Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgothbhualadh
Title
Sgothbhualadh
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1904
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgothbhualadh. AN LÁ SAOÍRE. Donchadh: Ní fheadar féin an tsaoghal, a Thaidhg, cad é an chúis gur gádh an gleó go léir chun a chur 'na luíghe ar lucht ceanaídheachta gur ceart dóibh na siopaí do dhúnadh agus a ngéaga do shíne agus searadh maith a bhaint asta féin aon lá amháin as an mbliain. Ba dhóich liom gur cheart gur b'amhlaidh a bheadh áthas mór ortha mar gheall ar chaoí a bheith acu ar dhá ghnó mhóra mhaithe dhéanamh d' aon ghnó, suaineas an laé thabhairt dóibh féin agus d'á lucht frithálmha, agus 'na theanta san onóir an laé thabhairt do Dhia agus do Naomh Pádraig. Ní h-i gcómhnuighe a gheibhean daoíne caoí ar dhá ghnó de'n tsórd san a dhéanamh d' aon ghnó. Isé is gnáth, nuair a bhíon ar dhaoínibh rud éigin a dhéanamh a thaisbeánfidh a gCreideamh agus a thabharfidh onóir do Dhia, gur le trioblóid agus le duagh agus le cruadhtan a caithtear é dhéanamh. Ach, mar sin féin, níor ghnáth i n-Éirinn riamh daoíne ag tarac siar ó ghnó phoibilídhe a bheadh ceapaithe chun onóra thabhairt do Dhia, pé trioblóid a bheadh 'gá leanmhaint. Siniad anois iad agus nách foláir gleó agus aighneas a dhéanamh, agus cáine, agus spídiúchán, chun iad a choimeád gan tarac siar, bíodh nách trioblóid ná duagh atá ag leanmhaint an ghnímh, ach a mhalairt ar fad, saoíre agus suaineas agus socaracht. Is greanmhar an sgéal é! Tadhg: Tá atharúghadh tagaithe ar an saoghal i n-Éirinn, a Dhonchadh, agus ní chun feabhais an t-atharú- ghadh. Na daoíne a bhí anso i n-Éirinn rómhainn, do ghlacaidís saoíre agus suaineas go fonamhar nuair b'onóir do Dhia é, agus d' fhuilingidís duagh agus
dochar agus trioblóid leis an bhfonn gcéadna díreach, nuair b'onóir do Dhia é. Bá mhó acu súd an saoghal eile 'ná an saoghal so. Ní mar sin dos na daoíne atá sa tsaoghal anois, go mór mór, i ndúthaibh eile. Dar leo, tá dearmhad sa Teagasg Críosdaíde. Mar seo ba cheart an chaint a bheith:- "C. Cad chuige gur chruthnuigh Dia sinn?" "F. Chun airgid a dhéanamh." Siné Teagasg Críosdaídhe na h-aimsire seo, a Dhonchadh. Ní'l sé ró fhada. Ní'l ann ach an t-aon cheisd amháin agus an t-aon fhreagra amháin. Ach mura bhfuil sé fada tá sé dian. Ní raibh na Deich n-Athanta riamh an fichmhadh cuid de bheith chómh dian ar Chríosdaidhthibh agus tá an aithne sin an airgid ar an muíntir a théidhean fé 'n-a smacht. Féuch ortha, thall i Lúnduin nú thiar i gcathrachaibh móra America. Féuch gach aoinne acu ag imtheacht agus a cheann féi aige agus stiúir air, ag baint na slíghe do'n fhear is giora dhó, a d' iaraidh tusach a bheith aige ar dhéanamh an airgid! Donchadh: Ní fheicim cad é an leigheas atá acu air, a Thaidhg. Mura ndéinid siad an t-airgead caithfid siad bás d' fhághail do'n ghorta. Tadhg: Dá mbeiridís go léir bog ar an saoghal bhéarfadh an saoghal níos boige ortha go léir. Dá nglacaidís an sgéal níos réidhe bheadh a ndóithin mór acu go leir. An cuímhin leat, a Dhonchadh, gur airíghis riamh aon tuairisg ar ghorta i n-Éirinn go dtí go dtáinig dlíghthe Shasana anall chúgainn? Donchadh: Ambasa ach níor airígheas. Is greanmhar an sgéal é sin leis. Ach féuch, a Thaidhg. An bhfeacaís an blúire beag cainte seo sa Leader i dtaobh "Sitriuc do righne?" Tadhg: Ambriathar go bhfeaca, agus gur bhain an chaint gáire asam. Bainfidh sí a meabhair an fad as na "sgoláiríbh!" Níor chuir Jack o' the Lantern riamh amú daoíne mar a chuirfidh an chaint sin amú na sgoláirí. Is gearr go gcuirfid na cainteóirí na sgoláirí 'n-a gcómhnuighe, agus ba ghádh é.
Lucht ceanaídheachta chorcaíghe. Donchadh: Féuch, a Thaidhg, nách ait an obair í seo atá déanta ag lucht ceanaídheachta catharach Chorcaíghe. Deir na pápéir gur thánadar i bhfochair a chéile agus gur shocaruighdar do thoil a chéile saoíre Laé Fhéile Pádraig do bhrise agus a chur fhéuchaint ar a lucht frithálmha é bhrise! Tadhg: Tá an socarúghadh san déanta acu, má's fíor na pápéir. Ach tá rud eile ins na pápéir, a Dhonchadh. An bhfeacaís é? Donchadh: B'fhéidir go bhfeaca. Cad é an rud é? Tadhg: Tháinig muíntir na Gaeluinne i bhfochair a chéile agus dhéineadar socarúghadh leis. Shocaruíghdar ar sgéala chur amach ar fuid na tuatha 'ghá iaraidh ar aon duine go bhfuil aon mheas aige air féin gan teacht isteach go Corcaig i n-aon chor an lá san, nó má thagan sé isteach sa chathair gan dul isteach i n-aon tigh tabhairne ná i n-aon tsiopa eile chun aon ghnótha ceanaídheachta dhéanamh. Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach má dhéinid na daoíne mar sin beidh lá saoíre ag na cléirigh gan bhuidhchas dos na ceanaidhthibh. Ní bheidh neart dóibh, is dócha, bualadh amach agus gaoth na tuatha ghlacadh. Ach má 'seadh féadfid siad síne ar an gcúntar agus greas do chodladh dhóibh féin. Tadhg: Seadh, agus mura dtuitigh aon chodla ortha féadfid siad bheith ag magadh, fé n-a bhfiacalaibh, nuair a chídhfid siad fear an tsiopa ag siúbhal ar fuid an tíghe ag cneadaigh, ag spídiúchán ar Ghaeluinn agus ar Ghaedhilgeóiríbh, 'ghá seóladh go h-áit éigin ná fuil ró fhuar, agus ag ruith chun an doruis féuchaint an mbeadh aoinne ag teacht isteach agus tart air. Donchadh: Is ait an chathair cathair Chorcaighe, a Thaidhg. Is ann atá na Gaedhilgeóirí is fearr, agus is ann atá na staigíní is meathta. Is ann atá an lucht Creidimh is fearr, is dócha, i n-Éirinn, agus is ann atá an lucht ceanaídheachta is fearr go bhfuil an teagasg críosdaíghe úd an airgid acu. Tadhg: Ní deirim 'ná go bhfuil cuid acu go bhfuil an dá theagasg críosdaíghe acu, teagasg críosdaíghe an airgid agus Teagasg Críosdaíghe an Chreidimh.
Donchadh: Nár chóir go mbeadh fhios acu "ná tagan an dá thráigh leis an ngobadán"? Tadhg: Siné ball, díreach, go bhfuil breall ortha. Is dóich leó go mbuadhfid siad féin ar an ngobadán agus go dtabharfid siad an dá thráigh leó, an rud a theipan ar an ngobadán. Donchadh: Is baoghalach liom go bhfuil a lán acu ná fuil so 'ná súd acu. Ní fonn leó an lá saoíre thabhairt i n-onóir do Dhia agus do Naomh Pádraig. Dar leó bheidís creachta leis. Is dóich leó go bhfuil an Creideamh acu chómh maith le cách, agus ní thuigid siad gur bhfeara dhóibh aon lá amháin de'n rath a bheith ortha ó Dhia 'ná dá mbeidís ag brise a gcroídhe le h-obair ar feadh a saoghail agus lámh Dé 'na gcoinnibh. Agus conus is féidir d' aoinne gan lámh Dé bheith 'na choinnibh nuair a bhrisfidh sé an tsaoíre gan ghádh gan ríachtanas ach le corp dúil i n-airgead! Tadhg: Seadh, agus tar éis an tsaothair agus an sgannra agus an bhrise saoíre go léir, ná fanan puínn de'n airgead acu abhfad. Donchadh: Dhe, is dócha go bhfanan sé acu. Cá n-imtheóch' sé uatha? Tadhg: Leighean sé, a Dhonchadh. Leighean sé chómh tiugh agus a déintear é. Donchadh : Ambriathar, a Thaidhg, gur 'mó duine a dhéinean airgead go h-olc agus ná leighean sé air. Tadhg: Má 'seadh is duine é sin atá caithte uaidh ar fad ag Dia na glóire, moladh go deó leis! Leighean an droch airgead an fhaid a bhíon aon tsúil go gcasfidh an duine ar Dhia. Nuair a bhíon duine sgartha ar fad le Dia sgaoíltear leis. AN CÓMHSHIÚBHAL MÓR. Donchadh: Seadh, a Thaidhg, an rabhais i mB'l'ath' Cliath Dé Domhnaigh seo ghaibh thorainn? Tadhg: Ní rabhas. Ní réidhtíghean bóithreóireacht fhada liom. Donchadh: An rabhais i gCorcaigh Lá 'le Pádraig? Tadhg: Ní rabhas.
Donchadh: Ach! Do chaillis é, a dhuine. Ní'l aon mhaith ionat. Taoí 'n tú sáidhte sa luaith ar fad le déanaighe. Tá an saoghal go léir ag dul ar aghaidh a gan fhios duit. Dá mbeidhthá i mB'l' Atha Cliath Dé Domhnaigh chídhfá radharc a chuirfadh i n-óige thu, fiche bliain! Tá Éire go léir ar buile ag foghluim na Gaeluinne! Ní fheaca riamh a leithéid de radharc. Bhí os cionn dachad míle duine sa chómhshiúbhal a déineadh tríd an gcathair, agus ní fios an 'mó míle duine a bhí ag féuchaint ar an gcómhshiúbhal. Na buídhne a bhí ag gluaiseacht sa chómhshiúbhal bhíodar chómh gléusta, chómh córuighthe, chómh cruínn sa ghluaiseacht, chómh h-oilte ar an obair a bhí le déanamh acu agus bheadh an sluagh airm is feár a cuireadh riamh ar bóthar. Ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuídhin eile, 'ná oiread agus aon duine amháin ag teacht sa tslígh ar dhuine eile. Thógfadh sé an ceó de d' chroídhe bheith ag féuchaint ortha ag gluaiseacht chómh breágh, chómh daingean, chómh stuama. Ní fheadar an tsaoghal conus fhéad a leithéid de mhór-shluagh an gnó dhéanamh chómh cruínn chómh blasta. Is minic a bhíos i sochraid mhór agus d'á fheabhus taithíghe a bhíodh ag na daoíne ar an gcuma 'nar cheart do 'n tsochraid gluaiseacht ní bhídhtí gan acharan uaireanta. Dá stadadh capal i lár na sochraide chaithfadh an méid a bheadh lastiar de'n chapal san stad agus do bristí an gléus agus an ghluaiseacht. Níor mhar sin do'n ghluais- eacht úd Dé Domhnaigh. Ba dhóich leat nár déineadh oiread agus ciscéim anacair ann, do chapal ná do dhuine, ó thusach go deire. Níor mheasas go raibh aon chruinniúghadh daoíne ná beadh tar éis taithíghe armála dhéanamh d' fhéadfadh gluaiseacht chómh stuama, chómh cruínn. Bhíos am sheasamh i bhfinneóig, i dtigh cúinne, ag féuchaint ortha, agus, bíodh go rabhdar ag siúbhal géar go maith, mheasas ná béidís gabhtha thoram go h-oídhche. B'uathbhásach an radharc é, a Thaidhg. Tadhg: B'uathbhásach. Do léigheas cúntas air sa phápéur. Bhí ana thabhairt amach i gCorcaigh leis Lá 'le Pádraig féin. Donchadh: Airiú bhí, a dhuine, agus i n-áitibh nách é. Is beag aon bhaile i n-Éirinn go bhfuil aon tuirt ann ná raibh tabhairt amach éigin ann. Tá an saoghal suas,
a Thaidhg. Foghlumóchaid na daoíne an Ghaeluinn anois agus labharfid siad í agus beidh meas acu uirthi agus ortha féin. Tadhg: Feuch, ámhthach, nár dúnadh na tighthe tabhairne go léir. Féuch cad a dhéin na bodaigh sin thiar i Mainistir Ínse, thiar i gContaé an Chláir. Donchadh: Agus cad a dhéineadar? Tadhg: Thánadar i bhfochair a chéile agus dhéineadar cómhairle, má 'sé do thoil é, agus ghealladar d'á chéile go daingean, ná dúnfidís féin aon tigh tabhairne Lá 'le Pádraig, pé rud a bhí le h-imtheacht ortha! Donchadh: Agus cad a bhí acu de bhár na comhairle sin, agus de bhár na geallamhna, má fhan na daoíne ar an dtaobh amuich de dhorus acu? Bainfar casadh as an sean-shocal dóibh. "Ní raibh a gcuid 'ná a gclú acu." Tadhg: Ní misde dhuit an sean-fhocal d' fhágáilt mar atá sé acu. "Tá a gcuid agus a gclú acu"; droch chuid agus droch chlú. SEANA BHRÓGA. Tadhg: Nuair a chonaicís an radharc mór i mB' l' Átha Cliath, a Dhonchadh, dúbhraís go raibh Éire go léir ar buile chun na Gaeluinne d' fhoghluim agus do labhairt. Is maith an rud daoíne bheith ar buile chun oibre dhéanamh ach ní mór an tairbhe an bhuile mhór mura mbeidh eólus ag na daoine a bheidh ag déanamh na h-oibre ar conus an obair a dhéanamh. Conus is féidir do dhuine obair a dhéanamh má thusnúighean sé sa cheann tuathail de'n obair! Donchadh: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a Thaidhg? Cé 'tá ag tusnúghadh sa cheann tuathail de'n obair? Tadhg: Aon duine, a Dhonchadh, go bhfuilan Ghaeluinn 'na bhéul aige, cad é an fhaid aimsire is dóich leat ba ghádh dhó thabhairt ag foghluim conus Gaeluinn do léighe agus do sgrí'? Donchadh: Bhail anois, fan go fóil. Ba dhóich liom dá mbeadh aon mhaith ann agus go dtabharfadh sé a aigne do'n obair, nár mhór dó seachtmhain, an chuid ba
lúgha dhé, chun bheith ábalta ar Ghaeluinn do léighe. Chonaicís na leabhríní beaga so, na "Ceachta beaga Gaedhilge." Tadhg: Chonac. Táid siad go maith. Donchadh: Agus an bhfeacaís an litir a sgríbh an t-Athair Risteárd ua Dálaigh, an t-ollamh díachta, mar gheall ortha? Tadhg: Chonac. Tá an litir anso le sáil an cheathr- mhadh leabhrín de'n "Cheól Sídhe." Deir an t-Athair Risteárd gur mhúin sé féin conus an Ghaeluinn do léighe do dhuine a bhí 'na chainteóir Gaeluinne, agus go raibh an múineadh déanta aige laistig de dhá lá dhéag ó'n lá fuair sé na "Ceachta Beaga." Donchadh: Ní raibh puínn sa mbreis ar sheachtmhain sa méid sin aimsire. Tadhg: Ní raibh. Agus ní baoghal gur chaith an t-Athair Risteárd an dá lá dhéag ag déanamh na h-oibre a dhéin sé. Ní móide gur chaith sé an tseachtmhain féin leis an obair. Seo ceist eile agam ort, a Dhonchadh. An mór an aimsir a chaithfadh duine ná beadh aon fhocal Gaeluinne 'n-a bheul aige, ag déanamh na foghluma céadna? Donchadh: Andaigh ní fheadar. Is dócha go gcaithfadh sé aimsir fhada. Tadhg: Do chaithfadh. Tá cuid acu ag déanamh na foghluma san le chúig bhliana agus ní ró mhaith atá an obair déanta acu tar éis na gcúig mblian. Agus féuch, a Dhonchadh, nách ait an obair é, an saothar go léir dh'á déanamh ar fhear na gcúig mblian agus gan aon tsuím i n-aon chor dh'á chur sa duine a dhéanfadh obair na gcúig mblian i n-aon tseachtmhain amháin! Cad 'tá ansan ach daoíne ar buile chun na h-oibre dhéanamh agus iad ag tusnúghad ar an gceann tuathail de'n obair! Donchadh: Agus cad é an dalladh-bodhradh-buicín atá ortha ná h-osgalaid siad a súile agus dul láith- reach sa cheann chóir de'n obair! Nár dhóich leat gur mhithid dóibh an méid sin a thuisgint um an dtaca so! Tadhg: Ag aighneas ar litiriúghadh a bhíd siad. Is dóich leó gur b' é an litiriúghadh an gnó go léir. Is mó acu an t-éadach 'ná an duine atá istig sa n-éadach. Is mó acu an bhróg 'na an chos atá sa bhróig. Cad é
an tairbhe dhom bróg dheas a bheith orm má chrapan sí mo chos agus nach féidir dom siúbhal inti? Donchadh: Andaigh ach b' fheár liom go mór í chaitheamh díom agus imtheacht coslomrachta. Tadhg: B' fheara dhuit é leis. Ní'l sa litiriúghadh so go bhfuil an t-aighneas go léir d'á dhéanamh mar gheall air ach seana bhróg atá lán suas de tharainníbh, agus de thaoibhíníbh ruadha, agus de bharaicíníbh cama, cruadha. Ní féidir d'aon chainteóir Gaeluinne an t-seana bhróg san d' fhulang ara chois. Donchadh: Agus féuch, a Thaidhg, conus fhéadaid na daoíne sin féin, lucht an aighnis, an tseana bhróg san d' fhulang? Tadhg: Mar ní cos bheó a bhíon sa tseana bhróig acu ach cos mharbh. Ní féidir do'n tseana shlipéid an chos mharbh a ghortúghadh. NA CAINTEÓRÍ. Donchadh: Ní dóich liom, a Thaidhg, gur gádh dhuit a thuile ceisnimh a dhéanamh mar gheall ar an obair seo na Gaeluinne bheith d'á déanamh ó'n gceann tuathail. Airíghim go bhfuil socair ag muíntir B' l' Áth' Cliath aghaidh a thabhairt láithreach ar na cainteóiríbh, ins gach aon pháirt d' Éirinn, agus léightheóirí a dhéanamh díobh. Tadhg: Tá deich mbliana, a Dhonchadh, ó thusnuigh an obair. Dá dteightheá isteach, deich mbliana ó shin, i ndúthaigh éigin 'na raibh an Gaeluinn go blasta i mbéulaibh na ndaoíne, d' aireóchthá an Ghaeluinn ar siúbhal acu, díreach mar a bhí sí sa n-áit sin na céadta blian roimis sin. Dá dteightheá isteach anois sa dúthaigh chéadna d' aireóchthá ar siúbhal í ag fearaibh agus ag mnáibh, ach ní aireóchthá puínn dí ag buachailibh agus ag cailíníbh. Cad 'na thaobh nár tusnuigheadh an obair ins na dúthaíbh sin? Níor tusnuígheadh. Do ceapadh ná raibh aon mhaith sa Ghaeluinn a bhí mar sin, i mbéulaibh na ndaoíne. Cuirean an sgéal i gcuímhne dhom an rud a dhéin an Gárlach Goileánach nuaira chuir a leas-mhathair ag lorg na ngamhan é. Dúbhairt sí leis dóich agus andoich a chuardach dóibh. D' aimsigh sé dréimire agus siúd suas ar bhuaic an tíghe ag baint an dín de'n tigh!
"A chlaidhre!" arsa'n leas-mháthair, "cad é sin agat d'á dhéanamh?" "Táim ag lorg na ngamhan, a mháthair," ar seisean. "Airiú, a bhitheamhnaigh," ar sise, "cad é mar áit é sin duit chun na ngamhan do lorg ann!" "Dúbhraís liom, a mháthair," ar seisean, "dóich agus andóich a chuardach dóibh. Sidé andóich agam. Cuardóchad an áit seo ar dtúis dóibh, ó 'sé is giora dhom. Nuair a bheidh an áit seo cuardaighthe agam imtheóchad agus cuardóchad dóich." Sin mar atá déanta ag muíntir B' l' Áth' Cliath. Táid siad le deich m-bliana ag brise a gcroídhe ag lorg na ngamhan i n-andóich. Má leanaid siad puínn eile aimsire ag lorg na ngamhan i n-andóich isé rud d' imtheóchaidh ortha 'ná nuair a raghaid siad go dtí dóic ná beidh aon ghamhain rómpa sa n-áit. Donchadh: Agus féuch a leith orm, a Thaidhg. Cad é an srangán a bhí ar do theangain-se, nó cad é an greim a bhí ar do chaint agat, agus a rádh nár labhrais fadó leó agus a ínsint dóibh cá raibh dóich? Tadhg: Ná bhí am bodhradh, a dhuine! Is amhlaidh atáim liath ó bheith ag labhairt leó agus ag glaodhach ortha agus ag aighneas leó. Níor labhair leas-mháthair an Ghárlaigh leath chómh géar agus do labhras go minic leó. Ní raibh aon mhaith dhom ann. Shíleadar gur acu féin a bhí an chiall go léir agus ná raibh fasg agam-sa. Mheasadar go bhféadfidís an Ghaeluinn a choimeád beó ach tusnúghadh ar í shaothrughadh sa n-áit 'na raibh sí tar éis bháis. Donchadh: Éist, a Thaidhg. Ná h-abair a thuile. Ná bí ró dhian ortha. Dhéineadar a ndíthol do réir a dtuisgiona. Tá aon rud amháin le rádh 'na bhfabhar. Níor sparáladar iad féin sa n-obair. Tadhg: Agus dar ndó, siné chuirean ar buile mé ar fad. An obair thréan go léir agus í ag imtheacht gan mhaith gan tairbhe! Dá ndéintí an obair sin, ní h-eadh ach a leath, ameasg na gcainteóirí, bheadh Gaeluinn againn anois i n-Éirinn chómh buacach agus 'tá Fraincis sa bhFrainc nó Almáingis sa n-Almáinn. Donchadh: Bíodh foidhne agat. Beidh san agat go luath. Déanfas an obair feasda.
"RUDAÍ BEAGA MIONA DUBHA." Donchadh : Dar fiadh, a Thaidhg, ní tusa amháin atá ag déanamh ceisnimh mar gheall ar na gamhna bheith d'á gcuardach i n-andóich. Tadhg: Cé eile? Donchadh : An t-Athair Pádraig ua Duinnín. Tadhg: Agus cad 'deir an t-Athair Pádraig? Donchadh: Deir sé rud is fíor dó, nídh nach iongna, dá mbeidhfí ag lorg na ngamhan i n-andóich go dtí lá Philib an Chleite, pé h-é féin, ná fuil aon bhreith ar iad d' fhághail. Deir sé dá mbeadh daoíne nár labhair aon fhocal Gaeluinne riamh, ag casadh le Gaeluinn d' fhoghluim a' leabhraibh go dtí "go bhfeicfar dá ghréin ann ag taithneamh i n-aonfheacht" ná beadh sí foghlumtha acu. Tadhg: Is éagsamhlach an obair a rádh nár tuigeadh an méid sin an chéad lá. Dar ndó, tá 'fhios ag an saoghal nách féidir caint d' fhoghluim a' leabhraibh. Ní féidir do'n leabhar guth a chur ar an bhfocal. Ní dhéinean an leabhar ach, mar a dubhairt an leanbh Gaodhlach fadó, "rudaí beaga miona dubha" do chur os cómhair mo shúl. Ní'l aon bhreith agam ar a fhios a bheith agam cad é an guth is ceart dom a chur ar na "rudaí beaga miona dubha" san go dtí go gcuirfidh béul duine an guth isteach am chluais chúgam. Cad é mar shaghas ruda caint gan guth? Déinid daoíne balbha cómharthaí gan guth, ach ní caint na cómharthaí sin. Is 'mó duine fhéadfadh leabhar Fraincise do léighe le n-a shúilibh agus brígh na cainte thabhairt leis maith go leór, ach dá dtugadh sé iaracht ar chuid de'n leabhar san do léighe i láthair Francaigh an dóich leat a' dtuigfadh an Francach an chaint? Ambriathar ná tuigfadh, oiread agus focal. Agus an féidir a rádh go bhfuil Fraincis ag an léightheóir sin? Ní'l, oiread agus focal. Ach má chaithean sé cúig nú sé de sheacht- mhainíbh sa bhFrainc, ag glacadh na cainte isteach na chluais chuige, ansan léighfidh sé an leabhar i dtreó go dtuigfidh an Francach é. Ansan admhóchaidh an Francach féin go bhfuil Fraincis ag an bhfear san. Donchadh: Agus cogar, a Thaidhg. Inis an méid seo
dhom. Cad é an chúis go bhfuil sé chóm deacair a chur isteach 'na gceann do mhuíntir B'l'ath Cliath go bhfuil san fíor? Tadhg: Ní fheadar an tsaoghal, a Donchadh, murab é an seana sgéal i gcómhnuidhe é, 'sé sin go bhfuil scorn ortha aon bhaint i n-aon chor a bheith acu le caint na ndaoíne; mar 'dh eadh go bhfuil caint na ndaoíne brúite síos sa lathaigh agus gur dóich leis na sgoláiríbh nách fiú an chaint sin í thógaint as an lathaigh. Dhéanfadh Gaeluinn Céitinn an gnó dhóibh, nú aon tsaghas Gaeluinne ná beadh le fághail ach i leabhar éigin, ach caint na ndaoíne, an chaint atá fé n-a gcosaibh sa lathaigh, preit! ní dhéanfadh sí sin an gnó i n-aon chor! Donchadh: Cuirean san i gcuímhne dhom rud a chonac le déanaighe sa n-Irisleabhar. Ná bac na sgoláirí, a Thaidhg, tá fir óga againn a thógfid caint na ndaoíne as an lathaigh. Tadhg: Cad a chonaicís sa n-Irisleabhar? Donchadh: Chonac tuairisg ar aimsir na bhFíníní ó dhuine gur b'ainim dó Dómhnal ua Súiliobháin. Nuair a léigheas an tuairisg cheapas go raibh Dómhnal chómh críona leatsa, an chuid ba lugha dhé, bhí an chaint chómh fior Gaodhlach san. Ach tá a pheictiúir ann. Ní dóich liom go bhfuil sé puínn thar fiche bliain! Tadhg: Is maith é sin! Is ana mhaith é sin!! LITIR FHIONÁIN MHIC COLUIM. Donchadh: Féuch, a Thaidhg. An bhfeacaís an chaint seo sa Leader ó Fhionán mhac Coluim? Tadhg: Ní fheaca. Cad deir sé? Donchadh: Deir sé rud cialmhar. Deir sé gur beag an mhaith dhúinn bheith ag casadh le Gaeluinn a choimeád beó i n-Éirinn mura bhféadamíd na daoíne go bhfuil an Ghaeluinn 'na mbéul acu do choimeád i n-Éirinn. Nách féidir dúinn na daoíne choimeád i n-Éirinn mura dtugamíd rud éigin dóibh le déanamh i dtreó go bhféadfid siad a mbeatha do thuileamh i n-Éirinn. Deir sé go bhfuil Íbhráthach, thiar i n-iarthar Chiarraíghe, lán de Ghaedhilgeóiríbh breághtha agus go gcaithfid siad
go léir imtheacht tar sáile mura bhfaghfar rud éigin doíb le déanamh i dtreó go bhféadfid siad a mbeatha do thuileamh i n-Éirinn. Deir sé gur bh'fhiú do mhuíntir Chonradh na Gaeluinne rud éigin a dhéanamh dos na Gaedhilgeóiríbh sin. Tá an Ghaeluinn acu go beó agus go blasta agus go bríghmhar. Má tá sé i ndán go leathfar an Ghaeluinn ar fuid na h-Éirean airís isiad súd a leathfidh í. Má leogtar chun siúbhail iad beidh a n-easnamh go trom ar obair na Gaeluinne i n-Éirinn. Tadhg: Agus cad é an saghas gnótha ba mhaith le Fionán a thabhairt doíbh le déanamh i n-Éirinn? Donchadh: Ní fheadar. Is dóich liom gur chuma leis cad é an saghas gnótha a tabharfí le déanamh dóibh ach go gcoimeádfí i n-Éirinn iad agus go dtabharfí caoi dhóibh ar thuarasdal mhaith do thuileamh agus bheith neamhspleádhach. Tadhg: Is maith, is ana mhaith, an rud é sin ar ar chuímhnigh Fionán mhac Coluim, ach tá rud i n-aice an ruda san agus ba dhóich liom gur mhaith an chial gan é dhearmhad. Donchadh: Cad é an rud é sin, a Thaidhg? Tadhg: Deir an t-Athair Pádraig ua Duinnín, agus is fíor dó é, go bhfuil an Ghaeluinn ag meath i n-Éirinn os cómhair ár súl, i n-aimhdheóin ár ndíthil. Tá obair thréan ar siúbhal ins gach aon bhall ach tá an chaint ag meath i n-aimhdheóin na h-oibre. Aoinne nár labhair aon fhocal Gaeluinne riamh amach as a bhéul, is ana dheacair cainteóir Gaeluinne dhéanamh dé. Níor mhór dó duine bheith coitchianta i n' aice aige ná labharfadh aon fhocal leis ach focal Gaeluinne. Déanfí caint- eóir dé ar an gcuma san i gcionn raint aimsire, agus gheabhadh sé béus na cainte i dtreó go leanfadh sé dhi. Donchadh: Tá go breágh! Cá bhfuil an duine sin le fághail, a bheadh coitchianta i n' aice aige agus ná labharfad aon fhocal leis ach focal Gaeluinne? Tadhg: Táid siad le fághail 'na bhfichidíbh agus na gcéadtaibh sa n-áit sin ar a labhran Fionán mac Coluim. Ní'l le déanamh ach glaodhach amach ortha ar fuid na h-Éirean agus tuarasdal a thabhairt dóibh. Dá mba ná beadh ach duineacu ar gach baile i n-Éirinn
'na bhfuil gádh le Gaeluinn ann, nár ghearr an mhaíll ortha Gaeluinn a chur d'á labhairt ar an mbaile sin! Donchadh: Andaigh is fíor dhuit é. Agus ba dhealbh an baile é nú d'féadfadh a mbeadh de dhaoíne ann aon chainteoir amháin Gaeluinne do dhéanamh neamhspleadhach go maith. Tadhg: Seadh, agus dá mbeadh an cainteóir sin ábalta ar Ghaeluinn do léighe agus do sgrí' ní bheadh bac air sgoil d' osgailt agus sgoláirí bheith aige agus iad 'ghá dhíol go maith. Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach dá ndéintí rud de 'n tsórd san níor ghádh dos na cainteóiríbh dul thar farge. Tadhg: Níor ghádh. Bheadh airgead 'na mbéul acu, sá bhaile. MÍCHEÁL UA TUAMA. Donchadh: An rud úd a dúbhrais an lá déanach, a Thaidhg, i dtaobh na litire úd Fhionáin mhic Coluim agus i dtaobh na gcainteóirí Gaodhlacha atá i dtriúcaibh áirighthe i n-Éirinn fós, chuir sé ag machtnamh mé agus ní féidir liom é chur as m' aigne. Tadhg: 'Seadh, go bhféadfí caoi thabhairt dos na cainteóiríbh sin ar a mbeatha do thuileamh i n-Éirinn ag múine na Gaeluinne ins na h-áiteanaibh atá gan aon fhocal Gaeluinne ionta. Donchadh: 'Seadh go díreach. Is dóich liom go bhfuil éugcóir déanta againn ar chuid des na buachailí óga gur thugamair staigíní ortha. Tadhg: Éist do bhéal, a dhuine. Cad é an ainim eile ach staigín fhéadfá a thabhairt ar fhear óg láidir a gheallfidh go prínsiobálta go ndéanfidh sé rud áirighthe agus ansan do dhiúltóchaidh dó'n rud san a dhéanamh d' aimhdheóin a gheallamhna? Donchadh: Tá san maith go leór, a Thaidhg, ach inis an méid seo dhom. Cuir i gcás go bhfuil deichniúbhar, nú deichniúbhar agus dachad, de buachailíbh óga de'n tsórd san cruinnighthe i seómra, tráthnóna geimhridh, chun Gaeluinne d'fhoghluim, fé mar a ghealladar. Sin iad 'na suídhe sa tseómra iad ag féuchaint ar a
chéile. Ní'l aoinne ann chun iad a mhúine. B'fhéidir go bhfuil duine nú beirt ann d'fhéadan an Ghaeluinn a labhairt ach ní daoíne iad go bhfuil fhios acu conus is ceart cur chun í mhúine do dhaoíne ná fuil aon fhocal dí acu. Múinfar raint focal do bheirt nú triúr. Ní curfar aon speic ar an gcuid eile de'n deichniúbhar a's dachad. Leanfidh an sgéal mar sin i gcaitheamh na h-oídhche sin. Tiocfidh an deichniúbhar a's dachad asdoídhche amárach. Beidh an sgéal ar an gcuma gcéadna. Leanfidh an sgéal ar an gcuma san ar feadh seachtmhaine nú coíghcís b'fhéidir. Ansan, nídh nách ionghna, raghaidh 'na luíghe ar a n-aigne d'fhormhór na mbuachailí sin nách aon tairbhe dhóibh féin bheith ag teacht, agus fanfid siad sa bhaile. An dóich leat, a Thaidhg, an ceart staigíní thabhairt ortha san? Tadhg: B'fhéidir nách ceart. Agus b'fhéidir go minic gur ceart. Is mó cuma 'na bhféadfadh duine rud d'fhoghluim i n-éagmais bheith ag feitheamh chun go dtiocfadh duine chun é chur siar air mar a curfí bia ar lachanaibh. Ná féadfadh gach aoinne de'n deichniú- bhar agus dachad san a leabhar féin a bheith aige mar a mbeadh an Ghaeluinn agus an Béarla aige i n-aice chéile? D'fhoghlumóch' sé an chaint as an leabhar san agus níor ghádh dhó ach ceist anso agus ansúd do chur ar an múinteóir. Donchadh: Tá go maith. Ach ba dhóich liom féin dá mbeadh cainteóir breagh ar gach baile, fear de shaghas Mhichíl uí Thuama, cuir i gcás, an fear úd a dhéin an t-abhrán ar an ngandal agus an t-abhrán eile ar na brógaibh, go mbeadh cothram ag an uile dhuine de'n deichniúbhar agus dachad ar lán a gcroídhe de'n Ghaeluinn fhághail, ní h-amháin nuair a bheidhís cruin- nighthe sa tseómra ach gach aon rae sholuis. Tadhg: Gan amhras tá an ceart sa méid sin agat. Tá Gaeluinn ag Mícheál ua Tuama níos fearr agus níos dílse agus níos saidhbhre agus níos líonmhaire 'ná mar a chonac-sa ó aon sgoláire riamh í. Is ó dhaoine d'á shaghas a caithfar í fhoghluim. D'á luathacht a cur- far 'ghá múine iad iseadh is fearr é.
Codla. Tadhg: Ambriathar, a Donchadh, má chuireas-sa thusa ag machtnamh coighcíos agus lá 'ndiu, ní baoghal 'na gur chuiris-se mise ag machtnamh seachtmhain a's lá 'ndiu. Donchadh: Conus, a sheana bhuachail? Sgaoíl chúgainn do mhachtnamh. B'féidir go bhfuilimíd araon ag macht- namh ar an aon rud amháin. Tadhg: Tuitfadh san féin amach. An rud úd a dúbhraís i dtaobh na gcainteóirí go bhfuil an Ghaeluinn acu ó n-a sínsear, agus í go maith acu, go bhféadfí slígh mhaith bheatha fághail dóibh ar fuid na h-Éirean, ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil an Ghaeluinn i ndísg. Chuaidh an smuineamh san i n-achran am aigne agus tá sé ag baint chodla na h-oídhche dhíom ó'n lá déanach a bhís anso. Donchadh: Is dócha nách deacair codla na h-oídhche baint de dhaoínibh nuair a dhruidid siad amach sa n-aoís. Ach, pé sgéal é, ba dhóich liom féin go bhféadfí an bheart a dhéanamh. Is mór an truagh bhuachail nú cailín ag casadh le Gaeluinn d'fhóghluim amach a' leabhair agus gan aon chaoi acu ar fhuaim na bhfocal d'fhághail, isteach 'na gcluasaibh, ó bheul duine. Tadhg: Is amhlaidh mar 'tá an sgéal ní féidir é dhéanamh. Ach dá mbeadh an duine ann chun an fhocail do labhairt isteach sa chluais do raghadh an fhoghluim ar aghaidh go tiugh. Donchadh: Seadh, agus siniad na daoíne ann 'n-a gcéadtaibh, agus iad dearg-dímhaoin, ar fuid na dtriúch 'na bhfuil an Gaeluinn beó. Cad 'tá le déanamh ach glaodhach isteach ortha ins na triúchaib 'na bhfuil sí i ndísg! Tadhg: Tá, a Dhonchadh, rud eile le déanamh. Ní foláir tuarasdal a thabhairt dóibh a dhéanfidh iad do chothughadh agus éadach a chur ortha. Donchadh: Ó, greadadh chuige mar sgéal, dar ndó, tá 'fios ag an saoghal ná féadfí iad do chur ag obair gan tuarasdal. Tadhg: Is uirisde "greadadh chuige mar sgéal, a rádh, ach cé thabharfidh an tuarasdal dóibh?
Donchadh: Cé thabharfadh dhóibh é ach an mhuintir go dteastuighean an obair uatha! Do labhramair an lá déanach ar an ndeichniúbhar a's dachad sa tseómra, oídhche gheimhridh, agus iad ag féuchaint ar a chéile agus gan aoinne ann chun iad a mhúine. Ní'l aoinne de'n deichniúbhar a's dachad gur mhó aige pins snaoíse 'ná sgilinn a chaitheamh i dtig an tabhairne uair sa tseacht- mhain. Coimeádadh gach duine acu an sgilinn sin agus tugadh sé d'fhear na Gaeluinne mhúine í. Ba dhóich liom go ndéanfadh deich a's dachad sa tseacht- mhain é cothughadh go maith agus éadach maith go leór do chur air. Ansan níor ghádh dhó bheith ag feitheamh leis an oídhche 'na dtiocfadh na foghlumóirí go léir isteach sa tseómra. D'féadfadh sé bualadh tímpal eatartha i gcaitheamh na seachtmhaine agus tamal de lá thabhairt do gach duine acu, nú do bheirt nú triúr acu. Níor bh'fhada go mbeadh cuid acu ábalta ar chongnamh a thabhairt dó sa mhúine. Bheidís ag múine agus ag foghluim i n-aonfheacht. Bheadh a bhformhór ag labhairt na Gaeluinne aige i n-aon bhliain amháin. Tadhg: Seadh, agus is fearr an saoghal a bheadh aige go mór 'ná dá dtéadh sé anonn tar farge. Má bhainis codla na h-oídhche dhíom seachtmhain a's lá 'ndiu, a Dhonchadh, tá eagal orm go bhfuil an donas ar fad déanta agat orm í gcóir na seachtmhaine seo chúghainn. Ní chodlóchad néul. Donchadh: B'fhearr liom go bhféadfinn an codla bhaint de dhaoínibh eile. Taibhreamh. Donchadh: Seadh, a Thaidhg, ar chodlais go maith ó shin? Tadhg: Tin t-iaraidh ort, a Dhonchadh. Pé 'cu chodlas nú nár chodlas ní baoghal gur sgar an sgéal le m'aigne. Dá mba am chodla féin dom é níor sgar sé liom. Thagadh sé 'n-a thaibhreamh chúgham. Chídhinn buachailí agus cailíní ag teacht ó Bhaile Mhúirne agus ó Bhéal-ath- an-Ghaothraig agus aniar ó Uíbhráthach agus iad ag gluaiseacht isteach ins na dúthaibh Béarla
agus sgoileana d'á gcur ar bun acu agus aon gheóin amháin Gaeluinne ar siúbhal ar fuid na h-Éirean go léir ó Dhonchadh Díghe go Tigh Máire. Donchadh: Ba bhreágh an taibhreamh é. Is truagh gan é 'n-a thaibhreamh súl osgalta againn. Dá mbeadh, níor bhaoghal do'n Ghaeluinn. Ba ghearr go mbeadh sí ar láimh shábála againn i gceart. Níor ghádh do'n Athair Pádraig ua Duinnín bheith ag ceisneamh. Ní bheadh an Ghaeluinn ag brath ar na leabhraibh agus ar na léightheóiríbh ná fuil ar a gcumas í labhairt. Tadhg: Seadh, léightheóirí na súl. Donchadh: Dar fiadh ach is deas an focal é! "Léightheóirí na súl." Is mór an deifrígheacht atá idir iad agus cainteóirí na gcluas. Tadhg: Tá aon umárd amháin sa sgéal, a Dhonchadh. Dá mbeadh an dá thréith sa n-aoinne amháin bheadh an sgéal go maith againn, ach ní'l. Táid léightheóirí na súl againn. Táid na súile go maith acu ach ní'l aon rud sa chluais 'ná sa bhéul acu. Táid cainteóirí na gcluas againn, nó táid siad le fághail, ach ní'l eólus na súl acu. Ní fheicid siad sa leabhar ach pápér breac, nú mar airígheas féin ó bhéul leinbh uair, "sgiathán fiolair." Caithfar cainteóirí cluas a dhéanamh des na léightheóiribh súl, nú an taobh eile dhé, léightheóirí dhéanamh des na cainteóiribh, sar a dtiuc- fidh mo thaibhreamh amach 'na thaibhream súl osgalta. Donchadh: Tá corp na fírinne sa méid sin agat, a Thaidhg. Caithfar nídh éigin de'n dá nídh sin a dhéanamh. Ach cé 'cu ceann de'n obair sin is dóich leat is saoráidíghe? Tadhg: Ní deacair an cheist sin do reídhteach. Is usa go mór léightheóir a dhéanamh de chainteóir mhaith 'ná cainteóir maith a dhéanamh de'n léightheóir ná fuil aon chaint aige. Ach cad é an tairbhe obair a bheith saoráideach mura bhfuil aoinne ann chun í dhéanamh? Éire go léir le fághail ar phingin agus gan an phingin le fághail! Donchadh: Gabhaim párdún agat, a Thaidhg. Tá an phingin le fághail. Ar léighis an chaint úd a dúbhairt an t-Athair Pádraigh ua Duinnín i dtaobh na sgoile ba cheart a chur ar bun i n-áit éigin a bheadh fíor Ghaodhlach, agus gan aon fhocal Béarla i n-aon chor a bheith d'á
labhairt sa sgoil, ach an múine go léir a bheith d'á dhéanamh as Gaeluinn? Tadhg: Do léigheas an chaint sin agus bhí an sgéal san 'na bhun le m'thaibhreamh chómh maith leis an rud a dúbhraís-se. Donchadh: Cad é an fhaid is dóich leat a bheadh cainteóir maith Gaeluinne ar sgoil de'n tsórd san sar a bhféadfadh sé Gaeluinn do léighe chómh maith leis an sgoláire is fearr amuich? Tadhg: Dá mbeadh meabhair chínn aige ar aon áird, dhéanfadh sé an gnó i n-aon tseachtmhain amháin. Ach cad é an tairbhe dhuit bheith ag caint ar an gcuma san! Ní'l an sgoil sin ann. Siní an phingin chómh fada uait a's bhí sí riamh. Donchadh: B'fhéidir go ndéanfí seift ar teacht suas leis an sgoil agus leis an bpingin. Pingin amú. Tadhg: Cad é an brígh a bhí agat leis an bhfocal úd a dúbhraís anso an lá déanach, a Dhonchadh? Donchadh: Cad é an focal? Is 'mó focal a dúbh- ramair araon anso an lá déanach. Tadhg: Dúbhraís go raibh súil go dtiocfadh mo thaíbh- reamh fíor mar go ndéanfí "seift ar theacht suas leis an sgoil agus leis an bpingin." Donchadh: 'Sdó, tá a lán daoíne anois ag déanamh machtnaimh ar an méid seo. Chíd siad, ar fuid na h-Éirean, ins na h-áiteanaibh atá gan aon fhocal Gaeluinne d'á labhairt ionta, daoíne ar buile chun í dh'fhoghluim. Chíd siad na daoíne sin cruinnighthe i bhfocair a chéile agus leabhair bheaga Gaeluinne acu agus iad ag casadh leis na leabhair bheaga san do léighe, agus gan aoinne beó acu d'fhéadfadh iad a mhúine ar aon tslacht. Na focail os cómhair a súl sa leabhar agus gan aon phioc d'á fhios acu conus ba cheart dóibh guth agus abairt do chur ar an bhfocal. Chíd lucht an mhachtnaimh gur ró dheacair dos na daoíne sin an chaint d'fhoghluim. Ansan chíd lucht an mhachtnaimh rud eile. Chíd siad,
ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil an Ghaeluinn beó, an uile dhuine, óg agus aosda, 'ghá labhairt gach aon ré sholuis, ó mhaidin go h-oídhche agus ó Luan go Satharn. Iad 'á labhairt i sult agus i bhfeirg, i magadh agus i ndáiríríbh, i n-aighneas agus i síothcháin. Iad 'á stealadh leis na cearca agus leis na géana, leis na muca agus leis na madraibh. Is ait an sgéal é, gaeluinn bhreágh d'á stealadh le mucaibh agus le madráibh i n-áit, agus gádh go cruaidh ag daoíne léi i n-áiteanaibh eile. As san isé rud a deirid lucht an mhachtnaimh 'ná gur mór an truagh gan iaracht éigin a dhéanamh ar an nGaeluinn atá ag dul chun na muc, agus chun na ngadhar, agus chun na gcearc, ins na ceanntaraibh Gaedhlacha, do thabhairt isteach ins na ceanntaraibh gallda i dtreó go gcurfí os cómhair daoíne í. Tadhg: Ba bhreágh an rud le déanamh é, ach chonus is féidir é? Má tugtar an Ghaeluinn isteach caithfar na daoíne thabhairt isteach. Donchadh: Bhuailis do mhéar air. Siné díreach atá 'na n-aigne ag lucht an mhachtnaimh. Ní foláir na cainteóirí thabhairt isteach. Ach sar a dtabharfar isteach iad ní foláir a mhúine dhóibh ar dtúis conus an chaint atá acu d'á stealadh leis na mucaibh agus leis na cearcaibh, do léighe as na leabhraibh. An sgoil Ghaeluinne úd a deir Conán Maol agus an t-Athair Pádraig, dá mbeadh sí ar siúbhal, ba gheárr an mhaíll uirthi léightheóir a dhéanamh de chainteóir mhaith. Ansan, nuair a bheadh an cainteóir 'na léightheóir d'fhéadfí é thabhairt isteach sa cheanntar Ghallda, agus isteach sa sgoil, agus an chaint a chuirfadh an leabhar os cómhair a súl do 'n lucht foghluma d'fhéadfadh an cainteóir sin í chur isteach 'na gcluasaibh dóibh. Ansan níor bh'fhada go mbeadh sí cruínn sa bhéul acu. Tadhg: Tá go maith. Siné díreach mo thaibhreamh. Tá cuid des na cainteóiribh imthighthe cheana féin ar an gcuma san isteach ins na ceanntaraibh Gallda. Siní an sgoil, a Dhonchadh, ach cá bhfuil an phingin? Donchadh: Is 'mó pingin atá ag dul amú. Dá gcurtí i n-obair de 'n tsórd san í ní raghadh sí amú. Tadhg: Ní raghadh, agus coimeádfadh sí a lán Gael- uinne gan dul amú.
Cúnó Meidher. Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Ar léighis an chaint seo a thug Cúnó Meidher uaidh i mB'l' Ath' Cliath ag an Oireachtas? Tadhg: Níor léigheas. Cad dúbhairt sé? Donchadh: Dúbhairt sé a lán, agus dúbhairt sé go maith agus go cialmhar agus go bunúsach é. Seo aon nídh amháin d'á ndúbhairt sé. Dúbhairt sé gur cheart dúinn Árd Sgoil Ghaeluinne chur ar bun mB.l' Ath' Cliath, i dtreó go bhféadfadh sgoláirí Gaodhlacha teacht ann agus eólus a chur ar an nGaeluinn, ní h-amháin ar an gcuma 'na labharthar anois í ach ar gach cuma 'nar labhradh riamh í. Deir sé gur dhéin Eoghan ua Camhraidhe agus Seághan ua Donabháin, agus fir mhaithe eile d'á sórd, obair mhór, mhaith, thairbhtheach, ach nuair a fuair na fir sin bás gur stad a n-obair ar an áit 'nar fhágadar í toisg nár fhágadar 'na ndiaigh i n-Éirinn sgoil agus sgoláirí a dhéanfadh an obair a choimeád ar siúbhal. Taisbeánan sé go bhfuil eagal air go mb' fhéidir go dtiocfadh an stad céadna ar an obair seo atá ar siúbhal i n-Éirinn anois mura gcurtar ar bun saghas éigin Árd Sgoile chun na h-oibre a choimeád ar siúbhal nuair a ghlaoidhfidh Dia ar an muíntir atá ag déanamh na h-oibre anois. Tadhg: Agus cé h-iad a curfí ag déanamh na h-oibre sa n-Árd Sgoil sin, dar leis? Donchadh: Na sgoláirí atá sgaipithe anois ar fuid na h-Éirean. Tadhg: Tá an ceart aige i dtaobh na h-Árd Sgoile. Ní féidir obair léighinn a choimeád buan ar siúbhal, ó shliocht go sliocht, gan teighlach éigin de'n tsórd san go bhféadfadh daoíne óga bheith ag teacht isteach ann agus ag foghluim na h-oibre agus 'ghá gcur féin i dtreó chun cúraim na h-oibre do ghabháil ortha féin nuair ab é toil Dé glaodhach chuige ar na sean daoíne. Ach féuch, a Dhonchadh. Tá an sgoil againn cheana, os cómhair ár súl. Na daoíne atá ag labhairt na Gaeluinne ins na ceanntaraibh Gaodhlacha i n-Éirinn, siniad an sgoil a choimeádfidh an chaint beó, buan, i n-Éirinn. Má tugtar na daoíne sin isteach sa n-obair
agus má tugtar slígh beatha dhóibh sa n-obair, beidh an obair buan. Má fágtar na daoíne sin lasmuich de'n obair, mar a fágadh iad le línn Eóghain uí Chamhraídhe agus Sheághain uí Dhonabháin ní bheidh an obair buan. Dá dtagadh na sgoláirí agus a bhfuil de sgríbhínníbh Gaodhlacha sa domhan do cúr i gcló amárach ní bheadh sa tsaothar ach neamhnídh an fhaid a fágfí na Gaeli- geóirí atá beó, agus an chaint bheó atá 'n-a mbeulaibh acu, lasmuich de'n obair. Gan na daoíne sin a thabhairt isteach sa n-obair ní bheidh sa n-Árd Sgoil ach corp gan anam. Donchadh: Agus cad déarfá-sa dá mbeidhtheá i gcás Chúnó Meidheir? Tadhg: Déarfinn le muíntir Chonradh na Gaeluinne imtheacht láithreach agus sgoileana chur ar bun anso 's ansúd ins na ceanntaraibh gaodhlacha, na cainteóirí thabhairt isteach ins na sgoileanaibh sin, a mhúine dhóibh conus an Ghaeluinn atá 'na mbéulaibh agus 'na n-aigne acu do léighe agus do sgrí', ansan iad a thabhairt amach ins na ceanntaraibh Gallda chun na Gaeluinne mhúine dos na daoíne atá 'n-a h-éagmais, agus oiread tuarasdail a thabhairt dóibh as an múine sin agus chuirfadh ar a gcumas beatha mhaith ghlan a thuileamh i n-Éirinn. Donchadh: Agus ná féadfadh an gnó san agus an gnó adeir Cúnó Meidher dul ar aghaidh i n-aonfheacht? Tadhg: Go h-áluinn. Is i n-aonfheacht a raghaid siad ar aghaidh má théidhid siad ar aghaidh i n-aon chor. Donchadh: Agus má 'seadh cad é an locht atá agat ar an Árd Sgoil adeir Cúnó Meidher? Tadhg: Má thuigeas i gceart tu ní dúbhraís gur thrácht sé i n-aon chor ar na cainteóiribh beó thabhairt isteach sa n-Árd Sgoil. Donchadh: Fágaim le h-udhacht go dóich liom nár thrácht. Tadhg: Féuch chuige. B'fhéidir nár thugais leat an sgéal i gceart.
Féuch Chuige. Donchadh: D'fhéuchas chuige, a Thaidhg, mar a dúbhraís liom. Tadhg: Agus cad a fuarais? Donchadh: Is dóich liom gur thugas an sgéal i gceart liom ar dtúis. Ní dúbhairt Cúnó Meidher i dtaobh na gcainteóirí Gaedhlacha ach aon fhocal amháin. Dúbhairt sé go raibh súil aige ná déanfí aon nídh a chuirfadh cosg le caint na ndaoíne 'ná chuirfadh iad ó thaithíghe déanamh d'á gcaint féin, mar a dhéineadar riamh, sa bhaile eatartha féin. Tadhg: An ndúbhairt sé a thuile? Donchadh: Dúbhairt. Thug sé cúis leis an méid sin. Dúbhairt sé gur ó chaint na ndaoíne a gheibhean caint na leabhar brígh agus meanmna agus neart. Tadhg: Is ait an sgéal é sin. Má 's ó chaint na ndaoíne a gheibhean caint na leabhar brígh agus mean- mna agus neart, cá bhfaghfar an brígh agus an mean- mna agus an neart nuair a bheidh caint na ndaoíne imighthe? Is ró ghearr go mbeidh sí imighthe mura ndéanfar ach sgaoíle léi mar atá aici. Cé h-iad a raghadh isteach sa n-árdsgoil, dar leis? Donchadh: Na fir óga agus na mná óga atá d'éis tusnúghadh ar raint Gaeluinne do labhairt. Tadhg: Tuigim. Deirim leat, a Dhonchadh, go mbeidh gan treabhadh. Na fir óga san, agus na mná óga, atá dé'is tusnúghadh ar fhocalaibh beaga Gaoluinne do labhairt, tá rud maith déanta acu. Ní ceart aon fhocal a rádh do chuirfadh mí-mhisneach ortha. Ach má fágtar an árdsgoil ag brath ortha san agus ar na sgolaíribh nár thusnuigh fós féin ar aon fhocal de'n Ghaeluinn, beag 'ná mór, do labhairt, is mó go mór an díobháil 'ná an tairbhe dhéanfidh an árdsgoil do'n obair seo na Gaeluinne atá ar siúbhal anois i n-Éirinn. Donchadh: Éist go fóil, a Thaidhg. Cad é an díobháil fhéadfadh an árdsgoil a dhéanamh dá mba ná labharfí aon fhocal Gaeluinne choídhche laistig di? Ná fuil obair a dóithin aici agus slígh a dóithin aici cun na n-oibre sin a dhéanamh? Tadhg: Cad í an obair?
Donchadh: Na seana sgríbhinní do nochtadh agus do chur i n-eagar agus do chur i gcló dhúinn. Tadhg: Is breágh bog a thagan caint chugat, a Dhonchadh. An dóich leat gur féidir do dhuine ná féadfadh an chaint seo atá againne d'á labhairt anso anois do thuisgint i gceart agus do labhairt i gceart, an chaint atá ins na seana sgríbhinní do thuisgint i gceart? Ambriathar nách féidir. Gan amhras tá cuid des na sgoláirib Almáinneacha ana ghéarchúiseach agus ana thuisgionach. Cuirean sé iongna orm, uair- eanta, a fheabhas a dhéinid siad seana sgríbhinní Gaedh- lacha do sgrúdadh agus do bhreithniughadh. Ach dá mba ná beadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá é, uair- eanta, dá bhfeicfá an saghas céille a bhainid siad as an seana sgríbhinn. Ní fearr bheith ag caint air, a Dhonchadh, ach má tugtar fé an árdsgoil do cur ar bun agus do chur ar aghaidh gan daoíne de shaghas Michíl uí Thuama thabhairt isteach ann deirim leat go mbeidh gan treabhadh. Iompóchar aghaidh agus aigne na ndaoíne ó'n gcaint bheó agus ó'n obair atá 'á dhéanamh ar a son le deich mbliana, agus ar ball ní bheidh sí beó ná marbh againn. Cainteóirí Fraincise. Donchadh: Is dóich liom, a Thaidhg, go ndeirean tusa rudaí uaireanta ná tagan isteach, ró ghéar, leis an bhfírinne. Tadhg: Is maith an t-é ná sleamhnóchaidh uaidh choídhche aon fhocal ach focal a thiocfidh isteach cruínn, géar, leis an bhfírinne. Ach cad é an rud is déanaíghe adúbhart nár tháinig isteach, dar leat, leis an bhfírinne? Donchadh: Dúbhraís, dá dtugtí fé'n árdsgoil seo Chúnó Meidheir a chur ar bun agus do chur ar aghaidh gan daoíne de shaghas Mhichíl uí Thuama thabhairt isteach ann, go mbeadh gan treabhadh. Féuch ar na sgoilea- naibh móra thall i Sasana, agus thall sa n-Almáinn, agus thall sa bhFrainc. Ní tugtar daoíne de shaghas Mhichíl uí Thuama isteach ionta. An bhfágan san iad
gan an obair a bhíon ceapaithe dhóibh do dhéanamh? An féidir a rádh, i dtaobh aon sgoile acu, go bhfuil gan treabhadh? Ní théidhean aoinne isteach ins na sgoilea- naibh móra san ach daoíne go mbíon tabhairt suas maith cheana ortha de bhár na h-aimsire a bhíon caithte achu ins na sgoileanaibh beaga ar fuid na dútha. Ansan nuair a théidhid siad isteach sa n-árdsgoil bíd siad ábalta ar luíghe isteach láithreach sa n-obair is aoírde, sa n-obair a ceapadh do'n árdsgoil. Cuir i gcás, thall sa bhFrainc, go raghadh fear de shaghas Mhichíl uí Thuama, fear ná déig ar aon sgoil eile riamh, isteach i gceann d'árdsgoilibh na Fraince, cad is dóich leat d'imtheóch' air? Cad fhéadfadh sé a dhéanamh? Is amhlaidh a bheadh an fear bocht 'na stáicín aiféis agus 'na chúrsaí magaidh ag 'á mbeadh ann! Is ró ghearr fhanfadh sé ann. Tadhg: Ní'l do chaint cruínn, a Dhonchadh. Níor chuiris i gcás an rud ba cheart duit a chur i gcás. Cuir i gcás go gcurfí árdsgoil Fraincise ar bun i mB'l' Ath' Cliath. Cuir i gcás ansan ná beadh aon duine chun na Fraincise mhúine sa n-árdsgoil sin ach duine d'fhoghluim Fraincis a' leabhraibh, duine nár airig aon fhocal di riamh amach a' béal Francaigh, cad é an saghas Fraincise is dóich leat a múinfí sa n-árd- sgoil sin, i mB'l' Átha Cliath? Deirim-se leat go múinfí Fraincis na h-aithneóchfí sa bhFrainc. Dá mba mhaith le muíntir na h-árdsgoile sin Fraincis a mhúine sa cheart cad is dóich leat a dhéanfidís? Neósfad-sa dhuit é. Do raghdís anonn sa bhFrainc. Do chuardóchaidís thall an áit is fearr 'na labharthar an Fhraincis. Do phiocfidís amach, sa n-áit sin, raint des na cainteóirí Fraincise dob fheárr agus ba thuisgionaíghe dob 'fhéidir fhághail ann agus thabharfidís leó anall iad agus chuirfidís isteach sa n-árdsgoil i mB'l' Ath' Cliath iad agus choimeádhfidís ann iad chun na Fraincise mhúine sa cheart dóibh féin agus do gach duine a thiocfadh ann 'gá foghluim. Deirim-se, a Dhonchadh, mura ndéintí an nídh sin sa n-árdsgoil sin, go mbeadh gan treabhadh. Donchadh: Má 'seadh, thabharfidís leó anall daoíne gur cuireadh tabhairt suas maith thall ortha. Tadhg: Thabharfidís leó anall na cainteóirí Frain-
cise is fearr a gheabhdís. Dá mbeadh tabhairt suas ortha, sin mar ab fhearr é. Dá mba ná beadh, caithfi- dís déanamh leó. Dá mbeadh dlighthe damanta sa bhFrainc le cúpla céad blian nú trí, ag cosg agus ag múchadh gach léighinn agus gach sgoluígheachta, ní bheadh aon tabhairt suas ar aoinne ann. Ansan do caithfí bheith sásta le daoíne de saghas Mhichíl uí Tuama, agus ba mhaith ann iad. Dá bhfágtí thall iad toisg gan tabhairt suas a bheith ortha, an dóich leat an múinfí an Fhraincis i mB'l' Ath' Cliath? Ambriathar ná múinfí, ach go breallach. Agus má curtar an sgoil ar bun i mB'l' Ath' Cliath gan cainteóirí de shaghas Michíl uí Thuama thabhairt isteach inti ní múinfar Gaeluinn inti - ach go breallach. "Is olc an chearc ná sgríoban di féin." Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an chaint seo sa Leader, ó Fháig, i dtaobh Feise Locha-Garmáin? Tadhg: Níor thugas fé ndeara an chaint. Cad 'deir Fáig? Donchadh: Do réir a thuairisge ar an bhFeis bhí ana obair acu. Chídhfir féin an tuairisg. Ach isé cúis is mó dhom trácht ar an gcaint anois 'na go gcuirean sé i gcuímhne dhom an rud a bhí agat-sa dh'á rádh anso an lá déanach a bhíomair ag caint. Dar leatsa ní bheidh obair na Gaeluinne i bhfeidhm i gceart choídhche go dtí go mbeidh Mícheál ua Tuama agus fir d'á shórd tagaithe isteach i lár na h-oibre. Do réir mar a labhran Fáig, tá an nídh sin díreach d'á dhéanamh i Loch Garmáin. Deir sé go bhfuil cúigear múinteóirí anois ag gléusadh na h-oibre ar fuid an chontae agus go bhfuil céad púnt sa mbliain, nú mar sin, ag gach fear díobh 'á thuileamh. Ní gá dhóibh sin imtheacht tar farge. Tuílfid siad a mbeatha sa bhaile agus beidh a ndóithin le déanamh acu, agus ní ró fhada, is dócha, go mbeidh daoíne eile múinte acu chun na h-oibre céadna dhéanamh agus chun na beatha céadna thuileamh. Tadhg: Is maith é sin. Sin cúigear, pé 'n-Éirinn é, nách gá dhóib dul tar farge. Ach féuch, a Dhonchadh,
an 'mó cúigear, agus deichniúbhar, agus céad atá díomhaoin fós ar fuid na ndúthaí leathana ó Bhaile Mhúirne go Baile Mhac Códa soir, agus go h-Árd Mór, agus as san ó thuaidh go seana Cheann Heilbhic, daoíne go bhfuil an Ghaeluinn acu chómh h-áluinn agus do labhradh riamh í, daoíne go bhfuil gá go cruaidh leó ins na h-áiteanaíbh 'na bhfuil an Ghaeluinn i ndísg. Cad é a bhrígh cúigear seachus iad san go léir! Is ait an sgéal é, a Dhonchadh. Daoíne ná fuil acu go minic ach Gaeluinn chuíbhsach ag casadh le h-í mhúine, agus daoíne go bhfuil sí ar áileacht an domhain acu d'á bhfágáilt lasmuich de'n obair. Donchadh: Tabharfar isteach iad i ndiaidh chéile, mar a déintear na caisleáin. Tadhg: Sdó ba dhóich le duine ort-sa nách ar mhaitha leis an obair ach chun cumaoíne chur ar na cainteóirí a tabharfí isteach iad! Dá mba ná beadh na cain- teóirí ann le tabhairt isteach bhí deire leis an obair. Go dtí go dtabharfar na cainteóirí isteach ní bheidh an obair ar siúbhal i gceart. Cad chuige an ríghneas mar sin? Dá mbeadh na cainteóirí istig sa n-obair, ag múine na Gaeluinne, bhí an obair ar láimh shábhála. Go dtí go mbeid siad istig ní bheidh an obair ar láimh shábhála. Cad é an chúis ná h-imthíghtear láithreach agus iad a thabhairt isteach? Cad é mar obair bheith ag feitheamh go dtagaid siad isteach uatha féin! Donchadh: Agus "cad é 'n mhaith an chearc ná sgríobfidh di féin?" Cad is gá dos na cainteóiríbh bheith ag feitheamh le h-aoinne chun glaodhach isteach ortha? Cad 'na thaobh ná tagaid siad féin agus brúth isteach agus ansan a rádh, "an t-é leis gur cúmhang fágadh!" Tadhg: Dar fiadh ach dá ndéinidís mar sin níor bhfada go mbeadh an sgéal go léir ar ár dtoil againn! Donchadh: Deirim leat, a sheana bhuachail, go bhfuil cuid acu 'ghá dhéanamh san cheana. Táid siad ag brúth isteach agus an smuíneamh san díreach 'na n-aigne acu, "an t-é leis gur cúmhang fágadh!" Tadhg: Ní bheidh sé cúmhang ar aoinne. Tá slígh a ndóithin ann dá mbeadh oiread eile acu ag teacht.
"Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac." Tadhg: Dúbhraís anso an lá déanach, a Dhonchadh, nách gá dul ar lorg na gcainteoirí chun iad do thabhairt isteach i n-obair na Gaeluinne mar go bhfuilid siad ag brúth isteach go tiugh uatha féin. Féuch a leith orm, a Dhonchadh. Nuair a thusnuig an obair do ceapadh ná beadh aon ghá choidhche leis na cainteóirí thabhairt isteach sa n-obair. Do ceapadh go bhféadfí Gaeluinn bhreágh, léigheanta, uasal, do sgrí' i leabhraibh, gan aon chong- nam ó chainteóiríbh. Ní h-eadh ach d'á luighead baint a bheadh ag cainteóiribh tuathaídhe leis an nGaeluinn sin gur bh'eadh ba bhreághtha agus ba léigheanta agus b'uaisle bheadh sí. Do sgríobhadh cuid di ar an gcuma san. Tháinig sí amach ins na leabhraibh. Preit! a dhuine. Is amhlaidh a tháinig buile seirbhthin láithreach ar an uile dhuine chonaic í! Tháinig seirbhthean ar an múintir go raibh an Ghaeluinn ó n-a n-óige acu agus taithíghe acu uirthi mar chonacadar ná raibh aon phioc de nádúr ná de mhianach na fíor-Ghaeluinne sa saghas san cainte. Tháinig seirbhtean ar an muíntir ná raibh puinn eóluis ar Ghaeluinn acu mar d'á luighead é a n-eólus bhí a ndóithin ann chun a chur i n-iúil dóibh nár Ghaeluinn cheart a bhí ins na leabhraibh sin. Nuair a léightí leabhar acu san do'n tseana mhnaoí go raibh taithíghe ar Ghael- uinn riamh aici is amhlaidh a spriúchadh sí. "Preit!" a deireadh sí, "Má 'sé sin an saghas cainte atá i n-bhúr leabhraibh agaibh ná bídhidh am bodhradh leis!" Ba gheár gur thuig gach aoinne, go raibh aon tuisgint aige, ná raibh aon bhreith i n-aon chor ar Ghaeluinn do sgrí' mura sgríbhtí í do réir na cainte atá i mbéalaibh na ndaoíne. Aoinne ná fuil an méid sin socair dain- gean i n'aigne um an dtaca so, a Dhonchadh, ní h-aon mhaith beith leis. Ní'l ann ach caileamhaint aimsire bheith ag aighneas leis. Ní féidir Gaeluinn cheart do sgrí' i n-aon chor mura sgrítear í sa chuma 'na bhfuil sí i mbéulaibh na ndaoine atá 'ghá labhairt. Ní dhéan- fidh aon chuma eile an gnó. Ná fágan san an obair go léir ag brath ar na cainteóiríbh, a Dhonchadh? Donchadh: Do réir deabhraimh.
Tadhg: Ná beadh sé chómh cialmhar ag duine bheith ag casadh le fala dhéanamh gan clocha, nú le triosgán a dhéanamh gan adhmad, nú le casóg bhréide dhéanamh gan bréid, agus bheadh sé aige bheith a d'iaraidh Gaeluinne do sgrí' agus gan eólus aige ar an gcaint? Donchadh: Ambasa ach ní foláir a admháil. Tadhg: Agus inis an méid seo dhom, a Dhonchadh. Má theastuighean ó dhuine fala cloiche dhéanamh an amhlaidh a shuidhfidh sé ar thúrtóig agus a phíopa 'na bhéul aige, ag feitheamh go dtagaid na clocha ag trial air uatha féin! Go dtagaid siad "ag brúth isteach" chuige agus, "an t-é leis gur cúmhang fágadh" acu! Donchadh: Má dhéinean is fada go mbeidh ceann ar a thig. Tadhg: Is fada go díreach. Caithfidh sé eiríghe agus dul go dtí an áit 'na bhfuil na clocha le fághail, agus iad do thoghadh go cruínn, agus iad a thabhairt leis abhaile. Go dtí go mbeidh an méid sin déanta aige ní féidir dó an fala dhéanamh. Ar an gcuma gcéadna díreach, ní féidir obair na Gaeluinne dhéanamh gan na cainteóirí thabhairt isteach. Rud gan chial gan mheabhair iseadh bheith ag feitheamh go dtagaid siad isteach uatha féin. Ní'l ann ach:- "Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac." Mainistir na Coran. Donchadh: "Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac," arsa tusa, a Thaidhg. Dá mbeithá ag éisteacht le "fuaim na h-abhan" i Mainistir na Coran, lá na Feise ann, bheadh meas níos feár 'ná san agat ar fhuaim na h-abhan. Tadhg: Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Dhonchadh, ní raibh aon choinne i n-aon chor agam go ndéanfí aon fhothramh choidhche i Mainistir na Coran ach fothram gan mhaith. Agus mheasas leis go mbeidhfí ag éisteacht leis an bhfothram san go lá an Luain sar a bhfaghfí an breac. Cheapas ná raibh sráidín i n-Éirinn leath chómh Gallda leis an sráidín sin. Mheasas dá mbeadh an Ghaeluinn suas go bun na gcluas ar mhuíntir na sráide bige sin go ndéanfidís iaracht ar a mbéal do chur suas
os cionn na Gaeluinne agus Béarla do labhairt. Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, a Dhonchadh, ach níor mheasas, pé áit eile ar fuid na h-Éirean 'na mbeadh Feis Ghaeluinne, gur bhaoghal gur i Mainistir na Coran a bheadh a leithéid. Donchadh: Aililiú! Airiú cad a dhéin muíntir Mhainistir na Coran go raibh a leithéid sin de dhroch mheas agat ortha? Tadhg: Cad a dhéinadar? Níor dhéinadar blúire. Siné díreach a bhí 'na gcoinnibh agam. Bhí obair na Gaeluinne ar siúbhal 'na dtímpal ins gach aon bhall agus ní raibh gíocs 'ná míocs asta! Chuir aon fhear amháin, Seághan ua Briain, a ainim os cionn a dhoruis i nGaeluinn. Sin ar chuir. Ba dhóich le duine ar an gcuid eile de mhuíntir na sráide nár labhair aoinne bhain leó aon fhocal Gaeluinne riamh. Ní mar sin a bhí ach is Gaeluinn do labhair a sínsear go léir. Níor ghá dul siar thar an trímhadh glúin ortha chun níos mó Gaeluinne go mór fhághail acu 'ná Béarla. Dá mbeadh an chial cheart acu do thuigfidís 'na n-aigne gur mó go mór an chreideamhaint dóibh an sgéal a bheith mar sin acu 'ná ar a mhalairt de chuma. Ach ní'l an chial cheart acu. An rud is creideamhaint dóibh isé ba mhian leó a shéanadh. An rud a dhéanfadh asachán agus náire agus tarcuisne dhóibh is as ba mhaith leó maoídheamh a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cad a chuir an t-atharú' ortha, nú cad fé ndeara dhóibh preabadh suas chómh h-oban agus a leitéid seo d'fhothram a dhéanamh. Donchadh: Tá 'fhios agamsa cad a dhéin é, go dian mhaith. Tá sagart paróiste ann, an t-Athair Uiliam. Fear iseadh é go bhfuil breitheamhantas agus cúilfhéith agus éirim aigne aige thar an gcoitchiantacht. Bhreith- nig sé an obair seo na Gaeluinne. Thuig sé i n'aigne, dá leanfí ar an obair sin gur mhó an tairbhthe a déanfí léi 'ná le h-aon obair eile phoibilídhe d'á bhfuil ar siúbhal i n-Éirinn. Ní'l aon fhocal Gaeluinne aige féin ach tá sé 'ghá foghluim go tiugh. Cheap sé ar dtúis, nídh nár bh'iongna, ná beadh i n-obair na Gaeluinne ach gal suip. Go mbeadh bladham ar feadh tamail bhig, agus raint fothraim, agus ansan go raghadh gach nídh chun suainis. Ní maith le duine cialmhar trácht a bheith ar a ainim i ndáil do ghnó gan bhunús. Ach nuair a
chonaic sé go raibh bunús sa ghnó agus go raibh gach aon deabhramh go mbeadh an obair buan do phreab sé isteach sa n-obair. Siné fé ndeár an t-atharú', a Thaidhg. Tadhg: Seadh, tuigim an sgéal go léir anois. Is mór is fiú fear de'n tsórd san, a Dhonchadh; fear a dhéanfidh a mhachtnamh féin ar an obair agus ansan, nuair a bheidh a mhachtnamh déanta aige agus a aigne socair aige, a dhéanfidh é féin do shádh isteach sa n-obair gan spleádhchas dos na "h-iománaidhthibh ar an gclaidh." Nuair a chíon an pobul fear de'n tsórd san, go mór mór sagart paróiste, 'ghá shádh féin isteach sa n-obair, is gnáth go leanan an pobul é agus go sádhan gach aoinne é féin isteach. Agus i dtaobh "an iománaidhe ar an gclaidh," is láidir an sgairt nách foláir dó bheith an uair sin aige mura gcuiridh corp náire fhiachaint air teacht anuas de'n chlaidh agus breith ar chamán agus gníomh fir a dhéanamh sa chluiche. Ní h-aon iongna liom anois go raibh fothram mór agaibh i Mainistir na Coran lá na Feise. A' raibh a lán daoine ann, a Dhonchadh? Donchadh: Bhí. Bhíodar ann ó'n uile pháirt de'n Mhúmhain agus ó áiteanaibh lasmuich de'n Mhúmhain. Tadhg: Ar labhradh puínn Gaeluinne ann, a Dhonchadh? Donchadh: Do labharadh. I bpáirc bhreágh mhór, mar a bheadh páirc aonaig, iseadh chruinnig an Fheis. Bhí trí h-árdáin curtha suas ann, árdán do'n mhuíntir a dhéanfadh caint leis an sluagh, árdán do'n mhuíntir a bhí ag iomaig féuchaint cé b'fheár a dhéanfadh cómhrádh as Gaeluinn, agus árdán do'n mhuíntir a bhí ag iomaig feuchaint cé b'fheár a thabharfadh amhrán Gaeluinne uaidh. Ní misde dhuit a rádh gur déineadh obair mhaith ar gach ardán díobh. Bhí buachail ann ainiar ó i n-aice Magh Chromtha agus thug sé "An Capailín Bán" uaidh ar áileacht ar fad. Bhí buachail de muíntir Néill ann, ainiar ó Cheann tSáile agus thug sé dhá amhrán uaidh cómh breágh agus ba mhaith leat d'aireachtaint. Dúbhradh liom ná raibh sé ag foghluim Gaeluinne ach tímpal le bliain goileith. Chuir san iongna orm. Ansan do n-ínseadh dom, rud a chuir iongna níos mó orm, gur bhuaidh an buachail sin, i mB'l'Ath' Cliath, le ceann de's na amhránaibh sin, cearn-duais bhreágh óir. Tadhg: Ar labradh puinn Gaeluinne ar fuid an aonaig, a Dhonchadh?
Donchadh: Thugas cuid mhaith de'n lá ag siúbhal ar fuid an aonaig, agus do bhuail a lán daoine umam go raibh aithne agam ortha. Ba dhóich leat gur ar cheann de's na h-aontaíghibh a bhíodh sa n-áit trí fichid blian ó sin a bhíomair go léir, bhí oiread san Gaeluinne ann i mbeulaibh daoíne agus ag imtheacht le gaoith. Tadhg: Seadh, is maith é sin. An Ghaeluinn atá i mbéulaibh na ndaoíne agus ag imtheacht le gaoith, siní an Ghaeluinn cheart. Siní an Ghaeluinn bheó. Siní an Ghaeluinn a mhairfidh. Feuch, a Dhonchadh, nách uathbhásach an tairbhthe is féidir d'aon fhear amháin a dhéanamh uaireanta. Aon bhlúire de'n obair sin a deineadh i Mainistir na Coran an lá san ní déanfí mura mbeadh an sagart san, an t-Athair Uiliam. Gura fada buan a mhairfidh sé chun na h-oibre chur chun cínn agus na daoíne chur ar a leas! A' raibh raince agaibh? Donchadh: Ach, bhí. Bhí comórtaisí raince ann agus geallaim duit go dóich liom go raibh a ndóithin le déanamh ag na meastóiríbh, bhí na rainceóirí go léir chómh maith san. Is truagh ná rabhais ann. Do h-árdóchfí do mheas ar Mhainistir na Coran. Cúnó Meidher. Donchadh: A Thaidhg airiú, ar airíghis cad a dhéin Cúnó Meidher? Tadhg. Níor airígheas. Cad a dhéin sé? Donchadh. Dhéin sé botún. Tadhg: Is mór an iongna liom botún ag an bhfear san 'á dhéanam. Conus a dhéin sé é? Donchadh: 'Neósfad-sa san duit. Tá sgoluigheacht na h-Éirean riartha, mar is eól duit, i dtrí grádaibh, an príomhghrád agus an grád meadhonach agus an grád is aoírde. Tamal ó shin do cuireadh an Ghaeluinn ar an ngrád meadhonach. Ansan bhí ar chumas na gcol- áistí agus na sgol meadhonach, ar fuid na h-Éirean, Gaeluinn a mhúine d'á ndaltaíbh dá mba mhaith leo é, agus na daltaí sin a chur isteach chun go dtrialfí iad. Agus da dtaisbeánaidís sa triail gur tugadh an
t-eólus go maith dhóibh gheabhdís duaiseana airgid agus onóra, do réir mar a bheadh tuílte acu. Tadhg: Agus cé bheadh chun iad a thriail sa Ghael- uinn? Donchadh: Nách chuige sin atáim ag teacht, a dhuine! Nách mór an iongna, duine chómh críona leat, ná beadh beagáinín foídhne agat! Tadhg: Seadh, comáin leat. Donchadh: Do ceapadh Cúnó Meidher chun na ndaltaí do thriail sa Ghaeluinn. Tháinig an t-am chun na dtrialach a dhéanamh. I dteanta gách nídh eile d'ár bhain leis an ngnó, chuir Cúnó Meidher os cómhair na ndaltaí blúire Gaeluinne feuchaint cé 's feár a chuir- fadh Béarla air. Féuch, siné an blúire Gaeluinne chuir sé os a gcómhair. Siné an pápéur. Tadhg: Tá sé maith go leór, is doích liom, ach tá sé ró chruaidh mura dtugtí uain dos na daltaí ar é dh'fhoghluim. Fan go fóil. Cad é seo a chím thíos agá bun? "Gur ab í sin an chéad shealg Fhinn." Airiú cad é mar shaghas cainte é sin! "Céad shealg Fhinn," ba cheart a bheith ansan. "Gur ab í sin céad shealg Fhinn," ba cheart a beith ann. B'fhéidir, a Dhonchadh, gur cló-dhearmhad é. Donchadh: Is cuma liom sa n-anachainn, a Thaidhg, cé' cu cló-dhearmhad é nú cad é an saghas dearmhaid é, ach is botún é. Nách deas atá an sgéal anois ag an muíntir a chuaidh sa chomórtas. Do tugadh Béarla dóib chun Gaeluinne chur air. Tá sa Bhéarla san abartha de'n tsórd so, "He is at the end of the house." Ní'l an abra san ann ach tá abartha mar é ann. Cá bh'fhios dúinne nár cuireadh "tá sé ag an ceann an tíghe" mar Ghaeluinn ar a leithéid sin? Agus cá bh'fhios dúinn ná fuair an t-é dhéin mar sin é an buadh ó'n té dhéin sa cheart é? Conus is féidir d'aoinne aon iontaoíbh a bheith aige feasda as an dtriail sin? Tadhg: Agus inis an méid seo dhom, a Donchadh. Dar ndóich ní locht ar Chúnó Meidher, fear nár tógadh le Gaeluinn, gan an t-eólus a bheith aige a bheadh ag an bhfear a fuair an Ghaeluinn mar bhainne cí. Donchadh: Tá go maith. Ach cad na thaobh nár toghadh chun na h-oibre an fear a fuair an Ghaeluinn mar
bhainne cí? Níor toghadh, mar ní foláir le muíntir Shasana, nuair a bhíon obair na h-Éirean acu 'á dhéanamh, an tuathal a dhéanamh, cóir, cam, díreach! Ba dhóich le duine gur d'aon ghnó a dhéinid siad an tuathal agus ná bíon de chúis an domhan acu le h-é dhéanamh ach gur b'é an tuathal é. Dá mbeadh muíntir na h-Éirean go léir ar aon fhocal agus ar aon aigne chun rud áirighthe fhághail déanta níor bheag le muíntir Shasana san mar chúis chun gan é dhéanamh. Ba dhóich le duine gur b'é rud a bhíon 'na n-aigne acu 'ná, "Pé cuma 'na ndéanfimíd bhúr ngno ní mar is toil libhse a dhéanfimíd é." Is amadánta an socarú' aigne é sin. Ceann ár gcreidimh. Donchadh: An raibh aon chuímhneamh agat, a Thaidhg, ar dhul go dtí Feis Cholmháin i Mainistir Fhearmaighe? Tadhg: Bhí, a Dhonchadh, agus gach aon chuímhneamh. Cad 'na thaoibh? Donchadh: Mar tá an Fheis curtha ar cáirde go 'ceann cúig nú sé sheachtmhainí. Tadhg: Agus cad fé ndeár é sin, airiú? An aoinne atá breóite? Donchadh: Seadh, agus ní h-eadh. Ní h-aoinne acu féin atá teinn 'ná breóite, buidhchas le Dia, ach na tuairisgí seo atá ag teacht ó'n Róimh ar an gcuma 'na bhfuil an Pápa, agus ná feadair aoinne cad é an neómat a gheabhadh sé bás, siniad na tuairisgí fé ndeár é. Do tuigeadh gur cheart an Fheis a chur ar cáirde go ceann beagán aimsire mar uraim do Cheann Sofheicse na h-Eagailse. Tadhg: Déanfidh sé sin ceataíghe mhór do'n mhuíntir go raibh socair acu ar theacht chun na Feise. Measaim go raibh cuid acu ag teacht abhfad ó bhaile. Is mór an cur thré chéile agus an cur amú ortha an t-atharú' san. Bhí a lán acu, is dócha, tar éis raint cosdais a dhéanamh. Bhí cuid acu socair ar dhul isteach ar chuid de's na comórtaisí, agus iad tar éis iad féin d'olmhú' chuige. Conus a bheidh an sgéal anois acu? Donchadh: Ar nóin ní dhéanfidh cúig nú sé sheacht-
mhainíbh puínn deifrígheachta i dtaobh an chosdais. Ní bheidh ortha cosdas eile dhéanamh ach aire thabhairt dos na neithe cheanuíghdar. Agus an mhuíntir atá ag dul ar na comórtaisíbh cad 'tá acu le déanamh ach an aimsir a chaitheamh 'ghá n-olmhú' féin níos feár? Agus rud eile, a Thaidhg. Ní h-é mo thuairim go bhfaghadh na daoíne a bheadh ag an bhFeis puínn pléisiúir ná puínn caitheamh aimsire ann dá bhfeicidís ceól agus amhráin agus raínce ar siúbhal go mear agus, b'fhéidir, an Pápa marbh sa Róimh. Tadhg: Déarfar gur b'iad na sagairt fé ndeár an Fheis a chur ar cáirde. Donchadh: Má deirtear é sin déarfar an éugcóir. Ní fhéadfadh aoinne bheith níos fonamhaire chun na Feise chur ar cáirde, nuair airíghdar na tuairisgí ó'n Róimh, 'ná muíntir Mhainistir Fhearmaighe féin. Daoíne tuisgionacha iseadh iad, daoíne go bhfuil fhios acu cad is ceart a dhéanamh, agus cathin, chómh maith agus atá fhios ag aon daoíne i n-Éirinn é. Tadhg: Tá go maith. Ó's mar sin atá an sgéal ní baoghal go mbeidh aon cheataighe ann. Agus féuch, a Dhonchadh. Dá mbeadh an Fheis ar siúbhal, an ceól agus na h-amhráin agus an raínce agus an caitheamh aimsire, agus ansan, i lár na h-oibre, go dtiocfadh sgéala go raibh an Pápa tar éis bháis, caithfí stad láithreach. Ansan iseadh bheadh an cheataighe i gceart ann. Bheadh b'fhéidir leath na gcomórtaisí déanta agus a leath gan déanamh, agus cuid acu leath-dhéanta. Ansan iseadh bheadh an sgéal 'na thoirmeasg ar fad. Is feár go mór an cáirde. Donchadh: Cogar, a Thaidhg. An dóich leat an lean- fidh Cúnó Meidher ag déanamh na h-oibre seo na Gaeluinne? Tadhg: An leanfidh sé ag déanamh an bhotúin, a bhí agat le radh. Ní fheadar. Ní h-é seo céad bhotún Chúnó. Mar sin féin bhí ana bhágh agam leis. Dhéineadh sé a dhíthol i gcómhnuighe agus dhéin sé mórán tairbhe. Is 'mó eólus a thug sé dhom ná féadfinn fhághail ar aon chuma eile ach uaidh. Is truagh nár fhan sé thall sa bhaile uainn.
Bastún. Donchadh: Ní féidir liom, a Thaidhg, an botún úd a chur as m'aigne. Isé rud é is éagsamhlaíghe agus is tuathalaíghe agus is mó neamhthuisgint d'ár airígheas riamh. Fear d'á chur ag múine Gaeluinne do mhuíntir na h-Éirean agus gan eólus aige féin ar an rud atá aige le múine. Ba dhóich liom féin dá mba fear go mbeadh aon mheas aige air féin go ndíultóch' sé do'n obair a dhéanamh. Fear ná féadfadh dhá fhocal Gael- uinne do labhairt gan seana mhná na dútha bheith ag stealamhagadh féi. Ní dóich liom go bhfuil aon tsaghas eile oibre fé luighe na gréine 'na bhféadfí a leithéid do dhéanamh ach i n-obair éigin a bheadh ag muíntir Shasana á dhéanamh i n-Éirinn. Tadhg: Bhuailis do mhéar air, a Dhonchadh. Siné díreach solus an sgéil. Nuair a bhíon rud éigin ag muíntir Shasana le déanamh i n-Éirinn ba dhóich le duine ortha gur b'amhlaidh a bhíd siad ar a gcroídhe díthil ag cuardach agus ag seachaint sar a' ndéan- fidís an ceart an fhaid a bheadh aon fhághail acu ar an dtuathal a dhéanamh, agus sar a' ndéanfidís tuathal beag an fhaid a bheadh aon fhághail acu ar thuathal mór a dhéanamh. Aon daoíne go mbeadh fasg acu d'aon rud i bhfuirm meabhrach, nuair a bheadh Gaeluinn acu le múine do mhuíntir na h-Éirean d'féuchfidís 'na dtímpal féuchaint cá bhfaighdís an fear is feár a dhéanfadh an múine, agus déarfidís leó féin, nídh nách ionghna, nár bh'fhéidir an fear san d'fhághail ach ameasg na n-Éireanach féin. Dá mbeadh Béarla le múine do mhuíntir Shasana an anall ó'n Almáinn a tabharfí an múinteóir! Dá mbeadh Frainncis le múine do mhuíntir na Frainnce an ó Lúnduin a béarfí an múin- teóir anonn chúcha! Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá dearmhad ort! Aon bhlúire iongna ní chuirfadh sé ar mhuintir Lúnduin d'á n-iarfí ar maidin amárach ar chuid acu dul anonn sa bhFrainc chun Fraincise mhúine do'n mhuíntir thall. Tadhg: Leogaim leat, a Dhonchadh. Tá an fhírinne ghlan sa méid sin agat. Agus rud eile. Ní áiteóch' an saoghal ar mhuíntir Lúnduin 'ná gur ró mhaith an chial do mhuíntir na Fraince iad a bhreith leó anonn
chun na Fraincise mhúine thall dóibh. Ní'l aon tseó ach a bhfuil de'n bhastún sa tSasanach. Ní fhéuchan sé choídhche ar cheart 'ná ar thuathal sgéil ach ó n-a thaobh féin. Ní gá do mhuíntir na Fraince puinn suime chur 'na chuid bastúnachais, 'ná do mhuíntir aon tíre eile ach do mhuíntir na h-Éirean. Tá an bastún sa mhulach orainne agus tá a rian orainn. Ní féidir dúinn choídhche chur chun aon bhlúire gnótha dhéanamh gan an bastún do theacht ag sádh a dhá ladhar sa ghnó agus 'ghá lot orainn. Ba chóir go mbeadh náire ar an mbastún agus nuair a thuigfadh sé an t-eólus a bheith i n-easnamh air go n-eíreóch' sé as an obair. Donchadh: Go deimhin féin, a Thaidhg, is ait an chaint a dhéinean tú uaireanta. "Ba chóir go mbeadh náire ar an mbastún," arsa tusa. Dar ndó dá mbeadh náire air mar gheall ar thuathal a dhéanamh ní bheadh sé 'na bhastún, agus an fhaid is bastún é ní féidir dó aon náire bheith air, pé tuathal a dhéanfidh sé. Nách é nádúr an bhastúin bheith gan náire? Tadhg: Ambasa ach is fíor do chaint, a Dhonchadh. Isé nádúr an bhastúin bheith gan náire. Agus bíon a rian air, "Do dhuine gan náire is usa ghnó dhéanamh." Do'n bhastún is usa a ghnó dhéanamh. Ní chuirfidh náire cosg leis. Donchadh: Ná bac san, a Taidhg. Ní chuirfidh náire cosg leis. Is fíor é sin. Ach sa n-am gcéadna, ní dóich liom go bhfeaca féin riamh bastún nár cuireadh cosg leis, luath nú mall, le rud éigin a chrádhfadh é níos géire, b'fhéidir, ná mar a chrádhfadh náire é dá bhféadadh an náire teacht air. Tadhg: B'fhéidir é.
DÚCHAS. Donchadh: An bhfuil fhios agat cad is dóich liom féin, a Thaidhg, i dtaobh an bhastúin? Tadhg: Ní fheadar an tsaoghal, a Dhonchadh. Rud eigin greanmhar, cuirfidh mé geall. Donchadh: Is dóich liom godh ruithean an bastún i n-daoíne do réir dúchais. Tadhg: Ní dóich liom go bhfuilir abhfad ó'n gceart sa mhéid sin. Ach cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt? Ce h-é an bastún atá os cómhair t'aigne agus gur dóich leat gur 'n-a bhastún ba dhual dó bheith? Donchadh: An Yank. Tá an cleas céadna díreach aige d'á imirt anois ar na Philipíneachaibh d'imir a shínsear ar mhuíntir na h-Éirean. Tadhg: Cad é an cleas é? Is 'mó droch chleas grána do h-imireadh ar mhuíntir na h-Éirean. Donchadh: Mar is eól duit, do bhain an Yank oileáin na bhPilipíneach de'n Spáinn beagán aimsire ó shin. Tá greim anois ag an Yank ar na h-oileánaibh agus an bhfuil fhios agat cad 'tá aige 'á dhéanamh? Ní foláir leis, cóir cam díreach, a chur fhiachaibh ar muintir na n-oileán san an chaint atá ar eólus acu, an chaint atá 'na mbéalaibh acu leis na céadtaibh blian, í chur uatha, agus Béarla ghlacadh 'na h-inead. Tadhg: Achaidhe! Airiú nách luath a thusnuig an Yank ar a dhúchas a thaisbeáint! Cad ré an locht atá ar an gcaint a bhí sa n-áit riamh? Donchadh: Cá bh'fhios d'aoinne eile sin? Ní'l aon locht uirthi, ach an Yank a bheith na bhastún mar ba dhual athar agus seanathar dó bheith. Tá fhios ag an saoghal nách féidir rud de'n tsórd san a dhéanamh le h-aon treabhchas daoíne gan a n-aigne do dhalladh agus a gcial do leathadh ortha. Tá an cleas d'á imirt ar mhuíntir na h-Éirean leis na céadta blian agus tá a rian ortha. An chuid acu gur chuaidh an cleas i bhfeidhm ortha is amhlaidh atáid siad anois agus gan so 'na sud acu, ar aon tslacht. Sin mar a bheidh an sgéal leis ag muíntir na n-oileán úd thoir. Beid siad' ar feadh tamail, ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh Béarla an Yank do labhairt. Ansan
b'fhéidir go mbeidís tamal eile ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh dul siar airís ar a gcaint féin. Ar ball beid siad gan caint, gan teanga. Tadhg: 'Seadh, agus gan fiacala. Donchadh: Díreach! Agus nuair a bheid siad gan fiacala beid siad ar chúl cínn ag gach aon bhastún a thiocfidh crosta ortha. Tadhg: Fé mar atá muíntir na h-Éirean anois. B'fhéidir, a Dhonchadh, gur chuige sin atá an Yank. "Ní'l sprid 'ná púca gan fios a chúise aige féin." Tá fhios ag an Yank conus mar a baineadh na fiacala as an Éireanach nuair a baineadh a chaint nádúrtha féin as a bhéal; conus mar a deineadh beithígheach mín macánta dhé, i dtreó go bhféadfadh leanbh breith ar cheann air agus é chur fé ualach agus obair a bhaint as. Is maith atá 'fhios ag an Yank gur 'mó obair de'n tsórd san atá bainte aige, thall i n-America, as an mbeithígheach mbocht gan chaint gan fiacala, le cheithre fichid blian. Níor bh' aon iongna liom dá gceapadh sé i n'aigne gur mhaith agus gur bh' áiseach agus gur thairbhtheach an rud dá dtiocfadh leis tuile beithígheach de'n tsórd san d'fhághail ins na h-oileánaibh úd thoir, go luath sa n-aimsir atá chúghainn. Má's bastún an Yank bastún gasta iseadh é. Donchadh: Greada chuige, an dranaire caochshrónach ! Má 'sí sin aigne atá aige cad chuige dhó bheith coit- chanta ag maoídheamh as a dheaghchroídhe? Tá an saoghal bodhar aige 'ghá chur 'na luighe orainn ná fuil uaidh ar fad ach an chine daona go léir do thógáilt suas, dá bhféadadh sé é, chun saoírse agus chun saidhbhris agus chun deaghnós. Tadhg: Ná déin eugcóir air, a Dhonchadh. Siné díreach atá uaidh, ach é féin a bheith sa bhraiciol ar an gcine daona go léir. Donchadh: An bastún!
FEIS NA MÚMHAN. Tadhg: Cad é an saghas cainte é seo airíghim i dtaobh Feise na Múmhan, a Dhonchadh? Donchadh: Ó 'seadh ; gur baoghal go gcaithfar eiríghe as an bhFeis toisg gan an t-airgead a bheith ann. Ambasa ach siné airíghim. Leanan cosdas mór gnó na Feise. Ní féidir an gnó dhéanamh gan cuid mhaith airgid agus airighim ná fuil an t-airgead ag teacht isteach mar ba cheart é bheith ag teacht isteach. Tadhg: Is ait an sgéal é sin. Cathair mhór iseadh cathair Chorcaíghe agus daoíne neamhspleadhacha iseadh muíntir na catharach. Níor bh' aon iongna liom dá ndéineadh triúr nú ceathrar de'n chuid is saidhbhre acu an cosdas a ghabháil ortha féin ar fad. Donchadh: Níor bh' aon iongna leatsa é, ach is dóich liom gur bh' ana mhór an iongna leo féin dá n-iaradh aoinne ortha a leithéid a dhéanamh. Ní'l aoinne 'ghá iaraidh ortha. Ní'ltear 'ghá iaraidh ortha a dhéanamh ach cabhrú' chun an chosdais eatartha go léir, agus airíghim ná fuil san féin acu d'á dhéanamh. Tá a n-aigne tóg- tha suas chómh mór san le neithibh eile ní féidir leó cuímhneamh i n-aon chor ar ghnó Feise na Múmhan. Tadhg: Is olc an sgéal é sin, a Dhonchadh. Má 's mar sin atá an sgéal tá Corcaig meathta. Do déineadh Feis na Múmhan i gCorcaig anuirig agus arúnuirig. Bhíosann gach uair acu. Thugas fé ndeara ná raibh puínn de mhuíntir na catharach ann aon uair acu. Bhí muíntir na Gaeluinne ann ach ní raibh puínn de mhuíntir an airgid ann. Tháinig sé am aigne féin n-a dtaobh, ach níor ghéileas an uair sin dó, gur bh' amhlaidh ba lag le muíntir an airgid cómhluadar a dhéanamh leis na daoine go raibh mórán Gaeluinne acu agus beagán airgid. Má's mar a deirir atá an sgéal ní foláir géile dhó. Is iongantach an dothol a bhíon ag fear an airgid roimis an nduine gan airgead. Ní maith leis cimilt i n-aon chor leis. Tá eagal orm go bhfuil Chorcaig meathta. Donchadh: Ní dothol roimh chómhluadar le bochtaineacht agus le droch bhalcuisí is gá dhóibh a bheith ortha. B'fhéidir ná fuil an iomarca airgid ag muíntir na
Gaeluinne i gCorcaig ach mura bhfuil tá rud is feár 'ná airgead acu. Tá tuisgint agus éirim agus cúil- fhéith acu, agus tá tabhairt suas ortha. Agus má 's ag trácht ar éadach é ní gá d'aoinne aon scoran a bheith air rómpa. Gabhaid siad amach chómh glan, chómh deagh-éadaig, le h-aon aicme sa phoibilídheacht. Má's dothol roimh chómhluadar leó san a choimeádan lucht airgid i gCorcaig amach ó Fheis na Múmhan ní'l agam- sa le rádh ach, pé meatacht atá i n-aon tslígh eile ortha, go bhfuil an donas ar fad sa méid sin ortha. Ní dóich liom go bhfuil spriosán 'na bheathaig is mó 'ná an fear a déarfadh le fear eile; "Fan siar uaim! Tá níos mó airgid agamsa 'ná mar atá agat! Fan uaim siar!" Tadhg: Ó, b'fhéidir ná déarfadh amach mar sin é. Donchadh: 'Seadh, ach go mbeadh sé istig aige? Tadhg: Is 'mó rud a bhíon istig agus ná leogtar amach é. Donchadh: Mura leogtar amach sa chaint é leogtar amach sa ghníomh é; sa ghníomh a déintear nú sa ghníomh a seachantar. Táid muíntir Chorcaighe ag seachaint Feise na Múmhan. An amhlaidh is dóich leó ná fuil an Fheis uasal a dóithin dóibh? Nú murab é sin é an amhlaidh is dóich leó ná fuil an Ghaeluinn uasal a dóithin dóibh? Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, ní'l acu ach a rogha de'n dá thaobh a bheith acu agus is rogha a' dhá dhíg é. Ach tá an saoghal agus Éire ag faire ortha feasda. Bhí ar a gcumas meatacht a dhéanamh roimhe seo gan aoinne 'ghá dtabhairt fé ndeara. Má caithtear Feis na Múmhan do leogaint ar lár anois le h-easba airgid is fada fairseag a bheidh trácht agus cáine ar Chorcaig agus an mhuíntir Chorcaighe. MOLADH NÚ CÁINE. Donchadh: Ní dóich liom a Thaidhg, gur indiu 'ná indé a tusnuigheadh ar mhuíntir Chorcaighe a cháine. Tadhg: Ó tuigim. Aislinne Mhic Conglinne atá ad aigne. Is fíor dhuit é. Dhéin Mac Conglinne an donas ortha. Ach is sgéal abhfad siar é sin. Is 'mó
atharú' atá tagaithe ar Chorcaig agus ar mhuíntir Chorcaighe ó aimsir Mhic Conglinne. Donchadh: Má 'seadh féin féuch gur b' é an cáine céadna a thuileadar an uair sin atá acu 'dá thuileamh anois. Tadhg: Conus é sin? Donchadh: Is mar gheall ar a spriúnlaitheacht a cháin Mac Conglinne iad, agus is mar gheall ar spriún- laitheacht atáthar 'ghá gcáine anois. Má bíodar spriúnlaithe an uair sin agus má táid siad spriún- laithe anois, cé fhéadfidh a rádh ná fuil spriúnlaitheacht i gCorcaig i gcaitheamh na h-aimsire go léir, ó aimsir Mhic Conglinne go dtí anois! Bhíos ag caint, cúpla lá ó shin, le daoíne go bhfuil aithne mhaith acu ar Chorcaig agus ar mhuíntir Chorcaíghe, agus do h-ínseadh dom rud a chuir iongna orm. Do h-ínseadh dom go bhfuil sa chathair sin Chorcaighe, anois féin, a lán daoíne agus gan 'ghá mbaint de'n tsaoghal ach an obair seo na Gaeluinne bheith ag dul ar aghaidh agus ag dul chun cínn. Tá a leithéid sin de ghráin acu ar an nGaeluinn go dtagan buile feirge ortha gach aon uair airíghid siad aon fhocal di. Do mhúchfidís fé thalamh í, gan cheithre h-uaire fichid de cháirde thabhairt di, dá bhféadfidís é. Ní'l aon mhaith inti, dar leó. Ní'l aon tairbhthe inti. Tadhg: Cad é an tairbhthe atá uatha inti? Donchadh: Ní caint chun ceanaígheachta í. Tadhg.: Ní caint chun ceanaígheachta mo phaidireacha. An caint gan tairbhthe iad! Ní caint chun ceanaígh- eachta an Teagasg Críosdaíghe. An caint gan tairbhthe é! Ní caint chun ceanaígheachta, ba dhóich liom, an Bíobla. An bhfágan san gur caint gan tairbhthe é! Má fhágan, "Is baoith a chaitheadar asboil an Rígh a gcuarda." Donchadh: Is dócha, má's caint gan tairbhthe do phaidireacha, a Thaidhg, gur tu féin atá cionntach leis. I dtaobh an Teagaisg Chríosdaíghe agus an Bhíobla, ní fheadar an ortha a bhíon aigne na muíntire a bhíon ag lochtú' na Gaeluinne mar gheall ar cheanaígheacht. Tadhg: Ambriathar nách ortha. Is amhlaidh mar a bhíon an sgéal ag na daoíne adeir ná fuil aon mhaith sa Ghaeluinn toisg gan í bheith 'na teangain mhaith chun
ceanaígheachta, bíd siad ag caint agus ní bhíon aon phioc d'á fhios acu cad é an brígh a bhíon le n-a gcaint. Is cuma leó ach bheith ag rádh na bhfocal fé mar air- ighid siad iad. Tá an Ghaeluinn go maith chun sgéaluigheachta. Tá sí go maith chun gach sórd seanachuis. Tá sí go maith chun gach eóluis a theagasg, ar dhíacht nú ar dhaonacht. Níor labhradh riamh teanga dob fheár 'ná í chun filídheachta. Cad a bhéarfadh ná beadh sí go maith chun ceanaígheachta leis dá gcuirti chun na h-oibre sin í? B'fhéidir dá gcuirtí go mbeadh an buadh aici sa n-obair sin fé mar atá ins na h-oibreachaibh eile. Donchadh: B'fhéidir é. Ach bheadh an tseamróg agat dá bhféadfá an méid sin a chur 'na luíghe ar chuid de mhuíntir Chorcaighe. Tadhg: Ní thabharfad féi. Donchadh: Agus cad a dhéanfir leó? Tadhg: Déanfad iad a cháine nuair a bheidh cáine tuílte acu, agus ansan déanfad iad a mholadh má thuilid siad moladh uaim. Bíodh a rogha acu. IS DEAS AN BUACHAIL TU. Donchadh: Ní dóich liom, a Thaidhg, go mbeidh ort a thuile spídiúcháin 'ná cáinteacháin a dhéanamh ar mhuíntir Chorcaighe. Airíghim go bhfuil an t-airgead chun cosdais Feise na Múmhan ag teacht isteach go tiugh. Tadhg: B'fhéidir gur dhéinamair éugcóir ar mhuíntir Chorcaíghe. Tá oiread san rudaí 'ghá gcur amú le tamal go mb'fhéidir gur b'amhlaidh nár chuímhníghdar ar an bhFeis i n-aon chor. Bhí an cur-anáirde (Exhibition) mór acu, agus cuaird an rígh, agus na teidil mhaitha so a fuaradh, agus fiche rud. Bhí "an chú 's an cat 's an giorfhiadh ar aon úrlár" acu. Ní h-aon iongna go ndearódhfidís Feis na Múmhan. B'fhéidir go ndéan- fidís rud maith feasda ó 'tá an dearmhad san leighiste. Is minic a dhéineadar rud maith nuair a curfí os a gcómhair go cruinn cad da cheart dóib a
dhéanamh agus nuair a taisbeánfí dhóibh cad é an chúis gur ceart dóibh é dhéanamh. Tá daoíne i gCorcaig, mná agus fir, chómh dílis agus gheabhthí i n-aon áit i n-Éirinn iad, nú dá n-abrainn ar fuid an domhain, daoíne a dhéanfidh an rud is ceart a dhéanamh, agus a dhéanfidh é gan aon lóipín fhágáilt air, ach go dtuigfid siad na n-aigne gur b'é an ceart é. Donchadh: Á, a Thaidhg, is deas an buachail tu! Mac Conglinne agat d'á thabhairt do mhuintir Chorcaíghe anso an lá déanach, agus ceairt an smearaig agat d'á chimilt anois díobh. Seachain tu féin, a Taidhg. "Ní thagan an dá thráig leis an ngobadán," agus ní lúgha 'ná mar a thiocfidh an dá thráig leat-sa. Do cháinis muíntir Corcaíghe anso an lá déanach. Ní raibh focal agat le rádh 'na dtaobh ach an focal ba mheasa a thiocfadh chun do bhéil. Ansan dúbhairt duine éigin leat go raibh an t-airgead ag teacht isteach, agus anois ní'l focal agat le rádh 'na dtaobh ach focal is feár 'ná chéile. Deirim leat, a Thaidhg, d'á shleamhaine é an smeara gur rud contabharthach é. Ní déarfinn 'na go mb'fhéidir gur 'na shleamhaine is mó atá a chontabhairt. Ní rud cialmhar duit bheith tamal ag spídiúchán ar dhuine agus ansan tamal eile ag cimilt bhaise dhé. Má thuigid muíntir Chorcaíghe gur plámás agus cimilt bhaise atá ar siúbhal indiu agat ní chuirfid siad puínn suime sa spídiúchán a dhéinis indé ortha. Tabharfid siad "Tadhg an dá thaobh" ort. Tadhg: Bheadh an chaint sin cruínn go leór, cialmhar go leór, a Dhonchadh, dá mba ná beadh i gCorcaig ach aon tsaghas amháin daoíne. Níor bh'fhéidir moladh agus cáine thabhairt dóibh i n-aonfheacht dá mb' eadh. Ní gá dhuit bheith ag cur plámáis am leith, 'ná ag cur cimilt bhaise am leith. Má mholaim duine agus má tá an moladh tuílte aige ní plámás an moladh san. Má cháinim duine agus má tá an cáine tuílte aige ní dhéinim éugcóir air. Ní h-iad an mhuíntir a cháineas an lá déanach atá agam 'á mholadh indiu. Tá an t-airgead ag teacht, mar a deirir. Cuirfidh mé geall leat nách ó'n muíntir a cháineas-sa atá an t-airgead ag teacht. Dhéanfadh aoinne dearmhad. Nuair a curfí ar a shúilibh dó é do leighisfadh sé an dearmhad. Tá a lán daoíne i gCorcaig atá 'ghá
dhéanamh san anois. Dúbhart, an lá déanach, agus deirim indiu airís é, go bhfuil daoíne saidhbhre i gCorcaig agus go bhfuil gráin acu ar an nGaeluinn. Má 's dóich leó gur plámás é sin bíodh sé acu. CONAS AN OBAIR A DHÉANAMH. Donchadh: Féuch, a Thaidhg, an bhfuil fhios agat cad a chuirean lán mo chroídhe d'iongna orm féin? Tadhg: Sdó tá oiread neithe ag cur iongna ort ó am go h-am, ní h-uiriste do dhuine aon tuairim a thabhairt do'n rud is mó bheadh ag cur iongna ort indiu seachas indé. Cad 'ta ort anois? Donchadh: 'Neósfad-sa san duit. Tá a lán daoíne ag obair anois ag saothrú' na Gaeluinne. Táid siad go léir ag obair go dian agus go dítholach. Tá aon nídh amháin curtha rómpa acu go léir, 'sé sin, an Ghaeluinn a choimeád beó, í choimeád d'á labhairt ó bhéulaibh daoíne. Tá sí d'á labhairt fós go bríoghmhar ó bhéulaibh daoíne i n-a lán áiteana i n-Éirinn. Déarfá, déarfadh aoinne, ná fuil cuma is feár chun na h-oibre dhéanamh 'ná an Ghaeluinn do shaothru' go maith ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil sí d'á labhairt agus ansan i leathadh ó-s na h-áiteanaibh sin isteach ins na triúchaibh 'na bhfuil sí meathluighthe. I n' inead san is amhlaidh atáthar ag obair go dian agus go dochraideach ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil sí i ndísg agus gan, nách mór, aon stróc oibre dh'á dhéanamh ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil sí beó. Siné thoir, cuir i gcás, Baile Mhac Códa. Tá an Ghaeluinn d'á labhairt ar an mbaile sin fós chómh breágh, chómh bríoghmhar, chómh ceólmhar agus do labhradh riamh í i n-aon pháirt d' Éirinn, thoir thiar thuaig ná theas. Chómh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach ní'l críosdaighe an Luain ó Chonradh na Gaeluinne ag déanamh aon oibre sa n-áit. Nách ait an sgéal é sin! Daoíne 'ghá marbhú' féin le h-obair i n-áiteanaibh ná fuil aon fhocal Gaeluinne d'á labhairt agus gan aon tsuím i n-aon chor i n-áiteanaibh de shaghas Bhaile Mhac Códa. Tadhg: Is olc an sgéal é, gan amhras, ach tá a chúis féin leis, a Dhonchadh. Na daoíne atá 'na gcómhnuidhe
i mBaile Mhac Códa agus i n-áiteanaibh mar é, tá an Ghaeluinn chómh breágh, chómh snuidte, chómh blasta san acu nách féidir d'aoinne dul eatartha ach do dhuine go mbeadh an Ghaeluinn aige chómh maith díreach agus 'tá sí acu féin. Dá mbeadh duine ansan go mbeadh Gaeluinn aige maith go leór d' fhéadfadh sé dul isteach i n-áit ná beadh aon fhocal Gaeluinne ann agus ba dhóich le gach aoinne gur bh' fháig é. Bheadh an uile dhuine ag féuchaint suas chuige. Dá dtéadh an duine sin isteach go Baile Mhac Códa chun Gaeluinne mhúine ann is amhlaidh a bheadh gach aoinne ag magadh féi. Ní bheadh sé dhá lá ag múine ann nuair a chaithfadh sé ruith leis féin. Donchadh: Agus cad ba ghá a leithéid a chur ann? Ná féadfí duine chur ann go mbeadh an Ghaeluinn aige chómh maith agus bheadh sí ag muíntir na h-áite, nú níos feár? Ansan bheadh sé 'na mháighistir ortha. Tadhg: Is breágh bog a thagan caint chugat, a Dhonchadh. Cá bhfuil an duine sin le fághail? Aon duine ná fuair an Ghaeluinn ó n' óige is ró dheacair dó, pé tabhairt suas a bheadh air, seasamh i lathair pobuil Ghaelaigh agus Gaeluinn a labhairt leó i dtreó go gcaithfidís féuchaint suas chuige. Donchadh: Tuigim. Má's mar sin atá an sgéal ní fheicim-se go bhfuil le déanamh ach an t-aon nídh amháin. Tadhg: Cad é an nídh é sin? Donchadh: Teacht ar an bhfear is feár Gaeluinn sa phobul san agus é chur ag múine na Gaeluinne do'n chuid eile, agus tuarasdal maith a thabhairt dó. Tadhg: Dá ndéintí é sin do déanfí an obair. ÉIRIM MÚINTE. Donchadh: "Dá ndéintí é sin do déanfí an obair," arsa tusa. Agus cad 'na thaobh ná déintear é? Cad é an bac atá ar dhaoíne é dhéanamh láithreach? Tadhg: Sdó, is amhlaidh mar atá an sgéal meastar ná féadfadh aoinne múine dhéanamh mura ndéintí an cheárd a mhúine dhó féin ar dtúis. Is dóich le muíntir
Chonradh na Gaeluinne dá dtagtí mar sin ar fhear, nár fhoghluim riamh conus múine dhéanamh, agus é chur ag múine, gur bh'ionan é agus teacht ar dhuine nár fhoghluim ceárd agus é chur ag obair ar an gcéird. Ní thabharfá do chasóg le déanamh do dhuine nár fhogh- luim riamh conus snáthín a chur i snáthid. Donchadh: Ó stad, a Thaidhg. Ní mar a chéile an dá sgéal i n-aon chor. Cé mhúin an Ghaeluinn duit-se? Tadhg: M'athair agus mo mháthair agus na cómhar- sain a bhí i n-ár dtímpal. Donchadh: Díreach. Cé mhúin do t'athair agus do d' mháthair agus dos na cómharsain conus Gaeluinn a mhúine dhuit-se? Tadhg: Ambasa níor mhúin aoinne dhóibh é. Donchadh: An bhfuil aon locht ar an gcuma 'nar mhúineadar an Ghaeluinn duit? Tadhg: Ní shamhluighim go bhfuil. Donchadh: Ní shamhluighim-se leis é. Ach samhluíghim rud eile. Dá múintí an Ghaeluinn anois fé mar a múineadh dhuit-se í do fóghlumófí í fé mar fhoghlumuís- se í. Um an dtaca 'na rabhais-se deich mbliana d' aois bhí an Ghaeluinn agat chómh maith díreach agus tá sí agat anois. Dá dtusnuighthí deich mbliana ó shin ar í mhúine do mhuíntir na h-Éirean ar an gcuma 'nar múineadh dhuit-se í cad é an chúis ná beadh sí anois acu go léir chómh maith agus bhí sí agat-sa um an dtaca 'na rabhais deich mbliana d' aoís? Dá dtógtí thusa ó t' athair agus ó d' mháthair sar ar thusnuíghis ar chaint, agus tú chur isteach ameasg sgoláirí a bheadh tar éis a saoghal a chaitheamh ag foghluim conus múine dhéanamh, agus dá gcaithidís an chéad deich mbliana de d' shaoghal-sa, a Thaidhg, ag imirt na céirde ort chun na Gaeluinne mhúine dhuit bheidhfá gan Gaeluinn i n-aoís do dheich mblian duit agus bheidhfá ar bheagán Gaeluinne indiu. Tagan buile feirge orm nuair airíghim an focal so i mbeul gach aoinne acu; "Ní féidir aon chainteóir Gaeluinne chur ag múine Gaeluinne go dtí go múinfar ar dtúis dó féin conus múine dheanamh." Bheadh sé chómh maith acu a rádh, lom díreach; "Ní féidir Gaeluinn a mhúine i n-aon chor." Tadhg: Tá san go léir maith go leór, a Dhonchadh,
ach sa n-am gcéadna ní foláir duit a admháil go bhfuil a lán daoíne atá 'na gcainteóirí breághtha Gaeluinne agus dá gcuiridís chun í mhúine do dhuine ná beadh sí aige gur b' amhlaidh a chomáinfidís as a mheabhair é. Donchadh: Agus cad is gá iad san a thoghadh chun na h-oibre? Ná fuil breis agus ár ndóthin daoíne againn atá ábalta ar mhúine dhéanamh, as a dtuisgint fein amach, níos feár go mór 'ná daoíne a chaithean blianta fada ag foghluim na h-oibre? Tadhg: Is fíor é sin. Dá gcurtí iad san ag obair bheadh an rath ar an obair. FEIS NA MÚMHAN. Donchadh: Seadh, a sheana bhuachail, cad é do mheas anois ar mhuíntir na Múmhan? Tadhg: Ní raibh aon droch mheas riamh agam ar mhuíntir na Múmhan, a Dhonchadh. Bhí Muímhnig ag obair go dian ar son na Gaeluinne trí nú ceathair 'o bhlianaibh sar ar chuímhnig aon chúig' eile de chúigibh Éirean ar dhúiseacht as a gcodla. I gcaitheamh na h-aimsire sin ní raibh leabhar 'ná pápéur le léighe ag muíntir Chonradh na Gaeluinne ach an t-Irisleabhar, agus is beag má bhí aoinne ag léighe an phápéir sin féin ach Muímhnig amháin. Dob fhada gur dúisígheadh na trí cúige eile agus ba ró dheacair iad a dhúiseacht. Ní féidir d'aoinne aon droch mheas a bheith aige ar Muímhneachaibh sa n-obair seo, agus is ag dul i méid atá an meas atá acu d'á thuileamh. Donchadh: Ambriathar, a Taidhg, go bhfuil daoíne sa Mhúmhain nár dúisigheadh as a gcodla fós dá mhéid fothram atá ar siúbhal 'na dtímpal. Tadhg: Tá go deimhin. Tá daoíne agus ní dhúiseóch' teine 'ná tóirthneach iad. Ní h-aon tairbhthe bheith ag feitheamh le n-a leithéidí sin. Táid siad le fághail ins gach aon bhall. Aicme gan mhaith iseadh iad. Is cuma 'na gcodla nú 'na ndúiseacht iad i dtaobh aon tairbhthe fhéadfidís a dhéanamh. Ní fhéadaim gan gáire dhéanamh anois a's airís nuair a chím duine acu ag preabadh as a chodla agus ag cimilt a shúl. Féuchan
sé 'na thímpal ar an obair. "Ó," adeir sé, "caithfar an Ghaeluinn a choimeád beó," chómh maith agus nár chuímhnig aoinne as í choimeád beó go dtí an neómat san agus gur b' é féin an chéad duine a chuímhnig air! Donchadh: Ha, ha, ha. Ambriathar go bhfuil aithne mhaith agam ortha. Ach ní gáire a bhainid siad asam-sa. Is amhlaidh a chuirid siad fearg mo dhóithin orm. Tadhg: Sgaoíl leó. Tá ár ndóithin daoíne againn atá 'na lán dúiseacht agus iad ag déanamh na h-oibre go dian agus go dítholach agus go tuisgionach. Ní fheaca riamh fós an obair dh'á déanamh chómh dian 'ná chómh tuisgionach 'ná chómh cuthaig agus chonac dh'á déanamh í an turus so i bhFeis na Múmhan. Ní feis a bhí ar siúbhal ann ach trí nú ceathair d' fheiseanaibh móra maitha. Donchadh: Agus féuch. Dó nú trí sheachtmhainíbh roimh aimsir na Feise bhí daoíne 'ghá chuímhneamh go dúbhach go gcaithfí an Feis do leogaint ar lár agus eiríghe aiste, mar ná raibh an t-airgead ag teacht isteach chun an chosdais! Is ait mar a ghluaisighean neithe uaireanta. Tadhg: Is fíor dhuit sin. Nuair a chonac féin an focal san ar siúbhal, go gcaithfí an Fheis do leogaint ar lár toisg gan an t-airgead a bheith ag teacht isteach, dúbhart liom féin mar seo ; "Seadh," arsa mise liom féin, "Ní'l baoghal 'ná go mbeidh Feis mhór mhaith againn!" Is minic a chonac rud d'á shórd i gcaitheamh mo shaoghail. Nuair ba dhóich leat a bheadh rud caithte i leith taoibh ar fad siné an uair díreach a thiocfadh sé thas n-ais le dúbailt nirt. Donchadh: Is cuma é nú an cleamhnas a brisfí chómh briste sin gur dhóich le duine ná slánófí choidhche airís é, agus ansan gur ar éigin a bheadh do chúl leis nuair a bheadh sé déanta airís níos daingne 'ná bhí sé riamh. Acha cad is dóich leat do'n obair, a Thaidhg? An leánfar de'n obair, agus an ndéanfar í i ndeire bára? Tadhg: Is dóich liom go bhfuil sé buailte isteach go daingean i n-aigne na ndaoíne is tuisgionaíghe sa n-obair, ná fuil ag Éire ach a rogha de dhá nídh, an Ghaeluinn, a h-urlabhra féin, do choimeád 'na béul, agus seasamh ar a cosaibh féin i láthair Dé agus an
tsaoghail, nú a h-urlabhra féin do chaitheamh uaithi ar fad agus béalbhach Béarla chur 'na béul chúichi, agus ansan an marcach Gallda bheith ar a muin aici go deó deó. Má chuirean sí an bhéalbhach as a béul cuirfidh sí dhi an marcach uair éigin, luath nú mall. Má tuigtear i gceart an nídh sin leanfar de'n obair agus déanfar í i ndeire bára. "IS MAITH É AN T-EAGLA CHUR AR AN MADRA." Donchadh: Nách mór an iongna, a Thaidhg, nár tuigeadh an nídh sin fadó riamh! "Béalbhach Béarla," arsa tusa. Andaigh is tu thug an ainim cheart air. Dar ndó' tá fhios ag an saoghal, má castar ar achéile beirt, agus iad ó dhá náisiún, agus teanga fé leith i mbéal gach duine acu go mbeidh an buadh sa chaint ag an t-é acu d'fhéadfidh an chaint a chur ar siúbhal eatartha 'n-a theangain féin. Beidh an tsrian 'n-a láimh aige agus an bhéalbhach i mbéal an fhir eile. Tadhg: Siné díreach an chuma 'na bhfuil an sgéal ag muíntir na h-Éirean, a Dhonchadh, ó'n lá a leogadar do mhuíntir Shasana an chaint go léir eatartha do chur ar siúbhal sa Bhéarla. Bhí, agus tá fós, an bhéalbhach i mbéal an Éireanaig agus an tsrian i láimh an tSasanaig. Bhí an buadh ag an Sasanach sa chaint. Ní fhéadfadh gan a bheith. Bhí ar a chumas an dubh a chur 'n-a gheal ar an Éireanach, i n-Éirinn agus i Sasana agus ós cómhair an domhain go léir. Gan amhras d'eírig, ó am go h-am, foth Éireanach a chuir eólus chómh maith san ar an mBéarla go raibh sé níos cliste air 'ná an Sasanach féin. Ach ba shuarach le rádh foth dhuine de 'n tsórd san nuair a bhí an náisiún go léir ag brath ar an mBéarla bhriste. Dá mbeadh saidhbhreas an domhain agat agus an t-éadach is uaisle le fághail umat, agus fáinní óir ort, agus tig agat chómh greanta le pálás an rígh, agus ansan, nuair a labharfá, gur b'é rud a thiocfadh as do bhéal 'ná Béarla briste, ní fhanfadh blúire meas' ag aon tsaghas duine ort, óg 'ná aosda, bocht 'ná saidhbhir, uasal 'ná
íseal. Ní'l aon tsaghas cainte sa domhan is gráinne 'ná Béarla briste na h-Éirean. Ní'l le fághail ag an t-é a labhran Béarla briste na h-Éirean ach droch mheas agus tarcuisne pé taobh 'na dtugan sé aghaidh. Béalbhach chruaidh dhaingean, i mbéal an Éireanaig, iseadh an Béarla briste. Tá an bhéalbhach san tar éis an Éireanaig a chur, ní h-amháin fé chosaibh an tSasanaig i n-Éirinn, ach fé chosaibh gach duine de shliocht an tSasanaig ar fuid an domhain. Donchadh: Dar ndó', a Thaidhg, is 'mó duine i n-éagh- mais an Éireanaig a labhran Béarla briste. Nuair a thagan an Francach nú an t-Almáinneach anall go Lúnduin labhraid siad Béarla briste, briste go maith leis. Agus féuch, ní chuirean an Béarla briste sin aon droch mheas ortha. Tadhg: Ní chuirean, mar tuigean an Sasanach, nuair airíghean sé an Béarla briste sin ag teacht a' béal an Fhrancaig, go bhfuil rud nách é sin istig ag an bhFrancach san, go bhfuil a chuid Fraincise istig aige, Fraincis breagh, blasta, ceólmhar, gunta, caint atá níos treise agus níos géire agus níos líomhtha 'ná an Béarla is feár a labhradh i Sasana riamh. Nuair a bhíon an chaint líomhtha bíon an aigne líomhtha, agus is cóir eagla bheith roímpi. Tuigean an Sasanach an méid sin agus bíon eagla aige roimis an bhFrancach agus a chuid Béarla briste, nú roimis an Almáinneach agus a chuid Béarla briste. Ach nuair airighean an Sasanach an Béarla briste as béal an Éireanaig ní bhíon aon eagla aige roimis mar tá fhios aige ná fuil aon chaint eile sa bhéal san ach an Béarla briste sin. Níor thug an Sasanach riamh fós aon rud ach tarcaisne do'n t-é ná féadfadh eagla chur air. Bíon ana uraim aige do'n t-é 'na mbíon an t-eagla aige roimis. Ní gá dhó choídhche aon eagla bheith aige roimis an Éireanach an fhaid ná beidh ag an Éireanach ach an Béarla briste. Ní bhíon lastiar de chaint bhriste ach aigne bhriste. Ní baoghal d' aoinne an aigne bhriste sin. Ní'l bac ar gach aon ghiola-mo-leithéid gabháil do chosaibh inti. Ní fheadar an domhan cad a dhall muíntir na h-Éirean! Donchadh: Tá geara-chuid acu dall go maith fós féin.
CEISD. Tadhg: Tá gan amhras, a Dhonchadh, cuid acu dall go maith fós, agus mar a deirir, ní cuid bheag é. Ach is ró gheár an aimsir atá ó bhíodar go léir dall ar fad, gan oiread agus aon léus amháin radhairc 'na gceann. Donchadh: Siné a mhillean mé. Cad fé ndeár an daille? Nár chóir go dtuigfadh an t-é is lúgha tuis- gint gur b' iad "daoíne is lúgha cial i n-Éirinn na daoíne atá gan Bhéarla gan Ghaeluinn"? Ní'l aon mheas ag aoinne ortha. Ní'l bluíre eagla ag aoinne rómpa. Ní féidir dóibh choídhche aon tógáil cínn fhághail amuich ná i mbaile. Agus féuch, a Thaidhg. Ní mór le rádh an obair atá déanta fós againn do'n Ghaeluinn, ach d'á luighead a tá déanta ambriathar mhóide go bhfuilim 'ghá thabhairt fé ndeara cheana féin go bhfuil sgáth agus eagla ag teacht ar lucht Béarla roimis an muintir atá ag foghluim na Gaeluinne agus 'ghá labhairt. Tá an mhórchúis ag imtheacht de lucht an Bhéarla. Dá mba thall i Sasana féin é airíghim go bhfuil atharúghadh mór ag teacht go tiugh ar an dá thaobh ann, meas ag teacht ag muíntir na Gaeluinne ortha féin, agus uraim ag teacht ag muín- tir an Bhéarla dhóibh. Dá mbeadh an obair seo na Gaeluinne ar siubhal le céad blian nú le cúpla céad blian ní geabhfí de chosaibh i muíntir na h-Éirean mar a gabhadh. Cad a dhall sinn le dhá chéad blian? Tadhg: Sin ceisd nach fuiriste a réidhteach, a Dhonchadh. Is dóich liom go raibh a lán neithe ag cur le chéile chun sinn a dhalladh. Nuair a tháinig Crumuil agus a shluagh ropairí anso anall go h-Éirinn cheapa- dar 'na n-aigne an Creideamh a mhúchadh i n-Éirinn, cóir cam díreach. Bhíodar tar éis an chínn a bhaint de'n chéad Chormac. Thóg Éireanaig páirt le Séamus, mar, dar leó, chosanóch' Séamus an Creideamh dóibh. Spriosán ab eadh Séamus agus thug muíntir na h-Éirean air an ainim ghrána a thuíl sé. Nuair a thuit Luimneach d'imthig fir armtha na h-Éirean anonn sa bhFrainc agus sa Spáinn agus do fágadh Éire fé chosaibh a namhad. Ansan iseadh tháinig an léirsgrios
ar fad. Do sgaoíleadh amach ar fuid na h-Éirean sluagh bitheamhnach, dríodar catharach Lúnduin, agus dúbhradh leó aoinne ná séanfadh a Chreideamh é mharbhadh láithreach. Dhéineadar an marbhadh go fonmhar. Mhar- bhuighdar óg agus aosda, fir agus mná, cailíní agus buachailí. Mharbhuighdar an uile rud i bhfuirm duine de shliocht Gaodhal d'ár fhéadadar teacht suas leis. Do theip ortha ámhthach a chur fhiachaibh ar aoinne an Creideamh do shéanadh. Chuir san lucht an Phárlimínt ar buile. Thugadar órdúghadh, nuair ná h-iompóch' muíntir na h-Éirean ó'n gCreideamh, iad a dhísgiúghadh ar fad. Ansan do ghluais an marbhadh go dtí ná raibh de shliocht Gaodhal beo i n-Éirinn ach tímpal le h-oiread daoíne agus atá ag labhairt na Gaeluinne anois i n-Éirinn. Bhí an tír go léir nách mór folamh ó dhaoíne. Ansan do tugadh anall ó Shasana agus ó Albain daoíne go raibh an creideamh Gallda acu agus do tugadh an talamh dóibh. Donchadh: Aililiú! Agus conus a thárla go raibh naoi milliúin de Chaitilicíbh Gaodhalacha i n-Éirinn sar a dtáinig an dubh ar na prátaí! Tadhg: Bhí cúis mhírbhúilteach leis. B' é toil Dé, na daoine a tugadh anall chun na tíre d'áitreabh i n-inead na ndaoíne a marbhuígheadh go dtáinig droch h-aicíd uathbhásach ortha a mhairbh iad 'na míltibh go mb'éigion d'ár fhan beó acu ruith le 'n-anam as an dtír. An t-é go dtagadh an aicíd air is amhlaidh do lobhadh a chroicean agus a chuid feóla d'á chnámhaibh. Feuch, sin leabhar* agat agus léig é agus tabharfidh sé an cúntas go léir duit. Caithfar an chuid eile de réidhteach na ceiste d'fhágáil go dtí an tseachtmhain seo chugainn. AN DALLADH. Donchadh: Seadh ansan tu, a Thaidhg. Cad fé ndeár an dalladh? Cad a dhall muíntir na h-Éirean i dtaobh na Gaeluinne agus a chuir fhiachaibh ortha bheith ag brise a gcroídhe a d'iaraidh í chaitheamh uatha agus an Béarla briste ghlacadh 'n-a h-inead? *History of the persecutions suffered by the Catholics of Ireland under Cromwell and the Puritans. By the Rev. P. F. Moran, Convent of Mercy, Callan.
Tadhg: Nuair a bhí, mar adúbhart leat, Éire folamh ó dhaoíne ach pé dríodar beag de'n tseana shíolrach a bhí i bhfolach i gcnucaibh agus i gcoilltibh, do thuit nídh eile amach. Bhí a bpágh gan díol leis na saighdiúiríbh agus leis na h-oificeachaíbh a bhí tar éis seirbhíse cogaidh a dhéanamh i n-Éirinn do Chrumuil agus do'n Phárlimint. Ní raibh an t-airgead ann chun iad a dhíol. Níor déineadh ach talamh na h-Éirean do raint eatartha. Ansan ní raibh aon mhaith dhóibh sa talamh mura bhféadfí daoine fhághail do shaothróch' an talamh. Ní thiocfadh aoinne anall ó Shasana 'ná ó Albain chun an tailimh do shaothrú' mar bhí an sgannra ortha roimis an aicíd úd. I ndiaig ar ndiaigh b'éigion an méid a bhí beó de mhuíntir na h-Éirean féin do thabhairt amach as na cnucaibh agus as na coilltibh agus an talamh a chur chúcha ar chíos agus leogaint dóibh é shaothrú'. Ar an gcuma san do shocaruigh na daoíne ar an dtalamh agus chómh luath agus shocaruighdar do mhéuduighdar go tiugh. Sin mar a thárla naoi miliúin acu bheith i n-Éirinn nuair a tháinig an dubh ar na prátaí. Ach tuig an méid seo, a Dhonchadh. Bíodh gur socar- uígheadh ar an dtalamh iad chun an tailimh a shaothrú' agus chun an chíosa dhéanamh do'n mháighistir, níor tugadh aon tsaghas cirt dlíghe dhóibh. Ní raibh bac ar an máighistir iad do chaitheamh amach as a dtighthibh aon lá ba mhaith leis. Ní raibh bac air an cíos d'árdú' ortha chómh minic agus ba mhaith leis é. Níor bh' aon tairbhthe dhóibh gearán a dhéanamh. Bhí an dlígh go léir i bhfabhar do'n mháighistir agus i gcoinnibh na ndaoíne. Bhí cumas bháis agus bheatha ag an máighistir ar na daoíne. Ní raibh an sgéal abhfad ar an gcuma san nuair fhás, nídh nár bh'iongna, an uile shaghas uilc as. Chrom na máighistirí ar bheith ag cur na ndaoíne ag formad le chéile féuchaint cé ba mheasa leis an máighistir, agus chrom na daoíne ar bheith ag canntáil an tailimh ar a chéile mar níor fágadh aon tslígh bheatha eile acu. Ba gheár gur chuir an formad agus an canntáil an cíos suas ortha go dtí gur fhás an sean fhocal acu:- "Gorta agus ceairte a dhéinean cíos." Bhíodar sásta, agus ba chreideamhaint leo é, bheith ag obair ó
dhubh go dubh ar bheagán bídh agus fé bheagán éadaig, ach go bhféadfidís an cíos a dhéanamh. Nuair a bhí croídhe agus aigne na ndaoíne briste brúighte ar an gcuma san i dtreó nár thuigadar féin cad é an cos ar bolg a bhí déanta ortha agus d'á dhéanamh ortha, isé rud a tháinig as dóibh fé dheire nár fhan aon mheas acu ar aon nídh a bhain leó féin, ar aon nídh Gaedhlach. Chonacadar os cómhair a súl, gach aon lá 'n tseachtmhain, ná raibh aon tógáilt cínn le fághail choídhche ag aoinne ach ag an nduine go mbeadh focailín éigin Béarla aige. Dá mba Bhéarla briste féin é b' fheár é 'ná an Ghaeluinn, dar leó. Nuair a chuaidh an méid sin 'na luíghe ar a n-aigne bhí an dalladh déanta. Donchadh: Bhí, agus níor dhalladh go dtí é. Tadhg: Agus, mar a dúbhraís, tá cuid acu dall go maith fós. Tá cuid acu chómh dall san gur baoghal ná tiocfidh an radharc ceart go deó dhóibh. Donchadh: Ná bac san. Tá an solus ana láidir, agus ag neartú' iseadh 'tá sé. LÁMH DÉ. Tadhg: Is fíor dhuit sin. Tá an solus ana láidir, agus ag neartú' atá sé. Ní beag de chómhartha ar an neartú' san an tsochraid seo a bhí againn le déan- aíghe. Donchadh: 'Seadh, sochraid an Athar Eóghan. Ba mhór an radharc í. Ní fheadar an raibh aon choinne aige féin riamh go mbeadh a leithéid de shochraid aige. Tadhg: Nuair a thug sé aghaidh ar an obair do chonaic sé go dian mhaith cad a bhí roimis. Bhí fhios aige ná raibh duine i n-Éirinn, go mór mór, aon duine bunúsach, ná déarfadh láithreach ná raibh sa n-obair ach fiantas. Chonaic sé an uile dhuine go raibh aon ghustal aige, ag ruith i ndiagh galántachta Shasana. Chonaic sé na daoine bochta ná raibh aon ghustal acu, ag brise a gcroídhe ag ruith i ndiagh na ndaoine go raibh. Chonaic sé, ar an gcuma san, clana Gaedhal go léir ag sodar sa lathaig le sálaibh Shasana agus gan aon mheas i n-aon chor acu ar Éirinn ná ar aon
nídh a bhain léi. Thuig sé i n' aigne, dá leanadh an dul amú san ar feadh tamail eile, dá leanadh sé go dtí go mbéarfadh an bás leis an cainteóir déanach Gaeluinne, go mbeadh clana Gaedhal sa lathaig go deó, ag sodar le sálaibh Shasana. Thuig sé rud eile. Thuig sé go raibh an dul amú chómh tiubaisteach san, chómh coitchianta san, chómh ceapaithe sin, nár bh'fholáir do dhuine croídhe leóin a bheith aige chun aon iaracht a dhéanamh ar chosg a chur leis agus ar mhuíntir na h-Éirean d'iompáil ar a leas. Bhí fhios aige go maith go mbrisfadh an obair a chroídhe sa león bhuidhe féin. Thuig sé go dian mhaith go marbhóch' an obair é. Ach do thuig sé gur mhó d' olc an dul amú do leogaint ar aghaidh 'ná pé rud d' imtheóch' air féin. Thug sé aghaidh ar an obair. Dúbhairt gach aoinne go raibh sé as a mheabhair. Níor chuir sé suím sa chaint. Do lean sé ar an obair go dtí gur bhris croídhe an leóin. Ní'l aon phioc d'á mhearathal orm, a Dhonchadh, ná gur thuig sé, sar a bhfuair sé bás thall sa dúthaig iasachta, go raghadh a shaothar chun cínn agus go gcurfí cosg leis an ndul amú. Agus nuair a thuig sé an méid sin ní fhéadfadh sé gan a thuisgint, nuair a chasfadh muíntir na h-Éirean ó'n ndul amú, go dtuigfidís láithreach cé thusnuig ar iad do chasadh. Isé mo thuairim, a Dhonchadh, go raibh gach aon choinne aige go dtabharfí abhaile go h-Éirinn a chnámha agus go mbeadh sochraid mhór 'ghá dtabhairt abhaile. Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Pé rud a thuig sé 'ná nár thuig sé, níor thug aon fhear riamh aghaidh ar a leithéid d' obair, agus an saoghal mór ceann ar aghaidh 'na coinnibh mar a bhí, mara mbeadh gur sprioc Dia chuige é, moladh go deó leis! Tadhg: Siní an chaint! Níor thug agus ní fhéadfadh a thabhairt. Agus rud eile dhé. Dá dtugadh aon fhear aghaidh ar a leithéid d' obair gan Dia 'ghá spriocad chuige is amhlaidh a mharbhóch' sé é féin agus ní bheadh blúire tairbhthe déanta aige. Ach nuair a spriocan Dia duine chun oibre dhéanamh cabhruighean Dia leis an nduine sin sa n-obair sin. Ní h-aon iongna ansan pé rud imthíghean ar an nduine go dtéidhan an obair chun cínn. Donchadh: Dar fiadh, a Taidhg, ach is dóich liom, dá
mb' é bás an duine é, go gcuirean sé an obair chun cinn oiread agus a chuir saothar a bheatha chun cínn í. Tadhg: Nuair a bhíon lámh Dé sa n-obair cuirean gach aon rud an obair chun cínn. Donchadh: Tá gach aon rud ag cur na h-oibre seo na Gaeluinne chun cínn pé 'n Éirinn é, moladh go deó le Dia! RATH AN SGÉIL. Tadhg: Is doimhinn an focal é siúd adúbhraís anso an lá déanach, a Dhonchadh, agus go deimhin ní dóich liom gur thugais féin fé ndeara méid an doimhnnis a bhí ann. Donchadh: Cad é an focal é, airiú? Pé rud adúbhart ní cuímhin liom go raibh aon doimhnneas mór mar sin i n-aon rud d'á ndúbhart. Tadhg: Dúbhraís, dá mb'é an bás féin do theacht ar dhuine é, go gcuirean sé an obair chun cínn oiread agus chuir saothar a bheatha chun cínn í. Donchadh: Dá n-abrainn go gcuirean a bhás an obair chun cínn níos mó 'ná mar a chuir saothar a bheatha chun cínn í bheadh an ceart agam i dtaobh sochraide an Athar Eóghan. Is mó an spionadh chuir an tsochraid sin i n-obair na Gaeluinne, is mó an leathadh a thug sí do'n obair, is mó a tharaig sí súile na nGaedhal ar an obair, amuich agus i mbaile, is mó a sprioc sí aigne na nGaedhal chun na h-oibre dhéanamh, 'ná mar a dhein aon phioc de shaothar an Athar Eóghan, ní h-eadh ach a shaothar go léir, i gcaitheamh a bheatha. Tadhg: Is fíor san, agus siné an chúis go ndúbhart gur dhoimhinn an focal a dúbhraís an lá déanach. Nuair a fuair an t-Athair Eóghan mac an Ghamhna bás do cheap gach aoinne go raibh deire leis an obair. Ba dhóich le h-aoinne gur cheart go mbeadh. Cad a bhí chun na h-oibre choimeád ar siúbhal nuair a bhí an t-é chuir ar siúbhal í imthighthe? Bhí 'fhios ag gach aoinne gur bh'é a dhíthol féin í choimeád ar siúbhal an fhaid a mhair sé. Cad a bhí chun í choimeád ar siúbhal 'n-a dhiaig? Cé mheasfadh go ndéanfadh a bhás í choimeád ar siúbhal? Cé mheasfadh go ndéanfadh a shochraid fuinneamh níos mó chur inti 'ná mar fhéad sé féin riamh a chur inti an fhaid a bhí sé beó?
Donchadh: Mara raibh mo chaint-se doimhinn tá do cheist-se doimhinn. Ní dhéinean an bás rud de'n tsórd san i gcómhnuíghe. Déinean sé a mhalairt díreach. Isé ár n-eólus riamh, má bhíon obair ar láimh ag duine agus ná féadfadh aon duine eile an obair sin a dhéanamh, má gheibhean an duine sin bás go stadan an obair ar an áit sin. Tadhg: Tá obair agus obair ann, a Dhonchadh. Nuair a thugan leamhnú' Dé radharc do dhuine ar obair mhór phoibilídhe, ar obair atá riachtanach do'n náisiún go léir, agus nuair a spriocan Dia an duine sin chun na h-oibre sin do dhéanamh, ar mhaitha leis an náisiún, gan aon bhlúire tairbhthe saoghalta dhó féin, ach a mhalairt, duagh agus trioblóid agus brise croídhe agus brise sláinte agus dealbhas, agus bás i ndeire na dála, tagan iongna ar dtúis ar na daoíne a chíon an sgéal. Is ró dheacair leó a thuisgint conus fhéad- fadh duine é féin a mharbhú' le h-obair agus gan pioc d'á bhár aige. Ar ball nuair a chíd siad marbh dáiríríbh é agus nuair a thuigid siad gur ar mhaitha leó féin a thuit sé leis an obair, tagan árd uraim acu dhó agus árd chion acu air. Ní stadan an sgéal sa n-áit sin dóibh. Ní fhéadaid siad gan féuchaint isteach sa n-obair féuchaint an fíor go bhfuil an tairbhthe go léir inti. Osgalan san a súile dhóibh. Chíd siad tairbhthe na h-oibre. Chíd siad conus mar a bhíodar go léir ag ruith le fánaig ar a n-aimhleas. Chíd siad an deire tiobaisteach a bhí rómpa agus a bhí i n-áirighthe dhóibh go léir, agus i n-áirighthe go luath dhóibh, dá leanaidís an tslígh a bhí acu agus an fuadar a bhí fútha. Chíd siad ná raibh aon bhreith acu ar chasadh ó'n slígh sin 'ná ar bhaint ó'n bhfuadar san mara mbeadh an t-aon fhear amháin sin agus an obair a dhéin sé. Chíd siad gur thug sé a anam chun iad d' iompáil ó n-a n-aimhleas. Ansan ruithid siad agus tógaid siad a chnámha as an uaig, abhfad siar sa dúthaig iasachta, agus tugaid siad leó abhaile iad, le h-onóir agus le sochraid mhór, agus - rath an sgéil go léir - socaruíghid siad a n-aigne chun na h-oibre thusnuig seisean do chur chun cínn go beacht. Donchadh: Tá go maith. Ach nách mó duine a dhéin obair mhór mhaith agus gur fágadh a chnámha sa dúthaig iasachta?
"IS BUAN FEAR 'NA DHÚTHAIG." Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Tá obair an Athar Eóghan déanta. Tá a chnámha tabhartha abhaile go h-Éirinn agus onóir mhór tabhartha dhó, agus sochraid mhór. Ach ní fheicim-se gur ró mhór an tairbhthe an tabhairt amach go léir 'ná an obair seo go léir atá ar siúbhal i dtaobh na Gaeluinne. Tadhg: Achaidhe! Airiú cad é seo anois ort? Donchadh: Tá mo dhá dhóithin orm. Cad é an tairbhthe dhúinn go léir beith 'ghár marbhadh féin ag saothru' na Gaeluinne agus gur geár, do réir an fhuadair atá fé mhuintir na h-Éirean, ag imtheacht 'na sluaighte thar na fargíbh, ná beidh duine de shliocht Gaedhal i n-Éirinn chun na Gaeluinne do labhairt. Is ait a bheidh an sgéal againn ar ball, an Ghaeluinn againn agus gan aoinne againn a labharfadh í! Tadhg: Bím féin ag cuímhneamh ar an dtaobh san de'n sgéal go minic, a Dhonchadh, agus bíon sé ag déanamh buartha dhom ar a lán slighthe i n-éagmuis an díobhála atá aige dh'á dhéanamh do'n Ghaeluinn. Táid na daoíne, mar a deirir, ag imtheacht 'na slóightibh thar na fargibh agus ní thugaid siad uain dóibh féin ar chuímhneamh i n-aon chor roim ré ar cad 'tá rómpa thall. Dá mbeadh 'fhios acu cad 'tá thall rómpa ní bheadh oiread dithinis anonn ortha. Is mór an truagh iad; buachailí óga nár dhein riamh sa bhaile oiread agus aon lá amháin d'aon obair go bhféadfí sclábhui- gheacht dhian a thabhairt uirthi, ag dul siar go h-America agus ag luíghe isteach láithreach i n-obair mharbhuightheach, fé spéir mhí-nádúrtha, gan truagh ná taise dhóibh ach oiread agus dá mbeidís déanta d'iaran. Donchadh: Dar fiadh ach ní h-é sin an ceann is measa dhé. Bíd siad ansúd ar shráidibh na gcatharach mór agus iad ag tuitim le h-ocras agus le tart agus gan an obair mharbhuightheach féin acu le fághail chun bídh 'ná díghe do thuileamh dóibh féin. An t-é go mbíon sé de sheans air an obair mharbhuightheach d'fhághail cuirfidh sé suas le h-aon tsaghas droch úsáide níos túisge 'ná mar eíreóch' sé as an obair, le h-eagla nár bh'fios cathain a gheabhadh sé airís í. Tadhg: 'Seadh, agus an mhuíntir a thugan an obair dóibh le déanamh tuigid siad go maith go bhfuil san
amhlaidh agus nách gá dhóibh staonadh ó aon tsaghas droch úsáide d'imirt ortha 'ná ó aon tsaghas tarcaisne thabhairt dóibh, mar nách baoghal go n-eíreóchaid siad as an obair. Bíon a rian air. Bristear a gcroídhe istig annta. Bristear a sláinte. Ansan caithtear amach as an obair iad mar ní bhíd siad ábalta ar an obair a dhéanamh. Tagan an bás ortha gan cáirde ró fhada. D'fhágadar Éire mar dh'eadh go ndéanfidís saidhbhreas thall agus go dtiocfidís abhaile 'na ndaoíne uaisle. Ní ró fhada a bhíodar thall nuair a bhí a mhalairt de sgéal acu, iad do mharbhadh le h-obair agus iad do chaitheamh i bpoll, nú iad do mharbhadh le h-easba oibre agus le h-easba bídh, agus iad do chaitheamh i bpoll. Ní fheadar an neósfar go deó cad é an méid d'fhuil agus d'fheóil agus de chnámhaibh Éireanach, d'fhuil agus d'fheóil agus de chnámhaibh do beathuigheadh agus do tógadh i n-Éirinn le cion agus le mórchuid aireachais, atá curtha ag leasúghadh an tailimh thall i n-America le céad blian. Donchadh: "Quae caret ora cruore nostro?" Tadhg: "Cá bhfuil an tír gan fuil ár ndaoíne air?" Dúbhairt an file mar sin é. Is féidir linne an chaint chéadna do rádh, ach tá deifrigheacht mhór idir an dá chial. D'fhág na Rómhánaig rian a gcod' fola ar thíor- thaibh an domhain, ach d'fhágadar rian a lámh leis ar na tíorthaibh sin. Chuireadar a smacht ar na tíorthaibh sin agus thugadar leó abhaile saidhbhreas agus olmhathas na dtíortha san. Ní mar sin dúinne. Má tá rian ár gcod' fola ar thíorthaibh an domhain is ag tíorthaibh an domhain atá a thoradh agus ní h-againne. Dá bhfanadh ár ndaoíne sa bhaile agus aire thabhairt d'Éirinn; dá ndeinidís i n-Éirinn obair leath chómh dian agus caithidh siad a dhéanamh sa dúthaig iasachta, bheadh saoghal níos feár acu, saoghal níos sia, saoghal níos tairbhthíghe. Gheabhdís uraim agus meas agus cion ameasg na gcómharsan. Gheabhadh Éire tairbhthe agus sochar a mbeatha, agus nuair a thiocfadh an bás ortha, nuair ba thoil le Dia glaodhach ortha, gheabhdís sagart agus ola agus aithríghe, agus gheabhdís uaigh bhreagh chúrtha bhean- uighthe i roilig a sínsear, i n-inead an phoíll ghrána thall i n-America, gur cuma é nú an poll a déanfí do'n bheithigheach allta!
"ABHAILE - MÁ FHÉADAIM É!" Donchadh Cogar, a Thaidhg, na daoíne seo atá ag imtheacht leath-chraiceálta, ag brise a gcos a d 'iaraidh teacht suas le h-oiread airgid agus bhéarfadh anonn go h-America iad, an bhfuil 'fhios acu cad 'tá rómpa thall? Tadhg: Ínstear dóibh cuid dé go minic ach ní thugaid siad uain dóibh féin ar an sgéal do bhreithniú- ghadh i gceart. Daoíne óga iseadh a bhformhór. Ní chuímhníghean an duine óg choídhche ar chruadhtan an tsaoghail. Bíon an misneach 'na chroídhe, misneach na h-óige. Airíghean sé daoíne 'ghá rádh go bhfuil obair chruaidh thall i n-America. Ní chuirean san aon eagla air. Tá lúth agus neart agus fuinneamh ann. Ní'l blúire eagla aige roim aon tsaghas oibre, bog 'ná cruaidh. Ní mór 'ná gur b' í an obair chruaidh ab fheár leis. Is dóichíghe, dar leis, gur b' í an obair chruaidh is feár a dhíolfidh págh. Tugtar cómhairle dhó, fan- mhaint sa bhaile agus a phágh thuileamh sa bhaile. Preit! Ní bíon aon mheas ar an gcómhairle sin aige. Ní foláir leis radharc fhághail ar an saoghal. Airíghean sé tuairisgí móra ó n-a leithéid seo agus ó n-a leitéid siúd, buachailí a chuaidh anonn chúig bhliana ó shin nú deich mbliana ó shin. Ní shasóchaidh an saoghal é go dtí go bhfeicfidh sé le n-a shúilibh an dúthaigh áluinn uasal gur airigh sé na tuairisgí go léir air. Gan amhras d'airigh sé, anois agus airís, cogar beag a chuirfadh 'na luíghe air nách cathair mar a thuairisg ar fad an áit thall; go dtuitean rudaí grána amach ann uaireanta; go gcaithfadh duine codla ar an sráid ann uaireanta mura ráineóc' go mbéadh airgead. aige chun díol as a lóisdín; nách ionan é agus bheith i n-Éirinn mar a bhfaghadh duine bheith istig pe 'cu bhéadh airgead aige nú ná béadh; go bhfaghadh duine bás do'n ghorta ann agus an bia ansúd os cómhair a shúl agus ná leómhfadh sé sméide air 'ná baint leis. Ach ní thugan sé cluas do chogar de'n tsórd san. Fanan an cogar istig i n'aigne, amhthach, agus nuair a théidhan sé anonn faghan sé amach, nuair a bhíon sé ró dhéanach aige, gur sa chogar a bhí an fhírnine, agus nách sa
mhustar agus sa bhladhman, agus ins na tuairisgibh móra ar an saidhbhreas a bhí le déanamh thall i n-America, mar dh'eadh. Donchadh: Is dócha go mbíon "rachad abhaile má fhéadaim é!" agá lán acu. Tadhg: Bhéadh sé ag cuid acu go luath taréis dul anonn dóibh, dá mbéadh aon chaoi i n-aon chor acu ar theacht abhaile, ach ní bhíon. Ní féidir dóibh "má fhéadaim é" do rádh mar ní bhíón aon fhághail i n-aon chor acu air. Donchadh: Agus cad d'imthíghean ar an misneach go léir a bhí acu ag fágáilt na h-Éirean dóibh? Tadhg: Ní fheacaís aon nídh riamh, a Dhonchadh, is tapamhla bhainfadh misneach díot 'ná bheith i mbaile mór iasachta gan pingin ad phóca agus gan aoin tsuím ag aoinne ionat. Bhéadh an sgéal olc a dhóithin agat anso i n-aon bhaile mór i n-Éirinn, ach is seacht measa é thall i n-America. Déanfar duit i n-Éirinn gach ar ceart a dhéanamh do Chríosdaíghe, ach thall ansúd, mura mbeidh airgead ag duine ní'l ann ach beithígheach allta. Donchadh: Agus cad é an donas atá ortha ná fanan sa bhaile má 'seadh! Tadhg: An donas a bhíon i gcómhnuighe ar an t-é ná féuchan roimis. "FLATHAS DÉ AR AN DTALAMH SO." Donchadh: Bíon, gan amhras, an donas arna daoíne ná feuchan rómpa. Ach dar ndó tá fhios ag an saoghal ná téidhan daoíne anonn go h-America gan feuchaint rómpa. Tadhg: Is dóich leis an t-é théidhan amú gur fhéuch sé roimis go maith. Níor fhéuch, ámthach. Dá bhféuchadh ní raghadh sé amú. Donchadh: Ní fheadar é sin, a Thaidhg. Is 'mó duine fhéuch roimis go h-ana mhaith agus i n-aimhdheóin a dhíthil gur tháinig rud éigin 'n-a shlígh a chuir amú é. Tadhg: Bhuailis do mheur air, a Dhonchadh, a mhic ó. Na daoíne óga so a théidhan go h-America, is dóich go mbíon féuchta rómpa acu go h-ana mhaith, ach tagan
rud sa tslígh ortha a chuirean amú iad, agus ní h-aon rud amháin é. Is 'mó rud a bhíon ag teacht sa tslígh ortha agus 'ghá gcur amú. Ar dtúis; is lag le mac feirmeóra i n-Éirinn dul agus lá oibre dhéanamh do 'n fhear atá ar an dtaobh thall de'n bhaile agus a phágh lae a ghlacadh as. Bhéadh an págh maith go leór agus ní bhéadh an obair ró dhian. Pé págh a gheabhadh sé as an obair ní thabharfadh sé le rádh dos na cómharsain go mbeadh sé ag obair ar a phágh lae. Sin uabhar. Ní h-indiu 'ná indé thusnuig uabhar ar dhaoine chur amú, a Dhonchadh. Raghaidh an fear san anonn go h-America agus raghaidh sé ag obair láithreach ar a phágh lae, agus is ró mhaith leis an págh dh'fhághail. Uabhar, a Dhonchadh, agus eirígh'n-áirde iseadh atá ag imirt ar a lán de dhaoínibh óga na h-Éirean an aimsir seo, agus 'ghá gcur amú. An t-é go mbeidh uabhar agus eirígh'n-áirde air ní ró fhuiriste dhó féuchaint roimis nuair a bheidh beart chontabharthach curtha roimis aige. Tá rud eile 'ghá gcur amú, rud a dheinean cabhrú' leis an uabhar agus leis an eirígh'n-áirde. Na buachailí agus na cailíní ná leogfadh uabhar agus eírígh'n-áirde dhóibh claoidh le gnó 'ná le h-obair 'ná a mbeatha thuileamh i n-Éirinn, agus d' imthig anonn go h-America deich mbliana ó shin nú fiche bliain ó shin, nú b'fhéidir leath bhliain ó shin, táid siad thall anois agus iad ag dul 'on ghorta le h-easba oibre nú d'á marbhadh le h-obair ró dhian, agus ní leogfadh an t-uabhar agus an t-eirígh'n-áirde céadna dhóibh an fhírinne dh'insint do'n mhuíntir atá sa bhaile. Nuair a gheibhid siad aon chaoí ar litir a chur abhaile ní bhíon de phort acu ach ag moladh na h-áite thall i dtreó gur dhóich le duine gur b'é flathas Dé ar an dtalamh so é. Nuair a léightear an litir do lucht an uabhair agus an eirígh'n-áirde sa bhaile, preit! ní foláir leo imtheacht anonn láithreach mar a mbeidh saoghal daoíne uaisle acu, ithe agus ól, éudach nua, airgead agus ór 'na shligirínibh ar na bóithribh, gan le fághail d'á dhuagh ach cromadh agus é phiocadh suas! Téighid siad anonn. Chíd siad an t-é do sgríbh' an litir. Ní gá dhóibh féuchaint an tarna h-uair air. Bhí pluic air, agus ceann feóla, sar ar fhág sé Éire. Táid na pluic imthighthe. Tá an fheóil imthighthe. B'fhéidir, má 's duine as an gcéad é, go
bhfuil obair aige, obair dhian, agus go bhféadan sé éadach glan a choimeád air féin nuair ná bíon sé sáidhte ar mhulach a chínn sa n-obair. Ní raibh sé ach ocht mbliana déag nuair fhág sé Éire. Tar éis a dheich mblian feuchan sé deich mbliana a's dachad! Ansan iseadh adeir an greenhorn leis féin nach cathair mar a thuairisg America. B'fhéidir go dtabharfadh an seanduine so na ndeich mblian cúpla béile bhídh do'n greenhorn, ach nuair a bheidh an méid sin déanta is ró thapaidh agus is ró thur a déarfidh sé leis nách foláir do gach aoinne a bheatha bhaint as alus a ghéug i n-America. Ansan iseadh gheibhean an greenhorn amach cad é an saghas an "flathas Dé ar an dtalamh so." Nár dhóich leat, a Dhonchadh, go sgrí fadh an greenhorn san abhaile agus go ndéarfadh sé leis an muintir fhág sé na dhiaig fanmhaint sa bhaile? Ní dheinean. Cuirean sé leitir abhaile 'ghá rádh le gach aoinne ná fuil aon áit sa domhan chómh h-áluinn le h-America, gur b'é flathas Dé ar an dtalamh so é. AN CLIABHÁN. Donchadh: Féuch airiú, a Thaidhg. An bhfeacaís an rud so sa Leader? Tadhg: Ní fheaca. Cad é an rud é? Donchadh: Is eól duit go bhfuil saghas úirlise a ceapadh le déanaíghe, úirlis ar a dtugtar gramaphón, agus dá labhradh duine isteach ann agus ansan é chur ar siúbhal, go dtiocfadh an chaint chéadna amach as, i dtreó gur dhóich leat gur bh' é an duine céadna bhéadh ag rádh na cainte an tarna h-uair. Tadhg: Ach, seana sgéal iseadh é sin. Tá sean- aithne ag gach aoinne anois ar an úirlis sin. Ba mhór an iongna é nuair a tháinig sé amach ar dtúis, ach ní dheinean aoinne aon iongna anois dé. Donchadh: Ach féuch cad deir an fear sa Leader mar gheall air. Tadhg: Cad 'deir sé? Donchadh: Deir sé, dá mbéadh úirlis acu san ar tinniol i n-áit 'na mbéadh Gaedhilgeóir maith éigin ag déanamh cainte poibilídhe go nglacfadh an úirlis an
chaint agus ansan go bhféadfí an úirlis a bhreith mór thímpal na h-Éirean agus do chur an siúbhal i n-áit- eanaibh ná fuil aon fhocal Gaeluinne ag daoíne, agus go n-aireóch' na daoíne sin an Ghaeluinn d'á labhairt as an ngramaphón díreach mar aireóchaidís í d'á labhairt amach as béul an duine féin dá mbéidís láithreach. Mar sin go dtiocfadh a gcluasa isteach ar fhuaim agus ar bhlas agus ar ghuthuígheacht na cainte, chómh maith agus dá mbéidís ag éisteacht leis an nduine ag caint. Tadhg: Is maith an cuímhneamh é. Tá súil agam ná fanfidh sé 'n-a chuímhneamh ach go mbeidh sé de thiúsgal i nduine éigin é chur i ngníomh. Ach cuirean sé i gcuímhne dhom, a Dhonchadh, rud atá am aigne le fada. Tá nídh tagaithe chun soluis do'n mhuíntir go mbíon ortha bheith ag múine na Gaeluinne ins na sgoileanaibh le déanaíghe. Is nídh é gur fiú dhúinn é thabhairt fé ndeara agus é bhreithniú' go maith. Sidé é. Má labharthar focal Ghaeluinne isteach i gcluais leinbh chúig mblian, déarfidh an leanbh an focal láithreach gan aon trioblóid. Má labharthar an focal céadna isteach i gcluais buachala chuig mblian ndéag ni déarfidh sé an focal sa cheart gan mórán trioblóide. Má deirtear "Gaeluinn" i gcluais an leinbh déarfidh sé láithreach, "Gaeluinn," díreach mar airigh sé an focal. Déarfidh buachail na gcúig mblian ndéag, "gay-ling," nú, "gale- ing," nú rud éigin de'n tsaghas san. B'fhéidir go mbéadh sé leath an lae ag gabháil dó sar a dtabharfadh sé an focal leis i gceart. Uaireanta eíreóchaidh sé as agus déarfidh sé, "I couldn't ever learn it!" Is léir ó'n méid sin, dá mbéadh Gaeluinn d'á labhairt isteach i gcluais an bhuachala san ó'n lá a cuireadh sa chliabhán é, go n-eíreóch' sé suas oilte ar an gcaint, a gan fhios dó fhéin. Ní bhfaghadh sé aon bhlúire de'n trioblóid 'ná de'n duagh 'ná de'n bhrise croídhe a gheibhean daoíne a bhíon ag foghluim na Gaeluinne nuair a bhíd siad eírighthe suas. Féuch aleith orm, a Dhonchadh. Béarla briste os cionn an chliabháin iseadh dhein an donus ar an nGaeluinn ar dtúis. Isé 'tá 'ghá dhéanamh fós. Gaeluinn bhreágh bhog bhlasta do chur dh'á labhairt os cionn an chliabháin
iseadh do leighisfidh an donas san anois. Caithfar an obair do thusnú' ag an gcliabhán, a Dhonchadh. Isé an cliabhán an gramaphón dáiríríbh. Má tugtar Gaeluinn do'n leanbh sa chliabhán, agus ó'n gcliabhán go dtí go mbeidh sé chúig bhliana déag, beidh Gaeluinn go deó aige. Beidh sí aige gan blúire trioblóide. Ní Gá dhó aon phioc d'á duagh fhághail. Ní raghaidh sé as a taithíghe mar a théidhean daoíne anois as a taithíghe, mar beidh meas uirthi agus beidh sí d'á labhairt ins gach áit 'nar féidir í labhairt, agus beid na leabhair Ghael- uinne ag teacht amach coitchianta, ar shálaibh a chéile, agus caoi aige ar iad do léighe. Deirim leat, a Dhonchadh, gur b' é an cliabhán an gramaphón. Donchadh: Tá go breágh, a Thaidhg. Ach conus a chuir- fir-se Gaeluinn d'á labhairt os cionn cliabhán i n-áit nár labhradh focal Gaeluinne le trí fichid blian! Tadhg: Bíodh lá eile againn chuige sin, a Dhonchadh. CRÓNÁN. Donchadh: Seadh, a Thaidhg, cad é siúd a bhí agat le rádh an lá deireanach i dtaobh an ghramaphóin? Tadhg: Ní h-i dtaobh an ghramaphóin a bhí sé le rádh agam ach i dtaobh an chliabháin. Céad blian ó shin, nú mar sin, ní raibh leanbh i gcliabhán i n-Éirinn gan crónán éigin de'n tsórd so ar siúbhal os cionn a chínn. "Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla; Seo-ín seó, bhú leó leó; I mbairlín lín 's i súisín olna, (pr. olla.) Seo-ín seó, bhú leó leó." "Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla; Seo-ín seó, bhú leó leó; I gcliabhán óir ar úrlár shocair. Seo-ín seó, bhú leó leó." "Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla; Seo-ín seó, bhú leó leó; I mbár na gcraobh, 's an ghaoth 'ghá bhogadh. Seo-ín seó, bhú leó leó."
Donchadh: Is iongantach an cuímhne atá agat, a Thaidhg! Is fad 'bhliantaibh anois nár airígheas an crónán san. Bhí sé imthighthe as mo cheann glan. Tadhg: "Is fada cuímhne i gceann leinbh," a Dhonchadh. An fhaid a lean an crónán san, nú crónán éigin d'á shórd, os cionn an chliabháin i n-Éirinn do lean an Ghaeluinn i gcroidhe agus i n-aigne an leinbh agus do choimeád sí seilbh ann. Ach do tháinig an t-atharú'. Tháinig an dúil ag na mnáibh sa Bhéarla. Chaithadar uatha an crónán breágh ceólmhar, bríghmhar a tháinig chúcha ó n-a máithreachaibh féin agus ghlacadar i n' inead an rud so. "Hush a by baby on de three teap. Fun de vind blow de cradle dote rock, Fun de bow brake de cradle dote fall, An' doon come baby, cradle an' all." A! a Dhonchadh, a chreach láidir é! Do cuireadh an béarla briste ar an gcuma san isteach go daingean i n-aigne agus i gcroídhe an leinbh agus do choimeád an Béarla briste seilbh. D' eírigh an leanbh san suas, agus pé treó 'nar thug sé aghaidh do lean an lóipín ar a theangain agus ní raibh roimis ins gach aon bhall ach, "No Irish need apply." Donchadh: Ach cogar, a Thaidhg. Nár bh'fheara dhó an Béarla briste féin 'ná gan aon fhocal Béarla bheith aige? Ar neóin ní fhéadfadh sé aghaidh a thabhairt ar an saoghal i n-aon chor gan saghas éigin Béarla bheith aige. Tadhg: Dá bhfágtí an Ghaeluinn aige 'n-a h-iom- láine, mar a bhí sí agá mháthair, agus dá múintí dhó, nuair a chuaidh sé ar sgoil, conus a brígh agus a neart do thuisgint agus do bhreithniú' thabharfadh san radharc agus solus agus éirim aigne dhó i dtreó go dtiocfadh leis, as a bhreitheamhantas féin, an Béarla briste do shlánú'. Ansan is amhlaidh a bhéadh caint a shinsear aige ar áileacht agus bhéadh an Béarla aige níos feár agus níos cruinne 'ná mar a bhíon sé ag formhór mhuintir Shasana féin. Ní mar sin a déineadh. Do baineadh an Ghaeluinn de'n leanbh agus níor tugadh i n-aon chor dó 'n-a h-inead ach an Béarla briste. Do fágadh chómh dall san é ná feidir sé riamh cia' cu slán nú briste a bhí an Béarla aige.
Donchadh: Deir a lán gur b'iad na sgoileana Gallda so fé ndeár é sin, ach ba dhóich le duine ortsa go measan tú gur b'iad mná na h-Éirean fé ndeár é. Tadhg: D' airígheas fear ag labhairt le leanbh a bhí aige. "Imthigh amach, a Shéamuis," ar seisean, "agus cas chúghainn isteach na ba go gcrúidhtear iad." Bhí máthair an leinbh ag éisteacht leis. Do labhair sisi. "Run oot, Jamzheen," ar sisi, "an' twist the coos in ti' weel milk um." D' fhéuch sí ar a fear go míchéadtach. "Nár chóir," ar sisi, "go labharfá focailín Béarla leis an leanbh bocht san!" Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach, nuair a bhíos-sa am gharsún, is dóich liom, dá dtugadh aoinne "Dinis- sheen" orm go mbainfinn an t-anam as! Tadhg: Is maith an bhail ort go raibh máthair chialmhar agat, a Dhonchadh; bean go raibh Gaeluinn bhlasta aici agus Béarla blasta. Thug sí dhuitse iad araon. Mura mbéadh í bhéadh sé thiar ort, a mhic ó. Beanacht Dé le n-a h-anam! Donchadh: Amen, a Thighearna! BÉARLA SLÁN AGUS BÉARLA BRISTE. Donchadh: Agus inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Cad ba ghá an Béarla briste riamh? Nuair a thusnuigh na mná ar dtúis ar an mBéarla do labhairt os cionn an chliabháin, ná béadh sé chómh maith acu Béarla slán do labhairt? Tadhg: Cheapadar féin, a dhuine, go raibh sé chómh slán agus d'féadfadh sé bheith. Ní raibh aon leigheas acu ar é bheith briste. Dhéineadar chómh slán é agus d'fhéadadar é déanamh. Dhéineadar a ndíthol ar é labhairt go cliste agus go snuighte agus go cabanta, dar leó. Donchadh: B' é sin an díthol aindeis! Is 'mó Béarla grána a labharthar ar fuid an domhain. Labhran an Yank Béarla grána, Béarla atá caoch-shrónach i dteannta bheith briste. Labhran fear Australia Béarla a bhíon ag poc-léimirigh ar nós an cheangarú. Labhran an t-Albanach Béarla grána, Béarla a chuir- fadh i gcuimhne dhuit gabhar a bhéadh ag ithe agus ag
meigiolaigh i n-aonfheacht. Dá siúbhlófá Sasana féin i n'fhódaibh caola, ní'l condae ann, ní'l 'ná paróisde, ná faighfá Béarla grána fé leith d'á labhairt ann. Ach ortha go léir ní'l aon tsaghas cainte, briste 'ná slán, atá leath chómh grána, leath chómh h-aindeis, leath chómh tiubaisteach le Béarla briste na h-Éirean. Ní fheadar an tsaoghal cad fé ndeara do mhnáibh na h-Éirean a leithéid de dhúil a bheith acu ann, nú cad fé ndeara dhóibh bheith 'ghá labhairt le n-a gclainn. Tadhg: Is fíor do chaint, a Dhonchadh. Ní'l aon tsaghas cainte ag teacht amach a' béal duine chómh grána le Béarla briste na h-Éirean. Ach tá nídh ag baint leis is measa go mór agus is tiubaistíghe 'ná a ghráinneacht de chaint. Is nídh é atá agam 'á thabhairt fé ndeara le fada 'bhliantaibh. Sidé é. Má tógtar duine ó n' óige le Gaeluinn bhlasta, bíodh go mbéadh Béarla briste d'á labhairt leis ar sgáth na Gaeluinne, labharfidh sé Béarla ceart, chómh maith le Gaeluinn cheart, nuair eíreóchaidh sé suas. Beidh blas an Bhéarla ar an mBéarla aige agus beidh blas na Gaeluinne ar an nGaeluinn aige. Nuair a labharfidh sé Béarla taithnfidh a chaint le lucht Béarla. Nuair a labharfidh sé Gaeluinn taithnfidh a chaint leis na Gaedhilgeóiríbh is feár. Ach an fear nár airigh riamh, ó'n lá thainig sé ar an saoghal, ach an Béarla briste seo atá i n-Éirinn againn, da ngabhadh sé tré sgoil- eanaibh an domhain, agus tré choláistibh an domhain, agus dá bhfoghlumóch' sé a bhfuil de laidion agus de Ghréigis agus d'urlabhra uasal eile sa domhan, ní bhainfadh an sgolaídheacht go léir lóipín Bhéarla bhriste na h-Éirean d'á theangain. Donchadh: Seadh, agus sin iad muíntir na h-Éirean féin, le breis agus céad blian, agus gan 'ghá mbaint de'n tsaoghal ach conus a thiocfidís ar an n-Gaeluinn a bhaint a' béal an leinbh agus gan aon tsaghas cainte fhágáilt aige 'n-a h-inead ach an Béarla briste céad- na san! Sgannra ortha le h-eagla go loitfadh an Ghaeluinn pé Béarla fhéadfadh an leanbh d'fhoghluim! Iad ar a gcroídhe díthil a d'iaraidh an oilc do sheachaint agus i n-inead an oilc do sheachaint iad ag dul ar mhulach a gcinn isteach sa n-olc. Iad féin agus an maighistir sgoile ag marbhadh na leanbh a d'iaraidh a
chur fhéuchaint ortha an Ghaeluinn bhlasda do chur as a mbéal le h-eagla go loitfadh sí a gcuid Béarla agus iad ag tachtadh na leanbh gcéadna leis an mBéarla briste do loit go deó iad, ní h-amháin 'na gcuid Béarla ach 'na gcial agus na n-aigne agus 'na n-íntinn. Is éachtach an sgéal é. Tadhg: Bhí a lán daoíne nár dhéin an dearmhad san, a Dhonchadh. Bhí aithne agam-sa ar dhaoíne ná lamhálfadh aon fhocal Béarla briste do labhairt i láthair a gclainne. Caithfadh sé bheith 'na Ghaeluinn bhlasta acu nú 'na Bhéarla cheart. Dá n-aireóchaidís focal Béarla briste i láthair na leanbh bhéidís chómh mór ar buile agus bheidhthá-sa dá dtugtí "Dinisheen" ort. Donchadh: Is truagh ná rabhdar go léir mar sin! UM NODLAIG míle, naoí gcéad, a trí. Donchadh: Seadh, a Thaidhg, a sheana bhuachail, sin Nodlaig eile buailte leat. Tadhg: Tá, a mhic ó. Is iongantach an cosanáirde a dhéin an bhliain. Ní fheadar an tsaoghal conus a dh'imthigh an aimsir chómh tapaigh. Donchadh: D'imthigh sí tapaigh go leór gan dabht. Ach d'á ghioracht an mhaíll uirthi imtheacht ní baoghal 'ná gur dhéin sí a cion féin de'n obair is gnáth le h-aimsir a dhéanamh. Do leag sí crainn agus chuir sí crainn ag fás. Dhéin sí daoíne bochta saidhbhir agus dhéin sí daoíne saidhbhire bocht. Chuir sí adharca ar ghamhnaibh agus chuir sí féasóg ar bhuachailíbh. Chuir sí leanbhaí i gcliabhánaibh agus chuir sí sean daoíne i gcómhranaibh, gura' maith an mhaise dóibh é! Tadhg: Cé dhóibh? Dos na leanbhaí ins na cliabh- ánaibh nú dos na sean daoíne ins na cómhranaibh, cia 'cu? Donchadh: Do gach taobh acu, amuighe! Tadhg: Pé rud a dhéin sí i gchaitheamh na bliana so atá caithte againn ní baoghal 'ná gur fhliuch sí go maith é. Ní cuímhin liom a leithéid de bhliain le fliche. Ní fheadar ar dhéin sí puínn daoíne bochta saidhbhir ach tá 'fhios agam gur chreach sí a lán. Caithfar bheith
sásta le toil Dé, ámhthach. Bhí aithne agam ar shean duine fadó agus dá mbeadh lá fliuch, fuar ann ní lamhálfadh sé d'aoinne a rádh, "Is olc an lá é." Donchadh: Agus dar nóin, ní h-amhlaidh a mheasfadh sé dhom a rádh, "Is breágh an lá é," nuair a bhéadh an lá fuar fliuch. Tadhg. Déarfadh sé leat, "Tá an lá mar is toil le Dia é bheith, agus aon nídh atá mar is toil le Dia é bheith ní féidir é bheith go h-olc." D'éistfá ansan. Donchadh: Ambriathar go n-éistfinn. Ach féuch, a Thaidhg. Cad is dóich leat d'ár n-obair féin, an obair seo na Gaeluinne, tar éis na bliana? Is cuimhin leat an t-athlú' úd. "Gura seacht feár a bheidhmíd bliain ó 'nocht, agus mura feár nára measa!" An bhfuilimíd "níos seacht feár"? Nú an bhfuilimíd "níosa mheasa?" Tadhg: Tá a lán oibre déanta. Tá a lán daoíne t'réis tusnú' ar an nGaeluinn d' fhoghluim, agus ansan t'réis eíríghe aiste, agus ansan t'réis tusnú' airís uirthi. Leanfid siad dí sa deire, is dóich liom. Tá raint mhaith de leabhraibh maithe Gaeluinne tagaithe amach, agus tá cuid mhaith daoíne ábalta ar iad do léighe. Cúig nú sé bhlianaibh ó shin bhí, is dóich liom, cúigear nú seisear a bhí chómh ceapaithe sin ar an obair do chur chun cínn go raibh socair 'na n-aigne acu go n-imireóchaidís a n-anam sa chluiche. Ní dóich liom go raibh thar cúigear nú seisear díobh san sa n-obair sé bliana ó shin. Bliain an taca so, dá mbainteá fiche duine as a raibh sa n-obair de'n aicme sin ní dóich liom go mbeadh puínn ag dhiaig. Isé mo thuairim láidir, chómh fada agus a théidhan daoíne de'n tsórt san, daoíne a deir 'na n-aigne féin, "Beidh an Ghaeluinn beó nú ní bhéad-sa beó," go bhfuilimíd "níos seacht feár" anois 'ná mar a bhíomair bliain an taca so. Donchadh: Moladh go deó le Dia! Sin é mo thuairim féin leis. Ach nuair a chím spriosáin ag ruith isteach sa n-obair agus oiread san fuadair fútha gur dhóich leat go dtreabhfidís an Mhangortain i n-aon lá amháin, agus ansan, amáireach nú amanarthar, druím lámha tabhartha acu leis an obair agus gan de phort
acu ach, "I couldn't ever learn it!" bíon eagal orm go dtiocfadh an liathbhuídhe orm le neart canncair! Ní fhéadaim foidhneamh leo. Is beag ná go gcuirfidís duine ag easgainí. Tadhg: Caithfar foidhneamh leó, a Dhonchadh, a mhic ó. Bíon a leithéidí i gcómhnuíghe ag ruith isteach ins gach aon saghas oibre. Ba dhóich leat ortha ar dtúis go mbeidhtheá tógtha leo, go ndéanfidís "fut fat agus cat a's dá eirbal," ach nuair a thagan cruadhtan na h-oibre ortha ní bhíon seasamh ná fulag ionta. Táid siad ag teacht 's ag imtheacht sa n-obair seo na Gaeluinne ó thusach. Gáirí iseadh bhainid siad asam féin uaireanta. Tiocfidh duine acu agus sgiatháin air, agus buinne féi. Féuchfidh sé 'na thímpal agus déanfidh sé caint. Sádhfidh sé é féin isteach i ngnó éigin a bhí dh'á dhéanamh a gan fhios dó le fada roimis sin, dh'á déanamh go ciúin agus go blasta, gan mustar gan fothram. "Preit!" a déarfidh sé, "ní'l an gnó so dh'á dhéanamh sa cheart! Seo mar is ceart é dhéanamh!" Déarfar leis, go tur agus go daingean, gan baint leis an ngnó. Ansan, "Preit!" imtheó- chaidh sé uainn ar fad! Ní fhéadaim gan gáire dhéanamh nuair a chím an fear san ag imtheacht agus é ag caint leis féin ar an gcuma so, "Da nglacfí mo chómhairle-se do coimeádfí an Ghaeluinn beó. Raghaidh sí chun báis anois, ach ní'l leigheas agam-sa uirthi!" Ní'l aon rud le déanamh le daoíne de'n tsaghas san, a Dhonchadh, ach foidhneamh leó. Daoíne gan neart, gan meaghchaint aigne gan daingineacht toile, iseadh iad. Ní féidir dóibh puínn díobhála dhéanamh an fhaid ná beidhfar ag brath ortha chun aon tairbhthe dhéanamh. Ní déarfinn ná gur b' é rud a chuirean an fonn easgainí ort-sa uaireanta, é bheith ad aigne gur cheart go ndéanfidís tairbhthe éigin. Ansan nuair a chailid siad ort bíon tú i gcontabhairt an liathbhuídhe theacht ort. Ní chailid siad choídhche orm-sa mar ní chuirim aon iontaoíbh asta choídhche. Tá a lán daoíne anois sa n-obair, a Dhonchadh, atá ceapaithe ar an obair do chur chun cínn nú an t-anam a chaileamhaint. Siniad na daoíne nach misde ion- taoibh a bheith ag duine asta. Siniad atá i lár na h-oibre istigh. Is ortha atá seasamh na h-oibre. Tá
lasmuich ar an imiol uatha san na daoíne úd adúbhart, na daoíne nách gá trácht ortha. Idir an dá aicme sin tá pobul mór daoíne atá ag déanamh na h-oibre go maith agus go cialmhar agus go bunúsach. Donchadh: Ambriathar mhóide, a Thaidhgh, go bhfuil cuid de'n mhuíntir atá istig i lár na h-oibre agus gur dóich liom féin gur amuich ar an imiol ba cheart iad a bheith. Ní thuigim, 'ná ní fheicim go bhfuil ag cuid acu an éirim aigne 'ná an chúilfhéith 'na an breitheamhantas ba cheart a bheith acu do réir an chúraim atá curtha ortha. Cad é mar obair do dhuine stuamdha, má's duine stuamdha é, a bhaitín a bheith anáirde aige 'ghá chosaint féin ar gach aon ghiubstéir a bhuailfidh uime! Ní dhéanfadh garsún stuamdha é, ní áiríghim fear. Tadhg: Is cuímhin liom cleamhnas a ceapadh a dhéan- amh uair éigin, a Dhonchadh, agus cuirean tú i gcuímhne dhom é. Fear ab eadh an buachail óg ná raibh puínn féasóige air. Nuair a labhradh leis an gcailín do spriúch sí. B' éigean eiríghe as an gcleamhnas. Ar ball d'fhiafraigh bean, i gcogar, de'n chailín, cad é an locht a bhí aici air. "Dhe greadadh chuige!" ar sisi, "béidh sé sin 'na gharrún choídhche!" Dúbhraís ó chianaibh, a Dhonchadh, gur chuir an bhliain seo féasóg ar bhuachailibh. Tá buachailí sa n-obair againne, a Dhonchadh, agus níor chuir sí féasóg ortha. Donchadh: Nár bh'fheár iad do chur amach as an obair agus fir do chur 'na n-inead, go mbeadh féasóg ortha? Tadhg: Humhph! "DÁ MBÉADH," NÚ "TÁ." Donchadh: An focal úd i dtaobh an chliabháin, a Thaidhg, ní misde dhuit a rádh 'ná gur chuir sé ag machtnamh mé. Dá mbéadh an méid sin déanta agat bhí an gnó go léir déanta agat d'aon léim amháin. Dá gcurtí an Ghaeluinn, ar an gcuma san, d'á labhairt anois os cionn gach cliabháin i n-Éirinn 'na bhfuil leanbh d'á luasgadh ann, ní bhéadh, i gceann fiche blian, duine
n-Éirinn gan Gaeluinn mhaith aige. Táid na leabhair Ghaeluinne ag teacht go tiugh. Fé mar eíreóch' an t-aos óg suas gheabhdís greim ar na leabhraibh. Ní bhéadh ortha, mar a bhíon anois, bheith ag baint na súl asta féin a d'iaraidh aithne chur ar na focalaibh agus ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh fuaim cheart na bhfocal do thabhairt leó. Bhéadh an fhuaim cheart acu ó'n gcliabhán agus níor ghá dhóibh féuchaint an tarna h-uair ar an bhfocal sar a mbéadh 'fhios acu go raibh sean aithne acu air. Ní h-ar fhuaim na bhfocal a bhéidís ag cuímhneamh ach ar bhrigh na cainte. Bhéadh cuid acu, nídh nách iongna, go mbéadh éirim aigne acu seachas a chéile. Níor bhfada go sgrífidís sin leabhair eile a bhéadh níos feár 'ná na leabhair atá d'á sgrí' anois. Ar an gcuma san bhéadh an chaint ag dul i neartmhaire agus i bhfairsinge agus i líomhthacht gach lá, agus bhéadh breis cumais agus breis léire agus dise machtnaimh ag teacht d' aigne na ndaoine. Bhéadh san go léir ag dul ar aghaidh gan aon trioblóid ó aoinne, díreach fé mar a ruithean an abha gan aon trioblóid ó aoinne. Ach tá an "dá mbéadh" sa sgéal, a Thaidhg. "Dá mbéadh" an Ghaeluinn os cionn an chliabháin. Conus a curfar an Ghaeluinn d'á labhairt os cionn an chliabháin? Conus a déanfar "tá" de'n "dá mbéadh"? Tadhg: Ní dóich liom, a Dhonchadh, go bhfuil sé chómh deacair sin ar fad "tá" a dhéanamh de'n "dá mbéadh." Tá daoíne go bhfuil sé déanta acu cheana féin. Tá aithne agam ortha. Donchadh: Daoíne fánacha, fada ó chéile, iad san, a Thaidhg. Is fada go mbeidh puínn foghla déanta agá leithéidí sin ar an olc so atá chómh seanda, chómh daingean, chómh préamhuighthe i dtalamh againn. An bhfuil 'fhios agat, a Thaidhg, tar éis ár ndeich mblian agus tar éis ár saothair, go bhfuil daoíne fós le fághail go tiugh agus go séidfidís fuil-shrón le h-uabhar agus le bochtaineacht dá mba dhóich leó go measfadh aoinne go bhfuil aon fhocal Gaeluinne acu? Cathain a bheidh a leithéidí sin iompuighthe ar a leas agat? Cuirid siad a gclann ar sgoil agus má bhíon Gaeluinn d'á múine ar an sgoil sin tugaid siad foláramh daingean gan aon fhocal Gaeluinne mhúine d'á
gclainn féin. Cad a dhéanfir le daoíne de'n tsórd san? Tadhg: Tá rud eile thall 'na choinnib sin againn, a Dhonchadh, agus is feár gan a dhearmhad. Tá cailíní agus buachailí go tiugh ag casadh le Gaeluinn d' fhoghluim. Táid siad, mar a dúbhraís ó chiainibh, ag baint na súl asta féin a d'iaraidh aithne chur ar na focail agus ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh fuaim cheart na bhfocal a thabhairt leó i gcaint. Tá ag éiríghe leó go maith i n-aimhdheóin an chruadhtain, mar tá an aigne láidir acu. I lár na h-oibre agus an chruadhtain dóibh tuigid siad 'na n-aigne gur b'iad a n-aithreacha agus a máithreacha féin, le corp eiríg'náirde, do chuir an cruadhtan san rómpa. Tuigid siad go h-áluinn conus mar a déileadh agus conus mar a gearadh amach ó'n nGaeluinn iad gan ghá gan riachtanas, nuair a bhí sí binn blasta tímpal an chliabháin i n-ar luaisgeadh iad agus ná leogfí d' aoinne focal a labhairt leó dhi. Tuigid siad anois méid agus troime na h-éugcóra a déineadh an uair sin ortha, agus geallaim-se dhuit gur ró bheag é a mbuidhchas ar an muíntir fé ndear an éagcóir agus gur ró bheag é a meas ar a gcial. Ní h-é mo thuairim, a Dhonchadh, go ndéanfidh an mhuíntir óg so an éagcóir chéadna ar a gclainn féin nuair a chuirfidh Dia chucha iad. Ansan, a Dhonchadh, déanfar "tá" go críochnuighthe de'n "dá mbéadh" úd. Donchadh: Go dtugaidh Dia san! AN FOTH CHLIABHÁN. Donchadh: Tá an "dá mbéadh" ana leathan ana láidir fós againn, a Thaidhg. Tá, gan amhras, cailíní agus buachailí, mar a deirir, ag déanamh a ndíthil chun iad féin do leigheas ó'n éugcóir a déineadh ortha nuair a bhíodar sa chliabhán, ach tá an éugcóir chéadna ar siúbhal ar fuid na h-Éirean an neómat so, chómh trom chómh tiubaisteach agus bhí sí ar siúbhal aon lá le dhá chéad blian, ní h-eadh, ach níos troime agus níos tiubaistíghe. Nuair a thusnuigh an éugcóir bhí a lán gur mhaith leó í dhéanamh ach ná raibh ar a gcumas í
dhéanamh. Ní raibh an Béarla briste acu chuige. Ní raibh acu ach an Ghaeluinn bhreágh bhlasta agus b'éigion dóibh úsáid a dhéanamh di. B'éigion dóibh an seana chrónán breagh ceolmhar a dhéanamh os cionn an chliabháin. Táid siad san imthighthe, nú nách mór im- thighthe. Tá greim daingean ag an mBéarla briste ar cheann an chliabháin. 'Na luighe ins gach cliabhán tá leanbh a bheidh ag baint na súl agus na bhfiacal as féin ar ball a d'iaraidh na Gaeluinne dh'fhoghluim, agus 'ghá rádh leis féin gur mór an truagh nár labhradh leis í nuair a bhí sé sa chliabhán. Mar sin dóibh ó ghlúin go glúin agus ó shliocht go sliocht. Tusach ag an mBéarla briste ar an gcliabhán. Tá, is dócha, foth chliabhán anso 's ansúd ar fuid na h-Éirean, 'na bhfuil an Ghaeluinn os cionn cinn an leinbh ann. Ach cad fhéadfidh foth chliabhán a dhéanamh! Tá, a Thaidhg, agus rud eile anois againn ná raibh againn go dtí a bhfuil le déanaighe. Tá Béarla briste na h-Éirean olc go leór, ach tá dhá shaghas eile Béarla briste anois againn 'na theannta. Tá Béarla briste an Yank tagaithe chúghainn anall thar farge agus "Ow. de foine beebee! " againn os cionn an chliabháin, agus tá Béarla briste na mná againn a thug suím aimsire thall i Lúnduin. Cad fhéadfidh foth chliabhán a dhéanamh 'na measg san go léir? Tadhg: Go réidh! a Dhonchadh, a mhic ó. Ní gá dhuit bheith chómh gruamdha san ar fad. "Foth chliabhán," arsa tusa. Féuch siar. Is a' foth chliabhán anso 's ansúd a tháinig na fir agus na mná a dhéineadh an saoghal go léir do chomáint rómpa amach nú do tharac 'na ndiaig ar chúl cínn. Mo sheasamh-sa ar an bhfoth chliabhán, a Dhonchadh. Cad fé ndeár an Béarla briste go léir? 'Neósfad-sa dhuit é. Clagéagan- tacht ban. Iad ag ruith i ndiaig na h-uaisleachta, dar leó. Ní'l aon chaint nua a dh'airíghid siad 'ná go mbíon dúil acu aithris a dhéanamh uirthi. Ní'l nós nua a thagan os a gcómhair ná déinean iad do chomháint roimis amach nú iad do tharac 'na dhiaig. Ba dhóich leat ortha ná fuil ionta aon chor, ar aghaidh ná ar gcúl, do chur díobh uatha féin. Caithtear, i gcómhnuighe iad do chomáint nú iad do tharac. Eíríghean, anois agus airís, as an bhfoth chliabhán, duine a thuigean agus
a bhreithníghean an méid sin. Chíon sé dul amú éigin ag comáint daoíne soir. Ansan chíon sé dul amú éigin eile 'ghá gcomáint siar. Ansan rud éigin 'ghá dtarac óthuaig, agus rud éigin bun os cionn leis sin 'ghá dtarach ódheas. Chíon sé conus mar a ghéilid na daoíne go h-olamh agus go h-éasga do gach tarac agus do gach comáint ach a chur 'na luíghe ortha go bhfuil uaisleacht éigin ann. Gabhan sé féin do láimh na daoíne tharac agus do chomáint do réir a thoile féin. Má 's duine foghanta é comáinfidh sé na daoíne ar a leas, nú taraiceó' sé chun a leasa iad. Má 's droch dhuine é - b' fheár go dtachtfí sa chliabhán é. Ach 'ghá ghlacadh i n' olc a's 'na mhaith, mo sheasamh-sa ar an bhfoth chliabhán, a Dhonchadh. Cuirfidh an foth chliabhán 'na luíghe ar Éirinn go léir, i ndiaig ar ndiaig, an fhírinne sin, go bhfuil fíor uaisleacht sa Ghaeluinn. Nuair a bheidh an méid sin curtha isteach i n-aigne na ndaoíne beidh an rás céadna ag mnáibh clagéaganta i ndiaig na Gaeluinne atá anois acu i ndiaig an Bhéarla bhriste. Deirim leat, a Dhonchadh, go ndéan- fidh an foth chliabhán obair. UAISLEACHT. Donchadh: I dtaobh na clagéagantachta, a Thaidhg, ní gá dhuit a thabhairt dos na mnáibh ach a gcion féin di. Tá aithne agam-sa ar fhearaibh atá chómh craiceálta, chómh h-éaganta a's d'fhéadfadh aon ghleóisíneach mná bheith, ag ruith i ndiaig uaisleachta agus i ndiaig Béarla briste. Ach pe'cu fir nú mná iad is eagal liom-sa gur fada go mbéidh curtha 'na luíghe ortha go bhfuil uaisleacht sa Ghaeluinn. Tadhg: Cad é an chúis ná curfí 'na luíghe ortha uaisleacht a bheith sa Ghaeluinn nuair a taisbeánfar an uaisleacht dóibh? Tabharfar le feisgint go soiléir dóibh gur feár agus gur cruinne agus gur treise de chaint í chun machtnaimh an duine thabhairt léi 'ná aon chaint eile go bhfuil eólus ag daoíne uirthi. Nách é sin uaisleacht na cainte? Donchadh: Isé sin uaisleacht na cainte gan amhras. Ach má chím fear ansan atá cúmtha, córach, láidir,
seasamhach 'na chroídhe, dílis i n'aigne, fírinneach 'na mheón, fear do shíolraidh ó shínsear rí ga agus nár dhéin riamh, agus ná déanfadh, gníomh a thabharfadh masla dhó féin 'ná d'á shinsear uasal, nách léir, dar leat, gur duinuasal an fear san? Tadhg: Is léir; agus iseadh; fíor dhuinuasal. Donchadh: Ambriathar féin nach eadh, a Thaidhg, ní h-at' bhréagnú'-sa e. Pé tréithe maitha atá ann ní duinuasal é mura bhfuil airgead aige. Mura bhfuil airgead aige ní dhéanfadh pearsa cúmtha duinuasal dé, ná sínsear ríoga, 'ná dílse aigne, 'ná macántacht gníomh. Má 'tá an t-airgead aige is duinuasal é dá mbéadh sé ar leath chois agus ar leath shúil agus drún air agus é 'na bhitheamhnach agus 'na mhac bitheamhnaigh. Siné an údhálta ag an nGaeluinn. Dá mbéadh an t-airgead agus an saidhbhreas saoghalta lastiar di bhéadh sí uasal. Bhéadh mná clagéaganta agus fir chlagéaganta ag ruith 'na diaig ar cos anáirde. Ní bhéadh cliabhán i n-Éirinn ná béadh sí os a chionn láithreach. Ní bhéadh párlús i n-Éirinn gan ceól a guthaí ag raince os cionn an bhúird ann, ó bhéalaibh múinte, ameasg fainní óir agus árthaí airgid. Ach ní'l an saidhbhreas saoghalta lastiar di, a Thaidhg, agus d'á bhrígh sin tá sí gan uaisleacht. Caithfidh sí coimeád amach ó'n gcliabhán, agus fanamhaint amach as an bpárlús, agus béidh cead ag an mBéarla briste bheith ag raínce ameasg na bhfáinní óir agus na n-árthaí airgid agus ag snagaireacht os cionn an chliabháin. Tadhg: Aililiú, a Dhonchadh, nách tiugh a dhéinean tu caint! Tá mórán fírinne ad' chaint, ní foláir a admháil, ach ná ceap ad aigne ná fuil a lán de'n fhírinne lasmuich de d' chaint. Tá daoíne sa tsaoghal, gan amhras, agus ní bhíon aon mheas choídhche acu ar aon rud ná bíon an t-airgead lastiar dé. Ach tá daoíne eile sa tsaoghal, agus ní beagán é, buidhchas le Dia, agus níor bheag do rud, nú do ghnó, nú do dhuine, airgead a bheith lastiar dé chun droch amhrais a thabhairt dóibh air. Bíon iaracht de dhroch iontaoíbh acu, i gcómhnuíghe, as an airgead, agus as an áit 'na mbíon an t-airgead, mar bíon a fhios acu, coitchianta, cad é mar a dhéinean an t-airgead aigne an duine do chamadh agus do chlaonú' agus do lot; cad é mar a
dhéinean an t-airgead, do ghnáth, an uile bhlúire d' aon rud i bhfuirm uaisleachta do dhíbirt as aigne an duine amach. Siniad na daoíne, a Dhonchadh, do thuigean cad a bhainean le fíor uaisleacht, agus cad é an deifrigheacht atá idir í féin agus uaisleacht bhréagach an airgid. Siniad na daoíne a dhéinean, mar adúbhart, an saoghal do chomáint rómpa amach le fuinneamh, nú do tharac 'na ndiaig ar chúl cínn. Nuair a sheasuighean duine acu san ameasg uaisle an airgid is rígh é. Bíon eagla acu go léir roimis mar bíon a fhios acu neart agus cómhacht a bheith aige ná fuil acu féin. Tuigid siad na déinean sé d'á n-airgead ach drabhuíol agus ná feicean sé 'na n-uaisleacht ach bréag. Siniad na daoíne, a Dhonchadh, do chuirfidh 'na luíghe ar mhuíntir na h-Éirean nár dhéineadar aimhleas críochnuighthe riamh dóibh féin go dtí gur mheasadar caint a sínsear do chaitheamh uatha agus an Béarla briste ghlacadh 'na h-inead. AN JINTLEMAN. Tadhg: Bhís ag rásdáil chainte anso an lá déanach, a Dhonchadh, agus dúbhraís rud a bhí bun os cionn, ana bhun os cionn. Bhíos 'ghá chuímhneamh go mb'fhéidir gur tháinig rud éigin crosta ort a chuir tré chéile thu nú ná déarfá an chaint. Donchadh: Is 'mó rud a chuirean tré chéile mé le déanaíghe. Bíon cancar agus seirbhthean agus buile orm nuair a chím conus mar atá an obair seo na Gaeluinne ar siúbhal anois le deich mblianaibh agus conus mar atá tairbhthe na h-oibre d'á chur 'na luíghe ar a n-aigne do dhaoínibh, coitchianta, agus 'na dhiagh san a's uile go bhfuil daoíne le fághail ná cuirean blúire suime sa n-obair. Tadhg: Ní h-é sin féin an ceann is measa dhé, ach má déintear caint agus go ndéarfidh duine éigin, "Ó, isí an Ghaeluinn caint ár sínsear. Ba cheart do'n uile dhuine í dh'fhoghluim agus úsáid a dhéanamh di coitchianta," aontóchaid siad leis an uile fhocal de'n chaint agus ansan ní dhéanfid siad giob chun na cainte chur i ngníomh. Tá a lán de'n tsórd san
daoíne ann gan amhras. Ach tá daoíne nách iad san ann, a Dhonchadh. Agus i n-inead bheith ag cur seirbhthin ort féin ag cuímhneamh ar na meathalóiríbh, is amhlaidh ba cheart duit feuchaint ar na daoíne atá ag déanamh na h-oibre agus 'ghá cur chun cínn. Siné bhainfadh dhíot an cancar agus an seirbhthean. Ach ní chuige sin a bhíos, ach chuige seo. Dúbhraís, an lá déanach, is dóich liom, nú lá éigin le déanaíghe, d'á rabhmair ag caint anso, dá mbéadh duine ar leath shúil agus ar leath chois agus drún air agus é 'na bhitheamnach agus 'na mhac bitheamhnaigh, gur dhuinuasal é ach go mbéadh a dhóithin airgid aige. Donchadh: Dúbhart, agus dob fhíor dhom é. Ná feicim iad gach aon lá 'n tseachtmhain? Tadhg: Dúbhraís, agus níor bh'fhíor dhuit é, a Dhonchadh, mar do dhéinis dearmhad. Dá n-abarthá gur jintleman é ní bheidhfá abhfad ó'n gceart. Ach tá deifrígheacht mhór, deifrígheacht ana mhór, a Dhonchadh, idir jintleman agus duinuasal. Donchadh: Nách jintleman is Béarla ar "duinuasal," agus nách "duinuasal" is Gaeluinn ar jintleman? Tadhg: Sin mar a sheasuighean an dá fhocal, ach ní mar sin a sheasuighean an dá bhrígh. Tá aithne mhaith ag muíntir na h-Éirean ar an bhfear úd a bhíon ar leath shúil agus ar leath chois agus drún air agus a dhóithin airgid aige, airgead a thógan sé le corp éag- córa dlíghe, ó mhuíntir na h-Éirean féin, airgead ná fuil de theidiol aige chuige ach mar atá ag an mbi- theamhnach chun toradh a ghadaidheachta. Is bitheamhnach é agus is mac bitheamhnaigh é. Ní thugaid muíntir na h-Éirean duinuasal ar an bhfear san. Tugaid siad jintleman air. Ach nuair a bhíon a ainim cheart acu d'á chur as Gaeluinn air is "bitheamhnach" é, nú "claidhre," nú "rógaire," nú "robalaidhe," nú "crochaire," nú "diabhal." Donchadh: Oirid na h-ainimneacha go h-áluinn. Tadhg: Ní h-ar aon chuma amháin a dh'oirid siad. Do thráchtair ar an leath shúil agus ar an leath chois agus ar an ndrún. Ní'l ionta san ach míchúmthacht cuirp. Míchúmthacht aigne iseadh bhíon ar an jintleman. Tá sé míchúmhtha 'na chroídhe agus 'na mheón. 'Neósfidh sé an t-éitheach duit agus ní bhéidh náire air nuair gheabh-
far amach é. Brisfidh sé a fhocal leat ar leathphinne ruadh. Déanfidh sé spriúnlaitheacht ort go mbéadh náire ar thíncéir é dhéanamh. Cuirfidh sé an bhaintreach agus na gárlaigh amach as a mbothán fé shioc agus fé shneacht, agus ar ball cuirfidh sé fíneáil ar gharsún mar gheall ar ghabháil ró dhian ar asal! Is 'mó rud grána a chonac i riocht duine, i gcaitheamh mo shaoghail, a Dhonchadh, ach is dóich liom gur b' é an jintleman an rud is gráinne agus is measa a chonac riamh i riocht duine. Donchadh: "Ach! 'Sé an diabhal é!" Tadhg: Tá an diabhal olc a dhóithin nú is measa an jintleman 'ná é. AN MISTER. Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach siné an bóthar aleith é! Tadhg: Cé h-é féin, airiú? Donchadh: An jintleman, dar an bportús! Tadhg: Ní fheadar cad é an gnó atá anso aleith aige. Donchadh: Ní bhéir abhfad mar sin. Sidé an dorus isteach é. Tadhg: Cé h-é thusa, ar mhisde a fhiafraighe dhíot? Tadhg: Tá fhios agam go dian mhaith, is mithid dom a fhios a bheith anois agam, go ndéanfidh an dlígh seo atá i n-Éirinn againn pé rud is toil leat-sa. Labhair Gaeluinn liom. Shéanais do Chreideamh. Shéanais do ghaolta. Shéanais Éire. Shéanais an Ghaeluinn, ach níor fhéadais sgaramhaint léi. Tá sí ad bhéal agat chómh blasta díreach agus 'tá sí agam féin nú ag Donchadh anso. Labhair í, a mhister!
Tadhg: Dar fiadh ach tá corp lár an chirt agat, a mister, agus ní gá d' aoinne ach féuchaint ort chun a fhios a bheith aige go bhfuil. Isé an Béarla chuir an bolg ort. Isé an Béarla dhéin do phóca teann. Isé an Béarla fé ndeár an dlígh bheith ar leath shúil agat. Ní fheicean an dlígh choídhche ach do thaobh-sa de gach sgéal. Ghan amhras isé an Béarla is feár chun builg do líonadh agus chun póca do theanadh agus chun dlíghthe do chamadh. Is maith agus is cialmhar a dhéinis é, a mhister, páirt a ghabháil leis an mBéarla agus an Ghaeluinn do shéanadh. Tadhg: Mar sin, a mhister, tá cial agus cial ann. Is maith an rud do dhuine a bheatha thuileamh agus é féin do chur ar aghaidh sa tsaoghal chómh maith agus d'fhéadfidh sé é. Ach ní maith an rud do dhuine é féin do chur ar aghaidh le cuid an fhir thall; a bholg do líonadh ó alus dhuine eile; a phóca dhéanamh teann le h-airgead nách leis féin; éugcóir a dhéanamh ar a chómharsain le dlígh a bhéadh ar leath shúil agus ar leath chluais. Tadhg: Cad 'na thaobh nár chríochnuíghis an cheist? Tadhg: Níor fhiafraighis díom conus a bhainean mo chaint le feabhus na Gaeluinne seachus an Bhéarla chun cosg a chur le daoíne a bhéadh 'ghá gcur féin ar aghaidh le h-éagcóir. Tadhg: Is ar an t-é a bhíon lag is gnáth an éagcóir
a dhéanamh. Tá dhá shaghas nirt sa dhuine, neart cuirp agus neart aigne. Is neamhnídh neart cuirp seachas neart na h-aigne. Tháinig meathalú' ar neart a n-aigne do mhuíntir na h-Éirean nuair a chromadar ar a gcaint féin do chaitheamh uatha agus ar an mBéarla ghlacadh. Mura mbéadh an meathalú' san ní fhéadfá-sa agus do leithéidí an éagcóir a dhéanamh mar a dhéinbhúir. 'Sé sin le rádh, ní chuirfadh an Béarla sibh ar aghaidh sa tsaoghal mar a chuir. Ní'l leigheas ar an meathalú' ach muíntir na h-Éirean do dhul agus eólus a chur ar a gcaint féin airís. Tabharfidh san neart aigne airís dóibh. Caithfidh sibh-se atharach slíghe tharac chúghaibh ansan, a mhister, agus ní h-i n-olcas a curfar sibh. Tadhg: Déanfar daoíne macánta dhíbh d' bhúr n-aimhdheóin! AN CUR LE CHÉILE. Donchadh: An dóich leat, a Thaidhg, a' dtiocfidh sé siúd indiu airís chúghainn? Tadhg: 'Sé mo thuairim go dtiocfidh. Tá sé ana neamhshásta i n' aigne le déanaíghe. An fhaid a bhí an Ghaeluinn fé chosaibh daoíne a's beithígheach bhí an sgéal maith go leór aige féin agus agá leithéidí. Bíodar 'ghá mbeathú' féin agus 'ghá ramharú' féin le cuid na ndaoíne agus ní raibh aoinne go raibh sé de mhisneach aige focal a rádh 'na gcoinnibh mar bhíodar fé sgáth an namhad. Chíd siad anois, fé mar atá an Ghaeluinn ag neartú' go bhfuil stailc ag teacht i gcroídhe agus i n-aigne na ndaoíne agus gur baoghal dóibh gur geár ná déanfidh sgáth an namhad aon díon dóibh. Tá san ag cur neamhshuainis ortha. Donchadh: Dar fiadh, sidé chúghainn é. Tadhg: Níor ghreánta dhúinn, a mhister, go dtí go bhfeacamair tusa ag teacht. An amhlaidh ná fuarais do dhóithin an lá deirineach?
Tadhg: Abair mar seo é, a mhister. Mura mbéadh an saothrú' so na Gaeluinne do choimeádfadh muíntir na h-Éirean a gceann fútha, mar a choimeádadar le fada roimis seo, ag obair ó dhubh go dubh ag baint saidhbhris as an dtalamh, agus ní dhéanfidís oiread agus súilfhéachaint a thabhairt lastiar díobh ar na bitheamhnaigh a bhí ag breith an tsaidhbhris chun siúbhail chómh tiugh agus a déintí é. Chómh luath agus a tusnuigheadh ar an nGaeluinn do shaothrú' do thusnuigh ceól agus binneas agus neart na Gaeluinne ar dhul fé n-a n-aigne do mhuíntir na h-Éirean, nú do chuid mhaith acu ar aon chuma. Ansan do thógadar a gceann agus d' fhéuchadar ar na bitheamhnaigh. Isé nádúr an bhitheamnaigh go dtagan crith chos a's lámh air chómh luath agus a chídhtear é ag déanamh an bhitheamhantais. Bíon an sgéal ar a thoil ag an mbitheamhnach an fhaid ná feictar é ag déanamh na gadaidheachta. Bitheamhnaigh iseadh sibh-se go léir, a mhister, agus siné fé ndeara dhaoíbh an sgannra so go léir a bheith oraibh roimis an nGaeluinn agus roimis an gcur le chéile seo atá ag Caitilicithibh na h-Éirean d'á dhéanamh anois chun a chur fheuchaint oraibh-se, agus nára maith agaibh, an bitheamhntas do chur uaibh.
Tadhg: Dar fiadh, a mhic ó, ach tá an ceart sa mhéid sin agat pé 'n-Éirinn é. Ní'l aon rud is feár a thaithnean leis an ngadhar go mbíon an cnámh 'n-a bhéal aige 'ná na gaidhir eile dh'fhanmhaint socair agus a leogant dó an cnámh do phiocadh ar a shuaineas. Níor shéanais an Creideamh, an eadh? Cad é an deifrígh- eacht is dóich leat-sa atá idir an Creideamh do shéanadh agus páirt a ghabháil le namhaid an Chreidimh? Caitilcídhe iseadh thu, dar leat. 'Seadh, agus dá ráineóch' go mbéidhfá ad aonar i gcuideachtain Phrotestúntach d'íosfá feóil Dé h-Aoíne le h-eagla go ndéarfí gur bhigot Caitilicídhe thu! Caitilicídhe a choidil amuich iseadh thusa, a mhic ó. Bhí an sgéal ar do shuaineas agat an fhaid ná raibh aoinne ag féuchaint ad' dhiaigh. Bhí an dá shraíng ar do bhogha agat. Bhí Caitilicithe na h-Éirean d'á robáil agus d'á gcreachadh agus bhís-se ag lútáil i láthair na mbitheamhnach ag brath air go gcaithfí blúire beag de'n bhia bhradach anois a's airís chúghat. Ba mhaith leat anois go bhfágfí gach aon rud mar atá sé. Go mbéadh síothcáin agus suaineas agus carthanacht againn go léir i n-Éirinn. Tá go breágh. Is searbh í an fhírinne, a mhister. Ach deirim leat gur geár ná beidh aon dul uaithi i n-Éirinn. Tá solus na Gaeluinne ag teacht go tiugh. Ba mhaith leis an mbitheamhnach, agus le n-a lucht leanamhna, ná tiocfadh an solus. Ar an ndoirch- eacht a bhíon a seasamh. Fé sgáth na doircheachta iseadh dhéinid siad a ngnó. Ach eiríghean an ghrian d'á n-aimhdheóin. Tagan an solus go breágh láidir geal. Téidhan an solus isteach ins na póirsibh dorcha. Ansan iseadh bhíon rudaí grána a d'iaraidh dul i bhfolach agus é ag teip ortha. Is grána an driuch a bhéidh ort-sa, a mhister, nuair a thiocfidh tuille de'n tsolus ort. Dá nglacthá mo chómhairle d'iompóchá agus thiocfá ar an dtaobh ceart sar a dtiocfadh an iomad soluis ort.
Tadhg: Fan leat go fóil. SEANA BHÉAS. Donchadh: A Thaidhg airiú, nách ait an saghas duine an Mister úd. Thuig sé an uile fhocal d'á ndúbhraís agus ní bhainfadh an saoghal focal Gaeluinne as. Tadhg: Tá a lán d'á shaghas againn. Fuaradar an droch bhéas nuair a bhíodar ag eiríghe suas. Bhí aithne mhaith agam ar a athair agus ar a mháthair. Ní raibh an Béarla acu ach go neamhshlachtmhar. D'á bhrígh sin b'fheár leó i gcómhnuighe an Ghaeluinn do labhairt. Bhí an Ghaeluinn ar áileacht acu. Dá mbeidhthá tamal sa tigh ní fhéadfá gan gáire dhéanamh. D' aireóchthá coitchianta an t-athair agus an mháthair ag labhairt na Gaeluinne agus an chlann ag freagairt as Béarla. "A' bhfuilean tú ansan, a Shiobhán?" a déarfadh an t-athair. "Cá bhfuil Séamus?" a déarfadh an t-athair. "Agus, a laoigh," a déarfadh an t-athair, "nách mór an iongna nár chuais-se le n-a chois." Chomáinfidís leó ar an gcuma san. Ní fheacaís aon rud riamh chómh h-ait leis mura mbéadh taithíghe agat air. Ach ní dhéinidís féin aon iongna i n-aon chor dé. Donchadh: Fágaim le h-udhacht, nuair airígheas tusa agus an Mister úd ag caint anso an lá fé dheire, agus an Ghaeluinn agus an Béarla ag freagairt a chéile agaibh, gur mheasas nár airígheas riamh aon rud chómh h-ait. Tadhg: Dar ndó ní h-amhlaidh a mheasfá dhom Béarla do labhairt leis?
Donchadh: Ní h-amhlaidh; ach ba dhóich liom gur chorp droch mhúine dhó-san gan Gaeluinn do labhairt leat-sa nuair a labhrais an Gaeluinn leis. Tadhg: Ní le h-aon droch mhúine a dhéin sé é ach an seana bhéas a bheith aige. Is deacair an lámh uachtair fhághail ar sheana bhéas, a Dhonchadh. Donchadh: Is deacair an lámh uachtair fhághail ar sheana bhéasaibh an Mhister pé 'n-Éirinn é. Is cam an aigne atá aige! Bhainfadh sé corp an tuathail amach a' corp na fírinne. Chuirfadh sé 'n-a gheal ar dhuine an dubh is duibhe, agus chuirfadh sé 'n-a dhubh ar dhuine an geal is gile. Is uathbhásach an obair a ' rádh ná féadfadh sé a thuisgint gur ceann fé agus lot agus leathlámh ar Éirinn gan a caint féin a bheith 'na béal féin aici; nách féidir chóidhche do mhuíntir na h-Éirean bheith chómh deas ar an mBéarla agus a bhéidís ar a gcaint féin dá ndéinidís taithíghe i gceart di; agus go dtugaid siad, le n-a dtoil mhacánta, an lámh uachtair agus an uile shaghas búntáiste ortha do mhuíntir Shasana nuair a thoilíghid siad chun an Béarla ghlacadh agus chun na Gaeluinne chaitheamh uatha ar fad. Is cuma é nú an rud a dhéanfadh duine, go mbéadh eolus maith aige ar conus troid a dhéanamh le h-arm áirighthe, agus go dtoileóch' sé chun a chuid airm féin do chaitheamh uaidh agus an troid a dhéanamh i gcoinnibh a namhad leis an arm ná fuil eólus aige air agus go bhfuil eolus ag an namhaid air. Tadhg: 'Sé mo thuairim láidir, a Donchadh, nách aon easba tuisgiona atá ar an Mister. Is dóich liom go dtuigean sé an sgéal go léir chómh maith díreach agus thuigean tusa é. Rógaireacht atá ag imirt air. Is dóich leis go ndéanfidh sé a phuínte féin amach níos feár má thógan sé páirt leis an mBéarla. A ghnó féin isé atá ag déanamh buartha dhó, agus ní h-é gnó na Gaeluinne 'ná gnó na h-Éirean. Donchadh: Agus conus a bhéidh an sgéal ar ball aige nuair a bhéidh an buadh ag an nGaeluinn? Tadhg: Béidh ruith madra an dá cháis air.
CEART DOM, CEART DUIT. Donchadh: Seadh! Cad 'deirean tú leat féin anois, a Thaidhg? Tadhg: Deirim an sean fhocal. Donchadh: Cad é'an sean fhocal? Tadhg: "An rud ba mheasa le duine 'ná a bhás ní fheadair sé ná gur b' é lár a leasa é." Donchadh: Tá go maith. Ach tá sean fhocal eile agam-sa. Tadhg: Cad é an sean fhocal é? Donchadh: "Ceart dom, ceart duit." Má 's maith leat ceart fhághail uaim ní foláir duit ceart a thabhairt dom. Má bhíon duine lán cheapaithe ar gan ceart a thabhairt dom cad é an teidiol is dóich leis atá aige chun aon chirt fhághail uaim? Tadhg: Seachain, a Dhonchadh. Táir ag dul thar teórainn an chirt. Má dhéinim éagcóir ort ní thugan san aon teidiol duit-se chun éagcóra dhéanamh orm. Ní'l sé ceadaithe ag aoinne olc a dhéanamh i n-aghaidh an oilc. Donchadh: Ach ná fuil sé ceadaithe agam mé féin do chosaint ar an éagcóir agus mo cheart do chur i bhfeidhm? Tadhg; Tá gan amhras. Donchadh: Agus má tá an namhaid ag cur le chéile coitchianta chun na h-éagcóra dhéanamh orm féin agus ar mo mhuíntir ná fuil sé ceadaithe agam-sa agus agam' mhuíntir cur le chéile chun sinn féin do chosaint agus chun ár gcirt do chosaint? Tadhg: Ní foláir a admháil. Donchadh: Agus cad chuige mé bhualadh má 'seadh! Nár chirte an chéad bhuille bhualadh ar an muíntir atá ag déanamh na h-éagcóra orm! Tadhg: Tá sean fhocal eile agam duit mar fhreagra ar an gceist sin, a Dhonchadh. "Os a chómhair amach is usa bréag a chur ar dhuine." Má bhíon tú féin agus do mhuíntir ag cur le chéile chun sibh féin a chosaint ar bhúr namhaid, an amhlaidh is iongna leat an namhaid sin do theacht ar t' aghaidh amach ag cur éithigh ort sa n-áit is feár 'na raghaidh an t-éitheach i bhfeidhm ort? Ansan,
nuair a théidhan an t-éitheach i bhfeidhm ad choinnibh cad é an iongna is ceart duit a bheith ort má buailtear buille ort? Fuilig an buille, a dhuine, agus cruinnigh do mheabhair, agus má dhún an buille súil leat coimeád an tsúil eile ar dian leathadh. Nocht an fhírinne. Isí an fhírinne an t-arm is feár agus is géire agus is truime a bhí i láimh aoinne riamh. Donchadh: D' fhuiligeóchainn buille ó namhaid, ach is ana dheacair fulag le buille ó charaid, ó'n t-é gur ceart dó mé chosaint ar an namhaid. Tadhg: Ní dhéanfidh an buille sin blúire díobhála dhuit. Gan amhras cuirfidh sé cancar ort mar tabhar- fidh sé cúis gháire do'n namhaidh ar feadh tamail. Ní leanfidh an gháire sin abhfad. Ní'l aon rud uait-se ach do cheart. Éilimh do cheart. Ná staon ó'n éileamh san. Cuir do cheart i bhfeidhm os cómhair Dé agus daoíne. Ach féuch. Déin an cur i bhfeidhm feasda i dtreó ná féadhfidh an namhaid is gunta aon lúb ar lár fhághail ad' ghnó 'ná aon pholl fhághail lastiar díot chun an éithigh a chur isteach ad' choinnibh. Ach i dtaobh an bhuille seo a buaileadh ort, ní baoghal duit go ndéan- fidh sé aon rud duit ach tairbhthe. An bhfeacaís riamh cnucán aitinn tré theine? Ar thugais fé ndeara, nuair a bhíodh na daoíne 'ghá bhualadh le cleathachaibh agus ag gabháil de chosaibh ann a d' iaraidh na teine chur i n-éag, d'á mhéid a buailtí é gur bh' eadh ba mhó do lasadh sé? Donchadh: Thugas go minic; go mór mór nuair a bhíodh an t-aitean feóchta agus ana thirim. Tadhg: An t-aitean so na h-éagcóra atá le losgadh againn i n-Éirinn, tá sé ana thirim agus tá sé feóchta ruadh. Tá an teine curtha againn ann. D'á mhéid a buailfar an teine feasta iseadh is mó do lasfidh sí, go dtí go mbéidh an t-aitean 'na luaithrigh. MO PHORT FEADUÍOLA. Donchadh: Is dócha gur cuímhin leat-sa, a Thaidhg, an spórt úd a bhíodh ag an aos óg fadó, nuair a bhí an Ghaeluinn go blasta ag miuíntir na h-Éirean, óg agus críona.
Tadhg: Is 'mó saghas spóirt is cuimhin liom a bheith acu ná fuil anois acu. Cad é an spórt go bhfuilir ag tagairt dó? Donchadh: Bhíodh gasra againn cruinnighthe i dtigh cómharsan agus duine againn 'na cheann ar an gcuid eile againn. Do shuigheadh an ceann i lár baíll ar chathaoír agus chuireadh sé a chos ar a leath-ghlúin agus chuireadh sé síos dlígh an spóirt dúinn ar an gcuma so:- "Aon duine do labharfidh, ná do gháirfidh, ná dhéanfidh sraedh, ná casachtach, 'ná mianfuíach, 'ná féuchaint tar a ghualainn, 'ná a cheann do thochas, curfar pionós air - Ach tá cead agam féin mo phort feaduíola bheith agam." Ansan do chomáinfadh sé leis ar a phort feaduíola agus é ag faire go géar orainn go léir sa tímpal féuchaint cé ba thúisge bhrisfadh an dlígh. Níor chuireas as mo chuímhne riamh an focal úd, "cead agam féin mo phort feaduíola bheith agam." Is cuímhin liom go dian mhaith, d'á óige bhíos an uair sin, go dtáinig stailc am aigne i gcoinnibh an fhocail sin. Is minic ó shin, a Thaidhg, a chonac an dlígh chéadna ar bun ameasg daoíne a bhí imthighthe tamal maith ó n-a n-óige, agus nách ag spórt 'ná ag magadh 'ná ag caitheamh aimsire bhídís ach do chroídhe dáiríribh, agus an focal céadna úd a bhíodh againn sa spórt, é acu go leir, cead agam féin mo phort feaduíola bheith agam!" Tá rud eile leis agam d'á thabhairt fé ndeara, rud a bhainean gáire go minic asam. An t-é is aoírde a labhran 'ghá órdúghadh an dlígh chur i bhfeidhm, is minic gur b' é is déine dhéinean éiliomh ar a "phort feaduíola" dhó féin. Tadhg Téidhean sé go h-ana mhaith d'á lán daoíne, a Dhonchadh, dlígh a bheith i bhfeidhm ar dhaoínibh eile agus "cead a bheith acu féin a bport feaduíola bheith acu." Donchadh: Téidhean. Tá sgaoílte leó agus curtha suas leó anois le tamal maith i n-Éirinn. Tá droch bhéas fághalta acu. Dar fiadh, a Thaidhg, ach is dóich liom go bhfuil daingean 'na n-aigne do chuid acu gur ceart dúinn go léir bheith ana bhuidheach ar fad díobh nuair ná gabhaid siad mór thímpal na h-Éirean ag baint na gceann dínn!
Tadhg: Éist do bhéal, a dhuine! Daingean 'ná n-aigne! Tá an méid sin chómh daingean agus d' fhéadfadh sé bheith 'n-a n-aigne d'á lán againn féin. Tá cuid againn, a Dhonchadh, a mheasan nách féidir dúinn choídhche a bhuidhchas do ghabháil i gceart le Pro- testuntaibh na h-Éirean toisg ná gluaisid siad mór thímpal na tíre ag baint na gceann dínn. Donchadh: Is dócha é. Is deacair puínn misnigh a chur i ndaoíne chómh meathta. Buidhchas d'á ghabháil le duine mar gheall ar an gceart a dhéanamh! Nú mar gheall air gan an éagcóir a dhéanamh! Is beag an iongna a "phort feaduíola" ag an nduine sin. Tadhg: "Buidhchas d'á ghabháil le duine mar gheall air gan an éagcóir a dhéanamh," arsa tusa. Ní h-eadh i n-aon chor, a mhic ó, ach buidhchas d'á ghabháil go dúrthachthach leis an t-é a dhéinean éagcóir throm nuair ná déinean sé éagcóir níos truime. Donchadh: An dóich leat an fada a leanfidh an obair sin, a Thaidhg? Tadhg: Ní dóich liom gur fada. Is dóich liom gur beag 'ná go bhfuil deire leis an "bport feaduíola." Tá daoíne ag eiríghe suas chúghainn ná cuirfidh gothaí aon sgeón ionta. Ní baoghal go bhfaghaidh aoinne aon bhuidhchas uatha mar gheall air gan éagcóir a dhéanamh, ach is baoghal do lucht na h-éagcóra dhéanamh go gcurfar a mhalairt de chúram ortha d' éaghmuis bheith ag feaduíol. Gothaí agus bladhman agus glór na neithe a choimeád an lámh uachtair ag lucht feaduíola, mar do chuiridís sgeón i ndaoíne. Tá an sgeón ag teip cheana féin. Is geár ná bainfid na gothaí amach ach sgearta gáire. Ar thugais fé ndeara, a Dhonchadh, gur b' é an fear meathta is mó a dhéinean gothaí agus bladhman agus glór? Donchadh: Dáltha an ghadhair meathta. Is é is mó a dhéinean amhstarach. Tadhg: Agus is é is túisge a rithean ó'n gcómhrac.
ÉITHEACH I RIOCHT FÍRINNE. Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Seo rud a chuirean iongna mo chroídhe orm go minic. I gcómhnuíghe riamh, nuair a bhínn féin agus buachailí eile ag gabháil an bhóthair, ag dul go dtí an t-Aifrean nú ag dul ar aonach, nú ag dul ar an gCíncís go Baile Mhúirne, agus go n-eirígheadh aighneas nú diospóireacht ead- arainn, an t-é go mbéadh an fhírinne aige níor ghá dhó ach an fhírinne thaisbeáint nuair a ghéilfadh gach aoinne d'á chaint. Ach nuair a bhíon diospóireacht phoibilídhe ar siúbhal anois i dtaobh aon ruda a bhainean le ceart na gCaitilicithe i n-Éirinn, d'á shoiléire' a nochtthar an fhírinne iseadh is dána a séantar í. Tadhg: An mhuíntir a shéanan an fhírinne sa diospói- reacht phoibilídhe seo, a Dhonchadh, ní h-í an fhírinne a bhíon uatha. Dá nglacaidís an fhírinne bhéadh ortha, beart a dhéanamh do réir na fírinne. Ní oirean san dóibh. Oirean dóibh leanamhaint ar an éagcóir. Isí an éagcóir is adhbharaíghe dhóibh. Isí atá acu 'á dhéan- amh riamh. Tá an seana thaitíghe acu uirthi. Isí atá ag cur na blonaige ortha riamh. Dá nglacaidís an fhírinne níor bh'fholáir dóibh iompáil agus an ceart a dhéanamh. Ansan d' imtheóch' an bhlonag. Donchadh: Ná béadh sé chómh maith acu déanamh mar a dhéineadar riamh, an éagcóir a dhéanamh go dána agus go ceanárd agus gan aon t-sásamh a thabhairt d' aoinne ann? Tadhg: Ní dhéanfadh san an gnó anois, dóibh. Tá an saoghal atharuighthe. Ní foláir dóibh raint gliocais a tharac chúcha anois; an t-éitheach a chur i riocht na fírinne agus an éagcóir a chur i riocht an chirt. Níor bh'fhéidir dóibh seasamh i n-aon chor i n-Éirinn gan lámh Shasana bheith leó. Dá gcuiridís an t-éitheach amach 'na riocht féin ní bhéadh aon mheas thall i Sasana ortha. Ní h-amhlaidh atá aon ghrádh thall do'n fhírinne, ins na neithe a bhainean le h-Éirinn, ach tá ana bhágh ann leis an ngastacht a chuirfidh an t-éitheach i riocht na fírinne. "Ní'l sprid 'ná púca gan fios a chúise aige féin." Tá fios a gcúise féin go h-áluinn ag an "nGairi- siún" so againn i n-Éirinn. Tá, mar a deirean tú, an diospóireacht ar siúbhal idir sinn féin agus muín-
tir an "Ghairisiúin." Cuirimíd-ne an fhírinne amach agus éilímíd ceart. Cuirid siad-san riocht an éithigh ar an bhfírinne sin láithreach agus cuirid siad 'na luíghe ar an muíntir thall ná fuil aon éagcóir acu féin d'á dhéanamh, nú má tá éagcóir 'á dhéanam i n-aon chor gur sinne atá ag déanamh na h-éagcóra ortha- san. Donchadh: Ach, 'sé an diabhal buídhe é. Tadhg: Sin mar atá an sgéal, bíodh sé buídhe nú breac agat. Donchadh: Is amhlaidh ba cheart iad do sguabadh, 'dir chorp ceart, amach as an oileán! Tadhg: B' fhéidir go mbeadh cial leis an gcaint sin dá mbéadh an sguab agat, agus í láidir a dóithin. Ach ní'l sí mar seo 'ná mar siúd agat. Donchadh: Agus nách mór an iongna, daoíne chómh tuisgionach le muíntir Shasana, a rádh go bhféadfí bob de'n tsórd ran a bhualadh ortha. Tadhg: Ní cúrsaí tuisgiona 'ná neamh-thuisgiona é, a Dhonchadh, ach cúrsaí an ruda a thaithnean le duine. Ní'l aoinne gur b' usa bob a bhualadh air 'ná an t-é go dtaithnean an bob leis. Ní'l aon fhonn ar mhuíntir Shasana ceart do chur i bhfeidhm do Chaitilicithibh na h-Éirean i gcoinnibh an "Ghairisiúin." D'á bhrígh sin is ró uiriste a chur 'na luíghe ortha ná fuil aon ghá leis mar ná fuil éagcóir 'á dhéanamh ortha; nú má tá éag- cóir 'á dhéanam gur b' iad-san atá ag déanamh na h-éagcóra ar an "nGairisiún" mbocht. Donchadh: Agus cad 'tá le déanamh againn? Suidhe síos go dúbhach agus sgaoíle leis an éagcóir? Tadhg: Ní h-eadh. Bhíomair fada ár ndóthin 'á dhéanamh san. Caithfimíd cuid d'á gcleasaibh féin a dh' imirt ortha, Donchadh: An t-éitheach a chur i riocht na fírinne ortha, an eadh? Tadhg: Ní h-eadh, Is treise an fhírinne 'na riocht féin 'ná aon éitheach i riocht fírinne. Má chuirid siad- san an t-éitheach i bhfeidhm i riocht fírinne, le n-a ngastacht, ba chóir go bhféadfimís-ne an fhírinne chur i bhfeidhm 'na riocht féin, le n-ár ngastacht féin. Agus ba chóir go bhféadfimís rud eile dhéanamh. Ba chóir go bhféadfimís riocht na fírinne bhaint de'n éitheach
atá acu-san, agus an t-éitheach do nochtadh os cómhair an domhain, 'n-a riocht féin. Donchadh: Ansan iseadh bhéadh an spórt againn ortha. GLIOCAS. Donchadh: Dúbhraís anso, seachtmhain a's lá 'ndiu, a Thaidhg, má's maith linn sinn féin a chosaint ar éitheach i riocht fírinne nách foláir dúinn sa n do dhéanamh le gastacht agus le gliocas. Tadhg: Ná deir an sean fhocal, "an t-é ná fuil láidir ní foláir dó bheith glic"? Donchadh: Tá go maith, ach éist leis an méid seo. Suím aimsire ó shin bhí duine 'na chómhnuíghe i n-áit ná fuil ró fhada uainn anois. Bhí sé pósta dhá uair. Bhí mac aige leis an gcéad mhnaoí, agus bhí an tarna mac aige leis an tarna mnaoí. Ba mhaith leis an tarna mnaoí, mar is gnáth go minic i gcás d'á shórd, an leas-mac do chur ar siúbhal as an áit agus an fheirm a choimeád, dá bhféadadh sí é, d'á mac féin. Buachail cialmar, críochnamhail, deagh-ghnóthach ab eadh an leas- mhac. Réice díomhaoín ab eadh an mac eile. Níor bh'iongna é bheith mar sin mar dhein sí peata dhé, agus, mar adeir an sean fhocal, níor tógadh riamh peata níos droch mhúinte, níos droch iompartha, 'ná peata duine nú peata muice. Agus deirtear gur measa an duine ná an mhuc féin. Conchúbhar ab ainim do 'n leas-mhac. Mícheál ab ainim do 'n pheata. Bhí an t-athair ag dul i n-aoís agus ní fhéadadh an duine bocht bheith 'na shuidhe ró mhoch ar maidin. Nuair a bhíodh tamal de'n mhaidin caithte d'eirígheadh sé:- "Cá bhfuil Mícheál?" adeireadh sé. "Tá sé ag leogaint uisgíacha síos ansan," adeireadh an mháthair. "Cá bhfuil Conchúbhar?" adeireadh sé. "Tá sé ag siúbhal bhothán soir ansan," adeireadh sisi. Agus isé Mícheál a bhíodh ag siúbhal na mbothán, agus Conchúbhar a bhíodh ag leogaint na n-uisgíacha ar an móinfhéar chun an fhéir a chur ag fás air. Níor
stad sí go dtí gur chuir sí an t-athair agus an leas- mhac i gcoinnibh a chéile, i dtreó go mb'éigion do Chonchúbhar imtheacht. Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Cad é an tairbhthe fhéadfadh gastacht 'ná gliocas a dhéanamh do Chonchúbhar nuair a bhí an éagcóir sin 'á dhéanamh air a gan fhios dó? Tadhg: Gan dabht ar domhan ní foláir a admháil gur dheacair dó é féin a chosaint. Agus is dóca gur méuduígheadh an deacaracht nuair a fuair sé gur chreid an t-athair an t-éitheach. Ní'l aoinne gur dea- cara dhó gliocas a tharac chuige 'ná an t-é a bhíon macánta díreach agus go mbíon an fhírinne aige. Tuigid lucht an éithigh agus na tromaídheachta an méid sin go h-áluinn agus beirid siad gach aon bhúntáiste as ar fhear na fírinne. Ach féuch a leith orm, a Dhonchadh. Nár chóir go bhfoghlumóch' fear na fírinne cial luath nú mall! Donchadh: Cuir i gcás an leas-mhac úd. Cad a dhéanfá féin, a Thaidhg, dá mbéadh siúbhal na mbothán d'á chur ort, a gan fhios duit, agus tú ag brise do chroídhe ag obair? Tadhg: Is 'mó rud a dhéanfinn i n-éaghmuis stailc a chur suas agus imtheacht liom féin. Ba chóir go raibh fhios aige gur bh' é sin díreach an rud a theastuigh ó'n leas-mháthair. Donchadh: Gabhaim pardún agat. Ní raibh aon phioc d'á fhios aige. Bhíodh sí go h-ana mhór leis ar gach aon tsaghas cuma. Ba dhóich leat uirthi nuair a bhíodh sí ag caint leis, nú ag níghe agus ag glanadh, gur mheasa léi é 'ná a mac féin. Tadhg: Ó! Airiú nár bh' í an chuirptheach í! Donchadh: Ní h-é sin an sgéal ach cad a déanfá léi? Conus a chosnófá thú féin uirthi? Tadhg: Déarfinn liom féin ar dtúis, nuair a ghea- bhainn m' athair iompuighthe am' choinnibh, ná féadfadh sé bheith iompuighthe gan chúis. Nuair a labharfadh sé feargach liom do labharfinn réidh leis. Bhéinn ag cimilt bhaise dhé go meallfinn uaidh cad a bhí agam 'á dhéanamh as an slígh. An fear a bhí maol a dhóthin chun an éithigh a chreideamhaint bhéadh sé maol a dhóthin chun a ínsint dómh-sa cá dtáinig an t-éitheach. As san
amach níor ghá dhom bheith ag cur a thuairisge ar aoinne cad ba cheart dom a dhéanamh. Ach féuch, a Dhonchadh, a mhic ó, ní'l an cás cruinn agat. Donchadh: Conus? Tadhg: Ní'l aon phioc d'á mhearthal orainne cad tá ag an leas-mháthair 'á dhéanamh. Tá aithne mhaith againn uirthi féin agus ar a cleasaibh, agus ar an bpeata duine atá aici, atá níos measa 'ná an peata muice is measa le fághail. Gheabhmíd an lámh uachtair ortha araon, ach ní foláir duínn bheith ana ghlic. AN PEATA. Donchadh: Tá an ceart, agat, a Thaidhg, i dtaobh na leas-mháthar so atá orainne i n-Éirinn. Tá aithne mhaith againn uirthi féin agus ar a peata. Ach cad is gá an gliocas go léir? Má thagan rógaire bacaigh isteach am' thigh agus má chroman sé ar an mbia a dh' ithe do h-olmhuigheadh dom féin agus do m' chlainn, má táim ábalta ar bhreith ar chúl cínn air agus é chur ar a shróin amach ar an gcarn aoiligh le buile chic a bhainfadh tresáilt as, cad é an gá atá agam le gliocas? An amhlaidh a mheasfá dhom bheith ag mion-gháirí leis agus ag cimilt bhaise dhé, a d' iaraidh é mhealladh amach agus an dorus a dhúnadh air? Tadhg: Ó, ambasa, a mhic ó, má 's dóich leat go bhfuil sé ad bheilteanaibh an gníomh san a dhéanamh níor ceapadh riamh gliocas dob' fheár 'ná é. Ach cad é an bac atá ort raint mion-gháirí dhéanamh leis go dtí go mbéidh an greim daingean agat ar a chúl? Ach an bhfuil ionat an gníomh a dhéanamh? An cuimhin leat cad dúbhart leat an lá fé dheire i dtaobh na sguaibe? Donchadh: Is cuímhin go maith. Siné a mhíll na daoíne tháinig rómhainn anso i n-Éirinn le tamal. Ní fhéadidís cuímhneamh ar aon tseift eile ach ar an sguaib. Ní'l aon nídh is feár a thaithneadh leis an bpeata 'ná san. Bhí fhios aige go maith ná raibh aon sguab ag muíntir na h-Éirean. Ná raibh fiú an tsuip féin acu i n-inead na sguaibe. Bhí fhios aige, chómh luath agus dhéanfidís aon iaracht ar sguabadh, go
sguabfadh a mham as an saoghal iad agus go ndéanfadh san tuile slíghe dhó féin. Is minic a dhéin sé droch ghníomh ar mhuintir na h-Éirean, d' aon ghnó, chun iad a chomáint chun na sguaibe, mar bhíodh fhios aige cad é an deire bhéadh air. Ach tá a mhalairt de chial ag teacht do mhuíntir na h-Éirean, a Thaidhg, i n-éaghmuis ruith chun na sguaibe, agus gan í ann, mar shásamh do'n pheata agus é ag magadh fútha. Tadhg: Tá, buidhchas le Dia, an chial san ag teacht dóibh, agus ba dheacair a chur fhéuchaint ortha í dh'fhoghluim. Táid siad ag tusnú' ar a thuisgint, fé dheire thiar thall, gur 'mó cuma atá chun droch nídh a chur amach as an dtigh i n-éaghmuis é chur amach le sguaib. Agus féuch, a Dhonchadh. Tá an sgéal go h-ait ag an bpeata i dtaobh na sguaibe. Tá a mháthair, i gcómhnúighe riamh, olamh ar aoinne mharbhú' do láimhsiál- fadh sguab, ach an fhaid ná feicfadh sí an sguab ad' láimh agat ní bhéadh leath suime aici i n-aon rud a dhéanfá leis an bpeata. D'fhéadfá breith ar chúl cínn air agus é caitheamh an dorus amach agus an chic úd a thabhairt dé, ach an fhaid ná feicfadh an mháthair sguab ad láimh níor dhóich léi go mbéadh aon nídh díobhálach ag imtheacht air. Tá an peata bocht i gcruadh chás le déanaighe mar gheall air sin. Is mór an spórt bheith ag éisteacht leis uaireanta agus é a d'iaraidh a chur 'na luíghe ar an seana mhnaoí go bhfuil muíntir na h-Éirean ag láimhsiáil na sguaibe. Nuair fheuchan sí 'na tímpal chíon sí go maith ná fuil aon éifeacht le n-a chaint. Ansan ní dhéinean sé ach fir bhréige chur 'na seasamh anso a's ansúd ar na cnucánaibh, agus sguab 'na láimh ag gach fear díobh. Nuair a bhíon raint acu socair mar sin aige ruithean sé ag trial ar an seana mhnaoí agus, "Ó, a Mham!" adeir sé, "táid munitir na h-Éirean chun sinn go léir do sguabadh amach a' h-Éirinn! Mura mbéadh mé féin bhíomair sguabtha amach um an dtaca so acu. Tar anall agus tabhair leat do sguab nú tá deire le d' réim i n-Éirinn." Dhéin sé amadán di leis an gcleas san cúpla uair. Ní chuirean sí puínn suime ins na fearaibh bréige ó shin. Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil daoíne i n-Éirinn fós atá chómh mór gan chial go gcuirfidís
sguab ar a ngualainn amáireach chómh maith le h-aon fhear bréige acu. Tadhg: Ní chuirfidís, a Dhonchadh. Do leogfidís ortha go gcuirfidís. Nuair a thiocfadh an t-am d'fhágfidís an sguab ag duine éigin eile. Tá sean aithne ag gach aoinne ortha san. AN BHRÉAG MHÓR. Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an focal úd adúbhairt fear an tabhairne nuair a h-iaradh air a thigh tabhairne dhúnadh agus gan deoch meisgeamhail a dhíol Lá Fhéile Pádraig? Tadhg: Ní fheaca. Cad 'dúbhairt sé? Donchadh: Dúbhairt sé ná dúnfadh sé a thigh an lá san, agus go ndíolfadh sé an deoch gan bhuidhchas d'aoinne, agus gur mhó go mór an tairbhthe dhéanfadh sé le n-a dhorus a choimeád ar osgailt agus deoch a dhíol le gach aoinne a' dh'iarfadh é, 'ná mar a dhéanfadh sé le n-a dhorus a dhúnadh. Tadhg: Aililiú! Is ait an sgéal é sin. An amhlaidh a déarfadh sé gur mhó na daoíne a chuirfadh dúil sa ndigh ar meisge 'ná mar a chuirfadh ól an díghe ar meisge? Donchadh: Ní mar sin ar fad a chuir sé é. Dúbhairt sé dá ndúntí na tighthe óil go raghadh na daoíne isteach ins na síbíníbh chun an díghe a dh'fhághail, agus ansan go mbéadh an sgéal níos measa acu 'ná dá bhfaighdís an deoch i dtigh an tabhairne. Tadhg: Is cam an rud aigne an duine, a Dhonchadh, nuair a cheapan an duine an dubh a chur 'na gheal orainn. Is 'mó leath-sgéal a dh'fhéadfadh an fear san a thabhairt uaidh, chun a dhoruis a choimeád osgailte agus chun díghe a dhíol Lá Fhéile Pádraig, agus go mbéadh an fhírinne aige agus cial le n-a chaint. D' fhéadfadh sé a rádh' go breágh macánta, ná féad- fadh sé a dhorus do dhúnadh an lá san mar gur theas- tuigh uaidh go cruaidh raint airgid a dhéanamh chun a chíosa dhíol nú chun a ghlaoidhte d'fhreagairt. Nú d' fhéadfadh sé a rádh ná dúnfadh sé a dhorus an lá san mar gur theastuigh an t-airgead uaidh chun órnáidí
chur ar a mhnaoí nú ar a chlann inghean. Nú d'fhéad- fadh sé a rádh, go breágh réidh, ná dúnfadh sé a dhorus an lá san mar nár ghádh leis é! Gheabhadh sé fiche freag- ra le tabhairt a bhéadh díreach, pé 'cu bhéidís dleaghthach nú ná béidís. Ach ní shásóch' aon fhreagra acu é. Níor bh' fholáir leis dul agus a rádh linn, suas le n-ár mbéal: "Do dhúnfinn mo dhorus Lá Féile Pádraig, i n-onóir do Naomh Pádraig, mura mbéadh aon nídh amháin. Ba chuma liom cad a dhéanfadh an t-airgead. Ní bhéadh aon tsaint i n-aon chor chun an airgid orm. Ach dá ndúnainn-se mo dhorus do raghadh na daoíne isteach ins na síbíníbh agus do tabharfí droch dheoch dóibh, deoch a chuirfadh ar meisge iad agus dhéanfadh, 'na theannta san, díobháil sláinte dhóibh. Ar mhaithe leis na daoíne féin iseadh ná dúnfad mo dhorus an lá san." Féuc air sin! Ar mhaithe leis na daoíne iseadh choimeádfidh sé a dhorus ar osgailt Lá Fhéile Pádraig! Dhúbhart gur 'mó leath-sgéal fhéadfadh sé a tharac chuige 'na mbéidh an fhírinne aige. Deirim anois gur 'mó bréag fhéadfadh sé a tharac chuige agus gan iaracht a thabhairt ar a leithéid sin de bhréig a chur 'na luighe orainn, i riocht fírinne, mar 'dh eadh. "Ní dhúnfad mo dhorus Lá Féile Pádraig agus is ar mhaithe leis an bpoibilídheacht ná dúnfad é." Ba cheart do Chonradh na Gaeluinne duais mhaith a thabhairt do'n bhréig sin. Ní h-é mo thuairim gur féidir buachtaint uirthi. Donchadh: Measaim-se, a Thaidhg, go bhfuil aon rud amháin a bhuadhfadh uirthi. Tadhg: Cad é an rud é sin? Donchadh: Dánaídheacht éadain an fhir a cheapan an bhréag san a chur 'na luíghe orainn. Ní déarfadh sé an bhréag mura mbhéadh gur mheas sé go gcreidfí uaidh í. Is dána an obair dó a mheas go gcreidfadh aoinne a leithéid de bhréig. Ach cad is ceart a rádh leis? Tadhg: Ní ceart aon fhocal a rádh leir. Ní'l ach aon rud amháin a mhúinfidh dó conus an fhírinne dh' ínsint. Donchadh: Cad é an rud é sin? Tadhg: Lá Féile Pádraig a thabhairt dó gach aon lá sa mblian. Gan dul isteach 'na thigh i n-aon chor a thuile.
Donchadh: Dar fiad ach bhainfadh san an cam as! Tadhg: Chuirfadh sé i dtreó é gur chuma dhúinn cam nú díreach é feasta. MAR MHAITHE LEIS FÉIN. Donchadh: Ní fhéadaim gan gáire dhéanamh gach aon uair a chuímhníghim ar an bhfocal úd a dúbhraís an lá déanach, a Thaidhg, i dtaobh fhir an tabhairne ná dúnfadh a dhorus Lá Fhéile Pádraig. Tadhg: Cad dúbhart? Tá sé imthighthe as mo cheann. Is greanamhar an sgéal agam é; an rud a thuit amach dachad blian ó shin tá mo chuimhne chómh glan air agus bhí sé an lá thuit sé amach, ach rud a thuit amach seacht- mhain ó shin d' imtheóch' sé as mo chuímhne chómh glan agus dá mba ná tuitfadh sé amach riamh. Donchadh: Dúbhraís, an fear thabhairne ná dúnfadh a dhorus Lá Fhéile Pádraig nár bh'fheár rud a déanfí leis ná Lá Fhéile Pádraig a thabhairt dó gach aon lá sa mbliain. Gan dul isteach 'na thigh i n-aon chor a thuile. Tadhg: Dob fhíor dhom é. An t-é ná fuil fhios aige conus onóir a thabhairt do Naomh Pádraig do múinfí dhó ar an gcuma san conus onóir a thabhairt dó. An t-é a deir gur ar mhaithe leis an bpoibilídheacht ná dúnfadh sé a dhorus an lá san d' fhéadfí a thaisbeáint dó conus mar atá an phoibilídheacht ábalta ar fhana- mhaint amach a' tigh ná taithnean leó, pé' cu tigh tabhairne é nú síbín, agus go bhfuilid siad ábalta ar fhanamhaint amach as, gach aon lá sa mbliain, chómh maith agus táid siad ábalta ar fhanamhaint amach as Lá Fhéile Pádraig. Donchadh: Nuair a bhéadh an bhliain caithte, agus Lá Fhéile Pádraig tagaithe ar an bhfear tabhairne sin trí chéad uair agus chúig uaire a 's trí fichid, ní fheadar an mbéadh oiread grádh aige do'n phoibilídheacht agus a leogan sé air a bheith aige anois. Ní fheadar ar chuma leis puínn cé 'cu 'raighdís isteach ins na síbíníbh nú ná raighdís. Tadhg: Do bhéadh, a Dhonchadh, an grádh céadna díreach aige do'n phoibilídheacht atá anois aige dhóibh,
an grádh a bhíon ag an gcat duit nuair a bhíon sé 'ghá chimilt féin de t'lurgain agus ag crónán; grádh mar mhaithe leis féin. Donchadh: Ó 'seadh, "Mar mhaithe leis féin a dhéinean an cat crónán. "Is fíos é. Ní féidir a mhalairt a bheith fíor. "Mar mhaithe leis féin" iseadh dhíolan fear an tabhairne deoch. Mar mhaithe leis féin a choiméad- fadh sé daoíne amach as na síbíníb. Nár chóir, a Thaidhg, go bhféadfadh an phoibilídheacht bheith suas le h-obair de'n tsórd san. Tadhg: 'Seadh, ó's "Mar mhaithe leis féin" a dhéin- ean an cat crónán, agus ó's "mar mhaithe leis féin" is maith le fear an tabhairne na daoíne choimeád amach as na síbíníbh, go socaróch' na daoíne ar rud éigin fhéadfidís féin a dhéanamh "mar mhaithe leo féin." Ambasa ba chóir go socaróidís. Is mairg a bhéadh ag brath ar chat 'ná ar mhadra, ná ar fhear tabhairne, chun ruda dhéanamh ar mhaithe leis agus é féin ábalta ar rud a déanamh ar mhaithe leis féin. Ach dá bhfiarfítí dhíot-sa, a Dhonchadh, cad ba mhaith do'n phoibilídheacht a dhéanamh sa ghnó so ar mhaithe leó féin, cad 'déarfá? Dá mba tú an phoibilídheacht conus a bhéidhfá suas le lucht tabhairne? Donchadh: An chéad phuinte 'ná chéile dhé, ní'l an troid anois ach idir mé féin agus an mhuintir a chuir- fadh cos i dtalamh, "mar mhaithe leis an bpoibilí- dheacht," agus ná dúnfadh a ndóirse Lá Fhéile Pádraig. Tadhg: Tá go maith. Conus a bhéidhfá suas leó san? Conus a curfá cos i dtalamh 'n-a gcoinnibh? Donchadh: Dhéanfinn an rud úd a dúbhraís féin, gan dul isteach 'na dtigh i n-aon chor a thuile. Tadhg: Dar fiadh ach dá ndéinteá san bhéadh rud agat d'á dhéanamh ar mhaithe leat féin a bhéadh níos tairbhthíghe duit 'ná an crónán is grádhmhaire d'ár dhéin cat riamh. Ach conus a bhéad an sgéal agat dá gcuireadh fear an tabhairne an dlígh ort? Donchadh: Cad é an dlígh airiú! Tadhg: "Boycotting," a mhic ó. Donchadh ': "Boycotting"! Nuair ná raghainn isteach 'na thigh chun díghe dh'ól! B'fheár liom 'ná rud maith go ndéanfadh fear an tabhairne rud de'n tsórd san
orm féin nú ar dhuine éigin eile. Geallaim dhuit nách ar mhaithe leis féin a dhéanfadh sé é, murab ionan a's an cat. Thadhg: Is mar mhaithe leis na daoine dhéanfadh sé é, bíodh nách chuige sin a bhéadh sé. Donchadh: Nár mhaith an rud dos na daoíne triail a bhaint as? Tadhg: Dá gcurtí chuige iad. BÓRD AN FHÍLL. Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an cleas so atá imeartha ag an mBórd orainn? Tadhg: 'Seadh, i dtaobh na Gaeluinne ins na sgoil- eanaibh. Chonac é. Ní h-é an cleas a chuir an iongna is mó orm, ámhthach, ach a fhaid gur h-imireadh é féin nú cleas éigin d'á shórd orainn. Ní thoileóch' an Bórd san riamh, a Dhonchadh, chun na Gaeluinne chur d'á múine ins na sgoileanaibh mura mbéadh aon nidh amháin. Bhí sé buailte isteach, daingean, 'na n-aigne go raibh deire leis an nGaeluinn. Mheasadar go raibh an sgéal acu mar a bhíon ag an ndochtúir nuair a chíon sé go bhfuil an bás ag duine agus ná fuil aon bhreith aige ar eíríghe. "Cad a thabharfimíd le n-ithe nú le n-ól dó, a dhochtúir?" a deirtear. "Aon rud i n-aon chor a dh'iarfidh sé," adeir an dochtúir. Do mheas an Bórd ná raibh aon chómhacht ar an dtalamh so a dh'fheadfadh an Ghaeluinn a choimeád beó. Nuair a h-iaradh ortha, beagán aimsire ó shin, a leo- gaint í mhúine ins na sgoileanaibh dúbhradar leo féin; "Tá go maith. Sgaoílimís leó. Gheabaidh sí bás i n-aimhdheóin a ndíthil. Ní féidir di dul abhfad anois. Is amhlaidh a dhéanfidh an múine í bhrostúghadh. Sgaoíl- imís leis an múine. Ar ball nuair a bhéidh sí imthighthe ní bhéidh sé le rádh ag aoinne gur sinne chuir chun báis í. Béidh sé le rádh againne gur dhéineamair ár ndíthol chómh maith le cách chun choimeád beó. Do leogamair
í mhúine ins na sgoileanaibh. Cad eile dh'fhéadfimís a dhéanamh! Béidh réidhteach mór againn nuair a bhéidh sí imthighthe, agus rud is feár 'ná san féin, ní curfar a h-imtheacht i n-ár leith." Ach ní mar a braithtear a bídhtear go minic. Do sgaoíleadh leis an múine, ach i n-inead dul chun báis is amhlaidh a thusnuigh an Ghaeluinn ar aithbheódhadh. Do crom an t-aos óg ar eólus a chur uirthi agus thusnuigh sí ar réidhteach le n-a n-aigne mar a réidhteóch' bainne chí máthar. Ba gheár gur thuig lucht an Bhúird go raibh tuaiplis déanta acu dhóibh féin. Bhíodar sa chás 'na mbíon an dochtúir uaireanta nuair adeir sé, "Tabhair dó gach aon rud a thaithnfidh leis," agus nuair thagan sé airís i gceann seachtmhaine agus go mbíon an duine 'na shuidhe cois na teine roimis! Cad 'déarfí leis an ndochtúir sin an uair sin, a Dhonchadh, dá n-abradh sé, "Ó, caithfar an bia fóghanta choimeád ó'n nduine seo! Tá an bia fóghan- ta ag déanamh díobhála dhó!"? Donchadh: Ba dhóich liom, dá mba mise an duine breóite go mbéadh 'fhios agam cad a dhéanfinn. Do bhéarfinn an chúl cínn ar an ndochtúir sin agus chuir- finn an dorus amach é ar a smúrla! Thadhg: Siné díreach a caithfar a dhéanamh leis an mBórd so. Nuair a fuaradar ná raibh an Ghaeluinn ag dul chun báis mar a mheasadar a bhéadh sí nuair a tusnófí ar í mhúine, chuireadar riaghail amach, riaghail chealgach, riaghail sgéiméireachta, riaghail a chuirfadh cosg le múine na Gaeluinne le h-eagla go n-déanfadh a múine díobháil nuair a fágfí rudaí eile gan múine mar gheall uirthi. Donchadh: Agus cé bhéadh chun na dhíobhála bhreithniú'? B'fhéidir gur tairbhthe bhéadh aici 'á dhéanamh. An t-aos óg a bhéadh ag foghluim na Gaeluinne, b'fhéidir gur bh'fheár fhoghlumódís rudaí eile 'ná mar a dhéanfadh an t-aos óg ná béadh 'á foghluim. Tadhg: Dar ndó is feár! Tuigean an uile dhuine an méid sin anois. Tugan an Ghaeluinn do'n leanbh osgailt aigne agus géarchúis nách féidir dó fhághail ó aon fhoghluim eile. Nách shiné donas an sgéil! An t-aon rud amháin a chuirfadh neart agus géarchúis i n-aigne an leinbh, an' leanbh d'á ghearadh amach uaidh.
An bia foghanta, bainne cí a mháthar, d'á choimheád ó'n leanb le h-eagla, mar dh'eadh, go ndéanfadh sé díobháil dó. Ar airig aoinne riamh a leithéid! Donchadh: Agus cad tá le déanamh? Tá 'fhios ag an saoghal ná féadfar cur suas leis an bhfeall san d'á dhéanamh ar an leanbh. Thadhg: Ní fheicim-se go bhfuil le déanamh ach an rud úd a dhéanfá-sa leis an ndochtúir úd, "Breith ar chúl cinn ar an mBórd so agus é chur an dorus amach, ar a smúrla." Donchadh: Tá go maith, ach cé dhéanfidh é? Thadhg: D'fhéadfadh muíntir na h-Éirean féin é dhéanamh láithreach dá gcuimhníghdis air agus cur chuige. Tá gníomhartha ba dheacara déanta cheana acu, laistigh de bheagán aimsire, agus níor chuireadar leath a nirt chúcha. Chuirfadh aon tsúnc* amháin uatha an Bórd so amach ar a smúrla. Is 'mó ainbhfios atá ar Éirinn ach is dóich liom ná fuil aon rud is mó atá i n-easnamh uirthi 'ná fios a nirt féin. GAN RIAN DÍGHE. Tadhg: Bhí obair mhór acu i mBaile Átha Cliath an lá fé dheire, a Dhonchadh. Donchadh: Ach, éist do bhéal, a dhuine! Ní fheacaís, ná aoinne eile, a leithéid riamh. Níor mheasas go bhfeicfinn le m' ré a leithéid de radharc. Bhí an chathair lán de dhaoine, i n-éaghmuis na ndaoíne a bhí sa ghluaiseacht mhór, agus bhí oiread san daoíne ag imtheacht sa ghluaiseacht, agus ag siúbhal go géar leis, go mbéidís uair go leith a' chloig ag gabháil thort dá stadfá i n-aon áit amháin. Tadhg: Is maith é sin! Agus a' raibh mórán órnáidí acu? Donchadh: Órnáidí! Níor bh' órnáidí go dtí iad. Peictiúirí agus gléus oibre agus gléus ceard. Gach aon rud ar áileacht chun a ghnótha féin. Agus gan gléus ná peictiúir ná órnáid acu tabhartha isteach ó aon dúthaigh iasachta, ach lucht ealadhan agus lucht * Súnc, a heavy and effective push.
ceárd na h-Éirean féin tar éis iad go léir a dhéanamh. Tadhg: Seadh! Is maith é sin. Ní ró mhór an aim- sir atá ó bhéadh a mhalairt sin de sgéal i mBaile Átha Cliath dá mbéadh gluaiseacht ná tabhairt amach ann, ná cruinniú' daoíne. Is amhlaidh a bhíodh an sgéal an uair sin againn níor bheag a rádh gur sa bhaile i n-Éirinn a déineadh aon pheictiúir des na peictiúiribh sin nú aon ghléus des na gléusanaibh sin, chun iad do chur ó aon mheas i n-aon chor a bheith ag aoinne ortha, agus níor bheag é bheith le rádh gur thall i Sasana a déineadh iad, nú sa n-Almáinn, nú i n-aon áit eile bhéadh abhfad ó bhaile, chun an uile dhuine bheith ag súrac a theangan, agus ag camadh a shúl, agus ag cur a dhá bhas anáirde, ag déanamh iongna dhíobh, agus gan ionta sa n-am gcéadna, b'fhéidir, ach ceirteacha smeartha, agus gléusana crapaithe ná déanfadh obair nuair a curfí chuige iad. Donchadh: Seadh agus an Sasanach, nú an t-Almáin- neach, nú an Yank caochshrónach a bhéadh 'ghá dtais- beáint, iongna an domhain againn go léir 'á dhéanamh dé; ár gcluasa ag faire ar gach aon fhocal a déarfadh sé; ár súile ag faire ar an uile chor d'á gcuireadh sé dhé; agus dá labhradh fear ó Chiaraíghe nú ó Chúig Uladh focal Gaeluinne ag ár n-uilinn go ruithfimís faid ár radhairc uaidh le h-eagla go measfí aon ghaol a bheith againn leis! Bhí an sgéal go h-olc againn gan amhras. Ní foláir san d'admháil. Thadhg: Agus sa n-am gcéadna san, a' dtuigean tú, a Donchadh, sinn go léir 'ghá chur 'na luíghe orainn féin agus 'ghá mhaoidheamh go h-árd os cómhair an domhain, ná raibh treabhchas daoíne le fághail ar shliocht Ádaim a bhí níos tuisgionaíghe, níos géarchúisíghe, níos neagh thréithíghe ar gach aon chuma, 'ná sinn féin! Buile agus fearg agus seirbhthean orainn má chuir aoinne i dtuisgint dúinn ná raibh an meas aige orainn ba dhóich linn a bhí ag dul dúinn agus sa n-am gcéadna gan ach droch mheas agus tarcuisne againn féin 'á thabhairt d'á chéile, eadarainn féin agus os cómhair daoíne iasachta. Donchadh: Tá an sgéal san imthighthe, a Thaidhg. Dá mbeithá sa chathair an lá fé dheire is amhlaidh 'aireóchthá
daoíne ag formad le chéile feuchaint cé ba chruinne do labharfadh an Ghaeluinn. Ach féuch, a Thaidhg, bhí rud le feisgint i mB'l'ath' Cliath an lá san agus am thuairim-se do bhuaidh sé ar an gcuid eile go léir. Bhí na mílte sa gluaiseacht agus na mílte ag feuchaint ortha, agus an gcreidfá é, ní fheaca oiread agus rian díghe ar aon duine! Tadhg: Seadh! Is feár san 'ná an chuid eile go léir. An t-é a déarfadh deich mbliana ó shin go mbéadh san le feisgint choídhche i n-Éirinn déarfí go raibh sé as a mheabhair! Moladh go deó le Dia TÍR MHÍ-NÁDÚRTHA. Donchadh: Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. An bhfuil tuileamh níos feár ag daoíne i n-America 'ná mar atá anso i n-Éirinn acu? Tadhg: Ní'l aon tuileamh i n-aon chor acu le fághail go minic. Daoíne go raibh saoghal maith anso i n-Éirinn acu, daoíne a tógadh go bog agus go neamh- anngarach, táid siad thall ar shráidibh na gcatharach mór i n-America agus iad díomhaoín. Ba lag leó lá oibre dhéanamh i n-Éirinn ar a bpágh lae. Dhéanfidís thall é go fonamhar dá bhfaighdís le déanamh é ach ní bhfaighid. Tá siad ag dul 'on ghorta thall anois, a lán acu. Ní mar a chéile bheith gan obair ansúd agus bheith gan obair i n-Éirinn. Dá mbéadh duine díomh- aoín i n-Éirinn, le h-easba oibre, ní leogfí dhó bás a dh'fhághail do'n ocras pé sgéal é. Gheabhadh sé béile bhídh ameasg na gcómharsan. Ní'l aon rud i bhfuirm cómharsanachta ansúd. Dá mbéadh ocras ort ansúd agus go n-iarfá béile bídh do tabharfí gadaidhe ort mura mbéadh an t-airgead agat le díol as an mbia. Ní'l aon bhágh ansúd ag duine le duine eile. Tá bágh gach aoinne leis an airgead. An t-é ná faghaidh obair le déanamh ann ní féidir dó airgead a bheith aige. Ansan ní'l aige le déanamh ach síne siar agus bás d' fhághail, agus dá luathacht a dhéanfídh sé é iseadh is feara dhó féin é. Tá muíntir na h-Éirean 'á dhéanamh
ann go tiugh a gan fhios do'n tsaoghal. Imthíghid siad a' h-Éirinn agus fuadar an dómhain fútha chun saidhbhris a dhéanamh, dar leó, leis an dtuileamh mór. B' féidir go mbíon a gcroídhe briste ó béith ag feitheamh leis an obair sar a' bhfaghaid siad í. B' fhéidir go dtuit- ean a lug ar a lag acu agus go dtagan bás ortha sar a' bhfaghaid siad obair ná súil le h-obair. Ansan ní h-airíghtear a thuile mar gheall ortha. Má ráinighean go bhfaghaid siad post oibre ní fada go dtuigid siad 'na n-aigne gur bh' ar éigin bháis fhéadan an méid a thuilid siad bia agus balcais éadaigh a cheanach dóibh. Feuchan an págh mór go leór go dtí go dtéidhean duine ag déanamh na ceanaígheactha. Ansan iseadh chídhtear feall an sgéil. An rud a cheanóch' duine anso i n-Éirinn ar sgiling caithfadh sé, b' fhéidir, coróinn nú deich sgilinge dhíol ansúd as. Tá págh mór ann, ach is págh beag é 'na dhiagh san mar ní cheanuighean sé ach an suarachas. B' fheara dhuit págh beag agus bia agus éadach saor 'ná págh mór agus an bia agus an t-éadach a bheith chómh daor san go mbéar- fidís uait é agus oiread eile dá mbéadh sé agat. Donchadh: Agus cogar aleith chúgham, a Thaidhg. Má 's mar sin atá an sgéal thall cad 'na thaobh ná fanaid na daoíne sa bhaile? Tadhg: Iad a bheith gan chial. Iad a bheith as a mea- bhair glan. Dá bhfanfadh cuid acu sa bhaile bhéadh feabhas ortha thall agus abhus. An uile dhuine acu théidhean anonn anois ní'l sé ach ag leagadh an pháigh dó féin agus do'n mhunitir atá thall roimis, agus ag cur na h-oibre i ndéine. Tá talamh na h-Éirean ag dul chun fiantais le h-easba saothruighthe agus na daoíne a dhéanfadh an saothrú' agus do thuilfadh a mbeatha, gan iomad cruadhtain, as, iad ag tuitim le h-ocras ar shráidibh na gcatharach thall, nú d'á marbhú' le h-obair ró dhian. An fear a mairfadh i n-Éirinn chun bheith os cionn cheithre fichid bíon sé 'na shean- duine chlaoidhte, chrapaithe, liath, ansúd sar a' gcuirean sé an dachad dé. Tír mhí-nádúrtha iseadh America do'n Éireanach, a Dhonchadh. Donchadh: Agus an bhfuil sé ar chumas aoinne aon rud a dhéanamh chun na n-Éireanach a choimeád sa bhaile? Tadhg: Tá a lán daoíne a d' iaraidh rud éigin a
dhéanamh chuige, ach is ana dheacair a chur 'na luíghe ar an Éireanach nách é a leas atá aige 'á dhéanamh, ach gur aimhleas damanta atá aige 'á dhéanamh, nuair atá socair aige ar dhul anonn go h-America. Thall iseadh thuigean sé an t-aimhleas. Tá sé ró dhéanach aige bheith 'ghá thuisgint an uair sin. Donchadh: Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn! Tadhg: Amein, a Thighearna! Ba ghádh dhúinn é. "NEAMHCHOITCHIANTA." Donchadh: Is uathbhásach an chuma 'na bhfuil an sgéal againn, a Thaidhg. Na daoíne ag imtheacht a' h-Éirinn ar cos anáirde chun beatha níos feár a dhéanamh amach dóibh féin thall 'ná mar is dóich leó is féidir dóibh a bheith acu i n-Éirinn. A súile d'á n-osgailt dóibh chómh luath agus théid siad anonn agus iad 'ghá fheisgint go soiléir gur dhéineadar a n-aimhleas an lá fhágadar Éire, go mb' fheara do dhuine práta agus gráinne salainn i n-Éirinn 'ná sógh agus rósta thall. Agus ansan iad ag maoídheamh as an áit thall agus 'ghá leogaint ortha ná mairfidís i n-Éirinn dá bhfaighdís talamh saor ann. Cad 'tá ortha? Nú cad tá 'ghá ndalladh? Nár chóir go mbéadh sé de mhacántacht ionta an fhírinne dh'ínsint agus gan leogaint do dhaoíne eile an t-aimhleas céadna dhéanamh. Chonac litir sa phápéur indé ó chailín éigin a thug tamal thall. Ní'l aon mheas aici i n-aon chor ar Éirinn. Ba dhóich leat uirthi gur bhfeár do chailín dul agus í féin a bháth 'ná dul ag obair d'aon fheirimeóir i n-Éirinn. Tadhg: Daoine mar í sin, a Dhonchadh, atá ag déanamh an donais ar dhaoínibh óga na h-Éirean. Thagaid siad anall anso ó America agus slabhraí óir ortha agus ribíní síoda agus faisinní, agus caochshrón- aíghe 'na gcaint i dtreó gur ar éigin a thuigfá focal uatha. Ach! Ní mhairfidís i n-Éirinn! B'fheár leó bás d'fhághail 'ná dul ag obair d'fheirimeóir! Ach féuch sa n-aghaidh, a Dhonchadh, ar an gcailín a labhran mar sin. Féuch an aghaidh bhán agus an droch shnó agus an croicean cas agus an dath mílítheach. Cá bhfuil an bláth aingilídh solusmhar a bhí ar an aghaidh sin sar a ndéidh an cailín sin anonn?
Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil fhios agam-sa go maith cad d'imtigh ar an mbláth. Obair chruaidh i dtighthibh móra ó roim lá go dubh na h-oídhche, agus abhfad isteach sa n-oídhche go minic, gan lán cléibh 'ná lán béil de ghaoith fholáin fhághail do ló ná d' oídhche, ach droch ghaoth mhí-fholáin na catharach, gaoth a bhí tar éis an uile shaghas droch bhaluith a bhailiú' chúichi ó gach droch chúinne de'n chathair, siniad a bhain bláth na h-Éirean d' aghaidh an chailín. Thadhg: Agus do chuir ar na slabhraíbh agus ar na ribíníbh é! B' fheár liom an bláth a dh' fhanamhaint ar an gcailín pé rud a dhéanfadh na slabhraí 'ná na ribíní. Donchadh: Ní mar sin do chuid des na cailíní atá sa bhaile againn fós. Tá an bhláth ar an aghaidh acu fós agus an tsláinte sa bhfuil acu, ach nuair a chíd siad an cailín a thagan anall agus na slabhraí agus na ribíní uirthi, agus an chaochshrónaíghe 'n-a caint, agus an aghaidh bhán uirthi, preit! Ní fhanan aon mheas acu ar an mbláth atá ortha féin, an "lí dheirge tré ghile 'n-a séimh ghnúis ghlain." Dar fiadh ach is dóich liom go bhfuil cuid acu agus gur bh'fheár leó go mór na ribíní agus na slabhrai bheith ortha, agus na ceannacha fuara feóchta, 'ná an luisne atá ionta agus an bláth atá ortha agus an tsláinte atá acu! Is ait an sgéal é. Tadhg: Is fada dhó mar sin, a mhic ó. Ní h-indiu 'ná indé a thusnuigh cailíní óga ar a mheas gur bh'fheár an luisne bheith ins na ribíní 'ná é bheith 'n-a snó féin acu. Donchadh: Agus cad mar gheall ar an sláinte? Dar ndó ní féidir do chailín sláinte mhaith a bheith aici má bhíon an croicean ar a h-aghaidh bán, feóchta seirg- the, mar bhéadh leathar mealbhóige! Tadhg: Is cuma léi cad a dhéanfidh sláinte ach go ndéarfid daoíne go bhfuil sí "neamhchoitchianta." Donchadh: Achaidhe!! Dar fiadh, a Thaidhg, ach má phósaim-se choídhche go dtabharfad toghadh an aireachais nách cailín "neamhchoitchianta" a phósfad. Thadhg: Ní fheadar. Fanaimís go bhfeicimíd. Is minic a dhéin duine, i dtaobh pósta, an rud a cheap sé ná déanfadh sé choídhce.
"ABHAILE MÁ FHÉADAIM É!" Tadhg: Is mór an iongna leatsa, a Dhonchadh, na cailíní óga agus na buachailí óga bheith ag ruith leó féin a' h-Éirinn, 'ghá cheapadh go mbéadh saoghal áluinn, saidhbhir acu thall, agus gan aon áirighthe thall acu air seachas abhus. Donchadh: Ba dhóich liom gur cheart do dhuine, pé saoghal atá anso i n-Éirinn aige, feuchaint roimis sar a ragadh sé anonn, le h-eagla go mb'fhéidir go mbéadh an sgéal níosa mheasa thall aige. Ba dhóich le duine ar chuid acu atá ag imtheacht nách cúrsaí uilc agus maitheasa i n-aon chor thall é, ná fuil, thall ach maith ar fad, gan aon streanncán de'n olc measgaithe air. Ba dhóich le duine ortha ná fuil aon duine bocht thall; ná fuil aoinne breóite ann agus ná bíon choídhche; ná fuil aoinne dealbh ann, ach sparán na sgillinge 'n-a phóca féin ag an uile dhuine ann agus gan bac air tarac as chómh minic agus is maith leis é. Ba dhóich le duine ortha ná faghan aoinne bás thall choídhche. Dá mbéadh san go léir fíor ní fhéadfidís níos mó dithinis a bheith ortha ag imtheacht 'ná mar atá. Gan amhras is mór an truagh iad nuair a théid siad anonn agus nuair a chíd siad conus a bhíon an sgéal dáiríribh. Bhí an sgéal go h-olc i n-Éirinn fadó, nuair a dhubh na prátaí agus nuair a bhí na mílte ag fághail bháis do'n ghorta. Níor lean an aimsir sin ach tamal. Ní gádh d'aoinne bás d'fhághail do'n ghorta i n-Éirinn anois 'ná le fada 'bhliantaibh. Ní mar sin do'n áit thall. An t-é ná béidh post éigin oibre thall aige ní féidir dó aon leathphinge airgid a bheith aige, agus an t-é ná béidh airgead aige ann ní foláir dó bás d'fhaghail do'n ghorta. Táid muíntir na h-Éirean ag fághail bháis thall ar an gcuma san, ní h-ar feadh sgathaimh droch aimsire é, tré dhubh práthaí nú tré mheathalú' arbhair, ach gach aon lá riamh ó thusnuighdar ar dhul anonn. An bhfuil fhios agat cad is mó chuirean iongna orm fhéin a Thaidhg? Is cuimhin leat sgéal an phocáin, agus gan ann ach ar éigin siúbhal. Nuair a fiafraightí dhe, "Ca bhfuil do thrial, a phocáin?" "Abhaile - má fhéadaim é!" a deireadh sé. Is mór go léir an iongna liom, an chuid de mhuíntir na h-Éirean
a bhíon i gcruadh-cás thall, ná thugaid siad aghaidh airís ar an mbaile. Pé rud a dhéanfidís i n-Éirinn níor bhaoghal dóibh bás do'n ghorta anois ann. Tadhg: Is fada nár airígheas uaith-se, a Dhonchadh, ná ó aoinne eile, caint chómh neamhthuisgionach leis an gcaint sin atá tagaithe anois uaith. Ar dtúis, conus fhéadfidís teacht abhaile gan airgead acu chun díol as a bpasáiste? An amhlaidh a mheasfá dhóibh an fharge shnámh! Chuadar anonn mar do dhíol duine éigin thall as an bpasáiste dhóibh. Bhí ortha an t-airgead san do dhíol thar n-ais leis an bhfear thall chómh luath agus bhéadh sé tuillte thall acu. Bh'fhéidir nár thuilead riamh, agus nár díoladh, an t-airgead san. Cé 'tá chun díol as an bpasáiste anall? Ach is cuma san. Ní h-é sin a choimeádfadh gan teacht abhaile iad. An focal úd a dúbhrais féin i dtaobh an phocáin, siné choimeádfadh gan teacht iad, agus do choimeádan go minic, pe' cu bhíon airgead an phasáiste acu nú ná bíon. Dá ráineóch' go mbhéadh ruith an ráis thall leó agus go mbéadh raint mhaith saidhbhris curtha le chéile acu, ansan b'fhéidir go dtiocfidís go fonamhar. Tiocfidís ansan bh'fhéidir agus an tsláinte briste acu, "casachtach árd agus múchadh" ortha. Ach ba chuma leó an fhaid fhéadfidís a thaisbeáint duit-se agus dómh-sa go rabhdar neamhspleádhach, go raibh na cruacha óir sa bhanc acu. Ach teacht anso anall, "gan pingin am' láimh 'ná folt umam' chnamhaibh," teacht anso anall agus gan 'na mbéal ach freagra an phocáin úd "Rachad abhaile má fhéadaim é!" Ní'l an t-Éireanach san beó nár bh'fheár leis bás d'fhághail do'n ghorta thall, seacht n-uaire i ndiaigh chéile dá mb' fhéidir é, 'ná teacht abhaile go h-Éirinn agus é bheith agat-sa agus agam-sa le caitheamh ins na súilibh air ná raibh aige ach "Rachad abhaile má fhéadaim é!" Donchadh: B'fheár fanmhaint sa bhaile ór thusach. Tadhg: Sin caint ná fuil neamhthuisgionach. Na daoíne nár imthigh fós, anois an t-am acu chun cuímhneamh air sin.
CAMHRÁNAÍDHE. Donchadh: Feuch, a Thaidhg, tá 'fearg orm! Táim ar buile le feirg indiu. Tadhg: Aililiú! Cad fé ndeár an fhearg do leir? Donchadh: Táimíd go léir ag obair le deich mblianaibh, ag déanamh ár gcroídhe díthil chun na Ghaeluinne seo choimeád beó i mbéalaibh Gaedhal. Tá an obair déanta againn go dtí so ar chuma nár mheas aoinne i dtusach bara gur bh'fhéidir í dhéanamh. Tá aon phort amháin ar siúbhal ag ár namhdaibh go léir ó thusach. "Ó," adeirid, "Ní'l aon mhaith i nbhúr saothar. Ní fhéadfidh bhúr ndíthol an Ghaeluinn a choimeád beó. Tá sí ag imtheacht i n-aimhdheóin bhúr ndíthil. Ní'l aon chial 'agaibh. Ní'l fasg agaibh. Chíon an uile duine ach sibh féin an fiantas atá i nbhúr n-obair." Tadhg: Agus cad 'n-a thaobh go gcuirfadh san fearg ort! An amhlaidh a mheasfá gur cheart go mbéadh a mhalairt sin de phort ar siúbhal agat' namhaid? Donchadh: Ní h-amhlaidh i n-aon chor. Is cuma liom sa n-anachainn cad é an port atá ar siúbhal agam' namhaid ná cad é an fhaid a leanfar air. Ach ní maith liom an port san a bheith ar siúbhal agam' dhuine féin! An fhaid a bhéidh an port ar siúbhal agam' namhaid ní dhéanfidh an port aon díobháil. Tuigfidh gach aoinne ná fuil ann ach port namhad. Ach cad é mar obair dom' dhuine féin a cheann do chrothadh chúgham agus feuchaint idir an dá shúil orm agus a rádh liom, suas le m' béal; "A Dhonchadh, a mhic ó, ní'l aon mhaith i n-ár n-obair. Tá a lán fothraim 'á dhéanamh ach ní'l aon phioc tairbhthe 'á déanamh. Ní h-ag dul ar aghaidh atháimíd ach ag dul i ndiaigh ár gcúl. Tá a lán oibre ar siúbhal; ach feuch, na daoíne is déine atá ag déanamh na h-oibre is Béarla a labhraid siad sa n-obair! Obair na Ghaeluinne 'á dhéanamh le Béarla! Ní coimeádfar an Ghaeluinn leis an sórd san oibre." Cad é mar obair dom' dhuine féin labhairt liom ar an gcuma san! Nár chóir go mbéadh 'fhios aige go bhfuil daoíne ag éisteacht leis agus go mbéadh áthas an domhain ortha leathsgéal maith a dh'fhághail chun eiríghe as an obair? Nár chóir go dtuigfadh sé i n' aigne
féin go gcuirean caint de'n tsórd san, pe 'cu bhíon fírinne léi nú ná bíon, mímhisneach agus lagspridíghe ar na daoine atá ar mhulach a gcinn sa n-obair agus gádh go cruaidh acu, b'fhéidir, le focal a chuirfadh spionadh beag misnigh ionta. Ach isé donus an sgéil ar fad ná fuil aon bhlúire fírinne leis an gcaint. Níl'imíd ag dul i ndiaigh ar gcúl. Ar aghaidh iseadh atáimíd ag dul. Ní labharthar an Gaeluinn fós sa n-obair chómh maith agus ba mhait linn go léir é. Ach cé h-iad is tréine atá ag déanamh na h-oibre? Na daoine ná fuil oiread eoluis ar an nGaeluinn fós acu agus chuirfadh ar a gcumas an obair a dhéanamh as Gaeluinn. An amhlaidh a déarfí leó san an obair a dhéanamh as Gaeluinn ar fad agus gan aon fhocal Béarla do labhairt inti, nú eiríghe as an obair! Nách mór an díobháil a bhéidh déanta ag an saghas úd cainte má eiríghean aon chuid acu as an obair mar gheall uirthi? Ba mhaith liom cómhairle mo leasa dh'fhághail óm' dhuine féin. Ach tá daoíne ann agus ní'l nídh ar bith is aimhleasta do dhuine 'ná cómhairle a leasa dh'fhághail uatha. Tadhg: Tuigim:- "Seana bhean chríona an dranntáin, Ní stadan sí choídhche ach ag camhrán! Leathphúnt tobac, agus é chur 'n-a píopa, Ní chuirfadh 'n-a croídhe sin aon tsólás." Chonac an chaint adeirir, a Dhonchadh. Ní h-é mo thuairim-se go ndéanfidh an chaint an díobháil seo go léir is eagal leat-sa a dhéanfidh sí. Ní h-aon díobháil daoíne do spriocadh chun bheith ag labhairt na Gaeluinne sa n-obair chómh maith agus is féidir é. Ní coimeádfar beó i mura labharfar í. Donchadh: Ní mar a chéile duine do spriocadh chun rud foghanta dhéanamh agus buille do bhualadh sa chúl orm a chómáinfidh amach as an obair mé. Tadhg: Éist anois agus bíodh foidhne agat. Ní eireóchaidh aoinne as an obair mar gheall ar an méid úd cainte.
CAMHRÁNAÍDHE EILE. Tadhg: An airíghean tu leat mé, a Dhonchadh? An t-é dh'eireóch' as an obair seo na Gaeluinne mar gheall ar chaint lucht camhráin d'á luathacht a dhéanfid siad a ngiúrléidí bhailiú' suas agus imtheacht leó féin iseadh is feár é. Ní h-iad a leithéidí sin a dhéin an obair ó thusach agus ní h-ortha atá an obair ag brath ó tusnuigheadh uirthi. Gan amhras tá a lán acu sa n- obair ó thusach ach ní bhíd siad seasamhach inti. Ag teacht agus ag imtheacht a bhíd siad. Ruithid siad isteach sa n-obair agus ba dhóich leat ortha ar dtúis nár bh'fhios cad é an saothar a dhéanfidís. I gceann tamail tusnuighid siad ar dheacaracht na h-oibre do thuisgint. Bhí nuacht sa n-obair dóibh ar feadh tamail ach bainean an deacaracht an taithneamh as an nuacht. Imthíghean an flosg nuair a thagan an tuirse. Trághan an fonn nuair a thagaid na cluig ar na déarnachaibh. Is saoráidíghe go mór suighe ar an dtúrtóig agus bheith ag moladh na h-oibre agus ag moladh na ndaoine atá ar mhulach a gcinn inti, ag brise a gcroídhe agus ag cur aluis díobh, 'ná bheith istigh sa n-obair 'n-a dteannta. Eiríghid siad as an obair agus suighid siad ar an dtúrtóig ag caint. Ar ball tagan flosg eile ortha agus siúd isteach airís iad agus gur dhóich le duine ortha nár dhéin aoinne aon tairbhthe an fhaid a bhíodar féin amuich. Ní ró fhada istig iad go mbíd siad amuich airís. Fé dheire fanaid siad amuich ar fad agus ní bhíon de phort ansan acu ach; "Ó, ní'l aon mhaith ann! Ní féidir an Ghaeluinn a choimeád. Ag imtheacht iseadh atá sí i n-aimhdheóin ár ndíthil. Ní'l aon mhaith i n-ár saothar. Tá teipithe orainn glan. Is feár eiríghe as mar obair agus saothar éigin a dhéanamh n-a mbéidh tairbhthe ann agus n-a mbéidh sochar air." Is mó an díobháil agus an damáiste agus an cheat- aighe agus an toirmeasg a dhéinean daoíne dhe'n tsórd san, a Dhonchadh, do'n obair seo na Gaeluinne 'ná mar a dhéinean aon tsaghas eile umáird a thagan crosta orainn, agus má cuirid lucht camhráin chun siúbhail iad béidh mo bhuidhchas-sa ó chroídhe ar lucht an chamhráin. Donchad: Chuiris i gcuimhne dhom, a Thaidhg, an bhean
d'imthigh ar fearán. Cheap sí go mbéidhfí ag ruith 'na diaigh chun í thabhairt thar n-ais, ach ní rabhthas. Níor chuaidh aoinne 'n-á diaigh chun í thabhairt abhaile d'á h-aimhdheóin. Bhí sí tamal maith ag feitheamh go dtiocfí 'ghá h-iaraidh. Fé dheire cheap sí gur bh'fheár teacht abhaile. Tháinig sí. Nuair a bhí sí ag déanamh ar an dtigh chonaic sí seana bhróg gan mhaith caithte amuich ar an gclaidh. Thóg sí an tseana bhróg 'n-a láimh agus tháinig sí isteach. "Feuch!" ar sise. "Is ró fhuiriste a dh'aithint ná rabhas-sa féin sa bhaile! Dá mbéinn- se sa bhaile ní bhéadh rudaí ag dul amú ar an gcuma san! "Siné an údhálta ag an sórd daoíne úd a dúbhraís. Eiríghid siad as an obair agus suíghid siad ar an dtúrtóig ag caint. Ansan nuair a thagaid siad isteach sa n-obair airís, preit! Níor déineadh aon bhlúire tairbhthe an fhaid a bhíodar féin amuich! Tadhg: Dá mba ná raghadh an sgéal thairis sin acu dob fhusaide é. Ach eiríghid siad as an obair i ndeire bára agus ní fhillid siad airís. Ansan iseadh dhéinid siad an díobháil is mó, mar bíd siad coitchianta 'ghá chur 'n-a luighe ar dhaoíne nár tháinig isteach sa n-obair fós gur b' é a leas fanamhaint amach aiste mar gur obair í nách féidir a dhéanamh. B' fheár gan a leithéidí bheith sa n-obair i n-aon chor. Déanfidh an camhrán tairbhthe má chuirean sé as an obair iad. Donchadh: Tá go breágh. Ambriathar, a Thaidhg, agus s os do chómhair amach a deirim é, ná fuil cial ró mhaith 'ná éifeacht ró mhór leis an méid sin cainte atá ráidhte anois agat. An t-é a dh' imtheóchaidh mar sin as an obair, agus do labarfidh ar an gcuma san, cad tá ann ach camhránaídhe! Agus má 's fíor do chaint-se is tairbhthe a dhéanfidh a chamhrán! Ach isé do rádh féin anso gur díobháil a dhéinean sé! Conus fhéadfadh rud a bheith 'n-a thairbhthe agus n-a dhíobháil i n-aonfheacht! Is olc an rud páirt a ghabháil leis an gcamhránaídhe, a Thaidhg. Chuir an camhránaídhe i bpúnc indiu tu. Tadhg: Ní chuirfadh mura mbéadh gur thugais-se isteach an camhránaídhe eile agus gur leogais iad araon chugam. Cúis gháire chúgainn.
SGRUPAL. Donchadh: Féuch airiú, a Thaidhg, ar léighis an leabhar so do sgríbh an Ridire Plúncéd? Tadhg: Níor léigheas é ach d' airígheas daoíne ag teacht thairis; cuid acu 'á mholadh agus cuid acu 'á cháine. Cad 'n-a thaobh? Donchadh: Mar tá an saoghal tré chéile aige, daoíne 'á mholadh agus daoíne 'á cháine, mar a deirir. Tá cuid d'á mhuíntir féin agus déarfidís leat go bhfuil ag dul d'á mheabhair agus a leithéid de leabhar do sgrí' i n-aon chor. Tadhg: Agus cad é an locht is féidir d'á mhuíntir fhághail ar an leabhar? Ná fuil an leabhar do réir a n-aigne go cruínn? Fé mar airíghim-se is leabhar Protestúntach é, chómh Protestúntach agus do sgríobhadh riamh. Cad é an locht atá ag muíntir an chreidimh Ghallda le fhághail air? Donchadh: Dar leó tá obair ar láimh ag an Ridire Plúncéd, an obair seo ar a dtugan sé tiúscal, nú críochnamhlacht, nú bainistighe phoibilídhe, nú cur chun taisge. Chun na h-oibre sin a chur chun cínn i gceart níor mhór dó lámh gach aoinne bheith leis agus iontaoíbh gach aoinne bheith as. Go mór mór níor mhór dó ion- taoibh maith a bheith as ag Caitilicithibh na h-Éirean, idir chléir agus tuath. Ach pé iontaoíbh a dh' fhéadfadh Caitilicithe na h-Éirean a bheith acu as sar ar chuir sé an leabhar san amach, do chuir an leabhar ar neamhnídh é. Is iongna leó, duine chómh géarchúiseach leis an Ridire sin, a rádh go sgríobhfadh sé agus go gcuirfadh sé amach leabhar a gheárfadh an fód ó n-a chosaibh féin. Tadhg: Cad is dóich leat féin, a Donchadh? Is docha gur léighis an leabhar. Donchadh: Níor léigheas an leabhar ach d' airígheas dh'á bhreithniú' é ameasg daoíne do léigh é. Cuid acu, mar adúbhart, 'ghá rádh gur dhall an rud do'n Ridire Plún- céd a leithéid de leabhar do chur amach, agus tuile acú 'ghá rádh go raibh an fhírinne aige. Ba bheag 'ná gur mheasas féin go raibh an ceart ag an muíntir a dúbhairt go raibh an fhírinne aige go dtí go bhfeaca an chaint seo sa Leader ó'n Athair Mícheál ua Ríordáin.
Tadhg: An é sin an sagart úd a nocht an t-éitheach i ndiaigh Dhochtúir Staircí? Donchadh: Isé go díreach. Dúbhairt an Ridire Plúncéd, 'n-a leabhar, mar mheasaim, gur mhór an náire agus an aithis do shagartaibh agus d' easbogaibh na h-Éirean oiread costais a dhéanamh agus atá déanta acu le deich mbliana 's dachad, ag déanamh teampal agus ag cur órnáide ortha, ag creachadh na ndaoíne mbocht, agus go ndéanfadh teampail ná cosanóch' leath oiread airgid an gnó chómh maith. Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, ach is 'mó duine i n-éaghmais an Ridire Plúncéd adeir caint de'n tsórd san uaireanta. Donchadh: Nách shiné adeirim, a dhuine. Ach fan go bhfeicfir an chaint seo atá tagaithe ó'n Athair Mícheál ua Ríordáin i dtaobh an sgéil. Tadhg: Agus cad deir sé? Donchadh: Níor bh' aon mhaith dhom bheith ag casadh le n-a ínsint duit cad deir sé. Bá cheart duit féin an Leader a sholáthar agus an chaint do léighe ar do shuaineas. Tugan sé ar dtúis a lán ceart molta do'n Ridire mar gheall ar an méid de'n fhírinne a dh'ínsean sé nuair a mholan sé muíntir na h-Éirean. Ach ní'l aon rud a chuirean cáine a bhfeidhm chóm dain- gean agus a chuirean moladh do mheasgadh air. Chífa go soiléir ó chaint an Athar Mhícheál gur chun na trom- aidheachta chur i bhfeidhm níos daingne do cuireadh an moladh sa leabhar an dtúis. Tadhg: Sin feall. Donchadh: Feall! Ní feall go dtí é. Ach do nochtadh an feall agus níor nochtadh go dtí é! Dar leis an Ridire ba mhór an sgrupal an t-airgead go léir do chaitheamh ar an gcuma san, ag cur teampal suas agus ag cur órnáide ortha, obair ná tabharfadh aon toradh choídhche, agus daoíne bochta go mb'fhéidir ná raibh cuid na h-oídhce acu, ag tabhairt an airgid uatha, chun na h-oibre sin ná tabharfadh leathphinge sochair thar n-ais dóibh go deó. "Ní tusa an chéad duine adúbhairt caint de'n tsórd san," arsan t-Athair Mícheál. "Thug Máire an bosca alabastoir léi agus bhris sí an bosca agus dhoirt sí an oíle ar chosaibh an tSlánuightheóra. "Ó!"
arsa fear a bhí laithreach, "is mór an sgrupal an bhásta san! D'fhéadfí an bosca san a dhíol ar trí chéad píosa airgid agus an t-airgead do thabhairt dos na daoíne bochta!" Iúdás an fear adúbhairt an chaint sin. Agus deir Eóin naomhtha linn nách iad na daoíne bochta a bhí ag déanamh aon bhuartha dhó ach gur saint a bhí air, mar gur bhitheamhnach é agus go mbíodh sé ag guid an airgid a tugtí le coimeád dó." Tadhg: Cad deir an Ridire leis sin? Donchadh: Ní fheadar. MAINISTIR NA CORAN. Tadhg: 'Seadh, a Dhonchadh, an bhfuil aon sgéal nua agat indiu? Donchadh: Tá. Bhíos theas i Mhainistir na Coran an lá fé dheire agus chonac rud ann a chuir ag machtnamh go mór mé. Tá sagart paróiste ann, an t-Athair 'Liam, agus tá rud déanta aige i dtaobh na Gaeluinne agus ní dóich liom go bhfeaca sós rud is mó dhéanfidh de thairbhthe 'ná é, 'sé sin má leantar dé agus má leathan sé. Tadhg: Oidhe! Agus cad é an saghas an rud iongantach so a chonaicís i Mainistir na Coran? Níor mheasas féin go raibh sráid bheag i n-Éirinn a bhí níos Ghallda 'ná an tsráid bheag san. Donchadh: Ní fheadar cé 'cu atá sí Gallda nú ná fuil, ach tá an obair seo a deirim fíor Ghaedhlach. Tá cheithre sgoileana maithe sa pharóiste. Do chuir an sagart paróiste an Ghaeluinn d'á múine ins na cheithre sgoileanaibh raint aimsire ó shin. Ansan, chun go mbéadh breis misnigh ar idir lucht foghluma agus lucht múinte, gheall sé, ar a chosdas féin, seóid luachmhar do'n bhuachail ab fheár, agus seóid luachmhar eile do'n chailín ab fheár a gheabhfí i n-eólus ar Ghaeluinn as na cheithre sgoileanaibh. Chuir san tnúth agus formad agus iomarbháidh ar siúbhal idir an mhuintir óg, feuchaint cé gheabhadh an tseóid, agus idir na sgoil- eana chómh maith, feuchaint cé 'cu sgoil a churfadh amach an buachail ab fheár nú an cailín ab fheár. Tadhg: Airighim-se daoíne 'ghá rádh, a Dhonchadh, ná
múintear an Ghaeluinn i gceart i n-aon chor ins na sgoileanaibh; ná déintear ach fothram na bhfocal do mhúine agus ná bíon aon bhlúire eóluis ar bhrígh na cainte ag an oide ná ag an sgoláire. Donchadh: B'fhéidir go bhfuil sgoileana ag múine Ghaeluinne agus ná fuilid siad ró shaor ó'n locht san, ach ní h-iad sgoileana na Mhainistreach so theas iad. Nuair a tháinig an t-am a bhí ceapaithe chuige, an t-ochtmhadh lá fichid de'n Abrán so a ghaibh thorainn, do trialadh an t-aos óg ionta féuchaint cé h-iad a gheabhadh na seóide. Do trialadh cúigear as gach sgoil des na cheithre sgoileanaibh. Gan amhras do chuir gach oide uaidh chun na trialach an cúigear ab fheár a bhí aige. Bhíos féin ag caint 'n-a dhiagh san leis an t-é a dhéin an triail agus dúbhart leis, díreach mar a dúbhraís-se anois, gur dóich le n-a lán daoine nách ag múine Ghaeluinne a bítear ins na sgoileanaibh ach ag múine fothraim gan éifeacht. Dúbhairt sé liom gur fheuch sé go cruínn chuige sin sa triail seo agus nár ghá dhom aon cheist a bheith orm mar gheall air. Gur thriail sé gach duine de'n aos óg i mbrígh na cainte agus gur chas sé an chaint anonn 's anall ortha i dtreó nár bh'fhéidir dóib gan a thaisbeáint go soiléir cé 'cu thuigeadar cad a bhí acu dh'á rádh nú nár thuigeadar. Dúbhairt sé go raibh iongna air a fheabhas a thuig cuid acu an chaint. Tadhg: B'fhéidir go bhfuair cuid acu an tuisgint sin ó n-a muíntir féin sa bhaile. Má fuaradar ba dhóich liom gur do'n mhuintir sa bhaile ba cheart an duais a thabhairt agus nách do'n sgoil. Donchadh: Agus dar ndó tá a gcion de'n chreid- eamhaint ag an muíntir sa bhaile chómh maith agus 'tá ag an sgoil. Tadhg: Is fíor. Agus spriocfar an mhuíntir sa bhaile chómh maith agus do spriocfar an sgoil. Dá n-oibrígheadh an mhuíntir sa bhaile agus an sgoil as láimh a chéile bhéadh an gnó go léir déanta, nú i n-áir- ighthe a dhéanta, gan aon teip. Deirim leat, a Dhon- chadh, má chuir an obair sin ag machtnamh tusa go bhfuilir-se t'réis mise chur ag machtnamh go dlúth leis an dtuairisg seo atá tabhartha agat dom ar an obair. Ceithre sgoileana ag tnúth agus ag formad le n-a
chéile feuchaint cé 'cu sgoil is feár a mhúinfidh Gael- uinn. An t-aos óg ar na cheithre sgoileanaibh sin ag tnúth agus ag formad le chéile feuchaint cé 's feár a dh'fhoglumóchaidh an Ghaeluinn. Na daoine sa bhaile, daoíne go bhfuil an Ghaeluinn ar áileacht an dhomhain acu féin, ag tnúth agus ag formad agus rag faire, gach duine acu ag brath air gur b' é a leanbh féin a bhéarfadh buadh agus do thabharfadh abhaile an tseóid. An dóich leat 'ná go ndéanfidh an mhuíntir sa bhaile a ndíthol chun an eóluis a thabhairt do'n leanbh i dtreó go bhféadfidh sé an cluiche bhuachtaint! Agus feuch. Cad 'tá chun aon cheithre sgoileana eile i n-Éirinn do chosg ar an saghas céadna oibre dhéanamh? Donchadh: B'fhéidir nár chuímhnighdar air. Tadhg: Tá súil agam go gcuímhneóchaid siad anois air. DRUIM MÓR. Tadhg: Feuch, a Dhonchadh! Cad í an chaint sin ort mar sin mar gheall ar Mhainistir na Coran! Feuch air sin! Donchadh: Cad é an rud é seo? Ó tuigim. Chonac cheana indiu cúntas air. Bhí ana thabhairt amach acu agus mórán cainte. Ach feuch, a Tadhg. Ní chuirim puínn suime i gcaint le déanaighe. Dá bhféadadh caint na h-aibhní i n-Éirinn do chur ag ruith i gcoinnibh na gcnuc bhéidís go léir ag ruith i gcoinnibh na gcnuc againn fadó riamh. Ba mhór an iongna é sin gan amhras. Ach tá rud ag baint leis an gcaint agus is beag 'ná go gcuirean sé oiread iongna orm uairean- ta agus a bhéadh orm dá bhfeicfinn na h-aibhní ag gabháil i gcoinnibh an chnuic d'á bár. Tadhg: Agus cad é an rud é sin, ar mhiste do dhuine a fhiafraíghe dhíot? Ní chuirean tú puinn suime i gcaint le déanaíghe, agus, 'na thaobh san a's uile, tá rud ag baint leis an gcaint agus cuirean sé oiread iongna ort agus bhéadh ort dá bhfeicfá an chaint ag cur na n-abhan ag ruith i gcoinnibh na gcnuc. Ní mheasaim go dtagan dá thaobh na cainte le chéile go ró mhaith.
Donchadh: Tagaid siad le chéile. Nuair a chídhinn-se ar dtúis cómhtinóla móra agus daoíne ag déanamh cainte, le mire agus le buirbe agus le dásacht, 'ghá mhaoídheamh gur bh' í an Ghaeluinn caint ár sínsear agus go gcaithfí í choimeád beó i n-Éirinn go dtí deire an tsaoghail, do mheasainn am aigne go gcrom- fadh na cainteóirí sin láithreach ar an nGaeluinn a dh' fhoghluim agus ar dhaoine eile do spriocadh chun i dh'fhoghluim. Do críochnuightí gnó an lae. Do críoch- nuightí an chaint. D' imthígheadh an mire, agus an bhuirbe, agus an dásacht, agus do theidheadh na cain- teóirí abhaile. Bhínn-se ag feuchaint amach agus ag faire feuchaint cathain a thiocfadh toradh an mhire agus toradh na buirbe agus toradh an dásachta agus toradh na cainte go léir. Bhínn ag faire go dtí go mbínn cortha. Ní thagadh blúire toradh de bhár na cainte! Deirim leat go mbíodh iongna orm. An neart go léir sa chaint agus gan aon toradh ó'n neart. Deir lucht ealadhan nách foláir do gach neart a chómhthrom de thoradh a thabhairt. Ach do chínn-se neart cainte agus ní thugadh sé aon toradh uaidh. Thuigeas go raibh san chóm mór i gcoinnibh dlíghe an nirt agus bhéadh sé an abha chur ag ruith i gcoinnibh an chnuic. Neart gan toradh iseadh taobh acu. Toradh gan neart iseadh an taobh eile. Is cómh-iongantach dóibh. Chuir taobh acu oiread iongna orm agus chuirfadh an taobh eile, da bhfeicfinn é. Ach thainig aon nídh amháin dómh-sa as an neart gan toradh. Nuair a fuaras, pé neart a bhíodh sa chaint, ná tagadh aon toradh d'á bár, níor chuireas aon tsuim inti feasda. Siniad dá thaobh an sgéil sin tabhartha d'á chéile dhuit. Tadhg: Is dócha go bhfuil sé chómh maith agam a admháil láithreach go bhfuil an ceart agat, 'sé sin, chómh fada agus a théidhan a lán de'n chaint. Bhí a lán di, agus tá a lán di fós, folamh go leór chómh fada agus théidhan toradh bheith uirthi. Ach deirim an méid seo leat, agus ní foláir duit a admháil go bhfuil an fhírinne agam. Na fir a dhéin an chaint ag an gcóm- thinól san sa Druim Mhór thuaidh an lá fé dheire, ní fir iad a dhéanfadh caint agus ná déanfadh gníomh do réir na cainte. Donchadh: Ó, is fiós san. Ní h-é a ngníomh san go
bhfuil aon dabhta agam 'á dhéanamh dé ach gníomh na ndaoíne a bhí ag éisteacht le n-a gcaint. Tadhg: Agus nár dhóich leat go mbéadh sé chómh maith agat fanmhaint go bfheicir a ngníomh? Donchadh: Tá go maith. Fanfad. SEÓINÍNTEACHT LÉIGHINN. Donchadh: Cad é do mheas ar an obair, a Thaidhg? Taidhg: "Cad é mo mheas ar an obair?" Cad tá uait? Donchadh: An rud adeirim. Ba mhaith liom a fhios a bheith agam cad é an meas atá agat ar an gcuma go bhfuil an obair ag dul chun chinn. Is iongna leat mise 'ghá rádh ná fuil aon iontaoíbh agam a' lucht cainte. Ba mhaith liom a fhios a bheith agam cad é do mheas féin ar lucht na cainte. Tadhg: 'Sdó tá oiread san daoíne ag caint agus a n-eólus chómh suarach san gur ró dheacair do dhuine meas mór a bheith aige ar an gcaint. Donchadh: Seadh, agus na daoíne is lúgha eólus isiad is mó caint. Tadhg: Is fíor. Is ait an sgeal é. I n-aon tsaghas eile oibre fé'n ngréin ní labhran duine ach do réir a eóluis agus do réir a thuisgiona. Ach chómh luath agus a tráchtar ar Ghaeluinn, ar an gcuma 'nar ceart í sgrí', nú i labhairt, nú i mhúine, sin ar siúbhal an uile chlaibín, 'á ínsint laithreach conus is ceart an obair a dhéanamh, agus an claibín is lúgha eólus isé is géire a bhíon ag cur dé. Táim ag éisteacht leó ó thusnuigh an obair. An mhuíntir ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu isiad is measa. Cuímhníghid siad 'n-a n-aigne ar an gcuma 'na ndéintear rud éigin sa Bhéarla agus siúd ar siúbhal an claibín 'á rádh gur ceart an rud san a dhéanamh ar an gcuma gcéadna san sa Ghae- luinn. Bíd siad coitchianta 'ghá mhaoidheamh gur ceart Éire agus gach nídh a bhainean le h-Éirinn a bheith fíor Ghaedhlach, agus sa n-am gcéadna ní foláir leó a chur fheuchaint orainn ár leabhair agus ár léighean, agus gach nídh eile a bhainean le n-ár gcaint, a bheith ar dul an Bhéarla againn. Is deacair dúinn an obair a
dhéanamh sa cheart agus na claibíní sin ar siúbhal coitchianta ar gach aon taobh dínn, 'ghár gcur amú sa n-obair agus ag cur na h-oibre i n-aimhréidh orainn. Ní thuigid siad an obair. An obair a chíd siad déanta, d'á fheabhas a bhíon sí déanta iseadh is lúgha a thuigid siad í. Nuair ná féadaid siad í thuisgint is dóich leó gur uirthi a bhíon an locht agus nách ortha féin. Is dóich leó ná bíon sí déanta sa cheart nuair ná feicid siad déanta í ar aon dul le h-obair éigin Bhéarla. Donchadh: Agus siniad na daoíne a thabharfidh "seóinín" orm má dhéinim aithris ar nósaibh Gallda am shiúbhal, nú am sheasamh, nú am chulaith éadaigh, nu i mblas mo chainte! Tadhg: Geallaim dhuit gur b'iad is túisge a thabhar- fidh fé ndeara an t-aithris agat agus gur b'iad is aoírde a liúfidh "Seóinín!" ad dhiaigh. Donchadh: Agus nár chóir go dtuigfidís go bhfuil seóinínteacht léighinn chómh spriúnlaithe le h-aon tsaghas eile seóinínteachta? Tadhg: Ní thuigid. Bia na h-aigne léighean. Ní bhfuair a n-aigne riamh aon bhia eile ach an Béarla. Is ar léighean an Bhéarla do tógadh iad. Isé léighean an Bhéarla an bainne-cí a fuair a n-aigne ó'n lá a thusnuigh a n-aigne ar mhachtnamh a dhéanamh 'ná ar smuínte chur le chéile. Ní réidhtíghean aon tsaghas eile bídh le n-a n-aigne anois. Má fhoghlumuighid siad oiread Ghaeluinne agus gur féidir dóibh leighean Ghaedhlach do thuisgint, chómh fada le brígh na cainte, is amhlaidh a chuirean an léighean san iompáil goile ar a n-aigne. Bhíon an bia ró láidir. Ansan ní bhíon le rádh acu ach, "Ach! cad é mar shaghas léighinn é sin!" Tá díobháil mhór agá leithéidí sin dh'á dhéanamh do'n obair. Ach ní'l leigheas acu air. Donchadh: Nár chóir go bhféadfidís éisteacht; na claibíní choimeád dúnta. Tadhg: 'Sdo is amhlaidh mar atá an sgéal, a Dhonchadh, dá n-éistidís ní labharfadh aoinne. An t-é is feár eólus ar an nGhaeluinn isé is, deacara chur ag caint. Is feár an claibín féin a bheith ar siúbhal 'ná gan a bheith ann ach ciúnas ar fad. Donchadh: Is bocht an sgéal é; rogha a' dhá dhíg!
CLAIBÍNÍ. Donchadh: An chaint úd a dúbhraís anso an lá déanach, a Thaidhg, ní thaithnean sí liom. Tadhg: Tá go maith, a mhic ó. Ní duine mise gur maith liom mo chaint do chur siar ar aoinne, Má thaithnean mo chaint le duine bíodh sí aige. An t-é ná taithnfidh sí leis gabhadh sé tháirsi, i n-ainim Dé. Ach cad é do locht-sa ar an gcaint a dúbhart anso an lá déanach, a Dhonchadh? Donchadh: Do labhrais ana tharcaisneach ar na daoíne ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu agus nách foláir dóibh d'á bhrígh sin a gcaint a dhéanamh i mBéarla chun oibre na Ghaeluinne chur ar aghaidh. Ansan dúbhraís, chun an sgéil a bhogadh is dócha, gur feár an claibín féin a bheith ar siúbhal 'ná gan a bheith ann ach ciúnas ar fad. Tadhg: Dubhart, a Dhonchadh. Agus d'aontuíghis-se liom. Dúbraís gur bhocht an sgéal é, rogha a' dhá dhíg. Donchadh: Dúbhart é sin agus dob' fhíor dhom é. Ach ní h-iad na daoíne a dhéinean an chaint as Béarla fé ndeár é agus ní cóir tarcaisne thabhairt dóibh mar gheall air. Tá ortha an chaint a dhéanamh nú ní déan- far i n-aon chor í. Mura mbéadh na daoíne ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu, a Thaidhg, cá mbeadh an obair? Bhéadh sí gan déanamh, a Thaidhg. Táid na mílte daoíne ar fuid na h-Éirean an neómat so agus Ghaeluinn bhreágh acu, Gaeluinn chómh breágh chómh bríghmhar, chómh blasta agus do labhradh riamh i n-Éirinn, ach ba mhar a chéile dhuit bheith a' d'iaraidh a chur fheuchaint ar sheana-chat é féin a dhógh agus bheith a d'iaraidh a chur fheuchaint ar fhormhór na ndaoíne sin focal Gaeluinne do labhairt le leanbh. Tá cuid acu agus ba thúisge leó a mbéal a dhúnadh agus gan labhairt i n-aon chor 'ná focal Gaeluinne do labhairt le leanbh. Dá mbéadh an obair ag brath ortha bhéadh an obair gan déanamh. Bhéarfidis leó síos fé'n gcré an Ghaeluinn níos túisge 'ná mar a labharfidís aon fhocal di le h-aon leanbh. Deirim-se gur b'iad na daoíne ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu do dhéin an obair, an méid atá déanta dhi. D'á bhrígh sin deirim
nách cóir tarcaisne thabhairt dóibh, nách cóir claibíní a thabhairt ar na beulaibh a labhair nuair a bhí gá le caint agus ná labharfadh an mhuíntir go raibh an chaint acu. Tadhg: Tá dearmhad ort, a Dhonchadh. Ní h-ortha san a labhras-sa anso an lá déanach, agus ní h-ortha thugas lucht claibíní. Is 'mó saghas daoíne atá ag déanamh cainte sa n-obair seo na Ghaeluinne. Tá ar dtúis, na daoíne seo a deirir-se, daoíne cialmhara, tuisgionacha, géarchúiseacha, bíodh ná fuil puínn aon fhocal Ghaeluinne acu, fós. Tuigid siad uaisleacht na Ghaeluinne agus a neart agus a tairbhthe do Ghaedhlaibh, agus táid siad, ó thusach na h-oibre seo, ag déanamh an uile shaghas díthil chun a chur fheuchaint ar an muíntir go bhfuil sí acu i thabhairt do'n aos óg agus gan í bhreith fé'n gcré leó. Tá creideamhaint mhór ag dul dos na daoíne sin, a Dhonchadh, agus tabharfar dóibh an chreideamhaint sin. Gheabhaid siad an chreideamhaint sin i n-Éirinn go deó agus ní baoghal dóibh go mbain- fidh aon rud a déarfad-sa, ná tusa, ó'n gcreideamh- aint sin. Ach tá saghas eile daoíne ag caint, daoíne 'ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu agus ná béidh go deó, daoíne go bhfuil airc chun cainte ortha agus gur cuma leó cé 'cu bhíon cial le n-a gcaint nú ná bíon ach go mbéid siad ag éisteacht le n-a nglór féin. Dá mbéadh an Ghaeluinn fé'n gcré amáireach agus ná béadh le saothrú' againn ach Béarlagar na Saor bhéadh an gleó céadna díreach ag na daoíne sin. Bhéadh a nglór go h-árd agus go ceólmhar 'á chur 'n-a luíghe orainn go léir ,gur cheart dúinn Béarlagar na Saor do shaothrú' ar aon dul leis an léighean is uaisle sa Bhéarla! Siniad na claibíní go bhfuilim bodhar acu. Donchadh: Ba dhóich liom nár bh'fhiú iad san puínn suime chur ionta. Tadhg: Níor bh'fhiú dá mbéadh ag Ghaedhlaibh anois an greim ar an nGhaeluinn a bhí acu uirthi céad blian ó shin. Ach ní'l. D'á bhrígh sin is féidir dos na claibíní na daoíne chur amú. Siné atá orm. An claibín ag stealadh an éithigh amach agus gan na daoíne ábalta fós ar an éitheach a bhreithniú' chómh fada agus théidhean an gnó so na Gaeluinne.
NA SAIGHSEANA CAINTE. Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach is eagal liom gur geár ná fágfir-se fonn ar aoinne aon fhocal Béarla do labhairt i n-aon tsaghas gnótha a bhainean le h-Éirinn ná le gnó na Ghaeluinne. Tadhg: Conus é sin aidhe! Donchadh: 'Sdó, aon duine a bhogfidh a bhéal feasda chun Béarla do labhairt i n-aon ghnó de'n tsórd san bheidh sganra an domhain air le h-eagla go ndéarfadh daoíne ná fuil ar siúbhal aige ach seóinínteacht léighinn, nú claibínteacht. Ansan déarfidh sé leis féin gur feár éisteacht. Ní labharfidh sé i n-aon chor. Ansan ní bhéidh agat ach an rud úd go ndúbhraís gur bh'feár claibínteacht féin 'ná é, an ciúnas ar fad. Tadhg: Ó thráchtais ar an seóinínteacht léighinn agus ar an gclaibínteacht chainte ná raibh sé chómh maith agat an chuid eile des na saighseana dh'áireamh? Donchadh: Agus cad iad na saighseana eile atá againn? Tadhg: Tá níos mó saighseana cainte againn i n-Éirinn anois 'ná mar a bhí de shaighseanaib éithigh riamh ag Shakespeare. Tá againn ar dtúis an tseóinínteacht. Siné an saghas cainte do labhran, nú do sgríobhan, an fear a bhíon coitchianta, 'n-a chaint nú 'n-a sgríbhinn, a d'iaraidh aithris a dhéanamh ar Darwin nú ar Huxley. Éist leis an bhfear san tamal, nú léigh sgríbhinn uaidh, agus tabharfir fé ndeara an aithris. Tabharfir fé ndeara, i ngluaiseacht na bhfocal, agus go mór mór ins na coraibh beaga miona a curtar sa chaint uairean- ta, an cor d'á dhéanamh díreach, ba dóich leat, mar a dhéanfadh Darwin é, nú Huxley, nú duine éigin de'n aicme sin. Ar an gcuma gcéadna iseadh dhéinean an seóinín Ghaedhlach aithris ar an nduinuasal Gallda. Agus feuch; dá gcaileadh sé a mheabhair leis ní féidir dó a dhéanamh ach aithris. D'aithneóch' an t-amadán is mó amuich ná fuil ann tar éis a dhíthil ach seóinín; ná déanfadh an saoghal duinuasal dé. Tá an rud céad- na fíor i dtaobh seóinintheachta an léighinn. Ní dhéan- fadh an saoghal léighean dílis dé. Donchadh: Tá go maith. Sgaoíl thort an chlaibín-
teacht agus áirimh na saighseana eile. Tá fhios againn go léir cad é an saghas an claibín. Tadhg: Agus is dócha go bhfuil fhios agat cad é an saghas cainte glaigínteacht. Donchadh: Abair é! Ní dócha go bhfuil an duine sin beó i n-Éirinn na fuil aithne aige ar an nglaigín. Tadhg: Má thuigean tú cad é an saghas cainte an ghlaigínteacht is dócha go bhfuil fhios agat cad é an saghas cainte draidireacht. Donchadh: Ambriathar go bhfuil, agus cad é an saghas duine an draidire. Ach ní fheicim go bhfuil puínn deifrígheachta idir dhraid agus claibín. Táid siad araon luathbhéalach go maith. Tadhg: Táid. Ach tá faobhar ar an ndraid, agus searbhas ann, ná fuil sa chlaibín. "Chin" iseadh thabharfadh an Yank ar chaint an draidire. Donchadh: Sin cheithre saighseana. Comáin leat. Tadhg: Do déineadh a lán cainte i n-Éirinn le déanaíghe agus ní'l ainim is cirte a thabhairt uirthi 'ná bladhman. Donchadh: Ambasa is fíor dhuit é. Do déineadh a lán de'n chaint sin i n-obair na Gaeluinne féin gach aon lá ó thusnuigh an obair. Comáin leat. Tá dhá shaghas eile agat le h-áireamh sar a dtagair suas le Shakespeare agus le n-a shaighseanaibh éithigh. Tadhg: Tá saghas cainte againn ar a dtugtar plámás. Donchadh: Ó! Dar fiadh ach tá an ceart agat. Ba mór an dearmhad an saghas san a dh'fágáilt lasmuich de'n áireamh. Ní dóich liom go bhfuil aon tsaghas is mó atá i n-úsáid i n-Éirinn le déanaighe 'ná an saghas san. Agus ambriatar go bhfuil cuid mhaith dhé ar siúbhal i ngnó na Gaeluinne féin. Comáin leat. Tá ceann eile agat le n-áireamh. Tadhg: Ceann eile! Tá seacht gcinn eile. Tá plubaireacht chainte; agus baoithireacht chainte; agus breallántacht chainte; agus glugar; agus fianuigheacht; agus gaoith. Donchadh: Ochón! Cé fhéadfidh iad go léir a shea- chaint! Ach d' fhághais gan áireamh an saghas is mó le rádh dhíobh go léir. Tadhg: Cad é an saghas é?
Donchadh; An saghas cainte ar a dtugtar ráiméis. Tádhg: Ó tuigim. Tá an ainim sin ortha go léir i n-aonfheacht. Ainim choitchian iseadh an ainim sin. Donchadh: Á! Is deacair brabús fhághail ort. CAINT GAN EÓLUS. Donchadh: D'áirighis a lán saighseana cainte anso an lá déanach, a Thaidhg, ach is dóich liom go bhfuil saghas a dh' fhágais gan áireamh agus gur feár a thuíl sé áireamh 'ná aon cheann des na saighseana a dh' áirighis. Tadhg: Cad é an saghas é sin? Donchadh: An saghas cainte dhéanfadh fear bodhar ar cheól. An saghas cainte a dhéanfadh fear dall ar dhathanaibh. An saghas cainte a dhéanfadh gréasaidhe ar conus ba cheart bríste dhéanamh, nú a dhéanfadh táiliúir ar conus ba cheart bróg a dhéanamh. Tadhg: Cad é seo anois ort? Donchadh: Léigh é sin! Nách uathbhásach an sgéal a rádh ná tabharfar do'n Gaeluinn an dlígh a tugtar do'n cheól nú dos na dathanaibh nú do'n bhríste nú dos na brógaibh. Tadhg: Cad é an dlígh é sin? Donchadh: Ná déanfidh duine cainte ach ar an rud go bhfuil eólus aige air. Is fada mé ag éisteacht le caint agus ag léighe cainte agus ní fheicim choídhche go labhran duine ná go sgríobhan sé ach ar an rud a thuigean sé, an rud atá ar eólus aige, an rud go bhfuil fhios aige cad a bhainean leis. Ach i dtaobh na Gaeluinne, chím i gcómhnuighe riamh, gur b'é an t-é is lúgha eólus uirthi an t-é is aoírde agus is dána a labhran, 'ghá ínsint dúinn go léir conus is ceart í labhairt agus í sgrí' agus í shaothrú'! Siné an fear san a thugan "M" air féin. Féuch, léigh an chaint a sgríobh sé. Dá mbéadh sé ag labhairt na Gaeluinne ó 'n lá a thusnuigh sé ar chaint agus ar shiúbhal an bhféadfadh sé ceann níos dána chur air féin 'ghá ínsint dúinn conus ba cheart dúinn í shaothrú'?
Tadhg: Agus cá bh'fhios duit-se ná go bhfuil sé 'ghá labhairt ó 'n lá thusnuigh sé ar chaint? Donchadh: Dá mbéadh ní h-as Béarla a 'neósfadh sé dhúínn cad ba cheart dúinn a dhéanamh; cad é an saghas leabhar atá ag teastabháil. Tadhg: Cad eile cad a dhéanfadh sé? Donchadh: Do shuídhfadh sé síos, go breágh ciuin cial- mhar, agus do sgríobhfadh sé féin leabhar acu dhúinn. Do chuirfadh sé sa leabhar san an saghas Gaeluinne is dóich leis is ceart a chur i leabhraibh dos na daoíne, agus choimeadfadh sé gan cur ann an saghas is dóich leis a bhéadh ró chruaidh dhóibh fós. Deir sé ná fuil puinn leabhar againn. Cad 'n-a thaobh ná sgríobhan sé cúpla leabhar dhúinn? Ní dhéinean mar ní fhéadfadh sé. Ní'l an t-eólus ceart ar an nGaeluinn aige chuige. Ní'l oiread eóluis ar an nGaeluinn aige agus go bhféadfadh sé í sgrí agus tá oiread eóluis aige agus go bhféadfadh sé a mhúine do'n mhuíntir go bhfuil an t-eólus acu conus í sgrí'! Ar airigh aoinne riamh aon rud chómh míchuíbhsach? An gcurfí suas dhá neómat le beart chómh míchuíbhsach i n-aon tsaghas oibre ach i n-obair éigin a bhainfadh le Gaeluinn! Tadhg: Fágaim le h-uacht gur léigheas an chaint sar a dtánaís agus nár mheasas go raibh aon nídh míchuíbh- sach mar sin inti. Ní dóich liom go ndeir an duine aon rud ach an fhírinne. Aon duine do sgríbhfidh Gaeluinn anois, ma's maith leis tairbhthe dhéanamh agus an saothrú' chur ar aghaidh, ní foláir dó an Ghaeluinn do sgrí' go breagh, bog, réidh, simplídhe, i dtreó go mbéidh a tuisgint lastigh de chumas na ndaoíne a léighfidh í nú a bhéidh ag éisteacht léi d'á léighe. Ní fheicim go bhfuil sa méid sin ach cómhairle leasa d' aoinne a cheapfadh Gaeluinn do sgrí' um an dtaca so. Donchadh: Tá go breagh, a Thaidhg! Ná feicean tu nách mar a chéile i n-aon chor an chómhairle sa chuma 'na gcuirean tusa í agus sa chuma 'na gcuirean sé siúd í? Tadhg: Cad é an deifrígheacht atá eatarta? Siné an brígh a bhainim-se as a chaint. Donchadh: Mhar sin tuigean tusa an obair. Ní gá dhó aon nídh a mhúine dhuit-se. An t-é ná tuigean an obair chómh maith agus a thuigean tusa í, nú an t-é ná
tuigean i n-aon chor í, cad é an brígh a bhainfidh sé as an gcaint? Ní bhainfidh sé aon bhrígh aisti. Luighfidh a shúil ar dtúis ar an suarachas leabhar atá sa Ghae- luinn againn. Ansan chídhfidh sé na mílte leabhar atá sa Bhéarla, sa bhFraincis, sa n-Almáinnis, - an ínti- leacht uathbhásach ins gach aon bhall, - an doimhneas agus an ghuntacht, chainte agus sgríbhinne, atá os cioni ár gcumais ar fad fós. Leathfidh a radharc ar an nduine mbocht. An mar sin is cóir múine dhéanamh! Tadhg: Agus cad fhéadfadh sé dhéanamh? Donchadh: D'fhéadfadh sé a bhéal a dh' éisteacht nú eólus a chur ar rud sar a múinfadh sé dhúinn é. Tadhg: Humhth! B'fhéidir go bhfuil smut de'n cheart agat. TÁIM CIAPAITHE! Tadhg: Cad a choimeád thú, a Dhonchadh? Mheasas go mbeidhfá anso dhá uair a' chluig ó shin. Tá súil agam nách aon droch nídh a tháinig crosta ort. Donchadh: Ó airiú, leog dom féin, a dhuine! Táim as mo mheabhair. Táim ar buile. Táim i rachtaibh an anama a bhaint a' duine éigin! Ní bhfuaras a leithéid de chiapadh ní fheadar cathain. Tadhg: Ochón! Airiú cad d' imthigh ort, nú cad a chiap tú? Donchadh: D' imthigh mo dhóithin mór orm, agus breis, agus do chiap fiche rud mé. Tá creathán am ghlór tá a leithéidh sin de chiapadh fághalta agam. Tadhg: Agus cad is gá dhuit-se bheith am chiapadh- sa! Sgaoíl chúgainn é, a dhuine. Donchadh: Ní rabhas díreach ach t' réis an bhaile fhágaint nuair cé bhuailfadh umam ach Seághainín Ruadh san thíos. "Ó 'riú, a Dhonchadh," ar seisean, "tá sgéal nua agam duit!" "Is maith é sin," arsa mise, gur a' slán sgéalaíde! Tá súil agam gur sgéal fóghanta e." "Sgéal iseadh é a chuirfidh áthas mór ort-sa," ar seisean. "Táthar chun na Gaeluinne do shaothrú' agus
chun na ndaoíne go léir a chur 'á labhairt airís fé mar a bhídís fadó." "An ndeirean tú liom é!" arsa mise. Tháinig sé chun mo bhéil a fhiafraíghe dhé an 'n-a chodla a bhí sé le deich mbliana, ach níor dhéineas. Do sgaoíleas leis. "Deirim leat é gan amhras," ar seisean. "Táthar chun í shaothru'. Ní'l aon fhocal bhréige ann. Tá sé go léir sa phápeur. Tá easbog tar éis a rádh go ndéanfar í shaothrú', agus tá árdeasbog tar éis na cainte céadna 'rádh. Béimíd go léir ag labhairt Gaeluinne as so amach. Tá an sgéal sa phápeur. An amhlaidh nár airíghis é?" "Ní h-é gach aoinne a gheibhean an pápeur chómh tráthamhail agus a gheibhean tusa é, a Sheághain," arsa mise, "agus d'á bhrígh sin ní h-é gach aoinne a thagan suas le sgéal nua chómh luath agus thagan tusa suas leis," agus bhailígheas mé féin uaidh chómh réidh agus d' fhéadas é. An breallán! Fothram na h-oibre ag baint na gcluas as na daoíne le deich mbliana, agus eisean ag teacht le n-a sgéal nua chúgainn um an dtaca so! Tadhg: Tá a lán dh'á shaghas san againn, a Dhonchadh. Dá mbéadh an saoghal d'á iompáil taobh síos suas os cómhair a súl ní chuirfidís blúire suime ann go dtí go dtráchtfadh easbog nú árdeasbog nú duine mór éigin mar sin air. Donchadh: Ar éigin a bhíos sgartha le Seághainín nuair cé bhuailfadh chúgham sa bhóthar ach an dochtúir nua so atá ag brath ar theacht chúgainn. Ní'l aon fhocal Gaeluinne aige.
Tadhg: Seadh! Do dhuine gan náire is usa a ghnó dhéanamh. Cad dúbhraís leis? Donchadh: Chuir sé a leithéid sin de bhuile orm níor labhras i n aon chor. Níor dhéineas ach mo dhrom a thabhairt leis agus é fhágaint ansan. Tadhg: Agus cad a dhéanfir i dtaobh an ruda a dh'iar sé ort? An labharfir leis na h-"absurd fellows"? Donchadh: Ambriathar go labharfad láithreach! Tadhg: An fear bocht! DÁSACHT I N-AISTEAR. Tadhg: 'Sheadh, a Dhonchadh, is dócha gur labhrais leis na h-"absurd fellows" agus nách fios cad é an léir- sgrios atá déanta agat ar an ndochtúir nua. Caithfidh sé imtheacht as an ndúthaigh. Is usaide dhó é mura gcaithfidh sé imtheacht a' h-Éirinn agus dul go dúthaigh éigin iasachta, dúthaigh éigin ná béidh aon "absurd fellows" ann, ná aon Ghaeluinn. Ach níor dhóich le duine ort, ámhthach, go bhfuil aon bréitse ró mhór mar sin déanta agat. Ní fheuchan tú mar fheuchfadh duine bhéadh tar éis gaisge dhéanamh. Donchadh: Táim 'á chuimhneamh, le fírinne, gur ag magadh fúm a bhí an claidhre dochtúra úd. Tadhg: Ag magadh fút! Conus san airiú? Donchadh: Ní raibh aoinne acu ag dul 'n-a choinnibh. Bhí cuid acu ag caint agus ag bladhman, 'á rádh nár cheart aon dochtúir a thoghadh do 'n áit ach dochtúir a bhéadh ábalta ar Ghaeluinn a labhairt. Nuair a dh'ínseas dóibh gur labhair sé liom agus cad dúbhairt sé níor thug cuid acu uain dom ar a thuile cainte dhéanamh. "Ó!" ar siad," ná h-abair a thuile. Ní'l baoghal air. Gheabhaidh sé an post. Duinuasal galánta, creideamhnach, iseadh é. Ba mhór an truagh gan é chur isteach. Tá gá le n-a leithéid sa n-áit.
Abair leis gan aon cheisd a bheith air. Ní baoghal dó go raghaidh aoinne againne 'n-a choninibh." Ambriathar mhóide, a Thaidhg, gur mheasadar go léir gur chun labhairt 'n-a pháirt a chuas chun cainte leó! Tadhg: Cad eile cad a mheasfidhís! Níor ínsis dóibh cad a thug tu chun cainte leó. D'ínsis dóibh gur iar se ort dul agus labhairt leó 'n-a pháirt. Nuair a bhí an méid sin ínste agat dóibh cheapadar, nídh nach iongna, gur chun labhairt 'n-a pháirt a tháinís. Bhí áthas mór ortha é bheith le rádh acu leat go ndéanfidís go fonamhar an rud a mheasadar a bhí agat le h-iaraidh ortha a dhéanamh. Cad eile bhéadh uait, a dhuine! Béid siad ag caint leis an ndochtúir féin sar a' fada. 'Neósfid siad dó gur thugadar a nguth 'n-a pháirt. Déarfid siad leis go breágh grádhmhar; "Go deimhin, a dhochtúir, ní raibh aon ghá agat-sa le Donchadh chur ag trial orainne chun labhartha linn agus chun a iaraidh orainn gan dul ad choinnibh. Ní'l duine againn ná raibh lán cheapaithe ar a ghuth a thabhairt i bhfabhar duit sar ar labhair Donchadh linn i n-aon chor." Caith- fid siad an méid sin a rádh as Béarla toisg gan aon fhocal Gaeluinne bheith ag an ndochtúir. Béidh caoi acu ar a thaisbeáint dó go bhfuil a dhóithin-sin Béarla acu. Ansan labharfidh an dochtúir agus déarfidh sé leó, as Béarla, "Táim ana bhuidheach díbh, a cháirde. Bhí tuairim agam féin ó thusach go raibh cial agus bhreitheamhantas ní b' fheár agaibh 'ná dochtúir maith a chur uaibh gan aon chúis eile ach toisg gan aon fhocal Gaeluinne bheith aige. Na daoine go bhfuil a ndóithin Gaeluinne riamh acu ní fheicimíd gur dhein sí puínn tairbhthe dhóibh. Níor dhein a h-easnamh puínn díobhála dhómh-sa an turus so, pé 'n-Éirinn é. Chómh luath agus bhéidh caoi agam air ní mór dhom labhairt le Donchadh agus mo bhuidhchas a ghabháil leis go dúrthachtach. Dhéin sé an rud a dh'iaras air agus dhéin sé go maith é. Tháim ana bhuidheach dé. Táim go deimhin." Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach is dócha go bhfuil an ceart agat! Chómh siúrálta agus atáimíd anso ag caint raghaidh sé amac orm gur labhras leis na fir sin agus gur iaras ortha páirt a thógaint leis an ndochtúir ná fuil aon fhocal Gaeluinne aige i gcoinnibh an dochtúra go bhfuil an Ghaeluinn bhreágh aige, agus
go bhfuil an t-eólus ar an ndochtúireacht aige chómh maith agus atá ag fear an Bhéarla, nú níos feár! Cad a dheanfad i n-aon chor! Tadhg: Raghaidh an méid sin amach ort gan amhras, a mhic ó, ach raghaidh rud is measa go mór 'ná an méid sin amach ort. Donchadh: Aililiú! Cad eile fhéadfadh dul amach orm? Tadhg: Cé chreidfidh, a Dhonchadh, go raghfá-sa chun cainte le Gaedhilgeóiríbh bladhmanacha 'ghá iaraidh ortha a nguth a thabhairt i bhfabhar do dhochtúir Ghallda, i gcoinnibh an dochtúra Gaedhlaigh, mura mbéadh gur thug an dochtúir Gallda breab mhaith dhuit! Donchadh: Achaidhe! Táim réidh ar fad anois! Tadhg: 'Seadh, agus d'á ghéire a shéanfir é iseadh is daingine a creidfar é. "Os a chómhair iseadh is usa bréag a chur ar dhuine." FEIS CHOLMÁIN. Donchadh: Bhís-se ag Feis Cholmáin, a Thaidhg. Tá súil agam gur dhéinbhúir gnó maith ann. Níor fhéadas- sa dul go Mhainistir Fhearmuigh an lá san. Bhí orm dul i n-áit eile. Bhí fhios agam, ámhthach, go bhfaighinn cúntas uait-se ar conus a dh' imthigh leis an obair ann. Bhí lá ana bhreágh agaibh pé 'n-Éirinn é. Tadhg: Ní misde dhuit sin a rádh. Bhí an lá ar áileacht againn. Bhí a lán neithe nár bh' é an lá ar áileacht againn. Bhí rinnce ar áileacht againn, agus bhí rinnceóirí ar áileacht againn. Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil eagal orm féin le déanaíghe gur an iomad rinnce agus an iomad rinnceóirí a bhíon ar na feiseanaibh againn. Chun na Gaeluinne shaothrú' iseadh do ceapadh na feiseana. Is maith an rud raint caitheamh aimsire do mheasgadh ar an obair, ach ní maith an rud failíth a thabhairt sa n-obair ar son an chaitheamh aimsire. Tadhg: Tá daoíne nách tu 'ghá rádh san le tamal, a Dhonchadh. B' fhéidir go bhfuil a chúis acu. Ní bhéidh aon chúis ghearáin a thuille, ámhthach, agat-sa 'ná acu- san, má curtar i bhfeidhm ins gach aon bhall feasda
an riaghail a cuireadh i bhfeidhm an turus so i bhFeis Cholmáin. Donchadh: Cad í an riaghail í sin? Tadhg: Gan a bheith ceadaithe d' aoinne dul isteach ar chomórtas rinnce ach do dhuine go mbéadh Ghaeluinn aige. Donchadh: Seadh! Siné shocaróch' an sgéal go h- áluinn! Siné chuirfadh fheuchaint ar na rinnceóirí gan an sgoluígheacht go léir agus an fhoghluim go léir agus an oileamhaint go léir a bheith ins na cosaibh acu, ach cuid díobh a bheith sa cheann acu, agus sa bhéal; an teanga bheith ag rinnce 'n-a mbéal acu le ceól na Gaeluinne chómh maith agus bhéadh na cosa ag rinnce ar an gclár acu le ceól an bheidhlín Tadhg: Sin mar a bhéidh feasda má curtar an ria- ghail i bhfeidhm ins gach aon bhall. Isé mo thuairim féin go gcurfar. Má tá nídh is mó 'ná a chéile a chuirean iongna orm sa ghnó so na Gaeluinne isé rud é 'ná an chól tar bár a thaisbeánaid formhór na ndaoíne a bhíon i mbun na h-oibre. Isé nádúr oibre de'n tsórd tus- nú' go maith agus go cialmhar agus ansan, i ndiaigh cheile, iompáil chun baoíse. I dtaobh na bhfeiseana so, ba dhóich le duine go bhfuil nídh éigin éagsamlach 'ghá stiúrú' agus 'ghá choimeád ar an slígh chóir. Ní sagart ná bráthair a cheap an riaghail sin i dtaobh an rinnce. Duine éigin des na stiúrthóirí féin a chuimhnigh uirthi agus do cheap í. Chíon tú féin go bhfuil sí chómh tair- bhtheach, chómh cialmhar, de riaghail agus dá mb' í an Eaglais féin do cheapfadh agus do chúmfadh í. Is iongantach an chúilfhéith atá ag cuid des na daoíne seo atá i mbun na h-oibre seo. Tá lámh Dé, moladh go deó leis, ag cur na h-oibre chun cínn. Donchadh: Conus a dh' imthigh le h-obair na Gaeluinne féin ann? Tadhg: Go maith. Go h-ana mhaith. Thugas fé ndeara ann nídh nár mheasas a chídhfinn féin le m' ré. Bhíos ag éisteacht le garsúin óga agus le cailíní beaga d'á dtriail ann feuchaint cé b' feár a dhéanfadh cómhrádh as Gaeluinn. Do chuir na garsúin sin agus na cailíní beaga san i gcuimhne dhom láithreach na cailíní beaga agus na garsúin a bhíodh am' thímpal féin, ag foghluim Teagasg Críosdaíghe, chúig bliana
déag agus dachad ó shin! Chonac airís an t-anamamh- lacht chéadna sa chaint, agus an aibeamhlacht agus an faobhar ar an gcaint, agus an deisbhéalaighe inti, agus an chómhgaracht, agus an neart, agus an fuin- neamh. Do leathadh mo shúile orm uaireanta nuair airíghinn freagra éigin ó gharsún nú ó chailín bheag acu, agus d' fheuchainn am' thímpal agus d' fhiafraighinn díom féin; "An ag taibhreamh atáim! Nú an í seo an tseana aimsir tagaithe airís chúghainn?" Geallaim dhuit gur cuireadh iongna agus áthas i n-aonfheacht orm, mo dhóithin díobh. Is minic le deich mbliana a's dachad d' airígheas garsúin agus cailíní beaga d'á dtriail 'n-a gcuid léighinn ins na sgoileanaibh Gallda so, i mBéarla. Airiú, a dhuine, ní h-iad na garsúin chéadna ná na cailíní beaga céadna i n-aon chor iad! Sa Bhéarla ní bhfaighfá asta ach glór na cainte. Ní bhfaighfá aon phioc de bhrígh na cainte asta, ach mar a bhéadh duine a bhéadh ag caint tré n-a chodla. Nuair a dh' iompúighid siad ar an nGaeluinn is cuma é nú mar a dhúiseóch' a n-aigne as a codla! Donchadh: Moladh le Dia! SGIATHÁIN. Donchadh: Is mór an seó na sgiatháin atá ort-sa, a Thaidhg, ó airíghis na garsúin úd agus na cailíní beaga ag tabhairt gach 're seadh do'n mhuíntir a bhí ghá dtriail. Tadhg: Tá, sgiatháin orm, a Dhonchadh, gan amhras, ó airígeas iad súd. Ní raibh aon choinne i n-aon chor agam go n-éistfinn le n-a leithéidí an fhaid a mhair- finn. Bhí súil agam go mb' fhéidir go dtiocfadh an chaoi dhuit-se ar éisteacht leó, ach níor mheasas go dtiocfadh an chaoi domh féin an fhaid a bhéinn ar an saoghal so. Tá an obair ag tusnú' dáiríribh fé dheire, a Dhonchadh. Is fada do'n tusnú' san ag teacht, ach is dóich liom go bhfuil sé tagaithe. Mura bhfuil sé tagaithe ní fada uaidh anois é. Donchadh: "An obair ag tusnú' dáiríribh"! Agus cad tá ar siúbhal le deich mblianaibh? Cad tá ag déanamh an fhothraim go léir le deich mblianaibh?
Murab í an obair atá ar siúbhal le deich mblianaibh cad tá ar siúbhal? Cad tá ag cur an sgannra go léir ar uaisleacht bhréagach na h-Éirean? Cad tá ag cur ár seóiníní ag crith 'na gcroicean? Cad tá ag baint codla na h-oídhche de'n bhórd léighinn Gallda so i mB'l'ath' Cliath againn? Tadhg: 'Neósfad-sa san duit go cruinn, a Dhonchadh. Tá an t-olmhú' 'ghá dhéanamh san go léir. Ní'l ar siú- bhal le deich mblianaibh ach an t-olmhú'. Is cuímhin leat an sgéal Fianaidheachta. "A Chluas le h-Éisteacht, cad tá ar siúbhal?" a deireadh rígh Éirean. "Tá an fathach mór'á chrothadh féin sa Domhan tsoir", a deireadh Cluas le h-Éisteacht. Ní'l ar siúbhal le deich mblian- aibh ach go bhfuil an fathach mór 'á chrothadh féin anso sa Domhan tsiar, anso i n-Éirinn. Siné atá ag déanamh an fhothraim go léir. Ní'l aon phioc de'n obair tus- nuighthe dáiríribh fós. I Mainistir na Coran theas, tamailín ó shin, agus i Mainistir Fhearmuighe an lá fé deire iseadh chonacthas an chéad iaracht d'á dhéanamh ar an dtusnú'. Ní raibh sa n-obair go léir roimis sin ach olmhú'. Donchadh: Dar fiadh ach dob fhada an t-olmhú' é agus ba thrioblóideach! Má bhíon an obair féin fada, trioblóideach do réir mar is ceart a mheas ó'n olmhú', ní fios cad é an cor a bhéidh orainn go léir ar ball. Tadhg: Ní bhéidh, a Dhonchadh. Ní bhíon choídhche. Sa n-olmhú' iseadh bhíon an duagh agus an saothar agus an trioblóid go léir. Nuair a bhíon an talamh saothruighthe, leasuighthe, sa cheart, agus síol fóghanta curtha ann, le h-eólus agus le tuisgint, ní gádh puínn eile d'á dhuagh fhághail. Fásan an síol uaidh féin, le toil Dé. Bhí muíntir Shasana ar feadh na gcéadta blian ag déanamh a ndíthil ar gach aon tsaghas cuma chun na Gaeluinne do mhúchadh i n-Éirinn. Bhí fhios acu go dian mhaith ná béadh greim ceart go deó acu ar an oileán an fhaid a bhéadh a nGaeluinn féin 'n-a mbéal ag muín- tir na h-Éirean. Dhéineadar dlíghthe 'ghá chosg ar dhaoíne an Ghaeluinn do labhairt. Do theip ar na dlíghthibh aon chosg a chur léi. Chuireadar droch mheas uirthi. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Thugadar fabhar agus onóir agus saidhbhreas do'n t-é a labharfadh an Béarla. Níor chuir san luighead ná laige ar an
nGaeluinn. Fé dheire chuímhnighdar ar sheift. Dúbhrad- ar leó féin go ndéanfidís an leanbh do dheighilt ó'n nGaeluinn; ansan go n-eíreóch' an' leanbh suas agus gan aige ach Béarla; ansan, chómh luath agus gheabhadh na sean daoíne go léir bás go mbéadh Éire glan ó aon fhocal Gaeluinne; ansan go mbéadh Éire ar a dtoil acu, agus go mbéadh an donas ar fad ar an sgéal nú gur ghearr go mbéadh sí chómh glan ó'n gCreideamh acu agus bhéadh sí ó'n nGaeluinn. Donchadh: Go saoraidh Dia sinn! Airiú nár bh' iad na diabhail ó ifrean ainíos iad! Tadhg: Is cuma cé 'cu diabhail nú deamhain iad ach siúd mar a bhí beartuighthe acu. Ba ró dhóbair dóibh an bheart a dhéanamh, ar an nGaeluinn pé 'n Éirinn é. Ach ní foláir "cor i n-aghaidh an chaím" a thabhairt dóibh; a gcleas féin do chasadh ortha; a ndlígh féin a thabhairt dóibh. Dheighleadar an leanbh ó'n nGaeluinn. Ní foláir an deighilt sin do bhrise agus an Ghaeluinn agus an leanbh do sgaoíle chun a chéile airís. Nuair a bhéidh an deighilt sin briste, brúighte, gabhte 'chosaibh ann, agus ceól na Gaeluinne curtha ag rinnce airís i gcluasaibh an leinbh, ansan iseadh bhéidh ár ngnó ag dul chun cínn dáiríribh. Ní mharbhóchaidh an obair aoinne an uair sin, a Dhonchadh. Raghaidh sí chun cínn uaithi féin, díreach fé mar fhásan an síol uaidh féin. Chím an Ghaeluinn agus an leanbh ag cur aithne ar a chéile, a Dhonchadh. Siné atá ag cur na sgiathán orm. ARCHIMÉDÉS. Donchadh: Mhá chuir Feis Mhainistir na Coran agus Feis Cholmáin sgiatháin ort, a Thaidhg, agus cleití móra ionta, ní fios cad d'imtheóch' ort dá bhfeictheá Feis Bhaile Mhistéala. Tadhg: An ndeirean tu liom é? Donchadh: Níor fhéadas dul ann, ach na daoíne a bhí ann, agus a bhí ag an dá fheis eile, deirid siad go léir go bhféadfí Feis Mhainistir na Coran agus Feis Cholmáin, i n-aonfheacht, do ghuid a' Feis Bhaile Mhis- téala agus ná mothófí imthighthe iad, bhí a leithéid sin de chruinniú' daoíne ann.
Tadhg: Ó! Is áluinn an sgéal é sin. Bhí "Re- member Mitchelstown!" againn fiche éigin blian ó shin, nú suas leis, nuair a gabhadh do phléuraibh ins na daoíne, gan chúis gan adhbhar, agus do síneadh marbh iad ar bolg na sráide. Bhí "Remember Mitchels- town!" againn níos déanaíghe 'ná san nuair a bhí cuid des na seóiníníbh beaga bréana atá sa tsráid sin le fada, ag gluaiseacht agus a gcaincíní anáirde agus muc ar gach malainn acu, agus iad ag cneadaigh agus ag séide le corp droch mheas ar an nGaeluinn agus ar an uile dhuine a bhí 'á labhairt nú 'á foghluim. Béidh "Remember Mitchelstown!" anois againn feasda agus brígh leis an bhfocal ná raíbh leis riamh fós. Cuimhne duairc dúinn ab eadh cuimhne an ghnímh ghrána a déineadh an lá a mhairbh cómhacht Shasana, le h-arm ríoga, an sean duine bocht ná raibh d' arm aige ach píopa tobac. Cuimhne duairc ab eadh cuimhne an ghnímh sin toisg gan a bheith ar ár gcumas díoluigheacht a dhéanamh ann mar ba chóir. Rud ana dhíombághach dúinn iseadh bheith ag feuchaint ar lucht na gcaincíní- sa-n-aer, agus ar lucht na bpus ramhar, ag tabhairt an uile shaghas tarcaisne do'n Ghaeluinn agus a d'iaraidh a chur 'n-a luíghe orainn go léir gur uaisle iad féin, má 'sé do thoil é. Ní ceart duinuasal a thabhairt ach ar an t-é a dhéinean an gníomh uasal. Níor thug aoinne rómh eun uasal ar an eun a shaileóch' a nead féin. Bhí an sgéal go maith ag cuid des na h-uaislibh bréagacha so againn i n-Éirinn an fhaid 'ná raibh aon nídh ag teacht crosta ortha chun a mbréaghaíghe do nochtadh. Béidh cuimhne acu go ceann tamail ar theacht na h-oibre seo na Gaeluinne. Béidh cuimhne ag daoíne nách iad i mBaile Mhistéala ar an gcuma 'nar déineadh an obair ann Dé Domhnaigh seo a ghabh thorainn. Donchadh: Agus feuch gur 'mó brígh a bhéidh leis an bhfocal, "Remember Mitchelstown." Bainfidh gach aoinne a bhrígh féin as. Béidh fearg ar an bhfear a chuimhneóchaidh ar an marbhú' úd agus déarfidh sé go fíochmar, "Remember Mitchelstown." Béidh náire agus ceann-fé agus ceisneamh ar an bhfear a chídhfidh Srón-i-n-Aer agus déarfidh sé go searbh, "Remember Mitchelstown." Agus an fear a bhí ag Feis Bhaile
Mhistéalta Dé Domhnaigh agus do chonaic na mílte a bhí cruinnighthe ann, agus an fuadar a bhí fútha, agus an obair a dhéineadar, tiocfidh dásacht agus sgléip agus mór chroídhe dhó agus caithfidh sé a chaipín anáirde agus cuirfidh sé liú fhiaigh as a chuirfidh "banána agus bacána agus geinte glinne" ag caitheam "trí léim táiliúra" ins gach gleann i ngoireacht trí míle dhó, agus déarfidh sé "Remember Mitchelstown!" Tadhg: Mhaise cúis gháire chúghainn, a Dhonchadh! Is ana mhaith an sgéal é sin. Feuch, a Dhonchadh, agus cuímhnigh cá bhfuilim ag caint leat. Tiocfidh neithe móra as an obair seo. Deirim leat go dtiocfidh. Is fadó a dúbhairt an t-ollamh Archimédés, dá dtabharfí slat mhaith láidir 'n-a láimh dó, agus go dtabharfí dhó, lasmuich de'n chruinne seo, taca éigin n-a bhféadfadh sé seasamh air, go ndéanfadh sé an chruinne do choruíghe leis an slait. Is minic a chuirean an obair seo na Gaeluinne an chaint úd a dúbhairt sé siúd i gcuimhne dhom. Cómhacht Shasana an chruinne, dar liom. Seanachus na h-Éirean an taca atá againn lasmuich de'n chruinne. Agus isí an Ghaeluinn an tslat. Táimíd go tiugh ag daingniú' ár gcos ar thaca an tseanachuis. Tá greim maith againn d'á fhághail ar an slait. Deirim leat go dtiocfidh an lá 'na mbain- fimídh suatha a' cómhacht Shasana leis an slait. Curfar an chómhacht san ag casadh, agus ag rinnce, agus ag déanamh bolabáisín, go dtí go mbéidh an méagram 'n-a ceann! Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Ar dhéin Archimédés an rud a dúbhairt sé a dhéanfadh sé? Tadhg: Dein t' iaraidh ort, a dhailtín. Ná bí am bodhradh! Taoi 'n tú ró ghéarchúiseach ar fad. IS TREISE NA h-ABHRÁIN 'NÁ NA h-AIRIM. Donchadh: Gabhaim párdún agat, a Thaidhg. Ní le dailtínteacht ná le droch mhúine ná le brabús a fhiaf- raigheas díot ar dhéin Archimédés an rud adúbhairt sé dhéanfadh sé leis an slat, dá bhfaghadh sé taca maith cruaidh daingean ar a bfhéadfadh sé a chos do chur lasmuich de'n chruinne. Is amhlaidh atáim bodhar, ó
thusnuigh an obair seo na Gaeluinne, ag éisteacht le daoíne ag caint agus 'á dhéanamh amach ar gach aon tsaghas cuma ná fuil aon bhreith i n-aon chor ag an obair ar dhul chun cínn. Ní'l ciscéim ar aghaidh d'ár thug an obair ó'n gcéad chiscéim a thug sí ná dúbhra- dar láithreach gur bh'í sin an chiscéim dhéanach a thabhar- fadh sí ar aghaidh. Ansan, nuair a thabharfadh sí ciscéim eile, déarfidís airís gan aon dabht gur bh'í sin an chiscéim dhéanach. Tá an port san ar siúbhal acu ó thusach. Dúbhrais-se anso an lá déanach go ndúbhairt Archimé- dés dá bhfaghadh sé taca fé n-a chois lasmuich de'n chruínne, agus slat mhaith fhada láidir 'n-á láimh, go mbainfadh sé casadh as an gcruinne leis an slait. Ansan do chuiris cómhacht Sasana i gcomparáid leis an gcruinne agus chuiris an seanachus i gcomparáid leis an dtaca, agus dúbhrais gur bh' í an Ghaeluinn an tslat. Dúbhraís go mbainfí casadh fós a' cómhacht Shasana leis an tslait. Cheapas féin gur bh' ana mhaith an sgéal é dá mbéadh sé le rádh agam gur dhéin Archimédés an rud a dúbhairt sé a dhéanfadh sé leis an slait, mar, do réir dheabhraimh, go bhféadfí an rud céadna, nú rud dh'á shórd, a dhéanamh airís. Tadhg: Ó, tuigim. Mheasas gur ag magadh fúm a bhís mar gheall ar Archimédés; gur a dhéanamh amach a bhís go mbéadh sé chómh fuar againne bheith ag brath ar chómhacht Shasana do luasgadh nú do shuathadh leis an nGaeluinn agus bhí sé ag Archimédés bheith ag brath air go bhféadfadh sé an rud adúbhairt sé a dhéanamh. Donchadh: Fágaim le h-uacht, a Thaidhg, go raibh an machtnamh san leis am aigne, ach má 'seadh is ar an gcuma so é. An fhaid a bhíos ag éisteacht leis an gcaint uait do thuigeas am aigne go bhféadfadh namhaid an chaint do chasadh ort agus a rádh; "Má taoí'n tú chómh fada ó'n dtaca agus ó'n slait agus bhí Archimédés béidh raint ríghnis ort sar a' mbainfir aon luasgadh a' cómhacht Shasana." Tadhg: Agus d' fhéadfinn-se an chaint do chasadh airís ar an namhaid ar an gcuma so. Níor dhéin Archimédés an rud adúbhairt sé mar níor thug aoinne dhó an taca ná an tslat. Tá an taca agus an tslat againne. Tá seanachus na h-Éirean againn ach dul
siar agus eólus do chur ar an seanachus. Tá an Ghaeluinn againn, an tslat, agus ní'l againn ach greim a choimeád uirthi. Níor déin Archimédés an rud adúbhairt sé mar ní raibh an chóir aige chuige. Tá an chóir againne chun na h-oibre adeirim a dhéanamh. Is olc uainn mura ndéinimíd an bheart. Cé h-é siúd adúbhairt dá leigtí dhó féin na h-abhráin a dhéanamh gur chuma leis cé dhéanfadh na h-airim? Bhí an ceart aige pé 'r bh' é féin. Ach ba ró bheag an tairbhthe dhó bheith ag déanamh na n-abhrán dá mba i gcaint iasachta bhéadh sé 'gá ndéanamh. Agus ba ró bheag an tairbhthe dhó bheith 'á ndéanamh i n-aon tsaghas cainte dá mba ar chaint iasachta, agus ar nósaibh iasachta, agus ar bheusaibh iasachta, agus ar uaisleacht iasachta, a bhéadh aigne na ndaoíne socair. Donchadh: Dar fiadh ach ní féidir aon bhrabús a dh' fhághail ar an méid sin. FIUCHADH FOLA. Donchadh: Feuch, a Thaidhg. An rud úd a dúbhraís an lá déanach i dtaobh na n-abhrán agus na n-arm bhíos 'á ínsint do dhuine eile ó shin, agus fuair sé locht ar do chaint chómh luath agus d'airigh sé í. Tadhg: B'fhéidir nár thugais an chaint sa cheart dó. Donchadh: Thugas dó í díreach mar a dúbhraís í. D'admhuigh sé láithreach gur treise na h-abhráin 'ná na h-airm; go gcuirid na h-abhráin fuinneamh agus neart agus dásacht i gcroídhe agus i n-aigne na ndaoine, agus ansan go ndéinid na daoine gníomh leis na h-airm ná déanfidís i n-aon chor mura mbéadh an sprid a chuir na h-abhráin ionta. Ach nuair a dh'ínseas dó conus mar a dúbhraís nár bh'fhéidir dos na h-abhráin an tairbhthe sin a dhéanamh d'aigne na ndaoíne dá mba i gcaint iasachta a déanfí na h-abhráin, dúbhairt sé go raibh dearmhad sa chaint sin. Tadhg: Cá raibh an dearmhad, dar leis? Donchadh: Dúbhairt sé gur i gcaint iasachta déineadh na dánta breaghtha úd a chuir Davis, agus na filí eile a bhí le n-a línn, os cómhair na poibilídheachta i n-Éirinn, trí fichid éigin blian ó shin. I mBéarla
iseadh a cumadh na dánta san. Ní fhéadfadh aoinne a rádh, dar leis, nár dhéin na dánta san tairbhthe, an saghas tairbhthe díreach adeirir-se nár bh'fhéidir dóibh a dhéanamh toisg iad a bheith sa chaint iasachta. Chuireadar, dar leis, fuinneamh agus neart agus dásacht i gcroídhe agus i n-aigne an uile dhuine do léigh iad nú d'airigh d'á léighe iad. Tadhg: Is greanamhar san dé, a Dhonchadh, agus go ndeirim-se leat-sa agus leis an t-é a bhí ag caint leat nár bh'fhéidir dó, dá mbéadh sé ag cuardach ar feadh seachtmhaine, soluíd ab' fhearr a dh'fhághail ar fhírinne mo chainte-se 'ná na dánta breaghtha san a dhéin Davis agus a lucht leanamhna an uair sin. Bhí na dánta go h-áluinn, ach filídheacht Bhéarla a bhí ionta. Bhí daoíne anso agus ansúd ar fuid na h-Éirean an uair sin agus thuigeadar an fhilídheacht. B'fhéidir gur rug an fhilídheacht greim ar chroídhe ar chuid acu san agus gur choruigh sí a gcuid fola. Ach conus a bhí an sgéal ag poibilídheacht na h-Éirean an uair sin? I n-aghaidh an aon duine amháin a thuig an fhilídheacht Bhéarla san bhí na céadta nár thuig an chaint ná an fhilidheacht. Bhí na mílte do thuig an chaint maith go leór, b'fhéidir, ach nár thuig an fhilídh- eacht i dtreó go bhféadfadh sí aon ghreim a bhreith ar chroídhe ortha ná aon choruíghe a bhaint as a gcuid fola. Chuirfadh ceann d'abhránaibh Eóghain Ruaidh, nú d' abhránaib Sheághain Chláraigh, a gcuid fola ag fiuchaigh dos na daoíne sin agus ag gluaiseacht tré n-a mballaibh beatha 'n-a caisíbh ar buile. Ansan iseadh thiocfadh an fuinneamh sa chroídhe, agus an neart, agus an dásacht. Ansan iseadh a déanfí an gníomh dá mbéadh an chaoi ann ar an ngníomh a dhéanamh. Dá mb' iad na daoine iad is fearr a thuig an Béarla i n-Éirinn an uair sin agus is mó gur rug an fhilidheacht úd an Nation greim ar chróidhe ortha, do béarfí an greim ar an gcroídhe acu níos daingine go mór dá mba Gaeluinn a bhéadh 'n-a mbéal acu ó'n gcliabhán agus ansan gur sa Gaelunn a déanfí an fhilídheacht sa Nation. Dá mbéadh an sgéal mar sin, agus gur sa Ghaeluinn a déanfí an fhilídheacht, ní túisge bhéadh dán di le léighe sa phápeur 'ná mar a bhéadh an dán san, 'n-a lán bhrígh agus 'n-a lán chumas agus 'n-a lán
chómhacht, i mbéal agus i n-aigne agus i gcroídhe an uile dhuine i n-Éirinn, uasal agus íseal, óg agus aosta, léigheanta agus gan léighean; agus an neart, agus an fuinneamh, agus an dásacht, agus an fiuchadh fola, agus an fuadar chun gníomh, ag comáint na ndaoíne go léir do thoil a chéile ar aon bhóthar amháin. Deirim leat, a Dhonchadh, go bhfuil dearmhad mór ar an t-é adúbhairt leat gur féadadh riamh, ná go bhféadfar choídhche, na h-abhráin a bhéadh níos treise 'ná na h-airim do dhéanamh i gcaint iasachta. AN DROCHAD. Donchadh: Do chuir an chaint a dhéinis an lá déanach, i dtaobh "fiuchadh fola," ag machtnamh mé. Bhí filí- dheacht an Nation go h-áluinn, ach is léir gur choimeád an chaint iasachta 'nar déineadh an fhilidheacht aigne na ndaoíne deighilte amach ó'n bhfilidheacht. Do rug an fhilideacht san, mar a dúbhraís, greim ar chroídhe ar an suarachas daoíne a thuig an Béarla go maith, ach lasmuich de'n suarachas daoíne sin áilneacht i n-ais- tear ab eadh áilneacht na filídheachta san; ceól i n-aistear ab eadh a ceól; neart amú ab eadh a neart; obair ag dul chun fáin ab eadh í dhéanamh. Chómh fada agus a chuaidh poibilídheacht na h-Éirean, nú "Firu Éirean," mar a deirtí sa tseana aimsir, níor dhéin filídheacht an Nation aon bhlúire tairbhthe. Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Do thuig Davis tairbhthe na Gaeluinne d' Éirinn agus do Gaedhlaibh. Dúbhairt sé, agus chuir sé an focal i bhfeidhm, gur bh' fhearr de chosaint ar náisiún i n-aghaidh a namhad a teanga dúchais féin 'ná aon chosaint eile; gur neamh- nídh mar chosaint dúna daingeana agus aibhní doimhnne seachas an teanga dúchais; go bhféadfi a dún a bhrise agus an abha ghabháil, ach nár bh'fhéidir choídhche aigne na ndaoíne do chlaoidh an fhaid a bhéadh a gcaint féin 'n-a mbéal acu. Cad 'n-a thaobh, má 'seadh, nách i nGaeluinn a cumadh filídheacht an Nation? Cad 'n-a thaobh nár cumadh an fhilídheacht i gcaint na ndaoíne, sa chaint a thuigfidís láithreach, sa chaint a bhéarfadh greim ar chroidhe ortha agus do chuirfadh
fiuchadh 'n-a gcuid fola agus fuinneamh 'n-a mballaibh beatha? Do tuigeadh go h-áluinn conus ba cheart an obair a dhéanamh ach do h-imthigheadh agus do déineadh an obair ar a mhalairt de chuma. Sin sgéal, a Thaidhg, agus ní dóich liom gur b' é gach aoinne a dh' fhéadfadh é thuisgint. Tadhg: Gan amhras is deacair é thuisgint. Ní féidir é thuisgint gan feuchaint isteach ann go h-ana chruinn agus breithniú' cruinn a dhéanamh ar an gcuma 'na raibh mórán neithe eile suídhte i n-Éirinn an uair sin. Na filí do sgríobh an fhilídeacht áluinn Bhéarla san do Ghaedhlaibh an uair sin ní raibh aon eólus acu ar an nGaeluinn. Níor bh' fhéidir dóibh an fhilídheacht a dhéanamh as Gaeluinn. Sa n-am gcéadna, na daoíne go raibh an Ghaeluinn acu ar áilneacht ní raibh ach foth dhuine acu a bhí ábalta ar aon fhocal di do sgrí'. Ní raibh aon chaoi i n-aon chor ar aon fhocal a sgrífí dhí do chur i gcló. Bhí sí go bínn agus go buacach, go neartmhar agus go cuthaigh, i mbéulaibh na ndaoíne ach ní raibh aon fhocal dí le fághail ar aon tslacht i leabhar ná i sgríbhinn. Do thuig Davis agus a lucht leanamhna go h-áluinn gur as Gaeluinn ba cheart an fhilídheacht a dhéanamh agus do sgrí' agus do chur i gcló, dá mb' fhéidir é. Thuig sé gur bh' fhearr úsáid a dhéanamh de'n Bhéarla go dtí go bhféadfí an Ghaeluinn do shaothrú'; sórd drochaid a dhéanamh de'n Bhéarla i dtreó go bhféadfí dul anonn mar a raibh an Ghaeluinn. Do déineadh an drochad, ach sar a raibh sé dh' uain ag daoíne dul anonn chun na Gaeluinne tháinig an droch shaoghal. Do sgriosadh Éire le gorta mar a sgriosfí úrlár le sguaib. B' é toil Dé gur rug an bás Davis féin chun siúbhail agus gan déanta ach an drochad. Do fágadh gach aon rud ar an ndul san riamh ó shin go dtí gur eirigh an obair seo na Gaeluinne atá ar siúbhal anois. Is dóich liom gur thug an drochad a dhéin Davis agus a lucht leanamhna congnamh maith dos na daoíne seo a tháinig go déanach chun dul anonn mar a raibh an Ghaeluinn. Donchadh: Ba ró dhóbair di gan bheith thall rómpa.
CÉ ATÁ CIONTACH? Donchadh: Do déineadh an drochad, a Thaidhg, mar a deirir, ach sar a raibh sé d' uain ag daoíne dul anonn tar drochad chun na h-áite 'na raibh an Ghaedhluinn tháinig an droch shaoghal, agus do sgriosadh Éire le gorta mar a sgriosfí úrlár le sguaib. Ach feuch, a Thaidhg. Níor lean an sguabadh abhfad. Bhí an t-éir- leach ana dhian an fhaid a lean sé ach níor lean sé abhfad. Tháinig saoghal a bhí maith go leór go luath i ndiaigh an droch shaoghail. Is ag dul i bhfeabhas atá an saoghal riamh ó shin. Tá blianta tagaithe ó shin 'na raibh saoghal níos fearr go mór ag daoíne i n-Éirinn 'ná mar a bhí acu i gcuid des na blianta tháinig sar a dtáinig an dubh i n-aon chor ar na prátaí. Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Do dhéin Davis agus a lucht leanamhna an drochad. Do cuir an droch shaoghal, an fhaid a lean sé, cosg leis an obair a bhí beartuighthe ag Davis. Cad 'n-a thaobh nár leanadh ar an obair airís chómh luath agus a tháinig feabhas ar an saoghal? Cad ba ghádh fhanamhaint ar an ndrochad i gcaitheamh na h-aimsire go léir go dtí gur thusnuigh an obair seo atá ar siúbhal anois? Nár dhóich leat, chómh luath agus a chuaidh feabhas ar an saoghal go dtiocfí thar drochad láithreach? D'eirigh an Brianach agus an mhuíntir a bhí ar aon aigne leis. Mheasadar go bpreabfadh Éire suas i n-aonfheacht leo. "Is treise na h-abhráin 'ná na h-airim," ach ní raibh abhráin ná airim ag muíntir na h-Éirean an uair sin. D'fhan na filí ar an ndro- chad ag deanamh na n-abhrán sa chaint iasachta. Bhéadh sé chómh maith acu bheith ag caitheamh cloch le fánaidh na h-abhan. Níor rug na h-abhráin sin greim ar chroídhe aon Éireanaigh. D'eirigh na Fínghíní. Bhí cuid acu ar na fearaibh ba dhána, ba chródha, ba neamheaglaíghe, ba ghéire tuisgint, ba lúgha suím 'n-a n-anam féin seachus saoradh na h-Éirean, d'ár eirigh riamh chun troda dhéanamh ar son aon tíre. Do cheap na fir a bhí thall i n-America ná raibh acu ach teacht anall go h-Éirinn agus go mbéadh Éire go léir i n-íodhnaibh catha rómpa Tháinig cuid acu. Ní raibh rómpa ach an donas ; Éire 'n-a codla agus na filí ar an ndrochad ag caitheamh
na gcloch le fánaidh na h-abhan. Bhí Davis féin tar eis a ínsint dos na filíbh céadna san gur threise mar chosaint ar Éirinn, i n-aghaidh a namhad, a Gaeluinn féin a bheith 'n-a béal aici 'ná pé cosaint eile a déanfí uirthi. Cad a choimeád ar an ndrochad iad i gcaitheamh na n-aimsire go léir? Cad 'n-a thaobh nár chaitheadar uatha an chaint iasachta agus teacht anall ameasg na ndaoíne agus caint na ndaoíne do shaothrú' agus na h-abhráin a dhéanamh inti, agus aisti? D'fhanadar 'n-a seasamh ar an ndrochad. Ní rabhdar thall ná abhus. Dhéineadar abhráin. Níor bh' abhráin Bhéarla iad agus níor bh' abhráin Ghaedhlacha iad. Ní raibh aon mhaith thall ná abhus ionta. Agus d' fhan na filí sin ar an gcuma san, 'n-a seasamh ar an ndrochad san, ar feadh deich éigin blón agus dachad! Cad deirir leis sin, a Thaidg? Tadhg: Is 'mó rud fhéadfinn a rádh leis, ach do thugais chun mo chuímhne sgéal beag agus 'neósfad duit é. Cúpla bliain ó shin nú a trí do cuireadh craobh de Chonrad na Gaeluinne ar bun i n-áit áirighthe, áit is eol duit-se agus dómh-sa. Chuaidh cuid de'n bhuidhin amach ar fuid na paróiste chun raint airgid do bhailiú' a dhíolfadh cosdas na h-oibre. Thug gach aoinne síntiús éigin dóibh agus do mhol gach aoinne an saothar go dtí gur ghlaodar chun tíghe áirighthe. An fear a bhí 'n-a chómhnuighe sa tigh sin ní raibh aon fhocal i n-aon chor Béarla aige. D' iaradar síntiús air fé mar a dh' iaradar ar gach aoinne. Ba dhóich leat air gur b' amhlaidh a bhuail duine acu buille dhorn idir an dá shúil air! "Ní thabharfad, ná leathphinge!" ar seisean. "Dá mbéadh airgead fé m' chosaibh sa lathaigh," ar seisean, "ní thabharfinn aon leathphinge dhé chun na h-oibre sin. Ba chirte dhaoíbh go mór gnó éigin a dhéanamh go mbéadh tairbhthe éigin ann." Dá mbeitheá-sa ameasg na bhfilí ar an ndrochad, a Donchadh, an mbéadh puínn fonn ort teacht anall ag triall ar dhuine de'n tsórd san? Tá eagal orm, a Donchadh, gur 'mó duine bhí ciontach i n-éaghmais na bhfilí.
NA h-UAISLE. Donchadh: Pé duine atá ciontach, a Thaidhg, ná ná fuil ciontach, deirim an méid seo leat, agus deirim go láidir é. Ní h-é an duine bocht ná fuil aon fhocal Béarla aige atá ciontach. Tadhg: Agus dar ndó', má tá an Ghaeluinn le saothrú' cé chabhróchaidh leis an saothrú' mura dtagaidh an cabhrú' ó'n t-é ná fuil aige ach í? Donchadh: Fan go fóil. Ní'l ag an nduine mbocht san ach an Ghaeluinn. Ní raibh agá athair ná agá mháthair ach í. Ní raibh ag aoinne a tháinig roimis i n-Éirinn riamh ach í. Gach aon lá ó thóg sé féin a cheann cad 'tá fághalta aige de bhár na Gaeluinne? Ní'l fághalta aige d'á bár ach tarcaisne agus droch mheas ó'n uile shaghas duine a dh'fhéad aon fhocal amháin Béarla do labhairt, agus na daoíne nár fhéad, ní baoghal gur thugadar aon uraim dó mar gheall ar an nGaeluinn. Ní h-eadh ach do thugadar tarcaisne dhó, agus droch mheas níos mó 'ná mar a thug lucht an bheagáin Béarla féin dó. Is mó an meas a bhí acu ar an bhfear ba bhriste Béarla 'ná mar a bhí acu air. Bhí, nídh nách iongna, an droch mheas céadna aige-sean ortha-san. Ní raibh ach droch mheas acu araon ar a chéile. Do théitheadar ó chéile mar a seachnófí lobhar. Ní raibh aon bhreith ag aoinne acu ar aon tógháilt cínn fhághail sa tsaoghal go deó, dá maireadh sé céad blian. Ar bh' aon iongna é dhul 'n-a luíghe go doimhinn agus go daingean ar chroídhe agus ar aigne an duine sin ná féadfadh aon mhí-ádh bheith air ba mhó 'ná gan a bheith aige ach Gaeluinn? Ar bh' aon iongna searbhas a bheith i n' aigne, do ló agus d' oídhche, i gcoinnibh a athar agus a mháthar féin toisg nár dhéineadar iaracht éigin ar eólus a thabhairt dó ar shaghas éigin Béarla, a bheag nú a mhór, briste nú slán, agus gan é fhágáilt ar nós an bheithígh allta nách mór? Ar bh' aon iongna é 'ghá cheapadh i n' aigne, pé rud eile dhéanfadh sé féin d'á chlainn, ná fágfadh sé an t-umárd ortha a fágadh air féin? Agus ansan, a Thaidhg, nuair a bhuail daoíne isteach chuige 'ghá iaraidh air airgead a thabhairt dóibh chun na Gaeluinne shaothrú' agus do choimeád beó i
mbéalaibh na ndaoíne, ar bh' aon iongna é 'ghá cheapadh i n' aigne ná raibh acu le saothrú' ach umárd, ná raibh acu le coimeád beó ach mí-ádh? D'fhiafruighis díom, dá mbéinn ameasg na bhfilí ar an ndrochad úd, an mbéadh fonn orm teacht anall ag triall ar dhuine de'n tsórd san. Ba dhóich liom go mbéadh. Ba dhóich liom go dtiocfinn anall ag triall air agus go ndéanfinn a chaint féin a bhí 'n-a bhéal aige do shaothrú' dhó, agus go dtaisbeánfinn dó gur chaint uasal í agus nár ghádh dhó aon náire bheith air mar gheall uirthi, ach a mhalairt. Thaisbeánfinn dó gur mhó go mor an uraim a bhí ag dul dó féin mar gheall ar an nGaeluinn a bheith aige, úrglan, ó n-a shínsear, 'ná mar a bhí ag dul d' fhear an Bhéarla bhriste ná raibh so ná sud aige. Tadhg: Tá go breágh, a Dhonchadh. Bhéadh obair agat a d' iaraidh a chur 'n-a luíghe ar a aigne go raibh uraim ag dul dó, agus gan ag gach aoinne 'á thabhairt dó ach easuraim. Donchadh: Dubhraís gur 'mó duine atá ciontach i n-éaghmais na bhfilí. Is fíor gur 'mó. Agus na daoíne atá ciontach, tá cuid acu is mó is ciontach 'ná a chéile. Measaim féin gur b' iad daoíne is mó is ciontach le meathlú' na Gaeluinne 'ná na daoíne fhéadfadh uraim agus onóir a thabhairt do'n mhuintir a bhí 'ghá labhairt agus nár thug. Thadhg: Agus cé h-iad san? Donchadh: Na h-uaisle. Uaisle Ghaedhal adeirim. Thadhg: Nár cuireadh na h-uaisle sin go léir chun báis nú chun fáin tár éis catha Cheann tSáile? Donchadh: D' eírigh uaisle Gaedhlacha eile 'n-a ndiaigh sin. Fir de shaghas Dhómhnail Uí Chonail, cuir i gcás. Siniad a thusnuigh ar easuraim a thabhairt do'n Ghaeluinn.
TAR ÉIS ISEADH A TUIGTEAR GACH BEART. Tadhg: Do thráchtais ar Dhómhnal ua Chonail, a Dhonchadh, agus ar na h-uaislibh a bhí i n-Éirinn le n-a línn. Chuiris i dtuisgint gur b' iad na h-uaisle sin, do réir do thuairime, fé ndeár an fhailíth go léir a tugadh sa Ghaeluinn, agus gur b' iad fé ndeár an tarcuisne a tugadh di agus an droch mheas atá uirthi. Donchadh: Táim deimhnightheach dé. Bhí sé daingean i n-aigne na ndaoíne gur chaint uasal í. Théidís na mílte ó bhaile go minic chun éisteacht le seanmóin mhaith Ghaeluinne. Nuair a labhradh duinuasal focal Gaeluinne leó thugaidís fé ndeara go gcuireadh sé fásgadh 'n-a bhéal agus casadh 'n-a ghlór, díreach fé mar a bhéadh eagla air go saileóch' an Ghaeluinn ghrána, thútach a bhéal. Ansan, nuair a dh' iompóch' sé ar an mBéarla gur dhóich leat air gur mil a bhéadh fé n' fhiacalaibh! Cad fhéadfadh na daoíne bochta a thuisgint as san ach, d'á fheabhas agus d'á uaisleacht í an Ghaeluinn go raibh an Béarla seacht n-uaire níos fearr agus níos uaisle 'ná í? Ní dóich liom go raibh uaisle riamh ar an saoghal is fearr a thuill a gcrochadh 'ná mar a thuill cuid d' uaislibh Gaedhlacha na h-Éirean é tímpal na h-aimsire sin Dhómhnail uí Chonail. Bhíodar ag brise a gcroídhe a d' iaraidh ceart éigin a bhaint amach do mhuintir na h-Éirean, ó mhuintir Shasana. Agus an t-aon tsealbhas amháin a theip ar mhuintir Shasana riamh a bhaint de mhuintir na h-Éirean, do chabhruigh uaisle na h-Éirean leó chun é bhaint díobh. Cad é an tairbhthe dhéanfadh "Repale," ná "Emancipation," ná "Home Rule," ná fiche rud nách iad, do mhuíntir na h-Éirean an uair a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe agus gan i sliocht Gaedhal i n-Éirinn ach sluagh dallacán gan de mhacht- namh 'n-a n-aigne ná de chaint 'n-a mbéal acu ach, "de horse," agus "de cow," agus "de pig," agus "de pint o' porther"! Tadhg: Go réidh! a Dhonchadh, Tar éis iseadh a tuig- tear gach beart. D'á ghioracht an aimsir ó bhí Dómhnal ua Chonail beó tá atharú' mór ar an saoghal. Ní'l le feisgint i seanachus na cine daona, i n-aon pháirt de'n domhan, agus an Turcach d' áireamh, a leithéid
de chos ar bolg d'á dhéanamh ag náisiún ar náisiún eile agus bhí d'á dhéanamh ag muíntir Shasana ar mhuíntir na h-Éirean i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail agus roimis sin. Chonaic Dhómhnal ua Chonail ná raibh aon rud ba mhó a chuir ar chumas Shasana an cos ar bolg san do dhéanamh 'ná muíntir na h-Éirean a bheith gan aon fhocal Béarla. Ní raibh bac ar namhdaibh na h-Éirean pé cúntas ba mhaith leó a thabhairt ar a ngnóthaíbh anso i n-Éirinn, agus ní raibh aoinne chun oiread agus "Thugais d' éitheach" a rádh leó. Ní raibh bac ortha an dubh do chur 'n-á gheal ar an saoghal mór i dtaobh n-a h-Éirean agus i dtaobh an éirligh a bhí acu d'á dhéanamh i n-Éirinn, agus ní raibh aoinne chun an taoibh eile de'n sgéal a dh' ínsint. Shiné cúis do Dhómhnal ua Chonail a rádh go "mb' fearr leis go mbéadh an Ghaeluinn seacht léig fé uisge sa bhfarge thiar!" Dá mbéadh an Béarla ag muíntir na h-Éirean d' fhéadfidís a dtaobh féin de gach sgéal a dh' ínsint os cómhair Shasana agus os cómhair an domhain, agus do staonfí ó'n gcos ar bolg le corp náire mura staonfí uaidh le h-aon chúis eile. Thuig Dómhnal ua Chonail an méid sin. Donchadh: Ach inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Cad 'n-a taobh nár saothruigheadh an Béarla agus an Ghae- luinn i n-aonfheacht? Choimeádfadh san aigne na ndaoíne beó. Ní déanfí dallacáin díobh mar a déineadh ins na sgoileanaibh Gallda. Tadhg: Níor tháinig lá d'á chuímhneamh chun Dómhnail uí Chonail, ná chun aoinne eile a bhí suas le n-a línn, go ndéanfadh an Béarla an lot a dhéin sé ar chaint agus ar aigne na ndaoíne. Ní chreidfá-sa é, a Dhonchadh, mura mbéadh go bhfeicean tú é. Tar éis iseadh a tuigtear gach beart. DÓMHNAL UA CONAIL. Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, ná féadfidh Dómhnal ua Conail, agus daoíne dh'á shórd a bhí beó i n-Éirinn le n-a linn, dul as chómh bog san. Níor tháinig lá d'á chuímhneamh chúcha, dar leat, go ndéanfadh an Béarla an díobháil a dhéin sé. Fear géarchúiseach, tuisgionach, doimhinn ab eadh Dómhnal ua Conail. Bhí an Béarla
ag déanamh na díobhála do'n aigne Ghaedhlach gach aon lá an fhaid a mhair Dómhnal ua Conail, agus abhfad sar ar rugadh é. Abhfad sar ar rugadh Dómhnal ua Conail níor ghnáth le muíntir na h-Éirean aon chómhartha uaisleachta d' admháil ach an Béarla. An fear go raibh an focailín Béarla aige bhíodh a súile ar leathadh acu go léir agus iad ag feuchaint suas chuige. Ba chuma briste nú slán an Béarla, mar ní thuigidís é. Rígh ab eadh an fear go raibh an Béarla aige, briste nú slán, seachus an fear ná raibh aige ach an Ghaeluinn. B' shin dubh 'n-a gheal curtha 'n-a luíghe ar aigne na ndaoíne, a Thaidhg. Níor bh' fhéidir d' fhear chómh géar- cúiseach le Dómhnal ua Conail gan a thuisgint cad é an díobháil a bhí ag an ndubh san 'á dhéanamh d' aigne na ndaoíne an fhaid a bhí sé d'á ghlacadh 'n-a gheal acu. Bhí aigne na ndaoíne ag dul amú an fhaid a bhí san amhlaidh. Bhí bréag 'n-a seasamh os cómhair a súl i riocht fírinne, agus bhí ortha a mbeatha agus a mbéasa do chumadh agus do chórú' do réir na bréige, agus é daingean 'n-a n-aigne gur fírinne a bhí acu. Feuch cad a tháinig as. Do glacadh an bhréag mar thuise ar an sórd creideamhna ba cheart a thabhairt do gach aon tsaghas duine, uasal agus íseal, ó'n bhfear ba ghiora dho'n rígh thuas go dtí bacach an mhála thíos. Ó bhí an tuise bréagach bhí, nídh nách iongna, an chreideamhaint bréagach. Ach níor fágadh aon tsaghas eile creideamhna os cómhair aigne na ndaoíne. Ní raibh aon rud eile le leanmhaint acu. B' éigion dóibh bheith ag satailt ar shálaibh a chéile ag ruith i ndiaigh na bréige. Cad 'n-a thaobh nár labhair Dómhnal ua Conail agus a rádh leis na daoíne "Tá dearmhad agaibh 'á dhéanamh, a Ghaedhla! I nbhúr gcaint agus i nbhúr nósaibh féin atá creideamhaint le fághail agaibh agus ní h-i gcaint ná i nósaibh iasachta"? Cad 'n-a thaobh nár labhair duine éigin agus na daoíne chur ar bhóthar na fírinne? Cad 'n-a thaobh nár chuir duine éigin a lámh suas agus cló na fírinne do stracadh de'n bhréig agus a cló grána féin do thaisbeáint i radharc na ndaoíne? Tadhg: Do labhair Davis, agus do labhair Árdeas- bog Thuama, agus ba bheag an mhaith dhóibh labhairt. Donchadh: Ba bheag an mhaith dhóibh labhairt mar bhí an iomad daoíne "creideamhnacha" i n-Éirinn a mheas
go mbéadh Éire tógtha go deó dá mbéadh an Ghaeluinn "seacht léig fé uisge na farge thiar." Tadhg: Dar fiadh ní gádh dhuit dul siar! Tá do dhóithin díobh san fós agat. B' fhéidir gur thuig Dómh- nal ua Conail go raibh an iomad des na daoíne "creideamhnacha" san i n-Éirinn le n-a linn féin agus gur bheag an tairbhthe dhó aon fhocal do labhairt ar son na Ghaeluinne. Fear géarchúiseach ab eadh é, mar a deirir. B' fhéidir gur thuig sé nár bh' fholáir nídh de dhá nídh a dhéanamh, í shaothrú' dáiríribh nú eiríghe aisti ar fad. Donchadh: Níor bh' fhear é do staonfadh roim daoíne "creideamhnacha." Is tapaidh a dúbhairt sé leó, ar ócáid áirighthe, go nglacfadh sé an Creideamh ó Chathair na Rómha, ach nár bh' fheár leis áit 'na bhfaghadh sé a ghnó rígheachta 'ná ó Chathair Chonstantín. Tá eagal orm, a Thaidhg, nách ró uiriste dhuit Dómhnal ua Conail do chosaint, chómh fada agus do théidhan an Ghaeluinn. Dhéin sé obair mhór i ngnóthaíbh eile gan amhras, ach dar liom-sa, dhéin sé dearmhad mór i dtaobh na Gaeluinne. Dearmhad ana mhór ab eadh a mheas gur mhaith an rud eiríghe aisti ar fad, ar aon tsaghas cleas ná réasún. CORP FIANAÍGHEACHTA. Tadhg: Ní'l aon dabht air, a Dhonchadh, 'ná go bhfuil an ceart sa méid sin agat, pé 'n-Éirinn é. Dear- mhad ana mhór ab eadh a mheas i n-aon chor gur mhaith an rud eíríghe aisti ar fad. Ach dá mbéidhfá-sa i n-áit Dhómhnail uí Chonail agus go bhfeicfá go soiléir ná raibh aon bhreith ar í shaothrú' dáiríribh an uair sin, cad a dhéanfá? Donchadh: Dá mb' fhear mé ná staonfadh roim dhaoíne creideamhnacha níor dhóich liom go bhfeicfinn chómh soiléir sin ná raibh aon bhreith ar í shaothrú' dáirí- ribh. Bhí daoíne géarchúiseacha do dhóithin agat i n-Éirinn deich mbliana ó shin, agus chonacadar go soiléir an uair sin ná raibh aon bhreith ar an nGaeluinn do shaothrú'
dáiríribh. Chonacadar é chómh soiléir agus chonaic Dómhnal ua Conail riamh é. Agus chonacadar rud eile. Chonacadar go soiléir, pé breith a bhí nú ná raibh ar an nGaeluinn do shaothrú' i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail, nár bhaoghal go raibh aon bhreith air deich mbliana ó shin. Déarfidís leat go raibh Éire go léir ag labhairt na Gaeluinne i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail, agus aoinne a bhí ábalta ar í labhairt, gur ró bheag an trioblóid a mhúine dhó conus í léighe agus conus í sgrí'. Déarfidís leat gur mhór an deifrí- gheacht a bhí idir an aimsir sin agus an aimsir a bhí acu féin deich mbliana ó shin, nuair a bhí na sgoileana Gallda tar éis na Ghaeluinne mhúchadh ins gach aon bhall nách mór, agus nuair a bhí nósa Gallda agus uaisleacht Gallda tar éis aigne na ndaoíne do dhalladh agus do chur amú i dtreó ná raibh de mhachtnamh ná de smuín- eamh acu ó mhaidin go h-oídhche ná ó Luan go Satharan ach conus ab fhearr a thiocfadh leó breis Galldachta chur ortha féin. Déarfidís leat, agus bhéadh an fhírinne acu, ná raibh an Ghalldacht tar éis greama bhreith i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail ach ar an mbeagán daoíne go raibh focailín Béarla acu; go raibh an choitchian- tacht saor fós ó aon ghreim de'n tsórd san: go rabhdar fíor Ghaedhlach, 'n-a gcroídhe agus 'n-a n-aigne, 'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósadhibh agus 'n-a mbeatha, agus dá dtusnuighthí dáiríribh ar an nGaeluinn a bhí 'n-a mbéal acu do shaothrú' dhóibh go ngeabhdís leis an saothrú' go tugtha agus go dúilmhar. Ach déarfidís leat, na daoíne sin a deirim a labhar- fadh deich mbliana ó shin, go raibh an aimsir sin imthighthe agus go raibh na daoíne agus na nósa agus an íntinn Ghaedhlach imthighthe, agus d'á bhrígh sin, pé breith a bhí ar shaothrú' na Ghaeluinne i n-aimsir Dómhnail uí Chonail, 'ná pé caoi a bhí air, go raibh idir bhreith agus caoi imthighthe gan tuairisg, agus ná béadh ach corp fianaí- gheachta agus fiantais ann tabhairt fé n-a leithéid d' obair an uair sin, 'sé sin deich mbliana ó shin. Ach deich mbliana ó shin díreach iseadh do tugadh fé 'n bhfiantas go léir. Cá bhfuil an fiantas anois? Cá bhfuil an fhianaígheacht? Má déineadh an obair chómh maith agus gan í thusnú' go dtí ná raibh inti, dar le gach aoinne, ach corp fianaígheachta, cá mbéimís anois
léi dá dtusnuighthí uirthi i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail? Tadhg: Is féidir, a Dhonchadh, gan dabht ar dómhan, a lán do rádh ar gach taobh de'n sgéal. Donchadh: Is féidir, a Thaidhg, agus déarfar. 'N-a thusach iseadh atáthar. LÉIRSGRIOS I RIOCHT COSANTA Tadhg: Is féidir, a Dhonchadh, mar a dúdhbhart, a lán do rádh ar gach taobh de'n sgéal. Nuair a labhran tusa ar thaobh dé tagaim-se ad choinnibh go minic, agus go deimhin féin agus go dearbhtha ní foláir dom a admháil, gur ró mhinic a bhíon mo chaint ag gabháil ad choinnibh agus mo thuisgint ag gabháil leat. Nuair a mhachtnuighim ar an gcuma 'na raibh Éire agus muíntir na h-Éirean le linn aimsire Dhómhnail uí Chonail, agus ar an obair uathbhásach a dhéin Dómhnal ua Conail, agus ar an aigne mhadartha a bhí ag muíntir Shasana go léir i gcoinnibh na h-oibre sin agus i gcoinnibh na h-Éirean, ní maith liom gan páirt Dómhnail uí Chonail do ghabháil. Bhí an aigne mhadartha ag muíntir Shasana do mhuíntir na h-Éirean, agus bhí ar a gcumas do mhuíntir Shasana an aigne mhadartha san d' imirt ar mhuíntir na h-Éirean a gan fhios do 'n tsaoghal, díreach do réir a dtoile féin. Mo thruagh na caoíre nuair a bhíon neart do'n mhachtíre a thoil a dh' imirt ortha a gan fhios do 'n tsaoghal. Mo thruagh na cearca nuair a bhíon neart do 'n mhada ruadh a thoil a dh' imirt ortha. Ach ní raibh riamh i machtíre ameasg caorach, ná i mada ruadh ameasg cearc, ach amadán, chun díobhála dhéanamh, seachus muíntir Shasana i n-Éirinn i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail. Ní dhéinean an machtíre ach an rud is dual agus is dúchas dó a dhéanamh. Ní dhéinean an mada ruadh ach an rud is nádúr dó a dhéanamh. Do dhéin muíntir Shasana i n-Éirinn, i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail, éagcóir i riocht an chirt, aindlígh i riocht dlígh, olc i riocht maitheasa, léirsgrios i riocht cosanta. Chuireadar an cleas san i bhfeidhm chómh coitchian agus do leanadar chómh sioruídhe dhé gur buaileadh isteach 'n-a n-aigne do mhuíntir na h-Éirean ná raibh ceart
ná dlígh, díon ná cosaint, acu féin le fághail ó dhlígh- thibh rígheachta Shasana ná ó 'n muíntir a bhí chun na ndlíghthe sin do chur i bhfeidhm i n-Éirinn. Nuair a bhí na neithe sin ar an gcuma san, a Dhonchadh, d' eirigh Dómhnal ua Conail agus thug sé aghaidh, i n' aonar, ar an éagcóir agus ar an aindlígh agus ar an léirsgrios. thug sé aghaidh ar an aigne mhadartha san, an aigne Shasanach, a bhí 'ghá gcur i bhfeidhm i n-Éirinn. Chuir sé a chos i dtalamh agus d' fhéuch sé gan staonadh idir an dá shúil ar mhuíntir Shasana, agus dúbhairt sé go dána go gcaithfí feasda stad de'n éagcóir agus de'n aindlígh, agus ó bhí Éire agus Shasana, do réir admhála Shasana féin, suidhte fé aon dlígh amháin, go gcaithfí aon chur i bhfeidhm amháin a bheith ar an ndlígh. Chonaic muíntir na h-Éirean Dómhnal ua Conail ag eiríghe ar an gcuma san agus ag seasamh ar an gcuma san. D' airighdar an chaint do labhair sé. Bhí iongna ortha. "Ó," a deiridís, "an fear bocht! Ba cheart dó cial a bheith aige! Is móran truagh é! Geallaim dhuit gur geár go mbéarfar air agus go gcurfar isteach é!" Chonaic muíntir Shasana é. Bhí iongna agus alltacht ortha-san leis. Bhí a leithéid sin d' iongna ortha ná raibh fhios i gceart acu cad ba ceart dóibh a rádh ná a dhéanamh. "Ó!" a deiridís, "ar airbhúir é siúd! Deir sé go gcaithfid muíntir na h-Éirean cheart fhághail chómh maith linn féin! Ar airigh aoinne riamh a leithéid!" Is ceart dúinn feucaint rómhainn go maith, a Dhonchadh, sar a ndéinimíd lochtú' ar an obair a dhéin Dómhnal ua Conail i n-Éirinn. ÉIRIM CHUN ROBÁLA. Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, gur cuimhin liom-sa féin iongna agus alltacht ar mhuintir Shasana nuair a a deireadh duine éigin gur cheart forlamhas dlíghe i n-Éirinn a bheith do réir aigne Éireanach. An uair a deirthí, "Ireland should be governed in accordance with Irish ideas," d'eirígheadh stailc agus fearg n-a
n-aigne do chuid de mhuíntir Shasana thall agus do léimídís agus do spriúchaidís, i dtreó gur dhóich le duine ortha gur bh' é rud a deirthí 'ná "England should be governed in accordance with Irish ideas." Ní fhéadfadh fearg ní ba mhó bheith ortha dá mb' amhlaidh a déarfí gur cheart nósa agus beusa agus dlíghthe na h-Éirean do shaothrú' agus do chleachtadh agus do chur i bhfeidhm thall i Sasana. Déarfadh aon duine go mbéadh blúire tuisgiona aige, na nósa agus na béasa agus na dlíghthe a bhí ag muíntir na h-Éirean, ó shliocht go sliocht, ar feadh na gcéadta blian, ní h-eadh, ach na mílte blian, gur cheart iad a choimeád agus úsáid a dhéanamh díobh i n-Éirinn agus gnóthaí na h-Éirean do dhéanamh d'á réir. Dá ndéintí an nídh sin do thiocfadh saoráid as do 'n dá mhuíntir, do mhuintir Shasana agus do mhuíntir na h-Éirean. Dob usa go mór Éire do bhainistíghe ar an gcuma san 'ná le bheith ag gabháil i gcoinnibh an fhiona ins gach aon rud mar a táthar ag gabháil riamh ó tháinig muintir Shasana chugainn anall, go mór mór ó thugadar an creideamh nua leó. Tá maoidheamh agus mustar mór ar siúbhal coitchianta i dtaobh na h-éirime, dar le daoíne, atá ag cine Sacsan chun dlíghthe agus riaghalta dhéanamh agus do chur i bhfeidhm, ortha féin agusr ar náisiúnaibh eile. Ní dóich liom féin gur thaisbeánadar puínn de'n éirim sin sa tsaghas láimhseála atá déanta riamh acu ar ghnóthaibh na h-Éirean. Do mealladh a n-éirim anso i n-Éirinn pé cuma 'nar eírigh leó i n-áiteanaibh eile. I gcoinnibh an fhiona atá an uile rud acu á dhéanamh anso. Tá a rian air. Leighe agus lot agus meath agus mí-rath atá ar ÉIrinn acu riamh. Tadhg: Tá an ceart agat, a Dhonchadh, ach go bhfuil aon dearmhad beag amháin ort. Ní h-éirim chun forlamhais ná éirim chun bainistíghe atá ag cine Sacsan. Is éirim chun robála atá acu. Níor mealladh an éirim sin ortha anso ná i n-aon áit eile d'ár ghabhdar forlamhas riamh ann. Feuch ad thímpal agus feuch siar. Leighe agus lot agus meath agus mí-rath, dar leat, iseadh atá ar Éirinn ó thánadar. Airiú nách chuige sin a bhíodar! Ní deagh-dhlíghthe ná deag-riaghaltas a bhí uatha riamh. Tusa agus mise do robáil iseadh atá uatha. Táid siad ag robáil na
h-Éirean ó thánadar. Táid siad ag robáil na h-Éirean fós. Ní'l aon tsaghas saidhbhris againn ná fuil a lámha sáithte go h-uileanaibh acu ann agus iad 'á sguabadh leó gach aon ré sholuis. "Do mealladh a n-éirim," arsa tusa, "mar tá gach nídh acu d'á dhéanamh i gcoinnibh an fhiona agus tá meath agus mí- rath curtha ar Éirinn acu." Níor mealladh a n-éirim, a Dhonchadh, mar an rud a chuireadar rómpa do dhéineadar é. Robáil a chuireadar rómpa. Do dhéineadar an robáil. Táid siad 'á dhéanamh fós. Tá trí miliúin púnt airgid sa mbliain acu 'á bhreith leó uainn os cómhair ár súl. Dá n-iarthá-sa anois ortha stad dé sin an bhfuil fhios agat cad é an freagra gheabhfá? Donchadh: Ní tabharfí aon toradh orm. Tadhg: Déarfí leat gan bheith ag magadh fút féin. NÁ BÍ AG MAGADH FUT FÉIN. Donchadh: Ní misde éirim chun robála thabhairt air, a Thaidhg. Is uathbhásach an sgéal é, an t-é machtnóch' air. Dá nguidinn caora uait do curfí príosún agus pionós orm, agus déarfadh an breitheamh a chuirfadh orm iad nár bh' fhéidir d'á éirim aigne féin staonadh ó'n gceart; ó bhí an príosún agus an pionós tuillte agam gur bh' é sásamh an chirt iad do chur orm agus nár bh' fhéidir dó féin staonadh ó 'n sásamh san. D' airígheas breitheamh acu 'ghá rádh, uair, go raibh seilbh ag an gceart chómh daingean san i n' aigne go gcuir- eadh aon chlaonadh ó 'n gceart teinneas aigne air. Tadhg: 'Seadh, go gcuirfadh guid na caorach oiread mí-shásaimh aigne air agus dá mba uaidh féin a guidfí í. Donchadh: Rud éigin de'n tsórd san. Chuimhnígheas go minic ó shin ar an bhfocal, agus do theip orm teacht ar a bhrígh. Chuirfadh guid na caorach mí-shásamh aigne ar an mbhreitheamh san. Níor bh'fhéidir d'á aigne, bhí an aigne chómh ceart san aige, fulang leis an éagcóir a bhéadh déanta ar an bhfear n-ar guideadh an chaora uaidh. Ba ró mhaith an sgéal é sin, dar liom, agus
ba mhór an tabharthas ó Dhia d' aon treabhchas daoíne breitheamh de'n tsórd san a bheith acu. Ach nuair a chím an breitheamh céadna san ag feuchaint gach aon lá 'n tseachtmhain, ní h-ar chaora d'á guid, ná ar dhá chaora, ach ar thrí miliúin d' airgead na h-Éirean ag imtheacht gach bliain ag daoíne a dh' admhálan go macánta ná fuil aon cheart acu chuige, agus nuair a chím ná cuirean an sgéal corbhuais ar bith ar chroídhe ná ar aigne an bhreithimh sin, cad tá le rádh agam? Cuirean guid na caorach teinneas aigne air, mar gheall ar an éagcóir. Ní chuirean guid na dtrí miliúin sa mbliain aon teinneas aigne air! Má iaraim air truagh éigin a bheith aige do 'n duine bhocht a ghuid an chaora; gur le h-ocras a dhéin sé an ghadaidheacht; déarfidh sé liom, go gruamdha agus go dúr, ná fuil leigheas aige féin ar an nduine mbocht; gur ceart ceart: nách féidir dó féin claonadh ó 'n gceart i leith na láimhe deise ná i leith na láimhe clé. Má fhiafraighim dé, ó's breitheamh é, agus ó's ceart ceart, cad 'n-a thaobh ná cuirean sé cos an chirt i dtalamh agus cosg do chur, i n-ainim Dé, le gadai- dheacht na dtrí miliúin sa mbliain, déarfidh sé liom, mar a dúbhraís, gan bheith ag magadh fúm féin. "Éirim chun robála," arsa tusa. Is áluinn an focal é. An t-é go bhfuil an éirim sin i gceart aige ní ghuidfidh sé caora uaim, le corp macántachta, ach béarfidh sé trí miliúin sa mbliain uaim os cómhair mo shúl, agus má deirim leis stad agus gan bheith a'm chreachadh, déarfidh sé liom gan bheith ag magadh fúm féin. Tadhg: Agus darfidia, a dhuine, cad eile cad déarfadh sé leat ach gan bheith ag magadh fút féin! É ag breith do choda leis agus tu 'ghá iaraidh i n-achainigheachaibh air gan bheith a'd chreachadh! Donchadh: Agus cad a dhéanfad? Tadhg: Déin air isteach agus buail idir an dá shúil air buille dhorn a chuirfidh trí slata i ndiaigh a chúil é ar fleasg a dhroma! Gabhaim-se orm ná h-iarfidh sé an tarna h-uair ort gan bheith ag magadh fút féin.
TA BUILLE AGUS BUILLE ANN. Donchadh: Is rud é go bhfuil seana thaithíghe againn go léir air, a Thaidhg, an t-é dhéinean a lán cainte nách féidir dó gan focal gan chial do rádh anois a's airís. Tadhg: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin anois? Donchadh: An focal deirineach úd a dúbhraís-se an lá déanach a bhíomair anso, is dóich liom gur fada nár airígheas focal ba lúgha cial 'ná é. Tadhg: Cad é an focal é? Donchadh: Dúbhraís liom gan bheith 'ghá iaraidh i n-achainigheachaibh ar an mbitheamhnach stad de bheith a'm robáil, ach déanamh air isteach agus buille 'dhorn a bhualadh idir an dá shúil air a chuirfadh seacht slata i ndiaigh a chúil é ar fleasg a dhroma. Tadhg: Dúbhart leat san do dhéanamh. Cá bhfuil an díth céille ann? Nách mó go mór an díth céille dhuit bheith 'ghá iaraidh air stad? "Bean na cleithe caoíle" 'ghá iaraidh ar an mada-ruadh an chearc do leigint uaidh. An t-aedhre 'ghá iaraidh ar an machtíre gan an t-uan bocht do bhreith leis. An luichín 'ghá iaraidh ar an gcat gan í dh' ithe. Agus tusa 'ghá iaraidh ar an mbitheamhnach so gan tu chreachadh. Déar- fidh an mada-ruadh leis an mnaoí gan bheith ag magadh fúithi féin. Déarfidh an machtíre leis an aedhre gan bheith ag magadh fé féin. Déarfidh an cat leis an luichín gan bheith ag magadh fúithi féin. Ach má gheibhean an mada-ruadh buille de'n chleith fan na cluaise leigfidh sé uaidh an chearc. Má gheibhean Bran greim ar sgórnaigh ar an machtíre bogfidh an machtíre de'n uan. Má fheicean an cat an gadhar ag teacht ruithfidh sé suas crann agus fágfidh sé an luch 'n-a dhiaigh. Siné an údhálta agat-sa agus ag an mbitheamhnach atá at' chreachadh. Bí 'ghá iaraidh air stad, go dtí go mbéidh clog ar do charbul, agus ní chuirfidh sé blúire suime ionat. Buail idir an dá shúil air an buille 'dhorn úd adúbhart. Cad a dhéanfidh sé ansan? Eireóchaidh sé agus labharfidh sé leat go breágh síbhial- ta. "Ó, gabhaim párdún agat, a dhuine mhacánta!" a déarfidh sé. "Ní raibh fhios agam gur leat-sa an
t-airgead so. Dá mbéadh fhios agam gur leat-sa é ní thógfinn e. Ní thógfinn go deimhin! Níor ghádh dhuit an buille sin a bhualadh orm. Ní raibh agat ach a ínsint dom gur bh' é do chuid é agus ní bhainfinn i n-aon chor leis. Ní bhainfad a thuille leis, ná bíodh eagal ort." Donchadh: Bhéadh cial leis an gcaint sin, a Thaidhg, dá mb' aon chórú' amháin troda agus cosanta a bhéadh orm-sa agus ar an mbitheamhnach, ach ní h-eadh. Ní'l agam-sa ach mo dhá dhorn agus táim am' aonar. Tá a chlaidheamh 'n-a laimh aige siúd agus tá mór-shluagh armtha, gléusta lastiar dé agus gan uatha ach an focal chun mé shíneadh marbh ar an bhfód. "Déin air isteach," arsa tusa, "agus buail buille dhorn idir an dá shúil air a chuirfidh seacht slata i ndiaigh a chúil é ar fleasg a dhroma." Ní dóich liom, a Thaidhg, go bhfuil aon rud ar an dtalamh so is lúgha orm 'ná caint chuthaigh agus gan blúire cumais ag an t-é a labhran í ar í chur i bhfeidhm. Cad is dóich leat féin? Tadhg: Caint chuthaigh agus gan cumas ar í chur i bhfeidhm - Ní'l caint ar bith is laige 'ná í. Is laige í go mór 'ná éisteacht agus gan aon rud do rádh. Ach ní thuigean tú an sgéal, a Dhonchadh. Tá buille dhorn agus buille dhorn ann. An buille a buailtear le neart an chuirp ní fiú é trácht air. An buille a buailtear le neart na h-aigne ní féidir seasamh 'n-a choinnibh. NEART CUIRP. Donchadh: "An buille a buailtear le neart an chuirp ní fiú é trácht air." An le neart cuirp atá muíntir Shasana ag bualadh na nGaedhal anso i n-Éirinn le seacht gcéad blian? Cheapas féin gur bh'eadh. An fiú an bualadh san trácht air? Tá a rian orainn go daingean pé 'n-Éirinn é. Ní'l aon lá i gcaitheamh na seacht gcéad blian san ná raibh ar a gcumas do mhuintir na h-Éirean, dá dtagaidís go léir ar aon aigne agus bualadh i n-aonfheacht, buille, mar a deirir, do bhualadh idir an dá shúil ar Shasana, buille a dhéanfadh í chur "seacht slata i ndiaigh a cúil ar fleasg a droma." Dá mbuailtí buille de'n tsórd san aon lá i gcaitheamh na h-aimsire sin an
dóich leat ná go mb'fhiú é trácht air? Dob' fhiú, a Thaidhg, agus do tráchtfí. Dar liom féin, a Thaidhg ní dóich liom gur ró fhada le dul an neart aigne seo a deirir-se gan neart cuirp, neart lámh agus cuis- lean, a bheith lastiar de'n aigne go teann chun nirt na h-aigne chur i bfeidhm sa bhuille nuair a buailtear an buille. Tadhg: Isé mo thaobh-sa de'n sgéal atá agat d'á chur i bhfeidhm, a Dhonchadh, agus taoí'n tú 'á chur i bhfeidhm go daingean. Ní raibh muíntir na h-Éirean riamh gan neart cuirp agus cuislean. Is cuímhin liom nuair a bhíos óg ná raib aon tseó ach a raibh d' fhearaibh láidire ar fuid na dútha. Bhíodar ins gach aon pharóiste i n-Éirinn chómh h-iomadamhail díreach agus bhíodar sa pharóiste seo. Taisbeánan seanachus béil na ndaoíne go rabhdar iomadamhail mar sin gach aon lá riamh. Bhí oiread acu i n-Éirinn gach aon lá riamh agus dá n-eirighdís i n-aonfheacht go bhféadfidís an buille úd do bhualadh aon lá ba mhaith leó é. Cad 'n-a thaobh nár eiríghdar riamh agus an buille sin do bhualadh? Ní le h-easba nirt cuirp ná cuislean nár eiríghdar. Cad é an neart a bhí i n-easnamh ortha? Ní fheicim-se go raibh aon nídh i n-easnamh ortha ach neart na h-aigne. Bhí neart cuirp a ndóithin acu, ach, mar a dúbhart, níor bh'fhiú é trácht air. Donchadh: Agus cad é an neart aigne a déarfá a bhí i n-easnamh ortha? Tadhg: 'Neósfad-sa san duit go cruínn. Is le h-easba nirt aigne nár thuigeadar conus mar a bí muíntir Shasana coitchianta 'ghá ndeighilt agus 'ghá gcur ag marbhú' chéile, d' aon ghnó, chun iad do chur fé chois i ndeire bára. Dá mbéadh aon chial acu thuig- fidís an méid sin. Ní raibh an chial acu. Agus ní féidir neart a bheith i n-aigne gan cial a bheith inti. Donchadh: Dar fiadh ach tá a ndóithin de'n easnamh san ortha fós. Tadhg: Tá go deimhin, agus is minic 'á thaisbeáint iad. Tá ar siúbhal an neómat so i n-Éirinn an obair is cialmhaire agus is neartmhaire, an obair is cabhruighthíghe chun nirt aigne, d'ár déineadh i n-Éirinn riamh fós. 'Sí sin an obair seo na Gaeluinne. Feuch conus atá an sgéal ag muíntir na h-Éirinn i dtaobh na h-oibre sin.
Donchadh: Tá an sgéal go n-aindeis acu 'n-a taobh gan amhras. Raint acu 'ghá marbhú féin a d' iaraidh na h-oibre chur chun cínn. Raint eile acu agus gur thúisge leó go ngeabhfí de phleuraibh ionta 'ná a rádh gur labhradar féin ná aoinne a bhain leó aon fhocal Gaeluinne riamh. Agus, idir an dá raint sin, sluagh mhór de dhaoine ná cuirean aon tsuím i n-aon chor sa n-obair. Tadhg: An dóich leat ar bh' aon mhaith bheith ag brath air go mbuailfadh an tsluagh mhór san buille dhorn idir an dá shúil ar an namhaid seo atá ag creachadh na h-Éirean? Donchadh: Mo thruagh an t-é bhéadh ag brath ortha! ADHARCÁIL. Donchadh: Ba ghasta an cor coise é siúd a thugais dom an lá déanach, a Thaidhg. Tadhg: Conus san? Donchadh: Nuair a dúbhrais gur bh' é rud neart cuirp 'ná rud nár bh' fhiú trácht air cheapas go rabhais ar fleasg do dhroma agam. Do thráchtas láithreach duit ar an gcos ar bolg atá ag muintir Shasana 'á dhéanamh ar Ghaedhlaibh Éirean le seacht gcéad blian. Bhíos chómh deimhnightheach san go rabhais ar lár agam nár fhéadas gan raint fonomhaide do leogaint isteach am' chaint. Bhíos deimhnightheach ná raibh aon bhreith agat ar dhul ó'n bhfírinne a bhí agam 'á chur i bhfeidhm, dar liom ; go gcaithfá a dh' admháil gur le neart corpartha, le neart lámh agus cuislean, a déintear na gníomhar- tha a thugan an buadh do dhaoíne, agus gur b' é easnamh an nirt sin a dh' fhágan na gníomhartha gan déanamh, agus a dh' fhágan na daoíne sin fé chosaibh a namhad. Ach nuair a dúbhraís gur bh' é do thaobh-sa de 'n sgéal a bhí agam 'á chur i bhfeidhm do baineadh casadh asam, geallaim dhuit é. Tadhg: Isé mo thaobh-sa dhé a bhí agat 'á chur i bhfeidhm go díreach, agus is tú chuir i bhfeidhm go h-áluinn é. Donchadh: Nách shiné a chím anois, a dhuine, go soiléir. Ar nóin is fíor dhuit é. Ní'l blúire tairbhthe i neart lámh ná i neart cuislean gan cial aigne agus éirim
aigne bheith lastigh. Isí an aigne a chaithfidh neart an chuirp do stiúrú'. Bíon neart mór sa duine buile, ach cad é an mhaith an neart san. Tá neart mór sa chapal, ach is féidir do 'n leanbh an capal do ghiolacht. Tá neart mór sa león, ach cad é an mhaith neart an leóin seachas aigne agus íntileacht an duine. Tadhg: Tá leóin ár ndóithin againn i n-Éirinn riamh. Do cheap gach león díobh, i gcómhnuighe, go raibh sé féin láidir a dhóithin chun a namhad go léir do chur fé chois, pé 'cú namhaid Ghallda iad nú namhaid Ghaedhlacha. Ba lag leis aon chongnamh a dh'iaraidh ar na leónaibh Gaedhlacha eile i gcoinnibh na nGall. Níor tháinig lá d'á chuimhne chuige nár bh'fholáir dos na leónaibh Gaedh- lacha go léir chur le chéile agus oibriú' a' lámhaibh a chéile chun na namhad iasachta do chur amach agus do choimeád amach. Níor thuigeadar an nídh sin. Sa tuis- gint iseadh chómhnuighean neart na h-aigne. Easba nirt, do 'n aigne, iseadh easba tuisgiona. Is mó is fiú aon leus amháin tuisgiona sa n-aigne 'ná neart leóin sa chorp. Eólus agus cial agus tuisgint, siniad na neithe a chuirean neart sa n-aigne. Do réir a méad nú a luighead san iseadh bhíon an neart mór nú beag. Ní'l rud ar an dtalamh so is laige 'ná amadán láidir. Ní bhéidh sé choídhche ach ag spriúchadh agus ag adharcáil agus ag caitheamh na bhfód suas le n-a chosaibh, mar a bhéadh an tarbh a bhéadh ag adharcáil na túrtóige. Donchadh: Cé dhó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a Thaidhg? Tadhg: Tá fhios agat go dian mhaith cé dhó go bhfuilim 'ghá thagairt. Táim 'ghá thagairt do 'n t-é a déarfadh le muintir na h-Éirean úsáid a dhéanamh de neart an chuirp i n-aghaidh a namhad, agus gan cothú' ná oileamhaint ar neart na h-aigne acu fós. An t-é a labhair ar an gcuma san, i gcómhnuíghe riamh, isé a thóg airgead na fola chómh luath agus tháinig an t-am chuige. Agus an tarbh úd adúbhart , is tapaidh a rithfadh sé leis féin dá mbéadh tarbh ba threise 'ná é i n-inead na túrtóige.
AMADÁN AN CHÓRDA. Donchadh: Fan go fóil, a Thaidhg. B' fhéidir go ruithfadh sé leis féin go tapaidh dá mbéadh tarbh ba threise 'ná é i n-inead na túrtóige. Ní thaisbeánfadh san, ar nóin, go ruithfadh sé leis féin dá mba tarbh ná béadh chómh láidir leis a bhéadh i n-inead na túr- tóige. Cad deirean tú leis an dtaobh san de 'n sgéal? Tadhg: Táim ag faire ar an adharcáil agus ar an spriúchadh agus ar chaitheamh na bhfód anáirde, le tamal maith anois, a Dhonchadh. Táim ag éisteacht, i gcaitheamh na h-aimsire, leis an dtarbh a bhíon ag adharcáil na túrtóige, agus é ag búirthigh i dtreó gur dhóich leat go gceapan sé gur b' é féin Donn Cuailgne 'n-a steilibheathaigh. An lá is tréine dhein sé adharcáil agus búirtheach riamh ní fheaca puínn tairbhthe ag teacht as a shaothar dhó féin ná d' aoinne eile. Donchadh: Seachain, a Thaidhg. Tuigim do chaint, agus tá éagcóir agat 'á dhéanamh. Ní'l aon iaracht d'ár thug muíntir na h-Éireann i gcoinnibh a namhad, le déanaíghe pé n-Éirinn é, ná go dtáinig tairbhthe mór as. Mura mbéadh obair na bhFíníní ní bhéadh an sgéal againn atá indiu againn i dtaobh tailimh na h-Éirean. Tadhg: Ní maith liom aon fhocal a rádh i gcoinnibh na bhfear a thuit le h-obair na bhFíníní. Ní ceart aon fhocal a rádh 'n-a gcoinnibh. Ach ba dhóich liom gur mhór an truagh ná raibh fhios acu, an fhaid a bhíodar a dh' iaraidh iad féin d' olmhú' chun troda i n-aghaidh Shasana, go rabhdar go léir díolta, ná raibh cor acu 'á chur díobh, le solus gréine ná le solus gealaighe, gan a fhios go cruínn agá namhaid; ná raibh fear acu gan a ainim agus a shloinne ag an namhaid, agus gur bh' iad na cínn riain a bhí ortha a bhí 'ghá ndíol leis an namhaid. Donchadh: Domhaise airighim-se go bhfuil an obair chéadna, nú obair mar í, ar siúbhal anois féin. Tadhg: Ní feadar. B' fhéidir é. Ach má tá deirim an méid seo leat. Ní'l oiread agus cor ag aoinne sa n-obair 'á chur dé, le solus na gréine ná le solus
na gealaighe, ná fuil a fhios go cruínn ag an namhaid. Donchadh: Ba ró bheag an tairbhthe dhuit bheith 'ghá ínsint sin dóibh. Tadhg: Is fíor dhuit é. An t-é go bhfuil cial a dhóithin aige chun an sgéil a thuisgint ní gádh bheith 'ghá ínsint dó. An t-é ná fuil an chial san aige ní h-aon mhaith bheith 'ghá ínsint dó. Donchadh: Asdó, dar leat-sa, a Thaidhg, amadán iseadh aoinne do raghadh isteach i n-aon tsaghas oibre de 'n tsórd san. Tadhg: Inis an méid seo dhom, a Dhonchadh. Cad é an ainim ba dhóich leat ba cheart a thabhairt orm dá n-aimsíghinn córda maith láidir cnáibe agus dá gcuirinn lúb ar cheann dé agus fásgadh ruthaigh ar an lúib, agus ansan dá gcuirinn an lúb san ar mo mhuin- eál féin agus an ceann eile de 'n chórda do chur i láimh pé rascail as so go B'l' ath' Cliath gur mhaith leis statadh bhaint as? Donchadh: Andaigh ba dhóich liom nár mhisde amadán críochnuighthe thabhairt ort. Tadhg: Níor mhisde. Ba dheacair an ainim a thuilleamh mura dtuillfí ar an gcuma san í. "CÓMHAIRLE AN CHÓRDA." Donchadh: Tá go maith, a Thaidhg, ach inis an méid seo dhom. Cad a dhéanfá féin? Nú cad a déarfá le duine a dhéanamh a bhéadh níos óige 'ná thú agus a bhéadh 'ghá bheartú' i n' aigne nár bh'fholáir do mhuíntir na h-Éirean a neart do chruinniú' agus do chnósach agus do chur le chéile i gcoinnibh a namhad? Tadhg: Pé rud a déarfinn leis ní thabharfinn "cómh- airle an chórda" dhó. Donchadh: An amhlaidh a déarfa le fearaibh Éirean seasamh amach ó cheile agus leogaint do 'n namhaid teacht ortha agus iad do leagadh 'n-a nduine 's 'n-a nduine? Tadhg: Ní gádh dhóibh aonnídh dh'á shórd a dhéanamh. Is 'mó cuma 'nar féidir d' fhearaibh Éirean a neart do chruinniú' agus do chnósach agus do chur le chéile, agus do chur i bhfeidhm go daingean ar a namhaid, i n-éagh-
muis "cómhairle an chórda" do ghlacadh. Conus is féidir dom mo neart do chur i bhfeidhm má chuirim an córda ar mo mhuineál agus fásgadh ruthaigh air agus an ceann eile dhé i láimh an rascail? Is olc an rud neart a bheith ag an namhaid ar theacht ar fhearaibh Éirean agus iad do leagadh 'n-a nduine a's 'n-a nduine, ach cad é an feabhas a chuirfir ar an sgéal d' fhearaibh Éirean má dheinean tú rud a thabharfidh caoi do 'n namhaid ar theacht ortha agus iad do chrochadh 'n-a nduine a's 'n-a nduine? Ní féidir do 'n rascail mé dhíol agus airgead na fola chur 'n-a phóca, "mar chothú' ban a's leanbh," mura mbéidh an córda ar mo mhuineál aige agus an fásgadh ruthaigh air. Donchadh: Agus má 's maith leis an namhaid mé chrochadh cad is gádh dhó bheith ag fanmhaint le h-aon rascail chun mé thabhairt ar chórda chuige? Cad é an bac atá air breith orm agus córda leis féin do chur ar mo mhuineál? Tadhg: Bhuailis do mhéar ar bhun-phréimh an sgéil, a Dhonchadh. Daoíne iseadh muintir Shasana nách féidir leó aon rud a dhéanamh ach do réir dlíghe éigin. Is maith leó an uile shaghas éagcóra dhéanamh ach ní foláir leó riaghail éigin dlíghe bheith acu chun na h-éagcóra dhéanamh. Is 'mó duine chrochadar i n-Éirinn le fada, ach feuch siar agus chídhfir rud greanamhar. Chídhfir cúirt, agus coisde dáréag, agus breitheamh, agus cime, agus lucht dlíghe, agus triail, agus an t- "Informer." Caithtear oiread aimsire ag gabháil do'n triail sin agus dá mba do chroídhe dáiríribh a bhéadh idir choisde agus breitheamh agus lucht dlíghe, a d'iaraidh teacht ar an bhfírinne. Sa deire crochtar an cime. Ach bhí 'fhios ag gach aoinne, idir bhreitheamh agus uile, ó thusach, go raibh an cime le crochad. Má bhí aon bhaoghal go raghadh an cime saor do tugadh toghadh an aireachais an coisde do phacáil roim ré 'n-a choinnibh. An t-é bhéadh ag feuchaint ar an obair ní fhéadfadh sé gan a rádh i n' aigne féin; "Cad ba ghádh an phacáil? Cad ba ghádh an triail? Ná béadh sé chómh maith an duine chrochadh ar dtúis agus eirighe as mar sgéal?" Ba dhóich le h-aoinne go mbéadh. Ach ní h-é sin nádúr mhuíntir Shasana. Is dócha go n-áitíghid siad ortha féin, ó tá samhlúghadh dlíghe sa sgéal, nách
murdal é. An fhaid ná cuirfir-se an córda ar do mhuineál ní féidir dóibh greim fhághail ar an gcórda, agus gan greim ar an gcórda ní féidir dóibh samh- lúghadh dlíghe dhéanamh chun a dtoile. Donchadh: Agus cad a dhéanfad, má 'seadh? Tadhg: Pé rud a dhéanfir déin os cómhair an domhain é. Ansan caithfidh an t- "Informer" slígh bheatha éigin eile tharac chuige. Donchadh: An bhfuil focal Gaeluinne ar "Informer," a Thaidhg? Tadhg: Má tá níor airígheas-sa riamh é. Slígh bheatha iseadh é a bhainean le dlígh Shasana i n-Éirinn. Is le dlígh Shasana a bhainean an focal. Is mairg ná breithneóch' a bhrígh go maith. AN NEART IS TREISE. Donchadh: Is breágh bog a thagan caint chúghat-sa uaireanta, a Thaidhg. Tadhg: Cad í an chaint bhreágh bhog atá déanta anois agam? Donchadh: "Pé rud a dhéanfir," arsa tusa, "déin os cómhair an domhain é." Ná béadh sé chómh maith agat a rádh, go breágh osgailte, "Má's maith leat, a Dhonchadh, cómhacht Shasana do bhrise agus do chur fé chois agus na Sasanaigh a dhíbirt a' h-Éirinn, imthigh ort, i lár an lae ghléigil, ansan soir go dtí an cheárta agus cuir an gabha ag obair láithreach ag déanamh pící cogaidh, agus cuir daoine go Corcaigh agus go B'l' Áth' Cliath chun arm teine cheanach. Tabhair leat abhaile na pící agus na gunaí agus na piostail, i lár an lae ghléigil, agus cuir i lámhaibh na mbuachailí iad agus buail amach agus cuir cogadh ar Shasana!" Tadhg: Gan amhras bhéadh sé pas beag fiain agat rud de'n tsórd san a dhéanamh. Ach ní crochfí thú mar gheall air. B'fhéidir go mbéarfí ort agus go gcurfí isteach i n-asílium tú ar feadh tamail. Ní baoghal go dtuillfadh aoinne airgead fola ort. Donchadh: Ní baoghal. Agus rud eile, ní baoghal
go ndéanfinn aon tairbhthe d' Éirinn ná aon díobháil do chómhacht Shasana i n-Éirinn. Tadhg: Agus cad é an tairbhthe dhéanfá d' Éirinn, nú cad é an díobháil a dhéanfá do chómhacht Shasana i n-Éirinn dá dtéidhthá ag déanamh na bpící agus do cheann sáidhte sa tsúil-ruibe agat! Má's maith leat na pící dhéanamh, tá sé chómh maith agat iad do dhéanamh i lár an lae ghléigil le bheith 'ghá ndeanamh sa n-oídhche. Má dhéinean tú i lár an lae iad ní bhéidh aoinne a'd chúram. Má bhíon tú 'ghá ndéanamh asdoídhche, agus an fásgadh ruthaigh ar do mhuineál agat, ní bhéidh an tarna buille de'n chasúr buailte ag an ngabha dhuit nuair a bhéidh triúr nú ceathrar des na rascailíbh ag brise a gcos ag ruith go Corcaigh nú go B'l' Ath' Cliath feuchaint cé aige go mbéidh tusach éilimh ar fhiacha do chod' fola. Pé 'cu sa lá nú sa n-oídhche déanfir na phící is aon nídh amháin é d' Éirinn agus do Shasana. Tá dhá chómhacht ag troid anois sa domhan tsoir. Feuc ar an dtroid sin. Cad é an fhaid le dul tú féin agus do phíce dá mbéadh ort troid i n-aghaidh aon taoíbh acu san! Donchad: Agus cad a dhéanfá féin? Ní'l aon ghrádh agat do chómhacht Shasana i n-Éirinn ach oiread agus tá agam-sa? Tadhg: Feuch ad' thímpal, a Dhonchadh, ar an ndomhan, mar a chruithnigh Dia é. Tá nearta móra ag oibriú' ann, ins gach aon treó, coitchianta. Tabhair fé ndeara an méid seo. Na nearta ná feictear agus ná mothuíghtear isiad is treise dh' oibríghean agus isiad is fairsinge agus is doimhne toradh. Ní mothuíghtear an neart a chuirean ag fás an brobh féir, ach is treise é 'ná an neart atá sa tóirthnigh. Cuir- ean, an neart ná mothuightear an fás ar siúbhal ar gach aon órlach de thalamh an domhain mar a bhfuil ithir agus fliuchra agus teas gréine. Ní raibh tóir- thineach riamh chómh láidir leis an neart san go léir. Tá fás ar siúbhal anois i n-Éirinn, a Dhonchadh, fás aigne. Tá ag teacht, os cómhair ár súl, ar an bhfás aigne sin, toradh nirt atá ag baint ó chómhacht Shasana i n-Éirinn ar chuma nár baineadh riamh fós ó'n gcómhacht san le guna ná le claidheamh ná le píce, pé 'cu sa la nú sa n-oídhche a déineadh iad.
Donchadh: Ní dóich liom go bhfuil a thuille le rádh agam, a Taidhg. CROM CRUACH. Donchadh: Táim ag cuímhneamh ó shin, a Thaidhg, ar an gcaint úd a dúbhraís anso an lá déanach. Tadhg: Tá go maith, a Dhonchadh. Sgaoíl chúghainn toradh do mhachtnaimh ar mo chaint. Donchadh: "Tá fás ar siúbhal i n-Éirinn anois," arsa tusa. Chuiris an fás i gcomparáid le fás an fhéir ghlais ar an bpáirc. Dúbhraís gur treise an neart a théidhan chun an fhéir ghlais do chur aníos tríd an dtalamh, ar fuid na h-Éirean nú ar fuid an domhain, 'ná an neart a h-airíghtear sa tóirthnigh. Ach nách eól duit an sean fhocal, a Thaidhg, "faghan an capal bás an fhaid a bhíon an féar a' fás." Ba dhóich liom gur ró shuarach an sásamh do'n chapal a fhios a bheith aige go bhfuil an neart san go léir a deirir ag cur an fhéir ghlais ainíos tríd an dtalamh chuige, má gheibhean sé bás sar a mbéidh an fás déanta. Ar an gcuma gcéadna, ba dhóich liom gur ró shuarach am sólás do mhuintir na h-Éirean a fhios a bheith acu go bhfuil an fás mór go léir seo a deirir-se ar siúbhal, agus go bhfuil an neart uathbhásach so a deirir ag cur an fháis ar aghaidh, má tá an bás le teacht orainn go léir sar a mbéidh aon phioc de thoradh an nirt sin againn. Tá ár ndaoíne ag imtheacht, an chuid is óige agus is treise dhíobh, chun na ndúthaí iasachta, tar na faraigíbh fuara. An méid acu atá ró chríona chun dul thar farge tá an bás 'ghá mbreith chun siúbhail sa bhaile. Cá bhfuil an fás, a Thaidhg, do líonfidh an folamhas atá dh'á dhéanamh ag an mbás agus ag an imtheacht tar farge? Tá 'fhios agam-sa cad a líon- fidh an folamhas, agus cad 'tá 'ghá líonadh go tiugh cheana féin. An aicme iasachta so atá ag teacht chugainn anoir ó Shasana agus ó Albain, siniad a líonfidh an folamhas dúinn, agus isiad atá 'ghá líonadh go tiugh dúinn cheana féin. "Tá toradh nirt ar an bhfás," arsa tusa, "atá ag baint ó chómhacht Shasana
i n-Éirinn." 'Seadh go díreach! Is ag fás agus ag neartú' atá cómhacht Shasana i n-Éirinn, a dhuine! Tadhg: Is iongantach an buinne cainte a thagan fút uaireanta, a Dhonchadh. "An fhaid a bhíon an féar ag fás faghan an capal bás." Má 'seadh, an fhaid a bhíon an aigne ag fás ní gheibhean an duine bás. Chómh luath i n-Éirinn agus a thusnuighean an fás sa n-aigne tusnuighean an neart ar é féin a thaisbeáint sa n-aigne. Deich mbliana ó shin iseadh thusnuigh an aigne Ghaedhlach ar fhás i n-Éirinn. Tá an t-imtheacht tar farge ar siúbhal ó shin agus na daoíne aosda ag fághail bháis i n-Éirinn, ach tabhair fé ndeara cad 'tá déanta ag an bhfás aigne. I gcaitheamh na ndeich mblian san tá sgoluigheacht Ghallda curtha fé mhímheas, agus nách mór curtha fé chois i n-Éirinn. Sin rud ná féadfadh slóighte agus arm a dhéanamh. Ní baoghal go bhféadfadh pící é dhéanamh. An chuid de mhuíntir na h-Éirean go mbíodh a n-éadan sa lathaigh acu ag úmhlú' do nósaibh Shasana, ag úmhlú' do'n Chrom Cruach, táid siad ag preabadh suas go tiugh 'n-a gcoilc- sheasamh agus náire ortha mar gheall ar iad féin d'úmhlú' do'n árachtach san riamh. Donchadh: Tá cuid acu úmhal go maith fós do'n árachtach. Tadhg: Ní raibh de dhia bheag acu go léir ach é deich mbliana ó shin. Sin dhá nídh, a Dhonchadh, atá déanta ag an bhfás aigne seo atá ar siúbhal i n-Éirinn. Má tá an méid sin déanta ag fás aigne i n-aon deich mbliana amháin, conus a bhéidh an sgéal i gcionn fiche blian, i gcionn céad blian? Cuímhnigh air sin agus ná bac na pící agus an t-Informer.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services