Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóin agus Trí Fichid II
Title
Seanmóin agus Trí Fichid II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1910
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMÓIN AGUS TRÍ FICHID. XXXIII. AN DOMHNACH LAISTIGH d'OCHT-LÁ NA DEASGABHÁLA. Léightear an Soisgéal. (Eóin 15 agus 16.) Ar an gcéad amharc, a phobul, nách ait an gheallamhaint í sin a thug an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, dos na deisgiobuil nuair a bhí sé ag ceapadh na h-oibre dhóibh a bhí le déanamh acu? "Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun báis sibh go mbeidh onóir aige 'á thabhairt do Dhia." Ní mar sin is gnáth le rígh labhairt le n-a shaighdiúiribh nuair a bhíon sé 'ghá iaraidh ortha dul sa chath agus troid ar a shon i n-aghaidh a namhad. Ní h-eadh, ach geallan sé uaisleacht agus saidhbhreas agus onóir dóibh má bhuaidhid siad ar an namhaid. Easonóir ó dhaoine, agus droch úsáid agus bochtaineacht agus bás, iseadh do gheall an Slánuightheóir dos na saighdiúiribh a bhí aige 'á chur amach chun an chatha do throid i n-aghaidh a namhad. "Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh." Ba mhar a chéile é sin an uair sin agus dá n-abradh duine anois go gcurfaí amach as an Eaglais duine. Easonóir ana mhór ab eadh duine
chur amach as an sinagóg. Agus b'shiné tuarasdal a bhí le fághail ar an saoghal so ag na deisgiobuil nuair a dhéanfaidís a ndícheal ar obair an tSlánuightheóra chur chun cinn. Beid siad ag bhúr marbhughadh ins gach áit 'n-a bhféadfaid siad teacht oraibh, agus an t-é a mharbhóchaidh duine agaibh measfaidh sé gur gníomh fóghanta a bheidh déanta aige; gur b'amhlaidh a bheidh Dia buidheach dé. Siní an gheallamhaint a thug an Slánuightheóir dóibh. Sin a raibh acu le fághail ar an saoghal so de bhárr na h-oibre a bhí acu le déanamh ar son an tSlánuightheóra. Níor thug rígh riamh roimis sin ná riamh ó shin a leithéid sin d'áirighthe d'á shaighdiúiribh agus é 'ghá gcur amach chun cogaidh agus chun cruadh-chómhraic a dhéanamh in-aghaidh a namhad. Measaim go n-airighim duine tuisgionach ag tabhairt freagra orm. "Ó," adeir an duine tuisgionach liom, "ní'l aon nídh iongantach sa sgéal. Níor gheall an Slánuightheóir tuarasdal ar an saoghal so, onóir ná saidhbhreas ná creideamhaint shaoghalta, d'á shaighdiúiribh, ach do gheall sé tuasasdal is fearr go mór 'ná é dhóibh, agus tabharfaidh sé dhóibh é. Tabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dóibh ar feadh na síoruidheachta. Ní féidir aon tuarasdal a thug rígh saoghalta riamh d'á shaighdiúiribh do chur i gcomparáid leis an dtuarasdal síoruidhe sin. D'á luighead a gheóbhaid siad de mhaitheasaibh an tsaoghail seo, de bhárr a dtroda, iseadh is mó a bheidh éileamh acu ar an dtuarasdal síoruidhe." Is maith, is ana mhaith, agus is bunúsach í do chaint, a dhuine thuisgionaigh. Tá an fhírinne agat agus is fírinne ghlan í. Fírinne ghlan ab eadh í an lá do labhair an Slánuightheóir mar siúd le n-a dheisgiobulaibh, agus fírinne ghlan iseadh í riamh ó shin. Thug an Slánuighteóir cath dos na deisgiobuil le troid an lá san. Ní'l Críos-
daidhe d'ár tháinig ar an saoghal, agus i mbliadhantaibh na tuisgiona, riamh ó shin, nár thug an Slánuightheóir an cath céadna dhó le troid, ar na coinghíollachaibh céadna; trioblóidí, agus anródh, agus droch mheas ó dhaoine, agus dealbhas, agus cruadhtan, agus díbirt chun fáin, agus bás, ar an saoghal so, agus ansan, má déintear an troid go dílis agus go seasamhach agus go cródha, aoibhneas síoruidhe ar an saoghal eile. Agus, mar a dúbhraís, d'á luighead a gheóbhaid siad de mhaitheasaibh an tsaoghail seo, de bhárr a dtroda, iseadh is treise an t-éileamh a bheidh acu ar an dtuarasdal síoruidhe. Ní fhéadfadh caint a bheith níos fírinníghe 'ná an chaint sin. Ach inis an méid seo dhom, a dhuine atá chómh tuisgionach. Nuair a chíon tusa an duine bocht go mbíon an saoghal ag gabháil 'n-a choinnibh, cad 'n-a thaobh go measan tú ad' aigne, láithreach, go bhfuil rud éigin ag Dia 'n-a choinnibh, agus mura mbéadh go bhfuil go gcuirfeadh Dia níos mó de'n rath air 'ná mar a chuirean sé air? Tá an saoghal, b'fhéidir, ag eirighe leat féin maith go leór. Ansan nuair a chíon tú an saoghal ag gabháil i gcoinnibh duine eile ní bhíon agat le rádh ach, "dá mb' áil leis déanamh mar a dheinim-se." An fhaid is ar na deisgiobulaibh a bhíon an chaint, fé mar atá sa tSoisgéal, tuigean tú go h-áluinn nách aon mhíchreideamhaint dóibh an saoghal so, agus nadaoine go bhfuil a gcroídhe sáidhte sa tsaoghal so, do bheith coitchianta ag gabháil 'n-a gcoinnibh, ag tabhairt easonóra dhóibh agus ag tabhairt tarcaisne dhóibh agus 'ghá ndíbirt ó áit go h-áit. Tuigean tú nách aon iongnadh iad a bheith dealbh ó shaidhbhreas an tsaoghail seo, mar go raibh an Slánuightheóir féin, moladh go deó leis, fíor dhealbh ó shaidhbhreas saoghalta, agus gur bh'é rud ba lúgha ba ghann d'á dheisgiobulaibh a dhéanamh, an
druim lámha céadna do thabhairt le gach saidhbhreas saoghalta. Ach nuair a thagan an sgéal anuas anso chun ár n-aimsire féin, agus nuair a chíon tú an saoghal ag eirighe leat féin agus ag gabháil i gcoinnibh duine eile, ní féidir leat gan an machtnamh a bheith ad' chroídhe agat gur fearr de dhuine tusa 'ná an duine sin. Bhí duine ana naomhtha ann fadó. Duine ana shaidhbhir ab eadh é. Do thárla go raibh clann Dé cruinnighthe agus go raibh an annsprid ann. Do labhair Dia leis an ann- sprid. "Cá dtáinís?" ar seisean. D'fhreagair an annsprid. "Do thánag mór-thímpal an domhain," ar seisean. Chuir sé i n-iúil leis an bhfreagra san go raibh a chómhacht féin an uair sin mór-thímpal ar an ndomhan go léir. Dúbhairt Dia leis: "Ar thugais fé ndeara mo sheirbhíseach Iób, conus mar a dheinean sé mo thoil ins gach nídh?" "Ní misde dhó san," arsa'n annsprid. "Tá gach nídh ar a thoil aige uait. Bain dé an saidhbhreas, agus ansan chífear cad a dhéanfaidh sé." Dúbhairt Dia leis an annsprid: "Tá cead agat-sa anois a bhfuil de shaidhbhreas aige do bhaint dé; ach ná bain le n-a phearsain." D'imthigh an annsprid láithreach agus do dhéin sé léir- sgrios, le gaoith agus le teine agus le tóirthnigh, ar a raibh os cionn tailimh ag Iób. Nuair a thagadh tuairisg isteach ag triall ar Iób ar gach sgrios fé mar a deintí é, ní deireadh Iób ach: "Is é Dia a thug dúinn é. Is é Dia do rug uainn é. Toil Dé go ndéintear!" Innstear ansan go raibh clann Dé cruinnighthe airís agus go raibh an annsprid ann, agus go ndúbhairt Dia airís: "Cá dtáinís?" agus go ndúbhairt an annsprid: "Thánag mór-thímpal an domhain agus treasna thríd." Dúbhairt Dia: "Ar thugais fé ndeara mo sheirbhíseach.
Iób; conus mar a dheinean sé gach nídh chun mo thoile?" Ansan dúbhairt an annsprid: "Do sgarfadh duine le saidhbhreas, ach bain le n-a cholainn agus chífear go n-iompóchaidh sé ad' choinnibh." Dúbhairt Dia leis: "Dein-se do thoil ar a cholainn, ach ná bain le n-a anam." Ansan d'imthigh an annsprid agus chuir sé lobhradh ar Iób i dtreó gur deineadh sampla saoghalta dhé. Feuch cad a thuit amach ansan, agus is chuige seo atáim. Tháinig triúr uaisle, triúr daoine muinteartha a bhí aige, ag triall ar Iób, agus chromadar ar a chur 'n-a luighe air, go dian, gur bh'amhlaidh a bhí sé 'n-a dhroch dhuine riamh, a gan fhios do'n tsaoghal, agus gur mar gheall ar na droch ghníomhartha a bhíodh aige 'á dhéanamh, a gan fhios do'n tsaoghal, do dhein Dia an léirsgrios air. Agus, nuair ná cuirfeadh an léirsgrios fhiachaibh air an aithrighe dhéanamh agus a dhroch ghníomhartha dh'admháil, gur deineadh lobhar dé agus go raibh sé 'n-a shampla os cómhair an tsaoghail; go dtánadar féin ag triall air, ar mhaithe leis, a d'iaraidh cómhairle a leasa thabhairt dó agus a chur fhiachaibh air a pheacaí dh'admháil agus aithrighe dhéanamh ionta. Thugadar mórán aimsire 'ghá chómhairliughadh ar an gcuma san. Ach, nídh nár bh'iongnadh, ní fhéadfaidís a chur fhiachaibh air peacaí a dh'admháil nár dhein sé riamh. Fé dheire d'fhágadar ansan é agus d'imthígheadar. Ansan do thuit rud amach dóibh a chuir iongnadh ortha agus do thug raint d'á meabhair dóibh. Do cuireadh aingeal ag triall ortha 'ghá rádh leó go raibh peacadh déanta acu sa chuma 'n-ar labhradar le Iób. Go gcaithfidís dul agus iad féin d'úmhlughadh 'n-a láthair agus a iaraidh air a ghuidhe chur chun Dé ar a son. Dá ndeineadh Iób an méid sin dóibh go maithfí dhóibh an
peacadh a bhí déanta acu leis an mbreitheamhantas oban a thugadar ar Iób. Ní deirtear gur tháinig an annsprid a thuille chun aon chur isteach a dhéanamh ar Iób. Ach innstear gur glanadh Iób ó'n lobhradh, agus gur cuireadh an rath airís air, agus sar ar fhág sé an saoghal so go raibh sé níos saidhbhre agus níos neamh-spleadhchaíghe agus níos creid- eamhnaíghe 'ná mar a bhí sé riamh. Rud ana pheacamhail iseadh do dhuine breitheamhantas oban a thabhairt ar aoinne, agus rud iseadh é a chuirean an annsprid i n-ár gcroídhe go minic. Bhíos ag caint le fear tá mórán aimsire ó shin ann. Do thárla gur thuit tionóisg uathbhásach amach do shagart sa n-áit, raint laethanta roimis sin. Bhí sé ag teacht ó ghlaodhach ola. D'eirigh gaoth ana láidir. Bhí crainn ar gach taobh de'n bhóthar. Le neart na gaoithe do leagadh crann acu. Do thuit an crann anuas sa cheann ar an sagart agus do marbhuigheadh ar an láthair sin é, slán beó mar a n-innstear é! Bhí an fear ag trácht ar an dtionóisg. "Is amhlaidh a bhí cuid againn 'ghá rádh eadrainn féin, a Athair," ar seisean, "gur dhócha gur dhroch shagart é, agus ná féadfadh Dia na glóire, moladh go deó leis, cur suas leis ní ba shia." "Ní mar sin a dheinean Dia é go minic," arsa mise, "ach is amhlaidh a thugan sé bás oban do'n t-é a chíon sé a bhíon ollamh agus oireamhnach ar dhul 'n-a láthair, i dtreó go dtiocfadh sgannradh agus crith-eagla ar an muintir ná bíon ollamh, agus go n-imtheóchaidís agus go ndéanfaidís an aithrighe. Tá cuid des na naoimh is mó agus fuaradar bás chómh h-oban le splannc tóirth- níghe." Do bhuail an fear buille d'á bhais ar a leath-ghlúin. "Ó," ar seisean, "feuch air sin! Nách olc na daoine
sinn!" ar seisean. "Feuch nách air sin a chuimhneóchaimís! Feuch mar is é an droch thaobh de 'n sgéal a thagan chun ár n-aigne ar dtúis i gcómhnuighe. Ar ndó, tá fhios ag an saoghal gur b'é sin díreach a dhéanfadh Dia na glóire, tré n-a mhór-thrócaire, an t-é a bhéadh ollamh do sguabadh chun siúbhail go h-oban i dtreó go gcurfaí eagla ar an t-é ná béadh ollamh." I dteannta bheith 'n-a dhroch Chríosdaidhe, amadán críochnuighthe iseadh an t-é a déarfadh gur b' é fearg Dé bheith tuillte acu fé ndeara do dhaoine, uaireanta, tionóisgí do theacht ortha, nó an saoghal a bheith ag gabháil 'n-a gcoinnibh. Cá bh'fhios do'n t-é a labharfadh ar an gcuma san ná go mb'fhéidir nárbh' fhada go bhfaghadh sé féin blaiseadh beag de'n mhí-ádh, mura mbéadh aon chúis eile leis ach chun iaracht bheag d'á mheabhair a thabhairt dó agus a mhúineadh dhó conus a bhéal a dh'éisteacht, agus gan bheith ag teacht idir dhuine eile agus Dia; a mhúineadh dhó gur "mairg a labhran go teann." Do gheall an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil, nuair a bhí sé 'ghá gcur amach chun an tSoisgéil a chraobhsgaoileadh, ná raibh acu le fághail ar an saoghal, de bhárr a saothar, ach cruadhtan agus amhgar agus pionós agus droch úsáid agus anbhás. Do shrois an gheallamhaint chéadna san na Críosdaidhthe go léir. Do fuaradar na trioblóidí sin go léir i gcaitheamh na dtrí gcéad bliadhan, i dtusach, nuair a bhí cómhachta págánacha an domhain ag déanamh an uile shaghas díchil ar chreideamh an tSlánuightheóra do mhúchadh. Fuaradar 'n-a dhiaigh san, i gcaitheamh na gcéadta bliadhan a tháinig, na trioblóidí céadna go léir, nuair a dh'eirigheadh creideamh éigin fallsa agus nuair a cheapadh muintir an chreidimh fhallsa an creideamh fírinneach do dhísgiughadh. Sroisean an gheallamhaint sin na Críosdaidhthe go léir, gach
duine acu fé leith, nuair is toil le Dia na glóire na trioblóidí úd go léir a thabhairt dóibh le fulang ar an saoghal so i dtreó go mbéadh aoibhneas na bhflathas le fághail acu ar an saoghal eile. Ach do thug an Slánuightheóir, dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil, i n-aice na geallamhna san, gealla- mhaint eile. Do gheall sé dhóibh go gcuirfeadh sé an Spioraid Naomh ag triall ortha, Spioraid an tsóláis, Spioraid na fírinne a ghluaisean ó'n Athair. "Agus," ar seisean, "déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa." Is é an Spioraid Naomh a bhain an nimh as na trioblóidibh go léir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil, agus nár fhág blúire eagla acu roim phian ná roimh anbhás. Do shrois an gheallamhaint sin, leis, na Críosdaidhthe go léir. Sroisean an gheallamhaint sin fós iad. Tugtar grásta an Spioraid Naoimh, sólás agus neart agus foidhne, do'n Chríosdaidhe i dtreó ná bíon aon chradhsgal air roim thrioblóidibh na beatha so. Tugan grásta an Spioraid Naoimh deimhne dhó ar an aoibhneas atá 'n-a chóir ar an saoghal eile. "Déanfaidh sé fiadhnaise orm-sa," arsa'n Slánuightheóir. "Agus," ar seisean, "déanfaidh sibh-se fiadhnaise orm." Taisbeánfaidh bhúr bhfulang agus bhúr bhfoidhne agus bhúr mbás gur fírinne an Soisgéal so atá tabhartha agam daoibh le craobhsgaoileadh. Ar an gcuma gcéadna, nuair a dh'fhuilingean an Críosdaidhe atá dílis pianta agus trioblóidí agus dólás ar an saoghal so le foidhne, ag cur a thoile le toil Dé, deinean an Críosdaidhe sin fiadhnaise ar an Slán- uightheóir, mar déarfaidh gach aoinne a chíon é, "Mura mbéadh gur fírinne an creideamh atá i gcroídhe an duine sin ní fhéadfadh sé go deó na neithe sin a dh'fhulang chómh foidhneach."
Go dtugaidh an Spioraid Naomh a ghrásta go líonmhar dúinn go léir chun na fiadhnaise sin do dhéanamh ar an Slánuightheóir, agus go dtugaidh an Slánuightheóir a thoradh dhúinn. Amen. XXXIV. DOMHNACH CHÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Eóin 14.) Sin cuid de'n chaint, a phobul, do labhair an Slán- uightheóir le n-a dheisgiobuil an oídhche dheirineach a bhí sé 'n-a bhfochair, ag an Suipéar Déanach. Agus mar ha ghnáth i dtaobh cainte an tSlánuightheóra, ní leis na deisgiobuil amháin do labhran an chaint, ach leis na Críosdaidhthibh go léir, le Críosdaidhthibh na h-Eaglaise go léir, an uair sin agus riamh ó shin. "Má bhíon grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre." Tá an focal san chómh fíor anois agus bhí sé an uair sin. Siné an cómhartha. Má deir duine go bhfuil grádh aige do'n tSlánuightheóir coimeádfaidh sé bréithre an tSlánuigh- theóra. Agus tugan an Slánuightheóir féin an taobh eile de'n chómhartha dhúinn. "An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádan sé mo bhréithre." Is ceart dúinn feuchaint go cruinn ar an gcómhartha san ó'n dá thaobh. Is ana fhuiriste do dhuine caint a dhéanamh. Is ana fhuiriste do dhuine a rádh: "Ó, a Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh." Agus is ró fhuiriste dhó cúis an ghrádha do chur isteach go cruinn agus do réir creidimh: "de bhrígh go bhfuilir ró ghrádhmhar, ró thaithneamhach agus ró mhaith, ionat féin."
Ansan is fhuiriste dhó an coinghíoll eile do chur isteach: "Tá grádh agam dom' chómharsain, agus beidh do ghnáth, mar mé féin ar do shon-sa." Ansan, is ana fhuiriste, le caint, an cómhartha cruinn ar fad do chur ar an ngrádh: "Tá grádh chómh mór san agam duit gur túisge do sgarfainn leis an saoghal go léir 'ná mar a sgarfainn leat." Tá taithíghe againn ar an gcaint sin go léir. Caint ana bhreagh, ana mhaith, iseadh í. Ach ba dhóich liom nár mhisde dhúinn, anois agus airís, nuair a bhímíd ag rádh na cainte sin, a dh'fhiafraighe dhínn féin, i láthair Dé, an fíor dúinn an rud adeirimíd. Má chíon Dia gur fíor dúinn an chaint tá an sgéal go maith againn. Ach deir an Slánuightheóir: "Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre." Briathar díobh san iseadh gur ceart do'n Chríosdaidhe é féin d'úmhlughadh agus a thoil féin do shéanadh. Má's béas leis an gCríosdaidhe sin, coitchianta, le corp dúil 'n-a thoil agus 'n-a mheón féin, a thoil féin do chur i bhfeidhm, agus a chur fhiachaibh ar dhaoine eile géilleadh d'á thoil, conus is féidir dó a rádh go bhfuil briathar an tSlánuightheóra aige 'á choimeád? Agus mura bhfuil briathar an tSlánuigh- theóra aige 'á choimeád conus is féidir dó a rádh go bhfuil grádh aige do'n tSlánuightheóir? Agus mura bhfuil grádh aige do'n tSlánuightheóir nách neamh-nár an gnó dhó a bhéal a dh'osgailt agus a rádh leis an Slánuightheóir Naomhtha: "A Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh!" Bréag do rádh, go tur, suas leis an Slánuightheóir féin! Mar adúbhart, má tá an fhírinne aige tá an sgéal go maith. Gan amhras, ní foláir a dh'admháil go bhfuil aigne an duine lag, agus go bhféadfadh duine a rádh anois, agus a rádh le fírinne, "A Thighearna, grádhaim tú
os cionn gach uile nídh," agus fé cheann beagán aimsire rud éigin do rádh nó do dhéanamh a bhéadh fiche míle ó'n gcaint sin. Ach cad tá le rádh ag an nduine a bheidh ag rádh na cainte coitchianta agus go mbeidh a ghníomh bun os cionn, i gcómhnuighe, leis an gcaint? Deirim gur ró dheacair a rádh go bhfeicean Dia go bhfuil fírinne 'n-a chaint nuair adeir sé: "A Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh." Is rud é nách féidir d'aon duine breitheamhantas do leagadh air. Is rud é atá ar fad idir an gCríosdaidhe féin agus Dia na glóire. Ach is rud é gur ceart do gach aon Chríosdaidhe feuchaint chuige go géar, le h-eagla nách fírinne, ach gur bréag, a bhéadh aige 'á rádh le Dia na glóire nuair a bhéadh sé ag rádh na bhfocal naomhtha san, "A Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh." Ansan tagan cúis an ghrádha isteach. "De bhrígh go bhfuilir ró ghrádhmhar, ró thaithneamhach, ró mhaith, ionat féin." Fiafraigh dhíot féin, a Chríosdaidhe, le linn na bhfocal san do rádh dhuit, an fíor dhuit go bhfuil grádh agat do Dhia agus go bhfuil cúis do ghrádh' dhó agat d'á chur síos go fírinneach ins na focalaibh sin. Nó an mbéadh an fhírinne ag duine dá n-abradh sé ná fuil ins na focalaibh agat ach fuaim. Mar adúbhart leis an gceist eile, is ceist í atá ar fad idir thú féin agus Dia. Ní féidir d'aon duine eile baint i n-aon chor léi. Má's fíor dhuit go bhfuil grádh agat do Dhia, agus gur tré mór-mhaitheas Dé féin atá an grádh san agat dó, tá an sgéal go maith idir thú agus Dia. Ach má labhran tú na focail sin i láthair Dé, ag trácht ar a mhór-mhaitheas, ann féin, agus ar a ghrádhmhaire agus ar a thaithneamhacht, agus gan agat sa chaint ach fuaim, is baoghal go bhfuil an sgéal go
h-olc agat; 'sé sin, mura le neamh-thuisgint a dhéanfá é. Pé'r domhan é, is rud contabharthach é, agus ba cheart do gach Críosdaidhe feuchaint 'n-a dhiaigh agus feuchaint go cruinn agus go géar 'n-a dhiaigh. Ansan tagan an focal eile seo; "Tá grádh agam dom' chómharsain, agus beidh do ghnáth, mar mé féin, ar do shon-sa." Fiafraigheadh an Críosdaidhe dhé féin, le linn na cainte sin a theacht as a bhéal, an fíor dó an chaint atá aige 'á labhairt. Is le Dia atá sé ag labhairt na cainte. An fíor, anois, ar an neómat so, go bhfuil fuath agus droch aigne ag an gCríosdaidhe sin do chómharsain áirighthe a dhein droch bheart éigin air? Má's fíor, nách dána an t-éadan nách foláir a bheith ar an bhfear san agus a rádh go bhféadan sé an bhréag san do labhairt chómh tur san suas i láthair Dé? "O," a déarfaidh duine, b'fhéidir, "ní'l leigheas agam air. Dhein an fear san beart ró olc ar fad orm. Ní dhéanfadh sé é mura mbéadh é bheith go h-olc. Conus fhéadfainn gan droch aigne bheith agam dó nuair a dhein sé an gníomh chómh h-olc orm?" Is dócha, mura mbéadh gur dhein sé an droch bheart san ort ná béadh aon droch aigne agat dó. "Ní bhéadh, ná blúire, a Athair. Ní raibh aon droch aigne agam riamh roimis sin d'aoinne, ná ní bhéadh dó súd mura mbéadh an bheart chaillte a dhein sé orm." Airiú, nách iongantach an duine thú le feabhas! Nách uathbhásach an chreideamhaint atá ag dul duit toisg gan droch aigne bheith agat do dhuine nár dhein aon droch ghníomh ort! "Ní bhéadh aon droch aigne agam dó," arsa tusa, "mura mbéadh gur dhein sé an droch ghníomh orm." Gan amhras is cóir bheith buidheach díot! Ar ndó, ní'l ach an mac mallachtain, thíos i n-ifrean, go mbíon fuath aige do dhuine nár dhein aon olc air!
Deirim-se an méid seo leat, ámhthach, agus beir- se leat go cruinn é. Ní'l aon bhreith agat ar mhaitheamhnachas fhághail ó Dhia na glóire, ad' pheacaibh féin, mura dtugair-se maitheamhnachas, ó d' chroídhe amach, do'n chómharsain a dhein droch bheart ort, dá mb'í an bheart ba mheasa í d'ár dhein duine riamh ar dhuine eile. Ní h-aon mhaith bheith siar ná aniar ar an sgéal. Sin aon nídh amháin a dhein an Slánuightheóir soiléir go leór dúinn. Ní mhaithfidh Dia na glóire a pheacaí d'aon duine ná maithfidh d'á chómhar- sain pé olc a dhein an chómharsa san air. Chun an méid sin do chur i n-iúil dúinn agus do chur 'n-a luighe ar ár n-aigne go daingean iseadh chuir an Slánuightheóir isteach sa Phaidir an focal úd, "Maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheas i n-ár n-aghaidh." An maitheamhnachas a thabharfaimíd-ne do chách siné an maitheamhnachas a thabharfaidh Dia dhúinne. Ach déarfaidh duine: "Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó! Cad é an tairbhe dhom a rádh go maithim dó é nuair atá fhios agam ná fuilim 'á mhaitheamh dó, agus ná féadfainn é?" Deirim-se leat, ámhthach, suas le d' bhéal, gur bréag dhuit an chaint sin! D'fhéadfá é mhaitheamh dó dá mba mhaith leat é. Dá mbéadh aon nídh saoghalta agat le buachtaint as é mhaitheamh dó is tapaidh a gheóbhthá amach conus é mhaitheamh dó. Ní fhéadfá é mhaitheamh dó? Agus conus a dh'iarfair ar Dhia na glóire do pheacaí a mhaitheamh duit féin? Conus a bheidh an sgéal agat má deir Dia leat ná féadfadh sé iad a mhaitheamh duit? Rud a déarfaidh, go deimhnightheach, mura dtugair-se maitheamhnachas, ó chroídhe, do d' chómharsain. Ach seachain. Tuigimís an sgéal i gceart. Ní mar a chéile mí-shásamh aigne agus droch aigne. Rud iseadh
mí-shásamh aigne go mb'fhéidir ná béadh leigheas ag duine air. Má dheinean duine éagcóir orm ní féidir dom, b'fhéidir, gan mí-shásamh aigne bheith orm. Ach cad é an bac atá orm, pé mí-shásamh aigne bheidh orm, an éagcóir a mhaitheamh dó? Cad é an bac atá orm a iaraidh ar Dhia an éagcóir sin a mhaitheamh dó? Cad é an bac atá orm, pé díombádh atá orm chuige mar gheall ar an olc a dhein sé orm, m'aigne do shocarughadh ar gan olc eile do dhéanamh air mar dhíoghaltas as an olc a dhein sé orm? Má dheinim an méid sin, nách shiné an maitheamhnachas tabhartha agam dó? Agus nuair atá an maitheamhnachas tabhartha agam dó cad é an díobháil a dhéanfaidh an mí-shásamh aigne ná an díombádh? Imtheóchaid siad san leis an aimsir. Ní'l aon leigheas ag duine ar mhí- shásamh aigne, ach an t-aon leigheas amháin. "Grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra." Bhí taithíghe mhaith ag ár sínsear ar an leigheas san. Dheineadar an sean- fhocal air. Is breagh uasal Críosdamhail an aigne a bhí ag an t-é a dh'iar ar dtúis ar Dhia "grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra." Tá daoine ann anois, leis, a bhíon 'ghá iaraidh sin coitchianta. Ach tá daoine le fághail go bhfuil aigne bheag chumhang, mhalluighthe, mhiosgaiseach, acu, agus dá mba ná déanfadh cómharsa ach focal éigin do rádh, a gan fhios dó féin, agus ná taithnfeadh an focal leó, choimeádfaidís an focal san istigh sa chroídhe bheag acu féin, agus iad ag machtnamh air agus ag breithniughadh air agus ag gor air, go dtí go mbéadh sé chómh mór chómh dubh le cnoc acu; agus "Ó h-ó h-ó! Ní mhaithfidh mé choídhche, choídhche, choídhche dhó é!" Daoine bochta gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint iseadh a leithéidí sin. B'fhéidir go dtabharfadh Dia grásta na foidhne dhóibh uair éigin sar a dtógfadh sé as an saoghal iad.
Dá n-órduigheadh an Slánuightheóir dúinn a bhréithre choimeád agus gan aon díoluigheacht a gheallamhaint dúinn as, bhéadh ceangailte orainn an t-órdughadh do chómhlíonadh. Ná béadh? Ach ní h-i n-aisge a dh'órduighean sé dhúinn é dhéanamh. "Má tá grádh ag duine dhómh-sa," adeir sé, "coimeádfaidh sé mo bhréithre." Agus ansan, láithreach i ndiaigh an méid sin, deir sé, "agus beidh grádh ag m'Athair dó." Ba chóir nár bheag de dhíoluigheacht é sin, grádh an Athar Síoruidhe a bheith le fághail ag duine mar gheall ar ghrádh a bheith ag an nduine sin do'n tSlán- uightheóir, d'Aon-Mhac an Athar Síoruidhe. Cad é an saghas Críosdaidhe an duine ná tabharfadh maitheamhnachas d'á chómharsain agus grádh an Athar Síoruidhe geallta ag an Slánuightheóir dó mar dhíoluigheacht ann! Ach tá níos mó 'ná san geallta, d'á mhéid é. Deir an Slán- uightheóir, "Beidh grádh ag m'Athair dó," ach ní stadan sé ansan. Deir se, i dteannta an méid sin, "agus tiocfaimíd ag triall air agus déanfaimíd cómhnuighe i n'fhochair." Sin díoluigheacht ag an nduine le fághail ach grádh thabhairt do'n tSlánuightheóir agus bréithre an tSlánuightheóra do choimeád! Tiocfaidh an Slánuightheóir féin agus an t-Athair Síoruidhe ag triall ar an nduine sin, le neart grádha dhó, agus déanfaid siad cómhnuighe i n'fhochair. Is é focal an tSlánuightheóra féin atá againn leis. Cad é an beann a bheidh ag an nduine sin, feasta, ar an saoghal so, ná ar thrioblóidibh an tsaoghail seo, ná ar anacra an tsaoghail seo? Cad é an beann a bheidh ag an nduine sin, feasta, ar shaidhbhreas ná ar dhealbhas, ar shláinte ná ar bhreóiteacht, ar shólás ná ar dhólás? Is neamhnídh leis an nduine sin, feasta, cé 'cu leis nó 'n-a choinnibh a gheabhaidh an saoghal, cé'cu mholfaid daoine é nó ná molfaid; cé 'cu saoghal fada is toil le Dia thabhairt dó nó saoghal gairid; cé 'cu sláinte
mhaith is toil le Dia a thabhairt dó, ar an saoghal so, nó droch shláinte. Ní gádh puinn de dhuagh an duine sin a dh'fhághail chun a chur fhiachaibh air droch bheart a mhaitheamh d'á chómharsain. Ní túisge a bhíon an éagcóir déanta air 'ná mar a bhíon an éagcóir maithte do'n t-é a dhein í. "Ach!" adéarfaidh duine, b'fhéidir, "ní dócha go bhfuil Críosdaidhthe de'n tsórd san le fághail i n-aon chor sa tsaoghal anois!" Tá dearmhad ort. Táid siad le fághail sa tsaoghal anois, agus le fághail go tiugh ann. Agus táid siad le fághail go tiugh ins na h-áiteanaibh, b'fhéidir, is lugha 'n-a mbéadh coinne agat-sa leó. Agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé iongnadh ort dá n-abrainn leat go mb'fhéidir gur duine des na Críosdaidhthibh sin an chómharsa san go measan tusa gur dhein sé olc éigin ort, agus go ndeirean tú ná maithfidh tú choídhche dhó é. Tuitean neithe de'n tsórd san amach uaireanta. Táid, Críosdaidhthe de'n tsórd san, sa tsaoghal go tiugh; ach má 'seadh is a gan fhios do'n tsaoghal é. Ní fheicean an saoghal iad, mar ní h-ar a leithéidí a bhíon an saoghal ag cuimhneamh. Ní 'n-a ndiaigh a bhíon an saoghal ag feuchaint, ach i ndiaigh a malairt. Ach táid siad ann, agus tá grádh acu do'n tSlánuightheóir, agus coimeádaid siad a bhréithre, agus tá an Slánuightheóir agus an t-Athair Síoruidhe 'n-a bhfochair i gcómhnuighe. Agus is maith an bhail ar an bpobul 'n-a bhfuil a leithéidí ann. Is mó droch nídh a curtar i leith-taoibh ó'n bpobul san mar gheall ar iad a bheith ann. Ní foláir an méid seo do thuisgint, ámhthach. Ní h-iad na Críosdaidhthe sin féin a dh'admhóchadh choídhche na maith- easaí sin a bheith ionta. Tá an úmhluigheacht ionta, agus rud iseadh an úmhluigheacht a thugan radharc ana ghlan do'n duine ar a lochtaibh féin. Chíon sé go soiléir gur
leis féin na lochta, agus pé maitheas atá ann gur ó Dhia a tháinig sé. Cuirean san ó aon bhaoghal baoise é, ná uabhair, ná mór-is-fiú. Tá, a phobul, mórán Críosdaidhthe de'n tsórd san sa tsaoghal. Ach cad é sin agam 'á rádh? Ná fuil cean- gailte ar an uile Chríosdaidhe d'á bhfuil ar an saoghal grádh bheith aige do'n tSlánuightheóir agus bréithre an tSlánuightheóra do choimeád? D'á bhrígh sin, tá cean- gailte orainn go léir an díoluigheacht úd do thuilleamh. Tá ceangailte orainn go léir maireachtaint ar staid na ngrást. An t-é atá ar staid na ngrást tá an Slánuightheóir agus an t-Athair Síoruidhe i gcómhnuighe i n' fhochair. Tá ceangailte orainn go léir bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia sinn a choimeád i n-ár gCríosdaidhthibh maithe. Is ar Dhia amháin atá ár seasamh chuige sin. Grásta ó Dhia a thabharfaidh dúinn grádh a bheith againn do'n tSlánuightheóir. Grásta ó Dhia a thabharfaidh dúinn bréithre an tSlán- uightheóra do choimeád. Grásta ó Dhia a thabharfaidh dúinn an Slánuightheóir agus an t-Athair Síoruidhe do theacht ag triall orainn agus cómhnuighe dhéanamh i n-ár bhfochair. Go dtugaidh Dia dhúinn, tré impidhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia a ghrásta thabhairt dúinn, ionus go mbéadh an grádh ceart againn do'n tSlánuightheóir Naomhtha, agus go gcoimeádfaimís a bhréithre, agus go mbéadh grádh ag an Athair Síoruidhe dhúinn, agus go dtiocfadh an t-Athair Síoruidhe agus an t-Aon-Mhac chun cómhnuighthe istigh i n-ár gcroídhe, agus chun fanamhaint againn ar feadh na síoruidheachta. Amen.
XXXV. FÉILE NA TRÍONÓIDE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 28.) Nuair a bhí sé ag dul uatha suas ar neamh, a phobul, iseadh do labhair an Slánuightheóir an chaint sin le n-a dheisgiobulaibh. Ní mór an chaint atá sa tSoisgéal san ach tá mórán bríghe leis an méid cainte atá ann. Tá againn sa chaint sin, ar dtúis, dearbhadh ar chómhacht an tSlánuightheóra. "Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh." "D'á bhrígh sin tá ar mo chumas an nídh a dh'órduighim do chur i bhfeidhm i n-aimhdheóin aon chómhachta eile d'á bhfuil ar neamh ná ar talamh. Má eirighid ríghthe agus cómhachta an domhain am' choinnibh teipfidh ortha aon bhuadh dh'fhághail ar mo chómhacht-sa." "Imthighidh-se, d'á bhrígh sin, agus múinidh na Geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." Sin mar a dh'órduigh sé dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil an Eaglais do chur ar bun agus na Críosdaidhthe do thabhairt isteach sa n-Eaglais. "Agus feuch," ar seisean, "táim i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir go dtí críoch- nughadh an tsaoghail." Do tógadh an Slánuightheóir uatha suas chun na bhflathas, agus chómh luath agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha do ghluaiseadar láithreach chun na h-oibre. Chromadar ar na daoine do mhúineadh agus do theagasg agus ar iad do bhaisteadh, fé mar a dh'órduigh an Slánuightheóir dóibh. Bhí an
saoghal mór n-a gcoinnibh. Ní raibh slóighte ná arm acu chun iad do chosaint ar a namhaid, ach bhí cómhacht an tSlánuightheóra leó, fé mar a gheall sé dhóibh a bhéadh. Ach tabhair an méid seo fé ndeara. Do dheineadar an obair, agus do rugadar buadh ar a namhaid, ach ní le neart lámh é. Is le foidhne agus le fulang a rugadar an buadh. Go dtí san isé brígh a bhí leis an bhfocal "buadh," i mbéalaibh daoine, 'ná namhaid do chlaoidh le neart lámh, le claidheamh, le cath, le mór-shluagh, le h-eólus ar chogadh. Tháinig brígh eile leis an bhfocal nuair a thusnuigh na h-Aspoil agus na deisgiobuil ar Shoisgéal an tSlánuightheóra do chraobhsgaoileadh. Do taisbeánadh go bhféadfaí troid a dhéanamh a bhéadh ní ba chródha 'ná troid le h-arm faobhair, agus go bhféadfaí buadh a bhreith a bhéadh ní b'uaisle 'ná buadh le bualadh agus le briseadh catha. 'S é sin an buadh a dheinean neamhnídh de phionós agus d'éagcóir agus de'n bhás féin. An rígh saoghalta ba mhó cómhact agus gradam d'ár mhair riamh, ní raibh aige chun a chómhachta do chur i bhfeidhm ar dhaoine ach pionós agus bás. Dá dteipeadh an dá nídh sin air ní bhéadh 'n-a chómhacht ach neamhnídh. Ní fhéadfadh sé, agus a dhícheal a dhéanamh, ach pionós do chur ar dhuine nó an duine do chur chun báis. Eagla roim phionós nó roimis an gcroich iseadh chuirean fhiachaibh ar dhaoine bheith úmhal do ríghthibh saoghalta, 'sé sin mura rud é gur Críosdaidhe maith an rígh, agus go gcuirfeadh eagla Dé fhiachaibh ar a dhaoine bheith úmhal dó. Ach ní gnáth gur ar aon nídh de'n tsórd san a bhíd ríghthe saoghalta ag brath chun a ndaoine do dhéanamh úmhal dóibh. Is ar an gcumas a bhíon acu ar phionós do chur ortha a bhíon a seasamh, nó ar iad do chrochadh, má dheinid siad easúmhluigheacht 'n-a n-aghaidh.
Ní'l aon tslígh eile acu chun a chur fhiachaibh ar aoinne bheith úmhal dóibh. D'á bhrígh sin, chómh luath agus do shocaróchaidh duine a aigne ar gan suim ar bith do chur i n-aon tsaghas pionóis ná i n-aon tsaghas báis ab fhéidir a dh'imirt air, ní'l a thuille cumais ná a thuille greama ag aon rígh ná ag aon phriúnsa saoghalta ar an nduine sin. Dá mbuadhadh an rígh sin ar bhuaidh ríghthe agus slóighte agus armálacha de chogaíbh agus de chathanaibh riamh ní thabharfaidís blúire cumais dó ar an nduine sin. Déarfadh sé leis an nduine, "Úmhluigh dom!" Déarfadh an duine, "Ní úmhlóchad! Ní gádh liom é!" Déarfadh an rígh, "Bainfead an ceann díot!" Déarfadh an duine leis, "Dein do dhícheal! Sin a bhfuil ar do chumas a dhéanamh. Bíodh mo cheann agat, ach ní bheidh úmhluigheacht agat uaim!" Dá n-abradh gach aoinne é sin cá mbéadh cómhacht an rígh ar ball? Siné an rud a thug an buadh go léir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil. Chómh luath agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha níor fhan aon bhlúire eagla acu roim phionós ná roimh aon tsaghas báis. Thuigeadar 'n-a n-aigne ná raibh i bpionós dóibh ach onóir, mar gur dhein sé cosmhail leis an Slánuightheóir féin iad, agus i dtaobh báis, nár dhein sé ach iad do chur suas láithreach go h-aoibhneas na bhflathas. Bhí cómhachta saoghalta gan bhrígh gan neart gan chumas 'n-a láthair as san amach. Ach ba ró dheacair leis na cómhachtaibh saoghalta an nídh sin a dh'admháil. Ní raibh aon lorg i n-aon chor ag na cómhachtaibh saoghalta ar Shoisgéal an tSlánuightheóra. B'fhearr leó go mór an creideamh págánach a bheith acu, creideamh ná cuirfeadh aon oibliogáidí ortha ach mar ba mhaith leó féin. Ní raibh aon lorg acu ar chreidheamh do 'neósfadh an fhírinne dhóibh, agus a déarfadh gur ó Dhia
a fuaradar an chómhacht a bhí acu, agus go gcaithfidís freagairt i láthair Dé sa n-úsáid a bhí acu 'á dhéanamh de'n chómhacht san. D'á bhrígh sin do dheineadar a ndícheal ar chreideamh an tSlánuightheóra do mhúchadh agus do shladadh agus do chur ar neamhnídh. Ní raibh acu chuige sin ach an dá nídh, an pionós agus an bás. Dheineadar úsáid de'n dá nídh sin. Dá bhféadadh pionós agus bás an creideamh a mhúchadh ní fada bhéadh sé gan múchadh. Ach bhí dearmhad ar na ríghthibh agus ar na cómhachtaibh saoghalta. Ní raibh fhios acu an gheallamhaint úd a bheith tabhartha ag an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil: "Táim-se i nbhúr bhfochair go dtí críoch- nughadh an tsaoghail." D'á bhrígh sin bhí iongnadh agus alltacht ortha nuair a fuaradar nár fhéad pionós ná bás a smacht do chur i bhfeidhm ar Eaglais Chríosd. An dá shlait sin a bhí acu chun a smachta do chur i bhfeidhm riamh ar dhaoine b'shiniad gan mhaith gan tairbhe iad 'n-a lámhaibh nuair a theastuigheadh uatha smacht do chur ar an Eaglais. D'á mhéid úsáid a dheinidís de'n dá shlait sin i gcoinnibh na gCríosdaidhthe, i n-inead aon lagughadh a dhéanamh ar an gCreideamh is amhlaidh a neartuighdís é. D'á mhéid pionós a chuiridís ar na Críosdaidhthibh iseadh is daingine a bhíodh na Críosdaidhthe sa chreideamh. D'á mhéid a curtí chun báis díobh iseadh is mó bhíodh beó dhíobh. Do lean an chaismirt ar feadh trí chéad bliadhan. Ansan dob' éigean dos na cómhachtaibh saoghalta stríocadh. Do ghéilleadar fé dheire. Do leagadh na teampaill phágánacha, agus do cuireadh suas team- paill an Chreidimh ins gach aon áit. Le cómhachtaibh an tSlánuightheóra do bhuaidh neart aigne ar neart cuirp; do bhuaidh neart fírinne ar neart éithigh; do bhuaidh ceart ar aincheart; do bhuaidh lámha loma ar
fhaobhar claidhimh; do bhuaidh úmhluigheacht ar uabhar; do bhuaidh foidhne agus fulang ar phionós agus ar an mbás; do bhuaidh Eaglais Chríosd ar gheataibh ifrinn. Nuair a fuair cómhachta ifrinn nár bh'aon mhaith dhóibh bheith a d'iaraidh a thuille toirmisg a dhéanamh do'n Eaglais ná do'n chreideamh le bheith ag séideadh fé mhioscais na bpágánach chun na gCríosdaidhthe do ruagadh agus do chur chun báis, do tharaingeadar chúcha cleas eile. Do spriocadar daoine a bhí lán d'uabhar agus de mhalluigh- theacht, agus sa n-am gcéadna de ghéire intleachta, chun creideamhacha éithigh do chur ar bun agus na daoine do mhealladh ó'n gcreideamh fírinneach. Dheineadh na daoine malluighthe sin a ngnó chómh gasta, chómh géarchúiseach san go meallaidís go minic a lán daoine, agus go gcuiridís an dubh 'n-a gheal ortha. Ansan do chuireadh muintir an chreidimh fhallsa cath agus troid agus cómhrac ar na Críosdaidhthibh a bhíodh dílis. Do thógadh ríghthe agus cómhachta an tsaoghail seo páirt leis an gcreideamh fallsa, mar is é an creideamh fallsa do sgaoileadh a srian féin leó chun a ndroch mhian do shásamh agus chun éagcóra dhéanamh ar na daoine. Dheineadh lucht an chreidimh fhallsa agus cómhachta an tsaoghail socarughadh eatortha féin chun gach aon tsaghas cos-ar-bolg a dhéanamh ar an gcreideamh fírinneach agus ar an Eaglais, i dtreó, ar ball, gur mheasa iad go mór chun gach droch íde dh'imirt ar na Críosdaidhthibh dílse 'ná na págánaigh féin an fhaid a mhair a gcómhacht sa tsaoghal. Ach d'eirigh gach creideamh fallsa acu agus do fuair sé a lá féin, agus do dhein sé a dhícheal chun na h-Eaglaise do chlaoidh agus do chur as an saoghal, agus ansan do chuaidh sé féin ar neamhnídh. D'eirigheadar i ndiaigh 'chéile agus do chuadar ar neamhnídh i n-diaigh 'chéile, agus do mhair an Eaglais 'n-a ndiaigh
go léir. Níor bh'aon iongnadh é sin. Do gheall an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil go mbéadh sé féin 'n-a bhfochair i gcaitheamh na h-aimsire go léir go dtí deire an tsaoghail. Do fíoradh an gheallamhaint sin an fhaid a bhí cómhacht phágánach Impireachta na Rómha ag marbhughadh na gCríos- daidhthe ins gach aon pháirt de'n domhan bhraonach, 'ghá gcrochadh agus 'ghá gcéasadh, 'ghá mbáthadh agus 'ghá losgadh, agus 'ghá dtabhairt 'n-a mbeathaidh le n-ithe dos na beithigheachaibh fiadhaine, mar radharc spóirt dos na míltibh slógh a bhíodh cruinnighthe chun bheith ag feuchaint ar an radharc. Do fíoradh an gheallamhaint chéadna nuair a dh'eirigheadh gach creideamh fallsa agus nuair a tugtí a rogha dos na Críosdaidhthibh dílse an creideamh fírinneach do shéanadh, agus an t-éitheach do ghlacadh i n' fhírinne, nó sgaramhaint le n-a gcuid 'an tsaoghal, agus gorta agus pionós agus bás a dh'fhulang. Do fíoradh an gheallamhaint sin anso sa n-oileán so na h-Éirean, ameasg ár sínsear féin, nuair a tháinig muintir an chreidimh Ghallda chúghainn, agus nuair a mheasadar an creideamh fírinneach do bhaint dínn, agus Sasanaigh a dhéanamh dínn i n-aimhdheóin Dé agus daoine. Do thusnuigh an droch obair sin nuair a dh'iar an t-ochtmhadh Hannraoi, rígh Sacsan, ar an bPápa cead a thabhairt dó a bhean phósta do chur uaidh agus bean eile do ghlacadh 'n-a h-inead. Ní fhéadfadh an Pápa, nídh nách iongnadh, an éagcóir sin a dhéanamh. Tá fhios againn go léir dá mbéadh an Pápa olc a dhóithin, agus go dtabharfadh sé an cead san uaidh, ná béadh aon mhaith sa chead. Ní'l aon chómhacht fé bhun Dé ar an dtalamh a dh'fhéadfadh a leithéid sin de chead a thabhairt d'aon fhear. Ansan
do shocaruigh Hannraoi air go mbéadh sé féin 'n-a cheann ar an Eaglais, 'n-a rígheacht féin. Dhein sé dlígh chuige sin. Do réir na dlíghe sin bhí fhiachaibh ar gach aon Chaitilicidhe sa rígheacht diúltughadh do'n Phápa agus Hannraoi do ghlacadh 'n-a cheann so- fheicse ar an Eaglais. Do cuireadh an dlígh sin i bhfeidhm le faobhar agus le fuil agus le teine. Bhí an dlígh sin d'á chur i bhfeidhm ar an gcuma san an fhaid a mhair Hannraoi. Nuair a tháinig Eilís do cuireadh an dlígh chéadna i bhfeidhm ar an gcuma gcéadna, ach níba dhéine. Ach nuair a tháinig Cromeil iseadh do h-osgaladh ifrean ar fad chúghainn. Ní ghéillfeadh muintir na h-Éirean do'n dlígh. Ní dhiúltóchaidís do'n Phápa pé rud a bhéadh le h-imtheacht ortha. Do fuair muintir Chromeil ná raibh maith 'n-a ngnó. Pé méid des na daoine a chuirfidís chun báis ná déanfadh san aon bhogadh ar an gcuid eile; ná aon eagla chur ortha. Ní h-eadh, ach gurbh' amhlaidh a dhéineadh bás a gcómharsan breis nirt aigne chur ionta i n-inead aon lag-spioraidíghe do chur ortha. Ansan do shocaruigh saighdiúirí Chromeil ar rud a dhéanamh nár deineadh a leithéid riamh i n-aon pháirt de'n domhan. Shocaruigheadar ar theacht i dtaobh de'n oileán agus gabháil tríd go dtí an taobh eile, agus an uile dhuine, óg agus aosta, do chur chun báis! Ansan iseadh thosnuigh an t-éirleach. Bhí an t-arm teine agus an faobhar ag na saighdiúiribh. Ní raibh blúire i bhfuirm aon tsaghas airm ag na daoine. Do marbhuigheadh na daoine agus do loisgeadh na tighthe ins gach aon bhall. Chuaidh raint bheag des na daoine i bhfolach i gcoilltibh agus ins na cnocaibh. Bhí arbhar ag fás ar an dtalamh i ndiaigh na ndaoine. Tháinig na saighdiúirí agus ghearradar an geamhar, i dtreó ná béadh aon rud le n-ithe ar ball ag
an méid daoine a chuaidh i bhfolach, agus go gcaithfidís bás d'fhághail do'n ghorta. Do lean an obair sin go dtí go raibh Éire nách mór folamh ar fad ó dhaoine. Dúbhairt muintir Shasana, "Ó tá oiread san dúil sa bhás acu, bíodh sé acu. Nuair ná glacfaidís ár gcreideamh imthíghdís as an saoghal. Gheóbhaimíd-ne daoine do dhéanfaidh cómhnuighe i n-Éirinn agus go mbeidh ár gcreideamh féin acu. Ansan ní bheidh aon bheann againn ar Phápa na Rómha." Dheineadar an nídh sin. Nuair a bhí Éire folamh ó dhaoine acu, ach na sléibhte agus na bogaighthe, do cuireadh fógra amach 'ghá iaraidh ar aoinne gur theastuigh talamh saor uaidh, ach nár Chaitilicidhe Romhánach é, teacht go h-Éirinn agus go bhfaghadh sé a dhóithin de'n talamh ab fhearr sa domhan ar fhíor-bheagán cíosa. Thánadar, go tiugh, anall ó Shasana agus ó Albain agus aniar ó Chanada, agus do chuireadar fútha ar mhachairibh breaghtha míne na h-Éirean, ó Bhaile Atha Cliath go Gaillimh agus ó Dhonchadh Díghe go Tigh Mháire. Ansan iseadh bhí áthas ar mhuintir an chreidimh Ghallda. D'fhásfadh sliocht na ndaoine sin agus do leathfaidís, agus bhéadh deire le réim an Phápa i n-Éirinn! Ach do thuit rud amach ná raibh aon choinne ag aoinne leis. Is ar éigin an tsloigisg iasachta socair chun cómhnuighthe sa tír nuair a tháinig galar uathbhásach ortha, galar mí-nádúrtha. An t-é go dtagadh an galar air is amhlaidh a líonadh a chroicean de phiastaibh agus d'ithidís 'n-a bheathaidh é. Do leath an galar ar fuid na dútha agus bhí na daoine iasachta ag fághail bháis leis chómh tiugh san ná bíodh slígh ins na reiligibh dóibh, agus go gcaithtí poill a dhéanamh ins na páirceanaibh chun iad do chur fé thalamh ar chuma éigin. Fé dheire do rith ar fhan beó dhíobh le n-a
n-anam, amach as an dtír; agus bhí Éire folamh airís ó dhaoine. Ansan dob' éigean dul agus an raint bheag a bhí beó des na h-Éireanaigh do mhealladh as na sléibhtibh agus as na bogaighthibh, agus an talamh, a gcuid tailimh féin, do chur chúcha ar chíos, agus leigint dóibh é shaothrughadh. Do chuir Dia an rath ortha féin agus ar an dtalamh, i dtreó, tar éis ar mhairbh saighdiúirí Chromeil díobh, nár bh'fhada go raibh Éire lán díobh airís. Sin mar a choimeád ár sínsear an creideamh, anso i n-Éirinn, a phobul, tré chómhachtaibh Dé agus tré ghealla- mhaint an tSlánuightheóra, agus tá an creideamh san againne anois. Choimeád ár sínsear dúinn an creideamh san. D'fhuilingeadar an uile shaghas cruadhtain, an uile shaghas pionóis, an uile shaghas droch úsáide, ní ba thúisge 'ná mar a sgarfaidís leis. Ansan d'fhuilingeadar an uile shaghas báis ní ba thúisge 'ná mar a sgarfaidís leis, bás le córda, le teine, le pléar, le claidheamh, le h-ocras. Do loisgeadh ins na tighthibh iad. Do fiadhachadh trés na cnocaibh iad mar a fiadhachfaí droch bheithigheacha fiadhaine. Do múchadh istigh ins na pluaisibh iad féin agus na sagairt a bhíodh ag rádh na n-Aifrinní dhóibh a gan fhios. Do deineadh sgeantairt díobh istigh ins na séipéalaibh gach aon uair a féadadh teacht ortha. Do lean an t-éirleach san d'á dhéanamh ar mhuintir na h-Éirean ar feadh breis mhór agus céad bliadhan. I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir ní raibh acu le déanamh, aon lá ba mhaith leó é, chun stop a chur leis an éirleach agus a saoghal a bheith ar a suaimhneas acu, ní raibh acu le déanamh ach iompáil. Do chasadh an namhaid leó go minic gur mhór na h-amadáin iad ná h-iompóchadh; go raibh an
t-éirleach 'á dhéanamh ortha agus gur bh' iad féin fé ndear é ná h-iompóchadh agus síothcháin a bheith acu láithreach. Níor iompuigheadar. Do sheasuigheadar an cath. D'fhuilingeadar an cruadhtan go léir. D'fhuilingeadar an bás. Thug an Slánuightheóir rígheacht na bhflathas dóibh chómh luath agus do mhairbh an namhaid iad. Tá aoibhneas na bhflathas acu ó shin agus beidh ar feadh na síoruidheachta. Do chosnadar an creid- eamh, agus d'fhágadar agá sliocht é, againne. Is sinne a sliocht. D'fhágadar againne an creideamh chun sinn a bhreith suas, nuair fhágfaimíd an saoghal so, chun an aoibhnis chéadna, chun bheith sa n-aoibhneas san, 'n-a gcómh- luadar féin agus i gcómhluadar na n-Aspol agus na ndeisgiobul, i radharc an tSlánuightheóra, agus i radharc na Maighdine Muire, agus i radharc an Athar Síoruidhe, i gcaitheamh na síoruidheachta gan chrích gan fóirchean. Go dtugaidh Dia dhúinn go raighmíd ann. Amen. XXXVI. AN CHÉAD DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 6.) Nuair a labhair an Slánuightheóir na focail sin, a phobul, bhí sé díreach tar éis an dáréag Aspol do thoghadh, agus teagasg aige 'á thabhairt dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil. B'é bunús a theagaisg an lá san, conus mar ba cheart d'á dheisgiobulaibh féin, ní h-amháin staonadh ó olc a
dhéanamh i n-aghaidh an oilc, ach iompáil agus maith a dhéanamh n-aghaidh an oilc. Tá taithíghe againne ar an bhfocal san, "maith i n-aghaidh an oilc," ach ní raibh aon taithíghe sa tsaoghal air sar ar chuir an Slánuightheóir mar oibliogáid ar a dheis- giobulaibh é dhéanamh. I gcaitheamh na h-aimsire go dtí san do measadh gur mhaith an rud d'aon duine maith a dhéanamh i n-aghaidh an mhaith, agus gur bh' ana olc an rud do dhuine olc a dhéanamh ar aoinne nár dhein olc air. B'é meas na poibilidheachta, ámhthach, gur dheacair milleán a bheith ar an t-é go ndéanfaí olc air dá ndeineadh sé díoghaltas mar gheall ar an olc san. Do tuigeadh gur ghníomh uasal thar na beartaibh an t-olc do mhaiteamh do'n t-é a dhein é. Níor tuigeadh gur bh'fhéidir d'aigne an duine dul thairis sin n-uaisleacht gnímh. Ach do thug an Slánuightheóir le tuisgint d'á Aspolaibh agus d'á dheisgiobulaibh go gcaithfidís dul thairis, go gcaithfidís, ní h-amháin an t-olc a déanfaí ortha do mhaitheamh, ach fós maith a dhéanamh, i n-aghaidh an oilc sin, do'n t-é a dhein an t-olc ortha. Thug sé an nídh sin le tuisgint dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil, agus, tríotha san, dos na Críosdaidhthibh go léir, ó shin anuas agus go deire an tsaoghail. Do ghlac na h-Aspoil an teagasg agus do ghlac na deisgiobuil é, agus dheineadar beart d'á réir an fhaid ab é toil an tSlánuightheóra iad d'fhágáilt ar an saoghal. Do dhein namhaid an chreidimh an uile shaghas oilc ortha, agus níor dheineadar riamh ach maith i n-aghaidh gach oilc d'ár deineadh ortha, agus nuair a bhíodh an namhaid 'ghá gcur chun báis, n-inead a iaraidh ar Dhia an éagcóir a bhí 'á dhéanamh ortha d'agairt ar na cuirpthigh a bhíodh ag cur an phionóis ortha is amhlaidh a bhídís 'ghá iaraidh ó chroídhe ar Dhia é mhaitheamh dóibh. Nuair a mhachtnuighmíd
air is deacair linn a chreideamhaint go bhféadfadh aon duine é dhéanamh. Isé rud a thagan i n-ár n-aigne 'ná gur mór an truagh na gníomhartha a dheinidís, ar dhaoine macánta, gan chúis gan adhbhar, do mhaitheamh dóibh i n-aon chor. Ach nuair a thagan smuínte de'n tsórd san i n-ár n-aigne is amhlaidh ná tuigimíd dá thaobh an sgéil i gceart. Agus tá, dhá thaobh ar an sgéal san, díreach fé mar atá ar gach aon sgéal eile. Is dócha ná fuil aon ghníomh d'ár dhein droch thíoránach riamh is mó chuirean ár gcuid fola ar lasadh le feirg 'ná an gníomh a dhein Heród nuair a mhairbh sé na mílte leanbh a d'iaraidh teacht suas leis an aon LEANBH amháin. Do loisgfimís 'n-a bheathaidh an rígh sin dá bhféadaimís é. Bhí aoinne amháin, ámhthach, a dh'fhéadfadh an díoghaltas san a dhéanamh ar an rígh sin agus cosg do chur leis an marbhadh, agus níor dhein sé é. Do sgaoileadh leis an ndroch obair. Do sgaoileadh leis an marbhadh. Ba chruaidh an cás é! Ach feuch ar an dtaobh eile de'n sgéal. Ní raibh aon leanbh d'ár marbhuigheadh sa n-éirleach san nár rug na h-aingil leó suas láithreach é go h-aoibhneas na bhflathas. Ar son an tSlánuightheóra iseadh do cuireadh chun báis iad. Fuaradar toradh báis an tSlánuightheóra láithreach. Siné taobh na fírinne de'n sgéal. Ag feuchaint ar an sgéal ó'n dtaobh san chítear nár dhein Heród, d'á olcas é a ghníomh, aon díobháil i n-aon chor dóibh. A mhalairt iseadh dhein sé. Comaoine iseadh chuir sé ortha. Tairbhe mór iseadh a dhein sé dhóibh. Thuig gach duine acu féin an méid sin an túisge 'n-a raibh anam sgartha le colainn aige, agus é thuas ins na flathais. Gan amhras níor fhág san gan an rígh a bheith ciontach i ndortadh na fola. Níor fhág. Ach measaim nách iad na
h-anamnacha go raibh aoibhneas na bhflathas fághalta acu, agus iad saor sábhálta thuas istigh, de bhárr an ghnímh a dhein sé ortha, do bhéadh ró dhian 'ghá iaraidh ar Dhia díoghaltas a dhéanamh air. Ba dhóich liom gur thúisge leó go mór a dh'iaraidh ar Dhia an gníomh a mhaitheamh dó. Gan amhras labhran gníomh d'á shórd i gcómhnuighe le Dia, ag glaodhach ar dhíoghaltas. Ach is mairg a thiocfadh idir cheart Dé féin agus an díoghaltas san. Is fearr go mór fanamhaint uaidh amach. Rud ana chontabharthach iseadh d'aon duine a dh'iaraidh ar Dhia díoghaltas a dhéanamh ar dhuine eile, pé cuma 'n-a mbéadh an díoghaltas tuillte ag an nduine eile sin. "An duine agaibh-se atá gan pheacadh caitheadh sé an chéad chloch." Sin mar adúbhairt an Slánuightheóir é leis na Iúdaigh nuair a dh'fhiafraigheadar dé cad a déanfaí i dtaobh na mná a bhí ciontach agus nár bhfoláir í chur chun báis le clochaibh, do réir na dlíghe. "An duine agaibh-se atá gan pheacadh," arsa'n Slánuightheóir leó, "caitheadh sé an chéad chloch léi." Do chrom sé a cheann nuair a bhí an méid sin ráidhte aige. Nuair a thóg sé a cheann airís bhíodar go léir imthighthe. Do thuig gach aoinne acu ná raibh sé féin gan pheacadh, agus d'á bhrígh sin nár cheart dó cloch do chaitheamh le duine eile, mar gheall ar pheacadh. Níor Chríosdaidhthe iad súd. Iúdaigh ab eadh iad. Is Críosdaidhthe sinne, ach is minic a dh'fhéadfaimís rud a dh'fhoghluim uatha súd, rud a dhéanfadh tairbhe dhúinn. Má bhíon aon droch nídh ad' spriocadh chun a dh'iaraidh ar Dhia díoghaltas a dhéanamh ar dhuine éigin a dhein olc ort, cuimhnigh ar an dtaobh eile de'n sgéal. Cá bh'fhios duit-se ná gur fearr a sheasuighean an duine sin i
láthair Dé an neómat san 'ná mar a sheasuighean tú féin? Cá bh'fhios duit, dá mbéadh díoghaltas le déanamh i n-aon chor, ná gur ort féin ba cheart é dhéanamh? Pé sgéal é, isé rud is sábhálta dhuit a dhéanamh, gan an díoghaltas do bhac. Má's maith leat do leas a dhéanamh ná bíodh aon bhaint agat leis. Nó má labhran tú i n-aon chor, iar ar Dhia gan an díoghaltas a dhéanamh. Bíodh go bhfuil an díoghaltas tuillte, agus tuillte go maith, beidh Dia buidheach díot-sa mar gheall ar a iaraidh air gan an díolghaltas a dhéanamh. Feuch ar na focail sa tSoisgéal: "Ná tugaidh breith agus ní tabharfar breith oraibh." "Ná daoraidh agus ní daorfar sibh." "Maithidh agus maithfear daoibh." Siné focal an tSlánuightheóra féin againn leis, má mhaithimíd-ne do'n t-é a dheinean beart i n-ár n-aghaidh, go dtabharfaidh Dia maitheamhnachas i n-ár bpeacaibh dhúinn féin. Cad eile bhéadh uainn? An bhfuil aon amadán ar an dtalamh so is mó 'ná an Críosdaidhe go bhfuil an gheallamhaint sin aige agus 'n-a diaigh san a bheidh ag déanamh cosaint an bhruic air féin a d'iaraidh gan maitheamhnachas a thabhairt ó chroídhe d'á chómharsain! Déarfaidh amadán de'n tsórd san uair- eanta, "Ní'l aon olc agam chuige. Ní dhéanfad aon díobháil dó. Ach fágfad fé Dhia é!" An bhfuil fhios agat cad é an brígh atá agat, istigh ad' chroídhe, leis an bhfocal san? Tá droch bhrígh agat leis. Tá brígh malluighthe miosgaiseach agat leis. "Fágfad fé Dhia é." 'Sé sin le rádh, "Ní dhéanfad féin aon rud leis, ach tá súil agam go ndéanfaidh Dia díoghaltas air." Bíodh fios an méid seo agat. Nuair a déarfair an focal san i dtaobh do
chómharsan, "Fágaim fé Dhia é," agus gur b'é brígh atá agat leis an bhfocal go bhfuil súil agat go ndéanfaidh Dia díoghaltas air, bhéadh sé chómh maith agat díreach tu féin a chaitheamh ar ghealacán do dhá ghlún agus cromadh ar easgainí air. Ní h-eadh, ach d'fhéadfadh an focal san, "Fágaim fé Dhia é!" bheith níosa mheasa i láthair Dé dhuit, agus níos droch aigeanta, 'ná aon easgaine a dh'fhéadfá dhéanamh ar an nduine. Ná féadfá, mar a dhéanfadh Críosdaidhe fóghanta, deagh-chroídheach, carthanach, do chroídhe a dh'osgailt suas chun Dé agus a dh'iaraidh ar Dhia an rud san a mhaitheamh do'n duine sin? Ná féadfá a rádh go breagh fial, "A Thighearna, maith dhó é! Maith dhó é! Ná bí 'n-a dhiaigh air! Ní fiú biorán a's é! Maith-se dhó é, agus maithim-se ó m' chroídhe dhó é!" "Ó," adéarfair, "ní fhéadfainn é. Ní bhfaighinn ó m'chroídhe maitheamh dó ar an gcuma san. Dhein sé an bheart ró olc ar fad orm. Ní bhfaighinn ó m'chroídhe maitheamh dó ar an gcuma san. Geallfad ná déanfad aon díobháil dó, ach fágfad fé Dhia é!" Fágfair. Agus an bhfuil fhios agat cad d'imtheó- chaidh ar ball ort? Tabharfaidh Dia a ghrásta do'n duine sin agus déanfaidh an duine aithrighe. Ansan maithfidh Dia dhó an rud san a dhein sé ort-sa agus pé peacaí eile atá déanta aige. Ansan ní bheidh agat-sa i láthair Dé ach do chuid droch aigne agus do chuid miosgaise agus do chuid mailíse agus feirge. Ní bhfaighfeá ó d' chroídhe é mhaitheamh dó. Nách deas a bheidh an sgéal agat ansan, nuair a bheidh an gnó go léir maithte ag Dia dhó agus nára' maith agat-sa! Feuch ar an bhfocal eile seo adúbhairt an Slánuightheóir: "Mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh."
Tómhais uait an maitheamhnachas go fial agus tómhasfar chúghat é go fial. An t-é do labhran mar adúbhart agus adeir, "Ní bhfaighinn ó m' chroídhe é mhaitheamh dó," is amhlaidh ná tugan sé uain dó féin chun feuchaint ar an dtaobh eile de'n sgéal; fé mar adúbhart cheana i dtaobh an droch rígh agus marbhughadh na leanbh. Nuair a deintear droch ghníomh éigin ar dhuine ní fheuchan sé, ní thugan sé uain dó féin ar fheuchaint, ach ar thaobh an tsaoghail seo de'n sgéal. Dá bhfeuchadh sé chun taoibh an tsaoghail eile de'n sgéal ní fheuchfadh taobh an tsaoghail seo dhé chómh mór i n-aon chor 'n-a shúilibh agus a dh'fheuchan sé. Ansan ní chuirfeadh duine oiread suime ann agus chuirean sé. Nuair a choimeádan duine a shúil ar an saoghal so ar fad bíon ana mhéid ins gach aon rud a bhainean leis an saoghal so. Rud ana mhór 'n-a shúilibh iseadh aon bhlúire beag tairbhe saoghalta a dhéanfadh duine dhó. Feirm thailimh, cuir i gcás, do thabhairt saor dó, nó saidhbhreas mór éigin do chur 'n-a threó. Dá mbéadh súil an duine sin ar an saoghal eile ar fad, mar ba cheart do shúil an Chríos- daidhe a bheith, ní fheicfeadh sé i n-aon tsaghas tairbhe saoghalta ach rud suarach. Do thuigfeadh sé, chómh maith díreach agus do thuigean aoinne eile é, gur maith an rud talamh saor anso. Ach do chífeadh sé go soiléir gur ró shuarach le rádh é seachas seilbh na bhflathas. Agus dá mbaineadh duine dhé an fheirm sin ní ghoillfeadh an sgéal puinn ar a chroídhe, mar do thuigfeadh sé i n' aigne nár baineadh dé ach maitheas suarach. Ní baoghal go ndéarfadh sé "ná faigheadh sé ó n-a chroídhe" maitheamh do'n t-é a bhain dé é. An fhaid ná bainfí neamh dé, ní mór gur chuma leis cad a bainfí dé ná cad a fágfaí aige.
"Amadán adeirim leis!" adéarfaidh duine, b'fhéidir. "Ní ceart do dhuine a chuid féin do leigint le h-aoinne!" Amadán adeirean tusa leis. Taisbeánan san gur duine ciallmhar tusa dar leat féin. Tá go maith. Coimeád do chuid. Ná leig le h-aoinne é. Coimeád do ghreim air go daingean. Ná bíodh aoinne ag magadh fút-sa, 'ghá mhaoidheamh gur rug sé aon phioc de d' chuid uait, do t' aimhdheoin ná a gan fhios duit. Dein aireachas maith ar do chuid. Tiocfaidh an bás ort i lár an aireachais. Ná leig leis do chuid, a dhuine! Ní'l aon mhaith dhuit ann. Béarfaidh sé an chuid go léir uait. Ní leigfidh an bás duit oiread agus leathphinge ruadh do bhreith leat ar an saoghal eile. Fanfaidh an tigh agus an talamh agus an stoc agus an t-airgead ad' dhiaigh anso, agus caithfir-se imtheacht. Fanfaid siad go léir ag duine eile. B'fhéidir gur duine de d' chlainn é. B'fhéidir nách eadh. Duine eile iseadh é ar aon chuma. Do leigis do chuid le duine eile agus níor fhéadais aon phioc dé a choimeád agat féin, tar éis a bhfuarais d'á dhuagh i gcaitheamh do shaoghail riamh a d'iaraidh gan aon phioc dé a leigint leis an bhfear thall. Má ráinig gur rugadh uait aon chuid dé le h-éagcóir agus ná raibh leigheas agat air, is dian a chuiris Dia 'n-a dhiaigh, b'fhéidir, ar an t-é a rug uait é. D'fhágais fé Dhia é. Tá duine eile a gheobhaidh bás an lá céadna, b'fhéidir, a gheóbhair-se bás. Ní raibh de shaidhbhreas riamh ar an saoghal so aige ach pé deagh-ghníomhartha a dhein sé. Béarfaidh sé leis ar an saoghal eile an saidhbhreas san. Ní féidir do'n bhás an saidhbhreas san a bhaint dé. Beidh sibh araon i láthair an Bhreithimh; eisean agus a dhá láimh lán des na deagh-oibreacha a dhein sé i gcaitheamh
a shaoghail. Tusa agus do dhá láimh folamh. Cé h-é an t-amadán an uair sin? "Mar a thómhaisis uait a tómhasfar chúghat." Cé h-é an t-amadán? Cad a thómhaisis uait riamh? Anois an t-am chun cuimhneamh air sin. Anois an t-am chun gan iomad suime chur ins na neithibh a chaith- fimíd d'fhágáilt i n-ár ndiaigh ar an saoghal so, agus chun na suime go léir do chur sa tsaidhbhreas a dh'fhéad- faimíd a bhreith linn ar an saoghal eile. Go gcuiridh an Slánuightheóir, tré impidhe na Maighdine Muire, i n-ár gcroídhe an nídh sin a dhéanamh. Amen. XXXVII. FÉILE CHUIRP CRÍOSD. Léightear an Soisgéal. (Eóin 6.) Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a dh'fhoghlumuigheamair fadó sa Teagasg Críosdaidhe: "Cad é an nídh Corp Críosd?" "Fuil agus feóil, anam agus Diadhacht ár Slánuigh- theóra, Íosa Críosd, fé ghné aráin agus fíona." Siné ár gcreideamh. Siné an creideamh a mhúin Naomh Pádraig d'ár sínsear i n-Éirinn míle go leith bliadhan ó shin. Siné an creideamh a mhúin muintir na h-Éirean airís do náisiúnaibh na h-Eórpa, nuair a bhí na slóighte fiadhaine a tháinig as na tíorthaibh thuaidh tar éis gabháil do chosaibh i gcómhacht na Rómha agus tar éis an chreidimh a mhúchadh ins gach aon bhall, ó'n Almáinn go dtí an Spáinn agus ó chríochaibh Lochlan soir go dtí an áit 'n-a
raibh Cathair na Trae lá éigin. Siné an creideamh a choimeád ár sínsear, anso i n-Éirinn, ní'l ach beagán aimsire ó shin ann, nuair a bhí saighdiúirí Chromeil ag gluaiseacht tríd an oileán so, ag fiadhach na ndaoine agus 'ghá marbhughadh, do ló agus d'oídhche, a d'iaraidh a chur fhiachaibh ortha Corp Naomhtha an Tighearna do shéanadh, agus ceann so-fheicse an Teampaill, fear inid an tSlánuightheóra, do shéanadh. Siné an creideamh atá againne anso i n-Éirinn indiu, a phobul. Bhí ár sínsear dílis do'n chreideamh san, chómh dílis sin dó nár fhéad saidhbhreas ná boch- taineacht, plámás ná fearg, pionós ná pianta, claidheamh ná croch ná aon tsaghas eile droch íde, a chur fhiachaibh ortha an greim a bhí acu air do bhogadh. Is olc agus is dian olc uainne anois, agus gur sinn sliocht an tsínsir uasail sin, má bhogaimíd ár ngreim ar an gcreideamh san agus gan aoinne 'ghá iaraidh orainn. B'fhéidir go ndéarfadh duine: "Ach, ní baoghal go mbogfaimíd. Tá an creideamh ró dhaingean i n-ár gcroídhthibh. Ní féidir ár ngreim air do bhogadh." Seachain! Ná codail ar an gcluais sin. Nídh iseadh é a thuitean amach uaireanta, an rud ná sgarfadh duine i n-aon chor leis nuair a bheidhfí 'ghá bhaint dé le lámh láidir, go mb'fhéidir go sgarfadh sé bog go leór leis nuair ná béadh aoinne 'ghá bhaint dé. Tá fhios againn go maith an t-é a ghlacan Comaoine go nglacan sé fuil agus feóil, anam agus Diadhacht an tSlánuightheóra. Ach tá daoine le fághail a dhéanfadh aighneas agus dios- póireacht go h-oídhche dhuit 'ghá thaisbeáint gur fírinne an creideamh san agus go bhfuil an t-éitheach ag an t-é a shéanfadh é, agus b'fhéidir gur bheag ag cuid des na daoine céadna san, tar éis na diospóireachta go léir,
bheith aimsir fhada gan dul i ngoire aon tsagairt chun iad féin d'ollamhughadh chun Comaoine do ghlacadh. Dá mbéadh dlígh na rígheachta 'ghá gcosg air is dócha gur fada ó bhaile do h-aireófaí iad ag cáineadh agus ag spídiúchán ar an ndlígh. Bhéadh an ceart acu sa cháineadh agus sa spídiúchán dá mbéadh a leithéid de dhlígh ann. Ach cad 'tá le rádh i dtaobh daoine do thabharfaidh faillighe i ngnó a gcreidimh agus gan dlígh ná reacht 'ghá iaraidh ortha faillighe a thabhairt ann? An fear do sgaoilfidh thairis faoisdin na Nodlag, agus ansan faoisdin na Cásga, ná fuil an creideamh aige d'á shéanadh, i láthair Dé agus daoine, chómh maith díreach agus dá mba mar gheall ar dhroch dhlígh éigin do sgaoilfeadh sé thairis an dá fhaoisdin sin? Dá ndeintí an droch dhlígh, 'ghá chosg ar dhuine faoisdin na Cásga dhéanamh, agus ansan dá bhfanadh duine ó fhaoisdin na Cásga, ag géilleadh do'n dlígh sin, is tapaidh a casfaí i n'asachán leis é gur shéan sé a chreideamh. An amhlaidh nách cóir an t-asachán céadna do chasadh leis an nduine sin nuair a sgaoilfidh sé thairis aimsir na Cásga gan dul chun faoisdine agus chun Comaoine, agus gan aon dlígh ná aon nidh eile 'ghá iaraidh air an aimsir do leigint thairis ach an neamh-shuim agus an leisge atá istigh 'n-a chroídhe féin? Bhéadh leath-sgéal éigin aige, b'fhéidir, dá mbéadh dlígh chruaidh 'ghá chosg, agus pionós mór le cur air mar gheall ar an ndlígh sin do bhriseadh. Ach cad é an leath-sgéal a bheidh aige le tabhairt uaidh i láthair Dé, nuair a chíon Dia ná fuil aon nídh 'ghá chosg ach corp leisge? Tá an creideamh aige 'á shéanadh i láthair Dé agus daoine, agus mura bhfuil dlígh 'ghá chur suas chun an chreidimh a shéanadh tá dlígh láidir, daingean, dian, 'ghá cheangal air dualgas
an chreidimh do chómhlíonadh. Aon Chríosdaidhe atá i mbliadhantaibh na tuisgiona agus atá bliadhain iomlán gan dul chun faoisdine, tá peacadh marbhuightheach déanta aige i láthair Dé. Agus aon Chríosdaidhe atá i mbliadhantaibh na tuisgiona agus go bhfuil aimsir na Cásga sgaoilte thairis aige, le faillighe, gan Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh, tá peacadh marbhuightheach déanta aige i láthair Dé, leis an bhfaillighe sin, agus gan aon nídh eile do bhac. Cad é an tairbhe do dhuine de'n tsórd san bheith 'ghá mhaoidheamh, dá mbéadh sé beó i n-Éirinn cúpla céad bliadhan ó sin, go bhfuilingeóchadh sé an uile shaghas pionóis ní ba thúisge 'ná mar a shéanfadh sé an creideamh! Siné ag séanadh an chreidimh anois é, agus gan aoinne ag cur aon phionóis air chun a chur fhiachaibh air é shéanadh. Ní'l aon rud ag cur air, chun a chur fhiachaibh air an creideamh a shéanadh anois, ach corp leisge. Tá an creideamh aige d'á shéanadh le corp leisge. Ceann des na cinn-peacaí mharbha iseadh leisge. Tá sé cinn eile acu ann, agus tá gach aon cheann acu ábalta ar a chur fhiachaibh ar dhuine an creideamh a shéanadh chómh maith agus atá leisge ábalta air. "Is biadh go fíor mo chuid feóla-sa," adeir an Slánuightheóir, "agus is deoch go fíor mo chuid fola." Biadh agus deoch an anama. Ní féidir do'n cholainn fanamhaint beó mura dtugtar dó an biadh agus an deoch atá riachtanach dó do réir nádúra. Ach is 'mó rud a thabharfaidh bás do'n cholainn i n-éaghmuis easba bídh agus díghe. Má curtar nimh isteach sa cholainn, nó má curtar claidheamh tríd, nó pléar, ní fhéadfaidh biadh ná deoch é choimeád beó. Ar an gcuma gcéadna, má curtar nimh an pheacaidh mhairbh
isteach sa n-anam ní féidir do bhiadh an anama, do Chorp Naomhtha an Tighearna, an t-anam a choimeád beó. Cad é an tairbhe do dhuine bheith ag maoidheamh as a chreideamh, 'ghá mhaoidheamh ná séanfadh sé a chreideamh dá mbeidhfí chun é stracadh idir chapallaibh, má tá nimh an pheacaidh istigh i n-a anam agus an t-anam marbh i láthair Dé? Nuair a bhíon duine ag maoidheamh as aon rud is gnáth gur bh' uabhar a chuirean ag maoidheamh é. Ceann des na cinn-pheacaí marbha iseadh uabhar. Is é an chéad cheann acu é. Le h-uabhar iseadh thuit na h-aingil as na flathais. Ní le h-uabhar a choimeád ár sínsear an creideamh ach le h-úmhluigheacht. Ba cheart dúinne feuchaint rómhainn le h-eagla gur le h-uabhar a dhéanfaimís féin maoi- dheamh as an rud a dhein ár sínsear le h-úmhluigheacht. Dá mba le h-uabhar a bhéadh ár sínsear a d'iaraidh an chreidimh a choimeád ní baoghal go gcoimeád- faidís é. Thug Dia grásta na h-úmhluigheachta dhóibh. D'úmhluigheadar iad féin i láthair Dé. Ansan do thug Dia foidhne dhóibh, agus fulang, agus seasamhacht, agus solus, agus radharc d'á n-aigne ar an dtuarasdal a bhí acu le fághail. Mura mbéadh an úmhluigheacht ní bhfaighdís grásta na foidhne, ná an fulang, ná an tseasamhacht, ná an solus, ná an radharc ar an dtuarasdal. Ní bhéadh acu ach an t-uabhar. Díobháil a dhéanfadh sé sin dóibh. Do thuitfidís mar a thuit na h-aingil, aingil an uabhair. Nuair a chuimhnighmíd ar an seasamh a dhein ár sínsear ar son an chreidimh, is amhlaidh ba cheart dúinn buidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ar na grásta a thug sé dhóibh, agus a dh'iaraidh air, go h-úmhal, a ghrásta thabhairt dúinn féin, leis, i dtreó go ndéanfaimís an creid- eamh céadna san do choimeád beó i n-ár gcroídhthibh,
agus go ndéanfaimís gach dualgas a bhainean leis do chómhlíonadh. Thug Dia d'ár sínsear gnó ana chruaidh le déanamh ar son an chreidimh nuair a dh'iar sé ortha sgaramhaint le n-a gcuid 'an tsaoghail ar a shon, agus ansan bás a dh'fhulang ar a shon. Ní'l aige 'á iaraidh orainne dhéanamh ar son an chreidimh ach gnóthaí an chreidimh do chómhlíonadh, dul go minic chun faoisdine agus chun Comaoine, ár bpaidreacha do rádh go diadha ar maidin agus asdoídhche, agus sinn féin a thabhairt suas do Dhia go minic i gcaitheamh an lae; sinn féin a choimeád ó dhroch bhéasaibh agus ó dhroch chómhrádh agus ó dhroch chómhluadar; a thabhairt le feisgint do Dhia agus do dhaoine go bhfuil an creideamh againn, agus go bhfuilimíd, le congnamh Dé, ag déanamh ár ndíchil ar é choimeád. Á! Is buidheach a bhéadh ár sínsear, nuair a bhíodar d'á gcur chun báis ins gach ball ar fuid na h-Éirean ar son an chreidimh, dá mba ná béadh acu le déanamh ach an méid atá againne le déanamh. Is é is lúgha is gann dúinne, ó is é toil Dé gan a chur orainn ach an obair shaoráideach so atá orainn, an obair shaoráideach a dhéanamh go dílis agus go dúrthachtach. Tá obair shaoráideach orainne gan amhras, i gcom- paráid leis an obair a chuir Dia ortha súd. Ach tá a cruadas féin sa n-obair atá orainne le déanamh. Agus tá a contabhairt féin ag baint léi. Is minic a chonaic duine úbhall a bhéadh ag feuchaint go breagh luisneamhail, foláin, ar an dtaobh amuich, agus nuair a h-osgalófaí é ná faighfí istigh ann ach smúsach dreóighte. Thosnuigh an dreóghadh i bpoillín éigin, b'fhéidir, a bhí sa chroicean, agus do leath sé mór-thímpal laistigh de'n chroicean. D'fhan an croicean slán agus d'fhan an dath foláin air go
dtí go raibh an croídhe go léir dreóighte, lobhtha, agus ná raibh aon mhaith sa n-úbhall. Sin mar a thuitean amach uaireanta do Chríosdaidhthibh nuair a bhíon gach aon rud ar a dtoil acu, an creideamh acu, agus gan aoinne ag cur isteach ortha ná ag déanamh aon toirmisg dóibh mar gheall air. Comáinid siad leó, ar feadh tamaill, go breagh réidh, ag déanamh gnótha an chreidimh fé mar a dheinid na cómharsain go léir é. Ar ball, fé mar a thagan an poll beag sa n-úbhall, tagan ruidín éigin nách ceart istigh i gcroídhe an Chríosdaidhe, droch smuíneamh, b'fhéidir. Ní curtar cosg leis mar ba cheart. Ní curtar puinn suime ann, b'fhéidir. Téighean sé i n-achran sa chroídhe. Neartuighean sé, Leathan an nimh uaidh. Leathan an dreóghadh a gan fhios do'n tsaoghal. Comáinean an duine leis, ag déanamh gach gnótha creidimh ar nós na gcómharsan go léir. Ar ball ní bhíon sa chroídhe ar fad ach an droch nídh, agus ní fheicean aoinne an droch nídh sin ach Dia féin, moladh go deó leis. Feuchan gach aon rud 'n-a cheart i láthair daoine, ná feicean ach an taobh amuich. Ach chíon Dia an taobh istigh de'n chroídhe sin, agus ní'l aige le feisgint ann, laistigh de'n chroicean, ach an smúsach dreóighte, B'fhéidir gur b'é an t-uabhar a dhein an chéad phoillín. Gur b'amhlaidh a thosnuigh an duine sin ar an iomad meas a bheith aige air féin agus gan a bheith aige ar aon duine eile ach droch mheas. B'fhéidir gur saint a dhein é. Gur b'amhlaidh a bhí dúil a chroídhe aige 'á chur i saidhbhreas agus i maitheasaibh an tsaoghail seo go dtí nár fhan suim ar bith aige i maitheasaibh an tsaoghail eile, agus nuair a dheinean sé gnóthaí an chreidimh, nách ortha a bhíon sé
ag cuimhneamh, ach ar pé cnuasach beag saidhbhris atá aige. B'fhéidir gur smuíneamh drúiseamhail a thusnuigh an dreóghadh sa chroídhe. Gur coimeádadh an smuíneamh nuair ba cheart é dhíbirt. Ansan gur neartuigh sé i dtreó gur dheacair é dhíbirt gan cabhair agus congnamh láidir ó ghrásta Dé. Nár h-iaradh an chabhair ná an congnamh. Ní h-eadh, ach gur cuireadh i gcoinnibh ghrásta Dé nuair a tugadh gan iaraidh é. Gur mhó an dúil a bhí ag an nduine sa pheacadh 'ná mar a bhí aige sa chongnamh; go dtí ná raibh 'n-a chroídhe ar fad, a gan fhios do'n tsaoghal go léir, ach smúsach lobhtha. B'fhéidir gur craos a thosnuigh an droch obair. Do bhlais an duine deoch meisgeamhail Bhí fuath aige do'n dígh agus gráin aige air. Do bhlais sé airís é. Ba lúgha an fuath a bhí aige do'n dígh an tarna h-uair 'ná an chéad uair. Bhí sé ag blaise an díghe go dtáinig dúil aige ann. Bhí sé 'ghá bhlaise go dtáinig dúil mhalluighthe aige ann. Ansan níor fhan meabhair ná ciall aige. Níor fhan cuimhneamh ar Dhia ná ar dhuine aige. Is dócha gur dheacair a rádh gur a gan fhios do'n tsaoghal atá an craos tar éis smúsach lobhtha dhéanamh de chroídhe an duine sin; ach iseadh. Ní chuirean an saoghal aon tsuim sa pheacadh san. Ní fhaghan an saoghal aon locht ar dhuine mar gheall ar bheith ar meisge. Tá aigne an tsaoghail féin amú' ar an bpuinte sin, nó do bhí go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe. Mar sin dos na cinn-pheacaibh marbha go léir. Téighean ceann éigin acu isteach sa chroídhe. Ansan tosnuighean an croídhe ar dhreóghadh, agus bíon sé ag dreóghadh, agus an peacadh ag neartughadh istigh ann, go dtí ná bíon ann, i láthair Dé, ach an smúsach lobhtha ar fad.
Tá an chontabhairt sin os ár gcionn go léir i gcómh- nuighe, a phobul, pé síothcháin creidimh a bhíon againn. Ní h-eadh, ach d'á mhéid an tsíothcháin iseadh is mó an chontabhairt sin. Ach tá cosaint againn dúinn féin ar an gcontabhairt sin. "Is biadh go fíor mo chuid feóla-sa agus is deoch go fíor mo chuid fola." "An t-é a dh'íosfaidh an t-Arán so mairfidh sé go síoruidhe." An Críosdaidhe do raghaidh go minic chun faoisdine agus do dhéanfaidh faoisdin ghlan, gan neamh-shuim do chur i neithibh a dh'fheuchan suarach, coimeádfaidh sé na neithe sin, a dh'fheuchan chómh suarach san, gan dul isteach 'n-a chroídhe agus greamughadh ann agus an dreóghadh do chur ar siúbhal ann. Ansan glacfaidh sé go minic an Biadh uasal, Biadh an anama, Corp Naomhtha an tSlán- uightheóra. Neartóchaidh an Biadh sin a chroídhe agus a aigne agus a anam i dtreó go gcuirfidh sé dhé, gan dochar d'á anam, gach anál ó'n mach mallachtain, díreach mar a chuirean duine cothuighthe, deagh-shláinteach, gach droch ghaoth dhé, gan dochar d'á shláinte. Buidheachas mór le Dia, tá a lán daoine 'ghá thabhairt mar bhéas dóibh féin le déanaighe dul chun faoisdine agus chun comaoine go minic. Is maith agus is tairbheach agus is Críosdamhail an béas é. Go dtugaidh Dia a ghrásta dhóibh chun na h-oibre sin a dhéanamh go maith, agus dúinn go léir chun aithris a dhéanamh ortha, tré Íosa Críosd ár dTighearna. Amen.
XXXVIII. AN DOMHNACH LAISTIGH D' OCHT-LÁ FÉILE CHUIRP CRÍOSD. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 14.) Tá fhios againn go léir, a phobul, cé h-é an fear a dhein an féasta mór, gur b' é an Slánuightheóir féin é, moladh 's buidheachas leis. Agus tá fhios againn cad é an féasta mór a dhein sé, gur b' é Sácraimínt na h-Altórach an féasta mór. Ag triall ar na Iúdaigh, ag triall ar Chlainn Isráeil, iseadh tháinig an Slánuightheóir. Siniad na daoine a fuair an cuireadh chun an fhéasta. Ach nuair a tháinig an t-am agus bhí gach aon rud ollamh, ní rabhadar ag teacht. Do h-iaradh ortha, airís agus airís éile, teacht. I n-inead teacht is amhlaidh a chrom- adar ar a rádh ná féadfaidís teacht, agus thug gach aoinne acu a leath-sgéal féin uaidh. I dtigh Fairisínigh iseadh bhí an Slánuightheóir, agus bhí a lán des na Fairisínigh ann ag éisteacht leis, nuair a labhair sé an tsoluíd sin leó. Do thrácht sé sa tsoluíd ar thrí shaghas leath-sgéil a thug an mhuintir uatha nár tháinig chun an fhéasta, agus trí saghas gnótha saoghalta ab eadh iad. "Gaibh mo leath-sgéal," arsa'n chéad duine, "tá tigh ceannuighthe agam agus ní mór dhom dul 'ghá fheuchaint." "Gaibh mo leath-sgéal," arsa'n tarna duine, "tá
chúig sheisreach damh ceannuighthe agam agus ní mór dhom dul 'ghá dtriail." "Phósas bean," arsa'n trímhadh duine, "agus d'á bhrígh sin ní fhéidir dom teacht." Breithnigh na trí leath-sgéalacha san. Meághaigh ad' aigne iad. Cad tá agat ionta? Cad tá ionta ach trí namhaid an duine, an diabhal, an saoghal agus an cholann? Nó, má ainimnightear ar chuma eile iad, uabhar agus saint agus drúis; an t-uabhar ag ceannach an tíghe nua; an tsaint ag feuchaint na seisreach; agus an cholann ag feuchaint chun a h-ainmhianta féin do shásamh. Nuair a labhair an Slánuightheóir an tsoluíd sin dos na Fairisínigh bhí sé díreach tar éis mírbhuilte dhéanamh 'n-a láthair. Do tugadh chuige duine go raibh líonadh ann. B'é lá na Sabbóide é. Bhíodh na Fairisínigh 'ghá chasadh leis an Slánuightheóir go mbíodh sé ag briseadh na saoire mar go mbíodh sé ag leigheas na ndaoine sa tSabbóid. Nuair a tugadh an duine breóite isteach agus an líonadh ann, d'iompuigh an Slánuigh- theóir chun na bhFairisíneach. "An bhfuil sé dleaghthach duine do leigheas lá Sabbóide?" ar seisean. Ní leigfeadh náire d'aoinne acu labhairt. Ansan do leighis an Slánuightheóir an duine. Sampla b'eadh an leigheas san ar an leigheas a theastuigh ó'n Slánuightheóir a dhéanamh ortha-san, dá leigidís dó é. Theastuigh uaidh iad do leigheas ó'n uabhar. Ba chosmhail an líonadh le h-uabhar. Líonadh mí-nádúrtha in aigne an duine iseadh uabhar. Dhein an Slánuightheóir an mhírbhuilt ar dtúis. Do leighis sé an duine ó'n líonadh. Ansan d'inis sé an sgéal dóibh i dtaobh na ndaoine ná tiocfadh chun an fhéasta. Agus d'inis sé dhóibh cad iad na trí neithe fé ndeara dhóibh
gan teacht. D'inis sé dhóibh conus mar a glaodhadh isteach ar na daoine bochta chun an bhídh a dh'ithe nuair ná tiocfadh na daoine a fuair cuireadh. Ansan d'inis sé dhóibh cad dúbhairt an rígh sa deire. "Deirim libh, ámhthach," arsa'n rígh, "an mhuintir úd a fuair an cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh." Ach níor leighis an mhírbhuilt na Fairisínigh ó'n uabhar. Agus níor leighis an tsoluíd iad. Agus níor leighis an focal atá i ndeire na soluíde iad, an focal a ghearr amach iad, go deó, ó aon pháirt a bheith acu i dtoradh na h-oibre a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh do'n chine daona, agus ó aon chuid a bheith acu de'n Bhiadh spioraideálta a bhí aige le tabhairt do'n chine daona, chun iad do chothughadh agus do neartughadh i n-aghaidh a namhad ar an saoghal so agus chun iad do bhreith saor go flathas na ngrást ar an saoghal eile. Níor leighis aon rud iad. Do deineadh gach aon rud dóibh agus ní raibh aon mhaith ann. Do deineadh na mírbhuiltí os a gcómhair. Do tugadh an uile shaghas soluídí dhóibh, 'ghá chur i dtuisgint dóibh nár bh'é a leas a bhí acu 'á dhéanamh. Ní raibh aon mhaith ann. Do leanadar a dtoil féin. Do leanadar ar a n-aimhleas go dtí gur chríochnuigheadar é. Bíon iongnadh agus alltacht orainne uaireanta nuair a bhreithnighmíd an sgéal san. B'fhéidir dá mbreithnighmís i gceart é ná fanfadh oiread iongnadh orainn. Sgéal iseadh é go bhfuil dhá thaobh air. Oirean taobh dé dúinn féin, agus ní h-é an taobh is lúgha é. Do labhair an Slánuightheóir focail an tSoisgéil sin leis na Fairisínigh mar d'oir na focail dóibh. Ach do thug an Slánuightheóir céadna mar ghnó do'n Eaglais na focail chéadna do chur ansan isteach i Leabhar an Aifrinn i dtreó go léighfí dúinne iad indiu, mar is
fíor go n-oirid siad dúinne chómh maith díreach agus a dh'oireadar dos na Fairisínigh an lá do labhradh leó iad. "Conus san?" adéarfaidh duine, b'fhéidir. Mar seo. Oirid na focail sin do gach aon Chríos- daidhe a leigfidh do ghnó an tsaoghail seo teacht idir é agus gnó a anama. Ní h-indiu ná indé do thosnuigh Críosdaidhthe ar leigint do ghnóthaibh an tsaoghail seo teacht idir iad agus gnó a n-anama. Tá cuid acu is mó a dheinean é 'ná a chéile, ach deinean a lán acu é minic go leór. Agus pé duine is anamha a dheinean é, deinean sé ró mhinic é. Tagan Satharn áirighthe. Táid na sagairt sa tséipéal chun na ndaoine dh'éisteacht. Deir a choinsias le fear éigin: "Is mithid duit dul chun faoisdine. Ní rabhais ann le fada. Ní ceart duit bheith ag leigint na h-aimsire thort." Deir an fear: "Is fíor san; ach conus fhéadfainn dul ann indiu? Tá an pháirc sin thíos gan treabhadh. Ba cheart í bheith treabhtha tá seachtmhain ó shin ann. Ní mór dhom an pháirc sin do threabhadh indiu. Ní bheidh aon chaoi ar í threabhadh Dé Luain ná Dé Máirt, agus ansan bhéadh an treabhadh ró dheirineach. Déanfaidh an Satharn so chúghainn an gnó chun dul go dtí an sagart." Cad é an deifrigheacht atá idir an gcaint sin agus an chaint úd adúbhairt an duine sa tSoisgéal? Ní dóich liom-sa go bhfuil puinn deifrigheachta eatartha. Isé an "gaibh mo leath-sgéal" céadna é ins gach caint acu. Tagan aimsir na Cásga. Deir a choinsias le duine éigin, "Tá aimsir na Cásga agat. Imthigh agus dein diúité na Cásga i n-am agus ná bí ag ruith leis an lá déanach." Deir an duine: "Eist anois agus bíodh foidhne
agat! Ná fuil aimsir mo dhóithin agam! Nuair a bheidh gnó an earraigh as mo lámhaibh féadfad diúité na Cásga dhéanamh ar mo shuaimhneas. Dá ndeininn anois é is amhlaidh a bhéadh gach aon rud a'm chur amú' air. Ní fhéadfainn m'aigne shocarughadh air i n-aon chor." Imthighean an aimsir níos tiúgha 'ná mar a mheas sé. Ní túisge a bhíon gnó an earraigh as a lámhaibh aige 'ná mar a thagan gnó éigin eile air. Fé dheire tagan an Satharn deirineach d'aimsir na Cásga. Agus feuch. Is mó an bhruid ghnótha atá an lá san air 'ná mar a bhí air aon lá eile ó thusnuigh aimsir na Cásga! Ní raibh ach "gaibh mo leath-sgéal" aige gach aon lá ó thusnuigh an aimsir, agus ní'l anois aige ach an focal a bhí ag an bhfear deirineach de'n tri iúr úd: "Ach! Ní féidir dom teacht i n-aon chor!" Imthighean an Cháisg sin. Ansan, b'fhéidir, tagan rud eile i gcroídhe an duine sin: "Faire go deó! Conus fhéadfair a dh'innsint do'n tsagart gur leigis diúité na Cásga thort gan déanamh?" Raghaidh an smuíneamh san i n-achran i n'aigne. Gluaiseóchaidh an aimsir. Cad fé ndear an smúineamh san? Uabhar fé ndear é. Ní leigfidh an t-uabhar dó é féin d'úmhlughadh agus a pheacaí dh'admháil. Agus d'á fhaid a dh'fhanfaidh sé gan é féin d'úmhlughadh iseadh is deacra dhó an t-úmhlughadh do dhéanamh. Imtheóchaidh Cáisg eile, b'fhéidir, agus gan an diúité déanta, agus Cáisg eile. B'fhéidir go ndéanfadh an Slánuightheóir an fhoidhne. Tá an Slánuightheóir trócaireach. Ach tá focal i ndeire an tSoisgéil agus is é an Slánuightheóir féin do labhair an focal. Is focal ana dhian é. "An mhuintir úd a fuair an cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh." D'oir an focal dos na Fairisínigh a bhí ag éisteacht
leis. Oirean an focal do gach aon Chríosdaidhe a chuir- fidh neamh-shuim sa Bhiadh. Is é Corp Naomhtha an tSlán- uightheóra an Biadh. Ba dhóich liom gur mó an milleán ba cheart a bheith anois ar an gCríosdaidhe a chuirfeadh neamh-shuim sa Bhiadh sin 'ná mar ba cheart a bheith ar na Iúdaigh an uair sin. Pé olcas a bhí ionta tá an méid seo le rádh 'n-a dtaobh. Níor thuigeadar an sgéal mar a thuigimíd-ne é. An mbeidh an Slánuightheóir níos déine orainne 'ná mar a bhí sé ortha súd? An chúghainne is mó a bhí sé nuair adúbhairt sé an chaint úd: "An mhuintir úd a fuair cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh"? An mar a chéile an chaint sin agus a rádh: "Na daoine seo go bhfuil an Eaglais cortha ó bheith ag glaodhach ortha chun Comaoine ghlacadh agus ná cuirean aon tsuim sa ghlaodh, gearrfar amach iad ó Bhiadh na bhflathas ar feadh na síoruidheachta"? Nuair a bronntar tabharthas ar dhuine, d'á mhéid é an tabharthas iseadh is measa ó'n nduine neamh-shuim do chur sa tabharthas. Siné an tabharthas is mó d'ár bhronn Dia riamh ar daoine, Corp Naomhtha an Tighearna thabhairt dóibh mar Bhiadh d'á n-anam. Nuair a chuirean an duine neamh-shuim sa tabharthas san, conus is féidir d'aoinne leath-sgéal an duine sin do ghabháil! An bhfuil, neamh-shuim againn d'á chur sa tabharthas san? Ó, a Chríosdaidhe, má chíon Dia go bhfuil aon neamh- shuim agat d'á chur sa tabharthas san, feuch chúghat féin láithreach. Má tá aimsir fhada ó bhís ag faoisdin go déanach, i n-ainim Dé ná leig a thuille aimsire thort gan dul agus do shíothcháin a dhéanamh le Dia. Má tá cuid mhaith aimsire imthighthe ó ghlacais Corp Naomhtha an Tighearna go deirineach, ná leig a thuille de'n aimsir thort gan dul agus an Biadh spioraideálta san do ghlacadh. Ná bí ag lorg leath-sgéil chun
fanamhaint indiu uaidh agus ag lorg leath-sgéil eile chun fanamhaint uaidh amáireach. Imtheóchaidh an lá indiu uait agus ansan imtheóchaidh an lá amáireach uait. Tá an lá indiu ag imtheacht go tiugh. Ní'l aon deimhne agat go dtabharfaidh Dia an lá amáireach i n-aon chor duit. Mura dtugaidh Dia an lá amáireach ar an saoghal so dhuit, beidh an lá amáireach ar an síoruidh- eacht agat. Pé gnó atá a't choimeád anois gan dul agus tú féin d'ollamhughadh chun Comaoine ghlacadh, is ró bheag an suim a bheidh agat sa ghnó san amáireach má 's ar an síoruidheacht atá ceapaithe ag Dia dhuit an lá amáireach do chaitheamh. Ach má's a't ollamhughadh féin chun Comaoine, agus 'ghá ghlacadh, ar deagh-staid, a thabharfair an lá indiu, agus ansan má ghlaodhan Dia chun siúbhail tú nuair a bheidh an lá indiu caithte agat agus an gnó san déanta agat, mairfidh an lá indiu agat, agus gnó an lae indiu, agus toradh gnótha an lae indiu, i gcaitheamh na síoruidheachta go léir. Ar an gcuma gcéadna, má chuimhnighean tú ar leath- sgéal éigin chun an lae indiu do leigint uait, i ndiaigh na laethanta eile go léir atá leigithe uait agat, imtheóchaidh sé 'n-a ndiaigh, go tapaidh, gan toradh gan tairbhe dhuit-se. Ansan, má tá ceapaithe ag Dia gan a thabhairt duit ar an saoghal so ach an lá so indiu againn, caithfir imtheacht sar a n-eireóchaidh an ghrian amáireach, agus mairfidh neamh-thairbhe an lae indiu, agus neamh-thairbhe an lae indé, agus neamh-thairbhe do shaoghail go léir agat i gcaitheamh na síoruidheachta. "Beidh tú i rúimín uaigneach Agus bairlín bhán anuas ort. Ba mhaith í an aithrighe an uair sin Dá mbéadh sí le fághail!"
Ach ní bheidh sí le fághail an uair sin. Níor cuireadh aon tsuim inti an fhaid a bhí sí le fághail. Do ceapadh an leath-sgéal so agus an leath-sgéal úd agus an leath- sgéal eile úd, chun na h-aithrighe do chur ar athlá. D'imthigh na laethanta go léir agus na leath-sgéalacha go léir, agus do fágadh an aithrighe gan déanamh. Do cuireadh an t-anam bocht do'n ghorta le h-easba an Bhídh uasail a cheap an Slánuightheóir dó. Thug an Slán- uightheóir an cuireadh chun an Bhídh. Ní raibh sé sásta le cuireadh thabhairt. Chuir sé teachtaire uaidh, airís agus airís eile, 'ghá innsint go raibh an Biadh ollamh agus 'ghá rádh leis na daoine a fuair cuireadh gur mhaith leis go dtiocfaidís. Chuireadar neamh-shuim sa chuireadh. Chuireadar neamh-shuim sa teachtaire. Chuir- eadar neamh-shuim sa Bhiadh. Chuireadar neamh-shuim sa Rígh ghlórmhar a dh' ollamhuigh an Biadh dhóibh. D'fhága- dar ansan fé tharcaisne É féin agus an Biadh, agus d'imthigheadar i bhfeighil a ngnótha féin. Níor bh'fhiú leó air teacht chun an Bhídh. D'á mhéid tathant a dhein sé ortha teacht, iseadh ba lúgha a chuireadar suim sa tathant. D'imthigh an lá san agus do tháinig an lá atá anois acu. D'imthigh an gnó saoghalta go raibh an suim go léir acu ann. D'fhágadar 'n-a ndiaigh é. B'éigean dóibh. Tháinig an tsíoruidheacht agus gan an aithrighe déanta ná an Biadh fághalta. Is cuimhin leó anois aon fhocal amháin, agus beidh cuimhne acu ar an bhfocal san i gcaitheamh na síor- uidheachta. Isé focal é 'ná an focal deirineach úd a léigheas daoibh as an Soisgéal, an focal adúbhairt an Rígh nuair a tugadh an tarcaisne go léir dó féin agus do'n Bhiadh a bhí ollamh aige. "An mhuintir úd a fuair an cuireadh," ar seisean, "ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh."
Na Críosdaidhthe atá anois ag cur na h-aithrighe ar athlá; ag fanamhaint siar ó Shácraimínt na h-Aithrighe; ag sgaoileadh na h-aimsire thórsa gan faoisdin gan Comaoine, mar 'dh eadh ná bíon an uain acu; má leanaid siad de'n neamh-shuim sin, glaodhfar as an saoghal iad nuair ná beidh coinne acu leis. Ansan iseadh bheidh uain a ndóithin acu ar mhachtnamh, agus ní bheidh d'adhbhar machtnaimh acu ach an t-aon fhocal amháin úd: "Ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh!" Beidh an focal san, go síoruidhe, ag ruith anonn agus anall tré n-a n-aigne agus tré n-a gcroídhe, 'ghá losgadh agus 'ghá ngearradh gan sos gan suaimhneas. Ní féidir dóibh suaimhneas d'fhághail ó'n losgadh ná ó'n ngearradh, mar ní féidir easba fírinne ná easba cirt a dh'fhághail sa chaint: "Ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh." Leanfaidh fírinne na cainte agus ceart na cainte ar feadh na síoruidheachta. D'á bhrígh sin, leanfaidh an losgadh agus an gearradh ar feadh na síoruidheachta. "An mhuintir úd a fuair cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu mo Bhiadh." Blaisimís an Biadh anois, a Chríosdaidhthe. Deinimís an aithrighe an fhaid atá lá na h-aithrighe againn. Deinimís gnó an anama pé rud a dhéanfaidh gnó an tsaoghail seo. Imtheóchaidh an saoghal so; agus a ghnó; agus a bhruid; agus a bhuairt; agus a phráinn; mar a dh'imthíghean an ceó nuair árduighean an ghrian Sgaoilimís uainn é mar shaoghal! Ní fiú é bheith a d'iaraidh aon ghreama choimeád air féin ná ar a bhiadh ná ar a dheoch ná ar a shaidhbhreas. Glacaimís cuireadh an Rígh, cuireadh an tSlánuightheóra. Blaisimís anois an Biadh atá ollamh aige dhúinn. Blaisimís anois é, agus beidh an blas san, agus an t-aoibhneas a bhainean leis, istigh i n-ár gcroídhe agus i n-ár n-aigne
againn i gcaitheamh na síoruidheachta. Go dtugaidh Dia dhúinn san do dhéanamh, agus é dhéanamh gan ríghneas. Amen. XXXIX. AN TRÍMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 15.) Tá aon nídh amháin sa tSoisgéal san, a phobul, agus is cóir dúinn é bhreithniughadh go maith agus machtnamh go maith air sar a dtéighmís thairis. Bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí, 'sé sin, uaisle na n-Iúdach, ag gearán agus ag gluaireán agus ag ceisneamh, mar gheall ar rud áirighthe a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh. Nuair a dh'airighmíd-ne an rud a chuir ag gearán agus ag ceisneamh iad bíon iongnadh orainn. Measaimíd-ne gur b' amhlaidh ba cheart dóibh bheith 'ghá mholadh mar gheall ar an rud a chuir ag ceisneamh iad, i n-inead bheith 'ghá cháineadh mar gheall air. "Ó," ar siad, "ní thuigean an fear so é féin. Leigean sé dos na droch dhaoine teacht 'n-a ghoire. Deinean sé cómhluadar leó. Ithean sé biadh 'n-a bhfochair. Dá mbéadh aon mheas aige air féin ní dhéanfadh sé a leithéid sin de bheart. Choimeádfadh sé na droch dhaoine uaidh amach agus d'fhanfadh sé amach uatha. Poibliocá- naigh agus peacaigh! Cad é mar chuideachta dhó a leithéidí sin? Conus is féidir dúinne cur suas le fear do chaithean biadh 'n-a bhfochair sin? Sinne, nár dhein aon chómhluadar riamh le daoine dhe'n tsórd san!"
Ní mar sin a dh'fheuchaimíd-ne i n-aon chor ar an mbeart a dhein an Slánuightheóir nuair a leig sé dos na peacaigh agus dos na poibliocánaigh cruinniughadh 'n-a thímpal. Is amhlaidh a thagan áthas mór orainn, agus molaimíd trócaire agus ceannsacht an tSlán- uightheóra. Tuigimíd-ne an bheart a dhein sé. Níor thuig na Iúdaigh é. Dá bhfeuchaimís isteach sa sgéal b'fhéidir go bhfeicfimís nách ceart dúinn oiread milleáin a chur ar na Iúdaigh agus chuirimíd. An bheart san a dhein an Slánuightheóir an uair sin, beart ab eadh í nár dhein aoinne eile riamh roimis sin. Do deineadh an bheart, nó beart d'á réir, go minic ó shin, mar do dhein naoimh na h-Eaglaise í, ó theagasg an tSlánuightheóra. Ach go dtí gur tháinig an Slán- uightheóir agus gur thug sé an teagasg san uaidh, níor bheartuigh aoinne riamh i n'aigne go mbéadh deagh-ghníomh aige 'á dhéanamh dá ndeineadh sé an rud a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh an uair sin, nuair a bhí an sgorn go léir ar na Iúdaigh mar gheall ar é bheith ag déanamh cómhluadair le peacachaibh. Roimis sin, aon duine go raibh meas aige air féin agus gur theastuigh uaidh meas a bheith ag an bpoibilidheacht air, d'fhanfadh sé amach ó dhroch dhaoine. Do thuig gach aoinne go raibh na droch dhaoine go h-olc. Níor tháinig lá d'á chuimhne chun aoinne gur mhaith an rud iaracht éigin a dhéanamh ar iad a dh'iompáil agus ar dhaoine fóghanta dhéanamh díobh. Ní fheacaidh aoinne ionta ach an t-olc. Do thuig gach aoinne gur ceart iad do sheachaint mar a seach- nófaí an t-olc. Níor chuimhnigh aoinne go mbéadh aon mhaith i n-aon iaracht a déanfaí ar charthanacht a dhéanamh ortha. Ní h-eadh, ach, dar le gach aoinne, ba charthanacht ar an saoghal iad do chur as ar fad. Bhéadh na smuínte céadna san i n-ár n-aigne againne go léir indiu mura
mbéadh an t-atharughadh a dhein teagasg an tSlán- uightheóra ar aigne na gCríosdaidhthe. Agus go deimhin féin ní foláir a dh'admháil gur bh' fhearr-de an t-athar- ughadh dá dtéigheadh sé níos sia 'ná mar atá sé tar éis dul. Tá a lán de'n tsean' aigne Iúdach úd sa tsaoghal fós. Ach pé'r domhan é, níor thuig na Fairisínigh i n-aon chor cad é an meón a bhí ag ár Slánuightheóir le bheith ag bailiughadh na ndroch dhaoine 'n-a thímpal. Níor thuigeadar gur carthanacht a bhí aige 'á dhéanamh ar na droch dhaoine sin. Bhí an charthanacht aige 'á dhéanamh ar na droch dhaoine. Bhí sgorn ar na Fairisínigh mar gheall ar é dhéanamh aon chómhluadair leis na droch dhaoine sin. Cad a dhein an Slánuightheóir glórmhar trócaireach ansan? D'iompuigh sé agus do dhein sé carthanacht áluinn ar na Fairisíneachaibh féin! D'inis sé dhóibh i dtaobh na caorach a bhí imthighthe amú' agus conus mar a dh'fhág an t-aodhaire an chuid eile go léir des na caoire 'n-a dhiaigh, chun dul ar lorg na h-aon chaorach amháin a bhí imthighthe. Do lean sé siar ar an sgéal dóibh. D'inis sé dhóibh conus mar a fuair an t-aodhaire an chaora a bhí imthighthe amú', agus conus mar a chuir sé chuige ar a mhuin í, agus conus mar a thug sé leis abhaile í, agus conus mar a bhí an gáir- deachas agus an t-áthas go léir air féin agus ar a chómharsanaibh agus ar a cháirdibh mar gheall ar an aon chaora amháin, agus gan aon phioc gáirdeachais ná áthais d'á thaisbeáint mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú' i n-aon chor. Do thuigeadar an sgéal go h-áluinn, mar d'inis sé dhóibh díreach an rud a dheinidís féin nuair a théigheadh caora amú' ó dhuine acu. "Cé 'cu agaibh-se," ar seisean, "go raghadh caora amú' uaidh ná déanfadh mar siúd?" Do thuigeadar go h-áluinn, leis, cad dó go raibh sé
ag tagairt an sgéil sin. Nó murar thuigeadar ar dtúis é do chuir sé fhiachaint ortha é thuisgint nuair adúbhairt sé:- "Sin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe, seachas naonbhar déag agus cheithre fichid ná fuil gádh le h-aithrighe acu." Bhí an focal deirineach san pas cruaidh ortha féin, má thuigeadar é, agus is dócha gur thuigeadar. Daoine géar-chúiseacha b'eadh iad. Thug sé breith a mbéil féin ortha. B'ionan é agus a rádh, "daoine fóghanta iseadh sibh-se, dar libh. Ní peacaigh sibh. D'á bhrígh sin ní h-aoinne agaibh-se an chaora do chuaidh amú'. Ní'l gádh le h-aithrighe agaibh-se, dar libh. Ó atá san amhlaidh ní i nbhúr measg-sa is ceart dómh-sa bheith. Ameasg na bpeacach is ceart mé bheith; na daoine go bhfuil gádh acu le h-aithrighe." Ansan d'inis sé dhóibh i dtaobh na mná do chaillfeadh an t-airgead agus bhéadh ag sguabadh an tíghe 'ghá chuardach go dtí go bhfaghadh sí é agus do dhéanfadh an gáirdeachas go léir nuair a gheobhadh sí é. Agus d'inis sé airís dóibh conus mar a bhéadh an t-áthas go léir ar na h-aingealaibh ins na flathais mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfadh aithrighe. Dhá uair a chuir sé an nídh sin os a gcómhair. Ba mhór an trócaire é d'á dhéanamh ortha. Nuair a bhí sé ag innsint gach sgéil díobh san dóibh bhí sé ag tabhairt a ghrásta dhóibh, leis, a gan fhios d'aoinne, ag tabhairt soluis dóibh chun an sgéil a thuis- gint i gceart, agus ag tabhairt grádh' Dé dhóibh chun a gcroídhe do bhogadh. Gan amhras do ghlac cuid acu an solus, agus do bogadh an croídhe i gcuid acu, agus dheineadar an aithrighe, agus chuireadar ar aingealaibh na bhflathas an t-áthas a dúbhairt sé. Ach do dhún an
chuid ba mhó acu a súilibh i gcoinnibh an tsoluis agus do chruadar a gcroídhe i gcoinnibh ghrádha Dé. Agus anois, a phobul, siné an Soisgéal fé mar a labhair an Slánuightheóir leis na Iúdaigh é, agus fé mar a ghlac na Iúdaigh é, agus siné an Soisgéal céadna fé mar a chuir an Eaglais ansan isteach i Leabhar an Aifrinn é i dtreó go léighfí dhaoibh-se é. Is maith an rud dúinne, b'fhéidir, machtnamh ar an gcuma 'n-ar ghlac na Iúdaigh é, agus ar an dtrocaire do dhein an Slánuightheóir ortha nuair a labhair sé leó é. Ach is fearra dhúinn go mór, agus is tairbhighe dhúinn machtnamh a dhéanamh ar an mór-thrócaire do dhein an Slánuightheóir céadna orainn féin nuair a dh' órduigh sé do'n Eaglais an Soisgéal céadna san do chur d'á léigheadh dhúinn; agus machtnamh a dhéanamh ar an gcuma 'n-a n-oirean an chaint dúinn féin, ar an gcuma 'n-ar ceart dúinn brígh na cainte do ghlacadh chúghainn féin, agus ar an gcuma 'n-ar ceart dúinn, anso anois i n-ár mbeatha agus i n-ár n-aimsir féin, teagasg agus cómhairle na cainte do ghlacadh agus do chur i ngníomh orainn féin. Oirean caint an tSoisgéil seo dhúinn féin, a phobul, ar shlígh a chuirfidh iongnadh agus uathbhás ar an gCríos- daidhe a mhachtnóchaidh i gceart air. An bhfuil an Críos- daidhe sin beó adéarfaidh nách peacach é féin? An bhfuil an Críosdaidhe sin beó adéarfaidh ná fhuil aon ghádh le h-aithrighe aige? Má tá aon Chríosdaidhe beó adéarfaidh aon taobh acu is Fairisíneach é 'n-a steili- bheathaidh, nó is duine é atá as a mheabhair. D'á bhrígh sin ní'l aoinne againn ná fuil, nó ná raibh uair éigin, díreach sa chás úd 'n-a raibh an chaora do chuaidh amú'. Isé an Slánuightheóir an t-Aodhaire do chuaidh ag lorg na caorach. Le n-a ghrásta iseadh dhein sé an cuardach. Nuair a sheól grásta an tSlánuightheóra an peacach
isteach go cathaoir na faoisdine, siné an uair a thóg an t-Aodhaire an chaora agus chuir sé chuige ar a mhuin í agus thug sé leis abhaile í. Thug sé leis ar a mhuin í mar is É féin a dh'fhuiling an Pháis, agus isé mór- luacht na Páise a dh'fhuiling an Slánuightheóir ar chrann na croise do chuir an brígh sa n-Asbolóid chun na bpeacaí do mhaitheamh do'n pheacach. Níor bh'fhéidir do'n chaora teacht abhaile go deó mura mbéadh gur chuaidh an t-Aodhaire ar a lorg. Agus ansan ní raibh aon bhreith ag an gcaora ar theacht abhaile go deó mura mbéadh gur thóg an t-Aodhaire suas í agus gur thug sé leis ar a mhuin í. Nó, i bhfocalaibh eile, níor bh'fhéidir do'n pheacach iompáil ar Dhia i n-aon chor mura mbéadh gur sprioc grásta Dé chuige é. Agus ansan, pé aithrighe dhéanfadh sé ní bhéadh aon tairbhe ann mura mbéadh mór- luacht bháis Chríosd do dhul chun sochair d'á anam. B'fhéidir go ndéarfadh duine, as san, duine a bhéadh, dar leis féin, ana ghéar-chúiseach: "Má's mar sin atá an sgéal, ní h-ag an bpeacach atá an aithrighe dhéanamh i n-aon cor, ach ag Dia. Ní féidir do'n pheacach aon rud a dhéanamh go dtí go spriocfadh grásta Dé é. Ní'l aige ach fanamhaint mar atá aige go dtagaidh an spriocadh." Tá aon rud amháin is féidir do'n pheacach a dhéanamh. Is féidir dó cur i gcoinnibh an spriocadh, agus is rud é sin a dheinean an peacach go minic. Ní fhéadfadh an chaora teacht abhaile mura gcurfadh an t-Aodhaire ar a mhuin chuige í. Ach d'fhéadfadh an chaora bheith ag spriúchadh, agus bheith ag únfairt, agus bheith a d'iaraidh gan leigint do'n Aodhaire í chur ar a mhuin chuige. Nách ag an bpeacach atá an cogar a gheibhean sé ó ghrásta Dé d'fhreagairt nó gan a fhreagairt? Má fhreagran sé an cogar nách shiné ag déanamh na h-aithrighe
é, bíodh nár bh'fhéidir dó i n-aon chor an aithrighe sin a dhéanamh mura mbéadh go dtáinig an cogar chuige? Ní'l ar chumas an duine gníomh os cionn nádúra do dhéanamh gan congnamh ó ghrásta Dé. Gníomh os cionn nádúra iseadh an aithrighe as a maithtear peacadh. D'á bhrígh sin, ní'l ar chumas an duine, as a ghustal nádúrtha féin, gníomh aithrighe a dhéanamh as a bhfaghadh sé maitheamh- nachas i bpeacadh. Ní'l aon rud iongantach ansan. D'fhéadfadh duine, cuir i gcás, an t-anam a bhaint a' duine eile. Ansan do thiocfadh cathughadh air, b'fhéidir. B'fhéidir go dtiocfadh a leithéid sin de chathughadh agus de bhuairt agus d'aithreachas air go dtabharfadh sé a chuid 'an tsaoghail ar an duine sin a dh'fheisgint beó airís. Ach pé aithreachas a bhéadh air ní fhéadfadh sé an t-anam a chur airís sa chorp san. Ar an gcuma gcéadna, bhí sé ar chumas an chéad duine peacadh an tsínsir a dhéanamh, ach dá maireadh sé ó shin agus bheith ag déanamh an uile shaghas aithrighe ó sin, agus gan an Slánuightheóir a bheith le teacht, ní bhéadh blúire tairbhe 'n-a chuid aithrighe chun aon mhaitheamhnachais a dh'fhághail sa pheacadh dhó. Bás an tSlánuightheóra isé bhain peacadh an tsínsir de'n chine daona. Agus nuair a dheinimíd aithrighe i n-ár bpeacaibh féin, isé bás an tSlánuightheóra do chuirean ar chumas na h-aithrighe sin maitheamhnachas a dh'fhághail dúinn ó Dhia na glóire. Gan bás an tSlán- uightheóra ní bhéadh blúire tairbhe i n-ár n-aithrighe. D'á bhrígh sin, i n-inead bheith ag argóint agus ag dios- póireacht i dtaobh an sgéil, isé rud is ceart dúinn a dhéanamh 'ná sinn féin d'úmhlughadh i láthair Dé agus ár mbuidheachas a ghabháil le Dia, ó chroídhe, mar gheall ar an dtabharthas thar na beartaibh a bhronn sé orainn nuair a thug sé dhúinn an Slánuightheóir. Ansan, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an méid
seo. I n-ár ngnóthaibh saoghalta tuigimíd go maith gur neamhnídh buidheachas i gcaint gan buidheachas gnímh do dhul leis an gcaint. Tá an nídh sin chómh fíor i ngnóthaibh Dé agus atá sé i ngnóthaibh an tsaoghail. Má tá buidheachas againn ar Dhia mar gheall ar na tabharthaistí atá bronnta aige orainn taisbeánfaimídh an buidheachas ar chuma éigin. Má deirimíd go bhfuil buidheachas againn ar Dhia agus ansan mura bhfeictear an buidheachas i n-aon ghníomh d'á ndeinimíd, is ró mhaith an cómhartha é ná fuil an buidheachas ann i n-aon chor agus ná bíon fírinne i n-ár gcaint nuair adeirimíd go bhfuil buidheachas againn ar Dhia. Cad é an gníomh is fearr a thaisbeánfaidh ár mbuidh- eachas ar Dhia mar gheall ar a thabharthaistibh? Measaim ná fuil aon ghníomh is fearr a thaisbeánfaidh é 'ná úsáid mhaith a dhéanamh des na tabharthaistibh. Thug Dia dhúinn an Slánuightheóir, moladh go deó leis. Thug an Slánuightheóir dúinn na Sácraimíntí. Thug sé Sácraimínt na h-Aithrighe dhúinn chun go maithfí ár bpeacaí dhúinn. Thug sé a chuid Fola agus Feóla féin dúinn i Sácraimínt Chorp Críosd, mar bhiadh spioraideálta d'ár n-anam. Is mór na tabharthaistí iad, agus is tairbheach. Má tá buidheachas againn ar Dhia mar gheall ar na tabharthaistibh sin ba cheart dúinn an nídh is fearr a thaithnean le Dia do dhéanamh 'n-a dtaobh, 'sé sin, teacht go minic agus úsáid a dhéanamh díobh, teacht go minic agus an dá Shácraimínt sin do ghlacadh, Sácraimínt na h-Aithrighe do ghlacadh go minic chun sláinte ár n-anama do choiméad i dtreó maith, agus Sáchraimínt Chorp Críosd do ghlacadh go minic chun ár n-anam do choimeád cothuighthe láidir i n-aghaidh a namhad. An focal úd adúbhairt an Slánuightheóir i dtaobh
an aodhaire, ba cheart dúinn cuimhneamh air go minic agus é bhreithniughadh go maith. Is é an Slánuightheóir féin an t-Aodhaire, moladh 's buidheachas leis. Chuir sé é féin i gcomparáid leis an aodhaire do chuaidh amach ag lorg na caorach agus do thug leis abhaile í, ar a mhuin. Ach ní dheinean an chomparáid i n-aon ghaor d'iomláine an chirt do'n tSlánuightheóir féin. Níor dhein aodhaire riamh d'á chaoire oiread agus a dhein ár Slánuightheóir do'n chine daona. Do thuill an Slánuightheóir moladh uainne, agus buidheachas, agus grádh, nár thuill aon duine eile riamh a leithéid ó dhaoine. Pé moladh ná buidheachas ná grádh a thabharfaimíd dó, ní tiocfaidh linn na fiacha 'dhíol. Ach ní'l machtnamh déanta againn ach ar thaobh an Aodhaire de'n sgéal. Cad mar gheall ar thaobh na caorach de'n sgéal? Cé h-í an chaora? Feuch, a phobul. Ní'l aon Chríosdaidhe anois sa domhan nach féidir dó a rádh le fírinne, i láthair Dé na glóire: "Is mise an chaora ar a raibh an Slánuightheóir gléigeal ag cuimhneamh nuair a bhí sé ag rádh na cainte úd leis na Fairisínigh. Is mise a bhí imthighthe amú'. Ar mo lorg-sa iseadh chuaidh sé amach nuair fhág sé an chuid eile 'n-a dhiaigh. Is mise a thug sé leis abhaile ar a mhuin. Ní h-aon uair amháin ná, b'fhéidir, céad uair, a thug sé leis abhaile ar an gcuma san mé. Dá mairinn míle bliadhan níor bh'fhéidir dom a bhfuil déanta aige dhom do chúiteamh leis. Isé is lúgha is gann dom, pé fada gairid a dh'fhágfaidh Dia ar an saoghal so mé, mo dhícheal a dhéanamh ar thoil mo Shlánuightheóra do chómhlíonadh feasta ins gach nídh, agus gan imtheacht amú' uaidh airís, pé cor a bhéarfaidh mé!" Go dtugaidh Dia dhúinn go léir san do dhéanamh. Amen.
XL. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 5.) Deir aithreacha na h-Eaglaise, a phobul, gur chialluigh an long san Shímoin, an uair sin, an Eaglais a bhí ag an Slánuightheóir le cur ar bun. Gur chuaidh sé isteach i luing Shímoin mar gur bh'é Símon a bhí ceapaithe aige chun bheith 'n-a cheann ar an Eaglais. Agus gur shuidh sé sa luing sin, ag teagasg na ndaoine, 'ghá chur i n-iúil gur sa n-Eaglais sin a bhí le cur ar bun aige, fé cheannas Shímoin, a bhéadh teagasg na fírinne le fághail ag na daoine go léir, ag an gcine daona. Bhí na daoine ag brúth air chun go n-aireóchaidís briathar Dé uaidh. Do shuidh sé sa luing sin Pheadair agus do labhair sé briathar Dé leó, 'ghá chur i n-iúil gur ó chathaoir na h-Eaglaise a chaithfeadh an chine daona briathar Dé dh'fhághail i gcómhnuighe. Bhí dhá luing ann, ach is isteach i luing Pheadair a chuaidh sé agus is inti do shuidh sé, agus is ó'n suídheachán san i luing Pheadair do labhair sé leis an sluagh daoine a bhí ar bruach an locha. Nuair a bhí an teagasg tabhartha aige dos na daoine do labhair sé le Peadar. "Gluais amach," ar seisean, "mar a bhfuil an t-uisge doimhinn agus cuiridh amach na líonta chun éisg a thógaint." Bhí an oídhche caithte acu ag iasgaireacht agus gan aon iasg tógtha acu. Dá mba aon duine eile d'iarfadh ar Pheadar na líonta chur amach airís déarfadh Peadar leis ná raibh aon mhaith
ann. Nár fhéadadar aon iasg a thógaint i gcaitheamh na h-oídhche, nuair ba dhóichíghe dhóibh iasg a dh'fhághail. Nuair ná fuaradar an t-iasg i gcaitheamh na h-oídhche ná raibh aon bhreith acu ar iasg fhághail i lár an lae. Ní dúbhairt Peadar aon nídh dh'á shórd san. Bhí fhios aige dá mb' é toil an tSlánuightheóra é go mbéadh an t-iasg le fághail. "Tá an oídhche caithte againn ag obair," ar seisean, "ach ó deirir-se an focal, a Thighearna, cuirfead amach an líon." Sin teagasg dúinne, a phobul. Innsean an chaint sin dúinn gur ceart dúinn ár mainíghin a bheith againn as an Slánuightheóir i gcómhnuighe, agus nách ceart dúinn an mhainíghin sin do chailleamhant choídhche, pé rud a thiocfaidh crosta orainn, pé deabhramh a bheidh go n-eireóchaidh rud linn nó go raghaidh an rud san i n-ár gcoinnibh. Má tá órdughadh an tSlánuightheóra againn chun an ruda san a dhéanamh ní'l againn ach é dhéanamh, do réir fhocail an tSlánuightheóra, agus toradh an ghnímh fhágáilt fé'n Slánuightheóir féin. D'órduigh an Slán- uightheóir dúinn bheith i gcómhnuighe ag cur ár nguidhe suas chun Dé. B'fhéidir go bhfuil Críosdaidhe éigin le fághail agus gur mhaith leis fabhar éigin a dh'iaraidh ar Dhia. Cromfaidh sé ar ghuidhe chun Dé 'ghá iaraidh ar Dhia an Fabhar san do thabhairt dó. Ní gheibhean sé a ghuidhe. Leanan sé ar feadh mórán aimsire, b'fhéidir, ag cur a ghuidhe suas chun Dé. Ní thuigean sé go dtagan aon fhreagairt ar an nguidhe. Fé dheire téighean sé i n-éadóchas. Deir sé leis féin nách aon mhaith dhó bheith ag guidhe chun Dé. Stadan sé de'n ghuidhe. Tagan dúire agus mairbhitíghe 'n-a chroídhe. Sgaoilean sé thairis lá, agus seachtmhain, agus bliadhain, agus mórán, b'fhéidir, d'á shaoghal, gan cuimhneamh i n-aon chor ar
Dhia. Imthíghean an aimsir sin uaidh gan toradh ná tairbhe d'á anam i láthair Dé; agus ná fuil aon uair a' chloig de'n aimsir sin nách chun tairbhe dhéanamh d'á anam i gcóir na síoruidheachta a thug Dia dhó í ar an saoghal so. Dá gcuireadh Símon stailc suas nuair adúbhairt an Slánuightheóir leis na líonta chur amach chun éisg a thógaint, dá n-abradh sé, "A Thighearna, tá fhios agam-sa cad a bhainean le h-iasgaireacht. Chuirfinn amach iad dá mbéadh aon mhaith ann, ach ní'l," conus a bhéadh an sgéal aige? Ní mar sin adúbhairt sé. "Ó deirir-se é, a Thighearna," ar seisean, "sgaoilfead amach an líon." Sin mar ba cheart do'n Chríosdaidhe a dhéanamh. Deir an Slánuightheóir linn bheith ag guidhe chun Dé i gcómhnuighe. Ba cheart dúinn an nídh sin a dhéanamh gan aon chúis eile ach ó 'deir an Slánuightheóir é. Dá mbéadh creideamh ceart againn, agus mainíghin as Dia againn mar ba cheart, thuigfimís go maith gur fearr 'fhios ag Dia cad is maith dhúinn 'ná againn féin, agus mura dtugaidh sé dhúinn an nídh atá againn 'á iaraidh air gur ar mhaithe linn féin ná tugan sé dhúinn é. Ar mhaithe leis na leanbhaíbh féin iseadh do leig sé do Heród iad do chur chun báis. Do glanadh iad ó pheacadh an tsínsir agus do tugadh aoibhneas na bhflathas dóibh láithreach. Ar mhaithe leis na martraibh iseadh do leig sé do namhaid an chreidimh bheith 'ghá gcur chun báis leis an uile shaghas éirligh ar feadh trí chéad bliadhan de thusach aimsire an chreidimh. Thug sé neart agus misneach dóibh chun gach éirligh a dh'fhulang. Níor lean na pianta abhfad, agus ansan bhí aoibhneas na bhflathas acu agus tá ó shin. Pianta cruadha ar feadh uair a' chloig, b'fhéidir, nó ar feadh raint laethanta, agus aoibhneas na bhflathas i gcaitheamh na h-aimsire go léir ó shin. Ar mhaithe le n-ár sínsear
féin anso i n-Éirinn iseadh do leig Dia do mhuintir Chromeil bheith 'ghá bhfiadhach agus 'ghá marbhughadh, do ló agus d'oídhche, go dtí gur measadh ná raibh a thuille acu beó; nuair ná séanfaidís Naomh Ídhbirt an Aifrinn, agus nuair ná séanfaidís an Pápa, fear inid an tSlán- uightheóra ar an dtalamh so. Do cuireadh chun báis na céadta mílte dhíobh, agus chuadar go léir suas láithreach go flathas Dé 'n-a gcéadtaibh mílte naomh. Do tugadh "Oileán na Naomh" ar an oileán so na h-Éirean go luath tar éis aimsire Phádraig agus Bhríghde agus Choluim Cille. Do tuilleadh an ainim go maith an uair sin. Do tuilleadh an ainim go maith go minic ó shin. Má chuaidh slóighte líonmhara naomh suas riamh go flathas Dé ó aon áit, chuadar suas ann a' h-Éirinn i n-aimsir Hannraoi agus i n-aimsir Eilís agus i n-aimsir Chromeil. Ní gádh dhúinn dul chómh fada san féin siar. Laistigh d'ár gcuimhne féin, aon chuid againn atá puinn aimsire sa tsaoghal, do chuaidh, i n-aon chúpla bliadhain amháin nó trí, suas go flathas Dé a' h-Éirinn, breis agus cheithre milliúin des na Críosdaidhthibh ba naomhtha beatha, ba threise creideamh, ba dhílse grádh do Dhia agus d'Eaglais Chríosd, d'ár luigh cos riamh ar thalamh an domhain, is cuma liom canad é. Is maith atá fhios acu féin anois, agus ó shin, gur ar mhaithe leó do cheaduigh Dia na glóire an droch shaoghal do theacht an uair sin. Cá bhfuil ár gcreideamh? Ná fuil fhios againn gur fearr a thuigean Dia cad is maith dhúinn agus cad is olc dúinn 'ná mar a thuigimíd féin é? Nár chóir, d'á bhrígh sin, nuair a dh'iaraimíd rud ar Dhia agus ná tugan Dia dhúinn é, gur b' amhlaidh a bheimís buidheach de Dhia? Ní'l aon duine a dh'fheuchfaidh siar ar a bheatha ná cuimh- neóchaidh go maith ar nídh éigin áirighthe a bhí aige 'á iaraidh
go cruaidh ar Dhia agus nár thug Dia dhó é, agus go bhfuair sé amach 'n-a dhiaigh san ná féadfadh aon mhí-ádh teacht air ba thiubaistighe dhó 'ná an rud san a thabhairt dó nuair a bhí sé 'ghá iaraidh. Is dócha ná fuil aoinne beó ná fuil an sgéal san le h-innsint aige 'n-a thaobh féin, tráth éigin d'á raibh sé. Ba cheart dúinn cuimh- neamh air sin, agus nuair a bhéadh rud éigin againn 'á iaraidh ar Dhia, pé dúil a bhéadh againn an rud san a dh'fhághail, a iaraidh ar Dhia gan é thabhairt dúinn murab é leas ár n-anama é dh'fhághail. Ach ba cheart dúinn dul níos sia 'ná san i n-ár ndeighleáil le Dia na glóire. Má tá rud againn 'á iaraidh air agus gur ró mhaith linn an rud san a dh'fhághail, ba cheart dúinn a iaraidh ar Dhia gan an rud san a thabhairt dúinn, ach é choimeád uainn, murab é ár leas é dh'fhághail. Ní'l ach ciall daona dhúinn sa méid sin. Amadán iseadh duine ná h-iarfadh ar Dhia rud a choimeád uaidh a dhéanfadh díobháil dó. Ba cheart do Chríosdaidhe go bhfuil creideamh aige dul níos sia 'ná san. Ba cheart dó a thoil do chur le toil Dé, agus a iaraidh ar Dhia, bíodh ná déanfadh an rud san aon díobháil dó, gan é thabhairt dó murab é toil Dé é thabhairt dó. Ba cheart do'n Chríosdaidhe tusach a thabhairt do thoil Dé ar a thoil féin. Siné an focal a thug an Slánuightheóir dúinn sa Phaidir: "Go ndein- tear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh." Ní'l ach an dá thoil go bhfuil orainn feuchaint chúcha, toil Dé agus ár dtoil féin. Aon nídh ar bith a thagan orainn nó a thuitean amach dúinn i gcoinnibh ár dtoile féin, isé toil Dé é. "Ó," adéarfaidh duine, "b'fhéidir gur b' é toil duine eile é. Má dheinean duine eile éagcóir orm, ar neóin ní h-é sin toil Dé!"
An amhlaidh ná féadfadh Dia cosg a chur le Heród nuair a bhí sé ag marbhadh na leanbh? An amhlaidh ná féadfadh an t-Athair Síoruidhe, moladh 's buidheachas leis, cosg do chur leis na Iúdaigh nuair a bhíodar ag cur an tSlánuightheóra chun báis? An amhlaidh ná féadfadh Dia cosg a chur le págánaigh na Rómha nuair a bhíodar ag cur na martar chun báis, i gcaitheamh trí chéad bliadhan? An amhlaidh ná féadfadh Dia cosg a chur le Cromeil nuair a bhí muintir na h-Éirean aige 'á dhísgiughadh? An amhlaidh ná féadfadh Dia biadh thabhairt do mhuintir na h-Éirean sa droch shaoghal fé mar a thug sé an biadh do Chlainn Isráeil sa bhfásach? Nách leamh a dheinean daoine caint uaireanta! Cad é bhrígh, i láthair Dé, bás duine ar an saoghal so seachas beatha an duine sin ins na flathais ar feadh na síor- uidheachta? Agus ba dhóich le duine ar an gcuma 'na labhraimíd uaireanta gur dóich linn gur b' é beatha an duine ar an saoghal so an sgéal go léir. Ní h-é, go deimhin. Ní'l i mbeatha an duine ar an saoghal so ach beagáinín aimsire a thugan Dia do'n duine chun é féin d'ollamhughadh i gcóir an tsaoghail eile. Isé an saoghal eile an sgéal go léir. Má dheinean duine éagcóir orm agus ná coisgean Dia é ar an éagcóir sin a dhéanamh, nách é toil Dé gan é chosg? Tá a chúis féin ag Dia chun na h-éagcóra san do leigint ar aghaidh. Ní h-é toil Dé an duine sin do dhéanamh na h-éagcóra san. Is peacadh do'n duine sin an éagcóir sin a dhéanamh. Ach isé toil Dé dhómh-sa an éagcóir a dh'fhulang. Agus isé toil Dé gan an duine sin do chosg anois ar an éagcóir sin do dhéanamh. Má fhuilingim-se an éagcóir sin le foidhne, agus má iaraim ar Dhia an éagcóir do mhaitheamh do'n t-é a dhein í, beidh mo thaobh féin de'n sgéal déanta sa cheart agam. Ní bheidh agam
le freagairt i láthair Dé ach am' thaobh féin de'n sgéal. Má iaraim ar Dhia an éagcóir do mhaitheamh b'fhéidir go dtabharfadh Dia breis de ghrásta na h-aithrighe do'n t-é a dhein an éagcóir. B'fhéidir go bhfreagaróchadh an duine na grásta san agus go ndéanfadh sé an aithrighe. Má dheinean, maithfidh Dia dhó an éagcóir a dhein sé orm-sa. Ar ball, agus ní fada go dtí é, caithfimíd araon seasamh i láthair Dé. Chífidh an duine sin, b'fhéidir, go bhfuil an éagcóir maithte dhó, agus ná béadh mura mbéadh mise 'ghá iaraidh ar Dhia í mhaitheamh dó. Chífead-sa, b'fhéidir, mura mbéadh go bhfuaras an méid sin éagcóra le fulang ar an gcuma san, mar chlaoidh agus mar smachtughadh ar mo thoil féin, go mbéadh an sgéal go h-olc agam ar shlighthibh eile. Ní fheadair an duine cad is maith dhó ná cad is olc dó ar an saoghal so. Thall, ar an saoghal eile, iseadh do socarófar gach aon rud. Is ag Dia amháin atá fios gach uile nídh. Tá fhios aige cad is maith dhúinn agus cad is olc dúinn. Isé Dia do chruthuigh sinn agus do chuir ar an saoghal so sinn. Thug sé ciall agus tuis- gint dúinn i dtreó go bhféadfaimís aithne chur air agus grádh thabhairt dó. Tá grádh aige dhúinn, grádh gan teóra, grádh nách féidir dúinn a mhéid ná a neart do thuisgint an fhaid a bheimíd ar an saoghal so. Le méid agus le neart a ghrádha dhúinn iseadh chuir sé an t-Aon- Mhac uaidh chun sinn do shaoradh ó'n bpeacadh agus chun geataí na bhflathas a dh'osgailt dúinn. Le méid agus le neart a ghrádh' dhúinn iseadh atá a ghrásta aige 'á thabhairt dúinn coitchianta, chun sinn a thabhairt ó'n bpeacadh agus chun sinn a choimeád ó'n bpeacadh. Ní féidir d'aon ruibe amháin d'ár ngruaig tuitim d'ár gceann ach le n-a thoil. Ní'l ach aon nídh amháin a dh'fhéad- faidh choídhche díobháil a dhéanamh dúinn i gcoinnibh a
thoile. Cad é an nídh é sin, a phobul? Cad é an nídh a dh'fhéadfaidh díobháil a dhéanamh dúinn agus nách féidir do thoil Dé sinn a chosaint ar an ndíobháil sin? Ár dtoil féin. Is féidir do Dhia mé chosaint ar thoil duine eile má's maith leis é. Ní'l cómhacht ar thalamh ná i n-ifrean nách féidir dó mé chosaint air má's maith leis é. Ní féidir dó mé chosaint ar mo thoil féin má's maith liom mo thoil do chur i gcoinnibh toile Dé. D'fhéad- fadh sé, nídh nách iongnadh, saor-thoil a bhaint díom. D'fhéadfadh sé an mheabhair shaoghalta a thug sé dhom do bhaint díom. Ach ní h-í sin an cheist i n-aon chor. Ní fhéadfadh sé saor-thoil fhágáilt agam agus ansan mé chosaint ar an saor-thoil sin dá mba mhaith liom féin díobháil a dhéanamh dom féin léi i n-aimhdheóin a ghrásta. D'á bhrígh sin, an Críosdaidhe gur maith leis leas a anama dhéanamh ní'l ach aon úsáid amháin aige le déanamh d'á thoil, 'sé sin, í chur i gcómhnuighe le toil Dé. Cuir do thoil le toil Dé i gcómhnuighe agus ní'l baoghal ort. Ní féidir d'aon rud eile díobháil a dhéanamh duit ach do d' thoil féin. Cuir an toil sin le toil Dé i gcómhnuighe agus ansan ní fhéadfaidh sí gabháil bun os cionn le toil Dé. An fhaid ná raghadh do thoil bun os cionn le toil Dé ní féidir duit peacadh dhéanamh. Ach is ana dheacair an toil seo againn do chur le toil Dé ar an gcuma san. Ní féidir é dhéanamh ach le congnamh ó ghrásta Dé féin. Tá an congnamh san ag Dia féin 'á thabhairt dúinn coitchianta. Ba cheart dúinn bheith 'ghá iaraidh coitchianta. D'á mhéid a dh'iarfaimíd é iseadh is mó a gheóbhaimíd dé. Siné an gnó ba cheart do'n Chríosdaidhe a cheapadh dhó féin mar aon ghnó amháin le déanamh ar an saoghal so, bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire a ghrásta thabhairt dó chun
go gcuirfeadh sé a thoil le toil Dé. Pé trioblóid a bhéadh ag teacht air, pé cruadhtan a bhéadh aige le gabháil tríd, pé éagcóir a bhéadh dh'á dhéanamh air, an t-aon fhocal amháin a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal aige i gcómhnuighe: "Dé bheatha grásta Dé! Toil Dé go ndeintear!" Go dtugaidh an Slánuightheóir, tré impidhe na Maighdine Muire agus na n-Aspol, a ghrásta dhúinn go léir chun ár dtoile do chur le toil Dé, pé fada gairid is toil le Dia na glóire sinn fhágáilt ar an saoghal so. Amen, a Thighearna. XLI. AN CÚIGMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 5.) Focal ana dhoimhinn, a phobul, iseadh an chéad fhocal san, ó'n Slánuightheóir, sa tSoisgéal san a léigheas daoibh. "Mura mbeidh bhúr bhfíoraontacht níos líon- mhaire 'ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFair- isíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas." Chun na cainte sin do thuisgint i gceart ní foláir dúinn fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisí- neach do bhreithniughadh, agus feuchaint isteach ann, agus a dhéanamh amach cad é an saghas fíoraontachta é, agus cá raibh an locht ann. Ar dtúis; taisbeánan caint an tSlánuightheóra gur dhaoine creideamhnacha, os cómhair na poibilidheachta, an uair sin, na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh. Do labhair an Slánuightheóir fé mar
adéarfadh sé: "Is dóich libh-se gur daoine ana dhiadha, ana naomhtha, ana fhíoraonta, na Sgríbhneóirí seo, agus na Fairisínigh seo. Is dóich libh dá mbéadh duine chómh maith leó go mbéadh sé ar láimh shábhála i láthair Dé. Deirim-se libh, ámhthach, mura mbeidh agaibh ach an saghas fíoraontachta atá acu san, ná fuil aon bhreith agaibh ar dhul go flathas Dé." Taisbeánan an brígh sin a bhí ag ár Slánuightheóir leis an gcaint adúbhairt sé go raibh rud éigin bun os cionn i bhfíor- aontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach, agus gur loit an bun-os-cionn san an fhíoraontacht i dtreó ná raibh maith ná tairbhe dhóibh inti i láthair Dé, pé creid- eamhaint a fuaradar i láthair daoine mar gheall uirthi. Taisbeánan an chaint, leis, mura gcuirtí ar a súilibh dos na deisgiobuil an locht san a bheith i bhfíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach, gur bhaoghal go ndéanfadh na deisgiobuil í ghlacadh mar thuise d'á bhfíoraontacht féin, agus a bhfíoraontacht féin do chórughadh agus do chumadh do réir na tuise sin. Do cuireadh ó'n mbaoghal san iad nuair adúbhairt an Slán- uightheóir leó ná béadh aon bhreith acu ar dhul go flathas Dé dá mb' é sin saghas fíoraontachta bhéadh acu. Anois, a phobul, isí ceist atá againne le cur chúghainn féin i dtaobh na fíoraontachta san na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneac 'ná cá raibh an bun-os-cionn? Cá raibh an locht inti? Cad a bhain an tairbhe aisti agus d'fhág gan mhaith í i láthair Dé? Bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ana dhílis i dtaobh na dlíghe. Níor mhaith leó oiread agus an smiog ba lúgha de dhlígh Mhaoise d'fhágaint gan cómhlíonadh. Níor dhroch nídh é sin. Ní raibh aon rud bun os cionn sa méid sin. Bhí an dlígh ana dhian ar bhriseadh na saoire.
Bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ana chruaidh ar aoinne do bhrisfeadh an tsaoire. Níor dhroch nídh é sin, mar bhí an dlígh féin ana chruaidh. Ní raibh uatha ach an dlígh do chur i bhfeidhm fé mar a thug Maois dóibh í. Mar sin do gach aithne eile des na deich n-aitheanta, agus do gach riaghail des na riaghaltaibh a thug Maois dóibh i dtaobh gnóthaí creidimh. Ba mhaith leó an uile smiog des na h-aitheantaibh agus des na riaghaltaibh do chómhlíonadh. Ba chóir gur mhaith an rud é sin. Cá raibh an bun-os-cionn má 'seadh? Dúbhairt an Slánuightheóir focal eile i ndiaigh an fhocail úd, agus taisbeánan an focal eile sin cá raibh an bun-os-cionn. "Do chualabhair," ar seisean, "conus mar adúbhradh leis na daoine a bhí ann fadó: Ná dein marbhadh; agus an t-é a dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. Ach deirim-se libh," ar seisean, "gach duine atá i bhfeirg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas." Siné ball 'n-a bhfuil an bun-os-cionn. D'fhéadfadh duine an aithne, "Ná dein marbhadh," do choimeád go cruinn, chómh fada agus a théid na focail, agus í bhriseadh ar gach aon tsaghas cuma chómh fada agus a théighean brígh agus bunús na bhfocal. D'fhéadfadh duine dul ar a chosaint féin agus a rádh "nár dhein sé marbhadh," dá mba rud é ná déanfadh sé ach fear do leath-mharbhadh. Cad é an tairbhe dhéanfadh sé do'n duine sin bheith ag maoidheamh as a chuid fíoraontachta mar gheall ar an aithne sin do choimeád? "Níor dheineas marbhadh. Níor bhriseas an aithne. Níor dheineas ach an duine do leath-mharbhadh." Duine gan mheabhair a dh'éileóchadh creideamhaint dó féin as an saghas san fíoraontachta. Ach do chuaidh an Slánuightheóir níos sia go mór 'ná san. Dúbhairt sé go raibh an aithne
briste ag an t-é a bhéadh i bhfeirg le n-a chómharsain; nó ag an t-é a thabharfadh tarcaisne mhailíseach d'á chómharsain. Chítear as an méid sin conus mar a dh'fhéadfadh duine bheith ag déanamh an uile shaghas peacadh i gcoinnibh na h-aithne sin, gach aon lá a dh'eireóchadh air, agus, sa n-am gcéadna, gan aon mharbhadh dhéanamh. Tá an sgéal ar an gcuma gcéadna díreach i dtaobh na naoi n-aitheanta eile. D'fhéadfadh duine bheith ag déanamh an uile shaghas peacadh i gcoinnibh gach aithne dhíobh agus, sa n-am gcéadna, gan focal na h-aithne do bhriseadh. Agus ansan, an fhaid ná tuigfeadh an phoibilidheacht an nídh sin i gceart, d'fhéadfadh an duine sin creideamh- aint mhór a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht mar gheall ar mhéid a fhíoraontachta. Ach tá fhios againn go léir, agus dúbhairt an Slánuightheóir é, gur fíoraontacht gan tairbhe an fhíoraontacht san i láthair Dé. Fíor- aontacht bhréagach iseadh í. Dúbhairt an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh ná déanfadh an fhíoraontacht bhréagach san an gnó dhóibh-sin. "Mura mbeidh bhúr bhfíoraontacht," ar seisean, "níos líonmhaire 'ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas." Dúbhairt an Slánuightheóir an chaint sin leis na deisgiobuil, ach do cheap sé an chaint do Chríosdaidhthibh an domhain go léir, i gcaitheamh na h-aimsire go léir, go dtí deire an tsaoghail. Ansan do thóg an Eaglais an chaint agus chuir sí isteach i Leabhar an Aifrinn í, i dtreó go léighfí amach í do phobulaibh an domhain go léir, agus go dtuigfeadh na Críosdaidhthe, i ngach uile áit agus i ngach uile aimsir, ná béadh aon bhreith acu ar dhul isteach i rígheacht na bhflathas dá mba ná béadh
d'fhíoraontacht acu ach an fhíoraontacht bhréagach a bhí ag na Sgríbhneóiribh agus ag na Fairisínigh. "Ach," déarfaidh duine, b'fhéidir, "táid na Fairi- sínigh agus na Sgríbhneóirí úd imthighthe as an saoghal le fada riamh. Ní'l tuairisg ortha féin ná ar an bhfíor- aontacht bhréagach úd a bhí acu. Cad é an tairbhe bheith ag trácht ortha san ná ar a ngnóthaibh um an dtaca so dh'aimsir?" Táid, a phobul, na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh imthighthe as an saoghal le fada riamh. Ach ba mhór an dearmhad a mheas go bhfuil an fhíoraontacht bhréagach imthighthe as an saoghal. Ní'l sí imthighthe as an saoghal. Tá sí sa tsaoghal anois, chómh láidir, chómh borb, chómh dána, chómh bréagach díreach agus bhí sí i n-aimsir na bhFairisíneach agus na Sgríbhneóirí. Do mheall na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh iad féin nuair a mheas- adar go bhféadfaidís bheith fíoraonta ar fhocal na dlíghe do choimeád gan bac do bhrígh agus do bhunús an fhocail; an fhaid a choimeádfaidís focal na dlíghe ná raibh bac ortha a rogha rud a dhéanamh lasmuich de'n bhfocal. Isé rud a tháinig as san dóibh 'ná go rabhadar ag briseadh na dlíghe ar gach aon tsaghas cuma agus iad 'ghá áiteamh ortha féin, nó a d'iaraidh bheith 'ghá áiteamh ortha féin, go rabhadar ag coimeád na dlíghe, ins gach aon phuinte, go h-ana chruinn agus go h-ana dhílis. Bhí creideamhaint acu, agus an phoibilidheacht ag feuchaint suas chúcha, toisg iad a bheith chómh fíoraonta, chómh cruinn, chómh ceart, ag coimeád na dlíghe ins gach púnc agus ins gach puinte d'á luíghead. Nuair a bhí an chreideamhaint acu bhí tuitim saidhbhris isteach chúcha. Nuair a bhí an saidhbhreas acu bhí pléisiúr an tsaoghail seo acu ins gach aon chuma 'n-ar mhaith leó é bheith acu. Níor chuir an dlígh aon chosg leó sa phléisiúr san mar
níor choimeádadar ach focal na dlíghe agus chuireadar pé brígh a thaithin leó ar an bhfocal. Dar leó féin:- "Go flathas ag triall bhí Dia leó agus rachmus an tsaoghail." Mheasadar go raibh dhá thaobh an sgéil acu, agus isé rud d'imthigh ortha ar ball ná raibh sé mar seo ná mar siúd acu. Ní raibh an saoghal so acu mar b'éigean dóibh é fhágáilt 'n-a ndiaigh nuair a tháinig an bás. Ní raibh an saoghal eile acu mar dúbhairt an Slánuightheóir ná féadfadh an fhíoraontacht bhréagach a bhí acu aoinne bhreith isteach i rígheacht na bhflathas. Táid na Fairisínigh imthighthe, ach ní'l an fhíoraontacht bhréagach imthighthe. Tá Críosdaidhthe sa tsaoghal agus meallaid siad iad féin, coitchianta, díreach ar an gcuma gcéadna 'n-ar mheall na Fairisínigh iad féin. Ba mhaith leó bheith fíoraonta, agus sa n-am gcéadna ba mhaith leó an ceann is fearr a bheith acu chómh fada agus a théighean an saoghal so. Ba mhaith leó bheith ag Aifrean an Dómhnaigh. Is rud creideamhnach é. Agus ba mhaith leó cóir agus gleus éadaigh agus iompuir a bheith acu, thar a ngustal, b'fhéidir, chun a thaisbeáint gur b' uaisle iad 'ná na cómharsain. Uabhar é sin. Ba mhaith leó an seachtmhadh aithne do choimeád go h-ana chruinn agus go h-ana léir, chómh fada agus a théighean rudaí beaga, mion-fhiacha a bhéadh le díol gach aon lá. Chuirfeadh sé ainim na macántachta ortha. Ach nuair a bhéadh gnó mór éigin le déanamh, bó nó capall, cuir i gcás, le díol ar aonach, b'fhéidir gur bheag ag cuid acu airgead mór a dh'iaraidh ar dhroch bhoin nó ar dhroch chapall. "A seacht, ná dein goid." Ba dhóich liom gur Fairisíneach an duine ná déarfadh gur ghoid an saghas san deighleála ar aonach. Do labhair an
Slánuightheóir ar mharbhughadh duine. Tá Críosdaidhthe ann agus do chrithfidís 'n-a gcroicean roim ghníomh de'n tsórd san. Ach do choimeádfaidís droch aigne do chómharsain istigh 'n-a gcroídhe ar feadh, b'fhéidir, mórán bliadhanta. "Ciontach do'n bhreitheamhantas" iseadh, do réir na sean dlíghe, a bhéadh an té a dhéanfadh duine mharbhughadh. Siné díreach an focal céadna do labhair an Slánuightheóir i dtaobh ciontachais an duine a thabharfadh fuath d'á chómharsain. "Ach deirim-se libh gach duine atá i bhfeirg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas"; an focal céadna adeir an dlígh i dtaobh an t-é dhéanfadh marbhadh. Measaim gur mhaith agus gur thairbheach an rud d'á lán againn machtnamh go dlúth ar an méid sin. Is 'mó duine ná déanfadh éagcóir ar a chómharsain, ná déanfadh díobháil dó 'n-a phearsain ná 'n-a chuid ná 'n-a chlú, agus go mb'fhéidir dá ndeineadh an chómharsa droch bheart air ná féadfadh sé, nó go n-áiteóchadh sé air féin ná féadfadh sé, an droch bheart san do mhaitheamh do'n chómharsain sin. Siné díreach an Fairisí- neach amuich 's amach. "Ní fhéadfainn go deó é mhaitheamh dó. Dhein sé an bheart ró ghrána ar fad orm. Ní raibh aon choinne agam go ndéanfadh sé a leithéid orm." Feuch isteach ad' aigne agus fiafraigh díot féin cad é an chúis ná féadfá é mhaitheamh dó. Ach tabhair aire do'n méid seo. Nuair a chuirfir an cheist sin chun t'aigne, cuir fhiachaibh ar t'aigne an fhírinne dh'innsint duit. Beidh sí ag casadh agus ag iompáil agus ag lúbarnaigh a d'iaraidh gan an fhírinne dh'innsint duit. Ach cuir-se fhiachaibh uirthi í féin do dhíriughadh agus an fhírinne thabhairt duit gan cham gan chor. Feuch cad 'déarfaidh sí leat ansan? Déarfaidh sí leat, go
breagh díreach, gur le h-iomarca an uabhair agus le h-easba na h-úmhluigheachta ná féadfá an droch bheart san do mhaitheamh do'n chómharsain sin. Siné díreach an Fairisíneach 'n-a steilibheathaidh, iomarca uabhair agus easba úmhluigheachta. Ní fearr bheith ag caint go h-oídhche ar an sgéal, ach siní an fhírinne. Feuch, ámhthach, cad tá le rádh ag an Slánuightheóir féin i dtaobh an sgéil sin, agus deir sé an chaint le gach Críosdaidhe atá beó. "Má bhíon tabharthas agat d'á thabhairt uait os cómhair na h-altórach agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad' choinnibh agat' bhráthair, fág ansan do thabharthas, os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin le d' bhráthair agus ansan tar agus bronn do thabhartas." Deir na h-aithreacha gur b'é brígh atá leis an bhfocal san, "dein síothcháin le d' bhráthair," 'ná "cuir as do chroídhe aon droch aigne atá agat do d' chómharsain." Ní chialluighean an chaint go gcaithfir dul agus labhairt leis an gcómharsain. Do thuitfeadh amach go mb'fhéidir gur b' amhlaidh a dhéanfadh caint leis an gcómharsain tuille toirmisg idir an mbeirt. Is ró mhinic gur fearr go mór, d'fhonn na síothchána, gan labhairt i n-aon chor. Ar aon chuma, b'fhearr gan labhairt dá mbéadh aon bhaoghal gur díobháil a dhéanfadh an chaint. Beidh "síothcháin déanta agat le d' bhráthair" chómh luath agus bheidh socair ad' aigne agat gan aon droch chroídhe a bheith agat dó, agus má déin sé díobháil duit an díobháil a mhaitheamh dó ó d' chroídhe go h-iomlán. Nuair a dhéan- fair é sin, go fírinneach i láthair Dé, tá focal an tSlán- uightheóra cómhlíonta agat. Tá síothcháin déanta agat le d' bhráthair. Ansan tar agus bronn do thabharthas. B'fhéidir go
ndéarfadh duine: "Is éagsamhlach an chaint í sin! Cad é an tabharthas a dh'fhéadfadh duine do bhronnadh ar Dhia?" Ní'l aon rud sa chaint ach an fhírinne, nídh nách iongnadh. Is 'mó cuma 'n-ar chuir Dia na glóire, moladh go deó leis, ar chumas an duine tabharthas do bhronnadh ar Dhia féin. Tabharthas mór ó'n nduine, d'á bhronnadh ar Dhia, iseadh duine thabhairt grádha do Dhia. Gach aon uair a thugan an duine a chroídhe agus a aigne suas do Dhia bronnan sé tabharthas ar Dhia. Tugan sé do Dhia rud is maith le Dia a dh'fhághail agus a dh'fhéadfadh an duine do choimeád uaidh. Gach aon uair a chuirean an duine droch smuíneamh as a aigne, le grádh do Dhia, bronnan sé tabharthas ar Dhia, tabharthas go bhfuil ana bheann ag Dia air. Gach aon uair a staonan duine ó dhroch ghníomh, le grádh do Dhia, bronnan sé tabharthas mór ar Dhia. Dá mbéadh duine ag caint go h-oídhche ní fhéadfadh sé a dh'áireamh cad iad na tabharthaistí atá ar chumas an duine do bhronnadh ar Dhia. Gach aon Chríosdaidhe a bhronnfaidh aon tabharthas acu san ar Dhia beidh Dia na glóire fé chomaoine aige. Feuch air sin! Ó, a Chríosdaidhthe, nách truagh ná cuimhnighmíd níos minicíghe ar neithibh de'n tsórd san i n-inead bheith ag briseadh ár gcroídhe do ló agus d'oídhche le gnóthaibh an tsaoghail seo! Bhéadh Dia na glóire féin fé chomaoine againn, agus ní baoghal ná go ndíolfadh sé an chom- aoine linn. Go dtugaidh Dia dhúinn cuimhneamh níos fearr feasta ar neithibh de'n tsórd san, tré Íosa Críosd ár dTighearna. Amen.
XLII. AN SÉMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. Tá Soisgéal eile againn, a phobul, agus tá tuairisg ann ar mhírbhuilt eile de'n tsaghas chéadna so, a dhein ár Slánuightheóir do shluagh mhór daoine a bhí i n-a fhochair. Leis an gceathramhadh Domhnach de'n Charaigheas a bhainean an Soisgéal eile sin. Chúig bhulóga aráin agus dá iasg a bhí ag an Slánuightheóir an uair sin, agus do dhein sé an mhírbhuilt ar na chúig bulógaibh agus ar an dá iasg agus thug sé a ndóithin le n-ithe, agus fuighleach, do os cionn chúig mhíle duine. Seacht mbulóga a bhí an uair seo aige agus cheithre mhíle duine iseadh bhí le sásamh aige, agus do shásaimh sé iad. Tá mórán cosamhlachta idir an dá mhírbhuilt. Bhí, ar gach ócáid, sluagh mhór daoine tar éis an tSlán- uightheóra do leanamhaint. Bhí na daoine, ar gach ócáid, tar éis dearmhaid a dhéanamh d'aon bhiadh thabhairt leó ó'n mbaile ná ó aon áit ar an slígh 'n-a raibh biadh le fághail. Bhí a n-aigne chómh lán san de'n tSlánuightheóir agus d'á theagasg agus d'á mhírbhuiltibh nár chuimhnigh- eadar i n-aon chor ar aon tsaghas eile gnótha. Do chuir an Slánuightheóir an cheist chéadna chun na ndeis- giobul, ar gach ócáid de'n dá ócáid. "Cá bhfaghfar biadh dos na daoine seo?" Agus tháinig, ar gach ócáid, an freagra céadna, i mbunús; nár bh'fhéidir an biadh dh'fhághail. Ar gach ócáid díobh d'fhiafraigh an
Slánuightheóir an 'mó bulóg a bhí acu. Do freagradh an chéad uair, "Chúig bhulóga agus dá iasg." Do freagradh an tarna h-uair, "Seacht mbulóga." Ghaibh sé buidheachas an tarna h-uair, fé mar a dhein sé an chéad uair, agus do bhris sé an t-arán, agus do rain- neadh é ar na daoine, nuair a bhítheas tar éis iad do chur 'n-a suidhe ar an dtalamh. Áirightear an dá iasg ar an gcéad ócáid, agus deirtear go raibh, ar an tarna h-ócáid, iasga beaga ann agus gur bheannuigh an Slánuightheóir iad, agus gur briseadh agus gur rainneadh iad. Ansan, ar gach ócáid díobh, nuair a bhí a ndóithin ithte ag na daoine, d'órduigh an Slán- uightheóir an biadh briste do fágadh a bhailiughadh i dtreó ná raghadh sé amú'. Tá aon fhocal amháin i Soisgéal an lae indiu ná fuil sa tSoisgéal eile. Deir an Slánuightheóir i Soisgéal an lae indiu: "Tá truagh agam do'n phobul so. Táid siad trí lá am'fhochair agus ní'l aon rud le n-ithe acu. Má chuirim abhaile 'n-a dtrosgadh iad tuitfid siad ar an slígh, mar do tháinig cuid acu abhfad." Ní'l an focal san sa tSoisgéal eile, ach mura bhfuil féin is léir go raibh an truagh céadna ag an Slán- uightheóir do'n chéad phobul a bhí aige do'n tarna pobul. Innstear, leis, gur theastuigh ó'n gcéad phobul rígh dhéanamh dé nuair a chonacadar conus a dhein sé an mhírbhuilt mhór ar an mbiadh. Níor chóir puinn buidheachais a bheith ortha mar gheall air sin. B'ana aghsáideach an rud dóibh rígh bheith acu d'fhéadfadh biadh thabhairt dóibh gan saothar ar an gcuma san. Ní'l aon trácht ar rígh dhéanamh dé i Soisgéal an lae indiu. Ní deirtear ach, nuair a bhí a ndóithin ithte acu gur leig sé chun siúbhail iad. Ní misde do Chríosdaidhe a fhiafraighe cad 'n-a thaobh
gur dhein an Slánuightheóir an dá mhírbhuilt mhóra san, agus iad chómh cosmhail le n-a chéile, agus, gan amhras, an bun-bhrígh céadna leó araon. Soluíd ab eadh gach mírbhuilt díobh ar an Sácraimínt mór, Sácraimínt Corp Críosd, a bhí ag an Slánuightheóir le cur ar bun beagán aimsire 'n-a dhiaigh san. Cad 'n-a thaobh gur dhein sé an dá mhírbhuilt? Gur thug sé an dá sholuíd ar an aon nídh amháin? Níor dhein an Slánuightheóir aon nídh gan cúis a bheith aige le h-é dhéanamh. Ní féidir do'n duine, nídh nách iongnadh, aigne an tSlánuightheóra do thómhas ná do bhreithniughadh. Ach is chun ár ndícheal a dhéanamh ar iad do thuisgint agus ar teagasg a bhaint asta do thug an Slánuightheóir dúinn na soluídí. D'á bhrígh sin isé toil an tSlánuightheóra dhúinn go ndéanfaimís iad do bhreithniughadh agus a mbrígh do thuisgint chómh fada agus is féidir dúinn é. Ní raibh aon mhór-chuid aimsire idir an dá mhírbhuilt seo. Bhí an Slánughtheóir tar éis cómhacht a thabhairt dos na deisgiobuil ar dheamhnaibh agus ar ghalaraibh agus chun mírbhuiltí dhéanamh, agus bhí sé tar éis iad do chur amach ar fuid na tíre mór-thímpal chun na gcómhacht san do chur i ngníomh. Nuair a bhí mórán de'n tsaghas san oibre déanta acu, deamhain curtha amach a' daoine acu, sláinte tabhartha do dhaoine breóite acu, an uile shaghas mírbhuiltí déanta acu, thánadar thar n-ais agus bhíodar 'ghá innsint do'n Tighearna cad iad na neithe iongantacha a bhí acu 'á dhéanamh i n-a ainim, mar is i n-ainim Íosa do dheinidís na mírbhuiltí go léir. Bhíodar buailte amach ó'n obair. Is ar éigin a bhíodh uain acu ar aon bhlúire bídh a chaitheamh. "Téanam," arsa'n Slánuightheóir leó. "Tagaidh i leith-taoibh, isteach sa n-uaigneas, agus glacaidh suaimh- neas tamall beag."
D'imthigheadar sa n-uaigneas. Do lean na daoine go léir iad nuair a chonacadar an Slánuightheóir agus iad féin ag imtheacht. Bhíodar ag druidim isteach sa bhfásach go dtí go rabhadar ana fhada ó bhaile. Chonaic an Slánuightheóir na daoine go léir agus gan aoinne 'n-a cheann uraid ortha, ach iad ag imtheacht mar a bhéadh caoire gan aodhaire, agus tháinig ana thruagh aige dhóibh. An uair sin iseadh dhein sé an mhírbhuilt ar na chúig bhulógaibh agus ar an dá iasg, agus do thug sé a ndóithin bídh do'n chúig mhíle duine. Tamall 'n-a dhiaigh san bhí sé féin agus na deis- giobuil sa n-uaigneas airís agus do lean na daoine é airís go dtí go rabhadar abhfad ó bhaile, agus gan aon bhlúire bídh acu. Ansan iseadh dhein sé an mhírbhuilt a h-innstear i Soisgéal an lae indiu. Is dócha go ndéarfadh duine gur dhein sé an tarna mírbhuilt mar go raibh an gádh go cruaidh leis an mbiadh an tarna h-uair chómh maith agus a bhí an chéad uair. Gur le truagh dos na daoine a dhein sé an mhírbhuilt gach uair acu. Gan amhras do bhéadh an ceart ag an t-é adéarfadh é sin. Do bhí an truagh aige dos na daoine gach uair acu agus is le truagh dhóibh a dhein sé an mhírbhuilt gach uair acu. Ach feuch, a phobul. Soluíd, mar adúbhart, ab eadh gach mírbhuilt acu, ar an Sácraimínt mór a bhí ag an Slánuightheóir le cur ar bun. Soluíd ab eadh an sluagh daoine a bhí sa bhfásach, gach uair acu, ar an gcine daona. Agus an truagh a bhí ag an Slánuightheóir dos na daoine a bhí sa bhfásach, abhfad ó bhaile, gan aon bhlúire bídh acu, soluíd ab eadh an truagh san ar an dtruagh a bhí an uair sin ag an Slánuightheóir do'n chine daona go léir, a bhí sgaipithe ar fuid an domhain, ag imtheacht ar fán i bhfásach an dómhain, abhfad ó bhaile,
abhfad ó rígheacht na bhflathas, gan aoinne chun feuchaint 'n-a ndiaigh ná chun iad do stiúrughadh, ná chun aon bhídh spioraideálta do sholáthar dóibh a choimeádfadh iad gan "tuitim ar an slígh." Bhí brígh chómh mór, chómh doimhinn sin leis an obair sin a dhein ár Slánuightheóir an uair sin gur dhóich liom nár bh' aon iongnadh i n-aon chor gur dhein sé an mhír- bhuilt sin an dá uair. I dteannta pé cúiseana eile a bhí aige leis, agus ná tuigimíd, is dócha, dhein sé an mhírbhuilt an dá uair chun a dheimhniughadh dhúinn go raibh brígh éigin uathbhásach leis an rud a bhí aige 'á dhéanamh; chun a chur 'n-a luighe ar ár n-aigne, pé uathbhás a bhí sa ghníomh féin, le n-ar chothuigh sé chúig mhíle duine, ar dtúis, le chúig bhulógaibh agus dhá iasg, agus ansan, cheithre mhíle duine le seacht mbulógaibh agus raint bheag éisg, go raibh, i dtuisgint fé'n ngníomh san, an gníomh ab uathbhásaighe go mór 'ná é, an gníomh le n-a raibh beartuighthe aige na Críosdaidhthe go léir do chothughadh le n-a chuid fola agus feóla féin, i gcaitheamh a dtréimhse ar an saoghal so, agus ó'n uair sin go dtí deire an domhain. Dhein sé an mhírbhuilt an dá uair chun a chur fhiachaibh orainn machtnamh ar Shácraimínt Chorp Críosd. Chun a chur fhiachaibh orainn iaracht éigin a dhéanamh ar a thuisgint cad é an mór-mhaitheas a thaisbeáin an Slánuightheóir dúinn nuair a chuir sé an Sácraimínt glórmhar san ar bun dúinn. Chun caoi thabhairt dúinn ar a thuisgint i n-ár n-aigne, nuair a mhachtnóchaimís ar an mírbhuilt, ar an gcuma 'n-ar tugadh a ndóithin bídh dos na míltibh as an suarachas bídh, ná raibh sa mhírbhuilt sin, tar éis an tsaoghail, ach mírbhuilt ana shuarach seachas Sácraimínt Chorp Críosd do chur ar bun. Biadh corpartha ab eadh an t-arán agus an t-iasg,
pé méadughadh a deineadh ortha. Biadh spioraideálta iseadh Sácraimínt Chorp Críosd. Do h-ídigheadh an biadh a tugadh dos na daoine sa bhfásach. D'ith na daoine a ndóithin an uair sin, ach nuair a thánadar abhaile bhí ocras airís ortha. Nuair a ghlacan an Críos- daidhe Corp Naomhtha an Tighearna, ar deagh staid, tugtar an biadh spioraideálta d'anam an Chríosdaidhe sin agus ní curtar an biadh i luighead. Tugtar an biadh dos na míltibh anam. Gheibhean gach duine fé leith iomláine an bhídh, agus ní luigheaduighthear an biadh. Caithtear an biadh agus ní h-ídighthear an biadh. Tá iomláine an bhídh anois ann, dos na Críosdaidhthibh, chómh maith díreach agus a bhí suas le dhá mhíle bliadhan ó shin nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp Críosd ar bun. Ní'l aon Chríosdaidhe a ghlac comaoine i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir nár ghlac fuil agus feóil, anam agus diadhacht an tSlánuightheóra, go h-iomlán. Sa n-am gcéadna is é an t-aon tSlán- uightheóir amháin a ghlacadar go léir. Is rún diamhair é. Ní féidir dúinn é thuisgint. Ach is fíor é. Tá focal agus deimhniughadh an tSlánuightheóra againn leis an bhfírinne atá ann, agus is é an Slánuightheóir céadna do chothuigh an chúig mhíle duine leis na chúig bulógaibh agus an cheithre mhíle leis na seacht mbuló- gaibh. Chun a chur 'n-a luighe orainn gur fíor é do dhéin an Slánuightheóir an mhírbhuilt ar an arán dhá uair. Dhein sé an mhírbhuilt dhá uair chun a chur fhiachaibh orainne, dá mb'fhéidir i n-aon chor é, machtnamh ar an dtabharthas mór a bhronn sé orainn nuair a thug sé Sácraimínt Chorp Críosd dúinn, ar an dtairbhe gan teóra a bhí sa tSácraimínt sin againn, ar an gcuma 'n-a mbéadh ár n-anam ag dul dho'n ghorta i gcómhnuighe mura mbéadh gur thug sé an biadh sin dúinn. "Má chuirim chun
siúbhail 'n-a dtrosgadh iad," ar seisean, "tuitfid siad ar an slígh." Do thug an Slánuightheóir dúinn an biadh, a Chríos- daidhthe. Dhein sé an dá mhírbhuilt mhóra úd chun tairbhe an bhídh do thaisbeáint dúinn agus do chur 'n-a luighe ar ár n-aigne. Cad is lúgha is gann dúinne a dhéanamh? Nách é is lúgha is gann dúinn a dhéanamh sinn féin d'ollamhughadh mar is cóir agus an biadh do chaitheamh, ó thug an Slánuightheóir dúinn é? Cad déar- fadh aoinne againn le duine de'n chúig mhíle úd, nó le duine de'n cheithre míle, do dhiúltóchadh do'n bhiadh mhírbhuilteach úd a thug an Slánuightheóir dóibh? Níor dhiúltuigh aoinne acu do'n bhiadh. Bhí a mhalairt de chiall acu. Is fearr agus is uaisle agus is tairbhighe gan chomórtas an biadh atá tabhartha ag an Slánuightheóir do'n chine daona i Sácraimínt Chorp Críosd 'ná an biadh a thug sé dóibh siúd sa bhfásach. Ach tá Críosd- aidhthe, agus ní beagán é, a dhiúltuighean go minic do'n bhiadh spioraideálta. Agus rud is iongantaighe 'ná san féin, isiad na Críosdaidhthe is mó gádh leis an mbiadh is mó a dhiúltuighean do'n bhiadh. Do cheap an Slánuightheóir an Eaglais chun an bhídh do raint ar na Críosdaidhthibh. D'órduigh sé do'n Eaglais iad a thabhairt isteach d'á n-aimhdheóin chun an bhídh do chaitheamh mura dtagaidís uatha féin. Ach i n-aimhdheóin trócaire an tSlánuightheóra, i n-aimhdheóin tairbhe an bhídh, i n-aimhdheóin díchil na h-Eaglaise, tá Críosdaidhthe ná tagan isteach agus ná blaisean an biadh. Is mór an truagh é, ach tá a leithéidí ann. Tá an gnó acu 'á dhéanamh go h-olc ar an Slánuightheóir tar éis ar fhuiling sé ar ár son. Táid siad 'ghá dhéanamh go h-olc ar an Eaglais tar éis a bhfaghan sí d'á nduagh, ar mhaithe leó, a d'iaraidh iad do chur ar a
leas, gan aon chúis ar domhan aici leis ach i dtreó go mbéadh grásta Dé ar an saoghal so acu agus aoibhneas na bhflathas ar an saoghal eile. Ach táid siad 'ghá dhéanamh níos measa ortha féin 'ná ar aoinne. Táid siad 'ghá ngearradh féin amach, glan, ó thoradh gach oibre d'ár dhein an Slánuightheóir chun na cine daona dh'fhuas- gailt ó'n easgaine do thuit ortha nuair a bhris ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair an aithne a thug Dia dhóibh le coimeád. Nuair a ghearran an Críosdaidhe é féin amach ar an gcuma san ó thoradh na h-oibre do dhein an Slánuightheóir is neamhnídh dhó an Slánuightheóir do theacht i n-aon chor. Is neamhnídh dhó baisteadh, ná dul fé láimh easboig, ná ola dhéanach, creideamh ná dóchas ná carthanacht. Is cuma dhó cad a dhéanfaidh bás naomhtha ná anbhás. Fuilingeóchaidh sé trioblóidí na beatha so, mar ní'l dul uatha ag aon duine. Ansan, nuair a thabharfaidh sé aghaidh ar an saoghal eile ní'l 'n-a chóir ach trioblóid shíoruidhe. Cuimhnigh air sin, a Chríosdaidhe atá fuar faillightheach i ngnó t' anama. Cuimhnigh ar ar dhein an Slánuightheóir gléigeal duit agus dein rud éigin duit féin. Croth suas tú féin. Caith dhíot an mhairbhitighe. Ná bíodh aon eagla agat roimis an obair atá le déanamh agat. Ní'l puinn le déanamh agat. Iar ar Dhia grásta na h-aithrighe thabhairt duit. Tabharfaidh sé dhuit é ar son an tSlánuightheóra. Dein an fhaoisdin chómh maith agus d'fhéadfair é. Déanfaidh Dia an chuid eile. Tar chun búird. Tá an biadh ollamh ag an Slánuightheóir duit. Tá an Eaglais ollamh chun friothálaimh a dhéanamh ort. Tar agus caith an Biadh uasal so, agus bíodh aoibhneas beatha agat ar an saoghal so, agus aoibhneas síoruidhe ar an saoghal eile.
XLIII. AN SEACHTMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 7.) A phobul: Nuair a bhí an Slánuightheóir tar éis an trosgaidh a dhéanamh sa bhfásach, ar feadh dachad lá agus dachad oídhche, do shiúbhluigh sé mór-thímpal ar fuid na tíre, ag déanamh mírbhuiltí, ag cur deamhan amach a' daoine agus ag leigheas daoine ar ghalaraibh, agus ba ghearr go raibh a ainim i mbéalaibh na ndaoine go léir agus go raibh na daoine ag teacht as gach áird chun é dh'fheisgint, nó chun leighis éigin a dh'fhághail uaidh, nó chun éisteacht le n-a chaint. Ansan do thogh sé a dheisgiobuil agus do leanadar é. Do thárla, lá de'n aimsir sin, go raibh sé féin agus a dheisgiobuil i bhfochair a chéile agus go raibh sluagh mhór daoine ann, leis. Ag bun cnuic iseadh bhíodar. Do ghlaoidh an Slánuightheóir na deisgiobuil chuige agus do rug sé leis suas an cnoc iad, agus d'fhág sé an tsluagh 'n-a dhiaigh ag bun an chnuic. Ansan, nuair a bhí sé féin agus na deisgiobuil thuas ar bhara an chnuic, do shuidh sé agus thug sé teagasg dos na deisgiobuil. "An tSeanmóin ar an gCnoc," a tugtar mar ainim ar an dteagasg san riamh ó shin. Cuid de'n tseanmóin sin a thug an Slánuightheóir an uair sin d'á dheisg- iobulaibh, ar an gcnoc, iseadh an chaint seo atá againn i Soisgéal an lae indiu. Do labhair an Slánuightheóir an chaint leis na deisgiobuil, ach oirean an chaint do'n
uile Chríosdaidhe d'ár tháinig ar an saoghal ó shin agus d'ár shrois bliadhanta na tuisgiona. D'á bhrígh sin do thóg an Eaglais an méid sin de'n chaint agus chuir sí isteach i Leabhar an Aifrinn í, i dtreó go léighfí amach í dos na Críosdaidhthib, ar fuid an domhain, agus go ndéanfadh na Críosdaidhthe an chaint do bhreithniughadh agus teagasg an tSlánuightheóra do thógaint chúcha féin as an gcaint, agus an chómhairle atá sa chaint do ghlacadh agus a mbeatha féin do riaradh agus do léiriughadh do réir na cómhairle sin. Feuch ar an gcéad fhocal so atá sa tSoisgéal againn. "Seachnaidh na fáidhe fallsa." Cad é an saghas iad? Innsean an Slánuightheóir dúinn cad é an saghas iad. Faolchoin chraosacha iseadh iad, ach tá croicean na caorach ortha lasmuich, i dtreó ná h-aithneófaí iad, agus go bhféadfaidís dul ameasg na gcaorach agus na caoire do mharbhadh agus d'ithe. Ach conus is féidir iad do sheachnadh mura n-aith- neófar iad; agus conus a dh'aithneófar iad ó-s na caoire an fhaid atá croicean na caorach ortha? Innsean an Slánuightheóir féin conus a dh'aithneófar iad. Aithneófar iad fé mar a dh'aithnightear an crann, as a thoradh. Ní thugan an droch chrann uaidh ach droch thoradh. Má ghlacan tú duine ar theistiméireacht a bhéil féin b'fhéidir go mbéadh dearmhad ort. Ach nuair a chífir gníomh an duine sin tuigfir láithreach cé 'cu do réir teistiméireachta a bhéil atá an gníomh, nó bun os cionn leis an dteistiméireacht san. Isé an gníomh toradh an chrainn. Má tá an gníomh go h-olc tá an crann go h-olc. Má's maith é an gníomh, is maith é an crann. "Ó n-a dtorthaibh iseadh dh'aithneóchaidh sibh iad." An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige agus an gníomh fóghanta, siné an crann fóghanta. Tá a
lán daoine de'n tsórd san le fághail, buidheachas le Dia. An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige os cómhair an tsaoghail, agus ansan, an gníomh fill a gan fhios do'n tsaoghal, siné an droch chrann. Siné an machtíre i gcroicean na caorach. Tá raint acu san, leis, le fághail, foraoir! Deir an Slánuightheóir linn iad do sheachaint. Ach ní foláir dúinn aire mhaith a thabhairt dúinn féin agus caint an tSlánuightheóra do thuisgint sa cheart. "Seachnaidh na fáidhe fallsa," adeir an Slánuightheóir. Fáidh iseadh duine do thabharfadh teagasg do dhaoinibh eile, agus fáidh fallsa iseadh duine do chuirfeadh daoine eile amú' le teagasg fallsa. D'á bhrígh sin, níor órduigh an Slánuightheóir dúinn bheith ag faire ar dhaoinibh eile agus ag leagadh breith- eamhantaisí ortha, feuchaint an daoine fóghanta iad, nó droch dhaoine. D'órduigh sé a mhalairt sin dúinn nuair adúbhairt sé: "Ná tabhair breith agus ní tabhar- far breith ort." Ní fáidh fallsa duine dhúinn go dtí go mbeidh rud éigin aige d'á rádh nó d'á dhéanamh chun sinn a mhealladh ó fhírinne ár gcreidimh nó ó mhacántacht beatha. Ansan iseadh atá againn cómhairle an tSlán- uightheóra do ghlacadh, agus cúl a thabhairt láithreach le duine dhe'n tsórd san. Ní túisge thusnuigh an Slánuightheóir ar an gCreideamh do chur ar bun ná mar a thusnuigh na Iúdaigh ar chur 'n-a choinnibh. Fáidhí fallsa ab eadh na Iúdaigh sin. Agus bhí na cómharthaí ortha. Bhí a gcaint ana mhaith, ana naomhtha, ach bhí a ngníomhartha ag bréagnughadh a gcainte. Naomhthacht cainte do thabharfadh chúcha saidhbhreas saoghalta agus creideamhaint agus uais- leacht agus pléisiúr, iseadh a bhí uatha. Ba ró bhaoghal, an uair sin, go meallfaidís na deisgiobuil agus go gcuirfidís 'n-a luighe ar a n-aigne, fé mar a bhí tar
éis dul 'n-a luighe go daingean ar a n-aigne féin, go bhféadfadh duine bheith ana naomhtha, 'n-a chaint, agus a dhóithin mór de shaidhbhreas agus de thairbhe agus de phléisiúr an tsaoghail seo bheith aige laistigh de'n chaint, agus gur bh' amadán an t-é adéarfadh ná a dhéanfadh a mhalairt sin. Chúcha san, ar dtúis, iseadh bhí an Slán- uightheóir nuair adúbhairt sé leis na deisgiobuil na fáidhí fallsa do sheachnadh. Ní túisge a bhí an Slánuightheóir tar éis dul suas ar deas-láimh Dé, agus tar éis an Spioraid Naoimh do chur uaidh ar na h-Aspoil agus ar na deisgiobuil, fé mar a gheall sé, ná mar a thusnuigheadar-san ar an Soisgéal do chraobhsgaoileadh, do réir mar a bhí órduighthe aige dhóibh. Ach an túisge amháin gur thusnuigh- eadar ar an obair sin, do thusnuigh an uile shaghas eiriceadaidhe ar chur 'n-a gcoinnibh, a d'iaraidh éithigh éigin do chur isteach i n-aigne na ndaoine i n-aghaidh gach fírinne creidimh d'á raibh ag na h-Aspoil agus ag na deisgiobuil 'á mhúineadh dhóibh. Chúcha san, sa tarna h-áit, iseadh bhí an Slánuightheóir nuair adúbhairt sé leis na deisgiobuil na fáidhí fallsa do sheachnadh; gan suim a chur 'n-a gcaint go dtí go bhfeicfidís a ngníomhartha; go mbeidís 'ghá leigint ortha bheith ag aodhaireacht na gcaorach, ach nách 'ghá n-aodhaireacht a bheidís, dá leigfí leó, ach 'ghá n-ithe; nár bhfoláir bheith ag faire ortha coitchianta, agus ag tarang an chroicinn chaorach díobh, agus 'ghá thaisbeáint dos na caoire bochta cad é an saghas iad. Gach aon lá ó shin anuas tá an cleas céadna ar siúbhal. An Eaglais ag tabhairt teagaisg na fírinne dos na daoine, díreach fé mar a dh'órduigh an Slán- uightheóir di a dhéanamh, agus na "fáidhí fallsa," na h-eiriceadaidhthe, ag teacht i ndiaigh 'chéile, a d'iaraidh
an éithigh do thabhairt dos na daoine i n-áit na fírinne, a d'iaraidh na ndaoine do mhealladh ó'n bhfírinne agus a chur fhiachaibh ortha an t-éitheach do ghlacadh 'n-a h-inead. Chúcha san go léir iseadh bhí an Slánuightheóir nuair adúbhairt sé an lá úd leis na deisgiobuil, ar an gcnoc, agus le cléir na h-Eaglaise, ó'n lá san anuas, na fáidhí fallsa do sheachnadh. Ach b'fhéidir go ndéarfadh duine éigin, ní duine againn féin, ach duine éigin ná bainean linn: "Is ait a dheinean tú caint! Conus fhéadfadh na daoine sin go léir, na h-eiriceadaidhthe, mar adeirir, conus fhéadfaidís go léir, ó shliocht go sliocht, ar feadh suas le dhá mhíle bliadhan, bheith ar aon aigne agus ar aon intinn a d'iaraidh na fírinne do chur i leith-taoibh agus an éithigh do chur i bhfeidhm 'n-a h-inead?" 'Neósfad-sa san duit go cruinn. Tá dhá chúis leis. An chéad chúis díobh, go bhfuil an chine daona go léir, ó shliocht go sliocht, ní h-amháin i gcaitheamh an dá mhíle bliadhan san ach i gcaitheamh an sé mhíle bliadhan atá ó Adam anuas, ar aon aigne agus ar aon intinn sa méid seo, gur maith leó pléisiúr a dh'fhághail agus pian do sheachnadh. Do mhúin an Slánuightheóir, agus tá an Eaglais 'ghá mhúineadh riamh ó shin, gur b' é aimhleas an duine, ar an saoghal so, pléisiúr do ghlacadh agus pian do sheachnadh; agus gur b' é leas an duine, ar an saoghal so, pléisiúr do sheachnadh agus pianta dh'fhulang. Is fíor an nídh a mhúin an Slánuightheóir. D'á bhrígh sin is éitheach a mhalairt. Is éitheach a rádh gur b'é leas an duine ar an saoghal so dul i ndiaigh pléisiúir agus gach aon tsaghas péine do sheachnadh. Má fheuchan tú siar tríd an aimsir go léir, agus má choimeádan tú do shúile ar osgailt, chífir go soiléir gur ag ruith i ndiaigh pléisiúir éigin saoghalta a bhí
an uile dhuine riamh des na h-eiriceadaidhthibh a dh'eirigh i gcoinnibh na h-Eaglaise. Siné an rud a chuir iad go léir ar aon aigne agus ar aon intinn sa ghnó. Rud eile do choimeád ar aon aigne agus ar aon intinn iad. Isé an saghas céadna pléisiúir a bhí uatha go léir, nó dá n-abrainn an trí shaghas céadna, uabhar agus saint agus drúis. Agus rud eile fós a bhí 'ghá gcoimeád ar aon aigne agus ar aon intinn. Bhí an fuath céadna díreach acu go léir do'n úmhluigheacht agus do'n bhochtaineacht agus do'n gheanmnaidheacht. Feuch siar, agus mura bhfeicir an méid sin ní'l súile ad' cheann. Níor bh'fhéidir dóibh gan bheith ar aon aigne agus ar aon intinn pé céadta ná mílte bliadhan a bhéadh eatartha. Agus "fáidhí fallsa" ab eadh iad go léir, mar isé an t-éitheach a bhí acu go léir. Bhí cúis eile, agus tá, ag na fáidhibh fallsa le bheith ar aon aigne agus ar aon intinn ins gach aon tsaghas catha, agus cogaidh, agus uisge-fé-thalamh, d'á bhfuil, agus d'á raibh riamh, acu 'á dhéanamh i gcoinnibh na h-Eaglaise agus i gcoinnibh an tSlánuightheóra. Isé an t-áirseóir príomh-namhaid an tSlánuightheóra agus príomh-namhaid na h-Eaglaise. D'á bhrígh sin isé an t-áirseóir is ceann-uraid ar na fáidhibh fallsa go léir, ó'n gcéad lá riamh 'n-ar thusnuigh sé ar bheith 'n-a cheann-uraid ar an éitheach. Conus fhéadfadh na fáidhí fallsa gan bheith ar aon aigne agus ar aon intinn le n-a chéile agus iad go léir ar aon aigne agus ar aon intinn leis an gceann-uraid atá ortha riamh? Ach feuchaimís, a phobul, chun ár dtaoibh féin de'n sgéal. Do labhair an Slánuightheóir an focal úd leis na deisgiobuil, agus, trés na deisgiobuil, leis an Eaglais; agus tríd an Eaglais leis an gcine daona go léir. Ach do labhair sé an chaint, mar an gcéadna,
le gach deisgiobul fé leith, agus le gach duine fé leith sa n-Eaglais, agus le gach duine fé leith de'n chine daona. D'á bhrígh sin do labhair an Slánuightheóir an chaint le gach duine fé leith againne. Ar an adhbhar san is ceart dúinn dícheal a dhéanamh ar bhrígh agus ar éifeacht na cainte do thabhairt linn sa mhéid 'n-ar oir sí dos na deisgiobuil, ag tabhairt foláraimh dóibh i gcoinnibh na n-Iúdach; sa mhéid 'n-ar oir sí do'n Eaglais, 'ghá cur ar a cosaint féin i n-aghaidh na bpágánach agus i n-aghaidh na n-eiriceadach; sa mhéid 'n-a n-oirean sí do'n chine daona go léir, 'ghá chur ar a súilibh dóibh nách ceart dóibh cluas a thabhairt d'fhear na cainte mísle binne, ceólmhaire, go dtí go mbeidh fhios acu cad é an saghas an fear, nó an nimh éithigh atá i mísleacht a chainte. Ach tar gach dícheal eile is ceart dúinn dícheal a dhéanamh ar a thabhairt linn go cruinn conus a dh'oirean brígh agus éifeacht na cainte do gach duine fé leith againn féin. "Seachnaidh na fáidhí fallsa." Cé h-iad na fáidhí fallsa atá ag gach duine againne le seachaint? Ní baoghal dúinn an Iúdach anois. Ní mheallfaidh sé sin aoinne againn ó chreideamh ná ó mhacántacht beatha. Ní baoghal dúinn an t-eiriceadach anois, puinn. Tá a phort san seinnte nách mór. Ní baoghal dúinn plaoisg bhearrtha Chromeil. Tá, gan amhras, raint de'n aigne sin beó fós agus croicean na caorach uirthi, agus an croicean ana thanaidhe. Thabharfadh dealg spionnáin amach an droch bhraon atá istigh. Ach tá a rae caithte. Cé h-iad na fáidhí fallsa atá ag gach duine againn le seachaint? Ní'l agam ach an cheist do chur ar chuma eile. Cé h-iad na daoine, nó cad iad na neithe, atá ábalta air sinn a mhealladh ó chreideamh, nó ó mhacántacht beatha, nó ó gach taobh acu? Ní'l aon duine againn a dh'fheuchfaidh
isteach 'n-a chroídhe féin ná feicfidh láithreach, go soiléir, cad é an freagra is ceart dó a thabhairt ar an gceist sin. Chífidh sé go bhfuil cómhluadar áirighthe atá ábalta, i gcómhnuighe, pé uair a dhéinean sé tean- gabháil leis, ar é mhealladh ó mhacántacht beatha. Isé an cómhluadar san an fáidh fallsa do'n duine sin. Chífidh duine eile gur machtnamh áirighthe a dheinean é mhealladh ó mhacántacht beatha. B'fhéidir gurb uabhar an machtnamh. B'fhéidir gur saint é. B'fhéidir gur drúis é. B'fhéidir gur dúil i n-ól é. B'fhéidir gur droch aigne do chómharsain é. Pé saghas machtnaimh é, má mheallan sé an duine ó mhacántacht beatha isé an fáidh fallsa ar ar labhair an Slánuightheóir é, agus tá ceangailte ar an nduine é sheachaint, é dhíbirt amach as a chroídhe gach aon uair a chuirfidh an t-áirseóir isteach ann é, é dhíbirt go h-oban; gan aon uain a thabhairt dó ar ghreamughadh istigh, ach an taobh amuich a thabhairt láithreach dó. Chífidh duine eile, b'fhéidir, gur droch bhéas éigin atá coitchianta 'ghá mhealladh ó mhacántacht beatha. Isé an droch bhéas an fáidh fallsa do'n duine sin. Tá an sgéal go h-olc ag an nduine má's droch bhéas mar- bhuightheach é, agus má tá sé tar éis neartughadh le h-aimsir fhada. Ach pé olcas atá ann agus pé neart atá ann, is féidir an lámh uachtair a dh'fhághail air agus é bhriseadh agus do dhíbirt. Nuair a bhíon tarainge báithte i n-adhmad agus nách féidir leis an siúinéir greim a dh'fhághail ar cheann air, chun é tharang amach le teanachair, tiomáinean sé tarainge eile isteach 'n-a dhiaigh, agus cuirean an tarainge eile amach é. Sin díreach mar is ceart a dhéanamh le droch bhéas. Má tá an droch bhéas i n-achran sa chroídhe chómh doimhinn sin nách féidir greim fhághail air chun é tharang
amach, comáin béas maith láidir fóghanta éigin isteach 'n-a dhiaigh. Cuirfidh an béas fóghanta an droch bhéas amach. Beidh grásta an tSlánuightheóra ag cabhrughadh leis an mbéas fóghanta. Ní bheidh ag cabhrughadh leis an ndroch bhéas ach mailís an áirseóra. An fhaid ná cabhróchaidh an duine féin leis an ndroch bhéas ní féidir dó seasamh i gcoinnibh ghrásta an tSlánuightheóra. Mar sin dóibh, a phobul. Gach aon tsaghas ruda, agus gach aon tsaghas duine, atá ábalta ar sinn a mhealladh ó mhacántacht beatha, is fáidh fallsa dhúinn é. D'órduigh an Slánuightheóir dúinn iad go léir do sheachaint, gan aon teangabháil a bheith againn leó, gur machtírí craosacha iad. Go bhfeuchaid siad ana mhacánta, i gcroicean na caorach, ach go bhfuil na fiacala acu, agus mura gcoimeádaimíd uatha amach go gcuirfid siad na fiacala go daingean ionainn lá éigin. Go saoraidh Dia sinn ortha, Amen. XLIV. AN t-OCHTMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 16.) Le n-a dheisgiobulaibh iseadh do labhair an Slánuigh- theóir an tsoluíd sin, a phobul. Ach soluíd iseadh í gur féidir d'aon Chríosdaidhe adhbhar machtnaimh a dh'fhághail inti, agus ní beagán é. Tá aon nídh amháin inti a thagan pas oban orainn. Dhein an stíbhard beart rógaireachta. Bhí rógaireacht déanta cheana aige agus bhí a mháighistir chun é dhíbirt
mar gheall air. Ansan do dhein sé pas eile rógair- eachta chun daoine muinteartha dhéanamh dó féin, i dtreó, nuair a bhéadh sé ar fán, go bhfaghadh sé bheith istigh uatha uaireanta. Dhein sé éagcóir ar a mháigistir leis an dá phas rógaireachta. Agus cad a dhein an máighistir nuair airigh sé an sgéal? Do mhol sé an stíbhard mar gheall ar a ghastacht, mar gheall ar an gcuma 'n-ar fheuch sé roimis i dtreó ná béadh sé gan duine muin- teartha nuair a bhéadh gádh aige leis. Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár n-aigne, na sgéalta beaga so d'inis an Slánuightheóir, agus gur bhain sé na soluídí asta, gur neithe iad do thuit amach sa tsaoghal tráth éigin. Bhíodar os cómhair aigne an tSlánuightheóra mar bhí fios gach uile nídh aige. Níor dhein sé ach iad a dh'innsint mar a thuiteadar amach, nuair a theastuigh uaidh na soluídí bhaint asta. Dob' fhíor, d'á bhrígh sin, go raibh an duine saidhbhir úd ann uair éigin agus go raibh an stíbhard úd aige, agus gur dhéin an stíbhard an éagcóir air agus go raibh sé 'ghá dhíbirt. Dob' fhíor, ansan, gur dhein an stíbhard an rógaireacht eile chun na ndaoine muinteartha dhéanamh dó féin, ar chostas an mháighistir. Ansan dob' fhíor gur dhein an máighistir sin rud nách gnáth le máighistir a dhéanamh 'n-a leithéid de chás, gur mhol sé an bheart ghasta a dhein an stíbhard san ar mhaithe leis féin. Níor mhol an Slánuightheóir an bheart a dhein an stíbhard. Ní raibh aon bhac ar mháighistir an stíbhaird an bheart san do mholadh, mar ní raibh aon bhac air an bheart do mhaitheamh. Níor dhein ár Slánuightheóir ach a dh'innsint d'á dheisgiobuil, agus dúinne, gur mhol an máighistir sin an ghastacht san, bíodh nár ghastacht mhacánta í agus nár dhuine mhacánta a dhein í. Ansan do nocht an Slánuightheóir an tsoluíd. Thaisbeáin sé conus
mar is fearr an chiall atá ag clainn an tsaoghail seo, do réir a gcineil féin, 'ná ag clainn an tsoluis. Saidh- bhreas saoghalta iseadh bhí ar láimh an stíbhaird úd. Dhein sé úsáid de'n tsaidhbhreas shaoghalta san chun daoine muinteartha dhéanamh dó féin i dtreó go mbeidís aige nuair a bhéadh gádh aige leó. Bhí fhios aige ná fágfaí an saidhbhreas abhfad aige agus nuair a bainfí dhe é ná béadh aon rud aige, agus go gcaithfeadh sé bás d'fhághail le fuacht agus le h-ocras muna mbéadh daoine muinteartha éigin aige do thabharfadh bheith istigh dó agus blúire bídh le n-ithe. Ba mhaith an chiall dó, d'á bhrígh sin, pé macántacht a bhí sa chiall ná ná raibh, úsáid a dhéanamh de'n tsaidhbhreas chun na ndaoine muinteartha do chur i n-áirighthe dhó féin. Do chuir an Slánuightheóir an chiall san i gcomparáid leis an gcéill ba cheart a bheith ag an gCríosdaidhe. Is é Dia máighistir an Chríosdaidhe. Is é Dia a thug do'n Chríosdaidhe pé saidhbhreas saoghalta atá aige. Tá fhios ag an gCríosdaidhe sin, ní'l aon phioc d'á mhear- bhall air, go gcaithfidh sé an saidhbhreas san d'fhágáilt 'n-a dhiaigh; ná fuil ann ach stíbhard; nuair a bheidh a thréimhse caithte sa stíbhardaidheacht go gcaithfidh sé imtheacht, go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt sa n-úsáid a dhein sé de pé saidhbhreas a thug Dia dhó ar an saoghal so, agus ansan go dtabharfar an saidh- bhreas san do dhuine eile chun téarma eile aimsire chaitheamh ag tabhairt aire dhó. Ach do réir aigne an tSlánuightheóra ní thaisbeánan an Críosdaidhe go bhfuil sé chómh gasta 'n-a ghairm féin, chómh gasta mar Chríosdaidhe, agus bhí an stíbhard úd 'n-a ghairm féin. Dhein an stíbhard daoine muinteartha dhó féin leis an saidhbhreas. Ní dheinean an Críos- daidhe aon iaracht ar dhaoine muinteartha dhéanamh dó
féin leis an saidhbhreas. Agus tá so, leis, de dheifrigheacht sa sgéal. Dhein an stíbhard beart mhí- mhacánta chun na ndaoine muinteartha dhéanamh. Níor ghádh do'n Chríosdaidhe aon mhí-mhacántacht a dhéanamh chun na ndaoine muinteartha dhéanamh dó féin. Dhein an stíbhard éagcóir ar a mháighistir sa ghnó. Ní gádh do'n Chríosdaidhe aon éagcóir a dhéanamh sa ghnó, mar tá lán-chead aige ó Dhia chun na h-úsáide sin a dhéanamh de pé saidhbhreas saoghalta a thug Dia dhó. Ar dhéirc iseadh bhí an Slánuightheóir ag trácht. B'iad na daoine bochta na daoine muinteartha a dhéanfadh an Críos- daidhe dhó féin dá dtugadh sé an déirc dóibh, agus isiad na daoine bochta san a ghlacfadh é isteach ins na tighthibh síoruidhe nuair a bhéadh sé claoidhte, nuair a bhéadh a théarma ar an saoghal so caithte, a neart imthighthe, a shláinte buailte amach, a cholann feóchta le h-aois nó claoidhte le breóiteacht. Má curtar i n-aice 'chéile an stíbhard úd a dhein an bheart ghasta agus an Críosdaidhe go raibh saidhbhreas saoghalta aige agus nár dhein an déirc, chífear láithreach gur b'é an Críosdaidhe an t-amadán. Go raibh a chiall féin ag an stíbhard agus ná raibh aon phioc ag an gCríosdaidhe de'n chiall ba cheart dó a bheith aige. Nó, i gcaint an tSlánuightheóra, go bhfuil clann an tsaoghail seo níos gasta 'ná clann an tsoluis, do réir a gcineil féin. Ach bíodh go bhfuil an deifrigheacht mhór san idir an stíbhard úd agus an Críosdaidhe, tá an chosamhlacht ana dhlúth eatartha ar shlígh eile. Do h-innseadh do'n mháighistir go raibh an stíbhard ag sgaipeadh a choda. Tabhair fé ndeara an chaint sin. Déarfaidh an Críos- daidhe go minic le pé fághaltas coda atá aige, "Isé mo chuid féin é. Ní'l bac ar dhuine a rogha cor a thabhairt d'á chuid féin."
Tá dearmhad mór ort, a Chríosdaidhe. Ní h-é do chuid féin é. Is le Dia é. Is é Dia a thug duit é, agus níor thug sé dhuit ach stíbhardaidheacht air. Cad 'tá agat 'á dhéanamh leis? An bhfeicean an Máighistir gur ag sgaipeadh a choda ataoí? 'Ghá ól, b'fhéidir, ad' chur féin ar meisge leis? Ag déanamh peacaí ná déanfá mura mbéadh gur thug Dia dhuit an fághaltas saidhbhris sin? Ag déanamh uabhair agus mór-is-fiú agus eirighe-anáirde, b'fhéidir, mar gheall ar é bheith agat agus daoine eile in' éaghmuis? Má 'sé sin úsáid atá agat 'á dhéanamh dé, feuch chúghat féin. Ní'l ionat ach stíbhard, agus droch stíbhard iseadh thu. Ní fada go dtiocfaidh an ghlaodh. "Tabhair cúntas ad' stíbhardaidheacht. Ní féidir duit bheith ad' stíbhard a thuille." Cad é an freagra bheidh agat le tabhairt ar an nglaodh sin? Cad é an cúntas a bheidh agat le tabhairt sa n-úsáid a dheinis de pé fághaltas saidhbhris a thug an Máighistir duit? An dóich leat an ndéan- faidh sé an gnó dhuit a rádh, "Níor ólas ach mo chuid féin. Má chaitheas go h-olc é, b'é mo chuid féin é." Ansan iseadh do curfar i n-iúil duit nár bh'é do chuid féin é, agus má chaithis go h-olc é go gcaithfir freag- airt i n-an uile leath-phinge dhé. Má bhailighid anam- nacha na mbocht ad' thímpal an uair sin; má deirid siad, "Thug sé an oiread so dhómh-sa;" "Thug sé an oiread so dhómh-sa;" "Thug sé biadh dómh-sa nuair a bhíos ag fághail bháis leis an ocras;" "Tug sé casóg dómh-sa nuair a bhí an fuacht ag gabháil tríom," agus mar sin, b'fhéidir go mbéadh an sgéal go maith agat. B'fhéidir go nglacfaidís isteach tú ins na tighthibh síoruidhe. Ba dhóich le duine ar chaint an tSlánuightheóra gur b' amhlaidh ná béadh fonn ar Dhia na glóire na neithe a bhéadh déanta as an slígh ag duine do thabhairt
puinn fé ndeara i n-aon chor dá mbéadh cuid mhaith de'n déirc déanta aige. B'fhéidir, nuair a bhéadh cuid mhaith de'n déirc le feisgint déanta ag duine gur b'amhlaidh a thabharfadh Dia grásta na h-aithrighe chómh láidir sin dó ná béadh na peacaí ann aige le tabhairt fé ndéara. Pé cuma 'n-a dtuitfidh sé amach, tá aon nídh amháin deimhnightheach ó chaint an tSlánuightheóra. 'Sé sin, an t-é go mbeidh an déirc déanta aige ná beidh Dia daor air. Ní h-eadh, ach go leigfidh sé dos na daoine bochta féin ar ar dhein sé an déirc é bhreith leó isteach i rígheacht na bhflathas. Chómh maith agus dá n-abradh sé: "Thugais-se cuid de shaidhbhreas an tsaoghail dóibh seo nuair a bhíodar 'n-a ghátar. Díolaidís féin an cómhar leat anois. Beiridís leó isteach tú ins na "tighthibh síoruidhe."" Ach má's duine thú nár thug aon déirc uait; nár dhein aon úsáid de'n tsaidhbhreas a thug Dia dhuit, ach bheith ag ithe agus ag ól, agus ag cur órnáidí éadaigh ort féin; ag gluaiseacht ameasg na ndaoine agus do cheann anáirde agus do shrón sa n-aér agus do shúil ar an spéir, i dtreó gur dhóich leis an t-é a chífeadh tú nár dhuine mar aon duine eile thú i n-aon chor, ach gur dhuine os a gcionn go léir tú, dar leat. Má b'é sin saghas duine thú i gcaitheamh do shaoghail anso, cad é an freagra thabharfair nuair a h-éileófar an cúntas ort? Feuchfair ad' thímpal feuchaint an bhfeicfeá aoinne do labharfadh focal ar do shon. Ní fheicfir aoinne do labharfaidh ar do shon. Ní bheid siad ann chuige. Níor dheinis an bheart ghasta dhuit féin. Níor dheinis aon duine muinteartha dhuit féin i gcóir an tsaoghail eile leis an saidhbhreas claon a bhí ar an saoghal so agat. Ní'l aoinne anois chun tú bhreith isteach ins na "tighthibh síoruidhe," mar níor thugais féin riamh
bheith istigh do dhuine bhocht, ná do mhnaoi bhocht, ná do dhíthleachtaidhe bhocht, sa tigh bhreágh mhór, uasal, órnáideach a bhí agat ar an saoghal so. Ní díolfar cómhar anois leat, mar ní'l an cómhar amuich agat. "Thugais biadh uait." Thugais gan amhras; go fial; dínnéaracha cosdasamhla; biadh buacach saidhbhir, ar bhórdaibh leathana, ar mhiasaibh óir agus airgid, agus fíonta daora, do dhaoine ná raibh tart ná ocras ortha, do dhaoine go raibh biadh chómh maith leis acu féin sa bhaile. Cad a bhí agat 'á dhéanamh nuair a bhís ag tabhairt na bhféastaí sin uait? Bhís ag cur saidhbhris an Mháighistir ar neamhnídh. Níor dheinis aon daoine muinteartha dhuit féin leis na féastaibh sin. Do dhíolais go daor asta agus ní'l aon nídh d'á mbárr agat. Dá dtugthá do bhochtaibh Dé, a gan fhios do'n tsaoghal, leath oiread agus do chaillis leis na féas- taibh sin, bhéadh daoine muinteartha do dhóithin agat anois chun focail do labhairt ar do shon, agus chun seasaimh idir thú agus fearg Dé, agus chun tú bhreith leó isteach ins "na tighthibh síoruidhe." Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Dein do mhachtnamh air. An saidhbhreas a thug an Tighearna dhuit, taoí'n tú 'ghá sgaipeadh. Tá an gearán ag dul isteach ort coit- chianta ag triall ar an Máighistir go bhfuilean tú "ag sgaipeadh a choda." Ní féidir dul leat abhfad eile. Glaodhfar ort sar a' mbeidh puinn eile aimsire curtha dhíot agat, agus déarfar leat do chúntaisí do chur isteach, ná fágfar an stíbhardaidheacht agat níos sia. Tusnuigh anois féin ar na daoine muinteartha dhéanamh duit féin. Ó's sgaipeadh atá agat 'á dhéanamh riamh, tusnuigh anois féin ar an sgaipeadh dhéanamh sa chuma 'n-a mbeidh rud éigin d'á bhárr agat. Cuir uait cuid de'n chostas atá agat 'á dhéanamh ar bhaois an tsaoghail,
agus sgaip raint de shaidhbhreas an Mháighistir ar na daoine bochta. Siné an sgaipeadh ná cuirfidh fearg ar an Máighistir. Ná bí fial, fairsing, flaitheamhail, le daoine ná fuil tart ná ocras ortha, agus gann, cruaidh, léir, doithígheasach, leis an muintir go ndéanfadh do bhiadh agus do dheoch tairbhe dhóibh. Beidh an Máighistir dian ort mar gheall ar a mbeidh caithte agat ar an uaisleacht. Is amhlaidh a bheidh sé buidheach díot má sgaipean tú ar thug sé riamh duit ar na daoine bochta. Go dtí so ba bheag agat, b'fhéidir, leath- choróinn i dtigh an tabhairne agus ba mhór agat an phingin ruadh thabhairt do'n mhnaoi bhocht. Atharuigh an sgéal san as so amach. Bíodh easgaine tíghe an tabhairne agat agus bíodh beannacht na mná boichte agat. Ní dhéanfaidh easgaine tíghe an tabhairne aon díobháil duit. Beannacht i riocht easgaine iseadh í. Déanfaidh beannacht na mná boichte tairbhe dhuit ar an saoghal so agus ar an saoghal eile. Seasóchaidh bean- nacht na mná boichte idir shúil Dé agus do pheacaí i dtreó ná feicfidh Dia iad. Nó má fheicean féin ná tabharfaidh sé fé ndeara iad. Tabharfaidh sé grásta na h-aithrighe dhuit sar a bhfágair an saoghal, agus ansan ní gádh dhó iad fheisgint, mar beidh siad maithte dhuit. Má's duine thú go bhfuil saidhbhreas mór agat, tabhair an déirc uait do réir mar a thug Dia an saidhbhreas duit. Má's duine thú ná fuil agat ach an beagán tabhair an déirc uait do réir do ghustail. Má's duine thú ná fuil agat ach an déirc a tugadh duit féin, rainn an déirc sin leis an nduine nár tugadh aon rud dó agus atá níos mó 'n-a gháthar, b'fhéidir, 'ná mar ataoí-se. Ach tabhair an méid seo fé ndeara go cruinn.
Pé 'cu duine bocht nó duine saidhbhir tú, pé 'cu déirc bheag nó déirc mhór a bheidh agat 'á thabhairt uait, ná tabhair uait choídhche í ach ar aon intinn amháin. Tabhair uait í ar son an tSlánuightheóra. Tabhair uait í díreach fé mar a bheidhfeá 'ghá tabhairt do'n tSlánuightheóir féin agus é i ngádh léi. Ansan ní baoghal duit ná go n-admhóchaidh an Slánuightheóir í nuair a thiocfaidh an t-am chun í dh'admháil. Cuirfidh sé ar a láimh dheis féin tú, agus tabharfaidh sé an bheatha shíoruidhe dhuit, agus 'neósfaidh sé dhuit cad é an chúis. "Bhí ocras orm agus thugais biadh dhom. Bhí tart orm agus thugais rud le n-ól dom. Bhíos gan éadach agus chlúdaighis mé. Bhíos ar fán agus thugais leat isteach mé. Bhíos sa phríosún agus thánaís a'm fheuchaint." Go dtugaidh Dia na glóire dhúinn go léir a thuilleamh ó'n Slánuightheóir gléigeal go ndéarfaidh sé an chaint sin linn nuair a thiocfaidh an t-am. Amen. XLV. AN NAOMHADH SOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 19.) Ní fonn cainte is mó a chuirean an chéad fhocal de'n tSoisgéal san ar dhuine, a phobul. Tocht iseadh chuirean sé ar dhuine. Gan amhras is tocht agus uathbhás a tháinig ar na deisgiobuil féin nuair a chonacadar an sruth deór ag teacht ó shúilibh an tSlánuightheóra nuair a chonaic sé an chathair. Níor thuigeadar cúis na ndeór san. Bhí fhios acu nár bh' fholáir nó bhí cúis éigin
uathbhásach leó. Ansan do labhair sé. Do labhair sé leis an gcathair. "Ach dá mbéadh fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit." Dá mbéadh fhios agat cad iad na grásta atá ag Dia 'á thabhairt duit indiu chun do shíothchána dhéanamh le Dia, agus dá mbéadh fhios agat cad é an gádh atá agat leis an síothcháin sin, do dhéanfá láithreach í. Tá gádh go cruaidh agat leis an síothcháin sin, mar tá do pheacaí móra, líonmhara, dubha, eirighthe suas ad' choinnibh i láthair Dé, agus i n-inead aon luígheadughadh dhéanamh ortha is amhlaidh ataoí'n tú 'ghá gcur i méid. I n-inead baint uatha is amhlaidh ataoí'n tú ag cur leó, agus is ag dul i n-olcas atá na peacaí agat. Is measa gach peacadh nua agat 'ná an peacadh a dheinis roimis. Tá caoi ag Dia 'á thabhairt duit indiu ar aithrighe dhéanamh, ach is caoi i n-aistear an chaoi. Is trócaire mhór ó Dhia an chaoi agus, fóraoír, ní dhéanfaidh an chaoi sin duit-se ach tuille díoghaltais a thabhairt anuas ort, tuille díbhfeirge. An chaoi ar aithrighe atá ag Dia 'á thabhairt duit indiu ní féidir leat é thuisgint, mar tá do thuis- gint agus do chiall agus do bhreitheamhantas iom- puighthe agat i gcoinnibh Dé, agus i gcoinnibh a ghrásta, agus i gcoinnibh a sholuis, le méid agus le malluigh- theacht na bpeacaí atá déanta agat agus atá d'á síor- dhéanamh agat, le d' thoil mhacánta féin. Tá sgamall idir thú agus an solus, agus is tú féin a chuir suas an sgamall. Ní leigean an sgamall san duit a dh'fheisgint anois cad é an tabharthas mór a bhronnfadh Dia ort indiu dá mba mhaith leat an tabharthas do ghlacadh. Tá an tabharthas "i bhfolach ó d' shúilibh." D'á bhrígh sin, tá rómhat. Tá lá rómhat, lá cruaidh, lá leunmhar. Tiocfaid do namhaid agus "cuirfid siad claidh mór-thímpal ort, agus dúnfaid siad isteach thú,
agus déanfaid siad cumhangarach ort ó'n uile thaobh, agus déanfaid siad tú threasgairt ar an dtalamh, tú féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am 'n-a dtáinig Dia chúghat." Níor thuig na deisgiobuil, an uair sin, a phobul, iomláine an bhríghe a bhí i gcaint an tSlánuightheóra, ná iomláine na cúise a bhí leis na deóraibh a bhí ag teacht ó n-a shúilibh naomhtha, ach do thuigeadar gach taobh acu 'n-a dhiaigh san. Do thuigeadar an chaint agus do thuig- eadar cúis na ndeór, an méid a mhair díobh, raint bliadhanta 'n-a dhiaigh san. An t-é ná déanfaidh a leas ní foláir dó a aimhleas a dhéanamh. Bhí beatha agus teagasg agus cómhairle agus mírbhuiltí an tSlánuightheóra ag muintir na catharach san chun a thaisbeáint dóibh cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh agus cad ba cheart dóibh a dhéanamh. Níor leig an t-uabhar, agus an stailc, agus an mhí-chómhairle agus an droch aigne, dhóibh a dh'fheisgint agus a dh'admháil nár bh'fhéidir d'aoinne na mírbhuiltí sin a dhéanamh agus an teagasg san do thabhairt uaidh ach do'n tSlán- uightheóir a bhí geallta dhóibh féin ó thusach aimsire. Níor admhuigheadar é. Do shéanadar é. Do chuireadar chun báis é. Ansan do chuir an t-uabhar céadna, agus an stailc chéadna, agus an mhí-chómhairle chéadna fhiachaibh ortha aimhleas eile dhéanamh dóibh féin. Bhíodar fé smacht na Rómhánach. Págánaigh ab eadh muintir na Rómha an uair sin. Chrom na Iúdaigh ar a thuisgint 'n-a n-aigne nár cheart dóibh féin, ó b'iad Clann Isráeil iad agus go mba le Dia iad tar gach náisiún eile, bheith fé smacht ag págánachaibh. D'eirigheadar i gcoinnibh na Rómhánach. Chuir Ímpire na Romhánach mór-shluagh amach chun iad do chur fé chois. Do bhuaidh na
Rómhánaigh ortha ar gach aon tsaghas cuma. Nuair a bhí buaidhte glan ortha cheap an Rómhánach go n-úmhló- chaidís agus go bhféadfaí socarughadh éigin a thabhairt dóibh. Ní leigfeadh an t-uabhar agus an stailc agus an t-aimhleas dóibh úmhlughadh. Do fíoradh focal an tSlánuightheóra. Do claidheadh agus do dúnadh an chathair isteach go dtí go raibh na daoine ag marbhughadh a chéile agus ag ithe a chéile; na Rómhánaigh ag brúth ortha ó'n dtaobh amuich agus iad féin, 'n-a mbuidhnibh deighilte, ag troid le chéile agus ag marbhadh a chéile istigh. Fé dheire do tógadh an chathair, agus do deineadh ar an gcathair sin agus ar na daoine a bhí inti a leithéid sin d'éirleach gur beag má tá tuairisg ar a leithéid eile le fághail i seanachas an domhain. Ach feuch, a phobul. An dóich le h-aoinne go gcurfaí síos dúinne, i Soisgéal an lae seo, an tuairisg sin ar conus mar a shil ár Slánuightheóir a dheóra ar son na catharach san mura mbéadh brígh éigin a bhainean go mór agus go dlúth linn féin a bheith sa sgéal? Tá an brígh ann ar aon chuma. An chuma 'n-a raibh an chathair sin an uair sin, an t-uabhar a bhí inti, agus an stailc, agus an mhí-chómhairle, agus an t-aimhleas, is sampla é ar an gcuma 'n-a mbíon an Críosdaidhe a bhíon ag gabháil i gcoinnibh grásta Dé. Cuirimís i gcás, ar dtúis, gur Críosdaidhe óg é. Do cheap Dia athair agus máthair do'n Chríosdaidhe sin agus thug sé dhóibh é. Cuirimís i gcás gur dheineadar a ndícheal ar é thógaint go maith; gur mhúineadar a phaidreacha i n-am dó; gur thugadar fios aitheanta a chreidimh dó; gur chuireadar ag foghluim Teagasg Críosdaidhe é; go bhfuair sé faoisdin agus a chéad Chomaoine agus Dul- fé-láimh-Easbuig. Bhí an sgéal go maith go dtí gur dhruid sé amach ins na déagaibh. Ansan do thusnuigh
an mac mallachtain ar shéideadh féi laistigh 'n-a chroídhe agus in' aigne, agus thusnuigh an droch chómhluadar ar theangabháil leis lasmuich agus ar é mhealladh i leith taoibh agus ar é sheóladh ar a aimhleas. Tá rud éigin, rud nách fóghanta, istigh i n-aigne an duine, rud a chuirean fhiachaibh air báidh a bheith aige leis an ndroch chómhairle agus seirbhthean a bheith aige ar dheagh-chómhairle. Rud iseadh é nách fuiriste ainim a chur air, ach tá sé ann. Tá sé i ndaoine seachas a chéile. Tabhair fé ndeara an Críosdaidhe óg san adúbhramair. Is fada leis deich neómataí a thabhairt i dteannta an lín-tíghe ar a ghlúinibh ag rádh na Coróin- neach Muire, agus ní fada leis uair a' chloig, dhá uair a' chloig, leath na h-oídhche b'fhéidir, a thabhairt sáidhte i mbothán éigin ag imirt chártaí. Is cruadhtan mór agus is aistear mór agus is obair mhór leis dul Satharn anois agus airís go dtí an séipéal chun faois- dine dhéanamh, agus ní h-aistear ná trioblóid leis dul, i n-aonfheacht leis an ndroch chómhluadar, go tigh an tabhairne, agus leath an lae, agus b'fhéidir leath na h-oídhche, chaitheamh ann, gan puinn compóird, ag ól uisge shailigh, ag ól ruda a bhainfidh a ghoile agus a shláinte dhé sar a mbeidh puinn d'á shaoghal caithte aige. Agus, iongnadh an sgéil ar fad, tá fios an méid sin aige féin níos fearr 'ná mar fhéadfadh aoinne é dh'innsint dó. Agus tabhair fé ndeara an méid seo. Tá an Críos- daidhe óg san chómh mór i mbliadhantaibh na tuisgiona gur lag leis rud a dhéanamh ar a athair nó ar a mháthair. Má deir an t-athair leis so nó súd a dhéanamh, is snap droch mhúinte a thabharfaidh sé ar an athair. Má deir a mháthair leis an droch chómhluadar a sheachaint agus teacht abhaile i n-am, ní beag san chun a chur fhiachaibh
air fanamhaint amuich níos déanaighe an oídhche sin 'ná mar a dh'fhan sé an oídhche roim ré. Duine óg iseadh é, má 'sé do thoil é, a dhéanfaidh mar is ceart a dhéanamh, ach ní chuirfidh sé suas níos mó le smachtúchán! Is ait an rud aigne an duine uaireanta. Is lag leis an mbuachaill sin rud a dhéanamh ar a mháthair, agus má iaran duine de'n droch chómhluadar air rud a dhéanamh preabfaidh sé láithreach, go fonnmhar, agus déanfaidh sé é. Tá sé ró spioraideamhail chun rud a dhéanamh ar a mháthair. Nuair a dh'iaran duine de'n droch chómh- luadar air rud a dhéanamh cá bhfuil an spioraideamhlacht? D'á éaghmuis sin. Rud éigin is ceart dó a dhéanamh iseadh atá agá mhathair 'á iaraidh air a dhéanamh. Rud éigin nách ceart dó a dhéanamh atá ag an ndroch chomrádaidhe 'á iaraidh air a dhéanamh. Is lag leis an ceart a dhéanamh. Tá sé ró spioraideamhail. Ní chuirean sé aon stailc suas nuair iaran an droch chom- rádaidhe air rud éigin peacamhail a dhéanamh. Cá bhfuil an spioraideamhlacht? Ba dhóich le duine dá mbéadh an spioraideamhlacht cheart ann go gcuirfeadh sé a chos i dtalamh agus ná leigfeadh sé do'n droch chomrádaidhe maidirín lathaighe dhéanamh dé. Agus ba dhóich le duine, dá mbéadh an creideamh i gceart ann, go mbéadh sé úmhal, séimh, cneasta, ciúin, síbhéalta, leis an mnaoi a thug na bliadhanta fada, do ló agus d'oídhche, ag tuitim leis agus ag banaltranas air. Ba dhóich liom gur spioraideamhla dhó bheith úmhal di sin agus bheith ag déanamh ruda uirthi 'ná bheith ag déanamh ruda ar a dhroch chomrádaidhe, a thabharfaidh chun na croiche é sa deire mura sgaraidh sé i n-am leis. Leanan an Críosdaidhe óg san a shrian féin. Cruadhan an tslat. Ní féidir í shníomh. Fé mar a neartuighean an fear óg san i n'aois neartuighean sé ins na peacaibh.
Neartuighean sé sa n-olc. Fé mar a neartuighean sé sa n-olc cruadhan a chroídhe agus imthighean eagla Dé dhé. Tugan sé a srian féin d'á dhroch mhianaibh. Tá seilbh istigh i n-a aigne ag na seacht cinn-pheacaí marbha. Tá seacht tiodhlaicí an Spioraid Naoimh imthighthe uaidh fadó. Ní'l aon chómhluadar is fearr a thaithnean leis 'ná cómhluadar a mhacshamhal féin. Tá an saoghal go léir, mór-thímpal air, lán de shagartaibh agus de shéipéalaibh agus de shácraimíntibh, lán des na neithibh mírbhuilteacha a chuir an Slánuightheóir ar bun chun na gCríosdaidhthe thabhairt chun aithrighe, agus chun leasa a n-anama, agus chun Dé. Chómh fada agus théighean sé siúd agus a dhroch chualacht, bhéadh sé chómh maith ag na neithe mírbhuilteacha san gan bheith ann i n-aon chor. Chómh fada agus théighean sé siúd agus a dhroch chualacht bhéadh sé chómh maith ag an Slánuightheóir, moladh go deó leis, gan bheith tar éis iad a chur ar bun riamh. Chómh fada agus a théighean sé siúd agus a dhroch chualacht do tháinig an Slánuightheóir ar an saoghal so i n-aistear, d'fhuiling sé bás ar chrann na croise i n-aistear, d'osgail sé geataí na bhflathas i n-aistear. Tá an fear úd agus a dhroch cualacht díreach sa chás 'n-a raibh an chathair úd Ierusaleim an lá úd a shil an Slánuightheóir na deóra mar gheall uirthi nuair adúbhairt sé léi, "Ach dá mbéadh fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit." Ní h-í cathair Ierusaleim amháin a tharaing an caise deór úd ó shúilibh an tSlánuightheóra an lá úd. Chonaic sé an chathair agus chonaic sé conus mar a bhí fearg Dé le tuitim uirthi féin agus ar a raibh de dhaoine inti mar gheall ar an stailc a bhí curtha suas acu i gcoinnibh ghrásta Dé. Chonaic sé, leis, an uile dhuine des na droch Chríosdaidhthibh do thiocfadh ar an saoghal
so ó'n lá san go dtí deire an domhain, agus conus mar a dhéanfadh go minic droch Chríosdaidhe dhíobh aimhleas anama dhó féin díreach mar a bhí ag muintir na catharach san 'á dhéanamh an uair sin, agus conus mar a thabharfadh an t-aimhleas san ar an ndroch Chríosdaidhe díbhfeirg ba mheasa 'ná an díbhfeirg a bhí le teacht ar an gcathair sin, díbhfeirg shíoruidhe. Chonaic an Slánuighteóir trócaireach go dtiocfadh Críosdaidhthe do raghadh síos go h-ifrean, tré n-a gcoir féin, i n-aimhdheóin na Páise a bhí aige le fulang chun iad do shaoradh ó ifrean. Siné an rud a tharaing an caise deór úd ó n-a shúilibh naomhtha. Tá so le rádh againn, a Chríosdaidhthe. Ní'l aon duine againne a dhein peacadh riamh nár dhein a chion féin chun na ndeór úd do tharang ó shúilibh an tSlánuightheóra. Machtnuighmís air sin. Chonaic an t-Athair Síoruidhe na deóra úd. Chonaic an t-Athair Síoruidhe na daoine gur sileadh an caise deór úd ar a son. Gan amhras do thug an t-Athair Síoruidhe a ghrásta go líonmhar dos na daoine sin, ar son na ndeór san a bhí ag teacht ó shúilibh an Aon- Mhic agus ar son an osna a bhí ag teacht ó n-a Chroídhe Naomhtha. Dá bhféadadh aon rud na daoine sin a dh'iompáil chun Dé d'iompóchadh na grásta san iad. Níor iompuigh na grásta san iad. Do leanadar ar an aimhleas i n-aimhdheóin ghrásta Dé féin. Do sileadh an caise céadna deór san ar ár son-na, ar son na gCríosdaidhthe go léir. Do tháinig an osna chéadna san ó Chroídhe Naomhtha ár Slánuightheóra ar ár son-na, ar son na gCríosdaidhthe go léir. Tá an t-Athair Síoruidhe ag tabhairt a ghrásta go líon- mhar dúinn go léir, olc agus maith mar atáimíd, ar son na ndeór san, ar son an osna san. Cad is ceart dúinn a dhéanamh? An ceart dúinn déanamh mar a
dhein na Iúdaigh an uair úd? Má dheinimíd mar a dheineadar súd tá fhios againn cad 'tá rómhainn. Iompuighmís, a Chríosdaidhthe! Deinimís grásta an Athar Síoruidhe do fhreagairt go fial agus go fonn- mhar. Má thugamair congnamh, le n-ár bpeacaibh malluighthe, chun na ndeór úd a thabhairt ó shúilibh trócaireacha ár Slánuightheóra, agus chun an osna úd a thabhairt ó n-a Chroídhe Naomhtha, deinimís anois an rud a thabharfaidh sólás d'á Chroídhe Naomhtha, deinimís an rud úd a chuirfidh an t-áthas mór ar bhuidhnibh na bhflathas go léir, deinimís an aithrighe! Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na Maighdine Muire, tré impidhe Naoimh Pádraig agus Bhríghde agus Choluim Cille, an aithrighe do dhéanamh agus í dhéanamh go fírinneach agus go dílis. Amen. XLVI. AN DEICHMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 18.) Is ceart dúinn, a phobul, ár machtnamh a dhéanamh go h-ana dhlúth agus go h-ana chruinn ar bhrígh agus ar bhunús an tSoisgéil sin. Innstear dúinn ar dtúis cad é an chúis gur inis an Slánuightheóir, i n-aon chor, an sgéal san i dtaobh na beirte sin a chuaidh suas isteach sa teampall chun úrnuighthe dhéanamh. D'inis sé an sgéal mar chonaic sé gur oir an sgéal do chuid des na daoine a bhí láithreach. Agus conus a dh'oir an sgéal dóibh sin? D'oir an sgéal dóibh mar daoine ab eadh
iad a mheas gur bh' fhearr iad féin 'ná aon daoine eile. "Bhíodar mainíghneach asta féin mar 'dh eadh go rabhadar fíoraonta, agus bhí droch mheas acu ar dhaoinibh eile." Ach feuch. D'airigheamair riamh gur maith an rud do dhuine meas a bheith aige air féin. Agus níor airigh- eamair riamh aon cháineadh dh'á dhéanamh ar dhuine níos géire agus níos tarcaisneamhla 'ná a rádh gur dhuine gan mheas air féin é. An t-é ná beidh meas aige air féin ní bheidh meas ag aoinne air. Agus cad 'n-a thaobh go mbíon meas ag duine air féin? Bíon meas ag duine air féin má's féidir dó a rádh, cuir i gcás, os cómhair Dé agus daoine, ná fuil cuid a chómharsan aige go h-aindleaghthach; ná déanfadh sé éagcóir ar dhuine eile 'n-a chuid ná 'n-a chlú ná 'n-a phearsain; ná brisfeadh sé an tsaoire; ná feacathas riamh ar meisge é ná ag imtheacht le droch chómhluadar; go dtugan sé aire dh'á ghnó go macánta agus go h-im- ghníomhach; go ndeinean sé a dhícheal ar dhlígh Dé agus na h-Eaglaise do chómhlíonadh, ar gach aon tsaghas cuma, chómh fada agus a théighean a thuisgint agus a bhreitheamhantas agus a choinsias. Nár chóir gur cheart a rádh go bhfuil creideamhaint mhór ag dul do'n duine sin? Agus nár chóir a dh'admháil gur ró mhaith an rud do dhuine meas maith a bheith aige air féin nuair a chuirean an meas atá aige air féin fhiachaibh air a dhual- gaisí chun Dé agus chun daoine do choimeád os cómhair a aigne agus iad do chómhlíonadh chómh cruinn, chómh h-iomlán san? Mura mbéadh an meas san a bheith aige air féin agus ar na dualgaisibh sin ní fhéadfadh sé go deó iad do chómhlíonadh chómh maith. D'á bhrígh sin cad 'n-a thaobh go bhfaighfí locht air mar gheall ar an meas san a bheith aige air féin?
Feuchaimís rómhainn sa sgéal. Ní bhfuair an Slán- uightheóir an locht ar na daoinibh úd mar gheall ar mheas a bheith acu ortha féin. Bhí dhá chúis aige leis an locht a fuair sé ortha, 'sé sin iomad meas a bheith acu ortha féin agus droch mheas a bheith acu ar dhaoinibh eile. Tá dhá chuma 'n-ar féidir do'n duine meas a bheith aige air féin. D'fhéadfadh duine meas mór a bheith aige air féin agus ar pé maitheas atá ann, agus sa n-am gcéadna, a thuisgint agus a dh'admháil i n'aigne ná fuil aon mhaith ann ach maith a fuair sé ó Dhia. Fíor úmhluigheacht iseadh an meas san ar dhuine féin. Agus d'fhéadfadh duine meas mór a bheith aige air féin mar gheall ar mhaitheas éigin a chíon sé ann féin, agus gan cuimhneamh i n-aon chor ar Dhia a chruthuigh é, ach a chroídhe bheith lán de mhór-is-fiú aige mar gheall ar an méid sin maitheasa, chómh maith agus gur bh' air féin ba chóir a bhuidheachas a bheith an mhaith san a bheith ann. Uabhar ar fad iseadh an saghas san meas ag duine air féin. Tá aon nídh amháin a thaisbeánan go h-áluinn cé 'cu uabhar nó úmhluigheacht atá sa mheas atá ag duine air féin. Má tá an úmhluigheacht sa mheas atá ag duine air féin, uí baoghal choídhche, pé meas atá aige air féin, go mbeidh aon droch mheas aige ar aon duine eile. Má's uabhar atá sa mheas atá aige air féin beidh sé coitchianta ag déanamh comparáide idir é féin agus daoine eile agus 'ghá dhéanamh amach i gcómhnuighe go bhfuil maith éigin ann féin ná fuil ndaoinidh eile. Na daoine úd go bhfuair an Slánuightheóir an locht ortha, uabhar iseadh a bhí sa mheas a bhí acu ortha féin, agus d'á chómhartha san féin, bhí an droch mheas acu ar dhaoinibh eile. Rud iseadh uabhar gur b'ana dheacair é 'leigheas. Dallan sé aigne an duine i dtreó nách aon mhaith bheith ag caint leis ná a d'iaraidh chómhairle thabhairt dó. An
fear ná fuil 'n-a chroídhe ach uabhar ar fad, déarfaidh sé leat, suas le d' bhéal, "Ní duine gan locht mé. Tá fhios agam go maith nách eadh. Tá mo lochtaí féin orm. Ní'l aoinne gan locht éigin ann. Ach pé lochtaí atá ionam ná ná fuil, sin locht ná fuil ionam. Ní'l aon uabhar ionam, agus ní raibh riamh." Siné cúis n-ar thug an Slánuightheóir an tsoluíd chómh soiléir dos na daoine úd. Thaisbeáin sé dhóibh an Fairisíneach agus é 'n-a sheasamh ansúd, ag déanamh úrnuighthe, dar leis. Ní raibh aon úrnuighthe aige 'á dhéanamh. Ag maoidheamh agus ag déanamh uabhair iseadh bhí sé. Ag áireamh a mhaitheasaí féin a bhí sé, agus ag áireamh peacaí daoine eile. "A Dhia," ar seisean, "bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim mar an chuid eile des na daoine; bitheamhnaigh; lucht éagcóra; lucht adhaltranais." Agus ní fhéadfadh sé an poibliocánach do leigint thairis; "ar nós an phoibliocánaigh seo," ar seisean. Breithnigh an Fairisíneach san, a Chríosdaidhe. Tabhair fé ndeara go maith é. Meaghaigh ad' aigne an uile fhocal d'á ndúbhairt sé. Chuadhais-se féin chun faois- dine go minic. Ní h-éidir gur dheinis an fhaoisdin ar an gcuma so, feuch; "Buidheachas mór le Dia, a Athair, ní bhím ag déanamh aon rud' as an slígh. Ní bhím ag easgainidhe ná ag badhbóireacht ná ag cúlchaint. Ní dhéanfainn aon pheacadh choídhche dá leigtí dom féin. Ach tá droch chlann agam agus cuirid siad fearg orm. Agus an bhean so atá agam bíon sí coitchianta a'm ithe 's a'm ghearradh." Nách fíor dheabhrathach leis an gcaint adubhairt an Fairisíneach an chaint sin? A'd mholadh féin agus ag innsint peacaí daoine eile! Nách shiné díreach a bhí ag an bhFairisíneach 'á dhéanamh? 'Ghá mholadh féin agus
ag innsint peacaí na ndaoine eile! Agus an bhfuil fhios agat cad 'dúbhairt an Slánuightheóir i dtaobh an Fhairisínigh? Dúbhairt sé go raibh a pheacaí air ag dul abhaile dhó. Is baoghal, má 'sé faoisdin an Fhairisínigh a dheinean tusa, a'd mholadh féin agus ag innsint peacaí daoine eile, gur b' amhlaidh a bheidh tuille peacaí ort, ag dul abhaile dhuit, ná raibh ort nuair a bhís ag teacht. Nuair a bheidh tú a't ollamhughadh féin chun faoisdine seachain an Fairisíneach. Nuair a bheidh an fhaoisdin agat 'á dhéanamh seachain an Fairisíneach. Nuair a bheidh tú ag innsint do pheacaí seachain an Fairisíneach. Cuir síos do pheacaí féin agus ná trácht i n-aon chor ar aon duine eile ná ar pheacaibh aon duine eile. Ní bheidh ort freagairt i láthair Dé ach ad' pheacaibh féin, agus ní beag dhuit é. Ar an gcuma gcéadna, pé saghas eile gnótha a bheidh ar siúbhal idir thú féin agus Dia, seachain an Fairisíneach. Bíodh an meas is mó fhéadfair agat ort féin i láthair Dé, ach tuig an fhírinne i gcómhnuighe. Tuig ad' aigne go cruinn má tá aon mhaitheasaí ionat gur b'é Dia a thug duit iad. Tuig, leis, go cruinn, agus b'fhéidir go mbainfeadh san an mhóráil díot, go gcaithfir freagairt i láthair Dé ins gach aon tabharthas d'ár bhronn sé ort. Má chítear an uair sin go mbeidh úsáid mhaith déanta agat des na tabharthaistibh a bhronn sé ort beidh an sgéal go maith agat. Má chítear an uair sin gur ag maoidheamh as na tabharthaistibh a chaithis do shaoghal agus ag déanamh baoise mar gheall ortha, i n-inead iad do chur chun glóire do Dhia a thug duit iad, geallaim dhuit, agus tá fhios agat féin é, go mbeidh an sgéal dian ort. Seachain an Fairisíneach, adeirim leat. Sa tsoluíd sin a thug an Slánuightheóir dos na daoine úd a bhí chómh mainíghneach asta féin agus as
a bhfíoraontacht, tugan sé radharc dúinn ar dhuine eile. Tugan sé radharc dúinn ar an bpoibliocánach. Daoine uaisle, galánta, creideamhnacha, diadha, dar leis an bpoibilidheacht, ab eadh na Fairisínigh. Agus, dar leis an bpoibilidheacht gcéadna, droch aicme ar fad ab eadh na poibliocánaigh. Sin mar a bhí an sgéal ag an dá aicme os cómhair na poibilidheachta. Ach bhí an sgéal ar a mhalairt sin de chuma acu i láthair Dé. Bhí na poibliocánaigh olc go leór i láthair Dé, ach d'á olcas iad, ba mheasa na Fairisínigh 'ná iad. Do thaisbeáin an Slánuightheóir, leis an soluíd, cad é an dearmhad a bhí ar an bpoibilidheacht i dtaobh na bhFairisíneach. Thaisbeáin sé, mar an gcéadna, d'á olcas iad na poibliocánaigh go raibh aoinne amháin ortha, pé'r domhan é, a bhí taithneamhach i láthair Dé. Agus thaisbeáin sé dos na daoine a bhí ag éisteacht leis, agus dos na Críosdaidhthibh go léir, riamh ó shin, gur bh' í an úmhluigheacht a bhí ann a dhein taithneamhach é i láthair Dé. Uabhar 'n-a steili-bheathaidh ab eadh an Fairisíneach. Ní raibh aon rud sa phoibliocánach bhocht ach úmhluigheacht ar fad. Thug an Slánuightheóir an Fairisíneach dúinn mar shampla ar an uabhar, chun go seachnóchaimís é. Thug sé an poibliocánach dúinn mar shampla ar an úmhluigheacht, chun go ndéanfaimís beart d'á réir. Do thráchtas ar an t-é a dhéanfadh faoisdin an Fhairisínigh, 'ghá mholadh féin agus ag innsint peacaí duine eile. Tá sampla áluinn againn sa phoibliocánach ar an gcuma 'n-ar ceart do'n Chríosdaidhe an fhaoisdin a dhéanamh i dtreó go mbeidh sí taithneamhach i láthair Dé. D'fhan sé abhfad síos. Do chrom sé a cheann. Bhí sé ag bualadh a uchta le neart dóláis mar gheall ar a pheacaibh féin. Ní raibh sé ag cuimhneamh i n-aon chor ar aon duine eile. Ní dheabhróchadh an
sgéal go bhfeacaidh sé an Fairisíneach i n-aon chor, ná go raibh fhios aige é bheith ann. Ní raibh uaidh ach go ndéanfadh Dia trócaire air féin agus go maithfeadh sé a pheacaí dhó. Sin mar ba cheart do'n Chríosdaidhe dul chun faoisdine, agus sin mar ba cheart dó an fhaoisdin a dhéanamh. An Críosdaidhe a ghlacfaidh sampla an phoibliocánaigh agus do chuirfidh i n'fhaoisdin úmhluigheacht an phoibliocánaigh, dólás croídhe an phoibliocánaigh, macántacht admhála an phoibliocánaigh, déanfaidh grásta an tSlánuightheóra, i Sácraimínt na h-aithrighe, an chuid eile dhó, agus raghaidh sé abhaile glan ó n-a pheacaibh. Tá focal an tSlánuightheóra féin againn leis sin. An t-é a dhéanfaidh faoisdin an Fhairisínigh; ag dul ar a chosaint féin i n-inead a pheacaí dh'admháil; 'ghá mholadh féin i n-inead é fein a dhaoradh; raghaidh sé abhaile agus tuille ualaigh air. Ní gádh an méid sin a dh'innsint d'aon Chríosdaidhe go bhfuil an Teagasg Críosdaidhe aige. Tuigean sé féin an sgéal chómh maith agus d'fhéadfadh aoinne é dh'innsint dó. Ach isé donas an sgéil go dtuigimíd a lán neithe go maith agus 'n-a dhiaigh san ná deinimíd do réir ár dtuis- giona. Taisbeánan ár dtuisgint dúinn an bóthar ceart agus ansan ní foláir le n-ár dtoil a bóthar féin do ghabháil. Ach déarfaidh duine, b'fhéidir: "Má bhíon duine macánta ansan, duine ná déanfadh an éagcóir pé cor a bhéadh le tabhairt dó; má chíon an duine sin fear ag déanamh an chaim, conus is féidir dó gan droch mheas a bheith aige ar an bhfear san?" Go díreach! Duine macánta de'n tsórd san ab eadh an Fairisíneach úd. Chonaic sé uaidh síos an poib- liocánach. Duine de'n aicme a bhíodh i gcómhnuighe ag déanamh an chaim ab eadh an poibliocánach san. Conus
fhéadfadh an Fairisíneach gan droch mheas a bheith aige air? Ach do chonaic Dia, i láthair na h-uaire céadna san, gur bh'é an poibliocánach an fíoraon agus gur bh' é an Fairisíneach an neamh-fhíoraon. Seachain tú féin, a dhuine mhacánta, le h-eagla gur mar sin díreach a bhéadh an sgéal agat-sa nuair ba dhóich leat ná féadfá gan droch mheas a bheith agat ar an bhfear a dheinean an cam, dar leat. Pé cam a dhein sé riamh, ná nár dhein sé, cá bh'fhios duit-se conus a sheasuighean an sgéal idir é agus Dia ar an neómat so? Nuair fheuch an Fairisíneach síos agus nuair a chonaic sé an duine bocht thíos agus a cheann féi aige agus é ag bualadh a uchta, dá mbéadh aon chiall i n-aon chor aige d'éistfeadh sé. Do thuigfeadh sé in' aigne go mb'fhéidir go raibh an tsíothcháin déanta ag an nduine sin le Dia agus ná béadh sé ceart i n-aon chor aige féin teacht idir é agus Dia. Ach cad é sin agam 'á rádh! Ar ndó' dá mbéadh an chiall san agus an tuisgint sin aige ní bhéadh sé 'n-a chladhaire Fairisínigh mar a bhí sé. Breithnigh an bheirt go maith, agus ansan tabhair fé ndeara an focal deirineach atá sa tSoisgéal. "Gach duine d'árdóchaidh é féin ísleóchar é, agus gach duine d'úmhlóchaidh é féin árdóchar é." Caint ana dhoimhinn, a phobul, iseadh an méid sin cainte. Cialluighean sí, ar dtúis, go bhfuil croídhe agus aigne an duine ana chlaon chun uabhair, agus nuair a bhíon an duine ag géilleadh do'n uabhar nách foláir do thrócaire Dé, ar mhaithe leis an nduine sin féin agus chun é choimeád ó dhíobháil anama dhéanamh dó féin, trioblóidí do chur air, trioblóidí a bhrisfidh agus a bhrúthfaidh an t-uabhar istigh 'n-a chroídhe agus a thaisbeánfaidh dó go soiléir ná fuil aon chúis aige chun uabhair a bheith air, agus go bhfuil gach aon chúis
aige chun bheith úmhal. An t-é a thuigfidh an nídh sin i n-am agus d'úmhlóchaidh é féin, uaidh féin, i n-am, raghaidh sé saor ó n-a lán trioblóidí. Tá ciall eile leis an gcaint sin. Nuair a chímíd duine agus é úmhal, ciallmhar, ciúin 'n-a chaint, uramamhail do chaint duine eile, gan aon fhocal choídhche ag teacht as a bhéal i bhfuirim aon mhaoidhimh as a dheagh- thréithibh féin; agus gur dáiríribh atá sé mar sin, nách 'ghá leigint air bheith úmhal atá sé i dtreó go molfadh duine éigin eile a dheagh-thréithe; nuair a chímíd duine de'n tsórd san tugaimíd inead ana árd dó i n-ár meas. Isé nádúr na h-úmhluigheachta, nuair is úmhluigheacht dhílis í, duine dh'árdughadh i n-ár meas. Ar an gcuma gcéadna, nuair a chímíd duine agus nách féidir leis dhá fhocal do labhairt gan bheith ag maoidheamh as a dheagh-thréithibh, nách féidir leis éisteacht le h-oiread agus aon fhocal amháin i bhfabhar dhuine eile gan a chroídhe bheith lán d'éad, tugaimíd inead íseal dó i n-ár meas. Isé nádúr an uabhair an duine dh'ísliughadh. Mar sin, an t-é a bhíon 'ghá ísliughadh féin le fíor úmhluigheacht, is 'ghá árdughadh féin a bhíon sé; agus an t-é a bhíon ag briseadh a chroídhe agus ag bodhradh na ndaoine, a d'iaraidh é fein a dh'árdughadh, is 'ghá ísliughadh féin a bhíon sé, ar a dhícheal. Ní'l aon tréith sa duine is ísle 'ná uabhar. Agus ní'l aon tréith sa duine is uaisle 'ná fíor-úmhluigheacht. Go gcuiridh an Tighearna an fhíor-úmhluigheacht san i n-ár gcroídhthibh go léir. Amen.
XLVII. AN t-AONMHADH DOMHRACH DÉAG TAR ÉIR CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Marcus 7.) Tá raint neithe sa tSoisgéal san, a phobul, atá ábalta ar iongnadh chur ar an t-é a dhéanfadh machtnamh ortha. Níor ghádh d'ár Slánuightheóir an duine thógaint i leith-taoibh agus a mhéireana chur 'n-a chluasaibh agus an seile chur ar a theangain, chun an leighis a dhéanamh air. D'fhéadfadh sé an leigheas a dhéanamh le h-aon ghníomh amháin ó n-a thoil naomhtha. Cad chuige gur dhein sé na neithe eile, má 'seadh? Ní raibh aon chruadas sa ghníomh san dó seachas aon ghníomh eile. Cad fé ndeara dhó, má 'seadh, an osna dhéanamh? Nuair a bhí an mhírbhuilt déanta agus an duine leighiste, dúbhairt an Slánuightheóir leis an muintir a bhí láithreach agus do chonaic an mhírbhuilt, gan bheith 'ghá innsint; ach sin mar ba mhó a dh'innseadar é. Ansan, innstear dúinn gur dheineadar iongnadh de'n mhírbhuilt sin, agus go ndeiridís: "Deinean sé gach nídh go maith: agus tugan sé éisteacht do'n bhodhar agus caint do'n bhalbh." Cad 'n-a thaobh gur dheineadar iongnadh de'n mhírbhuilt sin seachas na mírbhuiltí eile a dhein sé? Bhí cuid des na mírbhuiltibh eile agus, dar leat, ba mhó go mór de mhírbhuiltibh iad 'ná an mhírbhuilt sin. B'fhéidir, a phobul, gur fearr-de a thuigfimíd na neithe sin má choimeádaimíd raint eile neithe go cruinn os cómhair ár n-aigne. Do dhein ár Slánuightheóir na mírbhuiltí go léir, ar dtúis chun a thaisbeáint dos na
Iúdaigh agus do'n tsaoghal go léir go raibh cómhacht Dé aige; ansan chun tairbhe dhéanamh dos na daoinibh a bhí 'n-a ghátar, chun trócaire agus mór-mhaitheasa a Chroídhe ró Naomtha dh'imirt ortha. Sin dá bhun a bhí aige le h-iad a dhéanamh, ag taisbeáint a chómhachta agus ag déanamh maitheasa. Ach tuigimís an méid seo. Soluíd ab eadh, ar chuma éigin, gach mírbhuilt d'ár dhein sé, ar chuid éigin de'n obair a bhí aige le déanamh do'n chine daona. Do leighis sé daoine fé leith ó ghalaraibh corpartha. Bhí an leigheas mírbhuilteach. Dhein an mhírbhuilt tairbhe d'aon duine amháin éigin, anso agus ansúd. Ach soluíd ab eadh an mhírbhuilt sin ar leigheas eile a bhí le déanamh ag an Slánuigh- theóir, ar leigheas spioraideálta, ar leigheas ó'n bpeacadh, leigheas a bhí le déanamh, ní h-ar aon duine amháin éigin anso agus ansúd, ach ar an gcine daona go léir. Ansan; níor bh' aon trioblóid do'n tSlánuightheóir an leigheas corpartha dhéanamh. Ní raibh aige le déanamh, sa leigheas, ach gníomh a thoile. Ní túisge a thoiligh sé go ndéanfaí an leigheas 'ná mar a bhí an leigheas déanta. Ní mar sin do'n leigheas spior- aideálta. Is ana dheacair an leigheas spioraideálta do dhéanamh ar an nduine, uaireanta, mar bhíon toil an duine i gcoinnibh an leighis. Leigheas ó'n bpeacadh iseadh an leigheas spioraideálta, agus ní féidir an duine do leigheas ó'n bpeacadh, nídh nách iongnadh, an fhaid a bheidh toil an duine ag gabháil leis an bpeacadh. Nuair a bhíon an duine múchta ins na peacaibh, múchta i ndroch bhéasaibh marbhuightheacha, bíon an t-anam gan éisteacht gan urlabhra, chómh fada agus a théighean aon tsaghas gutha spioraideálta. Ní h-aon tairbhe bheith ag caint leis an nduine sin i dtaobh grásta Dé ná i
dtaobh tairbhe a anama. Ní airighean sé focal. Tá sé bodhar, chómh bodhar le duine a bhéadh marbh, sínte ar chlár. Bhí an bhodhaire sin ar an gcine daona go léir go dtí go dtáinig an Slánuightheóir chun na bodhaire do leigheas. Soluíd ar an leigheas san a bhí aige le déanamh ar an gcine daona go léir ab eadh an leigheas a dhein sé ar bhodhaire chorpartha an duine sin a deir- tear sa tSoisgéal. Chun deacarachta an leighis a bhí le déanamh ar an mbodhaire spioraideálta do chur i n-iúil iseadh thóg sé an duine i leith-taoibh agus do chuir sé a mhéireana isteach 'n-a chluasaibh, agus dúbhairt sé an focal "Ephphéta," "Osgail." Agus chun na deacarachta san do chur i n-iúil iseadh dhein sé an osna. Sin adhbhar machtnaimh dúinne, a phobul. An bhfuil aon bhaoghal go mbéadh an bhodhaire spioraideálta san orainn? Bodhaire iseadh í is deacair a leigheas. Droch bhéas peacamhail éigin iseadh chuirean an bhodhaire sin ar an gCríosdaidhe. Cruadhan an droch bhéas an croídhe. Bainean an droch bhéas an mothughadh as an gcoinsias. Isé an coinsias cluas an anama. Nuair a bhíon an mothughadh imthighthe as an gcoinsias bíon an t-anam bodhar. Ní mhothuighean an t-anam san aon chogar ó ghrásta Dé. Leanan an duine sin ar a dhroch bhéas, ar a dhroch pheacaibh marbhuightheacha, agus ní chuirean sé aon tsuim ionta. Dá mbéadh an éisteacht aige, éisteacht an anama, ní'l aon pheacadh dhíobh san a dhéanfadh sé ná cuirfeadh fearg Dé ag labhairt i gcluasaibh a anama, ag labhairt mar a labharfadh tóirth- neach. Ach tá an t-anam bodhar. Tá an coinsias gan mothughadh. Ní h-aon tairbhe do'n tóirthnigh bheith ag labhairt. Tá fhios aige go maith go bhfuil na peacaí aige 'á dhéanamh. Tá fhios aige go maith gur peacaí
marbhuightheacha iad. Tá fhios aige go dian mhaith go gcuirfid na peacaí sin síos go teintibh ifrinn é. Ach ní chuirean sé suim ar bith sa sgéal. Siné an neamh- shuim a bhain an osna úd ó Chroídhe Naomhtha ár Slán- uightheóra. Níor bh' aon mhoill ar an Slánuightheóir an bhodhaire chorpartha do leigheas; ach an bhodhaire spioraid- eálta san; an neamh-shuim sin sa pheacadh; duine, agus a dhá shúil ar dian-leathadh agus é ag dul ceann ar aghaidh isteach i lasair ifrinn, agus gan blúire suime aige sa sgéal! A ghoile aige d'á chuid bídh i gcaitheamh an lae. An oídhche aige 'á chodladh chómh sámh agus do codlóchadh an leanbh í, agus a fhios aige go mb'fhéidir go dtiocfadh an bás air aon neómat, agus dá dtagadh, ná fuil dul ar bith aige ó theintibh ifrinn! Siné an neamh-shuim, siní an bhodhaire anama a bhí ag an Slán- uightheóir le leigheas do'n chine daona nuair a tháinig an osna úd ó n-a Chroídhe Naomhtha. Siné an dorus dúnta a bhí aige le h-osgailt nuair adúbhairt sé an focal úd, "Ephphéta." Bíon duine bodhar ar fad, agus bíon duine leath- bhodhar, agus bíon duine agus gan air ach allaoire bheag. B'fhéidir ná fuil puinn daoine go bhfuil an sgéal chómh tiubaisteach san ar fad acu agus go bhféadfaidís bheith coitchianta ag déanamh droch pheacaí marbhuightheacha gan aon bhlúire suime sa phionós atá 'n-a gcóir. Ach is baoghal go bhfuil raint mhaith daoine ná cuirean leath oiread suime sa phionós san agus ba cheart a chur ann. Agus is baoghal gur beag má tá aon Chríosdaidhe ar an saoghal gan raint éigin de'n bhodhaire sin air. Is baoghal gur beag má tá aon Chríosdaidhe a mhachtnuighean mar ba cheart ar leun- mhaire an pheacaidh, ar an ndíobháil a dheinean sé, ar an saoghal so féin, do'n duine a thuitean ann, agus
ar an bpionós uathbhásach atá 'n-a chóir ar an saoghal eile. D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhthe, is ceart dúinn feuchaint chúghainn féin. Is ceart dúinn machtnamh go dlúth ar an sgéal. Is ceart dúinn bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir gléigeal a mhéireana do chur isteach i gcluasaibh ár n-anama, an dorus dúnta dh'osgailt, ár gcoinsias do ghlanadh ó gach dúire agus ó gach neamh-shuim, i dtreó go n-éistfimís go h-aireach le gach cogar ó ghrásta Dé agus go mothóchaimís láithreach brígh agus bunús an chogair sin, agus go leigfimís do'n chogar san eagla Dé chur orainn. An t-é go mbeidh eagla Dé air déanfaidh sé leas a anama. Ach feuch. Do dhein an Slánuightheóir dhá leigheas ar an nduine úd. Thug sé urlabhra dhó chómh maith le h-éisteacht. D'fhéadfadh sé an t-urlabhra thabhairt dó, leis, le gníomh toile. Ach do dhein sé níos mó 'ná gníomh toile. Chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, agus do bogadh an ceangal a bhí ar an dteangain, agus tháinig caint, caint chruinn, do'n duine láithreach. Cad é an brígh a bhí leis an seile? Bhí brígh ana dhoimhinn leis an seile sin, a phobul. Do chruthuigh Dia neamh agus talamh, ranna agus reultana. Chruthuigh sé na h-éisg sa bhfaraige agus na h-ainmhidhthe ar an dtalamh tirim. Chruthuigh sé gach nídh beó agus neamhbeó. Agus feuch; níor chuir sé ar chumas aon ruda eile d'ár chruthuigh sé aithne chur air agus labhairt leis, ach amháin ar chumas an duine. D'á mhéid solus sa ghréin ní féidir di aithne chur ar Dhia ná labhairt leis. D'á aoírde í an spéir agus d'á fhairsinge é an talamh; d'á mhéid agus d'á raímhre iad na cnuic, ní féidir dóibh labhairt le Dia
ná aithne chur air. Ar ar chruthuigh Dia sa tsaoghal so ní'l ach an duine gur féidir dó aithne chur ar Dhia agus labhairt leis. Agus feuch cad dúbhairt an Teagasg Críosdaidhe linn fadó:- "Cad chuige gur chruthuigh Dia sinn? "Chun aithne chur air agus chun é ghrádhughadh ar an dtalamh so agus chun séin síoruidhe do shealbhughadh 'n-a dhiaigh so ar neamh." Tá ar chumas an duine labhairt le Dia. D'á bhrígh sin ba cheart do'n duine bheith i gcómhnuighe ag labhairt le Dia. I dtusach aimsire do lean an duine ar feadh tamaill 'ghá dhéanamh san. I ndiaigh ar ndiaigh do dhein an duine dearmhad dé. Fé dheire do stad sé dhé. Ansan do chuaidh sé as aithne bheith aige ar Dhia. Ansan do ghlac sé déithe fallsa. Ansan d'imthigh sé amú' ar fad i dtreó ná feidir sé an raibh Dia ann i n-aon chor nó ná raibh. Nuair a bhí sé sa chás san ní raibh ar a chumas, a thuille, labhairt le Dia. Bhí an t-urlabhra san caillte aige. Bhí sé balbh. Bhí gádh aige le Dia, agus ní raibh ar a chumas glaodhach ar Dhia Bíon gádh ag an mbeithidheach allta le Dia. Is é Dia a thugan biadh dhó. Is é Dia a chuirean neart ann. Is é Dia thugan sláinte dhó. Nuair a bhíd na neithe sin i n-easnamh air ní féidir dó glaodhach ar Dhia agus na neithe sin a dh'iaraidh air. Ní foláir dó fanamhaint go dtugaidh Dia dhó iad uaidh féin. Nuair a chaill an duine a chumas ar labhairt le Dia bhí sé ar nós an bheithidhigh allta. Má bhí sé i ngádh le neithibh, ní raibh ar a chumas labhairt le Dia agus na neithe sin a dh'iaraidh air. Chaith sé fanamhaint, ar nós an bheithidhigh allta, go dtí gur thug Dia dhó iad uaidh féin. Ansan ní raibh ar a chumas buidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ortha ach chómh beag agus bhí
ar chumas an bheithidhigh allta. Bhí sé chómh balbh ó chaint le Dia agus bhí an beithidheach allta. Bhí an bhailbhe sin ar an gcine daona go léir nuair a tháinig an Slánuightheóir. Cuid d'obair an tSlán- uightheóra ar an saoghal so ab eadh an chine daona do leigheas ó'n mbailbhe sin agus a mhúineadh dhóibh airís conus labhairt le Dia. Soluíd ar an leigheas san a bhí le déanamh ar an gcine daona ó'n mbailbhe spior- aideálta, ab eadh an mhírbhuilt le n-ar leighis an Slán- uightheóir an duine úd ó'n mbailbhe chorpartha a bhí air. Ach ba dheacara go mór do chómhacht Dé féin an chine daona do leigheas ó'n mbailbhe spioraideálta 'ná an duine úd do leigheas ó'n mbailbhe chorpartha. Níor bhfoláir do'n tSlánuightheóir caint amach as a bhéal naomhtha féin do chur isteach i mbéal na cine daona sar a sgaoilfí an ceangal a bhí ar a dteangain i dtreó go bhféadfaidís labhairt leis an Athair Síoruidhe. Chuir sé an chaint sin amach as a bhéal féin, isteach i mbéal- aibh na cine daona, nuair adubhairt sé le n-a dheis- giobuil: "Seo mar a dhéanfaidh sibh guidhe chun Dé: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t'ainim; go dtagaidh do rígheacht; go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laeth- amhail tabhair dúinn indiu; maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuighean i n-ár n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcathaibh, ach saor sinn ó olc." 'Ghá chur i n-iúil gur amach as a bhéal féin, ar an gcuma san, do chaithfeadh leigheas na bailbhe teacht do'n chine daona iseadh chuir sé an seile as a bhéal ar thean- gain an duine ar a raibh an bhailbhe chorpartha. Do bogadh an ceangal de theangain an duine, agus tháinig caint chruinn dó. Tré pháis agus tré bhás an tSlánuightheóra do bogadh, leis, an ceangal de theangain na cine daona,
agus do cuireadh airís ar chumas an duine feuchaint suas os cionn gach uile nídh d'ár chruthuigh Dia ar an saoghal so, feuchaint suas isteach ins na flathais, agus labhairt, aghaidh ar aghaidh, leis an Athair Síoruidhe. Thug an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, an chaint sin do'n chine daona, agus do choimeád an chine daona, nó formhór na cine daona, an chaint sin riamh ó shin. Ach do choimeád cuid des na Críosdaidhthibh an chaint níos fearr 'ná mar a choimeád tuille acu í. Ó aimsir an tSlánuightheóra anuas, agus anois féin, tá daoine naomhtha sa n-Eaglais agus do choimeádadar an t-urlabhra san go cruinn. Choimeádadar é agus dhein- eadar úsáid dé coitchianta. An fhaid a bhíodar ar an saoghal so, an chuid atá imthighthe dhíobh, is suas ins na flathais, ar an Athair Síoruidhe, a bhí a súile agus a n-intinn. Is leis an Athair Síoruidhe a bhíodh a gcaint agus a gcómhrádh coitchianta, go dtí gur chríochnuigh- eadar a dtréimhse anso agus gur thóg an t-Athair Síoruidhe chuige féin ar fad iad. An chuid acu atá ar an saoghal so fós isé an sgéal céadna acu é. Iad ar an saoghal so agus a n-aigne ar an saoghal eile. Iad ag cur an tsaoghail seo dhíobh, i láthair Dé, agus a gcómhrádh go léir agus a gcaint go léir ar an saoghal eile, ag feitheamh go foidhneach leis an lá 'n-a nglaodh- faidh Dia suas chuige féin iad. Gan amhras sin mar ba cheart do gach aon Chríosdaidhe bheith, an fhaid is toil le Dia é fhágaint ar an saoghal so. Ach, foraoír, ní mar sin atá agá lán againn. Do tugadh dúinn an t-urlabhra. Do bogadh an ceangal de'n teangain againn. Do chuir an Slánuightheóir ar ár gcumas labhairt leis an Athair Síoruidhe. Ach is baoghal go bhfuil a lán againn nár dhein aon taithighe de'n chaint. An t-é ná déanfaidh taithighe de'n chaint
caillfidh sé an chaint. Is baoghal go bhfuil an chaint caillte agá lán againn le h-easba taithighe. B'fhéidir go bhfuil a lán againn agus go mbíon an chaint i n-ár mbéalaibh againn agus go mbímíd 'ghá labhairt, ach nách suas ar an Athair Síoruidhe a bhíon ár n-aigne ag feuchaint nuair a bhímíd ag labhairt na cainte, ach mór- thímpal orainn anso, ar thrioblóidibh agus ar ghnóthaibh an tsaoghail seo. Má's mar sin atá an sgéal againn tá sé suarach go leór againn, agus is ceart dúinn feuchaint chúghainn féin láithreach. Is ceart dúinn ár n-aigne do chrothadh suas agus mairbhithíghe an tsaoghail seo do chaitheamh dínn. Leigint d'ár n-aigne eirighe os cionn an tsaoghail seo fé mar a dh'eirighean an t-éan. Leigint d'ár n-aigne aithne chur ar an Athair Síoruidhe, agus labhairt leis an Athair Síoruidhe, agus bheith ag feuchaint suas chun an Athar Síoruidhe; mar is chuige sin a chruthuigh an t-Athair Síoruidhe aigne an duine agus ní chun bheith cromtha ar an saoghal so. Nuair a thuigimíd ar an gcuma san, a phobul, an mhírbhuilt sin a dhein an Slánuightheóir glórmhar ar an nduine a bhí bodhar balbh, agus nuair a bhreithnighmíd an brígh uathbhásach a bhí fé'n mírbhuilt sin, is ró fhuiriste dhúinn a rádh, fé mar adúbhairt na daoine a chonaic an mhírbhuilt, "Deinean sé gach nidh go maith. Tugan sé éisteacht do'n bhodhar agus caint do'n bhalbh." Go leighisidh an Slánuightheóir sinn go léir ar gach bodhaire agus ar gach bailbhe spioraideálta. Amen.
XLVIII AN TARNA DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 10.) Feuch, a phobul: Ní mór gur gádh do shagart aon fhocal do rádh le pobul mar gheall ar bhrígh na cainte atá sa tSoisgéal san. Is beag ná gur bh'fhearr an chaint d'fhágáilt mar atá sí, tá sí chómh breágh chómh solusmhar chómh soiléir sin. Bhí na Iúdaigh ag feuch- aint ar an Slánuightheóir agus ag éisteacht le n-a chaint, agus i n-inead aon tairbhe bhaint dóibh féin as an gcaint, is amhlaidh a bhíodar, mar ba ghnáth leó a bheith, ag faireachán air agus ag ceistiúchán air, feuchaint an bhféadfaidís, dar leó féin, aon bhuntáiste bhreith air sa chaint. Nuair a chonaic sé an aigne sin ionta níor dhein sé ach a rádh, go breagh réidh, le n-a dheis- giobulaibh, agus cuid des na Iúdaigh ag éisteacht leis, gur mhór an t-áthas a bhéadh ar na fáidhibh agus ar na ríghthibh a bhí sa tsaoghal abhfad roimis sin dá bhfeic- fidís an Slánuightheóir, nách ag faireachán ná ag ceis- tiúchán a bheidís, ach a d'iaraidh gach tairbhe anama dh'fhéadfaidís, d' fhághail ó'n Slánuightheóir. Ansan iseadh d'eirigh fear na dlíghe agus chuir sé an cheist. Do chuir sé an cheist, ach níor cheist mhacánta í. Ní h-eólus a bhí uaidh. Ní raibh uaidh ach aighneas do chur ar an Slán- uightheóir, feuchaint an ndéarfadh sé aon fhocal go bhféadfaí cor nó casadh chur ann agus a rádh go raibh sé i gcoinnibh dlíghe Mhaoise. "Cad tá le déanamh agam," ar seisean, "chun na beatha síoruidhe a dh'fhághail?"
Níor dhein an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, ach an cheist do chasadh air. "Tá san sgríobhtha sa dlígh," ar seisean. "Conus a léighean tú an dlígh?" Níor bh'fholáir do'n duine an cheist sin d'fhreagairt nó a thaisbeáint d'á raibh láithreach ná raibh an t-eólus aige ba cheart dó a bheith aige. D'fhreagair sé í, go breagh réidh. "Thugais freagra cruinn," arsa'n Slánuightheóir leis. "Dein an méid sin agus beidh an bheatha shíoruidhe agat." Nuair a dh'airigh an fear dlíghe an chaint sin chonaic sé go raibh amadán déanta aige dhé féin os cómhair na ndaoine; ceist curtha aige chun eóluis a dh'fhághail, agus an t-eólus cheana aige féin! Theastuigh uaidh a thaisbeáint nách gan chúis a chuir sé an cheist. "Agus cé h-é mo chómharsa?" ar seisean. Pé rud a dhein an chéad cheist a chuir sé, bhí brígh agus bunús a dóithin leis an gceist sin. Bhí aigne na n-Iúdach an uair sin imthighthe amú' ar fad i dtaobh na ceiste sin, agus do ghlac an Slánuightheóir an ócáid sin chun an dearmhaid a bhí ortha do cheartughadh agus chun na fírinne do chur 'n-a luighe ar a n-aigne go daingean, agus í chur 'n-a luighe ortha amach a' béal a bhfear dlíghe féin. Do thuig na Iúdaigh an uair sin go raibh ceangailte ar Iúdach Iúdach do ghrádhughadh mar é féin. Níor thuigeadar, ámhthach, gur cheart d' Iúdach aon ghrádh thabhairt do Gheinteach. Dá n-abradh an Slán- uightheóir, lom díreach, gur chómharsa an Geinteach chómh maith leis an Iúdach bhéadh a phuinte beirthe leis ag an bhfear dlíghe. D'fhéadfadh sé iompáil agus a rádh, "Tá an fear so ag cur dlíghe Mhaoise ar neamhnídh! Tá órduighthe dhúinn i ndlígh Mhaoise, airís agus airís eile, gan teangabháil ná cómhluadar a dhéanamh le Geinteachaibh. Deir an fear so nach féidir d' Iúdach an bheatha shíoruidhe dh'fhághail mura dtugaidh sé do'n
Gheinteach an grádh céadna a thugan sé do'n Iúdach!" D'iompóchadh san na daoine go léir, an uair sin, i gcoinnibh teagaisg an tSlánuightheóra. Ansan iseadh d'inis an Slánuightheóir an sgéal i dtaobh an fhir a bhí ag dul ó Ierúsalem síos go Ierícó, agus conus mar a bhuail na bitheamhnaigh uime agus cad é an cor a thugadar air. Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár n-aigne gur thuit an nídh sin amach díreach mar a dh'inis an Slánuightheóir é. Ní sgéal é do ceapadh mar sholuíd. Rud ab eadh é do thuit amach le fírinne. Do chonaic an Slánuightheóir é ag tuitim amach, mar chíon Dia gach uile nídh. Níor bh'iongnadh liom i n-aon chor dá mbéadh an bheirt láithreach ag éisteacht le caint an tSlánuightheóra, an bheirt a chonaic an duine leath- mharbh ar an mbóthar agus d'fhág ansan é. Má bhíodar láithreach níor sgéidh sé ortha. Níor dhein sé ach a dh'innsint cad a deineadh, agus ansan a dh'innsint cad a dhein an Samaritánach, an duine iasachta, an duine go raibh an droch mheas go léir ag an Iúdach air. Bhí an sgéal cruaidh ar an Iúdach, a rádh gur dhein an Samaritánach an deagh-chómharsanacht agus gur dhiúltuigh gach duine de'n bheirt eile d'é dhéanamh. Má bhí aon duine de'n bheirt eile ann ag éisteacht leis an sgéal, is dócha go raibh sé ag crith le h-eagla go 'neósfaí air é. Níor h-innseadh. Níor dhein an Slán- uightheóir ach iompáil ar an bhfear a thusnuigh an ceis tiúchán agus a fhiafraighe dhé, lom díreach: "Cia 'cu de'n triúr san ba dhóich leat-sa ba chómharsa do'n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach?" Bhí an fear-dlíghe bocht i gcruadh-chás. Conus fhéadfadh sé trácht ar dhlígh Mhaoise agus páirt a ghabháil le h-aoinne de'n bheirt? B'fhéidir go raibh fhios aige
cé'r bh'iad. Má bhí fhios aige é níor leig sé air é. Do sgaoil sé amach an freagra fírinneach. "Is dóich liom," ar seisean, "gur bh'é an t-é a dhein an char- thanacht air ba chómharsa dhó." Agus is dóich liom-sa gur bh' fhearr leis féin, um an dtaca san, gur bh'é rud a bhéadh déanta ó thusach aige 'ná a bhéal a choimeád dúnta. Ní dóich liom, pé eólus ná pé tuisgint a bhí aige i ndlígh Mhaoise, go raibh sé chómh h-ollamh chun ceistiúcháin as san amach. Ag machtnamh ar an sgéal dúinn féin, i n-ár gCríosdaidhthibh, is ceart dúinn mór-thrócaire ár Slánuightheóra do thuisgint agus do mholadh agus d'adhradh go h-árd. Chonaic sé an mhailís agus an droch aigne a bhí istigh i gcroídhe an duine sin nuair a thusnuigh sé ar an gceistiúchán. Chonaic sé go raibh an duine sin lán-cheapaithe ar dhíobháil a dhéanamh dó — an díobháil ba mhó fhéadfadh sé dhéanamh. Agus fós do ghlac sé go réidh agus go cneasta é. Thug sé deagh-chómhar- sanacht dó, bíodh gur toghadh droch chómharsanachta a bhí aige d'á fhághail uaidh. Sin teagasg dúinne, a Chríosdaidhthe, 'ghá chur 'n-a luighe orainn, go soiléir agus go daingean, má's fíor-Chríosdaidhthe sinn gur ceart dúinn, pé droch chómharsanacht a tabharfar dúinn, gan droch chómharsanacht do thabhairt uainn mar gheall air, ach an deagh-chómharsanacht a thabhairt i gcómhnuighe pé olc maith an chómharsanacht a tugtar dúinn. B'fhéidir go ndéarfadh duine, "Ó, tá san ana chruaidh." Ní'l, go deimhin, ná cruaidh i n-aon chor. Agus rud eile atá agam le rádh 'n-a thaobh. Tá a lán daoine a dheinean é, agus a dheinean é coitchianta. Tá Críos- daidhthe ann, agus ní beagán acu é, agus pé olc a
bhéadh déanta agat ortha, dar leó, dá mbéadh do bhó nó do chapall ar lár amáireach, bheidís 'ghá dtógaint duit chómh tapaidh díreach agus bheidís do'n t-é nár dhein aon olc riamh ortha. Ní h-é mo thuairim go bhfuil aon pháirt d'Éirinn ná fuil san fíor ann. Tá sé fíor, ar aon chuma, ins gach aon áit 'n-a bhfuil an fhíor-fhuil Ghaedhlach le fághail. Déanfaidh daoine, ar an gcuma san, tapaidh go leór, deagh-chómharsanacht le gníomh. Tá deagh-chómhar- sanacht eile, ámhthach, agus tá sé deacair go leór uaireanta a chur fhiachaibh ortha é dhéanamh; 'sé sin deagh- chómharsanacht le caint. Siné díreach an saghas deagh- chómharsanachta a dhein an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ar an bhfear úd a tháinig ag cur air leis an gceis- tiúchán. Droch chómharsanacht mhioscaiseach, mhailíseach; crochaireacht; iseadh a bhí ag an bhfear san 'á dhéanamh air, leis an gcaint a bhí aige 'á dhéanamh. Carthanacht iseadh dhein an Slánuightheóir ar an bhfear san, leis an gcaint a dhein sé leis an uair sin. Feuch, a phobul: an fear úd a seóladh ameasg na mbitheamhnach agus do fágadh ar an mbóthar leath-mharbh, tar éis a raibh 'an tsaoghal aige do robáil uaidh, cé leis go samhluighim é? Samhluighim-se é leis an bhfear go ndíreóchaidh beirt nó triúr d'á chómharsanaibh ar a chlú do chíoradh le cúlchaint. Do seóladh an duine bocht ameasg bitheamhnach. Tá a bhfuil 'an tsaoghal aige acu 'á bhaint dé. Ní'l aon tsaidhbhreas ag duine ar an saoghal so is luachmhaire dhó 'ná a chlú. Stracaid bitheamhnaigh na cúlchainte uaidh an saidhbhreas san. Ar an gcéad dul síos ní'l aon droch chómharsanacht is measa 'ná an chúlchaint. Tá cómharsa ag éisteacht leis an gcúlchaint sin. Ní'l focal as a bhéal, bíodh go bhfuil fhios aige go maith gur éitheach an chúlchaint. Sin droch
chómharsanacht. Siné díreach an saghas droch chómh- arsanachta a dhein an bheirt úd a bhuail an bóthar dóibh féin agus d'fhág an duine ansúd leath-mharbh agus nár chuir blúire suime ann. Droch chómharsanacht iseadh an chúlchaint. Droch chómharsanacht iseadh éisteacht leis an gcúlchaint agus gan focal do labhairt chun an duine do chosaint ar na bitheamhnaigh. Ní misde bitheamhnaigh a thabhairt ortha. Ní'l bitheamhnaigh is measa 'ná iad. Má thagan bitheamhnach chun mo choda 'bhreith leis tá seans éigin agam ar mo chuid do chosaint air agus do choimeád uaidh. Má fhéadaim teacht suas leis, b'fhéidir go bhféadfainn mo chuid a bhaint dé. Ach nuair a thiocfaid beirt nó triúr i gcuideachtain a chéile agus thusnóchaid siad ar mo chlú do ghoid uaim le cúlchaint, le cogarnach agus le fásgadh béil agus le crothadh cinn, ní'l aon tseans i n-aon chor agam ar mé féin a chosaint ortha. Imtheóchaidh an chogarnach agus an fásgadh béil agus an crothadh cinn ó dhuine go duine. Ar ball beidh déanta dhom an droch chómharsanacht is measa a dh'fhéadfaí a dhéanamh do dhuine, díobháil a dhéanamh 'n-a chlú dhó. Éistean cómharsa dhom leis an ndíobháil d'á dhéanamh dom. Ní deir sé focal ar mo shon. Éistean duine muinteartha leis an ndíobháil. Ní deir sé focal ar mo shon. Ansan, b'fhéidir, ráinighean do dhuine iasachta éigin bheith ag éisteacht leis an gcogarnach agus leis na cómharthaí sóird. Preaban sé láithreach agus buailean sé buille 'chois sa talamh agus cuirean sé cosg leis an gcúlchaint. Gach áit 'n-ar chuir an chogarnach gearradh am' chlú, cuirean seisean focal fóghanta isteach sa chneadh. Cuirean sé oíle agus fíon am' chneadhachaibh. Fiafróchaidh sé go géar de lucht na cogarnaighe: "Cá bh'fhios duit an fíor é? Cad é an deimhne atá agat air? ar fhiafraighis de'n duine féin an fíor é? Má's
bréag é cad é an leath-sgéal a bheidh agat le tabhairt i láthair Dé uait? Do leathais an bhréag le d' chogar- nach agus le d' chrothadh cinn agus le d' chómharthaibh. Pé 'cu fíor nó bréag é, bheidh cúntas dian ad' choinnibh-se mar gheall air. Bhí do chogarnach agus do chur-thré- chéile agus do chómharthaí sóird agat ar ghnó nár bhain i n-aon chor leat. Ní fheadaraís anois cá stadfaidh an droch obair atá déanta agat, ach beidh tú freagarthach sa droch obair go léir, pé fada gairid a raghadh sé." Siné an Samaritánach. Siné an fear a dheinean an charthanacht agus an deagh-chómharsanacht. Sin mar ba cheart do gach aon Chríosdaidhe a dhéanamh nuair a bheidh cúlchaint ar siúbhal 'n-a láthair. Tá ceangailte ar gach aon Chríosdaidhe é dhéanamh. Ar chómharsanacht iseadh do chríochnuigh an chaint an lá úd, idir ár Slánuightheóir agus fear na dlíghe. Do thaisbeáin an sgéal beag ó'n Slánuightheóir an dá shaghas cómharsanachta, an droch chómharsanacht agus an deagh-chómharsanacht. Do chuir an sgéal beag an dá shaghas cómharsanachta i n-aice 'chéile go deas i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne an uair sin, agus nách féidir d'aoinne riamh ó shin, ná anois, aon dearmhad a dhéanamh 'n-a dtaobh, 'ná gan iad a dh'aithint ó chéile go h-ana mhaith. Bhíodar curtha i n-aice 'chéile chómh deas san, agus a chómharthaí so-fheicse féin ar gach taobh acu, go mb' éigean do'n fhear dlíghe féin iad a dh'admháil gan a thuille aighnis. "Cia 'cu de'n triúr úd is dóich leat-sa," arsa'n Slánuightheóir, "ba chómharsa do'n fhear a seóladh ameasg na mbitheamhnach?" "An t-é a dhein an charthanacht air," arsa'n fear dlíghe.
Tabhair fé ndeara an freagra san. "An t-é a dhein an charthanacht air." Isé, d'á bhrígh sin, tusach agus deire, bun agus bárr, lár agus leath-imeal an sgéil go léir, gur b'í an charthanacht cómhartha so-fheicse na deagh-chómharsan- achta. An t-é go bhfuil grádh ceart aige d'á chómh- arsain ní dhéanfaidh sé díobháil d'á chómharsain. Ní dhéanfaidh sé díobháil dó 'n-a phearsain. Ní dhéanfaidh sé díobháil dó 'n-a chuid. Ach thar gach nídh eile, ní dhéanfaidh sé díobháil dó 'n-a chlú. Ní dhéanfaidh sé cúlchaint ar a chómharsain. Ní'l aon droch chómharsan- acht is measa 'ná an chúlchaint. Ní'l aon rud is mó atá i gcoinnibh carthanachta 'ná cúlchaint. Do gheall an Slánuightheóir an bheatha shíoruidhe an uair úd do'n t-é a dhéanfadh an charthanacht ar an gcómharsain. "Imthigh-se agus dein mar an gcéadna." Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal d'á ghrástaibh dúinn san do dhéanamh. Amen. XLIX. AN TRÍMHADH DÓMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 17.) Breithnigh an focal san, a Chríosdaidhe: "Cá bhfuil an naonbhar eile?" Bhí deichneabhar acu ann. Bhí an galar ortha ba ghráinneamhla dh'fhéadfadh a bheith ar dhuine. Galar ana shalach, ana fhuathmhar, ana thógálach. An duine n-a mbíodh an galar san air ní leigtí dhó teacht i n-aon chor
ameasg daoine le h-eagla go dtógfadh na daoine an galar uaidh. Níor bhreóiteacht an galar, i dtusach bára ar aon chuma. Do mhairfeadh duine mórán aimsire agus an galar san air, agus bhéadh siúbhal agus rian aige, agus neart agus goile, ach an salachar a bheith ar a chroicean agus 'n-a chuid fola. Bhéadh an salachar croicinn agus an bréantas fola ag neartughadh go dtí, fé dheire, go mbéadh an fheóil ag lobhadh agus ag leaghadh, agus ag tuitim de bhallaibh beatha an duine, agus ná féadfaí teacht i n-aon ghaor dó le neart an droch bhaluith a bhéadh uaidh. Do leanadh an galar ag dul i n-olcas ar an gcuma san go dtí go dtagadh an bás ar an nduine. I dteannta gach droch nídh eile d'ár bhain leis an ngalar san ní raibh aon eólus ag dochtúiribh ar aon rud a leighisfeadh é. Na daoine go dtagadh an galar san ortha ba mhór an truagh iad. Chaithidís imtheacht amach ins na coilltibh agus maireach- taint mar bhéadh daoine fiadhaine, agus fanamhaint mar sin amuich ins na coilltibh go dtí go dtiocfadh an bás ortha. Bhí deichneabhar acu i gcómhgar na slíghe sin 'n-a raibh an Slánuightheóir le gabháil. D'airigheadar go raibh sé le gabháil an treó san. Bhíodar ag éisteacht i gcaitheamh na h-aimsire roimis sin leis na tuairisgibh uathbhásacha a bhí i mbéalaibh na ndaoine ar na mírbhuiltibh a bhí aige 'á dhéanamh, agus go mór mór, ar na leighsean- aibh mírbhuilteacha a bhí aige 'á dhéanamh. Bhí fios aitheanta a gcreidimh acu. Bhí fhios acu go raibh an Slánuightheóir geallta do'n chine daona. Bhí fhios acu go raibh an aimsir tagaithe 'n-ar cheart súil a bheith le n-a theacht. Nuair airigheadar na mírbhuiltí uathbhásacha bheith d'á ndéanamh, d'inis a gcreideamh dóibh gur bh' é an Slán- uightheóir a bhí tagaithe agus gurbh' É a bhí ag déanamh
na mírbhuiltí sin. Ansan do shocaruigheadar ar theacht ar an slígh roimis agus ar a dh'iaraidh air iad do leigheas. Ní raibh ceaduighthe dhóibh teacht ach i ngioracht glaodh do'n bhóthar a gheóbhadh sé. Thánadar i ngioracht glaodh do'n bhóthar, agus chómh luath agus chonacadar é do chuireadar suas an ghlaodh, "A Íosa, a Mháighistir, dein trócaire orainne!" Chítear ansan an neart a bhí sa chreideamh a bhí acu. Níor chuaidh sé ag triall ortha. Níor chuir sé a lámh ortha. Níor bhain sé i n-aon chor leó. Ní dúbhairt sé leó, "Táthaoí glan." "Imthighidh," ar seisean, "agus taisbeánaidh sibh féin dos na sagairt." 'Sé sin i dtreó go dtabharfaí teis- timéireacht dóibh 'ghá rádh go rabhadar glan ó'n lobhra. Ach ní rabhadar glan an uair sin. Ní raibh aon leigheas déanta an uair sin ortha. Ba dhóich le duine gur bh' é rud a déarfaidís eatartha féin 'ná, "Cad é an gnó atá againn ag dul 'ghár dtaisbeáint féin mar sin agus gan aon leigheas déanta orainn?" Siné díreach an rud a déarfaidís mura mbéadh an creideamh a bheith chómh láidir ionta. Níor dheineadar ach gluaiseacht láithreach fé dhéin na sagart, fé mar a dúbhradh leó. Ansan do tugadh luacht saothair a gcreidimh dóibh. D'imthigh an aicíd díobh agus iad ar an slígh. Seadh. Tabhair fé ndeara go cruinn anois, a Chríos- daidhe, raint neithe atá le feisgint sa méid sin sgéil. Bhí an creideamh go láidir, go h-ana láidir, ag an ndeich- neabhar. Do deineadh do'n uile dhuine de'n deich- neabhar an tairbhe corpartha ba mhó a dh'fhéadfaí dhéanamh d'aon duine. Dá mba le h-aon duine de'n deichneabhar san, an uair sin, saidhbhreas an domhain uile go léir, thabharfadh sé an saidhbhreas go léir ar leigheas a dh'fhághail dó féin ó'n aicíd ghrána san, dá mb'fhéidir an leigheas a dh'fhághail ach an saidhbhreas san
do dhíol as, agus ní baoghal gur dhóich leis go mbéadh an leigheas ró dhaor. Do tugadh an leigheas do gach duine de'n deichneabhar agus níor h-iaradh ortha aon rud a dhíol as. Do tugadh an leigheas dóibh i n-aisge. Ansan do thuit rud amach agus, an t-é mhachtnóchadh air, is iongantach an rud é. D'á mhéid creideamh a bhí acu go léir, níor tháinig thar n-ais chun a bhuidheachais do ghabháil le Dia na glóire ach an t-aoinne amháin! Bhí an creideamh acu go léir. Chuir an creideamh fhiachaibh ortha go léir focal an tSlánuightheóra do ghlacadh agus rud a dhéanamh air sar ar deineadh aon leigheas ar aoinne acu. Agus fós níor chuir an creideamh céadna san fhiachaibh ortha teacht thar n-ais agus, mar adúbhairt an Slánuightheóir, "glóire thabhairt do Dhia." "Cá bhfuil an naonbhar eile?" arsa'n Slánuightheóir. Ní gan fáth a chuir an Eaglais an nídh sin os ár gcómh- air-ne i Soisgéal an lae 'ndiu, a phobul. Tá Dia, coitchianta, ag bronnadh a thabharthaistí orainne. Tabharthaistí móra iseadh iad go léir. Is minic ná machtnuighmíd i n-aon chor ar a méid agus ar a dtairbhe go dtí go mbaintear dínn tabharthas éigin acu. Tagan, cuir i gcás, rud éigin ar shúil dhuine. Laguighean an radharc sa tsúil. Tagan eagla ar an nduine go gcaill- fidh sé an tsúil. Siúd gach aon ghnó eile caithte soir siar láithreach ag an nduine sin, agus siúd ag imtheacht ar fuid na dútha é, fé thrioblóid agus fé chostas, ó dhochtúir go dochtúir, feuchaint an bhféadfaí an radharc a choimeád sa tsúil sin. Má's Críosdaidhe fóghanta é, agus go bhfuil an creideamh go láidir istigh 'n-a chroídhe, is minic i gcaitheamh an lae a bhíon a chroídhe agus a aigne ag glaodhach go h-árd ar Dhia, a gan fhios do'n tsaoghal, 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire an tsúil sin do leigheas agus an radharc fhágáilt inti. Ach tá súil
eile aige agus radharc maith inti. An 'mó uair a chuimh- nighean sé ar bhuidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ar an súil eile bheith go maith aige? An tsúil sin atá i gcontabhairt anois bhí sí go h-áluinn aige ar feadh fiche bliadhan, ar feadh dachad bliadhan, b'fhéidir, sar a dtáinig an méid sin umáird uirthi. An 'mó uair i gcaitheamh na mbliadhanta san go léir a chuimhnigh sé i n'aigne gur thabharthas mór ó Dhia na glóire an tsúil sin? Agus an 'mó uair a thug sé buidheachas do Dhia na glóire mar gheall ar an dtabharthas san? Ar chuimhnigh sé i n-aon chor, riamh, ar rud de'n tsórd san a dhéanamh, i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir? Is ceist í, a phobul. B'fhéidir nár chuimhnigh. Bhí fiche rud ag teacht idir é agus cuimhneamh air. Bhí an tsúil féin go maith agus go láidir agus go glan. Níor tháinig lá d'á chuimhne dhó gur thabharthas ó Dhia í go dtí go dtáinig an t-umárd uirthi. Nách truagh an sgéal é, a phobul, a rádh go gcaithfidh Dia na glóire, go minic, cuid d'á thabharthaistibh a bhaint dínn chun a chur fhiachaibh orainn a dh'admháil gur bh' É féin a thug dúinn ar dtúis iad! Ní deirtear sa tSoisgéal gur cuireadh an galar airís ar an naonbhar úd nár tháinig thar n-ais chun buidheachais a ghabháil. Bhí an Slánuightheóir ró thrócaireach chun rud de'n tsórd san a dhéanamh. Ar ár nós féin, tháinig fiche rud do chuir an buidheachas as a n-aigne. Bhí an t-áthas go léir ortha nuair a fuaradar go bhféadfaidís dul abhaile ag triall ar a ndaoine féin. Bhí; agus dhear- mhadadar an t-é chuir ar a gcumas dul abhaile ag triall ortha. Bhí an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, ró fhial chun an dearmhaid sin d'agairt ortha. Ach do dhein sé an gearán ortha go cruaidh. "Cá bhfuil an naonbhar eile?" ar seisean.
Ní'l aon dabht i n-aon chor air, a phobul, ná go gcaithean Dia na glóire, go minic, cuid d'á thabharthaistibh a bhaint dínn, ar mhaithe linn, chun a chur fhiachaibh orainn glóire thabhairt do Dhia mar is ceart dúinn. Cia bhí beirthe ná caillte leis an rud a dhein an t-aoinne amháin úd agus nár dhein an naonbhar? Ní raibh aoinne beó beirthe ná caillte leis ach an t-aoinne amháin agus an naonbhar. Ní'l aon ghádh ag Dia le moladh ná le glóire uainne! Má thugaimíd glóire agus moladh do Dhia is sinn féin atá beirthe leis. Má dheinimíd faillighe dhé is sinn féin a bheidh caillte leis an bhfaillighe sin. Ní'l aon ghádh ag Dia linne. Ach tá gach aon ghádh againne le Dia. Is maith le Dia go ndéanfaimís leas ár n-anama. Chuige sin iseadh chruthuigh sé sinn. Isé leas ár n-anama bheith ag cuimhneamh i gcómhnuighe ar Dhia, ag tabhairt grádha dhó, ag cur ár dtoile le n-a thoil naomhtha. Má dheinimíd faillighe dhé sin ní foláir do thrócaire Dé rud éigin a dhéanamh a chuirfidh fhiachaibh orainn an fhaillighe do chur uainn. Isé rud a dheinean Dia go minic, chuige sin, 'ná tabharthas éigin d'á thabharthaistibh féin a thógaint uainn ar feadh tamaill. Nuair a tógtar uainn an tabharthas, pé saghas tabhar- thais é, pé 'cu radharc súl é, nó lúth géige, nó raint éigin d'ár gcuid, iompuighmíd láithreach agus iaraimíd ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é, an nídh sin a thabhairt thar n-ais dúinn. Ansan, nuair a bhíon an tairbhe anama déanta dhúinn, nuair a bhíon úmhlughadh déanta againn orainn féin i láthair Dé agus ár gcreideamh neartuighthe ó'n úmhlughadh san, b'fhéidir go dtugan Dia dhúinn thar n-ais an tabharthas a thóg sé uainn. B'fhéidir, leis, ná tugan, mar go bhfeicean sé nách é leas ár n-anama é dh'fhághail airís i n-aon chor.
Tugan san chun ár gcuimhne rud a chímíd go minic, agus a chuirean iongnadh orainn. Chímíd uaireanta daoine ná fuil aon chreideamh acu agus ná raibh riamh, agus tugan Dia an saoghal ar a dtoil féin ar fad dóibh. Sláinte mhaith acu. An saoghal ag eirighe leó ar gach aon tsaghas cuma. Saidhbhreas agus ollmhaitheas ag tuitim chúcha isteach gan puinn d'á dhuagh fhághail. Ach na daoine bochta go bhfuil an creideamh 'n-a gcroídhe acu, gan rígh ná rath, sa tsaoghal so, ortha féin ná ar aon rud is leó! Nuair ná bíon umárd ar a sláinte bíon sé ar a gcuid. Uaireanta bíon an t-umárd ortha féin agus ar a gcuid. Agus ní túisge bhíon umárd curtha dhíobh acu 'ná mar siúd umárd éigin eile ortha, agus gur truime, b'féidir, an tarna h-umárd 'ná an chéad umárd. Chímíd rud de'n tsórd san uair- eanta, agus ní bhíon againn le rádh ach, "Is greann- mhar an sgéal é!" Ní greannmhar i n-aon chor. Ní'l aon rud greannmhar ann. Isé an sgéal céadna díreach é ó thusach. Ní dos na h-Aspoil a thug Dia cómhacht agus saidhbhreas agus ollmhaitheas an tsaoghail seo. Is dos na págánaigh a thug sé iad. Níor thug Dia dos na h-Aspoil ar an saoghal ach dealbhas agus uireasba agus trioblóidí, agus ruagadh agus díbirt ó áit go h-áit, agus bualadh agus bataráil agus an uile shaghas droch úsáide. Ní túisge bhíodh trioblóid curtha dhíobh acu 'ná mar a thagadh trioblóid éigin ba throime 'ná é i n'inead ortha. Agus thug Dia saidhbhreas agus áthas agus suairceas an tsaoghail seo, go rathmhar agus go séanmhar, dos na págánaigh a bhí sa tsaoghal le linn na n-Aspol. Tuigimíd go léir an méid sin, agus ní deirimíd choídhche, "Ba ghreannmhar an sgéal é!" Ní deirimíd, mar tá fhios againn go dian mhaith go raibh a dtuarasdal le
fághail ag na h-Aspoil chómh luath agus d'fhágfaidís an saoghal so, tuarasdal nár bh' fhéidir d'intleacht an duine a shaidhbhreas do mheas. Tá an sgéal ar an gcuma gcéadna díreach fós. An Críosdaidhe gur b' é toil Dé trioblóidí an tsaoghail seo thabhairt le fulang dó, agus d'fhuilingeóchaidh iad do réir thoile Dé, tá an tuarasdal céadna 'n-a chóir ar an saoghal eile a bhí i gcóir na n-Aspol, agus gheobhaidh sé an tuarasdal san, i gcómhluadar na n-Aspol, ar feadh na síoruidheachta. D'á bhrígh sin ní'l aon rud greannmhar sa sgéal. Ní h-ar an saoghal so atá a thuarasdal le tabhairt do Chríosdaidhe atá fíor- aonta. Is ar an saoghal so atá a fhíoraontacht le taisbeáint, agus isiad na trioblóidí saoghalta a dheinean an taisbeáint sin. Ní'l an taisbeáint sin le déanamh i n-aon chor ar na daoine atá gan creideamh. Ní féidir rud a thaisbeáint agus gan an rud ann. Ní'l aon fhíoraontacht acu le taisbeáint. Ní'l aon tairbhe anama ag trioblóidibh saoghalta le déanamh dóibh. D'á bhrígh sin ní curtar chúcha iad mar a curtar chun na bhfíoraon iad. Sgaoiltear leó ar an saoghal so fé mar a sgaoiltear leis an mbeithidheach allta. Tiocfaidh an saoghal eile ortha. Ní beag dhóibh a luathacht. Isé crích an sgéil é, a phobul, gur ceart dúinn go léir an rud a dhein an naonbhar úd, agus an rud a dhein an t-aoinne amháin úd, do bhreithniughadh go h-ana chruinn, agus an dá nídh do choimeád i gcómhnuighe i n-ár n-aigne. Ní'l aon bhaoghal ná go ndéanfaimíd an rud a dhein an deichneabhar i n-aonfheacht. Ní'l aon bhaoghal ná go nglaodhfaimíd ar Dhia nuair a bheidh rud againn le h-iaraidh air. Beithidheach allta amuich 's amach iseadh an t-é ná déanfaidh é sin. Tá gach aon
bhaoghal, ámhthach, nuair a thabharfaidh Dia dhúinn an rud a bheidh againn 'á iaraidh go cruaidh air, go ndéan- faimíd mar a dhein an naonbhar, go mbeimíd chómh tógtha san leis an dtabharthas ná cuimhneóchaimíd ar theacht agus ar bhuidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ar é thabhairt dúinn. Ansan, má chíon Dia go bhfuil an tabharthas san ag déanamh díobhála anama dhúinn, gur measa linn an tabharthas 'ná an t-É a thug dúinn é, ar neóin tá fhios ag an saoghal go gcaithfidh Dia na glóire, moladh go deó leis, ar mhaithe le n-ár n-anam féin i gcóir na síoruidheachta, an tabharthas san a thógaint uainn airís. Pé sgéal é, pé rud is toil le Dia a dhéanamh, pé 'cú fhágfaidh sé a thabharthas againn nó a thógfaidh sé uainn é, is ceart dúinn féin ár n-aigne shocarughadh go daingean ar an méid seo, gan an dearmhad a dhein an naonbhar úd do dhéanamh choídhche. Dearmhad grána b'eadh é. Ach deinimíd é, agus is baoghal nách go h-anamh a dheinimíd é. Ba cheart dúinn feuchaint chúghainn féin agus gan an dearmhad san a dhéanamh a thuille. Ba cheart dúinn bheith i gcómhnuighe ag áireamh na dtabharthaistí atá fághalta againn ó Dhia agus ag gabháil ár mbuidheachais leis mar gheall ortha. Agus rud eile. Ní ceart dúinn bheith sásta le buidheachas a ghabháil i bhfocalaibh cainte. Is ceart gníomh éigin buidheachais a dhéanamh. Gníomh maith buidheachais iseadh, má thug Dia saidhbhreas do dhuine, cuid de'n tsaidhbhreas san a thabhairt dos na daoine bochta nár thug Dia aon tsaidhbhreas dóibh. Gníomh maith buidheachais iseadh trosgadh dhéanamh i n-onóir do Dhia agus mar shásamh i n-ár bpeacaibh. Gníomh maith buidheachais iseadh an t-Aifrean a dh'éisteacht go diadha. Agus gníomh maith buidheachais, an gníomh buidheachais is
fearr a dh'fhéadfadh Críosdaidhe a dhéanamh, iseadh Naomh Ídhbirt an Aifrinn do chur 'á dhéanamh i n-onóir do Dhia. Tá sé ar chumas aon duine gur maith leis é dhéanamh, dul agus labhairt le sagart agus a iaraidh air Aifrean do rádh dhó. Tá a lán Críosdaidhe a dheinean é sin go minic, pé 'cu ag lorg tabharthais éigin ar Dhia a bhíd siad nó ag tabhairt buidheachais do Dhia mar gheall ar thabharthas éigin a fuaradar uaidh. Ach tá a lán eile ná cuimhnighean choídhche ar a leithéid. Pé rud a dhéanfaimíd, a Chríosdaidhthe, ná bíodh sé le casadh linn ag an Slánuightheóir gléigeal, gur thug sé a thabharthaistí dhúinn agus ná raibh sé de mhaith ionainn oiread agus buidheachas a ghabháil leis mar gheall ortha. Go gcuiridh Dia i n-ár gcroídhe déanamh mar a dhein an t-aoinne amháin úd a tháinig thar n-ais chun glóire thabhairt do Dhia. Amen. L. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Sosigéal. (Maitiú 6.) Feuch, a phobul: Is iongantach an brígh atá i bhfoca- laibh an tSlánuightheóra. "Ní féidir do dhuine rud a dhéanamh ar dhá mháighistir." An bhféadfadh aon rud bheith níos fírinníghe? Ba chóir nár ghádh a thuille do rádh 'n-a thaobh. Ach feuch go ndeir an Slánuightheóir tuille 'n-a thaobh. Tabhair fé ndeara an focal a deir sé 'n-a thaobh. Is ar dhá mháighistir áirighthe do labhair
sé, agus d'inis sé cad a thuitfeadh amach i dtaobh an dá mháighistir sin. Dia agus Mammon an dá mháigh- istir. Tá an dá mháighistir sin bun os cionn le n-a chéile. Táid siad i gcoinnibh a chéile ins gach aon phuinte. Cialluighean Mammon saidhbhreas saoghalta. An t-é go bhfuil grádh ceart aige do Dhia ní féidir dó grádh bheith aige sa n-am gcéadna do shaidhbhreas an tsaoghail seo. Chaithfidh Dia an croídhe go léir a dh'fhághail nó ní'l grádh ceart do Dhia sa chroídhe sin i n-aon chor. Ar an dtaobh eile de'n sgéal; má chuirean duine a dhúil i saidh- bhreas saoghalta, ní foláir dó a chúl a thabhairt le Dia agus le grádh Dé. Tá taithighe mhaith againne anois ar an méid sin fírinne. Táimíd ag éisteacht leis an fhaid atá ionainn éisteacht le caint agus an chaint do thuisgint. Ní raibh an taithighe sin ar an bhfírinne sin ag aoinne sa n-am san 'n-ar labhair an Slánuightheóir í. Bhí ana dhúil ag na Iúdaigh i saidhbhreas saoghalta. Tá an dúil chéadna fós acu sa tsaidhbhreas san, ach an dúil a bheith níos géire. Do labhair an Slánuightheóir leis na deisgiobuil chun a chur 'n-a luighe ortha nár bh'fholáir dóibh an dúil sin do chur as a gcroídhe ar fad; nár bh'fhéidir dóibh Dia bheith 'n-a mháighistir ar a gcroídhe agus dúil i saidhbhreas saoghalta a bheith 'n-a mháighistir ar a gcroídhe, leis. Bhí gádh leis an dteagasg san ag na deisgiobuil. Bhí an fhuil Iúdach ionta agus an mianach Iúdach. D'á bhrígh sin bhí an baoghal ann go ngéillfidís, luath nó mall, do'n droch dhúil. I n-aimhdheóin gach teagaisg do ghéill duine acu do'n droch dhúil. Do dhíol sé a Thighearna ar airgead. Do thug an Slánuightheóir an teagasg d'á dheis- giobulaibh. Ansan do thóg an Eaglais an teagasg agus chuir sí ansan isteach é i Leabhar an Aifrinn, i dtreó go léighfí amach é dos na Críosdaidhthibh go léir, agus go
dtuigfeadh na Críosdaidhthe go léir ná béadh aon bhreith acu ar dhá thaobh an sgéil sin a thabhairt leó, ar ghrádh thabhairt do Dhia, mar atá ceangailte ar Chríosdaidhe a thabhairt dó, agus sa n-am gcéadna, ar dhúil a gcroídhe do chur i saidhbhreas an tsaoghail seo. Ag feuchaint isteach sa chaint atá sa tSoisgéal san ó'n Slánuightheóir, b'fhéidir go ndéarfadh daoine nách do'n choitchiantacht a ceapadh an chaint sin riamh; nách do'n choitchiantacht a dh'oirean sí; nách féidir do'n choitchiantacht beart a dhéanamh d'á réir. "Feuchaidh éanlaithe an aéir," adéarfar. "Ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar." Agus déarfar ansan, b'fhéidir: "Andaigh, is gearr go mbéadh an saoghal go deas againn dá luighmís amach ar dhéanamh mar a dheinid éanlaithe an aéir, agus gan síol do chur ná gan fóghmhar do bhaint." Ní'l le rádh leis an t-é a labharfadh ar an gcuma san ach, "A dhuine mhácánta, ní thuigean tú caint an tSois- géil i n-aon chor." Ní dúbhairt an Slánuightheóir leis na daoine gan síol do chur ná gan fóghmhar do bhaint. Dúbhairt sé ná deinid na h-éanlaithe é agus go dtugan Dia a ndóithin dóibh. Ach cad deir sé leis an nduine? Deir sé leis an nduine gan buairt a bheith air i dtaobh a bheatha, feuchaint cad a dh'íosfaidh sé nó cad a chuirfidh sé uime, mar gur mó le rádh an t-anam 'ná an biadh. Cad é an tairbhe an biadh do dhuine ná béadh an tsláinte aige? Agus cé thugan sláinte do dhuine ach Dia? Cad é an tairbhe do'n duine bheith ag briseadh a chroídhe a d'iaraidh bídh agus éadaigh a sholáthar dó féin agus d'á chlainn murab é toil Dé sláinte thabhairt dó féin agus d'á chlainn? "Nách mó le rádh an t-anam 'ná an biadh agus an cholann 'ná an t-éadach?" Agus beidh duine
ag briseadh a chroídhe a d'iaraidh an bhídh agus an éadaigh a sholáthar, agus ní chuimhneóchaidh sé i n-aon chor ar an obair atá ag Dia le déanamh sa sgéal! Dá mbreith- nigheadh duine dhá thaobh an sgéil sa cheart is ar thaobh Dé de'n sgéal a chuimhneóchadh sé ar dtúis. Ní bhreithnighean; agus siné chuirean an dá mháighistir ar an nduine. Ansan coimeádan sé an dá mháighistir ar leithligh agus bíon sé coitchianta a d'iaraidh an dá mháighistir do shásamh, dar leis. Bíon sé a d'iaraidh an dá ghnó dhéanamh, agus iad deighilte ó n-a chéile aige. Isé rud a thagan as san dó 'ná go mbíon an dá ghnó ag measgadh ar a chéile air d'á aimhdheóin. Nuair is maith leis a phaidreacha do rádh, bíon gnó an tsaoghail ag teacht idir é agus na paidreacha. Ní fhéadan sé na paidreacha do rádh sa cheart. Nuair a bhíon sé ag éisteacht an Aifrinn, ní fhéadan sé gnóthaí an tsaoghail do choimeád amach as a aigne agus cuimh- neamh ar an Aifrean. Mar sin do gach aon tsaghas gnótha a bhainean le Dia, ní féidir leis aon ghnó acu do dhéanamh sa cheart, mar bíon an máighistir eile, an gnó saoghalta, ag brúth isteach air agus 'ghá tharang i leith-taoibh ó ghnó Dé. Cad í an chómhairle is ceart a thabhairt do'n duine sin? An amhlaidh a déarfar leis aire thabhairt do ghnó Dé an fhaid a bheidh gnó Dé idir lámhaibh aige, agus ansan aire thabhairt do ghnó an tsaoghail an fhaid a bheidh gnó an tsaoghail idir lámhaibh aige? Is dóich liom go bhfuil a lán daoine agus go ndéarfaidís gur b' shiné díreach an rud ba cheart dó a dhéanamh. Tá dearmhad ortha. Siné díreach an rud nách féidir a dhéanamh. Is féidir do dhuine, go h-áluinn, gnó an tsaoghail a dhéanamh an fhaid a bheidh gnó an tsaoghail idir lámhaibh aige, ach ní féidir dó an gnó san do chur
as a aigne nuair is maith leis é chur uaidh agus iompáil ar ghnó Dé. An rud a bheidh ag déanamh buartha dhó fanfaidh sé i n' aigne d'á aimhdheóin. Deineadh sé an rud san a dhíbirt as a aigne seacht n-uaire, agus beidh sé thar n-ais chuige ar leagadh na súl, agus greim aige ar chroídhe agus ar aigne agus ar intinn air, i dtreó ná beidh slígh d'aon mhachtnamh eile i n-aon chor i n' aigne. Díbireóchaidh sé airís é agus socaróchaidh sé a mhachtnamh ar a phaidreacha. Ní túisge déanta an socarughadh 'ná siúd isteach airís púnc cruaidh éigin de ghnó an tsaoghail, glaodhach éigin nách féidir a fhreagairt, bó nó capall atá ag gabháil 'n-a choinnibh, duine clainne ná glacan cómhairle leasa, aon rud, fiche rud, agus siúd na paidreacha d'á rádh agus gan ionta ach béal ar siúbhal agus cogarnach focal agus gan aon bhrígh leis na focail. Is ana fhuiriste a rádh, "Tabhair aire do ghnó an tsaoghail an fhaid a bheidh gnó an tsaoghail idir lámhaibh agat, agus ansan tabhair aire dos na paidreacha an fhaid a bheidh na paidreacha ar siúbhal agat," ach cá bhfuil an t-é fhéadfaidh é dhéanamh? Dá bhféadadh duine é sin a dhéanamh d'fhéadfadh sé caint an tSlánuightheóra, moladh 's buidheachas leis, do bhréagnughadh, agus sin rud nách féidir a dhéanamh. Cad 'tá le déanamh mar sin? Innsean an Slán- uightheóir féin, moladh go deó leis, cad tá le déanamh. Ní'l aon bhreith ag an nduine ar an dá mháighistir do shásamh. Caithfidh sé máighistir acu do thoghadh dhó féin, agus é féin do chur ar fad fé láimh an mháighistir sin. "Agus cad a dhéanfaidh gnó an tsaoghail? Cad a dhíolfaidh an cíos? Cad a fhreagaróchaidh na glaoidhthe? Cad a chothóchaidh an chlann agus chuirfidh éadach ortha? Cad a chuirfidh i gcrích iad?" Bíodh foidhne agat. Cad a chothóchaidh an chlann?
Cad a chuirfidh éadach ortha? Cad a chuirfidh i gcrích iad? A dhuine an chroídhe 'stigh, ní gnó saoghalta an gnó san. Gnó Dé é sin. Siné ball díreach 'n-a ndeinean tusa an dearmhad. Deinean tú gnó saogh- alta de ghnó Dé. Iompuigh an sgéal go léir, taobh síos suas, agus dein gnó Dé de gach gnó saoghalta, agus ansan beidh an gnó go léir agat d'á dhéanamh ar áilleacht agus gan ort ach an t-aon Mháighistir amháin. Pé cúram saoghalta atá ort is é Dia do chuir an cúram san ort. Bíodh ciall agat agus fág ar Dhia féin ualach an chúraim sin. Dein an gnó go léir i bpáir- tigheacht le Dia. Saothruigh an talamh i bpáirtigheacht le Dia. Dein an síol do chur sa talamh, ach dein é i bpáirtigheacht le Dia. Bain an fóghmhar, ach bain é i bpáirtigheacht le Dia. Cothuigh agus clúdaigh agus tóg an chlann, ach dein é i bpáirtigheacht le Dia. Is le Dia iad. Is é Dia do chruthuigh iad agus do chuir anso ar an saoghal so chúghat-sa iad. Is do Dhia a taoi'n tú 'ghá gcothughadh agus ag cur éadaigh ortha agus 'ghá dtógaint. Má dheinean tú an gnó san go maith tá comaoine mhór agat d'á chur ar Dhia. An dóich leat ná go ndíolfaidh sé an cómhar leat? Díolfaidh go fial ach ná cuirfir-se as an bpáirtigheacht é. 'Ghá chur i n-iúil duit-se nách baoghal ná go ndéanfaidh Dia a thaobh féin de'n pháirtigheacht iseadh adúbhairt an Slán- uightheóir an focal úd a léigheas sa tSoisgéal: "Má chuirean Dia maise de'n tsórd san ar bhláthana an bháin… nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh- se?" Is ar son an duine do dhein Dia an domhan go léir. Ar son an duine iseadh chruthuigh sé gach áilneacht agus gach órnáid d'á bhfuil le feisgint, ar an spéir agus ar an dtalamh, ar éanlaithibh agus ar ainmhidhthibh agus
ar bhláthanaibh an bháin. D'á bhrígh sin is mó le rádh, i láthair Dé, an duine 'ná iad go léir. Tá greann aige ar an nduine ná fuil aige ar aon nídh eile d'ár chruthuigh sé ar an saoghal so. Siné díreach an rud a theastuigh ó'n Slánuightheóir a chur 'n-a luighe ar aigne na ndeis- giobul nuair a labhair sé leó an chaint atá i Soisgéal an lae seo. Agus siné an rud a theastuighean ó'n Eaglais a chur 'n-a luighe ar na Críosdaidhthibh go léir nuair a léightear dóibh an Soisgéal san, amach as Leabhar an Aifrinn, ins gach aon pháirt de'n domhan. Is le Dia sinn go léir. Is é Dia do chruthuigh sinn. Is é Dia chuir orainn pé cúram saoghalta atá orainn. Pé gnó ná obair atá orainn a dhéanamh mar gheall ar an gcúram san tá ar Dhia na glóire é dhéanamh i bpáirt linn. Rud ana dhíthcéille dhúinn iseadh dhá chuid a dhéanamh de'n gnó san, agus gan a chur ar Dhia ach cuid dé. Ár ngnóthaí creidimh a thabhairt do Dhia, agus ansan bheith ag coimeád an ualaigh go léir atá ins na gnóthaibh eile orainn féin. "A lucht an chreidimh shuaraigh!" arsa'n Slán- uightheóir. Is amhlaidh is ceart dúinn gnó creidimh a dhéanamh de 'n uile shaghas gnótha d'ár chuir Dia orainn anso. Má dheinimíd gnó creidimh de shaothrughadh an tailimh nách dóichíghde é go gcuirfidh Dia an rath ar ár saothar? Má dheinimíd gnó creidimh de thógaint na clainne nách dóichíghde é go gcuirfidh Dia ar a leas iad? "An t-é ná múinean Dia ní mhúinean daoine é." Má's gnó creidimh ag an athair agus ag an máthair tógaint na clainne sin, tá Dia na glóire i bpáirtigheacht leó sa ghnó, agus is dóichíghde é go dtabharfaidh sé do'n chlainn sin an múineadh ná fuil ar chumas aon duine a thabhairt dóibh. Feuch ansan cad é an sólás agus an suaimhneas agus an compórd aigne bheidh ag an
athair agus ag an máthair sin nuair a bheidh an chlann san ag eirighe suas agus ag neartughadh. Mar sin do gach aon tsaghas eile gnótha d'á bhfuil curtha ag Dia ar an nduine sa tsaoghal so. Ní'l bac ar an nduine, má's maith leis é, Dia bheith coitchianta i bpáirtigheacht leis sa ghnó. Ansan beidh an gnó go léir 'n-a ghnó creidimh ag an nduine sin. Ansan, i n-inead an chúraim a bheith ag déanamh buartha aigne dhó agus ag teacht idir é agus Dia nuair a bheidh sé ag rádh na bpaidreacha nó ag éisteacht an Aifrinn, is amhlaidh a dhéanfaidh an cúram aigne an duine sin do ghreamughadh níos daingine ar Dhia. Tuigfidh an duine sin, coit- chianta, go bhfuil sé féin agus Dia na glóire i n-aon- fheacht sa ghnó; má tá obair chruaidh air go bhfuil congnamh maith aige; má tá an obair ag gabháil 'n-a choinnibh go bhfeicean Dia san, agus má cheaduighean Dia an obair a ghabháil 'n-a choinnibh, go bhfuil san go maith, mar gur b' é toil Dé é. Ní féidir do'n duine sin choídhche dul amú' ar a phaidreacha, mar guidhe chun Dé iseadh an uile ghnó d'á ndeinean sé ó mhaidin go h-oídhche. Má tá gnóthaí saoghalta ag déanamh buartha dhó, tá Dia páirteach aige sa bhuairt agus ins na gnóthaibh. Má tá Dia páirteach ins na gnóthaibh ní gnóthaí saoghalta feasta iad ach gnóthaí creidimh. Tá an duine sin ag déanamh an ruda a dh'órduigh an Slánuightheóir. "Loirgidh ar dtúis rígheacht Dé agus a fhíoraontacht." Tabhair fé ndeara an focal a chuir an Slánuightheóir leis an méid sin. Thug sé geallamhaint uaidh. "Loirgidh ar dtúis rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir." Rígheacht Dé: "Ár n-Athair atá ar neamh; go dtagaidh do rígheacht." Agus a fhíoraontacht: "Go
ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh." Deinimís mar sin agus tá focal an tSlánuightheóra againn leis go dtabharfar dúinn na neithe eile úd go léir. Ní'l aon dabht air, a phobul, dabht ar domhan, ná go bhfuil a lán Críosdaidhthe, beó eadrainn, go bhfuil a gcroídhe agus a n-aigne chómh dlúithte sin ar Dhia go mbíon Dia i bpáirt leó, do ló agus d'oídhche, coit- chianta, ins gach aon tsaghas gnótha d'á ndeinid siad agus ins gach aon tsaghas buartha agus trioblóide d'á mbíon le fulang acu. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir bheith mar iad. Amen. LI. AN CÚIGMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 7.) A phobul: Díreach sar ar dhein ár Slánuightheóir an mhírbhuilt mhór san bhí sé tar éis duine breóite do leigheas. Bhí an duine breóite ag dul chun báis. Seirbhíseach ab eadh é a bhí ag duine uasal, agus bhí ana chion ag an nduine uasal air. D'airigh an duine uasal an Slánuightheóir a bheith ag gabháil an treó, agus d'iar sé ar chuid de sheanóiribh na n-Iúdach labhairt leis agus a iaraidh air an seirbhís- each do leigheas. Do labhradar leis an Slánuightheóir agus dúbhradar leis gur dhuine fóghanta an duine uasal agus gur mhaith an rud an nídh sin a dhéanamh
dó. Bhí an Slánuightheóir ag teacht chun an leighis a dhéanamh, ach nuair a fuair an duine uasal go raibh sé ag teacht tháinig uathbhás air, agus chuir sé teach- tairí 'n-a choinnibh 'ghá iaraidh air gan teacht; "mar," ar seisean, "ní fiú mise go dtiocfá ag triall orm. Siné cúis nár chuadhas féin fá d'dhéin ach gur iaras ar na seanóiribh labhairt leat ar mo shon. Ní gádh dhuit teacht. Ní'l agat ach an focal do rádh, agus beidh mo sheirbhíseach leighiste." Do mhol an Slánuightheóir creideamh an duine uasail sin, agus nuair a tháinig na teachtairí thar n-ais bhí an duine leighiste rómpa. Láithreach i ndiaigh na mírbhuilte sin iseadh bhí sé ag dul isteach sa chathair, agus gur bhuail an tsochraid uime ag geata na catharach. Fear óg ab eadh an t-é a bhí marbh, agus mac baintrighe ab eadh é, agus ní raibh aici ach é, agus tháinig truagh ag an Slánuightheóir di. "Ná bí ag gol," ar seisean léi. Ansan do bhain sé an chúis ghuil di. Chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. Do labhair sé leis an nduine marbh agus dúbhairt sé leis eirighe. D'eirigh an duine ó'n mbás, agus chrom sé ar chaint. Ansan do thug an Slánuightheóir thar n-ais d'á mháthair é. Tabhair fé ndeara an uile fhocal de'n méid sin cainte, agus tabhair fé ndeara go cruinn brígh gach focail. Do leighis an Slánuightheóir ar dtúis an fear a bhí ag dul chun báis. Do leighis sé é gan dul 'n-a ghoire i n-aon chor. Do leighis sé é le gníomh toile, fé mar a dh'iar an duine uasal air a dhéanamh. Do mhol sé creideamh an duine uasail mar do chreid an duine uasal 'n-a chómhacht. Dhein sé úsáid de chreideamh an duine uasail sin chun creidimh na ndeisgiobul, agus creideamh
na ndaoine a bhí 'n-a thímpal, do spriocadh, mar bhí cómhacht aige le taisbeáint dóibh ba mhó 'ná an chómhacht a thaisbeáin sé dhóibh nuair a leighis sé seir- bhíseach an duine uasail. Pé gioracht do'n bhás 'n-a raibh an seirbhíseach, d'fhéadfadh duine gan creideamh, dá mba duine gan tuisgint é, leis, a rádh ná raibh mírbhuilt sa leigheas, go dtáinig an duine chuige féin do réir nádúra, go dtiocfadh sé chuige féin dá mba ná cuirfeadh an duine uasal suim ar bith ann, ach leigint dó teacht nó imtheacht. Gan amhras bhí daoine sa chualacht a bhí i n-aonfheacht leis an Slánuightheóir an uair sin, agus nuair a chonacadar an leigheas déanta bhíodar ag caint mar sin. Sin mar a labhran daoine gan tuisgint i gcómhnuighe. Do thuig an duine uasal gur mhírbhuilt an leigheas. Bhí fhios aige go dian mhaith ná raibh aon bhreith ag an seirbhíseach ar theacht chuige féin ach le mírbhuilt. Thuig sé go raibh cómhacht Dé sa mhírbhuilt sin chómh maith díreach agus bhí cómhacht Dé i gcruthughadh an domhain. Ach bhí daoine eile agus ní mar sin a thuigeadar an sgéal. Daoine díth-chreidimh. Daoine nách maith leó choídhche cómhacht Dé dh'admháil i n-aon rud. Daoine nách foláir leó brabús éigin a dh'fhághail ins gach aon rud i bhfuirm mírbhuilte, agus a dhéanamh amach nách mírbhuilt é i n-aon chor. Bíon a leithéidí ag cogaint agus ag cogarnaigh eatartha féin. "Ó," adeirid siad, "ní h-aon mhírbhuilt an leigheas san. Thiocfadh an duine chuige féin gan aon chongnamh ó aoinne dá leigtí dhó féin. Tógtar duine marbh ó'n mbás agus ansan admhóchad go bhfuil mírbhuilt déanta." Tá an saghas san daoine sa tsaoghal riamh. Táid siad ann anois agus bhíodar ann i n-aimsir an tSlán- uightheóra. Gan amhras bhí cuid acu ag éisteacht leis
an dteachtaireacht a tháinig ó'n nduine uasal úd, 'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir an seirbhíseach do leigheas. D'airigheadar an focal adúbhairt an Slánuightheóir i dtaobh creidimh an duine uasail. Ansan d'airigheadar an leigheas a bheith déanta, agus dúbhradar, mar ba ghnáth leó a rádh: "Tá go breágh! Mírbhuilt! Seadh go díreach! Nách minic a tháinig duine chuige féin agus gach aoinne lán-deimhnightheach go raibh an bás aige? Cá raibh an mhírbhuilt ann? Tugtar duine thar n-ais ó'n mbás agus déarfad gur mírbhuilt é." Le n-a linn sin do thánadar chun geata na catharach, an Slánuightheóir agus na deisgiobuil agus mór- shluagh daoine, idir lucht an bhrabúis agus eile. Bhí sochraid mhór 'n-a gcoinnibh amach. Chonacadar gur duine éigin ana chreideamhnach a bhí tar éis bháis, mar bhí uaisle na catharach go léir sa tsochraid. Fear óg ab eadh an t-é a bhí tar éis bháis, agus mac baintríghe ab eadh é, agus ní raibh aici ach é. Bhí an bhaintreach i n-aice na cómhrann agus í ag gol, agus a chúis aici. Tháinig truagh ag an Slánuightheóir di. Do labhair sé léi. "Ná bí ag gol," ar seisean léi. Is minic adúbhradh an focal san le duine a bhéadh ag gol agus gur ró bheag an chabhair an focal. Ach ba mhaith an bhail ar an mbaintrigh úd gur bh' é an Slánuightheóir, moladh go deó leis, adúbhairt léi gan bheith ag gol, mar go raibh ar a chumas cúis an ghuil a thógaint uaithi. Le linn an fhocail a rádh dhó tháinig sé i n-aice na cómhrann, agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. Do labhair sé leis an nduine marbh. Dúbhairt sé leis eirighe. D'eirigh an duine. Do dhírigh sé ar chaint. Ansan do thug an Slánuightheóir a mac thar n-ais do'n bhaintrigh. Tabhair fé ndeara na neithe sin go léir. Greim an
bháis d'á bhogadh de'n duine le cómhacht aon fhocail amháin. Greim ná féadfadh a raibh de chómhacht riamh ag ríghthibh saoghalta an bogadh ba lúgha a dhéanamh air. An greim sin d'á bhogadh leis an gcómhacht uathbhásach san, agus gan de chúis curtha síos sa tSoisgéal do bhogadh an ghreama san ach truagh do'n bhaintrigh. Is iongantach í an chómhacht a bhog an greim sin, greim an bháis ar an nduine; ach cad 'déarfar le trócaire an tSlánuightheóra, an trócaire do chuir fhiachaibh air an mhór-chómhacht san do chur i ngníomh? Do dhein sé an mhírbuilt chun a thaisbeáint dos na daoine díth- chreidimh úd go raibh cómhacht Dé aige, ach do dhein sé an mhírbhuilt ar chuma a thaisbeáin go soiléir, dos na daoine a bhí 'n-a thímpal an uair sin agus do Chríos- daidhthibh an domhain riamh ó shin, gur chun a thrócaire thabhairt dúinn ba mhaith leis úsáid a dhéanamh d'á chómhacht. Ba mhaith an bhail ar an mbaintrigh, nuair adúbhairt sé léi gan bheith ag gol, go raibh ar a chumas cúis an ghuil a thógaint uaithi, a chur fhiachaibh ar an mbás a ghreim do bhogadh d'á leanbh agus an leanbh a thabhairt thar n-ais di beó. Is maith an bhail orainne cómhacht an Athar Síoruidhe a bheith ag ár Slánuightheóir Íosa Críosd, agus a fhios a bheith againn ná fuil aon úsáid is fearr leis a dhéanamh de'n chómhacht san 'ná toradh a thrócaire thabhairt dúinn. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Le n-a mhór chómhacht do bhog sé greim diúid an bháis de'n duine i dtreó ná béadh an bhaintreach ag gol. Sin mór- chómhacht chun eagla chur ar an nduine is dúire croídhe, agus sin mór-thrócaire chun sóláis agus misnigh a chur ar an gCríosdaidhe is mó atá i ngádh le sólás agus le misneach. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Ní'l aon nídh ar bith, a phobul, chun droch dhuine stuacach, ceann-dána, díth-chreidimh, a bhaint d'á bhunaibh
i gceart ach mírbhuilt de'n tsórd san. D'fhéadfadh an droch dhuine cos do chur i dtalamh i gcoinnibh cainte. D'fhéadfadh sé an chaint d'fhreagairt. D'fhéadfadh sé a rádh, "Ní chreidim an chaint." Ach nuair a chíon sé duine tabhartha thar n-ais ó'n mbás ní fhanan drud ann. Tagan sgannradh air. Sin mar a bhí ag an muintir a chonaic an mhírbhuilt úd. Mar a deir an Soisgéal: "Tháinig eagla ar a raibh ann." Ní h-ion- gnadh go dtáinig. Chonacadar os a gcómhair duine go raibh cumas aige ar bhás agus ar bheatha. Chuir sé, os cómhair a súl, an t-anam thar n-ais sa duine a bhí marbh, agus gan a dhéanamh ach an focal do labhairt. Thaisbeáin san go raibh ar a chumas an t-anam do bhaint as aon duine acu féin, ar an neómat san, agus ná raibh cómhacht sa domhan a dh'fhéadfadh iad a chosaint air d'á mba thoil leis é dhéanamh. Ba sgannramhail an rud dóibh bheith ansúd 'n-a seasamh i láthair duine go raibh a leithéid sin de chómhacht aige. Ní h-iongnadh go dtáinig an t-eagla go dian ortha go léir. Bhí aon nídh amháin, ámhthach, chun a thaisbeáint dóibh nár bhaoghal dóibh. Le neart a thrócaire, le truagh do'n bhaintrigh, iseadh dhein sé an mhírbhuilt, iseadh thaisbeáin sé a chómhacht. Thug san le tuisgint dóibh nár bhaoghal dóibh cómhacht a bhí chómh trócaireach, chómh tugtha chun maitheasa do dhéanamh. Ansan bhíodar ag moladh Dé go h-árd. Agus deiridís, "Tháinig Dia ag feuchaint a dhaoine." Do chialluigh an chaint sin gur thuigeadar go raibh cómhacht Dé ag an Slánuightheóir, ach nách díbhfheirg a bhí ag an gcómhacht le déanamh ar na daoine, ach trócaire. Nuair a dheinimíd-ne, a phobul, machtnamh ar na mírbhuiltibh móra úd a dhein an Slánuightheóir os cómhair na n-Iúdach, is iongnadh linn a rádh go rabhadar
chómh ceann-dána, chómh stuacach, agus nár iompuigheadar láithreach agus géilleadh dhó. Gan amhras is ceart iongnadh dhéanamh de'n sgéal. Do chas an Slánuigh- theóir féin leó é go díombádhach. "Mura maith libh m'fhocal do chreideamhaint," ar seisean, "creididh na h-oibreacha do dheinim." Chonacadar na mírbhuiltí. Bhí fhios acu go maith go raibh cómhacht Dé ins na mírbhuiltibh sin, agus ní ghéillfidís dó. Ba mhór an iongnadh é sin gan amhras. Ach feuchaimís chun ár dtaoibh féin de'n sgéal. Tá sé chómh fíor anois agus a bhí sé an lá san gur dhein ár Slánuightheóir an mhírbhuilt sin, gur bhog sé greim an bháis de'n fhear óg san, gur thug sé an fear óg san thar n-ais ó'n mbás agus gur thug sé d'á mháthair é. Tá fhios againne gur fíor é sin chómh maith díreach agus dá mbeimís ansúd ag feuchaint air. Is iongnadh linn nár chuir an mhírbhuilt fhiachaibh ar na Iúdaigh géilleadh do'n tSlán- uightheóir. An gcuirean an mhírbhuilt sin, agus na mírbhuiltí eile atá fhios againn a dhein sé, an gcuirid siad fhiachaibh orainn géilleadh dhó? Is daingine go mór an deimhne atá againne ar fhírinne na mírbhuilte sin, agus ar fhírinne na mírbhuiltí eile a dhein ár Slánuightheóir, 'ná mar a bhí ag na Iúdaigh ar a bhfírinne. Tháinig na mírbhuiltí go h-oban ar na Iúdaigh. Ní h-uiriste géilleadh do rud a thagan oban ar dhuine. Níor thánadar oban orainne. Tá deimhne seanachais dá mhíle bliadhan againn ortha. Tá deimhne teagaisg na h-Eaglaise againn ortha. Táimid ag éisteacht, ó tháinig ciall dúinn, le h-innsint agus le trácht agus le tuairisgibh ortha. Ní fhéadfadh deimhne bheith níos daingine 'ná an deimhne atá againn ortha. An gcuirid siad fhiachaibh orainn géilleadh do'n tSlánuightheóir?
"Ó," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "ar nóin géilli- míd do'n tSlánuightheóir. Creidimíd ann." Má ghéillimíd dó agus má chreidimíd ann cá bhfuil toradh ár ngéillthe agus ár gcreidimh? Tá ceangailte ar an gCríosdaidhe an t-olc do sheachaint. An bhfuil an droch bhéas úd curtha uainn fós againn? An droch bhéas úd atá ansúd 'n-a sheasamh idir sinn agus Dia, agus go bhfuil trócaire Dé cortha nách mór ó bheith ag feitheamh feuchaint an gcuirfimís uainn é, an bhfuil aon chuimhneamh againn ar é chur uainn? Sinne ag déanamh iongnadh des na Iúdaigh! Isiad na Iúdaigh ba cheart bheith ag déanamh iongnadh dhínn-ne. Agus déan- faid siad iongnadh dhínn. Agus má leanaimíd de'n droch bhéas béarfaidh an droch bhéas síos isteach go h-ifrean sinn agus déanfaid na deamhain damanta, thíos i n-ifrean, iongnadh dhínn. Déarfaid siad: "Feuch! Siné an fear a ghéill do'n tSlánuightheóir agus do chreid na mírbhuiltí móra a dhein an Slánuigh- theóir, agus feuch, tá sé tagaithe anso chúghainne mar gheall ar an ndroch bhéas úd ná cuirfeadh sé uaidh. Cad é an díobháil dom é ach gur dhroch bhéas gan tairbhe é, agus go raibh fhios aige go dtabharfadh sé anso é mura gcuireadh sé uaidh é." Tá ceangailte ar an gCríosdaidhe an mhaith do dhéanamh. Cá bhfuil an mhaith atá againne 'á dhéanamh? An dóich linn go bhfuil an gnó go léir déanta againn má chreidimíd? Ní'l, go deimhin. Ní foláir dhúinn na deagh-oibreacha do dhéanamh. Creideamh marbh iseadh creideamh gan deagh- oibreacha. Ní dócha go bhfuil radharc fé bhun Dé ar an dtalamh so is leimhe 'ná duine ag sgrúdughadh agus ag deimhniughadh creidimh, agus gan aon tsaghas deagh-oibre aige 'á dhéanamh. "Fé mar is rud marbh
an corp gan an t-anam, is rud marbh creideamh gan deagh-oibreacha." Is ceart dúinn, a phobul, machtnamh a dhéanamh go dlúth ar an mírbhuilt sin a dhein ár Slánuightheóir nuair a thóg sé an fear óg úd ó'n mbás, agus is ceart dúinn an machtnamh a bheith ar mhaithe linn féin. Mar a thóg sé an fear úd ó bhás na colna iseadh thóg sé sinne go minic, b'fhéidir, ó bhás an pheacaidh. Agus ba mhó an mhírbhuilt a dhein sé orainne 'ná an mhírbhuilt a dhein sé ar an bhfear úd, d'á mhéid í. Ní raibh aige ach glaodhach ar an bhfear úd aon uair amháin. D'fhreagair an fear an chéad ghlaodh. B'fhéidir gur minic a ghlaoidh an Slánuightheóir orainne, chun sinn a dhúiseacht ó bhás an pheacaidh, agus nár ghéilleamair do'n chéad ghlaodh, ná b'fhéidir do'n tarna glaodh. B'fhéidir go bhfuil an Slánuightheóir ag glaodhach anois ar dhuine éigin, — "A óigfhir, deirim leat, eirigh!" Eirigh ó bhás an pheacaidh. Eirigh ó'n ndroch bhéas. Eirigh ó'n ndroch chómhluadar. Freagair glaodh an tSlánuightheóra. Glaodh thrócaireach iseadh í. Freagair í! Mura ndeinir í fhreagairt anois bíodh fhios agat go labhar- faidh sí uair eile leat agus nách trócaire a bheidh inti ach daor-bhreith, daor-bhreith go teintibh ifrinn ar feadh na síoruidheachta. Freagair anois í. Eirigh ó bhás an pheacaidh. Tá lámh an tSlánuightheóra sínte amach chúghat chun tú thógaint ó bhás an pheacaidh. Freagair guth an tSlánuightheóra anois. Má fhreagran tú anois í labharfaidh sí uair eile leat, agus ní breith damanta thabharfaidh sí ort an uair sin, ach cuireadh cómhachtach chun aoibhnis na bhflathas ar feadh na síoruidheachta. Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal dúinn go léir, tré impidhe na Maighdine Muire, an cuireadh cómhachtach san do thuilleamh agus d'fhághail. Amen.
LII. AN SÉMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Sosigéal. (Lúcás 14.) Is dócha, a phobul, ná fuil aoinne agaibh nár airigh go minic an seanfhocal úd "Trosgadh an chait cheann- fhinn; "Ithim feóil ach ní ólaim bainne."" B'é trosgadh an chait cheann-fhinn é ag na Iúdaigh i dtaobh na Sabbóide, nó, mar a deirimíd-ne, i dtaobh na saoire. Bhíodar ana dhian ar fad ar aon rud a dhéanfadh, dar leó, an tsaoire do bhriseadh, agus 'n-a dhiaigh san a's eile, dheinidís brúsgar de dhlígh Dé ar shlightibh ba dhíobhálaighe go mór 'ná briseadh saoire. Díreach ar nós an chait cheann-fhinn. Bhí an cat ceann- fhionn ana choinsiasach i dtaobh bainne dh'ól le h-eagla go mbrisfeadh sé an trosgadh. Ach i dtaobh na feóla, sgéal eile ar fad ab eadh an fheóil. Ní chuireadh ithe na feóla aon chlóic ar a choinsias. Bhí cait cheann-fhionna ar na Iúdaigh go tiugh an uair sin. Táid cait cheann- fhionna le fághail fós, leis, sa tsaoghal. Tá an bhean, cuir i gcás, ná leigfeadh a coinsias di snáithín do chur i snáthaid agus poll cnaipe do dheisiúghadh maidean Domhnaigh, agus ná cuirfeadh sé aon bhuairt ar a coin- sias bheith ag cúlchaint ar chómharsain éigin, fan bhóthair, agus í ag dul go dtí an t-Aifrean. Gan amhras is ana mhaith an rud do Chríosdaidhe bheith aireach ar choimeád na saoire. Ach tá fhios ag an saoghal ná brisfeadh sé an tsaoire cúpla greim snáthaide do chur, nó fiche greim nuair a bhéadh gádh leis. Ní mar sin do
chúlchaint. Ní fhéadfadh aon ghátar cúlchaint a dhéanamh dleaghthach. Tá nídh eile sa sgéal. Tá daoine sa tsaoghal; bhíodar ann le linn ár Slánuightheóra agus táid siad ann fós; daoine gur maith leó iad féin do thaisbeáint ana choinsiasach ar fad i neithibh áirighthe, i dtreó go mbéadh ainim fíoraontachta ortha agus ansan go bhféad- faidís cead cinn a thabhairt d'á n-ainmhiantaibh ar shlightibh eile, a gan fhios do'n tsaoghal. Tagan rud greannmhar as san dóibh uaireanta. Bíd siad chómh dian, chómh díchealach san, 'ghá chur 'n-a luighe ar chách gur daoine fíoraonta iad, cad deirir leó ná cuirean 'n-a luighe ar a n-aigne féin é sa dheire! Deinid siad a leithéid sin de dhícheal chun bob a bhualadh ar chách i dtaobh a bhfíoraontachta féin go dtéighean sé 'n-a luighe ortha féin fé dheire gur daoine macánta iad. Sin mar a bhí an sgéal ag na Iúdaigh nuair a tháinig an Slánuightheóir. Bhíodar lán-deimhnightheach go rabhadar macánta, dleaghthach, coinsiasach, fíoraonta, ar gach aon tsaghas cuma. Do chonaic an Slánuightheóir, ámhthach, ná raibh 'n-a bhfíoraontacht ach sgáil fíor- aontachta, agus ná raibh lastigh de'n sgáil ach mall- uightheacht ar fad, uabhar, agus saint, agus drúis, agus craos, agus droch mheas ar an gcómharsain, agus gach aon tsaghas eile droch intinne a bhainean le h-olcas aigne sa duine. Cuid de'n sgáil fíoraontachta san a bhí curtha lasmuich ortha féin ag na Iúdaigh an uair sin ab eadh an choinsiasacht thar bárr a bhí ionta, dar leó, i dtaobh na saoire choimeád. Chuir an choinsiasacht san fhiachaint ortha rud a dhéanamh a bhí thar na bear- taibh le h-amadántacht agus le mailís aigne i n-aon- fheacht. Chuireadar i leith an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, go raibh peacadh aige 'á dhéanamh mar go
raibh sé ag briseadh na saoire. Agus conus is dóich leat a bhí sé ag briseadh na saoire, dar leó? Bhí obair aige d'á dhéanamh ar an Sabbóid. Agus cad í an obair a bhí aige 'á dhéanamh chun na saoire bhriseadh? Bhí sé ag leigheas na ndaoine! D'airigheabhar is dócha go minic gur mór an truagh an duine ná tuigean an fear thall ag magadh féi, ach gur mó go mór 'ná san de thruagh an t-é ná tuigean é féin ag magadh féi féin. Nuair adúbhairt na Iúdaigh go raibh an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ag briseadh na saoire mar gheall ar na leighseana mírbhuilteacha dhéanamh lá na Sabbóide, bhí magadh acu 'á dhéanamh fútha féin, an magadh ba mhó d'ár dhein aon daoine riamh fútha féin, agus níor leig an mhailís agus an droch aigne dhóibh a thuisgint gur ag magadh fútha féin a bhíodar. Mura mbéadh an chuma 'n-ar dhall an mhailís agus an droch aigne iad do thuigfidís, bíodh ná tuigfidís fírinne an sgéil féin, go raibh fuath agus fearg agus díombádh na ndaoine a bhí ag brath ar leigheas, acu 'á thabhairt ortha féin. Is iongantach mar a dhallan an droch aigne duine! Mar a deirtear sa tSoisgéal, do thug priúnsa des na Fairisínigh cuireadh do'n tSlánuightheóir chun bídh a chaitheamh 'n-a thigh. Chuaidh an Slánuightheóir ann. Bhí na Fairisínigh ag faire air. B'é lá na Sabbóide é. Bhí i láthair an tSlánuightheóra duine go raibh líonadh ann. Bhíodar ag faire feuchaint an mbrisfeadh sé an tsaoire. D'iompuigh sé ortha agus chuir sé an cheist chúcha: "An dleaghthach duine do leigheas lá na Sabbóide?" Níor labhair aoinne acu. Ní raibh coinne acu leis an gceist. Dúbhradar leó féin; "Leighisfidh sé an duine nó ní leighisfidh. Má leighisean sé é féadfaimíd an dlígh chur air mar
gheall ar an saoire bhriseadh. Mura leighisidh, féadfaimíd a rádh gur b'amhlaidh ná fuil ar a chumas an leigheas san a dhéanamh." Ach nuair a tháinig an cheist bhíodar i bpúnc. Dá n-abraidís, "Is dleagh- thach," bheidís 'ghá mbréagnughadh féin. Dá n-abraidís, "Ní dleaghthach," d'eireóchadh na daoine chúcha agus gheóbhfaí do chlochaibh ionta. Thuigeadar gur bh'fhearra dhóibh éisteacht, agus d'éisteadar. Ansan do thóg an Slánuightheóir an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é. Ach bhí ana thruagh ag an Slánuightheóir dos na Iúdaigh, d'á olcas iad. B'iad a mhuintir féin iad. B'iad Clann Isráeil iad. B'iad a ghaolta féin iad. Is dóibh a tugadh na geallamhna móra ó Dhia i dtaobh slánughadh an domhain. B'iad féin an tsliocht a thogh Dia na glóire, as an gcine daona go léir, chun na sean Dlíghe thabhairt dóibh le coimeád go dtí go dtiocfadh an t-am chun na Dlíghe nua chur ar bun. D'á bhrígh sin bhí báidh ana mhór ag an Slánuightheóir leó agus truagh aige dhóibh mar gheall ar an aimhleas a bhí acu 'á dhéanamh dhóibh féin, agus níor leig sé uaidh aon chaoi d'á bhfuair sé ar chómhairle a leasa thabhairt dóibh. Nuair a bhí an duine úd leighiste agus curtha chun siúbhail aige do labhair sé leó-san, agus chuir sé i gcuimhne dhóibh conus mar a bhí aon obair amháin a bhí ceaduighthe sa tsean Dlígh sin go rabhadar chómh dian 'n-a choimeád. Dá dtuiteadh beithidheach le duine acu féin i bpoll, ní raibh cosg sa dlígh ar an mbeithidheach do thógaint as an bpoll. Má cheaduigh an dlígh beithidheach allta do thógaint a' poll, gan amhras do cheaduigh an dlígh duine do leigheas ó ghalar. Ba chóir nár ghádh do'n tSlánuightheóir an méid sin argóinte dhéanamh leó. Ba chóir go raibh an sgéal chómh soiléir
sin nár ghádh caint a dhéanamh air. Ach ní raibh aon teóra le trócaire an tSlánuightheóra. Bhí an truagh aige dhóibh, agus bhí gach aon rud aige 'á dhéanamh chun iad do chur ar a leas dá mb'fhéidir é. "Ach," déarfaidh duine, b'fhéidir, "nách féidir le Dia gach uile nídh a dhéanamh? D'á bhrígh sin, nách féidir le Dia duine chur ar a leas?" Is féidir, gan amhras, le Dia gach uile nídh a dhéanamh. Ach do thug Dia saor-thoil do'n duine. Do chuir san ar chumas an duine géilleadh do ghrásta Dé agus a leas a dhéanamh, nó chur i gcoinnibh ghrásta Dé agus aimhleas a dhéanamh dó féin. Grásta ana mhór dos na Iúdaigh ab eadh na mírbhuiltí úd go léir do dhéanamh ansúd os cómhair a súl. Gan amhras do thug an Slánuigh- theóir trócaireach mórán eile grásta dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, nuair a bhíodh sé ag caint leó agus ag aighneas leó. Do ghéill cuid acu d'á ghrásta. Bhí na h-Aspoil agus na deisgiobuil ar an gcuid sin. Níor ghéill ach cuid bheag, ámhthach. Chuir an chuid ba mhó dhíobh cos i dtalamh 'n-a choinnibh féin agus i gcoinnibh a ghrásta agus i gcoinnibh a thrócaire, agus dheineadar aimhleas anama dhóibh féin i n-aimhdheóin ar tugadh de ghrásta dhóibh. An lá céadna san, nuair a bhí an mhírbhuilt déanta aige agus an duine leighiste agus curtha chun siúbhail aige, níor stad sé d'á ghrásta thabhairt dóibh. Uabhar fé ndeara dos na Iúdaigh an t-aimhleas go léir a dhéanamh dóibh féin. Bhíodar lán suas de'n uabhar, agus ní'l aon rud a chuirean i gcoinnibh grásta Dé chómh seasa- mhach agus a chuirean an t-uabhar 'n-a choinnibh. Bhí soluíd sa mhírbhuilt a dhein an Slánuightheóir an lá úd. Do leighis sé colann an duine úd ó'n líonadh. Dob ionan an líonadh uisge sa cholainn agus an líonadh
uabhair sa n-aigne. Do leighis an Slánuightheóir colann an duine ó'n líonadh uisge. Dhéanfadh sé an leigheas céadna ar aigne na n-Iúdach a bhí láithreach d'á leigidís dó é dhéanamh. Do leighisfeadh sé a n-aigne ó'n líonadh uabhair. Bhí gádh go cruaidh leis an leigheas acu go léir. Bhí a lán daoine tar éis cuireadh dh'fhághail chun an dínnéir chéadna. Chonaic an Slánuightheóir iad, gach duine acu mar a thagadh sé, ag druidim suas, ag brúth suas, gach aoinne a d'iaraidh an inid uachtaraigh a bheith aige. Do labhair sé leó, d'á thrócaire, agus thug sé an chómhairle dhóibh, mar atá sa tSoisgéal a léigheas daoibh. Tabhair fé ndeara an chómhairle. Ag lorg onóra agus creideamhna iseadh bhíodar ag brúth suas. Thaisbeáin sé dhóibh go breagh soiléir nách onóir ná creideamhaint a chuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin leis an mbrúth san agus leis an ruith sin chun na n-inead uachtarach, ach gur náire agus tarcaisne agus droch mheas ó dhaoine a chuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin leis. Ní'l nídh ar bith is fírinnighe 'ná an méid sin. Ar an saoghal so féin, agus ameasg ár gcómharsan, ní'l aon rud is mó thabharfaidh onóir agus uraim ó gach aoinne chúghainn 'ná fíor úmhluigheacht, agus ní'l aon rud is fearr chun droch mheas a thabhairt ó'n uile dhuine orainn 'ná uabhar. I gcás, an rud is fíor i láthair Dé gur fíor i láthair daoine, leis, é. "An t-é a dh'árdóchaidh é féin go n-ísleóchar é agus an t-é a dh'ísleóchaidh é féin go n-árdóchar é." Anois, a phobul, machtnuighmís go cruinn agus go dlúth ar an gcuma 'n-a mbainean an gnó so go léir linn féin. Ní chuirfeadh an Eaglais síos ansan i Leabhar an Aifrinn dúinn é mura mbéadh go mbainean sé linn. Conus a bhainean sé linn? Bainean sé linn mar táid na lochta céadna ionainn
a bhí ins na Iúdaigh. Tá an t-uabhar céadna ionainn, an líonadh céadna i n-ár n-aigne agus an gádh céadna leis an líonadh do leigheas. Tá an dúil chéadna againn ins na h-ineadaibh uachtaracha. Agus mar gheall ar an ndúil sin tá an baoghal céadna orainn. Is baoghal dúinn nách inead uachtarach a gheóbhaimíd sa deire ach inead ana iachtarach ar fad; inead iachtarach i láthair daoine ar an saoghal so, agus ansan ineadh iachtarach i gcóir na síoruidheachta ar an saoghal eile. Tá an baoghal san os ár gcionn. Beidh an baoghal san os ár gcionn an fhaid a leanfaidh an galar orainn, galar an uabhair; an fhaid a bheidh an líonadh ionainn, an fhaid a bheidh líonadh an uabhair i n-ár n-aigne. Cad 'tá le déanamh againn, mar sin, chun dul ó'n mbaoghal san atá os ár gcionn? Cad a bhéadh againn le déanamh ach aghaidh a thabhairt láithreach ar leigheas éigin fhághail ar an ngalar? Ach cá bhfuil an leigheas le fághail? Is fíor nách uiriste é dh'fhághail. Is ana dheacair é dh'fhághail. Is ana dheacair leigheas a dh'fhághail ar an líonadh nuair a thagan sé i mballaibh beatha an duine. Do leighis an Slánuightheóir é an uair úd le mírbhuilt. Is deacra go mór an líonadh a thagan sa n-aigne do leigheas 'ná an líonadh thagan sa cholainn. Ní'l aon ghalar aigne is deacra do leigheas 'ná an t-uabhar, mar ní'l aon pheacadh is deacra a chur fhiachaibh ar an nduine a dh'admháil 'ná é. Do leighisfeadh an Slán- uightheóir, moladh go deó le n-a ghrástaibh geala, an t-uabhar, an líonadh aigne, a bhí ar na Iúdaigh úd an lá úd dá leigidís dó an leigheas a dhéanamh ortha, ach ní leigfidís. Thabharfadh sé dhóibh an deoch a bhí ollamh aige dhóibh agus do leighisfeadh an deoch iad dá n-ólaidís é. Ní bhlaisfidís é. Ní ghlacfaidís uaidh i n-aon chor an deoch. Ní raibh aon nídh eile ar bith a dh'fhéadfadh
iad do leigheas ó'n líonadh ach an deoch san, agus ní ghlacfaidís é. Cad é an deoch é sin, a phobul, a bhí ollamh ag an Slánuightheóir an lá san dóibh siúd chun iad do leigheas ó'n líonadh uabhair a bhí istigh 'n-a gcroídhe agus 'n-a n-aigne, 'ghá gcoimeád fuar marbh, gan tapa, i láthair Dé? Cad é an deoch é ach deoch na h-úmhluigh- eachta? Tá an deoch céadna ag ár Slánuightheóir 'á thairisgint dúinne indiu, a phobul. Glacaimís uaidh an deoch agus ólaimís é. Diúgaimís é gan aon bhraon fuighligh fhágáilt. Úmhluighmís sinn féin i gcómhnuighe i láthair Dé. Nuair a spriocfaidh an t-uabhar tú chun locht do chómharsan a thabhairt fé ndeara, tuig ad' aigne, rud is fíor, go mb' fhéidir gur fearr a shlígh sin chun Dé 'ná do shlígh féin chun Dé. Nuair a spriocfaidh an t-uabhar tú chun a thuisgint go bhfuil so nó súd de mhaith ionat, tuig ad' aigne láithreach, rud is fíor, go mb'fhéidir go bhfuil dearmhad ort, go mb'fhéidir nách maith atá ionat ach olc, nó má's maith féin é nách ort-sa is cóir a bhuidheachas a bheith; pé maith atá ionat gur ó Dhia a fuarais é, agus ná fuil agat, uait féin, ach an peacadh agus an t-olc. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir taithighe dhéanamh ar an gcuma san de'n úmhluigheacht. Is fírinne an úmhluigheacht agus is bréag an t-uabhar. Go gcoimeádaidh Dia ar bhóthar na fírinne sinn Amen.
LIII. AN SEACHTMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.) Chímíd sa tSoisgéal san, a phobul, an feall a bhí insa Fairisínigh. Tháinig an Slánuightheóir ag triall ortha chun iad a dh'fhuasgailt, mar aon leis an gcine daona go léir. Bhí sé tar éis dul 'n-a luighe ar a n-aigne, mar gheall ar an uabhar bhí ionta, nuair a thiocfadh an Críosd go gcuirfeadh sé iad féin os cionn na cine daona go léir. Go dtiocfadh sé i bhfuirm rígh agus go gcuirfeadh sé an domhan go léir fé n-a smacht le neart slógh agus airm, agus ansan go mbéadh ana shaoghal ar fad acu féin. Dheabhróchadh an sgéal ná raibh eólus ró chruinn acu an uair sin ar cé'r bh'é an Slánuightheóir sin a bhí geallta dhóibh, ar cé 'cu Dia nó duine é. Ach nuair a chonacadar an fear so a bhí 'ghá rádh leó gur bh'é féin an Críosd a bhí geallta dhóibh is amhlaidh a tháinig seirbhthean ortha agus díombádh. Ní chreidfidís focal de'n sgéal san. "Cad tá sa bhfear san," adeiridís, "ach mac siúinéara?" "Cad a bhéarfadh gur bh' é sin an Críosd?" Ansan, bhíodar ag feuchaint ar na mírbhuiltibh, agus bhíodar ag éisteacht leis 'ghá rádh gur bh' é féin an Críosd a bhí geallta; gur bh'é Mac Dé é; agus d'á chómhartha san féin go raibh cómhacht Dé aige, mar go raibh oibreacha aige 'á dhéanamh ná féadfadh aon chómhacht a dhéanamh ach cómhacht Dé. Bhíodar i gcruadh-chás. Ní
fhéadfaidís an chómhacht do shéanadh. Pé cómhacht a bhí aige, ámhthach, bhíodar ceapaithe ar gan a dh'admháil gur bh' é an Críosd a bhí geallta é. Bhí fhios acu an chreid- eamhaint thar bárr a bheith aige ameasg na ndaoine mar gheall ar na mírbhuiltí móra, agus mar gheall ar na leighseanaibh. Bhíodar ag cur 's ag cúiteamh eatartha féin feuchaint conus a thiocfaidís ar an gcreideamh- aint sin do bhriseadh. Fé dheire chuimhnigheadar ar shlígh chuige. Bhí fhios acu go raibh i n-aigne na poibilidh- eachta ana sgannradh roimh aon nídh a bhéadh, dar leó, ag baint ó'n onóir ba cheart a thabhairt do Dhia. Dúbhradar leó féin mar seo:- "Deir an fear so gur b' é féin Mac Dé. Is ionan san agus a rádh gur b'é féin Dia na glóire, agus gan ann ach duine. Brisean san an chéad aithne. Téighmís chuige, os cómhair na ndaoine, agus ceistimís é ar an gcéad aithne. Admhóchaidh sé an chéad aithne nó ní admhóchaidh. Mura n-admhuighidh sé an chéad aithne iompóchaid na daoine 'n-a choinnibh. Má admhuighean sé an chéad aithne, chífid na daoine go bhfuil an chéad aithne aige 'á bhriseadh gach aon uair adeir sé gur b' é Mac Dé é. Nuair a thuigfid na daoine go bhfuil sé ag briseadh na dlíghe ar an gcuma san iompóchaid siad 'n-a choinnibh." Thánadar ag triall air. Do labhair duine acu, fear a bhí ana léigheanta sa dlígh, fear go raibh uraim ana mhór ag na daoine go léir dó. "A Mháighistir," ar seisean, "cad í an aithne mhór sa dlígh?" D'fhreagair Íosa láithreach: "Grádhuigh do Thighearna Dia ó d' chroídhe go h-iomlán, agus ó t'anam go h-iomlán, agus ó t'aigne go h-iomlán." Ansan níor thug sé uain do'n fhear léigheanta ar cheist eile do chur. D'inis sé an tarna h-aithne dhó, chómh maith
leis an gcéad aithne, agus do chuir sé ar a súilibh dóibh go rabhadar féin, i láthair na h-uaire sin, ag briseadh an tarna h-aithne, mar go raibh fuath acu d'á gcómharsain, 'sé sin, dó féin. "Siní an aithne is mó," ar seisean, "agus isí an chéad aithne í. Tá an tarna h-aithne cosmhail léi," ar seisean; "Grádhuigh do chómharsa mar thú féin." Dob' ionan san agus a rádh leó dá mba dúrthacht do'n chéad aithne a bhéadh 'ghá gcur ar siúbhal, nár bhaoghal go ndéanfaidís dearmhad de'n tarna h-aithne; agus dá mbéadh an grádh ceart do Dhia 'n-a gcroídhe, nách fuath d'á gcómharsain a bhéadh 'n-a gcroídhe i n-aice leis. Ansan, gan uain a thabhairt dóibh ar a thuille ceistiúcháin a dhéanamh, dúbhairt sé leó teacht isteach i n'aice agus chuir sé ceist chúcha. Ceist dhoimhinn ab eadh í, agus ceist ab eadh í do thaisbeánfadh cad é an saghas eóluis a bhí acu-san ar an Slánuigh- theóir a bhí le teacht, do réir a gcreidimh. Bhí fhios acu gur ar shliocht Dáibhid, an rígh, a thiocfadh sé, agus "Mac Dáibhid," a thugaidís air nuair a thráchtaidís air. Do labhair Dáibhid féin i dtargaireacht ar an Slánuightheóir, agus seo mar a labhair sé air. "Dúbhairt an Tighearna le m' Thighearna: Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar stól fé d'chosaibh." Sa chaint sin do thug Dáibhid a Thighearna ar an Slán- uightheóir a bhí le teacht. Thaisbeánfadh san gur thuig Dáibhid go raibh an Slánuightheóir le bheith 'n-a Dhia agus 'n-a Dhuine. Ní thabharfadh sé a Thighearna air mura mbéadh gur thuig sé an nídh sin. "Cad a thuigean sibh-se i dtaobh Chríosd?" arsa'n Slánuightheóir leis na Fairisínigh. "Cé 'ro mac é?" "Mac Dáibhid," ar siad. "Má 'seadh," arsa'n Slánuightheóir leó, "cad uime go dtugan Dáibhid a Thighearna air? Má thugan
Dáibhid a Thighearna air conus atá sé 'n-a mhac aige?" Níor fhéadadar aon fhreagra thabhairt ar an gceist sin. Agus níor chuir aoinne a thuille ceisteana chuige. Tuigimíd-ne go léir an sgéal san. Tá fhios againn an dá nádúr a bheith i n-ár Slánuightheóir Íosa Críosd, nádúr Dé agus nádúr duine. D'fhoghlumuigheamair an méid sin sa Teagasg Críosdaidhe. "An 'mó nádúr i n-Íosa Críosd?" "Dhá nádúr." "Cad iad an dá nádúr iad san?" "Nádúr Dé agus nádúr duine." "An fada atá nádúr Dé ann?" "Ó'n síoruidheacht." "An fada atá nádúr duine ann?" "Ó ghlac sé colann daona." Is é mac Dáibhid an Slánuightheóir sa mhéid gur duine é. Is é Aon-Mhac Dé é sa mhéid gur Dia é. Sa mhéid gur Dia é iseadh thug Dáibhid a Thighearna air. Dá mbéadh eólus ceart ag na Fairisínigh ar an méid sin fírinne, do thuigfidís an cheist a chuir an Slánuightheóir chúcha. Ar an gcuma gcéadna, dá mbéadh an t-eólus ceart acu, do thuigfidís ná raibh an Slán- uightheóir ag briseadh an chéad aithne nuair adúbhairt sé gur bh'é Dia é, bíodh gur dhuine é, mar go raibh sé 'n-a Dhia agus 'n-a Dhuine i n-aonfheacht. Do labhair Dáibhid mar siúd mar bhí solus ó'n Spioraid Naomh i n-a aigne. Do thaisbeáin an solus san dó nádúr Dé bheith sa tSlánuightheóir, agus thug sé a Thighearna air. Thug sé Tighearna air díreach mar a thug sé ar an Athair Síoruidhe. "Dúbhairt an Tighearna le m' Thighearna: Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid fé d'chosaibh."
Bhí taithighe mhaith ag na Fairisínigh ar an gcaint sin adúbhairt an rígh Dáibhid, agus feuch, níor thugadar fé ndeara riamh an brígh a bhí leis an gcaint, gur chuir an chaint sin i n-iúil nádúr Dé bheith sa tSlánuightheóir. Ansan, d'á mhéid eólus a bhí acu ar an Sgríbhinn Diadha, nuair a cuireadh an cheist chúcha bhíodar balbh. Agus tabhair fé ndeara conus mar a thaisbeáin an Slánuightheóir glórmhar a thrócaire sa cheist sin a chuir sé chúcha. Thug sé dhóibh díreach an t-eólus a bhí i n-easnamh ortha. Thaisbeáin sé dhóibh, amach a' béal an rígh, amach a' béal Dáibhid, cad é an t-ainbhfios a bhí ortha i dtaobh an Mhesiah. Dá mbéadh aon chiall acu is amhlaidh do stadfaidís agus dhéanfaidís machtnamh. Chuirfidís ceist chuige ag lorg eóluis i n-inead bheith ag cur ceisteana chuige a d'iaraidh greama bhreith air. Ach an t-é go mbíon an donas ar maidin air bíon sé um thráthnóna air. Ní h-eólus a bhí uatha, ach éagcóir. Thug an Slánuightheóir, d'á ghrástaibh, an t-eólus dóibh, an t-eólus ba cheart dóibh a bheith acu agus ná raibh acu, an t-eólus do chuirfeadh ar a leas iad, dá ndeinidís an úsáid cheart de. Níor dheineadar. Do sgaoil- eadar uatha an chaoi a thug an Slánuightheóir dóibh ar an bhfírinne dh'fheisgint agus do thuisgint. Do leanadar ar a n-aimhleas, agus do dheineadar é i n-aimhdeóin an ghrásta a thug an Slánuightheóir dóibh nuair a chuir sé chúcha an cheist sin nár fhéadadar a réidhteach. Deinimís machtnamh ar an nídh sin, a phobul. Deinimís dlúth-mhachtnamh air. Tá suas le dhá mhíle bliadhan anois ó bhí an Slánuightheóir agus na Fairisínigh aimh- leasta úd 'n-a seasamh ar aghaidh a chéile, agus an Slánuightheóir ag tabhairt a ghrásta go fial dóibh, agus iad-san ag cur 'n-a choinnibh go dubh. Is 'mó lá ó shin, i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir, a bhí an cleas céadna
díreach ar siúbhal, an duine agus grásta an tSlán- uightheóra 'n-a seasamh ar aghaidh a chéile, grásta an tSlánuightheóra a d'iaraidh an duine do tharang ar bhealach a leasa, agus an duine ag cur 'n-a choinnibh go seasamhach agus go dúr agus go dubh. Ní'l aon chiscéim d'á chuaird shaoghalta a chuirean an duine dhe, ó theacht ar an saoghal dó go dtí lá a bháis, gan grásta éigin ó Dhia curtha roimis ar an gciscéim sin chun é tharang ó aimhleas agus chun é stiúrughadh ar a leas. Chómh luath agus thagan sé ar an saoghal siní an Eaglais ollamh chun é ghlacadh chúichi i Sácraimínt an Bhaistí, chun peacadh an tsínsir a ghlanadh dhe agus chun oighreacht na bhflathas, a cheannuigh an Slánuightheóir dó, do chur i n-áirighthe dhó. Tá an áirighthe sin daingean go leór dó go dtí go dtagan tuisgint dó, go dtí go dtagan fios uilc agus maitheasa dhó, agus saor-thoil, go dtí go dtusnuighean sé ar bheith freagarthach i láthair Dé 'n-a ghníomharthaibh. Ansan iseadh thusnuighean an t-aimhleas. Ach do chuir Dia, b'fhéidir, athair maith agus máthair mhaith ag tabhairt aire dhó, agus do chean- gail Dia air, sa cheathramhadh aithne d'aitheantaibh Dé, bheith úmhal dóibh agus rud a dhéanamh ortha. Má's Fairisíneach é ní bheidh sé úmhal dóibh ná ní dhéanfaidh sé rud ortha. Neartóchaidh sé agus raghaidh sé ó smacht. Leanfaidh sé a thoil féin. Leanfaidh sé an droch chómhluadar. Beidh sé i dtigh an óil; amuich déanach sa n-oídhche; 'n-a chodladh déanach ar maidin i n-inead bheith 'n-a shuidhe agus i mbun a ghnótha. Beidh a choin- sias ag troid leis istigh 'n-a chroídhe, 'gha innsint dó agus 'ghá chur 'n-a luighe air gur b' é an Slánuightheóir Mac Dé, agus go gcaithfidh sé freagairt dó. Ach déanfaidh sé an rud a dhein na Fairisínigh; éistfidh sé leis an gcoinsias agus ní thabharfaidh sé freagra air.
Comáinfidh sé leis 'n-a dhúradán stuacach stailce, ag cur a chos i dtalamh i gcoinnibh ghrásta an tSlánuigh- theóra agus ag déanamh aimhleasa anama dhó féin gach aon lá a dh'eirighean air. Tá a leithéidí ann, a phobul. Táid siad ann riamh agus is dócha go mbeid go deó. Ach tá a malairt ann leis, agus ní beagán díobh é, buidheachas le Dia, daoine go dtéighid na trí Sobháilcí Diadha, Creideamh agus Dóchas agus Carthanacht, isteach 'n-a n-anam an uair a baistthear iad, agus go gcuirid na trí Sobháilcí Diadha san rath agus séan, i gcaitheamh a saoghal, ortha féin agus ar gach aon Chríosdaidhe n-a mbíon aon teangabháil aige leó. Ní h-ag cur cos i dtalamh i gcoinnibh ghrásta Dé a bhíd siad san, ach ag faire ar an uile chogar a thagan chúcha ó ghrásta Dé agus a d'iaraidh díchil a dhéanamh ar an gcogar d'fhreagairt. Chómh luath agus a thagan an tuisgint agus an saor- thoil agus fios an uilc agus na maitheasa, ní dheinid siad blúire ríghnis ach an t-olc do dhíbirt chun siúbhail an túisge 'n-a dtuigid siad é, agus an mhaith do thoghadh agus do ghlacadh. Bíon a rian air, bíon an t-athair agus an mháthair a thóg iad, agus do thuit leó, ag gabháil a bhuidheachais le Dia coitchianta, a thug dóibh clann chómh grástamhail chómh diadha chómh ciallmhar. Pé fada gairid is toil le Dia iad d'fhágáilt ar an saoghal so, ní stadaid siad ach 'ghá n-ollamhughadh féin, níos fearr agus níos fearr, i gcóir an tsaoghail eile, agus ní'l aoinne a dheinean aon teangabháil leó ná gur fearrde a shlígh chun Dé é. Deir an sean-fhocal linn an droch theangabhálaidhe do sheachaint. Is maith an chómhairle í. Ní dócha go bhfuil an duine sin beó a dhein aimhleas dó féin, ná gur féidir dó feuchaint siar ar an lá a casadh 'n-a threó
an droch theangabhálaidhe, agus a rádh in' aigne féin, go dúbhach, "Mura mbéadh é siúd do bhualadh umam an lá úd ní dhéanfainn an rud a dheineas." Má's olc é an droch theangabhálaidhe is maith é an deagh theangabhálaidhe. Má's ceart an droch theanga- bhálaidhe do sheachaint, is ceart claoidh leis an ndeagh- theangabhálaidhe. Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, agus ar sgáth a chéile a dheinid daoine leas nó aimhleas dóibh féin. Is iongantach mar a chuir Dia na daoine ag brath ar a chéile; an chlann ag brath ar an athair agus ar an máthair; na cómharsain ag brath ar a chéile. Ní féidir d'aoinne maireachtaint ar an saoghal so gan congnamh ó dhaoine eile. Chuir Dia na daoine go léir ag brath ar a chéile, agus ansan chuir sé an cine daona go léir ag brath ar an Slánuightheóir, moladh go deó leis. Tá ceangailte, d'á bhrígh sin, ar gach aon Chríosdaidhe a bheatha ar an saoghal so do riaradh chun toile an tSlánuightheóra, agus i dtreó go dtiocfadh leis an riaradh san do dhéanamh ar an gcuma is fearr, isé a bhuac bheith i gcómhnuighe i gcómhluadar na ndaoine a dheinean é, bheith ar sgáth na ndaoine sin, agus é féin a choimeád chómh fada amach agus is féidir é ó'n ndroch aicme, ó Fhairisíneachaibh na h-aimsire seo. Táid siad i gcoinnibh an tSlánuightheóra, ar gach aon tsaghas cuma, chómh seasamhach díreach agus a bhíodar súd eile dhá mhíle bliadhan ó shin. Go dtugaidh an Slánuightheóir Íosa Críosd a ghrásta dhúinn go léir chun gach droch chómhairle agus droch chómhluadair a sheachaint. Amen.
LIV. AN t-OCHTMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE Léightear an Soisgéal. (Maitiú 6.) Tabhair fé ndeara, a phobul, an chuma 'n-ar sheasaimh an sgéal idir an Slánuightheóir agus na Fairisínigh. Ní ghéillfeadh na Fairisínigh i n-aon chor go raibh cómhacht Dé ag Íosa Críosd, moladh go deó leis, agus bhí Íosa Críosd 'ghá thaisbeáint dóibh-sin agus dos na daoine, leis na mírbhuiltibh a bhí aige a dhéanamh, go raibh cómhacht Dé aige. Agus feuch. Ní 'ghá thaisbeáint dóibh go raibh cómhacht ó Dhia aige a bhí sé, ach 'ghá thais- beáint dóibh, lom díreach, go raibh cómhacht Dé féin aige, go raibh cómhacht Dé aige agus gur bh'í a chómhacht féin an chómhacht san, agus d'á bhrígh sin go raibh sé 'n-a Dhia go fíor. Tugaid na h-aithreacha fé ndeara an focal adúbhairt sé nuair a thóg sé mac na baintrighe ó'n mbás. Ní dúbhairt sé, "I n-ainim Dé, eirigh." Dúbhairt sé, "A óigfhir, deirim leat, eirigh." D'oibrigh sé an chómhacht as a thoil féin, as toil an tarna Pearsan de'n Tríon- óid ró Naomhtha, 'sé sin, as toil Dé, agus thaisbeáin sé gur bh' é Dia adúbhairt an chaint. Do thaisbeáin an chaint féin, leis, gur ó Dhia a tháinig sí, mar do chuaidh sí i bhfeidhm ar chluasaibh marbha agus d'airigh na cluasa marbha í. Do thaisbeáin an chaint agus an mhírbhuilt gur bh' é Dia féin do labhair nuair a labhair an Slán- uightheóir Íosa Críosd. Níor bh'fhéidir d'aon fhocal,
ach do'n fhocal a labharfadh Dia féin, dul i bhfeidhm ar chluas mharbh agus a chur fhiachaibh ar an gcluais a bhí marbh freagairt dó. "A óigfhir," ar seisean, "deirim leat, eirigh." Agus d'eirigh an duine marbh 'n-a shuidhe agus dhírigh sé ar chaint. Bhí fhios ag an uile dhuine a bhí láithreach nár bh' fhéidir d' aon chómhacht ach do chómhacht Dé dul i bhfeidhm ar an gcuma san ar dhuine a bhí tar éis bháis, Sa mhírbhuilt seo atá againn i Soisgéal an lae indiu, ní h-ar an mbás a bhí focal an tSlánuightheóra le dul i bhfeidhm, ach ar an ngalar ar a dtugtar milleadh, galar a bhainean lúth a ghéag de dhuine i dtreó nách féidir dó cor a chur dé féin ach mar a bhéadh sé gan anam. Do tugadh i láthair an tSlánuightheóra duine a bhí ar an gcuma san, chun go leighisfeadh sé é. Bhí na Fairisínigh láithreach agus iad ag faire feuchaint a' ndéanfadh sé, nó a' ndéarfadh sé, aon rud a chuir- feadh ar a gcumas buntáiste bhreith air. Mar ba ghnáth leis, thug sé grásta mór dóibh. Thug sé le tuis- gint dóibh go raibh dearmhad mór acu 'á dhéanamh 'n-a thaobh féin nuair ná géillfidís dó agus a dh'admháil gur bh' é an Críosd a bhí geallta dhóibh é. Do labhair sé leis an bhfear a bhí gan lúth. "Glac misneach, a mhic," ar seisean, "táid do pheacaí maithte dhuit." Do réir cumais na cainte dob' ionan san agus dá n-abradh sé, "Maithim do pheacaí dhuit." Nuair airigh na Fairi- sínigh an chaint sin tháinig fearg ortha. "Sin dia- mhasladh!" ar siad, 'n-a n-aigne féin. "Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia!" Do chonaic an Slánuightheóir na smuínte a bhí istigh 'n-a n-aigne. Ba chóir go gcuirfeadh san i n-iúil dóibh go raibh dearmhad acu 'á dhéanamh 'n-a thaobh. "Cad chuige dhaoibh," ar seisean leó "na droch smuínte sin a bheith i nbhúr n-aigne
agaibh?" Ansan do thaisbeáin sé a thrócaire dhóibh. Thug sé a ghrásta dhóibh thar na beartaibh. "Cé 'cu is usa a rádh "táid do pheacaí maithte duit,"" ar seisean, "nó a rádh leis an bhfear san eirighe agus siúbhal?" Bhí na daoine go léir ag éisteacht leis an bhfocal chómh maith agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis. Bhí na daoine ag faire feuchaint cad a dhéanfadh sé. Do labhair sé airís. "Ach," ar seisean, "ionus go mbéadh fhios agaibh go bhfuil cómhacht ag Mac an Duine ar an dtalamh so chun peacaí do mhaitheamh — eirigh-se," ar seisean leis an bhfear a bhí sínte, "agus tóg suas do leabaidh agus imthigh chun do thíghe féin." D'eirigh an duine. Bhí lúth agus léim agus coisidheacht aige láithreach. Thóg sé suas an leabaidh agus d'imthigh sé abhaile. Ní raibh aon rud mírbhuilteach i dtógaint na leapthan nuair a bhí lúth a ghéag aige. Súsa ab eadh an leabaidh. Ba ghnáth sa tír úd an uair sin, agus is gnáth fós i dtíorthaibh brothalacha, go mbeirean duine leis, ar a mhuin nó ar a chuislinn, fé mar a bhéarfadh sé cóta mór, súsa maith ramhar, bog, agus é fillte ar a chéile, agus nuair a thagan an oídhche air go leathan sé an súsa ar an dtalamh agus go gcodlan sé air chómh sámh agus chod- lóchadh duine anso ar leabaidh chlúimh-éan. Nuair a bhíon an lá tagaithe agus a dhóithin codlata aige, ní dheinean sé ach eirighe agus a shúsa d'fhilleadh suas ar a chéile airís, agus é cheangal agus do chur chuige ar a mhuin, agus a bhóthar a thabhairt air. Sin mar a dhein an duine do leighiseadh ó'n milleadh nuair adúbhairt an Slánuightheóir leis é dhéanamh. Breithnigh anois ar an gcuma 'n-ar fhág an méid sin gnótha na Fairisínigh. Bhíodar i láthair duine a thug le feisgint dóibh go soiléir go raibh radharc aige ar na
smuíntibh a bhí istigh 'n-a gcroídhe. Ba chóir go gcuir- feadh an méid sin, agus gan a thuille bhac, ag machtnamh iad ar an aimhleas a bhí acu 'á dhéanamh dóibh féin. Dúbhairt sé leó go raibh cómhacht aige chun peacaí mhaitheamh. Níor iar sé ortha a fhocal féin do thógaint le fírinne an sgéil sin, bíodh go raibh urúdhas a ndóithin i n-a fhocal féin leis. Ba mhian leis a ghrásta thabhairt dóibh ar chuma mhírbhuilteach. Dhein sé an mhírbhuilt i dtreó go mbéadh Dia féin aige 'á tabhairt mar uradh dhóibh le fírinne a chainte. "Chun go mbéadh fhios agaibh go bhfuil an chómhacht san agam," ar seisean leó. Cad a thaisbeánan an focal san, "Chun go mbéadh fhios agaibh?" Taisbéanan sé go soiléir, chómh luath agus a chonacadar an mhírbhuilt déanta, go raibh fhios acu an chómhacht a bheith aige. Bhí fhios acu go maith, mar dúbhradar féin é, ná féadfadh aoinne ach Dia peacaí mhaitheamh. Bhí fhios acu, leis, agus do chialluigh focal an tSlánuightheóra é, "chun go mbéadh fhios agaibh," ná lámhálfadh Dia mírbhuilt a dhéanamh chun éithigh a chur i bhfeidhm i n-a ainim féin. Ach do deineadh an mhírbhuilt mhór san, ansúd os cómhair a súl, agus do tugadh an mhírbhuilt mhór san dóibh mar uraidh- eacht ó Dhia air, go raibh ag an nduine sin a bhí ansúd 'n-a sheasamh os a gcómhair, cómhacht nár bh'fhéidir a bheith ag aoinne ach ag Dia féin, 'sé sin cómhacht chun peacaí do mhaitheamh. D'á bhrígh sin, mura raibh an chómhacht san ag an nduine sin, do cheaduigh Dia an uair sin an mhírbhuilt mhór san a dhéanamh, i n-ainim Dé féin, mar uraidheacht ar nídh ná raibh fíor! Ach diamhasladh i gceart ab eadh a leithéid sin do rádh. D'á bhrígh sin ní raibh aon dul acu ó n-a dh'admháil go macánta go raibh an chómhacht san aige. Ach, mar adúbhradar féin, níor bh'fhéidir an chómhacht san a bheith ag aoinne, as a
ghustal féin, ach ag Dia. D'á bhrígh sin, Dia go fíor ab eadh an Duine sin a bhí ansúd 'n-a sheasamh os a gcómhair. Ní raibh aon dul acu ó'n admháil sin, dá dtugaidís ceart d'á n-aigne, agus dá leigidís dóibh féin fírinne an sgéil do bhreithniughadh agus do mheas agus do thómhas mar a bhí dleaghthach. Grásta mór, grásta uathbhásach dóibh ó'n Slánuightheóir ab eadh iad do chur sa chás san ná féadfaidís gan an fhírinne dh'admháil, mura mbéadh gur dhúnadar súile a n-aigne go daingean i gcoinnibh soluis na fírinne. Feuch, a phobul; níor stad an dúnadh súl san leó súd. Tá sé ar siúbhal sa tsaoghal riamh ó shin, agus tá sé ar siúbhal sa tsaoghal anois. Ní'l le déanamh againne i dtaobh an sgéil ach feuchaint chúghainn féin go cruinn, chun a dhéanamh amach an bhfuil aon bhaoghal gur béas againn féin súile ár n-aigne do dhúnadh, agus do choimeád dúnta, i gcoinnibh soluis na fírinne. Is 'mó cuma 'n-a ndeintear é. Isé nádúr an duine neamhfhonn a bheith air feuchaint díreach ar a dhroch thréithe féin. B'fhearr leis go mór feuchaint i n-aon treó eile 'ná 'n-a dtreó san. Isé nádúr thrócaire an tSlán- uightheóra an solus do chur ag taithneamh ortha go láidir, i dtreó go bhfeicfeadh an duine iad agus go n-admhóchadh sé iad, agus go leighisfeadh cómhacht an tSlánuightheóra iad — an chómhacht úd ná h-admhóchadh na Fairisínigh a bheith aige. Cad é mar chiall d'aon Chríosdaidhe, má tá droch nídh ar a choinsias, bheith a d''iaraidh é choimeád i bhfolach ó'n Slánuightheóir? Conus is féidir an droch nídh do leigheas má coimeád- tar i bhfolach é? Nách é céad nídh atá le déanamh an galar do nochtadh do'n dochtúir, i dtreó go bhfeicfidh an dochtúir cad é an saghas é, agus conus a caithfear an leigheas a dhéanamh air? Mura bhfeicfidh an
dochtúir an gearán, conus is féidir dó an gearán do leigheas? Mura n-innsidh an duine breóite do'n dochtúir cá bhfuil an teinneas air, cad fhéadfaidh an dochtúir a dhéanamh? Go mór mór, má innsean an duine breóite bréag do'n dochtúir conus a bheidh an sgéal ar ball? Beidh go h-aindeis. Tabharfaidh an dochtúir dó, nídh nách iongnadh, an leigheas ná h-oirean dó. Ach is cuma nó nimh do'n duine bhreóite an leigheas ná h-oirean dó. Is amhlaidh a mharbhóchaidh an leigheas san é i n-inead aon tairbhe dhéanamh dó. Isé an peacadh an gearán, an droch nídh atá ar choinsias an duine. Isé an t-oide faoisdine an dochtúir a cheap an Slán- uightheóir chun an ghearáin sin do leigheas. Má cheilean an duine breóite a ghearán ar an oide faoisdine conus is féidir do'n oide faoisdine an leigheas a dh'oirean dó do thabhairt do'n duine bhreóite? Ach tá, do réir nádúra, an neamhfhonn agus an leisge ar an nduine feuchaint díreach ar a pheacaí féin agus iad a dh'admháil. Fonn iad a choimeád i bhfolach iseadh bhíon air, ní h-amháin iad a choimeád i bhfolach ó dhuine eile, ach iad a choimeád i bhfolach uaidh féin. Is fonn leis súile a aigne féin do dhúnadh go daingean i dtreó ná feicfeadh sé iad, agus go bhféadfadh sé bheith 'ghá áiteamh air féin agus 'ghá chur 'n-a luighe air féin ná fuilid siad ann i n-aon chor. Bíon sé coitchianta ag machtnamh ar na droch neithibh ná deinean sé, agus ní fonn leis choídhche an strac-fheuchaint is lúgha do thabhairt i dtreó na ndroch neithe a dheinean sé. Ansan, nuair a théighean sé chun faoisdine ní féidir leis cuimhneamh ach ar na peacaibh nár dhein sé, agus, nídh nách iongnadh, croman sé ar na peacaí nár dhein sé do chur síos do'n tsagart. Ní bhíon d'fhaoisdin aige ach, "Ní bhím 'ghá dhéanamh so. Ní bhím 'ghá dhéanamh súd. Ní bhím 'ghá dhéanamh
súd eile," agus mar sin. Ní'l aon tuairisg aige ar cad a dhein sé. Táid na neithe a dhein sé i bhfolach ó n-a aigne. Ní fheuchan sé choídhche 'n-a dtreó. Bíon sé i gcómhnuighe ag feuchaint i dtreó éigin eile. Ansan, má chuirean an sagart ceist chuige, lom díreach, "Ar dheinis a leithéid seo?" b'fhéidir go bhfeicfidh sé gur dhein, agus nách aon mhaith bheith 'ghá shéanadh. Ní déarfaidh sé, lom díreach, "Níor dheineas, a Athair." Ní'l sé chómh h-olc san, b'fhéidir, ar fad. Ach cuirfidh sé cor sa sgéal. Déarfaidh sé, "Dheineas, a Athair, ach ní dhéanfainn dá leigtí dhom féin. An bhean so atá agam isí fé ndear é." Is fada siar an seana sgéal é sin. Is fadó adúbhradh ar dtúis é. Táthar chómh tugtha chun an leath-sgéil sin a thabhairt anois agus do bhítheas an chéad lá. Tá an fonn chun na súl do dhúnadh ar ár ndroch thréithibh féin chómh láidir anois agus bhí sé an chéad lá. Tá raint de mhianach an Fhairisínigh ionainn go léir. D'á luathacht a thuigfimíd an méid sin agus d'admhóchaimíd é iseadh is fearra dhúinn é. Is ceart dúinn, d'á bhrígh sin, feuchaint isteach i n-ár n-aigne féin, agus súile ár n-aigne dh'osgailt agus iad a choimeád ar dian-leathadh, agus feuchaint díreach ar na peacaibh a dheinimíd. Ní baoghal dúinn na peacaí ná deinimíd. Ní iarfaidh Dia orainn aon chúntas a thabhairt ionta san. Ins na peacaibh a dheinimíd iseadh bheimíd freagarthach i láthair Dé. Is ceart dúinn a iaraidh ar an Slánuightheóir solus a ghrást do chur ortha dhúinn go láidir, i dtreó go bhfeic- fimís go cruinn agus go glan iad. Ansan, i n-inead bheith ag guaileáil agus ag casadh agus a d'iaraidh milleán ár bpeacaí do chur ar dhuine éigin eile, is amhlaidh is ceart dúinn an milleán go léir do ghlacadh
orainn féin, agus a dh'admháil go breágh macánta dleaghthach, i láthair Dé agus i láthair ár n-oide faois- dine, gur b'iad ár bpeacaí féin iad; gur sinn féin a dhein iad; gur sinn féin atá ciontach ionta agus nách aon duine eile; agus gur dúinn féin atáimíd a d'iaraidh maitheamhnachais a dh'fhághail ó Dhia ionta, agus cabhair ó ghrásta an tSlánuightheóra chun gan iad féin ná aon pheacaí eile do dhéanamh airís. Soluíd, nó sampla, ar an nduine nuair a bhíon an peacadh marbhuightheach air, ab eadh an duine úd a bhí gan lúth a ghéag. Níor deineadh aon cheilt ar ghalar an duine sin. Sin mar is ceart gan ceilt ná folachadh do dhéanamh ar na peacaibh ó'n oide faoisdine. Ansan tiocfaidh chun an pheacaigh an maitheamhnachas fé mar a thug an Slánuightheóir do'n duine bhreóite úd é. "Glac misneach, a mhic. Táid do pheacaí maithte dhuit." Ba shólásach an focal é, ag teacht ó bhéal an tSlán- uightheóra. Gach Críosdaidhe a leigean é féin ar a ghlúinibh i bhfiadhnaise sagairt, chun faoisdine dhéanamh, ba cheart dó an misneach céadna do ghlacadh agus a shúil a bheith aige go láidir leis an sólás céadna. Agus i dtreó go bhfaghadh sé an sólás san, ba cheart dó bheith i gcómhnuighe 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire solus na ngrást a thabhairt dó, i dtreó go bhfeicfeadh sé go soiléir conus a sheasuighean sé i láthair Dé agus cad is ceart dó a dhéanamh, agus conus is ceart dó é dhéanamh. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir an solus san agus an sólás san. Amen.
LV. AN NAOMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.) Is léir d'aoinne, a phobul, ar an gcéad mhachtnamh, cad a chialluigh an bhainfheis sin. Is ionan bainfheis agus an chóisire a deintear nuair a póstar lánmha óg. "Is cosmhail rígheacht neimhe," arsa'n Slánuightheóir, "le fear a bhí 'n-a rígh agus a dhein bainfheis d'á mhac." B'é Dia an rígh a dhein an bhainfheis d'á mhac. B'é an Slánuightheóir féin an Mac. Na Iúdaigh ar dtúis, agus ansan an chine daona go léir, na daoine a fuair an cuireadh. Na fáidhe agus na daoine naomhtha a cuireadh ag triall ar na Iúdaigh chun iad do dh'ollamhughadh do theacht an tSlánuightheóra, go mór mór Naomh Eóin Baiste, b'shiniad na teachtairí do chuir an Rígh ag triall ar an muintir a fuair an cuireadh chun na bainfheise. Níor chuir an mhuintir a fuair cuireadh ar dtúis aon tsuim sa chuireadh. D'imthigheadar chun a ngnótha féin. Ansan do chuir an Rígh seirbhísigh eile ag triall ortha chun tathaint a dhéanamh ortha. Ní raibh aon mhaith ann. Ní thiocfaidís. Dheineadar rud ba mheasa 'ná gan teacht. Do rugadar ar sheirbhísigh an Rígh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigh- eadar iad. Deir aithreacha na h-Eaglaise gur labhair an Slán- uightheóir sa chaint sin ar an gcuma 'n-ar dhiúltuigh na Iúdaigh do'n tSlánuightheóir, agus ar an gcuma 'n-a
rabhadar, i gcómhnuighe riamh, ag tarcuisniughadh agus ag marbhughadh na ndaoine naomhtha a chuireadh Dia chúcha chun cómhairle leasa a n-anama do thabhairt dóibh, go dtí, fé dheire, gur tharcuisnigheadar agus gur chuir- eadar chun báis an Slánuightheóir féin, moladh go deó leis. Deir cuid des na h-aithreachaibh go gcialluighean an chaint ar fheirg an Rígh agus ar na slóightibh armtha agus ar losgadh na catharach, an íde a thug na Rómhánaigh ar chathair Ierúsaleim raint bliadhanta tar éis bháis an tSlánuightheóra. Deir tuille acu go gcialluighean an chaint sin na mílte cuma 'n-a leig- ean Dia trioblóidí agus cruadhtan agus umárd do theacht ar na daoine a thugan faillighe i ngnóthaibh a gcreidimh, mar gheall ar an iomad dúil a bheith acu i i ngnóthaibh an tsaoghail seo. B'fhéidir go gcial- luighean an chaint an dá nídh, an íde a tháinig ar na Iúdaigh mar gheall ar a ndroch ghníomhartha féin, agus 'n-a theannta san, an díbhfeirg a thagan, le leamhnughadh Dé, ar Chríosdaidhthibh, nuair a dheinid siad gníomhartha de'n tsaghas chéadna i gcoinnibh Dé agus i gcoinnibh na h-Eaglaise do chuir an Slánuightheóir ar bun. Tabhair fé ndeara, a phobul, cad a thuit amach nuair a bhí an íde déanta ar an muintir a fuair an cuireadh agus nár tháinig, ach do dhein an easonóir agus an marbhughadh. "Imthighidh amach," arsa'n Rígh, "agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaodhaidh isteach ortha chun na bainfheise." D'imthigh na seirbhísigh agus bhailigheadar isteach na daoine go léir, idir olc agus maith. Ní deacair ciall na cainte sin do thuisgint. Ní thiocfadh an mhuintir a fuair cuireadh ar dtúis, na Iúdaigh. Ansan do glaodhadh isteach an choitchiantacht, na Geinte, an chine daona go léir.
Ansan do thuit rud amach agus ní foláir dúinn é bhreithniughadh agus machtnamh ana dhlúth a dhéanamh air. Bhí na daoine go léir 'n-a suidhe chun bídh agus an tigh lán. Ba mhaith leis an Rígh an chuideachta dh'fheisgint. Tháinig sé isteach. D'fheuch sé 'n-a thímpal ar an gcuideachtain. Ba ghearr go bhfeacaidh sé duine áirighthe ar a measg, duine nár chuir uime an t-éadach ba cheart a bheith uime sar a shuidhfeadh sé sa chuideach- tain sin. Do labhair an Rígh leis. "A chara," ar seisean leis, "conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainfheise umat?" Níor labhair an duine focal. Níor dhein sé aon iaracht ar aon leath-sgéal a thabhairt uaidh. Ní dúbhairt sé, fé mar ba dhóich le duine a dh'fhéadfadh sé a rádh, "Do comáineadh isteach dom' aimhdheóin mé." Ní dúbhairt sé aon nídh dh'á shórd san, mar bhí fhios aige go maith ná béadh an chaint fíor. Bhí fhios aige go dian mhaith nách d'á aimhdheóin a tugadh isteach é, ach gur ar mhaithe leis a tugadh isteach é, agus ná raibh aon bhac i n-aon chor air, dá mba mhaith leis é, é féin d'ollamhughadh sa cheart, culaith na bainfheise do chur uime. Bhí an chulaith ansúd ollamh dó, agus ní raibh le déanamh aige ach í chur uime. Ansan do thuit nídh eile amach, nídh uathbhásach. Dúbhairt an Rígh leis an lucht friothálmha: "Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doir- cheacht atá amuich: áit 'n-a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Chómh fada agus a bhainean an sgéal linn-ne féin anso, a phobul, is féidir dúinn a thuisgint gur b'é Sácraimínt Chorp Críosd an féasta. Díreach mar a chuir seirbhísigh an Rígh fhiachaibh ar na daoine úd go léir teacht isteach chun na bainfheise, tá ceangailte ag an Eaglais ar na Críosdaidhthibh go léir atá tagaithe
i mbliadhantaibh na tuisgiona teacht agus Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh uim Cháisg, gach aon bhliadhain, nó tímpal na Cásga. I dtreó, ámhthach, go ndéanfadh an Críosdaidhe Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh mar is cóir, ní foláir dó bheith ar staid na ngrást. Ní foláir culaith na bainfheise bheith uime aige. An t-é go mbéadh sé de mhí-fhortiún air an Corp Naomhtha do ghlacadh agus gan é ar staid na ngrást, bhéadh peacadh ana sgannramhail déanta aige i gcoinnibh Dé na glóire. Bhéadh an rud céadna déanta aige a dhein na droch dhaoine úd a fuair an cuireadh chun na bainfheise agus do mhairbh na teachtairí. Bhéadh an íde tuillte aige do thuilleadar súd. Bhéadh an rud céadna déanta aige a dhein an fear úd a chuaidh isteach go bainfheis an Rígh agus do shuidh sa chuideachtain uasail, agus gan culaith na bainfheise uime. Bhéadh an cor céadna tuillte aige a dh'órduigh an Rígh a thabhairt ar an bhfear úd. "Ceang- alaidh a chosa agus a lámha," arsa'n Rígh, "agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuich, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Bhéadh an rud déanta aige ar ar cuireadh an ainim chruaidh, bhéadh damnughadh síoruidhe dhó féin ithte aige mar bhiadh. Cuimhnigh ar na neithibh sin, a Chríosdaidhe, nuair a bheidh tú chun Comaoine ghlacadh. Ní'l neart duit fanamhaint siar. Siné a dhein an mhuintir a fuair cuireadh agus nár tháinig, nár bh'fhiú leó ar Mhac an Rígh, ná ar an Rígh féin, teacht chun a bhainfheise. Thugadar tarcuisne agus masladh dhó, agus dhíoladar as. Má dheinean tusa an rud céadna díolfair as chómh maith leó. Ní lúgha 'ná mar atá neart duit teacht gan culaith na bainfheise umat. Cad 'tá agat le déanamh mar sin? Cad a bhéadh agat le déanamh ach dul agus tú féin d'ollamhughadh sa cheart. Dul agus faoisdin
mhaith a dhéanamh. Siné chuirfidh culaith na bainfheise umat. Má dheinean tú faoisdin mhaith beidh tú ar staid na ngrást. Nuair a bheidh tú ar staid na ngrást beidh culaith na bainfheise umat. Ansan ní gádh dhuit aon cheist a bheith ort mar gheall ar dhul sa chuideachtain uasail agus suidhe chun búird 'n-a measg. Beidh míle fáilte rómhat ag an gcuideachtain agus ag an lucht friothálmha, na h-aingil a bheidh mór-thímpal an bhúird ag déanamh gach aon tsaghas friothálmha ar an gcuideachtain, le h-órdughadh an Rígh. Beidh fáilte acu go léir rómhat, agus beidh áthas ortha mar gheall ar bheith ag friothálamh ort. Tiocfaidh an Rígh féin isteach chun feuchaint ar an gcuideachtain. Chífidh sé thusa, agus chífidh sé culaith na bainfheise ort, agus beidh áthas air. Ansan ní bheidh náire ná ceann-fé ná sgann- radh ort roimis an Rígh, mar beidh do ghnó déanta sa cheart agat. Beidh culaith na bainfheise ort, culaith na ngrást, an chulaith uasal, órtha, ghlan, a cheannaigh an Rígh féin duit agus a bhí aige ad' chóir, ag brath air go dtiocfá agus go gcurfá umat í, luath nó mall, agus go dtiocfá isteach sa chuideachtain agus í umat, agus ansan go mbéadh áthas ort féin, agus áthas ar an gcuideachtain, agus áthas ar an Rígh. Ansan ní baoghal duit fearg an Rígh, ná ceangal na lámh agus na gcos, ná an caitheamh amach, ná an doircheacht sgann- ramhail atá amuich, ná an gol nimhneach a leanfaidh ar feadh na síoruidheachta, ná an díosgán fiacal a chuirean i n-iúil géire agus déine na bpian. Beidh tú saor sábhálta uatha san go léir. Tá daoine a déarfadh gur b' ana chruaidh an rud aon duine chur isteach ins na piantaibh sin ar feadh na síoruidheachta. Is fíor dóibh é. Rud ana chruaidh iseadh é. Rud ana uathbhásach iseadh é. Mura mbéadh
gur rud uathbhásach é, mura mbéadh gur mí-ádh thar na beartaibh é, níor ghádh do Mhac Dé, do'n Tarna Pear- sain de'n Tríonóid ró Naomhtha, teacht anuas as na flathais agus nádúr an duine do ghlacadh, agus an Pháis a dh'fhulang agus bás d'fhághail tarnálta ar chrann na croise, chun na cine daona do shaoradh uaidh. Do dhein Mac Dé an méid sin chun sinne do shaoradh ó'n mí-ádh uathbhásach san, ó cheangal na lámh agus na gcos, ó'n gcaitheamh amach sa doircheacht sgannramhail, ó'n ngol nimhneach ná stadfaidh go deó, ó'n ndíosgán fiacal a thaisbeánan déine an phionóis. Cad é an leigheas atá ag Dia na glóire ná ag an Slánuightheóir gléigeal orm-sa má imthighim, le m' thoil mhacánta, agus má chuirim saothar an tSlánuightheóra ar neamh- nídh? Cheannuigh an Slánuightheóir aoibhneas na bhflathas dom. Cad é an tairbhe do'n tSlánuightheóir an ceannach san a bheith déanta aige má imthighim féin agus má dhíolaim an t-aoibhneas san airís? Ní h-é sin féin, ach an t-aoibhneas gur díoladh chómh daor as, do sgaoileadh uaim ar shuarachas éigin gan mhaith gan tairbhe; ar phléisiúr éigin, b'fhéidir, a bhíon imthighthe sar a mblaistear é, nách mór; ar shaidhbhreas saoghalta; ar dhúil i n-ól; ar dhúil i gcuid mo chómharsan; ar shásamh mo dhroch intinne le rún díoghaltais; ar aon nídh des na neithibh a mheallan aigne an duine ar an saoghal so. Má sgaraim ar an gcuma san leis an rud a cheannaigh an Slánuightheóir dom, conus is féidir dom an rud san do choimeád agus é bheith agam? Agus mura mbeidh sé agam conus is féidir dom a thoradh agus a thairbhe bheith agam? Ní'l aon nídh eile, ar an saoghal so ná ar an saoghal eile, chun mé shaoradh ó'n ndoircheacht úd, agus ó cheangal na lámh agus na gcos, agus ó'n ngol, ó phiantaibh síoruidhe ifrinn, ach toradh saothair
an tSlánuightheóra. Má chaithim uaim le m'thoil mhacánta toradh an tsaothair sin, cad é an leigheas atá ag aoinne orm? Ar neóin, ní h-amhlaidh a mheasfadh aon duine a rádh gur cheart aoibhneas na bhflathas a thabhairt do dhuine nár iar riamh é, dáiríribh, nár chuir aon tsuim riamh ann, dáiríribh, ach do chaith a shaoghal ag déanamh peacaí, ag sásamh a thoile féin, ag gabháil do chosaibh i ngrásta Dé ar gach aon tsaghas cuma, agus ansan do gheibhean bás agus do théighean i láthair Dé gan aon aithrighe dhéanamh. Ní'l aon duine is túisge a dh'admhóchaidh ná fuil ceart ná teidiol aige cun aoibhnis na bhflathas 'ná an duine sin féin. "Conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainfheise umat?" arsa'n Rígh. "Agus níor labhair seisean focal." Níor labhair mar ní raibh aon fhocal aige le labhairt. "Ceangalaidh a lámha agus a chosa," arsa'n Rígh, "agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuich, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Níor labhair an duine féin focal. Níor iar sé trócaire. Níor labhair aoinne d'á raibh láithreach focal i n-a fhabhar. Cad 'n-a thaobh? Mar bhí fhios agá raibh láithreach, agus bhí fhios aige féin é níos fearr 'ná mar a bhí fhios ag aoinne acu é, go raibh sé tar éis trócaire Dé chaitheamh uaidh le n-a thoil mhacánta féin. Níor tháinig an sgéal a gan fhios air i n-aon chor. Bhí fhios aige go maith nár tháinig. Do tugadh breith damanta air agus d'admhuigh sé féin go raibh an bhreith lán-cheart. Bhí fhios aige ná tabharfaí an bhreith sin air mura mbéadh é féin. Bhí fhios aige go raibh ceangailte air, i n-onóir do'n Rígh, agus i n-onóir do Mhac an Rígh, culaith na bainfheise chur uime. Bhí fhios aige, leis, gur le h-easonóir do'n Rígh agus do Mhac an Righ nár chuir sé an chulaith uime. Bhí fhios aige
cad a thiocfadh as dó. Níor tháinig aon nídh a gan fhios air. Ar an gcuma gcéadna san díreach atá an sgéal againn go léir, a Chríosdaidhthe. Tá fios aitheanta ár gCreidimh againn. D'fhoghlumuigheamair an Teagasg Críosdaidhe. Tá fhios againn go bhfuil ceang- ailte orainn Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh uim Cháisg nó tímpal na Cásga. Agus tá fhios againn gur ceart d'aon Chríosdaidhe go bhfuil grádh Dé agus dílse creidimh 'n-a chroidhe, Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh níos minicighe go mór 'ná uair sa mbliadhain; 'seadh, agus níos minicighe 'ná dhá uair sa mbliadhain. Tá fhios againn go maith, leis, chun go nglacfaimís Corp Naomhtha an Tighearna mar is cóir, nách foláir bheith ar staid na ngrást; agus chun bheith ar staid na ngrást nách foláir faoisdin mhaith a dhéanamh. Tá congnamh ó ghrásta riachtanach dúinn chun faoisdin mhaith a dhéanamh. Ní baoghal go dteipfidh an congnamh san orainn má loirgimíd é. Má dheinimíd an gnó ar an gcuma san beidh culaith na bainfheise umainn agus ní baoghal dúinn an bhreith damanta. Go dtugaidh ár Slánuightheóir Íosa Críosd dúinn, tré neart a pháise agus a chroise naomhtha, agus tré impidhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, dul ó'n mbreith sin. Amen.
LVI. AN FICHMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Eóin 4.) Is dócha, a phobul, gur b'é céad smuíneamh a thiocfadh chun aigne aon duine, tar éis an tSoisgéil sin d'aireachtaint, 'ná a dh'fhiafraighe dhé féin cad 'n-a thaobh go ndúbhairt ár Slánuightheóir an focal úd leis an nduine uasal a tháinig agus d'iar air dul agus a mhac do leigheas. "Mura bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantaí," arsa'n Slánuightheóir leis, "ní chreidean sibh." Cad 'n-a thaobh go ndúbhairt an Slánuightheóir an focal san leis an nduine? Ar nóin, mura mbéadh go raibh an creideamh aige ní thiocfadh sé i n-aon chor. Cuirean Naomh Gregorí an cheist chéadna san, agus sidé an freagra a thugan sé féin ar an gceist. Bhí, adeir Gregorí, iaracht de'n chreideamh aige, ach ní raibh an creideamh aige sa n-iomláine. Dá mbéadh an creideamh aige sa n-iomláine ní iarfadh sé ar an Slán- uightheóir dul leis síos chun a thíghe chun an leighis a dhéanamh. Bhéadh fhios aige nár ghádh dhó coruighe as an áit 'n-a raibh sé. Go bhféadfadh sé an leigheas a dhéanamh le gníomh toile. "Tar anuas," ar seisean, "agus leighis mo mhac. Tá sé ag dul chun báis." Ní h-amhlaidh adúbhairt sé, mar adúbhairt an fear eile úd, "Ní fiú mé go dtiocfá fé m' dhíon. Abair an focal agus beidh mo mhac slán." Ansan, nuair a dhein an Slánuightheóir an gearán ar an easba creidimh, dúbhairt an duine
uasal, "A Thighearna, tar anuas sar a bhfaighidh mo mhac bás." Dá mbéadh an creideamh ceart aige bhéadh fhios aige dá mbéadh an mac tar éis bháis féin go raibh ar chumas an tSlánuightheóra é thógaint ó'n mbás. Ach do dheabhróchadh an sgéal go dtáinig breis creidimh chuige fé dheire. Is dócha gur thug an Slánuightheóir, d'á ghrástaibh, an creideamh dó. Mar nuair a dúbhairt an Slánuightheóir leis imtheacht abhaile, go raibh a mhac leighiste, do chreid sé an focal agus d'imthigh sé láithreach. Sa n-am gcéadna, ámhthach, ba dhóich le duine air ná raibh sé ar fad sásta. Nuair a bhí sé ag teacht i gcómhgar do'n bhaile do bhuail cuid d'á sheirbhíseachaibh uime agus d'innseadar dó go raibh a mhac leighiste. Dá mbéadh an creideamh sa n-iomláine aige an uair sin ní chuirfeadh an sgéal san aon iongnadh air. Déar- fadh sé leó, "Tá go maith. Bhí fhios agam féin an méid sin"; agus ní dhéanfadh sé a thuille sgrúdúcháin ar an sgéal. Ach do dhein sé an sgrúdúchán. Dúbhairt sé leó a dh'innsint dó go cruinn cad é an tráth 'n-a dtáinig an mac chuige féin. D'innseadar dó é go cruinn. Ansan do fuair sé amach gur bh'é uair a tháinig an buachaill chuige féin, díreach nuair adúbhairt an Slánuightheóir an focal, "Imthigh leat abhaile. Tá do mhac leighiste." Ansan do thuig sé gur bh'é an Slánuightheóir do leighis an mac, agus gur leighis sé é gan teacht 'n-a ghoire i n-aon chor. Gur leighis sé é gan a dhéanamh chun an leighis ach gníomh toile. Ansan do chreid an duine uasal agus a theaghlach go léir. Bhí fhios aige ansan gur bh'é Dia a dhein an leigheas, mar nár bh'fhéidir d'aon chómhacht eile ach do chómhacht Dé leigheas de'n tsórd san a dhéanamh le gníomh a thoile.
Is ceart dúinne, a phobul, machtnamh go dlúth ar an méid sin. Chun go ndéanfaimís machtnamh air iseadh chuirean an Eaglais os ár gcómhair é. Tá cúis a dóithin ag an Eaglais le h-é chur os ár gcómhair agus le n' iaraidh orainn machtnamh a dhéanamh air. Tá fhios aici go maith go n-oirean an machtnamh san dúinn, agus má dheinimíd é go ndéanfaidh sé tairbhe dhúinn, agus nách tairbhe suarach é. Is dócha gur dóich linn féin go bhfuil iomláine an chreidimh againn. Má dheinimíd an machtnamh ceart ar an sgéal agus má bhreithnighmíd i gceart é, b'fhéidir go bhfaighmís amach go bhfuil ar ár gcreideamh, nó go mbíon uaireanta pé'r domhan é, a lán de'n easnamh céadna a bhí ar chreideamh an duine uasail úd. Fiafraighmís an méid seo dhínn féin. Nuair a thagan trioblóidí an tsaoghail orainn, an mbíon an mhainíghin cheart as Dia againn? Chonacamair i Soisgéal eile conus mar a chas an Slánuightheóir le n-a dheisgiobuil ná raibh an mhainíghin as Dia acu ba cheart dóibh a bheith acu, agus dá mbéadh, ná béadh an saoghal so ag dhéanamh oiread buartha dhóibh. Thaisbeáin sé dhóibh go soiléir cad é an chúis gur cheart dóibh an mhainíghin sin a bheith acu as Dia. Thug sé an chúis dóibh ar dhá chuma. Ar dtúis; ní'l ar chumas an duine aon nídh a dhéanamh ach le congnamh ó Dhia. Pé machtnamh a dhéanfadh duine i n'aigne air ní fhéadfadh sé é féin a dhéanamh troigh níos aoírde 'ná mar atá sé. Ní'l aon tseó ach a luighead is féidir do'n duine a dhéanamh as a chómhacht féin. Agus feuch. Is dóich leis féin go bhfuil ana chómhacht aige, gur beag má tá aon teóra le n-a bhfuil ar a chumas. 'Seadh; agus nuair is dóich leis go bhfuil an saoghal aige d'á iompáil taobh síos suas, d'fhéadfadh puth gaoithe é chur ar fleasg a
dhroma, agus isteach sa chómhrainn, b'féidir. Gan lámh Dé bheith ag cabhrughadh leis an nduine ní'l ar a chumas aon rud i n-aon chor a dhéanamh. Ba cheart d'á bhrígh sin do'n duine, pé gnó atá ar siúbhal aige, pé trioblóidí saoghalta atá ag imirt air, greim a choimeád i gcómhnuighe ar láimh Dé, a mhainíghin a bheith aige as Dia coitchianta, greim a choimeád ar láimh Dé i lár na dtrioblóidí go léir. Má choimeádan sé an greim sin ar láimh Dé, tá fhios ag an saoghal gur fearr a chuirfidh sé dhé na trioblóidí 'ná mar a chuir- fidh sé dhé iad má bhíon sé a d'iaraidh gabháil tríotha gan cuimhneamh i n-aon chor ar Dhia. Agus feuch gur 'mó Críosdaidhe a bhíon ag briseadh a chroídhe le trioblóidibh an tsaoghail ó mhaidin go h-oídhche, agus ó Luan go Satharn, agus ó cheann ceann de'n bhliadhain, agus ná cuimh- nighean choídhche ar ghreim a bhreith ar láimh Dé, i lár na dtrioblóidí, agus ar an ngreim a choimeád go dain- gean! Cad fé ndear é sin, a phobul? 'Néosfad-sa dhaoibh cad fé ndear é. Easba creidimh fé ndear é. Dá mbéadh an creideamh ceart ag duine is ar Dhia a chuimhneóchadh sé ar dtúis chómh luath agus thiocfadh aon tsaghas trioblóide air. Ach nuair ná bíon an creideamh ceart aige is ar a ghustal féin a chuimhnighean sé nuair a thagan an trioblóid air, agus d'á thruime an trioblóid iseadh is deacra dhó cuimhneamh ar Dhia, mar ní leigean an trioblóid dó cuimhneamh ar Dhia. An t-é go mbéadh an creideamh ceart aige, is amhlaidh a chuirfeadh an trioblóid fhiachaibh air cuimhneamh ar Dhia, i n-inead é chosg ar chuimhneamh ar Dhia. Ar an gcuma san, an t-é go mbíon an creideamh ceart aige, is amhlaidh a dheinid trioblóidí an tsaoghail seo é tharang
níos mó chun Dé. Tá fhios aige go maith gur ar Dhia atá a sheasamh agus nách ar a neart féin ná ar a ghustal féin, agus d'á bhrígh sin iompuighean a chroídhe agus a aigne chun Dé láithreach chómh luath agus thagan an triob- lóid. Iaran sé ar Dhia na glóire lámh a shíneadh chuige. Beirean sé greim daingean ar láimh Dé, agus d'á ghéire an trioblóid iseadh is daingine choimeádan sé an greim ar láimh Dé. Thug an Slánuightheóir, an uair chéadna, cúis eile dos na deisgiobuil chun a mainíghne do chur as Dia ar fad. Thug sé mór-mhaitheas Dé mar chúis dóibh chuige. Chuir sé i gcuimhne dhóibh conus mar a thugan Dia, d'á mhór- mhaitheas, aire dos na h-éanlaithe, agus conus mar a chuirean sé órnáid ar bhláthanaibh an bháin, conus mar a thugan sé gach aon tsaghas aireachais do gach nídh d'ár chruthuigh sé, beag agus mór, uasal agus íseal. Gur mó go mór le rádh an duine 'ná aon nídh eile d'ár chruthuigh Dia ar an saoghal so. D'á bhrígh sin gur mó go mór an t-aireachas atá ag Dia 'á thabhairt coit- chianta do'n duine 'ná d'aon nídh eile ar bith. Raghaidh gach nídh eile d'ár chruthuigh Dia ar an saoghal so, ar neamhnídh. Mairfidh an duine ar feadh na síoruidh- eachta. Má tá mór-mhaitheas Dé chómh fial san le neithibh a raghaidh ar neamhnídh, conus fhéadfadh sé gan bheith fial leis an nduine, a mhairfidh go síoruidhe? Ach an t-é ná bíon an creideamh láidir aige ní chuimhnighean sé air sin. Bíon an saoghal ag gabháil 'n-a choinnibh. Ní túisge, b'fhéidir, a bhíon trioblóid curtha dhé aige 'ná mar a thagan dhá thrioblóid i n-a inead air, agus gach trioblóid acu níos truime 'ná an trioblóid atá curtha dhé aige. Ach ní chuimhnighean sé ar mhór-mhaitheas Dé. Duine macánta iseadh é, b'fhéidir. Croman sé a cheann agus fuilingean sé an trioblóid. Ach pé cúis
é, fágan sé ansan an sgéal. Ní chuimhnighean sé ar mhór-mhaitheas Dé. Ní chuimhnighean sé go mb'fhéidir go bhfuil a chúis féin ag Dia na glóire chun na dtriob- lóidí sin a thabhairt dó le fulang. Ní foláir do mhór- mhaitheas Dé an nídh a thabhairt dúinn a dhéanfaidh tairbhe dhúinn, agus ná déanfaidh díobháil dúinn. Ní thiocfadh sé isteach i n-aon chor le mór-mhaitheas Dé an rud a thaithnfeadh linn féin do tabhairt dúinn ar an saoghal so, dá ndéanfadh an rud san díobháil dúinn i gcóir an tsaoghail eile. D'á bhrígh sin, seo rud nách ceart d'aon Chríosdaidhe aon mhearbhall a bheith air 'n-a thaobh. Ní féidir do'n duine aon tsaghas trioblóide theacht air ach le toil Dé. Gan amhras tagaid na triob- lóidí ó dhuine eile go minic. Ní thiocfaidís dá mba thoil le Dia iad do chosg. Le toil Dé iseadh thagan an uile shaghas trioblóide ar an nduine. Ach níor chuir Dia riamh aon trioblóid ar dhuine ar an saoghal so ach ar mhaithe leis an nduine sin. Má chuimhnighean an Críosdaidhe ar an méid sin, i gceart, cad is dóich leat a thuitfidh amach dó? Sidé a thuitfidh amach dó. Las- faidh an machtnamh san grádh do Dhia i gcroídhe an duine sin i dtreó gur b' ar éigin a mhothóchaidh sé an triob- lóid i n-aon cor. Labharfaidh grásta Dé i gcroídhe an duine sin. Tabharfaidh grádh Dé cogar dó, agus seo mar a dhéarfaidh Dia leis sa chogar san. "Tá sé raint cruaidh. Ach dein é dh'fhulang ar mo shon-sa." An Críosdaidhe a dh'aireóchaidh an cogar san ó Dhia istigh 'n-a chroídhe, d'fhuilingeóchadh sé oiread eile dá n-iartí air é sa chogar chéadna. Siné an creideamh ceart. Siné an creideamh a bhí ag an Slánuightheóir d'á lorg nuair adúbhairt sé leis an nduine uasal úd n-a raibh a mhac ag dul chun báis; "Mura bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantaí ní
chreidean sibh." Siné an creideamh a bhíon i n-easnamh orainne nuair a thagan trioblóidí an tsaoghail orainn agus ná cuimhnighmíd ar mhór-mhaitheas Dé, ná ar mhór- chómhacht Dé, ná ar an bhfírinne sin, gur ar mhaithe linn a thugan Dia trioblóidí dhúinn le fulang ar an saoghal so. Gur le grádh dhó féin is maith leis a dh'fhuiling- eóchaimís iad. Agus ansan go bhfuil an tsíoruidheacht aige chun luacht ár saothair a thabhairt dúiun. Agus feuch ar an dtaobh so de'n sgéal. Má chíon Dia gur b'é leas ár n-anama na trioblóidí chur chúghainn ar an saoghal so cuirfidh sé chúghainn iad. Má chíon Dia gur díobháil agus aimhleas anama a dhéanfadh sólás an tsaoghail seo dhúinn tabharfaidh sé, tré n-a mhór-mhaitheas féin, togha aireachais gan an sólás do leigint chúghainn. Ansan caithfimíd an trioblóid a dh'fhulang. Ní'l aon dul uaidh againn. Nách leamh an obair dúinn gan an rud a dhéanamh is fearr a thaithnfeadh le Dia agus is mó a bhainfeadh an teinneas as an dtrioblóid agus, sa n-am gcéadna, is fearr a thuillfeadh luacht saothair dúinn féin ar ball? Easba creidimh, is dócha, fé ndeara dhúinn gan cuimhneamh air sin, leis. Chun go gcuimhneóchaimís ar na neithibh sin go léir, a phobul, iseadh chuirean an Eaglais i n-ár láthair an gearán san a dhein ár Slánuightheóir ar easba creidimh. Is ceart dúinn intinn agus aigne na h-Eaglaise do bhreithniughadh agus do thuisgint. Cuimhneamh orainn féin. Feuchaint chúghainn féin. Ár gcroídhe agus ár n-aigne do thógaint suas ó'n saoghal so agus ó thrioblóidibh an tsaoghail seo agus ó shólás an tsaoghail seo. Greim a bhreith ar láimh Dé, agus an greim a choimeád. Ár mainíghin a bheith as Dia againn ar fad. Trioblóidí an tsaoghail do ghabháil le n-ais agus
d'fhulang le grádh do Dhia, agus ansan, deimhne dhéanamh dé go dtabharfaidh Dia ár dtuasasdal go maith dhúinn ar an saoghal eile. Go dtugaidh Dia d'á ghrástaibh dúinn, tré impidhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, an tuaras- dal san do thuilleamh agus d'fhághail. Amen. LVII. AN t-AONMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 18.) Is ró fhuiriste a dh'fheisgint, a phobul, go gcialluighean an fear a bhí 'n-a rígh, sa tSoisgéal san, go gcial- luighean sé Dia na glóire féin, moladh go deó leis. Ansan, cialluighean socarughadh na gcúntaisí an rud a múineadh dúinn go léir nuair a dh'fhoghlumuigheamair ár dTeagasg Críosdaidhe, gach focal díomhaoin a labharfaidh an duine go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ann lá an bhreitheamhantais. Ach tabhair fé ndeara cad a thuit amach. Do tugadh i láthair an rígh duine go raibh an cúntas ana mhór 'n-a choinnibh. Deich míle talant. Fiacha a bhí ana throm. Fiacha nár bh'fhéidir do'n duine a dhíol go deó. Siné díreach an chuma 'n-a raibh an sgéal ag an nduine i láthair Dé mura mbéadh teacht an tSlánuightheóra. Bhí ar chumas an duine an peacadh dhéanamh, ach ní raibh ar a chumas sásamh a thabhairt do cheart Dé sa pheacadh. Níor bh'fhéidir d'aoinne ach do'n tSlánuightheóir an sásamh
san a thabhairt do cheart Dé. D'fhéadfadh duine peacadh dhéanamh i n-aghaidh Dé, ach ní'l ar a chumas, as a ghustal féin, aon leór-ghníomh a dhéanamh le Dia sa pheacadh san. Is féidir do dhuine, anois, dul agus faoisdin a dhéanamh, agus cathughadh bheith air mar gheall ar a pheacaibh, agus asbolóid fhághail agus maitheamhnachas fhághail ins na peacaibh. Ach má 'seadh, is tré mhór-luacht bháis an tSlánuightheóra do dhul chun sochair d'á anam i Sácraimínt na h-Aithrighe a gheibhean sé an maitheamhnachas san. Ach cuir an méid seo i gcás. Cuir i gcás ná tiocfadh an Slánuightheóir i n-aon chor, agus ná béadh sé le teacht, conus a bhéadh an sgéal againn? Seo mar a bhéadh an sgéal againn. Bhéadh ar chumas an duine an peacadh dhéanamh, díreach mar atá anois, díreach mar a bheidh go deó an fhaid a bheidh saor-thoil ag an nduine. Ansan, dá dtagadh cathughadh ar an nduine sin mar gheall ar an bpeacadh san, ní fhéadfadh an cathughadh san aon mhaitheamh- nachas a dh'fhághail dó sa pheacadh san. Breithnigh an méid sin, agus chífir gur fíor é. Ní féidir do dhuine fiacha dhíol gan an t-airgead a bheith aige, nó luacht an airgid. Is féidir fiacha do chur suas gan airgead, ach ní féidir iad do thabhairt anuas gan airgead. D'fhéadfadh duine an t-anam a bhaint a' duine eile. Tá ar chumas duine an gníomh san do dhéanamh. Ní'l ar a chumas, ámhthach, an t-anam do chur thar n-ais sa duine sin. Ní'l ar chumas aoinne é sin a dhéanamh ach ar chumas an t-É a chuir an t-anam ar dtúis sa duine sin. Tá fhios againn cad a thuitean amach, uaireanta, nuair a dheinean duine dúnmharbhadh. Nuair a bhíon an gníomh déanta, agus nuair a chíon sé, sínte ansúd, gan anam, os a chómhair, an duine do mhairbh sé, tagan a leithéid sin de bhrón agus de bhuile aithreachais air, a leithéid sin de chathughadh mar gheall ar an ngníomh, go
dtabharfadh sé an saoghal go léir, dá mba leis é, ar an nduine sin a dh'fheisgint beó airís. Ach pé buairt a bhéadh air, ná pé brón a bhéadh air, dá mbéadh sé ag sile deór le neart buartha go dtí go leaghfadh na súile amach as a cheann, ní fhéadfadh sé an t-anam do chur airís isteach sa chorp mharbh san. Ar an gcuma gcéadna díreach, tá ar chumas an duine, le n-a thoil mhacánta, an peacadh dhéanamh, ach ansan, nuair a bhíon an peacadh déanta, ní'l ar chumas an duine, as a ghustal féin, dá mbéadh sé ag déanamh aithrighe ar feadh míle bliadhan, an peacadh san a bhaint d'á anam. Tá ar a chumas é féin a chur ar staid an pheacaidh, ach ní'l ar a chumas, as a ghustal féin, teacht airís ar staid na ngrást. Nuair a dheinean sé an peacadh cuirean sé é féin ar staid an pheacaidh. Tá sé, ansan, díreach sa chás 'n-a raibh an duine úd go raibh na fiacha móra go léir air agus ná raibh aon bhreith aige ar iad do dhíol. Soluíd iseadh an seirbhíseach san ar an nduine, nuair a bhíon an duine ar staid an pheacaidh. Breithnigh anois go cruinn an rud a thuit amach. Is rud é is ceart do gach aon Chríosdaidhe a bhreithniughadh go cruinn, mar bainean sé go dlúth le gach aon Chríosdaidhe atá beó ar an saoghal. Ní raibh aon bhreith, fé bhun Dé ar an dtalamh so, ag an seirbhíseach san ar na fiacha móra do dhíol. Níor bh'fholáir, do réir chirt dlíghe, é féin agus gach ar bhain leis do dhíol, mar gheall ar na fiacha. Ar an gcuma gcéadna, nuair a bhíon fiacha móra an pheacaidh ar an nduine, ní bhíon aon bhreith aige, as a ghustal féin, ar na fiacha dhíol, agus d'á bhrígh sin ní foláir, do réir chirt dlíghe, é féin do dhíol, 'sé sin breith damanta thabhairt air. Ach cad a thuit amach do'n tseirbhíseach? Chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair an rígh, agus d'iar sé ar an rígh
foidhneamh leis, agus go ndíolfadh sé na fiacha ach aimsir a thabhairt dó. Tháinig truagh ag an rígh dhó, agus mhaith sé na fiacha móra dhó agus do sgaoil sé chun siúbhail é. D'imthigh an seirbhíseach san amach agus é lán d'áthas. Do casadh air cómharsa dhó, cómh- sheirbhíseach. Bhí airgead éigin suarach aige ar an gcómh-sheirbhíseach, raint pinginí. D'iar sé an raint pinginí ar an gcómh-sheirbhíseach. Do thárla ná rabhadar aige i láthair na h-uaire sin. Do rug an fear eile ar sgórnaigh air. "Díol liom na fiacha atá agam ort!" ar seisean agus é 'ghá thachtadh. "Bíodh foidhne agat," arsa'n duine. "Tabhair aimsir dom, agus díolfad na fiacha leat." Ní thabharfadh. Do chuir sé an dlígh i bhfeidhm ar an nduine agus chuir sé isteach sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiacha. Ní dócha go bhfuil aon Chríosdaidhe beó a dh'airigh an méid sin gnótha riamh, d'á léigheadh do phobul amach a' Soisgéal an lae indiu, ná tabharfadh suas do'n tseir- bhíseach san é gur bhuaidh a ghníomh ar ar deineadh riamh de ghníomharthaibh spriúnlaithe, malluighthe, caillte. B'fhéidir go bhfuil Críosdaidhthe a mheasfadh nár dhein aoinne riamh é dáiríribh. Nár bh'fhéidir aon duine dh'fhághail a bhéadh chómh folamh ar fad ó aon phioc de'n daonacht ba cheart a bheith sa t-é is measa shiúbhlaigh talamh riamh, ach gur dhuine é. Tá dearmhad ortha. Rud ab eadh é do thuit amach, dáiríribh, i bpáirt éigin de'n domhan, tímpal aimsire an tSlánuightheóra, nó roimis. Do chonaic an Slánuightheóir é, mar chíon Dia gach uile nídh. Ansan, d'inis an Slánuightheóir é d'á dheisgiobulaibh mar sholuíd ar an dteagasg a theas- tuigh uaidh a thabhairt dóibh. Ansan, do thóg an Eaglais an sgéal agus chuir sí ansan isteach é, i Leabhar an Aifrinn, i dtreó go bhfanfadh sé ann agus go
léighfí amach é dos na Críosdaidhthibh ar fuid an domhain, i gcómhnuighe, nuair a thiocfadh an Domhnach so sa tímpal. Do deineadh an gníomh, i n-áit éigin, agus d'inis an Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh é, agus innsean an Eaglais dúinne é; agus isí céad cheist eile atá againn le cur chúghainn féin, a phobul, i dtaobh an ghnímh sin a dhein an seirbhíseach malluighthe le n-a chómh-sheirbhíseach, 'ná so. Cad chuige gur inis an Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh é? Nó cad chuige go n-innsean an Eaglais dúinne é? Sidé cúis, a phobul, gur inis an Slánuightheóir d'á deisgiobulaibh é, agus go n-innsean an Eaglais dúinne é. Mar do bhain an sgéal go dlúth leis na deisgiobuil, agus bainean an sgéal linne chómh dlúth díreach agus do bhain sé leis na deisgiobuil. B'fhéidir gur dóich linn ná béadh aon bhaoghal go ndéanfadh aoinne againn féin, pé rud a bhéadh le h-imtheacht air, beart chómh grána leis an mbeart úd a dhein an seirbhíseach úd gur maitheadh na fiacha móra dhó. Feuchaimís isteach sa sgéal san. Bhí an gníomh a dhein sé siúd grána go maith gan amhras, ach conus a bheidh an sgéal againn má chítear, i láthair Dé, go bhfuil Críosdaidhthe le fághail a dheinean, agus nách go h-anamh é, ach go minic, gníomh atá níos measa go mór, níos gráinne go mór, níos malluighthe go mór, 'ná an gníomh a dhein sé siúd. Fiacha saoghalta, fiacha airgid, ab eadh na fiacha móra do mhaith an rígh do'n tseirbhíseach úd. Ar an gcuma gcéadna, fiacha saoghalta, fiacha airgid, ab eadh na fiacha suaracha ná maithfeadh an seirbhíseach d'á chómh- sheirbhíseach. B'shiní an tsoluíd. Na fiacha móra saoghalta a bhí ag an rígh úd ar an seirbhíseach, ba sholuíd iad ar na fiacha spioraideálta a bhíon ag Rígh na
Glóire ar an nduine nuair a bhíon an duine ar staid an pheacaidh. Pé méid a bhí ins na fiacha saoghalta, ba mhó na fiacha spioraideálta 'ná iad, gan aon chom- órtas. D'á bhrígh sin, nuair a mhaithean Dia na glóire an peacadh do'n duine maithean sé dhó fiacha atá, gan chomórtas, níos mó agus níos truime 'ná na fiacha airgid do maitheadh do'n tseirbhíseach úd. Maithean Dia na glóire na fiacha spioraideálta san do gach aon Chríosdaidhe gach aon uair a dheinean an Críosdaidhe aithrighe agus faoisdin, agus a tugtar asbolóid dó. Ansan, tagan an Críosdaidhe sin abhaile, agus ráinighean go ndeinean cómharsa éigin droch ghníomh éigin air, rud éigin nách ceart i n-aon chor do'n chómharsa san a dhéanamh. Ochón! Eirighean an Críosdaidhe sin láith- reach ar dearg-bhuile. Lasan a chroídhe le feirg. Tagan fuath fíochmhar aige do'n chómharsain sin a dhein, dar leis, a leithéid do dhroch ghníomh air. Ní mhaithfidh sé choídhche dhó é! Ní ceart i n-aon chor a iaraidh air é mhaitheamh dó. "Ó, a Athair," adeir sé, "ná h-iar orm é mhaitheamh dó! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó! Dá mairinn míle bliadhan ní mhaithfidh mé dhó é! An rógaire fill a dhein a leithéid de ghníomh orm, gan chúis gan adhbhar, agus nách é a bhí tuillte agam uaidh ach a mhalairt, a mhalairt ar gach aon tsaghas cuma. Ní mhaithfidh mé choídhche dhó é! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó!" Cad tá le rádh leis an saghas san cainte, a phobul? Is mó agus is truime go mór na fiacha atá maithte, agus ní h-aon uair amháin é, ag Dia na glóire do'n Chríosdaidhe sin 'ná an deich míle talant a mhaith an rígh sa tSoisgéal do'n tseirbhíseach mhalluighthe úd, agus siné an Críosdaidhe ag déanamh an ghnímh chéadna díreach a dhein an seirbhíseach malluighthe. Tugaimís feuchaint bheag eile ar conus a thuit amach do'n
tseirbhíseach mhalluighthe. Chonaic na cómh-sheirbhísigh eile cad a bhí déanta aige. Tháinig seirbhthean ana mhór ortha, nídh nár bh'iongnadh. D'innseadar do'n rígh cad a dhein an fear. Thainig fearg ar an rígh. Chuir sé fios ar an seirbhíseach malluighthe sin. Do tugadh 'n-a láthair é. "A sheirbhísigh mhalluighthe," ar seisean leis, "do mhaitheas-sa dhuit-se na fiacha móra nuair a dh'iarais orm é. Nár chóir duit-se truagh bheith agat do d' chómh-sheirbhíseach fé mar a bhí truagh agam-sa dhuit-se?" Meághaigh an chaint sin, a Chríosdaidhe ná féadfadh an droch nídh a dhein do chómharsa ort a mhaitheamh dó. Breithnigh an chaint sin agus feuch isteach inti. Cad é an saghas aigne is dóich leat a bhí ag an seirbhíseach malluighthe úd nuair airigh sé an chaint sin ag teacht a' béal an rígh? Cad é an saghas aigne a bheidh agat-sa, a Chríosdaidhe mhalluighthe, mhí-fhortiúnaigh, nuair a thiocfaidh an chaint chéadna díreach chúghat ó bhéal an tSlánuightheóra, ó bhéal an Bhreithimh, ó bhéal an Rígh? Ansan iseadh thiocfaidh an sgeón agus an sgeit agus an creathán ionat. Ansan iseadh thiocfaidh an fásgadh ar do chroídhe. Ansan iseadh thuigfir ad' aigne gur bh'fhusa dhuit maitheamh míle uair do d' chómharsain, pé díobháil a dhein sé ort, 'ná aghaidh a thabhairt ar an gcaint sin a' béal an Bhreithimh. Ach beidh ort aghaidh a thabhairt ar rud a bheidh níosa mheasa 'ná an chaint. "Agus do tugadh suas dos na céasdóiribh é go ndíolfadh sé na fiacha go léir." Cad é an brígh atá leis an gcaint sin? Cathain a dhíolfadh sé na fiacha go léir? Ní raibh aon bhreith aige ar iad do dhíol i n-aon chor. 'Sé sin le rádh, ní raibh aon bhreith choídhche aige ar fhuasgailt ós na céasdóiribh, 'sé sin, ó phiantaibh síoruidhe ifrinn. Ba chruaidh an cás é. Ach feuch ar an rud a bhí déanta
aige. Ba chruaidh an cás é. Ach nár chruaidh an gníomh a thuill é? Cé fhéadfadh labhairt i bpáirt an tseir- bhísigh mhalluighthe sin? Is grána an nídh é chun machtnaimh air. Chuirfeadh sé teinneas croídhe ar dhuine bheith ag machtnamh abhfad air. Ach seo mar a chríochnuigh an Slánuightheóir an chaint d'á dheisgiobulaibh. "Sin mar a dhéanfaidh m'Athair-se, atá ins na flathais, libh-se é, mura maithfidh gach duine agaibh d'á bhráthair ó nbhúr gcroídhthibh." Ní'l aon dul ó'n gcaint sin. Is é an Slánuightheóir do labhair í. Aon Chríosdaidhe ná tabharfaidh maith- eamhnachas d'á chómharsain, is cuma cad é an droch ghníomh a dhein an chómharsa air, agus ná tabharfaidh an maitheamhnachas san do'n chómharsain sin ó n-a chroídhe, go fírinneach agus go h-iomlán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar an gcaint sin. "Ó! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó!" An bhféadfair aghaidh a thabhairt ar an gcaint sin? Go dtugaidh an Slánuightheóir a ghrásta dhúinn chun a rádh ó chroídhe: "Maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithi- míd-ne do chách." Amen. LVIII. AN TARNA DOMHNACHAR FHICHID TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.) Is dócha, a phobul, gur b'anamh le fághail, má tá le fághail i n-aon chor, feall chómh diablaidhe leis an bhfeall san a cheap na Fairisínigh a dhéanamh ar an Slán-
uightheóir, mar a léightear sa tSoisgéal san. Bhí fuath acu do Chaesar. B'é Ímpire na Rómhánach é. Bhí na Iúdaigh fé smacht na Rómhánach agus bhí fuath nimhneach acu dos na Rómhánaigh. Duine d'á náisiún féin ab eadh an Slánuightheóir. Bhí sé tar éis mórán maitheasa dhéanamh do'n phoibilidheacht agus do dhaoinibh fé leith. Ach bhí fuath ag na Fairisínigh dó. Níor thaithn sé leó. Mar gheall ar an bhfuath a bhí acu dhó, dheineadar úsáid ghrána de chómhacht na Rómhánach, de chómhacht a namhad féin, chun díobhála dhéanamh dó, dar leó. Tabhair fé ndeara an ghastacht, agus ansan tabhair fé ndeara an spriúnlaitheacht, a bhí sa bhfeall a bhí ar aigne acu. Thánadar chuige agus fínnithe acu, cuid de mhuintir Heróid, cuid de mhuintir an fhir a bhí 'n-a rígh ortha fé Ímpire na Rómhánach, i dtreó go bhféadfadh na fínnithe sin a dh'innsint do Heród cad é an freagra thabharfadh Íosa ar an gceist a bhí acu le cur chuige. Thánadar 'n-a láthair agus do labhradar leis go h-ana uramamhail ar fad. "A Mháighistir," ar siad, "is eól dúinn gur duine fírinneach tú, agus go múinean tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil aon bheann agat ar aoinne, mar ná feuchan tú chun pearsan aon duine." Ba bhreagh réidh, uram- amhail, an chaint í. Ba dheacair locht fhághail uirthi. Ba dheacair a mheas go raibh feall nimhneach, mal- luighthe, lastiar di. Ach do bhí, feall chómh grána, chómh malluighthe agus do ceapadh riamh, ná do beartuigheadh i n-intleacht duine d'á dhiablaidhe. "Inis dúinn, d'á bhrígh sin," ar siad, "cad is dóich leat-sa? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?" Breithnigh an cheist sin. Bhí na daoine ag éisteacht leis an gceist Dúbhairt na Fairisínigh leó féin:
"Déarfaidh sé gur ceart nó déarfaidh sé nách ceart. Má deir sé gur ceart iompóchaid na daoine 'n-a choinnibh mar tuigfid siad go bhfuil páirt aige 'á ghabháil leis na Rómhánaigh, le namhaid ár dtíre. Má deir sé nách ceart cáin do dhíol le Caesar béarfar air agus crochfar é. Pé 'cu adéarfaidh sé gur ceart nó nách ceart beimíd réidh leis" Feuch air sin mar chamas- tuíol agus mar dhúbláil agus mar uisge-fé-thalamh! Agus iad ag lorg na fírinne mar 'dh eadh! Nách diabhalta an cam atá i n-aigne an duine nuair a thugan an duine cead a chinn do'n chlaonadh chun uilc atá istigh ann! Ach do tháinig an freagra chúcha ar an gceist, freagra ná raibh blúire coinne acu leis, freagra a bhain d'á mbunaibh iad, glan. Ní h-aon iongnadh linne an freagra. Tá fhios againn gur bh'é Mac Dé do thug an freagra. Ní h-aon iongnadh linn Mac Dé do thabhairt freagra ortha a bhain d'á mbunaibh iad. Ach is freagra é atá ábalta ar iongnadh chur orainn ó thaobh eile de'n sgéal "Taisbeáin dom," arsa'n Slánuightheóir, "píosa de'n airgead le na ndíoltar an cháin seo." Do tugadh dó an píosa airgid. Bhí íomháigh cinn an Ímpire ar an bpíosa airgid, agus bhí sgríbhinn air, ag admháil úghdaráis Chaesair os a gcionn. "Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo?" ar seisean leó. "Le Caesar," ar siad. "Tá go maith," ar seisean. "Tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar, agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia." Níor fhan focal ionta. Ní raibh a thuille le rádh acu. An feall a bhí ceapaithe, beartuighthe, acu chómh deas chómh gasta chómh géar-chúiseach, dar leó féin, do thuit sé as a chéile os cómhair a súl. Dhein gal suip dé an túisge 'n-ar labhair an Slánuightheóir. Bhí sgéal nua ag muintir Heróid ag dul a bhaile.
"Dúbhairt an Fáidh úd go bhfuil sé lán-cheart an t-airgead do thabhairt do Chaesar." Bhí sgéal nua ag na daoine, leis. "Dúbhairt Íosa Nasareit nár cheart a thabhairt do'n Ímpire ach a chuid féin, agus nár cheart na neithe a bhainean le Dia do thabhairt d'aoinne ach do Dhia." Bhí sgéal nua ag na Fairisínigh, leis, ag dul a bhaile. Bhí muintir Heróid, na fínnithe a thugadar leó, ag steala-mhagadh fútha. "Do mealladh bhúr n-éirim 's is nár daoibh! Is deas na daoine sibh. Dhéanfadh sibh an donas air. Airiú, nách gairid a sheasaimh bhúr ngéar-chúis! Nár ghairid an mhoill air a thaisbeáint gur daoine gan mheabhair sibh! Má's mian libh dul ag cur a thuille ceisteana air, ná h-iaraidh orainne dul libh. Ní beag linn de'n spórt." Ansan, déarfadh duine acu, as a mhachtnamh, "Is iongantach an duine é. Is dóich liom go raibh fhios aige cad a bhí istigh i n-ár gcroídhe. Is uathbhásach an duine é. Mheasas ná béadh focal le rádh aige, bhéadh sé i n-a leithéid de chás agaibh; agus chómh luath agus do labhair sé, is sibh-se a bhí sa chruadhtan. Chómhair- leóchainn daoibh gan a thuille cur isteach a dhéanamh air. Ba dhóich liom féin gur b'é rud ba cheart daoibh a dhéanamh 'ná éisteacht leis an nduine, agus a chómhairle do ghlacadh. Thugabhair droch iaracht féi agus do theip oraibh. Níor thaisbeáin sé dhaoibh, ámhthach, an fhearg a bhí tuillte agaibh uaidh. Do labhair sé réidh libh, agus thug sé cómhairle bhúr leasa dhaoibh. Is baoghal nách aon mhaith d'aoinne cómhairle bhúr leasa thabhairt daoibh. Duine fóghanta iseadh an duine sin, agus ní'l agaibh-se dhó ach fuath." Ar an gcuma san, do thuig na Págánaigh feabhas an tSlánuightheóra sa mhéid gur duine é, agus níor leig an fuath agus an droch aigne dos na Iúdaigh é thuisgint,
Págánach ab eadh Pontius Piláit, agus d'á bhrígh sin do dhein sé a dhícheal, mar le Págánach, chun an duine neamh-chiontach a thabhairt saor, dar leis, ó'n mbás. Ach ní leigfeadh na Iúdaigh dó é thabhairt saor. Bhí an fuath ró mhalluighthe acu dhó. Ach feuch, a phobul. Conus a bhainean an obair seo go léir linne anso indiu? Mura mbéadh go mbainean sé go dlúth linn ní chuirfeadh an Eaglais síos ansan dúinn é i Leabhar an Aifrinn. Isé ár ngnó feuchaint isteach ann go cruinn agus a dhéanamh amach cad é an bhaint atá aige linn. Chuir na Fairisínigh an cheist úd chun an tSlánuigh- theóra, a phobul. Mheasadar féin an uair sin ná raibh inti ach ceist a chuirfeadh i bhfeidhm air an bheart bheag fheill a bhí beartuighthe acu 'n-a choinnibh. I n' inead san, ceist ana mhór ab eadh í; ceist ana leathan; ceist atá os cómhair aigne daoine ins gach aon pháirt de'n domhan riamh ó shin. Agus tá sí os cómhair aigne daoine, ins gach aon pháirt de'n domhan, an neómat so, níos géire b'fhéidir 'ná mar a bhí sí riamh fós. "An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?" Agus ní'l aon treabhchas daoine ná tugan iaracht ar an gceist do fhreagairt. Tugan gach aoinne iaracht ar an gceist do fhreagairt, ach má breithnightear i gceart gach freagra fé mar a thagan sé, chífear go minic nách ó bhreitheamhantas a thagan sé, ach ó thoil. An t-é a bheidh báidheamhail leis an Caesar déarfaidh sé gur ceart an cháin do dhíol leis. An t-é ná taithnfidh an Caesar leis déarfaidh sé, mura mbeidh eagla na croiche ag cur air, nách ceart an cháin do dhíol. Eatartha ní fuiriste teacht ar an bhfírinne. Ach má bhreithnighmíd an freagra a thug ár Slánuigh- theóir ar na Fairisínigh an uair úd chífimíd go bhfuil
le fághail sa bhfreagra san réidhteach soiléir, solus- mhar, iomlán, ar an gceist, pé cuma 'n-a gcurtar í, pé saghas daoine a chuirean í, pé deagh-mhéinn nó droch mhéinn a bhíon acu do'n Chaesar a bhíon fé sgrúdughadh acu. "Tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar, agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia." Siné an freagra. Taisbeánan an freagra san go bhfuil dhá chómhacht os cionn an duine, agus go bhfuil éileamh ar an nduine ag an dá chómhacht. "Cé leis an íomháigh sin agus an sgríbhinn sin?" adúbhairt an Slánuightheóir. "Le Caesar," ar siad. Taisbeánan an cheist sin agus an freagra san gur b'é leamhnu- ghadh Dé na daoine ar an saoghal so do bheith fé ríghthibh agus fé dhlighthibh agus fé riaghaltaibh. Taisbeánan an chaint go léir adúbhairt an Slánuightheóir an uair sin go bhfuil ceangailte ar an nduine, ar an saoghal so, bheith úmhal do ríghthibh saoghalta agus do dhlighthibh rígheachta, ach gan dlígh Dé do bhriseadh ar a son; gan na neithe is le Dia do thabhairt do Chaesar. Dá ndeineadh rígh dlígh 'ghá órdughadh dhom gan an t-Aifrean a dh'éis- teacht Dé Domhnaigh, bhéadh ceangailte orm an dlígh sin do bhriseadh. Dá ngéillinn do'n dlígh sin bhéadh nídh is le Dia agam 'á thabhairt do Chaesar. Do deineadh dlighthe de'n tsórd san i n-Éirinn anso 'sa n-aimsir atá imthighthe. Do bhris ár sinsear na dlighthe sin. Ní thabharfaidís do Chaesar na neithe is le Dia. Do tugadh a roghadh dhóibh, an dlígh nó an chroch. D'fhuiling- eadar an chroch ní ba thúisge 'ná mar a thabharfaidís do Chaesar na neithe is le Dia. Ní'ltear 'ghá iaraidh orainne anois ár gcreideamh do shéanadh ar an gcuma san, ach is 'mó cuma eile 'n-a n-iartar orainn ár gcreideamh do shéanadh; na neithe
is le Dia do thabhairt do Chaesar. Aon chuma 'n-a leanfaidh an duine réir an tsaoghail i gcoinnibh dlíghe Dé, beidh na neithe is le Dia aige 'á thabhairt do Chaesar. Dá ndeintí anois dlighthe 'ghá órdughadh dhúinn ár gcreideamh do shéanadh, an bhfuilingeóchaimís an chroch níos túisge 'ná mar a shéanfaimís an creideamh? B'fhéidir go ndéanfaimís. B'fhéidir ná déanfaimís. B'fhéidir go dtabharfadh Dia na glóire a ghrásta dhúinn agus go mbeimís dílis do'n chreideamh mar a bhí ár sinsear. Ach cad é an tairbhe bheith ag trácht ar cad a dhéanfaimís dá dtuiteadh a leithéid seo nó a leithéid siúd amach? Cad a dheinimíd? Siní an cheist anois. Aon Chríosdaidhe a dhéanfaidh beart atá i gcoinnibh dlíghe Dé, ná fuil rud éigin le Dia aige 'á thabhairt do Chaesar? An t-é a dh'fhanfaidh ó Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire agus gan aon dlígh rígheachta 'ghá iaraidh air, gan aon chómhacht 'ghá iaraidh air fanamhaint istigh, ach an leisge atá air féin, ná fuil an nídh is le Dia aige 'á thabhairt do Chaesar éigin? Agus nách cuma cé h-é an Caesar go dtabharfar dó na neithe is le Dia, nách shiní an éagcóir déanta? Cad é mar shaghas duine an t-é mhaoidhfeadh go bhfuilingeóchadh sé an chroch ní ba thúisge 'ná fhanfadh sé ó Aifrean Domhnaigh ag géilleadh do dhroch dhlígh, agus é ag fanamhaint ó Aifrean Domhnaigh ag géilleadh do leisge? Ar an gcuma gcéadna, ní'l aon duine a ghéillean do pheacadh ná tugan na neithe is le Dia do Chaesar éigin nuair a dheinean sé an peacadh san. Má bhíon tart ar dhuine, cuir i gcás, agus go n-ólfaidh sé deoch uisge, nó deoch éigin foláin ná déanfaidh aon díobháil dó, ach do bhainfidh an tart dé, ní thugan sé do Chaesar ach an nídh is le Caesar. Ach má bhíon tart ar dhuine agus ná beidh sé sásta le deoch a dh'ól a bhainfidh an tart dé,
nách foláir leis deoch a dh'ól a chuirfidh ar meisge é, deoch a dh'ól a bhainfidh a mheabhair shaoghalta dhé, cad 'tá aige 'á dhéanamh? Ná fuil an nídh a bhainean le Dia aige 'á thabhairt do Chaesar, do Chaesar an chraois? Tá, go deimhin. Is é an sgéal céadna é i dtaobh na ndroch mhian eile atá istigh i gcroídhe an duine. Má leigean an duine dhóibh an lámh uachtair a dh'fhághail air agus máighistireacht a dhéanamh air imireóchaid siad a dtoil féin air. Déanfaid siad sclábhaidhe dhé. Geóbhaidh siad de chosaibh ann. Beid siad coitchianta 'ghá iaraidh air na neithe is le Dia do choimeád ó Dhia agus iad a thabhairt dóibh féin, agus beidh an duine sin coit- chianta ag déanamh ruda ortha. Ní'l aon truagh ar an dtalamh so, is dócha, is mó 'ná an Críosdaidhe mí-fhortiúnach a leigfidh d'á dhroch mhiantaibh féin an lámh-uachtair a dh'fhághail air, agus smacht do chur air, agus gabháil de chosaibh ann. Ní leis féin é féin choídhche. Beidh droch mhian éigin sa bhroiceal air i gcómhnuighe, 'ghá chomáint chun an uilc, le spuir agus le fuipeanaibh, agus ní túisge bheidh aon droch mhian amháin cortha de'n mharcaidheacht agus ag teacht anuas, 'ná mar a bheidh droch mhian eile ollamh ar dhul suas agus ar na spuir agus na fuipeana do chur i bhfeidhm air 'n-a lán-neart. Ní h-eadh, ach is minic a bhíon beirt, triúr, ceathrar, des na marcachaibh thuas i n-aonfheacht. Is beag an iongnadh croídhe briste agus aigne loisgithe ag an nduine sin. Cuirfidh an dúil sa n-ól fhiachaibh air craos a dhéanamh. Ansan beidh an mheabhair imthighthe. Ansan beidh cead cinn ag droch smuíntibh, ag peacadh na drúise, ag fearg, ag fuath do'n chómharsain, ag bruighean, ag achran, ag droch chaint, ag barbraitheacht, ag easgainí, ag guidhdeóireacht, ag mionaibh móra, agus idir óg agus aosta ag éisteacht
leis an gcaint; leis an gcaint atá ag cur áthais ar dheamhnaibh ifrinn agus ag cur buartha ar aingealaibh na bhflathas. Ar ball imtheóchaidh an mheisge sin. Ansan tioc- faidh troma-chroídhe agus dólás agus buairt aigne ar an nduine sin, agus caithfidh sé ruith agus é féin do chur caoch ar meisge airís nó do thabharfadh sé anchor éigin dó féin le neart buartha aigne. Comáinfidh sé leis ar an gcuma san, ag dul ó mheisge go meisge, go dtí go bhfaighfear i ndíg bhóthair múchta é maidean éigin, tar éis na h-oídhche. Ach feuch. Cá mbeidh an t-anam bocht an mhaidean san? Siní an cheist. Tá Críosdaidhthe, a phobul, atá ag caitheamh a dtréimhse saoghail ar an gcuma san díreach. Cad é an deire bheidh air dóibh? An bhfuil aon bhreith ag duine ar dhul suas an fhaid a leanfaidh sé an bóthar síos? Is suarach an sgéal aige é, ag ruith le fánaigh agus gan fághail ar chasadh aige, dar leis. Stad, a dhuine! Leig do Dhia greim a bhreith ar láimh ort. Tá a lámh sínte amach ag Dia chúghat. Beir ar an láimh agus coimeád do ghreim uirthi. Croth suas tú féin. Cuir do chos i dtalamh. Bain únfairt asat féin agus cuir na marcaigh as an iallait. Caith anuas iad agus gaibh de chosaibh ionta. Smachtuigh an droch mhian. Ná h-ól an deoch san. Fuiling an tart. Ná labhair an droch fhocal. Dún do bhéal agus fáisg na fiacala ar an ndroch fhocal. Smachtuigh an fhearg. Díbir an droch mhachtnamh. Smachtuigh do dhrúis. Smachtuigh an t-uabhar. Úmhluigh thú féin i láthair Dé. Coimeád do ghreim ar láimh Dé, agus iar ar Dhia a ghrásta thabhairt duit chun gach dualgais a chómhlíonadh, "na neithe is le Caesar do thabhairt do Chaesar, agus na neithe is le Dia do thabhairt do Dhia." Amen.
LIX. AN TRÍMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS CÍNCÍSE. Léightear an Sosigéal. (Maitiú 9.) Tá tuairisg sa tSoisgéal san againn, a phobul, ar dhá mhírbhuilt a dhein ár Slánuightheóir, moladh agus buidheachas leis, agus tá adhbhar machtnaimh ionta, adhbhar mór, adhbhar doimhinn machtnaimh. Tháinig an taoiseach ar dtúis agus d'iar sé ar an Slánuightheóir dul agus a lámh do chur ar an gcailín a bhí tar éis bháis, agus í thógaint ó'n mbás. Do ghluais an Slánuightheóir láithreach fé dhéin tíghe an duine uasail. An fhaid a bhí sé ar an slígh, ámhthach, do shleamhnuigh an bhean eile isteach agus do leighiseadh í. Dhá bhliadhain déag d'aois a bhí an cailín nuair a fuair sí bás. Ar feadh dhá bhliadhain déag iseadh bhí an bhean eile ag cailleamh- aint a cod' fola sar a bhfuair sí an leigheas. Deir na h-aithreacha naomhtha ná raibh aon nídh dhíobh san gan a bhrígh féin leis. Gur chialluigh an bhean a bhí ag cailleamhaint a cod' fola an Pobul Eabhra, agus gur chialluigh an cailín a bhí marbh poibilidheacht na nGeinte. Go raibh an Pobul Eabhra, an uair sin, go lag agus go leóinte, gan neart gan sláinte spioraideálta, agus go raibh na Geinte marbh ar fad i láthair Dé. Gur tháinig an Slánuightheóir chun an Phobuil Eabhra do leigheas, agus chun na nGeinte do thógaint ó'n mbás. Go dtáinig an duine uasal 'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir an cailín do thógaint ó'n
mbás. Ansan gur bh'é leamhnughadh Dé an bhean a bhí ag cailleamhaint a cod' fola do theacht crosta ar an slígh i dtreó go ndéanfaí í sin do leigheas ar dtúis sar a dtógfaí an cailín ó'n mbás; mar gur cheart an Pobul Eabhra do leigheas ó n-a easláinte spioraid- eálta ar dtúis, sar a ndéanfaí na Geinte do thógaint ó'n mbás spioraideálta a bhí ortha. Tabhair fé ndeara an rud a dhein an bhean, agus an rud adúbhairt sí 'n-a h-aigne féin. "Mura ndein- ead," ar sise, "ach baint le n-a bhrat beidh mé leighiste." Cad é an tairbhe dhéanfadh baint le n-a bhrat dí, mura mbéadh go raibh fhios aici go raibh cómhacht Dé laistigh de'n bhrat? Mura mbéadh go raibh an creideamh aici? Bhí an creideamh san aici, agus b'shiné cúis n-a ndúbhairt an Slánuightheóir léi an focal, "Glac misneach, a'nghean ó. Do shlánuigh do chreideamh thú." Tá brígh eile leis an mbrat. Dob' ionan Colann Daona an tSlánuightheóra agus brat. Bhí nádúr Dé sa bhrat san. Dá mbéadh an creideamh ceart ag an bPobul Eabhra do chreidfidís an méid sin. Do bhain- fidís le n-a bhrat, fé mar a dhein an bhean. D'admhó- chaidís 'n-a n-aigne cómhacht an tSlánuightheóra, fé mar a dhein an bhean. Ansan do leighisfí iad ó'n mbreóit- eacht spioraideálta a bhí ortha, fé mar a leighiseadh an bhean ó'n umárd corpartha a bhí uirthi, ó'n ngearán a bhí ar feadh dhá bhliadhain déag 'ghá coimeád lag, leice, leóinte, gan neart gan fuinneamh gan chumas ar thairbhe dhéanamh dí féin ná d'aoinne eile. Níor chreideadar. Ní ghéillfidís go raibh aon chómhacht sa tSlánuightheóir ach cómhacht duine. Dá mb' í sin aigne bhéadh ag an mnaoi bhéadh sí gan leigheas. D'fhág an aigne sin an Pobul Eabhra gan leigheas, ach an fíor bheagán acu do ghlac an creideamh.
Do leighiseadh an bhean, agus ansan do tháinig an Slánuightheóir chun an tíghe n-a raibh an cailín tar éis bháis ann. Bhí na daoine go léir cruinnighthe ag an dtóramh. B'é nós na tíre, an tigh n-a mbíodh tóramh ann go mbíodh daoine áirighthe ann agus úirlisí ceóil acu, agus ceól brónach acu 'á dhéanamh agus mórán fothraim agus caointeacháin. Agus ba mhó de'n tsórd san a bhíodh i dtighthibh daoine uaisle 'ná i dtighthibh na ndaoine mbocht. Bhí mórán de'n cheól agus de'n fhothram san sa tigh seo n-a raibh an cailín d'á tóramh ann. Tháinig an Slánuightheóir chun an tíghe. Chonaic sé na daoine go léir cruinnighthe, agus an ceól agus an caointeachán ar siúbhal, agus an fothram. Tabhair fé ndeara cad dúbhairt sé. "Druididh siar," ar seisean leis an sluagh daoine; "ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codladh." Cad 'n-a thaobh go ndúbhairt an Slánuightheóir an focal san? Ná raibh fhios aige gur marbh a bhí sí? Agus bhí fhios ag na daoine go léir gur bh' eadh. Nuair adúbhairt sé gur 'n-a codladh a bhí sí níor dhein na daoine ach cromadh ar mhagadh faoi. Cad 'n-a thaobh go ndúbhairt sé an focal i n-aon chor? Deir cuid des na h-aithreachaibh naomhtha go ndúbhairt sé an focal san chun a chur i n-iúil ná fuil i mbás an duine, ó tháinig an Slánuightheóir féin, ach mar bhéadh codladh, agus go raibh ar chumas an tSlán- uightheóra duine thógaint ó'n mbás díreach mar a dúiseófaí duine as a chodladh. D'á bhrígh sin nár ghádh do'n duine sgannradh bheith roimis an mbás air, mar ná fuil sa bhás, do'n Chríosdaidhe, ach mar a bhéadh codladh, agus go dtógfaidh an Slánuightheóir na Críos- daidhthe go léir ó'n mbás an lá déanach, fé mar a dúiseófaí as a gcodladh iad; díreach mar a thóg sé an
cailín úd ó'n mbás fé mar a dhúiseóchadh sé as a codladh í, nó mar a thóg sé Lasarus ó'n mbás mar a dhúiseóchadh sé as a chodladh é, agus é cheithre lá sa n-uaigh. Agus dhein sé úsáid de'n fhocal céadna díreach i dtaobh Lasaruis féin. "Tá Lasarus 'n-a chodladh," ar seisean leis na deisgiobuil, nuair a bhí Lasarus tar éis bháis. "Má tá sé 'n-a chodladh," ar siad-san, "tá sé ó bhaoghal." Mar is eól do gach aoinne, "tusach sláinte codladh" do dhuine bhreóite. Ansan dúbhairt an Slánuightheóir leó, lom díreach, "Tá Lasarus tar éis bháis," 'ghá chur i n-iúil gur ar chodladh an bháis a bhí sé ag trácht, agus ná raibh sa bhás feasta ach codladh. Nuair adúbhairt sé ná raibh an cailín ach 'n-a cod- ladh bhíodar go léir ag magadh. Taisbeánan san ná raibh aon bhlúire mearbhaill ar a raibh de dhaoine láith- reach ná go raibh an cailín tar éis bháis. Agus tais- beánan an magadh san, a bhí ag na daoine sin 'á dhéanamh an uair sin, gur ag steala-mhagadh fútha féin a bhíon lucht díth-chreidimh nuair a mheasaid siad an mhírbhuilt sin do shéanadh. Ba mhaith le lucht díth-chreidimh a rádh ná raibh an cailín marbh i n-aon chor. Ná raibh sí ach i dtámhnéall. Ba dhóich liom gur bh' fhearr a bhí fhios ag na daoine a bhí láithreach, ag an dtóramh, ag feuchaint ar an gcorp, cé 'cu marbh a bhí sí nó nár bh'eadh. Pé'r domhan é, is amhlaidh a chromadar ar mhagadh nuair adúbhradh gur 'n-a codladh a bhí sí. Tá sé pas deirineach, tar éis dhá mhíle bliadhan, ag lucht díth-chreidimh bheith ag caint, a d'iaraidh a dhéanamh amach go raibh dearmhad ar na daoine a bhí láithreach. Do cuireadh na daoine amach as an dtigh. Ansan do chuaidh an Slánuightheóir isteach. Tháinig sé i n-aice an chuirp. Do rug sé ar láimh ar an gcailín. D'éirigh sí ainiar chuige láithreach. Do stad an magadh. Tháinig
iongnadh agus alltacht ar na daoine. Do leath an sgéal ar fuid na tíre go léir. Níor bh' iongnadh gur leath. Dob' uathbhásach an sgéal é. Feuch, a phobul. Bhí i leigheas na mná brígh a bhain leis an bPobul Eabhra. Bhí brígh a bhain leis na Geintibh i dtógáilt an chailín ó'n mbás. Bainean an dá mhír- bhuilt linne. Samhluighim leis an mnaoi a bhí ag cailleamhaint a cod' fola an Críosdaidhe a chuirean an iomad suime sa tsaoghal so agus i ngnóthaibh an tsaoghail seo. Ba mhaith leis dhá thaobh an sgéil a thabhairt leis, ach teipean air. An neart spioraideálta a gheibhean sé nuair a dheinean sé gnó Dé, caillean sé é nuair a bhíon sé a d'iaraidh greama choimeád ar ghnóthaibh an tsaoghail, leis. Nuair a bhíon sé ag déanamh gnótha Dé tugtar an biadh spioraideálta dhó. Ansan, nuair a thugan sé aghaidh ar ghnó an tsaoghail a dhéanamh, caillean sé an fhuil spioraideálta agus an neart spioraideálta, agus is ar éigin a bhíon an t-anam ann i láthair Dé. Ní dheinean an biadh spior- aideálta puinn tairbhe dhó, mar ní fhanan a thairbhe aige. Bíon sé ag cailleamhaint a chod' fola agus ní bhíon blúire nirt ann. Cad tá i n-easnamh ar an gCríosdaidhe sin? Cad a leighisfeadh é? An rud céadna díreach a leighis an bhean úd. "Glac misneach, a 'nghean ó. Do leighis do chreideamh thú." Cad é an creideamh? An creideamh a chuir fhiachaibh uirthi a rádh: "Dá bhféadainn mo lámh do chur ar fhabhra a bhrait do bheinn slán." Cad a chuirean fhiachaibh ar an gCríosdaidhe an iomad suime chur sa tsaoghal so? Easba creidimh. An t-é is mó agus is treise creideamh isé is lúgha suim sa tsaoghal so, isé is lúgha go ndeinean an saoghal so buairt dó. Agus rud greannmhar, ansan. Isé is fearr agus is
cruinne agus is torthamhla a chuirean gnó an tsaoghail seo chun taisge. An t-é go bhfuil an creideamh láidir istigh 'n-a chroídhe tuigfidh sé i gcómhnuighe i n-a aigne nách féidir dó aon ghnó, gnó an tsaoghail seo ná gnó an tsaoghail eile, do dhéanamh ach le cabhair agus le congnamh agus le grásta agus le cómhacht an tSlánuightheóra. 'Sé sin le rádh, bíon a lámh aige i gcómhnuighe ar fhabhra brait an tSlánuightheóra, agus bíon focal an tSlánuightheóra ag labhairt i gcómhnuighe istigh 'n-a chroídhe: "Glac misneach, a mhic ó. Tá do chreideamh a't choimeád slán." B'fhéidir gur b'é toil Dé leigint do'n tsaoghal so gabháil i gcoinnibh an duine sin uaireanta. B'fhéidir go leigtear do ghnó an tsaoghail seo gabháil 'n-a choinnibh go h-ana chruaidh uaireanta, chómh cruaidh agus go mbrisfeadh sé an croídhe i nduine eile. Ní bhrisean sé an croídhe i bhfear an chreidimh. Tá a lámh aige ar fhabhra brait an tSlánuightheóra. Nuair a thagan cruadhtan ar muin cruadhtain chuige, agus umárd ar muin umáird, agus tiubaist ar muin tiubaiste, labhran an creideamh istigh 'n-a chroídhe leis: "Isé toil an tSlánuightheóra é! Dé beatha grásta Dé! Níor loit Dia riamh aon rud nár leighis sé airís!" Is fíor dó an chaint sin. Murab é toil Dé rud do leigheas do'n Chríosdaidhe sin ar an saoghal so, is maith atá fhios ag an gCríosdaidhe go bhfuil an leigheas le fághail aige ar an saoghal eile, ar a dhúbailt, ar a sheacht ndúbailt. Isé a chreideamh a thugan an deimhne sin dó, agus isé an deimhne sin a bhainean an nimh a' trioblóidíbh an tsaoghail seo. "Glac misneach, a 'nghean ó. Do shlánuigh do chreideamh thú." An cailín a bhí tar éis bháis, samhluighim í le Críos- daidhe eile, leis an gCríosdaidhe atá marbh sa pheacadh.
Tá an Críosdaidhe sin gearrtha amach ó bheatha na ngrást. Ní'l aon bhreith ag an gCríosdaidhe ar eirighe ó'n mbás san ach oiread agus a bhí ag an gcailín úd ar eirighe ó'n mbás, go dtí gur rug an Slánuightheóir ar láimh uirthi. Do rug an Slánuightheóir ar láimh uirthi. Do thóg sé a lámh isteach 'n-a láimh féin. Do theanga- bhuigh an lámh mharbh leis an láimh a bhí beó. Do theanga- bhuigh an lámh a bhí gan anam leis an láimh n-a raibh cómhacht Dé inti. Lámh fola agus feóla ab eadh í, ach brat ab eadh an fhuil agus an fheóil sin. Bhí cómhacht Dé i bhfolach fé'n mbrat san. Má theangabhuigh an bhean leis an mbrat éadaigh a bhí ar an Slánuightheóir, do theangabhuigh an cailín leis an mbrat fola agus feóla a bhí ar Dhiadhacht an tSlánuightheóra. Do theanga- bhuigh an bhean leis an mbrat éadaigh mar dúbhairt sí 'n-a h-aigne féin, "Mura ndeinead ach baint le fabhra a bhrait beidh mé slán." Ní dúbhairt an cailín aon nídh de'n tsórd san. Ní raibh sé ar a cumas. Bhí sí fuar marbh. B'éigean do'n tSlánuightheóir féin, moladh agus glóire leis, an teangabháil a dhéanamh; a lámh, an brat fola agus feóla a bhí ar a Dhiadhacht, do chur i dteangabháil leis an láimh a bhí marbh. Ansan do deineadh an mhírbhuilt. Do bogadh agus do sgaoileadh agus do briseadh greim an bháis ar an gcailín sin. Do tugadh an t-anam thar n-ais ó'n saoghal eile, agus do cuireadh isteach airís é sa cholainn sin a bhí fuar marbh. Do bhíodhg an croídhe airís. Do ghluais an fhuil airís mór-thímpal tré chuisleanaibh agus tré fheith- eachaibh an chuirp. Do bhog na lúthacha airís, agus na balla beatha go léir, agus d'eirigh an cailín agus í beó. Do ghéill an bás do chómhacht an tSlánuightheóra. Ar an gcuma gcéadna san, nuair a bhíon an Críos- daidhe ar staid an pheacaidh mhairbh ní bhíon ar a chumas
é féin a thógaint ó'n bpeacadh. Curtar i dteanga- bháil é le brat an tSlánuightheóra i Sácraimínt na h-aithrighe. Ansan bogtar agus sgaoiltear agus bristear greim an pheacaidh d' anam an Chríosdaidhe sin. Leigtear isteach airís, fé n-a chroídhe agus fé n-a anam, caisí móra, saidhbhre, geala grásta Dé. Imthighean smól agus sgamall agus doircheacht an pheacaidh d'á anam, agus tagan 'n-a n-inead an solus agus an taithneamh agus an áilneacht a chuirean áthas ar ain- gealaibh na bhflathas nuair a dheinean peacach aithrighe. Ansan cad a thuitean amach? Tuitean amach ansan an nídh atá níos aoirde, níos doimhne, níos glórmhaire, 'ná aon mhírbhuilt acu. Téighean an Críosdaidhe sin agus bainean sé le brat an tSlánuightheóra. Ní leis an mbrat éadaigh é a bhí ar an Slánuightheóir ar an saoghal so, ach leis an mbrat n-a bhfuil Fuil agus Feóil, Anam agus Diadhacht an tSlánuightheóra i bhfolach ann, fé ghné an aráin agus an fhíona. Bainean an Críosdaidhe le fabhra an bhrait sin, a phobul. Glacan sé Comaoine. Glacan sé Corp Naomhtha an tSlán- uightheóra. Tá an Corp Naomhtha i bhfolach ó shúilibh corpartha, fé ghné an aráin, nó an fhíona, ach chítear é. Chítear an Corp Naomhtha le súilibh an chreidimh. Glactar an Biadh cómhachtach, buacach, bríoghmhar. Neartuighean an Biadh sin anam an Chríosdaidhe. Cothuighean an Biadh sin an t-anam ar an saoghal so, agus cuirean sé misneach ann a bheirean saor sábhálta é isteach i rígheacht na bhflathas ar an saoghal eile. Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal a ghrásta dhúinn go léir chun go ndéanfaimís an Biadh sin do ghlacadh go minic agus é ghlacadh mar is cóir, agus a thoradh agus a thairbhe dh'fhághail go h-iomarcach, ar an saoghal so agus ar an saoghal eile. Amen.
LX. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS CÍNCÍSE. 'S É SIN AN DOMHNACH DÉANACH. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 24.) Bhí ár Slánuightheóir, a phobul, ag trácht ar na neithibh a bhí le tuitim amach nuair a thiocfadh deire an tsaoghail. Nuair a fuair na deisgiobuil an chaoi air, d'iaradar air a dh'innsint dóibh cathain a thuitfeadh na neithe sin amach. Ansan d'inis sé dhóibh, fé mar atá curtha síos sa tSoisgéal san a léigheas daoibh, na neithe a thuitfeadh amach agus na cómharthaí a thaisbeánfadh deire an tsaoghail a bheith ag teacht i n-achmaireacht. "Nuair a chífidh sibh," ar seisean, "gráin an léir- sgriosa," nó "gráin an uaignis, ar ar labhair Dainiel Fáidh, 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha; an t-é a léighfidh, tuigeadh." Siné an chéad chómhartha a thug sé dos na deisgiobuil. Tá sa bhfocal san, "gráin an léir-sgriosa," nó "gráin an uaignis," nós cainte a bhainean leis an dteangain Eabhra. Cialluighean an chaint an ghráin a chuirean sé ar dhuine lot nó léir-sgrios a dh'fheisgint déanta ar áit éigin naomhtha. Raobadh roilge a tugtar i n-ár gcaint féin ar lot nó ar léir-sgrios de'n tsórd san. Do deineadh léir-sgrios, nó raobadh roilge de'n tsórd san nuair a leag na Rómhánaigh cathair Ierúsaleim. D'á mhéid é naomhthacht na h-áite ar a ndeintear an raobadh roilge iseadh is mó an ghráin a chuirean sé ar na daoine a thuigean an naomhthacht. Bhí áit sa Team- pall mór i n-Ierúsalem agus bhí an áit chómh naomhtha
san nár cheaduighthe d'aon duine dul isteach ann ach do'n Árd-shagart amháin, agus níor cheaduighthe dó san dul isteach ann ach uair sa mbliadhain. Nuair a bhris na Rómhánaigh an chathair do ghabhadar de chosaibh ins gach aon rud. Chuireadar íomháigh Chaesair suas istigh sa n-áit naomhtha, íomháigh an Phágánaigh istigh sa n-áit naomhtha. Níor ghráin go dtí é sin, dar leis na Iúdaigh. Dheineadar dearmhad, ámhthach, mar ba ghnáth leó. Bhí, gan amhras, an "ghráin" 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha nuair a bhí íomháigh an Phágánaigh 'n-a seasamh istigh sa n-áit ba naomhtha sa teampall, istigh sa n-áit a bhí chómh naomhtha san ná leómhfadh aon duine dul isteach ann ach an t-Árd-shagart, agus ná raibh ar a chumas san féin dul isteach ann ach uair sa mbliadhain. Ach do dhein na Iúdaigh dearmhad. Bhí sé ceart acu a thuisgint 'n-a n-aigne ná raibh de bhun le naomhthacht an teampaill ach na daoine do dhéanamh naomhtha. Ná raibh aon tairbhe i láthair Dé i naomhthacht an teampaill nuair a bhí croídhe agus aigne na ndaoine iompuighthe ó Dhia agus tabhartha suas do'n pheacadh. Ná raibh i naomhthacht an teampaill ach soluíd dos na daoine ar an naomhthacht ba cheart a bheith i gcroídhe an duine i láthair Dé. Ná raibh ann ach neamhnídh i láthair Dé "gráin" an Phágánaigh a bheith 'n-a seasamh sa team- pall seachas an ghráin eile, gráin an pheacaidh do bheith 'n-a seasamh i gcroídhe an duine, ag cur grádh agus grásta Dé a' seilbh. B'é toil Dé, nuair a ghlac an Pobul Eabhra gráin an pheacaidh isteach 'n-a gcroídhe, agus nuair a chuireadar Dia a' seilbh a gcroídhe, gur leig Dia do'n ghráin Phágánach, do ghráin an léir-sgriosa, dul agus seilbh do ghlacadh sa teampall. Cad é an tairbhe do Dhia, moladh 's buidheachas leis, an teampall nuair a bhí na daoine imthighthe uaidh!
Do chuir briseadh catharach Ierúsaleim agus leagadh an teampaill deire le cómacht an Phobuil Eabhra sa tsaoghal. B'é deire an tsaoghail dóibh-sin an briseadh sin, agus cómhartha ar a dheire dhóibh ab eadh an ghráin léir-sgriosa do chonacadar 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha nuair a tháinig an briseadh sin ortha. Ach chítear brígh eile sa chómhartha. Deir na h-aith- reacha naomhtha gur b'é Antichrist gráin an léir-sgriosa, agus do dtiocfaidh sé ar an saoghal raint aimsire roim dheire an tsaoghail. Go ndéanfaidh sé léir- sgrios agus dísgiughadh ar gach aon rud i bhfuirm creidimh. Go ndéanfaidh sé, mar adeir an Soisgéal, oibreacha iongantacha, agus go leigfidh sé air gur b'é féin an Críosd fírinneach. Siní an ghráin dáiríribh, namhaid Chríosd 'ghá leigint air gur b'é féin Críosd. Isé Antichrist an ghráin déanach, ach tiocfaidh a lán d'á shórd i gcaitheamh na h-aimsire roimis. Táid siad ag teacht ó thusach. Ní'l aon lá ó thusnuigh an Eaglais ar an gcreideamh do mhúineadh ná fuil múinteóirí bréagacha ag eirighe agus ag múineadh an éithigh, agus 'ghá áiteamh ar na daoine gur b'í an fhírinne atá acu 'á mhúineadh. Tá an Eaglais 'ghá gcur dí i ndiaigh 'chéile, fé mar a gheall an Slánuightheóir a chuirfeadh sí dhi iad. Gráin, i láthair Dé agus daoine, iseadh gach aicme acu a thagan ag cur an duibh 'n-a gheal ar dhaoine. Ach isé Anti- christ féin an ghráin mhór, an ghráin a leigfidh air gur b' é féin Mac Dé. Is deacair do'n duine a thuisgint conus is féidir leigint do namhaid an tSlánuightheóra a leithéid de léir-sgrios a dhéanamh. Ach isé gnó an duine focal an tSlanuightheóra do ghlacadh, agus gan bheith a d'iaraidh breitheamhantais Dé do thómhas le n-a bhreitheamhantas féin. Pé breitheamhantas atá ag an
nduine, is ó Dhia do fuair sé é. Pé cumas atá ag an nduine ar úsáid a dhéanamh de'n bhreitheamhantas san, is ó Dhia do fuair sé an cumas. Tá an breitheamhantas agus an cumas suarach, ana shuarach, i láthair Dé. Duine buile iseadh an duine do mheasfadh breitheamhantas Dé do thómhas le n-a bhreitheamhantas beag féin. Duine ciallmhar tuisgionach iseadh an t-é a choimeádfaidh, i gcómhnuighe, a bhreitheamhantas féin úmhal do bhreith- eamhantas Dé. Déarfaidh an duine gan chiall, an duine buile, an duine gan mheabhair: "Ní féidir liom an nídh sin do chreideamhaint mar ní thuigim conus is féidir é bheith amhlaidh." Déarfaidh an duine ciallmhar, tuis- gionach, úmhal: "Ní thuigim conus is féidir an nídh sin a bheith amhlaidh, ach ó deir an Slánuightheóir go bhfuil sé amhlaidh ní foláir dom é chreideamhaint. Tá sé os cionn mo thuisgiona. Is mó nídh nách é atá os cionn mo thuisgiona. Ba mhór an t-amadán mé dá mba ná creidfinn aon nídh atá os cionn mo thuisgiona. Is neamhnídh a bhfuil ar chumas mo thuisgiona seachas a bhfuil os cionn mo thuisgiona." Ach do thug an Slánuightheóir cómhartha so-fheicse dos na deisgiobuil, agus dos na Críosdaidhthibh go léir, i dtreó go n-aithneóchaidís na Críosdana fallsa, agus an t-Antichrist nuair a thiocfaidh sé. "Mar an splannc a thagan ó'n dtaobh thoir de'n spéir agus a chítear go dtí an taobh thiar de'n spéir, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine." I gcás nách gádh d'aon duine aon dearmhad a bheith air. Ansan do thug sé dhóibh, agus dúinn go léir, na cómharthaí eile sgann- ramhla; dorchughadh na gréine; luasgadh an tailimh fé chosaibh na ndaoine; an t-aingeal ag séideadh an trúmpa; cruinniughadh na cine daona ó gach aon pháirt de'n domhan, ó uachtar na spéartha go dtí a n-iachtar;
agus gach nídh sgannramhail eile a bhainfidh le lá an bhreitheamhantais. Ach feuch, a phobul. Focal ana dhoimhinn iseadh an focal san adúbhairt ár Slanuightheóir i dtaobh "ghráin an léir-sgriosa 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha." Bainean brígh an fhocail sin leis an gcine daona go léir. Ach feuch an focal beag a chuir sé indiaigh an fhocail sin. "An t-é do léighfidh, tuigeadh," ar seisean. Taisbeánan san go mbainean an chaint, ní h-amháin leis an gcine daona go léir agus le lá an bhreitheamhantais, ach le gach duine fé leith chómh maith, agus leis an mbreitheamhantas a tabharfar ar gach duine fé leith chómh luath agus thiocfidh an bás air. Gráin, léir-sgrios, raobadh roilge, dob eadh an íomháigh Phágánach a dh'fheisgint istigh sa n-áit naomhtha sa teampall. Teampall do Dhia, teampall do'n Spioraid Naomh, iseadh anam an duine. Nuair a bhíon an duine ar staid na ngrást isé anam an duine sin an áit naomhtha, agus bíon an Spioraid Naomh 'n-a chómh- nuighe istigh ann. Bíon an t-anam san taithneamhach i láthair Dé. Iompuighean an duine sin i gcoinnibh Dé, i gcoinnibh grásta Dé, i gcoinnibh an Spioraid Naoimh. Deinean sé an peacadh; is peacadh marbhuightheach é. Cad a thuitean amach nuair a dheinean an duine sin an peacadh marbhuightheach san? Tuitean amach an uair sin rud atá níos seacht measa 'ná an rud a thuit amach nuair a cuireadh íomháigh an Phágánaigh suas istigh sa n-áit naomhtha i dTeampall Ierúsaleim. Curtar rud 'n-a sheasamh sa n-áit naomhtha, i n-anam an duine, sa teampall naomhtha a dhein Dia na glóire dhó féin fé leith, agus ní h-íomháigh phágánaigh a curtar 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha san, ach isé an t-áirseóir féin, fíoghar na Croise Céasta idir sinn agus é, do curtar 'n-a
sheasamh ann. Sin gráin! Sin léir-sgrios! An t-áirseóir, an diabhal, an mac mallachtain, namhaid Dé na glóire, namhaid mharbhuightheach an duine, athair an éithigh agus an uabhair, an Sátan a thugan fuath do gach maith, an phiast mhalluighthe do chuirfeadh gach maith ar neamhnídh agus do chuirfeadh gach olc i bhfeidhm dá bhféadadh sé é; an annsprid mhalluighthe sin go dain- gean i seilbh istigh sa n-áit naomhtha do cheap Dia dhó féin, istigh i n-anam an duine sin, agus Dia na glóire díbeartha amach as an dteampall a chruthuigh sé dhó féin! Sin gráin! Sin léir-sgrios! Nuair a chaillean an duine grásta Dé mar gheall ar pheacadh dhéanamh tá an ghráin sin le feisgint ag na h-aingil, agus ag na naoimh, agus ag an Maighdin Muire, agus ag an Slánuightheóir, agus ag an Athair Síoruidhe; grásta an Spioraid Naoimh díbeartha as anam an duine sin, díbeartha amach as an áit naomhtha, agus an peacadh marbhuightheach, an ghráin, gráin an léir-sgriosa, 'n-a sheasamh go dána istigh sa n-áit naomhtha. Chíon an duine sin féin an ghráin sin, 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha. Taisbéanan a choinsias dó an ghráin sin. D'á bhrígh sin labhran an Slán- uightheóir an focal atá sa tSoisgéal leis an nduine sin: "Nuair a chífir gráin an léir-sgriosa 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha; an t-é a léighfidh, tuig- eadh." nuair a chífir go bhfuil peacadh déanta agat i n-aghaidh Dé, go bhfuil grásta Dé díbeartha uait agat le d' thoil mhacánta féin agus go bhfuil t'anam curtha agat ar staid an pheacaidh, go bhfuil an ghráin curtha 'n-a seasamh agat sa n-áit naomhtha, go bhfuil an ann- sprid curtha agat i seilbh t'anama i n-inead an Spioraid Naoimh; nuair a chífir an méid sin, cuimhnigh ort féin. "An t-é a léighfidh, tuigeadh."
Agus cad 'tá le déanamh ag an gCríosdaidhe, nuair a chífidh sé agus nuair a thuigfidh sé i n-a aigne gur b' shin mar atá an sgéal aige, go bhfuil an droch nídh sin déanta aige dhó féin, go bhfuil an ghráin sin glacaithe aige agus go bhfuil grásta Dé díbeartha uaidh aige? Innsean an Slánuightheóir féin dó cad 'tá le déanamh aige. Tá an rud le déanamh aige a dhéanfadh an duine do chífeadh uisge agus teine agus tóirneach ag teacht i n-aonfheacht air. Cad a dhéanfadh an duine sin? Cad a dhéanfadh sé ach teitheadh le n-a anam chómh tiugh i n-Éirinn agus bhéadh sé 'n-a chosaibh? Nó mar adeir focal an tSlánuightheóra sa tSoisgéal: "An mhuintir atá i n-Iudéa teithidís chun na gcnoc, agus an t-é atá ar bhuaic an tíghe ná téigheadh sé síos chun aon nídh a bhreith as an dtigh leis." Siné díreach atá ag an gCríosdaidhe le déanamh nuair a thuigfidh sé i n-a aigne go bhfuil sé ar staid an pheacaidh, go bhfuil an ghráin 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha aige, teitheadh le n-a anam díreach mar a dhéanfadh an duine n-a mbéadh an t-uisge agus an teine agus an tóirneach ag teacht i n-aonfheacht air. Agus cá dteithfidh sé le n-a anam? Cá dteithfeadh sé le n-a anam ach chun na h-aithrighe? Imthigheadh sé láithreach agus deineadh sé faoisdin mhaith. Siné an rud a chuirfidh an ghráin a' seilbh airís agus do thabhar- faidh grásta an Spioraid Naoimh thar n-ais isteach sa n-áit naomhtha. Deineadh sé an aithrighe, le grádh agus le croídhe-bhrúghadh agus le mainíghin as Dia. Deineadh sé an aithrighe i dtreó go rachaidh mór-luacht bháis an tSlánuightheóra chun sochair d'á anam. Agus, thar gach nídh eile atá agam le rádh leis, deineadh sé an aith- righe láithreach. Ná fanadh sé le h-aon tsaghas eile gnótha dhéanamh. "An t-é atá ar bhuaic an tíghe ná
téigheadh sé isteach chun aon rud a thabhairt leis as an dtigh." Má dheinean sé ríghneas de'n tsórd san, b'fhéidir go dtiocfadh an tuille agus an teine agus an tóirneach air agus go sguabfaí chun siúbhail é. Nuair a bhíon duine ag teitheadh le n-a anam ní chuimhnighean sé ar aon rud eile ach ar an anam. Is neamhnídh leis aon nídh eile, ór ná airgead ná ollmhaitheas. An duine atá ar staid an pheacaidh, má dheinean sé an ríghneas, agus ansan má thagan an bás air, agus go gcaithfidh sé dul i láthair Dé agus an ghráin 'n-a seasamh istigh sa n-áit naomhtha aige, conus a bheidh an sgéal aige? Beidh go sgannramhail. "Beidh buaireamh mór ann an uair sin ná raibh a leithéid ó thusach an domhain, agus ná beidh." Siniad focail an tSlánuightheóra féin ar conus a bheidh an sgéal aige. Ní gádh dho'n duine sin fanamhaint go dtí lá an bhreitheamhantais chun gabháil tríd an sgannradh. Caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar an sgannradh chómh luath agus do sgarfaidh anam le colainn aige. Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Cuimhnigh i n-am air. Ná dein an ríghneas. "An t-é a léighfidh, tuigeadh." Tuig láithreach conus a sheasuighean tú i láthair Dé. Ná fág an t-anam bocht i gcontabhairt. Dein an aithrighe gan ríghneas. Dein an aithrighe go dílis agus go fírinneach. Díbir an ghráin as an áit naomhtha, as t'anam féin amach, ó chuir an Slánuightheóir ar do chumas é dhéanamh, agus bíodh aoibhneas na ngrást sa n-áit naomhtha agat i n-inead an ghráin. Ansan, tagadh an bás ort pé uair is toil le Dia é, ní gádh dhuit aon sgannradh bheith ort roimis. Go dtugaidh Dia na glóire, tré impidhe na Maighdine Muire, bás naomhtha dhúinn go léir. Amen. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services