Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnuasacht Trágha
Title
Cnuasacht Trágha
Original Title
From the Foreshore
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Composition Date
1908
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Tráighteóir. Bhí an Scoláire ag siubhal ar bharr na faille haille i dtosach oidhche. Bhí gaoth anoir andeas ag séideadh isteach i mbeul na faille. Dochonnaic sé síos uaidh, i measc na gcloch, solus agus do réir mar do bhí sé féin ag siubhal, do bhí an solus ag druideamh- aint uaidh agus uaireanta dochídheadh sé é agus uaireanta ná feiceadh. Insan deireadh do theagmhaig sé le cosán insan bhfaill, agus d'imthigh sé síos dh'iarracht ar go dtí an solas. Cia do bheadh ann acht fear mór fada dubh, casóg mhór bréidín anuas ar a shlinneánaibh, córda bunaigh aniar thar a chabhail, caipín cluasa air agus é go cruaidh fáiscthe, snamaidhghe [snaidhmthe] fá n-a smigín. Sean-lantréir aige ná raibh ann acht aon phána amháin agus é ag comhad [coimheud] an t-soluis ar fad amach roimhe. Do bheannaigh an scoláire dhó. An Tráighteóir. - Do bhain tú geit asam. Cia hé tú? Nó an tú Tabhaistín [Aibhistín]? Do chuir tú an croidhe ar crioth ionam le heagla. An Scoláire. - I mbasa dar an mbaiste, is fuiris [furas] - eagla do chur ort. Is dócha gur túisce do chuirfeá féin eagla ar dhuine ná mar do chuirfidhe eagla ort. Cad atá uait insan tráigh an t-am so dh'oidhche. T. - Atá, an rud ceudna atá uait-se plainnc agus cláracha má dogheibhim iad. S. - I mbasa, a mhic ó, níl plannc ná clár uaim-se, acht is amhlaidh dochonnaic mé an solus anuas ó bharr faille agus thainig mé dh'iarracht air. T. - Gabhaim párdún agat. Do shíl mé gur duine éigin do bhí ag lorg reaca thu.
S. - Ní headh, mhaiseadh, acht strannséir is eadh mé agus ní fheadar mé cá bhfuil mé ag dul. T. - Mara [muna] bhfuil a fhios, lean mise, mar is gairid go mbeidh mé ag dul a bhaile, agus dogheóbha tú teacht liom má is maith leat é. Acht ní stadfaimíd anois go raghaimíd soir ar ghualainn Binn an Chárnáin. S. - An bhfuil sin i bhfad uaim? T. - Atá sé tamall maith eile soir uainn. Agus dar ndóigh má dogheibhmíd dada, beidhmíd leath i bpáirt ann. S. - Cad dogheóbhaimís nó cad atá le fághbháil is na clochaibh seo? T. - Ca bhfios duit nach é do thógbháil dogheóbhthá insan tráigh seo. Is iomdha rud dogheibhtear innso. Bhí mise innso oidhche atá tamall mór de bhliadntaibh ó choin agus do bhí mé ag gabháil ó dheas thimcheall ceath- ramha mhíle ón áit a bhfuil tú anois. Do bhíos ag siubhal ag ciosa [ciumhasaibh] na taoide agus is gnáthach nuair bhíonn [bhíos] sé tar éis gála go mbíonn carn cubhair i measc na gcloch. Do shéid an ghaoth pleidhce cuip mór den chubhar amach romham agus thugas fá ndeara insan áit ar éirigh sé go raibh rud éigin dubh caithte ann agus do chromas ag scaipeadh an chubhair le laiste beag bata maide do bhí i mo láimh agam agus cad do bheadh ann acht bean bhreághdha threun dhathamhail. Do bhí sí caithte ar a cliathán agus a lámh clé síos idir dá chloich. Do bhí gúna breághdha síoda uirri agus clóca mar adeurá de chroiceann róin. Do bhí sé sin casta suas ar a ceann. D'éirigh mo chroidhe orm le scannradh agus dóbair go dtuitfinn i laige acht mar sin féin adubhairt mé liom féin gur mór an truagh í d'fhágbháil ar shluagh na fairrge. Do dhruideas isteach tamall beag agus do leagas mo lantréir ar chloich áird do bhí ann insan slighidh go raibh solus amach agam go dtí an áit a raibh an bhean. Dochuadhas amach innsin agus go
deimhin do bhí obair mhór agam d'iarraidh a lámh do réidhteach as na clochaibh. Do shocraigh mé suas innsin í insan slighidh go bhfuair mé a dhá láimh do chur ar mo dhá ghualainn agus í d'árdach [árdughadh] ar mo dhrom. Ní raibh sí acht díreach socair agam agus mé chum bogadh chum siubhail isteach nuair tháinig caisleán mór de thonn anuas orm agus meireach [muna] mbeadh go bhfuair mé mo dhá chois do chur i dtaca leis na clochaibh agus breith ar stolladh cloiche (.i. cloch a bhfuigtheá feudfá greim do bhreith uirri) do bhí le m'ais, do bhí mé féin agus í féin scua- baighthe amach insan bhfairrge arís agus do bhéinn-se chomh báidhte léi sin innsin. Nuair do bhí sí istigh agam ag bun na faille, dochuaidh mé in áirde insan bhfaill agus do bhain mé cúpla bacla maith féir agus thug mé liom anuas é agus do shocraigh mé fúithi go deas é. D'fág mé innsin í agus d'imthig mé liom do bhaile agus nuair dochuaidh mé isteach, d'innis mé do Bhrighid, shin í mo bhean, cad fuair mé insan tráigh. Do bhí Brighid in a codladh agus d'éirig sí go luath, léir agus adubhairt sí gurbh é an feall í d'fágbháil thíos ar chlochaibh na trágha go maidin, agus "rioth rith suas," arsa sí liom-sa, "agus tabhair leat anuas an t-asal agus tiubhraimíd linn síos é féin agus an cairt go dti barr na faille agus tiubhraimíd linn an bhean aníos eadrainne i mbraithlín agus tiubraimíd linn a bhaile í agus cuirfimíd isteach insan scioból sin amuigh í agus dogheuna mise í do thonn- achadh." D'imthigheamair agus thugamair linn a bhaile í, agus ba mhór an obair dúinn é gan dabht. "Ní fhágfainn aon ainimh ort," arsa Brighid agus do righne í do thonnachadh agus í do leagaint [leagadh] amach in áirde ar an mbórd. Do leathanaigh an sceul amach innsin go raibh a leithéid faghtha agus i gcionn dhá lá seadh tháinig a muintear fá n-a déin, a fear agus a dearbhráthair agus cómhra agus coréiste [cóiste] aca chum í do thabhairt leó a bhaile.
Is í Brighid agus mé féineach féin do chuir insan chómhrainn í. Nuair do bhí sí insan chomhrainn innsin, d'fhiarfaigh an fear díom féin an bhfuair mé aon fháinne ar na meurnaibh. Adubhras leis go bhfuaras, go rabhadar istigh agam. "Tabhair amach na fáinní úd, a Bhrighid," arsa mise. Agus thug, agus do shín sí chuige iad. "Anois," arsa fear na mná báidhte, "ó bhíobhar chomh maith agus do bhíobhar, bíodh an fáinne seo agat-sa, a bhean an tighe, a bhfuil an chathaoir óir air agus tiubhra mé féin liom an chuid eile aca. Agus seo," arsa sé liomsa, "sin cuig phúnt agus fiche duit féineach." D'imhtigheadar leó innsin amach go Sean- Shasana go dtí cibé áit ab as iad. Agus níl aon oidhche ó choin dogheóbhainn-se thar an bpaiste sin ná fuighbhinn rud éigin ann. S. - I mbasa, do bhí luach do sclábhaigheachta go maith agat. An bhfeadar tú cadé an saghas fear é? T. - I mbasa, ní fheadar mé, acht do réir mo thuairim ba é an rud é ná mar do bheadh captéin airm. S. - Dochidheann tusa an domhan iongantaisí ar an dtráig seo. T. - I mbasa, ní fheicim a oiread sin díobh in aon chor. Acht seo rud inneósa mé dhuit. Do bhí mé innso atá tamall de bhliadhntaibh ó choin le cruthnughadh dorchugadh na hoidhche, agus dochonnaic mé an mothall mór dubh ag brughadh isteach, isteach, leis an bhfaill, agus adubhairt mé liom féin gur árthrach í ná raibh aoinneach uirri agus go riothfadh sí isteach ar na clo- chaibh. Níorbh fada dham gur airigh [chuala] mé an t-ancaire dá scaoileadh síos agus bád beag dá scaoileadh anuas, agus thug mé fá ndeara ceathrar fear ag preabadh isteach insan mbád agus siúd isteach iad go dtí lán mara. Ní rabhadar acht istigh nuair d'airigh mé an fothram ag teacht anuas an fhaill ar taobh theas díom, agus do bhrúidh mé mé féin isteach i gcuas fá leac mhór cloiche agus siúd amach an tráigh iad ceathrar fear agus fear i ngabhann [i ngéibheann] aca istig eatorra.
Do cuireadh isteach insan mbád an fear, agus amach leó. Do bhí lantréir ag ceann de na fearaibh, agus cibé iompódh do bhain sé as thug mé fá ndeara mar do bheadh culaith airm ar bheirt de na fearaibh do bhí insan mbád. D'imthigheadar leó chum na fairrge agus a dtásc ná a dtuairisc ní fhuair mé ó choin thall ná i bhfus. S. - Ba mhór an t-iongantas é sin. T. - Ba mhór. Acht eist leat. An dtugann tú fá ndeara dada le hais na cloiche móire úd amuigh a bhfuil an sleabhacán go léir uirri? S. - Ó maite, tugaim. Dochidhim rud éigin mar do bheadh baraille. T. - Seo. Coingigh se [congaibh] an lantréir damhsa agus ragha mé amach fá n-a dhéin é do dhul amach agus é do tabhairt leis isteach. Atá sé agam cibé rud atá ann. Árdaigh an solus feuchaint an bhfuighbhinn aon chloch go mbuailfe mé an ceann síos tríd. - Óch mo chreach, níl dada ann acht tuighe. S. - Ó mhaiseadh, is olc an earradh fuaireamar anocht chum sinn do thógbháil. T. - Ó a mhic ó, ní i gcomhnuidhe dogheibhtear rudaí maithe. Insan bhfairrge seo atá olmhaitheas an domhain, agus is minic thugann sí uaithe cuid mhaith de. Níl aon ghnó againn innso anois, a mhic ó. Atá sé chomh maith dhuinn cur dínn a bhaile. Seo, oidhche mhaith agat anois. S. - Go n-éirighe an t-ádh leat. AN BAILE FÁ AN BHFAIRRGE Bád í seo do bhí ar an bhfairrge thimceall potaí. Ceathrar fear bí innte - fear an bháid agus a mhac agus beirt eile. Bhíodar lá breaghdha gréine ar an bhfairrge agus tháinig codladh ar fear an bháid agus adubhairt sé le n-a mhac a ndinneur d'fhaghbháil do na fearaibh agus go
sínfeadh sé féin fa an siota nó go dtí go mbeadh sé i gcóir aige agus "glaodhaigh glaodh orm innsin," arsa sé leis an mac. "Atá go maith," arsa an mac, "dogheunad." Fuair sé an corcán agus do bhí sé dá rinn- seáil amach thar cliathán an bháid. Do shleamhnaigh an corcán uaidh agus do thuit sé síos go tón poill. Do bhí an t-athair an-chruaidh ar an ngarsúr, agus do bhíodh sé ag bruidhean leis i gcomhnuidhe. Adubhairt an mac leis na fearaibh cibé mar dorighne sé riamh, go mbeadh sé marbh anois mar gheall ar an gcorcán. Adubhairt na fearaibh fir leis, i mbasa go mbeadh. "Fanaigi [fanaidh] go fóill," ar sé sin, "feuch, deunaigi-se deunaidh-se teud orm-sa go lomdocharach go docht agus raghad-sa síos fá n-a dhéin." "An fonn atá ort tú féin do bhádhadh?" arsa na fearaibh [fir]. "Cadé an baoghal bheidh orm, nuair bheidh an teud orm?" adubhairt sé leotha. Do dheineadar [dorighneadar] an teud air. "Anois," ar sé sin, "nuair bhead-sa thíos, agus bainfe mé tarraingt as an téid, conghbhaighidh greim maith uirri innsin." "Atá go maith," ar siad sin, "síos leat in ainm Dé." Dochuaidh agus nuair dochuaidh sé síos go dtí tón poill do bhí an corcán leath-is-amuigh dhe dhoras tighe agus tháinig iongantas air nuair do- chonnaic sé an tigh agus an doras oscailte agus gan aon bhaoghal ar an uisce do dhul isteach ann agus gan aon rud thimcheall air nach acht oitir bhreághdha gainmhe. Dochuaidh sé isteach insan tigh agus ní fhaca sé aoinneach istigh acht sean-duine beag críon aosta in a shuidhe cois na teineadh agus é ag caiteamh a phíopa. Do bheannaigh an garsún dó agus do bheannaigh sin dhó sin, agus do chuir sé fáilte roimhe. Adubhairt sé leis teacht aníos agus suidhe innso le n-a ais go mbeadh gail aige. "Go raibh maith agat, a fhir an tighe," arsa an garsún, "níor chuireas cois cos píopa i mo bheul riamh." "Maran [muna] ndeárnais féin; ní dhiongna gal dem phíopa-sa díoghbháil ar domhan
duit." "Ó ní bhacfa mé leis," arsa an garsún, "atá deithneas orm agus caithfe mé bheith ag imtheacht. Corcán thuit anuas as an mbád uaim ó chianaibh, agus thángas fá n-a dhéin." "Is dócha," arsa an sean-duine, "gurabh é d'airigh mé ag tuitim innsin amuigh tamall ó choin." "Is é," arsa an garsún, "atá sé innso amuigh." Ag iompódh thimcheall chum imtheachta, ar a dhul amach dó, cibé feuchaint thug sé, dochonnaic sé ceathrar cailíní óga thiar i seomra agus iarann in láimh gach duine aca. Nuair dochonncadar ag feuchaint orra é, do stadadar den obair agus do chromadar ag gáire. "A chailíní, ná cuirim-se ó n-bhur n-obair do dheunamh sibh." "Ná bac leó sin, a mhic ó," arsa an seanduine. "Sin iad mo cheathrar inghean-sa, agus sin é slighe mhaireachtain atá aca nigheachán agus deunamh suas don choitcheanntacht thimcheall innso." "Ó," arsa an garsún, "an bhfuil a oiread sin daoine innso." "I mbasa atá, a gharsúin," ar sé sin. Tháinig eagla ar an ngarsún. Do bhain sé stothadh as ann téid. Do cheangail sé an corcán ar a bhásta agus siúd suas leis insan mbád arís. Nuair dochuaidh sé suas d'fiarfaigh na fearaibh fir de, cad do choimeud comh fada sin é, gur shíleadar gur báidhte do bhí sé. D'innis sé dóibh innsin cad dochonnaic sé agus ní chreidfidís é. Adubhairt sé leó ceann aca féin dul síos agus go bhfeicfidís an rud ceudna. Adubhairt ceann de na fearaibh, mhaiseadh, go raghadh sé féin síos cibé rud badh chor dó. Dochuaidh agus má dochuaidh, ní baoghal go ndeachaidh sé thar an doras. Nuair dochonnaic sé an sean-duine beag foirbhthe ag an teinidh, siúd suas leis ar an téid arís. Ba é b'fada leis a chosa nó go dtí go raibh sé istigh insan mbád arís agus adubhairt sé leótha an bád d'aistriughadh as an áit sin mar gur dócha go raibh draoidheacht éigin ar an áit sin, ráidhte go raibh tigh thíos fá an uisce. Adubhairt fear an bháid, i mbasa
gur dócha go raibh agus d'aistrigheadar an bád agus dochuadar tamall maith ón áit sin, agus ní baoghal ná go dtug an garsún aireachas maith dhó féin ag rinnseáil an chorcáin as sin amach. Bhí daoine dá rádh dá dtógfadh an garsún an píopa ón sean-duine go gcaithfeadh sé fuireach in a fhochair i gcomhnuidhe. Ní fhuighbhinn [fheudfainn] cuimhneamh air acht comh fada le mo thuairim d'airighinn, nó is dóigh liom go n-airighinn gur do shean-athair Seaáin uí Nuanáin do bhain so. TAIDHBHREAMH AR AIRGEAD. Bhí fear ann fad ó anallód agus do taidhbhrigheadh dó go bhfuighbheadh sé airgead agus gurab é an duine do thiubhradh dó é ioná sean-duine beag liath ar droich- ead maol Luimnighe. Bhí sé cráidhte ó bheith ag taidhbhreamh air agus adubhairt sé le n-a bhean mnaoi go mbfearr dó dul agus triail do bhaint as. "Nár bhaca Dia do leas duit," arsa an bhean leis, "is dócha ná fuil ann acht dith-céille." "Ní chaillfead aon rud leis," ar sé sin, "imtheóchad liom i mbárach." D'imthigh agus nuair dochuaidh sé go dtí droichead maol Luimnighe, do bhí sean-duine beag liath ag siubhal anonn agus anall ar an droichead. Do bheannaigh an fear so don sean-duine, agus do bheannaigh sé sin dó. Acht do thuiteadar isteach chum cainte le n-a chéile agus d'innis an fear so don sean-duine cad as é agus cad thug innso é. "Go bhfeucha Dia ort," arsa an sean-duine leis, "atáim-se ag taidhbhreamh ar an rud ceudna sin le fada agus sé áit thaisbeánadh dam é d'fhaghbháil ann acht in a leithéid seo de áit i gconntae Portláirge ar thalamh a leithéid seo de dhuine." D'innis sé ainm agus sloinne an fhir dó. "Agus, is dócha," arsa an sean-duine leis, "gurab é an cleas ceudna agat-sa é." "Má is mar sin é," arsa an fear, "atá sé chomh maith dham casadh a
bhaile arís." "Atá, a mhic ó, agus go n-éirghe an t-ádh leat." Do chuir sé chum bóthair a bhaile arís agus áthas mór air, mar ba ghairid dó fhéineach ag baile do bhí an talamh a ndubhairt an sean-duine go raibh an t-airgeadh le faghbháil aige féin. Nuair tháinig sé a bhaile, d'innis sé do n-a bhean mhnaoi cad dubhairt an fear leis ar an droichead. "Ó má is mar sin é," arsa an bhean, "atá an gnó deunta. Nach mar sin do thaidhbhrigheadh duit é gurab ó shean-duine beag ar an droichead dogheóbhthá é agus nach shin é gairid go leór duit é, má atá sé ann. Téighmíd amach in ainm Dé anocht nuair bheidh bhias gach aoinneach in a gcodladh agus bainimíd tástáil as." Dochuadar agus thugadar rámhan leó agus do bhíodar ag polladh agus ag rómhar nó go dtí gur bhuail leac mhór cloiche leis an rámhainn. Do nocht sé an leac ar fad innsin agus do bhí sí chomh trom is go ndóbair ná fuighbheadh feudfadh an bheirt acha í do thógbháil suas. Nuair do thógadar í, cad do bhí thíos fúithe acht corcán mór agus é lán de ór. Do chaitheadar do ba éigean dóibh córda do chur isteach i ngach cluais leis agus é do thabhairt leó eatorra, bhí sé chom trom sin. Thugadar leó a bhaile é, agus do thógadar an t-airgead agus do bhíodar ag teacht suas gach aon lá mar ba mhaith leó. Ba ait leis na comharsanaibh cadé a chúis go rabhadar ag teacht suas. Do bhí feicsint eudaig orra. Tháinig aonach nó pátrún nó aerigheacht éigin innsin ar an mbaile. Do bhíodh cábáin in a mbíodh feóil agus dinneur dá bheirbhadh. Aoinneach ar mhaith leis a dhinneur do thógbháil, do bhí sé le faghbháil aige ag an aonach. Tháinig bean chábáin fá dhéin tamaill de chorcán ar an mbean [mnaoi] so. Adubhairt sí léi go raibh corcán innsin amuigh, agus é d'árdach ardughadh léi, ma bhí aon tairbhe dhí ann. Nuair do bhí an corcán ag beirbhadh na feóla, do bhí sé ag gealadh agus do bhí an mheirg ag imtheacht de. Do
bhuail an scoláire bocht isteach innsin agus do léigh sé na litreacha do bhí ar an gcórcán. Sean-scríobhadh éigin do bhí ann fad ó anallód ba eadh do bhí air. Is é an rud do bhí scríobhtha air acht gurbh mó an corcán eile do bhí le n-a ais ioná é sin. Nuair do léigh an scoláire cad do bhí scríobhtha air, d'fhiarfaigh sé de bhean an tighe, cá bhfuair sí an corcán. Adubhairt sí gur tamall de fuair sí. D'imthigh sé innsin ar cheann na hoidhche, agus d'iarr sé lóistín ar bhean [mnaoi] an chorcáin. Adubhairt sí go bhfuighbheadh agus fáilte, "cibé mar dorighneamar tamall ó choin, do- gheobhaimíd feudfaimíd é do thabhairt anois duit, agus fáilte." "A bhean an tighe," arsa sé, "cá bhfuair tú an corcán so." "Is cuma cá bhfuair mé é." "Atá a thuilleadh," arsa sé, "mar an raibh an corcán so." D'innis sí dhó innsin cá bhfuaradh [bhfrioth] é. "Atá go maith," arsa an scoláire, "raghaimíd fá dhéin an ceann [chinn] eile, acht ní mór dúinn congnamh." "Téighir fá dhéin do dhearbhráthar," arsa sí le n-a fear. "Atá go maith," ars an scoláire, "raghaimíd i dtríur ann anocht." Dochuaidh a dhearbhráthair innsin, agus an fear agus an scoláire bocht fá dhéin an chor- cáin. Do chuir an scoláire bocht innsin fear an tighe leith is amuigh den chlaidhe, agus do chuir sé an dear- bhráthair ag polladh leis an rámhainn. D'fhan sé féin ós a chionn in áirde go raibh an áit glan aige. Chomh luath is do bhí sí glan aige, do bheir [do rug] an scoláire bocht ar an gcorcán, agus do chaith sé go dtí an dear- bhráthair eile ar an taobh is amuigh den chlaidhe é. Dochuaidh an scoláire bocht agus an dearbhráthair de léim thar an gclaidhe. Ní rabhadar acht thar an gclaidhe nuair do bhualadh an claidhe. Dochuadar isteach innsin, agus do bhí an coscán lán de ór buidhe. Thug sé scair de don dearbhráthair innsin agus scair eile don scoláire bocht. An maighistir do bhí orra, do bhí a chuid ar caint agus báillí air agus i gcionn cúpla lá is eadh
do bhí gach aon rud chum dul chum cinn. Adubhairt an fear so le n-a bhean [mnaoi] go mbfearr dhó dul go dtí an maighistir leis an gcíos, ó dá luighead cíosa do bhí orra, go mbféidir go ndeunfadh sé maitheas don maighistir. Adubhairt sí sin leis go raibh sé chomh maith é do dheunamh, agus ar imtheacht don bhfear, ní i dtaobh leis an gcíos d'imthigh sé mar thug sé ceallmán maith den ór do bhí insan chorcán leis agus do- chuaidh sé go dtí an maighistir. Má dochuaidh, ní raibh an maighistir chum dul ag caint le haoinneach ar an am sin, mar do bhí iomarca buaidheartha air, acht d'iarr an fear so ar an seirbhíseach é do leigint leigean chum an mhaighistir d'feicsint mar go raibh gnó práinneach aige dhe, agus do leigeadh isteach é agus dochuaidh sé chum cainte leis. Nuair dochuaidh sé isteach, do chuir an maighistir na túrtha fáilte roimhe. D'fhiarfaigh sé dhe cad thug innso é, "Ó thug díol ciosa leat, a mhaighistir," arsa sé, "atá cíos seacht mbliadna agat orm, a mhaighistir." "Téighir a bhaile a fhir bhoicht," arsa sé, "agus caill leis na páistibh é, mar beidh mo chuid se go léir," arsa sé, "cain- teáilte innso ag [ar] a dá bhuille uair dheug. Bhí sé chomh maith agat duit fuireach [fanacht] insan mbaile mar is iomdha cíos mar do chios-sa do réidhteóchadh mo bhruid ar an am so." "A mhaighistir," arsa sé, "an mór é do chuid fiacha, nó cadé a mhéid do réidhteóchadh do phráinn anois?" "Atá," arsa sé, "idir a trí agus a ceathair de mhíltibh púnt." "Mhaiseadh, tiubhrad-sa an méid sin duit agus a thuilleadh in a fhochair," arsa an fear. "A dhuine gan chiall [céill]," arsa an maighistir, "an ag magadh fúm atá tú? Cá bhfuighbhtheá-sa an méid sin airgid?" "Is cuma dhuit cá bhfuaras é, acht go bhfuighbhe tú féin anois é." Adubhairt sé leis suidhe innsin má ba é a thoil é. Do shuidh sé innsin, é féin agus beirt nó triúr daoine uasla [uaisle] do bhí in a fhochair. Do chómhairigh an
feirmeóir amach innsin ceithre míle púnt chuige. Tháinig iongantas ar na huaislibh cá bhfuair sé an t-airgead. Do ghlaodh an maigistir ar sheirbhíseach agus adubhairt sé leis dul agus stopadh do chur leis an obair do bhí ag teacht air. "Ó dorighne tusa an mhait dorighnis damh-sa, tiubhra mise do chuid-se dhuit i gcionn na bliadna. Téighir a bhaile anois," arsa sé, "agus téighir ar an gcnoc is aoirde den stát, agus feuch le do dhá shéil ar an méid dochidhfe tú de thalamh. Bíodh sin agat. Ní iarrfa mé aon leath-phinge cíosa go bráth ort, acht sraithe do dhíol as." Dochuaidh sé a bhaile innsin, agus thug sé do n-a dhearbhráthair na hocht n-acra do bhí aige fein. BRIAN BOROIMHE AGUS NA LOCHLANNAIGH. Is é an t-slighe fuair Brian Boroimhe amas ar bhreith ar na Lochlannachaibh acht ná do bhí sé ag gabháil an bhóthair lá agus do bhí an bhean agus gach aon liúgh aici agus do chuir sé stad ar an ngiolla do bhí ag tiomáint na gcapall dó. Tháinig sé anuas den chárr do bhí aige agus d'fhiarfaigh sé dhí cadé an chúis a raibh sí ag gol. Adubhairt sí gurab é an leanbh do bhí innso aici, do bhí sí chum é do mharbhadh. D'fhiarfaigh sé dhí cadé an chúis é sin. Adubhairt sí gurab é a fear d'fág órdúgadh aici an leanbh do mharbhadh. "Cadé an chúis é sin?" arsa sé. "Atá," arsa sí, "atá sé ag faghbháil ocrais. Atá sé ag obair i bhfochair na Lochlannach thíos fá thalamh agus ní dhiongnadh sé tobac dó an méid atá sé d'fhaghbháil, dhá phingin sa ló atá sé d'fhaghbháil." "Cadé an chúis," arsa sé, "a gcuireadh an páiste gáire as, nuair do chuirfeá-sa féin liúgh asat?" "Atá," arsa sí, "mar nuair do bhínn chum é do sháidh, do thuiteadh an scian uaim." "An bhfuighbheadh t'fhear a dheunamh amach dam cadé an t-slighe a ndeunann siad comharthaí do n-a chéile? Ní bhfuighbhinn féin ná mo chuid fear teacht suas leó nuair ná feadairmíd cá
mbeadh dul isteach ar na dóirsibh. Beidh mise innso i gcionn mí [mís], acht seo dhuit," arsa sé, "roinn airgid agus dogheuna sin tú go dtiocfa mé arís. Abair leis cunntas do bheith aige dam," arsa sé, "má fheudann sé é, cad iad na comharthaí bhíos eatorra insan oidhche." Tháinig sé innsin i gcionn mí agus d'fhan an fear ó obair an lá sin. Do cheistigh sé innsin é, cad iad na comharthaí do bhí eatorra. Adubhairt sé leis go raibh aghaidh soluis an leasa a raibh sé fhéin ag obair ann ar an lios bhí ar an taobh thuaidh de (- bhí sé féin ag obair insan lios do bhí ar an taobh thiar), "agus aghaidh soluis an leasa atá ar thaob thuaidh atá sé ar an lios atá ar thaob theas de agus aghaidh soluis an leasa atá ar thaob theas atá sé ar an lios atá ar thaob thoir, atá na soilse go léir ar a chéile insan oidhche. Taisbeánfa mise an lios duit um thráthnóna an bhfuil mé féin ag obair ann, agus chomh luath agus do lasfar an solus insan oidhche innsin beidh a fhios aca féin cad bheidh ó n-a chéile. Tair-se anocht chum an leasa agus do chuid fear agus cuir cuid ded chuid fear ag gach aon doras de na trí dóirsibh. Lasfar an solas innsin do na liosnaibh leasaibh go léir, agus beidh a fhios aca innsin go bhfuil an tóir orra. Dochídhfe tú innsin," arsa sé le Brian, "gach aon áit i bhfuil lios agus tair go dtí an lios istoidhche i mbárach agus bíodh do dhóthain fear agat. Gach aon áit a bhfeiceócha tú solus, cuir cuid ded chuid fear ann." Do bhí cuid dá chuid fear in gach aon áit socair aige. Do lean sé díobh innsin, gur dhíbir sé as an talamh iad. Bhí sé dá marbhadh leis innsin gach aon lá as sin amach. Nuair do bhí a ndeireadh críochnuighthe aige go dtí aon triúr amháin do bhí insan lios déidheanach, nuair tháinig sé chuige, an t-atair agus an bheirt mhac do bhí ann, adubhairt sé leó go dtiubhradh sé a n-anam dóibh, má inneósaidís dó cionnas do dheunaidís [do-ghnídís] an bheóir. Do ghlaodh an t-athair i leath-taoibh saigh-
diuirí Briain agus do chuir sé i dtuicsint dóibh, go raibh sé féin toiltheanach ar é d'innsint dóibh, acht go raibh eagla air, má inneósadh, go marbhóchadh an bheirt mhac é, "agus leis sin de dá bhrígh sin marbhuighidh iad sin ar dtúis. Is milis é an t-anam," arsa sé, "agus is fearr liom-sa mo anam agam féin ioná aca sin." Do mharbhuigheadh [marbhadh] iad innsin, agus nuair do bhíodar marbh "beidh Éire gan leann anois," arsa sé, "marbhuighidh mé féineach anois," agus do mharbhuigheadar, agus do bhí Brian chomh dall agus do bhí sé riamh ar cionnas an bheóir do dheunamh. SCEUL AN PERI. Tadhg. - Cá bhfuair tú an plannc, a Dhonnchadh? Donnchadh. - Fuair mé innsin thíos i bhFaill na Croise é. T. - An bhfuil aon teugar díobh ag teacht isteach an aimsir seo? D. - Fuaradh [frioth] roinn díobh an t-seachtmhain seo do chaitheamair, nach [acht] dochuaidh an ghaoth ó dheas air agus do séideadh amach chum fairrge arís iad. T. - Is dócha gur árthrach éigin do bádhadh i dtaobh theas de Mhion-Árd nó mar sin a raibh na plainnc seo innte. D. - Ní fheadar mé. Ca bhfios duit nach árthrach éigin ar scuabadh thar bórd dí iad. T. - Dar ndóigh, atá sé i gcoinne an dligheadh aon adhmad do bheith ar bhórd anois. Caithfidh sé go léir bheith thíos i gcabhail an árthraigh. D. - Hot, a dhuine. Is iomdha rud dheuntar do- ghníthear i gcoinne an dligheadh agus le neart sainnt chum an airgid téigeann siad insan chontabhairt uaire- anta, d'iarraidh an t-ualach mór do thabhairt leótha. T. - Ar airigh tú an bhfuil aon phíosa den Pheri dá shéideadh andeas in aon chor? D. - O mhaiseadh, an dré píosa. Do bhí sí ró-fhada isteach is na cuaiseannaibh [cuasaibh].
An Scoláire. - Cá ar bhádhadh an t-árthrach so a bhfuil sibh ag trácht uirri? D. - Innsin theas i mbun Rátha na mBiníneach birín- each. Is dócha gur airigh tú trácht uirri nó go bhfuair tú cunntas is na páipeuraibh uirri. An S. - Cad as í nó cia leis í? D. - Ó Dhún Garbhán. Le Captaon Muldomhnaigh ba eadh í. An S. - Cathoin do bádhadh í, nó cadé an t-slighe do rioth sí isteach innsin? D. - Í do chur as a slighidh oidhche na marbh agus í do rioth in áirde ar na clochaibh, agus oidhche fhiadhain ba eadh í leis. An S. - Cadé an chúis ná faca sé caisleán an t-soluis nó cad thug isteach insan bhfaill é? D. - 'Uise, a mhic ó, é do chur amudha mar do shíl sé gur trállaer gaile é an caisleán. Agus nuair do bhí sé ró-fhada isteach innsin, do bhí an ghaoth bun ós cionn aige chum í do chur amach arís as, agus ní raibh dada le deunamh aige nuair do bhuail sí agus scoil- teadh as a chéile í. An S. - Ar bhádhadh aoinneach de na fearaibh nó cionnas thángadar saor. D. - Do bádhadh beirt aca agus tháinig beirt eile saor, agus ní raibh innsin féin acht míorbhail cionnas nár mharbhuigheadh i gcoinne na gcloch iad. Nuair do bhuail an t-árthrach an cheud uair do chaith an máta é féin amach mar do shíl sé go bhfuighbheadh sé snámh go dtí an fhaill. Nuair dochonnaic an cócaire é do bhí gach aon liúgh agus gach aon screuchadh aige agus do chaith sé é féin amach in a dhiaidh gan aon phioc dá chuid eudaig do bhaint de. Do bhí an captaon agus an mairneulach d'iarraidh é do chomhad chum baoi sábhála do chur air. Acht do chaith sé é féin amach dá n-aimhdheóin. Ní raibh aon snámh innsin ag an chaptaon ná ag an mairneulach agus do chaitheadar fuireac ar an árthrach nó gur bhuaidh orra. Is é an captaon an tríomhadh
fear d'imthig di, 16 agus d'fhan an mairneulach uirri go raibh sí ag tuitim as a chéile. Do chaith sé dhe a raibh uimig [uime], agus do chuir sé air an baoi, agus thug sé fá an pholl .i. an fhairrge agus is é an cheud fhear do bhí istig é agus ar a theacht isteach dó, thug sé fá ndeara an máta agus an garsún agus adubhairt sé leó misneach do bheith aca nach [acht] níor labhair aoinneach aca leis. Nuair tháinig sé isteach innsin, do bhí sé ag liughraigh agus ag glaodhach orra, agus is é an cap- taon an cheud fhear tháinig chuige agus do bhíodar araon innsin ag coinne ó am go ham go mbeadh an máta isteach chucha mar an-shnáimhteóir ba eadh é. Nuair ná raibh aon rud le deunamh innsin aca thugadar fá an bhfaill chum dul in áirde innte. Do bhí an mairneulach ar tosach agus an captaon ar deireadh. Do bhí an fhaill ag imtheacht ó chosaibh an mhairneulaigh agus dóbair go marbhóchadh [muirbhfeadh] na clocha do bhí ag tuitim síos an captaon. Do chaith [b'éigean do] an captaon tabhairt suas nuair fuair sé greim ar chloch in lár na faille agus d'fhan sé innsin go maidin gur gheal an lá air. Nuair fuair an mairneulach é féin in áirde, bhí sé chomh cortha, chomh marbh sin is ná fuighbheadh [feudfadh] sé dul a thuilleadh agus do chaith sé é féin i bpreap [tor] sceach agus raithnighe agus d'fan sé ann ar feadh dá uair an chluig fá an bhfuacht agus fá an aimsir gan aon eudach air acht amháin a léine. D'éirigh sé innsin agus dochuaidh sé suas thar an gclaidhe agus do bhí sé ag feuchaint thimcheall air nó gur airigh sé madraí ag sceamhghail agus dorighne sé ar na madraíbh agus nuair dochonnaic na madraí é, eachtra ba eadh éisteacht leó le sceamhghail agus d'airigh fear an tighe iad. D'éirig sé agus do chuir sé a cheann amach as an bhfuinneóig agus d'fiarfhaigh sé an raibh aoinneach innsin. Adubhairt an mairneulach go raibh agus d'fhiarfhaigh sé cia hé. Adubhairt sé sin gur mairneulach, go rabhadh [rabhthas] tar éis an t-árthrach do bhádhadh innso thíos orra. Adubhairt fear
an tighe leis teacht aníos go mbeadh sé in a shuidhe ar an nóimeint agus d'éirigh leis, agus do chuir sé a chuid fear in a suidhe agus do leigh sé isteach an mair- neulach agus fuair sé eudaighe dó agus deochna deocha teó, go dtí tháinig sé chuige féin. Innsin, d'imthigh muintear an tighe agus an mair- neulach agus thugadar teuda agus soilse leó síos fá dhéin an chaptaon, acht nuair dochuadar síos, ní raibh aon phioc den chaptaon le faghbháil aca agus b'éigean dóibh casadh arís aníos go dtí an teach. Dochuaidh fear aca síos innsin le breacadh an lae agus sin é an uair fuair sé an captaon thíos agus a ucht leagtha ar an árthrach aige agus d'iarr sé air teacht suas go dtí an tigh leis go raibh an mairneulach thuas. Adubhairt sé sin leis ná raghadh, mar go raibh gach aoinneach i gcoinne a leithéidí féin do scaoileadh isteach beó nó marbh. "Nach acht," arsa sé, "cadé an áit den dúthaigh i bhfuil mé?" "Atá tú," arsa fear Shúiliobháin, "leath slighe idir ceann Heilbhic agus ceann Mhion-Árd." "An é seo cuan Baile uí Churraoin?" arsa an captaon. "Is é," arsa an fear eile. "Má is é," arsa an captaon, is é an rud badh cheart do dheunamh le caisleán Mion-Ard ná é do chur in áirde is na speurthaibh. Tháinig sé aníos innsin in aonfheacht leis an bhfear go dtí an tigh, agus fuair sé casóg agus bróga chum iad do chur air agus fuair sé a dhóthain le n-ithe agus le n-ól. Dochuaidh sé síos innsin arís go dtí an t-árthrach agus do chuir sé fear soir go dtí tigh na bhuitéirí ag cur sceula go dtí Captaon Muldomhnaigh go raibh an t-árthrach báidhte agus ná fuighbheadh sé féin corruighe ón árthrach go dtí dtioc- fadh maighistir an árthraigh. An S. - Cadé an saghas ualach do bhí innte nó cad as do sheól sí? D. - Ualach guail do bhí innte agus ar maidin an lae roimh sin d'fhág sí Sean-Shasana chum dul go Baile uí Choitín Baile Coitín. Do bhí an lá an-fhiadhain agus
an oidhche dorcha agus d'fhan sí ar aon tac amháin go dtí ar bhuail sí an fhaill mar do bhí an t-árthrach an- bhríoghmhar agus do shíl sé ná raibh leath na sligheadh riothta aige ón uair d'fhág sé Sean-Shasana agus sin é is mó do chuir i mudha é. Mar sin nuair d'fhógair an cócaire dhó go bhfaca sé talamh, do chaith sé amach an mheáchtain meádhachan. Do réir an mhéid uisce do bhí ann adubhairt sé go raibh sé cúig mhíle deug ó thalamh agus fá cheann deich noimeintí do bhí an t-árthrach buailthe. An S. - Cad ba chríoch don árthrach nuair tháinig an fear ar leis í fá n-a déin? D. - Is é a críoch ná go raibh sí innsúd aige in a sean-chliabhán tuitthe as a chéile, píosa dhí innso agus píosa dhí innsúd. Do bhí gach aoinneach dá stracadh as a chéile agus adubhairt sé leó í do tharraingt leó. Níor chuir sé aon stopadh orra go ceann cúpla lá. Sin é an uair tháinig na bhuitéirí agus do chuireadar in áirde páipeur go mbeadh caint uirri a leithéid sin de lá. Do stopadar gach aoinneach innsin agus ní leigfidís dóibh dada do thabhairt leó acht an gual agus níor leigeadar é sin féin leó thar bharr na faille. Do chaitheadar [b'éigean dóibh] é d'fhágaint [d'fágbháil] innsin go dtí lá na cainte. Nuair tháinig lá na cainte do bhí na mná ar fad agus gach aoinneach aca in a suidhe ar a gcarnaibh féin ag fuireach go gcain- teóchthaidhe é. Is í an t-árthrach agus an méid do bhain léi do bhí ar an dtráigh do cuireadh chum díola an cheud uair. Níor thóg aoinneach an t-árthrach acht do thóg siuinéir ó Chrosaire Cadhla a trí nó a ceathair de phíosaíbh de na crannaibh agus de na slataibh agus do thóg fear eile na teuda agus na seólta. D'imthigheadar leó suas innsin agus do bhí na mná thuas ag fuireach leó chum a gcuid féin den ngual do thógbháil. Acht nuair tháinig na bhuitéirí agus an fear do bhí dá chainteáil adubhairt sé leo ciall do bheith aca agus é dho tharraingt leó a bhaile, ná raibh aon bhaint aca féin leis chum aon chaint do chur air.
An S. - An bhfuaradh bhfrioth na fir do bádhadh? D. - Ó, fuaradh. Ar maidin Dé Domhnaigh fuaradh ceann aca an-ghairidh don árthrach agus ceann eile tamall maith ó dheas uaidh. Is é an máta an cheud fhear fuaradh agus do bhí sé an-dheacair é do thabhairt as an áit in a bhfuaradh é go dtí an cosán, mar an cheud bheirt fuair é, d'fhágadar mar a raibh sé agus níor thógadar as a bhfairrge féin é go dtí tháinig triúr eile agus thugadar leó é siar go dtí an Stáicín. Do bhí sé an-dheacair é do chur in áirde is na strapaibh atá ar an bpaiste sin agus is amhlaidh b'éigean do fear aca é do thógbháil ar a bhaclain agus é do sháidh in áirde go dtí an bheirt eile, agus d'fhágadar innsin é agus píosa seóil caithte anuas air nó go dtí tar éis an aifrinn go dtí fuaradh an dara fear agus do tógadh in áirde iad araon go dtí barr na faille ins- an áit a bhfuair capall teacht fá n-a ndéin agus iad do thabhairt suas go dtí an teach ba ghiorra dhóibh, insan áit a raibh cómhra chum ceann aca do thabhairt do bhaile. Ní raibh aon chómhra don dara duine mar ní raibh aon chunntas tar éis dul go dtí Dun Garbhán go bhfuaradh é, agush is amhlaidh do cuireadh iad araon in aon chomhrainn amháin. T. - A mhic ó, is míorbhail ceart gur chuaid [go ndeachaidh] aoinneach in áirde insan bhfaill an áit a ndeachaidh an mairneulach úd. Acht amháin do raghadh duine in aon áit nuair do bheadh scannradh air. D. - Ní fheadar mé fá an domhan cionnas dochuaidh sé in áirde ann insan áit ar dhóigh leat ná fuighbheadh cat dul ann. Agus cadé an díoghbháil acht dorchacht na hoidhche agus a shlighe do dheunamh díreach i gcoinne na faille. T. (ar a imtheacht do) - I mbasa, a Dhonnchadh, má is le hárthrach báidhte bhaineann [bhaineas] an plannc breághdha sin badh chóir go mbeitheá ag guidheachaint do na mairneulachaibh bochta. D. - Dhe mhaiseadh, adeirim-se guidheachaint leat.
MAC AN FHEIRMEÓRA. Bhí feirmeóir ann fada ó. Ní raibh aige acht aon mhac amháin acht ní raibh aon teóra leis chum cartaí d'imirt. Níl aon áit an aireóchadh sé cluiche cartaí do bheith dá n-imirt, dá mbeadh sé seacht míle uaidh, ná raghadh sé ann. Bhí sé oidhche ag teacht a bhaile agus do bhí sé an-fhada insan oidhche. Do bhí beárna ar thaobh an bhóthair ar a chuid féin talmhan, agus díreach do bhí an bata insan mbeárna aige nuair do ghabh an t-sochraid thairis. Ní raibh fá an choifín acht triúrar [triúr]. Adubhairt sé leis féin gur dheacair do thriúr coifín cómhra d'iomchar agus go raghadh sé fhéin mar cheathramhadh duine fúithe. Dochuaidh, agus má dochuaidh, d'fágadh aige féin í, agus n'feadar sé cár ghabh an triúr fear, cia aca an t-aer nó an talamh do shloig iad. Do bhí sé innsin agus an choifín ar an mbóthar aige. Adubhairt sé leis féin gurab ait an gnó dó, bheith ag feuchaint uirri agus gan fios aige cad do bhí innte. Do thóg sé an clár di. Cad do bheadh istig innte ná cailín breághdha óg agus í ag cur cuarníní [coirníní] allais dí. "Ó," ar sé sin, "níl aon deallradh báis ort. Is fearr dham tú do chorruighe suas." Do-bheir [rug] sé ar láimh uirri agus do bhuail sé croidhe a deárnann. Do phreab sí suas agus d'fhiarfaigh sí cá raibh sí. "Atá tú ar láimh shábhála. Ná tagadh aon eagla ort. Cad do chuir innso tú?" "Inneósad sin duit," ar sí. "Atá mé ar an leabaidh ag mo mhuintir le trí mhí, agus anocht do bhí na trí mhí caithte. Tháinig triúr fear isteach agus do thógadar leó mé ins an choifín sin. Do chuireadar stumpa bata i m'áit insan leabaidh." "Ó," ar sé sin, "atá go maith. Siubhail leat a bhaile go dtí mo thig-se [teach-sa] anois." Do chuaidh sí leis go dtí an tigh [teach]. Nuair dochuaidh sé a bhaile do ghlaodh sé ar a deirbhsiúr agus adu- bhairt sé léi, deoch éigin d'fhaghbháil don chailín do
bhí innso. Tháinig scannradh uirri sin nuair do- chonnaic sí an cailín ag an teinidh. Adubhairt an cailín léi go raibh maith mhór deunta ag a dhearbhráthair di féin. D'innis sí dóibh innsin gach ar bhain di. D'innis sí don mbuachaill cá raibh a muintear in a gcomhnuidhe. Áit éigin i gConntae Corcaighe bhíodar agus d'imthigh an buachaill leis dhaid ná bháireach lá ar n-a bhárach agus thug sé dhá lá ag dul ann. Níor chuaidh [ní dheachaidh] sé go dtí an tigh [teach] in aon chor mar adubhairt duine de sna [na] comharsain [comharsanaibh] leis go raibh cailín óg dá cur as an tigh sin indiu. Dochuaidh sé isteach insan pháirc agus thug sé leis an capall do bhí ann. Adubhairt sé leis an bhfear so do bhí ag caint leis innisint do fhear an tighe gur thóg fear leis an capall den pháirc agus gur in a leithéid sin d'áit i gConntae Phortláirge do chomhnaigh sé. Nuair do bhí an trioblóid thar fear an tighe agus a inghean, mar do shíl sé, curtha aige, adubhairt sé go gcaithfeadh sé dul fá dhéin a chapaill agus gur mhór an chladhairigheacht [claidhireacht] an té do thóg uaidh é. D'imthig sé leis. Nuair thainig sé go dtí an tigh [teach], do chuir an buachaill na túrtha fáilte roimhe agus adubhairt sé le n-a mháthair dinneur maith d'faghbháil i gcóir dó. Do bhí an fear bocht cortha agus buaidhirt air. Do bhí sé in a shuidhe ar chathaoir ag an teinidh. Nuair d'iompaigh sé thimcheall ag feuchaint ar fuaid [fud] an tighe, do bhí seomra ós coinne na teineadh, dochonnaic sé an cailín ag siubhal thar dhoras an t-seomra. Adubhairt sé meireach [muna] mbeadh a inghean do bheith curtha go ndeurfadh [n-abróchadh] sé gurab í do bheadh ann. Do rioth sí sin aniar chuige "Ó, a athair," ar sí sin, "is mise atá ann." "Ó, a inghean ó, ní tu. Ní tusa mo inghean, mar atá sí curtha fá an bhfód, go bhfóire Dia orainn." Adubhairt sí na raibh. D'innis sí dhó innsin cionnas do bhí aici agus gurab é an stumpa bata do fágadh insan leabaidh in a háit féin do bhí curtha aca, mar go raibh sé i gcló
duine. Dochuaidh an buachaill a bhaile le n-a hathair innsin agus dochuadar go dtí an uaigh mar ar shíl- eadar í seo do bheith curtha ann. Cad dogheobhaidís ann nach [acht] sean-stumpa bata. Thángadar thar n-ais innsin go dtí tigh [teach] an bhuachaill [bhuachalla] arís, agus adubhairt a hathair, ó bhí an sgeul mar do bhí sé, ná caithfeadh sí aon fhear eile do bheith aici go deóidh nach acht an fear thug leis saor sábháltha í ó n-a namhaid Do pósadh innsin iad. Do mhaireadar go maith i bhfochair a chéile. Níor chuaidh ní dheachaidh sé fá dhéin aon chárta as sin suas. PUISÍN CÚIL AN HIARTA AGUS RÍ NA gCAT. Bí fear ann fad' ó a dtugtaoi Bháitéir Breathnach air. Bhí cúigear nó seisear cloinne aige. Bhí sé ag dul go dtí an baile mór lá chum bróga do thabhairt chucha. Nuair dh'airigh an cat iad dá rádh le n-a n-athair, bróga deasa do tabhairt chucha, do phreab sé féin as an gcúinne, "a Bháitéir," ar sé sin, "an dtiubhra tú bróga deasa chugham-sa?" Tháinig uathbhás ar an bhfear, nuair do labhair an cat leis agus adubhairt sé go dtiubhradh. Nuair dochuaidh sé go dtí an baile mór, d'innis sé do gach aoinneach cad dubhairt an cat leis, adubhradar leis a rádh leis an gcat nuair do raghadh sé do bhaile ná fuighbheadh feudfadh sé aon bhróg do thabhairt chuige gan é do thabhairt leis go dtí an greusaidhe go dtógfadh sé a thuise chum na mbróg do dheunamh dhó. Nuair tháinig an fear a bhaile. D'fiarfaigh gach aoinneach de na páistíbh ar thug [an dtug] sé bróga chucha féin, agus d'fiarfaigh an cat de ar thug sé chuige féin iad. Adubhairt sé leis ná tug mar go gcaithfeadh an greusaidhe a thuise do thógaint [thógbháil], mar ná raibh aon bhróg aige d'oirfeadh dó. "Conust [cionnas] raghad-sa ann," arsaigh an cat, "stracfaidh na madraí mé, má bhím ag siubhal i t' fhochair- se." "Ní dhiongnaid," ar sé sin, "mar cuirfead-sa
isteach i mála thu, agus tiubhrad liom ar mo dhrom thu." Do chuir sé isteach insan mála an cat agus dh'árdaigh sé leis é. Do bhíodh gach aoinneach ag a fhiarfaighe de Bháithéir cad do bhí ar a dhrom aige, adeireadh sé leó gur chuma dhóibh. Do bhíodh an cat ag cur a iongnaí tré na dhrom agus é ghá rádh, "ar do bhás a Bháitéir, ar do bhás, a Bháitéir," is é sin, gan innisint cad do bhí aige. Do bhí sé cráidhte aca ó bheith ghá fhiarfhaighe dhe agus do chaith sé chucha an mála agus a raibh ann agus do strac na madraí an cat agus an mála do bhí thimcheall air. Nuair do bhí sé dá stracadh ag na madraíbh, adubhairt sé le Bháitéir nuair do ragadh sé a bhaile é d'innisint do phuisín cúl an hiarta gur mharbh sé rí na gcat. Nuair dochuaidh sé a bhaile, do bhí sé ag a innisint do n-a bhean mhnaoi cad dubhairt an cat leis. Bhí cuitín beag, cnaoidhte insan chúinne. Thug sé preab agus do mheuduigh sé é féin agus dochuaidh sé de bhiniúg bhonnóig in scórnaigh Bháitéir agus dóbair ná faghfaidhe [fuighbhthí, feudfaidhe] é do réidhteach as. Do chaitheadh do [ba éigean dóibh] dul amach agus glaodhach ar na comharsain comharsanaibh chum é do réidhteach agus meireach muna mbeadh sin, do bhí a scórnach ithte aige as Bháitéir. Acht do mar- bhuigheadh [marbhadh] é sin innsin chomh maith le rí na gcat. Nuair do bhíodh ag a mharbhadh, Níor 'láir [fuláir] duit, a Bháitéir," ar sé sin, "t'oidí-muintí do oidí múinte." An Fear do bhí ag tráighteóireacht. Fear é seo do bhíodh ag imtheacht go dtí an tráigh gach aon am ag faghbháil trioscair. Bhí sé oidhche agus do bhí an-chuid trioscair ann agus do chrom sé dá chur isteach. Cad dogheóbhadh sé insan trioscar acht fear báidhte. Adubhairt sé leis féin gur mór an feall é do leigint leigean amach leis an taoide arís agus do tharraing sé isteach é cois na faille. Dochuaidh
sé a bhaile innsin. Thug sé leis an capall agus an drae agus thug sé leis a bhaile é. Do chuir sé isteach insan sgioból é. Dochuaidh sé go dtí an baile mór agus thug sé coifín leis agus do chuir sé é. Ba ghairid innsin nó go dtí gur chuaidh [go ndeachaidh] sé go dtí an tráigh oidhche eile. Cad dogheóbhadh sé acht pinsiún mór agus do chrom sé chum é do chorruighe feuchaint an bhfuighbheadh sé leis é. "Imbasa, atá tú ró-throm," ar sé sin, "ní bhfuighbhinn liom tú." "Dogheóbhair," ars an duine ag a chliathán. "Buail do lámh fá n-a cheann." Do bhuail agus thug sé go dtí an tigh é. Adubhairt an fear leis go raibh a oiread sin galún fíona ann agus é do thabhairt leis go dtí Corcaigh go dtí n-a a leithéid sin de thigh agus go bhfuighbheadh sé sé deug an galún air, "nach [acht]," ar sé sin, "ná feiceadh lucht an dligheadh tu." Do dhein [do righne] sé mar adubhradh leis. Nuair tháinig sé a bhaile, dochuaidh sé go dtí an tráigh an oidhche sin arís, fuair sé tranc cómhra, agus adubhairt sé leis féin gur dócha go raibh sin ró-throm chomh maith. Do labhair an fear leis arís. Adubhairt sé leis breith ar taobh de agus go mbeuradh sé féin ar an taobh eile. "Is é an rud é atá innsin ná [acht] airgead." Thug sé leis a bhaile é, agus d'innis sé do n-a athair cad fuair sé agus cia do bhí ag tabhairt congnaimh dhó. Adubhairt an t-athair leis go mbhádfadh sé sin é agus gan dul go dtí an tráigh níos mó. "Atá go maith," ars an mach, "ní bhacfa mé anocht le dul ann." I gcionn na hoidhche, nuair ná raibh sé ag dul go dtí an tráigh, tháinig an fear go dtí an fhuinneóg agus do ghlaodh sé air. D'fhiarfaigh sé dhe, ná raibh sé ag dul go dtí an tráigh anocht? Adubhairt sé sin leis ná raibh. "Ó níl tú," arsa an fear, "mar adubhairt do athair leat go mbádhfainn-se tú, acht níorbh bhaoghal duit, mar do thóg tusa mise ó shluagh na fairrge agus do chuir tusa insan reilig bheannuighthe mé agus do chaithfinn-se maith do dheanamh dhuit. Dá raghthá síos anocht, dogheóbhthá
a oiread airgid is ná caithfeadh ar tháinig [a dtáinig] romhat ná a dtiocfaidh i do dhiaidh. Slán agut anois. N'fheicfe tú mise go deóidh arís." Na Sclábhuidhthe. Art. - Bail Dé innso isteach ar maidin. Bean an tighe. - Dia 's Muire 's Pádruig duit. Sé do bheatha sa chughainn. A. - Go maire tú, a bhean an tighe. An ag ithe atá sibh? Fanaidh siar ó n-a chéile. B. an t. - Maite, is amhlaidh atáimíd ag brudhadh le n-a chéile. Tair agus deun duine eadrainn bí ar dhuine againn. A. - Go raibh maith agat, a bhean an tighe. Ba thúisce luaithe mé féin ioná sibh. Atá sé caithte cheana agam. B. an t. - Maite is iongantach na mochóirghe [an mhoichéirghe] dorighne tú ar maidin. Rud is annamh is iongantach. Is é an rud bhíonn [bhíos] agamsa go minic ioná mochóirghe Conchubhair na gCriathar, maidin doth moch agus dhá mhaidin déidheanach. Seán. - Atá sé chomh maith agat, a bhean bhocht. Ní beag duit a fhaid do bhí tú ag éirghe doth agus rud eile, nuair bhíonn bhíos an t-aos ag druideamhaint le duine, is maith leis tamall teólaidheachta ar maidin. A. - Seadh, a Sheáain, agus mar adeir an sean-fhocal, an té ná bíonn bólacht ar chnoc aige, bíodh suaimhneas insan sop aige. B. - Ó mhaiseadh, ó b'annamh leis an gcat srathair do chur air, is tú atá go deas-chainteach ar maidin. S. - A bhean an tighe, nár airidh tú riamh ná tiubhradh sluagh Mhorchaidh caint do na mnáibh nuair bhíonn [bhíos] an té ólta aca. A. - Á dhe cadé an mhait ann mar thé nuair bíonn sé cosnochtuighthe. Éirighidh agus buailidh amach go raghai- míd ag deunamh rud éigin leis an ruainnín féir atá
innsin amuigh, feuchaint an mbeadh sé in iúl ar chruach do dheunamh de an t-seachtmhain seo chugainn. A. - Atá go maith, a Sheáain. Siubhail leat, agus dogheóbhaimíd bheith ag caint agus ag cárdáil innsin. S. - Ní fearr ar domhan é. Tabhair leat na pící. Tré gach sgeul, nach iongantach atá an saoghal ag aistriughadh [athrugadh]. Is minic riamh d'airigheamar ó dá fhaid do mhairfimís gurab é is mó dochidhfimís agus d'aireóchaimís. A. - I mbasa, a Sheáain, atá an ceart agat. Ní gábhadh dhuit acht marthana [mharthain, machtnamh] do dheunamh agus cuimhneamh ar an dá thigh bhreághdha atá ar an mbóthar sin amuigh. Cia dheurfadh [adeuradh] go bhfeicfidhe a leithéidí go bráth ann, mar adubhairt an bhean an oidhche eile, go raibh áit dheas agus teach tirim te ag Caitlín mhór agus ag Micheul má dogheibheann [fheudann] siad teacht ann, go bhfuascailighe Dia ar a n-anam. Ní baoghal go mbeidh aon fhuacht orra. S. - Cia hí Caitlín mhór, agus an Micheul so atá tú a rádh? A. - Mhaiseadh, a dhuine, ná cuimhnigheann tú ar Chaitlín mhór agus Micheul a dearbhráthair agus sean-Mhúrfí Murchadha a raibh dhá thigh bheaga aca ar an áit ceudna i bhfuil an coláiste deunta? S. - Dar fiadh, atá an ceart agat. Níor chuimhnigh mé riamh go raibh aon tigh ar an áit sin, acht is díreach gur iomdha duine chuireann chuireas an talamh dhe. A. - Mo dhearmhad, a Sheáain, an dtéigheann tú go dtí an coláiste aon oidhche? Dar ndóigh, is dócha go dtéighir. Níl aoinneach an mbeadh corruighe na coise ann ná raghadh ag feuchaint ar an sult, ag éisteacht le hamhránaibh bhreághdha agus ag feuchaint ar bhabhta breághdha den rinnce Ghaedhealach. S. - Téighim ann gach aon oidhche Dhomhnaigh agus go deimhin is breághdha an tógbháil ar chroidhe dhuine dul ann. Acht an té do bheadh istoidhche Dé Domhnaigh so caithte againn ag éisteacht leis an mbeirt Cor-
caigheach ag tabhairt amach ar "Eachtra an Bháis," níor airigh mé riamh níos breághdha é. Dá bhfeic- eóchthá [bhfeicfeá] an bás in a sheasamh suas agus an peacthach bocht sínte ar a leath-shliasta ós a choinne amach! Do chuirfeadh sé truagh ort nuair d'iarrfhadh sé an spás chomh diomachroidheach [díomdhach] sin ar an mbás agus badh dhóigh leat beagán truaighe ag an mbás dó. Is é do labharadh go dána agus beagán fhonn air aon cháirde do thabhairt dó. Is é an áit an aireóchthá gach aoinneach do bhí ann ag gáire ná thíar ag Teampall Reumainn. Do bhí cuid aca dá rádh má dogheóbhadh gach aoinne cead cainte an fhaid sin leis an mbás go mbeadh uain go leór aca ar a gcúis do phléidh. Adubhairt a thuilleadh aca nach é an bás do bhí ann in aon chor acht gur dócha gur cosmhail leis é mar bíonn an duine an fhaid sin ag scrogghail iomradh leis an mbás. Is cosmhail go mbíonn cúis éigin leis. Acht i mbasa, buaidheann an bás air. A. - I mbasa mhaiseadh, a Sheáain, dóbair go mbeadh an bás gairid dóibh go léir an oidhche sin nuair dorighneadh toll thar ceann den stage [stáiste, scafal] acht ba thoil le Dia ná raibh aoinneach fúithe, acht, míle buidheachas le Dia, an té dochidhfeadh an sagart agus an t-slighe ar shleamhnaigh sé anuas go dtí ar tháinig sé ar bhonn a dhá chois gan phiocadh bioráin do bhaint dó. Do rioth gach aoinneach timcheall air ar eagla go raibh aon rud bainte dhó. Do bhí na mná go léir ag rioth go dtí a chéile ó dhuine go duine agus gach aoinneach aca dá rádh "buail do lámh ar mo chroidhe, atá gach aon phreab aige mar do shíl mé go raibh an sagart goirtighthe gortuighthe." Do bhí na páistí ar fad ag rioth timcheall dá fhiarfaighe de gach aoinneach ar bhain aon rud dó acht dóbair go mbeadh cuid aca féin millte. Ní fheadar cad do bhain don stage. S. - Iomarca meádhachain do béith ar thaobh de don taobh eile agus d'iompuigh sé anuas mar do bhí na páistí ar fad in a suidhe ar aon taobh amháin. Do bhris
an rachta .i. bata trasna agus tháinig ceann don stage ar an talamh. A. - Seadh, ní dhiongnadh an stage seo an feur do shábháil dúinn. Caithimís uainn é agus téighmís ag obair in ainm Dé. Atá sé chomh maith againn dúinn chúig cinn de na cocaibh beaga sin do chur in aon choca amháin, mar atá an feur an-thirim. Ar dhún tú an geata sin thuas, a Sheáain, le heagla go dtiocfadh na rudaí gamhna isteach ann. S. - Do dhúnas. A. - Siúd chum oibre sinn. Agus go mbeannuighe Dia sinn, Agus nár bhfada ó bhiadh sinn. Nár bhfada in a dhiaidh sin Go raghaidh an ghrian síos. Té cibé an mór leó an ithimíd Agus an beag leo a ndeunaimíd Ná raibh greim la 'l Brighde aca Ná aithint a gcoda la 'l Michíl. S. - Is beag an mhaith sagart gan cléireach agus abairimíd go léir "ámen." A. - I mbasa is maith an barr féir atá ar an bpáircín seo i mbliadhna agus is maith an feur é. An dóigh leath go ndiongna sé na ceithre thonna? S. - Go deimhin dogheuna agus cuid mhaith in a fhochair. Ba gnáthach leis an bpáirc seo barraí maithe do bheith innte. Is í páirc is fearr ar an bhfeirm í. Ná cuimhnigheann tú nuair do bhí prátaí agat innte, an bhliadhain úd do bhí sí curtha chum garraidhthe reachtais. A. - Cuimhnighim go maith ar an mbliadhain sin. Nárbh í sin an bhliadhain thirim ná fuaradar aon bhraon fearthanna ón uair do cuireadh iad go rabhadh chum iad do bhaint? S. - O i mbasa atá an ceart agat. Is dóig liom gur fiche bliadhain 's go [gus] an taca so é sin. Do bhí leath-acra agam féin insan pháirc seo agus ní
bhfuighbhinn [fheudfainn] a innisint cadé a mhéid prátaí do bhí istig ann. A. - Ó éistighidh. Cia hé siúd suas an bóthar? S. - Sin é Tomás Phádruig atá ag dul go dtí an sliabh ag baint ualach aitinn. Do bhí sé 'á rádh liom aréir go raibh roinn asair uaidh. Do theagmhaigh mé thiar ag an chrosaire aréir leis agus é ag dul fá dhéin tamaill de speal. Bhí sé 'á rádh liom go bhfuair sé litir ó n-a inghean Dé Ceudaoin seo caithte againn agus go raibh sí posta agus go raibh sí féin agus a fear chum teacht a bhaile i gcóir na hathbhliadna. Atá sí pósta ag fear dóigteán do mhúchadh, agus púnt insan ló aige agus a oiread sin as gach aon dóighteán do mhúchfadh sé, mar is é an maor atá ar na fearaibh é. A. - Díth uaithe mar theine. Is olc an chéird í. S. - I mbasa, is olc. Níl sí maith in aon chor. Bíonn sí an-chontabharthach. An bhfaca tusa aon chuid den obair seo riamh, a Airt, ó is tú bhí i Sasana Nua? A. - Ní fhacaigheas aon am iad acht go n-airighinn trácht orra. S. - Is dócha ná fuil aon tabhairt amach agat ar an obair mar sin. A. - Níl, acht bhí aithne agam ar bhuachaill maith agus do bhí mé ag caint leis mar seo um thráthnóna agus idir sin agus a dá bhuille uair dheug, do bhí sé loiscthe insan teinidh. Dho chaith sé [do b'éigean dó] dul in áirde ar mhullach an tighe agus do bhí an dóightéan an-mhillteach agus thug a raibh fé agus thuit sé isteach insan teinidh agus ní fhuaradh frioth a thásc ná a thuairisc ó choin shin. S. - I mbasa, b'olc an dóigtéan don bhfear bocht sin é. A. - Éistighidh go réidh. Is dóigh liom go bhfuil duine éigin ag glaodhach orainn chum dinnéir. I mbasa atá. Shid é anuas Seáinín. Is é do bheatha sa, a Sheáinín, is dócha gur ag teacht le sceul ón gcroich chugainn atá tú.
Seáinín. - Ó 'se, i mbasa féin, ní headh, acht bean an tighe do bhí ag baint neanntóg agus d'airigh sí an t-an-ghreadadh cainte agaibh agus nuair dochuaidh sí a bhaile, do chuir sí i leith mise chum a rádh libh oibriughadh libh agus gan bheith ag caint. A. - Ní dhiongnainn dabht den t-sean-chiairseach agus is olc an aoi uirri sin morán oibre do dheunamh dhí. Ná fuil a fhios aici go maith nach amhlaidh chuirfimíd ar dteanga in ár bpóca dhí. D'ar ndóigh ní in ár mbeul atá an píce, acht in ar láimh, agus is mór an gnó, mara bhfuighbhe daoine bheith ag caint dóibh féin chum an lá do ghiorrúchain ghiorrughadh dóibh. S. - Caith uait. Atá an bhean bhocht cráidhte an aimsir seo nuair atá an feur leath-dhróighte uirri. SEÁAN GAN EAGLA. Seumus. - An bhfuil sibh in bhur gcodladh? Caitlín. - Nílmíd. Cia atá innsin? Nó an tu Seumus? S. - Is mé. Leig isteach mé. C. - Rás i do shálaibh, maran déidheanach atá tu amuigh. Nach beag eagla atá ort? S. - Cionnas atá Tadhg bocht anocht? Do chuir mo mháthair aníos mé leis an mbraonín bainne seo. Folamhaigh an galún go mbeidh mé ag imtheacht arís. C. - Cadé an deithneas atá ort? Tair aníos go bhfeicfe tu é. Aréir do bhí sé dhá rádh nach iongantach ná tagann tú dhá fheuchaint. Is gairid go mbeidh sé ábalta ar ghabháil amach arís. D'éirigh sé tamaillín indiu. S. - Go mbadh slán éirighthe don bhfear bocht. C. - An bhfuil tú i do dhúiseacht, a Thaidhg? Tadg. - Atáim, a Chaitlín. An é sin Seumus airighim ag caint? C. - Is é. Ní baoghal gur dhearmhad Peig thú. Do chuir sí aníos le galún bainne chugat é.
T. - Mhaiseadh, ní dhiongnainn dabht di, an t-aing- ciseoir. Nár fheice Dia choidhche gan bainne í ná a máthaireacha. Is é do bheatha-sa, a Sheamuis. S. - Go maire tú, a Thaidhg. Cionnas atá tú? T. - Ó, atá mé ag dul i bhfeabhas, buidheachas le Dia. Braithim mé féin an-mhaith anocht. Atá na pianta im- thighthe as mo chnámhaibh. Innis dod mháthair go bhfuilim an-bhuidheach dí. S. - Inneósad. Buail síos chughainn nuair bheidh tú ábalta ar ghabháil amach. Caithfead-sa bheith ag rioth arís. Atá sé déidheanach. T. - Agus cadé an t-am é? S. - Atá sé tar éis a deich. C. - An mbeadh eagla ort insan oidhche, a Sheumuis? S. - Do bheadh, mhaiseadh, roinn scáth orm. Níor mhaith liom bheith amuigh ró-dheireannach. C. - Níl aon deallramh agat-sa le "Seáan gan Éagla." S. - Cia arbh é "Seáan gan Eagla?" C. - Fear do bhí ann fad ó agus d'airigheadh sé gach aoinneach ag trácht ar eagla acht ní raibh a fhios aige cadé an rud é. Adubhairt sé go gcaithfeadh sé é do dheunamh amach. D'imthigh sé leis agus do bhí sé ag imtheacht gur thuit an oidhche air. Dochuaidh sé isteach i dtigh beag do bhí ar thaobh an bhóthair agus d'iarr sé bheith istigh ar bhean an tighe. Adubhairt sí sin go bhfuigbheadh agus fáilte, acht nárbh áit oireamhnach dá leithéid do bheith mar ná raibh aoinneach insan tigh acht í féin agus a hinghean. Adubhairt sé gur cuma leis acht go mbeadh sé istigh ó dhrúcht na hoidhche. I gcaitheamh na hoidhche dhóibh d'innis bean an tighe dhó cad do bhí ag deunamh trioblóide dhí féin. Ní raibh aici acht an t-aon bhóín amháin agus is é an méid do bhí aici chum seasamh na bó acht inse inis bheag do bhí innsin amuigh agus go mbíodh sí pasálta gach aon mhaidin. Ní raibh a fhios aici cad do bhí dhá dheunamh.
Adubhairt sé sin go mbeadh a fhios aige féin. Dochuaidh sé amach agus do chuir sé a dhrom insan chlaidhe. Níorbh fhada do bhí sé ann nuair tháinig fear agus ualach camán aige. Do chaith sé ar an bpáirc iad. Tháinig maith-shluagh in a dhiaidh agus rug gach aoinneach aca ar chamán. D'éirigh Seáan amach ón gclaidhe agus do lámhaigh sé camán chomh maith le duine. D'imrigheadar an báire go treun. Nuair do bhí sé imirthe do chaith gach aoinneach aca a gcamán uatha agus ba é an fear ceudna do chonnlaigh arís iad agus adubhairt sé le Seáan a chaman do thabhairt dó. Adubhairt sé sin ná tiubhradh go n-inneósadh sé dhó cadé a chúis a rabhadar ag deunamh díoghbhála don mbaintreabhaigh bhoicht dheilbh. Adubhairt sé sin leis ná raibh aon rud le deunamh aige féin acht é do theacht istoidhche i mbárach agus é do chur i láthair an chomhthlóin [coimhthionóil]. Dorighne Seáan mar adubhradh leis. Nuair do bhíodar go léir bailighthe istoidhche dar lá ar n-a bhárach, do chuir Seáan fá cheist iad agus adubhairt sé leó gurab é an náire an obair do bhíodar a do dheunamh, gur chóir go mbeadh an dúthaigh fairsing aca agus gan bheith ag deunamh díoghbhála don mbean bhoicht agus gan aici acht an pháircín sin. Adubhradar ná tiocfaidís ann níos mó feasta; go raghaidís in áit éigin eile; agus do bhí Seáan sásta innsin. Dochuaidh sé isteach agus d'innis sé a sceul do bhean an tighe agus do bhí sí an- bhuidheach de. D'imthigh sé leis ar maidin arís agus thug sé an lá ag siubhal go raibh sé "chomh-sholus fear le tor" um thráthnóna. Dochuaidh sé isteach i dtigh feirmeóra agus d'iarr sé iostas na hoidhche orra. Adubhradh leis go bhfuighbheadh acht gurab in tigh leath is amuigh do chaith- feadh sé codladh. Adubhairt sé leó gur chuma leis cá gcuirfidhe é acht go mbeadh sé fá chleathachaibh an tighe. Dochuaidh fear an tighe leis agus do thaisbeáin sé an teach dhó. Do bhí teine bhreaghdha ann agus seomra i dtaobh thiar den chisdin agus leaba ann a
bhfuibhgheadh sé dul a do chodladh innte. Nuair do bhí sé tar éis a choda do chaitheamh, do las sé a phíopa agus do bhí gal aige. Níor bhfada gur bhuail triúr fear isteach chuige agus cómhra ar a nguailnibh aca agus do leagadar trasna an teinteáin í agus d'imthigheadar leó. Adubhairt Seáan leis féin gurbh ait an rud coifín do bheith ar an dteinteán aige agus gan fios aige cad do bhí innte. Do thóg sé an clár di agus cad do bheadh ann acht fear marbh. "Atá tú innsin duit féin," arsa Seán, "agus is dócha go bhfuil fuacht ort; is fearr dham tú do thógbháil agus tú do chur leis an teine agus tú do theidheamh [théidheadh]." Dorighne agus i mbasa ní raibh aon teas ag teacht ann. Adubhairt sé innsin go mbadh fhearr dhó é do chur insan leabaidh leath istigh de féin. Dorighne agus do luigh sé féin leath is amuigh dhe. Ba ghairid do bhíodar ann nuair dho baineadh greim as a ghualainn. "Fan socair innsin," arsa Seáan "nó an fonn atá ort mé d'ithe, dá fheabhas bhí mé dhuit?" Ba ghairid gur bhaineadh an tarna [tara] greim as. "Bí amuigh as an leabaidh anois," arsa Seán, "nuair ná fanfá socair agus tú féin d'iomchur." "Ní baoghal duit mé, a Sheáain," arsa an fear, "is tú fear is fearr tháinig innso le fiche bliadhain. Mise athair fhir an tighe seo agus do marbhadh mé gan fhios dó agus cuireadh fá bhun an chrainn mhóir atá insa ngáirdín mé. Abair leis mo chnámha do thógbháil agus iad do chur insan reilig agus cúpla aifreann do chur liom. Dogheóbha sé feircín óir fá chois a leabthan fhéin agus ceann eile ag a ceann; bíodh feircín agat-sa agus ceann eile aige féin, agus ní chuirfead-sa aon spiach ar aoinneach go deóidh arís. Slán agat, a Sheáain," ar sé sin ag imtheacht leis. Níor throm-suan do fhear an tighe an oidhche sin, agus chomh luath is d'éirigh sé ar maidin dochuaidh sé agus d'fhiarfaigh sé de Sheáan an raibh sé beó. "Atáim,"
arsa Seáan, "cad do mharbhóchadh [muirbhfeadh] mé?" D'innis sé dó innsin gach aon rud do thuit amach i rioth na hoidhche. Dorighne fear an tighe gach aon rud adubhairt sé leis agus d'iarr sé ar Sheáan fuireach [fanacht] i n-a fhochair féin anois mar chliamhain. Adubh- airt Seáan ná fanfadh go gcaithfeadh sé bheith ag imtheacht go bhfuighbheadh sé fios cadé an rud é an t-eagla. "Fan go dtí i mbárach [umbárach]? - De H., cibé ar sa domhan dé," arsa fear an tighe. "Atá go maith. Fanfad," arsa Seáan. Dochuaidh fear an tighe go dtí an abha agus thug sé leis bricín beó. Dochuaidh sé go dtí an seirbhíseach-cailín agus adubhairt sé léi go raghadh sé féin agus an fear so ag siubhal na talmhan um thráthnóna, agus "beimíd isteach," ar sé sin, "le linn na mba do chrúdhadh bleaghadh. Bíodh crúiscín agat-sa agus crúdhaigh bleagh an bhó go tiugh te ann, insan tslighidh go mbeidh coip cubhair air agus cuir síos an bricín seo ann. Sín an crúiscín go dtí an fear chomh luath is thiocfa sé isteach agus abair leis deoch do ól agus go bhfuil cathughadh ort ná fuil deoch níos fearr agat le tabhairt dó." Dorighne sí mar adubhairt sé léi agus chomh luath is do chuir Seáan an crúiscín ar a cheann dochuaidh an breac siar in a bheul agus dochuaidh sé i laige ar an áit sin. Nuair tháinig sé chuige féin, "Is díreach é," ar sé sin, "gur fuiris [furas] eagla do chur ar dhuine agus ní raibh a fhios agam-sa cadé an rud é go dtí so. Ní raghad níos sia ar a lorg." D'fhan sé aca agus do pósadh é féin agus cailín óg an tighe agus sin é "Seán gan Eagla" agat. S. - Dia in mo chroidhe, a Chaitlín, maran raibh eagla orm ó chianaibh go mbeadh eagla orm anois. Is fearr dhuit bualadh síos an bóthar liom, a Phaidí.
Eachtra na Con Duibhe. Mar atá sé agamsa anocht ná raibh sé agaibhse istoidhche i mbárach má dheunann sibhse fúmsa scige, magadh ná gáire. Lá dár éirigh Fionn, Rí na bhFiann(a) bhflaith cad dochidhfeadh sé chuige sul ar las grian chughainn tar muir nach acht fear cochail deirg agus con dubh duibhe. Ba dheirge a ghruadha ioná an rós, an gruagach, agus níor dhealbh é a chruth mar do bhí a fholt agus é dubh, do bhí coróin onóireach ar a cheann, réiltheann ríoghdha ar a thaoibh deas dheis, slat airgid i n-a dhóid, slabhra óir fá bhrághaid a chon, spur líomhtha ar chosaibh a choileáin agus é ag triall ar chogadh na Finn bhFiann. Bhí Conán agus Fionn ar bharr na faille, nuair dochonnaicigheadar chucha an gruagach. "Gradh [chrádh] geur go bháidh [bhfaghaidh] mise," arsa Conán le Fionn, "samhailt Bhran ná faca fós atá sí chughainn, an chu dhubh." "A Chonáin Mhaoil Bháin," arsa Fionn le Conán. "Cad fá 'n-a gcuirfeá-sa an madra feáin fiadhain i gcomórtas le hár n-ár gcoileán-na, acht nuair thiocfaidh an gruagach chugainne thar tráigh, bainfeadsa dhe malairt con." Dhein an gruagach ar an tráigh go donn, dána i measc na bhfear. Roimh aon fhear, nior ghlac eagla, agus roimh aon fhear, nior ghlac scáth, acht d'fhógair sé go hárd ar Fhianntaibh Páil Fáil comhrac garbh con. Do ghlaodhadar síos ar chonairt Finn mar is leó ba rignidhe bheith ar bun. Níor sheasaigh aon chú aca an dara cluiche léi, bhí sí féin chomh garg son. Do chuir sí an spur isteach in a gcliathán agus thug an scannán amach ar a gcorp. Do mharbh sí conairt Finn. Ní raibh aon chú ag Fionn mac Cumhaill innsin nach acht sgeula do chuir sé go dtí Cormac mhac Airt, coileán con do chur chum na sean-mhnaoi, sí sin Máthair Fhinn. Innsin do ghleus Cormac mac Airt trí fichid deug
coileán con chum na sean-mhnaoi gur luaithe iad na ioná an sidhe gaoithe ar an gabháil sidhe agus do scaoileadh iad fá an ngleann mar a mbidheadh fuaim béim agus seilge agus do scaoileadh an chu dhubh in a ndiaidh. Fá n-a dul fá don ghréin do chuir sí a spur isteach i n-a gcliathán agus thug sí an scannán amach ar a gcorp, gur mharbh sí na trí fichid deug coileán con. Ní raibh aon chú innsin aca acht amháin dhá chú do bhí ag Conán a dtugadh sé eascuaigh árchoin - De H. orra agus maoidheamh go cruaidh ar Bhran. Do labhair Fionn Mac Cumhaill le Conán. "A Chonáin Mhaoil Bháin," adubhairt Fionn le Conán, "scaoil-se síos ceann ded eascuaigh árchonaibh indiu mar shúil is go mbadh léi dh'éireóchadh an lá." "Ní scaoilfead-sa síos ceann dem eascuaigh," arsa Conán, "mar dá raghadh sibhse don seilg indiu ná i mbárach, cuid ná páirt ní bhfuighbheadh Conán." "Muna scaoilfe tú síos í, a Chonáin," adubhairt Fionn, "cheithre cosa chuirfe mise fút agus i bhfuirm coileán con chaithfe tú dul léi." "Ar a bhfuil d'ór ag an righ," arsa Conán "ná d'air- gead bán a dtabhairt chéin ní raghainn ar a gcuinse sin leis an gcoileán granda geur, acht mar sin féin," arsa Conán, "scaoilfe mé ceann dem eascuaigh síos agus geallaim daoibh má gheibheann sí cré creucht ná lot, agus geallaim duitse a ghruagaigh bhig tháinig i gcéin, go mbainfe mé diongbháil amach díot fad sheasó- chaid na garbháin .i. na clocha do chuirfeadh sé do bhaile air le mo dhá láimh i measc an fhéir." Do scaoil Conán síos ceann dá eascuaigh árchonaibh agus ba gheárr arís go bhfhuair sí lot. Do chuir sí an spur isteach in a cliathán agus thug an scannán amach ar a corp, gur mharbh sí í. Nior airigheadh stoirm ag éirghe riamh ar shliabh ná cioth ag éirghe as loch níos tighe do bhiodh ag teacht ioná Conán agus é ag cur na gcloch do bhaile ar an ngruagach. Innsin do chuir an gruagach comraighe coimirce a anama ar Fhionn
"Cuirim mo choimirc ort, a Rí na bhFiann, agus an fhuil dhílis atá in do neart léig mé fá do sciath agus coisg orm an fear maol agus a chuid cloch." "Ó," arsa Fionn, "ní coimirc duit dul fá mo sciath-sa, mar níl aon rud do choisg mé riamh ar an bhfear maol nach é sin is mó dogheunadh sé é, acht breitheamhain chuirim insan chás, agus adeirim aríst gur cóir é a bhreith, an dá dhías laoch dul chum spáil spairne agus cibé agaibh bheidh ar lár an ceann do bhaint de." Cadé an greim d'órduigh Conan do bhreith ar an oglách acht greim seangáin agus cnámha géill agus d'airigh na Fiannta Páil an tuairt .i. tuitim do bhain Conán amach as a chorp. "Do ghreim fime feidhme tháir ar lár, ghruagaigh bhig tháinig i gcéin, tair liom dtí 'm lic [chum mo lice] léithe feuchaint an bhfuil mo lom gheoir igceart i bhfaobhar." adubhairt Conán. Nuair d'airigh an Gruagach Conán ag trácht ar an gclaidheamh agus é ar lár, do shín sé amach a dhá láimh, d'iarr sé foras d'á dhrom agus le neart eagla roimh an mbás nior d'fhan beó acht dhá ghigeán cuisle do bhí in a cheann do bhí ag bualadh i gcúl a chinn. "Maith," arsa Conán, "dá mbadh channcas ort tú d'fhágaint [fágbháil] beó, ní mharbhócha mé thu." D'imthigh innsin Conán agus Fionn Mac Cumhaill agus seacht gcatha na gnáth Fhinn Féinne ag ól go dtí tigh ósda do bhí ag Cathair na Sluagh i rioth aon lá deug. Tháinig an Gruagach chuige fhéineach agus d'euluigh do bhaile don nGréig. I gcionn aon lá deug d'Fiannaibh Éireann, do bhuaileadar amach as tigh an ósda. Dochuaidh Conán agus Fionn ar bharr na faille ag feucaint an raibh aon tóir ag teacht fá n-a ndéin. Do chonnaicigheadar chucha an Gruagach an dara huair go donn dána i measc na bhfear, roimh aon fhear níor ghlac eagla agus roimh aon fhear níor ghlac sgát acht d'fhógair sé go hárd ar Fhianntaibh Páil
comhrac garg con. Do scaoil Fionn féin an slabhra óir do bhí fá mhuineul bhán Bhran agus ní raibh aon deór dá raibh ag sileadh as a dhá shúil in a diaidh ná téidheadh go bun tríd an gcloch. Seal naoi n-oidhche agus seal naoi lá thug an dá choilean gan spás ag troid nuair do bhí Bran dá lot agus dá cré creuchtadh. Nuair do bhí sí dá cré agus dá lót, agus i riocht síneadh ar an bhfeur, ní raibh acht foirbiughadh ghá ghearradh ar chúl na cú dhubh con duibhe. Do chuimhnigh Conán innsin go raib fios ag Fionn. "A Fhinn mhic Cumhaill," adubhairt Conán, "cad fá ann ná breathnuigheann tú ar do choileán féin indiu agus a liacht fios [feasa] fuair tú amach riamh as do mheór agus dá mbeadh do órdóg agam-sa fá mo ghéill, do bhainfinn-se mo dhaothaint fios feasa aiste lem ré." "Ó, a Chonáin," arsa Fionn, "dá mbeadh mo órdóg agat-sa fa do ghéill, níor dhóigh dam go mbadh liom fhéin í go bráth arís." Acht mar sin féin do chuir Fionn a órdóg in a bheul féin agus do bhain sé aiste go luath fios ná raibh aon fhaghbháil claoidhte ag an gcú dhubh go bráth go gcuirfidhe a hainm in a hagháidh Cor. Nuair fuair Fionn fios a hainm amach adubhairt sé le Conán. "A Chonáin mhaoil bháin, déin se dán dom choileán féin indiu agus níl aon fhaghbháil claoidhte ag an gcú dhubh go bráth go gcuirfe tú a hainm in a haghaidh Cor." Innsin do labhair Conán le Bran, "Ara, a Bhran uasal," arsa Conán le Bran, "is leat-sa do thuit gach cath dá mhéid. Is leat do thuit torc nimhe Scáil an ghleanna. Is leat do thuit an fiadh bán beagánach bíodhgánach borb. Is leat do thuit cath inse ui Chromuill in ar cheangaladh ár dtón den chré agus ná breathnaigh fút ná thart acht caith as cor an coileán gránda geur." Nuair fuair Bran fios a hainme amach, do phreab sí suas, an coileán uasal do bhí gan locht, thug sí an
cluiche cliste mar ba chóir agus d'fhág sí an chú dhubh sínte ar an bhfód a [ar ar] mharbh sí í. "Mara dtiubhra tú fios do ainme damh-sa anois," arsa Conán, "agus cad as duit, is í íde [oidheadh] do chon thiubhra mé ort fhéin." "Is í Múin Cinnáinte mo ainm-se," arsa an Gruagach, "agus ó an nGréig seadh thánga mé innso, agus nior bhfoláir díbhse fios Fhinn indiu as a mheór, nó do bheadh sibh gan coileán [con] mar atáim-se féin agus Cor liom-sa 'n don nGréig tar n-ais." "Innsin," arsa Conán, "do thionnlacuigheas-sa an Gruagach 'n-a do n-a thír féin i bhfuirm céill [géill] gan aon chú" agus ní raibh aon bhliadhain i rioth aon bhliadhain deug ná cuirfeadh sé corrachán lán de ór le haghaidh óil chum an fhir mhaoil. "Siud oraibh se, a Fhiannta Páil," arsa Conán, "agus ólaigidh [ólaidh] go folláin deoch, nó an bhfacabhair riamh aon chion don bhfear maol níos fearr ioná an Gruagach gearr úd a mbuailinn air cloch." Brosna. focail den chaint choitcheannta agus cuid den t-sean-caint. 1. Ní fearr dhuit ciall dá bhfuil agat .i. nach móide an t-ain-cheart do bheith agat ioná an ceart .i. is fearr gan bheith ró léir. 2. D'fhás an leanbh sin thar goimh .i. thar mar do bheadh ceart. 3. Ná bíodh sanntughadh an bhodaigh agat .i. nuair chuirfe tú chum iarracht do thabhairt uait ná tarraing siar. 4. Laetheanta cruadha agus buachaillí leath-nocht- aighthe, adeireadh cailleach Bhaile an Mhápa, bhí sí chomh sainnteamhail chum sláinte na ndaoine do bheith aici. 5. "Atá mo fhiacail bog." "Tuitfidh sí sin uait, agus tiocfaidh ceann eile chugat."
6. Dhá thrian galair an oidhche. 7. Trí táthadh de neantógaibh insan Márta, ní baoghal duit poc cinn ná coise ad ag do bhualadh go cionn bliadna. 8. Atá sé ag tarraint ar an t-síoraigheacht - ag dul ar an saoghal eile. - Atá sé in anfhadh an bháis .i. ag tabhairt na gcor. 9. Bain an barr-brúch [bruth] den mbainne. Barr- brúch .i. an croiceann d'éireóchadh ar an mbainne beirbhthe. 10. Dá dtuitfeadh braon uisce fiuchta ar do chuisle [cuislinn], i bhfad uainn an t-olc, agus ná héireóchadh clog air, do bheadh sí greadta. "An cóir a rádh go bhfuil an ciarsúir greadta?" "Ní cóir. Atá an ciarsúir ruadh-dóighte." 11. Dochuaidh an t-uisce fá bheirbhadh orm .i. go raibh sé a fhaid sin ag fiuchadh go raibh sé súighte ag an chorcán. 12. Deunann [do-ghní] seilleadh [silleadh, cf. feile for file] sásamh. Cuir i gcás go mbeadh dúil agam in iasc úr nó in aon saghas eile, agus nuair dogheóbhainn innsin é ná beadh aon suim agam ann, adeurainn innsin go ndeunann seilleadh sásamh, go mbainfeadh seilleadh mo dhúil as. 13. Scamhadh iongan .i. blúire croicinn do bheadh ag éirghe ar bharr na méire ós cionn na hiongan. Dá mbéinn ag cnotáil stoca agus go dtarraingeóchadh duine biorán aiste as go dtuitfeadh na lúba, do dheurainn [adeurainn] go scamhfadh mo stoca mar gheall air. 14. Ní raibh fód a mharbhuighthe ann, nó fód a chaillthe .i. ní ann do bhí sé le marbhadh. Bíonn fóidín an mhearbhaill ann leis agus fóidín an ocrais. 15. An cat. Adeir siad go bhfuair an cat trí leathphinge phinginn chum maireachtain marthain do dheunamh as. Tug sé leath-phinge ar radharc insan oidhche, agus leath-phinge ar eudtromacht siubhail, agus
an tríomhadh leath-phinge ar dearmhad bean an tighe. - I mbasa, do chuir sé go maith iad. Adeir siad go dtagann dtig trí smuainimh ann insan oidhche chum duine do mharbhadh. 16. Do chuir sé a shúile tar a chuid dá ithe, sé sin gur ith sé níos mó ioná mar badh ceart dó a ithe. 17. Úirlisí an táilliúra - sosúr siosúr, miosúr, agus meuracán; snathaidín, iarainn agus cailc. 18. Bogha ceatha na maidne nó madra gaoithe an tráthnóna, comhartha droch-aimsire. Madra gaoithe .i. súil mhór dhearg bhíos fá bhun na scamall. Cuid bogha ceatha .i. a leath nó a thrian. - De H. 19. I. A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. Cia dheiseóchaidh do stocaí ná nighfidh do léine? A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. II. A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. Cia bheirbeóchaidh an leite ná cuirfidh ar an méis í? A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. III. A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. Cia dh'fairfidh [fhairfidh] na cearca ná cuirfidh ar an gcléith iad? A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás. 20. D'éirig Tadhg aréir Agus dochuaidh ag fiadhach girrfhidhthe, D'éirigh a bhean as a dhiaidh Agus dochuaidh sí ag fiadhach a thuillidh aca, D'éirigh an púca ós a gcionn Agus do mharbh sé ceann is fiche aca. 21. Is mairg leigeann leigeas lá breághdha le
droch-mhaidin. Má atá an mhaidin olc agus go n-éireóchadh an lá suas, an té do bheadh ag dul ag obair innsin, do chaillfeadh sé an lá ar fad mar gheall ar an maidin. Níor dhada le duine an méid annró dogheóbhadh sé tamall ar maidin, dá mbeadh a fhios aige go ngealfadh sé in a dhiaidh sin seach is an lá ar fad do bheith caillte aige. 22. Ar chaitheamh leinbh in áirde bíthear ag rádh - I. Beidh sé mór, mór. Beidh sé mór i mbárach. Beidh sé mór, mór Agus dar ndóig mór is fearr é. II. Caithimíd suas is suas é. Caithimíd suas an páisde Caithimíd suas is suas é Is tiocfa sé anuas i mbárach. III. Caithimíd síos is suas é Caithimíd soir is siar é Caithmíd síos is suas é Is caithimíd dtí an chaitín liath é. IV. Ó níor dhein sé rinnce Ó níor dhein ná gáire Ó níor dhein sé rinnce Acht dogheuna sé rinnce i mbárach. V. Is geall le Lady Máire Is geall le Lady mo leanbh Is geall le Lady an páisde A's raghaidh sé dtí aonach an Ghleanna
22a. Sleithide seilmide búrtach, bártach, Cuir amach do adharca Atá na ba bána Ag ól do chuid meidhge. 23. I. Mé, mé, mé a chaora Caora Sheáain óig agus caora Sheáain chríonna Agus caora Sheáain bhacaighe Nár chasa siad choidhche. II. Siuan, siuan, siuan, a chaora, Siuan, siuan ar maidin is istoidhche, Tugann sí an bainne dam, Tugann sí an t-uan dam, Agus cuireann sí an seacéid deas ar mo ghuailnibh. 24. I. Atá dhá ghabhairín bhuidhe agam Agus minseach bhainne, minseach bhainne. Briseann siad mo chroidhe ionam. Á dtabhairt a bhaile, á dtabhairt a bhaile. II. Cuirim i dteannta an chlaidhe iad Le stampa bata, stampa bata. Siúd thar mull' an chlaidhe iad Is i bhfad ó bhaile, i bhfad ó bhaile. III. Níl aon áit agam a gcrúdhfainn iad Acht anuas i mo hata, anuas i mo hata, Leigeann sé sin tríd é Ar fuaid an bhaile ar fuaid an bhaile.
25. Chomh-uasal fear ag an muir. Níl urraim aici do aoinneach. 26. "Madra-ruadh ar do dhubhan. Ní bhfuighbhe tú aon iasc indiu." Droch-ghuidhe é sin adeuradh duine le hiascaire. 27. "Atá an chailleach agam ort," nó "atá cathughadh na caillighe agam ort go ceann bliadna." Focal é sin do dheurfadh [adeuradh] duine a mbeadh an tosach aige ar dhuine eile ag cur síl nó aon sórt oibre. 28. Is fearr siar-ualach ioná sár-ualach. 29. Ní cheileann meisce míorún. 30. Earball fliuch agus leath-lá Agus teacht a bhaile in am tráth [in antráth]? 31. Túrn túrna lín, túrn lín, Túrn lín is cárdaí. Túrn lín do bhris mo chroidhe Is lán an tighe dho pháistibh. 32. Is maith an teacht agat é agus teacht uait féin. 33. Mac agus inghean, inghean mhaith. 34. Is mór an tabhartanas [tabhartas] ó Dhia do aon bhean thóigfidh leanbhaí gan aon ainimh do bheith ar aoinneach aca .i. gan aoinneach aca do bheith ar leath-shúil, nó bacach, nó aon t-slighe. Is mór an ainimh ort é, adeurá le duine a mbeadh aon rud ar a aghaidh nó aon phioc de, "An raibh morán ainimh ainmhe air?" adeuraidhe é sin le duine báidhte, nuair do thógfaidhe as an uisce é. Léim gré ghirrfhiaidh nó seunas g. sin ainimh eile. 35. Is minic adeuradh mo mháthair le duine clainne gan bheith ag ath-nasc uirri. Ath-nasc seadh focal do rádh le searbhas as dia' dhuine as diaidh duine. 36. Níl ucht ná anam ionat.
37. Atá roillsí móra ag baint leis, sé sin, meas tar ceal do bheith aige air féin. 38. Ní thagann [thig] an óige fá dhó choidhche Acht tagann an brón fá dhó insan oidhche. 39. Bean do bhí d'iarraidh an teine d'adhaint. "Atá sé dian," arsa sí, "nó atá gan treabhadh agam. Níl aon mhaith dham bheith léi." Níl in aon tigh acht ti' fásaigh ná beidh spréidh éigin den teinidh ann. 40. Meath-theine fá mhuic-fheoil, agus grideóg fá chaora Spóirseach fá mhairt-fheoil, agus bheith dá beirbhadh choidhche. Grideóg .i. teine cuibheasach mait. Spóirseach .i. craos teineadh nó teine mhór. 41. Dá mbeadh na prátaí ar an teinidh agus go mbeadh na daoine ag caint dogheuntaidhe neamh-shuim de na prátaibh, agus nuair do chuimhineóchthaidhe go mbeidís ar an teinidh, do bheidís ró-bheirbhthe, agus adeuraidhe, "atá uisce na sceulaidheachta deunta de na prátaibh. Atá siad in a bplubar." 42. Níor chuaidh [ní dheachaidh] fear na headar-gabhála as riamh. 43. Is fada ón stuaim an stocaire. Is fada ón luaith an bocaire. 44. Sioc, sneachta agus síor-bháisteach, nó Sioc, sneachta agus fraocháin earraigh. 45. Atá do spuir féin agus capall dhuine eile agat. 46. Dá mbeadh tamall de speal [speil] agam, agus go dtiubhrainn do duine eile é í, do bheadh iasacht na n-iasachtaidhe [n-iasacht] aige. 47. Aoinneach ná fuil comhgarach don tráigh ná gairid do na failltreachaibh [faillibh], níl aon tuairim insan aimsir aige. 48. Fear é seo, Loinneachán ba shloinne dó, do bhi ag goid cloch i sean-reilig. "Íocfar, íocfar." arsa
an guth. "Cad íocfaidh?" arsa Loinneachán. "Clann clainne Loinneacháin." "Má theigheann sé a fhaid sin," arsa Loinneachán, "ní miste dham-sa a ndiongna mé." 49. Fogha fóisidhe. Fóisidhe .i. duine díomhaoin do chromfadh ag obair agus ná seasóchadh. 50. Uain ceárdchan. Tagrann sin do dhaoinibh do bheadh ag rioth d'iarraidh uain ceárdchan do bheith aca ar a chéile. Adeuradh fear, "atá an uain agam ort," nó "is é mo uain se é." Agus do bheadh uain muilinn ag na daoinibh do bheadh ag dul go dtí na muilte muilne, agus mar sin. 51. "Éirigh, a Reidhrí [Ruaidhrí]." "Nár bheirim ar éirghe," arsa Reidhrí, "má atá ionam éirghe." 52. Dá raghainn ag feuchaint duine tinn, agus go bhfiarfócainn cionnas do bheadh sé, adeuradh sé, "atá mé níos fearr." Adeurainn-sé, "go mbadh fearr i mbárach tú, mar adubhairt Reidhrí le n-a mháthair." 53. Ná tabhair aon bhreitheamhntas ná breath ar aoinneach. Tosach na breithe ag Dia. 54. Níl lúth a theangadh aige. Níl lúth a chos aige. Níl siubhal ná rian [raon] aige. 55. Lá 'le Muire mhór insan bhfóghmhar, bíonn an reachtaire fá bhrón. Reachtaire .i. duine, cuir i gcás, do thógfadh ba uaim ar deich bpúnt an ceann agus an t-im agus an bainne do beith aige agus na ba do thabhairt dam thar n-ais Lá 'le Muire mhór insan bhfóghmhar. 56. Col. Do bheadh col ag duine le rud ná taithneóchadh leis, nó do thógfadh sé col leis. Tagrann sé do phósadh leis. 57. Is fuiris [furas] fuineadh in aice na mine. 58. Ubh. Plaosc an uibh. Mul an uibh, ceann an uibh, an scannán, an gealacán, agus an dubhan buidhe.
59. Biadh agus deoch na Nodlag, agus eudach nua na Cásca. 60. Ti' breághdha, iarmhaiseach .i. tigh a mbeadh go leór troscáin ann. "Is iongantach an iarmhais atá ann." 61. Tosaighe .i. fear bhíos ar tosach. "Bain siar asat féineach": adeurá é sin le fear do bheadh i dtosach ort ag obair. "Is mór an baint siar as é sin," adeurá le duine do thuitfeadh insan saoghal do chaillfeadh cuid mhór beathaidheach, nó aon rud mar sin. 62. Ná cuir aon uisce ar an mias méis sin, fliuchfa tú an falla agus a bhfuil ann. "Ar" an méis, agus "ar" an tubán, acht "ins" an chupán agus "ins" an channa. 63. Aoinneach do bhádhfaidhe agus a mbeadh aon phioc de nigheachán an Domhnaigh air, ní bhfaghfaidhe [bhfuighbhthí] go deóidh é. 64. Atá an bád sin ó chion, nó curtha ó chion. 65. An té do bheadh ag feadghail insan oidhche Nó ag fiannaidheacht insan lá A fhaid is mhairfidh sé choidhche Beidh siabhra ag a sháil. 66. "Atá mé an-bhuidheach díot," adeurá le duine "Ní hiongnadh dhuit," adeuradh sé. Sé sin, ní gábhadh dhuit bheith buidheach díom, ní hiongnadh an méid sin do dheunamh dhuit. 67. Aigne shocair réidhtigheann -gheas snáth. 68. Leig dó imtheacht in ainm na hameirléise aimi- léis. 69. Is minic síos droch-bhean an tighe. 70. Tnúth le breith chailleann -leas an cearrbhach. 71. Rann oidhche Shamhna: Anocht Oidhche Shamhna, a
Mhongo Mango. Sop is na fuinneogaibh; dúntar na dóirse. Éirigh id' shuidhe, a bhean an tighe. Téirigh siar go banamhail, tair aniar go flaitheamhail. Tabhair leat ceapaire aráin agus ime ar dhath do leacan fhéin, a mbeidh léim ghirrfiaidh dhe aoirde ann agus coiscéim choiligh dhe im air. Tabhair chugham peigín de bhainne righin, mín, milis a mbeidh leamhnacht in a chiosa ciumh- saibh agus uachtar in a mhulla'; go mbeidh sé ag im- theacht in a chnocaibh agus ag teacht in a shléibhtibh agus badh dhóigh leat go dtachtfadh sé mé, agus mo chreach fhada níor bhaoghal dam. "Bainne na gclog b'olc mar bhiadh é, Mara ndiongnadh sé deoch do lucht an fhiabhrais. Thug sé trí lá agus trí oidhche Ar thubán na bhfannsaighe iarainn Go bhfaca mo dhá shúil an cúnach liath tríd. Le neart sainnt chum an ime Dorighne na mná an diabhal air." 72. An ghlas-ghaimhneach g. - ghaibhlinn. D'airigheas-sa na sean-daoine ghá rádh gur bhó í do bhí ann fadó. Ní fheadair aoinneach cad as tháinig sí, acht go mbíodh sí lá in gach baile. Gach aoinneach do raghadh dhá crúdh cibé soitheach do bheadh aige líonfadh sí é. Acht do bhí tiub- aisteoir mná i dTiobraid Árann agus adubhairt sí go mbeadh an diabhal a do chongnamh dhí nó go dtiubhradh sí féin árthach dí ná feudfadh sí a líonadh. Thóg sí léi an criathar agus do chrom sí ag crúdh na bó ann. Bhí sí ag tabhairt an bhainne dhí agus an criathar dhá scaoileadh thríd go dtí ar líon an pháirc thimcheall orra insan tslighidh gur chaith ab éigean don mhnaoi an bhean cur dí ná bádhfaidhe í. D'imthigh an bhó agus ní fhaca aoinneach ó choin í. D'éirigh tobar fíor-uisce insan phaiste ceudna rabhadh 'gá crúdh. Tugtar Tobar Loch. - De H. na Bó ó choin ar an áit. Atá sé ar an mbóthar ag dul ón Chathair go dtí an Chloichín.
73. Cadé an ainm atá ar t'athair? Stiall mhór leathair. Cadé an ainm atá ar do mháthair? Cnaiste mhór práta. Cadé an ainm ata ar t'áintín? Earball tráithnín. Cadé an ainm atá ar do dheirbhsiuir? Earball cúirliuin. Cadé an ainm atá ar do dhearbhráthair? Earball rcadáin. Cadé an ainm atá ort fein? Sciathán gé. 74. Bean an leasa. Gearrchaile beag bhíodh ag dul go dtí an scoil agus nuair d'fhágadh sí a tigh féin ar maidin in áit dul go dtí an scoil, d'euluigheadh sí léi cois na gcladhthacha, nó go dtí thagadh am na scoláirí do theacht a bhaile. Do bhuaileadh sí isteach go dtí a máthair agus do shíleadh an mháthair go mbíodh sí ag an scoil. I gcionn tamaill thug a máthair fá ndeara go raibh sí ag imtheacht as a creat agus as a deallradh fhéin, agus d'fhiarfaigh sí dhí an tinn do bhí sí. Adubhairt an gearrchaile beag nárbh eadh. D'fhiarfaigh an mháthair dí, an mbíonn sí ag an scoil gach aon lá. "Atá sé chomh maith agam dam," arsa sí, "an fhirinne d'inn- sint duit, a mháthair, ní rabhas ag an scoil leis an fhaid seo." "Cabhair Dé chughainn, a inghean ó," arsa an mháthair, "cad eile cá mbíonn tú gach aon lá?" "Bhíos ag eulódh liom féin cois an chlaidhe, agus bhí bean bhreághdha in a seasamh ag doras an leasa agus thug sí isteach insan lios mé agus adubhairt sí liom teacht chuichi gach aon lá, go mbfearr dham é ioná bheith ag dul go dtí an scoil mar go dtiubhradh sí féin carn rudaí deasa dham." "An bhfiarfócha tusa dí sin i mbárach, dá mbeadh seafaid ag duine do bheadh ag imtheacht ar strae agus ná fanfadh in a fhochair istigh, cad badh ceart dó do dheunamh léi?" "Dogheuna
mé, a mháthair," arsa an gearrchaile. D'imthigh sí léi ar maidin agus do bhí banrioghain an leasa roimpe ar an áit cheudna agus adubhairt sí léi teacht isteach. "Ó," arsa an gearrchaile, "a leithéid seo adubhairt mo mháthair liom d'fhiarfaighe dhíot." "Ó inneósad-sa dhí cad badh ceart dó do dheunamh leis an mbeathaidheach nó aon rud eile do bheadh ag imtheacht mar sin." Adubhairt sí léi a rádh le n-a máthair trí braoin de uisce trí theórann do chrothadh air trí maidin i ndiaidh a chéile. Nuair dochuaidh an gearrchaile a bhaile um thráthnóna d'innis sí do n-a máthair cad dubhradh léi. "Atá go maith," arsa an mháthair. Ní dubhairt an mháthair a thuilleadh nó go dtí go raibh an gearrchaile chum imtheachta ar maidin agus do croth sí trí braoin de uisce trí theórann uirri agus d'imthigh sí léi. Chomh luath is dochonnaic an bhanrioghain ag teacht í adubhairt sí gan teacht in a goire féin ní is mó, "agus," arsa sí sin, "bhí do mháthair ró-léir, ró-ghasta dhamsa." D'imthigh sí léi isteach. Dochuaidh an gearrchaile beag go dtí an scoil gach aon lá as sin amach. 75. Sceul na tóirnighe. Dochuadhas lá go dtí an fhaill ag baint sop féir dam asal, agus do bhí sé tráigh mhara. Dochuadhas amach ar an gcloich fá dhéin ladhar duilisc. Ní rabhas acht amuigh ag ciosa [ciumhais] na taoide nuair tháinig an splannc agus níor fhan aon bhrígh ionam nuair do chuimhnigh mé ar an gcorrán do bheith i mo láimh agam, agus ba dheacair liom é do chaitheamh insan taoide, agus doriothas isteach go dtí bun na faille. Do chaitheas uaim an corrán innsin, agus d'imthigheas liom suas an fhaill, agus in aghaidh gach aon dó nó trí coiscéim thugainn, thagadh splannc agus bladhm tóirnighe. Ní raibh aon t-seift agam le deunamh acht mé féin do chaitheamh ar mhul mo dhá ghlúin insan chasán, agus do bhí an tuile chomh mór le neart na fearthanna bhí ann is go n-óbair go
scuabfadh sé leis síos me go dtí clocha na trágha arís, agus adubhairt buachaill liom go bhfaca sé an tóirneach ag imtheacht amach Faill an Uisce agus ag treabhadh na fairrge roimpe. Bhíos fliuch, báidhte nuair dochuadhas go dtí Máighreud ní Dhoinn, agus meireach go bhfuaras eudaighe tirme uaithe le cur umam, ní fheadar an mairfinn le teacht a bhaile bhíos chom báidhte sin agus a leithéid sin de sceimhle orm.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services