Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cnuasacht Trágha

Title
Cnuasacht Trágha
Original Title
From the Foreshore
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Composition Date
1908
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Tráighteóir.



Bhí an Scoláire ag siubhal ar bharr na faille haille
i dtosach oidhche. Bhí gaoth anoir andeas ag séideadh
isteach i mbeul na faille. Dochonnaic sé síos
uaidh, i measc na gcloch, solus agus do réir mar
do bhí sé féin ag siubhal, do bhí an solus ag druideamh-
aint uaidh agus uaireanta dochídheadh sé é agus
uaireanta ná feiceadh. Insan deireadh do theagmhaig sé
le cosán insan bhfaill, agus d'imthigh sé síos dh'iarracht
ar go dtí an solas. Cia do bheadh ann acht fear
mór fada dubh, casóg mhór bréidín anuas ar a
shlinneánaibh, córda bunaigh aniar thar a chabhail, caipín cluasa
air agus é go cruaidh fáiscthe, snamaidhghe [snaidhmthe]
fá n-a smigín. Sean-lantréir aige ná raibh ann acht
aon phána amháin agus é ag comhad [coimheud] an
t-soluis ar fad amach roimhe. Do bheannaigh an scoláire
dhó.



An Tráighteóir. - Do bhain tú geit asam. Cia hé
tú? Nó an tú Tabhaistín [Aibhistín]? Do chuir tú an
croidhe ar crioth ionam le heagla.



An Scoláire. - I mbasa dar an mbaiste, is fuiris
[furas] - eagla do chur ort. Is dócha gur túisce do
chuirfeá féin eagla ar dhuine ná mar do chuirfidhe eagla
ort. Cad atá uait insan tráigh an t-am so dh'oidhche.



T. - Atá, an rud ceudna atá uait-se plainnc agus
cláracha má dogheibhim iad.



S. - I mbasa, a mhic ó, níl plannc ná clár uaim-se,
acht is amhlaidh dochonnaic mé an solus anuas ó bharr
faille agus thainig mé dh'iarracht air.



T. - Gabhaim párdún agat. Do shíl mé gur duine
éigin do bhí ag lorg reaca thu.


L. 2


S. - Ní headh, mhaiseadh, acht strannséir is eadh mé agus
ní fheadar mé cá bhfuil mé ag dul.



T. - Mara [muna] bhfuil a fhios, lean mise, mar is
gairid go mbeidh mé ag dul a bhaile, agus dogheóbha
tú teacht liom má is maith leat é. Acht ní stadfaimíd
anois go raghaimíd soir ar ghualainn Binn an Chárnáin.



S. - An bhfuil sin i bhfad uaim?



T. - Atá sé tamall maith eile soir uainn. Agus
dar ndóigh má dogheibhmíd dada, beidhmíd leath i bpáirt
ann.



S. - Cad dogheóbhaimís nó cad atá le fághbháil is na
clochaibh seo?



T. - Ca bhfios duit nach é do thógbháil dogheóbhthá
insan tráigh seo. Is iomdha rud dogheibhtear innso. Bhí
mise innso oidhche atá tamall mór de bhliadntaibh ó
choin agus do bhí mé ag gabháil ó dheas thimcheall ceath-
ramha mhíle ón áit a bhfuil tú anois.



Do bhíos ag siubhal ag ciosa [ciumhasaibh] na taoide
agus is gnáthach nuair bhíonn [bhíos] sé tar éis gála go
mbíonn carn cubhair i measc na gcloch. Do shéid
an ghaoth pleidhce cuip mór den chubhar amach
romham agus thugas fá ndeara insan áit ar éirigh sé
go raibh rud éigin dubh caithte ann agus do chromas
ag scaipeadh an chubhair le laiste beag bata maide
do bhí i mo láimh agam agus cad do bheadh ann acht
bean bhreághdha threun dhathamhail. Do bhí sí caithte
ar a cliathán agus a lámh clé síos idir dá chloich. Do
bhí gúna breághdha síoda uirri agus clóca mar
adeurá de chroiceann róin. Do bhí sé sin casta suas
ar a ceann.



D'éirigh mo chroidhe orm le scannradh agus dóbair
go dtuitfinn i laige acht mar sin féin adubhairt mé
liom féin gur mór an truagh í d'fhágbháil ar shluagh na
fairrge. Do dhruideas isteach tamall beag agus do
leagas mo lantréir ar chloich áird do bhí ann insan
slighidh go raibh solus amach agam go dtí an áit a
raibh an bhean. Dochuadhas amach innsin agus go


L. 3


deimhin do bhí obair mhór agam d'iarraidh a lámh do
réidhteach as na clochaibh. Do shocraigh mé suas
innsin í insan slighidh go bhfuair mé a dhá láimh do chur
ar mo dhá ghualainn agus í d'árdach [árdughadh] ar mo
dhrom. Ní raibh sí acht díreach socair agam agus mé
chum bogadh chum siubhail isteach nuair tháinig
caisleán mór de thonn anuas orm agus meireach
[muna] mbeadh go bhfuair mé mo dhá chois do chur i
dtaca leis na clochaibh agus breith ar stolladh cloiche
(.i. cloch a bhfuigtheá feudfá greim do bhreith uirri)
do bhí le m'ais, do bhí mé féin agus í féin scua-
baighthe amach insan bhfairrge arís agus do bhéinn-se
chomh báidhte léi sin innsin. Nuair do bhí sí istigh
agam ag bun na faille, dochuaidh mé in áirde insan
bhfaill agus do bhain mé cúpla bacla maith féir agus
thug mé liom anuas é agus do shocraigh mé fúithi
go deas é. D'fág mé innsin í agus d'imthig mé
liom do bhaile agus nuair dochuaidh mé isteach, d'innis
mé do Bhrighid, shin í mo bhean, cad fuair mé insan
tráigh. Do bhí Brighid in a codladh agus d'éirig sí
go luath, léir agus adubhairt sí gurbh é an feall í
d'fágbháil thíos ar chlochaibh na trágha go maidin, agus
"rioth rith suas," arsa sí liom-sa, "agus tabhair leat
anuas an t-asal agus tiubhraimíd linn síos é féin
agus an cairt go dti barr na faille agus tiubhraimíd
linn an bhean aníos eadrainne i mbraithlín agus
tiubraimíd linn a bhaile í agus cuirfimíd isteach insan
scioból sin amuigh í agus dogheuna mise í do thonn-
achadh." D'imthigheamair agus thugamair linn a
bhaile í, agus ba mhór an obair dúinn é gan dabht.
"Ní fhágfainn aon ainimh ort," arsa Brighid agus do
righne í do thonnachadh agus í do leagaint [leagadh]
amach in áirde ar an mbórd. Do leathanaigh an
sceul amach innsin go raibh a leithéid faghtha agus
i gcionn dhá lá seadh tháinig a muintear fá n-a
déin, a fear agus a dearbhráthair agus cómhra agus
coréiste [cóiste] aca chum í do thabhairt leó a bhaile.


L. 4


Is í Brighid agus mé féineach féin do chuir insan
chómhrainn í. Nuair do bhí sí insan chomhrainn innsin,
d'fhiarfaigh an fear díom féin an bhfuair mé aon
fháinne ar na meurnaibh. Adubhras leis go bhfuaras,
go rabhadar istigh agam. "Tabhair amach na fáinní
úd, a Bhrighid," arsa mise. Agus thug, agus do shín sí
chuige iad. "Anois," arsa fear na mná báidhte, "ó
bhíobhar chomh maith agus do bhíobhar, bíodh an fáinne seo
agat-sa, a bhean an tighe, a bhfuil an chathaoir óir air
agus tiubhra mé féin liom an chuid eile aca. Agus
seo," arsa sé liomsa, "sin cuig phúnt agus fiche duit
féineach." D'imhtigheadar leó innsin amach go Sean-
Shasana go dtí cibé áit ab as iad. Agus níl aon
oidhche ó choin dogheóbhainn-se thar an bpaiste sin ná
fuighbhinn rud éigin ann.



S. - I mbasa, do bhí luach do sclábhaigheachta go maith
agat. An bhfeadar tú cadé an saghas fear é?



T. - I mbasa, ní fheadar mé, acht do réir mo thuairim
ba é an rud é ná mar do bheadh captéin airm.



S. - Dochidheann tusa an domhan iongantaisí ar an
dtráig seo.



T. - I mbasa, ní fheicim a oiread sin díobh in aon
chor. Acht seo rud inneósa mé dhuit. Do bhí mé
innso atá tamall de bhliadhntaibh ó choin le cruthnughadh
dorchugadh na hoidhche, agus dochonnaic mé an mothall
mór dubh ag brughadh isteach, isteach, leis an bhfaill,
agus adubhairt mé liom féin gur árthrach í ná raibh
aoinneach uirri agus go riothfadh sí isteach ar na clo-
chaibh. Níorbh fada dham gur airigh [chuala] mé an t-ancaire
dá scaoileadh síos agus bád beag dá scaoileadh anuas,
agus thug mé fá ndeara ceathrar fear ag preabadh
isteach insan mbád agus siúd isteach iad go dtí lán
mara. Ní rabhadar acht istigh nuair d'airigh mé an
fothram ag teacht anuas an fhaill ar taobh theas díom,
agus do bhrúidh mé mé féin isteach i gcuas fá leac mhór
cloiche agus siúd amach an tráigh iad ceathrar fear
agus fear i ngabhann [i ngéibheann] aca istig eatorra.


L. 5


Do cuireadh isteach insan mbád an fear, agus amach
leó. Do bhí lantréir ag ceann de na fearaibh, agus
cibé iompódh do bhain sé as thug mé fá ndeara mar
do bheadh culaith airm ar bheirt de na fearaibh do bhí
insan mbád. D'imthigheadar leó chum na fairrge agus
a dtásc ná a dtuairisc ní fhuair mé ó choin thall ná
i bhfus.



S. - Ba mhór an t-iongantas é sin.



T. - Ba mhór. Acht eist leat. An dtugann tú fá
ndeara dada le hais na cloiche móire úd amuigh a
bhfuil an sleabhacán go léir uirri?



S. - Ó maite, tugaim. Dochidhim rud éigin mar do
bheadh baraille.



T. - Seo. Coingigh se [congaibh] an lantréir damhsa
agus ragha mé amach fá n-a dhéin é do dhul amach
agus é do tabhairt leis isteach. Atá sé agam cibé
rud atá ann. Árdaigh an solus feuchaint an bhfuighbhinn
aon chloch go mbuailfe mé an ceann síos tríd. - Óch
mo chreach, níl dada ann acht tuighe.



S. - Ó mhaiseadh, is olc an earradh fuaireamar anocht
chum sinn do thógbháil.



T. - Ó a mhic ó, ní i gcomhnuidhe dogheibhtear rudaí
maithe. Insan bhfairrge seo atá olmhaitheas an
domhain, agus is minic thugann sí uaithe cuid mhaith de.
Níl aon ghnó againn innso anois, a mhic ó. Atá sé chomh
maith dhuinn cur dínn a bhaile. Seo, oidhche mhaith
agat anois.



S. - Go n-éirighe an t-ádh leat.



AN BAILE FÁ AN BHFAIRRGE



Bád í seo do bhí ar an bhfairrge thimceall potaí.
Ceathrar fear bí innte - fear an bháid agus a mhac
agus beirt eile.



Bhíodar lá breaghdha gréine ar an bhfairrge agus
tháinig codladh ar fear an bháid agus adubhairt sé le
n-a mhac a ndinneur d'fhaghbháil do na fearaibh agus go


L. 6


sínfeadh sé féin fa an siota nó go dtí go mbeadh sé
i gcóir aige agus "glaodhaigh glaodh orm innsin,"
arsa sé leis an mac. "Atá go maith," arsa an mac,
"dogheunad." Fuair sé an corcán agus do bhí sé dá rinn-
seáil amach thar cliathán an bháid. Do shleamhnaigh an
corcán uaidh agus do thuit sé síos go tón poill. Do
bhí an t-athair an-chruaidh ar an ngarsúr, agus do bhíodh
sé ag bruidhean leis i gcomhnuidhe.



Adubhairt an mac leis na fearaibh cibé mar dorighne
sé riamh, go mbeadh sé marbh anois mar gheall ar an
gcorcán. Adubhairt na fearaibh fir leis, i mbasa go
mbeadh. "Fanaigi [fanaidh] go fóill," ar sé sin,
"feuch, deunaigi-se deunaidh-se teud orm-sa go
lomdocharach go docht agus raghad-sa síos fá n-a dhéin."
"An fonn atá ort tú féin do bhádhadh?" arsa na
fearaibh [fir]. "Cadé an baoghal bheidh orm, nuair
bheidh an teud orm?" adubhairt sé leotha. Do
dheineadar [dorighneadar] an teud air. "Anois,"
ar sé sin, "nuair bhead-sa thíos, agus bainfe mé
tarraingt as an téid, conghbhaighidh greim maith uirri
innsin." "Atá go maith," ar siad sin, "síos leat
in ainm Dé." Dochuaidh agus nuair dochuaidh sé síos
go dtí tón poill do bhí an corcán leath-is-amuigh dhe
dhoras tighe agus tháinig iongantas air nuair do-
chonnaic sé an tigh agus an doras oscailte agus
gan aon bhaoghal ar an uisce do dhul isteach ann
agus gan aon rud thimcheall air nach acht oitir bhreághdha
gainmhe. Dochuaidh sé isteach insan tigh agus ní fhaca
sé aoinneach istigh acht sean-duine beag críon aosta in a
shuidhe cois na teineadh agus é ag caiteamh a phíopa.
Do bheannaigh an garsún dó agus do bheannaigh sin
dhó sin, agus do chuir sé fáilte roimhe. Adubhairt
sé leis teacht aníos agus suidhe innso le n-a
ais go mbeadh gail aige. "Go raibh maith agat, a
fhir an tighe," arsa an garsún, "níor chuireas cois cos
píopa i mo bheul riamh." "Maran [muna] ndeárnais
féin; ní dhiongna gal dem phíopa-sa díoghbháil ar domhan


L. 7


duit." "Ó ní bhacfa mé leis," arsa an garsún,
"atá deithneas orm agus caithfe mé bheith ag imtheacht.
Corcán thuit anuas as an mbád uaim ó chianaibh, agus
thángas fá n-a dhéin." "Is dócha," arsa an sean-duine,
"gurabh é d'airigh mé ag tuitim innsin amuigh tamall
ó choin." "Is é," arsa an garsún, "atá sé innso
amuigh."



Ag iompódh thimcheall chum imtheachta, ar a dhul amach
dó, cibé feuchaint thug sé, dochonnaic sé ceathrar
cailíní óga thiar i seomra agus iarann in láimh gach duine
aca. Nuair dochonncadar ag feuchaint orra é, do
stadadar den obair agus do chromadar ag gáire.
"A chailíní, ná cuirim-se ó n-bhur n-obair do dheunamh
sibh." "Ná bac leó sin, a mhic ó," arsa an
seanduine. "Sin iad mo cheathrar inghean-sa, agus
sin é slighe mhaireachtain atá aca nigheachán agus
deunamh suas don choitcheanntacht thimcheall innso."
"Ó," arsa an garsún, "an bhfuil a oiread sin daoine
innso." "I mbasa atá, a gharsúin," ar sé sin.
Tháinig eagla ar an ngarsún. Do bhain sé stothadh as
ann téid. Do cheangail sé an corcán ar a bhásta agus
siúd suas leis insan mbád arís. Nuair dochuaidh sé
suas d'fiarfaigh na fearaibh fir de, cad do choimeud
comh fada sin é, gur shíleadar gur báidhte do bhí sé.
D'innis sé dóibh innsin cad dochonnaic sé agus ní
chreidfidís é. Adubhairt sé leó ceann aca féin dul
síos agus go bhfeicfidís an rud ceudna. Adubhairt
ceann de na fearaibh, mhaiseadh, go raghadh sé féin síos
cibé rud badh chor dó.



Dochuaidh agus má dochuaidh, ní baoghal go ndeachaidh
sé thar an doras. Nuair dochonnaic sé an sean-duine
beag foirbhthe ag an teinidh, siúd suas leis ar an téid
arís. Ba é b'fada leis a chosa nó go dtí go raibh
sé istigh insan mbád arís agus adubhairt sé leótha an
bád d'aistriughadh as an áit sin mar gur dócha go raibh
draoidheacht éigin ar an áit sin, ráidhte go raibh tigh
thíos fá an uisce. Adubhairt fear an bháid, i mbasa


L. 8


gur dócha go raibh agus d'aistrigheadar an bád agus
dochuadar tamall maith ón áit sin, agus ní baoghal
ná go dtug an garsún aireachas maith dhó féin ag
rinnseáil an chorcáin as sin amach. Bhí daoine dá rádh
dá dtógfadh an garsún an píopa ón sean-duine go
gcaithfeadh sé fuireach in a fhochair i gcomhnuidhe.



Ní fhuighbhinn [fheudfainn] cuimhneamh air acht comh
fada le mo thuairim d'airighinn, nó is dóigh liom go
n-airighinn gur do shean-athair Seaáin uí Nuanáin do
bhain so.



TAIDHBHREAMH AR AIRGEAD.



Bhí fear ann fad ó anallód agus do taidhbhrigheadh
dó go bhfuighbheadh sé airgead agus gurab é an duine
do thiubhradh dó é ioná sean-duine beag liath ar droich-
ead maol Luimnighe. Bhí sé cráidhte ó bheith ag
taidhbhreamh air agus adubhairt sé le n-a bhean mnaoi
go mbfearr dó dul agus triail do bhaint as. "Nár
bhaca Dia do leas duit," arsa an bhean leis, "is
dócha ná fuil ann acht dith-céille." "Ní chaillfead
aon rud leis," ar sé sin, "imtheóchad liom i mbárach."
D'imthigh agus nuair dochuaidh sé go dtí droichead
maol Luimnighe, do bhí sean-duine beag liath ag siubhal
anonn agus anall ar an droichead. Do bheannaigh an
fear so don sean-duine, agus do bheannaigh sé sin
dó. Acht do thuiteadar isteach chum cainte le n-a
chéile agus d'innis an fear so don sean-duine cad
as é agus cad thug innso é. "Go bhfeucha Dia
ort," arsa an sean-duine leis, "atáim-se ag taidhbhreamh
ar an rud ceudna sin le fada agus sé áit thaisbeánadh
dam é d'fhaghbháil ann acht in a leithéid seo de
áit i gconntae Portláirge ar thalamh a leithéid seo de
dhuine." D'innis sé ainm agus sloinne an fhir dó.
"Agus, is dócha," arsa an sean-duine leis, "gurab é
an cleas ceudna agat-sa é." "Má is mar sin é,"
arsa an fear, "atá sé chomh maith dham casadh a


L. 9


bhaile arís." "Atá, a mhic ó, agus go n-éirghe an t-ádh
leat." Do chuir sé chum bóthair a bhaile arís agus
áthas mór air, mar ba ghairid dó fhéineach ag baile do
bhí an talamh a ndubhairt an sean-duine go raibh an
t-airgeadh le faghbháil aige féin. Nuair tháinig sé
a bhaile, d'innis sé do n-a bhean mhnaoi cad dubhairt
an fear leis ar an droichead. "Ó má is mar sin é,"
arsa an bhean, "atá an gnó deunta. Nach mar sin do
thaidhbhrigheadh duit é gurab ó shean-duine beag ar an
droichead dogheóbhthá é agus nach shin é gairid go leór
duit é, má atá sé ann. Téighmíd amach in ainm Dé
anocht nuair bheidh bhias gach aoinneach in a gcodladh
agus bainimíd tástáil as." Dochuadar agus
thugadar rámhan leó agus do bhíodar ag polladh agus
ag rómhar nó go dtí gur bhuail leac mhór cloiche leis
an rámhainn. Do nocht sé an leac ar fad innsin agus
do bhí sí chomh trom is go ndóbair ná fuighbheadh
feudfadh an bheirt acha í do thógbháil suas. Nuair do
thógadar í, cad do bhí thíos fúithe acht corcán mór agus
é lán de ór. Do chaitheadar do ba éigean dóibh
córda do chur isteach i ngach cluais leis agus é do
thabhairt leó eatorra, bhí sé chom trom sin.
Thugadar leó a bhaile é, agus do thógadar an
t-airgead agus do bhíodar ag teacht suas gach aon lá mar
ba mhaith leó. Ba ait leis na comharsanaibh cadé a
chúis go rabhadar ag teacht suas. Do bhí feicsint
eudaig orra.



Tháinig aonach nó pátrún nó aerigheacht éigin
innsin ar an mbaile. Do bhíodh cábáin in a mbíodh
feóil agus dinneur dá bheirbhadh. Aoinneach ar mhaith
leis a dhinneur do thógbháil, do bhí sé le faghbháil
aige ag an aonach. Tháinig bean chábáin fá dhéin
tamaill de chorcán ar an mbean [mnaoi] so. Adubhairt
sí léi go raibh corcán innsin amuigh, agus é d'árdach
ardughadh léi, ma bhí aon tairbhe dhí ann. Nuair
do bhí an corcán ag beirbhadh na feóla, do bhí sé
ag gealadh agus do bhí an mheirg ag imtheacht de. Do


L. 10


bhuail an scoláire bocht isteach innsin agus do léigh sé
na litreacha do bhí ar an gcórcán. Sean-scríobhadh
éigin do bhí ann fad ó anallód ba eadh do bhí air.
Is é an rud do bhí scríobhtha air acht gurbh mó an
corcán eile do bhí le n-a ais ioná é sin. Nuair do
léigh an scoláire cad do bhí scríobhtha air, d'fhiarfaigh sé
de bhean an tighe, cá bhfuair sí an corcán. Adubhairt
sí gur tamall de fuair sí. D'imthigh sé innsin ar
cheann na hoidhche, agus d'iarr sé lóistín ar bhean
[mnaoi] an chorcáin. Adubhairt sí go bhfuighbheadh agus
fáilte, "cibé mar dorighneamar tamall ó choin, do-
gheobhaimíd feudfaimíd é do thabhairt anois duit,
agus fáilte." "A bhean an tighe," arsa sé, "cá bhfuair
tú an corcán so." "Is cuma cá bhfuair mé é." "Atá
a thuilleadh," arsa sé, "mar an raibh an corcán so."
D'innis sí dhó innsin cá bhfuaradh [bhfrioth] é. "Atá
go maith," arsa an scoláire, "raghaimíd fá dhéin an
ceann [chinn] eile, acht ní mór dúinn congnamh."
"Téighir fá dhéin do dhearbhráthar," arsa sí le n-a
fear. "Atá go maith," ars an scoláire, "raghaimíd i
dtríur ann anocht." Dochuaidh a dhearbhráthair innsin,
agus an fear agus an scoláire bocht fá dhéin an chor-
cáin. Do chuir an scoláire bocht innsin fear an tighe
leith is amuigh den chlaidhe, agus do chuir sé an dear-
bhráthair ag polladh leis an rámhainn. D'fhan sé féin
ós a chionn in áirde go raibh an áit glan aige. Chomh
luath is do bhí sí glan aige, do bheir [do rug] an scoláire
bocht ar an gcorcán, agus do chaith sé go dtí an dear-
bhráthair eile ar an taobh is amuigh den chlaidhe é.
Dochuaidh an scoláire bocht agus an dearbhráthair de
léim thar an gclaidhe. Ní rabhadar acht thar an gclaidhe
nuair do bhualadh an claidhe. Dochuadar isteach innsin,
agus do bhí an coscán lán de ór buidhe. Thug sé
scair de don dearbhráthair innsin agus scair eile
don scoláire bocht.



An maighistir do bhí orra, do bhí a chuid ar caint
agus báillí air agus i gcionn cúpla lá is eadh


L. 11


do bhí gach aon rud chum dul chum cinn. Adubhairt
an fear so le n-a bhean [mnaoi] go mbfearr dhó dul
go dtí an maighistir leis an gcíos, ó dá luighead
cíosa do bhí orra, go mbféidir go ndeunfadh sé
maitheas don maighistir.



Adubhairt sí sin leis go raibh sé chomh maith é do
dheunamh, agus ar imtheacht don bhfear, ní i dtaobh
leis an gcíos d'imthigh sé mar thug sé ceallmán
maith den ór do bhí insan chorcán leis agus do-
chuaidh sé go dtí an maighistir. Má dochuaidh, ní raibh an
maighistir chum dul ag caint le haoinneach ar an am
sin, mar do bhí iomarca buaidheartha air, acht d'iarr
an fear so ar an seirbhíseach é do leigint leigean
chum an mhaighistir d'feicsint mar go raibh gnó
práinneach aige dhe, agus do leigeadh isteach é agus
dochuaidh sé chum cainte leis. Nuair dochuaidh sé
isteach, do chuir an maighistir na túrtha fáilte roimhe.
D'fhiarfaigh sé dhe cad thug innso é, "Ó thug díol
ciosa leat, a mhaighistir," arsa sé, "atá cíos seacht
mbliadna agat orm, a mhaighistir." "Téighir a bhaile
a fhir bhoicht," arsa sé, "agus caill leis na páistibh é,
mar beidh mo chuid se go léir," arsa sé, "cain-
teáilte innso ag [ar] a dá bhuille uair dheug. Bhí sé
chomh maith agat duit fuireach [fanacht] insan mbaile
mar is iomdha cíos mar do chios-sa do réidhteóchadh mo
bhruid ar an am so." "A mhaighistir," arsa sé, "an
mór é do chuid fiacha, nó cadé a mhéid do réidhteóchadh do
phráinn anois?" "Atá," arsa sé, "idir a trí
agus a ceathair de mhíltibh púnt." "Mhaiseadh,
tiubhrad-sa an méid sin duit agus a thuilleadh in a
fhochair," arsa an fear. "A dhuine gan chiall [céill],"
arsa an maighistir, "an ag magadh fúm atá tú? Cá
bhfuighbhtheá-sa an méid sin airgid?" "Is cuma dhuit
cá bhfuaras é, acht go bhfuighbhe tú féin anois é."
Adubhairt sé leis suidhe innsin má ba é a thoil é. Do
shuidh sé innsin, é féin agus beirt nó triúr daoine
uasla [uaisle] do bhí in a fhochair. Do chómhairigh an


L. 12


feirmeóir amach innsin ceithre míle púnt chuige.
Tháinig iongantas ar na huaislibh cá bhfuair sé an
t-airgead. Do ghlaodh an maigistir ar sheirbhíseach
agus adubhairt sé leis dul agus stopadh do chur leis
an obair do bhí ag teacht air. "Ó dorighne tusa an
mhait dorighnis damh-sa, tiubhra mise do chuid-se
dhuit i gcionn na bliadna. Téighir a bhaile anois,"
arsa sé, "agus téighir ar an gcnoc is aoirde den
stát, agus feuch le do dhá shéil ar an méid dochidhfe
tú de thalamh. Bíodh sin agat. Ní iarrfa mé aon
leath-phinge cíosa go bráth ort, acht sraithe do dhíol
as." Dochuaidh sé a bhaile innsin, agus thug sé do
n-a dhearbhráthair na hocht n-acra do bhí aige fein.



BRIAN BOROIMHE AGUS NA LOCHLANNAIGH.



Is é an t-slighe fuair Brian Boroimhe amas ar bhreith
ar na Lochlannachaibh acht ná do bhí sé ag gabháil an
bhóthair lá agus do bhí an bhean agus gach aon liúgh aici
agus do chuir sé stad ar an ngiolla do bhí ag tiomáint
na gcapall dó. Tháinig sé anuas den chárr do bhí aige
agus d'fhiarfaigh sé dhí cadé an chúis a raibh sí ag
gol. Adubhairt sí gurab é an leanbh do bhí innso
aici, do bhí sí chum é do mharbhadh. D'fhiarfaigh sé dhí
cadé an chúis é sin. Adubhairt sí gurab é a fear d'fág
órdúgadh aici an leanbh do mharbhadh. "Cadé an chúis é
sin?" arsa sé. "Atá," arsa sí, "atá sé ag faghbháil
ocrais. Atá sé ag obair i bhfochair na Lochlannach
thíos fá thalamh agus ní dhiongnadh sé tobac dó an méid
atá sé d'fhaghbháil, dhá phingin sa ló atá sé d'fhaghbháil."
"Cadé an chúis," arsa sé, "a gcuireadh an páiste gáire
as, nuair do chuirfeá-sa féin liúgh asat?" "Atá,"
arsa sí, "mar nuair do bhínn chum é do sháidh, do
thuiteadh an scian uaim." "An bhfuighbheadh t'fhear a
dheunamh amach dam cadé an t-slighe a ndeunann
siad comharthaí do n-a chéile? Ní bhfuighbhinn féin ná
mo chuid fear teacht suas leó nuair ná feadairmíd cá


L. 13


mbeadh dul isteach ar na dóirsibh. Beidh mise innso
i gcionn mí [mís], acht seo dhuit," arsa sé, "roinn
airgid agus dogheuna sin tú go dtiocfa mé arís.
Abair leis cunntas do bheith aige dam," arsa sé, "má
fheudann sé é, cad iad na comharthaí bhíos eatorra
insan oidhche." Tháinig sé innsin i gcionn mí agus
d'fhan an fear ó obair an lá sin. Do cheistigh sé innsin
é, cad iad na comharthaí do bhí eatorra. Adubhairt sé
leis go raibh aghaidh soluis an leasa a raibh sé fhéin
ag obair ann ar an lios bhí ar an taobh thuaidh de (- bhí sé
féin ag obair insan lios do bhí ar an taobh thiar),
"agus aghaidh soluis an leasa atá ar thaob thuaidh atá
sé ar an lios atá ar thaob theas de agus aghaidh soluis
an leasa atá ar thaob theas atá sé ar an lios atá ar
thaob thoir, atá na soilse go léir ar a chéile insan oidhche.
Taisbeánfa mise an lios duit um thráthnóna an bhfuil
mé féin ag obair ann, agus chomh luath agus do
lasfar an solus insan oidhche innsin beidh a fhios aca
féin cad bheidh ó n-a chéile. Tair-se anocht chum
an leasa agus do chuid fear agus cuir cuid ded
chuid fear ag gach aon doras de na trí dóirsibh.
Lasfar an solas innsin do na liosnaibh leasaibh
go léir, agus beidh a fhios aca innsin go bhfuil
an tóir orra. Dochídhfe tú innsin," arsa sé le
Brian, "gach aon áit i bhfuil lios agus tair go dtí
an lios istoidhche i mbárach agus bíodh do dhóthain fear
agat. Gach aon áit a bhfeiceócha tú solus, cuir
cuid ded chuid fear ann." Do bhí cuid dá chuid
fear in gach aon áit socair aige. Do lean sé díobh
innsin, gur dhíbir sé as an talamh iad. Bhí sé dá
marbhadh leis innsin gach aon lá as sin amach.



Nuair do bhí a ndeireadh críochnuighthe aige go dtí
aon triúr amháin do bhí insan lios déidheanach, nuair
tháinig sé chuige, an t-atair agus an bheirt mhac do bhí
ann, adubhairt sé leó go dtiubhradh sé a n-anam dóibh,
má inneósaidís dó cionnas do dheunaidís [do-ghnídís]
an bheóir. Do ghlaodh an t-athair i leath-taoibh saigh-


L. 14


diuirí Briain agus do chuir sé i dtuicsint dóibh,
go raibh sé féin toiltheanach ar é d'innsint dóibh, acht go
raibh eagla air, má inneósadh, go marbhóchadh an bheirt
mhac é, "agus leis sin de dá bhrígh sin marbhuighidh iad
sin ar dtúis. Is milis é an t-anam," arsa sé, "agus
is fearr liom-sa mo anam agam féin ioná aca sin."
Do mharbhuigheadh [marbhadh] iad innsin, agus nuair do
bhíodar marbh "beidh Éire gan leann anois," arsa sé,
"marbhuighidh mé féineach anois," agus do
mharbhuigheadar, agus do bhí Brian chomh dall agus do bhí sé riamh
ar cionnas an bheóir do dheunamh.



SCEUL AN PERI.



Tadhg. - Cá bhfuair tú an plannc, a Dhonnchadh?



Donnchadh. - Fuair mé innsin thíos i bhFaill na Croise é.



T. - An bhfuil aon teugar díobh ag teacht isteach an
aimsir seo?



D. - Fuaradh [frioth] roinn díobh an t-seachtmhain seo
do chaitheamair, nach [acht] dochuaidh an ghaoth ó dheas
air agus do séideadh amach chum fairrge arís iad.



T. - Is dócha gur árthrach éigin do bádhadh i dtaobh theas
de Mhion-Árd nó mar sin a raibh na plainnc seo innte.



D. - Ní fheadar mé. Ca bhfios duit nach árthrach éigin
ar scuabadh thar bórd dí iad.



T. - Dar ndóigh, atá sé i gcoinne an dligheadh aon
adhmad do bheith ar bhórd anois. Caithfidh sé go léir
bheith thíos i gcabhail an árthraigh.



D. - Hot, a dhuine. Is iomdha rud dheuntar do-
ghníthear i gcoinne an dligheadh agus le neart sainnt
chum an airgid téigeann siad insan chontabhairt uaire-
anta, d'iarraidh an t-ualach mór do thabhairt leótha.



T. - Ar airigh tú an bhfuil aon phíosa den Pheri dá
shéideadh andeas in aon chor?



D. - O mhaiseadh, an dré píosa. Do bhí sí ró-fhada
isteach is na cuaiseannaibh [cuasaibh].


L. 15


An Scoláire. - Cá ar bhádhadh an t-árthrach so a bhfuil
sibh ag trácht uirri?



D. - Innsin theas i mbun Rátha na mBiníneach birín-
each. Is dócha gur airigh tú trácht uirri nó go bhfuair
tú cunntas is na páipeuraibh uirri.



An S. - Cad as í nó cia leis í?



D. - Ó Dhún Garbhán. Le Captaon Muldomhnaigh ba
eadh í.



An S. - Cathoin do bádhadh í, nó cadé an t-slighe do
rioth sí isteach innsin?



D. - Í do chur as a slighidh oidhche na marbh agus í do
rioth in áirde ar na clochaibh, agus oidhche fhiadhain ba
eadh í leis.



An S. - Cadé an chúis ná faca sé caisleán an
t-soluis nó cad thug isteach insan bhfaill é?



D. - 'Uise, a mhic ó, é do chur amudha mar do shíl
sé gur trállaer gaile é an caisleán. Agus nuair do
bhí sé ró-fhada isteach innsin, do bhí an ghaoth bun ós
cionn aige chum í do chur amach arís as, agus ní raibh
dada le deunamh aige nuair do bhuail sí agus scoil-
teadh as a chéile í.



An S. - Ar bhádhadh aoinneach de na fearaibh nó
cionnas thángadar saor.



D. - Do bádhadh beirt aca agus tháinig beirt eile
saor, agus ní raibh innsin féin acht míorbhail cionnas
nár mharbhuigheadh i gcoinne na gcloch iad. Nuair do
bhuail an t-árthrach an cheud uair do chaith an máta é
féin amach mar do shíl sé go bhfuighbheadh sé snámh go
dtí an fhaill. Nuair dochonnaic an cócaire é do bhí
gach aon liúgh agus gach aon screuchadh aige agus do
chaith sé é féin amach in a dhiaidh gan aon phioc dá chuid
eudaig do bhaint de. Do bhí an captaon agus an
mairneulach d'iarraidh é do chomhad chum baoi sábhála do
chur air. Acht do chaith sé é féin amach dá n-aimhdheóin.
Ní raibh aon snámh innsin ag an chaptaon ná ag an
mairneulach agus do chaitheadar fuireac ar an árthrach
nó gur bhuaidh orra. Is é an captaon an tríomhadh


L. 16


fear d'imthig di, 16 agus d'fhan an mairneulach uirri go
raibh sí ag tuitim as a chéile. Do chaith sé dhe a raibh
uimig [uime], agus do chuir sé air an baoi, agus
thug sé fá an pholl .i. an fhairrge agus is é an cheud
fhear do bhí istig é agus ar a theacht isteach dó, thug sé
fá ndeara an máta agus an garsún agus adubhairt sé
leó misneach do bheith aca nach [acht] níor labhair aoinneach
aca leis. Nuair tháinig sé isteach innsin, do bhí sé
ag liughraigh agus ag glaodhach orra, agus is é an cap-
taon an cheud fhear tháinig chuige agus do bhíodar
araon innsin ag coinne ó am go ham go mbeadh an
máta isteach chucha mar an-shnáimhteóir ba eadh é. Nuair
ná raibh aon rud le deunamh innsin aca thugadar fá an
bhfaill chum dul in áirde innte. Do bhí an mairneulach
ar tosach agus an captaon ar deireadh. Do bhí an
fhaill ag imtheacht ó chosaibh an mhairneulaigh agus
dóbair go marbhóchadh [muirbhfeadh] na clocha do bhí ag
tuitim síos an captaon. Do chaith [b'éigean do] an
captaon tabhairt suas nuair fuair sé greim ar chloch
in lár na faille agus d'fhan sé innsin go maidin gur
gheal an lá air. Nuair fuair an mairneulach é féin
in áirde, bhí sé chomh cortha, chomh marbh sin is ná
fuighbheadh [feudfadh] sé dul a thuilleadh agus do chaith
sé é féin i bpreap [tor] sceach agus raithnighe agus
d'fan sé ann ar feadh dá uair an chluig fá an bhfuacht
agus fá an aimsir gan aon eudach air acht amháin a
léine. D'éirigh sé innsin agus dochuaidh sé suas thar
an gclaidhe agus do bhí sé ag feuchaint thimcheall air
nó gur airigh sé madraí ag sceamhghail agus dorighne
sé ar na madraíbh agus nuair dochonnaic na madraí
é, eachtra ba eadh éisteacht leó le sceamhghail agus
d'airigh fear an tighe iad. D'éirig sé agus do chuir sé a
cheann amach as an bhfuinneóig agus d'fiarfhaigh sé
an raibh aoinneach innsin. Adubhairt an mairneulach go
raibh agus d'fhiarfhaigh sé cia hé. Adubhairt sé sin
gur mairneulach, go rabhadh [rabhthas] tar éis an
t-árthrach do bhádhadh innso thíos orra. Adubhairt fear


L. 17


an tighe leis teacht aníos go mbeadh sé in a shuidhe ar
an nóimeint agus d'éirigh leis, agus do chuir sé a
chuid fear in a suidhe agus do leigh sé isteach an mair-
neulach agus fuair sé eudaighe dó agus deochna
deocha teó, go dtí tháinig sé chuige féin.



Innsin, d'imthigh muintear an tighe agus an mair-
neulach agus thugadar teuda agus soilse leó síos fá
dhéin an chaptaon, acht nuair dochuadar síos, ní raibh
aon phioc den chaptaon le faghbháil aca agus b'éigean
dóibh casadh arís aníos go dtí an teach. Dochuaidh
fear aca síos innsin le breacadh an lae agus sin é
an uair fuair sé an captaon thíos agus a ucht leagtha
ar an árthrach aige agus d'iarr sé air teacht suas go
dtí an tigh leis go raibh an mairneulach thuas.
Adubhairt sé sin leis ná raghadh, mar go raibh gach
aoinneach i gcoinne a leithéidí féin do scaoileadh isteach
beó nó marbh. "Nach acht," arsa sé, "cadé an áit
den dúthaigh i bhfuil mé?" "Atá tú," arsa fear
Shúiliobháin, "leath slighe idir ceann Heilbhic agus ceann
Mhion-Árd." "An é seo cuan Baile uí Churraoin?"
arsa an captaon. "Is é," arsa an fear eile. "Má
is é," arsa an captaon, is é an rud badh cheart do
dheunamh le caisleán Mion-Ard ná é do chur in áirde
is na speurthaibh. Tháinig sé aníos innsin in aonfheacht
leis an bhfear go dtí an tigh, agus fuair sé casóg
agus bróga chum iad do chur air agus fuair sé a dhóthain
le n-ithe agus le n-ól. Dochuaidh sé síos innsin arís go
dtí an t-árthrach agus do chuir sé fear soir go dtí
tigh na bhuitéirí ag cur sceula go dtí Captaon
Muldomhnaigh go raibh an t-árthrach báidhte agus ná
fuighbheadh sé féin corruighe ón árthrach go dtí dtioc-
fadh maighistir an árthraigh.



An S. - Cadé an saghas ualach do bhí innte nó cad
as do sheól sí?



D. - Ualach guail do bhí innte agus ar maidin an lae
roimh sin d'fhág sí Sean-Shasana chum dul go Baile uí
Choitín Baile Coitín. Do bhí an lá an-fhiadhain agus


L. 18


an oidhche dorcha agus d'fhan sí ar aon tac amháin go
dtí ar bhuail sí an fhaill mar do bhí an t-árthrach an-
bhríoghmhar agus do shíl sé ná raibh leath na sligheadh
riothta aige ón uair d'fhág sé Sean-Shasana agus sin
é is mó do chuir i mudha é. Mar sin nuair d'fhógair
an cócaire dhó go bhfaca sé talamh, do chaith sé amach an
mheáchtain meádhachan. Do réir an mhéid uisce do bhí
ann adubhairt sé go raibh sé cúig mhíle deug ó thalamh agus
fá cheann deich noimeintí do bhí an t-árthrach buailthe.



An S. - Cad ba chríoch don árthrach nuair tháinig
an fear ar leis í fá n-a déin?



D. - Is é a críoch ná go raibh sí innsúd aige in a
sean-chliabhán tuitthe as a chéile, píosa dhí innso agus
píosa dhí innsúd. Do bhí gach aoinneach dá stracadh as
a chéile agus adubhairt sé leó í do tharraingt leó.
Níor chuir sé aon stopadh orra go ceann cúpla lá.
Sin é an uair tháinig na bhuitéirí agus do chuireadar
in áirde páipeur go mbeadh caint uirri a leithéid sin
de lá. Do stopadar gach aoinneach innsin agus ní
leigfidís dóibh dada do thabhairt leó acht an gual
agus níor leigeadar é sin féin leó thar bharr na faille.
Do chaitheadar [b'éigean dóibh] é d'fhágaint [d'fágbháil]
innsin go dtí lá na cainte. Nuair tháinig lá na
cainte do bhí na mná ar fad agus gach aoinneach aca in
a suidhe ar a gcarnaibh féin ag fuireach go gcain-
teóchthaidhe é. Is í an t-árthrach agus an méid do bhain
léi do bhí ar an dtráigh do cuireadh chum díola an cheud
uair. Níor thóg aoinneach an t-árthrach acht do thóg
siuinéir ó Chrosaire Cadhla a trí nó a ceathair de phíosaíbh
de na crannaibh agus de na slataibh agus do thóg
fear eile na teuda agus na seólta. D'imthigheadar
leó suas innsin agus do bhí na mná thuas ag
fuireach leó chum a gcuid féin den ngual do thógbháil.
Acht nuair tháinig na bhuitéirí agus an fear do bhí
dá chainteáil adubhairt sé leo ciall do bheith aca agus
é dho tharraingt leó a bhaile, ná raibh aon bhaint aca
féin leis chum aon chaint do chur air.


L. 19


An S. - An bhfuaradh bhfrioth na fir do bádhadh?



D. - Ó, fuaradh. Ar maidin Dé Domhnaigh fuaradh
ceann aca an-ghairidh don árthrach agus ceann eile
tamall maith ó dheas uaidh. Is é an máta an cheud
fhear fuaradh agus do bhí sé an-dheacair é do thabhairt
as an áit in a bhfuaradh é go dtí an cosán, mar
an cheud bheirt fuair é, d'fhágadar mar a raibh sé
agus níor thógadar as a bhfairrge féin é go dtí tháinig
triúr eile agus thugadar leó é siar go dtí an Stáicín.
Do bhí sé an-dheacair é do chur in áirde is na strapaibh
atá ar an bpaiste sin agus is amhlaidh b'éigean do
fear aca é do thógbháil ar a bhaclain agus é do sháidh
in áirde go dtí an bheirt eile, agus d'fhágadar innsin
é agus píosa seóil caithte anuas air nó go dtí tar
éis an aifrinn go dtí fuaradh an dara fear agus
do tógadh in áirde iad araon go dtí barr na faille ins-
an áit a bhfuair capall teacht fá n-a ndéin agus iad
do thabhairt suas go dtí an teach ba ghiorra dhóibh,
insan áit a raibh cómhra chum ceann aca do thabhairt do
bhaile. Ní raibh aon chómhra don dara duine mar ní
raibh aon chunntas tar éis dul go dtí Dun Garbhán go
bhfuaradh é, agush is amhlaidh do cuireadh iad araon in
aon chomhrainn amháin.



T. - A mhic ó, is míorbhail ceart gur chuaid [go
ndeachaidh] aoinneach in áirde insan bhfaill an áit a
ndeachaidh an mairneulach úd. Acht amháin do raghadh
duine in aon áit nuair do bheadh scannradh air.



D. - Ní fheadar mé fá an domhan cionnas dochuaidh
sé in áirde ann insan áit ar dhóigh leat ná fuighbheadh
cat dul ann. Agus cadé an díoghbháil acht dorchacht
na hoidhche agus a shlighe do dheunamh díreach i gcoinne
na faille.



T. (ar a imtheacht do) - I mbasa, a Dhonnchadh, má
is le hárthrach báidhte bhaineann [bhaineas] an plannc
breághdha sin badh chóir go mbeitheá ag guidheachaint do
na mairneulachaibh bochta.



D. - Dhe mhaiseadh, adeirim-se guidheachaint leat.


L. 20


MAC AN FHEIRMEÓRA.

Bhí feirmeóir ann fada ó. Ní raibh aige acht aon
mhac amháin acht ní raibh aon teóra leis chum cartaí
d'imirt. Níl aon áit an aireóchadh sé cluiche cartaí
do bheith dá n-imirt, dá mbeadh sé seacht míle uaidh,
ná raghadh sé ann. Bhí sé oidhche ag teacht a bhaile agus
do bhí sé an-fhada insan oidhche. Do bhí beárna ar
thaobh an bhóthair ar a chuid féin talmhan, agus díreach
do bhí an bata insan mbeárna aige nuair do ghabh an
t-sochraid thairis. Ní raibh fá an choifín acht triúrar
[triúr]. Adubhairt sé leis féin gur dheacair do thriúr
coifín cómhra d'iomchar agus go raghadh sé fhéin mar
cheathramhadh duine fúithe. Dochuaidh, agus má dochuaidh,
d'fágadh aige féin í, agus n'feadar sé cár ghabh an
triúr fear, cia aca an t-aer nó an talamh do shloig
iad. Do bhí sé innsin agus an choifín ar an mbóthar
aige. Adubhairt sé leis féin gurab ait an gnó dó, bheith
ag feuchaint uirri agus gan fios aige cad do bhí innte.
Do thóg sé an clár di. Cad do bheadh istig innte ná
cailín breághdha óg agus í ag cur cuarníní [coirníní]
allais dí. "Ó," ar sé sin, "níl aon deallradh báis
ort. Is fearr dham tú do chorruighe suas." Do-bheir
[rug] sé ar láimh uirri agus do bhuail sé croidhe a
deárnann. Do phreab sí suas agus d'fhiarfaigh sí cá
raibh sí. "Atá tú ar láimh shábhála. Ná tagadh aon
eagla ort. Cad do chuir innso tú?" "Inneósad sin
duit," ar sí. "Atá mé ar an leabaidh ag mo mhuintir
le trí mhí, agus anocht do bhí na trí mhí caithte. Tháinig
triúr fear isteach agus do thógadar leó mé ins an
choifín sin. Do chuireadar stumpa bata i m'áit
insan leabaidh." "Ó," ar sé sin, "atá go maith. Siubhail
leat a bhaile go dtí mo thig-se [teach-sa] anois." Do
chuaidh sí leis go dtí an tigh [teach]. Nuair dochuaidh
sé a bhaile do ghlaodh sé ar a deirbhsiúr agus adu-
bhairt sé léi, deoch éigin d'fhaghbháil don chailín do


L. 21


bhí innso. Tháinig scannradh uirri sin nuair do-
chonnaic sí an cailín ag an teinidh. Adubhairt an
cailín léi go raibh maith mhór deunta ag a dhearbhráthair
di féin. D'innis sí dóibh innsin gach ar bhain di.
D'innis sí don mbuachaill cá raibh a muintear in a
gcomhnuidhe. Áit éigin i gConntae Corcaighe bhíodar
agus d'imthigh an buachaill leis dhaid ná bháireach lá
ar n-a bhárach agus thug sé dhá lá ag dul ann.
Níor chuaidh [ní dheachaidh] sé go dtí an tigh [teach] in
aon chor mar adubhairt duine de sna [na] comharsain
[comharsanaibh] leis go raibh cailín óg dá cur as an tigh
sin indiu. Dochuaidh sé isteach insan pháirc agus
thug sé leis an capall do bhí ann. Adubhairt sé leis
an bhfear so do bhí ag caint leis innisint do fhear an
tighe gur thóg fear leis an capall den pháirc agus
gur in a leithéid sin d'áit i gConntae Phortláirge do
chomhnaigh sé. Nuair do bhí an trioblóid thar fear an
tighe agus a inghean, mar do shíl sé, curtha aige,
adubhairt sé go gcaithfeadh sé dul fá dhéin a chapaill
agus gur mhór an chladhairigheacht [claidhireacht] an té
do thóg uaidh é. D'imthig sé leis. Nuair thainig sé
go dtí an tigh [teach], do chuir an buachaill na túrtha
fáilte roimhe agus adubhairt sé le n-a mháthair dinneur
maith d'faghbháil i gcóir dó. Do bhí an fear bocht
cortha agus buaidhirt air. Do bhí sé in a shuidhe ar
chathaoir ag an teinidh. Nuair d'iompaigh sé thimcheall
ag feuchaint ar fuaid [fud] an tighe, do bhí seomra
ós coinne na teineadh, dochonnaic sé an cailín ag
siubhal thar dhoras an t-seomra. Adubhairt sé meireach
[muna] mbeadh a inghean do bheith curtha go ndeurfadh
[n-abróchadh] sé gurab í do bheadh ann. Do rioth sí sin
aniar chuige "Ó, a athair," ar sí sin, "is mise atá ann."
"Ó, a inghean ó, ní tu. Ní tusa mo inghean, mar atá sí
curtha fá an bhfód, go bhfóire Dia orainn." Adubhairt
sí na raibh. D'innis sí dhó innsin cionnas do bhí aici
agus gurab é an stumpa bata do fágadh insan leabaidh
in a háit féin do bhí curtha aca, mar go raibh sé i gcló


L. 22


duine. Dochuaidh an buachaill a bhaile le n-a hathair
innsin agus dochuadar go dtí an uaigh mar ar shíl-
eadar í seo do bheith curtha ann. Cad dogheobhaidís ann
nach [acht] sean-stumpa bata. Thángadar thar n-ais
innsin go dtí tigh [teach] an bhuachaill [bhuachalla] arís,
agus adubhairt a hathair, ó bhí an sgeul mar do bhí sé,
ná caithfeadh sí aon fhear eile do bheith aici go deóidh nach
acht an fear thug leis saor sábháltha í ó n-a namhaid
Do pósadh innsin iad. Do mhaireadar go maith i
bhfochair a chéile. Níor chuaidh ní dheachaidh sé fá dhéin
aon chárta as sin suas.



PUISÍN CÚIL AN HIARTA AGUS RÍ NA gCAT.



Bí fear ann fad' ó a dtugtaoi Bháitéir Breathnach
air. Bhí cúigear nó seisear cloinne aige. Bhí sé ag
dul go dtí an baile mór lá chum bróga do thabhairt
chucha. Nuair dh'airigh an cat iad dá rádh le n-a n-athair,
bróga deasa do tabhairt chucha, do phreab sé féin as
an gcúinne, "a Bháitéir," ar sé sin, "an dtiubhra tú
bróga deasa chugham-sa?" Tháinig uathbhás ar an bhfear,
nuair do labhair an cat leis agus adubhairt sé go
dtiubhradh. Nuair dochuaidh sé go dtí an baile mór,
d'innis sé do gach aoinneach cad dubhairt an cat leis,
adubhradar leis a rádh leis an gcat nuair do raghadh
sé do bhaile ná fuighbheadh feudfadh sé aon bhróg do
thabhairt chuige gan é do thabhairt leis go dtí an
greusaidhe go dtógfadh sé a thuise chum na mbróg
do dheunamh dhó. Nuair tháinig an fear a bhaile.
D'fiarfaigh gach aoinneach de na páistíbh ar thug [an dtug]
sé bróga chucha féin, agus d'fiarfaigh an cat de ar
thug sé chuige féin iad. Adubhairt sé leis ná tug
mar go gcaithfeadh an greusaidhe a thuise do thógaint
[thógbháil], mar ná raibh aon bhróg aige d'oirfeadh dó.
"Conust [cionnas] raghad-sa ann," arsaigh an cat,
"stracfaidh na madraí mé, má bhím ag siubhal i t' fhochair-
se." "Ní dhiongnaid," ar sé sin, "mar cuirfead-sa


L. 23


isteach i mála thu, agus tiubhrad liom ar mo dhrom thu."
Do chuir sé isteach insan mála an cat agus dh'árdaigh sé
leis é. Do bhíodh gach aoinneach ag a fhiarfaighe de
Bháithéir cad do bhí ar a dhrom aige, adeireadh sé leó gur
chuma dhóibh. Do bhíodh an cat ag cur a iongnaí tré na
dhrom agus é ghá rádh, "ar do bhás a Bháitéir, ar do bhás,
a Bháitéir," is é sin, gan innisint cad do bhí aige.
Do bhí sé cráidhte aca ó bheith ghá fhiarfhaighe dhe agus do
chaith sé chucha an mála agus a raibh ann agus do strac
na madraí an cat agus an mála do bhí thimcheall air.
Nuair do bhí sé dá stracadh ag na madraíbh, adubhairt
sé le Bháitéir nuair do ragadh sé a bhaile é d'innisint
do phuisín cúl an hiarta gur mharbh sé rí na gcat.
Nuair dochuaidh sé a bhaile, do bhí sé ag a innisint do
n-a bhean mhnaoi cad dubhairt an cat leis. Bhí
cuitín beag, cnaoidhte insan chúinne. Thug sé preab
agus do mheuduigh sé é féin agus dochuaidh sé de
bhiniúg bhonnóig in scórnaigh Bháitéir agus dóbair ná
faghfaidhe [fuighbhthí, feudfaidhe] é do réidhteach as.
Do chaitheadh do [ba éigean dóibh] dul amach agus
glaodhach ar na comharsain comharsanaibh chum é do
réidhteach agus meireach muna mbeadh sin, do bhí
a scórnach ithte aige as Bháitéir. Acht do mar-
bhuigheadh [marbhadh] é sin innsin chomh maith le rí na
gcat. Nuair do bhíodh ag a mharbhadh, Níor 'láir
[fuláir] duit, a Bháitéir," ar sé sin, "t'oidí-muintí
do oidí múinte."



An Fear do bhí ag tráighteóireacht.



Fear é seo do bhíodh ag imtheacht go dtí an tráigh
gach aon am ag faghbháil trioscair. Bhí sé oidhche agus
do bhí an-chuid trioscair ann agus do chrom sé dá chur
isteach. Cad dogheóbhadh sé insan trioscar acht fear
báidhte. Adubhairt sé leis féin gur mór an feall é
do leigint leigean amach leis an taoide arís agus
do tharraing sé isteach é cois na faille. Dochuaidh


L. 24


sé a bhaile innsin. Thug sé leis an capall agus an
drae agus thug sé leis a bhaile é. Do chuir sé isteach
insan sgioból é. Dochuaidh sé go dtí an baile mór agus
thug sé coifín leis agus do chuir sé é. Ba ghairid innsin
nó go dtí gur chuaidh [go ndeachaidh] sé go dtí an tráigh
oidhche eile. Cad dogheóbhadh sé acht pinsiún mór agus
do chrom sé chum é do chorruighe feuchaint an bhfuighbheadh
sé leis é. "Imbasa, atá tú ró-throm," ar sé sin, "ní
bhfuighbhinn liom tú." "Dogheóbhair," ars an duine ag a
chliathán. "Buail do lámh fá n-a cheann." Do bhuail
agus thug sé go dtí an tigh é.



Adubhairt an fear leis go raibh a oiread sin galún
fíona ann agus é do thabhairt leis go dtí Corcaigh go
dtí n-a a leithéid sin de thigh agus go bhfuighbheadh sé
sé deug an galún air, "nach [acht]," ar sé sin, "ná
feiceadh lucht an dligheadh tu." Do dhein [do righne] sé
mar adubhradh leis. Nuair tháinig sé a bhaile, dochuaidh
sé go dtí an tráigh an oidhche sin arís, fuair sé tranc
cómhra, agus adubhairt sé leis féin gur dócha go
raibh sin ró-throm chomh maith. Do labhair an fear leis
arís. Adubhairt sé leis breith ar taobh de agus go
mbeuradh sé féin ar an taobh eile. "Is é an rud é
atá innsin ná [acht] airgead." Thug sé leis a bhaile é,
agus d'innis sé do n-a athair cad fuair sé agus
cia do bhí ag tabhairt congnaimh dhó. Adubhairt an
t-athair leis go mbhádfadh sé sin é agus gan dul go
dtí an tráigh níos mó. "Atá go maith," ars an mach,
"ní bhacfa mé anocht le dul ann." I gcionn na
hoidhche, nuair ná raibh sé ag dul go dtí an tráigh,
tháinig an fear go dtí an fhuinneóg agus do ghlaodh
sé air. D'fhiarfaigh sé dhe, ná raibh sé ag dul go dtí an
tráigh anocht? Adubhairt sé sin leis ná raibh. "Ó
níl tú," arsa an fear, "mar adubhairt do athair leat
go mbádhfainn-se tú, acht níorbh bhaoghal duit, mar do
thóg tusa mise ó shluagh na fairrge agus do chuir tusa
insan reilig bheannuighthe mé agus do chaithfinn-se maith
do dheanamh dhuit. Dá raghthá síos anocht, dogheóbhthá


L. 25


a oiread airgid is ná caithfeadh ar tháinig [a dtáinig]
romhat ná a dtiocfaidh i do dhiaidh. Slán agut anois.
N'fheicfe tú mise go deóidh arís."



Na Sclábhuidhthe.



Art. - Bail Dé innso isteach ar maidin.



Bean an tighe. - Dia 's Muire 's Pádruig duit. Sé
do bheatha sa chughainn.



A. - Go maire tú, a bhean an tighe. An ag ithe atá
sibh? Fanaidh siar ó n-a chéile.



B. an t. - Maite, is amhlaidh atáimíd ag brudhadh le
n-a chéile. Tair agus deun duine eadrainn bí ar
dhuine againn.



A. - Go raibh maith agat, a bhean an tighe. Ba thúisce
luaithe mé féin ioná sibh. Atá sé caithte cheana
agam.



B. an t. - Maite is iongantach na mochóirghe [an
mhoichéirghe] dorighne tú ar maidin. Rud is annamh
is iongantach. Is é an rud bhíonn [bhíos] agamsa go
minic ioná mochóirghe Conchubhair na gCriathar, maidin
doth moch agus dhá mhaidin déidheanach.



Seán. - Atá sé chomh maith agat, a bhean bhocht. Ní
beag duit a fhaid do bhí tú ag éirghe doth agus rud
eile, nuair bhíonn bhíos an t-aos ag druideamhaint le
duine, is maith leis tamall teólaidheachta ar maidin.



A. - Seadh, a Sheáain, agus mar adeir an sean-fhocal,
an té ná bíonn bólacht ar chnoc aige, bíodh suaimhneas
insan sop aige.



B. - Ó mhaiseadh, ó b'annamh leis an gcat srathair do
chur air, is tú atá go deas-chainteach ar maidin.



S. - A bhean an tighe, nár airidh tú riamh ná tiubhradh
sluagh Mhorchaidh caint do na mnáibh nuair bhíonn [bhíos]
an té ólta aca.



A. - Á dhe cadé an mhait ann mar thé nuair bíonn sé
cosnochtuighthe. Éirighidh agus buailidh amach go raghai-
míd ag deunamh rud éigin leis an ruainnín féir atá


L. 26


innsin amuigh, feuchaint an mbeadh sé in iúl ar chruach
do dheunamh de an t-seachtmhain seo chugainn.



A. - Atá go maith, a Sheáain. Siubhail leat, agus
dogheóbhaimíd bheith ag caint agus ag cárdáil innsin.



S. - Ní fearr ar domhan é. Tabhair leat na pící.
Tré gach sgeul, nach iongantach atá an saoghal ag
aistriughadh [athrugadh]. Is minic riamh d'airigheamar
ó dá fhaid do mhairfimís gurab é is mó dochidhfimís
agus d'aireóchaimís.



A. - I mbasa, a Sheáain, atá an ceart agat. Ní
gábhadh dhuit acht marthana [mharthain, machtnamh] do
dheunamh agus cuimhneamh ar an dá thigh bhreághdha atá
ar an mbóthar sin amuigh. Cia dheurfadh [adeuradh]
go bhfeicfidhe a leithéidí go bráth ann, mar adubhairt an
bhean an oidhche eile, go raibh áit dheas agus teach tirim
te ag Caitlín mhór agus ag Micheul má dogheibheann
[fheudann] siad teacht ann, go bhfuascailighe Dia ar a
n-anam. Ní baoghal go mbeidh aon fhuacht orra.



S. - Cia hí Caitlín mhór, agus an Micheul so atá tú
a rádh?



A. - Mhaiseadh, a dhuine, ná cuimhnigheann tú ar Chaitlín
mhór agus Micheul a dearbhráthair agus sean-Mhúrfí
Murchadha a raibh dhá thigh bheaga aca ar an áit ceudna
i bhfuil an coláiste deunta?



S. - Dar fiadh, atá an ceart agat. Níor chuimhnigh
mé riamh go raibh aon tigh ar an áit sin, acht is díreach
gur iomdha duine chuireann chuireas an talamh dhe.



A. - Mo dhearmhad, a Sheáain, an dtéigheann tú go
dtí an coláiste aon oidhche? Dar ndóigh, is dócha go
dtéighir. Níl aoinneach an mbeadh corruighe na coise
ann ná raghadh ag feuchaint ar an sult, ag éisteacht
le hamhránaibh bhreághdha agus ag feuchaint ar bhabhta
breághdha den rinnce Ghaedhealach.



S. - Téighim ann gach aon oidhche Dhomhnaigh agus go
deimhin is breághdha an tógbháil ar chroidhe dhuine dul
ann. Acht an té do bheadh istoidhche Dé Domhnaigh so
caithte againn ag éisteacht leis an mbeirt Cor-


L. 27


caigheach ag tabhairt amach ar "Eachtra an Bháis,"
níor airigh mé riamh níos breághdha é. Dá bhfeic-
eóchthá [bhfeicfeá] an bás in a sheasamh suas agus an
peacthach bocht sínte ar a leath-shliasta ós a choinne
amach! Do chuirfeadh sé truagh ort nuair d'iarrfhadh
sé an spás chomh diomachroidheach [díomdhach] sin
ar an mbás agus badh dhóigh leat beagán truaighe
ag an mbás dó. Is é do labharadh go dána agus
beagán fhonn air aon cháirde do thabhairt dó. Is é
an áit an aireóchthá gach aoinneach do bhí ann ag gáire
ná thíar ag Teampall Reumainn. Do bhí cuid aca dá
rádh má dogheóbhadh gach aoinne cead cainte an fhaid sin
leis an mbás go mbeadh uain go leór aca ar a gcúis
do phléidh. Adubhairt a thuilleadh aca nach é an bás do
bhí ann in aon chor acht gur dócha gur cosmhail leis é mar
bíonn an duine an fhaid sin ag scrogghail iomradh leis
an mbás. Is cosmhail go mbíonn cúis éigin leis.
Acht i mbasa, buaidheann an bás air.



A. - I mbasa mhaiseadh, a Sheáain, dóbair go mbeadh an
bás gairid dóibh go léir an oidhche sin nuair dorighneadh
toll thar ceann den stage [stáiste, scafal] acht ba
thoil le Dia ná raibh aoinneach fúithe, acht, míle
buidheachas le Dia, an té dochidhfeadh an sagart agus an
t-slighe ar shleamhnaigh sé anuas go dtí ar tháinig sé
ar bhonn a dhá chois gan phiocadh bioráin do bhaint dó.
Do rioth gach aoinneach timcheall air ar eagla go raibh
aon rud bainte dhó. Do bhí na mná go léir ag rioth
go dtí a chéile ó dhuine go duine agus gach aoinneach
aca dá rádh "buail do lámh ar mo chroidhe, atá gach aon
phreab aige mar do shíl mé go raibh an sagart
goirtighthe gortuighthe." Do bhí na páistí ar fad ag rioth
timcheall dá fhiarfaighe de gach aoinneach ar bhain aon
rud dó acht dóbair go mbeadh cuid aca féin millte.
Ní fheadar cad do bhain don stage.



S. - Iomarca meádhachain do béith ar thaobh de don
taobh eile agus d'iompuigh sé anuas mar do bhí na
páistí ar fad in a suidhe ar aon taobh amháin. Do bhris


L. 28


an rachta .i. bata trasna agus tháinig ceann don
stage ar an talamh.



A. - Seadh, ní dhiongnadh an stage seo an feur do
shábháil dúinn. Caithimís uainn é agus téighmís ag
obair in ainm Dé. Atá sé chomh maith againn dúinn
chúig cinn de na cocaibh beaga sin do chur in aon choca
amháin, mar atá an feur an-thirim. Ar dhún tú an
geata sin thuas, a Sheáain, le heagla go dtiocfadh na
rudaí gamhna isteach ann.



S. - Do dhúnas.



A. - Siúd chum oibre sinn.
Agus go mbeannuighe Dia sinn,
Agus nár bhfada ó bhiadh sinn.
Nár bhfada in a dhiaidh sin
Go raghaidh an ghrian síos.
Té cibé an mór leó an ithimíd
Agus an beag leo a ndeunaimíd
Ná raibh greim la 'l Brighde aca
Ná aithint a gcoda la 'l Michíl.



S. - Is beag an mhaith sagart gan cléireach agus
abairimíd go léir "ámen."



A. - I mbasa is maith an barr féir atá ar an
bpáircín seo i mbliadhna agus is maith an feur é. An
dóigh leath go ndiongna sé na ceithre thonna?



S. - Go deimhin dogheuna agus cuid mhaith in a
fhochair. Ba gnáthach leis an bpáirc seo barraí maithe
do bheith innte. Is í páirc is fearr ar an bhfeirm í.
Ná cuimhnigheann tú nuair do bhí prátaí agat innte, an
bhliadhain úd do bhí sí curtha chum garraidhthe reachtais.



A. - Cuimhnighim go maith ar an mbliadhain sin.
Nárbh í sin an bhliadhain thirim ná fuaradar aon bhraon
fearthanna ón uair do cuireadh iad go rabhadh
chum iad do bhaint?



S. - O i mbasa atá an ceart agat. Is dóig
liom gur fiche bliadhain 's go [gus] an taca so é sin.
Do bhí leath-acra agam féin insan pháirc seo agus ní


L. 29


bhfuighbhinn [fheudfainn] a innisint cadé a mhéid prátaí
do bhí istig ann.



A. - Ó éistighidh. Cia hé siúd suas an bóthar?



S. - Sin é Tomás Phádruig atá ag dul go dtí an
sliabh ag baint ualach aitinn. Do bhí sé 'á rádh liom
aréir go raibh roinn asair uaidh. Do theagmhaigh mé
thiar ag an chrosaire aréir leis agus é ag dul fá dhéin
tamaill de speal. Bhí sé 'á rádh liom go bhfuair sé
litir ó n-a inghean Dé Ceudaoin seo caithte againn
agus go raibh sí posta agus go raibh sí féin agus a
fear chum teacht a bhaile i gcóir na hathbhliadna.
Atá sí pósta ag fear dóigteán do mhúchadh, agus
púnt insan ló aige agus a oiread sin as gach aon
dóighteán do mhúchfadh sé, mar is é an maor atá ar na
fearaibh é.



A. - Díth uaithe mar theine. Is olc an chéird í.



S. - I mbasa, is olc. Níl sí maith in aon chor. Bíonn
sí an-chontabharthach. An bhfaca tusa aon chuid den
obair seo riamh, a Airt, ó is tú bhí i Sasana Nua?



A. - Ní fhacaigheas aon am iad acht go n-airighinn
trácht orra.



S. - Is dócha ná fuil aon tabhairt amach agat ar an
obair mar sin.



A. - Níl, acht bhí aithne agam ar bhuachaill maith agus
do bhí mé ag caint leis mar seo um thráthnóna agus
idir sin agus a dá bhuille uair dheug, do bhí sé loiscthe
insan teinidh. Dho chaith sé [do b'éigean dó] dul in
áirde ar mhullach an tighe agus do bhí an dóightéan
an-mhillteach agus thug a raibh fé agus thuit sé isteach
insan teinidh agus ní fhuaradh frioth a thásc ná a
thuairisc ó choin shin.



S. - I mbasa, b'olc an dóigtéan don bhfear bocht sin é.



A. - Éistighidh go réidh. Is dóigh liom go bhfuil
duine éigin ag glaodhach orainn chum dinnéir. I mbasa
atá. Shid é anuas Seáinín. Is é do bheatha sa, a
Sheáinín, is dócha gur ag teacht le sceul ón gcroich
chugainn atá tú.


L. 30


Seáinín. - Ó 'se, i mbasa féin, ní headh, acht bean
an tighe do bhí ag baint neanntóg agus d'airigh sí an
t-an-ghreadadh cainte agaibh agus nuair dochuaidh sí
a bhaile, do chuir sí i leith mise chum a rádh libh
oibriughadh libh agus gan bheith ag caint.



A. - Ní dhiongnainn dabht den t-sean-chiairseach
agus is olc an aoi uirri sin morán oibre do dheunamh
dhí. Ná fuil a fhios aici go maith nach amhlaidh chuirfimíd
ar dteanga in ár bpóca dhí. D'ar ndóigh ní in ár
mbeul atá an píce, acht in ar láimh, agus is mór an
gnó, mara bhfuighbhe daoine bheith ag caint dóibh féin
chum an lá do ghiorrúchain ghiorrughadh dóibh.



S. - Caith uait. Atá an bhean bhocht cráidhte an
aimsir seo nuair atá an feur leath-dhróighte uirri.



SEÁAN GAN EAGLA.



Seumus. - An bhfuil sibh in bhur gcodladh?



Caitlín. - Nílmíd. Cia atá innsin? Nó an tu
Seumus?



S. - Is mé. Leig isteach mé.



C. - Rás i do shálaibh, maran déidheanach atá tu
amuigh. Nach beag eagla atá ort?



S. - Cionnas atá Tadhg bocht anocht? Do chuir mo
mháthair aníos mé leis an mbraonín bainne seo.
Folamhaigh an galún go mbeidh mé ag imtheacht arís.



C. - Cadé an deithneas atá ort? Tair aníos go
bhfeicfe tu é. Aréir do bhí sé dhá rádh nach iongantach
ná tagann tú dhá fheuchaint. Is gairid go mbeidh sé
ábalta ar ghabháil amach arís. D'éirigh sé tamaillín
indiu.



S. - Go mbadh slán éirighthe don bhfear bocht.



C. - An bhfuil tú i do dhúiseacht, a Thaidhg?



Tadg. - Atáim, a Chaitlín. An é sin Seumus airighim
ag caint?



C. - Is é. Ní baoghal gur dhearmhad Peig thú. Do
chuir sí aníos le galún bainne chugat é.


L. 31


T. - Mhaiseadh, ní dhiongnainn dabht di, an t-aing-
ciseoir.



Nár fheice Dia choidhche gan bainne í ná a máthaireacha.
Is é do bheatha-sa, a Sheamuis.



S. - Go maire tú, a Thaidhg. Cionnas atá tú?



T. - Ó, atá mé ag dul i bhfeabhas, buidheachas le Dia.
Braithim mé féin an-mhaith anocht. Atá na pianta im-
thighthe as mo chnámhaibh. Innis dod mháthair go bhfuilim
an-bhuidheach dí.



S. - Inneósad. Buail síos chughainn nuair bheidh tú
ábalta ar ghabháil amach. Caithfead-sa bheith ag rioth
arís. Atá sé déidheanach.



T. - Agus cadé an t-am é?



S. - Atá sé tar éis a deich.



C. - An mbeadh eagla ort insan oidhche, a Sheumuis?



S. - Do bheadh, mhaiseadh, roinn scáth orm. Níor mhaith
liom bheith amuigh ró-dheireannach.



C. - Níl aon deallramh agat-sa le "Seáan gan
Éagla."



S. - Cia arbh é "Seáan gan Eagla?"



C. - Fear do bhí ann fad ó agus d'airigheadh sé gach
aoinneach ag trácht ar eagla acht ní raibh a fhios aige
cadé an rud é. Adubhairt sé go gcaithfeadh sé é do
dheunamh amach. D'imthigh sé leis agus do bhí sé ag
imtheacht gur thuit an oidhche air. Dochuaidh sé isteach i
dtigh beag do bhí ar thaobh an bhóthair agus d'iarr sé bheith
istigh ar bhean an tighe. Adubhairt sí sin go
bhfuigbheadh agus fáilte, acht nárbh áit oireamhnach dá leithéid
do bheith mar ná raibh aoinneach insan tigh acht í féin agus a
hinghean. Adubhairt sé gur cuma leis acht go mbeadh
sé istigh ó dhrúcht na hoidhche.



I gcaitheamh na hoidhche dhóibh d'innis bean an tighe
dhó cad do bhí ag deunamh trioblóide dhí féin. Ní raibh
aici acht an t-aon bhóín amháin agus is é an méid do
bhí aici chum seasamh na bó acht inse inis bheag do bhí
innsin amuigh agus go mbíodh sí pasálta gach aon
mhaidin. Ní raibh a fhios aici cad do bhí dhá dheunamh.


L. 32


Adubhairt sé sin go mbeadh a fhios aige féin. Dochuaidh
sé amach agus do chuir sé a dhrom insan chlaidhe. Níorbh
fhada do bhí sé ann nuair tháinig fear agus ualach
camán aige. Do chaith sé ar an bpáirc iad. Tháinig
maith-shluagh in a dhiaidh agus rug gach aoinneach aca ar
chamán. D'éirigh Seáan amach ón gclaidhe agus do
lámhaigh sé camán chomh maith le duine. D'imrigheadar
an báire go treun. Nuair do bhí sé imirthe do chaith
gach aoinneach aca a gcamán uatha agus ba é an fear
ceudna do chonnlaigh arís iad agus adubhairt sé le
Seáan a chaman do thabhairt dó. Adubhairt sé sin ná
tiubhradh go n-inneósadh sé dhó cadé a chúis a rabhadar
ag deunamh díoghbhála don mbaintreabhaigh bhoicht
dheilbh. Adubhairt sé sin leis ná raibh aon rud le
deunamh aige féin acht é do theacht istoidhche i mbárach
agus é do chur i láthair an chomhthlóin [coimhthionóil].
Dorighne Seáan mar adubhradh leis. Nuair do bhíodar
go léir bailighthe istoidhche dar lá ar n-a bhárach, do
chuir Seáan fá cheist iad agus adubhairt sé leó gurab
é an náire an obair do bhíodar a do dheunamh, gur
chóir go mbeadh an dúthaigh fairsing aca agus gan bheith ag
deunamh díoghbhála don mbean bhoicht agus gan aici
acht an pháircín sin. Adubhradar ná tiocfaidís ann
níos mó feasta; go raghaidís in áit éigin eile; agus
do bhí Seáan sásta innsin. Dochuaidh sé isteach agus
d'innis sé a sceul do bhean an tighe agus do bhí sí an-
bhuidheach de.



D'imthigh sé leis ar maidin arís agus thug sé an
lá ag siubhal go raibh sé "chomh-sholus fear le tor" um
thráthnóna. Dochuaidh sé isteach i dtigh feirmeóra agus
d'iarr sé iostas na hoidhche orra. Adubhradh leis go
bhfuighbheadh acht gurab in tigh leath is amuigh do chaith-
feadh sé codladh. Adubhairt sé leó gur chuma leis
cá gcuirfidhe é acht go mbeadh sé fá chleathachaibh an
tighe. Dochuaidh fear an tighe leis agus do thaisbeáin
sé an teach dhó. Do bhí teine bhreaghdha ann agus
seomra i dtaobh thiar den chisdin agus leaba ann a


L. 33


bhfuibhgheadh sé dul a do chodladh innte. Nuair do bhí
sé tar éis a choda do chaitheamh, do las sé a phíopa
agus do bhí gal aige. Níor bhfada gur bhuail triúr
fear isteach chuige agus cómhra ar a nguailnibh
aca agus do leagadar trasna an teinteáin í agus
d'imthigheadar leó. Adubhairt Seáan leis féin gurbh ait
an rud coifín do bheith ar an dteinteán aige agus gan
fios aige cad do bhí innte. Do thóg sé an clár di
agus cad do bheadh ann acht fear marbh.



"Atá tú innsin duit féin," arsa Seán, "agus is
dócha go bhfuil fuacht ort; is fearr dham tú do thógbháil
agus tú do chur leis an teine agus tú do theidheamh
[théidheadh]."



Dorighne agus i mbasa ní raibh aon teas ag teacht
ann. Adubhairt sé innsin go mbadh fhearr dhó é do chur
insan leabaidh leath istigh de féin. Dorighne agus
do luigh sé féin leath is amuigh dhe. Ba ghairid do
bhíodar ann nuair dho baineadh greim as a ghualainn.



"Fan socair innsin," arsa Seáan "nó an fonn atá
ort mé d'ithe, dá fheabhas bhí mé dhuit?"



Ba ghairid gur bhaineadh an tarna [tara] greim as.



"Bí amuigh as an leabaidh anois," arsa Seán,
"nuair ná fanfá socair agus tú féin d'iomchur."



"Ní baoghal duit mé, a Sheáain," arsa an fear, "is
tú fear is fearr tháinig innso le fiche bliadhain.
Mise athair fhir an tighe seo agus do marbhadh mé gan
fhios dó agus cuireadh fá bhun an chrainn mhóir atá
insa ngáirdín mé. Abair leis mo chnámha do thógbháil
agus iad do chur insan reilig agus cúpla aifreann
do chur liom. Dogheóbha sé feircín óir fá chois a
leabthan fhéin agus ceann eile ag a ceann; bíodh
feircín agat-sa agus ceann eile aige féin, agus ní
chuirfead-sa aon spiach ar aoinneach go deóidh arís.
Slán agat, a Sheáain," ar sé sin ag imtheacht leis.



Níor throm-suan do fhear an tighe an oidhche sin,
agus chomh luath is d'éirigh sé ar maidin dochuaidh sé
agus d'fhiarfaigh sé de Sheáan an raibh sé beó. "Atáim,"


L. 34


arsa Seáan, "cad do mharbhóchadh [muirbhfeadh] mé?"
D'innis sé dó innsin gach aon rud do thuit amach i
rioth na hoidhche. Dorighne fear an tighe gach aon rud
adubhairt sé leis agus d'iarr sé ar Sheáan fuireach
[fanacht] i n-a fhochair féin anois mar chliamhain. Adubh-
airt Seáan ná fanfadh go gcaithfeadh sé bheith ag
imtheacht go bhfuighbheadh sé fios cadé an rud é an
t-eagla.



"Fan go dtí i mbárach [umbárach]? - De H., cibé
ar sa domhan dé," arsa fear an tighe.



"Atá go maith. Fanfad," arsa Seáan. Dochuaidh
fear an tighe go dtí an abha agus thug sé leis bricín
beó. Dochuaidh sé go dtí an seirbhíseach-cailín agus
adubhairt sé léi go raghadh sé féin agus an fear so ag
siubhal na talmhan um thráthnóna, agus "beimíd isteach,"
ar sé sin, "le linn na mba do chrúdhadh bleaghadh.
Bíodh crúiscín agat-sa agus crúdhaigh bleagh an bhó
go tiugh te ann, insan tslighidh go mbeidh coip cubhair
air agus cuir síos an bricín seo ann. Sín an crúiscín
go dtí an fear chomh luath is thiocfa sé isteach
agus abair leis deoch do ól agus go bhfuil cathughadh
ort ná fuil deoch níos fearr agat le tabhairt dó."



Dorighne sí mar adubhairt sé léi agus chomh luath is
do chuir Seáan an crúiscín ar a cheann dochuaidh an
breac siar in a bheul agus dochuaidh sé i laige ar an
áit sin. Nuair tháinig sé chuige féin, "Is díreach
é," ar sé sin, "gur fuiris [furas] eagla do chur ar
dhuine agus ní raibh a fhios agam-sa cadé an rud é go
dtí so. Ní raghad níos sia ar a lorg."



D'fhan sé aca agus do pósadh é féin agus cailín
óg an tighe agus sin é "Seán gan Eagla" agat.



S. - Dia in mo chroidhe, a Chaitlín, maran raibh eagla
orm ó chianaibh go mbeadh eagla orm anois. Is fearr
dhuit bualadh síos an bóthar liom, a Phaidí.


L. 35


Eachtra na Con Duibhe.



Mar atá sé agamsa anocht ná raibh sé agaibhse
istoidhche i mbárach má dheunann sibhse fúmsa scige, magadh
ná gáire.



Lá dár éirigh Fionn, Rí na bhFiann(a) bhflaith cad
dochidhfeadh sé chuige sul ar las grian chughainn tar
muir nach acht fear cochail deirg agus con dubh duibhe.
Ba dheirge a ghruadha ioná an rós, an gruagach, agus
níor dhealbh é a chruth mar do bhí a fholt agus é dubh, do
bhí coróin onóireach ar a cheann, réiltheann ríoghdha ar a
thaoibh deas dheis, slat airgid i n-a dhóid, slabhra óir
fá bhrághaid a chon, spur líomhtha ar chosaibh a choileáin
agus é ag triall ar chogadh na Finn bhFiann. Bhí Conán
agus Fionn ar bharr na faille, nuair
dochonnaicigheadar chucha an gruagach.



"Gradh [chrádh] geur go bháidh [bhfaghaidh] mise," arsa
Conán le Fionn, "samhailt Bhran ná faca fós atá sí
chughainn, an chu dhubh."



"A Chonáin Mhaoil Bháin," arsa Fionn le Conán.
"Cad fá 'n-a gcuirfeá-sa an madra feáin fiadhain
i gcomórtas le hár n-ár gcoileán-na, acht nuair
thiocfaidh an gruagach chugainne thar tráigh, bainfeadsa
dhe malairt con."



Dhein an gruagach ar an tráigh go donn, dána i
measc na bhfear. Roimh aon fhear, nior ghlac eagla,
agus roimh aon fhear, nior ghlac scáth, acht d'fhógair sé
go hárd ar Fhianntaibh Páil Fáil comhrac garbh con.
Do ghlaodhadar síos ar chonairt Finn mar is leó ba
rignidhe bheith ar bun. Níor sheasaigh aon chú aca an
dara cluiche léi, bhí sí féin chomh garg son. Do chuir
sí an spur isteach in a gcliathán agus thug an scannán
amach ar a gcorp. Do mharbh sí conairt Finn. Ní
raibh aon chú ag Fionn mac Cumhaill innsin nach acht
sgeula do chuir sé go dtí Cormac mhac Airt, coileán
con do chur chum na sean-mhnaoi, sí sin Máthair Fhinn.



Innsin do ghleus Cormac mac Airt trí fichid deug


L. 36


coileán con chum na sean-mhnaoi gur luaithe iad na
ioná an sidhe gaoithe ar an gabháil sidhe agus do
scaoileadh iad fá an ngleann mar a mbidheadh fuaim
béim agus seilge agus do scaoileadh an chu dhubh in a
ndiaidh. Fá n-a dul fá don ghréin do chuir sí
a spur isteach i n-a gcliathán agus thug sí an
scannán amach ar a gcorp, gur mharbh sí na trí fichid
deug coileán con. Ní raibh aon chú innsin aca acht
amháin dhá chú do bhí ag Conán a dtugadh sé eascuaigh
árchoin - De H. orra agus maoidheamh go cruaidh ar
Bhran. Do labhair Fionn Mac Cumhaill le Conán.



"A Chonáin Mhaoil Bháin," adubhairt Fionn le Conán,
"scaoil-se síos ceann ded eascuaigh árchonaibh indiu
mar shúil is go mbadh léi dh'éireóchadh an lá."



"Ní scaoilfead-sa síos ceann dem eascuaigh,"
arsa Conán, "mar dá raghadh sibhse don seilg indiu
ná i mbárach, cuid ná páirt ní bhfuighbheadh Conán."



"Muna scaoilfe tú síos í, a Chonáin," adubhairt
Fionn, "cheithre cosa chuirfe mise fút agus i bhfuirm
coileán con chaithfe tú dul léi."



"Ar a bhfuil d'ór ag an righ," arsa Conán "ná d'air-
gead bán a dtabhairt chéin ní raghainn ar a gcuinse sin
leis an gcoileán granda geur, acht mar sin féin," arsa
Conán, "scaoilfe mé ceann dem eascuaigh síos agus
geallaim daoibh má gheibheann sí cré creucht ná lot,
agus geallaim duitse a ghruagaigh bhig tháinig i gcéin,
go mbainfe mé diongbháil amach díot fad sheasó-
chaid na garbháin .i. na clocha do chuirfeadh sé do bhaile
air le mo dhá láimh i measc an fhéir." Do scaoil
Conán síos ceann dá eascuaigh árchonaibh agus ba
gheárr arís go bhfhuair sí lot. Do chuir sí an spur
isteach in a cliathán agus thug an scannán amach ar a
corp, gur mharbh sí í. Nior airigheadh stoirm ag
éirghe riamh ar shliabh ná cioth ag éirghe as loch níos tighe
do bhiodh ag teacht ioná Conán agus é ag cur na gcloch
do bhaile ar an ngruagach. Innsin do chuir an gruagach
comraighe coimirce a anama ar Fhionn


L. 37


"Cuirim mo choimirc ort, a Rí na bhFiann, agus an
fhuil dhílis atá in do neart léig mé fá do sciath agus
coisg orm an fear maol agus a chuid cloch."



"Ó," arsa Fionn, "ní coimirc duit dul fá mo
sciath-sa, mar níl aon rud do choisg mé riamh ar an
bhfear maol nach é sin is mó dogheunadh sé é, acht
breitheamhain chuirim insan chás, agus adeirim aríst
gur cóir é a bhreith, an dá dhías laoch dul chum spáil
spairne agus cibé agaibh bheidh ar lár an ceann do
bhaint de."



Cadé an greim d'órduigh Conan do bhreith ar an
oglách acht greim seangáin agus cnámha géill agus
d'airigh na Fiannta Páil an tuairt .i. tuitim do bhain
Conán amach as a chorp.



"Do ghreim fime feidhme tháir ar lár, ghruagaigh
bhig tháinig i gcéin, tair liom dtí 'm lic [chum mo lice]
léithe feuchaint an bhfuil mo lom gheoir igceart i
bhfaobhar." adubhairt Conán.



Nuair d'airigh an Gruagach Conán ag trácht ar an
gclaidheamh agus é ar lár, do shín sé amach a dhá láimh,
d'iarr sé foras d'á dhrom agus le neart eagla roimh
an mbás nior d'fhan beó acht dhá ghigeán cuisle do bhí
in a cheann do bhí ag bualadh i gcúl a chinn.



"Maith," arsa Conán, "dá mbadh channcas ort tú
d'fhágaint [fágbháil] beó, ní mharbhócha mé thu."



D'imthigh innsin Conán agus Fionn Mac Cumhaill
agus seacht gcatha na gnáth Fhinn Féinne ag ól go
dtí tigh ósda do bhí ag Cathair na Sluagh i rioth aon lá
deug. Tháinig an Gruagach chuige fhéineach agus d'euluigh
do bhaile don nGréig. I gcionn aon lá deug
d'Fiannaibh Éireann, do bhuaileadar amach as tigh an
ósda. Dochuaidh Conán agus Fionn ar bharr na faille
ag feucaint an raibh aon tóir ag teacht fá n-a
ndéin. Do chonnaicigheadar chucha an Gruagach an dara
huair go donn dána i measc na bhfear, roimh aon
fhear níor ghlac eagla agus roimh aon fhear níor ghlac
sgát acht d'fhógair sé go hárd ar Fhianntaibh Páil


L. 38


comhrac garg con. Do scaoil Fionn féin an slabhra
óir do bhí fá mhuineul bhán Bhran agus ní raibh aon deór
dá raibh ag sileadh as a dhá shúil in a diaidh ná téidheadh
go bun tríd an gcloch. Seal naoi n-oidhche agus seal
naoi lá thug an dá choilean gan spás ag troid nuair
do bhí Bran dá lot agus dá cré creuchtadh. Nuair
do bhí sí dá cré agus dá lót, agus i riocht síneadh ar
an bhfeur, ní raibh acht foirbiughadh ghá ghearradh ar chúl
na cú dhubh con duibhe. Do chuimhnigh Conán innsin
go raib fios ag Fionn.



"A Fhinn mhic Cumhaill," adubhairt Conán, "cad fá
ann ná breathnuigheann tú ar do choileán féin indiu
agus a liacht fios [feasa] fuair tú amach riamh as do
mheór agus dá mbeadh do órdóg agam-sa fá mo ghéill,
do bhainfinn-se mo dhaothaint fios feasa aiste lem ré."



"Ó, a Chonáin," arsa Fionn, "dá mbeadh mo órdóg
agat-sa fa do ghéill, níor dhóigh dam go mbadh liom
fhéin í go bráth arís." Acht mar sin féin do chuir Fionn a
órdóg in a bheul féin agus do bhain sé aiste go luath
fios ná raibh aon fhaghbháil claoidhte ag an gcú dhubh go
bráth go gcuirfidhe a hainm in a hagháidh Cor.



Nuair fuair Fionn fios a hainm amach adubhairt sé
le Conán.



"A Chonáin mhaoil bháin, déin se dán dom choileán
féin indiu agus níl aon fhaghbháil claoidhte ag an gcú
dhubh go bráth go gcuirfe tú a hainm in a haghaidh
Cor."



Innsin do labhair Conán le Bran, "Ara, a Bhran
uasal," arsa Conán le Bran, "is leat-sa do thuit gach
cath dá mhéid. Is leat do thuit torc nimhe Scáil an
ghleanna. Is leat do thuit an fiadh bán beagánach
bíodhgánach borb. Is leat do thuit cath inse ui
Chromuill in ar cheangaladh ár dtón den chré agus ná
breathnaigh fút ná thart acht caith as cor an
coileán gránda geur."



Nuair fuair Bran fios a hainme amach, do phreab sí
suas, an coileán uasal do bhí gan locht, thug sí an


L. 39


cluiche cliste mar ba chóir agus d'fhág sí an chú dhubh
sínte ar an bhfód a [ar ar] mharbh sí í.



"Mara dtiubhra tú fios do ainme damh-sa anois,"
arsa Conán, "agus cad as duit, is í íde [oidheadh]
do chon thiubhra mé ort fhéin."



"Is í Múin Cinnáinte mo ainm-se," arsa an Gruagach,
"agus ó an nGréig seadh thánga mé innso, agus nior
bhfoláir díbhse fios Fhinn indiu as a mheór, nó do bheadh
sibh gan coileán [con] mar atáim-se féin agus Cor
liom-sa 'n don nGréig tar n-ais."



"Innsin," arsa Conán, "do thionnlacuigheas-sa an
Gruagach 'n-a do n-a thír féin i bhfuirm céill [géill]
gan aon chú" agus ní raibh aon bhliadhain i rioth aon
bhliadhain deug ná cuirfeadh sé corrachán lán de ór le
haghaidh óil chum an fhir mhaoil.



"Siud oraibh se, a Fhiannta Páil," arsa Conán,
"agus ólaigidh [ólaidh] go folláin deoch, nó an bhfacabhair
riamh aon chion don bhfear maol níos fearr ioná an
Gruagach gearr úd a mbuailinn air cloch."



Brosna.



focail den chaint choitcheannta agus cuid den
t-sean-caint.



1. Ní fearr dhuit ciall dá bhfuil agat .i. nach móide
an t-ain-cheart do bheith agat ioná an ceart .i. is fearr
gan bheith ró léir.



2. D'fhás an leanbh sin thar goimh .i. thar mar do bheadh
ceart.



3. Ná bíodh sanntughadh an bhodaigh agat .i. nuair
chuirfe tú chum iarracht do thabhairt uait ná tarraing
siar.



4. Laetheanta cruadha agus buachaillí leath-nocht-
aighthe, adeireadh cailleach Bhaile an Mhápa, bhí sí chomh
sainnteamhail chum sláinte na ndaoine do bheith aici.



5. "Atá mo fhiacail bog." "Tuitfidh sí sin uait,
agus tiocfaidh ceann eile chugat."


L. 40


6. Dhá thrian galair an oidhche.



7. Trí táthadh de neantógaibh insan Márta, ní baoghal
duit poc cinn ná coise ad ag do bhualadh go cionn
bliadna.



8. Atá sé ag tarraint ar an t-síoraigheacht - ag dul
ar an saoghal eile. - Atá sé in anfhadh an bháis .i. ag
tabhairt na gcor.



9. Bain an barr-brúch [bruth] den mbainne. Barr-
brúch .i. an croiceann d'éireóchadh ar an mbainne
beirbhthe.



10. Dá dtuitfeadh braon uisce fiuchta ar do chuisle
[cuislinn], i bhfad uainn an t-olc, agus ná héireóchadh
clog air, do bheadh sí greadta. "An cóir a rádh go
bhfuil an ciarsúir greadta?" "Ní cóir. Atá an
ciarsúir ruadh-dóighte."



11. Dochuaidh an t-uisce fá bheirbhadh orm .i. go raibh
sé a fhaid sin ag fiuchadh go raibh sé súighte ag an
chorcán.



12. Deunann [do-ghní] seilleadh [silleadh, cf. feile
for file] sásamh. Cuir i gcás go mbeadh dúil agam
in iasc úr nó in aon saghas eile, agus nuair
dogheóbhainn innsin é ná beadh aon suim agam ann,
adeurainn innsin go ndeunann seilleadh sásamh, go
mbainfeadh seilleadh mo dhúil as.



13. Scamhadh iongan .i. blúire croicinn do bheadh ag
éirghe ar bharr na méire ós cionn na hiongan.



Dá mbéinn ag cnotáil stoca agus go
dtarraingeóchadh duine biorán aiste as go dtuitfeadh na lúba,
do dheurainn [adeurainn] go scamhfadh mo stoca mar
gheall air.



14. Ní raibh fód a mharbhuighthe ann, nó fód a chaillthe
.i. ní ann do bhí sé le marbhadh. Bíonn fóidín an
mhearbhaill ann leis agus fóidín an ocrais.



15. An cat. Adeir siad go bhfuair an cat trí
leathphinge phinginn chum maireachtain marthain do
dheunamh as. Tug sé leath-phinge ar radharc insan
oidhche, agus leath-phinge ar eudtromacht siubhail, agus


L. 41


an tríomhadh leath-phinge ar dearmhad bean an tighe. -
I mbasa, do chuir sé go maith iad.



Adeir siad go dtagann dtig trí smuainimh ann
insan oidhche chum duine do mharbhadh.



16. Do chuir sé a shúile tar a chuid dá ithe, sé sin gur
ith sé níos mó ioná mar badh ceart dó a ithe.



17. Úirlisí an táilliúra - sosúr siosúr, miosúr,
agus meuracán; snathaidín, iarainn agus cailc.



18. Bogha ceatha na maidne nó madra gaoithe an
tráthnóna, comhartha droch-aimsire. Madra gaoithe .i.
súil mhór dhearg bhíos fá bhun na scamall. Cuid bogha
ceatha .i. a leath nó a thrian. - De H.



19. I.



A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.
Cia dheiseóchaidh do stocaí ná nighfidh do léine?
A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.



II.
A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.
Cia bheirbeóchaidh an leite ná cuirfidh ar an méis í?
A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.



III.
A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.
Cia dh'fairfidh [fhairfidh] na cearca ná cuirfidh ar an
gcléith iad?
A Chonchubhair uí Laoghaire, fuair do bhean bás.



20. D'éirig Tadhg aréir
Agus dochuaidh ag fiadhach girrfhidhthe,
D'éirigh a bhean as a dhiaidh
Agus dochuaidh sí ag fiadhach a thuillidh aca,
D'éirigh an púca ós a gcionn
Agus do mharbh sé ceann is fiche aca.



21. Is mairg leigeann leigeas lá breághdha le


L. 42


droch-mhaidin. Má atá an mhaidin olc agus go
n-éireóchadh an lá suas, an té do bheadh ag dul ag
obair innsin, do chaillfeadh sé an lá ar fad mar gheall
ar an maidin. Níor dhada le duine an méid annró
dogheóbhadh sé tamall ar maidin, dá mbeadh a fhios aige
go ngealfadh sé in a dhiaidh sin seach is an lá ar fad do
bheith caillte aige.



22. Ar chaitheamh leinbh in áirde bíthear ag rádh -



I.



Beidh sé mór, mór.
Beidh sé mór i mbárach.
Beidh sé mór, mór
Agus dar ndóig mór is fearr é.



II.



Caithimíd suas is suas é.
Caithimíd suas an páisde
Caithimíd suas is suas é
Is tiocfa sé anuas i mbárach.



III.



Caithimíd síos is suas é
Caithimíd soir is siar é
Caithmíd síos is suas é
Is caithimíd dtí an chaitín liath é.



IV.



Ó níor dhein sé rinnce
Ó níor dhein ná gáire
Ó níor dhein sé rinnce
Acht dogheuna sé rinnce i mbárach.



V.



Is geall le Lady Máire
Is geall le Lady mo leanbh
Is geall le Lady an páisde
A's raghaidh sé dtí aonach an Ghleanna


L. 43


22a. Sleithide seilmide búrtach, bártach,
Cuir amach do adharca
Atá na ba bána
Ag ól do chuid meidhge.



23. I.



Mé, mé, mé a chaora
Caora Sheáain óig agus caora Sheáain chríonna
Agus caora Sheáain bhacaighe
Nár chasa siad choidhche.



II.



Siuan, siuan, siuan, a chaora,
Siuan, siuan ar maidin is istoidhche,
Tugann sí an bainne dam,
Tugann sí an t-uan dam,
Agus cuireann sí an seacéid deas ar mo ghuailnibh.



24. I.



Atá dhá ghabhairín bhuidhe agam
Agus minseach bhainne, minseach bhainne.
Briseann siad mo chroidhe ionam.
Á dtabhairt a bhaile, á dtabhairt a bhaile.



II.



Cuirim i dteannta an chlaidhe iad
Le stampa bata, stampa bata.
Siúd thar mull' an chlaidhe iad
Is i bhfad ó bhaile, i bhfad ó bhaile.



III.



Níl aon áit agam a gcrúdhfainn iad
Acht anuas i mo hata, anuas i mo hata,
Leigeann sé sin tríd é
Ar fuaid an bhaile ar fuaid an bhaile.


L. 44


25. Chomh-uasal fear ag an muir. Níl urraim aici
do aoinneach.



26. "Madra-ruadh ar do dhubhan. Ní bhfuighbhe tú
aon iasc indiu." Droch-ghuidhe é sin adeuradh duine
le hiascaire.



27. "Atá an chailleach agam ort," nó "atá cathughadh
na caillighe agam ort go ceann bliadna." Focal é
sin do dheurfadh [adeuradh] duine a mbeadh an tosach
aige ar dhuine eile ag cur síl nó aon sórt oibre.



28. Is fearr siar-ualach ioná sár-ualach.



29. Ní cheileann meisce míorún.



30. Earball fliuch agus leath-lá
Agus teacht a bhaile in am tráth [in antráth]?



31. Túrn túrna lín, túrn lín,
Túrn lín is cárdaí.
Túrn lín do bhris mo chroidhe
Is lán an tighe dho pháistibh.



32. Is maith an teacht agat é agus teacht uait féin.



33. Mac agus inghean, inghean mhaith.



34. Is mór an tabhartanas [tabhartas] ó Dhia do aon
bhean thóigfidh leanbhaí gan aon ainimh do bheith ar aoinneach
aca .i. gan aoinneach aca do bheith ar leath-shúil, nó bacach,
nó aon t-slighe. Is mór an ainimh ort é, adeurá le
duine a mbeadh aon rud ar a aghaidh nó aon phioc de,
"An raibh morán ainimh ainmhe air?" adeuraidhe é
sin le duine báidhte, nuair do thógfaidhe as an uisce é.
Léim gré ghirrfhiaidh nó seunas g. sin ainimh eile.



35. Is minic adeuradh mo mháthair le duine
clainne gan bheith ag ath-nasc uirri. Ath-nasc seadh
focal do rádh le searbhas as dia' dhuine as diaidh
duine.



36. Níl ucht ná anam ionat.


L. 45


37. Atá roillsí móra ag baint leis, sé sin, meas
tar ceal do bheith aige air féin.



38. Ní thagann [thig] an óige fá dhó choidhche
Acht tagann an brón fá dhó insan oidhche.



39. Bean do bhí d'iarraidh an teine d'adhaint. "Atá
sé dian," arsa sí, "nó atá gan treabhadh agam. Níl
aon mhaith dham bheith léi." Níl in aon tigh acht ti'
fásaigh ná beidh spréidh éigin den teinidh ann.



40. Meath-theine fá mhuic-fheoil, agus grideóg fá
chaora
Spóirseach fá mhairt-fheoil, agus bheith dá beirbhadh
choidhche.
Grideóg .i. teine cuibheasach mait. Spóirseach
.i. craos teineadh nó teine mhór.



41. Dá mbeadh na prátaí ar an teinidh agus go
mbeadh na daoine ag caint dogheuntaidhe neamh-shuim
de na prátaibh, agus nuair do chuimhineóchthaidhe go
mbeidís ar an teinidh, do bheidís ró-bheirbhthe, agus
adeuraidhe, "atá uisce na sceulaidheachta deunta
de na prátaibh. Atá siad in a bplubar."



42. Níor chuaidh [ní dheachaidh] fear na headar-gabhála
as riamh.



43. Is fada ón stuaim an stocaire.
Is fada ón luaith an bocaire.



44. Sioc, sneachta agus síor-bháisteach,
nó Sioc, sneachta agus fraocháin earraigh.



45. Atá do spuir féin agus capall dhuine eile agat.



46. Dá mbeadh tamall de speal [speil] agam, agus
go dtiubhrainn do duine eile é í, do bheadh iasacht na
n-iasachtaidhe [n-iasacht] aige.



47. Aoinneach ná fuil comhgarach don tráigh ná gairid
do na failltreachaibh [faillibh], níl aon tuairim insan
aimsir aige.



48. Fear é seo, Loinneachán ba shloinne dó, do bhi
ag goid cloch i sean-reilig. "Íocfar, íocfar." arsa


L. 46


an guth. "Cad íocfaidh?" arsa Loinneachán. "Clann
clainne Loinneacháin." "Má theigheann sé a fhaid sin,"
arsa Loinneachán, "ní miste dham-sa a ndiongna
mé."



49. Fogha fóisidhe. Fóisidhe .i. duine díomhaoin do
chromfadh ag obair agus ná seasóchadh.



50. Uain ceárdchan. Tagrann sin do dhaoinibh do
bheadh ag rioth d'iarraidh uain ceárdchan do bheith aca ar
a chéile. Adeuradh fear, "atá an uain agam ort,"
nó "is é mo uain se é." Agus do bheadh uain muilinn
ag na daoinibh do bheadh ag dul go dtí na muilte
muilne, agus mar sin.



51. "Éirigh, a Reidhrí [Ruaidhrí]." "Nár bheirim ar
éirghe," arsa Reidhrí, "má atá ionam éirghe."



52. Dá raghainn ag feuchaint duine tinn, agus go
bhfiarfócainn cionnas do bheadh sé, adeuradh sé, "atá
mé níos fearr." Adeurainn-sé, "go mbadh fearr i
mbárach tú, mar adubhairt Reidhrí le n-a mháthair."



53. Ná tabhair aon bhreitheamhntas ná breath ar
aoinneach. Tosach na breithe ag Dia.



54. Níl lúth a theangadh aige. Níl lúth a chos aige.
Níl siubhal ná rian [raon] aige.



55. Lá 'le Muire mhór insan bhfóghmhar, bíonn an
reachtaire fá bhrón. Reachtaire .i. duine, cuir i gcás,
do thógfadh ba uaim ar deich bpúnt an ceann agus an
t-im agus an bainne do beith aige agus na ba do
thabhairt dam thar n-ais Lá 'le Muire mhór insan
bhfóghmhar.



56. Col. Do bheadh col ag duine le rud ná
taithneóchadh leis, nó do thógfadh sé col leis. Tagrann sé
do phósadh leis.



57. Is fuiris [furas] fuineadh in aice na mine.



58. Ubh. Plaosc an uibh. Mul an uibh, ceann an uibh,
an scannán, an gealacán, agus an dubhan buidhe.


L. 47


59. Biadh agus deoch na Nodlag, agus eudach nua
na Cásca.



60. Ti' breághdha, iarmhaiseach .i. tigh a mbeadh
go leór troscáin ann. "Is iongantach an iarmhais atá
ann."



61. Tosaighe .i. fear bhíos ar tosach. "Bain siar
asat féineach": adeurá é sin le fear do bheadh i
dtosach ort ag obair. "Is mór an baint siar as é
sin," adeurá le duine do thuitfeadh insan saoghal
do chaillfeadh cuid mhór beathaidheach, nó aon rud mar
sin.



62. Ná cuir aon uisce ar an mias méis sin, fliuchfa
tú an falla agus a bhfuil ann. "Ar" an méis, agus
"ar" an tubán, acht "ins" an chupán agus "ins" an
channa.



63. Aoinneach do bhádhfaidhe agus a mbeadh aon phioc
de nigheachán an Domhnaigh air, ní bhfaghfaidhe [bhfuighbhthí]
go deóidh é.



64. Atá an bád sin ó chion, nó curtha ó chion.



65. An té do bheadh ag feadghail insan oidhche
Nó ag fiannaidheacht insan lá
A fhaid is mhairfidh sé choidhche
Beidh siabhra ag a sháil.



66. "Atá mé an-bhuidheach díot," adeurá le duine
"Ní hiongnadh dhuit," adeuradh sé. Sé sin, ní gábhadh
dhuit bheith buidheach díom, ní hiongnadh an méid sin do
dheunamh dhuit.



67. Aigne shocair réidhtigheann -gheas snáth.



68. Leig dó imtheacht in ainm na hameirléise aimi-
léis.



69. Is minic síos droch-bhean an tighe.



70. Tnúth le breith chailleann -leas an cearrbhach.



71. Rann oidhche Shamhna: Anocht Oidhche Shamhna, a


L. 48


Mhongo Mango. Sop is na fuinneogaibh; dúntar na
dóirse. Éirigh id' shuidhe, a bhean an tighe. Téirigh siar
go banamhail, tair aniar go flaitheamhail. Tabhair leat
ceapaire aráin agus ime ar dhath do leacan fhéin, a
mbeidh léim ghirrfiaidh dhe aoirde ann agus coiscéim
choiligh dhe im air. Tabhair chugham peigín de bhainne
righin, mín, milis a mbeidh leamhnacht in a chiosa ciumh-
saibh agus uachtar in a mhulla'; go mbeidh sé ag im-
theacht in a chnocaibh agus ag teacht in a shléibhtibh agus
badh dhóigh leat go dtachtfadh sé mé, agus mo chreach
fhada níor bhaoghal dam.



"Bainne na gclog b'olc mar bhiadh é,
Mara ndiongnadh sé deoch do lucht an fhiabhrais.
Thug sé trí lá agus trí oidhche
Ar thubán na bhfannsaighe iarainn
Go bhfaca mo dhá shúil an cúnach liath tríd.
Le neart sainnt chum an ime
Dorighne na mná an diabhal air."



72. An ghlas-ghaimhneach g. - ghaibhlinn. D'airigheas-sa
na sean-daoine ghá rádh gur bhó í do bhí ann fadó. Ní
fheadair aoinneach cad as tháinig sí, acht go mbíodh sí lá
in gach baile. Gach aoinneach do raghadh dhá crúdh cibé
soitheach do bheadh aige líonfadh sí é. Acht do bhí tiub-
aisteoir mná i dTiobraid Árann agus adubhairt sí go
mbeadh an diabhal a do chongnamh dhí nó go dtiubhradh
sí féin árthach dí ná feudfadh sí a líonadh. Thóg sí léi
an criathar agus do chrom sí ag crúdh na bó ann. Bhí sí
ag tabhairt an bhainne dhí agus an criathar dhá scaoileadh
thríd go dtí ar líon an pháirc thimcheall orra insan
tslighidh gur chaith ab éigean don mhnaoi an bhean cur dí
ná bádhfaidhe í. D'imthigh an bhó agus ní fhaca aoinneach
ó choin í. D'éirigh tobar fíor-uisce insan phaiste
ceudna rabhadh 'gá crúdh. Tugtar Tobar Loch. - De H.
na Bó ó choin ar an áit. Atá sé ar an mbóthar ag dul
ón Chathair go dtí an Chloichín.


L. 49


73. Cadé an ainm atá ar t'athair?
Stiall mhór leathair.
Cadé an ainm atá ar do mháthair?
Cnaiste mhór práta.
Cadé an ainm ata ar t'áintín?
Earball tráithnín.
Cadé an ainm atá ar do dheirbhsiuir?
Earball cúirliuin.
Cadé an ainm atá ar do dhearbhráthair?
Earball rcadáin.
Cadé an ainm atá ort fein?
Sciathán gé.



74. Bean an leasa. Gearrchaile beag bhíodh ag dul
go dtí an scoil agus nuair d'fhágadh sí a tigh féin ar
maidin in áit dul go dtí an scoil, d'euluigheadh sí léi
cois na gcladhthacha, nó go dtí thagadh am na scoláirí
do theacht a bhaile. Do bhuaileadh sí isteach go dtí a
máthair agus do shíleadh an mháthair go mbíodh sí ag an
scoil. I gcionn tamaill thug a máthair fá ndeara go
raibh sí ag imtheacht as a creat agus as a deallradh
fhéin, agus d'fhiarfaigh sí dhí an tinn do bhí sí. Adubhairt
an gearrchaile beag nárbh eadh. D'fhiarfaigh an mháthair
dí, an mbíonn sí ag an scoil gach aon lá. "Atá sé
chomh maith agam dam," arsa sí, "an fhirinne d'inn-
sint duit, a mháthair, ní rabhas ag an scoil leis an fhaid
seo." "Cabhair Dé chughainn, a inghean ó," arsa an
mháthair, "cad eile cá mbíonn tú gach aon lá?"
"Bhíos ag eulódh liom féin cois an chlaidhe, agus bhí
bean bhreághdha in a seasamh ag doras an leasa agus
thug sí isteach insan lios mé agus adubhairt sí liom
teacht chuichi gach aon lá, go mbfearr dham é ioná bheith
ag dul go dtí an scoil mar go dtiubhradh sí féin carn
rudaí deasa dham." "An bhfiarfócha tusa dí sin i
mbárach, dá mbeadh seafaid ag duine do bheadh ag
imtheacht ar strae agus ná fanfadh in a fhochair istigh,
cad badh ceart dó do dheunamh léi?" "Dogheuna


L. 50


mé, a mháthair," arsa an gearrchaile. D'imthigh sí léi
ar maidin agus do bhí banrioghain an leasa roimpe ar
an áit cheudna agus adubhairt sí léi teacht isteach.
"Ó," arsa an gearrchaile, "a leithéid seo adubhairt
mo mháthair liom d'fhiarfaighe dhíot." "Ó inneósad-sa
dhí cad badh ceart dó do dheunamh leis an mbeathaidheach
nó aon rud eile do bheadh ag imtheacht mar sin."
Adubhairt sí léi a rádh le n-a máthair trí braoin de
uisce trí theórann do chrothadh air trí maidin i
ndiaidh a chéile. Nuair dochuaidh an gearrchaile a
bhaile um thráthnóna d'innis sí do n-a máthair cad
dubhradh léi. "Atá go maith," arsa an mháthair. Ní
dubhairt an mháthair a thuilleadh nó go dtí go raibh
an gearrchaile chum imtheachta ar maidin agus do
croth sí trí braoin de uisce trí theórann uirri agus
d'imthigh sí léi. Chomh luath is dochonnaic an bhanrioghain
ag teacht í adubhairt sí gan teacht in a goire féin ní
is mó, "agus," arsa sí sin, "bhí do mháthair ró-léir,
ró-ghasta dhamsa." D'imthigh sí léi isteach. Dochuaidh
an gearrchaile beag go dtí an scoil gach aon lá as sin
amach.



75. Sceul na tóirnighe. Dochuadhas lá go dtí an
fhaill ag baint sop féir dam asal, agus do bhí sé
tráigh mhara. Dochuadhas amach ar an gcloich fá dhéin
ladhar duilisc. Ní rabhas acht amuigh ag ciosa [ciumhais]
na taoide nuair tháinig an splannc agus níor fhan aon
bhrígh ionam nuair do chuimhnigh mé ar an gcorrán do bheith
i mo láimh agam, agus ba dheacair liom é do chaitheamh
insan taoide, agus doriothas isteach go dtí bun na
faille. Do chaitheas uaim an corrán innsin, agus
d'imthigheas liom suas an fhaill, agus in aghaidh gach
aon dó nó trí coiscéim thugainn, thagadh splannc
agus bladhm tóirnighe. Ní raibh aon t-seift agam
le deunamh acht mé féin do chaitheamh ar mhul mo
dhá ghlúin insan chasán, agus do bhí an tuile chomh
mór le neart na fearthanna bhí ann is go n-óbair go


L. 51


scuabfadh sé leis síos me go dtí clocha na trágha
arís, agus adubhairt buachaill liom go bhfaca sé an
tóirneach ag imtheacht amach Faill an Uisce agus ag
treabhadh na fairrge roimpe. Bhíos fliuch, báidhte
nuair dochuadhas go dtí Máighreud ní Dhoinn, agus
meireach go bhfuaras eudaighe tirme uaithe le cur
umam, ní fheadar an mairfinn le teacht a bhaile
bhíos chom báidhte sin agus a leithéid sin de sceimhle
orm.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services