Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 2
Title
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 2
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1923
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LVII. Guth as an Lasair. Bhí Maois ag feuchaint ar an dtor agus an lasair ag eirighe as an dtor agus gan an tor d'á dhógh'. Fé dheire chrom sé ar dhruidim níos achamaire dhó chun go bhfaghadh sé radharc ní ba ghéire air. Nuair a bhí sé ag teacht ró achamair dó do labhair an guth leis as an lasair, guth an Tighearna. "A Mhaois! a Mhaois!" arsan Tighearna. "Táim anso!" arsa Maois. "Ná tar i n-achamaireacht do'n áit seo!" arsan Tighearna. "Bain do bhróga ded' chosaibh, óir an áit 'n-a bhfuilir ad' sheasamh is talamh naomhtha é." Do dhein Maois an nídh sin agus do labhair an Tighearna. "Mise Dia t-athar; Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib." Ansan do chlúdaigh Maois a aghaidh mar níor leómhaigh sé feuchaint i gcoinnibh Dé. Ansan dubhairt an Tighearna leis: "Chím an cruadh- tan atá ar mo phobul thíos sa n-Éigipt. Tá a ngéar- ghol agus a n-osna tagaithe chugham go dian mar gheall ar chruadhas na ndaoine atá os cionn na n-oibreacha. Agus ó's eól dom méid a nguaise do thánag anuas chun iad a dh'fhuasgailt a' lámhaibh na n-Éigipteach agus chun iad do sheóladh as an dtír sin isteach i dtír fhógh- anta fhairsing, isteach i dtír ar a bhfuil bainne agus mil
'n-a slaodaibh, isteach i dtír an Chanaanaigh, agus an Hetigh, agus an Amorraigh agus an Pherésigh, agus an Hebhigh, agus an Iebusaigh. Tá glaodh clainne Israéil tagaithe chugham. Chím an ghuais 'n-a bhfuilid fé smacht na n-Éigipteach. Ach táim tagaithe chun go gcuirfinn tusa uaim ag triall ar Pharó agus go dtabharfá mo phobul, clann Israéil, amach as an Éigipt." Agus do labhair Maois le Dia agus dubhairt sé: "Cad é mar shaghas duine mise chun dul ag triall ar Pharó, agus clann Israéil do thabhairt amach as an Éigipt?" Dubhairt an Tighearna leis, ámhthach: "Bead-sa leat, agus beidh so mar chómhartha agat air gur chuireas uaim tu chun na h-oibre sin do dhéanamh, nuair a thabharfir mo phobul leat amach as an Éigipt déanfir ídhbirt chun Dé ar an gcnoc so." Ansan dubhairt Maois le Dia: "Feuch, raghad-sa. síos ag triall ar chlainn Israéil agus déarfad leó: "Dia bhúr n-athar isé do chuir chughaibh me." Má fhia- fraighid siad díom cad é an ainim atá air cad 'déar- fad leó?" Dubhairt Dia le Maois: "Is Mise atá, abair-se mar seo le clainn Israéil, "an t-É atá isé do chuir chughaibh me."" Agus dubhairt Dia airís le Maois: "Seo mar adéarfir le clainn Israéil, "Tighearna bhúr n-atharach, Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, isé do chuir me ag triall oraibh." Siné m'ainim-se ar feadh na síoruidheachta; agus sin mar a bheidh cuimhne orm ó shliocht go sliocht. Imthigh agus cruinnigh seanóirí clainne Israéil agus abair leó mar seo: "Do thais- beáin Tighearna Dia bhúr n-atharach É Féin dom, Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, agus dubhairt Sé liom a rádh libh: "Do thánag ar chuaird chughaibh agus do chonac gach nídh d'ár thárla dhíbh sa n-Éigipt; agus tá abartha agam go dtabharfad amach sibh as
an nguais seo atá oraibh sa n-Éigipt, agus go mbéarfad isteach sibh i dtír an Chanaanaigh, agus an Hetigh, agus an Amorraigh, agus an Pheresigh, agus an Hebhigh, agus an Iebusaigh, isteach i dtír 'n-a bhfuil bainne agus mil 'n-a slaodaibh air."" Agus éistfid siad led' ghlór. Agus annsan eirigh féin agus sean- óirí Israéil isteach i láthair Pharó agus abraidh leis: "Tá glaoidhte ag Tighearna Dia Israéil orainne agus táimíd ag dul siubhal trí lá isteach sa n-uaig- neas ag déanamh ídhbeartha chun ár dTighearna Dia." Ach is eól dómh-sa ná leogfidh rí na hÉigipte uaidh sibh gan neart lámh a dh'imirt air. Sínfad-sa mo lámh, ámhthach, agus buailfad an Éigipt leis na mírbhúiltíbh móra go léir atá agam le déanamh 'n-a measg. Ansan leogfidh sé uaidh sibh. Agus tabharfad-sa do chlainn Israéil nách folamh a dh'imtheóchaid siad, ach go n-iarr- fidh gach bean ar a cómharsain Éigipteach árthaí óir agus airgid agus éadaí uaisle daora agus go dtabh- arfar dóibh iad. Agus cuirfidh sibh-se an saidhbhreas agus an t-ollmhaitheas san ar bhúr macaibh agus ar bhúr n-ingheanaibh, agus creachfidh sibh an Éigipt." (Do thuit san amach. Do rug clann Israéil leó as an Éigipt, nuair a bhíodar ag imtheacht, uathbhás óir agus airgid agus ollmhaithis i dtreó gur fhágadar an Éigipt dealbh 'n-a ndiaidh. Deirtear gur iarr muinntir na h-Éigipte, abhfad n-a dhiaidh san, go gcuirfadh rí cómhacht- ach a bhí ann fhiachaint ar chlainn Israéil an saidhbhreas san do thabhairt thar n-ais uatha. Ansan go ndubhairt clann Israéil go gcaithfadh muinntir na hÉigipte a bpágh thabhairt dóibh as ar dheineadar d'obair sa n-Éigipt sar a dtánadar as an áit. Do cuireadh an págh i gcoinnibh an tsaidhbhris agus do fágadh an sgéal mar sin.)
LVIII. Maois thar n-ais san Éigipt. Dubhairt Maois, ámhthach: "Ní chreidfid siad me ná ní éistfid siad lem' ghlór. Déarfid siad: "Níor thaisbeáin Dia é féin i n-aon chor duit!"" Dubhairt Dia leis: "Cad é sin ad' láimh agat?" "Slat, a Thighearna," arsa Maois. "Caith ar an dtalamh í," arsan Tighearna. Do chaith sé an tslat uaidh ar an dtalamh. Ní túisge chaith ná mar a dhein athair nímhe dhi agus do rith Maois ó'n athair nímhe. "Beir ad' láimh ar eirball uirthi," arsan Tighearna. Do dhein, agus chómh luath agus bhí greim ar eirball aige ar an bpéist do dhein slat airís di. "Ionus go gcreidfidís," arsan Tighearna, "gur taisbeánadh duit Tighearna Dia a n-atharach, Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, cuir do lámh isteach ad' bhrollach." Do chuir, agus nuair a tharraig sé amach í bhí sí 'n-a bróin lobhra aige. "Cuir isteach airís í," arsan Tighearna. Do chuir, agus nuair a tharraig sé amach í an tarna h-uair bhí sí chómh glan, chómh foláin agus bhí sí riamh! "Mara gcreidid siad do chainnt," arsan Tighearna, "creidfid siad an mhírbhúilt sin na slaite. Mara gcreidid siad í sin, creidfid siad an mhírbhúilt ar an láimh. Mara gcreidid siad aon taobh acu agus mara n-éistid siad led' ghuth, tóg cuid d'uisge na h-abhan agus caith ar an dtalamh tirm é agus déanfidh fuil de'n méid uisge a thógfir mar sin as an abhainn." Do labhair Maois: "A Thighearna," ar seisean, athchim ort, gaibh mo leathsgéal! Ní duine deagh- labhartha mise. Ní rabhas deagh-labhartha indé ná arú
indé, agus ó thosnuighis ar chainnt liom anois is ag dul i ríghne agus i mbailbhe atá mo theanga!" Agus dubhairt an Tighearna: "Cé chruthnuigh béal an duine? Nú cé chúm balbh agus bodhar, dall agus radharcach? Nách mise a dhein é? Imthigh ort d'á bhrígh sin agus bead-sa ad' bhéal. Múinfad duit an nídh a bheidh le rádh agat." Ach bhí an t-eagla fós ar Mhaois. Bhí an obair ró- mhór agus a neart féin ró shuarach, dar leis. D'iarr sé ar an dTighearna duine éigin do chur i n-aonfheacht leis. Ní leogfadh eagla dhó aghaidh a thabhairt i n'aonar ar a leithéid d'obair. Bhí dachad blian ó theich sé le n'anam, as an Éigipt. Ba bheag 'ná go raibh a chainnt dúchais imthighthe uaidh. Do thaithn an umhluidheacht a bhí sa duine leis an dTighearna. "Imthigh ort," arsan Tighearna leis. "Tóg leat an tslat san agus cimeád í. Déanfir mírbhúiltí móra léi. Tá do dhritháir Aaron ag teacht ad' choinnibh. Is duine deagh-labhartha é. Is Lebhíteach é. Beidh áthas ar a chroidhe nuair a bhuailfidh sé umat. Labhair leis agus innis dó na neithe seo atá ráidhte agam-sa leat. Bead-sa ad' bhéal-sa agus 'n-a bhéal-san agus taisbeánfad díbh na neithe atá le déanamh agaibh. Labharfidh seisean thar do cheann-sa leis an bpobul, agus múinfir-se dhó-san na neithe a bhainean le Dia." D'imthigh Maois agus tháinig sé ag triall ar Ietró, athair a chéile. "Táim-se ag imtheacht síos sa n-Éigipt ag feuchaint mo mhuinntire, go bhfeicead an bhfuilid siad beó fós," arsa Maois. "Imthigh leat i n-ainim Dé," arsa Ietró. Duine naomhtha ab eadh Ietró, bíodh go raibh sé 'n-a chómhnuighe ameasg págánach. Bhí fírinne creidimh aige agus bhí sé dílis do Dhia agus do'n fhírinne. Do labhair Dia airís le Maois agus dubhairt Sé leis: "Imthigh ort síos sa n-Éigipt. An mhuinntir a bhí
ar do thí chun do mharbhuighthe táid siad tar éis bháis. Ní baoghal duit iad feasta." Do thóg Maois leis a bhean agus a chlann agus d'imthigh sé síos sa n-Éigipt, agus an tslat úd, slat Dé, 'n-a láimh aige. Sa n-am gcéad- na do labhair an Tighearna le h-Aaron agus dubhairt Sé leis dul amach sa bhfásach i gcoinnibh Mhaoise. Do chuaidh. Do bhuail an bheirt um á chéile ag Cnoc Dé. Do phógadar a chéile go dlúth agus d'innis Maois d'á dhritháir gach nídh d'á ndubhairt an Tighearna leis agus na mírbhúiltí a thaisbeán sé dhó, agus an toisg a bhí ghá bhreith síos sa n-Éigipt. Thánadar araon isteach sa n-Éigipt, agus chuireadar teachtairí amach chun na seanóirí do chruinniú. LIX. Breis Cruadhtain. Nuair a bhí na seanóirí i bhfochair a chéile do labhair Aaron leó. D'innis sé dhóibh gach nídh d'ár labhair an Tighearna le Maois agus do dhein sé na mírbhúiltí os cómhair na ndaoine. Nuair a chonaic na daoine na mírbhúiltí d'admhuighdar gur bh'fhíor an chainnt. Do ghéilleadar do'n fhírinne agus do shléachtadar i láthair Dé agus d'adhradar Dia. D'admhuighdar gur fheuch Dia anuas ar a phobul le truagh mar gheall ar an gcruadhtan i n-a rabhadar. Bhí áthas mór ortha. Nuair a bhí an gnó san déanta do chuaidh Maois agus Aaron isteach i láthair an rí, i láthair Pharó, agus do labhradar leis. "Seo mar adeir Tighearna Dia Israéil," ar siad, "'Leog uait mo phobul go dtéid siad agus go ndeinid siad ídhbirt chugham sa bhfásach!'" "Agus cé h-é an Tighearna san," arsan rí, "go n-éistfinn-se le n-a ghlór agus go leogfinn Israél
uaim? Níl aon aithne ar an dTighearna agam-sa agus ní leogfad Israél uaim." Dubhradar-san 'ghá fhreagra, "Tá glaodhte ag Dia na n-Eabhrach orrainne chun go raighmís siubhal trí lá isteach sa n-uaigneas agus go ndéanfimís ídhbirt chun ár nDé féin, le h-eagla go dtiocfadh orainn pláigh nú cogadh." "A Mhaois agus a Aaroin," arsan rí, "cad chuige dhíbh bheith ag breith na ndaoine ó'n obair atá le déanamh acu! Tugaidh aire d'bhúr ngnóthaíbh féin. Táid na daoine ró líonmhar sa tír. Chíon sibh conus mar atá an pobul tar éis dul i méid. Má thógan sibh-se as an obair iad cuirfidh an díomhaointeas tuille méid ortha." Ansan do labhair sé leis na maoraibh a bhí os cionn na n-oibreacha. "Feuch," ar seisean, "cuiridh tuille oibre ar na daoine seo. Díomhaointeas atá ag imirt ortha. Dá mbeadh a ndóithin oibre le déanamh acu bheadh a mhalairt de chúram ortha i n-inead bheith ag cuimhneamh ar ídhbirt ná ar a nDia. Curtar tuille oibre ortha. Do tugtí an tuighe dhóibh chun na mbrí- ceana dhéanamh. Ná tugtar a thuille dhóibh é. Solath- ruighdís féin é, agus curtar fhiachaint ortha oiread de sna bríceana dhéanamh agus dheinidís nuair a tugtí an tuighe dhóibh. Bíodh an teasg céadna ar gach duine acu, agus tugtar an tslat agus an fhuip agus an bata dhóibh má bhíon aon easnamh ar an dteasg i ndeire an lae acu. Díomhaointeas atá ortha. Tugtar a ndóithin oibre le déanamh dóibh agus ansan ní bheid siad ag cainnt agus ag glaodhach, ghá iarraidh go leogfí amach sa bhfásach iad ag déanamh ídhbirte, ag éisteacht le bladaireacht éithigh ó Mhaois agus ó Aaron." D'imthigh na maoir agus lucht faire na h-oibre amach agus d'innseadar do sna daoine go gcaithfidís féin an tuighe do sholáthar feasta agus go gcaithfidís oiread de sna bríceana dhéanamh agus dheinidís i gcómhnuighe. Thuit a lug ar a lag ag na daoine nuair airighdar an
méid sin. D'imthighdar amach ar fuid an mhachaire agus bhailighdar chucha tuighe agus cáth agus lóchán agus gach aon rud de'n tsórd san n-ar fhéadadar teacht air, agus chuireadar in sna bríceanaibh é. Ach nuair a tháinig an tráthnóna ní raibh na teasgana críochnuighthe. Ansan do tháinig an pionós, an tslat agus an bata agus an sgiúirse. Siúd na daoine ag triall ar Mhaois agus ar Aaron agus thugadar aghaidh ortha. "Ó!" ar siad," tá an donas ar fad déanta agaibh orainn!" agus d'innseadar dóibh cad a bhí déanta ortha ag Pharó, "agus sibh-se fé ndeár é!" ar siad. "Cuirbhúir fearg ar an rí chughainn agus feuch an cor atá anois orainn! I n-inead fuasgailt a dhéanamh orainn is amhlaidh atá dúbailt oibre curtha agaibh orainn agus dúbailt cruadhtain agus dúbailt pionóis. Is amhlaidh atá claidheamh curtha agaibh i láimh an rí chun sinn do mharbhú ar fad." Nuair airigh Maois an chainnt sin agus nuair a chonaic sé an cor a bhí ar na daoine tháinig brón ar a chroidhe. Tháinig eagal air gur bh'as an gcuma n-ar dhein sé féin an obair a tháinig an díobháil. Tháinig cathú air gur tugadh a leithéid d' obair riamh le déanamh dó. Do chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair an Tighearna 'ghá rádh go h-umhal gur thruagh mar a chuir Dia an cúram san i n-aon chor air. "Do labhras, a Thighearna," ar seisean, "ad' ainim-se i láthair Pharó. Tá pionós curtha ag Pharó ar do dhaoine agus ní'lir 'ghá bhfuas- gailt!" "Bíodh foidhne agat!" arsan Tighearna leis, "agus chífir cad a dhéanfad-sa le Pharó. Deir sé ná leogfidh sé uaidh iad. Leogfidh. Ní h-eadh ach comáinfidh sé uaidh iad go fonnmhar sar a mbead-sa sgartha leis."
LX. Mírbúilt na Fola. Ansan do labhair Dia airís le Maois: "Imthigh isteach," ar seisean, "agus seasaimh i láthair Pharó agus abair leis mar seo: "Deir an Tighearna, "leog uait mo phobul ionus go ndéanfid siad ídhbirt chugham sa bhfásach," ach, beidh a chroidhe ró-chruaidh agus ní leogfidh sé uaidh iad. Ach déanfad-sa mírbhúiltí móra sa n-Éigipt agus chífid muinntir na h-Éigipte gur mise an Tighearna.'" D'imthigh Maois agus Aaron isteach agus do sheasuigh- dar i láthair Pharó agus d'iarradar air clann Israéil do leogaint uaidh. Dubhairt sé ná leogfadh. Bhí an tslat i láimh Aaron. Do chaith sé an tslat uaidh ar an dtalamh agus do dhein athair nímhe de'n tslait. Do ghlaoidh Pharó ar a lucht eóluis féin agus ar a aicme draoidheachta. Thánadar agus dheineadar athaireacha nímhe le diablaidheacht. Ansan, nuair a bhí Pharó agus a lucht eóluis ag maoidheamh as an ngníomh a bhí déanta acu d'iompuigh an phiast a dhein Aaron ar na piastaíbh eile agus d'ith sí iad. Níor ghéill Pharó ámhthach. Ansan do labhair Dia le Maois. "Tá croidhe Pharó ró-chruaidh," ar seisean. "Ní h-áil leis mo phobul do leogaint chun siubhail uaidh. Tá sé ag teacht amach ar maidin, ag teacht chun na h-abhan, bí ad' sheasamh roimis ar bruach na h-abhan agus an tslat ad' láimh agat. Seasaimh os a chómhair agus labhair leis. Abair leis mar seo: 'Do chuir Dia na n-Eabhrach mise ag triall ort-sa 'ghá rádh leat pobul Dé do leogaint uait amach sa bhfásach chun ídhbirte do dhéanamh. Níor thugais aon toradh orm fós.'" "Déanfad mírbhúilt anois, adeir an Tighearna, buailfad-sa uisge na h-abhan so leis an slait Seo am' láimh agus déanfidh
fuil de'n uisge agus gheóbhaidh a bhfuil d'iasg sa n-abhainn bás, agus bréanfidh an t-uisge agus ní bheidh aon bhraon uisge le n-ól ag muinntir na h-Éigipte, ach fuil ar fad?" Agus do labhair Dia le Maois agus dubhairt sé leis: "Tóg do shlat agus sín do lámh agus buail uisge na h-Éigipte go léir, idir loch agus sruthán, agus gach a bhfuil d'uisge i n-árthaíbh adhmaid agus cloiche, i dtreó go ndéanfidh fuil de'n uisge go léir, agus ná beidh sa n-Éigipt ar fad ach fuil." Do dhein Maois agus Aaron fé mar a dh'órduigh Dia dhóibh agus níor fhan aon bhraon uisge sa n-Éigipt nár iompuigh in' fhuil! Do bhréan an abha i dtreó ná féadfadh aoinne dul 'n-a goire. Do bhréan gach sruth agus gach lochán ar an gcuma gcéadna. Bhí Pharó agus a dhaoine go léir i gcruadhchás. Bhí sé tuillte go maith acu go léir idir rí agus daoine. Bhí fuath ag na daoine do phobul Israéil chómh mór agus bhí ag an rí, agus an fonn céadna ortha chun pionós do chur ar phobul Israéil a bhí ar an rí chuige. Dheineadar poill dhoimhne sa talamh, anso agus ansúd, tamal amach ó'n abhainn. Tháinig uisge glan gan aon rian fola ná aon droch bhaluith air, aníos as na pollaibh sin. Mara mbeadh gur bh'é toil Dé an méid sin uisge do leogaint chucha glan do gheóbhdís go léir bás leis an dtart. Do dhein lucht draoidheachta na h-Éigipte aithris ar mhírbhúiltíbh Mhaoise agus Aaron, le diablaidheacht agus le deismireacht a bhí acu féin, agus níor ghéill Pharó. Dubhairt sé go tur ná leogfadh sé clann Israéil uaidh. Seacht lá tar éis na mírbhúilte sin na fola do labhair Dia airís le Maois: "Imthigh isteach," ar seisean, "agus abair le Pharó mar seo: 'Leog uait mo phobul go ndeinid siad ídhbirt chugham nú mara leogair cuirfad-sa brat frogana ar thalamh na h-Éigipte go léir. Tiocfidh siad 'n-a slóigh- tibh aníos as an abhainn. Líonfid siad isteach sa tigh
chughat agus líonfid siad isteach sa leabaidh chughat. Beid siad ag léimrigh ar an éadach leapan agus fé'n éadach ar do chroicean, agus suas ar t'éadan, agus iad n-a gcruachaibh ort go grána agus go déistineach. Beid siad ar an gcuma gcéadna i dtighthibh do sheir- bhíseach agus i dtighthibh do dhaoine go léir, mara leogair uait mo phobul-sa.'" Níor leog. Do labhair Dia le Maois: "Abair le h-Aaron," arsa Dia, "na focail seo, 'Sín do lámh os cionn na n-aibhnní agus os cionn na sruthán agus os cionn na bhféitheacha fliucha agus tabhair amach na frogana ar thalamh na h-Éigipte.'" Do dhein Aaron mar a dubhradh leis. Do thosnuigh na frogana ar theacht go dtí go raibh talamh na h-Éigipte clúdaithe le froganaibh agus iad líonta isteach in sna tighthibh i dtreó na féadfadh duine a chos do chur ar an dtalamh gan seasamh ortha. Bhíodar in sna tighthibh, ar na leapachaibh, ar na bórdaibh, ar na cathaoirachaibh, sáidhte ins gach blúire bídh agus ins gach braon dighe, go dtí go raibh na daoine ag imtheacht as a meabhair le gráin ortha agus le déistin úmpa. LXI. Na Sinipheacha. Do cheap diablóirí na h-Éigipte nár bh'ealadha dhóibh an barr do leogaint le Maois agus le h-Aaron, gan a thaisbeáint dóibh, agus do chách, go bhféadfidís féin frogana dhéanamh, leis. Dheineadar rainnt frogana, agus do ghluais na frogana san amach ar thalamh na hÉigipte chómh maith leis na froganaibh eile. Dob'ait an saghas draoidheachta é; tuille frogana thabhairt do'n rí agus d'á dhaoine agus iad múchta cheana féin le froganaibh! Ba ghátaraighe dhóibh go mór na frogana a bhí ann do chur chun siubhail, dá bhféadaidís é, 'ná tuille frogana do thabhairt ann. Ach do dheabhróchadh an
sgéal nár fhéadadar a bhfrogana féin ná na frogana eile do chur chun siubhail, mar do ghlaoidh Pharó ar Mhaois agus d'iarr sé go bog agus go cruaidh air na frogana do dhíbirt. "Iarraidh ar an dTighearna," ar seisean, "na frog- ana so do thógaint díom féin agus dem' dhaoine agus leogfad do'n phobul imtheacht chun na h-ídhbirte dhéanamh." "Tá go maith," arsa Maois, "Ceap am dom chun mo ghuidhe do chur suas chun Dé dhuit agus go dtógfidh Dia na frogana uait féin agus ó d'sheirbhísigh agus ó d'dhaoine, agus go bhfanfid na frogana sa n-abhainn." "Dein ar maidin amáireach é," arsa Pharó. "Bíodh san amhlaidh," arsa Maois. "Chun a thais- beáint duit-se gur ag ár nDia-ne atá gach cómhacht déanfad-sa an nídh atá iarrtha agat orm agus im- theóchaid na frogana uait féin agus ó d'sheirbhísigh agus ó d'dhaoine agus fanfid siad sa n-abhainn." Do dhein Maois agus Aaron an ghuidhe. D'iarradar ar Dhia an gheallamhaint a thugadar féin do'n rí do sheasamh dóibh agus na frogana do dhíbirt, i dtreó go bhfeicfadh Pharó agus a dhaoine cómhacht Dé bheith os cionn gach cómhachta eile. B'é toil Dé an ghuidhe do fhreagairt. Fuair na frogana go léir bás. Nuair a bhíodar marbh do sguabadh amach as na tighthibh iad. Do bailigheadh suas 'n-a gcruachaibh móra árda iad amuich ar an machaire, mórthímpal na h-Éigipte, agus bhí idir ghaoth agus talamh bréan uatha. Ach ba chuma le Pharó cad a dhéanfadh an bréantas an fhaid ná raibh na frogana 'n-a mbeathaidh ag léimrigh isteach sa leabaidh chuige. Do bhris sé a fhocal. Ní leogfadh sé do chlainn Israéil imtheacht, tar éis a gheallamhaint go leogfadh sé dhóibh imtheacht. Do labhair Dia le Maois: "Abair le h-Aaron," arsa Dia, "an tslat do shíne os cionn luaithrighe na talmhan i dtreó go n-eireóchaidh satha sinipheach agus go
leathfid siad ar thalamh na h-Éigipte go léir." Do dhein Maois agus Aaron fé mar a dubhradh leó. D'eirigh na sinipheacha as an luathrigh agus do leathadar ar fuid na tíre agus do luighdar ar gach aon rud beó idir dhuine agus beithidheach. Deir cuid de'n lucht seanachais gur bh'é saghas rudaí na sinipheacha 'ná rudaí i bhfuirm cormhíola agus gur chiapadar idir dhaoine agus beithidhigh chómh dian san gur bhaineadar an t-anam a' cuid acu. Deir tuille gur mhíola gur bh'ead iad agus gur luighdar isteach ar chroicean gach duine agus ar chroicean gach beithidhigh, ghá n-ithe agus ag cur tochais bhuile ortha. Bhíodar chómh h-iomarcach san go ndubhradh gur dhein sinipheacha d'á raibh de luaithrigh sa n-Éigipt. Cheap an lucht diablaidheachta go ndéanfidís féin sinipheacha, leis, ach do theip ortha. Bhí buaidhte ortha. Oiread agus aon tsinipheach amháin, níor fhéadadar a thabhairt as an luaithrigh. Thánadar ag triall ar Pharó. "Tá buaidhte orainn, a rí!" ar siad, "Lámh Dé é seo!" Bhí Pharó dh'á phriocadh agus dh'á ithe ag na sinipheachaibh. Bhí teinneas air agus bhí tochas air. Bhí teinneas agus tochas ar an uile dhuine d'uaislibh na h-Éigipte. Bhí teinneas agus tochas ar an uile rud beó d'á raibh ar thalamh na h-Éigipte. Ach ní ghéillfadh Pharó. D'fhuilig sé an tochas agus d'fhuilig sé an teinneas agus ní ghéillfadh sé. Dubhairt a lucht deismireachta féin leis go raibh buaidhte ortha, go raibh cómhacht a bhí ní ba threise 'ná a gcómhacht ag oibiriú 'n-a gcoinnibh. Go raibh lámh Dé 'n-a gcoinnibh. Ba chuma leis. Ní ghéillfadh sé. An fhaid a bhí a lucht diablaidheachta féin ábalta, tré chómhachtaibh an diabhail, ar shórd aithrise do dhéanamh ar na mírbhúiltíbh a dhein Maois agus Aaron do ghlac sé an aithris sin mar leath-sgéal chun gan géille. Do baineadh de an leathsgéal san. Ansan féin ní gheill- fadh sé. Bhí an stailc ró láidir istigh 'n-a chroidhe. Is iongantach mar a chuirean croidhe an duine stailc suas i gcoinnibh Dé féin!
LXII. Na Cuileana; galar ar na beithidhigh. Do chuir Pharó suas an stailc. Ansan do labhair Dia airís. Dubhairt sé le Maois: "Eirigh go moch ar maidin, ar seisean, "agus seasaimh i láthair Paró. Beidh sé ag teacht amach chun an uisge. Abair leis mar seo: 'Leog uait mo phobul," adeir an Tighearna, chun go ndéanfid siad ídhbirt chugham. Mara leo- gair uait iad cuirfad-sa an uile shaghas cuileana chughat féin agus chun lucht do theaghlaigh agus chun do dhaoine. Líonfid na cuileana isteach in sna tighthibh chughaibh agus beidh an dúthaigh lán díobh. Ach déanfad nídh mírbhúilteach ar thalamh Ghessen mar a bhfuil mo phobul féin. Ní bheidh aon chuil le feisgint sa n-áit sin. I gcás go bhfeicfir gur mise Tighearna an domhain go léir déanfad eidirdhealbhú idir mo dhaoine féin agus do dhaoine-se. Déanfar an mhírbhúilt sin amáireach.'" Agus do dhein Dia an nídh sin. Tháinig na cuileana agus do líonadar isteach in sna tighthibh, isteach i dtigh an rí agus isteach ins gach tigh eile d'á raibh sa n-Éigipt, lasmuich de thalamh Ghessen. Deir lucht seanachais gur bh'é saghas na cuileana 'ná beacha gabhair agus gur chiapadar idir dhuine agus beithidheach, ghá gcealgadh. Ba mhar a chéile iad agus satha beach a bheadh chómh mór san go líonfidís an Éigipt go léir. Bhí na frogana olc go leór ach níor bh'fhiú biorán a's iad seachas na beacha. Bhí na frogana grána, salach, déistineach, ach ní raibh na cealga acu. Chuir na cealga muinntir na h-Éigipte go léir ag sgreadaigh agus ag liúirigh agus ag béicigh. Do liúigh agus do sgread agus do bhéic Pharó féin chomh h-árd agus chómh dian le cách. Do ghlaoidh sé ar Mhaois. "Deinidh an ídhbirt anso sa tír seo," ar seisean.
"Ní féidir dúinn an ídhbirt do dhéanamh sa tír seo, a rí," arsa Maois. "Dá ndeinimís an ídhbirt sa tír seo do mharbhóchaimís chun na h-ídhbirte ainmhidhthe n-a bhfuil gráin againn ortha, ainmhidhthe a dh'adhraid Éigip- teacha agus gur geas dóibh iad do mharbhú. Ansan d'eireóchadh muinntir na h-Éigipte chughainn agus gheóbhdís do chlochaibh ionainn. Imtheómíd siubhal trí lá amach sa n-uaigneas agus déanfimíd an ídhbirt chun Dé fé mar atá órduighthe aige dhúinn." "Tá go maith," arsa Pharó, "leogfad díbh imtheacht chun na h-ídhbirte sin do dhéanamh chun bhúr nDé sa n-uaigneas ach ná h-imthighidh ró-fhada amach. Deinidh guidhe orm." "Nuair bhead imthighthe amach uait cuirfad mo ghuidhe suas chun Dé agus imtheóchaid na cuileana ó Pharó agus ó n-a mhuinntir agus ó n-a dhaoine. Ná dein-se an feall a thuille, ámhthach, i dtaobh an phobuil do leo- gaint uait," arsa Maois. D'imthigh Maois amach agus chuir sé a ghuidhe suas chun Dé fé mar a gheall sé, ghá iarraidh ar Dhia na cuileana do dhíbirt ó Pharó agus ó n-a sheirbhíseachaibh agus ó n-a dhaoine. Do dhein Dia do réir ghuidhe Mhaoise agus do rug sé chun siubhail na cuileana ó Pharó agus ó n-a dhaoine. Do rug Dia chun siubhail iad chómh glan san ná raibh oiread agus aon chuil amháin acu le feiscint sa n-áit. Nuair a bhíodar na cuileana imthighthe do chuir Pharó an stailc suas airís agus ní leogfadh sé do chlainn Israéil imtheacht. Do labhair Dia airís: "Imthigh isteach," ar seisean le Maois, "agus labhair le Pharó. Abair leis mar seo: "Seo mar adeir Tighearna Dia na n-Eabhrach: "Leog uait mo phobul go ndéanfid siad ídhbirt chugh- am-sa, nú mara leogair luighfidh mo lámh-sa go trom ar do chuid ithire. Beidh galar agus pláigh ar do chapaillibh agus ar t'asalaibh, ar do chamalaibh agus ar
do bhuaibh agus ar do chaoiribh. Agus déanfidh Dia mírbhúilt mhór idir chuid clainne Israéil agus cuid na n-Éigipteach. Ní caillfar aon nídh i n-aon chor do chuid clainne Israéil. Cuirfidh Dia an abairt sin i bhfeidhm amáireach sa tír."'" Chómh maith do chuir. Tháinig an lá amáireach agus do cailleadh a lán de gach sórd stuic ar mhuinntir na h-Éigipte, agus níor cailleadh oiread agus aon bheithidheach amháin de bheithidheachaibh clainne Israéil. Chuir Pharó daoine go Gessen ag fiafraighe an sgéil agus fuaradar nár cailleadh. LXIII. Na h-iosgóidí; an chloich-shneachta. Ach bíodh go bhfeacaidh na teachtairí nár cailleadh aon bheithidheach ar chlainn Israéil, i dtalamh Ghessen níor chuir san fhiachaint ar Pharó géille. Chuir sé an stailc suas airís agus ní leogfadh sé do chlainn Israéil imtheacht. Do labhair Dia airís le Maois agus le h-Aaron: "Tógaidh," ar seisean, "lán bhúr nglac de luaithrigh an tínteáin agus deineadh Maois an luaithreach san do chaitheamh anáirde sa spéir i láthair Pharó; agus bíodh an luaithreach os cionn tailimh na h-Éigipte go léir." Dhein an bheirt an nídh sin. Do thógadar an luaith- reach agus thánadar i láthair Pharó, agus do chaitheadar, os cómhair a shúl, an luaithreach anáirde sa spéir. An túisge n-ar dheineadar d'eirigh iosgóidí teinne agus cluig ar chroicean gach duine agus beithdhigh d'á raibh sa n-Éigipt. D'eirigh na cluig agus na h-ios- góidí ar lucht na diablaidheachta agus níor fhéadadar teacht i láthair Mhaoise ag cur 'n-a choinnibh. Bhíodar ró-theinn, ró-bhreóite. Bhí an teinneas agus an bhreó- iteacht chéadna ar na h-Éigipteachaibh go léir. Bhí an
sgéal go h-olc acu, ach níor ghéill an rí. Is amhlaidh a chruaidh an stailc ann. Do labhair Dia airís. Dubhairt sé le Maois: "Eirigh ar maidin," ar seisean, "agus seasaimh i láthair Pharó agus abair leis mar seo; 'Seo mar adeir an Tighearna: Leog uait mo phobul go ndéanfid siad ídhbirt chugham, nú cuirfad, an turas so, mo phláigeana go léir anuas ort, ar do chroidhe féin agus ar do sheirbhísigh agus ar do dhaoine i dtreó go mbeidh fhios agat ná fuil mo leithéid eile-se sa domhan go léir. Sínfad anois mo lámh agus bualfad tusa agus do dhaoine le pláigh agus sgriosfar as an saoghal tu. Is chuige do chuireas sa n-áit sin tu 'ná i dtreó go ndéanfinn mo neart do thaisbeáint, 'ghá imirt ort, agus go mbeadh trácht ar m'ainim ar fuaid an domhain. An bhfuil mo phobul agat á chimeád fós, nú an amhlaidh ná leogfir uait iad? Feuch, um an dtaca so amáireach fearfad-sa cloich- shneachta go tiugh anuas ar an Éigipt, cloich-shneachta ná feacathas a leithéid sa n-Éigipt ó'n lá do bunáiteadh í go dtí an lá so atá indiu ann. Cuir do theachtairí amach láithreach, d'á bhrígh sin, agus bailigh do bheithidhigh agus gach a bhfuil lasmuich agat, bailigh isteach iad, óir gach aon rud beó a bheidh amuich fé'n gcloich-shneachta nuair a thiocfidh sí marbhóchar iad.'" D'airigh seirbhísigh an rí an focal. Bhí cuid acu n-a raibh eagal ortha roimis an bhfocal agus bhailighdar isteach a gcuid beithidheach. Bhí cuid acu nár chuir aon tsuim sa bhfocal agus d'fhágadar a mbeithidhigh amuich, agus na h-aodhairí a bhí i mbun na mbeithidheach. Ansan do labhair an Tighearna le Maois. "Sín do lámh suas sa spéir," ar seisean, "i dtreó go dtiocfidh an chloich-shneachta ar thalamh na h-Éigipte go léir, ar na daoine agus ar na beithidhigh agus ar gach glasara d'á bhfuil ag fás as an dtalamh sa n-Éigipt." Do shín Maois suas a shlat agus do sgaoil an Tighearna láithreach tóirthneach agus cloich-shneachta, agus splanc-
racha ag gluaiseacht fan an tailimh, anuas ar an Éigipt; agus d'fhear an Tighearna an chloich-shneachta ar thalam na h-Éigipte, agus bhí an chloich-shneachta agus na splancracha ag gluaiseacht i n-aonfheacht agus ag measgadh ar a chéile, agus bhí an chloich-shneachta chómh téagartha san ná feacathas a leithéid sa n-Éigipt riamh roimis sin, ó chuir muinntir na h-Éigipte fútha ar dtúis sa tír sin. Do bhuail an chloich-shneachta gach aon rud a bhí amuich fé'n spéir, idir dhaoine agus beithidhigh, agus do mheil sí gach glasara agus do bhris sí agus do leag sí gach crann. Ní raibh tóirthneach ná cloich- shneachta, ámhthach, ná splancracha i dtalamh Ghessen mar a raibh clann Israéil 'n-a gcómhnuighe. LXIV. Na Lócuistí. Tháinig lán a chroidhe de sgannra ar Pharó nuair a chonaic sé an chloich-shneachta agus na splancracha agus nuair airigh sé an tóirthneach uathbhásach agus nuair a chonaic sé an díobháil go léir a bhí á dhéanamh; na daoine agus na beithidhigh 'á marbhú; na crainn 'á leagadh agus iad briste brúite; an talamh go léir i n'ithir dhearg, tar éis a raibh de ghlasara ag fás aníos tríd a bheith meilte ó'n gcloich-shneachta nú loisgithe ó'n dtóirthnigh. Chomáin sé teachtaire ag triall ar Mhaois agus ar Aaron 'ghá iarraidh ortha teacht chuige. Thánadar. Do labhair an rí. "Tá peaca déanta agam anois féin," ar seisean, "tá an Tighearna ceart. Táim-se agus mo dhaoine go h-olc. Deinidh guidhe chun an Tighearna ghá iarraidh air coisg do chur le tóirthnigh Dé agus leis an gcloich-shneachta, agus leogfad chun siubhail sibh, agus ní fhanfidh sibh anso a thuille."
"Tá go maith," arsa Maois, "chómh luath agus bhead lasmuich de'n chathair tógfad mo lámha chun an Tighearna agus stadfidh an tóirthneach agus ní thuitfidh a thuille de'n chloich-shneachta, i dtreó go mbeidh fhios agat gur leis an dTighearna an talamh: ach is eól dom ná fuil eagla an Tighearna fós ort-sa ná ar do mhuinntir." Bhí an líon agus an eórna loitithe an uair sin mar bhí an eórna 'n-a geamhar agus bhí an líon eascurtha, ach níor loiteadh an chruithneacht mar bhí sí gan teacht os cionn tailimh. Bara déanach ab eadh í. Bhí na baraí déanacha gan teacht os cionn tailimh an uair sin agus chuadar as. Chuaidh Maois agus Aaron amach as an gcathair agus thóg Maois a dhá láimh suas cun Dé mar a gheall sé do'n rí, agus d'iarr sé ar Dhia cosg do chur leis an dtóirthnigh agus leis an gcloich-shneachta. Do stadadar. Nuair a chonaic Pharó go raibh an tóirthneach agus an chloich-shneachta tar éis stad do chuir sé stailc suas airís. Chuir sé a chos i dtalamh agus ní leogfadh sé do chlainn Israéil imtheacht. Do labhair Diale Maois: "Eirigh isteach," ar seisean, "i láthair Pharó. Tá a chroidhe cruaidh, agus imireó- chad-sa mo mhírbhúiltí air agus 'neosfir-se dod' chlainn agus do chlainn do chlainne conus mar a dheineas-sa smachtú ar mhuinntir na h-Éigipte agus cad iad na mírbhúiltí a dh'imireas ortha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh gur mise an Tighearna. Abair le Pharó: Seo mar adeir Tighearna Dia na n-Eabhrach: "Cad é an fhaid a cheapan tú gan bheith umhal dom? leog uait mo phobul chun go ndéanfid siad ídhbirt chugham. Mara leogair uait iad, agus má chuirean tú am' choinnibh a thuille, tabharfad-sa an lócust isteach sa tír seo chughat amáireach. Beidh an lócust 'n-a bhrat ar do thalamh agat. Clúdóchaid na lócuistí an talamh agus íosfid siad gach nídh d'ár fhág an chloich-shneachta gan ídiú. Coganóchaid siad, ní h-amháin gach aon rud glas,
ach gach aon blúire adhmaid d'á bhfuil ag fás as an dtalamh. Líonfid siad isteach in sna tighthibh chughat agus i dtighthibh do sheirbhíseach i dtreó go mbeidh na tighthe lán díobh ar fuaid na h-Éigipte go léir ar chuma na feacathas le linn t'athar ná do sheanathar ná do shínsear riamh ó'n lá shealbhuighdar an Éigipt go dtí an lá atá indiu ann."" D'imthigh Maois agus Aaron amach nuair a bhí an méid sin ráidhte ag Maois. Ansan do labhradar a mhuinntir le Pharó. "An fada chaithfimíd an obair seo d'fholag? Ná feicean tú an íde atá ag imtheacht ar an Éigipt go léir!" Do glaodhadh isteach airís i láthair an rí Maois agus Aaron. "Imthighidh," arsan rí, "agus deinidh an ídhbirt sin chun bhúr nDé. Cé h-iad a raghaid libh?" "Béarfimíd linn," arsa Maois, "ár gclann óg agus ár seandaoine, ár dtreuda caereach agus ár mbeithidhigh. Is ócáid sholamanta é seo ag ár dTighearna Dia." "Tá droch fhuadar éigin fúibh!" arsan rí. "Pé rud a dhéanfidh bhúr dTighearna Dia ní leogfad-sa uaim sibh féin agus bhúr gclann. Imthigheadh na fir agus deinidís an ídhbirt. Siné an rud a dh'iarrbhúir féin." Agus do comáineadh amach iad. LXV. An Doircheacht. Nuair adubhairt Maois nár bh'foláir do chlainn Israéil a ndaoine óga agus a seandaoine agus a dtreudta agus a gcuid stuic do bhreith leó as an Éigipt tháinig fearg ar an rí agus dubhairt sé ná leogfadh sé uaidh i n-aon chor iad. Thug sé tarcuisne do Mhaois agus d'Aaron agus dhíbir sé as a láthair
iad. Níor bh'fhada go dtáinig toradh na tarcuisne sin air féin agus ar a theaghlach agus ar an Éigipt. Do labhair an Tighearna le Maois: "Sín do lámh," ar seisean, "os cionn tailimh na h-Éigipte i dtreó go dtiocfidh an lócust." Do shín Maois a shlat os cionn na h-Éigipte. An túisge 'n-ar shín do chuir Dia gaoth a bhí teith ag séide ar an Éigipt. Do lean an ghaoth sin ag séide i gcaitheamh an lae sin agus i gcaitheamh na h-oidhche. D'eirigh na lócuistí leis an ngaoith sin agus do leathadar isteach ar talamh na h-Éigipte go léir 'n-a suathantaisíbh uathbhásacha i dtreó ná feacathas a leithéid de shatha lócuistí sa n-Éigipt riamh roimis sin ná riamh ó shin. Bhíodar 'n-a sgreamh ghrána ramhar ar an dtalamh agus d'itheadar gach aon rud ach amháin an chré agus na clocha. Do rith Pharó agus chuir sé fios ar Mhaois agus ar Aaron. "Ó," ar sheisean, "tá peaca déanta agam i n-aghaidh bhúr nDé agus i nbhúr n-aghaidh-se! Maithidh dom an turus so leis, agus iarraidh ar bhúr nDia an phláigh mharbhuightheach so do thógaint díom!" D'imthigh Maois amach a' láthair Pharó agus chuir sé a ghuidhe suas chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia na lócuistí do thógaint chun siubhail. Chuir Dia gaoth láidir ag séide aniar agus do thóg an ghaoth sin na lócuistí go léir ó'n dtalamh agus do shéid sí soir iad isteach sa Mhuir Ruaidh chómh glan san nár fágadh oiread agus aon lócust amháin acu ar thalamh na h-Éigipte. Déarfadh duine nár bh'fholáir nú gur ghéill Pharó an uair sin. Níor ghéill. Chómh luath agus bhí an sgreamh lócuistí tógtha de thalamh na h-Éigipte agus sguabtha chun siubhail dubhairt sé leis féin gur bh'í an ghaoth aniar a thóg chun siubhail iad agus nár bh'é Maois ná Dia Mhaoise. Dubhairt sé ná leogfadh sé clann Israéil chun siubhail; nách ar Mhaois a bhí a bhuidheachas aige na lócuistí bheith imthighthe ach ar an ngaoith.
Do labhair Dia airís agus dubhairt sé le Maois, "Sín do lámh suas sa spéir agus tagadh doircheacht ar thalamh na h-Éigipte, doircheacht a bheidh chómh trom chómh dlúth sin go bhféadfar í mhothú fé'n láimh." Do shín Maois a lámh suas sa spéir agus tháinig an doirch- eacht, doircheacht sgannramhail, ar an Éigipt go léir. Do lean an doircheacht ar feadh trí lá. I gcaitheamh an trí lá san bhí an sgéal go fíor olc ag muinntir na h-Éigipte. Nuair a tháinig an doircheacht b'éigean do gach aoinne stad mar a raibh aige agus gan corruidhe as an áit 'n-a raibh sé nuair a dh'imthigh an solus. Ní leogfadh sgannra dhó corruidhe. Ní raibh aon bhreith ag duine ar dhuine eile dh'feisgint. Ach bhí solus sa n-áit 'n-a raibh clann Israéil 'n-a gcómhnuighe, agus in sna tighthibh acu. Chuir an doircheacht sgannra ar Pharó. Do ghlaoidh sé ar Mhaois agus ar Aaron. "Feuch," ar seisean, "imthighidh agus deinidh an ídhbirt sin chun an Tighearna. Beiridh libh bhúr gclann agus bhúr seandaoine ach fanadh na treudta agus na beithidhigh i nbhúr ndiaidh." Dubhairt Maois: "Caithfir gach nídh do leogaint linn a d'oirfidh dúinn chun na h-ídhbirte, chómh maith agus a leogfir linn an chlann agus na sean daoine. Ní'l aon phioc d'á fhios againn cad iad na h-ainmhidhthe a theastóchaidh uainn chun na h-ídhbirte go dtí go mbeidh an ídhbirt 'á dhéanamh againn. D'á bhrígh sin béarfimíd linn ár mbeithidhigh go léir, oiread agus aon chrúb amháin acu ní fhágfam i n-ár ndiaidh." Nuair airigh Pharó an focal san d'eirigh sé ar buile. D'eirigh an stailc agus an fhearg ann ní ba mheasa 'ná mar a bhíodar ann aon uair roimis sin. "Ní imtheó- chaidh sibh-se ná bhúr gclann ná bhúr stoc ná bhúr dtréadta uaim-se anois ná choidhche!" ar seisean. "Glanaidh as mo radharc!" ar seisean, "agus má thagan sibh am' radharc arís," ar seisean, "is díbh is measa. Má thagan sibh am' láthair airís ní imtheóchaidh sibh beó uaim!"
"Is fíor do chainnt," arsa Maois. "Díreach mar adeirir sin mar a bheidh. Ní fheicfad-fa do ghnúis-se a thuille." Is beag d'á fhios a bhí ag an rí an uair sin cad é an brígh a bhí leis an bhfocal san a tháinig ó Mhaois. LXVI. Bás na gcéad-ghein. Ansan dubhairt an Tighearna le Maois: "Tá aon phláigh amháin eile agam le cur ar Pharó agus ar an Éigipt. Cuirfidh an t-aon phláigh amháin sin fhiachaint air sibh do chur uaidh agus sibh a chomáint as an Éigipt amach! Labhair-se le clainn Israéil. Abair le gach fear agus le gach mnaoi árthaí óir agus airgid a dh'iar- raidh ar iasacht ó sna h-uaislibh Éigipteacha n-a bhfuil aithne acu ortha agus cómharsanacht déanta acu leó. Déanfidh an Tighearna na h-Éigipteacha báidheamhail do chlainn Israéil, i dtreó go dtabharfid siad an t-ór agus an t-airgead agus an t-ollmhaitheas dóibh." Duine mór ab eadh Maois an uair sin sa n-Éigipt, i láthair muinntire an rí agus i láthair na n-Éigipteach go léir. Do labhair sé leó: "Seo mar adeir an Tighearna," ar seisean, "Raghad-sa amach ar fuaid na h-Éigipte i lár na h-oidhche agus gheóbhaidh gach céad- ghein i dtalamh na n-Éigipteach bás, ó chéad-ghein Pharó atá 'n-a chathaoir ríoga go céad-ghein na daor- mhná atá sa mhuilean; agus céad-ghein gach beithidhigh; agus beidh uaill ghuil ar fuaid na h-Éigipte mórthímpal nár h-airigheadh a leithéid riamh fós agus ná h-aireófar a leithéid airís go deó. Ach ameasg clainne Israéil ní h-aireófar oiread agus amhstarach gadhair ar dhuine ná ar bheithidheach. I gcás go bhfeicfidh sibh an t-eidir-
dhealbhú mírbhúilteach a dheinean an Tighearna idir mhuinntir na h-Éigipte agus clann Israéil." "Ansan," arsa Maois leis an rí, "Tiocfid na seirbhísigh seo go léir atá agat-sa tiocfid siad chugham-sa ag umhlú dhom agus déarfid siad liom, 'Imthigh leat amach as an dtír, tú féin agus do dhaoine go léir, an uile dhuine acu.' Ansan iseadh dh'imtheóchaimíd." D'imthigh Maois amach a' láthair an rí ansan agus bhí árd fhearg air ag imtheacht dó. Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le h-Aaron. "Bíodh an mí seo agaibh go deó," ar seisean, "'n-a chéad mhí de'n bhliain. Labraidh le clainn Israéil go léir agus abraidh leó: "an deichmhadh lá de'n mhí seo tógadh gach líntighe agaibh uan firean bliana, gan mháchail, agus cimeádaidh é go dtí an ceathramhadh lá déag de'n mhí seo. Ansan déanfid clann Israéil go léir an t-uan san d'ídhbirt um thráthnóna, agus tóg- tar cuid d'á chuid fola agus curtar ar dhá lígh an doruis an fhuil, agus ar an bhfárdorus, agus itheadh muinntir an tighe an fheóil, sa n-oidhche, tar éis í ghríosadh ar sméaróidíbh. Ná fágtar aon bhluire dhi gan ithe nú má bhíon aon chuid di nách féidir a dh'ithe loisgtear le teine an méid sin. Bíodh a bhróga uime agus a chrios fáisgithe air agus a chleith 'n-a láimh ag gach duine le linn na feóla san a dh'ithe dhó. Bíodh arán gan giost agaibh mar annlan leis an bhfeóil sin agus deinidh ithe le dithineas, óir isí Cáisg, (i. dul thart), an Tighearna an obair sin. Óir geóbhad tríd an Éigipt an oidhche sin agus cuirfad chun báis an uile chéad-ghein d'á bhfuil sa n-Éigipt idir dhuine agus bheithidheach, agus imireóchad breitheamhantas ar dhéithibh na h-Éigipte. Is mise an Tighearna. Beidh an fhuil mar chómhartha ar bhúr dtighthibh- se agus nuair a chífad an fhuil geóbhad thar an dtigh sin. Ní déanfar aon díobháil díbh-se nuair a bheidh an t-éir- leach dhá dhéanam ar mhuinntir na h-Éigipte. Agus cimeádfidh sibh an lá so de'n bhliain go deó 'n-a lá
sholamanta mar chuimhneamh ar an obair seo atá dhá dhéanamh díbh indiu.'" Ansan do chruinnigh Maois agus Aaron seanóirí an phobuil agus d'innseadar dóibh cad a bhí le déanamh acu, agus dubhradar leó gan aon duine acu do theacht amach as a thigh féin i gcaitheamh na h-oidhche 'n-a mbeadh uan na Cásga dh'á ithe acu. Tháinig an oidhche a bhí ceapaithe. Dhein clann Israéil fé mar a bhí órduighthe dhóibh. Chuireadar fuil an uain ar na dóirsibh. Chuireadar a mbróga ar a gcosaibh agus d'fháisgeadar iad féin chun gluaiseachta. Bhíodar ag ithe feóla an uain. I lár na h-oidhche d'eirigh an liúireach agus an bhúirtheach agus an bhéiceach agus an sgreadach agus an t-ologón buile, morthímpal na h-Éigipte go léir! Do ghluais an uaill ghuil 'n-a ghuth árd ar an ngaoith, suas tré spéir dhorcha na h-oidhche, idtreó go dtáinig crith chos agus lámh ar chlainn Israéil a bhí ag éisteacht leis agus gur thuigeadar nár h-airigheadh riamh roimis sin ar thalamh an domhain fuaim guth daoine chómh h-árd, chómh truagh- bhéileach, chómh sgannramhail! Níor bh'iongna é. Las- muich de thighthibh na n-Eabhrach ní raibh tigh sa n-Éigipt an meadhon oidhche sin gan duine de mhuinntir an tighe sínte marbh ann. LXVII. Clann Israéil ag imtheacht as an Éigipt. I lár an éirligh mhóir, nuair a bhí an guth árd agus an ualfartach agus an sgreadach nímhneach buartha agus brise croidhe, agus an bualadh bas meilteach, ar siubhal 'n-a lán neart agus 'n-a lán ghéire, agus clann Israéil ag crith le sgannra roimh chómhacht Dé agus roimhe n-a dhíbhfeirg, siúd teachtaireacht ó'n rí, ó
Pharó, ag triall ar Aaron 'ghá iarraidh ortha teacht chun cainnte leis. Thánadar. Chómh luath agus bhíodar i láthair an rí do labhair sé leó:- "Eirighidh láithreach," ar seisean, "sibh féin agus clann Israéil, agus imthighidh uaim agus óm' dhaoine! Tógaidh libh bhúr stoc agus bhúr dtréadta agus a bhfuil an tsaoghal agaibh agus imthighidh uaim! Imthighidh agus deinidh an ídhbirt úd chun bhúr nDé, ach fágaidh beannacht agam ag imtheacht díbh." Do bhailigh sluagh mhór de mhuinntir na h-Éigipte, leis, tímpal ar Mhaois agus ar Aaron agus bhíodar ar a ndítheal 'ghá mbrostú chun siubhail. Thánadar leó isteach i dtalamh Ghessen agus chromadar ar gach aon chongnamh a thabhairt do chlainn Israéil 'ghá n-ullmhú chun bóthair. B'é b'fhada leó go rabhadar go léir bailighthe amach as an Éigipt acu, idir dhuine agus beithidheach, idir fhear agus bean, idir óg agus aosta. Bhíodar cortha glan díobh. Thugadar dóibh gach aon rud a dh'iarradar ortha. Ba chuma leó cad a thabharfidís dóibh ach go n-imtheóchaidis gan a thuille ríghnis. Thug- adar dóibh aon rud in aon chor ba dhóich leó do bhros- tóchadh chun siubhail iad. Ní leogfidís dóibh fanamhaint go lá, bhí a leithéid sin de sgannra ortha le h-eagla ná stadfadh an marbhú go dtí go mbeadh an uile dhuine de chlainn Israéil amach as an dtír uatha. Ansan iseadh thugadar dóibh an t-ollmhaithas go léir, na h-árthaí óir agus airgid agus na h-órnáidí agus na h-éadaí uaisle; i dtreó gur fhág clann Israéil dhá bhárthan mhóra ar mhuinntir na h-Éigipte 'n-a ndiaidh. D'fhágadar teinn iad agus d'fhágadar dealbh iad. Mar adeir an Sgríbhinn Diadha: "Do chreachadar an Éigipt." Bhí a leithéid sin de dhithineas ar mhuinntir na h-Éigipte 'ghá gcur chun siubhail ná tabharfidís uain dóibh ar aon bhlúire bídh a dh'ullmhú dhóibh féin sar a' n-imtheóchaidís. B'éigean dóibh an bia bhreith leó gan ullmhú.
Sé chéad míle fear, gan mná ná mion daoine dh'áireamh, ab eadh neart slógh clainne Israéil ag im- theacht as an Éigipt dóibh. Níor bh'fhios an 'mó míle duine gheóbhfí ann d'á n-áirímhthí na mná agus an chlann. Agus bhí clann Israéil tar éis cheithre chéad blian agus deich mbliana fichid do chaitheamh sa n-Éigipt an uair sin. Ba mhaith an fás é ó'n ndeichniúbhar agus trí fichid a chuaidh síos ann ag triall ar Ióseph. Bheadh níba mhó go mór acu ann, ag teacht thar n-ais dóibh, mara mbeadh ar caitheadh sa n-abhainn d'á leanbhaíbh agus ar cuireadh chun báis díobh le déine agus le cruadhtan oibre. Chómh luath agus bhíodar ar bóthar thugadar aghaidh soir. Ní h-ar an istmus atá idir an Muir Ruaidh agus an Mhuir Torrainn, ámhthach, a thugadar aghaidh. Bhí bóthar breágh an uair sin soir tríd an mbeárnain sin agus an bóthar san anoir a thagadh muinntir Phalestín agus na ndúthaí eile lastoir nuair a bhíodh gnó le déanamh sa n-Éigipt acu. An bóthar san anoir iseadh tháinig na ceannaidhthe úd, clann Ismaéil, breis agus cheithre chéad blian roimis sin, nuair a thugadar leó an buachaill chúig mblian ndéag úd a cheannaighdar ó chlainn Iácóib, agus nuair a dhíoladar é leis an nduin'uasal Éigipteach. An bóthar san anoir a tháinig an chlann Iácóib chéana san chun an arbhair a cheannach rainnt aimsire n-a dhiaidh san. An bóthar céadna san anoir iseadh tháinig Iácób féin agus a chlann nuair a bhíodar chun cur fútha sa n-Éigipt. An bóthar céadna san soir óthuaidh ba cheart do chlainn Israéil gabháil anois nuair a bhíodar ag dul soir airís chun na tíre a bhí geallta ag Dia dhóibh. Siné an bóthar a gheóbhdís, leis, ach bhí namhaid chontabharthacha ar an slighe sin rómpa agus bíodh go rabhadar armtha go maith ní raibh taithighe ar arm ná ar chogadh fós acu.
An Tóir. Do stiúruigh Dia Maois chun gan aghaidh do thabhairt ar an istmus ach aghaidh do thabhairt soir tríd an ngainmheach i dtreó go bhféadfadh an chualacht stad ar bruach na Mara Ruadh ar feadh tamail agus go mbeadh uain ag na fearaibh ar thaithighe dhéanamh de láimhseáil na gclaidheamh agus na n-arm eile a bhí acu. Bhí dlighthe agus riaghalta áirighthe leis, ag Maois, le tabhairt dóibh, le h-órdú ó Dhia, dlighthe agus riaghalta a bhí le cómhlíonadh acu nuair a bheidís 'n-a gcómhnuighe thoir sa talamh a bhí geallta dhóibh, agus do chimeádfadh 'n-a gcuimhne, agus i gcuimhne a sleachta na mírbhúiltí uathbhásacha a dhein Dia ar a son chun iad do thabhairt as an ndaor-bhruid a bhí ortha sa n-Éigipt. Dá dtugaidís aghaidh ar namhaid armtha ró luath tar éis teacht as an ndaor-bhruid dóibh ba ró bhaoghal i n-inead na troda dhéanamh, gur b'amhlaidh a dh'iompó- chaidís thar n-ais chun na h-Éigipte agus go luighfidís isteach airís fé'n ndaor-bhruid. Ní h-iontaoibh daor- aicme chun catha do sheasamh. Bhí Dia féin 'ghá stiúrú agus ag taisbeáint na slighe dhóibh ó fhágadar talamh Ghessen go dtanadar go bruach na Mara Ruadh. Do chídís rómpa amach ar an slighe i gcaitheamh an lae rud i bhfuirm sgamail agus é 'n-a sheasamh mar a bheadh uaithne. Ba sgamal sa lá é agus ba uaithne teine sa n-oidhche é. Agus níor dhearmhaid Maois cnámha Ióseph do thabhairt leis as an Éigipt an uair sin, fé mar a dh'órduigh Ióseph do chlainn Israéil nuair a bhí sé ag dul chun báis suas le cheithre chéad blian roimis sin. Bhí an sgannra ar Pharó agus ar mhuinntir na h-Éigipte go dtí go raibh Maois agus Aaron agus slóighthe líon-
mhara clainne Israéil imthighthe uatha. Nuair a bhíodar imthighthe do thosnuigh an sgannra ar imtheacht. Nuair a thosnuigh an sgannra ar imtheacht do thosnuigh fearg ar theacht i n-inead an sgannra. Do chuimhnigh Pharó agus a dhaoine ar na tiobaistíbh uathbhásacha, marbhuightheacha a bhí tagaithe ortha mar gheall ar Mhaois agus ar Aaron agus ar chlainn Israéil. Chuimhnighdar ar an dtiobaist thar gach tiobaist eile, an tiobaist a tháinig ortha go léir idir rí agus daoine, an oidhche úd a bhí duine marbh ins gach tigh sa n-Éigipt. Ar Mhaois agus ar Aaron a bhí a mhilleán acu. Nár innis Maois féin amach as a bhéal dóibh go ndéanfí an íde sin ortha? Agus nár deineadh an íde ortha díreach mar adubhairt sé a déanfí? Ní raibh aon phioc d'á mhearathal ortha ná gur bh'é Maois fé ndeár an marbhú go léir. Ba mhór an truagh an marbhú san do leogaint i n-aisge leis! Bhí an Éigipt fágta 'n-a dhiaidh sgriosta aige! Agus bhí sé féin agus clann Israéil imthighthe agus saidhbhreas na h-Éigipte beirtha leo acu! bhí an saidhbhreas beirtha leo acu agus ní raibh aoinne 'n-a ndiaidh chun na h-oibre dhéanamh a dheinidís! Bhí machtnamh de'n tsórd san ag losgadh a n-aigne do Pharó agus d'á dhaoine agus ag dul i ngéire a bhí an losgadh i n-aghaidh an lae. I lár an mhachtnaimh dóibh siúd chucha sgéala go raibh Maois agus Aaron agus clann Israéil thoir ar bruach na faraige 'n-a long- phort. "Seadh," arsa Pharó, "táid siad againn! Tá greim againn ortha!" Siúd amach órdú uaidh mór- thímpal na h-Éigipte ag cruinnú slógh. Do cruin- nigheadh na slóighte go tiugh. Níor bh'fhada go raibh na mílte slógh cruinnighthe, na mílte marcach agus na mílte troightheach agus na mílte caráistí cogaidh agus níor thúisge an mhór shluagh cruinnighthe ná mar a bhíodar féin agus an rí ag gluaiseacht soir go mear meanmnach,
go fíochmhar feargach, fé dhéin na h-áite 'n-a raibh fhios acu clann Israéil a bheith ar bruach na faraige. Do leath an mhór shluagh amach ar gach taobh agus dhúnadar isteach chun na faraige ar gach taobh de chlainn Israéil, i dtreó ná raibh aon bhreith ag clainn Israéil ar dhul uatha ó thuaidh ná ódheas, i leith na lámha deise ná i leith na lámha clé. Ansan d'aistirigh an uaithne sgamail a bhí lasmuich de chlainn Israéil, ghá stiúrú, agus tháinig sí agus sheasaimh sí laistiar díobh idir iad agus a namhaid. LXIX. An Mhuir Ruaidh. Do mheas Pharó agus a shluagh go raibh gach aon rud ar a dtoil acu nuair a bhí Maois agus Aaron agus clann Israéil go léir cruinnighthe, cnuasta, dúnta suas acu idir iad agus an fharaige. Bhí sé chéad míle fear armtha de chlainn Israéil ann. D'fhágfadh san, do réir gach deabhraimh, go raibh breis agus fiche céad míle pearsa ar fad de chlainn Israéil ann. Níor bh'iongna má bhí Pharó sásta i n-aigne. D'fhéadfadh sé, dar leis, na fir armtha go léir do chur chun báis ansúd ar bruach na Mara Ruadh, agus na mná agus an chlann do bhreith leis thar n-ais siar abhaile agus daor-bhruid do chur airís ortha, níba chruadha 'ná mar a bhí riamh ortha. D'fhéadfadh sé na táinte bó agus na tréadta caereach do bhreith leis abhaile agus iad do chimeád aige féin. Ar an gcuma san bheadh díoltas áluinn déanta aige ar Mhaois agus ar Aaron agus ar shliocht Israéil as a raibh de dhíbhfeirg tagaithe ar an Éigipt mar gheall ortha ó'n lá a dh'iarr Maois agus Aaron air iad do leogaint uaidh. Bhí a aigne sásta go maith. Chonaic sé an sgamal 'n-a sheasamh idir é
agus slóighte Israéil. Níor chuir sé aon tsuim sa sgamal. Ní raibh sa sgamal san, dar leis, ach ceó éigin ag eirighe a' féith. Má bhí áthas agus sásamh aigne ar Pharó bhí a mhalairt sin ar fad ar chlainn Israéil. Nuair a chonnacadar iad féin dúnta isteach idir shlóightibh a namhad agus uisge na faraige, agus gan aon bhreith acu ar dhul ar óthuaidh ná ódheas, do thuit a lug ar a lag acu. Do liúghdar agus do bhéiceadar agus chasadar an dá ologón déag. D'airigh Pharó agus a mhór shluagh an t-árd-ghol san agus do gháireadar ó chroidhe. Do chrom clann Israéil ar aighneas le Maois agus le h-Aaron "Is deas atá sé déanta agaibh orainn," ar siad, "sinn a thabhairt annso amach sa bhfiantas agus sinn do shádh isteach sa ghreim seo! Tá deire linn tar éis bhúr saothair go léir! Is truagh nách thiar sa n-Éigipt a cuireadh chun báis sinn mar a bhfaighmís adhlacadh ceart; ach sinn a thabhairt amach anso chun ár gcnámha d'fhágáilt anso ag feóchadh ar an ngainimh seo ar bruach na Mara Ruadh so!" Sin mar a labhradar agus iad go léir ag gol go h-árd. "Ná dubhairt libh muinighin a bheith agaibh as Dia," arsa Maois, "agus go dtabharfadh sé saor sibh! Ná bíodh aon eagla agaibh rómpa san atá laistiar díbh. Troidfidh an Tighearna thar bhúr gceann. Na h-Éigip- teacha san a chíon sibh ansan anois ní fheicfidh sibh airís iad go deó. Éistidh agus chífidh sibh mórghníomhartha an Tighearna." Le n-a linn sin do thosnuigh an namaidh ar dhúnadh isteach ar chlainn Israéil. Ach bhí an sgamal ghá gcur amú i dtreó nár fhéadadar teangmháil leó. Bhí Maois ag guidhe go cruaidh chun Dé ar son na ndaoine sin a bhí ag gol agus ag gluaireán ar an gcuma san. Do labhair an Tighearna leis. "Cad chuige dhuit bheith ag glaodhach orm-sa!" arsan Tighearna. "Labhair le clainn Israéil. Abair leo
gluaiseacht anso. Sín do lámh os cionn na faraige agus osgail bóthar tríthi do chlainn Israéil." Do dhein Maois mar a dubhrad leis. Do shín sé a lámh os cionn na faraige. Do h-osgladh bóthar tríd an bhfaraige. Do ghluais clann Israéil isteach ar an mbóthar. Bhí an grean tirm fé n-a gcosaibh agus an t-uisge, mar a bheadh dhá fhalla, n-a sheasamh suas leó ar gach taobh díobh. Nuair a chonnaic mór shluagh na h-Éigipte clann Israéil ag gluaiseacht tríd an bhfaraige ar an gcosán tirm tháinig fearg ortha. Bhí an díoltas agus an saidhbhreas ag imtheacht i n-aonfheacht uatha. Siúd isteach 'n-a ndiaidh iad tríd an bhfaraige, ar an mbóthar idir an dá chlaidhe uisge. Bhíodar a d'iarraidh teacht suas le clainn Israéil chun iad do bhualadh. Bhí an t-aingeal ansúd sa sgamal, ámhthach, idir na h-Éigipteachaibh agus clann Israéil, agus bhí sé ag bualadh na n-Éigipteach agus 'ghá leagadh agus ag brise na gcarbad ortha, go dtí go ndubhradar leó féin gur b'fhearra dhóibh casadh mar go raibh Dia ag cosaint na n-Eabhrach. Thugadar iaracht ar chasadh ach bhí sé ró dhéanach acu. Bhí an oidhche caithte acu sa tóir. Bhí an duine deirineach de chlainn Israéil ag dul amach ar an dtaobh thoir de'n fharaige. Bhí Pharó agus a mhór shluagh go léir istigh sa bhóthar agus an t-uisge n-a sheasamh ar gach taobh díobh. Do shín Maois a lámh os cionn na faraige ó'n dtaobh thoir. Do dhún an t-uisge isteach láithreach, ó'n dá thaobh ar an rí agus ar a mhór-shluagh agus do bádhadh iad go léir. LXX. An Tart. Fé mar a neartuigh solus an lae do fuair clann Israéil feuchaint ó'n dtráigh isteach ar an bhfaraige
agus chonacadar radharc a bhí sgannramhail. Chonaca- dar na mílte corp agus tonnthacha na faraige ghá gcaitheamh anonn 's anall ar barr uisge. Chonacadar cuirp na gcapall agus cuirp na ndaoine measgaithe ar a chéile agus ar a measg go léir slisneacha agus rothana agus cláraca na gcarbad mbriste agus iad 'n-a suathantais ag gluaiseacht ar barr uisge. Ansan d'umhluigh clann Israéil iad féin agus ghabhadar buidheachas leis an dTighearna ó chroidhe mar gheall ar an ngníomh uathbhásach san a dhein Sé dhóibh chun iad a dh'fhuasgailt ó'n namhaid a bhí chómh cómhachtach agus chómh líonmhar agus chómh lán cheapaithe ar iad go léir do dhísgiú ansúd ar bruach na Mara Ruadh. I gcaitheamh an lae sin agus i gcaitheamh mórán laeth- anta i ndiaidh an lae sin bhí na cuirp, cuirp daoine agus eachra, dh'á gcaitheamh isteach ar an dtráigh ó'n bhfaraige. Bhí ar na corpaibh sin cuid mhaith de chor- paibh na n-uasal dob' aoirde d'á raibh sa n-Éigipt. Gan amhras do chuir clann Israéil fé ghainimh na trágha iad, agus gan amhras do fuaradar ar na corpaibh uaisle sin mórán órnáidí óir agus airgid agus mórán de gach aon tsaghas saidhbhris agus de gach aon tsaghas ollmhaithis. Cheap an rí agus uaisle na h-Éigipte, nuair a bhíodar ag teacht ar thóir clainne Israéil, agus go h-áirighthe nuair a mheasadar go raibh beirtha ar chlainn Israéil acu idir iad agus an fharaige, nár bh'fhios cad é an saidhbhreas a bheadh acu ag dul thar n-ais abhaile. Bheadh, dar leó, na fir go léir curtha chun báis acu agus an t-ór agus an t-airgead a fuaradar ar iasacht ó mhuinntir na h-Éigipte tógtha d'á gcorpaibh acu, agus d'á éaghmuis sin bheadh na mná agus an chlann chun sglábhaidheachta acu, agus bheadh na tréadta caereach agus na beithidhigh go léir acu chun a dtairbhthe féin. A mhalairt sin ar fad, ámhthach, iseadh bhí le feisgint ansúd ar an dtráigh thoir de'n Mhuir Ruaidh nuair a bhí an cluiche críochnuighthe. Rí na h-Éigipte agus uaisle
na h-Éigipte agus mílte slógh na h-Éigipte sínte ansúd marbh ar an dtráigh, agus clann Israéil ag piocadh an óir as a bpócaíbh agus ag piocadh na n-órnáidí d'á méireanaibh agus as a gcluasaibh san ar chuireadar fé ghainimh na trágha iad. Ansan do chúm Maois dán filidheachta ag moladh Dé go h-árd mar gheal ar an mírbhúilt uathbhásach san, agus do thóg Máire, drifiúr a bhí ag Maois agus ag Aaron, a tímpán, agus do thóg na mná eile a n-úirlisí ceóil agus sheinneadar ceól leis an ndán a dhein Maois agus chuireadar guth air agus bhíodar go léir ag moladh Dé agus ag gabháil buidheachais leis mar gheall ar an bhfuasgailt a thug sé ortha. Tímpal cheithre chéad déag blian roimh theacht an tSlánuightheóra iseadh do chúm Maois an dán san, agus deir lucht eóluis ná fuil dán ar bith anois is sine ná é, agus ná fuil blúire filidheachta is breághtha 'ná é. Do thóg Maois clann Israéil leis ó bhruach na Mara Ruadh isteach tríd an uaigneas ar a nglaodhtí Sin. Shiubhluighdar trí lá tríd an uaigneas san agus bhí tart ortha agus ní raibh aon bhraon uisge acu le n-ól. Thána- dar go h-áit 'n-a raibh uisge ann, ach bhí an t-uisge chómh searbh san nár bhféidir dóibh é dh'ól. Thugadar mara mar ainm ar an áit sin, mar cialluighean an focal Mara searbhas. Chromadar ar ghluaireán i gcoinnibh Mhaoise. "Cad 'n-a thaobh ná tugan tú rud éigin le n-ól dúinn!" adeiridís. Do chrom Maois ar a ghuidhe do chur suas chun Dé. Thaisbeán Dia dhó adhmad éigin le cur sa n-uisge. Do bhain an t-adhmad an searbhas as an uisge agus d'óladar a ndóithin agus bhíodar sásta. Do ghluaiseadar as an áit sin agus thánadar go n-Elim. Bhí dhá thobar déag fíor uisge sa n-áit agus do dhein clann Israéil longphort ann agus d'fhanadar ann tamal. Bhí an
t-uisge breágh acu ann agus bhí sgáth ó'n ngréin acu ann mar bhí deich cinn agus trí fichid de chrannaibh pailme ag fás mórthímpal na dtoibreacha. D'fhágadar an áit sin nuair a bhí tamal caithte ann acu agus chuadar amach airís fé'n uaigneas tirm, idir Eilim agus Sinai. Tháinig an tart airís ortha, agus tháinig an t-ocaras ortha chómh maith leis an dtart. Bhíodar ag tuitim le tart agus le h-ocaras. Chrom- adar ar cheisneamh agus ar ghluaireán agus ar spídiúchán. "Ó," adeiridís, "nách truagh nách é an bás a tháinig orainn thíos sa n-Éigipt ó láimh an Tighearna! nuair a bhí neart dúinn suidhe in aice na gcorcán feóla agus ár ndóithin de'n arán a dh'ithe!" LXXI. Bia Mírbhúilteach. Bhí clann Israéil ag gluaireán agus ag ceisneamh agus ag spídiúchán ar Mhaois agus ar Aaron, mar gheall ar iad a thabhairt amach i n-aon chor as an Éigipt. "Cad chuige dhíbh," adeiridís, "sinn a thabhairt amach anso sa bhfiantas so? An sinn go léir do chur chun báis leis an dtart agus leis an ocaras a theastuigh uaibh!" I lár an ghluaireáin dóibh do labhair an Tighearna le Maois: "Feuch," arsan Tighearna, "Fearfad-sa arán as an spéir chughaibh. Téidheadh na daoine amach agus bailighdís dóithin an lae i gcómhnuighe dhe, i dtreó go dtrialfad iad feuchaint an siubhlóchaid siad do réir mo dhlighe nú ná siubhlóchaid. Ná bailigheadh aoinne ach dóithin an lae dhe go dtagaidh an sémhadh lá. Nuair a thiocfidh an sémhadh lá bailightear dóithin dá lá, i dtreó ná beidh aon nídh le déanamh an seachtmhadh lá." Do labhair Maois le clainn Israéil: "Um thráth- nóna iseadh do chífidh sibh gur b'é an Tighearna, agus
nách sinne, do thug as an Éigipt sibh, agus chífidh sibh a mhór ghlóire ar maidin amáireach. I gcoinnibh Dé féin atá an gluaireán so agaibh 'á dhéanamh agus ní i n-ár gcoinnibh-ne. Cad é 'bhrígh sinne agaibh chun bheith ag gluaireán i n-ár gcoinnibh. Tabharfidh an Tighearna bhúr ndóithin feóla dhíbh um thráthnóna anocht agus bhúr ndóithin aráin ar maidin amáireach." Ansan do labhair Maois le h-Aaron: "Abair le pobul Israéil go léir seasamh i láthair an Tighearna." "Tagaidh," arsa Aaron, "agus seasuighidh i láthair an Tighearna, óir do chlois an Tighearna bhúr gceisneamh." D'fheuch an pobul go léir amach fé'n nganimheach agus do chonnacadar glóire an Tighearna sa sgamal, agus do labhair an Tighearna le Maois: "Do chloiseas ceisneamh clainne Israéil. Abair leó: 'íosfidh sibh feóil um thráthnóna agus íosfidh sibh bhúr ndóithin aráin ar maidin amáireach. Beidh fhios agaibh gur mise bhúr dTighearna Dia.'" Tháinig an tráthnóna. Chonaic na daoine an suathantas éanlaithe ag teacht chucha tríd an spéir i dtreó go raibh an spéir dubh acu bhí oiread san ann díobh. Thána- dar os cionn an longphuirt agus thuiteadar ameasg na gcábán i dtreó go raibh an talamh clúdaithe acu. Saghas éanlaithe i bhfuirm paitrisgí ab eadh iad. Do tógadh iad agus do h-ullmhuigheadh chun bídh iad agus bhí an fheóil ana mhaith, anadheighbhlasta. Do baineadh an t-ocaras de chlainn Israéil an oidhche sin. D'eirighdar go moch ar maidin agus chonacadar leathta ar an dtalamh lasmuich de'n longphort, rud mar bhead reódh liath. Bhí sé 'n-a ghráinníníbh i bhfuirim síl córiándeir. "Manhu? Manhu?" adeireadh gach aoinne a chonaic é. Cialluighean an focal "Manhu," sa teangain Eabhra, "Cad é an rud é?" mar siní ceist a chuireadh an duine nuair a chíodh sé na gráinníní ar an dtalamh, óir ní raibh fhios acu cad é an nídh é.
Do labhair Maois leó: "Siné an t-arán atá tabhartha ag an dTighearna dhíbh-se le n-ithe. Agus seo mar atá órduighthe ag an dTighearna dhíbh. Bailigheadh gach aoinne oiread de sin agus dhéanfidh a dhóithin chun bídh, gómer i n-aghaidh an duine d'á bhfuil i n-aon chábán iseadh do baileófar." Dhein clann Israéil mar sin agus bhailighdar an bia. Bhailigh duine cuid mhór agus duine cuid bheag, agus iongna an sgéil, ní raibh ar ball ag an t-é a bhailigh cuid mhór ach aon ghómer amháin, agus lán an ghómeir ag an t-é nár bhailigh ach cuid bheag. Saghas tómhais ab eadh an gómer. Bhí a shaothar i n-aistear ag an t-é a bhailigh mór chuid mar ní raibh aige ar ball ach gómer i n-aghaidh an duine d'á raibh chun an bhídh a dh'ithe aige. Dubhairt Maois leó, leis, gan aon chuid de do chur i gcimeád i gcóir an lae amáirigh a bhí chughainn. Níor dheineadar rud air. Mheasadar gur mhór an nídh dhóibh gan a bheith ortha eirighe ró mhoch, nú mheasadar go mb'fhéidir ná beadh an bia ann le bailiú amáireach a bhí chughainn. Bhí ciall acu, dar leó. Chuireadar cuid de'n bhia i gcimeád i gcóir an lae amáirigh. Nuair a thánadar amáireach agus d'fheuchadar air bhí sé lán de chnuimhe agus baluith bréan uaidh! Nuair airigh Maois an méid sin bhí árd fhearg air chucha. As san amach níor bhailigh aoinne ar maidin ach an méid a dhéanfadh a dhóithin féin an lá san agus dóithin na muinntire a bhí ag brath air. An t-é nár leog an leisge dhó eirighe moch ní raibh aon rud aige le bailiú, mar nuair a neartuigheadh teas na gréine do leigheadh an bia ar an dtalamh. Nuair a thagadh an sémhadh maidin de'n tseachtmhain do bailightí dóithin an lae sin agus dóithin an lae 'n-a dhiaidh, i dtreó nár ghádh d'aoinne obair do dhéanamh lá an tsuainis nuair a bhí obair coisgithe.
LXXII. Uisge as an gcaraig. Agus bíodh go gcurtí an bia i gcimeád i gcóir an seachtmhadh lae ní lobhadh sé ná ní thagadh aon chnuimhe ann. Agus d'á éaghmuis sin níor bh'aon mhaith d'aoinne eirighe moch agus dul amach maidean an seachtmhadh lae chun an bhídh a bhailiú mar ní bhíodh an bia ann chuige. Ní thagadh an bia anuas i n-aon chor an seachtmhadh lá. B'shin slighe de sna slightibh 'n-ar chuir an Tighearna i n-iúil do chlainn Israéil ná raibh ceadaithe dhóibh obair do dhéanamh an lá san ach obair a bheadh riachtanach. Bhí ceadaithe dhóibh an bia do bailigheadh indé roimis sin d'ullmhú chun a chaithte an lá san. Bia milis, foláin deigh-bhlasta ab eadh an bia sin, bia do réidhtigheadh go maith le goile agus le sláinte. Do lean an Tighearna ag tabhairt an bhídh sin do'n phobul Eabhra i gcaitheamh an dachad blian a chaitheadar ag gluaiseacht anonn 's anall tríd an ndúthaigh gainimhe atá idir an Muir Ruaidh agus an Tír Naomhtha. Chífar ar ball cad é an chúis nár leogadh dóibh dul isteach sa Tír Naomhtha nuair a thánadar chun teóran na tíre sin an chéad uair. Bhailighdís an bia gach aon mhaidean, dóithin an lae sin, agus dheinidís arán breágh dhe. Agus nuair a bhídís 'ghá ullmhú ní leigheadh an teine é, bíodh go leigheadh an ghrian é ar an ngainimh amuich nuair a neartuigheadh an teas innti. Ba mhírbhúilteach an saoghal ag clainn Israéil é i gcaitheamh an dachad blian san! An bia mírbhúilteach dh'á thabhairt dóibh, ar an gcuma mírbhúilteach san, gach aon mhaidean a dh'eirigheadh ortha, i gcaitheamh na h-aim- sire sin go léir! Ach bhí cúis leis an mírbhúilt, diong-
bháil na mírbhúilte de chúis. Samhaltas ab eadh an t-arán mírbhúilteach san a thug Dia do chlainn Israéil sa bhfiantas gainimhe ar feadh an dachad blian san, ar an Arán is mírbhúiltighe go mór 'ná é, an t-Arán so atá tabhartha ag an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ní do chlainn Israéil amháin ach do'n chine daona go léir, agus ní h-ar feadh dachad blian ach an fhaid a mhairfidh an saoghal, i., Fuil agus Feóil, Anam agus Diacht an tSlánuightheóra féin fé ghné an aráin agus an fhíona. Dó ghluais clann Israéil ó ghainmheach Sin agus thánadar go Raphidim agus chuireadar suas longphort ann. Ní raibh aon bhraon uisge le fághail sa n-áit sin. Chrom na daoine ar chasaoid le Maois. "Tabhair uisge dhúinn!" ar siad. "Cad 'n-a thaobh ná tugan tú uisge dhúinn! Nú cad 'n-a thaobh nár fhágais thíos sa n-Éigipt sinn! Cad chuige dhuit sinn a thabhairt amach sa ghain- mheach thirm seo chun sinn féin agus ár leanbhaí agus ár mbeithidhigh do chur chun báis le tart!" "Cad chuige díbh bheith ag fromadh ar an dTighearna!" arsa Maois leó. "Cad 'n-a thaobh ná tugan tú uisge dhúinn!" ar siad. "Táimíd ag fághail bháis leis an dtart. Tabhair uisge dhúinn!" Do labhair Maois leis an dTighearna. "A Thighearna," ar seisean, "cad a dhéanfad leó san! Geóbhaid siad do chlochaibh ionam feasta!" Do labhair an Tighearna le Maois. "Tóg ad' láimh," arsan Tighearna, "an tslat le n-ar bhuailis abha na h-Éigipte agus imthigh féin agus rainnt de sheanóiríbh an phobuil amach roimis an bpobul agus bead-sa am' sheasamh rómhat ansúd ag carraig Horeb, agus buail an charraig leis an slait agus tiocfidh uisge amach as an gcaraig do phobul Israéil." Do dhein Maois an nídh sin mar a dubhradh leis agus nuair a bhuail sé an charaig leis an slait do sgeinn an
t-uisge n-a chaise láidir amach a' cliathán na carraige agus bhí a ndóithin le n-ól ag clainn Israéil. Bhí áiteana sa chómharsanacht ná raibh 'n-a ngain- mheachaibh ar fad; áiteana 'n-a raibh rainnt éigin fáis ionta. Bhíodh daoine 'n-a gcómhnuidhe in sna h-áit- eannaibh sin. Do thárla go raibh daoine 'n-a gcómhnuidhe an uair sin i n-áit ná raibh abhfad ó Raphidim. Sliocht Ameleic a tugtar ortha. Treibh de shliocht Esau ab eadh iad. Thánadar agus chuireadar cath ar chlainn Israéil. Do labhair Maois le Iósue. "Eirigh," ar seisean, "agus dein fir do thoghadh agus imthigh amach agus tabhair cath dhóibh siúd, agus seasóchad-sa ar bhara an chnuic agus slat Dé am' laimh agam." LXXIII. Na Lámha Anáirde. Do dhein Iósue an rud adubhairt Maois leis a dhéanamh. Do thoibh sé na fir ab fhearr chun an chatha agus do ghluais sé amach leó agus thug sé cath do shliocht Ameleic. Chuaidh Maois suas ar an gcnoc agus an tslat 'n-a láimh aige agus bhí a dhá láimh anáirde aige agus é ag guidhe chun Dé, 'ghá iarraidh ar Dhia an buadh thabhairt do chlainn Israéil. Ansan do thárla rud mírbhúilteach. Bhí an cath ar siubhal go dian. Thagadh tuirse agus mairbhitighe i lámhaibh Mhaoise nuair a bhídís sínte anáirde ró fhada aige. Do thagadh na lámha anuas le neart tuirse. Nuair a bhíodh na lámha ag teacht anuas bhíodh sliocht Ameleic ag buachtaint agus clann Israéil ag dul i ndiaidh a gcúil. Ansan dheineadh Maois iaracht ar na lámha do chur anáirde airís i n-aindeóin an tuirse agus bhíodh clann Israéil ag buachtaint agus sliocht Ameleic ag dul i ndiaidh a gcúil. Bhí Aaron agus Hur i n-aice le Maois
ar an gcnoc. Chonaic an bheirt conus mar a bhíodh an buadh ag clainn Israéil an fhaid a bhíodh lámha Mhaoise anáirde, agus an buadh ag an namhaid nuair a thuiteadh na lámha le neart tuirse. D'aimsighdar cloch agus chuir- eadar Maois 'n-a shuidhe uirthi agus tháinig duine acu ar gach taobh de agus do rugadar ar an dá láimh agus chimeádadar anáirde iad i gcaitheamh an lae go léir. An fhaid a cimeádadh na lámha gan tuitim do lean an buadh ag clainn Israéil agus ag Iósue go dtí go dtáinig an tráthnóna agus go raibh buaidhte glan ar shliocht Ameleic. Deir lucht eóluis go raibh Maois an uair sin, agus é ar an gcnoc agus a dhá láimh sínte anáirde aige, 'n-a shamhaltas do'n t-Slánuightheóir nuair a bhí sé ar an gCruis, ar chnoc Chalbharaí, agus a dhá láimh tárnálta ar an adhmad, agus buadh aige dh'á bhreith, do'n chine daona, ar chómhachtaibh an diabhail. Dubhairt an Tighearna le Maois gníomh an lae sin do sgrí' i leabhar agus an leabhar a thabhairt do Iósue le cimeád, i dtreó go leanfadh cuimhne ar an mírbhúilt. Nuair a bhí Maois ag sgaramhaint le Ietró, le h-athair a chéile, do rug sé a bhean agus a chlann leis síos sa n-Éigipt. 'N-a dhiaidh san, nuair a bhí sé ag dul ag aighneas le Pharó do chuir sé an bhean agus an chlann thar n-ais ag triall ar Ietró mar a mbeidís ó bhaoghal agus ar láimh shábhála ó fheirg an rí. Tar éis an chatha san i n-aghaidh sleachta Ameleic tháinig Ietró ag triall ar Mhaois agus thug sé leis chuige an bhean agus an chlann. Ní raibh an áit 'n-ar chómhnuigh Ietró ró fhada ó'n áit 'n-ar buaileadh an cath. Nuair a fuair Maois go raibh athair a chéile ag teacht agus ag tabhairt a mhná agus a chlainne ag triall air bhí áthas mór air. Chuaidh sé amach i gcoinnibh Ietró agus bheannuighdar d'á chéile go muinnteartha agus go cáirdeamhail agus do phógadar a chéile go dlúth. Thug Maois leis isteach iad 'n-a chábán féin agus d'innis sé dhóibh ó thúis go deire, na
mírbhúilti móra agus na díbhfeirgí uathbhásacha a dhein an Tighearna ar Pharó agus ar an Éigipt ar son clainne Israéil. Bhí áthas mór ar Ietró nuair airigh sé na neithe sin go léir, agus dubhairt sé: "Moladh leis an dTighearna do thug saor sibh-se ó láimh na n-Éigipteach agus ó láimh Pharó. Do thug an Tighearna a phobhul féin saor as an Éigipt! Chím anois go bhfuil cómhacht an Tighearna níos treise 'ná comhacht na ndéithe go léir. D'eirighdar go h-uaibhreach i n-aghaidh a phobuil agus do leag a chómhacht iad." Ansan do dhein Ietró ídhbirt agus holocaust chun Dé agus tháinig Aaron agus seanóirí Israéil agus d'itheadar arán 'n-a chuibhrean i láthair Dé. Amáireach a bhí chughainn bhí Maois ag éisteacht cúiseana dlighe agus 'ghá mbreithniú. Bhí sé ag glaodhach fínnithe agus 'ghá gceistiú chun teacht ar fhírinne gach cúise. Cúiseana troma ab eadh cuid de sna cúiseanaibh agus níor bhfoláir feuchaint isteach ionta go cruinn agus go h-aireach agus aimsir do chaitheamh leó. Cúiseana gan puinn brighe ab eadh tuille acu, agus nídh a bhí ceatach go leór, do loiteadh an chúis gan bhrígh, go minic, níba mhó de'n aimsir 'ná mar ba cheart agus d'fhágadh san easba aimsire chun na cúise truime ar an mbreitheamh. LXXIV. Cómhairle ó Ietró. Nuair a bhí lá caithte ar an gcuma san agus Maois buailte amach le tuirse agus le ciapadh aigne do labhair Ietró leis, mar seo:- "Feuch, a mhic," ar seisean, "Tá eugcóir throm agat 'á dhéanamh ort féin, agus ní h-ort féin amháin atá an eugcóir agat á dhéanamh ach ar na daoine seo chómh maith.
Daoine 'n-a bhfuil cúiseana troma acu le cur os do chómhair do thugadar an lá go léir anso ag feitheamh go nglaodhfí iad. Tháinig daoine agus gan acu ach cúiseana gan bhrígh laistigh díobh, agus an aimsir ba cheart a chaitheamh leis na cúiseanaibh troma do caitheadh í leis na cúiseanaibh gan ró bhrígh. Má leanan tusa, a mhic, ag déanamh na h-oibre ar an gcuma san mar- bhóchaidh an obair thusa agus ní bheidh an obair féin dh'á déanamh ar aon tslacht." "Níl leigheas agam air, a Athair," arsa Maois. "Is uaim-se atá briathar Dé le fághail ag na daoine seo agus is chugham-sa nach foláir leó teacht chun é dh'fhághail. Nuair eirighean díospóireacht eatartha is maith leó an díospóireacht do shocarú do réir dlighe Dé agus is uaim-se thuigid siad an dlighe sin a bheidh le fágháil acu." "Ní maith an nídh atá agat dh'á dhéanamh, a mhic," arsa Ietró, "ad' mharbhú féin agus ag marbhú do dhaoine le saothar gan ghátar. Tá an obair os cionn do nirt. Ní sheasóchair an obair agus ní sheasóchaid na daoine a leithéid d'obair. Glac mo chómhairle-se, a mhic, agus dein rud orm, agus beidh Dia leat. Ceap duit féin an gnó a bhainean le Dia do mhúine do sna daoine agus a thaisbeáint dóibh conus is ceart dóibh gnóthaí creidimh agus a dhualgaisí do chómhlíonadh, agus conus is ceart dóibh iad féin d'ullmhú chun na ndualgaisí sin agus iad féin d'iompar nuair a bheid siad 'ghá gcómhlíonadh. Ansan dein fir do thoghadh as an bpobul go léir, fir chreideamhnacha n-a mbeidh uraim ag gach aoinne dhóibh, fir 'n-a mbeidh eagla Dé ortha, 'n-a mbeidh fírinne ionta agus 'n-a mbeidh fuath do shainnt ionta. Ceap na fir sin 'n-a mbreitheamhnaibh, agus 'n-a dtaois- eachaibh céad agus 'n-a dtaoiseachaibh caogad agus n-a dtaoiseachaibh deichneabhar, agus deinidís cúiseana na ndaoine do bhreithniú. Ansan, má eirighean cúis ró throm tugtar os do chómhair-se an chúis sin, agus
breithnighdís féin na mion chúiseana. Má dheinean tú mar sin, a gcion de'n trioblóid do chur ar dhaoinibh eile, déanfir saoráid mhór duit féin, cómhlíonfir an obair mhór so atá curtha ag Dia ort agus beidh sásamh aigne ar an bpobul." Do dhein Maois an nídh sin a chómhairligh Ietró dhó. Do thoibh sé na fir chreideamhnacha 'n-a raibh neart aigne ionta agus iontaoibh ag gach aoinne asta, agus dhein sé giúistísí dhíobh os cionn an phobuil, fé mar adubhairt Ietró leis a dhéanamh, agus as san amach ní raibh brúth ná ríghneas i n-obair na gcúiseana do bhreithniú. Nuair a bhí an méid sin déanta do sgar Maois agus Ietró. D'fhág Ietró slán ag Maois agus ag uaislibh chlainne Israéil agus chuaidh sé abhaile chun a thighe féin. Taisbeánan an méid sin sgéil gur dhuine ana naomhtha gur bh'eadh Ietró agus go raibh aithne ar Dhia aige agus eólus ar dhlighe Dé, bíodh go raibh sé 'n-a chómhnuidhe i ndúthaigh phágánach. Bhí rainnt daoine an uair sin sa tsaoghal, anso agus annsúd, a chimeád aithne ar Dhia, fé mar a fuaradar an aithne sin ó n-a sínsear; ó athair go clainn, ó aimsir na dílean anuas. Duine acu san ab eadh Iób Naomhtha. Duine eile acu ab eadh Ietró so 'n-a raibh a inghean pósta ag Maois. Bhí Maois agus clann Israéil tar éis trí mhí do chaitheamh sa bhfásach gainmhighe an uair sin. Nuair a bhí Ietró imthighthe thug an chualacht aghaidh ar chnoc Sinai. Chuireadar suas a gcábáin ag bun an chnuic sin. D'imthigh Maois an cnoc suas chun bheith i láthair Dé. Do labhair Dia leis mar seo:- "Abair-se le clainn Israéil agus le sliocht Iácóib: "Do chonacabhair féin na neithe a dheineas-sa ar mhuinntir na h-Éigipte nuair a thugas liom sibh-se uatha agus ghlacas chugham féin sibh. Anois, má éistean sibh lem' ghlór agus má chimeádan sibh mo chonnradh beidh sibh i nbhúr bpobul liom féin agam-sa, toghtha agam as na pobulaibh eile go léir, óir is liom-sa an domhan go
léir. Agus beidh sibh-se agam i nbhúr rígheacht naomhtha agus i nbhúr bpobul beannuighthe." Siní an chainnt a déarfir le clainn Israéil." LXXV. Maois ar an gcnoc. Tháinig Maois anuas ó'n gcnoc agus d'innis sé do'n phobul an chainnt adubhairt an Tighearna leis a dh'innsint dóibh. Nuair airigh an pobul an chainnt d'fhreagradar go léir d'aon ghuth: "Déanfimíd gach nídh d'á ndubhairt an Tighearna." Ansan d'imthigh Maois suas an cnoc airís agus nuair a bhí sé i láthair an Tighearna d'innis sé an freagra a fuair sé ó'n bpobul. Ansan dubhairt an Tighearna: "Tiocfad chughat anois i ndoircheacht sgamail i dtreó go n-aireóchaid na daoine me ag cainnt leat agus go gcreidfid siad tu i gcomhnuidhe. Imthigh síos ag triall ortha agus dein iad do bheannú indiu agus amáireach, agus nighdís a gcuid éadaigh agus bídís ullamh i gcóir an trímhadh lae. Nuair a thiocfidh an trímhadh lá, túir- liceóchaidh an Tighearna ar an gcnoc so Sinai os cómhair an phobuil go léir. Cuir-se teóra mórthímpal ar an gcnoc agus abair leis na daoine gan teacht an cnoc aníos ná teangmháil i n-aon chor leis an dteórainn. Aoinne theangóchaidh leis an gcnoc curfar chun báis é. Ní theangóchaidh lámh duine leis. Is le gabháil do chlochaibh ann nú le lámhach arm a curfar chun báis é. Pé'cu beithidheach é nú duine ná fágtar beó é. Nuair thosnóchaidh fuaim na h-adhairce tagaidís aníos chun an chnuic." D'imthigh Maois síos agus d'innis sé do'n phobul cad a bhí le déanamh acu. Do naomhuigh sé iad agus do
nighdar a gcuid éadaigh agus dubhairt sé leó iad féin do chimeád ullamh i gcóir an trímhadh lae. Tháinig an trímhadh lá. Chómh luath agus do gheal solus an lae do las na splancracha agus thosnuigh an tóirth- neach agus do luigh sgamal dorcha dubh anuas ar mhullach an chnuic. Ansan do labhair an trúmpa. Do labhair an trúmpa agus bhí an glór ag neartú agus ag dul i n-aoirde agus i ngéire agus i mbuirbe, agus na splancracha ag dul i ngléineacht agus i n-iomadamh- lacht, agus an tóirthneach ag dul i méid agus i dtruime agus i sgannramhla go dtí go raibh na daoine go léir ag crith le h-eagla istigh 'n-a gcábánaibh. Tháinig Maois chucha agus dubhairt sé leó teacht chun an chnuic. Thánadar leis, ach d'fhanadar thíos ar fad ag bun an chnuic. Bhí an cnoc go léir 'n-a sheó le deatach agus le splancracha agus le tóirthnigh agus glór an trúmpa ag dul i n-aoirde agus i gcuthaighe i n-aghaidh an neómait, agus tríd an bhfothram go léir d'airigh an pobul an Tighearna ag labhairt agus Maois ghá fhreagairt, agus bhí fhios acu go raibh an Tighearna tagaithe anuas ar fhíor mhullach an chnuic. Do ghlaoidh an Tighearna ar Mhaois agus dubhairt sé leis teacht aníos go dtí an mullach. Chuaidh Maois suas. "Imthigh síos," arsan Tighearna, "agus tabhair foláramh do sna daoine le h-eagla go dtiocfadh aon chuid acu thar an dteórainn aníos ag brath air go bhféadfidís an Tighearna d'fheisgint agus go ndísgeófí buidhean mhór díobh agus na sagairt atá ag teacht i láthair an Tighearna, naomhuightear iad le h-eagla go mbuailfadh sé iad." Dubhairt Maois leis an dTighearna: "A Thighearna, ní féidir do'n phobul teacht aníos, óir d'órduighis-se féin teóra do chur mórthímpal an chnuic." Agus dubhairt an Tighearna leis: "Imthigh síos agus tar féin agus Aaron aníos, agus fanadh na sagairt agus an pobul thíos. Ná tagaidís thar an dteórainn. Ná
tagaidís i láthair an Tighearna le h-eagla go gcuirfadh sé chun báis iad." Tháinig Maois anuas ag triall ar an bpobul agus d'innis sé gach aon rud dóibh. Ach d'airigh na daoine guthana na cainnte idir Mhaois agus an Tighearna, agus chonacadar na splancracha ag síor-lasadh agus bhíodar ag éisteacht leis an dtóirthnigh agus leis an dtrúmpa uathbhásach, agus ní leogfadh sgannra dhóibh dul i ngoire an chnuic. LXXVI. Ríghneas. Nuair a tháinig an seachtmhadh lá do ghlaoidh an Tighearna ar Mhaois. Tháinig guth an Tighearna as an sgamal. Ansan do chonaic Maois, i n-inead an sgamail, nú istigh i lár an sgamail, glóire an Tighearna, mar bheadh lasair theine, ar fhíor-mhullach an chnuic. Chuaidh Maois isteach i láthair na lasrach agus bhí sé ann ar feadh dachad lá 'n-a dhiaidh san. Do labhair Dia le Maois agus d'innis sé dhó conus a chaithfadh sé an Tabernacul do dhéanamh agus an Airc 'n-a raibh an Chonnradh le cimeád innti, agus na h-órnáidí a bhí le cur ortha araon, agus cá raibh an t-adhbhar agus na h-órnáidí le fághail, gur ó'n bpobul a bhí an t-ór agus an t-airgead le fághail, agus na clocha lóghmhara, agus an t-adhmad ró áluinn. Thug sé dhó, trítha síos go mion, na cúntaisí ar conus a bhí an obair le déanamh. Ansan dubhairt sé leis go gcaithfadh sé Aaron agus a chlann do cheapadh agus d'órdnú 'n-a sagartaibh, chun gach sórd gnóthaí creidimh do dhéanamh chun Dé. D'innis sé dhó conus a déanfí éadach na sagart agus cad iad na h-órnáidí uaisle do curfí ortha. D'innis dhó conus mar a chaithfadh sé na gaibhní geala do b'fhearr a bhí sa
phobul, agus na ceárdaidhthe do b'fhearr, agus na figheadóirí do b'fhearr, do chur ag déanamh na n-oibreacha san go léir: Ansan d'innis sé dhó cad iad na h-ídhbirtí a bhí le déanamh agus cad iad na riaghalta solamanta a bhí le cómhlíonadh i n-órdnú na sagart, agus cad iad na h-ainmhidhthe a bhí le h-ídhbirt i gcómhlíonadh na riaghalta san. Nuair a bhí an stiúrú go léir tabhartha ag Dia do Mhaois bhí an dachad lá geall le bheith caithte. Ansan thug Dia dhó na h-aitheanta sgríobhtha ar an dá lic, ar dhá lic na Connartha, agus isé Dia féin do sgríbh iad. Bhí Maois ar an gcnoc i gcaitheamh an dachad lá agus bhí Aaron agus an pobul thíos ag bun an chnuic ag feitheamh leis. Do ghluais lá agus do ghluais dhá lá, agus níor tháinig Maois ná aon tuairisg uaidh. Do ghluais an tseachtmhain, do lean seachtmhain eile an tseachtmhain sin agus níor tháinig Maois anuas, ná aon tuairisg uaidh. D'imthig an trímhadh seachtmhain. Bhí an droch thaithighe ag clainn Israéil ar nósaibh na h-Éigipte. Do réir an nóis sin na h-Éigipte ní fhéadfadh aon phobul daoine aon rath a bheith ortha gan saghas éigin déithe bheith acu le h-adhradh. Bhíodh gach aon tsaghas déithe ag muinntir na h-Éigipte. D'adhraidís an ghrian agus an ghealach, agus d'adhraidís cuid de sna h-ainmhidhthe móra grána a bhíodh sa n-abhann mór acu, sa Níle. Bhíodh tarbh beannuighthe acu agus d'adhraidís é. An nídh a dheineadh tairbhthe dhóibh d'adhraidís é, le h-ionachus go bhfanfadh a thairbhthe acu, agus an nídh a dhéineadh díobháil dóibh d'adhraidís é le h-ionachus go maolóchadh san a dhíobháil nú go luigheadóchadh sé é. D'adhraidís a lán ainmhidhthe ar an gcuma san ach ní raibh aon ainmhidhthe ba naomhtha, dar leó, 'ná an cat! Bhí a leithéid d'uraim acu do'n chat gur bh'usa le duine acu bás d'fhághail 'ná aon díobháil a dhéanamh dó. Do bhuaidh namhaid ó'n ndomhan toir ortha i gcath mar gheall ar an uraim sin. Abhfad i ndiaidh aimsire Mhaoise ab eadh é. Bhí fhios ag
an namhaid an uraim uathbhásach a bheith ag na h-Éigipte- achaibh do'n chat. Do bhailigh an namhaid na céadta cat agus chimeádadar i máilíníbh iad. Cait a bhain leis an Éigipt na cait a bhailighdar. Bhí an dá shluagh, sluagh na h-Éigipte agus a namhaid ar aghaidh a chéile agus iad díreach chun a chéile do bhualadh. Do sgaoil an namhaid na cait go léir amach as na máilíníbh! Siúd an tsluagh cat fé dhéin na n-Éigipteach. Siúd ag teiche sluagh na n-Éigipteach nuair a chonacadar chucha na cait go léir! Chailleadar an cath mar gheall ar na cait. Níor chaith clann Israéil cheithre chéad blian sa n-Éigipt gan droch nósa agus adhradh fallsa de'n tsórd san do dhul i bhfeidhm ortha. Chromadar ar chuimhneamh nuair ná raibh Maois ag teacht, gur cheart dóibh saghas éigin déithe bheith acu, le h-eagla, mar a deireadh na h-Éigiptigh, ná beadh an rath ortha. LXXVII. Leabhar na Connartha. "Ní leogfadh eagla dhúinne dul i ngoire an chnuic," ar siad le Maois. "Dein-se labhairt thar ár gceann leis an dTighearna agus ansan labhair féin linne agus éistfimíd leat. Ná labhradh an Tighearna linn le h-eagla go bhfaighmís bás!" "Ná bíodh eagal oraibh," arsa Maois leó. "Ag déanamh fromtha oraibh a tháinig an Tighearna, i dtreó go mbeadh eagla agaibh roimis agus go gcimeádfadh an t-eagla sibh ó pheaca dhéanamh." Ansan do stad an pobul abhfad amach agus chuaidh Maois isteach sa sgamal mar a raibh Dia. Ansan do labhair Dia le Maois na dlighthe a bhí le cur i bhfeidhm ar chlainn Israéil nuair a bheidís 'n-a
gcomhnuidhe sa talamh a bhí geallta ag Dia dhóibh. Agus d'innis Dia dhó na deich n-aitheanta, ach níor sgríbh Dia ar an dá lic iad go dtí 'n-a dhiaidh san. D'innis Dia dhó conus a bhí an altóir le déanamh agus le frithálamh; conus a bhí seirbhísigh agus lucht oibre agus daoir le riaradh; na dlighthe agus na riaghalta do shocaróchadh aighneas cómharsanachta; an pionós a curfí ar lucht godaidheachta, ar lucht díobhála dhéanamh do thalamh chómharsan nú d'fhíonghort cómharsan; agus mar sin dóibh. D'innis Dia, leis, do Mhaois na riaghalta do caithfí a leanamhaint i dtaobh gnóthaí creidimh; conus mar a cimeádfí gach seachtmhadh lá 'n-a lá suainis; agus gach seachtmhadh bliain 'n-a bliain suainis gan saothrú tailimh, gan curadóireacht earraigh, gan buaint fóghmhair. Agus dubhairt Dia i ndeire na cainnte sin: "Cuir- fad-sa m'aingeal rómhat amach ar an slighe chun tu chosaint agus do stiúrú isteach sa n-áit atá ullamh agam duit. Feuch suas chuige agus éist le n-a ghlór. Ná dein neamh-shuim de mar nuair a dhéanfir peaca ní sgarfidh sé leat, agus tá m'ainim-se sa n-aingeal san. Má éistean tú le n-a ghlór agus má dheinean tú gach nídh a labhraim bead-sa am' namhaid agat' namhaid-se agus buairfad lucht do bhuartha. Gluaiseóchaidh m'aingeal rómhat amach agus stiúróchaidh sé isteach tu sa talamh atá geallta dhuit," agus c. Nuair a bhí deire ráidhte ag Dia an uair sin thánaig Maois anuas agus d'innis sé an chainnt go léir do chlainn Israéil. Nuair airigh clann Israéil an chainnt do labhradar go léir d'aon ghuth: "Déanfimíd-ne gach nídh d'á bhfuil labhartha ag an dTighearna!" Sin mar a críochnuigheadh an Chonnradh idir chlainn Israéil agus Dia nuair a cuireadh dlighe Mhaoise ar bun. Ansan do sgríbh Maois i leabhar an uile fhocal de'n chainnt a labhair Dia leis ar an gcnoc. Ansan do chuir
sé suas altóir ag bun an chnuic agus chuir sé na h-ídhbirtí dh'á ndéanamh fé mar a bhí órduighthe sa chainnt a bhí sgríobhtha síos aige. Do dhoirt sé cuid d'fhuil na n-ídhbirtí ar an altóir. Ansan do thóg sé an leabhar 'n-a raibh an Chonnradh sgríobhtha aige ann agus chuir sé cuid de'n fhuil ar an leabhar. Ansan do léigh sé amach as an leabhar dóibh cainnt na Connartha. Do labhradar go léir airís d'aon ghuth agus dubhradar: "Gach nídh d'á bhfuil labhartha ag an dTighearna cómhlíonfimíd é agus déanfimíd a réir! Nuair a bhí Maois ag cur na fola ar an leabhar do labhair sé na focail seo: "Fuil na Connartha an fhuil seo, fuil na Connartha atá déanta ag an dTighearna libh-se ar na neithibh go léir atá ráidhte annso." Ansan do chuaidh Maois agus Aaron suas ar an gcnoc, agus Nadab agus Abía, agus deichneabhar agus trí fichid eile de sheanóiríbh Israéil, agus chonacadar an Tighearna agus mar bheadh obair chloiche saphíre fé n-a chosaibh, agus mar bheadh spéir nuair a bhíon sé ciúin. Agus níor luigh sé a lámh ar an gcuid de chlainn Israéil d'imthigh abhfad siar. Do chonacadar Dia agus dheinea- dar ithe agus ól. Ansan dubhairt an Tighearna le Maois:- "Tar chugham aníos anso ar an gcnoc agus fan ann. Tabharfad duit leacacha cloiche agus an dlighe agus na h-aitheanta sgríobhtha ortha i dtreó go múinfir dóibh iad." D'eirigh Maois agus Iósue a thimthire, agus dubhairt sé leis na seanóiríbh: "Fanaidh-se go dtagam thar n-ais chughaibh. Tá Aaron agus Hur agaibh. Má eirighean aon cheist eadraibh fágaidh fútha-san an sgéal." Ansan d'imthigh Maois an cnoc suas agus tháinig an sgamal ar an gcnoc agus chlúdaigh an sgamal an cnoc, agus bhí glóire an Tighearna ar Shinai ar an gcuma san agus an cnoc clúdaithe aige, ar feadh sé lá.
LXXVIII. An Gamhain Leachta. Nuair a chonaic clann Israéil ná raibh Maois ag teacht anuas ó'n gcnoc do chruinnighdar i láthair Aaron agus do labhradar leis. "Eirigh," ar siad, "agus dein déithe dhúinn i dtreó go mbeid siad ag imtheacht rómhainn amach againn. An Maois úd, ámhthach, an fear a thug aníos as an Éigipt sinn, ní fheadramair cad tá imthighthe air." Do ghéill Aaron dóibh. Chonaic sé go raibh droch fhuadar fútha agus bhí eagla aige rómpa. "Tugaidh chugham," ar seisean, "na fáinní óir atá i gcluasaibh bhúr mban agus i gcluasaibh bhúr n-inghean agus i gcluasaibh bhúr mac." Thugadar chuige an t-ór. Do deineadh teine. Do cuireadh an t-ór sa teine agus do leigheadh é agus do deineadh íomhágh gamhna dhe. Do thóg na daoine an íomhágh agus dubhradar d'aon ghuth, go h-árd; "Sid iad bhúr ndéithe, a chlann Israéil, na déithe a thug amach sibh as an Éigipt!" Nuair a chonaic Aaron an méidh sin chuir sé suas altóir do'n ghamhain agus ar maidin amáireach a bhí chughainn do deinead ídhbirt mhór, .i. lán-ídhbirt loisgithe chun an ghamhna. Ansan do deineadh féasta mór agus do shuidh na daoine go léir síos ag ithe agus ag ól agus nuair a bhí a ndóithin ithte ólta acu d'eirighdar agus bhíodar ag spórt agus ag súgradh. Ansan do labhair an Tighearna le Maois thuas ar an gcnoc. "Imthigh síos," arsan Tighearna, "tá peaca déanta agat' dhaoine, na daoine sin a thugais leat as an Éigipt. Is luath atá imthighthe acu ó'n slighe a thaisbeánais dhóibh!
Tá íomhágh gamhna acu a dheineadar d'ór leachta, agus dheineadar ídhbirt chun an ghamhna san agus dubhradar, "Sid iad do dhéithe, a Israéil, atá tar éis tú thabhairt amach as an Éigipt."" Sar ar fhág Maois an cnoc do labhair an Tighearna airís leis mar seo: "Is léir gur daoine ró cheanndána na daoine seo. Leog dom, agus lasadh m'fhearg n-a gcoinnibh go ndísgighead iad. Ansan déanfad náisiún mór díot féin." Ach bhí Maois ag guidhe go cruaidh chun a Thighearna Dia ar son na ndaoine. "A Thighearna," adeireadh sé, "cad fá go lasfadh t'fhearg i gcoinnibh do phobuil féin, an pobul a thugais leat as an Éigipt le mór chómhacht agus le lámh chuthaigh? Athcim ort ná tabhair le rádh do mhuinntir na h-Éigipte, 'do rug sé leis amach iad i bhfeall chun iad do mharbhú in sna cnocaibh agus chun iad do dhísgiú as an saoghal.' Maoluigheadh t'fhearg agus maith dod' phobul an peaca so atá déanta acu. Cuimhnigh ar Ábraham agus ar Isaac agus ar Israél, do sheirbhíseacha dílse n-ar thugais tú féin mar ura dhóibh nuair a dubhraís, 'Méadóchad-sa bhúr sliocht chómh h-iomadamhail le réalta na spéire agus tabharfad dóibh an talamh so go léir ar a bhfuil labhartha agam agus beidh sé agaibh i gcómhnuidhe.'" Agus do maol- uigheadh fearg an Tighearna ionus ná déanfadh sé i n-aghaidh a phobuil an t-olc adubhairt sé. Ansan tháinig Maois anuas ó'n gcnoc agus dá leac na Connartha 'n-a laimh aige, agus an sgríbhinn ar gach taobh ortha, an sgríbhinn a chuir Dia féin ortha. Bhí Iósue tamal anuas ar chliathán an chnuic ag feitheamh leis. Do labhair Iósue nuair a tháinig Maois chun na h-áite 'n-a raibh sé. Bhí sé ag éisteacht leis an bhfothram mór a bhí á dhéanamh thíos mar a raibh an pobul. "Airigh- tear ualfairt catha sa longphort," ar seisean le Maois. "Ní gártha lucht gríosaithe chun cómhraic ná liúireach
lucht ruagartha ar teiche, a dh'airim-se," arsa Maois, "ach guthana lucht cantainne ceóil." Nuair a tháinig sé i ngar do'n longphort chonaic sé an gamhain agus na cantairí ag cantaireacht 'n-a thímpal. Tháinig árd fhearg air. Thóg sé suas an dá leac a bhí n-a láimh aige, dhá leac na Connartha, agus bhuail sé i gcoinnibh caraige iad, ag bun an chnuic, agus dhein sé brúscar díobh. Ansan do rug sé ar an íomhágh, ar an ngamhain, agus do loisg sé sa teine é, agus do mhionuigh sé é go dtí gur dhein sé luaithreach de. Ansan do mheasg sé an luaithreach ar uisge agus chuir sé fhiach- aint ar an bpobul an t-uisge sin d'ól, ghá chur i n-iúil dóibh cad é mar neamhnídh an saghas dé a dheineadar dóibh féin. LXXIX. An Dá Leac. Ansan d'iompuigh Maois ar a dhritháir, ar Aaron. "Cad a bhí déanta ag na daoine seo ort-sa gur thugais a leithéid de dhroch pheaca anuas ortha!" ar seisean leis. "Ná bí i bhfeirg liom, a rí," arsa Aaron, "Is eól duit cad é an saghas na daoine seo agus gur daoine iad atá ana thugtha do'n olc. Do thánadar chugham agus dubhradar liom déithe dhéanamh dóibh chun iad a bheith ag imtheacht rómpa amach. "An Maois seo," ar siad, "a thug amach as an Éigipt sinn ní fheadramair cad tá imthighthe air." "An bhfuil aon ór agaibh?" arsa mise leó. Thugadar chugham an t-ór. Chuireas an t-ór sa teine agus tháinig an gamhain amach as an dteine." Ansan do chuir Maois pionós trom ar an bpobul mar gheall ar an bpeaca a dheineadar. Do labhair sé leó amáireach a bhí chughainn. "Do dheineabhair peaca," ar seisean, "an peaca ba mheasa féadfí a dhéanamh. Táim ag dul suas i láthair an Tighearna feuchaint a' bhféad-
finn i n-aon chor é bhogadh chun an pheaca san do mhaitheamh díbh." Ansan d'imthigh Maois suas agus bhí sé i láthair Dé agus do labhair sé mar seo:- "A Thighearna, do dhein na daoine seo peaca mór, an peaca ba mhó agus ba mheasa fhéadfidís a dhéanamh. Dheineadar déithe óir dóibh féin. Aithcuinighim ort anois, a Thighearna, an peaca san do mhaitheamh dóibh, nú marab é do thoil naomhtha an peaca san do mhaitheamh bain mise amach as an leabhar atá sgríobhtha agat!" Do fhreagair an Tighearna é:- "An t-é dhéanfidh peaca am' aghaidh siné an t-é do chuirfad as mo leabhar. Ach imthigh-se agus stiúruigh an pobul san chun na h-áite adubhairt leat. Beidh m'aingeal rómhat amach. An peaca so a dheineadar cuirfad pionós ortha mar gheall air nuair a thiocfidh an t-am chuige." Agus do dhein an Tighearna díoltas ar na daoine mar gheall ar an bpeaca a dheineadar i dtaobh an ghamhna do dhein Aaron. Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt sé leis clann Israéil do sheóladh chun na tíre a bhí geallta dóibh. "Agus," ars an Tighearna leis, "dein dhá leac eile do dhéanamh de shaghas na leach a bhrisis, agus beir leat suas iad go mullach cnuic Sinai agus seasaimh am' fhochair ar mhullach an chnuic. Ná téidheadh aoinne suas i n-aonfheacht leat agus ná feictear aon duine i n-aon chor ar an gcnoc, agus ná bíodh ba ná caoire ag fosaidheacht ar an gcnoc." Do chúm Maois dhá leac mar an dá leac a bhris sé. Ansan d'eirigh sé sa n-oidhche, fé mar a dh'órduigh an Tighearna dhó, agus d'imthigh sé suas agus an dá leac aige, go bara cnuic Sinai. Ansan do thúirling an Tighearna tríd an sgamal agus bhí Maois 'n-a sheasamh i n'fhochair agus é ag guidhe go cruaidh ar son na ndaoine, agus chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair an Tighearna, ghá adhradh agus ag guidhe chuige.
Thug Maois dachad lá ar an gcnoc an uair sin, i bhfochair an Tighearna agus níor ith sé bia ná níor ól sé deoch i gcaitheamh an dachad lá san. Ansan do thug an Tighearna dhó airís na h-aitheanta agus an dlighe, sgríobhtha ar an dá lic, agus thug sé leis anuas iad ag triall ar chlainn Israéil. Do thuit rud iongantach amach ansan. Thug Maois fé ndeára nuair fheuchadh Aaron, nú aon duine eile acu suas sa n-aghaidh air go mbídís ag dúnadh a súl agus ag cromadh a gceann fé mar a dhéanfadh duine a bheadh a d'iarraidh feuchaint ar an ngréin i lár an lae. Ansan do tuigeadh go raibh an solus mírbhúilteach san i n-aghaidh Mhaoise mar gheall ar é bheith i láthair an Tighearna ar an gcnoc. B'éigean dó clúdach do chur ar a aghaidh as san amach nuair a theastuigheadh uaidh labhairt leis an bpobul mar bhí an solus chómh láidir ó n-a cheannachaibh ná féadfadh aoinne feuchaint díreach air. Chuir san iongna air féin agus sgannra ar an bpobul. Chuir sé an clúdach ar a aghaidh agus tháinig an pobul os a chómhair agus d'innis sé dhóibh tríd síos gach nídh d'ár órduigh an Tighearna dhó a dh'innsint dóibh. Bhí sgáth agus eagla ar Aaron agus ar na h-uaislibh go léir ar dtúis nuair a chonacadar an solus uathbhásach, ach nuair a chuir sé an clúdach ar a aghaidh agus ghlaoidh sé chuighe iad do thánadar agus d'éisteadar leis go h-umhal. Bhí an t-eagal ortha agus níor mhiste dhóibh é. Do b'fhearrde iad é. LXXX. An Tabernacul. Ansan do mhúin Maois do'n phobul na deich n-aitheanta agus na dlighthe go léir agus na riaghalta go léir, fé mar órduigh Dia dhó a mhúine dhóibh. Bhí lucht ealadhan
agus lucht ceárd ar an bpobul agus iad go h-ana oilte agus go h-ana thuisgionach ins gach sórd oibre d'ár bhain le gréas óir agus airgid agus éadaigh agus adhmaid; agus do chuir Maois ag obair iad, tré órdú an Tighearna, ag déanamh an tabernacuil, agus ag déanamh na h-airce, agus ag déanamh na n-órnáidí daora, uaisle, óir agus airgid, a bhí le cur ortha. Agus thug na daoine uatha go fonnmhar an t-ór agus an t-airgead agus na clocha lóghmhara a bhí riachtanach chun na h-órnáidí sin do dhéanamh agus do ghleusadh mar ba chóir. Ansan, le h-órdú an Tighearna, d'órduigh Maois Aaron agus a chlann 'n-a sagartaibh, agus chuir sé ortha cúram tabernacuil na connartha agus chuir sé úmpa na h-éidí beannuighthe do bhain leis an gcúram san agus leis an obair a bheadh acu le déanamh do shíor. Ansan do chuir sé airc na connartha isteach sa taber- nacul agus chuir sé an brat os cómhair an tabernacuil. Chuir sé gach nídh de sna neithibh eile go léir i n'áit féin, os cómhair an tabernacuil, fé mar a bhí órduighte ag an dTighearna. Nuair a bhí gach aon rud críochnuighthe tháinig an sgamal agus do luigh sé ar an dtabernacul i dtreó gur chlúdaigh sé é, agus do líon glóire an Tighearna an tabernacul laistigh. As san amach, nuair imthigheadh an sgamal ó'n dtabernacul do ghluaiseadh clann Israéil ar a slighe, n-a mbuidhnibh. Nuair a stadadh an sgamal os cionn an tabernacuil do stadadh an pobul agus d'fhanaidís san-áit sin go dtí go ngluaiseadh an sgamal airís. Agus sgamal a bhíodh ann i gcaitheamh an lae agus lasair theine i gcaitheamh na h-oidhche. Agus bhíodh radharc ag slóightibh Israéil air ó n-a gcábánaibh go léir. Nuair a bhí na dlighthe agus na riaghalta go léir múinte ag Maois do'n phobul, do réir mar a bhí órduighthe dhó d'órduigh an Tighearna dhó an pobul do chómhreamh. Do dhein. Do chómhrimh sé na daoine go léir agus do
chómhrimh sé go cruinn na fir láidre do bhí ins gach treibh de dhá threabh déag clainne Israéil. Nuair a cuireadh an cómhreamh le chéile do fuaradh go raibh ann sé chéad míle fear agus trí míle sa mbreis. Ba bhreágh an tsluagh iad. Agus ní raibh fear lag ná fear leóinte ar na míltibh sin go léir. Bhíodar go léir i mbláth a n-óige. Níor cuireadh síos sa chómhreamh san na bhfear a bhí chun cogaidh aon duine a bhí fé bhun fiche blian ná aon fhear a bhí ag tosnú ar thuitim i n-aois. I gcás go raibh ag clainn Israéil an uair sin breis agus sé chéad míle fear a bhí oireamhnach chun aghaidh a thabhairt ar aon tsaghas namhad a dh'fhéadfadh bualadh úmpa. Bhí dhá bhliain ó fhágadar an Éigipt, agus d'á bhrígh sin bhí uain acu ar thaithighe mhaith a bheith déanta acu de sna h-airm a bhí 'n-a lámhaibh acu. Nuair a bhí an cómhreamh déanta agus gach aon rud ullamh do ghluaiseadar 'n-a mbuidhnibh, "gach buidhean um a dtaoiseach" mar a deirtí fadó, agus thugadar aghaidh soir ó thuaidh. Thugadar aghaidh soir ó thuaidh chun na tíre a bhí geallta ag Dia dhóibh ó thug sé an gheallamhaint d'Ábraham. I n-éaghmuis an sé chéad míle fear armtha, bhí sa ghluaiseacht san an fiche céad míle ban agus leanbh agus seandaoine, agus n-a n-éaghmuis sin airís bhí an díosgar sluagh de mhuinntir na h-Éigipte do tháinig leó aníos nuair a bhíodar ag teacht. Bhí an ghainmheach thirim agus teas na gréine deacair le folag agus an siubhal trioblóideach. Do ghoill an brothal agus an tart agus an tuirse ar an ndíosgar sluagh ar dtúis. Bhíodar ag sodar leó agus ag gol. Ansan do ghoill an brothal agus an tart agus an tuirse ar na fearaibh láidre. Nuair a bhí deire an lae tagaithe agus na cábáin curtha suas acu bhíodar i ndóirse na gcábán ag cásamh a ndeacaraí le n-a chéile agus iad go léir ag gol go fuigheach. "Ó," a deiridís, "nách truagh nár fhanamair thíos sa n-Éigipt! Dá mbeimís thíos anois
ann nách breágh suairc a bheadh an saoghal againn! Bheadh ár ndóithin feóla againn i n-inead sinn a bheith ag brath ar an mana so ná féadfadh duine a bhólg a líonadh dhe pé méid d'íosfadh sé dhe ná pé ocras a bheadh air. Bia lag iseadh é gan ghus gan bhlas. An fear so a thug aníos sinn ní ceart dúinn aon bhuidheachas a bheith againn air. Ba chirte dhó go mór sinn fhágáilt thíos. Ní fios cathain a gheóbhmíd aon bhlúire feóla le n-ithe! Is maith is cuimhin linn na corcáin feóla a bhíodh againn agus neart dúinn bheith ag ithe na feóla san go dtí go mbímís cortha dhi; agus an t-iasg; agus na cúcumeir bhreághtha, agus na h-inniúin; agus na glasaraí áluinne eile; agus gan orainn díol a h-aon rud." LXXXI. An Lucht Brath. Nuair airigh Maois iad go léir ag gol agus ag cásamh agus 'á rádh go raibh cathú ortha nár fágadh thíos sa n-Éigipt iad, bhí ana dhiombádh air. Do chrom sé ar a ghearán a dhéanamh leis an dTighearna mar gheall ortha. "A Thighearna," ar seisean, "cad 'n-a thaobh go bhfuilir chómh dian orm? Agus cad 'n-a thaobh ná faighim fabhar uait? Agus cad 'n-a thaobh gur chuiris cúram na ndaoine seo go léir orm-sa? An mise do ghaibh agus do thug ar an saoghal an mhór-shluagh daoine seo go ndéarfá liom, 'glac ad' ucht chughat iad agus beir leat iad, mar is gnáth leis an mbanaltrain an leanbh do bhreith léi, go mbeirir isteach iad sa tír a gheallas dóibh?' Cá bhfaghad-sa feóil le tabhairt d'á leithéid de shluagh? Agus siniad ag gol iad ag lorg feóla orm. Ní féidir dom cúram an phobuil seo go léir d'fholag. Tá an cúram ró throm dom. Má's é do thoil naomhtha, ámhthach, an cúram d'fhágaint orm iarraim ort mé chur
chun báis, ionus go bhfaighinn fabhar ad' shúilibh agus ná beadh na h-uilc mhóra so le folag agam!" Bhí fearg ar an dTighearna chun na ndaoine, ach d'éist sé le guidhe Mhaoise. Do toghadh deichneabhar agus trí fichid de sna fearaibh ba bhunúsaighe agus ba thuisgionaighe ar an bpobul agus do ceapadh iad chun cabhruighthe le Maois i n-obair an riaghaltais. Ansan d'órduigh Diado Mhaois na daoine do chruinniú agus a rádh leó iad féin do bheannú agus go dtabharfí feóil a ndóithin le n-ithe dhóibh. Do deineadh san, ach do cuireadh i n-iúil, leis, do sna daoine go raibh Dia i bhfeirg leó mar gheall ar a n-easba buidheachais ar Dhia agus ar Mhaois, tar éis na mírbhúiltí go léir a deineadh dóibh ghá dtabhairt as an ndaorbhruid a bhí ortha sa n-Éigipt. Do casadh leó gur bh'fhearr leó dul thar n-ais síos sa n-Éigipt, ar son na feóla, 'ná fanmhaint sa n-uaigneas, bíodh go raibh an Tighearna féin 'n-a bhfochair ann. Ansan do dhein an Tighearna airís an mhírbhúilt úd i dtaobh na n-éanlaithe. Do shéid an ghaoth na h-éanlaithe chun na h-áite 'n-a raibh an pobul in sna cábánaibh. Do thuit na h-éanlaithe mórthimpal ar na cábánaibh agus anuas ortha, agus anuas ar an dtalamh abhfad amach ó sna cábánaibh. Do bhailigh clann Israéil na h-éanlaithe agus bhíodar ghá n-ullmhú agus ghá n-ithe go dtí gur itheadar an iomad de'n fheóil agus gur dheineadar craos náireach. Dheineadar an craos chómh tiobasteach san go bhfuair a lán acu bás d'á dhruim. Do ghluais slóighte Israéil ó'n áit sin agus thánadar go h-áit d'ár bh'ainim Hesarot agus do stadadar ann. Tar éis tamail do ghluaiseadar ó'n áit sin agus thánadar chun na h-áite ar a dtugtí Pharan. Do stadadar sa n-áit sin. Ní rabhadar abhfad an uair sin ó Thír Chanaain, an tír a bhí geallta dhóibh, agus bhí gach aon deabhramh gur ghearr go mbeadh deire le n-a gcuardaibh agus le n-a ndeacaraíbh agus le n-a dtrioblóidíbh.
Do labhair an Tighearna le Maois. "Dein fir do thoghadh," ars an Tighearna, "fear as gach treibh de chlainn Israéil, agus téidís a feuchaint na tíre sin Chanaain, an tír a thabharfad do chlainn Israéil." Do thoibh Maois na fir. Do labhair sé leó. "Imthighidh," ar seisean, "isteach i dtír Chanaain agus deinidh an tír do mheas. Breithnighidh an talamh feuchaint cad é an saghas é. Breithnighidh na daoine atá n-a gcómhnuidhe ann, an daoine láidre iad nú daoine laga; an bhfuilid siad iomadamhail nú a mhalairt. Breith- nighidh na catharacha feuchaint cad é an saghas iad; an bhfuil fallaí n-a dtímpal nú ná fuil. Breithnighidh ithir an tailimh feuchaint an ithir shaidhbhir í nú ithir bhocht; an bhfuil adhmad ag fás uirthi nú ná fuil. Glacaid misneach. Nuair a bheidh sibh ag teacht thar n-ais tugaidh libh chughainn cuid de thoradh an tailimh." Bhí sé sa n-am de'n bhliain 'n-a bhféadfí san do dhéanamh. D'imthigh na fir. Chuadar isteach i dtír Chanaain. Do shiubhluighdar an tír soir agus siar, óthuaidh agus ódheas. Níor chuir muinntir na tíre puinn suime ionta, nídh nár bh'iongna. Ní raibh ionta ach fánaidhthe iasachta. Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muinntir na h-áite gur theinn na fánaidhthe dhóibh-sin iad! Fuaradar amach abhfad 'n-a dhiaidh san é. Nuair a bhí an siubhal agus an cuardach agus an breithniú déanta acu thánadar thar n-ais ag triall ar Mhaois agus ar chlainn Israéil. Thugadar leó cuid de thoradh tailimh na tíre. "Is fíor," ar siad, "gur tír ana shaidhbhir í. Taisbeánaid na torthaí sin a thugamair linn go bhfuil an tír saidhbhir thar barr. Is tír í n-a bhfuil a cuid meala agus bainne 'n-a slaodaibh uirthi, fé mar a gheall an Tighearna."
LXXXII. Easumhluidheacht. D'éist clann Israéil leis an dtuairisg a tugadh dóibh ar shaidhbhreas tailimh na tíre agus do thaithn an tuairisg leó go h-áluinn. Chonacadar na samplaí a tugadh ag triall ortha ghá thaisbeáint cad é an neart fáis a bhí i dta- lamh agus i n-ithir na tíre. Chonacadar an chrobhaing de chaoraibh fíneamhna do thug na fir leó, agus í chómh mór chómh trom san go mb'éigean dóibh í chur ar crochadh ar lár cleithe agus beirt fhear do theacht, fear acu fé gach ceann de'n chleith, chun na crobhainge sin d'iompar agus do thabhairt leó. Dob' uathbhásach an talamh le feabhas agus le saidhbhreas agus le torthamhlacht an talamh 'n-ar fhás an chrobhaing caor san as! Ach do lean sgéal eile an sgéal breágh san. "Cad é an saghas na daoine atá sa n-áit?" arsa clann Israéil leis na teachtairíbh. "Fir chruadha láidire chródha iseadh iad," adubhairt na teachtairí, "agus iad líonmhar, dána, oilte ar ghnóthaíbh cogaidh; agus catharacha láidre daingeana acu, agus fallaí cosanta tímpal ar na catharachaibh sin agus na fallaí sin chómh h-árd san gur dóigh le duine gur ar éigin fhéadfadh éan dul de dhruim aon fhalla acu isteach. Ach nídh is dona 'ná gach nídh eile, na fir atá ag cosaint na gcatharach, laistigh de sna fallaíbh sin, fir mhóra ghroidhe chumasacha iseadh iad. Is mó go mór gach fear díobh 'ná aoinne againne. Ní raibh ionainn ach mar bheadh lócuistí i gcomparáid leó! Fathaigh iseadh iad. Isiad sliocht Enaic iad." Thuit a lug ar a lag ag clainn Israéil nuair airighdar an chainnt sin. Bhí an chuid ba mhó de sna teachtairíbh agus bhíodar á chur n-a luighe ar an bpobul ná beadh aon bhreith acu ar sheilbh na tíre d'fhághail mar go raibh armáil
na tíre ró láidir agus catharacha na tíre ró dhaingean. Dubhradar ná beadh ach fiantas ann dóibh aon iarracht a dhéanamh ar sheilbh na tíre sin do ghabháil. Ansan iseadh d'eirigh guil agus bladhthrighe agus lógóireachta. Thug an pobul an oidhche ag lógóireacht ar an gcuma san, agus iad ag spídiúchán ar Mhaois agus ar Aaron mar gheall ar iad do thabhairt aníos as an Éigipt. "Ó," adeiridís, "nach truagh ná fuaramair bás thíos sa n-Éigipt! Anois féin," ar siad, "is fearra dhúinn bás d'fhághail anso sa n-uaigneas fhairsing seo agus gan an Tighearna ghár mbreith isteach sa tír sin, le h-eagla go dtuitfimís le claidheamh agus go mbeadh ár mná agus ár gclann 'n-a ndaoraibh! Nach fearra dhúinn dul thar n-ais sa n-Éigipt? Is fearra dhúinn flaith eile do thoghadh i n-inead Maoise agus iompáil agus dul síos thar n-ais sa n-Éigipt!" Nuair airigh Maois agus Aaron an gol agus an logóireacht agus an chainnt i dtaobh flatha eile do thoghadh agus iompáil agus dul thar n-ais síos sa n-Éigipt, do chaitheadar iad féin ar an dtalamh i láthair na ndaoine go léir 'ghá iarraidh ortha gan a leithéid de ghníomh a dhéanamh i gcoinnibh an Tighearna. Ansan do labhair Caleb agus Iósue, beirt de'n mhuinntir a cuireadh ag feuchaint na tíre. "Do shiubhluighmair an tír," ar siad. "Tír ana mhaith iseadh í. Má bhíon an Tighearna linn béarfidh sé isteach ann sinn agus tabharfaidh sé dhúinn an talamh san atá ag sgéidhe le mil agus le leamhnacht. Ná deinidh easumh- luidheacht i n-aghaidh an Tighearna, agus ná bíodh aon eagla agaibh roimis na daoine atá sa tír sin. Táimíd ábalta ar iad d'ithe mar íosfimís arán. Tá an uile chosnamh imthighthe uatha súd agus tá an Tighearna i bpáirt linne. Ná bíodh aon eagla oraibh!" Níor h-éisteadh a thuille leó. D'aimsigh na daoine na clocha agus thugadar aghaidh ar Mhaois agus ar Aaron agus ar Chaleb agus ar Iósue chun iad do mharbhú leis na
clochaibh, i dtreó go bhféadfidís flaith eile do thoghadh agus dul thar n-ais síos sa n-Éigipt. Le n-a linn sin sar a dtáinig leó aon chloch do chaitheamh, do thaisbeáin an Tighearna é féin 'n-a lán ghlóire os cionn chúmhdaigh na connartha, i dtreó go bhfeacaidh an pobul go léir é. Do labhair an Tighearna le Maois, mar seo:- "Cad é an fhaid a bheidh an pobul so am' tharcuisniú? An fada a bheid siad gan mé chreideamhaint, agus a bhfuil de mhírbhúiltíbh iongantacha déanta agam os a gcomhair? D'á bhrígh sin buailfad le pláigh iad agus dísgeóchad iad; agus ansan déanfad rí dhíot-sa ar chine mhór a bheidh níos treise 'ná an chine seo." B'é sin le rádh go ndéanfadh an Tighearna le Maois fé mar a dhein sé le h-Ábraham, i., sliocht líonmhar do thabhairt dó, agus ansan an talamh naomhtha thabhairt do'n tsliocht san. LXXXIII. Daoine gan chiall. Nuair airigh Maois an focal san ó'n dTighearna do sgread sé do ghuth árd. "A Thighearna!" ar seisean, "má thugan tú an íde sin ar an sluagh daoine seo, iad do dísgiú i n-aonfheacht anso sa bhfiantas leathan so, aireóchaid muinntir na h-Éigipte an gníomh. Tá fhios acu agus ag muinntir na ndúthaí sa tímpal, go bhfuilir- se, a Thighearna, i bhfochair an phobuil seo i gcómhnuidhe, go bhfeictear thú aghaidh ar aghaidh, go mbíon tú rómpa amach sa lá at' uaithne sgamail, agus at' uaithne teine sa n-oidhche, go bhfuil geallta agat dóibh, fé bhrígh do bhréithir, an tír a gheallais d'Ábraham a thabhairt d'á shliocht. Má chuirean tu chun báis iad go léir anois déarfid muinntir na h-Éigipte, agus muinntir na ndúthaí seo i n-ár dtímpal: "Do theip air iad do bhreith
leis isteach sa tír a gheall sé dhóibh fé dhearbhú agus nuair nár fhéad sé iad a bhreith isteach do mhairbh sé iad i lár an uaignis!' D'á bhrígh sin, a Thighearna, tugtar moladh dod' chómhacht, fé mar a dhearbhuighis nuair a dubhraís; 'Tá an Tighearna trócaireach, foidhneach. Maithean sé an peaca agus an droch ghníomh, bíodh go gcuirean sé pionós ortha go léir, agus droch ghníomh an athar, ghá agairt ar an gclainn go dtí an trímhadh glúin agus go dtí an ceathramhadh glúin.' Iarraim ort, a Thighearna, an peaca so do mhaitheamh anois do'n phobul so, ó's mór é do thrócaire. Bí ceannsa leó anois fé mar a bhís ó'n lá a thugais amach as an Éigipt iad go dtí an lá so." Ansan d'fhreagair an Tighearna. "Maithim dóibh ó iarrais orm é. Is mise atá beó, agus leathfar glóire an Tighearna ar fuaid an domhain go léir. Ach so. Na daoine seo go léir a chonaic mo chómhacht agus na mírbhúiltí a dheineas sa n-Éigipt, agus sa n-uaigneas, agus i n-aindeóin na mírbhúiltí sin go bhfuil fromadh déanta acu orm deich n-uaire, agus easumhluidheacht tabhartha acu dom' ghlór, ní raghaidh aon duine acu isteach sa tír sin a gheallas, fé dhearbhú, d'á sínsear. Ní bhfaighidh aon duine a thug tarcuisne dhom aon radharc ar an dtír sin. Caleb, mo sheirbhíseach dílis, siné a bhéarfaidh isteach iad sa tír sin a shiubhluigh sé agus gur innis sé an fhírinne 'n-a taobh nuair a tháinig thar n-ais. Deinidh-se an longphort do sgur agus tugaidh aghaidh airís ar an uaigneas i dtreó na Mara Rua." Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le h-Aaron, agus dubhairt sé: "An fada a bheidh an pobul mallaighthe seo ag gluaireán am' choinnibh? Táim ag éisteacht le ceisneamh chlainne Israéil. Abair na focail seo leó: 'Is mise atá beó,' adeir an Tighearna, 'An nídh atá ráidhte agaibh liom siné an nídh a dhéanfad libh. An méid agaibh atá fiche blian agus os a chionn is anso sa n-uaigneas so fhanfid bhúr gcuirp, an méid agaibh a
dhein ceisneamh am' choinnibh. An tír sin n-ar thógas mo lámh os a cionn chun sibh a chur chun cómhnuighthe innti ní raghaidh aon duine agaibh isteach innti ach Caleb agus Iósue. Ach an chlann san atá agaibh agus go ndubhrabhair gur bhaoghal go ndéanfí daora dhíobh, béarfad iad san isteach ann agus chífid siad san an tír a tharcuisnabhair- se anois. Fágfidh sibh bhúr gcuirp sínte sa n-uaigneas ar feadh dachad blian. Thugabhair dachad lá ag feuchaint na tíre. Tabharfid bliain i n-aghaidh gach lae acu san sa n-uaigneas. Ar feadh dachad blian a bheidh sibh ag feuchaint siar ar an easumhluidheacht atá déanta agaibh agus ag folag na péine a curfar oraibh. Mar atá ráidhte agam iseadh dhéanfad leis an sluagh malluighthe seo go léir a dh'eirigh am' choinnibh. Sa n-uaigneas iseadh do thuitfid siad le h-aois agus do gheóbhaid siad bás.'" Ansan do tháinig an bás, le cómhachtaibh Dé, ar an uile dhuine de sna fearaibh a chuir Maois uaidh ag feuchaint na tíre agus do thug an droch thuairisg ar an dtír uatha nuair a thánadar thar n-ais, agus gur ghríosadar ar an gcuma san an pobal i gcoinnibh Mhaoise. Do dheabhróchadh an sgéal gur dheineadar go léir an feall san ach amháin beirt .i., Caleb agus Iósue, mar deir an Bíobla nár fágadh beó ach an bheirt sin. D'innis Maois do'n phobal gach nídh d'á ndubhairt an Tighearna. Bhí árd bhuairt ortha. "Imtheó'míd anois," ar siad, "agus troidfimíd i gcoinnibh muinn- tire na tíre úd." "Ná deinidh," arsa Maois, "Tá lámh an Tighearna i nbhúr gcoinnibh anois agus ní eireóchaidh libh." Ní dhéanfidís rud air. D'imthighdar agus thugadar cath do mhuinntir na tíre. Do briseadh cath fuilteach ortha agus do cuireadh dearg-ruathar ortha.
LXXXIV. Córé agus Dáthan. B'éigean do chlainn Israéil aghaidh do thabhairt ar an uaigneas agus ar an dachad blian. Do lean an Tighearna, ámhthach, ag tabhairt gach aon aireachais dóibh ghá stiúrú ins gach treó 'n-ar cheart dóibh dul agus cur fútha, agus ag múine na ndlighthe agus na riaghalta dhóibh a bheadh acu le cómhlíonadh nuair a bheadh an dachad blian caithte agus an méid a bheadh beó dhíobh i dteannta an méid a bheadh tagaithe ar an saoghal díobh, tar éis dul isteach i dtalamh Chanaain; na dlighthe agus na riaghalta a tugadh dóibh ar chnoc Sinai, agus gur ceapadh Aaron agus a chlann chun iad do mhúine dhóibh, bhí fhiachaint ortha na dlighthe sin agus na riaghalta san go léir do chimeád agus do chómhlíonadh sa n-uaigneas, chómh maith díreach agus bheadh ortha iad do chimeád agus do chómhlíonadh i dtalamh Chanaain dá mbeidís tar éis dul isteach ann. Bhí Aaron agus a chlann órdnuighthe 'n-a sagartaibh, mar adubhradh thuas. D'fhág san a ndóithin le déanamh ag Aaron agus agá chlainn, ag déanamh na n-ídhbeartha chun Dé agus ag cur na ndaoine, do réir mar a bhí órduighthe, tré thaithighe agus tré ghnáthú gach cleachta beannuighthe d'á raibh ceangailte ortha. Thug san, mar ba chóir, creideamhaint mhór agus cumas mór, i láthair an phobuil, d'Aaron agus d'á chlainn. Ansan do thuit amach, an rud is gnáth do thuitim amach i n-a leithéid de chás, go dtáinig lán a gcinn d'éad ar dhaoinibh áirithe a mheas gur acu féin ba cheart an chreideamhaint sin do bheith. Do chrom rainnt de lucht an éada ar chainnt eatartha féin ar feadh tamail. "Ní ceart," ar siad, "an t-úghdarás so go léir a bheith ag Maois agus ag Aaron agus gan aon phioc de'n úghdarás a bheith againne. Ní'l aon naomhthacht fé leith ionta ná fuil sa chuid eile
againn chómh maith. Tá sé ceart againn an méid sin do chur i dtuisgint do'n phobul go léir. Tá an naomhthacht sa phobul go léir. Pobul Dé sinn go léir. Ní dleaghthach d'aoinne an t-úghdarás go léir do ghlacadh chuige féin agus do chimeád aige féin." Bhí triúr acu ag déanamh an uisge fé thalamh san, Córé agus Dáthan agus Abírón. Do mhealladar chucha dhá chéad agus deich nduine agus dachad d'uaislibh Israéil agus bhíodar go léir ar an aigne chéadna. Thánadar agus sheasuighdar i láthair Mhaoise agus Aaroin agus do labhradar mar seo:- "Cá beag díbh-se bheith mar aoinne eile sa phobul so. Isé pobul Dé é. Pobul naomhtha iseadh é. Tá an chuid eile de'n phobul chómh naomhtha agus atáthaoi-se. Cad chuige díbh-se sibh féin do chur suas os cionn phobuil Dé?" Nuair airigh Maois an chainnt sin do chaith sé é féin ar a bhéal a's ar a aghaidh os cómhair Chóré. Do labhair sé le Córé agus leis an gcualacht mór a bhí 'n-a theannta. "Ar maidin amáireach," ar seisean, "taisbeánfidh an Tighearna cé h-iad is leis. Tagaidh go léir anso ar maidin, tusa, a Chóré, agus na daoine seo go léir atá ad' theannta anso, agus tugadh gach duine agaibh leis a thúribul féin, agus cuiridh an túis ar an dteine os cómhair an Tighearna agus an t-é n-a dtógfidh an Tighearna é isé sin a bheidh naomhtha. Is mór an t-eirighe anáirde atá oraibh a chlann Lébhi!" De chlainn Lébhi ab eadh Córé agus bhí éad air féin agus ar an gcuid eile de'n chlainn sin chun Aaroin. De chlainn Lébhi ab eadh Aaron leis agus, dar le Córé, bhí oiread cirt aige féin chun dáin sagairt agus bhí ag Aaron. "Éistidh liom a chlann Lébhi," arsa Maois le Córé agus leis na fir a bhí i n-a theannta, "An neamhnídh libh-se an rud a dhein Dia dhíbh nuair a dheighil sé amach sibh ó'n gcuid eile de'n phobul agus nuair a ghlac sé chuige féin sibh chun seirbhíse agus onóra dhéanamh do'n tabernacul agus chun na ngnóthaí atá le chómhlíonadh os
cómhair na poibilidheachta? An amhlaidh nách leór san díbh gan sagairt a dhéanamh díbh uile go léir? Cé h-é Aaron go mbeadh sibh ag gearán 'n-a choinnibh? Is i n-aghaidh an Tighearna atá an chasaoid seo agaibh á' dhéanamh." Do chuir Maois teachtaireacht ag triall ar Dháthan agus ar Abírón 'ghá iarraidh ortha teacht chuige. Do dhiúltuighdar. "Ní thiocfimíd!" ar siad. "Tá an bheart déanta go deas agat orainn. Do gheallais tír shaidhbhir dúinn. Thugais dúinn í. Tá a cuid meala agus bainne 'n-a slaodaibh uirthi! Tá, gan amhras-clocha agus gainimh! Radharc ár súl a mheasfá a bhaint dínn, an eadh! An amhlaidh is dóich leat ná tuigimíd an feall atá déanta agat orainn? Ní raighmíd-ne ag triall ort." Tháinig fearg ar Mhaois chucha agus do ghearán sé le Dia iad. "A Thighearna," ar seisean, "ná glac ídhbirt uatha san. Is eól duit nár thógas oiread agus asal riamh uatha, agus nár dheineas eugcóir ar aoinne acu riamh." LXXXV. D'osgail an talamh. Agus dubhairt Maois le Córé agus le n-a chualacht. "Tagaidh go léir anso, an dá chéad agus deich nduine a's dachad agaibh atá ann, agus bíodh a thúribul féin ag gach duine agaibh, agus bíodh Aaron ann agus a thúribul féin aige." Deineadh amhlaidh sin. Ansan bhí Maois agus Aaron 'n-a seasamh agus an chualacht eile ar a n-aghaidh amach, ag dorus an tabernacuil, agus do tais- beánadh glóire an Tighearna do chách uile. Do labhair an Tighearna le Maois agus le h-Aaron agus dubhairt: "Druididh amach ó'n gcualacht so go ndísgighead iad."
Do chaith Maois agus Aaron iad féin ar an dtalamh os cómhair an Tighearna agus dubhairt Maois:- "A Dhia láidir, an dtuitfidh do dhíbhfeirg ar chách uile mar gheall ar pheaca aon duine amháin!" Agus dubhairt an Tighearna:- "Abair leis an bpobul go léir druidim amach ó thabernaculaibh Chóré agus Dháthain agus Abíróin." D'eirigh Maois agus chuaidh sé ag triall ar Dháthan agus ar Abírón agus ar an méid de sheanóiríbh Israéil a bhí ghá leanmhaint agus do labhair sé leis an gcualacht:- "Imthighidh," ar seisean, "ó thabernaculaibh na ndroch dhaoine, agus ná bíodh aon bhaint agaibh le h-aon nídh is leó, le h-eagla go luighfadh an peaca atá déanta acu oraibh-se, leis." D'imthigh an pobul uatha, fé mar a dubhairt Maois leó. Ansan bhí Dáthan agus Abírón 'n-a seasamh i ndóirsibh a gcábán féin. Do labhair Maois: "Bíodh so mar chómhartha agaibh anois ar cé'cu is le h-órdú ó Dhia nú as m'aigne féin atá an gnó so go léir agam-sa 'á dhéanamh. Má's bás do réir nádúra, nú bás le breóiteacht nú le pláigh éigin nách neamh-ghnáth, a chuirfidh an Tighearna ortha so, abarthar nár chuir Dia uaidh mise i n-aon chor chun na h-oibre seo dhéanamh. Ach má dheinean Dia rud neamh-choitchianta leó, má osglan an talamh fé n-á gcosaibh agus má shloigean sé 'n-a mbeathaidh iad, taisbeánfidh san go bhfuil dia- mhasla déanta acu le n-a rádh ná fuil úghdarás agam-sa ó Dhia chun na h-oibre seo do dhéanamh." An túisge 'n-a raibh an focal deirineach tagaithe a' béal Mhaoise d'osgail an talamh fé n-a gcosaibh-sin agus do sloigeadh síos iad féin agus a gcábán agus gach ar bhain leó! Do dhún an talamh airís os a gcionn agus níor fhan aon rian díobh os cionn tailimh ach chómh beag agus dá mba ná beidís ann riamh. Nuair a chonaic na daoine dh'á slogadh agus dh'á súghadh síos sa talamh iad agus nuair airighdar an sgreadach nímhneach a chuir-
eadar asta ag dul síos dóibh, do ritheadar chun siubhail mórthimpal le sgannra sar a sloigfí síos iad féin. Le n-a linn do ghluais teine amach ó'n dTighearna agus do loisg sí an dá chéad agus deichneabhar agus dachad fear a bhí ag ofráil na túise in sna túribulaibh. Do labhair an Tighearna le Maois: "Abair le h-Eleásar," arsan Tighearna, "dul agus na túribuil úd do thógaint as an dteine agus an teine do sgaipe anonn 's anall, óir is neithe beannuighthe na túribuil sin feasta toisg gur ofráladh túis do'n Tighearna ionta. Leathanuightear amach iad 'n-a bplátaíbh agus dainginigh- tear ar an altóir iad, i dtreó go mbeid siad ann i gcómhnuidhe le feisgint ag clainn Israéil mar chuimhniú ar an íde mírbhúilteach so." Do dhein Eleásar an nídh sin. Thug sé leis isteach na túribuil a bhí ag Córé agus agá chualacht agus do leath sé amach iad 'n-a bplátaíbh agus ansan do dhaingnigh sé ar an altóir iad agus d'fhanadar ansan chun a chur i n-iúil do chách uile go deó nár dhleaghthach d'aoinne ach d'Aaron nú do dhuine d'á shliocht túis d'ofráil do'n Tighearna, agus aoinne dhéanfadh gur bhaoghal dó íde Chóré agus a mhuinntire do theacht air. Ach níor thug íde Chóré agus a mhuinntire ciall do'n phobul. An lá i ndiaidh an lae a fuair Córé agus a chualacht an bás mírbhúilteach do chrom an pobul ar ghluaireán airís i gcoinnibh Mhaoise. "Do chuireabhair chun báis daoine naomhtha!" ar siad, agus bhíodar ag druidim chun Maoise agus chun Aaroin agus a dheabhramh ortha go raibh droch-fhuadar fútha. Do rith Maois agus Aaron uatha isteach i dTabernacul na Connartha. Chómh luath agus bhí an bheirt istigh ann do chlúdaigh an sgamal é agus do conac- thas glóire an Tighearna. Do labhair an Tighearna le Maois. "Imthigh i leithtaoibh ó'n bpobul san," arsan Tighearna, "go ndísgighead iad láithreach!" Bhí an bheirt sínte ar an dtalamh. Do labhair Maois le
h-Aaron. "Imthigh agus tóg do thúribul agus cuir teine ó'n altóir ann agus túis agus imthigh amach d'urachur agus tar idir na daoine agus an teine atá 'ghá ndísgiú cheana féin agus guidh ortha. Táid siad ag tuitim le feirg an Tighearna!" Do dhein Aaron mar a dubhradh leis. Do rith sé isteach i lár na ndaoine. Bhí an lasair ó fheirg De 'ghá marbhú. Tháinig sé idir na beóibh agus na mairbh agus bhí sé ag ofráil na túise agus ag guidhe Dé. Do stad an marbhú. LXXXVI. Mírbhúilt na Slaite. Do stad an marbhú agus ansan do fuaradh gur marbhuigheadh seacht gcéad agus cheithre mhíle dhéag de'n phobul, i n-éaghmuis ar marbhuigheadh sa n-íde tháinig ar Chóre agus ar Dháthan agus ar Abírón. Nuair a stad an marbhú tháinig Aaron thar n-ais ag triall ar Mhaois. Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt sé leis: "Labhair le clainn Israéil agus abair leó slata do thabhairt duit, slat ó gach treibh, .i. dhá shlait dhéag, agus cuir ainim na treibhe ar shlait na treibhe i dteannta ainmneacha na dteaghlach a bhainean leis an dtreibh sin. Agus cuir ainim Aaroin ar shlait treibhe Lébhi agus ainmneacha na dteaghlach a bhainean leis an dtreibh sin ar an slait gcéadna. Ansan cuireadh sé na slata san isteach i dtabernacul na Connartha. An treibh a thógfad-sa asta go léir séidfidh slat na treibhe sin bláthana agus cuirfad cosg leis an ngluaireán so a bhíon ag clainn Israéil á dhéanamh i nbhúr n-aghaidh-se." Do dhein Maois an nídh sin. Do tugadh chuige na slata agus na h-ainimneacha ortha. Chuir sé isteach iad sa tabernacul. Ar maidin amáireach a bhí chughainn do fuaradh bláthana breághtha tar éis teacht ar shlait Aaroin
chómh breágh chómh borb agus dá mbeadh an tslat ag fás as an dtalamh agus an t-am ceart de'n bhliain ann chun na mbláthana do theacht, agus an aimsir cheart caithte chun iad a theacht, i n-inead aon oidhche amháin. Thug Maois na slata go léir amach chun clainne Israéil, i láthair an Tighearna, agus chonacadar conus mar a bhí na bláthana ar shlait Aaroin, agus do tugadh a slat féin do gach treibh. Ansan d'órduigh an Tighearna do Mhaois slat Aaroin fé n-a bláthanaibh do chur isteach sa taber- nacul agus do chimeád ann i gcómhnuidhe mar theist ar theidiol Aaroin agus a chlainne chun dána árdshagairt. Nuair a chonaic clann Israéil an mhírbhúilt sin na slaite ní raibh a thuille le rádh acu. Do chonacadar gur cuireadh na slata go léir isteach sa tabernacul i dteannta chéile. Bhí na h-ainimneacha ar na slataibh i dtreó gur aithin gach treibh a slat féin go h-ana mhaith. Nuair a tháinig an mhaidean agus chonacadar na bláthana ar shlait Aaroin ní raibh a thuille le rádh acu. Bhí 'fhios acu go maith ná raibh aon bhlúire fill sa ghnó ná aon fhághail ar a bheith. Níor bh'í an tslat le n-ar deineadh na mírbhúiltí sa n-Éigipt a chuir Aaron isteach ach slat eile. Géag a baineadh de chrann almoinde ab eadh an tslat a chuir sé isteach. Is amhlaidh a bhíodh sí 'n-a láimh aige ag comáint bheithidheach, i dtreó go raibh sí chómh feóchta le bata lámha. Nuair a tógadh amach ar maidin í i n-aonfheacht leis na slataibh, bhí na bláthana ar chuid di agus na bileóga ar áit eile dhi agus na torthaí ar áit eile dhi, cuid acu glas agus cuid acu aibidh. Ba mhór an iongna í! Bhí sí ansúd, fé n-a bileógaibh agus fé n-a bláthanaibh agus fé n-a torthaíbh breághtha, glas agus aibidh, le feisgint ag an bpobul go léir. I n-éaghmuis na mbileóg agus na mbláthana agus na dtorthaí do chonaic an pobul, leis, áit di 'n-a raibh na píochana beaga agus gan iad ach 'ghá sádh féin amach as an gcoirt. Bhí an fás tar éis stad, ámhthach. Do
cuireadh í féin agus an tslat eile, an tslat le n-ar deineadh na mírbhúiltí móra thíos sa n-Éigipt, do cuireadh isteach iad sa tabernacul agus do cimeádadh ann iad. Deir na h-aithreacha naomhtha go raibh sa mhírbhúilt sin na slaite samhaltas roimh ré ar an Maighdin Muire; fé mar a thug an tslat san bileóga agus bláth agus toradh uaithi, go mírbhúilteach, gan aon phréamh i dtalamh aici, gur b'eadh thug an Mhaighdean Ghlórmhar, a bhfad 'n-a dhiaidh san, a Mac, Mac Dé, ar an saoghal, gan dochar d'á maighdeanas. Ar an gcuma san b'é toil Dé a thais- beáint, an uair sin, do phobul Israéil gur bh'é Aaron agus a chlann na sagairt a bhí ceapaithe chun gnóthaí creidimh agus ídhbirt chun Dé do dhéanamh fé'n sean dlighe, agus san do thaisbeáint le mírbhúilt na slaite, mírbhúilt ná raibh innti ach neamhnídh, d'á mhéid í, seachas an mhírbhúilt ar ar shamhaltas í, an mhírbhúilt tré n-ar tháinig Mac Dé, Mac na Maighdine, ar an saoghal chun bheith i n'Árdshagart os cionn na cine daona go léir agus chun É féin do thabhairt suas mar ídhbirt dó'n Athair Síoruidhe. LXXXVII. Uisge as an gcaraig. Tar éis na mírbhúilte sin na slaite ní h-innstear puinn eile d'ár thárla do'n phobul Eabhra i gcaitheamh an dachad blian a thugadar sa ghainmheach roimh dhul isteach sa tír naomhtha dhóibh. Nuair a bhíodar ag déanamh amach ar dheire na h-aimsire innstear go raibh clann Israéil 'n-a stad sa ghainmheach ar a dtugtí Sin. An fhaid a bhíodar sa n-áit sin tháinig deire a saoghail ar Mháire, drifiúr Mhaoise, agus fuair sí bás agus do h-adhlacadh í. Meastar go raibh sí céad agus deich mbliana fichid d'aois an uair sin. Bhí sí i mbliantaibh
na tuisgiona nuair a bhí sí ar bruach na h-abhan sa n-Éigipt, ag faire ar an gcliabhán 'n-a raibh an leanbh, a dritháir, Maois, go dtí gur thóg an ríogan, inghean an rí, é agus gur sholáthair a dhrifiúr banaltra dhó, i. a máthair féin .i. máthair an leinbh. Tuigtear ó chómh- aireamh na h-aimsire ná féadfadh an drifiúr bheith fé bhun céad agus deich mbliana fichid nuair a fuair sí bás i ngainmheach Sin. Níor leogadh di dul isteach sa tír gheallta mar do dhein sí féin agus Aaron cur i n-aghaidh Mhaoise uaireanta. Innstear, leis, gur dhein an pobul ana ghluaireán i n-aghaidh Mhaoise agus iad sa n-áit chéadna san. Bhí easba uisge ortha go cruaidh. Siúd ag gearán iad go cruaidh. "Nách truagh," adeiridís, "ná fuaramair bás, thíos sa n-Éigipt mar a bhfuil ár sínsear curtha agus ár ngaolta! Cad chuige dhíbh pobul an Tighearna thabhairt isteach sa n-uaigneas so chun sinn féin agus ar dtreudta do chur chun báis! Cad chuige dhíbh a chur fhiachaint orainn teacht aníos as an Éigipt agus sinn a thabhairt isteach sa n-áit chaillte seo, áit nách féidir a shaothrú, áit ná fásan crann fíge ná fineamhain ann, agus ná fuil aon bhraon uisge againn le n-ól ann!" Nuair airigh Maois agus Aaron an chainnt sin chuadar isteach sa tabernacul agus chaitheadar iad féin ar an dtalamh agus chromadar ar ghuidhe go cruaidh chun an Tighearna. "A Thighearna Dia," ar siad, "éist le h-ualfairt na ndaoine seo agus tabhair dóibh, ded' shaidhbhreas, tiobraid uisge bheó, i dtreó go n-ólfid siad a ndóithin agus go stadfid siad d'á n-ualfairt!" Ansan do thaisbeáin an Tighearna a ghlóire agus do labhair sé le Maois. "Tóg leat an tslat agus cruinnigh na daoine, tú féin agus do dhritháir, agus labhraidh leis an gcaraig os cómhair na ndaoine agus tabharfidh an charaig uisge dhóibh, agus nuair a thabharfir-se an
t-uisge as an gcaraig ólfid na daoine agus na beithidhigh a sáith." Do thóg Maois an tslat a bhí i láthair an Tighearna, fé mar a dh'órduigh an Tighearna, agus do chruinnigh sé an pobul agus do labhair sé leó:- "Feuch," ar seisean, "a dhaoine stuacacha gan creideamh, an féidir dúinn uisge thabhairt as an gcaraig seo dhíbh?" Ansan d'árduigh sé a lámh agus bhuail sé an charaig dhá uair agus do ghluais caise líon- mhar uisge amach as an gcaraig i dtreó gur óladar na daoine agus na beithidhigh a ndóithin mór uisge agus gur baineadh an tart díobh go h-iomlán. Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le h-Aaron na focail seo: "Toisg nár chreideabhair me, i dtreó go naomhóchadh sibh mé i láthair clainne Israéil ní bhéarfidh sibh an pobul so isteach sa tír a thabharfad dóibh." Deir na h-aithreacha naomhtha ná raibh aon cheart ag Maois an charaig do bhualadh an tarna h-uair; gur fheuch san, i súilibh na ndaoine, fé mar a bheadh droch iontaoibh éigin aige as an dTighearna. Bhí locht éigin ar an gcuma 'n-ar dhein sé an gnó. Mara mbeadh go raibh ní bhfaghadh an Tighearna an locht air. Chuir an Tighearna ainm ar an áit mar gheall ar an nídh do thárla ann. "Sidé," arsan Tighearna, "uisge an fhrithlabhartha, an áit 'n-ar dhein clann Israéil frithlabhairt i n-aghaidh an Tighearna, agus gur naomhuigheadh é d'á ndruim." Bhí an dachad blian nách mór caithte um an dtaca san agus do thosnuigh clann Israéil ar iad féin d'ullmhú agus do chur i dtreó chun dul isteach, fé dheire thiar thall, sa tír a bhí geallta dhóibh an fhaid sin aimsire agus go mbeidís socair istigh ann dachad blian roimis sin mar a mbeadh a stuacacht agus a neamhfhoidhne féin agus na droch nósa agus na droch bhéasa do thugadar leó ainíos as an Éigipt.
LXXXVIII. Bás Aaroin. Do thuig Maois agus clann Israéil, ó bhí an dachad blian caithte nách mór, gur mhithid bheith ag druidim i dtreó tíre Chanaain. Bhí tír Edoim idir iad agus tír Chanaain, agus bhí pobul láidir, agus rí comhachtach ortha, n-a gcomhnuidhe i dtír Edoim. Chuir Maois teachtaireacht ag triall ar rí Edoim. Dubhairt sé leis na teachtairíbh an chainnt seo do rádh leis an rí:- "Deir do bhráthair Israél, linn, a rí, a rádh leat mar seo: Is eól duit an cruadhtan go léir a tháinig orainn, conus mar a chuaidh ár sínsear síos sa n-Éigipt agus gur chómhnuighdar ann ar feadh mórán aimsire, conus mar a chuir muinntir na h-Éigipte cruadhtan truagh- bhéileach orainn agus conus mar a ghlaodhmair ar an dTighearna agus mar a dh'éist an Tighearna linn agus mar a chuir sé a aingeal chughainn agus gur fhuasgail an t-aingeal sinn as an Éigipt. Táimíd anso anois i gcathair Chades, ar imeal do thíre-se. Táimíd 'ghá iarraidh ort go dtabharfá cead dúinn gabháil tréd' dhúthaigh. Ní gheóbhmíd tré pháirceanaibh ná tré fhíonghortaibh. Ní ólfimíd uisge as do thoibreachaibh. Geóbhmíd an bóthar poibilidhe gan iompáil chun na láimhe deise ná chun na láimhe clé go dtí go mbeimíd imthighthe as do chríochaibh amach." Dubhairt rí Edoim leó 'ghá bhfreagra. "Ní gheóbhaidh sibh trém' thír-se. Má chuirean sibh chuige ionsóchad-sa sibh le h-armáil." "Geóbhmídh an bóthar coitchian," ar siad san. "Ní dhéanfimíd aon bhlúire díobhála. Má bhíon gádh againn le h-uisge díolfimíd as go macánta. Gluaiseóchai- míd go mear i dtreó gur túisge de a bheimíd imthighthe as do thír."
"Ní gheóbhaidh aon chos díbh trém' thir-se!" ar seisean leó. Do chruinnigh sé mór shluagh gan mhoill agus tháinig sé amach 'n-a gcoinnibh agus ármáil líonmhar láidir aige, ullamh ar chath do thabhairt do chlainn Israéil dá ndeinidís aon iaracht ar ghabháil tré n-a thír d'á aindeóin. Deir lucht eóluis go mbeadh sé dleaghthach ag clainn Israéil cath do thabhairt do'n rí sin agus gabháil tré n-a thír d'á aindeóin ó bhíodar ceapaithe ar gan aon díobháil a dhéanamh. Deir lucht eóluis eile, ámhthach, ná beadh sé dleaghthach acu san do dhéanamh; agus go raibh gach aon cheart ag rí Edoim iad do chosg; óir ca bh'fhios dó-san cé'cu dhéanfidís díobháil nú ná déanfidís. Cé fhéadfadh a gheallamhaint ná déanfadh a leithéid de shluagh díobháil an fhaid a bheidís ag gabháil tríd an dtír? Ach chífar ar ball gur choisg an Tighearna féin ar chlainn Israéil aon troid a dhéanamh i gcoinnibh na ndaoine a bhí sa tír sin mar go raibh gaol acu le clainn Israéil agus go raibh an Tighearna ceapaithe ar gan aon fhód de thalamh na ndaoine sin do thabhairt do chlainn Israéil. Ba mhór an tsaoráid do chlainn Israéil dá leogtí dhóibh an cómhgar san do ghabháil chun tíre Chanaain. Níor leogadh. B'éigean dóibh gabháil tímpal, fan na slighe ag bun chnuic Hór. Nuair a bhíodar i longphort ag bun chnuic Hór do labhair an Tighearna le Maois: "Teidheadh Aaron ag triall ar a dhaoine, óir ní raghaidh sé isteach sa tír atá tabhartha agam do chlainn Israéil, toisg nár chreid sé mo bhéal-sa ag uisge an aighnis. Tóg leat Aaron, agus a mhac i n-aonfheacht leis, agus beir leat suas iad go mullach chnuic Hór, agus ansan bain a bhrait d'Aaron agus cuir na brait ar a mhac Eleásar. Ansan gheóbhaidh Aaron bás." Do dhein Maois fé mar a dh'órduigh an Tighearna dhó a dhéanamh, agus chuadar suas ar chnoc Hór agus na daoine go léir ag
feuchaint ortha. Nuair a bhíodar ar an gcnoc do bhain Maois na brait d'Aaron agus chuir sé ar Eleásar iad. Ansan do fuair Aaron bás. Nuair a bhí Aaron tar éis bháis tháinig Maois agus Eleásar anuas ó'n gcnoc, agus nuair a chonaic na daoine go raibh Aaron marbh do chaoineadar go léir é ar feadh deich lá fichid. Bhí rí Canaanach sa chómharsanacht. D'airigh sé i dtaobh bháis Aaroin. Chuir sé cath ar chlainn Israéil agus bhuaidh sé ortha agus do rug sé creach uatha. Ansan do chuir clann Israéil ceangal ortha féin i láthair an Tighearna agus dubhradar, "A Thighearna má thugan tú an lámh uachtair dúinn ar an bpobul úd dísgeóchaimíd a gcatharacha." Thug an Tighearna a nguidhe dhóibh. Chuireadar cath ar na Canaanachaibh agus do dhísgighdar iad agus do leagadar a gcatharacha chun tailimh agus do tugadh Hórma, i. Íde, mar ainm ar an áit. LXXXIX. Athair Nímhe Práis. Theastuigh ó chlainn Israéil, nuair a bhí Aaron tar éis bháis agus an pobul Canaanach úd dísgithe, aghaidh a thabhairt, ar chuma éigin, ar an dtír a bhí geallta dhóibh. Ní fhéadfidís gabháil an cómhgar chuige mar ní leogfadh rí Edoim dóibh gabháil tré n-a dhúthaigh, agus ní lamhálfadh an Tighearna dhóibh é throid. B'éigean dóibh a n-aigne do shocarú ar ghabháil tímpal. Bhí an tímpal ana fhada. B'éigean dóibh aghaidh a thabhairt ódheas airís i dtreó na Mara Rua, agus ansan, aghaidh a thabhairt soir, agus mar sin mórthímpal, lasmuich de thír Edoim, sar ar fhéadadar aghaidh do thabhairt óthuaidh ar thír Mhóab atá lastoir de'n Iórdan. Bhí an tímpal fada agus an
ghainmheach ana thirim fé n-a gcosaibh. Níor bh'fhada gur chromadar ar ghluaireán mar ba ghnáth leó chómh luath agus thagadh an cruadhtan. Bhí Aaron tar éis bháis agus ní raibh aoinne acu an uair sin chun a ndroch aigne dh'imirt air ach Maois féin. Thugadar aghaidh air, agus do labhradar i gcoinnibh an Tighearna, leis. "Cad chuige dhuit sinn a thabhairt aníos as an Éigipt!" ar siad; an seana sgéal i gcomhnuidhe, "chun sinn a chur chun báis sa n-uaigneas so! Ní'l aon arán againn. Ní'l aon bhraon uisge le fághail. Tá gráin againn ar an arán lag so. Ní bhfaighmíd aon ghus ann." B'é an mana an t-arán "gan ghus" go raibh an "ghráin" acu air. B'olc an chainnt í sin agus Dia ag tabhairt an aráin sin dóibh ó neamh chun iad do chimeád 'n-a mbeathaidh sa ghainmheach. Easanóir do Dhia ab eadh an chainnt sin. Do chuir Dia pionós ortha mar gheall ar an gcainnt sin. Tháinig aithreacha nímhe isteach 'n-a measg. Bhí na h-aithreacha nímhe ag breith ortha agus bhí nimh a bhfiacal 'ghá marbhú. Fé dheire do thuigeadar go raibh an easonóir tabhartha do Dhia acu agus gur mar gheall ar an easonóir a cuireadh na piastaí nímhe sin ag triall ortha. Do sgreadadar ar Mhaois agus d'iarradar air a ghuidhe do chur suas chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia na piastaí sin do thógaint uatha. Do dhein Maois an nídh sin. Pé easonóir a thugaidís do Mhaois bhíodh sé ullamh i gcómhnuidhe ar ghuidhe chun Dé ar a son. Dhein sé an ghuidhe an uair sin agus dhein sé ó chroidhe é mar bhí truagh aige dhóibh nuair a chonaic sé ag tuitim agus ag fághail bháis iad le nimh na bpiastaí úd. Do labhair an Tighearna leis. "Dein athair nímhe práis," arsan Tighearna leis, "agus cuir suas é mar chómhartha i dtreó go bhféadfid na daoine feuchaint air. Ansan an t-é a buailfar; .i. an t-é go gcuirfidh piast acu fiacal ann, ní'l aige ach feuchaint ar an bpéist phráis agus tiocfidh sé saor ó'n nimh." Do dhein Maois an nídh sin. Dhein sé an íomhágh phráis i bhfuirm péiste
nímhe agus chuir sé suas an íomhágh i radharc na ndaoine agus as san amach nuair a bheireadh ceann de sna pias- taíbh nímhe ar dhuine ní bhíodh aige ach feuchaint ar an bpéist phráis agus do leighistí láithreach an chneadh a chuir- eadh an phiast nímhe ann agus ní théidheadh an nimh i bhfeidhm. Bhí clann Israéil ag cur na slighe dhíobh ar an gcuma san, mórthímpal, ódheas, agus soir, agus ansan soir óthuaidh, agus ansan óthuaidh díreach, go dtí, fé dheire go rabhadar ar bruach abhan Sared, i n-imeal tíre Mhóab, áit 'n-a mbeidís abhfad roimis sin dá leogtí dhóibh an cómhgar do ghabháil. Do dhruideadar tamal eile óthuaidh agus chuireadar fútha ar bruach abhan Arnoin, i dteórainn tíre na Móabíteach agus tíre na n-Amorréach. Cad 'n-a thaobh gur órduigh an Tighearna do Mhaois an phiast phráis úd do dhéanamh agus a rádh leis na daoinibh a goinfí feuchaint uirthi i dtreó go leighisfí iad? Tuigtear gur chialluigh an íomhágh phráis sin ár Slánuigh- theóir, moladh go deó leis! Do cuireadh an íomhágh, an phiast phráis, anáirde ar mhaide ag dorus an tabernacuil i dtreó go bhfeuchfadh an duine uirthi nuair a curfí an fhiacal nímhe ann. Ar an gcuma gcéadna, abhfad 'n-a dhiaidh san, do tárnáladh ár Slánuightheóir ar chrann na cruise, agus do cimeádadh íomhágh na cruise céasta riamh ó shin, i dtreó, nuair a chuirfadh an mac mallachtain fiacal nímhe an pheaca isteach sa duine go bhféadfadh an duine feuchaint ar íomhágh na cruise céasta agus go gcuirfadh an radharc san nimh an pheaca ar neamhnídh agus go saorfí anam an duine tré neart pháise an tSlánuigh- theóra. Ní raibh sa phéist phráis úd aon bhrígh, ag baint léi féin, a dh'fhéadfadh na daoine úd do leigheas ó nimh na bhfiacal, ach bhí a dóithin mór de bhrígh innti chun an leighis sin do dhéanamh sa mhéid gur chialluigh sí roimh ré an brígh a bhí an uair sin, agus atá anois, i bpáis an tSlán- uightheóra chun an duine do leigheas ó nimh an pheaca.
XC. Amorrítigh agus Móabíthigh. Nuair a bhí clann Israéil ar bruach abhan Arnoin bhíodar ar an dtaobh thoir de'n Fharaige Mharbh. Theas- tuigh uatha dul óthuaidh tímpal trí fichid míle ó'n áit 'n-a rabhadar i dtreó ná beadh ach an abha, an Iórdan, idir iad agus an Talamh Naomhtha. Níor mhór dóibh, chuige sin, gabháil cuid de thosach na slighe, tré thalamh na n-Amorríteach. Sehon ainm an rí a bhí ar na h-Amorrítigh. Chuireadar teachtaireacht ag triall air ghá iarraidh air leogaint dóibh gabháil tríd an dtír agus ghá gheallamhaint ná déanfidís aon díobháil, ná geóbhaidís tré thalamh a bheadh saothruighthe agus ná h-ólfidís an t-uisge as na toibreachaibh agus go ndéanfidís árd- dithineas i dtreó go mbeadh an siubhal déanta acu go luath agus go mbeidís imthighthe. Níor tugadh dóibh an cead. I n'inead san do bhailigh an rí a shlóighte agus tháinig sé chucha chun catha thabhairt dóibh. Do throideadar é. Do bhuadar air agus do thuit sé féin agus a shlóighte sa chath agus do ghlac clann Israéil seilbh na tíre sin ó Arnon go Ieboc. Do stad clann Israéil sa tír sin ar feadh tamail. Ansan do chuir Maois uaidh buidhean chun na tíre d'fheuchaint chómh fada le Iaser. Do thóg an bhuidhean rainnt mion-bhailte agus thugadar leó na daoine asta. Bhíodar ag gabháil tré Bhasan. D'eirigh rí Bhasan, Óg ab ainm dó, agus do chruinnigh sé neart slógh agus tháinig sé chun catha thabhairt do chlainn Israéil i n-Edrai. Do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt sé leis: "Ná bíodh aon eagla agat roimis. Tá sé tabhartha dhuit agam, é féin agus a thír agus a dhaoine. Déanfir leis mar a dheinis le Sehon, rí na n-Amorríteach a bhí i Hesebon."
Do buaileadh an cath agus do thuit an rí sin agus a chlann mhac go léir agus a dhaoine go léir agus bhí an tír sin, leis, ag clainn Israéil. Bhí sgannra ag teacht um an dtaca san, ar na righthibh go léir sa tímpal. Do ghluais clann Israéil óthuaidh tríd an dtír lastoir de'n Mhuir Mharbh agus dheineadar longphort dóibh féin i lár an mhachaire, lastoir d'abhainn Iórdain, ar aghaidh na h-áite 'n-a raibh cathair Iericó laistiar de'n abhainn chéadna. Bhí clann Israéil suidhte ar a suaineas i lár an mhachaire agus iad tar éis an dá chine úd do dhísgiú, bíodh gur dhá chine chómhachtacha iad, agus seilbh a dtíortha do ghlacadh. Bhí sgannra ar na cineachaibh eile sa tímpal agus níor bh'aon iongna é. Bhí fear d'ár bh'ainm Balac 'n-a rí ar an gcine ba threise dhíobh san, i., ar na Móabíteachaibh. Ba leis an machaire ar a raibh longphort chlainne Israéil. Bhíodar ansúd, anuas ar a chuid tailimh agus ní leogfadh sgannra dhó aon chur isteach a dhéanamh ortha. Ní fheidir sé cad ba mhaith dhó dhéanamh. Bhí cine ann ar a dtugtí na Mádianítigh. Ní raibh rí ar an gcine sin. Is amhlaidh a dheineadh uaisle na cine an riaghaltas d'oibiriú agus na dlighthe do chur i bhfeidhm. Do labhair Balac leis na h-uaislibh sin. "Feuch," ar seisean, "a uaisle Mhádian, dísgeó'id an tsluagh san sibh-se agus mise agus a bhfuil de chineachaibh sa dúthaigh seo ar fad! Dísgeó'id siad sinn mar a dhísgighean an damh an feur glas a bhíon fé n-a chosaibh!" Ní h-innstear gur thug uaisle Mhádian aon chómhairle dhó a dhéanfadh tairbhthe dhó. B'fhéidir, dá labhraidís ná déarfidís leis ach, "Tarraigeadh gach aoinne a chuid féin ó sna gadharaibh!" Níor tháinig aon rud as an gcómhairle pé'r domhan é. Ach do chuimhmgh Balac ar shlighe, dar leis, a chuirfadh ar a chumas féin "a chuid do tharrac ó sna gadharaibh," mar a 'neósfar.
XCI. Balaam. Bhí fear 'n-a chómhnuidhe an uair sin abhfad soir ó'n dtír sin Mhóab. Deir cuid de sna tuairisgíbh go raibh sé n-a chómhnuidhe chómh fada soir leis an abhainn ar a dtugtí Euphrates. Balaam ab ainm dó. Fáidh ab eadh é. Fáidh ana mhór ab eadh é. Bhí creideamhaint ana mhór aige 'n-a dhúthaigh féin thoir, agus abhfad lasmuich d'á dhúthaigh féin, tré mhéid an eóluis a bhí aige air idir neithe do tháinig agus neithe le teacht. Bhí aithne ar Dhia aige, fé mar a bhí ag Iób agus ag Ietró agus ag rainnt daoine eile an uair sin lasmuich de chlainn Israéil. Bhí sé i n-aigne Bhalac dá gcuireadh fáidh de shaghas Bhalaam a bheannacht ar dhuine go mbeadh an rath ar an nduine sin, agus dá gcuireadh sé a mhallacht air go mbeadh mí-rath air. Dubhairt sé leis féin, nuair ná raibh ar a chumas clann Israéil do ghortú ar aon chuma eile go n-iarrfadh sé ar an bhfáidh mór, ar Bhalaam, a mhallacht do chur ortha. Chomáin sé teachtairí soir chun na h-áite 'n-a raibh Balaam n-a chómhnuidhe. Abha tíre chlainne Ammoin a tugtar ar an áit. "Abaraidh mar seo le Balaam," ar seisean leis na teachtairíbh a chuir sé uaidh. "Feuch, tá pobul mór daoine tagaithe as an Éigipt agus tá an dúthaigh clúdaithe leó. Táid siad suidhte anso ar m'aghaidh amach, ar mo thí. Táid siad ró láidir dómh-sa. Tar agus cuir do mhallacht ortha feuchaint an bhféadfinn i n-aon chor iad do bhualadh agus do dhíbirt as mo dhúthaigh. Tá fhios agam, an t-é go gcuirfir-se do mhallacht air go mbeidh an easgaine air agus an t-é go gcuirfir do bheannacht air go mbeidh an rath air." Do ghluais rainnt d'uaislibh Mhóab agus cuid de sheanóiríbh Mhádian agus do rugadar leó fiacha na
fáistineachta. Thánadar mar a raibh Balaam agus d'innseadar a sgéal dó. D'éist sé leó go dtí go raibh deire ráidhte acu. Ansan do labhair sé. "Fanaidh anso anocht," ar seisean, "agus 'neósfad díbh ar maidin an rud a déarfidh an Tighearna liom." Fáidh ab eadh Balaam gan amhras, ach níor dhuine fóghanta é, marar bh'ionan a's Iób, nú Ietró. Fear sanntach ab eadh é. Ba mhaith leis an t-airgead do thuilleamh, ach ní leogfadh eagla dhó an mhallacht do chur ar chlainn Israéil go dtí go mbeadh 'fhios aige a mbeadh san ró mhór i gcoinnibh toile an Tighearna. Siné cúis 'n-a ndubhairt sé leis na teachtairíbh fanmhaint go lá. Deir an Scriptiúir gur thug Dia le tuisgint dó, i gcaitheamh na h-oidhche ná raibh ceadaithe dhó dul leis na teachtairíbh ag triall ar Bhalac, ná a mhallacht do chur ar phobul Israéil mar go raibh beannacht ó Dhia ortha. Nuair eirigh sé ar maidin dubhairt sé leis na teacht- airíbh ná féadfadh sé dul leó mar ná leogfadh an Tighearna dhó é. Thánadar abhaile ag triall ar Bhalac agus d'innseadar a sgéal dó. Ní raibh sé sásta. Chruinnigh sé buidhean eile teachtairí do b'uaisle go mór 'ná an chéad bhuidhean agus thug sé a dhá oiread airgid dóibh le tabhairt do'n fháidh. D'imthighdar chun siubhail. Shroiseadar Balaam. D'innseadar cad a thug iad agus tharraigeadar an t-airgead mór dó ach teacht leó agus an mhallacht do chur ar an bpobul mór a tháinig as an Éigipt. "Dá dtugadh Balac dom," arsa Balaam, "lán a thighe féin d'ór agus d'airgead níor bh'fhéidir dom focal an Tighearna d'atharú ná breis ná easnamh do chur air; ach fanaidh anso airís anocht go bhfeicead cad déarfidh an Tighearna liom." Bhí ana dhúil aige dul leó agus an t-airgead do thuilleamh dá mb'fhéidir i n-aon chor é. Bhí rud eile geallta ag Balac dó i n-éaghmuis an airgid. Bhí geallta aige dhó go dtabharfadh sé onóir mhór éigin dó. Rí
cómhachtach ab eadh Balac agus creideamhaint mhór do Bhalaam, 'n-a dhúthaigh féin, ab eadh an onóir sin a dh'fhághail. Bhí onóir mhór fághalta cheana féin aige mar na h-uaisle ab aoirde a bhí ag an rí isiad a tháinig ar an dteachtaireacht an tarna h-uair. Dá bhrígh sin go léir bhí gach aon tsúil ag Balaam go dtabharfí cead gluaiste dhó leis na teachtairíbh sin a tháinig an tarna h-uair. I gcaitheamh na h-oidhche sin, dubhradh leis imtheacht leis na teachtairíbh sin, ach gan aon fhocal do labhairt i dtaobh clainne Israéil ach an focal a chuirfadh an Tighearna 'n-a bhéal. Chómh luath agus tháinig an lá chuir sé iallait ar láir asail a bhí aige agus ghluais sé chun bóthair. XCII. Asal ag labhairt. Fuair Balaam cead gluaiste ag triall ar Bhalac ach má fuair féin bhí fearg ar an dTighearna chuige. Bhí sé ró thugtha chun na díobhála dhéanamh agus bhí an iomad dúil sa n-airgead aige agus sa n-onóir. Bhí sé ag cur na slighe dhe ar muin na lárach asail. Tháinig sé go dtí áit áirithe de'n bhóthar. Bhí aingeal an Tighearna ansan ar an mbóthar roimhis agus claidheamh ar tarrach 'n-a láimh aige. Chonaic an láir é ach ní fhéacaidh Balaam é. Do stad an láir. Do bhuail an marcach í. D'iompuigh sí de'n bhóthar agus chuaidh sí isteach sa pháirc a bhí ar thaobh an bhóthair. Chuir an marcach fhiachaint uirthi teacht ar an mbóthar airís. Ansan do thánadar go dtí áit 'n-a raibh an bóthar cumhang agus claidhe ar gach taobh de. Bhí an t-aingeal sa n-áit chumhang rómpa. Chonaic an láirín an t-aingeal agus an claidheamh nocht 'n-a láimh aige ach ní fheacaidh an marcach i n-aon chor é. Do stad an
láirín. Do chrom an marcach ar í léasadh. Do dhruidh sí i leithtaoibh i dtreó gur ghaibh sí amach idir an t-aingeal agus an falla agus gur bhrúigh sí cos an mharcaigh idir í agus an falla. Ansan do sheasaimh an t-aingeal i n-áit de'n bhóthar a bhí chómh cumhang san nár bh'fhéidir do'n láir gabháil thairis i n-aon chor. Nuair a chonaic an láirín an t-aingeal agus nár bh'fhéidir di gabháil thairis amach do thuit sí fé'n marcach anuas ar an dtalamh. Isé rud a dhein an marcach ansan 'ná cromadh ar í léasadh go h-ana dhian leis an mbata a bhí 'n-a láimh. Deir an Scriptiúir ansan gur osgail an Tighearna béal na lárach bige agus gur labhair sí leis an marcach. "Cad 'tá déanta agam ort!" ar sisi. "Cad chuige dhuit bheith ag gabháil orm! Sidé an trímhadh h-uair agat 'á dhéanamh." "Mar sin tá sé tuillte agat uaim! Is truagh gan claidheamh agam go marbhóchainn tu!" ar seisean. "Nách beithidheach leat féin mé?" arsan láirín, "agus nách orm a bhíthá ar marcaidheacht i gcómhnuidhe go dtí an lá so? Ar dheineas a leithéid seo riamh fós ort?" "Níor dheinis riamh," arsa Balaam. Le n-a linn sin d'osgail an Tighearna súile Bhalaaim agus chonaic sé an t-aingeal 'n-a sheasamh ar an mbóthar agus an claidheamh nocht 'n-a láimh aige. Chómh luath agus chonaic sé an t-aingeal chaith sé é féin anuas ar an dtalamh 'n-a láthair. "Cad chuige dhuit gabháil trí h-uaire ar do láir asail," arsan t-aingeal leis. "Thánag-sa anso chun tú chosg mar tá an droch fhuadar fút agus taoi ag cur am' choinnibh-se. Mara mbeadh gur imthigh an láir i leithtaoibh uaim bheithá-sa marbh agam agus bheadh an láir beó." "Tá peaca déanta agam!" arsa Balaam, "mar ní raibh fhios agam tusa bheith at' sheasamh am' choinnibh; agus anois mara maith leat mé dhul ar aghaidh iompóchad thar n-ais."
"Imthigh ar aghaidh i n-aonfheacht leó san," arsan t-aingeal, "agus tabhair aire mhaith gan aon fhocal do labhairt ach mar adéarfad-sa leat." Ansan do ghluais sé ar aghaidh i n-aonfheacht leis na h-uaislibh a tháinig 'ghá iarraidh. Uaisle ríoga ab eadh iad. Ní deirtear gur leogadh dóibh aon phioc de ghnó an aingil do thabhairt fé ndeára. Do h-innseadh do Bhalac go raibh na h-uaisle ag teacht agus Balaam i n-aonfheacht leó. Do chuaidh sé amach 'n-a gcoinnibh. Nuair a bhuail sé úmpa do labhair sé le Balaam. "Chuireas teachtairí ag triall ort," ar seisean, "ghá rádh leat teacht. Cad 'n-a thaobh nár tháinís? An amhlaidh a mheasais ná féadfainn thú dhíol?" "Táim anso anois," arsa Balaam, "an amhlaidh is dóich leat gur féidir domh-sa aon fhocal do labhairt ach an focal do chuirfidh an Tighearna am' béal!" Do rug Balach leis suas é go bara cnuic i dtreó go raibh radharc aige ar longphort chlainne Israéil. Bhí an longphort san go h-ana bhreágh le feuchaint air. Bhí sé go fada fairsing, leathta amach ansúd os a gcómhair, agus an ghrian ag taithneamh ar anairtibh breághtha geala na gcábán, agus an deatach ag eirighe as na tein- teachaibh, as na míltibh acu, agus ag gluaiseacht leis an ngaoith go breágh réidh, agus ag leighe amach nuair eirigheadh sé suas sa spéir a bhí gan sgamal. "Cuir suas seacht n-altóracha anso ar an gcnoc so," arsa Balaam leis an rí, "agus cuir gamhain agus reithe mar ídhbirt ar gach altóir díobh." Do dhein. "Seasaimh- se ansan anois, tamal beag i n-aice na n-altórach san go dtéidhead-sa anonn anso feuchaint cad déarfidh an Tighearna liom." D'imthigh sé i leithtaoibh go h-ana mhear. Do labhair an Tighearna leis. Tháinig sé thar n-ais agus fuair sé Balac 'n-a sheasamh i n-aice na n-altórach agus riogra na Móabíteach i n'aice. D'árduigh sé a ghlór agus do
labhair sé: "Thug Balac leis me ó Aram, ó árdaibh an domhain tsoir. "Cuir do mhallacht ar Iácób," ar seisean. "Brostuigh agus cuir do ghráin ar Israél." Conus a chuirfad mallacht ar an t-é nár chuir Dia mallacht air! Conus a chuirfad gráin ar an t-é nár chuir Dia gráin air!" XCIII. Beannacht. "Conus is féidir domh-sa mallacht do chur ar an t-é nár chuir Dia mallacht air!" arsa Balaam agus é ag labhairt go h-árd. "Conus fhéadfinn gráin a bheith agam ar an t-é ná fuil aon ghráin ag Dia air! Chífad é ó bharraíbh na gcarraigreach. Ó bharraíbh na gcnoc a bhreithneóchad é; 'n-a phobul aonair a dhéanfidh sé cómh- nuidhe, agus ní áireófar é ameasg na ngeinte. Cé fhéadfidh luaithreach Iácóib d'áireamh! Ná uimhir chlainne Israéil d'aithint! Mo bhás-sa go raibh mar bhás na bhfíoraon! Agus mo chrích go raibh mar a gcrích so!" "Cad é seo agat á dhéanamh!" arsa Balac. "Chun go gcuirfá mallacht ar mo namhaid a thugas anso thu agus is beannacht atá agat d'á chur ortha!" "An féidir dom a labhairt ach an nídh a dh'órduighean an Tighearna dhom!" arsa Balaam. "Tar liom," arsa Balac, "agus béarfad go h-áit eile thú, áit as a mbeidh radharc agat ar chuid de shlóightibh Israéil agus ná beidh radharc agat ortha go léir as." Do rug sé leis suas é go h-áit ana árd ar mhullach cnuic Phasga. Chuir Balac suas ar an áit sin seacht n-altóracha eile agus chuir sé gamhain agus reithe ar gach altóir díobh.
"Stad-se ansan i n-aice na h-altórach san," arsa Balaam leis an rí, "go dtéidhead-sa anonn anso tamal." D'imthigh sé anonn tamal. Do chuir an Tighearna 'n-a bhéal an chainnt a bhí le labhairt aige. Tháinig sé thar n-ais agus fuair sé Balac 'n-a sheasamh i n-aice na n-altórach. "Cad 'tá ráidhte ag an dTighearna leat?" arsa Balac. Do thóg Balaam a stair agus dubhairt sé:- "Seasaimh, a Bhalac, agus cuir cluas ort féin. Éist liom, a mhic Sephoir. Ní cosmhail Dia le duine, go ndéarfadh sé bréag; ná le mac duine, go n-atharófí é. D'á bhrígh sin, an amhlaidh a labharfidh sé agus ná déanfidh sé? An ndéarfidh sé agus ná comhlíonfidh sé? Chun beannacht do chur a tugadh mé. Ní féidir dom an bheannacht do chosg. Níl aon íodal sa phobul san Iácóib. Ní feictear íomágh i n-Israél. Tá a Thighearna Dia i n'fhochair, agus tá fothram ann, fothram na mbuadh do rug an rí. Isé Dia do thug amach as an Éigipt é agus tá a neart mar neart an rhinocerois. Ní'l lucht feasa i Iácób, ná lucht fáistine i n-Israél. I n'am féin 'neósfar do Iácób agus d'Israél cad a bheidh déanta ag Dia. Feuch, eireochaidh an pobul ar nós leóin bhainean, agus árdóchaidh sé é féin ar nós an leóin. Ní luighfidh sé go dtí go n-íosfidh an tseilg, go n-ólfaidh sé fuil na neithe a mhairbh sé." "Stad!" arsa Balac, "ná cuir beannacht ná mallacht ortha!" "Ná dubhart leat," arsa Balam, "nách foláir dom an rud a dhéanamh a dh'órdóchadh Dia dhom?" "Téanam," arsa Balac, "agus béarfad go dtí áit eile thu feuchaint ar bh'é toil Dé dhuit mallacht do chur ó'n áit sin ortha." Do rug sé leis é go mullach cnuic Phogoir. Do cuireadh seacht n-altóracha suas, mar a deineadh in sna h-áiteanaibh eile. Níor chuaidh Balaam i leithtaoibh an
uair sin. Do thuig sé cad ba thoil le Dia dhó a dhéanamh. Do thóg sé a stair agus d'árduigh sé a ghlór nuair fheuch sé uaidh ar chábánaibh anairte Israéil agus iad leathta amach ansúd os a chómhair: "Do labhair Balaam mac Beóir," ar seisean, "do labhair an duine n-ar dúnadh suas a shúil; an duine d'éist le h-urlabhra Dé, an duine d'fheuch ar radharc an Uilechómhachtaigh; an duine do thuit agus gur osgaladh a shúile. Nách áluinn iad do phubail-se, a Iácóib! Agus do chábáin anairte, a Israéil! mar ghleannta fé choilltibh; mar gharaidhthe agus uisge d'á leogaint ortha i n-aice le h-aibhníbh; mar phubail a shocaruigh an Tighearna ar a mbunaibh; mar chédruisí láimh le h-uisgeachaibh." Chomáin sé leis ar an gcuma san ag moladh clainne Israéil agus 'ghá innsint conus mar a bhí an uile shaghas beannachta ortha ó Dhia. "Stad!" arsa Balac, ag bualadh a bhas i gcoinnibh a chéile agus árd fhearg air. "Thugas anso thu," ar seisean, "chun go gcuirfá do mhallacht ar mo namhaid agus do bheannacht atá curtha agat ortha trí h-uaire as a chéile! Imthigh uaim abhaile. Bhíos ceapaithe ar onóir mhór do chur ort ach tá an Tighearna tar éis na h-onóra bhaint díot." "Ná dubhart leis na teachtairíbh a chuiris ag triall orm ná féadfinn focal an Tighearna do shárú dhuit dá dtugthá dhom lán do thighe féin d'ór agus d'airgead. Ach tabharfad cómhairle dhuit i dtaobh cad a dhéanfidh do dhaoine-se leis na daoine sin." Bhí sé tar éis a dh'innsint do Bhalac gur bh'é cúis go raibh lámh Dé le clainn Israéil 'ná gan aon déithe fallsa bheith ag clainn Israéil. Ansan thug sé le tuisgint dó dá leogadh sé do mhnáibh a mhuinntire féin cómhluadar a dhéanamh le fearaibh Israéil go meallfadh na mná iad chun peaca dhéanamh agus ansan nár dheacair iad do mhealladh chun déithe fallsa d'adhradh. Ansan go mbeadh lámh Dé 'n-a gcoinnibh agus mallacht Dé ortha.
XCIV. Crochadh agus Pláigh. Do sgar an bheirt le n-a chéile. D'imthigh Balaam abhaile chun a thíre féin agus chuaidh Balac abhaile chun a ríghtheaghlaigh, agus bhí clann Israéil 'n-a gcábánaibh ar a suaineas agus gan aon phioc d'á chuimhneamh acu cad é an t-uisge fé thalamh a bhí 'á dhéanamh 'n-a gcoinnibh thuas ar na cnocaibh úd. Bhí Balac go feargach i n'aigne i gcoinnibh Bhalaaim, ach nuair a thosnuigh an fhearg ar fhuaradh do thosnuigh sé ar mhachtnamh ar an staraidheacht a bhí ar siubhal ag Balaam an fhaid a bhíodar ar an gcnoc. Chuimhnigh sé ar an bhfocal úd i dtaobh na n-íodal; go raibh lámh Dé le clainn Israéil toisg gan aon rud i bhfuirm íodail, a bheith 'n-a measg. Chuimhnigh sé ansan ar an gcómhairle úd, .i. dá bhféadfí clann Israéil do mhealladh chun na n-íodal do ghlacadh agus d'adhradh go dtabharfadh san mallacht Dé ortha. "Agus," ar seisean i n'aigne féin, "nách shiné díreach a bhí uaim! B'fhéidir go bhfuil a thuarastal tuillte ag Balaam i n-aindeóin na mbeanneachtaí go léir úd a chuir sé ortha! Dar fiadh ach déanfad an chómhairle!" Do cuireadh ar bun, le h-órdú an rí, caradas agus muinntearthas idir mhuinntir an rí agus clann Israéil feasta. Do cuireadh mórán tabharthaistí ó'n rí go dtí an longphort. Ar ball do tháinig na mná. Níor bh'fhada gur thuit mórán de chlainn Israéil i bpeaca na drúise. Ansan níor bh'fhada gur mealladh iad chun na n-íodal do ghlacadh; ansan chun urama thaisbeáint dóibh; ansan chun iad d'adhradh agus chun an Tighearna, Dia na Glóire, do shéanadh. Thugadar do sna h-íodalaibh salacha an onóir a bhí ceangailte ortha a thabhairt do Dhia na Glóire. D'eirigh fioch agus fearg Dé 'n-a gcoinnibh. Beelphegor ab ainm do'n íodal ab aoirde a bhí ag na geintibh.
An t-é do naisgfí le Beelphegor bhí druim lámha tabhartha aige le creidemh Israéil agus an creideamh fallsa glacaithe aige. Dhein a lán de chlainn Israéil an nasgadh san, agus uaisle chlainne Israéil isiad ba mhó a dhein é. Bhí fearg an Tighearna ar dearg lasadh 'n-a gcoinnibh. Do labhair sé le Maois. "Tóg," arsan Tighearna, "na h-uaisle sin go léir agus dein iad do chrochadh ar aghaidh na gréine ar chrochaibh, i dtreó go n-iompófar m'fhearg ó chlainn Israéil. D'órduigh Maois do sna breitheamhain an crochadh san do dhéanamh. "Agus," arsa Maois leó, "cuireadh gach duine agaibh chun báis a ghaolta féin má naisgeadh iad le Beelphegor." Bhí pláigh ag marbhú na ndaoine agus bhí Maois ag dorus an tabernacuil ag sile deór go fuigheach nuair a chonaic sé na peacaí d'á ndéanamh agus an phláigh ag leagadh na ndaoine, agus na h-uaisle ghá dtabhairt féin suas do mhí-iompair agus do Bheelphegor. Bhí gach aon deabhramh, marar chuir Balaam an easgaine ar chlainn Israéil gur chuir clann Israéil féin ortha í. Nú b'fhéidir gur ceart a rádh, marar chuir Balaam an easgaine ortha gur chuir a chómhairle ortha í. Ach do mhaoluigh an crochadh an fhearg. Do dheineadar na breitheamhain an rud adubhairt Maois leó a dhéanamh, agus do dhein Phineas, mac d'Eleásar, gníomh oirdheirc an uair sin. Do mhairbh sé i n-aonfheacht duin'uasal mór de chlainn Israéil agus ríogan uasal de sna Mádian- achaibh. Do mhol an Tighearna an gníomh san agus do stad an phláigh a bhí ag marbhú an phobuil. Do fuaradh, nuair a bhí an phláigh tar éis stad, go raibh, ó'n bpláigh agus ó'n gcrochadh, chuig mhíle fhichid de chlainn Israéil tar éis bháis. Ach do cómhairigheadh clann Israéil an uain sin airís agus do fuaradh, tar éis an crochadh agus ar thuit leis an bpláigh, go raibh chúig céad míle agus ocht míle agus dachad ann d'fhearaibh a bhí fiche blian d'aois agus os a chionn. Fir luatha láidire ab eadh iad san go léir, fir nár bhlais aoinne acu riamh feóil na
h-Éigipte agus ná raibh aon chaitheamh 'n-a diaidh acu. An uile dhuine riamh de sna míltibh a tháinig amach as an Éigipt bhíodar, mar a gealladh dóibh, tar éis bháis d'fhághail i gcaitheamh an dachad blian a caitheadh sa ghainmheach. I gcruadhtan na gainmhighe do rugadh agus do tógadh an uile dhuine de'n bhreis agus chúig céad go leith de mhíltibh fear san a bhí ansúd an uair sin sa longphort leathan san ar an machaire, lastoir de'n Iórdan, ag feitheamh go bhfaighdís an focal chun dul treasna na h-abhan siar agus seilbh do ghlacadh sa tír a bhí geallta dhóibh. Ba mhór an neart slógh iad. Níor bh'iongna an t-eagla bheith ar Bhalac rómpa. XCV. Buadh. Do mheas Balaam go raibh rud ana ghasta aige 'á dhéanamh nuair a thug sé an chómhairle úd do Bhalac i dtaobh conus fhéadfadh sé an mhallacht a thabhairt ar chlainn Israéil. Do mheas Balac, leis, go raibh rud ana ghasta aige 'á dhéanamh nuair a ghlac sé an chómhairle agus nuair a dhein sé beart d'á réir. Gan amhras d'eirigh leis maith go leór ar feadh tamail. Chuir sé fhiachaint ar chuid mhór de chlainn Israéil peacaí do dhéanamh, agus ansan iad féin do nasgadh le Beelphegor, an íomhágh ghrána a bhí ag na págánachaibh i dtír Mhádian. Tháinig díbhfeirg uathbhásach ar chlainn Israéil mar gheall ar na peacaíbh sin agus ar an nasgadh san. Ach do cuireadh an pionós a bhí tuillte acu ar an méid acu do dhein an nasgadh agus tháinig an phláigh ar an bpobul mar gheall ar na peacaíbh agus ar an nasgadh. Ansan, nuair a dhein Phinees an marbhú uathbhásach úd do cuireadh fearg Dé i leithtaoibh ó'n bpobul. Ansan do deineadh an cómhaireamh. Nuair a bhí an cómhaireamh déanta agus
a fuaradh an neart slógh go léir úd ag clainn Israéil do labhair an Tighearna le Maois. "Dein díoltas ar dtúis," arsan Tighearna, "ar na Mádianítigh mar gheall ar an nídh úd a dheineadar i gcoinnibh chlainne Israéil, agus annsan gheóbhair féin bás." Do labhair Maois leis an bpobul. "Deinidh," ar seisean, "le h-órdú an Tighearna, fir armtha do thoghadh chun dul agus díoltas an Tighearna do dhéanamh ar na Mádianítigh. Toghtar míle fear as gach treibh de chlainn Israéil, chun cogaidh." Do toghadh an míle fear as gach treibh, 'sé sin, dhá mhíle dhéag fear agus iad gléasta chun catha. Chuir Maois an dá mhíle dhéag san fé láimh Phinees agus d'órduigh sé dhóibh dul agus an díoltas a dhéanamh ar na Mádianítea- chaibh. D'imthighdar agus do chómhracadar leis na Mádianíteachaibh. Do buadhadh ar na Mádianítigh agus níor fágadh aoinne d'á bhfearaibh beó. Do thuit cúigear righthe a bhí ortha. Do thuit Balaam sa chogadh san. Do thug an dá mhíle dhéag leó abhaile ag triall ar Mhaois éacht d'ór agus d'airgead agus d'ollmhaitheas, agus do rainneadh é mar ba cheart. Do cómhairigheadh an tsluagh a chuaidh amach agus do fuaradh nár thuit oiread agus aon fhear amháin de'n dá mhíle dhéag fear. Do thuig gach aoinne gur mhírbhúilt ó Dhia an nídh sin. Do thuit sa chogadh san an uile dhuine de sna mnáibh úd a tháinig isteach i longphort Israéil ag mealladh clainne Israéil chun peaca agus chun na n-íodal d'ádhradh. B'shiné órdú Mhaoise. Siné deire a tháinig ar ghastacht Bhalac agus Bhalaam, agus ar an gcómhairle úd a thug Balaam do Bhalach. I n-éaghmuis ar tugadh de shaidhbhreas agus d'ollmhaitheas abhaile ó'n gcogadh san d'fhág an cogadh ar chumas chlainne Israéil rud ba mhó ab fhiú 'ná an t-oll- mhaitheas go léir. B'é rud é sin 'ná an tír a bhí ag na treabhchasaíbh a cuireadh chun báis sa chogadh. Talamh ana
shaidhbhir ab eadh an talamh san. Bhí dhá threibh de'n dá threibh déag agus bhí ana chuid stuic agus ana chuid caereach acu. B'iad dá threibh iad san 'ná sliocht Rúben agus sliocht Ghaid. Thánadar ag triall ar Mhaois agus do labhradar leis. "Feuch, a rí," ar siad le Maois agus le Eleásar agus le ríogra Israéil, "talamh ana mhaith chun treud agus chun stuic iseadh an talamh so atá anois folamh ó dhaoine i ndiaidh an íde atá tabhartha ag an dTighearna ar na daoine a bhí ann. Táimíd-ne ghá iarraidh ort-sa, a rí, gan sinn a bhreith treasna abhan Iórdain, isteach sa tír gheallta, ach leogaint dúinn cur fúinn ar an dtalamh fóghanta so atá anso ar an dtaobh so de'n abhainn." "An amhlaidh," arsa Maois, "a raghaid bhúr mbráithre chun an chogaidh agus chuirfidh sibh-se fúibh anso ar bhúr suaineas! Cad é mar obair díbh bheith ag baint ó aigne chlainne Israéil, 'ghá gcur ó dhul treasna na h-abhan isteach sa talamh atá ag an dTighearna le tabhairt dóibh! Nách shiné díreach an rud a dhein bhúr n-aithreacha nuair a chuireas na teachtairí ó Chades Barne ag feuchaint na tíre! Do chuireadar atharú aigne ar chlainn Israéil 'ghá gcur suas chun gan dul isteach sa tír a bhí bronntha ag an dTighearna ortha. Do mhúisgil an obair sin fearg an Tighearna i gcoinnibh chlainne Israéil agus do cimeádadh sinn ar feadh an dachad blian ag fánaidh- eacht sa bhfiantas. As an méid a bhí beó an uair sin níl beó anois, chun dul isteach sa talamh gheallta ach an bheirt a bhí dílis agus d'innis an fhírinne i dtaobh na cuarda, .i. Caleb agus Iósue. XCVI. Cómhairle a Leasa. "Agus anois," arsa Maois leó, "táthaoi-se ag déanamh díreach mar a dhein bhúr n-aithreacha an uair sin.
Is sibh sliocht agus síolrach na ndroch dhaoine úd agus méadóchaidh sibh fíoch an Tighearna i gcoinnibh Israéil. Má shocaruighean sibh-se ar gan dul leis tréigfidh sé an pobul sa n-uaigneas agus is sibh-se a bheidh cionntach sa n-íde a thiocfidh ortha go léir." Ansan do dhruideadar-san chuige agus dubhradar: "Déanfimíd cróthana d'ár dtreudtaibh agus d'ár gcuid stuic agus déanfimíd catharacha daingeana d'ár gclainn agus fágfimíd anso iad i n-ár ndiaidh agus raighmíd féin, leis an gcuid eile de chlainn Israéil chun an chogaidh, gleusta córuighthe chun catha, agus beimíd ar tosach ag dul ins gach cath, roimh chlainn Israéil amach, go dtí go gcuirfimíd isteach 'n-a n-inead féin iad. Ní thiocfimíd thar n-ais anso chun ár gclainne go dtí go mbeidh clann Israéil suidhte socair 'n-a n-oigh- reacht féin." "Má dheinean sibh mar sin," arsa Maois leó, "agus má sheasuighean sibh an gheallamhaint sin, agus má théidhean gach fear cómhraic agaibh gleusta armtha, treasna an Iórdain, gan teacht thar n-ais go dtí go mbeidh a namhaid claoidhte ag an dTighearna agus an tír go léir fé smacht beidh sibh gan choir i láthair Dé agus i láthair Israéil, agus gheóbhaidh sibh na críocha san atá uaibh, os cómhair an Tighearna. Ach má dheinean sibh a mhalairt sin, mara gcómhlíonaidh sibh an rud atá geallta agaibh anois, ná bíodh aon phioc d'á mhearathal oraibh 'ná go mbeidh peaca déanta agaibh i n-aghaidh Dé, agus ná bíodh aon phioc d'á mhearathal oraibh 'ná go bhfaighidh an peaca san greim oraibh go daingean. Deinidh, d'a bhrígh sin, na cróthana d'bhúr dtreudta agus d'bhúr gcuid stuic agus na catharacha daingeana d'bhúr gclainn agus téidhidh sa chogadh, mar aon leis an gcuid eile de chlainn Israéil, gleusta chun cómhraic, agus ansan bíodh an talamh so a thaithnean libh bíodh sé agaibh féin agus ag bhúr sliocht." Ansan d'innis an Tighearna do Mhaois conus a déanfí
rainnt an tailimh naomhtha idir dhá threibh déag chlainne Israéil agus gur le crannchur a caithfí an rainnt do dhéanamh. Ansan do dhein Maois mórán cainnte leis an bpobul, ag tabhairt chun a gcuimhne gach ar thuit amach dóibh i gcaitheamh na h-aimsire a bhí imthighthe, agus 'ghá ngríosadh chum bheith dílis do'n Tighearna sa n-aimsir a bhí le teacht. Do mhínigh sé airís dóibh na deich n-aitheanta agus an obliogáid a bhí ortha iad do chimeád go dúthrachtach. Do mhínigh sé dhóibh na riaghalta a bhain le seirbhís phoibilidhe an Tighearna agus na fuirmeacha a bhí le leanmhaint ionta. Do mhínigh sé dhóibh na dlighthe do shocaróchadh gach aighneas agus gach achran agus gach sórd imreasáin idir dhuine agus duine acu féin. D'innis sé dhóibh conus mar a bhí ceangailte ortha i láthair Dé na h-íodail a bhí ag muinntir na tíre sin do bhrise agus do losgadh, agus na droch bhéasa do bhain leó do chur ar neamhnídh, nuair a gheóbhdís féin seilbh na tíre. Agus d'innis sé dhóibh conus mar a bhí ceangailte ortha iad féin do chimeád go deó glan ó sna droch bhéasaibh sin agus ó gach nídh do sprioc- fadh chucha iad. D'innis sé dhóibh, leis, cad iad na pionóisí uathbhásacha do chuirfadh an Tighearna ortha dá mba ná cimeádfidís na h-aitheanta, agus dá mba ná leanfidís na fuirmeacha a bhí tabhartha ag an dTighearna dhóibh, agus dá ngéillidís do dhroch shampla na ngeinte a bhí 'n-a dtímpal. Sa chainnt sin go léir a dhein Maois an uair sin leis an bpobul san chlainne Israéil is amhlaidh a labhair sé i bpearsain an Tighearna féin. Do labhair sé an chainnt fé mar a labharfadh an Tighearna féin í. Nuair a bhí sé ag áireamh na mallachtaí a bhí le teacht ar chlainn Israéil dá mba ná beidís dílis, do labhair sé cainnt a cuirfadh sgann-ra agus crith-eagla ar aoinne beó. Agus feuch, do fíoradh an uile fhocal de'n chainnt 'n-a dhiaidh san, agus do thuit na mallachtaí sin go léir ar chlainn Israéil.
Duan. "Taim-se anois," arsa Maois le clainn Israéil, "céad agus fiche blian d'aois agus ní féidir dom feasta bheith ag gabháil isteach agus amach, go mór mór ó tá ráidhte ag an dTighearna liom: "Ní raghair-se treasna na h-abhan san Iórdain." Raghaidh an Tighearna féin treasna na h-abhan rómhaibh amach. Claoidhfidh an Tighearna féin na geinte sin go léir os cómhair bhúr súl. Raghaidh Iósue anso treasna na h-abhan rómhaibh, fé mar atá ráidhte ag an dTighearna. Déanfidh an Tighearna leis na geintibh sin fé mar a dhein sé le Sehon agus le h-Óg, righthe na n-Amorréach, agus le n-a dtír. Dísgeó- chaidh sé iad. D'á bhrígh sin nuair a thabharfidh sé suas díbh iad-so deinidh-se an cor céadna thabhairt dóibh, fé mar atá órduighthe agam díbh. Deinidh go fortuil, agus glacaidh misneach. Ná bíodh sgáth ná eagla agaibh rómpa. Isé an Tighearna féin is ceannuraid oraibh. Ní thréigfidh sé sibh ná ní chaillfidh sé oraibh." Ansan do ghlaoidh Maois chuige Iósue agus do labhair sé leis os cómhair na ndaoine. "Glac neart agus misneach" ar seisean leis, "mar is tusa do sheólfidh an pobul so isteach sa tír sin a dhearbhuigh an Tighearna d'á sínsear a thabharfadh sé dhóibh, agus is tusa do rainn- fidh eatartha an tír le crannchur. Stiúróchaidh an Tighearna sibh. Ní leogfidh sé uaidh sibh agus ní chaillfidh sé oraibh. Ná bíodh sgáth ort ná eagla." Nuair a bhí an méid sin raídhte ag Maois do sgríbh sé síos an dlighe agus thug sé an sgríbhinn do sna sagairt, do chlainn Lébhí a bhí ag iompar Airce Connartha an Tighearna, agus do sheanóiríbh Israéil go léir agus do labhair sé léo:- "I n-aghaidh gach tréimhse seacht mblian, le linn
solumnachta na dtabernacul, deintear clann Israéil do thabhairt ar aon láthair agus an dlighe seo do léighe dhóibh i dtreó go n-aireóchaid siad go léir an chainnt, idir fhear agus bean, idir óg agus aosta, agus go mbeidh an chainnt do ghlan mheabhair acu, agus go mbeidh eagla an Tighearna ortha agus go gcimeádfid siad an uile fhocal d'fhocalaibh na dlighe seo, iad féin agus a gclann atá anois gan tuisgint; go n-aireóchaid siad an dlighe agus go mbeidh eagla an Tighearna ortha, i gcaitheamh na h-aimsire go léir a chaithfid siad sa tír sin atá agaibh-se le fághail anois ag dul thar Iórdan siar díbh." Ansan do labhair an Tighearna le Maois: "Feuch, tá lá do bháis i n-achamaireacht. Glaoidh ar Iósue agus seasaídh i dtabernacul na connartha go dtugad órdú dhó." D'imthigh Maois agus Iósue agus sheasuighdar i dtabarnacul na connartha. Do tháinig an Tighearna agus thaisbeáin sé é féin dóibh sa n-uaithne sgamail, agus bhí an sgamal 'n-a sheasamh i ndorus an tabernacuil. Agus dubhairt an Tighearna le Maois:- "Feuch, luighfir-se feasta i bhfochair do shínsear; agus an pobul san, imtheóchaid siad i ndiaidh na ndéithe iasachta sa tír seo 'n-a bhfuilid siad ag dul chun cómh- nuighthe ann. Tréigfid siad mé sa tír sin agus cuirfid siad mo chonnradh ar neamhnídh. Lasfidh m'fhearg 'n-a gcoinnibh an lá san; agus tréigfad-sa iad san, agus beidh m'aghaidh i bhfolach agam uatha agus tiocfidh an uile shaghas uilc ortha. Deinidh-se d'á bhrígh sín, an duan so do sgrí dhóibh agus múinidh é i dtreó go mbeidh sé acu do ghlan mheabhair agus go mbeid siad 'ghá rádh, agus go mbeidh sé 'n-a theastas orm-sa idir mé agus clann Israéil. "Táim 'ghá dtabhairt isteach sa tír a gheallas d'á sín- sear, tír ar a bhfuil a cuid bainne agus a cuid meala n-a slaodaibh. Ansan, nuair a bheid siad cothuighte,
beathuighthe, ramhar, iompóchaidh siad chun déithe iasachta agus adharfidh siad iad agus tabharfidh siad cúl liom-sa agus cuirfidh siad mo chonnradh ar neamhnídh. Ansan, nuair a thiocfadh na h-uilc ortha freagaróchaidh an duan san iad mar theastas agus leanfidh a chuimhne agá sliocht." Do sgríbh Maois an duan agus chuir sé dh'á mhúine é do chlainn Israéil, agus dubhairt an Tighearna le Iósue. "Glac neart agus bí cródha, óir is tusa do sheólfidh clann Israéil isteach sa talamh so atá geallta agam-sa dhóibh, agus bead-sa leat." Labhran an duan tríd síos, ar na mírbhúiltibh móra a dhein an Tighearna ó thosach ar son clainne Israéil, agus ar na peacaibh a bhí ag clainn Israéil á dhéanamh i gcomh- nuidhe i gcoinnibh an Tighearna. XCVIII. Bás Mhaoise. Do mhúin Maois an duan do chlainn Israéil, agus do mhúin sé an dlighe dhóibh. D'innis sé dhóibh cad iad na pionóisí a thiocfadh ortha dá mba ná cimeádfidís an dlighe agus cad é an rath agus an séan a bheadh ortha ó láimh Dé an fhaid a chimeádfidís an dlighe go dílis agus go dúthrachtach. Ansan do chuir sé beannacht fé leith ar gach treibh de'n dá threibh déag a bhí ann díobh. Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt sé leis: "Tar suas go bara chnuic Nébó agus feuch ar an dtír sin Chanaain, an thír a thabharfad-sa do chlainn Israéil, agus gheóbhair-se bás ar mhullach an chnuic sin fé mar a fuair do dhritháir Aaron bás ar mhullach chnuic Hór. Do dheineabhair beart am' aghaidh ag uisge na frith- bhirte, i gCádes, i ngainmheach Sin. Níor dheineabhair me
do naomhú ameasg clainne Israéil. Chífir an tír os do chómhair, agus ní raghair isteach sa tír." Agus d'imthigh Maois suas ó mhachaire Mhóab go mullach chnuic Nébó, ar aghaidh Iericó soir, agus do thaisbeáin an Tighearna dhó an tír go léir, óthuaidh agus ódheas, soir chómh fada agus chuaidh clann Israéil 'n-a dhiaidh san agus siar chómh fada leis an bhfaraige ar ar tugadh an Mhuir Torrainn. Agus dubhairt an Tighearna leis: "Siné an talamh a thabharfad-sa do chlainn Israéil fé mar a dhearbhuigheas d'Ábraham agus d'Isaac agus do Iácób nuair adubhart: 'Tabharfad an tír sin dod' shliocht?' Tá radharc fághalta agat ar an dtír led' shúilibh, ach ní bhfaighir dul thar an abhainn sin siar." Ansan, le h-órdú an Tighearna, fuair Maois bás, ar mhullach an chnuic sin, i dtalamh Mhóab, agus d'adhlaic an Tighearna é. D'adhlaic an Tighearna féin é i ngleann éigin i dtír Mhóabh, agus ní raibh fios na h-áite ag aoinne riamh. Deir lucht eóluis gur bh'é cúis nár fágadh fios na h-áite ag aon duine 'ná le h-eagla, le h-imtheacht aimsire, go dtosnochadh clann Israél ar é dh'adhradh mar is ceart Dia d'adhradh. Bhí sé céad agus fiche blian nuair a fuair sé bás agus ní raibh lagachar ar a shúilibh ná ní raibh aon cheann d'á fhiacalaibh imthighthe uaidh ná aon bhogadh tagaithe ortha. Do chaoineadar clann Israéil é, ar mhachaire Mhóab ar feadh tríochad lá. Ansan do líonadh Iósue le spirid na h-eagna mar do chuir Maois a lámh os a chionn; agus bhí clann Israéil umhal dó agus dheineadar a réir agus do chómhlíonadar gach nídh fé mar a bhí órduighthe ag an dTighearna do Mhaois. Agus deir an Sgriptiúir ná raibh riamh i n-Israél fáidh eile mar Mhaois, mar go raibh an Tighearna os a chómhair, aghaidh ar aghaidh, nuair a bhí sé ag déanamh na n-iongnaí agus na mírbhúiltí uathbhásacha, i dtír na
h-Éigipte, i láthair Pharó agus i láthair na n-Éigipteach go léir ar fuaid na h-Égipte, agus nuair a bhí sé ag tais- beáint nirt láimhe an Tighearna coitchianta os cómhair chlainne Israéil an fhaid a bhí sé os a gcionn. Mírbhúilt i riocht duine ab eadh Maois ó thosach a bheatha go dtí gur chríochnuigh sé a chéad agus fiche blian. Le mírbhúilt a tugadh saor ó'n uisge é nuair a bhí sé sa chliabhán brobhnacha i n-imeal na h-abhan. Le mírbhúilt a tugadh saor é ó fheirg an rí nuair a mhairbh sé an t-Éigipteach a bhí ag gabháil ar an Israélíteach. Le mír- bhúilt an tuir ar lasadh iseadh do cuireadh síos thar n-ais sa n-Éigipt é chun clainne Israéil d'fhuasgailt. Le suathantas mírbhúiltí uathbhásacha iseadh do dhein sé an fhuasgailt sin, le n-ar fhág sé an Éigipt traochta, sgriosta creachta tar éis deich pláige sgannramhla do chur i n-diaidh chéile uirthi, agus ansan a rí agus a h-uaisle go léir agus a slóighte cródha líonmhara láidire, do bháth' i n-aonfheacht sa Mhuir Ruaidh. Le mírbhúilt troscaidh i lár sgamal agus teine agus tóirthnighe, iseadh fuair sé na deich n-aitheanta ar Shliabh Sinai, nuair a cuireadh ar a ghnúis an solus gléineach úd a dhalladh súile na ndaoine, i dtreó go mb'éigean dó a aghaidh do chlúdach uatha. Agus do lean an solus céadna san ar a ghnúis i gcaitheamh an dachad blian go léir go dtí an lá a fuair sé bás ar mhullach cnuic Nébó i dtír Mhóab. Aon mhír- bhúilt amháin, ó thosach go deire, ab eadh an dachad blian a thug sé ag tabhairt aire do chlainn Israéil i gcaitheamh a bhfánaidheacht sa ghainmheach, an fhaid a bhí an bia ag teacht chucha anuas as an spéir agus, mar adubhairt Maois féin leó, nár chríonuigh an t-éadach a bhí úmpa agus nár caitheadh na bróga a bhí ar a gcosaibh acu. Mírbhúilt i riocht duine ab eadh é ó thosach go deire. Isé an Tighearna féin a bhí os cionn a bháis agus d'adhlaic an Tighearna é i n-áit nár bh'eól d'aon duine.
XCIX. Rachab. Nuair a bhí Maois tar éis bháis do labhair an Tighearna le Iósue agus dubhairt sé leis: "Tá mo sheirbhíseach, Maois tar éis bháis. Eirigh-se, tú féin agus an pobul so go léir, agus imthigh thar Iórdan siar, isteach sa tír seo a thabharfad-sa do chlainn Israéil. An uile áit de thalamh na tíre sin ar a luighfidh bhúr dtroighthe ó'n ngainmheach agus ó'n Libanus soir go h-abhainn mór Euphrates, tabharfad díbh é, fé mar adubhart le Maois. An tír go léir atá ag na Hetaeachaibh, siar go bruach na faraige móire, mar a dtéidhean an ghrian féi, beidh sé agaibh-se. Bead-sa ag cabhrú libh. Ní bheidh aoinne ábalta ar sheasamh i nbhúr gcoinnibh an fhaid a bheir-se beó. Bead-sa leat-sa fé mar a bhíos le Maois. Ní leogfad uaim tu agus ní thréigfad tu. Glac misneach agus bí cuthaigh, óir is tusa do rainnfidh le crannchur, ar an bpobul so, an talamh so n-ar dhearbhuigheas d'á sínsear go dtabhar- finn dóibh é. Glac misneach, d'á bhrígh sin, agus bí ana chródha, agus cimeád agus cómhlíon an dlighe sin go léir n-ar órduigh mo sheirbhíseach Maois duit é chomhlionadh. Ná h-iompuigh ó'n ndlighe sin deiseal ná tuathal, i dtreó go dtuigfir gach nídh de sna neithibh a dhéanfir. Ná sgaradh leabhar na ndlighe sin led' bhéal. Bí ag machtnamh ar an ndlighe sin do ló agus d'oidhche i dtreó go gcimeádfir agus go gcómhlíonfir an uile nídh d'á bhfuil sgríobhtha ann. Ansan seólfir do shlighe agus tuigfir an seóladh. Feuch, glac misneach adeirim leat, agus bí cuthaigh. Ná bíodh aon eagal ort ná aon sgáth. Tá do Thighearna Dia leat ins gach uile nídh d'á nglacfir ar láimh." Ansan do labhair Iósue le h-uaislibh an phobuil. "Imthighidh," ar seisean, "tré lár an long- phuirt agus labhraidh leis an bpobul agus abraidh leó
mar seo: 'Deinidh lón bídh d'ullmhú. I gceann trí lá raghaidh sibh thar Iórdan siar agus glacfidh sibh seilbh sa tír sin atá ag bhúr dTighearna Dia le tabhairt díbh.'" Agus dubhairt sé le muinntir treibhe Rúben agus treibhe Ghaid agus le leath treibhe Mhanasse; "Cuimh- nighidh-se ar an gcainnt adubhairt Maois libh: 'Thug bhúr dTighearna Dia suaineas díbh agus an talamh so go léir!' Fanadh bhúr mná agus bhúr gclann agus bhúr gcuid stuic anso sa talamh so a thug Maois díbh agus téidhidh-se, fé arm cómhraic agus cosanta, roimis an gcuid eile de chlainn Israéil, thar Iórdan siar, agus deinidh troid i n-aonfheacht leó, go dtí go dtabharfidh an Tighearna suaineas d'bhúr mbráithribh fé mar atá tabhartha aige dhíbh-se, agus go dtí go mbeidh an talamh tabhartha aige dhóibh fé mar atá geallta ag an dTighearna Dia a thabhairt dóibh. Ansan féadfidh sibh dul thar n-ais soir airís thar abhainn agus fanmhaint ar bhúr suaineas sa talamh san atá fághalta agaibh ó Mhaois." "Déanfimíd," ar siad san, "an uile nídh de sna neithibh sin atá órduighthe agat dúinn a dhéanamh. Fé mar a bhíomair umhal do Mhaois beimíd umhal duit-se ins gach uile nídh. Ach go raibh Dia leat-sa fé mar a bhí sé le Maois. Agus an t-é ná déanfidh do réir-se agus ná beidh umhal duit ins gach órdú d'á dtabharfir uait curtar chun báis é. Ach bí-se misneamhail agus dein gníomh fir." Ansan do chuir Iósue uaidh, a gan fhios, beirt lucht brath. "Imthighidh," ar seisean leó, "agus deinidh an tír d'fhéachaint, agus an chathair sin Iericó." D'imthigh an bheirt agus 'n-a gcuaird dóibh chuadar isteach i dtigh áirithe, agus méirdreach ab eadh an bhean n-ar léi an tigh agus Rachab ab ainm di. D'fhan an bheirt fear sa tigh ar lóisdín. Do conacthas ag dul isteach ann iad. D'imthigh daoine agus d'innseadar an sgéal do rí na catharach. Do chuir an rí a lucht airm chun an tighe 'ghá iarraidh ar Rachab an bheirt fhear do thabhairt suas dóibh
mar gur lucht brath gur bh'eadh iad agus gur thánadar ó chlainn Israéil ag brath na catharach agus na tíre. Do chuir Rachab na fir i bhfolach. "Admhuighim," ar sise ansan le muinntir an rí, "go dtáinig a leithéidí anso, ach ní raibh fhios agam-sa cad é an saghas iad ná cad as iad. Ach d'imthighdar as an gcathair sa doircheacht nuair a bhí geataí na catharach d'á ndúnadh agus ní fheadar-sa cár imthighdar. Má leanan sibh láithreach iad ní baoghal ná go dtiocfidh sibh suas leó." Do rug sí léi na fir suas go bara an tighe agus do chlúdaigh sí iad le líon gan bualadh a bhí sa n-áit. Do ghluais an mhuinntir eile ar a dtóir, mar a mheasadar, agus níor stadadar go dtí go rabhadar ag áthaibh abhan Iórdain. C. Éaló. Bhí an bheirt thuas i mbara an tighe i bhfolach fé'n líon. Chómh luath agus bhí muinntir na catharach 'n-a gcodladh d'imthigh Rachab suas agus do labhair sí leó. "Tá fhios agam-sa," ar sisi, "go bhfuil an Tighearna tar éis na tíre seo do thabhairt díbh-se. Tuigid muinntir na tíre an méid sin go maith agus tá sgannra ortha go léir agus táid siad ag tuitim ar a gcosaibh le h-eagla rómhaibh. Ní'l brígh ná meanmna tar éis fanmhaint ionta. D'airighmair conus mar a thriomuigh an Tighearna uisge na Mara Rua rómhaibh nuair a bhíobhair ag teacht as an Éigipt. D'airighmair conus mar a dheineabhair léirsgrios ar bheirt righthe na n-Amorréach agus ar a ndaoine go léir, gur chuireabhair chun báis iad. Nuair a dh'airighmair na neithe sin do thuit a lug ar a lag ag ár ndaoine go léir, le neart eagla rómhaibh. Níor fhan brígh
ná misneach ionainn nuair a fuaramair ag teacht chughainn sibh. Óir an Tighearna Dia so agaibh-se isé Dia na bhflathas thuas é agus isé Dia an tailimh thíos é. Agus anois deinidh-se a dhearbhú dhomh-sa, dar an Tighearna, go mb[h]eidh sibh-se athtruaghach ar theaghlach m'áthar-sa fé mar atá fóirithint déanta agam-sa oraibh-se. Tugaidh dom cómhartha a dhéanfidh m'athair agus mo mháthair agus a líntighe go léir do thabhairt saor ó bhás, agus ár dtigh agus ár maoin do thabhairt saor ó léirsgrios." "Ár n-anamna chun báis thar cheann bhúr n-anama-sa," ar siad, "ach ná sgéidhfir orainn. Nuair a thabharfidh an Tighearna dhúinn an tír déanfimíd ort-sa fóirithint agus fírinne." Ansan do leog sí amach an fhinneóg iad le téid. Bhí an tigh buailte suas le falla na catharach i dtreó, nuair a thánadar chun tailimh ó'n bhfinneóig go rabhadar lasmuich de'n fhalla. "Imthighidh anois suas chun na gcnoc," ar sisi leó, "le h-eagla go mbuailfadh sibh úmpa súd ag teacht thar n-ais dóibh. Fanaidh in sna cnocaibh ar feadh trí lá go mbeidh siad tagaithe. Ansan féadfidh sibh imtheacht bhúr mbóthar." "Bíodh an téad chorcra san le n-ar leogais anuas sinn," ar siad san léi, "ar sile amach as an bhfinneóig sin agat i dtreó go bhfeicfimíd í agus go n-aithneómíd an tigh, agus bíodh do mhuinntir go léir istigh sa tigh agat, t'athair agus do mháthair agus an líntighe go léir, nuair a thiocfimíd ag glacadh sealbha na tíre. Ansan, má théidhan aoinne leat amach ar an dtigh bíodh air féin. Ach má chuirean aoinne bara méire ar aon duine a bheidh istigh anso sa tigh agat beimíd-ne freagarthach duit-se ann. Ach má sgéidhean tu orainn agus an chainnt seo d'innsint orainn beimíd saor ó'n ndearbhú so atá déanta againn duit." "Bíodh san mar atá ráidhte agaibh," ar sisi, agus d'imthighdar. Ansan do cheangail sí an téad chorcra as an bhfinneóig agus d'fhág ar sile síos í lasmuich de'n fhinneóig. D'imthigh an bheirt an cnoc suas agus
d'fhanadar ann i bhfolach ar feadh trí lá, go dtí go raibh an mhuinntir a bhí ar a dtóir tagaithe ó'n gcuardach agus imthighthe isteach sa chathair. Ansan thánadar anuas ó'n gcnoc agus chuadar ag triall ar Iósue agus d'innseadar a sgéal dó; "agus" ar siad, "tá an tír sin go léir tabhartha suas dúinn ag an Tighearna. Tá muinntir na tíre, an uile dhuine riamh acu, ag dul i laige le sgannra romhainn." Nuair airigh Iósue an méid sin do sgur sé an long- phort i lár na h-oidhche agus d'imthigh sé féin agus clann Israéil as an áit 'n-a rabhadar agus thánadar go bruach abhan Iórdain. D'fhanadar trí lá ar bruach na h-abhan. Nuair a bhí an méid sin aimsire caithte do ghluais lucht fógartha tré lár an phobuil agus iad ag labhairt go h-árd agus sidí an chainnt a labhradar le clainn Israéil: "Nuair a chífidh sibh airc chonnartha bhúr dTighearna Dia agus sagairt treibhe Lébhi 'ghá h-iompur eirighidh agus leanaidh iad, agus cimeádaidh chómh fada siar uatha agus go mbeidh dhá mhíle cúbat de shlighe idir sibh agus an airc, i dtreó, go mbeidh radharc agaibh uirthi agus go mbeidh fhios agaibh cad é an treó a gheóbhaidh sibh, mar níor shiubhalabhair an tslighe riamh fós; agus seachnaidh sar a dtiocfadh sibh ró achamair do'n airc." Ansan do labhair Iósue leis an bpobul: "Deinidh," ar seisean, "sibh féin do bheannú mar deanfidh an Tighearna neithe iongantacha amáireach eadraibh." "Tógaidh-se an airc," ar seisean leis na sagartaibh, "agus gluaisighidh roimis an bpobul amach." Do dhein- eadar an nídh sin. Do thógadar an airc agus ghluaise- adar roimis an bpobul amach. Ansan do labhair an Tighearna le Iórue mar seo: "Tosnóchad indiu ar thusa d árdú i láthair clainne Israéil go léir agus chífid siad go bhfuilim leat-sa mar a bhíos le Maois."
CI. Átha gan uisge. "Tosnóchad indiu ar thusa dh'árdú," ars an Tighearna le Iósue, "os cómhair chlainne Israéil go léir, i dtreó go mbeidh fhios acu go bhfuilim leat-sa díreach mar a bhíos le Maois. Agus abair-se leis na sagartaibh atá ag iompar airce na connartha: "Nuair a raghaidh sibh isteach tamal i n-uisge na h-abhan deinidh seasamh sa n-uisge.'" Ansan do labhair Iósue leis an bpobul: "Tagaidh anso," ar seisean leó, "agus éistidh le briathar bhúr dTighearna Dia. Chífidh sibh anois," ar seisean, "go bhfuil an Tighearna Dia 'n-a chómhnuidhe i nbhúr measg agus go sgaipfidh sé os bhúr gcómhair na cineacha san atá anois 'n-a gcómhnuidhe sa talamh so atá geallta aige dhíbh-se. Feuch; siní airc chonnartha Tighearna an dómhain go léir ag dul rómhaibh isteach sa Iórdan: Cuiridh chugham anso dháréag fear, fear as gach treibh de'n dá threibh déag. Anois, nuair a chuirfid na sagairt atá ag iompar airce connartha an Tighearna a gcosa isteach i n-uisge na h-abhan rithfidh an t-uisge a bheidh laistíos díobh rithfidh sé síos le fánaidh i dtreó go mbeidh an áit gan aon uisge; agus an t-uisge atá ag teacht chucha anuas stadfidh sé agus cruinneóchaidh sé 'n-a chnocán lastuas díobh." Ansan tháinig na daoine amach as a gcábánaibh chun dul thar an abhainn siar agus do ghluaiseadar na sagairt rómpa amach agus iad ag iompar airce na connartha. Chomh luath agus chuir na sagairt a gcosa isteach sa n-uisge do stad an t-uisge de dhul thórsa síos agus d'eirigh cnoc mór uisge lastuas de'n áit, agus bhí an cnocán uisge sin chomh mór chómh h-árd chómh leathan san go raibh radharc air ag muinn- tir na tíre mórthímpal, ar gach taobh de'n abhainn,
chómh fada suas ó'n áit le cathair Adoim agus leis an áit ar a dtugtí Sastan. An t-uisge, ámhthach, a bhí lastíos de'n bhall 'n-a raibh na sagairt 'n-a seasamh fé'n airc, do rith sé síos isteach sa bhFaraige Mharbh agus do fágadh an méid sin de leaba na h-abhan gan aon bhraon uisge ann. Ansan do ghluais an pobul anonn treasna an chaidhséir thirim i dtreó catharach Iericó, agus d'fhana- dar na sagairt, agus an airc ar iompar acu, 'n-a seasamh istigh i lár an chaidhséir gan uisge, agus an cnoc mór uisge n-a sheasamh lastuas díobh. Nuair a bhí deire an phobuil gabhtha siar thar leaba na h-abhan do labhair an Tighearna le Iósue. "Dein dáréag fear do thogha as an dá threibh déag, fear as gach treibh," arsan Tighearna, "agus abair leó dhá chloich dhéag, de sna clochaibh is cruadha sa n-áit, do thógaint a' leabaidh na h-abhan as an áit i n-a bhfuil na sagairt 'n-a seasamh agus beiridh libh an dá chloich dhéag san chun na h-áite 'n-a ndéanfidh sibh longphort do chur suas anocht agus cuiridh na clocha ar an áit sin." Do ghlaoidh Iósue chuige an dáréag agus do labhair sé leó, "Imthighidh," ar seisean, "mar a bhfuil airc bhúr dTighearna Dia i lár abhan Iórdain agus tugadh gach fear agaibh cloch leis, ar a ghualainn, as an áit; dhá chloich dhéag; cloch i n-aghaidh gach treibhe de dhá threibh déag clainne Israéil, i dtreó go gcurfar suas mar chómhartha iad do sna daoine atá le teacht. Ansan, sa n-aimsir atá le teacht, nuair fhiafróchaid bhúr gclann díbh cad chuige na clocha san, déarfidh sibh leo: "Do thráig uisge abhan Iórdain roimh airc chonnartha an Tighearna nuair a bhí an airc ag teacht anall thar an abhainn sin, agus do cuireadh na clocha san sa n-áit sin mar adhbhar cuimhne ar an mírbhúilt sin go bráth."" D'imthigh an dáréag fear agus thugadar leó amach a' lár leapan na h-abhan, ó'n áit 'n-a raibh na sagairt 'n-a seasamh agus an airc acu dh'á h-iompar, an dá chloich dhéag agus do rugadar leó iad chun áite an longphuirt.
Ansan d'órduigh Iósue dhá chloich dhéag eile do bhreith isteach sa n-áit 'n-a raibh na sagairt 'n-a seasamh agus iad d'fhágáilt ann. Nuair a bhí an obair sin go léir déanta do labhair an Tighearna le Iósue: "Abair leis na sagartaibh atá ag iompar airce na connartha teacht aníos a' leabaidh na h-abhan," arsan Tighearna. Thug Iósue an t-órdú san uaidh. Tháinig na sagairt amach as an gcaidhséar. Nuair a bhíodar 'n-a seasamh anáirde ar an bport, tar éis teacht amach a' leabaidh na h-abhan do sgaoileadh airís le fánaidh an cnoc mór uisge a bhí tar éis cruinniú lastuas díobh an fhaid a bhíodar 'n-a seasamh i lár leapan na h-abhan. Do móradh ainm Iósue agus do h-árduigheadh a cháil go h-iongantach tré bhíthinn na mírbhúilte sin, i dtreó go raibh clann Israéil go léir umhal dó, agus go raibh sgáth agus eagla acu roimis, fé mar a bhí acu roimhe Maois féin, an fhaid a bhí sé beó os a gcionn. Ní raibh an bheirt gan cosmhalacht le n-a chéile sa dá mhírbhúilt mhóra úd. D'osgail Maois bóthar tirim do chlainn Israéil tríd an Muir Ruaidh agus d'osgail Iósue bóthar tirim dóibh tríd an Iórdan. CII. Tímpalghearradh. Nuair airigh muinntir na tíre mórthímpal conus mar a cimeádadh siar uisge na h-abhan chun leogaint do chlainn Israéil teacht thar abhainn anoir do chosaibh tiorma do thuit a lug ar a lag acu ar fad. Ba chuimhin leó go maith conus mar a h-osgaladh an bóthar tirim tríd an Muir Ruaidh do'n mhuinntir chéadna tímpal dachad blian roimis sin. B'shin mírbhúilt eile de'n tsaghas chéadna déanta ansúd 'n-a n-aice an uair sin,
agus conus ab fhéidir dóibh féin seasamh agus iad féin do chosaint i n-aghaidh na cómhachta a dhein an dá mhírbhúilt sin! Níor fhan sprid ná misneach ionta. Bhí fhios acu go raibh an talamh san a bhí acu féin go dtí san, go raibh sé le baint díobh an uair sin agus le tabhairt do chlainn Israéil, agus go raibh sé geallta do'n chlainn Israéil chéadna ar feadh mórán aimsire roimis sin. B'fhéidir go bhfuil daoine ann anois adéarfadh gur mhór an eugcóir an talamh san a bhaint de sna daoine sin agus é thabhairt do'n tsluagh iasachta san a tháinig isteach ann ó'n bhfásach agus ó'n ngainmheach. Ní'l le rádh le daoine de'n tsórd san ach so. Is le Dia talamh an domhain. Isé Dia a thug ar dtúis talamh Chanaain do sna geintibh sin a bhí ghá áitreabh an uair sin. Má b'é toil Dé an talamh a thógaint thar n-ais chuige féin uatha cá raibh an eugcóir? Go mór mór má iompuigh na daoine amach go h-olc, má thugadar cúl agus druim lámha le Dia agus le dlighe Dé, cad é an chúis ná tógfí uatha an talamh? Thug Dia dhóibh an talamh saidhbhir sin ar dtúis agus do b'olc an díol ortha é. Bhí foláramh acu dh'á fhághail i gcaitheamh an dachad blian, go raibh an t-am ag teacht 'n-a mbainfí dhíobh an talamh san agus 'n-a dtabharfí é do'n chlainn Israéil úd a bhí ag fánaidh- eacht sa bhfiantas. Níor chuireadar aon tsuim sa bhfoláramh. Do leanadar ar a ndroch bhéasaibh gráin- neamhla. Tháinig ortha, fé dheire, an léirsgrios a bhí tuillte acu, an léirsgrios nár tháinig a gan fhios ortha, an léirsgrios a bhí geallta dhóibh agus a bhí fhios acu a bheith ag teacht. Daoine gan creideamh iseadh na daoine adéarfadh gur bh'eugcóir an talamh úd a bhaint díobh súd agus é thabhairt d'á malairt. Nuair a bhí clann Israéil tagaithe anoir thar an abhainn dheineadar longphort i n-áit ar a dtugtar Galgala, ar an machaire, idir abhainn Iórdain agus cathair Iericó. Ansan do chuir Iósue 'n-a n-áit féin an dá chloich dhéag úd a tugadh as an abhainn an fhaid a bhí an t-uisge dhá
chimeád siar, agus dubhairt sé leis an bpobul: "'N-a dhiaidh so," ar seisean leó, "nuair fhiafróchaid bhúr gclann díbh-se cad chuige na clocha san, abraidh leó: 'Do chimeád an Tighearna siar uisge na h-abhan san ó chlainn Israéil i dtreó gur thánadar anall tré leaba na h-abhan do chosaibh tiorma, díreach mar a h-osgaladh bóthar dóibh tríd an Muir Ruaidh agus gur thánadar tríthi do chosaibh tiorma. Do tógadh na clocha san a' lár na h-abhan nuair a bhí an t-uisge 'á chimeád siar agus leaba na h-abhan gan aon uisge, agus tugadh na clocha anso agus do cuireadh ansan mar a bhfuilid siad anois, i dtreó go dtuigfadh muinntir an domhain go léir lámh uilechomhachtach an Tighearna, agus i dtreó go mbeadh oraibh-se do ghnáth eagla bhúr dTighearna Dia.'" Ansan do thug an Tighearna órdú eile do Iósue. Dubhairt sé leis tímpalghearradh do dhéanamh ar chlainn Israéil. Sidé cúis 'n-ar caitheadh an tímpalghearradh san do dhéanamh. I gcaitheamh an dachad blian a thug clann Israéil sa ghainmheach níor deineadh an tímpalghearradh. Ansan nuair a dhiúltuigh an pobul do theacht isteach sa Talamh Naomhtha agus nuair eirighdar i gcoinnibh Mhaoise agus Aaroin, agus nuair a mheasadar Maois do chur chun báis agus ceannuraid eile do thoghadh agus dul thar n-ais sa n-Éigipt, do cuireadh an dachad blian mar phionós ortha agus dubhradh leó ná leogfí d'aon duine acu, ach do'n bheirt a bhí dílis, dul isteach sa Talamh Naomhtha. Nuair a bhí an dachad blian caithte do fuaradh go raibh na fir a bhí tímpalghearrtha go rabhadar go léir tar éis bháis. B'shiné an cómhartha. An mhuinntir a rugadh sa n-uaigneas ní raibh tímpalghearradh déanta i n-aon chor ortha, agus isiad a chuaidh isteach.
CIII. Do thuit na fallaí chun tailimh. D'fhan clann Israéil i nGalgala go dtí gur dhein- eadar gnó na cásga ann. Chun an ghnótha san a dhéanamh bhí arbhar na tíre sin acu. Bhí an t-arbhar san acu, leis, chun bídh dóibh féin, agus bhí torthaí eile na tíre acu mar an gcéadna. Ní raibh aon ghádh feasta acu leis an manna. D'á bhrígh sin do stad an manna de thuitim as an spéir chucha. Bhí sé ag tuitim as an spéir chucha ar feadh an dachad blian, an fhaid a bhí gádh acu leis. Chimeád sé 'n-a mbeathaidh iad an fhaid ná raibh aon bhia eile acu le n-ithe. Chómh luath agus bhíodar tar éis teacht anoir treasna abhan Iórdain, isteach sa tír fhóghanta, a bhí ábalta ar a ndóithin bídh a thabhairt dóibh, do stad sé. Tar éis na cásga bheith déanta do thárla go raibh Iósue ag siubhal ar an machaire lasmuich de'n longphort. Thóg sé a cheann agus chonaic sé an fear 'n-a sheasamh ar a aghaidh amach agus claidheamh nocht 'n-a láimh dheis aige. Do dhruid Iósue 'n-a threó agus do labhair sé leis. "An cara thu nú an namhaid tu," arsa Iósue leis. "Ní namhaid mé," ar seisean, "Is priúnsa mé ar shlóightibh an Tighearna agus thánag anois." Nuair airigh Iósue an chainnt sin, do shléacht se dhó 'ghá onórú agus dubhairt sé. "Cad tá agam' Thighearna le rádh le n-a sheirbhíseach?" "Bain díot do bhróga," arsan priúnsa, "mar is áit naomhtha an áit ar a bhfuilir ad' sheasamh." Bhain Iósue dhe na bróga. Bhí cathair Iericó dúnta daingean an uair sin le h-eagla roimh chlainn Israéil agus bhí na fallaí cosanta a bhí 'n-a tímpal ana árd agus ana láidir. Dubhairt an Tighearna le Iósue:-
"Feuch, tá Iericó tabhartha dhuit agam indiu, í féin agus a rí agus a daoine, a slóighte tréana go léir. Deinidh-se mar seo ar feadh sé lá. Gabhadh bhúr slóighte armtha go léir tímpal na catharach uair sa ló, ansan nuair a thiocfidh an seachtmhadh lá tógadh na sagairt, na seacht trúmpaí a bhainean leis an iúbilé agus gabhdís roim airc na connartha amach, agus gabhaidh tímpal na catharach seacht n-uaire. Ansan séideadh na sagairt na trúmpaí, agus nuair a bheidh fuaim na dtrúmpa 'n-a lán neart i nbhúr gcluasaibh cuireadh clann Israéil go léir liú i n-aonfheacht asta chómh tréan chóm h-árd agus d'fhéadfid siad é, agus tuitfid fallaí cosanta na catharach chun tailimh, ó bharr go bonn, i dtreó go bhféadfidh gach fear agaibh dul isteach ar aghaidh na h-áite 'n-a mbeidh sé 'n-a sheasamh." D'imthigh Iósue agus ghlaoidh sé chuige na sagairt agus d'innis sé dhóibh cad a bhí le déanamh acu. D'innis sé, mar an gcéadna, do'n tsluagh cad a bhí le déanamh acu. Do deineadh mar a dh'órduigh an t-aingeal. Do chuadhthas tímpal ar an gcathair uair sa ló ar feadh sé lá. Ansan do tugadh an chuaird tímpal seacht n-uaire an seachtmhadh lá agus nuair a bhí an seachtmhadh cuaird tabhartha do séideadh na trúmraí agus chuir an pobal an liú asta agus do thuith na fallaí go léir chun tailimh. Do thuit- eadar chómh h-íseal san ná raibh ag gach fear de chlainn Israéil le déanamh ach bualadh ar a aghaidh féin isteach. Do tugadh foláramh dóibh ó'n aingeal, go raibh an chathair agus na daoine go léir agus gach aon rud beó d'á raibh istigh sa chathair, agus an uile shaghas maoine d'á raibh istigh sa chathair go rabhadar fé easgaine, agus go raibh gráin na h-easgaine ortha, agus dá bhrígh sin ná raibh ceaduighthe d'aon duine de chlainn Israéil aon nídh do thógaint ná do bhreith leis as an gcathair nuair a tógfí í. Bhí ceangailte ar chlainn Israéil an uile rud beó, idir dhuine agus beithidheach, d'á raibh sa chathair, do chur chun báis, agus an uile rud ná raibh
beó, pé tairbhthe bheadh ann, do losgadh, agus gach sórd mitil d'á bhfaghfí ann do thabhairt ag triall ar Iósue i dtreó go ndéanfí é bheannu chun Dé. B'shiné órdú an Tighearna. Ní foláir nú bhí na daoine go h-ana olc ar fad i láthair Dé. CIV. Mallacht ar Iericó. Nuair a bhí an chathair le tógaint, sar ar thuit na fallaí agus sar ar ghluais clann Israéil isteach, do labhair Iósue leis an mbeirt spiairí úd. "Chómh luath agus a raghaidh sibh isteach sa chathair," ar seisean, "tugaidh aghaidh ar thigh na mná úd a dhein fóirithint oraibh agus, fé mar a gheallabhair di fé dhéarbhú, deinidh í féin agus a líntighe do chosaint ar an léirsgrios." Do deineadh san. Do rith an bheirt chun an tighe. Chonacadar an téad chorchra ar sile as an bhfinneóig. Chuadar isteach agus thugadar leó amach Rachab agus a h-athair agus a máthair agus a dritháracha agus a driféaracha agus pé fághaltas maoine a bhí acu, agus do rugadar leó iad go dtí longphort chlainne Israéil agus dheineadar inead cómhnuighthe dhóibh lasmuich de'n long- phort agus chuireadar ann iad chun cómhnuighthe. D'fhán an líntighe sin i bhfochair clainne Israéil as san amach. Do loisgeadh an chathair agus níor fágadh aon rud beó d'á raibh ann gan marbhú ná aon phioc maoine ann gan losgadh. Agus aon tsaghas mitil d'á raibh ann, d'ór nú d'airgead nú d'iarann, do tugadh ag triall ar Iósue é le beannú chun Dé. Ansan do chuir Iósue mallacht ar an gcathair agus ar aon duine do thabharfadh fé'n gcathair sin do chur suas airís. Déarfadh daoine, b'fhéidir, gur chruaidh an rud a
leithéid d'íde do dhéanamh ar an gcathair sin agus ar a raibh de dhaoinibh innti, idir óg agus aosta. Ba chruaidh an rud an domhan go léir do bháth' le h-uisge na dílean. Agus ba chruaidh an rud Sodom agus Gomorra do losgadh le teine, na daoine a bhí ionta do losgadh, idir óg agus aosta. Ní baoghal go ndéanfí aon léir- sgrios ortha san mara mbeadh an léirsgrios a bheith tuillte ag na daoine. Níor dhein Dia eugcóir riamh, moladh go deó leis. Bhí cathair eile tímpal deich míle fhichid siar óthuaidh ó Iericó agus Hai an ainm a bhí uirthi. Chuir Iósue daoine ghá feuchaint. D'fheuchadar an chathair agus thánadar thar n-ais. "Ní gádh puinn nirt slógh chun na catharach san do thógaint," ar siad. "Déanfidh trí nú ceathair de mhíltibh fear an gnó. Cad chuige go gcurfí trioblóid ar an bpobul go léir chun suarachais nirt do chlaoidhe?" Do cuireadh trí mhíle fear armtha chun na catharach bige sin do thógaint. Thainig muinntir na catharach amach 'n-a gcoinnibh agus throideadar iad. Do bhuaidh muinntir na catharach ar an dtrí mhíle, do theich an trí mhíle. Do leanadh iad go dian. Do marbhuigheadh rainnt acu. Níor mhór é. Níor marbhuigheadh ach sé feara déag ar fhichid acu. Do rug an chuid eile na cosa leó agus shroiseadar an longphort agus náire ortha, a ndóithin, agus ceannfé agus diombádh. Bhí iongna ar gach aoinne. Bhí iongna agus alltacht ar Iósue. Bhí buairt mhór ar an bpobul go léir. Ní raibh aon choinne acu le n-a leithéid de mhatalong. Do chaith Iósue é féin ar an dtalamh agus chrom sé ar é féin do chaitheamh suas ar an dTighearna:- "Ochón ó, a Thighearna Dia," ar seisean, "cad a dhéanfad nú cad tá le rádh agam! Chím fir Israéil ag tabhairt cúl le cath agus ag teiche ó namhaid! Aireóchaid na geinte seo i n-ár dtímpal an sgéal so. Tiocfidh misneach dóibh. Cruinneóchaid siad i n-ár
dtímpal. Dísgeóchaid siad sinn. Ní fágfar duine againn beó, agus beidh masla fághalta agat' mhór ainm féin, a Thighearna! An chuige sin a thugais an pobul so anall thar Iórdan!" Thug Iósue an lá go léir 'n-a luighe ar a bhéal agus ar a aghaidh ar an dtalamh ag guidhe chun an Tighearna ar an gcuma san. Fé dheire do labhair an Tighearna leis. CV. Cuirptheach. Dubhairt an Thighearna le Iósue. "Eirigh! Cad chuige dhuit bheith sínte ar an dtalamh? Tá peaca deanta ag clainn Israéil. Do bhriseadar mo reacht. Do thógadar cuid de'n rud a bhí fé'n easgaine. Do ghoideadar é agus dheineadar éitheach ann agus chuireadar i bhfolach é ameasg a gcoda féin. Ní féidir dóibh seasamh i n-aghaidh a namhad mar tá gráin na h-easgaine ortha. Ní bhead-sa libh feasta go dtí go ndéanfidh sibh íde ar an t-é a dhein an gníomh san. Eirigh-se suas agus beannuigh an pobul agus abair leó mar seo: 'Deinidh sibh féin do naomhú amáireach, óir seo mar adeir an Tighearna Dia Israéil: Tá an easgaine istigh ionat, a Israéil. Ní fhéadfir seasamh i n-aghaidh do namhad go ndeintear íde amach asat ar an t-é atá truallighthe ó'n gcoir seo. Tagaidh anso ar maidin, gach aoinne 'n-a threibh féin. Ansan, muinntir na treibhe ar a dtuitfidh an crann tagaidís anso do réir a gcineacha, agus an chine ar a dtuitfidh an crann tagadh muinntir na cine sin do réir a dteaghlacha. Ansan an teaghlach ar a dtuitfidh an crann tagadh fir an teaghlaigh sin agus feictear cé h-é an fear ar a dtuitfidh an crann. Ansan, an fear ar a dtuitfidh an crann isé atá cionntach, agus deintear
é chur chun báis agus a chuid go léir do losgadh toisg gur mhill sé reacht an Tighearna agus gur dhein sé cuirp- theacht i n-Israél.'" D'eirigh Iósue ar maidin agus chuir sé clann Israéil go léir fé chrannaibh ar an gcuma san. Do thuit an crann ar dtúis ar threibh Iúda, ansan, ar chine Saré, ansan ar theaghlach Sabdi. Do tuigeadh ansan go raibh an cuirptheach sa teaghlach san agus do cruinnigheadh fir an teaghlaigh sin agus do cuireadh fé chrannaibh iad go léir feuchaint cé'r bh'é an cuirptheach. Do thuit an crann ar Achan, mac Charmi, mhic Sabdi, mhic Saré, de threibh Iúda. Do labhair Iósue leis:- "A mhic," arsa Iósue leis, "tabhair glóire do'n Tighearna, do Dhia Israéil, agus admhuigh do ghníomh. Innis dom cad a dheinis. Ná ceil orm é." "Is fíor," arsa Achan, "gur dheineas peaca i n-aghaidh an Tighearna, i n-aghaidh Dé Israéil, agus seo mar a dheineas é. Chonac ameasg na bhfoghlacha brat áluinn corcra, agus brat ana uasal, ana luachmhar, ab eadh é, agus chonac dhá chéad sical airgid, agus slat óir n-ar bh'fhiú deich sical a's dachad í. Do shanntuigheas na neithe sin agus chuireas chugham iad agus do rugas liom iad agus chuireas i bhfolach am' chábán féin iad. Dheineas poll sa talamh agus chuireas an t-ór agus an t-airgead ann." Chuir Iósue a theachtairí go cábán Achain chun go bhfaighdís na neithe sin agus go dtabharfidís leó iad. Do fuaradar iad agus thugadar leó iad ag triall ar Iósue agus chaitheadar uatha ansúd iad i láthair clainne Israéil go léir. Ansan do tógadh Achan agus do cuireadh chun báis é, do réir mar a dh'órduigh an Tighearna agus do loisgeadh a chábán agus gach aon rud ba leis, agus do tógadh leacht mhór chloch os cionn na h-áite i n-ar cuireadh a chorp. Do chuir san fearg an Tighearna i leithtaoibh ó chlainn Israéil. Ansan do labhair an Tighearna le Iósue: "Ná bíodh
eagal ort ná faitchíos. Tóg leat na fir chómhraic go léir agus imthigh leó óthuaidh go Hai. Tá an chathair sin agus rí na catharach agus na daoine atá sa chathair tabhartha suas duit agam, agus an tír mórthímpal ar an gcathair. Déanfir leó mar a dheinis le Iericó agus leis an rí a bhí uirthi. Ach bíodh an fhoghail agaibh féin." Do ghluais Iósue, líon a shlógh, i dtreó Hai. Nuair a bhí sé ag teacht i gcómhgar do'n chathair do thoibh sé amach deich míle fhichid fear agus dubhairt sé leó dul, a gan fhios do mhuinntir na catharach, agus fanmhaint i bhfolach laistiar de'n chathair. "Agus," ar seisean leó, "ná fanaidh ró fhada amach ó'n gcathair. Tabhar- fad-sa agus an chuid eile d'ár bhfearaibh fogha fé'n gcathair ó'n dtaobh thoir. Ansan, nuair thiocfid muinntir na catharach amach chun troda linn leogfimíd orainn teiche, fé mar a theich an trí mhíle fear an lá fé dheire. Rithfid a bhfuil d'fhearaibh sa chathair amach ar ár dtóir. Nuair a bheid siad go léir imthighthe amach léimidh-se isteach sa chathair agus cuiridh teine innti. Deinidh an gnó san go cruinn, díreach mar adeirim libh. Eireóchaidh libh go h-iomlán, tá an chathair tabhartha dhúinn ag an dTighearna." CVI. Cleas Cogaidh. Nuair a bhí na fir a chuaidh laistiar de'n chathair, idir an chathair agus Betel, 'n-a luighe go socair i gceilt, do thug Iósue agus an chuid eile de'n tsluagh aghaidh ar an gcathair ó'n dtaobh thoir. Siúd chucha amach fir na catharach chun catha do thabhairt dóibh go fonnmhar, fé mar a thugadar do'n trí mhíle fear an lá eile úd. Nuair a thosnuigh an cath do dhruid clann Israéil i ndiaidh a gcúil. Nuair a chonaic an mhuinntir eile iad ag druidim
siar do bhrúghdar ortha go cuthaigh. D'iompuigh clann Israéil agus theicheadar. Cheap muinntir na catharach go raibh an buadh airís acu agus siúd ar thóir clainne Israéil iad, dar leó ná raghadh oiread acu gan marbhú uatha agus chuaidh an chéad lá. Do conacthas ó'n gcathair an teiche agus an tóir. Siúd amach a raibh d'fhearaibh sa chathair chun dul sa tóir, dar leó. Bhí Iósue agus clann Israéil ag teiche ach bhí gach aon fheuchaint acu siar ar an gcathair. Níor bh'fhada go bhfeacadar na bothairí deataigh ag eirighe anso agus ansúd as an gcathair. Níor bh'fhada go bhfeacadar na bladhmana lasrach ag léimt suas tríd an ndeatach. Do sheasaimh Iósue agus thóg sé a sgiath anáirde le h-órdú an Tighearna. B'shiné an cómhartha chun iompáil ó'n dteiche. D'iompuigh clann Israéil go léir d'aon iompáil amháin agus thugadar aghaidh ar a namhaid. Ní raibh aon choinne ag an namhaid leis an iompáil sin ná leis an neart a bhí sa n-iompáil ná leis an bhfuinneamh a bhí léi. Thuigeadar láithreach, agus iad ag tuitim go tiugh, nár bhféidir dóibh seasamh i gcoinnibh an nirt sin. Thugadar iarracht ar dhul thar n-ais isteach sa chathair. Nuair fheuchadar i dtreó na catharach ní raibh le feisgint acu ach an sgamal mór dubh deataigh ag imtheacht leis an ngaoith agus na bladh- mana dearga lasrach ag eirighe suas tríd sa spéir as gach aon pháirt de'n chathair. Ní fada a bhíodar ag feuchaint ar an lasair nuair siúd chucha amach as an gcathair an chuid ba mhó de'n deich míle fichid fear a bhí tar éis na catharach do thógaint agus do chur tré theine. Níor bh'fhada gur thuit an uile dhuine riamh d'fhearaibh na catharach nuair a bhíodar idir an dá shluagh agus bás dh'á imirt ortha lasmuich dhíobh agus laistiar díobh. Do thuiteadar go léir agus bhí an chathair agus a raibh de shaidhbhreas innti ag clainn Israéil. Do dheabhróchadh an sgéal ná raibh na daoine a bhí gcathair Hai chómh h-olc i láthair an Tighearna leis na daoine a bhí i gcathair Iericó. Ní raibh aon easgaine
ar shaidhbhreas Hai agus bhí cead ag clainn Israéil an saidhbhreas san do thógaint agus do chimeád dóibh féinidh. Is ana dheacair dúinne anois a thuisgint cad é olcas na ndaoine a bhí i n-a lán de'n tsaoghal an uair sin. Ní'l de chómhartha againn ar a n-olcas ach dibhfeirgí de shaghas uisge na dílean agus losgadh Shodoim agus de shaghas na h-easgaine úd a bhí ar Iericó. "Ach," adéarfidh duine, b'fhéidir, "bhí an donas le h-olcas ortha súd nú tá daoine ar an saoghal anois atá chómh h-olc leó, nú níosa mheasa ná iad. Feuch ar an bhFrainc. Feuch ar na catharachaibh móra ar fuaid na h-Euróipe go léir, agus thiar i n-America." Is fíor. Tá oiread uilc sa tsaoghal anois, gan amhras, agus a thabharfadh díbhfeirg Shodoim, nú eas- gaine Iericó, nú uisge na dílean féin, nú rud éigin b'fhéidir a bheadh níba mheasa 'ná aon taobh acu, anuas ar an gcine daona mara mbeadh aon nídh amháin. Deir daoine naomhtha gur b'í Naomh Ídhbirt an Aifrinn atá anois ag cosaint na cine daona ar an ndíbhfeirg atá tuillte, agus tá dh'á tuilleamh gach lá, ag peacaíbh na ndaoine. Agus bíodh go bhfuil a lán droch dhaoine sa tsaoghal anois, tá a lán daoine fóghanta sa tsaoghal leis. Ní raibh oiread agus aoine amháin fóghanta le fághail i Sodom. CVII. Bob. Nuair a bhí cathair Hai tógtha dísgithe ag clainn Israéil do chuir Iósue suas altóir chun Dé ar chnoc Hébal, fé mar a dh'órduigh Maois dó a dhéanamh, agus dhein sé ídhbirt chun an Tighearna ar an altóir sin, do réir mar
a bhí órduighthe sa dlighe. Agus do léigh sé amach an dlighe do'n phobul go léir. Do léigh sé amach dóibh na beannachtaí a bhí le teacht ar na daoinibh a chimeádfadh an dlighe agus na mallachtaí a bhí le teacht ar na daoinibh a bhrisfadh í. Do chuir sé gach aon rud os a gcómhair díreach mar a bhí órduighthe i ndiaidh Mhaoise, gan aon fhocal do leogaint ar lár. D'airigh na geinte go léir, mórthímpal na tíre, in sna cnocaibh agus ar na machairíbh, siar go bruach na faraige móire, an léirsgrios a bhí déanta ag clainn Israéil ar Iericó agus ar Hai. Thuigeadar go ndéanfí an léirsgrios céadna ortha féin mara ndeinidís iarracht roim ré ar iad féin do chur i gcóir éigin chosanta sar a dtiocfadh an neart san clainne Israéil chucha. Chuireadar sgéala ag triall ar a chéile agus shocaruighdar ar theacht chun a chéile agus aon neart amháin a dhéanamh d'á neart go léir, chun troda i n-aghaidh Iósue agus chlainne Israéil. Bhí treibh áirithe ag áitreabh tíre Ghabaon, ámhthach, agus dheineadar gnó gasta. Glacadar seana mhálaí briste agus chuireadar rainnt lóin bhídh isteach ionta agus chuireadar anáirde ar asalaibh iad. Ansan chuireadar rainnt fíona i seana bhuidéalaibh leathair a bhí briste, deisighthe. Ansan do chuireadar chucha rainnt aráin a bhí briste, stáluighthe, cruaidh. Ansan chuireadar úmpa seana bhalcaisí a bhí caithte, deisighthe, athdheisighthe, agus seana bhróga a bhí chómh caithte, chómh deisighthe, chómh h-athdheisighthe leis na balcaisíbh. Thánadar, agus an córú san ortha, go dtí longphort Israéil i nGalgala. Do tugadh i láthair Iósue iad agus do fiafraigheadh díobh cé 'r bh'iad. Do labhradar le Iósue agus le h-uaislibh Israéil. "Daoine a tháinig abhfad ag triall ar bhúr n-onóir iseadh sinne, a uaisle," ar siad, "ag brath ar shíothcháin agus ar charadas do ghreamú idir ár muinntir agus sibh-se." Do labhair uaisle Israéil leó mar seo. "B'fhéidir
gur sa tír atá geallta fé chrannaibh dúinne atá cómh- nuidhe oraibh-se agus ná fuil ar ár gcumas ceangal caradais a dhéanamh libh." "Cé h-iad sibh?" arsa Iósue leó, "agus cad as daoibh?" "Thánamair, a rí," ar siad, "a' tír atá ana shlighe le faid ó'n áit seo. Thánamair i n-ainm do Thighearna Dia-se. D'airighmair trácht ar a chómhachtaibh móra; ar na mírbhúiltíbh a dhein sé sa n-Éigipt, agus ar an léirsgrios a dhein sé ar dhá rí na n-Amorréach lastall de'n Iórdan, agus ar Óg, agus ar Bhasan a bhí i n- Astarot. Dubhairt ár seanóirí agus muinntir ár dtíre linn mar seo: "Tógaidh lón bídh libh ó tá bóthar fada rómhaibh, agus téidhidh ag triall ortha agus abaraidh leó: "Táimíd i n-ár seirbhíseachaibh agaibh; deinidh ceangal caradais linn."' Agus féachaidh an t-arán so; arán úr, nua-dhéanta ab eadh é nuair fhágamair an baile. Tá sé seanda go maith anois. Nuair a bhíomair ag gluaiseacht chuireamair ár gcuid fíona in sna buid- éalaibh seo agus bhíodar nua an uair sin. Táid siad briste anois. Siniad ár mbróga briste agus ár mbalcaisí caithte, tré fhaid na slighe atá curtha dhínn againn." Do creideadh iad. D'ith uaisle Israéil cuid de'n arán briste gan labhairt leis an dTighearna. Do dein- eadh an ceangal caradais. Thug Iósue dearbhú dhóibh, i láthair Dé ná h-imtheóchadh aon droch nídh ortha, 'sé sin, ná curfí chun báis iad. Thug ríogra Israéil an dearbhú céadna dhóibh agus an gheallamhaint chéadna fé'n ndearbhú san. Trí lá 'n-a dhiaidh san do h-innseadh do Iósue agus do ríogra Israéil ná raibh ach feall i gcainnt na ndaoine úd i dtaobh an bhóthair fhada. Nár thánadar ach ó'n gcómharsanacht achamair. Do sguradar clann Israéil a longphort agus i gceann trí lá bhíodar i dtír Ghabaon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services