Gabha na Coille.
Áit mhór sléibhte agus coillte is eadh Tír na bhFran-
cóineach; áit mhór abhainneacha agus fairrge; garbh-
shíon ann ins an ngeimhreadh agus brothall marbhthach
ins an samhradh. Ar éirghe na tuile, aimsir
choscartha an tsneachta, do-chífeá ba agus caoire ins
an snámh, leabthacha agus troscán agus tighthe beaga,
agus rachtaí móra den leac-oidhre ag bualadh ar na
crannaibh agus ag baint na coirte dhíobh, agus níor
dhóigh leat nárbh í an fhairrge mhór do bheadh tar éis
briseadh aníos as croidhe na talmhan. Acht nuair
thagann an teas ins an ngréin, dheunfadh an chuirideóir-
eacht tógbháil ar do chroidhe, an t-arbhar agus gach aon
saghas torthaí ag teacht ins an talamh réidh, agus suas
ar leicnibh an tsléibhe do-chífeá na fíneamhna nó na
goirt in a bhfásann na caora a ndeuntar an fíon
díobh. Agus má bhíonn an brothall ad mhúchadh thíos is
ua gleanntaibh nó cois na habhainne, níl agat acht
tabhairt fa na coilltibh agus na sléibhtibh agus beidh
fionnfhuaras an earraigh agat ann agus radharc agat
ar na fiagaidhthibh agus iad ag imtheacht in a gculaidhibh
uaithne, a gcrios aniar thósda agus an cleite bán i
mbanda a gcaipíní. Is beag den mbochtaineacht atá
le feicsin ins an tír sin. Tighthe beaga, deasa ag na
sclábhuidhthibh. Tighthe móra ag na feirmeóiríbh. Cúir-
teanna agus caisleáin ag na daoinibh saidhbhre. Téighir
ar áthrthach suas an abhainn mhór atá ann, agus do-chífe
tú na cathracha agus na teampaill, na bailte beaga
bídeacha, na ceardchain in a ndeuntar na hearraidh,
na feirmeacha agus na coillte agus na sléibhte agus
na caisleáin bhreághdha gheala agus na gáirdíní thimcheall
orra agus iad go spiagach le bláthannaibh. Daoine
breághdha, gaedhealacha atá ann. Daoine imshníomhacha
idir iseal agus uasal. Daoine atá go hárd i réim
agus go hárd i léigheann. Daoine is fiú iad an meas
atá orra, agus cuirimíd ár mbeannacht soir ón talamh
so na hÉireann chucha go léir, agus go mbadh fada
buan iad fa shaoghal agus fa shláinte.
Ins an tsean-aimsir do bhí an áit i bhfad níos fiadhaine
ioná mar atá sé anois agus na daoine i bhfad níos
simplidhe, agus cuid aca nárbh thúisce leó an ceart
ioná an t-ain-cheart. Do bhíodh an mac-tíre agus an
collach agus an fiadh is na coilltibh acht ba mheasa
lucht na gcaisleán ioná na beathaidhigh allta féin, mar
is é sceim do bhíodh orra súd ná bheith ag faire ar lucht
taistil an bhóthair chum slad agus creach do dheunamh
orra. Adeirtear go mbíonn dúthaigh agus daoine
do réir a chéile, agus má atá fiadhantas le feicsin ar
an ndúthaigh, go mbeidh fiadhantas ag baint leis na
daoinibh, agus aon dream atá fiadhain, simplidhe in a
slightibh agus in a n-aigne, go mbeidh aiteas éigin agus
fiadhantas ag baint leis na sean-sceultaibh do bheadh
aca. Mar sin ní haon iongnadh go ngéilleadh na sean-
Fhrancóinigh do fhathachaibh agus do spioraideannaibh;
gur shíleadar go mbíodh gaibhne beaga ag obair thíos
fa an talamh, ag obair ar an mianach agus ag deunamh
órnáidí beaga dhe, agus go mbíodh an mhurdhúch le
feicsin ins an abhainn agus í in a suidhe ar charraig,
ag cíoradh a cuach le círín óir, agus go gcuirfeadh sí
na hiascairí agus lucht na mbád ar uireasbaidh cuimhne
chomh mór sin le breághdhacht a habhráin agus le deiseacht
a snódha ná buailfidís lámh ar stiúir ná ar sheól go
mbádhfaidhe ins an ndoimhin iad. Ní haon iongnadh
gur shíleadar go mbíodh spioraid ag éirghe ag an tóbar
agus í i gcló mná, urradh fada bán uirri, crios airgid
aniar thar a com, agus a dhá láimh in áirde aici agus í
ag coimheud mias óir; gur shíleadar go bhfuighbheadh
daoine cuma mictíre do chur orra féin chum bheith ag
imtheacht ins an oidhche, ag marbhadh cibé aingceiseóir
do sheólfaidhe in a gcraos; gur shíleadar go mbíodh
na rudairí ag leanmhaint dá ndroch-shlighe tar éis
a mbáis, agus go n-aireochthaidhe fothrom an chatha istigh
i ngach aon sean chaisleán agus fothrach in lár na
h-oidhche, fuaim na mbuillí, liúghrach na dtreun agus
osnadh na lag, agus go bhfeiceochthaidhe na lasracha
dearga do bheadh ag teacht ó na deamhnaibh agus iad
ag rioth mar do bheadh aithreacha nimhe ar bharr na bhfallaí,
agus ag an cheud ghlaodh coileach go gcriothfadh an
talamh fútha agus go súghfadh teinte ifrinn iad go
léir anuas chucha arís. Ní haon iongnadh gur chrei-
deadar go mbíodh na mairbh ag teacht thar n-ais chum
cóisir do chaitheamh; go bhfeiceochthaidhe ar uair an
mheadhon-oidhche istigh in halla uaigneach iad, iad go
léir in a suidhe thimcheall an bhúird, a gculaidhe breághdha,
dubh síoda orra agus an búna lása fa n-a muineul,
gan chaint, gan gáire ag aoinneach aca acht iad in a
suidhe annsúd agus an gloine in láimh gach duine aca
agus an solus uaithne ag lasadh orra ag coinnlibh
na marbh; agus nuair do bheadh deireadh na hoidhche ann
go n-éireóchaidís agus siúd amach in a sidhe-gaoithe iad,
thar na sléibhtibh amach, go dtí n-a reilig fhéin arís.
Is iomdha sceul do bhíodh aca, dála muintir na hÉireann,
mar gheall ar an nduine do-righne margadh leis an
áidhbheirseóir agus tháinig saor uaidh ins an deireadh,
mar is breághdha le daoinibh bheith ag sceulaidheacht ar
an rud nach féidir a bheith amhlaidh, agus má is deacair
don luichín a cosa do bhreith léi ó phreabaire na gcrúcaí
nach seacht ndeacaire don duine a chroiceann do
chosaint ar ghiolla na n-adharc agus na gcrúb, má
chastar in a líon é?
Do bhí spioraid aca ar dheacair dúinn-ne a ainm do
thabhairt linn, agus déinimíd a mhalairt d'ainm do
bhaisteadh air chum oireamhaint dár mbacaighe féin.
"Gabha na Coille" is eadh thabharfaimíd air, mar is
ins an choill is minicí do-chítí é agus is ag gaibhneacht
do bhíodh sé de ghnáth. Do bhí cuais aige thíos fa an
talamh agus seacht gcinn de thallachaibh ar siubhal
aige ann, agus d'airightí na builg dá séideadh mar do
bheadh an ghaoth adtuaidh ag gabháil ar chrannaibh na
coille, agus an t-órd ag bualadh ar an inneóin mar
do bheadh an tóirneach ag bladhmadh is na sléibhtibh.
Do bhí ór agus iol-mhaitheas an domhain cruinnighthe
aige thíos, agus múnla aige chum airgead do dheunamh.
Fear mór, árd ba eadh é, mar do bhí sé i gcló duine,
gruaig dubh, chasta ar a cheann agus scraith mhór dhe
fheusóig dubh síos go dtí n-a chrios air. Aprún
leathair do bhíodh air agus seithe beathaidhigh aniar thar
a dhrom agus gan aon hata ar a cheann ná aon bhróg
ar a chosaibh acht é ag imtheacht ceann-nochtaighthe, cos-
nochtaighthe. Adeir siad dá bhuirbeacht do bhí sé in
a chaint agus in a shlighe go raibh sé go maith do na
bochtaibh, agus ná raibh aon rud is mó do chuirfeadh
áthas air ioná imirt éigin do dheunamh ar an nduine do
bheadh cruaidh in a chroidhe. - Do bhí sean-bhaintreabhach
ar an mbaile gan aoinneach aici dheunfadh aon rud di,
agus do bhí an tslinn imthighthe den tigh tar éis an gheimhridh,
agus do-chuaidh sí go dtí n-a gaolta féin dá iarraidh
orra ceann an tighe do dheisiughadh dhi fé a dtiocfadh an
fhearthainn. Daoine saidhbhre ba eadh iad, acht thugadar
gach aon leath-sceul di mar ná raibh aon fhonn orra é
do dheunamh, agus do chaith sí casadh abhaile dhi fhéin go
dubhach dioma-chroidheach. Acht in lár na hoidhche d'éirigh
sé chum gaoithe agus í istigh ins an leabaidh agus do
shíl sí go mbeadh an ceann ar fad scuabtha dhen tigh fa
mhaidin. Do airigh sí greadadh éigin ar an tslinn tré
an ngaoth go léir, agus do shíl sí gur cloich-shneachta
do bhí ann. Acht d'airigh bean den chomharsa do bhí
in a comnuidhe i mbeul an doruis aici, d'airigh sí an
greadadh ceudna, agus ní bheadh sí sásta gan éirghe
as an leabaidh chum dul ag feuchaint amach as an bhfuin-
neóig, feuchaint cad do bhí ann. Agus cad do-chífeadh
sí in áirde ar cheann an tighe acht Gabha na Coille agus
beart mór ar a dhrom aige? Ar maidin lá ar n-a
bhárach, nuair d'éirigh an baile, do bhí ceann an tighe
deisighthe rómpa níos fearr ioná mar dheunfadh aon
cheárdaidhe é. Ba ghairid in a dhiaidh sin gur bhraith
gach aoinneach go raibh mí-rath éigin ag teacht ar a
gaoltaibh, agus i gcionn na bliadhna ní raibh bó ná
caora aca agus is iad do bhí in a aithreachas annsin an
t-eiteach do thabhairt don mbaintreabhaigh.
Do bhí fear bocht lá ag gearradh crann cois na
habhainne. Sean-duine ba eadh é agus do bhí sé ag
tuitim le haois, agus meireach go raibh sé chomh bocht
sin dheurfá go mbadh cheart dó fuireach ar an teinteán
dhó féin agus compórd éigin do bheith aige i ndeireadh
a shaoghail go dtiocfadh an bás dá iarraidh. Acht ní
raibh aon airgead aige agus do bhí maighistir an-chruaidh
air. Do bhí sé an lá so ag obair agus a cheann bocht
ag scoltadh le tinneas agus an radharc ag imtheacht
uaidh, nuair do-chonnaic sé an fear fiadhain ag teacht
d'iarracht air anuas tré an gcoill. Do shíl sé gur
stracaire bocht éigin do bhí ann.
"An mbeadh aon ghreim agat d'íosainn!" arsa
an fear leis.
"Atá, blúire beag aráin. - Shud é annsin fa an tor
é. Deunfaimíd dhá leath de. Dá dhonacht mé fhéin,
badh fhéidir gur measa tusa. Is beag de fheicsin bídh
atá ort, a mhic ó. Atá sceimhleadh an ocrais i do
shúilibh. Agus adeir an sean-fhocal nuair is gann é
an biadh gur fial é do roinnt."
Do shuidheadar annsin ag bun crainn, agus d'itheadar
an blúire beag aráin as a lámhaibh, tur, tar, mar do
bhí sé. D'éirig Gabha na Coille annsin, mar is é do
bhí ann, rug ar an tuagh agus níor bhuail sé an dara
buille ar aon chrann acht é do leagaint d'aon iarracht.
Do bhí an sean-duine i riocht bháis ag an scannradh an
cheud uair, acht nuair do thuig sé cia do bhí aige, adubhairt
sé leis fhéin nárbh bhaoghal dó é.
"Cadé an margadh do-righne an maighistir leat?"
arsa an Gabha leis.
"Ceud crann do bheith leagtha agam in aghaidh na seacht-
mhaine. Iad do chur ins an snámh. Cliath do dheunamh
dhíobh agus iad do thabhairt liom síos an abhainn go dtí
an baile mór is giorra dham. Fiche míle síos ón
phaiste seo atá sé. Iad do dhíol ann agus a luach do
chur chuige. Agus aon chrann i mbreis ar an gceud
do-gheobhainn a leagaint, a luach sin do bheith mar
thuarasdal agam. Acht le déidheanaighe is annamh
bhíonn aon cheann ins an mbreis agam, mar is ag dul
i ndonacht siar atá mé."
"Ha," arsa an Gabha, ag leagaint crainn eile.
Níor stad sé go raibh trí ceud leagtha aige dhíobh.
Do phreab sé isteach i measc na ngeug agus do lean
sé ag gabháil orra go raibh na crainn go léir lom
de na geugaibh aige. Do chuir sé amach ar snámh iad
agus thug sé féin agus an sean-duine síos go dtí
an baile mór iad agus do bhí sparán óir ag an sean-
duine ag casadh abhaile dhó. Dhá lá in a dhiaidh sin do
bhí an maighistir ag feuchaint ar a lucht oibre agus do
thuit crann ar a chois agus do bhriseadh ar an áit sin í.
Mar sin, do bhí an maighistir ag cneadghail ar an leabaidh
agus do bhí an sean-duine bocht in a shuidhe go sámh
cois a theinteáin féin, agus é ag caitheamh a phíopa ins
an lá, agus ag sceulaidheacht agus ag seanchus do
chlainn na gcomhursan ins an oidhche.
Do bhí triúr dearbhráthair amuigh ar an abhainn
oidhche ar cheann de na cliathaibh móra sin, ag a thabhairt
leó síos go dtí muileann éigin do bhí i bhfad ó bhaile.
Do-chuadar in achrann ins an mborrach agus is na
sceachaibh do bhí ag fás ag ciosa na habhainne, agus ní
bhfuaradar iad fhéin do réidhteach asta fé'r tháinig
an oidhche. Do bhí sé chomh dubh le pic agus tuile an-
mhór ins an abhainn. Do bhí na tonnacha ag éirghe agus
do bhí an chliath ag snaoidheamh agus do shíleadar go
dtabharfadh na slabhraidhe do bhí ag coimheud na gcrann
le n-a chéile agus ná feiceochaidís a muintir go deóidh
arís. D'oscail an spéir go hobann le splannc mhór
agus do chrioth an sliabh leis an tóirneach agus d'airigh-
eadar an mac-alla ag teacht ó na gleanntaibh, ó
cheann go ceann, i bhfad isteach ins an tír. Do bhraithea-
dar go raibh an chliath ag imtheacht an-mhear agus do
shíleadar gur míol mór do bhí tar éis éirghe fútha,
agus go raibh sé ag a dtabhairt síos léi chum beul na
fairrge. Tháinig splannc eile annsin agus do-
chonncadar an fear mór ar an gcliath. Gabha na
Coille do bhí ann acht do bhí sé in a chúig mheud. Do
bhí crann geamhaise mar pholla in a láimh aige, agus
gach aon iarracht thugadh sé leis, do chuireadh sé an
chliath seacht léig chum cinn. Ba ghairid gur chuadar
go dtí an muileann, agus do-chonncadar a muintir
agus a mbaile dhúthchais arís.
Dá mbeadh máthair ag iarraidh eagla do chur ar
pháiste ins an ndúthaigh seo againn-ne, is é rud dheurfadh
sí ná "tiocfaidh na breal-cúin ins an oidhche agus
íosaidh siad thu," nó "tiocfaidh na briollóga breuna
fa do dhéin." Acht is é rud dheurfadh an mháthair i
bhFrancónia ná "tabharfa mé do Ghabha na Coille thu,"
agus dá mbeadh an páiste ag dul ró ghairid do bhruach
na habainne, dheurfadh sí "fan aníos as sin. Atá
Gabha na Coille ag faire ort ins an mborrach chum tú
do thabhairt leis."
Adeir siad, an géilleadh thugtar do na sean-sceultaibh
agus do na sean-chainteannaibh seo, gur ag dul i
luighead bhíonn sé ó shliocht go sliocht, gach aois mar
thagann ag dul i ngeur-chúiseacht agus i neamh-shimpli-
dheacht; an rud do chreidfeadh an tsean-mháthair ó
n-a croidhe an fhaid's do mhairfeadh sí, ná creidfeadh
a hinghean as a diaidh acht an fhaid's do bheadh sí in a
páiste, agus a hinghean sin arís, dá mbadh amhlaidh's
ná beadh innte acht aoirde an stóil, an drae phioc
toradh thabharfadh sí air. Acht badh fhéidir nach mar a
cheile atá gach aoinneach, agus go bhfuil páistí ar an
saoghal i gcomhnuidhe, a bhfuil croidhe agus aigne an
pháiste aca. Ní fearrde dhon saoghal, muna bhfuil.
Bíodh an sean-sceul fíor nó ná bíodh, atá an-chuid
focal agus ráidhte ann a bhfuil geur-chúis go leór ag
baint leó. Atá líomhthacht cainte agus brígh ann,
agus gach aon rud atá in a thosach tagann sé amach
go deas le n-a cheile in a dheireadh, gach aon rud fighte
ar a chéile mar is cóir. As na sean-sceultaibh is eadh
mhúintear a gcéird do na filíbh, agus is iad na filí
dheunann caitheamh aimsire don domhan agus chuireann
na daoine ó bheith ag síor-chuimhneamh ar a ngoile agus
ar a bpóca.
An chloch do bheadh caithte ar an sliabh agus do bhuail-
feadh ar do chois, dá mbadh duine gan léigheann thu,
badh fhéidir ná cuirfeá aon suim ann acht bheith ag
cuimhneamh ar do chois. Acht dá mbadh duine léigheanta
thu, badh fhéidir go dtabharfá fa ndeara rian na seilgeán
mion ar a heudan, agus go bhfuightheá a innsint dúinn
go raibh an áit sin a bhfuil tu i do sheasamh anois, go raibh
sé fa an bhfairrge ins an tsean-aimsir. Na seilgeáin
do-chíonn tú ann, ní in áirde ar an spléic do bheidís
an cheud lá i measc an fhraoich nuair do bhí an biadh
ionnta, acht in áit éigin i mbeadh deoch den sáile le
faghbháil aca. Sin é dála na sean-sceulta. Atá
siad chomh aosta leis an gceó, agus aon rud tháinig
anuas mar sin ón sean-dhream bí siúráilte go bhfuighbheadh
fear léigheanta meabhair do bhaint as. Adeir siad go
raibh saidhbhreas an domhain ag Gabha na Coille thíos
fa an talamh. Creid é nó ná creid, acht ná cuireadh
aoinneach in a luighe ort ná fuil ins an sceul acht an
méid do thuicfeá an cheud uair d'aireochthá é. Dá
mhéid bheidh tú ag cruinniughadh meabhrach agus ag bailiu-
ghadh léighinn chughat, is eadh is fearr bheidh fírinne na
cainte seo ag dul i dtuicsin duit. Is iomdha deifir-
idheacht atá idir an nduine agus an beathaidheach, acht
atá aon deifiridheacht amháin eatorra bhaineann leis
an gcaint seo, go mbíonn an duine ag cuimhneamh ar
an saoghal do bhí ann roimhe agus ar an saoghal thiocfaidh
in a dhiaidh. Atá sé ag baint leis an nduine suim
do chur is na sean-sceultaibh agus is na sean-
nósannaibh agus i ngach aon chor do chuir an saoghal
de ins an tsean-aimsir. Má is duine thu, bíodh cáil
an duine ort, agus ná caith aon droch-mheas ar na sean-
sceultaibh.
Máire, bean bhocht do bhí ar an mbaile. Do bhí sí
ag dul fa an choill an tráthnóna so ag iarraidh beart
brosna d'adhainfeadh an teine dhi ar feadh na seachtmhaine
agus roinnt duilleabhair chum go mbeadh rud le n-ithe
aici thabharfadh sí don dá ghabhar do bhí aici.
"Rioth, rioth, a Liam," arsa sí leis an bpáiste ba
shine aca. "Rioth leat agus tabhair leat isteach an
bhilleóg atá sáidhte i ndíon an bhótháin sin amuigh.
Corruig ort. Caith uait an sean-thop sin. 'Gheobha
mé córda nua i mbárach duit chuirfidh ag rinnce níos
fearr duit é. - Cá'il tu, a Mhóirín? A Mhóirín?
A Mhóirín? Corruig, a leanbh. Atáimíd ag dul go
dtí an choill."
"O a Mham, a Mham," arsa Móirín agus í ag rinnce
le háthas, "feuch cad thug an bhean uasal dam."
Ribín deas do bhí aici. Do chuir Máire in a gruaig
é, agus do dhírigh sí a racait uirri.
"Ó, maran tu an scoth againn," arsa Máire léi.
"Bfuil Lisín ag teacht linn?" arsa sí le n-a
máthair. Ba shin í an ceann ba óige do bhí orra.
"Ó go deimhin atá, nuair bheidh an braoinín bainne
ólta aici. Ní istigh ins an mbothán i bhfochair na ngabhar
do fhágfaimís í. Dar ndóigh ní bheadh aon deallradh
orainn gan Lisín do thabhairt linn. An mbeadh, a
Lisín? An mbeadh?"
Ní righne Lisín acht an cupán do leagaint uaithe agus
rioth d'iarracht ar a máthair agus sciatháin uirri le
háthas. Do thóg an mháthair í agus do chaith sí in áirde í.
"M'anam thu," arsa sí, "is dóigh leis an gcuitín
liath go bhfuighbhidh sé thu, acht ní bfuighbhidh. - Brostuigh
ort, a Mhóirín. Tabhair leat an teud sin. Siubhail
leat, a Liam. - Ó, atá an scuain ar fad ar an mbóthar
anois againn. - Dún an geata, a Mhóirín. - Fanaigí
go réidh. Rioth thar n-ais arís, a Liam, agus feuch an
bhfuil aon ubh i nead na gcearc, agus má atá, oscail
an dorus agus leag in áirde ar an ndrosúr é."
Do chuireadar dhíobh annsin, agus táinig Liam in a
ndiaidh agus saothar air.
"Do bhí dhá cheann ann agus do leag mé in áirde
ar an ndrosúr iad. Ceann geal agus ceann beag,
dearg."
"Is eadh Ceann dubh-dhearg, is dócha. Shin í an
fheireóg atá ag tosnughadh ag breith. Atá leigheas
annsin. Caithfimíd é do chur ar leath-taoibh."
"Agus do-chonnaic mé cú Bhillí," arsa Liam, "agus
í ag eulódh léi d'iarracht ar an nead."
"Ó an bitheamhnach!" arsa Máire, "nach í, a Lisín?"
"Cú dheas, cú dhubh, dheas," arsa Lisín.
"Ó, shin í an chú dhubh, dheas agat, a phutailín, ná
fágfadh ubh againn ná fiú an bhlúire feóla ins an chorcán
dá bhfuighbheadh sí an dorus oscailte."
"Is deas liom cú Bhillí," arsa Móirín, "mar bíonn
sí ag gáire leat."
"Bíonn, mhuise," arsa Máire, "an rógaire, agus
shin é an gáire nár tháinig a ionbhaidh isteach. Do
bheadh sí sin ag gáire leat agus a cealg sáidhte ionat
chum do dhíoghbháil do dheunamh. - Cia hí an bhean uasal
thug an ribín duit, a Mhóirín?"
"Ní fheadar. Do fhiarfaigh sí dhíom cadé an bóthar
thabharfadh go dtí an teach mór í."
"Agus cad dubhairt tú léi?"
"Adubhairt mé léi dul síos an bóithrín agus go
mbeadh sé ar thaobh a láimhe deise."
"Ó cabhair Dé chughainn, a inghean ó! Do chuir tu
i mudha í."
"Níor chuireas, a mham. Ná fuighbheadh sí dul trasna
na bpáirceanna?"
"O ní fheadar an bhfuighbheadh. Bíonn a oiread
córacha orra sin gur deacair dóibh dul thar na cladhachaibh.
"Cathoin bheidh Domhnach na trí ubh againn, a mham?"
arsa Liam.
"Is fada fós go mbeidh, a gharsúin, agus muna
bhfairfe tú cú Bhillí ar na huibhibh, atá sé fuar agat
bheith ag braith ar aon cheann aca - Acht, éist! Cia hí
seo aníos in ár gcoinne?"
"Siobhán Cháit Nell," arsa na páistí, agus síos leó
d'iarracht uirri.
"Rioth, rioth, a mham," arsa Lisín.
"Ó caithfimíd-ne bheith ins an rás chomh maith leis an
gcuid eile. Coimheud do ghreim anois."
Agus síos léi in a ndiaidh agus Lisín ar a drom aici.
Do bhí Siobhán tar éis bheith ins an mbaile mór. Do
leag sí uaithe an ciseán ar bharr an chlaidhe, mar do bhí
sí cortha.
"Ó, m'anam istigh sibh, a mhaoineacha! Bhfuil sibh
go léir ag dul go dtí an choill? Ó feuch uirri fhéin
agus íochtar an nidín ar a drom aici! - Dia's Muire
dhuit, a Mháire."
"Ó, Dia's Muire dhuit 's Pádraig, a Shiobhán. Ag
teacht ón mbaile mór atá tú?"
"Is eadh, mhuise. Thug mé liom an ruainnín beag
guail seo agus atá mé marbh aige mar ualach. Atá
m'órdóg tinn le tamall agus ní bhfuaras an barr-
theud do shocrughadh in a cheart."
"Ó'se, mo thruagh thu," arsa Máire. "Ciach orra
mar chiseáin. Dá mbeadh asailín agat, níor ghábhadh
dhuit é seo do bheith ar do mhuin agat. Fan go socrocha
mé dhuit é. Anuas leat, a Lisín."
"Cá bhfuair tú an ribín, a Mhóirín?" arsa Siobhán
léi.
"Ó cá bhfuighbheadh sí é," arsa Máire, "acht bean
uasal á thabhairt dí as í do chur i mudha. Ag dul
go dtí an teach mór do bhí sí, agus soir an bóithrín
do chuir an lédar so í."
"Ó ní dheunfaidh an gháibhéireacht aon díoghbháil ar
domhan di. - Ó'se, a Mháire, an bhfuil a fhios agat cad
do bhain dam ar maidin? Do bhí an sean-duine seo
agam-sa ag bruighean liom le fada arán bácaora do
cheannach dó go bhfuil sé cortha dhen arán greille, agus
do bhínn-se ag a rádh leis gur folláine ár gcuid fhéin
plúir ioná aon rud do cheannochthaidhe ó na boscaíbh
sin."
"Masa, do bhí an ceart agat," arsa Máire.
"Do bhí, mhuise," arsa Siobhán. "Acht cadé a mhaith
dhuit an ceart do bheith agat nuair atá tú ag pléidhe
le n-a leithéid sin?"
"Ó 'se, an drae phioc," arsa Máire, "- a Liam, a
Liam, fan isteach ón díg sin. An airigheann tú mé?
Gabh i leith annso, agus téighir ag baint nóiníní do
Lisín. Is eadh. Shin é é. Fan socair annsin duit
fhéin."
"Acht," arsa Siobhán, "do-chuaidh mé annsin indé
agus do cheannaigh mé crusta mór de bhulóig ó fhear
an bhosca, agus do leagas ar an mbórd ar maidin í.
Tháinig sé fhéin anuas den lochta, agus nuair do-
chonnaic sé an bhulóg, "ó 'se, m'anam thu," arsa sé,
"is fada liom go mbeidh greim agam asat.""
"Ó 'se, nach é atá greannamhar?" arsa Máire agus
í ag gáire.
"Is é, mhuise. Acht fan go 'neósa mé dhuit. Do
bhí a lámha fuar agus tháinig sé aníos dá théidheamh
féin ag an teinidh agus do bhí mé fhéin ag faire an té
ar eagla go bhfiuchfadh sé. Ní rabhamar ag cuimhneamh
ar dada nuair d'airigheamar an blab ag an dorus,
agus siúd amach cú Bhillí agus an bhulóg in a beul
aici."
"Ó, Ó," arsa Máire ag bualadh a bas, "atá an
dúthaigh creachta aici."
"Rug sé fhéin ar an bpíce agus amach leis in a diaidh
acht do bhí sé chomh maith dhó fuireach mar do bhí sé.
Do léim cú Bhillí in áirde ar fhalla an tsean-fhothraigh,
í fhéin agus bulóg an bhácaora, agus do-chuaidh sí in
áirde ar fad ar an sean-phinniúir annsin agus ní
bhfuighbheadh sé í do leanmhaint. Acht dá bhfeiceochthá
an olathainn do bhí air nuair do chas sé! Do chaith sé
uaidh an píce i slighidh gur dhóigh leat gurbh é do bhí
tar éis é do chreachadh, agus a leithéid de chaint 's do
bhí aige! Acht nuair tháinig suaimhneas ann, do shuidhe-
amar chum búird, agus do bhíomar ag ól an té. Do bhí
an dorus oscailte, agus cad do thiocfadh ann acht cú
Bhillí arís agus í ag a lúbadh féin le háthas agus ag
nochtadh a fiacla go léir. Níor dhóigh leat nach ag
magadh fúinn do bhí sí. Do bhí cúl fear an tighe
leis an ndorus acht d'airigh sé na lapaí agus d'ionnbuigh
sé a cheann agus do phreab sé in a sheasamh. Acht do-
chuaidh greim le n-a anáil, agus d'óbair go dtachtfaidhe
é. Do bhíos-sa i bhfad ag gabháil dó, ag a bhualadh ins
an drom fé'r tháinig sé chuige fhéin. "Ó 'se, ní bhfuightheá
dul níos fearr," arsa mise leis, "tú féin agus bulóg
an bhácaora.""
"Cú dhub. Cú dheas. Cú Bhillí," arsa Lisín.
"Ó 'se, a stóirín," arsa Siobhán léi, "is dubh atá
sí, agus dá bhfuighbheadh fear mo thighe-se a dhá láimh
uirri, nara dia-le-boiscín marab é do chuirfeadh an
scrios léi síos leis an bhfaill. - Seo, a Mháire. Is
mithid dúinn bheith ag imtheacht. Socruigh é seo ar
mo dhrom dam - Is eadh. Atá sé go maith anois, go
bhfágaidh Dia an tsláinte agat fhéin agus ag do chúram.
Go n-éirghidh an t-ádh libh anois."
"Go n-éirghidh an t-ádh leat féin, a Shiobhán. Cad
adeir tu, a Lisín?"
"N-éir ádh, a Shiobhán," arsa sí.
"Is eadh," arsa Máire, "go n-éirghidh an t-ádh leat,
a Shiobhán adeir sí."
"Ó 'se, go mbadh hamlaidh dhuit, a phutailín bháin,"
arsa Siobhán.
"A Shiobhán, 'bhán!" arsa Lisín.
"É?" arsa Siobhán ag feuchaint siar uirri.
"Cá'l Maitiú?" arsa Lisín.
"Cia hé Maitiú?" arsa Siobhán le n-a máthair.
"Ó, shin é ainm atá aici ar an gcat mór sin agat."
"Ó 'se, mo ghráidhin an sagart do bhaist é!" arsa
Siobhán. "Atá sé ins an mbaile in a chodhladh ag an
teinidh dhó fhéin, an seibeanach mór."
Do scaradar annsin le n-a chéile, agus do ghabh
Máire agus na páistí síos an bóthar d'iarracht ar
an gcoill, agus Lisín ar a drom aici. Do bhí sruth
ag rioth trasna an bhóthair ann, agus nuair do-chuadar
go dtí é,
"Léim! Léim! Léim!" arsa Lisín ag bualadh a
baisín ar shlinneán a máthar.
"Ó, mise thabharfaidh an léim duit, a inghean ó! -
Síos thairis leat, a Liam! - Ó sin léim bhreághdha - Is
eadh anois, a Mhoirín, ná leig an lá le Liam - Hú, maith
an gearrchaile. Deunfaimíd captéin díot!"
Acht do bhuail sáil léi ins an sruth, agus do bhuail
Lisín a baisíní beaga le háthas, agus do chromadar go
léir ag gáire.
Fan go réidh, a Lisín," arsa Máire, "go mbainfe
mé casadh eile as an seál so. Bí in achrann go maith
anois. - Hú, fan go bhfeiceocha sibh an léim sidhe reatha!
- O thó, shin é léim an ghaiscidhigh agaibh," arsa sí ag dul
thar an sruth, "ní dheunfadh Siobháinín an Bhóthair níos
fearr é."
"An raghthá de léim thar an abhainn mhóir, a mham?"
arsa Móirín.
"Ó ní fios cad dheunfainn," arsa sí, "agus an
marcach beag so ar mo mhuin agam. - Siubhlaígí libh.
Caithfimíd an beart do thabhairt abhaile linn fé mbeidh
an oidhche againn."
Do shiubhlaigheadar leó.
"Ó feuch ar an mbuidheacán!" arsa Liam ag rioth
anonn agus ag baint an bhlátha mhóir bhuidhe do bhí ar
thaobh an bhóthair.
"Atá ceann eile agam-sa," arsa Móirín.
"Níl sé chomh deas le mo cheann sa," arsa Liam.
"Mara bhfuil agus níos deise," arsa Móirín.
"Ó ní haon bhuidheacán aon cheann aca sin," arsa
Máire. "Fan go dtiocfaidh Domhnach na trí ubh. Shin
é an uair bhíonn an buidheacán ar an saoghal, um Cháisc.
Caithfimíd éirghe go doith maidin Domhnach Cásca chum
bheith ag feuchaint ar an ngrian ag rinnce."
"An mbíonn sí ag rinnce an lá sin?" arsa
Móirín.
"Bíonn, mhuise. Le háthas."
"Agus cia bhíonn ag portaidheacht di?" arsa Liam.
"Ó ní fheadar mé é sin duit, a gharsúin, marab í
an spideóigín í."
"Badh fhéidir gurab é an t-aingeal dheunann é,"
arsa Móirín.
"Badh fhéidir sin fhéin, a inghean ó. - Ó shin é thíos
geata na coille. Riothaigí, riothaigí. Cia aca againn
is túisce ann? - Coinnigh do ghreim, a ghilín. - Ó, atá
Móirín chum tosaigh. - Ha! Atáimíd ag breith suas
léi - O thó! Atáimíd go léir ann in éinfheacht! Atá
an rás buaidhte againn go léir! - Oscail an geata, a
Liam. Dún in ár ndiaidh anois é. Is eadh, anois
atá an deallradh orainn. Luighmíd isteach chum na
hoibre anois."
"Cá ngeobhaimíd, a mham?" arsa Liam.
"Síos an cosán so síos, go dtí bruach na habhainne.
Is ann atá an duilleabhar is fearr. Caithfimíd an
greim beag sóghail do thabhairt do na rudaíbh gabhair
chum an bhainne do choimheud aca do Lisín agus do
mhuintir an tighe."
D'imthigheadar leó síos díreach go dtí an áit ar leag
Gabha na Coille na trí ceud crann don bhfear bocht.
Nuair do-chonnaic sí na geuga ar fad in aon charn
amháin,
"O Dia le m'anam," arsa sí, "a leithéid d'íosbairt
ní fhaca mé riamh im shaoghal! Ní fheadar cia do bhí
annso ar aon chor? Agus an gearradh do-righneadh
orra! Níor dhóigh leat nach toir ghabáiste iad do
gearradh le scian' buidheachas le Dia! Acht cibé
duine do bhí ann go bhfuasclaidh Dia ar anmain a
mharbh. Níor fhág sé ar uireasbaidh brosna sinn."
"Atá crainnín beag deas annso do sna gabhraibh, a
mham," arsa Liam.
"Atá, a gharsúin. - Acht tabhair dham an bhilleóg sin.
Ní dheunfaimíd an duilleabhar do bhaint go dtí ar a
ball, go mbeimíd ag casadh. Dá mbeadh an duilleabhar
ró fhada bainte againn, badh fhéidir ná híosadh na
gabhair ar aon chor é, dála Móirín do bhí ag deunamh
tormas ar an leite ar maidin. - Socraighigí sibh féin
annsin anois. Fan go socrocha mé an seál fút, a
Lisín. - Atá an paiste seo úr - Atá, maite. - Cuir do
dhruimín i dtaca leis an ngeug so. - Ó, nach í mo chircín
bheag ruadh atá meáidhte! Shin é é. - Fanaigí socair
annsin díbh féin go mbaileocha mé an brosna."
Do-chuaidh sí ag obair annsin ag bailiughadh an
bhrosna. Do thuit neul beag codhlata ar Lisín agus
ní raibh mórán cainte ag Liam ná ag Móirín, mar do
bhí roinnt corthachta orra tar éis dóibh siubhal go dtí
an choill. Acht ba ghairid gur tháinig an brígh ionnta
arís. D' airigheadar glór éigin amuigh ar an abhainn,
agus do bhíodar ins an stealladh ar an nómaint.
"A mham, a mham! Cad atá ag teacht?" arsa
Móirín.
"Ó fanaigí go réidh," arsa an mháthair, "pé rud é,
ní baoghal go n-íosaidh sé sinn."
Ba ghairid go bhfacadar an bád agus na daoine ag
abhrán innte. Do bhí seól beag in áirde uirri agus
rioth na habhainne léi.
"Ó, an airigheann sibh iad sin? Nach beag de chiach
an tshaoghail atá orra?" arsa Máire.
"Beidh bád agam nuair bheidh mé mór," arsa Liam.
"Beidh, a mhic ó, agus árthrach agus dhá cheann de
licdéiríbh chum í d'fholamhughadh. Is eadh agus caithfimíd
árthrach do fhaghbháil do Mhóirín agus árthrach do Lisín,
ceannaibh a mbeidh clúmh agus dhá sciathán orra."
"Ceannochaidh Daid árthrach dam," arsa Móirín.
"Ceannochaidh mhuise, le deithneas. Is fada do
bheadh breall ort, a inghean ó. - Seo, socruighigí sibh
féin annsin arís go mbeidh an cheud bhád eile chughainn.
Is eadh anois, a Lisín, Lisín. Caitfimíd an sop do
chur fa an chircín arís. Cruinnigh chughat do chosa
beaga. Ó feuch ar na luichíníbh ag rioth isteach ins an
díon. A haon! a dó! a trí! a ceathair! a cúig! a
cúig, a cúig, a cúig!!! - A thá! do bhí a fhios agam go
mbainfinn an gáire asat."
Do-chuaidh sí ag baint an duilleabhair ar a dícheall.
"'Rán, 'rán, 'rán," arsa Lisín, agus gach aon
liúgh aici.
"Abair abhrán, a mham," arsa Liam agus Móirín.
"Ó 'se, atá mé marbh agaibh."
Agus do chrom sí ag abhrán:
"Cuitín agus uabhar air ag cuardach an tighe,
'S'á mhéid é a chuid cuardach ní bhfuair sé braon dighe.
Bhí sean-duine cnaoidhte ar fhúrma in a shuidhe
'S gan dada in a phíb acht athí, thí, thí, thí."
Agus do bhí sí ag aithris ar an sean-duine bocht
agus ar an gcosachtacht do bhí air. Annsin is eadh
d'éirigh an tseilg aca. Do chaith sí é do rádh dhóibh fiche
uair go ndóbair go mbeadh an tóchtán ag teacht
innte fhéin ins an deireadh.
"Éirighigí, a scata fathaigheach," arsa sí leó. "Tais-
beánfa mé cleas beag díbh. Éirigh, a Lisín, a stóir.
Téigí ag bailiughadh a bhfuil de chunathaibh caithte ar an
talamh annso agus déinigí carn beag díobh agus
taisbeánfa mé dhíbh cad dheunfa sibh leó annsin."
Nuair do bhí an carn beag deunta aca, do chaith sí
uaithe an bhilleóg agus thug sí léi dorn cipíní agus do
sháidh sí síos ins an talamh iad gairid do bhun crainn.
Do bhí stiall dhen choirt éirighthe dhen chrann, agus do
bhog sí amach é agus thug sí léi fiar-sceó ar na cipíníbh é.
"Shid é an bothán anois againn," arsa sí, "acht
caithfe sibh a thuilleadh de na cipíníbh do thabhairt libh
agus iad do chur i bhfochair na gceannaibh eile, chum na
fallaí do dheunamh in a gceart. Fágaidh oscailt bheag
mar dhorus air, agus nuair bheidh sé deunta agaibh,
bígí ag caitheamh na gcunatha ar fad isteach. Shid iad
na lachain agus caithfe siad go léir bheith istigh in a
mbotháinín fhéin fé an oidhche."
Le n-a linn seo, do bhí Gabha na Coille ag faire
orra. Do bhí sé cortha ó bheith ag bualadh an úird
thíos fa an talamh agus tháinig sé aníos dá ghrianughadh
fhéin. Do bhí sé in a shuidhe in áirde ar charraig, a bhas
fa n-a ghiall agus a chos ar a ghlúin aige. Do-chonnaic
sé gach aon chor do chuir an mháthair di ón uair do fhág
sí an teach. Do bhuail sé a ghlúin le buille dhorn.
"Dar a bhfaca mé riamh," arsa sé, "atá buaidhte
aici seo! Is minic d'airigh mé an sean-fhocal go
bhfuil míle grádh ag an máthair dá leanbh. Atá, mhuise,
míle agus seacht gceud. Cuimhnigh uirri seo! Í go
dian ag obair ó mhaidin, agus i ndeireadh an lae ag
a dtabhairt seo amach léi go dtí an choill, ag bailiughadh
brosna agus ag baint duilleabhair, agus cadé an
díoghbháil ácht í do bheith chomh geal-gháireach sin? Cá
bhfuair sí an croidhe ar aon chor? Atá sé chomh fairsing
leis an sliabh so aici. Deamhan an bhfeadar mé cadé
an nádúir atá innte ar aon chor. Dá gcaithfinn-se
bheith ag pléidhe leó sin, do theichfinn le m'anam amach
as an saoghal ar fad."
Do lean na páistí ag sugradh agus ag cleas-
aidheacht dóibh féin, agus do chrom sí fhéin ar stranncán
abhráin. Acht do bhí Lisín, an creutúirín beag, cortha
agus is gairid ná raibh sí ag cur aon suim ins an
mbotháinín ná is na lachnaibh. Do bhí sí ag teacht
crosta, giúrnálach.
"A 'mér, 'mér, 'mér, a mham! a mham!!" arsa sí
agus gach aon screuch aici, agus í caithte annsúd ar
an talamh, agus í ag a hiomalat féin le neart stailc.
Do chaith an mháthair an bhilleóg uaithe agus do rioth sí
d'iarracht uirri agus do thóg sí í.
"Ó, mhuise, mhuise, a chaillighín gránda an olathainn!
- Seo-thó! seo-thó! - Ní thiocfaidh an cuitín ar aon
chor! Sinn-ne do chuirfeadh an tsnaidhm ar a earball,
an pisín gránda, dá dtiocfadh sé d'iarraidh mo pháistín
fionn! - Seo-thó! seo-thó! - Ó, feuch ar an gcoinín,
ar an gcoinín! Ó agus í ag preabarnaigh agus ag
rinnce! Ó feuch uirri!"
Do stad Lisín den mbéiceadh agus gach aon deór
léi chomh mór le meuracán.
"Ó feuch uirri! Nach uirri atá an magadh! Ó cad
'deir sí? cad' deir sí? Ó, 'deir sí go dtabharfaidh sí
a croiceann do mham chum caipín do dheunamh do Lisín!
Ó nach maith chuimhnigheann sí ar na leanbhaíbh!"
Acht do chrom Lisín ag béiceadh arís.
"'Mér, 'mer, 'mér, a mham!" arsa sí agus í ag
preabadh as a lámhaibh.
"Smeura, smeura, a ghilín? - Ó 'se, mo chuid 'on
tsaoghal thu! Nach fuiris do ghalar do leigheas? - Ó
mise 'gheobhaidh na smeura deasa dhuit, dá mbadh
amhlaidh's ná beidís ag teacht achtar bharraíbh na gcrann!
Fan socair duit fhéin anois!"
Do rioth sí isteach ins an scrubarnaigh agus thug sí
dorn fraochán léi.
"Ó feuch orra," arsa sí ag a síneadh chuichi, "agus
gach aon cheann aca chomh milis le mil 's molás! Agus
do bhí an sicín tradhn' d'iarraidh iad do sciobadh
uaim!"
Acht ní righne Lisín acht iad do chaitheamh ar an talamh,
agus í ag béiceadh agus ag rinnce le buile.
"Ó Dia le m'anam," arsa an mháthair, "cad dheunfa
mé léi ar aon chor - A Ghabha na Coille! A Ghabha na
Coille! Tar agus óg í seo!"
Ní raibh an focal as a beul nuair do bhí an fear
mór, dubh in a sheasamh ós a comhair amach.
Do chrioth sí ó n-a bonn go dtí n-a baitheas agus
do-chuaidh an triúr páistí in achrann in a ceirtibh agus
iad ag screuchadh.
"Tabhair dham í! Tabhair dham í!" arsa Gabha na
Coille ag síneadh a lámh chuichi.
"Dá bhfeuchfá le do mheur do leagaint ar aoinneach
aca, do bhainfinn an ceann díot leis an mbilleóig seo,"
arsa Máire don ngraith sin.
Do mhaolaigh an Gabha ar an nómaint.
"Dhe mhuise, go réidh leat annsin, a bhean! Tú
fhéin agus an bhilleóg! Cadé a chúis duit glaodhach
orm?"
"Mar sin, ní bhfuighbhinn aon suaimhneas do chur ins
an chuirptheóir beag so. Ní fheadar mé cad tháinig
uirri."
"Atá tú ag obair mar seo ar feadh an tráthnóna?"
"Atá mé, mhuise, ag bailiughadh ruainnín beag
brosna dam féin."
Do chuir an Gabha gáire as.
"Masa, is déine do bhí tú ioná mé fhéin," arsa sé.
Do bhí sé ag feuchaint chomh muinteardha, chomh bádhmhar
orra nár fhan aon scáth aca roimhe, agus ba ghairid gur
chuaidh Liam agus Móirín ag cur na lachan isteach ins
an mbotháinín arís. Do thóg Máire Lisín, agus geal-
laim duit nár bhéic sí a thuilleadh acht dhá shúil mhóra
uirri ag feuchaint ar an nGabha.
"Nach mór an cúram iad, mar pháistí?" arsa an
Gabha.
"Is mór, mhuise, acht má is eadh fhéin, cad dheun-
faimís ar aon chor dá n-iongnais? Is é is luath liom
imtheochaidh siad uaim i mbun a nidín fhéin nuair bheidh
sé de aois aca, go bhfóiridh Dia orm!"
"Ná brisfidís an croidhe ionat nuair do bheidís
tinn?"
"Dhe mhuise, ní bhrisfidís, na haingceiseóirí! Níor
mheabhair leat suidhe ná luighe, an fhaid 's do bheadh
ceann aca tinn agat. Thug mé coigthidheas ag a bhfaire
seo anurthaidh nuair do bhí an bhruitíneach orra, agus
ní fheadar mé ar dhún mé mo shúile ar a chéile ar aon
chor ar feadh an fhaid sin aimsire chum aon chodladh
ceart do dheunamh acht suidhe ar an stól tamall ag
neuladóireacht."
"Atá an riabhach air mar obair," arsa an Gabha.
"Ní fheadar mé cionnus fhoidhneann tú leó ar aon
chor."
"Ó 'se cia dheunfadh aon rud dóibh acht a máthair, na
creutúiríní, go mór-mhór nuair do bheidís sínte annsúd
agus gan ionnta a lapaí beaga do thógaint chum
fuascailt orra fhéin."
"Is eadh. Is eadh. Is dócha go bhfuil nádúir éigin
ionaibh," arsa an Gabha.
"Agus cadé a chúis ná beadh? Feuch ar an gcircín
agus a líne. Nach í bhíonn go cúramach ionnta? Ag
piocadh agus ag soláthar dóibh agus gach aon "deoc,
deoc" aici agus ag a gcosaint ar cibé rud do bheadh
ar a dtí, preuchán nó seabhac nó aon rud, agus ag a
gconnlach isteach fúithe nuair do bheadh an fuacht ann
agus ag leathadh a sciathán amach orra d'iarraidh an
cluthmharadas do thabhairt dóibh go léir, dá mhéid do
bheadh ann díobh. Ná fuil a fhios ag an saoghal go
ndeunfadh an chearc é sin, ní áirmhím ná deunfadh an
críostaidhe é?"
"Is eadh. Is dócha go bhfuil cúis éigin leis. Acht
nuair do bheidís crosta, ná cuirfidís ar lár na gealaighe
thu, iad fhém agus a gcuid béicídh?"
"Dhe mhuise, cadé an díoghbháil? Feuch uirri seo
anois." - Do bhí Lisín ag cimilt a pluicín de phluc a
máthar - "An leamhasaire beag! Nach í atá ag fuireach
macánta anois? Nach tú, a Lisín? - Badh dheas leat
iad nuair do bheidís ag leamhasaireacht leat mar sin.
Aon gháirín beag amháin do chuirfidís asta, agus ní
chuimneochthá ar a mbeadh dá nduadh faighte agat ar
feadh ráithe."
"Cadé an saghas duine atá mar fhear agat?"
"Ó 'se, fear maith, mhuise, acht é do bheith ró ghreamast-
amhail ar an airgead."
"Fear cruinn is eadh é, má is eadh?"
"Ó 'se, mó is cruinn atá sé. An rud is gorta
'chonnaic tú riamh."
"Cadé a chúis duit é do phósadh, má is eadh?"
"Masa, ní dheunfa mé aon bhreug leat, a dhuine
uasail. Gearrchaile bocht ba eadh mé agus mór-
sheisear againn ins an tigh, agus mise an duine ba
shine dhíobh. Do bhí mé ag dul in dá bhliadhain 's fiche
agus níor tháinig aoinneach 'om iarraidh le pósadh.
Agus sé bliadhain chum an Domhnaigh seo chughainn nuair
tháinig Stophán 'om iarraidh, adubhairt mé leis, ó is
tú an cheud duine d'iarr orm, ní thabharfa mé an
t-eiteach duit. Pósadh an lá ceudna sinn. Buachaill
beag, tóicheastalach ba eadh é, agus níl aon locht ar
domhan agam air acht an méid adubhairt mé ó chianaibh
go bhfuil sé ró sceimhlighthe chum an airgid agus is
ag dul i ndonacht atá sé. Níl acht seachtmhain ó
d'iarr mé luach culaidh bheag air do chuirfinn ar an
ngarsún so - shud é annsin é - mar atá sé in a am
aige na cóitíní seo do chaitheamh de, agus dóbair go
ngeobhadh sé de chleath orm."
Dá bhfeiceochthá an Gabha agus an searradh do bhain
sé as féin!
"An dearg-mhéirleach! Dá bhfuighbhinn barraí mo
mheurna air."
Agus do-chífeá a chíor fhiacla i lár na feusóige.
Acht nuair do-chonnaic Lisín an deallradh mhillteach
tháinig air, do phreab sí le háthas.
"Fear dubh, deas! Fear dubh, deas! Cú Bhillí!"
arsa sí.
"Cad atá sí a rádh ar aon chor? Nó cia hé Billí?"
arsa an Gabha.
"Ó 'se, buachaill breághdha macánta. Bíonn sé
ag obair thoir annsin ag an phíor."
"Acht cadé an chú adubhairt sí?"
"Ó 'se, gabhaim pardún agat, a dhuine uasail, acht
atá cú dhubh ag Billí agus bíonn sí ag nochtadh a fiacla
díreach mar do bhí tú fhéin ó chianaibh, agus shin é do bhí
sí a chur i gcomparáid. Gabhaim párdún agat."
"Ó 'se cúis gháire chughainn!" arsa an Gabha agus
é i riocht a chailleamhaint le gáire. "Dar an bhfalaing
go bhfuil greann ionnta mar pháistí! Níor airigh mé
riamh níos deise é."
"A thá! feuch sin leat anois!" arsa Máire. "Níl
aon teóra leó babhtaí. - Acht atá mé ag fuireach ró
fhada. Caithfimíd bheith ag cur dínn."
"Fan leat go réidh," arsa an Gabha. "Cadé an
tslighe mhaireachtain atá ag t'fhear, nó an feirmeóir
é?"
"Ní headh, mhuise, acht peidléir. Bíonn sé ag
imtheacht ó áit go háit ag díol miasa agus soithighe,
acht bíonn sé ins an mbaile istoidhche Dé Sathairn
i gcomhnuidhe. An fear bocht! bíonn ualach mór uairean-
ta air. Do chuirfeadh sé truagh ort bheith ag feuchaint
air. Atá sé ar an mbóthar mar seo agus beidh sé ag
casadh istoidhche i mbárach."
"Atá cion agat air i gcomhnuidhe má is eadh?" arsa
an Gabha.
"Dhe mhuise, cadé a chúis ná beadh? Cad dheunfainn
ar aon chor, meireach é?"
"Agus cia fhanfadh i bhfochair a leithéid de mheilimí-
neach?" arsa an Gabha.
"Ó 'se, mar sin bhíonn na fearaibh fir go léir.
Cuid aca ag scaipeadh gach aon rud ar an ól agus an
chuid uile aca agus an-iomarcaidh greim aca ar gach
aon rud. Droch-threibh is eadh iad ar chuma éigin. Ní
fheadar mé cad bhíonn orra."
"Agus an bhfuil aon airgead ag an bhfear so agat?"
"Ag Stophán? dhé mhuise, go bhfóiridh Dia ar do
chloigeann bocht, muna bhfuil. Nach ag tiormughadh
airgid thugann sé a shaoghal?
"Agus ní thabharfadh sé dada dhuit?"
"Ní thabharfadh ná cros na cianóige. Ní fheadar
mé cionnus mhairimíd ar aon chor aige. Meireach
na rudaí gabhair agus na cearca, ní fheadar mé cad
dheunfaimís. Faghbhaim-se gráinne mine ar na huibhibh
ó bhean den chomharsa - ó Shiobhán - í seo atá i mbeul
an doruis againn - chum leite do dheunamh do na
páistíbh, agus gráinne le n-ithe do na cearcaibh. Agus
cadé an díoghbháil dá leigfeadh sé dham fhéin? Do bhí
líne deas sicíní agam i mBealtaine seo do chaitheamar
- atá a fhios agat an síolrach nua sin, na rudaí beaga
buidhe sin - agus do-chonnaic bean an Tighe Mhóir iad
agus do bhí sí chum iad do cheannach uaim. Adubhairt
sí go mbíonn siad blasta le n-ithe. "Masa, a Mháire,"
arsa mise liom fhéin, "atá tu tóicighthe anois nó riamh.
Ní dual di sin aon lámh chruaidh do bheith aici, agus
do-gheobha tú airgead maith orra, cheannochaidh culaidh
bheag don ngarsún agus racait don ngearrchaile."
Acht, i masa, is fada ón luaith an bocaire. Cad is
dóigh leat do-righne an cladhaire seo orm, acht na
sicíní d'árdach leis go dtí an baile mór, é fhéin, agus
iad do dhíol agus an t-airgead do bhualadh síos in a
phóca."
"Ó bhúch! Ó bhúch," arsa an Gabha, "Cabhair Dé
chughainn, a inghean ó! Agus cad dubhairt tú leis
nuair do chas sé, nó ar thugais aon bhruighean dó?"
"Ó mhuise, an drae bhruighean. Adeir siad gur
fearr an t-imreas ioná an t-uaigneas, acht, i masa,
ní maith liom féin an t-imreas aon am, cibé rud
dheunfadh an t-uaigneas. Ní righne mé acht mo thoil
do chur le toil Dé an oidhche sin agus m'athchuinge do
chur chuige suaimhneas aigne agus síothcháin codlata do
thabhairt dam go maidin."
"Dhe mhuise, a bhean 's a mháthair na ngáirleach, nach
aingceis an sceul duit bheith ceangailte dhe n-a leithéid?
Do shíl mé ná fuighbheadh a leithéid bheith ann ar aon
chor."
"Ó 'se is fíor é an sean-fhocal gur iomdha saghas
duine ag an talamh ag a iomchur. Acht badh fhéidir le
Dia go mbogfadh a chroidhe ar chuma éigin ins an deireadh."
"Agus an bhfuil aon chion aige ar a chlann fhéin?"
arsa an Gabha.
"Atá agus níl. Níor dhóigh leat air babhtaí go
mbeadh a fhios aige an mbeidís ann ar aon chor. Acht
an bhfuil a fhios agat cad do-righne sé an lá fa dheireadh?
Ní bhfuighbhinn gan gáire nuair chuimhnighim air. Fuair
sé blúire stótair caithte ar an mbóthar agus thug sé
leis isteach é agus thug sé do Mhóirín é. "Is eadh anois,
a inghean mo chroidhe," arsa sé léi, "ná bíodh sé le rádh
agat ná fuair tu aon rud riamh ód dhaid." "Ó 'se, a
Stopháin, a Stopháin," arsa mé fhéin leis, "do bhris tú
do chroidhe. Shin é an méid adubhairt mé riamh leis.
Acht maidir le bruighean do thabhairt dó, ní bhfuighbhinn
mé fhéin do cheapadh chuige, mar, nach é do-chonnaic
mé i dtigh m'athar ná mo mháthar féin."
"Acht cuirim i gcás go bhfuightheá sparán mór airgid
ó dhuine éigin, cad dheunfá leis?"
"Cad dheunfainn leis? Ó, do thógfainn mo sheólta
agus amach linn go léir ar fúd na dúithche, mé féin
agus na páistí, agus cóiste cheithre capall againn.
Ó agus do cheannochainn árthrach do Liam agus uainín
do Mhóirín agus dhá stótar mhóra do Lisín! Ná
deunfainn, a Lisín? Ná deunfainn?"
Do chrom na páistí ag gáire agus ag rinnce.
"I masa," arsa an Gabha, agus do bhí sé fhéin ag
gáire, "is euchtach an chuideachta sibh! - Acht cad dheunfá
leis an airgead, as a mhagadh sin?"
"Cad dheunfainn? Dhe mhuise, a dhuine, cá bhfuighbhinn-
se airgead, nó cia thabharfadh dam é?"
"Ní headh acht cuirim i gcás go bhfuightheá, cad dheunfá
leis? - Carn ceart airgid atá mé a rádh."
"I masa, is é cheud rud dheunfainn ná cuimhneamh
ar sheift éigin chum ná tabharfadh Stophán a mheur
fé."
"Agus an dóigh leat go bhfuightheá cuimneamh ar a
leithéid?"
"Ní fheadar, i maite. Is dem dhícheall raghadh,
mara gcuimhneochainn, mé féin agus Siobhán. Atá
sí sin an-léir. Do chuirfeadh sí cosa crainn fa chearc
duit, a mhic ó. - Acht cadé a mhaith dhúinn bheith ag caint?
An fhaid 's atá na páistí agam, deunfa mé é do
bhrudhadh fúm chomh maith 's fheudfa mé é. Nach iomdha
bean bhocht is mó a thruagh ioná mise?"
"Agus cad dheunfá, dá mbuailfidhe tinn thu?"
"Ó 'se, i bhfad uainn an t-olc agus an t-amhgar!
An fhaid 's atá Siobhán agam le glaodhach uirri, ní
baoghal dam; acht dá mbainfeadh aon rud di féin -
go gcosnaidh Dia í agus go mbadh fada mhairfidh sí,
an t-aingceiseóir bocht. Amen, a Thigearna, agus go
mbadh fada, leis - acht dá mbainfeadh aon rud di, go
saoraidh Dia sinn, agus go mbeinn ag braith ar
Stophán ná ar aoinneach eile chum aon rud do dheunamh
dham, do bheadh sé chomh maith dham an chos do shíneadh
agus na páistí bochta do chur ar choimirce Dé."
Agus táinig an deór léi anuas.
"Eara, eara, eara," arsa Lisín agus í ag gáire.
"Cad 'deir sí anois?" arsa an Gabha.
"Fearthainn" adeir sí, 'chionn an deór do thuitim
ar a méirín. Ó 'se, sin í an fhearthainn agat, a ghilín,
agus ná raibh morán den chuirideóireacht sin agat
choidhche a n-oirfeadh an fhearthainn sin di. - Cad atá
ort, a dhuine uasail?"
"Beach do shíl mé do bhí ar mo chois," arsa sé.
"Seo, a pháistí, ní dheunfaidh sé seo ar ngnó dhúinn.
Caithfimíd bheith ag casadh ar ár mbotháinín ar theacht na
hoidhche."
"Cionnus thabharfa tú an gearrchaile beag sin ar do
dhrom i bhfochair an dá bheart?"
"Ó fan go bhfeiceocha tú. Ní bheidh mé i bhfad ag a
thaisbeáint duit."
Do-righne sí an teud go docht ar an dá bheart, an
beart brosna agus an beart duilleabhair. Do bhuail
sí a cos orra agus do tharraing sí chuiche an teud agus
do bhuail sí an taobh do bhí aici isteach fa an taobh do
bhí thimcheall ar na birt beartaibh.
"Is ead anois," arsa sí, "caitfe mé é seo do
shocrughadh go maith don Lady seo."
Agus do rop sí dhá bhata isteach ins an mbeart ar
gach taobh den teud.
"Cadé a ghnó atá dhíobh sin?" arsa an Gabha. "I
masa, do chuirfidís i gcuimhne dhuit an dá adharc do
bheadh ar shleithide.
"Ó atá a ngnó féin díobh sin. Cuirfe mé an páiste
ag marcaigheacht ar bhaic mo mhuiníl, agus tiocfaidh
an dá bhata amach ar gach taobh dí, agus ní bheidh aon
bhaoghal tuitim uirri."
"Masa, is é an feall ná fuightheá iad go léir do chur
in áirde air."
"Is é, mhuise, agus Stophán agus ciseán an pheidleura
in a bhfochair," arsa sí ag gáire, "badh mhór an radharc
don mbaile sinn."
"Fan go n-áirdeocha mé ort é," arsa sé.
"Fan leat," arsa sí, "níl mé i gcóir fós. Deunfa
mé ceann na téide seo do bhualadh isteach fa an ngad
agus beidh dhá iarracht di ag teacht ón mbeart amach
ar mo dhá shlinneán agus beidh mo dhá láimh in achrann
annsin. - Seo, a Lisín, atá an póní i gcóir - Árduigh
anois é, a dhuine uasail."
"O-thó! - bhfuil agat?"
"Atá, maite. Go bhfágaidh Dia an tsláinte agat."
"Níor dhóigh leat nárbh í an choill ar fad do bheadh
ag imtheacht agat!"
"Níor dhóigh l', mhuise, agus atá an t-éinín is gile
atá ins an choill istigh i gcás an dá bhata agam. Ná
fuil, a Lisín? - Go dtugaidh Dia tráthnóna maith dhuit,
a dhuine uasail!"
"Ó 'se, go n-éirghidh ádh libh, a bhean bhocht, agus
go dtugaidh Dia slán abhaile sibh."
"Fear deas! Cú Bhillí!" arsa Lisín.
"Ó 'se, is fada chuimhneocha mé ar Bhillí agus ar
a chú, a stóirín," arsa an Gabha, agus d'iompuigh sé
ar a sháil isteach ins an choill arís.
Do bhí Stophán ag cur de suas bóthar an t-sléibhe
agus an ciseán ar a dhrom aige, agus é lán de mhiasaibh
agus de shoithighibh. Do bhí an brothall ag cur air, agus
nuair do-chonnaic sé an tor breághdha aitinn do bhí
ar an gclaidhe agus an tortóg féir fa n-a bhun, do
leag sé uaidh an ciseán agus do shuidh sé síos dó
fhéin. Do bhain sé amach as a phóca an blúire beag
aráin do bhí aige agus do chrom sé ag a ithe.
"I masa," arsa sé leis féin, "deunfa mé rud
maith an iarracht so. Luach dhá phúnt atá ins an chiseáinín
beag agam. Deunfa mé cheithre púint de. Deunfa
mé nó atá an mí-ádh orm. Cheithre púint. Cheithre
shobhran buidhe. - Cadé a mhéid é seo atá ins an mbannc
agam? Trí fichid. Trí fichid púnt, gach aon leath-
phinge dhe, agus is ag teacht ann atá. Ó is é an
barr ná bíonn aon leasughadh uaidh, an t-airgead!
Ag síolrughadh uaidh féin i gcomhnuidhe. Acht cadé an
rud é seo airighim? Gur fearr de bhannc an bannc
atá gairid dam ins an mbaile, gur mó thugann siad
ar an airgead. Is eadh. Is mó, dhe sheacht 's raol
ins an mbliadhain. Nach iomdha eugcóir dheuntar ar
dhuine bocht simplidhe? Seacht 's raol dem chuid-
se aca sin! Na bitheamhnaigh! Nach sainnteamhail
atá siad chum an airgid? I masa is deacair do
dhuine bocht bheith in iúl dóibh! - Is eadh, masa, agus
caithfe mé dul ag bailiughadh na n-ubh."
- Ba é rud iad na huibhe do bhí sé a rádh ná airgead
do bhí amuigh aige agus an méid do dhíolfaidhe as gach
aon tseachtmhain shin é ar thug sé na huibhe air. Daoine
bochta do thógadh an t-airgead uaidh.
- "Mise bhainfidh na cinn de na cearcaibh sin, muna
mbíonn na huibhe aca romham. Bainfead - go caoin.
Scilling ins an tseachtmhain ar an bpúnt? Atá sé
saor go léor aca, agus do chuirfinn na trí raolacha
orra meireach na tiubaisteóirí sin bhíonn ag cur isteach
orm agus ag saoirsiughadh an mhargaidh orm. Atá an
saoghal gan mhaith aca. Ní fheadar an bhfuighbhinn teacht
ar Sheumus an Ghaimbín agus ar an gcuid eile aca
chum na trí raolacha do chur orra? - Nach é an sceimhleadh
bheith ar chomh-phraghas lem earradh i gcomhnuidhe?"
Le n-a linn sin táinig fear agus trucail aige.
"An tu sin, a Stopháin?" arsa sé.
"Is mé cheana," arsa Stophán, 'sé do bheatha, a
Mhuiris. Ag dul go dtí an baile mór atá tú anois?"
"Is eadh, mhuise. Thug mé liom seafaid ar maidin
agus atá mé ag casadh anois. Seo, bí istigh."
"An bhfuil aon sop tuighe agat?"
"Atá. Ní baoghal go mbrisfear na giúirléidí sin
agat."
"Ní baoghal, a Mhuiris. - Cionnus atá do mhuintir-
se?"
"Go maith, slán a bheir. Do-chonnaic mé bean an
tighe agus na páistí ar maidin agus mé ag gabháil
thar brághaid."
"Í seo agam-sa?"
"Is í. - Is iad na páistí is deise do-chonnaic mé im
shiubhal iad."
"Ó, ha!" arsa Stophán.
"I masa, is é rud bhím fhéin a rádh i gcomhnuidhe
acht ná buaidhfeadh an saoghal ar an mbean mhaith agus a
líne beag fhéin thimcheall uirre."
"Ní thiocfainn i do choinne ar an méid sin, a Mhuiris.
Atá Máire deas, cruinn, gan dabht, acht is amhlaidh é
is ró churamach bhíonn sí ionnta ag meutaracht leó i
gcomhnuidhe. Is minic adeir mé fhéin léi nach ceart
bheith ag a bportfiathadh mar bhíonn sí, gur clann daoine
bochta iad agus ná fuil aon deallradh ar aon chor gan
iarracht bheag den chruadhtan do thabhairt dóibh. Caithfe
siad sin bualadh amach lá éigin chum bheith ag tuilleachtain
dóibh féin, agus ní oirfeadh sé dhóibh bheith ró bhog, ró
aireach orra fhéin."
"I masa," arsa Muiris, "badh fhéidir go bhfuil
cuid den cheart agat annsin. - Cadé a mhéid atá ann
díobh?"
"Atá, cúigear. - Ní headh, mhuise, acht triúr do mheas
mé a rádh."
"Airighim go bhfuil déighleáil beag ar siubhal agat
fhéin agus ag Brighid Eudhmoinn - í sin a bhfuil an
siopa beag aici ins an mbaile mór - deirbhshiúr céile
dham is eadh í. - Acht, a Stopháin, cuimhnigh gur bain-
treabhach bhocht í sin, agus ná bí ró chruaidh uirri."
"Ó ní bheidh mé. - Ní bheadh aon deallradh air sin. -
Nach breághdha an aimsir í?"
"Is eadh, mhuise, buidheachas le Dia. Atá an foghmhar
go maith ag na daoinibh bochta tar éis ar righne sé den
bhfearthainn i mBealtaine. Do shíleas go mbeadh an
saoghal báidhte aici."
D'imthigheadar leó mar sin ag caint agus ag cur
síos do n-a chéile go dtí gur chuadar go dtí an baile
mór.
"Leig anuas annso mé, a Mhuiris," arsa Stophán,
"Atá mo thurus tabhartha, agus go bhfágaidh Dia an
tsláinte agat fhéin agus ag do chúram. Badh fhéidir le
Dia go mbeadh sé ar acfuinn agam lá éigin trucaillín
bheag do cheannach, agus go bhfuighbhinn do chomhar do
chúiteamh leat."
"Badh fhéidir mhuise. - Go n-éirghidh an t-ádh leat."
"Go n-éirghidh an t-ádh leat fhéin."
Is é cheud rud do-righne sé ná dul go dtí teach
Bhrighid Eudhmoinn. Ní dubhairt sé "Dia's Muire
dhuit" ná aon bheannughadh eile acht bualadh isteach
chuichi agus a fhiarfaighe dhi go hobann.
"An bhfuil an t-ubh sin agat dam, a Bhrighid?"
"Níl ubh ná sicín agam duit, agus dá mbeadh, do
bheireochainn dam féin é, mar is mó atá mise in a
phráidhinn ioná tusa. Is tu atá go breághdha, beathuighthe
ar maidin, Dia ad bheannachadh. - A Aibhlín! a Aibhlín!
bhfuil tú annsin? - Faigh cathaoir don bhfear bocht so.
Atá sé cortha ag an mbóthar. - Cionnus atá muintir
do thighe?"
"Ní fheadar. Ní hiad atá a chúram orm acht an rud
do fhiarfaigh mé dhíot. An bhfuil sé agat?"
"B'í an í an scilling mhí-ádhmharach sin atá tú a
rádh? Nach eaglach atá tú mar gheall uirri?"
"Tabhair uait an scilling nó an púnt thugas duit
an cheud lá, nó cuirfe mise na báillí ort go mear."
"Níor thugais aon phúnt riamh dam acht naoi deug."
"Éist, nár chaitheas tu do ghearradh scilling an
cheud iarracht, mar dhíol an cheud-sheachtmhain."
"Cibé gearradh dhin tú nó nár dhin, níor thugais aon
phúnt damh-sa acht naoi deag, agus maidir leis na
báillí agus le do chuid gnótha, níl aon mhaith dhuit bheith
ag a mbagairt orm."
"Muna bhfuil an scilling fhéin agat, tabhair dam
an méid atá agat."
"Níl agam acht tistiún, mar tháinig fear an chíosa
ar maidin."
"Go maith, maite. Tabhair dham an tistiún agus
badh fhéidir go mbeadh an dá thistiún eile agat fé an
oidhche."
Thug sí an tistiún dó agus amach an dorus leis.
"Ó 'se," arsa Brighid, "nár chasair! nár chasair! -
Naoi deug fuaras uaidh, agus atá deich fichead, díolta
agam anois as agus púnt le díol ins an deireadh
annsin. Má thugann Dia dham go bhfuighbhe mé mé fhéin
as a chrúcaíbh an iarracht so, 'ar bhfalaing gur fada
arís go mbeidh aon chimilt agam leis."
D'imthigh Stophán leis ó thigh go tigh go dtí gach aoinneach
a raibh aon éileamh aige orra. Do dhíol sé na soithighe
ar phraghas maith agus do bhí sé an-shásta leis fhéin.
Do-chuaidh sé go dtí an bannc agus do thóg sé a chuid
airgid as chum é do chur ins an mbannc eile. Acht is
beag den tsimplidheacht do bhí ag baint leis, agus
níor chuaidh sé ag tógbháil an airgid go raibh a fhios aige
go mbeadh duine dhen chomharsa ag dul abhaile in éinfheacht
leis. Níorbh mhuinighin leis bóthar an tsléibhe ins an
oidhche agus an sparán mór airgid sin ag imtheacht
leis. Mar sin, do bhí áthas air nuair do-chonnaic sé
Seumus Ghearóid ar an margadh - é sin do bhí pósta ag
Siobhán Cháit Nell.
"Ó 'se, 'sé do bheatha 's do shláinte, a Sheumuis.
Cathoin bheidh tú ag casadh?"
"Ó go mairidh tú, a Stopháin. 'Ge n-aar a sé a
chlog. An féidir go mbeitheá in éinfheacht liom?"
"Beidh mé, mhuise. Níl aon rud ar domhan is mó
chuireann orm ioná leabhaireacht an bhóthair. Acht, i
masa, nuair do bheadh aoinneach agam a mbeadh cuideachta
dheas ann, ní aireochainn an tslighe. Beidh mé ag coinne
leat, má's eadh, ag tosach an bhaile 'ge n-a sé a
chlog."
"Atá go maith. Deunfaimíd an bóthar do ghior
rúchan do n-a chéile dála an Gobán Saor agus a
mhac."
D'imthigh Stophán leis go dtí siopa Bhrighid. Do bhí
Muiris istigh roimhe.
"Dia's Muire dhuit arís, a Mhuiris," arsa Stophán
go háth-leasc.
Níor thug Muiris aon fhreagra air, agus níorbh
fhearrde dho Stophán an fheuchaint thug sé air.
"Seo dhuit an dá thistiún agus do phúnt," arsa
Brighid, "A chlamhaire ghránda, agus scrios leat
amach an dorus uaim nó cuirfe mé an madra asat."
Acht, i masa, níor fhan sé le haon mhadra do chur as,
acht an t-airgead do sciobadh agus amach leis ar an
sráid chomh mear's thug Dia rioth dó. Do bhí ós cionn
deich bpúint 's trí fichid in a phóca aige, agus nuair
do-chonnaic sé Seumus ag fuireach leis 'ge n-a ar a
sé a chlog.
"Ó 'se go bhfágaidh Dia an tsláinte agat, a Sheumuis,"
arsa sé, "is fada nár bhraith mé a leithéid de chorthacht
orm, acht níl aon leigheas di acht an chuideachta."
"Nach beag a chiall agat," arsa Seumus leis,
"bheith ag tarraint an chiseáin sin ar do dhrom mar
sin? Is iongnadh nár thug do chosa fadó."
"Dhe mhuise," arsa Stophán, "cadé an éifeacht é?
Níl aon suim liom ann. Soithighe beaga atá mé a
thabhairt go dtí an Teach Mór."
"I masa, is iongantach an mac thú, Dia ad bhean-
nachadh," arsa Seumus, "badh dhóigh liom fhéin dá mbeadh
an cheirí sin orm ná deunfainn aon mhaith go deóidh."
"Dhe mhuise," arsa Stophán, "Ní dheunfaidh sé acht
an ghaoth do choimeud óm chúl. - An bhfuil a fhios agat,
a Sheumuis, cadé rud é cáirde na trí Luain? D'airigh
mé bean ag a rádh indiu ins an mbaile mór, "an í
cáirde na trí Luain atá uait?" arsa sí le bean eile?"
"Ó 'se, is maith atá a fhios," arsa Seumus, "nach
minic d'airigh mé m'athair bocht ag seanchus air, go
ndéinidh Dia grásta 's trócaire air? Adeir siad
go raibh fear bocht ann agus gur chuaidh sé go dtí an
aonach ag ceannach capaill. Do cheannuigh sé an capall
agus do-chuaidh sé go dtí an bannc fa dhéin an airgid.
Acht ar chasadh dhó do bhain rud éigin don chapall agus
do cailleadh é. Adubhairt sé leis an bhfeirmeóir
annsin ná fuighbheadh sé an t-airgead do dhíol, acht do
chuir an feirmeóir dlighe air. Thug an breitheamh a
bhreath go gcaithfeadh sé é do dhíol. "An dtabharfa tú
cáirde dham?" arsa sé leis an mbreitheamh. "Tabhar-
fad," arsa an breitheamh, "cadé an cháirde atá uait?"
"Cáirde trí Luain," arsa sé. "'Gheobhair sin," arsa an
breitheamh. "Má's eadh," arsa sé, "is iad na trí Luain
atá mé a rádh ná Lá an Luain, Luan na mBreath agus
Luan an Lae Bhrátha."
"I masa," arsa Stophán, "do bhí buaidhte aige. A
chonách sin air, an fear bocht. - Ní fheadar cadé a chiall
Luan do thabhairt ar an lá sin?"
"Ó 'se," arsa Seumus, "ní deacair an tsnaidhm
sin do réidhteach duit. Ná fuil a fhios ag an saoghal
gur ar an Luan bheidh lá an bhreitheamhntais, go sábhálaidh
Dia sinn? Aon chaint amháin is eadh Lá an Luain,
Luan na mBreath agus Luan an Lae Bhrátha. D'airighinn
mo shean-athair ag a rádh-ó 'se go ndéinidh Dia trócaire
ar a anam, an firín bocht, is aige do bhíodh an seanchus
breághdha ar gach aon rud - acht d'airighinn é ag a rádh
go mbíodh an Satharn in a shaoire aca ins an tsean-
aimsir mar gur ar an lá roimhe sin do chuir an Tighearna
- moladh 's buidheachas leis - do chuir sé deireadh le gach
aon rud agus gur órdaigh sé annsin an Satharn do
bheith in a shaoire i gcuimhne don tsaoire do bhí aige
féin tar éis dó an talamh agus an mhuir agus a bhfuil
ionnta do dheunamh. Acht annsin nuair tháinig an
Slánuightheóir - míle glóir le n-a ainm naomhtha - agus
nuair d'éirigh sé ó mhairbh ar maidin Domhnach Cásca,
gur aistrigheadh an tsaoire ar an lá sin, agus adubhairt
sé gur ar an lá in a dhiaidh annsin, ar an Luan, do
bheadh an breitheamhntas, agus mar sin go mbeadh na
trí lá móra ag teacht as diaidh a chéile."
"Is euchtach an sceul é," arsa Stophán, "is é rud
bhím-se féin a rádh go minic gur mairg dheunfadh a
scáth den saoghal. Níl aon rud acht an tsíorraidheacht,
a mhic ó, agus caithfidh gach aoinneach imtheacht."
"I masa, caithfidh," arsa Seumus, "badh ait a ghnó
dhúinn bheith ag fuireach annso i gcomhnuidhe. - Acht, a
Stopháin, an bhfuil a fhios agat 'dé rud é? Níorbh
mhaith liom bheith ag siubhal im aonar ar an mbóthar
so ins an oidhche mar seo, go mor-mhór ar an bpaiste
seo dhe. Adeir siad go mbíonn rudaí á bhfeiscint
annso."
"Adeirid, mhuise. Ar airigh tú féin aon rud mar
gheall air?"
Do bhíodar annsin ag triall ar an áit a raibh faill
ar gach taobh den mbóthar, agus do bhí an dorchughadh
ag teacht. Ní haon iongnadh scáth do bheith ar aoin-
neach do bheadh ag gabháil ann, do bhí an dá fhaill chomh
hárd sin agus iad ag cumhangughadh isteach chum a
chéile ag a mbarra. Dá mbadh amhlaidh 's ná beitheá
ann acht ins an lá, do chuirfeadh duibheacht na cairrge
agus an t-uaigneas sceimhleadh in do chroidhe.
"D'airigh mé, mhuise," arsa Seumus agus is ar
éigean d'aireochthaidhe cad do bhí sé a rádh. "Do bhí
mé féin ag gabháil annso oidhche, agus díreach 's mé ag
deunamh ar an bpaiste seo do-chonnaic mé an fear-
oidhche bhreághdha réilthineach ba eadh í acht ní raibh aon
ghealach ann - do-chonnaic mé an fear agus an córda
fa n-a mhuineul agus é ag liobarna anuas de bharr na
faille."
"Go sábhálaidh Dia sinn!" arsa Stophán.
"'S eadh, agus do bhí rudaí mar do bheadh madraí
dubha ag rioth suas i gcoinne na faille."
Le n-a linn sin d'airigheadar an glór taobh thiar
díobh. Dóbair go dtuitfeadh an t-anam asta le
scannradh.
"Fan leat," arsa Stophán, "ní haon rud ón saoghal
eile é seo."
Cad do bheadh ann acht Muiris agus an trucaill aige.
Do stad sé an capall.
"Ó mhuise, mhuise," arsa sé, "nach bríoghmhar an
bheirt sibh? Do bhain sibh geit asam. - Seo, bígí istigh."
Do-chuaidh Seumus in áirde d'aon iarracht agus is
air do bhí an t-áthas a chosa do thógbháil den mbóthar.
Do bhí Stophán ag leagaint an chiseáin uaidh ar phort
cré do bhí ann.
"Cia hé seo atá i t'fhochair?" arsa Muiris le
Seumus.
"Atá, Stophán an peidléir."
"Cuir díot as sin!" arsa Muiris, ag bualadh an
chapaill le stiall den srian agus as go bráth leó is
na glinntearachaibh.
Do fhan Stophán mar a raibh sé. Do bhí seacht n-uaignis
annsin air.
"Ó Dia le m'anam," arsa sé, "badh fhearr liom go
bhfuighbhinn mo chosa liom as an áit seo."
Do choisrigh sé é fhéin agus do chrom sé ag rádh a
raibh de phaidreachaibh aige, agus do bhí go leór rudaí
ag rioth tré n-a aigne agus badh fhéidir nach paidreacha
iad.
"Ó a Thighearna, saor m'anam!" adeireadh sé.
"Ó a Thigearna, ná beir gairid ar m'anam! Ó a
Thighearna, dá bhfuighbhinn mo chosa as an uaigneas so!
Ó nach fada an bóthar é, agus cadé an díoghbháil acht a
dhoircheacht atá sé! Ó a Thighearna má thabharfa tú as
mé, ní dheunfa mé aon pheacadh lem shaoghal arís. Ní
dheunfad, dá bhfuighbhinn ceud giní óir air. Agus
deurfa mé mo phaidreacha gach aon lá." -
Do thuit cloch anuas den bhfaill agus do phreab
Stophán chúig throighthe den talamh le neart scannraidh.
"Beagán grinn ag muintir 'úr gcéile oraibh, mar
chlocha, maran oraibh atá an tuitim!" arsa sé. "Ó
cad atá mé a rádh in aon chor? Atá an mheabhair ag
imtheacht uaim. Níor cheart dam bheith chomh cruaidh
ar na boicht bochtaibh. Ní bhfuighbheadh mo leithéid
cuimhneamh ar gach aon rud. Dá mbeinn ins an mbaile
ag mo theinteán fhéin agus Máire agus na páistí do
bheith thimcheall orm, dheunfainn -. Ó cad dheunfainn?
Ní bhfuighbhinn cuimhneamh ar aon rud. Cad ba ruaig
dam an t-airgead mí-ádhmharach so do thógbháil indiu?
Atá an saoghal ag dul chum mearathail orm."
Mar sin do bhí sé ag cur de, agus níorbh fhearrde
dho aoinneach a fheicsin agus neart an allais leis,
agus an sceimhleadh.
"Ó a Bhrighid Eudhmoinn!" arsa sé "má thugais
do mhallacht dam, tóig díom í, nó nár fheicir radharc
na bhflaitheas choidhche! Atá cathugadh orm tré pheacaidhe
mo shaoghail! - Níl aon rud chum an sceimhlidh do mharbhadh
acht an t-abhrán." -
Do chrom sé ag crónán agus ag cur gach aon rud
trá n-a chéile. Do bhí gach aon rabháinín aige do
bheadh ag páistíbh:
"A mhuintir an bhaile, a mhuintir an bhaile!
Giorradán in 'úr mbaitheas ná feiceann an ghrian!
Atá an t-uainín go meidhreach le fuinneamh ag rinnce
Gráin ar do chloigeann, ná tabhair dó an scian!
'S mo mháilín beag leathair"-
"Cadé an leathar atá tu a rádh mar sin?" arsa
an guth taobh thiar de.
Táinig crioth cos agus lámh ar Stophán agus do
sheasaigh gach aon ribe gruaige ar a cheann. Do fheuch
sé thar a ghualainn agus do-chonnaic sé an fear mór,
dubh agus an t-aprún leathair air.
"B'é an é seo atá tú a rádh?" arsa sé ag tógbháil
cúinne dhá aprún.
Do choisrigh Stophán é fhéin, acht níor chuir sin aon
díbirt ar an nGabha.
"Cadé an leathadh ladhar atá mar sin ort?" arsa
an Gabha leis. Do bhí a mhisneach ag teacht chum Stopháin
arís, mar thug sé fa ndeara go raibh an truslóg ag
an nGabha mar do bheadh sí ag aoinneach eile, agus
adubhairt sé leis féin, meireach gur duine saoghalta
é, ná haireochthaidhe glór na gcloch ag a chosaibh, "Acht,"
arsa sé leis féin, "má is duine saoghalta é seo, is
ag dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain dam é.
Ní fuláir nó atá droc-fhuadar fé. Cad eile cad
thabharfadh a leithéid amach mar seo i gcuim oidhche?"
"Nach dusmánta atá tú," arsa an Gabha, "ná labharfá
leis na daoine?"
"Ní headh, mhuise," arsa Stophán, "acht nuair tháinig
tú i gan fhios orm, do bhain tú geit asam. Níor
airigh mé ag teacht thu."
"Cionnus d'aireochthá aon rud," arsa an Gabha,
"agus tú ar do dhícheall ag crónán agus ag por-
taidheacht?"
"Is fíor dhuit," arsa Stopán. "An fada raghair?"
"Síos mar seo," arsa an Gabha. "An bhfuighbhinn
aon lámh do thabhairt duit chum an chiseáin sin d'iomchur?"
"Níl aon mheádhchaint ann, agus atá mé in a thaithighe.
Rudaí beaga atá ann atá mé a thabhairt abhaile."
"Nach iongantach ná fuightheá cóir éigin thabharfadh
abhaile dhuit iad, agus gan bheith ad ag do mharbhughadh
fhéin le hualaighibh?"
"Ní hacfuinn dam aon chóir do cheannach," arsa
Stophán.
"Ó 'se, mo léir thú!" arsa an Gabha, "ná fuil a
fhios ag an saoghal go bhfuil airgead ag Stophán an
peidléir?"
Do chuir Stophán gáire as.
"Nach fuiris a aithint ort," arsa sé, "gur duine
de lucht an bhaile mhóir thu, ag iarraidh iarracht do bhaint
as fear bocht ón tuaith? Nach shin é an port bhíonn ag
an dream sin ar fad? Airgead, airgead. Aoinneach
ná feiceochaidís ag a scaipeadh ar an ól, dheurfaidís
go mbeadh sparán aige. Is euscaidh do chuirfinn
suas den mbóthar, a mhic ó, dá mbeadh aon bhun cúil
eile agam."
"Is eadh, maite," arsa an Gabha, "ní mórán feasa
atá tú a thabhairt uait anocht. Cad mar gheall ar na
daoinibh bochta ar thug tú airgead ar iasacht dóibh?"
"Deacair ort!" arsa Stophán leis féin. - "Na
daoine bochta?" arsa sé leis an nGabha.
"Is eadh. Brighid Eudhmoinn agus iad sin. D'airigh
mé um thráthnóna fé'r fhág mé an baile mór go ndóbair
go mbeadh sí i bprannc agat, meireach gur tháinig
duine muinteardha agus thug an t-airgead di."
"Ó h'm! Na gnótha sin?" arsa Stophán. "Nach
beag do chuirfeadh ag caint agus ag béideán iad?
Ní fheadar aoinneach an cúrsa sin acht mé féin. Cá
bhfios dóibh ná beinn-se féin i bprannc mara bhfuighbhinn
an t-airgead uatha sin?"
Do bhíodar mar sin ag imtheacht in éinfheacht. Níor
thaithnigh a chaint le Stophán, agus do bhí sé ag iarraidh
cuimhneamh ar cionnus do éireochadh sé as. Do bhí
crosaire trí rian leath-mhíle síos uatha.
"Cia aca bóthar gheobha tú ag an chrosaire seo thíos?"
arsa Stophán, agus cibé aca bóthar dheurfadh sé, do bhí
sé socair ag Stophán gabháil an bhóthair eile.
"Síos Bóthar na Buaile gheobha mé," arsa an
Gabha.
"Síos an bóthar eile atá mise ag dul," arsa Stophán.
Nuair do-chuadar go dtí an crosaire do scaradar
le n-a chéile.
"Ó buidheachas le Dia," arsa Stophán, "fuaras mo
shála ón mbitheamhnach úd!"
Do chuir sé dhe go mear ag goid an bhóthair leis. Acht
ní raibh sé ceud slat imthighthe nuair d'airigh sé an
trostal in a dhiaidh. Do stad sé agus cia bheadh ann
acht an fear ceudna arís.
"An mbeadh aon bhlúire tobac agat thabharfá dham?"
arsa an Gabha.
Do fheuch Stophán air go geur, agus adubhairt sé
leis féin ná raibh an láidireacht ann do mheas sé dhó an
cheud uair. Do bhí an tobac aige, acht ba mhór leis é
do thabhairt dó. Dá mbadh áil leis é do thabhairt dó
do bheadh a mhalairt de chrot ar an sceul so. Acht
ón uair d'imthigh an scannradh dhe, do bhí an bhuile ag
meudughadh chuige. Do fheuch sé ar thaobh an bhóthair agus
do-chonnaic sé rúbóg mhór de chloch ann.
"Atá, maite," arsa sé, "badh annamh liom gan
blúirín den smachtín do bheith agam. Atá sé i bpóicín
beag cruinn agam atá thiar im chasóig. Caithfe mé an
tromán so do leagaint uaim agus atá sé chomh maith
dhúinn araon ár gcosa do shíneadh tamall cois an
chlaidhe. Suidh agus tarraing chughat do phíopa."
Do shuidh an Gabha síos agus do chrom sé a cheann
feuchaint an bhfuighbheadh sé réidhteóir don phíopa.
Do thóg Stophán an chloch in a dhá láimh. Do shíl sé é
do bhualadh anuas ins an phlaosc, acht do bhí an Gabha
roimh ré leis, agus is ins an láimh fuair sé an buille.
Do phreab sé in a sheasamh agus do bhíodar in achrann
in a chéile ar an áit sin. Do chuirfeadh an cath sin mná
an domhain ag lógóireacht, an loitiméiréacht do-
righneadar ar a chéile. Do chuirfeadh an cath sin
iongantas ar Gholl mac Móirne agus ar Oscar na
Féine, a fhaid do leanadar dá chéile, fuaim na mbuillí
agus séideadh na bhfear, go dtí gur thug an Gabha
iarracht de phláitín a ghlúine ins an ioscaid do Stophán
agus do leag sé fé thíos é. Nuair tháinig Stophán
chuige féin, ní raibh an sparán aige ná aon tuairisc
cár imthigh sé. Do leag sé a cheann ar a dhá bhais agus
é in a shuidhe ar thaobh an bhóthair agus gan fios a bhróin
ag aoinneach.
"Ó nach mé an truagh Mhuire?" arsa sé, "deich
bpúint 's trí fichid imthighthe. Atá mé creachta, ciapaighthe
trascartha, traochta go deóidh! Deich bpúint 's trí
fichid! Allus mo chnámhna, toradh mo shaothair, mo
chroidhe 's m'aigne im chodhladh 's im dhúiseacht imthighthe
go deóidh ag fear an aprúin leathair."
Do bhí sé i bhfad in a shuidhe mar sin ag deunamh
leannta dubha, acht do phreab sé in a sheasamh ins an
deireadh, agus do shín sé amach a dhá láimh.
"Buidheachas le Dia," arsa sé, "atá an dá ghéig
seo agam, agus lúth mo chos. Mairfead ar mo shláinte
feasta, agus b'féidir nach fada dham stoca beag den
ór do chruinniughadh i dteannta a chéile arís."
Do bhuail sé chuige an ciseán agus síos an bóthar
leis. Ba ghairid gur airigh sé mar do bheadh siosma
nó cogaranach taobh thiar de. Do stad sé. Do shíl
sé gurbh í an ghaoth do bhí ag corruighe na luachra nó
an fheileastroim. Do chuir sé dhe arís. Do gheuraigh
ar an bhfuaim. Do bhí na crainn ag a lúbadh ag an
ngaoith agus gainimh agus luaithreán an bhóthair ag
éirghe in a chioth. Do chrom sé ag rioth, dúmas go
bhfuighbheadh sé dul ins an bhfoithint áit éigin síos
ins an ngleann. Acht tháinig mar do bheadh bladhm
thóirnighe. Do buaileadh thiar ins an drom é. Do
leagadh ar an mbóthar é. Do cuireadh an ciseán dá
fhichid slat amach roimhe, agus a raibh de shoithighibh ann in
a mion-bhrúscar ar fud an bhóthair agus ar fud an
tsléibhe. Do bhí sé i bhfad sínte ar an mbóthar fé
raibh ann éirghe. Acht d'éirigh sé, agus do-chuaidh sé
ag feuchaint ar an gciseán. Do bhí an buinne barr
agus an buinne lár briste, agus ní raibh aon mhaith
ann. Níorbh fiú leis dul fa dhéin na soithighe.
"Fanaigí annsúd, a stóiríní," arsa sé léo. "Dá
dhonacht sibh-se is measa mé fhéin. Fanaigí fé chruidhtibh
na gcapall, acht atá mo chroidhe fhéin brúidhte ag an
saoghal."
Ní raibh an fhírinne annsin aige, an méid adubhairt
sé in a thaobh féin. Do bhí an droch-mheón in a chroidhe
i gcomhnuidhe, agus is é rud ar shocraigh sé air, acht an
dá ghabhar do ghoid ó n-a bhean, agus iad do dhíol i
slighidh go mbeadh caoi aige ar an bpeidléireacht do
dheunamh arís.
Tar éis teacht abhaile do Mháire agus dá clann,
do chuireadar chum na gabhair do fhriotháladh, agus an
teach do shocrughadh agus an teine d'adhaint.
"Siúd chum oibre sinn," arsa Máire leó. "Caith
chu 'sna gabhair an duilleabhar sin, a Liam. Rioth,
rioth! - Seo, a Mhóirín, caith amach an luaith sin, agus
scuab an teinteán dam. - Seadh, a Lisín, tabharfaidh
Liam leis thu, go bhfeicfe tú na gabhair ag ithe a suipéir."
"Teine, teine!" arsa Lisín.
"Athá go maith, a chuirptheóirín," arsa Máire ag a
cur in a suidhe ar stól beag i gcoinne an hiarta. "Bí
ag feuchaint ar an teinidh á dh'adhaint ag a hadhaint
againn. Feuch ar Mhóirín ag a dheunamh. Seadh, a
ghearrchaile, shin é an ceart. Ruainne beag den
mbrosna agus den raithneach chríon an cheud uair.
Faigh na rútaí sin anois. - Ná feicigheann tú iad le
t'ais annsin? - 'sbáin dam iad."
"Coisín! Coisín!" arsa Lisín.
"Fan go réidh le d' choisín go dtí ar a ball,"
arsa Máire. "Ní mhúinfeadh an "coisín" an tigheas
do Mhóirín. - Feuch, a Mhóirín, mar seo dheunfa
tú é."
Do chuir sí na rútaí thimcheall na raithnighe in a seasamh
i gcoinne a chéile.
"'Seadh. Shin í an chléibhín cheart anois. Socruigh
na fóid thimcheall uirri, agus na cadhráin ar a barra.
Anois tabhair an match di. - Stad. Ná bí ag a séideadh,
acht leigint di go mbeurfaidh sí ar a greamannaibh.-
Cia aca 'ca is fearr, teine mhóna 's bhataí, nó teine
bhataí 's mhóna?"
"Ní fheadar," arsa Móirín, "mar a chéile iad, is
dócha."
"Ní headh, mhuise. Is fearr teine bhataí 's mhóna,
sé sin, na bataí bheith ann an cheud uair agus an mhóin
anuas orra. - 'Seadh anois, a Lisín, feuch ar an réiltheán
breághdha teineadh atá anois againn."
Le n-a linn sin tháinig Liam isteach:
"Thá rud éigin ar na gabhair," arsa sé.
"Cad do bheadh orra?" arsa Máire. "Ní tinn a
bheidís? Fan go bhfeicfe mé iad. - Cuir síos an ciotal,
a Mhóirín, agus ná leig do Lisín corruighe as sin."
Do-chuaidh sí amach. Do bhí an dá ghabhar i gcúinne an
bhotháin agus iad ar crioth, agus an duilleabhar scaipthe
ar a fhuaid.
"Dia le m'anam," arsa Máire, "cad atá ar an
nduilleabhar so? Atá sé chomh gorm leis an spéir.
Agus seo rúta atá buidhe. - Rioth síos 'dtí Siobhán
agus abair léi teacht aníos."
Tháinig Siobhán, agus d'innis Máire gach aon rud di.
"Ó, 'sé an t-ionghna is mó 'chonnaic mé 'om dhá
shúil riamh é! Agus a ndeir tú liom go bhfeaca tú
Gabha na Coille?" arsa sí.
"Chonnaic mé, go deimhin," arsa Máire, "agus is
é an duine is bádhmhaire 'chonnaic aoinneach riamh é. - Ó
Dia le m'anam, atá na gabhair á ag a gcailleamhaint!
Ó an droch-theangamhálaidhe bhuail fúm ar maidin!
Cad a dheunfa mé fhéin ná na páistí?"
"Éist, éist leat, a bhean," arsa Siobhán, "ná tabhair
na comharsain thimcheall orainn. Bíodh muinighin agat
as Dhia. Ní gnáthach le Gabha na Coille aon díoghbháil
do dheunamh do dhaoine bochta. N'fheadar thú nach
dhá bhó bheidh annso agat ar maidin. - Bailighimíd an
duilleabhar so agus tugaimíd isteach sa tig é. - Ó
buidheachas le Dia nach meáidhte atá sé? 'De rud é
sin atá id dhorn?"
"Rúta beag de," arsa Máire ag a thaisbeáint di.
"Nach ait an saghas é," arsa Siobhán, "Is geall le
prás é, agus bíonn an prás ana-dhaor. Inneósa
mé dhuit cad a dheunfa tú leis. Rioth síos go dtí
siopa an Ghiúdaigh agus feuch 'dé mhéid a thabharfa sé
dhuit air."
"Deunfa mé," arsa Máire. "Téighir isteach agus
faigh a suipeur do sna páistíbh agus cuir Lisín a
chodhladh agus déin "coisín in áirde" dhi."
Do bhris a ngáire orra i lár an ghleithearáin ar fad:
"Ó, deunfa mé," arsa Siobhán,
"Coisín in áirde, ag dul go Portláirge
Corruig do chois, corruigh do chois."
Rioth leat síos go mear agus go n-éirighidh an bóthar
leat!"
Do bhí Seaán an Giúdach agus a dheirbhsiúr istigh ins
an siopa roimpe. Do thaisbeáin sí dhóibh an rud do
bhí aici, agus d'fhiarfaigh sí dhíobh cadé a mhéid thabharfaidhe
ar a leithéid.
"Blúire beag práis is eadh é," arsa Seaán, "agus
deunamh cipín air. Is ait an saghas é. Tabharfa mé
coróin duit air."
"Ní ag a dhíol atá mé," arsa Máire, "acht feuchaint
cad is fiú é. Shíleas go bhfuighbhinn níos mó air."
"Nár bhreághdha dhuit chúig scillinge geala id phóca,"
arsa an deirbhshiúr, "agus a luighead thugann Stophán
duit chum cosnamh an tighe, agus ceirte beaga do
cheannach do sna páistíbh?"
"Mhuise, is fíor dhuit, acht shíl mé gur ceart go
bhfuighbhinn níos mó air sin. Is iomdha saghas práis
'chonnaic mé i dtigh mo mháthar acht shin é an saghas is
gile agus is meáidhte 'chonnaic mé riamh."
"Éist leat," arsa Seaán ag a thabhairt i leith go dtí
an lampa. "Atá an ceart agat. Cá bhfuairis é?"
"Caithte ins an mbothán, mhuise," arsa Máire.
"Tuigim," arsa Seáan. "Duine dem mhuintir
bhíodh in a chomhnuidhe sa tigh sin agaibh fad ó, agus fuair
sé bás obann -"
"Go saoraidh Dia sinn!" arsa Máire.
"- Agus bhíodh sé ag bailiughadh seana-rudaí, agus
baineann sé le deallradh gur cuid dá chuid sin é
seo."
"B'fhéidir, mhuise," arsa Máire, "dh'airigh mé go
raibh a leithéid ann rómhainn."
Do bhí an bheirt aca ag feuchaint go geur ar an
bprás, agus do las an deirbhshiúr suas le háthas.
"Ara, a Sheaáin," arsa sí, "ná tugann tú fé ndeara
na deilginí beaga atá air? Nach shin é díreach an
saghas do bhí an duine uasal sin a lorg seachtmhain is
lá indé?"
"Sé, mhuise," arsa Seaán, "ní fheadar an bhfuil a
thuilleadh dhe seo agat?"
"Níl, mhuise. B'fhearr liom go mbeadh."
"Cuarduigh gach aon áit istigh 's amuigh," arsa Seaán
léi. "N'fheadar tú ná beadh a thuilleadh ann. Acht
ó's rud gur chuir mo dheirbhshiúr i gcuimhne dham go
bhfuil an rud so uainn le haghaidh an duine uasail sin,
agus gurab é seo an cheud uair agat bualadh isteach
chughainn, tabharfa mé coróin eile dhuit."
"B'fhéidir," arsa Máire, "gur fearra dham fuireach
go dtiocfaidh Stophán abhaile."
"Seadh, b'fhéidir," arsa Seaán go searbhasach. "Cor-
ruigh," arsa sé le n-a dheirbhshiúr, "caithfimíd an siopa
do dhúnadh i gcóir na hoidhche."
"Go réidh leat annsin," arsa sí leis. "Seo, a
bhean bhocht," arsa sí le Máire ag cur leath sobhrain
in a láimh, agus ag baint anuas racait beag dearg den
bhfalla agus péire stocaí bána agus ag a dtabhairt
di. "Seo, a bhean bhocht, ná bac leis sin."
Ar bhfeicsin an racait di agus an cruinneáil deas
do bhí ann, ón mbúna anuas go dtí an crios, do bhuaidh
an tsainnt uirri.
"Ó buidheachas le Dia," arsa sí, "bíodh sé 'na
mhargadh! Go bhfágaidh Dia an tsláinte agaibh."
D'fhág sí an siopa le deithneas, agus do-chuaidh sí
ag ceannach feóil agus arán agus im agus siúcaire
agus gach aon rud do bhí uaithe, agus do chas sí abhaile
agus ualach traidíní aici. Do bhí Liam agus Móirín
ag an ngeata, agus nuair do-chonncadar ag teacht í,
do riothadar dh'iarracht uirri.
"Corruigh ort, a mham," arsa siad. "Atá carn
rudaí istigh againn."
"Cad do bheadh ann?" arsa sí, ag tabhairt cuid de
na traidíníbh dhóibh chum iad do thabhairt abhaile dhi.
"Cad do bheadh ann? Cuirfe mise geall libh ná fuil
aon rud chomh deas istigh agaibh leis na rudaí beaga
atá annso agam."
"Fan go bhfeicfir," arsa Liam.
Le n-a linn sin tháinig Siobhán go dtí an dorus.
"Ó a bhean an tighe," arsa sí, "a leithéid de sceul!
Tar isteach go mear! - Feuch air seo, prás deunta dhe
gach aon bhileóg de! Nuair a thugamair isteach linn
an cheud uair é, dh'iompuigh sé uaithne sa dath, agus
dearg annsin, agus buidhe sa deireadh."
"Buidheachas le Dia," arsa Máire, "thá lua' dhá
ghabhar eile agam! Ach fan go 'neósa mé dhuit cad ba
chor dam ag siopa an Ghiúdaigh."
D'innis sí annsin di gach aon rud mar do bhí.
"Ó 'se breis ar fheabhas chughat!" arsa Siobhán,
"acht tabhair fé ndeara ná beadh an Giúdach chomh
sainnteamhail chuige, meireach gur fiú go maith é an
méid a thug sé dhuit air. - 'Neósa mé dhuit cad a
dheunfaimíd. Raghaimíd araon go dtí Tomás an
túrnae i mbáireach, agus tabharfaimíd linn cipín beag
de seo, a leithéid ceudna 's a dhíol tú leis an nGiúdach
ó chiana', agus bei' fhios aige sin 'de rud é. Fear
macánta is eadh é agus ní fear é dheunfadh eugcóir ar
ár leithéidíbh."
"Fear macánta, go deimhin," arsa Máire, "agus a
athair roimhigh. - Bhfuil Lisín in a codladh?"
"Ó masa atá, agus í ag taidhbhreamh go binn di
féin agus ag trácht ar an bhfear dubh agus ar chú Bhillí."
"Seo, tabhair leat an bhulóig seo d'fhear an tighe,
agus abair leis cú Bhillí d'fhaire uirri."
"Cúis gháire chughainn! Deunfa mé. Ró mhaith
dham atá tú."
"Ní headh mhuise. Tabhair leat blúire dhen bhfeóil
agus an meascán beag ime seo."
"Ó Dia le m'anam, ní fheicfimíd lá bocht go deó.
Is í an Nodlaig cheart bheidh againn an iarracht so.-
Oidhche mhaith agaibh go léir anois agus codlaígí go
sámh go maidin."
"Go mba hamhla dhuit, agus ná bí déidheanach ar
maidin."
"Ó ní bhei' mé, ná bíodh eagl' ort!"
Maidin lá ar n-a bhárach, do-chuaidh an bheirt bhan go
dtí Tomás an túrnae, agus is é do chuir na tuara
fáilte rómpa mar fear ba eadh é do bhí an-churtha ar
na daoinibh, agus é chomh díreach in a shlighidh 's ná raghadh
sé ag pléidhe dho aoinneach ná beadh an ceart aige.
D'innis Máire an cúrsa dhó, agus do thaisbeáin sí
an cipín práis do bhí aici. Do phreab sé in a sheasamh
le hiongantas.
"Riabhach a' bhfeaca mé a leithéid riamh!" arsa sé,
"agus é chomh meáidhte. - Fanaigí libh. "A Dhonnchadh,
arsa sé, ag glaodhach isteach ar an gcléireach do bhí
aige agus ag síneadh chuige nóta deich bpúint, "téighir
go dtí an mbannc agus abair leó a shannseáil seo i
bpíosaí dhá scilling a thabhairt duit." - Agus an ndeir
tú liom go bhfuil a thuilleadh dhe seo agat, a
Mháire?"
"Atá, muise. Atá carn ceart de bailighthe le n-a
chéile i gcúinne an tighe againn."
"Riothaigí libh abhaile, in ainm Dé dhíbh," arsa sé,
"agus bei' mé féin in 'úr ndiaidh leis an gcapall agus
an ceár."
Do riothadar abhaile chomh mear 's do bhí rioth aca.
Do bhí Tomás ag an ngeata rómpa. Adubhairt sé
leó an prás ar fad do chur ins an cheár agus brat do
leagaint anuas air. Do bhí sé díreach ag fógairt ar
an gcapall chum imtheacht, nuair tháinig Seaán an
Giúdach.
"Cogair, a Mháire," arsa sé, "bhfuil a thuilleadh dhe
sin agat?"
"Níl," arsa sí.
"Tháinig an duine usal sin ó chiana," arsa sé,
"agus atá sé ana-shásta leis an bpíosa dhíol tú liom
aréir, agus dá bhfuightheá teacht ar a thuilleadh dhe in
aon tslighe, b'fhéidir go dtabharfainn rud maith dhuit -
rud ana-mhaith."
"Dá dtabharfá a bhfuil sa siopa agat dam, níl aon
phioc de agam anois duit. - Siubhail leat, a Shiobhán.
Atá deithneas orainn síos go dtí an tsráid."
D'imthigheadar leó siós, agus do bhí Tomás an túrnae
ag fuireach leó ag an oifig. Do bhí Donnchadh tar éis
casadh leis an sannseáil. Do bhí na píosaí dhá scilling
go léir os cionn a chéile, agus cúpla iarracht de
pháipeur maith láidir thimcheall orra, ceangailte go
docht le píosa chórda.
"Masa, is geall le smachtín é," arsa Tomás ag a
thógbháil ón chléireach "Feuch air seo, a Mháire. Nach
leabhaire agus nach teugartha an smachtín seo 'ná an
cipín práis sin agat?"
"Atá an ceart agat," arsa Máire.
"Atá," arsa sé, "agus ó 's troime an t-airgead
dhe chuid mhór 'ná an prás, badh cheart go meádhfadh an
t-airgead so an cipín míorúilteach atá i do láimh
annsin agat. Cuirimíd sa meadh iad."
Do chuir, agus do mheádhaigh an cipín an t-airgead.
Do bhuail Tomás an bórd le n-a dhorn.
"Ná raibh fhios agam cad do bhí ann?" arse sé,
"ór athá ann! Ór is eadh gach aon órlach de!"
Dóbair go dtuitfeadh an t-anam as an mbeirt bhan
le hiongantas agus le háthas.
"Atá lua' deich míle púnt sa mbeart duilleabhair
sin," arsa sé, "agus cad a dheunfa sibh leis?"
"Nach fuiris duit," arsa Siobhán, "cuimhneamh ar
chleas éigin chun ná tiocfadh Stophán air? Shin é is
baoghal di."
"'Sé, mhuise," arsa Máire.
"'Sé mo thuairim fhéin," arsa sé, "gur aingeal
anuas ó sna flaithis an Gabha so ón Choill, agus do
réir an scéil d'innis tú dham is é rud atá uaidh acht
an t-airgead a thabhairt duit fhéin agus gan aon fhaghbháil
ag t'fhear teacht air. Mar sin, is dócha gurab é
rud ab fheárr a dheunfainn acht acht a cheapadh amach
ag a rádh gur leat-sa an t-airgead so agus gur thugadh
duit fé choingiall gan aon bhaint a bheith ag aoinneach
eile leis."
"Seadh," arsa Siobhán, "agus a rádh le Stophán an
pheidléireacht do chaitheamh uaidh agus dul ag obair
ar an talamh."
"Ní fheadar," arsa Tomás, "b'fhéidir ná fuighbhinn
é sin a rádh leis an bhfírinne. Acht cuirfe mé an t-ór
so go dtí an mbannc, agus tagaidh annso chugham ar
maidin Dé Luain, sibh fhéin agus Stophán, agus beidh
gach aon rud i gcóir agam díbh."
Do-chuaidh Stophán d'iarracht ar an tigh. Do bhí a
fhios aige go mbeadh coinne ag a bhean leis, acht ní
raibh sin ag cur aon bhuaidirt air. Do chonnaic sé
an choinneal ins an bhfuinneóig, mar ba ghnáthach le
Máire an solus isteach do thabhairt dó mar sin, chum
misneach do chur air agus chum a thaisbeáint dó go
raibh sí ag cuimhneamh air. Do-chuaidh sé isteach thar an
gclaidhe do bhí ar agaidh an gheata agus d'fhan sé ann
ar feadh i bhfad agus a cheann idir dhá thor aitinn ag
feuchaint isteach ar an solus agus ar an tigh. D'oscail
Máire an dorus fa dhó, agus do bhí sí mar do bheadh
sí ag cur cluas le heisteacht uirre féin. An tríomhadh
hiarracht tháinig sí amach ar fad go dtí an geata, agus
do chaith Stophán cromadh síos ar eagla go bhfeicfeadh
sí é.
"Dia linn!" arsa sí, "an fear bocht! Ní fheadar
cad atá ag a chomhad? Ó olcas é, is mór an t-uaigneas
é."
D'imthigh sí léi isteach arís, agus d'fhan Stophán mar
a raibh sé go bhfaca sé an choinneal ag a múchadh. D'éirigh
sé den chlaidhe annsin agus do-chuaidh sé síos go dtí
an corrach chum beart luachra do bhaint. Ní raibh aon
bhilleóg aige ná fios aige cá bhfuighbheadh sé í, acht do
bhí scian in a phóca aige. Do chrom sé ag gearradh na
luachra léi agus é ar a dhá ghlúin agus gach aon "triopall
bhaineann beart" fa n-a fhiaclaibh aige. Do lean sé
air mar sin go dtí go raibh beart mór bainte aige.
Do bhí píosa chórda aige acht do bhí sé ró gharid. Do
bhain sé dhe a chasóg, agus do leath sé ar an talamh í
agus do chuir sé an luachair isteach innte agus d'fháisc
sé an dá mhuinirtle le n-a chéile, agus is mar sin thug
sé leis é. D'fhag sé thuas ag an chlaidhe é agus tháinig
sé anuas arís, agus do bhain sé beart eile, agus beart
eile arís. Ba é gnó do bhí aige den luachair acht í
do chaitheamh ins an macha idir an mbothán agus an ngeata.
Do bhí an bothán i ngiorracht trí shlat don ngeata, acht
má is eadh féin muna mbeadh rud éigin caithte ar an
talamh aige, badh fhéidir go n-aireochadh Máire na
gabhair nuair do bheadh sé ag a dtabhairt amach. Do
chuimhnigh sé ar an bpíosa chórda do bhí aige, agus
adubhairt sé leis féin go ndeunfadh sé dhá leath de agus
go gcuirfeadh sé thimcheall ar chaincíní na ngabhar é
ar eagla go mbeidís ag meigiolladh. Do shuidh sé in
áirde ar an gclaidhe agus do bhain sé na bróga de. Do
bhí sé chum sleamhnughadh anuas nuair do las an solas
ar an aeir, agus do thúirling an chaor teineadh. Do
bhí gach aon áit chomh geal le lár an lae ag an solus
dearg, na tighthe agus na crainn agus na sléibhte. Do
chuir Stophán a cheann síos ins an tor aitinn do bhí le
n-a ais le neart scannraidh, "Súil Dé ag feuchaint
orm," arsa sé, agus do shíl sé gur airigh sé an chaor
teineadh ag tuitim ins an abhainn agus an t-uisce ag
fiuchadh. Acht tháinig an misneach chuige arís agus do-
chuaidh sé trasna an bhóthair agus do tharraing sé boltha
an gheata go réidh. Do chaith sé an luachair ar an talamh
idir an ngeata agus an mbothán. D'fhan sé tamall
ag dorus an bhotháin agus do chrom sé ag coganrach
leis na gabhraibh, "Siugaidí! Siugaidí!" chum iad
do chur ar a suaimhneas. Níor fhreagair aon "siugaidí"
aca, agus níor chuireadar cor asta. Do leag sé a
lámh ar cheann aca. Do bhí sé fuar marbh. Do leag
sé a lámh ar an gceann eile, agus ba é an sceul ceudna
é. Do bhuaidh air annsin. D'éirigh sé agus do chuir sé
dhe síos go dtí an choill. Níor chuimhnigh sé ar na
brógaibh, agus d'fhág sé an geata oscailte in a dhiaidh.
Cibé rud do stiúirigh é, is go dtí an áit cheudna do-
chuaidh sé a raibh Máire agus na páistí ag baint an
duilleabhair. Do shín sé ag bun crainn agus do thuit
a chodhladh air. Do-righneadh taidhbhreamh dó, agus do
shíl sé go raibh sé ag imtheacht ar fud an domhain agus
gach aon chrosaire do ghabh sé, go bhfaca sé daoine
bochta ann agus gan orra acht giobail agus iad ag
síneadh a lámh chuige agus ag a rádh, "A Stopháin! a
Stopháin! Tabhair dúinn rud le n-ithe"; agus gur
theich sé uatha, agus go raibh sé ag imtheacht roimhe gur
tháinig sé go dtí an fhairrge; agus gur chaith sé casadh,
agus go bhfaca sé na daoine ceudna arís sínte marbh
ar thaobh an bhóthair. Do shíl sé annsin go raibh sé ag
rioth ó thig go tigh agus ná fuair sé in aon tigh aca acht
daoine marbha; agus gur bhuail an t-uaigneas annsin
é, agus go righne sé deithneas go dtí a theach féin, agus
gur stad a chroidhe nuair d'oscail sé an dorus, mar
go bhfaca sé a bhean in a suidhe ar an gcathaoir agus
Lisín ar a baclain aici, agus Liam agus Móirín taobh
thiar den chathaoir agus a lámha in achrann in a máthair,
agus gurbh fhurus a aithint go rabhadar lag le pian
agus le hanró, agus gur iompuigh Lisín a haghaidh
chuige, agus go rabhadar go léir ag iarraidh labhairt
leis chum fáilte do chur roimhe, acht ná raibh a chos thar
an tairsinn aige nuair do thuiteadar marbh ar an urlár.
Do shíl sé gur screuch sé agus gur theich sé amach an
macha, agus gach aon rud beó ar tháinig sé in a ghoire,
gur sclog sé ar an áit sin. "Atá fuath ag Dia
dham," arsa sé, "ráidhte an díoghbháil seo do bheith im
shúilibh." Ní túisce do bhí sé scartha leis an taidhbhreamh
sin ioná tháinig taidhbhreamh eile chuige. Do shíl sé go
raibh sé ag leaghadh óir ar chraos mhór theineadh, agus go
raibh sé ag a chailleamhaint leis an tart agus gur
chuaidh sé go dtí tobar do bhí ann d'iarraidh deoch 'on
uisce agus nuair do bhí sé ag cromadh síos chum
an t-uisce d'ól gur éirigh bruach an tobair fé agus go
raibh sé ceud slat ós a chionn in áirde; do shíl sé
gur chaith sé é féin ar an talamh chum a lámha do chur in
achrann ins an bhfeur ar eagla bheith ag tuitim, agus
gur chuaidh an bruach síos arís acht aon uair do chromadh
sé chum an t-uisce d'ól go n-éireochadh an bruach arís.
Do-righneadh taidhbhreamh eile dhó annsin agus do shíl
sé gur tháinig deamhan dearg ó ifreann agus gur
chuir an deamhan sprann tríd agus gur thóg sé ar a
ghualainn é mar do thógfá sop féir agus gur thug sé
leis síos go hifreann é; agus gur chuireadh i gcoifín
é, agus nach adhmad do bhí ins an choifín acht ór agus é
ar dearg-lasadh, agus gur bhuaileadh an clár anuas
air agus gur ór do bhí ins an chlár arís agus é ar
dearg-lasadh mar an gceudna. Do shíl sé go raibh sé
ag feuchaint suas ar an gclár agus é sínte ins an
choifín agus go bhfaca sé dhá bhraon den ór ag
connlach fa an chlár, agus gur thuit braon ar a shúil
dheas agus an braon eile ar a shúil chlé, agus gur chuaidh
an dá bhraon síos tré n-a inchinn; agus go bhfaca sé
dhá bhraon eile ag tosnughadh arís, agus go raibh sé
mar sin fa shileadh na mbraon go raibh deich mbliadhna
caithte aige. Do taidhbhrigheadh annsin dó go raibh
sé in a sheasamh ar bharr sléibhe, agus gur tháinig scamal
mór dubh ar an aeir agus gur bhuail an splannc é
agus gur airigh sé an teine ag rioth síos tríd ó n-a
bhaitheas go dtí a bhonn, agus go raibh an splannc ag
a bhualadh mar sin agus an tóirneach ag bladhmadh go
raibh deich mbliadhna eile caithte aige. "Ó a Thighearna,"
arsa sé tré an taidhbhreamh, "iarraim párdún ort i
bpeacaíbh mo shaoghail, agus ní le sceimhleadh athá mé
acht gráin athá agam ar mo dhroch-shlightibh go léir!"
Do shíl sé go raibh sé ag gol, agus gur tháinig suaimhneas
éigin ann, agus go raibh sé i bhfochair na bhfear ag baint
na heórna ar a chuid fhéin talmhan, agus gur airigh sé
na spealacha ag screuchadh innte agus gur labhair an
sagart aníos ón mbóthar leis, "baile ó Dhia ar an
obair, a Stopháin! Ní haon ocras thugann tusa dod
lucht oibre. Atá feiscint bídh ar an meitheal sin
agat!" Agus tar éis an tsuipéir, do shíl sé go
rabhadar go léir in a suidhe ag an teinidh, Máire agus
na páistí agus na comharsain, agus go rabhadar ag
sceulaigheacht agus ag abhrán dóibh féin, agus go raibh
meas ag gach aoinneach ar Stophán an feirmeóir, agus
go rabhadar go léir go caithiseach agus go cuideachtamhail
le n-a chéile. Acht tré na hiongantaisíbh ar fad, do
shíl sé gur airigh sé Lisín ag abhrán, agus go ndubhairt
sé léi, "Ó a smóilín mo chroidhe, is é an t-aingeal
coinleachta do mhúin duit é!" a bhinneacht do bhí an
ceól aici. Do dhúisigh sé go hobann, agus do bhí an
ceól in a chluasaibh i gcomhnuidhe agus do shíl sé gurbh
eun é. "Ní headh," arsa sé leis féin, "acht clog an
tséipéil!"
D'éirigh sé, agus do chuir sé dhe suas an bóthar. Do
bhí gach aoinneach ag feuchaint air, mar do shíleadar
gur as a chiall do bhí sé, bheith ag dul go dtí an t-aifreann
gan bróga ná hata air. Níor chuir sé aon suim ionta
acht eulódh leis isteach i gcúinne éigin. Is é seanmhóin
do bhí ag an sagart acht "Tagaidh chugham-sa, sibh-se
go léir atá fa eire agus fa ualach, agus bainfe mise
an tuirse dhíbh," agus do-chuaidh gach aon fhocal de
go croidhe ag Stophán. Thug Máire fa ndeara é acht
níor leig sí uirri gur thug. D'fhanadar araon ins an
séipeul tar éis an aifrinn go dtí ná raibh aoinneach
ann acht an sagart agus iad fhéin. Do bhí an sagart
ar urnaighthibh agus d'fhanadar go raibh sé réidh. Do-
chonnaic sé iad agus do bhagair sé aníos go dtí an
ráil orra.
"Is annamh tusa ag cur aon locadh ar an sagart, a
Stopháin," arsa sé.
"Ní hamhlaidh bheidh sé feasta, a athair," arsa Stophán,
"is é an sceimhleadh chum an tsaoghail do dhall mé
agus do chuir ó dheunamh chúraim dem bhean agus dem
chlann mé. Comhaireamh an lae indiu do pósadh sinn-ne
annso ag an ráil seo, agus tugaim óm chroidhe anois
an gheallamhaint nár thugas óm chroidhe an uair sin,
meas a bheith agam ar mo bhean agus grádh a bheith agam
di, agus is maith atá sé tuillte aici mar is í an bhean
is fearr sa pharóiste í, agus bíodh gur thug sí fhéin
geallamhaint an lá sin mo réir-se do dheunamh, diul-
taighim anois don choingheall sin, agus pé rud a bheidh
sa saoghal so againn, is ar a láimh-se bheidh sé chum a
rogha rud a dheunamh leis."
"Buidheachas le Dia!" arsa Máire, agus do bhí
na deóra ag teacht leó araon. Thug an sagart a
bheannacht dóibh agus do scaoil sé abhaile iad.
D'innis Máire gach aon rud dó, mar ní raibh aon scáth
anois aici roimhe, agus nuair do bhíodar ag an teinidh
an oidhche sin, iad féin agus Siobhán, do shocraigheadar
ar fheirm agus teach muintire do cheannach agus sciorta
maith den talamh do thabhairt do Shiobhán. Ar dhul a
chodhladh dhóibh, d'airigheadar Lisín ag caint agus do-
chuadar go dtí dorus an tseamra. Do bhí sí ag suidhe
suas ins an leabaidh, a dhá láimh sínte amach agus a
súile ar lasadh le háthas, agus í ag a rádh:
"Fear dubh deas! Cú Bhillí!"
"Buidheachas le Dia," arsa Siobhán, "níl an t-aingeal
i bhfad uainn."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11