Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nDóithin Araon
Title
Ár nDóithin Araon
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Compiler/Editor
Pléimeann, Risteárd, An tAthair
Composition Date
1919
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ár nDóithin Araon Ag Séide agus ag Ithe An Sprid. An t-Athair Peadar Ua Laoghaire. Réamhrádh. Sliocht as oighreacht uasail na nGaedheal atá i sna sgéalta so. An tAthair Peadar Ó Laoghaire d'aithris iad agus a sgríbh i gcomhair a bhfoillsighthe - ar dheis Dé go raibh a anam! - ach níor bh'é a dhearmhad gan a chur i dtuisgint dúinn gurbh' ó sna seandaoine a fuair sé féin a bhfurmhór. Tá a rian san ortha. Is cosmhail iad le lóchrann a thabharfadh solus dúinn ar an saoghal a bhíodh ag na Gaedhil i Músgraighe Uí Fhloinn agus i mballaibh eile 'san Mhumhain céad éigin bliadhain ó shoin, agus a léireóchadh dúinn aige na ndaoine agus a gcúrsaí suilt agus caitheamh aimsire. Sgéalta fíor-Ghaedheal- acha iad idir smaointe agus teanga agus uile, gan rian d'á luighead de'n iasacht ag baint leo; agus muna mbeadh acu ach an t-aon bhuadh san amháin bheidís an-oireamhnach mar adhbhar léightheoireachta d'aoinne gur mhaith leis greim d'fhagháil ar an deagh-Ghaedhilg agus spiorad na Gaedhealtachta do thuisgint i gceart. Ach is 'mó buadh eile atá acu. Sgéalta so-léighte so-thuigse is eadh iad. Is fuiriste iad do mheabhrú, agus an té a dheanfadh san bheadh cuid de'n tsean-oighreacht úd i dtaisge
aige. Dála an sgéil, ní fearr slighe amuigh chun dul i dtaithighe na cainnte 'ná sgéilíní de'n tsórd so do mheabhrú, agus feidhm do bhaint, i ngnáth-chómhrádh an lae, as na habartaibh agus as na corthaibh cainnte atá le fagháil go flúirseach 'san chnuasacht so. Tá sgéalaidh- eacht ionta agus cómhrádh, an dá nídh is mó a theastuigheann ó'n mac léighinn. Do cuireadh adhbhar an leabhair seo i gcló cheana, agus bhí raidhse nótaí 'san Bhéarla ag gabháil le sna sgéaltaibh. Na leabhair san, .i. Ár nDóithin Araon, Ag Séide agus Ag Ithe, An Sprid, táid ar fagháil i gcomhnuidhe, ach ceapadh nár mhiste gan dul i muinighin an tSacs-Bhéarla an turas so. D'á réir sin cuireadh dornán nótaí i nGaedhilg leis an leabhar nua, agus táthar ag súil go dtabharfaidh na nótaí sin congnamh éigin, a bheag nó a mhór de, do mhúinteoiríbh agus do'n aos foghluma. Gheobhfar míniú ionta ar phonncanna áirithe gramadaighe, ar chortha cainnte, agus mar sin de. Ar cheann de sna sgéaltaibh is eadh do bun- uigheadh an dráma beag úd An Sprid, agus dá mba ná beadh aon nídh eile ann tá adhbhar breágh cómhráidh 'san dráma san ach cleachtadh do dhéanamh air. Ní miste dhúinn an dá innsint do bheith againn, pé i nÉirinn é. D. Ó M.
Beidh ár ndóithin araon ann I Seo focal le Diarmuid an Stoca. Siúd é an Diarmuid, nuair adubhairt an sagart leis gur "ghlas an lá é," a thug mar fhreagra: "Am' briathar féin, a Athair, go bhfuil sé fuar, pé dath atá air." Bhí aithne ar Dhiarmuid i ngoireacht deich míle do Mághchromtha, ar gach uile thaobh. Bhí fáilte agus béile bídh agus lóisdín oidhche dhó ins gach tigh, bocht agus saidhbhir, mar "duine le Dia" b'eadh é. Thuig sé i n-a aigne féin ná raibh ansan ach a cheart. Dar leis, ba leis féin na tighthe agus na daoine. Dá mbeadh áthas i dtigh, ní raibh duine sa tigh sin ba mhó áthas d'á bhár 'ná Diarmuid. Dá mbeadh buairt i dtigh, ní raibh duine sa tigh sin ba mhó buairt d'á bhár 'ná Diarmuid. Nuair a bhí Boc na Caraige tar éis bháis, chonaic daoine Diarmuid ag dul fé dhéin an tórraimh. Do labhradar leis, ach níor chuir sé suim ar bith ionta. Do leanadar air chun cainnte a bhaint as. Fé dheire d'iom- puigh sé ortha le feirg agus dubhairt sé, "Is mór an náire dhaoibh ná leogfadh sibh dom féin indiu, agus mo chroidhe briste, brúighte, leis an gcreach atá ar lár agam ansúd thuas!"
II Níor bh'fhéidir do dhuine uasal cuire dinnéir a chur amach a gan fhios do Dhiarmuid, agus, ní nách iongna, bheadh Diarmuid ann le linn na h-uaire gan teip gan dearmhad gan chuire. Chuir Dochtúir Mac Suibhne cuire amach lá. Bhuail Diarmuid soir fé dhéin tighe an Dochtúra. Bhí sé tamal beag luath. Fuair Diarmuid an geata ar osgailt agus baluith breágh ar an ngaoith. Do lean sé an baluith. Fuair sé dorus an tighe mhóir ar osgailt. Chuaidh sé isteach. D'fhéach sé 'n-a thímpal. Bhí dorus ar osgailt ar a láimh dheis. Chuaidh sé isteach airís. Chonaic sé an bórd mór. Chonaic sé an mhias. Chonaic sé an chos chaoir-fheóla. Chuir sé a lámh dheas i n-a speir. Chuir sé a lámh chlé 'n-a h-ubhall. Chuir sé a bhéal i n-a lár go cluasaibh. Do dhírigh sé ar é féin do thachtadh ar a dhícheall le caoir-fheóil. D'airigh an Doch- túir fothram éigin. D'fhéach sé an fhuinneóg amach. Chonaic sé an geata ar dian-leathadh. Cheap sé gur muc a bhí tar éis teacht isteach. Siúd anuas an staighre é, agus isteach sa phárlús. Do leath a shúile air nuair a chonaic sé an rud sáidhte sa mhéis. Do thóg sé a chos agus do bhuail. "Och!" arsa Diarmuid, agus é nách mór tachtuighthe. Do buaileadh airís é, ach níor sgar sé le n-a ghreim. Fé dheire, do rugadh air agus do caitheadh ar mhullach a chinn an dorus amach é,
idir chos chaoir-fheóla agus uile. D'eirigh sé agus thug sé aghaidh ar an nDochtúir agus dubhairt: "Faire! faire! a Dhochtúir na Smaointe, ná bíodh ceist ort! Beidh ár ndóithin araon ann!" Ní fhéadfadh an fear bocht "Dochtúir Mac Suibhne" do rádh, agus nuair a chuireadh sé chuige, is é rud a thagadh ná "Dochtúir na Smaointe." Gheibheadh daoine magadh sa méid sin féin, agus deirtí gur bh'é Diarmuid an Stoca a thug an ainim cheart ar an nDochtúir, mar gur mhó go mór an machtnamh a dheineadh se 'ná an leigheas a dheineadh sé. Micheál na buile I Cáit. - A Mhichíl, airiú, cár ghabhais chughainn, nú cár chaithis an aimsir le coruigheacht agus fiche bliadhain? M. - Bhíos i nGleann na nGealt, a Cháit. C. - Agus cad a chuir abhaile thu? M. - An t-uaigneas, mhaise. C. - An bhfuil an áit sin abhfad ó bhaile? M. - Bhíos ag siubhlóid ar feadh seachtmhaine sul ar shroiseas é, agus tá seachtmhain agus breis ó dh'fhágas é. C. - Cad é an saghas baill é, a Mhichíl? M. - Tá, ball greanmhar. Gleann fada uaig- neach fiadhain, cnuic mhóra árda ar gach taobh
de, sruthán fíor-uisge ag rith tré n-a lár, biolar ar fás ar bhruach an tsrutháin sin, agus liacht daoine buile bailighthe ar gach taobh de'n tsruthán ag ithe an bhiolair agus ag ól an uisge. C. - Mhaise, Dia linn, a Mhichíl, nach suarach an bia é! M. - Ní chuirfadh sé masmus ar dhuine, geal- laim dhuit é. C. - Conus a chaithis an aimsir ann, a Mhichíl? M. - Nuair shroiseas an áit, bhí tuirse agus ocras orm, agus an chéad duine a bhuail umam, do iaras air rud éigin le n-ithe thabhairt dom. Níor dhein sé ach féachaint orm agus a cheann do chromadh airís. An méid díobh a bhí am' chómhgar, thógadar a gcinn agus d'fhéachadar orm, agus ansan chromadar airís, agus níor chuireadar a thuille suime ionam. Nuair ná fuaras freagra níor labhras a thuille, ach imtheacht ag ithe an bhiolair leo. II Cúpla lá 'n-a dhiaidh san bhíomair ag ithe agus ag ól, agus gan focal a' béal aoinne, agus cad do seólfí fá'n ngleann isteach ach bó agus í ag dul amú. Nuair fhéach sí 'n-a tímpal agus chonaic sí an fiadhantas go léir, do chuir sí an bhúirtheach aiste ba thruaghmhéilighe d'ár airigh mo dhá chluais riamh. Phreabamair suas agus d'fhéachamair uirthi. Nuair a bhí an bhúir-
theach críochnuighthe aici, agus an macalla d'éis í fhreagairt seacht n-uaire ó'n sliabh, d'iom- puigh sí ar a sálaibh agus chuir sí an talamh di chómh géar a's bhí sé 'n-a chosaibh. Chrom gach aoinne airís agus níor bhíodhg glór duine ná beithidhigh ann go ceann seacht mbliadhan ó'n lá san. Ansan do thóg seanduine beag, a bhí ann le fada, a cheann. "Airighim géim bó," ar seisean. D'fhéach gach aoinne air, agus níor labhair duine. D'imthigh seacht mbliadhna eile sul a bhfuair sé sin freagra. Fé dheire d'osgail garsún a bhéal agus dubhairt, "Cár airighis í?" D'fhéach gach aoinne ar an ngarsún agus níor bhog aoinne a bhéal féin. I gceann seacht mbliadhan eile do thóg fear mór liath suas a cheann, agus d'fhéach sé go feargach ar an gcéad duine a bhris ar an gciúnas. Ansan d'fhéach sé go feargach ar an ngarsún, agus, abhfad anonn dó, is é rud adubhairt sé ná, "Tá an gleann bodhar agaibh!" C. - Agus cad a dheinis ansan, a Mhichíl? M. - Tháinig uaigneas orm. Thugas seacht mbliadhna ag feitheamh le cainnt an fhir bhig léith. Bhíos ar feadh seacht mbliadhan ag brath ar cheist an gharsúin ó dhuine éigin. Ansan nuair cheapas go ndéarfadh an fear mór rud éigin fóghanta, is é rud a dhein sé ná stop do chur leis an gcainnt ar fad. C. - Andaigh, níor bh'iongna dhó san. Is agaibh a bhí an gleo. Chuireabhair teinneas cinn ar an bhfear mbocht. M. - Tháinig uaigneas orm-sa ansan, agus thánag abhaile.
Cearbhal buidhe na n-amhrán I File b'eadh Cearbhal Buidhe na n-Amhrán. Bhí sé, lá, ag dul go Baile Choitín, agus bhuail fear ar an mbóthar uime gur bh'ainim dó Tadhg Ruadh. C. - Dia's Muire dhuit, a Thaidhg. T. - Dia's Muire dhuit a's Pádraig, a Chear- bhail. An fada atá do thrial, a Chearbhail? C. - Ní'l ach go Cáiteach, a Thaidhg. An fada atá do thrial féin? T. - Mhaise, ní'l ach soir anso go Crois an Teampail. Beimíd ag baint choirce Dé Luain seo chughainn, le congnamh Dé, agus táim ag dul soir féachaint an bhféadfinn meitheal do chruinniú. C. - Ní deirim ná gur maith an t-am é. Tá an t-arbhar nach mór bainte ins gach aon bhall, agus táid na fir tar éis teacht abhaile. T. - Is fíor dhuit. Bhíos ag cainnt aréir le Tadhg Ua h-Éaluighthe. Bhí sé tar éis teacht abhaile ó'n mBlárnain. Dubhairt sé go bhfeaca sé thusa ann agus go raibh beirt nú triúr ann nár aithin tu, agus gur fhiafraigh duine acu de dhuine eile cé'r bh'é an fear beag buidhe. Do thugais-se fé ndeara an cheist, agus bhí tosach freagra agat mar seo: Mise Cearbhal Buidhe na n-Amhrán; Dhéanfinn streanncán ar théadaibh, Dhéanfinn cíor mhín a's roilleán, Chuirfinn meathán i dtóin chréithre;
Imirim báire agus fáisgim iall am' bróig, Ach Dia lem' láimh! ní dhearna ach criathar fós. C. - Ha, ha! B'fhíor do Thadhg an méid sin. Bíon árd chaitheamh-aimsire i gcómhnuidhe againn sa Bhlárnain. II T. - Féach, a Chearbhail. Bíon iongna mór orm féin conus a dheinean sibh an fhilidheacht so. Dá gcaithinn mo chiall leis, ní thiocfadh liom aon dán amháin do chur le chéile. C. - Ní mar sin atá, a Thaidhg, ach bíon filidh- eacht agat dh'á dhéanamh gach lá ded' shaoghal agus gach tráth de'n lá, dá bhféadfá é thabhairt fé ndeara agus é chur le chéile. T. - Is fear magaidh thu, a Chearbhail. Níor dheineas aon bhlúire filidheachta riamh, agus ní lugha 'ná tháinig aon fhocal riamh as mo bhéal go bhféadfadh aoinne eile filidheacht do bhaint as. C. - An fada as so go Baile Choitín? T - Mar déarfá leath-mhíle. C. - Cuirfad cárt leanna leat go mbeidh dán déanta agat sul a mbeimíd i mBaile Choitín. T. - Airiú, fianaidheacht! Fágaim le h-udhacht, a Chearbhail, gur chuireas, tá fiche bliadhain ó shin, chun amhráin do dhéanamh ag moladh an tSeana- ghardha. "Seana-ghardha an cheóil," arsa mise,
agus dá bhfaghainn Éire, ní fhéadfinn dul níos sia air. C. - An gcuirfir an geall? T. - Cuirfad agus fáilte, agus ní misde dhom. Beidh ort-sa díol. C. - Fan leat go fóil. Ach feicimís cad tá ag Éamon Óg dh'á dhéanamh ansan thall? T. - Tá fál aige dh'á dhéanamh ar a gháirdín agus is beag an tairbhe dhó san, mar nuair fheóchfid na saileacha san, féadfid na gabhair gabháil tríotha. Dia's Muire dhuit, a Éamoinn! É. - Dia's Muire 's Pádraig dhuit, a Thaidhg! agus duit-se leis, a Chearbhail! An bhfuil aon sgéal nua agaibh? Cad uime go bhfuilir ag crothadh do chinn, a Thaidhg? T. - Táim ag crothadh mo chinn, a Éamoinn, mar is olc an fál an tsaileach úr san. É. - Ní'l leigheas air. Ní'l a mhalairt agam. T. - Ó! stad, a dhuine! Ná cuir an cuaille críon sa bhfál! Tá an rud úr olc a dhóithin, ach déanfidh sé an gnó go ceann tamail. C. - Téanam, a Thaidhg, go bhfaghad mo chárt leanna uait! III É. - Cad ar a shon, a Chearbhail, go bhfuil cárt leanna le fagháil agat ó Thadhg? T. - Geall, más é do thoil é, do chuir sé liom go mbéadh dán filidheachta déanta agam sul a mbeimís araon i mBaile Choitín - mise, nár dhein aon dán filidheachta riamh, ní nách iongna! É. - Tá eagal orm, a Chearbhail, go mbeidh ort díol an turus so.
C. - Téanam ort, má seadh, agus bíodh do chuid de'n deoch agat. É. - B'fhéidir nár bh'fearra dhom riamh é. T. - Is fíor dhuit. Ní'l puinn maitheasa idir lámhaibh agat. É. - Ní'l meas mór ag Tadhg ar an ngnó. T. - Dá mbeadh fál le déanamh agam, ba dhóich liom go gcuirfinn draighean nú sgeach gheal ann. B'fhearr liom sgothán aitinn féin 'ná an tsaileach san. Ach cad é seo ag Liam Ua Buachalla dh'á dhéanamh le n-a sheisrigh? Cad tá ort anois, a Liam? An bhfuil do chéachta briste? L. - Ní'l, a Thaidhg, ach tá mo chuing briste, agus táim ag casadh le gad do chur uirthi. T. - Stad, stad, a Liam! Táir 'ghá chur suas ar an dtuathal. Cas an gad de chúl na cuinge, agus beidh an greim is fearr aige. Sin é! Cuir snaidhm anois air. C. - Féach, a Thaidhg, nach breágh fhéachann an fharaige indiu? Ní fheadar cad é an áit as a dtáinig an long mhór úd soir. T. - Ní raibh sí ann indé. Féach airiú, a Chearbhail, nách fada ó stiúir na luinge an bád beag? C. - Is fada, a Thaidhg, agus is maith an mhaise agat é. Tá an dán críochnuighthe agat-sa, agus mo chárt leanna beirtha agam-sa. T. - An ar buile ataoi, a Chearbhail? Cad é an dán? C. - Éist liom. Ní'l abhfad ó dubhraís le h-Éamon Óg, "Is olc an fál an tsaileach úr." T. - Dubhart, agus ní'l puinn filidheachta sa' tsailigh.
C. - Ansan do liúghais air - "Ná cuir an cuaille críon sa bhfál." T. - Agus ca bhfuil an fhilidheacht sa méid sin? C. - Bíodh foidhne agat. Dubhraís ansan le Liam Ua Buachalla, "Cas an gad de chúl na cuinge." Agus anois beag dubhraís liom-sa, "Nách fada ó stiúir na luinge an bád." Níor dheineas féin riamh dán is deise 'ná é. Féach:" - Is olc an fál an tsaileach úr; Ná cuir an cuaille críon sa bhfál; Cas an gad de chúl na cuinge; Nach fad' ó stiúir na luinge an bád!" T. - Dar fiadh, a Chearbhail, ní'l teóra leat. Agus as mo bhéal féin an uile fhocal de! Tá an geall buaidhte agat glan. Féach, a Chearbhail, ba dhóich liom go raibh an léim úd ró mhór ó "cúl na cuinge" go "stiúir na luinge." C. - Tusa thug an léim sin. B'éigean dómh- sa thú leanamhaint. T. - Am' basa, tá agat airís! Ní'l aon mhaith bheith leat! Iomrol Aithne I Tamal mór ó shin, suas le trí fichid bliadhan ó shin, bhí grásaeir beag ó Bhéara ag dul soir go Caraig an Drochaid ar aonach. Bhí an oidhche ag teacht air agus é ag déanamh síos ar shráid
Mághchromtha. Níor mhór dó bheith ar pháirc an aonaigh ar eirighe lae ar maidin lá'r n-a mhárach a bhí chughainn, nú ní fhéadfadh sé a ghnó do dhéanamh. Baile Mhúirne aniar is eadh tháinig sé. Nuair a bhí sé ag gabháil Bóthar na Sop síos, bhí sé ag féachaint i n-a thímpal, féachaint cá bhfaghadh sé lóisdín. Do taisbeánadh tigh deas cluthmhar compórdach dó. Chuaidh sé isteach. Do tugadh rud le n-ithe dhó, agus do taisbeánadh a leaba dhó. Nuair a bhí a chuid caithte aige, agus é ag dul a chodla do ghlaodhaidh sé ar fhear an tighe. "A leithéid seo," ar seisean, "a fhir an tighe, glaodh orm uair a' chloig roim lá, mar ní mór dhom bheith moch ar an aonach." "Tá go maith," arsa fear an tighe. Chuaidh an grásaeir a chodla, agus tar éis na siubhlóide, ba ghearr go raibh sé 'n-a shámh-chodla. Ba ghearr gur bhuail isteach sa tigh chéadna tíncéir a bhí ag dul ar an aonach gcéadna, agus cá gcurfí chun codlata é ach isteach sa leabaidh chéadna 'n-a raibh an grásaeir i n-a chodla. Do dhúisigh an grásaeir nuair a fuair sé an duine ag teacht isteach sa leabaidh chuige. Dheineadar roinnt cainnte, i dtreo gur inis gach duine acu do'n duine eile cad a thug ann é, agus cár bh'as é, agus cá raibh a thrial ar maidin. "Dubhart-sa le fear an tighe glaodhach orm uair a' chloig roim lá," arsa'n grásaeir, "mar ní mór dhom bheith ag an aonach ana mhoch." "Dubhart-sa leis gan glaodhach orm go h-ead- artha," arsan tíncéir. Agus thuit a gcodla ar an mbeirt.
II Bhí duine breóite sa tigh ba ghoire do'n tigh sin, agus bhí an dochtúir d'éis teacht 'ghá fhéach- aint um thráthnóna. Agus is é thuig an dochtúir i n-a thaobh ná gur éagcruas a bhí air, agus nár bh'fholáir a cheann do bhearradh. "Ní'l an chóir agam anois chun a bhearrtha," arsan dochtúir, "ach tiocfad isteach ar ball, agus bearrfad a cheann, agus tabharfidh san fionfhuaradh breágh dhó." D'imthigh an dochtúir, agus ní fada chuaidh sé nuair a bhuail cómharsa chreideamhnach uime. D'óladar braon. Nuair a bhí an braon san ólta acu, d'óladar braon eile. Ar ball do chuimhnigh an dochtúir air féin. "Ó!" ar seisean, "tá fear bocht anso thuas i mBóthar na Sop, agus is eagal liom go bhfuil droch-ní éigin air. Gheallas dul agus a cheann do bhearradh." Tháinig sé agus an chóir aige, agus cá dtabhar- fadh sé aghaidh ach isteach sa tigh i n-a raibh an grásaeir agus a tíncéir ar lóisdín. Thárla gurb' é an déanamh céadna agus an córú céadna a bhí ar an dá thigh laistigh ionta. Thárla, leis, gur san inead céadna i ngach tigh a bhí gach leaba de'n da leabaidh. Níor dhein an dochtúir ach déanamh ceann ar aghaidh ar an leabaidh chéadna, dar leis, go raibh sé 'n-a h-aice um thráthnóna roime sin. Bhí an bheirt i n-a dtrom-chodla. Bhí an tíncéir ar cholbha, óir is é ba dhéanaighe tháinig. Bhain an dochtúir an t-éadach de cheann an
tíncéara agus tharaing sé chuige a chóir bhearrtha. Bhí an sobal go bog aige, agus bhí an faobhar ar áilneacht aige. Ba ghearr go raibh plaosg an tíncéara chómh lom chómh geal aige le h-ubh gé. Níor thug sé fé ndeara an grásaeir i n-aon chor. D'imthigh sé, ach ní h-abhaile chuaidh sé. Ghlaodh- aidh sé go tigh an chúinne. Bhí fear an tighe sin agus é féin go mór le n-a chéile. D'ól sé braon ansan, braon fógh- anta. D'ól sé an tarna braon ann. Do bhuail sé an drochad anonn, agus suas Sráid an Chaisleáin. Bhí dorus ar osgailt ansan roimis, agus do bhuail sé isteach. Bhí muíntir an tighe sin agus é féin, leis, go h-ana mhór le n-a chéile. D'ól sé braon ansan agus an tarna braon, agus dar ndó an trímhadh braon. Chuir sé lámh i n-a phóca. "Ó!" ar seisean, "tá a fhios ag an dtalamh gur fhágas mo bhosga úirlisí thall am' dhiaidh i mBóthar na Sop! Ní mór dhom dul anonn láithreach 'ghá iaraidh." III Bhuail sé amach. Ní raibh sé ar meisge. Ní raibh i n-aon chor. Ní raibh blúire meisge air, blúire riamh. Bhí luasgadh beag sa talamh fé n-a chosaibh. Ach má bhí féin, ní h-air-sean a bhí sé. Tháinig sé go dtí an tigh, agus i bhfiadhnaise na leapthan. An bheirt a bhí sa leabaidh, ámh, bíodh go raibh an codla go trom ortha, ní ró shocair d'fhanadar
an fhaid a bhí an dochtúir amuich uatha. Bhíodar ag iompáil agus ag únfairt go dtí go raibh an tíncéir thíos i gcosaibh na leapthan, agus an grásaeir i n-a aonar thuas. Do sheasamh an dochtúir chómh maith agus d'fhéad sé seasamh, os cionn na leapthan, agus solus i n-a láimh aige. D'fhéach sé ar cheann an ghrás- aera, agus ní fheacaís iongna ná alltacht riamh ach mar a bhí air. Chuir sé a lámh ar ghruaig an duine, agus bhain sé bog-stathadh nú dhó aisti, ach níor dhúisigh sé an duine. "'Seadh!" ar seisean. "Do bhuaidh sin ar a bhfeaca-sa riamh fós d'obair! Ní h-iongna go raibh teinneas cinn agus spreabhraoidí ort, a fhir bhoicht, agus a leithéid sin d'fhás gruaige bheith as do cheann! Ní'l thar dhá uair a" chloig ó bhearras é chómh lom le m'bais, agus sin cromadh go maith anois ar faid airís sa ghruaig aige! Cad déarfidh dochtúirí Chorcaighe agus Bhaile Átha Cliath, nuair a' neósfar an sgéal so dhóibh? Sgríobhfad leabhar air. Beidh m'ainm anáirde. - Agus mar dheimhniú ar an sgéal, bearrfad airís é agus cimeádfad an dá lomra. Tá an chéad lomra anso fós. Is maith nár chaitheas uaim é ó chiainibh." Tharaing sé chuige an sobal agus an faobhar, agus do bhearr sé ceann an ghrásaera chómh lom chómh geal le ceann an tíncéara. Níor glaodhadh ar an ngrásaeir chómh moch agus do gealladh dó. Bhí solus an lae ann nuair do glaodhadh air. Ag teacht amach as an leabaidh dó, do chonaic sé plaosg lom an tín- céara, agus bhí iongna air. Ach bhí iomarca dithnis air chun puinn fiafraighthe do dhéanamh.
Cheap sé, dar ndó, gurab amhlaidh a bhí an tíncéir maol riamh. Chuir sé uime chómh tiugh agus d'fhéad sé é, agus siúd chun siubhail é ar sodar, agus eagla air ná beadh sé i n-am chun an aonaigh. D'eirigh an ghrian. Bhí an mhaidean brothallach. Bhí sé ag cur na slighe dhe go géar. Tháinig tart air. Bhuail tobar breágh fíor-uisge uime ar leith-thaoibh an bhóthair. Chrom sé chun dighe ól. Chonaic sé sgáth a chinn sa n-uisge! Do léim sé 'n-a sheasamh, agus siúd thar n-ais go Mághchromtha é, agus suas Bóthar na Sop, agus isteach sa tigh 'n-ar chodail sé. "Nach deas an obair í seo!" ar seisean le fear an tighe. "Cad í an obair?" arsa fear an tighe. "Gheallais go nglaodhfá moch ar an ngrásaeir!" "Do ghlaodhas chómh moch agus d'fhéadas glaodhach," arsa fear an tighe. "Má 'seadh," arsan fear eile, "ní ar an ngrásaeir a ghlaodhais ach ar an dtíncéir!" Sguraidheacht an Leasa I Oidhche Shamhna dob eadh í. Bhí gasra bailighthe ag an Lios. Bhí Seán an Leasa féin sa chúinne i n-aice na teine agus a chaipín breac air, agus a bhríste gearra air, agus sgéal fianaidheachta aige dh'á insint. Ní raibh an sgéal críochnuighthe
go dtí go raibh uair an mheadhon-oidhche go maith ann. Dubhairt cuid acu go raibh sé ag déanamh ar buille 'chlog. Sgéal aerach dob eadh an sgéal. Ní raibh sprid ná púca ná samhail i roilig ná i n-uaig- neas, ná raibh tabhartha isteach sa sgéal ag Seán, i dtreo, féach, nuair a bhí an sgéal críochnuighthe aige, gur dhóich leat go raibh siafraí agus daoine maitha na h-Éirean bailighthe amuich sa lios, agus ag gluaiseacht mórthímpal an tighe, agus thíos ins an tseómra, agus thall 's abhfus ins na cúinníbh dorcha. "B'fhearr liom go mbeinn sa bhaile," arsa Dómhnal Mór, agus ba dhóich leat go raibh creathán i n-a ghlór. "Tá an bóthar céadna agat abhaile a bhí agat ag teacht. Is dócha go bhfuil sé ann fós," arsan táiliúir. Fear dob eadh an táiliúir ná raibh aon phioc de na cosaibh air, ach dhá staimpín beaga - slán mo chómhartha! Ach ceárdaidhe maith dob eadh é, agus bhí tuilleamh mór aige. Bhí na lámha go maith aige agus bhí an béal go maith aige. Dá n-aireófá ag cainnt é agus gan radharc a bheith agat air, ba dhóich leat gur ghaisgidheach é, agus gur bheag aige aghaidh do thabhairt ar aonach. Bhíodh sé i gcomhnuidhe 'ghá mhaoidheamh ná cuirfadh sprid ná púca aon eagla air féin, agus ná géillfadh sé a leithéidí bheith i n-aon chor ann. "Is dócha," arsa Dómhnal Mór, "go bhfuil, ní nách iongna. Ach ní h-é an t-am a bhí an uair sin agam atá anois agam. Dá mbeinn thar an roilig ba chuma liom." "Tá cúram éigin eile ar mhuíntir na roilige
d'eaghmuis bheith ag féachaint ad' dhiaidh - bean- nacht Dé le n-a n-anam!" arsan táiliúir. "Mar 'dh eadh," arsa Domhnal Mór, "ná beadh eagal ort-sa gabháil thar an roilig anois." "Am' briathar ná beadh," arsan táiliúir. "Am' briathar ná creidfinn é," arsa Dómhnal. "Ní fhágann san ná gur fíor é," arsan táiliúir. "Cad é an tairbhe dhuit bheith ag cainnt mar sin?" arsa Dómhnal. "Ca bhfios d'aoinne cé'cu is fíor é nú nách fíor?" "Dá mbeadh na cosa agam-sa chómh maith agus atáid siad agat-sa, ba ghearr an mhoill orm a thaisbeáint gur fíor é," arsan táiliúir. "Bíodh geall," arsa Dómhnal, "dá mbeadh na cosa agat, ná beadh an chainnt chómh dána agat." "Cad é an eagla bheadh orm?" arsan táiliúir. "Nách í an roilig chéadna í sa n-oidhche nú sa lá?" II "'Neósfad-sa dhaoibh cad a dhéanfidh sibh," arsa fear an chaipín bhric. "Beir-se leat an táiliúir, a Dhómhnail, agus fág i gcúinne na roilige 'n-a aonar é, agus fanadh sé ar feadh uaire a' chloig. Ansan féadfir dul agus é thabhairt leat abhaile, agus taisbeánfidh san gur fíor ná fuil aon eagla aige roim sprid ná roim púca. "Dar fiadh! déanfad," arsa Dómhnal. Do thuit an lug ar an lag ag an dtáiliúir, ach
ní fhéadfadh sé tarang siar agus a raibh de chainnt déanta aige. "Táim sásta," ar seisean. Bhí súil aige, ámh, go mb'fhéidir ná leogfadh eagla do Dhómhnal an bheart do dhéanamh. Agus ní leogfadh, ach go ndubhairt sé leis féin go mbeadh an chuideachta aige an fhaid a bheadh an táiliúir ar a mhuin aige, agus ansan go bhféad- fadh sé rith thar n-ais. Ba mhór an sásamh leis, d'á éaghmuis sin, an t-anaithe thabhairt do'n táiliúir de bhár a chod' cainnte. "Seo!" arsa Dómhnal Mór. "Buailidh chugam anso ar mo mhuin an fear bocht." Agus chuireadar ar a mhuin é. An fhaid a bhí an sguraidheacht agus an sgéal fianaidheachta agus gnó an táiliúra ar siubhal ag an Lios, bhí gnó eile ar siubhal sa roilig. Bhí beirt bhitheamhnach, athair agus a mhac, i n-a gcómhnuidhe sa chómharsanacht. Shocaruigheadar an oidhche sin go dtiocfidís agus go ngoidfidís caora ó Sheán an Leasa féin. Nuair bhí am mhairbh na h-oidhche acu, do ghluaiseadar. Ní raibh, dar leo, áit ba lugha baoghal dóibh chun an chroicinn do bhaint de'n chaoirigh, 'ná an cúinne céadna úd sa roilig, toisg an droch-ainim a bheith ar an áit. "Imthigh-sé," arsan seanduine, "ó's agat atá an óige, agus tabhair leat an chaora, agus raghad-sa go cúinne na roilige, agus bead ann rómhat." D'imthigh an fear óg fé dhéin na caorach, agus d'imthigh an seanduine agus do luigh sé sa
bhfoithin i gcúinne na roilige, agus ba ghearr gur thuit míogarnach codlata air. Ba ghearr gur airigh sé rud éigin do dhúisigh é. D'airigh sé an duine ag teacht agus é ag séide, fé mar bheadh ualach air. Cheap sé, dar ndó, gur b'é fear na caorach a bhí ann. Ní h-é fear na caorach a bhí ann, ámh, ach Dómhnal Mór agus an táiliúir ar a mhuin aige. III Tháinig Dómhnal go falla na roilige lasmuich, agus chuir sé an táiliúir i n-a shuidhe ar an bhfalla. Ansan do rug sé fé'n dá osgail air, agus bhí sé 'ghá leogaint uaidh síos de dhruim an fhalla isteach sa chúinne. Le n-a linn sin, do shín an fear thíos a dhá láimh anáirde agus do rug sé 'n-a bhacalainn ar an ualach. "An bhfuil sé méith?" ar seisean. Ní túisge d'airigh Dómhnal an focal 'ná sgaoil sé uaidh an táiliúir agus rith sé an fhaid a bhí sé 'n-a chosaibh. Ba ró ghearr gur sgiúrd sé an dorus isteach chun muíntire an Leasa airís, agus ní túisge bhí sé laistigh de dhorus 'ná thuit sé i laige. Bhíodar ag caitheamh uisge air, agus ag glaodhach air, agus fé dheire tháinig sé chuige féin, agus is é céad fhocal a tháinig as ná "Ó! an sprid! Ó! an sprid!" Geallaim dhuit go raibh sgeón ionta. "Cár fhágais an táiliúir?" arsa fear an chaipín bhric. "Ó leog dom féin!" arsa Dómhnal. "Do sgiob sí léi as mo lámhaibh é."
Nuair a chonaic an bitheamhnach a bhí i gcúinne na roilige nách caora do leógadh anuas chuige ach duine, geallaim dhuit gur baineadh geit as. Do chaith sé uaidh ar an dtalamh an táiliúir, agus do rith sé leis féin gan focal do labhairt. Ba mhó an gheit do baineadh as an dtáiliúir 'ná as aoinne acu, nuair a bhí greim ag Dómhnal Mór thuas air agus greim ag an sprid thíos air, agus gur sgaoileadh síos é. Ach nuair a fágadh i n-a aonar é, níor ró fhada go dtáinig sé chuige féin. Ar ball do bhí fear na caorach ag teacht. D'airigh an táiliúir ag teacht é, ach ní raibh blúire cuinne aige ná gurbh é Dómhnal Mór a bhí ag teacht 'ghá iaraidh, fé mar do gealladh dhó. Bhí sé díreach 'ghá chuimhneamh i n-a aigne, d'á mhéid maoidheamh a dhein sé riamh as a neamh-eagla roim púcáibh, nár mhisde dhó maoidheamh níos mó a dhéanamh feasta, agus é tar éis cúpla uair a' chloig do chaitheamh ansúd, sa n-áit aerach úd, - nuair do labhair an duine thuas: "An bhfuilir ansan?" ar seisean, i gcogar. "Táim," arsan táiliúir i gcogar eile. "Cad a choimeád thu?" "Ní fhéadfinn breith air," arsan fear thuas. "Ní fhéadfá breith air!" arsan táiliúir. "Cad é an chainnt sin ort mar sin? Cad é mar ghnó dhuit mé fhágáilt anso ar feadh cheithre h-uaire 'chloig, am' leathadh le fuacht na h-oidhche?" "Cheithre h-uaire 'chloig! Ní'l dhá uair a' chloig ó fhágamair an baile. Seo - beir air seo uaim agus leog dom féin." Le n-a linn sin, do sgaoil sé uaidh síos an
chaora mharbh. Thuit an chaora ar an dtáiliúir. Do bhéic an táiliúir. "Ó!" ar seisean, "cad é an rud é sin?" Nuair dh'eirigh guth an táiliúra, d'aithin an fear thuas é, agus má d'aithin, do chuir sé an talamh de, agus d'fhág se ansan iad idir chaora agus táiliúir. IV Nuair a bhí Dómhnal Mór tar éis an sgannra mhóir do chur de, do bhailigh fear an chaipín bhric cruinneas an sgéil uaidh i ndiaidh a chéile. D'eirigh sé 'n-a shuidhe agus chuir sé a chóta-mór uime agus d'aimsigh sé a bhata. "Cá raghair?" arsa Dómhnal Mór. Níor thug sé aon fhreagra air, ach bualadh an dorus amach. Phreab Dómhnal i n-a shuidhe agus do lean sé é. Do leanadar go léir é. Thug sé aghaidh ar an roilig. Do leanadar é. Nuair a thánadar go dtí an cúinne, d'airigheadar an duine thíos agus é ag cneadaigh. Do léim Seán síos. An chaora mharbh an chéad ní gur chuir sé lámh air. Thóg sé an chaora. "Cé h-é seo anso agam?" ar seisean leis an t-é a dh'airigh sé ag cneadaigh. "Mise!" arsan táiliúir. "Cé h-é tusa?" arsa Seán, ag breith ar chloigean air. "Diarmuid Ua Coill," arsan táiliúir. "Cé h-é an Diarmuid Ua Coill?" arsa Seán. "Diarmuid Riabhach, is dó! - ó's é is fearra thuigfir."
"Airiú, greadadh chughat, an tú an táiliúir?" arsa Seán. "Ó, is mé cheana, mhaise, agus is dócha go bhfuil deire liom anois, murab ionan a's riamh," ar seisean. "Agus cé leis an chaora mharbh so, nú cad a thug anso í?" arsa Seán. "Ní'l aon phioc d'á thuairisg agam, ach gur chaith duine éigin anuas orm í, agus go bhfuilim basgaithe múchta aici," arsan táiliúir. Thóg Seán an táiliúir ar a bhacalainn leis. Thóg beirt éigin eile acu an chaora mharbh, agus ghluaiseadar chun tighe an leasa. Nuair a thánadar isteach agus dheineadar solus, do chonaic Seán go mba leis féin an chaora, agus is é adubhairt sé ná: "Oidhche shúgach, maidean bhrónach, A ghearráin duinn, is olc do ghnó-sa." Rud éigin ar an gcapal I An Seán Ua h-Iarlaithe úd a chonaic an "sprid mhuice i bhfuirm bhuímpéise stoca," bhí cúigear drithár aige, agus fir mhóra láidre ab eadh iad go léir. Bhí déiridheacht acu ar fheirm thailimh a bhí ana dheacair a shaothrú. Dá bhféachfá uait ar an bhfeirm agus gan taithighe bheith agat ar a leithéid, do buailfí isteach ad' aigne nár bh'fhéidir d'aoinne aon tsaothrú dhéanamh uirthi, ná
aon tsaghas sochair a bhaint aisti. Ní raibh sí chómh h-olc ar fad, ámhthach, agus ba dhóich leat ar an gcéad amharc a bhí sí. Ní fheicfá uait ach an uail charaigreacha, agus iad, ba dhóich leat, i n-a gcruachaibh ar muin a chéile, agus iad go cruaidh agus go lom agus go mí-chothromach, agus gan aon rud i bhfuirm glasra le feisgint ortha ná eatartha. D'fhiafrófá dhíot féin, "Cad é an mí-ádh fá ndeara d'aon Chríostaidhe riamh dul chun cómhnuidhthe i n-a leithéid de rasgalum áite, agus tabhairt fé chíos do dhíol as?" Dá dtuigthá gnó na h-Éirean le cúpla céad bliadhan, agus an cor a bhí ar Ghaedhlaibh Éirean i gcaitheamh an chúpla céad bliadhan san, bheadh freagairt do cheiste agat féin. Bheadh fhios agat cad é an ruagadh a tugadh ar Ghaedhlaibh as na talmhaintíbh míne réidhe, agus conus ab éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar na sléibhtibh agus ar na caraigreachaibh, agus beatha agus cíos a bhaint asta, nú bás d'fhághail. Sin é an mí-ádh fé ndeara d'athair Sheáin Uí Iarlaithe an déiridheacht úd do thógaint ameasg na gcaraigreach úd, agus casadh le beatha agus cíos do bhaint as an áit. II Nuair a raghfá isteach ameasg na gcaraigreach agus shiubhlófá eatartha, chífá ná raibh an áit chómh h-olc ar fad agus d'fhéach sé dhuit nuair ná rabhais ach ag féachaint uait air. Chífá féar maith, bíodh gur bh'fhéar garbh é, ag fás ins na spásanaibh idir na caraigreachaibh istigh. Chífá
leis, anso agus ansúd, idir na caraigreachaibh móra, spásana a bhí cuibhsach leathan, chómh leathan agus go bhféadfí cúilíní beaga prátaí do chur ag fás ionta. Sar a dtáinig an dubh ar na prátaí thugadh na cúilíní sin toradh maith uatha i dtreo gur bh'fhiú iad a bhfactí d'á nduadh. Do caithtí, ámhthach, iad do shaothrú le obair lámh ar fad. Níor bh'fhéidir aon ní i bhfuirm céachta do chur chun oibre ionta. Do caithtí an grafán d'imirt ortha ar dtúis; ansan iad do rómhar amach leis an rámhainn, agus na clocha do phiocadh asta leis an láimh; ansan do caithtí aoileach do tharang le ciseánaibh, ó'n dtigh, agus an t-aoileach san do leathadh ortha mar leasú. Na daoine a chaitheadh an leasú san do thabhairt ar a muin leo ó'n dtigh. Dá mba ná curfí an leasú ortha ní bheadh aon mhaith sa n-obair. Ní fhásfadh aon rud as an gcré mura gcurtí an leasú uirthi. Bhí an obair sin dian go maith ar athair Sheáin Uí Iarlaithe go dtí gur eirigh a chlann suas chuige. Bhí sgéal maith go leór ansan aige. Bhí seisear mac aige agus iad go léir go leathan láidir, go maith chun gach aon tsaghas oibre. Bíodh go raibh Seán pas beag símplidhe bhí sé go maith chun na h-oibre. Níor fhágadar an cúinne ba lugha, idir na caraigreachaibh, gan briseadh agus saothrú, agus a bheag nú a mhór de thairbhe bhaint as. Ach níor dheineadar aon úsáid d'aon rud i bhfuirm capail. Bhí mórán portaigh sa bhfeirm. Bhainidís móin ar an bportach agus thriomuighdís í sa tsamhradh. Ar a muin, ámhthach, is eadh thugaidís abhaile ó'n bportach í. Ní maith a dh'fhéadfadh capal dul
isteach i n-aon chor ar an bportach. Bhí an áit ró bhog, ró fhliuch. Bhí mórán portaigh sa chómharsanacht, leis, móthímpal. Bhíodh gá le móin sa tsráid, agus bhíodh cuid des na cómharsain ag breith móna isteach sa tsráid agus 'ghá díol, agus nuair a thagadh an aimsir fhuar bhíodh sí daor go maith agus gheibhtí gearra-chuid airgid uirthi. III Do thuig muíntir Iarlaithe gur mhór an truagh dhóibh féin, ó bhí an portach chómh maith acu, agus chómh fairsng, gan roinnt mhóna do bhaint agus do thriomú agus do bhreith leo isteach sa tsráid, agus pinginí beaga airgid a bheith acu aisti anois a's airís. Níor bh'aon trioblóid an mhóin a bhaint agus do thriomú. Ach bhí trioblóid sa sgéal i n-a dhiaidh san, trioblóid nár bh'fhuir- iste do leigheas. Conus a béarfí an mhóin isteach sa tsráid agus gan aon chapal acu? An mór an mhóin a caithfí a dhíol sar a mbeadh oiread airgid déanta dhi acu agus cheannochadh an capal? Dá gceannuightí an capal ar cáirde, cathain a bheadh díolta as? Dá bhfaghadh an capal bás sar a mbeadh díolta as, cad a dhéanfidís ansan? Bhíodar ag cur 's ag cúiteamh ar an gcuma san ar feadh abhfad. Fé dheire shocaruigheadar ar an gcapal do cheannach. Fuaradar roinnt de'n airgead ar iasacht, agus fuaradar cuid de ó cheannuidhe ime i gCorcaigh. D'imthigh an
fear ba shine acu go h-aonach a bhí i Mághchromtha chun an chapail a cheannach. Níor ínseadar d'á n-athair, do'n tseanduine, aon bhlúire de'n obair a bhí ar siubhal acu. Bhí eagal ortha ná leogfadh sé dhóibh an capal a cheannach. Bhíodar go léir sa bhaile lá an aonaigh ach an fear ba shine, agus is ar éigin fhéadaidís aon bhlúire gnótha ná oibre dhéanamh, ach iad ag cuimh- neamh ar an bhfear a bhí ar an aonach, agus ar conus a dh'eireóchadh leis, agus ar an gcapal a bhí le teacht abhaile chucha. Chómh luath agus bhí puinn i n-aon chor de'n lá caithte, ní fhéadaidís stad ach ag féachaint anonn ar Bóthar na Réidhe féachaint a' bhfeicfidís ag teacht é. Bhí an tráthnóna ann agus ní raibh sé tagaithe. Bhí beirt nú triúr acu thuas ar Charaig na gCearrbhach agus iad ag faire anonn. Tháinig a doircheacht agus níor tháinig an capal, ná an fear a bhí chun an chapail a thabhairt leis. Thánadar isteach. Níor itheadar aon tsuipéar; ní fhéadfidís é. Chromadar ar shocarú gur cheart do bheirt acu dul i gcoinnibh an drithár. Sar a raibh socair acu ar cé raghadh, bhuail sé féin agus an capal chucha an clós isteach. Bhailigheadar go léir i n-a thímpal, agus chromadar ar é cheistiú. D'inis sé dhóibh cé uaidh n-ar cheannuigh sé é; an mór a thug sé air; agus mar sin. Bhí an seanduine imthighthe a chodla. Shocaruigheadar ar gan aon rud a dh'ínsint dó go dtí go bhfeicfadh sé an capal ar maidin amárach a bhí chughainn. Ní raibh stábla acu, ní nár bh'iongna. Chuireadar an capal isteach sa chró mar a mbíodh na ba. Do thárla go raibh
na ba amuich sa tuar an uair sin. Do shuidh- eadar go léir chun bídh ansan. Bhíodar ag cainnt agus ag ithe. Bhí trí nú ceathair de chruachaibh breághtha móna ar an bport acu. Bhéarfidís ualach de'n mhóin sin go Mághchromtha gach aon lá, agus gheobhaidís sé sgillinge bána ar gach aon ualach di, bhí sí chómh breágh chómh tirm sin. Thabharfidís málaí móra mine coirce abhaile leo ar an airgead a gheóbhaidís ar an móin, agus bheadh praiseach bhreágh bhrothalach fholáin acu i gcóir an earraigh, agus min-a's- bainne sa tsamhradh nuair a bheadh an bainne ramhar ann. (Ní raibh aon mhin bhuidhe sa tsaoghal an uair sin ). Níor bh'fhios cad iad na maitheasaí a bainfí as an gcapal san! IV Nuair a bhí an suipéar ithte do shleamhnuigh duine acu amach go bhfaghadh sé lán a shúl airís de'n chapal sar a raghadh sé a chodla. Bhí sé tamal maith gan teacht isteach. Fé dheire tháinig sé isteach, agus é ag féachaint ana ghruama. Bhí iongna ar an gcuid eile cad fé ndeara dhó bheith ag féachaint chómh gruama. "Tá eagal orm," ar seisean i gcogar, "go bhfuil rud éigin ar an gcapal." Do labhair se i gcogar sar a ndúiseóchadh sé an seanduine. "Cad a bheadh air?" arsa duine. "Éist do bhéal!" arsa duine eile. "Ní'l ciall ná tuisgint agat!" arsan fear a bhí tar éis an chapail a cheannach.
Do labhradar go léir i gcogar, ach do ritheadar go léir amach go dtí an cró. D'fhanadar tamal maith sa chró ag féachaint ar an gcapal agus ag cogarnaigh. Tháinig beirt acu agus thugadar tamal, duine acu ar gach taobh de, 'ghá chimilt le sopaibh tuighe go dtí go raibh allus ortha. Ansan do stadadar ar feadh tamail eile ag féachaint air agus ag cogarnaigh. "Tá sé chómh maith ag beirt againn," arsa duine acu, "rith soir ag trial ar Sheán Donnchadh, agus a rádh leis teacht agus féachaint air agus a ínsint dúinn cad tá air. Tá rud éigin air gan aon dabht." "Ná déanfadh sé an gnó dul soir go moch ar maidin?" arsa duine eile. "Beidh Seán Donnchadh ar buile má curtar as a leabaidh é um an dtaca so d'oidhche." "B'fhéidir gur marbh a bheadh an capal ar maidin!" arsa duine eile. "Raghad-sa soir anois má thagan aoinne agaibh i n-aonfheacht liom." Do ghluais triúr acu. Shroiseadar tigh Sheáin Donnchadh. Bhuail- eadar an dorus. B'éigean dóibh an dorus a bhualadh trí h-uaire sar ar freagradh iad. "Cé h-é sin amuich?" arsa Seán, ó'n súsa. D'ínseadar dó cé'r bh'iad, agus cad a bhí uatha. "Cheannuigheas-sa capal ar an aonach indiu, agus tá taom éigin breóiteachta air. Eirigh, a Sheáin, agus tar linn go bhfeicir é agus go n-ínsir dúinn cad tá air, agus cad is ceart a dhéanamh dó. Má gheibheann sé bás orainn táimi creachta amuich 's amach. Eirigh, a Sheáin, ar son Dé, agus tar go bhfeicir é!"
"Cá bhfios daoibh an bhfuil aon ud air?" arsa Seán. "Ó, tá," ar siad-san, "agus gach aon rud air. Nuair a thugamair fé ndeara an teinneas air tháinig duine againn ar gach taobh de agus bhíomair 'ghá chimilt go dtí go raibh sruthana alluis linn, agus níor fhéadamair aon tairbhe dhéanamh dó. Eirigh, a Sheáin, le h-anman t'athar, agus tar linn go bhféachair air!" V Bhí Seán ag eirighe agus ag cur uime agus ag ceistiúchán i n-aonfheacht. "Cad iad na cómharthaí teinnis atá aige dh'á thaisbeáint?" ar seisean. "An bhfuil sé ag speachuíol? An mbíon sé ag luighe 's ag eirighe? An mbíon sé ag féachaint siar air féin?" "Sin é atá 'ár marú, a Sheáin," ar siad. "Ní chuirean sé aon chor i n-aon chor de, olc maith ná donaidhe, ach é ansúd i n-a choilg-sheasamh agus gur ar éigin a thabharfá fé ndeara a anál aige d'á tharang." Do stad Seán a's d'fhéach sé ortha. Bhí bróg leis curtha uime aige, agus an bhróg eile 'n-a láimh aige. "Airiú," ar seisean, "ní fhéadfadh aon chapal seasamh chómh socair sin dá mbeadh teinneas air! Ca bh'fhios daoibh an bhfuil aon rud ar an gcapal?" "Is mise thug fé ndeara ar dtúis an tein- neas a bheith air," arsa duine acu, "agus tá an cómhartha is fearr ar domhan agam ar an
dteinneas a bheith air. Tá trí h-uaire 'chloig nú cheithre h-uaire 'chloig ó cuireadh isteach sa chró é, agus i gcaitheamh an méid sin aimsire níor chogain sé a chíre!" Do chaith Seán uaidh an bhróg, agus do thuit sé siar sa chathaoir agus é ag dul i laige le neart gáiridhe. Do gháir sé chómh h-árd san gur chuir sé eagal ortha. Mheasadar gur ag imtheacht as a mheabhair a bhí sé. Chuir sé chun labhartha cúpla uair, ach do theip air. Chómh luath agus bhogadh sé a bhéal chum labhartha is liúgh gháiriadhe thagadh as i n-inead aon fhocail cainnte. Bhíodar-san ag féachaint cad ba mhaith dhóibh a rádh ná a mheas. Fé dheire thug sé fé ndeara an sgeón ionta, agus do labhair sé leo. "Imthighidh abhaile, a bhuachaillí," ar seisean, "agus bíodh ciall agaibh. Ní'l aon rud ar an gcapal. Ní fheicfidh sibh capal ag cogaint a chíre go dtí go bhfeicfidh sibh muc ag cogaint a círe." Thánadar abhaile, agus chuadar a chodla. D'eirigh an seanduine go moch ar maidin. Bhí Seán, an fear a chonaic an sprid, i n-a shuidhe chómh moch leis an seanduine. D'inis sé do'n tseanduine cúrsaí an chapail, conus mar a ceannaigheadh é ar aonach Mághchromtha agus cad dubhairt Seán Donnchadh. "A ghamhain," arsan seanduine, "dá mb'áil leo an sgéal a dh'ínsint dómh-sa do 'neósfainn dóibh, chómh maith agus d'fhéadfadh Seán Donnchadh é dh'ínsint dóibh, nár chogain capal a chíre riamh."
Seán ua Gríobhtha I I gContae Chorcaighe, tímpal leath-slighe idir Mhainistir Fhearmuighe agus Baile Mhistéala, tá áit ar a dtugtar Cathair Druinne. Ar sheana chnucán, atá tímpal fiche péirse nú mar sin siar ó'n áit de'n bhóthar ar a dtugtar Beárna na Gaoithe, is eadh atá an ainim Cathair Druinne, le ceart. Bhí seana chaisleán ar an gcnucán san fad ó, agus tá aon cúinne amháin de'n tseana chaisleán i n-a sheasamh fós. Dheabh- róchadh an sgéal gur ar an gcaisleán a tugtí "an chathair", agus gur bh'é an cnucán an "druinn," agus gur bh'as san a thárla Cathair Druinne mar ainim ar an seana chaisleán agus ar an mbaile. Bhíos-sa i bparóiste Chill Úird sa bhliadhain d'aois a Tighearna míle ocht gcéad seacht ndeich (1870), agus bhí eólus maith agam ar Cathair Druinne agus ar an dtír i n-a thímpal. Bhí aithne mhaith, leis, agam ar fhear bhocht a bhíodh ag imtheacht ameasg na gcómharsan agus na cómharsain 'ghá chothú. "Barry the Rake" a tugtí air. Bhí sé buille beag as a mheabhair, agus sórd file ab eadh é. Máighistir sgoile ab eadh é i dtosach a shaoghail, ach nuair a tháinig na sgoileana "náisiúnda" b'éigea do'n Bharrach bhocht eirighe as a obair sin. "Ó," adeireadh sé liom, "na sgoileana Gallda san! Chuireadar le fuacht a's le fán me!" Tar éis roinnt aimsire do chuir an t-Easbog mise go Ráth Chormaic ó dheas, agus tar éis roinnt eile aimsire do chuir sé siar go Mágh- chromtha me. Ansan do cuireadh ó thuaidh go dtí an Ráth me. Tar éis mé bheith tamal beag sa Ráth do cuireadh go Cill Úird airís mé, ag tabhairt aire do'n pharóiste, mar bhí an seana shagart a bhí ann an uair sin ró aosta, agus bhí sé as a shláinte, an duine bocht. II Ní rabhas ach, is dóich liom, seachtmhain tagaithe ann an tarna h-uair sin nuair a tháinig firín beag isteach ó Ghort na Sgeiche chugham, lá, le glaodhach ola. Bhí an firín beag aosta agus bhí sé tuirseach. Tá naoi míle shlighe ó Ghort na Sgeiche go dtí baile beag Chill Úird. Bhí capal agus caráiste beag agam. "Suidh isteach anso am' aice, a fhir bhig," arsa mise, "agus tabharfad marcaidheacht abhaile dhuit." Do shuidh, agus "Ó mhaise, a Athair," ar seisean, "ná rabhair choidhche gan cóir iompuir agat!" Chromas ar thuairisg na gcómharsan do chur air. Thug sé dhom gach aon tuairisg go cruinn; cé'r bh'iad a bhí tar éis bháis; cé'r bh'iad a bhí pósta; cé'r bh'iad a bhí ag déanamh go maith, agus cé'r bh'iad a bhí ar a mhalairt de chuma. "An maireann Barry the Rake?" arsa mise. "Ach, ní mhaireann, a Athair," ar seisean. "Tá sé tar éis bháis le fada, gura maith an mhaise dhó é!" "Amen," arsa mise. "File ab eadh é,"
arsa mise, "agus is dóich liom go ndeineadh sé filidheacht mhaith uaireanta." "Do dheineadh go deimhin, a Athair," ar seisean. "'Neósfad duit, a Athair," ar seisean, "blúire filidheacht' a dhein sé tamal maith ó shin, nuair a bhí an droch aimsir ann agus na daoine ag fághail bháis cois na gclathach leis an ocras. Nuair a tháinig na sgoileana nuadha so b'éigean do'n Bharrach bhocht eirighe as an obair sin, agus ansan ní raibh aige ach bheith ag imtheacht ó thigh go tigh chun béile bídh fhághail. Ní raibh an sgéal ró olc ar fad aige go dtí go dtáinig an droch aimsir. Ansan níor ró fhuiriste béile bídh fhághail i n-aon tigh mar bhí an ghanachúise ins gach aon bhall, agus ba mhinic an t-easba bídh ní ba ghéire ins na tighthibh móra 'ná ins na tighthibh beaga féin. "Bhí sagart paróiste thuaidh i mBaile Mhis- téala an uair sin, agus nuair a tháinig an t-ocras dian ar an mbaile sin do cheannuigh an sagart san min, agus chrom sé ar an min do thabhairt amach do dhaoinibh bochta na sráide sin fé mar ba mhó a bhíodh gá léi. Brianach ab eadh an sagart paróiste sin. B'fhéidir go raibh aithne agat air, a Athair." "Bhí, go maith," arsa mise. "'Seadh ansan tu," arsa mise. III "Bhí fear bocht i n-a chómhnuidhe thuaidh ansan ar Cathair Druinne, agus Seán Ua Gríobhtha ab ainim dó. Bhí an fear bocht pas beag neamh- chruinn ann féin. Bhí sé pósta, agus bhí an
bhean ní ba neamhchruinne 'ná é féin. Agus donas an sgéil ar fad, bhí inghean acu, an inghean ba shine, agus bhí sí ní ba neamhchruinne 'ná aoinne de'n bheirt. "Thug an Barrach aghaidh, lá, ar Cathair Druinne agus chuaidh sé isteach i dtigh Sheáin Uí Ghríobhtha. Bhí an t-ocras air agus is dócha go raibh na tighthe móra teipithe air, agus gur cheap sé go mb'fhéidir go bhfaghadh sé blúire le n-ithe i dtigh Sheáin. Bhuail sé isteach. Ní raibh sé abhfad ag cainnt le Seán nuair a fuair sé ná raibh aon bhlúire bídh fé dhíon an tighe. "'Imthigh ó thuaidh," ar seisean le Seán, "agus tabhair chughainn cuid de'n mhin seo atá ag an Athair Murchadh Ua Briain dh'á thabhairt amach dos na daoine bochta." "D'imthigh Seán ó thuaidh agus mála aige. Tháinig sé agus an mála aige agus é folamh. "'Cad i n-a thaobh nár thugais an mhin leat?" arsan Barrach. "'Mar ní bhfuaras í," arsa Seán. "'Ar iarais í?" arsan Barrach. "'D'iaras go deimhin," arsa Seán. "'Agus cad dubhradh leat?" arsan Bearrach. "'Do fiafraigheadh díom a' raibh ocras orm," arsa Seán. "'Agus cad 'dubhraís?" arsan Barrach. "'Dubhart ná raibh," arsa Seán. "'Ó mhais," ó mhais', ó mhais'," arsan Barrach, agus fearg air, "airiú, cad i n-a thaobh ná dubhraís go raibh? Cad i n-a thaobh nár ínsis an fhírinne? ""Ní thabharfinn le rádh dhóibh é," arsa Seán.
IV "Do tharaing an Barrach chuige láithreach blúire páipéir. Bhíodh an chóir chun na sgríbhinne aige i gcómhnuidhe, chun na filidheachta do sgrí síos, is dócha, fé mar a thagadh sí chuige. Do sgríbh sé síos ar an bpáipéar an méid seo :- "A Athair Murchadh atá go gunta líomhtha, Tabhair-se cuid de'n mhin seo do Sheán Ua Gríobhtha, Tá a bhean i n-a h-óinsigh, agus a inghean chríona, Tá sé féin i n-a bhreall agus beidh sé amhlaidh choidhche." "'Seo," ar seisean le Seán, "beir leat ó thuaidh an páipéar san, agus tabhair isteach i láimh an tsagairt féin é, agus gheóbhair an mhin. Dein dithneas anois chómh maith agus d'fhéadfir é. Fanfad-sa anso go dtagair. Ní fhéadfinn dul thairis seo anois leis an ocras." "D'imthigh Seán ó thuaidh airís, a Athar, agus is dócha go raibh sé chómh buailte amach leis an ocras agus bhí an Barrach féin. Bhí an oidhche ag tuitim nuair a shrois sé Baile Mhistéala an tarna h-uair. Thug sé aghaidh ar thigh an tsagairt. Bhí gach aon áit eile dúnta. Bhuail sé an dorus. Tháinig an tseana-bhean, an coimeádaidhe tighe, amach. "'Cad tá uait-se?'" ar sise. "Tharaing sé amach a bhlúire páipéir. ""Dubhradh liom an páipéar so thabhairt do'n Athair Murchadh," ar seisean. "'T'rom i leith é," ar sise.
"'Dubhradh liom é thabhairt isteach i n-a láimh féin dó," ar seisean. "'Éist do bhéal agus ná bí am' bodhradh!" ar sise; agus le n-a linn sin do shnap sí an páipéar as a láimh, agus d'imthigh sí isteach. Do rug sí an páipéar ag trial ar an Athair Murchadh. "'Dubhairt sé, a Athair," ar sise, "nár bhfoláir dó an páipéirín sin do thabhairt isteach ad' láimh féin duit." "Do léigh an t-Athair Murchadh an páipéar. An túisge n-ar léigh do léim sé ar an gcathaoir. "'Cé thug duit é seo?" ar seisean. "'Tá sé amuich ag an ndorus, a Athair," ar sise. "'Cuir chugham é," ar seisean. "Do chuir. Chómh luath agus d'fhéach an tAthair Murchadh ar Sheán bhí fhios aige nár bh'é do sgríbh an blúire filidheachta. "'Cé thug duit é seo?" ar seisean. "D'inis sé dhó. Do shuidh an sagart agus do sgríbh sé cúpla focal ar bhlúire páipéir. "'Seo," ar seisean, "beir leat síos é sin - ach stad," ar seisean. "Do ghlaodhaidh sé ar an mnaoi tighe. "Tabhair rud éigin le n-ithe do'n duine bhocht so," ar seisean, "agus cuir chugham an buachaill. Agus nuair a raghair-se abhaile," ar seisean, "cuir chugham anso an fear a thug duit an páipéar so." "Fuair Seán a dhóithin le n-ithe. Ansan do thaisbeáin an buachaill dó cá bhfaghadh sé an mhin. Fuair sé oiread agus d'fhéadfadh sé a bhreith leis sa mhála dhi. "Tháinig an Barrach lá'r n-a mhárach a bhí
chughainn, agus fuair sé béile mhaith bhídh agus culaith éadaigh, agus dubhradh leis teacht airís gach aon uair a bheadh ocras air nú easba éadaigh." An fhaid a bhí an firín ag ínsint an sgéil sin do dheineamair a lán eile cainnte nár bh'fhéidir dom a chur síos anso gan an sgéal a dhéanamh ró fhada. Um an dtaca 'n-a raibh an sgéal críochnuighthe bhíomair i nGort na Sgeiche, agus do sgaoileas uaim an firín beag. V Féachadh aon duine ar an bhéarsa beag san a sgríbh an Barrach. Bhí an mhin aige dh'á iaraidh, agus bhí air a dh'ínsint cad i n-a thaobh gur cheart truagh bheith ag an sagart do Sheán Ua Gríobhtha. Chuir an file síos cheithre cúiseana. 1. "Tá a bhean i n-a h-óinsigh." - Ní'l aon truagh ar an dtalamh so is mó 'ná fear atá pósta le h-óinsigh. Méaduigheann sé an truagh an t-ocras a bheith ortha araon. 2. "Agus a inghean chríona." - Ba mhór an truagh é nuair a bhí an bhean i n-a h-óinsigh, ach b'é an donas ar fad an bheirt óinseach a bheith ag brath air, agus eisean ortha-san. 3. "Tá sé féin i n-a bhreall." - Dá mbeadh duine ciallmhar tuisgionach i n-a fhear tighe ann b'fhéidir go mbeadh crot éigin ar an dtigh; ach an bheirt óinseach agus an breall i n-aon tigh amháin! B'uathbhásach an truagh é! 4. "Agus beidh sé amhlaidh choidhche." - Dá mba breóite bheadh sé b'fhéidir go bhféadfí súil a
bheith le h-é theacht chuige féin. Dá mba i bprío- sún a bheadh sé d'fhéadfí súil a bheith le n-a theacht amach. Ach "é 'n-a bhreall," agus gan aon tsúil i n-aon chor le h-é theacht ó'n ngalar san go deo! Ag féachaint dó ar na cheithre cúiseanaibh sin chun truagha, níor bh'fhéidir do'n Athair Murchadh gan an mhin do thabhairt uaidh. Do léigheas filidheacht i dteangachaibh iasachta. Táid siad go léir go maith. Do bhuaidh an blúire beag filidheachta san ó'n mBarrach mbocht úd ar aon ní i bhfuirm filidheachta d'ár léigheas riamh i n-aon teangain eile. PEADAR UA LAOGHAIRE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services