Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gabha na Coille
Title
Gabha na Coille
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Composition Date
1915
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gabha na Coille. Áit mhór sléibhte agus coillte is eadh Tír na bhFran- cóineach; áit mhór abhainneacha agus fairrge; garbh- shíon ann ins an ngeimhreadh agus brothall marbhthach ins an samhradh. Ar éirghe na tuile, aimsir choscartha an tsneachta, do-chífeá ba agus caoire ins an snámh, leabthacha agus troscán agus tighthe beaga, agus rachtaí móra den leac-oidhre ag bualadh ar na crannaibh agus ag baint na coirte dhíobh, agus níor dhóigh leat nárbh í an fhairrge mhór do bheadh tar éis briseadh aníos as croidhe na talmhan. Acht nuair thagann an teas ins an ngréin, dheunfadh an chuirideóir- eacht tógbháil ar do chroidhe, an t-arbhar agus gach aon saghas torthaí ag teacht ins an talamh réidh, agus suas ar leicnibh an tsléibhe do-chífeá na fíneamhna nó na goirt in a bhfásann na caora a ndeuntar an fíon díobh. Agus má bhíonn an brothall ad mhúchadh thíos is ua gleanntaibh nó cois na habhainne, níl agat acht tabhairt fa na coilltibh agus na sléibhtibh agus beidh fionnfhuaras an earraigh agat ann agus radharc agat ar na fiagaidhthibh agus iad ag imtheacht in a gculaidhibh uaithne, a gcrios aniar thósda agus an cleite bán i mbanda a gcaipíní. Is beag den mbochtaineacht atá le feicsin ins an tír sin. Tighthe beaga, deasa ag na sclábhuidhthibh. Tighthe móra ag na feirmeóiríbh. Cúir-
teanna agus caisleáin ag na daoinibh saidhbhre. Téighir ar áthrthach suas an abhainn mhór atá ann, agus do-chífe tú na cathracha agus na teampaill, na bailte beaga bídeacha, na ceardchain in a ndeuntar na hearraidh, na feirmeacha agus na coillte agus na sléibhte agus na caisleáin bhreághdha gheala agus na gáirdíní thimcheall orra agus iad go spiagach le bláthannaibh. Daoine breághdha, gaedhealacha atá ann. Daoine imshníomhacha idir iseal agus uasal. Daoine atá go hárd i réim agus go hárd i léigheann. Daoine is fiú iad an meas atá orra, agus cuirimíd ár mbeannacht soir ón talamh so na hÉireann chucha go léir, agus go mbadh fada buan iad fa shaoghal agus fa shláinte. Ins an tsean-aimsir do bhí an áit i bhfad níos fiadhaine ioná mar atá sé anois agus na daoine i bhfad níos simplidhe, agus cuid aca nárbh thúisce leó an ceart ioná an t-ain-cheart. Do bhíodh an mac-tíre agus an collach agus an fiadh is na coilltibh acht ba mheasa lucht na gcaisleán ioná na beathaidhigh allta féin, mar is é sceim do bhíodh orra súd ná bheith ag faire ar lucht taistil an bhóthair chum slad agus creach do dheunamh orra. Adeirtear go mbíonn dúthaigh agus daoine do réir a chéile, agus má atá fiadhantas le feicsin ar an ndúthaigh, go mbeidh fiadhantas ag baint leis na daoinibh, agus aon dream atá fiadhain, simplidhe in a slightibh agus in a n-aigne, go mbeidh aiteas éigin agus fiadhantas ag baint leis na sean-sceultaibh do bheadh aca. Mar sin ní haon iongnadh go ngéilleadh na sean- Fhrancóinigh do fhathachaibh agus do spioraideannaibh; gur shíleadar go mbíodh gaibhne beaga ag obair thíos fa an talamh, ag obair ar an mianach agus ag deunamh órnáidí beaga dhe, agus go mbíodh an mhurdhúch le
feicsin ins an abhainn agus í in a suidhe ar charraig, ag cíoradh a cuach le círín óir, agus go gcuirfeadh sí na hiascairí agus lucht na mbád ar uireasbaidh cuimhne chomh mór sin le breághdhacht a habhráin agus le deiseacht a snódha ná buailfidís lámh ar stiúir ná ar sheól go mbádhfaidhe ins an ndoimhin iad. Ní haon iongnadh gur shíleadar go mbíodh spioraid ag éirghe ag an tóbar agus í i gcló mná, urradh fada bán uirri, crios airgid aniar thar a com, agus a dhá láimh in áirde aici agus í ag coimheud mias óir; gur shíleadar go bhfuighbheadh daoine cuma mictíre do chur orra féin chum bheith ag imtheacht ins an oidhche, ag marbhadh cibé aingceiseóir do sheólfaidhe in a gcraos; gur shíleadar go mbíodh na rudairí ag leanmhaint dá ndroch-shlighe tar éis a mbáis, agus go n-aireochthaidhe fothrom an chatha istigh i ngach aon sean chaisleán agus fothrach in lár na h-oidhche, fuaim na mbuillí, liúghrach na dtreun agus osnadh na lag, agus go bhfeiceochthaidhe na lasracha dearga do bheadh ag teacht ó na deamhnaibh agus iad ag rioth mar do bheadh aithreacha nimhe ar bharr na bhfallaí, agus ag an cheud ghlaodh coileach go gcriothfadh an talamh fútha agus go súghfadh teinte ifrinn iad go léir anuas chucha arís. Ní haon iongnadh gur chrei- deadar go mbíodh na mairbh ag teacht thar n-ais chum cóisir do chaitheamh; go bhfeiceochthaidhe ar uair an mheadhon-oidhche istigh in halla uaigneach iad, iad go léir in a suidhe thimcheall an bhúird, a gculaidhe breághdha, dubh síoda orra agus an búna lása fa n-a muineul, gan chaint, gan gáire ag aoinneach aca acht iad in a suidhe annsúd agus an gloine in láimh gach duine aca agus an solus uaithne ag lasadh orra ag coinnlibh na marbh; agus nuair do bheadh deireadh na hoidhche ann
go n-éireóchaidís agus siúd amach in a sidhe-gaoithe iad, thar na sléibhtibh amach, go dtí n-a reilig fhéin arís. Is iomdha sceul do bhíodh aca, dála muintir na hÉireann, mar gheall ar an nduine do-righne margadh leis an áidhbheirseóir agus tháinig saor uaidh ins an deireadh, mar is breághdha le daoinibh bheith ag sceulaidheacht ar an rud nach féidir a bheith amhlaidh, agus má is deacair don luichín a cosa do bhreith léi ó phreabaire na gcrúcaí nach seacht ndeacaire don duine a chroiceann do chosaint ar ghiolla na n-adharc agus na gcrúb, má chastar in a líon é? Do bhí spioraid aca ar dheacair dúinn-ne a ainm do thabhairt linn, agus déinimíd a mhalairt d'ainm do bhaisteadh air chum oireamhaint dár mbacaighe féin. "Gabha na Coille" is eadh thabharfaimíd air, mar is ins an choill is minicí do-chítí é agus is ag gaibhneacht do bhíodh sé de ghnáth. Do bhí cuais aige thíos fa an talamh agus seacht gcinn de thallachaibh ar siubhal aige ann, agus d'airightí na builg dá séideadh mar do bheadh an ghaoth adtuaidh ag gabháil ar chrannaibh na coille, agus an t-órd ag bualadh ar an inneóin mar do bheadh an tóirneach ag bladhmadh is na sléibhtibh. Do bhí ór agus iol-mhaitheas an domhain cruinnighthe aige thíos, agus múnla aige chum airgead do dheunamh. Fear mór, árd ba eadh é, mar do bhí sé i gcló duine, gruaig dubh, chasta ar a cheann agus scraith mhór dhe fheusóig dubh síos go dtí n-a chrios air. Aprún leathair do bhíodh air agus seithe beathaidhigh aniar thar a dhrom agus gan aon hata ar a cheann ná aon bhróg ar a chosaibh acht é ag imtheacht ceann-nochtaighthe, cos- nochtaighthe. Adeir siad dá bhuirbeacht do bhí sé in a chaint agus in a shlighe go raibh sé go maith do na
bochtaibh, agus ná raibh aon rud is mó do chuirfeadh áthas air ioná imirt éigin do dheunamh ar an nduine do bheadh cruaidh in a chroidhe. - Do bhí sean-bhaintreabhach ar an mbaile gan aoinneach aici dheunfadh aon rud di, agus do bhí an tslinn imthighthe den tigh tar éis an gheimhridh, agus do-chuaidh sí go dtí n-a gaolta féin dá iarraidh orra ceann an tighe do dheisiughadh dhi fé a dtiocfadh an fhearthainn. Daoine saidhbhre ba eadh iad, acht thugadar gach aon leath-sceul di mar ná raibh aon fhonn orra é do dheunamh, agus do chaith sí casadh abhaile dhi fhéin go dubhach dioma-chroidheach. Acht in lár na hoidhche d'éirigh sé chum gaoithe agus í istigh ins an leabaidh agus do shíl sí go mbeadh an ceann ar fad scuabtha dhen tigh fa mhaidin. Do airigh sí greadadh éigin ar an tslinn tré an ngaoth go léir, agus do shíl sí gur cloich-shneachta do bhí ann. Acht d'airigh bean den chomharsa do bhí in a comnuidhe i mbeul an doruis aici, d'airigh sí an greadadh ceudna, agus ní bheadh sí sásta gan éirghe as an leabaidh chum dul ag feuchaint amach as an bhfuin- neóig, feuchaint cad do bhí ann. Agus cad do-chífeadh sí in áirde ar cheann an tighe acht Gabha na Coille agus beart mór ar a dhrom aige? Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an baile, do bhí ceann an tighe deisighthe rómpa níos fearr ioná mar dheunfadh aon cheárdaidhe é. Ba ghairid in a dhiaidh sin gur bhraith gach aoinneach go raibh mí-rath éigin ag teacht ar a gaoltaibh, agus i gcionn na bliadhna ní raibh bó ná caora aca agus is iad do bhí in a aithreachas annsin an t-eiteach do thabhairt don mbaintreabhaigh. Do bhí fear bocht lá ag gearradh crann cois na habhainne. Sean-duine ba eadh é agus do bhí sé ag tuitim le haois, agus meireach go raibh sé chomh bocht
sin dheurfá go mbadh cheart dó fuireach ar an teinteán dhó féin agus compórd éigin do bheith aige i ndeireadh a shaoghail go dtiocfadh an bás dá iarraidh. Acht ní raibh aon airgead aige agus do bhí maighistir an-chruaidh air. Do bhí sé an lá so ag obair agus a cheann bocht ag scoltadh le tinneas agus an radharc ag imtheacht uaidh, nuair do-chonnaic sé an fear fiadhain ag teacht d'iarracht air anuas tré an gcoill. Do shíl sé gur stracaire bocht éigin do bhí ann. "An mbeadh aon ghreim agat d'íosainn!" arsa an fear leis. "Atá, blúire beag aráin. - Shud é annsin fa an tor é. Deunfaimíd dhá leath de. Dá dhonacht mé fhéin, badh fhéidir gur measa tusa. Is beag de fheicsin bídh atá ort, a mhic ó. Atá sceimhleadh an ocrais i do shúilibh. Agus adeir an sean-fhocal nuair is gann é an biadh gur fial é do roinnt." Do shuidheadar annsin ag bun crainn, agus d'itheadar an blúire beag aráin as a lámhaibh, tur, tar, mar do bhí sé. D'éirig Gabha na Coille annsin, mar is é do bhí ann, rug ar an tuagh agus níor bhuail sé an dara buille ar aon chrann acht é do leagaint d'aon iarracht. Do bhí an sean-duine i riocht bháis ag an scannradh an cheud uair, acht nuair do thuig sé cia do bhí aige, adubhairt sé leis fhéin nárbh bhaoghal dó é. "Cadé an margadh do-righne an maighistir leat?" arsa an Gabha leis. "Ceud crann do bheith leagtha agam in aghaidh na seacht- mhaine. Iad do chur ins an snámh. Cliath do dheunamh dhíobh agus iad do thabhairt liom síos an abhainn go dtí an baile mór is giorra dham. Fiche míle síos ón phaiste seo atá sé. Iad do dhíol ann agus a luach do
chur chuige. Agus aon chrann i mbreis ar an gceud do-gheobhainn a leagaint, a luach sin do bheith mar thuarasdal agam. Acht le déidheanaighe is annamh bhíonn aon cheann ins an mbreis agam, mar is ag dul i ndonacht siar atá mé." "Ha," arsa an Gabha, ag leagaint crainn eile. Níor stad sé go raibh trí ceud leagtha aige dhíobh. Do phreab sé isteach i measc na ngeug agus do lean sé ag gabháil orra go raibh na crainn go léir lom de na geugaibh aige. Do chuir sé amach ar snámh iad agus thug sé féin agus an sean-duine síos go dtí an baile mór iad agus do bhí sparán óir ag an sean- duine ag casadh abhaile dhó. Dhá lá in a dhiaidh sin do bhí an maighistir ag feuchaint ar a lucht oibre agus do thuit crann ar a chois agus do bhriseadh ar an áit sin í. Mar sin, do bhí an maighistir ag cneadghail ar an leabaidh agus do bhí an sean-duine bocht in a shuidhe go sámh cois a theinteáin féin, agus é ag caitheamh a phíopa ins an lá, agus ag sceulaidheacht agus ag seanchus do chlainn na gcomhursan ins an oidhche. Do bhí triúr dearbhráthair amuigh ar an abhainn oidhche ar cheann de na cliathaibh móra sin, ag a thabhairt leó síos go dtí muileann éigin do bhí i bhfad ó bhaile. Do-chuadar in achrann ins an mborrach agus is na sceachaibh do bhí ag fás ag ciosa na habhainne, agus ní bhfuaradar iad fhéin do réidhteach asta fé'r tháinig an oidhche. Do bhí sé chomh dubh le pic agus tuile an- mhór ins an abhainn. Do bhí na tonnacha ag éirghe agus do bhí an chliath ag snaoidheamh agus do shíleadar go dtabharfadh na slabhraidhe do bhí ag coimheud na gcrann le n-a chéile agus ná feiceochaidís a muintir go deóidh arís. D'oscail an spéir go hobann le splannc mhór
agus do chrioth an sliabh leis an tóirneach agus d'airigh- eadar an mac-alla ag teacht ó na gleanntaibh, ó cheann go ceann, i bhfad isteach ins an tír. Do bhraithea- dar go raibh an chliath ag imtheacht an-mhear agus do shíleadar gur míol mór do bhí tar éis éirghe fútha, agus go raibh sé ag a dtabhairt síos léi chum beul na fairrge. Tháinig splannc eile annsin agus do- chonncadar an fear mór ar an gcliath. Gabha na Coille do bhí ann acht do bhí sé in a chúig mheud. Do bhí crann geamhaise mar pholla in a láimh aige, agus gach aon iarracht thugadh sé leis, do chuireadh sé an chliath seacht léig chum cinn. Ba ghairid gur chuadar go dtí an muileann, agus do-chonncadar a muintir agus a mbaile dhúthchais arís. Dá mbeadh máthair ag iarraidh eagla do chur ar pháiste ins an ndúthaigh seo againn-ne, is é rud dheurfadh sí ná "tiocfaidh na breal-cúin ins an oidhche agus íosaidh siad thu," nó "tiocfaidh na briollóga breuna fa do dhéin." Acht is é rud dheurfadh an mháthair i bhFrancónia ná "tabharfa mé do Ghabha na Coille thu," agus dá mbeadh an páiste ag dul ró ghairid do bhruach na habainne, dheurfadh sí "fan aníos as sin. Atá Gabha na Coille ag faire ort ins an mborrach chum tú do thabhairt leis." Adeir siad, an géilleadh thugtar do na sean-sceultaibh agus do na sean-chainteannaibh seo, gur ag dul i luighead bhíonn sé ó shliocht go sliocht, gach aois mar thagann ag dul i ngeur-chúiseacht agus i neamh-shimpli- dheacht; an rud do chreidfeadh an tsean-mháthair ó n-a croidhe an fhaid's do mhairfeadh sí, ná creidfeadh a hinghean as a diaidh acht an fhaid's do bheadh sí in a páiste, agus a hinghean sin arís, dá mbadh amhlaidh's ná beadh innte acht aoirde an stóil, an drae phioc
toradh thabharfadh sí air. Acht badh fhéidir nach mar a cheile atá gach aoinneach, agus go bhfuil páistí ar an saoghal i gcomhnuidhe, a bhfuil croidhe agus aigne an pháiste aca. Ní fearrde dhon saoghal, muna bhfuil. Bíodh an sean-sceul fíor nó ná bíodh, atá an-chuid focal agus ráidhte ann a bhfuil geur-chúis go leór ag baint leó. Atá líomhthacht cainte agus brígh ann, agus gach aon rud atá in a thosach tagann sé amach go deas le n-a cheile in a dheireadh, gach aon rud fighte ar a chéile mar is cóir. As na sean-sceultaibh is eadh mhúintear a gcéird do na filíbh, agus is iad na filí dheunann caitheamh aimsire don domhan agus chuireann na daoine ó bheith ag síor-chuimhneamh ar a ngoile agus ar a bpóca. An chloch do bheadh caithte ar an sliabh agus do bhuail- feadh ar do chois, dá mbadh duine gan léigheann thu, badh fhéidir ná cuirfeá aon suim ann acht bheith ag cuimhneamh ar do chois. Acht dá mbadh duine léigheanta thu, badh fhéidir go dtabharfá fa ndeara rian na seilgeán mion ar a heudan, agus go bhfuightheá a innsint dúinn go raibh an áit sin a bhfuil tu i do sheasamh anois, go raibh sé fa an bhfairrge ins an tsean-aimsir. Na seilgeáin do-chíonn tú ann, ní in áirde ar an spléic do bheidís an cheud lá i measc an fhraoich nuair do bhí an biadh ionnta, acht in áit éigin i mbeadh deoch den sáile le faghbháil aca. Sin é dála na sean-sceulta. Atá siad chomh aosta leis an gceó, agus aon rud tháinig anuas mar sin ón sean-dhream bí siúráilte go bhfuighbheadh fear léigheanta meabhair do bhaint as. Adeir siad go raibh saidhbhreas an domhain ag Gabha na Coille thíos fa an talamh. Creid é nó ná creid, acht ná cuireadh aoinneach in a luighe ort ná fuil ins an sceul acht an méid do thuicfeá an cheud uair d'aireochthá é. Dá
mhéid bheidh tú ag cruinniughadh meabhrach agus ag bailiu- ghadh léighinn chughat, is eadh is fearr bheidh fírinne na cainte seo ag dul i dtuicsin duit. Is iomdha deifir- idheacht atá idir an nduine agus an beathaidheach, acht atá aon deifiridheacht amháin eatorra bhaineann leis an gcaint seo, go mbíonn an duine ag cuimhneamh ar an saoghal do bhí ann roimhe agus ar an saoghal thiocfaidh in a dhiaidh. Atá sé ag baint leis an nduine suim do chur is na sean-sceultaibh agus is na sean- nósannaibh agus i ngach aon chor do chuir an saoghal de ins an tsean-aimsir. Má is duine thu, bíodh cáil an duine ort, agus ná caith aon droch-mheas ar na sean- sceultaibh.
Máire, bean bhocht do bhí ar an mbaile. Do bhí sí ag dul fa an choill an tráthnóna so ag iarraidh beart brosna d'adhainfeadh an teine dhi ar feadh na seachtmhaine agus roinnt duilleabhair chum go mbeadh rud le n-ithe aici thabharfadh sí don dá ghabhar do bhí aici. "Rioth, rioth, a Liam," arsa sí leis an bpáiste ba shine aca. "Rioth leat agus tabhair leat isteach an bhilleóg atá sáidhte i ndíon an bhótháin sin amuigh. Corruig ort. Caith uait an sean-thop sin. 'Gheobha mé córda nua i mbárach duit chuirfidh ag rinnce níos fearr duit é. - Cá'il tu, a Mhóirín? A Mhóirín? A Mhóirín? Corruig, a leanbh. Atáimíd ag dul go dtí an choill." "O a Mham, a Mham," arsa Móirín agus í ag rinnce le háthas, "feuch cad thug an bhean uasal dam." Ribín deas do bhí aici. Do chuir Máire in a gruaig é, agus do dhírigh sí a racait uirri. "Ó, maran tu an scoth againn," arsa Máire léi. "Bfuil Lisín ag teacht linn?" arsa sí le n-a máthair. Ba shin í an ceann ba óige do bhí orra. "Ó go deimhin atá, nuair bheidh an braoinín bainne ólta aici. Ní istigh ins an mbothán i bhfochair na ngabhar do fhágfaimís í. Dar ndóigh ní bheadh aon deallradh orainn gan Lisín do thabhairt linn. An mbeadh, a Lisín? An mbeadh?" Ní righne Lisín acht an cupán do leagaint uaithe agus rioth d'iarracht ar a máthair agus sciatháin uirri le háthas. Do thóg an mháthair í agus do chaith sí in áirde í.
"M'anam thu," arsa sí, "is dóigh leis an gcuitín liath go bhfuighbhidh sé thu, acht ní bfuighbhidh. - Brostuigh ort, a Mhóirín. Tabhair leat an teud sin. Siubhail leat, a Liam. - Ó, atá an scuain ar fad ar an mbóthar anois againn. - Dún an geata, a Mhóirín. - Fanaigí go réidh. Rioth thar n-ais arís, a Liam, agus feuch an bhfuil aon ubh i nead na gcearc, agus má atá, oscail an dorus agus leag in áirde ar an ndrosúr é." Do chuireadar dhíobh annsin, agus táinig Liam in a ndiaidh agus saothar air. "Do bhí dhá cheann ann agus do leag mé in áirde ar an ndrosúr iad. Ceann geal agus ceann beag, dearg." "Is eadh Ceann dubh-dhearg, is dócha. Shin í an fheireóg atá ag tosnughadh ag breith. Atá leigheas annsin. Caithfimíd é do chur ar leath-taoibh." "Agus do-chonnaic mé cú Bhillí," arsa Liam, "agus í ag eulódh léi d'iarracht ar an nead." "Ó an bitheamhnach!" arsa Máire, "nach í, a Lisín?" "Cú dheas, cú dhubh, dheas," arsa Lisín. "Ó, shin í an chú dhubh, dheas agat, a phutailín, ná fágfadh ubh againn ná fiú an bhlúire feóla ins an chorcán dá bhfuighbheadh sí an dorus oscailte." "Is deas liom cú Bhillí," arsa Móirín, "mar bíonn sí ag gáire leat." "Bíonn, mhuise," arsa Máire, "an rógaire, agus shin é an gáire nár tháinig a ionbhaidh isteach. Do bheadh sí sin ag gáire leat agus a cealg sáidhte ionat chum do dhíoghbháil do dheunamh. - Cia hí an bhean uasal thug an ribín duit, a Mhóirín?" "Ní fheadar. Do fhiarfaigh sí dhíom cadé an bóthar thabharfadh go dtí an teach mór í." "Agus cad dubhairt tú léi?"
"Adubhairt mé léi dul síos an bóithrín agus go mbeadh sé ar thaobh a láimhe deise." "Ó cabhair Dé chughainn, a inghean ó! Do chuir tu i mudha í." "Níor chuireas, a mham. Ná fuighbheadh sí dul trasna na bpáirceanna?" "O ní fheadar an bhfuighbheadh. Bíonn a oiread córacha orra sin gur deacair dóibh dul thar na cladhachaibh. "Cathoin bheidh Domhnach na trí ubh againn, a mham?" arsa Liam. "Is fada fós go mbeidh, a gharsúin, agus muna bhfairfe tú cú Bhillí ar na huibhibh, atá sé fuar agat bheith ag braith ar aon cheann aca - Acht, éist! Cia hí seo aníos in ár gcoinne?" "Siobhán Cháit Nell," arsa na páistí, agus síos leó d'iarracht uirri. "Rioth, rioth, a mham," arsa Lisín. "Ó caithfimíd-ne bheith ins an rás chomh maith leis an gcuid eile. Coimheud do ghreim anois." Agus síos léi in a ndiaidh agus Lisín ar a drom aici. Do bhí Siobhán tar éis bheith ins an mbaile mór. Do leag sí uaithe an ciseán ar bharr an chlaidhe, mar do bhí sí cortha. "Ó, m'anam istigh sibh, a mhaoineacha! Bhfuil sibh go léir ag dul go dtí an choill? Ó feuch uirri fhéin agus íochtar an nidín ar a drom aici! - Dia's Muire dhuit, a Mháire." "Ó, Dia's Muire dhuit 's Pádraig, a Shiobhán. Ag teacht ón mbaile mór atá tú?" "Is eadh, mhuise. Thug mé liom an ruainnín beag guail seo agus atá mé marbh aige mar ualach. Atá m'órdóg tinn le tamall agus ní bhfuaras an barr- theud do shocrughadh in a cheart."
"Ó'se, mo thruagh thu," arsa Máire. "Ciach orra mar chiseáin. Dá mbeadh asailín agat, níor ghábhadh dhuit é seo do bheith ar do mhuin agat. Fan go socrocha mé dhuit é. Anuas leat, a Lisín." "Cá bhfuair tú an ribín, a Mhóirín?" arsa Siobhán léi. "Ó cá bhfuighbheadh sí é," arsa Máire, "acht bean uasal á thabhairt dí as í do chur i mudha. Ag dul go dtí an teach mór do bhí sí, agus soir an bóithrín do chuir an lédar so í." "Ó ní dheunfaidh an gháibhéireacht aon díoghbháil ar domhan di. - Ó'se, a Mháire, an bhfuil a fhios agat cad do bhain dam ar maidin? Do bhí an sean-duine seo agam-sa ag bruighean liom le fada arán bácaora do cheannach dó go bhfuil sé cortha dhen arán greille, agus do bhínn-se ag a rádh leis gur folláine ár gcuid fhéin plúir ioná aon rud do cheannochthaidhe ó na boscaíbh sin." "Masa, do bhí an ceart agat," arsa Máire. "Do bhí, mhuise," arsa Siobhán. "Acht cadé a mhaith dhuit an ceart do bheith agat nuair atá tú ag pléidhe le n-a leithéid sin?" "Ó 'se, an drae phioc," arsa Máire, "- a Liam, a Liam, fan isteach ón díg sin. An airigheann tú mé? Gabh i leith annso, agus téighir ag baint nóiníní do Lisín. Is eadh. Shin é é. Fan socair annsin duit fhéin." "Acht," arsa Siobhán, "do-chuaidh mé annsin indé agus do cheannaigh mé crusta mór de bhulóig ó fhear an bhosca, agus do leagas ar an mbórd ar maidin í. Tháinig sé fhéin anuas den lochta, agus nuair do- chonnaic sé an bhulóg, "ó 'se, m'anam thu," arsa sé, "is fada liom go mbeidh greim agam asat.""
"Ó 'se, nach é atá greannamhar?" arsa Máire agus í ag gáire. "Is é, mhuise. Acht fan go 'neósa mé dhuit. Do bhí a lámha fuar agus tháinig sé aníos dá théidheamh féin ag an teinidh agus do bhí mé fhéin ag faire an té ar eagla go bhfiuchfadh sé. Ní rabhamar ag cuimhneamh ar dada nuair d'airigheamar an blab ag an dorus, agus siúd amach cú Bhillí agus an bhulóg in a beul aici." "Ó, Ó," arsa Máire ag bualadh a bas, "atá an dúthaigh creachta aici." "Rug sé fhéin ar an bpíce agus amach leis in a diaidh acht do bhí sé chomh maith dhó fuireach mar do bhí sé. Do léim cú Bhillí in áirde ar fhalla an tsean-fhothraigh, í fhéin agus bulóg an bhácaora, agus do-chuaidh sí in áirde ar fad ar an sean-phinniúir annsin agus ní bhfuighbheadh sé í do leanmhaint. Acht dá bhfeiceochthá an olathainn do bhí air nuair do chas sé! Do chaith sé uaidh an píce i slighidh gur dhóigh leat gurbh é do bhí tar éis é do chreachadh, agus a leithéid de chaint 's do bhí aige! Acht nuair tháinig suaimhneas ann, do shuidhe- amar chum búird, agus do bhíomar ag ól an té. Do bhí an dorus oscailte, agus cad do thiocfadh ann acht cú Bhillí arís agus í ag a lúbadh féin le háthas agus ag nochtadh a fiacla go léir. Níor dhóigh leat nach ag magadh fúinn do bhí sí. Do bhí cúl fear an tighe leis an ndorus acht d'airigh sé na lapaí agus d'ionnbuigh sé a cheann agus do phreab sé in a sheasamh. Acht do- chuaidh greim le n-a anáil, agus d'óbair go dtachtfaidhe é. Do bhíos-sa i bhfad ag gabháil dó, ag a bhualadh ins an drom fé'r tháinig sé chuige fhéin. "Ó 'se, ní bhfuightheá dul níos fearr," arsa mise leis, "tú féin agus bulóg an bhácaora.""
"Cú dhub. Cú dheas. Cú Bhillí," arsa Lisín. "Ó 'se, a stóirín," arsa Siobhán léi, "is dubh atá sí, agus dá bhfuighbheadh fear mo thighe-se a dhá láimh uirri, nara dia-le-boiscín marab é do chuirfeadh an scrios léi síos leis an bhfaill. - Seo, a Mháire. Is mithid dúinn bheith ag imtheacht. Socruigh é seo ar mo dhrom dam - Is eadh. Atá sé go maith anois, go bhfágaidh Dia an tsláinte agat fhéin agus ag do chúram. Go n-éirghidh an t-ádh libh anois." "Go n-éirghidh an t-ádh leat féin, a Shiobhán. Cad adeir tu, a Lisín?" "N-éir ádh, a Shiobhán," arsa sí. "Is eadh," arsa Máire, "go n-éirghidh an t-ádh leat, a Shiobhán adeir sí." "Ó 'se, go mbadh hamlaidh dhuit, a phutailín bháin," arsa Siobhán. "A Shiobhán, 'bhán!" arsa Lisín. "É?" arsa Siobhán ag feuchaint siar uirri. "Cá'l Maitiú?" arsa Lisín. "Cia hé Maitiú?" arsa Siobhán le n-a máthair. "Ó, shin é ainm atá aici ar an gcat mór sin agat." "Ó 'se, mo ghráidhin an sagart do bhaist é!" arsa Siobhán. "Atá sé ins an mbaile in a chodhladh ag an teinidh dhó fhéin, an seibeanach mór." Do scaradar annsin le n-a chéile, agus do ghabh Máire agus na páistí síos an bóthar d'iarracht ar an gcoill, agus Lisín ar a drom aici. Do bhí sruth ag rioth trasna an bhóthair ann, agus nuair do-chuadar go dtí é, "Léim! Léim! Léim!" arsa Lisín ag bualadh a baisín ar shlinneán a máthar. "Ó, mise thabharfaidh an léim duit, a inghean ó! - Síos thairis leat, a Liam! - Ó sin léim bhreághdha - Is
eadh anois, a Mhoirín, ná leig an lá le Liam - Hú, maith an gearrchaile. Deunfaimíd captéin díot!" Acht do bhuail sáil léi ins an sruth, agus do bhuail Lisín a baisíní beaga le háthas, agus do chromadar go léir ag gáire. Fan go réidh, a Lisín," arsa Máire, "go mbainfe mé casadh eile as an seál so. Bí in achrann go maith anois. - Hú, fan go bhfeiceocha sibh an léim sidhe reatha! - O thó, shin é léim an ghaiscidhigh agaibh," arsa sí ag dul thar an sruth, "ní dheunfadh Siobháinín an Bhóthair níos fearr é." "An raghthá de léim thar an abhainn mhóir, a mham?" arsa Móirín. "Ó ní fios cad dheunfainn," arsa sí, "agus an marcach beag so ar mo mhuin agam. - Siubhlaígí libh. Caithfimíd an beart do thabhairt abhaile linn fé mbeidh an oidhche againn." Do shiubhlaigheadar leó. "Ó feuch ar an mbuidheacán!" arsa Liam ag rioth anonn agus ag baint an bhlátha mhóir bhuidhe do bhí ar thaobh an bhóthair. "Atá ceann eile agam-sa," arsa Móirín. "Níl sé chomh deas le mo cheann sa," arsa Liam. "Mara bhfuil agus níos deise," arsa Móirín. "Ó ní haon bhuidheacán aon cheann aca sin," arsa Máire. "Fan go dtiocfaidh Domhnach na trí ubh. Shin é an uair bhíonn an buidheacán ar an saoghal, um Cháisc. Caithfimíd éirghe go doith maidin Domhnach Cásca chum bheith ag feuchaint ar an ngrian ag rinnce." "An mbíonn sí ag rinnce an lá sin?" arsa Móirín. "Bíonn, mhuise. Le háthas." "Agus cia bhíonn ag portaidheacht di?" arsa Liam.
"Ó ní fheadar mé é sin duit, a gharsúin, marab í an spideóigín í." "Badh fhéidir gurab é an t-aingeal dheunann é," arsa Móirín. "Badh fhéidir sin fhéin, a inghean ó. - Ó shin é thíos geata na coille. Riothaigí, riothaigí. Cia aca againn is túisce ann? - Coinnigh do ghreim, a ghilín. - Ó, atá Móirín chum tosaigh. - Ha! Atáimíd ag breith suas léi - O thó! Atáimíd go léir ann in éinfheacht! Atá an rás buaidhte againn go léir! - Oscail an geata, a Liam. Dún in ár ndiaidh anois é. Is eadh, anois atá an deallradh orainn. Luighmíd isteach chum na hoibre anois." "Cá ngeobhaimíd, a mham?" arsa Liam. "Síos an cosán so síos, go dtí bruach na habhainne. Is ann atá an duilleabhar is fearr. Caithfimíd an greim beag sóghail do thabhairt do na rudaíbh gabhair chum an bhainne do choimheud aca do Lisín agus do mhuintir an tighe." D'imthigheadar leó síos díreach go dtí an áit ar leag Gabha na Coille na trí ceud crann don bhfear bocht. Nuair do-chonnaic sí na geuga ar fad in aon charn amháin, "O Dia le m'anam," arsa sí, "a leithéid d'íosbairt ní fhaca mé riamh im shaoghal! Ní fheadar cia do bhí annso ar aon chor? Agus an gearradh do-righneadh orra! Níor dhóigh leat nach toir ghabáiste iad do gearradh le scian' buidheachas le Dia! Acht cibé duine do bhí ann go bhfuasclaidh Dia ar anmain a mharbh. Níor fhág sé ar uireasbaidh brosna sinn." "Atá crainnín beag deas annso do sna gabhraibh, a mham," arsa Liam. "Atá, a gharsúin. - Acht tabhair dham an bhilleóg sin.
Ní dheunfaimíd an duilleabhar do bhaint go dtí ar a ball, go mbeimíd ag casadh. Dá mbeadh an duilleabhar ró fhada bainte againn, badh fhéidir ná híosadh na gabhair ar aon chor é, dála Móirín do bhí ag deunamh tormas ar an leite ar maidin. - Socraighigí sibh féin annsin anois. Fan go socrocha mé an seál fút, a Lisín. - Atá an paiste seo úr - Atá, maite. - Cuir do dhruimín i dtaca leis an ngeug so. - Ó, nach í mo chircín bheag ruadh atá meáidhte! Shin é é. - Fanaigí socair annsin díbh féin go mbaileocha mé an brosna." Do-chuaidh sí ag obair annsin ag bailiughadh an bhrosna. Do thuit neul beag codhlata ar Lisín agus ní raibh mórán cainte ag Liam ná ag Móirín, mar do bhí roinnt corthachta orra tar éis dóibh siubhal go dtí an choill. Acht ba ghairid gur tháinig an brígh ionnta arís. D' airigheadar glór éigin amuigh ar an abhainn, agus do bhíodar ins an stealladh ar an nómaint. "A mham, a mham! Cad atá ag teacht?" arsa Móirín. "Ó fanaigí go réidh," arsa an mháthair, "pé rud é, ní baoghal go n-íosaidh sé sinn." Ba ghairid go bhfacadar an bád agus na daoine ag abhrán innte. Do bhí seól beag in áirde uirri agus rioth na habhainne léi. "Ó, an airigheann sibh iad sin? Nach beag de chiach an tshaoghail atá orra?" arsa Máire. "Beidh bád agam nuair bheidh mé mór," arsa Liam. "Beidh, a mhic ó, agus árthrach agus dhá cheann de licdéiríbh chum í d'fholamhughadh. Is eadh agus caithfimíd árthrach do fhaghbháil do Mhóirín agus árthrach do Lisín, ceannaibh a mbeidh clúmh agus dhá sciathán orra." "Ceannochaidh Daid árthrach dam," arsa Móirín. "Ceannochaidh mhuise, le deithneas. Is fada do
bheadh breall ort, a inghean ó. - Seo, socruighigí sibh féin annsin arís go mbeidh an cheud bhád eile chughainn. Is eadh anois, a Lisín, Lisín. Caitfimíd an sop do chur fa an chircín arís. Cruinnigh chughat do chosa beaga. Ó feuch ar na luichíníbh ag rioth isteach ins an díon. A haon! a dó! a trí! a ceathair! a cúig! a cúig, a cúig, a cúig!!! - A thá! do bhí a fhios agam go mbainfinn an gáire asat." Do-chuaidh sí ag baint an duilleabhair ar a dícheall. "'Rán, 'rán, 'rán," arsa Lisín, agus gach aon liúgh aici. "Abair abhrán, a mham," arsa Liam agus Móirín. "Ó 'se, atá mé marbh agaibh." Agus do chrom sí ag abhrán: "Cuitín agus uabhar air ag cuardach an tighe, 'S'á mhéid é a chuid cuardach ní bhfuair sé braon dighe. Bhí sean-duine cnaoidhte ar fhúrma in a shuidhe 'S gan dada in a phíb acht athí, thí, thí, thí." Agus do bhí sí ag aithris ar an sean-duine bocht agus ar an gcosachtacht do bhí air. Annsin is eadh d'éirigh an tseilg aca. Do chaith sí é do rádh dhóibh fiche uair go ndóbair go mbeadh an tóchtán ag teacht innte fhéin ins an deireadh. "Éirighigí, a scata fathaigheach," arsa sí leó. "Tais- beánfa mé cleas beag díbh. Éirigh, a Lisín, a stóir. Téigí ag bailiughadh a bhfuil de chunathaibh caithte ar an talamh annso agus déinigí carn beag díobh agus taisbeánfa mé dhíbh cad dheunfa sibh leó annsin." Nuair do bhí an carn beag deunta aca, do chaith sí uaithe an bhilleóg agus thug sí léi dorn cipíní agus do sháidh sí síos ins an talamh iad gairid do bhun crainn. Do bhí stiall dhen choirt éirighthe dhen chrann, agus do bhog sí amach é agus thug sí léi fiar-sceó ar na cipíníbh é.
"Shid é an bothán anois againn," arsa sí, "acht caithfe sibh a thuilleadh de na cipíníbh do thabhairt libh agus iad do chur i bhfochair na gceannaibh eile, chum na fallaí do dheunamh in a gceart. Fágaidh oscailt bheag mar dhorus air, agus nuair bheidh sé deunta agaibh, bígí ag caitheamh na gcunatha ar fad isteach. Shid iad na lachain agus caithfe siad go léir bheith istigh in a mbotháinín fhéin fé an oidhche." Le n-a linn seo, do bhí Gabha na Coille ag faire orra. Do bhí sé cortha ó bheith ag bualadh an úird thíos fa an talamh agus tháinig sé aníos dá ghrianughadh fhéin. Do bhí sé in a shuidhe in áirde ar charraig, a bhas fa n-a ghiall agus a chos ar a ghlúin aige. Do-chonnaic sé gach aon chor do chuir an mháthair di ón uair do fhág sí an teach. Do bhuail sé a ghlúin le buille dhorn. "Dar a bhfaca mé riamh," arsa sé, "atá buaidhte aici seo! Is minic d'airigh mé an sean-fhocal go bhfuil míle grádh ag an máthair dá leanbh. Atá, mhuise, míle agus seacht gceud. Cuimhnigh uirri seo! Í go dian ag obair ó mhaidin, agus i ndeireadh an lae ag a dtabhairt seo amach léi go dtí an choill, ag bailiughadh brosna agus ag baint duilleabhair, agus cadé an díoghbháil ácht í do bheith chomh geal-gháireach sin? Cá bhfuair sí an croidhe ar aon chor? Atá sé chomh fairsing leis an sliabh so aici. Deamhan an bhfeadar mé cadé an nádúir atá innte ar aon chor. Dá gcaithfinn-se bheith ag pléidhe leó sin, do theichfinn le m'anam amach as an saoghal ar fad."
Do lean na páistí ag sugradh agus ag cleas- aidheacht dóibh féin, agus do chrom sí fhéin ar stranncán abhráin. Acht do bhí Lisín, an creutúirín beag, cortha agus is gairid ná raibh sí ag cur aon suim ins an mbotháinín ná is na lachnaibh. Do bhí sí ag teacht crosta, giúrnálach. "A 'mér, 'mér, 'mér, a mham! a mham!!" arsa sí agus gach aon screuch aici, agus í caithte annsúd ar an talamh, agus í ag a hiomalat féin le neart stailc. Do chaith an mháthair an bhilleóg uaithe agus do rioth sí d'iarracht uirri agus do thóg sí í. "Ó, mhuise, mhuise, a chaillighín gránda an olathainn! - Seo-thó! seo-thó! - Ní thiocfaidh an cuitín ar aon chor! Sinn-ne do chuirfeadh an tsnaidhm ar a earball, an pisín gránda, dá dtiocfadh sé d'iarraidh mo pháistín fionn! - Seo-thó! seo-thó! - Ó, feuch ar an gcoinín, ar an gcoinín! Ó agus í ag preabarnaigh agus ag rinnce! Ó feuch uirri!" Do stad Lisín den mbéiceadh agus gach aon deór léi chomh mór le meuracán. "Ó feuch uirri! Nach uirri atá an magadh! Ó cad 'deir sí? cad' deir sí? Ó, 'deir sí go dtabharfaidh sí a croiceann do mham chum caipín do dheunamh do Lisín! Ó nach maith chuimhnigheann sí ar na leanbhaíbh!" Acht do chrom Lisín ag béiceadh arís. "'Mér, 'mer, 'mér, a mham!" arsa sí agus í ag preabadh as a lámhaibh. "Smeura, smeura, a ghilín? - Ó 'se, mo chuid 'on
tsaoghal thu! Nach fuiris do ghalar do leigheas? - Ó mise 'gheobhaidh na smeura deasa dhuit, dá mbadh amhlaidh's ná beidís ag teacht achtar bharraíbh na gcrann! Fan socair duit fhéin anois!" Do rioth sí isteach ins an scrubarnaigh agus thug sí dorn fraochán léi. "Ó feuch orra," arsa sí ag a síneadh chuichi, "agus gach aon cheann aca chomh milis le mil 's molás! Agus do bhí an sicín tradhn' d'iarraidh iad do sciobadh uaim!" Acht ní righne Lisín acht iad do chaitheamh ar an talamh, agus í ag béiceadh agus ag rinnce le buile. "Ó Dia le m'anam," arsa an mháthair, "cad dheunfa mé léi ar aon chor - A Ghabha na Coille! A Ghabha na Coille! Tar agus óg í seo!" Ní raibh an focal as a beul nuair do bhí an fear mór, dubh in a sheasamh ós a comhair amach. Do chrioth sí ó n-a bonn go dtí n-a baitheas agus do-chuaidh an triúr páistí in achrann in a ceirtibh agus iad ag screuchadh. "Tabhair dham í! Tabhair dham í!" arsa Gabha na Coille ag síneadh a lámh chuichi. "Dá bhfeuchfá le do mheur do leagaint ar aoinneach aca, do bhainfinn an ceann díot leis an mbilleóig seo," arsa Máire don ngraith sin. Do mhaolaigh an Gabha ar an nómaint. "Dhe mhuise, go réidh leat annsin, a bhean! Tú fhéin agus an bhilleóg! Cadé a chúis duit glaodhach orm?" "Mar sin, ní bhfuighbhinn aon suaimhneas do chur ins an chuirptheóir beag so. Ní fheadar mé cad tháinig uirri." "Atá tú ag obair mar seo ar feadh an tráthnóna?"
"Atá mé, mhuise, ag bailiughadh ruainnín beag brosna dam féin." Do chuir an Gabha gáire as. "Masa, is déine do bhí tú ioná mé fhéin," arsa sé. Do bhí sé ag feuchaint chomh muinteardha, chomh bádhmhar orra nár fhan aon scáth aca roimhe, agus ba ghairid gur chuaidh Liam agus Móirín ag cur na lachan isteach ins an mbotháinín arís. Do thóg Máire Lisín, agus geal- laim duit nár bhéic sí a thuilleadh acht dhá shúil mhóra uirri ag feuchaint ar an nGabha. "Nach mór an cúram iad, mar pháistí?" arsa an Gabha. "Is mór, mhuise, acht má is eadh fhéin, cad dheun- faimís ar aon chor dá n-iongnais? Is é is luath liom imtheochaidh siad uaim i mbun a nidín fhéin nuair bheidh sé de aois aca, go bhfóiridh Dia orm!" "Ná brisfidís an croidhe ionat nuair do bheidís tinn?" "Dhe mhuise, ní bhrisfidís, na haingceiseóirí! Níor mheabhair leat suidhe ná luighe, an fhaid 's do bheadh ceann aca tinn agat. Thug mé coigthidheas ag a bhfaire seo anurthaidh nuair do bhí an bhruitíneach orra, agus ní fheadar mé ar dhún mé mo shúile ar a chéile ar aon chor ar feadh an fhaid sin aimsire chum aon chodladh ceart do dheunamh acht suidhe ar an stól tamall ag neuladóireacht." "Atá an riabhach air mar obair," arsa an Gabha. "Ní fheadar mé cionnus fhoidhneann tú leó ar aon chor." "Ó 'se cia dheunfadh aon rud dóibh acht a máthair, na creutúiríní, go mór-mhór nuair do bheidís sínte annsúd agus gan ionnta a lapaí beaga do thógaint chum fuascailt orra fhéin."
"Is eadh. Is eadh. Is dócha go bhfuil nádúir éigin ionaibh," arsa an Gabha. "Agus cadé a chúis ná beadh? Feuch ar an gcircín agus a líne. Nach í bhíonn go cúramach ionnta? Ag piocadh agus ag soláthar dóibh agus gach aon "deoc, deoc" aici agus ag a gcosaint ar cibé rud do bheadh ar a dtí, preuchán nó seabhac nó aon rud, agus ag a gconnlach isteach fúithe nuair do bheadh an fuacht ann agus ag leathadh a sciathán amach orra d'iarraidh an cluthmharadas do thabhairt dóibh go léir, dá mhéid do bheadh ann díobh. Ná fuil a fhios ag an saoghal go ndeunfadh an chearc é sin, ní áirmhím ná deunfadh an críostaidhe é?" "Is eadh. Is dócha go bhfuil cúis éigin leis. Acht nuair do bheidís crosta, ná cuirfidís ar lár na gealaighe thu, iad fhém agus a gcuid béicídh?" "Dhe mhuise, cadé an díoghbháil? Feuch uirri seo anois." - Do bhí Lisín ag cimilt a pluicín de phluc a máthar - "An leamhasaire beag! Nach í atá ag fuireach macánta anois? Nach tú, a Lisín? - Badh dheas leat iad nuair do bheidís ag leamhasaireacht leat mar sin. Aon gháirín beag amháin do chuirfidís asta, agus ní chuimneochthá ar a mbeadh dá nduadh faighte agat ar feadh ráithe." "Cadé an saghas duine atá mar fhear agat?" "Ó 'se, fear maith, mhuise, acht é do bheith ró ghreamast- amhail ar an airgead." "Fear cruinn is eadh é, má is eadh?" "Ó 'se, mó is cruinn atá sé. An rud is gorta 'chonnaic tú riamh." "Cadé a chúis duit é do phósadh, má is eadh?" "Masa, ní dheunfa mé aon bhreug leat, a dhuine uasail. Gearrchaile bocht ba eadh mé agus mór-
sheisear againn ins an tigh, agus mise an duine ba shine dhíobh. Do bhí mé ag dul in dá bhliadhain 's fiche agus níor tháinig aoinneach 'om iarraidh le pósadh. Agus sé bliadhain chum an Domhnaigh seo chughainn nuair tháinig Stophán 'om iarraidh, adubhairt mé leis, ó is tú an cheud duine d'iarr orm, ní thabharfa mé an t-eiteach duit. Pósadh an lá ceudna sinn. Buachaill beag, tóicheastalach ba eadh é, agus níl aon locht ar domhan agam air acht an méid adubhairt mé ó chianaibh go bhfuil sé ró sceimhlighthe chum an airgid agus is ag dul i ndonacht atá sé. Níl acht seachtmhain ó d'iarr mé luach culaidh bheag air do chuirfinn ar an ngarsún so - shud é annsin é - mar atá sé in a am aige na cóitíní seo do chaitheamh de, agus dóbair go ngeobhadh sé de chleath orm." Dá bhfeiceochthá an Gabha agus an searradh do bhain sé as féin! "An dearg-mhéirleach! Dá bhfuighbhinn barraí mo mheurna air." Agus do-chífeá a chíor fhiacla i lár na feusóige. Acht nuair do-chonnaic Lisín an deallradh mhillteach tháinig air, do phreab sí le háthas. "Fear dubh, deas! Fear dubh, deas! Cú Bhillí!" arsa sí. "Cad atá sí a rádh ar aon chor? Nó cia hé Billí?" arsa an Gabha. "Ó 'se, buachaill breághdha macánta. Bíonn sé ag obair thoir annsin ag an phíor." "Acht cadé an chú adubhairt sí?" "Ó 'se, gabhaim pardún agat, a dhuine uasail, acht atá cú dhubh ag Billí agus bíonn sí ag nochtadh a fiacla díreach mar do bhí tú fhéin ó chianaibh, agus shin é do bhí sí a chur i gcomparáid. Gabhaim párdún agat."
"Ó 'se cúis gháire chughainn!" arsa an Gabha agus é i riocht a chailleamhaint le gáire. "Dar an bhfalaing go bhfuil greann ionnta mar pháistí! Níor airigh mé riamh níos deise é." "A thá! feuch sin leat anois!" arsa Máire. "Níl aon teóra leó babhtaí. - Acht atá mé ag fuireach ró fhada. Caithfimíd bheith ag cur dínn." "Fan leat go réidh," arsa an Gabha. "Cadé an tslighe mhaireachtain atá ag t'fhear, nó an feirmeóir é?" "Ní headh, mhuise, acht peidléir. Bíonn sé ag imtheacht ó áit go háit ag díol miasa agus soithighe, acht bíonn sé ins an mbaile istoidhche Dé Sathairn i gcomhnuidhe. An fear bocht! bíonn ualach mór uairean- ta air. Do chuirfeadh sé truagh ort bheith ag feuchaint air. Atá sé ar an mbóthar mar seo agus beidh sé ag casadh istoidhche i mbárach." "Atá cion agat air i gcomhnuidhe má is eadh?" arsa an Gabha. "Dhe mhuise, cadé a chúis ná beadh? Cad dheunfainn ar aon chor, meireach é?" "Agus cia fhanfadh i bhfochair a leithéid de mheilimí- neach?" arsa an Gabha. "Ó 'se, mar sin bhíonn na fearaibh fir go léir. Cuid aca ag scaipeadh gach aon rud ar an ól agus an chuid uile aca agus an-iomarcaidh greim aca ar gach aon rud. Droch-threibh is eadh iad ar chuma éigin. Ní fheadar mé cad bhíonn orra." "Agus an bhfuil aon airgead ag an bhfear so agat?" "Ag Stophán? dhé mhuise, go bhfóiridh Dia ar do chloigeann bocht, muna bhfuil. Nach ag tiormughadh airgid thugann sé a shaoghal? "Agus ní thabharfadh sé dada dhuit?"
"Ní thabharfadh ná cros na cianóige. Ní fheadar mé cionnus mhairimíd ar aon chor aige. Meireach na rudaí gabhair agus na cearca, ní fheadar mé cad dheunfaimís. Faghbhaim-se gráinne mine ar na huibhibh ó bhean den chomharsa - ó Shiobhán - í seo atá i mbeul an doruis againn - chum leite do dheunamh do na páistíbh, agus gráinne le n-ithe do na cearcaibh. Agus cadé an díoghbháil dá leigfeadh sé dham fhéin? Do bhí líne deas sicíní agam i mBealtaine seo do chaitheamar - atá a fhios agat an síolrach nua sin, na rudaí beaga buidhe sin - agus do-chonnaic bean an Tighe Mhóir iad agus do bhí sí chum iad do cheannach uaim. Adubhairt sí go mbíonn siad blasta le n-ithe. "Masa, a Mháire," arsa mise liom fhéin, "atá tu tóicighthe anois nó riamh. Ní dual di sin aon lámh chruaidh do bheith aici, agus do-gheobha tú airgead maith orra, cheannochaidh culaidh bheag don ngarsún agus racait don ngearrchaile." Acht, i masa, is fada ón luaith an bocaire. Cad is dóigh leat do-righne an cladhaire seo orm, acht na sicíní d'árdach leis go dtí an baile mór, é fhéin, agus iad do dhíol agus an t-airgead do bhualadh síos in a phóca." "Ó bhúch! Ó bhúch," arsa an Gabha, "Cabhair Dé chughainn, a inghean ó! Agus cad dubhairt tú leis nuair do chas sé, nó ar thugais aon bhruighean dó?" "Ó mhuise, an drae bhruighean. Adeir siad gur fearr an t-imreas ioná an t-uaigneas, acht, i masa, ní maith liom féin an t-imreas aon am, cibé rud dheunfadh an t-uaigneas. Ní righne mé acht mo thoil do chur le toil Dé an oidhche sin agus m'athchuinge do chur chuige suaimhneas aigne agus síothcháin codlata do thabhairt dam go maidin." "Dhe mhuise, a bhean 's a mháthair na ngáirleach, nach
aingceis an sceul duit bheith ceangailte dhe n-a leithéid? Do shíl mé ná fuighbheadh a leithéid bheith ann ar aon chor." "Ó 'se is fíor é an sean-fhocal gur iomdha saghas duine ag an talamh ag a iomchur. Acht badh fhéidir le Dia go mbogfadh a chroidhe ar chuma éigin ins an deireadh." "Agus an bhfuil aon chion aige ar a chlann fhéin?" arsa an Gabha. "Atá agus níl. Níor dhóigh leat air babhtaí go mbeadh a fhios aige an mbeidís ann ar aon chor. Acht an bhfuil a fhios agat cad do-righne sé an lá fa dheireadh? Ní bhfuighbhinn gan gáire nuair chuimhnighim air. Fuair sé blúire stótair caithte ar an mbóthar agus thug sé leis isteach é agus thug sé do Mhóirín é. "Is eadh anois, a inghean mo chroidhe," arsa sé léi, "ná bíodh sé le rádh agat ná fuair tu aon rud riamh ód dhaid." "Ó 'se, a Stopháin, a Stopháin," arsa mé fhéin leis, "do bhris tú do chroidhe. Shin é an méid adubhairt mé riamh leis. Acht maidir le bruighean do thabhairt dó, ní bhfuighbhinn mé fhéin do cheapadh chuige, mar, nach é do-chonnaic mé i dtigh m'athar ná mo mháthar féin." "Acht cuirim i gcás go bhfuightheá sparán mór airgid ó dhuine éigin, cad dheunfá leis?" "Cad dheunfainn leis? Ó, do thógfainn mo sheólta agus amach linn go léir ar fúd na dúithche, mé féin agus na páistí, agus cóiste cheithre capall againn. Ó agus do cheannochainn árthrach do Liam agus uainín do Mhóirín agus dhá stótar mhóra do Lisín! Ná deunfainn, a Lisín? Ná deunfainn?" Do chrom na páistí ag gáire agus ag rinnce. "I masa," arsa an Gabha, agus do bhí sé fhéin ag gáire, "is euchtach an chuideachta sibh! - Acht cad dheunfá leis an airgead, as a mhagadh sin?"
"Cad dheunfainn? Dhe mhuise, a dhuine, cá bhfuighbhinn- se airgead, nó cia thabharfadh dam é?" "Ní headh acht cuirim i gcás go bhfuightheá, cad dheunfá leis? - Carn ceart airgid atá mé a rádh." "I masa, is é cheud rud dheunfainn ná cuimhneamh ar sheift éigin chum ná tabharfadh Stophán a mheur fé." "Agus an dóigh leat go bhfuightheá cuimneamh ar a leithéid?" "Ní fheadar, i maite. Is dem dhícheall raghadh, mara gcuimhneochainn, mé féin agus Siobhán. Atá sí sin an-léir. Do chuirfeadh sí cosa crainn fa chearc duit, a mhic ó. - Acht cadé a mhaith dhúinn bheith ag caint? An fhaid 's atá na páistí agam, deunfa mé é do bhrudhadh fúm chomh maith 's fheudfa mé é. Nach iomdha bean bhocht is mó a thruagh ioná mise?" "Agus cad dheunfá, dá mbuailfidhe tinn thu?" "Ó 'se, i bhfad uainn an t-olc agus an t-amhgar! An fhaid 's atá Siobhán agam le glaodhach uirri, ní baoghal dam; acht dá mbainfeadh aon rud di féin - go gcosnaidh Dia í agus go mbadh fada mhairfidh sí, an t-aingceiseóir bocht. Amen, a Thigearna, agus go mbadh fada, leis - acht dá mbainfeadh aon rud di, go saoraidh Dia sinn, agus go mbeinn ag braith ar Stophán ná ar aoinneach eile chum aon rud do dheunamh dham, do bheadh sé chomh maith dham an chos do shíneadh agus na páistí bochta do chur ar choimirce Dé." Agus táinig an deór léi anuas. "Eara, eara, eara," arsa Lisín agus í ag gáire. "Cad 'deir sí anois?" arsa an Gabha. "Fearthainn" adeir sí, 'chionn an deór do thuitim ar a méirín. Ó 'se, sin í an fhearthainn agat, a ghilín, agus ná raibh morán den chuirideóireacht sin agat
choidhche a n-oirfeadh an fhearthainn sin di. - Cad atá ort, a dhuine uasail?" "Beach do shíl mé do bhí ar mo chois," arsa sé. "Seo, a pháistí, ní dheunfaidh sé seo ar ngnó dhúinn. Caithfimíd bheith ag casadh ar ár mbotháinín ar theacht na hoidhche." "Cionnus thabharfa tú an gearrchaile beag sin ar do dhrom i bhfochair an dá bheart?" "Ó fan go bhfeiceocha tú. Ní bheidh mé i bhfad ag a thaisbeáint duit." Do-righne sí an teud go docht ar an dá bheart, an beart brosna agus an beart duilleabhair. Do bhuail sí a cos orra agus do tharraing sí chuiche an teud agus do bhuail sí an taobh do bhí aici isteach fa an taobh do bhí thimcheall ar na birt beartaibh. "Is ead anois," arsa sí, "caitfe mé é seo do shocrughadh go maith don Lady seo." Agus do rop sí dhá bhata isteach ins an mbeart ar gach taobh den teud. "Cadé a ghnó atá dhíobh sin?" arsa an Gabha. "I masa, do chuirfidís i gcuimhne dhuit an dá adharc do bheadh ar shleithide. "Ó atá a ngnó féin díobh sin. Cuirfe mé an páiste ag marcaigheacht ar bhaic mo mhuiníl, agus tiocfaidh an dá bhata amach ar gach taobh dí, agus ní bheidh aon bhaoghal tuitim uirri." "Masa, is é an feall ná fuightheá iad go léir do chur in áirde air." "Is é, mhuise, agus Stophán agus ciseán an pheidleura in a bhfochair," arsa sí ag gáire, "badh mhór an radharc don mbaile sinn." "Fan go n-áirdeocha mé ort é," arsa sé. "Fan leat," arsa sí, "níl mé i gcóir fós. Deunfa
mé ceann na téide seo do bhualadh isteach fa an ngad agus beidh dhá iarracht di ag teacht ón mbeart amach ar mo dhá shlinneán agus beidh mo dhá láimh in achrann annsin. - Seo, a Lisín, atá an póní i gcóir - Árduigh anois é, a dhuine uasail." "O-thó! - bhfuil agat?" "Atá, maite. Go bhfágaidh Dia an tsláinte agat." "Níor dhóigh leat nárbh í an choill ar fad do bheadh ag imtheacht agat!" "Níor dhóigh l', mhuise, agus atá an t-éinín is gile atá ins an choill istigh i gcás an dá bhata agam. Ná fuil, a Lisín? - Go dtugaidh Dia tráthnóna maith dhuit, a dhuine uasail!" "Ó 'se, go n-éirghidh ádh libh, a bhean bhocht, agus go dtugaidh Dia slán abhaile sibh." "Fear deas! Cú Bhillí!" arsa Lisín. "Ó 'se, is fada chuimhneocha mé ar Bhillí agus ar a chú, a stóirín," arsa an Gabha, agus d'iompuigh sé ar a sháil isteach ins an choill arís.
Do bhí Stophán ag cur de suas bóthar an t-sléibhe agus an ciseán ar a dhrom aige, agus é lán de mhiasaibh agus de shoithighibh. Do bhí an brothall ag cur air, agus nuair do-chonnaic sé an tor breághdha aitinn do bhí ar an gclaidhe agus an tortóg féir fa n-a bhun, do leag sé uaidh an ciseán agus do shuidh sé síos dó fhéin. Do bhain sé amach as a phóca an blúire beag aráin do bhí aige agus do chrom sé ag a ithe. "I masa," arsa sé leis féin, "deunfa mé rud maith an iarracht so. Luach dhá phúnt atá ins an chiseáinín beag agam. Deunfa mé cheithre púint de. Deunfa mé nó atá an mí-ádh orm. Cheithre púint. Cheithre shobhran buidhe. - Cadé a mhéid é seo atá ins an mbannc agam? Trí fichid. Trí fichid púnt, gach aon leath- phinge dhe, agus is ag teacht ann atá. Ó is é an barr ná bíonn aon leasughadh uaidh, an t-airgead! Ag síolrughadh uaidh féin i gcomhnuidhe. Acht cadé an rud é seo airighim? Gur fearr de bhannc an bannc atá gairid dam ins an mbaile, gur mó thugann siad ar an airgead. Is eadh. Is mó, dhe sheacht 's raol ins an mbliadhain. Nach iomdha eugcóir dheuntar ar dhuine bocht simplidhe? Seacht 's raol dem chuid- se aca sin! Na bitheamhnaigh! Nach sainnteamhail atá siad chum an airgid? I masa is deacair do dhuine bocht bheith in iúl dóibh! - Is eadh, masa, agus caithfe mé dul ag bailiughadh na n-ubh." - Ba é rud iad na huibhe do bhí sé a rádh ná airgead do bhí amuigh aige agus an méid do dhíolfaidhe as gach
aon tseachtmhain shin é ar thug sé na huibhe air. Daoine bochta do thógadh an t-airgead uaidh. - "Mise bhainfidh na cinn de na cearcaibh sin, muna mbíonn na huibhe aca romham. Bainfead - go caoin. Scilling ins an tseachtmhain ar an bpúnt? Atá sé saor go léor aca, agus do chuirfinn na trí raolacha orra meireach na tiubaisteóirí sin bhíonn ag cur isteach orm agus ag saoirsiughadh an mhargaidh orm. Atá an saoghal gan mhaith aca. Ní fheadar an bhfuighbhinn teacht ar Sheumus an Ghaimbín agus ar an gcuid eile aca chum na trí raolacha do chur orra? - Nach é an sceimhleadh bheith ar chomh-phraghas lem earradh i gcomhnuidhe?" Le n-a linn sin táinig fear agus trucail aige. "An tu sin, a Stopháin?" arsa sé. "Is mé cheana," arsa Stophán, 'sé do bheatha, a Mhuiris. Ag dul go dtí an baile mór atá tú anois?" "Is eadh, mhuise. Thug mé liom seafaid ar maidin agus atá mé ag casadh anois. Seo, bí istigh." "An bhfuil aon sop tuighe agat?" "Atá. Ní baoghal go mbrisfear na giúirléidí sin agat." "Ní baoghal, a Mhuiris. - Cionnus atá do mhuintir- se?" "Go maith, slán a bheir. Do-chonnaic mé bean an tighe agus na páistí ar maidin agus mé ag gabháil thar brághaid." "Í seo agam-sa?" "Is í. - Is iad na páistí is deise do-chonnaic mé im shiubhal iad." "Ó, ha!" arsa Stophán. "I masa, is é rud bhím fhéin a rádh i gcomhnuidhe acht ná buaidhfeadh an saoghal ar an mbean mhaith agus a líne beag fhéin thimcheall uirre."
"Ní thiocfainn i do choinne ar an méid sin, a Mhuiris. Atá Máire deas, cruinn, gan dabht, acht is amhlaidh é is ró churamach bhíonn sí ionnta ag meutaracht leó i gcomhnuidhe. Is minic adeir mé fhéin léi nach ceart bheith ag a bportfiathadh mar bhíonn sí, gur clann daoine bochta iad agus ná fuil aon deallradh ar aon chor gan iarracht bheag den chruadhtan do thabhairt dóibh. Caithfe siad sin bualadh amach lá éigin chum bheith ag tuilleachtain dóibh féin, agus ní oirfeadh sé dhóibh bheith ró bhog, ró aireach orra fhéin." "I masa," arsa Muiris, "badh fhéidir go bhfuil cuid den cheart agat annsin. - Cadé a mhéid atá ann díobh?" "Atá, cúigear. - Ní headh, mhuise, acht triúr do mheas mé a rádh." "Airighim go bhfuil déighleáil beag ar siubhal agat fhéin agus ag Brighid Eudhmoinn - í sin a bhfuil an siopa beag aici ins an mbaile mór - deirbhshiúr céile dham is eadh í. - Acht, a Stopháin, cuimhnigh gur bain- treabhach bhocht í sin, agus ná bí ró chruaidh uirri." "Ó ní bheidh mé. - Ní bheadh aon deallradh air sin. - Nach breághdha an aimsir í?" "Is eadh, mhuise, buidheachas le Dia. Atá an foghmhar go maith ag na daoinibh bochta tar éis ar righne sé den bhfearthainn i mBealtaine. Do shíleas go mbeadh an saoghal báidhte aici." D'imthigheadar leó mar sin ag caint agus ag cur síos do n-a chéile go dtí gur chuadar go dtí an baile mór. "Leig anuas annso mé, a Mhuiris," arsa Stophán, "Atá mo thurus tabhartha, agus go bhfágaidh Dia an tsláinte agat fhéin agus ag do chúram. Badh fhéidir le Dia go mbeadh sé ar acfuinn agam lá éigin trucaillín
bheag do cheannach, agus go bhfuighbhinn do chomhar do chúiteamh leat." "Badh fhéidir mhuise. - Go n-éirghidh an t-ádh leat." "Go n-éirghidh an t-ádh leat fhéin." Is é cheud rud do-righne sé ná dul go dtí teach Bhrighid Eudhmoinn. Ní dubhairt sé "Dia's Muire dhuit" ná aon bheannughadh eile acht bualadh isteach chuichi agus a fhiarfaighe dhi go hobann. "An bhfuil an t-ubh sin agat dam, a Bhrighid?" "Níl ubh ná sicín agam duit, agus dá mbeadh, do bheireochainn dam féin é, mar is mó atá mise in a phráidhinn ioná tusa. Is tu atá go breághdha, beathuighthe ar maidin, Dia ad bheannachadh. - A Aibhlín! a Aibhlín! bhfuil tú annsin? - Faigh cathaoir don bhfear bocht so. Atá sé cortha ag an mbóthar. - Cionnus atá muintir do thighe?" "Ní fheadar. Ní hiad atá a chúram orm acht an rud do fhiarfaigh mé dhíot. An bhfuil sé agat?" "B'í an í an scilling mhí-ádhmharach sin atá tú a rádh? Nach eaglach atá tú mar gheall uirri?" "Tabhair uait an scilling nó an púnt thugas duit an cheud lá, nó cuirfe mise na báillí ort go mear." "Níor thugais aon phúnt riamh dam acht naoi deug." "Éist, nár chaitheas tu do ghearradh scilling an cheud iarracht, mar dhíol an cheud-sheachtmhain." "Cibé gearradh dhin tú nó nár dhin, níor thugais aon phúnt damh-sa acht naoi deag, agus maidir leis na báillí agus le do chuid gnótha, níl aon mhaith dhuit bheith ag a mbagairt orm." "Muna bhfuil an scilling fhéin agat, tabhair dam an méid atá agat." "Níl agam acht tistiún, mar tháinig fear an chíosa ar maidin."
"Go maith, maite. Tabhair dham an tistiún agus badh fhéidir go mbeadh an dá thistiún eile agat fé an oidhche." Thug sí an tistiún dó agus amach an dorus leis. "Ó 'se," arsa Brighid, "nár chasair! nár chasair! - Naoi deug fuaras uaidh, agus atá deich fichead, díolta agam anois as agus púnt le díol ins an deireadh annsin. Má thugann Dia dham go bhfuighbhe mé mé fhéin as a chrúcaíbh an iarracht so, 'ar bhfalaing gur fada arís go mbeidh aon chimilt agam leis." D'imthigh Stophán leis ó thigh go tigh go dtí gach aoinneach a raibh aon éileamh aige orra. Do dhíol sé na soithighe ar phraghas maith agus do bhí sé an-shásta leis fhéin. Do-chuaidh sé go dtí an bannc agus do thóg sé a chuid airgid as chum é do chur ins an mbannc eile. Acht is beag den tsimplidheacht do bhí ag baint leis, agus níor chuaidh sé ag tógbháil an airgid go raibh a fhios aige go mbeadh duine dhen chomharsa ag dul abhaile in éinfheacht leis. Níorbh mhuinighin leis bóthar an tsléibhe ins an oidhche agus an sparán mór airgid sin ag imtheacht leis. Mar sin, do bhí áthas air nuair do-chonnaic sé Seumus Ghearóid ar an margadh - é sin do bhí pósta ag Siobhán Cháit Nell. "Ó 'se, 'sé do bheatha 's do shláinte, a Sheumuis. Cathoin bheidh tú ag casadh?" "Ó go mairidh tú, a Stopháin. 'Ge n-aar a sé a chlog. An féidir go mbeitheá in éinfheacht liom?" "Beidh mé, mhuise. Níl aon rud ar domhan is mó chuireann orm ioná leabhaireacht an bhóthair. Acht, i masa, nuair do bheadh aoinneach agam a mbeadh cuideachta dheas ann, ní aireochainn an tslighe. Beidh mé ag coinne leat, má's eadh, ag tosach an bhaile 'ge n-a sé a chlog."
"Atá go maith. Deunfaimíd an bóthar do ghior rúchan do n-a chéile dála an Gobán Saor agus a mhac." D'imthigh Stophán leis go dtí siopa Bhrighid. Do bhí Muiris istigh roimhe. "Dia's Muire dhuit arís, a Mhuiris," arsa Stophán go háth-leasc. Níor thug Muiris aon fhreagra air, agus níorbh fhearrde dho Stophán an fheuchaint thug sé air. "Seo dhuit an dá thistiún agus do phúnt," arsa Brighid, "A chlamhaire ghránda, agus scrios leat amach an dorus uaim nó cuirfe mé an madra asat." Acht, i masa, níor fhan sé le haon mhadra do chur as, acht an t-airgead do sciobadh agus amach leis ar an sráid chomh mear's thug Dia rioth dó. Do bhí ós cionn deich bpúint 's trí fichid in a phóca aige, agus nuair do-chonnaic sé Seumus ag fuireach leis 'ge n-a ar a sé a chlog. "Ó 'se go bhfágaidh Dia an tsláinte agat, a Sheumuis," arsa sé, "is fada nár bhraith mé a leithéid de chorthacht orm, acht níl aon leigheas di acht an chuideachta." "Nach beag a chiall agat," arsa Seumus leis, "bheith ag tarraint an chiseáin sin ar do dhrom mar sin? Is iongnadh nár thug do chosa fadó." "Dhe mhuise," arsa Stophán, "cadé an éifeacht é? Níl aon suim liom ann. Soithighe beaga atá mé a thabhairt go dtí an Teach Mór." "I masa, is iongantach an mac thú, Dia ad bhean- nachadh," arsa Seumus, "badh dhóigh liom fhéin dá mbeadh an cheirí sin orm ná deunfainn aon mhaith go deóidh." "Dhe mhuise," arsa Stophán, "Ní dheunfaidh sé acht an ghaoth do choimeud óm chúl. - An bhfuil a fhios agat, a Sheumuis, cadé rud é cáirde na trí Luain? D'airigh
mé bean ag a rádh indiu ins an mbaile mór, "an í cáirde na trí Luain atá uait?" arsa sí le bean eile?" "Ó 'se, is maith atá a fhios," arsa Seumus, "nach minic d'airigh mé m'athair bocht ag seanchus air, go ndéinidh Dia grásta 's trócaire air? Adeir siad go raibh fear bocht ann agus gur chuaidh sé go dtí an aonach ag ceannach capaill. Do cheannuigh sé an capall agus do-chuaidh sé go dtí an bannc fa dhéin an airgid. Acht ar chasadh dhó do bhain rud éigin don chapall agus do cailleadh é. Adubhairt sé leis an bhfeirmeóir annsin ná fuighbheadh sé an t-airgead do dhíol, acht do chuir an feirmeóir dlighe air. Thug an breitheamh a bhreath go gcaithfeadh sé é do dhíol. "An dtabharfa tú cáirde dham?" arsa sé leis an mbreitheamh. "Tabhar- fad," arsa an breitheamh, "cadé an cháirde atá uait?" "Cáirde trí Luain," arsa sé. "'Gheobhair sin," arsa an breitheamh. "Má's eadh," arsa sé, "is iad na trí Luain atá mé a rádh ná Lá an Luain, Luan na mBreath agus Luan an Lae Bhrátha." "I masa," arsa Stophán, "do bhí buaidhte aige. A chonách sin air, an fear bocht. - Ní fheadar cadé a chiall Luan do thabhairt ar an lá sin?" "Ó 'se," arsa Seumus, "ní deacair an tsnaidhm sin do réidhteach duit. Ná fuil a fhios ag an saoghal gur ar an Luan bheidh lá an bhreitheamhntais, go sábhálaidh Dia sinn? Aon chaint amháin is eadh Lá an Luain, Luan na mBreath agus Luan an Lae Bhrátha. D'airighinn mo shean-athair ag a rádh-ó 'se go ndéinidh Dia trócaire ar a anam, an firín bocht, is aige do bhíodh an seanchus breághdha ar gach aon rud - acht d'airighinn é ag a rádh go mbíodh an Satharn in a shaoire aca ins an tsean- aimsir mar gur ar an lá roimhe sin do chuir an Tighearna - moladh 's buidheachas leis - do chuir sé deireadh le gach
aon rud agus gur órdaigh sé annsin an Satharn do bheith in a shaoire i gcuimhne don tsaoire do bhí aige féin tar éis dó an talamh agus an mhuir agus a bhfuil ionnta do dheunamh. Acht annsin nuair tháinig an Slánuightheóir - míle glóir le n-a ainm naomhtha - agus nuair d'éirigh sé ó mhairbh ar maidin Domhnach Cásca, gur aistrigheadh an tsaoire ar an lá sin, agus adubhairt sé gur ar an lá in a dhiaidh annsin, ar an Luan, do bheadh an breitheamhntas, agus mar sin go mbeadh na trí lá móra ag teacht as diaidh a chéile." "Is euchtach an sceul é," arsa Stophán, "is é rud bhím-se féin a rádh go minic gur mairg dheunfadh a scáth den saoghal. Níl aon rud acht an tsíorraidheacht, a mhic ó, agus caithfidh gach aoinneach imtheacht." "I masa, caithfidh," arsa Seumus, "badh ait a ghnó dhúinn bheith ag fuireach annso i gcomhnuidhe. - Acht, a Stopháin, an bhfuil a fhios agat 'dé rud é? Níorbh mhaith liom bheith ag siubhal im aonar ar an mbóthar so ins an oidhche mar seo, go mor-mhór ar an bpaiste seo dhe. Adeir siad go mbíonn rudaí á bhfeiscint annso." "Adeirid, mhuise. Ar airigh tú féin aon rud mar gheall air?" Do bhíodar annsin ag triall ar an áit a raibh faill ar gach taobh den mbóthar, agus do bhí an dorchughadh ag teacht. Ní haon iongnadh scáth do bheith ar aoin- neach do bheadh ag gabháil ann, do bhí an dá fhaill chomh hárd sin agus iad ag cumhangughadh isteach chum a chéile ag a mbarra. Dá mbadh amhlaidh 's ná beitheá ann acht ins an lá, do chuirfeadh duibheacht na cairrge agus an t-uaigneas sceimhleadh in do chroidhe. "D'airigh mé, mhuise," arsa Seumus agus is ar éigean d'aireochthaidhe cad do bhí sé a rádh. "Do bhí
mé féin ag gabháil annso oidhche, agus díreach 's mé ag deunamh ar an bpaiste seo do-chonnaic mé an fear- oidhche bhreághdha réilthineach ba eadh í acht ní raibh aon ghealach ann - do-chonnaic mé an fear agus an córda fa n-a mhuineul agus é ag liobarna anuas de bharr na faille." "Go sábhálaidh Dia sinn!" arsa Stophán. "'S eadh, agus do bhí rudaí mar do bheadh madraí dubha ag rioth suas i gcoinne na faille." Le n-a linn sin d'airigheadar an glór taobh thiar díobh. Dóbair go dtuitfeadh an t-anam asta le scannradh. "Fan leat," arsa Stophán, "ní haon rud ón saoghal eile é seo." Cad do bheadh ann acht Muiris agus an trucaill aige. Do stad sé an capall. "Ó mhuise, mhuise," arsa sé, "nach bríoghmhar an bheirt sibh? Do bhain sibh geit asam. - Seo, bígí istigh." Do-chuaidh Seumus in áirde d'aon iarracht agus is air do bhí an t-áthas a chosa do thógbháil den mbóthar. Do bhí Stophán ag leagaint an chiseáin uaidh ar phort cré do bhí ann. "Cia hé seo atá i t'fhochair?" arsa Muiris le Seumus. "Atá, Stophán an peidléir." "Cuir díot as sin!" arsa Muiris, ag bualadh an chapaill le stiall den srian agus as go bráth leó is na glinntearachaibh. Do fhan Stophán mar a raibh sé. Do bhí seacht n-uaignis annsin air. "Ó Dia le m'anam," arsa sé, "badh fhearr liom go bhfuighbhinn mo chosa liom as an áit seo." Do choisrigh sé é fhéin agus do chrom sé ag rádh a
raibh de phaidreachaibh aige, agus do bhí go leór rudaí ag rioth tré n-a aigne agus badh fhéidir nach paidreacha iad. "Ó a Thighearna, saor m'anam!" adeireadh sé. "Ó a Thigearna, ná beir gairid ar m'anam! Ó a Thighearna, dá bhfuighbhinn mo chosa as an uaigneas so! Ó nach fada an bóthar é, agus cadé an díoghbháil acht a dhoircheacht atá sé! Ó a Thighearna má thabharfa tú as mé, ní dheunfa mé aon pheacadh lem shaoghal arís. Ní dheunfad, dá bhfuighbhinn ceud giní óir air. Agus deurfa mé mo phaidreacha gach aon lá." - Do thuit cloch anuas den bhfaill agus do phreab Stophán chúig throighthe den talamh le neart scannraidh. "Beagán grinn ag muintir 'úr gcéile oraibh, mar chlocha, maran oraibh atá an tuitim!" arsa sé. "Ó cad atá mé a rádh in aon chor? Atá an mheabhair ag imtheacht uaim. Níor cheart dam bheith chomh cruaidh ar na boicht bochtaibh. Ní bhfuighbheadh mo leithéid cuimhneamh ar gach aon rud. Dá mbeinn ins an mbaile ag mo theinteán fhéin agus Máire agus na páistí do bheith thimcheall orm, dheunfainn -. Ó cad dheunfainn? Ní bhfuighbhinn cuimhneamh ar aon rud. Cad ba ruaig dam an t-airgead mí-ádhmharach so do thógbháil indiu? Atá an saoghal ag dul chum mearathail orm." Mar sin do bhí sé ag cur de, agus níorbh fhearrde dho aoinneach a fheicsin agus neart an allais leis, agus an sceimhleadh. "Ó a Bhrighid Eudhmoinn!" arsa sé "má thugais do mhallacht dam, tóig díom í, nó nár fheicir radharc na bhflaitheas choidhche! Atá cathugadh orm tré pheacaidhe mo shaoghail! - Níl aon rud chum an sceimhlidh do mharbhadh acht an t-abhrán." - Do chrom sé ag crónán agus ag cur gach aon rud
trá n-a chéile. Do bhí gach aon rabháinín aige do bheadh ag páistíbh: "A mhuintir an bhaile, a mhuintir an bhaile! Giorradán in 'úr mbaitheas ná feiceann an ghrian! Atá an t-uainín go meidhreach le fuinneamh ag rinnce Gráin ar do chloigeann, ná tabhair dó an scian! 'S mo mháilín beag leathair"- "Cadé an leathar atá tu a rádh mar sin?" arsa an guth taobh thiar de. Táinig crioth cos agus lámh ar Stophán agus do sheasaigh gach aon ribe gruaige ar a cheann. Do fheuch sé thar a ghualainn agus do-chonnaic sé an fear mór, dubh agus an t-aprún leathair air. "B'é an é seo atá tú a rádh?" arsa sé ag tógbháil cúinne dhá aprún. Do choisrigh Stophán é fhéin, acht níor chuir sin aon díbirt ar an nGabha. "Cadé an leathadh ladhar atá mar sin ort?" arsa an Gabha leis. Do bhí a mhisneach ag teacht chum Stopháin arís, mar thug sé fa ndeara go raibh an truslóg ag an nGabha mar do bheadh sí ag aoinneach eile, agus adubhairt sé leis féin, meireach gur duine saoghalta é, ná haireochthaidhe glór na gcloch ag a chosaibh, "Acht," arsa sé leis féin, "má is duine saoghalta é seo, is ag dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain dam é. Ní fuláir nó atá droc-fhuadar fé. Cad eile cad thabharfadh a leithéid amach mar seo i gcuim oidhche?" "Nach dusmánta atá tú," arsa an Gabha, "ná labharfá leis na daoine?" "Ní headh, mhuise," arsa Stophán, "acht nuair tháinig tú i gan fhios orm, do bhain tú geit asam. Níor airigh mé ag teacht thu." "Cionnus d'aireochthá aon rud," arsa an Gabha,
"agus tú ar do dhícheall ag crónán agus ag por- taidheacht?" "Is fíor dhuit," arsa Stopán. "An fada raghair?" "Síos mar seo," arsa an Gabha. "An bhfuighbhinn aon lámh do thabhairt duit chum an chiseáin sin d'iomchur?" "Níl aon mheádhchaint ann, agus atá mé in a thaithighe. Rudaí beaga atá ann atá mé a thabhairt abhaile." "Nach iongantach ná fuightheá cóir éigin thabharfadh abhaile dhuit iad, agus gan bheith ad ag do mharbhughadh fhéin le hualaighibh?" "Ní hacfuinn dam aon chóir do cheannach," arsa Stophán. "Ó 'se, mo léir thú!" arsa an Gabha, "ná fuil a fhios ag an saoghal go bhfuil airgead ag Stophán an peidléir?" Do chuir Stophán gáire as. "Nach fuiris a aithint ort," arsa sé, "gur duine de lucht an bhaile mhóir thu, ag iarraidh iarracht do bhaint as fear bocht ón tuaith? Nach shin é an port bhíonn ag an dream sin ar fad? Airgead, airgead. Aoinneach ná feiceochaidís ag a scaipeadh ar an ól, dheurfaidís go mbeadh sparán aige. Is euscaidh do chuirfinn suas den mbóthar, a mhic ó, dá mbeadh aon bhun cúil eile agam." "Is eadh, maite," arsa an Gabha, "ní mórán feasa atá tú a thabhairt uait anocht. Cad mar gheall ar na daoinibh bochta ar thug tú airgead ar iasacht dóibh?" "Deacair ort!" arsa Stophán leis féin. - "Na daoine bochta?" arsa sé leis an nGabha. "Is eadh. Brighid Eudhmoinn agus iad sin. D'airigh mé um thráthnóna fé'r fhág mé an baile mór go ndóbair go mbeadh sí i bprannc agat, meireach gur tháinig duine muinteardha agus thug an t-airgead di."
"Ó h'm! Na gnótha sin?" arsa Stophán. "Nach beag do chuirfeadh ag caint agus ag béideán iad? Ní fheadar aoinneach an cúrsa sin acht mé féin. Cá bhfios dóibh ná beinn-se féin i bprannc mara bhfuighbhinn an t-airgead uatha sin?" Do bhíodar mar sin ag imtheacht in éinfheacht. Níor thaithnigh a chaint le Stophán, agus do bhí sé ag iarraidh cuimhneamh ar cionnus do éireochadh sé as. Do bhí crosaire trí rian leath-mhíle síos uatha. "Cia aca bóthar gheobha tú ag an chrosaire seo thíos?" arsa Stophán, agus cibé aca bóthar dheurfadh sé, do bhí sé socair ag Stophán gabháil an bhóthair eile. "Síos Bóthar na Buaile gheobha mé," arsa an Gabha. "Síos an bóthar eile atá mise ag dul," arsa Stophán. Nuair do-chuadar go dtí an crosaire do scaradar le n-a chéile. "Ó buidheachas le Dia," arsa Stophán, "fuaras mo shála ón mbitheamhnach úd!" Do chuir sé dhe go mear ag goid an bhóthair leis. Acht ní raibh sé ceud slat imthighthe nuair d'airigh sé an trostal in a dhiaidh. Do stad sé agus cia bheadh ann acht an fear ceudna arís. "An mbeadh aon bhlúire tobac agat thabharfá dham?" arsa an Gabha. Do fheuch Stophán air go geur, agus adubhairt sé leis féin ná raibh an láidireacht ann do mheas sé dhó an cheud uair. Do bhí an tobac aige, acht ba mhór leis é do thabhairt dó. Dá mbadh áil leis é do thabhairt dó do bheadh a mhalairt de chrot ar an sceul so. Acht ón uair d'imthigh an scannradh dhe, do bhí an bhuile ag meudughadh chuige. Do fheuch sé ar thaobh an bhóthair agus do-chonnaic sé rúbóg mhór de chloch ann.
"Atá, maite," arsa sé, "badh annamh liom gan blúirín den smachtín do bheith agam. Atá sé i bpóicín beag cruinn agam atá thiar im chasóig. Caithfe mé an tromán so do leagaint uaim agus atá sé chomh maith dhúinn araon ár gcosa do shíneadh tamall cois an chlaidhe. Suidh agus tarraing chughat do phíopa." Do shuidh an Gabha síos agus do chrom sé a cheann feuchaint an bhfuighbheadh sé réidhteóir don phíopa. Do thóg Stophán an chloch in a dhá láimh. Do shíl sé é do bhualadh anuas ins an phlaosc, acht do bhí an Gabha roimh ré leis, agus is ins an láimh fuair sé an buille. Do phreab sé in a sheasamh agus do bhíodar in achrann in a chéile ar an áit sin. Do chuirfeadh an cath sin mná an domhain ag lógóireacht, an loitiméiréacht do- righneadar ar a chéile. Do chuirfeadh an cath sin iongantas ar Gholl mac Móirne agus ar Oscar na Féine, a fhaid do leanadar dá chéile, fuaim na mbuillí agus séideadh na bhfear, go dtí gur thug an Gabha iarracht de phláitín a ghlúine ins an ioscaid do Stophán agus do leag sé fé thíos é. Nuair tháinig Stophán chuige féin, ní raibh an sparán aige ná aon tuairisc cár imthigh sé. Do leag sé a cheann ar a dhá bhais agus é in a shuidhe ar thaobh an bhóthair agus gan fios a bhróin ag aoinneach. "Ó nach mé an truagh Mhuire?" arsa sé, "deich bpúint 's trí fichid imthighthe. Atá mé creachta, ciapaighthe trascartha, traochta go deóidh! Deich bpúint 's trí fichid! Allus mo chnámhna, toradh mo shaothair, mo chroidhe 's m'aigne im chodhladh 's im dhúiseacht imthighthe go deóidh ag fear an aprúin leathair." Do bhí sé i bhfad in a shuidhe mar sin ag deunamh leannta dubha, acht do phreab sé in a sheasamh ins an deireadh, agus do shín sé amach a dhá láimh.
"Buidheachas le Dia," arsa sé, "atá an dá ghéig seo agam, agus lúth mo chos. Mairfead ar mo shláinte feasta, agus b'féidir nach fada dham stoca beag den ór do chruinniughadh i dteannta a chéile arís." Do bhuail sé chuige an ciseán agus síos an bóthar leis. Ba ghairid gur airigh sé mar do bheadh siosma nó cogaranach taobh thiar de. Do stad sé. Do shíl sé gurbh í an ghaoth do bhí ag corruighe na luachra nó an fheileastroim. Do chuir sé dhe arís. Do gheuraigh ar an bhfuaim. Do bhí na crainn ag a lúbadh ag an ngaoith agus gainimh agus luaithreán an bhóthair ag éirghe in a chioth. Do chrom sé ag rioth, dúmas go bhfuighbheadh sé dul ins an bhfoithint áit éigin síos ins an ngleann. Acht tháinig mar do bheadh bladhm thóirnighe. Do buaileadh thiar ins an drom é. Do leagadh ar an mbóthar é. Do cuireadh an ciseán dá fhichid slat amach roimhe, agus a raibh de shoithighibh ann in a mion-bhrúscar ar fud an bhóthair agus ar fud an tsléibhe. Do bhí sé i bhfad sínte ar an mbóthar fé raibh ann éirghe. Acht d'éirigh sé, agus do-chuaidh sé ag feuchaint ar an gciseán. Do bhí an buinne barr agus an buinne lár briste, agus ní raibh aon mhaith ann. Níorbh fiú leis dul fa dhéin na soithighe. "Fanaigí annsúd, a stóiríní," arsa sé léo. "Dá dhonacht sibh-se is measa mé fhéin. Fanaigí fé chruidhtibh na gcapall, acht atá mo chroidhe fhéin brúidhte ag an saoghal." Ní raibh an fhírinne annsin aige, an méid adubhairt sé in a thaobh féin. Do bhí an droch-mheón in a chroidhe i gcomhnuidhe, agus is é rud ar shocraigh sé air, acht an dá ghabhar do ghoid ó n-a bhean, agus iad do dhíol i slighidh go mbeadh caoi aige ar an bpeidléireacht do dheunamh arís.
Tar éis teacht abhaile do Mháire agus dá clann, do chuireadar chum na gabhair do fhriotháladh, agus an teach do shocrughadh agus an teine d'adhaint. "Siúd chum oibre sinn," arsa Máire leó. "Caith chu 'sna gabhair an duilleabhar sin, a Liam. Rioth, rioth! - Seo, a Mhóirín, caith amach an luaith sin, agus scuab an teinteán dam. - Seadh, a Lisín, tabharfaidh Liam leis thu, go bhfeicfe tú na gabhair ag ithe a suipéir." "Teine, teine!" arsa Lisín. "Athá go maith, a chuirptheóirín," arsa Máire ag a cur in a suidhe ar stól beag i gcoinne an hiarta. "Bí ag feuchaint ar an teinidh á dh'adhaint ag a hadhaint againn. Feuch ar Mhóirín ag a dheunamh. Seadh, a ghearrchaile, shin é an ceart. Ruainne beag den mbrosna agus den raithneach chríon an cheud uair. Faigh na rútaí sin anois. - Ná feicigheann tú iad le t'ais annsin? - 'sbáin dam iad." "Coisín! Coisín!" arsa Lisín. "Fan go réidh le d' choisín go dtí ar a ball," arsa Máire. "Ní mhúinfeadh an "coisín" an tigheas do Mhóirín. - Feuch, a Mhóirín, mar seo dheunfa tú é." Do chuir sí na rútaí thimcheall na raithnighe in a seasamh i gcoinne a chéile. "'Seadh. Shin í an chléibhín cheart anois. Socruigh na fóid thimcheall uirri, agus na cadhráin ar a barra. Anois tabhair an match di. - Stad. Ná bí ag a séideadh, acht leigint di go mbeurfaidh sí ar a greamannaibh.-
Cia aca 'ca is fearr, teine mhóna 's bhataí, nó teine bhataí 's mhóna?" "Ní fheadar," arsa Móirín, "mar a chéile iad, is dócha." "Ní headh, mhuise. Is fearr teine bhataí 's mhóna, sé sin, na bataí bheith ann an cheud uair agus an mhóin anuas orra. - 'Seadh anois, a Lisín, feuch ar an réiltheán breághdha teineadh atá anois againn." Le n-a linn sin tháinig Liam isteach: "Thá rud éigin ar na gabhair," arsa sé. "Cad do bheadh orra?" arsa Máire. "Ní tinn a bheidís? Fan go bhfeicfe mé iad. - Cuir síos an ciotal, a Mhóirín, agus ná leig do Lisín corruighe as sin." Do-chuaidh sí amach. Do bhí an dá ghabhar i gcúinne an bhotháin agus iad ar crioth, agus an duilleabhar scaipthe ar a fhuaid. "Dia le m'anam," arsa Máire, "cad atá ar an nduilleabhar so? Atá sé chomh gorm leis an spéir. Agus seo rúta atá buidhe. - Rioth síos 'dtí Siobhán agus abair léi teacht aníos." Tháinig Siobhán, agus d'innis Máire gach aon rud di. "Ó, 'sé an t-ionghna is mó 'chonnaic mé 'om dhá shúil riamh é! Agus a ndeir tú liom go bhfeaca tú Gabha na Coille?" arsa sí. "Chonnaic mé, go deimhin," arsa Máire, "agus is é an duine is bádhmhaire 'chonnaic aoinneach riamh é. - Ó Dia le m'anam, atá na gabhair á ag a gcailleamhaint! Ó an droch-theangamhálaidhe bhuail fúm ar maidin! Cad a dheunfa mé fhéin ná na páistí?" "Éist, éist leat, a bhean," arsa Siobhán, "ná tabhair na comharsain thimcheall orainn. Bíodh muinighin agat as Dhia. Ní gnáthach le Gabha na Coille aon díoghbháil do dheunamh do dhaoine bochta. N'fheadar thú nach
dhá bhó bheidh annso agat ar maidin. - Bailighimíd an duilleabhar so agus tugaimíd isteach sa tig é. - Ó buidheachas le Dia nach meáidhte atá sé? 'De rud é sin atá id dhorn?" "Rúta beag de," arsa Máire ag a thaisbeáint di. "Nach ait an saghas é," arsa Siobhán, "Is geall le prás é, agus bíonn an prás ana-dhaor. Inneósa mé dhuit cad a dheunfa tú leis. Rioth síos go dtí siopa an Ghiúdaigh agus feuch 'dé mhéid a thabharfa sé dhuit air." "Deunfa mé," arsa Máire. "Téighir isteach agus faigh a suipeur do sna páistíbh agus cuir Lisín a chodhladh agus déin "coisín in áirde" dhi." Do bhris a ngáire orra i lár an ghleithearáin ar fad: "Ó, deunfa mé," arsa Siobhán, "Coisín in áirde, ag dul go Portláirge Corruig do chois, corruigh do chois." Rioth leat síos go mear agus go n-éirighidh an bóthar leat!" Do bhí Seaán an Giúdach agus a dheirbhsiúr istigh ins an siopa roimpe. Do thaisbeáin sí dhóibh an rud do bhí aici, agus d'fhiarfaigh sí dhíobh cadé a mhéid thabharfaidhe ar a leithéid. "Blúire beag práis is eadh é," arsa Seaán, "agus deunamh cipín air. Is ait an saghas é. Tabharfa mé coróin duit air." "Ní ag a dhíol atá mé," arsa Máire, "acht feuchaint cad is fiú é. Shíleas go bhfuighbhinn níos mó air." "Nár bhreághdha dhuit chúig scillinge geala id phóca," arsa an deirbhshiúr, "agus a luighead thugann Stophán duit chum cosnamh an tighe, agus ceirte beaga do cheannach do sna páistíbh?" "Mhuise, is fíor dhuit, acht shíl mé gur ceart go
bhfuighbhinn níos mó air sin. Is iomdha saghas práis 'chonnaic mé i dtigh mo mháthar acht shin é an saghas is gile agus is meáidhte 'chonnaic mé riamh." "Éist leat," arsa Seaán ag a thabhairt i leith go dtí an lampa. "Atá an ceart agat. Cá bhfuairis é?" "Caithte ins an mbothán, mhuise," arsa Máire. "Tuigim," arsa Seáan. "Duine dem mhuintir bhíodh in a chomhnuidhe sa tigh sin agaibh fad ó, agus fuair sé bás obann -" "Go saoraidh Dia sinn!" arsa Máire. "- Agus bhíodh sé ag bailiughadh seana-rudaí, agus baineann sé le deallradh gur cuid dá chuid sin é seo." "B'fhéidir, mhuise," arsa Máire, "dh'airigh mé go raibh a leithéid ann rómhainn." Do bhí an bheirt aca ag feuchaint go geur ar an bprás, agus do las an deirbhshiúr suas le háthas. "Ara, a Sheaáin," arsa sí, "ná tugann tú fé ndeara na deilginí beaga atá air? Nach shin é díreach an saghas do bhí an duine uasal sin a lorg seachtmhain is lá indé?" "Sé, mhuise," arsa Seaán, "ní fheadar an bhfuil a thuilleadh dhe seo agat?" "Níl, mhuise. B'fhearr liom go mbeadh." "Cuarduigh gach aon áit istigh 's amuigh," arsa Seaán léi. "N'fheadar tú ná beadh a thuilleadh ann. Acht ó's rud gur chuir mo dheirbhshiúr i gcuimhne dham go bhfuil an rud so uainn le haghaidh an duine uasail sin, agus gurab é seo an cheud uair agat bualadh isteach chughainn, tabharfa mé coróin eile dhuit." "B'fhéidir," arsa Máire, "gur fearra dham fuireach go dtiocfaidh Stophán abhaile." "Seadh, b'fhéidir," arsa Seaán go searbhasach. "Cor-
ruigh," arsa sé le n-a dheirbhshiúr, "caithfimíd an siopa do dhúnadh i gcóir na hoidhche." "Go réidh leat annsin," arsa sí leis. "Seo, a bhean bhocht," arsa sí le Máire ag cur leath sobhrain in a láimh, agus ag baint anuas racait beag dearg den bhfalla agus péire stocaí bána agus ag a dtabhairt di. "Seo, a bhean bhocht, ná bac leis sin." Ar bhfeicsin an racait di agus an cruinneáil deas do bhí ann, ón mbúna anuas go dtí an crios, do bhuaidh an tsainnt uirri. "Ó buidheachas le Dia," arsa sí, "bíodh sé 'na mhargadh! Go bhfágaidh Dia an tsláinte agaibh." D'fhág sí an siopa le deithneas, agus do-chuaidh sí ag ceannach feóil agus arán agus im agus siúcaire agus gach aon rud do bhí uaithe, agus do chas sí abhaile agus ualach traidíní aici. Do bhí Liam agus Móirín ag an ngeata, agus nuair do-chonncadar ag teacht í, do riothadar dh'iarracht uirri. "Corruigh ort, a mham," arsa siad. "Atá carn rudaí istigh againn." "Cad do bheadh ann?" arsa sí, ag tabhairt cuid de na traidíníbh dhóibh chum iad do thabhairt abhaile dhi. "Cad do bheadh ann? Cuirfe mise geall libh ná fuil aon rud chomh deas istigh agaibh leis na rudaí beaga atá annso agam." "Fan go bhfeicfir," arsa Liam. Le n-a linn sin tháinig Siobhán go dtí an dorus. "Ó a bhean an tighe," arsa sí, "a leithéid de sceul! Tar isteach go mear! - Feuch air seo, prás deunta dhe gach aon bhileóg de! Nuair a thugamair isteach linn an cheud uair é, dh'iompuigh sé uaithne sa dath, agus dearg annsin, agus buidhe sa deireadh." "Buidheachas le Dia," arsa Máire, "thá lua' dhá
ghabhar eile agam! Ach fan go 'neósa mé dhuit cad ba chor dam ag siopa an Ghiúdaigh." D'innis sí annsin di gach aon rud mar do bhí. "Ó 'se breis ar fheabhas chughat!" arsa Siobhán, "acht tabhair fé ndeara ná beadh an Giúdach chomh sainnteamhail chuige, meireach gur fiú go maith é an méid a thug sé dhuit air. - 'Neósa mé dhuit cad a dheunfaimíd. Raghaimíd araon go dtí Tomás an túrnae i mbáireach, agus tabharfaimíd linn cipín beag de seo, a leithéid ceudna 's a dhíol tú leis an nGiúdach ó chiana', agus bei' fhios aige sin 'de rud é. Fear macánta is eadh é agus ní fear é dheunfadh eugcóir ar ár leithéidíbh." "Fear macánta, go deimhin," arsa Máire, "agus a athair roimhigh. - Bhfuil Lisín in a codladh?" "Ó masa atá, agus í ag taidhbhreamh go binn di féin agus ag trácht ar an bhfear dubh agus ar chú Bhillí." "Seo, tabhair leat an bhulóig seo d'fhear an tighe, agus abair leis cú Bhillí d'fhaire uirri." "Cúis gháire chughainn! Deunfa mé. Ró mhaith dham atá tú." "Ní headh mhuise. Tabhair leat blúire dhen bhfeóil agus an meascán beag ime seo." "Ó Dia le m'anam, ní fheicfimíd lá bocht go deó. Is í an Nodlaig cheart bheidh againn an iarracht so.- Oidhche mhaith agaibh go léir anois agus codlaígí go sámh go maidin." "Go mba hamhla dhuit, agus ná bí déidheanach ar maidin." "Ó ní bhei' mé, ná bíodh eagl' ort!" Maidin lá ar n-a bhárach, do-chuaidh an bheirt bhan go dtí Tomás an túrnae, agus is é do chuir na tuara fáilte rómpa mar fear ba eadh é do bhí an-churtha ar
na daoinibh, agus é chomh díreach in a shlighidh 's ná raghadh sé ag pléidhe dho aoinneach ná beadh an ceart aige. D'innis Máire an cúrsa dhó, agus do thaisbeáin sí an cipín práis do bhí aici. Do phreab sé in a sheasamh le hiongantas. "Riabhach a' bhfeaca mé a leithéid riamh!" arsa sé, "agus é chomh meáidhte. - Fanaigí libh. "A Dhonnchadh, arsa sé, ag glaodhach isteach ar an gcléireach do bhí aige agus ag síneadh chuige nóta deich bpúint, "téighir go dtí an mbannc agus abair leó a shannseáil seo i bpíosaí dhá scilling a thabhairt duit." - Agus an ndeir tú liom go bhfuil a thuilleadh dhe seo agat, a Mháire?" "Atá, muise. Atá carn ceart de bailighthe le n-a chéile i gcúinne an tighe againn." "Riothaigí libh abhaile, in ainm Dé dhíbh," arsa sé, "agus bei' mé féin in 'úr ndiaidh leis an gcapall agus an ceár." Do riothadar abhaile chomh mear 's do bhí rioth aca. Do bhí Tomás ag an ngeata rómpa. Adubhairt sé leó an prás ar fad do chur ins an cheár agus brat do leagaint anuas air. Do bhí sé díreach ag fógairt ar an gcapall chum imtheacht, nuair tháinig Seaán an Giúdach. "Cogair, a Mháire," arsa sé, "bhfuil a thuilleadh dhe sin agat?" "Níl," arsa sí. "Tháinig an duine usal sin ó chiana," arsa sé, "agus atá sé ana-shásta leis an bpíosa dhíol tú liom aréir, agus dá bhfuightheá teacht ar a thuilleadh dhe in aon tslighe, b'fhéidir go dtabharfainn rud maith dhuit - rud ana-mhaith." "Dá dtabharfá a bhfuil sa siopa agat dam, níl aon
phioc de agam anois duit. - Siubhail leat, a Shiobhán. Atá deithneas orainn síos go dtí an tsráid." D'imthigheadar leó siós, agus do bhí Tomás an túrnae ag fuireach leó ag an oifig. Do bhí Donnchadh tar éis casadh leis an sannseáil. Do bhí na píosaí dhá scilling go léir os cionn a chéile, agus cúpla iarracht de pháipeur maith láidir thimcheall orra, ceangailte go docht le píosa chórda. "Masa, is geall le smachtín é," arsa Tomás ag a thógbháil ón chléireach "Feuch air seo, a Mháire. Nach leabhaire agus nach teugartha an smachtín seo 'ná an cipín práis sin agat?" "Atá an ceart agat," arsa Máire. "Atá," arsa sé, "agus ó 's troime an t-airgead dhe chuid mhór 'ná an prás, badh cheart go meádhfadh an t-airgead so an cipín míorúilteach atá i do láimh annsin agat. Cuirimíd sa meadh iad." Do chuir, agus do mheádhaigh an cipín an t-airgead. Do bhuail Tomás an bórd le n-a dhorn. "Ná raibh fhios agam cad do bhí ann?" arse sé, "ór athá ann! Ór is eadh gach aon órlach de!" Dóbair go dtuitfeadh an t-anam as an mbeirt bhan le hiongantas agus le háthas. "Atá lua' deich míle púnt sa mbeart duilleabhair sin," arsa sé, "agus cad a dheunfa sibh leis?" "Nach fuiris duit," arsa Siobhán, "cuimhneamh ar chleas éigin chun ná tiocfadh Stophán air? Shin é is baoghal di." "'Sé, mhuise," arsa Máire. "'Sé mo thuairim fhéin," arsa sé, "gur aingeal anuas ó sna flaithis an Gabha so ón Choill, agus do réir an scéil d'innis tú dham is é rud atá uaidh acht an t-airgead a thabhairt duit fhéin agus gan aon fhaghbháil
ag t'fhear teacht air. Mar sin, is dócha gurab é rud ab fheárr a dheunfainn acht acht a cheapadh amach ag a rádh gur leat-sa an t-airgead so agus gur thugadh duit fé choingiall gan aon bhaint a bheith ag aoinneach eile leis." "Seadh," arsa Siobhán, "agus a rádh le Stophán an pheidléireacht do chaitheamh uaidh agus dul ag obair ar an talamh." "Ní fheadar," arsa Tomás, "b'fhéidir ná fuighbhinn é sin a rádh leis an bhfírinne. Acht cuirfe mé an t-ór so go dtí an mbannc, agus tagaidh annso chugham ar maidin Dé Luain, sibh fhéin agus Stophán, agus beidh gach aon rud i gcóir agam díbh."
Do-chuaidh Stophán d'iarracht ar an tigh. Do bhí a fhios aige go mbeadh coinne ag a bhean leis, acht ní raibh sin ag cur aon bhuaidirt air. Do chonnaic sé an choinneal ins an bhfuinneóig, mar ba ghnáthach le Máire an solus isteach do thabhairt dó mar sin, chum misneach do chur air agus chum a thaisbeáint dó go raibh sí ag cuimhneamh air. Do-chuaidh sé isteach thar an gclaidhe do bhí ar agaidh an gheata agus d'fhan sé ann ar feadh i bhfad agus a cheann idir dhá thor aitinn ag feuchaint isteach ar an solus agus ar an tigh. D'oscail Máire an dorus fa dhó, agus do bhí sí mar do bheadh sí ag cur cluas le heisteacht uirre féin. An tríomhadh hiarracht tháinig sí amach ar fad go dtí an geata, agus do chaith Stophán cromadh síos ar eagla go bhfeicfeadh sí é. "Dia linn!" arsa sí, "an fear bocht! Ní fheadar cad atá ag a chomhad? Ó olcas é, is mór an t-uaigneas é." D'imthigh sí léi isteach arís, agus d'fhan Stophán mar a raibh sé go bhfaca sé an choinneal ag a múchadh. D'éirigh sé den chlaidhe annsin agus do-chuaidh sé síos go dtí an corrach chum beart luachra do bhaint. Ní raibh aon bhilleóg aige ná fios aige cá bhfuighbheadh sé í, acht do bhí scian in a phóca aige. Do chrom sé ag gearradh na luachra léi agus é ar a dhá ghlúin agus gach aon "triopall bhaineann beart" fa n-a fhiaclaibh aige. Do lean sé air mar sin go dtí go raibh beart mór bainte aige. Do bhí píosa chórda aige acht do bhí sé ró gharid. Do
bhain sé dhe a chasóg, agus do leath sé ar an talamh í agus do chuir sé an luachair isteach innte agus d'fháisc sé an dá mhuinirtle le n-a chéile, agus is mar sin thug sé leis é. D'fhag sé thuas ag an chlaidhe é agus tháinig sé anuas arís, agus do bhain sé beart eile, agus beart eile arís. Ba é gnó do bhí aige den luachair acht í do chaitheamh ins an macha idir an mbothán agus an ngeata. Do bhí an bothán i ngiorracht trí shlat don ngeata, acht má is eadh féin muna mbeadh rud éigin caithte ar an talamh aige, badh fhéidir go n-aireochadh Máire na gabhair nuair do bheadh sé ag a dtabhairt amach. Do chuimhnigh sé ar an bpíosa chórda do bhí aige, agus adubhairt sé leis féin go ndeunfadh sé dhá leath de agus go gcuirfeadh sé thimcheall ar chaincíní na ngabhar é ar eagla go mbeidís ag meigiolladh. Do shuidh sé in áirde ar an gclaidhe agus do bhain sé na bróga de. Do bhí sé chum sleamhnughadh anuas nuair do las an solas ar an aeir, agus do thúirling an chaor teineadh. Do bhí gach aon áit chomh geal le lár an lae ag an solus dearg, na tighthe agus na crainn agus na sléibhte. Do chuir Stophán a cheann síos ins an tor aitinn do bhí le n-a ais le neart scannraidh, "Súil Dé ag feuchaint orm," arsa sé, agus do shíl sé gur airigh sé an chaor teineadh ag tuitim ins an abhainn agus an t-uisce ag fiuchadh. Acht tháinig an misneach chuige arís agus do- chuaidh sé trasna an bhóthair agus do tharraing sé boltha an gheata go réidh. Do chaith sé an luachair ar an talamh idir an ngeata agus an mbothán. D'fhan sé tamall ag dorus an bhotháin agus do chrom sé ag coganrach leis na gabhraibh, "Siugaidí! Siugaidí!" chum iad do chur ar a suaimhneas. Níor fhreagair aon "siugaidí" aca, agus níor chuireadar cor asta. Do leag sé a lámh ar cheann aca. Do bhí sé fuar marbh. Do leag
sé a lámh ar an gceann eile, agus ba é an sceul ceudna é. Do bhuaidh air annsin. D'éirigh sé agus do chuir sé dhe síos go dtí an choill. Níor chuimhnigh sé ar na brógaibh, agus d'fhág sé an geata oscailte in a dhiaidh. Cibé rud do stiúirigh é, is go dtí an áit cheudna do- chuaidh sé a raibh Máire agus na páistí ag baint an duilleabhair. Do shín sé ag bun crainn agus do thuit a chodhladh air. Do-righneadh taidhbhreamh dó, agus do shíl sé go raibh sé ag imtheacht ar fud an domhain agus gach aon chrosaire do ghabh sé, go bhfaca sé daoine bochta ann agus gan orra acht giobail agus iad ag síneadh a lámh chuige agus ag a rádh, "A Stopháin! a Stopháin! Tabhair dúinn rud le n-ithe"; agus gur theich sé uatha, agus go raibh sé ag imtheacht roimhe gur tháinig sé go dtí an fhairrge; agus gur chaith sé casadh, agus go bhfaca sé na daoine ceudna arís sínte marbh ar thaobh an bhóthair. Do shíl sé annsin go raibh sé ag rioth ó thig go tigh agus ná fuair sé in aon tigh aca acht daoine marbha; agus gur bhuail an t-uaigneas annsin é, agus go righne sé deithneas go dtí a theach féin, agus gur stad a chroidhe nuair d'oscail sé an dorus, mar go bhfaca sé a bhean in a suidhe ar an gcathaoir agus Lisín ar a baclain aici, agus Liam agus Móirín taobh thiar den chathaoir agus a lámha in achrann in a máthair, agus gurbh fhurus a aithint go rabhadar lag le pian agus le hanró, agus gur iompuigh Lisín a haghaidh chuige, agus go rabhadar go léir ag iarraidh labhairt leis chum fáilte do chur roimhe, acht ná raibh a chos thar an tairsinn aige nuair do thuiteadar marbh ar an urlár. Do shíl sé gur screuch sé agus gur theich sé amach an macha, agus gach aon rud beó ar tháinig sé in a ghoire, gur sclog sé ar an áit sin. "Atá fuath ag Dia dham," arsa sé, "ráidhte an díoghbháil seo do bheith im
shúilibh." Ní túisce do bhí sé scartha leis an taidhbhreamh sin ioná tháinig taidhbhreamh eile chuige. Do shíl sé go raibh sé ag leaghadh óir ar chraos mhór theineadh, agus go raibh sé ag a chailleamhaint leis an tart agus gur chuaidh sé go dtí tobar do bhí ann d'iarraidh deoch 'on uisce agus nuair do bhí sé ag cromadh síos chum an t-uisce d'ól gur éirigh bruach an tobair fé agus go raibh sé ceud slat ós a chionn in áirde; do shíl sé gur chaith sé é féin ar an talamh chum a lámha do chur in achrann ins an bhfeur ar eagla bheith ag tuitim, agus gur chuaidh an bruach síos arís acht aon uair do chromadh sé chum an t-uisce d'ól go n-éireochadh an bruach arís. Do-righneadh taidhbhreamh eile dhó annsin agus do shíl sé gur tháinig deamhan dearg ó ifreann agus gur chuir an deamhan sprann tríd agus gur thóg sé ar a ghualainn é mar do thógfá sop féir agus gur thug sé leis síos go hifreann é; agus gur chuireadh i gcoifín é, agus nach adhmad do bhí ins an choifín acht ór agus é ar dearg-lasadh, agus gur bhuaileadh an clár anuas air agus gur ór do bhí ins an chlár arís agus é ar dearg-lasadh mar an gceudna. Do shíl sé go raibh sé ag feuchaint suas ar an gclár agus é sínte ins an choifín agus go bhfaca sé dhá bhraon den ór ag connlach fa an chlár, agus gur thuit braon ar a shúil dheas agus an braon eile ar a shúil chlé, agus gur chuaidh an dá bhraon síos tré n-a inchinn; agus go bhfaca sé dhá bhraon eile ag tosnughadh arís, agus go raibh sé mar sin fa shileadh na mbraon go raibh deich mbliadhna caithte aige. Do taidhbhrigheadh annsin dó go raibh sé in a sheasamh ar bharr sléibhe, agus gur tháinig scamal mór dubh ar an aeir agus gur bhuail an splannc é agus gur airigh sé an teine ag rioth síos tríd ó n-a bhaitheas go dtí a bhonn, agus go raibh an splannc ag
a bhualadh mar sin agus an tóirneach ag bladhmadh go raibh deich mbliadhna eile caithte aige. "Ó a Thighearna," arsa sé tré an taidhbhreamh, "iarraim párdún ort i bpeacaíbh mo shaoghail, agus ní le sceimhleadh athá mé acht gráin athá agam ar mo dhroch-shlightibh go léir!" Do shíl sé go raibh sé ag gol, agus gur tháinig suaimhneas éigin ann, agus go raibh sé i bhfochair na bhfear ag baint na heórna ar a chuid fhéin talmhan, agus gur airigh sé na spealacha ag screuchadh innte agus gur labhair an sagart aníos ón mbóthar leis, "baile ó Dhia ar an obair, a Stopháin! Ní haon ocras thugann tusa dod lucht oibre. Atá feiscint bídh ar an meitheal sin agat!" Agus tar éis an tsuipéir, do shíl sé go rabhadar go léir in a suidhe ag an teinidh, Máire agus na páistí agus na comharsain, agus go rabhadar ag sceulaigheacht agus ag abhrán dóibh féin, agus go raibh meas ag gach aoinneach ar Stophán an feirmeóir, agus go rabhadar go léir go caithiseach agus go cuideachtamhail le n-a chéile. Acht tré na hiongantaisíbh ar fad, do shíl sé gur airigh sé Lisín ag abhrán, agus go ndubhairt sé léi, "Ó a smóilín mo chroidhe, is é an t-aingeal coinleachta do mhúin duit é!" a bhinneacht do bhí an ceól aici. Do dhúisigh sé go hobann, agus do bhí an ceól in a chluasaibh i gcomhnuidhe agus do shíl sé gurbh eun é. "Ní headh," arsa sé leis féin, "acht clog an tséipéil!" D'éirigh sé, agus do chuir sé dhe suas an bóthar. Do bhí gach aoinneach ag feuchaint air, mar do shíleadar gur as a chiall do bhí sé, bheith ag dul go dtí an t-aifreann gan bróga ná hata air. Níor chuir sé aon suim ionta acht eulódh leis isteach i gcúinne éigin. Is é seanmhóin do bhí ag an sagart acht "Tagaidh chugham-sa, sibh-se go léir atá fa eire agus fa ualach, agus bainfe mise
an tuirse dhíbh," agus do-chuaidh gach aon fhocal de go croidhe ag Stophán. Thug Máire fa ndeara é acht níor leig sí uirri gur thug. D'fhanadar araon ins an séipeul tar éis an aifrinn go dtí ná raibh aoinneach ann acht an sagart agus iad fhéin. Do bhí an sagart ar urnaighthibh agus d'fhanadar go raibh sé réidh. Do- chonnaic sé iad agus do bhagair sé aníos go dtí an ráil orra. "Is annamh tusa ag cur aon locadh ar an sagart, a Stopháin," arsa sé. "Ní hamhlaidh bheidh sé feasta, a athair," arsa Stophán, "is é an sceimhleadh chum an tsaoghail do dhall mé agus do chuir ó dheunamh chúraim dem bhean agus dem chlann mé. Comhaireamh an lae indiu do pósadh sinn-ne annso ag an ráil seo, agus tugaim óm chroidhe anois an gheallamhaint nár thugas óm chroidhe an uair sin, meas a bheith agam ar mo bhean agus grádh a bheith agam di, agus is maith atá sé tuillte aici mar is í an bhean is fearr sa pharóiste í, agus bíodh gur thug sí fhéin geallamhaint an lá sin mo réir-se do dheunamh, diul- taighim anois don choingheall sin, agus pé rud a bheidh sa saoghal so againn, is ar a láimh-se bheidh sé chum a rogha rud a dheunamh leis." "Buidheachas le Dia!" arsa Máire, agus do bhí na deóra ag teacht leó araon. Thug an sagart a bheannacht dóibh agus do scaoil sé abhaile iad. D'innis Máire gach aon rud dó, mar ní raibh aon scáth anois aici roimhe, agus nuair do bhíodar ag an teinidh an oidhche sin, iad féin agus Siobhán, do shocraigheadar ar fheirm agus teach muintire do cheannach agus sciorta maith den talamh do thabhairt do Shiobhán. Ar dhul a chodhladh dhóibh, d'airigheadar Lisín ag caint agus do- chuadar go dtí dorus an tseamra. Do bhí sí ag suidhe
suas ins an leabaidh, a dhá láimh sínte amach agus a súile ar lasadh le háthas, agus í ag a rádh: "Fear dubh deas! Cú Bhillí!" "Buidheachas le Dia," arsa Siobhán, "níl an t-aingeal i bhfad uainn."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services