Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgothbhualadh

Title
Sgothbhualadh
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1904
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgothbhualadh.



AN LÁ SAOÍRE.



Donchadh: Ní fheadar féin an tsaoghal, a Thaidhg,
cad é an chúis gur gádh an gleó go léir chun a chur 'na
luíghe ar lucht ceanaídheachta gur ceart dóibh na
siopaí do dhúnadh agus a ngéaga do shíne agus searadh
maith a bhaint asta féin aon lá amháin as an mbliain.
Ba dhóich liom gur cheart gur b'amhlaidh a bheadh áthas
mór ortha mar gheall ar chaoí a bheith acu ar dhá ghnó
mhóra mhaithe dhéanamh d' aon ghnó, suaineas an laé
thabhairt dóibh féin agus d'á lucht frithálmha, agus 'na
theanta san onóir an laé thabhairt do Dhia agus do
Naomh Pádraig. Ní h-i gcómhnuighe a gheibhean daoíne
caoí ar dhá ghnó de'n tsórd san a dhéanamh d' aon ghnó.
Isé is gnáth, nuair a bhíon ar dhaoínibh rud éigin a
dhéanamh a thaisbeánfidh a gCreideamh agus a thabharfidh
onóir do Dhia, gur le trioblóid agus le duagh agus le
cruadhtan a caithtear é dhéanamh. Ach, mar sin féin,
níor ghnáth i n-Éirinn riamh daoíne ag tarac siar ó
ghnó phoibilídhe a bheadh ceapaithe chun onóra thabhairt
do Dhia, pé trioblóid a bheadh 'gá leanmhaint. Siniad
anois iad agus nách foláir gleó agus aighneas a
dhéanamh, agus cáine, agus spídiúchán, chun iad a
choimeád gan tarac siar, bíodh nách trioblóid ná duagh
atá ag leanmhaint an ghnímh, ach a mhalairt ar fad,
saoíre agus suaineas agus socaracht. Is greanmhar
an sgéal é!



Tadhg: Tá atharúghadh tagaithe ar an saoghal i
n-Éirinn, a Dhonchadh, agus ní chun feabhais an t-atharú-
ghadh. Na daoíne a bhí anso i n-Éirinn rómhainn, do
ghlacaidís saoíre agus suaineas go fonamhar nuair
b'onóir do Dhia é, agus d' fhuilingidís duagh agus


L. 4


dochar agus trioblóid leis an bhfonn gcéadna díreach,
nuair b'onóir do Dhia é. Bá mhó acu súd an saoghal
eile 'ná an saoghal so. Ní mar sin dos na daoíne
atá sa tsaoghal anois, go mór mór, i ndúthaibh eile.
Dar leo, tá dearmhad sa Teagasg Críosdaíde. Mar
seo ba cheart an chaint a bheith:-



"C. Cad chuige gur chruthnuigh Dia sinn?"



"F. Chun airgid a dhéanamh."



Siné Teagasg Críosdaídhe na h-aimsire seo, a
Dhonchadh. Ní'l sé ró fhada. Ní'l ann ach an t-aon
cheisd amháin agus an t-aon fhreagra amháin. Ach
mura bhfuil sé fada tá sé dian. Ní raibh na Deich
n-Athanta riamh an fichmhadh cuid de bheith chómh dian ar
Chríosdaidhthibh agus tá an aithne sin an airgid ar an
muíntir a théidhean fé 'n-a smacht. Féuch ortha, thall i
Lúnduin nú thiar i gcathrachaibh móra America. Féuch
gach aoinne acu ag imtheacht agus a cheann féi aige
agus stiúir air, ag baint na slíghe do'n fhear is giora
dhó, a d' iaraidh tusach a bheith aige ar dhéanamh an
airgid!



Donchadh: Ní fheicim cad é an leigheas atá acu air,
a Thaidhg. Mura ndéinid siad an t-airgead caithfid
siad bás d' fhághail do'n ghorta.



Tadhg: Dá mbeiridís go léir bog ar an saoghal
bhéarfadh an saoghal níos boige ortha go léir. Dá
nglacaidís an sgéal níos réidhe bheadh a ndóithin mór
acu go leir.



An cuímhin leat, a Dhonchadh, gur airíghis riamh aon
tuairisg ar ghorta i n-Éirinn go dtí go dtáinig
dlíghthe Shasana anall chúgainn?



Donchadh: Ambasa ach níor airígheas. Is greanmhar
an sgéal é sin leis. Ach féuch, a Thaidhg. An bhfeacaís
an blúire beag cainte seo sa Leader i dtaobh
"Sitriuc do righne?"



Tadhg: Ambriathar go bhfeaca, agus gur bhain an
chaint gáire asam. Bainfidh sí a meabhair an fad as
na "sgoláiríbh!" Níor chuir Jack o' the Lantern
riamh amú daoíne mar a chuirfidh an chaint sin amú na
sgoláirí. Is gearr go gcuirfid na cainteóirí na
sgoláirí 'n-a gcómhnuighe, agus ba ghádh é.


L. 5


Lucht ceanaídheachta chorcaíghe.



Donchadh: Féuch, a Thaidhg, nách ait an obair í seo
atá déanta ag lucht ceanaídheachta catharach Chorcaíghe.
Deir na pápéir gur thánadar i bhfochair a chéile agus
gur shocaruighdar do thoil a chéile saoíre Laé Fhéile
Pádraig do bhrise agus a chur fhéuchaint ar a lucht
frithálmha é bhrise!



Tadhg: Tá an socarúghadh san déanta acu, má's
fíor na pápéir. Ach tá rud eile ins na pápéir, a
Dhonchadh. An bhfeacaís é?



Donchadh: B'fhéidir go bhfeaca. Cad é an rud é?



Tadhg: Tháinig muíntir na Gaeluinne i bhfochair a
chéile agus dhéineadar socarúghadh leis. Shocaruíghdar
ar sgéala chur amach ar fuid na tuatha 'ghá iaraidh ar
aon duine go bhfuil aon mheas aige air féin gan
teacht isteach go Corcaig i n-aon chor an lá san, nó
má thagan sé isteach sa chathair gan dul isteach i n-aon
tigh tabhairne ná i n-aon tsiopa eile chun aon ghnótha
ceanaídheachta dhéanamh.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach má dhéinid na
daoíne mar sin beidh lá saoíre ag na cléirigh gan
bhuidhchas dos na ceanaidhthibh. Ní bheidh neart dóibh, is
dócha, bualadh amach agus gaoth na tuatha ghlacadh. Ach
má 'seadh féadfid siad síne ar an gcúntar agus
greas do chodladh dhóibh féin.



Tadhg: Seadh, agus mura dtuitigh aon chodla ortha
féadfid siad bheith ag magadh, fé n-a bhfiacalaibh,
nuair a chídhfid siad fear an tsiopa ag siúbhal ar fuid
an tíghe ag cneadaigh, ag spídiúchán ar Ghaeluinn agus
ar Ghaedhilgeóiríbh, 'ghá seóladh go h-áit éigin ná fuil
ró fhuar, agus ag ruith chun an doruis féuchaint an
mbeadh aoinne ag teacht isteach agus tart air.



Donchadh: Is ait an chathair cathair Chorcaighe, a
Thaidhg. Is ann atá na Gaedhilgeóirí is fearr, agus is
ann atá na staigíní is meathta. Is ann atá an lucht
Creidimh is fearr, is dócha, i n-Éirinn, agus is ann
atá an lucht ceanaídheachta is fearr go bhfuil an
teagasg críosdaíghe úd an airgid acu.



Tadhg: Ní deirim 'ná go bhfuil cuid acu go bhfuil
an dá theagasg críosdaíghe acu, teagasg críosdaíghe
an airgid agus Teagasg Críosdaíghe an Chreidimh.


L. 6


Donchadh: Nár chóir go mbeadh fhios acu "ná tagan
an dá thráigh leis an ngobadán"?



Tadhg: Siné ball, díreach, go bhfuil breall ortha.
Is dóich leó go mbuadhfid siad féin ar an ngobadán
agus go dtabharfid siad an dá thráigh leó, an rud a
theipan ar an ngobadán.



Donchadh: Is baoghalach liom go bhfuil a lán acu ná
fuil so 'ná súd acu. Ní fonn leó an lá saoíre
thabhairt i n-onóir do Dhia agus do Naomh Pádraig.
Dar leó bheidís creachta leis. Is dóich leó go bhfuil
an Creideamh acu chómh maith le cách, agus ní thuigid
siad gur bhfeara dhóibh aon lá amháin de'n rath a bheith
ortha ó Dhia 'ná dá mbeidís ag brise a gcroídhe le
h-obair ar feadh a saoghail agus lámh Dé 'na gcoinnibh.
Agus conus is féidir d' aoinne gan lámh Dé bheith 'na
choinnibh nuair a bhrisfidh sé an tsaoíre gan ghádh gan
ríachtanas ach le corp dúil i n-airgead!



Tadhg: Seadh, agus tar éis an tsaothair agus an
sgannra agus an bhrise saoíre go léir, ná fanan
puínn de'n airgead acu abhfad.



Donchadh: Dhe, is dócha go bhfanan sé acu. Cá
n-imtheóch' sé uatha?



Tadhg: Leighean sé, a Dhonchadh. Leighean sé chómh
tiugh agus a déintear é.



Donchadh : Ambriathar, a Thaidhg, gur 'mó duine a
dhéinean airgead go h-olc agus ná leighean sé air.



Tadhg: Má 'seadh is duine é sin atá caithte uaidh
ar fad ag Dia na glóire, moladh go deó leis!
Leighean an droch airgead an fhaid a bhíon aon tsúil
go gcasfidh an duine ar Dhia. Nuair a bhíon duine
sgartha ar fad le Dia sgaoíltear leis.



AN CÓMHSHIÚBHAL MÓR.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, an rabhais i mB'l'ath'
Cliath Dé Domhnaigh seo ghaibh thorainn?



Tadhg: Ní rabhas. Ní réidhtíghean bóithreóireacht
fhada liom.



Donchadh: An rabhais i gCorcaigh Lá 'le Pádraig?



Tadhg: Ní rabhas.


L. 7


Donchadh: Ach! Do chaillis é, a dhuine. Ní'l aon
mhaith ionat. Taoí 'n tú sáidhte sa luaith ar fad le
déanaighe. Tá an saoghal go léir ag dul ar aghaidh a
gan fhios duit. Dá mbeidhthá i mB'l' Atha Cliath Dé
Domhnaigh chídhfá radharc a chuirfadh i n-óige thu, fiche
bliain! Tá Éire go léir ar buile ag foghluim na
Gaeluinne! Ní fheaca riamh a leithéid de radharc.
Bhí os cionn dachad míle duine sa chómhshiúbhal a
déineadh tríd an gcathair, agus ní fios an 'mó míle
duine a bhí ag féuchaint ar an gcómhshiúbhal. Na
buídhne a bhí ag gluaiseacht sa chómhshiúbhal bhíodar chómh
gléusta, chómh córuighthe, chómh cruínn sa ghluaiseacht,
chómh h-oilte ar an obair a bhí le déanamh acu agus
bheadh an sluagh airm is feár a cuireadh riamh ar bóthar.
Ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuídhin
eile, 'ná oiread agus aon duine amháin ag teacht sa
tslígh ar dhuine eile. Thógfadh sé an ceó de d'
chroídhe bheith ag féuchaint ortha ag gluaiseacht chómh
breágh, chómh daingean, chómh stuama. Ní fheadar an
tsaoghal conus fhéad a leithéid de mhór-shluagh an gnó
dhéanamh chómh cruínn chómh blasta. Is minic a bhíos i
sochraid mhór agus d'á fheabhus taithíghe a bhíodh ag na
daoíne ar an gcuma 'nar cheart do 'n tsochraid
gluaiseacht ní bhídhtí gan acharan uaireanta. Dá
stadadh capal i lár na sochraide chaithfadh an méid a
bheadh lastiar de'n chapal san stad agus do bristí an
gléus agus an ghluaiseacht. Níor mhar sin do'n ghluais-
eacht úd Dé Domhnaigh. Ba dhóich leat nár déineadh
oiread agus ciscéim anacair ann, do chapal ná do
dhuine, ó thusach go deire. Níor mheasas go raibh aon
chruinniúghadh daoíne ná beadh tar éis taithíghe armála
dhéanamh d' fhéadfadh gluaiseacht chómh stuama, chómh
cruínn. Bhíos am sheasamh i bhfinneóig, i dtigh cúinne,
ag féuchaint ortha, agus, bíodh go rabhdar ag siúbhal
géar go maith, mheasas ná béidís gabhtha thoram go
h-oídhche. B'uathbhásach an radharc é, a Thaidhg.



Tadhg: B'uathbhásach. Do léigheas cúntas air sa
phápéur. Bhí ana thabhairt amach i gCorcaigh leis Lá 'le
Pádraig féin.



Donchadh: Airiú bhí, a dhuine, agus i n-áitibh nách é.
Is beag aon bhaile i n-Éirinn go bhfuil aon tuirt ann
ná raibh tabhairt amach éigin ann. Tá an saoghal suas,


L. 8


a Thaidhg. Foghlumóchaid na daoíne an Ghaeluinn anois
agus labharfid siad í agus beidh meas acu uirthi agus
ortha féin.



Tadhg: Feuch, ámhthach, nár dúnadh na tighthe tabhairne
go léir. Féuch cad a dhéin na bodaigh sin thiar i
Mainistir Ínse, thiar i gContaé an Chláir.



Donchadh: Agus cad a dhéineadar?



Tadhg: Thánadar i bhfochair a chéile agus dhéineadar
cómhairle, má 'sé do thoil é, agus ghealladar d'á chéile
go daingean, ná dúnfidís féin aon tigh tabhairne Lá
'le Pádraig, pé rud a bhí le h-imtheacht ortha!



Donchadh: Agus cad a bhí acu de bhár na comhairle
sin, agus de bhár na geallamhna, má fhan na daoíne
ar an dtaobh amuich de dhorus acu? Bainfar casadh
as an sean-shocal dóibh. "Ní raibh a gcuid 'ná a
gclú acu."



Tadhg: Ní misde dhuit an sean-fhocal d' fhágáilt
mar atá sé acu. "Tá a gcuid agus a gclú acu";
droch chuid agus droch chlú.



SEANA BHRÓGA.



Tadhg: Nuair a chonaicís an radharc mór i mB' l'
Átha Cliath, a Dhonchadh, dúbhraís go raibh Éire go léir
ar buile chun na Gaeluinne d' fhoghluim agus do
labhairt. Is maith an rud daoíne bheith ar buile chun
oibre dhéanamh ach ní mór an tairbhe an bhuile mhór
mura mbeidh eólus ag na daoine a bheidh ag déanamh
na h-oibre ar conus an obair a dhéanamh. Conus is
féidir do dhuine obair a dhéanamh má thusnúighean sé
sa cheann tuathail de'n obair!



Donchadh: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a
Thaidhg? Cé 'tá ag tusnúghadh sa cheann tuathail de'n
obair?



Tadhg: Aon duine, a Dhonchadh, go bhfuilan Ghaeluinn
'na bhéul aige, cad é an fhaid aimsire is dóich leat ba
ghádh dhó thabhairt ag foghluim conus Gaeluinn do
léighe agus do sgrí'?



Donchadh: Bhail anois, fan go fóil. Ba dhóich liom
dá mbeadh aon mhaith ann agus go dtabharfadh sé a
aigne do'n obair, nár mhór dó seachtmhain, an chuid ba


L. 9


lúgha dhé, chun bheith ábalta ar Ghaeluinn do léighe.
Chonaicís na leabhríní beaga so, na "Ceachta beaga
Gaedhilge."



Tadhg: Chonac. Táid siad go maith.



Donchadh: Agus an bhfeacaís an litir a sgríbh an
t-Athair Risteárd ua Dálaigh, an t-ollamh díachta, mar
gheall ortha?



Tadhg: Chonac. Tá an litir anso le sáil an cheathr-
mhadh leabhrín de'n "Cheól Sídhe." Deir an t-Athair
Risteárd gur mhúin sé féin conus an Ghaeluinn do
léighe do dhuine a bhí 'na chainteóir Gaeluinne, agus go
raibh an múineadh déanta aige laistig de dhá lá dhéag
ó'n lá fuair sé na "Ceachta Beaga."



Donchadh: Ní raibh puínn sa mbreis ar sheachtmhain sa
méid sin aimsire.



Tadhg: Ní raibh. Agus ní baoghal gur chaith an
t-Athair Risteárd an dá lá dhéag ag déanamh na
h-oibre a dhéin sé. Ní móide gur chaith sé an tseachtmhain
féin leis an obair. Seo ceist eile agam ort, a
Dhonchadh. An mór an aimsir a chaithfadh duine ná
beadh aon fhocal Gaeluinne 'n-a bheul aige, ag déanamh
na foghluma céadna?



Donchadh: Andaigh ní fheadar. Is dócha go gcaithfadh
sé aimsir fhada.



Tadhg: Do chaithfadh. Tá cuid acu ag déanamh na
foghluma san le chúig bhliana agus ní ró mhaith atá an
obair déanta acu tar éis na gcúig mblian. Agus
féuch, a Dhonchadh, nách ait an obair é, an saothar go
léir dh'á déanamh ar fhear na gcúig mblian agus gan
aon tsuím i n-aon chor dh'á chur sa duine a dhéanfadh
obair na gcúig mblian i n-aon tseachtmhain amháin!
Cad 'tá ansan ach daoíne ar buile chun na h-oibre
dhéanamh agus iad ag tusnúghad ar an gceann tuathail
de'n obair!



Donchadh: Agus cad é an dalladh-bodhradh-buicín
atá ortha ná h-osgalaid siad a súile agus dul láith-
reach sa cheann chóir de'n obair! Nár dhóich leat gur
mhithid dóibh an méid sin a thuisgint um an dtaca so!



Tadhg: Ag aighneas ar litiriúghadh a bhíd siad. Is
dóich leó gur b' é an litiriúghadh an gnó go léir. Is
mó acu an t-éadach 'ná an duine atá istig sa n-éadach.
Is mó acu an bhróg 'na an chos atá sa bhróig. Cad é


L. 10


an tairbhe dhom bróg dheas a bheith orm má chrapan sí
mo chos agus nach féidir dom siúbhal inti?



Donchadh: Andaigh ach b' fheár liom go mór í chaitheamh
díom agus imtheacht coslomrachta.



Tadhg: B' fheara dhuit é leis. Ní'l sa litiriúghadh
so go bhfuil an t-aighneas go léir d'á dhéanamh mar
gheall air ach seana bhróg atá lán suas de tharainníbh,
agus de thaoibhíníbh ruadha, agus de bharaicíníbh cama,
cruadha. Ní féidir d'aon chainteóir Gaeluinne an
t-seana bhróg san d' fhulang ara chois.



Donchadh: Agus féuch, a Thaidhg, conus fhéadaid na
daoíne sin féin, lucht an aighnis, an tseana bhróg san
d' fhulang?



Tadhg: Mar ní cos bheó a bhíon sa tseana bhróig acu
ach cos mharbh. Ní féidir do'n tseana shlipéid an chos
mharbh a ghortúghadh.



NA CAINTEÓRÍ.



Donchadh: Ní dóich liom, a Thaidhg, gur gádh dhuit a
thuile ceisnimh a dhéanamh mar gheall ar an obair seo
na Gaeluinne bheith d'á déanamh ó'n gceann tuathail.
Airíghim go bhfuil socair ag muíntir B' l' Áth' Cliath
aghaidh a thabhairt láithreach ar na cainteóiríbh, ins gach
aon pháirt d' Éirinn, agus léightheóirí a dhéanamh díobh.



Tadhg: Tá deich mbliana, a Dhonchadh, ó thusnuigh an
obair. Dá dteightheá isteach, deich mbliana ó shin, i
ndúthaigh éigin 'na raibh an Gaeluinn go blasta i
mbéulaibh na ndaoíne, d' aireóchthá an Ghaeluinn ar
siúbhal acu, díreach mar a bhí sí sa n-áit sin na céadta
blian roimis sin. Dá dteightheá isteach anois sa
dúthaigh chéadna d' aireóchthá ar siúbhal í ag fearaibh
agus ag mnáibh, ach ní aireóchthá puínn dí ag buachailibh
agus ag cailíníbh. Cad 'na thaobh nár tusnuigheadh an
obair ins na dúthaíbh sin? Níor tusnuígheadh. Do
ceapadh ná raibh aon mhaith sa Ghaeluinn a bhí mar sin, i
mbéulaibh na ndaoíne. Cuirean an sgéal i gcuímhne
dhom an rud a dhéin an Gárlach Goileánach nuaira chuir
a leas-mhathair ag lorg na ngamhan é. Dúbhairt sí
leis dóich agus andoich a chuardach dóibh. D' aimsigh
sé dréimire agus siúd suas ar bhuaic an tíghe ag
baint an dín de'n tigh!


L. 11


"A chlaidhre!" arsa'n leas-mháthair, "cad é sin
agat d'á dhéanamh?"



"Táim ag lorg na ngamhan, a mháthair," ar seisean.



"Airiú, a bhitheamhnaigh," ar sise, "cad é mar áit é
sin duit chun na ngamhan do lorg ann!"



"Dúbhraís liom, a mháthair," ar seisean, "dóich
agus andóich a chuardach dóibh. Sidé andóich agam.
Cuardóchad an áit seo ar dtúis dóibh, ó 'sé is giora
dhom. Nuair a bheidh an áit seo cuardaighthe agam
imtheóchad agus cuardóchad dóich."



Sin mar atá déanta ag muíntir B' l' Áth' Cliath.
Táid siad le deich m-bliana ag brise a gcroídhe ag
lorg na ngamhan i n-andóich. Má leanaid siad puínn
eile aimsire ag lorg na ngamhan i n-andóich isé rud
d' imtheóchaidh ortha 'ná nuair a raghaid siad go dtí
dóic ná beidh aon ghamhain rómpa sa n-áit.



Donchadh: Agus féuch a leith orm, a Thaidhg. Cad é
an srangán a bhí ar do theangain-se, nó cad é an
greim a bhí ar do chaint agat, agus a rádh nár labhrais
fadó leó agus a ínsint dóibh cá raibh dóich?



Tadhg: Ná bhí am bodhradh, a dhuine! Is amhlaidh
atáim liath ó bheith ag labhairt leó agus ag glaodhach
ortha agus ag aighneas leó. Níor labhair leas-mháthair
an Ghárlaigh leath chómh géar agus do labhras go minic
leó. Ní raibh aon mhaith dhom ann. Shíleadar gur acu
féin a bhí an chiall go léir agus ná raibh fasg agam-sa.
Mheasadar go bhféadfidís an Ghaeluinn a choimeád
beó ach tusnúghadh ar í shaothrughadh sa n-áit 'na raibh sí
tar éis bháis.



Donchadh: Éist, a Thaidhg. Ná h-abair a thuile. Ná
bí ró dhian ortha. Dhéineadar a ndíthol do réir a
dtuisgiona. Tá aon rud amháin le rádh 'na bhfabhar.
Níor sparáladar iad féin sa n-obair.



Tadhg: Agus dar ndó, siné chuirean ar buile mé ar
fad. An obair thréan go léir agus í ag imtheacht gan
mhaith gan tairbhe! Dá ndéintí an obair sin, ní h-eadh
ach a leath, ameasg na gcainteóirí, bheadh Gaeluinn
againn anois i n-Éirinn chómh buacach agus 'tá Fraincis
sa bhFrainc nó Almáingis sa n-Almáinn.



Donchadh: Bíodh foidhne agat. Beidh san agat go
luath. Déanfas an obair feasda.


L. 12


"RUDAÍ BEAGA MIONA DUBHA."



Donchadh : Dar fiadh, a Thaidhg, ní tusa amháin atá ag
déanamh ceisnimh mar gheall ar na gamhna bheith d'á
gcuardach i n-andóich.



Tadhg: Cé eile?



Donchadh : An t-Athair Pádraig ua Duinnín.



Tadhg: Agus cad 'deir an t-Athair Pádraig?



Donchadh: Deir sé rud is fíor dó, nídh nach iongna,
dá mbeidhfí ag lorg na ngamhan i n-andóich go dtí lá
Philib an Chleite, pé h-é féin, ná fuil aon bhreith ar
iad d' fhághail. Deir sé dá mbeadh daoíne nár labhair
aon fhocal Gaeluinne riamh, ag casadh le Gaeluinn d'
fhoghluim a' leabhraibh go dtí "go bhfeicfar dá ghréin
ann ag taithneamh i n-aonfheacht" ná beadh sí foghlumtha
acu.



Tadhg: Is éagsamhlach an obair a rádh nár tuigeadh
an méid sin an chéad lá. Dar ndó, tá 'fhios ag an
saoghal nách féidir caint d' fhoghluim a' leabhraibh. Ní
féidir do'n leabhar guth a chur ar an bhfocal. Ní
dhéinean an leabhar ach, mar a dubhairt an leanbh
Gaodhlach fadó, "rudaí beaga miona dubha" do chur
os cómhair mo shúl. Ní'l aon bhreith agam ar a fhios a
bheith agam cad é an guth is ceart dom a chur ar na
"rudaí beaga miona dubha" san go dtí go gcuirfidh
béul duine an guth isteach am chluais chúgam. Cad é
mar shaghas ruda caint gan guth? Déinid daoíne
balbha cómharthaí gan guth, ach ní caint na cómharthaí
sin. Is 'mó duine fhéadfadh leabhar Fraincise do
léighe le n-a shúilibh agus brígh na cainte thabhairt leis
maith go leór, ach dá dtugadh sé iaracht ar chuid de'n
leabhar san do léighe i láthair Francaigh an dóich leat
a' dtuigfadh an Francach an chaint? Ambriathar ná
tuigfadh, oiread agus focal. Agus an féidir a rádh
go bhfuil Fraincis ag an léightheóir sin? Ní'l, oiread
agus focal. Ach má chaithean sé cúig nú sé de sheacht-
mhainíbh sa bhFrainc, ag glacadh na cainte isteach na
chluais chuige, ansan léighfidh sé an leabhar i dtreó go
dtuigfidh an Francach é. Ansan admhóchaidh an
Francach féin go bhfuil Fraincis ag an bhfear san.



Donchadh: Agus cogar, a Thaidhg. Inis an méid seo


L. 13


dhom. Cad é an chúis go bhfuil sé chóm deacair a chur
isteach 'na gceann do mhuíntir B'l'ath Cliath go bhfuil
san fíor?



Tadhg: Ní fheadar an tsaoghal, a Donchadh, murab é
an seana sgéal i gcómhnuidhe é, 'sé sin go bhfuil scorn
ortha aon bhaint i n-aon chor a bheith acu le caint na
ndaoíne; mar 'dh eadh go bhfuil caint na ndaoíne
brúite síos sa lathaigh agus gur dóich leis na sgoláiríbh
nách fiú an chaint sin í thógaint as an lathaigh. Dhéanfadh
Gaeluinn Céitinn an gnó dhóibh, nú aon tsaghas
Gaeluinne ná beadh le fághail ach i leabhar éigin, ach
caint na ndaoíne, an chaint atá fé n-a gcosaibh sa
lathaigh, preit! ní dhéanfadh sí sin an gnó i n-aon chor!



Donchadh: Cuirean san i gcuímhne dhom rud a chonac
le déanaighe sa n-Irisleabhar. Ná bac na sgoláirí, a
Thaidhg, tá fir óga againn a thógfid caint na ndaoíne
as an lathaigh.



Tadhg: Cad a chonaicís sa n-Irisleabhar?



Donchadh: Chonac tuairisg ar aimsir na bhFíníní ó
dhuine gur b'ainim dó Dómhnal ua Súiliobháin. Nuair
a léigheas an tuairisg cheapas go raibh Dómhnal chómh
críona leatsa, an chuid ba lugha dhé, bhí an chaint chómh
fior Gaodhlach san. Ach tá a pheictiúir ann. Ní dóich
liom go bhfuil sé puínn thar fiche bliain!



Tadhg: Is maith é sin! Is ana mhaith é sin!!



LITIR FHIONÁIN MHIC COLUIM.



Donchadh: Féuch, a Thaidhg. An bhfeacaís an chaint
seo sa Leader ó Fhionán mhac Coluim?



Tadhg: Ní fheaca. Cad deir sé?



Donchadh: Deir sé rud cialmhar. Deir sé gur beag
an mhaith dhúinn bheith ag casadh le Gaeluinn a choimeád
beó i n-Éirinn mura bhféadamíd na daoíne go bhfuil
an Ghaeluinn 'na mbéul acu do choimeád i n-Éirinn.
Nách féidir dúinn na daoíne choimeád i n-Éirinn mura
dtugamíd rud éigin dóibh le déanamh i dtreó go
bhféadfid siad a mbeatha do thuileamh i n-Éirinn.
Deir sé go bhfuil Íbhráthach, thiar i n-iarthar Chiarraíghe,
lán de Ghaedhilgeóiríbh breághtha agus go gcaithfid siad


L. 14


go léir imtheacht tar sáile mura bhfaghfar rud éigin
doíb le déanamh i dtreó go bhféadfid siad a mbeatha
do thuileamh i n-Éirinn. Deir sé gur bh'fhiú do mhuíntir
Chonradh na Gaeluinne rud éigin a dhéanamh dos na
Gaedhilgeóiríbh sin. Tá an Ghaeluinn acu go beó agus
go blasta agus go bríghmhar. Má tá sé i ndán go
leathfar an Ghaeluinn ar fuid na h-Éirean airís
isiad súd a leathfidh í. Má leogtar chun siúbhail iad
beidh a n-easnamh go trom ar obair na Gaeluinne i
n-Éirinn.



Tadhg: Agus cad é an saghas gnótha ba mhaith le
Fionán a thabhairt doíbh le déanamh i n-Éirinn?



Donchadh: Ní fheadar. Is dóich liom gur chuma leis
cad é an saghas gnótha a tabharfí le déanamh dóibh ach
go gcoimeádfí i n-Éirinn iad agus go dtabharfí caoi
dhóibh ar thuarasdal mhaith do thuileamh agus bheith
neamhspleádhach.



Tadhg: Is maith, is ana mhaith, an rud é sin ar ar
chuímhnigh Fionán mhac Coluim, ach tá rud i n-aice an
ruda san agus ba dhóich liom gur mhaith an chial gan é
dhearmhad.



Donchadh: Cad é an rud é sin, a Thaidhg?



Tadhg: Deir an t-Athair Pádraig ua Duinnín, agus
is fíor dó é, go bhfuil an Ghaeluinn ag meath i n-Éirinn
os cómhair ár súl, i n-aimhdheóin ár ndíthil. Tá obair
thréan ar siúbhal ins gach aon bhall ach tá an chaint ag
meath i n-aimhdheóin na h-oibre. Aoinne nár labhair
aon fhocal Gaeluinne riamh amach as a bhéul, is ana
dheacair cainteóir Gaeluinne dhéanamh dé. Níor mhór
dó duine bheith coitchianta i n' aice aige ná labharfadh
aon fhocal leis ach focal Gaeluinne. Déanfí caint-
eóir dé ar an gcuma san i gcionn raint aimsire,
agus gheabhadh sé béus na cainte i dtreó go leanfadh
sé dhi.



Donchadh: Tá go breágh! Cá bhfuil an duine sin le
fághail, a bheadh coitchianta i n' aice aige agus ná
labharfad aon fhocal leis ach focal Gaeluinne?



Tadhg: Táid siad le fághail 'na bhfichidíbh agus na
gcéadtaibh sa n-áit sin ar a labhran Fionán mac
Coluim. Ní'l le déanamh ach glaodhach amach ortha ar
fuid na h-Éirean agus tuarasdal a thabhairt dóibh.
Dá mba ná beadh ach duineacu ar gach baile i n-Éirinn


L. 15


'na bhfuil gádh le Gaeluinn ann, nár ghearr an mhaíll
ortha Gaeluinn a chur d'á labhairt ar an mbaile sin!



Donchadh: Andaigh is fíor dhuit é. Agus ba dhealbh
an baile é nú d'féadfadh a mbeadh de dhaoíne ann aon
chainteoir amháin Gaeluinne do dhéanamh neamhspleadhach
go maith.



Tadhg: Seadh, agus dá mbeadh an cainteóir sin
ábalta ar Ghaeluinn do léighe agus do sgrí' ní bheadh
bac air sgoil d' osgailt agus sgoláirí bheith aige agus
iad 'ghá dhíol go maith.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach dá ndéintí rud de
'n tsórd san níor ghádh dos na cainteóiríbh dul thar
farge.



Tadhg: Níor ghádh. Bheadh airgead 'na mbéul acu,
sá bhaile.



MÍCHEÁL UA TUAMA.



Donchadh: An rud úd a dúbhrais an lá déanach, a
Thaidhg, i dtaobh na litire úd Fhionáin mhic Coluim
agus i dtaobh na gcainteóirí Gaodhlacha atá i
dtriúcaibh áirighthe i n-Éirinn fós, chuir sé ag machtnamh
mé agus ní féidir liom é chur as m' aigne.



Tadhg: 'Seadh, go bhféadfí caoi thabhairt dos na
cainteóiríbh sin ar a mbeatha do thuileamh i n-Éirinn
ag múine na Gaeluinne ins na h-áiteanaibh atá gan
aon fhocal Gaeluinne ionta.



Donchadh: 'Seadh go díreach. Is dóich liom go bhfuil
éugcóir déanta againn ar chuid des na buachailí óga
gur thugamair staigíní ortha.



Tadhg: Éist do bhéal, a dhuine. Cad é an ainim
eile ach staigín fhéadfá a thabhairt ar fhear óg láidir a
gheallfidh go prínsiobálta go ndéanfidh sé rud áirighthe
agus ansan do dhiúltóchaidh dó'n rud san a dhéanamh
d' aimhdheóin a gheallamhna?



Donchadh: Tá san maith go leór, a Thaidhg, ach inis
an méid seo dhom. Cuir i gcás go bhfuil deichniúbhar,
nú deichniúbhar agus dachad, de buachailíbh óga de'n
tsórd san cruinnighthe i seómra, tráthnóna geimhridh,
chun Gaeluinne d'fhoghluim, fé mar a ghealladar.
Sin iad 'na suídhe sa tseómra iad ag féuchaint ar a


L. 16


chéile. Ní'l aoinne ann chun iad a mhúine. B'fhéidir
go bhfuil duine nú beirt ann d'fhéadan an Ghaeluinn
a labhairt ach ní daoíne iad go bhfuil fhios acu conus
is ceart cur chun í mhúine do dhaoíne ná fuil aon fhocal
dí acu. Múinfar raint focal do bheirt nú triúr. Ní
curfar aon speic ar an gcuid eile de'n deichniúbhar
a's dachad. Leanfidh an sgéal mar sin i gcaitheamh
na h-oídhche sin. Tiocfidh an deichniúbhar a's dachad
asdoídhche amárach. Beidh an sgéal ar an gcuma
gcéadna. Leanfidh an sgéal ar an gcuma san ar
feadh seachtmhaine nú coíghcís b'fhéidir. Ansan, nídh
nách ionghna, raghaidh 'na luíghe ar a n-aigne d'fhormhór
na mbuachailí sin nách aon tairbhe dhóibh féin bheith ag
teacht, agus fanfid siad sa bhaile. An dóich leat, a
Thaidhg, an ceart staigíní thabhairt ortha san?



Tadhg: B'fhéidir nách ceart. Agus b'fhéidir go
minic gur ceart. Is mó cuma 'na bhféadfadh duine
rud d'fhoghluim i n-éagmais bheith ag feitheamh chun go
dtiocfadh duine chun é chur siar air mar a curfí bia
ar lachanaibh. Ná féadfadh gach aoinne de'n deichniú-
bhar agus dachad san a leabhar féin a bheith aige mar a
mbeadh an Ghaeluinn agus an Béarla aige i n-aice
chéile? D'fhoghlumóch' sé an chaint as an leabhar san
agus níor ghádh dhó ach ceist anso agus ansúd do chur
ar an múinteóir.



Donchadh: Tá go maith. Ach ba dhóich liom féin dá
mbeadh cainteóir breagh ar gach baile, fear de shaghas
Mhichíl uí Thuama, cuir i gcás, an fear úd a dhéin an
t-abhrán ar an ngandal agus an t-abhrán eile ar na
brógaibh, go mbeadh cothram ag an uile dhuine de'n
deichniúbhar agus dachad ar lán a gcroídhe de'n
Ghaeluinn fhághail, ní h-amháin nuair a bheidhís cruin-
nighthe sa tseómra ach gach aon rae sholuis.



Tadhg: Gan amhras tá an ceart sa méid sin agat.
Tá Gaeluinn ag Mícheál ua Tuama níos fearr agus
níos dílse agus níos saidhbhre agus níos líonmhaire 'ná
mar a chonac-sa ó aon sgoláire riamh í. Is ó dhaoine
d'á shaghas a caithfar í fhoghluim. D'á luathacht a cur-
far 'ghá múine iad iseadh is fearr é.


L. 17


Codla.



Tadhg: Ambriathar, a Donchadh, má chuireas-sa thusa
ag machtnamh coighcíos agus lá 'ndiu, ní baoghal 'na
gur chuiris-se mise ag machtnamh seachtmhain a's lá
'ndiu.



Donchadh: Conus, a sheana bhuachail? Sgaoíl chúgainn
do mhachtnamh. B'féidir go bhfuilimíd araon ag macht-
namh ar an aon rud amháin.



Tadhg: Tuitfadh san féin amach. An rud úd a
dúbhraís i dtaobh na gcainteóirí go bhfuil an Ghaeluinn
acu ó n-a sínsear, agus í go maith acu, go bhféadfí
slígh mhaith bheatha fághail dóibh ar fuid na h-Éirean, ins
na h-áiteanaibh 'na bhfuil an Ghaeluinn i ndísg. Chuaidh
an smuineamh san i n-achran am aigne agus tá sé ag
baint chodla na h-oídhche dhíom ó'n lá déanach a bhís
anso.



Donchadh: Is dócha nách deacair codla na h-oídhche
baint de dhaoínibh nuair a dhruidid siad amach sa
n-aoís. Ach, pé sgéal é, ba dhóich liom féin go
bhféadfí an bheart a dhéanamh. Is mór an truagh
bhuachail nú cailín ag casadh le Gaeluinn d'fhóghluim
amach a' leabhair agus gan aon chaoi acu ar fhuaim na
bhfocal d'fhághail, isteach 'na gcluasaibh, ó bheul duine.



Tadhg: Is amhlaidh mar 'tá an sgéal ní féidir é
dhéanamh. Ach dá mbeadh an duine ann chun an fhocail
do labhairt isteach sa chluais do raghadh an fhoghluim ar
aghaidh go tiugh.



Donchadh: Seadh, agus siniad na daoíne ann 'n-a
gcéadtaibh, agus iad dearg-dímhaoin, ar fuid na
dtriúch 'na bhfuil an Gaeluinn beó. Cad 'tá le
déanamh ach glaodhach isteach ortha ins na triúchaib 'na
bhfuil sí i ndísg!



Tadhg: Tá, a Dhonchadh, rud eile le déanamh. Ní
foláir tuarasdal a thabhairt dóibh a dhéanfidh iad do
chothughadh agus éadach a chur ortha.



Donchadh: Ó, greadadh chuige mar sgéal, dar ndó,
tá 'fios ag an saoghal ná féadfí iad do chur ag obair
gan tuarasdal.



Tadhg: Is uirisde "greadadh chuige mar sgéal, a
rádh, ach cé thabharfidh an tuarasdal dóibh?


L. 18


Donchadh: Cé thabharfadh dhóibh é ach an mhuintir go
dteastuighean an obair uatha! Do labhramair an lá
déanach ar an ndeichniúbhar a's dachad sa tseómra,
oídhche gheimhridh, agus iad ag féuchaint ar a chéile agus
gan aoinne ann chun iad a mhúine. Ní'l aoinne de'n
deichniúbhar a's dachad gur mhó aige pins snaoíse 'ná
sgilinn a chaitheamh i dtig an tabhairne uair sa tseacht-
mhain. Coimeádadh gach duine acu an sgilinn sin
agus tugadh sé d'fhear na Gaeluinne mhúine í. Ba
dhóich liom go ndéanfadh deich a's dachad sa tseacht-
mhain é cothughadh go maith agus éadach maith go leór
do chur air. Ansan níor ghádh dhó bheith ag feitheamh leis
an oídhche 'na dtiocfadh na foghlumóirí go léir isteach
sa tseómra. D'féadfadh sé bualadh tímpal eatartha
i gcaitheamh na seachtmhaine agus tamal de lá thabhairt
do gach duine acu, nú do bheirt nú triúr acu. Níor
bh'fhada go mbeadh cuid acu ábalta ar chongnamh a
thabhairt dó sa mhúine. Bheidís ag múine agus ag
foghluim i n-aonfheacht. Bheadh a bhformhór ag labhairt
na Gaeluinne aige i n-aon bhliain amháin.



Tadhg: Seadh, agus is fearr an saoghal a bheadh
aige go mór 'ná dá dtéadh sé anonn tar farge. Má
bhainis codla na h-oídhche dhíom seachtmhain a's lá 'ndiu,
a Dhonchadh, tá eagal orm go bhfuil an donas ar fad
déanta agat orm í gcóir na seachtmhaine seo chúghainn.
Ní chodlóchad néul.



Donchadh: B'fhearr liom go bhféadfinn an codla
bhaint de dhaoínibh eile.



Taibhreamh.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, ar chodlais go maith ó
shin?



Tadhg: Tin t-iaraidh ort, a Dhonchadh. Pé 'cu
chodlas nú nár chodlas ní baoghal gur sgar an sgéal
le m'aigne. Dá mba am chodla féin dom é níor
sgar sé liom. Thagadh sé 'n-a thaibhreamh chúgham.
Chídhinn buachailí agus cailíní ag teacht ó Bhaile Mhúirne
agus ó Bhéal-ath- an-Ghaothraig agus aniar ó Uíbhráthach
agus iad ag gluaiseacht isteach ins na dúthaibh Béarla


L. 19


agus sgoileana d'á gcur ar bun acu agus aon gheóin
amháin Gaeluinne ar siúbhal ar fuid na h-Éirean go
léir ó Dhonchadh Díghe go Tigh Máire.



Donchadh: Ba bhreágh an taibhreamh é. Is truagh gan
é 'n-a thaibhreamh súl osgalta againn. Dá mbeadh,
níor bhaoghal do'n Ghaeluinn. Ba ghearr go mbeadh sí
ar láimh shábála againn i gceart. Níor ghádh do'n
Athair Pádraig ua Duinnín bheith ag ceisneamh. Ní
bheadh an Ghaeluinn ag brath ar na leabhraibh agus ar
na léightheóiríbh ná fuil ar a gcumas í labhairt.



Tadhg: Seadh, léightheóirí na súl.



Donchadh: Dar fiadh ach is deas an focal é!
"Léightheóirí na súl." Is mór an deifrígheacht atá
idir iad agus cainteóirí na gcluas.



Tadhg: Tá aon umárd amháin sa sgéal, a Dhonchadh.
Dá mbeadh an dá thréith sa n-aoinne amháin bheadh an
sgéal go maith againn, ach ní'l. Táid léightheóirí na
súl againn. Táid na súile go maith acu ach ní'l aon
rud sa chluais 'ná sa bhéul acu. Táid cainteóirí na
gcluas againn, nó táid siad le fághail, ach ní'l eólus
na súl acu. Ní fheicid siad sa leabhar ach pápér
breac, nú mar airígheas féin ó bhéul leinbh uair,
"sgiathán fiolair." Caithfar cainteóirí cluas a
dhéanamh des na léightheóiribh súl, nú an taobh eile dhé,
léightheóirí dhéanamh des na cainteóiribh, sar a dtiuc-
fidh mo thaibhreamh amach 'na thaibhream súl osgalta.



Donchadh: Tá corp na fírinne sa méid sin agat,
a Thaidhg. Caithfar nídh éigin de'n dá nídh sin a
dhéanamh. Ach cé 'cu ceann de'n obair sin is dóich
leat is saoráidíghe?



Tadhg: Ní deacair an cheist sin do reídhteach. Is
usa go mór léightheóir a dhéanamh de chainteóir mhaith
'ná cainteóir maith a dhéanamh de'n léightheóir ná fuil
aon chaint aige. Ach cad é an tairbhe obair a bheith
saoráideach mura bhfuil aoinne ann chun í dhéanamh?
Éire go léir le fághail ar phingin agus gan an phingin
le fághail!



Donchadh: Gabhaim párdún agat, a Thaidhg. Tá an
phingin le fághail. Ar léighis an chaint úd a dúbhairt
an t-Athair Pádraigh ua Duinnín i dtaobh na sgoile ba
cheart a chur ar bun i n-áit éigin a bheadh fíor Ghaodhlach,
agus gan aon fhocal Béarla i n-aon chor a bheith d'á


L. 20


labhairt sa sgoil, ach an múine go léir a bheith d'á
dhéanamh as Gaeluinn?



Tadhg: Do léigheas an chaint sin agus bhí an sgéal
san 'na bhun le m'thaibhreamh chómh maith leis an rud a
dúbhraís-se.



Donchadh: Cad é an fhaid is dóich leat a bheadh
cainteóir maith Gaeluinne ar sgoil de'n tsórd san
sar a bhféadfadh sé Gaeluinn do léighe chómh maith leis
an sgoláire is fearr amuich?



Tadhg: Dá mbeadh meabhair chínn aige ar aon áird,
dhéanfadh sé an gnó i n-aon tseachtmhain amháin. Ach
cad é an tairbhe dhuit bheith ag caint ar an gcuma
san! Ní'l an sgoil sin ann. Siní an phingin chómh
fada uait a's bhí sí riamh.



Donchadh: B'fhéidir go ndéanfí seift ar teacht suas
leis an sgoil agus leis an bpingin.



Pingin amú.



Tadhg: Cad é an brígh a bhí agat leis an bhfocal úd
a dúbhraís anso an lá déanach, a Dhonchadh?



Donchadh: Cad é an focal? Is 'mó focal a dúbh-
ramair araon anso an lá déanach.



Tadhg: Dúbhraís go raibh súil go dtiocfadh mo thaíbh-
reamh fíor mar go ndéanfí "seift ar theacht suas leis
an sgoil agus leis an bpingin."



Donchadh: 'Sdó, tá a lán daoíne anois ag déanamh
machtnaimh ar an méid seo. Chíd siad, ar fuid na
h-Éirean, ins na h-áiteanaibh atá gan aon fhocal
Gaeluinne d'á labhairt ionta, daoíne ar buile chun í
dh'fhoghluim. Chíd siad na daoíne sin cruinnighthe i
bhfocair a chéile agus leabhair bheaga Gaeluinne acu
agus iad ag casadh leis na leabhair bheaga san do
léighe, agus gan aoinne beó acu d'fhéadfadh iad a
mhúine ar aon tslacht. Na focail os cómhair a súl sa
leabhar agus gan aon phioc d'á fhios acu conus ba
cheart dóibh guth agus abairt do chur ar an bhfocal.
Chíd lucht an mhachtnaimh gur ró dheacair dos na daoíne
sin an chaint d'fhoghluim.



Ansan chíd lucht an mhachtnaimh rud eile. Chíd siad,


L. 21


ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil an Ghaeluinn beó, an uile
dhuine, óg agus aosda, 'ghá labhairt gach aon ré sholuis,
ó mhaidin go h-oídhche agus ó Luan go Satharn. Iad 'á
labhairt i sult agus i bhfeirg, i magadh agus i ndáiríríbh,
i n-aighneas agus i síothcháin. Iad 'á stealadh leis na
cearca agus leis na géana, leis na muca agus leis
na madraibh. Is ait an sgéal é, gaeluinn bhreágh d'á
stealadh le mucaibh agus le madráibh i n-áit, agus
gádh go cruaidh ag daoíne léi i n-áiteanaibh eile. As
san isé rud a deirid lucht an mhachtnaimh 'ná gur mór
an truagh gan iaracht éigin a dhéanamh ar an nGaeluinn
atá ag dul chun na muc, agus chun na ngadhar, agus
chun na gcearc, ins na ceanntaraibh Gaedhlacha, do
thabhairt isteach ins na ceanntaraibh gallda i dtreó
go gcurfí os cómhair daoíne í.



Tadhg: Ba bhreágh an rud le déanamh é, ach chonus is
féidir é? Má tugtar an Ghaeluinn isteach caithfar
na daoíne thabhairt isteach.



Donchadh: Bhuailis do mhéar air. Siné díreach atá
'na n-aigne ag lucht an mhachtnaimh. Ní foláir na
cainteóirí thabhairt isteach. Ach sar a dtabharfar
isteach iad ní foláir a mhúine dhóibh ar dtúis conus an
chaint atá acu d'á stealadh leis na mucaibh agus leis
na cearcaibh, do léighe as na leabhraibh. An sgoil
Ghaeluinne úd a deir Conán Maol agus an t-Athair
Pádraig, dá mbeadh sí ar siúbhal, ba gheárr an mhaíll
uirthi léightheóir a dhéanamh de chainteóir mhaith. Ansan,
nuair a bheadh an cainteóir 'na léightheóir d'fhéadfí é
thabhairt isteach sa cheanntar Ghallda, agus isteach sa
sgoil, agus an chaint a chuirfadh an leabhar os cómhair
a súl do 'n lucht foghluma d'fhéadfadh an cainteóir
sin í chur isteach 'na gcluasaibh dóibh. Ansan níor
bh'fhada go mbeadh sí cruínn sa bhéul acu.



Tadhg: Tá go maith. Siné díreach mo thaibhreamh.
Tá cuid des na cainteóiribh imthighthe cheana féin ar an
gcuma san isteach ins na ceanntaraibh Gallda. Siní
an sgoil, a Dhonchadh, ach cá bhfuil an phingin?



Donchadh: Is 'mó pingin atá ag dul amú. Dá
gcurtí i n-obair de 'n tsórd san í ní raghadh sí amú.



Tadhg: Ní raghadh, agus coimeádfadh sí a lán Gael-
uinne gan dul amú.


L. 22


Cúnó Meidher.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Ar léighis an chaint seo
a thug Cúnó Meidher uaidh i mB'l' Ath' Cliath ag an
Oireachtas?



Tadhg: Níor léigheas. Cad dúbhairt sé?



Donchadh: Dúbhairt sé a lán, agus dúbhairt sé go
maith agus go cialmhar agus go bunúsach é. Seo aon
nídh amháin d'á ndúbhairt sé. Dúbhairt sé gur cheart
dúinn Árd Sgoil Ghaeluinne chur ar bun mB.l' Ath'
Cliath, i dtreó go bhféadfadh sgoláirí Gaodhlacha teacht
ann agus eólus a chur ar an nGaeluinn, ní h-amháin ar
an gcuma 'na labharthar anois í ach ar gach cuma 'nar
labhradh riamh í. Deir sé gur dhéin Eoghan ua Camhraidhe
agus Seághan ua Donabháin, agus fir mhaithe eile d'á
sórd, obair mhór, mhaith, thairbhtheach, ach nuair a fuair
na fir sin bás gur stad a n-obair ar an áit 'nar
fhágadar í toisg nár fhágadar 'na ndiaigh i n-Éirinn
sgoil agus sgoláirí a dhéanfadh an obair a choimeád
ar siúbhal. Taisbeánan sé go bhfuil eagal air go mb'
fhéidir go dtiocfadh an stad céadna ar an obair seo
atá ar siúbhal i n-Éirinn anois mura gcurtar ar bun
saghas éigin Árd Sgoile chun na h-oibre a choimeád ar
siúbhal nuair a ghlaoidhfidh Dia ar an muíntir atá ag
déanamh na h-oibre anois.



Tadhg: Agus cé h-iad a curfí ag déanamh na
h-oibre sa n-Árd Sgoil sin, dar leis?



Donchadh: Na sgoláirí atá sgaipithe anois ar fuid
na h-Éirean.



Tadhg: Tá an ceart aige i dtaobh na h-Árd Sgoile.
Ní féidir obair léighinn a choimeád buan ar siúbhal, ó
shliocht go sliocht, gan teighlach éigin de'n tsórd san
go bhféadfadh daoíne óga bheith ag teacht isteach ann
agus ag foghluim na h-oibre agus 'ghá gcur féin i
dtreó chun cúraim na h-oibre do ghabháil ortha féin
nuair ab é toil Dé glaodhach chuige ar na sean daoíne.



Ach féuch, a Dhonchadh. Tá an sgoil againn cheana,
os cómhair ár súl. Na daoíne atá ag labhairt na
Gaeluinne ins na ceanntaraibh Gaodhlacha i n-Éirinn,
siniad an sgoil a choimeádfidh an chaint beó, buan, i
n-Éirinn. Má tugtar na daoíne sin isteach sa n-obair


L. 23


agus má tugtar slígh beatha dhóibh sa n-obair, beidh an
obair buan. Má fágtar na daoíne sin lasmuich de'n
obair, mar a fágadh iad le línn Eóghain uí Chamhraídhe
agus Sheághain uí Dhonabháin ní bheidh an obair buan. Dá
dtagadh na sgoláirí agus a bhfuil de sgríbhínníbh
Gaodhlacha sa domhan do cúr i gcló amárach ní bheadh
sa tsaothar ach neamhnídh an fhaid a fágfí na Gaeli-
geóirí atá beó, agus an chaint bheó atá 'n-a mbeulaibh
acu, lasmuich de'n obair. Gan na daoíne sin a
thabhairt isteach sa n-obair ní bheidh sa n-Árd Sgoil ach
corp gan anam.



Donchadh: Agus cad déarfá-sa dá mbeidhtheá i
gcás Chúnó Meidheir?



Tadhg: Déarfinn le muíntir Chonradh na Gaeluinne
imtheacht láithreach agus sgoileana chur ar bun anso 's
ansúd ins na ceanntaraibh gaodhlacha, na cainteóirí
thabhairt isteach ins na sgoileanaibh sin, a mhúine dhóibh
conus an Ghaeluinn atá 'na mbéulaibh agus 'na n-aigne
acu do léighe agus do sgrí', ansan iad a thabhairt amach
ins na ceanntaraibh Gallda chun na Gaeluinne mhúine
dos na daoíne atá 'n-a h-éagmais, agus oiread
tuarasdail a thabhairt dóibh as an múine sin agus
chuirfadh ar a gcumas beatha mhaith ghlan a thuileamh i
n-Éirinn.



Donchadh: Agus ná féadfadh an gnó san agus an
gnó adeir Cúnó Meidher dul ar aghaidh i n-aonfheacht?



Tadhg: Go h-áluinn. Is i n-aonfheacht a raghaid siad
ar aghaidh má théidhid siad ar aghaidh i n-aon chor.



Donchadh: Agus má 'seadh cad é an locht atá agat
ar an Árd Sgoil adeir Cúnó Meidher?



Tadhg: Má thuigeas i gceart tu ní dúbhraís gur
thrácht sé i n-aon chor ar na cainteóiribh beó thabhairt
isteach sa n-Árd Sgoil.



Donchadh: Fágaim le h-udhacht go dóich liom nár
thrácht.



Tadhg: Féuch chuige. B'fhéidir nár thugais leat an
sgéal i gceart.


L. 24


Féuch Chuige.



Donchadh: D'fhéuchas chuige, a Thaidhg, mar a dúbhraís
liom.



Tadhg: Agus cad a fuarais?



Donchadh: Is dóich liom gur thugas an sgéal i gceart
liom ar dtúis. Ní dúbhairt Cúnó Meidher i dtaobh na
gcainteóirí Gaedhlacha ach aon fhocal amháin. Dúbhairt
sé go raibh súil aige ná déanfí aon nídh a chuirfadh
cosg le caint na ndaoíne 'ná chuirfadh iad ó thaithíghe
déanamh d'á gcaint féin, mar a dhéineadar riamh, sa
bhaile eatartha féin.



Tadhg: An ndúbhairt sé a thuile?



Donchadh: Dúbhairt. Thug sé cúis leis an méid sin.
Dúbhairt sé gur ó chaint na ndaoíne a gheibhean caint
na leabhar brígh agus meanmna agus neart.



Tadhg: Is ait an sgéal é sin. Má 's ó chaint na
ndaoíne a gheibhean caint na leabhar brígh agus mean-
mna agus neart, cá bhfaghfar an brígh agus an mean-
mna agus an neart nuair a bheidh caint na ndaoíne
imighthe? Is ró ghearr go mbeidh sí imighthe mura
ndéanfar ach sgaoíle léi mar atá aici. Cé h-iad a
raghadh isteach sa n-árdsgoil, dar leis?



Donchadh: Na fir óga agus na mná óga atá d'éis
tusnúghadh ar raint Gaeluinne do labhairt.



Tadhg: Tuigim. Deirim leat, a Dhonchadh, go mbeidh
gan treabhadh. Na fir óga san, agus na mná óga,
atá dé'is tusnúghadh ar fhocalaibh beaga Gaoluinne do
labhairt, tá rud maith déanta acu. Ní ceart aon
fhocal a rádh do chuirfadh mí-mhisneach ortha. Ach má
fágtar an árdsgoil ag brath ortha san agus ar na
sgolaíribh nár thusnuigh fós féin ar aon fhocal de'n
Ghaeluinn, beag 'ná mór, do labhairt, is mó go mór an
díobháil 'ná an tairbhe dhéanfidh an árdsgoil do'n obair
seo na Gaeluinne atá ar siúbhal anois i n-Éirinn.



Donchadh: Éist go fóil, a Thaidhg. Cad é an díobháil
fhéadfadh an árdsgoil a dhéanamh dá mba ná labharfí
aon fhocal Gaeluinne choídhche laistig di? Ná fuil
obair a dóithin aici agus slígh a dóithin aici cun na
n-oibre sin a dhéanamh?



Tadhg: Cad í an obair?


L. 25


Donchadh: Na seana sgríbhinní do nochtadh agus do
chur i n-eagar agus do chur i gcló dhúinn.



Tadhg: Is breágh bog a thagan caint chugat, a
Dhonchadh. An dóich leat gur féidir do dhuine ná
féadfadh an chaint seo atá againne d'á labhairt anso
anois do thuisgint i gceart agus do labhairt i gceart,
an chaint atá ins na seana sgríbhinní do thuisgint i
gceart? Ambriathar nách féidir. Gan amhras tá
cuid des na sgoláirib Almáinneacha ana ghéarchúiseach
agus ana thuisgionach. Cuirean sé iongna orm, uair-
eanta, a fheabhas a dhéinid siad seana sgríbhinní Gaedh-
lacha do sgrúdadh agus do bhreithniughadh. Ach dá mba
ná beadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá é, uair-
eanta, dá bhfeicfá an saghas céille a bhainid siad as an
seana sgríbhinn.



Ní fearr bheith ag caint air, a Dhonchadh, ach má
tugtar fé an árdsgoil do cur ar bun agus do chur
ar aghaidh gan daoíne de shaghas Michíl uí Thuama
thabhairt isteach ann deirim leat go mbeidh gan
treabhadh. Iompóchar aghaidh agus aigne na ndaoíne
ó'n gcaint bheó agus ó'n obair atá 'á dhéanamh ar a
son le deich mbliana, agus ar ball ní bheidh sí beó ná
marbh againn.



Cainteóirí Fraincise.



Donchadh: Is dóich liom, a Thaidhg, go ndeirean tusa
rudaí uaireanta ná tagan isteach, ró ghéar, leis an
bhfírinne.



Tadhg: Is maith an t-é ná sleamhnóchaidh uaidh choídhche
aon fhocal ach focal a thiocfidh isteach cruínn, géar,
leis an bhfírinne. Ach cad é an rud is déanaíghe
adúbhart nár tháinig isteach, dar leat, leis an
bhfírinne?



Donchadh: Dúbhraís, dá dtugtí fé'n árdsgoil seo
Chúnó Meidheir a chur ar bun agus do chur ar aghaidh
gan daoíne de shaghas Mhichíl uí Thuama thabhairt isteach
ann, go mbeadh gan treabhadh. Féuch ar na sgoilea-
naibh móra thall i Sasana, agus thall sa n-Almáinn,
agus thall sa bhFrainc. Ní tugtar daoíne de shaghas
Mhichíl uí Thuama isteach ionta. An bhfágan san iad


L. 26


gan an obair a bhíon ceapaithe dhóibh do dhéanamh? An
féidir a rádh, i dtaobh aon sgoile acu, go bhfuil gan
treabhadh? Ní théidhean aoinne isteach ins na sgoilea-
naibh móra san ach daoíne go mbíon tabhairt suas
maith cheana ortha de bhár na h-aimsire a bhíon caithte
achu ins na sgoileanaibh beaga ar fuid na dútha.
Ansan nuair a théidhid siad isteach sa n-árdsgoil bíd
siad ábalta ar luíghe isteach láithreach sa n-obair is
aoírde, sa n-obair a ceapadh do'n árdsgoil. Cuir i
gcás, thall sa bhFrainc, go raghadh fear de shaghas Mhichíl
uí Thuama, fear ná déig ar aon sgoil eile riamh,
isteach i gceann d'árdsgoilibh na Fraince, cad is
dóich leat d'imtheóch' air? Cad fhéadfadh sé a
dhéanamh? Is amhlaidh a bheadh an fear bocht 'na
stáicín aiféis agus 'na chúrsaí magaidh ag 'á mbeadh
ann! Is ró ghearr fhanfadh sé ann.



Tadhg: Ní'l do chaint cruínn, a Dhonchadh. Níor
chuiris i gcás an rud ba cheart duit a chur i gcás.
Cuir i gcás go gcurfí árdsgoil Fraincise ar bun i
mB'l' Ath' Cliath. Cuir i gcás ansan ná beadh aon
duine chun na Fraincise mhúine sa n-árdsgoil sin ach
duine d'fhoghluim Fraincis a' leabhraibh, duine nár
airig aon fhocal di riamh amach a' béal Francaigh, cad
é an saghas Fraincise is dóich leat a múinfí sa n-árd-
sgoil sin, i mB'l' Átha Cliath? Deirim-se leat go
múinfí Fraincis na h-aithneóchfí sa bhFrainc. Dá
mba mhaith le muíntir na h-árdsgoile sin Fraincis a
mhúine sa cheart cad is dóich leat a dhéanfidís?
Neósfad-sa dhuit é. Do raghdís anonn sa bhFrainc.
Do chuardóchaidís thall an áit is fearr 'na labharthar
an Fhraincis. Do phiocfidís amach, sa n-áit sin, raint
des na cainteóirí Fraincise dob fheárr agus ba
thuisgionaíghe dob 'fhéidir fhághail ann agus thabharfidís
leó anall iad agus chuirfidís isteach sa n-árdsgoil i
mB'l' Ath' Cliath iad agus choimeádhfidís ann iad chun
na Fraincise mhúine sa cheart dóibh féin agus do gach
duine a thiocfadh ann 'gá foghluim. Deirim-se, a
Dhonchadh, mura ndéintí an nídh sin sa n-árdsgoil sin,
go mbeadh gan treabhadh.



Donchadh: Má 'seadh, thabharfidís leó anall daoíne
gur cuireadh tabhairt suas maith thall ortha.



Tadhg: Thabharfidís leó anall na cainteóirí Frain-


L. 27


cise is fearr a gheabhdís. Dá mbeadh tabhairt suas
ortha, sin mar ab fhearr é. Dá mba ná beadh, caithfi-
dís déanamh leó. Dá mbeadh dlighthe damanta sa
bhFrainc le cúpla céad blian nú trí, ag cosg agus ag
múchadh gach léighinn agus gach sgoluígheachta, ní bheadh
aon tabhairt suas ar aoinne ann. Ansan do caithfí
bheith sásta le daoíne de saghas Mhichíl uí Tuama, agus
ba mhaith ann iad. Dá bhfágtí thall iad toisg gan
tabhairt suas a bheith ortha, an dóich leat an múinfí an
Fhraincis i mB'l' Ath' Cliath? Ambriathar ná múinfí,
ach go breallach.



Agus má curtar an sgoil ar bun i mB'l' Ath' Cliath
gan cainteóirí de shaghas Michíl uí Thuama thabhairt
isteach inti ní múinfar Gaeluinn inti - ach go breallach.



"Is olc an chearc ná sgríoban di féin."



Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an chaint seo sa
Leader, ó Fháig, i dtaobh Feise Locha-Garmáin?



Tadhg: Níor thugas fé ndeara an chaint. Cad
'deir Fáig?



Donchadh: Do réir a thuairisge ar an bhFeis bhí ana
obair acu. Chídhfir féin an tuairisg. Ach isé cúis is
mó dhom trácht ar an gcaint anois 'na go gcuirean
sé i gcuímhne dhom an rud a bhí agat-sa dh'á rádh anso
an lá déanach a bhíomair ag caint. Dar leatsa ní
bheidh obair na Gaeluinne i bhfeidhm i gceart choídhche
go dtí go mbeidh Mícheál ua Tuama agus fir d'á
shórd tagaithe isteach i lár na h-oibre. Do réir mar
a labhran Fáig, tá an nídh sin díreach d'á dhéanamh i
Loch Garmáin. Deir sé go bhfuil cúigear múinteóirí
anois ag gléusadh na h-oibre ar fuid an chontae agus
go bhfuil céad púnt sa mbliain, nú mar sin, ag gach
fear díobh 'á thuileamh. Ní gá dhóibh sin imtheacht tar
farge. Tuílfid siad a mbeatha sa bhaile agus beidh
a ndóithin le déanamh acu, agus ní ró fhada, is dócha,
go mbeidh daoíne eile múinte acu chun na h-oibre
céadna dhéanamh agus chun na beatha céadna thuileamh.



Tadhg: Is maith é sin. Sin cúigear, pé 'n-Éirinn é,
nách gá dhóib dul tar farge. Ach féuch, a Dhonchadh,


L. 28


an 'mó cúigear, agus deichniúbhar, agus céad atá
díomhaoin fós ar fuid na ndúthaí leathana ó Bhaile
Mhúirne go Baile Mhac Códa soir, agus go h-Árd
Mór, agus as san ó thuaidh go seana Cheann Heilbhic,
daoíne go bhfuil an Ghaeluinn acu chómh h-áluinn agus
do labhradh riamh í, daoíne go bhfuil gá go cruaidh leó
ins na h-áiteanaíbh 'na bhfuil an Ghaeluinn i ndísg.
Cad é a bhrígh cúigear seachus iad san go léir! Is
ait an sgéal é, a Dhonchadh. Daoíne ná fuil acu go
minic ach Gaeluinn chuíbhsach ag casadh le h-í mhúine,
agus daoíne go bhfuil sí ar áileacht an domhain acu
d'á bhfágáilt lasmuich de'n obair.



Donchadh: Tabharfar isteach iad i ndiaidh chéile, mar
a déintear na caisleáin.



Tadhg: Sdó ba dhóich le duine ort-sa nách ar mhaitha
leis an obair ach chun cumaoíne chur ar na cainteóirí
a tabharfí isteach iad! Dá mba ná beadh na cain-
teóirí ann le tabhairt isteach bhí deire leis an obair.
Go dtí go dtabharfar na cainteóirí isteach ní bheidh an
obair ar siúbhal i gceart. Cad chuige an ríghneas mar
sin? Dá mbeadh na cainteóirí istig sa n-obair, ag
múine na Gaeluinne, bhí an obair ar láimh shábhála. Go
dtí go mbeid siad istig ní bheidh an obair ar láimh
shábhála. Cad é an chúis ná h-imthíghtear láithreach
agus iad a thabhairt isteach? Cad é mar obair bheith
ag feitheamh go dtagaid siad isteach uatha féin!



Donchadh: Agus "cad é 'n mhaith an chearc ná
sgríobfidh di féin?" Cad is gá dos na cainteóiríbh
bheith ag feitheamh le h-aoinne chun glaodhach isteach
ortha? Cad 'na thaobh ná tagaid siad féin agus brúth
isteach agus ansan a rádh, "an t-é leis gur cúmhang
fágadh!"



Tadhg: Dar fiadh ach dá ndéinidís mar sin níor
bhfada go mbeadh an sgéal go léir ar ár dtoil
againn!



Donchadh: Deirim leat, a sheana bhuachail, go bhfuil
cuid acu 'ghá dhéanamh san cheana. Táid siad ag brúth
isteach agus an smuíneamh san díreach 'na n-aigne acu,
"an t-é leis gur cúmhang fágadh!"



Tadhg: Ní bheidh sé cúmhang ar aoinne. Tá slígh a
ndóithin ann dá mbeadh oiread eile acu ag teacht.


L. 29


"Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh
tú breac."



Tadhg: Dúbhraís anso an lá déanach, a Dhonchadh, nách
gá dul ar lorg na gcainteoirí chun iad do thabhairt
isteach i n-obair na Gaeluinne mar go bhfuilid siad ag
brúth isteach go tiugh uatha féin. Féuch a leith orm,
a Dhonchadh. Nuair a thusnuig an obair do ceapadh ná
beadh aon ghá choidhche leis na cainteóirí thabhairt isteach
sa n-obair. Do ceapadh go bhféadfí Gaeluinn bhreágh,
léigheanta, uasal, do sgrí' i leabhraibh, gan aon chong-
nam ó chainteóiríbh. Ní h-eadh ach d'á luighead baint a
bheadh ag cainteóiribh tuathaídhe leis an nGaeluinn sin
gur bh'eadh ba bhreághtha agus ba léigheanta agus b'uaisle
bheadh sí. Do sgríobhadh cuid di ar an gcuma san.
Tháinig sí amach ins na leabhraibh. Preit! a dhuine. Is
amhlaidh a tháinig buile seirbhthin láithreach ar an uile
dhuine chonaic í! Tháinig seirbhthean ar an múintir go
raibh an Ghaeluinn ó n-a n-óige acu agus taithíghe acu
uirthi mar chonacadar ná raibh aon phioc de nádúr ná
de mhianach na fíor-Ghaeluinne sa saghas san cainte.
Tháinig seirbhtean ar an muíntir ná raibh puinn eóluis
ar Ghaeluinn acu mar d'á luighead é a n-eólus bhí a
ndóithin ann chun a chur i n-iúil dóibh nár Ghaeluinn
cheart a bhí ins na leabhraibh sin. Nuair a léightí leabhar
acu san do'n tseana mhnaoí go raibh taithíghe ar Ghael-
uinn riamh aici is amhlaidh a spriúchadh sí. "Preit!"
a deireadh sí, "Má 'sé sin an saghas cainte atá i
n-bhúr leabhraibh agaibh ná bídhidh am bodhradh leis!"



Ba gheár gur thuig gach aoinne, go raibh aon tuisgint
aige, ná raibh aon bhreith i n-aon chor ar Ghaeluinn do
sgrí' mura sgríbhtí í do réir na cainte atá i mbéalaibh
na ndaoíne. Aoinne ná fuil an méid sin socair dain-
gean i n'aigne um an dtaca so, a Dhonchadh, ní h-aon
mhaith beith leis. Ní'l ann ach caileamhaint aimsire
bheith ag aighneas leis. Ní féidir Gaeluinn cheart do
sgrí' i n-aon chor mura sgrítear í sa chuma 'na bhfuil
sí i mbéulaibh na ndaoine atá 'ghá labhairt. Ní dhéan-
fidh aon chuma eile an gnó. Ná fágan san an obair
go léir ag brath ar na cainteóiríbh, a Dhonchadh?



Donchadh: Do réir deabhraimh.


L. 30


Tadhg: Ná beadh sé chómh cialmhar ag duine bheith ag
casadh le fala dhéanamh gan clocha, nú le triosgán a
dhéanamh gan adhmad, nú le casóg bhréide dhéanamh gan
bréid, agus bheadh sé aige bheith a d'iaraidh Gaeluinne
do sgrí' agus gan eólus aige ar an gcaint?



Donchadh: Ambasa ach ní foláir a admháil.



Tadhg: Agus inis an méid seo dhom, a Dhonchadh.
Má theastuighean ó dhuine fala cloiche dhéanamh an
amhlaidh a shuidhfidh sé ar thúrtóig agus a phíopa 'na
bhéul aige, ag feitheamh go dtagaid na clocha ag trial
air uatha féin! Go dtagaid siad "ag brúth isteach"
chuige agus, "an t-é leis gur cúmhang fágadh" acu!



Donchadh: Má dhéinean is fada go mbeidh ceann ar
a thig.



Tadhg: Is fada go díreach. Caithfidh sé eiríghe agus
dul go dtí an áit 'na bhfuil na clocha le fághail, agus
iad do thoghadh go cruínn, agus iad a thabhairt leis
abhaile. Go dtí go mbeidh an méid sin déanta aige
ní féidir dó an fala dhéanamh. Ar an gcuma gcéadna
díreach, ní féidir obair na Gaeluinne dhéanamh gan na
cainteóirí thabhairt isteach. Rud gan chial gan mheabhair
iseadh bheith ag feitheamh go dtagaid siad isteach uatha
féin. Ní'l ann ach:- "Éist le fuaim na h-abhan a's
gheabhaidh tú breac."



Mainistir na Coran.



Donchadh: "Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh
tú breac," arsa tusa, a Thaidhg. Dá mbeithá ag
éisteacht le "fuaim na h-abhan" i Mainistir na Coran,
lá na Feise ann, bheadh meas níos feár 'ná san agat
ar fhuaim na h-abhan.



Tadhg: Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Dhonchadh, ní
raibh aon choinne i n-aon chor agam go ndéanfí aon
fhothramh choidhche i Mainistir na Coran ach fothram gan
mhaith. Agus mheasas leis go mbeidhfí ag éisteacht
leis an bhfothram san go lá an Luain sar a bhfaghfí an
breac. Cheapas ná raibh sráidín i n-Éirinn leath chómh
Gallda leis an sráidín sin. Mheasas dá mbeadh an
Ghaeluinn suas go bun na gcluas ar mhuíntir na sráide
bige sin go ndéanfidís iaracht ar a mbéal do chur suas


L. 31


os cionn na Gaeluinne agus Béarla do labhairt. Go
deimhin agus go dearbhtha dhuit, a Dhonchadh, ach níor
mheasas, pé áit eile ar fuid na h-Éirean 'na mbeadh
Feis Ghaeluinne, gur bhaoghal gur i Mainistir na Coran
a bheadh a leithéid.



Donchadh: Aililiú! Airiú cad a dhéin muíntir
Mhainistir na Coran go raibh a leithéid sin de dhroch
mheas agat ortha?



Tadhg: Cad a dhéinadar? Níor dhéinadar blúire.
Siné díreach a bhí 'na gcoinnibh agam. Bhí obair na
Gaeluinne ar siúbhal 'na dtímpal ins gach aon bhall
agus ní raibh gíocs 'ná míocs asta! Chuir aon fhear
amháin, Seághan ua Briain, a ainim os cionn a dhoruis
i nGaeluinn. Sin ar chuir. Ba dhóich le duine ar an
gcuid eile de mhuíntir na sráide nár labhair aoinne
bhain leó aon fhocal Gaeluinne riamh. Ní mar sin a bhí
ach is Gaeluinn do labhair a sínsear go léir. Níor ghá
dul siar thar an trímhadh glúin ortha chun níos mó
Gaeluinne go mór fhághail acu 'ná Béarla. Dá mbeadh
an chial cheart acu do thuigfidís 'na n-aigne gur mó
go mór an chreideamhaint dóibh an sgéal a bheith mar
sin acu 'ná ar a mhalairt de chuma. Ach ní'l an chial
cheart acu. An rud is creideamhaint dóibh isé ba
mhian leó a shéanadh. An rud a dhéanfadh asachán agus
náire agus tarcuisne dhóibh is as ba mhaith leó maoídheamh
a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cad a chuir an
t-atharú' ortha, nú cad fé ndeara dhóibh preabadh suas
chómh h-oban agus a leitéid seo d'fhothram a dhéanamh.



Donchadh: Tá 'fhios agamsa cad a dhéin é, go dian
mhaith. Tá sagart paróiste ann, an t-Athair Uiliam.
Fear iseadh é go bhfuil breitheamhantas agus cúilfhéith
agus éirim aigne aige thar an gcoitchiantacht. Bhreith-
nig sé an obair seo na Gaeluinne. Thuig sé i n'aigne,
dá leanfí ar an obair sin gur mhó an tairbhthe a déanfí
léi 'ná le h-aon obair eile phoibilídhe d'á bhfuil ar
siúbhal i n-Éirinn. Ní'l aon fhocal Gaeluinne aige
féin ach tá sé 'ghá foghluim go tiugh. Cheap sé ar dtúis,
nídh nár bh'iongna, ná beadh i n-obair na Gaeluinne ach
gal suip. Go mbeadh bladham ar feadh tamail bhig,
agus raint fothraim, agus ansan go raghadh gach nídh
chun suainis. Ní maith le duine cialmhar trácht a bheith
ar a ainim i ndáil do ghnó gan bhunús. Ach nuair a


L. 32


chonaic sé go raibh bunús sa ghnó agus go raibh gach aon
deabhramh go mbeadh an obair buan do phreab sé isteach
sa n-obair. Siné fé ndeár an t-atharú', a Thaidhg.



Tadhg: Seadh, tuigim an sgéal go léir anois. Is
mór is fiú fear de'n tsórd san, a Dhonchadh; fear a
dhéanfidh a mhachtnamh féin ar an obair agus ansan,
nuair a bheidh a mhachtnamh déanta aige agus a aigne
socair aige, a dhéanfidh é féin do shádh isteach sa
n-obair gan spleádhchas dos na "h-iománaidhthibh ar an
gclaidh." Nuair a chíon an pobul fear de'n tsórd
san, go mór mór sagart paróiste, 'ghá shádh féin isteach
sa n-obair, is gnáth go leanan an pobul é agus go
sádhan gach aoinne é féin isteach. Agus i dtaobh "an
iománaidhe ar an gclaidh," is láidir an sgairt nách
foláir dó bheith an uair sin aige mura gcuiridh corp
náire fhiachaint air teacht anuas de'n chlaidh agus breith
ar chamán agus gníomh fir a dhéanamh sa chluiche. Ní
h-aon iongna liom anois go raibh fothram mór agaibh i
Mainistir na Coran lá na Feise. A' raibh a lán
daoine ann, a Dhonchadh?



Donchadh: Bhí. Bhíodar ann ó'n uile pháirt de'n
Mhúmhain agus ó áiteanaibh lasmuich de'n Mhúmhain.



Tadhg: Ar labhradh puínn Gaeluinne ann, a Dhonchadh?



Donchadh: Do labharadh. I bpáirc bhreágh mhór, mar
a bheadh páirc aonaig, iseadh chruinnig an Fheis. Bhí trí
h-árdáin curtha suas ann, árdán do'n mhuíntir a
dhéanfadh caint leis an sluagh, árdán do'n mhuíntir a
bhí ag iomaig féuchaint cé b'fheár a dhéanfadh cómhrádh
as Gaeluinn, agus árdán do'n mhuíntir a bhí ag iomaig
feuchaint cé b'fheár a thabharfadh amhrán Gaeluinne
uaidh. Ní misde dhuit a rádh gur déineadh obair mhaith
ar gach ardán díobh. Bhí buachail ann ainiar ó i n-aice
Magh Chromtha agus thug sé "An Capailín Bán" uaidh
ar áileacht ar fad. Bhí buachail de muíntir Néill ann,
ainiar ó Cheann tSáile agus thug sé dhá amhrán uaidh
cómh breágh agus ba mhaith leat d'aireachtaint. Dúbhradh
liom ná raibh sé ag foghluim Gaeluinne ach tímpal le
bliain goileith. Chuir san iongna orm. Ansan do
n-ínseadh dom, rud a chuir iongna níos mó orm, gur
bhuaidh an buachail sin, i mB'l'Ath' Cliath, le ceann de's
na amhránaibh sin, cearn-duais bhreágh óir.



Tadhg: Ar labradh puinn Gaeluinne ar fuid an
aonaig, a Dhonchadh?


L. 33


Donchadh: Thugas cuid mhaith de'n lá ag siúbhal ar
fuid an aonaig, agus do bhuail a lán daoine umam go
raibh aithne agam ortha. Ba dhóich leat gur ar cheann
de's na h-aontaíghibh a bhíodh sa n-áit trí fichid blian ó
sin a bhíomair go léir, bhí oiread san Gaeluinne ann i
mbeulaibh daoíne agus ag imtheacht le gaoith.



Tadhg: Seadh, is maith é sin. An Ghaeluinn atá i
mbéulaibh na ndaoíne agus ag imtheacht le gaoith, siní
an Ghaeluinn cheart. Siní an Ghaeluinn bheó. Siní an
Ghaeluinn a mhairfidh.



Feuch, a Dhonchadh, nách uathbhásach an tairbhthe is féidir
d'aon fhear amháin a dhéanamh uaireanta. Aon bhlúire
de'n obair sin a deineadh i Mainistir na Coran an lá
san ní déanfí mura mbeadh an sagart san, an t-Athair
Uiliam. Gura fada buan a mhairfidh sé chun na h-oibre
chur chun cínn agus na daoíne chur ar a leas! A' raibh
raince agaibh?



Donchadh: Ach, bhí. Bhí comórtaisí raince ann agus
geallaim duit go dóich liom go raibh a ndóithin le
déanamh ag na meastóiríbh, bhí na rainceóirí go léir
chómh maith san. Is truagh ná rabhais ann. Do
h-árdóchfí do mheas ar Mhainistir na Coran.



Cúnó Meidher.



Donchadh: A Thaidhg airiú, ar airíghis cad a dhéin
Cúnó Meidher?



Tadhg. Níor airígheas. Cad a dhéin sé?



Donchadh. Dhéin sé botún.



Tadhg: Is mór an iongna liom botún ag an bhfear
san 'á dhéanam. Conus a dhéin sé é?



Donchadh: 'Neósfad-sa san duit. Tá sgoluigheacht
na h-Éirean riartha, mar is eól duit, i dtrí grádaibh,
an príomhghrád agus an grád meadhonach agus an grád
is aoírde. Tamal ó shin do cuireadh an Ghaeluinn ar
an ngrád meadhonach. Ansan bhí ar chumas na gcol-
áistí agus na sgol meadhonach, ar fuid na h-Éirean,
Gaeluinn a mhúine d'á ndaltaíbh dá mba mhaith leo é,
agus na daltaí sin a chur isteach chun go dtrialfí iad.
Agus da dtaisbeánaidís sa triail gur tugadh an


L. 34


t-eólus go maith dhóibh gheabhdís duaiseana airgid agus
onóra, do réir mar a bheadh tuílte acu.



Tadhg: Agus cé bheadh chun iad a thriail sa Ghael-
uinn?



Donchadh: Nách chuige sin atáim ag teacht, a dhuine!
Nách mór an iongna, duine chómh críona leat, ná beadh
beagáinín foídhne agat!



Tadhg: Seadh, comáin leat.



Donchadh: Do ceapadh Cúnó Meidher chun na ndaltaí
do thriail sa Ghaeluinn. Tháinig an t-am chun na
dtrialach a dhéanamh. I dteanta gách nídh eile d'ár
bhain leis an ngnó, chuir Cúnó Meidher os cómhair na
ndaltaí blúire Gaeluinne feuchaint cé 's feár a chuir-
fadh Béarla air. Féuch, siné an blúire Gaeluinne
chuir sé os a gcómhair. Siné an pápéur.



Tadhg: Tá sé maith go leór, is doích liom, ach tá sé
ró chruaidh mura dtugtí uain dos na daltaí ar é
dh'fhoghluim. Fan go fóil. Cad é seo a chím thíos agá
bun? "Gur ab í sin an chéad shealg Fhinn." Airiú
cad é mar shaghas cainte é sin! "Céad shealg Fhinn,"
ba cheart a bheith ansan. "Gur ab í sin céad shealg
Fhinn," ba cheart a beith ann. B'fhéidir, a Dhonchadh,
gur cló-dhearmhad é.



Donchadh: Is cuma liom sa n-anachainn, a Thaidhg,
cé' cu cló-dhearmhad é nú cad é an saghas dearmhaid
é, ach is botún é. Nách deas atá an sgéal anois ag
an muíntir a chuaidh sa chomórtas. Do tugadh Béarla
dóib chun Gaeluinne chur air. Tá sa Bhéarla san
abartha de'n tsórd so, "He is at the end of the
house." Ní'l an abra san ann ach tá abartha mar é
ann. Cá bh'fhios dúinne nár cuireadh "tá sé ag an
ceann an tíghe" mar Ghaeluinn ar a leithéid sin?
Agus cá bh'fhios dúinn ná fuair an t-é dhéin mar sin é
an buadh ó'n té dhéin sa cheart é? Conus is féidir
d'aoinne aon iontaoíbh a bheith aige feasda as an
dtriail sin?



Tadhg: Agus inis an méid seo dhom, a Donchadh.
Dar ndóich ní locht ar Chúnó Meidher, fear nár tógadh
le Gaeluinn, gan an t-eólus a bheith aige a bheadh ag
an bhfear a fuair an Ghaeluinn mar bhainne cí.



Donchadh: Tá go maith. Ach cad na thaobh nár toghadh
chun na h-oibre an fear a fuair an Ghaeluinn mar


L. 35


bhainne cí? Níor toghadh, mar ní foláir le muíntir
Shasana, nuair a bhíon obair na h-Éirean acu 'á
dhéanamh, an tuathal a dhéanamh, cóir, cam, díreach!
Ba dhóich le duine gur d'aon ghnó a dhéinid siad an
tuathal agus ná bíon de chúis an domhan acu le h-é
dhéanamh ach gur b'é an tuathal é. Dá mbeadh muíntir
na h-Éirean go léir ar aon fhocal agus ar aon aigne
chun rud áirighthe fhághail déanta níor bheag le muíntir
Shasana san mar chúis chun gan é dhéanamh. Ba dhóich
le duine gur b'é rud a bhíon 'na n-aigne acu 'ná,
"Pé cuma 'na ndéanfimíd bhúr ngno ní mar is toil
libhse a dhéanfimíd é." Is amadánta an socarú'
aigne é sin.



Ceann ár gcreidimh.



Donchadh: An raibh aon chuímhneamh agat, a Thaidhg,
ar dhul go dtí Feis Cholmháin i Mainistir Fhearmaighe?



Tadhg: Bhí, a Dhonchadh, agus gach aon chuímhneamh.
Cad 'na thaoibh?



Donchadh: Mar tá an Fheis curtha ar cáirde go
'ceann cúig nú sé sheachtmhainí.



Tadhg: Agus cad fé ndeár é sin, airiú? An
aoinne atá breóite?



Donchadh: Seadh, agus ní h-eadh. Ní h-aoinne acu
féin atá teinn 'ná breóite, buidhchas le Dia, ach na
tuairisgí seo atá ag teacht ó'n Róimh ar an gcuma
'na bhfuil an Pápa, agus ná feadair aoinne cad é an
neómat a gheabhadh sé bás, siniad na tuairisgí fé
ndeár é. Do tuigeadh gur cheart an Fheis a chur ar
cáirde go ceann beagán aimsire mar uraim do
Cheann Sofheicse na h-Eagailse.



Tadhg: Déanfidh sé sin ceataíghe mhór do'n mhuíntir
go raibh socair acu ar theacht chun na Feise. Measaim
go raibh cuid acu ag teacht abhfad ó bhaile. Is mór
an cur thré chéile agus an cur amú ortha an t-atharú'
san. Bhí a lán acu, is dócha, tar éis raint cosdais a
dhéanamh. Bhí cuid acu socair ar dhul isteach ar chuid
de's na comórtaisí, agus iad tar éis iad féin d'olmhú'
chuige. Conus a bheidh an sgéal anois acu?



Donchadh: Ar nóin ní dhéanfidh cúig nú sé sheacht-


L. 36


mhainíbh puínn deifrígheachta i dtaobh an chosdais. Ní
bheidh ortha cosdas eile dhéanamh ach aire thabhairt dos
na neithe cheanuíghdar. Agus an mhuíntir atá ag dul
ar na comórtaisíbh cad 'tá acu le déanamh ach an
aimsir a chaitheamh 'ghá n-olmhú' féin níos feár? Agus
rud eile, a Thaidhg. Ní h-é mo thuairim go bhfaghadh na
daoíne a bheadh ag an bhFeis puínn pléisiúir ná puínn
caitheamh aimsire ann dá bhfeicidís ceól agus amhráin
agus raínce ar siúbhal go mear agus, b'fhéidir, an
Pápa marbh sa Róimh.



Tadhg: Déarfar gur b'iad na sagairt fé ndeár an
Fheis a chur ar cáirde.



Donchadh: Má deirtear é sin déarfar an éugcóir.
Ní fhéadfadh aoinne bheith níos fonamhaire chun na Feise
chur ar cáirde, nuair airíghdar na tuairisgí ó'n Róimh,
'ná muíntir Mhainistir Fhearmaighe féin. Daoíne
tuisgionacha iseadh iad, daoíne go bhfuil fhios acu cad
is ceart a dhéanamh, agus cathin, chómh maith agus atá
fhios ag aon daoíne i n-Éirinn é.



Tadhg: Tá go maith. Ó's mar sin atá an sgéal ní
baoghal go mbeidh aon cheataighe ann. Agus féuch,
a Dhonchadh. Dá mbeadh an Fheis ar siúbhal, an ceól
agus na h-amhráin agus an raínce agus an caitheamh
aimsire, agus ansan, i lár na h-oibre, go dtiocfadh
sgéala go raibh an Pápa tar éis bháis, caithfí stad
láithreach. Ansan iseadh bheadh an cheataighe i gceart
ann. Bheadh b'fhéidir leath na gcomórtaisí déanta
agus a leath gan déanamh, agus cuid acu leath-dhéanta.
Ansan iseadh bheadh an sgéal 'na thoirmeasg ar fad.
Is feár go mór an cáirde.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. An dóich leat an lean-
fidh Cúnó Meidher ag déanamh na h-oibre seo na
Gaeluinne?



Tadhg: An leanfidh sé ag déanamh an bhotúin, a bhí
agat le radh. Ní fheadar. Ní h-é seo céad bhotún
Chúnó. Mar sin féin bhí ana bhágh agam leis. Dhéineadh
sé a dhíthol i gcómhnuighe agus dhéin sé mórán tairbhe.
Is 'mó eólus a thug sé dhom ná féadfinn fhághail ar
aon chuma eile ach uaidh. Is truagh nár fhan sé thall sa
bhaile uainn.


L. 37


Bastún.



Donchadh: Ní féidir liom, a Thaidhg, an botún úd a
chur as m'aigne. Isé rud é is éagsamhlaíghe agus is
tuathalaíghe agus is mó neamhthuisgint d'ár airígheas
riamh. Fear d'á chur ag múine Gaeluinne do mhuíntir
na h-Éirean agus gan eólus aige féin ar an rud atá
aige le múine. Ba dhóich liom féin dá mba fear go
mbeadh aon mheas aige air féin go ndíultóch' sé do'n
obair a dhéanamh. Fear ná féadfadh dhá fhocal Gael-
uinne do labhairt gan seana mhná na dútha bheith ag
stealamhagadh féi. Ní dóich liom go bhfuil aon tsaghas
eile oibre fé luighe na gréine 'na bhféadfí a leithéid
do dhéanamh ach i n-obair éigin a bheadh ag muíntir
Shasana á dhéanamh i n-Éirinn.



Tadhg: Bhuailis do mhéar air, a Dhonchadh. Siné
díreach solus an sgéil. Nuair a bhíon rud éigin ag
muíntir Shasana le déanamh i n-Éirinn ba dhóich le
duine ortha gur b'amhlaidh a bhíd siad ar a gcroídhe
díthil ag cuardach agus ag seachaint sar a' ndéan-
fidís an ceart an fhaid a bheadh aon fhághail acu ar an
dtuathal a dhéanamh, agus sar a' ndéanfidís tuathal
beag an fhaid a bheadh aon fhághail acu ar thuathal mór
a dhéanamh. Aon daoíne go mbeadh fasg acu d'aon
rud i bhfuirm meabhrach, nuair a bheadh Gaeluinn acu
le múine do mhuíntir na h-Éirean d'féuchfidís 'na
dtímpal féuchaint cá bhfaighdís an fear is feár a
dhéanfadh an múine, agus déarfidís leó féin, nídh nách
ionghna, nár bh'fhéidir an fear san d'fhághail ach ameasg
na n-Éireanach féin. Dá mbeadh Béarla le múine do
mhuíntir Shasana an anall ó'n Almáinn a tabharfí an
múinteóir! Dá mbeadh Frainncis le múine do
mhuíntir na Frainnce an ó Lúnduin a béarfí an múin-
teóir anonn chúcha!



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá dearmhad ort!
Aon bhlúire iongna ní chuirfadh sé ar mhuintir Lúnduin
d'á n-iarfí ar maidin amárach ar chuid acu dul anonn
sa bhFrainc chun Fraincise mhúine do'n mhuíntir thall.



Tadhg: Leogaim leat, a Dhonchadh. Tá an fhírinne
ghlan sa méid sin agat. Agus rud eile. Ní áiteóch'
an saoghal ar mhuíntir Lúnduin 'ná gur ró mhaith an
chial do mhuíntir na Fraince iad a bhreith leó anonn


L. 38


chun na Fraincise mhúine thall dóibh. Ní'l aon tseó ach
a bhfuil de'n bhastún sa tSasanach. Ní fhéuchan sé
choídhche ar cheart 'ná ar thuathal sgéil ach ó n-a thaobh
féin. Ní gá do mhuíntir na Fraince puinn suime chur
'na chuid bastúnachais, 'ná do mhuíntir aon tíre eile
ach do mhuíntir na h-Éirean. Tá an bastún sa mhulach
orainne agus tá a rian orainn. Ní féidir dúinn
choídhche chur chun aon bhlúire gnótha dhéanamh gan an
bastún do theacht ag sádh a dhá ladhar sa ghnó agus 'ghá
lot orainn. Ba chóir go mbeadh náire ar an mbastún
agus nuair a thuigfadh sé an t-eólus a bheith i n-easnamh
air go n-eíreóch' sé as an obair.



Donchadh: Go deimhin féin, a Thaidhg, is ait an chaint
a dhéinean tú uaireanta. "Ba chóir go mbeadh náire
ar an mbastún," arsa tusa. Dar ndó dá mbeadh
náire air mar gheall ar thuathal a dhéanamh ní bheadh sé
'na bhastún, agus an fhaid is bastún é ní féidir dó
aon náire bheith air, pé tuathal a dhéanfidh sé. Nách é
nádúr an bhastúin bheith gan náire?



Tadhg: Ambasa ach is fíor do chaint, a Dhonchadh.
Isé nádúr an bhastúin bheith gan náire. Agus bíon a
rian air, "Do dhuine gan náire is usa ghnó dhéanamh."
Do'n bhastún is usa a ghnó dhéanamh. Ní chuirfidh náire
cosg leis.



Donchadh: Ná bac san, a Taidhg. Ní chuirfidh náire
cosg leis. Is fíor é sin. Ach sa n-am gcéadna, ní
dóich liom go bhfeaca féin riamh bastún nár cuireadh
cosg leis, luath nú mall, le rud éigin a chrádhfadh é
níos géire, b'fhéidir, ná mar a chrádhfadh náire é dá
bhféadadh an náire teacht air.



Tadhg: B'fhéidir é.


L. 39


DÚCHAS.



Donchadh: An bhfuil fhios agat cad is dóich liom
féin, a Thaidhg, i dtaobh an bhastúin?



Tadhg: Ní fheadar an tsaoghal, a Dhonchadh. Rud
eigin greanmhar, cuirfidh mé geall.



Donchadh: Is dóich liom godh ruithean an bastún i
n-daoíne do réir dúchais.



Tadhg: Ní dóich liom go bhfuilir abhfad ó'n gceart
sa mhéid sin. Ach cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt? Ce
h-é an bastún atá os cómhair t'aigne agus gur dóich
leat gur 'n-a bhastún ba dhual dó bheith?



Donchadh: An Yank. Tá an cleas céadna díreach
aige d'á imirt anois ar na Philipíneachaibh d'imir a
shínsear ar mhuíntir na h-Éirean.



Tadhg: Cad é an cleas é? Is 'mó droch chleas
grána do h-imireadh ar mhuíntir na h-Éirean.



Donchadh: Mar is eól duit, do bhain an Yank
oileáin na bhPilipíneach de'n Spáinn beagán aimsire
ó shin. Tá greim anois ag an Yank ar na h-oileánaibh
agus an bhfuil fhios agat cad 'tá aige 'á dhéanamh?
Ní foláir leis, cóir cam díreach, a chur fhiachaibh ar
muintir na n-oileán san an chaint atá ar eólus acu,
an chaint atá 'na mbéalaibh acu leis na céadtaibh
blian, í chur uatha, agus Béarla ghlacadh 'na h-inead.



Tadhg: Achaidhe! Airiú nách luath a thusnuig an
Yank ar a dhúchas a thaisbeáint! Cad ré an locht atá
ar an gcaint a bhí sa n-áit riamh?



Donchadh: Cá bh'fhios d'aoinne eile sin? Ní'l aon
locht uirthi, ach an Yank a bheith na bhastún mar ba dhual
athar agus seanathar dó bheith. Tá fhios ag an saoghal
nách féidir rud de'n tsórd san a dhéanamh le h-aon
treabhchas daoíne gan a n-aigne do dhalladh agus a
gcial do leathadh ortha. Tá an cleas d'á imirt ar
mhuíntir na h-Éirean leis na céadta blian agus tá
a rian ortha. An chuid acu gur chuaidh an cleas i
bhfeidhm ortha is amhlaidh atáid siad anois agus gan so
'na sud acu, ar aon tslacht. Sin mar a bheidh an
sgéal leis ag muíntir na n-oileán úd thoir. Beid
siad' ar feadh tamail, ag baint na bhfiacal asta féin
a d'iaraidh Béarla an Yank do labhairt. Ansan


L. 40


b'fhéidir go mbeidís tamal eile ag baint na bhfiacal
asta féin a d'iaraidh dul siar airís ar a gcaint féin.
Ar ball beid siad gan caint, gan teanga.



Tadhg: 'Seadh, agus gan fiacala.



Donchadh: Díreach! Agus nuair a bheid siad gan
fiacala beid siad ar chúl cínn ag gach aon bhastún a
thiocfidh crosta ortha.



Tadhg: Fé mar atá muíntir na h-Éirean anois.
B'fhéidir, a Dhonchadh, gur chuige sin atá an Yank.
"Ní'l sprid 'ná púca gan fios a chúise aige féin."
Tá fhios ag an Yank conus mar a baineadh na fiacala
as an Éireanach nuair a baineadh a chaint nádúrtha
féin as a bhéal; conus mar a deineadh beithígheach mín
macánta dhé, i dtreó go bhféadfadh leanbh breith ar
cheann air agus é chur fé ualach agus obair a bhaint as.
Is maith atá 'fhios ag an Yank gur 'mó obair de'n
tsórd san atá bainte aige, thall i n-America, as an
mbeithígheach mbocht gan chaint gan fiacala, le cheithre
fichid blian. Níor bh' aon iongna liom dá gceapadh
sé i n'aigne gur mhaith agus gur bh' áiseach agus gur
thairbhtheach an rud dá dtiocfadh leis tuile beithígheach
de'n tsórd san d'fhághail ins na h-oileánaibh úd thoir,
go luath sa n-aimsir atá chúghainn. Má's bastún an
Yank bastún gasta iseadh é.



Donchadh: Greada chuige, an dranaire caochshrónach !
Má 'sí sin aigne atá aige cad chuige dhó bheith coit-
chanta ag maoídheamh as a dheaghchroídhe? Tá an
saoghal bodhar aige 'ghá chur 'na luighe orainn ná fuil
uaidh ar fad ach an chine daona go léir do thógáilt
suas, dá bhféadadh sé é, chun saoírse agus chun saidhbhris
agus chun deaghnós.



Tadhg: Ná déin eugcóir air, a Dhonchadh. Siné
díreach atá uaidh, ach é féin a bheith sa bhraiciol ar an
gcine daona go léir.



Donchadh: An bastún!


L. 41


FEIS NA MÚMHAN.



Tadhg: Cad é an saghas cainte é seo airíghim i
dtaobh Feise na Múmhan, a Dhonchadh?



Donchadh: Ó 'seadh ; gur baoghal go gcaithfar eiríghe
as an bhFeis toisg gan an t-airgead a bheith ann.
Ambasa ach siné airíghim. Leanan cosdas mór gnó
na Feise. Ní féidir an gnó dhéanamh gan cuid mhaith
airgid agus airighim ná fuil an t-airgead ag teacht
isteach mar ba cheart é bheith ag teacht isteach.



Tadhg: Is ait an sgéal é sin. Cathair mhór iseadh
cathair Chorcaíghe agus daoíne neamhspleadhacha iseadh
muíntir na catharach. Níor bh' aon iongna liom dá
ndéineadh triúr nú ceathrar de'n chuid is saidhbhre acu
an cosdas a ghabháil ortha féin ar fad.



Donchadh: Níor bh' aon iongna leatsa é, ach is dóich
liom gur bh' ana mhór an iongna leo féin dá n-iaradh
aoinne ortha a leithéid a dhéanamh. Ní'l aoinne 'ghá
iaraidh ortha. Ní'ltear 'ghá iaraidh ortha a dhéanamh ach
cabhrú' chun an chosdais eatartha go léir, agus airíghim
ná fuil san féin acu d'á dhéanamh. Tá a n-aigne tóg-
tha suas chómh mór san le neithibh eile ní féidir leó
cuímhneamh i n-aon chor ar ghnó Feise na Múmhan.



Tadhg: Is olc an sgéal é sin, a Dhonchadh. Má 's
mar sin atá an sgéal tá Corcaig meathta. Do
déineadh Feis na Múmhan i gCorcaig anuirig agus
arúnuirig. Bhíosann gach uair acu. Thugas fé ndeara
ná raibh puínn de mhuíntir na catharach ann aon uair
acu. Bhí muíntir na Gaeluinne ann ach ní raibh puínn
de mhuíntir an airgid ann. Tháinig sé am aigne féin
n-a dtaobh, ach níor ghéileas an uair sin dó, gur bh'
amhlaidh ba lag le muíntir an airgid cómhluadar a
dhéanamh leis na daoine go raibh mórán Gaeluinne
acu agus beagán airgid. Má's mar a deirir atá an
sgéal ní foláir géile dhó. Is iongantach an dothol a
bhíon ag fear an airgid roimis an nduine gan airgead.
Ní maith leis cimilt i n-aon chor leis. Tá eagal orm
go bhfuil Chorcaig meathta.



Donchadh: Ní dothol roimh chómhluadar le bochtaineacht
agus le droch bhalcuisí is gá dhóibh a bheith ortha.
B'fhéidir ná fuil an iomarca airgid ag muíntir na


L. 42


Gaeluinne i gCorcaig ach mura bhfuil tá rud is feár
'ná airgead acu. Tá tuisgint agus éirim agus cúil-
fhéith acu, agus tá tabhairt suas ortha. Agus má 's
ag trácht ar éadach é ní gá d'aoinne aon scoran a
bheith air rómpa. Gabhaid siad amach chómh glan, chómh
deagh-éadaig, le h-aon aicme sa phoibilídheacht. Má's
dothol roimh chómhluadar leó san a choimeádan lucht
airgid i gCorcaig amach ó Fheis na Múmhan ní'l agam-
sa le rádh ach, pé meatacht atá i n-aon tslígh eile ortha,
go bhfuil an donas ar fad sa méid sin ortha. Ní
dóich liom go bhfuil spriosán 'na bheathaig is mó 'ná an
fear a déarfadh le fear eile; "Fan siar uaim! Tá
níos mó airgid agamsa 'ná mar atá agat! Fan
uaim siar!"



Tadhg: Ó, b'fhéidir ná déarfadh amach mar sin é.



Donchadh: 'Seadh, ach go mbeadh sé istig aige?



Tadhg: Is 'mó rud a bhíon istig agus ná leogtar
amach é.



Donchadh: Mura leogtar amach sa chaint é leogtar
amach sa ghníomh é; sa ghníomh a déintear nú sa ghníomh
a seachantar. Táid muíntir Chorcaighe ag seachaint
Feise na Múmhan. An amhlaidh is dóich leó ná fuil an
Fheis uasal a dóithin dóibh? Nú murab é sin é an
amhlaidh is dóich leó ná fuil an Ghaeluinn uasal a
dóithin dóibh?



Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, ní'l acu ach a rogha
de'n dá thaobh a bheith acu agus is rogha a' dhá dhíg é.
Ach tá an saoghal agus Éire ag faire ortha feasda.
Bhí ar a gcumas meatacht a dhéanamh roimhe seo gan
aoinne 'ghá dtabhairt fé ndeara. Má caithtear Feis
na Múmhan do leogaint ar lár anois le h-easba
airgid is fada fairseag a bheidh trácht agus cáine ar
Chorcaig agus an mhuíntir Chorcaighe.



MOLADH NÚ CÁINE.



Donchadh: Ní dóich liom a Thaidhg, gur indiu 'ná indé
a tusnuigheadh ar mhuíntir Chorcaighe a cháine.



Tadhg: Ó tuigim. Aislinne Mhic Conglinne atá ad
aigne. Is fíor dhuit é. Dhéin Mac Conglinne an
donas ortha. Ach is sgéal abhfad siar é sin. Is 'mó


L. 43


atharú' atá tagaithe ar Chorcaig agus ar mhuíntir
Chorcaighe ó aimsir Mhic Conglinne.



Donchadh: Má 'seadh féin féuch gur b' é an cáine
céadna a thuileadar an uair sin atá acu 'dá thuileamh
anois.



Tadhg: Conus é sin?



Donchadh: Is mar gheall ar a spriúnlaitheacht a cháin
Mac Conglinne iad, agus is mar gheall ar spriún-
laitheacht atáthar 'ghá gcáine anois. Má bíodar
spriúnlaithe an uair sin agus má táid siad spriún-
laithe anois, cé fhéadfidh a rádh ná fuil spriúnlaitheacht
i gCorcaig i gcaitheamh na h-aimsire go léir, ó aimsir
Mhic Conglinne go dtí anois! Bhíos ag caint, cúpla
lá ó shin, le daoíne go bhfuil aithne mhaith acu ar
Chorcaig agus ar mhuíntir Chorcaíghe, agus do h-ínseadh
dom rud a chuir iongna orm. Do h-ínseadh dom go
bhfuil sa chathair sin Chorcaighe, anois féin, a lán
daoíne agus gan 'ghá mbaint de'n tsaoghal ach an
obair seo na Gaeluinne bheith ag dul ar aghaidh agus
ag dul chun cínn. Tá a leithéid sin de ghráin acu ar
an nGaeluinn go dtagan buile feirge ortha gach aon
uair airíghid siad aon fhocal di. Do mhúchfidís fé
thalamh í, gan cheithre h-uaire fichid de cháirde thabhairt
di, dá bhféadfidís é. Ní'l aon mhaith inti, dar leó.
Ní'l aon tairbhthe inti.



Tadhg: Cad é an tairbhthe atá uatha inti?



Donchadh: Ní caint chun ceanaígheachta í.



Tadhg.: Ní caint chun ceanaígheachta mo phaidireacha.
An caint gan tairbhthe iad! Ní caint chun ceanaígh-
eachta an Teagasg Críosdaíghe. An caint gan
tairbhthe é! Ní caint chun ceanaígheachta, ba dhóich
liom, an Bíobla. An bhfágan san gur caint gan
tairbhthe é! Má fhágan,



"Is baoith a chaitheadar asboil an Rígh a gcuarda."



Donchadh: Is dócha, má's caint gan tairbhthe do
phaidireacha, a Thaidhg, gur tu féin atá cionntach leis.
I dtaobh an Teagaisg Chríosdaíghe agus an Bhíobla, ní
fheadar an ortha a bhíon aigne na muíntire a bhíon ag
lochtú' na Gaeluinne mar gheall ar cheanaígheacht.



Tadhg: Ambriathar nách ortha. Is amhlaidh mar a
bhíon an sgéal ag na daoíne adeir ná fuil aon mhaith
sa Ghaeluinn toisg gan í bheith 'na teangain mhaith chun


L. 44


ceanaígheachta, bíd siad ag caint agus ní bhíon aon
phioc d'á fhios acu cad é an brígh a bhíon le n-a gcaint.
Is cuma leó ach bheith ag rádh na bhfocal fé mar air-
ighid siad iad. Tá an Ghaeluinn go maith chun
sgéaluigheachta. Tá sí go maith chun gach sórd
seanachuis. Tá sí go maith chun gach eóluis a theagasg,
ar dhíacht nú ar dhaonacht. Níor labhradh riamh teanga
dob fheár 'ná í chun filídheachta. Cad a bhéarfadh ná
beadh sí go maith chun ceanaígheachta leis dá gcuirti
chun na h-oibre sin í? B'fhéidir dá gcuirtí go mbeadh
an buadh aici sa n-obair sin fé mar atá ins na
h-oibreachaibh eile.



Donchadh: B'fhéidir é. Ach bheadh an tseamróg agat
dá bhféadfá an méid sin a chur 'na luíghe ar chuid de
mhuíntir Chorcaighe.



Tadhg: Ní thabharfad féi.



Donchadh: Agus cad a dhéanfir leó?



Tadhg: Déanfad iad a cháine nuair a bheidh cáine
tuílte acu, agus ansan déanfad iad a mholadh má
thuilid siad moladh uaim. Bíodh a rogha acu.



IS DEAS AN BUACHAIL TU.



Donchadh: Ní dóich liom, a Thaidhg, go mbeidh ort a
thuile spídiúcháin 'ná cáinteacháin a dhéanamh ar
mhuíntir Chorcaighe. Airíghim go bhfuil an t-airgead
chun cosdais Feise na Múmhan ag teacht isteach go
tiugh.



Tadhg: B'fhéidir gur dhéinamair éugcóir ar mhuíntir
Chorcaíghe. Tá oiread san rudaí 'ghá gcur amú le
tamal go mb'fhéidir gur b'amhlaidh nár chuímhníghdar ar
an bhFeis i n-aon chor. Bhí an cur-anáirde (Exhibition)
mór acu, agus cuaird an rígh, agus na teidil mhaitha
so a fuaradh, agus fiche rud. Bhí "an chú 's an cat 's
an giorfhiadh ar aon úrlár" acu. Ní h-aon iongna go
ndearódhfidís Feis na Múmhan. B'fhéidir go ndéan-
fidís rud maith feasda ó 'tá an dearmhad san
leighiste. Is minic a dhéineadar rud maith nuair a
curfí os a gcómhair go cruinn cad da cheart dóib a


L. 45


dhéanamh agus nuair a taisbeánfí dhóibh cad é an chúis
gur ceart dóibh é dhéanamh. Tá daoíne i gCorcaig,
mná agus fir, chómh dílis agus gheabhthí i n-aon áit i
n-Éirinn iad, nú dá n-abrainn ar fuid an domhain,
daoíne a dhéanfidh an rud is ceart a dhéanamh, agus a
dhéanfidh é gan aon lóipín fhágáilt air, ach go dtuigfid
siad na n-aigne gur b'é an ceart é.



Donchadh: Á, a Thaidhg, is deas an buachail tu!
Mac Conglinne agat d'á thabhairt do mhuintir
Chorcaíghe anso an lá déanach, agus ceairt an smearaig
agat d'á chimilt anois díobh. Seachain tu féin, a
Taidhg. "Ní thagan an dá thráig leis an ngobadán,"
agus ní lúgha 'ná mar a thiocfidh an dá thráig leat-sa.
Do cháinis muíntir Corcaíghe anso an lá déanach. Ní
raibh focal agat le rádh 'na dtaobh ach an focal ba
mheasa a thiocfadh chun do bhéil. Ansan dúbhairt duine
éigin leat go raibh an t-airgead ag teacht isteach,
agus anois ní'l focal agat le rádh 'na dtaobh ach
focal is feár 'ná chéile. Deirim leat, a Thaidhg, d'á
shleamhaine é an smeara gur rud contabharthach é. Ní
déarfinn 'na go mb'fhéidir gur 'na shleamhaine is mó
atá a chontabhairt. Ní rud cialmhar duit bheith tamal
ag spídiúchán ar dhuine agus ansan tamal eile ag
cimilt bhaise dhé. Má thuigid muíntir Chorcaíghe gur
plámás agus cimilt bhaise atá ar siúbhal indiu agat
ní chuirfid siad puínn suime sa spídiúchán a dhéinis
indé ortha. Tabharfid siad "Tadhg an dá thaobh" ort.



Tadhg: Bheadh an chaint sin cruínn go leór, cialmhar
go leór, a Dhonchadh, dá mba ná beadh i gCorcaig ach
aon tsaghas amháin daoíne. Níor bh'fhéidir moladh
agus cáine thabhairt dóibh i n-aonfheacht dá mb' eadh.
Ní gá dhuit bheith ag cur plámáis am leith, 'ná ag cur
cimilt bhaise am leith. Má mholaim duine agus má
tá an moladh tuílte aige ní plámás an moladh san.
Má cháinim duine agus má tá an cáine tuílte aige
ní dhéinim éugcóir air. Ní h-iad an mhuíntir a
cháineas an lá déanach atá agam 'á mholadh indiu. Tá
an t-airgead ag teacht, mar a deirir. Cuirfidh mé
geall leat nách ó'n muíntir a cháineas-sa atá an
t-airgead ag teacht. Dhéanfadh aoinne dearmhad.
Nuair a curfí ar a shúilibh dó é do leighisfadh sé an
dearmhad. Tá a lán daoíne i gCorcaig atá 'ghá


L. 46


dhéanamh san anois. Dúbhart, an lá déanach, agus
deirim indiu airís é, go bhfuil daoíne saidhbhre i
gCorcaig agus go bhfuil gráin acu ar an nGaeluinn.
Má 's dóich leó gur plámás é sin bíodh sé acu.



CONAS AN OBAIR A DHÉANAMH.



Donchadh: Féuch, a Thaidhg, an bhfuil fhios agat cad a
chuirean lán mo chroídhe d'iongna orm féin?



Tadhg: Sdó tá oiread neithe ag cur iongna ort ó
am go h-am, ní h-uiriste do dhuine aon tuairim a
thabhairt do'n rud is mó bheadh ag cur iongna ort
indiu seachas indé. Cad 'ta ort anois?



Donchadh: 'Neósfad-sa san duit. Tá a lán daoíne
ag obair anois ag saothrú' na Gaeluinne. Táid siad
go léir ag obair go dian agus go dítholach. Tá aon
nídh amháin curtha rómpa acu go léir, 'sé sin, an
Ghaeluinn a choimeád beó, í choimeád d'á labhairt ó
bhéulaibh daoíne. Tá sí d'á labhairt fós go bríoghmhar
ó bhéulaibh daoíne i n-a lán áiteana i n-Éirinn.
Déarfá, déarfadh aoinne, ná fuil cuma is feár chun
na h-oibre dhéanamh 'ná an Ghaeluinn do shaothru' go
maith ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil sí d'á labhairt agus
ansan i leathadh ó-s na h-áiteanaibh sin isteach ins na
triúchaibh 'na bhfuil sí meathluighthe. I n' inead san is
amhlaidh atáthar ag obair go dian agus go dochraideach
ins na h-áiteanaibh 'na bhfuil sí i ndísg agus gan, nách
mór, aon stróc oibre dh'á dhéanamh ins na h-áiteanaibh
'na bhfuil sí beó. Siné thoir, cuir i gcás, Baile Mhac
Códa. Tá an Ghaeluinn d'á labhairt ar an mbaile sin
fós chómh breágh, chómh bríoghmhar, chómh ceólmhar agus do
labhradh riamh í i n-aon pháirt d' Éirinn, thoir thiar
thuaig ná theas. Chómh fada agus is féidir liom a
dhéanamh amach ní'l críosdaighe an Luain ó Chonradh na
Gaeluinne ag déanamh aon oibre sa n-áit. Nách ait
an sgéal é sin! Daoíne 'ghá marbhú' féin le h-obair
i n-áiteanaibh ná fuil aon fhocal Gaeluinne d'á labhairt
agus gan aon tsuím i n-aon chor i n-áiteanaibh de
shaghas Bhaile Mhac Códa.



Tadhg: Is olc an sgéal é, gan amhras, ach tá a chúis
féin leis, a Dhonchadh. Na daoíne atá 'na gcómhnuidhe


L. 47


i mBaile Mhac Códa agus i n-áiteanaibh mar é, tá an
Ghaeluinn chómh breágh, chómh snuidte, chómh blasta
san acu nách féidir d'aoinne dul eatartha ach do
dhuine go mbeadh an Ghaeluinn aige chómh maith díreach
agus 'tá sí acu féin. Dá mbeadh duine ansan go
mbeadh Gaeluinn aige maith go leór d' fhéadfadh sé
dul isteach i n-áit ná beadh aon fhocal Gaeluinne ann
agus ba dhóich le gach aoinne gur bh' fháig é. Bheadh an
uile dhuine ag féuchaint suas chuige. Dá dtéadh an
duine sin isteach go Baile Mhac Códa chun Gaeluinne
mhúine ann is amhlaidh a bheadh gach aoinne ag magadh
féi. Ní bheadh sé dhá lá ag múine ann nuair a chaithfadh
sé ruith leis féin.



Donchadh: Agus cad ba ghá a leithéid a chur ann?
Ná féadfí duine chur ann go mbeadh an Ghaeluinn
aige chómh maith agus bheadh sí ag muíntir na h-áite,
nú níos feár? Ansan bheadh sé 'na mháighistir ortha.



Tadhg: Is breágh bog a thagan caint chugat, a
Dhonchadh. Cá bhfuil an duine sin le fághail? Aon
duine ná fuair an Ghaeluinn ó n' óige is ró dheacair
dó, pé tabhairt suas a bheadh air, seasamh i lathair
pobuil Ghaelaigh agus Gaeluinn a labhairt leó i dtreó
go gcaithfidís féuchaint suas chuige.



Donchadh: Tuigim. Má's mar sin atá an sgéal ní
fheicim-se go bhfuil le déanamh ach an t-aon nídh
amháin.



Tadhg: Cad é an nídh é sin?



Donchadh: Teacht ar an bhfear is feár Gaeluinn sa
phobul san agus é chur ag múine na Gaeluinne do'n
chuid eile, agus tuarasdal maith a thabhairt dó.



Tadhg: Dá ndéintí é sin do déanfí an obair.



ÉIRIM MÚINTE.



Donchadh: "Dá ndéintí é sin do déanfí an obair,"
arsa tusa. Agus cad 'na thaobh ná déintear é? Cad
é an bac atá ar dhaoíne é dhéanamh láithreach?



Tadhg: Sdó, is amhlaidh mar atá an sgéal meastar
ná féadfadh aoinne múine dhéanamh mura ndéintí an
cheárd a mhúine dhó féin ar dtúis. Is dóich le muíntir


L. 48


Chonradh na Gaeluinne dá dtagtí mar sin ar fhear,
nár fhoghluim riamh conus múine dhéanamh, agus é chur
ag múine, gur bh'ionan é agus teacht ar dhuine nár
fhoghluim ceárd agus é chur ag obair ar an gcéird.
Ní thabharfá do chasóg le déanamh do dhuine nár fhogh-
luim riamh conus snáthín a chur i snáthid.



Donchadh: Ó stad, a Thaidhg. Ní mar a chéile an dá
sgéal i n-aon chor. Cé mhúin an Ghaeluinn duit-se?



Tadhg: M'athair agus mo mháthair agus na cómhar-
sain a bhí i n-ár dtímpal.



Donchadh: Díreach. Cé mhúin do t'athair agus do d'
mháthair agus dos na cómharsain conus Gaeluinn a
mhúine dhuit-se?



Tadhg: Ambasa níor mhúin aoinne dhóibh é.



Donchadh: An bhfuil aon locht ar an gcuma 'nar
mhúineadar an Ghaeluinn duit?



Tadhg: Ní shamhluighim go bhfuil.



Donchadh: Ní shamhluighim-se leis é. Ach samhluíghim
rud eile. Dá múintí an Ghaeluinn anois fé mar a
múineadh dhuit-se í do fóghlumófí í fé mar fhoghlumuís-
se í. Um an dtaca 'na rabhais-se deich mbliana d'
aois bhí an Ghaeluinn agat chómh maith díreach agus tá
sí agat anois. Dá dtusnuighthí deich mbliana ó shin ar
í mhúine do mhuíntir na h-Éirean ar an gcuma 'nar
múineadh dhuit-se í cad é an chúis ná beadh sí anois
acu go léir chómh maith agus bhí sí agat-sa um an
dtaca 'na rabhais deich mbliana d' aoís? Dá dtógtí
thusa ó t' athair agus ó d' mháthair sar ar thusnuíghis ar
chaint, agus tú chur isteach ameasg sgoláirí a bheadh
tar éis a saoghal a chaitheamh ag foghluim conus múine
dhéanamh, agus dá gcaithidís an chéad deich mbliana de
d' shaoghal-sa, a Thaidhg, ag imirt na céirde ort chun
na Gaeluinne mhúine dhuit bheidhfá gan Gaeluinn i
n-aoís do dheich mblian duit agus bheidhfá ar bheagán
Gaeluinne indiu. Tagan buile feirge orm nuair
airíghim an focal so i mbeul gach aoinne acu; "Ní
féidir aon chainteóir Gaeluinne chur ag múine
Gaeluinne go dtí go múinfar ar dtúis dó féin
conus múine dheanamh." Bheadh sé chómh maith acu a
rádh, lom díreach; "Ní féidir Gaeluinn a mhúine i
n-aon chor."



Tadhg: Tá san go léir maith go leór, a Dhonchadh,


L. 49


ach sa n-am gcéadna ní foláir duit a admháil go
bhfuil a lán daoíne atá 'na gcainteóirí breághtha
Gaeluinne agus dá gcuiridís chun í mhúine do dhuine
ná beadh sí aige gur b' amhlaidh a chomáinfidís as a
mheabhair é.



Donchadh: Agus cad is gá iad san a thoghadh chun na
h-oibre? Ná fuil breis agus ár ndóthin daoíne
againn atá ábalta ar mhúine dhéanamh, as a dtuisgint
fein amach, níos feár go mór 'ná daoíne a chaithean
blianta fada ag foghluim na h-oibre?



Tadhg: Is fíor é sin. Dá gcurtí iad san ag obair
bheadh an rath ar an obair.



FEIS NA MÚMHAN.



Donchadh: Seadh, a sheana bhuachail, cad é do mheas
anois ar mhuíntir na Múmhan?



Tadhg: Ní raibh aon droch mheas riamh agam ar
mhuíntir na Múmhan, a Dhonchadh. Bhí Muímhnig ag
obair go dian ar son na Gaeluinne trí nú ceathair 'o
bhlianaibh sar ar chuímhnig aon chúig' eile de chúigibh
Éirean ar dhúiseacht as a gcodla. I gcaitheamh na
h-aimsire sin ní raibh leabhar 'ná pápéur le léighe ag
muíntir Chonradh na Gaeluinne ach an t-Irisleabhar,
agus is beag má bhí aoinne ag léighe an phápéir sin
féin ach Muímhnig amháin. Dob fhada gur dúisígheadh
na trí cúige eile agus ba ró dheacair iad a dhúiseacht.
Ní féidir d'aoinne aon droch mheas a bheith aige ar
Muímhneachaibh sa n-obair seo, agus is ag dul i méid
atá an meas atá acu d'á thuileamh.



Donchadh: Ambriathar, a Taidhg, go bhfuil daoíne sa
Mhúmhain nár dúisigheadh as a gcodla fós dá mhéid
fothram atá ar siúbhal 'na dtímpal.



Tadhg: Tá go deimhin. Tá daoíne agus ní dhúiseóch'
teine 'ná tóirthneach iad. Ní h-aon tairbhthe bheith ag
feitheamh le n-a leithéidí sin. Táid siad le fághail
ins gach aon bhall. Aicme gan mhaith iseadh iad. Is
cuma 'na gcodla nú 'na ndúiseacht iad i dtaobh aon
tairbhthe fhéadfidís a dhéanamh. Ní fhéadaim gan gáire
dhéanamh anois a's airís nuair a chím duine acu ag
preabadh as a chodla agus ag cimilt a shúl. Féuchan


L. 50


sé 'na thímpal ar an obair. "Ó," adeir sé, "caithfar
an Ghaeluinn a choimeád beó," chómh maith agus nár
chuímhnig aoinne as í choimeád beó go dtí an neómat
san agus gur b' é féin an chéad duine a chuímhnig
air!



Donchadh: Ha, ha, ha. Ambriathar go bhfuil aithne
mhaith agam ortha. Ach ní gáire a bhainid siad asam-sa.
Is amhlaidh a chuirid siad fearg mo dhóithin orm.



Tadhg: Sgaoíl leó. Tá ár ndóithin daoíne againn
atá 'na lán dúiseacht agus iad ag déanamh na h-oibre
go dian agus go dítholach agus go tuisgionach. Ní fheaca
riamh fós an obair dh'á déanamh chómh dian 'ná chómh
tuisgionach 'ná chómh cuthaig agus chonac dh'á déanamh í
an turus so i bhFeis na Múmhan. Ní feis a bhí ar siúbhal
ann ach trí nú ceathair d' fheiseanaibh móra maitha.



Donchadh: Agus féuch. Dó nú trí sheachtmhainíbh
roimh aimsir na Feise bhí daoíne 'ghá chuímhneamh go
dúbhach go gcaithfí an Feis do leogaint ar lár agus
eiríghe aiste, mar ná raibh an t-airgead ag teacht
isteach chun an chosdais! Is ait mar a ghluaisighean
neithe uaireanta.



Tadhg: Is fíor dhuit sin. Nuair a chonac féin an
focal san ar siúbhal, go gcaithfí an Fheis do leogaint
ar lár toisg gan an t-airgead a bheith ag teacht isteach,
dúbhart liom féin mar seo ; "Seadh," arsa mise liom
féin, "Ní'l baoghal 'ná go mbeidh Feis mhór mhaith
againn!" Is minic a chonac rud d'á shórd i gcaitheamh
mo shaoghail. Nuair ba dhóich leat a bheadh rud caithte
i leith taoibh ar fad siné an uair díreach a thiocfadh sé
thas n-ais le dúbailt nirt.



Donchadh: Is cuma é nú an cleamhnas a brisfí chómh
briste sin gur dhóich le duine ná slánófí choidhche airís
é, agus ansan gur ar éigin a bheadh do chúl leis nuair
a bheadh sé déanta airís níos daingne 'ná bhí sé riamh.
Acha cad is dóich leat do'n obair, a Thaidhg? An
leánfar de'n obair, agus an ndéanfar í i ndeire
bára?



Tadhg: Is dóich liom go bhfuil sé buailte isteach
go daingean i n-aigne na ndaoíne is tuisgionaíghe sa
n-obair, ná fuil ag Éire ach a rogha de dhá nídh, an
Ghaeluinn, a h-urlabhra féin, do choimeád 'na béul,
agus seasamh ar a cosaibh féin i láthair Dé agus an


L. 51


tsaoghail, nú a h-urlabhra féin do chaitheamh uaithi ar
fad agus béalbhach Béarla chur 'na béul chúichi, agus
ansan an marcach Gallda bheith ar a muin aici go deó
deó. Má chuirean sí an bhéalbhach as a béul cuirfidh
sí dhi an marcach uair éigin, luath nú mall. Má
tuigtear i gceart an nídh sin leanfar de'n obair
agus déanfar í i ndeire bára.




"IS MAITH É AN T-EAGLA
CHUR AR AN MADRA."



Donchadh: Nách mór an iongna, a Thaidhg, nár tuigeadh
an nídh sin fadó riamh! "Béalbhach Béarla," arsa
tusa. Andaigh is tu thug an ainim cheart air. Dar
ndó' tá fhios ag an saoghal, má castar ar achéile
beirt, agus iad ó dhá náisiún, agus teanga fé leith i
mbéal gach duine acu go mbeidh an buadh sa chaint ag
an t-é acu d'fhéadfidh an chaint a chur ar siúbhal
eatartha 'n-a theangain féin. Beidh an tsrian 'n-a
láimh aige agus an bhéalbhach i mbéal an fhir eile.



Tadhg: Siné díreach an chuma 'na bhfuil an sgéal
ag muíntir na h-Éirean, a Dhonchadh, ó'n lá a leogadar
do mhuíntir Shasana an chaint go léir eatartha do chur
ar siúbhal sa Bhéarla. Bhí, agus tá fós, an bhéalbhach i
mbéal an Éireanaig agus an tsrian i láimh an
tSasanaig. Bhí an buadh ag an Sasanach sa chaint.
Ní fhéadfadh gan a bheith. Bhí ar a chumas an dubh a
chur 'n-a gheal ar an Éireanach, i n-Éirinn agus i
Sasana agus ós cómhair an domhain go léir. Gan
amhras d'eírig, ó am go h-am, foth Éireanach a chuir
eólus chómh maith san ar an mBéarla go raibh sé níos
cliste air 'ná an Sasanach féin. Ach ba shuarach le
rádh foth dhuine de 'n tsórd san nuair a bhí an náisiún
go léir ag brath ar an mBéarla bhriste. Dá mbeadh
saidhbhreas an domhain agat agus an t-éadach is uaisle
le fághail umat, agus fáinní óir ort, agus tig agat
chómh greanta le pálás an rígh, agus ansan, nuair a
labharfá, gur b'é rud a thiocfadh as do bhéal 'ná
Béarla briste, ní fhanfadh blúire meas' ag aon tsaghas
duine ort, óg 'ná aosda, bocht 'ná saidhbhir, uasal 'ná


L. 52


íseal. Ní'l aon tsaghas cainte sa domhan is gráinne
'ná Béarla briste na h-Éirean. Ní'l le fághail ag
an t-é a labhran Béarla briste na h-Éirean ach droch
mheas agus tarcuisne pé taobh 'na dtugan sé aghaidh.
Béalbhach chruaidh dhaingean, i mbéal an Éireanaig,
iseadh an Béarla briste. Tá an bhéalbhach san tar
éis an Éireanaig a chur, ní h-amháin fé chosaibh an
tSasanaig i n-Éirinn, ach fé chosaibh gach duine de
shliocht an tSasanaig ar fuid an domhain.



Donchadh: Dar ndó', a Thaidhg, is 'mó duine i n-éagh-
mais an Éireanaig a labhran Béarla briste. Nuair a
thagan an Francach nú an t-Almáinneach anall go
Lúnduin labhraid siad Béarla briste, briste go maith
leis. Agus féuch, ní chuirean an Béarla briste sin
aon droch mheas ortha.



Tadhg: Ní chuirean, mar tuigean an Sasanach, nuair
airíghean sé an Béarla briste sin ag teacht a' béal
an Fhrancaig, go bhfuil rud nách é sin istig ag an
bhFrancach san, go bhfuil a chuid Fraincise istig aige,
Fraincis breagh, blasta, ceólmhar, gunta, caint atá
níos treise agus níos géire agus níos líomhtha 'ná an
Béarla is feár a labhradh i Sasana riamh. Nuair a
bhíon an chaint líomhtha bíon an aigne líomhtha, agus is
cóir eagla bheith roímpi. Tuigean an Sasanach an
méid sin agus bíon eagla aige roimis an bhFrancach
agus a chuid Béarla briste, nú roimis an Almáinneach
agus a chuid Béarla briste. Ach nuair airighean an
Sasanach an Béarla briste as béal an Éireanaig ní
bhíon aon eagla aige roimis mar tá fhios aige ná fuil
aon chaint eile sa bhéal san ach an Béarla briste sin.
Níor thug an Sasanach riamh fós aon rud ach tarcaisne
do'n t-é ná féadfadh eagla chur air. Bíon ana uraim
aige do'n t-é 'na mbíon an t-eagla aige roimis. Ní
gá dhó choídhche aon eagla bheith aige roimis an Éireanach
an fhaid ná beidh ag an Éireanach ach an Béarla briste.
Ní bhíon lastiar de chaint bhriste ach aigne bhriste. Ní
baoghal d' aoinne an aigne bhriste sin. Ní'l bac ar
gach aon ghiola-mo-leithéid gabháil do chosaibh inti. Ní
fheadar an domhan cad a dhall muíntir na h-Éirean!



Donchadh: Tá geara-chuid acu dall go maith fós
féin.


L. 53


CEISD.



Tadhg: Tá gan amhras, a Dhonchadh, cuid acu dall
go maith fós, agus mar a deirir, ní cuid bheag é. Ach
is ró gheár an aimsir atá ó bhíodar go léir dall ar
fad, gan oiread agus aon léus amháin radhairc 'na
gceann.



Donchadh: Siné a mhillean mé. Cad fé ndeár an
daille? Nár chóir go dtuigfadh an t-é is lúgha tuis-
gint gur b' iad "daoíne is lúgha cial i n-Éirinn na
daoíne atá gan Bhéarla gan Ghaeluinn"? Ní'l aon
mheas ag aoinne ortha. Ní'l bluíre eagla ag aoinne
rómpa. Ní féidir dóibh choídhche aon tógáil cínn
fhághail amuich ná i mbaile. Agus féuch, a Thaidhg.
Ní mór le rádh an obair atá déanta fós againn do'n
Ghaeluinn, ach d'á luighead a tá déanta ambriathar
mhóide go bhfuilim 'ghá thabhairt fé ndeara cheana féin
go bhfuil sgáth agus eagla ag teacht ar lucht Béarla
roimis an muintir atá ag foghluim na Gaeluinne
agus 'ghá labhairt. Tá an mhórchúis ag imtheacht de
lucht an Bhéarla. Dá mba thall i Sasana féin é
airíghim go bhfuil atharúghadh mór ag teacht go tiugh ar
an dá thaobh ann, meas ag teacht ag muíntir na
Gaeluinne ortha féin, agus uraim ag teacht ag muín-
tir an Bhéarla dhóibh. Dá mbeadh an obair seo na
Gaeluinne ar siubhal le céad blian nú le cúpla céad
blian ní geabhfí de chosaibh i muíntir na h-Éirean mar
a gabhadh. Cad a dhall sinn le dhá chéad blian?



Tadhg: Sin ceisd nach fuiriste a réidhteach, a
Dhonchadh. Is dóich liom go raibh a lán neithe ag cur
le chéile chun sinn a dhalladh. Nuair a tháinig Crumuil
agus a shluagh ropairí anso anall go h-Éirinn cheapa-
dar 'na n-aigne an Creideamh a mhúchadh i n-Éirinn,
cóir cam díreach. Bhíodar tar éis an chínn a bhaint
de'n chéad Chormac. Thóg Éireanaig páirt le Séamus,
mar, dar leó, chosanóch' Séamus an Creideamh dóibh.
Spriosán ab eadh Séamus agus thug muíntir na
h-Éirean air an ainim ghrána a thuíl sé. Nuair a thuit
Luimneach d'imthig fir armtha na h-Éirean anonn sa
bhFrainc agus sa Spáinn agus do fágadh Éire fé
chosaibh a namhad. Ansan iseadh tháinig an léirsgrios


L. 54


ar fad. Do sgaoíleadh amach ar fuid na h-Éirean
sluagh bitheamhnach, dríodar catharach Lúnduin, agus
dúbhradh leó aoinne ná séanfadh a Chreideamh é mharbhadh
láithreach. Dhéineadar an marbhadh go fonmhar. Mhar-
bhuighdar óg agus aosda, fir agus mná, cailíní agus
buachailí. Mharbhuighdar an uile rud i bhfuirm duine
de shliocht Gaodhal d'ár fhéadadar teacht suas leis.
Do theip ortha ámhthach a chur fhiachaibh ar aoinne an
Creideamh do shéanadh. Chuir san lucht an Phárlimínt
ar buile. Thugadar órdúghadh, nuair ná h-iompóch'
muíntir na h-Éirean ó'n gCreideamh, iad a dhísgiúghadh
ar fad. Ansan do ghluais an marbhadh go dtí ná raibh
de shliocht Gaodhal beo i n-Éirinn ach tímpal le
h-oiread daoíne agus atá ag labhairt na Gaeluinne
anois i n-Éirinn. Bhí an tír go léir nách mór folamh ó
dhaoíne. Ansan do tugadh anall ó Shasana agus ó
Albain daoíne go raibh an creideamh Gallda acu agus
do tugadh an talamh dóibh.



Donchadh: Aililiú! Agus conus a thárla go raibh
naoi milliúin de Chaitilicíbh Gaodhalacha i n-Éirinn sar
a dtáinig an dubh ar na prátaí!



Tadhg: Bhí cúis mhírbhúilteach leis. B' é toil Dé,
na daoine a tugadh anall chun na tíre d'áitreabh i
n-inead na ndaoíne a marbhuígheadh go dtáinig droch
h-aicíd uathbhásach ortha a mhairbh iad 'na míltibh go
mb'éigion d'ár fhan beó acu ruith le 'n-anam as an
dtír. An t-é go dtagadh an aicíd air is amhlaidh do
lobhadh a chroicean agus a chuid feóla d'á chnámhaibh.
Feuch, sin leabhar* agat agus léig é agus tabharfidh
sé an cúntas go léir duit. Caithfar an chuid eile de
réidhteach na ceiste d'fhágáil go dtí an tseachtmhain
seo chugainn.



AN DALLADH.
Donchadh: Seadh ansan tu, a Thaidhg. Cad fé ndeár
an dalladh? Cad a dhall muíntir na h-Éirean i
dtaobh na Gaeluinne agus a chuir fhiachaibh ortha bheith
ag brise a gcroídhe a d'iaraidh í chaitheamh uatha agus
an Béarla briste ghlacadh 'n-a h-inead?



*History of the persecutions suffered by the Catholics of Ireland
under Cromwell and the Puritans. By the Rev. P. F. Moran, Convent
of Mercy, Callan.


L. 55


Tadhg: Nuair a bhí, mar adúbhart leat, Éire folamh
ó dhaoíne ach pé dríodar beag de'n tseana shíolrach a
bhí i bhfolach i gcnucaibh agus i gcoilltibh, do thuit nídh
eile amach. Bhí a bpágh gan díol leis na saighdiúiríbh
agus leis na h-oificeachaíbh a bhí tar éis seirbhíse
cogaidh a dhéanamh i n-Éirinn do Chrumuil agus do'n
Phárlimint. Ní raibh an t-airgead ann chun iad a
dhíol. Níor déineadh ach talamh na h-Éirean do raint
eatartha. Ansan ní raibh aon mhaith dhóibh sa talamh
mura bhféadfí daoine fhághail do shaothróch' an talamh.
Ní thiocfadh aoinne anall ó Shasana 'ná ó Albain
chun an tailimh do shaothrú' mar bhí an sgannra ortha
roimis an aicíd úd. I ndiaig ar ndiaigh b'éigion an
méid a bhí beó de mhuíntir na h-Éirean féin do
thabhairt amach as na cnucaibh agus as na coilltibh agus
an talamh a chur chúcha ar chíos agus leogaint dóibh é
shaothrú'. Ar an gcuma san do shocaruigh na daoíne
ar an dtalamh agus chómh luath agus shocaruighdar do
mhéuduighdar go tiugh. Sin mar a thárla naoi miliúin
acu bheith i n-Éirinn nuair a tháinig an dubh ar na
prátaí.



Ach tuig an méid seo, a Dhonchadh. Bíodh gur socar-
uígheadh ar an dtalamh iad chun an tailimh a shaothrú'
agus chun an chíosa dhéanamh do'n mháighistir, níor
tugadh aon tsaghas cirt dlíghe dhóibh. Ní raibh bac ar
an máighistir iad do chaitheamh amach as a dtighthibh aon
lá ba mhaith leis. Ní raibh bac air an cíos d'árdú'
ortha chómh minic agus ba mhaith leis é. Níor bh' aon
tairbhthe dhóibh gearán a dhéanamh. Bhí an dlígh go léir
i bhfabhar do'n mháighistir agus i gcoinnibh na ndaoíne.
Bhí cumas bháis agus bheatha ag an máighistir ar na
daoíne.



Ní raibh an sgéal abhfad ar an gcuma san nuair
fhás, nídh nár bh'iongna, an uile shaghas uilc as. Chrom
na máighistirí ar bheith ag cur na ndaoíne ag formad
le chéile féuchaint cé ba mheasa leis an máighistir, agus
chrom na daoíne ar bheith ag canntáil an tailimh ar a
chéile mar níor fágadh aon tslígh bheatha eile acu. Ba
gheár gur chuir an formad agus an canntáil an cíos
suas ortha go dtí gur fhás an sean fhocal acu:-



"Gorta agus ceairte a dhéinean cíos." Bhíodar
sásta, agus ba chreideamhaint leo é, bheith ag obair ó


L. 56


dhubh go dubh ar bheagán bídh agus fé bheagán éadaig,
ach go bhféadfidís an cíos a dhéanamh.



Nuair a bhí croídhe agus aigne na ndaoíne briste
brúighte ar an gcuma san i dtreó nár thuigadar féin
cad é an cos ar bolg a bhí déanta ortha agus d'á
dhéanamh ortha, isé rud a tháinig as dóibh fé dheire nár
fhan aon mheas acu ar aon nídh a bhain leó féin, ar aon
nídh Gaedhlach. Chonacadar os cómhair a súl, gach aon lá
'n tseachtmhain, ná raibh aon tógáilt cínn le fághail
choídhche ag aoinne ach ag an nduine go mbeadh focailín
éigin Béarla aige. Dá mba Bhéarla briste féin é b'
fheár é 'ná an Ghaeluinn, dar leó. Nuair a chuaidh an
méid sin 'na luíghe ar a n-aigne bhí an dalladh
déanta.



Donchadh: Bhí, agus níor dhalladh go dtí é.



Tadhg: Agus, mar a dúbhraís, tá cuid acu dall go
maith fós. Tá cuid acu chómh dall san gur baoghal ná
tiocfidh an radharc ceart go deó dhóibh.



Donchadh: Ná bac san. Tá an solus ana láidir,
agus ag neartú' iseadh 'tá sé.



LÁMH DÉ.



Tadhg: Is fíor dhuit sin. Tá an solus ana láidir,
agus ag neartú' atá sé. Ní beag de chómhartha ar an
neartú' san an tsochraid seo a bhí againn le déan-
aíghe.



Donchadh: 'Seadh, sochraid an Athar Eóghan. Ba
mhór an radharc í. Ní fheadar an raibh aon choinne
aige féin riamh go mbeadh a leithéid de shochraid aige.



Tadhg: Nuair a thug sé aghaidh ar an obair do
chonaic sé go dian mhaith cad a bhí roimis. Bhí fhios
aige ná raibh duine i n-Éirinn, go mór mór, aon duine
bunúsach, ná déarfadh láithreach ná raibh sa n-obair ach
fiantas. Chonaic sé an uile dhuine go raibh aon
ghustal aige, ag ruith i ndiagh galántachta Shasana.
Chonaic sé na daoine bochta ná raibh aon ghustal acu,
ag brise a gcroídhe ag ruith i ndiagh na ndaoine go
raibh. Chonaic sé, ar an gcuma san, clana Gaedhal
go léir ag sodar sa lathaig le sálaibh Shasana agus
gan aon mheas i n-aon chor acu ar Éirinn ná ar aon


L. 57


nídh a bhain léi. Thuig sé i n' aigne, dá leanadh an
dul amú san ar feadh tamail eile, dá leanadh sé go
dtí go mbéarfadh an bás leis an cainteóir déanach
Gaeluinne, go mbeadh clana Gaedhal sa lathaig go
deó, ag sodar le sálaibh Shasana. Thuig sé rud eile.
Thuig sé go raibh an dul amú chómh tiubaisteach san,
chómh coitchianta san, chómh ceapaithe sin, nár bh'fholáir
do dhuine croídhe leóin a bheith aige chun aon iaracht
a dhéanamh ar chosg a chur leis agus ar mhuíntir na
h-Éirean d'iompáil ar a leas. Bhí fhios aige go maith
go mbrisfadh an obair a chroídhe sa león bhuidhe féin.
Thuig sé go dian mhaith go marbhóch' an obair é. Ach
do thuig sé gur mhó d' olc an dul amú do leogaint
ar aghaidh 'ná pé rud d' imtheóch' air féin. Thug sé
aghaidh ar an obair. Dúbhairt gach aoinne go raibh sé
as a mheabhair. Níor chuir sé suím sa chaint. Do lean
sé ar an obair go dtí gur bhris croídhe an leóin. Ní'l
aon phioc d'á mhearathal orm, a Dhonchadh, ná gur thuig
sé, sar a bhfuair sé bás thall sa dúthaig iasachta, go
raghadh a shaothar chun cínn agus go gcurfí cosg leis an
ndul amú. Agus nuair a thuig sé an méid sin ní
fhéadfadh sé gan a thuisgint, nuair a chasfadh muíntir
na h-Éirean ó'n ndul amú, go dtuigfidís láithreach cé
thusnuig ar iad do chasadh. Isé mo thuairim, a Dhonchadh,
go raibh gach aon choinne aige go dtabharfí abhaile go
h-Éirinn a chnámha agus go mbeadh sochraid mhór 'ghá
dtabhairt abhaile.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Pé rud a thuig sé 'ná
nár thuig sé, níor thug aon fhear riamh aghaidh ar a
leithéid d' obair, agus an saoghal mór ceann ar aghaidh
'na coinnibh mar a bhí, mara mbeadh gur sprioc Dia
chuige é, moladh go deó leis!



Tadhg: Siní an chaint! Níor thug agus ní fhéadfadh
a thabhairt. Agus rud eile dhé. Dá dtugadh aon
fhear aghaidh ar a leithéid d' obair gan Dia 'ghá
spriocad chuige is amhlaidh a mharbhóch' sé é féin agus
ní bheadh blúire tairbhthe déanta aige. Ach nuair a
spriocan Dia duine chun oibre dhéanamh cabhruighean
Dia leis an nduine sin sa n-obair sin. Ní h-aon
iongna ansan pé rud imthíghean ar an nduine go
dtéidhan an obair chun cínn.



Donchadh: Dar fiadh, a Taidhg, ach is dóich liom, dá


L. 58


mb' é bás an duine é, go gcuirean sé an obair chun
cinn oiread agus a chuir saothar a bheatha chun cínn í.



Tadhg: Nuair a bhíon lámh Dé sa n-obair cuirean
gach aon rud an obair chun cínn.



Donchadh: Tá gach aon rud ag cur na h-oibre seo
na Gaeluinne chun cínn pé 'n Éirinn é, moladh go deó
le Dia!



RATH AN SGÉIL.



Tadhg: Is doimhinn an focal é siúd adúbhraís anso
an lá déanach, a Dhonchadh, agus go deimhin ní dóich
liom gur thugais féin fé ndeara méid an doimhnnis a
bhí ann.



Donchadh: Cad é an focal é, airiú? Pé rud
adúbhart ní cuímhin liom go raibh aon doimhnneas mór
mar sin i n-aon rud d'á ndúbhart.



Tadhg: Dúbhraís, dá mb'é an bás féin do theacht ar
dhuine é, go gcuirean sé an obair chun cínn oiread
agus chuir saothar a bheatha chun cínn í.



Donchadh: Dá n-abrainn go gcuirean a bhás an
obair chun cínn níos mó 'ná mar a chuir saothar a bheatha
chun cínn í bheadh an ceart agam i dtaobh sochraide
an Athar Eóghan. Is mó an spionadh chuir an tsochraid
sin i n-obair na Gaeluinne, is mó an leathadh a thug sí
do'n obair, is mó a tharaig sí súile na nGaedhal ar an
obair, amuich agus i mbaile, is mó a sprioc sí aigne
na nGaedhal chun na h-oibre dhéanamh, 'ná mar a dhein
aon phioc de shaothar an Athar Eóghan, ní h-eadh ach a
shaothar go léir, i gcaitheamh a bheatha.



Tadhg: Is fíor san, agus siné an chúis go ndúbhart
gur dhoimhinn an focal a dúbhraís an lá déanach.
Nuair a fuair an t-Athair Eóghan mac an Ghamhna bás do
cheap gach aoinne go raibh deire leis an obair. Ba
dhóich le h-aoinne gur cheart go mbeadh. Cad a bhí
chun na h-oibre choimeád ar siúbhal nuair a bhí an t-é
chuir ar siúbhal í imthighthe? Bhí 'fhios ag gach aoinne gur
bh'é a dhíthol féin í choimeád ar siúbhal an fhaid a mhair
sé. Cad a bhí chun í choimeád ar siúbhal 'n-a dhiaig?
Cé mheasfadh go ndéanfadh a bhás í choimeád ar siúbhal?
Cé mheasfadh go ndéanfadh a shochraid fuinneamh níos
mó chur inti 'ná mar fhéad sé féin riamh a chur inti an
fhaid a bhí sé beó?


L. 59


Donchadh: Mara raibh mo chaint-se doimhinn tá do
cheist-se doimhinn. Ní dhéinean an bás rud de'n
tsórd san i gcómhnuíghe. Déinean sé a mhalairt
díreach. Isé ár n-eólus riamh, má bhíon obair ar láimh
ag duine agus ná féadfadh aon duine eile an obair
sin a dhéanamh, má gheibhean an duine sin bás go
stadan an obair ar an áit sin.



Tadhg: Tá obair agus obair ann, a Dhonchadh. Nuair
a thugan leamhnú' Dé radharc do dhuine ar obair mhór
phoibilídhe, ar obair atá riachtanach do'n náisiún go
léir, agus nuair a spriocan Dia an duine sin chun na
h-oibre sin do dhéanamh, ar mhaitha leis an náisiún,
gan aon bhlúire tairbhthe saoghalta dhó féin, ach a
mhalairt, duagh agus trioblóid agus brise croídhe
agus brise sláinte agus dealbhas, agus bás i ndeire
na dála, tagan iongna ar dtúis ar na daoíne a chíon
an sgéal. Is ró dheacair leó a thuisgint conus fhéad-
fadh duine é féin a mharbhú' le h-obair agus gan pioc
d'á bhár aige. Ar ball nuair a chíd siad marbh dáiríríbh
é agus nuair a thuigid siad gur ar mhaitha leó féin a
thuit sé leis an obair, tagan árd uraim acu dhó agus
árd chion acu air. Ní stadan an sgéal sa n-áit sin
dóibh. Ní fhéadaid siad gan féuchaint isteach sa
n-obair féuchaint an fíor go bhfuil an tairbhthe go léir
inti. Osgalan san a súile dhóibh. Chíd siad tairbhthe
na h-oibre. Chíd siad conus mar a bhíodar go léir
ag ruith le fánaig ar a n-aimhleas. Chíd siad an deire
tiobaisteach a bhí rómpa agus a bhí i n-áirighthe dhóibh
go léir, agus i n-áirighthe go luath dhóibh, dá leanaidís
an tslígh a bhí acu agus an fuadar a bhí fútha. Chíd
siad ná raibh aon bhreith acu ar chasadh ó'n slígh sin 'ná
ar bhaint ó'n bhfuadar san mara mbeadh an t-aon fhear
amháin sin agus an obair a dhéin sé. Chíd siad gur
thug sé a anam chun iad d' iompáil ó n-a n-aimhleas.
Ansan ruithid siad agus tógaid siad a chnámha as an
uaig, abhfad siar sa dúthaig iasachta, agus tugaid
siad leó abhaile iad, le h-onóir agus le sochraid mhór,
agus - rath an sgéil go léir - socaruíghid siad
a n-aigne chun na h-oibre thusnuig seisean do chur
chun cínn go beacht.



Donchadh: Tá go maith. Ach nách mó duine a dhéin
obair mhór mhaith agus gur fágadh a chnámha sa dúthaig
iasachta?


L. 60


"IS BUAN FEAR 'NA DHÚTHAIG."



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Tá obair an Athar
Eóghan déanta. Tá a chnámha tabhartha abhaile go
h-Éirinn agus onóir mhór tabhartha dhó, agus sochraid
mhór. Ach ní fheicim-se gur ró mhór an tairbhthe an
tabhairt amach go léir 'ná an obair seo go léir atá ar
siúbhal i dtaobh na Gaeluinne.



Tadhg: Achaidhe! Airiú cad é seo anois ort?



Donchadh: Tá mo dhá dhóithin orm. Cad é an tairbhthe
dhúinn go léir beith 'ghár marbhadh féin ag saothru' na
Gaeluinne agus gur geár, do réir an fhuadair atá fé
mhuintir na h-Éirean, ag imtheacht 'na sluaighte thar
na fargíbh, ná beidh duine de shliocht Gaedhal i n-Éirinn
chun na Gaeluinne do labhairt. Is ait a bheidh an
sgéal againn ar ball, an Ghaeluinn againn agus gan
aoinne againn a labharfadh í!



Tadhg: Bím féin ag cuímhneamh ar an dtaobh san
de'n sgéal go minic, a Dhonchadh, agus bíon sé ag
déanamh buartha dhom ar a lán slighthe i n-éagmuis an
díobhála atá aige dh'á dhéanamh do'n Ghaeluinn. Táid
na daoíne, mar a deirir, ag imtheacht 'na slóightibh thar
na fargibh agus ní thugaid siad uain dóibh féin ar
chuímhneamh i n-aon chor roim ré ar cad 'tá rómpa
thall. Dá mbeadh 'fhios acu cad 'tá thall rómpa ní
bheadh oiread dithinis anonn ortha. Is mór an truagh
iad; buachailí óga nár dhein riamh sa bhaile oiread
agus aon lá amháin d'aon obair go bhféadfí sclábhui-
gheacht dhian a thabhairt uirthi, ag dul siar go h-America
agus ag luíghe isteach láithreach i n-obair mharbhuightheach,
fé spéir mhí-nádúrtha, gan truagh ná taise dhóibh ach
oiread agus dá mbeidís déanta d'iaran.



Donchadh: Dar fiadh ach ní h-é sin an ceann is
measa dhé. Bíd siad ansúd ar shráidibh na gcatharach
mór agus iad ag tuitim le h-ocras agus le tart
agus gan an obair mharbhuightheach féin acu le fághail
chun bídh 'ná díghe do thuileamh dóibh féin. An t-é go
mbíon sé de sheans air an obair mharbhuightheach
d'fhághail cuirfidh sé suas le h-aon tsaghas droch
úsáide níos túisge 'ná mar eíreóch' sé as an obair, le
h-eagla nár bh'fios cathain a gheabhadh sé airís í.



Tadhg: 'Seadh, agus an mhuíntir a thugan an obair
dóibh le déanamh tuigid siad go maith go bhfuil san


L. 61


amhlaidh agus nách gá dhóibh staonadh ó aon tsaghas
droch úsáide d'imirt ortha 'ná ó aon tsaghas tarcaisne
thabhairt dóibh, mar nách baoghal go n-eíreóchaid siad as
an obair. Bíon a rian air. Bristear a gcroídhe
istig annta. Bristear a sláinte. Ansan caithtear
amach as an obair iad mar ní bhíd siad ábalta ar an
obair a dhéanamh. Tagan an bás ortha gan cáirde ró
fhada. D'fhágadar Éire mar dh'eadh go ndéanfidís
saidhbhreas thall agus go dtiocfidís abhaile 'na ndaoíne
uaisle. Ní ró fhada a bhíodar thall nuair a bhí a
mhalairt de sgéal acu, iad do mharbhadh le h-obair
agus iad do chaitheamh i bpoll, nú iad do mharbhadh le
h-easba oibre agus le h-easba bídh, agus iad do
chaitheamh i bpoll. Ní fheadar an neósfar go deó cad
é an méid d'fhuil agus d'fheóil agus de chnámhaibh
Éireanach, d'fhuil agus d'fheóil agus de chnámhaibh do
beathuigheadh agus do tógadh i n-Éirinn le cion agus
le mórchuid aireachais, atá curtha ag leasúghadh an
tailimh thall i n-America le céad blian.



Donchadh: "Quae caret ora cruore nostro?"



Tadhg: "Cá bhfuil an tír gan fuil ár ndaoíne air?"



Dúbhairt an file mar sin é. Is féidir linne an chaint
chéadna do rádh, ach tá deifrigheacht mhór idir an dá
chial. D'fhág na Rómhánaig rian a gcod' fola ar thíor-
thaibh an domhain, ach d'fhágadar rian a lámh leis ar na
tíorthaibh sin. Chuireadar a smacht ar na tíorthaibh sin
agus thugadar leó abhaile saidhbhreas agus olmhathas na
dtíortha san. Ní mar sin dúinne. Má tá rian ár
gcod' fola ar thíorthaibh an domhain is ag tíorthaibh an
domhain atá a thoradh agus ní h-againne. Dá bhfanadh
ár ndaoíne sa bhaile agus aire thabhairt d'Éirinn; dá
ndeinidís i n-Éirinn obair leath chómh dian agus caithidh
siad a dhéanamh sa dúthaig iasachta, bheadh saoghal níos
feár acu, saoghal níos sia, saoghal níos tairbhthíghe.
Gheabhdís uraim agus meas agus cion ameasg na
gcómharsan. Gheabhadh Éire tairbhthe agus sochar a
mbeatha, agus nuair a thiocfadh an bás ortha, nuair ba
thoil le Dia glaodhach ortha, gheabhdís sagart agus ola
agus aithríghe, agus gheabhdís uaigh bhreagh chúrtha bhean-
uighthe i roilig a sínsear, i n-inead an phoíll ghrána
thall i n-America, gur cuma é nú an poll a déanfí
do'n bheithigheach allta!


L. 62


"ABHAILE - MÁ FHÉADAIM É!"



Donchadh Cogar, a Thaidhg, na daoíne seo atá ag
imtheacht leath-chraiceálta, ag brise a gcos a d 'iaraidh
teacht suas le h-oiread airgid agus bhéarfadh anonn
go h-America iad, an bhfuil 'fhios acu cad 'tá rómpa
thall?



Tadhg: Ínstear dóibh cuid dé go minic ach ní
thugaid siad uain dóibh féin ar an sgéal do bhreithniú-
ghadh i gceart. Daoíne óga iseadh a bhformhór. Ní
chuímhníghean an duine óg choídhche ar chruadhtan an
tsaoghail. Bíon an misneach 'na chroídhe, misneach na
h-óige. Airíghean sé daoíne 'ghá rádh go bhfuil obair
chruaidh thall i n-America. Ní chuirean san aon eagla
air. Tá lúth agus neart agus fuinneamh ann. Ní'l
blúire eagla aige roim aon tsaghas oibre, bog 'ná
cruaidh. Ní mór 'ná gur b' í an obair chruaidh ab fheár
leis. Is dóichíghe, dar leis, gur b' í an obair chruaidh
is feár a dhíolfidh págh. Tugtar cómhairle dhó, fan-
mhaint sa bhaile agus a phágh thuileamh sa bhaile. Preit!
Ní bíon aon mheas ar an gcómhairle sin aige. Ní
foláir leis radharc fhághail ar an saoghal. Airíghean
sé tuairisgí móra ó n-a leithéid seo agus ó n-a
leitéid siúd, buachailí a chuaidh anonn chúig bhliana ó
shin nú deich mbliana ó shin. Ní shasóchaidh an saoghal é
go dtí go bhfeicfidh sé le n-a shúilibh an dúthaigh áluinn
uasal gur airigh sé na tuairisgí go léir air. Gan
amhras d'airigh sé, anois agus airís, cogar beag a
chuirfadh 'na luíghe air nách cathair mar a thuairisg ar
fad an áit thall; go dtuitean rudaí grána amach ann
uaireanta; go gcaithfadh duine codla ar an sráid
ann uaireanta mura ráineóc' go mbéadh airgead.
aige chun díol as a lóisdín; nách ionan é agus bheith i
n-Éirinn mar a bhfaghadh duine bheith istig pe 'cu bhéadh
airgead aige nú ná béadh; go bhfaghadh duine bás do'n
ghorta ann agus an bia ansúd os cómhair a shúl agus
ná leómhfadh sé sméide air 'ná baint leis. Ach ní
thugan sé cluas do chogar de'n tsórd san. Fanan
an cogar istig i n'aigne, amhthach, agus nuair a théidhan
sé anonn faghan sé amach, nuair a bhíon sé ró dhéanach
aige, gur sa chogar a bhí an fhírnine, agus nách sa


L. 63


mhustar agus sa bhladhman, agus ins na tuairisgibh
móra ar an saidhbhreas a bhí le déanamh thall i
n-America, mar dh'eadh.



Donchadh: Is dócha go mbíon "rachad abhaile má
fhéadaim é!" agá lán acu.



Tadhg: Bhéadh sé ag cuid acu go luath taréis dul
anonn dóibh, dá mbéadh aon chaoi i n-aon chor acu ar
theacht abhaile, ach ní bhíon. Ní féidir dóibh "má
fhéadaim é" do rádh mar ní bhíón aon fhághail i n-aon
chor acu air.



Donchadh: Agus cad d'imthíghean ar an misneach go
léir a bhí acu ag fágáilt na h-Éirean dóibh?



Tadhg: Ní fheacaís aon nídh riamh, a Dhonchadh, is
tapamhla bhainfadh misneach díot 'ná bheith i mbaile
mór iasachta gan pingin ad phóca agus gan aoin
tsuím ag aoinne ionat. Bhéadh an sgéal olc a dhóithin
agat anso i n-aon bhaile mór i n-Éirinn, ach is seacht
measa é thall i n-America. Déanfar duit i n-Éirinn
gach ar ceart a dhéanamh do Chríosdaíghe, ach thall
ansúd, mura mbeidh airgead ag duine ní'l ann ach
beithígheach allta.



Donchadh: Agus cad é an donas atá ortha ná fanan
sa bhaile má 'seadh!



Tadhg: An donas a bhíon i gcómhnuighe ar an t-é ná
féuchan roimis.



"FLATHAS DÉ AR AN DTALAMH SO."



Donchadh: Bíon, gan amhras, an donas arna daoíne
ná feuchan rómpa. Ach dar ndó tá fhios ag an
saoghal ná téidhan daoíne anonn go h-America gan
feuchaint rómpa.



Tadhg: Is dóich leis an t-é théidhan amú gur fhéuch
sé roimis go maith. Níor fhéuch, ámthach. Dá bhféuchadh
ní raghadh sé amú.



Donchadh: Ní fheadar é sin, a Thaidhg. Is 'mó duine
fhéuch roimis go h-ana mhaith agus i n-aimhdheóin a dhíthil
gur tháinig rud éigin 'n-a shlígh a chuir amú é.



Tadhg: Bhuailis do mheur air, a Dhonchadh, a mhic ó.
Na daoíne óga so a théidhan go h-America, is dóich go
mbíon féuchta rómpa acu go h-ana mhaith, ach tagan


L. 64


rud sa tslígh ortha a chuirean amú iad, agus ní h-aon
rud amháin é. Is 'mó rud a bhíon ag teacht sa tslígh
ortha agus 'ghá gcur amú. Ar dtúis; is lag le mac
feirmeóra i n-Éirinn dul agus lá oibre dhéanamh do 'n
fhear atá ar an dtaobh thall de'n bhaile agus a phágh
lae a ghlacadh as. Bhéadh an págh maith go leór agus
ní bhéadh an obair ró dhian. Pé págh a gheabhadh sé as
an obair ní thabharfadh sé le rádh dos na cómharsain go
mbeadh sé ag obair ar a phágh lae. Sin uabhar. Ní
h-indiu 'ná indé thusnuig uabhar ar dhaoine chur amú,
a Dhonchadh. Raghaidh an fear san anonn go h-America
agus raghaidh sé ag obair láithreach ar a phágh lae, agus
is ró mhaith leis an págh dh'fhághail. Uabhar, a Dhonchadh,
agus eirígh'n-áirde iseadh atá ag imirt ar a lán de
dhaoínibh óga na h-Éirean an aimsir seo, agus 'ghá
gcur amú. An t-é go mbeidh uabhar agus eirígh'n-áirde
air ní ró fhuiriste dhó féuchaint roimis nuair a bheidh
beart chontabharthach curtha roimis aige.



Tá rud eile 'ghá gcur amú, rud a dheinean cabhrú'
leis an uabhar agus leis an eirígh'n-áirde. Na buachailí
agus na cailíní ná leogfadh uabhar agus eírígh'n-áirde
dhóibh claoidh le gnó 'ná le h-obair 'ná a mbeatha
thuileamh i n-Éirinn, agus d' imthig anonn go h-America
deich mbliana ó shin nú fiche bliain ó shin, nú b'fhéidir
leath bhliain ó shin, táid siad thall anois agus iad ag
dul 'on ghorta le h-easba oibre nú d'á marbhadh le
h-obair ró dhian, agus ní leogfadh an t-uabhar agus
an t-eirígh'n-áirde céadna dhóibh an fhírinne dh'insint
do'n mhuíntir atá sa bhaile. Nuair a gheibhid siad aon
chaoí ar litir a chur abhaile ní bhíon de phort acu ach ag
moladh na h-áite thall i dtreó gur dhóich le duine gur
b'é flathas Dé ar an dtalamh so é. Nuair a léightear
an litir do lucht an uabhair agus an eirígh'n-áirde sa
bhaile, preit! ní foláir leo imtheacht anonn láithreach
mar a mbeidh saoghal daoíne uaisle acu, ithe agus ól,
éudach nua, airgead agus ór 'na shligirínibh ar na
bóithribh, gan le fághail d'á dhuagh ach cromadh agus é
phiocadh suas! Téighid siad anonn. Chíd siad an t-é
do sgríbh' an litir. Ní gá dhóibh féuchaint an tarna
h-uair air. Bhí pluic air, agus ceann feóla, sar ar
fhág sé Éire. Táid na pluic imthighthe. Tá an fheóil
imthighthe. B'fhéidir, má 's duine as an gcéad é, go


L. 65


bhfuil obair aige, obair dhian, agus go bhféadan sé
éadach glan a choimeád air féin nuair ná bíon sé
sáidhte ar mhulach a chínn sa n-obair. Ní raibh sé ach
ocht mbliana déag nuair fhág sé Éire. Tar éis a dheich
mblian feuchan sé deich mbliana a's dachad! Ansan
iseadh adeir an greenhorn leis féin nach cathair mar
a thuairisg America. B'fhéidir go dtabharfadh an
seanduine so na ndeich mblian cúpla béile bhídh do'n
greenhorn, ach nuair a bheidh an méid sin déanta is ró
thapaidh agus is ró thur a déarfidh sé leis nách foláir
do gach aoinne a bheatha bhaint as alus a ghéug i
n-America. Ansan iseadh gheibhean an greenhorn amach
cad é an saghas an "flathas Dé ar an dtalamh so."



Nár dhóich leat, a Dhonchadh, go sgrí fadh an greenhorn
san abhaile agus go ndéarfadh sé leis an muintir fhág
sé na dhiaig fanmhaint sa bhaile? Ní dheinean.
Cuirean sé leitir abhaile 'ghá rádh le gach aoinne
ná fuil aon áit sa domhan chómh h-áluinn le h-America,
gur b'é flathas Dé ar an dtalamh so é.



AN CLIABHÁN.



Donchadh: Féuch airiú, a Thaidhg. An bhfeacaís an
rud so sa Leader?



Tadhg: Ní fheaca. Cad é an rud é?



Donchadh: Is eól duit go bhfuil saghas úirlise a
ceapadh le déanaíghe, úirlis ar a dtugtar gramaphón,
agus dá labhradh duine isteach ann agus ansan é chur
ar siúbhal, go dtiocfadh an chaint chéadna amach as, i
dtreó gur dhóich leat gur bh' é an duine céadna bhéadh
ag rádh na cainte an tarna h-uair.



Tadhg: Ach, seana sgéal iseadh é sin. Tá sean-
aithne ag gach aoinne anois ar an úirlis sin. Ba mhór
an iongna é nuair a tháinig sé amach ar dtúis, ach ní
dheinean aoinne aon iongna anois dé.



Donchadh: Ach féuch cad deir an fear sa Leader
mar gheall air.



Tadhg: Cad 'deir sé?



Donchadh: Deir sé, dá mbéadh úirlis acu san ar
tinniol i n-áit 'na mbéadh Gaedhilgeóir maith éigin ag
déanamh cainte poibilídhe go nglacfadh an úirlis an


L. 66


chaint agus ansan go bhféadfí an úirlis a bhreith mór
thímpal na h-Éirean agus do chur an siúbhal i n-áit-
eanaibh ná fuil aon fhocal Gaeluinne ag daoíne, agus
go n-aireóch' na daoíne sin an Ghaeluinn d'á labhairt
as an ngramaphón díreach mar aireóchaidís í d'á
labhairt amach as béul an duine féin dá mbéidís
láithreach. Mar sin go dtiocfadh a gcluasa isteach
ar fhuaim agus ar bhlas agus ar ghuthuígheacht na cainte,
chómh maith agus dá mbéidís ag éisteacht leis an
nduine ag caint.



Tadhg: Is maith an cuímhneamh é. Tá súil agam ná
fanfidh sé 'n-a chuímhneamh ach go mbeidh sé de thiúsgal
i nduine éigin é chur i ngníomh.



Ach cuirean sé i gcuímhne dhom, a Dhonchadh, rud atá
am aigne le fada. Tá nídh tagaithe chun soluis do'n
mhuíntir go mbíon ortha bheith ag múine na Gaeluinne
ins na sgoileanaibh le déanaíghe. Is nídh é gur fiú
dhúinn é thabhairt fé ndeara agus é bhreithniú' go maith.
Sidé é. Má labharthar focal Ghaeluinne isteach i
gcluais leinbh chúig mblian, déarfidh an leanbh an
focal láithreach gan aon trioblóid. Má labharthar an
focal céadna isteach i gcluais buachala chuig mblian
ndéag ni déarfidh sé an focal sa cheart gan mórán
trioblóide. Má deirtear "Gaeluinn" i gcluais an
leinbh déarfidh sé láithreach, "Gaeluinn," díreach mar
airigh sé an focal. Déarfidh buachail na gcúig mblian
ndéag, "gay-ling," nú, "gale- ing," nú rud éigin
de'n tsaghas san. B'fhéidir go mbéadh sé leath an
lae ag gabháil dó sar a dtabharfadh sé an focal leis i
gceart. Uaireanta eíreóchaidh sé as agus déarfidh
sé, "I couldn't ever learn it!"



Is léir ó'n méid sin, dá mbéadh Gaeluinn d'á
labhairt isteach i gcluais an bhuachala san ó'n lá a
cuireadh sa chliabhán é, go n-eíreóch' sé suas oilte ar
an gcaint, a gan fhios dó fhéin. Ní bhfaghadh sé aon
bhlúire de'n trioblóid 'ná de'n duagh 'ná de'n bhrise
croídhe a gheibhean daoíne a bhíon ag foghluim na
Gaeluinne nuair a bhíd siad eírighthe suas. Féuch
aleith orm, a Dhonchadh. Béarla briste os cionn an
chliabháin iseadh dhein an donus ar an nGaeluinn ar
dtúis. Isé 'tá 'ghá dhéanamh fós. Gaeluinn bhreágh
bhog bhlasta do chur dh'á labhairt os cionn an chliabháin


L. 67


iseadh do leighisfidh an donas san anois. Caithfar an
obair do thusnú' ag an gcliabhán, a Dhonchadh. Isé an
cliabhán an gramaphón dáiríríbh. Má tugtar Gaeluinn
do'n leanbh sa chliabhán, agus ó'n gcliabhán go dtí go
mbeidh sé chúig bhliana déag, beidh Gaeluinn go deó
aige. Beidh sí aige gan blúire trioblóide. Ní
Gá dhó aon phioc d'á duagh fhághail. Ní raghaidh sé as a
taithíghe mar a théidhean daoíne anois as a taithíghe,
mar beidh meas uirthi agus beidh sí d'á labhairt ins gach
áit 'nar féidir í labhairt, agus beid na leabhair Ghael-
uinne ag teacht amach coitchianta, ar shálaibh a chéile,
agus caoi aige ar iad do léighe. Deirim leat, a
Dhonchadh, gur b' é an cliabhán an gramaphón.



Donchadh: Tá go breágh, a Thaidhg. Ach conus a chuir-
fir-se Gaeluinn d'á labhairt os cionn cliabhán i n-áit
nár labhradh focal Gaeluinne le trí fichid blian!



Tadhg: Bíodh lá eile againn chuige sin, a Dhonchadh.



CRÓNÁN.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, cad é siúd a bhí agat le
rádh an lá deireanach i dtaobh an ghramaphóin?



Tadhg: Ní h-i dtaobh an ghramaphóin a bhí sé le rádh
agam ach i dtaobh an chliabháin. Céad blian ó shin, nú
mar sin, ní raibh leanbh i gcliabhán i n-Éirinn gan
crónán éigin de'n tsórd so ar siúbhal os cionn a
chínn.



"Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla;



Seo-ín seó, bhú leó leó;
I mbairlín lín 's i súisín olna, (pr. olla.)
Seo-ín seó, bhú leó leó."



"Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla;



Seo-ín seó, bhú leó leó;
I gcliabhán óir ar úrlár shocair.
Seo-ín seó, bhú leó leó."



"Siúd mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodla;



Seo-ín seó, bhú leó leó;
I mbár na gcraobh, 's an ghaoth 'ghá bhogadh.
Seo-ín seó, bhú leó leó."


L. 68


Donchadh: Is iongantach an cuímhne atá agat, a
Thaidhg! Is fad 'bhliantaibh anois nár airígheas an
crónán san. Bhí sé imthighthe as mo cheann glan.



Tadhg: "Is fada cuímhne i gceann leinbh," a
Dhonchadh. An fhaid a lean an crónán san, nú crónán
éigin d'á shórd, os cionn an chliabháin i n-Éirinn do
lean an Ghaeluinn i gcroidhe agus i n-aigne an leinbh
agus do choimeád sí seilbh ann. Ach do tháinig an
t-atharú'. Tháinig an dúil ag na mnáibh sa Bhéarla.
Chaithadar uatha an crónán breágh ceólmhar, bríghmhar a
tháinig chúcha ó n-a máithreachaibh féin agus ghlacadar i
n' inead an rud so.



"Hush a by baby on de three teap.
Fun de vind blow de cradle dote rock,
Fun de bow brake de cradle dote fall,
An' doon come baby, cradle an' all."



A! a Dhonchadh, a chreach láidir é! Do cuireadh an
béarla briste ar an gcuma san isteach go daingean i
n-aigne agus i gcroídhe an leinbh agus do choimeád an
Béarla briste seilbh. D' eírigh an leanbh san suas,
agus pé treó 'nar thug sé aghaidh do lean an lóipín ar
a theangain agus ní raibh roimis ins gach aon bhall ach,
"No Irish need apply."



Donchadh: Ach cogar, a Thaidhg. Nár bh'fheara dhó an
Béarla briste féin 'ná gan aon fhocal Béarla bheith
aige? Ar neóin ní fhéadfadh sé aghaidh a thabhairt ar
an saoghal i n-aon chor gan saghas éigin Béarla bheith
aige.



Tadhg: Dá bhfágtí an Ghaeluinn aige 'n-a h-iom-
láine, mar a bhí sí agá mháthair, agus dá múintí dhó,
nuair a chuaidh sé ar sgoil, conus a brígh agus a neart
do thuisgint agus do bhreithniú' thabharfadh san radharc
agus solus agus éirim aigne dhó i dtreó go dtiocfadh
leis, as a bhreitheamhantas féin, an Béarla briste do
shlánú'. Ansan is amhlaidh a bhéadh caint a shinsear
aige ar áileacht agus bhéadh an Béarla aige níos feár
agus níos cruinne 'ná mar a bhíon sé ag formhór
mhuintir Shasana féin. Ní mar sin a déineadh. Do
baineadh an Ghaeluinn de'n leanbh agus níor tugadh i
n-aon chor dó 'n-a h-inead ach an Béarla briste. Do
fágadh chómh dall san é ná feidir sé riamh cia' cu slán
nú briste a bhí an Béarla aige.


L. 69


Donchadh: Deir a lán gur b'iad na sgoileana Gallda
so fé ndeár é sin, ach ba dhóich le duine ortsa go
measan tú gur b'iad mná na h-Éirean fé ndeár é.



Tadhg: D' airígheas fear ag labhairt le leanbh a bhí
aige. "Imthigh amach, a Shéamuis," ar seisean, "agus
cas chúghainn isteach na ba go gcrúidhtear iad." Bhí
máthair an leinbh ag éisteacht leis. Do labhair sisi.
"Run oot, Jamzheen," ar sisi, "an' twist the coos
in ti' weel milk um." D' fhéuch sí ar a fear go
míchéadtach. "Nár chóir," ar sisi, "go labharfá
focailín Béarla leis an leanbh bocht san!"



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach, nuair a bhíos-sa
am gharsún, is dóich liom, dá dtugadh aoinne "Dinis-
sheen" orm go mbainfinn an t-anam as!



Tadhg: Is maith an bhail ort go raibh máthair chialmhar
agat, a Dhonchadh; bean go raibh Gaeluinn bhlasta aici
agus Béarla blasta. Thug sí dhuitse iad araon. Mura
mbéadh í bhéadh sé thiar ort, a mhic ó. Beanacht Dé le
n-a h-anam!



Donchadh: Amen, a Thighearna!



BÉARLA SLÁN AGUS BÉARLA BRISTE.



Donchadh: Agus inis an méid seo dhom, a Thaidhg.
Cad ba ghá an Béarla briste riamh? Nuair a thusnuigh
na mná ar dtúis ar an mBéarla do labhairt os cionn
an chliabháin, ná béadh sé chómh maith acu Béarla slán
do labhairt?



Tadhg: Cheapadar féin, a dhuine, go raibh sé chómh
slán agus d'féadfadh sé bheith. Ní raibh aon leigheas
acu ar é bheith briste. Dhéineadar chómh slán é agus
d'fhéadadar é déanamh. Dhéineadar a ndíthol ar é
labhairt go cliste agus go snuighte agus go cabanta,
dar leó.



Donchadh: B' é sin an díthol aindeis! Is 'mó
Béarla grána a labharthar ar fuid an domhain. Labhran
an Yank Béarla grána, Béarla atá caoch-shrónach i
dteannta bheith briste. Labhran fear Australia
Béarla a bhíon ag poc-léimirigh ar nós an cheangarú.
Labhran an t-Albanach Béarla grána, Béarla a chuir-
fadh i gcuimhne dhuit gabhar a bhéadh ag ithe agus ag


L. 70


meigiolaigh i n-aonfheacht. Dá siúbhlófá Sasana féin
i n'fhódaibh caola, ní'l condae ann, ní'l 'ná paróisde,
ná faighfá Béarla grána fé leith d'á labhairt ann. Ach
ortha go léir ní'l aon tsaghas cainte, briste 'ná slán,
atá leath chómh grána, leath chómh h-aindeis, leath chómh
tiubaisteach le Béarla briste na h-Éirean. Ní
fheadar an tsaoghal cad fé ndeara do mhnáibh na
h-Éirean a leithéid de dhúil a bheith acu ann, nú cad
fé ndeara dhóibh bheith 'ghá labhairt le n-a gclainn.



Tadhg: Is fíor do chaint, a Dhonchadh. Ní'l aon
tsaghas cainte ag teacht amach a' béal duine chómh
grána le Béarla briste na h-Éirean. Ach tá nídh ag
baint leis is measa go mór agus is tiubaistíghe 'ná a
ghráinneacht de chaint. Is nídh é atá agam 'á thabhairt
fé ndeara le fada 'bhliantaibh. Sidé é. Má tógtar
duine ó n' óige le Gaeluinn bhlasta, bíodh go mbéadh
Béarla briste d'á labhairt leis ar sgáth na Gaeluinne,
labharfidh sé Béarla ceart, chómh maith le Gaeluinn
cheart, nuair eíreóchaidh sé suas. Beidh blas an
Bhéarla ar an mBéarla aige agus beidh blas na
Gaeluinne ar an nGaeluinn aige. Nuair a labharfidh
sé Béarla taithnfidh a chaint le lucht Béarla. Nuair
a labharfidh sé Gaeluinn taithnfidh a chaint leis na
Gaedhilgeóiríbh is feár. Ach an fear nár airigh riamh,
ó'n lá thainig sé ar an saoghal, ach an Béarla briste
seo atá i n-Éirinn againn, da ngabhadh sé tré sgoil-
eanaibh an domhain, agus tré choláistibh an domhain,
agus dá bhfoghlumóch' sé a bhfuil de laidion agus de
Ghréigis agus d'urlabhra uasal eile sa domhan, ní
bhainfadh an sgolaídheacht go léir lóipín Bhéarla bhriste
na h-Éirean d'á theangain.



Donchadh: Seadh, agus sin iad muíntir na h-Éirean
féin, le breis agus céad blian, agus gan 'ghá mbaint
de'n tsaoghal ach conus a thiocfidís ar an n-Gaeluinn
a bhaint a' béal an leinbh agus gan aon tsaghas cainte
fhágáilt aige 'n-a h-inead ach an Béarla briste céad-
na san! Sgannra ortha le h-eagla go loitfadh an
Ghaeluinn pé Béarla fhéadfadh an leanbh d'fhoghluim!
Iad ar a gcroídhe díthil a d'iaraidh an oilc do sheachaint
agus i n-inead an oilc do sheachaint iad ag dul ar
mhulach a gcinn isteach sa n-olc. Iad féin agus an
maighistir sgoile ag marbhadh na leanbh a d'iaraidh a


L. 71


chur fhéuchaint ortha an Ghaeluinn bhlasda do chur as a
mbéal le h-eagla go loitfadh sí a gcuid Béarla agus
iad ag tachtadh na leanbh gcéadna leis an mBéarla
briste do loit go deó iad, ní h-amháin 'na gcuid
Béarla ach 'na gcial agus na n-aigne agus 'na
n-íntinn. Is éachtach an sgéal é.



Tadhg: Bhí a lán daoíne nár dhéin an dearmhad san,
a Dhonchadh. Bhí aithne agam-sa ar dhaoíne ná lamhálfadh
aon fhocal Béarla briste do labhairt i láthair a
gclainne. Caithfadh sé bheith 'na Ghaeluinn bhlasta acu
nú 'na Bhéarla cheart. Dá n-aireóchaidís focal Béarla
briste i láthair na leanbh bhéidís chómh mór ar buile
agus bheidhthá-sa dá dtugtí "Dinisheen" ort.



Donchadh: Is truagh ná rabhdar go léir mar sin!



UM NODLAIG



míle, naoí gcéad, a trí.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, a sheana bhuachail, sin
Nodlaig eile buailte leat.



Tadhg: Tá, a mhic ó. Is iongantach an cosanáirde
a dhéin an bhliain. Ní fheadar an tsaoghal conus a
dh'imthigh an aimsir chómh tapaigh.



Donchadh: D'imthigh sí tapaigh go leór gan dabht.
Ach d'á ghioracht an mhaíll uirthi imtheacht ní baoghal 'ná
gur dhéin sí a cion féin de'n obair is gnáth le h-aimsir
a dhéanamh. Do leag sí crainn agus chuir sí crainn
ag fás. Dhéin sí daoíne bochta saidhbhir agus dhéin sí
daoíne saidhbhire bocht. Chuir sí adharca ar ghamhnaibh
agus chuir sí féasóg ar bhuachailíbh. Chuir sí leanbhaí i
gcliabhánaibh agus chuir sí sean daoíne i gcómhranaibh,
gura' maith an mhaise dóibh é!



Tadhg: Cé dhóibh? Dos na leanbhaí ins na cliabh-
ánaibh nú dos na sean daoíne ins na cómhranaibh,
cia 'cu?



Donchadh: Do gach taobh acu, amuighe!



Tadhg: Pé rud a dhéin sí i gchaitheamh na bliana so
atá caithte againn ní baoghal 'ná gur fhliuch sí go
maith é. Ní cuímhin liom a leithéid de bhliain le fliche.
Ní fheadar ar dhéin sí puínn daoíne bochta saidhbhir ach
tá 'fhios agam gur chreach sí a lán. Caithfar bheith


L. 72


sásta le toil Dé, ámhthach. Bhí aithne agam ar shean
duine fadó agus dá mbeadh lá fliuch, fuar ann ní
lamhálfadh sé d'aoinne a rádh, "Is olc an lá é."



Donchadh: Agus dar nóin, ní h-amhlaidh a mheasfadh
sé dhom a rádh, "Is breágh an lá é," nuair a bhéadh an
lá fuar fliuch.



Tadhg. Déarfadh sé leat, "Tá an lá mar is toil
le Dia é bheith, agus aon nídh atá mar is toil le Dia é
bheith ní féidir é bheith go h-olc." D'éistfá ansan.



Donchadh: Ambriathar go n-éistfinn. Ach féuch, a
Thaidhg. Cad is dóich leat d'ár n-obair féin, an obair
seo na Gaeluinne, tar éis na bliana? Is cuimhin
leat an t-athlú' úd. "Gura seacht feár a bheidhmíd
bliain ó 'nocht, agus mura feár nára measa!" An
bhfuilimíd "níos seacht feár"? Nú an bhfuilimíd
"níosa mheasa?"



Tadhg: Tá a lán oibre déanta. Tá a lán daoíne
t'réis tusnú' ar an nGaeluinn d' fhoghluim, agus
ansan t'réis eíríghe aiste, agus ansan t'réis tusnú'
airís uirthi. Leanfid siad dí sa deire, is dóich liom.
Tá raint mhaith de leabhraibh maithe Gaeluinne tagaithe
amach, agus tá cuid mhaith daoíne ábalta ar iad do
léighe.



Cúig nú sé bhlianaibh ó shin bhí, is dóich liom, cúigear
nú seisear a bhí chómh ceapaithe sin ar an obair do
chur chun cínn go raibh socair 'na n-aigne acu go
n-imireóchaidís a n-anam sa chluiche. Ní dóich liom go
raibh thar cúigear nú seisear díobh san sa n-obair sé
bliana ó shin. Bliain an taca so, dá mbainteá fiche
duine as a raibh sa n-obair de'n aicme sin ní dóich
liom go mbeadh puínn ag dhiaig. Isé mo thuairim
láidir, chómh fada agus a théidhan daoíne de'n tsórt
san, daoíne a deir 'na n-aigne féin, "Beidh an
Ghaeluinn beó nú ní bhéad-sa beó," go bhfuilimíd
"níos seacht feár" anois 'ná mar a bhíomair bliain
an taca so.



Donchadh: Moladh go deó le Dia! Sin é mo thuairim
féin leis. Ach nuair a chím spriosáin ag ruith isteach
sa n-obair agus oiread san fuadair fútha gur dhóich
leat go dtreabhfidís an Mhangortain i n-aon lá
amháin, agus ansan, amáireach nú amanarthar, druím
lámha tabhartha acu leis an obair agus gan de phort


L. 73


acu ach, "I couldn't ever learn it!" bíon eagal orm
go dtiocfadh an liathbhuídhe orm le neart canncair!
Ní fhéadaim foidhneamh leo. Is beag ná go gcuirfidís
duine ag easgainí.



Tadhg: Caithfar foidhneamh leó, a Dhonchadh, a mhic ó.
Bíon a leithéidí i gcómhnuíghe ag ruith isteach ins gach
aon saghas oibre. Ba dhóich leat ortha ar dtúis go
mbeidhtheá tógtha leo, go ndéanfidís "fut fat agus
cat a's dá eirbal," ach nuair a thagan cruadhtan na
h-oibre ortha ní bhíon seasamh ná fulag ionta. Táid
siad ag teacht 's ag imtheacht sa n-obair seo na
Gaeluinne ó thusach. Gáirí iseadh bhainid siad asam
féin uaireanta. Tiocfidh duine acu agus sgiatháin
air, agus buinne féi. Féuchfidh sé 'na thímpal agus
déanfidh sé caint. Sádhfidh sé é féin isteach i ngnó
éigin a bhí dh'á dhéanamh a gan fhios dó le fada roimis
sin, dh'á déanamh go ciúin agus go blasta, gan mustar
gan fothram. "Preit!" a déarfidh sé, "ní'l an gnó
so dh'á dhéanamh sa cheart! Seo mar is ceart é
dhéanamh!" Déarfar leis, go tur agus go daingean,
gan baint leis an ngnó. Ansan, "Preit!" imtheó-
chaidh sé uainn ar fad! Ní fhéadaim gan gáire
dhéanamh nuair a chím an fear san ag imtheacht agus é
ag caint leis féin ar an gcuma so, "Da nglacfí mo
chómhairle-se do coimeádfí an Ghaeluinn beó. Raghaidh
sí chun báis anois, ach ní'l leigheas agam-sa uirthi!"



Ní'l aon rud le déanamh le daoíne de'n tsaghas
san, a Dhonchadh, ach foidhneamh leó. Daoíne gan
neart, gan meaghchaint aigne gan daingineacht toile,
iseadh iad. Ní féidir dóibh puínn díobhála dhéanamh
an fhaid ná beidhfar ag brath ortha chun aon tairbhthe
dhéanamh. Ní déarfinn ná gur b' é rud a chuirean an
fonn easgainí ort-sa uaireanta, é bheith ad aigne gur
cheart go ndéanfidís tairbhthe éigin. Ansan nuair a
chailid siad ort bíon tú i gcontabhairt an liathbhuídhe
theacht ort. Ní chailid siad choídhche orm-sa mar ní
chuirim aon iontaoíbh asta choídhche.



Tá a lán daoíne anois sa n-obair, a Dhonchadh, atá
ceapaithe ar an obair do chur chun cínn nú an t-anam
a chaileamhaint. Siniad na daoíne nach misde ion-
taoibh a bheith ag duine asta. Siniad atá i lár na
h-oibre istigh. Is ortha atá seasamh na h-oibre. Tá


L. 74


lasmuich ar an imiol uatha san na daoíne úd adúbhart,
na daoíne nách gá trácht ortha. Idir an dá aicme sin
tá pobul mór daoíne atá ag déanamh na h-oibre go
maith agus go cialmhar agus go bunúsach.



Donchadh: Ambriathar mhóide, a Thaidhgh, go bhfuil
cuid de'n mhuíntir atá istig i lár na h-oibre agus
gur dóich liom féin gur amuich ar an imiol ba cheart
iad a bheith. Ní thuigim, 'ná ní fheicim go bhfuil ag
cuid acu an éirim aigne 'ná an chúilfhéith 'na an
breitheamhantas ba cheart a bheith acu do réir an
chúraim atá curtha ortha. Cad é mar obair do dhuine
stuamdha, má's duine stuamdha é, a bhaitín a bheith
anáirde aige 'ghá chosaint féin ar gach aon ghiubstéir
a bhuailfidh uime! Ní dhéanfadh garsún stuamdha é,
ní áiríghim fear.



Tadhg: Is cuímhin liom cleamhnas a ceapadh a dhéan-
amh uair éigin, a Dhonchadh, agus cuirean tú i gcuímhne
dhom é. Fear ab eadh an buachail óg ná raibh puínn
féasóige air. Nuair a labhradh leis an gcailín do
spriúch sí. B' éigean eiríghe as an gcleamhnas. Ar
ball d'fhiafraigh bean, i gcogar, de'n chailín, cad é
an locht a bhí aici air. "Dhe greadadh chuige!" ar
sisi, "béidh sé sin 'na gharrún choídhche!"



Dúbhraís ó chianaibh, a Dhonchadh, gur chuir an bhliain
seo féasóg ar bhuachailibh. Tá buachailí sa n-obair
againne, a Dhonchadh, agus níor chuir sí féasóg ortha.



Donchadh: Nár bh'fheár iad do chur amach as an obair
agus fir do chur 'na n-inead, go mbeadh féasóg
ortha?



Tadhg: Humhph!



"DÁ MBÉADH," NÚ "TÁ."



Donchadh: An focal úd i dtaobh an chliabháin, a
Thaidhg, ní misde dhuit a rádh 'ná gur chuir sé ag
machtnamh mé.



Dá mbéadh an méid sin déanta agat bhí an gnó go
léir déanta agat d'aon léim amháin. Dá gcurtí an
Ghaeluinn, ar an gcuma san, d'á labhairt anois os
cionn gach cliabháin i n-Éirinn 'na bhfuil leanbh d'á
luasgadh ann, ní bhéadh, i gceann fiche blian, duine


L. 75


n-Éirinn gan Gaeluinn mhaith aige. Táid na leabhair
Ghaeluinne ag teacht go tiugh. Fé mar eíreóch' an
t-aos óg suas gheabhdís greim ar na leabhraibh. Ní
bhéadh ortha, mar a bhíon anois, bheith ag baint na súl
asta féin a d'iaraidh aithne chur ar na focalaibh agus
ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh fuaim
cheart na bhfocal do thabhairt leó. Bhéadh an fhuaim
cheart acu ó'n gcliabhán agus níor ghá dhóibh féuchaint
an tarna h-uair ar an bhfocal sar a mbéadh 'fhios acu
go raibh sean aithne acu air. Ní h-ar fhuaim na bhfocal
a bhéidís ag cuímhneamh ach ar bhrigh na cainte. Bhéadh
cuid acu, nídh nách iongna, go mbéadh éirim aigne acu
seachas a chéile. Níor bhfada go sgrífidís sin leabhair
eile a bhéadh níos feár 'ná na leabhair atá d'á sgrí'
anois. Ar an gcuma san bhéadh an chaint ag dul i
neartmhaire agus i bhfairsinge agus i líomhthacht gach
lá, agus bhéadh breis cumais agus breis léire agus
dise machtnaimh ag teacht d' aigne na ndaoine.
Bhéadh san go léir ag dul ar aghaidh gan aon trioblóid
ó aoinne, díreach fé mar a ruithean an abha gan aon
trioblóid ó aoinne. Ach tá an "dá mbéadh" sa
sgéal, a Thaidhg. "Dá mbéadh" an Ghaeluinn os cionn
an chliabháin. Conus a curfar an Ghaeluinn d'á
labhairt os cionn an chliabháin? Conus a déanfar
"tá" de'n "dá mbéadh"?



Tadhg: Ní dóich liom, a Dhonchadh, go bhfuil sé chómh
deacair sin ar fad "tá" a dhéanamh de'n "dá
mbéadh." Tá daoíne go bhfuil sé déanta acu cheana
féin. Tá aithne agam ortha.



Donchadh: Daoíne fánacha, fada ó chéile, iad san, a
Thaidhg. Is fada go mbeidh puínn foghla déanta agá
leithéidí sin ar an olc so atá chómh seanda, chómh
daingean, chómh préamhuighthe i dtalamh againn. An
bhfuil 'fhios agat, a Thaidhg, tar éis ár ndeich mblian
agus tar éis ár saothair, go bhfuil daoíne fós le
fághail go tiugh agus go séidfidís fuil-shrón le h-uabhar
agus le bochtaineacht dá mba dhóich leó go measfadh
aoinne go bhfuil aon fhocal Gaeluinne acu? Cathain
a bheidh a leithéidí sin iompuighthe ar a leas agat?
Cuirid siad a gclann ar sgoil agus má bhíon Gaeluinn
d'á múine ar an sgoil sin tugaid siad foláramh
daingean gan aon fhocal Gaeluinne mhúine d'á


L. 76


gclainn féin. Cad a dhéanfir le daoíne de'n tsórd
san?



Tadhg: Tá rud eile thall 'na choinnib sin againn, a
Dhonchadh, agus is feár gan a dhearmhad. Tá cailíní
agus buachailí go tiugh ag casadh le Gaeluinn d'
fhoghluim. Táid siad, mar a dúbhraís ó chiainibh, ag
baint na súl asta féin a d'iaraidh aithne chur ar na
focail agus ag baint na bhfiacal asta féin a d'iaraidh
fuaim cheart na bhfocal a thabhairt leó i gcaint. Tá
ag éiríghe leó go maith i n-aimhdheóin an chruadhtain,
mar tá an aigne láidir acu. I lár na h-oibre agus
an chruadhtain dóibh tuigid siad 'na n-aigne gur b'iad
a n-aithreacha agus a máithreacha féin, le corp
eiríg'náirde, do chuir an cruadhtan san rómpa.
Tuigid siad go h-áluinn conus mar a déileadh agus
conus mar a gearadh amach ó'n nGaeluinn iad gan
ghá gan riachtanas, nuair a bhí sí binn blasta tímpal
an chliabháin i n-ar luaisgeadh iad agus ná leogfí d'
aoinne focal a labhairt leó dhi. Tuigid siad anois
méid agus troime na h-éugcóra a déineadh an uair
sin ortha, agus geallaim-se dhuit gur ró bheag é a
mbuidhchas ar an muíntir fé ndear an éagcóir agus
gur ró bheag é a meas ar a gcial. Ní h-é mo thuairim,
a Dhonchadh, go ndéanfidh an mhuíntir óg so an éagcóir
chéadna ar a gclainn féin nuair a chuirfidh Dia chucha
iad. Ansan, a Dhonchadh, déanfar "tá" go
críochnuighthe de'n "dá mbéadh" úd.



Donchadh: Go dtugaidh Dia san!



AN FOTH CHLIABHÁN.



Donchadh: Tá an "dá mbéadh" ana leathan ana
láidir fós againn, a Thaidhg. Tá, gan amhras, cailíní
agus buachailí, mar a deirir, ag déanamh a ndíthil chun
iad féin do leigheas ó'n éugcóir a déineadh ortha
nuair a bhíodar sa chliabhán, ach tá an éugcóir chéadna
ar siúbhal ar fuid na h-Éirean an neómat so, chómh
trom chómh tiubaisteach agus bhí sí ar siúbhal aon lá le
dhá chéad blian, ní h-eadh, ach níos troime agus níos
tiubaistíghe. Nuair a thusnuigh an éugcóir bhí a lán
gur mhaith leó í dhéanamh ach ná raibh ar a gcumas í


L. 77


dhéanamh. Ní raibh an Béarla briste acu chuige. Ní
raibh acu ach an Ghaeluinn bhreágh bhlasta agus b'éigion
dóibh úsáid a dhéanamh di. B'éigion dóibh an seana
chrónán breagh ceolmhar a dhéanamh os cionn an
chliabháin. Táid siad san imthighthe, nú nách mór im-
thighthe. Tá greim daingean ag an mBéarla briste
ar cheann an chliabháin. 'Na luighe ins gach cliabhán tá
leanbh a bheidh ag baint na súl agus na bhfiacal as
féin ar ball a d'iaraidh na Gaeluinne dh'fhoghluim,
agus 'ghá rádh leis féin gur mór an truagh nár labhradh
leis í nuair a bhí sé sa chliabhán. Mar sin dóibh ó
ghlúin go glúin agus ó shliocht go sliocht. Tusach ag
an mBéarla briste ar an gcliabhán. Tá, is dócha,
foth chliabhán anso 's ansúd ar fuid na h-Éirean, 'na
bhfuil an Ghaeluinn os cionn cinn an leinbh ann. Ach
cad fhéadfidh foth chliabhán a dhéanamh!



Tá, a Thaidhg, agus rud eile anois againn ná raibh
againn go dtí a bhfuil le déanaighe. Tá Béarla
briste na h-Éirean olc go leór, ach tá dhá shaghas eile
Béarla briste anois againn 'na theannta. Tá Béarla
briste an Yank tagaithe chúghainn anall thar farge
agus "Ow. de foine beebee! " againn os cionn an
chliabháin, agus tá Béarla briste na mná againn a thug
suím aimsire thall i Lúnduin. Cad fhéadfidh foth
chliabhán a dhéanamh 'na measg san go léir?



Tadhg: Go réidh! a Dhonchadh, a mhic ó. Ní gá dhuit
bheith chómh gruamdha san ar fad. "Foth chliabhán,"
arsa tusa. Féuch siar. Is a' foth chliabhán anso 's
ansúd a tháinig na fir agus na mná a dhéineadh an
saoghal go léir do chomáint rómpa amach nú do
tharac 'na ndiaig ar chúl cínn. Mo sheasamh-sa ar an
bhfoth chliabhán, a Dhonchadh. Cad fé ndeár an Béarla
briste go léir? 'Neósfad-sa dhuit é. Clagéagan-
tacht ban. Iad ag ruith i ndiaig na h-uaisleachta,
dar leó. Ní'l aon chaint nua a dh'airíghid siad 'ná go
mbíon dúil acu aithris a dhéanamh uirthi. Ní'l nós nua
a thagan os a gcómhair ná déinean iad do chomháint
roimis amach nú iad do tharac 'na dhiaig. Ba dhóich
leat ortha ná fuil ionta aon chor, ar aghaidh ná ar
gcúl, do chur díobh uatha féin. Caithtear, i gcómhnuighe
iad do chomáint nú iad do tharac. Eíríghean, anois
agus airís, as an bhfoth chliabhán, duine a thuigean agus


L. 78


a bhreithníghean an méid sin. Chíon sé dul amú éigin
ag comáint daoíne soir. Ansan chíon sé dul amú
éigin eile 'ghá gcomáint siar. Ansan rud éigin 'ghá
dtarac óthuaig, agus rud éigin bun os cionn leis sin
'ghá dtarach ódheas. Chíon sé conus mar a ghéilid na
daoíne go h-olamh agus go h-éasga do gach tarac
agus do gach comáint ach a chur 'na luíghe ortha go
bhfuil uaisleacht éigin ann. Gabhan sé féin do láimh
na daoíne tharac agus do chomáint do réir a thoile
féin. Má 's duine foghanta é comáinfidh sé na daoíne
ar a leas, nú taraiceó' sé chun a leasa iad. Má 's
droch dhuine é - b' fheár go dtachtfí sa chliabhán é.
Ach 'ghá ghlacadh i n' olc a's 'na mhaith, mo sheasamh-sa
ar an bhfoth chliabhán, a Dhonchadh. Cuirfidh an foth
chliabhán 'na luíghe ar Éirinn go léir, i ndiaig ar ndiaig,
an fhírinne sin, go bhfuil fíor uaisleacht sa Ghaeluinn.
Nuair a bheidh an méid sin curtha isteach i n-aigne na
ndaoíne beidh an rás céadna ag mnáibh clagéaganta
i ndiaig na Gaeluinne atá anois acu i ndiaig an
Bhéarla bhriste. Deirim leat, a Dhonchadh, go ndéan-
fidh an foth chliabhán obair.



UAISLEACHT.



Donchadh: I dtaobh na clagéagantachta, a Thaidhg,
ní gá dhuit a thabhairt dos na mnáibh ach a gcion féin
di. Tá aithne agam-sa ar fhearaibh atá chómh craiceálta,
chómh h-éaganta a's d'fhéadfadh aon ghleóisíneach mná
bheith, ag ruith i ndiaig uaisleachta agus i ndiaig
Béarla briste. Ach pe'cu fir nú mná iad is eagal
liom-sa gur fada go mbéidh curtha 'na luíghe ortha go
bhfuil uaisleacht sa Ghaeluinn.



Tadhg: Cad é an chúis ná curfí 'na luíghe ortha
uaisleacht a bheith sa Ghaeluinn nuair a taisbeánfar an
uaisleacht dóibh? Tabharfar le feisgint go soiléir
dóibh gur feár agus gur cruinne agus gur treise de
chaint í chun machtnaimh an duine thabhairt léi 'ná aon
chaint eile go bhfuil eólus ag daoíne uirthi. Nách é
sin uaisleacht na cainte?



Donchadh: Isé sin uaisleacht na cainte gan amhras.
Ach má chím fear ansan atá cúmtha, córach, láidir,


L. 79


seasamhach 'na chroídhe, dílis i n'aigne, fírinneach 'na
mheón, fear do shíolraidh ó shínsear rí ga agus nár
dhéin riamh, agus ná déanfadh, gníomh a thabharfadh
masla dhó féin 'ná d'á shinsear uasal, nách léir, dar
leat, gur duinuasal an fear san?



Tadhg: Is léir; agus iseadh; fíor dhuinuasal.



Donchadh: Ambriathar féin nach eadh, a Thaidhg, ní
h-at' bhréagnú'-sa e. Pé tréithe maitha atá ann ní
duinuasal é mura bhfuil airgead aige. Mura bhfuil
airgead aige ní dhéanfadh pearsa cúmtha duinuasal
dé, ná sínsear ríoga, 'ná dílse aigne, 'ná macántacht
gníomh. Má 'tá an t-airgead aige is duinuasal é
dá mbéadh sé ar leath chois agus ar leath shúil agus
drún air agus é 'na bhitheamhnach agus 'na mhac
bitheamhnaigh. Siné an údhálta ag an nGaeluinn. Dá
mbéadh an t-airgead agus an saidhbhreas saoghalta
lastiar di bhéadh sí uasal. Bhéadh mná clagéaganta
agus fir chlagéaganta ag ruith 'na diaig ar cos
anáirde. Ní bhéadh cliabhán i n-Éirinn ná béadh sí os a
chionn láithreach. Ní bhéadh párlús i n-Éirinn gan ceól
a guthaí ag raince os cionn an bhúird ann, ó bhéalaibh
múinte, ameasg fainní óir agus árthaí airgid. Ach
ní'l an saidhbhreas saoghalta lastiar di, a Thaidhg, agus
d'á bhrígh sin tá sí gan uaisleacht. Caithfidh sí coimeád
amach ó'n gcliabhán, agus fanamhaint amach as an
bpárlús, agus béidh cead ag an mBéarla briste bheith
ag raínce ameasg na bhfáinní óir agus na n-árthaí
airgid agus ag snagaireacht os cionn an chliabháin.



Tadhg: Aililiú, a Dhonchadh, nách tiugh a dhéinean tu
caint! Tá mórán fírinne ad' chaint, ní foláir a
admháil, ach ná ceap ad aigne ná fuil a lán de'n
fhírinne lasmuich de d' chaint. Tá daoíne sa tsaoghal,
gan amhras, agus ní bhíon aon mheas choídhche acu ar aon
rud ná bíon an t-airgead lastiar dé. Ach tá daoíne
eile sa tsaoghal, agus ní beagán é, buidhchas le Dia,
agus níor bheag do rud, nú do ghnó, nú do dhuine,
airgead a bheith lastiar dé chun droch amhrais a thabhairt
dóibh air. Bíon iaracht de dhroch iontaoíbh acu, i
gcómhnuíghe, as an airgead, agus as an áit 'na mbíon
an t-airgead, mar bíon a fhios acu, coitchianta, cad
é mar a dhéinean an t-airgead aigne an duine do
chamadh agus do chlaonú' agus do lot; cad é mar a


L. 80


dhéinean an t-airgead, do ghnáth, an uile bhlúire d' aon
rud i bhfuirm uaisleachta do dhíbirt as aigne an
duine amach. Siniad na daoíne, a Dhonchadh, do
thuigean cad a bhainean le fíor uaisleacht, agus cad
é an deifrigheacht atá idir í féin agus uaisleacht
bhréagach an airgid. Siniad na daoíne a dhéinean,
mar adúbhart, an saoghal do chomáint rómpa amach le
fuinneamh, nú do tharac 'na ndiaig ar chúl cínn. Nuair
a sheasuighean duine acu san ameasg uaisle an airgid
is rígh é. Bíon eagla acu go léir roimis mar bíon
a fhios acu neart agus cómhacht a bheith aige ná fuil
acu féin. Tuigid siad na déinean sé d'á n-airgead
ach drabhuíol agus ná feicean sé 'na n-uaisleacht ach
bréag. Siniad na daoíne, a Dhonchadh, do chuirfidh 'na
luíghe ar mhuíntir na h-Éirean nár dhéineadar aimhleas
críochnuighthe riamh dóibh féin go dtí gur mheasadar
caint a sínsear do chaitheamh uatha agus an Béarla
briste ghlacadh 'na h-inead.



AN JINTLEMAN.



Tadhg: Bhís ag rásdáil chainte anso an lá déanach,
a Dhonchadh, agus dúbhraís rud a bhí bun os cionn, ana
bhun os cionn. Bhíos 'ghá chuímhneamh go mb'fhéidir gur
tháinig rud éigin crosta ort a chuir tré chéile thu nú
ná déarfá an chaint.



Donchadh: Is 'mó rud a chuirean tré chéile mé le
déanaíghe. Bíon cancar agus seirbhthean agus buile
orm nuair a chím conus mar atá an obair seo na
Gaeluinne ar siúbhal anois le deich mblianaibh agus
conus mar atá tairbhthe na h-oibre d'á chur 'na luíghe
ar a n-aigne do dhaoínibh, coitchianta, agus 'na dhiagh
san a's uile go bhfuil daoíne le fághail ná cuirean
blúire suime sa n-obair.



Tadhg: Ní h-é sin féin an ceann is measa dhé, ach
má déintear caint agus go ndéarfidh duine éigin,
"Ó, isí an Ghaeluinn caint ár sínsear. Ba cheart
do'n uile dhuine í dh'fhoghluim agus úsáid a dhéanamh
di coitchianta," aontóchaid siad leis an uile fhocal
de'n chaint agus ansan ní dhéanfid siad giob chun na
cainte chur i ngníomh. Tá a lán de'n tsórd san


L. 81


daoíne ann gan amhras. Ach tá daoíne nách iad san
ann, a Dhonchadh. Agus i n-inead bheith ag cur
seirbhthin ort féin ag cuímhneamh ar na meathalóiríbh, is
amhlaidh ba cheart duit feuchaint ar na daoíne atá
ag déanamh na h-oibre agus 'ghá cur chun cínn. Siné
bhainfadh dhíot an cancar agus an seirbhthean.



Ach ní chuige sin a bhíos, ach chuige seo. Dúbhraís, an
lá déanach, is dóich liom, nú lá éigin le déanaíghe, d'á
rabhmair ag caint anso, dá mbéadh duine ar leath
shúil agus ar leath chois agus drún air agus é 'na
bhitheamnach agus 'na mhac bitheamhnaigh, gur dhuinuasal
é ach go mbéadh a dhóithin airgid aige.



Donchadh: Dúbhart, agus dob fhíor dhom é. Ná
feicim iad gach aon lá 'n tseachtmhain?



Tadhg: Dúbhraís, agus níor bh'fhíor dhuit é, a Dhonchadh,
mar do dhéinis dearmhad. Dá n-abarthá gur jintleman
é ní bheidhfá abhfad ó'n gceart. Ach tá deifrígheacht
mhór, deifrígheacht ana mhór, a Dhonchadh, idir jintleman
agus duinuasal.



Donchadh: Nách jintleman is Béarla ar "duinuasal,"
agus nách "duinuasal" is Gaeluinn ar jintleman?



Tadhg: Sin mar a sheasuighean an dá fhocal, ach ní
mar sin a sheasuighean an dá bhrígh. Tá aithne mhaith
ag muíntir na h-Éirean ar an bhfear úd a bhíon ar
leath shúil agus ar leath chois agus drún air agus a
dhóithin airgid aige, airgead a thógan sé le corp éag-
córa dlíghe, ó mhuíntir na h-Éirean féin, airgead ná
fuil de theidiol aige chuige ach mar atá ag an mbi-
theamhnach chun toradh a ghadaidheachta. Is bitheamhnach
é agus is mac bitheamhnaigh é. Ní thugaid muíntir na
h-Éirean duinuasal ar an bhfear san. Tugaid siad
jintleman air. Ach nuair a bhíon a ainim cheart acu
d'á chur as Gaeluinn air is "bitheamhnach" é, nú
"claidhre," nú "rógaire," nú "robalaidhe," nú
"crochaire," nú "diabhal."



Donchadh: Oirid na h-ainimneacha go h-áluinn.



Tadhg: Ní h-ar aon chuma amháin a dh'oirid siad. Do
thráchtair ar an leath shúil agus ar an leath chois agus
ar an ndrún. Ní'l ionta san ach míchúmthacht cuirp.
Míchúmthacht aigne iseadh bhíon ar an jintleman. Tá
sé míchúmhtha 'na chroídhe agus 'na mheón. 'Neósfidh sé
an t-éitheach duit agus ní bhéidh náire air nuair gheabh-


L. 82


far amach é. Brisfidh sé a fhocal leat ar leathphinne
ruadh. Déanfidh sé spriúnlaitheacht ort go mbéadh
náire ar thíncéir é dhéanamh. Cuirfidh sé an bhaintreach
agus na gárlaigh amach as a mbothán fé shioc agus fé
shneacht, agus ar ball cuirfidh sé fíneáil ar gharsún
mar gheall ar ghabháil ró dhian ar asal!



Is 'mó rud grána a chonac i riocht duine, i gcaitheamh
mo shaoghail, a Dhonchadh, ach is dóich liom gur b' é an
jintleman an rud is gráinne agus is measa a chonac
riamh i riocht duine.



Donchadh: "Ach! 'Sé an diabhal é!"



Tadhg: Tá an diabhal olc a dhóithin nú is measa an
jintleman 'ná é.



AN MISTER.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach siné an bóthar
aleith é!



Tadhg: Cé h-é féin, airiú?



Donchadh: An jintleman, dar an bportús!



Tadhg: Ní fheadar cad é an gnó atá anso aleith
aige.



Donchadh: Ní bhéir abhfad mar sin. Sidé an dorus
isteach é.



Tadhg: Cé h-é thusa, ar mhisde a fhiafraighe dhíot?



Tadhg: Tá fhios agam go dian mhaith, is mithid dom
a fhios a bheith anois agam, go ndéanfidh an dlígh seo
atá i n-Éirinn againn pé rud is toil leat-sa. Labhair
Gaeluinn liom. Shéanais do Chreideamh. Shéanais do
ghaolta. Shéanais Éire. Shéanais an Ghaeluinn, ach
níor fhéadais sgaramhaint léi. Tá sí ad bhéal agat
chómh blasta díreach agus 'tá sí agam féin nú ag
Donchadh anso. Labhair í, a mhister!


L. 83


Tadhg: Dar fiadh ach tá corp lár an chirt agat, a
mister, agus ní gá d' aoinne ach féuchaint ort chun a
fhios a bheith aige go bhfuil. Isé an Béarla chuir
an bolg ort. Isé an Béarla dhéin do phóca
teann. Isé an Béarla fé ndeár an dlígh bheith
ar leath shúil agat. Ní fheicean an dlígh choídhche ach do
thaobh-sa de gach sgéal. Ghan amhras isé an Béarla is
feár chun builg do líonadh agus chun póca do theanadh
agus chun dlíghthe do chamadh. Is maith agus is cialmhar
a dhéinis é, a mhister, páirt a ghabháil leis an mBéarla
agus an Ghaeluinn do shéanadh.



Tadhg: Mar sin, a mhister, tá cial agus cial ann.
Is maith an rud do dhuine a bheatha thuileamh agus é
féin do chur ar aghaidh sa tsaoghal chómh maith agus
d'fhéadfidh sé é. Ach ní maith an rud do dhuine é féin
do chur ar aghaidh le cuid an fhir thall; a bholg do
líonadh ó alus dhuine eile; a phóca dhéanamh teann le
h-airgead nách leis féin; éugcóir a dhéanamh ar a
chómharsain le dlígh a bhéadh ar leath shúil agus ar leath
chluais.



Tadhg: Cad 'na thaobh nár chríochnuíghis an cheist?



Tadhg: Níor fhiafraighis díom conus a bhainean mo
chaint le feabhus na Gaeluinne seachus an Bhéarla chun
cosg a chur le daoíne a bhéadh 'ghá gcur féin ar aghaidh
le h-éagcóir.



Tadhg: Is ar an t-é a bhíon lag is gnáth an éagcóir


L. 84


a dhéanamh. Tá dhá shaghas nirt sa dhuine, neart cuirp
agus neart aigne. Is neamhnídh neart cuirp seachas
neart na h-aigne. Tháinig meathalú' ar neart a
n-aigne do mhuíntir na h-Éirean nuair a chromadar
ar a gcaint féin do chaitheamh uatha agus ar an
mBéarla ghlacadh. Mura mbéadh an meathalú' san
ní fhéadfá-sa agus do leithéidí an éagcóir a dhéanamh
mar a dhéinbhúir. 'Sé sin le rádh, ní chuirfadh an
Béarla sibh ar aghaidh sa tsaoghal mar a chuir.



Ní'l leigheas ar an meathalú' ach muíntir na
h-Éirean do dhul agus eólus a chur ar a gcaint féin
airís. Tabharfidh san neart aigne airís dóibh.
Caithfidh sibh-se atharach slíghe tharac chúghaibh ansan, a
mhister, agus ní h-i n-olcas a curfar sibh.



Tadhg: Déanfar daoíne macánta dhíbh d' bhúr
n-aimhdheóin!



AN CUR LE CHÉILE.



Donchadh: An dóich leat, a Thaidhg, a' dtiocfidh sé
siúd indiu airís chúghainn?



Tadhg: 'Sé mo thuairim go dtiocfidh. Tá sé ana
neamhshásta i n' aigne le déanaíghe. An fhaid a bhí an
Ghaeluinn fé chosaibh daoíne a's beithígheach bhí an sgéal
maith go leór aige féin agus agá leithéidí. Bíodar
'ghá mbeathú' féin agus 'ghá ramharú' féin le cuid na
ndaoíne agus ní raibh aoinne go raibh sé de mhisneach
aige focal a rádh 'na gcoinnibh mar bhíodar fé sgáth
an namhad. Chíd siad anois, fé mar atá an Ghaeluinn
ag neartú' go bhfuil stailc ag teacht i gcroídhe agus
i n-aigne na ndaoíne agus gur baoghal dóibh gur geár
ná déanfidh sgáth an namhad aon díon dóibh. Tá san
ag cur neamhshuainis ortha.



Donchadh: Dar fiadh, sidé chúghainn é.



Tadhg: Níor ghreánta dhúinn, a mhister, go dtí go
bhfeacamair tusa ag teacht. An amhlaidh ná fuarais
do dhóithin an lá deirineach?


L. 85


Tadhg: Abair mar seo é, a mhister. Mura mbéadh
an saothrú' so na Gaeluinne do choimeádfadh muíntir
na h-Éirean a gceann fútha, mar a choimeádadar le
fada roimis seo, ag obair ó dhubh go dubh ag baint
saidhbhris as an dtalamh, agus ní dhéanfidís oiread
agus súilfhéachaint a thabhairt lastiar díobh ar na
bitheamhnaigh a bhí ag breith an tsaidhbhris chun siúbhail
chómh tiugh agus a déintí é. Chómh luath agus a
tusnuigheadh ar an nGaeluinn do shaothrú' do thusnuigh
ceól agus binneas agus neart na Gaeluinne ar dhul
fé n-a n-aigne do mhuíntir na h-Éirean, nú do chuid
mhaith acu ar aon chuma. Ansan do thógadar a gceann
agus d' fhéuchadar ar na bitheamhnaigh. Isé nádúr an
bhitheamnaigh go dtagan crith chos a's lámh air chómh luath
agus a chídhtear é ag déanamh an bhitheamhantais. Bíon
an sgéal ar a thoil ag an mbitheamhnach an fhaid ná
feictar é ag déanamh na gadaidheachta. Bitheamhnaigh
iseadh sibh-se go léir, a mhister, agus siné fé ndeara
dhaoíbh an sgannra so go léir a bheith oraibh roimis an
nGaeluinn agus roimis an gcur le chéile seo atá ag
Caitilicithibh na h-Éirean d'á dhéanamh anois chun a chur
fheuchaint oraibh-se, agus nára maith agaibh, an
bitheamhntas do chur uaibh.


L. 86


Tadhg: Dar fiadh, a mhic ó, ach tá an ceart sa mhéid
sin agat pé 'n-Éirinn é. Ní'l aon rud is feár a
thaithnean leis an ngadhar go mbíon an cnámh 'n-a bhéal
aige 'ná na gaidhir eile dh'fhanmhaint socair agus a
leogant dó an cnámh do phiocadh ar a shuaineas. Níor
shéanais an Creideamh, an eadh? Cad é an deifrígh-
eacht is dóich leat-sa atá idir an Creideamh do
shéanadh agus páirt a ghabháil le namhaid an Chreidimh?
Caitilcídhe iseadh thu, dar leat. 'Seadh, agus dá
ráineóch' go mbéidhfá ad aonar i gcuideachtain
Phrotestúntach d'íosfá feóil Dé h-Aoíne le h-eagla
go ndéarfí gur bhigot Caitilicídhe thu! Caitilicídhe a
choidil amuich iseadh thusa, a mhic ó. Bhí an sgéal ar
do shuaineas agat an fhaid ná raibh aoinne ag féuchaint
ad' dhiaigh. Bhí an dá shraíng ar do bhogha agat. Bhí
Caitilicithe na h-Éirean d'á robáil agus d'á gcreachadh
agus bhís-se ag lútáil i láthair na mbitheamhnach ag
brath air go gcaithfí blúire beag de'n bhia bhradach
anois a's airís chúghat. Ba mhaith leat anois go
bhfágfí gach aon rud mar atá sé. Go mbéadh síothcáin
agus suaineas agus carthanacht againn go léir i
n-Éirinn. Tá go breágh. Is searbh í an fhírinne, a
mhister. Ach deirim leat gur geár ná beidh aon dul
uaithi i n-Éirinn. Tá solus na Gaeluinne ag teacht
go tiugh. Ba mhaith leis an mbitheamhnach, agus le n-a
lucht leanamhna, ná tiocfadh an solus. Ar an ndoirch-
eacht a bhíon a seasamh. Fé sgáth na doircheachta
iseadh dhéinid siad a ngnó. Ach eiríghean an ghrian d'á
n-aimhdheóin. Tagan an solus go breágh láidir geal.
Téidhan an solus isteach ins na póirsibh dorcha. Ansan
iseadh bhíon rudaí grána a d'iaraidh dul i bhfolach agus
é ag teip ortha. Is grána an driuch a bhéidh ort-sa, a
mhister, nuair a thiocfidh tuille de'n tsolus ort. Dá
nglacthá mo chómhairle d'iompóchá agus thiocfá ar an
dtaobh ceart sar a dtiocfadh an iomad soluis ort.


L. 87


Tadhg: Fan leat go fóil.



SEANA BHÉAS.



Donchadh: A Thaidhg airiú, nách ait an saghas duine
an Mister úd. Thuig sé an uile fhocal d'á ndúbhraís
agus ní bhainfadh an saoghal focal Gaeluinne as.



Tadhg: Tá a lán d'á shaghas againn. Fuaradar an
droch bhéas nuair a bhíodar ag eiríghe suas. Bhí aithne
mhaith agam ar a athair agus ar a mháthair. Ní raibh an
Béarla acu ach go neamhshlachtmhar. D'á bhrígh sin
b'fheár leó i gcómhnuighe an Ghaeluinn do labhairt. Bhí
an Ghaeluinn ar áileacht acu. Dá mbeidhthá tamal sa
tigh ní fhéadfá gan gáire dhéanamh. D' aireóchthá
coitchianta an t-athair agus an mháthair ag labhairt na
Gaeluinne agus an chlann ag freagairt as Béarla.



"A' bhfuilean tú ansan, a Shiobhán?" a déarfadh an
t-athair.



"Cá bhfuil Séamus?" a déarfadh an t-athair.



"Agus, a laoigh," a déarfadh an t-athair, "nách mór
an iongna nár chuais-se le n-a chois."



Chomáinfidís leó ar an gcuma san. Ní fheacaís
aon rud riamh chómh h-ait leis mura mbéadh taithíghe
agat air. Ach ní dhéinidís féin aon iongna i n-aon
chor dé.



Donchadh: Fágaim le h-udhacht, nuair airígheas tusa
agus an Mister úd ag caint anso an lá fé dheire,
agus an Ghaeluinn agus an Béarla ag freagairt a
chéile agaibh, gur mheasas nár airígheas riamh aon rud
chómh h-ait.



Tadhg: Dar ndó ní h-amhlaidh a mheasfá dhom Béarla
do labhairt leis?


L. 88


Donchadh: Ní h-amhlaidh; ach ba dhóich liom gur chorp
droch mhúine dhó-san gan Gaeluinn do labhairt leat-sa
nuair a labhrais an Gaeluinn leis.



Tadhg: Ní le h-aon droch mhúine a dhéin sé é ach an
seana bhéas a bheith aige. Is deacair an lámh uachtair
fhághail ar sheana bhéas, a Dhonchadh.



Donchadh: Is deacair an lámh uachtair fhághail ar
sheana bhéasaibh an Mhister pé 'n-Éirinn é. Is cam an
aigne atá aige! Bhainfadh sé corp an tuathail amach
a' corp na fírinne. Chuirfadh sé 'n-a gheal ar dhuine
an dubh is duibhe, agus chuirfadh sé 'n-a dhubh ar dhuine
an geal is gile. Is uathbhásach an obair a ' rádh ná
féadfadh sé a thuisgint gur ceann fé agus lot agus
leathlámh ar Éirinn gan a caint féin a bheith 'na béal
féin aici; nách féidir chóidhche do mhuíntir na h-Éirean
bheith chómh deas ar an mBéarla agus a bhéidís ar a
gcaint féin dá ndéinidís taithíghe i gceart di; agus
go dtugaid siad, le n-a dtoil mhacánta, an lámh
uachtair agus an uile shaghas búntáiste ortha do
mhuíntir Shasana nuair a thoilíghid siad chun an Béarla
ghlacadh agus chun na Gaeluinne chaitheamh uatha ar fad.
Is cuma é nú an rud a dhéanfadh duine, go mbéadh
eolus maith aige ar conus troid a dhéanamh le h-arm
áirighthe, agus go dtoileóch' sé chun a chuid airm féin do
chaitheamh uaidh agus an troid a dhéanamh i gcoinnibh a
namhad leis an arm ná fuil eólus aige air agus go
bhfuil eolus ag an namhaid air.



Tadhg: 'Sé mo thuairim láidir, a Donchadh, nách aon
easba tuisgiona atá ar an Mister. Is dóich liom go
dtuigean sé an sgéal go léir chómh maith díreach agus
thuigean tusa é. Rógaireacht atá ag imirt air. Is
dóich leis go ndéanfidh sé a phuínte féin amach níos
feár má thógan sé páirt leis an mBéarla. A ghnó
féin isé atá ag déanamh buartha dhó, agus ní h-é gnó
na Gaeluinne 'ná gnó na h-Éirean.



Donchadh: Agus conus a bhéidh an sgéal ar ball
aige nuair a bhéidh an buadh ag an nGaeluinn?



Tadhg: Béidh ruith madra an dá cháis air.


L. 89


CEART DOM, CEART DUIT.



Donchadh: Seadh! Cad 'deirean tú leat féin anois,
a Thaidhg?



Tadhg: Deirim an sean fhocal.



Donchadh: Cad é'an sean fhocal?



Tadhg: "An rud ba mheasa le duine 'ná a bhás ní
fheadair sé ná gur b' é lár a leasa é."



Donchadh: Tá go maith. Ach tá sean fhocal eile
agam-sa.



Tadhg: Cad é an sean fhocal é?



Donchadh: "Ceart dom, ceart duit." Má 's maith
leat ceart fhághail uaim ní foláir duit ceart a
thabhairt dom. Má bhíon duine lán cheapaithe ar gan
ceart a thabhairt dom cad é an teidiol is dóich leis
atá aige chun aon chirt fhághail uaim?



Tadhg: Seachain, a Dhonchadh. Táir ag dul thar
teórainn an chirt. Má dhéinim éagcóir ort ní thugan
san aon teidiol duit-se chun éagcóra dhéanamh orm.
Ní'l sé ceadaithe ag aoinne olc a dhéanamh i n-aghaidh
an oilc.



Donchadh: Ach ná fuil sé ceadaithe agam mé féin
do chosaint ar an éagcóir agus mo cheart do chur i
bhfeidhm?



Tadhg; Tá gan amhras.



Donchadh: Agus má tá an namhaid ag cur le chéile
coitchianta chun na h-éagcóra dhéanamh orm féin agus
ar mo mhuíntir ná fuil sé ceadaithe agam-sa agus
agam' mhuíntir cur le chéile chun sinn féin do chosaint
agus chun ár gcirt do chosaint?



Tadhg: Ní foláir a admháil.



Donchadh: Agus cad chuige mé bhualadh má 'seadh!
Nár chirte an chéad bhuille bhualadh ar an muíntir atá
ag déanamh na h-éagcóra orm!



Tadhg: Tá sean fhocal eile agam duit mar fhreagra
ar an gceist sin, a Dhonchadh. "Os a chómhair amach is
usa bréag a chur ar dhuine." Má bhíon tú féin agus
do mhuíntir ag cur le chéile chun sibh féin a chosaint ar
bhúr namhaid, an amhlaidh is iongna leat an namhaid sin
do theacht ar t' aghaidh amach ag cur éithigh ort sa n-áit
is feár 'na raghaidh an t-éitheach i bhfeidhm ort? Ansan,


L. 90


nuair a théidhan an t-éitheach i bhfeidhm ad choinnibh cad
é an iongna is ceart duit a bheith ort má buailtear
buille ort? Fuilig an buille, a dhuine, agus cruinnigh
do mheabhair, agus má dhún an buille súil leat coimeád
an tsúil eile ar dian leathadh. Nocht an fhírinne. Isí
an fhírinne an t-arm is feár agus is géire agus is
truime a bhí i láimh aoinne riamh.



Donchadh: D' fhuiligeóchainn buille ó namhaid, ach is
ana dheacair fulag le buille ó charaid, ó'n t-é gur
ceart dó mé chosaint ar an namhaid.



Tadhg: Ní dhéanfidh an buille sin blúire díobhála
dhuit. Gan amhras cuirfidh sé cancar ort mar tabhar-
fidh sé cúis gháire do'n namhaidh ar feadh tamail. Ní
leanfidh an gháire sin abhfad. Ní'l aon rud uait-se
ach do cheart. Éilimh do cheart. Ná staon ó'n éileamh
san. Cuir do cheart i bhfeidhm os cómhair Dé agus
daoíne. Ach féuch. Déin an cur i bhfeidhm feasda i
dtreó ná féadhfidh an namhaid is gunta aon lúb ar lár
fhághail ad' ghnó 'ná aon pholl fhághail lastiar díot chun
an éithigh a chur isteach ad' choinnibh. Ach i dtaobh an
bhuille seo a buaileadh ort, ní baoghal duit go ndéan-
fidh sé aon rud duit ach tairbhthe. An bhfeacaís riamh
cnucán aitinn tré theine? Ar thugais fé ndeara,
nuair a bhíodh na daoíne 'ghá bhualadh le cleathachaibh
agus ag gabháil de chosaibh ann a d' iaraidh na teine
chur i n-éag, d'á mhéid a buailtí é gur bh' eadh ba mhó
do lasadh sé?



Donchadh: Thugas go minic; go mór mór nuair a
bhíodh an t-aitean feóchta agus ana thirim.



Tadhg: An t-aitean so na h-éagcóra atá le losgadh
againn i n-Éirinn, tá sé ana thirim agus tá sé feóchta
ruadh. Tá an teine curtha againn ann. D'á mhéid a
buailfar an teine feasta iseadh is mó do lasfidh sí,
go dtí go mbéidh an t-aitean 'na luaithrigh.



MO PHORT FEADUÍOLA.



Donchadh: Is dócha gur cuímhin leat-sa, a Thaidhg, an
spórt úd a bhíodh ag an aos óg fadó, nuair a bhí an
Ghaeluinn go blasta ag miuíntir na h-Éirean, óg agus
críona.


L. 91


Tadhg: Is 'mó saghas spóirt is cuimhin liom a bheith
acu ná fuil anois acu. Cad é an spórt go bhfuilir
ag tagairt dó?



Donchadh: Bhíodh gasra againn cruinnighthe i dtigh
cómharsan agus duine againn 'na cheann ar an gcuid
eile againn. Do shuigheadh an ceann i lár baíll ar
chathaoír agus chuireadh sé a chos ar a leath-ghlúin agus
chuireadh sé síos dlígh an spóirt dúinn ar an gcuma
so:-



"Aon duine do labharfidh, ná do gháirfidh, ná
dhéanfidh sraedh, ná casachtach, 'ná mianfuíach, 'ná
féuchaint tar a ghualainn, 'ná a cheann do thochas,
curfar pionós air - Ach tá cead agam féin mo phort
feaduíola bheith agam."



Ansan do chomáinfadh sé leis ar a phort feaduíola
agus é ag faire go géar orainn go léir sa tímpal
féuchaint cé ba thúisge bhrisfadh an dlígh. Níor chuireas
as mo chuímhne riamh an focal úd, "cead agam féin
mo phort feaduíola bheith agam." Is cuímhin liom go
dian mhaith, d'á óige bhíos an uair sin, go dtáinig
stailc am aigne i gcoinnibh an fhocail sin.



Is minic ó shin, a Thaidhg, a chonac an dlígh chéadna
ar bun ameasg daoíne a bhí imthighthe tamal maith ó
n-a n-óige, agus nách ag spórt 'ná ag magadh 'ná ag
caitheamh aimsire bhídís ach do chroídhe dáiríribh, agus
an focal céadna úd a bhíodh againn sa spórt, é acu
go leir, cead agam féin mo phort feaduíola bheith
agam!" Tá rud eile leis agam d'á thabhairt fé
ndeara, rud a bhainean gáire go minic asam. An t-é
is aoírde a labhran 'ghá órdúghadh an dlígh chur i
bhfeidhm, is minic gur b' é is déine dhéinean éiliomh ar
a "phort feaduíola" dhó féin.



Tadhg Téidhean sé go h-ana mhaith d'á lán daoíne,
a Dhonchadh, dlígh a bheith i bhfeidhm ar dhaoínibh eile
agus "cead a bheith acu féin a bport feaduíola
bheith acu."



Donchadh: Téidhean. Tá sgaoílte leó agus curtha
suas leó anois le tamal maith i n-Éirinn. Tá droch
bhéas fághalta acu. Dar fiadh, a Thaidhg, ach is dóich
liom go bhfuil daingean 'na n-aigne do chuid acu gur
ceart dúinn go léir bheith ana bhuidheach ar fad díobh
nuair ná gabhaid siad mór thímpal na h-Éirean ag
baint na gceann dínn!


L. 92


Tadhg: Éist do bhéal, a dhuine! Daingean 'ná
n-aigne! Tá an méid sin chómh daingean agus d'
fhéadfadh sé bheith 'n-a n-aigne d'á lán againn féin.
Tá cuid againn, a Dhonchadh, a mheasan nách féidir
dúinn choídhche a bhuidhchas do ghabháil i gceart le Pro-
testuntaibh na h-Éirean toisg ná gluaisid siad mór
thímpal na tíre ag baint na gceann dínn.



Donchadh: Is dócha é. Is deacair puínn misnigh a
chur i ndaoíne chómh meathta. Buidhchas d'á ghabháil le
duine mar gheall ar an gceart a dhéanamh! Nú mar
gheall air gan an éagcóir a dhéanamh! Is beag an
iongna a "phort feaduíola" ag an nduine sin.



Tadhg: "Buidhchas d'á ghabháil le duine mar gheall
air gan an éagcóir a dhéanamh," arsa tusa. Ní h-eadh
i n-aon chor, a mhic ó, ach buidhchas d'á ghabháil go
dúrthachthach leis an t-é a dhéinean éagcóir throm nuair
ná déinean sé éagcóir níos truime.



Donchadh: An dóich leat an fada a leanfidh an
obair sin, a Thaidhg?



Tadhg: Ní dóich liom gur fada. Is dóich liom gur
beag 'ná go bhfuil deire leis an "bport feaduíola."
Tá daoíne ag eiríghe suas chúghainn ná cuirfidh gothaí
aon sgeón ionta. Ní baoghal go bhfaghaidh aoinne aon
bhuidhchas uatha mar gheall air gan éagcóir a dhéanamh,
ach is baoghal do lucht na h-éagcóra dhéanamh go
gcurfar a mhalairt de chúram ortha d' éaghmuis bheith
ag feaduíol. Gothaí agus bladhman agus glór na
neithe a choimeád an lámh uachtair ag lucht feaduíola,
mar do chuiridís sgeón i ndaoíne. Tá an sgeón ag
teip cheana féin. Is geár ná bainfid na gothaí amach
ach sgearta gáire. Ar thugais fé ndeara, a Dhonchadh,
gur b' é an fear meathta is mó a dhéinean gothaí
agus bladhman agus glór?



Donchadh: Dáltha an ghadhair meathta. Is é is mó a
dhéinean amhstarach.



Tadhg: Agus is é is túisge a rithean ó'n gcómhrac.


L. 93


ÉITHEACH I RIOCHT FÍRINNE.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Seo rud a chuirean
iongna mo chroídhe orm go minic. I gcómhnuíghe riamh,
nuair a bhínn féin agus buachailí eile ag gabháil an
bhóthair, ag dul go dtí an t-Aifrean nú ag dul ar
aonach, nú ag dul ar an gCíncís go Baile Mhúirne,
agus go n-eirígheadh aighneas nú diospóireacht ead-
arainn, an t-é go mbéadh an fhírinne aige níor ghá dhó
ach an fhírinne thaisbeáint nuair a ghéilfadh gach aoinne
d'á chaint. Ach nuair a bhíon diospóireacht phoibilídhe
ar siúbhal anois i dtaobh aon ruda a bhainean le ceart
na gCaitilicithe i n-Éirinn, d'á shoiléire' a nochtthar an
fhírinne iseadh is dána a séantar í.



Tadhg: An mhuíntir a shéanan an fhírinne sa diospói-
reacht phoibilídhe seo, a Dhonchadh, ní h-í an fhírinne a
bhíon uatha. Dá nglacaidís an fhírinne bhéadh ortha,
beart a dhéanamh do réir na fírinne. Ní oirean san
dóibh. Oirean dóibh leanamhaint ar an éagcóir. Isí
an éagcóir is adhbharaíghe dhóibh. Isí atá acu 'á dhéan-
amh riamh. Tá an seana thaitíghe acu uirthi. Isí atá
ag cur na blonaige ortha riamh. Dá nglacaidís an
fhírinne níor bh'fholáir dóibh iompáil agus an ceart a
dhéanamh. Ansan d' imtheóch' an bhlonag.



Donchadh: Ná béadh sé chómh maith acu déanamh mar
a dhéineadar riamh, an éagcóir a dhéanamh go dána
agus go ceanárd agus gan aon t-sásamh a thabhairt
d' aoinne ann?



Tadhg: Ní dhéanfadh san an gnó anois, dóibh. Tá an
saoghal atharuighthe. Ní foláir dóibh raint gliocais a
tharac chúcha anois; an t-éitheach a chur i riocht na
fírinne agus an éagcóir a chur i riocht an chirt. Níor
bh'fhéidir dóibh seasamh i n-aon chor i n-Éirinn gan lámh
Shasana bheith leó. Dá gcuiridís an t-éitheach amach
'na riocht féin ní bhéadh aon mheas thall i Sasana ortha.
Ní h-amhlaidh atá aon ghrádh thall do'n fhírinne, ins na
neithe a bhainean le h-Éirinn, ach tá ana bhágh ann leis
an ngastacht a chuirfidh an t-éitheach i riocht na fírinne.
"Ní'l sprid 'ná púca gan fios a chúise aige féin."
Tá fios a gcúise féin go h-áluinn ag an "nGairi-
siún" so againn i n-Éirinn. Tá, mar a deirean tú,
an diospóireacht ar siúbhal idir sinn féin agus muín-


L. 94


tir an "Ghairisiúin." Cuirimíd-ne an fhírinne amach
agus éilímíd ceart. Cuirid siad-san riocht an éithigh
ar an bhfírinne sin láithreach agus cuirid siad 'na
luíghe ar an muíntir thall ná fuil aon éagcóir acu
féin d'á dhéanamh, nú má tá éagcóir 'á dhéanam i n-aon
chor gur sinne atá ag déanamh na h-éagcóra ortha-
san.



Donchadh: Ach, 'sé an diabhal buídhe é.



Tadhg: Sin mar atá an sgéal, bíodh sé buídhe nú
breac agat.



Donchadh: Is amhlaidh ba cheart iad do sguabadh,
'dir chorp ceart, amach as an oileán!



Tadhg: B' fhéidir go mbeadh cial leis an gcaint sin
dá mbéadh an sguab agat, agus í láidir a dóithin. Ach
ní'l sí mar seo 'ná mar siúd agat.



Donchadh: Agus nách mór an iongna, daoíne chómh
tuisgionach le muíntir Shasana, a rádh go bhféadfí bob
de'n tsórd ran a bhualadh ortha.



Tadhg: Ní cúrsaí tuisgiona 'ná neamh-thuisgiona é,
a Dhonchadh, ach cúrsaí an ruda a thaithnean le duine.
Ní'l aoinne gur b' usa bob a bhualadh air 'ná an t-é
go dtaithnean an bob leis. Ní'l aon fhonn ar mhuíntir
Shasana ceart do chur i bhfeidhm do Chaitilicithibh na
h-Éirean i gcoinnibh an "Ghairisiúin." D'á bhrígh sin is
ró uiriste a chur 'na luíghe ortha ná fuil aon ghá leis
mar ná fuil éagcóir 'á dhéanamh ortha; nú má tá éag-
cóir 'á dhéanam gur b' iad-san atá ag déanamh na
h-éagcóra ar an "nGairisiún" mbocht.



Donchadh: Agus cad 'tá le déanamh againn?
Suidhe síos go dúbhach agus sgaoíle leis an éagcóir?



Tadhg: Ní h-eadh. Bhíomair fada ár ndóthin 'á
dhéanamh san. Caithfimíd cuid d'á gcleasaibh féin a
dh' imirt ortha,



Donchadh: An t-éitheach a chur i riocht na fírinne
ortha, an eadh?



Tadhg: Ní h-eadh, Is treise an fhírinne 'na riocht
féin 'ná aon éitheach i riocht fírinne. Má chuirid siad-
san an t-éitheach i bhfeidhm i riocht fírinne, le n-a
ngastacht, ba chóir go bhféadfimís-ne an fhírinne chur i
bhfeidhm 'na riocht féin, le n-ár ngastacht féin. Agus
ba chóir go bhféadfimís rud eile dhéanamh. Ba chóir
go bhféadfimís riocht na fírinne bhaint de'n éitheach


L. 95


atá acu-san, agus an t-éitheach do nochtadh os cómhair
an domhain, 'n-a riocht féin.



Donchadh: Ansan iseadh bhéadh an spórt againn
ortha.



GLIOCAS.



Donchadh: Dúbhraís anso, seachtmhain a's lá 'ndiu, a
Thaidhg, má's maith linn sinn féin a chosaint ar éitheach
i riocht fírinne nách foláir dúinn sa n do dhéanamh le
gastacht agus le gliocas.



Tadhg: Ná deir an sean fhocal, "an t-é ná fuil
láidir ní foláir dó bheith glic"?



Donchadh: Tá go maith, ach éist leis an méid seo.
Suím aimsire ó shin bhí duine 'na chómhnuíghe i n-áit ná
fuil ró fhada uainn anois. Bhí sé pósta dhá uair. Bhí
mac aige leis an gcéad mhnaoí, agus bhí an tarna mac
aige leis an tarna mnaoí. Ba mhaith leis an tarna
mnaoí, mar is gnáth go minic i gcás d'á shórd, an
leas-mac do chur ar siúbhal as an áit agus an fheirm
a choimeád, dá bhféadadh sí é, d'á mac féin. Buachail
cialmar, críochnamhail, deagh-ghnóthach ab eadh an leas-
mhac. Réice díomhaoín ab eadh an mac eile. Níor
bh'iongna é bheith mar sin mar dhein sí peata dhé, agus,
mar adeir an sean fhocal, níor tógadh riamh peata
níos droch mhúinte, níos droch iompartha, 'ná peata
duine nú peata muice. Agus deirtear gur measa
an duine ná an mhuc féin.



Conchúbhar ab ainim do 'n leas-mhac. Mícheál ab
ainim do 'n pheata.



Bhí an t-athair ag dul i n-aoís agus ní fhéadadh an
duine bocht bheith 'na shuidhe ró mhoch ar maidin. Nuair
a bhíodh tamal de'n mhaidin caithte d'eirígheadh sé:-



"Cá bhfuil Mícheál?" adeireadh sé.



"Tá sé ag leogaint uisgíacha síos ansan," adeireadh
an mháthair.



"Cá bhfuil Conchúbhar?" adeireadh sé.



"Tá sé ag siúbhal bhothán soir ansan," adeireadh
sisi.



Agus isé Mícheál a bhíodh ag siúbhal na mbothán,
agus Conchúbhar a bhíodh ag leogaint na n-uisgíacha ar
an móinfhéar chun an fhéir a chur ag fás air. Níor


L. 96


stad sí go dtí gur chuir sí an t-athair agus an leas-
mhac i gcoinnibh a chéile, i dtreó go mb'éigion do
Chonchúbhar imtheacht.



Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Cad é an tairbhthe
fhéadfadh gastacht 'ná gliocas a dhéanamh do Chonchúbhar
nuair a bhí an éagcóir sin 'á dhéanamh air a gan fhios
dó?



Tadhg: Gan dabht ar domhan ní foláir a admháil gur
dheacair dó é féin a chosaint. Agus is dóca gur
méuduígheadh an deacaracht nuair a fuair sé gur
chreid an t-athair an t-éitheach. Ní'l aoinne gur dea-
cara dhó gliocas a tharac chuige 'ná an t-é a bhíon
macánta díreach agus go mbíon an fhírinne aige.
Tuigid lucht an éithigh agus na tromaídheachta an méid
sin go h-áluinn agus beirid siad gach aon bhúntáiste
as ar fhear na fírinne.



Ach féuch a leith orm, a Dhonchadh. Nár chóir go
bhfoghlumóch' fear na fírinne cial luath nú mall!



Donchadh: Cuir i gcás an leas-mhac úd. Cad a
dhéanfá féin, a Thaidhg, dá mbéadh siúbhal na mbothán
d'á chur ort, a gan fhios duit, agus tú ag brise do
chroídhe ag obair?



Tadhg: Is 'mó rud a dhéanfinn i n-éaghmuis stailc
a chur suas agus imtheacht liom féin. Ba chóir go
raibh fhios aige gur bh' é sin díreach an rud a theastuigh
ó'n leas-mháthair.



Donchadh: Gabhaim pardún agat. Ní raibh aon phioc
d'á fhios aige. Bhíodh sí go h-ana mhór leis ar gach aon
tsaghas cuma. Ba dhóich leat uirthi nuair a bhíodh sí ag
caint leis, nú ag níghe agus ag glanadh, gur mheasa
léi é 'ná a mac féin.



Tadhg: Ó! Airiú nár bh' í an chuirptheach í!



Donchadh: Ní h-é sin an sgéal ach cad a déanfá léi?
Conus a chosnófá thú féin uirthi?



Tadhg: Déarfinn liom féin ar dtúis, nuair a ghea-
bhainn m' athair iompuighthe am' choinnibh, ná féadfadh
sé bheith iompuighthe gan chúis. Nuair a labharfadh sé
feargach liom do labharfinn réidh leis. Bhéinn ag
cimilt bhaise dhé go meallfinn uaidh cad a bhí agam 'á
dhéanamh as an slígh. An fear a bhí maol a dhóthin chun
an éithigh a chreideamhaint bhéadh sé maol a dhóthin chun
a ínsint dómh-sa cá dtáinig an t-éitheach. As san


L. 97


amach níor ghá dhom bheith ag cur a thuairisge ar aoinne
cad ba cheart dom a dhéanamh.



Ach féuch, a Dhonchadh, a mhic ó, ní'l an cás cruinn
agat.



Donchadh: Conus?



Tadhg: Ní'l aon phioc d'á mhearthal orainne cad tá
ag an leas-mháthair 'á dhéanamh. Tá aithne mhaith againn
uirthi féin agus ar a cleasaibh, agus ar an bpeata
duine atá aici, atá níos measa 'ná an peata muice
is measa le fághail. Gheabhmíd an lámh uachtair ortha
araon, ach ní foláir duínn bheith ana ghlic.



AN PEATA.



Donchadh: Tá an ceart, agat, a Thaidhg, i dtaobh na
leas-mháthar so atá orainne i n-Éirinn. Tá aithne
mhaith againn uirthi féin agus ar a peata. Ach cad is
gá an gliocas go léir? Má thagan rógaire bacaigh
isteach am' thigh agus má chroman sé ar an mbia a dh'
ithe do h-olmhuigheadh dom féin agus do m' chlainn, má
táim ábalta ar bhreith ar chúl cínn air agus é chur ar a
shróin amach ar an gcarn aoiligh le buile chic a bhainfadh
tresáilt as, cad é an gá atá agam le gliocas? An
amhlaidh a mheasfá dhom bheith ag mion-gháirí leis agus
ag cimilt bhaise dhé, a d' iaraidh é mhealladh amach agus
an dorus a dhúnadh air?



Tadhg: Ó, ambasa, a mhic ó, má 's dóich leat go
bhfuil sé ad bheilteanaibh an gníomh san a dhéanamh níor
ceapadh riamh gliocas dob' fheár 'ná é. Ach cad é an
bac atá ort raint mion-gháirí dhéanamh leis go dtí go
mbéidh an greim daingean agat ar a chúl? Ach an
bhfuil ionat an gníomh a dhéanamh? An cuimhin leat
cad dúbhart leat an lá fé dheire i dtaobh na sguaibe?



Donchadh: Is cuímhin go maith. Siné a mhíll na
daoíne tháinig rómhainn anso i n-Éirinn le tamal. Ní
fhéadidís cuímhneamh ar aon tseift eile ach ar an
sguaib. Ní'l aon nídh is feár a thaithneadh leis an
bpeata 'ná san. Bhí fhios aige go maith ná raibh aon
sguab ag muíntir na h-Éirean. Ná raibh fiú an
tsuip féin acu i n-inead na sguaibe. Bhí fhios aige,
chómh luath agus dhéanfidís aon iaracht ar sguabadh, go


L. 98


sguabfadh a mham as an saoghal iad agus go ndéanfadh
san tuile slíghe dhó féin. Is minic a dhéin sé droch
ghníomh ar mhuintir na h-Éirean, d' aon ghnó, chun iad a
chomáint chun na sguaibe, mar bhíodh fhios aige cad é
an deire bhéadh air. Ach tá a mhalairt de chial ag
teacht do mhuíntir na h-Éirean, a Thaidhg, i n-éaghmuis
ruith chun na sguaibe, agus gan í ann, mar shásamh do'n
pheata agus é ag magadh fútha.



Tadhg: Tá, buidhchas le Dia, an chial san ag teacht dóibh,
agus ba dheacair a chur fhéuchaint ortha í dh'fhoghluim.
Táid siad ag tusnú' ar a thuisgint, fé dheire thiar
thall, gur 'mó cuma atá chun droch nídh a chur amach as
an dtigh i n-éaghmuis é chur amach le sguaib. Agus
féuch, a Dhonchadh. Tá an sgéal go h-ait ag an
bpeata i dtaobh na sguaibe. Tá a mháthair, i
gcómhnúighe riamh, olamh ar aoinne mharbhú' do láimhsiál-
fadh sguab, ach an fhaid ná feicfadh sí an sguab ad'
láimh agat ní bhéadh leath suime aici i n-aon rud a
dhéanfá leis an bpeata. D'fhéadfá breith ar chúl cínn
air agus é caitheamh an dorus amach agus an chic úd a
thabhairt dé, ach an fhaid ná feicfadh an mháthair sguab
ad láimh níor dhóich léi go mbéadh aon nídh díobhálach
ag imtheacht air. Tá an peata bocht i gcruadh chás le
déanaighe mar gheall air sin. Is mór an spórt bheith
ag éisteacht leis uaireanta agus é a d'iaraidh a chur
'na luíghe ar an seana mhnaoí go bhfuil muíntir na
h-Éirean ag láimhsiáil na sguaibe. Nuair fheuchan sí
'na tímpal chíon sí go maith ná fuil aon éifeacht le
n-a chaint. Ansan ní dhéinean sé ach fir bhréige chur
'na seasamh anso a's ansúd ar na cnucánaibh, agus
sguab 'na láimh ag gach fear díobh. Nuair a bhíon
raint acu socair mar sin aige ruithean sé ag trial ar
an seana mhnaoí agus, "Ó, a Mham!" adeir sé,
"táid munitir na h-Éirean chun sinn go léir do
sguabadh amach a' h-Éirinn! Mura mbéadh mé féin
bhíomair sguabtha amach um an dtaca so acu. Tar
anall agus tabhair leat do sguab nú tá deire le d'
réim i n-Éirinn." Dhéin sé amadán di leis an gcleas
san cúpla uair. Ní chuirean sí puínn suime ins na
fearaibh bréige ó shin.



Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil daoíne i
n-Éirinn fós atá chómh mór gan chial go gcuirfidís


L. 99


sguab ar a ngualainn amáireach chómh maith le h-aon
fhear bréige acu.



Tadhg: Ní chuirfidís, a Dhonchadh. Do leogfidís
ortha go gcuirfidís. Nuair a thiocfadh an t-am
d'fhágfidís an sguab ag duine éigin eile. Tá sean
aithne ag gach aoinne ortha san.



AN BHRÉAG MHÓR.



Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an focal úd
adúbhairt fear an tabhairne nuair a h-iaradh air a thigh
tabhairne dhúnadh agus gan deoch meisgeamhail a dhíol
Lá Fhéile Pádraig?



Tadhg: Ní fheaca. Cad 'dúbhairt sé?



Donchadh: Dúbhairt sé ná dúnfadh sé a thigh an lá
san, agus go ndíolfadh sé an deoch gan bhuidhchas
d'aoinne, agus gur mhó go mór an tairbhthe dhéanfadh
sé le n-a dhorus a choimeád ar osgailt agus deoch a
dhíol le gach aoinne a' dh'iarfadh é, 'ná mar a dhéanfadh
sé le n-a dhorus a dhúnadh.



Tadhg: Aililiú! Is ait an sgéal é sin. An amhlaidh
a déarfadh sé gur mhó na daoíne a chuirfadh dúil sa
ndigh ar meisge 'ná mar a chuirfadh ól an díghe ar
meisge?



Donchadh: Ní mar sin ar fad a chuir sé é. Dúbhairt
sé dá ndúntí na tighthe óil go raghadh na daoíne
isteach ins na síbíníbh chun an díghe a dh'fhághail, agus
ansan go mbéadh an sgéal níos measa acu 'ná dá
bhfaighdís an deoch i dtigh an tabhairne.



Tadhg: Is cam an rud aigne an duine, a Dhonchadh,
nuair a cheapan an duine an dubh a chur 'na gheal
orainn. Is 'mó leath-sgéal a dh'fhéadfadh an fear
san a thabhairt uaidh, chun a dhoruis a choimeád osgailte
agus chun díghe a dhíol Lá Fhéile Pádraig, agus go
mbéadh an fhírinne aige agus cial le n-a chaint.
D' fhéadfadh sé a rádh' go breágh macánta, ná féad-
fadh sé a dhorus do dhúnadh an lá san mar gur theas-
tuigh uaidh go cruaidh raint airgid a dhéanamh chun a
chíosa dhíol nú chun a ghlaoidhte d'fhreagairt. Nú
d' fhéadfadh sé a rádh ná dúnfadh sé a dhorus an lá
san mar gur theastuigh an t-airgead uaidh chun órnáidí


L. 100


chur ar a mhnaoí nú ar a chlann inghean. Nú d'fhéad-
fadh sé a rádh, go breágh réidh, ná dúnfadh sé a dhorus
an lá san mar nár ghádh leis é! Gheabhadh sé fiche freag-
ra le tabhairt a bhéadh díreach, pé 'cu bhéidís dleaghthach
nú ná béidís. Ach ní shásóch' aon fhreagra acu é.
Níor bh' fholáir leis dul agus a rádh linn, suas le n-ár
mbéal: "Do dhúnfinn mo dhorus Lá Féile Pádraig, i
n-onóir do Naomh Pádraig, mura mbéadh aon nídh
amháin. Ba chuma liom cad a dhéanfadh an t-airgead.
Ní bhéadh aon tsaint i n-aon chor chun an airgid orm.
Ach dá ndúnainn-se mo dhorus do raghadh na daoíne
isteach ins na síbíníbh agus do tabharfí droch dheoch
dóibh, deoch a chuirfadh ar meisge iad agus dhéanfadh,
'na theannta san, díobháil sláinte dhóibh. Ar mhaithe
leis na daoíne féin iseadh ná dúnfad mo dhorus an
lá san." Féuc air sin! Ar mhaithe leis na daoíne
iseadh choimeádfidh sé a dhorus ar osgailt Lá Fhéile
Pádraig! Dhúbhart gur 'mó leath-sgéal fhéadfadh sé
a tharac chuige 'na mbéidh an fhírinne aige. Deirim
anois gur 'mó bréag fhéadfadh sé a tharac chuige agus
gan iaracht a thabhairt ar a leithéid sin de bhréig a chur
'na luighe orainn, i riocht fírinne, mar 'dh eadh.



"Ní dhúnfad mo dhorus Lá Féile Pádraig agus is
ar mhaithe leis an bpoibilídheacht ná dúnfad é."



Ba cheart do Chonradh na Gaeluinne duais mhaith a
thabhairt do'n bhréig sin. Ní h-é mo thuairim gur
féidir buachtaint uirthi.



Donchadh: Measaim-se, a Thaidhg, go bhfuil aon rud
amháin a bhuadhfadh uirthi.



Tadhg: Cad é an rud é sin?



Donchadh: Dánaídheacht éadain an fhir a cheapan an
bhréag san a chur 'na luíghe orainn. Ní déarfadh sé
an bhréag mura mbhéadh gur mheas sé go gcreidfí uaidh
í. Is dána an obair dó a mheas go gcreidfadh aoinne
a leithéid de bhréig. Ach cad is ceart a rádh leis?



Tadhg: Ní ceart aon fhocal a rádh leir. Ní'l ach
aon rud amháin a mhúinfidh dó conus an fhírinne dh'
ínsint.



Donchadh: Cad é an rud é sin?



Tadhg: Lá Féile Pádraig a thabhairt dó gach aon lá
sa mblian. Gan dul isteach 'na thigh i n-aon chor a
thuile.


L. 101


Donchadh: Dar fiad ach bhainfadh san an cam as!



Tadhg: Chuirfadh sé i dtreó é gur chuma dhúinn cam
nú díreach é feasta.



MAR MHAITHE LEIS FÉIN.



Donchadh: Ní fhéadaim gan gáire dhéanamh gach aon
uair a chuímhníghim ar an bhfocal úd a dúbhraís an lá
déanach, a Thaidhg, i dtaobh fhir an tabhairne ná dúnfadh
a dhorus Lá Fhéile Pádraig.



Tadhg: Cad dúbhart? Tá sé imthighthe as mo cheann.
Is greanamhar an sgéal agam é; an rud a thuit amach
dachad blian ó shin tá mo chuimhne chómh glan air agus
bhí sé an lá thuit sé amach, ach rud a thuit amach seacht-
mhain ó shin d' imtheóch' sé as mo chuímhne chómh glan
agus dá mba ná tuitfadh sé amach riamh.



Donchadh: Dúbhraís, an fear thabhairne ná dúnfadh a
dhorus Lá Fhéile Pádraig nár bh'fheár rud a déanfí
leis ná Lá Fhéile Pádraig a thabhairt dó gach aon lá
sa mbliain. Gan dul isteach 'na thigh i n-aon chor a
thuile.



Tadhg: Dob fhíor dhom é. An t-é ná fuil fhios aige
conus onóir a thabhairt do Naomh Pádraig do múinfí
dhó ar an gcuma san conus onóir a thabhairt dó. An
t-é a deir gur ar mhaithe leis an bpoibilídheacht ná
dúnfadh sé a dhorus an lá san d' fhéadfí a thaisbeáint
dó conus mar atá an phoibilídheacht ábalta ar fhana-
mhaint amach a' tigh ná taithnean leó, pé' cu tigh
tabhairne é nú síbín, agus go bhfuilid siad ábalta ar
fhanamhaint amach as, gach aon lá sa mbliain, chómh maith
agus táid siad ábalta ar fhanamhaint amach as Lá
Fhéile Pádraig.



Donchadh: Nuair a bhéadh an bhliain caithte, agus Lá
Fhéile Pádraig tagaithe ar an bhfear tabhairne sin trí
chéad uair agus chúig uaire a 's trí fichid, ní fheadar
an mbéadh oiread grádh aige do'n phoibilídheacht agus
a leogan sé air a bheith aige anois. Ní fheadar ar
chuma leis puínn cé 'cu 'raighdís isteach ins na síbíníbh
nú ná raighdís.



Tadhg: Do bhéadh, a Dhonchadh, an grádh céadna
díreach aige do'n phoibilídheacht atá anois aige dhóibh,


L. 102


an grádh a bhíon ag an gcat duit nuair a bhíon sé 'ghá
chimilt féin de t'lurgain agus ag crónán; grádh mar
mhaithe leis féin.



Donchadh: Ó 'seadh, "Mar mhaithe leis féin a dhéinean
an cat crónán. "Is fíos é. Ní féidir a mhalairt a
bheith fíor. "Mar mhaithe leis féin" iseadh dhíolan fear
an tabhairne deoch. Mar mhaithe leis féin a choiméad-
fadh sé daoíne amach as na síbíníb. Nár chóir, a
Thaidhg, go bhféadfadh an phoibilídheacht bheith suas le
h-obair de'n tsórd san.



Tadhg: 'Seadh, ó's "Mar mhaithe leis féin" a dhéin-
ean an cat crónán, agus ó's "mar mhaithe leis féin"
is maith le fear an tabhairne na daoíne choimeád
amach as na síbíníbh, go socaróch' na daoíne ar rud
éigin fhéadfidís féin a dhéanamh "mar mhaithe leo
féin." Ambasa ba chóir go socaróidís. Is mairg a
bhéadh ag brath ar chat 'ná ar mhadra, ná ar fhear
tabhairne, chun ruda dhéanamh ar mhaithe leis agus é
féin ábalta ar rud a déanamh ar mhaithe leis féin.
Ach dá bhfiarfítí dhíot-sa, a Dhonchadh, cad ba mhaith
do'n phoibilídheacht a dhéanamh sa ghnó so ar mhaithe leó
féin, cad 'déarfá? Dá mba tú an phoibilídheacht
conus a bhéidhfá suas le lucht tabhairne?



Donchadh: An chéad phuinte 'ná chéile dhé, ní'l an
troid anois ach idir mé féin agus an mhuintir a chuir-
fadh cos i dtalamh, "mar mhaithe leis an bpoibilí-
dheacht," agus ná dúnfadh a ndóirse Lá Fhéile
Pádraig.



Tadhg: Tá go maith. Conus a bhéidhfá suas leó
san? Conus a curfá cos i dtalamh 'n-a gcoinnibh?



Donchadh: Dhéanfinn an rud úd a dúbhraís féin, gan
dul isteach 'na dtigh i n-aon chor a thuile.



Tadhg: Dar fiadh ach dá ndéinteá san bhéadh rud
agat d'á dhéanamh ar mhaithe leat féin a bhéadh níos
tairbhthíghe duit 'ná an crónán is grádhmhaire d'ár dhéin
cat riamh. Ach conus a bhéad an sgéal agat dá
gcuireadh fear an tabhairne an dlígh ort?



Donchadh: Cad é an dlígh airiú!



Tadhg: "Boycotting," a mhic ó.



Donchadh ': "Boycotting"! Nuair ná raghainn isteach
'na thigh chun díghe dh'ól! B'fheár liom 'ná rud maith
go ndéanfadh fear an tabhairne rud de'n tsórd san


L. 103


orm féin nú ar dhuine éigin eile. Geallaim dhuit
nách ar mhaithe leis féin a dhéanfadh sé é, murab ionan
a's an cat.



Thadhg: Is mar mhaithe leis na daoine dhéanfadh sé é,
bíodh nách chuige sin a bhéadh sé.



Donchadh: Nár mhaith an rud dos na daoíne triail a
bhaint as?



Tadhg: Dá gcurtí chuige iad.



BÓRD AN FHÍLL.



Donchadh: An bhfeacaís, a Thaidhg, an cleas so atá
imeartha ag an mBórd orainn?



Tadhg: 'Seadh, i dtaobh na Gaeluinne ins na sgoil-
eanaibh. Chonac é. Ní h-é an cleas a chuir an iongna
is mó orm, ámhthach, ach a fhaid gur h-imireadh é féin
nú cleas éigin d'á shórd orainn. Ní thoileóch' an
Bórd san riamh, a Dhonchadh, chun na Gaeluinne chur d'á
múine ins na sgoileanaibh mura mbéadh aon nidh amháin.
Bhí sé buailte isteach, daingean, 'na n-aigne go raibh
deire leis an nGaeluinn. Mheasadar go raibh an
sgéal acu mar a bhíon ag an ndochtúir nuair a chíon sé
go bhfuil an bás ag duine agus ná fuil aon bhreith
aige ar eíríghe.



"Cad a thabharfimíd le n-ithe nú le n-ól dó, a
dhochtúir?" a deirtear.



"Aon rud i n-aon chor a dh'iarfidh sé," adeir an
dochtúir.



Do mheas an Bórd ná raibh aon chómhacht ar an
dtalamh so a dh'fheadfadh an Ghaeluinn a choimeád beó.
Nuair a h-iaradh ortha, beagán aimsire ó shin, a leo-
gaint í mhúine ins na sgoileanaibh dúbhradar leo féin;
"Tá go maith. Sgaoílimís leó. Gheabaidh sí bás i
n-aimhdheóin a ndíthil. Ní féidir di dul abhfad anois.
Is amhlaidh a dhéanfidh an múine í bhrostúghadh. Sgaoíl-
imís leis an múine. Ar ball nuair a bhéidh sí imthighthe
ní bhéidh sé le rádh ag aoinne gur sinne chuir chun báis
í. Béidh sé le rádh againne gur dhéineamair ár ndíthol
chómh maith le cách chun choimeád beó. Do leogamair


L. 104


í mhúine ins na sgoileanaibh. Cad eile dh'fhéadfimís
a dhéanamh! Béidh réidhteach mór againn nuair a bhéidh
sí imthighthe, agus rud is feár 'ná san féin, ní curfar
a h-imtheacht i n-ár leith."



Ach ní mar a braithtear a bídhtear go minic. Do
sgaoíleadh leis an múine, ach i n-inead dul chun báis
is amhlaidh a thusnuigh an Ghaeluinn ar aithbheódhadh. Do
crom an t-aos óg ar eólus a chur uirthi agus thusnuigh
sí ar réidhteach le n-a n-aigne mar a réidhteóch' bainne
chí máthar. Ba gheár gur thuig lucht an Bhúird go raibh
tuaiplis déanta acu dhóibh féin. Bhíodar sa chás 'na
mbíon an dochtúir uaireanta nuair adeir sé, "Tabhair
dó gach aon rud a thaithnfidh leis," agus nuair thagan
sé airís i gceann seachtmhaine agus go mbíon an
duine 'na shuidhe cois na teine roimis!



Cad 'déarfí leis an ndochtúir sin an uair sin,
a Dhonchadh, dá n-abradh sé, "Ó, caithfar an bia
fóghanta choimeád ó'n nduine seo! Tá an bia fóghan-
ta ag déanamh díobhála dhó!"?



Donchadh: Ba dhóich liom, dá mba mise an duine
breóite go mbéadh 'fhios agam cad a dhéanfinn. Do
bhéarfinn an chúl cínn ar an ndochtúir sin agus chuir-
finn an dorus amach é ar a smúrla!



Thadhg: Siné díreach a caithfar a dhéanamh leis an
mBórd so. Nuair a fuaradar ná raibh an Ghaeluinn
ag dul chun báis mar a mheasadar a bhéadh sí nuair a
tusnófí ar í mhúine, chuireadar riaghail amach, riaghail
chealgach, riaghail sgéiméireachta, riaghail a chuirfadh
cosg le múine na Gaeluinne le h-eagla go n-déanfadh
a múine díobháil nuair a fágfí rudaí eile gan múine
mar gheall uirthi.



Donchadh: Agus cé bhéadh chun na dhíobhála bhreithniú'?
B'fhéidir gur tairbhthe bhéadh aici 'á dhéanamh. An t-aos
óg a bhéadh ag foghluim na Gaeluinne, b'fhéidir gur
bh'fheár fhoghlumódís rudaí eile 'ná mar a dhéanfadh an
t-aos óg ná béadh 'á foghluim.



Tadhg: Dar ndó is feár! Tuigean an uile dhuine
an méid sin anois. Tugan an Ghaeluinn do'n leanbh
osgailt aigne agus géarchúis nách féidir dó fhághail ó
aon fhoghluim eile. Nách shiné donas an sgéil! An
t-aon rud amháin a chuirfadh neart agus géarchúis i
n-aigne an leinbh, an' leanbh d'á ghearadh amach uaidh.


L. 105


An bia foghanta, bainne cí a mháthar, d'á choimheád ó'n
leanb le h-eagla, mar dh'eadh, go ndéanfadh sé
díobháil dó. Ar airig aoinne riamh a leithéid!



Donchadh: Agus cad tá le déanamh? Tá 'fhios ag
an saoghal ná féadfar cur suas leis an bhfeall san
d'á dhéanamh ar an leanbh.



Thadhg: Ní fheicim-se go bhfuil le déanamh ach an rud
úd a dhéanfá-sa leis an ndochtúir úd, "Breith ar chúl
cinn ar an mBórd so agus é chur an dorus amach, ar
a smúrla."



Donchadh: Tá go maith, ach cé dhéanfidh é?



Thadhg: D'fhéadfadh muíntir na h-Éirean féin é
dhéanamh láithreach dá gcuimhníghdis air agus cur chuige.
Tá gníomhartha ba dheacara déanta cheana acu, laistigh
de bheagán aimsire, agus níor chuireadar leath a nirt
chúcha. Chuirfadh aon tsúnc* amháin uatha an Bórd so
amach ar a smúrla. Is 'mó ainbhfios atá ar Éirinn
ach is dóich liom ná fuil aon rud is mó atá i n-easnamh
uirthi 'ná fios a nirt féin.



GAN RIAN DÍGHE.



Tadhg: Bhí obair mhór acu i mBaile Átha Cliath an lá
fé dheire, a Dhonchadh.



Donchadh: Ach, éist do bhéal, a dhuine! Ní fheacaís,
ná aoinne eile, a leithéid riamh. Níor mheasas go
bhfeicfinn le m' ré a leithéid de radharc. Bhí an
chathair lán de dhaoine, i n-éaghmuis na ndaoíne a bhí
sa ghluaiseacht mhór, agus bhí oiread san daoíne ag
imtheacht sa ghluaiseacht, agus ag siúbhal go géar leis,
go mbéidís uair go leith a' chloig ag gabháil thort dá
stadfá i n-aon áit amháin.



Tadhg: Is maith é sin! Agus a' raibh mórán
órnáidí acu?



Donchadh: Órnáidí! Níor bh' órnáidí go dtí iad.
Peictiúirí agus gléus oibre agus gléus ceard. Gach
aon rud ar áileacht chun a ghnótha féin. Agus gan
gléus ná peictiúir ná órnáid acu tabhartha isteach ó
aon dúthaigh iasachta, ach lucht ealadhan agus lucht



* Súnc, a heavy and effective push.


L. 106


ceárd na h-Éirean féin tar éis iad go léir a
dhéanamh.



Tadhg: Seadh! Is maith é sin. Ní ró mhór an aim-
sir atá ó bhéadh a mhalairt sin de sgéal i mBaile Átha
Cliath dá mbéadh gluaiseacht ná tabhairt amach ann,
ná cruinniú' daoíne. Is amhlaidh a bhíodh an sgéal an
uair sin againn níor bheag a rádh gur sa bhaile i n-Éirinn
a déineadh aon pheictiúir des na peictiúiribh sin nú
aon ghléus des na gléusanaibh sin, chun iad do chur ó
aon mheas i n-aon chor a bheith ag aoinne ortha, agus
níor bheag é bheith le rádh gur thall i Sasana a déineadh
iad, nú sa n-Almáinn, nú i n-aon áit eile bhéadh abhfad
ó bhaile, chun an uile dhuine bheith ag súrac a theangan,
agus ag camadh a shúl, agus ag cur a dhá bhas anáirde,
ag déanamh iongna dhíobh, agus gan ionta sa n-am
gcéadna, b'fhéidir, ach ceirteacha smeartha, agus
gléusana crapaithe ná déanfadh obair nuair a curfí
chuige iad.



Donchadh: Seadh agus an Sasanach, nú an t-Almáin-
neach, nú an Yank caochshrónach a bhéadh 'ghá dtais-
beáint, iongna an domhain againn go léir 'á dhéanamh
dé; ár gcluasa ag faire ar gach aon fhocal a déarfadh
sé; ár súile ag faire ar an uile chor d'á gcuireadh sé
dhé; agus dá labhradh fear ó Chiaraíghe nú ó Chúig Uladh
focal Gaeluinne ag ár n-uilinn go ruithfimís faid ár
radhairc uaidh le h-eagla go measfí aon ghaol a bheith
againn leis! Bhí an sgéal go h-olc againn gan
amhras. Ní foláir san d'admháil.



Thadhg: Agus sa n-am gcéadna san, a' dtuigean
tú, a Donchadh, sinn go léir 'ghá chur 'na luíghe orainn
féin agus 'ghá mhaoidheamh go h-árd os cómhair an
domhain, ná raibh treabhchas daoíne le fághail ar shliocht
Ádaim a bhí níos tuisgionaíghe, níos géarchúisíghe, níos
neagh thréithíghe ar gach aon chuma, 'ná sinn féin!
Buile agus fearg agus seirbhthean orainn má chuir
aoinne i dtuisgint dúinn ná raibh an meas aige orainn
ba dhóich linn a bhí ag dul dúinn agus sa n-am gcéadna
gan ach droch mheas agus tarcuisne againn féin 'á
thabhairt d'á chéile, eadarainn féin agus os cómhair
daoíne iasachta.



Donchadh: Tá an sgéal san imthighthe, a Thaidhg. Dá
mbeithá sa chathair an lá fé dheire is amhlaidh 'aireóchthá


L. 107


daoíne ag formad le chéile feuchaint cé ba chruinne
do labharfadh an Ghaeluinn. Ach féuch, a Thaidhg, bhí
rud le feisgint i mB'l'ath' Cliath an lá san agus am
thuairim-se do bhuaidh sé ar an gcuid eile go léir. Bhí
na mílte sa gluaiseacht agus na mílte ag feuchaint
ortha, agus an gcreidfá é, ní fheaca oiread agus
rian díghe ar aon duine!



Tadhg: Seadh! Is feár san 'ná an chuid eile go
léir. An t-é a déarfadh deich mbliana ó shin go
mbéadh san le feisgint choídhche i n-Éirinn déarfí go
raibh sé as a mheabhair! Moladh go deó le Dia



TÍR MHÍ-NÁDÚRTHA.



Donchadh: Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. An
bhfuil tuileamh níos feár ag daoíne i n-America 'ná
mar atá anso i n-Éirinn acu?



Tadhg: Ní'l aon tuileamh i n-aon chor acu le fághail
go minic. Daoíne go raibh saoghal maith anso i
n-Éirinn acu, daoíne a tógadh go bog agus go neamh-
anngarach, táid siad thall ar shráidibh na gcatharach
mór i n-America agus iad díomhaoín. Ba lag leó lá
oibre dhéanamh i n-Éirinn ar a bpágh lae. Dhéanfidís
thall é go fonamhar dá bhfaighdís le déanamh é ach ní
bhfaighid. Tá siad ag dul 'on ghorta thall anois, a
lán acu. Ní mar a chéile bheith gan obair ansúd agus
bheith gan obair i n-Éirinn. Dá mbéadh duine díomh-
aoín i n-Éirinn, le h-easba oibre, ní leogfí dhó bás a
dh'fhághail do'n ocras pé sgéal é. Gheabhadh sé béile
bhídh ameasg na gcómharsan. Ní'l aon rud i bhfuirm
cómharsanachta ansúd. Dá mbéadh ocras ort ansúd
agus go n-iarfá béile bídh do tabharfí gadaidhe ort
mura mbéadh an t-airgead agat le díol as an mbia.
Ní'l aon bhágh ansúd ag duine le duine eile. Tá bágh
gach aoinne leis an airgead. An t-é ná faghaidh obair
le déanamh ann ní féidir dó airgead a bheith aige.
Ansan ní'l aige le déanamh ach síne siar agus bás
d' fhághail, agus dá luathacht a dhéanfídh sé é iseadh is
feara dhó féin é. Tá muíntir na h-Éirean 'á dhéanamh


L. 108


ann go tiugh a gan fhios do'n tsaoghal. Imthíghid siad
a' h-Éirinn agus fuadar an dómhain fútha chun saidhbhris
a dhéanamh, dar leó, leis an dtuileamh mór. B' féidir
go mbíon a gcroídhe briste ó béith ag feitheamh leis
an obair sar a' bhfaghaid siad í. B' fhéidir go dtuit-
ean a lug ar a lag acu agus go dtagan bás ortha
sar a' bhfaghaid siad obair ná súil le h-obair. Ansan
ní h-airíghtear a thuile mar gheall ortha. Má ráinighean
go bhfaghaid siad post oibre ní fada go dtuigid siad
'na n-aigne gur bh' ar éigin bháis fhéadan an méid a
thuilid siad bia agus balcais éadaigh a cheanach dóibh.
Feuchan an págh mór go leór go dtí go dtéidhean
duine ag déanamh na ceanaígheactha. Ansan iseadh
chídhtear feall an sgéil. An rud a cheanóch' duine
anso i n-Éirinn ar sgiling caithfadh sé, b' fhéidir,
coróinn nú deich sgilinge dhíol ansúd as. Tá págh
mór ann, ach is págh beag é 'na dhiagh san mar ní
cheanuighean sé ach an suarachas. B' fheara dhuit págh
beag agus bia agus éadach saor 'ná págh mór agus an
bia agus an t-éadach a bheith chómh daor san go mbéar-
fidís uait é agus oiread eile dá mbéadh sé agat.



Donchadh: Agus cogar aleith chúgham, a Thaidhg. Má
's mar sin atá an sgéal thall cad 'na thaobh ná fanaid
na daoíne sa bhaile?



Tadhg: Iad a bheith gan chial. Iad a bheith as a mea-
bhair glan. Dá bhfanfadh cuid acu sa bhaile bhéadh
feabhas ortha thall agus abhus. An uile dhuine acu
théidhean anonn anois ní'l sé ach ag leagadh an pháigh
dó féin agus do'n mhunitir atá thall roimis, agus ag
cur na h-oibre i ndéine. Tá talamh na h-Éirean ag
dul chun fiantais le h-easba saothruighthe agus na
daoíne a dhéanfadh an saothrú' agus do thuilfadh a
mbeatha, gan iomad cruadhtain, as, iad ag tuitim le
h-ocras ar shráidibh na gcatharach thall, nú d'á marbhú'
le h-obair ró dhian. An fear a mairfadh i n-Éirinn
chun bheith os cionn cheithre fichid bíon sé 'na shean-
duine chlaoidhte, chrapaithe, liath, ansúd sar a' gcuirean
sé an dachad dé. Tír mhí-nádúrtha iseadh America
do'n Éireanach, a Dhonchadh.



Donchadh: Agus an bhfuil sé ar chumas aoinne aon
rud a dhéanamh chun na n-Éireanach a choimeád sa
bhaile?



Tadhg: Tá a lán daoíne a d' iaraidh rud éigin a


L. 109


dhéanamh chuige, ach is ana dheacair a chur 'na luíghe ar
an Éireanach nách é a leas atá aige 'á dhéanamh, ach gur
aimhleas damanta atá aige 'á dhéanamh, nuair atá
socair aige ar dhul anonn go h-America. Thall iseadh
thuigean sé an t-aimhleas. Tá sé ró dhéanach aige
bheith 'ghá thuisgint an uair sin.



Donchadh: Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn!



Tadhg: Amein, a Thighearna! Ba ghádh dhúinn é.



"NEAMHCHOITCHIANTA."



Donchadh: Is uathbhásach an chuma 'na bhfuil an sgéal
againn, a Thaidhg. Na daoíne ag imtheacht a' h-Éirinn
ar cos anáirde chun beatha níos feár a dhéanamh amach
dóibh féin thall 'ná mar is dóich leó is féidir dóibh a
bheith acu i n-Éirinn. A súile d'á n-osgailt dóibh chómh
luath agus théid siad anonn agus iad 'ghá fheisgint go
soiléir gur dhéineadar a n-aimhleas an lá fhágadar
Éire, go mb' fheara do dhuine práta agus gráinne
salainn i n-Éirinn 'ná sógh agus rósta thall. Agus
ansan iad ag maoídheamh as an áit thall agus 'ghá
leogaint ortha ná mairfidís i n-Éirinn dá bhfaighdís
talamh saor ann. Cad 'tá ortha? Nú cad tá 'ghá
ndalladh? Nár chóir go mbéadh sé de mhacántacht
ionta an fhírinne dh'ínsint agus gan leogaint do
dhaoíne eile an t-aimhleas céadna dhéanamh. Chonac
litir sa phápéur indé ó chailín éigin a thug tamal thall.
Ní'l aon mheas aici i n-aon chor ar Éirinn. Ba dhóich
leat uirthi gur bhfeár do chailín dul agus í féin a bháth
'ná dul ag obair d'aon fheirimeóir i n-Éirinn.



Tadhg: Daoine mar í sin, a Dhonchadh, atá ag
déanamh an donais ar dhaoínibh óga na h-Éirean.
Thagaid siad anall anso ó America agus slabhraí óir
ortha agus ribíní síoda agus faisinní, agus caochshrón-
aíghe 'na gcaint i dtreó gur ar éigin a thuigfá focal
uatha. Ach! Ní mhairfidís i n-Éirinn! B'fheár leó
bás d'fhághail 'ná dul ag obair d'fheirimeóir! Ach
féuch sa n-aghaidh, a Dhonchadh, ar an gcailín a labhran
mar sin. Féuch an aghaidh bhán agus an droch shnó agus
an croicean cas agus an dath mílítheach. Cá bhfuil an
bláth aingilídh solusmhar a bhí ar an aghaidh sin sar a
ndéidh an cailín sin anonn?


L. 110


Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil fhios
agam-sa go maith cad d'imtigh ar an mbláth. Obair
chruaidh i dtighthibh móra ó roim lá go dubh na h-oídhche,
agus abhfad isteach sa n-oídhche go minic, gan lán
cléibh 'ná lán béil de ghaoith fholáin fhághail do ló ná
d' oídhche, ach droch ghaoth mhí-fholáin na catharach, gaoth a
bhí tar éis an uile shaghas droch bhaluith a bhailiú' chúichi ó
gach droch chúinne de'n chathair, siniad a bhain bláth na
h-Éirean d' aghaidh an chailín.



Thadhg: Agus do chuir ar na slabhraíbh agus ar na
ribíníbh é! B' fheár liom an bláth a dh' fhanamhaint ar
an gcailín pé rud a dhéanfadh na slabhraí 'ná na
ribíní.



Donchadh: Ní mar sin do chuid des na cailíní atá
sa bhaile againn fós. Tá an bhláth ar an aghaidh acu
fós agus an tsláinte sa bhfuil acu, ach nuair a chíd
siad an cailín a thagan anall agus na slabhraí agus
na ribíní uirthi, agus an chaochshrónaíghe 'n-a caint,
agus an aghaidh bhán uirthi, preit! Ní fhanan aon mheas
acu ar an mbláth atá ortha féin, an "lí dheirge tré
ghile 'n-a séimh ghnúis ghlain." Dar fiadh ach is dóich
liom go bhfuil cuid acu agus gur bh'fheár leó go mór
na ribíní agus na slabhrai bheith ortha, agus na ceannacha
fuara feóchta, 'ná an luisne atá ionta agus an bláth
atá ortha agus an tsláinte atá acu! Is ait an
sgéal é.



Tadhg: Is fada dhó mar sin, a mhic ó. Ní h-indiu
'ná indé a thusnuigh cailíní óga ar a mheas gur bh'fheár
an luisne bheith ins na ribíní 'ná é bheith 'n-a snó féin
acu.



Donchadh: Agus cad mar gheall ar an sláinte?
Dar ndó ní féidir do chailín sláinte mhaith a bheith aici
má bhíon an croicean ar a h-aghaidh bán, feóchta seirg-
the, mar bhéadh leathar mealbhóige!



Tadhg: Is cuma léi cad a dhéanfidh sláinte ach go
ndéarfid daoíne go bhfuil sí "neamhchoitchianta."



Donchadh: Achaidhe!! Dar fiadh, a Thaidhg, ach má
phósaim-se choídhche go dtabharfad toghadh an aireachais
nách cailín "neamhchoitchianta" a phósfad.



Thadhg: Ní fheadar. Fanaimís go bhfeicimíd. Is
minic a dhéin duine, i dtaobh pósta, an rud a cheap sé
ná déanfadh sé choídhce.


L. 111


"ABHAILE MÁ FHÉADAIM É!"



Tadhg: Is mór an iongna leatsa, a Dhonchadh, na
cailíní óga agus na buachailí óga bheith ag ruith leó
féin a' h-Éirinn, 'ghá cheapadh go mbéadh saoghal áluinn,
saidhbhir acu thall, agus gan aon áirighthe thall acu air
seachas abhus.



Donchadh: Ba dhóich liom gur cheart do dhuine, pé
saoghal atá anso i n-Éirinn aige, feuchaint roimis sar
a ragadh sé anonn, le h-eagla go mb'fhéidir go
mbéadh an sgéal níosa mheasa thall aige. Ba dhóich le
duine ar chuid acu atá ag imtheacht nách cúrsaí uilc
agus maitheasa i n-aon chor thall é, ná fuil, thall ach
maith ar fad, gan aon streanncán de'n olc measgaithe
air. Ba dhóich le duine ortha ná fuil aon duine bocht
thall; ná fuil aoinne breóite ann agus ná bíon
choídhche; ná fuil aoinne dealbh ann, ach sparán na
sgillinge 'n-a phóca féin ag an uile dhuine ann agus
gan bac air tarac as chómh minic agus is maith leis é.
Ba dhóich le duine ortha ná faghan aoinne bás thall
choídhche. Dá mbéadh san go léir fíor ní fhéadfidís
níos mó dithinis a bheith ortha ag imtheacht 'ná mar atá.
Gan amhras is mór an truagh iad nuair a théid siad
anonn agus nuair a chíd siad conus a bhíon an sgéal
dáiríribh. Bhí an sgéal go h-olc i n-Éirinn fadó,
nuair a dhubh na prátaí agus nuair a bhí na mílte ag
fághail bháis do'n ghorta. Níor lean an aimsir sin ach
tamal. Ní gádh d'aoinne bás d'fhághail do'n ghorta i
n-Éirinn anois 'ná le fada 'bhliantaibh. Ní mar sin
do'n áit thall. An t-é ná béidh post éigin oibre thall
aige ní féidir dó aon leathphinge airgid a bheith aige,
agus an t-é ná béidh airgead aige ann ní foláir dó
bás d'fhaghail do'n ghorta. Táid muíntir na h-Éirean
ag fághail bháis thall ar an gcuma san, ní h-ar feadh
sgathaimh droch aimsire é, tré dhubh práthaí nú tré
mheathalú' arbhair, ach gach aon lá riamh ó thusnuighdar
ar dhul anonn. An bhfuil fhios agat cad is mó chuirean
iongna orm fhéin a Thaidhg? Is cuimhin leat sgéal an
phocáin, agus gan ann ach ar éigin siúbhal. Nuair a
fiafraightí dhe, "Ca bhfuil do thrial, a phocáin?"
"Abhaile - má fhéadaim é!" a deireadh sé. Is mór go
léir an iongna liom, an chuid de mhuíntir na h-Éirean


L. 112


a bhíon i gcruadh-cás thall, ná thugaid siad aghaidh airís
ar an mbaile. Pé rud a dhéanfidís i n-Éirinn níor
bhaoghal dóibh bás do'n ghorta anois ann.



Tadhg: Is fada nár airígheas uaith-se, a Dhonchadh,
ná ó aoinne eile, caint chómh neamhthuisgionach leis an
gcaint sin atá tagaithe anois uaith. Ar dtúis, conus
fhéadfidís teacht abhaile gan airgead acu chun díol as
a bpasáiste? An amhlaidh a mheasfá dhóibh an fharge
shnámh! Chuadar anonn mar do dhíol duine éigin thall
as an bpasáiste dhóibh. Bhí ortha an t-airgead san do
dhíol thar n-ais leis an bhfear thall chómh luath agus
bhéadh sé tuillte thall acu. Bh'fhéidir nár thuilead
riamh, agus nár díoladh, an t-airgead san. Cé 'tá
chun díol as an bpasáiste anall? Ach is cuma san.
Ní h-é sin a choimeádfadh gan teacht abhaile iad. An
focal úd a dúbhrais féin i dtaobh an phocáin, siné
choimeádfadh gan teacht iad, agus do choimeádan go
minic, pe' cu bhíon airgead an phasáiste acu nú ná
bíon. Dá ráineóch' go mbhéadh ruith an ráis thall leó
agus go mbéadh raint mhaith saidhbhris curtha le chéile
acu, ansan b'fhéidir go dtiocfidís go fonamhar.
Tiocfidís ansan bh'fhéidir agus an tsláinte briste
acu, "casachtach árd agus múchadh" ortha. Ach ba
chuma leó an fhaid fhéadfidís a thaisbeáint duit-se
agus dómh-sa go rabhdar neamhspleádhach, go raibh na
cruacha óir sa bhanc acu. Ach teacht anso anall, "gan
pingin am' láimh 'ná folt umam' chnamhaibh," teacht
anso anall agus gan 'na mbéal ach freagra an phocáin
úd "Rachad abhaile má fhéadaim é!" Ní'l an
t-Éireanach san beó nár bh'fheár leis bás d'fhághail do'n
ghorta thall, seacht n-uaire i ndiaigh chéile dá mb'
fhéidir é, 'ná teacht abhaile go h-Éirinn agus é bheith
agat-sa agus agam-sa le caitheamh ins na súilibh air
ná raibh aige ach "Rachad abhaile má fhéadaim é!"



Donchadh: B'fheár fanmhaint sa bhaile ór thusach.



Tadhg: Sin caint ná fuil neamhthuisgionach. Na
daoíne nár imthigh fós, anois an t-am acu chun
cuímhneamh air sin.


L. 113


CAMHRÁNAÍDHE.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg, tá 'fearg orm! Táim ar
buile le feirg indiu.



Tadhg: Aililiú! Cad fé ndeár an fhearg do
leir?



Donchadh: Táimíd go léir ag obair le deich
mblianaibh, ag déanamh ár gcroídhe díthil chun na
Ghaeluinne seo choimeád beó i mbéalaibh Gaedhal. Tá
an obair déanta againn go dtí so ar chuma nár mheas
aoinne i dtusach bara gur bh'fhéidir í dhéanamh. Tá
aon phort amháin ar siúbhal ag ár namhdaibh go léir ó
thusach. "Ó," adeirid, "Ní'l aon mhaith i nbhúr saothar.
Ní fhéadfidh bhúr ndíthol an Ghaeluinn a choimeád beó.
Tá sí ag imtheacht i n-aimhdheóin bhúr ndíthil. Ní'l aon
chial 'agaibh. Ní'l fasg agaibh. Chíon an uile duine ach
sibh féin an fiantas atá i nbhúr n-obair."



Tadhg: Agus cad 'n-a thaobh go gcuirfadh san fearg
ort! An amhlaidh a mheasfá gur cheart go mbéadh a
mhalairt sin de phort ar siúbhal agat' namhaid?



Donchadh: Ní h-amhlaidh i n-aon chor. Is cuma liom
sa n-anachainn cad é an port atá ar siúbhal agam'
namhaid ná cad é an fhaid a leanfar air. Ach ní
maith liom an port san a bheith ar siúbhal agam' dhuine
féin! An fhaid a bhéidh an port ar siúbhal agam'
namhaid ní dhéanfidh an port aon díobháil. Tuigfidh
gach aoinne ná fuil ann ach port namhad. Ach cad é
mar obair dom' dhuine féin a cheann do chrothadh
chúgham agus feuchaint idir an dá shúil orm agus a rádh
liom, suas le m' béal; "A Dhonchadh, a mhic ó, ní'l aon
mhaith i n-ár n-obair. Tá a lán fothraim 'á dhéanamh ach
ní'l aon phioc tairbhthe 'á déanamh. Ní h-ag dul ar
aghaidh atháimíd ach ag dul i ndiaigh ár gcúl. Tá a lán
oibre ar siúbhal; ach feuch, na daoíne is déine atá ag
déanamh na h-oibre is Béarla a labhraid siad sa
n-obair! Obair na Ghaeluinne 'á dhéanamh le Béarla!
Ní coimeádfar an Ghaeluinn leis an sórd san oibre."
Cad é mar obair dom' dhuine féin labhairt liom ar an
gcuma san! Nár chóir go mbéadh 'fhios aige go bhfuil
daoíne ag éisteacht leis agus go mbéadh áthas an
domhain ortha leathsgéal maith a dh'fhághail chun eiríghe
as an obair? Nár chóir go dtuigfadh sé i n' aigne


L. 114


féin go gcuirean caint de'n tsórd san, pe 'cu bhíon
fírinne léi nú ná bíon, mímhisneach agus lagspridíghe
ar na daoine atá ar mhulach a gcinn sa n-obair agus
gádh go cruaidh acu, b'fhéidir, le focal a chuirfadh
spionadh beag misnigh ionta. Ach isé donus an sgéil
ar fad ná fuil aon bhlúire fírinne leis an gcaint.
Níl'imíd ag dul i ndiaigh ar gcúl. Ar aghaidh iseadh
atáimíd ag dul. Ní labharthar an Gaeluinn fós sa
n-obair chómh maith agus ba mhait linn go léir é. Ach
cé h-iad is tréine atá ag déanamh na h-oibre? Na
daoine ná fuil oiread eoluis ar an nGaeluinn fós
acu agus chuirfadh ar a gcumas an obair a dhéanamh
as Gaeluinn. An amhlaidh a déarfí leó san an obair
a dhéanamh as Gaeluinn ar fad agus gan aon fhocal
Béarla do labhairt inti, nú eiríghe as an obair! Nách
mór an díobháil a bhéidh déanta ag an saghas úd cainte
má eiríghean aon chuid acu as an obair mar gheall
uirthi? Ba mhaith liom cómhairle mo leasa dh'fhághail
óm' dhuine féin. Ach tá daoíne ann agus ní'l nídh ar
bith is aimhleasta do dhuine 'ná cómhairle a leasa
dh'fhághail uatha.



Tadhg: Tuigim:-



"Seana bhean chríona an dranntáin,
Ní stadan sí choídhche ach ag camhrán!
Leathphúnt tobac, agus é chur 'n-a píopa,
Ní chuirfadh 'n-a croídhe sin aon tsólás."



Chonac an chaint adeirir, a Dhonchadh. Ní h-é mo
thuairim-se go ndéanfidh an chaint an díobháil seo go
léir is eagal leat-sa a dhéanfidh sí. Ní h-aon díobháil
daoíne do spriocadh chun bheith ag labhairt na
Gaeluinne sa n-obair chómh maith agus is féidir é. Ní
coimeádfar beó i mura labharfar í.



Donchadh: Ní mar a chéile duine do spriocadh chun
rud foghanta dhéanamh agus buille do bhualadh sa chúl
orm a chómáinfidh amach as an obair mé.



Tadhg: Éist anois agus bíodh foidhne agat. Ní
eireóchaidh aoinne as an obair mar gheall ar an méid
úd cainte.


L. 115


CAMHRÁNAÍDHE EILE.



Tadhg: An airíghean tu leat mé, a Dhonchadh? An
t-é dh'eireóch' as an obair seo na Gaeluinne mar
gheall ar chaint lucht camhráin d'á luathacht a dhéanfid
siad a ngiúrléidí bhailiú' suas agus imtheacht leó féin
iseadh is feár é. Ní h-iad a leithéidí sin a dhéin an
obair ó thusach agus ní h-ortha atá an obair ag brath ó
tusnuigheadh uirthi. Gan amhras tá a lán acu sa n-
obair ó thusach ach ní bhíd siad seasamhach inti. Ag
teacht agus ag imtheacht a bhíd siad. Ruithid siad
isteach sa n-obair agus ba dhóich leat ortha ar dtúis
nár bh'fhios cad é an saothar a dhéanfidís. I gceann
tamail tusnuighid siad ar dheacaracht na h-oibre do
thuisgint. Bhí nuacht sa n-obair dóibh ar feadh tamail
ach bainean an deacaracht an taithneamh as an nuacht.
Imthíghean an flosg nuair a thagan an tuirse. Trághan
an fonn nuair a thagaid na cluig ar na déarnachaibh.
Is saoráidíghe go mór suighe ar an dtúrtóig agus
bheith ag moladh na h-oibre agus ag moladh na ndaoine
atá ar mhulach a gcinn inti, ag brise a gcroídhe agus
ag cur aluis díobh, 'ná bheith istigh sa n-obair 'n-a
dteannta. Eiríghid siad as an obair agus suighid
siad ar an dtúrtóig ag caint. Ar ball tagan flosg
eile ortha agus siúd isteach airís iad agus gur dhóich
le duine ortha nár dhéin aoinne aon tairbhthe an fhaid
a bhíodar féin amuich. Ní ró fhada istig iad go mbíd
siad amuich airís. Fé dheire fanaid siad amuich ar
fad agus ní bhíon de phort ansan acu ach; "Ó, ní'l aon
mhaith ann! Ní féidir an Ghaeluinn a choimeád. Ag
imtheacht iseadh atá sí i n-aimhdheóin ár ndíthil. Ní'l
aon mhaith i n-ár saothar. Tá teipithe orainn glan. Is
feár eiríghe as mar obair agus saothar éigin a dhéanamh
n-a mbéidh tairbhthe ann agus n-a mbéidh sochar air."



Is mó an díobháil agus an damáiste agus an cheat-
aighe agus an toirmeasg a dhéinean daoíne dhe'n
tsórd san, a Dhonchadh, do'n obair seo na Gaeluinne
'ná mar a dhéinean aon tsaghas eile umáird a thagan
crosta orainn, agus má cuirid lucht camhráin chun
siúbhail iad béidh mo bhuidhchas-sa ó chroídhe ar lucht an
chamhráin.



Donchad: Chuiris i gcuimhne dhom, a Thaidhg, an bhean


L. 116


d'imthigh ar fearán. Cheap sí go mbéidhfí ag ruith 'na
diaigh chun í thabhairt thar n-ais, ach ní rabhthas. Níor
chuaidh aoinne 'n-á diaigh chun í thabhairt abhaile d'á
h-aimhdheóin. Bhí sí tamal maith ag feitheamh go dtiocfí
'ghá h-iaraidh. Fé dheire cheap sí gur bh'fheár teacht
abhaile. Tháinig sí. Nuair a bhí sí ag déanamh ar an
dtigh chonaic sí seana bhróg gan mhaith caithte amuich ar
an gclaidh. Thóg sí an tseana bhróg 'n-a láimh agus
tháinig sí isteach. "Feuch!" ar sise. "Is ró fhuiriste
a dh'aithint ná rabhas-sa féin sa bhaile! Dá mbéinn-
se sa bhaile ní bhéadh rudaí ag dul amú ar an gcuma
san! "Siné an údhálta ag an sórd daoíne úd a
dúbhraís. Eiríghid siad as an obair agus suíghid siad
ar an dtúrtóig ag caint. Ansan nuair a thagaid
siad isteach sa n-obair airís, preit! Níor déineadh
aon bhlúire tairbhthe an fhaid a bhíodar féin amuich!



Tadhg: Dá mba ná raghadh an sgéal thairis sin acu
dob fhusaide é. Ach eiríghid siad as an obair i ndeire
bára agus ní fhillid siad airís. Ansan iseadh dhéinid
siad an díobháil is mó, mar bíd siad coitchianta 'ghá
chur 'n-a luighe ar dhaoíne nár tháinig isteach sa n-obair
fós gur b' é a leas fanamhaint amach aiste mar gur
obair í nách féidir a dhéanamh. B' fheár gan a leithéidí
bheith sa n-obair i n-aon chor. Déanfidh an camhrán
tairbhthe má chuirean sé as an obair iad.



Donchadh: Tá go breágh. Ambriathar, a Thaidhg, agus
s os do chómhair amach a deirim é, ná fuil cial ró
mhaith 'ná éifeacht ró mhór leis an méid sin cainte atá
ráidhte anois agat. An t-é a dh' imtheóchaidh mar sin
as an obair, agus do labarfidh ar an gcuma san,
cad tá ann ach camhránaídhe! Agus má 's fíor do
chaint-se is tairbhthe a dhéanfidh a chamhrán! Ach isé do
rádh féin anso gur díobháil a dhéinean sé! Conus
fhéadfadh rud a bheith 'n-a thairbhthe agus n-a dhíobháil i
n-aonfheacht! Is olc an rud páirt a ghabháil leis an
gcamhránaídhe, a Thaidhg. Chuir an camhránaídhe i bpúnc
indiu tu.



Tadhg: Ní chuirfadh mura mbéadh gur thugais-se
isteach an camhránaídhe eile agus gur leogais iad
araon chugam. Cúis gháire chúgainn.


L. 117


SGRUPAL.



Donchadh: Féuch airiú, a Thaidhg, ar léighis an leabhar
so do sgríbh an Ridire Plúncéd?



Tadhg: Níor léigheas é ach d' airígheas daoíne ag
teacht thairis; cuid acu 'á mholadh agus cuid acu 'á
cháine. Cad 'n-a thaobh?



Donchadh: Mar tá an saoghal tré chéile aige, daoíne
'á mholadh agus daoíne 'á cháine, mar a deirir. Tá
cuid d'á mhuíntir féin agus déarfidís leat go bhfuil
ag dul d'á mheabhair agus a leithéid de leabhar do
sgrí' i n-aon chor.



Tadhg: Agus cad é an locht is féidir d'á mhuíntir
fhághail ar an leabhar? Ná fuil an leabhar do réir a
n-aigne go cruínn? Fé mar airíghim-se is leabhar
Protestúntach é, chómh Protestúntach agus do sgríobhadh
riamh. Cad é an locht atá ag muíntir an chreidimh
Ghallda le fhághail air?



Donchadh: Dar leó tá obair ar láimh ag an Ridire
Plúncéd, an obair seo ar a dtugan sé tiúscal, nú
críochnamhlacht, nú bainistighe phoibilídhe, nú cur chun
taisge. Chun na h-oibre sin a chur chun cínn i gceart
níor mhór dó lámh gach aoinne bheith leis agus iontaoíbh
gach aoinne bheith as. Go mór mór níor mhór dó ion-
taoibh maith a bheith as ag Caitilicithibh na h-Éirean, idir
chléir agus tuath. Ach pé iontaoíbh a dh' fhéadfadh
Caitilicithe na h-Éirean a bheith acu as sar ar chuir sé
an leabhar san amach, do chuir an leabhar ar neamhnídh é.
Is iongna leó, duine chómh géarchúiseach leis an Ridire
sin, a rádh go sgríobhfadh sé agus go gcuirfadh sé amach
leabhar a gheárfadh an fód ó n-a chosaibh féin.



Tadhg: Cad is dóich leat féin, a Donchadh? Is docha
gur léighis an leabhar.



Donchadh: Níor léigheas an leabhar ach d' airígheas dh'á
bhreithniú' é ameasg daoíne do léigh é. Cuid acu, mar
adúbhart, 'ghá rádh gur dhall an rud do'n Ridire Plún-
céd a leithéid de leabhar do chur amach, agus tuile
acú 'ghá rádh go raibh an fhírinne aige. Ba bheag 'ná
gur mheasas féin go raibh an ceart ag an muíntir a
dúbhairt go raibh an fhírinne aige go dtí go bhfeaca an
chaint seo sa Leader ó'n Athair Mícheál ua Ríordáin.


L. 118


Tadhg: An é sin an sagart úd a nocht an t-éitheach
i ndiaigh Dhochtúir Staircí?



Donchadh: Isé go díreach. Dúbhairt an Ridire
Plúncéd, 'n-a leabhar, mar mheasaim, gur mhór an
náire agus an aithis do shagartaibh agus d' easbogaibh
na h-Éirean oiread costais a dhéanamh agus atá
déanta acu le deich mbliana 's dachad, ag déanamh
teampal agus ag cur órnáide ortha, ag creachadh na
ndaoíne mbocht, agus go ndéanfadh teampail ná
cosanóch' leath oiread airgid an gnó chómh maith.



Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, ach is 'mó duine i
n-éaghmais an Ridire Plúncéd adeir caint de'n tsórd
san uaireanta.



Donchadh: Nách shiné adeirim, a dhuine. Ach fan go
bhfeicfir an chaint seo atá tagaithe ó'n Athair Mícheál
ua Ríordáin i dtaobh an sgéil.



Tadhg: Agus cad deir sé?



Donchadh: Níor bh' aon mhaith dhom bheith ag casadh le
n-a ínsint duit cad deir sé. Bá cheart duit féin
an Leader a sholáthar agus an chaint do léighe ar do
shuaineas. Tugan sé ar dtúis a lán ceart molta
do'n Ridire mar gheall ar an méid de'n fhírinne a
dh'ínsean sé nuair a mholan sé muíntir na h-Éirean.
Ach ní'l aon rud a chuirean cáine a bhfeidhm chóm dain-
gean agus a chuirean moladh do mheasgadh air. Chífa
go soiléir ó chaint an Athar Mhícheál gur chun na trom-
aidheachta chur i bhfeidhm níos daingne do cuireadh an
moladh sa leabhar an dtúis.



Tadhg: Sin feall.



Donchadh: Feall! Ní feall go dtí é. Ach do
nochtadh an feall agus níor nochtadh go dtí é! Dar
leis an Ridire ba mhór an sgrupal an t-airgead go
léir do chaitheamh ar an gcuma san, ag cur teampal
suas agus ag cur órnáide ortha, obair ná tabharfadh
aon toradh choídhche, agus daoíne bochta go mb'fhéidir
ná raibh cuid na h-oídhce acu, ag tabhairt an airgid
uatha, chun na h-oibre sin ná tabharfadh leathphinge
sochair thar n-ais dóibh go deó.



"Ní tusa an chéad duine adúbhairt caint de'n
tsórd san," arsan t-Athair Mícheál. "Thug Máire an
bosca alabastoir léi agus bhris sí an bosca agus
dhoirt sí an oíle ar chosaibh an tSlánuightheóra. "Ó!"


L. 119


arsa fear a bhí laithreach, "is mór an sgrupal an bhásta
san! D'fhéadfí an bosca san a dhíol ar trí chéad
píosa airgid agus an t-airgead do thabhairt dos na
daoíne bochta!" Iúdás an fear adúbhairt an chaint
sin. Agus deir Eóin naomhtha linn nách iad na daoíne
bochta a bhí ag déanamh aon bhuartha dhó ach gur saint a
bhí air, mar gur bhitheamhnach é agus go mbíodh sé ag
guid an airgid a tugtí le coimeád dó."



Tadhg: Cad deir an Ridire leis sin?



Donchadh: Ní fheadar.



MAINISTIR NA CORAN.



Tadhg: 'Seadh, a Dhonchadh, an bhfuil aon sgéal nua
agat indiu?



Donchadh: Tá. Bhíos theas i Mhainistir na Coran an
lá fé dheire agus chonac rud ann a chuir ag machtnamh
go mór mé. Tá sagart paróiste ann, an t-Athair
'Liam, agus tá rud déanta aige i dtaobh na Gaeluinne
agus ní dóich liom go bhfeaca sós rud is mó dhéanfidh
de thairbhthe 'ná é, 'sé sin má leantar dé agus má
leathan sé.



Tadhg: Oidhe! Agus cad é an saghas an rud
iongantach so a chonaicís i Mainistir na Coran? Níor
mheasas féin go raibh sráid bheag i n-Éirinn a bhí níos
Ghallda 'ná an tsráid bheag san.



Donchadh: Ní fheadar cé 'cu atá sí Gallda nú ná
fuil, ach tá an obair seo a deirim fíor Ghaedhlach. Tá
cheithre sgoileana maithe sa pharóiste. Do chuir an
sagart paróiste an Ghaeluinn d'á múine ins na cheithre
sgoileanaibh raint aimsire ó shin. Ansan, chun go
mbéadh breis misnigh ar idir lucht foghluma agus lucht
múinte, gheall sé, ar a chosdas féin, seóid luachmhar
do'n bhuachail ab fheár, agus seóid luachmhar eile do'n
chailín ab fheár a gheabhfí i n-eólus ar Ghaeluinn as na
cheithre sgoileanaibh. Chuir san tnúth agus formad
agus iomarbháidh ar siúbhal idir an mhuintir óg,
feuchaint cé gheabhadh an tseóid, agus idir na sgoil-
eana chómh maith, feuchaint cé 'cu sgoil a churfadh
amach an buachail ab fheár nú an cailín ab fheár.



Tadhg: Airighim-se daoíne 'ghá rádh, a Dhonchadh, ná


L. 120


múintear an Ghaeluinn i gceart i n-aon chor ins na
sgoileanaibh; ná déintear ach fothram na bhfocal
do mhúine agus ná bíon aon bhlúire eóluis ar bhrígh na
cainte ag an oide ná ag an sgoláire.



Donchadh: B'fhéidir go bhfuil sgoileana ag múine
Ghaeluinne agus ná fuilid siad ró shaor ó'n locht san,
ach ní h-iad sgoileana na Mhainistreach so theas iad.
Nuair a tháinig an t-am a bhí ceapaithe chuige, an
t-ochtmhadh lá fichid de'n Abrán so a ghaibh thorainn, do
trialadh an t-aos óg ionta féuchaint cé h-iad a
gheabhadh na seóide. Do trialadh cúigear as gach sgoil
des na cheithre sgoileanaibh. Gan amhras do chuir gach
oide uaidh chun na trialach an cúigear ab fheár a bhí
aige. Bhíos féin ag caint 'n-a dhiagh san leis an t-é
a dhéin an triail agus dúbhart leis, díreach mar a
dúbhraís-se anois, gur dóich le n-a lán daoine nách ag
múine Ghaeluinne a bítear ins na sgoileanaibh ach ag
múine fothraim gan éifeacht. Dúbhairt sé liom gur
fheuch sé go cruínn chuige sin sa triail seo agus nár
ghá dhom aon cheist a bheith orm mar gheall air. Gur
thriail sé gach duine de'n aos óg i mbrígh na cainte
agus gur chas sé an chaint anonn 's anall ortha i
dtreó nár bh'fhéidir dóib gan a thaisbeáint go soiléir
cé 'cu thuigeadar cad a bhí acu dh'á rádh nú nár
thuigeadar. Dúbhairt sé go raibh iongna air a fheabhas
a thuig cuid acu an chaint.



Tadhg: B'fhéidir go bhfuair cuid acu an tuisgint
sin ó n-a muíntir féin sa bhaile. Má fuaradar ba
dhóich liom gur do'n mhuintir sa bhaile ba cheart an
duais a thabhairt agus nách do'n sgoil.



Donchadh: Agus dar ndó tá a gcion de'n chreid-
eamhaint ag an muíntir sa bhaile chómh maith agus 'tá
ag an sgoil.



Tadhg: Is fíor. Agus spriocfar an mhuíntir sa
bhaile chómh maith agus do spriocfar an sgoil. Dá
n-oibrígheadh an mhuíntir sa bhaile agus an sgoil as
láimh a chéile bhéadh an gnó go léir déanta, nú i n-áir-
ighthe a dhéanta, gan aon teip. Deirim leat, a Dhon-
chadh, má chuir an obair sin ag machtnamh tusa go
bhfuilir-se t'réis mise chur ag machtnamh go dlúth leis
an dtuairisg seo atá tabhartha agat dom ar an obair.
Ceithre sgoileana ag tnúth agus ag formad le n-a


L. 121


chéile feuchaint cé 'cu sgoil is feár a mhúinfidh Gael-
uinn. An t-aos óg ar na cheithre sgoileanaibh sin ag
tnúth agus ag formad le chéile feuchaint cé 's feár a
dh'fhoglumóchaidh an Ghaeluinn. Na daoine sa bhaile,
daoíne go bhfuil an Ghaeluinn ar áileacht an dhomhain
acu féin, ag tnúth agus ag formad agus rag faire,
gach duine acu ag brath air gur b' é a leanbh féin a
bhéarfadh buadh agus do thabharfadh abhaile an tseóid.
An dóich leat 'ná go ndéanfidh an mhuíntir sa bhaile a
ndíthol chun an eóluis a thabhairt do'n leanbh i dtreó
go bhféadfidh sé an cluiche bhuachtaint!



Agus feuch. Cad 'tá chun aon cheithre sgoileana eile
i n-Éirinn do chosg ar an saghas céadna oibre
dhéanamh?



Donchadh: B'fhéidir nár chuímhnighdar air.



Tadhg: Tá súil agam go gcuímhneóchaid siad anois
air.



DRUIM MÓR.



Tadhg: Feuch, a Dhonchadh! Cad í an chaint sin ort
mar sin mar gheall ar Mhainistir na Coran! Feuch
air sin!



Donchadh: Cad é an rud é seo? Ó tuigim. Chonac
cheana indiu cúntas air. Bhí ana thabhairt amach acu
agus mórán cainte. Ach feuch, a Tadhg. Ní chuirim
puínn suime i gcaint le déanaighe. Dá bhféadadh
caint na h-aibhní i n-Éirinn do chur ag ruith i gcoinnibh
na gcnuc bhéidís go léir ag ruith i gcoinnibh na gcnuc
againn fadó riamh. Ba mhór an iongna é sin gan
amhras. Ach tá rud ag baint leis an gcaint agus is
beag 'ná go gcuirean sé oiread iongna orm uairean-
ta agus a bhéadh orm dá bhfeicfinn na h-aibhní ag
gabháil i gcoinnibh an chnuic d'á bár.



Tadhg: Agus cad é an rud é sin, ar mhiste do
dhuine a fhiafraíghe dhíot? Ní chuirean tú puinn suime
i gcaint le déanaíghe, agus, 'na thaobh san a's uile, tá
rud ag baint leis an gcaint agus cuirean sé oiread
iongna ort agus bhéadh ort dá bhfeicfá an chaint ag
cur na n-abhan ag ruith i gcoinnibh na gcnuc. Ní
mheasaim go dtagan dá thaobh na cainte le chéile go
ró mhaith.


L. 122


Donchadh: Tagaid siad le chéile. Nuair a chídhinn-se
ar dtúis cómhtinóla móra agus daoíne ag déanamh
cainte, le mire agus le buirbe agus le dásacht, 'ghá
mhaoídheamh gur bh' í an Ghaeluinn caint ár sínsear
agus go gcaithfí í choimeád beó i n-Éirinn go dtí
deire an tsaoghail, do mheasainn am aigne go gcrom-
fadh na cainteóirí sin láithreach ar an nGaeluinn a dh'
fhoghluim agus ar dhaoine eile do spriocadh chun i
dh'fhoghluim. Do críochnuightí gnó an lae. Do críoch-
nuightí an chaint. D' imthígheadh an mire, agus an
bhuirbe, agus an dásacht, agus do theidheadh na cain-
teóirí abhaile. Bhínn-se ag feuchaint amach agus ag
faire feuchaint cathain a thiocfadh toradh an mhire agus
toradh na buirbe agus toradh an dásachta agus toradh
na cainte go léir. Bhínn ag faire go dtí go mbínn
cortha. Ní thagadh blúire toradh de bhár na cainte!
Deirim leat go mbíodh iongna orm. An neart go
léir sa chaint agus gan aon toradh ó'n neart. Deir
lucht ealadhan nách foláir do gach neart a chómhthrom
de thoradh a thabhairt. Ach do chínn-se neart cainte
agus ní thugadh sé aon toradh uaidh. Thuigeas go raibh
san chóm mór i gcoinnibh dlíghe an nirt agus bhéadh sé
an abha chur ag ruith i gcoinnibh an chnuic. Neart gan
toradh iseadh taobh acu. Toradh gan neart iseadh an
taobh eile. Is cómh-iongantach dóibh. Chuir taobh acu
oiread iongna orm agus chuirfadh an taobh eile, da
bhfeicfinn é. Ach thainig aon nídh amháin dómh-sa as an
neart gan toradh. Nuair a fuaras, pé neart a bhíodh
sa chaint, ná tagadh aon toradh d'á bár, níor chuireas
aon tsuim inti feasda. Siniad dá thaobh an sgéil sin
tabhartha d'á chéile dhuit.



Tadhg: Is dócha go bhfuil sé chómh maith agam a
admháil láithreach go bhfuil an ceart agat, 'sé sin,
chómh fada agus a théidhan a lán de'n chaint. Bhí a lán
di, agus tá a lán di fós, folamh go leór chómh fada
agus théidhan toradh bheith uirthi. Ach deirim an méid
seo leat, agus ní foláir duit a admháil go bhfuil an
fhírinne agam. Na fir a dhéin an chaint ag an gcóm-
thinól san sa Druim Mhór thuaidh an lá fé dheire, ní fir
iad a dhéanfadh caint agus ná déanfadh gníomh do
réir na cainte.



Donchadh: Ó, is fiós san. Ní h-é a ngníomh san go


L. 123


bhfuil aon dabhta agam 'á dhéanamh dé ach gníomh na
ndaoíne a bhí ag éisteacht le n-a gcaint.



Tadhg: Agus nár dhóich leat go mbéadh sé chómh
maith agat fanmhaint go bfheicir a ngníomh?



Donchadh: Tá go maith. Fanfad.



SEÓINÍNTEACHT LÉIGHINN.



Donchadh: Cad é do mheas ar an obair, a Thaidhg?



Taidhg: "Cad é mo mheas ar an obair?" Cad tá
uait?



Donchadh: An rud adeirim. Ba mhaith liom a fhios
a bheith agam cad é an meas atá agat ar an gcuma
go bhfuil an obair ag dul chun chinn. Is iongna leat
mise 'ghá rádh ná fuil aon iontaoíbh agam a' lucht
cainte. Ba mhaith liom a fhios a bheith agam cad é do
mheas féin ar lucht na cainte.



Tadhg: 'Sdó tá oiread san daoíne ag caint agus
a n-eólus chómh suarach san gur ró dheacair do dhuine
meas mór a bheith aige ar an gcaint.



Donchadh: Seadh, agus na daoíne is lúgha eólus
isiad is mó caint.



Tadhg: Is fíor. Is ait an sgeal é. I n-aon tsaghas
eile oibre fé'n ngréin ní labhran duine ach do réir a
eóluis agus do réir a thuisgiona. Ach chómh luath agus
a tráchtar ar Ghaeluinn, ar an gcuma 'nar ceart í
sgrí', nú i labhairt, nú i mhúine, sin ar siúbhal an uile
chlaibín, 'á ínsint laithreach conus is ceart an obair a
dhéanamh, agus an claibín is lúgha eólus isé is géire a
bhíon ag cur dé. Táim ag éisteacht leó ó thusnuigh
an obair. An mhuíntir ná fuil aon fhocal Ghaeluinne
acu isiad is measa. Cuímhníghid siad 'n-a n-aigne ar
an gcuma 'na ndéintear rud éigin sa Bhéarla agus
siúd ar siúbhal an claibín 'á rádh gur ceart an rud
san a dhéanamh ar an gcuma gcéadna san sa Ghae-
luinn. Bíd siad coitchianta 'ghá mhaoidheamh gur ceart
Éire agus gach nídh a bhainean le h-Éirinn a bheith fíor
Ghaedhlach, agus sa n-am gcéadna ní foláir leó a chur
fheuchaint orainn ár leabhair agus ár léighean, agus
gach nídh eile a bhainean le n-ár gcaint, a bheith ar dul
an Bhéarla againn. Is deacair dúinn an obair a


L. 124


dhéanamh sa cheart agus na claibíní sin ar siúbhal
coitchianta ar gach aon taobh dínn, 'ghár gcur amú sa
n-obair agus ag cur na h-oibre i n-aimhréidh orainn.
Ní thuigid siad an obair. An obair a chíd siad
déanta, d'á fheabhas a bhíon sí déanta iseadh is lúgha a
thuigid siad í. Nuair ná féadaid siad í thuisgint is
dóich leó gur uirthi a bhíon an locht agus nách ortha
féin. Is dóich leó ná bíon sí déanta sa cheart nuair
ná feicid siad déanta í ar aon dul le h-obair éigin
Bhéarla.



Donchadh: Agus siniad na daoíne a thabharfidh
"seóinín" orm má dhéinim aithris ar nósaibh Gallda
am shiúbhal, nú am sheasamh, nú am chulaith éadaigh, nu
i mblas mo chainte!



Tadhg: Geallaim dhuit gur b'iad is túisge a thabhar-
fidh fé ndeara an t-aithris agat agus gur b'iad is
aoírde a liúfidh "Seóinín!" ad dhiaigh.



Donchadh: Agus nár chóir go dtuigfidís go bhfuil
seóinínteacht léighinn chómh spriúnlaithe le h-aon
tsaghas eile seóinínteachta?



Tadhg: Ní thuigid. Bia na h-aigne léighean. Ní
bhfuair a n-aigne riamh aon bhia eile ach an Béarla.
Is ar léighean an Bhéarla do tógadh iad. Isé léighean
an Bhéarla an bainne-cí a fuair a n-aigne ó'n lá a
thusnuigh a n-aigne ar mhachtnamh a dhéanamh 'ná ar
smuínte chur le chéile. Ní réidhtíghean aon tsaghas
eile bídh le n-a n-aigne anois. Má fhoghlumuighid siad
oiread Ghaeluinne agus gur féidir dóibh leighean
Ghaedhlach do thuisgint, chómh fada le brígh na cainte,
is amhlaidh a chuirean an léighean san iompáil goile ar
a n-aigne. Bhíon an bia ró láidir. Ansan ní bhíon
le rádh acu ach, "Ach! cad é mar shaghas léighinn é sin!"



Tá díobháil mhór agá leithéidí sin dh'á dhéanamh do'n
obair. Ach ní'l leigheas acu air.



Donchadh: Nár chóir go bhféadfidís éisteacht; na
claibíní choimeád dúnta.



Tadhg: 'Sdo is amhlaidh mar atá an sgéal, a
Dhonchadh, dá n-éistidís ní labharfadh aoinne. An t-é
is feár eólus ar an nGhaeluinn isé is, deacara chur ag
caint. Is feár an claibín féin a bheith ar siúbhal 'ná
gan a bheith ann ach ciúnas ar fad.



Donchadh: Is bocht an sgéal é; rogha a' dhá dhíg!


L. 125


CLAIBÍNÍ.



Donchadh: An chaint úd a dúbhraís anso an lá
déanach, a Thaidhg, ní thaithnean sí liom.



Tadhg: Tá go maith, a mhic ó. Ní duine mise gur
maith liom mo chaint do chur siar ar aoinne, Má
thaithnean mo chaint le duine bíodh sí aige. An t-é
ná taithnfidh sí leis gabhadh sé tháirsi, i n-ainim Dé.
Ach cad é do locht-sa ar an gcaint a dúbhart anso an
lá déanach, a Dhonchadh?



Donchadh: Do labhrais ana tharcaisneach ar na daoíne
ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu agus nách foláir
dóibh d'á bhrígh sin a gcaint a dhéanamh i mBéarla chun
oibre na Ghaeluinne chur ar aghaidh. Ansan dúbhraís,
chun an sgéil a bhogadh is dócha, gur feár an claibín
féin a bheith ar siúbhal 'ná gan a bheith ann ach ciúnas
ar fad.



Tadhg: Dubhart, a Dhonchadh. Agus d'aontuíghis-se
liom. Dúbraís gur bhocht an sgéal é, rogha a' dhá
dhíg.



Donchadh: Dúbhart é sin agus dob' fhíor dhom é. Ach
ní h-iad na daoíne a dhéinean an chaint as Béarla fé
ndeár é agus ní cóir tarcaisne thabhairt dóibh mar
gheall air. Tá ortha an chaint a dhéanamh nú ní déan-
far i n-aon chor í. Mura mbéadh na daoíne ná fuil
aon fhocal Ghaeluinne acu, a Thaidhg, cá mbeadh an
obair? Bhéadh sí gan déanamh, a Thaidhg. Táid na
mílte daoíne ar fuid na h-Éirean an neómat so
agus Ghaeluinn bhreágh acu, Gaeluinn chómh breágh chómh
bríghmhar, chómh blasta agus do labhradh riamh i n-Éirinn,
ach ba mhar a chéile dhuit bheith a' d'iaraidh a chur
fheuchaint ar sheana-chat é féin a dhógh agus bheith a
d'iaraidh a chur fheuchaint ar fhormhór na ndaoíne sin
focal Gaeluinne do labhairt le leanbh. Tá cuid acu
agus ba thúisge leó a mbéal a dhúnadh agus gan
labhairt i n-aon chor 'ná focal Gaeluinne do labhairt
le leanbh. Dá mbéadh an obair ag brath ortha bhéadh
an obair gan déanamh. Bhéarfidis leó síos fé'n gcré
an Ghaeluinn níos túisge 'ná mar a labharfidís aon
fhocal di le h-aon leanbh. Deirim-se gur b'iad na
daoíne ná fuil aon fhocal Ghaeluinne acu do dhéin an
obair, an méid atá déanta dhi. D'á bhrígh sin deirim


L. 126


nách cóir tarcaisne thabhairt dóibh, nách cóir claibíní
a thabhairt ar na beulaibh a labhair nuair a bhí gá le
caint agus ná labharfadh an mhuíntir go raibh an chaint
acu.



Tadhg: Tá dearmhad ort, a Dhonchadh. Ní h-ortha
san a labhras-sa anso an lá déanach, agus ní h-ortha
thugas lucht claibíní. Is 'mó saghas daoíne atá ag
déanamh cainte sa n-obair seo na Ghaeluinne. Tá ar
dtúis, na daoíne seo a deirir-se, daoíne cialmhara,
tuisgionacha, géarchúiseacha, bíodh ná fuil puínn aon
fhocal Ghaeluinne acu, fós. Tuigid siad uaisleacht na
Ghaeluinne agus a neart agus a tairbhthe do Ghaedhlaibh,
agus táid siad, ó thusach na h-oibre seo, ag déanamh
an uile shaghas díthil chun a chur fheuchaint ar an muíntir
go bhfuil sí acu i thabhairt do'n aos óg agus gan í
bhreith fé'n gcré leó. Tá creideamhaint mhór ag dul
dos na daoíne sin, a Dhonchadh, agus tabharfar dóibh
an chreideamhaint sin. Gheabhaid siad an chreideamhaint
sin i n-Éirinn go deó agus ní baoghal dóibh go mbain-
fidh aon rud a déarfad-sa, ná tusa, ó'n gcreideamh-
aint sin.



Ach tá saghas eile daoíne ag caint, daoíne 'ná fuil
aon fhocal Ghaeluinne acu agus ná béidh go deó, daoíne
go bhfuil airc chun cainte ortha agus gur cuma leó cé
'cu bhíon cial le n-a gcaint nú ná bíon ach go mbéid
siad ag éisteacht le n-a nglór féin. Dá mbéadh an
Ghaeluinn fé'n gcré amáireach agus ná béadh le
saothrú' againn ach Béarlagar na Saor bhéadh an gleó
céadna díreach ag na daoíne sin. Bhéadh a nglór go
h-árd agus go ceólmhar 'á chur 'n-a luíghe orainn go
léir ,gur cheart dúinn Béarlagar na Saor do shaothrú'
ar aon dul leis an léighean is uaisle sa Bhéarla!
Siniad na claibíní go bhfuilim bodhar acu.



Donchadh: Ba dhóich liom nár bh'fhiú iad san puínn
suime chur ionta.



Tadhg: Níor bh'fhiú dá mbéadh ag Ghaedhlaibh anois
an greim ar an nGhaeluinn a bhí acu uirthi céad blian
ó shin. Ach ní'l. D'á bhrígh sin is féidir dos na claibíní
na daoíne chur amú. Siné atá orm. An claibín ag
stealadh an éithigh amach agus gan na daoíne ábalta
fós ar an éitheach a bhreithniú' chómh fada agus théidhean
an gnó so na Gaeluinne.


L. 127


NA SAIGHSEANA CAINTE.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach is eagal liom gur
geár ná fágfir-se fonn ar aoinne aon fhocal Béarla
do labhairt i n-aon tsaghas gnótha a bhainean le
h-Éirinn ná le gnó na Ghaeluinne.



Tadhg: Conus é sin aidhe!



Donchadh: 'Sdó, aon duine a bhogfidh a bhéal feasda
chun Béarla do labhairt i n-aon ghnó de'n tsórd san
bheidh sganra an domhain air le h-eagla go ndéarfadh
daoíne ná fuil ar siúbhal aige ach seóinínteacht léighinn,
nú claibínteacht. Ansan déarfidh sé leis féin gur
feár éisteacht. Ní labharfidh sé i n-aon chor. Ansan
ní bhéidh agat ach an rud úd go ndúbhraís gur bh'feár
claibínteacht féin 'ná é, an ciúnas ar fad.



Tadhg: Ó thráchtais ar an seóinínteacht léighinn agus
ar an gclaibínteacht chainte ná raibh sé chómh maith
agat an chuid eile des na saighseana dh'áireamh?



Donchadh: Agus cad iad na saighseana eile atá
againn?



Tadhg: Tá níos mó saighseana cainte againn i
n-Éirinn anois 'ná mar a bhí de shaighseanaib éithigh riamh
ag Shakespeare. Tá againn ar dtúis an tseóinínteacht.
Siné an saghas cainte do labhran, nú do sgríobhan, an
fear a bhíon coitchianta, 'n-a chaint nú 'n-a sgríbhinn, a
d'iaraidh aithris a dhéanamh ar Darwin nú ar Huxley.
Éist leis an bhfear san tamal, nú léigh sgríbhinn uaidh,
agus tabharfir fé ndeara an aithris. Tabharfir fé
ndeara, i ngluaiseacht na bhfocal, agus go mór mór
ins na coraibh beaga miona a curtar sa chaint uairean-
ta, an cor d'á dhéanamh díreach, ba dóich leat, mar a
dhéanfadh Darwin é, nú Huxley, nú duine éigin de'n
aicme sin. Ar an gcuma gcéadna iseadh dhéinean an
seóinín Ghaedhlach aithris ar an nduinuasal Gallda.
Agus feuch; dá gcaileadh sé a mheabhair leis ní féidir
dó a dhéanamh ach aithris. D'aithneóch' an t-amadán is
mó amuich ná fuil ann tar éis a dhíthil ach seóinín; ná
déanfadh an saoghal duinuasal dé. Tá an rud céad-
na fíor i dtaobh seóinintheachta an léighinn. Ní dhéan-
fadh an saoghal léighean dílis dé.



Donchadh: Tá go maith. Sgaoíl thort an chlaibín-


L. 128


teacht agus áirimh na saighseana eile. Tá fhios againn
go léir cad é an saghas an claibín.



Tadhg: Agus is dócha go bhfuil fhios agat cad é an
saghas cainte glaigínteacht.



Donchadh: Abair é! Ní dócha go bhfuil an duine
sin beó i n-Éirinn na fuil aithne aige ar an nglaigín.



Tadhg: Má thuigean tú cad é an saghas cainte an
ghlaigínteacht is dócha go bhfuil fhios agat cad é an
saghas cainte draidireacht.



Donchadh: Ambriathar go bhfuil, agus cad é an
saghas duine an draidire. Ach ní fheicim go bhfuil
puínn deifrígheachta idir dhraid agus claibín. Táid
siad araon luathbhéalach go maith.



Tadhg: Táid. Ach tá faobhar ar an ndraid, agus
searbhas ann, ná fuil sa chlaibín. "Chin" iseadh
thabharfadh an Yank ar chaint an draidire.



Donchadh: Sin cheithre saighseana. Comáin leat.



Tadhg: Do déineadh a lán cainte i n-Éirinn le
déanaíghe agus ní'l ainim is cirte a thabhairt uirthi 'ná
bladhman.



Donchadh: Ambasa is fíor dhuit é. Do déineadh a
lán de'n chaint sin i n-obair na Gaeluinne féin gach
aon lá ó thusnuigh an obair. Comáin leat. Tá dhá
shaghas eile agat le h-áireamh sar a dtagair suas le
Shakespeare agus le n-a shaighseanaibh éithigh.



Tadhg: Tá saghas cainte againn ar a dtugtar
plámás.



Donchadh: Ó! Dar fiadh ach tá an ceart agat. Ba
mór an dearmhad an saghas san a dh'fágáilt lasmuich
de'n áireamh. Ní dóich liom go bhfuil aon tsaghas is
mó atá i n-úsáid i n-Éirinn le déanaighe 'ná an saghas
san. Agus ambriatar go bhfuil cuid mhaith dhé ar
siúbhal i ngnó na Gaeluinne féin. Comáin leat. Tá
ceann eile agat le n-áireamh.



Tadhg: Ceann eile! Tá seacht gcinn eile. Tá
plubaireacht chainte; agus baoithireacht chainte; agus
breallántacht chainte; agus glugar; agus fianuigheacht;
agus gaoith.



Donchadh: Ochón! Cé fhéadfidh iad go léir a shea-
chaint! Ach d' fhághais gan áireamh an saghas is mó le
rádh dhíobh go léir.



Tadhg: Cad é an saghas é?


L. 129


Donchadh; An saghas cainte ar a dtugtar ráiméis.



Tádhg: Ó tuigim. Tá an ainim sin ortha go léir i
n-aonfheacht. Ainim choitchian iseadh an ainim sin.



Donchadh: Á! Is deacair brabús fhághail ort.



CAINT GAN EÓLUS.



Donchadh: D'áirighis a lán saighseana cainte anso
an lá déanach, a Thaidhg, ach is dóich liom go bhfuil
saghas a dh' fhágais gan áireamh agus gur feár a thuíl
sé áireamh 'ná aon cheann des na saighseana a dh'
áirighis.



Tadhg: Cad é an saghas é sin?



Donchadh: An saghas cainte dhéanfadh fear bodhar ar
cheól. An saghas cainte a dhéanfadh fear dall ar
dhathanaibh. An saghas cainte a dhéanfadh gréasaidhe
ar conus ba cheart bríste dhéanamh, nú a dhéanfadh
táiliúir ar conus ba cheart bróg a dhéanamh.



Tadhg: Cad é seo anois ort?



Donchadh: Léigh é sin! Nách uathbhásach an sgéal a
rádh ná tabharfar do'n Gaeluinn an dlígh a tugtar
do'n cheól nú dos na dathanaibh nú do'n bhríste nú dos
na brógaibh.



Tadhg: Cad é an dlígh é sin?



Donchadh: Ná déanfidh duine cainte ach ar an rud
go bhfuil eólus aige air. Is fada mé ag éisteacht le
caint agus ag léighe cainte agus ní fheicim choídhche go
labhran duine ná go sgríobhan sé ach ar an rud a
thuigean sé, an rud atá ar eólus aige, an rud go
bhfuil fhios aige cad a bhainean leis. Ach i dtaobh na
Gaeluinne, chím i gcómhnuighe riamh, gur b'é an t-é is
lúgha eólus uirthi an t-é is aoírde agus is dána a
labhran, 'ghá ínsint dúinn go léir conus is ceart í
labhairt agus í sgrí' agus í shaothrú'! Siné an fear
san a thugan "M" air féin. Féuch, léigh an chaint a
sgríobh sé. Dá mbéadh sé ag labhairt na Gaeluinne
ó 'n lá a thusnuigh sé ar chaint agus ar shiúbhal an
bhféadfadh sé ceann níos dána chur air féin 'ghá ínsint
dúinn conus ba cheart dúinn í shaothrú'?


L. 130


Tadhg: Agus cá bh'fhios duit-se ná go bhfuil sé 'ghá
labhairt ó 'n lá thusnuigh sé ar chaint?



Donchadh: Dá mbéadh ní h-as Béarla a 'neósfadh sé
dhúínn cad ba cheart dúinn a dhéanamh; cad é an
saghas leabhar atá ag teastabháil.



Tadhg: Cad eile cad a dhéanfadh sé?



Donchadh: Do shuídhfadh sé síos, go breágh ciuin cial-
mhar, agus do sgríobhfadh sé féin leabhar acu dhúinn.
Do chuirfadh sé sa leabhar san an saghas Gaeluinne is
dóich leis is ceart a chur i leabhraibh dos na daoíne,
agus choimeadfadh sé gan cur ann an saghas is dóich
leis a bhéadh ró chruaidh dhóibh fós. Deir sé ná fuil
puinn leabhar againn. Cad 'n-a thaobh ná sgríobhan sé
cúpla leabhar dhúinn? Ní dhéinean mar ní fhéadfadh
sé. Ní'l an t-eólus ceart ar an nGaeluinn aige
chuige. Ní'l oiread eóluis ar an nGaeluinn aige agus
go bhféadfadh sé í sgrí agus tá oiread eóluis aige
agus go bhféadfadh sé a mhúine do'n mhuíntir go bhfuil
an t-eólus acu conus í sgrí'! Ar airigh aoinne riamh
aon rud chómh míchuíbhsach? An gcurfí suas dhá neómat
le beart chómh míchuíbhsach i n-aon tsaghas oibre ach i
n-obair éigin a bhainfadh le Gaeluinn!



Tadhg: Fágaim le h-uacht gur léigheas an chaint sar
a dtánaís agus nár mheasas go raibh aon nídh míchuíbh-
sach mar sin inti. Ní dóich liom go ndeir an duine
aon rud ach an fhírinne. Aon duine do sgríbhfidh
Gaeluinn anois, ma's maith leis tairbhthe dhéanamh agus
an saothrú' chur ar aghaidh, ní foláir dó an Ghaeluinn
do sgrí' go breagh, bog, réidh, simplídhe, i dtreó go
mbéidh a tuisgint lastigh de chumas na ndaoíne a
léighfidh í nú a bhéidh ag éisteacht léi d'á léighe. Ní
fheicim go bhfuil sa méid sin ach cómhairle leasa d'
aoinne a cheapfadh Gaeluinn do sgrí' um an dtaca so.



Donchadh: Tá go breagh, a Thaidhg! Ná feicean tu
nách mar a chéile i n-aon chor an chómhairle sa chuma
'na gcuirean tusa í agus sa chuma 'na gcuirean sé
siúd í?



Tadhg: Cad é an deifrígheacht atá eatarta? Siné
an brígh a bhainim-se as a chaint.



Donchadh: Mhar sin tuigean tusa an obair. Ní gá
dhó aon nídh a mhúine dhuit-se. An t-é ná tuigean an
obair chómh maith agus a thuigean tusa í, nú an t-é ná


L. 131


tuigean i n-aon chor í, cad é an brígh a bhainfidh sé as
an gcaint? Ní bhainfidh sé aon bhrígh aisti. Luighfidh
a shúil ar dtúis ar an suarachas leabhar atá sa Ghae-
luinn againn. Ansan chídhfidh sé na mílte leabhar atá
sa Bhéarla, sa bhFraincis, sa n-Almáinnis, - an ínti-
leacht uathbhásach ins gach aon bhall, - an doimhneas
agus an ghuntacht, chainte agus sgríbhinne, atá os
cioni ár gcumais ar fad fós. Leathfidh a radharc ar
an nduine mbocht. An mar sin is cóir múine
dhéanamh!



Tadhg: Agus cad fhéadfadh sé dhéanamh?



Donchadh: D'fhéadfadh sé a bhéal a dh' éisteacht
nú eólus a chur ar rud sar a múinfadh sé dhúinn é.



Tadhg: Humhth! B'fhéidir go bhfuil smut de'n cheart
agat.



TÁIM CIAPAITHE!



Tadhg: Cad a choimeád thú, a Dhonchadh? Mheasas
go mbeidhfá anso dhá uair a' chluig ó shin. Tá súil
agam nách aon droch nídh a tháinig crosta ort.



Donchadh: Ó airiú, leog dom féin, a dhuine! Táim
as mo mheabhair. Táim ar buile. Táim i rachtaibh an
anama a bhaint a' duine éigin! Ní bhfuaras a leithéid
de chiapadh ní fheadar cathain.



Tadhg: Ochón! Airiú cad d' imthigh ort, nú cad a
chiap tú?



Donchadh: D' imthigh mo dhóithin mór orm, agus
breis, agus do chiap fiche rud mé. Tá creathán am
ghlór tá a leithéidh sin de chiapadh fághalta agam.



Tadhg: Agus cad is gá dhuit-se bheith am chiapadh-
sa! Sgaoíl chúgainn é, a dhuine.



Donchadh: Ní rabhas díreach ach t' réis an bhaile
fhágaint nuair cé bhuailfadh umam ach Seághainín Ruadh
san thíos. "Ó 'riú, a Dhonchadh," ar seisean, "tá
sgéal nua agam duit!" "Is maith é sin," arsa
mise, gur a' slán sgéalaíde! Tá súil agam gur
sgéal fóghanta e."



"Sgéal iseadh é a chuirfidh áthas mór ort-sa," ar
seisean. "Táthar chun na Gaeluinne do shaothrú' agus


L. 132


chun na ndaoíne go léir a chur 'á labhairt airís fé mar
a bhídís fadó."



"An ndeirean tú liom é!" arsa mise. Tháinig sé
chun mo bhéil a fhiafraíghe dhé an 'n-a chodla a bhí sé le
deich mbliana, ach níor dhéineas. Do sgaoíleas leis.



"Deirim leat é gan amhras," ar seisean. "Táthar
chun í shaothru'. Ní'l aon fhocal bhréige ann. Tá sé
go léir sa phápeur. Tá easbog tar éis a rádh go
ndéanfar í shaothrú', agus tá árdeasbog tar éis na
cainte céadna 'rádh. Béimíd go léir ag labhairt
Gaeluinne as so amach. Tá an sgéal sa phápeur. An
amhlaidh nár airíghis é?"



"Ní h-é gach aoinne a gheibhean an pápeur chómh
tráthamhail agus a gheibhean tusa é, a Sheághain," arsa
mise, "agus d'á bhrígh sin ní h-é gach aoinne a thagan
suas le sgéal nua chómh luath agus thagan tusa suas
leis," agus bhailígheas mé féin uaidh chómh réidh agus
d' fhéadas é. An breallán! Fothram na h-oibre ag
baint na gcluas as na daoíne le deich mbliana, agus
eisean ag teacht le n-a sgéal nua chúgainn um an
dtaca so!



Tadhg: Tá a lán dh'á shaghas san againn, a Dhonchadh.
Dá mbéadh an saoghal d'á iompáil taobh síos suas os
cómhair a súl ní chuirfidís blúire suime ann go dtí
go dtráchtfadh easbog nú árdeasbog nú duine mór
éigin mar sin air.



Donchadh: Ar éigin a bhíos sgartha le Seághainín
nuair cé bhuailfadh chúgham sa bhóthar ach an dochtúir
nua so atá ag brath ar theacht chúgainn. Ní'l aon
fhocal Gaeluinne aige.


L. 133


Tadhg: Seadh! Do dhuine gan náire is usa a ghnó
dhéanamh. Cad dúbhraís leis?



Donchadh: Chuir sé a leithéid sin de bhuile orm níor
labhras i n aon chor. Níor dhéineas ach mo dhrom a
thabhairt leis agus é fhágaint ansan.



Tadhg: Agus cad a dhéanfir i dtaobh an ruda a
dh'iar sé ort? An labharfir leis na h-"absurd
fellows"?



Donchadh: Ambriathar go labharfad láithreach!



Tadhg: An fear bocht!



DÁSACHT I N-AISTEAR.



Tadhg: 'Sheadh, a Dhonchadh, is dócha gur labhrais leis
na h-"absurd fellows" agus nách fios cad é an léir-
sgrios atá déanta agat ar an ndochtúir nua. Caithfidh
sé imtheacht as an ndúthaigh. Is usaide dhó é mura
gcaithfidh sé imtheacht a' h-Éirinn agus dul go dúthaigh
éigin iasachta, dúthaigh éigin ná béidh aon "absurd
fellows" ann, ná aon Ghaeluinn. Ach níor dhóich le
duine ort, ámhthach, go bhfuil aon bréitse ró mhór mar
sin déanta agat. Ní fheuchan tú mar fheuchfadh duine
bhéadh tar éis gaisge dhéanamh.



Donchadh: Táim 'á chuimhneamh, le fírinne, gur ag
magadh fúm a bhí an claidhre dochtúra úd.



Tadhg: Ag magadh fút! Conus san airiú?



Donchadh: Ní raibh aoinne acu ag dul 'n-a choinnibh.
Bhí cuid acu ag caint agus ag bladhman, 'á rádh nár
cheart aon dochtúir a thoghadh do 'n áit ach dochtúir a
bhéadh ábalta ar Ghaeluinn a labhairt. Nuair a
dh'ínseas dóibh gur labhair sé liom agus cad dúbhairt
sé níor thug cuid acu uain dom ar a thuile cainte
dhéanamh. "Ó!" ar siad," ná h-abair a thuile. Ní'l
baoghal air. Gheabhaidh sé an post. Duinuasal
galánta, creideamhnach, iseadh é. Ba mhór an truagh
gan é chur isteach. Tá gá le n-a leithéid sa n-áit.


L. 134


Abair leis gan aon cheisd a bheith air. Ní baoghal dó
go raghaidh aoinne againne 'n-a choninibh." Ambriathar
mhóide, a Thaidhg, gur mheasadar go léir gur chun
labhairt 'n-a pháirt a chuas chun cainte leó!



Tadhg: Cad eile cad a mheasfidhís! Níor ínsis
dóibh cad a thug tu chun cainte leó. D'ínsis dóibh gur
iar se ort dul agus labhairt leó 'n-a pháirt. Nuair a
bhí an méid sin ínste agat dóibh cheapadar, nídh nach
iongna, gur chun labhairt 'n-a pháirt a tháinís. Bhí
áthas mór ortha é bheith le rádh acu leat go ndéanfidís
go fonamhar an rud a mheasadar a bhí agat le h-iaraidh
ortha a dhéanamh. Cad eile bhéadh uait, a dhuine!
Béid siad ag caint leis an ndochtúir féin sar a'
fada. 'Neósfid siad dó gur thugadar a nguth 'n-a
pháirt. Déarfid siad leis go breágh grádhmhar; "Go
deimhin, a dhochtúir, ní raibh aon ghá agat-sa le Donchadh
chur ag trial orainne chun labhartha linn agus chun a
iaraidh orainn gan dul ad choinnibh. Ní'l duine againn
ná raibh lán cheapaithe ar a ghuth a thabhairt i bhfabhar
duit sar ar labhair Donchadh linn i n-aon chor." Caith-
fid siad an méid sin a rádh as Béarla toisg gan aon
fhocal Gaeluinne bheith ag an ndochtúir. Béidh caoi
acu ar a thaisbeáint dó go bhfuil a dhóithin-sin Béarla
acu. Ansan labharfidh an dochtúir agus déarfidh sé
leó, as Béarla, "Táim ana bhuidheach díbh, a cháirde.
Bhí tuairim agam féin ó thusach go raibh cial agus
bhreitheamhantas ní b' fheár agaibh 'ná dochtúir maith a
chur uaibh gan aon chúis eile ach toisg gan aon fhocal
Gaeluinne bheith aige. Na daoine go bhfuil a ndóithin
Gaeluinne riamh acu ní fheicimíd gur dhein sí puínn
tairbhthe dhóibh. Níor dhein a h-easnamh puínn díobhála
dhómh-sa an turus so, pé 'n-Éirinn é. Chómh luath agus
bhéidh caoi agam air ní mór dhom labhairt le Donchadh
agus mo bhuidhchas a ghabháil leis go dúrthachtach. Dhéin
sé an rud a dh'iaras air agus dhéin sé go maith é.
Tháim ana bhuidheach dé. Táim go deimhin."



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach is dócha go bhfuil
an ceart agat! Chómh siúrálta agus atáimíd anso
ag caint raghaidh sé amac orm gur labhras leis na fir
sin agus gur iaras ortha páirt a thógaint leis an
ndochtúir ná fuil aon fhocal Gaeluinne aige i gcoinnibh
an dochtúra go bhfuil an Ghaeluinn bhreágh aige, agus


L. 135


go bhfuil an t-eólus ar an ndochtúireacht aige chómh
maith agus atá ag fear an Bhéarla, nú níos feár!
Cad a dheanfad i n-aon chor!



Tadhg: Raghaidh an méid sin amach ort gan amhras,
a mhic ó, ach raghaidh rud is measa go mór 'ná an méid
sin amach ort.



Donchadh: Aililiú! Cad eile fhéadfadh dul amach
orm?



Tadhg: Cé chreidfidh, a Dhonchadh, go raghfá-sa chun
cainte le Gaedhilgeóiríbh bladhmanacha 'ghá iaraidh ortha
a nguth a thabhairt i bhfabhar do dhochtúir Ghallda, i
gcoinnibh an dochtúra Gaedhlaigh, mura mbéadh gur thug
an dochtúir Gallda breab mhaith dhuit!



Donchadh: Achaidhe! Táim réidh ar fad anois!



Tadhg: 'Seadh, agus d'á ghéire a shéanfir é iseadh is
daingine a creidfar é. "Os a chómhair iseadh is usa
bréag a chur ar dhuine."



FEIS CHOLMÁIN.
Donchadh: Bhís-se ag Feis Cholmáin, a Thaidhg. Tá
súil agam gur dhéinbhúir gnó maith ann. Níor fhéadas-
sa dul go Mhainistir Fhearmuigh an lá san. Bhí orm
dul i n-áit eile. Bhí fhios agam, ámhthach, go bhfaighinn
cúntas uait-se ar conus a dh' imthigh leis an obair
ann. Bhí lá ana bhreágh agaibh pé 'n-Éirinn é.



Tadhg: Ní misde dhuit sin a rádh. Bhí an lá ar
áileacht againn. Bhí a lán neithe nár bh' é an lá ar
áileacht againn. Bhí rinnce ar áileacht againn, agus
bhí rinnceóirí ar áileacht againn.



Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, go bhfuil eagal orm
féin le déanaíghe gur an iomad rinnce agus an iomad
rinnceóirí a bhíon ar na feiseanaibh againn. Chun na
Gaeluinne shaothrú' iseadh do ceapadh na feiseana.
Is maith an rud raint caitheamh aimsire do mheasgadh
ar an obair, ach ní maith an rud failíth a thabhairt sa
n-obair ar son an chaitheamh aimsire.



Tadhg: Tá daoíne nách tu 'ghá rádh san le tamal, a
Dhonchadh. B' fhéidir go bhfuil a chúis acu. Ní bhéidh
aon chúis ghearáin a thuille, ámhthach, agat-sa 'ná acu-
san, má curtar i bhfeidhm ins gach aon bhall feasda


L. 136


an riaghail a cuireadh i bhfeidhm an turus so i bhFeis
Cholmáin.



Donchadh: Cad í an riaghail í sin?



Tadhg: Gan a bheith ceadaithe d' aoinne dul isteach
ar chomórtas rinnce ach do dhuine go mbéadh Ghaeluinn
aige.



Donchadh: Seadh! Siné shocaróch' an sgéal go h-
áluinn! Siné chuirfadh fheuchaint ar na rinnceóirí gan
an sgoluígheacht go léir agus an fhoghluim go léir
agus an oileamhaint go léir a bheith ins na cosaibh acu,
ach cuid díobh a bheith sa cheann acu, agus sa bhéal; an
teanga bheith ag rinnce 'n-a mbéal acu le ceól na
Gaeluinne chómh maith agus bhéadh na cosa ag rinnce
ar an gclár acu le ceól an bheidhlín



Tadhg: Sin mar a bhéidh feasda má curtar an ria-
ghail i bhfeidhm ins gach aon bhall. Isé mo thuairim féin
go gcurfar. Má tá nídh is mó 'ná a chéile a chuirean
iongna orm sa ghnó so na Gaeluinne isé rud é 'ná an
chól tar bár a thaisbeánaid formhór na ndaoíne a bhíon
i mbun na h-oibre. Isé nádúr oibre de'n tsórd tus-
nú' go maith agus go cialmhar agus ansan, i ndiaigh
cheile, iompáil chun baoíse. I dtaobh na bhfeiseana so,
ba dhóich le duine go bhfuil nídh éigin éagsamlach 'ghá
stiúrú' agus 'ghá choimeád ar an slígh chóir. Ní sagart
ná bráthair a cheap an riaghail sin i dtaobh an rinnce.
Duine éigin des na stiúrthóirí féin a chuimhnigh uirthi
agus do cheap í. Chíon tú féin go bhfuil sí chómh tair-
bhtheach, chómh cialmhar, de riaghail agus dá mb' í an
Eaglais féin do cheapfadh agus do chúmfadh í. Is
iongantach an chúilfhéith atá ag cuid des na daoíne
seo atá i mbun na h-oibre seo. Tá lámh Dé, moladh
go deó leis, ag cur na h-oibre chun cínn.



Donchadh: Conus a dh' imthigh le h-obair na Gaeluinne
féin ann?



Tadhg: Go maith. Go h-ana mhaith. Thugas fé
ndeara ann nídh nár mheasas a chídhfinn féin le m' ré.
Bhíos ag éisteacht le garsúin óga agus le cailíní
beaga d'á dtriail ann feuchaint cé b' feár a dhéanfadh
cómhrádh as Gaeluinn. Do chuir na garsúin sin agus
na cailíní beaga san i gcuimhne dhom láithreach na
cailíní beaga agus na garsúin a bhíodh am' thímpal
féin, ag foghluim Teagasg Críosdaíghe, chúig bliana


L. 137


déag agus dachad ó shin! Chonac airís an t-anamamh-
lacht chéadna sa chaint, agus an aibeamhlacht agus an
faobhar ar an gcaint, agus an deisbhéalaighe inti,
agus an chómhgaracht, agus an neart, agus an fuin-
neamh. Do leathadh mo shúile orm uaireanta nuair
airíghinn freagra éigin ó gharsún nú ó chailín bheag acu,
agus d' fheuchainn am' thímpal agus d' fhiafraighinn
díom féin; "An ag taibhreamh atáim! Nú an í seo
an tseana aimsir tagaithe airís chúghainn?" Geallaim
dhuit gur cuireadh iongna agus áthas i n-aonfheacht
orm, mo dhóithin díobh. Is minic le deich mbliana a's
dachad d' airígheas garsúin agus cailíní beaga d'á
dtriail 'n-a gcuid léighinn ins na sgoileanaibh Gallda
so, i mBéarla. Airiú, a dhuine, ní h-iad na garsúin
chéadna ná na cailíní beaga céadna i n-aon chor iad!
Sa Bhéarla ní bhfaighfá asta ach glór na cainte. Ní
bhfaighfá aon phioc de bhrígh na cainte asta, ach mar a
bhéadh duine a bhéadh ag caint tré n-a chodla. Nuair
a dh' iompúighid siad ar an nGaeluinn is cuma é nú
mar a dhúiseóch' a n-aigne as a codla!



Donchadh: Moladh le Dia!



SGIATHÁIN.



Donchadh: Is mór an seó na sgiatháin atá ort-sa,
a Thaidhg, ó airíghis na garsúin úd agus na cailíní
beaga ag tabhairt gach 're seadh do'n mhuíntir a bhí ghá
dtriail.



Tadhg: Tá, sgiatháin orm, a Dhonchadh, gan amhras, ó
airígeas iad súd. Ní raibh aon choinne i n-aon chor
agam go n-éistfinn le n-a leithéidí an fhaid a mhair-
finn. Bhí súil agam go mb' fhéidir go dtiocfadh an
chaoi dhuit-se ar éisteacht leó, ach níor mheasas go
dtiocfadh an chaoi domh féin an fhaid a bhéinn ar an
saoghal so. Tá an obair ag tusnú' dáiríribh fé dheire,
a Dhonchadh. Is fada do'n tusnú' san ag teacht, ach is
dóich liom go bhfuil sé tagaithe. Mura bhfuil sé
tagaithe ní fada uaidh anois é.



Donchadh: "An obair ag tusnú' dáiríribh"! Agus
cad tá ar siúbhal le deich mblianaibh? Cad tá ag
déanamh an fhothraim go léir le deich mblianaibh?


L. 138


Murab í an obair atá ar siúbhal le deich mblianaibh
cad tá ar siúbhal? Cad tá ag cur an sgannra go
léir ar uaisleacht bhréagach na h-Éirean? Cad tá ag
cur ár seóiníní ag crith 'na gcroicean? Cad tá ag
baint codla na h-oídhche de'n bhórd léighinn Gallda
so i mB'l'ath' Cliath againn?



Tadhg: 'Neósfad-sa san duit go cruinn, a Dhonchadh.
Tá an t-olmhú' 'ghá dhéanamh san go léir. Ní'l ar siú-
bhal le deich mblianaibh ach an t-olmhú'. Is cuímhin leat
an sgéal Fianaidheachta. "A Chluas le h-Éisteacht,
cad tá ar siúbhal?" a deireadh rígh Éirean. "Tá an
fathach mór'á chrothadh féin sa Domhan tsoir", a deireadh
Cluas le h-Éisteacht. Ní'l ar siúbhal le deich mblian-
aibh ach go bhfuil an fathach mór 'á chrothadh féin anso sa
Domhan tsiar, anso i n-Éirinn. Siné atá ag déanamh
an fhothraim go léir. Ní'l aon phioc de'n obair tus-
nuighthe dáiríribh fós. I Mainistir na Coran theas,
tamailín ó shin, agus i Mainistir Fhearmuighe an lá fé
deire iseadh chonacthas an chéad iaracht d'á dhéanamh ar
an dtusnú'. Ní raibh sa n-obair go léir roimis sin
ach olmhú'.



Donchadh: Dar fiadh ach dob fhada an t-olmhú' é
agus ba thrioblóideach! Má bhíon an obair féin fada,
trioblóideach do réir mar is ceart a mheas ó'n olmhú',
ní fios cad é an cor a bhéidh orainn go léir ar ball.



Tadhg: Ní bhéidh, a Dhonchadh. Ní bhíon choídhche. Sa
n-olmhú' iseadh bhíon an duagh agus an saothar agus an
trioblóid go léir. Nuair a bhíon an talamh saothruighthe,
leasuighthe, sa cheart, agus síol fóghanta curtha ann,
le h-eólus agus le tuisgint, ní gádh puínn eile d'á
dhuagh fhághail. Fásan an síol uaidh féin, le toil Dé.



Bhí muíntir Shasana ar feadh na gcéadta blian ag
déanamh a ndíthil ar gach aon tsaghas cuma chun na
Gaeluinne do mhúchadh i n-Éirinn. Bhí fhios acu go dian
mhaith ná béadh greim ceart go deó acu ar an oileán
an fhaid a bhéadh a nGaeluinn féin 'n-a mbéal ag muín-
tir na h-Éirean. Dhéineadar dlíghthe 'ghá chosg ar
dhaoíne an Ghaeluinn do labhairt. Do theip ar na
dlíghthibh aon chosg a chur léi. Chuireadar droch mheas
uirthi. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Thugadar fabhar
agus onóir agus saidhbhreas do'n t-é a labharfadh an
Béarla. Níor chuir san luighead ná laige ar an


L. 139


nGaeluinn. Fé dheire chuímhnighdar ar sheift. Dúbhrad-
ar leó féin go ndéanfidís an leanbh do dheighilt ó'n
nGaeluinn; ansan go n-eíreóch' an' leanbh suas agus
gan aige ach Béarla; ansan, chómh luath agus gheabhadh
na sean daoíne go léir bás go mbéadh Éire glan ó
aon fhocal Gaeluinne; ansan go mbéadh Éire ar a
dtoil acu, agus go mbéadh an donas ar fad ar an
sgéal nú gur ghearr go mbéadh sí chómh glan ó'n
gCreideamh acu agus bhéadh sí ó'n nGaeluinn.



Donchadh: Go saoraidh Dia sinn! Airiú nár bh' iad
na diabhail ó ifrean ainíos iad!



Tadhg: Is cuma cé 'cu diabhail nú deamhain iad ach
siúd mar a bhí beartuighthe acu. Ba ró dhóbair dóibh
an bheart a dhéanamh, ar an nGaeluinn pé 'n Éirinn
é. Ach ní foláir "cor i n-aghaidh an chaím" a thabhairt
dóibh; a gcleas féin do chasadh ortha; a ndlígh féin a
thabhairt dóibh. Dheighleadar an leanbh ó'n nGaeluinn.
Ní foláir an deighilt sin do bhrise agus an Ghaeluinn
agus an leanbh do sgaoíle chun a chéile airís. Nuair a
bhéidh an deighilt sin briste, brúighte, gabhte 'chosaibh
ann, agus ceól na Gaeluinne curtha ag rinnce airís i
gcluasaibh an leinbh, ansan iseadh bhéidh ár ngnó ag dul
chun cínn dáiríribh. Ní mharbhóchaidh an obair aoinne
an uair sin, a Dhonchadh. Raghaidh sí chun cínn uaithi
féin, díreach fé mar fhásan an síol uaidh féin. Chím
an Ghaeluinn agus an leanbh ag cur aithne ar a chéile,
a Dhonchadh. Siné atá ag cur na sgiathán orm.



ARCHIMÉDÉS.



Donchadh: Mhá chuir Feis Mhainistir na Coran agus
Feis Cholmáin sgiatháin ort, a Thaidhg, agus cleití
móra ionta, ní fios cad d'imtheóch' ort dá bhfeictheá
Feis Bhaile Mhistéala.



Tadhg: An ndeirean tu liom é?



Donchadh: Níor fhéadas dul ann, ach na daoíne a bhí
ann, agus a bhí ag an dá fheis eile, deirid siad go
léir go bhféadfí Feis Mhainistir na Coran agus Feis
Cholmáin, i n-aonfheacht, do ghuid a' Feis Bhaile Mhis-
téala agus ná mothófí imthighthe iad, bhí a leithéid sin
de chruinniú' daoíne ann.


L. 140


Tadhg: Ó! Is áluinn an sgéal é sin. Bhí "Re-
member Mitchelstown!" againn fiche éigin blian ó
shin, nú suas leis, nuair a gabhadh do phléuraibh ins na
daoíne, gan chúis gan adhbhar, agus do síneadh marbh
iad ar bolg na sráide. Bhí "Remember Mitchels-
town!" againn níos déanaíghe 'ná san nuair a bhí cuid
des na seóiníníbh beaga bréana atá sa tsráid sin le
fada, ag gluaiseacht agus a gcaincíní anáirde agus
muc ar gach malainn acu, agus iad ag cneadaigh agus
ag séide le corp droch mheas ar an nGaeluinn agus
ar an uile dhuine a bhí 'á labhairt nú 'á foghluim. Béidh
"Remember Mitchelstown!" anois againn feasda
agus brígh leis an bhfocal ná raíbh leis riamh fós.
Cuimhne duairc dúinn ab eadh cuimhne an ghnímh ghrána
a déineadh an lá a mhairbh cómhacht Shasana, le h-arm
ríoga, an sean duine bocht ná raibh d' arm aige ach
píopa tobac. Cuimhne duairc ab eadh cuimhne an
ghnímh sin toisg gan a bheith ar ár gcumas díoluigheacht
a dhéanamh ann mar ba chóir. Rud ana dhíombághach
dúinn iseadh bheith ag feuchaint ar lucht na gcaincíní-
sa-n-aer, agus ar lucht na bpus ramhar, ag tabhairt
an uile shaghas tarcaisne do'n Ghaeluinn agus a
d'iaraidh a chur 'n-a luíghe orainn go léir gur uaisle
iad féin, má 'sé do thoil é. Ní ceart duinuasal a
thabhairt ach ar an t-é a dhéinean an gníomh uasal.
Níor thug aoinne rómh eun uasal ar an eun a shaileóch'
a nead féin. Bhí an sgéal go maith ag cuid des na
h-uaislibh bréagacha so againn i n-Éirinn an fhaid 'ná
raibh aon nídh ag teacht crosta ortha chun a mbréaghaíghe
do nochtadh. Béidh cuimhne acu go ceann tamail ar
theacht na h-oibre seo na Gaeluinne. Béidh cuimhne
ag daoíne nách iad i mBaile Mhistéala ar an gcuma
'nar déineadh an obair ann Dé Domhnaigh seo a ghabh
thorainn.



Donchadh: Agus feuch gur 'mó brígh a bhéidh leis an
bhfocal, "Remember Mitchelstown." Bainfidh gach
aoinne a bhrígh féin as. Béidh fearg ar an bhfear a
chuimhneóchaidh ar an marbhú' úd agus déarfidh sé go
fíochmar, "Remember Mitchelstown." Béidh náire
agus ceann-fé agus ceisneamh ar an bhfear a chídhfidh
Srón-i-n-Aer agus déarfidh sé go searbh, "Remember
Mitchelstown." Agus an fear a bhí ag Feis Bhaile


L. 141


Mhistéalta Dé Domhnaigh agus do chonaic na mílte a
bhí cruinnighthe ann, agus an fuadar a bhí fútha, agus
an obair a dhéineadar, tiocfidh dásacht agus sgléip
agus mór chroídhe dhó agus caithfidh sé a chaipín anáirde
agus cuirfidh sé liú fhiaigh as a chuirfidh "banána agus
bacána agus geinte glinne" ag caitheam "trí léim
táiliúra" ins gach gleann i ngoireacht trí míle dhó,
agus déarfidh sé "Remember Mitchelstown!"



Tadhg: Mhaise cúis gháire chúghainn, a Dhonchadh! Is
ana mhaith an sgéal é sin. Feuch, a Dhonchadh, agus
cuímhnigh cá bhfuilim ag caint leat. Tiocfidh neithe
móra as an obair seo. Deirim leat go dtiocfidh.
Is fadó a dúbhairt an t-ollamh Archimédés, dá dtabharfí
slat mhaith láidir 'n-a láimh dó, agus go dtabharfí dhó,
lasmuich de'n chruinne seo, taca éigin n-a bhféadfadh
sé seasamh air, go ndéanfadh sé an chruinne do
choruíghe leis an slait. Is minic a chuirean an obair
seo na Gaeluinne an chaint úd a dúbhairt sé siúd i
gcuimhne dhom. Cómhacht Shasana an chruinne, dar
liom. Seanachus na h-Éirean an taca atá againn
lasmuich de'n chruinne. Agus isí an Ghaeluinn an
tslat. Táimíd go tiugh ag daingniú' ár gcos ar thaca
an tseanachuis. Tá greim maith againn d'á fhághail ar
an slait. Deirim leat go dtiocfidh an lá 'na mbain-
fimídh suatha a' cómhacht Shasana leis an slait. Curfar
an chómhacht san ag casadh, agus ag rinnce, agus ag
déanamh bolabáisín, go dtí go mbéidh an méagram
'n-a ceann!



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Ar dhéin Archimédés
an rud a dúbhairt sé a dhéanfadh sé?



Tadhg: Dein t' iaraidh ort, a dhailtín. Ná bí
am bodhradh! Taoi 'n tú ró ghéarchúiseach ar fad.



IS TREISE NA h-ABHRÁIN 'NÁ NA h-AIRIM.



Donchadh: Gabhaim párdún agat, a Thaidhg. Ní le
dailtínteacht ná le droch mhúine ná le brabús a fhiaf-
raigheas díot ar dhéin Archimédés an rud adúbhairt sé
dhéanfadh sé leis an slat, dá bhfaghadh sé taca maith
cruaidh daingean ar a bfhéadfadh sé a chos do chur
lasmuich de'n chruinne. Is amhlaidh atáim bodhar, ó


L. 142


thusnuigh an obair seo na Gaeluinne, ag éisteacht le
daoíne ag caint agus 'á dhéanamh amach ar gach aon
tsaghas cuma ná fuil aon bhreith i n-aon chor ag an
obair ar dhul chun cínn. Ní'l ciscéim ar aghaidh d'ár
thug an obair ó'n gcéad chiscéim a thug sí ná dúbhra-
dar láithreach gur bh'í sin an chiscéim dhéanach a thabhar-
fadh sí ar aghaidh. Ansan, nuair a thabharfadh sí ciscéim
eile, déarfidís airís gan aon dabht gur bh'í sin an
chiscéim dhéanach. Tá an port san ar siúbhal acu ó
thusach.



Dúbhrais-se anso an lá déanach go ndúbhairt Archimé-
dés dá bhfaghadh sé taca fé n-a chois lasmuich de'n
chruínne, agus slat mhaith fhada láidir 'n-á láimh, go
mbainfadh sé casadh as an gcruinne leis an slait.
Ansan do chuiris cómhacht Sasana i gcomparáid leis
an gcruinne agus chuiris an seanachus i gcomparáid
leis an dtaca, agus dúbhrais gur bh' í an Ghaeluinn an
tslat. Dúbhraís go mbainfí casadh fós a' cómhacht
Shasana leis an tslait. Cheapas féin gur bh' ana mhaith
an sgéal é dá mbéadh sé le rádh agam gur dhéin
Archimédés an rud a dúbhairt sé a dhéanfadh sé leis
an slait, mar, do réir dheabhraimh, go bhféadfí an
rud céadna, nú rud dh'á shórd, a dhéanamh airís.



Tadhg: Ó, tuigim. Mheasas gur ag magadh fúm a
bhís mar gheall ar Archimédés; gur a dhéanamh amach a
bhís go mbéadh sé chómh fuar againne bheith ag brath ar
chómhacht Shasana do luasgadh nú do shuathadh leis an
nGaeluinn agus bhí sé ag Archimédés bheith ag brath
air go bhféadfadh sé an rud adúbhairt sé a dhéanamh.



Donchadh: Fágaim le h-uacht, a Thaidhg, go raibh an
machtnamh san leis am aigne, ach má 'seadh is ar an
gcuma so é. An fhaid a bhíos ag éisteacht leis an
gcaint uait do thuigeas am aigne go bhféadfadh
namhaid an chaint do chasadh ort agus a rádh; "Má
taoí'n tú chómh fada ó'n dtaca agus ó'n slait agus bhí
Archimédés béidh raint ríghnis ort sar a' mbainfir aon
luasgadh a' cómhacht Shasana."



Tadhg: Agus d' fhéadfinn-se an chaint do chasadh
airís ar an namhaid ar an gcuma so. Níor dhéin
Archimédés an rud adúbhairt sé mar níor thug aoinne
dhó an taca ná an tslat. Tá an taca agus an tslat
againne. Tá seanachus na h-Éirean againn ach dul


L. 143


siar agus eólus do chur ar an seanachus. Tá an
Ghaeluinn againn, an tslat, agus ní'l againn ach
greim a choimeád uirthi. Níor déin Archimédés an
rud adúbhairt sé mar ní raibh an chóir aige chuige. Tá
an chóir againne chun na h-oibre adeirim a dhéanamh.
Is olc uainn mura ndéinimíd an bheart. Cé h-é siúd
adúbhairt dá leigtí dhó féin na h-abhráin a dhéanamh
gur chuma leis cé dhéanfadh na h-airim? Bhí an ceart
aige pé 'r bh' é féin. Ach ba ró bheag an tairbhthe dhó
bheith ag déanamh na n-abhrán dá mba i gcaint iasachta
bhéadh sé 'gá ndéanamh. Agus ba ró bheag an tairbhthe
dhó bheith 'á ndéanamh i n-aon tsaghas cainte dá mba
ar chaint iasachta, agus ar nósaibh iasachta, agus ar
bheusaibh iasachta, agus ar uaisleacht iasachta, a bhéadh
aigne na ndaoíne socair.



Donchadh: Dar fiadh ach ní féidir aon bhrabús a
dh' fhághail ar an méid sin.



FIUCHADH FOLA.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. An rud úd a dúbhraís
an lá déanach i dtaobh na n-abhrán agus na n-arm
bhíos 'á ínsint do dhuine eile ó shin, agus fuair sé locht
ar do chaint chómh luath agus d'airigh sé í.



Tadhg: B'fhéidir nár thugais an chaint sa cheart dó.



Donchadh: Thugas dó í díreach mar a dúbhraís í.
D'admhuigh sé láithreach gur treise na h-abhráin 'ná na
h-airm; go gcuirid na h-abhráin fuinneamh agus
neart agus dásacht i gcroídhe agus i n-aigne na
ndaoine, agus ansan go ndéinid na daoine gníomh
leis na h-airm ná déanfidís i n-aon chor mura mbéadh
an sprid a chuir na h-abhráin ionta. Ach nuair a
dh'ínseas dó conus mar a dúbhraís nár bh'fhéidir dos
na h-abhráin an tairbhthe sin a dhéanamh d'aigne na
ndaoíne dá mba i gcaint iasachta a déanfí na
h-abhráin, dúbhairt sé go raibh dearmhad sa chaint sin.



Tadhg: Cá raibh an dearmhad, dar leis?



Donchadh: Dúbhairt sé gur i gcaint iasachta
déineadh na dánta breaghtha úd a chuir Davis, agus na
filí eile a bhí le n-a línn, os cómhair na poibilídheachta
i n-Éirinn, trí fichid éigin blian ó shin. I mBéarla


L. 144


iseadh a cumadh na dánta san. Ní fhéadfadh aoinne
a rádh, dar leis, nár dhéin na dánta san tairbhthe, an
saghas tairbhthe díreach adeirir-se nár bh'fhéidir dóibh a
dhéanamh toisg iad a bheith sa chaint iasachta.
Chuireadar, dar leis, fuinneamh agus neart agus
dásacht i gcroídhe agus i n-aigne an uile dhuine do
léigh iad nú d'airigh d'á léighe iad.



Tadhg: Is greanamhar san dé, a Dhonchadh, agus go
ndeirim-se leat-sa agus leis an t-é a bhí ag caint
leat nár bh'fhéidir dó, dá mbéadh sé ag cuardach ar
feadh seachtmhaine, soluíd ab' fhearr a dh'fhághail ar
fhírinne mo chainte-se 'ná na dánta breaghtha san a
dhéin Davis agus a lucht leanamhna an uair sin. Bhí
na dánta go h-áluinn, ach filídheacht Bhéarla a bhí
ionta. Bhí daoíne anso agus ansúd ar fuid na
h-Éirean an uair sin agus thuigeadar an fhilídheacht.
B'fhéidir gur rug an fhilídheacht greim ar chroídhe ar
chuid acu san agus gur choruigh sí a gcuid fola. Ach
conus a bhí an sgéal ag poibilídheacht na h-Éirean an
uair sin? I n-aghaidh an aon duine amháin a thuig an
fhilídheacht Bhéarla san bhí na céadta nár thuig an
chaint ná an fhilidheacht. Bhí na mílte do thuig an
chaint maith go leór, b'fhéidir, ach nár thuig an fhilídh-
eacht i dtreó go bhféadfadh sí aon ghreim a bhreith ar
chroídhe ortha ná aon choruíghe a bhaint as a gcuid fola.
Chuirfadh ceann d'abhránaibh Eóghain Ruaidh, nú d'
abhránaib Sheághain Chláraigh, a gcuid fola ag fiuchaigh
dos na daoíne sin agus ag gluaiseacht tré n-a
mballaibh beatha 'n-a caisíbh ar buile. Ansan iseadh
thiocfadh an fuinneamh sa chroídhe, agus an neart, agus
an dásacht. Ansan iseadh a déanfí an gníomh dá mbéadh
an chaoi ann ar an ngníomh a dhéanamh. Dá mb' iad
na daoine iad is fearr a thuig an Béarla i n-Éirinn
an uair sin agus is mó gur rug an fhilidheacht úd an
Nation greim ar chróidhe ortha, do béarfí an greim ar
an gcroídhe acu níos daingine go mór dá mba
Gaeluinn a bhéadh 'n-a mbéal acu ó'n gcliabhán agus
ansan gur sa Gaelunn a déanfí an fhilídheacht sa
Nation. Dá mbéadh an sgéal mar sin, agus gur sa
Ghaeluinn a déanfí an fhilídheacht, ní túisge bhéadh dán
di le léighe sa phápeur 'ná mar a bhéadh an dán san,
'n-a lán bhrígh agus 'n-a lán chumas agus 'n-a lán


L. 145


chómhacht, i mbéal agus i n-aigne agus i gcroídhe an
uile dhuine i n-Éirinn, uasal agus íseal, óg agus
aosta, léigheanta agus gan léighean; agus an neart,
agus an fuinneamh, agus an dásacht, agus an fiuchadh
fola, agus an fuadar chun gníomh, ag comáint na
ndaoíne go léir do thoil a chéile ar aon bhóthar amháin.



Deirim leat, a Dhonchadh, go bhfuil dearmhad mór
ar an t-é adúbhairt leat gur féadadh riamh, ná go
bhféadfar choídhche, na h-abhráin a bhéadh níos treise 'ná
na h-airim do dhéanamh i gcaint iasachta.



AN DROCHAD.



Donchadh: Do chuir an chaint a dhéinis an lá déanach,
i dtaobh "fiuchadh fola," ag machtnamh mé. Bhí filí-
dheacht an Nation go h-áluinn, ach is léir gur choimeád
an chaint iasachta 'nar déineadh an fhilidheacht aigne na
ndaoíne deighilte amach ó'n bhfilidheacht. Do rug an
fhilideacht san, mar a dúbhraís, greim ar chroídhe ar
an suarachas daoíne a thuig an Béarla go maith, ach
lasmuich de'n suarachas daoíne sin áilneacht i n-ais-
tear ab eadh áilneacht na filídheachta san; ceól i
n-aistear ab eadh a ceól; neart amú ab eadh a
neart; obair ag dul chun fáin ab eadh í dhéanamh.
Chómh fada agus a chuaidh poibilídheacht na h-Éirean,
nú "Firu Éirean," mar a deirtí sa tseana aimsir,
níor dhéin filídheacht an Nation aon bhlúire tairbhthe.
Inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Do thuig Davis
tairbhthe na Gaeluinne d' Éirinn agus do Gaedhlaibh.
Dúbhairt sé, agus chuir sé an focal i bhfeidhm, gur bh'
fhearr de chosaint ar náisiún i n-aghaidh a namhad a
teanga dúchais féin 'ná aon chosaint eile; gur neamh-
nídh mar chosaint dúna daingeana agus aibhní doimhnne
seachas an teanga dúchais; go bhféadfi a dún a
bhrise agus an abha ghabháil, ach nár bh'fhéidir choídhche
aigne na ndaoíne do chlaoidh an fhaid a bhéadh a gcaint
féin 'n-a mbéal acu. Cad 'n-a thaobh, má 'seadh, nách
i nGaeluinn a cumadh filídheacht an Nation? Cad
'n-a thaobh nár cumadh an fhilídheacht i gcaint na
ndaoíne, sa chaint a thuigfidís láithreach, sa chaint a
bhéarfadh greim ar chroidhe ortha agus do chuirfadh


L. 146


fiuchadh 'n-a gcuid fola agus fuinneamh 'n-a mballaibh
beatha? Do tuigeadh go h-áluinn conus ba cheart an
obair a dhéanamh ach do h-imthigheadh agus do déineadh
an obair ar a mhalairt de chuma. Sin sgéal, a Thaidhg,
agus ní dóich liom gur b' é gach aoinne a dh' fhéadfadh
é thuisgint.



Tadhg: Gan amhras is deacair é thuisgint. Ní
féidir é thuisgint gan feuchaint isteach ann go h-ana
chruinn agus breithniú' cruinn a dhéanamh ar an gcuma
'na raibh mórán neithe eile suídhte i n-Éirinn an uair
sin. Na filí do sgríobh an fhilídeacht áluinn Bhéarla
san do Ghaedhlaibh an uair sin ní raibh aon eólus acu
ar an nGaeluinn. Níor bh' fhéidir dóibh an fhilídheacht
a dhéanamh as Gaeluinn. Sa n-am gcéadna, na daoíne
go raibh an Ghaeluinn acu ar áilneacht ní raibh ach foth
dhuine acu a bhí ábalta ar aon fhocal di do sgrí'. Ní
raibh aon chaoi i n-aon chor ar aon fhocal a sgrífí dhí
do chur i gcló. Bhí sí go bínn agus go buacach, go
neartmhar agus go cuthaigh, i mbéulaibh na ndaoíne ach
ní raibh aon fhocal dí le fághail ar aon tslacht i leabhar
ná i sgríbhinn. Do thuig Davis agus a lucht leanamhna
go h-áluinn gur as Gaeluinn ba cheart an fhilídheacht a
dhéanamh agus do sgrí' agus do chur i gcló, dá mb'
fhéidir é. Thuig sé gur bh' fhearr úsáid a dhéanamh de'n
Bhéarla go dtí go bhféadfí an Ghaeluinn do shaothrú';
sórd drochaid a dhéanamh de'n Bhéarla i dtreó go
bhféadfí dul anonn mar a raibh an Ghaeluinn. Do
déineadh an drochad, ach sar a raibh sé dh' uain ag
daoíne dul anonn chun na Gaeluinne tháinig an droch
shaoghal. Do sgriosadh Éire le gorta mar a sgriosfí
úrlár le sguaib. B' é toil Dé gur rug an bás Davis
féin chun siúbhail agus gan déanta ach an drochad. Do
fágadh gach aon rud ar an ndul san riamh ó shin go
dtí gur eirigh an obair seo na Gaeluinne atá ar
siúbhal anois. Is dóich liom gur thug an drochad a
dhéin Davis agus a lucht leanamhna congnamh maith dos
na daoíne seo a tháinig go déanach chun dul anonn
mar a raibh an Ghaeluinn.



Donchadh: Ba ró dhóbair di gan bheith thall rómpa.


L. 147


CÉ ATÁ CIONTACH?



Donchadh: Do déineadh an drochad, a Thaidhg, mar a
deirir, ach sar a raibh sé d' uain ag daoíne dul anonn
tar drochad chun na h-áite 'na raibh an Ghaedhluinn
tháinig an droch shaoghal, agus do sgriosadh Éire le
gorta mar a sgriosfí úrlár le sguaib. Ach feuch, a
Thaidhg. Níor lean an sguabadh abhfad. Bhí an t-éir-
leach ana dhian an fhaid a lean sé ach níor lean sé
abhfad. Tháinig saoghal a bhí maith go leór go luath i
ndiaigh an droch shaoghail. Is ag dul i bhfeabhas atá
an saoghal riamh ó shin. Tá blianta tagaithe ó shin 'na
raibh saoghal níos fearr go mór ag daoíne i n-Éirinn
'ná mar a bhí acu i gcuid des na blianta tháinig sar a
dtáinig an dubh i n-aon chor ar na prátaí. Inis an
méid seo dhom, a Thaidhg. Do dhéin Davis agus a lucht
leanamhna an drochad. Do cuir an droch shaoghal, an
fhaid a lean sé, cosg leis an obair a bhí beartuighthe
ag Davis. Cad 'n-a thaobh nár leanadh ar an obair
airís chómh luath agus a tháinig feabhas ar an saoghal?
Cad ba ghádh fhanamhaint ar an ndrochad i gcaitheamh na
h-aimsire go léir go dtí gur thusnuigh an obair seo
atá ar siúbhal anois? Nár dhóich leat, chómh luath agus
a chuaidh feabhas ar an saoghal go dtiocfí thar drochad
láithreach? D'eirigh an Brianach agus an mhuíntir a bhí
ar aon aigne leis. Mheasadar go bpreabfadh Éire
suas i n-aonfheacht leo. "Is treise na h-abhráin 'ná
na h-airim," ach ní raibh abhráin ná airim ag muíntir
na h-Éirean an uair sin. D'fhan na filí ar an ndro-
chad ag deanamh na n-abhrán sa chaint iasachta. Bhéadh
sé chómh maith acu bheith ag caitheamh cloch le fánaidh na
h-abhan. Níor rug na h-abhráin sin greim ar chroídhe
aon Éireanaigh. D'eirigh na Fínghíní. Bhí cuid acu ar
na fearaibh ba dhána, ba chródha, ba neamheaglaíghe, ba
ghéire tuisgint, ba lúgha suím 'n-a n-anam féin seachus
saoradh na h-Éirean, d'ár eirigh riamh chun troda
dhéanamh ar son aon tíre. Do cheap na fir a bhí thall
i n-America ná raibh acu ach teacht anall go h-Éirinn
agus go mbéadh Éire go léir i n-íodhnaibh catha rómpa
Tháinig cuid acu. Ní raibh rómpa ach an donas ; Éire
'n-a codla agus na filí ar an ndrochad ag caitheamh


L. 148


na gcloch le fánaidh na h-abhan. Bhí Davis féin tar
eis a ínsint dos na filíbh céadna san gur threise mar
chosaint ar Éirinn, i n-aghaidh a namhad, a Gaeluinn féin
a bheith 'n-a béal aici 'ná pé cosaint eile a déanfí
uirthi. Cad a choimeád ar an ndrochad iad i gcaitheamh
na n-aimsire go léir? Cad 'n-a thaobh nár chaitheadar
uatha an chaint iasachta agus teacht anall ameasg na
ndaoíne agus caint na ndaoíne do shaothrú' agus na
h-abhráin a dhéanamh inti, agus aisti? D'fhanadar
'n-a seasamh ar an ndrochad. Ní rabhdar thall ná
abhus. Dhéineadar abhráin. Níor bh' abhráin Bhéarla
iad agus níor bh' abhráin Ghaedhlacha iad. Ní raibh aon
mhaith thall ná abhus ionta. Agus d' fhan na filí sin
ar an gcuma san, 'n-a seasamh ar an ndrochad san, ar
feadh deich éigin blón agus dachad! Cad deirir leis
sin, a Thaidg?



Tadhg: Is 'mó rud fhéadfinn a rádh leis, ach do
thugais chun mo chuímhne sgéal beag agus 'neósfad
duit é. Cúpla bliain ó shin nú a trí do cuireadh
craobh de Chonrad na Gaeluinne ar bun i n-áit áirighthe,
áit is eol duit-se agus dómh-sa. Chuaidh cuid de'n
bhuidhin amach ar fuid na paróiste chun raint airgid
do bhailiú' a dhíolfadh cosdas na h-oibre. Thug gach
aoinne síntiús éigin dóibh agus do mhol gach aoinne
an saothar go dtí gur ghlaodar chun tíghe áirighthe. An
fear a bhí 'n-a chómhnuighe sa tigh sin ní raibh aon fhocal
i n-aon chor Béarla aige. D' iaradar síntiús air fé
mar a dh' iaradar ar gach aoinne. Ba dhóich leat air
gur b' amhlaidh a bhuail duine acu buille dhorn idir an
dá shúil air!



"Ní thabharfad, ná leathphinge!" ar seisean. "Dá
mbéadh airgead fé m' chosaibh sa lathaigh," ar seisean,
"ní thabharfinn aon leathphinge dhé chun na h-oibre sin.
Ba chirte dhaoíbh go mór gnó éigin a dhéanamh go
mbéadh tairbhthe éigin ann."



Dá mbeitheá-sa ameasg na bhfilí ar an ndrochad, a
Donchadh, an mbéadh puínn fonn ort teacht anall ag
triall ar dhuine de'n tsórd san? Tá eagal orm, a
Donchadh, gur 'mó duine bhí ciontach i n-éaghmais na
bhfilí.


L. 149


NA h-UAISLE.



Donchadh: Pé duine atá ciontach, a Thaidhg, ná ná
fuil ciontach, deirim an méid seo leat, agus deirim
go láidir é. Ní h-é an duine bocht ná fuil aon fhocal
Béarla aige atá ciontach.



Tadhg: Agus dar ndó', má tá an Ghaeluinn le
saothrú' cé chabhróchaidh leis an saothrú' mura dtagaidh
an cabhrú' ó'n t-é ná fuil aige ach í?



Donchadh: Fan go fóil. Ní'l ag an nduine mbocht
san ach an Ghaeluinn. Ní raibh agá athair ná agá
mháthair ach í. Ní raibh ag aoinne a tháinig roimis i
n-Éirinn riamh ach í. Gach aon lá ó thóg sé féin a cheann
cad 'tá fághalta aige de bhár na Gaeluinne? Ní'l
fághalta aige d'á bár ach tarcaisne agus droch mheas
ó'n uile shaghas duine a dh'fhéad aon fhocal amháin
Béarla do labhairt, agus na daoíne nár fhéad, ní
baoghal gur thugadar aon uraim dó mar gheall ar an
nGaeluinn. Ní h-eadh ach do thugadar tarcaisne dhó,
agus droch mheas níos mó 'ná mar a thug lucht an
bheagáin Béarla féin dó. Is mó an meas a bhí acu ar
an bhfear ba bhriste Béarla 'ná mar a bhí acu air. Bhí,
nídh nách iongna, an droch mheas céadna aige-sean
ortha-san. Ní raibh ach droch mheas acu araon ar a chéile.
Do théitheadar ó chéile mar a seachnófí lobhar. Ní raibh
aon bhreith ag aoinne acu ar aon tógháilt cínn fhághail
sa tsaoghal go deó, dá maireadh sé céad blian. Ar
bh' aon iongna é dhul 'n-a luíghe go doimhinn agus go
daingean ar chroídhe agus ar aigne an duine sin ná
féadfadh aon mhí-ádh bheith air ba mhó 'ná gan a bheith
aige ach Gaeluinn? Ar bh' aon iongna searbhas a bheith
i n' aigne, do ló agus d' oídhche, i gcoinnibh a athar
agus a mháthar féin toisg nár dhéineadar iaracht éigin
ar eólus a thabhairt dó ar shaghas éigin Béarla, a bheag
nú a mhór, briste nú slán, agus gan é fhágáilt ar nós
an bheithígh allta nách mór? Ar bh' aon iongna é 'ghá
cheapadh i n' aigne, pé rud eile dhéanfadh sé féin d'á
chlainn, ná fágfadh sé an t-umárd ortha a fágadh air
féin? Agus ansan, a Thaidhg, nuair a bhuail daoíne
isteach chuige 'ghá iaraidh air airgead a thabhairt dóibh
chun na Gaeluinne shaothrú' agus do choimeád beó i


L. 150


mbéalaibh na ndaoíne, ar bh' aon iongna é 'ghá cheapadh
i n' aigne ná raibh acu le saothrú' ach umárd, ná raibh
acu le coimeád beó ach mí-ádh?



D'fhiafruighis díom, dá mbéinn ameasg na bhfilí ar
an ndrochad úd, an mbéadh fonn orm teacht anall ag
triall ar dhuine de'n tsórd san. Ba dhóich liom go
mbéadh. Ba dhóich liom go dtiocfinn anall ag triall
air agus go ndéanfinn a chaint féin a bhí 'n-a bhéal
aige do shaothrú' dhó, agus go dtaisbeánfinn dó gur
chaint uasal í agus nár ghádh dhó aon náire bheith air mar
gheall uirthi, ach a mhalairt. Thaisbeánfinn dó gur mhó
go mor an uraim a bhí ag dul dó féin mar gheall ar
an nGaeluinn a bheith aige, úrglan, ó n-a shínsear, 'ná
mar a bhí ag dul d' fhear an Bhéarla bhriste ná raibh so
ná sud aige.



Tadhg: Tá go breágh, a Dhonchadh. Bhéadh obair agat
a d' iaraidh a chur 'n-a luíghe ar a aigne go raibh uraim
ag dul dó, agus gan ag gach aoinne 'á thabhairt dó ach
easuraim.



Donchadh: Dubhraís gur 'mó duine atá ciontach i
n-éaghmais na bhfilí. Is fíor gur 'mó. Agus na daoíne
atá ciontach, tá cuid acu is mó is ciontach 'ná a chéile.
Measaim féin gur b' iad daoíne is mó is ciontach le
meathlú' na Gaeluinne 'ná na daoíne fhéadfadh uraim
agus onóir a thabhairt do'n mhuintir a bhí 'ghá labhairt
agus nár thug.



Thadhg: Agus cé h-iad san?



Donchadh: Na h-uaisle. Uaisle Ghaedhal adeirim.



Thadhg: Nár cuireadh na h-uaisle sin go léir chun
báis nú chun fáin tár éis catha Cheann tSáile?



Donchadh: D' eírigh uaisle Gaedhlacha eile 'n-a
ndiaigh sin. Fir de shaghas Dhómhnail Uí Chonail, cuir i
gcás. Siniad a thusnuigh ar easuraim a thabhairt do'n
Ghaeluinn.


L. 151


TAR ÉIS ISEADH A TUIGTEAR GACH BEART.



Tadhg: Do thráchtais ar Dhómhnal ua Chonail, a
Dhonchadh, agus ar na h-uaislibh a bhí i n-Éirinn le n-a
línn. Chuiris i dtuisgint gur b' iad na h-uaisle sin,
do réir do thuairime, fé ndeár an fhailíth go léir a
tugadh sa Ghaeluinn, agus gur b' iad fé ndeár an
tarcuisne a tugadh di agus an droch mheas atá uirthi.



Donchadh: Táim deimhnightheach dé. Bhí sé daingean
i n-aigne na ndaoíne gur chaint uasal í. Théidís na
mílte ó bhaile go minic chun éisteacht le seanmóin
mhaith Ghaeluinne. Nuair a labhradh duinuasal focal
Gaeluinne leó thugaidís fé ndeara go gcuireadh sé
fásgadh 'n-a bhéal agus casadh 'n-a ghlór, díreach fé
mar a bhéadh eagla air go saileóch' an Ghaeluinn ghrána,
thútach a bhéal. Ansan, nuair a dh' iompóch' sé ar an
mBéarla gur dhóich leat air gur mil a bhéadh fé n'
fhiacalaibh! Cad fhéadfadh na daoíne bochta a thuisgint
as san ach, d'á fheabhas agus d'á uaisleacht í an Ghaeluinn
go raibh an Béarla seacht n-uaire níos fearr agus níos
uaisle 'ná í? Ní dóich liom go raibh uaisle riamh ar
an saoghal is fearr a thuill a gcrochadh 'ná mar a thuill
cuid d' uaislibh Gaedhlacha na h-Éirean é tímpal na
h-aimsire sin Dhómhnail uí Chonail. Bhíodar ag brise
a gcroídhe a d' iaraidh ceart éigin a bhaint amach do
mhuintir na h-Éirean, ó mhuintir Shasana. Agus an
t-aon tsealbhas amháin a theip ar mhuintir Shasana riamh
a bhaint de mhuintir na h-Éirean, do chabhruigh uaisle
na h-Éirean leó chun é bhaint díobh. Cad é an tairbhthe
dhéanfadh "Repale," ná "Emancipation," ná "Home
Rule," ná fiche rud nách iad, do mhuíntir na h-Éirean
an uair a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe agus gan i sliocht
Gaedhal i n-Éirinn ach sluagh dallacán gan de mhacht-
namh 'n-a n-aigne ná de chaint 'n-a mbéal acu ach, "de
horse," agus "de cow," agus "de pig," agus "de pint
o' porther"!



Tadhg: Go réidh! a Dhonchadh, Tar éis iseadh a tuig-
tear gach beart. D'á ghioracht an aimsir ó bhí Dómhnal
ua Chonail beó tá atharú' mór ar an saoghal. Ní'l le
feisgint i seanachus na cine daona, i n-aon pháirt
de'n domhan, agus an Turcach d' áireamh, a leithéid


L. 152


de chos ar bolg d'á dhéanamh ag náisiún ar náisiún eile
agus bhí d'á dhéanamh ag muíntir Shasana ar mhuíntir na
h-Éirean i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail agus roimis
sin. Chonaic Dhómhnal ua Chonail ná raibh aon rud ba
mhó a chuir ar chumas Shasana an cos ar bolg san do
dhéanamh 'ná muíntir na h-Éirean a bheith gan aon
fhocal Béarla. Ní raibh bac ar namhdaibh na h-Éirean
pé cúntas ba mhaith leó a thabhairt ar a ngnóthaíbh anso
i n-Éirinn, agus ní raibh aoinne chun oiread agus
"Thugais d' éitheach" a rádh leó. Ní raibh bac ortha an
dubh do chur 'n-á gheal ar an saoghal mór i dtaobh n-a
h-Éirean agus i dtaobh an éirligh a bhí acu d'á dhéanamh
i n-Éirinn, agus ní raibh aoinne chun an taoibh eile de'n
sgéal a dh' ínsint. Shiné cúis do Dhómhnal ua Chonail a
rádh go "mb' fearr leis go mbéadh an Ghaeluinn seacht
léig fé uisge sa bhfarge thiar!" Dá mbéadh an Béarla
ag muíntir na h-Éirean d' fhéadfidís a dtaobh féin
de gach sgéal a dh' ínsint os cómhair Shasana agus os
cómhair an domhain, agus do staonfí ó'n gcos ar bolg
le corp náire mura staonfí uaidh le h-aon chúis eile.
Thuig Dómhnal ua Chonail an méid sin.



Donchadh: Ach inis an méid seo dhom, a Thaidhg. Cad
'n-a taobh nár saothruigheadh an Béarla agus an Ghae-
luinn i n-aonfheacht? Choimeádfadh san aigne na
ndaoíne beó. Ní déanfí dallacáin díobh mar a
déineadh ins na sgoileanaibh Gallda.



Tadhg: Níor tháinig lá d'á chuímhneamh chun Dómhnail
uí Chonail, ná chun aoinne eile a bhí suas le n-a línn,
go ndéanfadh an Béarla an lot a dhéin sé ar chaint
agus ar aigne na ndaoíne. Ní chreidfá-sa é, a
Dhonchadh, mura mbéadh go bhfeicean tú é. Tar éis
iseadh a tuigtear gach beart.



DÓMHNAL UA CONAIL.



Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, ná féadfidh Dómhnal
ua Conail, agus daoíne dh'á shórd a bhí beó i n-Éirinn
le n-a linn, dul as chómh bog san. Níor tháinig lá d'á
chuímhneamh chúcha, dar leat, go ndéanfadh an Béarla
an díobháil a dhéin sé. Fear géarchúiseach, tuisgionach,
doimhinn ab eadh Dómhnal ua Conail. Bhí an Béarla


L. 153


ag déanamh na díobhála do'n aigne Ghaedhlach gach aon
lá an fhaid a mhair Dómhnal ua Conail, agus abhfad
sar ar rugadh é. Abhfad sar ar rugadh Dómhnal ua
Conail níor ghnáth le muíntir na h-Éirean aon chómhartha
uaisleachta d' admháil ach an Béarla. An fear go
raibh an focailín Béarla aige bhíodh a súile ar leathadh
acu go léir agus iad ag feuchaint suas chuige. Ba
chuma briste nú slán an Béarla, mar ní thuigidís é.
Rígh ab eadh an fear go raibh an Béarla aige, briste
nú slán, seachus an fear ná raibh aige ach an Ghaeluinn.
B' shin dubh 'n-a gheal curtha 'n-a luíghe ar aigne na
ndaoíne, a Thaidhg. Níor bh' fhéidir d' fhear chómh géar-
cúiseach le Dómhnal ua Conail gan a thuisgint cad é
an díobháil a bhí ag an ndubh san 'á dhéanamh d' aigne
na ndaoíne an fhaid a bhí sé d'á ghlacadh 'n-a gheal acu.
Bhí aigne na ndaoíne ag dul amú an fhaid a bhí san
amhlaidh. Bhí bréag 'n-a seasamh os cómhair a súl i
riocht fírinne, agus bhí ortha a mbeatha agus a mbéasa
do chumadh agus do chórú' do réir na bréige, agus é
daingean 'n-a n-aigne gur fírinne a bhí acu. Feuch
cad a tháinig as. Do glacadh an bhréag mar thuise ar
an sórd creideamhna ba cheart a thabhairt do gach aon
tsaghas duine, uasal agus íseal, ó'n bhfear ba ghiora
dho'n rígh thuas go dtí bacach an mhála thíos. Ó bhí an
tuise bréagach bhí, nídh nách iongna, an chreideamhaint
bréagach. Ach níor fágadh aon tsaghas eile creideamhna
os cómhair aigne na ndaoíne. Ní raibh aon rud eile
le leanmhaint acu. B' éigion dóibh bheith ag satailt
ar shálaibh a chéile ag ruith i ndiaigh na bréige. Cad
'n-a thaobh nár labhair Dómhnal ua Conail agus a rádh
leis na daoíne "Tá dearmhad agaibh 'á dhéanamh, a
Ghaedhla! I nbhúr gcaint agus i nbhúr nósaibh féin atá
creideamhaint le fághail agaibh agus ní h-i gcaint ná
i nósaibh iasachta"? Cad 'n-a thaobh nár labhair duine
éigin agus na daoíne chur ar bhóthar na fírinne? Cad
'n-a thaobh nár chuir duine éigin a lámh suas agus cló
na fírinne do stracadh de'n bhréig agus a cló grána
féin do thaisbeáint i radharc na ndaoíne?



Tadhg: Do labhair Davis, agus do labhair Árdeas-
bog Thuama, agus ba bheag an mhaith dhóibh labhairt.



Donchadh: Ba bheag an mhaith dhóibh labhairt mar bhí an
iomad daoíne "creideamhnacha" i n-Éirinn a mheas


L. 154


go mbéadh Éire tógtha go deó dá mbéadh an Ghaeluinn
"seacht léig fé uisge na farge thiar."



Tadhg: Dar fiadh ní gádh dhuit dul siar! Tá do
dhóithin díobh san fós agat. B' fhéidir gur thuig Dómh-
nal ua Conail go raibh an iomad des na daoíne
"creideamhnacha" san i n-Éirinn le n-a linn féin
agus gur bheag an tairbhthe dhó aon fhocal do labhairt
ar son na Ghaeluinne. Fear géarchúiseach ab eadh é,
mar a deirir. B' fhéidir gur thuig sé nár bh' fholáir
nídh de dhá nídh a dhéanamh, í shaothrú' dáiríribh nú eiríghe
aisti ar fad.



Donchadh: Níor bh' fhear é do staonfadh roim daoíne
"creideamhnacha." Is tapaidh a dúbhairt sé leó, ar
ócáid áirighthe, go nglacfadh sé an Creideamh ó
Chathair na Rómha, ach nár bh' fheár leis áit 'na bhfaghadh
sé a ghnó rígheachta 'ná ó Chathair Chonstantín. Tá eagal
orm, a Thaidhg, nách ró uiriste dhuit Dómhnal ua Conail
do chosaint, chómh fada agus do théidhan an Ghaeluinn.
Dhéin sé obair mhór i ngnóthaíbh eile gan amhras, ach
dar liom-sa, dhéin sé dearmhad mór i dtaobh na
Gaeluinne. Dearmhad ana mhór ab eadh a mheas gur
mhaith an rud eiríghe aisti ar fad, ar aon tsaghas
cleas ná réasún.



CORP FIANAÍGHEACHTA.



Tadhg: Ní'l aon dabht air, a Dhonchadh, 'ná go bhfuil
an ceart sa méid sin agat, pé 'n-Éirinn é. Dear-
mhad ana mhór ab eadh a mheas i n-aon chor gur mhaith
an rud eíríghe aisti ar fad. Ach dá mbéidhfá-sa i
n-áit Dhómhnail uí Chonail agus go bhfeicfá go soiléir
ná raibh aon bhreith ar í shaothrú' dáiríribh an uair sin,
cad a dhéanfá?



Donchadh: Dá mb' fhear mé ná staonfadh roim
dhaoíne creideamhnacha níor dhóich liom go bhfeicfinn
chómh soiléir sin ná raibh aon bhreith ar í shaothrú' dáirí-
ribh. Bhí daoíne géarchúiseacha do dhóithin agat i n-Éirinn
deich mbliana ó shin, agus chonacadar go soiléir an
uair sin ná raibh aon bhreith ar an nGaeluinn do shaothrú'


L. 155


dáiríribh. Chonacadar é chómh soiléir agus chonaic
Dómhnal ua Conail riamh é. Agus chonacadar rud
eile. Chonacadar go soiléir, pé breith a bhí nú ná
raibh ar an nGaeluinn do shaothrú' i n-aimsir Dhómhnail
uí Chonail, nár bhaoghal go raibh aon bhreith air deich
mbliana ó shin. Déarfidís leat go raibh Éire go léir
ag labhairt na Gaeluinne i n-aimsir Dhómhnail uí
Chonail, agus aoinne a bhí ábalta ar í labhairt, gur ró
bheag an trioblóid a mhúine dhó conus í léighe agus
conus í sgrí'. Déarfidís leat gur mhór an deifrí-
gheacht a bhí idir an aimsir sin agus an aimsir a bhí acu
féin deich mbliana ó shin, nuair a bhí na sgoileana
Gallda tar éis na Ghaeluinne mhúchadh ins gach aon bhall
nách mór, agus nuair a bhí nósa Gallda agus uaisleacht
Gallda tar éis aigne na ndaoíne do dhalladh agus do
chur amú i dtreó ná raibh de mhachtnamh ná de smuín-
eamh acu ó mhaidin go h-oídhche ná ó Luan go Satharan
ach conus ab fhearr a thiocfadh leó breis Galldachta
chur ortha féin. Déarfidís leat, agus bhéadh an fhírinne
acu, ná raibh an Ghalldacht tar éis greama bhreith i
n-aimsir Dhómhnail uí Chonail ach ar an mbeagán daoíne
go raibh focailín Béarla acu; go raibh an choitchian-
tacht saor fós ó aon ghreim de'n tsórd san: go
rabhdar fíor Ghaedhlach, 'n-a gcroídhe agus 'n-a n-aigne,
'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósadhibh agus 'n-a mbeatha,
agus dá dtusnuighthí dáiríribh ar an nGaeluinn
a bhí 'n-a mbéal acu do shaothrú' dhóibh go ngeabhdís
leis an saothrú' go tugtha agus go dúilmhar. Ach
déarfidís leat, na daoíne sin a deirim a labhar-
fadh deich mbliana ó shin, go raibh an aimsir sin imthighthe
agus go raibh na daoíne agus na nósa agus an íntinn
Ghaedhlach imthighthe, agus d'á bhrígh sin, pé breith a bhí ar
shaothrú' na Ghaeluinne i n-aimsir Dómhnail uí Chonail,
'ná pé caoi a bhí air, go raibh idir bhreith agus caoi
imthighthe gan tuairisg, agus ná béadh ach corp fianaí-
gheachta agus fiantais ann tabhairt fé n-a leithéid
d' obair an uair sin, 'sé sin deich mbliana ó shin. Ach
deich mbliana ó shin díreach iseadh do tugadh fé 'n
bhfiantas go léir. Cá bhfuil an fiantas anois? Cá
bhfuil an fhianaígheacht? Má déineadh an obair chómh
maith agus gan í thusnú' go dtí ná raibh inti, dar le
gach aoinne, ach corp fianaígheachta, cá mbéimís anois


L. 156


léi dá dtusnuighthí uirthi i n-aimsir Dhómhnail uí Chonail?



Tadhg: Is féidir, a Dhonchadh, gan dabht ar dómhan,
a lán do rádh ar gach taobh de'n sgéal.



Donchadh: Is féidir, a Thaidhg, agus déarfar. 'N-a
thusach iseadh atáthar.



LÉIRSGRIOS I RIOCHT COSANTA



Tadhg: Is féidir, a Dhonchadh, mar a dúdhbhart, a lán
do rádh ar gach taobh de'n sgéal. Nuair a labhran
tusa ar thaobh dé tagaim-se ad choinnibh go minic,
agus go deimhin féin agus go dearbhtha ní foláir dom
a admháil, gur ró mhinic a bhíon mo chaint ag gabháil ad
choinnibh agus mo thuisgint ag gabháil leat. Nuair a
mhachtnuighim ar an gcuma 'na raibh Éire agus muíntir
na h-Éirean le linn aimsire Dhómhnail uí Chonail, agus
ar an obair uathbhásach a dhéin Dómhnal ua Conail,
agus ar an aigne mhadartha a bhí ag muíntir Shasana
go léir i gcoinnibh na h-oibre sin agus i gcoinnibh na
h-Éirean, ní maith liom gan páirt Dómhnail uí Chonail
do ghabháil. Bhí an aigne mhadartha ag muíntir Shasana
do mhuíntir na h-Éirean, agus bhí ar a gcumas do
mhuíntir Shasana an aigne mhadartha san d' imirt ar
mhuíntir na h-Éirean a gan fhios do 'n tsaoghal, díreach
do réir a dtoile féin. Mo thruagh na caoíre nuair a
bhíon neart do'n mhachtíre a thoil a dh' imirt ortha a
gan fhios do 'n tsaoghal. Mo thruagh na cearca nuair
a bhíon neart do 'n mhada ruadh a thoil a dh' imirt ortha.
Ach ní raibh riamh i machtíre ameasg caorach, ná i
mada ruadh ameasg cearc, ach amadán, chun díobhála
dhéanamh, seachus muíntir Shasana i n-Éirinn i n-aimsir
Dhómhnail uí Chonail. Ní dhéinean an machtíre ach an
rud is dual agus is dúchas dó a dhéanamh. Ní dhéinean
an mada ruadh ach an rud is nádúr dó a dhéanamh.
Do dhéin muíntir Shasana i n-Éirinn, i n-aimsir Dhómhnail
uí Chonail, éagcóir i riocht an chirt, aindlígh i riocht
dlígh, olc i riocht maitheasa, léirsgrios i riocht cosanta.
Chuireadar an cleas san i bhfeidhm chómh coitchian agus
do leanadar chómh sioruídhe dhé gur buaileadh isteach
'n-a n-aigne do mhuíntir na h-Éirean ná raibh ceart


L. 157


ná dlígh, díon ná cosaint, acu féin le fághail ó dhlígh-
thibh rígheachta Shasana ná ó 'n muíntir a bhí chun na
ndlíghthe sin do chur i bhfeidhm i n-Éirinn.



Nuair a bhí na neithe sin ar an gcuma san, a
Dhonchadh, d' eirigh Dómhnal ua Conail agus thug sé
aghaidh, i n' aonar, ar an éagcóir agus ar an aindlígh
agus ar an léirsgrios. thug sé aghaidh ar an aigne
mhadartha san, an aigne Shasanach, a bhí 'ghá gcur i
bhfeidhm i n-Éirinn. Chuir sé a chos i dtalamh agus d'
fhéuch sé gan staonadh idir an dá shúil ar mhuíntir
Shasana, agus dúbhairt sé go dána go gcaithfí feasda
stad de'n éagcóir agus de'n aindlígh, agus ó bhí Éire
agus Shasana, do réir admhála Shasana féin, suidhte fé
aon dlígh amháin, go gcaithfí aon chur i bhfeidhm amháin
a bheith ar an ndlígh.



Chonaic muíntir na h-Éirean Dómhnal ua Conail ag
eiríghe ar an gcuma san agus ag seasamh ar an gcuma
san. D' airighdar an chaint do labhair sé. Bhí iongna
ortha. "Ó," a deiridís, "an fear bocht! Ba cheart
dó cial a bheith aige! Is móran truagh é! Geallaim
dhuit gur geár go mbéarfar air agus go gcurfar
isteach é!" Chonaic muíntir Shasana é. Bhí iongna
agus alltacht ortha-san leis. Bhí a leithéid sin d'
iongna ortha ná raibh fhios i gceart acu cad ba ceart
dóibh a rádh ná a dhéanamh. "Ó!" a deiridís, "ar
airbhúir é siúd! Deir sé go gcaithfid muíntir na
h-Éirean cheart fhághail chómh maith linn féin! Ar airigh
aoinne riamh a leithéid!"



Is ceart dúinn feucaint rómhainn go maith, a
Dhonchadh, sar a ndéinimíd lochtú' ar an obair a dhéin
Dómhnal ua Conail i n-Éirinn.



ÉIRIM CHUN ROBÁLA.



Donchadh: Ambriathar, a Thaidhg, gur cuimhin liom-sa
féin iongna agus alltacht ar mhuintir Shasana nuair a
a deireadh duine éigin gur cheart forlamhas dlíghe i
n-Éirinn a bheith do réir aigne Éireanach. An uair a
deirthí, "Ireland should be governed in accordance
with Irish ideas," d'eirígheadh stailc agus fearg n-a


L. 158


n-aigne do chuid de mhuíntir Shasana thall agus do
léimídís agus do spriúchaidís, i dtreó gur dhóich le
duine ortha gur bh' é rud a deirthí 'ná "England
should be governed in accordance with Irish ideas."
Ní fhéadfadh fearg ní ba mhó bheith ortha dá mb' amhlaidh
a déarfí gur cheart nósa agus beusa agus dlíghthe na
h-Éirean do shaothrú' agus do chleachtadh agus do chur
i bhfeidhm thall i Sasana. Déarfadh aon duine go
mbéadh blúire tuisgiona aige, na nósa agus na béasa
agus na dlíghthe a bhí ag muíntir na h-Éirean, ó shliocht
go sliocht, ar feadh na gcéadta blian, ní h-eadh, ach
na mílte blian, gur cheart iad a choimeád agus úsáid
a dhéanamh díobh i n-Éirinn agus gnóthaí na h-Éirean
do dhéanamh d'á réir. Dá ndéintí an nídh sin do
thiocfadh saoráid as do 'n dá mhuíntir, do mhuintir
Shasana agus do mhuíntir na h-Éirean. Dob usa go
mór Éire do bhainistíghe ar an gcuma san 'ná le bheith
ag gabháil i gcoinnibh an fhiona ins gach aon rud mar
a táthar ag gabháil riamh ó tháinig muintir Shasana
chugainn anall, go mór mór ó thugadar an creideamh
nua leó. Tá maoidheamh agus mustar mór ar siúbhal
coitchianta i dtaobh na h-éirime, dar le daoíne, atá
ag cine Sacsan chun dlíghthe agus riaghalta dhéanamh
agus do chur i bhfeidhm, ortha féin agusr ar náisiúnaibh
eile. Ní dóich liom féin gur thaisbeánadar puínn
de'n éirim sin sa tsaghas láimhseála atá déanta riamh
acu ar ghnóthaibh na h-Éirean. Do mealladh a n-éirim
anso i n-Éirinn pé cuma 'nar eírigh leó i n-áiteanaibh
eile. I gcoinnibh an fhiona atá an uile rud acu á
dhéanamh anso. Tá a rian air. Leighe agus lot agus
meath agus mí-rath atá ar ÉIrinn acu riamh.



Tadhg: Tá an ceart agat, a Dhonchadh, ach go bhfuil
aon dearmhad beag amháin ort. Ní h-éirim chun
forlamhais ná éirim chun bainistíghe atá ag cine
Sacsan. Is éirim chun robála atá acu. Níor
mealladh an éirim sin ortha anso ná i n-aon áit eile
d'ár ghabhdar forlamhas riamh ann. Feuch ad thímpal
agus feuch siar. Leighe agus lot agus meath agus
mí-rath, dar leat, iseadh atá ar Éirinn ó thánadar.
Airiú nách chuige sin a bhíodar! Ní deagh-dhlíghthe ná
deag-riaghaltas a bhí uatha riamh. Tusa agus mise do
robáil iseadh atá uatha. Táid siad ag robáil na


L. 159


h-Éirean ó thánadar. Táid siad ag robáil na
h-Éirean fós. Ní'l aon tsaghas saidhbhris againn ná
fuil a lámha sáithte go h-uileanaibh acu ann agus iad
'á sguabadh leó gach aon ré sholuis. "Do mealladh
a n-éirim," arsa tusa, "mar tá gach nídh acu d'á
dhéanamh i gcoinnibh an fhiona agus tá meath agus mí-
rath curtha ar Éirinn acu." Níor mealladh a n-éirim,
a Dhonchadh, mar an rud a chuireadar rómpa do
dhéineadar é. Robáil a chuireadar rómpa. Do
dhéineadar an robáil. Táid siad 'á dhéanamh fós.
Tá trí miliúin púnt airgid sa mbliain acu 'á bhreith
leó uainn os cómhair ár súl. Dá n-iarthá-sa anois
ortha stad dé sin an bhfuil fhios agat cad é an
freagra gheabhfá?



Donchadh: Ní tabharfí aon toradh orm.



Tadhg: Déarfí leat gan bheith ag magadh fút féin.



NÁ BÍ AG MAGADH FUT FÉIN.



Donchadh: Ní misde éirim chun robála thabhairt air,
a Thaidhg. Is uathbhásach an sgéal é, an t-é machtnóch'
air. Dá nguidinn caora uait do curfí príosún agus
pionós orm, agus déarfadh an breitheamh a chuirfadh
orm iad nár bh' fhéidir d'á éirim aigne féin staonadh
ó'n gceart; ó bhí an príosún agus an pionós tuillte
agam gur bh' é sásamh an chirt iad do chur orm agus
nár bh' fhéidir dó féin staonadh ó 'n sásamh san. D'
airígheas breitheamh acu 'ghá rádh, uair, go raibh seilbh
ag an gceart chómh daingean san i n' aigne go gcuir-
eadh aon chlaonadh ó 'n gceart teinneas aigne air.



Tadhg: 'Seadh, go gcuirfadh guid na caorach oiread
mí-shásaimh aigne air agus dá mba uaidh féin a
guidfí í.



Donchadh: Rud éigin de'n tsórd san. Chuimhnígheas
go minic ó shin ar an bhfocal, agus do theip orm teacht
ar a bhrígh. Chuirfadh guid na caorach mí-shásamh aigne
ar an mbhreitheamh san. Níor bh'fhéidir d'á aigne, bhí an
aigne chómh ceart san aige, fulang leis an éagcóir a
bhéadh déanta ar an bhfear n-ar guideadh an chaora
uaidh. Ba ró mhaith an sgéal é sin, dar liom, agus


L. 160


ba mhór an tabharthas ó Dhia d' aon treabhchas daoíne
breitheamh de'n tsórd san a bheith acu. Ach nuair a
chím an breitheamh céadna san ag feuchaint gach aon lá
'n tseachtmhain, ní h-ar chaora d'á guid, ná ar dhá
chaora, ach ar thrí miliúin d' airgead na h-Éirean ag
imtheacht gach bliain ag daoíne a dh' admhálan go
macánta ná fuil aon cheart acu chuige, agus nuair a
chím ná cuirean an sgéal corbhuais ar bith ar chroídhe
ná ar aigne an bhreithimh sin, cad tá le rádh agam?
Cuirean guid na caorach teinneas aigne air, mar
gheall ar an éagcóir. Ní chuirean guid na dtrí
miliúin sa mbliain aon teinneas aigne air! Má
iaraim air truagh éigin a bheith aige do 'n duine bhocht
a ghuid an chaora; gur le h-ocras a dhéin sé an
ghadaidheacht; déarfidh sé liom, go gruamdha agus go
dúr, ná fuil leigheas aige féin ar an nduine mbocht;
gur ceart ceart: nách féidir dó féin claonadh ó 'n
gceart i leith na láimhe deise ná i leith na láimhe clé.
Má fhiafraighim dé, ó's breitheamh é, agus ó's ceart
ceart, cad 'n-a thaobh ná cuirean sé cos an chirt i
dtalamh agus cosg do chur, i n-ainim Dé, le gadai-
dheacht na dtrí miliúin sa mbliain, déarfidh sé liom,
mar a dúbhraís, gan bheith ag magadh fúm féin.
"Éirim chun robála," arsa tusa. Is áluinn an focal
é. An t-é go bhfuil an éirim sin i gceart aige ní
ghuidfidh sé caora uaim, le corp macántachta, ach
béarfidh sé trí miliúin sa mbliain uaim os cómhair
mo shúl, agus má deirim leis stad agus gan bheith
a'm chreachadh, déarfidh sé liom gan bheith ag magadh
fúm féin.



Tadhg: Agus darfidia, a dhuine, cad eile cad
déarfadh sé leat ach gan bheith ag magadh fút féin!
É ag breith do choda leis agus tu 'ghá iaraidh i
n-achainigheachaibh air gan bheith a'd chreachadh!



Donchadh: Agus cad a dhéanfad?



Tadhg: Déin air isteach agus buail idir an dá shúil
air buille dhorn a chuirfidh trí slata i ndiaigh a chúil é
ar fleasg a dhroma! Gabhaim-se orm ná h-iarfidh
sé an tarna h-uair ort gan bheith ag magadh fút
féin.


L. 161


TA BUILLE AGUS BUILLE ANN.



Donchadh: Is rud é go bhfuil seana thaithíghe againn
go léir air, a Thaidhg, an t-é dhéinean a lán cainte
nách féidir dó gan focal gan chial do rádh anois a's
airís.



Tadhg: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin anois?



Donchadh: An focal deirineach úd a dúbhraís-se an
lá déanach a bhíomair anso, is dóich liom gur fada nár
airígheas focal ba lúgha cial 'ná é.



Tadhg: Cad é an focal é?



Donchadh: Dúbhraís liom gan bheith 'ghá iaraidh i
n-achainigheachaibh ar an mbitheamhnach stad de bheith a'm
robáil, ach déanamh air isteach agus buille 'dhorn a
bhualadh idir an dá shúil air a chuirfadh seacht slata i
ndiaigh a chúil é ar fleasg a dhroma.



Tadhg: Dúbhart leat san do dhéanamh. Cá bhfuil
an díth céille ann? Nách mó go mór an díth céille
dhuit bheith 'ghá iaraidh air stad? "Bean na cleithe
caoíle" 'ghá iaraidh ar an mada-ruadh an chearc do
leigint uaidh. An t-aedhre 'ghá iaraidh ar an machtíre
gan an t-uan bocht do bhreith leis. An luichín 'ghá
iaraidh ar an gcat gan í dh' ithe. Agus tusa 'ghá
iaraidh ar an mbitheamhnach so gan tu chreachadh. Déar-
fidh an mada-ruadh leis an mnaoí gan bheith ag magadh
fúithi féin. Déarfidh an machtíre leis an aedhre gan
bheith ag magadh fé féin. Déarfidh an cat leis an
luichín gan bheith ag magadh fúithi féin. Ach má gheibhean
an mada-ruadh buille de'n chleith fan na cluaise
leigfidh sé uaidh an chearc. Má gheibhean Bran greim
ar sgórnaigh ar an machtíre bogfidh an machtíre de'n
uan. Má fheicean an cat an gadhar ag teacht ruithfidh
sé suas crann agus fágfidh sé an luch 'n-a dhiaigh.
Siné an údhálta agat-sa agus ag an mbitheamhnach atá
at' chreachadh. Bí 'ghá iaraidh air stad, go dtí go
mbéidh clog ar do charbul, agus ní chuirfidh sé blúire
suime ionat. Buail idir an dá shúil air an buille
'dhorn úd adúbhart. Cad a dhéanfidh sé ansan?
Eireóchaidh sé agus labharfidh sé leat go breágh síbhial-
ta. "Ó, gabhaim párdún agat, a dhuine mhacánta!"
a déarfidh sé. "Ní raibh fhios agam gur leat-sa an


L. 162


t-airgead so. Dá mbéadh fhios agam gur leat-sa é
ní thógfinn e. Ní thógfinn go deimhin! Níor ghádh dhuit
an buille sin a bhualadh orm. Ní raibh agat ach a ínsint
dom gur bh' é do chuid é agus ní bhainfinn i n-aon chor
leis. Ní bhainfad a thuille leis, ná bíodh eagal ort."



Donchadh: Bhéadh cial leis an gcaint sin, a Thaidhg,
dá mb' aon chórú' amháin troda agus cosanta a bhéadh
orm-sa agus ar an mbitheamhnach, ach ní h-eadh. Ní'l
agam-sa ach mo dhá dhorn agus táim am' aonar. Tá
a chlaidheamh 'n-a laimh aige siúd agus tá mór-shluagh
armtha, gléusta lastiar dé agus gan uatha ach an
focal chun mé shíneadh marbh ar an bhfód. "Déin air
isteach," arsa tusa, "agus buail buille dhorn idir an
dá shúil air a chuirfidh seacht slata i ndiaigh a chúil é
ar fleasg a dhroma." Ní dóich liom, a Thaidhg, go
bhfuil aon rud ar an dtalamh so is lúgha orm 'ná caint
chuthaigh agus gan blúire cumais ag an t-é a labhran í
ar í chur i bhfeidhm. Cad is dóich leat féin?



Tadhg: Caint chuthaigh agus gan cumas ar í chur i
bhfeidhm - Ní'l caint ar bith is laige 'ná í. Is laige
í go mór 'ná éisteacht agus gan aon rud do rádh. Ach
ní thuigean tú an sgéal, a Dhonchadh. Tá buille dhorn
agus buille dhorn ann. An buille a buailtear le
neart an chuirp ní fiú é trácht air. An buille a
buailtear le neart na h-aigne ní féidir seasamh 'n-a
choinnibh.



NEART CUIRP.



Donchadh: "An buille a buailtear le neart an
chuirp ní fiú é trácht air." An le neart cuirp atá
muíntir Shasana ag bualadh na nGaedhal anso i
n-Éirinn le seacht gcéad blian? Cheapas féin gur
bh'eadh. An fiú an bualadh san trácht air? Tá a rian
orainn go daingean pé 'n-Éirinn é. Ní'l aon lá i
gcaitheamh na seacht gcéad blian san ná raibh ar a
gcumas do mhuintir na h-Éirean, dá dtagaidís go
léir ar aon aigne agus bualadh i n-aonfheacht, buille,
mar a deirir, do bhualadh idir an dá shúil ar Shasana,
buille a dhéanfadh í chur "seacht slata i ndiaigh a cúil
ar fleasg a droma." Dá mbuailtí buille de'n
tsórd san aon lá i gcaitheamh na h-aimsire sin an


L. 163


dóich leat ná go mb'fhiú é trácht air? Dob' fhiú, a
Thaidhg, agus do tráchtfí. Dar liom féin, a Thaidhg
ní dóich liom gur ró fhada le dul an neart aigne seo
a deirir-se gan neart cuirp, neart lámh agus cuis-
lean, a bheith lastiar de'n aigne go teann chun nirt
na h-aigne chur i bfeidhm sa bhuille nuair a buailtear
an buille.



Tadhg: Isé mo thaobh-sa de'n sgéal atá agat d'á
chur i bhfeidhm, a Dhonchadh, agus taoí'n tú 'á chur i
bhfeidhm go daingean. Ní raibh muíntir na h-Éirean
riamh gan neart cuirp agus cuislean. Is cuímhin
liom nuair a bhíos óg ná raib aon tseó ach a raibh d'
fhearaibh láidire ar fuid na dútha. Bhíodar ins gach
aon pharóiste i n-Éirinn chómh h-iomadamhail díreach
agus bhíodar sa pharóiste seo. Taisbeánan seanachus
béil na ndaoíne go rabhdar iomadamhail mar sin gach
aon lá riamh. Bhí oiread acu i n-Éirinn gach aon lá
riamh agus dá n-eirighdís i n-aonfheacht go bhféadfidís
an buille úd do bhualadh aon lá ba mhaith leó é. Cad
'n-a thaobh nár eiríghdar riamh agus an buille sin do
bhualadh? Ní le h-easba nirt cuirp ná cuislean nár
eiríghdar. Cad é an neart a bhí i n-easnamh ortha?
Ní fheicim-se go raibh aon nídh i n-easnamh ortha ach
neart na h-aigne. Bhí neart cuirp a ndóithin acu, ach,
mar a dúbhart, níor bh'fhiú é trácht air.



Donchadh: Agus cad é an neart aigne a déarfá a
bhí i n-easnamh ortha?



Tadhg: 'Neósfad-sa san duit go cruínn. Is le
h-easba nirt aigne nár thuigeadar conus mar a bí
muíntir Shasana coitchianta 'ghá ndeighilt agus 'ghá
gcur ag marbhú' chéile, d' aon ghnó, chun iad do chur fé
chois i ndeire bára. Dá mbéadh aon chial acu thuig-
fidís an méid sin. Ní raibh an chial acu. Agus ní
féidir neart a bheith i n-aigne gan cial a bheith inti.



Donchadh: Dar fiadh ach tá a ndóithin de'n easnamh
san ortha fós.



Tadhg: Tá go deimhin, agus is minic 'á thaisbeáint
iad. Tá ar siúbhal an neómat so i n-Éirinn an obair
is cialmhaire agus is neartmhaire, an obair is
cabhruighthíghe chun nirt aigne, d'ár déineadh i n-Éirinn
riamh fós. 'Sí sin an obair seo na Gaeluinne. Feuch
conus atá an sgéal ag muíntir na h-Éirinn i dtaobh
na h-oibre sin.


L. 164


Donchadh: Tá an sgéal go n-aindeis acu 'n-a taobh
gan amhras. Raint acu 'ghá marbhú féin a d' iaraidh
na h-oibre chur chun cínn. Raint eile acu agus gur
thúisge leó go ngeabhfí de phleuraibh ionta 'ná a rádh
gur labhradar féin ná aoinne a bhain leó aon fhocal
Gaeluinne riamh. Agus, idir an dá raint sin, sluagh
mhór de dhaoine ná cuirean aon tsuím i n-aon chor sa
n-obair.



Tadhg: An dóich leat ar bh' aon mhaith bheith ag brath
air go mbuailfadh an tsluagh mhór san buille dhorn
idir an dá shúil ar an namhaid seo atá ag creachadh
na h-Éirean?



Donchadh: Mo thruagh an t-é bhéadh ag brath ortha!



ADHARCÁIL.



Donchadh: Ba ghasta an cor coise é siúd a thugais
dom an lá déanach, a Thaidhg.



Tadhg: Conus san?



Donchadh: Nuair a dúbhrais gur bh' é rud neart cuirp
'ná rud nár bh' fhiú trácht air cheapas go rabhais ar
fleasg do dhroma agam. Do thráchtas láithreach duit
ar an gcos ar bolg atá ag muintir Shasana 'á dhéanamh
ar Ghaedhlaibh Éirean le seacht gcéad blian. Bhíos
chómh deimhnightheach san go rabhais ar lár agam nár
fhéadas gan raint fonomhaide do leogaint isteach am'
chaint. Bhíos deimhnightheach ná raibh aon bhreith agat ar
dhul ó'n bhfírinne a bhí agam 'á chur i bhfeidhm, dar
liom ; go gcaithfá a dh' admháil gur le neart corpartha,
le neart lámh agus cuislean, a déintear na gníomhar-
tha a thugan an buadh do dhaoíne, agus gur b' é easnamh
an nirt sin a dh' fhágan na gníomhartha gan déanamh,
agus a dh' fhágan na daoíne sin fé chosaibh a namhad.
Ach nuair a dúbhraís gur bh' é do thaobh-sa de 'n sgéal
a bhí agam 'á chur i bhfeidhm do baineadh casadh asam,
geallaim dhuit é.



Tadhg: Isé mo thaobh-sa dhé a bhí agat 'á chur i bhfeidhm
go díreach, agus is tú chuir i bhfeidhm go h-áluinn é.



Donchadh: Nách shiné a chím anois, a dhuine, go soiléir.
Ar nóin is fíor dhuit é. Ní'l blúire tairbhthe i neart
lámh ná i neart cuislean gan cial aigne agus éirim


L. 165


aigne bheith lastigh. Isí an aigne a chaithfidh neart an
chuirp do stiúrú'. Bíon neart mór sa duine buile,
ach cad é an mhaith an neart san. Tá neart mór sa
chapal, ach is féidir do 'n leanbh an capal do ghiolacht.
Tá neart mór sa león, ach cad é an mhaith neart an
leóin seachas aigne agus íntileacht an duine.



Tadhg: Tá leóin ár ndóithin againn i n-Éirinn riamh.
Do cheap gach león díobh, i gcómhnuighe, go raibh sé
féin láidir a dhóithin chun a namhad go léir do chur fé
chois, pé 'cú namhaid Ghallda iad nú namhaid Ghaedhlacha.
Ba lag leis aon chongnamh a dh'iaraidh ar na leónaibh
Gaedhlacha eile i gcoinnibh na nGall. Níor tháinig lá
d'á chuimhne chuige nár bh'fholáir dos na leónaibh Gaedh-
lacha go léir chur le chéile agus oibriú' a' lámhaibh a
chéile chun na namhad iasachta do chur amach agus do
choimeád amach. Níor thuigeadar an nídh sin. Sa tuis-
gint iseadh chómhnuighean neart na h-aigne. Easba
nirt, do 'n aigne, iseadh easba tuisgiona. Is mó is
fiú aon leus amháin tuisgiona sa n-aigne 'ná neart
leóin sa chorp. Eólus agus cial agus tuisgint, siniad
na neithe a chuirean neart sa n-aigne. Do réir a
méad nú a luighead san iseadh bhíon an neart mór nú
beag. Ní'l rud ar an dtalamh so is laige 'ná amadán
láidir. Ní bhéidh sé choídhche ach ag spriúchadh agus ag
adharcáil agus ag caitheamh na bhfód suas le n-a
chosaibh, mar a bhéadh an tarbh a bhéadh ag adharcáil na
túrtóige.



Donchadh: Cé dhó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a
Thaidhg?



Tadhg: Tá fhios agat go dian mhaith cé dhó go
bhfuilim 'ghá thagairt. Táim 'ghá thagairt do 'n t-é a
déarfadh le muintir na h-Éirean úsáid a dhéanamh de
neart an chuirp i n-aghaidh a namhad, agus gan cothú'
ná oileamhaint ar neart na h-aigne acu fós. An t-é
a labhair ar an gcuma san, i gcómhnuíghe riamh, isé a
thóg airgead na fola chómh luath agus tháinig an t-am
chuige. Agus an tarbh úd adúbhart , is tapaidh a
rithfadh sé leis féin dá mbéadh tarbh ba threise 'ná é i
n-inead na túrtóige.


L. 166


AMADÁN AN CHÓRDA.



Donchadh: Fan go fóil, a Thaidhg. B' fhéidir go
ruithfadh sé leis féin go tapaidh dá mbéadh tarbh ba
threise 'ná é i n-inead na túrtóige. Ní thaisbeánfadh
san, ar nóin, go ruithfadh sé leis féin dá mba tarbh
ná béadh chómh láidir leis a bhéadh i n-inead na túr-
tóige. Cad deirean tú leis an dtaobh san de 'n
sgéal?



Tadhg: Táim ag faire ar an adharcáil agus ar an
spriúchadh agus ar chaitheamh na bhfód anáirde, le tamal
maith anois, a Dhonchadh. Táim ag éisteacht, i gcaitheamh
na h-aimsire, leis an dtarbh a bhíon ag adharcáil na
túrtóige, agus é ag búirthigh i dtreó gur dhóich leat
go gceapan sé gur b' é féin Donn Cuailgne 'n-a
steilibheathaigh. An lá is tréine dhein sé adharcáil
agus búirtheach riamh ní fheaca puínn tairbhthe ag teacht
as a shaothar dhó féin ná d' aoinne eile.



Donchadh: Seachain, a Thaidhg. Tuigim do chaint,
agus tá éagcóir agat 'á dhéanamh. Ní'l aon iaracht
d'ár thug muíntir na h-Éireann i gcoinnibh a namhad,
le déanaíghe pé n-Éirinn é, ná go dtáinig tairbhthe
mór as. Mura mbéadh obair na bhFíníní ní bhéadh an
sgéal againn atá indiu againn i dtaobh tailimh na
h-Éirean.



Tadhg: Ní maith liom aon fhocal a rádh i gcoinnibh
na bhfear a thuit le h-obair na bhFíníní. Ní ceart aon
fhocal a rádh 'n-a gcoinnibh. Ach ba dhóich liom gur
mhór an truagh ná raibh fhios acu, an fhaid a bhíodar a
dh' iaraidh iad féin d' olmhú' chun troda i n-aghaidh
Shasana, go rabhdar go léir díolta, ná raibh cor acu 'á
chur díobh, le solus gréine ná le solus gealaighe, gan
a fhios go cruínn agá namhaid; ná raibh fear acu gan
a ainim agus a shloinne ag an namhaid, agus gur bh'
iad na cínn riain a bhí ortha a bhí 'ghá ndíol leis an
namhaid.



Donchadh: Domhaise airighim-se go bhfuil an obair
chéadna, nú obair mar í, ar siúbhal anois féin.



Tadhg: Ní feadar. B' fhéidir é. Ach má tá deirim
an méid seo leat. Ní'l oiread agus cor ag aoinne
sa n-obair 'á chur dé, le solus na gréine ná le solus


L. 167


na gealaighe, ná fuil a fhios go cruínn ag an namhaid.



Donchadh: Ba ró bheag an tairbhthe dhuit bheith 'ghá
ínsint sin dóibh.



Tadhg: Is fíor dhuit é. An t-é go bhfuil cial a
dhóithin aige chun an sgéil a thuisgint ní gádh bheith 'ghá
ínsint dó. An t-é ná fuil an chial san aige ní h-aon
mhaith bheith 'ghá ínsint dó.



Donchadh: Asdó, dar leat-sa, a Thaidhg, amadán
iseadh aoinne do raghadh isteach i n-aon tsaghas oibre
de 'n tsórd san.



Tadhg: Inis an méid seo dhom, a Dhonchadh. Cad é
an ainim ba dhóich leat ba cheart a thabhairt orm dá
n-aimsíghinn córda maith láidir cnáibe agus dá
gcuirinn lúb ar cheann dé agus fásgadh ruthaigh ar an
lúib, agus ansan dá gcuirinn an lúb san ar mo mhuin-
eál féin agus an ceann eile de 'n chórda do chur i
láimh pé rascail as so go B'l' ath' Cliath gur mhaith leis
statadh bhaint as?



Donchadh: Andaigh ba dhóich liom nár mhisde amadán
críochnuighthe thabhairt ort.



Tadhg: Níor mhisde. Ba dheacair an ainim a thuilleamh
mura dtuillfí ar an gcuma san í.



"CÓMHAIRLE AN CHÓRDA."



Donchadh: Tá go maith, a Thaidhg, ach inis an méid
seo dhom. Cad a dhéanfá féin? Nú cad a déarfá
le duine a dhéanamh a bhéadh níos óige 'ná thú agus
a bhéadh 'ghá bheartú' i n' aigne nár bh'fholáir do mhuíntir
na h-Éirean a neart do chruinniú' agus do chnósach
agus do chur le chéile i gcoinnibh a namhad?



Tadhg: Pé rud a déarfinn leis ní thabharfinn "cómh-
airle an chórda" dhó.



Donchadh: An amhlaidh a déarfa le fearaibh Éirean
seasamh amach ó cheile agus leogaint do 'n namhaid
teacht ortha agus iad do leagadh 'n-a nduine 's 'n-a
nduine?



Tadhg: Ní gádh dhóibh aonnídh dh'á shórd a dhéanamh. Is
'mó cuma 'nar féidir d' fhearaibh Éirean a neart do
chruinniú' agus do chnósach agus do chur le chéile, agus
do chur i bhfeidhm go daingean ar a namhaid, i n-éagh-


L. 168


muis "cómhairle an chórda" do ghlacadh. Conus is
féidir dom mo neart do chur i bhfeidhm má chuirim an
córda ar mo mhuineál agus fásgadh ruthaigh air agus
an ceann eile dhé i láimh an rascail? Is olc an rud
neart a bheith ag an namhaid ar theacht ar fhearaibh Éirean
agus iad do leagadh 'n-a nduine a's 'n-a nduine, ach
cad é an feabhas a chuirfir ar an sgéal d' fhearaibh
Éirean má dheinean tú rud a thabharfidh caoi do 'n
namhaid ar theacht ortha agus iad do chrochadh 'n-a
nduine a's 'n-a nduine? Ní féidir do 'n rascail mé
dhíol agus airgead na fola chur 'n-a phóca, "mar chothú'
ban a's leanbh," mura mbéidh an córda ar mo mhuineál
aige agus an fásgadh ruthaigh air.



Donchadh: Agus má 's maith leis an namhaid mé
chrochadh cad is gádh dhó bheith ag fanmhaint le h-aon
rascail chun mé thabhairt ar chórda chuige? Cad é an
bac atá air breith orm agus córda leis féin do chur
ar mo mhuineál?



Tadhg: Bhuailis do mhéar ar bhun-phréimh an sgéil, a
Dhonchadh. Daoíne iseadh muintir Shasana nách féidir
leó aon rud a dhéanamh ach do réir dlíghe éigin. Is
maith leó an uile shaghas éagcóra dhéanamh ach ní foláir
leó riaghail éigin dlíghe bheith acu chun na h-éagcóra
dhéanamh. Is 'mó duine chrochadar i n-Éirinn le fada,
ach feuch siar agus chídhfir rud greanamhar. Chídhfir
cúirt, agus coisde dáréag, agus breitheamh, agus
cime, agus lucht dlíghe, agus triail, agus an t-
"Informer." Caithtear oiread aimsire ag gabháil
do'n triail sin agus dá mba do chroídhe dáiríribh a
bhéadh idir choisde agus breitheamh agus lucht dlíghe, a
d'iaraidh teacht ar an bhfírinne. Sa deire crochtar
an cime. Ach bhí 'fhios ag gach aoinne, idir bhreitheamh
agus uile, ó thusach, go raibh an cime le crochad. Má
bhí aon bhaoghal go raghadh an cime saor do tugadh
toghadh an aireachais an coisde do phacáil roim ré 'n-a
choinnibh. An t-é bhéadh ag feuchaint ar an obair ní
fhéadfadh sé gan a rádh i n' aigne féin; "Cad ba ghádh
an phacáil? Cad ba ghádh an triail? Ná béadh sé chómh
maith an duine chrochadh ar dtúis agus eirighe as mar
sgéal?" Ba dhóich le h-aoinne go mbéadh. Ach ní
h-é sin nádúr mhuíntir Shasana. Is dócha go n-áitíghid
siad ortha féin, ó tá samhlúghadh dlíghe sa sgéal, nách


L. 169


murdal é. An fhaid ná cuirfir-se an córda ar do
mhuineál ní féidir dóibh greim fhághail ar an gcórda,
agus gan greim ar an gcórda ní féidir dóibh samh-
lúghadh dlíghe dhéanamh chun a dtoile.



Donchadh: Agus cad a dhéanfad, má 'seadh?



Tadhg: Pé rud a dhéanfir déin os cómhair an
domhain é. Ansan caithfidh an t- "Informer" slígh
bheatha éigin eile tharac chuige.



Donchadh: An bhfuil focal Gaeluinne ar "Informer,"
a Thaidhg?



Tadhg: Má tá níor airígheas-sa riamh é. Slígh
bheatha iseadh é a bhainean le dlígh Shasana i n-Éirinn.
Is le dlígh Shasana a bhainean an focal. Is mairg ná
breithneóch' a bhrígh go maith.



AN NEART IS TREISE.



Donchadh: Is breágh bog a thagan caint chúghat-sa
uaireanta, a Thaidhg.



Tadhg: Cad í an chaint bhreágh bhog atá déanta
anois agam?



Donchadh: "Pé rud a dhéanfir," arsa tusa, "déin
os cómhair an domhain é." Ná béadh sé chómh maith
agat a rádh, go breágh osgailte, "Má's maith leat, a
Dhonchadh, cómhacht Shasana do bhrise agus do chur fé
chois agus na Sasanaigh a dhíbirt a' h-Éirinn, imthigh
ort, i lár an lae ghléigil, ansan soir go dtí an
cheárta agus cuir an gabha ag obair láithreach ag
déanamh pící cogaidh, agus cuir daoine go Corcaigh
agus go B'l' Áth' Cliath chun arm teine cheanach.
Tabhair leat abhaile na pící agus na gunaí agus na
piostail, i lár an lae ghléigil, agus cuir i lámhaibh na
mbuachailí iad agus buail amach agus cuir cogadh ar
Shasana!"



Tadhg: Gan amhras bhéadh sé pas beag fiain agat
rud de'n tsórd san a dhéanamh. Ach ní crochfí thú
mar gheall air. B'fhéidir go mbéarfí ort agus go
gcurfí isteach i n-asílium tú ar feadh tamail. Ní
baoghal go dtuillfadh aoinne airgead fola ort.



Donchadh: Ní baoghal. Agus rud eile, ní baoghal


L. 170


go ndéanfinn aon tairbhthe d' Éirinn ná aon díobháil
do chómhacht Shasana i n-Éirinn.



Tadhg: Agus cad é an tairbhthe dhéanfá d' Éirinn,
nú cad é an díobháil a dhéanfá do chómhacht Shasana i
n-Éirinn dá dtéidhthá ag déanamh na bpící agus do
cheann sáidhte sa tsúil-ruibe agat! Má's maith leat
na pící dhéanamh, tá sé chómh maith agat iad do dhéanamh
i lár an lae ghléigil le bheith 'ghá ndeanamh sa n-oídhche.
Má dhéinean tú i lár an lae iad ní bhéidh aoinne a'd
chúram. Má bhíon tú 'ghá ndéanamh asdoídhche, agus
an fásgadh ruthaigh ar do mhuineál agat, ní bhéidh an
tarna buille de'n chasúr buailte ag an ngabha dhuit
nuair a bhéidh triúr nú ceathrar des na rascailíbh ag
brise a gcos ag ruith go Corcaigh nú go B'l' Ath' Cliath
feuchaint cé aige go mbéidh tusach éilimh ar fhiacha do
chod' fola. Pé 'cu sa lá nú sa n-oídhche déanfir na
phící is aon nídh amháin é d' Éirinn agus do Shasana.
Tá dhá chómhacht ag troid anois sa domhan tsoir.
Feuc ar an dtroid sin. Cad é an fhaid le dul tú
féin agus do phíce dá mbéadh ort troid i n-aghaidh aon
taoíbh acu san!



Donchad: Agus cad a dhéanfá féin? Ní'l aon
ghrádh agat do chómhacht Shasana i n-Éirinn ach oiread
agus tá agam-sa?



Tadhg: Feuch ad' thímpal, a Dhonchadh, ar an ndomhan,
mar a chruithnigh Dia é. Tá nearta móra ag oibriú'
ann, ins gach aon treó, coitchianta. Tabhair fé
ndeara an méid seo. Na nearta ná feictear agus
ná mothuíghtear isiad is treise dh' oibríghean agus
isiad is fairsinge agus is doimhne toradh. Ní
mothuíghtear an neart a chuirean ag fás an brobh féir,
ach is treise é 'ná an neart atá sa tóirthnigh. Cuir-
ean, an neart ná mothuightear an fás ar siúbhal ar
gach aon órlach de thalamh an domhain mar a bhfuil
ithir agus fliuchra agus teas gréine. Ní raibh tóir-
thineach riamh chómh láidir leis an neart san go léir.



Tá fás ar siúbhal anois i n-Éirinn, a Dhonchadh, fás
aigne. Tá ag teacht, os cómhair ár súl, ar an bhfás
aigne sin, toradh nirt atá ag baint ó chómhacht Shasana
i n-Éirinn ar chuma nár baineadh riamh fós ó'n
gcómhacht san le guna ná le claidheamh ná le píce, pé
'cu sa la nú sa n-oídhche a déineadh iad.


L. 171


Donchadh: Ní dóich liom go bhfuil a thuille le rádh
agam, a Taidhg.



CROM CRUACH.



Donchadh: Táim ag cuímhneamh ó shin, a Thaidhg, ar an
gcaint úd a dúbhraís anso an lá déanach.



Tadhg: Tá go maith, a Dhonchadh. Sgaoíl chúghainn
toradh do mhachtnaimh ar mo chaint.



Donchadh: "Tá fás ar siúbhal i n-Éirinn anois,"
arsa tusa. Chuiris an fás i gcomparáid le fás an
fhéir ghlais ar an bpáirc. Dúbhraís gur treise an
neart a théidhan chun an fhéir ghlais do chur aníos tríd
an dtalamh, ar fuid na h-Éirean nú ar fuid an
domhain, 'ná an neart a h-airíghtear sa tóirthnigh. Ach
nách eól duit an sean fhocal, a Thaidhg, "faghan an
capal bás an fhaid a bhíon an féar a' fás." Ba dhóich
liom gur ró shuarach an sásamh do'n chapal a fhios a
bheith aige go bhfuil an neart san go léir a deirir ag
cur an fhéir ghlais ainíos tríd an dtalamh chuige, má
gheibhean sé bás sar a mbéidh an fás déanta. Ar an
gcuma gcéadna, ba dhóich liom gur ró shuarach am
sólás do mhuintir na h-Éirean a fhios a bheith acu go
bhfuil an fás mór go léir seo a deirir-se ar siúbhal,
agus go bhfuil an neart uathbhásach so a deirir ag cur
an fháis ar aghaidh, má tá an bás le teacht orainn go
léir sar a mbéidh aon phioc de thoradh an nirt sin
againn. Tá ár ndaoíne ag imtheacht, an chuid is óige
agus is treise dhíobh, chun na ndúthaí iasachta, tar na
faraigíbh fuara. An méid acu atá ró chríona chun
dul thar farge tá an bás 'ghá mbreith chun siúbhail sa
bhaile. Cá bhfuil an fás, a Thaidhg, do líonfidh an
folamhas atá dh'á dhéanamh ag an mbás agus ag an
imtheacht tar farge? Tá 'fhios agam-sa cad a líon-
fidh an folamhas, agus cad 'tá 'ghá líonadh go tiugh
cheana féin. An aicme iasachta so atá ag teacht
chugainn anoir ó Shasana agus ó Albain, siniad a
líonfidh an folamhas dúinn, agus isiad atá 'ghá líonadh
go tiugh dúinn cheana féin. "Tá toradh nirt ar an
bhfás," arsa tusa, "atá ag baint ó chómhacht Shasana


L. 172


i n-Éirinn." 'Seadh go díreach! Is ag fás agus ag
neartú' atá cómhacht Shasana i n-Éirinn, a dhuine!



Tadhg: Is iongantach an buinne cainte a thagan
fút uaireanta, a Dhonchadh. "An fhaid a bhíon an féar
ag fás faghan an capal bás." Má 'seadh, an fhaid a bhíon
an aigne ag fás ní gheibhean an duine bás. Chómh luath
i n-Éirinn agus a thusnuighean an fás sa n-aigne
tusnuighean an neart ar é féin a thaisbeáint sa
n-aigne. Deich mbliana ó shin iseadh thusnuigh an aigne
Ghaedhlach ar fhás i n-Éirinn. Tá an t-imtheacht tar
farge ar siúbhal ó shin agus na daoíne aosda ag
fághail bháis i n-Éirinn, ach tabhair fé ndeara cad 'tá
déanta ag an bhfás aigne. I gcaitheamh na ndeich
mblian san tá sgoluigheacht Ghallda curtha fé mhímheas,
agus nách mór curtha fé chois i n-Éirinn. Sin rud ná
féadfadh slóighte agus arm a dhéanamh. Ní baoghal
go bhféadfadh pící é dhéanamh. An chuid de mhuíntir
na h-Éirean go mbíodh a n-éadan sa lathaigh acu ag
úmhlú' do nósaibh Shasana, ag úmhlú' do'n Chrom Cruach,
táid siad ag preabadh suas go tiugh 'n-a gcoilc-
sheasamh agus náire ortha mar gheall ar iad féin
d'úmhlú' do'n árachtach san riamh.



Donchadh: Tá cuid acu úmhal go maith fós do'n
árachtach.



Tadhg: Ní raibh de dhia bheag acu go léir ach é deich
mbliana ó shin. Sin dhá nídh, a Dhonchadh, atá déanta
ag an bhfás aigne seo atá ar siúbhal i n-Éirinn. Má
tá an méid sin déanta ag fás aigne i n-aon deich
mbliana amháin, conus a bhéidh an sgéal i gcionn fiche
blian, i gcionn céad blian? Cuímhnigh air sin agus
ná bac na pící agus an t-Informer.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services