins an árthrach eile, acht ní go dtí aon chuan amháin do
bhí an dá árthrach ag dul. Is go dtí Cathair na Múrach tugadh
an bheirt seo, agus do cuireadh ar an margadh iad ar nós
ba nó caorach, agus slabhraidhe troma ar a lámhaibh agus
ar a gcosaibh agus iad ag gol go fuidheach. Táinig fear na
n-earraidh do dhíol annsin agus do bhailigh na ceannaigh-
theóirí timcheall air. Do bhí fear óg ó Éirinn ar an mbaile
an lá ceudna. Conchubhar ó Cinnéide ba ainm dó. Agus
nuair do-chonnaic sé an sluagh mór daoine ar an margadh,
do-chuaidh sé in a measc feuchaint cad do bhíodar a
cheannach, agus nuair do-chonnaic sé an bheirt bhan dá ndíol
ní bhfuighbheadh sé gan na deóra do shileadh. Do bhí Gile na
mBláth in a seasamh ar urlár árd ann agus a dhá bais le n-a
haghaidh agus an slabhradh ar sileadh léi agus a folt fada
fionn anuas le n-a hucht. Do bhí eudach bán uirri agus crios
airgid tar a cabhail aniar agus bláthanna dearga deunta i
gciumhsa a gúna thíos timcheall ag a íochtar. Do bhí a bean
choimhdeachta in a seasamh ar urlár eile le n-a hais agus í
ag iarraidh labhairt le Gile na mBláth chum suaimhneas
do chur innte. Acht níor airigh Conchubhar aon fhocal uaithe


L. 8


acht an t-aon fhocal amháin gur treise lámh Dé ioná lámh an
bhitheamhnaigh. Do bhí na Múraigh ag feuchaint orra agus iad
ag screuchadh agus ag gáire agus ag suathadh a chéile. Do bhí
brait de gach aon dath orra agus sceana i gcrios gach aon
duine aca. Nuair do thógadh ceann de na ceannaightheóiríbh
a lámh, tagadh ciúineas orra agus do fholárfadh a sé airgead
orra. Annsin do éireóchadh an chaint agus an fothrom agus
an screuchadh arís go dtógfadh an díolthóir a lámh mar
chomhartha ná díolfadh sé ar an méid sin iad. Do labharfadh
ceannaightheóir eile annsin agus do chuirfeadh sé i mbreis
airgid iad, agus ba mhar sin dóibh go raibh an díolthóir sásta.
Agus is é duine do cheannaigh iad ná fear mór, leathan,
láidir ar a dtugtaoi an Prionnsa Dubh. Nuair do-chonnaic
Conchubhar agus a mhuintir dá ndíol mar sin iad, do bhíodar
dá ngearradh féin le buile agus do-righneadar a ngearán le
Dia, agus do chromadar ag athchuinghe Críost na trócaire agus
Muire na gcomhacht teacht i gcabhair orra agus do dhearbhadar
go mbainfidís den Phrionnsa sin iad nó gurab í gainimh Tír
na Múrach do ólfadh a gcuid féin fola ar a son. Nuair do
bhí deireadh leis an margadh, tug Conchubhar fa ndeara go
raibh na sluaighte daoine ag triall ar theampal na Múrach,
agus do-chuaidh sé féin agus a mhuintir go dtí ósta do bhí
ann agus do fhiarfaigheadar de fhear an ósta cad do bhí mar
sin ar na daoinibh nó cadé an lá do bhí aca. Adubhairt sé
sin gur lá mór úrnaighthe aca an lá so agus go bhfanfaidís
ins an teampal go dtí uair an mheadhón-oidhche. "Maith an
sceul agat, a óstaoir," arsa Conchubhar, "an fhaid 's
bheidh siad sin ar úrnaighthe, beimíd-ne ag ceapadh
comhairle agus ag taighdeadh amais." Do chuir sé uaidh
annsin an buachaill ba gheurchúisighe dá raibh aige agus tug sé
órdughadh dhó an Prionnsa Dubh do bhraith agus fios a chúrsaí
do bheith aige dhó fa an tráthnóna. Do shín sé sparán teann
chuige agus adubhairt sé:


L. 9


"Ní cóir go mbadh lugha ort púrógha na sráide ioná a
bhfuil de airgead ins an sparán sin."



Táinig an buachaill tar n-ais i gcionn trí uair an chluig
agus an sparán in a liobar aige agus adubhairt sé e
Conchubhar:



"Do-bheirim do Dhia an t-ór. Atá an buaidh aige chum
rún do oscailt. Nuair do-chíonn an tsúil é, is gairid
in a dhiaidh sin fhanann an scoth ins an mbeul."



"Ar airig tu," arsa Conchubhar leis, "cá bhfuil comh
naidhe ar an bPrionnsa so?"



"Do airigheas," arsa an buachaill, "agus dheunfainn
eolas duit ann ins an oidhche."



Do innis sé annsin dó go mbeadh an Prionnsa Dubh ag dul
abhaile an oidhche sin go dtí a chaisleán féin agus go mbeadh
an bheirt bhan in a fhochair agus fiche saigdiúir agus gurab é
bóthar do gheobhaidís ná an bóthar réidh do bhí le hais na
fairrge agus go raibh coill ar gach taobh den mbóthar ar
phaiste dhe, agus gur dócha ná beadh aoinneach eile ag gabháil an
bhóthair sin, mar gur bóthar uaigneach é agus gurab é an
Prionnsa féin do-righne é mar chomhgar go dtí a theach féin.



"Bí-se," arsa Conchubhar leis an mbuachaill, "timcheall
leath-mhíle ar an taobh abhus den choill sin, agus beimíd-ne
ag an choill féin. Má atá an bheirt bhan ar tosach an ghárda,
taisbeáin dúinn solas geal, agus má atáid in a lár tais-
beáin dúinn solas dearg. Atá a fhios agam ná beidh siad
ar a ndeireadh. Agus tóg an sparán so arís," arsa sé
leis, dá líonadh arís, "agus cuir sceula go dtí na mná go
bhfuil daoine ag teacht i gcabhair orra agus nuair aireóchaidh
siad an fothrom ins an choill gan aon scáth do theacht orra."



"Coingigh an sparán fóirlíonta sin agat an iarracht
so, a mhaighistir," arsa an buachaill leis, "atá an teachtai-
reacht sin ceannaighthe agam duit roimhe seo. Fág an
t-airgead díomhaoin anois, agus cuir meabhair do chinn ag


L. 10


obair. Mar is iomdha fios dhe uireasbaidh orainn chum an
cleasa do imirt mar is cóir."



Le crothnughadh na hoidhche do scaoileadar síos an
t-árthrach fa bharr an tseóil tosaigh go dtí port do bhí gairid
don choill. Do-chuaidh buachaill na soillse go dtí cnocán
beag agus do chuir Conchubhar cuid de na fearaibh ar an
mbóthar agus tug órdughadh dhóibh gabháil tar an gcnocán agus
teacht i leith na coille díreach mar tiocfadh an Prionnsa
Dubh agus bheith ag faire feuchaint an bhfeiceóchaidís na
soillse, agus adubhairt sé má do-chífidís iad go gcaithfidís
a mhalairt do shocrughadh do dheunamh agus beartughadh ar
chomharthaíbh eile. Acht do bhí buachaill na soillse roimh ré
leó. Do bhí píosa seóil aige tug sé leis ón árthrach agus
do-righne sé dhá chochall de, agus do chuir na soillse isteach
ionnta agus beul na gcochall ar aghaidh na coille i slighidh
nuair do árdóchadh sé beann na gcochall ná feiceóchadh
aoinneach na soillse acht an duine do bheadh ag an choill.
Mar sin nuair táinig na fir aníos an bóthar ní fhacadar aon
leus solais in aon áit acht do-chonnaic Conchubhar ón choill iad,
agus adubhairt sé nach solusmhaire súile cait ins an oidhche
ioná iad. Do-chuadar annsin agus do ghearradar trí chrainn
ar gach taobh den mbóthar ag deireadh na coille. Acht ní
tugadar iomlán-ghearradh dhóibh, mar do fhágadar unga bheag
díobh gan gearradh i slighidh nuair tiocfadh an Prionnsa Dubh
narbh thúisce baint leis na crainn ioná a dtuitim. Do chuir
Conchubhar na fir annsin le hais na gcrann ar gach taobh den
mbóthar agus do-chuaidh sé féin go dtí tosach na coille agus
do fhan sé ann ag fuireach go bfeiceóchadh sé an solas.



Ní raibh duine ná daonaighe ag corraighe in aon áit agus
badh dhóigh leat gur le ceadughadh Dé do bhí muintir na tuaithe
agus na cathrach bailighthe isteach ins an teampal mór ionnus
go mbeadh caoi ag Conchubhar agus ag a mhuintir chum teacht
i gcabhair ar an mbeirt bhan agus a nglas do scaoileadh.


L. 11


Do bhíodar ag fuireach go dtí uair an mheadhón-oidhche agus do
airigh Conchubhar annsin mar do bheadh crónán beach ar éirghe
saithe agus ba ghairid gur airigh sé amhráin agus gutha daoine
agus i gcionn leath-uair an chluig do-chonnaic sé an solas
geal dá thaisbeáint ag an mbuachaill agus do rioth
sé ar a dhícheall do iarracht ar a mhuintir do bhí ag deireadh
na coille agus adubhairt sé leó bheith i gcóir go rabhadar ag
teacht, "agus," arsa sé, "míle buidheachas le grásta
Dé, is an tosach atá na mná aca, agus is É féin do chuir ann
iad."



Ní raibh na focail ráidhte aige nuair do airigheadar chucha
trostal na ndaoine. Do leigeadar thósta an bheirt bhan
agus do scaoileadar leis na crainn ar na fearaibh do bhí ag
teacht as a ndiaidh aniar. Liúghrach na bhfear agus tuairt na
gcrann agus mac-alla na coille do chuir crioth in a mbeathaidh
ar na Múrachaibh, agus an méid aca nár theich le scannradh ba
ghairid gur chuir Conchubhar agus a mhuintir an dearg ruagaint
orra. Fuaradar na mná ar an taobh eile de na crannaibh
agus iad i luigeachair. Tugadar leó iad agus do chuireadar
ins an árthrach iad. Do bhogadar a gcuid seólta go léir agus
do imthigheadar fairsing go dtí Gibráltar. Ní raibh aon
ghortughadh ar na fearaibh acht amháin ar Chonchubhar mar do
chuir an Prionnsa Dubh a scian fhada thrí-chúinneach tré n-a
láimh seacht n-órdlaigh anuas ón uillinn. Lá ar n-a bhárach
do-chonncadar seólta dubha na Múrach soir uatha, acht is
beag shuim do chuireadar ionnta mar do bhíodar ag
breith uatha i gcomhnaidhe.


L. 12


Nuair táinig na mná uaisle chucha féin do bhíodar ar bórd
an árthraigh, agus do thuigeadar go rabhadar ar láimh sábhála.
Do bhí rian na slabhraidhe orra i gcomhnaidhe agus is fada do
bhí dubhadh na fola ar chaol a lámh. Tug Conchubhar cábán dóibh
ar leith-leith agus do bhí áthas orra nuair do-chonncadar eudach
ban ann agus an-chuid giúirléidí agus córacha do oirfeadh
do mhnáibh uaisle. Is é buachaill na soillse do chuimhnigh orra
sin dóibh' agus nuair do airigheadar an méid do-righne sé
dóibh agus a fheabhas do imir sé gach aon chleas ar a son,
adubhradar gurbh é an feall gan a chuimhniughadh do leanmhain
de agus tugadar Diarmaid na Soillse mar ainm air.
Diarmaid mac Cárthaigh ba eadh é, Buachaill ón Rinn Bháin.



Do bhí Gile na mBláth agus a bean choimhdeachta ag cur an
chúrsa ar fad tré n-a chéile agus adubhairt Gile na mBláth
go mbadh fhéidir gurbh é toil Dé í do fhuadach ó n-a hathair
mar go raibh sé chum í do thabhairt lé pósadh do Phrionnsa
na hAlemáine "agus," arsa sí, "nár bheiridh Dia gairid ar
m'anam, acht dheurfainn a narbh fearr dham bheith in a
fhochair siúd ioná bheith ag sclábhaidheacht do na Múrachaibh."



"Ní dheurfainn narbh fearr," arsa an bhean choimhdeachta.
Do-chonnaic mise lá é agus é ag iarraidh a chapaill do chur
tar bearna. Nach cuimhin leat an capall deas riabhach sin
tagadh chughat ins an pháirc gach aon lá chum ubhall do ithe
de do láimh?"



"Is maith is cuimhin liom é," arsa Gile na mBláth, "agus
do bhí a fhios ag an Phrionnsa go raibh an t-an-chion agam ar
an gcapall sin."


L. 13


"'Seadh," arsa an bhean choimhdeachta, "acht níor bhac sin
dó, nuair do theip an capall air ag an mbearna, an
tsleagh do sháthadh tré n-a chroidhe."



"Níor bhac, mhuise. Agus ní hé sin amháin acht níl gadhar
ná cú timcheall air ná fuil scáth aige roimhe. Agus an
té ná fuil tuicsin aige don mbeathaidheach, ní bheadh tuicsin
aige don duine."



"Éirigh as an bhfear ainspianta go deóidh," arsa an bhean
choimhdeachta, "an té do bhuailfeadh a bheathaidheach le ainspian-
taigheacht dheunfadh sé an cleas ceudna le n-a bhean
nó le n-a chlainn, nuair tiocfadh an bhuile air."



"Badh fhearr liom," arsa Gile na mBláth, "bheith ag
tarraing an chorráin tré an tortóig le mo shaoghal agus bheith
ag tomhas na talmhan le mo dhóirne ioná bheith ceangailte
dá leithéid."



"Mhuise, ní fearr ciall dá bhfuil agat," arsa an bhean
choimhdeachta.



"Ní fearr," arsa Gile na mBláth, "agus do dhearbhaigh mo
athair go gcuirfeadh sé i ngabhann mé agus go mbeadh uireas-
baidh coda orm muna ndeunfainn a thoil. Agus adubhairt
sé go mbeadh buaineas ar an tsíothcháin idir ríoghacht na
hIodáile agus ríoghacht na hAlemáine dá ndeunfainn
an pósadh sin. Acht adeirim anois, dá dtuitfeadh an
spéir agus an talamh le n-a chéile go mbeidh sé gan deunamh.
Acht cuirfimíd sceula chuige ar chuma éigin chum a chur in
iúl dó go bhfuilmíd ó bhaoghal, acht ná fuilmíd chum casadh
ar ár muintir ná ar ár ndúthaigh féin go bráth agus ceud slán
leó go léir."



"Cá bhfhearr ioná bheith scartha leó?" arsa an bhean
choimhdeachta, "cuirfimíd chum maireachtana dúinn féin agus
ní fheadair tu ná beadh an t-ádh linn ins an deireadh."



"Beidh, le congnamh Dé. Is fearr dhúinn gan aon chúntas
do thabhairt in ár gcúrsaíbh do mhuintir an árthraigh seo."


L. 14


Tar éis dul amach dóibh tar Gibráltar do-chuaidh an
ghaoth siar ó dheas air agus do bhí na tonna móra ag rioth
ar an bhfairrge go breaghdha gan briseadh agus do bhí an
t-árthrach ar aon chóiriughadh seólta ar feadh trí lá. Do
órdaigh Conchubhar cathaoireacha móra do chur ar bórd an
árthraigh agus cáirpéidí dearga do bheith fútha agus foscadh
ón ghréin do leathadh in áirde ós a gcionn. Do ghlaodhaigh sé
ar na mnáibh uaisle teacht aníos as an gcábán tug sé dhóibh,
go raibh an namhaid i bhfad ar deireadh agus gur dócha go
rabhadar tar éis casadh abhaile arís agus narbh bhaoghal
dóibh an fhairrge anois. Táinig an bheirt aca aníos. Do bhí
na deóra ag teacht leó agus do chromadar ag gabháil
buidheachais leis:



"Tug tu saor sinn ón dream dubh diabhalta úd agus go
gcúitighidh Dia do shaothar leat. Go bhfágaidh sé an
tsláinte agat féin agus ag do mhuintir agus go meudaighe
sé bhur stór ar tír agus ar fairrge cibé áit i raghaidh
sibh agus nár leigidh sé go seasóchadh aon bhean de do threibh-se
ar mhargadh na Múrach go deoidh agus cuingealach an a dhá
cois ar nós na caorach."



"Cia ar dhíobh sibh, a mhná uaisle," arsa Conchubhar, "agus
cá bhfuil bhur dtriall?"



"Ná fiarfaigh dínn cia ar dhíobh sinn. Mise Gile na mBlát
agus Fionnlámh atá uirri seo. Is í mo bhean choimhdeachta í.
Is gairid an mhoill fios ár gcursaí do thabhairt duit. Do
bhí mo athair-se chum mé do thabhairt le pósadh do dhuine nár
thaithnigh liom ar chruadhacht a chroidhe, acht fé raibh
sé d'uain aige a chomhairle do chur i bhfeidhm, ráinig go
dtáinig na Múraigh gan fhios orainn agus gur fhuadaigheadar
mé féin agus í seo. Agus ó atáimíd anois scartha le n-ár
muintir agus le n-ár ndúthaigh féin agus tar chomhacht láimhe
mo athar, atáimíd ar aigne gan chasadh ann go bráth acht
amháin sceula do chur chuige dá rádh go dtug Dia saor sinn
araon ó na Múrachaibh agus mise ón phósadh badh cheusadh dham."


L. 15


"Tuigim," arsa Conchubhar, "ba mhinic buaidhirt ar dhuine
de dheascadh díth céille a mhuintire. An rud is milse leis
an athair, badh fhéidir go mbadh é badh sheirbhe leis an inghin.
Ní hé an pósadh do oirfeadh don athair, do oirfeadh don inghin,
agus má bhíonn an fear go holc dí, ní hé an t-athair acht an
inghean bheidh féigh dhe. Atá a fhios ag gach aoinneach cá
luigheann an bhróg air féin. Acht cá dtabharfa me sibh,
mar ní dóigh liom go dtiocfadh sibh chomh fada le mo bhaile
dhúthchais féin?"



"Agus cadé an áit é sin?" arsa Gile na mBláth.



"Cluain Fhiaidh, áit láimh le Dún Garbhán i nDéisibh Mumhan.
Atá caisleán ag mo athair ann, caisleán Cluain Fhiaidh
tugtar air."



"Nach in Éirinn atá na háiteanna sin?" arsa Fionnlámh.



"Is eadh," arsa Conchubhar, "agus má is maith libh tamall
do thabhairt ag an chaisleán, atá fáilte romhaibh. Níl aon
duine ná deoraidhe dá dtagann ann ná faghann iosdas
uainn gan aon cheist do chur air acht oiread le haoinneach
linn féin. Acht má atá sibh chum lonnughadh in Éirinn, ní
fheadar cad is cor díbh."



"Tuigimíd cad atá tu a' rádh, a dhuine uasail," arsa
Fionnlámh, "acht innis dúinn cia tú féin?"



"Mise Conchubhar ó Cinnéide. Is dóigh libh-se gur captaoin
saighdiúirí mé mar gheall ar an gclaidheamh so agus an chulaith
airm atá orm, agus is fíor go bhfuil an cheárd sin agam."



"Ba dhanaoid dúinn-ne mara raibh," arsa siad.



"Ní gábhadh aon trácht air sin," arsa sé.



"Acht do bhí mé ag a rádh gur saighdiúir mé, agus is iomdha
ceárd eile atá agam dá hiongnais sin. Nuair do bhí mise i
mo bhuachaill óg, do chuireadh mo athair ag obair ins an pháirc
mé, ag glanadh agus ag piocadh cloch, agus nuair do bhí mé
ins an aois do chaithinn dul i measc na bhfear ag speala-
dóireacht. Ní bheadh aon tsásamh air go mbeadh taithighe agam
ar gach aon saghas obair do bhí ar siubhal aige ar an stát.


L. 16


Agus tug sé léigheann dam i bhfochair na sclábhaidheachta.
Agus adeireadh sé gur mó do bhí an léigheann de uireasbaidh
orm ioná aon rud eile, mar fear iseadh é a bhfuil árthraighe
aige agus bíonn earraidh dá dtabhairt tar na fairrgí aige
agus dá ndíol insan bhFrainnc agus ins an Spáinn agus ins
an Iodáil agus aon bhaile cuain a mbeadh margadh ann."



"Tighearna talmhan agus ceannaighe t' athair má is eadh,"
arsa siad.



"Is eadh" arsa sé, "agus ceannaigheacht is mó bhíonn ag
deunamh cúraim dó."



Tagadh Conchubhar chum cainte leó gach aon lá mar sin, agus
do thaisbeánadh sé dóibh sléibhte agus cathracha na Spáinne
agus na Frainnce do réir mar do bhíodar ag gabháil thósda
agus tugadh sé ainm ar gach aon rud dóibh. Do bhí seanchus
aige i dtaobh gach aon rud ar tír agus ar fairrge agus ba
dheas an chuideachta do bhí ann. Acht is mó shainnt do bhí ar
na mnáibh chum bheith ag éisteacht le sceulta mar gheall air
féin agus na hearraidh do bhíodh ins an árthrach aige agus na
nósanna do bhíodh ag a mhuintir ins an mbaile.



"Is iongnadh liom," arsa Gile na mBláth leis lá, "tu
bheith i do cheannaighe in áit bheith i do shaighdiúir, mar do
airighinn i gcomhnaidhe gur mó mheas do bheadh ar chaptaoin
airm ioná ar fhear do bheadh ag díol agus ag ceannach."



"Is fearr a chiall do mhúin m'athair damhsa," arsa
Conchubhar. "Adeireadh sé liom "má is maith leat bheith go
seascair, sámh, téighir ag tuilleachtain duit féin, ag obair
feirmeach nó ag ceannaigheacht. Aoinneach atá díomhaoin atá
sé ró dhealbh. Má is duine socair-inntinneach thu, gan aon
dúil agat in aon rud neamh-choitcheanta acht do shaoghal ar fad
do chaitheamh ar aon imtheacht amháin, fan ar an dtalamh so
agus téighir i measc na bhfear bhíonn ag obair ann. Acht má
is maith leat radharc cathrach an domhain do fheicsin, téighir
ag ceannaigheacht ar na hárthraighibh bhíonn ag dul tar lear.
Ná cuimhnigh ar dul in aon arm. Is beag airgead ceart


L. 17


thuilleann na saighdiúirí, agus an méid ghabhann shiad le
daoine bochta do chreachadh agus a gcuid do bhaint díobh, ní
gnáthach an rath do bheith ar a leithéid. Acht má imthigheann tu
ar na hárthraighibh, téighir ag foghluim ar dtúis cionnus
claidheamh agus guna do láimhseáil mar nárbh mhór duit bheith
inneamhail ar tu féin agus do chuid do chosaint ar bitheamhna-
chaibh. Seachain agus ná buail aoinneach ins an eugcóir, agus
má bhíonn tu ins an neart ná leig do aoinneach an duine
fann, faon-lag do thrascairt." Is mar sin do labhradh m'
athair liom, agus do shíl mé go raibh an ceart aige. Do bhíodh
an t-an-dhúil agam dul ins an chogadh agus bheith ag troid, acht
do-chuaidh sé i dtuicsin dam gur olc an cheárd í, críostaidhthe
do bheith ag marbhadh a chéile agus go minic ins an eugcóir.
Agus do-chuaidh sé i dtuicsin dam leis gur geall le coghadh
an cheannaigheacht acht gan an díoghbháil bheith innte agus go
bhfuighbhinn sásamh mo inntinne innte chomh maith is do-
gheobhainn ins an chogadh. Dála an saighdiúir, bíonn an cean-
naighe i gconntabhairt go minic. Bíonn sé i gconntabhairt ón
bhfairrge, ón stuirm agus ó na rópairíbh bhíonn ag faire
air i gcomhnaidhe go bhfuighbhidís amas air. Neart in a lámhaibh
agus gliocas aigne nárbh mhór dhó i gcomhnaidhe agus faobhar
ar an gclaidheamh aige. Agus nuair théigheann sé is na
bailte móra ag díol a chuid earradh, bíonn ceannaighthe eile
ann ag cur in a choinne. Agus caithfe sé bheith ag cuimhneamh
i gcomhnaidhe ar na hearradhaibh do bheadh ón gcathair seo agus ón
gcathair úd agus gan an t-árthrach do bheith folamh aige aon am.
Agus caithfe sé muinteardhas do dheunamh le daoine i ngach
aon bhaile, ionnus go mbeadh fios cursaí na háite aige, mar
níl aon bhliadhain thagann ná tugann léi athrughadh éigin,
agus an rud oireann do mhuintir na cathrach sin i mbliadhna
badh fhéidir nach é sin an rud oirfidh dóibh an bhliadhain seo
chughainn."



Atá buaidh agaibh-se chum na ceannaigheachta," arsa
Fionnlámh leis, "agus do bhí mé ag a rádh léi-seo ó chianaibh


L. 18


go bhfuil bhur gcuid earradh i ngach aon áit dhen domhan. Bíonn
gach aoinneach ag trácht ar líon agus olainn na hÉireann.
Agus an t-eudach sin a dtugtar saoi air, is de sin urmhór
den eudach atá orainn féin."



"Is fíor sin," arsa Conchubhar, "do bhí a fhios agam féin é
acht badh oitir liom a rádh libh. Agus is dócha gur airigh sibh
leis gur againn-ne atá na seithí is fearr agus an t-adhmad
daraighe is fearr atá ann."



"Do airigheamar cheana," arsa siad. "Acht innis dúinn
cadé saghas daoine atá in Éirinn."



"Atá olc agus maith orra dála gach aon dream," arsa
Conchubhar, "agus adeirim libh má bhíonn sibh ag deunamh
margaidh leis an duine is maoile agus is simplidhe atá orra
aireachas do thabhairt díbh féin mar nárbh mhór leis bheith
ionaibh."



"Acht níor theip an misneach riamh orra," arsa siad, agus
iad ag feuchaint ar a láimh a raibh rian scian an Mhúraigh
uirri i gcomhnaidhe.



"Ní fheadar," arsa sé, "atá lag agus láidir orra
daoine meathta agus daoine misnigheamhla orra dála gach
aon dream eile."



An fhaid 's do bhíodar ag caint mar sin, táinig
árthrach mór ón bhFrainnc gairid dóibh, agus do bhí na mná ag a
tabhairt fa ndeara agus ag moladh an deunamh do bhí uirri.
Do-righne Conchubhar gáire agus adubhairt sé leó gur árthrach
crann daraighe do-righneadh i mBaile uí Bhaoighill ag a
mhuintir féin í, agus gur iomdha árthrach eile do-righneadar
agus do dhíoladar chomh maith léi, agus dá bfeiceóchaidís
riamh pálás rígh na hIodáile gurab é an t-adhmad ceudna do
bhí ar na fallaíbh ann leith istigh agus fa cheann an tighe.


L. 19


I gcionn coicthighis nuair do bhíodar gairid do Chluain
Fhiaidh, adubhairt sé leó go mbeidís go léir ag an chaisleán
istoidhche pátrúin Mhaothail, agus go mbeadh cóisir ag a
mhuintir tar éis casadh ón bpátrún. Níorbh fhada in a
dhiaidh sin go bhfacadar ceann hEilbhic agus caisleán Cluain
Fhiaidh. Do labhradar ar bhrataibh le muintir an chaisleáin,
agus adubhradar leó go dtiocfaidís i dtír i gcionn na
hoidhche. Le tuitim na hoidhche annsin do-chuaidh Conchubhar
agus an bheirt bhan i dtír. Do bhí daoine ag fuireach leó le
coréiste. Do-chuadar le deithneas go dtí an caisleán agus
do bhí brudhadh mór daoine istigh. Do airigheadar an ceól agus
na hamhráin agus fuaim an rinnce agus do bhí na fuinneóga
ar aon lasair amháin. Do fhanadar tamall ag an dorus ag
feuchaint isteach.



Do bhí fairsing' agus fuighleach istigh, fíonta agus feóla,
togha gach bídh agus gach dighe, agus gan aoinneach ag a dtobhach
orra, acht cead aca go léir dul in a rogha áit agus suidhe
chum bóird ann agus a sásamh beag nó mór do bheith aca.
Acht ní hé an biadh ná an deoch do bhí ag deunamh cúraim dóibh
acht an chaint agus an comhrádh agus an caitheamh aimsire.
Do bhí daoine ann de mhuintir na Frainnce, agus de mhuintir
na hAlemáine, agus de mhuintir na hIodáile. Do bhí gasradh
annso agus annsúd, agus an teanga do bheadh ag an ngasradh
so, badh fhéidir nárbh í sin an teanga do bheadh ag an ngasradh
badh ghiorra dhó. Do bhí Colum ó Cinnéide ag imtheacht ó
dhuine go duine agus ag cur caint ar gach aoinneach, agus ní
raibh aoinneach ann nár labhair sé leis as a theangaidh féin


L. 20


Nuair do-chonnaic sé Conchubhar agus na mná uaisle, do
bhagraigh sé orra teacht i leith. Tángadar agus do chuir
sé na tuara fáilte roimh Conchubhar. Do chuir Conchubhar na
mná uaisle in iúl dó agus tug fios a gcúrsaidhe dhó. Do
bhí sé go séimh leó agus do chuir sé in a suidhe le n-a ais iad,
agus ba iongnadh leó a fheabhas do bhí sé chum na hIodáilise:



"Nach deas iad na soillse agus na dathanna go léir,"
arsa Fionnlámh.



"'Seadh," arsa Gile na mBláth, "acht is deise fós liom
glór na cainte."



"Uaigneas na fairrge do bhí ort, a inghean ó," arsa
Colum léi, "uaigneas na fairrge, gan le feicsin agat le
scaitheamh acht drom na díleann, crainn agus crannghail."



Le linn na cainte seo do-chuaidh Conchubhar ag lorg Mháire
nic Gearailt. Inghean do thighearna an stáit ba ghiorra don
chaisleán í seo, agus chúig bhliadhna roimhe seo do bhí a hathair
agus Colum ó Cinnéide ag iarraidh cleamhnas do dheunamh
idir í féin agus Conchubhar. Do shíleadar go mbeadh an pósadh
sin oireamhnach i ngach aon slighidh mar ná raibh acht aoinneach
amháin cloinne ag gach duine aca agus gan aon rud ag
cur an dá stát ó n-a chéile acht an teora do bhí eatorra.
Acht do chuir inghean an Ghearaltaigh in a choinne agus do-
chuaidh a muintir an-dhian uirri géilleadh. Nuair do thuig
Conchubhar ná raibh sí toiltheanach agus badh fhéidir a cúis féin
aici, adubhairt sé le n-a athair go mbadh náire leis a leithéid
de eugcóir do dheunamh, agus tuicsin do bheith aige dó féin
agus dí sin, cibé rud dheunfadh an dá stát. Ní raibh a
thuilleadh trácht air annsin, agus i gcionn na bliadhna do phós
inghean an Ghearaltaigh captaoin óg ó Phortlairge, agus do
bhí buidheachas aca araon ar Chonchubhar.



Nuair do-chuaidh Conchubhar ag lorg Mháire an uair sin,
fuair sé ins an deireadh í agus í ag caint le lucht an cheóil,
mar file ba eadh í féin.


L. 21


"Is ar do chuideachta atá aithint do thréithe," arsa
Conchubhar taobh thiar dí.



"An tu sin, a Chonchubhair?" arsa sí. "Sé do bheatha
abhaile chughainn ón bhfairrge andeas."



"Go mairidh tu. An bhfuil a fhios agat cad tugas liom an
iarracht so?" arsa Conchubhar.



"An mbainfidh tu mo chrann-tomhais díom?" arsa sí.



"Go deimhin, ní bhainfead. Caith do chrann-tomhais."



Do bhí an rann aici ar an nómaint, agus mar seo
adubhairt sí é:



"Do dhearcas neach ar ghile 'n aoil
Ro ling de shidhe ó neamh ad dháil.
Beir leat, a rí, tar bhorb-tuinn
An bhruingeall mhín, an peurla mná.
- tugais bean leat abhaile ón bhFrainnc?"



"Ní ró olc an t-aimsiughadh atá agat," arsa Conchubhar
léi, "acht ní bean tugas liom acht beirt aca."



"Cúis gháire chughainn. Agus fiadh do bhí agat an uair
dhéidheanach, agus do-bhí sceul ceart fiannaidheachta agat ar
cionnus do bhain tu de na fiagaidhthibh agus de na gadharaibh é.
Cad do bhí ar na mnáibh seo? Cá bhfuil siad agat? Taisbeáin
dam iad."



"'Seadh," arsa Conchubhar ag a tabhairt anonn go dtí na
mná uaisle, "agus de na fiagaidhthibh do bhaineas iad so leis."



Do cuireadh na mná uaisle in iúl dá chéile agus do éirigh
Colum agus do fhág sé an áit fútha féin. Do bhagraigh
Conchubhar ar sheirbhíseach agus do leag an seirbhíseach bórd
beag le n-a n-ais a raibh trí cinn de mhiasaibh air. Do bhí ubhla
dearga ar cheann aca, do bhí súgh thalmhan ar cheann eile aca,
agus do bhí súgh chraobh ar an tríomhadh ceann.



"Suidhidh annso," arsa Conchubhar leó, "caithfe mise dul
ag feuchaint daoine muinteardha dúinn ón bhFrainnc."


L. 22


Do chrom na mná ag seanchus agus ag cur síos dá chéile,
agus níorbh fhada go raibh sceul Gile na mBláth agus Fionnlámh
ag Máire nic Gearailt chomh cruinn agus do bhí sé aca féin
acht amháin nár innseadar dí cia'r dhíobh iad, agus adubhairt
sí go gceapfadh sí dán mar gheall orra agus go suidhfeadh sí
ar mhullach an tsléibhe lá gaoithe ag lorg an chaint do
oirfeadh don duine bocht aedhearach do chóirigh a long le
bláthanna, agus go gcuirfeadh sí Conchubhar agus a chuideachta
i gcompráid le hOscar na Féine. Acht ins an chaint dóibh
do bhraitheadar ciúineas éigin ag teacht ar na daoine, agus
do-chonncadar an sean-duine ag gleusadh na cláirsighe.



"Éistidh leis seo," arsa Máire leó.



Nuair do bhí deireadh leis an gceol, do bhí na deora ag
teacht le n-a raibh ann aca.



"Sin ceol agaibh," arsa Máire leó, "Caith do thuairim
air," arsa sí le Gile na mBláth.



"Do shíleas," arsa sí, "nuair do bhí mé ag éisteacht leis
go raibh sceul dá innsint aige ins an cheol. Do shíleas go
raibh sé ag trácht ar fear do chuir craoibhín bheag de chrann
ubhall ar bhruach srotha; agus go dtagadh sé gach aon lá ag
feuchaint uirri; agus ná raibh bileog tiocfadh uirri ná fiú
na riastaí ar aon bhileoig aca ná raibh comhairighthe agus
tabhartha fa ndeara aige; agus le miorbhailtí Dé gur fhás an
chraoibhín sin in aon earrach amháin chum bheith in a crann
mhór ubhall; agus gur chuir sí na bláthanna amach agus ná raibh
a leithéid de bhláthannaibh ar aon chrann eile dá raibh ins an
choill, a ghileacht do bhí an geal ionta agus a dheirgeacht do
bhí an dearg; agus nuair táinig na hubhla uirri, agus nuair
mheudaigh an fhearthainn iad agus nuair do chuir teas na
gréine an luisne ionta, ná raibh aon ubhall aca nár chuir
áilneacht ar a chroidhe; acht do shíleas annsin go dtáinig
oidhche mhór gaoithe agus nuair do-chonnaic sé an crann ar
maidin go raibh sí cnagtha, stractha agus gur luigh an phian
ar a chroidhe, agus ná raibh sé dh'uain aige an díoghbháil do mheas


L. 23


ná do chomhaireamh, nuair táinig an splannc agus gur chuir
sí an crann agus a raibh fúithi leis an tuile."



"Is maith an tuairim atá agat," arsa Máire nic Gearailt
le Gile na mBláth, "agus is í a inghean féin an chraoibhín sin.
Fuair sí bás lá Bealtaine seo do imthigh tharainn, agus is
ag a caoineadh do bhí sé. Ní raibh sé ceart aca a iarraidh air
an ceol sin do sheineamhaint."



"Ní raibh," arsa Gile na mBláth. "Do bhí uaigneas agus
amhluadh an domhain ins an cheol sin."



"Do bhí" arsa Fionnlámh, "agus briseadh croidhe ann, go
bhfeuchaidh Dia ar an aingceiseóir bocht."



Do éirigh an chuideachta annsin agus do fhágadar slán ag
a chéile i gcór na hoidhche.


L. 24


Maidin lá ar n-a bhárach do chuir athair Chonchubhair fios as
na mnáibh uaisle agus do-chuadar go dtí é.



"Do bhí Conchubhar so agam-sa ag innsint dam mar
gheall oraibh," arsa sé leó, "agus cionnus tug sé saor sibh
ó na Múrachaibh."



"Tug go deimhin," arsa siad.



"Agus go mbadh slán an gaisceadh aige é. Beirim buidhea-
chas le Dia go bhfuil mac ar mo shliocht a bhfuil neart a lámh
ag freagairt do mheabhair a chinn chum dul ag fóirthin ar an
duine bocht atá caithte le fán an tsaoghail. Ba dhual athar
dó sin daoine do bheith ag gabháil a choimirce, mar is cuimhin
liom-sa nuair do bhíos in a aois sin agus mé i mo cheannaidhe
ins an bhFrainnc gur casadh i dtigh mé oidhche. Do bhíos ag
imtheacht ar chapall diallaid agus do ghabhas comhgarmar do
bhí deithneas orm go dtí an baile mór, acht táinig an oidhche
orm agus do bhí sé chomh dubh le daol, mar ba í an duibh-ré
do bhí againn agus ní fheiceóchainn mo lámh féin. Do
scaoileas leis an gcapall annsin, mar is fearr de chiall
bhíonn i gcosaibh capaill ins an dorchadas ioná i gceann an
mharcaigh. Acht ar iompódh éigin do bhí ins an chosán do-
chonnaic mé an solas mór amach romham agus do-chuaidh mé
go dtí é. Teach beag ar bhruach coille ba eadh é a raibh an
dorus oscailte, agus nuair do-chonnaic mé cad do bhí ann,
"Ó 'se," arsa mise, "nár mhúchaidh Dia solas na bhfhlaitheas ar
anmain bhur marbh, cibé daoine atá m a gcomhnaidhe annso."
Acht nuair do-chuas isteach ní raibh aoinneach istigh romham acht
cathaoireacha caiththe ar an urlár agus cupán briste agus
hata fir. Do fheuch mé ar gach aon rud agus do-chuas suas


L. 25


ins an seamra eile agus do-chonnaic mé gúna mná ar crochadh
ar an bhfalla a agus adubhairt mé annsin, mar gheall ar an
ngúna agus gan aon bhall eudaigh eile ann acht é agus an
t-aon chupán amháin gur dócha gur le bean aonar an teach
so agus gur le ropaire nó le gadaidhe éigin an hata sin agus
gur dócha, nuair aireóchadh sé uaidh é, go mbeadh sé ag casadh
fa n-a dhéin ar eagla go mbainfidhe aon fhaisnéis as. Do
fhágas an teach le deithneas agus tug mé an capall isteach
tamall ins an choill agus do cheangail mé do chrann é agus
do chuireas an mála coirce ar a cheann ar eagla go mbeadh
sé ag siotara. Do bhaineas na bróga díom annsin agus
do eulaigheas liom go dtí an teach arís. Fuair mé plain-
ceud sa seamra codlata agus do fhan mé leith istigh
den dorus. Níorbh fhada gur airigh mé an duine ag teacht.
Do bhí a fhios agam go mbeadh an dorchacht in a shúilibh. Díreach
nuair do bhí sé ag gabháil tarm, do bhí an plainceud anuas
ar a cheann agam agus é ar chnámh a dhroma ar an urlár. Do
labhair mé leis annsin agus adubhairt mé go gcaithfeadh sé
mé do fhreagairt agus má liúghfadh sé ná aon chorraighe do
chur as go raibh sé marbh. Do innis sé dham go raibh cúigear
ann díobh agus go raibh an bhean ins an choill aca agus go
rabhadar chum í do bhádhadh i loch do bhí ins an choill dúmus
gurbh í féin do thuit isteach ann agus go raibh seod aici agus
gurbh í sin do bhí uatha. Do-righneas ceirtlín de chiarsúir do bhí
agam agus do chuireas in a bheul é, agus do chuireas ceirt
aniar tar a cheann agus do bhaineas na bróga de agus adu-
bhairt mé leis eolas do dheunamh dham go dtí an áit i raibh a
chomarádaighthe agus má bhrisfeadh sé cipín fa n-a chosaibh, bíodh
sé le neamh-shuim nó le ciotarainn e nó le n-a thoil féin,
go mbeadh an claidheamh is na haeibh aige. Do imthigh sé
leis romham annsin chomh mín, chomh eudtrom le cat i macha
chomharsan. Ní rabhamar i bhfad ag imtheacht, nuair do-
chonnaic mé teine ins an choill. Do stad sé annsin, agus do
cheangail mé de chrann é. Do eulaigheas gairid dóibh agus


L. 26


do-chonnaic mé go raibh beirt aca a raibh a gcúl liom, agus
an bheirt eile agus a n-aghaidh orm, agus an bhean bhocht in a
luighe le n-a n-ais, acht ní fhaca mé aon cheangal uirri. "Ní
fheadar cad atá ag a choimeud so?" arsa ceann aca.



"Colum ó Cinnéide annso agaibh," arsa mise ag leigint an
ghreath sin asam, agus do bhí mé preabaighthe chucha ar an nó-
maint, agus an bheirt ba ghiorra dham tugas iarracht den
chlaidheamh dóibh do bhain an brígh asta. Do theich ceann den
mbeirt eile, acht do phreab an ceathramhadh fear in a sheasamh
agus do bhí sé ins an mullach orm ar an nómaint dearg.
Fear trom teugartha ba eadh é agus ceann gruaige air mar
do bheadh ar leomhan. Do bhraitheas air go gcuirfeadh sé chum
mo dhíchill mé, a chlisteacht do bhí sé ag imirt a chlaidhimh orm.
Do bhí na claidhte ag imtheacht againn mar do bheadh lasracha
ag ceárdchain. Ní raibh cleas agam nár chuireas air, agus ní
raibh cleas agam ná raibh a mhilleadh aige sin. Ins an chogadh
dhúinn do sheasaigh mé ar smeurthóid dearg do chuir pian
i mo chroidhe, acht do leanas air gur airigh mé mo chlaidheamh
ag cnagadh gairid dom mheurannaibh."



Nuair do airigh an bheirt bhan do bhí ag éisteacht leis an
méid sin, do bhuaileadar a mbasa agus do chromadar ag gol
le scannradh.



"Ní mór ná bíonn scáth orm féin," arsa sé, "nuair
chuimhnighim air. Acht ní haon scáth do bhí orm an uair sin acht
fuinneamh deichneabhair do dhul i mo gheugaibh agus rabharta
feirge agus gaiscidh do éirghe i mo chroidhe, "anam an fhir
mhacánta ar do choimirce, a Rí na bhfeart," arsa mise ag
cromadh síos agus ag preabadh isteach chuige agus ag a
bhualadh ins an eudan le bun an chlaidhimh do fhan agam
agus ag a leagaint den iarracht sin. Do-chuaidh barr a
chlaidhimh tré mo chasóig fa mo oscaill chlé agus do scrios an
croiceann díom agus sin é an méid do bhain dam. Do
bhaineas an claidheamh de annsin, agus ba fhurus dam a
dheunamh mar do bhí sé i luigeachair agam. Is annsin tugas fa


L. 27


ndeara an fothrom do bhí taob thiar díom. An fear do bhí ag
teicheadh, do bhuail a chos ar an mbean do bhí sínte ar an
talamh agus rug sí greim barróige air. Do bhuail sé í agus
do stol sé í acht níor bhog sí de go dtáinig mise i gcabhair
uirri. Do-righneamar teuda de na plainceudaibh annsin
agus do chuireamar iad a gceathrar in a suidhe, gach duine aca
cois crainn agus do tharraingeamar a lámha siar tar na
crainn, agus is mar sin do chuireamar cruaidh-chuibhreach agus
ceangal gan scaoileadh ar an áit sin orra. Adubhairt an
bhean liom go raibh teach timcheall míle uainn agus dul go
dtí é agus go gcuirfidís congnamh fear chuiche chum faire ar
na biteamhnachaibh seo. Do-righneas agus do-chuaidh mé go
dtí an baile mór fa dhéin na n-oifigeach. Do innis an bhean
dam in a dhiaidh sin go raibh seód i bhfolach aici, acht badh fhada
liom a innsint díbh cionnus fuair sí í, acht adubhairt sí gur
fiú na mílte púnt í agus go raibh na bitheamhnaigh chum teineadh
do chur le boinn a cos muna n-inneósadh cá raibh sí i bhfolach
aici."



"Is fíor é t'fhocal, a dhuine uasail," arsa Gile na mBláth,
"gur dual dó bheith mar atá sé. Nárbh mhaith a chuimhneamh
uait bun do chlaidhimh do chur i bhfeidhm ar an mbitheamhnach
sin?"



"Ba mhaith sin, acht is é Dia na ngrásta do aimsigh an
buille dham. Do bhí mé ag a rádh in a dhiaidh sin nárbh fhuláir
dam Dia mar oide múinte agam, agus muna gcuimhneóchainn
ar an gcleas beag sin, do bhí mo chnámha sínte in achrann i
gcúnach na coille craobhaighe sin."



Le n-a linn sin táinig Conchubhar isteach ins an seamra agus
do-righne sé gáire nuair do-chonnaic sé ag caint iad.



"Do shíleas," arsa sé, "go rabhais chum an áit do thais-
beáint dóibh."



"Do bhíos," arsa sé, "acht cár mhisde dhúinn seanchus
beag agus aithne do chur ar a chéile an cheud uair?"



Do imthigheadar annsin agus do thaisbeáin sé dhóibh gach a


L. 28


raibh ins an chaisleán. Do chuir sé iongantas orra, a neamh-
choitcheantacht do bhí gach aon rud ann. Ní raibh aon cháirpéid
in aon áit acht luachair caithte ar an urlár agus cúnach tirim.



"Cadé a chúis ná fuil cáirpéidí agaibh," arsa na mná.



"Badh fhearr linn na luachra" arsa Colum, "mar is
folláine iad. Tabhair fa ndeara nach luachra coitcheanta iad
sin do bheadh ag feirmeóiríbh na tuaithe ag cur dín ar bhothán
nó ag deunamh easrach do bheathaidheachaibh acht luachra cumhra
agus nuair bhrúdhann tu fa do chosaibh iad, cuireann siad
boladh deas folláin ar fud an tseamra. Atá siad ag fás
againn amuigh annsin i nGleann Dealgain.



"Do bhraitheas an boladh cumhra, mhaise," arsa Fionnlámh
"agus do shíl mé gurbh é an rós críon do bhí i bhfolach agaibh in
áit éigin. Bíonn cleas mar sin aca ins an dúthaigh
againn-ne."



"Nach ón Iodáil díbh-se?" arsa Colum.



"Is eadh," arsa sí, "ní haon mhaith bheith ag a cheilt sin ar
aoinneach, mar do aithneóchadh aoinneach ar ár gcaint sinn."



"Do aithneóchadh," arsa Colum, "dá mbeadh na háiteanna
sin siubhalta aige. Acht má atá sibh ar aigne fuireach annso,
caithfe sibh an teanga Gaedhilge do fhoghluim."



"Caithfimíd," arsa siad, "acht innis dúinn cadé a chúis
ná fuil aon phictiúirí ar na fallaíbh agaibh, dála mar
bhíonn againn-ne."



"Inneósad sin díbh. Nuair bhítear ag deunamh tighe do
dhuine uasal ins an Iodáil, cuirtear muirteul mín cruaidh
sleamhain ar na fallaíbh agus cuirtear an dath orra fé
dtiormuightear an muirteul. Sughann an muirteul an
dath agus atá pictiúir ar an bhfalla agaibh go bráth annsin
chomh cruaidh, chomh daingean le cloich shnaidhte. Acht dá
ndeunfaidhe an obair sin annso, badh bheag a mhaise do
bheadh air i gcionn na bliadhna. Bíonn an aimsear fliuch
againn agus nádúir na húireamhlachta i ngach aon áit. Do-


L. 29


chífeá an fliuchras in a chuarnaoiníbh ar na fallaíbh againn
lá geimhridh agus i dtosach earraigh, agus dá mbeadh dathanna
againn orra do thréigfidís agus do mhúchfaidís a chéile. Agus
mar sin chum ná beimís ag feuchain ar fallaíbh fuara,
buailimíd cipíní adhmaid isteach ionnta agus leathaimíd brait
orra."



"Masa, atá siad go canta agaibh," arsa siad, "agus ba
mhór an obair a bhfuil de shomplaíbh ar na brataibh sin do
dheunamh le snáth agus snáthaid."



"Mná an bhaile dheunann iad sin. Acht fan go bhfeicfe
sibh an brat mór atá le falla seamra na n-árthraighe atá
thíos ar chlár na talmhan."



Do-chuadar ann agus do thuigeadar cadé a chúis an ainm sin
do thabhairt ar an seamra mar do bhí ar cheann de na brataibh
gach aon árthrach riamh dár bhain le muintir an chaisleáin le
dhá cheud bhliadhain dealbhaighthe, agus dathaighthe idir chrann
agus cabhail agus seolta.



"Feuch ar an sean-árthrach so," arsa Colum, "do bhí ag
mo shin-shin-shean-athair. Ní hé dála an éithigh atá uirri, tosach
láidir agus deireadh lag. Ní hé acht a mhalairt sin"



Do thaisbeáin sé annsin dóibh na seóda do bhí aca agus
adubhradar:



"An fhaid is beó ár súil ní fhacamar a leithéidí."



Do bhíodar i seamra fa leith aige. Clocha snaidhte do bhí is
na fallaíbh agus do bhí áirse deunta ar gach falla aca agus
barraí na n-áirsí ag teacht le n-a chéile i gcnapán cloiche do
bhí in lár an tsíleáil agus lampa ar crochadh anuas as. Dorus
an tseamra do bhí i gceann de na háirsíbh agus fuinneóg do
bhí ins an áirse eile do bhí ar a aghaidh sin amach. Agus ins an
dá áirse atá gan áireamh fós againn do bhí oibreacha deunta
isteach ins an bhfalla. Do bhain Colum na glais díobh agus
níor dhóigh leat nach gealán gréine táinig ann. Do bhíodar
ann, na seóda óir agus airgid, clocha solusmhara niamh-
dhearg agus niamh-ghorm, bioráin agus cailísí, cupáin agus


L. 30


miasa, agus soithighe a raibh gach aon chrot agus deunamh orra
Agus dá dheiseacht iad a gcrot agus a ndeunamh, ní i
dtaobh leó sin do bhíodar, mar ní raibh leithead do lúidín
orra ná raibh fuilighthe ag órnáidíbh miona agus iad chomh bog
chomh sleamhain sin go mbadh dhóigh leat gurbh é rioth an
mhianaigh do-righne iad, nó gurbh uatha féin tángadar ann
dála na riastaí do bheadh ar phána fuinneóige tar éis oidhche
sheaca.



"Mile buidheachas le míorbhailtíbh Dé," arsa siad, "ní
breaghdhacht go dtí iad. Ní deise na réilthíní ar an aer ioná
iad. Badh dhóigh leat go mbadh saoghal duine a gceapadh sin
agus saoghal fiolair a gcumadh agus a ndeunamh."



Do-chuadar annsin ag feuchaint ar throscán an tighe agus
tugadar fa ndeara go raibh deunamh fairsing ar gach aon rud,
an t-adhmad snaidhte go deas orra agus gach ball aca chomh
socair le carraig gan díoscán ná luascadh ann agus artha
an tsámháin aca go léir.



Lá ar n-a bárach arís do chuir Colum ó Cinnéide fios orra
agus do-chuadar go dtí é, iad féin agus Conchubhar.



"'Seadh anois, a mhná uaisle mo chroidhe," arsa Colum
leó, "ó is rud gur chuir Dia in ár líon sibh, an bhfuil aon
tuairim agaibh cionnus chuirfe sibh chum maireachtana?"



"Níl," arsa Gile na mBláth, "acht gur fuar an tuarastal
bhíonn ag an duine díomhaoin agus go ndeunfaimíd
cibé obair i gcasfaidhe ann sinn."



"Cad mar gheall ar chuid Labhráis Traoin?" arsa Con-
chubhar le n-a athair.



"'Seadh," arsa sé, "atá teach beag deas ann agus gardha
ag gabháil leis. Bíodh an áit sin agaibh. Tabharfaimíd
congnamh díbh chum é do shaothrughadh mar ní dócha gur ró-mhaith
an tuicsin atá agaibh in obair mar sin. Agus dá bhfuighbheadh
sibh fuaghail do dheunamh agus teacht ag obair ar na brataibh
sin do-chonncabhar ins an tigh seo, do-gheobhadh sibh luach bhur
saothair go maith as."


L. 31


"Buidheachas le Dia," arsa siad, nach shin é an obair is
taitheach linn ins an mbaile? Agus cad dheurfadh sibh le
pictiuírí beaga do dheunamh agus a ndíol? Do múineadh
dúinn ins an mbaile cionnus sompla duine nó aon phictiúir
eile do dhealbhadh."



"'Ar bhfalaing ná fuighbhimíd bás i mbliadhna. Do bhain tu
as mo bheul é. Nach shin í an cheist do bhí mé chum a cur oraibh,
an raibh an cheárd sin agaibh. Mar dá fheabhas iad muintir na
hÉireann, sin ceárd ná fuil aca. Agus beidh congnamh deas
maireachtana annsin agaibh i bhfochair gach imill bheag
eile."



"Cad mar gheall ar chlainn Labhráis?" arsa Conchubhar.



"'Seadh," arsa Colum, "díleachtaidhthe iad sin, go bhfeu-
chaidh Dia orra. Mairneulach ba eadh a n-athair agus do bhíodh
sé ar cheann de na hárthraighibh againn. Nuair do bhíodar ag
cur an árthraigh a raibh sé uirri ins an ród i gcuan Burgóinne
ins an bhFrainnc, do-chuaidh sé féin agus mairneulach eile i
mbád bheag chum teud do cheangal ag baoi do bhí ann
Rabharta do bhí ann agus tosach trágha aige agus an ghaoth in
a choinne, agus cibé rud do bhain dóibh, do-chuaidh Labhrás in
achrann ins an teud agus do sciobadh amach as an mbád agus
do bádhadh é. Agus fé'r fhág sé an baile do bhí a bhean an-
thinn. Droch-ghalar éigin do bhuail í, an bhean bhocht, agus
do-chuaidh chum gadhscailt uirri. An oidhche cheudna do fhág a
fear an caladh-phort thíos ag Baile uí Bhaoighill, do éirigh gála
mór gaoithe agus do luigh an scannradh ar a croidhe agus lá
ar n-a bhárach do bhí sí tar éis bháis."



"Ó 'se, go saoraidh Dia sinn," arsa Fionnlámh, "nach
iomdha ciotarainn bhíonn ós cionn an mhairneulaigh bhoicht.
Conntabhairt anama air fhéin ón bhfairrge agus conntabhaist
anama ón scannradh ar a mhuintir féin ins an mbaile."



"Mo thruagh iad na páistí bochta," arsa Gile na mBláth,
"cadé an aois atá aca?"


L. 32


"Sé bliadhna ag an ngarsún beag agus chúig ag an
ngearrchaile."



"Agus cad atá sibh chum deunamh leó?" arsa siad.



"Atá siad ag fuireach annso ins an chaisleán againn, acht
ní ró-mhaith an áit dóibh é, badh fhearr linn go mbeidís i dtigh
bheag, rud do thaithigheadar."



"Ó 'se, nach iad sin an dá ghleóiteóirín bheaga a rabhamar
ag súgradh leó ar maidin," arsa siad.



"Is iad go deimhin," arsa Conchubhar, "an dhá pháiste
is eadh iad."



"Is eadh," arsa siad, "agus bíodh nár thuigeamar focal
ó n-a chéile, badh dhóigh leat gur in aon tigh amháin do tógadh
sinn. Ní fheadar an mbeadh aon fhaghbháil ar iad do thabhairt
dúinn?"



"Do bheadh, masa," arsa Colum, "Sé n-bhur mbeatha
agus bhur sláinte agus go mbadh mhaith a mhaise dhíbh go léir é.
Agus deunfaimíd an margadh so le n-a chéile, saothrughadh
na talmhan do bheith in aiscidh agaibh as aireachas do thabhairt
do na páistíbh agus bó do bheith agaibh ar an mbainne agus a
bhfuil de throscán ins an tigh do bheith agaibh an fhaid's bheidh
sibh ann, acht é do thabhairt tar n-ais nuair bheidh sibh ag
fágbháil."



"Ní gábhadh dhuit trácht air sin," arsa Conchubhar.



"Is gábhadh," arsa Colum, "ní mar ghrádh Dia atáimíd ag
a thabhairt dóíbh agus cuirfimíd cíos beag orra agus deun-
faimíd an cíos do chomhaireamh ón lá so acht go bhfuighbhe
siad spásas gur acfainn dóibh a dhíol."



"Ó 'se níor mhisde "Colum an chruaidh-mhargaidh" do
thabhairt mar ainm ort," arsa Conchubhar.



"Éist, a dhuine," arsa Colum, "nó tabharfar "Con-
chubhar na créithre briste" mar leas-ainm ort féin, mar is é
nádúir na créithre an mion do scaoileadh tríthe agus an garbh


L. 33


do choimeud, acht má bhíonn sí briste atá mion agus garbh
imighthe in aoinfheacht aiste."



Ní dearna na mná acht gáire agus adubhairt Gile na
mBláth le Conchubhar:



"Nach cuimhin leat," arsa sí, "an rud adubhairt tu mar
gheall ar na hÉireannachaibh, aireachas do thabhairt dúinn
féin nuair do bheimís ag deunamh margaidh leó mar nárbh
mhór leis an duine is maoile do bheadh orra bheith ionainn?"



"Is cuimhin go maith," arsa sé, "agus atá mo fhocal ag
teacht chum críche anois."



"Is maith atá a fhios agat féin ná fuil," arsa siad, "agus
atáimíd buidheach díot-sa agus de t'athair, agus go mór-
mhór mar gheall ar na páistíbh, mar múinfe siad an Ghaedhealg
dúinn."



Do-chuadar annsin chum comhnaidhthe ins an tigh bheag agus
an bheirt leanbh in a bhfochair. Do thaisbeáin Colum dóibh an
teach agus an gardha agus do áirmhigh sé i leabhar chúntais gach
ball troscáin agus úirlis dá raibh ann agus táinig ceann de
na mnáibh ón chaisleán chum a mhúineadh dhóibh cionnus bó do
chrúdh.



Tagadh Conchubhar agus muintir an chaisleáin go dtí an
teach go minic ins an tráthnóna chum go mbeadh na mná ag
éisteacht leó ag labhairt na Gaedhilge, agus is minic do
bhídís ag gáire nuair do-chífidís cionnus bhíodar ag cur chum
í do fhoghluim. Do bhí dathanna ag Gile na mBláth do cheannaigh
sí ó Cholum, agus do chuir sí a ainm as Gaedhilg ar gach aon
bhall troscáin do bhí ins an tigh. Agus do chuir sí na hain-
meacha ar na soithighibh leis agus aon ainm ná beadh aici don
cheud iarracht, do chuireadh sí ar an soitheach arís é nuair do
bheadh sé nighte aici. Do líon sí na fallaí ó aoirde a
láimhe anuas go talamh le pictiúirí agus do chuir sí na
páistí ag caint mar gheall orra, agús níorbh fada go raibh an
Ghaedhealg ag rioth chucha in a slaodaibh agus ba euchtach an
caitheamh aimsire do na páistíbh é.


L. 34


Táinig garsún den áit go dtí an dorus chucha lá agus
breac le díol aige. Do bhí an garsún beag de na Traoinigh
mar fear teangadh ag Fionnlámh agus do labhair sí le garsún
an bhric:-



"An mór atá uait ar an mbreac sin?"



"Atá scilling."



"Ní fiú scilling é."



"Adubhairt mo mháthair liom gan é do fhágbháil agaibh muna
bhfuighbhinn scilling air."



"Má adubhairt, árdaigh leat é."



Ní raibh sé chúig nómaintí imighthe nuair do chonncadar
Diarmaid na Soillse ag gabháil tar brághaid agus an breac
ceudna ar ghad aige.



"Cad tugais ar an mbreac, a Dhiarmaid? arsa Fionn-
lámh leis.



"Tistiún."



"Nach ón ngarsún do bhí annso ó chianaibh do cheannaighis
é?"



"'Seadh."



"Agus, dar ndóigh, ní fhágfadh sé againn-ne é, muna
bhfuighbheadh sé scilling air."



Do-righne Diarmaid gáire.



"An ndubhairt sé leat," arsa se, cuimhneamh ar na
daoinibh bochta do bhí amuigh ar feadh na hoidhche ag iarraidh
an breac sin do mharbhadh dhíbh, agus sibh-se go sámh ins an
leabaidh?"



"Ní dubhairt."



"Masa, ba é a dhearmhad é. Is iongnadh liom ná
dubhairt."



"Agus cadé a chúis dó é do fhágbháil agat-sa ar thistiún,
má dubhradh leis scilling do fhaghbháil air?"



"Éist," arsa sé, "ná tuigeann tu gur de lucht na scil-
linge sibh-se agus de lucht an tistiúin mise agus mo
leithéidí?"


L. 35


"Mhuise, is ait an dream iad, acht atá cuid aca ins an
dúthaigh againn-ne agus an cleas ceudna aca. Ní hé an
méid is fiú an t-earradh a luach aca, acht an méid arbh
acfainn don cheannaightheoir do thabhairt air agus do bheadh
fiche focal aca i siubhal lae."



"Is fearr dhíbh sceula do chur chugham nó chum mo bhean,
má bhíonn aon rud uaibh mar do chreachfadh mangairí an bhaile
sibh. Acht ní bheadh a fhios agat arbh í an fhírinne do bhí ag an
ngarsún nuair adubhairt sé ná fuighbheadh sé é do fhágbháil
muna bhfuighbheadh sé scilling air, mar bíonn sceilpéirí beaga
ag imtheacht anois agus do bheidís ag éileamh an dá luach as
an earradh chum an barr-spártha do bheith aca féin."



"Masa, is aingceis an sceul é."



"Is aingceis mhuise, acht níl aon toradh le tabhairt orra
agus is deacair iad do chosaint ar na pinginníbh. Nach
seo, tóg an breac so ar an tistiún tugas air. Níl aon
ghnó agam de."



Níorbh mhaith le Fionnlámh é do thógbháil uaidh, acht do thóg
sí ins an deireadh é. Nuair do bhí sí ag a ghlanadh, fuair sí
blúire beag de chois luibhe istigh ann, agus do thaisbeáin sí do
Ghile na mBláth é. Ní raibh luibh ag fás i ngáirdín Rígh na
hIodáile ná raibh a hainm aici sin, agus dá bhfeiceóchadh sí
bláth nó bileóg nó órdlach de chois nó de phréimh de aon cheann
aca' do aithneóchadh sí í. Acht ba ait léi an blúire beag do
thaisbeáin Fionnlámh dí, mar do bhí braoinín dearg ag sileadh
le gach eudan leis, agus adubhairt sí go mbadh mhaith a
chuimhneamh é do chur in uisce agus go mbadh fhéidir go dtiocfadh
snáithín den phréimh amach tríd. Do chuir agus i gcionn an
chúigeadh lá do bhí na preumhacha miona le feicsin mar do bheadh
clúmh air. Do chuir sí annsin i dtalamh úir é agus i gcionn
ráithe do bhí sé in a chraoibhín deas aici. Is é an Dearg
Faille do bhí aici gan fhios dí féin, agus is den luibh sin
dheuntaoi ceann de na dathannaibh do ba fhearr dá raibh ag
muintir na hÉireann le linn na haimsire sin.


L. 36


Aon lá cinn bliadhna tiocfadh do bhíodh an sean-nós aca.
Do chuireadar an gearrchaile go dtí sean-bhean chum rann
oidhche Fhéile Brighde do fhoghluim agus do-righneadar brighdeóg
di, agus do-chuaidh sí léi ó thigh go tigh ar fud an bhaile. Do bhí
áthas ar Cholum nuair do airigh sé é agus táinig sé féin agus
Conchubhar lá ar n-a bárach chum an bhrighdeóg do fheicsin
Adubhradar go raibh sí go deas aca acht an cóiriughadh do
bheith tar ceal aca uirri.



"Abair dúinn rann an fhir anois, a ghearrchaile," arsa
Colum.



"Ba mhinic siúd i do lóistín
Líon 's fíon 's ceóilsidhe.
A dhuine uasail mhúinte
Do thaithigh subhaidheacht,
Is chughat-sa tugamar an bhrighdeóg."



"Tar slán, a ghilín," arsa Colum, "acht geallaim ná fuil
rann na mná agat."



"Atá," arsa sí.



"Abair dúinn é."



"Éirigh it shuidhe, a bhean an tighe, agus bí go huasal.
Mar is é ba dhúthach agus ba dhual duit.
Sín do lámh agus leig dúinn gluaiseacht.
Mar is í bean an tighe seo
Croidhe gan chruadhtan.""



"Atá go praitineamhail, i maite. Acht feuch ar an
bhféirín tug Conchubhar chughat. Adhbhar gúna beag agus
falaing dod ghuailnibh agus biorán airgid chum í do choimheud.
Cad adeir tu anois liom?"



"Ná rabhais in a aithreachas, a Choluim," arsa sí.


L. 37


Tug Conchubhar fa ndeara an bogha Brighde do bhí sáidhte
ins an díon aca.



"Ó 'se, cia mhúin díbh é sin, nó cionnus táinig sé ann ar
aon chor?"



"Ceann de na sean-mhnáibh adubhairt linn," arsa Gile na
mBláth, "gur le Brighid gach teaghlach atá in Éirinn agus go
ndeuntar a leithéid i gcomhnaidhe i gcóir na hath-bhliadhna as
muinighin di, agus táinig Diarmaid na Soillse agus tug
dúinn fios a dheunta."



"Dar seó, muna bhfuil buaidhte agaibh," arsa siad,
"is gairid ná beidh aoinneach ar an mbaile seo níos
Gaedhealaighe ioná sibh."



Do innis Colum sceul dóibh annsin mar gheall ar luing do
bádhadh i gcuan Dún Garbhán dá fhichid bliadhain roimhe sin.
Loclannaigh do bhí uirri acht ní táinig aoinneach saor aiste
acht an captaoin agus a bhean, "agus," arsa sé, "atá a
gclann sin annso anois agus feirm bheag thalmhan aca
agus níl aon rud orra acht a sloinne do inneósadh duit gur
ó na Loclannachaibh do shíolraigheadar."



Nuair do airigh Gile na mBláth agus Fionnlámh an nós sin
do bhíodh aca oidhche Fhéile Mártain, fuil choiligh do dhortadh
agus an coileach do thabhairt timcheall ar fud an tighe an
fhaid 's do bheadh sé ag tabhairt na fola, agus roinn den
fhuil do ghabháil i soitheach agus í do choimheud, do thógadar col
leis, agus ba ghránda leó a dheunamh. Acht ráinig go raibh
Gile na mBláth agus na páistí amuigh ins an ngáirdín tráth-
nóna an lae sin agus do airigheadar an fothrom agus an
bualadh sciathán in áirde ós a gcionn. Seabhac do bhí ann agus
do bhí sé díreach tar éis dreóilín do mharbhadh, acht do liúigh
na páistí agus do thuit an dreóilín uaidh agus do riothadar
fa n-a dhéin. Nuair do thógadar in a lámhaibh é, do bhí sé
marbh agus a mhuineul gearrtha.


L. 38


"Masa, a rí na n-eun," arsa an garsún, "ní raibh ionat
do ríoghacht do chosaint."



"Ní raibh," arsa Gile na mBláth, "acht badh fhéidir gurab
é San Mártan do sheól chughainn é chum go mbeadh comhad na
féile againn."



Tug sí léi an dreóilín annsin go dtí an teach agus do leig
sí do bhraon bheag fola tuitim ar thairsinn an doruis,
agus do ghabh sí braon beag eile i meuracán airgid agus do
chuir suas ins an simné é, agus is mar sin do-righne sí an
fhéile do chomhad. Lá ar n-a bhárach do bhí an sceul ag gach
aoinneach agus do bhí leath na dúithche is na reachtaíbh gáire
fútha.


L. 39


Do théighidís go dtí an caisleán go minic ins an oidhche nuair
do bhí tuicsin mhaith aca ins an nGaedhilg chum bheith ag éisteacht
leis na sean-sceulta agus na hamhráin. Do bhíodh sean-
duine ait ann i gcomhnaidhe in a shuidhe ag cúinne na teineadh:
Do innis Colum dóibh gur fear de mhuintir Phaoraigh é agus
go mbíodh sé ins an arm, agus nuair táinig an cogadh go raibh
sé féin agus seisear eile aca ag iarraidh dún beag do
chosaint ar an namhaid agus gan aon choinne aca go
dtiocfadh aoinneach i gcabhair orra agus ná raibh a fhios aca
cia aca ba mheasa dhóibh an namhaid nó an t-ocras agus an
t-anró, "acht táinig an namhaid orra lá ó gach aon taobh
agus do bhí lucht an dúin ag a gcoimheud siar agus gach aon
duine den mór-sheisear inneamhail do dhá fhichid. Acht i lár
an lae nuair do bhraitheadar corthacht bheag ar an namhaid
agus fonn orra sosadh do dheunamh, do dhorchaigh an spéir ós a
gcionn agus do bhladhm an tórnach agus do mharbh an splannc
cúigear den mór-sheisear agus do chuir sí fallaí an dúin
ar fud an mhachaire. Agus," arsa Colum, "atá an fear
bocht sin ar easnamh meabhrach ó shin riamh."



Nuair do bhíodar ann oidhche, do bhí na daoine ag trácht ar
an aimsir.



"Nach iongantach an búithreadh do bhí ag Faill an Bhriúláin
aréir," arsa fear do bhí ann.



"Ba iongantach," arsa fear eile, "is í an ghaoth anoir
andeas bhíonn uaithe chuige sin. Agus bíonn a gaoth féin ó
gach aon fhaill aca. Acht ní fheadar cad atá ionnta ar aon
chor chuireann ag sciúgaíl mar sin iad?


L. 40


"Daoine, daoine," arsa an Paorach. "Cad atá ins an
bhfaill acht an chré agus nach í an chré t'adhbhar-sa?"



"Leig don chaint sin," arsa Colum. "Do bhí mé ag
innsint do na mnáibh uaisle seo -"



"Is í an fhuil uaisligheann agus is é an t-airgead
uaibhrigheann," arsa an Paorach.



"Éist. Do bhí mé ag innsint dóibh mar gheall ar an
mbean úd ins an bhFrainnc tug mé saor ó na ropairíbh."



"An í sin bean na seóide?" arsa an Paorach.



"Is í," arsa Colum, "acht níor innis mé acht a leath dóibh
agus ba é an leath sin ná mo chuid féin den sceul. Agus sin
é atá siad a chur i gcuimhne dham anois, agus is dócha go
gcaithfe mé é do thabhairt dóibh."



"Atá sé chomh maith dhuit," arsa na fir.



"Máire Ragód ainm na mná sin. Ní raibh aici acht aon
dearbhráthair amháin. Pronnsias do ba ainm dó. Ní
rabhadar tar deich mbliadhna de aois nuair do cailleadh a
n-athair agus a máthair. Galar millteach éigin do bhuail iad
agus muintir an bhaile go léir. Ba chuimhin le Máire na
sochraidí ag imtheacht gach aon lá, fiche trucaill ann as diaidh
a chéile agus coifín ar gach trucaill aca agus gan slighe
ins an reilig do na marbhaibh. Uathbhás agus scannradh an
ghalair sin agus cathughadh as diaidh a muintire féin do chuir
an bheirt leanbh chum fáin. Do fhágadar an teach agus a
raibh ann an lá do thóg muintir na sochraidí a n-athair agus a
máthair uatha agus do-chuadar is na sléibhtibh. Dorn fraochán
agus biolar a gcothughadh ann ar feadh dhá mhí, agus nuair do bhí
fuacht agus droch-shíon na Samhna ag teacht agus barr cuisne
ar na clochaibh gach aon mhaidean, do imthigheadar rómpa fiche
míle go dtí baile beag cois fairrge. Táinig truagh ag na
daoinibh dhóibh nuair do-chonncadar an íde do bhí orra agus
tug fear maith críostamhail do bhí ann biadh agus iosdas dóibh.
Do bhí siopa aige agus do iarr sé ar Phronnsias teacht ann


L. 41


agus bheith mar theachtaire aca agus tug se obair le deunamh
ins an chistin do Mháire.



"Timcheall chúig bhliadhna in a dhiaidh sin do-chuaidh Máire ag
obair i dtigh fheirmeóra agus do-chuaidh Pronnsias ar árthrach.
Do bhíodh mairneulaigh ag teacht go minic go dtí an siopa
a raibh sé ann agus do bhíodh sé ag éisteacht leó ag seanchus
ar na hiongantaisíbh do-chonncadar agus táinig fonn air
imtheacht leis chum na fairrge chum radharc an domhain do
fheicsin. Acht is minic gan fios a ghuidhe féin ag an duine
agus nuair atá sí faighte aige badh é badh fhearr leis uaidh í,
agus do chuirfeadh an óige an sliabh ins an ngleann agus an
rós ag fás ar an bhfeochadán. Acht nuair do-chuaidh Pronnsias
chum na fairrge do éirigh an saoghal go maith leis ar feadh a
dó nó a trí de bhliadhantaibh agus i gcionn na haimsire sin do
chuir na daoine ar leó an t-árthrach go dtí campa do bhí aca
in Africa é chum ceannaigheacht do dheunamh ann leis na
fearaibh gorma. Do fhan sé ann ar feadh chúig bhliadhna agus
do-chuaidh sé chum cinn go maith in a chuid gnótha. Do bhí sé
ráidhte ná raibh aoinneach ins an champa do ba fhearr do
thuigfeadh cad do bheadh ó na daoinibh fiadhaine nó cad do
oirfeadh dóibh ioná é. Do chuireadh sé sceula uaidh go minic
go dtí Máire agus nuair do bhí an cúigeadh bliadhain caithte
adubhairt sé léi go raibh roinn bheag airgid cruinnighthe anois
aige agus go mbadh fhéidir go bhfuighbhidís áit bheag do cheannach
dóibh féin ins an bhFrainnc. Acht nuair bhí sé ag dul abhaile,
do éirig stoirm mhór gaoithe agus do-chuaidh an t-árthrach go
tóin poill. Do bhí snámh aige, acht má bhí féin do bhí an oidhche
dorcha agus ní raibh a fhios aige cá raghadh sé. Níorbh fada
gur bhuaidh air agus do shíl sé go mbeadh a chnámha ins an
ngainimh go dtí Lá an Luain. Do bhí a mheabhair ag imtheacht
uaidh. Do bhuail rud éigin fa n-a ucht agus is dócha gur chuir
sé a lámha timcheall air mar nuair do dhúisigh sé ar maidin
do bhí sé ar lán mara agus peiliúir in a lámhaibh aige.


L. 42


Do thiormaigh sé a chuid eudaigh agus do-chuaidh sé isteach ar
tír. Ní fhaca sé teach in aon áit acht tug sé tuairim go
raibh sé in Africa agus adubhairt sé go mbadh fhéidir le Dia
go bhfuighbheadh sé duine éigin thabharfadh go dtí an campa é.
Do shiubhlaigh sé leis roimhe annsin tré na coillte móra,
agus ar theacht na hoidhche i gcomhnaidhe théigheadh sé in áirde in
crann ar eagla na ndroch-bheathaidheach agus do fhanadh
ann go lá. Do bhíodh sé ag cuimhneamh air féin agus ar a
dheirbhshiúr nuair do bhíodar is na sléibhtibh agus adubhairt sé
go mbadh fhéidir go mbeadh an t-ádh leis arís an iarracht so.
Ar maidin an tríomhadh lae, nuair do dhúisigh sé ba ait leis
an ceól do airigh sé ag bun an chrainn. Acht nuair do fheuch
sé síos cad do bheadh ann acht scata daoine gorma ag
bualadh a n-ucht agus ag amhrán. Táinig sé anuas agus
tángadar go léir timcheall air, acht níor bhain aoinneach aca
leis. Do-chuadar annsin, é féin agus iad féin, go dtí baile
beag do bhí gairid dóibh. Do bhí na daoine go léir ag fuireach
leó agus seacht n-oiread glóir agus ceóil aca. Tugadh go
dtí crann mór do bhí in lár na háite agus do cuireadh in
a shuidhe ag a bhun é. Táinig triúr sean-duiní annsin agus
do labhradar leis agus do thuig sé cad do bhíodar a rádh
agus tug sé freagra orra. Do liúghadar go léir le háthas
agus do-chuaidh i dtuicsin dó gur shíleadar gur duine míor
bhailteach é féin. "An tusa an fear táinig chughainn tar na
fairrgí?" "Is me," arsa sé. "Atá muintir na treibhe seo
agus muintir na treibhe eile ag fuireach leat le ceud
bliadhain," arsa siad. "Atáim annso anois," arsa sé, "agus
deuntar an rud dheunfar." "Beidh an ré lán anocht agus
deunfar i mbárach é." Do fhan sé ag bun an chrainn ar feadh an
lae sin agus tugadh a rogha gach bídh dhó. Maidin lá ar n-a
bhárach, táinig an treibh go léir timcheall an chrainn agus do
chromadar ag liúghraigh agus ag deunamh ceóil. Do-chuaid
triúr aca go dtí an crann agus do chuireadar gearradh beag


L. 43


timcheall sé órdlaigh ar dhoimhneacht ins an chrann chúig
throighthe suas air agus do chuireadar gearradh eile ann
timcheall dhá throigh aníos ó n-a bhun agus do bhuaileadar
dingreacha isteach ar gach taobh agus do tharraingeadar
amach an píosa adhmaid. Le n-a linn sin do stad an ceól
agus do chaith a raibh ann aca iad féin ar a mbeul agus ar a
n-aghaidh agus d'fhóbair go dtuitfeadh Pronnsias i laige mar
cad do bheadh istigh in lár an chrainn acht pictiúir beag na
Maighdine Muire. Pictiúir beag seacht gcúinneach ba eadh é,
cúinne in aghaidh gach dóláis d'fhuiling sí, agus badh dhóigh leat
go raibh an áit deunta le n-a aghaidh ins an chrann. Do choisrigh
Pronnsias é féin agus do iarr sé ar an Maighdin Muire é
do thabhairt saor uatha. Do éirigh na daoine in a seasamh
annsin agus do bhraith sé orra go rabhadar chum imtheacht in
áit éigin agus an triúr do ghearraigh an crann do fhanadar ag
feuchaint air féin agus ar an bpictiúir i gcomhnaidhe agus
adubhairt sé leis féin gurab é do bhí uatha acht go dtógfadh sé
an pictiúir in a lámhaibh. Do iarr sé ar an Maighdin Muire
annsin, má bhí sé ag deunamh aon eugcóir a maitheamh dó.
Do tóg sé an pictiúir annsin agus nuair do bhí sé ag a
thógbháil as an gcrann, do bhraith sé ar an adhmad go raibh dath
crón air agus do thuig sé gurbh amhlaidh do baineadh an píosa
as an gcrann ins an tsean-aimsir d'aon ghnó chum an pictiúir
do chur isteach fé. Do imthigheadar go léir leó annsin
agus an pictiúir in a lámhaibh ag Pronnsias. Do-chuadar tré
na coillte agus tar na sléibhte agus le linn dul fé na
gréine do airigheadar glór daoine ag teacht in a gcoinne.
Ba í Treibh na Seóide do bhí ann. Do bhí sean-duine in a lár
agus a dhá láimh trasna ar a ucht aige. Do dhruid an coimh-
thionól do bhí amach roimhe ó n-a chéile ar gach taobh. Do-righne
an treibh eile an cleas ceudna agus do-chuaidh Pronnsias
agus an sean-duine i gcoinne a chéile. Do shín an sean-
duine an rud do bhí aige in a lámhaibh chum Pronnséis agus do


L. 44


shín Pronnsias an pictiúir chuige sin. Do léimeadar agus do
phreabadar go léir le háthas annsin agus do bhriseadar ó n-a
chéile agus do chas an dá threibh ar a mbaile dhúthchais féin.
Do choinnig Pronnsias in a ucht ar feadh na hoidhche an
rud tug an sean-duine dhó. Ar maidin lá ar n-a bhárach do
iarr muintir na treibhe air, an tseód do thaisbeáint dóibh.
Ní raibh a fhios aige gur seód í mar do bhí clúdach uirri. Acht
do bhain sé an clúdach di agus do thaisbeáin sé dhóibh í.
Adubhairt sé liom in a dhiaidh sin nuair do bhí sé ag innsint an
scéil dam gurbh í an chloch ba iongantaighe dá bhfaca sé riamh
í, agus go mbadh dhóigh leis gur splannc den ghréin do bhí
annsúd in a lámhaibh aige. Do chrom na daoine ag liúghraigh
agus ag rinnce agus ag a gcaitheamh féin ar a lámhaibh agus a
gcosa in áirde aca. Adubhairt na sean-daoine leis go
mbeadh an cogadh anois aca; gur baineadh dá sinnsear
ríoghacht na háite; agus go ndubhairt an fáidh leó ná beadh
aon fhaghbháil aca ar í do fhaghbháil dóibh féin arís go dtiocfadh
an fear geal tar na fairrgí chucha agus go ndeunfadh
treibh na seóide malairt ar an bpictiúir leis an seóid leó.
Do fhiarfaigh sé dhíobh an ag lucht na seóide do bhí ríoghacht na
háite. Adubhradar sin nach eadh, go raibh lucht na seóide
muinteardha leó féin. Do iarr sé orra annsin dath dubh do
thabhairt dó agus go ndeunfadh sé é féin do chóiriughadh i slighidh
ná haithneóchthaoi tar aoinneach eile ins an chath é. Ní rabhadar
sásta leis sin acht ba éigean dóibh géilleadh dhó nuair adu-
bhairt sé leó ná corróchadh cos leis muna bhfuighbheadh sé a
shlighe féin. Do chóirigh sé é féin annsin agus aoinneach ná
beadh gairid dó ní haithneóchadh sé nach duine den treibh do
bheadh ann - Do imthigheadar go léir leó ins an chogadh agus a
sleagha agus a saighid aca. Ba ghairid go bhfacadar an
luaithreán ag éirghe ó thalamh go spéir agus é ag teacht in a
gcoinne. Ba é an namhaid do bhí ann agus a seacht n-oiread
ann díobh 's do bí aca féin. Adubhairt Pronnsias ná faca
sé riamh aon dream do ba aoirde misneach ioná an dream a


L. 45


raibh sé in a bhfochair. Do-chuadar tré an treibh eile mar
raghadh an míol mór tré bhró bioránach nó seabhac tré scata
mion-eunlaith nó spealadóir tré ghort arbhair agus do bhí na
mairbh in a dhá shraith aca ar gach taobh díobh. Do chasadar agus
do-chuadar tríotha arís. Acht do bhí an namhaid righin agus
iad ró ghlic dóibh agus le linn luighe gréine táinig seacht
n-oiread eile ann díobh, agus do chuireadar an briseadh ar
threibh Phronnséis agus fé dtáinig an oidhce ní raibh
aoinneach aca beó acht Pronnsias agus fear óg. Do theicheadar
is na coilltibh. Do bhí eolas gach cosáin agus conaire ag an
bhfear óg agus i gcionn trí uair an chluig do bhraitheadar ná
raibh aoinneach ar a dtóir.



"Cad dheunfa me leis an seóid seo anois," arsa
Pronnsias, "nó cia dhó thabharfa mé í?"



"Coinnigh féin í," arsa an buachaill, "nó caith i bpoll
éigin ná feiceóchthaoi go bráth í. Mise rí na treibhe anois,
mar ní mhaireann aon ghaiscidheach eile againn acht mé féin
agus diúltaighim don tseóid úd, mar is í do chaill
orainn. Ba mhí-ádhmharach an tseod dúinn í, agus is baoghal
liom go ndearnadh éirghe shligheadh orainn léi ar chuma éigin.
Do órdaigh an fáidh don treibh eile í do thabhairt dúinn ar an
íomháigh nuair tiocfaimís dá hiarraidh orra acht badh fhéidir
nach í tugadh dúinn. Dá mbadh í, ní bhuaidhfidhe orainn ins an
chath mar atá buaidh cogaidh innte."



"Do iarr Pronnsias ar an bhfear óg eolas go dtí an
campa do dheunamh dhó, acht ní raibh aon eolas aige mar ní
raibh a fhios aige go raibh a leithéid ann. Do iarr sé air
annsin é do thabhairt go dtí an fhairrge agus tug, mar do bhí
tuairim aige, má leanfadh sé air soir go dtiocfadh sé
go dtí an campa. Fé'r scair sé leis cois trágha, do
fhiarfaigh sé den bhfear óg an dtug sé fa ndeara an fear
mór geal do bhí i bhfochair na treibhe eile ins an chath.
Adubhairt sé go dtug, acht ná raibh a fhios aige ciarbh é nó


L. 46


cionnus táinig sé ann agus gurbh é an scannradh an íospairt
tug sé ar mhuintir treibhe na seóide le n-a chlaidheamh. Do
fhágadar slán ag a chéile annsin agus i gcionn trí seachtmhaine
do shrois Pronnsías an campa. Do shíl muintir an champa
gur fear gorm do bhí ann gur labhair sé leó. Tugadh eudach
dó agus do cuireadh ar bórd árthraigh do bhí ag dul go dtí
an Fhrainnc é. Adubhairt sé gur shíl sé go raibh daoine ag
faire air i gcomhnaidhe, agus nuair táinig sé go dtí an
Fhrainnc go rabhadar ar a thóir. Ar uair an mheadhon-oidhche
do fhág sé an teach i raibh sé ar lóistín ann, agus do-chuaidh
sé ó thuaidh go dtí an teach i raibh a dheirbhshiúr, Máire, in
aimsir ann. Acht ní raibh sí istigh roimhe, agus adubhairt
muintir an tighe leis go raibh sí ag fuireach i dtigh bheag do bhí
ar bhruach na coille; go raibh an tsean-bhean arbh léi an teach
imthighthe go dtí an baile mór le cúpla lá ag coinne le n-a mac
do bhí ag teacht abhaile ón bhfairrge agus gur iarr sí uirri-seo
fuireach i bhfeidhil an tighe dhi mar go raibh eallaigh le friotháladh
ann. Do imthigh Pronnsias leis annsin go dtí an teach agus
do chuir sí na mílte fáilte roimhe. Tugadar an tráthnóna ar
fad ag seanchus le n-a chéile, agus do thaisbeáin sé an tseód
di' agus táinig criothán eagla innte nuair do-chonnaic sí í,
agus do iarr sí air, le anmain a mharbh an clúdach do chur ar
an seóid arís ar eagla go mbainfidhe radharc a súl di ag
an solas do bhí uaithe. Adubhairt sé go raibh scannradh in a
chroidhe féin ag an tseóid sin, agus gur fearr dhóibh í do chur i
bhfolach ins an tigh go dtí lá ar n-a bhárach, mar gur teach
cúlánta é ná raibh gabháil aoinneach air, agus go raghadh
sé féin go dtí an baile mór ag cur tuairisc duine saidhbhir
macánta do cheannóchadh uaidh í. Do imthigh sé leis annsin,
agus ní raibh sé fiche nómaint imighthe nuair do bhuail an
cúigear ropairí fé. Do leagadar é agus do chuardaighe-
adar é agus ní bhfuaradar an tseod aige, mar is í do bhí uatha.
Do fhágadar ceangailte ag crann é agus do-chuadar go dtí an
teach beag agus tugadar an bhean leó go dtí an choill.


L. 47


"Atá a fhios agaibh cionnus táinig mise ann agus cad ba
chor dóibh in a dhiaidh sin. Acht do chuir Pronnsias iongantas
orm nuair do innis sé dham, an fear sin do-chuaidh gairid
dom mharbhadh, gurbh é sin an fear do-chonnaic sé ins an chath."



"Masa, is iongantach an sceul é," arsa Fionnlámh, "acht
cá bhfios díbh cá raibh an fear, Pronnsias, do bhí ceangailte
ins an choill?"



"Do innis na ropairí féin mar gheall air," arsa Colum.



"Ní fheadar," arsa Gile na mBláth, "cionnus táinig an
pictiúir sin do bheith ins an chrann?"



"Téigheann an gal gréine tré an ngloine," arsa an
Paorach, "agus ná raghadh pictiúir tré an adhmad? Acht is
é an sceul ar fad, an fear eile do bheith thíos i gcomhnaidhe."



"Éist," arsa Colum. "Níor chuimhnigh mé ar é do innsint
díbh gur chomairligh Máire do Phronnsias dul go dtí na
bráithre agus sceul an phictiúra do innsint dóibh, agus do-
chuadar amach is na háiteanna sin agus do-righneadar
críostaidhthe díobh go léir."



Do chromadar ag trácht annsin ar nidhthibh eile agus ní ró-
mhaith do thuig Gile na mBláth ná Fionnlámh cad dó do bhíodar
ag tagairt. Acht do-chuaidh Conchubhar dá bhfeuchaint lá ar n-a
bhárach agus adubhairt sé leó go raibh a athair agus muintir
an bhaile buaidheartha, mar go raibh sceul, do bhí ag imtheacht ó
bheul go beul, go raibh muintir na Frainnce agus na hAle-
máine ag iarraidh dul in iomaidh leó ar a gcuid gnótha agus
go raibh braitheadóirí uatha ag lorg cúntais ar gach luibh dá
mbíodh aca ag dathughadh an eudaigh, agus go mór-mhór go
rabhadar ag iarraidh teacht ar an nDearg Faille agus ar an
nGormlus.



"Agus," arsa sé, "dá bhfuighfidhe na cuntaisí sin,
badh fhéidir go gcreachfaidhe sinn, acht ní dóigh liom go
bhfuighfear mar atá na luibheanna sin ag fás i ngáirdín
againn, agus níl cead ag aoinneach dul in a ghoire acht ag
sean-daoinibh muinighineacha."


L. 48


Is is na laetheantaibh seo do bhraith na mná go raibh doicheall
eígin ag teacht ag Colum rompa, agus do labhradar le
Diarmaid na Soillse:



"Nach iongantach dusmánta an duine é," arsa siad, "ná
beannóchadh dúinn?"



"Ní fheadar cad atá air," arsa Diarmaid, "acht tuig
aireachas díbh féin. Atá sé tar éis droch-amras do bhaint
asaibh. Shin é is beus dó-sin. Ag cannlach uilc bhíonn sé."


L. 49


Nuair tug muintir an oileáin sceula go dtí Rí na hIodáile
an oidhche sin a inghean do bheith fuadaighthe ag na Múrachaibh
do rioth na fir síos go dtí an trágh agus do-chuadar amach
i mbádaibh agus in árthraighibh acht ní bhfuaradar a dtásc ná
a dtuairisc in aon áit. Do labhair Prionnsa na hAlemáine
leis an Rígh agus do fhiarfaigh de, cad do bhí an garda a
dheunamh nó cionnus do fuadfaidhe a inghean as a phálás féin.



"Mar, a raibh de shaighdiúiríbh agam do bhíodar ar an
machaire ag cleachtadh arm," arsa an Rí.



"Do bhíodar," arsa an Prionnsa. "Droch-thighearna do
fhágfadh a chuid gan cosaint. Téighir ag foghluim do ghnó
go dtí duine éigin ná maoidhfidh eólas ar amadán."



Do phreab an Rí le buile.



"Muna mbeadh go bhfuil tu ar iosdas agam, a Phrionnsa
bhoirb, bhraobanta," arsa sé leis, "do bheadh do cheann ar
bhior agam ag an ngeata."



Do fhág an Prionnsa an pálás ar an bhfocal sin, agus
adubhairt sé leis féin go mbeadh inghean Rígh na hIodáile mar
mhnaoi aige in aimhdheóin a hathar agus na Múrach. Do cuir sé
teachtairí uaidh annsin go dtí Tír na Múrach agus i gcionn
coicthighis tángadar tar n-aisd le sceula ná raibh Gile na
mBláth ann agus gur fuadaigheadh ó na Múrachaibh í agus do
réir an chúntais tugadh dóibh gur dócha gur captaoin árthraigh ó
Éirinn do fhuadaigh í.



"Má is é," arsa an Prionnsa, "díolfaidh sé ann go
dóighte."



Acht do bhí daoine an-léir in a fhochair agus adubhradar nach


L. 50


é an neart do bhuaidhfeadh an cleas dó acht an gliocas agus
dá mbeadh sé sásta airgead do chailleamhaint leis, daoine
do chur go dtí gach aon bhaile cuain dá raibh in Éirinn agus go
mbadh fhéidir go bhfuighfidhe a tuairisc.



"Má is é an t-airgead dheunfaidh an obair seo dhúinn,
do chuirfinn mo choróin féin i ngeall chum é do fhaghbháil
dó."



I gcionn na bliadhna do bhí an tuarisc go cruinn aige, go
raibh sí féin agus a bean choimhdeachta in a gcomhnaidhe i dtigh
bheag dóibh féin láimh le Baile uí Bhaoighill i nDéisibh Mumhan.
Adubhairt na comhairleóirí leis annsin Éireannach éigin do
cheannach le hór mar ná raibh aon deunamh aca in eughmais a
leithéid. Fuaradar an fear do bhí uatha i mbaile mór
ins an bhFrainnc. Donnchadh Mór ba ainm dó, agus ó Chrua'
Bhaile ba eadh é. Agus ní haon tarcaisne don áit gur ann
rugadh a leithéid. Níl aon treibh ná fuil droch-dhuine uirri.
Atá daoine i Sean-Shasana agus ins an bhFrainnc do dhíolfadh
a muintir féin, ní áirmhim ná beadh in Éirinn. Do-chuaidh
Donnchadh annsin go dtí Baile uí Bhaoighill agus fuair sé
obair le deunamh ann. Fear breaghdha árd ba eadh é, acht do
bhí an teanga ró-mhilis ró-shleamhain aige. Ní raibh sé i bhfad
ann nuair do chuir sé aithne ar chlainn an Traoinigh do bhí i
bhfochair Gile na mBláth agus Fionnlámh agus do bhíodh sé ag
deunamh báid bhéaga don gharsún agus ag tabhairt féiríní
beaga don ghearrchaile. Do bhí meas ag gach aoinneach air
a fheabhas dhéineadh sé a chuid oibre agus a luightheacht
do bhí sé le gach haoinneach. Ní raibh sé mí ann nuair fuair
sé caoi ar dhul go dtí teach Gile na mBláth. Do thaisbeáin
sí an gáirdín agus a raibh ann dó agus do chuir sé i dtuicsin
di go raibh slighe chum na crainn ubhall do ghearradh
thabharfadh torthaí ní badh fhearr di, agus adubhairt sé
go dtiocfadh sé féin uair nó dó ins an tseachtmhain chum an
obair do dheunamh di. Adubhairt sí leis go mbeadh fáilte


L. 51


roimhe. Níor thaithnigh an muinteardhas sin le Diarmaid na
Soillse acht do chrom Fionnlámh ag magadh fé agus
adubhairt go raibh eud air leis.



"Masa, a bhean," arsa Diarmaid, "ní gnáthach milis
folláin. Atá na cathracha siubhalta agam-sa, agus níor
leag mé mo shúil riamh ar dhuine ná ar chapall ná caithfinn
breath na fírinne air."



"Éist leat annsin, a Dhiarmaid," arsa sí. "Cadé an
díoghbháil dheunfadh an fear bocht simplidhe sin?"



Do bhí teach beag ag Donnchadh Mór le hais gáirdín na
luibheanna agus do-chuaidh sé chum comhnaidhthe ins an áit sin
do aon ghnó go bhfuighbheadh sé bheith ag faire feuchaint an
gcasfaidhe aon phioc de na luibheannaibh in a shlighidh. Do thuig
sé go maith cad do bhí le deunamh aige agus cionnus
dheunfadh sé é. Fuair sé bileóg bheag ins an tsráid
maidin lá earraigh tar éis oidhche stoirmighe agus tug sé
abhaile leis í. Do chuir sé roinn cré dhubh nádúrtha i
soitheach beag, agus do chuir sé an bhileóg timcheall leath-
órdhlach síos ins an chré, agus tug sé teas na gréine di ar
feadh an lae agus teas na teineadh ins an oidhche agus níor
dhearmhaid sé cúpla braon de uisce na fearthanna do chrothadh
uirri gach aon mhaidin, agus i gcionn mí do bhí tor beag den
Ghormlus ag fás aige. Tug sé leis go dtí gáirdín Gile na
mBláth é agus do chuir sé é gan fhios di. Acht tug sí an luibh
fa ndeara agus do thaisbeáin sí do Dhonnchadh í. Adubhairt
sé léi gur toirín beag deas é sin agus go mbíodh sé ag a
shean-mháthair ag leigheas slaghdáin, agus dá mbuailfeadh a
leithéid iad féin nó na páistí ins an ngeimhreadh é do
bheiriughadh ar leamhnacht seacht n-uaire agus é do ól.



Lá dá raibh Donnchadh agus na fir eile ag obair do Cholum
ó Cinnéide do-righne an maor do bhí orra gearán le Colum
ar fhear óg aca go raibh sé déidheanach don obair trí lá
ndiaidh a chéile. Táinig Colum agus craos mór buile air


L. 52


agus do chuir sé chum siubhail den iarracht sin é. Do bhí an
fear bocht ag iarraidh labhairt leis acht ní éisteóchadh sé
leis acht an chleath do bhí in a láimh aige do bhualadh ar an
talamh agus a rádh leis muna mbaileóchadh sé leis as a
radharc go mear go bhfuighbheadh sé iarracht di. Do imthigh an
fear bocht go maol-chluasach acht do-chuaidh sé go dtí Conchubar
agus do chásaigh sé é féin leis:-



"Agus an raibh aon leath-sceul agat?" arsa Conchubhar.



"Go deimhin do bhí," arsa sé, "acht badh fhéidir nach ró-
mhaith an leath-sceul é acht bíodh sé olc nó maith ní éisteóch-
thaidhe liom."



"Agus cad do choinnigh thu?"



"Atá, mo bhean agus ceann de na páistíbh beaga do
bheith tinn le seachtmhain agus do bhínn ag tabhairt aireachais
dóibh ins an oidhche agus do shleamhnuigheadh an mhaidin orm gan
fhios dam."



"Seo, siubhail leat go dtí mo athair."



"Ní leigfeadh an eagla dham dul in a ghoire ná in a ghaor,"
arsa sé.



"Siubhail leat, adeirim," arsa Conchubhar, "ní baoghal
duit."



Do-chuadar go dtí é agus do innis Conchubhar an sceul dó
agus adubhairt leis teachtaire do chur go dtí teach an fhir
seo, feuchaint an raibh an fhírinne aige. Táinig an teachtaire
tar n-ais agus adubhairt sé gur labhair sé le muintir an
tighe agus leis na comhursana agus go raibh an fhírinne aige.
Do-chuaidh Colum agus Conchubhar agus an fear óg go dtí an
lucht oibre annsin, agus adubhairt Conchubhar leis an bhfear
óg dul ag obair arís:-



"Agus tusa, a mhaoir," arsa sé, "cadé a chúis nár innis
tu dom athair cadé an leath-sceul do bhí ag an bhfear bocht
so?"



"Do shíleas go mbadh fhearr damh-sa, arsa an maor,


L. 53


"an gearán do dheunamh agus leigint don bhfear óg a chúis
féin do phléidhe."



"Atá an ceart aige," arsa Colum, "Mise do-righne an
eugcóir. Do bhíos ró-obann leis."



Nuair do bhí na fir ag caint le n-a chéile in a dhiaidh sin'
adubhairt ceann aca gur mairg thabharfadh a bhreath ar an
gceud sceul go mbeurfadh an dara sceul air.



"Nach colgach an duine é?" arsa fear eile aca, "an
cheud sceul an fíor-sceul aige sin i gcomhnaidhe."



"Má is é," arsa Donnchad Mór leis féin, "is é an duine
dheunfaidh mo ghnó-sa go caoin dam é."



Do bhíodh muintir Phrionnsa na hAlemaine ag a scríobhadh
chuige deithneas do chur leis an obair. Acht adubhairt sé leó
foighne do bheith aca go raibh sé ag tochrais leis ar an
gceirtlín i gcomhnaidhe agus nuair do bheadh deireadh an
tsnátha istigh aige ná beadh le deunamh aca acht a lámha do
shíneadh agus go gcaithfeadh sé in a leith í. Do bhíodh
árthraighe ag teacht ón Iodáil go minic go dtí Baile uí
Bhaoighill fa dhéin last daraighe, agus do-righne Donnchadh
muinteardhas le captaoiní na n-árthrach sin agus tug sé
ceud púnt an duine dóibh agus adubhradar leis cibé rud do
bheadh uaidh go ndeunfaidís dó é. Do bhí Donnchadh ag
fuireach i gcomhnaidhe go mbeadh na trí nidhthe seo in aoinfheacht
aige .i. Conchubhar do bheith imighthe chum na fairrge agus ceann
de na hárthraighibh Iodáileacha do bheith inneamhail ar imtheacht
agus gan aon árthrach eile do bheith inneamhail ar imtheacht acht
í. Acht táinig sceula ó Chorcaigh lá go raibh Conchubhar imighthe
ón chuan sin go dtí Sean-Shasana agus ráinig go raibh ceann
de na hárthraighibh Iodáileacha ag fuireach leis an taoide an
lá ceudna agus gan aon árthrach eile ann acht í. Do-chuaidh
Donnchadh ag obair ar an gcé an lá sin ag tarraing barrailí
mar do bhí a fhios aige go mbeadh Colum ag gabháil an


L. 54


tslighe sin um eadarshruth. Nuair do-chonnaic sé chuige é,
do leig sé air gur barrthuisle do bhain dó agus do thuit sé
tar an gcé. Do liúigh sé agus do screuch sé agus do chrom
sé ag fuirse le n-a lámha agus do-chuaidh sé go tóin poill
fa dhó. Ní dearna Colum acht an fhalaing do chaitheamh de,
agus isteach leis in a dhiaidh. Do bheir sé air agus
d'fhóbair go mbádhfaidhe iad araon, acht táinig an bád beag
ón árthrach Iodáileach i gcabhair orra agus do cuireadh i
dtír iad. Tug muintir Choluim go dtí an caisleán iad agus
do bhíodar ag gabháil do Dhonnchadh ar feadh leath-uair an
chluig fé dtáinig sé chuige féin. Do chrom sé ag gol
annsin agus do fhiarfaigh sé dhíobh cá raibh Colum. Táinig
Colum agus adubhairt Donnchadh leis:



"A mhaighistir a chroidhe agus a mhaighistir is fearr ins an
domhan agus a mhaighistir nach fiú mé a mholadh, do bhí mo
anam thíos in ifreann na bpianta muna mbeadh a fheabhas
táinig tu ag fóirthin orm, mar is peacach ró-throm mé, agus
iarraim ar Rígh na ngrásta agus ort féin a mhaighistir
maitheamhnas do thabhairt dam i mo choirthibh. Atá mé le
tamall maith in achrann le daoine atá ar thí do dhíoghbhála
acht diúltaim feasta dhóibh. Atá na Múraigh ag lorg fios
na luibheanna bhíonn agat ag dathughadh an eudaigh agus
atá beirt bhan annso ar a dtugtar Gile na mBláth agus
Fionnlámh ag tabhairt gach aon chúntais dóibh. Do bhídís i
bhfochair phrionnsa ins an tír sin acht do éirigh cogadh idir é
féin agus a mhuintir agus do tógadh uaidh na mná sin agus do
díoladh ar an margadh iad. Agus sin é an uair táinig do
mhac agus a chuid mairneulach agus do bhaineadar iad den
té do cheannaigh iad. Acht an prionnsa a raibh na mná in a
fhochair an cheud uair, tug sé fa n-a ríoghacht féin do bhaint
amach agus do éirigh leis agus fuair sé cúntas go raibh
na mná in Éirinn. Do airigh mé ná tug na mná aon chúntas
duit in a gcúrsaíbh féin, agus atá a fhios agat anois cadé
a chúis ná tugadar. Acht do bhí mise i dTír na Múrach nuair


L. 55


táinig an prionnsa sin in a ríoghacht arís agus is é an náire
dam é do innsint duit acht do cheannaigh sé mé agus do
chuir sé go dtí Éire mé ag lorg tuairisce na mban agus
fuaras agus tugas dó í agus adubhairt sé gur maith an sceul
iad do bheith ins an áit i rabhadar, mar go raibh coinne aige
go bhfuighbheadh sé féin agus na ceannaighthe do bhí aige uaim-se
agus uatha-sin gach aon fhios atá agaibh-se i dtaobh na ndathanna.
Agus seo litir duit do bhí i mo phóca agam chum í do
thabhairt dóibh."



Do bhain sé an sparán as a phóca agus do thaisbeáin sé
an litir dó. Do bhí ainm Gile na mBláth ar an litir acht is
ar éigean do éighfidhe na focail do bhí innte, mar do bhí
leath-mhúchadh orra ag an uisce. Acht do bhí ins an litir
gurbh fada leis an bprionnsa do bhí sé ag fuireach le síol
an Dearg Faille agus an Ghormlus agus deithneas do dheunamh
agus go mbeadh fáilte agus fiche aige rómpa nuair tioc-
faidís.



"Agus, a mhaighistir a chroidhe," arsa Donnchadh, "agus a
mhaighistir do shaor mé idir anam agus colann, iarraim ort
arís as ucht Dé mo pheacaidh do mhaitheamh dam. Tabharfa
mé an chuid eile dem shaoghal ag deunamh m'aithrighe idir
Áird Mhóir agus Maothal agus ag screadadh chum Dé ó
phaidir go paidirín. Acht dá dtiocfá liom, do thaisbeánfainn
duit cá bhfuil na luibheanna sin ag fás ins an ngáirdín aca."



Do bhí Colum ag rioth anonn agus anall le linn an
mhéid sin do rádh do Dhonnchadh agus an dá shúil ar lasadh in a
cheann agus é ag búithreadh le teann-neart na feirge. Do
ghlaodhaigh Colum ar na fearaibh do bhí aige, agus adubhairt
sé leó é do leanmhaint. Do-chuadar go dtí teach Gile na
mBláth agus do bhuaileadar ag an ndorus. Táinig iongantas
uirri nuair do-chonnaic sí na fir go léir leath 's amuigh
agus táinig crith-eagla uirri nuair do-chonnaic sí an ola-
thainn do bhí ar Cholum.


L. 56


"Oscail geata an gháirdín sin dúinn," arsa sé den ghreath
sin.



Do-righne. Tug Donnchadh go dtí preap sceach é agus do
oscail sé an phreap agus do thaisbeáin sé dhó an Dearg
Faille agus an Gormlus agus an síol ag eascairt go
breaghdha orra. Do ionntuigh Colum ar na mnáibh agus do
bhagair sé a chlaidheamh orra agus adubhairt sé leó muna
mbeadh gur mná iad go ndeunfadh sé bloghna dhíobh. Do
bhíodar ag iarraidh labhairt leis acht ní éisteochadh sé leó.



"Ní chreidfinn focal uaibh," arsa sé, "acht tuigi
freagra ar an gceist seo: cia ar dhíobh sibh nó cá rabhabhar
in bhúr gcomhnaidhe fé bhfaca sibh mo mhac?"



Níor fhreagradar focal.



"Tógaidh na mná sin as mo radharc," arsa sé leis na
feara, "agus cuirtear tar sáile ins an cheud árthrach
imthigheann iad."



Do bhí áthas mór ar Donnchadh nuair do airigh sé é sin, agus
adubhairt sé leis féin go raibh a ghnó deunta aige roimhe
agus go raibh cleas díomhaoin aige, mar do bhí sé chum a rádh
le Colum, nuair do-gheobhadh sé amas air, go raibh a mhac féin
ró-mhuinteardha leis na mná úd agus go mbadh mhait a chuimh-
neamh iad do chur as an tslighidh fé dtiocfadh sé. Tugadh
na mná annsin go dtí an t-árthrach Iodáileach agus iad ag
gol go truaighmhéileach.



"Ceud slán chughat, a Dhiarmaid na Soillse," arsa
Fionnlámh, "cibé áit i bhfuil tu, agus is agat-sa do bhí an
ceart nuair adubhairt tu linn gan aon mhuinighin do bheith
againn as an leithéisí sleamhain."



Do-chuaidh Donnchadh ar bórd an árthraigh in a bhfochair agus
an fhaid's do bhí muintir Choluim ag tabhairt órduighthe do
na mairneulachaibh agus ag deunamh margaidh leis an
gcaptaoin fuair sé caoi ar é féin do chur i bhfolach i bpoll
éigin ins an árthrach. Do labhair an captaoin le Donnchadh


L. 57


annsin agus adubhairt sé go raibh eagla air cur chum na
fairrge mar go raibh stoirm ag teacht. Acht adubhairt
Donnchadh leis má dheunfaidhe aon mhoill gur baoghal
go dtiocfadh Colum ar ath-smuaineamh agus go gcuirfeadh
sé fios ar na mnáibh agus go ndeurfadh sé ná tabharfadh
sé breath orra go dtiocfadh a mhac abhaile. Do thairg sé
chúig ceud púnt don chaptaoin annsin agus do bhuaidh an
tsainnt air agus do chuir sé chum na fairrge.



Nuair do airigh inghean an Ghearaltaigh, an cailín a raibh a
muintir ag a tabhairt le pósadh do Chonchubhar, nuair do
airigh sí cad do bhain do Ghile na mBláth agus dá bean
choimhdeachta, do fhiarfaigh sí de mhuintir Choluim cá raibh
Conchubhar. Adubhradar léi go raibh sé ar an bhfairrge agus
gur fhág sé cuan Chorcaighe maidin an lae sin agus ná beadh
sé ag casadh go cionn coicthighis. Do labhair sí leis an
teachtaire tug an sceul ó Chorcaigh agus adubhairt sé go
raibh an t-árthrach i gcóir chum imtheacht nuair do fhág sé fhéin
an chathair agus go raibh sé deimhneach go raibh sí leath-sligheadh
idir Éire agus Sean-Shasana fa an am sin. Acht do bhí sean-
duine ann ag éisteacht leis, athair Dhiarmuid na Soillse ba
é é, agus adubhairt sé gur dhóigh leis féin ná raibh, mar go
raibh an spéir lán de eitreachaibh agus de scuabaíbh agus
go ndeurfadh sé gur mó de chiall do bheadh ag Conchubhar
ioná dul i gconntabhairt a bháidhte agus a leithéid de dhroch-
dheallradh ar an aimsir, agus gur dócha go raibh an t-árthrach
i gCorcaigh fós aige. Do-chuaidh inghean an Ghearaltaigh
annsin agus fuair sí cóiste cheithre capall agus do imthigh sí
léi go Corcaigh agus ba uathbhásach an oidhche do bhí aici ag dul
ann le gaoith agus fearthainn, agus nuair do shrois sí an
chathair cad do-chífeadh sí ag an ché acht árthrach Chonchubhair.
"Míle buidheachas le Dia," arsa sí, "ní cruadhtan in
aiscidh fuaras ag teacht annso."



Do innis sí do Chonchubhar annsin cad do bhain do na mnáibh,


L. 58


agus ní raibh a fhios aige cad do badh fhearr dhó a dheunamh.
Acht adubhairt sé go raibh sé féin agus a mhuintir imthighthe
chum na fairrge an lá roimhe sin agus gur bhraitheadar go
raibh stoirm mhillteach ag teacht le gaoith anoir andeas agus
gur chasadar arís agus go raibh eagla air go mbádhfaidhe an
t-árthrach a raibh na mná uirri, "acht muna bhfuil sí báidhte
cheana, ní bhfuighbheadh sí bheith i bhfad ón áit do fhág sí."



Do-chuaidh laige bheag an an ngaoith um naoi a chlog ar
maidin agus do-chuaidh sé chum na fairrge agus do-righne sé
díreach ar Bhaile uí Bhaoighill. Agus timcheall sé a chlog
um thráthnóna do-chonncadar an t-árthrach amach uatha agus í
an-dhoimhin ins an uisce agus gan snáth de na seóltaibh uirri.
Tug Conchubhar leis ó Chorcaigh an fiche fear do ba fhearr dá
raibh ins an chathair, agus adubhairt sé leó ná raibh a fhios
aige acht go mbadh fhéidir go gcaithfidís troid do dheunamh,
acht ná raibh aon rud uaidh ar mhuintir an árthraigh sin acht go
leigfidís dó na mná do thabhairt leis tar n-ais go dtí a
athair chum go mbeadh fios an scéil aige, nó cad do bhí ag a
athair in a gcoinne. Acht nuair tángadar gairid don árthrach,
do iarr muintir an árthraigh orra teacht i gcongnamh dóibh.
Do-chuadar mar ní raibh aon deallradh achrainn orra. Do-
chuaidh Conchubhar ar bórd chucha, agus adubhairt an captaoin
leis na mná do thabhairt leis dá mbadh mhaith leis a dheunamh
agus gurab é a athair féin do chuir ar bórd iad, acht go
rabhadar féin ag casadh ar Bhaile uí Bhaoighill arís chum
deisiughadh do dheunamh, má thógfadh sé ar theud ann iad.
Adubhairt Conchubhar go dtógfadh. Do innis an captaoin dó
annsin go raibh fear ar bórd aige do bhí ag faghbháil bháis,
Donnchadh Mór do ba ainm dó, go raibh sé ag iarraidh an
t-árthrach do choimheud ar an bhfairrge agus gan casadh arís ar
Bhaile uí Bhaoighill agus gur éirigh idir é féin agus na
fearaibh agus gur sháith cheann aca é mar nach túisce focal
ioná scian ag an Iodáileach, agus go dtug sé roinn airgid
dó féin ar n-imtheacht dóibh acht ná raibh a fhios aige cadé an
fuadar do bhí fé. Do-chuaidh Conchubhar ag feuchaint na


L. 59


mban annsin agus do bhíodar i ndeireadh a n-anma le heagla
agus le scannradh acht is gairid go raibh an faothamh aca nuair
do-chonncadar Conchubhar. Adubhradar leis go rabhadar an-
bhuaidheartha mar gheall ar an méid do bhí idir iad féin
agus a athair acht gurbh é Donnchadh Mór do chuir an eugcóir
orra. Ins an chaint dóibh táinig an captaoin isteach ins an
chábán agus do iarr sé ar Chonchubhar dul ag feuchaint an fhir
tinn go raibh sé ag glaodhach air. Do-chuaidh agus do bhí
Donnchadh sínte ar leabaidh agus ní haon bhás bréige do bhí
aige mar do bhí sé ag tarraingt ar an tsíorraidheacht. Do
innis sé do Chonchubhar cad do bhí deunta aige agus is ar
éigean do thuig Conchubhar é mar do bhí sé ag speabhraoid
tré an gcaint. Acht do phreab sé in a shuidhe go hobann agus
do labhair de ghuth árd:



"Cuimhnigh ar an sean-ghamall sin do phreab isteach ins an
bhfairrge i mo dhiaidh chum mé do shábháil, agus mé ag leigint
orm go rabhas am bhádhadh agus gan aoinneach ó Thráigh Mhóir
go hEochaill do bhuaidhfeadh orm ins an snámh, agus mise ag
scithireacht fé i mo chroidhe. Ó, is é an greann go bás é."



Agus do thuit sé siar, agus mar sin do imthigh sé.



Nuair do airigh Colum an sceul, ní thógfadh sé a cheann le
náire, agus adubhairt sé:



"Aois gan chiall dheunann réir an aidhbheirseóra."



Do pósadh Conchubhar agus Gile na mBláth timcheall sé
seachtmhaine in a dhiaidh sin, acht ní scarfadh sí le Fionnlámh
ná na páistí agus do-chuadar go léir chum comhnaidhthe ins an
chaisleán. Adubhairt muintir na háite cibé mar do bhí sí
féin go raibh fear maith aici, acht gur ait a ghnó go bpósfadh
aoinneach de shean-threibh na gCinnéideach bean ná raibh fios a
sloinne ag aoinneach. Do bhí mac óg aca i gcionn na bliadhna
agus adubhairt Gile na mBláth leó Colum do thabhairt mar
ainm air, mar do bhraith sí ar an sean-duine go raibh an
náire do bhí air roimpe nuair tugadh tar n-aise í ag lean-
mhaint de i gcomhnaidhe. Do las an fear bocht le háthas


L. 60


nuair do airigh sé cad adubhairt sí agus do-chuaidh fiche
bliadhain óige air.



Nuair do bhí Conchubhar ag imtheacht chum na fairrge lá, tug
Gile na mBláth pictiúir beag dó do-righne sí féin. Ba é a
pictiúir féin agus a leinbh é. Do chuir sé an pictiúir ar
slabhradh óir agus do chuir sé an slabhradh timcheall a mhuiníl
agus do fhiarfaigh sé dhi an mbeadh aon rud thabharfadh sé abhaile
chuichi. Adubhairt sí nuair do bhí sí i dTír na Múrach go bhfaca
sí síoda breaghdha aca agus filleadh dhe sin do cheannach di.



"Ba dhóigh liom," arsa Conchubhar, "nuair do bhí tu ann,
ná leigfeadh an aingceis duit a leithéid do thabhairt fa ndeara
ar aon chor."



"Ó'se go deimhin duit," arsa sí, "tugas. An fhaid
is beó í an bhean mairfidh an spiagaidheacht in a súil."



Do bhí an baile go huaigneach nuair do bhí Conchubhar imthighthe
agus do cheap inghean an Ghearaltaigh amhrán do Ghile na
mBláth mar gheall air féin agus an luing do bhí ag luascadh
ar an tuinn agus gurbh í bláth ba ghile leis Gile na mBláth,
acht níl na focail in a gceart agam chum iad do thabhairt do
aoinneach. Do théigheadh Gile na mBláth agus Fionnlámh amach ag
siubhal gach aon tráthnóna cois trágha agus an leanbh beag aca.
Do bhí sliogán órdha ar slabhradh airgid ag Gile na mBláth
agus é ceangailte dá crios. Ba é Colum tug di é, mar do
airigh sé go mbídís ag dul go dtí tobar atá cois trágha chum
an t-uisce do ól agus ná bíodh aca chum é do ól as acht a
dhá bhais. Acht an tráthnóna so, nuair do bhí an t-uisce ólta
aca, do fhanadar in a suidhe ar phort bhreaghdha féir do bhí
le hais an tobair mar do bhí sé brothallach agus do bhíodar
cortha ó bheith ag iomchar an leinbh ó Chluain Fhiaidh a fhaid sin
sligheadh. Le n-a linn sin táinig bád beag isteach ar an
tráigh agus cúigear fear innte agus baraille aca. Níor
chuir na mná aon suim ionnta mar is minic tagadh mairneu-
laigh go dtí an tobar sin fa dhéin fíor-uisce. Acht nuair
táinig na fir gairid dóibh rugadar orra agus tugadar leó
iad, agus iad ag screadadh agus ag béiceadh, go dtí an bád


L. 61


beag agus amach leó annsin ag iomramh ar a ndícheall go dtí
an t-árthrach Iodáileach do bhí amuigh ag fuireach le seól.
Do bhí muintir an bhaile ag obair ar an bhfoghmhar agus do
riothadar go léir síos go dtí an trágh, spealadóirí agus mná
ceangail agus páistí mar bhíodar, agus iad ag gol agus ag
liúghraigh. Acht is ar an gcé do éirig an gheóin nuair do-
chonnaic na fir do bhí ann cad ba chor do na mnáibh, agus i
gcionn chúig nómaintí do bhí bád agus fiche ag briseadh
na fairrge, ag rioth d'iarracht ar an árthrach, agus ní hiad
a bpaidreacha do bhí dá rádh ag na fearaibh do bhí ionnta.
Le n-a linn sin do bhí bualadh agus gleithearán ar bórd an
árthraigh agus na fir ag rioth is na teudaibh ar nós dubhan-
allaí agus do bhí a raibh de sheóltaibh aca in áirde uirri agus
iad ag tarraing na gaoithe go teann fé'r táinig na báid
bheaga i ngiorracht ceud slat dóib, agus amach leó chum na
fairrge soir ó dheas. Do chas na báid bheaga tar n-ais annsin.
Do bhí na fir dá ngearradh féin le buile agus ag tabhairt
aghaidh a mbéil ar a chéile, gach aoinneach aca ag iarraidh a
mhilleán do chur ó n-a ndorus féin.



Nuair do-chonnaic Gile na mBláth na báid bheaga ag casadh,
do bhuail sí a dhá bais:



"Ó nach é an truagh Mhuire sinn," arsa sí, "agus nach é
an seacht dtruagh Mhuire sinn, fuadaighthe ó n-ár muintir féin
agus díolta ag na Múrachaibh agus fuadaighthe arís ón treibh
seo is giorra dhúinn anois ioná ár muintir féin. Ó a mhic
mo chroidhe," arsa sí agus í ag sileadh na frasa deór.



"Éist, a leinbh," arsa Fionnlámh, "agus ná bí ag gol mar
sin. Atáimíd ar láimh Dé agus atá fios a ghnó féin aige sin."



Tug an captaoin cábán dóibh agus adubhairt sé le
Fionnlámh gurbh é toil Rígh na hIodáile a urraim sin do
thabhairt dó féin fios do chur ar a inghin leis, agus narbh
dhóigh leis go mbeadh aon fhearg ar an Rígh muna mbeadh sé
mí-shásta leis an bpósadh do-righne sí.


L. 62


Nuair do-chuaidh Conchubhar go dtí Cathair na Múrach is ar
éigean do aithin sé í. Do bhí tighthe nua dá ndeunamh i ngach
aon áit, agus do bhí an teampall mór in a fhothrach agus
neantóga agus canntarnaoil ag fás aníos tré an urlár
ann. Do hinniseadh dó go raibh cogadh idir iad féin agus Rí
na hIodáile, agus gur bhuaidh an Rí orra mar go raibh a chuid
saighdiúirí ró-oilte dóibh. Do shíl na Múraigh nuair do bheadh
geataí na cathrach dúnta, daingnighthe aca ná beadh aon
fhaghbháil ag na hIodálachaibh dul tar na fallaí ná iad do
bhriseadh. Acht do chuir na hIodáiligh an cleas úd i bhfeidhm do
bhíodh aca gach aon ráithe ar an machaire ag deunamh cleachtadh
arm, agus do bhíodar isteach ins an chathair chucha le hiompódh
na baise, agus na Múraigh ag rioth i bpoill 's i bpóirsí
uatha mar do riothfadh lán móinfhéir de choiníníbh ó chraos
chaor-dhearg na gcon. Is iomdha máthair ann do bhí ag caoineadh
a mic agus is iomdha leanbh do fhágadh ar thaobh na sráide ann
agus a theach in a thóiteán agus gan tuairisc a mhuintire
aige' agus is mairg do bheadh ag brath ar an saighdiúir chum
trócaire do dheunamh air. Acht nuair do bhí an chathair agus a
raibh innte fa smacht ag Rígh na hIodáile, do chuir sé fear
a ionaid féin ann agus do órdaigh sé dóibh fa phian a
ndíoghbhála agus a gcreachta a réir sin do dheunamh. Mar
sin do bhí an sceul aca nuair táinig Conchubhar ann. Do-
chuaidh sé gan mhoill ag ceannach na n-earradh do bhí uaidh don
árthrach' agus nuair do bhí an last istigh aige, do fhiarfaigh sé
de dhuine éigin cá raibh margadh an tsíoda agus do thaisbeáin
sé dhó é. Do bhí an díolthóir in a sheasamh in áirde ar bhórd
agus do bhí an síoda in a fhilltíbh leastiar de ar bhórd eile
do bhí níos aoirde ioná an bórd sin agus dá fhichid slat i
ngach filleadh dhe.


L. 63


"Síoda na Múrach annso agam," arsa an díolthóir.
"Síoda na Múrach agus é díolta agam go dtí aon fhilleadh
amháin, agus is é an filleadh is fearr atá orra é. Ní gile
gal na gréine ioná é, ní míne bláth na mbánta ioná é, ní
righne ar caitheamh seól luinge ioná é, agus cia chuir-
fidh in airgead dam é?"



Do labhair fiche duine in aoinfheacht. Uathbhás ba eadh an
screuchadh agus an bualadh do bhí aca. Acht do fhan Conchubhar
gan labhairt go raibh sé fa bheirt aca. Do labhair sé
annsin agus do chuir sé in dhá phúnt thósta d'aon iarracht
é. Do fhan ceann aca in a éisteacht agus do bhí sé
fa Chonchubhar agus an fear eile. Níor aithin Conchubhar
cia do bhí in a choinne ag ceannach an tsíoda. Ba é an
Prionnsa Dubh é acht ní raibh aithint phearsan air, mar ins
an chogadh do bhí idir é féin agus Rí na hIodáile fuair sé
buille millteach de chlaidheamh do fhág rian an ghearrtha ó
n-a shúil chlé anuas go dtí a ghiall deis, slán mo chomh-
artha. Do-chuaidh an Prionnsa púnt tar Chonchubhar, agus
má do chuaidh, do-chuaidh Conchubhar trí púint tairis sin arís
agus do shíl sé go raibh an filleadh aige. Agus do bhí, leis.
Acht ba é beus do bhí aca, aoinneach aca do fholárfadh aon
airgead a lámh do thógbháil, agus nuair do thóg Conchubhar a
lámh an uair dhéidheanach, do-chonnaic an Prionnsa rian a
scine féin ar a láimh agus do chuir sé uallfairt as agus
adubhairt leis na saighdiúirí an fear sin do ghabháil. Do
gabhadh ar an áit sin é. Tugadh ós comhair an bhreithimh annsin é
agus is gairid an chúirt do bhí air. Do thaisbeáin an Prionnsa
an rian trí-chúinneach do bhí ar a láimh agus do dhearbhaigh sé ná
raibh scian ins an domhan do fhágfadh an rian sin in a diaidh acht
a scian féin. Do innis sé don mbreitheamh annsin cionnus do
ghoid sé na mná uaidh agus do dhaor an breitheamh chum báis é.



I gcionn mí in a dhiaidh sin do bhí croch mhór in a


L. 64


seasamh aca in lár an mhargaidh, agus tugadh Conchubhar
amach as an bpríosún chum a chrochta. Do bhailigh na daoine
isteach ón tuaith. Do bhí an margadh dubh aca, agus ní raibh aon
fhuinneóg tart timcheall an mhargaidh ná raibh daoine ag
feuchaint amach aiste. Do bhí pálás mór gairid don áit i
raibh an chroch deunta aca agus is ann do bhí fear ionaid Rígh
na hIodáile agus uaisle an bhaile. Do bhíodar in a suidhe in
áirde i bhfuinneóig mhóir leathain ag feuchaint síos ar an
gcoimhthionól agus ar an obair do bhí ar siubhal. Do chiúnaigh
an coimhthionól d'aon iarracht, agus táinig Conchubhar agus
na saighdiúirí ar an margadh. Is annsin do chrom gach aoinneach
ag liúghraigh agus ag screuchadh, acht níor chuir Conchubhar aon
suim ionnta acht bheith ag feuchaint i gcomhnaidhe ar rud éigin
do bhí in a láimh. Do sheasaigh sé in áirde ar an gcroich
agus do chiúnaigh an coimhthionól arís. Do chruinnigh an
crochaire an teud fa n-a mhuineul agus do tharraing sé air.
Is annsin do labhair fear ionaid an Rígh:



"Scaoil an teud sin, a chrochaire," arsa sé, "go mbeidh a
fhios agam cad atá in a láimh sin."



Do bhain an crochaire as a láimh é agus tug don bhfear
ionaid é. Cad do bheadh ann acht pictiúir Gile na mBláth agus
a leinbh. Do chrioth an fear ionaid le scannradh agus táinig
dath na cailce ar a aghaidh.



"Scaoil an fear sin in ainm Rígh na hIodáile, agus cibé
cúis atá agaibh in a choinne deunaidh í do phléidhe ós comhair
an Rígh féin."



Do scaoileadh Conchubhar agus do cuireadh an caitheamh
aimsire i mudha ar na Múrachaibh an lá sin.



Do bhí an Prionnsa Dubh taobh leis an bhfear ionaid, agus
nuair do-chonnaic sé an pictiúir, adubhairt sé:



"An bitheamhnach! Dá bhfeiceóchainnd an pictiúir sin lá
na cúirte, do bhí an dá dheimhneacht ar an gcúis agam. Sin é
pictiúir mo sheirbhísigh féin, í sin do thóg an fear sin uaim.


L. 65


Tabhair dam é, a fhir ionaid, go dtaisbeánfa mé do Rígh na
hIodáile é mar chomhartha go bhfuil an fhírinne agam."



Ní raibh fios an chúrsa in a cheart ag an bhfear ionaid agus
do bhí eagla air go mbadh fhéidir go raibh sé ar mearbhall agus
nárbh é pictiúir Gile na mBláth ar aon chor é agus do scríobh
sé go dtí an Rí agus adubhairt leis go raibh na Múraigh chum
fear do chrochadh ar ghearán an Phrionnsa Dhuibh agus gur shíl
sé féin ins an deireadh, ó is rud nach leis na Múraigh do
bhain an fear so, go mbadh fhéidir go mbeadh máthair cúis an
achrainn in a chrochadh agus go mbadh fhearr an gnó do
fhágbháil fa an Rígh féin. Agus ní dearna sé aon trácht ar an
bpictiúir.



Tugadh Conchubhar ós comhair an Rígh agus do-chuaidh an
Prionnsa Dubh ann in a fhochair. Do bhí an Rí in a shuidhe i
gcathaoir uasal na hIodáile, agus an choróin ar a cheann,
an tslat ríoghdha in a dhóid aige, agus an fhalaing dhearg
órshnáth ó n-a ghuailnibh go talamh air. Do bhí na huaisle in a
seasamh taobh thiar de ar a láimh dheis agus ar a láimh chlé agus
do bhí deichneabhar saighdiúirí in a seasamh i gcoinne an fhalla
ar gach taobh agus gach aoinneach aca agus a shleagh le n-a ais
agus iad go léir chomh socair, ciúin le coindleóirí. Táinig
an Prionnsa Dubh agus Conchubhar isteach in aoinfheacht. Do
shiubhlaigh Conchubhar suas do iarracht ar an Rígh agus do
umhlaigh sé dhó. Do bhí sé chomh snaidhte le snáthaid ag príosún
na Múrach acht ní raibh scáth ná eagla aige roimh an Rígh ná
roimh na huaisle agus iolmhaitheas an tseamra in a dtugadh é,
Uaisleacht gan dánaidheacht in a phearsain agus in a shiubhal,
sin é do bhain an geit asta go léir. Do bhí an Prionnsa Dubh
in a sheasamh le n-a ais agus a chíor-fhiacla nochtaighthe aige
agus iad chomh feicsionach le cleite bán i sciathán londubh.
Do bhí pictiúir Gile na mBláth agus a leinbh in a láimh aige.



"Atá annso, a Rí," arsa sé, "an fear do thóg uaim mo
sheirbhíseach féin. Do cheannaigheas ar margadh na Múrach í."


L. 66


"Is gránda an beus agaibh, a Phrionnsa," arsa an Rí,
"daoine do dhíol agus do cheannach ar nós na mbeathaidheach."



"Is gránda sin," arsa an Prionnsa, "acht is mar sin
atá, agus má atá aon eugcóir ag baint leis an dlighidh
caithfear a mhalairt de dhlighidh do cheapadh. Tugas luach an
tseirbhísigh don díolthóir agus ní dheurfá gur ceart an
seirbhíseach do bhaint díom gan pinginn de choimhlíonadh do
thabhairt dam ann."



"Ní dheurfainn," arsa an Rí.



"Agus nach móide an eugcóir beirt aca do bhaint díom?"



"Is móide," arsa an Rí, "acht cad adeir tusa, a fhir
óig?"



"Adeirim," arsa Conchubhar, "gur fíor dhó gur bhaineas
beirt bhan de agus adeirim go ndeunfainn arís é."



"Badh fhéidir," arsa an Rí, "go mbeitheá searbh go leór
den chúis nuair bheidh sí pléidhte agaibh."



"Agus cad dheurfá," arsa an Prionnsa Dubh, "leis an
bhfear do bhainfeadh mo chuid díom. Agus thabharfadh fa
mé féin agus mo chuid fear do mharbhadh?"



"Leig don cheistiughadh sin agat," arsa an Rí, "agus innis
an sceul dam."



Do innis an Prionnsa Dubh dó cionnus mar do cheannaigh
sé an bheirt bhan agus cad tug sé orra agus go raibh sé ag a
dtabhairt abhaile nuair tug Conchubhar fé agus gur bhain sé
dhe iad, agus má bhain nach saor do scair sé mar gur chuir sé
féin a scian trí-chúinneach tré n-a láimh.



"Taisbeáin dam do lámh," arsa an Rí le Conchubhar.
Do thaisbeáin agus do bhí an rian trí-chúinneach uirri.



"Do admhuighis cheana," arsa an Rí, "gur bhainis de iad.
An admhuigheann tu go dtugais iarracht mharbhtha fé?"



"Tugas go deimhin," arsa Conchubhar.



"Níl uainn anois acht do bhreath, a Rí na breithe fíre,"
arsa an Prionnsa Dubh.


L. 67


"Is ionann iarracht mharbhtha agus an duine do mharbhadh,"
arsa an Rí, "acht innis dam an méid seo, a fhir óig, ná fuil
focal le rádh agat acht admháil do thabhairt i ngach aon
chionnta?"



"Níl focal le rádh agam," arsa Conchubhar, "acht an
méid adubhairt mé, go ndearnas é agus go ndeunfainn a
arís é."



"Tabhair do bhreath, a Rí" arsa an Prionnsa Dubh "níl
focal le rádh aige. Agus dá mbeadh féin, atá an pictiúir
seo agam chum é do bhreugnughadh. Aithnim-se an pictiúir
seo, agus aithneann mo sheirbhísigh é, gurab é pictiúir ceann
de na mnáibh do tógadh uaim é. Agus fuaradh an pictiúir
seo aige."



Do thaisbeáin an Prionnsa Dubh an pictiúir don Rígh. Ba
dhóigh leat gur splannc do bhuail an seamra in a rabhadar.



"Pictiúir mo inghine féin annso!" arsa an Rí, "mo
inghean féin ceannaighthe ag an bhfear dubh so!"



Muna mbeadh gur thóg an Rí a dhá láim dá chosaint do
bhí dá fhichid sleagh sáithte ins an Phrionnsa Dubh.



"Ná marbh mé, a Rí," arsa sé, "ná daor chum báis mé.
Níor innis sí dhamh-sa ná do aoinneach ciarbh í féin. Dá
n-inneósadh, ní leomhfadh aoinneach oiread 's feuchaint uirri."



Dá mhéid iongantas do bhí ar an bPrionnsa, ní lugha iongan-
tas do bhí ar Chonchubhar.



"Innis dam cá bhfuarais an pictiúir seo," arsa an Rí
leis, "agus cia hé an leanbh so."



Do innis Conchubhar dhó annsin gach aon rud mar do bhí. Is ar
éigean do bhí deireadh le n-a chuid cainte nuair do rioth
teachtaire isteach chucha le sceula go raibh Gile na mBláth
agus a leanbh agus Fionnlámh ins an chathair aca. Tugadh ós
comhair an Rígh iad. Do chaith Gile na mBláth í féin ar a
glúinibh agus do iarr sí párdún air.



"Éirigh, a inghean mo chroidhe," arsa sé, "Mise badh chóir


L. 68


párdún do iarraidh ort-sa, agus gabhaim mo sheacht míle
buidheachas le Conchubhar ó Cinnéide tug saor ó na Múrachaibh
thu. Do bhíos ag iarraidh eugcóir do dheunamh ort le tu do
thabhairt le pósadh do Phrionnsa na hAlemáine. Nuair fuaras
an litir sin uait, do dubhadh mo chroidhe i do choinne, agus
adubhairt mé an mí-ádh do thuarais duit féin go raibh sé ort.
Acht táinig cogadh idir sinn-ne agus muintir na hAlemáine
agus do thuit mac mo dheirbhshéir ins an chogadh sin agus ní
raibh aoinneach agam annsin dem mhuintir féin a dtabhar-
fainn an ríoghacht dó i mo dhiaidh. Do chuimhnigh mé ort-sa
agus do oscail Dia na trócaire mo chroidhe agus do bhain
sé as an t-olc do bhí ann chughat, agus do chuireas do thuairisc
i ngach aon áit agus ní bhfuaras í. Acht le déidheanaighe tug
captaoin árthraigh Iodáiligh sceula chugham go rabhais ag
Baile uí Bhaoighill agus tugas órdughadh dhó tu do thabhairt
i leith. Ní maith liom tu do cháineadh ar an am so, acht adeirim
leat go mbadh fhearr liom go mbeitheá pósta ag Prionnsa
na Frainnce nó ag Prionnsa na Spáinne ioná ag Éireannach
ná fuil morán den uaisleacht ag baint leis."



"Gabhaim párdún agat, a athair," arsa sí, "ní hí an fhuil
uaisligheann acht an croidhe, agus dá aoirdeacht iad righte
agus prionnsaí na hEórpa ní chuirfinn aoinneach aca in aon
bheul amháin le Conchubhar de shean threibh na gCinnéideach."



Do iarr an Rí orra fuireach in a fhochair i gcomhnaidhe acht
adubhradar ná deunfaidís acht go bhfanfaidís ins an Iodáil
gach aon bhliadhain ó Shamhain go Bealtaine, agus ó Bhealtaine
go Samhain in Éirinn.



Lá ar n-a bhárach do imthigh muintir an pháláis go léir amach
ins an chuan go dtí an áit in ar bhádhadh árthrach Prionnsa na
Gréige, agus do-chuaidh fir ag obair ar an árthrach agus do
thógadar aníos í. Do bhí trioscar na gclog agus ruama ar
gach órdhlach di, agus ba dheacair a aithint gurbh í sin an
t-árthrach do bhí fuilighthe ag bláthannaibh agus ag duilleabhar.


L. 69


Do bhí píosa sean-sheóil caithte ar na clárachaibh ins an áit in
ar thuit an crann, agus nuair do thógadar an seól, fuaradar
cnámha Prionnsa bocht na Gréige thíos fé agus an tsleagh
do mharbh é sáithte ins an adhmad. Do chrom na mná ag gol
agus ag lógadh agus tugadar a chnámha leó go dtí an Ghréig
agus do chuireadar ins an reilig iad le hais a mhuintire féin.
Agus nuair do-chuaidh Gile na mBláth tar n-ais go dtí
Éire, do iarr sí ar inghin an Ghearaltaigh focail do cheapadh
chum iad do chur ar an leac.



Do leathanaigh an sceul timcheall ar fud na dúithche go
léir go raibh Gile na mBláth tar éis teacht tar n-ais
agus go raibh sí pósta agus go raibh mac óg aici, agus do
bhailigheadar isteach ins an mbaile mór agus adubhairt an
Rí leis na hoifigigh iad do leigint isteach is na gáirdíníbh agus
fíon do chur ag rioth ann in áit uisce agus cóisir do
ullamhughadh fa gach crann. Nuair do bhíodar go léir istigh
táinig an Rí go dtí dorus an pháláis agus do bhí Gile na
mBláth ar a láimh dheis aige agus Conchubhar ó Cinnéide ar a
láimh chlé. Do shíl Conchubhar ná stadfaidís den liúghraigh go
bráth. Do bheir an Rí ar an leanbh ó Ghile na mBláth, agus
do labhair sé leó:-



"A uaisle agus a dhaoine mhuinteardha, idir fearaibh agus
mnáibh mar atá sibh, ag seo dhíbh bhur bPrionnsa, Colum óg ó
Cinnéide ó Bhaile uí Bhaoighill."



"Sé n-a bheatha agus mór-shláinte," arsa siad, "go
mairidh sé a ainm agus a shloinne."



"- agus is é bheidh mar rí oraibh nuair do-gheobhad-sa
bás."



"Go mbadh fada go bhfeicfear an lá sin," arsa siad.



"Ámen, a Thighearna," arsa Gile na mBláth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services