Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóin agus Trí Fichid II

Title
Seanmóin agus Trí Fichid II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1910
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEANMÓIN AGUS TRÍ FICHID.



XXXIII.



AN DOMHNACH LAISTIGH d'OCHT-LÁ NA
DEASGABHÁLA.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 15 agus 16.)



Ar an gcéad amharc, a phobul, nách ait an gheallamhaint
í sin a thug an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis,
dos na deisgiobuil nuair a bhí sé ag ceapadh na h-oibre
dhóibh a bhí le déanamh acu? "Cuirfid siad amach as
na sinagógaibh sibh: agus tá an t-am ag teacht nuair
a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun báis sibh go mbeidh
onóir aige 'á thabhairt do Dhia."



Ní mar sin is gnáth le rígh labhairt le n-a shaighdiúiribh
nuair a bhíon sé 'ghá iaraidh ortha dul sa chath agus
troid ar a shon i n-aghaidh a namhad. Ní h-eadh, ach
geallan sé uaisleacht agus saidhbhreas agus onóir
dóibh má bhuaidhid siad ar an namhaid. Easonóir ó
dhaoine, agus droch úsáid agus bochtaineacht agus
bás, iseadh do gheall an Slánuightheóir dos na
saighdiúiribh a bhí aige 'á chur amach chun an chatha do
throid i n-aghaidh a namhad. "Cuirfid siad amach as
na sinagógaibh sibh." Ba mhar a chéile é sin an uair
sin agus dá n-abradh duine anois go gcurfaí amach as
an Eaglais duine. Easonóir ana mhór ab eadh duine


L. 2


chur amach as an sinagóg. Agus b'shiné tuarasdal a
bhí le fághail ar an saoghal so ag na deisgiobuil nuair
a dhéanfaidís a ndícheal ar obair an tSlánuightheóra
chur chun cinn. Beid siad ag bhúr marbhughadh ins gach
áit 'n-a bhféadfaid siad teacht oraibh, agus an t-é a
mharbhóchaidh duine agaibh measfaidh sé gur gníomh fóghanta
a bheidh déanta aige; gur b'amhlaidh a bheidh Dia buidheach
dé. Siní an gheallamhaint a thug an Slánuightheóir dóibh.
Sin a raibh acu le fághail ar an saoghal so de bhárr na
h-oibre a bhí acu le déanamh ar son an tSlánuightheóra.
Níor thug rígh riamh roimis sin ná riamh ó shin a leithéid sin
d'áirighthe d'á shaighdiúiribh agus é 'ghá gcur amach chun
cogaidh agus chun cruadh-chómhraic a dhéanamh in-aghaidh
a namhad.



Measaim go n-airighim duine tuisgionach ag tabhairt
freagra orm. "Ó," adeir an duine tuisgionach liom,
"ní'l aon nídh iongantach sa sgéal. Níor gheall an
Slánuightheóir tuarasdal ar an saoghal so, onóir ná
saidhbhreas ná creideamhaint shaoghalta, d'á shaighdiúiribh,
ach do gheall sé tuasasdal is fearr go mór 'ná é dhóibh,
agus tabharfaidh sé dhóibh é. Tabharfaidh sé aoibhneas
na bhflathas dóibh ar feadh na síoruidheachta. Ní féidir
aon tuarasdal a thug rígh saoghalta riamh d'á shaighdiúiribh
do chur i gcomparáid leis an dtuarasdal síoruidhe sin.
D'á luighead a gheóbhaid siad de mhaitheasaibh an tsaoghail
seo, de bhárr a dtroda, iseadh is mó a bheidh éileamh acu
ar an dtuarasdal síoruidhe."



Is maith, is ana mhaith, agus is bunúsach í do chaint,
a dhuine thuisgionaigh. Tá an fhírinne agat agus is
fírinne ghlan í. Fírinne ghlan ab eadh í an lá do labhair
an Slánuightheóir mar siúd le n-a dheisgiobulaibh, agus
fírinne ghlan iseadh í riamh ó shin. Thug an Slánuighteóir
cath dos na deisgiobuil le troid an lá san. Ní'l Críos-


L. 3


daidhe d'ár tháinig ar an saoghal, agus i mbliadhantaibh
na tuisgiona, riamh ó shin, nár thug an Slánuightheóir an
cath céadna dhó le troid, ar na coinghíollachaibh céadna;
trioblóidí, agus anródh, agus droch mheas ó dhaoine, agus
dealbhas, agus cruadhtan, agus díbirt chun fáin, agus
bás, ar an saoghal so, agus ansan, má déintear an
troid go dílis agus go seasamhach agus go cródha,
aoibhneas síoruidhe ar an saoghal eile. Agus, mar a
dúbhraís, d'á luighead a gheóbhaid siad de mhaitheasaibh
an tsaoghail seo, de bhárr a dtroda, iseadh is treise
an t-éileamh a bheidh acu ar an dtuarasdal síoruidhe.



Ní fhéadfadh caint a bheith níos fírinníghe 'ná an chaint
sin.



Ach inis an méid seo dhom, a dhuine atá chómh tuisgionach.
Nuair a chíon tusa an duine bocht go mbíon an saoghal
ag gabháil 'n-a choinnibh, cad 'n-a thaobh go measan tú ad'
aigne, láithreach, go bhfuil rud éigin ag Dia 'n-a choinnibh,
agus mura mbéadh go bhfuil go gcuirfeadh Dia níos mó
de'n rath air 'ná mar a chuirean sé air? Tá an saoghal,
b'fhéidir, ag eirighe leat féin maith go leór. Ansan
nuair a chíon tú an saoghal ag gabháil i gcoinnibh duine
eile ní bhíon agat le rádh ach, "dá mb' áil leis déanamh
mar a dheinim-se." An fhaid is ar na deisgiobulaibh a
bhíon an chaint, fé mar atá sa tSoisgéal, tuigean tú
go h-áluinn nách aon mhíchreideamhaint dóibh an saoghal
so, agus nadaoine go bhfuil a gcroídhe sáidhte sa tsaoghal
so, do bheith coitchianta ag gabháil 'n-a gcoinnibh, ag
tabhairt easonóra dhóibh agus ag tabhairt tarcaisne
dhóibh agus 'ghá ndíbirt ó áit go h-áit. Tuigean tú nách
aon iongnadh iad a bheith dealbh ó shaidhbhreas an tsaoghail
seo, mar go raibh an Slánuightheóir féin, moladh go deó
leis, fíor dhealbh ó shaidhbhreas saoghalta, agus gur bh'é
rud ba lúgha ba ghann d'á dheisgiobulaibh a dhéanamh, an


L. 4


druim lámha céadna do thabhairt le gach saidhbhreas
saoghalta. Ach nuair a thagan an sgéal anuas anso
chun ár n-aimsire féin, agus nuair a chíon tú an saoghal
ag eirighe leat féin agus ag gabháil i gcoinnibh duine eile,
ní féidir leat gan an machtnamh a bheith ad' chroídhe agat
gur fearr de dhuine tusa 'ná an duine sin.



Bhí duine ana naomhtha ann fadó. Duine ana shaidhbhir
ab eadh é. Do thárla go raibh clann Dé cruinnighthe agus
go raibh an annsprid ann. Do labhair Dia leis an ann-
sprid. "Cá dtáinís?" ar seisean. D'fhreagair an
annsprid. "Do thánag mór-thímpal an domhain," ar
seisean. Chuir sé i n-iúil leis an bhfreagra san go raibh
a chómhacht féin an uair sin mór-thímpal ar an ndomhan
go léir. Dúbhairt Dia leis: "Ar thugais fé ndeara
mo sheirbhíseach Iób, conus mar a dheinean sé mo thoil ins
gach nídh?"



"Ní misde dhó san," arsa'n annsprid. "Tá gach nídh
ar a thoil aige uait. Bain dé an saidhbhreas, agus ansan
chífear cad a dhéanfaidh sé."



Dúbhairt Dia leis an annsprid: "Tá cead agat-sa
anois a bhfuil de shaidhbhreas aige do bhaint dé; ach ná
bain le n-a phearsain."



D'imthigh an annsprid láithreach agus do dhéin sé léir-
sgrios, le gaoith agus le teine agus le tóirthnigh, ar
a raibh os cionn tailimh ag Iób. Nuair a thagadh tuairisg
isteach ag triall ar Iób ar gach sgrios fé mar a deintí é,
ní deireadh Iób ach: "Is é Dia a thug dúinn é. Is é Dia
do rug uainn é. Toil Dé go ndéintear!"



Innstear ansan go raibh clann Dé cruinnighthe airís
agus go raibh an annsprid ann, agus go ndúbhairt Dia
airís: "Cá dtáinís?" agus go ndúbhairt an annsprid:
"Thánag mór-thímpal an domhain agus treasna thríd."



Dúbhairt Dia: "Ar thugais fé ndeara mo sheirbhíseach.


L. 5


Iób; conus mar a dheinean sé gach nídh chun mo thoile?"
Ansan dúbhairt an annsprid: "Do sgarfadh duine le
saidhbhreas, ach bain le n-a cholainn agus chífear go
n-iompóchaidh sé ad' choinnibh."



Dúbhairt Dia leis: "Dein-se do thoil ar a cholainn,
ach ná bain le n-a anam."



Ansan d'imthigh an annsprid agus chuir sé lobhradh ar
Iób i dtreó gur deineadh sampla saoghalta dhé.



Feuch cad a thuit amach ansan, agus is chuige seo atáim.
Tháinig triúr uaisle, triúr daoine muinteartha a bhí aige,
ag triall ar Iób, agus chromadar ar a chur 'n-a luighe
air, go dian, gur bh'amhlaidh a bhí sé 'n-a dhroch dhuine
riamh, a gan fhios do'n tsaoghal, agus gur mar gheall
ar na droch ghníomhartha a bhíodh aige 'á dhéanamh, a gan fhios
do'n tsaoghal, do dhein Dia an léirsgrios air. Agus,
nuair ná cuirfeadh an léirsgrios fhiachaibh air an aithrighe
dhéanamh agus a dhroch ghníomhartha dh'admháil, gur deineadh
lobhar dé agus go raibh sé 'n-a shampla os cómhair an
tsaoghail; go dtánadar féin ag triall air, ar mhaithe
leis, a d'iaraidh cómhairle a leasa thabhairt dó agus a
chur fhiachaibh air a pheacaí dh'admháil agus aithrighe
dhéanamh ionta.



Thugadar mórán aimsire 'ghá chómhairliughadh ar an
gcuma san. Ach, nídh nár bh'iongnadh, ní fhéadfaidís a
chur fhiachaibh air peacaí a dh'admháil nár dhein sé riamh.
Fé dheire d'fhágadar ansan é agus d'imthígheadar.



Ansan do thuit rud amach dóibh a chuir iongnadh ortha
agus do thug raint d'á meabhair dóibh. Do cuireadh
aingeal ag triall ortha 'ghá rádh leó go raibh peacadh
déanta acu sa chuma 'n-ar labhradar le Iób. Go
gcaithfidís dul agus iad féin d'úmhlughadh 'n-a láthair
agus a iaraidh air a ghuidhe chur chun Dé ar a son. Dá
ndeineadh Iób an méid sin dóibh go maithfí dhóibh an


L. 6


peacadh a bhí déanta acu leis an mbreitheamhantas
oban a thugadar ar Iób.



Ní deirtear gur tháinig an annsprid a thuille chun
aon chur isteach a dhéanamh ar Iób. Ach innstear gur
glanadh Iób ó'n lobhradh, agus gur cuireadh an rath airís
air, agus sar ar fhág sé an saoghal so go raibh sé níos
saidhbhre agus níos neamh-spleadhchaíghe agus níos creid-
eamhnaíghe 'ná mar a bhí sé riamh.



Rud ana pheacamhail iseadh do dhuine breitheamhantas
oban a thabhairt ar aoinne, agus rud iseadh é a chuirean
an annsprid i n-ár gcroídhe go minic. Bhíos ag caint
le fear tá mórán aimsire ó shin ann. Do thárla gur thuit
tionóisg uathbhásach amach do shagart sa n-áit, raint
laethanta roimis sin. Bhí sé ag teacht ó ghlaodhach ola.
D'eirigh gaoth ana láidir. Bhí crainn ar gach taobh de'n
bhóthar. Le neart na gaoithe do leagadh crann acu. Do
thuit an crann anuas sa cheann ar an sagart agus do
marbhuigheadh ar an láthair sin é, slán beó mar a
n-innstear é! Bhí an fear ag trácht ar an dtionóisg.



"Is amhlaidh a bhí cuid againn 'ghá rádh eadrainn féin,
a Athair," ar seisean, "gur dhócha gur dhroch shagart é,
agus ná féadfadh Dia na glóire, moladh go deó leis, cur
suas leis ní ba shia."



"Ní mar sin a dheinean Dia é go minic," arsa mise,
"ach is amhlaidh a thugan sé bás oban do'n t-é a chíon sé
a bhíon ollamh agus oireamhnach ar dhul 'n-a láthair,
i dtreó go dtiocfadh sgannradh agus crith-eagla ar an
muintir ná bíon ollamh, agus go n-imtheóchaidís agus
go ndéanfaidís an aithrighe. Tá cuid des na naoimh is
mó agus fuaradar bás chómh h-oban le splannc tóirth-
níghe."



Do bhuail an fear buille d'á bhais ar a leath-ghlúin.
"Ó," ar seisean, "feuch air sin! Nách olc na daoine


L. 7


sinn!" ar seisean. "Feuch nách air sin a chuimhneóchaimís!
Feuch mar is é an droch thaobh de 'n sgéal a thagan
chun ár n-aigne ar dtúis i gcómhnuighe. Ar ndó, tá
fhios ag an saoghal gur b'é sin díreach a dhéanfadh Dia
na glóire, tré n-a mhór-thrócaire, an t-é a bhéadh ollamh
do sguabadh chun siúbhail go h-oban i dtreó go gcurfaí
eagla ar an t-é ná béadh ollamh."



I dteannta bheith 'n-a dhroch Chríosdaidhe, amadán
críochnuighthe iseadh an t-é a déarfadh gur b' é fearg Dé
bheith tuillte acu fé ndeara do dhaoine, uaireanta,
tionóisgí do theacht ortha, nó an saoghal a bheith ag gabháil
'n-a gcoinnibh. Cá bh'fhios do'n t-é a labharfadh ar an
gcuma san ná go mb'fhéidir nárbh' fhada go bhfaghadh sé
féin blaiseadh beag de'n mhí-ádh, mura mbéadh aon chúis
eile leis ach chun iaracht bheag d'á mheabhair a thabhairt dó
agus a mhúineadh dhó conus a bhéal a dh'éisteacht, agus gan
bheith ag teacht idir dhuine eile agus Dia; a mhúineadh
dhó gur "mairg a labhran go teann."



Do gheall an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus
dos na deisgiobuil, nuair a bhí sé 'ghá gcur amach chun
an tSoisgéil a chraobhsgaoileadh, ná raibh acu le fághail
ar an saoghal, de bhárr a saothar, ach cruadhtan agus
amhgar agus pionós agus droch úsáid agus anbhás. Do
shrois an gheallamhaint chéadna san na Críosdaidhthe go
léir. Do fuaradar na trioblóidí sin go léir i gcaitheamh
na dtrí gcéad bliadhan, i dtusach, nuair a bhí cómhachta
págánacha an domhain ag déanamh an uile shaghas díchil
ar chreideamh an tSlánuightheóra do mhúchadh. Fuaradar
'n-a dhiaigh san, i gcaitheamh na gcéadta bliadhan a tháinig,
na trioblóidí céadna go léir, nuair a dh'eirigheadh
creideamh éigin fallsa agus nuair a cheapadh muintir an
chreidimh fhallsa an creideamh fírinneach do dhísgiughadh.
Sroisean an gheallamhaint sin na Críosdaidhthe go léir, gach


L. 8


duine acu fé leith, nuair is toil le Dia na glóire na
trioblóidí úd go léir a thabhairt dóibh le fulang ar an
saoghal so i dtreó go mbéadh aoibhneas na bhflathas le
fághail acu ar an saoghal eile.



Ach do thug an Slánuightheóir, dos na h-Aspoil agus
dos na deisgiobuil, i n-aice na geallamhna san, gealla-
mhaint eile. Do gheall sé dhóibh go gcuirfeadh sé an
Spioraid Naomh ag triall ortha, Spioraid an tsóláis,
Spioraid na fírinne a ghluaisean ó'n Athair. "Agus,"
ar seisean, "déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa." Is é
an Spioraid Naomh a bhain an nimh as na trioblóidibh go
léir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil,
agus nár fhág blúire eagla acu roim phian ná roimh
anbhás.



Do shrois an gheallamhaint sin, leis, na Críosdaidhthe
go léir. Sroisean an gheallamhaint sin fós iad. Tugtar
grásta an Spioraid Naoimh, sólás agus neart agus
foidhne, do'n Chríosdaidhe i dtreó ná bíon aon chradhsgal
air roim thrioblóidibh na beatha so. Tugan grásta an
Spioraid Naoimh deimhne dhó ar an aoibhneas atá 'n-a chóir
ar an saoghal eile. "Déanfaidh sé fiadhnaise orm-sa,"
arsa'n Slánuightheóir. "Agus," ar seisean, "déanfaidh
sibh-se fiadhnaise orm." Taisbeánfaidh bhúr bhfulang
agus bhúr bhfoidhne agus bhúr mbás gur fírinne an
Soisgéal so atá tabhartha agam daoibh le craobhsgaoileadh.



Ar an gcuma gcéadna, nuair a dh'fhuilingean an
Críosdaidhe atá dílis pianta agus trioblóidí agus
dólás ar an saoghal so le foidhne, ag cur a thoile le toil
Dé, deinean an Críosdaidhe sin fiadhnaise ar an Slán-
uightheóir, mar déarfaidh gach aoinne a chíon é, "Mura
mbéadh gur fírinne an creideamh atá i gcroídhe an duine
sin ní fhéadfadh sé go deó na neithe sin a dh'fhulang
chómh foidhneach."


L. 9


Go dtugaidh an Spioraid Naomh a ghrásta go líonmhar
dúinn go léir chun na fiadhnaise sin do dhéanamh ar an
Slánuightheóir, agus go dtugaidh an Slánuightheóir a
thoradh dhúinn. Amen.



XXXIV.



DOMHNACH CHÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 14.)



Sin cuid de'n chaint, a phobul, do labhair an Slán-
uightheóir le n-a dheisgiobuil an oídhche dheirineach a bhí sé
'n-a bhfochair, ag an Suipéar Déanach. Agus mar ha
ghnáth i dtaobh cainte an tSlánuightheóra, ní leis na
deisgiobuil amháin do labhran an chaint, ach leis na
Críosdaidhthibh go léir, le Críosdaidhthibh na h-Eaglaise
go léir, an uair sin agus riamh ó shin. "Má bhíon grádh
ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre." Tá an
focal san chómh fíor anois agus bhí sé an uair sin. Siné
an cómhartha. Má deir duine go bhfuil grádh aige do'n
tSlánuightheóir coimeádfaidh sé bréithre an tSlánuigh-
theóra. Agus tugan an Slánuightheóir féin an taobh eile
de'n chómhartha dhúinn. "An t-é ná fuil grádh aige dhom
ní choimeádan sé mo bhréithre."



Is ceart dúinn feuchaint go cruinn ar an gcómhartha
san ó'n dá thaobh. Is ana fhuiriste do dhuine caint a
dhéanamh. Is ana fhuiriste do dhuine a rádh: "Ó, a
Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh." Agus
is ró fhuiriste dhó cúis an ghrádha do chur isteach go
cruinn agus do réir creidimh: "de bhrígh go bhfuilir ró
ghrádhmhar, ró thaithneamhach agus ró mhaith, ionat féin."


L. 10


Ansan is fhuiriste dhó an coinghíoll eile do chur isteach:
"Tá grádh agam dom' chómharsain, agus beidh do ghnáth,
mar mé féin ar do shon-sa." Ansan, is ana fhuiriste,
le caint, an cómhartha cruinn ar fad do chur ar an
ngrádh: "Tá grádh chómh mór san agam duit gur
túisge do sgarfainn leis an saoghal go léir 'ná mar
a sgarfainn leat."



Tá taithíghe againn ar an gcaint sin go léir. Caint
ana bhreagh, ana mhaith, iseadh í. Ach ba dhóich liom nár
mhisde dhúinn, anois agus airís, nuair a bhímíd ag rádh
na cainte sin, a dh'fhiafraighe dhínn féin, i láthair Dé, an
fíor dúinn an rud adeirimíd. Má chíon Dia gur fíor
dúinn an chaint tá an sgéal go maith againn. Ach deir
an Slánuightheóir: "Má tá grádh ag duine dhómh-sa
coimeádfaidh sé mo bhréithre." Briathar díobh san iseadh
gur ceart do'n Chríosdaidhe é féin d'úmhlughadh agus
a thoil féin do shéanadh. Má's béas leis an gCríosdaidhe
sin, coitchianta, le corp dúil 'n-a thoil agus 'n-a mheón
féin, a thoil féin do chur i bhfeidhm, agus a chur fhiachaibh
ar dhaoine eile géilleadh d'á thoil, conus is féidir dó a
rádh go bhfuil briathar an tSlánuightheóra aige 'á
choimeád? Agus mura bhfuil briathar an tSlánuigh-
theóra aige 'á choimeád conus is féidir dó a rádh go
bhfuil grádh aige do'n tSlánuightheóir? Agus mura
bhfuil grádh aige do'n tSlánuightheóir nách neamh-nár
an gnó dhó a bhéal a dh'osgailt agus a rádh leis an
Slánuightheóir Naomhtha: "A Thighearna, grádhaim tú
os cionn gach uile nídh!" Bréag do rádh, go tur,
suas leis an Slánuightheóir féin! Mar adúbhart,
má tá an fhírinne aige tá an sgéal go maith. Gan
amhras, ní foláir a dh'admháil go bhfuil aigne an
duine lag, agus go bhféadfadh duine a rádh anois,
agus a rádh le fírinne, "A Thighearna, grádhaim tú


L. 11


os cionn gach uile nídh," agus fé cheann beagán
aimsire rud éigin do rádh nó do dhéanamh a bhéadh
fiche míle ó'n gcaint sin. Ach cad tá le rádh ag an
nduine a bheidh ag rádh na cainte coitchianta agus
go mbeidh a ghníomh bun os cionn, i gcómhnuighe, leis
an gcaint? Deirim gur ró dheacair a rádh go
bhfeicean Dia go bhfuil fírinne 'n-a chaint nuair
adeir sé: "A Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile
nídh."



Is rud é nách féidir d'aon duine breitheamhantas do
leagadh air. Is rud é atá ar fad idir an gCríosdaidhe
féin agus Dia na glóire. Ach is rud é gur ceart do
gach aon Chríosdaidhe feuchaint chuige go géar, le h-eagla
nách fírinne, ach gur bréag, a bhéadh aige 'á rádh le Dia
na glóire nuair a bhéadh sé ag rádh na bhfocal naomhtha
san, "A Thighearna, grádhaim tú os cionn gach uile nídh."



Ansan tagan cúis an ghrádha isteach. "De bhrígh go
bhfuilir ró ghrádhmhar, ró thaithneamhach, ró mhaith, ionat
féin."



Fiafraigh dhíot féin, a Chríosdaidhe, le linn na bhfocal
san do rádh dhuit, an fíor dhuit go bhfuil grádh agat do
Dhia agus go bhfuil cúis do ghrádh' dhó agat d'á chur síos
go fírinneach ins na focalaibh sin. Nó an mbéadh an
fhírinne ag duine dá n-abradh sé ná fuil ins na focalaibh
agat ach fuaim. Mar adúbhart leis an gceist eile, is
ceist í atá ar fad idir thú féin agus Dia. Ní féidir
d'aon duine eile baint i n-aon chor léi. Má's fíor dhuit
go bhfuil grádh agat do Dhia, agus gur tré mór-mhaitheas
Dé féin atá an grádh san agat dó, tá an sgéal go maith
idir thú agus Dia. Ach má labhran tú na focail sin i
láthair Dé, ag trácht ar a mhór-mhaitheas, ann féin, agus
ar a ghrádhmhaire agus ar a thaithneamhacht, agus gan agat
sa chaint ach fuaim, is baoghal go bhfuil an sgéal go


L. 12


h-olc agat; 'sé sin, mura le neamh-thuisgint a dhéanfá
é. Pé'r domhan é, is rud contabharthach é, agus ba
cheart do gach Críosdaidhe feuchaint 'n-a dhiaigh agus
feuchaint go cruinn agus go géar 'n-a dhiaigh.



Ansan tagan an focal eile seo; "Tá grádh agam
dom' chómharsain, agus beidh do ghnáth, mar mé féin,
ar do shon-sa." Fiafraigheadh an Críosdaidhe dhé féin, le
linn na cainte sin a theacht as a bhéal, an fíor dó an
chaint atá aige 'á labhairt. Is le Dia atá sé ag
labhairt na cainte. An fíor, anois, ar an neómat so,
go bhfuil fuath agus droch aigne ag an gCríosdaidhe
sin do chómharsain áirighthe a dhein droch bheart éigin air?
Má's fíor, nách dána an t-éadan nách foláir a bheith
ar an bhfear san agus a rádh go bhféadan sé an bhréag
san do labhairt chómh tur san suas i láthair Dé?



"O," a déarfaidh duine, b'fhéidir, "ní'l leigheas agam
air. Dhein an fear san beart ró olc ar fad orm. Ní
dhéanfadh sé é mura mbéadh é bheith go h-olc. Conus
fhéadfainn gan droch aigne bheith agam dó nuair a dhein
sé an gníomh chómh h-olc orm?"



Is dócha, mura mbéadh gur dhein sé an droch bheart san
ort ná béadh aon droch aigne agat dó.



"Ní bhéadh, ná blúire, a Athair. Ní raibh aon droch
aigne agam riamh roimis sin d'aoinne, ná ní bhéadh dó
súd mura mbéadh an bheart chaillte a dhein sé orm."



Airiú, nách iongantach an duine thú le feabhas! Nách
uathbhásach an chreideamhaint atá ag dul duit toisg gan
droch aigne bheith agat do dhuine nár dhein aon droch
ghníomh ort! "Ní bhéadh aon droch aigne agam dó,"
arsa tusa, "mura mbéadh gur dhein sé an droch
ghníomh orm." Gan amhras is cóir bheith buidheach díot!
Ar ndó, ní'l ach an mac mallachtain, thíos i n-ifrean,
go mbíon fuath aige do dhuine nár dhein aon olc air!


L. 13


Deirim-se an méid seo leat, ámhthach, agus beir-
se leat go cruinn é. Ní'l aon bhreith agat ar
mhaitheamhnachas fhághail ó Dhia na glóire, ad' pheacaibh
féin, mura dtugair-se maitheamhnachas, ó d' chroídhe
amach, do'n chómharsain a dhein droch bheart ort, dá
mb'í an bheart ba mheasa í d'ár dhein duine riamh
ar dhuine eile. Ní h-aon mhaith bheith siar ná aniar
ar an sgéal. Sin aon nídh amháin a dhein an
Slánuightheóir soiléir go leór dúinn. Ní mhaithfidh Dia
na glóire a pheacaí d'aon duine ná maithfidh d'á chómhar-
sain pé olc a dhein an chómharsa san air. Chun an méid
sin do chur i n-iúil dúinn agus do chur 'n-a luighe ar ár
n-aigne go daingean iseadh chuir an Slánuightheóir isteach
sa Phaidir an focal úd, "Maith dhúinn ár gcionta mar a
mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheas i n-ár n-aghaidh." An
maitheamhnachas a thabharfaimíd-ne do chách siné an
maitheamhnachas a thabharfaidh Dia dhúinne.



Ach déarfaidh duine: "Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó!
Cad é an tairbhe dhom a rádh go maithim dó é nuair atá
fhios agam ná fuilim 'á mhaitheamh dó, agus ná féadfainn
é?"



Deirim-se leat, ámhthach, suas le d' bhéal, gur bréag
dhuit an chaint sin! D'fhéadfá é mhaitheamh dó dá mba
mhaith leat é. Dá mbéadh aon nídh saoghalta agat le
buachtaint as é mhaitheamh dó is tapaidh a gheóbhthá amach
conus é mhaitheamh dó. Ní fhéadfá é mhaitheamh dó?
Agus conus a dh'iarfair ar Dhia na glóire do pheacaí a
mhaitheamh duit féin? Conus a bheidh an sgéal agat má
deir Dia leat ná féadfadh sé iad a mhaitheamh duit?
Rud a déarfaidh, go deimhnightheach, mura dtugair-se
maitheamhnachas, ó chroídhe, do d' chómharsain.



Ach seachain. Tuigimís an sgéal i gceart. Ní mar
a chéile mí-shásamh aigne agus droch aigne. Rud iseadh


L. 14


mí-shásamh aigne go mb'fhéidir ná béadh leigheas ag duine
air. Má dheinean duine éagcóir orm ní féidir dom,
b'fhéidir, gan mí-shásamh aigne bheith orm. Ach cad é an
bac atá orm, pé mí-shásamh aigne bheidh orm, an éagcóir a
mhaitheamh dó? Cad é an bac atá orm a iaraidh ar Dhia
an éagcóir sin a mhaitheamh dó? Cad é an bac atá orm,
pé díombádh atá orm chuige mar gheall ar an olc a dhein
sé orm, m'aigne do shocarughadh ar gan olc eile do
dhéanamh air mar dhíoghaltas as an olc a dhein sé orm?
Má dheinim an méid sin, nách shiné an maitheamhnachas
tabhartha agam dó? Agus nuair atá an maitheamhnachas
tabhartha agam dó cad é an díobháil a dhéanfaidh an
mí-shásamh aigne ná an díombádh? Imtheóchaid siad san
leis an aimsir. Ní'l aon leigheas ag duine ar mhí-
shásamh aigne, ach an t-aon leigheas amháin. "Grásta
na foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra." Bhí taithíghe mhaith
ag ár sínsear ar an leigheas san. Dheineadar an sean-
fhocal air. Is breagh uasal Críosdamhail an aigne a
bhí ag an t-é a dh'iar ar dtúis ar Dhia "grásta na
foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra." Tá daoine ann
anois, leis, a bhíon 'ghá iaraidh sin coitchianta. Ach
tá daoine le fághail go bhfuil aigne bheag chumhang,
mhalluighthe, mhiosgaiseach, acu, agus dá mba ná
déanfadh cómharsa ach focal éigin do rádh, a gan
fhios dó féin, agus ná taithnfeadh an focal leó,
choimeádfaidís an focal san istigh sa chroídhe bheag acu
féin, agus iad ag machtnamh air agus ag breithniughadh
air agus ag gor air, go dtí go mbéadh sé chómh mór
chómh dubh le cnoc acu; agus "Ó h-ó h-ó! Ní mhaithfidh
mé choídhche, choídhche, choídhche dhó é!" Daoine bochta gan
chiall, gan mheabhair, gan tuisgint iseadh a leithéidí
sin. B'fhéidir go dtabharfadh Dia grásta na foidhne
dhóibh uair éigin sar a dtógfadh sé as an saoghal iad.


L. 15


Dá n-órduigheadh an Slánuightheóir dúinn a bhréithre
choimeád agus gan aon díoluigheacht a gheallamhaint
dúinn as, bhéadh ceangailte orainn an t-órdughadh do
chómhlíonadh. Ná béadh? Ach ní h-i n-aisge a dh'órduighean
sé dhúinn é dhéanamh. "Má tá grádh ag duine dhómh-sa,"
adeir sé, "coimeádfaidh sé mo bhréithre." Agus ansan,
láithreach i ndiaigh an méid sin, deir sé, "agus beidh grádh
ag m'Athair dó." Ba chóir nár bheag de dhíoluigheacht
é sin, grádh an Athar Síoruidhe a bheith le fághail ag duine
mar gheall ar ghrádh a bheith ag an nduine sin do'n tSlán-
uightheóir, d'Aon-Mhac an Athar Síoruidhe. Cad é an
saghas Críosdaidhe an duine ná tabharfadh maitheamhnachas
d'á chómharsain agus grádh an Athar Síoruidhe geallta
ag an Slánuightheóir dó mar dhíoluigheacht ann! Ach tá
níos mó 'ná san geallta, d'á mhéid é. Deir an Slán-
uightheóir, "Beidh grádh ag m'Athair dó," ach ní stadan
sé ansan. Deir se, i dteannta an méid sin, "agus
tiocfaimíd ag triall air agus déanfaimíd cómhnuighe
i n'fhochair." Sin díoluigheacht ag an nduine le fághail
ach grádh thabhairt do'n tSlánuightheóir agus bréithre an
tSlánuightheóra do choimeád! Tiocfaidh an Slánuightheóir
féin agus an t-Athair Síoruidhe ag triall ar an nduine
sin, le neart grádha dhó, agus déanfaid siad cómhnuighe
i n'fhochair. Is é focal an tSlánuightheóra féin atá
againn leis. Cad é an beann a bheidh ag an nduine sin,
feasta, ar an saoghal so, ná ar thrioblóidibh an tsaoghail
seo, ná ar anacra an tsaoghail seo? Cad é an beann a
bheidh ag an nduine sin, feasta, ar shaidhbhreas ná ar
dhealbhas, ar shláinte ná ar bhreóiteacht, ar shólás ná ar
dhólás? Is neamhnídh leis an nduine sin, feasta, cé 'cu
leis nó 'n-a choinnibh a gheabhaidh an saoghal, cé'cu mholfaid
daoine é nó ná molfaid; cé 'cu saoghal fada is toil
le Dia thabhairt dó nó saoghal gairid; cé 'cu sláinte


L. 16


mhaith is toil le Dia a thabhairt dó, ar an saoghal so, nó
droch shláinte. Ní gádh puinn de dhuagh an duine sin
a dh'fhághail chun a chur fhiachaibh air droch bheart a mhaitheamh
d'á chómharsain. Ní túisge a bhíon an éagcóir déanta
air 'ná mar a bhíon an éagcóir maithte do'n t-é a dhein í.



"Ach!" adéarfaidh duine, b'fhéidir, "ní dócha go
bhfuil Críosdaidhthe de'n tsórd san le fághail i n-aon
chor sa tsaoghal anois!"



Tá dearmhad ort. Táid siad le fághail sa tsaoghal
anois, agus le fághail go tiugh ann. Agus táid siad
le fághail go tiugh ins na h-áiteanaibh, b'fhéidir, is lugha
'n-a mbéadh coinne agat-sa leó. Agus b'fhéidir go
gcuirfeadh sé iongnadh ort dá n-abrainn leat go
mb'fhéidir gur duine des na Críosdaidhthibh sin an
chómharsa san go measan tusa gur dhein sé olc éigin
ort, agus go ndeirean tú ná maithfidh tú choídhche dhó é.
Tuitean neithe de'n tsórd san amach uaireanta. Táid,
Críosdaidhthe de'n tsórd san, sa tsaoghal go tiugh;
ach má 'seadh is a gan fhios do'n tsaoghal é. Ní fheicean
an saoghal iad, mar ní h-ar a leithéidí a bhíon an saoghal
ag cuimhneamh. Ní 'n-a ndiaigh a bhíon an saoghal ag
feuchaint, ach i ndiaigh a malairt. Ach táid siad ann, agus
tá grádh acu do'n tSlánuightheóir, agus coimeádaid siad
a bhréithre, agus tá an Slánuightheóir agus an t-Athair
Síoruidhe 'n-a bhfochair i gcómhnuighe. Agus is maith an
bhail ar an bpobul 'n-a bhfuil a leithéidí ann. Is mó
droch nídh a curtar i leith-taoibh ó'n bpobul san mar
gheall ar iad a bheith ann.



Ní foláir an méid seo do thuisgint, ámhthach. Ní h-iad
na Críosdaidhthe sin féin a dh'admhóchadh choídhche na maith-
easaí sin a bheith ionta. Tá an úmhluigheacht ionta, agus
rud iseadh an úmhluigheacht a thugan radharc ana ghlan
do'n duine ar a lochtaibh féin. Chíon sé go soiléir gur


L. 17


leis féin na lochta, agus pé maitheas atá ann gur ó Dhia
a tháinig sé. Cuirean san ó aon bhaoghal baoise é, ná
uabhair, ná mór-is-fiú.



Tá, a phobul, mórán Críosdaidhthe de'n tsórd san sa
tsaoghal. Ach cad é sin agam 'á rádh? Ná fuil cean-
gailte ar an uile Chríosdaidhe d'á bhfuil ar an saoghal
grádh bheith aige do'n tSlánuightheóir agus bréithre an
tSlánuightheóra do choimeád? D'á bhrígh sin, tá cean-
gailte orainn go léir an díoluigheacht úd do thuilleamh.
Tá ceangailte orainn go léir maireachtaint ar staid
na ngrást. An t-é atá ar staid na ngrást tá an
Slánuightheóir agus an t-Athair Síoruidhe i gcómhnuighe
i n' fhochair. Tá ceangailte orainn go léir bheith
coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia sinn a choimeád i n-ár
gCríosdaidhthibh maithe. Is ar Dhia amháin atá ár
seasamh chuige sin. Grásta ó Dhia a thabharfaidh
dúinn grádh a bheith againn do'n tSlánuightheóir.
Grásta ó Dhia a thabharfaidh dúinn bréithre an tSlán-
uightheóra do choimeád. Grásta ó Dhia a thabharfaidh
dúinn an Slánuightheóir agus an t-Athair Síoruidhe do
theacht ag triall orainn agus cómhnuighe dhéanamh i n-ár
bhfochair.



Go dtugaidh Dia dhúinn, tré impidhe na Maighdine
Muire agus na naomh go léir, bheith coitchianta 'ghá
iaraidh ar Dhia a ghrásta thabhairt dúinn, ionus go
mbéadh an grádh ceart againn do'n tSlánuightheóir
Naomhtha, agus go gcoimeádfaimís a bhréithre, agus
go mbéadh grádh ag an Athair Síoruidhe dhúinn, agus
go dtiocfadh an t-Athair Síoruidhe agus an t-Aon-Mhac
chun cómhnuighthe istigh i n-ár gcroídhe, agus chun
fanamhaint againn ar feadh na síoruidheachta. Amen.


L. 18


XXXV.



FÉILE NA TRÍONÓIDE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 28.)



Nuair a bhí sé ag dul uatha suas ar neamh, a phobul,
iseadh do labhair an Slánuightheóir an chaint sin le n-a
dheisgiobulaibh. Ní mór an chaint atá sa tSoisgéal san
ach tá mórán bríghe leis an méid cainte atá ann. Tá
againn sa chaint sin, ar dtúis, dearbhadh ar chómhacht an
tSlánuightheóra. "Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar
neamh agus ar talamh." "D'á bhrígh sin tá ar mo chumas
an nídh a dh'órduighim do chur i bhfeidhm i n-aimhdheóin aon
chómhachta eile d'á bhfuil ar neamh ná ar talamh. Má
eirighid ríghthe agus cómhachta an domhain am' choinnibh
teipfidh ortha aon bhuadh dh'fhághail ar mo chómhacht-sa."



"Imthighidh-se, d'á bhrígh sin, agus múinidh na Geinte
go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar agus an
Mhic agus an Spioraid Naoimh." Sin mar a dh'órduigh sé
dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil an Eaglais
do chur ar bun agus na Críosdaidhthe do thabhairt isteach
sa n-Eaglais. "Agus feuch," ar seisean, "táim i
nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir go dtí críoch-
nughadh an tsaoghail."



Do tógadh an Slánuightheóir uatha suas chun na
bhflathas, agus chómh luath agus do thúirling an
Spioraid Naomh ortha do ghluaiseadar láithreach chun
na h-oibre. Chromadar ar na daoine do mhúineadh
agus do theagasg agus ar iad do bhaisteadh, fé
mar a dh'órduigh an Slánuightheóir dóibh. Bhí an


L. 19


saoghal mór n-a gcoinnibh. Ní raibh slóighte ná arm
acu chun iad do chosaint ar a namhaid, ach bhí cómhacht an
tSlánuightheóra leó, fé mar a gheall sé dhóibh a bhéadh.
Ach tabhair an méid seo fé ndeara. Do dheineadar an
obair, agus do rugadar buadh ar a namhaid, ach ní le
neart lámh é. Is le foidhne agus le fulang a rugadar
an buadh. Go dtí san isé brígh a bhí leis an bhfocal
"buadh," i mbéalaibh daoine, 'ná namhaid do chlaoidh le
neart lámh, le claidheamh, le cath, le mór-shluagh, le
h-eólus ar chogadh. Tháinig brígh eile leis an bhfocal
nuair a thusnuigh na h-Aspoil agus na deisgiobuil
ar Shoisgéal an tSlánuightheóra do chraobhsgaoileadh.
Do taisbeánadh go bhféadfaí troid a dhéanamh a bhéadh
ní ba chródha 'ná troid le h-arm faobhair, agus go
bhféadfaí buadh a bhreith a bhéadh ní b'uaisle 'ná
buadh le bualadh agus le briseadh catha. 'S é sin
an buadh a dheinean neamhnídh de phionós agus
d'éagcóir agus de'n bhás féin. An rígh saoghalta
ba mhó cómhact agus gradam d'ár mhair riamh, ní raibh
aige chun a chómhachta do chur i bhfeidhm ar dhaoine ach
pionós agus bás. Dá dteipeadh an dá nídh sin air
ní bhéadh 'n-a chómhacht ach neamhnídh. Ní fhéadfadh sé,
agus a dhícheal a dhéanamh, ach pionós do chur ar
dhuine nó an duine do chur chun báis. Eagla roim
phionós nó roimis an gcroich iseadh chuirean fhiachaibh
ar dhaoine bheith úmhal do ríghthibh saoghalta, 'sé sin
mura rud é gur Críosdaidhe maith an rígh, agus go
gcuirfeadh eagla Dé fhiachaibh ar a dhaoine bheith úmhal
dó. Ach ní gnáth gur ar aon nídh de'n tsórd san
a bhíd ríghthe saoghalta ag brath chun a ndaoine do
dhéanamh úmhal dóibh. Is ar an gcumas a bhíon acu ar
phionós do chur ortha a bhíon a seasamh, nó ar iad do
chrochadh, má dheinid siad easúmhluigheacht 'n-a n-aghaidh.


L. 20


Ní'l aon tslígh eile acu chun a chur fhiachaibh ar aoinne
bheith úmhal dóibh. D'á bhrígh sin, chómh luath agus do
shocaróchaidh duine a aigne ar gan suim ar bith do
chur i n-aon tsaghas pionóis ná i n-aon tsaghas
báis ab fhéidir a dh'imirt air, ní'l a thuille cumais
ná a thuille greama ag aon rígh ná ag aon phriúnsa
saoghalta ar an nduine sin. Dá mbuadhadh an
rígh sin ar bhuaidh ríghthe agus slóighte agus armálacha
de chogaíbh agus de chathanaibh riamh ní thabharfaidís
blúire cumais dó ar an nduine sin. Déarfadh sé
leis an nduine, "Úmhluigh dom!" Déarfadh an
duine, "Ní úmhlóchad! Ní gádh liom é!" Déarfadh an
rígh, "Bainfead an ceann díot!" Déarfadh an duine
leis, "Dein do dhícheal! Sin a bhfuil ar do chumas a
dhéanamh. Bíodh mo cheann agat, ach ní bheidh úmhluigheacht
agat uaim!" Dá n-abradh gach aoinne é sin cá mbéadh
cómhacht an rígh ar ball?



Siné an rud a thug an buadh go léir dos na h-Aspoil
agus dos na deisgiobuil. Chómh luath agus do thúirling
an Spioraid Naomh ortha níor fhan aon bhlúire eagla
acu roim phionós ná roimh aon tsaghas báis. Thuigeadar
'n-a n-aigne ná raibh i bpionós dóibh ach onóir, mar gur
dhein sé cosmhail leis an Slánuightheóir féin iad, agus
i dtaobh báis, nár dhein sé ach iad do chur suas láithreach
go h-aoibhneas na bhflathas. Bhí cómhachta saoghalta gan
bhrígh gan neart gan chumas 'n-a láthair as san amach.



Ach ba ró dheacair leis na cómhachtaibh saoghalta an
nídh sin a dh'admháil. Ní raibh aon lorg i n-aon chor ag
na cómhachtaibh saoghalta ar Shoisgéal an tSlánuightheóra.
B'fhearr leó go mór an creideamh págánach a bheith acu,
creideamh ná cuirfeadh aon oibliogáidí ortha ach mar ba
mhaith leó féin. Ní raibh aon lorg acu ar chreidheamh do
'neósfadh an fhírinne dhóibh, agus a déarfadh gur ó Dhia


L. 21


a fuaradar an chómhacht a bhí acu, agus go gcaithfidís
freagairt i láthair Dé sa n-úsáid a bhí acu 'á dhéanamh
de'n chómhacht san. D'á bhrígh sin do dheineadar a
ndícheal ar chreideamh an tSlánuightheóra do mhúchadh
agus do shladadh agus do chur ar neamhnídh. Ní
raibh acu chuige sin ach an dá nídh, an pionós agus
an bás. Dheineadar úsáid de'n dá nídh sin. Dá
bhféadadh pionós agus bás an creideamh a mhúchadh
ní fada bhéadh sé gan múchadh. Ach bhí dearmhad ar
na ríghthibh agus ar na cómhachtaibh saoghalta. Ní
raibh fhios acu an gheallamhaint úd a bheith tabhartha
ag an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na
deisgiobuil: "Táim-se i nbhúr bhfochair go dtí críoch-
nughadh an tsaoghail." D'á bhrígh sin bhí iongnadh agus
alltacht ortha nuair a fuaradar nár fhéad pionós ná
bás a smacht do chur i bhfeidhm ar Eaglais Chríosd. An
dá shlait sin a bhí acu chun a smachta do chur i bhfeidhm
riamh ar dhaoine b'shiniad gan mhaith gan tairbhe iad 'n-a
lámhaibh nuair a theastuigheadh uatha smacht do chur ar an
Eaglais. D'á mhéid úsáid a dheinidís de'n dá shlait sin
i gcoinnibh na gCríosdaidhthe, i n-inead aon lagughadh
a dhéanamh ar an gCreideamh is amhlaidh a neartuighdís é.
D'á mhéid pionós a chuiridís ar na Críosdaidhthibh iseadh
is daingine a bhíodh na Críosdaidhthe sa chreideamh. D'á
mhéid a curtí chun báis díobh iseadh is mó bhíodh beó dhíobh.



Do lean an chaismirt ar feadh trí chéad bliadhan.
Ansan dob' éigean dos na cómhachtaibh saoghalta
stríocadh. Do ghéilleadar fé dheire. Do leagadh na
teampaill phágánacha, agus do cuireadh suas team-
paill an Chreidimh ins gach aon áit. Le cómhachtaibh
an tSlánuightheóra do bhuaidh neart aigne ar neart
cuirp; do bhuaidh neart fírinne ar neart éithigh; do
bhuaidh ceart ar aincheart; do bhuaidh lámha loma ar


L. 22


fhaobhar claidhimh; do bhuaidh úmhluigheacht ar uabhar;
do bhuaidh foidhne agus fulang ar phionós agus ar
an mbás; do bhuaidh Eaglais Chríosd ar gheataibh
ifrinn.



Nuair a fuair cómhachta ifrinn nár bh'aon mhaith dhóibh
bheith a d'iaraidh a thuille toirmisg a dhéanamh do'n Eaglais
ná do'n chreideamh le bheith ag séideadh fé mhioscais na
bpágánach chun na gCríosdaidhthe do ruagadh agus do
chur chun báis, do tharaingeadar chúcha cleas eile. Do
spriocadar daoine a bhí lán d'uabhar agus de mhalluigh-
theacht, agus sa n-am gcéadna de ghéire intleachta, chun
creideamhacha éithigh do chur ar bun agus na daoine do
mhealladh ó'n gcreideamh fírinneach. Dheineadh na daoine
malluighthe sin a ngnó chómh gasta, chómh géarchúiseach san
go meallaidís go minic a lán daoine, agus go gcuiridís
an dubh 'n-a gheal ortha. Ansan do chuireadh muintir an
chreidimh fhallsa cath agus troid agus cómhrac ar na
Críosdaidhthibh a bhíodh dílis. Do thógadh ríghthe agus
cómhachta an tsaoghail seo páirt leis an gcreideamh
fallsa, mar is é an creideamh fallsa do sgaoileadh
a srian féin leó chun a ndroch mhian do shásamh agus chun
éagcóra dhéanamh ar na daoine. Dheineadh lucht an
chreidimh fhallsa agus cómhachta an tsaoghail socarughadh
eatortha féin chun gach aon tsaghas cos-ar-bolg a dhéanamh
ar an gcreideamh fírinneach agus ar an Eaglais, i dtreó,
ar ball, gur mheasa iad go mór chun gach droch íde dh'imirt
ar na Críosdaidhthibh dílse 'ná na págánaigh féin an fhaid
a mhair a gcómhacht sa tsaoghal. Ach d'eirigh gach creideamh
fallsa acu agus do fuair sé a lá féin, agus do dhein
sé a dhícheal chun na h-Eaglaise do chlaoidh agus do chur
as an saoghal, agus ansan do chuaidh sé féin ar neamhnídh.
D'eirigheadar i ndiaigh 'chéile agus do chuadar ar neamhnídh
i n-diaigh 'chéile, agus do mhair an Eaglais 'n-a ndiaigh


L. 23


go léir. Níor bh'aon iongnadh é sin. Do gheall an
Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil
go mbéadh sé féin 'n-a bhfochair i gcaitheamh na h-aimsire
go léir go dtí deire an tsaoghail.



Do fíoradh an gheallamhaint sin an fhaid a bhí cómhacht
phágánach Impireachta na Rómha ag marbhughadh na gCríos-
daidhthe ins gach aon pháirt de'n domhan bhraonach, 'ghá
gcrochadh agus 'ghá gcéasadh, 'ghá mbáthadh agus 'ghá
losgadh, agus 'ghá dtabhairt 'n-a mbeathaidh le n-ithe
dos na beithigheachaibh fiadhaine, mar radharc spóirt
dos na míltibh slógh a bhíodh cruinnighthe chun bheith ag
feuchaint ar an radharc. Do fíoradh an gheallamhaint
chéadna nuair a dh'eirigheadh gach creideamh fallsa
agus nuair a tugtí a rogha dos na Críosdaidhthibh
dílse an creideamh fírinneach do shéanadh, agus an
t-éitheach do ghlacadh i n' fhírinne, nó sgaramhaint
le n-a gcuid 'an tsaoghal, agus gorta agus pionós
agus bás a dh'fhulang.



Do fíoradh an gheallamhaint sin anso sa n-oileán so
na h-Éirean, ameasg ár sínsear féin, nuair a tháinig
muintir an chreidimh Ghallda chúghainn, agus nuair a
mheasadar an creideamh fírinneach do bhaint dínn, agus
Sasanaigh a dhéanamh dínn i n-aimhdheóin Dé agus
daoine. Do thusnuigh an droch obair sin nuair a
dh'iar an t-ochtmhadh Hannraoi, rígh Sacsan, ar an
bPápa cead a thabhairt dó a bhean phósta do chur
uaidh agus bean eile do ghlacadh 'n-a h-inead. Ní
fhéadfadh an Pápa, nídh nách iongnadh, an éagcóir
sin a dhéanamh. Tá fhios againn go léir dá mbéadh
an Pápa olc a dhóithin, agus go dtabharfadh sé an
cead san uaidh, ná béadh aon mhaith sa chead. Ní'l aon
chómhacht fé bhun Dé ar an dtalamh a dh'fhéadfadh a
leithéid sin de chead a thabhairt d'aon fhear. Ansan


L. 24


do shocaruigh Hannraoi air go mbéadh sé féin 'n-a
cheann ar an Eaglais, 'n-a rígheacht féin. Dhein sé
dlígh chuige sin. Do réir na dlíghe sin bhí fhiachaibh
ar gach aon Chaitilicidhe sa rígheacht diúltughadh do'n
Phápa agus Hannraoi do ghlacadh 'n-a cheann so-
fheicse ar an Eaglais. Do cuireadh an dlígh sin i
bhfeidhm le faobhar agus le fuil agus le teine. Bhí
an dlígh sin d'á chur i bhfeidhm ar an gcuma san an fhaid
a mhair Hannraoi. Nuair a tháinig Eilís do cuireadh an
dlígh chéadna i bhfeidhm ar an gcuma gcéadna, ach níba
dhéine. Ach nuair a tháinig Cromeil iseadh do h-osgaladh
ifrean ar fad chúghainn. Ní ghéillfeadh muintir na
h-Éirean do'n dlígh. Ní dhiúltóchaidís do'n Phápa pé
rud a bhéadh le h-imtheacht ortha. Do fuair muintir
Chromeil ná raibh maith 'n-a ngnó. Pé méid des
na daoine a chuirfidís chun báis ná déanfadh san
aon bhogadh ar an gcuid eile; ná aon eagla chur
ortha. Ní h-eadh, ach gurbh' amhlaidh a dhéineadh bás a
gcómharsan breis nirt aigne chur ionta i n-inead
aon lag-spioraidíghe do chur ortha. Ansan do
shocaruigh saighdiúirí Chromeil ar rud a dhéanamh nár
deineadh a leithéid riamh i n-aon pháirt de'n domhan.
Shocaruigheadar ar theacht i dtaobh de'n oileán agus gabháil
tríd go dtí an taobh eile, agus an uile dhuine, óg agus
aosta, do chur chun báis! Ansan iseadh thosnuigh an
t-éirleach. Bhí an t-arm teine agus an faobhar ag na
saighdiúiribh. Ní raibh blúire i bhfuirm aon tsaghas airm
ag na daoine. Do marbhuigheadh na daoine agus do
loisgeadh na tighthe ins gach aon bhall. Chuaidh raint
bheag des na daoine i bhfolach i gcoilltibh agus ins na
cnocaibh. Bhí arbhar ag fás ar an dtalamh i ndiaigh na
ndaoine. Tháinig na saighdiúirí agus ghearradar an
geamhar, i dtreó ná béadh aon rud le n-ithe ar ball ag


L. 25


an méid daoine a chuaidh i bhfolach, agus go gcaithfidís
bás d'fhághail do'n ghorta.



Do lean an obair sin go dtí go raibh Éire nách mór
folamh ar fad ó dhaoine. Dúbhairt muintir Shasana,
"Ó tá oiread san dúil sa bhás acu, bíodh sé acu. Nuair
ná glacfaidís ár gcreideamh imthíghdís as an saoghal.
Gheóbhaimíd-ne daoine do dhéanfaidh cómhnuighe i n-Éirinn
agus go mbeidh ár gcreideamh féin acu. Ansan ní bheidh
aon bheann againn ar Phápa na Rómha."



Dheineadar an nídh sin. Nuair a bhí Éire folamh ó
dhaoine acu, ach na sléibhte agus na bogaighthe, do cuireadh
fógra amach 'ghá iaraidh ar aoinne gur theastuigh talamh
saor uaidh, ach nár Chaitilicidhe Romhánach é, teacht go
h-Éirinn agus go bhfaghadh sé a dhóithin de'n talamh ab
fhearr sa domhan ar fhíor-bheagán cíosa. Thánadar, go
tiugh, anall ó Shasana agus ó Albain agus aniar ó
Chanada, agus do chuireadar fútha ar mhachairibh breaghtha
míne na h-Éirean, ó Bhaile Atha Cliath go Gaillimh agus
ó Dhonchadh Díghe go Tigh Mháire. Ansan iseadh bhí
áthas ar mhuintir an chreidimh Ghallda. D'fhásfadh
sliocht na ndaoine sin agus do leathfaidís, agus
bhéadh deire le réim an Phápa i n-Éirinn!



Ach do thuit rud amach ná raibh aon choinne ag aoinne
leis. Is ar éigin an tsloigisg iasachta socair chun
cómhnuighthe sa tír nuair a tháinig galar uathbhásach ortha,
galar mí-nádúrtha. An t-é go dtagadh an galar air
is amhlaidh a líonadh a chroicean de phiastaibh agus
d'ithidís 'n-a bheathaidh é. Do leath an galar ar fuid
na dútha agus bhí na daoine iasachta ag fághail bháis
leis chómh tiugh san ná bíodh slígh ins na reiligibh
dóibh, agus go gcaithtí poill a dhéanamh ins na
páirceanaibh chun iad do chur fé thalamh ar chuma
éigin. Fé dheire do rith ar fhan beó dhíobh le n-a


L. 26


n-anam, amach as an dtír; agus bhí Éire folamh airís
ó dhaoine. Ansan dob' éigean dul agus an raint
bheag a bhí beó des na h-Éireanaigh do mhealladh as
na sléibhtibh agus as na bogaighthibh, agus an talamh,
a gcuid tailimh féin, do chur chúcha ar chíos, agus
leigint dóibh é shaothrughadh. Do chuir Dia an rath
ortha féin agus ar an dtalamh, i dtreó, tar éis
ar mhairbh saighdiúirí Chromeil díobh, nár bh'fhada go
raibh Éire lán díobh airís.



Sin mar a choimeád ár sínsear an creideamh, anso
i n-Éirinn, a phobul, tré chómhachtaibh Dé agus tré ghealla-
mhaint an tSlánuightheóra, agus tá an creideamh san
againne anois. Choimeád ár sínsear dúinn an
creideamh san. D'fhuilingeadar an uile shaghas
cruadhtain, an uile shaghas pionóis, an uile shaghas
droch úsáide, ní ba thúisge 'ná mar a sgarfaidís
leis. Ansan d'fhuilingeadar an uile shaghas báis
ní ba thúisge 'ná mar a sgarfaidís leis, bás le
córda, le teine, le pléar, le claidheamh, le h-ocras.
Do loisgeadh ins na tighthibh iad. Do fiadhachadh trés na
cnocaibh iad mar a fiadhachfaí droch bheithigheacha
fiadhaine. Do múchadh istigh ins na pluaisibh iad
féin agus na sagairt a bhíodh ag rádh na n-Aifrinní
dhóibh a gan fhios. Do deineadh sgeantairt díobh
istigh ins na séipéalaibh gach aon uair a féadadh
teacht ortha. Do lean an t-éirleach san d'á dhéanamh
ar mhuintir na h-Éirean ar feadh breis mhór agus
céad bliadhan. I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir
ní raibh acu le déanamh, aon lá ba mhaith leó é, chun
stop a chur leis an éirleach agus a saoghal a bheith
ar a suaimhneas acu, ní raibh acu le déanamh ach
iompáil. Do chasadh an namhaid leó go minic gur
mhór na h-amadáin iad ná h-iompóchadh; go raibh an


L. 27


t-éirleach 'á dhéanamh ortha agus gur bh' iad féin
fé ndear é ná h-iompóchadh agus síothcháin a bheith
acu láithreach. Níor iompuigheadar. Do sheasuigheadar
an cath. D'fhuilingeadar an cruadhtan go léir.
D'fhuilingeadar an bás. Thug an Slánuightheóir
rígheacht na bhflathas dóibh chómh luath agus do mhairbh an
namhaid iad. Tá aoibhneas na bhflathas acu ó shin agus
beidh ar feadh na síoruidheachta. Do chosnadar an creid-
eamh, agus d'fhágadar agá sliocht é, againne. Is sinne
a sliocht. D'fhágadar againne an creideamh chun sinn a
bhreith suas, nuair fhágfaimíd an saoghal so, chun an
aoibhnis chéadna, chun bheith sa n-aoibhneas san, 'n-a gcómh-
luadar féin agus i gcómhluadar na n-Aspol agus na
ndeisgiobul, i radharc an tSlánuightheóra, agus i
radharc na Maighdine Muire, agus i radharc an Athar
Síoruidhe, i gcaitheamh na síoruidheachta gan chrích gan
fóirchean.



Go dtugaidh Dia dhúinn go raighmíd ann. Amen.



XXXVI.



AN CHÉAD DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 6.)



Nuair a labhair an Slánuightheóir na focail sin,
a phobul, bhí sé díreach tar éis an dáréag Aspol
do thoghadh, agus teagasg aige 'á thabhairt dos na
h-Aspoil agus dos na deisgiobuil. B'é bunús
a theagaisg an lá san, conus mar ba cheart d'á
dheisgiobulaibh féin, ní h-amháin staonadh ó olc a


L. 28


dhéanamh i n-aghaidh an oilc, ach iompáil agus maith
a dhéanamh n-aghaidh an oilc.



Tá taithíghe againne ar an bhfocal san, "maith i n-aghaidh
an oilc," ach ní raibh aon taithíghe sa tsaoghal air sar
ar chuir an Slánuightheóir mar oibliogáid ar a dheis-
giobulaibh é dhéanamh. I gcaitheamh na h-aimsire go dtí
san do measadh gur mhaith an rud d'aon duine maith a
dhéanamh i n-aghaidh an mhaith, agus gur bh' ana olc an rud
do dhuine olc a dhéanamh ar aoinne nár dhein olc air.
B'é meas na poibilidheachta, ámhthach, gur dheacair milleán
a bheith ar an t-é go ndéanfaí olc air dá ndeineadh sé
díoghaltas mar gheall ar an olc san. Do tuigeadh gur
ghníomh uasal thar na beartaibh an t-olc do mhaiteamh do'n
t-é a dhein é. Níor tuigeadh gur bh'fhéidir d'aigne an
duine dul thairis sin n-uaisleacht gnímh. Ach do thug
an Slánuightheóir le tuisgint d'á Aspolaibh agus d'á
dheisgiobulaibh go gcaithfidís dul thairis, go gcaithfidís,
ní h-amháin an t-olc a déanfaí ortha do mhaitheamh, ach fós
maith a dhéanamh, i n-aghaidh an oilc sin, do'n t-é a dhein
an t-olc ortha. Thug sé an nídh sin le tuisgint dos na
h-Aspoil agus dos na deisgiobuil, agus, tríotha san,
dos na Críosdaidhthibh go léir, ó shin anuas agus go
deire an tsaoghail.



Do ghlac na h-Aspoil an teagasg agus do ghlac na
deisgiobuil é, agus dheineadar beart d'á réir an fhaid
ab é toil an tSlánuightheóra iad d'fhágáilt ar an saoghal.
Do dhein namhaid an chreidimh an uile shaghas oilc ortha,
agus níor dheineadar riamh ach maith i n-aghaidh gach oilc
d'ár deineadh ortha, agus nuair a bhíodh an namhaid 'ghá
gcur chun báis, n-inead a iaraidh ar Dhia an éagcóir
a bhí 'á dhéanamh ortha d'agairt ar na cuirpthigh a bhíodh ag
cur an phionóis ortha is amhlaidh a bhídís 'ghá iaraidh ó
chroídhe ar Dhia é mhaitheamh dóibh. Nuair a mhachtnuighmíd


L. 29


air is deacair linn a chreideamhaint go bhféadfadh aon
duine é dhéanamh. Isé rud a thagan i n-ár n-aigne
'ná gur mór an truagh na gníomhartha a dheinidís, ar
dhaoine macánta, gan chúis gan adhbhar, do mhaitheamh dóibh
i n-aon chor. Ach nuair a thagan smuínte de'n tsórd
san i n-ár n-aigne is amhlaidh ná tuigimíd dá thaobh an
sgéil i gceart. Agus tá, dhá thaobh ar an sgéal san,
díreach fé mar atá ar gach aon sgéal eile. Is dócha ná
fuil aon ghníomh d'ár dhein droch thíoránach riamh is mó
chuirean ár gcuid fola ar lasadh le feirg 'ná an gníomh
a dhein Heród nuair a mhairbh sé na mílte leanbh a
d'iaraidh teacht suas leis an aon LEANBH amháin. Do
loisgfimís 'n-a bheathaidh an rígh sin dá bhféadaimís é.
Bhí aoinne amháin, ámhthach, a dh'fhéadfadh an díoghaltas
san a dhéanamh ar an rígh sin agus cosg do chur
leis an marbhadh, agus níor dhein sé é. Do
sgaoileadh leis an ndroch obair. Do sgaoileadh
leis an marbhadh. Ba chruaidh an cás é! Ach feuch
ar an dtaobh eile de'n sgéal. Ní raibh aon leanbh
d'ár marbhuigheadh sa n-éirleach san nár rug na
h-aingil leó suas láithreach é go h-aoibhneas na
bhflathas. Ar son an tSlánuightheóra iseadh do
cuireadh chun báis iad. Fuaradar toradh báis an
tSlánuightheóra láithreach. Siné taobh na fírinne
de'n sgéal. Ag feuchaint ar an sgéal ó'n dtaobh
san chítear nár dhein Heród, d'á olcas é a ghníomh,
aon díobháil i n-aon chor dóibh. A mhalairt iseadh
dhein sé. Comaoine iseadh chuir sé ortha. Tairbhe
mór iseadh a dhein sé dhóibh. Thuig gach duine acu
féin an méid sin an túisge 'n-a raibh anam
sgartha le colainn aige, agus é thuas ins na flathais.
Gan amhras níor fhág san gan an rígh a bheith ciontach i
ndortadh na fola. Níor fhág. Ach measaim nách iad na


L. 30


h-anamnacha go raibh aoibhneas na bhflathas fághalta acu,
agus iad saor sábhálta thuas istigh, de bhárr an ghnímh
a dhein sé ortha, do bhéadh ró dhian 'ghá iaraidh ar Dhia
díoghaltas a dhéanamh air. Ba dhóich liom gur thúisge leó
go mór a dh'iaraidh ar Dhia an gníomh a mhaitheamh dó.
Gan amhras labhran gníomh d'á shórd i gcómhnuighe
le Dia, ag glaodhach ar dhíoghaltas. Ach is mairg
a thiocfadh idir cheart Dé féin agus an díoghaltas
san. Is fearr go mór fanamhaint uaidh amach. Rud
ana chontabharthach iseadh d'aon duine a dh'iaraidh ar
Dhia díoghaltas a dhéanamh ar dhuine eile, pé cuma
'n-a mbéadh an díoghaltas tuillte ag an nduine eile
sin.



"An duine agaibh-se atá gan pheacadh caitheadh sé
an chéad chloch." Sin mar adúbhairt an Slánuightheóir
é leis na Iúdaigh nuair a dh'fhiafraigheadar dé cad a
déanfaí i dtaobh na mná a bhí ciontach agus nár
bhfoláir í chur chun báis le clochaibh, do réir na
dlíghe. "An duine agaibh-se atá gan pheacadh,"
arsa'n Slánuightheóir leó, "caitheadh sé an chéad
chloch léi." Do chrom sé a cheann nuair a bhí an
méid sin ráidhte aige. Nuair a thóg sé a cheann
airís bhíodar go léir imthighthe. Do thuig gach
aoinne acu ná raibh sé féin gan pheacadh, agus d'á
bhrígh sin nár cheart dó cloch do chaitheamh le duine
eile, mar gheall ar pheacadh.



Níor Chríosdaidhthe iad súd. Iúdaigh ab eadh iad. Is
Críosdaidhthe sinne, ach is minic a dh'fhéadfaimís rud a
dh'fhoghluim uatha súd, rud a dhéanfadh tairbhe dhúinn.
Má bhíon aon droch nídh ad' spriocadh chun a dh'iaraidh
ar Dhia díoghaltas a dhéanamh ar dhuine éigin a dhein olc
ort, cuimhnigh ar an dtaobh eile de'n sgéal. Cá bh'fhios
duit-se ná gur fearr a sheasuighean an duine sin i


L. 31


láthair Dé an neómat san 'ná mar a sheasuighean
tú féin? Cá bh'fhios duit, dá mbéadh díoghaltas le
déanamh i n-aon chor, ná gur ort féin ba cheart é
dhéanamh? Pé sgéal é, isé rud is sábhálta dhuit a
dhéanamh, gan an díoghaltas do bhac. Má's maith
leat do leas a dhéanamh ná bíodh aon bhaint agat
leis. Nó má labhran tú i n-aon chor, iar ar Dhia
gan an díoghaltas a dhéanamh. Bíodh go bhfuil an
díoghaltas tuillte, agus tuillte go maith, beidh
Dia buidheach díot-sa mar gheall ar a iaraidh air
gan an díolghaltas a dhéanamh. Feuch ar na focail
sa tSoisgéal:



"Ná tugaidh breith agus ní tabharfar breith oraibh."



"Ná daoraidh agus ní daorfar sibh."



"Maithidh agus maithfear daoibh."



Siné focal an tSlánuightheóra féin againn leis, má
mhaithimíd-ne do'n t-é a dheinean beart i n-ár n-aghaidh,
go dtabharfaidh Dia maitheamhnachas i n-ár bpeacaibh
dhúinn féin. Cad eile bhéadh uainn?



An bhfuil aon amadán ar an dtalamh so is mó 'ná an
Críosdaidhe go bhfuil an gheallamhaint sin aige agus 'n-a
diaigh san a bheidh ag déanamh cosaint an bhruic air féin
a d'iaraidh gan maitheamhnachas a thabhairt ó chroídhe d'á
chómharsain! Déarfaidh amadán de'n tsórd san uair-
eanta, "Ní'l aon olc agam chuige. Ní dhéanfad aon
díobháil dó. Ach fágfad fé Dhia é!"



An bhfuil fhios agat cad é an brígh atá agat, istigh
ad' chroídhe, leis an bhfocal san? Tá droch bhrígh agat
leis. Tá brígh malluighthe miosgaiseach agat leis.
"Fágfad fé Dhia é." 'Sé sin le rádh, "Ní dhéanfad
féin aon rud leis, ach tá súil agam go ndéanfaidh
Dia díoghaltas air." Bíodh fios an méid seo
agat. Nuair a déarfair an focal san i dtaobh do


L. 32


chómharsan, "Fágaim fé Dhia é," agus gur b'é
brígh atá agat leis an bhfocal go bhfuil súil agat
go ndéanfaidh Dia díoghaltas air, bhéadh sé chómh
maith agat díreach tu féin a chaitheamh ar ghealacán
do dhá ghlún agus cromadh ar easgainí air. Ní
h-eadh, ach d'fhéadfadh an focal san, "Fágaim fé Dhia
é!" bheith níosa mheasa i láthair Dé dhuit, agus níos
droch aigeanta, 'ná aon easgaine a dh'fhéadfá dhéanamh
ar an nduine. Ná féadfá, mar a dhéanfadh Críosdaidhe
fóghanta, deagh-chroídheach, carthanach, do chroídhe a
dh'osgailt suas chun Dé agus a dh'iaraidh ar Dhia an rud
san a mhaitheamh do'n duine sin? Ná féadfá a rádh go
breagh fial, "A Thighearna, maith dhó é! Maith dhó é!
Ná bí 'n-a dhiaigh air! Ní fiú biorán a's é! Maith-se
dhó é, agus maithim-se ó m' chroídhe dhó é!"



"Ó," adéarfair, "ní fhéadfainn é. Ní bhfaighinn ó
m'chroídhe maitheamh dó ar an gcuma san. Dhein sé an
bheart ró olc ar fad orm. Ní bhfaighinn ó m'chroídhe
maitheamh dó ar an gcuma san. Geallfad ná déanfad
aon díobháil dó, ach fágfad fé Dhia é!"



Fágfair. Agus an bhfuil fhios agat cad d'imtheó-
chaidh ar ball ort? Tabharfaidh Dia a ghrásta
do'n duine sin agus déanfaidh an duine aithrighe.
Ansan maithfidh Dia dhó an rud san a dhein sé
ort-sa agus pé peacaí eile atá déanta aige.
Ansan ní bheidh agat-sa i láthair Dé ach do chuid
droch aigne agus do chuid miosgaise agus do chuid
mailíse agus feirge. Ní bhfaighfeá ó d' chroídhe é
mhaitheamh dó. Nách deas a bheidh an sgéal agat ansan,
nuair a bheidh an gnó go léir maithte ag Dia dhó
agus nára' maith agat-sa! Feuch ar an bhfocal
eile seo adúbhairt an Slánuightheóir: "Mar a
thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh."


L. 33


Tómhais uait an maitheamhnachas go fial agus
tómhasfar chúghat é go fial.



An t-é do labhran mar adúbhart agus adeir, "Ní
bhfaighinn ó m' chroídhe é mhaitheamh dó," is amhlaidh ná tugan
sé uain dó féin chun feuchaint ar an dtaobh eile de'n
sgéal; fé mar adúbhart cheana i dtaobh an droch rígh
agus marbhughadh na leanbh. Nuair a deintear droch
ghníomh éigin ar dhuine ní fheuchan sé, ní thugan sé uain
dó féin ar fheuchaint, ach ar thaobh an tsaoghail seo
de'n sgéal. Dá bhfeuchadh sé chun taoibh an tsaoghail
eile de'n sgéal ní fheuchfadh taobh an tsaoghail seo
dhé chómh mór i n-aon chor 'n-a shúilibh agus a dh'fheuchan
sé. Ansan ní chuirfeadh duine oiread suime ann
agus chuirean sé. Nuair a choimeádan duine a
shúil ar an saoghal so ar fad bíon ana mhéid ins
gach aon rud a bhainean leis an saoghal so. Rud
ana mhór 'n-a shúilibh iseadh aon bhlúire beag tairbhe
saoghalta a dhéanfadh duine dhó. Feirm thailimh,
cuir i gcás, do thabhairt saor dó, nó saidhbhreas mór éigin
do chur 'n-a threó. Dá mbéadh súil an duine sin ar an
saoghal eile ar fad, mar ba cheart do shúil an Chríos-
daidhe a bheith, ní fheicfeadh sé i n-aon tsaghas tairbhe
saoghalta ach rud suarach. Do thuigfeadh sé, chómh maith
díreach agus do thuigean aoinne eile é, gur maith
an rud talamh saor anso. Ach do chífeadh sé go
soiléir gur ró shuarach le rádh é seachas seilbh na
bhflathas. Agus dá mbaineadh duine dhé an fheirm
sin ní ghoillfeadh an sgéal puinn ar a chroídhe, mar
do thuigfeadh sé i n' aigne nár baineadh dé ach
maitheas suarach. Ní baoghal go ndéarfadh sé "ná
faigheadh sé ó n-a chroídhe" maitheamh do'n t-é a
bhain dé é. An fhaid ná bainfí neamh dé, ní mór
gur chuma leis cad a bainfí dé ná cad a fágfaí aige.


L. 34


"Amadán adeirim leis!" adéarfaidh duine,
b'fhéidir. "Ní ceart do dhuine a chuid féin do
leigint le h-aoinne!"



Amadán adeirean tusa leis. Taisbeánan san gur
duine ciallmhar tusa dar leat féin. Tá go maith.
Coimeád do chuid. Ná leig le h-aoinne é. Coimeád
do ghreim air go daingean. Ná bíodh aoinne ag magadh
fút-sa, 'ghá mhaoidheamh gur rug sé aon phioc de d' chuid
uait, do t' aimhdheoin ná a gan fhios duit. Dein
aireachas maith ar do chuid. Tiocfaidh an bás ort
i lár an aireachais. Ná leig leis do chuid, a dhuine!
Ní'l aon mhaith dhuit ann. Béarfaidh sé an chuid
go léir uait. Ní leigfidh an bás duit oiread
agus leathphinge ruadh do bhreith leat ar an
saoghal eile. Fanfaidh an tigh agus an talamh agus
an stoc agus an t-airgead ad' dhiaigh anso, agus
caithfir-se imtheacht. Fanfaid siad go léir ag
duine eile. B'fhéidir gur duine de d' chlainn é.
B'fhéidir nách eadh. Duine eile iseadh é ar aon chuma.
Do leigis do chuid le duine eile agus níor fhéadais aon
phioc dé a choimeád agat féin, tar éis a bhfuarais d'á
dhuagh i gcaitheamh do shaoghail riamh a d'iaraidh gan aon
phioc dé a leigint leis an bhfear thall. Má ráinig gur
rugadh uait aon chuid dé le h-éagcóir agus ná raibh
leigheas agat air, is dian a chuiris Dia 'n-a dhiaigh,
b'fhéidir, ar an t-é a rug uait é. D'fhágais fé Dhia é.



Tá duine eile a gheobhaidh bás an lá céadna, b'fhéidir,
a gheóbhair-se bás. Ní raibh de shaidhbhreas riamh ar an
saoghal so aige ach pé deagh-ghníomhartha a dhein sé.
Béarfaidh sé leis ar an saoghal eile an saidhbhreas san.
Ní féidir do'n bhás an saidhbhreas san a bhaint dé.



Beidh sibh araon i láthair an Bhreithimh; eisean agus a
dhá láimh lán des na deagh-oibreacha a dhein sé i gcaitheamh


L. 35


a shaoghail. Tusa agus do dhá láimh folamh. Cé h-é an
t-amadán an uair sin? "Mar a thómhaisis uait a
tómhasfar chúghat." Cé h-é an t-amadán? Cad a
thómhaisis uait riamh?



Anois an t-am chun cuimhneamh air sin. Anois an
t-am chun gan iomad suime chur ins na neithibh a chaith-
fimíd d'fhágáilt i n-ár ndiaigh ar an saoghal so, agus
chun na suime go léir do chur sa tsaidhbhreas a dh'fhéad-
faimíd a bhreith linn ar an saoghal eile. Go gcuiridh
an Slánuightheóir, tré impidhe na Maighdine Muire, i
n-ár gcroídhe an nídh sin a dhéanamh. Amen.



XXXVII.



FÉILE CHUIRP CRÍOSD.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 6.)



Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a
dh'fhoghlumuigheamair fadó sa Teagasg Críosdaidhe:



"Cad é an nídh Corp Críosd?"



"Fuil agus feóil, anam agus Diadhacht ár Slánuigh-
theóra, Íosa Críosd, fé ghné aráin agus fíona."



Siné ár gcreideamh. Siné an creideamh a mhúin Naomh
Pádraig d'ár sínsear i n-Éirinn míle go leith bliadhan
ó shin. Siné an creideamh a mhúin muintir na h-Éirean
airís do náisiúnaibh na h-Eórpa, nuair a bhí na slóighte
fiadhaine a tháinig as na tíorthaibh thuaidh tar éis gabháil
do chosaibh i gcómhacht na Rómha agus tar éis an chreidimh
a mhúchadh ins gach aon bhall, ó'n Almáinn go dtí an
Spáinn agus ó chríochaibh Lochlan soir go dtí an áit 'n-a


L. 36


raibh Cathair na Trae lá éigin. Siné an creideamh a
choimeád ár sínsear, anso i n-Éirinn, ní'l ach beagán
aimsire ó shin ann, nuair a bhí saighdiúirí Chromeil ag
gluaiseacht tríd an oileán so, ag fiadhach na ndaoine
agus 'ghá marbhughadh, do ló agus d'oídhche, a d'iaraidh a
chur fhiachaibh ortha Corp Naomhtha an Tighearna do
shéanadh, agus ceann so-fheicse an Teampaill, fear
inid an tSlánuightheóra, do shéanadh. Siné an
creideamh atá againne anso i n-Éirinn indiu, a
phobul. Bhí ár sínsear dílis do'n chreideamh san,
chómh dílis sin dó nár fhéad saidhbhreas ná boch-
taineacht, plámás ná fearg, pionós ná pianta,
claidheamh ná croch ná aon tsaghas eile droch íde,
a chur fhiachaibh ortha an greim a bhí acu air do bhogadh.
Is olc agus is dian olc uainne anois, agus gur
sinn sliocht an tsínsir uasail sin, má bhogaimíd
ár ngreim ar an gcreideamh san agus gan aoinne
'ghá iaraidh orainn.



B'fhéidir go ndéarfadh duine: "Ach, ní baoghal go
mbogfaimíd. Tá an creideamh ró dhaingean i n-ár
gcroídhthibh. Ní féidir ár ngreim air do bhogadh."



Seachain! Ná codail ar an gcluais sin. Nídh iseadh é
a thuitean amach uaireanta, an rud ná sgarfadh duine
i n-aon chor leis nuair a bheidhfí 'ghá bhaint dé le lámh
láidir, go mb'fhéidir go sgarfadh sé bog go leór leis
nuair ná béadh aoinne 'ghá bhaint dé. Tá fhios againn
go maith an t-é a ghlacan Comaoine go nglacan sé fuil
agus feóil, anam agus Diadhacht an tSlánuightheóra.
Ach tá daoine le fághail a dhéanfadh aighneas agus dios-
póireacht go h-oídhche dhuit 'ghá thaisbeáint gur fírinne
an creideamh san agus go bhfuil an t-éitheach ag an t-é
a shéanfadh é, agus b'fhéidir gur bheag ag cuid des na
daoine céadna san, tar éis na diospóireachta go léir,


L. 37


bheith aimsir fhada gan dul i ngoire aon tsagairt chun
iad féin d'ollamhughadh chun Comaoine do ghlacadh. Dá
mbéadh dlígh na rígheachta 'ghá gcosg air is dócha gur
fada ó bhaile do h-aireófaí iad ag cáineadh agus ag
spídiúchán ar an ndlígh. Bhéadh an ceart acu sa
cháineadh agus sa spídiúchán dá mbéadh a leithéid de
dhlígh ann. Ach cad 'tá le rádh i dtaobh daoine do
thabharfaidh faillighe i ngnó a gcreidimh agus gan dlígh
ná reacht 'ghá iaraidh ortha faillighe a thabhairt ann?
An fear do sgaoilfidh thairis faoisdin na Nodlag,
agus ansan faoisdin na Cásga, ná fuil an
creideamh aige d'á shéanadh, i láthair Dé agus daoine,
chómh maith díreach agus dá mba mar gheall ar dhroch
dhlígh éigin do sgaoilfeadh sé thairis an dá fhaoisdin
sin? Dá ndeintí an droch dhlígh, 'ghá chosg ar dhuine
faoisdin na Cásga dhéanamh, agus ansan dá bhfanadh
duine ó fhaoisdin na Cásga, ag géilleadh do'n dlígh sin,
is tapaidh a casfaí i n'asachán leis é gur shéan sé a
chreideamh. An amhlaidh nách cóir an t-asachán céadna
do chasadh leis an nduine sin nuair a sgaoilfidh sé
thairis aimsir na Cásga gan dul chun faoisdine agus
chun Comaoine, agus gan aon dlígh ná aon nidh eile
'ghá iaraidh air an aimsir do leigint thairis ach an
neamh-shuim agus an leisge atá istigh 'n-a chroídhe féin?
Bhéadh leath-sgéal éigin aige, b'fhéidir, dá mbéadh
dlígh chruaidh 'ghá chosg, agus pionós mór le cur
air mar gheall ar an ndlígh sin do bhriseadh. Ach
cad é an leath-sgéal a bheidh aige le tabhairt uaidh
i láthair Dé, nuair a chíon Dia ná fuil aon nídh
'ghá chosg ach corp leisge? Tá an creideamh aige
'á shéanadh i láthair Dé agus daoine, agus mura
bhfuil dlígh 'ghá chur suas chun an chreidimh a shéanadh tá
dlígh láidir, daingean, dian, 'ghá cheangal air dualgas


L. 38


an chreidimh do chómhlíonadh. Aon Chríosdaidhe atá i
mbliadhantaibh na tuisgiona agus atá bliadhain iomlán
gan dul chun faoisdine, tá peacadh marbhuightheach
déanta aige i láthair Dé. Agus aon Chríosdaidhe atá
i mbliadhantaibh na tuisgiona agus go bhfuil aimsir
na Cásga sgaoilte thairis aige, le faillighe, gan
Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh, tá peacadh
marbhuightheach déanta aige i láthair Dé, leis an
bhfaillighe sin, agus gan aon nídh eile do bhac. Cad
é an tairbhe do dhuine de'n tsórd san bheith 'ghá
mhaoidheamh, dá mbéadh sé beó i n-Éirinn cúpla
céad bliadhan ó sin, go bhfuilingeóchadh sé an uile
shaghas pionóis ní ba thúisge 'ná mar a shéanfadh
sé an creideamh! Siné ag séanadh an chreidimh
anois é, agus gan aoinne ag cur aon phionóis air
chun a chur fhiachaibh air é shéanadh. Ní'l aon rud
ag cur air, chun a chur fhiachaibh air an creideamh a
shéanadh anois, ach corp leisge. Tá an creideamh
aige d'á shéanadh le corp leisge. Ceann des na
cinn-peacaí mharbha iseadh leisge. Tá sé cinn eile
acu ann, agus tá gach aon cheann acu ábalta ar
a chur fhiachaibh ar dhuine an creideamh a shéanadh chómh
maith agus atá leisge ábalta air.



"Is biadh go fíor mo chuid feóla-sa," adeir an
Slánuightheóir, "agus is deoch go fíor mo chuid fola."
Biadh agus deoch an anama. Ní féidir do'n cholainn
fanamhaint beó mura dtugtar dó an biadh agus an
deoch atá riachtanach dó do réir nádúra. Ach is 'mó
rud a thabharfaidh bás do'n cholainn i n-éaghmuis
easba bídh agus díghe. Má curtar nimh isteach sa
cholainn, nó má curtar claidheamh tríd, nó pléar, ní
fhéadfaidh biadh ná deoch é choimeád beó. Ar an
gcuma gcéadna, má curtar nimh an pheacaidh mhairbh


L. 39


isteach sa n-anam ní féidir do bhiadh an anama, do
Chorp Naomhtha an Tighearna, an t-anam a choimeád
beó. Cad é an tairbhe do dhuine bheith ag maoidheamh
as a chreideamh, 'ghá mhaoidheamh ná séanfadh sé a
chreideamh dá mbeidhfí chun é stracadh idir chapallaibh,
má tá nimh an pheacaidh istigh i n-a anam agus an
t-anam marbh i láthair Dé?



Nuair a bhíon duine ag maoidheamh as aon rud is gnáth
gur bh' uabhar a chuirean ag maoidheamh é. Ceann des na
cinn-pheacaí marbha iseadh uabhar. Is é an chéad cheann
acu é. Le h-uabhar iseadh thuit na h-aingil as na flathais.
Ní le h-uabhar a choimeád ár sínsear an creideamh ach le
h-úmhluigheacht. Ba cheart dúinne feuchaint rómhainn
le h-eagla gur le h-uabhar a dhéanfaimís féin maoi-
dheamh as an rud a dhein ár sínsear le h-úmhluigheacht.
Dá mba le h-uabhar a bhéadh ár sínsear a d'iaraidh
an chreidimh a choimeád ní baoghal go gcoimeád-
faidís é. Thug Dia grásta na h-úmhluigheachta
dhóibh. D'úmhluigheadar iad féin i láthair Dé.
Ansan do thug Dia foidhne dhóibh, agus fulang, agus
seasamhacht, agus solus, agus radharc d'á n-aigne ar
an dtuarasdal a bhí acu le fághail. Mura mbéadh an
úmhluigheacht ní bhfaighdís grásta na foidhne, ná an
fulang, ná an tseasamhacht, ná an solus, ná an radharc
ar an dtuarasdal. Ní bhéadh acu ach an t-uabhar.
Díobháil a dhéanfadh sé sin dóibh. Do thuitfidís mar
a thuit na h-aingil, aingil an uabhair. Nuair a
chuimhnighmíd ar an seasamh a dhein ár sínsear ar son
an chreidimh, is amhlaidh ba cheart dúinn buidheachas a
ghabháil le Dia mar gheall ar na grásta a thug sé dhóibh,
agus a dh'iaraidh air, go h-úmhal, a ghrásta thabhairt
dúinn féin, leis, i dtreó go ndéanfaimís an creid-
eamh céadna san do choimeád beó i n-ár gcroídhthibh,


L. 40


agus go ndéanfaimís gach dualgas a bhainean
leis do chómhlíonadh. Thug Dia d'ár sínsear gnó ana
chruaidh le déanamh ar son an chreidimh nuair a dh'iar sé
ortha sgaramhaint le n-a gcuid 'an tsaoghail ar a shon,
agus ansan bás a dh'fhulang ar a shon. Ní'l aige
'á iaraidh orainne dhéanamh ar son an chreidimh ach
gnóthaí an chreidimh do chómhlíonadh, dul go minic
chun faoisdine agus chun Comaoine, ár bpaidreacha
do rádh go diadha ar maidin agus asdoídhche, agus
sinn féin a thabhairt suas do Dhia go minic i gcaitheamh
an lae; sinn féin a choimeád ó dhroch bhéasaibh agus
ó dhroch chómhrádh agus ó dhroch chómhluadar; a thabhairt
le feisgint do Dhia agus do dhaoine go bhfuil an
creideamh againn, agus go bhfuilimíd, le congnamh
Dé, ag déanamh ár ndíchil ar é choimeád. Á! Is
buidheach a bhéadh ár sínsear, nuair a bhíodar d'á
gcur chun báis ins gach ball ar fuid na h-Éirean ar
son an chreidimh, dá mba ná béadh acu le déanamh
ach an méid atá againne le déanamh. Is é is lúgha
is gann dúinne, ó is é toil Dé gan a chur orainn
ach an obair shaoráideach so atá orainn, an obair
shaoráideach a dhéanamh go dílis agus go dúrthachtach.



Tá obair shaoráideach orainne gan amhras, i gcom-
paráid leis an obair a chuir Dia ortha súd. Ach tá a
cruadas féin sa n-obair atá orainne le déanamh.
Agus tá a contabhairt féin ag baint léi.



Is minic a chonaic duine úbhall a bhéadh ag feuchaint
go breagh luisneamhail, foláin, ar an dtaobh amuich,
agus nuair a h-osgalófaí é ná faighfí istigh ann ach
smúsach dreóighte. Thosnuigh an dreóghadh i bpoillín
éigin, b'fhéidir, a bhí sa chroicean, agus do leath sé
mór-thímpal laistigh de'n chroicean. D'fhan an
croicean slán agus d'fhan an dath foláin air go


L. 41


dtí go raibh an croídhe go léir dreóighte, lobhtha,
agus ná raibh aon mhaith sa n-úbhall.



Sin mar a thuitean amach uaireanta do Chríosdaidhthibh
nuair a bhíon gach aon rud ar a dtoil acu, an
creideamh acu, agus gan aoinne ag cur isteach ortha
ná ag déanamh aon toirmisg dóibh mar gheall air.
Comáinid siad leó, ar feadh tamaill, go breagh
réidh, ag déanamh gnótha an chreidimh fé mar a
dheinid na cómharsain go léir é. Ar ball, fé mar
a thagan an poll beag sa n-úbhall, tagan ruidín
éigin nách ceart istigh i gcroídhe an Chríosdaidhe,
droch smuíneamh, b'fhéidir. Ní curtar cosg leis
mar ba cheart. Ní curtar puinn suime ann, b'fhéidir.
Téighean sé i n-achran sa chroídhe. Neartuighean sé,
Leathan an nimh uaidh. Leathan an dreóghadh a gan
fhios do'n tsaoghal. Comáinean an duine leis, ag
déanamh gach gnótha creidimh ar nós na gcómharsan
go léir. Ar ball ní bhíon sa chroídhe ar fad ach
an droch nídh, agus ní fheicean aoinne an droch nídh
sin ach Dia féin, moladh go deó leis. Feuchan gach
aon rud 'n-a cheart i láthair daoine, ná feicean ach an
taobh amuich. Ach chíon Dia an taobh istigh de'n chroídhe
sin, agus ní'l aige le feisgint ann, laistigh de'n
chroicean, ach an smúsach dreóighte,



B'fhéidir gur b'é an t-uabhar a dhein an chéad
phoillín. Gur b'amhlaidh a thosnuigh an duine sin ar
an iomad meas a bheith aige air féin agus gan a bheith
aige ar aon duine eile ach droch mheas. B'fhéidir
gur saint a dhein é. Gur b'amhlaidh a bhí dúil a
chroídhe aige 'á chur i saidhbhreas agus i maitheasaibh
an tsaoghail seo go dtí nár fhan suim ar bith aige i
maitheasaibh an tsaoghail eile, agus nuair a dheinean
sé gnóthaí an chreidimh, nách ortha a bhíon sé


L. 42


ag cuimhneamh, ach ar pé cnuasach beag saidhbhris atá
aige.



B'fhéidir gur smuíneamh drúiseamhail a thusnuigh an
dreóghadh sa chroídhe. Gur coimeádadh an smuíneamh nuair
ba cheart é dhíbirt. Ansan gur neartuigh sé i dtreó gur
dheacair é dhíbirt gan cabhair agus congnamh láidir ó
ghrásta Dé. Nár h-iaradh an chabhair ná an congnamh.
Ní h-eadh, ach gur cuireadh i gcoinnibh ghrásta Dé nuair
a tugadh gan iaraidh é. Gur mhó an dúil a bhí ag an
nduine sa pheacadh 'ná mar a bhí aige sa chongnamh; go
dtí ná raibh 'n-a chroídhe ar fad, a gan fhios do'n tsaoghal
go léir, ach smúsach lobhtha.



B'fhéidir gur craos a thosnuigh an droch obair. Do
bhlais an duine deoch meisgeamhail Bhí fuath aige do'n
dígh agus gráin aige air. Do bhlais sé airís é. Ba
lúgha an fuath a bhí aige do'n dígh an tarna h-uair 'ná
an chéad uair. Bhí sé ag blaise an díghe go dtáinig
dúil aige ann. Bhí sé 'ghá bhlaise go dtáinig dúil
mhalluighthe aige ann. Ansan níor fhan meabhair
ná ciall aige. Níor fhan cuimhneamh ar Dhia ná
ar dhuine aige. Is dócha gur dheacair a rádh gur
a gan fhios do'n tsaoghal atá an craos tar éis
smúsach lobhtha dhéanamh de chroídhe an duine sin;
ach iseadh. Ní chuirean an saoghal aon tsuim sa
pheacadh san. Ní fhaghan an saoghal aon locht ar
dhuine mar gheall ar bheith ar meisge. Tá aigne
an tsaoghail féin amú' ar an bpuinte sin, nó do
bhí go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe.



Mar sin dos na cinn-pheacaibh marbha go léir. Téighean
ceann éigin acu isteach sa chroídhe. Ansan tosnuighean
an croídhe ar dhreóghadh, agus bíon sé ag dreóghadh,
agus an peacadh ag neartughadh istigh ann, go dtí ná
bíon ann, i láthair Dé, ach an smúsach lobhtha ar fad.


L. 43


Tá an chontabhairt sin os ár gcionn go léir i gcómh-
nuighe, a phobul, pé síothcháin creidimh a bhíon againn.
Ní h-eadh, ach d'á mhéid an tsíothcháin iseadh is mó an
chontabhairt sin. Ach tá cosaint againn dúinn féin ar
an gcontabhairt sin.



"Is biadh go fíor mo chuid feóla-sa agus is deoch go
fíor mo chuid fola."



"An t-é a dh'íosfaidh an t-Arán so mairfidh sé go
síoruidhe."



An Críosdaidhe do raghaidh go minic chun faoisdine
agus do dhéanfaidh faoisdin ghlan, gan neamh-shuim do
chur i neithibh a dh'fheuchan suarach, coimeádfaidh sé na
neithe sin, a dh'fheuchan chómh suarach san, gan dul isteach
'n-a chroídhe agus greamughadh ann agus an dreóghadh do
chur ar siúbhal ann. Ansan glacfaidh sé go minic an
Biadh uasal, Biadh an anama, Corp Naomhtha an tSlán-
uightheóra. Neartóchaidh an Biadh sin a chroídhe agus a
aigne agus a anam i dtreó go gcuirfidh sé dhé, gan dochar
d'á anam, gach anál ó'n mach mallachtain, díreach mar
a chuirean duine cothuighthe, deagh-shláinteach, gach droch
ghaoth dhé, gan dochar d'á shláinte.



Buidheachas mór le Dia, tá a lán daoine 'ghá thabhairt
mar bhéas dóibh féin le déanaighe dul chun faoisdine agus
chun comaoine go minic. Is maith agus is tairbheach agus
is Críosdamhail an béas é. Go dtugaidh Dia a ghrásta
dhóibh chun na h-oibre sin a dhéanamh go maith, agus dúinn
go léir chun aithris a dhéanamh ortha, tré Íosa Críosd ár
dTighearna. Amen.


L. 44


XXXVIII.



AN DOMHNACH LAISTIGH D' OCHT-LÁ FÉILE CHUIRP
CRÍOSD.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 14.)



Tá fhios againn go léir, a phobul, cé h-é an fear
a dhein an féasta mór, gur b' é an Slánuightheóir féin
é, moladh 's buidheachas leis. Agus tá fhios againn
cad é an féasta mór a dhein sé, gur b' é Sácraimínt
na h-Altórach an féasta mór.



Ag triall ar na Iúdaigh, ag triall ar Chlainn
Isráeil, iseadh tháinig an Slánuightheóir. Siniad na
daoine a fuair an cuireadh chun an fhéasta. Ach nuair
a tháinig an t-am agus bhí gach aon rud ollamh, ní
rabhadar ag teacht. Do h-iaradh ortha, airís agus
airís éile, teacht. I n-inead teacht is amhlaidh a chrom-
adar ar a rádh ná féadfaidís teacht, agus thug gach
aoinne acu a leath-sgéal féin uaidh. I dtigh
Fairisínigh iseadh bhí an Slánuightheóir, agus bhí a lán
des na Fairisínigh ann ag éisteacht leis, nuair a labhair
sé an tsoluíd sin leó. Do thrácht sé sa tsoluíd ar
thrí shaghas leath-sgéil a thug an mhuintir uatha nár
tháinig chun an fhéasta, agus trí saghas gnótha saoghalta
ab eadh iad.



"Gaibh mo leath-sgéal," arsa'n chéad duine, "tá
tigh ceannuighthe agam agus ní mór dhom dul 'ghá
fheuchaint."



"Gaibh mo leath-sgéal," arsa'n tarna duine, "tá


L. 45


chúig sheisreach damh ceannuighthe agam agus ní mór
dhom dul 'ghá dtriail."



"Phósas bean," arsa'n trímhadh duine, "agus d'á
bhrígh sin ní fhéidir dom teacht."



Breithnigh na trí leath-sgéalacha san. Meághaigh ad'
aigne iad. Cad tá agat ionta? Cad tá ionta ach
trí namhaid an duine, an diabhal, an saoghal agus an
cholann? Nó, má ainimnightear ar chuma eile iad,
uabhar agus saint agus drúis; an t-uabhar ag ceannach
an tíghe nua; an tsaint ag feuchaint na seisreach;
agus an cholann ag feuchaint chun a h-ainmhianta féin
do shásamh.



Nuair a labhair an Slánuightheóir an tsoluíd sin dos
na Fairisínigh bhí sé díreach tar éis mírbhuilte dhéanamh
'n-a láthair. Do tugadh chuige duine go raibh líonadh
ann. B'é lá na Sabbóide é. Bhíodh na Fairisínigh 'ghá
chasadh leis an Slánuightheóir go mbíodh sé ag briseadh
na saoire mar go mbíodh sé ag leigheas na ndaoine
sa tSabbóid. Nuair a tugadh an duine breóite
isteach agus an líonadh ann, d'iompuigh an Slánuigh-
theóir chun na bhFairisíneach. "An bhfuil sé dleaghthach
duine do leigheas lá Sabbóide?" ar seisean. Ní
leigfeadh náire d'aoinne acu labhairt. Ansan do
leighis an Slánuightheóir an duine.



Sampla b'eadh an leigheas san ar an leigheas a
theastuigh ó'n Slánuightheóir a dhéanamh ortha-san, dá
leigidís dó é. Theastuigh uaidh iad do leigheas ó'n
uabhar. Ba chosmhail an líonadh le h-uabhar. Líonadh
mí-nádúrtha in aigne an duine iseadh uabhar. Dhein
an Slánuightheóir an mhírbhuilt ar dtúis. Do leighis sé an
duine ó'n líonadh. Ansan d'inis sé an sgéal dóibh i
dtaobh na ndaoine ná tiocfadh chun an fhéasta. Agus
d'inis sé dhóibh cad iad na trí neithe fé ndeara dhóibh


L. 46


gan teacht. D'inis sé dhóibh conus mar a glaodhadh
isteach ar na daoine bochta chun an bhídh a dh'ithe nuair
ná tiocfadh na daoine a fuair cuireadh. Ansan d'inis
sé dhóibh cad dúbhairt an rígh sa deire. "Deirim libh,
ámhthach," arsa'n rígh, "an mhuintir úd a fuair an
cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh."



Ach níor leighis an mhírbhuilt na Fairisínigh ó'n uabhar.
Agus níor leighis an tsoluíd iad. Agus níor leighis
an focal atá i ndeire na soluíde iad, an focal a
ghearr amach iad, go deó, ó aon pháirt a bheith acu i
dtoradh na h-oibre a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh
do'n chine daona, agus ó aon chuid a bheith acu de'n Bhiadh
spioraideálta a bhí aige le tabhairt do'n chine daona,
chun iad do chothughadh agus do neartughadh i n-aghaidh
a namhad ar an saoghal so agus chun iad do bhreith saor
go flathas na ngrást ar an saoghal eile. Níor leighis
aon rud iad. Do deineadh gach aon rud dóibh agus ní
raibh aon mhaith ann. Do deineadh na mírbhuiltí os a
gcómhair. Do tugadh an uile shaghas soluídí dhóibh, 'ghá
chur i dtuisgint dóibh nár bh'é a leas a bhí acu 'á dhéanamh.
Ní raibh aon mhaith ann. Do leanadar a dtoil féin.
Do leanadar ar a n-aimhleas go dtí gur chríochnuigheadar
é.



Bíon iongnadh agus alltacht orainne uaireanta
nuair a bhreithnighmíd an sgéal san. B'fhéidir dá
mbreithnighmís i gceart é ná fanfadh oiread iongnadh
orainn. Sgéal iseadh é go bhfuil dhá thaobh air. Oirean
taobh dé dúinn féin, agus ní h-é an taobh is lúgha é.



Do labhair an Slánuightheóir focail an tSoisgéil sin
leis na Fairisínigh mar d'oir na focail dóibh. Ach
do thug an Slánuightheóir céadna mar ghnó do'n Eaglais
na focail chéadna do chur ansan isteach i Leabhar an
Aifrinn i dtreó go léighfí dúinne iad indiu, mar is


L. 47


fíor go n-oirid siad dúinne chómh maith díreach agus a
dh'oireadar dos na Fairisínigh an lá do labhradh leó
iad.



"Conus san?" adéarfaidh duine, b'fhéidir.



Mar seo. Oirid na focail sin do gach aon Chríos-
daidhe a leigfidh do ghnó an tsaoghail seo teacht idir é
agus gnó a anama. Ní h-indiu ná indé do thosnuigh
Críosdaidhthe ar leigint do ghnóthaibh an tsaoghail seo
teacht idir iad agus gnó a n-anama. Tá cuid acu is
mó a dheinean é 'ná a chéile, ach deinean a lán acu é
minic go leór. Agus pé duine is anamha a dheinean é,
deinean sé ró mhinic é. Tagan Satharn áirighthe. Táid
na sagairt sa tséipéal chun na ndaoine dh'éisteacht.
Deir a choinsias le fear éigin: "Is mithid duit dul
chun faoisdine. Ní rabhais ann le fada. Ní ceart duit
bheith ag leigint na h-aimsire thort." Deir an fear:
"Is fíor san; ach conus fhéadfainn dul ann indiu?
Tá an pháirc sin thíos gan treabhadh. Ba cheart í bheith
treabhtha tá seachtmhain ó shin ann. Ní mór dhom an
pháirc sin do threabhadh indiu. Ní bheidh aon chaoi ar í
threabhadh Dé Luain ná Dé Máirt, agus ansan bhéadh
an treabhadh ró dheirineach. Déanfaidh an Satharn so
chúghainn an gnó chun dul go dtí an sagart."



Cad é an deifrigheacht atá idir an gcaint sin agus
an chaint úd adúbhairt an duine sa tSoisgéal? Ní
dóich liom-sa go bhfuil puinn deifrigheachta eatartha.
Isé an "gaibh mo leath-sgéal" céadna é ins gach caint
acu.



Tagan aimsir na Cásga. Deir a choinsias le duine
éigin, "Tá aimsir na Cásga agat. Imthigh agus dein
diúité na Cásga i n-am agus ná bí ag ruith leis an
lá déanach."



Deir an duine: "Eist anois agus bíodh foidhne


L. 48


agat! Ná fuil aimsir mo dhóithin agam! Nuair a
bheidh gnó an earraigh as mo lámhaibh féadfad diúité
na Cásga dhéanamh ar mo shuaimhneas. Dá ndeininn
anois é is amhlaidh a bhéadh gach aon rud a'm chur amú'
air. Ní fhéadfainn m'aigne shocarughadh air i n-aon chor."



Imthighean an aimsir níos tiúgha 'ná mar a mheas sé.
Ní túisge a bhíon gnó an earraigh as a lámhaibh aige 'ná
mar a thagan gnó éigin eile air. Fé dheire tagan an
Satharn deirineach d'aimsir na Cásga. Agus feuch.
Is mó an bhruid ghnótha atá an lá san air 'ná mar a bhí
air aon lá eile ó thusnuigh aimsir na Cásga! Ní raibh
ach "gaibh mo leath-sgéal" aige gach aon lá ó thusnuigh
an aimsir, agus ní'l anois aige ach an focal a bhí ag an
bhfear deirineach de'n tri iúr úd: "Ach! Ní féidir
dom teacht i n-aon chor!"



Imthighean an Cháisg sin. Ansan, b'fhéidir, tagan
rud eile i gcroídhe an duine sin: "Faire go deó!
Conus fhéadfair a dh'innsint do'n tsagart gur leigis
diúité na Cásga thort gan déanamh?" Raghaidh an
smuíneamh san i n-achran i n'aigne. Gluaiseóchaidh
an aimsir. Cad fé ndear an smúineamh san? Uabhar
fé ndear é. Ní leigfidh an t-uabhar dó é féin
d'úmhlughadh agus a pheacaí dh'admháil. Agus d'á fhaid
a dh'fhanfaidh sé gan é féin d'úmhlughadh iseadh is deacra
dhó an t-úmhlughadh do dhéanamh. Imtheóchaidh Cáisg eile,
b'fhéidir, agus gan an diúité déanta, agus Cáisg
eile. B'fhéidir go ndéanfadh an Slánuightheóir an
fhoidhne. Tá an Slánuightheóir trócaireach. Ach tá focal
i ndeire an tSoisgéil agus is é an Slánuightheóir féin
do labhair an focal. Is focal ana dhian é. "An
mhuintir úd a fuair an cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear
acu mo bhiadh."



D'oir an focal dos na Fairisínigh a bhí ag éisteacht


L. 49


leis. Oirean an focal do gach aon Chríosdaidhe a chuir-
fidh neamh-shuim sa Bhiadh. Is é Corp Naomhtha an tSlán-
uightheóra an Biadh. Ba dhóich liom gur mó an milleán
ba cheart a bheith anois ar an gCríosdaidhe a chuirfeadh
neamh-shuim sa Bhiadh sin 'ná mar ba cheart a bheith ar
na Iúdaigh an uair sin. Pé olcas a bhí ionta tá an
méid seo le rádh 'n-a dtaobh. Níor thuigeadar an sgéal
mar a thuigimíd-ne é. An mbeidh an Slánuightheóir níos
déine orainne 'ná mar a bhí sé ortha súd? An chúghainne
is mó a bhí sé nuair adúbhairt sé an chaint úd: "An
mhuintir úd a fuair cuireadh ní bhlaisfidh aon fhear acu
mo bhiadh"? An mar a chéile an chaint sin agus a
rádh: "Na daoine seo go bhfuil an Eaglais cortha ó
bheith ag glaodhach ortha chun Comaoine ghlacadh agus
ná cuirean aon tsuim sa ghlaodh, gearrfar amach iad
ó Bhiadh na bhflathas ar feadh na síoruidheachta"?



Nuair a bronntar tabharthas ar dhuine, d'á mhéid é
an tabharthas iseadh is measa ó'n nduine neamh-shuim do
chur sa tabharthas. Siné an tabharthas is mó d'ár bhronn
Dia riamh ar daoine, Corp Naomhtha an Tighearna thabhairt
dóibh mar Bhiadh d'á n-anam. Nuair a chuirean an duine
neamh-shuim sa tabharthas san, conus is féidir d'aoinne
leath-sgéal an duine sin do ghabháil! An bhfuil,
neamh-shuim againn d'á chur sa tabharthas san?



Ó, a Chríosdaidhe, má chíon Dia go bhfuil aon neamh-
shuim agat d'á chur sa tabharthas san, feuch chúghat féin
láithreach. Má tá aimsir fhada ó bhís ag faoisdin go
déanach, i n-ainim Dé ná leig a thuille aimsire thort
gan dul agus do shíothcháin a dhéanamh le Dia. Má
tá cuid mhaith aimsire imthighthe ó ghlacais Corp
Naomhtha an Tighearna go deirineach, ná leig a thuille
de'n aimsir thort gan dul agus an Biadh spioraideálta
san do ghlacadh. Ná bí ag lorg leath-sgéil chun


L. 50


fanamhaint indiu uaidh agus ag lorg leath-sgéil eile
chun fanamhaint uaidh amáireach. Imtheóchaidh an lá indiu
uait agus ansan imtheóchaidh an lá amáireach uait. Tá
an lá indiu ag imtheacht go tiugh. Ní'l aon deimhne
agat go dtabharfaidh Dia an lá amáireach i n-aon chor
duit. Mura dtugaidh Dia an lá amáireach ar an
saoghal so dhuit, beidh an lá amáireach ar an síoruidh-
eacht agat. Pé gnó atá a't choimeád anois gan dul
agus tú féin d'ollamhughadh chun Comaoine ghlacadh,
is ró bheag an suim a bheidh agat sa ghnó san amáireach
má 's ar an síoruidheacht atá ceapaithe ag Dia dhuit
an lá amáireach do chaitheamh. Ach má's a't ollamhughadh
féin chun Comaoine, agus 'ghá ghlacadh, ar deagh-staid,
a thabharfair an lá indiu, agus ansan má ghlaodhan
Dia chun siúbhail tú nuair a bheidh an lá indiu caithte
agat agus an gnó san déanta agat, mairfidh an lá
indiu agat, agus gnó an lae indiu, agus toradh gnótha
an lae indiu, i gcaitheamh na síoruidheachta go léir.



Ar an gcuma gcéadna, má chuimhnighean tú ar leath-
sgéal éigin chun an lae indiu do leigint uait, i ndiaigh
na laethanta eile go léir atá leigithe uait agat,
imtheóchaidh sé 'n-a ndiaigh, go tapaidh, gan toradh gan
tairbhe dhuit-se. Ansan, má tá ceapaithe ag Dia gan
a thabhairt duit ar an saoghal so ach an lá so indiu
againn, caithfir imtheacht sar a n-eireóchaidh an ghrian
amáireach, agus mairfidh neamh-thairbhe an lae indiu,
agus neamh-thairbhe an lae indé, agus neamh-thairbhe
do shaoghail go léir agat i gcaitheamh na síoruidheachta.



"Beidh tú i rúimín uaigneach
Agus bairlín bhán anuas ort.
Ba mhaith í an aithrighe an uair sin
Dá mbéadh sí le fághail!"


L. 51


Ach ní bheidh sí le fághail an uair sin. Níor cuireadh
aon tsuim inti an fhaid a bhí sí le fághail. Do ceapadh
an leath-sgéal so agus an leath-sgéal úd agus an leath-
sgéal eile úd, chun na h-aithrighe do chur ar athlá.
D'imthigh na laethanta go léir agus na leath-sgéalacha
go léir, agus do fágadh an aithrighe gan déanamh. Do
cuireadh an t-anam bocht do'n ghorta le h-easba an
Bhídh uasail a cheap an Slánuightheóir dó. Thug an Slán-
uightheóir an cuireadh chun an Bhídh. Ní raibh sé sásta
le cuireadh thabhairt. Chuir sé teachtaire uaidh, airís
agus airís eile, 'ghá innsint go raibh an Biadh ollamh
agus 'ghá rádh leis na daoine a fuair cuireadh gur mhaith
leis go dtiocfaidís. Chuireadar neamh-shuim sa
chuireadh. Chuireadar neamh-shuim sa teachtaire. Chuir-
eadar neamh-shuim sa Bhiadh. Chuireadar neamh-shuim
sa Rígh ghlórmhar a dh' ollamhuigh an Biadh dhóibh. D'fhága-
dar ansan fé tharcaisne É féin agus an Biadh, agus
d'imthigheadar i bhfeighil a ngnótha féin. Níor bh'fhiú
leó air teacht chun an Bhídh. D'á mhéid tathant a dhein
sé ortha teacht, iseadh ba lúgha a chuireadar suim sa
tathant. D'imthigh an lá san agus do tháinig an lá
atá anois acu. D'imthigh an gnó saoghalta go raibh
an suim go léir acu ann. D'fhágadar 'n-a ndiaigh é.
B'éigean dóibh. Tháinig an tsíoruidheacht agus gan
an aithrighe déanta ná an Biadh fághalta.



Is cuimhin leó anois aon fhocal amháin, agus beidh
cuimhne acu ar an bhfocal san i gcaitheamh na síor-
uidheachta. Isé focal é 'ná an focal deirineach úd a
léigheas daoibh as an Soisgéal, an focal adúbhairt an
Rígh nuair a tugadh an tarcaisne go léir dó féin agus
do'n Bhiadh a bhí ollamh aige. "An mhuintir úd a fuair
an cuireadh," ar seisean, "ní bhlaisfidh aon fhear acu
mo bhiadh."


L. 52


Na Críosdaidhthe atá anois ag cur na h-aithrighe ar
athlá; ag fanamhaint siar ó Shácraimínt na h-Aithrighe;
ag sgaoileadh na h-aimsire thórsa gan faoisdin gan
Comaoine, mar 'dh eadh ná bíon an uain acu; má leanaid
siad de'n neamh-shuim sin, glaodhfar as an saoghal iad
nuair ná beidh coinne acu leis. Ansan iseadh bheidh
uain a ndóithin acu ar mhachtnamh, agus ní bheidh d'adhbhar
machtnaimh acu ach an t-aon fhocal amháin úd: "Ní
bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh!" Beidh an focal san,
go síoruidhe, ag ruith anonn agus anall tré n-a n-aigne
agus tré n-a gcroídhe, 'ghá losgadh agus 'ghá ngearradh
gan sos gan suaimhneas. Ní féidir dóibh suaimhneas
d'fhághail ó'n losgadh ná ó'n ngearradh, mar ní féidir
easba fírinne ná easba cirt a dh'fhághail sa chaint:
"Ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhiadh." Leanfaidh
fírinne na cainte agus ceart na cainte ar feadh na
síoruidheachta. D'á bhrígh sin, leanfaidh an losgadh agus
an gearradh ar feadh na síoruidheachta.



"An mhuintir úd a fuair cuireadh ní bhlaisfidh aon
fhear acu mo Bhiadh."



Blaisimís an Biadh anois, a Chríosdaidhthe. Deinimís
an aithrighe an fhaid atá lá na h-aithrighe againn.
Deinimís gnó an anama pé rud a dhéanfaidh gnó an
tsaoghail seo. Imtheóchaidh an saoghal so; agus a ghnó;
agus a bhruid; agus a bhuairt; agus a phráinn; mar
a dh'imthíghean an ceó nuair árduighean an ghrian
Sgaoilimís uainn é mar shaoghal! Ní fiú é bheith a
d'iaraidh aon ghreama choimeád air féin ná ar a bhiadh
ná ar a dheoch ná ar a shaidhbhreas. Glacaimís cuireadh
an Rígh, cuireadh an tSlánuightheóra. Blaisimís anois
an Biadh atá ollamh aige dhúinn. Blaisimís anois é,
agus beidh an blas san, agus an t-aoibhneas a bhainean
leis, istigh i n-ár gcroídhe agus i n-ár n-aigne


L. 53


againn i gcaitheamh na síoruidheachta. Go dtugaidh Dia
dhúinn san do dhéanamh, agus é dhéanamh gan ríghneas.
Amen.



XXXIX.



AN TRÍMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 15.)



Tá aon nídh amháin sa tSoisgéal san, a phobul, agus
is cóir dúinn é bhreithniughadh go maith agus machtnamh
go maith air sar a dtéighmís thairis. Bhí na Fairisínigh
agus na Sgríbhneóirí, 'sé sin, uaisle na n-Iúdach, ag
gearán agus ag gluaireán agus ag ceisneamh, mar
gheall ar rud áirighthe a bhí ag an Slánuightheóir 'á
dhéanamh. Nuair a dh'airighmíd-ne an rud a chuir ag
gearán agus ag ceisneamh iad bíon iongnadh orainn.
Measaimíd-ne gur b' amhlaidh ba cheart dóibh bheith 'ghá
mholadh mar gheall ar an rud a chuir ag ceisneamh iad,
i n-inead bheith 'ghá cháineadh mar gheall air. "Ó," ar
siad, "ní thuigean an fear so é féin. Leigean sé
dos na droch dhaoine teacht 'n-a ghoire. Deinean sé
cómhluadar leó. Ithean sé biadh 'n-a bhfochair. Dá
mbéadh aon mheas aige air féin ní dhéanfadh sé a
leithéid sin de bheart. Choimeádfadh sé na droch dhaoine
uaidh amach agus d'fhanfadh sé amach uatha. Poibliocá-
naigh agus peacaigh! Cad é mar chuideachta dhó a
leithéidí sin? Conus is féidir dúinne cur suas le
fear do chaithean biadh 'n-a bhfochair sin? Sinne, nár
dhein aon chómhluadar riamh le daoine dhe'n tsórd
san!"


L. 54


Ní mar sin a dh'fheuchaimíd-ne i n-aon chor ar an
mbeart a dhein an Slánuightheóir nuair a leig sé dos
na peacaigh agus dos na poibliocánaigh cruinniughadh
'n-a thímpal. Is amhlaidh a thagan áthas mór orainn,
agus molaimíd trócaire agus ceannsacht an tSlán-
uightheóra. Tuigimíd-ne an bheart a dhein sé. Níor
thuig na Iúdaigh é. Dá bhfeuchaimís isteach sa sgéal
b'fhéidir go bhfeicfimís nách ceart dúinn oiread
milleáin a chur ar na Iúdaigh agus chuirimíd.



An bheart san a dhein an Slánuightheóir an uair sin,
beart ab eadh í nár dhein aoinne eile riamh roimis sin.
Do deineadh an bheart, nó beart d'á réir, go minic ó
shin, mar do dhein naoimh na h-Eaglaise í, ó theagasg
an tSlánuightheóra. Ach go dtí gur tháinig an Slán-
uightheóir agus gur thug sé an teagasg san uaidh, níor
bheartuigh aoinne riamh i n'aigne go mbéadh deagh-ghníomh
aige 'á dhéanamh dá ndeineadh sé an rud a bhí ag an
Slánuightheóir 'á dhéanamh an uair sin, nuair a bhí an
sgorn go léir ar na Iúdaigh mar gheall ar é bheith ag
déanamh cómhluadair le peacachaibh. Roimis sin, aon
duine go raibh meas aige air féin agus gur theastuigh
uaidh meas a bheith ag an bpoibilidheacht air, d'fhanfadh
sé amach ó dhroch dhaoine. Do thuig gach aoinne go raibh
na droch dhaoine go h-olc. Níor tháinig lá d'á chuimhne
chun aoinne gur mhaith an rud iaracht éigin a dhéanamh
ar iad a dh'iompáil agus ar dhaoine fóghanta dhéanamh
díobh. Ní fheacaidh aoinne ionta ach an t-olc. Do thuig
gach aoinne gur ceart iad do sheachaint mar a seach-
nófaí an t-olc. Níor chuimhnigh aoinne go mbéadh aon
mhaith i n-aon iaracht a déanfaí ar charthanacht a dhéanamh
ortha. Ní h-eadh, ach, dar le gach aoinne, ba charthanacht
ar an saoghal iad do chur as ar fad. Bhéadh na smuínte
céadna san i n-ár n-aigne againne go léir indiu mura


L. 55


mbéadh an t-atharughadh a dhein teagasg an tSlán-
uightheóra ar aigne na gCríosdaidhthe. Agus go deimhin
féin ní foláir a dh'admháil gur bh' fhearr-de an t-athar-
ughadh dá dtéigheadh sé níos sia 'ná mar atá sé tar éis
dul. Tá a lán de'n tsean' aigne Iúdach úd sa tsaoghal
fós. Ach pé'r domhan é, níor thuig na Fairisínigh i n-aon
chor cad é an meón a bhí ag ár Slánuightheóir le bheith
ag bailiughadh na ndroch dhaoine 'n-a thímpal. Níor
thuigeadar gur carthanacht a bhí aige 'á dhéanamh ar na
droch dhaoine sin. Bhí an charthanacht aige 'á dhéanamh
ar na droch dhaoine. Bhí sgorn ar na Fairisínigh mar
gheall ar é dhéanamh aon chómhluadair leis na droch
dhaoine sin. Cad a dhein an Slánuightheóir glórmhar
trócaireach ansan? D'iompuigh sé agus do dhein sé
carthanacht áluinn ar na Fairisíneachaibh féin! D'inis
sé dhóibh i dtaobh na caorach a bhí imthighthe amú' agus
conus mar a dh'fhág an t-aodhaire an chuid eile go léir
des na caoire 'n-a dhiaigh, chun dul ar lorg na h-aon
chaorach amháin a bhí imthighthe. Do lean sé siar ar an
sgéal dóibh. D'inis sé dhóibh conus mar a fuair an
t-aodhaire an chaora a bhí imthighthe amú', agus conus
mar a chuir sé chuige ar a mhuin í, agus conus mar a
thug sé leis abhaile í, agus conus mar a bhí an gáir-
deachas agus an t-áthas go léir air féin agus ar a
chómharsanaibh agus ar a cháirdibh mar gheall ar an aon
chaora amháin, agus gan aon phioc gáirdeachais ná áthais
d'á thaisbeáint mar gheall ar na naoi gcinn déag agus
cheithre fichid nár chuaidh amú' i n-aon chor. Do thuigeadar
an sgéal go h-áluinn, mar d'inis sé dhóibh díreach an
rud a dheinidís féin nuair a théigheadh caora amú' ó
dhuine acu. "Cé 'cu agaibh-se," ar seisean, "go raghadh
caora amú' uaidh ná déanfadh mar siúd?"



Do thuigeadar go h-áluinn, leis, cad dó go raibh sé


L. 56


ag tagairt an sgéil sin. Nó murar thuigeadar ar
dtúis é do chuir sé fhiachaint ortha é thuisgint nuair
adúbhairt sé:-



"Sin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall
ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe, seachas
naonbhar déag agus cheithre fichid ná fuil gádh le
h-aithrighe acu."



Bhí an focal deirineach san pas cruaidh ortha féin,
má thuigeadar é, agus is dócha gur thuigeadar. Daoine
géar-chúiseacha b'eadh iad. Thug sé breith a mbéil féin
ortha. B'ionan é agus a rádh, "daoine fóghanta iseadh
sibh-se, dar libh. Ní peacaigh sibh. D'á bhrígh sin ní
h-aoinne agaibh-se an chaora do chuaidh amú'. Ní'l gádh
le h-aithrighe agaibh-se, dar libh. Ó atá san amhlaidh
ní i nbhúr measg-sa is ceart dómh-sa bheith. Ameasg
na bpeacach is ceart mé bheith; na daoine go bhfuil gádh
acu le h-aithrighe."



Ansan d'inis sé dhóibh i dtaobh na mná do chaillfeadh
an t-airgead agus bhéadh ag sguabadh an tíghe 'ghá chuardach
go dtí go bhfaghadh sí é agus do dhéanfadh an gáirdeachas
go léir nuair a gheobhadh sí é. Agus d'inis sé airís
dóibh conus mar a bhéadh an t-áthas go léir ar na
h-aingealaibh ins na flathais mar gheall ar aon pheacach
amháin a dhéanfadh aithrighe. Dhá uair a chuir sé an nídh
sin os a gcómhair. Ba mhór an trócaire é d'á dhéanamh
ortha. Nuair a bhí sé ag innsint gach sgéil díobh san
dóibh bhí sé ag tabhairt a ghrásta dhóibh, leis, a gan fhios
d'aoinne, ag tabhairt soluis dóibh chun an sgéil a thuis-
gint i gceart, agus ag tabhairt grádh' Dé dhóibh chun a
gcroídhe do bhogadh. Gan amhras do ghlac cuid acu an
solus, agus do bogadh an croídhe i gcuid acu, agus
dheineadar an aithrighe, agus chuireadar ar aingealaibh
na bhflathas an t-áthas a dúbhairt sé. Ach do dhún an


L. 57


chuid ba mhó acu a súilibh i gcoinnibh an tsoluis agus
do chruadar a gcroídhe i gcoinnibh ghrádha Dé.



Agus anois, a phobul, siné an Soisgéal fé mar a
labhair an Slánuightheóir leis na Iúdaigh é, agus fé
mar a ghlac na Iúdaigh é, agus siné an Soisgéal céadna
fé mar a chuir an Eaglais ansan isteach i Leabhar an
Aifrinn é i dtreó go léighfí dhaoibh-se é. Is maith an
rud dúinne, b'fhéidir, machtnamh ar an gcuma 'n-ar
ghlac na Iúdaigh é, agus ar an dtrocaire do dhein an
Slánuightheóir ortha nuair a labhair sé leó é. Ach is
fearra dhúinn go mór, agus is tairbhighe dhúinn machtnamh
a dhéanamh ar an mór-thrócaire do dhein an Slánuightheóir
céadna orainn féin nuair a dh' órduigh sé do'n Eaglais
an Soisgéal céadna san do chur d'á léigheadh dhúinn;
agus machtnamh a dhéanamh ar an gcuma 'n-a n-oirean
an chaint dúinn féin, ar an gcuma 'n-ar ceart dúinn
brígh na cainte do ghlacadh chúghainn féin, agus ar an
gcuma 'n-ar ceart dúinn, anso anois i n-ár mbeatha
agus i n-ár n-aimsir féin, teagasg agus cómhairle na
cainte do ghlacadh agus do chur i ngníomh orainn féin.



Oirean caint an tSoisgéil seo dhúinn féin, a phobul,
ar shlígh a chuirfidh iongnadh agus uathbhás ar an gCríos-
daidhe a mhachtnóchaidh i gceart air. An bhfuil an Críos-
daidhe sin beó adéarfaidh nách peacach é féin? An
bhfuil an Críosdaidhe sin beó adéarfaidh ná fhuil aon
ghádh le h-aithrighe aige? Má tá aon Chríosdaidhe beó
adéarfaidh aon taobh acu is Fairisíneach é 'n-a steili-
bheathaidh, nó is duine é atá as a mheabhair. D'á bhrígh sin
ní'l aoinne againn ná fuil, nó ná raibh uair éigin,
díreach sa chás úd 'n-a raibh an chaora do chuaidh amú'.
Isé an Slánuightheóir an t-Aodhaire do chuaidh ag lorg
na caorach. Le n-a ghrásta iseadh dhein sé an cuardach.
Nuair a sheól grásta an tSlánuightheóra an peacach


L. 58


isteach go cathaoir na faoisdine, siné an uair a thóg
an t-Aodhaire an chaora agus chuir sé chuige ar a mhuin
í agus thug sé leis abhaile í. Thug sé leis ar a mhuin
í mar is É féin a dh'fhuiling an Pháis, agus isé mór-
luacht na Páise a dh'fhuiling an Slánuightheóir ar chrann
na croise do chuir an brígh sa n-Asbolóid chun na
bpeacaí do mhaitheamh do'n pheacach. Níor bh'fhéidir do'n
chaora teacht abhaile go deó mura mbéadh gur chuaidh
an t-Aodhaire ar a lorg. Agus ansan ní raibh aon
bhreith ag an gcaora ar theacht abhaile go deó mura mbéadh
gur thóg an t-Aodhaire suas í agus gur thug sé leis
ar a mhuin í. Nó, i bhfocalaibh eile, níor bh'fhéidir do'n
pheacach iompáil ar Dhia i n-aon chor mura mbéadh gur
sprioc grásta Dé chuige é. Agus ansan, pé aithrighe
dhéanfadh sé ní bhéadh aon tairbhe ann mura mbéadh mór-
luacht bháis Chríosd do dhul chun sochair d'á anam.
B'fhéidir go ndéarfadh duine, as san, duine a bhéadh,
dar leis féin, ana ghéar-chúiseach: "Má's mar sin
atá an sgéal, ní h-ag an bpeacach atá an aithrighe
dhéanamh i n-aon cor, ach ag Dia. Ní féidir do'n pheacach
aon rud a dhéanamh go dtí go spriocfadh grásta Dé
é. Ní'l aige ach fanamhaint mar atá aige go dtagaidh
an spriocadh."



Tá aon rud amháin is féidir do'n pheacach a dhéanamh.
Is féidir dó cur i gcoinnibh an spriocadh, agus is rud
é sin a dheinean an peacach go minic. Ní fhéadfadh an
chaora teacht abhaile mura gcurfadh an t-Aodhaire ar
a mhuin chuige í. Ach d'fhéadfadh an chaora bheith ag
spriúchadh, agus bheith ag únfairt, agus bheith a d'iaraidh
gan leigint do'n Aodhaire í chur ar a mhuin chuige.



Nách ag an bpeacach atá an cogar a gheibhean sé ó
ghrásta Dé d'fhreagairt nó gan a fhreagairt? Má
fhreagran sé an cogar nách shiné ag déanamh na h-aithrighe


L. 59


é, bíodh nár bh'fhéidir dó i n-aon chor an aithrighe sin a
dhéanamh mura mbéadh go dtáinig an cogar chuige?
Ní'l ar chumas an duine gníomh os cionn nádúra do
dhéanamh gan congnamh ó ghrásta Dé. Gníomh os cionn
nádúra iseadh an aithrighe as a maithtear peacadh. D'á
bhrígh sin, ní'l ar chumas an duine, as a ghustal nádúrtha
féin, gníomh aithrighe a dhéanamh as a bhfaghadh sé maitheamh-
nachas i bpeacadh. Ní'l aon rud iongantach ansan.
D'fhéadfadh duine, cuir i gcás, an t-anam a bhaint a'
duine eile. Ansan do thiocfadh cathughadh air, b'fhéidir.
B'fhéidir go dtiocfadh a leithéid sin de chathughadh agus
de bhuairt agus d'aithreachas air go dtabharfadh sé a chuid
'an tsaoghail ar an duine sin a dh'fheisgint beó airís.
Ach pé aithreachas a bhéadh air ní fhéadfadh sé an t-anam
a chur airís sa chorp san. Ar an gcuma gcéadna, bhí
sé ar chumas an chéad duine peacadh an tsínsir a
dhéanamh, ach dá maireadh sé ó shin agus bheith ag déanamh
an uile shaghas aithrighe ó sin, agus gan an Slánuightheóir
a bheith le teacht, ní bhéadh blúire tairbhe 'n-a chuid aithrighe
chun aon mhaitheamhnachais a dh'fhághail sa pheacadh dhó.
Bás an tSlánuightheóra isé bhain peacadh an tsínsir
de'n chine daona. Agus nuair a dheinimíd aithrighe i
n-ár bpeacaibh féin, isé bás an tSlánuightheóra do
chuirean ar chumas na h-aithrighe sin maitheamhnachas
a dh'fhághail dúinn ó Dhia na glóire. Gan bás an tSlán-
uightheóra ní bhéadh blúire tairbhe i n-ár n-aithrighe. D'á
bhrígh sin, i n-inead bheith ag argóint agus ag dios-
póireacht i dtaobh an sgéil, isé rud is ceart dúinn a
dhéanamh 'ná sinn féin d'úmhlughadh i láthair Dé agus
ár mbuidheachas a ghabháil le Dia, ó chroídhe, mar gheall
ar an dtabharthas thar na beartaibh a bhronn sé orainn
nuair a thug sé dhúinn an Slánuightheóir.



Ansan, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an méid


L. 60


seo. I n-ár ngnóthaibh saoghalta tuigimíd go maith gur
neamhnídh buidheachas i gcaint gan buidheachas gnímh do
dhul leis an gcaint. Tá an nídh sin chómh fíor i ngnóthaibh
Dé agus atá sé i ngnóthaibh an tsaoghail. Má tá
buidheachas againn ar Dhia mar gheall ar na tabharthaistí
atá bronnta aige orainn taisbeánfaimídh an buidheachas
ar chuma éigin. Má deirimíd go bhfuil buidheachas
againn ar Dhia agus ansan mura bhfeictear an
buidheachas i n-aon ghníomh d'á ndeinimíd, is ró mhaith
an cómhartha é ná fuil an buidheachas ann i n-aon chor
agus ná bíon fírinne i n-ár gcaint nuair adeirimíd
go bhfuil buidheachas againn ar Dhia.



Cad é an gníomh is fearr a thaisbeánfaidh ár mbuidh-
eachas ar Dhia mar gheall ar a thabharthaistibh?
Measaim ná fuil aon ghníomh is fearr a thaisbeánfaidh
é 'ná úsáid mhaith a dhéanamh des na tabharthaistibh. Thug
Dia dhúinn an Slánuightheóir, moladh go deó leis. Thug
an Slánuightheóir dúinn na Sácraimíntí. Thug sé
Sácraimínt na h-Aithrighe dhúinn chun go maithfí ár
bpeacaí dhúinn. Thug sé a chuid Fola agus Feóla féin
dúinn i Sácraimínt Chorp Críosd, mar bhiadh
spioraideálta d'ár n-anam. Is mór na tabharthaistí
iad, agus is tairbheach. Má tá buidheachas againn ar
Dhia mar gheall ar na tabharthaistibh sin ba cheart dúinn
an nídh is fearr a thaithnean le Dia do dhéanamh 'n-a
dtaobh, 'sé sin, teacht go minic agus úsáid a dhéanamh
díobh, teacht go minic agus an dá Shácraimínt sin do
ghlacadh, Sácraimínt na h-Aithrighe do ghlacadh go minic
chun sláinte ár n-anama do choiméad i dtreó maith,
agus Sáchraimínt Chorp Críosd do ghlacadh go minic
chun ár n-anam do choimeád cothuighthe láidir i n-aghaidh
a namhad.



An focal úd adúbhairt an Slánuightheóir i dtaobh


L. 61


an aodhaire, ba cheart dúinn cuimhneamh air go minic
agus é bhreithniughadh go maith. Is é an Slánuightheóir
féin an t-Aodhaire, moladh 's buidheachas leis. Chuir
sé é féin i gcomparáid leis an aodhaire do chuaidh amach
ag lorg na caorach agus do thug leis abhaile í, ar a mhuin.
Ach ní dheinean an chomparáid i n-aon ghaor d'iomláine
an chirt do'n tSlánuightheóir féin. Níor dhein aodhaire
riamh d'á chaoire oiread agus a dhein ár Slánuightheóir
do'n chine daona. Do thuill an Slánuightheóir moladh
uainne, agus buidheachas, agus grádh, nár thuill aon
duine eile riamh a leithéid ó dhaoine. Pé moladh ná
buidheachas ná grádh a thabharfaimíd dó, ní tiocfaidh linn
na fiacha 'dhíol. Ach ní'l machtnamh déanta againn ach
ar thaobh an Aodhaire de'n sgéal. Cad mar gheall ar
thaobh na caorach de'n sgéal? Cé h-í an chaora? Feuch,
a phobul. Ní'l aon Chríosdaidhe anois sa domhan nach
féidir dó a rádh le fírinne, i láthair Dé na glóire:
"Is mise an chaora ar a raibh an Slánuightheóir gléigeal
ag cuimhneamh nuair a bhí sé ag rádh na cainte úd leis
na Fairisínigh. Is mise a bhí imthighthe amú'. Ar mo
lorg-sa iseadh chuaidh sé amach nuair fhág sé an chuid
eile 'n-a dhiaigh. Is mise a thug sé leis abhaile ar a mhuin.
Ní h-aon uair amháin ná, b'fhéidir, céad uair, a thug
sé leis abhaile ar an gcuma san mé. Dá mairinn míle
bliadhan níor bh'fhéidir dom a bhfuil déanta aige dhom
do chúiteamh leis. Isé is lúgha is gann dom, pé fada
gairid a dh'fhágfaidh Dia ar an saoghal so mé, mo dhícheal
a dhéanamh ar thoil mo Shlánuightheóra do chómhlíonadh
feasta ins gach nídh, agus gan imtheacht amú' uaidh airís,
pé cor a bhéarfaidh mé!" Go dtugaidh Dia dhúinn go
léir san do dhéanamh. Amen.


L. 62


XL.



AN CEATHRAMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 5.)



Deir aithreacha na h-Eaglaise, a phobul, gur chialluigh
an long san Shímoin, an uair sin, an Eaglais a bhí ag
an Slánuightheóir le cur ar bun. Gur chuaidh sé isteach
i luing Shímoin mar gur bh'é Símon a bhí ceapaithe aige
chun bheith 'n-a cheann ar an Eaglais. Agus gur shuidh
sé sa luing sin, ag teagasg na ndaoine, 'ghá chur i
n-iúil gur sa n-Eaglais sin a bhí le cur ar bun aige,
fé cheannas Shímoin, a bhéadh teagasg na fírinne le
fághail ag na daoine go léir, ag an gcine daona. Bhí
na daoine ag brúth air chun go n-aireóchaidís briathar
Dé uaidh. Do shuidh sé sa luing sin Pheadair agus do
labhair sé briathar Dé leó, 'ghá chur i n-iúil gur ó
chathaoir na h-Eaglaise a chaithfeadh an chine daona
briathar Dé dh'fhághail i gcómhnuighe. Bhí dhá luing ann,
ach is isteach i luing Pheadair a chuaidh sé agus is inti
do shuidh sé, agus is ó'n suídheachán san i luing Pheadair
do labhair sé leis an sluagh daoine a bhí ar bruach an
locha.



Nuair a bhí an teagasg tabhartha aige dos na daoine
do labhair sé le Peadar. "Gluais amach," ar seisean,
"mar a bhfuil an t-uisge doimhinn agus cuiridh amach
na líonta chun éisg a thógaint." Bhí an oídhche caithte
acu ag iasgaireacht agus gan aon iasg tógtha acu. Dá
mba aon duine eile d'iarfadh ar Pheadar na líonta chur
amach airís déarfadh Peadar leis ná raibh aon mhaith


L. 63


ann. Nár fhéadadar aon iasg a thógaint i gcaitheamh
na h-oídhche, nuair ba dhóichíghe dhóibh iasg a dh'fhághail.
Nuair ná fuaradar an t-iasg i gcaitheamh na h-oídhche
ná raibh aon bhreith acu ar iasg fhághail i lár an lae. Ní
dúbhairt Peadar aon nídh dh'á shórd san. Bhí fhios aige
dá mb' é toil an tSlánuightheóra é go mbéadh an t-iasg
le fághail.



"Tá an oídhche caithte againn ag obair," ar seisean,
"ach ó deirir-se an focal, a Thighearna, cuirfead amach
an líon."



Sin teagasg dúinne, a phobul. Innsean an chaint
sin dúinn gur ceart dúinn ár mainíghin a bheith againn
as an Slánuightheóir i gcómhnuighe, agus nách ceart dúinn
an mhainíghin sin do chailleamhant choídhche, pé rud a
thiocfaidh crosta orainn, pé deabhramh a bheidh go
n-eireóchaidh rud linn nó go raghaidh an rud san i n-ár
gcoinnibh. Má tá órdughadh an tSlánuightheóra againn
chun an ruda san a dhéanamh ní'l againn ach é dhéanamh,
do réir fhocail an tSlánuightheóra, agus toradh an ghnímh
fhágáilt fé'n Slánuightheóir féin. D'órduigh an Slán-
uightheóir dúinn bheith i gcómhnuighe ag cur ár nguidhe
suas chun Dé. B'fhéidir go bhfuil Críosdaidhe éigin
le fághail agus gur mhaith leis fabhar éigin a dh'iaraidh
ar Dhia. Cromfaidh sé ar ghuidhe chun Dé 'ghá iaraidh ar
Dhia an Fabhar san do thabhairt dó. Ní gheibhean sé a
ghuidhe. Leanan sé ar feadh mórán aimsire, b'fhéidir,
ag cur a ghuidhe suas chun Dé. Ní thuigean sé go dtagan
aon fhreagairt ar an nguidhe. Fé dheire téighean sé i
n-éadóchas. Deir sé leis féin nách aon mhaith dhó bheith
ag guidhe chun Dé. Stadan sé de'n ghuidhe. Tagan
dúire agus mairbhitíghe 'n-a chroídhe. Sgaoilean sé
thairis lá, agus seachtmhain, agus bliadhain, agus mórán,
b'fhéidir, d'á shaoghal, gan cuimhneamh i n-aon chor ar


L. 64


Dhia. Imthíghean an aimsir sin uaidh gan toradh ná
tairbhe d'á anam i láthair Dé; agus ná fuil aon uair
a' chloig de'n aimsir sin nách chun tairbhe dhéanamh d'á
anam i gcóir na síoruidheachta a thug Dia dhó í ar an
saoghal so.



Dá gcuireadh Símon stailc suas nuair adúbhairt an
Slánuightheóir leis na líonta chur amach chun éisg a
thógaint, dá n-abradh sé, "A Thighearna, tá fhios agam-sa
cad a bhainean le h-iasgaireacht. Chuirfinn amach iad
dá mbéadh aon mhaith ann, ach ní'l," conus a bhéadh an sgéal
aige? Ní mar sin adúbhairt sé. "Ó deirir-se é, a
Thighearna," ar seisean, "sgaoilfead amach an líon."



Sin mar ba cheart do'n Chríosdaidhe a dhéanamh. Deir
an Slánuightheóir linn bheith ag guidhe chun Dé i gcómhnuighe.
Ba cheart dúinn an nídh sin a dhéanamh gan aon chúis
eile ach ó 'deir an Slánuightheóir é. Dá mbéadh creideamh
ceart againn, agus mainíghin as Dia againn mar ba cheart,
thuigfimís go maith gur fearr 'fhios ag Dia cad is maith
dhúinn 'ná againn féin, agus mura dtugaidh sé dhúinn
an nídh atá againn 'á iaraidh air gur ar mhaithe linn féin
ná tugan sé dhúinn é. Ar mhaithe leis na leanbhaíbh féin
iseadh do leig sé do Heród iad do chur chun báis.
Do glanadh iad ó pheacadh an tsínsir agus do tugadh
aoibhneas na bhflathas dóibh láithreach. Ar mhaithe leis
na martraibh iseadh do leig sé do namhaid an chreidimh
bheith 'ghá gcur chun báis leis an uile shaghas éirligh ar
feadh trí chéad bliadhan de thusach aimsire an chreidimh.
Thug sé neart agus misneach dóibh chun gach éirligh a
dh'fhulang. Níor lean na pianta abhfad, agus ansan
bhí aoibhneas na bhflathas acu agus tá ó shin. Pianta
cruadha ar feadh uair a' chloig, b'fhéidir, nó ar feadh
raint laethanta, agus aoibhneas na bhflathas i gcaitheamh
na h-aimsire go léir ó shin. Ar mhaithe le n-ár sínsear


L. 65


féin anso i n-Éirinn iseadh do leig Dia do mhuintir
Chromeil bheith 'ghá bhfiadhach agus 'ghá marbhughadh, do
ló agus d'oídhche, go dtí gur measadh ná raibh a thuille
acu beó; nuair ná séanfaidís Naomh Ídhbirt an Aifrinn,
agus nuair ná séanfaidís an Pápa, fear inid an tSlán-
uightheóra ar an dtalamh so. Do cuireadh chun báis
na céadta mílte dhíobh, agus chuadar go léir suas
láithreach go flathas Dé 'n-a gcéadtaibh mílte naomh.
Do tugadh "Oileán na Naomh" ar an oileán so na
h-Éirean go luath tar éis aimsire Phádraig agus
Bhríghde agus Choluim Cille. Do tuilleadh an ainim
go maith an uair sin. Do tuilleadh an ainim go maith
go minic ó shin. Má chuaidh slóighte líonmhara naomh
suas riamh go flathas Dé ó aon áit, chuadar suas ann
a' h-Éirinn i n-aimsir Hannraoi agus i n-aimsir Eilís
agus i n-aimsir Chromeil. Ní gádh dhúinn dul chómh
fada san féin siar. Laistigh d'ár gcuimhne féin, aon
chuid againn atá puinn aimsire sa tsaoghal, do chuaidh,
i n-aon chúpla bliadhain amháin nó trí, suas go flathas
Dé a' h-Éirinn, breis agus cheithre milliúin des na
Críosdaidhthibh ba naomhtha beatha, ba threise creideamh,
ba dhílse grádh do Dhia agus d'Eaglais Chríosd, d'ár
luigh cos riamh ar thalamh an domhain, is cuma liom canad
é. Is maith atá fhios acu féin anois, agus ó shin,
gur ar mhaithe leó do cheaduigh Dia na glóire an droch
shaoghal do theacht an uair sin.



Cá bhfuil ár gcreideamh? Ná fuil fhios againn gur
fearr a thuigean Dia cad is maith dhúinn agus cad is
olc dúinn 'ná mar a thuigimíd féin é? Nár chóir, d'á
bhrígh sin, nuair a dh'iaraimíd rud ar Dhia agus ná tugan
Dia dhúinn é, gur b' amhlaidh a bheimís buidheach de Dhia?
Ní'l aon duine a dh'fheuchfaidh siar ar a bheatha ná cuimh-
neóchaidh go maith ar nídh éigin áirighthe a bhí aige 'á iaraidh


L. 66


go cruaidh ar Dhia agus nár thug Dia dhó é, agus go
bhfuair sé amach 'n-a dhiaigh san ná féadfadh aon mhí-ádh
teacht air ba thiubaistighe dhó 'ná an rud san a thabhairt
dó nuair a bhí sé 'ghá iaraidh. Is dócha ná fuil aoinne
beó ná fuil an sgéal san le h-innsint aige 'n-a thaobh
féin, tráth éigin d'á raibh sé. Ba cheart dúinn cuimh-
neamh air sin, agus nuair a bhéadh rud éigin againn
'á iaraidh ar Dhia, pé dúil a bhéadh againn an rud san
a dh'fhághail, a iaraidh ar Dhia gan é thabhairt dúinn murab
é leas ár n-anama é dh'fhághail.



Ach ba cheart dúinn dul níos sia 'ná san i n-ár
ndeighleáil le Dia na glóire. Má tá rud againn 'á
iaraidh air agus gur ró mhaith linn an rud san a
dh'fhághail, ba cheart dúinn a iaraidh ar Dhia gan an rud
san a thabhairt dúinn, ach é choimeád uainn, murab é
ár leas é dh'fhághail. Ní'l ach ciall daona dhúinn sa
méid sin. Amadán iseadh duine ná h-iarfadh ar Dhia
rud a choimeád uaidh a dhéanfadh díobháil dó. Ba cheart
do Chríosdaidhe go bhfuil creideamh aige dul níos sia
'ná san. Ba cheart dó a thoil do chur le toil Dé, agus
a iaraidh ar Dhia, bíodh ná déanfadh an rud san aon
díobháil dó, gan é thabhairt dó murab é toil Dé é
thabhairt dó. Ba cheart do'n Chríosdaidhe tusach a
thabhairt do thoil Dé ar a thoil féin. Siné an focal a
thug an Slánuightheóir dúinn sa Phaidir: "Go ndein-
tear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh."
Ní'l ach an dá thoil go bhfuil orainn feuchaint chúcha,
toil Dé agus ár dtoil féin. Aon nídh ar bith a thagan
orainn nó a thuitean amach dúinn i gcoinnibh ár dtoile
féin, isé toil Dé é.



"Ó," adéarfaidh duine, "b'fhéidir gur b' é toil
duine eile é. Má dheinean duine eile éagcóir orm,
ar neóin ní h-é sin toil Dé!"


L. 67


An amhlaidh ná féadfadh Dia cosg a chur le Heród
nuair a bhí sé ag marbhadh na leanbh? An amhlaidh ná
féadfadh an t-Athair Síoruidhe, moladh 's buidheachas
leis, cosg do chur leis na Iúdaigh nuair a bhíodar ag
cur an tSlánuightheóra chun báis? An amhlaidh ná
féadfadh Dia cosg a chur le págánaigh na Rómha nuair
a bhíodar ag cur na martar chun báis, i gcaitheamh trí
chéad bliadhan? An amhlaidh ná féadfadh Dia cosg
a chur le Cromeil nuair a bhí muintir na h-Éirean aige
'á dhísgiughadh? An amhlaidh ná féadfadh Dia biadh
thabhairt do mhuintir na h-Éirean sa droch shaoghal fé
mar a thug sé an biadh do Chlainn Isráeil sa bhfásach?
Nách leamh a dheinean daoine caint uaireanta! Cad
é bhrígh, i láthair Dé, bás duine ar an saoghal so seachas
beatha an duine sin ins na flathais ar feadh na síor-
uidheachta? Agus ba dhóich le duine ar an gcuma 'na
labhraimíd uaireanta gur dóich linn gur b' é beatha
an duine ar an saoghal so an sgéal go léir. Ní
h-é, go deimhin. Ní'l i mbeatha an duine ar an saoghal
so ach beagáinín aimsire a thugan Dia do'n duine chun
é féin d'ollamhughadh i gcóir an tsaoghail eile. Isé
an saoghal eile an sgéal go léir. Má dheinean duine
éagcóir orm agus ná coisgean Dia é ar an éagcóir
sin a dhéanamh, nách é toil Dé gan é chosg? Tá a chúis
féin ag Dia chun na h-éagcóra san do leigint ar aghaidh.
Ní h-é toil Dé an duine sin do dhéanamh na h-éagcóra
san. Is peacadh do'n duine sin an éagcóir sin a
dhéanamh. Ach isé toil Dé dhómh-sa an éagcóir a dh'fhulang.
Agus isé toil Dé gan an duine sin do chosg anois ar
an éagcóir sin do dhéanamh. Má fhuilingim-se an
éagcóir sin le foidhne, agus má iaraim ar Dhia an
éagcóir do mhaitheamh do'n t-é a dhein í, beidh mo thaobh
féin de'n sgéal déanta sa cheart agam. Ní bheidh agam


L. 68


le freagairt i láthair Dé ach am' thaobh féin de'n sgéal.
Má iaraim ar Dhia an éagcóir do mhaitheamh b'fhéidir
go dtabharfadh Dia breis de ghrásta na h-aithrighe do'n
t-é a dhein an éagcóir. B'fhéidir go bhfreagaróchadh an
duine na grásta san agus go ndéanfadh sé an aithrighe.
Má dheinean, maithfidh Dia dhó an éagcóir a dhein sé
orm-sa. Ar ball, agus ní fada go dtí é, caithfimíd
araon seasamh i láthair Dé. Chífidh an duine sin,
b'fhéidir, go bhfuil an éagcóir maithte dhó, agus ná
béadh mura mbéadh mise 'ghá iaraidh ar Dhia í mhaitheamh
dó. Chífead-sa, b'fhéidir, mura mbéadh go bhfuaras
an méid sin éagcóra le fulang ar an gcuma san, mar
chlaoidh agus mar smachtughadh ar mo thoil féin, go
mbéadh an sgéal go h-olc agam ar shlighthibh eile.



Ní fheadair an duine cad is maith dhó ná cad is olc
dó ar an saoghal so. Thall, ar an saoghal eile, iseadh
do socarófar gach aon rud. Is ag Dia amháin atá fios
gach uile nídh. Tá fhios aige cad is maith dhúinn agus
cad is olc dúinn. Isé Dia do chruthuigh sinn agus do
chuir ar an saoghal so sinn. Thug sé ciall agus tuis-
gint dúinn i dtreó go bhféadfaimís aithne chur air agus
grádh thabhairt dó. Tá grádh aige dhúinn, grádh gan
teóra, grádh nách féidir dúinn a mhéid ná a neart do
thuisgint an fhaid a bheimíd ar an saoghal so. Le méid
agus le neart a ghrádha dhúinn iseadh chuir sé an t-Aon-
Mhac uaidh chun sinn do shaoradh ó'n bpeacadh agus chun
geataí na bhflathas a dh'osgailt dúinn. Le méid agus
le neart a ghrádh' dhúinn iseadh atá a ghrásta aige 'á
thabhairt dúinn coitchianta, chun sinn a thabhairt ó'n
bpeacadh agus chun sinn a choimeád ó'n bpeacadh. Ní
féidir d'aon ruibe amháin d'ár ngruaig tuitim d'ár
gceann ach le n-a thoil. Ní'l ach aon nídh amháin a dh'fhéad-
faidh choídhche díobháil a dhéanamh dúinn i gcoinnibh a


L. 69


thoile. Cad é an nídh é sin, a phobul? Cad é an nídh
a dh'fhéadfaidh díobháil a dhéanamh dúinn agus nách féidir
do thoil Dé sinn a chosaint ar an ndíobháil sin? Ár
dtoil féin. Is féidir do Dhia mé chosaint ar thoil duine
eile má's maith leis é. Ní'l cómhacht ar thalamh ná i
n-ifrean nách féidir dó mé chosaint air má's maith leis
é. Ní féidir dó mé chosaint ar mo thoil féin má's
maith liom mo thoil do chur i gcoinnibh toile Dé. D'fhéad-
fadh sé, nídh nách iongnadh, saor-thoil a bhaint díom.
D'fhéadfadh sé an mheabhair shaoghalta a thug sé dhom
do bhaint díom. Ach ní h-í sin an cheist i n-aon chor.
Ní fhéadfadh sé saor-thoil fhágáilt agam agus ansan
mé chosaint ar an saor-thoil sin dá mba mhaith liom
féin díobháil a dhéanamh dom féin léi i n-aimhdheóin a
ghrásta. D'á bhrígh sin, an Críosdaidhe gur maith leis
leas a anama dhéanamh ní'l ach aon úsáid amháin aige
le déanamh d'á thoil, 'sé sin, í chur i gcómhnuighe le toil
Dé. Cuir do thoil le toil Dé i gcómhnuighe agus ní'l
baoghal ort. Ní féidir d'aon rud eile díobháil a
dhéanamh duit ach do d' thoil féin. Cuir an toil sin le
toil Dé i gcómhnuighe agus ansan ní fhéadfaidh sí gabháil
bun os cionn le toil Dé. An fhaid ná raghadh do thoil
bun os cionn le toil Dé ní féidir duit peacadh
dhéanamh.



Ach is ana dheacair an toil seo againn do chur le toil
Dé ar an gcuma san. Ní féidir é dhéanamh ach le
congnamh ó ghrásta Dé féin. Tá an congnamh san ag
Dia féin 'á thabhairt dúinn coitchianta. Ba cheart
dúinn bheith 'ghá iaraidh coitchianta. D'á mhéid a
dh'iarfaimíd é iseadh is mó a gheóbhaimíd dé. Siné an gnó
ba cheart do'n Chríosdaidhe a cheapadh dhó féin mar aon
ghnó amháin le déanamh ar an saoghal so, bheith coitchianta
'ghá iaraidh ar Dhia na glóire a ghrásta thabhairt dó chun


L. 70


go gcuirfeadh sé a thoil le toil Dé. Pé trioblóid a
bhéadh ag teacht air, pé cruadhtan a bhéadh aige le gabháil
tríd, pé éagcóir a bhéadh dh'á dhéanamh air, an t-aon
fhocal amháin a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal aige
i gcómhnuighe: "Dé bheatha grásta Dé! Toil Dé go
ndeintear!"



Go dtugaidh an Slánuightheóir, tré impidhe na
Maighdine Muire agus na n-Aspol, a ghrásta dhúinn
go léir chun ár dtoile do chur le toil Dé, pé fada
gairid is toil le Dia na glóire sinn fhágáilt ar an
saoghal so. Amen, a Thighearna.



XLI.



AN CÚIGMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 5.)



Focal ana dhoimhinn, a phobul, iseadh an chéad fhocal
san, ó'n Slánuightheóir, sa tSoisgéal san a léigheas
daoibh. "Mura mbeidh bhúr bhfíoraontacht níos líon-
mhaire 'ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFair-
isíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas."



Chun na cainte sin do thuisgint i gceart ní foláir
dúinn fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisí-
neach do bhreithniughadh, agus feuchaint isteach ann, agus
a dhéanamh amach cad é an saghas fíoraontachta é, agus
cá raibh an locht ann. Ar dtúis; taisbeánan caint an
tSlánuightheóra gur dhaoine creideamhnacha, os cómhair
na poibilidheachta, an uair sin, na Sgríbhneóirí agus
na Fairisínigh. Do labhair an Slánuightheóir fé mar


L. 71


adéarfadh sé: "Is dóich libh-se gur daoine ana
dhiadha, ana naomhtha, ana fhíoraonta, na Sgríbhneóirí
seo, agus na Fairisínigh seo. Is dóich libh dá mbéadh
duine chómh maith leó go mbéadh sé ar láimh shábhála i
láthair Dé. Deirim-se libh, ámhthach, mura mbeidh agaibh
ach an saghas fíoraontachta atá acu san, ná fuil aon
bhreith agaibh ar dhul go flathas Dé." Taisbeánan an
brígh sin a bhí ag ár Slánuightheóir leis an gcaint
adúbhairt sé go raibh rud éigin bun os cionn i bhfíor-
aontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach, agus
gur loit an bun-os-cionn san an fhíoraontacht i dtreó
ná raibh maith ná tairbhe dhóibh inti i láthair Dé, pé creid-
eamhaint a fuaradar i láthair daoine mar gheall uirthi.
Taisbeánan an chaint, leis, mura gcuirtí ar a súilibh
dos na deisgiobuil an locht san a bheith i bhfíoraontacht
na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach, gur bhaoghal go
ndéanfadh na deisgiobuil í ghlacadh mar thuise d'á
bhfíoraontacht féin, agus a bhfíoraontacht féin do
chórughadh agus do chumadh do réir na tuise sin. Do
cuireadh ó'n mbaoghal san iad nuair adúbhairt an Slán-
uightheóir leó ná béadh aon bhreith acu ar dhul go
flathas Dé dá mb' é sin saghas fíoraontachta bhéadh
acu.



Anois, a phobul, isí ceist atá againne le cur chúghainn
féin i dtaobh na fíoraontachta san na Sgríbhneóirí agus
na bhFairisíneac 'ná cá raibh an bun-os-cionn? Cá
raibh an locht inti? Cad a bhain an tairbhe aisti agus
d'fhág gan mhaith í i láthair Dé?



Bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ana dhílis i
dtaobh na dlíghe. Níor mhaith leó oiread agus an smiog
ba lúgha de dhlígh Mhaoise d'fhágaint gan cómhlíonadh.
Níor dhroch nídh é sin. Ní raibh aon rud bun os cionn
sa méid sin. Bhí an dlígh ana dhian ar bhriseadh na saoire.


L. 72


Bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ana chruaidh
ar aoinne do bhrisfeadh an tsaoire. Níor dhroch nídh
é sin, mar bhí an dlígh féin ana chruaidh. Ní raibh uatha
ach an dlígh do chur i bhfeidhm fé mar a thug Maois dóibh
í. Mar sin do gach aithne eile des na deich n-aitheanta,
agus do gach riaghail des na riaghaltaibh a thug Maois
dóibh i dtaobh gnóthaí creidimh. Ba mhaith leó an uile
smiog des na h-aitheantaibh agus des na riaghaltaibh
do chómhlíonadh. Ba chóir gur mhaith an rud é sin. Cá
raibh an bun-os-cionn má 'seadh?



Dúbhairt an Slánuightheóir focal eile i ndiaigh an
fhocail úd, agus taisbeánan an focal eile sin cá raibh
an bun-os-cionn. "Do chualabhair," ar seisean,
"conus mar adúbhradh leis na daoine a bhí ann fadó:
Ná dein marbhadh; agus an t-é a dhéanfaidh marbhadh
beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. Ach deirim-se
libh," ar seisean, "gach duine atá i bhfeirg le n-a
bhráthair beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas."



Siné ball 'n-a bhfuil an bun-os-cionn. D'fhéadfadh
duine an aithne, "Ná dein marbhadh," do choimeád go
cruinn, chómh fada agus a théid na focail, agus í
bhriseadh ar gach aon tsaghas cuma chómh fada agus a
théighean brígh agus bunús na bhfocal. D'fhéadfadh duine
dul ar a chosaint féin agus a rádh "nár dhein sé
marbhadh," dá mba rud é ná déanfadh sé ach fear do
leath-mharbhadh. Cad é an tairbhe dhéanfadh sé do'n
duine sin bheith ag maoidheamh as a chuid fíoraontachta
mar gheall ar an aithne sin do choimeád? "Níor dheineas
marbhadh. Níor bhriseas an aithne. Níor dheineas ach
an duine do leath-mharbhadh." Duine gan mheabhair a
dh'éileóchadh creideamhaint dó féin as an saghas san
fíoraontachta. Ach do chuaidh an Slánuightheóir níos
sia go mór 'ná san. Dúbhairt sé go raibh an aithne


L. 73


briste ag an t-é a bhéadh i bhfeirg le n-a chómharsain;
nó ag an t-é a thabharfadh tarcaisne mhailíseach d'á
chómharsain.



Chítear as an méid sin conus mar a dh'fhéadfadh duine
bheith ag déanamh an uile shaghas peacadh i gcoinnibh na
h-aithne sin, gach aon lá a dh'eireóchadh air, agus, sa
n-am gcéadna, gan aon mharbhadh dhéanamh. Tá an
sgéal ar an gcuma gcéadna díreach i dtaobh na naoi
n-aitheanta eile. D'fhéadfadh duine bheith ag déanamh
an uile shaghas peacadh i gcoinnibh gach aithne dhíobh agus,
sa n-am gcéadna, gan focal na h-aithne do bhriseadh.
Agus ansan, an fhaid ná tuigfeadh an phoibilidheacht
an nídh sin i gceart, d'fhéadfadh an duine sin creideamh-
aint mhór a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht mar gheall ar
mhéid a fhíoraontachta. Ach tá fhios againn go léir,
agus dúbhairt an Slánuightheóir é, gur fíoraontacht
gan tairbhe an fhíoraontacht san i láthair Dé. Fíor-
aontacht bhréagach iseadh í.



Dúbhairt an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh ná
déanfadh an fhíoraontacht bhréagach san an gnó dhóibh-sin.
"Mura mbeidh bhúr bhfíoraontacht," ar seisean, "níos
líonmhaire 'ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus
na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na
bhflathas."



Dúbhairt an Slánuightheóir an chaint sin leis na
deisgiobuil, ach do cheap sé an chaint do Chríosdaidhthibh
an domhain go léir, i gcaitheamh na h-aimsire go léir,
go dtí deire an tsaoghail. Ansan do thóg an Eaglais
an chaint agus chuir sí isteach i Leabhar an Aifrinn í,
i dtreó go léighfí amach í do phobulaibh an domhain go
léir, agus go dtuigfeadh na Críosdaidhthe, i ngach uile
áit agus i ngach uile aimsir, ná béadh aon bhreith acu
ar dhul isteach i rígheacht na bhflathas dá mba ná béadh


L. 74


d'fhíoraontacht acu ach an fhíoraontacht bhréagach a bhí
ag na Sgríbhneóiribh agus ag na Fairisínigh.



"Ach," déarfaidh duine, b'fhéidir, "táid na Fairi-
sínigh agus na Sgríbhneóirí úd imthighthe as an saoghal
le fada riamh. Ní'l tuairisg ortha féin ná ar an bhfíor-
aontacht bhréagach úd a bhí acu. Cad é an tairbhe bheith
ag trácht ortha san ná ar a ngnóthaibh um an dtaca so
dh'aimsir?"



Táid, a phobul, na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh
imthighthe as an saoghal le fada riamh. Ach ba mhór an
dearmhad a mheas go bhfuil an fhíoraontacht bhréagach
imthighthe as an saoghal. Ní'l sí imthighthe as an saoghal.
Tá sí sa tsaoghal anois, chómh láidir, chómh borb, chómh
dána, chómh bréagach díreach agus bhí sí i n-aimsir na
bhFairisíneach agus na Sgríbhneóirí. Do mheall na
Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh iad féin nuair a mheas-
adar go bhféadfaidís bheith fíoraonta ar fhocal na
dlíghe do choimeád gan bac do bhrígh agus do bhunús an
fhocail; an fhaid a choimeádfaidís focal na dlíghe ná
raibh bac ortha a rogha rud a dhéanamh lasmuich de'n
bhfocal. Isé rud a tháinig as san dóibh 'ná go rabhadar
ag briseadh na dlíghe ar gach aon tsaghas cuma agus
iad 'ghá áiteamh ortha féin, nó a d'iaraidh bheith 'ghá
áiteamh ortha féin, go rabhadar ag coimeád na dlíghe,
ins gach aon phuinte, go h-ana chruinn agus go h-ana
dhílis. Bhí creideamhaint acu, agus an phoibilidheacht
ag feuchaint suas chúcha, toisg iad a bheith chómh fíoraonta,
chómh cruinn, chómh ceart, ag coimeád na dlíghe ins gach
púnc agus ins gach puinte d'á luíghead. Nuair a bhí
an chreideamhaint acu bhí tuitim saidhbhris isteach chúcha.
Nuair a bhí an saidhbhreas acu bhí pléisiúr an tsaoghail
seo acu ins gach aon chuma 'n-ar mhaith leó é bheith acu.
Níor chuir an dlígh aon chosg leó sa phléisiúr san mar


L. 75


níor choimeádadar ach focal na dlíghe agus chuireadar
pé brígh a thaithin leó ar an bhfocal. Dar leó féin:-



"Go flathas ag triall bhí Dia leó agus
rachmus an tsaoghail."



Mheasadar go raibh dhá thaobh an sgéil acu, agus isé
rud d'imthigh ortha ar ball ná raibh sé mar seo ná mar
siúd acu. Ní raibh an saoghal so acu mar b'éigean dóibh
é fhágáilt 'n-a ndiaigh nuair a tháinig an bás. Ní raibh
an saoghal eile acu mar dúbhairt an Slánuightheóir ná
féadfadh an fhíoraontacht bhréagach a bhí acu aoinne
bhreith isteach i rígheacht na bhflathas.



Táid na Fairisínigh imthighthe, ach ní'l an fhíoraontacht
bhréagach imthighthe. Tá Críosdaidhthe sa tsaoghal agus
meallaid siad iad féin, coitchianta, díreach ar an
gcuma gcéadna 'n-ar mheall na Fairisínigh iad féin.
Ba mhaith leó bheith fíoraonta, agus sa n-am gcéadna
ba mhaith leó an ceann is fearr a bheith acu chómh fada
agus a théighean an saoghal so. Ba mhaith leó bheith ag
Aifrean an Dómhnaigh. Is rud creideamhnach é. Agus
ba mhaith leó cóir agus gleus éadaigh agus iompuir
a bheith acu, thar a ngustal, b'fhéidir, chun a thaisbeáint
gur b' uaisle iad 'ná na cómharsain. Uabhar é sin.
Ba mhaith leó an seachtmhadh aithne do choimeád go h-ana
chruinn agus go h-ana léir, chómh fada agus a théighean
rudaí beaga, mion-fhiacha a bhéadh le díol gach aon lá.
Chuirfeadh sé ainim na macántachta ortha. Ach nuair a
bhéadh gnó mór éigin le déanamh, bó nó capall, cuir
i gcás, le díol ar aonach, b'fhéidir gur bheag ag cuid
acu airgead mór a dh'iaraidh ar dhroch bhoin nó ar dhroch
chapall. "A seacht, ná dein goid." Ba dhóich liom
gur Fairisíneach an duine ná déarfadh gur ghoid an
saghas san deighleála ar aonach. Do labhair an


L. 76


Slánuightheóir ar mharbhughadh duine. Tá Críosdaidhthe ann
agus do chrithfidís 'n-a gcroicean roim ghníomh de'n
tsórd san. Ach do choimeádfaidís droch aigne do
chómharsain istigh 'n-a gcroídhe ar feadh, b'fhéidir,
mórán bliadhanta. "Ciontach do'n bhreitheamhantas"
iseadh, do réir na sean dlíghe, a bhéadh an té a dhéanfadh
duine mharbhughadh. Siné díreach an focal céadna do
labhair an Slánuightheóir i dtaobh ciontachais an duine
a thabharfadh fuath d'á chómharsain. "Ach deirim-se
libh gach duine atá i bhfeirg le n-a bhráthair beidh sé
ciontach do'n bhreitheamhantas"; an focal céadna
adeir an dlígh i dtaobh an t-é dhéanfadh marbhadh.



Measaim gur mhaith agus gur thairbheach an rud d'á
lán againn machtnamh go dlúth ar an méid sin. Is
'mó duine ná déanfadh éagcóir ar a chómharsain, ná
déanfadh díobháil dó 'n-a phearsain ná 'n-a chuid ná
'n-a chlú, agus go mb'fhéidir dá ndeineadh an chómharsa
droch bheart air ná féadfadh sé, nó go n-áiteóchadh sé
air féin ná féadfadh sé, an droch bheart san do
mhaitheamh do'n chómharsain sin. Siné díreach an Fairisí-
neach amuich 's amach.



"Ní fhéadfainn go deó é mhaitheamh dó. Dhein sé
an bheart ró ghrána ar fad orm. Ní raibh aon choinne
agam go ndéanfadh sé a leithéid orm."



Feuch isteach ad' aigne agus fiafraigh díot féin cad
é an chúis ná féadfá é mhaitheamh dó. Ach tabhair aire
do'n méid seo. Nuair a chuirfir an cheist sin chun
t'aigne, cuir fhiachaibh ar t'aigne an fhírinne dh'innsint
duit. Beidh sí ag casadh agus ag iompáil agus ag
lúbarnaigh a d'iaraidh gan an fhírinne dh'innsint duit.
Ach cuir-se fhiachaibh uirthi í féin do dhíriughadh agus an
fhírinne thabhairt duit gan cham gan chor. Feuch cad
'déarfaidh sí leat ansan? Déarfaidh sí leat, go


L. 77


breagh díreach, gur le h-iomarca an uabhair agus le
h-easba na h-úmhluigheachta ná féadfá an droch bheart
san do mhaitheamh do'n chómharsain sin. Siné díreach
an Fairisíneach 'n-a steilibheathaidh, iomarca uabhair
agus easba úmhluigheachta. Ní fearr bheith ag caint
go h-oídhche ar an sgéal, ach siní an fhírinne.



Feuch, ámhthach, cad tá le rádh ag an Slánuightheóir
féin i dtaobh an sgéil sin, agus deir sé an chaint le
gach Críosdaidhe atá beó.



"Má bhíon tabharthas agat d'á thabhairt uait os
cómhair na h-altórach agus go gcuimhneóchair go bhfuil
rud éigin ad' choinnibh agat' bhráthair, fág ansan do
thabharthas, os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus
dein síothcháin le d' bhráthair agus ansan tar agus
bronn do thabhartas."



Deir na h-aithreacha gur b'é brígh atá leis an bhfocal
san, "dein síothcháin le d' bhráthair," 'ná "cuir as do
chroídhe aon droch aigne atá agat do d' chómharsain."
Ní chialluighean an chaint go gcaithfir dul agus labhairt
leis an gcómharsain. Do thuitfeadh amach go mb'fhéidir
gur b' amhlaidh a dhéanfadh caint leis an gcómharsain
tuille toirmisg idir an mbeirt. Is ró mhinic gur
fearr go mór, d'fhonn na síothchána, gan labhairt i n-aon
chor. Ar aon chuma, b'fhearr gan labhairt dá mbéadh
aon bhaoghal gur díobháil a dhéanfadh an chaint. Beidh
"síothcháin déanta agat le d' bhráthair" chómh luath agus
bheidh socair ad' aigne agat gan aon droch chroídhe a
bheith agat dó, agus má déin sé díobháil duit an díobháil
a mhaitheamh dó ó d' chroídhe go h-iomlán. Nuair a dhéan-
fair é sin, go fírinneach i láthair Dé, tá focal an tSlán-
uightheóra cómhlíonta agat. Tá síothcháin déanta agat
le d' bhráthair.



Ansan tar agus bronn do thabharthas. B'fhéidir go


L. 78


ndéarfadh duine: "Is éagsamhlach an chaint í sin!
Cad é an tabharthas a dh'fhéadfadh duine do bhronnadh
ar Dhia?"



Ní'l aon rud sa chaint ach an fhírinne, nídh nách iongnadh.
Is 'mó cuma 'n-ar chuir Dia na glóire, moladh go deó
leis, ar chumas an duine tabharthas do bhronnadh ar Dhia
féin. Tabharthas mór ó'n nduine, d'á bhronnadh ar
Dhia, iseadh duine thabhairt grádha do Dhia. Gach aon
uair a thugan an duine a chroídhe agus a aigne suas do
Dhia bronnan sé tabharthas ar Dhia. Tugan sé do Dhia
rud is maith le Dia a dh'fhághail agus a dh'fhéadfadh an
duine do choimeád uaidh. Gach aon uair a chuirean an
duine droch smuíneamh as a aigne, le grádh do Dhia,
bronnan sé tabharthas ar Dhia, tabharthas go bhfuil ana
bheann ag Dia air. Gach aon uair a staonan duine ó
dhroch ghníomh, le grádh do Dhia, bronnan sé tabharthas
mór ar Dhia. Dá mbéadh duine ag caint go h-oídhche
ní fhéadfadh sé a dh'áireamh cad iad na tabharthaistí atá
ar chumas an duine do bhronnadh ar Dhia. Gach aon
Chríosdaidhe a bhronnfaidh aon tabharthas acu san ar
Dhia beidh Dia na glóire fé chomaoine aige. Feuch air
sin! Ó, a Chríosdaidhthe, nách truagh ná cuimhnighmíd
níos minicíghe ar neithibh de'n tsórd san i n-inead bheith
ag briseadh ár gcroídhe do ló agus d'oídhche le gnóthaibh
an tsaoghail seo! Bhéadh Dia na glóire féin fé chomaoine
againn, agus ní baoghal ná go ndíolfadh sé an chom-
aoine linn. Go dtugaidh Dia dhúinn cuimhneamh níos
fearr feasta ar neithibh de'n tsórd san, tré Íosa
Críosd ár dTighearna. Amen.


L. 79


XLII.



AN SÉMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal.



Tá Soisgéal eile againn, a phobul, agus tá tuairisg
ann ar mhírbhuilt eile de'n tsaghas chéadna so, a dhein ár
Slánuightheóir do shluagh mhór daoine a bhí i n-a fhochair.
Leis an gceathramhadh Domhnach de'n Charaigheas a bhainean
an Soisgéal eile sin. Chúig bhulóga aráin agus dá
iasg a bhí ag an Slánuightheóir an uair sin, agus do
dhein sé an mhírbhuilt ar na chúig bulógaibh agus ar an
dá iasg agus thug sé a ndóithin le n-ithe, agus fuighleach,
do os cionn chúig mhíle duine. Seacht mbulóga a bhí
an uair seo aige agus cheithre mhíle duine iseadh bhí le
sásamh aige, agus do shásaimh sé iad.



Tá mórán cosamhlachta idir an dá mhírbhuilt. Bhí,
ar gach ócáid, sluagh mhór daoine tar éis an tSlán-
uightheóra do leanamhaint. Bhí na daoine, ar gach ócáid,
tar éis dearmhaid a dhéanamh d'aon bhiadh thabhairt leó
ó'n mbaile ná ó aon áit ar an slígh 'n-a raibh biadh le
fághail. Bhí a n-aigne chómh lán san de'n tSlánuightheóir
agus d'á theagasg agus d'á mhírbhuiltibh nár chuimhnigh-
eadar i n-aon chor ar aon tsaghas eile gnótha. Do
chuir an Slánuightheóir an cheist chéadna chun na ndeis-
giobul, ar gach ócáid de'n dá ócáid. "Cá bhfaghfar
biadh dos na daoine seo?" Agus tháinig, ar gach
ócáid, an freagra céadna, i mbunús; nár bh'fhéidir
an biadh dh'fhághail. Ar gach ócáid díobh d'fhiafraigh an


L. 80


Slánuightheóir an 'mó bulóg a bhí acu. Do freagradh
an chéad uair, "Chúig bhulóga agus dá iasg." Do
freagradh an tarna h-uair, "Seacht mbulóga." Ghaibh
sé buidheachas an tarna h-uair, fé mar a dhein sé an
chéad uair, agus do bhris sé an t-arán, agus do rain-
neadh é ar na daoine, nuair a bhítheas tar éis iad do
chur 'n-a suidhe ar an dtalamh. Áirightear an dá iasg
ar an gcéad ócáid, agus deirtear go raibh, ar an
tarna h-ócáid, iasga beaga ann agus gur bheannuigh
an Slánuightheóir iad, agus gur briseadh agus gur
rainneadh iad. Ansan, ar gach ócáid díobh, nuair a
bhí a ndóithin ithte ag na daoine, d'órduigh an Slán-
uightheóir an biadh briste do fágadh a bhailiughadh i dtreó
ná raghadh sé amú'.



Tá aon fhocal amháin i Soisgéal an lae indiu ná fuil
sa tSoisgéal eile. Deir an Slánuightheóir i Soisgéal
an lae indiu: "Tá truagh agam do'n phobul so.
Táid siad trí lá am'fhochair agus ní'l aon rud le n-ithe
acu. Má chuirim abhaile 'n-a dtrosgadh iad tuitfid
siad ar an slígh, mar do tháinig cuid acu abhfad."
Ní'l an focal san sa tSoisgéal eile, ach mura bhfuil
féin is léir go raibh an truagh céadna ag an Slán-
uightheóir do'n chéad phobul a bhí aige do'n tarna pobul.



Innstear, leis, gur theastuigh ó'n gcéad phobul rígh
dhéanamh dé nuair a chonacadar conus a dhein sé an
mhírbhuilt mhór ar an mbiadh. Níor chóir puinn buidheachais
a bheith ortha mar gheall air sin. B'ana aghsáideach an
rud dóibh rígh bheith acu d'fhéadfadh biadh thabhairt dóibh
gan saothar ar an gcuma san. Ní'l aon trácht ar rígh
dhéanamh dé i Soisgéal an lae indiu. Ní deirtear ach,
nuair a bhí a ndóithin ithte acu gur leig sé chun siúbhail
iad.



Ní misde do Chríosdaidhe a fhiafraighe cad 'n-a thaobh


L. 81


gur dhein an Slánuightheóir an dá mhírbhuilt mhóra san,
agus iad chómh cosmhail le n-a chéile, agus, gan amhras,
an bun-bhrígh céadna leó araon. Soluíd ab eadh gach
mírbhuilt díobh ar an Sácraimínt mór, Sácraimínt Corp
Críosd, a bhí ag an Slánuightheóir le cur ar bun beagán
aimsire 'n-a dhiaigh san. Cad 'n-a thaobh gur dhein sé an
dá mhírbhuilt? Gur thug sé an dá sholuíd ar an aon nídh
amháin? Níor dhein an Slánuightheóir aon nídh gan cúis
a bheith aige le h-é dhéanamh. Ní féidir do'n duine, nídh
nách iongnadh, aigne an tSlánuightheóra do thómhas ná
do bhreithniughadh. Ach is chun ár ndícheal a dhéanamh ar
iad do thuisgint agus ar teagasg a bhaint asta do
thug an Slánuightheóir dúinn na soluídí. D'á bhrígh sin
isé toil an tSlánuightheóra dhúinn go ndéanfaimís iad
do bhreithniughadh agus a mbrígh do thuisgint chómh fada
agus is féidir dúinn é.



Ní raibh aon mhór-chuid aimsire idir an dá mhírbhuilt seo.
Bhí an Slánughtheóir tar éis cómhacht a thabhairt dos na
deisgiobuil ar dheamhnaibh agus ar ghalaraibh agus chun
mírbhuiltí dhéanamh, agus bhí sé tar éis iad do chur amach
ar fuid na tíre mór-thímpal chun na gcómhacht san do
chur i ngníomh. Nuair a bhí mórán de'n tsaghas san
oibre déanta acu, deamhain curtha amach a' daoine acu,
sláinte tabhartha do dhaoine breóite acu, an uile shaghas
mírbhuiltí déanta acu, thánadar thar n-ais agus
bhíodar 'ghá innsint do'n Tighearna cad iad na neithe
iongantacha a bhí acu 'á dhéanamh i n-a ainim, mar is i
n-ainim Íosa do dheinidís na mírbhuiltí go léir. Bhíodar
buailte amach ó'n obair. Is ar éigin a bhíodh uain acu
ar aon bhlúire bídh a chaitheamh.



"Téanam," arsa'n Slánuightheóir leó. "Tagaidh i
leith-taoibh, isteach sa n-uaigneas, agus glacaidh suaimh-
neas tamall beag."


L. 82


D'imthigheadar sa n-uaigneas. Do lean na daoine
go léir iad nuair a chonacadar an Slánuightheóir agus
iad féin ag imtheacht. Bhíodar ag druidim isteach sa
bhfásach go dtí go rabhadar ana fhada ó bhaile. Chonaic
an Slánuightheóir na daoine go léir agus gan aoinne
'n-a cheann uraid ortha, ach iad ag imtheacht mar a bhéadh
caoire gan aodhaire, agus tháinig ana thruagh aige
dhóibh. An uair sin iseadh dhein sé an mhírbhuilt ar na
chúig bhulógaibh agus ar an dá iasg, agus do thug sé
a ndóithin bídh do'n chúig mhíle duine.



Tamall 'n-a dhiaigh san bhí sé féin agus na deis-
giobuil sa n-uaigneas airís agus do lean na daoine
é airís go dtí go rabhadar abhfad ó bhaile, agus gan
aon bhlúire bídh acu. Ansan iseadh dhein sé an mhírbhuilt
a h-innstear i Soisgéal an lae indiu.



Is dócha go ndéarfadh duine gur dhein sé an tarna
mírbhuilt mar go raibh an gádh go cruaidh leis an mbiadh
an tarna h-uair chómh maith agus a bhí an chéad uair.
Gur le truagh dos na daoine a dhein sé an mhírbhuilt
gach uair acu. Gan amhras do bhéadh an ceart ag an
t-é adéarfadh é sin. Do bhí an truagh aige dos na
daoine gach uair acu agus is le truagh dhóibh a dhein sé
an mhírbhuilt gach uair acu.



Ach feuch, a phobul. Soluíd, mar adúbhart, ab eadh
gach mírbhuilt acu, ar an Sácraimínt mór a bhí ag an
Slánuightheóir le cur ar bun. Soluíd ab eadh an sluagh
daoine a bhí sa bhfásach, gach uair acu, ar an gcine
daona. Agus an truagh a bhí ag an Slánuightheóir dos
na daoine a bhí sa bhfásach, abhfad ó bhaile, gan aon
bhlúire bídh acu, soluíd ab eadh an truagh san ar an
dtruagh a bhí an uair sin ag an Slánuightheóir do'n
chine daona go léir, a bhí sgaipithe ar fuid an domhain,
ag imtheacht ar fán i bhfásach an dómhain, abhfad ó bhaile,


L. 83


abhfad ó rígheacht na bhflathas, gan aoinne chun feuchaint
'n-a ndiaigh ná chun iad do stiúrughadh, ná chun aon bhídh
spioraideálta do sholáthar dóibh a choimeádfadh iad
gan "tuitim ar an slígh."



Bhí brígh chómh mór, chómh doimhinn sin leis an obair sin
a dhein ár Slánuightheóir an uair sin gur dhóich liom
nár bh' aon iongnadh i n-aon chor gur dhein sé an mhír-
bhuilt sin an dá uair. I dteannta pé cúiseana eile
a bhí aige leis, agus ná tuigimíd, is dócha, dhein sé an
mhírbhuilt an dá uair chun a dheimhniughadh dhúinn go raibh
brígh éigin uathbhásach leis an rud a bhí aige 'á dhéanamh;
chun a chur 'n-a luighe ar ár n-aigne, pé uathbhás a bhí
sa ghníomh féin, le n-ar chothuigh sé chúig mhíle duine,
ar dtúis, le chúig bhulógaibh agus dhá iasg, agus ansan,
cheithre mhíle duine le seacht mbulógaibh agus raint
bheag éisg, go raibh, i dtuisgint fé'n ngníomh san, an
gníomh ab uathbhásaighe go mór 'ná é, an gníomh le n-a
raibh beartuighthe aige na Críosdaidhthe go léir do
chothughadh le n-a chuid fola agus feóla féin, i gcaitheamh
a dtréimhse ar an saoghal so, agus ó'n uair sin go dtí
deire an domhain. Dhein sé an mhírbhuilt an dá uair
chun a chur fhiachaibh orainn machtnamh ar Shácraimínt
Chorp Críosd. Chun a chur fhiachaibh orainn iaracht éigin
a dhéanamh ar a thuisgint cad é an mór-mhaitheas a
thaisbeáin an Slánuightheóir dúinn nuair a chuir sé an
Sácraimínt glórmhar san ar bun dúinn. Chun caoi
thabhairt dúinn ar a thuisgint i n-ár n-aigne, nuair a
mhachtnóchaimís ar an mírbhuilt, ar an gcuma 'n-ar
tugadh a ndóithin bídh dos na míltibh as an suarachas
bídh, ná raibh sa mhírbhuilt sin, tar éis an tsaoghail,
ach mírbhuilt ana shuarach seachas Sácraimínt Chorp
Críosd do chur ar bun.



Biadh corpartha ab eadh an t-arán agus an t-iasg,


L. 84


pé méadughadh a deineadh ortha. Biadh spioraideálta
iseadh Sácraimínt Chorp Críosd. Do h-ídigheadh an
biadh a tugadh dos na daoine sa bhfásach. D'ith na
daoine a ndóithin an uair sin, ach nuair a thánadar
abhaile bhí ocras airís ortha. Nuair a ghlacan an Críos-
daidhe Corp Naomhtha an Tighearna, ar deagh staid,
tugtar an biadh spioraideálta d'anam an Chríosdaidhe
sin agus ní curtar an biadh i luighead. Tugtar an
biadh dos na míltibh anam. Gheibhean gach duine fé
leith iomláine an bhídh, agus ní luigheaduighthear an
biadh. Caithtear an biadh agus ní h-ídighthear an biadh.
Tá iomláine an bhídh anois ann, dos na Críosdaidhthibh,
chómh maith díreach agus a bhí suas le dhá mhíle bliadhan
ó shin nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp
Críosd ar bun. Ní'l aon Chríosdaidhe a ghlac comaoine
i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir nár ghlac fuil agus
feóil, anam agus diadhacht an tSlánuightheóra, go
h-iomlán. Sa n-am gcéadna is é an t-aon tSlán-
uightheóir amháin a ghlacadar go léir. Is rún diamhair
é. Ní féidir dúinn é thuisgint. Ach is fíor é. Tá
focal agus deimhniughadh an tSlánuightheóra againn
leis an bhfírinne atá ann, agus is é an Slánuightheóir
céadna do chothuigh an chúig mhíle duine leis na chúig
bulógaibh agus an cheithre mhíle leis na seacht mbuló-
gaibh. Chun a chur 'n-a luighe orainn gur fíor é do
dhéin an Slánuightheóir an mhírbhuilt ar an arán dhá uair.
Dhein sé an mhírbhuilt dhá uair chun a chur fhiachaibh orainne,
dá mb'fhéidir i n-aon chor é, machtnamh ar an dtabharthas
mór a bhronn sé orainn nuair a thug sé Sácraimínt
Chorp Críosd dúinn, ar an dtairbhe gan teóra a bhí sa
tSácraimínt sin againn, ar an gcuma 'n-a mbéadh ár
n-anam ag dul dho'n ghorta i gcómhnuighe mura mbéadh
gur thug sé an biadh sin dúinn. "Má chuirim chun


L. 85


siúbhail 'n-a dtrosgadh iad," ar seisean, "tuitfid
siad ar an slígh."



Do thug an Slánuightheóir dúinn an biadh, a Chríos-
daidhthe. Dhein sé an dá mhírbhuilt mhóra úd chun
tairbhe an bhídh do thaisbeáint dúinn agus do chur 'n-a
luighe ar ár n-aigne. Cad is lúgha is gann dúinne a
dhéanamh? Nách é is lúgha is gann dúinn a dhéanamh
sinn féin d'ollamhughadh mar is cóir agus an biadh do
chaitheamh, ó thug an Slánuightheóir dúinn é? Cad déar-
fadh aoinne againn le duine de'n chúig mhíle úd, nó
le duine de'n cheithre míle, do dhiúltóchadh do'n bhiadh
mhírbhuilteach úd a thug an Slánuightheóir dóibh? Níor
dhiúltuigh aoinne acu do'n bhiadh. Bhí a mhalairt de chiall
acu. Is fearr agus is uaisle agus is tairbhighe gan
chomórtas an biadh atá tabhartha ag an Slánuightheóir
do'n chine daona i Sácraimínt Chorp Críosd 'ná an
biadh a thug sé dóibh siúd sa bhfásach. Ach tá Críosd-
aidhthe, agus ní beagán é, a dhiúltuighean go minic do'n
bhiadh spioraideálta. Agus rud is iongantaighe 'ná
san féin, isiad na Críosdaidhthe is mó gádh leis an
mbiadh is mó a dhiúltuighean do'n bhiadh.



Do cheap an Slánuightheóir an Eaglais chun an bhídh
do raint ar na Críosdaidhthibh. D'órduigh sé do'n
Eaglais iad a thabhairt isteach d'á n-aimhdheóin chun an
bhídh do chaitheamh mura dtagaidís uatha féin. Ach i
n-aimhdheóin trócaire an tSlánuightheóra, i n-aimhdheóin
tairbhe an bhídh, i n-aimhdheóin díchil na h-Eaglaise, tá
Críosdaidhthe ná tagan isteach agus ná blaisean an
biadh. Is mór an truagh é, ach tá a leithéidí ann. Tá
an gnó acu 'á dhéanamh go h-olc ar an Slánuightheóir
tar éis ar fhuiling sé ar ár son. Táid siad 'ghá
dhéanamh go h-olc ar an Eaglais tar éis a bhfaghan sí
d'á nduagh, ar mhaithe leó, a d'iaraidh iad do chur ar a


L. 86


leas, gan aon chúis ar domhan aici leis ach i dtreó go
mbéadh grásta Dé ar an saoghal so acu agus aoibhneas
na bhflathas ar an saoghal eile. Ach táid siad 'ghá
dhéanamh níos measa ortha féin 'ná ar aoinne. Táid
siad 'ghá ngearradh féin amach, glan, ó thoradh gach oibre
d'ár dhein an Slánuightheóir chun na cine daona dh'fhuas-
gailt ó'n easgaine do thuit ortha nuair a bhris ár gcéad
athair agus ár gcéad mháthair an aithne a thug Dia dhóibh
le coimeád. Nuair a ghearran an Críosdaidhe é féin
amach ar an gcuma san ó thoradh na h-oibre do dhein an
Slánuightheóir is neamhnídh dhó an Slánuightheóir do
theacht i n-aon chor. Is neamhnídh dhó baisteadh, ná dul
fé láimh easboig, ná ola dhéanach, creideamh ná dóchas
ná carthanacht. Is cuma dhó cad a dhéanfaidh bás naomhtha
ná anbhás. Fuilingeóchaidh sé trioblóidí na beatha
so, mar ní'l dul uatha ag aon duine. Ansan, nuair
a thabharfaidh sé aghaidh ar an saoghal eile ní'l 'n-a chóir
ach trioblóid shíoruidhe.



Cuimhnigh air sin, a Chríosdaidhe atá fuar faillightheach
i ngnó t' anama. Cuimhnigh ar ar dhein an Slánuightheóir
gléigeal duit agus dein rud éigin duit féin. Croth
suas tú féin. Caith dhíot an mhairbhitighe. Ná bíodh
aon eagla agat roimis an obair atá le déanamh agat.
Ní'l puinn le déanamh agat. Iar ar Dhia grásta na
h-aithrighe thabhairt duit. Tabharfaidh sé dhuit é ar son
an tSlánuightheóra. Dein an fhaoisdin chómh maith agus
d'fhéadfair é. Déanfaidh Dia an chuid eile. Tar chun
búird. Tá an biadh ollamh ag an Slánuightheóir duit.
Tá an Eaglais ollamh chun friothálaimh a dhéanamh ort.
Tar agus caith an Biadh uasal so, agus bíodh aoibhneas
beatha agat ar an saoghal so, agus aoibhneas síoruidhe
ar an saoghal eile.


L. 87


XLIII.



AN SEACHTMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 7.)



A phobul: Nuair a bhí an Slánuightheóir tar éis an
trosgaidh a dhéanamh sa bhfásach, ar feadh dachad lá agus
dachad oídhche, do shiúbhluigh sé mór-thímpal ar fuid na
tíre, ag déanamh mírbhuiltí, ag cur deamhan amach a'
daoine agus ag leigheas daoine ar ghalaraibh, agus ba
ghearr go raibh a ainim i mbéalaibh na ndaoine go léir
agus go raibh na daoine ag teacht as gach áird chun é
dh'fheisgint, nó chun leighis éigin a dh'fhághail uaidh, nó
chun éisteacht le n-a chaint. Ansan do thogh sé a
dheisgiobuil agus do leanadar é.



Do thárla, lá de'n aimsir sin, go raibh sé féin agus
a dheisgiobuil i bhfochair a chéile agus go raibh sluagh
mhór daoine ann, leis. Ag bun cnuic iseadh bhíodar.
Do ghlaoidh an Slánuightheóir na deisgiobuil chuige agus
do rug sé leis suas an cnoc iad, agus d'fhág sé an
tsluagh 'n-a dhiaigh ag bun an chnuic. Ansan, nuair a
bhí sé féin agus na deisgiobuil thuas ar bhara an chnuic,
do shuidh sé agus thug sé teagasg dos na deisgiobuil.
"An tSeanmóin ar an gCnoc," a tugtar mar ainim
ar an dteagasg san riamh ó shin. Cuid de'n tseanmóin
sin a thug an Slánuightheóir an uair sin d'á dheisg-
iobulaibh, ar an gcnoc, iseadh an chaint seo atá againn
i Soisgéal an lae indiu. Do labhair an Slánuightheóir
an chaint leis na deisgiobuil, ach oirean an chaint do'n


L. 88


uile Chríosdaidhe d'ár tháinig ar an saoghal ó shin agus
d'ár shrois bliadhanta na tuisgiona. D'á bhrígh sin
do thóg an Eaglais an méid sin de'n chaint agus chuir
sí isteach i Leabhar an Aifrinn í, i dtreó go léighfí
amach í dos na Críosdaidhthib, ar fuid an domhain, agus
go ndéanfadh na Críosdaidhthe an chaint do bhreithniughadh
agus teagasg an tSlánuightheóra do thógaint chúcha
féin as an gcaint, agus an chómhairle atá sa chaint
do ghlacadh agus a mbeatha féin do riaradh agus do
léiriughadh do réir na cómhairle sin.



Feuch ar an gcéad fhocal so atá sa tSoisgéal againn.
"Seachnaidh na fáidhe fallsa." Cad é an saghas iad?
Innsean an Slánuightheóir dúinn cad é an saghas iad.
Faolchoin chraosacha iseadh iad, ach tá croicean na
caorach ortha lasmuich, i dtreó ná h-aithneófaí iad, agus
go bhféadfaidís dul ameasg na gcaorach agus na
caoire do mharbhadh agus d'ithe.



Ach conus is féidir iad do sheachnadh mura n-aith-
neófar iad; agus conus a dh'aithneófar iad ó-s na
caoire an fhaid atá croicean na caorach ortha? Innsean
an Slánuightheóir féin conus a dh'aithneófar iad.
Aithneófar iad fé mar a dh'aithnightear an crann, as
a thoradh. Ní thugan an droch chrann uaidh ach droch
thoradh. Má ghlacan tú duine ar theistiméireacht a
bhéil féin b'fhéidir go mbéadh dearmhad ort. Ach nuair
a chífir gníomh an duine sin tuigfir láithreach cé 'cu
do réir teistiméireachta a bhéil atá an gníomh, nó bun
os cionn leis an dteistiméireacht san. Isé an gníomh
toradh an chrainn. Má tá an gníomh go h-olc tá an
crann go h-olc. Má's maith é an gníomh, is maith é
an crann. "Ó n-a dtorthaibh iseadh dh'aithneóchaidh sibh
iad." An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige agus
an gníomh fóghanta, siné an crann fóghanta. Tá a


L. 89


lán daoine de'n tsórd san le fághail, buidheachas le
Dia. An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige os
cómhair an tsaoghail, agus ansan, an gníomh fill a gan
fhios do'n tsaoghal, siné an droch chrann. Siné an
machtíre i gcroicean na caorach. Tá raint acu san,
leis, le fághail, foraoir! Deir an Slánuightheóir linn
iad do sheachaint. Ach ní foláir dúinn aire mhaith a
thabhairt dúinn féin agus caint an tSlánuightheóra do
thuisgint sa cheart. "Seachnaidh na fáidhe fallsa,"
adeir an Slánuightheóir. Fáidh iseadh duine do thabharfadh
teagasg do dhaoinibh eile, agus fáidh fallsa iseadh
duine do chuirfeadh daoine eile amú' le teagasg fallsa.
D'á bhrígh sin, níor órduigh an Slánuightheóir dúinn
bheith ag faire ar dhaoinibh eile agus ag leagadh breith-
eamhantaisí ortha, feuchaint an daoine fóghanta iad,
nó droch dhaoine. D'órduigh sé a mhalairt sin dúinn
nuair adúbhairt sé: "Ná tabhair breith agus ní tabhar-
far breith ort." Ní fáidh fallsa duine dhúinn go dtí
go mbeidh rud éigin aige d'á rádh nó d'á dhéanamh chun
sinn a mhealladh ó fhírinne ár gcreidimh nó ó mhacántacht
beatha. Ansan iseadh atá againn cómhairle an tSlán-
uightheóra do ghlacadh, agus cúl a thabhairt láithreach le
duine dhe'n tsórd san.



Ní túisge thusnuigh an Slánuightheóir ar an
gCreideamh do chur ar bun ná mar a thusnuigh na Iúdaigh
ar chur 'n-a choinnibh. Fáidhí fallsa ab eadh na Iúdaigh
sin. Agus bhí na cómharthaí ortha. Bhí a gcaint ana
mhaith, ana naomhtha, ach bhí a ngníomhartha ag bréagnughadh
a gcainte. Naomhthacht cainte do thabharfadh chúcha
saidhbhreas saoghalta agus creideamhaint agus uais-
leacht agus pléisiúr, iseadh a bhí uatha. Ba ró bhaoghal,
an uair sin, go meallfaidís na deisgiobuil agus go
gcuirfidís 'n-a luighe ar a n-aigne, fé mar a bhí tar


L. 90


éis dul 'n-a luighe go daingean ar a n-aigne féin, go
bhféadfadh duine bheith ana naomhtha, 'n-a chaint, agus
a dhóithin mór de shaidhbhreas agus de thairbhe agus de
phléisiúr an tsaoghail seo bheith aige laistigh de'n chaint,
agus gur bh' amadán an t-é adéarfadh ná a dhéanfadh
a mhalairt sin. Chúcha san, ar dtúis, iseadh bhí an Slán-
uightheóir nuair adúbhairt sé leis na deisgiobuil na
fáidhí fallsa do sheachnadh.



Ní túisge a bhí an Slánuightheóir tar éis dul suas
ar deas-láimh Dé, agus tar éis an Spioraid Naoimh do
chur uaidh ar na h-Aspoil agus ar na deisgiobuil, fé
mar a gheall sé, ná mar a thusnuigheadar-san ar an
Soisgéal do chraobhsgaoileadh, do réir mar a bhí
órduighthe aige dhóibh. Ach an túisge amháin gur thusnuigh-
eadar ar an obair sin, do thusnuigh an uile shaghas
eiriceadaidhe ar chur 'n-a gcoinnibh, a d'iaraidh éithigh
éigin do chur isteach i n-aigne na ndaoine i n-aghaidh
gach fírinne creidimh d'á raibh ag na h-Aspoil agus
ag na deisgiobuil 'á mhúineadh dhóibh. Chúcha san, sa
tarna h-áit, iseadh bhí an Slánuightheóir nuair adúbhairt
sé leis na deisgiobuil na fáidhí fallsa do sheachnadh;
gan suim a chur 'n-a gcaint go dtí go bhfeicfidís a
ngníomhartha; go mbeidís 'ghá leigint ortha bheith ag
aodhaireacht na gcaorach, ach nách 'ghá n-aodhaireacht a
bheidís, dá leigfí leó, ach 'ghá n-ithe; nár bhfoláir bheith
ag faire ortha coitchianta, agus ag tarang an chroicinn
chaorach díobh, agus 'ghá thaisbeáint dos na caoire bochta
cad é an saghas iad.



Gach aon lá ó shin anuas tá an cleas céadna ar
siúbhal. An Eaglais ag tabhairt teagaisg na fírinne
dos na daoine, díreach fé mar a dh'órduigh an Slán-
uightheóir di a dhéanamh, agus na "fáidhí fallsa," na
h-eiriceadaidhthe, ag teacht i ndiaigh 'chéile, a d'iaraidh


L. 91


an éithigh do thabhairt dos na daoine i n-áit na fírinne,
a d'iaraidh na ndaoine do mhealladh ó'n bhfírinne agus
a chur fhiachaibh ortha an t-éitheach do ghlacadh 'n-a h-inead.
Chúcha san go léir iseadh bhí an Slánuightheóir nuair
adúbhairt sé an lá úd leis na deisgiobuil, ar an gcnoc,
agus le cléir na h-Eaglaise, ó'n lá san anuas, na
fáidhí fallsa do sheachnadh.



Ach b'fhéidir go ndéarfadh duine éigin, ní duine
againn féin, ach duine éigin ná bainean linn: "Is ait
a dheinean tú caint! Conus fhéadfadh na daoine sin
go léir, na h-eiriceadaidhthe, mar adeirir, conus
fhéadfaidís go léir, ó shliocht go sliocht, ar feadh suas
le dhá mhíle bliadhan, bheith ar aon aigne agus ar aon
intinn a d'iaraidh na fírinne do chur i leith-taoibh agus
an éithigh do chur i bhfeidhm 'n-a h-inead?"



'Neósfad-sa san duit go cruinn. Tá dhá chúis leis.
An chéad chúis díobh, go bhfuil an chine daona go léir,
ó shliocht go sliocht, ní h-amháin i gcaitheamh an dá mhíle
bliadhan san ach i gcaitheamh an sé mhíle bliadhan atá
ó Adam anuas, ar aon aigne agus ar aon intinn sa
méid seo, gur maith leó pléisiúr a dh'fhághail agus pian
do sheachnadh. Do mhúin an Slánuightheóir, agus tá an
Eaglais 'ghá mhúineadh riamh ó shin, gur b' é aimhleas
an duine, ar an saoghal so, pléisiúr do ghlacadh agus
pian do sheachnadh; agus gur b' é leas an duine, ar
an saoghal so, pléisiúr do sheachnadh agus pianta
dh'fhulang. Is fíor an nídh a mhúin an Slánuightheóir.
D'á bhrígh sin is éitheach a mhalairt. Is éitheach a rádh
gur b'é leas an duine ar an saoghal so dul i ndiaigh
pléisiúir agus gach aon tsaghas péine do sheachnadh.
Má fheuchan tú siar tríd an aimsir go léir, agus má
choimeádan tú do shúile ar osgailt, chífir go soiléir
gur ag ruith i ndiaigh pléisiúir éigin saoghalta a bhí


L. 92


an uile dhuine riamh des na h-eiriceadaidhthibh a dh'eirigh
i gcoinnibh na h-Eaglaise. Siné an rud a chuir iad go
léir ar aon aigne agus ar aon intinn sa ghnó. Rud
eile do choimeád ar aon aigne agus ar aon intinn
iad. Isé an saghas céadna pléisiúir a bhí uatha go
léir, nó dá n-abrainn an trí shaghas céadna, uabhar
agus saint agus drúis. Agus rud eile fós a bhí
'ghá gcoimeád ar aon aigne agus ar aon intinn. Bhí
an fuath céadna díreach acu go léir do'n úmhluigheacht
agus do'n bhochtaineacht agus do'n gheanmnaidheacht.
Feuch siar, agus mura bhfeicir an méid sin ní'l súile
ad' cheann. Níor bh'fhéidir dóibh gan bheith ar aon aigne
agus ar aon intinn pé céadta ná mílte bliadhan a
bhéadh eatartha. Agus "fáidhí fallsa" ab eadh iad
go léir, mar isé an t-éitheach a bhí acu go léir.



Bhí cúis eile, agus tá, ag na fáidhibh fallsa le bheith
ar aon aigne agus ar aon intinn ins gach aon tsaghas
catha, agus cogaidh, agus uisge-fé-thalamh, d'á bhfuil,
agus d'á raibh riamh, acu 'á dhéanamh i gcoinnibh na
h-Eaglaise agus i gcoinnibh an tSlánuightheóra. Isé
an t-áirseóir príomh-namhaid an tSlánuightheóra agus
príomh-namhaid na h-Eaglaise. D'á bhrígh sin isé an
t-áirseóir is ceann-uraid ar na fáidhibh fallsa go
léir, ó'n gcéad lá riamh 'n-ar thusnuigh sé ar bheith 'n-a
cheann-uraid ar an éitheach. Conus fhéadfadh na fáidhí
fallsa gan bheith ar aon aigne agus ar aon intinn le
n-a chéile agus iad go léir ar aon aigne agus ar aon
intinn leis an gceann-uraid atá ortha riamh?



Ach feuchaimís, a phobul, chun ár dtaoibh féin de'n
sgéal. Do labhair an Slánuightheóir an focal úd leis
na deisgiobuil, agus, trés na deisgiobuil, leis an
Eaglais; agus tríd an Eaglais leis an gcine daona
go léir. Ach do labhair sé an chaint, mar an gcéadna,


L. 93


le gach deisgiobul fé leith, agus le gach duine fé leith
sa n-Eaglais, agus le gach duine fé leith de'n chine
daona. D'á bhrígh sin do labhair an Slánuightheóir an
chaint le gach duine fé leith againne. Ar an adhbhar
san is ceart dúinn dícheal a dhéanamh ar bhrígh agus ar
éifeacht na cainte do thabhairt linn sa mhéid 'n-ar oir
sí dos na deisgiobuil, ag tabhairt foláraimh dóibh i
gcoinnibh na n-Iúdach; sa mhéid 'n-ar oir sí do'n Eaglais,
'ghá cur ar a cosaint féin i n-aghaidh na bpágánach agus
i n-aghaidh na n-eiriceadach; sa mhéid 'n-a n-oirean sí
do'n chine daona go léir, 'ghá chur ar a súilibh dóibh nách
ceart dóibh cluas a thabhairt d'fhear na cainte mísle
binne, ceólmhaire, go dtí go mbeidh fhios acu cad é
an saghas an fear, nó an nimh éithigh atá i mísleacht a
chainte. Ach tar gach dícheal eile is ceart dúinn dícheal
a dhéanamh ar a thabhairt linn go cruinn conus a dh'oirean
brígh agus éifeacht na cainte do gach duine fé leith
againn féin.



"Seachnaidh na fáidhí fallsa." Cé h-iad na fáidhí
fallsa atá ag gach duine againne le seachaint? Ní
baoghal dúinn an Iúdach anois. Ní mheallfaidh sé sin
aoinne againn ó chreideamh ná ó mhacántacht beatha.
Ní baoghal dúinn an t-eiriceadach anois, puinn. Tá
a phort san seinnte nách mór. Ní baoghal dúinn plaoisg
bhearrtha Chromeil. Tá, gan amhras, raint de'n aigne
sin beó fós agus croicean na caorach uirthi, agus an
croicean ana thanaidhe. Thabharfadh dealg spionnáin
amach an droch bhraon atá istigh. Ach tá a rae caithte.
Cé h-iad na fáidhí fallsa atá ag gach duine againn le
seachaint? Ní'l agam ach an cheist do chur ar chuma eile.
Cé h-iad na daoine, nó cad iad na neithe, atá ábalta air
sinn a mhealladh ó chreideamh, nó ó mhacántacht beatha, nó
ó gach taobh acu? Ní'l aon duine againn a dh'fheuchfaidh


L. 94


isteach 'n-a chroídhe féin ná feicfidh láithreach, go
soiléir, cad é an freagra is ceart dó a thabhairt ar
an gceist sin. Chífidh sé go bhfuil cómhluadar áirighthe
atá ábalta, i gcómhnuighe, pé uair a dhéinean sé tean-
gabháil leis, ar é mhealladh ó mhacántacht beatha. Isé
an cómhluadar san an fáidh fallsa do'n duine sin.
Chífidh duine eile gur machtnamh áirighthe a dheinean é
mhealladh ó mhacántacht beatha. B'fhéidir gurb uabhar
an machtnamh. B'fhéidir gur saint é. B'fhéidir gur
drúis é. B'fhéidir gur dúil i n-ól é. B'fhéidir gur
droch aigne do chómharsain é. Pé saghas machtnaimh é,
má mheallan sé an duine ó mhacántacht beatha isé an
fáidh fallsa ar ar labhair an Slánuightheóir é, agus tá
ceangailte ar an nduine é sheachaint, é dhíbirt amach
as a chroídhe gach aon uair a chuirfidh an t-áirseóir
isteach ann é, é dhíbirt go h-oban; gan aon uain a
thabhairt dó ar ghreamughadh istigh, ach an taobh amuich
a thabhairt láithreach dó.



Chífidh duine eile, b'fhéidir, gur droch bhéas éigin atá
coitchianta 'ghá mhealladh ó mhacántacht beatha. Isé an
droch bhéas an fáidh fallsa do'n duine sin. Tá an
sgéal go h-olc ag an nduine má's droch bhéas mar-
bhuightheach é, agus má tá sé tar éis neartughadh le
h-aimsir fhada. Ach pé olcas atá ann agus pé neart
atá ann, is féidir an lámh uachtair a dh'fhághail air agus
é bhriseadh agus do dhíbirt. Nuair a bhíon tarainge
báithte i n-adhmad agus nách féidir leis an siúinéir
greim a dh'fhághail ar cheann air, chun é tharang amach
le teanachair, tiomáinean sé tarainge eile isteach
'n-a dhiaigh, agus cuirean an tarainge eile amach é.
Sin díreach mar is ceart a dhéanamh le droch bhéas.



Má tá an droch bhéas i n-achran sa chroídhe chómh
doimhinn sin nách féidir greim fhághail air chun é tharang


L. 95


amach, comáin béas maith láidir fóghanta éigin isteach
'n-a dhiaigh. Cuirfidh an béas fóghanta an droch bhéas
amach. Beidh grásta an tSlánuightheóra ag cabhrughadh
leis an mbéas fóghanta. Ní bheidh ag cabhrughadh leis
an ndroch bhéas ach mailís an áirseóra. An fhaid ná
cabhróchaidh an duine féin leis an ndroch bhéas ní
féidir dó seasamh i gcoinnibh ghrásta an tSlánuightheóra.



Mar sin dóibh, a phobul. Gach aon tsaghas ruda,
agus gach aon tsaghas duine, atá ábalta ar sinn a
mhealladh ó mhacántacht beatha, is fáidh fallsa dhúinn é.
D'órduigh an Slánuightheóir dúinn iad go léir do
sheachaint, gan aon teangabháil a bheith againn leó, gur
machtírí craosacha iad. Go bhfeuchaid siad ana
mhacánta, i gcroicean na caorach, ach go bhfuil na
fiacala acu, agus mura gcoimeádaimíd uatha amach
go gcuirfid siad na fiacala go daingean ionainn lá
éigin. Go saoraidh Dia sinn ortha, Amen.



XLIV.



AN t-OCHTMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 16.)



Le n-a dheisgiobulaibh iseadh do labhair an Slánuigh-
theóir an tsoluíd sin, a phobul. Ach soluíd iseadh í
gur féidir d'aon Chríosdaidhe adhbhar machtnaimh a
dh'fhághail inti, agus ní beagán é.



Tá aon nídh amháin inti a thagan pas oban orainn.
Dhein an stíbhard beart rógaireachta. Bhí rógaireacht
déanta cheana aige agus bhí a mháighistir chun é dhíbirt


L. 96


mar gheall air. Ansan do dhein sé pas eile rógair-
eachta chun daoine muinteartha dhéanamh dó féin, i dtreó,
nuair a bhéadh sé ar fán, go bhfaghadh sé bheith istigh uatha
uaireanta. Dhein sé éagcóir ar a mháigistir leis an
dá phas rógaireachta. Agus cad a dhein an máighistir
nuair airigh sé an sgéal? Do mhol sé an stíbhard mar
gheall ar a ghastacht, mar gheall ar an gcuma 'n-ar
fheuch sé roimis i dtreó ná béadh sé gan duine muin-
teartha nuair a bhéadh gádh aige leis.



Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár n-aigne,
na sgéalta beaga so d'inis an Slánuightheóir, agus
gur bhain sé na soluídí asta, gur neithe iad do thuit
amach sa tsaoghal tráth éigin. Bhíodar os cómhair aigne
an tSlánuightheóra mar bhí fios gach uile nídh aige.
Níor dhein sé ach iad a dh'innsint mar a thuiteadar amach,
nuair a theastuigh uaidh na soluídí bhaint asta. Dob'
fhíor, d'á bhrígh sin, go raibh an duine saidhbhir úd ann
uair éigin agus go raibh an stíbhard úd aige, agus gur
dhéin an stíbhard an éagcóir air agus go raibh sé 'ghá
dhíbirt. Dob' fhíor, ansan, gur dhein an stíbhard an
rógaireacht eile chun na ndaoine muinteartha dhéanamh
dó féin, ar chostas an mháighistir. Ansan dob' fhíor
gur dhein an máighistir sin rud nách gnáth le máighistir
a dhéanamh 'n-a leithéid de chás, gur mhol sé an bheart
ghasta a dhein an stíbhard san ar mhaithe leis féin. Níor
mhol an Slánuightheóir an bheart a dhein an stíbhard.
Ní raibh aon bhac ar mháighistir an stíbhaird an bheart
san do mholadh, mar ní raibh aon bhac air an bheart do
mhaitheamh. Níor dhein ár Slánuightheóir ach a dh'innsint
d'á dheisgiobuil, agus dúinne, gur mhol an máighistir
sin an ghastacht san, bíodh nár ghastacht mhacánta í
agus nár dhuine mhacánta a dhein í. Ansan do nocht
an Slánuightheóir an tsoluíd. Thaisbeáin sé conus


L. 97


mar is fearr an chiall atá ag clainn an tsaoghail seo,
do réir a gcineil féin, 'ná ag clainn an tsoluis. Saidh-
bhreas saoghalta iseadh bhí ar láimh an stíbhaird úd.
Dhein sé úsáid de'n tsaidhbhreas shaoghalta san chun
daoine muinteartha dhéanamh dó féin i dtreó go
mbeidís aige nuair a bhéadh gádh aige leó. Bhí fhios aige
ná fágfaí an saidhbhreas abhfad aige agus nuair a
bainfí dhe é ná béadh aon rud aige, agus go gcaithfeadh
sé bás d'fhághail le fuacht agus le h-ocras muna mbéadh
daoine muinteartha éigin aige do thabharfadh bheith istigh
dó agus blúire bídh le n-ithe. Ba mhaith an chiall dó,
d'á bhrígh sin, pé macántacht a bhí sa chiall ná ná raibh,
úsáid a dhéanamh de'n tsaidhbhreas chun na ndaoine
muinteartha do chur i n-áirighthe dhó féin.



Do chuir an Slánuightheóir an chiall san i gcomparáid
leis an gcéill ba cheart a bheith ag an gCríosdaidhe.
Is é Dia máighistir an Chríosdaidhe. Is é Dia a thug do'n
Chríosdaidhe pé saidhbhreas saoghalta atá aige. Tá
fhios ag an gCríosdaidhe sin, ní'l aon phioc d'á mhear-
bhall air, go gcaithfidh sé an saidhbhreas san d'fhágáilt
'n-a dhiaigh; ná fuil ann ach stíbhard; nuair a bheidh a
thréimhse caithte sa stíbhardaidheacht go gcaithfidh sé
imtheacht, go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt sa n-úsáid
a dhein sé de pé saidhbhreas a thug Dia dhó ar an
saoghal so, agus ansan go dtabharfar an saidh-
bhreas san do dhuine eile chun téarma eile aimsire
chaitheamh ag tabhairt aire dhó. Ach do réir aigne
an tSlánuightheóra ní thaisbeánan an Críosdaidhe
go bhfuil sé chómh gasta 'n-a ghairm féin, chómh
gasta mar Chríosdaidhe, agus bhí an stíbhard úd 'n-a
ghairm féin. Dhein an stíbhard daoine muinteartha
dhó féin leis an saidhbhreas. Ní dheinean an Críos-
daidhe aon iaracht ar dhaoine muinteartha dhéanamh dó


L. 98


féin leis an saidhbhreas. Agus tá so, leis, de
dheifrigheacht sa sgéal. Dhein an stíbhard beart mhí-
mhacánta chun na ndaoine muinteartha dhéanamh. Níor
ghádh do'n Chríosdaidhe aon mhí-mhacántacht a dhéanamh
chun na ndaoine muinteartha dhéanamh dó féin. Dhein
an stíbhard éagcóir ar a mháighistir sa ghnó. Ní gádh
do'n Chríosdaidhe aon éagcóir a dhéanamh sa ghnó, mar
tá lán-chead aige ó Dhia chun na h-úsáide sin a dhéanamh
de pé saidhbhreas saoghalta a thug Dia dhó. Ar dhéirc
iseadh bhí an Slánuightheóir ag trácht. B'iad na daoine
bochta na daoine muinteartha a dhéanfadh an Críos-
daidhe dhó féin dá dtugadh sé an déirc dóibh, agus
isiad na daoine bochta san a ghlacfadh é isteach ins na
tighthibh síoruidhe nuair a bhéadh sé claoidhte, nuair a
bhéadh a théarma ar an saoghal so caithte, a neart
imthighthe, a shláinte buailte amach, a cholann feóchta
le h-aois nó claoidhte le breóiteacht. Má curtar i
n-aice 'chéile an stíbhard úd a dhein an bheart ghasta
agus an Críosdaidhe go raibh saidhbhreas saoghalta aige
agus nár dhein an déirc, chífear láithreach gur b'é an
Críosdaidhe an t-amadán. Go raibh a chiall féin ag
an stíbhard agus ná raibh aon phioc ag an gCríosdaidhe
de'n chiall ba cheart dó a bheith aige. Nó, i gcaint an
tSlánuightheóra, go bhfuil clann an tsaoghail seo níos
gasta 'ná clann an tsoluis, do réir a gcineil féin.



Ach bíodh go bhfuil an deifrigheacht mhór san idir an
stíbhard úd agus an Críosdaidhe, tá an chosamhlacht
ana dhlúth eatartha ar shlígh eile. Do h-innseadh do'n
mháighistir go raibh an stíbhard ag sgaipeadh a choda.
Tabhair fé ndeara an chaint sin. Déarfaidh an Críos-
daidhe go minic le pé fághaltas coda atá aige, "Isé
mo chuid féin é. Ní'l bac ar dhuine a rogha cor a thabhairt
d'á chuid féin."


L. 99


Tá dearmhad mór ort, a Chríosdaidhe. Ní h-é do
chuid féin é. Is le Dia é. Is é Dia a thug duit é, agus
níor thug sé dhuit ach stíbhardaidheacht air. Cad 'tá
agat 'á dhéanamh leis? An bhfeicean an Máighistir
gur ag sgaipeadh a choda ataoí? 'Ghá ól, b'fhéidir,
ad' chur féin ar meisge leis? Ag déanamh peacaí ná
déanfá mura mbéadh gur thug Dia dhuit an fághaltas
saidhbhris sin? Ag déanamh uabhair agus mór-is-fiú
agus eirighe-anáirde, b'fhéidir, mar gheall ar é bheith
agat agus daoine eile in' éaghmuis? Má 'sé sin
úsáid atá agat 'á dhéanamh dé, feuch chúghat féin. Ní'l
ionat ach stíbhard, agus droch stíbhard iseadh thu. Ní
fada go dtiocfaidh an ghlaodh. "Tabhair cúntas
ad' stíbhardaidheacht. Ní féidir duit bheith ad' stíbhard
a thuille." Cad é an freagra bheidh agat le tabhairt ar
an nglaodh sin? Cad é an cúntas a bheidh agat le
tabhairt sa n-úsáid a dheinis de pé fághaltas saidhbhris
a thug an Máighistir duit? An dóich leat an ndéan-
faidh sé an gnó dhuit a rádh, "Níor ólas ach mo chuid
féin. Má chaitheas go h-olc é, b'é mo chuid féin é."
Ansan iseadh do curfar i n-iúil duit nár bh'é do chuid
féin é, agus má chaithis go h-olc é go gcaithfir freag-
airt i n-an uile leath-phinge dhé. Má bhailighid anam-
nacha na mbocht ad' thímpal an uair sin; má deirid
siad, "Thug sé an oiread so dhómh-sa;" "Thug sé an
oiread so dhómh-sa;" "Thug sé biadh dómh-sa nuair
a bhíos ag fághail bháis leis an ocras;" "Tug sé casóg
dómh-sa nuair a bhí an fuacht ag gabháil tríom," agus
mar sin, b'fhéidir go mbéadh an sgéal go maith agat.
B'fhéidir go nglacfaidís isteach tú ins na tighthibh
síoruidhe. Ba dhóich le duine ar chaint an tSlánuightheóra
gur b' amhlaidh ná béadh fonn ar Dhia na glóire na
neithe a bhéadh déanta as an slígh ag duine do thabhairt


L. 100


puinn fé ndeara i n-aon chor dá mbéadh cuid mhaith de'n
déirc déanta aige. B'fhéidir, nuair a bhéadh cuid mhaith
de'n déirc le feisgint déanta ag duine gur b'amhlaidh
a thabharfadh Dia grásta na h-aithrighe chómh láidir sin dó
ná béadh na peacaí ann aige le tabhairt fé ndéara.
Pé cuma 'n-a dtuitfidh sé amach, tá aon nídh amháin
deimhnightheach ó chaint an tSlánuightheóra. 'Sé sin, an
t-é go mbeidh an déirc déanta aige ná beidh Dia daor
air. Ní h-eadh, ach go leigfidh sé dos na daoine bochta
féin ar ar dhein sé an déirc é bhreith leó isteach i
rígheacht na bhflathas. Chómh maith agus dá n-abradh sé:
"Thugais-se cuid de shaidhbhreas an tsaoghail dóibh seo
nuair a bhíodar 'n-a ghátar. Díolaidís féin an cómhar
leat anois. Beiridís leó isteach tú ins na "tighthibh
síoruidhe.""



Ach má's duine thú nár thug aon déirc uait; nár
dhein aon úsáid de'n tsaidhbhreas a thug Dia dhuit, ach
bheith ag ithe agus ag ól, agus ag cur órnáidí éadaigh
ort féin; ag gluaiseacht ameasg na ndaoine agus
do cheann anáirde agus do shrón sa n-aér agus do shúil
ar an spéir, i dtreó gur dhóich leis an t-é a chífeadh
tú nár dhuine mar aon duine eile thú i n-aon chor, ach
gur dhuine os a gcionn go léir tú, dar leat. Má b'é
sin saghas duine thú i gcaitheamh do shaoghail anso, cad
é an freagra thabharfair nuair a h-éileófar an cúntas
ort? Feuchfair ad' thímpal feuchaint an bhfeicfeá
aoinne do labharfadh focal ar do shon. Ní fheicfir
aoinne do labharfaidh ar do shon. Ní bheid siad ann
chuige. Níor dheinis an bheart ghasta dhuit féin. Níor
dheinis aon duine muinteartha dhuit féin i gcóir an
tsaoghail eile leis an saidhbhreas claon a bhí ar an saoghal
so agat. Ní'l aoinne anois chun tú bhreith isteach ins
na "tighthibh síoruidhe," mar níor thugais féin riamh


L. 101


bheith istigh do dhuine bhocht, ná do mhnaoi bhocht, ná do
dhíthleachtaidhe bhocht, sa tigh bhreágh mhór, uasal, órnáideach
a bhí agat ar an saoghal so. Ní díolfar cómhar anois
leat, mar ní'l an cómhar amuich agat.



"Thugais biadh uait." Thugais gan amhras; go
fial; dínnéaracha cosdasamhla; biadh buacach saidhbhir,
ar bhórdaibh leathana, ar mhiasaibh óir agus airgid, agus
fíonta daora, do dhaoine ná raibh tart ná ocras ortha,
do dhaoine go raibh biadh chómh maith leis acu féin sa
bhaile. Cad a bhí agat 'á dhéanamh nuair a bhís ag tabhairt
na bhféastaí sin uait? Bhís ag cur saidhbhris an
Mháighistir ar neamhnídh. Níor dheinis aon daoine
muinteartha dhuit féin leis na féastaibh sin. Do
dhíolais go daor asta agus ní'l aon nídh d'á mbárr
agat. Dá dtugthá do bhochtaibh Dé, a gan fhios do'n
tsaoghal, leath oiread agus do chaillis leis na féas-
taibh sin, bhéadh daoine muinteartha do dhóithin agat
anois chun focail do labhairt ar do shon, agus chun
seasaimh idir thú agus fearg Dé, agus chun tú bhreith leó
isteach ins "na tighthibh síoruidhe."



Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Dein do mhachtnamh air.
An saidhbhreas a thug an Tighearna dhuit, taoí'n tú 'ghá
sgaipeadh. Tá an gearán ag dul isteach ort coit-
chianta ag triall ar an Máighistir go bhfuilean tú "ag
sgaipeadh a choda." Ní féidir dul leat abhfad eile.
Glaodhfar ort sar a' mbeidh puinn eile aimsire curtha
dhíot agat, agus déarfar leat do chúntaisí do chur
isteach, ná fágfar an stíbhardaidheacht agat níos sia.
Tusnuigh anois féin ar na daoine muinteartha dhéanamh
duit féin. Ó's sgaipeadh atá agat 'á dhéanamh riamh,
tusnuigh anois féin ar an sgaipeadh dhéanamh sa chuma
'n-a mbeidh rud éigin d'á bhárr agat. Cuir uait cuid
de'n chostas atá agat 'á dhéanamh ar bhaois an tsaoghail,


L. 102


agus sgaip raint de shaidhbhreas an Mháighistir ar na
daoine bochta. Siné an sgaipeadh ná cuirfidh fearg ar
an Máighistir. Ná bí fial, fairsing, flaitheamhail, le
daoine ná fuil tart ná ocras ortha, agus gann, cruaidh,
léir, doithígheasach, leis an muintir go ndéanfadh
do bhiadh agus do dheoch tairbhe dhóibh. Beidh an
Máighistir dian ort mar gheall ar a mbeidh caithte agat
ar an uaisleacht. Is amhlaidh a bheidh sé buidheach díot
má sgaipean tú ar thug sé riamh duit ar na daoine
bochta. Go dtí so ba bheag agat, b'fhéidir, leath-
choróinn i dtigh an tabhairne agus ba mhór agat an
phingin ruadh thabhairt do'n mhnaoi bhocht. Atharuigh
an sgéal san as so amach. Bíodh easgaine tíghe an
tabhairne agat agus bíodh beannacht na mná boichte
agat. Ní dhéanfaidh easgaine tíghe an tabhairne aon
díobháil duit. Beannacht i riocht easgaine iseadh í.
Déanfaidh beannacht na mná boichte tairbhe dhuit ar an
saoghal so agus ar an saoghal eile. Seasóchaidh bean-
nacht na mná boichte idir shúil Dé agus do pheacaí i
dtreó ná feicfidh Dia iad. Nó má fheicean féin ná
tabharfaidh sé fé ndeara iad. Tabharfaidh sé grásta
na h-aithrighe dhuit sar a bhfágair an saoghal, agus
ansan ní gádh dhó iad fheisgint, mar beidh siad maithte
dhuit.



Má's duine thú go bhfuil saidhbhreas mór agat, tabhair
an déirc uait do réir mar a thug Dia an saidhbhreas
duit. Má's duine thú ná fuil agat ach an beagán
tabhair an déirc uait do réir do ghustail. Má's duine
thú ná fuil agat ach an déirc a tugadh duit féin, rainn
an déirc sin leis an nduine nár tugadh aon rud dó
agus atá níos mó 'n-a gháthar, b'fhéidir, 'ná mar
ataoí-se.



Ach tabhair an méid seo fé ndeara go cruinn.


L. 103


Pé 'cu duine bocht nó duine saidhbhir tú, pé 'cu déirc
bheag nó déirc mhór a bheidh agat 'á thabhairt uait, ná
tabhair uait choídhche í ach ar aon intinn amháin. Tabhair
uait í ar son an tSlánuightheóra. Tabhair uait í díreach
fé mar a bheidhfeá 'ghá tabhairt do'n tSlánuightheóir féin
agus é i ngádh léi. Ansan ní baoghal duit ná go
n-admhóchaidh an Slánuightheóir í nuair a thiocfaidh an
t-am chun í dh'admháil. Cuirfidh sé ar a láimh dheis féin
tú, agus tabharfaidh sé an bheatha shíoruidhe dhuit, agus
'neósfaidh sé dhuit cad é an chúis. "Bhí ocras orm
agus thugais biadh dhom. Bhí tart orm agus thugais
rud le n-ól dom. Bhíos gan éadach agus chlúdaighis
mé. Bhíos ar fán agus thugais leat isteach mé. Bhíos
sa phríosún agus thánaís a'm fheuchaint."



Go dtugaidh Dia na glóire dhúinn go léir a thuilleamh
ó'n Slánuightheóir gléigeal go ndéarfaidh sé an chaint
sin linn nuair a thiocfaidh an t-am. Amen.



XLV.



AN NAOMHADH SOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 19.)



Ní fonn cainte is mó a chuirean an chéad fhocal de'n
tSoisgéal san ar dhuine, a phobul. Tocht iseadh chuirean
sé ar dhuine. Gan amhras is tocht agus uathbhás a
tháinig ar na deisgiobuil féin nuair a chonacadar an
sruth deór ag teacht ó shúilibh an tSlánuightheóra nuair
a chonaic sé an chathair. Níor thuigeadar cúis na ndeór
san. Bhí fhios acu nár bh' fholáir nó bhí cúis éigin


L. 104


uathbhásach leó. Ansan do labhair sé. Do labhair sé
leis an gcathair. "Ach dá mbéadh fhios agat-sa, sa lá
so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit."
Dá mbéadh fhios agat cad iad na grásta atá ag Dia
'á thabhairt duit indiu chun do shíothchána dhéanamh le
Dia, agus dá mbéadh fhios agat cad é an gádh atá agat
leis an síothcháin sin, do dhéanfá láithreach í. Tá gádh
go cruaidh agat leis an síothcháin sin, mar tá do pheacaí
móra, líonmhara, dubha, eirighthe suas ad' choinnibh i láthair
Dé, agus i n-inead aon luígheadughadh dhéanamh ortha
is amhlaidh ataoí'n tú 'ghá gcur i méid. I n-inead baint
uatha is amhlaidh ataoí'n tú ag cur leó, agus is ag dul
i n-olcas atá na peacaí agat. Is measa gach peacadh
nua agat 'ná an peacadh a dheinis roimis. Tá caoi ag Dia
'á thabhairt duit indiu ar aithrighe dhéanamh, ach is caoi
i n-aistear an chaoi. Is trócaire mhór ó Dhia an chaoi
agus, fóraoír, ní dhéanfaidh an chaoi sin duit-se ach
tuille díoghaltais a thabhairt anuas ort, tuille
díbhfeirge. An chaoi ar aithrighe atá ag Dia 'á thabhairt
duit indiu ní féidir leat é thuisgint, mar tá do thuis-
gint agus do chiall agus do bhreitheamhantas iom-
puighthe agat i gcoinnibh Dé, agus i gcoinnibh a ghrásta,
agus i gcoinnibh a sholuis, le méid agus le malluigh-
theacht na bpeacaí atá déanta agat agus atá d'á síor-
dhéanamh agat, le d' thoil mhacánta féin. Tá sgamall
idir thú agus an solus, agus is tú féin a chuir suas
an sgamall. Ní leigean an sgamall san duit a
dh'fheisgint anois cad é an tabharthas mór a bhronnfadh
Dia ort indiu dá mba mhaith leat an tabharthas do
ghlacadh. Tá an tabharthas "i bhfolach ó d' shúilibh."
D'á bhrígh sin, tá rómhat. Tá lá rómhat, lá cruaidh, lá
leunmhar. Tiocfaid do namhaid agus "cuirfid siad
claidh mór-thímpal ort, agus dúnfaid siad isteach thú,


L. 105


agus déanfaid siad cumhangarach ort ó'n uile thaobh,
agus déanfaid siad tú threasgairt ar an dtalamh,
tú féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid
siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis
an t-am 'n-a dtáinig Dia chúghat."



Níor thuig na deisgiobuil, an uair sin, a phobul,
iomláine an bhríghe a bhí i gcaint an tSlánuightheóra,
ná iomláine na cúise a bhí leis na deóraibh a bhí ag teacht
ó n-a shúilibh naomhtha, ach do thuigeadar gach taobh acu
'n-a dhiaigh san. Do thuigeadar an chaint agus do thuig-
eadar cúis na ndeór, an méid a mhair díobh, raint
bliadhanta 'n-a dhiaigh san.



An t-é ná déanfaidh a leas ní foláir dó a aimhleas
a dhéanamh. Bhí beatha agus teagasg agus cómhairle
agus mírbhuiltí an tSlánuightheóra ag muintir na
catharach san chun a thaisbeáint dóibh cad ba mhaith dhóibh
a dhéanamh agus cad ba cheart dóibh a dhéanamh. Níor
leig an t-uabhar, agus an stailc, agus an mhí-chómhairle
agus an droch aigne, dhóibh a dh'fheisgint agus a dh'admháil
nár bh'fhéidir d'aoinne na mírbhuiltí sin a dhéanamh
agus an teagasg san do thabhairt uaidh ach do'n tSlán-
uightheóir a bhí geallta dhóibh féin ó thusach aimsire.
Níor admhuigheadar é. Do shéanadar é. Do chuireadar
chun báis é. Ansan do chuir an t-uabhar céadna, agus
an stailc chéadna, agus an mhí-chómhairle chéadna
fhiachaibh ortha aimhleas eile dhéanamh dóibh féin. Bhíodar
fé smacht na Rómhánach. Págánaigh ab eadh muintir
na Rómha an uair sin. Chrom na Iúdaigh ar a thuisgint
'n-a n-aigne nár cheart dóibh féin, ó b'iad Clann Isráeil
iad agus go mba le Dia iad tar gach náisiún eile,
bheith fé smacht ag págánachaibh. D'eirigheadar i gcoinnibh
na Rómhánach. Chuir Ímpire na Romhánach mór-shluagh
amach chun iad do chur fé chois. Do bhuaidh na


L. 106


Rómhánaigh ortha ar gach aon tsaghas cuma. Nuair a
bhí buaidhte glan ortha cheap an Rómhánach go n-úmhló-
chaidís agus go bhféadfaí socarughadh éigin a thabhairt
dóibh. Ní leigfeadh an t-uabhar agus an stailc agus
an t-aimhleas dóibh úmhlughadh. Do fíoradh focal an
tSlánuightheóra. Do claidheadh agus do dúnadh an
chathair isteach go dtí go raibh na daoine ag marbhughadh
a chéile agus ag ithe a chéile; na Rómhánaigh ag brúth
ortha ó'n dtaobh amuich agus iad féin, 'n-a mbuidhnibh
deighilte, ag troid le chéile agus ag marbhadh a chéile
istigh. Fé dheire do tógadh an chathair, agus do
deineadh ar an gcathair sin agus ar na daoine a bhí inti
a leithéid sin d'éirleach gur beag má tá tuairisg ar
a leithéid eile le fághail i seanachas an domhain.



Ach feuch, a phobul. An dóich le h-aoinne go gcurfaí
síos dúinne, i Soisgéal an lae seo, an tuairisg sin
ar conus mar a shil ár Slánuightheóir a dheóra ar son
na catharach san mura mbéadh brígh éigin a bhainean go
mór agus go dlúth linn féin a bheith sa sgéal? Tá
an brígh ann ar aon chuma. An chuma 'n-a raibh an
chathair sin an uair sin, an t-uabhar a bhí inti, agus an
stailc, agus an mhí-chómhairle, agus an t-aimhleas, is
sampla é ar an gcuma 'n-a mbíon an Críosdaidhe a
bhíon ag gabháil i gcoinnibh grásta Dé. Cuirimís i gcás,
ar dtúis, gur Críosdaidhe óg é. Do cheap Dia athair
agus máthair do'n Chríosdaidhe sin agus thug sé dhóibh
é. Cuirimís i gcás gur dheineadar a ndícheal ar é
thógaint go maith; gur mhúineadar a phaidreacha i n-am
dó; gur thugadar fios aitheanta a chreidimh dó; gur
chuireadar ag foghluim Teagasg Críosdaidhe é; go
bhfuair sé faoisdin agus a chéad Chomaoine agus Dul-
fé-láimh-Easbuig. Bhí an sgéal go maith go dtí gur
dhruid sé amach ins na déagaibh. Ansan do thusnuigh


L. 107


an mac mallachtain ar shéideadh féi laistigh 'n-a chroídhe
agus in' aigne, agus thusnuigh an droch chómhluadar
ar theangabháil leis lasmuich agus ar é mhealladh i leith
taoibh agus ar é sheóladh ar a aimhleas.



Tá rud éigin, rud nách fóghanta, istigh i n-aigne an
duine, rud a chuirean fhiachaibh air báidh a bheith aige
leis an ndroch chómhairle agus seirbhthean a bheith
aige ar dheagh-chómhairle. Rud iseadh é nách fuiriste
ainim a chur air, ach tá sé ann. Tá sé i ndaoine seachas
a chéile. Tabhair fé ndeara an Críosdaidhe óg san
adúbhramair. Is fada leis deich neómataí a thabhairt
i dteannta an lín-tíghe ar a ghlúinibh ag rádh na Coróin-
neach Muire, agus ní fada leis uair a' chloig, dhá uair
a' chloig, leath na h-oídhche b'fhéidir, a thabhairt sáidhte
i mbothán éigin ag imirt chártaí. Is cruadhtan mór
agus is aistear mór agus is obair mhór leis dul
Satharn anois agus airís go dtí an séipéal chun faois-
dine dhéanamh, agus ní h-aistear ná trioblóid leis
dul, i n-aonfheacht leis an ndroch chómhluadar, go tigh
an tabhairne, agus leath an lae, agus b'fhéidir leath
na h-oídhche, chaitheamh ann, gan puinn compóird, ag ól
uisge shailigh, ag ól ruda a bhainfidh a ghoile agus a
shláinte dhé sar a mbeidh puinn d'á shaoghal caithte aige.
Agus, iongnadh an sgéil ar fad, tá fios an méid sin
aige féin níos fearr 'ná mar fhéadfadh aoinne é
dh'innsint dó.



Agus tabhair fé ndeara an méid seo. Tá an Críos-
daidhe óg san chómh mór i mbliadhantaibh na tuisgiona
gur lag leis rud a dhéanamh ar a athair nó ar a mháthair.
Má deir an t-athair leis so nó súd a dhéanamh, is snap
droch mhúinte a thabharfaidh sé ar an athair. Má deir
a mháthair leis an droch chómhluadar a sheachaint agus
teacht abhaile i n-am, ní beag san chun a chur fhiachaibh


L. 108


air fanamhaint amuich níos déanaighe an oídhche sin 'ná
mar a dh'fhan sé an oídhche roim ré. Duine óg iseadh é,
má 'sé do thoil é, a dhéanfaidh mar is ceart a dhéanamh,
ach ní chuirfidh sé suas níos mó le smachtúchán! Is ait
an rud aigne an duine uaireanta. Is lag leis an
mbuachaill sin rud a dhéanamh ar a mháthair, agus má
iaran duine de'n droch chómhluadar air rud a dhéanamh
preabfaidh sé láithreach, go fonnmhar, agus déanfaidh
sé é. Tá sé ró spioraideamhail chun rud a dhéanamh
ar a mháthair. Nuair a dh'iaran duine de'n droch chómh-
luadar air rud a dhéanamh cá bhfuil an spioraideamhlacht?
D'á éaghmuis sin. Rud éigin is ceart dó a dhéanamh
iseadh atá agá mhathair 'á iaraidh air a dhéanamh. Rud
éigin nách ceart dó a dhéanamh atá ag an ndroch
chomrádaidhe 'á iaraidh air a dhéanamh. Is lag leis an
ceart a dhéanamh. Tá sé ró spioraideamhail. Ní
chuirean sé aon stailc suas nuair iaran an droch chom-
rádaidhe air rud éigin peacamhail a dhéanamh. Cá
bhfuil an spioraideamhlacht? Ba dhóich le duine dá
mbéadh an spioraideamhlacht cheart ann go gcuirfeadh
sé a chos i dtalamh agus ná leigfeadh sé do'n droch
chomrádaidhe maidirín lathaighe dhéanamh dé. Agus ba
dhóich le duine, dá mbéadh an creideamh i gceart ann,
go mbéadh sé úmhal, séimh, cneasta, ciúin, síbhéalta,
leis an mnaoi a thug na bliadhanta fada, do ló agus
d'oídhche, ag tuitim leis agus ag banaltranas air. Ba
dhóich liom gur spioraideamhla dhó bheith úmhal di sin agus
bheith ag déanamh ruda uirthi 'ná bheith ag déanamh ruda
ar a dhroch chomrádaidhe, a thabharfaidh chun na croiche é
sa deire mura sgaraidh sé i n-am leis.



Leanan an Críosdaidhe óg san a shrian féin. Cruadhan
an tslat. Ní féidir í shníomh. Fé mar a neartuighean
an fear óg san i n'aois neartuighean sé ins na peacaibh.


L. 109


Neartuighean sé sa n-olc. Fé mar a neartuighean
sé sa n-olc cruadhan a chroídhe agus imthighean eagla
Dé dhé. Tugan sé a srian féin d'á dhroch mhianaibh.
Tá seilbh istigh i n-a aigne ag na seacht cinn-pheacaí
marbha. Tá seacht tiodhlaicí an Spioraid Naoimh
imthighthe uaidh fadó. Ní'l aon chómhluadar is fearr
a thaithnean leis 'ná cómhluadar a mhacshamhal féin. Tá
an saoghal go léir, mór-thímpal air, lán de shagartaibh
agus de shéipéalaibh agus de shácraimíntibh, lán des
na neithibh mírbhuilteacha a chuir an Slánuightheóir ar
bun chun na gCríosdaidhthe thabhairt chun aithrighe, agus
chun leasa a n-anama, agus chun Dé. Chómh fada agus
théighean sé siúd agus a dhroch chualacht, bhéadh sé chómh
maith ag na neithe mírbhuilteacha san gan bheith ann i
n-aon chor. Chómh fada agus théighean sé siúd agus a
dhroch chualacht bhéadh sé chómh maith ag an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, gan bheith tar éis iad a chur ar bun
riamh. Chómh fada agus a théighean sé siúd agus a
dhroch chualacht do tháinig an Slánuightheóir ar an saoghal
so i n-aistear, d'fhuiling sé bás ar chrann na croise
i n-aistear, d'osgail sé geataí na bhflathas i n-aistear.
Tá an fear úd agus a dhroch cualacht díreach sa chás
'n-a raibh an chathair úd Ierusaleim an lá úd a shil an
Slánuightheóir na deóra mar gheall uirthi nuair
adúbhairt sé léi, "Ach dá mbéadh fhios agat-sa, sa lá
so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit."
Ní h-í cathair Ierusaleim amháin a tharaing an caise
deór úd ó shúilibh an tSlánuightheóra an lá úd. Chonaic
sé an chathair agus chonaic sé conus mar a bhí fearg
Dé le tuitim uirthi féin agus ar a raibh de dhaoine
inti mar gheall ar an stailc a bhí curtha suas acu i
gcoinnibh ghrásta Dé. Chonaic sé, leis, an uile dhuine
des na droch Chríosdaidhthibh do thiocfadh ar an saoghal


L. 110


so ó'n lá san go dtí deire an domhain, agus conus
mar a dhéanfadh go minic droch Chríosdaidhe dhíobh
aimhleas anama dhó féin díreach mar a bhí ag muintir
na catharach san 'á dhéanamh an uair sin, agus conus
mar a thabharfadh an t-aimhleas san ar an ndroch
Chríosdaidhe díbhfeirg ba mheasa 'ná an díbhfeirg a bhí
le teacht ar an gcathair sin, díbhfeirg shíoruidhe. Chonaic
an Slánuighteóir trócaireach go dtiocfadh Críosdaidhthe
do raghadh síos go h-ifrean, tré n-a gcoir féin, i
n-aimhdheóin na Páise a bhí aige le fulang chun iad do
shaoradh ó ifrean. Siné an rud a tharaing an caise
deór úd ó n-a shúilibh naomhtha. Tá so le rádh againn,
a Chríosdaidhthe. Ní'l aon duine againne a dhein peacadh
riamh nár dhein a chion féin chun na ndeór úd do tharang
ó shúilibh an tSlánuightheóra. Machtnuighmís air sin.



Chonaic an t-Athair Síoruidhe na deóra úd. Chonaic
an t-Athair Síoruidhe na daoine gur sileadh an caise
deór úd ar a son. Gan amhras do thug an t-Athair
Síoruidhe a ghrásta go líonmhar dos na daoine sin, ar
son na ndeór san a bhí ag teacht ó shúilibh an Aon-
Mhic agus ar son an osna a bhí ag teacht ó n-a Chroídhe
Naomhtha. Dá bhféadadh aon rud na daoine sin a
dh'iompáil chun Dé d'iompóchadh na grásta san iad.
Níor iompuigh na grásta san iad. Do leanadar ar an
aimhleas i n-aimhdheóin ghrásta Dé féin.



Do sileadh an caise céadna deór san ar ár son-na,
ar son na gCríosdaidhthe go léir. Do tháinig an osna
chéadna san ó Chroídhe Naomhtha ár Slánuightheóra
ar ár son-na, ar son na gCríosdaidhthe go léir. Tá
an t-Athair Síoruidhe ag tabhairt a ghrásta go líon-
mhar dúinn go léir, olc agus maith mar atáimíd, ar
son na ndeór san, ar son an osna san. Cad is ceart
dúinn a dhéanamh? An ceart dúinn déanamh mar a


L. 111


dhein na Iúdaigh an uair úd? Má dheinimíd mar a
dheineadar súd tá fhios againn cad 'tá rómhainn.



Iompuighmís, a Chríosdaidhthe! Deinimís grásta
an Athar Síoruidhe do fhreagairt go fial agus go fonn-
mhar. Má thugamair congnamh, le n-ár bpeacaibh
malluighthe, chun na ndeór úd a thabhairt ó shúilibh
trócaireacha ár Slánuightheóra, agus chun an osna úd
a thabhairt ó n-a Chroídhe Naomhtha, deinimís anois an
rud a thabharfaidh sólás d'á Chroídhe Naomhtha, deinimís
an rud úd a chuirfidh an t-áthas mór ar bhuidhnibh na
bhflathas go léir, deinimís an aithrighe!



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na
Maighdine Muire, tré impidhe Naoimh Pádraig agus
Bhríghde agus Choluim Cille, an aithrighe do dhéanamh agus
í dhéanamh go fírinneach agus go dílis. Amen.



XLVI.



AN DEICHMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 18.)



Is ceart dúinn, a phobul, ár machtnamh a dhéanamh
go h-ana dhlúth agus go h-ana chruinn ar bhrígh agus ar
bhunús an tSoisgéil sin. Innstear dúinn ar dtúis
cad é an chúis gur inis an Slánuightheóir, i n-aon chor,
an sgéal san i dtaobh na beirte sin a chuaidh suas
isteach sa teampall chun úrnuighthe dhéanamh. D'inis sé
an sgéal mar chonaic sé gur oir an sgéal do chuid des
na daoine a bhí láithreach. Agus conus a dh'oir an sgéal
dóibh sin? D'oir an sgéal dóibh mar daoine ab eadh


L. 112


iad a mheas gur bh' fhearr iad féin 'ná aon daoine eile.
"Bhíodar mainíghneach asta féin mar 'dh eadh go rabhadar
fíoraonta, agus bhí droch mheas acu ar dhaoinibh
eile."



Ach feuch. D'airigheamair riamh gur maith an rud do
dhuine meas a bheith aige air féin. Agus níor airigh-
eamair riamh aon cháineadh dh'á dhéanamh ar dhuine níos
géire agus níos tarcaisneamhla 'ná a rádh gur dhuine
gan mheas air féin é. An t-é ná beidh meas aige air
féin ní bheidh meas ag aoinne air. Agus cad 'n-a thaobh
go mbíon meas ag duine air féin? Bíon meas ag
duine air féin má's féidir dó a rádh, cuir i gcás, os
cómhair Dé agus daoine, ná fuil cuid a chómharsan
aige go h-aindleaghthach; ná déanfadh sé éagcóir ar
dhuine eile 'n-a chuid ná 'n-a chlú ná 'n-a phearsain;
ná brisfeadh sé an tsaoire; ná feacathas riamh ar
meisge é ná ag imtheacht le droch chómhluadar; go
dtugan sé aire dh'á ghnó go macánta agus go h-im-
ghníomhach; go ndeinean sé a dhícheal ar dhlígh Dé agus
na h-Eaglaise do chómhlíonadh, ar gach aon tsaghas
cuma, chómh fada agus a théighean a thuisgint agus a
bhreitheamhantas agus a choinsias. Nár chóir gur cheart
a rádh go bhfuil creideamhaint mhór ag dul do'n duine
sin? Agus nár chóir a dh'admháil gur ró mhaith an rud
do dhuine meas maith a bheith aige air féin nuair a
chuirean an meas atá aige air féin fhiachaibh air a dhual-
gaisí chun Dé agus chun daoine do choimeád os cómhair
a aigne agus iad do chómhlíonadh chómh cruinn, chómh
h-iomlán san? Mura mbéadh an meas san a bheith
aige air féin agus ar na dualgaisibh sin ní fhéadfadh
sé go deó iad do chómhlíonadh chómh maith. D'á bhrígh sin
cad 'n-a thaobh go bhfaighfí locht air mar gheall ar an
meas san a bheith aige air féin?


L. 113


Feuchaimís rómhainn sa sgéal. Ní bhfuair an Slán-
uightheóir an locht ar na daoinibh úd mar gheall ar mheas
a bheith acu ortha féin. Bhí dhá chúis aige leis an locht a
fuair sé ortha, 'sé sin iomad meas a bheith acu ortha
féin agus droch mheas a bheith acu ar dhaoinibh eile.



Tá dhá chuma 'n-ar féidir do'n duine meas a bheith
aige air féin. D'fhéadfadh duine meas mór a bheith
aige air féin agus ar pé maitheas atá ann, agus sa
n-am gcéadna, a thuisgint agus a dh'admháil i n'aigne
ná fuil aon mhaith ann ach maith a fuair sé ó Dhia. Fíor
úmhluigheacht iseadh an meas san ar dhuine féin. Agus
d'fhéadfadh duine meas mór a bheith aige air féin mar
gheall ar mhaitheas éigin a chíon sé ann féin, agus gan
cuimhneamh i n-aon chor ar Dhia a chruthuigh é, ach a chroídhe
bheith lán de mhór-is-fiú aige mar gheall ar an méid
sin maitheasa, chómh maith agus gur bh' air féin ba chóir
a bhuidheachas a bheith an mhaith san a bheith ann. Uabhar ar
fad iseadh an saghas san meas ag duine air féin. Tá
aon nídh amháin a thaisbeánan go h-áluinn cé 'cu uabhar
nó úmhluigheacht atá sa mheas atá ag duine air féin.
Má tá an úmhluigheacht sa mheas atá ag duine air féin,
uí baoghal choídhche, pé meas atá aige air féin, go mbeidh
aon droch mheas aige ar aon duine eile. Má's uabhar
atá sa mheas atá aige air féin beidh sé coitchianta ag
déanamh comparáide idir é féin agus daoine eile agus
'ghá dhéanamh amach i gcómhnuighe go bhfuil maith éigin
ann féin ná fuil ndaoinidh eile. Na daoine úd go
bhfuair an Slánuightheóir an locht ortha, uabhar iseadh a
bhí sa mheas a bhí acu ortha féin, agus d'á chómhartha san
féin, bhí an droch mheas acu ar dhaoinibh eile.



Rud iseadh uabhar gur b'ana dheacair é 'leigheas.
Dallan sé aigne an duine i dtreó nách aon mhaith bheith
ag caint leis ná a d'iaraidh chómhairle thabhairt dó. An


L. 114


fear ná fuil 'n-a chroídhe ach uabhar ar fad, déarfaidh
sé leat, suas le d' bhéal, "Ní duine gan locht mé.
Tá fhios agam go maith nách eadh. Tá mo lochtaí féin
orm. Ní'l aoinne gan locht éigin ann. Ach pé lochtaí
atá ionam ná ná fuil, sin locht ná fuil ionam. Ní'l
aon uabhar ionam, agus ní raibh riamh."



Siné cúis n-ar thug an Slánuightheóir an tsoluíd
chómh soiléir dos na daoine úd. Thaisbeáin sé dhóibh
an Fairisíneach agus é 'n-a sheasamh ansúd, ag déanamh
úrnuighthe, dar leis. Ní raibh aon úrnuighthe aige 'á
dhéanamh. Ag maoidheamh agus ag déanamh uabhair
iseadh bhí sé. Ag áireamh a mhaitheasaí féin a bhí sé, agus
ag áireamh peacaí daoine eile. "A Dhia," ar seisean,
"bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim mar an chuid eile
des na daoine; bitheamhnaigh; lucht éagcóra; lucht
adhaltranais." Agus ní fhéadfadh sé an poibliocánach
do leigint thairis; "ar nós an phoibliocánaigh seo,"
ar seisean.



Breithnigh an Fairisíneach san, a Chríosdaidhe. Tabhair
fé ndeara go maith é. Meaghaigh ad' aigne an uile
fhocal d'á ndúbhairt sé. Chuadhais-se féin chun faois-
dine go minic. Ní h-éidir gur dheinis an fhaoisdin ar
an gcuma so, feuch; "Buidheachas mór le Dia, a Athair,
ní bhím ag déanamh aon rud' as an slígh. Ní bhím ag
easgainidhe ná ag badhbóireacht ná ag cúlchaint. Ní
dhéanfainn aon pheacadh choídhche dá leigtí dom féin. Ach
tá droch chlann agam agus cuirid siad fearg orm.
Agus an bhean so atá agam bíon sí coitchianta a'm
ithe 's a'm ghearradh."



Nách fíor dheabhrathach leis an gcaint adubhairt an
Fairisíneach an chaint sin? A'd mholadh féin agus ag
innsint peacaí daoine eile! Nách shiné díreach a bhí
ag an bhFairisíneach 'á dhéanamh? 'Ghá mholadh féin agus


L. 115


ag innsint peacaí na ndaoine eile! Agus an bhfuil
fhios agat cad 'dúbhairt an Slánuightheóir i dtaobh an
Fhairisínigh? Dúbhairt sé go raibh a pheacaí air ag dul
abhaile dhó. Is baoghal, má 'sé faoisdin an Fhairisínigh
a dheinean tusa, a'd mholadh féin agus ag innsint
peacaí daoine eile, gur b' amhlaidh a bheidh tuille peacaí
ort, ag dul abhaile dhuit, ná raibh ort nuair a bhís ag
teacht. Nuair a bheidh tú a't ollamhughadh féin chun
faoisdine seachain an Fairisíneach. Nuair a bheidh an
fhaoisdin agat 'á dhéanamh seachain an Fairisíneach.
Nuair a bheidh tú ag innsint do pheacaí seachain an
Fairisíneach. Cuir síos do pheacaí féin agus ná trácht
i n-aon chor ar aon duine eile ná ar pheacaibh aon duine
eile. Ní bheidh ort freagairt i láthair Dé ach ad'
pheacaibh féin, agus ní beag dhuit é. Ar an gcuma
gcéadna, pé saghas eile gnótha a bheidh ar siúbhal idir
thú féin agus Dia, seachain an Fairisíneach. Bíodh an
meas is mó fhéadfair agat ort féin i láthair Dé, ach
tuig an fhírinne i gcómhnuighe. Tuig ad' aigne go
cruinn má tá aon mhaitheasaí ionat gur b'é Dia a thug
duit iad. Tuig, leis, go cruinn, agus b'fhéidir go
mbainfeadh san an mhóráil díot, go gcaithfir freagairt
i láthair Dé ins gach aon tabharthas d'ár bhronn sé ort.
Má chítear an uair sin go mbeidh úsáid mhaith déanta
agat des na tabharthaistibh a bhronn sé ort beidh an
sgéal go maith agat. Má chítear an uair sin gur ag
maoidheamh as na tabharthaistibh a chaithis do shaoghal
agus ag déanamh baoise mar gheall ortha, i n-inead iad
do chur chun glóire do Dhia a thug duit iad, geallaim
dhuit, agus tá fhios agat féin é, go mbeidh an sgéal
dian ort. Seachain an Fairisíneach, adeirim leat.



Sa tsoluíd sin a thug an Slánuightheóir dos na
daoine úd a bhí chómh mainíghneach asta féin agus as


L. 116


a bhfíoraontacht, tugan sé radharc dúinn ar dhuine
eile. Tugan sé radharc dúinn ar an bpoibliocánach.
Daoine uaisle, galánta, creideamhnacha, diadha, dar
leis an bpoibilidheacht, ab eadh na Fairisínigh. Agus,
dar leis an bpoibilidheacht gcéadna, droch aicme ar
fad ab eadh na poibliocánaigh. Sin mar a bhí an sgéal
ag an dá aicme os cómhair na poibilidheachta. Ach bhí
an sgéal ar a mhalairt sin de chuma acu i láthair Dé.
Bhí na poibliocánaigh olc go leór i láthair Dé, ach d'á
olcas iad, ba mheasa na Fairisínigh 'ná iad.



Do thaisbeáin an Slánuightheóir, leis an soluíd, cad
é an dearmhad a bhí ar an bpoibilidheacht i dtaobh na
bhFairisíneach. Thaisbeáin sé, mar an gcéadna, d'á
olcas iad na poibliocánaigh go raibh aoinne amháin
ortha, pé'r domhan é, a bhí taithneamhach i láthair Dé.
Agus thaisbeáin sé dos na daoine a bhí ag éisteacht
leis, agus dos na Críosdaidhthibh go léir, riamh ó shin,
gur bh' í an úmhluigheacht a bhí ann a dhein taithneamhach
é i láthair Dé. Uabhar 'n-a steili-bheathaidh ab eadh an
Fairisíneach. Ní raibh aon rud sa phoibliocánach bhocht
ach úmhluigheacht ar fad. Thug an Slánuightheóir an
Fairisíneach dúinn mar shampla ar an uabhar, chun go
seachnóchaimís é. Thug sé an poibliocánach dúinn mar
shampla ar an úmhluigheacht, chun go ndéanfaimís beart
d'á réir. Do thráchtas ar an t-é a dhéanfadh faoisdin
an Fhairisínigh, 'ghá mholadh féin agus ag innsint peacaí
duine eile. Tá sampla áluinn againn sa phoibliocánach
ar an gcuma 'n-ar ceart do'n Chríosdaidhe an
fhaoisdin a dhéanamh i dtreó go mbeidh sí taithneamhach
i láthair Dé. D'fhan sé abhfad síos. Do chrom sé
a cheann. Bhí sé ag bualadh a uchta le neart dóláis
mar gheall ar a pheacaibh féin. Ní raibh sé ag cuimhneamh
i n-aon chor ar aon duine eile. Ní dheabhróchadh an


L. 117


sgéal go bhfeacaidh sé an Fairisíneach i n-aon chor, ná
go raibh fhios aige é bheith ann. Ní raibh uaidh ach go
ndéanfadh Dia trócaire air féin agus go maithfeadh
sé a pheacaí dhó. Sin mar ba cheart do'n Chríosdaidhe
dul chun faoisdine, agus sin mar ba cheart dó an
fhaoisdin a dhéanamh. An Críosdaidhe a ghlacfaidh
sampla an phoibliocánaigh agus do chuirfidh i n'fhaoisdin
úmhluigheacht an phoibliocánaigh, dólás croídhe an
phoibliocánaigh, macántacht admhála an phoibliocánaigh,
déanfaidh grásta an tSlánuightheóra, i Sácraimínt
na h-aithrighe, an chuid eile dhó, agus raghaidh sé abhaile
glan ó n-a pheacaibh. Tá focal an tSlánuightheóra féin
againn leis sin. An t-é a dhéanfaidh faoisdin an
Fhairisínigh; ag dul ar a chosaint féin i n-inead a pheacaí
dh'admháil; 'ghá mholadh féin i n-inead é fein a dhaoradh;
raghaidh sé abhaile agus tuille ualaigh air. Ní gádh an
méid sin a dh'innsint d'aon Chríosdaidhe go bhfuil an
Teagasg Críosdaidhe aige. Tuigean sé féin an sgéal
chómh maith agus d'fhéadfadh aoinne é dh'innsint dó.
Ach isé donas an sgéil go dtuigimíd a lán neithe go
maith agus 'n-a dhiaigh san ná deinimíd do réir ár dtuis-
giona. Taisbeánan ár dtuisgint dúinn an bóthar
ceart agus ansan ní foláir le n-ár dtoil a bóthar
féin do ghabháil.



Ach déarfaidh duine, b'fhéidir: "Má bhíon duine
macánta ansan, duine ná déanfadh an éagcóir pé cor
a bhéadh le tabhairt dó; má chíon an duine sin fear ag
déanamh an chaim, conus is féidir dó gan droch mheas
a bheith aige ar an bhfear san?"



Go díreach! Duine macánta de'n tsórd san ab
eadh an Fairisíneach úd. Chonaic sé uaidh síos an poib-
liocánach. Duine de'n aicme a bhíodh i gcómhnuighe ag
déanamh an chaim ab eadh an poibliocánach san. Conus


L. 118


fhéadfadh an Fairisíneach gan droch mheas a bheith aige
air? Ach do chonaic Dia, i láthair na h-uaire céadna
san, gur bh'é an poibliocánach an fíoraon agus gur
bh' é an Fairisíneach an neamh-fhíoraon. Seachain tú
féin, a dhuine mhacánta, le h-eagla gur mar sin díreach
a bhéadh an sgéal agat-sa nuair ba dhóich leat ná féadfá
gan droch mheas a bheith agat ar an bhfear a dheinean an
cam, dar leat. Pé cam a dhein sé riamh, ná nár dhein
sé, cá bh'fhios duit-se conus a sheasuighean an sgéal
idir é agus Dia ar an neómat so? Nuair fheuch an
Fairisíneach síos agus nuair a chonaic sé an duine
bocht thíos agus a cheann féi aige agus é ag bualadh
a uchta, dá mbéadh aon chiall i n-aon chor aige d'éistfeadh
sé. Do thuigfeadh sé in' aigne go mb'fhéidir go raibh
an tsíothcháin déanta ag an nduine sin le Dia agus ná
béadh sé ceart i n-aon chor aige féin teacht idir é agus
Dia. Ach cad é sin agam 'á rádh! Ar ndó' dá mbéadh
an chiall san agus an tuisgint sin aige ní bhéadh sé
'n-a chladhaire Fairisínigh mar a bhí sé.



Breithnigh an bheirt go maith, agus ansan tabhair fé
ndeara an focal deirineach atá sa tSoisgéal.



"Gach duine d'árdóchaidh é féin ísleóchar é, agus
gach duine d'úmhlóchaidh é féin árdóchar é."



Caint ana dhoimhinn, a phobul, iseadh an méid sin
cainte. Cialluighean sí, ar dtúis, go bhfuil croídhe
agus aigne an duine ana chlaon chun uabhair, agus
nuair a bhíon an duine ag géilleadh do'n uabhar nách
foláir do thrócaire Dé, ar mhaithe leis an nduine sin
féin agus chun é choimeád ó dhíobháil anama dhéanamh
dó féin, trioblóidí do chur air, trioblóidí a bhrisfidh
agus a bhrúthfaidh an t-uabhar istigh 'n-a chroídhe agus
a thaisbeánfaidh dó go soiléir ná fuil aon chúis aige
chun uabhair a bheith air, agus go bhfuil gach aon chúis


L. 119


aige chun bheith úmhal. An t-é a thuigfidh an nídh sin i
n-am agus d'úmhlóchaidh é féin, uaidh féin, i n-am,
raghaidh sé saor ó n-a lán trioblóidí.



Tá ciall eile leis an gcaint sin. Nuair a chímíd
duine agus é úmhal, ciallmhar, ciúin 'n-a chaint,
uramamhail do chaint duine eile, gan aon fhocal choídhche
ag teacht as a bhéal i bhfuirim aon mhaoidhimh as a dheagh-
thréithibh féin; agus gur dáiríribh atá sé mar sin, nách
'ghá leigint air bheith úmhal atá sé i dtreó go molfadh
duine éigin eile a dheagh-thréithe; nuair a chímíd duine
de'n tsórd san tugaimíd inead ana árd dó i n-ár
meas. Isé nádúr na h-úmhluigheachta, nuair is
úmhluigheacht dhílis í, duine dh'árdughadh i n-ár meas.
Ar an gcuma gcéadna, nuair a chímíd duine agus nách
féidir leis dhá fhocal do labhairt gan bheith ag
maoidheamh as a dheagh-thréithibh, nách féidir leis éisteacht
le h-oiread agus aon fhocal amháin i bhfabhar dhuine
eile gan a chroídhe bheith lán d'éad, tugaimíd inead
íseal dó i n-ár meas. Isé nádúr an uabhair an duine
dh'ísliughadh. Mar sin, an t-é a bhíon 'ghá ísliughadh féin
le fíor úmhluigheacht, is 'ghá árdughadh féin a bhíon sé;
agus an t-é a bhíon ag briseadh a chroídhe agus ag
bodhradh na ndaoine, a d'iaraidh é fein a dh'árdughadh,
is 'ghá ísliughadh féin a bhíon sé, ar a dhícheal. Ní'l aon
tréith sa duine is ísle 'ná uabhar. Agus ní'l aon
tréith sa duine is uaisle 'ná fíor-úmhluigheacht.



Go gcuiridh an Tighearna an fhíor-úmhluigheacht san i
n-ár gcroídhthibh go léir. Amen.


L. 120


XLVII.



AN t-AONMHADH DOMHRACH DÉAG TAR ÉIR CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Marcus 7.)



Tá raint neithe sa tSoisgéal san, a phobul, atá
ábalta ar iongnadh chur ar an t-é a dhéanfadh machtnamh
ortha. Níor ghádh d'ár Slánuightheóir an duine thógaint
i leith-taoibh agus a mhéireana chur 'n-a chluasaibh agus
an seile chur ar a theangain, chun an leighis a dhéanamh
air. D'fhéadfadh sé an leigheas a dhéanamh le h-aon
ghníomh amháin ó n-a thoil naomhtha. Cad chuige gur dhein
sé na neithe eile, má 'seadh? Ní raibh aon chruadas sa
ghníomh san dó seachas aon ghníomh eile. Cad fé ndeara
dhó, má 'seadh, an osna dhéanamh? Nuair a bhí an
mhírbhuilt déanta agus an duine leighiste, dúbhairt an
Slánuightheóir leis an muintir a bhí láithreach agus do
chonaic an mhírbhuilt, gan bheith 'ghá innsint; ach sin mar
ba mhó a dh'innseadar é. Ansan, innstear dúinn gur
dheineadar iongnadh de'n mhírbhuilt sin, agus go
ndeiridís: "Deinean sé gach nídh go maith: agus tugan
sé éisteacht do'n bhodhar agus caint do'n bhalbh." Cad
'n-a thaobh gur dheineadar iongnadh de'n mhírbhuilt sin
seachas na mírbhuiltí eile a dhein sé? Bhí cuid des
na mírbhuiltibh eile agus, dar leat, ba mhó go mór de
mhírbhuiltibh iad 'ná an mhírbhuilt sin.



B'fhéidir, a phobul, gur fearr-de a thuigfimíd na
neithe sin má choimeádaimíd raint eile neithe go cruinn
os cómhair ár n-aigne. Do dhein ár Slánuightheóir na
mírbhuiltí go léir, ar dtúis chun a thaisbeáint dos na


L. 121


Iúdaigh agus do'n tsaoghal go léir go raibh cómhacht
Dé aige; ansan chun tairbhe dhéanamh dos na daoinibh a
bhí 'n-a ghátar, chun trócaire agus mór-mhaitheasa a
Chroídhe ró Naomtha dh'imirt ortha. Sin dá bhun a bhí
aige le h-iad a dhéanamh, ag taisbeáint a chómhachta agus
ag déanamh maitheasa. Ach tuigimís an méid seo.
Soluíd ab eadh, ar chuma éigin, gach mírbhuilt d'ár
dhein sé, ar chuid éigin de'n obair a bhí aige le déanamh
do'n chine daona. Do leighis sé daoine fé leith ó
ghalaraibh corpartha. Bhí an leigheas mírbhuilteach.
Dhein an mhírbhuilt tairbhe d'aon duine amháin éigin,
anso agus ansúd. Ach soluíd ab eadh an mhírbhuilt
sin ar leigheas eile a bhí le déanamh ag an Slánuigh-
theóir, ar leigheas spioraideálta, ar leigheas ó'n
bpeacadh, leigheas a bhí le déanamh, ní h-ar aon duine
amháin éigin anso agus ansúd, ach ar an gcine daona
go léir.



Ansan; níor bh' aon trioblóid do'n tSlánuightheóir
an leigheas corpartha dhéanamh. Ní raibh aige le
déanamh, sa leigheas, ach gníomh a thoile. Ní túisge a
thoiligh sé go ndéanfaí an leigheas 'ná mar a bhí an
leigheas déanta. Ní mar sin do'n leigheas spior-
aideálta. Is ana dheacair an leigheas spioraideálta
do dhéanamh ar an nduine, uaireanta, mar bhíon toil
an duine i gcoinnibh an leighis. Leigheas ó'n bpeacadh
iseadh an leigheas spioraideálta, agus ní féidir an
duine do leigheas ó'n bpeacadh, nídh nách iongnadh, an
fhaid a bheidh toil an duine ag gabháil leis an bpeacadh.
Nuair a bhíon an duine múchta ins na peacaibh, múchta
i ndroch bhéasaibh marbhuightheacha, bíon an t-anam gan
éisteacht gan urlabhra, chómh fada agus a théighean aon
tsaghas gutha spioraideálta. Ní h-aon tairbhe bheith
ag caint leis an nduine sin i dtaobh grásta Dé ná i


L. 122


dtaobh tairbhe a anama. Ní airighean sé focal. Tá sé
bodhar, chómh bodhar le duine a bhéadh marbh, sínte ar
chlár. Bhí an bhodhaire sin ar an gcine daona go léir
go dtí go dtáinig an Slánuightheóir chun na bodhaire
do leigheas. Soluíd ar an leigheas san a bhí aige le
déanamh ar an gcine daona go léir ab eadh an leigheas
a dhein sé ar bhodhaire chorpartha an duine sin a deir-
tear sa tSoisgéal. Chun deacarachta an leighis a bhí
le déanamh ar an mbodhaire spioraideálta do chur i
n-iúil iseadh thóg sé an duine i leith-taoibh agus do chuir
sé a mhéireana isteach 'n-a chluasaibh, agus dúbhairt
sé an focal "Ephphéta," "Osgail." Agus chun na
deacarachta san do chur i n-iúil iseadh dhein sé an
osna.



Sin adhbhar machtnaimh dúinne, a phobul. An bhfuil
aon bhaoghal go mbéadh an bhodhaire spioraideálta san
orainn? Bodhaire iseadh í is deacair a leigheas. Droch
bhéas peacamhail éigin iseadh chuirean an bhodhaire sin
ar an gCríosdaidhe. Cruadhan an droch bhéas an
croídhe. Bainean an droch bhéas an mothughadh as an
gcoinsias. Isé an coinsias cluas an anama. Nuair
a bhíon an mothughadh imthighthe as an gcoinsias bíon an
t-anam bodhar. Ní mhothuighean an t-anam san aon
chogar ó ghrásta Dé. Leanan an duine sin ar a dhroch
bhéas, ar a dhroch pheacaibh marbhuightheacha, agus ní
chuirean sé aon tsuim ionta. Dá mbéadh an éisteacht
aige, éisteacht an anama, ní'l aon pheacadh dhíobh san
a dhéanfadh sé ná cuirfeadh fearg Dé ag labhairt i
gcluasaibh a anama, ag labhairt mar a labharfadh tóirth-
neach. Ach tá an t-anam bodhar. Tá an coinsias gan
mothughadh. Ní h-aon tairbhe do'n tóirthnigh bheith ag
labhairt. Tá fhios aige go maith go bhfuil na peacaí
aige 'á dhéanamh. Tá fhios aige go maith gur peacaí


L. 123


marbhuightheacha iad. Tá fhios aige go dian mhaith go
gcuirfid na peacaí sin síos go teintibh ifrinn é. Ach
ní chuirean sé suim ar bith sa sgéal. Siné an neamh-
shuim a bhain an osna úd ó Chroídhe Naomhtha ár Slán-
uightheóra. Níor bh' aon mhoill ar an Slánuightheóir an
bhodhaire chorpartha do leigheas; ach an bhodhaire spioraid-
eálta san; an neamh-shuim sin sa pheacadh; duine, agus
a dhá shúil ar dian-leathadh agus é ag dul ceann ar
aghaidh isteach i lasair ifrinn, agus gan blúire suime
aige sa sgéal! A ghoile aige d'á chuid bídh i gcaitheamh
an lae. An oídhche aige 'á chodladh chómh sámh agus do
codlóchadh an leanbh í, agus a fhios aige go mb'fhéidir
go dtiocfadh an bás air aon neómat, agus dá dtagadh,
ná fuil dul ar bith aige ó theintibh ifrinn! Siné an
neamh-shuim, siní an bhodhaire anama a bhí ag an Slán-
uightheóir le leigheas do'n chine daona nuair a tháinig
an osna úd ó n-a Chroídhe Naomhtha. Siné an dorus
dúnta a bhí aige le h-osgailt nuair adúbhairt sé an
focal úd, "Ephphéta."



Bíon duine bodhar ar fad, agus bíon duine leath-
bhodhar, agus bíon duine agus gan air ach allaoire
bheag. B'fhéidir ná fuil puinn daoine go bhfuil an
sgéal chómh tiubaisteach san ar fad acu agus go
bhféadfaidís bheith coitchianta ag déanamh droch pheacaí
marbhuightheacha gan aon bhlúire suime sa phionós atá
'n-a gcóir. Ach is baoghal go bhfuil raint mhaith
daoine ná cuirean leath oiread suime sa phionós san
agus ba cheart a chur ann. Agus is baoghal gur beag
má tá aon Chríosdaidhe ar an saoghal gan raint éigin
de'n bhodhaire sin air. Is baoghal gur beag má tá aon
Chríosdaidhe a mhachtnuighean mar ba cheart ar leun-
mhaire an pheacaidh, ar an ndíobháil a dheinean sé, ar
an saoghal so féin, do'n duine a thuitean ann, agus


L. 124


ar an bpionós uathbhásach atá 'n-a chóir ar an saoghal
eile. D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhthe, is ceart dúinn
feuchaint chúghainn féin. Is ceart dúinn machtnamh
go dlúth ar an sgéal. Is ceart dúinn bheith coitchianta
'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir gléigeal a mhéireana
do chur isteach i gcluasaibh ár n-anama, an dorus
dúnta dh'osgailt, ár gcoinsias do ghlanadh ó gach
dúire agus ó gach neamh-shuim, i dtreó go n-éistfimís
go h-aireach le gach cogar ó ghrásta Dé agus go
mothóchaimís láithreach brígh agus bunús an chogair sin,
agus go leigfimís do'n chogar san eagla Dé chur
orainn. An t-é go mbeidh eagla Dé air déanfaidh
sé leas a anama.



Ach feuch. Do dhein an Slánuightheóir dhá leigheas ar
an nduine úd. Thug sé urlabhra dhó chómh maith le
h-éisteacht. D'fhéadfadh sé an t-urlabhra thabhairt
dó, leis, le gníomh toile. Ach do dhein sé níos mó 'ná
gníomh toile. Chuir sé seile amach agus chuir sé an
seile ar theangain an duine, agus do bogadh an
ceangal a bhí ar an dteangain, agus tháinig caint,
caint chruinn, do'n duine láithreach. Cad é an brígh a
bhí leis an seile? Bhí brígh ana dhoimhinn leis an seile
sin, a phobul.



Do chruthuigh Dia neamh agus talamh, ranna agus
reultana. Chruthuigh sé na h-éisg sa bhfaraige agus
na h-ainmhidhthe ar an dtalamh tirim. Chruthuigh sé
gach nídh beó agus neamhbeó. Agus feuch; níor chuir
sé ar chumas aon ruda eile d'ár chruthuigh sé aithne
chur air agus labhairt leis, ach amháin ar chumas an
duine. D'á mhéid solus sa ghréin ní féidir di aithne
chur ar Dhia ná labhairt leis. D'á aoírde í an spéir
agus d'á fhairsinge é an talamh; d'á mhéid agus d'á
raímhre iad na cnuic, ní féidir dóibh labhairt le Dia


L. 125


ná aithne chur air. Ar ar chruthuigh Dia sa tsaoghal so
ní'l ach an duine gur féidir dó aithne chur ar Dhia agus
labhairt leis. Agus feuch cad dúbhairt an Teagasg
Críosdaidhe linn fadó:-



"Cad chuige gur chruthuigh Dia sinn?



"Chun aithne chur air agus chun é ghrádhughadh ar an
dtalamh so agus chun séin síoruidhe do shealbhughadh
'n-a dhiaigh so ar neamh."



Tá ar chumas an duine labhairt le Dia. D'á bhrígh
sin ba cheart do'n duine bheith i gcómhnuighe ag labhairt
le Dia. I dtusach aimsire do lean an duine ar feadh
tamaill 'ghá dhéanamh san. I ndiaigh ar ndiaigh do dhein
an duine dearmhad dé. Fé dheire do stad sé dhé.
Ansan do chuaidh sé as aithne bheith aige ar Dhia. Ansan
do ghlac sé déithe fallsa. Ansan d'imthigh sé amú' ar
fad i dtreó ná feidir sé an raibh Dia ann i n-aon chor
nó ná raibh. Nuair a bhí sé sa chás san ní raibh ar a
chumas, a thuille, labhairt le Dia. Bhí an t-urlabhra
san caillte aige. Bhí sé balbh. Bhí gádh aige le
Dia, agus ní raibh ar a chumas glaodhach ar Dhia
Bíon gádh ag an mbeithidheach allta le Dia. Is
é Dia a thugan biadh dhó. Is é Dia a chuirean
neart ann. Is é Dia thugan sláinte dhó. Nuair
a bhíd na neithe sin i n-easnamh air ní féidir dó
glaodhach ar Dhia agus na neithe sin a dh'iaraidh air. Ní
foláir dó fanamhaint go dtugaidh Dia dhó iad uaidh
féin. Nuair a chaill an duine a chumas ar labhairt
le Dia bhí sé ar nós an bheithidhigh allta. Má bhí sé i
ngádh le neithibh, ní raibh ar a chumas labhairt le Dia
agus na neithe sin a dh'iaraidh air. Chaith sé fanamhaint,
ar nós an bheithidhigh allta, go dtí gur thug Dia dhó iad
uaidh féin. Ansan ní raibh ar a chumas buidheachas a
ghabháil le Dia mar gheall ortha ach chómh beag agus bhí


L. 126


ar chumas an bheithidhigh allta. Bhí sé chómh balbh ó chaint
le Dia agus bhí an beithidheach allta.



Bhí an bhailbhe sin ar an gcine daona go léir nuair
a tháinig an Slánuightheóir. Cuid d'obair an tSlán-
uightheóra ar an saoghal so ab eadh an chine daona do
leigheas ó'n mbailbhe sin agus a mhúineadh dhóibh airís
conus labhairt le Dia. Soluíd ar an leigheas san a
bhí le déanamh ar an gcine daona ó'n mbailbhe spior-
aideálta, ab eadh an mhírbhuilt le n-ar leighis an Slán-
uightheóir an duine úd ó'n mbailbhe chorpartha a bhí air.
Ach ba dheacara go mór do chómhacht Dé féin an chine
daona do leigheas ó'n mbailbhe spioraideálta 'ná an
duine úd do leigheas ó'n mbailbhe chorpartha. Níor
bhfoláir do'n tSlánuightheóir caint amach as a bhéal
naomhtha féin do chur isteach i mbéal na cine daona sar
a sgaoilfí an ceangal a bhí ar a dteangain i dtreó go
bhféadfaidís labhairt leis an Athair Síoruidhe. Chuir
sé an chaint sin amach as a bhéal féin, isteach i mbéal-
aibh na cine daona, nuair adubhairt sé le n-a dheis-
giobuil: "Seo mar a dhéanfaidh sibh guidhe chun Dé:
Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t'ainim; go
dtagaidh do rígheacht; go ndeintear do thoil ar an
dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laeth-
amhail tabhair dúinn indiu; maith dhúinn ár gcionta
mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuighean i n-ár n-aghaidh;
agus ná leig sinn i gcathaibh, ach saor sinn ó olc."



'Ghá chur i n-iúil gur amach as a bhéal féin, ar an
gcuma san, do chaithfeadh leigheas na bailbhe teacht do'n
chine daona iseadh chuir sé an seile as a bhéal ar thean-
gain an duine ar a raibh an bhailbhe chorpartha. Do bogadh
an ceangal de theangain an duine, agus tháinig caint
chruinn dó. Tré pháis agus tré bhás an tSlánuightheóra
do bogadh, leis, an ceangal de theangain na cine daona,


L. 127


agus do cuireadh airís ar chumas an duine feuchaint
suas os cionn gach uile nídh d'ár chruthuigh Dia ar an
saoghal so, feuchaint suas isteach ins na flathais, agus
labhairt, aghaidh ar aghaidh, leis an Athair Síoruidhe. Thug
an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, an chaint
sin do'n chine daona, agus do choimeád an chine daona,
nó formhór na cine daona, an chaint sin riamh ó shin.



Ach do choimeád cuid des na Críosdaidhthibh an chaint
níos fearr 'ná mar a choimeád tuille acu í. Ó aimsir
an tSlánuightheóra anuas, agus anois féin, tá daoine
naomhtha sa n-Eaglais agus do choimeádadar an
t-urlabhra san go cruinn. Choimeádadar é agus dhein-
eadar úsáid dé coitchianta. An fhaid a bhíodar ar an
saoghal so, an chuid atá imthighthe dhíobh, is suas ins na
flathais, ar an Athair Síoruidhe, a bhí a súile agus a
n-intinn. Is leis an Athair Síoruidhe a bhíodh a gcaint
agus a gcómhrádh coitchianta, go dtí gur chríochnuigh-
eadar a dtréimhse anso agus gur thóg an t-Athair
Síoruidhe chuige féin ar fad iad. An chuid acu atá ar
an saoghal so fós isé an sgéal céadna acu é. Iad ar
an saoghal so agus a n-aigne ar an saoghal eile. Iad
ag cur an tsaoghail seo dhíobh, i láthair Dé, agus a
gcómhrádh go léir agus a gcaint go léir ar an saoghal
eile, ag feitheamh go foidhneach leis an lá 'n-a nglaodh-
faidh Dia suas chuige féin iad.



Gan amhras sin mar ba cheart do gach aon Chríosdaidhe
bheith, an fhaid is toil le Dia é fhágaint ar an saoghal
so. Ach, foraoír, ní mar sin atá agá lán againn. Do
tugadh dúinn an t-urlabhra. Do bogadh an ceangal
de'n teangain againn. Do chuir an Slánuightheóir ar
ár gcumas labhairt leis an Athair Síoruidhe. Ach
is baoghal go bhfuil a lán againn nár dhein aon taithighe
de'n chaint. An t-é ná déanfaidh taithighe de'n chaint


L. 128


caillfidh sé an chaint. Is baoghal go bhfuil an chaint
caillte agá lán againn le h-easba taithighe. B'fhéidir
go bhfuil a lán againn agus go mbíon an chaint i n-ár
mbéalaibh againn agus go mbímíd 'ghá labhairt, ach nách
suas ar an Athair Síoruidhe a bhíon ár n-aigne ag
feuchaint nuair a bhímíd ag labhairt na cainte, ach mór-
thímpal orainn anso, ar thrioblóidibh agus ar ghnóthaibh
an tsaoghail seo. Má's mar sin atá an sgéal againn
tá sé suarach go leór againn, agus is ceart dúinn
feuchaint chúghainn féin láithreach. Is ceart dúinn ár
n-aigne do chrothadh suas agus mairbhithíghe an tsaoghail
seo do chaitheamh dínn. Leigint d'ár n-aigne eirighe
os cionn an tsaoghail seo fé mar a dh'eirighean an t-éan.
Leigint d'ár n-aigne aithne chur ar an Athair
Síoruidhe, agus labhairt leis an Athair Síoruidhe, agus
bheith ag feuchaint suas chun an Athar Síoruidhe; mar is
chuige sin a chruthuigh an t-Athair Síoruidhe aigne an
duine agus ní chun bheith cromtha ar an saoghal so.



Nuair a thuigimíd ar an gcuma san, a phobul, an
mhírbhuilt sin a dhein an Slánuightheóir glórmhar ar an
nduine a bhí bodhar balbh, agus nuair a bhreithnighmíd
an brígh uathbhásach a bhí fé'n mírbhuilt sin, is ró fhuiriste
dhúinn a rádh, fé mar adúbhairt na daoine a chonaic an
mhírbhuilt, "Deinean sé gach nidh go maith. Tugan sé
éisteacht do'n bhodhar agus caint do'n bhalbh."



Go leighisidh an Slánuightheóir sinn go léir ar gach
bodhaire agus ar gach bailbhe spioraideálta. Amen.


L. 129


XLVIII



AN TARNA DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 10.)



Feuch, a phobul: Ní mór gur gádh do shagart aon
fhocal do rádh le pobul mar gheall ar bhrígh na cainte
atá sa tSoisgéal san. Is beag ná gur bh'fhearr an
chaint d'fhágáilt mar atá sí, tá sí chómh breágh chómh
solusmhar chómh soiléir sin. Bhí na Iúdaigh ag feuch-
aint ar an Slánuightheóir agus ag éisteacht le n-a
chaint, agus i n-inead aon tairbhe bhaint dóibh féin as
an gcaint, is amhlaidh a bhíodar, mar ba ghnáth leó a bheith,
ag faireachán air agus ag ceistiúchán air, feuchaint
an bhféadfaidís, dar leó féin, aon bhuntáiste bhreith
air sa chaint. Nuair a chonaic sé an aigne sin ionta
níor dhein sé ach a rádh, go breagh réidh, le n-a dheis-
giobulaibh, agus cuid des na Iúdaigh ag éisteacht leis,
gur mhór an t-áthas a bhéadh ar na fáidhibh agus ar na
ríghthibh a bhí sa tsaoghal abhfad roimis sin dá bhfeic-
fidís an Slánuightheóir, nách ag faireachán ná ag ceis-
tiúchán a bheidís, ach a d'iaraidh gach tairbhe anama
dh'fhéadfaidís, d' fhághail ó'n Slánuightheóir. Ansan
iseadh d'eirigh fear na dlíghe agus chuir sé an cheist. Do
chuir sé an cheist, ach níor cheist mhacánta í. Ní h-eólus
a bhí uaidh. Ní raibh uaidh ach aighneas do chur ar an Slán-
uightheóir, feuchaint an ndéarfadh sé aon fhocal go
bhféadfaí cor nó casadh chur ann agus a rádh go raibh
sé i gcoinnibh dlíghe Mhaoise. "Cad tá le déanamh
agam," ar seisean, "chun na beatha síoruidhe a dh'fhághail?"


L. 130


Níor dhein an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis,
ach an cheist do chasadh air. "Tá san sgríobhtha sa dlígh,"
ar seisean. "Conus a léighean tú an dlígh?" Níor
bh'fholáir do'n duine an cheist sin d'fhreagairt nó a
thaisbeáint d'á raibh láithreach ná raibh an t-eólus aige
ba cheart dó a bheith aige. D'fhreagair sé í, go breagh
réidh. "Thugais freagra cruinn," arsa'n Slánuightheóir
leis. "Dein an méid sin agus beidh an bheatha shíoruidhe
agat." Nuair a dh'airigh an fear dlíghe an chaint sin
chonaic sé go raibh amadán déanta aige dhé féin os
cómhair na ndaoine; ceist curtha aige chun eóluis a
dh'fhághail, agus an t-eólus cheana aige féin! Theastuigh
uaidh a thaisbeáint nách gan chúis a chuir sé an cheist.



"Agus cé h-é mo chómharsa?" ar seisean.



Pé rud a dhein an chéad cheist a chuir sé, bhí brígh
agus bunús a dóithin leis an gceist sin. Bhí aigne na
n-Iúdach an uair sin imthighthe amú' ar fad i dtaobh na
ceiste sin, agus do ghlac an Slánuightheóir an ócáid
sin chun an dearmhaid a bhí ortha do cheartughadh agus
chun na fírinne do chur 'n-a luighe ar a n-aigne go
daingean, agus í chur 'n-a luighe ortha amach a' béal
a bhfear dlíghe féin. Do thuig na Iúdaigh an uair sin
go raibh ceangailte ar Iúdach Iúdach do ghrádhughadh mar
é féin. Níor thuigeadar, ámhthach, gur cheart d' Iúdach
aon ghrádh thabhairt do Gheinteach. Dá n-abradh an Slán-
uightheóir, lom díreach, gur chómharsa an Geinteach chómh
maith leis an Iúdach bhéadh a phuinte beirthe leis ag an
bhfear dlíghe. D'fhéadfadh sé iompáil agus a rádh,
"Tá an fear so ag cur dlíghe Mhaoise ar neamhnídh!
Tá órduighthe dhúinn i ndlígh Mhaoise, airís agus airís
eile, gan teangabháil ná cómhluadar a dhéanamh le
Geinteachaibh. Deir an fear so nach féidir d' Iúdach
an bheatha shíoruidhe dh'fhághail mura dtugaidh sé do'n


L. 131


Gheinteach an grádh céadna a thugan sé do'n Iúdach!"
D'iompóchadh san na daoine go léir, an uair sin, i
gcoinnibh teagaisg an tSlánuightheóra. Ansan iseadh
d'inis an Slánuightheóir an sgéal i dtaobh an fhir a
bhí ag dul ó Ierúsalem síos go Ierícó, agus conus
mar a bhuail na bitheamhnaigh uime agus cad é an cor a
thugadar air.



Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár n-aigne
gur thuit an nídh sin amach díreach mar a dh'inis an
Slánuightheóir é. Ní sgéal é do ceapadh mar sholuíd.
Rud ab eadh é do thuit amach le fírinne. Do chonaic
an Slánuightheóir é ag tuitim amach, mar chíon Dia gach
uile nídh. Níor bh'iongnadh liom i n-aon chor dá
mbéadh an bheirt láithreach ag éisteacht le caint an
tSlánuightheóra, an bheirt a chonaic an duine leath-
mharbh ar an mbóthar agus d'fhág ansan é. Má bhíodar
láithreach níor sgéidh sé ortha. Níor dhein sé ach a
dh'innsint cad a deineadh, agus ansan a dh'innsint cad
a dhein an Samaritánach, an duine iasachta, an duine
go raibh an droch mheas go léir ag an Iúdach air. Bhí
an sgéal cruaidh ar an Iúdach, a rádh gur dhein an
Samaritánach an deagh-chómharsanacht agus gur
dhiúltuigh gach duine de'n bheirt eile d'é dhéanamh. Má
bhí aon duine de'n bheirt eile ann ag éisteacht leis an
sgéal, is dócha go raibh sé ag crith le h-eagla go
'neósfaí air é. Níor h-innseadh. Níor dhein an Slán-
uightheóir ach iompáil ar an bhfear a thusnuigh an ceis
tiúchán agus a fhiafraighe dhé, lom díreach: "Cia 'cu
de'n triúr san ba dhóich leat-sa ba chómharsa do'n
duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach?"



Bhí an fear-dlíghe bocht i gcruadh-chás. Conus
fhéadfadh sé trácht ar dhlígh Mhaoise agus páirt a ghabháil
le h-aoinne de'n bheirt? B'fhéidir go raibh fhios aige


L. 132


cé'r bh'iad. Má bhí fhios aige é níor leig sé air é. Do
sgaoil sé amach an freagra fírinneach. "Is dóich
liom," ar seisean, "gur bh'é an t-é a dhein an char-
thanacht air ba chómharsa dhó."



Agus is dóich liom-sa gur bh' fhearr leis féin, um
an dtaca san, gur bh'é rud a bhéadh déanta ó thusach
aige 'ná a bhéal a choimeád dúnta. Ní dóich liom, pé
eólus ná pé tuisgint a bhí aige i ndlígh Mhaoise, go
raibh sé chómh h-ollamh chun ceistiúcháin as san amach.



Ag machtnamh ar an sgéal dúinn féin, i n-ár
gCríosdaidhthibh, is ceart dúinn mór-thrócaire ár
Slánuightheóra do thuisgint agus do mholadh agus
d'adhradh go h-árd. Chonaic sé an mhailís agus an droch
aigne a bhí istigh i gcroídhe an duine sin nuair a thusnuigh
sé ar an gceistiúchán. Chonaic sé go raibh an duine
sin lán-cheapaithe ar dhíobháil a dhéanamh dó — an díobháil
ba mhó fhéadfadh sé dhéanamh. Agus fós do ghlac sé
go réidh agus go cneasta é. Thug sé deagh-chómhar-
sanacht dó, bíodh gur toghadh droch chómharsanachta a
bhí aige d'á fhághail uaidh. Sin teagasg dúinne, a
Chríosdaidhthe, 'ghá chur 'n-a luighe orainn, go soiléir
agus go daingean, má's fíor-Chríosdaidhthe sinn gur
ceart dúinn, pé droch chómharsanacht a tabharfar dúinn,
gan droch chómharsanacht do thabhairt uainn mar
gheall air, ach an deagh-chómharsanacht a thabhairt i
gcómhnuighe pé olc maith an chómharsanacht a tugtar
dúinn.



B'fhéidir go ndéarfadh duine, "Ó, tá san ana
chruaidh."



Ní'l, go deimhin, ná cruaidh i n-aon chor. Agus rud
eile atá agam le rádh 'n-a thaobh. Tá a lán daoine a
dheinean é, agus a dheinean é coitchianta. Tá Críos-
daidhthe ann, agus ní beagán acu é, agus pé olc a


L. 133


bhéadh déanta agat ortha, dar leó, dá mbéadh do bhó
nó do chapall ar lár amáireach, bheidís 'ghá dtógaint
duit chómh tapaidh díreach agus bheidís do'n t-é nár
dhein aon olc riamh ortha. Ní h-é mo thuairim go bhfuil
aon pháirt d'Éirinn ná fuil san fíor ann. Tá sé fíor,
ar aon chuma, ins gach aon áit 'n-a bhfuil an fhíor-fhuil
Ghaedhlach le fághail.



Déanfaidh daoine, ar an gcuma san, tapaidh go leór,
deagh-chómharsanacht le gníomh. Tá deagh-chómhar-
sanacht eile, ámhthach, agus tá sé deacair go leór
uaireanta a chur fhiachaibh ortha é dhéanamh; 'sé sin deagh-
chómharsanacht le caint. Siné díreach an saghas deagh-
chómharsanachta a dhein an Slánuightheóir, moladh go deó
leis, ar an bhfear úd a tháinig ag cur air leis an gceis-
tiúchán. Droch chómharsanacht mhioscaiseach, mhailíseach;
crochaireacht; iseadh a bhí ag an bhfear san 'á dhéanamh
air, leis an gcaint a bhí aige 'á dhéanamh. Carthanacht
iseadh dhein an Slánuightheóir ar an bhfear san, leis an
gcaint a dhein sé leis an uair sin.



Feuch, a phobul: an fear úd a seóladh ameasg na
mbitheamhnach agus do fágadh ar an mbóthar leath-mharbh,
tar éis a raibh 'an tsaoghal aige do robáil uaidh, cé
leis go samhluighim é? Samhluighim-se é leis an bhfear
go ndíreóchaidh beirt nó triúr d'á chómharsanaibh ar
a chlú do chíoradh le cúlchaint. Do seóladh an duine
bocht ameasg bitheamhnach. Tá a bhfuil 'an tsaoghal
aige acu 'á bhaint dé. Ní'l aon tsaidhbhreas ag duine
ar an saoghal so is luachmhaire dhó 'ná a chlú. Stracaid
bitheamhnaigh na cúlchainte uaidh an saidhbhreas san. Ar
an gcéad dul síos ní'l aon droch chómharsanacht is measa
'ná an chúlchaint. Tá cómharsa ag éisteacht leis an
gcúlchaint sin. Ní'l focal as a bhéal, bíodh go bhfuil
fhios aige go maith gur éitheach an chúlchaint. Sin droch


L. 134


chómharsanacht. Siné díreach an saghas droch chómh-
arsanachta a dhein an bheirt úd a bhuail an bóthar dóibh
féin agus d'fhág an duine ansúd leath-mharbh agus
nár chuir blúire suime ann. Droch chómharsanacht iseadh
an chúlchaint. Droch chómharsanacht iseadh éisteacht
leis an gcúlchaint agus gan focal do labhairt chun an
duine do chosaint ar na bitheamhnaigh. Ní misde
bitheamhnaigh a thabhairt ortha. Ní'l bitheamhnaigh is measa
'ná iad. Má thagan bitheamhnach chun mo choda 'bhreith
leis tá seans éigin agam ar mo chuid do chosaint air
agus do choimeád uaidh. Má fhéadaim teacht suas leis,
b'fhéidir go bhféadfainn mo chuid a bhaint dé. Ach nuair
a thiocfaid beirt nó triúr i gcuideachtain a chéile agus
thusnóchaid siad ar mo chlú do ghoid uaim le cúlchaint,
le cogarnach agus le fásgadh béil agus le crothadh cinn,
ní'l aon tseans i n-aon chor agam ar mé féin a chosaint
ortha. Imtheóchaidh an chogarnach agus an fásgadh béil
agus an crothadh cinn ó dhuine go duine. Ar ball beidh
déanta dhom an droch chómharsanacht is measa a dh'fhéadfaí
a dhéanamh do dhuine, díobháil a dhéanamh 'n-a chlú dhó.
Éistean cómharsa dhom leis an ndíobháil d'á dhéanamh
dom. Ní deir sé focal ar mo shon. Éistean duine
muinteartha leis an ndíobháil. Ní deir sé focal ar
mo shon. Ansan, b'fhéidir, ráinighean do dhuine iasachta
éigin bheith ag éisteacht leis an gcogarnach agus leis na
cómharthaí sóird. Preaban sé láithreach agus buailean
sé buille 'chois sa talamh agus cuirean sé cosg leis an
gcúlchaint. Gach áit 'n-ar chuir an chogarnach gearradh
am' chlú, cuirean seisean focal fóghanta isteach sa
chneadh. Cuirean sé oíle agus fíon am' chneadhachaibh.
Fiafróchaidh sé go géar de lucht na cogarnaighe: "Cá
bh'fhios duit an fíor é? Cad é an deimhne atá agat air?
ar fhiafraighis de'n duine féin an fíor é? Má's


L. 135


bréag é cad é an leath-sgéal a bheidh agat le tabhairt
i láthair Dé uait? Do leathais an bhréag le d' chogar-
nach agus le d' chrothadh cinn agus le d' chómharthaibh. Pé
'cu fíor nó bréag é, bheidh cúntas dian ad' choinnibh-se
mar gheall air. Bhí do chogarnach agus do chur-thré-
chéile agus do chómharthaí sóird agat ar ghnó nár bhain
i n-aon chor leat. Ní fheadaraís anois cá stadfaidh
an droch obair atá déanta agat, ach beidh tú freagarthach
sa droch obair go léir, pé fada gairid a raghadh
sé."



Siné an Samaritánach. Siné an fear a dheinean an
charthanacht agus an deagh-chómharsanacht. Sin mar
ba cheart do gach aon Chríosdaidhe a dhéanamh nuair a
bheidh cúlchaint ar siúbhal 'n-a láthair. Tá ceangailte
ar gach aon Chríosdaidhe é dhéanamh.



Ar chómharsanacht iseadh do chríochnuigh an chaint an
lá úd, idir ár Slánuightheóir agus fear na dlíghe. Do
thaisbeáin an sgéal beag ó'n Slánuightheóir an dá
shaghas cómharsanachta, an droch chómharsanacht agus
an deagh-chómharsanacht. Do chuir an sgéal beag an
dá shaghas cómharsanachta i n-aice 'chéile go deas i dtreó
nár bh'fhéidir d'aoinne an uair sin, agus nách féidir
d'aoinne riamh ó shin, ná anois, aon dearmhad a dhéanamh
'n-a dtaobh, 'ná gan iad a dh'aithint ó chéile go h-ana
mhaith. Bhíodar curtha i n-aice 'chéile chómh deas san,
agus a chómharthaí so-fheicse féin ar gach taobh acu, go
mb' éigean do'n fhear dlíghe féin iad a dh'admháil gan a
thuille aighnis.



"Cia 'cu de'n triúr úd is dóich leat-sa," arsa'n
Slánuightheóir, "ba chómharsa do'n fhear a seóladh ameasg
na mbitheamhnach?"



"An t-é a dhein an charthanacht air," arsa'n fear
dlíghe.


L. 136


Tabhair fé ndeara an freagra san. "An t-é a
dhein an charthanacht air."



Isé, d'á bhrígh sin, tusach agus deire, bun agus
bárr, lár agus leath-imeal an sgéil go léir, gur b'í
an charthanacht cómhartha so-fheicse na deagh-chómharsan-
achta. An t-é go bhfuil grádh ceart aige d'á chómh-
arsain ní dhéanfaidh sé díobháil d'á chómharsain. Ní
dhéanfaidh sé díobháil dó 'n-a phearsain. Ní dhéanfaidh
sé díobháil dó 'n-a chuid. Ach thar gach nídh eile, ní
dhéanfaidh sé díobháil dó 'n-a chlú. Ní dhéanfaidh sé
cúlchaint ar a chómharsain. Ní'l aon droch chómharsan-
acht is measa 'ná an chúlchaint. Ní'l aon rud is mó
atá i gcoinnibh carthanachta 'ná cúlchaint. Do gheall
an Slánuightheóir an bheatha shíoruidhe an uair úd do'n
t-é a dhéanfadh an charthanacht ar an gcómharsain.



"Imthigh-se agus dein mar an gcéadna."



Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal d'á ghrástaibh
dúinn san do dhéanamh. Amen.



XLIX.



AN TRÍMHADH DÓMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 17.)



Breithnigh an focal san, a Chríosdaidhe: "Cá bhfuil
an naonbhar eile?"



Bhí deichneabhar acu ann. Bhí an galar ortha ba
ghráinneamhla dh'fhéadfadh a bheith ar dhuine. Galar ana
shalach, ana fhuathmhar, ana thógálach. An duine n-a
mbíodh an galar san air ní leigtí dhó teacht i n-aon chor


L. 137


ameasg daoine le h-eagla go dtógfadh na daoine an
galar uaidh. Níor bhreóiteacht an galar, i dtusach
bára ar aon chuma. Do mhairfeadh duine mórán aimsire
agus an galar san air, agus bhéadh siúbhal agus rian
aige, agus neart agus goile, ach an salachar a bheith ar
a chroicean agus 'n-a chuid fola. Bhéadh an salachar
croicinn agus an bréantas fola ag neartughadh go
dtí, fé dheire, go mbéadh an fheóil ag lobhadh agus ag
leaghadh, agus ag tuitim de bhallaibh beatha an duine,
agus ná féadfaí teacht i n-aon ghaor dó le neart an
droch bhaluith a bhéadh uaidh. Do leanadh an galar ag
dul i n-olcas ar an gcuma san go dtí go dtagadh an
bás ar an nduine. I dteannta gach droch nídh eile
d'ár bhain leis an ngalar san ní raibh aon eólus ag
dochtúiribh ar aon rud a leighisfeadh é. Na daoine go
dtagadh an galar san ortha ba mhór an truagh iad.
Chaithidís imtheacht amach ins na coilltibh agus maireach-
taint mar bhéadh daoine fiadhaine, agus fanamhaint
mar sin amuich ins na coilltibh go dtí go dtiocfadh an
bás ortha.



Bhí deichneabhar acu i gcómhgar na slíghe sin 'n-a raibh
an Slánuightheóir le gabháil. D'airigheadar go raibh
sé le gabháil an treó san. Bhíodar ag éisteacht i
gcaitheamh na h-aimsire roimis sin leis na tuairisgibh
uathbhásacha a bhí i mbéalaibh na ndaoine ar na mírbhuiltibh
a bhí aige 'á dhéanamh, agus go mór mór, ar na leighsean-
aibh mírbhuilteacha a bhí aige 'á dhéanamh. Bhí fios aitheanta
a gcreidimh acu. Bhí fhios acu go raibh an Slánuightheóir
geallta do'n chine daona. Bhí fhios acu go raibh an
aimsir tagaithe 'n-ar cheart súil a bheith le n-a theacht.
Nuair airigheadar na mírbhuiltí uathbhásacha bheith d'á
ndéanamh, d'inis a gcreideamh dóibh gur bh' é an Slán-
uightheóir a bhí tagaithe agus gurbh' É a bhí ag déanamh


L. 138


na mírbhuiltí sin. Ansan do shocaruigheadar ar theacht
ar an slígh roimis agus ar a dh'iaraidh air iad do
leigheas. Ní raibh ceaduighthe dhóibh teacht ach i ngioracht
glaodh do'n bhóthar a gheóbhadh sé. Thánadar i ngioracht
glaodh do'n bhóthar, agus chómh luath agus chonacadar
é do chuireadar suas an ghlaodh, "A Íosa, a Mháighistir,
dein trócaire orainne!" Chítear ansan an neart
a bhí sa chreideamh a bhí acu. Níor chuaidh sé ag triall
ortha. Níor chuir sé a lámh ortha. Níor bhain sé i
n-aon chor leó. Ní dúbhairt sé leó, "Táthaoí glan."
"Imthighidh," ar seisean, "agus taisbeánaidh sibh féin
dos na sagairt." 'Sé sin i dtreó go dtabharfaí teis-
timéireacht dóibh 'ghá rádh go rabhadar glan ó'n lobhra.
Ach ní rabhadar glan an uair sin. Ní raibh aon leigheas
déanta an uair sin ortha. Ba dhóich le duine gur bh' é
rud a déarfaidís eatartha féin 'ná, "Cad é an gnó
atá againn ag dul 'ghár dtaisbeáint féin mar sin
agus gan aon leigheas déanta orainn?" Siné díreach
an rud a déarfaidís mura mbéadh an creideamh a bheith
chómh láidir ionta. Níor dheineadar ach gluaiseacht
láithreach fé dhéin na sagart, fé mar a dúbhradh leó.
Ansan do tugadh luacht saothair a gcreidimh dóibh.
D'imthigh an aicíd díobh agus iad ar an slígh.



Seadh. Tabhair fé ndeara go cruinn anois, a Chríos-
daidhe, raint neithe atá le feisgint sa méid sin sgéil.
Bhí an creideamh go láidir, go h-ana láidir, ag an ndeich-
neabhar. Do deineadh do'n uile dhuine de'n deich-
neabhar an tairbhe corpartha ba mhó a dh'fhéadfaí
dhéanamh d'aon duine. Dá mba le h-aon duine de'n
deichneabhar san, an uair sin, saidhbhreas an domhain
uile go léir, thabharfadh sé an saidhbhreas go léir ar
leigheas a dh'fhághail dó féin ó'n aicíd ghrána san, dá
mb'fhéidir an leigheas a dh'fhághail ach an saidhbhreas san


L. 139


do dhíol as, agus ní baoghal gur dhóich leis go mbéadh
an leigheas ró dhaor. Do tugadh an leigheas do gach
duine de'n deichneabhar agus níor h-iaradh ortha aon
rud a dhíol as. Do tugadh an leigheas dóibh i n-aisge.
Ansan do thuit rud amach agus, an t-é mhachtnóchadh
air, is iongantach an rud é. D'á mhéid creideamh a bhí
acu go léir, níor tháinig thar n-ais chun a bhuidheachais do
ghabháil le Dia na glóire ach an t-aoinne amháin! Bhí
an creideamh acu go léir. Chuir an creideamh fhiachaibh
ortha go léir focal an tSlánuightheóra do ghlacadh agus
rud a dhéanamh air sar ar deineadh aon leigheas ar
aoinne acu. Agus fós níor chuir an creideamh céadna
san fhiachaibh ortha teacht thar n-ais agus, mar adúbhairt
an Slánuightheóir, "glóire thabhairt do Dhia." "Cá
bhfuil an naonbhar eile?" arsa'n Slánuightheóir.



Ní gan fáth a chuir an Eaglais an nídh sin os ár gcómh-
air-ne i Soisgéal an lae 'ndiu, a phobul. Tá Dia,
coitchianta, ag bronnadh a thabharthaistí orainne.
Tabharthaistí móra iseadh iad go léir. Is minic ná
machtnuighmíd i n-aon chor ar a méid agus ar a dtairbhe
go dtí go mbaintear dínn tabharthas éigin acu. Tagan,
cuir i gcás, rud éigin ar shúil dhuine. Laguighean an
radharc sa tsúil. Tagan eagla ar an nduine go gcaill-
fidh sé an tsúil. Siúd gach aon ghnó eile caithte soir
siar láithreach ag an nduine sin, agus siúd ag imtheacht
ar fuid na dútha é, fé thrioblóid agus fé chostas, ó
dhochtúir go dochtúir, feuchaint an bhféadfaí an radharc
a choimeád sa tsúil sin. Má's Críosdaidhe fóghanta
é, agus go bhfuil an creideamh go láidir istigh 'n-a
chroídhe, is minic i gcaitheamh an lae a bhíon a chroídhe agus
a aigne ag glaodhach go h-árd ar Dhia, a gan fhios do'n
tsaoghal, 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire an tsúil sin
do leigheas agus an radharc fhágáilt inti. Ach tá súil


L. 140


eile aige agus radharc maith inti. An 'mó uair a chuimh-
nighean sé ar bhuidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ar
an súil eile bheith go maith aige? An tsúil sin atá i
gcontabhairt anois bhí sí go h-áluinn aige ar feadh fiche
bliadhan, ar feadh dachad bliadhan, b'fhéidir, sar a
dtáinig an méid sin umáird uirthi. An 'mó uair i
gcaitheamh na mbliadhanta san go léir a chuimhnigh sé
i n'aigne gur thabharthas mór ó Dhia na glóire an tsúil
sin? Agus an 'mó uair a thug sé buidheachas do Dhia
na glóire mar gheall ar an dtabharthas san? Ar
chuimhnigh sé i n-aon chor, riamh, ar rud de'n tsórd san
a dhéanamh, i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir? Is
ceist í, a phobul. B'fhéidir nár chuimhnigh. Bhí fiche rud
ag teacht idir é agus cuimhneamh air. Bhí an tsúil féin
go maith agus go láidir agus go glan. Níor tháinig
lá d'á chuimhne dhó gur thabharthas ó Dhia í go dtí go
dtáinig an t-umárd uirthi.



Nách truagh an sgéal é, a phobul, a rádh go gcaithfidh
Dia na glóire, go minic, cuid d'á thabharthaistibh a bhaint
dínn chun a chur fhiachaibh orainn a dh'admháil gur bh' É
féin a thug dúinn ar dtúis iad! Ní deirtear sa
tSoisgéal gur cuireadh an galar airís ar an naonbhar
úd nár tháinig thar n-ais chun buidheachais a ghabháil.
Bhí an Slánuightheóir ró thrócaireach chun rud de'n tsórd
san a dhéanamh. Ar ár nós féin, tháinig fiche rud do
chuir an buidheachas as a n-aigne. Bhí an t-áthas go
léir ortha nuair a fuaradar go bhféadfaidís dul
abhaile ag triall ar a ndaoine féin. Bhí; agus dhear-
mhadadar an t-é chuir ar a gcumas dul abhaile ag triall
ortha. Bhí an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas
leis, ró fhial chun an dearmhaid sin d'agairt ortha.
Ach do dhein sé an gearán ortha go cruaidh. "Cá bhfuil
an naonbhar eile?" ar seisean.


L. 141


Ní'l aon dabht i n-aon chor air, a phobul, ná go gcaithean
Dia na glóire, go minic, cuid d'á thabharthaistibh a
bhaint dínn, ar mhaithe linn, chun a chur fhiachaibh orainn
glóire thabhairt do Dhia mar is ceart dúinn. Cia bhí
beirthe ná caillte leis an rud a dhein an t-aoinne amháin
úd agus nár dhein an naonbhar? Ní raibh aoinne beó
beirthe ná caillte leis ach an t-aoinne amháin agus an
naonbhar. Ní'l aon ghádh ag Dia le moladh ná le glóire
uainne! Má thugaimíd glóire agus moladh do Dhia
is sinn féin atá beirthe leis. Má dheinimíd faillighe
dhé is sinn féin a bheidh caillte leis an bhfaillighe sin.
Ní'l aon ghádh ag Dia linne. Ach tá gach aon ghádh
againne le Dia. Is maith le Dia go ndéanfaimís leas
ár n-anama. Chuige sin iseadh chruthuigh sé sinn. Isé
leas ár n-anama bheith ag cuimhneamh i gcómhnuighe ar
Dhia, ag tabhairt grádha dhó, ag cur ár dtoile le n-a
thoil naomhtha. Má dheinimíd faillighe dhé sin ní foláir
do thrócaire Dé rud éigin a dhéanamh a chuirfidh
fhiachaibh orainn an fhaillighe do chur uainn. Isé rud
a dheinean Dia go minic, chuige sin, 'ná tabharthas éigin
d'á thabharthaistibh féin a thógaint uainn ar feadh tamaill.
Nuair a tógtar uainn an tabharthas, pé saghas tabhar-
thais é, pé 'cu radharc súl é, nó lúth géige, nó raint
éigin d'ár gcuid, iompuighmíd láithreach agus iaraimíd
ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é, an nídh sin a thabhairt
thar n-ais dúinn. Ansan, nuair a bhíon an tairbhe
anama déanta dhúinn, nuair a bhíon úmhlughadh déanta
againn orainn féin i láthair Dé agus ár gcreideamh
neartuighthe ó'n úmhlughadh san, b'fhéidir go
dtugan Dia dhúinn thar n-ais an tabharthas a thóg sé
uainn. B'fhéidir, leis, ná tugan, mar go bhfeicean
sé nách é leas ár n-anama é dh'fhághail airís i
n-aon chor.


L. 142


Tugan san chun ár gcuimhne rud a chímíd go minic,
agus a chuirean iongnadh orainn. Chímíd uaireanta
daoine ná fuil aon chreideamh acu agus ná raibh riamh,
agus tugan Dia an saoghal ar a dtoil féin ar fad
dóibh. Sláinte mhaith acu. An saoghal ag eirighe leó
ar gach aon tsaghas cuma. Saidhbhreas agus ollmhaitheas
ag tuitim chúcha isteach gan puinn d'á dhuagh fhághail.
Ach na daoine bochta go bhfuil an creideamh 'n-a gcroídhe
acu, gan rígh ná rath, sa tsaoghal so, ortha féin ná ar
aon rud is leó! Nuair ná bíon umárd ar a sláinte
bíon sé ar a gcuid. Uaireanta bíon an t-umárd
ortha féin agus ar a gcuid. Agus ní túisge bhíon
umárd curtha dhíobh acu 'ná mar siúd umárd éigin eile
ortha, agus gur truime, b'féidir, an tarna h-umárd
'ná an chéad umárd. Chímíd rud de'n tsórd san uair-
eanta, agus ní bhíon againn le rádh ach, "Is greann-
mhar an sgéal é!"



Ní greannmhar i n-aon chor. Ní'l aon rud greannmhar
ann. Isé an sgéal céadna díreach é ó thusach. Ní dos
na h-Aspoil a thug Dia cómhacht agus saidhbhreas agus
ollmhaitheas an tsaoghail seo. Is dos na págánaigh a
thug sé iad. Níor thug Dia dos na h-Aspoil ar an
saoghal ach dealbhas agus uireasba agus trioblóidí,
agus ruagadh agus díbirt ó áit go h-áit, agus bualadh
agus bataráil agus an uile shaghas droch úsáide. Ní
túisge bhíodh trioblóid curtha dhíobh acu 'ná mar a
thagadh trioblóid éigin ba throime 'ná é i n'inead ortha.
Agus thug Dia saidhbhreas agus áthas agus suairceas
an tsaoghail seo, go rathmhar agus go séanmhar, dos
na págánaigh a bhí sa tsaoghal le linn na n-Aspol.
Tuigimíd go léir an méid sin, agus ní deirimíd choídhche,
"Ba ghreannmhar an sgéal é!" Ní deirimíd, mar tá
fhios againn go dian mhaith go raibh a dtuarasdal le


L. 143


fághail ag na h-Aspoil chómh luath agus d'fhágfaidís
an saoghal so, tuarasdal nár bh' fhéidir d'intleacht
an duine a shaidhbhreas do mheas.



Tá an sgéal ar an gcuma gcéadna díreach fós.
An Críosdaidhe gur b' é toil Dé trioblóidí an tsaoghail
seo thabhairt le fulang dó, agus d'fhuilingeóchaidh iad
do réir thoile Dé, tá an tuarasdal céadna 'n-a chóir
ar an saoghal eile a bhí i gcóir na n-Aspol, agus
gheobhaidh sé an tuarasdal san, i gcómhluadar na
n-Aspol, ar feadh na síoruidheachta. D'á bhrígh sin ní'l
aon rud greannmhar sa sgéal. Ní h-ar an saoghal so
atá a thuarasdal le tabhairt do Chríosdaidhe atá fíor-
aonta. Is ar an saoghal so atá a fhíoraontacht le
taisbeáint, agus isiad na trioblóidí saoghalta a
dheinean an taisbeáint sin. Ní'l an taisbeáint sin
le déanamh i n-aon chor ar na daoine atá gan creideamh.
Ní féidir rud a thaisbeáint agus gan an rud ann.
Ní'l aon fhíoraontacht acu le taisbeáint. Ní'l aon
tairbhe anama ag trioblóidibh saoghalta le déanamh
dóibh. D'á bhrígh sin ní curtar chúcha iad mar a curtar
chun na bhfíoraon iad. Sgaoiltear leó ar an saoghal
so fé mar a sgaoiltear leis an mbeithidheach allta.
Tiocfaidh an saoghal eile ortha. Ní beag dhóibh a
luathacht.



Isé crích an sgéil é, a phobul, gur ceart dúinn go
léir an rud a dhein an naonbhar úd, agus an rud a
dhein an t-aoinne amháin úd, do bhreithniughadh go h-ana
chruinn, agus an dá nídh do choimeád i gcómhnuighe i
n-ár n-aigne. Ní'l aon bhaoghal ná go ndéanfaimíd
an rud a dhein an deichneabhar i n-aonfheacht. Ní'l aon
bhaoghal ná go nglaodhfaimíd ar Dhia nuair a bheidh
rud againn le h-iaraidh air. Beithidheach allta amuich
's amach iseadh an t-é ná déanfaidh é sin. Tá gach aon


L. 144


bhaoghal, ámhthach, nuair a thabharfaidh Dia dhúinn an rud
a bheidh againn 'á iaraidh go cruaidh air, go ndéan-
faimíd mar a dhein an naonbhar, go mbeimíd chómh
tógtha san leis an dtabharthas ná cuimhneóchaimíd ar
theacht agus ar bhuidheachas a ghabháil le Dia mar gheall
ar é thabhairt dúinn. Ansan, má chíon Dia go bhfuil
an tabharthas san ag déanamh díobhála anama dhúinn,
gur measa linn an tabharthas 'ná an t-É a thug dúinn é,
ar neóin tá fhios ag an saoghal go gcaithfidh Dia na
glóire, moladh go deó leis, ar mhaithe le n-ár n-anam
féin i gcóir na síoruidheachta, an tabharthas san a
thógaint uainn airís. Pé sgéal é, pé rud is toil le
Dia a dhéanamh, pé 'cú fhágfaidh sé a thabharthas againn
nó a thógfaidh sé uainn é, is ceart dúinn féin ár
n-aigne shocarughadh go daingean ar an méid seo, gan
an dearmhad a dhein an naonbhar úd do dhéanamh choídhche.
Dearmhad grána b'eadh é. Ach deinimíd é, agus is
baoghal nách go h-anamh a dheinimíd é. Ba cheart
dúinn feuchaint chúghainn féin agus gan an dearmhad
san a dhéanamh a thuille. Ba cheart dúinn bheith i
gcómhnuighe ag áireamh na dtabharthaistí atá fághalta
againn ó Dhia agus ag gabháil ár mbuidheachais leis mar
gheall ortha.



Agus rud eile. Ní ceart dúinn bheith sásta le
buidheachas a ghabháil i bhfocalaibh cainte. Is ceart
gníomh éigin buidheachais a dhéanamh. Gníomh maith
buidheachais iseadh, má thug Dia saidhbhreas do dhuine,
cuid de'n tsaidhbhreas san a thabhairt dos na daoine
bochta nár thug Dia aon tsaidhbhreas dóibh. Gníomh
maith buidheachais iseadh trosgadh dhéanamh i n-onóir do
Dhia agus mar shásamh i n-ár bpeacaibh. Gníomh maith
buidheachais iseadh an t-Aifrean a dh'éisteacht go diadha.
Agus gníomh maith buidheachais, an gníomh buidheachais is


L. 145


fearr a dh'fhéadfadh Críosdaidhe a dhéanamh, iseadh Naomh
Ídhbirt an Aifrinn do chur 'á dhéanamh i n-onóir do
Dhia. Tá sé ar chumas aon duine gur maith leis é
dhéanamh, dul agus labhairt le sagart agus a iaraidh
air Aifrean do rádh dhó. Tá a lán Críosdaidhe a dheinean
é sin go minic, pé 'cu ag lorg tabharthais éigin ar Dhia
a bhíd siad nó ag tabhairt buidheachais do Dhia mar gheall
ar thabharthas éigin a fuaradar uaidh. Ach tá a lán eile
ná cuimhnighean choídhche ar a leithéid.



Pé rud a dhéanfaimíd, a Chríosdaidhthe, ná bíodh sé
le casadh linn ag an Slánuightheóir gléigeal, gur thug
sé a thabharthaistí dhúinn agus ná raibh sé de mhaith
ionainn oiread agus buidheachas a ghabháil leis mar
gheall ortha. Go gcuiridh Dia i n-ár gcroídhe déanamh
mar a dhein an t-aoinne amháin úd a tháinig thar n-ais
chun glóire thabhairt do Dhia. Amen.



L.



AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Sosigéal. (Maitiú 6.)



Feuch, a phobul: Is iongantach an brígh atá i bhfoca-
laibh an tSlánuightheóra. "Ní féidir do dhuine rud a
dhéanamh ar dhá mháighistir." An bhféadfadh aon rud
bheith níos fírinníghe? Ba chóir nár ghádh a thuille do
rádh 'n-a thaobh. Ach feuch go ndeir an Slánuightheóir
tuille 'n-a thaobh. Tabhair fé ndeara an focal a deir
sé 'n-a thaobh. Is ar dhá mháighistir áirighthe do labhair


L. 146


sé, agus d'inis sé cad a thuitfeadh amach i dtaobh an
dá mháighistir sin. Dia agus Mammon an dá mháigh-
istir. Tá an dá mháighistir sin bun os cionn le n-a
chéile. Táid siad i gcoinnibh a chéile ins gach aon phuinte.
Cialluighean Mammon saidhbhreas saoghalta. An t-é
go bhfuil grádh ceart aige do Dhia ní féidir dó grádh
bheith aige sa n-am gcéadna do shaidhbhreas an tsaoghail
seo. Chaithfidh Dia an croídhe go léir a dh'fhághail nó ní'l
grádh ceart do Dhia sa chroídhe sin i n-aon chor. Ar an
dtaobh eile de'n sgéal; má chuirean duine a dhúil i saidh-
bhreas saoghalta, ní foláir dó a chúl a thabhairt le Dia
agus le grádh Dé.



Tá taithighe mhaith againne anois ar an méid sin fírinne.
Táimíd ag éisteacht leis an fhaid atá ionainn éisteacht
le caint agus an chaint do thuisgint. Ní raibh an
taithighe sin ar an bhfírinne sin ag aoinne sa n-am san
'n-ar labhair an Slánuightheóir í. Bhí ana dhúil ag na
Iúdaigh i saidhbhreas saoghalta. Tá an dúil chéadna fós
acu sa tsaidhbhreas san, ach an dúil a bheith níos géire.
Do labhair an Slánuightheóir leis na deisgiobuil chun a
chur 'n-a luighe ortha nár bh'fholáir dóibh an dúil sin do
chur as a gcroídhe ar fad; nár bh'fhéidir dóibh Dia bheith 'n-a
mháighistir ar a gcroídhe agus dúil i saidhbhreas saoghalta
a bheith 'n-a mháighistir ar a gcroídhe, leis. Bhí gádh leis an
dteagasg san ag na deisgiobuil. Bhí an fhuil
Iúdach ionta agus an mianach Iúdach. D'á bhrígh sin
bhí an baoghal ann go ngéillfidís, luath nó mall, do'n
droch dhúil. I n-aimhdheóin gach teagaisg do ghéill duine
acu do'n droch dhúil. Do dhíol sé a Thighearna ar airgead.



Do thug an Slánuightheóir an teagasg d'á dheis-
giobulaibh. Ansan do thóg an Eaglais an teagasg agus
chuir sí ansan isteach é i Leabhar an Aifrinn, i dtreó go
léighfí amach é dos na Críosdaidhthibh go léir, agus go


L. 147


dtuigfeadh na Críosdaidhthe go léir ná béadh aon bhreith
acu ar dhá thaobh an sgéil sin a thabhairt leó, ar ghrádh
thabhairt do Dhia, mar atá ceangailte ar Chríosdaidhe a
thabhairt dó, agus sa n-am gcéadna, ar dhúil a gcroídhe
do chur i saidhbhreas an tsaoghail seo.



Ag feuchaint isteach sa chaint atá sa tSoisgéal san
ó'n Slánuightheóir, b'fhéidir go ndéarfadh daoine nách
do'n choitchiantacht a ceapadh an chaint sin riamh; nách
do'n choitchiantacht a dh'oirean sí; nách féidir do'n
choitchiantacht beart a dhéanamh d'á réir. "Feuchaidh
éanlaithe an aéir," adéarfar. "Ní chuirid siad síol ná
ní bhainid siad fóghmhar." Agus déarfar ansan,
b'fhéidir: "Andaigh, is gearr go mbéadh an saoghal go
deas againn dá luighmís amach ar dhéanamh mar a dheinid
éanlaithe an aéir, agus gan síol do chur ná gan fóghmhar
do bhaint."



Ní'l le rádh leis an t-é a labharfadh ar an gcuma san
ach, "A dhuine mhácánta, ní thuigean tú caint an tSois-
géil i n-aon chor."



Ní dúbhairt an Slánuightheóir leis na daoine gan síol
do chur ná gan fóghmhar do bhaint. Dúbhairt sé ná deinid
na h-éanlaithe é agus go dtugan Dia a ndóithin dóibh.
Ach cad deir sé leis an nduine? Deir sé leis an
nduine gan buairt a bheith air i dtaobh a bheatha, feuchaint
cad a dh'íosfaidh sé nó cad a chuirfidh sé uime, mar
gur mó le rádh an t-anam 'ná an biadh. Cad é an
tairbhe an biadh do dhuine ná béadh an tsláinte aige?
Agus cé thugan sláinte do dhuine ach Dia? Cad é an
tairbhe do'n duine bheith ag briseadh a chroídhe a d'iaraidh
bídh agus éadaigh a sholáthar dó féin agus d'á
chlainn murab é toil Dé sláinte thabhairt dó féin agus
d'á chlainn? "Nách mó le rádh an t-anam 'ná an biadh
agus an cholann 'ná an t-éadach?" Agus beidh duine


L. 148


ag briseadh a chroídhe a d'iaraidh an bhídh agus an éadaigh
a sholáthar, agus ní chuimhneóchaidh sé i n-aon chor ar an
obair atá ag Dia le déanamh sa sgéal! Dá mbreith-
nigheadh duine dhá thaobh an sgéil sa cheart is ar thaobh
Dé de'n sgéal a chuimhneóchadh sé ar dtúis. Ní
bhreithnighean; agus siné chuirean an dá mháighistir ar
an nduine. Ansan coimeádan sé an dá mháighistir
ar leithligh agus bíon sé coitchianta a d'iaraidh an dá
mháighistir do shásamh, dar leis. Bíon sé a d'iaraidh an
dá ghnó dhéanamh, agus iad deighilte ó n-a chéile aige.
Isé rud a thagan as san dó 'ná go mbíon an dá ghnó
ag measgadh ar a chéile air d'á aimhdheóin. Nuair is
maith leis a phaidreacha do rádh, bíon gnó an tsaoghail
ag teacht idir é agus na paidreacha. Ní fhéadan sé na
paidreacha do rádh sa cheart. Nuair a bhíon sé ag
éisteacht an Aifrinn, ní fhéadan sé gnóthaí an
tsaoghail do choimeád amach as a aigne agus cuimh-
neamh ar an Aifrean. Mar sin do gach aon tsaghas
gnótha a bhainean le Dia, ní féidir leis aon ghnó acu
do dhéanamh sa cheart, mar bíon an máighistir eile, an
gnó saoghalta, ag brúth isteach air agus 'ghá tharang i
leith-taoibh ó ghnó Dé.



Cad í an chómhairle is ceart a thabhairt do'n duine
sin? An amhlaidh a déarfar leis aire thabhairt do ghnó
Dé an fhaid a bheidh gnó Dé idir lámhaibh aige, agus
ansan aire thabhairt do ghnó an tsaoghail an fhaid a bheidh
gnó an tsaoghail idir lámhaibh aige? Is dóich liom
go bhfuil a lán daoine agus go ndéarfaidís gur b'
shiné díreach an rud ba cheart dó a dhéanamh. Tá
dearmhad ortha. Siné díreach an rud nách féidir a
dhéanamh. Is féidir do dhuine, go h-áluinn, gnó an
tsaoghail a dhéanamh an fhaid a bheidh gnó an tsaoghail
idir lámhaibh aige, ach ní féidir dó an gnó san do chur


L. 149


as a aigne nuair is maith leis é chur uaidh agus iompáil
ar ghnó Dé. An rud a bheidh ag déanamh buartha dhó
fanfaidh sé i n' aigne d'á aimhdheóin. Deineadh sé an
rud san a dhíbirt as a aigne seacht n-uaire, agus
beidh sé thar n-ais chuige ar leagadh na súl, agus greim
aige ar chroídhe agus ar aigne agus ar intinn air, i
dtreó ná beidh slígh d'aon mhachtnamh eile i n-aon chor
i n' aigne. Díbireóchaidh sé airís é agus socaróchaidh
sé a mhachtnamh ar a phaidreacha. Ní túisge déanta an
socarughadh 'ná siúd isteach airís púnc cruaidh éigin
de ghnó an tsaoghail, glaodhach éigin nách féidir a
fhreagairt, bó nó capall atá ag gabháil 'n-a choinnibh,
duine clainne ná glacan cómhairle leasa, aon rud, fiche
rud, agus siúd na paidreacha d'á rádh agus gan ionta
ach béal ar siúbhal agus cogarnach focal agus gan aon
bhrígh leis na focail. Is ana fhuiriste a rádh, "Tabhair
aire do ghnó an tsaoghail an fhaid a bheidh gnó an tsaoghail
idir lámhaibh agat, agus ansan tabhair aire dos na
paidreacha an fhaid a bheidh na paidreacha ar siúbhal
agat," ach cá bhfuil an t-é fhéadfaidh é dhéanamh? Dá
bhféadadh duine é sin a dhéanamh d'fhéadfadh sé caint
an tSlánuightheóra, moladh 's buidheachas leis, do
bhréagnughadh, agus sin rud nách féidir a dhéanamh.



Cad 'tá le déanamh mar sin? Innsean an Slán-
uightheóir féin, moladh go deó leis, cad tá le déanamh.
Ní'l aon bhreith ag an nduine ar an dá mháighistir do
shásamh. Caithfidh sé máighistir acu do thoghadh dhó féin,
agus é féin do chur ar fad fé láimh an mháighistir sin.



"Agus cad a dhéanfaidh gnó an tsaoghail? Cad
a dhíolfaidh an cíos? Cad a fhreagaróchaidh na
glaoidhthe? Cad a chothóchaidh an chlann agus chuirfidh
éadach ortha? Cad a chuirfidh i gcrích iad?"



Bíodh foidhne agat. Cad a chothóchaidh an chlann?


L. 150


Cad a chuirfidh éadach ortha? Cad a chuirfidh i gcrích
iad? A dhuine an chroídhe 'stigh, ní gnó saoghalta an
gnó san. Gnó Dé é sin. Siné ball díreach 'n-a
ndeinean tusa an dearmhad. Deinean tú gnó saogh-
alta de ghnó Dé. Iompuigh an sgéal go léir, taobh síos
suas, agus dein gnó Dé de gach gnó saoghalta, agus
ansan beidh an gnó go léir agat d'á dhéanamh ar
áilleacht agus gan ort ach an t-aon Mháighistir amháin.
Pé cúram saoghalta atá ort is é Dia do chuir an cúram
san ort. Bíodh ciall agat agus fág ar Dhia féin
ualach an chúraim sin. Dein an gnó go léir i bpáir-
tigheacht le Dia. Saothruigh an talamh i bpáirtigheacht
le Dia. Dein an síol do chur sa talamh, ach dein é i
bpáirtigheacht le Dia. Bain an fóghmhar, ach bain é i
bpáirtigheacht le Dia. Cothuigh agus clúdaigh agus
tóg an chlann, ach dein é i bpáirtigheacht le Dia. Is
le Dia iad. Is é Dia do chruthuigh iad agus do chuir
anso ar an saoghal so chúghat-sa iad. Is do Dhia a
taoi'n tú 'ghá gcothughadh agus ag cur éadaigh ortha agus
'ghá dtógaint. Má dheinean tú an gnó san go maith
tá comaoine mhór agat d'á chur ar Dhia. An dóich leat
ná go ndíolfaidh sé an cómhar leat? Díolfaidh go
fial ach ná cuirfir-se as an bpáirtigheacht é. 'Ghá chur
i n-iúil duit-se nách baoghal ná go ndéanfaidh Dia a
thaobh féin de'n pháirtigheacht iseadh adúbhairt an Slán-
uightheóir an focal úd a léigheas sa tSoisgéal: "Má
chuirean Dia maise de'n tsórd san ar bhláthana an
bháin… nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-
se?"



Is ar son an duine do dhein Dia an domhan go léir.
Ar son an duine iseadh chruthuigh sé gach áilneacht agus
gach órnáid d'á bhfuil le feisgint, ar an spéir agus
ar an dtalamh, ar éanlaithibh agus ar ainmhidhthibh agus


L. 151


ar bhláthanaibh an bháin. D'á bhrígh sin is mó le rádh, i
láthair Dé, an duine 'ná iad go léir. Tá greann aige
ar an nduine ná fuil aige ar aon nídh eile d'ár chruthuigh
sé ar an saoghal so. Siné díreach an rud a theastuigh
ó'n Slánuightheóir a chur 'n-a luighe ar aigne na ndeis-
giobul nuair a labhair sé leó an chaint atá i Soisgéal
an lae seo. Agus siné an rud a theastuighean ó'n
Eaglais a chur 'n-a luighe ar na Críosdaidhthibh go léir
nuair a léightear dóibh an Soisgéal san, amach as Leabhar
an Aifrinn, ins gach aon pháirt de'n domhan. Is le Dia
sinn go léir. Is é Dia do chruthuigh sinn. Is é Dia
chuir orainn pé cúram saoghalta atá orainn. Pé
gnó ná obair atá orainn a dhéanamh mar gheall ar an
gcúram san tá ar Dhia na glóire é dhéanamh i bpáirt
linn. Rud ana dhíthcéille dhúinn iseadh dhá chuid a
dhéanamh de'n gnó san, agus gan a chur ar Dhia ach
cuid dé. Ár ngnóthaí creidimh a thabhairt do Dhia, agus
ansan bheith ag coimeád an ualaigh go léir atá ins na
gnóthaibh eile orainn féin.



"A lucht an chreidimh shuaraigh!" arsa'n Slán-
uightheóir. Is amhlaidh is ceart dúinn gnó creidimh a
dhéanamh de 'n uile shaghas gnótha d'ár chuir Dia orainn
anso. Má dheinimíd gnó creidimh de shaothrughadh an
tailimh nách dóichíghde é go gcuirfidh Dia an rath ar ár
saothar? Má dheinimíd gnó creidimh de thógaint na
clainne nách dóichíghde é go gcuirfidh Dia ar a leas iad?
"An t-é ná múinean Dia ní mhúinean daoine é." Má's
gnó creidimh ag an athair agus ag an máthair tógaint
na clainne sin, tá Dia na glóire i bpáirtigheacht leó
sa ghnó, agus is dóichíghde é go dtabharfaidh sé do'n
chlainn sin an múineadh ná fuil ar chumas aon duine
a thabhairt dóibh. Feuch ansan cad é an sólás agus
an suaimhneas agus an compórd aigne bheidh ag an


L. 152


athair agus ag an máthair sin nuair a bheidh an chlann
san ag eirighe suas agus ag neartughadh.



Mar sin do gach aon tsaghas eile gnótha d'á bhfuil
curtha ag Dia ar an nduine sa tsaoghal so. Ní'l bac
ar an nduine, má's maith leis é, Dia bheith coitchianta i
bpáirtigheacht leis sa ghnó. Ansan beidh an gnó go léir
'n-a ghnó creidimh ag an nduine sin. Ansan, i n-inead
an chúraim a bheith ag déanamh buartha aigne dhó agus
ag teacht idir é agus Dia nuair a bheidh sé ag rádh na
bpaidreacha nó ag éisteacht an Aifrinn, is amhlaidh a
dhéanfaidh an cúram aigne an duine sin do ghreamughadh
níos daingine ar Dhia. Tuigfidh an duine sin, coit-
chianta, go bhfuil sé féin agus Dia na glóire i n-aon-
fheacht sa ghnó; má tá obair chruaidh air go bhfuil
congnamh maith aige; má tá an obair ag gabháil 'n-a
choinnibh go bhfeicean Dia san, agus má cheaduighean
Dia an obair a ghabháil 'n-a choinnibh, go bhfuil san go
maith, mar gur b' é toil Dé é. Ní féidir do'n duine
sin choídhche dul amú' ar a phaidreacha, mar guidhe chun
Dé iseadh an uile ghnó d'á ndeinean sé ó mhaidin go
h-oídhche. Má tá gnóthaí saoghalta ag déanamh buartha
dhó, tá Dia páirteach aige sa bhuairt agus ins na
gnóthaibh. Má tá Dia páirteach ins na gnóthaibh ní gnóthaí
saoghalta feasta iad ach gnóthaí creidimh. Tá an
duine sin ag déanamh an ruda a dh'órduigh an
Slánuightheóir. "Loirgidh ar dtúis rígheacht Dé agus
a fhíoraontacht."



Tabhair fé ndeara an focal a chuir an Slánuightheóir
leis an méid sin. Thug sé geallamhaint uaidh.
"Loirgidh ar dtúis rígheacht Dé agus a fhíoraontacht,
agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir."



Rígheacht Dé: "Ár n-Athair atá ar neamh; go
dtagaidh do rígheacht." Agus a fhíoraontacht: "Go


L. 153


ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar
neamh."



Deinimís mar sin agus tá focal an tSlánuightheóra
againn leis go dtabharfar dúinn na neithe eile úd go
léir.



Ní'l aon dabht air, a phobul, dabht ar domhan, ná go
bhfuil a lán Críosdaidhthe, beó eadrainn, go bhfuil a
gcroídhe agus a n-aigne chómh dlúithte sin ar Dhia go
mbíon Dia i bpáirt leó, do ló agus d'oídhche, coit-
chianta, ins gach aon tsaghas gnótha d'á ndeinid siad
agus ins gach aon tsaghas buartha agus trioblóide
d'á mbíon le fulang acu.



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir bheith mar iad.
Amen.



LI.



AN CÚIGMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 7.)



A phobul: Díreach sar ar dhein ár Slánuightheóir an
mhírbhuilt mhór san bhí sé tar éis duine breóite do
leigheas. Bhí an duine breóite ag dul chun báis.
Seirbhíseach ab eadh é a bhí ag duine uasal, agus bhí
ana chion ag an nduine uasal air. D'airigh an
duine uasal an Slánuightheóir a bheith ag gabháil
an treó, agus d'iar sé ar chuid de sheanóiribh na
n-Iúdach labhairt leis agus a iaraidh air an seirbhís-
each do leigheas. Do labhradar leis an Slánuightheóir
agus dúbhradar leis gur dhuine fóghanta an duine
uasal agus gur mhaith an rud an nídh sin a dhéanamh


L. 154


dó. Bhí an Slánuightheóir ag teacht chun an leighis
a dhéanamh, ach nuair a fuair an duine uasal go raibh
sé ag teacht tháinig uathbhás air, agus chuir sé teach-
tairí 'n-a choinnibh 'ghá iaraidh air gan teacht; "mar,"
ar seisean, "ní fiú mise go dtiocfá ag triall orm.
Siné cúis nár chuadhas féin fá d'dhéin ach gur iaras ar
na seanóiribh labhairt leat ar mo shon. Ní gádh dhuit
teacht. Ní'l agat ach an focal do rádh, agus beidh mo
sheirbhíseach leighiste."



Do mhol an Slánuightheóir creideamh an duine uasail
sin, agus nuair a tháinig na teachtairí thar n-ais bhí an
duine leighiste rómpa.



Láithreach i ndiaigh na mírbhuilte sin iseadh bhí sé ag
dul isteach sa chathair, agus gur bhuail an tsochraid
uime ag geata na catharach. Fear óg ab eadh an t-é
a bhí marbh, agus mac baintrighe ab eadh é, agus ní raibh
aici ach é, agus tháinig truagh ag an Slánuightheóir di.
"Ná bí ag gol," ar seisean léi. Ansan do bhain sé
an chúis ghuil di. Chuir sé a lámh ar an gcómhrainn.
Do labhair sé leis an nduine marbh agus dúbhairt sé
leis eirighe. D'eirigh an duine ó'n mbás, agus chrom
sé ar chaint. Ansan do thug an Slánuightheóir thar
n-ais d'á mháthair é.



Tabhair fé ndeara an uile fhocal de'n méid sin
cainte, agus tabhair fé ndeara go cruinn brígh gach
focail.



Do leighis an Slánuightheóir ar dtúis an fear a bhí
ag dul chun báis. Do leighis sé é gan dul 'n-a ghoire
i n-aon chor. Do leighis sé é le gníomh toile, fé mar
a dh'iar an duine uasal air a dhéanamh. Do mhol sé
creideamh an duine uasail mar do chreid an duine uasal
'n-a chómhacht. Dhein sé úsáid de chreideamh an duine
uasail sin chun creidimh na ndeisgiobul, agus creideamh


L. 155


na ndaoine a bhí 'n-a thímpal, do spriocadh, mar
bhí cómhacht aige le taisbeáint dóibh ba mhó 'ná an
chómhacht a thaisbeáin sé dhóibh nuair a leighis sé seir-
bhíseach an duine uasail. Pé gioracht do'n bhás 'n-a
raibh an seirbhíseach, d'fhéadfadh duine gan creideamh,
dá mba duine gan tuisgint é, leis, a rádh ná raibh
mírbhuilt sa leigheas, go dtáinig an duine chuige féin
do réir nádúra, go dtiocfadh sé chuige féin dá mba
ná cuirfeadh an duine uasal suim ar bith ann, ach leigint
dó teacht nó imtheacht. Gan amhras bhí daoine sa
chualacht a bhí i n-aonfheacht leis an Slánuightheóir an
uair sin, agus nuair a chonacadar an leigheas déanta
bhíodar ag caint mar sin. Sin mar a labhran daoine
gan tuisgint i gcómhnuighe. Do thuig an duine uasal
gur mhírbhuilt an leigheas. Bhí fhios aige go dian mhaith
ná raibh aon bhreith ag an seirbhíseach ar theacht chuige
féin ach le mírbhuilt. Thuig sé go raibh cómhacht Dé sa
mhírbhuilt sin chómh maith díreach agus bhí cómhacht Dé i
gcruthughadh an domhain. Ach bhí daoine eile agus ní
mar sin a thuigeadar an sgéal. Daoine díth-chreidimh.
Daoine nách maith leó choídhche cómhacht Dé dh'admháil i
n-aon rud. Daoine nách foláir leó brabús éigin a
dh'fhághail ins gach aon rud i bhfuirm mírbhuilte, agus
a dhéanamh amach nách mírbhuilt é i n-aon chor. Bíon a
leithéidí ag cogaint agus ag cogarnaigh eatartha féin.
"Ó," adeirid siad, "ní h-aon mhírbhuilt an leigheas
san. Thiocfadh an duine chuige féin gan aon chongnamh
ó aoinne dá leigtí dhó féin. Tógtar duine marbh ó'n
mbás agus ansan admhóchad go bhfuil mírbhuilt
déanta."



Tá an saghas san daoine sa tsaoghal riamh. Táid
siad ann anois agus bhíodar ann i n-aimsir an tSlán-
uightheóra. Gan amhras bhí cuid acu ag éisteacht leis


L. 156


an dteachtaireacht a tháinig ó'n nduine uasal úd, 'ghá
iaraidh ar an Slánuightheóir an seirbhíseach do leigheas.
D'airigheadar an focal adúbhairt an Slánuightheóir i
dtaobh creidimh an duine uasail. Ansan d'airigheadar
an leigheas a bheith déanta, agus dúbhradar, mar ba
ghnáth leó a rádh: "Tá go breágh! Mírbhuilt! Seadh
go díreach! Nách minic a tháinig duine chuige féin
agus gach aoinne lán-deimhnightheach go raibh an bás
aige? Cá raibh an mhírbhuilt ann? Tugtar duine
thar n-ais ó'n mbás agus déarfad gur mírbhuilt é."



Le n-a linn sin do thánadar chun geata na catharach,
an Slánuightheóir agus na deisgiobuil agus mór-
shluagh daoine, idir lucht an bhrabúis agus eile. Bhí
sochraid mhór 'n-a gcoinnibh amach. Chonacadar gur
duine éigin ana chreideamhnach a bhí tar éis bháis, mar
bhí uaisle na catharach go léir sa tsochraid. Fear óg
ab eadh an t-é a bhí tar éis bháis, agus mac baintríghe
ab eadh é, agus ní raibh aici ach é. Bhí an bhaintreach i
n-aice na cómhrann agus í ag gol, agus a chúis aici.
Tháinig truagh ag an Slánuightheóir di. Do labhair sé
léi. "Ná bí ag gol," ar seisean léi. Is minic
adúbhradh an focal san le duine a bhéadh ag gol agus
gur ró bheag an chabhair an focal. Ach ba mhaith an
bhail ar an mbaintrigh úd gur bh' é an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, adúbhairt léi gan bheith ag gol,
mar go raibh ar a chumas cúis an ghuil a thógaint uaithi.
Le linn an fhocail a rádh dhó tháinig sé i n-aice na
cómhrann, agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. Do
labhair sé leis an nduine marbh. Dúbhairt sé leis
eirighe. D'eirigh an duine. Do dhírigh sé ar chaint.
Ansan do thug an Slánuightheóir a mac thar n-ais do'n
bhaintrigh.



Tabhair fé ndeara na neithe sin go léir. Greim an


L. 157


bháis d'á bhogadh de'n duine le cómhacht aon fhocail
amháin. Greim ná féadfadh a raibh de chómhacht riamh
ag ríghthibh saoghalta an bogadh ba lúgha a dhéanamh air.
An greim sin d'á bhogadh leis an gcómhacht uathbhásach
san, agus gan de chúis curtha síos sa tSoisgéal do
bhogadh an ghreama san ach truagh do'n bhaintrigh. Is
iongantach í an chómhacht a bhog an greim sin, greim
an bháis ar an nduine; ach cad 'déarfar le trócaire
an tSlánuightheóra, an trócaire do chuir fhiachaibh air
an mhór-chómhacht san do chur i ngníomh? Do dhein sé
an mhírbuilt chun a thaisbeáint dos na daoine díth-
chreidimh úd go raibh cómhacht Dé aige, ach do dhein sé
an mhírbhuilt ar chuma a thaisbeáin go soiléir, dos na
daoine a bhí 'n-a thímpal an uair sin agus do Chríos-
daidhthibh an domhain riamh ó shin, gur chun a thrócaire
thabhairt dúinn ba mhaith leis úsáid a dhéanamh d'á chómhacht.
Ba mhaith an bhail ar an mbaintrigh, nuair adúbhairt sé
léi gan bheith ag gol, go raibh ar a chumas cúis an ghuil
a thógaint uaithi, a chur fhiachaibh ar an mbás a ghreim
do bhogadh d'á leanbh agus an leanbh a thabhairt thar n-ais
di beó. Is maith an bhail orainne cómhacht an Athar
Síoruidhe a bheith ag ár Slánuightheóir Íosa Críosd, agus
a fhios a bheith againn ná fuil aon úsáid is fearr leis
a dhéanamh de'n chómhacht san 'ná toradh a thrócaire thabhairt
dúinn. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Le n-a
mhór chómhacht do bhog sé greim diúid an bháis de'n duine
i dtreó ná béadh an bhaintreach ag gol. Sin mór-
chómhacht chun eagla chur ar an nduine is dúire croídhe,
agus sin mór-thrócaire chun sóláis agus misnigh a
chur ar an gCríosdaidhe is mó atá i ngádh le sólás agus
le misneach. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!



Ní'l aon nídh ar bith, a phobul, chun droch dhuine
stuacach, ceann-dána, díth-chreidimh, a bhaint d'á bhunaibh


L. 158


i gceart ach mírbhuilt de'n tsórd san. D'fhéadfadh
an droch dhuine cos do chur i dtalamh i gcoinnibh cainte.
D'fhéadfadh sé an chaint d'fhreagairt. D'fhéadfadh
sé a rádh, "Ní chreidim an chaint." Ach nuair a chíon
sé duine tabhartha thar n-ais ó'n mbás ní fhanan drud
ann. Tagan sgannradh air. Sin mar a bhí ag an
muintir a chonaic an mhírbhuilt úd. Mar a deir an
Soisgéal: "Tháinig eagla ar a raibh ann." Ní h-ion-
gnadh go dtáinig. Chonacadar os a gcómhair duine
go raibh cumas aige ar bhás agus ar bheatha. Chuir sé,
os cómhair a súl, an t-anam thar n-ais sa duine a bhí
marbh, agus gan a dhéanamh ach an focal do labhairt.
Thaisbeáin san go raibh ar a chumas an t-anam do
bhaint as aon duine acu féin, ar an neómat san, agus
ná raibh cómhacht sa domhan a dh'fhéadfadh iad a chosaint
air d'á mba thoil leis é dhéanamh. Ba sgannramhail
an rud dóibh bheith ansúd 'n-a seasamh i láthair duine
go raibh a leithéid sin de chómhacht aige. Ní h-iongnadh
go dtáinig an t-eagla go dian ortha go léir. Bhí aon
nídh amháin, ámhthach, chun a thaisbeáint dóibh nár bhaoghal
dóibh. Le neart a thrócaire, le truagh do'n bhaintrigh,
iseadh dhein sé an mhírbhuilt, iseadh thaisbeáin sé a chómhacht.
Thug san le tuisgint dóibh nár bhaoghal dóibh cómhacht a
bhí chómh trócaireach, chómh tugtha chun maitheasa do
dhéanamh. Ansan bhíodar ag moladh Dé go h-árd.
Agus deiridís, "Tháinig Dia ag feuchaint a dhaoine."
Do chialluigh an chaint sin gur thuigeadar go raibh
cómhacht Dé ag an Slánuightheóir, ach nách díbhfheirg a
bhí ag an gcómhacht le déanamh ar na daoine, ach
trócaire.



Nuair a dheinimíd-ne, a phobul, machtnamh ar na
mírbhuiltibh móra úd a dhein an Slánuightheóir os
cómhair na n-Iúdach, is iongnadh linn a rádh go rabhadar


L. 159


chómh ceann-dána, chómh stuacach, agus nár iompuigheadar
láithreach agus géilleadh dhó. Gan amhras is ceart
iongnadh dhéanamh de'n sgéal. Do chas an Slánuigh-
theóir féin leó é go díombádhach. "Mura maith libh
m'fhocal do chreideamhaint," ar seisean, "creididh
na h-oibreacha do dheinim." Chonacadar na mírbhuiltí.
Bhí fhios acu go maith go raibh cómhacht Dé ins na
mírbhuiltibh sin, agus ní ghéillfidís dó. Ba mhór an
iongnadh é sin gan amhras. Ach feuchaimís chun ár
dtaoibh féin de'n sgéal. Tá sé chómh fíor anois agus
a bhí sé an lá san gur dhein ár Slánuightheóir an
mhírbhuilt sin, gur bhog sé greim an bháis de'n fhear óg
san, gur thug sé an fear óg san thar n-ais ó'n mbás
agus gur thug sé d'á mháthair é. Tá fhios againne gur
fíor é sin chómh maith díreach agus dá mbeimís ansúd
ag feuchaint air. Is iongnadh linn nár chuir an
mhírbhuilt fhiachaibh ar na Iúdaigh géilleadh do'n tSlán-
uightheóir. An gcuirean an mhírbhuilt sin, agus na
mírbhuiltí eile atá fhios againn a dhein sé, an gcuirid
siad fhiachaibh orainn géilleadh dhó? Is daingine go
mór an deimhne atá againne ar fhírinne na mírbhuilte
sin, agus ar fhírinne na mírbhuiltí eile a dhein ár
Slánuightheóir, 'ná mar a bhí ag na Iúdaigh ar a bhfírinne.
Tháinig na mírbhuiltí go h-oban ar na Iúdaigh. Ní
h-uiriste géilleadh do rud a thagan oban ar dhuine.
Níor thánadar oban orainne. Tá deimhne seanachais
dá mhíle bliadhan againn ortha. Tá deimhne teagaisg
na h-Eaglaise againn ortha. Táimid ag éisteacht, ó
tháinig ciall dúinn, le h-innsint agus le trácht
agus le tuairisgibh ortha. Ní fhéadfadh deimhne
bheith níos daingine 'ná an deimhne atá againn ortha.
An gcuirid siad fhiachaibh orainn géilleadh do'n
tSlánuightheóir?


L. 160


"Ó," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "ar nóin géilli-
míd do'n tSlánuightheóir. Creidimíd ann."



Má ghéillimíd dó agus má chreidimíd ann cá bhfuil
toradh ár ngéillthe agus ár gcreidimh? Tá ceangailte
ar an gCríosdaidhe an t-olc do sheachaint. An bhfuil
an droch bhéas úd curtha uainn fós againn? An droch
bhéas úd atá ansúd 'n-a sheasamh idir sinn agus Dia,
agus go bhfuil trócaire Dé cortha nách mór ó bheith ag
feitheamh feuchaint an gcuirfimís uainn é, an bhfuil
aon chuimhneamh againn ar é chur uainn? Sinne ag
déanamh iongnadh des na Iúdaigh! Isiad na Iúdaigh ba
cheart bheith ag déanamh iongnadh dhínn-ne. Agus déan-
faid siad iongnadh dhínn. Agus má leanaimíd de'n
droch bhéas béarfaidh an droch bhéas síos isteach go
h-ifrean sinn agus déanfaid na deamhain damanta,
thíos i n-ifrean, iongnadh dhínn. Déarfaid siad:
"Feuch! Siné an fear a ghéill do'n tSlánuightheóir
agus do chreid na mírbhuiltí móra a dhein an Slánuigh-
theóir, agus feuch, tá sé tagaithe anso chúghainne mar
gheall ar an ndroch bhéas úd ná cuirfeadh sé uaidh.
Cad é an díobháil dom é ach gur dhroch bhéas gan
tairbhe é, agus go raibh fhios aige go dtabharfadh sé
anso é mura gcuireadh sé uaidh é."



Tá ceangailte ar an gCríosdaidhe an mhaith
do dhéanamh. Cá bhfuil an mhaith atá againne 'á
dhéanamh? An dóich linn go bhfuil an gnó go
léir déanta againn má chreidimíd? Ní'l, go
deimhin. Ní foláir dhúinn na deagh-oibreacha do
dhéanamh. Creideamh marbh iseadh creideamh gan deagh-
oibreacha. Ní dócha go bhfuil radharc fé bhun Dé ar
an dtalamh so is leimhe 'ná duine ag sgrúdughadh
agus ag deimhniughadh creidimh, agus gan aon tsaghas
deagh-oibre aige 'á dhéanamh. "Fé mar is rud marbh


L. 161


an corp gan an t-anam, is rud marbh creideamh gan
deagh-oibreacha."



Is ceart dúinn, a phobul, machtnamh a dhéanamh go
dlúth ar an mírbhuilt sin a dhein ár Slánuightheóir nuair
a thóg sé an fear óg úd ó'n mbás, agus is ceart dúinn
an machtnamh a bheith ar mhaithe linn féin. Mar a thóg
sé an fear úd ó bhás na colna iseadh thóg sé sinne go
minic, b'fhéidir, ó bhás an pheacaidh. Agus ba mhó an
mhírbhuilt a dhein sé orainne 'ná an mhírbhuilt a dhein sé
ar an bhfear úd, d'á mhéid í. Ní raibh aige ach glaodhach
ar an bhfear úd aon uair amháin. D'fhreagair an fear
an chéad ghlaodh. B'fhéidir gur minic a ghlaoidh an
Slánuightheóir orainne, chun sinn a dhúiseacht ó bhás an
pheacaidh, agus nár ghéilleamair do'n chéad ghlaodh, ná
b'fhéidir do'n tarna glaodh. B'fhéidir go bhfuil an
Slánuightheóir ag glaodhach anois ar dhuine éigin, —
"A óigfhir, deirim leat, eirigh!" Eirigh ó bhás an
pheacaidh. Eirigh ó'n ndroch bhéas. Eirigh ó'n ndroch
chómhluadar. Freagair glaodh an tSlánuightheóra.
Glaodh thrócaireach iseadh í. Freagair í! Mura
ndeinir í fhreagairt anois bíodh fhios agat go labhar-
faidh sí uair eile leat agus nách trócaire a bheidh inti
ach daor-bhreith, daor-bhreith go teintibh ifrinn ar feadh
na síoruidheachta. Freagair anois í. Eirigh ó bhás an
pheacaidh. Tá lámh an tSlánuightheóra sínte amach chúghat
chun tú thógaint ó bhás an pheacaidh. Freagair guth an
tSlánuightheóra anois. Má fhreagran tú anois í
labharfaidh sí uair eile leat, agus ní breith damanta
thabharfaidh sí ort an uair sin, ach cuireadh cómhachtach
chun aoibhnis na bhflathas ar feadh na síoruidheachta.



Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal dúinn go
léir, tré impidhe na Maighdine Muire, an cuireadh
cómhachtach san do thuilleamh agus d'fhághail. Amen.


L. 162


LII.



AN SÉMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Sosigéal. (Lúcás 14.)



Is dócha, a phobul, ná fuil aoinne agaibh nár airigh go
minic an seanfhocal úd "Trosgadh an chait cheann-
fhinn; "Ithim feóil ach ní ólaim bainne."" B'é
trosgadh an chait cheann-fhinn é ag na Iúdaigh i dtaobh
na Sabbóide, nó, mar a deirimíd-ne, i dtaobh na
saoire. Bhíodar ana dhian ar fad ar aon rud a
dhéanfadh, dar leó, an tsaoire do bhriseadh, agus 'n-a
dhiaigh san a's eile, dheinidís brúsgar de dhlígh Dé ar
shlightibh ba dhíobhálaighe go mór 'ná briseadh saoire.
Díreach ar nós an chait cheann-fhinn. Bhí an cat ceann-
fhionn ana choinsiasach i dtaobh bainne dh'ól le h-eagla
go mbrisfeadh sé an trosgadh. Ach i dtaobh na feóla,
sgéal eile ar fad ab eadh an fheóil. Ní chuireadh ithe na
feóla aon chlóic ar a choinsias. Bhí cait cheann-fhionna
ar na Iúdaigh go tiugh an uair sin. Táid cait cheann-
fhionna le fághail fós, leis, sa tsaoghal. Tá an bhean,
cuir i gcás, ná leigfeadh a coinsias di snáithín do chur
i snáthaid agus poll cnaipe do dheisiúghadh maidean
Domhnaigh, agus ná cuirfeadh sé aon bhuairt ar a coin-
sias bheith ag cúlchaint ar chómharsain éigin, fan bhóthair,
agus í ag dul go dtí an t-Aifrean. Gan amhras is
ana mhaith an rud do Chríosdaidhe bheith aireach ar
choimeád na saoire. Ach tá fhios ag an saoghal ná
brisfeadh sé an tsaoire cúpla greim snáthaide do chur,
nó fiche greim nuair a bhéadh gádh leis. Ní mar sin do


L. 163


chúlchaint. Ní fhéadfadh aon ghátar cúlchaint a dhéanamh
dleaghthach.



Tá nídh eile sa sgéal. Tá daoine sa tsaoghal;
bhíodar ann le linn ár Slánuightheóra agus táid siad
ann fós; daoine gur maith leó iad féin do thaisbeáint
ana choinsiasach ar fad i neithibh áirighthe, i dtreó go
mbéadh ainim fíoraontachta ortha agus ansan go bhféad-
faidís cead cinn a thabhairt d'á n-ainmhiantaibh ar
shlightibh eile, a gan fhios do'n tsaoghal. Tagan rud
greannmhar as san dóibh uaireanta. Bíd siad chómh
dian, chómh díchealach san, 'ghá chur 'n-a luighe ar chách
gur daoine fíoraonta iad, cad deirir leó ná cuirean
'n-a luighe ar a n-aigne féin é sa dheire! Deinid siad
a leithéid sin de dhícheal chun bob a bhualadh ar chách i
dtaobh a bhfíoraontachta féin go dtéighean sé 'n-a luighe
ortha féin fé dheire gur daoine macánta iad.



Sin mar a bhí an sgéal ag na Iúdaigh nuair a tháinig
an Slánuightheóir. Bhíodar lán-deimhnightheach go rabhadar
macánta, dleaghthach, coinsiasach, fíoraonta, ar gach
aon tsaghas cuma. Do chonaic an Slánuightheóir,
ámhthach, ná raibh 'n-a bhfíoraontacht ach sgáil fíor-
aontachta, agus ná raibh lastigh de'n sgáil ach mall-
uightheacht ar fad, uabhar, agus saint, agus drúis, agus
craos, agus droch mheas ar an gcómharsain, agus gach
aon tsaghas eile droch intinne a bhainean le h-olcas
aigne sa duine. Cuid de'n sgáil fíoraontachta san
a bhí curtha lasmuich ortha féin ag na Iúdaigh an uair
sin ab eadh an choinsiasacht thar bárr a bhí ionta, dar
leó, i dtaobh na saoire choimeád. Chuir an choinsiasacht
san fhiachaint ortha rud a dhéanamh a bhí thar na bear-
taibh le h-amadántacht agus le mailís aigne i n-aon-
fheacht. Chuireadar i leith an tSlánuightheóra, moladh
go deó leis, go raibh peacadh aige 'á dhéanamh mar go


L. 164


raibh sé ag briseadh na saoire. Agus conus is dóich
leat a bhí sé ag briseadh na saoire, dar leó? Bhí obair
aige d'á dhéanamh ar an Sabbóid. Agus cad í an obair
a bhí aige 'á dhéanamh chun na saoire bhriseadh? Bhí sé
ag leigheas na ndaoine!



D'airigheabhar is dócha go minic gur mór an truagh an
duine ná tuigean an fear thall ag magadh féi, ach gur
mó go mór 'ná san de thruagh an t-é ná tuigean é féin
ag magadh féi féin. Nuair adúbhairt na Iúdaigh go
raibh an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ag briseadh
na saoire mar gheall ar na leighseana mírbhuilteacha
dhéanamh lá na Sabbóide, bhí magadh acu 'á dhéanamh
fútha féin, an magadh ba mhó d'ár dhein aon daoine
riamh fútha féin, agus níor leig an mhailís agus an
droch aigne dhóibh a thuisgint gur ag magadh fútha féin
a bhíodar. Mura mbéadh an chuma 'n-ar dhall an
mhailís agus an droch aigne iad do thuigfidís, bíodh
ná tuigfidís fírinne an sgéil féin, go raibh fuath agus
fearg agus díombádh na ndaoine a bhí ag brath ar
leigheas, acu 'á thabhairt ortha féin. Is iongantach mar
a dhallan an droch aigne duine!



Mar a deirtear sa tSoisgéal, do thug priúnsa des
na Fairisínigh cuireadh do'n tSlánuightheóir chun bídh
a chaitheamh 'n-a thigh. Chuaidh an Slánuightheóir ann. Bhí
na Fairisínigh ag faire air. B'é lá na Sabbóide é.
Bhí i láthair an tSlánuightheóra duine go raibh líonadh
ann. Bhíodar ag faire feuchaint an mbrisfeadh sé
an tsaoire. D'iompuigh sé ortha agus chuir sé an cheist
chúcha: "An dleaghthach duine do leigheas lá na
Sabbóide?" Níor labhair aoinne acu. Ní raibh
coinne acu leis an gceist. Dúbhradar leó féin;
"Leighisfidh sé an duine nó ní leighisfidh. Má
leighisean sé é féadfaimíd an dlígh chur air mar


L. 165


gheall ar an saoire bhriseadh. Mura leighisidh,
féadfaimíd a rádh gur b'amhlaidh ná fuil ar a chumas
an leigheas san a dhéanamh." Ach nuair a tháinig an
cheist bhíodar i bpúnc. Dá n-abraidís, "Is dleagh-
thach," bheidís 'ghá mbréagnughadh féin. Dá n-abraidís,
"Ní dleaghthach," d'eireóchadh na daoine chúcha agus
gheóbhfaí do chlochaibh ionta. Thuigeadar gur bh'fhearra
dhóibh éisteacht, agus d'éisteadar. Ansan do thóg
an Slánuightheóir an duine agus do leighis sé é, agus
chuir sé chun siúbhail é.



Ach bhí ana thruagh ag an Slánuightheóir dos na Iúdaigh,
d'á olcas iad. B'iad a mhuintir féin iad. B'iad Clann
Isráeil iad. B'iad a ghaolta féin iad. Is dóibh a
tugadh na geallamhna móra ó Dhia i dtaobh slánughadh
an domhain. B'iad féin an tsliocht a thogh Dia na glóire,
as an gcine daona go léir, chun na sean Dlíghe thabhairt
dóibh le coimeád go dtí go dtiocfadh an t-am chun na
Dlíghe nua chur ar bun. D'á bhrígh sin bhí báidh ana
mhór ag an Slánuightheóir leó agus truagh aige dhóibh
mar gheall ar an aimhleas a bhí acu 'á dhéanamh dhóibh féin,
agus níor leig sé uaidh aon chaoi d'á bhfuair sé ar
chómhairle a leasa thabhairt dóibh.



Nuair a bhí an duine úd leighiste agus curtha chun
siúbhail aige do labhair sé leó-san, agus chuir sé i
gcuimhne dhóibh conus mar a bhí aon obair amháin a bhí
ceaduighthe sa tsean Dlígh sin go rabhadar chómh dian
'n-a choimeád. Dá dtuiteadh beithidheach le duine acu
féin i bpoll, ní raibh cosg sa dlígh ar an mbeithidheach
do thógaint as an bpoll. Má cheaduigh an dlígh
beithidheach allta do thógaint a' poll, gan amhras do
cheaduigh an dlígh duine do leigheas ó ghalar. Ba chóir
nár ghádh do'n tSlánuightheóir an méid sin argóinte
dhéanamh leó. Ba chóir go raibh an sgéal chómh soiléir


L. 166


sin nár ghádh caint a dhéanamh air. Ach ní raibh aon
teóra le trócaire an tSlánuightheóra. Bhí an truagh
aige dhóibh, agus bhí gach aon rud aige 'á dhéanamh chun
iad do chur ar a leas dá mb'fhéidir é.



"Ach," déarfaidh duine, b'fhéidir, "nách féidir le
Dia gach uile nídh a dhéanamh? D'á bhrígh sin, nách féidir
le Dia duine chur ar a leas?"



Is féidir, gan amhras, le Dia gach uile nídh a dhéanamh.
Ach do thug Dia saor-thoil do'n duine. Do chuir san
ar chumas an duine géilleadh do ghrásta Dé agus a leas
a dhéanamh, nó chur i gcoinnibh ghrásta Dé agus aimhleas
a dhéanamh dó féin. Grásta ana mhór dos na Iúdaigh
ab eadh na mírbhuiltí úd go léir do dhéanamh ansúd
os cómhair a súl. Gan amhras do thug an Slánuigh-
theóir trócaireach mórán eile grásta dhóibh, a gan fhios
do'n tsaoghal, nuair a bhíodh sé ag caint leó agus ag
aighneas leó. Do ghéill cuid acu d'á ghrásta. Bhí
na h-Aspoil agus na deisgiobuil ar an gcuid sin.
Níor ghéill ach cuid bheag, ámhthach. Chuir an chuid ba mhó
dhíobh cos i dtalamh 'n-a choinnibh féin agus i gcoinnibh
a ghrásta agus i gcoinnibh a thrócaire, agus dheineadar
aimhleas anama dhóibh féin i n-aimhdheóin ar tugadh de
ghrásta dhóibh.



An lá céadna san, nuair a bhí an mhírbhuilt déanta aige
agus an duine leighiste agus curtha chun siúbhail aige,
níor stad sé d'á ghrásta thabhairt dóibh. Uabhar fé
ndeara dos na Iúdaigh an t-aimhleas go léir a dhéanamh
dóibh féin. Bhíodar lán suas de'n uabhar, agus ní'l
aon rud a chuirean i gcoinnibh grásta Dé chómh seasa-
mhach agus a chuirean an t-uabhar 'n-a choinnibh. Bhí
soluíd sa mhírbhuilt a dhein an Slánuightheóir an lá úd.
Do leighis sé colann an duine úd ó'n líonadh. Dob
ionan an líonadh uisge sa cholainn agus an líonadh


L. 167


uabhair sa n-aigne. Do leighis an Slánuightheóir colann
an duine ó'n líonadh uisge. Dhéanfadh sé an leigheas
céadna ar aigne na n-Iúdach a bhí láithreach d'á leigidís
dó é dhéanamh. Do leighisfeadh sé a n-aigne ó'n líonadh
uabhair. Bhí gádh go cruaidh leis an leigheas acu go
léir. Bhí a lán daoine tar éis cuireadh dh'fhághail chun
an dínnéir chéadna. Chonaic an Slánuightheóir iad, gach
duine acu mar a thagadh sé, ag druidim suas, ag brúth
suas, gach aoinne a d'iaraidh an inid uachtaraigh a bheith
aige. Do labhair sé leó, d'á thrócaire, agus thug sé
an chómhairle dhóibh, mar atá sa tSoisgéal a léigheas
daoibh. Tabhair fé ndeara an chómhairle. Ag lorg
onóra agus creideamhna iseadh bhíodar ag brúth suas.
Thaisbeáin sé dhóibh go breagh soiléir nách onóir ná
creideamhaint a chuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin leis
an mbrúth san agus leis an ruith sin chun na n-inead
uachtarach, ach gur náire agus tarcaisne agus droch
mheas ó dhaoine a chuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin leis.
Ní'l nídh ar bith is fírinnighe 'ná an méid sin. Ar an
saoghal so féin, agus ameasg ár gcómharsan, ní'l aon
rud is mó thabharfaidh onóir agus uraim ó gach aoinne
chúghainn 'ná fíor úmhluigheacht, agus ní'l aon rud is
fearr chun droch mheas a thabhairt ó'n uile dhuine orainn
'ná uabhar. I gcás, an rud is fíor i láthair Dé gur
fíor i láthair daoine, leis, é. "An t-é a dh'árdóchaidh
é féin go n-ísleóchar é agus an t-é a dh'ísleóchaidh é
féin go n-árdóchar é."



Anois, a phobul, machtnuighmís go cruinn agus go
dlúth ar an gcuma 'n-a mbainean an gnó so go léir
linn féin. Ní chuirfeadh an Eaglais síos ansan i
Leabhar an Aifrinn dúinn é mura mbéadh go mbainean
sé linn. Conus a bhainean sé linn?



Bainean sé linn mar táid na lochta céadna ionainn


L. 168


a bhí ins na Iúdaigh. Tá an t-uabhar céadna ionainn, an
líonadh céadna i n-ár n-aigne agus an gádh céadna leis
an líonadh do leigheas. Tá an dúil chéadna againn
ins na h-ineadaibh uachtaracha. Agus mar gheall ar
an ndúil sin tá an baoghal céadna orainn. Is baoghal
dúinn nách inead uachtarach a gheóbhaimíd sa deire ach
inead ana iachtarach ar fad; inead iachtarach i láthair
daoine ar an saoghal so, agus ansan ineadh iachtarach
i gcóir na síoruidheachta ar an saoghal eile.



Tá an baoghal san os ár gcionn. Beidh an baoghal
san os ár gcionn an fhaid a leanfaidh an galar orainn,
galar an uabhair; an fhaid a bheidh an líonadh ionainn,
an fhaid a bheidh líonadh an uabhair i n-ár n-aigne. Cad
'tá le déanamh againn, mar sin, chun dul ó'n mbaoghal
san atá os ár gcionn? Cad a bhéadh againn le déanamh
ach aghaidh a thabhairt láithreach ar leigheas éigin fhághail
ar an ngalar? Ach cá bhfuil an leigheas le fághail?
Is fíor nách uiriste é dh'fhághail. Is ana dheacair é
dh'fhághail. Is ana dheacair leigheas a dh'fhághail ar an
líonadh nuair a thagan sé i mballaibh beatha an duine.
Do leighis an Slánuightheóir é an uair úd le mírbhuilt.
Is deacra go mór an líonadh a thagan sa n-aigne do
leigheas 'ná an líonadh thagan sa cholainn. Ní'l aon
ghalar aigne is deacra do leigheas 'ná an t-uabhar,
mar ní'l aon pheacadh is deacra a chur fhiachaibh ar an
nduine a dh'admháil 'ná é. Do leighisfeadh an Slán-
uightheóir, moladh go deó le n-a ghrástaibh geala, an
t-uabhar, an líonadh aigne, a bhí ar na Iúdaigh úd an lá
úd dá leigidís dó an leigheas a dhéanamh ortha, ach ní
leigfidís. Thabharfadh sé dhóibh an deoch a bhí ollamh
aige dhóibh agus do leighisfeadh an deoch iad dá n-ólaidís
é. Ní bhlaisfidís é. Ní ghlacfaidís uaidh i n-aon chor
an deoch. Ní raibh aon nídh eile ar bith a dh'fhéadfadh


L. 169


iad do leigheas ó'n líonadh ach an deoch san, agus ní
ghlacfaidís é. Cad é an deoch é sin, a phobul, a bhí ollamh
ag an Slánuightheóir an lá san dóibh siúd chun iad do
leigheas ó'n líonadh uabhair a bhí istigh 'n-a gcroídhe agus
'n-a n-aigne, 'ghá gcoimeád fuar marbh, gan tapa, i
láthair Dé? Cad é an deoch é ach deoch na h-úmhluigh-
eachta? Tá an deoch céadna ag ár Slánuightheóir 'á
thairisgint dúinne indiu, a phobul. Glacaimís uaidh an
deoch agus ólaimís é. Diúgaimís é gan aon bhraon fuighligh
fhágáilt. Úmhluighmís sinn féin i gcómhnuighe i láthair
Dé. Nuair a spriocfaidh an t-uabhar tú chun locht do
chómharsan a thabhairt fé ndeara, tuig ad' aigne, rud
is fíor, go mb' fhéidir gur fearr a shlígh sin chun Dé
'ná do shlígh féin chun Dé. Nuair a spriocfaidh an t-uabhar
tú chun a thuisgint go bhfuil so nó súd de mhaith ionat,
tuig ad' aigne láithreach, rud is fíor, go mb'fhéidir go
bhfuil dearmhad ort, go mb'fhéidir nách maith atá ionat
ach olc, nó má's maith féin é nách ort-sa is cóir a
bhuidheachas a bheith; pé maith atá ionat gur ó Dhia a
fuarais é, agus ná fuil agat, uait féin, ach an peacadh
agus an t-olc. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir
taithighe dhéanamh ar an gcuma san de'n úmhluigheacht.
Is fírinne an úmhluigheacht agus is bréag an t-uabhar.



Go gcoimeádaidh Dia ar bhóthar na fírinne sinn
Amen.


L. 170


LIII.



AN SEACHTMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.)



Chímíd sa tSoisgéal san, a phobul, an feall a bhí insa
Fairisínigh. Tháinig an Slánuightheóir ag triall ortha
chun iad a dh'fhuasgailt, mar aon leis an gcine daona go
léir. Bhí sé tar éis dul 'n-a luighe ar a n-aigne, mar
gheall ar an uabhar bhí ionta, nuair a thiocfadh an
Críosd go gcuirfeadh sé iad féin os cionn na cine
daona go léir. Go dtiocfadh sé i bhfuirm rígh agus go
gcuirfeadh sé an domhan go léir fé n-a smacht le neart
slógh agus airm, agus ansan go mbéadh ana shaoghal
ar fad acu féin. Dheabhróchadh an sgéal ná raibh eólus
ró chruinn acu an uair sin ar cé'r bh'é an Slánuightheóir
sin a bhí geallta dhóibh, ar cé 'cu Dia nó duine é. Ach
nuair a chonacadar an fear so a bhí 'ghá rádh leó gur
bh'é féin an Críosd a bhí geallta dhóibh is amhlaidh a
tháinig seirbhthean ortha agus díombádh. Ní chreidfidís
focal de'n sgéal san. "Cad tá sa bhfear san,"
adeiridís, "ach mac siúinéara?" "Cad a bhéarfadh
gur bh' é sin an Críosd?"



Ansan, bhíodar ag feuchaint ar na mírbhuiltibh, agus
bhíodar ag éisteacht leis 'ghá rádh gur bh' é féin an
Críosd a bhí geallta; gur bh'é Mac Dé é; agus d'á
chómhartha san féin go raibh cómhacht Dé aige, mar go
raibh oibreacha aige 'á dhéanamh ná féadfadh aon chómhacht
a dhéanamh ach cómhacht Dé. Bhíodar i gcruadh-chás. Ní


L. 171


fhéadfaidís an chómhacht do shéanadh. Pé cómhacht a bhí
aige, ámhthach, bhíodar ceapaithe ar gan a dh'admháil gur
bh' é an Críosd a bhí geallta é. Bhí fhios acu an chreid-
eamhaint thar bárr a bheith aige ameasg na ndaoine mar
gheall ar na mírbhuiltí móra, agus mar gheall ar na
leighseanaibh. Bhíodar ag cur 's ag cúiteamh eatartha
féin feuchaint conus a thiocfaidís ar an gcreideamh-
aint sin do bhriseadh. Fé dheire chuimhnigheadar ar shlígh
chuige. Bhí fhios acu go raibh i n-aigne na poibilidh-
eachta ana sgannradh roimh aon nídh a bhéadh, dar leó,
ag baint ó'n onóir ba cheart a thabhairt do Dhia.
Dúbhradar leó féin mar seo:-



"Deir an fear so gur b' é féin Mac Dé. Is ionan
san agus a rádh gur b'é féin Dia na glóire, agus gan
ann ach duine. Brisean san an chéad aithne. Téighmís
chuige, os cómhair na ndaoine, agus ceistimís é ar an
gcéad aithne. Admhóchaidh sé an chéad aithne nó ní
admhóchaidh. Mura n-admhuighidh sé an chéad aithne
iompóchaid na daoine 'n-a choinnibh. Má admhuighean
sé an chéad aithne, chífid na daoine go bhfuil an chéad
aithne aige 'á bhriseadh gach aon uair adeir sé gur b' é
Mac Dé é. Nuair a thuigfid na daoine go bhfuil sé
ag briseadh na dlíghe ar an gcuma san iompóchaid siad
'n-a choinnibh."



Thánadar ag triall air. Do labhair duine acu, fear
a bhí ana léigheanta sa dlígh, fear go raibh uraim ana
mhór ag na daoine go léir dó. "A Mháighistir," ar
seisean, "cad í an aithne mhór sa dlígh?"



D'fhreagair Íosa láithreach: "Grádhuigh do
Thighearna Dia ó d' chroídhe go h-iomlán, agus ó t'anam
go h-iomlán, agus ó t'aigne go h-iomlán." Ansan
níor thug sé uain do'n fhear léigheanta ar cheist eile
do chur. D'inis sé an tarna h-aithne dhó, chómh maith


L. 172


leis an gcéad aithne, agus do chuir sé ar a súilibh dóibh
go rabhadar féin, i láthair na h-uaire sin, ag briseadh
an tarna h-aithne, mar go raibh fuath acu d'á gcómharsain,
'sé sin, dó féin. "Siní an aithne is mó," ar seisean,
"agus isí an chéad aithne í. Tá an tarna h-aithne
cosmhail léi," ar seisean; "Grádhuigh do chómharsa
mar thú féin." Dob' ionan san agus a rádh leó dá
mba dúrthacht do'n chéad aithne a bhéadh 'ghá gcur ar
siúbhal, nár bhaoghal go ndéanfaidís dearmhad de'n
tarna h-aithne; agus dá mbéadh an grádh ceart do Dhia
'n-a gcroídhe, nách fuath d'á gcómharsain a bhéadh 'n-a
gcroídhe i n-aice leis. Ansan, gan uain a thabhairt
dóibh ar a thuille ceistiúcháin a dhéanamh, dúbhairt sé leó
teacht isteach i n'aice agus chuir sé ceist chúcha. Ceist
dhoimhinn ab eadh í, agus ceist ab eadh í do thaisbeánfadh
cad é an saghas eóluis a bhí acu-san ar an Slánuigh-
theóir a bhí le teacht, do réir a gcreidimh. Bhí fhios acu
gur ar shliocht Dáibhid, an rígh, a thiocfadh sé, agus
"Mac Dáibhid," a thugaidís air nuair a thráchtaidís
air. Do labhair Dáibhid féin i dtargaireacht ar an
Slánuightheóir, agus seo mar a labhair sé air.
"Dúbhairt an Tighearna le m' Thighearna: Suidh ar
mo dheis go gcuiread do namhaid mar stól fé d'chosaibh."
Sa chaint sin do thug Dáibhid a Thighearna ar an Slán-
uightheóir a bhí le teacht. Thaisbeánfadh san gur thuig
Dáibhid go raibh an Slánuightheóir le bheith 'n-a Dhia agus
'n-a Dhuine. Ní thabharfadh sé a Thighearna air mura
mbéadh gur thuig sé an nídh sin.



"Cad a thuigean sibh-se i dtaobh Chríosd?" arsa'n
Slánuightheóir leis na Fairisínigh. "Cé 'ro mac é?"



"Mac Dáibhid," ar siad.



"Má 'seadh," arsa'n Slánuightheóir leó, "cad uime
go dtugan Dáibhid a Thighearna air? Má thugan


L. 173


Dáibhid a Thighearna air conus atá sé 'n-a mhac
aige?"



Níor fhéadadar aon fhreagra thabhairt ar an gceist
sin. Agus níor chuir aoinne a thuille ceisteana chuige.



Tuigimíd-ne go léir an sgéal san. Tá fhios againn
an dá nádúr a bheith i n-ár Slánuightheóir Íosa Críosd,
nádúr Dé agus nádúr duine.



D'fhoghlumuigheamair an méid sin sa Teagasg
Críosdaidhe.



"An 'mó nádúr i n-Íosa Críosd?"



"Dhá nádúr."



"Cad iad an dá nádúr iad san?"



"Nádúr Dé agus nádúr duine."



"An fada atá nádúr Dé ann?"



"Ó'n síoruidheacht."



"An fada atá nádúr duine ann?"



"Ó ghlac sé colann daona."



Is é mac Dáibhid an Slánuightheóir sa mhéid gur
duine é. Is é Aon-Mhac Dé é sa mhéid gur Dia é. Sa
mhéid gur Dia é iseadh thug Dáibhid a Thighearna air.
Dá mbéadh eólus ceart ag na Fairisínigh ar an
méid sin fírinne, do thuigfidís an cheist a chuir an
Slánuightheóir chúcha. Ar an gcuma gcéadna, dá mbéadh
an t-eólus ceart acu, do thuigfidís ná raibh an Slán-
uightheóir ag briseadh an chéad aithne nuair adúbhairt sé
gur bh'é Dia é, bíodh gur dhuine é, mar go raibh sé
'n-a Dhia agus 'n-a Dhuine i n-aonfheacht. Do labhair
Dáibhid mar siúd mar bhí solus ó'n Spioraid Naomh i
n-a aigne. Do thaisbeáin an solus san dó nádúr Dé
bheith sa tSlánuightheóir, agus thug sé a Thighearna air.
Thug sé Tighearna air díreach mar a thug sé ar an Athair
Síoruidhe. "Dúbhairt an Tighearna le m' Thighearna:
Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid fé d'chosaibh."


L. 174


Bhí taithighe mhaith ag na Fairisínigh ar an gcaint sin
adúbhairt an rígh Dáibhid, agus feuch, níor thugadar
fé ndeara riamh an brígh a bhí leis an gcaint, gur chuir
an chaint sin i n-iúil nádúr Dé bheith sa tSlánuightheóir.
Ansan, d'á mhéid eólus a bhí acu ar an Sgríbhinn Diadha,
nuair a cuireadh an cheist chúcha bhíodar balbh.



Agus tabhair fé ndeara conus mar a thaisbeáin an
Slánuightheóir glórmhar a thrócaire sa cheist sin a chuir
sé chúcha. Thug sé dhóibh díreach an t-eólus a bhí i
n-easnamh ortha. Thaisbeáin sé dhóibh, amach a' béal
an rígh, amach a' béal Dáibhid, cad é an t-ainbhfios a bhí
ortha i dtaobh an Mhesiah. Dá mbéadh aon chiall acu
is amhlaidh do stadfaidís agus dhéanfaidís machtnamh.
Chuirfidís ceist chuige ag lorg eóluis i n-inead bheith
ag cur ceisteana chuige a d'iaraidh greama bhreith air.
Ach an t-é go mbíon an donas ar maidin air bíon sé
um thráthnóna air. Ní h-eólus a bhí uatha, ach éagcóir.
Thug an Slánuightheóir, d'á ghrástaibh, an t-eólus dóibh,
an t-eólus ba cheart dóibh a bheith acu agus ná raibh acu,
an t-eólus do chuirfeadh ar a leas iad, dá ndeinidís
an úsáid cheart de. Níor dheineadar. Do sgaoil-
eadar uatha an chaoi a thug an Slánuightheóir dóibh ar an
bhfírinne dh'fheisgint agus do thuisgint. Do leanadar
ar a n-aimhleas, agus do dheineadar é i n-aimhdeóin an
ghrásta a thug an Slánuightheóir dóibh nuair a chuir sé
chúcha an cheist sin nár fhéadadar a réidhteach.



Deinimís machtnamh ar an nídh sin, a phobul. Deinimís
dlúth-mhachtnamh air. Tá suas le dhá mhíle bliadhan
anois ó bhí an Slánuightheóir agus na Fairisínigh aimh-
leasta úd 'n-a seasamh ar aghaidh a chéile, agus an
Slánuightheóir ag tabhairt a ghrásta go fial dóibh, agus
iad-san ag cur 'n-a choinnibh go dubh. Is 'mó lá ó shin,
i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir, a bhí an cleas céadna


L. 175


díreach ar siúbhal, an duine agus grásta an tSlán-
uightheóra 'n-a seasamh ar aghaidh a chéile, grásta an
tSlánuightheóra a d'iaraidh an duine do tharang ar
bhealach a leasa, agus an duine ag cur 'n-a choinnibh
go seasamhach agus go dúr agus go dubh. Ní'l aon
chiscéim d'á chuaird shaoghalta a chuirean an duine dhe,
ó theacht ar an saoghal dó go dtí lá a bháis, gan grásta
éigin ó Dhia curtha roimis ar an gciscéim sin chun é
tharang ó aimhleas agus chun é stiúrughadh ar a leas.
Chómh luath agus thagan sé ar an saoghal siní an Eaglais
ollamh chun é ghlacadh chúichi i Sácraimínt an Bhaistí,
chun peacadh an tsínsir a ghlanadh dhe agus chun oighreacht
na bhflathas, a cheannuigh an Slánuightheóir dó, do chur
i n-áirighthe dhó. Tá an áirighthe sin daingean go leór
dó go dtí go dtagan tuisgint dó, go dtí go dtagan
fios uilc agus maitheasa dhó, agus saor-thoil, go dtí
go dtusnuighean sé ar bheith freagarthach i láthair Dé
'n-a ghníomharthaibh. Ansan iseadh thusnuighean an
t-aimhleas. Ach do chuir Dia, b'fhéidir, athair maith
agus máthair mhaith ag tabhairt aire dhó, agus do chean-
gail Dia air, sa cheathramhadh aithne d'aitheantaibh Dé,
bheith úmhal dóibh agus rud a dhéanamh ortha. Má's
Fairisíneach é ní bheidh sé úmhal dóibh ná ní dhéanfaidh
sé rud ortha. Neartóchaidh sé agus raghaidh sé ó
smacht. Leanfaidh sé a thoil féin. Leanfaidh sé an
droch chómhluadar. Beidh sé i dtigh an óil; amuich déanach
sa n-oídhche; 'n-a chodladh déanach ar maidin i n-inead
bheith 'n-a shuidhe agus i mbun a ghnótha. Beidh a choin-
sias ag troid leis istigh 'n-a chroídhe, 'gha innsint dó
agus 'ghá chur 'n-a luighe air gur b' é an Slánuightheóir
Mac Dé, agus go gcaithfidh sé freagairt dó. Ach
déanfaidh sé an rud a dhein na Fairisínigh; éistfidh sé
leis an gcoinsias agus ní thabharfaidh sé freagra air.


L. 176


Comáinfidh sé leis 'n-a dhúradán stuacach stailce, ag
cur a chos i dtalamh i gcoinnibh ghrásta an tSlánuigh-
theóra agus ag déanamh aimhleasa anama dhó féin gach
aon lá a dh'eirighean air.



Tá a leithéidí ann, a phobul. Táid siad ann riamh
agus is dócha go mbeid go deó. Ach tá a malairt ann
leis, agus ní beagán díobh é, buidheachas le Dia, daoine
go dtéighid na trí Sobháilcí Diadha, Creideamh agus
Dóchas agus Carthanacht, isteach 'n-a n-anam an uair
a baistthear iad, agus go gcuirid na trí Sobháilcí
Diadha san rath agus séan, i gcaitheamh a saoghal, ortha
féin agus ar gach aon Chríosdaidhe n-a mbíon aon
teangabháil aige leó. Ní h-ag cur cos i dtalamh i
gcoinnibh ghrásta Dé a bhíd siad san, ach ag faire ar
an uile chogar a thagan chúcha ó ghrásta Dé agus a
d'iaraidh díchil a dhéanamh ar an gcogar d'fhreagairt.
Chómh luath agus a thagan an tuisgint agus an saor-
thoil agus fios an uilc agus na maitheasa, ní dheinid
siad blúire ríghnis ach an t-olc do dhíbirt chun siúbhail
an túisge 'n-a dtuigid siad é, agus an mhaith do thoghadh
agus do ghlacadh. Bíon a rian air, bíon an t-athair
agus an mháthair a thóg iad, agus do thuit leó, ag gabháil
a bhuidheachais le Dia coitchianta, a thug dóibh clann
chómh grástamhail chómh diadha chómh ciallmhar. Pé fada
gairid is toil le Dia iad d'fhágáilt ar an saoghal so, ní
stadaid siad ach 'ghá n-ollamhughadh féin, níos fearr
agus níos fearr, i gcóir an tsaoghail eile, agus ní'l
aoinne a dheinean aon teangabháil leó ná gur fearrde
a shlígh chun Dé é.



Deir an sean-fhocal linn an droch theangabhálaidhe
do sheachaint. Is maith an chómhairle í. Ní dócha go
bhfuil an duine sin beó a dhein aimhleas dó féin, ná gur
féidir dó feuchaint siar ar an lá a casadh 'n-a threó


L. 177


an droch theangabhálaidhe, agus a rádh in' aigne féin,
go dúbhach, "Mura mbéadh é siúd do bhualadh umam
an lá úd ní dhéanfainn an rud a dheineas."



Má's olc é an droch theangabhálaidhe is maith é an
deagh theangabhálaidhe. Má's ceart an droch theanga-
bhálaidhe do sheachaint, is ceart claoidh leis an ndeagh-
theangabhálaidhe. Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine,
agus ar sgáth a chéile a dheinid daoine leas nó aimhleas
dóibh féin. Is iongantach mar a chuir Dia na daoine
ag brath ar a chéile; an chlann ag brath ar an athair agus
ar an máthair; na cómharsain ag brath ar a chéile. Ní
féidir d'aoinne maireachtaint ar an saoghal so gan
congnamh ó dhaoine eile. Chuir Dia na daoine go léir
ag brath ar a chéile, agus ansan chuir sé an cine daona
go léir ag brath ar an Slánuightheóir, moladh go deó
leis.



Tá ceangailte, d'á bhrígh sin, ar gach aon Chríosdaidhe
a bheatha ar an saoghal so do riaradh chun toile an
tSlánuightheóra, agus i dtreó go dtiocfadh leis an
riaradh san do dhéanamh ar an gcuma is fearr, isé a
bhuac bheith i gcómhnuighe i gcómhluadar na ndaoine a
dheinean é, bheith ar sgáth na ndaoine sin, agus é féin a
choimeád chómh fada amach agus is féidir é ó'n ndroch
aicme, ó Fhairisíneachaibh na h-aimsire seo. Táid siad
i gcoinnibh an tSlánuightheóra, ar gach aon tsaghas
cuma, chómh seasamhach díreach agus a bhíodar súd eile
dhá mhíle bliadhan ó shin.



Go dtugaidh an Slánuightheóir Íosa Críosd a ghrásta
dhúinn go léir chun gach droch chómhairle agus droch
chómhluadair a sheachaint. Amen.


L. 178


LIV.



AN t-OCHTMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS
CÍNCÍSE



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 6.)



Tabhair fé ndeara, a phobul, an chuma 'n-ar sheasaimh
an sgéal idir an Slánuightheóir agus na Fairisínigh.
Ní ghéillfeadh na Fairisínigh i n-aon chor go raibh cómhacht
Dé ag Íosa Críosd, moladh go deó leis, agus bhí Íosa
Críosd 'ghá thaisbeáint dóibh-sin agus dos na daoine,
leis na mírbhuiltibh a bhí aige a dhéanamh, go raibh
cómhacht Dé aige. Agus feuch. Ní 'ghá thaisbeáint
dóibh go raibh cómhacht ó Dhia aige a bhí sé, ach 'ghá thais-
beáint dóibh, lom díreach, go raibh cómhacht Dé féin
aige, go raibh cómhacht Dé aige agus gur bh'í a chómhacht
féin an chómhacht san, agus d'á bhrígh sin go raibh sé 'n-a
Dhia go fíor.



Tugaid na h-aithreacha fé ndeara an focal adúbhairt
sé nuair a thóg sé mac na baintrighe ó'n mbás. Ní
dúbhairt sé, "I n-ainim Dé, eirigh." Dúbhairt sé, "A
óigfhir, deirim leat, eirigh." D'oibrigh sé an chómhacht
as a thoil féin, as toil an tarna Pearsan de'n Tríon-
óid ró Naomhtha, 'sé sin, as toil Dé, agus thaisbeáin sé
gur bh' é Dia adúbhairt an chaint. Do thaisbeáin an
chaint féin, leis, gur ó Dhia a tháinig sí, mar do chuaidh
sí i bhfeidhm ar chluasaibh marbha agus d'airigh na cluasa
marbha í. Do thaisbeáin an chaint agus an mhírbhuilt
gur bh' é Dia féin do labhair nuair a labhair an Slán-
uightheóir Íosa Críosd. Níor bh'fhéidir d'aon fhocal,


L. 179


ach do'n fhocal a labharfadh Dia féin, dul i bhfeidhm ar
chluas mharbh agus a chur fhiachaibh ar an gcluais a bhí
marbh freagairt dó. "A óigfhir," ar seisean,
"deirim leat, eirigh." Agus d'eirigh an duine marbh
'n-a shuidhe agus dhírigh sé ar chaint. Bhí fhios ag an
uile dhuine a bhí láithreach nár bh' fhéidir d' aon chómhacht
ach do chómhacht Dé dul i bhfeidhm ar an gcuma san ar
dhuine a bhí tar éis bháis,



Sa mhírbhuilt seo atá againn i Soisgéal an lae
indiu, ní h-ar an mbás a bhí focal an tSlánuightheóra
le dul i bhfeidhm, ach ar an ngalar ar a dtugtar
milleadh, galar a bhainean lúth a ghéag de dhuine i dtreó
nách féidir dó cor a chur dé féin ach mar a bhéadh sé gan
anam. Do tugadh i láthair an tSlánuightheóra duine
a bhí ar an gcuma san, chun go leighisfeadh sé é. Bhí
na Fairisínigh láithreach agus iad ag faire feuchaint
a' ndéanfadh sé, nó a' ndéarfadh sé, aon rud a chuir-
feadh ar a gcumas buntáiste bhreith air. Mar ba
ghnáth leis, thug sé grásta mór dóibh. Thug sé le tuis-
gint dóibh go raibh dearmhad mór acu 'á dhéanamh 'n-a
thaobh féin nuair ná géillfidís dó agus a dh'admháil
gur bh' é an Críosd a bhí geallta dhóibh é. Do labhair
sé leis an bhfear a bhí gan lúth. "Glac misneach, a
mhic," ar seisean, "táid do pheacaí maithte dhuit." Do
réir cumais na cainte dob' ionan san agus dá n-abradh
sé, "Maithim do pheacaí dhuit." Nuair airigh na Fairi-
sínigh an chaint sin tháinig fearg ortha. "Sin dia-
mhasladh!" ar siad, 'n-a n-aigne féin. "Cé fhéadfadh
peacaí mhaitheamh ach Dia!" Do chonaic an Slánuightheóir
na smuínte a bhí istigh 'n-a n-aigne. Ba chóir go
gcuirfeadh san i n-iúil dóibh go raibh dearmhad acu 'á
dhéanamh 'n-a thaobh. "Cad chuige dhaoibh," ar seisean
leó "na droch smuínte sin a bheith i nbhúr n-aigne


L. 180


agaibh?" Ansan do thaisbeáin sé a thrócaire dhóibh.
Thug sé a ghrásta dhóibh thar na beartaibh. "Cé 'cu is
usa a rádh "táid do pheacaí maithte duit,"" ar seisean,
"nó a rádh leis an bhfear san eirighe agus siúbhal?"
Bhí na daoine go léir ag éisteacht leis an bhfocal chómh
maith agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis. Bhí na
daoine ag faire feuchaint cad a dhéanfadh sé. Do
labhair sé airís. "Ach," ar seisean, "ionus go
mbéadh fhios agaibh go bhfuil cómhacht ag Mac an Duine
ar an dtalamh so chun peacaí do mhaitheamh — eirigh-se,"
ar seisean leis an bhfear a bhí sínte, "agus tóg suas
do leabaidh agus imthigh chun do thíghe féin." D'eirigh
an duine. Bhí lúth agus léim agus coisidheacht aige
láithreach. Thóg sé suas an leabaidh agus d'imthigh sé
abhaile.



Ní raibh aon rud mírbhuilteach i dtógaint na leapthan
nuair a bhí lúth a ghéag aige. Súsa ab eadh an leabaidh.
Ba ghnáth sa tír úd an uair sin, agus is gnáth fós i
dtíorthaibh brothalacha, go mbeirean duine leis, ar a
mhuin nó ar a chuislinn, fé mar a bhéarfadh sé cóta mór,
súsa maith ramhar, bog, agus é fillte ar a chéile, agus
nuair a thagan an oídhche air go leathan sé an súsa ar
an dtalamh agus go gcodlan sé air chómh sámh agus chod-
lóchadh duine anso ar leabaidh chlúimh-éan. Nuair a
bhíon an lá tagaithe agus a dhóithin codlata aige, ní
dheinean sé ach eirighe agus a shúsa d'fhilleadh suas ar
a chéile airís, agus é cheangal agus do chur chuige ar a
mhuin, agus a bhóthar a thabhairt air. Sin mar a dhein
an duine do leighiseadh ó'n milleadh nuair adúbhairt
an Slánuightheóir leis é dhéanamh.



Breithnigh anois ar an gcuma 'n-ar fhág an méid sin
gnótha na Fairisínigh. Bhíodar i láthair duine a thug
le feisgint dóibh go soiléir go raibh radharc aige ar na


L. 181


smuíntibh a bhí istigh 'n-a gcroídhe. Ba chóir go gcuir-
feadh an méid sin, agus gan a thuille bhac, ag machtnamh
iad ar an aimhleas a bhí acu 'á dhéanamh dóibh féin.
Dúbhairt sé leó go raibh cómhacht aige chun peacaí
mhaitheamh. Níor iar sé ortha a fhocal féin do thógaint
le fírinne an sgéil sin, bíodh go raibh urúdhas a ndóithin
i n-a fhocal féin leis. Ba mhian leis a ghrásta thabhairt
dóibh ar chuma mhírbhuilteach. Dhein sé an mhírbhuilt i
dtreó go mbéadh Dia féin aige 'á tabhairt mar uradh
dhóibh le fírinne a chainte. "Chun go mbéadh fhios
agaibh go bhfuil an chómhacht san agam," ar seisean
leó. Cad a thaisbeánan an focal san, "Chun go
mbéadh fhios agaibh?" Taisbéanan sé go soiléir,
chómh luath agus a chonacadar an mhírbhuilt déanta, go
raibh fhios acu an chómhacht a bheith aige. Bhí fhios acu go
maith, mar dúbhradar féin é, ná féadfadh aoinne ach
Dia peacaí mhaitheamh. Bhí fhios acu, leis, agus do
chialluigh focal an tSlánuightheóra é, "chun go mbéadh
fhios agaibh," ná lámhálfadh Dia mírbhuilt a dhéanamh
chun éithigh a chur i bhfeidhm i n-a ainim féin. Ach do
deineadh an mhírbhuilt mhór san, ansúd os cómhair a súl,
agus do tugadh an mhírbhuilt mhór san dóibh mar uraidh-
eacht ó Dhia air, go raibh ag an nduine sin a bhí ansúd
'n-a sheasamh os a gcómhair, cómhacht nár bh'fhéidir a bheith
ag aoinne ach ag Dia féin, 'sé sin cómhacht chun peacaí
do mhaitheamh. D'á bhrígh sin, mura raibh an chómhacht san
ag an nduine sin, do cheaduigh Dia an uair sin an
mhírbhuilt mhór san a dhéanamh, i n-ainim Dé féin, mar
uraidheacht ar nídh ná raibh fíor! Ach diamhasladh i
gceart ab eadh a leithéid sin do rádh. D'á bhrígh sin
ní raibh aon dul acu ó n-a dh'admháil go macánta go
raibh an chómhacht san aige. Ach, mar adúbhradar féin,
níor bh'fhéidir an chómhacht san a bheith ag aoinne, as a


L. 182


ghustal féin, ach ag Dia. D'á bhrígh sin, Dia go fíor
ab eadh an Duine sin a bhí ansúd 'n-a sheasamh os a
gcómhair. Ní raibh aon dul acu ó'n admháil sin, dá
dtugaidís ceart d'á n-aigne, agus dá leigidís dóibh
féin fírinne an sgéil do bhreithniughadh agus do mheas
agus do thómhas mar a bhí dleaghthach. Grásta mór,
grásta uathbhásach dóibh ó'n Slánuightheóir ab eadh iad
do chur sa chás san ná féadfaidís gan an fhírinne
dh'admháil, mura mbéadh gur dhúnadar súile a n-aigne
go daingean i gcoinnibh soluis na fírinne.



Feuch, a phobul; níor stad an dúnadh súl san leó
súd. Tá sé ar siúbhal sa tsaoghal riamh ó shin, agus
tá sé ar siúbhal sa tsaoghal anois. Ní'l le déanamh
againne i dtaobh an sgéil ach feuchaint chúghainn féin
go cruinn, chun a dhéanamh amach an bhfuil aon bhaoghal
gur béas againn féin súile ár n-aigne do dhúnadh, agus
do choimeád dúnta, i gcoinnibh soluis na fírinne. Is
'mó cuma 'n-a ndeintear é. Isé nádúr an duine
neamhfhonn a bheith air feuchaint díreach ar a dhroch thréithe
féin. B'fhearr leis go mór feuchaint i n-aon treó eile
'ná 'n-a dtreó san. Isé nádúr thrócaire an tSlán-
uightheóra an solus do chur ag taithneamh ortha go
láidir, i dtreó go bhfeicfeadh an duine iad agus go
n-admhóchadh sé iad, agus go leighisfeadh cómhacht an
tSlánuightheóra iad — an chómhacht úd ná h-admhóchadh na
Fairisínigh a bheith aige. Cad é mar chiall d'aon
Chríosdaidhe, má tá droch nídh ar a choinsias, bheith a
d''iaraidh é choimeád i bhfolach ó'n Slánuightheóir?
Conus is féidir an droch nídh do leigheas má coimeád-
tar i bhfolach é? Nách é céad nídh atá le déanamh an
galar do nochtadh do'n dochtúir, i dtreó go bhfeicfidh
an dochtúir cad é an saghas é, agus conus a caithfear
an leigheas a dhéanamh air? Mura bhfeicfidh an


L. 183


dochtúir an gearán, conus is féidir dó an gearán do
leigheas? Mura n-innsidh an duine breóite do'n
dochtúir cá bhfuil an teinneas air, cad fhéadfaidh an
dochtúir a dhéanamh? Go mór mór, má innsean an
duine breóite bréag do'n dochtúir conus a bheidh an
sgéal ar ball? Beidh go h-aindeis. Tabharfaidh an
dochtúir dó, nídh nách iongnadh, an leigheas ná h-oirean
dó. Ach is cuma nó nimh do'n duine bhreóite an leigheas
ná h-oirean dó. Is amhlaidh a mharbhóchaidh an leigheas
san é i n-inead aon tairbhe dhéanamh dó. Isé an peacadh
an gearán, an droch nídh atá ar choinsias an duine. Isé
an t-oide faoisdine an dochtúir a cheap an Slán-
uightheóir chun an ghearáin sin do leigheas. Má cheilean
an duine breóite a ghearán ar an oide faoisdine conus
is féidir do'n oide faoisdine an leigheas a dh'oirean
dó do thabhairt do'n duine bhreóite? Ach tá, do réir
nádúra, an neamhfhonn agus an leisge ar an nduine
feuchaint díreach ar a pheacaí féin agus iad a dh'admháil.
Fonn iad a choimeád i bhfolach iseadh bhíon air, ní
h-amháin iad a choimeád i bhfolach ó dhuine eile, ach iad a
choimeád i bhfolach uaidh féin. Is fonn leis súile a
aigne féin do dhúnadh go daingean i dtreó ná feicfeadh
sé iad, agus go bhféadfadh sé bheith 'ghá áiteamh air féin
agus 'ghá chur 'n-a luighe air féin ná fuilid siad ann
i n-aon chor. Bíon sé coitchianta ag machtnamh ar na
droch neithibh ná deinean sé, agus ní fonn leis choídhche
an strac-fheuchaint is lúgha do thabhairt i dtreó na
ndroch neithe a dheinean sé. Ansan, nuair a théighean
sé chun faoisdine ní féidir leis cuimhneamh ach ar na
peacaibh nár dhein sé, agus, nídh nách iongnadh, croman
sé ar na peacaí nár dhein sé do chur síos do'n tsagart.
Ní bhíon d'fhaoisdin aige ach, "Ní bhím 'ghá dhéanamh
so. Ní bhím 'ghá dhéanamh súd. Ní bhím 'ghá dhéanamh


L. 184


súd eile," agus mar sin. Ní'l aon tuairisg aige ar
cad a dhein sé. Táid na neithe a dhein sé i bhfolach ó n-a
aigne. Ní fheuchan sé choídhche 'n-a dtreó. Bíon sé i
gcómhnuighe ag feuchaint i dtreó éigin eile. Ansan,
má chuirean an sagart ceist chuige, lom díreach, "Ar
dheinis a leithéid seo?" b'fhéidir go bhfeicfidh sé
gur dhein, agus nách aon mhaith bheith 'ghá shéanadh. Ní
déarfaidh sé, lom díreach, "Níor dheineas, a Athair."
Ní'l sé chómh h-olc san, b'fhéidir, ar fad. Ach cuirfidh
sé cor sa sgéal. Déarfaidh sé, "Dheineas, a Athair,
ach ní dhéanfainn dá leigtí dhom féin. An bhean so
atá agam isí fé ndear é." Is fada siar an seana
sgéal é sin. Is fadó adúbhradh ar dtúis é. Táthar
chómh tugtha chun an leath-sgéil sin a thabhairt anois agus
do bhítheas an chéad lá. Tá an fonn chun na súl do
dhúnadh ar ár ndroch thréithibh féin chómh láidir anois
agus bhí sé an chéad lá. Tá raint de mhianach an
Fhairisínigh ionainn go léir. D'á luathacht a thuigfimíd
an méid sin agus d'admhóchaimíd é iseadh is fearra
dhúinn é.



Is ceart dúinn, d'á bhrígh sin, feuchaint isteach i n-ár
n-aigne féin, agus súile ár n-aigne dh'osgailt agus
iad a choimeád ar dian-leathadh, agus feuchaint díreach
ar na peacaibh a dheinimíd. Ní baoghal dúinn na
peacaí ná deinimíd. Ní iarfaidh Dia orainn aon
chúntas a thabhairt ionta san. Ins na peacaibh a
dheinimíd iseadh bheimíd freagarthach i láthair Dé. Is
ceart dúinn a iaraidh ar an Slánuightheóir solus a
ghrást do chur ortha dhúinn go láidir, i dtreó go bhfeic-
fimís go cruinn agus go glan iad. Ansan, i n-inead
bheith ag guaileáil agus ag casadh agus a d'iaraidh
milleán ár bpeacaí do chur ar dhuine éigin eile, is
amhlaidh is ceart dúinn an milleán go léir do ghlacadh


L. 185


orainn féin, agus a dh'admháil go breágh macánta
dleaghthach, i láthair Dé agus i láthair ár n-oide faois-
dine, gur b'iad ár bpeacaí féin iad; gur sinn féin
a dhein iad; gur sinn féin atá ciontach ionta agus
nách aon duine eile; agus gur dúinn féin atáimíd a
d'iaraidh maitheamhnachais a dh'fhághail ó Dhia ionta, agus
cabhair ó ghrásta an tSlánuightheóra chun gan iad féin
ná aon pheacaí eile do dhéanamh airís.



Soluíd, nó sampla, ar an nduine nuair a bhíon an
peacadh marbhuightheach air, ab eadh an duine úd a bhí
gan lúth a ghéag. Níor deineadh aon cheilt ar ghalar an
duine sin. Sin mar is ceart gan ceilt ná folachadh
do dhéanamh ar na peacaibh ó'n oide faoisdine. Ansan
tiocfaidh chun an pheacaigh an maitheamhnachas fé mar a
thug an Slánuightheóir do'n duine bhreóite úd é. "Glac
misneach, a mhic. Táid do pheacaí maithte dhuit."



Ba shólásach an focal é, ag teacht ó bhéal an tSlán-
uightheóra. Gach Críosdaidhe a leigean é féin ar a
ghlúinibh i bhfiadhnaise sagairt, chun faoisdine dhéanamh,
ba cheart dó an misneach céadna do ghlacadh agus a
shúil a bheith aige go láidir leis an sólás céadna. Agus
i dtreó go bhfaghadh sé an sólás san, ba cheart dó bheith
i gcómhnuighe 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire solus na
ngrást a thabhairt dó, i dtreó go bhfeicfeadh sé go
soiléir conus a sheasuighean sé i láthair Dé agus cad
is ceart dó a dhéanamh, agus conus is ceart dó é
dhéanamh.



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir an solus san agus
an sólás san. Amen.


L. 186


LV.



AN NAOMHADH DOMHNACH DÉAG TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.)



Is léir d'aoinne, a phobul, ar an gcéad mhachtnamh,
cad a chialluigh an bhainfheis sin. Is ionan bainfheis agus
an chóisire a deintear nuair a póstar lánmha óg. "Is
cosmhail rígheacht neimhe," arsa'n Slánuightheóir, "le
fear a bhí 'n-a rígh agus a dhein bainfheis d'á mhac."
B'é Dia an rígh a dhein an bhainfheis d'á mhac. B'é an
Slánuightheóir féin an Mac. Na Iúdaigh ar dtúis, agus
ansan an chine daona go léir, na daoine a fuair an
cuireadh. Na fáidhe agus na daoine naomhtha a cuireadh
ag triall ar na Iúdaigh chun iad do dh'ollamhughadh do
theacht an tSlánuightheóra, go mór mór Naomh Eóin
Baiste, b'shiniad na teachtairí do chuir an Rígh ag
triall ar an muintir a fuair an cuireadh chun na
bainfheise. Níor chuir an mhuintir a fuair cuireadh ar
dtúis aon tsuim sa chuireadh. D'imthigheadar chun a
ngnótha féin. Ansan do chuir an Rígh seirbhísigh eile
ag triall ortha chun tathaint a dhéanamh ortha. Ní raibh
aon mhaith ann. Ní thiocfaidís. Dheineadar rud ba
mheasa 'ná gan teacht. Do rugadar ar sheirbhísigh an
Rígh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigh-
eadar iad.



Deir aithreacha na h-Eaglaise gur labhair an Slán-
uightheóir sa chaint sin ar an gcuma 'n-ar dhiúltuigh
na Iúdaigh do'n tSlánuightheóir, agus ar an gcuma 'n-a


L. 187


rabhadar, i gcómhnuighe riamh, ag tarcuisniughadh agus
ag marbhughadh na ndaoine naomhtha a chuireadh Dia chúcha
chun cómhairle leasa a n-anama do thabhairt dóibh, go
dtí, fé dheire, gur tharcuisnigheadar agus gur chuir-
eadar chun báis an Slánuightheóir féin, moladh go deó
leis.



Deir cuid des na h-aithreachaibh go gcialluighean
an chaint ar fheirg an Rígh agus ar na slóightibh armtha
agus ar losgadh na catharach, an íde a thug na
Rómhánaigh ar chathair Ierúsaleim raint bliadhanta tar
éis bháis an tSlánuightheóra. Deir tuille acu go
gcialluighean an chaint sin na mílte cuma 'n-a leig-
ean Dia trioblóidí agus cruadhtan agus umárd do
theacht ar na daoine a thugan faillighe i ngnóthaibh a
gcreidimh, mar gheall ar an iomad dúil a bheith acu i
i ngnóthaibh an tsaoghail seo. B'fhéidir go gcial-
luighean an chaint an dá nídh, an íde a tháinig ar na
Iúdaigh mar gheall ar a ndroch ghníomhartha féin, agus
'n-a theannta san, an díbhfeirg a thagan, le leamhnughadh
Dé, ar Chríosdaidhthibh, nuair a dheinid siad gníomhartha
de'n tsaghas chéadna i gcoinnibh Dé agus i gcoinnibh na
h-Eaglaise do chuir an Slánuightheóir ar bun.



Tabhair fé ndeara, a phobul, cad a thuit amach nuair
a bhí an íde déanta ar an muintir a fuair an cuireadh
agus nár tháinig, ach do dhein an easonóir agus an
marbhughadh. "Imthighidh amach," arsa'n Rígh, "agus
pé daoine a gheobhaidh sibh, glaodhaidh isteach ortha chun
na bainfheise." D'imthigh na seirbhísigh agus bhailigheadar
isteach na daoine go léir, idir olc agus maith.



Ní deacair ciall na cainte sin do thuisgint. Ní
thiocfadh an mhuintir a fuair cuireadh ar dtúis, na
Iúdaigh. Ansan do glaodhadh isteach an choitchiantacht,
na Geinte, an chine daona go léir.


L. 188


Ansan do thuit rud amach agus ní foláir dúinn é
bhreithniughadh agus machtnamh ana dhlúth a dhéanamh air.
Bhí na daoine go léir 'n-a suidhe chun bídh agus an tigh
lán. Ba mhaith leis an Rígh an chuideachta dh'fheisgint.
Tháinig sé isteach. D'fheuch sé 'n-a thímpal ar an
gcuideachtain. Ba ghearr go bhfeacaidh sé duine
áirighthe ar a measg, duine nár chuir uime an t-éadach
ba cheart a bheith uime sar a shuidhfeadh sé sa chuideach-
tain sin. Do labhair an Rígh leis. "A chara," ar
seisean leis, "conus a thánaís-se anso isteach gan
culaith na bainfheise umat?" Níor labhair an duine
focal. Níor dhein sé aon iaracht ar aon leath-sgéal a
thabhairt uaidh. Ní dúbhairt sé, fé mar ba dhóich le duine
a dh'fhéadfadh sé a rádh, "Do comáineadh isteach dom'
aimhdheóin mé." Ní dúbhairt sé aon nídh dh'á shórd san,
mar bhí fhios aige go maith ná béadh an chaint fíor. Bhí
fhios aige go dian mhaith nách d'á aimhdheóin a tugadh
isteach é, ach gur ar mhaithe leis a tugadh isteach é, agus
ná raibh aon bhac i n-aon chor air, dá mba mhaith leis
é, é féin d'ollamhughadh sa cheart, culaith na bainfheise
do chur uime. Bhí an chulaith ansúd ollamh dó, agus ní
raibh le déanamh aige ach í chur uime.



Ansan do thuit nídh eile amach, nídh uathbhásach. Dúbhairt
an Rígh leis an lucht friothálmha: "Deinidh a lámha
agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doir-
cheacht atá amuich: áit 'n-a mbeidh gol agus díosgán
fiacal."



Chómh fada agus a bhainean an sgéal linn-ne féin
anso, a phobul, is féidir dúinn a thuisgint gur b'é
Sácraimínt Chorp Críosd an féasta. Díreach mar
a chuir seirbhísigh an Rígh fhiachaibh ar na daoine úd go
léir teacht isteach chun na bainfheise, tá ceangailte
ag an Eaglais ar na Críosdaidhthibh go léir atá tagaithe


L. 189


i mbliadhantaibh na tuisgiona teacht agus Corp Naomhtha
an Tighearna do ghlacadh uim Cháisg, gach aon bhliadhain,
nó tímpal na Cásga. I dtreó, ámhthach, go ndéanfadh
an Críosdaidhe Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh
mar is cóir, ní foláir dó bheith ar staid na ngrást. Ní
foláir culaith na bainfheise bheith uime aige. An t-é go
mbéadh sé de mhí-fhortiún air an Corp Naomhtha do
ghlacadh agus gan é ar staid na ngrást, bhéadh peacadh
ana sgannramhail déanta aige i gcoinnibh Dé na glóire.
Bhéadh an rud céadna déanta aige a dhein na droch
dhaoine úd a fuair an cuireadh chun na bainfheise agus
do mhairbh na teachtairí. Bhéadh an íde tuillte aige do
thuilleadar súd. Bhéadh an rud céadna déanta aige
a dhein an fear úd a chuaidh isteach go bainfheis an Rígh
agus do shuidh sa chuideachtain uasail, agus gan culaith
na bainfheise uime. Bhéadh an cor céadna tuillte aige
a dh'órduigh an Rígh a thabhairt ar an bhfear úd. "Ceang-
alaidh a chosa agus a lámha," arsa'n Rígh, "agus
caithidh amach é sa doircheacht atá amuich, mar a mbeidh
gol agus díosgán fiacal." Bhéadh an rud déanta aige
ar ar cuireadh an ainim chruaidh, bhéadh damnughadh
síoruidhe dhó féin ithte aige mar bhiadh.



Cuimhnigh ar na neithibh sin, a Chríosdaidhe, nuair a
bheidh tú chun Comaoine ghlacadh. Ní'l neart duit
fanamhaint siar. Siné a dhein an mhuintir a fuair
cuireadh agus nár tháinig, nár bh'fhiú leó ar Mhac an Rígh,
ná ar an Rígh féin, teacht chun a bhainfheise. Thugadar
tarcuisne agus masladh dhó, agus dhíoladar as. Má
dheinean tusa an rud céadna díolfair as chómh maith
leó. Ní lúgha 'ná mar atá neart duit teacht gan
culaith na bainfheise umat. Cad 'tá agat le déanamh
mar sin? Cad a bhéadh agat le déanamh ach dul agus
tú féin d'ollamhughadh sa cheart. Dul agus faoisdin


L. 190


mhaith a dhéanamh. Siné chuirfidh culaith na bainfheise
umat. Má dheinean tú faoisdin mhaith beidh tú ar
staid na ngrást. Nuair a bheidh tú ar staid na
ngrást beidh culaith na bainfheise umat. Ansan ní
gádh dhuit aon cheist a bheith ort mar gheall ar dhul sa
chuideachtain uasail agus suidhe chun búird 'n-a measg.
Beidh míle fáilte rómhat ag an gcuideachtain agus ag
an lucht friothálmha, na h-aingil a bheidh mór-thímpal
an bhúird ag déanamh gach aon tsaghas friothálmha ar
an gcuideachtain, le h-órdughadh an Rígh. Beidh fáilte
acu go léir rómhat, agus beidh áthas ortha mar gheall ar
bheith ag friothálamh ort. Tiocfaidh an Rígh féin isteach
chun feuchaint ar an gcuideachtain. Chífidh sé thusa,
agus chífidh sé culaith na bainfheise ort, agus beidh
áthas air. Ansan ní bheidh náire ná ceann-fé ná sgann-
radh ort roimis an Rígh, mar beidh do ghnó déanta sa
cheart agat. Beidh culaith na bainfheise ort, culaith
na ngrást, an chulaith uasal, órtha, ghlan, a cheannaigh
an Rígh féin duit agus a bhí aige ad' chóir, ag brath air
go dtiocfá agus go gcurfá umat í, luath nó mall,
agus go dtiocfá isteach sa chuideachtain agus í umat,
agus ansan go mbéadh áthas ort féin, agus áthas ar
an gcuideachtain, agus áthas ar an Rígh. Ansan ní
baoghal duit fearg an Rígh, ná ceangal na lámh agus
na gcos, ná an caitheamh amach, ná an doircheacht sgann-
ramhail atá amuich, ná an gol nimhneach a leanfaidh ar
feadh na síoruidheachta, ná an díosgán fiacal a chuirean
i n-iúil géire agus déine na bpian. Beidh tú saor
sábhálta uatha san go léir.



Tá daoine a déarfadh gur b' ana chruaidh an rud
aon duine chur isteach ins na piantaibh sin ar feadh na
síoruidheachta. Is fíor dóibh é. Rud ana chruaidh
iseadh é. Rud ana uathbhásach iseadh é. Mura mbéadh


L. 191


gur rud uathbhásach é, mura mbéadh gur mí-ádh thar na
beartaibh é, níor ghádh do Mhac Dé, do'n Tarna Pear-
sain de'n Tríonóid ró Naomhtha, teacht anuas as na
flathais agus nádúr an duine do ghlacadh, agus an
Pháis a dh'fhulang agus bás d'fhághail tarnálta ar
chrann na croise, chun na cine daona do shaoradh uaidh.
Do dhein Mac Dé an méid sin chun sinne do shaoradh
ó'n mí-ádh uathbhásach san, ó cheangal na lámh agus na
gcos, ó'n gcaitheamh amach sa doircheacht sgannramhail,
ó'n ngol nimhneach ná stadfaidh go deó, ó'n ndíosgán
fiacal a thaisbeánan déine an phionóis. Cad é an
leigheas atá ag Dia na glóire ná ag an Slánuightheóir
gléigeal orm-sa má imthighim, le m' thoil mhacánta,
agus má chuirim saothar an tSlánuightheóra ar neamh-
nídh? Cheannuigh an Slánuightheóir aoibhneas na bhflathas
dom. Cad é an tairbhe do'n tSlánuightheóir an
ceannach san a bheith déanta aige má imthighim féin agus
má dhíolaim an t-aoibhneas san airís? Ní h-é sin
féin, ach an t-aoibhneas gur díoladh chómh daor as, do
sgaoileadh uaim ar shuarachas éigin gan mhaith gan tairbhe;
ar phléisiúr éigin, b'fhéidir, a bhíon imthighthe sar a
mblaistear é, nách mór; ar shaidhbhreas saoghalta; ar
dhúil i n-ól; ar dhúil i gcuid mo chómharsan; ar shásamh
mo dhroch intinne le rún díoghaltais; ar aon nídh des
na neithibh a mheallan aigne an duine ar an saoghal so.
Má sgaraim ar an gcuma san leis an rud a cheannaigh
an Slánuightheóir dom, conus is féidir dom an rud
san do choimeád agus é bheith agam? Agus mura
mbeidh sé agam conus is féidir dom a thoradh agus a
thairbhe bheith agam? Ní'l aon nídh eile, ar an saoghal so
ná ar an saoghal eile, chun mé shaoradh ó'n ndoircheacht
úd, agus ó cheangal na lámh agus na gcos, agus ó'n
ngol, ó phiantaibh síoruidhe ifrinn, ach toradh saothair


L. 192


an tSlánuightheóra. Má chaithim uaim le m'thoil mhacánta
toradh an tsaothair sin, cad é an leigheas atá ag aoinne
orm? Ar neóin, ní h-amhlaidh a mheasfadh aon duine
a rádh gur cheart aoibhneas na bhflathas a thabhairt do
dhuine nár iar riamh é, dáiríribh, nár chuir aon tsuim
riamh ann, dáiríribh, ach do chaith a shaoghal ag déanamh
peacaí, ag sásamh a thoile féin, ag gabháil do chosaibh i
ngrásta Dé ar gach aon tsaghas cuma, agus ansan do
gheibhean bás agus do théighean i láthair Dé gan aon
aithrighe dhéanamh. Ní'l aon duine is túisge a
dh'admhóchaidh ná fuil ceart ná teidiol aige cun aoibhnis
na bhflathas 'ná an duine sin féin. "Conus a thánaís-se
anso isteach gan culaith na bainfheise umat?" arsa'n
Rígh. "Agus níor labhair seisean focal." Níor
labhair mar ní raibh aon fhocal aige le labhairt.
"Ceangalaidh a lámha agus a chosa," arsa'n Rígh, "agus
caithidh amach é sa doircheacht atá amuich, mar a mbeidh
gol agus díosgán fiacal."



Níor labhair an duine féin focal. Níor iar sé
trócaire. Níor labhair aoinne d'á raibh láithreach
focal i n-a fhabhar. Cad 'n-a thaobh? Mar bhí fhios
agá raibh láithreach, agus bhí fhios aige féin é níos fearr
'ná mar a bhí fhios ag aoinne acu é, go raibh sé tar éis
trócaire Dé chaitheamh uaidh le n-a thoil mhacánta féin.
Níor tháinig an sgéal a gan fhios air i n-aon chor.
Bhí fhios aige go maith nár tháinig. Do tugadh breith
damanta air agus d'admhuigh sé féin go raibh an bhreith
lán-cheart. Bhí fhios aige ná tabharfaí an bhreith sin air
mura mbéadh é féin. Bhí fhios aige go raibh ceangailte
air, i n-onóir do'n Rígh, agus i n-onóir do Mhac an
Rígh, culaith na bainfheise chur uime. Bhí fhios aige,
leis, gur le h-easonóir do'n Rígh agus do Mhac an
Righ nár chuir sé an chulaith uime. Bhí fhios aige


L. 193


cad a thiocfadh as dó. Níor tháinig aon nídh a gan
fhios air.



Ar an gcuma gcéadna san díreach atá an sgéal
againn go léir, a Chríosdaidhthe. Tá fios aitheanta
ár gCreidimh againn. D'fhoghlumuigheamair an
Teagasg Críosdaidhe. Tá fhios againn go bhfuil ceang-
ailte orainn Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh
uim Cháisg nó tímpal na Cásga. Agus tá fhios againn
gur ceart d'aon Chríosdaidhe go bhfuil grádh Dé agus
dílse creidimh 'n-a chroidhe, Corp Naomhtha an Tighearna
do ghlacadh níos minicighe go mór 'ná uair sa mbliadhain;
'seadh, agus níos minicighe 'ná dhá uair sa mbliadhain.
Tá fhios againn go maith, leis, chun go nglacfaimís
Corp Naomhtha an Tighearna mar is cóir, nách foláir
bheith ar staid na ngrást; agus chun bheith ar staid
na ngrást nách foláir faoisdin mhaith a dhéanamh. Tá
congnamh ó ghrásta riachtanach dúinn chun faoisdin
mhaith a dhéanamh. Ní baoghal go dteipfidh an congnamh
san orainn má loirgimíd é.



Má dheinimíd an gnó ar an gcuma san beidh culaith
na bainfheise umainn agus ní baoghal dúinn an bhreith
damanta.



Go dtugaidh ár Slánuightheóir Íosa Críosd dúinn,
tré neart a pháise agus a chroise naomhtha, agus tré
impidhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir,
dul ó'n mbreith sin. Amen.


L. 194


LVI.



AN FICHMHADH DOMHNACH TAR ÉIS CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 4.)



Is dócha, a phobul, gur b'é céad smuíneamh a thiocfadh
chun aigne aon duine, tar éis an tSoisgéil sin
d'aireachtaint, 'ná a dh'fhiafraighe dhé féin cad 'n-a
thaobh go ndúbhairt ár Slánuightheóir an focal úd leis
an nduine uasal a tháinig agus d'iar air dul agus
a mhac do leigheas.



"Mura bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantaí,"
arsa'n Slánuightheóir leis, "ní chreidean sibh."



Cad 'n-a thaobh go ndúbhairt an Slánuightheóir an
focal san leis an nduine? Ar nóin, mura mbéadh
go raibh an creideamh aige ní thiocfadh sé i n-aon chor.



Cuirean Naomh Gregorí an cheist chéadna san, agus
sidé an freagra a thugan sé féin ar an gceist. Bhí,
adeir Gregorí, iaracht de'n chreideamh aige, ach ní raibh
an creideamh aige sa n-iomláine. Dá mbéadh an
creideamh aige sa n-iomláine ní iarfadh sé ar an Slán-
uightheóir dul leis síos chun a thíghe chun an leighis a
dhéanamh. Bhéadh fhios aige nár ghádh dhó coruighe as an
áit 'n-a raibh sé. Go bhféadfadh sé an leigheas a dhéanamh
le gníomh toile. "Tar anuas," ar seisean, "agus
leighis mo mhac. Tá sé ag dul chun báis." Ní h-amhlaidh
adúbhairt sé, mar adúbhairt an fear eile úd, "Ní fiú
mé go dtiocfá fé m' dhíon. Abair an focal agus beidh
mo mhac slán." Ansan, nuair a dhein an Slánuightheóir
an gearán ar an easba creidimh, dúbhairt an duine


L. 195


uasal, "A Thighearna, tar anuas sar a bhfaighidh mo
mhac bás." Dá mbéadh an creideamh ceart aige bhéadh
fhios aige dá mbéadh an mac tar éis bháis féin go raibh
ar chumas an tSlánuightheóra é thógaint ó'n mbás. Ach
do dheabhróchadh an sgéal go dtáinig breis creidimh
chuige fé dheire. Is dócha gur thug an Slánuightheóir,
d'á ghrástaibh, an creideamh dó. Mar nuair a dúbhairt
an Slánuightheóir leis imtheacht abhaile, go raibh a mhac
leighiste, do chreid sé an focal agus d'imthigh sé
láithreach.



Sa n-am gcéadna, ámhthach, ba dhóich le duine air ná
raibh sé ar fad sásta. Nuair a bhí sé ag teacht i
gcómhgar do'n bhaile do bhuail cuid d'á sheirbhíseachaibh
uime agus d'innseadar dó go raibh a mhac leighiste.
Dá mbéadh an creideamh sa n-iomláine aige an uair
sin ní chuirfeadh an sgéal san aon iongnadh air. Déar-
fadh sé leó, "Tá go maith. Bhí fhios agam féin
an méid sin"; agus ní dhéanfadh sé a thuille
sgrúdúcháin ar an sgéal. Ach do dhein sé an
sgrúdúchán. Dúbhairt sé leó a dh'innsint dó go
cruinn cad é an tráth 'n-a dtáinig an mac chuige féin.
D'innseadar dó é go cruinn. Ansan do fuair sé
amach gur bh'é uair a tháinig an buachaill chuige féin,
díreach nuair adúbhairt an Slánuightheóir an focal,
"Imthigh leat abhaile. Tá do mhac leighiste." Ansan
do thuig sé gur bh'é an Slánuightheóir do leighis an mac,
agus gur leighis sé é gan teacht 'n-a ghoire i n-aon chor.
Gur leighis sé é gan a dhéanamh chun an leighis ach
gníomh toile. Ansan do chreid an duine uasal agus
a theaghlach go léir. Bhí fhios aige ansan gur bh'é Dia
a dhein an leigheas, mar nár bh'fhéidir d'aon chómhacht
eile ach do chómhacht Dé leigheas de'n tsórd san a
dhéanamh le gníomh a thoile.


L. 196


Is ceart dúinne, a phobul, machtnamh go dlúth ar an
méid sin. Chun go ndéanfaimís machtnamh air iseadh
chuirean an Eaglais os ár gcómhair é. Tá cúis a
dóithin ag an Eaglais le h-é chur os ár gcómhair agus
le n' iaraidh orainn machtnamh a dhéanamh air. Tá fhios
aici go maith go n-oirean an machtnamh san dúinn, agus
má dheinimíd é go ndéanfaidh sé tairbhe dhúinn, agus
nách tairbhe suarach é.



Is dócha gur dóich linn féin go bhfuil iomláine an
chreidimh againn. Má dheinimíd an machtnamh ceart ar
an sgéal agus má bhreithnighmíd i gceart é, b'fhéidir
go bhfaighmís amach go bhfuil ar ár gcreideamh, nó go
mbíon uaireanta pé'r domhan é, a lán de'n easnamh
céadna a bhí ar chreideamh an duine uasail úd.



Fiafraighmís an méid seo dhínn féin. Nuair a thagan
trioblóidí an tsaoghail orainn, an mbíon an mhainíghin
cheart as Dia againn? Chonacamair i Soisgéal eile
conus mar a chas an Slánuightheóir le n-a dheisgiobuil
ná raibh an mhainíghin as Dia acu ba cheart dóibh a bheith
acu, agus dá mbéadh, ná béadh an saoghal so ag
dhéanamh oiread buartha dhóibh. Thaisbeáin sé dhóibh
go soiléir cad é an chúis gur cheart dóibh an mhainíghin
sin a bheith acu as Dia. Thug sé an chúis dóibh ar dhá
chuma. Ar dtúis; ní'l ar chumas an duine aon nídh
a dhéanamh ach le congnamh ó Dhia. Pé machtnamh a
dhéanfadh duine i n'aigne air ní fhéadfadh sé é féin a
dhéanamh troigh níos aoírde 'ná mar atá sé. Ní'l aon
tseó ach a luighead is féidir do'n duine a dhéanamh as
a chómhacht féin. Agus feuch. Is dóich leis féin go
bhfuil ana chómhacht aige, gur beag má tá aon teóra le
n-a bhfuil ar a chumas. 'Seadh; agus nuair is dóich
leis go bhfuil an saoghal aige d'á iompáil taobh síos
suas, d'fhéadfadh puth gaoithe é chur ar fleasg a


L. 197


dhroma, agus isteach sa chómhrainn, b'féidir. Gan
lámh Dé bheith ag cabhrughadh leis an nduine ní'l ar a
chumas aon rud i n-aon chor a dhéanamh. Ba cheart
d'á bhrígh sin do'n duine, pé gnó atá ar siúbhal aige,
pé trioblóidí saoghalta atá ag imirt air, greim a
choimeád i gcómhnuighe ar láimh Dé, a mhainíghin a bheith
aige as Dia coitchianta, greim a choimeád ar láimh Dé
i lár na dtrioblóidí go léir. Má choimeádan sé an
greim sin ar láimh Dé, tá fhios ag an saoghal gur
fearr a chuirfidh sé dhé na trioblóidí 'ná mar a chuir-
fidh sé dhé iad má bhíon sé a d'iaraidh gabháil tríotha gan
cuimhneamh i n-aon chor ar Dhia.



Agus feuch gur 'mó Críosdaidhe a bhíon ag
briseadh a chroídhe le trioblóidibh an tsaoghail
ó mhaidin go h-oídhche, agus ó Luan go Satharn,
agus ó cheann ceann de'n bhliadhain, agus ná cuimh-
nighean choídhche ar ghreim a bhreith ar láimh Dé, i lár na
dtrioblóidí, agus ar an ngreim a choimeád go dain-
gean!



Cad fé ndear é sin, a phobul? 'Néosfad-sa dhaoibh
cad fé ndear é. Easba creidimh fé ndear é. Dá
mbéadh an creideamh ceart ag duine is ar Dhia a
chuimhneóchadh sé ar dtúis chómh luath agus thiocfadh aon
tsaghas trioblóide air. Ach nuair ná bíon an
creideamh ceart aige is ar a ghustal féin a chuimhnighean
sé nuair a thagan an trioblóid air, agus d'á thruime
an trioblóid iseadh is deacra dhó cuimhneamh ar Dhia,
mar ní leigean an trioblóid dó cuimhneamh ar Dhia. An
t-é go mbéadh an creideamh ceart aige, is amhlaidh a
chuirfeadh an trioblóid fhiachaibh air cuimhneamh ar Dhia,
i n-inead é chosg ar chuimhneamh ar Dhia. Ar an gcuma
san, an t-é go mbíon an creideamh ceart aige, is
amhlaidh a dheinid trioblóidí an tsaoghail seo é tharang


L. 198


níos mó chun Dé. Tá fhios aige go maith gur ar Dhia
atá a sheasamh agus nách ar a neart féin ná ar a ghustal
féin, agus d'á bhrígh sin iompuighean a chroídhe agus a
aigne chun Dé láithreach chómh luath agus thagan an triob-
lóid. Iaran sé ar Dhia na glóire lámh a shíneadh chuige.
Beirean sé greim daingean ar láimh Dé, agus d'á
ghéire an trioblóid iseadh is daingine choimeádan sé
an greim ar láimh Dé.



Thug an Slánuightheóir, an uair chéadna, cúis eile dos
na deisgiobuil chun a mainíghne do chur as Dia ar fad.
Thug sé mór-mhaitheas Dé mar chúis dóibh chuige. Chuir
sé i gcuimhne dhóibh conus mar a thugan Dia, d'á mhór-
mhaitheas, aire dos na h-éanlaithe, agus conus mar a
chuirean sé órnáid ar bhláthanaibh an bháin, conus mar
a thugan sé gach aon tsaghas aireachais do gach nídh d'ár
chruthuigh sé, beag agus mór, uasal agus íseal. Gur
mó go mór le rádh an duine 'ná aon nídh eile d'ár
chruthuigh Dia ar an saoghal so. D'á bhrígh sin gur mó
go mór an t-aireachas atá ag Dia 'á thabhairt coit-
chianta do'n duine 'ná d'aon nídh eile ar bith. Raghaidh
gach nídh eile d'ár chruthuigh Dia ar an saoghal so, ar
neamhnídh. Mairfidh an duine ar feadh na síoruidh-
eachta. Má tá mór-mhaitheas Dé chómh fial san le
neithibh a raghaidh ar neamhnídh, conus fhéadfadh sé gan
bheith fial leis an nduine, a mhairfidh go síoruidhe? Ach
an t-é ná bíon an creideamh láidir aige ní chuimhnighean
sé air sin. Bíon an saoghal ag gabháil 'n-a choinnibh.
Ní túisge, b'fhéidir, a bhíon trioblóid curtha dhé aige
'ná mar a thagan dhá thrioblóid i n-a inead air, agus
gach trioblóid acu níos truime 'ná an trioblóid atá
curtha dhé aige. Ach ní chuimhnighean sé ar mhór-mhaitheas
Dé. Duine macánta iseadh é, b'fhéidir. Croman sé
a cheann agus fuilingean sé an trioblóid. Ach pé cúis


L. 199


é, fágan sé ansan an sgéal. Ní chuimhnighean sé ar
mhór-mhaitheas Dé. Ní chuimhnighean sé go mb'fhéidir go
bhfuil a chúis féin ag Dia na glóire chun na dtriob-
lóidí sin a thabhairt dó le fulang. Ní foláir do mhór-
mhaitheas Dé an nídh a thabhairt dúinn a dhéanfaidh
tairbhe dhúinn, agus ná déanfaidh díobháil dúinn. Ní
thiocfadh sé isteach i n-aon chor le mór-mhaitheas Dé an
rud a thaithnfeadh linn féin do tabhairt dúinn ar an
saoghal so, dá ndéanfadh an rud san díobháil dúinn i
gcóir an tsaoghail eile. D'á bhrígh sin, seo rud nách
ceart d'aon Chríosdaidhe aon mhearbhall a bheith air 'n-a
thaobh. Ní féidir do'n duine aon tsaghas trioblóide
theacht air ach le toil Dé. Gan amhras tagaid na triob-
lóidí ó dhuine eile go minic. Ní thiocfaidís dá mba
thoil le Dia iad do chosg. Le toil Dé iseadh thagan an
uile shaghas trioblóide ar an nduine. Ach níor chuir
Dia riamh aon trioblóid ar dhuine ar an saoghal so ach
ar mhaithe leis an nduine sin. Má chuimhnighean an
Críosdaidhe ar an méid sin, i gceart, cad is dóich leat
a thuitfidh amach dó? Sidé a thuitfidh amach dó. Las-
faidh an machtnamh san grádh do Dhia i gcroídhe an duine
sin i dtreó gur b' ar éigin a mhothóchaidh sé an triob-
lóid i n-aon cor. Labharfaidh grásta Dé i gcroídhe
an duine sin. Tabharfaidh grádh Dé cogar dó, agus
seo mar a dhéarfaidh Dia leis sa chogar san. "Tá
sé raint cruaidh. Ach dein é dh'fhulang ar mo shon-sa."
An Críosdaidhe a dh'aireóchaidh an cogar san ó Dhia
istigh 'n-a chroídhe, d'fhuilingeóchadh sé oiread eile dá
n-iartí air é sa chogar chéadna.



Siné an creideamh ceart. Siné an creideamh a bhí ag
an Slánuightheóir d'á lorg nuair adúbhairt sé leis an
nduine uasal úd n-a raibh a mhac ag dul chun báis;
"Mura bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantaí ní


L. 200


chreidean sibh." Siné an creideamh a bhíon i n-easnamh
orainne nuair a thagan trioblóidí an tsaoghail orainn
agus ná cuimhnighmíd ar mhór-mhaitheas Dé, ná ar mhór-
chómhacht Dé, ná ar an bhfírinne sin, gur ar mhaithe linn
a thugan Dia trioblóidí dhúinn le fulang ar an saoghal
so. Gur le grádh dhó féin is maith leis a dh'fhuiling-
eóchaimís iad. Agus ansan go bhfuil an tsíoruidheacht
aige chun luacht ár saothair a thabhairt dúiun.



Agus feuch ar an dtaobh so de'n sgéal. Má chíon
Dia gur b'é leas ár n-anama na trioblóidí chur
chúghainn ar an saoghal so cuirfidh sé chúghainn iad.
Má chíon Dia gur díobháil agus aimhleas anama a
dhéanfadh sólás an tsaoghail seo dhúinn tabharfaidh sé,
tré n-a mhór-mhaitheas féin, togha aireachais gan an
sólás do leigint chúghainn. Ansan caithfimíd an
trioblóid a dh'fhulang. Ní'l aon dul uaidh againn.
Nách leamh an obair dúinn gan an rud a dhéanamh is
fearr a thaithnfeadh le Dia agus is mó a bhainfeadh an
teinneas as an dtrioblóid agus, sa n-am gcéadna,
is fearr a thuillfeadh luacht saothair dúinn féin ar
ball? Easba creidimh, is dócha, fé ndeara dhúinn
gan cuimhneamh air sin, leis.



Chun go gcuimhneóchaimís ar na neithibh sin go léir, a
phobul, iseadh chuirean an Eaglais i n-ár láthair an
gearán san a dhein ár Slánuightheóir ar easba creidimh.
Is ceart dúinn intinn agus aigne na h-Eaglaise do
bhreithniughadh agus do thuisgint. Cuimhneamh orainn
féin. Feuchaint chúghainn féin. Ár gcroídhe agus
ár n-aigne do thógaint suas ó'n saoghal so agus ó
thrioblóidibh an tsaoghail seo agus ó shólás an tsaoghail
seo. Greim a bhreith ar láimh Dé, agus an greim a
choimeád. Ár mainíghin a bheith as Dia againn ar fad.
Trioblóidí an tsaoghail do ghabháil le n-ais agus


L. 201


d'fhulang le grádh do Dhia, agus ansan, deimhne
dhéanamh dé go dtabharfaidh Dia ár dtuasasdal go
maith dhúinn ar an saoghal eile.



Go dtugaidh Dia d'á ghrástaibh dúinn, tré impidhe
na Maighdine Muire agus na naomh go léir, an tuaras-
dal san do thuilleamh agus d'fhághail. Amen.



LVII.



AN t-AONMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 18.)



Is ró fhuiriste a dh'fheisgint, a phobul, go gcialluighean
an fear a bhí 'n-a rígh, sa tSoisgéal san, go gcial-
luighean sé Dia na glóire féin, moladh go deó leis.
Ansan, cialluighean socarughadh na gcúntaisí an rud
a múineadh dúinn go léir nuair a dh'fhoghlumuigheamair
ár dTeagasg Críosdaidhe, gach focal díomhaoin a
labharfaidh an duine go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt
ann lá an bhreitheamhantais.



Ach tabhair fé ndeara cad a thuit amach. Do tugadh
i láthair an rígh duine go raibh an cúntas ana mhór 'n-a
choinnibh. Deich míle talant. Fiacha a bhí ana throm.
Fiacha nár bh'fhéidir do'n duine a dhíol go deó.



Siné díreach an chuma 'n-a raibh an sgéal ag an nduine
i láthair Dé mura mbéadh teacht an tSlánuightheóra.
Bhí ar chumas an duine an peacadh dhéanamh, ach ní raibh ar
a chumas sásamh a thabhairt do cheart Dé sa pheacadh.
Níor bh'fhéidir d'aoinne ach do'n tSlánuightheóir an sásamh


L. 202


san a thabhairt do cheart Dé. D'fhéadfadh duine peacadh
dhéanamh i n-aghaidh Dé, ach ní'l ar a chumas, as a ghustal
féin, aon leór-ghníomh a dhéanamh le Dia sa pheacadh san.
Is féidir do dhuine, anois, dul agus faoisdin a dhéanamh,
agus cathughadh bheith air mar gheall ar a pheacaibh, agus
asbolóid fhághail agus maitheamhnachas fhághail ins na
peacaibh. Ach má 'seadh, is tré mhór-luacht bháis an
tSlánuightheóra do dhul chun sochair d'á anam i Sácraimínt
na h-Aithrighe a gheibhean sé an maitheamhnachas san. Ach
cuir an méid seo i gcás. Cuir i gcás ná tiocfadh an
Slánuightheóir i n-aon chor, agus ná béadh sé le teacht,
conus a bhéadh an sgéal againn? Seo mar a bhéadh an
sgéal againn. Bhéadh ar chumas an duine an peacadh
dhéanamh, díreach mar atá anois, díreach mar a bheidh go
deó an fhaid a bheidh saor-thoil ag an nduine. Ansan,
dá dtagadh cathughadh ar an nduine sin mar gheall ar an
bpeacadh san, ní fhéadfadh an cathughadh san aon mhaitheamh-
nachas a dh'fhághail dó sa pheacadh san. Breithnigh an méid
sin, agus chífir gur fíor é. Ní féidir do dhuine fiacha
dhíol gan an t-airgead a bheith aige, nó luacht an airgid.
Is féidir fiacha do chur suas gan airgead, ach ní féidir
iad do thabhairt anuas gan airgead. D'fhéadfadh
duine an t-anam a bhaint a' duine eile. Tá ar chumas
duine an gníomh san do dhéanamh. Ní'l ar a chumas,
ámhthach, an t-anam do chur thar n-ais sa duine sin.
Ní'l ar chumas aoinne é sin a dhéanamh ach ar chumas an
t-É a chuir an t-anam ar dtúis sa duine sin.



Tá fhios againn cad a thuitean amach, uaireanta,
nuair a dheinean duine dúnmharbhadh. Nuair a bhíon
an gníomh déanta, agus nuair a chíon sé, sínte ansúd,
gan anam, os a chómhair, an duine do mhairbh sé, tagan
a leithéid sin de bhrón agus de bhuile aithreachais air,
a leithéid sin de chathughadh mar gheall ar an ngníomh, go


L. 203


dtabharfadh sé an saoghal go léir, dá mba leis é, ar an
nduine sin a dh'fheisgint beó airís. Ach pé buairt a
bhéadh air, ná pé brón a bhéadh air, dá mbéadh sé ag
sile deór le neart buartha go dtí go leaghfadh na súile
amach as a cheann, ní fhéadfadh sé an t-anam do chur
airís isteach sa chorp mharbh san. Ar an gcuma gcéadna
díreach, tá ar chumas an duine, le n-a thoil mhacánta, an
peacadh dhéanamh, ach ansan, nuair a bhíon an peacadh
déanta, ní'l ar chumas an duine, as a ghustal féin, dá
mbéadh sé ag déanamh aithrighe ar feadh míle bliadhan,
an peacadh san a bhaint d'á anam. Tá ar a chumas é
féin a chur ar staid an pheacaidh, ach ní'l ar a chumas,
as a ghustal féin, teacht airís ar staid na ngrást.
Nuair a dheinean sé an peacadh cuirean sé é féin ar
staid an pheacaidh. Tá sé, ansan, díreach sa chás 'n-a
raibh an duine úd go raibh na fiacha móra go léir air
agus ná raibh aon bhreith aige ar iad do dhíol. Soluíd
iseadh an seirbhíseach san ar an nduine, nuair a bhíon
an duine ar staid an pheacaidh.



Breithnigh anois go cruinn an rud a thuit amach. Is
rud é is ceart do gach aon Chríosdaidhe a bhreithniughadh
go cruinn, mar bainean sé go dlúth le gach aon
Chríosdaidhe atá beó ar an saoghal. Ní raibh aon bhreith,
fé bhun Dé ar an dtalamh so, ag an seirbhíseach san ar
na fiacha móra do dhíol. Níor bh'fholáir, do réir chirt
dlíghe, é féin agus gach ar bhain leis do dhíol, mar gheall
ar na fiacha. Ar an gcuma gcéadna, nuair a bhíon
fiacha móra an pheacaidh ar an nduine, ní bhíon aon
bhreith aige, as a ghustal féin, ar na fiacha dhíol, agus
d'á bhrígh sin ní foláir, do réir chirt dlíghe, é féin do
dhíol, 'sé sin breith damanta thabhairt air. Ach cad a
thuit amach do'n tseirbhíseach? Chaith sé é féin ar an
dtalamh i láthair an rígh, agus d'iar sé ar an rígh


L. 204


foidhneamh leis, agus go ndíolfadh sé na fiacha ach
aimsir a thabhairt dó. Tháinig truagh ag an rígh dhó,
agus mhaith sé na fiacha móra dhó agus do sgaoil sé
chun siúbhail é. D'imthigh an seirbhíseach san amach agus
é lán d'áthas. Do casadh air cómharsa dhó, cómh-
sheirbhíseach. Bhí airgead éigin suarach aige ar an
gcómh-sheirbhíseach, raint pinginí. D'iar sé an raint
pinginí ar an gcómh-sheirbhíseach. Do thárla ná rabhadar
aige i láthair na h-uaire sin. Do rug an fear eile
ar sgórnaigh air. "Díol liom na fiacha atá agam
ort!" ar seisean agus é 'ghá thachtadh. "Bíodh foidhne
agat," arsa'n duine. "Tabhair aimsir dom, agus
díolfad na fiacha leat." Ní thabharfadh. Do chuir sé
an dlígh i bhfeidhm ar an nduine agus chuir sé isteach
sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiacha.



Ní dócha go bhfuil aon Chríosdaidhe beó a dh'airigh an
méid sin gnótha riamh, d'á léigheadh do phobul amach a'
Soisgéal an lae indiu, ná tabharfadh suas do'n tseir-
bhíseach san é gur bhuaidh a ghníomh ar ar deineadh riamh
de ghníomharthaibh spriúnlaithe, malluighthe, caillte.
B'fhéidir go bhfuil Críosdaidhthe a mheasfadh nár dhein
aoinne riamh é dáiríribh. Nár bh'fhéidir aon duine
dh'fhághail a bhéadh chómh folamh ar fad ó aon phioc de'n
daonacht ba cheart a bheith sa t-é is measa shiúbhlaigh
talamh riamh, ach gur dhuine é. Tá dearmhad ortha.
Rud ab eadh é do thuit amach, dáiríribh, i bpáirt éigin
de'n domhan, tímpal aimsire an tSlánuightheóra, nó
roimis. Do chonaic an Slánuightheóir é, mar chíon Dia
gach uile nídh. Ansan, d'inis an Slánuightheóir é d'á
dheisgiobulaibh mar sholuíd ar an dteagasg a theas-
tuigh uaidh a thabhairt dóibh. Ansan, do thóg an
Eaglais an sgéal agus chuir sí ansan isteach é, i Leabhar
an Aifrinn, i dtreó go bhfanfadh sé ann agus go


L. 205


léighfí amach é dos na Críosdaidhthibh ar fuid an domhain,
i gcómhnuighe, nuair a thiocfadh an Domhnach so sa tímpal.
Do deineadh an gníomh, i n-áit éigin, agus d'inis an
Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh é, agus innsean an
Eaglais dúinne é; agus isí céad cheist eile atá
againn le cur chúghainn féin, a phobul, i dtaobh an
ghnímh sin a dhein an seirbhíseach malluighthe le n-a
chómh-sheirbhíseach, 'ná so. Cad chuige gur inis an
Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh é? Nó cad chuige
go n-innsean an Eaglais dúinne é? Sidé cúis, a
phobul, gur inis an Slánuightheóir d'á deisgiobulaibh é,
agus go n-innsean an Eaglais dúinne é. Mar
do bhain an sgéal go dlúth leis na deisgiobuil, agus
bainean an sgéal linne chómh dlúth díreach agus do bhain
sé leis na deisgiobuil.



B'fhéidir gur dóich linn ná béadh aon bhaoghal go
ndéanfadh aoinne againn féin, pé rud a bhéadh le
h-imtheacht air, beart chómh grána leis an mbeart úd
a dhein an seirbhíseach úd gur maitheadh na fiacha móra
dhó. Feuchaimís isteach sa sgéal san. Bhí an gníomh
a dhein sé siúd grána go maith gan amhras, ach conus
a bheidh an sgéal againn má chítear, i láthair Dé, go
bhfuil Críosdaidhthe le fághail a dheinean, agus nách go
h-anamh é, ach go minic, gníomh atá níos measa go mór,
níos gráinne go mór, níos malluighthe go mór, 'ná an
gníomh a dhein sé siúd.



Fiacha saoghalta, fiacha airgid, ab eadh na fiacha
móra do mhaith an rígh do'n tseirbhíseach úd. Ar an
gcuma gcéadna, fiacha saoghalta, fiacha airgid, ab eadh
na fiacha suaracha ná maithfeadh an seirbhíseach d'á chómh-
sheirbhíseach. B'shiní an tsoluíd. Na fiacha móra
saoghalta a bhí ag an rígh úd ar an seirbhíseach, ba sholuíd
iad ar na fiacha spioraideálta a bhíon ag Rígh na


L. 206


Glóire ar an nduine nuair a bhíon an duine ar staid
an pheacaidh. Pé méid a bhí ins na fiacha saoghalta,
ba mhó na fiacha spioraideálta 'ná iad, gan aon chom-
órtas. D'á bhrígh sin, nuair a mhaithean Dia na glóire
an peacadh do'n duine maithean sé dhó fiacha atá, gan
chomórtas, níos mó agus níos truime 'ná na fiacha
airgid do maitheadh do'n tseirbhíseach úd. Maithean
Dia na glóire na fiacha spioraideálta san do gach aon
Chríosdaidhe gach aon uair a dheinean an Críosdaidhe
aithrighe agus faoisdin, agus a tugtar asbolóid dó.
Ansan, tagan an Críosdaidhe sin abhaile, agus ráinighean
go ndeinean cómharsa éigin droch ghníomh éigin air, rud
éigin nách ceart i n-aon chor do'n chómharsa san a
dhéanamh. Ochón! Eirighean an Críosdaidhe sin láith-
reach ar dearg-bhuile. Lasan a chroídhe le feirg. Tagan
fuath fíochmhar aige do'n chómharsain sin a dhein, dar leis,
a leithéid do dhroch ghníomh air. Ní mhaithfidh sé choídhche
dhó é! Ní ceart i n-aon chor a iaraidh air é mhaitheamh
dó. "Ó, a Athair," adeir sé, "ná h-iar orm é
mhaitheamh dó! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó! Dá
mairinn míle bliadhan ní mhaithfidh mé dhó é! An rógaire
fill a dhein a leithéid de ghníomh orm, gan chúis gan
adhbhar, agus nách é a bhí tuillte agam uaidh ach a mhalairt,
a mhalairt ar gach aon tsaghas cuma. Ní mhaithfidh mé
choídhche dhó é! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó!"



Cad tá le rádh leis an saghas san cainte, a phobul?
Is mó agus is truime go mór na fiacha atá maithte,
agus ní h-aon uair amháin é, ag Dia na glóire do'n
Chríosdaidhe sin 'ná an deich míle talant a mhaith an
rígh sa tSoisgéal do'n tseirbhíseach mhalluighthe úd, agus
siné an Críosdaidhe ag déanamh an ghnímh chéadna
díreach a dhein an seirbhíseach malluighthe. Tugaimís
feuchaint bheag eile ar conus a thuit amach do'n


L. 207


tseirbhíseach mhalluighthe. Chonaic na cómh-sheirbhísigh
eile cad a bhí déanta aige. Tháinig seirbhthean ana
mhór ortha, nídh nár bh'iongnadh. D'innseadar do'n
rígh cad a dhein an fear. Thainig fearg ar an rígh.
Chuir sé fios ar an seirbhíseach malluighthe sin. Do
tugadh 'n-a láthair é. "A sheirbhísigh mhalluighthe," ar
seisean leis, "do mhaitheas-sa dhuit-se na fiacha móra
nuair a dh'iarais orm é. Nár chóir duit-se truagh
bheith agat do d' chómh-sheirbhíseach fé mar a bhí truagh
agam-sa dhuit-se?"



Meághaigh an chaint sin, a Chríosdaidhe ná féadfadh
an droch nídh a dhein do chómharsa ort a mhaitheamh dó.
Breithnigh an chaint sin agus feuch isteach inti. Cad
é an saghas aigne is dóich leat a bhí ag an seirbhíseach
malluighthe úd nuair airigh sé an chaint sin ag teacht
a' béal an rígh? Cad é an saghas aigne a bheidh agat-sa,
a Chríosdaidhe mhalluighthe, mhí-fhortiúnaigh, nuair a
thiocfaidh an chaint chéadna díreach chúghat ó bhéal an
tSlánuightheóra, ó bhéal an Bhreithimh, ó bhéal an Rígh?
Ansan iseadh thiocfaidh an sgeón agus an sgeit agus
an creathán ionat. Ansan iseadh thiocfaidh an fásgadh
ar do chroídhe. Ansan iseadh thuigfir ad' aigne gur
bh'fhusa dhuit maitheamh míle uair do d' chómharsain, pé
díobháil a dhein sé ort, 'ná aghaidh a thabhairt ar an
gcaint sin a' béal an Bhreithimh. Ach beidh ort aghaidh
a thabhairt ar rud a bheidh níosa mheasa 'ná an chaint.
"Agus do tugadh suas dos na céasdóiribh é go ndíolfadh
sé na fiacha go léir." Cad é an brígh atá leis an gcaint
sin? Cathain a dhíolfadh sé na fiacha go léir? Ní raibh
aon bhreith aige ar iad do dhíol i n-aon chor. 'Sé sin
le rádh, ní raibh aon bhreith choídhche aige ar fhuasgailt ós
na céasdóiribh, 'sé sin, ó phiantaibh síoruidhe ifrinn.
Ba chruaidh an cás é. Ach feuch ar an rud a bhí déanta


L. 208


aige. Ba chruaidh an cás é. Ach nár chruaidh an gníomh
a thuill é? Cé fhéadfadh labhairt i bpáirt an tseir-
bhísigh mhalluighthe sin? Is grána an nídh é chun machtnaimh
air. Chuirfeadh sé teinneas croídhe ar dhuine bheith ag
machtnamh abhfad air. Ach seo mar a chríochnuigh an
Slánuightheóir an chaint d'á dheisgiobulaibh. "Sin mar
a dhéanfaidh m'Athair-se, atá ins na flathais, libh-se é,
mura maithfidh gach duine agaibh d'á bhráthair ó nbhúr
gcroídhthibh."



Ní'l aon dul ó'n gcaint sin. Is é an Slánuightheóir
do labhair í. Aon Chríosdaidhe ná tabharfaidh maith-
eamhnachas d'á chómharsain, is cuma cad é an droch
ghníomh a dhein an chómharsa air, agus ná tabharfaidh an
maitheamhnachas san do'n chómharsain sin ó n-a chroídhe,
go fírinneach agus go h-iomlán, caithfidh sé aghaidh a
thabhairt ar an gcaint sin.



"Ó! Ní fhéadfainn é mhaitheamh dó!"



An bhféadfair aghaidh a thabhairt ar an gcaint sin?



Go dtugaidh an Slánuightheóir a ghrásta dhúinn chun a
rádh ó chroídhe: "Maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithi-
míd-ne do chách." Amen.



LVIII.



AN TARNA DOMHNACHAR FHICHID TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 22.)



Is dócha, a phobul, gur b'anamh le fághail, má tá le
fághail i n-aon chor, feall chómh diablaidhe leis an bhfeall
san a cheap na Fairisínigh a dhéanamh ar an Slán-


L. 209


uightheóir, mar a léightear sa tSoisgéal san. Bhí fuath
acu do Chaesar. B'é Ímpire na Rómhánach é. Bhí na
Iúdaigh fé smacht na Rómhánach agus bhí fuath nimhneach
acu dos na Rómhánaigh. Duine d'á náisiún féin ab
eadh an Slánuightheóir. Bhí sé tar éis mórán maitheasa
dhéanamh do'n phoibilidheacht agus do dhaoinibh fé leith.
Ach bhí fuath ag na Fairisínigh dó. Níor thaithn sé leó.
Mar gheall ar an bhfuath a bhí acu dhó, dheineadar úsáid
ghrána de chómhacht na Rómhánach, de chómhacht a namhad
féin, chun díobhála dhéanamh dó, dar leó. Tabhair fé
ndeara an ghastacht, agus ansan tabhair fé ndeara
an spriúnlaitheacht, a bhí sa bhfeall a bhí ar aigne acu.
Thánadar chuige agus fínnithe acu, cuid de mhuintir
Heróid, cuid de mhuintir an fhir a bhí 'n-a rígh ortha fé
Ímpire na Rómhánach, i dtreó go bhféadfadh na fínnithe
sin a dh'innsint do Heród cad é an freagra thabharfadh
Íosa ar an gceist a bhí acu le cur chuige.



Thánadar 'n-a láthair agus do labhradar leis go
h-ana uramamhail ar fad.



"A Mháighistir," ar siad, "is eól dúinn gur duine
fírinneach tú, agus go múinean tú slígh Dé sa bhfírinne,
agus ná fuil aon bheann agat ar aoinne, mar ná feuchan
tú chun pearsan aon duine." Ba bhreagh réidh, uram-
amhail, an chaint í. Ba dheacair locht fhághail uirthi.
Ba dheacair a mheas go raibh feall nimhneach, mal-
luighthe, lastiar di. Ach do bhí, feall chómh grána, chómh
malluighthe agus do ceapadh riamh, ná do beartuigheadh
i n-intleacht duine d'á dhiablaidhe.



"Inis dúinn, d'á bhrígh sin," ar siad, "cad is dóich
leat-sa? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan
a dhíol?"



Breithnigh an cheist sin. Bhí na daoine ag éisteacht
leis an gceist Dúbhairt na Fairisínigh leó féin:


L. 210


"Déarfaidh sé gur ceart nó déarfaidh sé nách ceart.
Má deir sé gur ceart iompóchaid na daoine 'n-a choinnibh
mar tuigfid siad go bhfuil páirt aige 'á ghabháil leis na
Rómhánaigh, le namhaid ár dtíre. Má deir sé nách
ceart cáin do dhíol le Caesar béarfar air agus
crochfar é. Pé 'cu adéarfaidh sé gur ceart nó nách
ceart beimíd réidh leis" Feuch air sin mar chamas-
tuíol agus mar dhúbláil agus mar uisge-fé-thalamh!
Agus iad ag lorg na fírinne mar 'dh eadh! Nách
diabhalta an cam atá i n-aigne an duine nuair a thugan
an duine cead a chinn do'n chlaonadh chun uilc atá istigh
ann! Ach do tháinig an freagra chúcha ar an gceist,
freagra ná raibh blúire coinne acu leis, freagra a
bhain d'á mbunaibh iad, glan. Ní h-aon iongnadh linne
an freagra. Tá fhios againn gur bh'é Mac Dé do thug
an freagra. Ní h-aon iongnadh linn Mac Dé do
thabhairt freagra ortha a bhain d'á mbunaibh iad. Ach
is freagra é atá ábalta ar iongnadh chur orainn ó
thaobh eile de'n sgéal "Taisbeáin dom," arsa'n
Slánuightheóir, "píosa de'n airgead le na ndíoltar
an cháin seo." Do tugadh dó an píosa airgid. Bhí
íomháigh cinn an Ímpire ar an bpíosa airgid, agus bhí
sgríbhinn air, ag admháil úghdaráis Chaesair os a gcionn.
"Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo?" ar
seisean leó. "Le Caesar," ar siad. "Tá go maith,"
ar seisean. "Tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar,
agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia."



Níor fhan focal ionta. Ní raibh a thuille le rádh
acu. An feall a bhí ceapaithe, beartuighthe, acu chómh
deas chómh gasta chómh géar-chúiseach, dar leó féin, do
thuit sé as a chéile os cómhair a súl. Dhein gal suip
dé an túisge 'n-ar labhair an Slánuightheóir. Bhí
sgéal nua ag muintir Heróid ag dul a bhaile.


L. 211


"Dúbhairt an Fáidh úd go bhfuil sé lán-cheart an
t-airgead do thabhairt do Chaesar." Bhí sgéal nua
ag na daoine, leis. "Dúbhairt Íosa Nasareit nár
cheart a thabhairt do'n Ímpire ach a chuid féin, agus nár
cheart na neithe a bhainean le Dia do thabhairt d'aoinne
ach do Dhia." Bhí sgéal nua ag na Fairisínigh, leis,
ag dul a bhaile. Bhí muintir Heróid, na fínnithe a
thugadar leó, ag steala-mhagadh fútha. "Do mealladh
bhúr n-éirim 's is nár daoibh! Is deas na daoine sibh.
Dhéanfadh sibh an donas air. Airiú, nách gairid a
sheasaimh bhúr ngéar-chúis! Nár ghairid an mhoill air a
thaisbeáint gur daoine gan mheabhair sibh! Má's mian
libh dul ag cur a thuille ceisteana air, ná h-iaraidh
orainne dul libh. Ní beag linn de'n spórt."



Ansan, déarfadh duine acu, as a mhachtnamh, "Is
iongantach an duine é. Is dóich liom go raibh fhios
aige cad a bhí istigh i n-ár gcroídhe. Is uathbhásach an
duine é. Mheasas ná béadh focal le rádh aige, bhéadh
sé i n-a leithéid de chás agaibh; agus chómh luath agus
do labhair sé, is sibh-se a bhí sa chruadhtan. Chómhair-
leóchainn daoibh gan a thuille cur isteach a dhéanamh air.
Ba dhóich liom féin gur b'é rud ba cheart daoibh a
dhéanamh 'ná éisteacht leis an nduine, agus a chómhairle
do ghlacadh. Thugabhair droch iaracht féi agus do theip
oraibh. Níor thaisbeáin sé dhaoibh, ámhthach, an fhearg
a bhí tuillte agaibh uaidh. Do labhair sé réidh libh, agus
thug sé cómhairle bhúr leasa dhaoibh. Is baoghal nách
aon mhaith d'aoinne cómhairle bhúr leasa thabhairt
daoibh. Duine fóghanta iseadh an duine sin, agus ní'l
agaibh-se dhó ach fuath."



Ar an gcuma san, do thuig na Págánaigh feabhas an
tSlánuightheóra sa mhéid gur duine é, agus níor leig
an fuath agus an droch aigne dos na Iúdaigh é thuisgint,


L. 212


Págánach ab eadh Pontius Piláit, agus d'á bhrígh sin do
dhein sé a dhícheal, mar le Págánach, chun an duine
neamh-chiontach a thabhairt saor, dar leis, ó'n mbás.
Ach ní leigfeadh na Iúdaigh dó é thabhairt saor. Bhí an
fuath ró mhalluighthe acu dhó.



Ach feuch, a phobul. Conus a bhainean an obair seo
go léir linne anso indiu? Mura mbéadh go
mbainean sé go dlúth linn ní chuirfeadh an Eaglais
síos ansan dúinn é i Leabhar an Aifrinn. Isé ár
ngnó feuchaint isteach ann go cruinn agus a dhéanamh
amach cad é an bhaint atá aige linn.



Chuir na Fairisínigh an cheist úd chun an tSlánuigh-
theóra, a phobul. Mheasadar féin an uair sin ná raibh
inti ach ceist a chuirfeadh i bhfeidhm air an bheart bheag
fheill a bhí beartuighthe acu 'n-a choinnibh. I n' inead
san, ceist ana mhór ab eadh í; ceist ana leathan; ceist
atá os cómhair aigne daoine ins gach aon pháirt de'n
domhan riamh ó shin. Agus tá sí os cómhair aigne daoine,
ins gach aon pháirt de'n domhan, an neómat so, níos
géire b'fhéidir 'ná mar a bhí sí riamh fós. "An ceart
cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?" Agus ní'l
aon treabhchas daoine ná tugan iaracht ar an gceist
do fhreagairt. Tugan gach aoinne iaracht ar an
gceist do fhreagairt, ach má breithnightear i gceart gach
freagra fé mar a thagan sé, chífear go minic nách ó
bhreitheamhantas a thagan sé, ach ó thoil. An t-é a bheidh
báidheamhail leis an Caesar déarfaidh sé gur ceart
an cháin do dhíol leis. An t-é ná taithnfidh an Caesar
leis déarfaidh sé, mura mbeidh eagla na croiche ag cur
air, nách ceart an cháin do dhíol. Eatartha ní fuiriste
teacht ar an bhfírinne.



Ach má bhreithnighmíd an freagra a thug ár Slánuigh-
theóir ar na Fairisínigh an uair úd chífimíd go bhfuil


L. 213


le fághail sa bhfreagra san réidhteach soiléir, solus-
mhar, iomlán, ar an gceist, pé cuma 'n-a gcurtar í,
pé saghas daoine a chuirean í, pé deagh-mhéinn nó droch
mhéinn a bhíon acu do'n Chaesar a bhíon fé sgrúdughadh
acu.



"Tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar, agus
tugaidh do Dhia na neithe is le Dia."



Siné an freagra. Taisbeánan an freagra san
go bhfuil dhá chómhacht os cionn an duine, agus go bhfuil
éileamh ar an nduine ag an dá chómhacht. "Cé leis
an íomháigh sin agus an sgríbhinn sin?" adúbhairt an
Slánuightheóir. "Le Caesar," ar siad. Taisbeánan
an cheist sin agus an freagra san gur b'é leamhnu-
ghadh Dé na daoine ar an saoghal so do bheith fé ríghthibh
agus fé dhlighthibh agus fé riaghaltaibh. Taisbeánan
an chaint go léir adúbhairt an Slánuightheóir an uair
sin go bhfuil ceangailte ar an nduine, ar an saoghal
so, bheith úmhal do ríghthibh saoghalta agus do dhlighthibh
rígheachta, ach gan dlígh Dé do bhriseadh ar a son; gan
na neithe is le Dia do thabhairt do Chaesar. Dá ndeineadh
rígh dlígh 'ghá órdughadh dhom gan an t-Aifrean a dh'éis-
teacht Dé Domhnaigh, bhéadh ceangailte orm an dlígh sin
do bhriseadh. Dá ngéillinn do'n dlígh sin bhéadh nídh
is le Dia agam 'á thabhairt do Chaesar. Do deineadh
dlighthe de'n tsórd san i n-Éirinn anso 'sa n-aimsir
atá imthighthe. Do bhris ár sinsear na dlighthe sin.
Ní thabharfaidís do Chaesar na neithe is le Dia. Do
tugadh a roghadh dhóibh, an dlígh nó an chroch. D'fhuiling-
eadar an chroch ní ba thúisge 'ná mar a thabharfaidís
do Chaesar na neithe is le Dia.



Ní'ltear 'ghá iaraidh orainne anois ár gcreideamh
do shéanadh ar an gcuma san, ach is 'mó cuma eile 'n-a
n-iartar orainn ár gcreideamh do shéanadh; na neithe


L. 214


is le Dia do thabhairt do Chaesar. Aon chuma 'n-a
leanfaidh an duine réir an tsaoghail i gcoinnibh dlíghe
Dé, beidh na neithe is le Dia aige 'á thabhairt do Chaesar.



Dá ndeintí anois dlighthe 'ghá órdughadh dhúinn ár
gcreideamh do shéanadh, an bhfuilingeóchaimís an chroch
níos túisge 'ná mar a shéanfaimís an creideamh?
B'fhéidir go ndéanfaimís. B'fhéidir ná déanfaimís.
B'fhéidir go dtabharfadh Dia na glóire a ghrásta dhúinn
agus go mbeimís dílis do'n chreideamh mar a bhí ár
sinsear. Ach cad é an tairbhe bheith ag trácht ar cad
a dhéanfaimís dá dtuiteadh a leithéid seo nó a leithéid
siúd amach? Cad a dheinimíd? Siní an cheist anois.
Aon Chríosdaidhe a dhéanfaidh beart atá i gcoinnibh
dlíghe Dé, ná fuil rud éigin le Dia aige 'á thabhairt do
Chaesar? An t-é a dh'fhanfaidh ó Aifrean an Domhnaigh
nó an lae shaoire agus gan aon dlígh rígheachta 'ghá
iaraidh air, gan aon chómhacht 'ghá iaraidh air fanamhaint
istigh, ach an leisge atá air féin, ná fuil an nídh is le
Dia aige 'á thabhairt do Chaesar éigin? Agus nách
cuma cé h-é an Caesar go dtabharfar dó na neithe is
le Dia, nách shiní an éagcóir déanta? Cad é mar
shaghas duine an t-é mhaoidhfeadh go bhfuilingeóchadh sé
an chroch ní ba thúisge 'ná fhanfadh sé ó Aifrean Domhnaigh
ag géilleadh do dhroch dhlígh, agus é ag fanamhaint ó
Aifrean Domhnaigh ag géilleadh do leisge?



Ar an gcuma gcéadna, ní'l aon duine a ghéillean
do pheacadh ná tugan na neithe is le Dia do Chaesar éigin
nuair a dheinean sé an peacadh san. Má bhíon tart ar
dhuine, cuir i gcás, agus go n-ólfaidh sé deoch uisge,
nó deoch éigin foláin ná déanfaidh aon díobháil dó, ach
do bhainfidh an tart dé, ní thugan sé do Chaesar ach an
nídh is le Caesar. Ach má bhíon tart ar dhuine agus
ná beidh sé sásta le deoch a dh'ól a bhainfidh an tart dé,


L. 215


nách foláir leis deoch a dh'ól a chuirfidh ar meisge é,
deoch a dh'ól a bhainfidh a mheabhair shaoghalta dhé, cad
'tá aige 'á dhéanamh? Ná fuil an nídh a bhainean le
Dia aige 'á thabhairt do Chaesar, do Chaesar an chraois?
Tá, go deimhin. Is é an sgéal céadna é i dtaobh na
ndroch mhian eile atá istigh i gcroídhe an duine. Má
leigean an duine dhóibh an lámh uachtair a dh'fhághail air
agus máighistireacht a dhéanamh air imireóchaid siad a
dtoil féin air. Déanfaid siad sclábhaidhe dhé.
Geóbhaidh siad de chosaibh ann. Beid siad coitchianta
'ghá iaraidh air na neithe is le Dia do choimeád ó Dhia agus
iad a thabhairt dóibh féin, agus beidh an duine sin coit-
chianta ag déanamh ruda ortha.



Ní'l aon truagh ar an dtalamh so, is dócha, is mó
'ná an Críosdaidhe mí-fhortiúnach a leigfidh d'á dhroch
mhiantaibh féin an lámh-uachtair a dh'fhághail air, agus
smacht do chur air, agus gabháil de chosaibh ann. Ní
leis féin é féin choídhche. Beidh droch mhian éigin sa
bhroiceal air i gcómhnuighe, 'ghá chomáint chun an uilc,
le spuir agus le fuipeanaibh, agus ní túisge bheidh aon
droch mhian amháin cortha de'n mharcaidheacht agus ag
teacht anuas, 'ná mar a bheidh droch mhian eile ollamh ar
dhul suas agus ar na spuir agus na fuipeana do chur
i bhfeidhm air 'n-a lán-neart. Ní h-eadh, ach is minic a
bhíon beirt, triúr, ceathrar, des na marcachaibh thuas i
n-aonfheacht. Is beag an iongnadh croídhe briste agus
aigne loisgithe ag an nduine sin. Cuirfidh an dúil sa
n-ól fhiachaibh air craos a dhéanamh. Ansan beidh an
mheabhair imthighthe. Ansan beidh cead cinn ag droch
smuíntibh, ag peacadh na drúise, ag fearg, ag fuath
do'n chómharsain, ag bruighean, ag achran, ag droch
chaint, ag barbraitheacht, ag easgainí, ag guidhdeóireacht,
ag mionaibh móra, agus idir óg agus aosta ag éisteacht


L. 216


leis an gcaint; leis an gcaint atá ag cur áthais ar
dheamhnaibh ifrinn agus ag cur buartha ar aingealaibh
na bhflathas.



Ar ball imtheóchaidh an mheisge sin. Ansan tioc-
faidh troma-chroídhe agus dólás agus buairt aigne
ar an nduine sin, agus caithfidh sé ruith agus é féin
do chur caoch ar meisge airís nó do thabharfadh sé anchor
éigin dó féin le neart buartha aigne. Comáinfidh sé
leis ar an gcuma san, ag dul ó mheisge go meisge, go
dtí go bhfaighfear i ndíg bhóthair múchta é maidean éigin,
tar éis na h-oídhche. Ach feuch. Cá mbeidh an t-anam
bocht an mhaidean san? Siní an cheist.



Tá Críosdaidhthe, a phobul, atá ag caitheamh a dtréimhse
saoghail ar an gcuma san díreach. Cad é an deire
bheidh air dóibh? An bhfuil aon bhreith ag duine ar dhul
suas an fhaid a leanfaidh sé an bóthar síos? Is suarach
an sgéal aige é, ag ruith le fánaigh agus gan fághail
ar chasadh aige, dar leis.



Stad, a dhuine! Leig do Dhia greim a bhreith ar láimh
ort. Tá a lámh sínte amach ag Dia chúghat. Beir ar
an láimh agus coimeád do ghreim uirthi. Croth suas
tú féin. Cuir do chos i dtalamh. Bain únfairt asat
féin agus cuir na marcaigh as an iallait. Caith anuas
iad agus gaibh de chosaibh ionta. Smachtuigh an droch
mhian. Ná h-ól an deoch san. Fuiling an tart. Ná
labhair an droch fhocal. Dún do bhéal agus fáisg na
fiacala ar an ndroch fhocal. Smachtuigh an fhearg.
Díbir an droch mhachtnamh. Smachtuigh do dhrúis.
Smachtuigh an t-uabhar. Úmhluigh thú féin i láthair Dé.
Coimeád do ghreim ar láimh Dé, agus iar ar Dhia a
ghrásta thabhairt duit chun gach dualgais a chómhlíonadh,
"na neithe is le Caesar do thabhairt do Chaesar, agus
na neithe is le Dia do thabhairt do Dhia." Amen.


L. 217


LIX.



AN TRÍMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



Léightear an Sosigéal. (Maitiú 9.)



Tá tuairisg sa tSoisgéal san againn, a phobul,
ar dhá mhírbhuilt a dhein ár Slánuightheóir, moladh agus
buidheachas leis, agus tá adhbhar machtnaimh ionta, adhbhar
mór, adhbhar doimhinn machtnaimh. Tháinig an taoiseach
ar dtúis agus d'iar sé ar an Slánuightheóir dul agus
a lámh do chur ar an gcailín a bhí tar éis bháis, agus
í thógaint ó'n mbás. Do ghluais an Slánuightheóir
láithreach fé dhéin tíghe an duine uasail. An fhaid a
bhí sé ar an slígh, ámhthach, do shleamhnuigh an bhean eile
isteach agus do leighiseadh í. Dhá bhliadhain déag
d'aois a bhí an cailín nuair a fuair sí bás. Ar feadh
dhá bhliadhain déag iseadh bhí an bhean eile ag cailleamh-
aint a cod' fola sar a bhfuair sí an leigheas.



Deir na h-aithreacha naomhtha ná raibh aon nídh dhíobh
san gan a bhrígh féin leis. Gur chialluigh an bhean
a bhí ag cailleamhaint a cod' fola an Pobul Eabhra,
agus gur chialluigh an cailín a bhí marbh poibilidheacht
na nGeinte. Go raibh an Pobul Eabhra, an uair sin,
go lag agus go leóinte, gan neart gan sláinte
spioraideálta, agus go raibh na Geinte marbh ar fad
i láthair Dé. Gur tháinig an Slánuightheóir chun an
Phobuil Eabhra do leigheas, agus chun na nGeinte do
thógaint ó'n mbás. Go dtáinig an duine uasal 'ghá
iaraidh ar an Slánuightheóir an cailín do thógaint ó'n


L. 218


mbás. Ansan gur bh'é leamhnughadh Dé an bhean a bhí
ag cailleamhaint a cod' fola do theacht crosta ar an
slígh i dtreó go ndéanfaí í sin do leigheas ar dtúis
sar a dtógfaí an cailín ó'n mbás; mar gur cheart an
Pobul Eabhra do leigheas ó n-a easláinte spioraid-
eálta ar dtúis, sar a ndéanfaí na Geinte do thógaint
ó'n mbás spioraideálta a bhí ortha.



Tabhair fé ndeara an rud a dhein an bhean, agus an
rud adúbhairt sí 'n-a h-aigne féin. "Mura ndein-
ead," ar sise, "ach baint le n-a bhrat beidh mé
leighiste." Cad é an tairbhe dhéanfadh baint le n-a
bhrat dí, mura mbéadh go raibh fhios aici go raibh
cómhacht Dé laistigh de'n bhrat? Mura mbéadh go
raibh an creideamh aici? Bhí an creideamh san aici, agus
b'shiné cúis n-a ndúbhairt an Slánuightheóir léi an focal,
"Glac misneach, a'nghean ó. Do shlánuigh do chreideamh thú."



Tá brígh eile leis an mbrat. Dob' ionan Colann
Daona an tSlánuightheóra agus brat. Bhí nádúr Dé
sa bhrat san. Dá mbéadh an creideamh ceart ag an
bPobul Eabhra do chreidfidís an méid sin. Do bhain-
fidís le n-a bhrat, fé mar a dhein an bhean. D'admhó-
chaidís 'n-a n-aigne cómhacht an tSlánuightheóra, fé mar
a dhein an bhean. Ansan do leighisfí iad ó'n mbreóit-
eacht spioraideálta a bhí ortha, fé mar a leighiseadh an
bhean ó'n umárd corpartha a bhí uirthi, ó'n ngearán a
bhí ar feadh dhá bhliadhain déag 'ghá coimeád lag, leice,
leóinte, gan neart gan fuinneamh gan chumas ar
thairbhe dhéanamh dí féin ná d'aoinne eile. Níor
chreideadar. Ní ghéillfidís go raibh aon chómhacht sa
tSlánuightheóir ach cómhacht duine. Dá mb' í sin aigne
bhéadh ag an mnaoi bhéadh sí gan leigheas. D'fhág an
aigne sin an Pobul Eabhra gan leigheas, ach an fíor
bheagán acu do ghlac an creideamh.


L. 219


Do leighiseadh an bhean, agus ansan do tháinig an
Slánuightheóir chun an tíghe n-a raibh an cailín tar éis
bháis ann. Bhí na daoine go léir cruinnighthe ag an
dtóramh. B'é nós na tíre, an tigh n-a mbíodh tóramh
ann go mbíodh daoine áirighthe ann agus úirlisí ceóil
acu, agus ceól brónach acu 'á dhéanamh agus mórán
fothraim agus caointeacháin. Agus ba mhó de'n tsórd
san a bhíodh i dtighthibh daoine uaisle 'ná i dtighthibh na
ndaoine mbocht. Bhí mórán de'n cheól agus de'n
fhothram san sa tigh seo n-a raibh an cailín d'á tóramh
ann. Tháinig an Slánuightheóir chun an tíghe. Chonaic
sé na daoine go léir cruinnighthe, agus an ceól agus
an caointeachán ar siúbhal, agus an fothram. Tabhair
fé ndeara cad dúbhairt sé. "Druididh siar," ar
seisean leis an sluagh daoine; "ní marbh atá an cailín,
ach 'n-a codladh."



Cad 'n-a thaobh go ndúbhairt an Slánuightheóir an
focal san? Ná raibh fhios aige gur marbh a bhí sí?
Agus bhí fhios ag na daoine go léir gur bh' eadh. Nuair
adúbhairt sé gur 'n-a codladh a bhí sí níor dhein na
daoine ach cromadh ar mhagadh faoi. Cad 'n-a thaobh go
ndúbhairt sé an focal i n-aon chor?



Deir cuid des na h-aithreachaibh naomhtha go ndúbhairt
sé an focal san chun a chur i n-iúil ná fuil i mbás
an duine, ó tháinig an Slánuightheóir féin, ach mar
bhéadh codladh, agus go raibh ar chumas an tSlán-
uightheóra duine thógaint ó'n mbás díreach mar a
dúiseófaí duine as a chodladh. D'á bhrígh sin nár ghádh
do'n duine sgannradh bheith roimis an mbás air, mar
ná fuil sa bhás, do'n Chríosdaidhe, ach mar a bhéadh
codladh, agus go dtógfaidh an Slánuightheóir na Críos-
daidhthe go léir ó'n mbás an lá déanach, fé mar a
dúiseófaí as a gcodladh iad; díreach mar a thóg sé an


L. 220


cailín úd ó'n mbás fé mar a dhúiseóchadh sé as a
codladh í, nó mar a thóg sé Lasarus ó'n mbás mar a
dhúiseóchadh sé as a chodladh é, agus é cheithre lá sa
n-uaigh. Agus dhein sé úsáid de'n fhocal céadna díreach
i dtaobh Lasaruis féin. "Tá Lasarus 'n-a chodladh,"
ar seisean leis na deisgiobuil, nuair a bhí Lasarus tar
éis bháis. "Má tá sé 'n-a chodladh," ar siad-san, "tá
sé ó bhaoghal." Mar is eól do gach aoinne, "tusach
sláinte codladh" do dhuine bhreóite. Ansan dúbhairt
an Slánuightheóir leó, lom díreach, "Tá Lasarus tar
éis bháis," 'ghá chur i n-iúil gur ar chodladh an bháis a bhí
sé ag trácht, agus ná raibh sa bhás feasta ach codladh.



Nuair adúbhairt sé ná raibh an cailín ach 'n-a cod-
ladh bhíodar go léir ag magadh. Taisbeánan san ná
raibh aon bhlúire mearbhaill ar a raibh de dhaoine láith-
reach ná go raibh an cailín tar éis bháis. Agus tais-
beánan an magadh san, a bhí ag na daoine sin 'á dhéanamh
an uair sin, gur ag steala-mhagadh fútha féin a bhíon
lucht díth-chreidimh nuair a mheasaid siad an mhírbhuilt
sin do shéanadh. Ba mhaith le lucht díth-chreidimh a rádh
ná raibh an cailín marbh i n-aon chor. Ná raibh sí ach i
dtámhnéall. Ba dhóich liom gur bh' fhearr a bhí fhios
ag na daoine a bhí láithreach, ag an dtóramh, ag feuchaint
ar an gcorp, cé 'cu marbh a bhí sí nó nár bh'eadh. Pé'r
domhan é, is amhlaidh a chromadar ar mhagadh nuair
adúbhradh gur 'n-a codladh a bhí sí. Tá sé pas deirineach,
tar éis dhá mhíle bliadhan, ag lucht díth-chreidimh bheith
ag caint, a d'iaraidh a dhéanamh amach go raibh dearmhad
ar na daoine a bhí láithreach.



Do cuireadh na daoine amach as an dtigh. Ansan do
chuaidh an Slánuightheóir isteach. Tháinig sé i n-aice an
chuirp. Do rug sé ar láimh ar an gcailín. D'éirigh sí
ainiar chuige láithreach. Do stad an magadh. Tháinig


L. 221


iongnadh agus alltacht ar na daoine. Do leath an
sgéal ar fuid na tíre go léir. Níor bh' iongnadh gur
leath. Dob' uathbhásach an sgéal é.



Feuch, a phobul. Bhí i leigheas na mná brígh a bhain leis
an bPobul Eabhra. Bhí brígh a bhain leis na Geintibh
i dtógáilt an chailín ó'n mbás. Bainean an dá mhír-
bhuilt linne. Samhluighim leis an mnaoi a bhí ag
cailleamhaint a cod' fola an Críosdaidhe a chuirean an
iomad suime sa tsaoghal so agus i ngnóthaibh an
tsaoghail seo. Ba mhaith leis dhá thaobh an sgéil a
thabhairt leis, ach teipean air. An neart spioraideálta
a gheibhean sé nuair a dheinean sé gnó Dé, caillean sé
é nuair a bhíon sé a d'iaraidh greama choimeád ar
ghnóthaibh an tsaoghail, leis. Nuair a bhíon sé ag
déanamh gnótha Dé tugtar an biadh spioraideálta dhó.
Ansan, nuair a thugan sé aghaidh ar ghnó an tsaoghail a
dhéanamh, caillean sé an fhuil spioraideálta agus
an neart spioraideálta, agus is ar éigin a bhíon an
t-anam ann i láthair Dé. Ní dheinean an biadh spior-
aideálta puinn tairbhe dhó, mar ní fhanan a thairbhe aige.
Bíon sé ag cailleamhaint a chod' fola agus ní bhíon
blúire nirt ann.



Cad tá i n-easnamh ar an gCríosdaidhe sin? Cad
a leighisfeadh é? An rud céadna díreach a leighis an
bhean úd. "Glac misneach, a 'nghean ó. Do leighis
do chreideamh thú." Cad é an creideamh? An creideamh
a chuir fhiachaibh uirthi a rádh: "Dá bhféadainn mo lámh
do chur ar fhabhra a bhrait do bheinn slán." Cad a
chuirean fhiachaibh ar an gCríosdaidhe an iomad suime
chur sa tsaoghal so? Easba creidimh. An t-é is mó
agus is treise creideamh isé is lúgha suim sa tsaoghal
so, isé is lúgha go ndeinean an saoghal so buairt dó.
Agus rud greannmhar, ansan. Isé is fearr agus is


L. 222


cruinne agus is torthamhla a chuirean gnó an tsaoghail
seo chun taisge. An t-é go bhfuil an creideamh láidir
istigh 'n-a chroídhe tuigfidh sé i gcómhnuighe i n-a aigne
nách féidir dó aon ghnó, gnó an tsaoghail seo ná gnó
an tsaoghail eile, do dhéanamh ach le cabhair agus le
congnamh agus le grásta agus le cómhacht an
tSlánuightheóra. 'Sé sin le rádh, bíon a lámh aige
i gcómhnuighe ar fhabhra brait an tSlánuightheóra,
agus bíon focal an tSlánuightheóra ag labhairt i
gcómhnuighe istigh 'n-a chroídhe: "Glac misneach,
a mhic ó. Tá do chreideamh a't choimeád slán."
B'fhéidir gur b'é toil Dé leigint do'n tsaoghal so
gabháil i gcoinnibh an duine sin uaireanta. B'fhéidir
go leigtear do ghnó an tsaoghail seo gabháil 'n-a
choinnibh go h-ana chruaidh uaireanta, chómh cruaidh agus
go mbrisfeadh sé an croídhe i nduine eile. Ní bhrisean
sé an croídhe i bhfear an chreidimh. Tá a lámh aige ar
fhabhra brait an tSlánuightheóra. Nuair a thagan
cruadhtan ar muin cruadhtain chuige, agus umárd ar
muin umáird, agus tiubaist ar muin tiubaiste,
labhran an creideamh istigh 'n-a chroídhe leis: "Isé
toil an tSlánuightheóra é! Dé beatha grásta Dé!
Níor loit Dia riamh aon rud nár leighis sé airís!"
Is fíor dó an chaint sin. Murab é toil Dé rud do
leigheas do'n Chríosdaidhe sin ar an saoghal so, is maith
atá fhios ag an gCríosdaidhe go bhfuil an leigheas le
fághail aige ar an saoghal eile, ar a dhúbailt, ar a sheacht
ndúbailt. Isé a chreideamh a thugan an deimhne sin dó,
agus isé an deimhne sin a bhainean an nimh a' trioblóidíbh
an tsaoghail seo. "Glac misneach, a 'nghean ó. Do
shlánuigh do chreideamh thú."



An cailín a bhí tar éis bháis, samhluighim í le Críos-
daidhe eile, leis an gCríosdaidhe atá marbh sa pheacadh.


L. 223


Tá an Críosdaidhe sin gearrtha amach ó bheatha na
ngrást. Ní'l aon bhreith ag an gCríosdaidhe ar eirighe
ó'n mbás san ach oiread agus a bhí ag an gcailín úd
ar eirighe ó'n mbás, go dtí gur rug an Slánuightheóir
ar láimh uirthi. Do rug an Slánuightheóir ar láimh uirthi.
Do thóg sé a lámh isteach 'n-a láimh féin. Do theanga-
bhuigh an lámh mharbh leis an láimh a bhí beó. Do theanga-
bhuigh an lámh a bhí gan anam leis an láimh n-a raibh
cómhacht Dé inti. Lámh fola agus feóla ab eadh í, ach
brat ab eadh an fhuil agus an fheóil sin. Bhí cómhacht
Dé i bhfolach fé'n mbrat san. Má theangabhuigh an
bhean leis an mbrat éadaigh a bhí ar an Slánuightheóir,
do theangabhuigh an cailín leis an mbrat fola agus
feóla a bhí ar Dhiadhacht an tSlánuightheóra. Do theanga-
bhuigh an bhean leis an mbrat éadaigh mar dúbhairt sí
'n-a h-aigne féin, "Mura ndeinead ach baint le
fabhra a bhrait beidh mé slán." Ní dúbhairt an cailín
aon nídh de'n tsórd san. Ní raibh sé ar a cumas. Bhí
sí fuar marbh. B'éigean do'n tSlánuightheóir féin,
moladh agus glóire leis, an teangabháil a dhéanamh;
a lámh, an brat fola agus feóla a bhí ar a Dhiadhacht,
do chur i dteangabháil leis an láimh a bhí marbh. Ansan
do deineadh an mhírbhuilt. Do bogadh agus do sgaoileadh
agus do briseadh greim an bháis ar an gcailín sin.
Do tugadh an t-anam thar n-ais ó'n saoghal eile, agus
do cuireadh isteach airís é sa cholainn sin a bhí fuar
marbh. Do bhíodhg an croídhe airís. Do ghluais an
fhuil airís mór-thímpal tré chuisleanaibh agus tré fheith-
eachaibh an chuirp. Do bhog na lúthacha airís, agus na
balla beatha go léir, agus d'eirigh an cailín agus í
beó. Do ghéill an bás do chómhacht an tSlánuightheóra.
Ar an gcuma gcéadna san, nuair a bhíon an Críos-
daidhe ar staid an pheacaidh mhairbh ní bhíon ar a chumas


L. 224


é féin a thógaint ó'n bpeacadh. Curtar i dteanga-
bháil é le brat an tSlánuightheóra i Sácraimínt na
h-aithrighe. Ansan bogtar agus sgaoiltear agus
bristear greim an pheacaidh d' anam an Chríosdaidhe sin.
Leigtear isteach airís, fé n-a chroídhe agus fé n-a anam,
caisí móra, saidhbhre, geala grásta Dé. Imthighean
smól agus sgamall agus doircheacht an pheacaidh d'á
anam, agus tagan 'n-a n-inead an solus agus an
taithneamh agus an áilneacht a chuirean áthas ar ain-
gealaibh na bhflathas nuair a dheinean peacach aithrighe.



Ansan cad a thuitean amach? Tuitean amach ansan
an nídh atá níos aoirde, níos doimhne, níos glórmhaire,
'ná aon mhírbhuilt acu. Téighean an Críosdaidhe sin
agus bainean sé le brat an tSlánuightheóra. Ní leis
an mbrat éadaigh é a bhí ar an Slánuightheóir ar an
saoghal so, ach leis an mbrat n-a bhfuil Fuil agus
Feóil, Anam agus Diadhacht an tSlánuightheóra i bhfolach
ann, fé ghné an aráin agus an fhíona. Bainean an
Críosdaidhe le fabhra an bhrait sin, a phobul. Glacan
sé Comaoine. Glacan sé Corp Naomhtha an tSlán-
uightheóra. Tá an Corp Naomhtha i bhfolach ó shúilibh
corpartha, fé ghné an aráin, nó an fhíona, ach chítear é.
Chítear an Corp Naomhtha le súilibh an chreidimh. Glactar
an Biadh cómhachtach, buacach, bríoghmhar. Neartuighean
an Biadh sin anam an Chríosdaidhe. Cothuighean an
Biadh sin an t-anam ar an saoghal so, agus cuirean sé
misneach ann a bheirean saor sábhálta é isteach i rígheacht
na bhflathas ar an saoghal eile.



Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal a ghrásta
dhúinn go léir chun go ndéanfaimís an Biadh sin do
ghlacadh go minic agus é ghlacadh mar is cóir, agus a
thoradh agus a thairbhe dh'fhághail go h-iomarcach, ar an
saoghal so agus ar an saoghal eile. Amen.


L. 225


LX.



AN CEATHRAMHADH DOMHNACH AR FHICHID TAR ÉIS
CÍNCÍSE.



'S É SIN AN DOMHNACH DÉANACH.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 24.)



Bhí ár Slánuightheóir, a phobul, ag trácht ar na neithibh
a bhí le tuitim amach nuair a thiocfadh deire an tsaoghail.
Nuair a fuair na deisgiobuil an chaoi air, d'iaradar
air a dh'innsint dóibh cathain a thuitfeadh na neithe sin
amach. Ansan d'inis sé dhóibh, fé mar atá curtha síos
sa tSoisgéal san a léigheas daoibh, na neithe a thuitfeadh
amach agus na cómharthaí a thaisbeánfadh deire an
tsaoghail a bheith ag teacht i n-achmaireacht.



"Nuair a chífidh sibh," ar seisean, "gráin an léir-
sgriosa," nó "gráin an uaignis, ar ar labhair Dainiel
Fáidh, 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha; an t-é a léighfidh,
tuigeadh." Siné an chéad chómhartha a thug sé dos na
deisgiobuil.



Tá sa bhfocal san, "gráin an léir-sgriosa," nó
"gráin an uaignis," nós cainte a bhainean leis an
dteangain Eabhra. Cialluighean an chaint an ghráin
a chuirean sé ar dhuine lot nó léir-sgrios a dh'fheisgint
déanta ar áit éigin naomhtha. Raobadh roilge a tugtar
i n-ár gcaint féin ar lot nó ar léir-sgrios de'n tsórd
san. Do deineadh léir-sgrios, nó raobadh roilge de'n
tsórd san nuair a leag na Rómhánaigh cathair Ierúsaleim.
D'á mhéid é naomhthacht na h-áite ar a ndeintear an
raobadh roilge iseadh is mó an ghráin a chuirean sé ar
na daoine a thuigean an naomhthacht. Bhí áit sa Team-
pall mór i n-Ierúsalem agus bhí an áit chómh naomhtha


L. 226


san nár cheaduighthe d'aon duine dul isteach ann ach
do'n Árd-shagart amháin, agus níor cheaduighthe dó
san dul isteach ann ach uair sa mbliadhain. Nuair a
bhris na Rómhánaigh an chathair do ghabhadar de chosaibh
ins gach aon rud. Chuireadar íomháigh Chaesair suas
istigh sa n-áit naomhtha, íomháigh an Phágánaigh istigh sa
n-áit naomhtha. Níor ghráin go dtí é sin, dar leis na
Iúdaigh. Dheineadar dearmhad, ámhthach, mar ba ghnáth
leó. Bhí, gan amhras, an "ghráin" 'n-a seasamh sa
n-áit naomhtha nuair a bhí íomháigh an Phágánaigh 'n-a
seasamh istigh sa n-áit ba naomhtha sa teampall, istigh
sa n-áit a bhí chómh naomhtha san ná leómhfadh aon duine
dul isteach ann ach an t-Árd-shagart, agus ná raibh
ar a chumas san féin dul isteach ann ach uair sa
mbliadhain. Ach do dhein na Iúdaigh dearmhad. Bhí
sé ceart acu a thuisgint 'n-a n-aigne ná raibh de bhun
le naomhthacht an teampaill ach na daoine do dhéanamh
naomhtha. Ná raibh aon tairbhe i láthair Dé i naomhthacht
an teampaill nuair a bhí croídhe agus aigne na ndaoine
iompuighthe ó Dhia agus tabhartha suas do'n pheacadh. Ná
raibh i naomhthacht an teampaill ach soluíd dos na daoine
ar an naomhthacht ba cheart a bheith i gcroídhe an duine
i láthair Dé. Ná raibh ann ach neamhnídh i láthair Dé
"gráin" an Phágánaigh a bheith 'n-a seasamh sa team-
pall seachas an ghráin eile, gráin an pheacaidh do bheith
'n-a seasamh i gcroídhe an duine, ag cur grádh agus
grásta Dé a' seilbh. B'é toil Dé, nuair a ghlac an
Pobul Eabhra gráin an pheacaidh isteach 'n-a gcroídhe,
agus nuair a chuireadar Dia a' seilbh a gcroídhe, gur leig
Dia do'n ghráin Phágánach, do ghráin an léir-sgriosa, dul
agus seilbh do ghlacadh sa teampall. Cad é an tairbhe
do Dhia, moladh 's buidheachas leis, an teampall nuair
a bhí na daoine imthighthe uaidh!


L. 227


Do chuir briseadh catharach Ierúsaleim agus leagadh
an teampaill deire le cómacht an Phobuil Eabhra sa
tsaoghal. B'é deire an tsaoghail dóibh-sin an
briseadh sin, agus cómhartha ar a dheire dhóibh
ab eadh an ghráin léir-sgriosa do chonacadar 'n-a
seasamh sa n-áit naomhtha nuair a tháinig an briseadh
sin ortha.



Ach chítear brígh eile sa chómhartha. Deir na h-aith-
reacha naomhtha gur b'é Antichrist gráin an léir-sgriosa,
agus do dtiocfaidh sé ar an saoghal raint aimsire
roim dheire an tsaoghail. Go ndéanfaidh sé léir-
sgrios agus dísgiughadh ar gach aon rud i bhfuirm
creidimh. Go ndéanfaidh sé, mar adeir an Soisgéal,
oibreacha iongantacha, agus go leigfidh sé air gur b'é
féin an Críosd fírinneach. Siní an ghráin dáiríribh,
namhaid Chríosd 'ghá leigint air gur b'é féin Críosd.
Isé Antichrist an ghráin déanach, ach tiocfaidh a lán d'á
shórd i gcaitheamh na h-aimsire roimis. Táid siad ag
teacht ó thusach. Ní'l aon lá ó thusnuigh an Eaglais ar
an gcreideamh do mhúineadh ná fuil múinteóirí bréagacha
ag eirighe agus ag múineadh an éithigh, agus 'ghá áiteamh
ar na daoine gur b'í an fhírinne atá acu 'á mhúineadh.
Tá an Eaglais 'ghá gcur dí i ndiaigh 'chéile, fé mar a
gheall an Slánuightheóir a chuirfeadh sí dhi iad. Gráin,
i láthair Dé agus daoine, iseadh gach aicme acu a thagan
ag cur an duibh 'n-a gheal ar dhaoine. Ach isé Anti-
christ féin an ghráin mhór, an ghráin a leigfidh air gur
b' é féin Mac Dé. Is deacair do'n duine a thuisgint
conus is féidir leigint do namhaid an tSlánuightheóra
a leithéid de léir-sgrios a dhéanamh. Ach isé gnó an
duine focal an tSlanuightheóra do ghlacadh, agus gan
bheith a d'iaraidh breitheamhantais Dé do thómhas le n-a
bhreitheamhantas féin. Pé breitheamhantas atá ag an


L. 228


nduine, is ó Dhia do fuair sé é. Pé cumas atá ag an
nduine ar úsáid a dhéanamh de'n bhreitheamhantas san,
is ó Dhia do fuair sé an cumas. Tá an breitheamhantas
agus an cumas suarach, ana shuarach, i láthair Dé.
Duine buile iseadh an duine do mheasfadh breitheamhantas
Dé do thómhas le n-a bhreitheamhantas beag féin. Duine
ciallmhar tuisgionach iseadh an t-é a choimeádfaidh, i
gcómhnuighe, a bhreitheamhantas féin úmhal do bhreith-
eamhantas Dé. Déarfaidh an duine gan chiall, an duine
buile, an duine gan mheabhair: "Ní féidir liom an
nídh sin do chreideamhaint mar ní thuigim conus is féidir
é bheith amhlaidh." Déarfaidh an duine ciallmhar, tuis-
gionach, úmhal: "Ní thuigim conus is féidir an nídh
sin a bheith amhlaidh, ach ó deir an Slánuightheóir go bhfuil
sé amhlaidh ní foláir dom é chreideamhaint. Tá sé os
cionn mo thuisgiona. Is mó nídh nách é atá os cionn
mo thuisgiona. Ba mhór an t-amadán mé dá mba ná
creidfinn aon nídh atá os cionn mo thuisgiona. Is
neamhnídh a bhfuil ar chumas mo thuisgiona seachas a
bhfuil os cionn mo thuisgiona."



Ach do thug an Slánuightheóir cómhartha so-fheicse dos
na deisgiobuil, agus dos na Críosdaidhthibh go léir,
i dtreó go n-aithneóchaidís na Críosdana fallsa, agus
an t-Antichrist nuair a thiocfaidh sé. "Mar an
splannc a thagan ó'n dtaobh thoir de'n spéir agus a
chítear go dtí an taobh thiar de'n spéir, sin mar a bheidh
teacht Mhic an Duine." I gcás nách gádh d'aon
duine aon dearmhad a bheith air. Ansan do thug sé
dhóibh, agus dúinn go léir, na cómharthaí eile sgann-
ramhla; dorchughadh na gréine; luasgadh an tailimh
fé chosaibh na ndaoine; an t-aingeal ag séideadh an
trúmpa; cruinniughadh na cine daona ó gach aon pháirt
de'n domhan, ó uachtar na spéartha go dtí a n-iachtar;


L. 229


agus gach nídh sgannramhail eile a bhainfidh le lá an
bhreitheamhantais.



Ach feuch, a phobul. Focal ana dhoimhinn iseadh an
focal san adúbhairt ár Slanuightheóir i dtaobh "ghráin
an léir-sgriosa 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha."
Bainean brígh an fhocail sin leis an gcine daona go
léir. Ach feuch an focal beag a chuir sé indiaigh an
fhocail sin. "An t-é do léighfidh, tuigeadh," ar
seisean. Taisbeánan san go mbainean an chaint, ní
h-amháin leis an gcine daona go léir agus le lá an
bhreitheamhantais, ach le gach duine fé leith chómh maith,
agus leis an mbreitheamhantas a tabharfar ar gach
duine fé leith chómh luath agus thiocfidh an bás air.



Gráin, léir-sgrios, raobadh roilge, dob eadh an
íomháigh Phágánach a dh'fheisgint istigh sa n-áit naomhtha
sa teampall. Teampall do Dhia, teampall do'n
Spioraid Naomh, iseadh anam an duine. Nuair a bhíon
an duine ar staid na ngrást isé anam an duine sin an
áit naomhtha, agus bíon an Spioraid Naomh 'n-a chómh-
nuighe istigh ann. Bíon an t-anam san taithneamhach i
láthair Dé. Iompuighean an duine sin i gcoinnibh Dé,
i gcoinnibh grásta Dé, i gcoinnibh an Spioraid Naoimh.
Deinean sé an peacadh; is peacadh marbhuightheach é.
Cad a thuitean amach nuair a dheinean an duine sin an
peacadh marbhuightheach san? Tuitean amach an uair
sin rud atá níos seacht measa 'ná an rud a thuit amach
nuair a cuireadh íomháigh an Phágánaigh suas istigh sa
n-áit naomhtha i dTeampall Ierúsaleim. Curtar rud
'n-a sheasamh sa n-áit naomhtha, i n-anam an duine, sa
teampall naomhtha a dhein Dia na glóire dhó féin fé
leith, agus ní h-íomháigh phágánaigh a curtar 'n-a seasamh
sa n-áit naomhtha san, ach isé an t-áirseóir féin, fíoghar
na Croise Céasta idir sinn agus é, do curtar 'n-a


L. 230


sheasamh ann. Sin gráin! Sin léir-sgrios! An
t-áirseóir, an diabhal, an mac mallachtain, namhaid
Dé na glóire, namhaid mharbhuightheach an duine, athair
an éithigh agus an uabhair, an Sátan a thugan fuath do
gach maith, an phiast mhalluighthe do chuirfeadh gach maith
ar neamhnídh agus do chuirfeadh gach olc i bhfeidhm dá
bhféadadh sé é; an annsprid mhalluighthe sin go dain-
gean i seilbh istigh sa n-áit naomhtha do cheap Dia dhó
féin, istigh i n-anam an duine sin, agus Dia na glóire
díbeartha amach as an dteampall a chruthuigh sé dhó féin!
Sin gráin! Sin léir-sgrios!



Nuair a chaillean an duine grásta Dé mar gheall
ar pheacadh dhéanamh tá an ghráin sin le feisgint ag na
h-aingil, agus ag na naoimh, agus ag an Maighdin
Muire, agus ag an Slánuightheóir, agus ag an Athair
Síoruidhe; grásta an Spioraid Naoimh díbeartha as
anam an duine sin, díbeartha amach as an áit naomhtha,
agus an peacadh marbhuightheach, an ghráin, gráin an
léir-sgriosa, 'n-a sheasamh go dána istigh sa n-áit
naomhtha. Chíon an duine sin féin an ghráin sin, 'n-a
seasamh sa n-áit naomhtha. Taisbéanan a choinsias
dó an ghráin sin. D'á bhrígh sin labhran an Slán-
uightheóir an focal atá sa tSoisgéal leis an nduine
sin: "Nuair a chífir gráin an léir-sgriosa 'n-a
seasamh sa n-áit naomhtha; an t-é a léighfidh, tuig-
eadh." nuair a chífir go bhfuil peacadh déanta agat
i n-aghaidh Dé, go bhfuil grásta Dé díbeartha uait agat
le d' thoil mhacánta féin agus go bhfuil t'anam curtha
agat ar staid an pheacaidh, go bhfuil an ghráin curtha
'n-a seasamh agat sa n-áit naomhtha, go bhfuil an ann-
sprid curtha agat i seilbh t'anama i n-inead an
Spioraid Naoimh; nuair a chífir an méid sin, cuimhnigh
ort féin. "An t-é a léighfidh, tuigeadh."


L. 231


Agus cad 'tá le déanamh ag an gCríosdaidhe, nuair
a chífidh sé agus nuair a thuigfidh sé i n-a aigne gur
b' shin mar atá an sgéal aige, go bhfuil an droch nídh
sin déanta aige dhó féin, go bhfuil an ghráin sin
glacaithe aige agus go bhfuil grásta Dé díbeartha
uaidh aige? Innsean an Slánuightheóir féin dó cad
'tá le déanamh aige. Tá an rud le déanamh aige a
dhéanfadh an duine do chífeadh uisge agus teine agus
tóirneach ag teacht i n-aonfheacht air. Cad a dhéanfadh an
duine sin? Cad a dhéanfadh sé ach teitheadh le n-a anam
chómh tiugh i n-Éirinn agus bhéadh sé 'n-a chosaibh? Nó
mar adeir focal an tSlánuightheóra sa tSoisgéal:
"An mhuintir atá i n-Iudéa teithidís chun na gcnoc,
agus an t-é atá ar bhuaic an tíghe ná téigheadh sé síos
chun aon nídh a bhreith as an dtigh leis."



Siné díreach atá ag an gCríosdaidhe le déanamh
nuair a thuigfidh sé i n-a aigne go bhfuil sé ar staid
an pheacaidh, go bhfuil an ghráin 'n-a seasamh sa n-áit
naomhtha aige, teitheadh le n-a anam díreach mar a
dhéanfadh an duine n-a mbéadh an t-uisge agus an
teine agus an tóirneach ag teacht i n-aonfheacht air.



Agus cá dteithfidh sé le n-a anam? Cá dteithfeadh
sé le n-a anam ach chun na h-aithrighe? Imthigheadh sé
láithreach agus deineadh sé faoisdin mhaith. Siné an
rud a chuirfidh an ghráin a' seilbh airís agus do thabhar-
faidh grásta an Spioraid Naoimh thar n-ais isteach sa
n-áit naomhtha. Deineadh sé an aithrighe, le grádh agus
le croídhe-bhrúghadh agus le mainíghin as Dia. Deineadh
sé an aithrighe i dtreó go rachaidh mór-luacht bháis an
tSlánuightheóra chun sochair d'á anam. Agus, thar
gach nídh eile atá agam le rádh leis, deineadh sé an aith-
righe láithreach. Ná fanadh sé le h-aon tsaghas eile
gnótha dhéanamh. "An t-é atá ar bhuaic an tíghe ná


L. 232


téigheadh sé isteach chun aon rud a thabhairt leis as
an dtigh." Má dheinean sé ríghneas de'n tsórd
san, b'fhéidir go dtiocfadh an tuille agus an teine
agus an tóirneach air agus go sguabfaí chun siúbhail
é. Nuair a bhíon duine ag teitheadh le n-a anam
ní chuimhnighean sé ar aon rud eile ach ar an anam.
Is neamhnídh leis aon nídh eile, ór ná airgead ná
ollmhaitheas. An duine atá ar staid an pheacaidh,
má dheinean sé an ríghneas, agus ansan má
thagan an bás air, agus go gcaithfidh sé dul i
láthair Dé agus an ghráin 'n-a seasamh istigh sa n-áit
naomhtha aige, conus a bheidh an sgéal aige? Beidh go
sgannramhail. "Beidh buaireamh mór ann an uair
sin ná raibh a leithéid ó thusach an domhain, agus ná
beidh." Siniad focail an tSlánuightheóra féin ar
conus a bheidh an sgéal aige. Ní gádh dho'n duine sin
fanamhaint go dtí lá an bhreitheamhantais chun gabháil
tríd an sgannradh. Caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar
an sgannradh chómh luath agus do sgarfaidh anam le
colainn aige.



Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Cuimhnigh i n-am air.
Ná dein an ríghneas. "An t-é a léighfidh, tuigeadh."
Tuig láithreach conus a sheasuighean tú i láthair Dé.
Ná fág an t-anam bocht i gcontabhairt. Dein an
aithrighe gan ríghneas. Dein an aithrighe go dílis agus
go fírinneach. Díbir an ghráin as an áit naomhtha, as
t'anam féin amach, ó chuir an Slánuightheóir ar do
chumas é dhéanamh, agus bíodh aoibhneas na ngrást sa
n-áit naomhtha agat i n-inead an ghráin. Ansan, tagadh
an bás ort pé uair is toil le Dia é, ní gádh dhuit aon
sgannradh bheith ort roimis.



Go dtugaidh Dia na glóire, tré impidhe na Maighdine
Muire, bás naomhtha dhúinn go léir. Amen.



CRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services