Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár nDóithin Araon

Title
Ár nDóithin Araon
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Compiler/Editor
Pléimeann, Risteárd, An tAthair
Composition Date
1919
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ár nDóithin Araon
Ag Séide agus ag Ithe
An Sprid.



An t-Athair Peadar Ua Laoghaire.



Réamhrádh.



Sliocht as oighreacht uasail na nGaedheal atá
i sna sgéalta so. An tAthair Peadar Ó Laoghaire
d'aithris iad agus a sgríbh i gcomhair
a bhfoillsighthe - ar dheis Dé go raibh a anam!
- ach níor bh'é a dhearmhad gan a chur i dtuisgint
dúinn gurbh' ó sna seandaoine a fuair sé féin
a bhfurmhór. Tá a rian san ortha. Is cosmhail
iad le lóchrann a thabharfadh solus dúinn ar
an saoghal a bhíodh ag na Gaedhil i Músgraighe
Uí Fhloinn agus i mballaibh eile 'san Mhumhain
céad éigin bliadhain ó shoin, agus a léireóchadh
dúinn aige na ndaoine agus a gcúrsaí suilt
agus caitheamh aimsire. Sgéalta fíor-Ghaedheal-
acha iad idir smaointe agus teanga agus uile,
gan rian d'á luighead de'n iasacht ag baint
leo; agus muna mbeadh acu ach an t-aon bhuadh
san amháin bheidís an-oireamhnach mar adhbhar
léightheoireachta d'aoinne gur mhaith leis greim
d'fhagháil ar an deagh-Ghaedhilg agus spiorad
na Gaedhealtachta do thuisgint i gceart.



Ach is 'mó buadh eile atá acu. Sgéalta
so-léighte so-thuigse is eadh iad. Is fuiriste
iad do mheabhrú, agus an té a dheanfadh san
bheadh cuid de'n tsean-oighreacht úd i dtaisge


L. 4


aige. Dála an sgéil, ní fearr slighe amuigh
chun dul i dtaithighe na cainnte 'ná sgéilíní
de'n tsórd so do mheabhrú, agus feidhm do
bhaint, i ngnáth-chómhrádh an lae, as na habartaibh
agus as na corthaibh cainnte atá le fagháil go
flúirseach 'san chnuasacht so. Tá sgéalaidh-
eacht ionta agus cómhrádh, an dá nídh is mó a
theastuigheann ó'n mac léighinn.



Do cuireadh adhbhar an leabhair seo i gcló
cheana, agus bhí raidhse nótaí 'san Bhéarla ag
gabháil le sna sgéaltaibh. Na leabhair san,
.i. Ár nDóithin Araon, Ag Séide agus Ag
Ithe, An Sprid, táid ar fagháil i gcomhnuidhe,
ach ceapadh nár mhiste gan dul i muinighin an
tSacs-Bhéarla an turas so. D'á réir sin
cuireadh dornán nótaí i nGaedhilg leis an
leabhar nua, agus táthar ag súil go dtabharfaidh
na nótaí sin congnamh éigin, a bheag nó a mhór
de, do mhúinteoiríbh agus do'n aos foghluma.
Gheobhfar míniú ionta ar phonncanna áirithe
gramadaighe, ar chortha cainnte, agus mar sin
de.



Ar cheann de sna sgéaltaibh is eadh do bun-
uigheadh an dráma beag úd An Sprid, agus dá
mba ná beadh aon nídh eile ann tá adhbhar breágh
cómhráidh 'san dráma san ach cleachtadh do
dhéanamh air. Ní miste dhúinn an dá innsint
do bheith againn, pé i nÉirinn é.



D. Ó M.


L. 9


Beidh ár ndóithin araon ann



I



Seo focal le Diarmuid an Stoca. Siúd é
an Diarmuid, nuair adubhairt an sagart leis
gur "ghlas an lá é," a thug mar fhreagra:
"Am' briathar féin, a Athair, go bhfuil sé fuar,
pé dath atá air."



Bhí aithne ar Dhiarmuid i ngoireacht deich míle
do Mághchromtha, ar gach uile thaobh. Bhí fáilte
agus béile bídh agus lóisdín oidhche dhó ins gach
tigh, bocht agus saidhbhir, mar "duine le Dia"
b'eadh é. Thuig sé i n-a aigne féin ná raibh
ansan ach a cheart. Dar leis, ba leis féin na
tighthe agus na daoine. Dá mbeadh áthas i dtigh,
ní raibh duine sa tigh sin ba mhó áthas d'á bhár
'ná Diarmuid. Dá mbeadh buairt i dtigh, ní
raibh duine sa tigh sin ba mhó buairt d'á bhár
'ná Diarmuid. Nuair a bhí Boc na Caraige
tar éis bháis, chonaic daoine Diarmuid ag dul
fé dhéin an tórraimh. Do labhradar leis, ach
níor chuir sé suim ar bith ionta. Do leanadar
air chun cainnte a bhaint as. Fé dheire d'iom-
puigh sé ortha le feirg agus dubhairt sé, "Is
mór an náire dhaoibh ná leogfadh sibh dom
féin indiu, agus mo chroidhe briste, brúighte,
leis an gcreach atá ar lár agam ansúd
thuas!"


L. 10


II



Níor bh'fhéidir do dhuine uasal cuire dinnéir
a chur amach a gan fhios do Dhiarmuid,
agus, ní nách iongna, bheadh Diarmuid ann le
linn na h-uaire gan teip gan dearmhad gan
chuire.



Chuir Dochtúir Mac Suibhne cuire amach lá.
Bhuail Diarmuid soir fé dhéin tighe an Dochtúra.
Bhí sé tamal beag luath. Fuair Diarmuid an
geata ar osgailt agus baluith breágh ar an
ngaoith. Do lean sé an baluith. Fuair sé
dorus an tighe mhóir ar osgailt. Chuaidh sé
isteach. D'fhéach sé 'n-a thímpal. Bhí dorus
ar osgailt ar a láimh dheis. Chuaidh sé isteach
airís. Chonaic sé an bórd mór. Chonaic sé
an mhias. Chonaic sé an chos chaoir-fheóla. Chuir
sé a lámh dheas i n-a speir. Chuir sé a lámh chlé
'n-a h-ubhall. Chuir sé a bhéal i n-a lár go
cluasaibh. Do dhírigh sé ar é féin do thachtadh
ar a dhícheall le caoir-fheóil. D'airigh an Doch-
túir fothram éigin. D'fhéach sé an fhuinneóg
amach. Chonaic sé an geata ar dian-leathadh.
Cheap sé gur muc a bhí tar éis teacht isteach.
Siúd anuas an staighre é, agus isteach sa
phárlús. Do leath a shúile air nuair a chonaic
sé an rud sáidhte sa mhéis. Do thóg sé a chos
agus do bhuail.



"Och!" arsa Diarmuid, agus é nách mór
tachtuighthe.



Do buaileadh airís é, ach níor sgar sé le n-a
ghreim. Fé dheire, do rugadh air agus do
caitheadh ar mhullach a chinn an dorus amach é,


L. 11


idir chos chaoir-fheóla agus uile. D'eirigh sé
agus thug sé aghaidh ar an nDochtúir agus
dubhairt: "Faire! faire! a Dhochtúir na
Smaointe, ná bíodh ceist ort! Beidh ár ndóithin
araon ann!"



Ní fhéadfadh an fear bocht "Dochtúir Mac
Suibhne" do rádh, agus nuair a chuireadh sé
chuige, is é rud a thagadh ná "Dochtúir na
Smaointe." Gheibheadh daoine magadh sa méid
sin féin, agus deirtí gur bh'é Diarmuid an
Stoca a thug an ainim cheart ar an nDochtúir,
mar gur mhó go mór an machtnamh a dheineadh se
'ná an leigheas a dheineadh sé.



Micheál na buile



I



Cáit. - A Mhichíl, airiú, cár ghabhais chughainn,
nú cár chaithis an aimsir le coruigheacht agus
fiche bliadhain?



M. - Bhíos i nGleann na nGealt, a Cháit.



C. - Agus cad a chuir abhaile thu?



M. - An t-uaigneas, mhaise.



C. - An bhfuil an áit sin abhfad ó bhaile?



M. - Bhíos ag siubhlóid ar feadh seachtmhaine
sul ar shroiseas é, agus tá seachtmhain agus
breis ó dh'fhágas é.



C. - Cad é an saghas baill é, a Mhichíl?



M. - Tá, ball greanmhar. Gleann fada uaig-
neach fiadhain, cnuic mhóra árda ar gach taobh


L. 12


de, sruthán fíor-uisge ag rith tré n-a lár,
biolar ar fás ar bhruach an tsrutháin sin,
agus liacht daoine buile bailighthe ar gach taobh
de'n tsruthán ag ithe an bhiolair agus ag ól an
uisge.



C. - Mhaise, Dia linn, a Mhichíl, nach suarach
an bia é!



M. - Ní chuirfadh sé masmus ar dhuine, geal-
laim dhuit é.



C. - Conus a chaithis an aimsir ann, a
Mhichíl?



M. - Nuair shroiseas an áit, bhí tuirse agus
ocras orm, agus an chéad duine a bhuail umam,
do iaras air rud éigin le n-ithe thabhairt dom.
Níor dhein sé ach féachaint orm agus a cheann do
chromadh airís. An méid díobh a bhí am' chómhgar,
thógadar a gcinn agus d'fhéachadar orm, agus
ansan chromadar airís, agus níor chuireadar
a thuille suime ionam. Nuair ná fuaras
freagra níor labhras a thuille, ach imtheacht ag
ithe an bhiolair leo.



II



Cúpla lá 'n-a dhiaidh san bhíomair ag ithe agus
ag ól, agus gan focal a' béal aoinne, agus
cad do seólfí fá'n ngleann isteach ach bó agus
í ag dul amú. Nuair fhéach sí 'n-a tímpal
agus chonaic sí an fiadhantas go léir, do chuir
sí an bhúirtheach aiste ba thruaghmhéilighe d'ár
airigh mo dhá chluais riamh. Phreabamair suas
agus d'fhéachamair uirthi. Nuair a bhí an bhúir-


L. 13


theach críochnuighthe aici, agus an macalla d'éis
í fhreagairt seacht n-uaire ó'n sliabh, d'iom-
puigh sí ar a sálaibh agus chuir sí an talamh di
chómh géar a's bhí sé 'n-a chosaibh. Chrom gach
aoinne airís agus níor bhíodhg glór duine ná
beithidhigh ann go ceann seacht mbliadhan ó'n
lá san. Ansan do thóg seanduine beag, a bhí
ann le fada, a cheann.



"Airighim géim bó," ar seisean. D'fhéach
gach aoinne air, agus níor labhair duine.



D'imthigh seacht mbliadhna eile sul a bhfuair
sé sin freagra. Fé dheire d'osgail garsún a
bhéal agus dubhairt, "Cár airighis í?" D'fhéach
gach aoinne ar an ngarsún agus níor bhog
aoinne a bhéal féin.



I gceann seacht mbliadhan eile do thóg fear
mór liath suas a cheann, agus d'fhéach sé go
feargach ar an gcéad duine a bhris ar an gciúnas.
Ansan d'fhéach sé go feargach ar an ngarsún,
agus, abhfad anonn dó, is é rud adubhairt sé
ná, "Tá an gleann bodhar agaibh!"



C. - Agus cad a dheinis ansan, a Mhichíl?



M. - Tháinig uaigneas orm. Thugas seacht
mbliadhna ag feitheamh le cainnt an fhir bhig
léith. Bhíos ar feadh seacht mbliadhan ag brath
ar cheist an gharsúin ó dhuine éigin. Ansan
nuair cheapas go ndéarfadh an fear mór rud
éigin fóghanta, is é rud a dhein sé ná stop do
chur leis an gcainnt ar fad.



C. - Andaigh, níor bh'iongna dhó san. Is agaibh
a bhí an gleo. Chuireabhair teinneas cinn ar
an bhfear mbocht.



M. - Tháinig uaigneas orm-sa ansan, agus
thánag abhaile.


L. 14


Cearbhal buidhe na n-amhrán



I



File b'eadh Cearbhal Buidhe na n-Amhrán. Bhí
sé, lá, ag dul go Baile Choitín, agus bhuail fear
ar an mbóthar uime gur bh'ainim dó Tadhg Ruadh.



C. - Dia's Muire dhuit, a Thaidhg.



T. - Dia's Muire dhuit a's Pádraig, a Chear-
bhail. An fada atá do thrial, a Chearbhail?



C. - Ní'l ach go Cáiteach, a Thaidhg. An fada
atá do thrial féin?



T. - Mhaise, ní'l ach soir anso go Crois an
Teampail. Beimíd ag baint choirce Dé Luain
seo chughainn, le congnamh Dé, agus táim ag
dul soir féachaint an bhféadfinn meitheal do
chruinniú.



C. - Ní deirim ná gur maith an t-am é. Tá
an t-arbhar nach mór bainte ins gach aon bhall,
agus táid na fir tar éis teacht abhaile.



T. - Is fíor dhuit. Bhíos ag cainnt aréir le
Tadhg Ua h-Éaluighthe. Bhí sé tar éis teacht
abhaile ó'n mBlárnain. Dubhairt sé go bhfeaca
sé thusa ann agus go raibh beirt nú triúr ann
nár aithin tu, agus gur fhiafraigh duine acu
de dhuine eile cé'r bh'é an fear beag buidhe.
Do thugais-se fé ndeara an cheist, agus bhí
tosach freagra agat mar seo:



Mise Cearbhal Buidhe na n-Amhrán;
Dhéanfinn streanncán ar théadaibh,
Dhéanfinn cíor mhín a's roilleán,
Chuirfinn meathán i dtóin chréithre;


L. 15


Imirim báire agus fáisgim iall am'
bróig,
Ach Dia lem' láimh! ní dhearna ach
criathar fós.



C. - Ha, ha! B'fhíor do Thadhg an méid sin.
Bíon árd chaitheamh-aimsire i gcómhnuidhe againn
sa Bhlárnain.



II



T. - Féach, a Chearbhail. Bíon iongna mór
orm féin conus a dheinean sibh an fhilidheacht
so. Dá gcaithinn mo chiall leis, ní thiocfadh
liom aon dán amháin do chur le chéile.



C. - Ní mar sin atá, a Thaidhg, ach bíon filidh-
eacht agat dh'á dhéanamh gach lá ded' shaoghal agus
gach tráth de'n lá, dá bhféadfá é thabhairt fé
ndeara agus é chur le chéile.



T. - Is fear magaidh thu, a Chearbhail. Níor
dheineas aon bhlúire filidheachta riamh, agus ní
lugha 'ná tháinig aon fhocal riamh as mo bhéal
go bhféadfadh aoinne eile filidheacht do bhaint as.



C. - An fada as so go Baile Choitín?



T - Mar déarfá leath-mhíle.



C. - Cuirfad cárt leanna leat go mbeidh
dán déanta agat sul a mbeimíd i mBaile
Choitín.



T. - Airiú, fianaidheacht! Fágaim le h-udhacht,
a Chearbhail, gur chuireas, tá fiche bliadhain ó shin,
chun amhráin do dhéanamh ag moladh an tSeana-
ghardha. "Seana-ghardha an cheóil," arsa mise,


L. 16


agus dá bhfaghainn Éire, ní fhéadfinn dul níos
sia air.



C. - An gcuirfir an geall?



T. - Cuirfad agus fáilte, agus ní misde
dhom. Beidh ort-sa díol.



C. - Fan leat go fóil. Ach feicimís cad tá
ag Éamon Óg dh'á dhéanamh ansan thall?



T. - Tá fál aige dh'á dhéanamh ar a gháirdín
agus is beag an tairbhe dhó san, mar nuair
fheóchfid na saileacha san, féadfid na gabhair
gabháil tríotha. Dia's Muire dhuit, a Éamoinn!



É. - Dia's Muire 's Pádraig dhuit, a Thaidhg!
agus duit-se leis, a Chearbhail! An bhfuil aon
sgéal nua agaibh? Cad uime go bhfuilir ag
crothadh do chinn, a Thaidhg?



T. - Táim ag crothadh mo chinn, a Éamoinn,
mar is olc an fál an tsaileach úr san.



É. - Ní'l leigheas air. Ní'l a mhalairt agam.



T. - Ó! stad, a dhuine! Ná cuir an cuaille
críon sa bhfál! Tá an rud úr olc a dhóithin, ach
déanfidh sé an gnó go ceann tamail.



C. - Téanam, a Thaidhg, go bhfaghad mo chárt
leanna uait!



III



É. - Cad ar a shon, a Chearbhail, go bhfuil
cárt leanna le fagháil agat ó Thadhg?



T. - Geall, más é do thoil é, do chuir sé liom
go mbéadh dán filidheachta déanta agam sul a
mbeimís araon i mBaile Choitín - mise, nár
dhein aon dán filidheachta riamh, ní nách iongna!



É. - Tá eagal orm, a Chearbhail, go mbeidh
ort díol an turus so.


L. 17


C. - Téanam ort, má seadh, agus bíodh do
chuid de'n deoch agat.



É. - B'fhéidir nár bh'fearra dhom riamh é.



T. - Is fíor dhuit. Ní'l puinn maitheasa idir
lámhaibh agat.



É. - Ní'l meas mór ag Tadhg ar an ngnó.



T. - Dá mbeadh fál le déanamh agam, ba dhóich
liom go gcuirfinn draighean nú sgeach gheal
ann. B'fhearr liom sgothán aitinn féin 'ná
an tsaileach san. Ach cad é seo ag Liam Ua
Buachalla dh'á dhéanamh le n-a sheisrigh? Cad
tá ort anois, a Liam? An bhfuil do chéachta
briste?



L. - Ní'l, a Thaidhg, ach tá mo chuing briste,
agus táim ag casadh le gad do chur uirthi.



T. - Stad, stad, a Liam! Táir 'ghá chur
suas ar an dtuathal. Cas an gad de chúl na
cuinge, agus beidh an greim is fearr aige. Sin
é! Cuir snaidhm anois air.



C. - Féach, a Thaidhg, nach breágh fhéachann an
fharaige indiu? Ní fheadar cad é an áit as a
dtáinig an long mhór úd soir.



T. - Ní raibh sí ann indé. Féach airiú, a
Chearbhail, nách fada ó stiúir na luinge an bád
beag?



C. - Is fada, a Thaidhg, agus is maith an mhaise
agat é. Tá an dán críochnuighthe agat-sa, agus
mo chárt leanna beirtha agam-sa.



T. - An ar buile ataoi, a Chearbhail? Cad é
an dán?



C. - Éist liom. Ní'l abhfad ó dubhraís le
h-Éamon Óg, "Is olc an fál an tsaileach úr."



T. - Dubhart, agus ní'l puinn filidheachta sa'
tsailigh.


L. 18


C. - Ansan do liúghais air - "Ná cuir an
cuaille críon sa bhfál."



T. - Agus ca bhfuil an fhilidheacht sa méid
sin?



C. - Bíodh foidhne agat. Dubhraís ansan le
Liam Ua Buachalla, "Cas an gad de chúl na
cuinge." Agus anois beag dubhraís liom-sa,
"Nách fada ó stiúir na luinge an bád." Níor
dheineas féin riamh dán is deise 'ná é. Féach:" -



Is olc an fál an tsaileach úr;
Ná cuir an cuaille críon sa bhfál;
Cas an gad de chúl na cuinge;
Nach fad' ó stiúir na luinge an bád!"



T. - Dar fiadh, a Chearbhail, ní'l teóra leat.
Agus as mo bhéal féin an uile fhocal de! Tá
an geall buaidhte agat glan. Féach, a Chearbhail,
ba dhóich liom go raibh an léim úd ró mhór ó
"cúl na cuinge" go "stiúir na luinge."



C. - Tusa thug an léim sin. B'éigean dómh-
sa thú leanamhaint.



T. - Am' basa, tá agat airís! Ní'l aon
mhaith bheith leat!



Iomrol Aithne



I



Tamal mór ó shin, suas le trí fichid bliadhan
ó shin, bhí grásaeir beag ó Bhéara ag dul soir
go Caraig an Drochaid ar aonach. Bhí an oidhche
ag teacht air agus é ag déanamh síos ar shráid


L. 19


Mághchromtha. Níor mhór dó bheith ar pháirc an
aonaigh ar eirighe lae ar maidin lá'r n-a mhárach
a bhí chughainn, nú ní fhéadfadh sé a ghnó do
dhéanamh. Baile Mhúirne aniar is eadh tháinig
sé.



Nuair a bhí sé ag gabháil Bóthar na Sop síos,
bhí sé ag féachaint i n-a thímpal, féachaint cá
bhfaghadh sé lóisdín. Do taisbeánadh tigh deas
cluthmhar compórdach dó. Chuaidh sé isteach.
Do tugadh rud le n-ithe dhó, agus do taisbeánadh
a leaba dhó.



Nuair a bhí a chuid caithte aige, agus é ag dul
a chodla do ghlaodhaidh sé ar fhear an tighe.



"A leithéid seo," ar seisean, "a fhir an tighe,
glaodh orm uair a' chloig roim lá, mar ní mór
dhom bheith moch ar an aonach."



"Tá go maith," arsa fear an tighe.



Chuaidh an grásaeir a chodla, agus tar éis na
siubhlóide, ba ghearr go raibh sé 'n-a shámh-chodla.
Ba ghearr gur bhuail isteach sa tigh chéadna
tíncéir a bhí ag dul ar an aonach gcéadna, agus
cá gcurfí chun codlata é ach isteach sa leabaidh
chéadna 'n-a raibh an grásaeir i n-a chodla. Do
dhúisigh an grásaeir nuair a fuair sé an duine
ag teacht isteach sa leabaidh chuige. Dheineadar
roinnt cainnte, i dtreo gur inis gach duine
acu do'n duine eile cad a thug ann é, agus
cár bh'as é, agus cá raibh a thrial ar maidin.



"Dubhart-sa le fear an tighe glaodhach orm
uair a' chloig roim lá," arsa'n grásaeir, "mar
ní mór dhom bheith ag an aonach ana mhoch."



"Dubhart-sa leis gan glaodhach orm go h-ead-
artha," arsan tíncéir. Agus thuit a gcodla
ar an mbeirt.


L. 20


II



Bhí duine breóite sa tigh ba ghoire do'n tigh
sin, agus bhí an dochtúir d'éis teacht 'ghá fhéach-
aint um thráthnóna. Agus is é thuig an dochtúir
i n-a thaobh ná gur éagcruas a bhí air, agus
nár bh'fholáir a cheann do bhearradh.



"Ní'l an chóir agam anois chun a bhearrtha,"
arsan dochtúir, "ach tiocfad isteach ar ball,
agus bearrfad a cheann, agus tabharfidh san
fionfhuaradh breágh dhó."



D'imthigh an dochtúir, agus ní fada chuaidh sé
nuair a bhuail cómharsa chreideamhnach uime.
D'óladar braon. Nuair a bhí an braon san
ólta acu, d'óladar braon eile. Ar ball do
chuimhnigh an dochtúir air féin.



"Ó!" ar seisean, "tá fear bocht anso thuas
i mBóthar na Sop, agus is eagal liom go bhfuil
droch-ní éigin air. Gheallas dul agus a cheann
do bhearradh."



Tháinig sé agus an chóir aige, agus cá dtabhar-
fadh sé aghaidh ach isteach sa tigh i n-a raibh an
grásaeir agus a tíncéir ar lóisdín.



Thárla gurb' é an déanamh céadna agus an
córú céadna a bhí ar an dá thigh laistigh ionta.
Thárla, leis, gur san inead céadna i ngach tigh
a bhí gach leaba de'n da leabaidh. Níor dhein
an dochtúir ach déanamh ceann ar aghaidh ar an
leabaidh chéadna, dar leis, go raibh sé 'n-a h-aice
um thráthnóna roime sin.



Bhí an bheirt i n-a dtrom-chodla. Bhí an
tíncéir ar cholbha, óir is é ba dhéanaighe tháinig.



Bhain an dochtúir an t-éadach de cheann an


L. 21


tíncéara agus tharaing sé chuige a chóir bhearrtha.
Bhí an sobal go bog aige, agus bhí an faobhar
ar áilneacht aige. Ba ghearr go raibh plaosg
an tíncéara chómh lom chómh geal aige le h-ubh
gé. Níor thug sé fé ndeara an grásaeir i n-aon
chor.



D'imthigh sé, ach ní h-abhaile chuaidh sé. Ghlaodh-
aidh sé go tigh an chúinne.



Bhí fear an tighe sin agus é féin go mór le
n-a chéile. D'ól sé braon ansan, braon fógh-
anta. D'ól sé an tarna braon ann. Do
bhuail sé an drochad anonn, agus suas Sráid
an Chaisleáin. Bhí dorus ar osgailt ansan
roimis, agus do bhuail sé isteach. Bhí muíntir
an tighe sin agus é féin, leis, go h-ana mhór
le n-a chéile. D'ól sé braon ansan agus an
tarna braon, agus dar ndó an trímhadh braon.
Chuir sé lámh i n-a phóca.



"Ó!" ar seisean, "tá a fhios ag an dtalamh
gur fhágas mo bhosga úirlisí thall am' dhiaidh
i mBóthar na Sop! Ní mór dhom dul anonn
láithreach 'ghá iaraidh."



III



Bhuail sé amach. Ní raibh sé ar meisge. Ní
raibh i n-aon chor. Ní raibh blúire meisge air,
blúire riamh. Bhí luasgadh beag sa talamh fé
n-a chosaibh. Ach má bhí féin, ní h-air-sean
a bhí sé. Tháinig sé go dtí an tigh, agus i
bhfiadhnaise na leapthan.



An bheirt a bhí sa leabaidh, ámh, bíodh go raibh
an codla go trom ortha, ní ró shocair d'fhanadar


L. 22


an fhaid a bhí an dochtúir amuich uatha. Bhíodar
ag iompáil agus ag únfairt go dtí go raibh an
tíncéir thíos i gcosaibh na leapthan, agus an
grásaeir i n-a aonar thuas.



Do sheasamh an dochtúir chómh maith agus d'fhéad
sé seasamh, os cionn na leapthan, agus solus
i n-a láimh aige. D'fhéach sé ar cheann an ghrás-
aera, agus ní fheacaís iongna ná alltacht riamh
ach mar a bhí air. Chuir sé a lámh ar ghruaig an
duine, agus bhain sé bog-stathadh nú dhó aisti,
ach níor dhúisigh sé an duine.



"'Seadh!" ar seisean. "Do bhuaidh sin ar a
bhfeaca-sa riamh fós d'obair! Ní h-iongna go
raibh teinneas cinn agus spreabhraoidí ort, a fhir
bhoicht, agus a leithéid sin d'fhás gruaige bheith
as do cheann! Ní'l thar dhá uair a" chloig ó
bhearras é chómh lom le m'bais, agus sin cromadh
go maith anois ar faid airís sa ghruaig aige!
Cad déarfidh dochtúirí Chorcaighe agus Bhaile
Átha Cliath, nuair a' neósfar an sgéal so dhóibh?
Sgríobhfad leabhar air. Beidh m'ainm anáirde.
- Agus mar dheimhniú ar an sgéal, bearrfad
airís é agus cimeádfad an dá lomra. Tá an
chéad lomra anso fós. Is maith nár chaitheas
uaim é ó chiainibh."



Tharaing sé chuige an sobal agus an faobhar,
agus do bhearr sé ceann an ghrásaera chómh lom
chómh geal le ceann an tíncéara.



Níor glaodhadh ar an ngrásaeir chómh moch
agus do gealladh dó. Bhí solus an lae ann
nuair do glaodhadh air. Ag teacht amach as an
leabaidh dó, do chonaic sé plaosg lom an tín-
céara, agus bhí iongna air. Ach bhí iomarca
dithnis air chun puinn fiafraighthe do dhéanamh.


L. 23


Cheap sé, dar ndó, gurab amhlaidh a bhí an tíncéir
maol riamh.



Chuir sé uime chómh tiugh agus d'fhéad sé é,
agus siúd chun siubhail é ar sodar, agus eagla
air ná beadh sé i n-am chun an aonaigh.



D'eirigh an ghrian. Bhí an mhaidean brothallach.
Bhí sé ag cur na slighe dhe go géar. Tháinig
tart air. Bhuail tobar breágh fíor-uisge uime
ar leith-thaoibh an bhóthair. Chrom sé chun dighe
ól. Chonaic sé sgáth a chinn sa n-uisge!



Do léim sé 'n-a sheasamh, agus siúd thar n-ais
go Mághchromtha é, agus suas Bóthar na Sop,
agus isteach sa tigh 'n-ar chodail sé.



"Nach deas an obair í seo!" ar seisean le
fear an tighe.



"Cad í an obair?" arsa fear an tighe.



"Gheallais go nglaodhfá moch ar an
ngrásaeir!"



"Do ghlaodhas chómh moch agus d'fhéadas
glaodhach," arsa fear an tighe.



"Má 'seadh," arsan fear eile, "ní ar an
ngrásaeir a ghlaodhais ach ar an dtíncéir!"



Sguraidheacht an Leasa



I



Oidhche Shamhna dob eadh í. Bhí gasra bailighthe
ag an Lios. Bhí Seán an Leasa féin sa chúinne
i n-aice na teine agus a chaipín breac air, agus
a bhríste gearra air, agus sgéal fianaidheachta
aige dh'á insint. Ní raibh an sgéal críochnuighthe


L. 24


go dtí go raibh uair an mheadhon-oidhche go maith
ann. Dubhairt cuid acu go raibh sé ag déanamh
ar buille 'chlog.



Sgéal aerach dob eadh an sgéal. Ní raibh
sprid ná púca ná samhail i roilig ná i n-uaig-
neas, ná raibh tabhartha isteach sa sgéal ag Seán,
i dtreo, féach, nuair a bhí an sgéal críochnuighthe
aige, gur dhóich leat go raibh siafraí agus daoine
maitha na h-Éirean bailighthe amuich sa lios,
agus ag gluaiseacht mórthímpal an tighe, agus
thíos ins an tseómra, agus thall 's abhfus ins
na cúinníbh dorcha.



"B'fhearr liom go mbeinn sa bhaile," arsa
Dómhnal Mór, agus ba dhóich leat go raibh
creathán i n-a ghlór.



"Tá an bóthar céadna agat abhaile a bhí agat
ag teacht. Is dócha go bhfuil sé ann fós,"
arsan táiliúir.



Fear dob eadh an táiliúir ná raibh aon phioc
de na cosaibh air, ach dhá staimpín beaga - slán
mo chómhartha! Ach ceárdaidhe maith dob eadh é,
agus bhí tuilleamh mór aige. Bhí na lámha go
maith aige agus bhí an béal go maith aige. Dá
n-aireófá ag cainnt é agus gan radharc a bheith
agat air, ba dhóich leat gur ghaisgidheach é, agus
gur bheag aige aghaidh do thabhairt ar aonach.
Bhíodh sé i gcomhnuidhe 'ghá mhaoidheamh ná cuirfadh
sprid ná púca aon eagla air féin, agus ná
géillfadh sé a leithéidí bheith i n-aon chor ann.



"Is dócha," arsa Dómhnal Mór, "go bhfuil,
ní nách iongna. Ach ní h-é an t-am a bhí an uair
sin agam atá anois agam. Dá mbeinn thar
an roilig ba chuma liom."



"Tá cúram éigin eile ar mhuíntir na roilige


L. 25


d'eaghmuis bheith ag féachaint ad' dhiaidh - bean-
nacht Dé le n-a n-anam!" arsan táiliúir.



"Mar 'dh eadh," arsa Domhnal Mór, "ná
beadh eagal ort-sa gabháil thar an roilig anois."



"Am' briathar ná beadh," arsan táiliúir.



"Am' briathar ná creidfinn é," arsa Dómhnal.



"Ní fhágann san ná gur fíor é," arsan
táiliúir.



"Cad é an tairbhe dhuit bheith ag cainnt mar
sin?" arsa Dómhnal. "Ca bhfios d'aoinne
cé'cu is fíor é nú nách fíor?"



"Dá mbeadh na cosa agam-sa chómh maith
agus atáid siad agat-sa, ba ghearr an mhoill
orm a thaisbeáint gur fíor é," arsan táiliúir.



"Bíodh geall," arsa Dómhnal, "dá mbeadh
na cosa agat, ná beadh an chainnt chómh dána
agat."



"Cad é an eagla bheadh orm?" arsan
táiliúir. "Nách í an roilig chéadna í sa
n-oidhche nú sa lá?"



II



"'Neósfad-sa dhaoibh cad a dhéanfidh sibh," arsa
fear an chaipín bhric. "Beir-se leat an táiliúir,
a Dhómhnail, agus fág i gcúinne na roilige 'n-a
aonar é, agus fanadh sé ar feadh uaire a'
chloig. Ansan féadfir dul agus é thabhairt
leat abhaile, agus taisbeánfidh san gur fíor
ná fuil aon eagla aige roim sprid ná roim
púca.



"Dar fiadh! déanfad," arsa Dómhnal.



Do thuit an lug ar an lag ag an dtáiliúir, ach


L. 26


ní fhéadfadh sé tarang siar agus a raibh de
chainnt déanta aige.



"Táim sásta," ar seisean.



Bhí súil aige, ámh, go mb'fhéidir ná leogfadh
eagla do Dhómhnal an bheart do dhéanamh. Agus
ní leogfadh, ach go ndubhairt sé leis féin go
mbeadh an chuideachta aige an fhaid a bheadh an
táiliúir ar a mhuin aige, agus ansan go bhféad-
fadh sé rith thar n-ais. Ba mhór an sásamh leis,
d'á éaghmuis sin, an t-anaithe thabhairt do'n
táiliúir de bhár a chod' cainnte.



"Seo!" arsa Dómhnal Mór. "Buailidh
chugam anso ar mo mhuin an fear bocht."



Agus chuireadar ar a mhuin é.



An fhaid a bhí an sguraidheacht agus an sgéal
fianaidheachta agus gnó an táiliúra ar siubhal
ag an Lios, bhí gnó eile ar siubhal sa roilig.



Bhí beirt bhitheamhnach, athair agus a mhac, i n-a
gcómhnuidhe sa chómharsanacht. Shocaruigheadar
an oidhche sin go dtiocfidís agus go ngoidfidís
caora ó Sheán an Leasa féin.



Nuair bhí am mhairbh na h-oidhche acu, do
ghluaiseadar. Ní raibh, dar leo, áit ba lugha
baoghal dóibh chun an chroicinn do bhaint de'n
chaoirigh, 'ná an cúinne céadna úd sa roilig,
toisg an droch-ainim a bheith ar an áit.



"Imthigh-sé," arsan seanduine, "ó's agat atá
an óige, agus tabhair leat an chaora, agus
raghad-sa go cúinne na roilige, agus bead ann
rómhat."



D'imthigh an fear óg fé dhéin na caorach, agus
d'imthigh an seanduine agus do luigh sé sa


L. 27


bhfoithin i gcúinne na roilige, agus ba ghearr
gur thuit míogarnach codlata air.



Ba ghearr gur airigh sé rud éigin do dhúisigh é.
D'airigh sé an duine ag teacht agus é ag séide,
fé mar bheadh ualach air. Cheap sé, dar ndó,
gur b'é fear na caorach a bhí ann. Ní h-é fear
na caorach a bhí ann, ámh, ach Dómhnal Mór agus
an táiliúir ar a mhuin aige.



III



Tháinig Dómhnal go falla na roilige lasmuich,
agus chuir sé an táiliúir i n-a shuidhe ar an
bhfalla. Ansan do rug sé fé'n dá osgail air,
agus bhí sé 'ghá leogaint uaidh síos de dhruim
an fhalla isteach sa chúinne. Le n-a linn sin,
do shín an fear thíos a dhá láimh anáirde agus
do rug sé 'n-a bhacalainn ar an ualach.



"An bhfuil sé méith?" ar seisean.



Ní túisge d'airigh Dómhnal an focal 'ná
sgaoil sé uaidh an táiliúir agus rith sé an fhaid
a bhí sé 'n-a chosaibh. Ba ró ghearr gur sgiúrd
sé an dorus isteach chun muíntire an Leasa
airís, agus ní túisge bhí sé laistigh de dhorus
'ná thuit sé i laige. Bhíodar ag caitheamh uisge
air, agus ag glaodhach air, agus fé dheire tháinig
sé chuige féin, agus is é céad fhocal a tháinig
as ná "Ó! an sprid! Ó! an sprid!"



Geallaim dhuit go raibh sgeón ionta.



"Cár fhágais an táiliúir?" arsa fear an
chaipín bhric.



"Ó leog dom féin!" arsa Dómhnal. "Do
sgiob sí léi as mo lámhaibh é."


L. 28


Nuair a chonaic an bitheamhnach a bhí i gcúinne
na roilige nách caora do leógadh anuas chuige ach
duine, geallaim dhuit gur baineadh geit as.
Do chaith sé uaidh ar an dtalamh an táiliúir, agus
do rith sé leis féin gan focal do labhairt.



Ba mhó an gheit do baineadh as an dtáiliúir
'ná as aoinne acu, nuair a bhí greim ag Dómhnal
Mór thuas air agus greim ag an sprid thíos air,
agus gur sgaoileadh síos é. Ach nuair a fágadh
i n-a aonar é, níor ró fhada go dtáinig sé chuige
féin.



Ar ball do bhí fear na caorach ag teacht.
D'airigh an táiliúir ag teacht é, ach ní raibh blúire
cuinne aige ná gurbh é Dómhnal Mór a bhí ag
teacht 'ghá iaraidh, fé mar do gealladh dhó.



Bhí sé díreach 'ghá chuimhneamh i n-a aigne, d'á
mhéid maoidheamh a dhein sé riamh as a neamh-eagla
roim púcáibh, nár mhisde dhó maoidheamh níos mó
a dhéanamh feasta, agus é tar éis cúpla uair
a' chloig do chaitheamh ansúd, sa n-áit aerach úd, -
nuair do labhair an duine thuas:



"An bhfuilir ansan?" ar seisean, i gcogar.



"Táim," arsan táiliúir i gcogar eile. "Cad
a choimeád thu?"



"Ní fhéadfinn breith air," arsan fear thuas.



"Ní fhéadfá breith air!" arsan táiliúir.



"Cad é an chainnt sin ort mar sin? Cad é
mar ghnó dhuit mé fhágáilt anso ar feadh cheithre
h-uaire 'chloig, am' leathadh le fuacht na
h-oidhche?"



"Cheithre h-uaire 'chloig! Ní'l dhá uair a'
chloig ó fhágamair an baile. Seo - beir air seo
uaim agus leog dom féin."



Le n-a linn sin, do sgaoil sé uaidh síos an


L. 29


chaora mharbh. Thuit an chaora ar an dtáiliúir.
Do bhéic an táiliúir.



"Ó!" ar seisean, "cad é an rud é sin?"



Nuair dh'eirigh guth an táiliúra, d'aithin an
fear thuas é, agus má d'aithin, do chuir sé an
talamh de, agus d'fhág se ansan iad idir
chaora agus táiliúir.



IV



Nuair a bhí Dómhnal Mór tar éis an sgannra
mhóir do chur de, do bhailigh fear an chaipín bhric
cruinneas an sgéil uaidh i ndiaidh a chéile.
D'eirigh sé 'n-a shuidhe agus chuir sé a chóta-mór
uime agus d'aimsigh sé a bhata.



"Cá raghair?" arsa Dómhnal Mór.



Níor thug sé aon fhreagra air, ach bualadh an
dorus amach.



Phreab Dómhnal i n-a shuidhe agus do lean sé é.
Do leanadar go léir é. Thug sé aghaidh ar an
roilig. Do leanadar é. Nuair a thánadar go
dtí an cúinne, d'airigheadar an duine thíos
agus é ag cneadaigh. Do léim Seán síos. An
chaora mharbh an chéad ní gur chuir sé lámh air.
Thóg sé an chaora.



"Cé h-é seo anso agam?" ar seisean leis
an t-é a dh'airigh sé ag cneadaigh.



"Mise!" arsan táiliúir.



"Cé h-é tusa?" arsa Seán, ag breith ar
chloigean air.



"Diarmuid Ua Coill," arsan táiliúir.



"Cé h-é an Diarmuid Ua Coill?" arsa Seán.



"Diarmuid Riabhach, is dó! - ó's é is fearra
thuigfir."


L. 30


"Airiú, greadadh chughat, an tú an táiliúir?"
arsa Seán.



"Ó, is mé cheana, mhaise, agus is dócha go
bhfuil deire liom anois, murab ionan a's riamh,"
ar seisean.



"Agus cé leis an chaora mharbh so, nú cad a
thug anso í?" arsa Seán.



"Ní'l aon phioc d'á thuairisg agam, ach gur
chaith duine éigin anuas orm í, agus go bhfuilim
basgaithe múchta aici," arsan táiliúir.



Thóg Seán an táiliúir ar a bhacalainn leis.
Thóg beirt éigin eile acu an chaora mharbh, agus
ghluaiseadar chun tighe an leasa. Nuair a
thánadar isteach agus dheineadar solus, do
chonaic Seán go mba leis féin an chaora, agus
is é adubhairt sé ná:



"Oidhche shúgach, maidean bhrónach,
A ghearráin duinn, is olc do ghnó-sa."



Rud éigin ar an gcapal



I



An Seán Ua h-Iarlaithe úd a chonaic an
"sprid mhuice i bhfuirm bhuímpéise stoca," bhí
cúigear drithár aige, agus fir mhóra láidre ab
eadh iad go léir. Bhí déiridheacht acu ar fheirm
thailimh a bhí ana dheacair a shaothrú. Dá bhféachfá
uait ar an bhfeirm agus gan taithighe bheith agat
ar a leithéid, do buailfí isteach ad' aigne nár
bh'fhéidir d'aoinne aon tsaothrú dhéanamh uirthi, ná


L. 31


aon tsaghas sochair a bhaint aisti. Ní raibh sí chómh
h-olc ar fad, ámhthach, agus ba dhóich leat ar an
gcéad amharc a bhí sí. Ní fheicfá uait ach an uail
charaigreacha, agus iad, ba dhóich leat, i n-a
gcruachaibh ar muin a chéile, agus iad go cruaidh
agus go lom agus go mí-chothromach, agus gan
aon rud i bhfuirm glasra le feisgint ortha ná
eatartha. D'fhiafrófá dhíot féin, "Cad é an
mí-ádh fá ndeara d'aon Chríostaidhe riamh dul
chun cómhnuidhthe i n-a leithéid de rasgalum áite,
agus tabhairt fé chíos do dhíol as?"



Dá dtuigthá gnó na h-Éirean le cúpla céad
bliadhan, agus an cor a bhí ar Ghaedhlaibh Éirean
i gcaitheamh an chúpla céad bliadhan san, bheadh
freagairt do cheiste agat féin. Bheadh fhios
agat cad é an ruagadh a tugadh ar Ghaedhlaibh
as na talmhaintíbh míne réidhe, agus conus
ab éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar na sléibhtibh
agus ar na caraigreachaibh, agus beatha agus
cíos a bhaint asta, nú bás d'fhághail.



Sin é an mí-ádh fé ndeara d'athair Sheáin Uí
Iarlaithe an déiridheacht úd do thógaint ameasg
na gcaraigreach úd, agus casadh le beatha agus
cíos do bhaint as an áit.



II



Nuair a raghfá isteach ameasg na gcaraigreach
agus shiubhlófá eatartha, chífá ná raibh an áit
chómh h-olc ar fad agus d'fhéach sé dhuit nuair
ná rabhais ach ag féachaint uait air. Chífá féar
maith, bíodh gur bh'fhéar garbh é, ag fás ins na
spásanaibh idir na caraigreachaibh istigh. Chífá


L. 32


leis, anso agus ansúd, idir na caraigreachaibh
móra, spásana a bhí cuibhsach leathan, chómh leathan
agus go bhféadfí cúilíní beaga prátaí do chur
ag fás ionta. Sar a dtáinig an dubh ar na
prátaí thugadh na cúilíní sin toradh maith uatha
i dtreo gur bh'fhiú iad a bhfactí d'á nduadh.



Do caithtí, ámhthach, iad do shaothrú le obair
lámh ar fad. Níor bh'fhéidir aon ní i bhfuirm
céachta do chur chun oibre ionta. Do caithtí an
grafán d'imirt ortha ar dtúis; ansan iad do
rómhar amach leis an rámhainn, agus na clocha
do phiocadh asta leis an láimh; ansan do caithtí
aoileach do tharang le ciseánaibh, ó'n dtigh,
agus an t-aoileach san do leathadh ortha mar
leasú. Na daoine a chaitheadh an leasú san do
thabhairt ar a muin leo ó'n dtigh. Dá mba ná
curfí an leasú ortha ní bheadh aon mhaith sa
n-obair. Ní fhásfadh aon rud as an gcré mura
gcurtí an leasú uirthi.



Bhí an obair sin dian go maith ar athair Sheáin
Uí Iarlaithe go dtí gur eirigh a chlann suas
chuige. Bhí sgéal maith go leór ansan aige.
Bhí seisear mac aige agus iad go léir go
leathan láidir, go maith chun gach aon tsaghas
oibre. Bíodh go raibh Seán pas beag símplidhe
bhí sé go maith chun na h-oibre. Níor fhágadar
an cúinne ba lugha, idir na caraigreachaibh, gan
briseadh agus saothrú, agus a bheag nú a mhór
de thairbhe bhaint as. Ach níor dheineadar aon
úsáid d'aon rud i bhfuirm capail.



Bhí mórán portaigh sa bhfeirm. Bhainidís móin
ar an bportach agus thriomuighdís í sa tsamhradh.
Ar a muin, ámhthach, is eadh thugaidís abhaile ó'n
bportach í. Ní maith a dh'fhéadfadh capal dul


L. 33


isteach i n-aon chor ar an bportach. Bhí an áit
ró bhog, ró fhliuch.



Bhí mórán portaigh sa chómharsanacht, leis,
móthímpal. Bhíodh gá le móin sa tsráid,
agus bhíodh cuid des na cómharsain ag breith
móna isteach sa tsráid agus 'ghá díol, agus
nuair a thagadh an aimsir fhuar bhíodh sí daor go
maith agus gheibhtí gearra-chuid airgid uirthi.



III



Do thuig muíntir Iarlaithe gur mhór an truagh
dhóibh féin, ó bhí an portach chómh maith acu, agus
chómh fairsng, gan roinnt mhóna do bhaint agus
do thriomú agus do bhreith leo isteach sa tsráid,
agus pinginí beaga airgid a bheith acu aisti
anois a's airís. Níor bh'aon trioblóid an
mhóin a bhaint agus do thriomú. Ach bhí trioblóid
sa sgéal i n-a dhiaidh san, trioblóid nár bh'fhuir-
iste do leigheas. Conus a béarfí an mhóin
isteach sa tsráid agus gan aon chapal acu?
An mór an mhóin a caithfí a dhíol sar a mbeadh
oiread airgid déanta dhi acu agus cheannochadh
an capal? Dá gceannuightí an capal ar cáirde,
cathain a bheadh díolta as? Dá bhfaghadh an capal
bás sar a mbeadh díolta as, cad a dhéanfidís
ansan?



Bhíodar ag cur 's ag cúiteamh ar an gcuma
san ar feadh abhfad. Fé dheire shocaruigheadar
ar an gcapal do cheannach. Fuaradar roinnt
de'n airgead ar iasacht, agus fuaradar cuid
de ó cheannuidhe ime i gCorcaigh. D'imthigh an


L. 34


fear ba shine acu go h-aonach a bhí i Mághchromtha
chun an chapail a cheannach.



Níor ínseadar d'á n-athair, do'n tseanduine,
aon bhlúire de'n obair a bhí ar siubhal acu. Bhí
eagal ortha ná leogfadh sé dhóibh an capal a
cheannach.



Bhíodar go léir sa bhaile lá an aonaigh ach an
fear ba shine, agus is ar éigin fhéadaidís aon
bhlúire gnótha ná oibre dhéanamh, ach iad ag cuimh-
neamh ar an bhfear a bhí ar an aonach, agus ar
conus a dh'eireóchadh leis, agus ar an gcapal
a bhí le teacht abhaile chucha. Chómh luath agus bhí
puinn i n-aon chor de'n lá caithte, ní fhéadaidís
stad ach ag féachaint anonn ar Bóthar na
Réidhe féachaint a' bhfeicfidís ag teacht é. Bhí
an tráthnóna ann agus ní raibh sé tagaithe.
Bhí beirt nú triúr acu thuas ar Charaig na
gCearrbhach agus iad ag faire anonn. Tháinig
a doircheacht agus níor tháinig an capal, ná
an fear a bhí chun an chapail a thabhairt leis.
Thánadar isteach. Níor itheadar aon tsuipéar;
ní fhéadfidís é. Chromadar ar shocarú gur
cheart do bheirt acu dul i gcoinnibh an drithár.
Sar a raibh socair acu ar cé raghadh, bhuail sé
féin agus an capal chucha an clós isteach.



Bhailigheadar go léir i n-a thímpal, agus
chromadar ar é cheistiú. D'inis sé dhóibh cé
uaidh n-ar cheannuigh sé é; an mór a thug sé air;
agus mar sin. Bhí an seanduine imthighthe a
chodla. Shocaruigheadar ar gan aon rud a dh'ínsint
dó go dtí go bhfeicfadh sé an capal ar maidin
amárach a bhí chughainn. Ní raibh stábla acu,
ní nár bh'iongna. Chuireadar an capal isteach
sa chró mar a mbíodh na ba. Do thárla go raibh


L. 35


na ba amuich sa tuar an uair sin. Do shuidh-
eadar go léir chun bídh ansan. Bhíodar ag
cainnt agus ag ithe. Bhí trí nú ceathair de
chruachaibh breághtha móna ar an bport acu.
Bhéarfidís ualach de'n mhóin sin go Mághchromtha
gach aon lá, agus gheobhaidís sé sgillinge bána
ar gach aon ualach di, bhí sí chómh breágh chómh
tirm sin. Thabharfidís málaí móra mine coirce
abhaile leo ar an airgead a gheóbhaidís ar an
móin, agus bheadh praiseach bhreágh bhrothalach
fholáin acu i gcóir an earraigh, agus min-a's-
bainne sa tsamhradh nuair a bheadh an bainne
ramhar ann. (Ní raibh aon mhin bhuidhe sa
tsaoghal an uair sin ). Níor bh'fhios cad iad
na maitheasaí a bainfí as an gcapal san!



IV



Nuair a bhí an suipéar ithte do shleamhnuigh
duine acu amach go bhfaghadh sé lán a shúl airís
de'n chapal sar a raghadh sé a chodla. Bhí sé
tamal maith gan teacht isteach. Fé dheire tháinig
sé isteach, agus é ag féachaint ana ghruama.
Bhí iongna ar an gcuid eile cad fé ndeara dhó
bheith ag féachaint chómh gruama.



"Tá eagal orm," ar seisean i gcogar,
"go bhfuil rud éigin ar an gcapal." Do
labhair se i gcogar sar a ndúiseóchadh sé an
seanduine.



"Cad a bheadh air?" arsa duine.



"Éist do bhéal!" arsa duine eile.



"Ní'l ciall ná tuisgint agat!" arsan fear
a bhí tar éis an chapail a cheannach.


L. 36


Do labhradar go léir i gcogar, ach do ritheadar
go léir amach go dtí an cró. D'fhanadar tamal
maith sa chró ag féachaint ar an gcapal agus ag
cogarnaigh. Tháinig beirt acu agus thugadar
tamal, duine acu ar gach taobh de, 'ghá chimilt
le sopaibh tuighe go dtí go raibh allus ortha.
Ansan do stadadar ar feadh tamail eile ag
féachaint air agus ag cogarnaigh.



"Tá sé chómh maith ag beirt againn," arsa
duine acu, "rith soir ag trial ar Sheán Donnchadh,
agus a rádh leis teacht agus féachaint air agus
a ínsint dúinn cad tá air. Tá rud éigin air
gan aon dabht."



"Ná déanfadh sé an gnó dul soir go moch
ar maidin?" arsa duine eile. "Beidh Seán
Donnchadh ar buile má curtar as a leabaidh
é um an dtaca so d'oidhche."



"B'fhéidir gur marbh a bheadh an capal ar
maidin!" arsa duine eile. "Raghad-sa soir
anois má thagan aoinne agaibh i n-aonfheacht
liom."



Do ghluais triúr acu.



Shroiseadar tigh Sheáin Donnchadh. Bhuail-
eadar an dorus. B'éigean dóibh an dorus a
bhualadh trí h-uaire sar ar freagradh iad.



"Cé h-é sin amuich?" arsa Seán, ó'n súsa.



D'ínseadar dó cé'r bh'iad, agus cad a bhí uatha.



"Cheannuigheas-sa capal ar an aonach indiu,
agus tá taom éigin breóiteachta air. Eirigh,
a Sheáin, agus tar linn go bhfeicir é agus go
n-ínsir dúinn cad tá air, agus cad is ceart a
dhéanamh dó. Má gheibheann sé bás orainn
táimi creachta amuich 's amach. Eirigh, a
Sheáin, ar son Dé, agus tar go bhfeicir é!"


L. 37


"Cá bhfios daoibh an bhfuil aon ud air?"
arsa Seán.



"Ó, tá," ar siad-san, "agus gach aon rud
air. Nuair a thugamair fé ndeara an teinneas
air tháinig duine againn ar gach taobh de agus
bhíomair 'ghá chimilt go dtí go raibh sruthana
alluis linn, agus níor fhéadamair aon tairbhe
dhéanamh dó. Eirigh, a Sheáin, le h-anman t'athar,
agus tar linn go bhféachair air!"



V



Bhí Seán ag eirighe agus ag cur uime agus ag
ceistiúchán i n-aonfheacht.



"Cad iad na cómharthaí teinnis atá aige dh'á
thaisbeáint?" ar seisean. "An bhfuil sé ag
speachuíol? An mbíon sé ag luighe 's ag eirighe?
An mbíon sé ag féachaint siar air féin?"



"Sin é atá 'ár marú, a Sheáin," ar siad. "Ní
chuirean sé aon chor i n-aon chor de, olc maith ná
donaidhe, ach é ansúd i n-a choilg-sheasamh agus
gur ar éigin a thabharfá fé ndeara a anál aige
d'á tharang."



Do stad Seán a's d'fhéach sé ortha. Bhí bróg
leis curtha uime aige, agus an bhróg eile 'n-a
láimh aige.



"Airiú," ar seisean, "ní fhéadfadh aon chapal
seasamh chómh socair sin dá mbeadh teinneas air!
Ca bh'fhios daoibh an bhfuil aon rud ar an
gcapal?"



"Is mise thug fé ndeara ar dtúis an tein-
neas a bheith air," arsa duine acu, "agus tá
an cómhartha is fearr ar domhan agam ar an


L. 38


dteinneas a bheith air. Tá trí h-uaire 'chloig
nú cheithre h-uaire 'chloig ó cuireadh isteach sa
chró é, agus i gcaitheamh an méid sin aimsire
níor chogain sé a chíre!"



Do chaith Seán uaidh an bhróg, agus do thuit sé
siar sa chathaoir agus é ag dul i laige le neart
gáiridhe. Do gháir sé chómh h-árd san gur chuir
sé eagal ortha. Mheasadar gur ag imtheacht
as a mheabhair a bhí sé. Chuir sé chun labhartha
cúpla uair, ach do theip air. Chómh luath
agus bhogadh sé a bhéal chum labhartha is
liúgh gháiriadhe thagadh as i n-inead aon fhocail
cainnte. Bhíodar-san ag féachaint cad ba
mhaith dhóibh a rádh ná a mheas. Fé dheire thug sé fé
ndeara an sgeón ionta, agus do labhair sé
leo.



"Imthighidh abhaile, a bhuachaillí," ar seisean,
"agus bíodh ciall agaibh. Ní'l aon rud ar an
gcapal. Ní fheicfidh sibh capal ag cogaint a
chíre go dtí go bhfeicfidh sibh muc ag cogaint
a círe."



Thánadar abhaile, agus chuadar a chodla.



D'eirigh an seanduine go moch ar maidin.
Bhí Seán, an fear a chonaic an sprid, i n-a shuidhe
chómh moch leis an seanduine. D'inis sé do'n
tseanduine cúrsaí an chapail, conus mar a
ceannaigheadh é ar aonach Mághchromtha agus
cad dubhairt Seán Donnchadh.



"A ghamhain," arsan seanduine, "dá mb'áil
leo an sgéal a dh'ínsint dómh-sa do 'neósfainn dóibh,
chómh maith agus d'fhéadfadh Seán Donnchadh
é dh'ínsint dóibh, nár chogain capal a chíre
riamh."


L. 39


Seán ua Gríobhtha



I



I gContae Chorcaighe, tímpal leath-slighe idir
Mhainistir Fhearmuighe agus Baile Mhistéala,
tá áit ar a dtugtar Cathair Druinne. Ar
sheana chnucán, atá tímpal fiche péirse nú mar
sin siar ó'n áit de'n bhóthar ar a dtugtar Beárna
na Gaoithe, is eadh atá an ainim Cathair Druinne,
le ceart. Bhí seana chaisleán ar an gcnucán
san fad ó, agus tá aon cúinne amháin de'n
tseana chaisleán i n-a sheasamh fós. Dheabh-
róchadh an sgéal gur ar an gcaisleán a tugtí
"an chathair", agus gur bh'é an cnucán an
"druinn," agus gur bh'as san a thárla Cathair
Druinne mar ainim ar an seana chaisleán agus
ar an mbaile.



Bhíos-sa i bparóiste Chill Úird sa bhliadhain
d'aois a Tighearna míle ocht gcéad seacht
ndeich (1870), agus bhí eólus maith agam ar
Cathair Druinne agus ar an dtír i n-a thímpal.
Bhí aithne mhaith, leis, agam ar fhear bhocht a bhíodh
ag imtheacht ameasg na gcómharsan agus na
cómharsain 'ghá chothú. "Barry the Rake" a
tugtí air. Bhí sé buille beag as a mheabhair,
agus sórd file ab eadh é. Máighistir sgoile
ab eadh é i dtosach a shaoghail, ach nuair a tháinig
na sgoileana "náisiúnda" b'éigea do'n
Bharrach bhocht eirighe as a obair sin.



"Ó," adeireadh sé liom, "na sgoileana
Gallda san! Chuireadar le fuacht a's le fán me!"



Tar éis roinnt aimsire do chuir an t-Easbog
mise go Ráth Chormaic ó dheas, agus tar éis
roinnt eile aimsire do chuir sé siar go Mágh-
chromtha me. Ansan do cuireadh ó thuaidh go dtí
an Ráth me. Tar éis mé bheith tamal beag sa
Ráth do cuireadh go Cill Úird airís mé, ag
tabhairt aire do'n pharóiste, mar bhí an seana
shagart a bhí ann an uair sin ró aosta, agus bhí
sé as a shláinte, an duine bocht.



II



Ní rabhas ach, is dóich liom, seachtmhain tagaithe
ann an tarna h-uair sin nuair a tháinig firín
beag isteach ó Ghort na Sgeiche chugham, lá, le
glaodhach ola. Bhí an firín beag aosta agus
bhí sé tuirseach. Tá naoi míle shlighe ó Ghort
na Sgeiche go dtí baile beag Chill Úird. Bhí
capal agus caráiste beag agam.



"Suidh isteach anso am' aice, a fhir bhig," arsa
mise, "agus tabharfad marcaidheacht abhaile
dhuit."



Do shuidh, agus "Ó mhaise, a Athair," ar
seisean, "ná rabhair choidhche gan cóir iompuir
agat!"



Chromas ar thuairisg na gcómharsan do chur
air. Thug sé dhom gach aon tuairisg go cruinn;
cé'r bh'iad a bhí tar éis bháis; cé'r bh'iad a bhí
pósta; cé'r bh'iad a bhí ag déanamh go maith,
agus cé'r bh'iad a bhí ar a mhalairt de chuma.



"An maireann Barry the Rake?" arsa mise.



"Ach, ní mhaireann, a Athair," ar seisean.
"Tá sé tar éis bháis le fada, gura maith an
mhaise dhó é!"



"Amen," arsa mise. "File ab eadh é,"


L. 41


arsa mise, "agus is dóich liom go ndeineadh
sé filidheacht mhaith uaireanta."



"Do dheineadh go deimhin, a Athair," ar seisean.
"'Neósfad duit, a Athair," ar seisean, "blúire
filidheacht' a dhein sé tamal maith ó shin, nuair a
bhí an droch aimsir ann agus na daoine ag
fághail bháis cois na gclathach leis an ocras.
Nuair a tháinig na sgoileana nuadha so b'éigean
do'n Bharrach bhocht eirighe as an obair sin, agus
ansan ní raibh aige ach bheith ag imtheacht ó thigh
go tigh chun béile bídh fhághail. Ní raibh an sgéal
ró olc ar fad aige go dtí go dtáinig an droch
aimsir. Ansan níor ró fhuiriste béile bídh
fhághail i n-aon tigh mar bhí an ghanachúise ins
gach aon bhall, agus ba mhinic an t-easba bídh
ní ba ghéire ins na tighthibh móra 'ná ins na
tighthibh beaga féin.



"Bhí sagart paróiste thuaidh i mBaile Mhis-
téala an uair sin, agus nuair a tháinig an
t-ocras dian ar an mbaile sin do cheannuigh
an sagart san min, agus chrom sé ar an min
do thabhairt amach do dhaoinibh bochta na sráide
sin fé mar ba mhó a bhíodh gá léi. Brianach
ab eadh an sagart paróiste sin. B'fhéidir go
raibh aithne agat air, a Athair."



"Bhí, go maith," arsa mise. "'Seadh ansan
tu," arsa mise.



III



"Bhí fear bocht i n-a chómhnuidhe thuaidh ansan
ar Cathair Druinne, agus Seán Ua Gríobhtha
ab ainim dó. Bhí an fear bocht pas beag neamh-
chruinn ann féin. Bhí sé pósta, agus bhí an


L. 42


bhean ní ba neamhchruinne 'ná é féin. Agus
donas an sgéil ar fad, bhí inghean acu, an
inghean ba shine, agus bhí sí ní ba neamhchruinne
'ná aoinne de'n bheirt.



"Thug an Barrach aghaidh, lá, ar Cathair
Druinne agus chuaidh sé isteach i dtigh Sheáin
Uí Ghríobhtha. Bhí an t-ocras air agus is dócha
go raibh na tighthe móra teipithe air, agus gur
cheap sé go mb'fhéidir go bhfaghadh sé blúire le
n-ithe i dtigh Sheáin. Bhuail sé isteach. Ní raibh
sé abhfad ag cainnt le Seán nuair a fuair sé
ná raibh aon bhlúire bídh fé dhíon an tighe.



"'Imthigh ó thuaidh," ar seisean le Seán, "agus
tabhair chughainn cuid de'n mhin seo atá ag an
Athair Murchadh Ua Briain dh'á thabhairt amach
dos na daoine bochta."



"D'imthigh Seán ó thuaidh agus mála aige.
Tháinig sé agus an mála aige agus é folamh.



"'Cad i n-a thaobh nár thugais an mhin leat?"
arsan Barrach.



"'Mar ní bhfuaras í," arsa Seán.



"'Ar iarais í?" arsan Barrach.



"'D'iaras go deimhin," arsa Seán.



"'Agus cad dubhradh leat?" arsan Bearrach.



"'Do fiafraigheadh díom a' raibh ocras orm,"
arsa Seán.



"'Agus cad 'dubhraís?" arsan Barrach.



"'Dubhart ná raibh," arsa Seán.



"'Ó mhais," ó mhais', ó mhais'," arsan Barrach,
agus fearg air, "airiú, cad i n-a thaobh ná
dubhraís go raibh? Cad i n-a thaobh nár ínsis
an fhírinne?



""Ní thabharfinn le rádh dhóibh é," arsa
Seán.


L. 43


IV



"Do tharaing an Barrach chuige láithreach
blúire páipéir. Bhíodh an chóir chun na sgríbhinne
aige i gcómhnuidhe, chun na filidheachta do sgrí
síos, is dócha, fé mar a thagadh sí chuige. Do
sgríbh sé síos ar an bpáipéar an méid seo :-



"A Athair Murchadh atá go gunta líomhtha,
Tabhair-se cuid de'n mhin seo do Sheán Ua
Gríobhtha,
Tá a bhean i n-a h-óinsigh, agus a inghean
chríona,
Tá sé féin i n-a bhreall agus beidh sé
amhlaidh choidhche."



"'Seo," ar seisean le Seán, "beir leat ó
thuaidh an páipéar san, agus tabhair isteach
i láimh an tsagairt féin é, agus gheóbhair an mhin.
Dein dithneas anois chómh maith agus d'fhéadfir é.
Fanfad-sa anso go dtagair. Ní fhéadfinn
dul thairis seo anois leis an ocras."



"D'imthigh Seán ó thuaidh airís, a Athar, agus
is dócha go raibh sé chómh buailte amach leis an
ocras agus bhí an Barrach féin. Bhí an oidhche
ag tuitim nuair a shrois sé Baile Mhistéala
an tarna h-uair. Thug sé aghaidh ar thigh an
tsagairt. Bhí gach aon áit eile dúnta. Bhuail
sé an dorus. Tháinig an tseana-bhean, an
coimeádaidhe tighe, amach.



"'Cad tá uait-se?'" ar sise.



"Tharaing sé amach a bhlúire páipéir.



""Dubhradh liom an páipéar so thabhairt do'n
Athair Murchadh," ar seisean.



"'T'rom i leith é," ar sise.


L. 44


"'Dubhradh liom é thabhairt isteach i n-a
láimh féin dó," ar seisean.



"'Éist do bhéal agus ná bí am' bodhradh!"
ar sise; agus le n-a linn sin do shnap sí an
páipéar as a láimh, agus d'imthigh sí isteach.
Do rug sí an páipéar ag trial ar an Athair
Murchadh.



"'Dubhairt sé, a Athair," ar sise, "nár
bhfoláir dó an páipéirín sin do thabhairt isteach
ad' láimh féin duit."



"Do léigh an t-Athair Murchadh an páipéar.
An túisge n-ar léigh do léim sé ar an gcathaoir.



"'Cé thug duit é seo?" ar seisean.



"'Tá sé amuich ag an ndorus, a Athair," ar
sise.



"'Cuir chugham é," ar seisean.



"Do chuir. Chómh luath agus d'fhéach an tAthair
Murchadh ar Sheán bhí fhios aige nár bh'é do sgríbh
an blúire filidheachta.



"'Cé thug duit é seo?" ar seisean.



"D'inis sé dhó. Do shuidh an sagart agus
do sgríbh sé cúpla focal ar bhlúire páipéir.



"'Seo," ar seisean, "beir leat síos é sin -
ach stad," ar seisean.



"Do ghlaodhaidh sé ar an mnaoi tighe. "Tabhair
rud éigin le n-ithe do'n duine bhocht so," ar
seisean, "agus cuir chugham an buachaill. Agus
nuair a raghair-se abhaile," ar seisean, "cuir
chugham anso an fear a thug duit an páipéar so."



"Fuair Seán a dhóithin le n-ithe. Ansan do
thaisbeáin an buachaill dó cá bhfaghadh sé an mhin.
Fuair sé oiread agus d'fhéadfadh sé a bhreith
leis sa mhála dhi.



"Tháinig an Barrach lá'r n-a mhárach a bhí


L. 45


chughainn, agus fuair sé béile mhaith bhídh agus
culaith éadaigh, agus dubhradh leis teacht airís
gach aon uair a bheadh ocras air nú easba
éadaigh."



An fhaid a bhí an firín ag ínsint an sgéil sin
do dheineamair a lán eile cainnte nár bh'fhéidir
dom a chur síos anso gan an sgéal a dhéanamh
ró fhada. Um an dtaca 'n-a raibh an sgéal
críochnuighthe bhíomair i nGort na Sgeiche, agus
do sgaoileas uaim an firín beag.



V



Féachadh aon duine ar an bhéarsa beag san
a sgríbh an Barrach. Bhí an mhin aige dh'á iaraidh,
agus bhí air a dh'ínsint cad i n-a thaobh gur cheart
truagh bheith ag an sagart do Sheán Ua Gríobhtha.
Chuir an file síos cheithre cúiseana.



1. "Tá a bhean i n-a h-óinsigh." - Ní'l aon
truagh ar an dtalamh so is mó 'ná fear atá
pósta le h-óinsigh. Méaduigheann sé an truagh
an t-ocras a bheith ortha araon.



2. "Agus a inghean chríona." - Ba mhór an
truagh é nuair a bhí an bhean i n-a h-óinsigh, ach
b'é an donas ar fad an bheirt óinseach a bheith ag
brath air, agus eisean ortha-san.



3. "Tá sé féin i n-a bhreall." - Dá mbeadh
duine ciallmhar tuisgionach i n-a fhear tighe ann
b'fhéidir go mbeadh crot éigin ar an dtigh; ach
an bheirt óinseach agus an breall i n-aon tigh
amháin! B'uathbhásach an truagh é!



4. "Agus beidh sé amhlaidh choidhche." - Dá mba
breóite bheadh sé b'fhéidir go bhféadfí súil a


L. 46


bheith le h-é theacht chuige féin. Dá mba i bprío-
sún a bheadh sé d'fhéadfí súil a bheith le n-a theacht
amach. Ach "é 'n-a bhreall," agus gan aon
tsúil i n-aon chor le h-é theacht ó'n ngalar san
go deo!



Ag féachaint dó ar na cheithre cúiseanaibh sin
chun truagha, níor bh'fhéidir do'n Athair Murchadh
gan an mhin do thabhairt uaidh.



Do léigheas filidheacht i dteangachaibh iasachta.
Táid siad go léir go maith. Do bhuaidh an
blúire beag filidheachta san ó'n mBarrach
mbocht úd ar aon ní i bhfuirm filidheachta d'ár
léigheas riamh i n-aon teangain eile.



PEADAR UA LAOGHAIRE.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services