Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 2

Title
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 2
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1923
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LVII.
Guth as an Lasair.



Bhí Maois ag feuchaint ar an dtor agus an lasair
ag eirighe as an dtor agus gan an tor d'á dhógh'. Fé
dheire chrom sé ar dhruidim níos achamaire dhó chun go
bhfaghadh sé radharc ní ba ghéire air. Nuair a bhí sé ag
teacht ró achamair dó do labhair an guth leis as an
lasair, guth an Tighearna.



"A Mhaois! a Mhaois!" arsan Tighearna.



"Táim anso!" arsa Maois.



"Ná tar i n-achamaireacht do'n áit seo!" arsan
Tighearna. "Bain do bhróga ded' chosaibh, óir an áit
'n-a bhfuilir ad' sheasamh is talamh naomhtha é." Do
dhein Maois an nídh sin agus do labhair an Tighearna.
"Mise Dia t-athar; Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus
Dia Iacoib." Ansan do chlúdaigh Maois a aghaidh mar
níor leómhaigh sé feuchaint i gcoinnibh Dé.



Ansan dubhairt an Tighearna leis: "Chím an cruadh-
tan atá ar mo phobul thíos sa n-Éigipt. Tá a ngéar-
ghol agus a n-osna tagaithe chugham go dian mar gheall
ar chruadhas na ndaoine atá os cionn na n-oibreacha.
Agus ó's eól dom méid a nguaise do thánag anuas
chun iad a dh'fhuasgailt a' lámhaibh na n-Éigipteach agus
chun iad do sheóladh as an dtír sin isteach i dtír fhógh-
anta fhairsing, isteach i dtír ar a bhfuil bainne agus mil


L. 2


'n-a slaodaibh, isteach i dtír an Chanaanaigh, agus an
Hetigh, agus an Amorraigh agus an Pherésigh, agus an
Hebhigh, agus an Iebusaigh. Tá glaodh clainne Israéil
tagaithe chugham. Chím an ghuais 'n-a bhfuilid fé smacht
na n-Éigipteach. Ach táim tagaithe chun go gcuirfinn
tusa uaim ag triall ar Pharó agus go dtabharfá mo
phobul, clann Israéil, amach as an Éigipt."



Agus do labhair Maois le Dia agus dubhairt sé:
"Cad é mar shaghas duine mise chun dul ag triall ar
Pharó, agus clann Israéil do thabhairt amach as an
Éigipt?"



Dubhairt an Tighearna leis, ámhthach: "Bead-sa leat,
agus beidh so mar chómhartha agat air gur chuireas uaim
tu chun na h-oibre sin do dhéanamh, nuair a thabharfir
mo phobul leat amach as an Éigipt déanfir ídhbirt chun
Dé ar an gcnoc so."



Ansan dubhairt Maois le Dia: "Feuch, raghad-sa.
síos ag triall ar chlainn Israéil agus déarfad leó:
"Dia bhúr n-athar isé do chuir chughaibh me." Má fhia-
fraighid siad díom cad é an ainim atá air cad 'déar-
fad leó?"



Dubhairt Dia le Maois: "Is Mise atá, abair-se
mar seo le clainn Israéil, "an t-É atá isé do chuir
chughaibh me.""



Agus dubhairt Dia airís le Maois: "Seo mar
adéarfir le clainn Israéil, "Tighearna bhúr n-atharach,
Dia Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, isé do
chuir me ag triall oraibh." Siné m'ainim-se ar feadh
na síoruidheachta; agus sin mar a bheidh cuimhne orm
ó shliocht go sliocht. Imthigh agus cruinnigh seanóirí
clainne Israéil agus abair leó mar seo: "Do thais-
beáin Tighearna Dia bhúr n-atharach É Féin dom, Dia
Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, agus dubhairt
Sé liom a rádh libh: "Do thánag ar chuaird chughaibh
agus do chonac gach nídh d'ár thárla dhíbh sa n-Éigipt;
agus tá abartha agam go dtabharfad amach sibh as


L. 3


an nguais seo atá oraibh sa n-Éigipt, agus go
mbéarfad isteach sibh i dtír an Chanaanaigh, agus an
Hetigh, agus an Amorraigh, agus an Pheresigh, agus an
Hebhigh, agus an Iebusaigh, isteach i dtír 'n-a bhfuil
bainne agus mil 'n-a slaodaibh air."" Agus éistfid
siad led' ghlór. Agus annsan eirigh féin agus sean-
óirí Israéil isteach i láthair Pharó agus abraidh leis:
"Tá glaoidhte ag Tighearna Dia Israéil orainne
agus táimíd ag dul siubhal trí lá isteach sa n-uaig-
neas ag déanamh ídhbeartha chun ár dTighearna Dia."
Ach is eól dómh-sa ná leogfidh rí na hÉigipte uaidh sibh
gan neart lámh a dh'imirt air. Sínfad-sa mo lámh,
ámhthach, agus buailfad an Éigipt leis na mírbhúiltíbh
móra go léir atá agam le déanamh 'n-a measg. Ansan
leogfidh sé uaidh sibh. Agus tabharfad-sa do chlainn
Israéil nách folamh a dh'imtheóchaid siad, ach go n-iarr-
fidh gach bean ar a cómharsain Éigipteach árthaí óir
agus airgid agus éadaí uaisle daora agus go dtabh-
arfar dóibh iad. Agus cuirfidh sibh-se an saidhbhreas
agus an t-ollmhaitheas san ar bhúr macaibh agus ar bhúr
n-ingheanaibh, agus creachfidh sibh an Éigipt."



(Do thuit san amach. Do rug clann Israéil leó as
an Éigipt, nuair a bhíodar ag imtheacht, uathbhás óir agus
airgid agus ollmhaithis i dtreó gur fhágadar an Éigipt
dealbh 'n-a ndiaidh. Deirtear gur iarr muinntir na
h-Éigipte, abhfad n-a dhiaidh san, go gcuirfadh rí cómhacht-
ach a bhí ann fhiachaint ar chlainn Israéil an saidhbhreas
san do thabhairt thar n-ais uatha. Ansan go ndubhairt
clann Israéil go gcaithfadh muinntir na hÉigipte a
bpágh thabhairt dóibh as ar dheineadar d'obair sa
n-Éigipt sar a dtánadar as an áit. Do cuireadh an
págh i gcoinnibh an tsaidhbhris agus do fágadh an sgéal
mar sin.)


L. 4


LVIII.



Maois thar n-ais san Éigipt.



Dubhairt Maois, ámhthach: "Ní chreidfid siad me
ná ní éistfid siad lem' ghlór. Déarfid siad: "Níor
thaisbeáin Dia é féin i n-aon chor duit!""



Dubhairt Dia leis: "Cad é sin ad' láimh agat?"



"Slat, a Thighearna," arsa Maois.



"Caith ar an dtalamh í," arsan Tighearna.



Do chaith sé an tslat uaidh ar an dtalamh. Ní túisge
chaith ná mar a dhein athair nímhe dhi agus do rith Maois ó'n
athair nímhe. "Beir ad' láimh ar eirball uirthi," arsan
Tighearna.



Do dhein, agus chómh luath agus bhí greim ar eirball
aige ar an bpéist do dhein slat airís di.



"Ionus go gcreidfidís," arsan Tighearna, "gur
taisbeánadh duit Tighearna Dia a n-atharach, Dia
Ábrahaim, Dia Isaac, agus Dia Iacoib, cuir do lámh
isteach ad' bhrollach."



Do chuir, agus nuair a tharraig sé amach í bhí sí 'n-a
bróin lobhra aige.



"Cuir isteach airís í," arsan Tighearna.



Do chuir, agus nuair a tharraig sé amach í an tarna
h-uair bhí sí chómh glan, chómh foláin agus bhí sí riamh!



"Mara gcreidid siad do chainnt," arsan Tighearna,
"creidfid siad an mhírbhúilt sin na slaite. Mara
gcreidid siad í sin, creidfid siad an mhírbhúilt ar an
láimh. Mara gcreidid siad aon taobh acu agus mara
n-éistid siad led' ghuth, tóg cuid d'uisge na h-abhan
agus caith ar an dtalamh tirm é agus déanfidh fuil
de'n méid uisge a thógfir mar sin as an abhainn."



Do labhair Maois: "A Thighearna," ar seisean,
athchim ort, gaibh mo leathsgéal! Ní duine deagh-
labhartha mise. Ní rabhas deagh-labhartha indé ná arú


L. 5


indé, agus ó thosnuighis ar chainnt liom anois is ag
dul i ríghne agus i mbailbhe atá mo theanga!"



Agus dubhairt an Tighearna: "Cé chruthnuigh béal an
duine? Nú cé chúm balbh agus bodhar, dall agus
radharcach? Nách mise a dhein é? Imthigh ort d'á
bhrígh sin agus bead-sa ad' bhéal. Múinfad duit an
nídh a bheidh le rádh agat."



Ach bhí an t-eagla fós ar Mhaois. Bhí an obair ró-
mhór agus a neart féin ró shuarach, dar leis. D'iarr
sé ar an dTighearna duine éigin do chur i n-aonfheacht
leis. Ní leogfadh eagla dhó aghaidh a thabhairt i n'aonar
ar a leithéid d'obair. Bhí dachad blian ó theich sé le
n'anam, as an Éigipt. Ba bheag 'ná go raibh a chainnt
dúchais imthighthe uaidh. Do thaithn an umhluidheacht a bhí
sa duine leis an dTighearna. "Imthigh ort," arsan
Tighearna leis. "Tóg leat an tslat san agus cimeád
í. Déanfir mírbhúiltí móra léi. Tá do dhritháir
Aaron ag teacht ad' choinnibh. Is duine deagh-labhartha
é. Is Lebhíteach é. Beidh áthas ar a chroidhe nuair a
bhuailfidh sé umat. Labhair leis agus innis dó na
neithe seo atá ráidhte agam-sa leat. Bead-sa ad'
bhéal-sa agus 'n-a bhéal-san agus taisbeánfad díbh na
neithe atá le déanamh agaibh. Labharfidh seisean thar
do cheann-sa leis an bpobul, agus múinfir-se dhó-san
na neithe a bhainean le Dia."



D'imthigh Maois agus tháinig sé ag triall ar Ietró,
athair a chéile.



"Táim-se ag imtheacht síos sa n-Éigipt ag feuchaint
mo mhuinntire, go bhfeicead an bhfuilid siad beó
fós," arsa Maois. "Imthigh leat i n-ainim Dé," arsa
Ietró.



Duine naomhtha ab eadh Ietró, bíodh go raibh sé 'n-a
chómhnuighe ameasg págánach. Bhí fírinne creidimh aige
agus bhí sé dílis do Dhia agus do'n fhírinne.



Do labhair Dia airís le Maois agus dubhairt Sé
leis: "Imthigh ort síos sa n-Éigipt. An mhuinntir a bhí


L. 6


ar do thí chun do mharbhuighthe táid siad tar éis bháis. Ní
baoghal duit iad feasta." Do thóg Maois leis a bhean
agus a chlann agus d'imthigh sé síos sa n-Éigipt, agus
an tslat úd, slat Dé, 'n-a láimh aige. Sa n-am gcéad-
na do labhair an Tighearna le h-Aaron agus dubhairt Sé
leis dul amach sa bhfásach i gcoinnibh Mhaoise. Do
chuaidh. Do bhuail an bheirt um á chéile ag Cnoc Dé.
Do phógadar a chéile go dlúth agus d'innis Maois d'á
dhritháir gach nídh d'á ndubhairt an Tighearna leis agus
na mírbhúiltí a thaisbeán sé dhó, agus an toisg a bhí ghá
bhreith síos sa n-Éigipt.



Thánadar araon isteach sa n-Éigipt, agus chuireadar
teachtairí amach chun na seanóirí do chruinniú.



LIX.



Breis Cruadhtain.



Nuair a bhí na seanóirí i bhfochair a chéile do labhair
Aaron leó. D'innis sé dhóibh gach nídh d'ár labhair an
Tighearna le Maois agus do dhein sé na mírbhúiltí
os cómhair na ndaoine. Nuair a chonaic na daoine na
mírbhúiltí d'admhuighdar gur bh'fhíor an chainnt. Do
ghéilleadar do'n fhírinne agus do shléachtadar i láthair
Dé agus d'adhradar Dia. D'admhuighdar gur fheuch
Dia anuas ar a phobul le truagh mar gheall ar an
gcruadhtan i n-a rabhadar. Bhí áthas mór ortha.



Nuair a bhí an gnó san déanta do chuaidh Maois agus
Aaron isteach i láthair an rí, i láthair Pharó, agus do
labhradar leis.



"Seo mar adeir Tighearna Dia Israéil," ar siad,
"'Leog uait mo phobul go dtéid siad agus go ndeinid
siad ídhbirt chugham sa bhfásach!'"



"Agus cé h-é an Tighearna san," arsan rí, "go
n-éistfinn-se le n-a ghlór agus go leogfinn Israél


L. 7


uaim? Níl aon aithne ar an dTighearna agam-sa
agus ní leogfad Israél uaim."



Dubhradar-san 'ghá fhreagra, "Tá glaodhte ag Dia
na n-Eabhrach orrainne chun go raighmís siubhal trí lá
isteach sa n-uaigneas agus go ndéanfimís ídhbirt chun
ár nDé féin, le h-eagla go dtiocfadh orainn pláigh
nú cogadh."



"A Mhaois agus a Aaroin," arsan rí, "cad chuige
dhíbh bheith ag breith na ndaoine ó'n obair atá le déanamh
acu! Tugaidh aire d'bhúr ngnóthaíbh féin. Táid na
daoine ró líonmhar sa tír. Chíon sibh conus mar atá
an pobul tar éis dul i méid. Má thógan sibh-se as an
obair iad cuirfidh an díomhaointeas tuille méid ortha."



Ansan do labhair sé leis na maoraibh a bhí os cionn
na n-oibreacha. "Feuch," ar seisean, "cuiridh tuille
oibre ar na daoine seo. Díomhaointeas atá ag imirt
ortha. Dá mbeadh a ndóithin oibre le déanamh acu
bheadh a mhalairt de chúram ortha i n-inead bheith ag
cuimhneamh ar ídhbirt ná ar a nDia. Curtar tuille
oibre ortha. Do tugtí an tuighe dhóibh chun na mbrí-
ceana dhéanamh. Ná tugtar a thuille dhóibh é. Solath-
ruighdís féin é, agus curtar fhiachaint ortha oiread
de sna bríceana dhéanamh agus dheinidís nuair a tugtí
an tuighe dhóibh. Bíodh an teasg céadna ar gach duine
acu, agus tugtar an tslat agus an fhuip agus an
bata dhóibh má bhíon aon easnamh ar an dteasg i ndeire
an lae acu. Díomhaointeas atá ortha. Tugtar a
ndóithin oibre le déanamh dóibh agus ansan ní bheid
siad ag cainnt agus ag glaodhach, ghá iarraidh go leogfí
amach sa bhfásach iad ag déanamh ídhbirte, ag éisteacht
le bladaireacht éithigh ó Mhaois agus ó Aaron."



D'imthigh na maoir agus lucht faire na h-oibre amach
agus d'innseadar do sna daoine go gcaithfidís féin
an tuighe do sholáthar feasta agus go gcaithfidís oiread
de sna bríceana dhéanamh agus dheinidís i gcómhnuighe.
Thuit a lug ar a lag ag na daoine nuair airighdar an


L. 8


méid sin. D'imthighdar amach ar fuid an mhachaire agus
bhailighdar chucha tuighe agus cáth agus lóchán agus gach
aon rud de'n tsórd san n-ar fhéadadar teacht air,
agus chuireadar in sna bríceanaibh é. Ach nuair a
tháinig an tráthnóna ní raibh na teasgana críochnuighthe.
Ansan do tháinig an pionós, an tslat agus an bata
agus an sgiúirse. Siúd na daoine ag triall ar Mhaois
agus ar Aaron agus thugadar aghaidh ortha.



"Ó!" ar siad," tá an donas ar fad déanta agaibh
orainn!" agus d'innseadar dóibh cad a bhí déanta
ortha ag Pharó, "agus sibh-se fé ndeár é!" ar siad.
"Cuirbhúir fearg ar an rí chughainn agus feuch an cor
atá anois orainn! I n-inead fuasgailt a dhéanamh
orainn is amhlaidh atá dúbailt oibre curtha agaibh
orainn agus dúbailt cruadhtain agus dúbailt pionóis.
Is amhlaidh atá claidheamh curtha agaibh i láimh an rí chun
sinn do mharbhú ar fad."



Nuair airigh Maois an chainnt sin agus nuair a chonaic
sé an cor a bhí ar na daoine tháinig brón ar a chroidhe.
Tháinig eagal air gur bh'as an gcuma n-ar dhein sé féin
an obair a tháinig an díobháil. Tháinig cathú air gur
tugadh a leithéid d' obair riamh le déanamh dó. Do
chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair an Tighearna 'ghá
rádh go h-umhal gur thruagh mar a chuir Dia an cúram
san i n-aon chor air. "Do labhras, a Thighearna," ar
seisean, "ad' ainim-se i láthair Pharó. Tá pionós
curtha ag Pharó ar do dhaoine agus ní'lir 'ghá bhfuas-
gailt!"



"Bíodh foidhne agat!" arsan Tighearna leis, "agus
chífir cad a dhéanfad-sa le Pharó. Deir sé ná leogfidh
sé uaidh iad. Leogfidh. Ní h-eadh ach comáinfidh
sé uaidh iad go fonnmhar sar a mbead-sa sgartha
leis."


L. 9


LX.



Mírbúilt na Fola.



Ansan do labhair Dia airís le Maois: "Imthigh
isteach," ar seisean, "agus seasaimh i láthair Pharó agus
abair leis mar seo: "Deir an Tighearna, "leog uait mo
phobul ionus go ndéanfid siad ídhbirt chugham sa
bhfásach," ach, beidh a chroidhe ró-chruaidh agus ní leogfidh
sé uaidh iad. Ach déanfad-sa mírbhúiltí móra sa
n-Éigipt agus chífid muinntir na h-Éigipte gur mise
an Tighearna.'"



D'imthigh Maois agus Aaron isteach agus do sheasuigh-
dar i láthair Pharó agus d'iarradar air clann Israéil
do leogaint uaidh. Dubhairt sé ná leogfadh. Bhí an
tslat i láimh Aaron. Do chaith sé an tslat uaidh ar an
dtalamh agus do dhein athair nímhe de'n tslait. Do
ghlaoidh Pharó ar a lucht eóluis féin agus ar a aicme
draoidheachta. Thánadar agus dheineadar athaireacha
nímhe le diablaidheacht. Ansan, nuair a bhí Pharó agus
a lucht eóluis ag maoidheamh as an ngníomh a bhí déanta
acu d'iompuigh an phiast a dhein Aaron ar na piastaíbh
eile agus d'ith sí iad. Níor ghéill Pharó ámhthach.



Ansan do labhair Dia le Maois. "Tá croidhe Pharó
ró-chruaidh," ar seisean. "Ní h-áil leis mo phobul do
leogaint chun siubhail uaidh. Tá sé ag teacht amach ar
maidin, ag teacht chun na h-abhan, bí ad' sheasamh
roimis ar bruach na h-abhan agus an tslat ad' láimh
agat. Seasaimh os a chómhair agus labhair leis. Abair
leis mar seo: 'Do chuir Dia na n-Eabhrach mise ag
triall ort-sa 'ghá rádh leat pobul Dé do leogaint
uait amach sa bhfásach chun ídhbirte do dhéanamh. Níor
thugais aon toradh orm fós.'" "Déanfad mírbhúilt
anois, adeir an Tighearna, buailfad-sa uisge na
h-abhan so leis an slait Seo am' láimh agus déanfidh


L. 10


fuil de'n uisge agus gheóbhaidh a bhfuil d'iasg sa n-abhainn
bás, agus bréanfidh an t-uisge agus ní bheidh aon
bhraon uisge le n-ól ag muinntir na h-Éigipte, ach
fuil ar fad?" Agus do labhair Dia le Maois agus
dubhairt sé leis: "Tóg do shlat agus sín do lámh
agus buail uisge na h-Éigipte go léir, idir loch
agus sruthán, agus gach a bhfuil d'uisge i n-árthaíbh
adhmaid agus cloiche, i dtreó go ndéanfidh fuil de'n
uisge go léir, agus ná beidh sa n-Éigipt ar fad ach
fuil."



Do dhein Maois agus Aaron fé mar a dh'órduigh
Dia dhóibh agus níor fhan aon bhraon uisge sa n-Éigipt
nár iompuigh in' fhuil! Do bhréan an abha i dtreó ná
féadfadh aoinne dul 'n-a goire. Do bhréan gach sruth
agus gach lochán ar an gcuma gcéadna. Bhí Pharó agus
a dhaoine go léir i gcruadhchás. Bhí sé tuillte go maith
acu go léir idir rí agus daoine. Bhí fuath ag na daoine
do phobul Israéil chómh mór agus bhí ag an rí, agus an
fonn céadna ortha chun pionós do chur ar phobul Israéil
a bhí ar an rí chuige. Dheineadar poill dhoimhne sa
talamh, anso agus ansúd, tamal amach ó'n abhainn.
Tháinig uisge glan gan aon rian fola ná aon droch
bhaluith air, aníos as na pollaibh sin. Mara mbeadh
gur bh'é toil Dé an méid sin uisge do leogaint chucha
glan do gheóbhdís go léir bás leis an dtart.



Do dhein lucht draoidheachta na h-Éigipte aithris ar
mhírbhúiltíbh Mhaoise agus Aaron, le diablaidheacht agus
le deismireacht a bhí acu féin, agus níor ghéill Pharó.
Dubhairt sé go tur ná leogfadh sé clann Israéil uaidh.



Seacht lá tar éis na mírbhúilte sin na fola do labhair
Dia airís le Maois: "Imthigh isteach," ar seisean, "agus
abair le Pharó mar seo:



'Leog uait mo phobul go ndeinid siad ídhbirt
chugham nú mara leogair cuirfad-sa brat frogana ar
thalamh na h-Éigipte go léir. Tiocfidh siad 'n-a slóigh-
tibh aníos as an abhainn. Líonfid siad isteach sa tigh


L. 11


chughat agus líonfid siad isteach sa leabaidh chughat.
Beid siad ag léimrigh ar an éadach leapan agus fé'n
éadach ar do chroicean, agus suas ar t'éadan, agus
iad n-a gcruachaibh ort go grána agus go déistineach.
Beid siad ar an gcuma gcéadna i dtighthibh do sheir-
bhíseach agus i dtighthibh do dhaoine go léir, mara leogair
uait mo phobul-sa.'" Níor leog. Do labhair Dia le
Maois: "Abair le h-Aaron," arsa Dia, "na focail
seo, 'Sín do lámh os cionn na n-aibhnní agus os cionn
na sruthán agus os cionn na bhféitheacha fliucha agus
tabhair amach na frogana ar thalamh na h-Éigipte.'"



Do dhein Aaron mar a dubhradh leis. Do thosnuigh
na frogana ar theacht go dtí go raibh talamh na h-Éigipte
clúdaithe le froganaibh agus iad líonta isteach in sna
tighthibh i dtreó na féadfadh duine a chos do chur ar an
dtalamh gan seasamh ortha. Bhíodar in sna tighthibh, ar
na leapachaibh, ar na bórdaibh, ar na cathaoirachaibh,
sáidhte ins gach blúire bídh agus ins gach braon dighe,
go dtí go raibh na daoine ag imtheacht as a meabhair le
gráin ortha agus le déistin úmpa.



LXI.



Na Sinipheacha.



Do cheap diablóirí na h-Éigipte nár bh'ealadha dhóibh
an barr do leogaint le Maois agus le h-Aaron, gan
a thaisbeáint dóibh, agus do chách, go bhféadfidís féin
frogana dhéanamh, leis. Dheineadar rainnt frogana,
agus do ghluais na frogana san amach ar thalamh na
hÉigipte chómh maith leis na froganaibh eile. Dob'ait
an saghas draoidheachta é; tuille frogana thabhairt do'n
rí agus d'á dhaoine agus iad múchta cheana féin le
froganaibh! Ba ghátaraighe dhóibh go mór na frogana
a bhí ann do chur chun siubhail, dá bhféadaidís é, 'ná
tuille frogana do thabhairt ann. Ach do dheabhróchadh an


L. 12


sgéal nár fhéadadar a bhfrogana féin ná na frogana
eile do chur chun siubhail, mar do ghlaoidh Pharó ar
Mhaois agus d'iarr sé go bog agus go cruaidh air na
frogana do dhíbirt.



"Iarraidh ar an dTighearna," ar seisean, "na frog-
ana so do thógaint díom féin agus dem' dhaoine agus
leogfad do'n phobul imtheacht chun na h-ídhbirte
dhéanamh."



"Tá go maith," arsa Maois, "Ceap am dom chun
mo ghuidhe do chur suas chun Dé dhuit agus go dtógfidh
Dia na frogana uait féin agus ó d'sheirbhísigh agus ó
d'dhaoine, agus go bhfanfid na frogana sa n-abhainn."



"Dein ar maidin amáireach é," arsa Pharó.



"Bíodh san amhlaidh," arsa Maois. "Chun a thais-
beáint duit-se gur ag ár nDia-ne atá gach cómhacht
déanfad-sa an nídh atá iarrtha agat orm agus im-
theóchaid na frogana uait féin agus ó d'sheirbhísigh agus
ó d'dhaoine agus fanfid siad sa n-abhainn."



Do dhein Maois agus Aaron an ghuidhe. D'iarradar
ar Dhia an gheallamhaint a thugadar féin do'n rí do
sheasamh dóibh agus na frogana do dhíbirt, i dtreó go
bhfeicfadh Pharó agus a dhaoine cómhacht Dé bheith os
cionn gach cómhachta eile. B'é toil Dé an ghuidhe do
fhreagairt. Fuair na frogana go léir bás. Nuair a
bhíodar marbh do sguabadh amach as na tighthibh iad. Do
bailigheadh suas 'n-a gcruachaibh móra árda iad amuich
ar an machaire, mórthímpal na h-Éigipte, agus bhí idir
ghaoth agus talamh bréan uatha.



Ach ba chuma le Pharó cad a dhéanfadh an bréantas
an fhaid ná raibh na frogana 'n-a mbeathaidh ag léimrigh
isteach sa leabaidh chuige. Do bhris sé a fhocal. Ní
leogfadh sé do chlainn Israéil imtheacht, tar éis a
gheallamhaint go leogfadh sé dhóibh imtheacht.



Do labhair Dia le Maois: "Abair le h-Aaron,"
arsa Dia, "an tslat do shíne os cionn luaithrighe na
talmhan i dtreó go n-eireóchaidh satha sinipheach agus go


L. 13


leathfid siad ar thalamh na h-Éigipte go léir." Do
dhein Maois agus Aaron fé mar a dubhradh leó.
D'eirigh na sinipheacha as an luathrigh agus do leathadar
ar fuid na tíre agus do luighdar ar gach aon rud beó
idir dhuine agus beithidheach. Deir cuid de'n lucht
seanachais gur bh'é saghas rudaí na sinipheacha 'ná rudaí
i bhfuirm cormhíola agus gur chiapadar idir dhaoine
agus beithidhigh chómh dian san gur bhaineadar an t-anam
a' cuid acu. Deir tuille gur mhíola gur bh'ead iad
agus gur luighdar isteach ar chroicean gach duine agus
ar chroicean gach beithidhigh, ghá n-ithe agus ag cur tochais
bhuile ortha. Bhíodar chómh h-iomarcach san go ndubhradh
gur dhein sinipheacha d'á raibh de luaithrigh sa n-Éigipt.
Cheap an lucht diablaidheachta go ndéanfidís féin
sinipheacha, leis, ach do theip ortha. Bhí buaidhte ortha.
Oiread agus aon tsinipheach amháin, níor fhéadadar a
thabhairt as an luaithrigh. Thánadar ag triall ar Pharó.
"Tá buaidhte orainn, a rí!" ar siad, "Lámh Dé é seo!"



Bhí Pharó dh'á phriocadh agus dh'á ithe ag na sinipheachaibh.
Bhí teinneas air agus bhí tochas air. Bhí teinneas agus
tochas ar an uile dhuine d'uaislibh na h-Éigipte. Bhí
teinneas agus tochas ar an uile rud beó d'á raibh ar
thalamh na h-Éigipte. Ach ní ghéillfadh Pharó. D'fhuilig
sé an tochas agus d'fhuilig sé an teinneas agus ní
ghéillfadh sé. Dubhairt a lucht deismireachta féin leis
go raibh buaidhte ortha, go raibh cómhacht a bhí ní ba threise
'ná a gcómhacht ag oibiriú 'n-a gcoinnibh. Go raibh
lámh Dé 'n-a gcoinnibh. Ba chuma leis. Ní ghéillfadh
sé. An fhaid a bhí a lucht diablaidheachta féin ábalta,
tré chómhachtaibh an diabhail, ar shórd aithrise do dhéanamh
ar na mírbhúiltíbh a dhein Maois agus Aaron do ghlac
sé an aithris sin mar leath-sgéal chun gan géille. Do
baineadh de an leathsgéal san. Ansan féin ní gheill-
fadh sé. Bhí an stailc ró láidir istigh 'n-a chroidhe. Is
iongantach mar a chuirean croidhe an duine stailc suas
i gcoinnibh Dé féin!


L. 14



LXII.



Na Cuileana; galar ar na beithidhigh.



Do chuir Pharó suas an stailc. Ansan do labhair
Dia airís. Dubhairt sé le Maois: "Eirigh go moch
ar maidin, ar seisean, "agus seasaimh i láthair Paró.
Beidh sé ag teacht amach chun an uisge. Abair leis
mar seo: 'Leog uait mo phobul," adeir an Tighearna,
chun go ndéanfid siad ídhbirt chugham. Mara leo-
gair uait iad cuirfad-sa an uile shaghas cuileana
chughat féin agus chun lucht do theaghlaigh agus chun do
dhaoine. Líonfid na cuileana isteach in sna tighthibh
chughaibh agus beidh an dúthaigh lán díobh. Ach déanfad
nídh mírbhúilteach ar thalamh Ghessen mar a bhfuil mo phobul
féin. Ní bheidh aon chuil le feisgint sa n-áit sin.
I gcás go bhfeicfir gur mise Tighearna an domhain go
léir déanfad eidirdhealbhú idir mo dhaoine féin agus
do dhaoine-se. Déanfar an mhírbhúilt sin amáireach.'"



Agus do dhein Dia an nídh sin. Tháinig na cuileana
agus do líonadar isteach in sna tighthibh, isteach i dtigh
an rí agus isteach ins gach tigh eile d'á raibh sa n-Éigipt,
lasmuich de thalamh Ghessen. Deir lucht seanachais
gur bh'é saghas na cuileana 'ná beacha gabhair agus gur
chiapadar idir dhuine agus beithidheach, ghá gcealgadh.
Ba mhar a chéile iad agus satha beach a bheadh chómh mór san
go líonfidís an Éigipt go léir. Bhí na frogana olc
go leór ach níor bh'fhiú biorán a's iad seachas na beacha.
Bhí na frogana grána, salach, déistineach, ach ní raibh
na cealga acu. Chuir na cealga muinntir na h-Éigipte
go léir ag sgreadaigh agus ag liúirigh agus ag béicigh.
Do liúigh agus do sgread agus do bhéic Pharó féin
chomh h-árd agus chómh dian le cách. Do ghlaoidh sé ar
Mhaois.



"Deinidh an ídhbirt anso sa tír seo," ar seisean.


L. 15


"Ní féidir dúinn an ídhbirt do dhéanamh sa tír seo,
a rí," arsa Maois. "Dá ndeinimís an ídhbirt sa tír
seo do mharbhóchaimís chun na h-ídhbirte ainmhidhthe n-a
bhfuil gráin againn ortha, ainmhidhthe a dh'adhraid Éigip-
teacha agus gur geas dóibh iad do mharbhú. Ansan
d'eireóchadh muinntir na h-Éigipte chughainn agus
gheóbhdís do chlochaibh ionainn. Imtheómíd siubhal trí
lá amach sa n-uaigneas agus déanfimíd an ídhbirt
chun Dé fé mar atá órduighthe aige dhúinn."



"Tá go maith," arsa Pharó, "leogfad díbh imtheacht
chun na h-ídhbirte sin do dhéanamh chun bhúr nDé sa
n-uaigneas ach ná h-imthighidh ró-fhada amach. Deinidh
guidhe orm."



"Nuair bhead imthighthe amach uait cuirfad mo ghuidhe
suas chun Dé agus imtheóchaid na cuileana ó Pharó
agus ó n-a mhuinntir agus ó n-a dhaoine. Ná dein-se
an feall a thuille, ámhthach, i dtaobh an phobuil do leo-
gaint uait," arsa Maois.



D'imthigh Maois amach agus chuir sé a ghuidhe suas chun
Dé fé mar a gheall sé, ghá iarraidh ar Dhia na cuileana
do dhíbirt ó Pharó agus ó n-a sheirbhíseachaibh agus ó
n-a dhaoine. Do dhein Dia do réir ghuidhe Mhaoise agus
do rug sé chun siubhail na cuileana ó Pharó agus ó n-a
dhaoine. Do rug Dia chun siubhail iad chómh glan san
ná raibh oiread agus aon chuil amháin acu le feiscint
sa n-áit.



Nuair a bhíodar na cuileana imthighthe do chuir Pharó
an stailc suas airís agus ní leogfadh sé do chlainn
Israéil imtheacht.



Do labhair Dia airís: "Imthigh isteach," ar seisean
le Maois, "agus labhair le Pharó. Abair leis mar
seo: "Seo mar adeir Tighearna Dia na n-Eabhrach:
"Leog uait mo phobul go ndéanfid siad ídhbirt chugh-
am-sa, nú mara leogair luighfidh mo lámh-sa go trom
ar do chuid ithire. Beidh galar agus pláigh ar do
chapaillibh agus ar t'asalaibh, ar do chamalaibh agus ar


L. 16


do bhuaibh agus ar do chaoiribh. Agus déanfidh Dia
mírbhúilt mhór idir chuid clainne Israéil agus cuid
na n-Éigipteach. Ní caillfar aon nídh i n-aon chor do
chuid clainne Israéil. Cuirfidh Dia an abairt sin i
bhfeidhm amáireach sa tír."'" Chómh maith do chuir. Tháinig
an lá amáireach agus do cailleadh a lán de gach sórd
stuic ar mhuinntir na h-Éigipte, agus níor cailleadh
oiread agus aon bheithidheach amháin de bheithidheachaibh
clainne Israéil. Chuir Pharó daoine go Gessen ag
fiafraighe an sgéil agus fuaradar nár cailleadh.



LXIII.



Na h-iosgóidí; an chloich-shneachta.



Ach bíodh go bhfeacaidh na teachtairí nár cailleadh aon
bheithidheach ar chlainn Israéil, i dtalamh Ghessen níor
chuir san fhiachaint ar Pharó géille. Chuir sé an
stailc suas airís agus ní leogfadh sé do chlainn
Israéil imtheacht.



Do labhair Dia airís le Maois agus le h-Aaron:
"Tógaidh," ar seisean, "lán bhúr nglac de luaithrigh
an tínteáin agus deineadh Maois an luaithreach san
do chaitheamh anáirde sa spéir i láthair Pharó; agus bíodh
an luaithreach os cionn tailimh na h-Éigipte go léir."



Dhein an bheirt an nídh sin. Do thógadar an luaith-
reach agus thánadar i láthair Pharó, agus do chaitheadar,
os cómhair a shúl, an luaithreach anáirde sa spéir. An
túisge n-ar dheineadar d'eirigh iosgóidí teinne agus
cluig ar chroicean gach duine agus beithdhigh d'á
raibh sa n-Éigipt. D'eirigh na cluig agus na h-ios-
góidí ar lucht na diablaidheachta agus níor fhéadadar
teacht i láthair Mhaoise ag cur 'n-a choinnibh. Bhíodar
ró-theinn, ró-bhreóite. Bhí an teinneas agus an bhreó-
iteacht chéadna ar na h-Éigipteachaibh go léir. Bhí an


L. 17


sgéal go h-olc acu, ach níor ghéill an rí. Is amhlaidh
a chruaidh an stailc ann.



Do labhair Dia airís. Dubhairt sé le Maois: "Eirigh
ar maidin," ar seisean, "agus seasaimh i láthair Pharó
agus abair leis mar seo; 'Seo mar adeir an Tighearna:
Leog uait mo phobul go ndéanfid siad ídhbirt chugham,
nú cuirfad, an turas so, mo phláigeana go léir anuas
ort, ar do chroidhe féin agus ar do sheirbhísigh agus ar
do dhaoine i dtreó go mbeidh fhios agat ná fuil mo
leithéid eile-se sa domhan go léir. Sínfad anois mo
lámh agus bualfad tusa agus do dhaoine le pláigh agus
sgriosfar as an saoghal tu. Is chuige do chuireas
sa n-áit sin tu 'ná i dtreó go ndéanfinn mo neart
do thaisbeáint, 'ghá imirt ort, agus go mbeadh trácht
ar m'ainim ar fuaid an domhain. An bhfuil mo phobul
agat á chimeád fós, nú an amhlaidh ná leogfir uait iad?
Feuch, um an dtaca so amáireach fearfad-sa cloich-
shneachta go tiugh anuas ar an Éigipt, cloich-shneachta
ná feacathas a leithéid sa n-Éigipt ó'n lá do bunáiteadh
í go dtí an lá so atá indiu ann. Cuir do theachtairí
amach láithreach, d'á bhrígh sin, agus bailigh do bheithidhigh
agus gach a bhfuil lasmuich agat, bailigh isteach iad,
óir gach aon rud beó a bheidh amuich fé'n gcloich-shneachta
nuair a thiocfidh sí marbhóchar iad.'"



D'airigh seirbhísigh an rí an focal. Bhí cuid acu n-a
raibh eagal ortha roimis an bhfocal agus bhailighdar
isteach a gcuid beithidheach. Bhí cuid acu nár chuir aon
tsuim sa bhfocal agus d'fhágadar a mbeithidhigh amuich,
agus na h-aodhairí a bhí i mbun na mbeithidheach.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois. "Sín
do lámh suas sa spéir," ar seisean, "i dtreó go
dtiocfidh an chloich-shneachta ar thalamh na h-Éigipte
go léir, ar na daoine agus ar na beithidhigh agus ar gach
glasara d'á bhfuil ag fás as an dtalamh sa n-Éigipt."
Do shín Maois suas a shlat agus do sgaoil an Tighearna
láithreach tóirthneach agus cloich-shneachta, agus splanc-


L. 18


racha ag gluaiseacht fan an tailimh, anuas ar an Éigipt;
agus d'fhear an Tighearna an chloich-shneachta ar thalam
na h-Éigipte, agus bhí an chloich-shneachta agus na
splancracha ag gluaiseacht i n-aonfheacht agus ag
measgadh ar a chéile, agus bhí an chloich-shneachta chómh
téagartha san ná feacathas a leithéid sa n-Éigipt riamh
roimis sin, ó chuir muinntir na h-Éigipte fútha ar dtúis
sa tír sin. Do bhuail an chloich-shneachta gach aon rud
a bhí amuich fé'n spéir, idir dhaoine agus beithidhigh,
agus do mheil sí gach glasara agus do bhris sí agus
do leag sí gach crann. Ní raibh tóirthneach ná cloich-
shneachta, ámhthach, ná splancracha i dtalamh Ghessen mar
a raibh clann Israéil 'n-a gcómhnuighe.



LXIV.



Na Lócuistí.



Tháinig lán a chroidhe de sgannra ar Pharó nuair
a chonaic sé an chloich-shneachta agus na splancracha
agus nuair airigh sé an tóirthneach uathbhásach agus
nuair a chonaic sé an díobháil go léir a bhí á dhéanamh;
na daoine agus na beithidhigh 'á marbhú; na crainn 'á
leagadh agus iad briste brúite; an talamh go léir
i n'ithir dhearg, tar éis a raibh de ghlasara ag fás aníos
tríd a bheith meilte ó'n gcloich-shneachta nú loisgithe
ó'n dtóirthnigh. Chomáin sé teachtaire ag triall ar
Mhaois agus ar Aaron 'ghá iarraidh ortha teacht chuige.
Thánadar. Do labhair an rí. "Tá peaca déanta
agam anois féin," ar seisean, "tá an Tighearna ceart.
Táim-se agus mo dhaoine go h-olc. Deinidh guidhe
chun an Tighearna ghá iarraidh air coisg do chur le
tóirthnigh Dé agus leis an gcloich-shneachta, agus
leogfad chun siubhail sibh, agus ní fhanfidh sibh anso
a thuille."


L. 19


"Tá go maith," arsa Maois, "chómh luath agus bhead
lasmuich de'n chathair tógfad mo lámha chun an Tighearna
agus stadfidh an tóirthneach agus ní thuitfidh a thuille
de'n chloich-shneachta, i dtreó go mbeidh fhios agat gur
leis an dTighearna an talamh: ach is eól dom ná fuil
eagla an Tighearna fós ort-sa ná ar do mhuinntir."



Bhí an líon agus an eórna loitithe an uair sin mar
bhí an eórna 'n-a geamhar agus bhí an líon eascurtha, ach
níor loiteadh an chruithneacht mar bhí sí gan teacht os
cionn tailimh. Bara déanach ab eadh í. Bhí na baraí
déanacha gan teacht os cionn tailimh an uair sin agus
chuadar as.



Chuaidh Maois agus Aaron amach as an gcathair agus
thóg Maois a dhá láimh suas cun Dé mar a gheall sé
do'n rí, agus d'iarr sé ar Dhia cosg do chur leis an
dtóirthnigh agus leis an gcloich-shneachta. Do stadadar.
Nuair a chonaic Pharó go raibh an tóirthneach agus an
chloich-shneachta tar éis stad do chuir sé stailc suas
airís. Chuir sé a chos i dtalamh agus ní leogfadh sé
do chlainn Israéil imtheacht.



Do labhair Diale Maois: "Eirigh isteach," ar seisean,
"i láthair Pharó. Tá a chroidhe cruaidh, agus imireó-
chad-sa mo mhírbhúiltí air agus 'neosfir-se dod' chlainn
agus do chlainn do chlainne conus mar a dheineas-sa
smachtú ar mhuinntir na h-Éigipte agus cad iad na
mírbhúiltí a dh'imireas ortha, i dtreó go mbeidh fhios
agaibh gur mise an Tighearna. Abair le Pharó: Seo
mar adeir Tighearna Dia na n-Eabhrach: "Cad é an
fhaid a cheapan tú gan bheith umhal dom? leog uait mo
phobul chun go ndéanfid siad ídhbirt chugham. Mara
leogair uait iad, agus má chuirean tú am' choinnibh
a thuille, tabharfad-sa an lócust isteach sa tír seo
chughat amáireach. Beidh an lócust 'n-a bhrat ar do
thalamh agat. Clúdóchaid na lócuistí an talamh agus
íosfid siad gach nídh d'ár fhág an chloich-shneachta gan
ídiú. Coganóchaid siad, ní h-amháin gach aon rud glas,


L. 20


ach gach aon blúire adhmaid d'á bhfuil ag fás as an
dtalamh. Líonfid siad isteach in sna tighthibh chughat
agus i dtighthibh do sheirbhíseach i dtreó go mbeidh na
tighthe lán díobh ar fuaid na h-Éigipte go léir ar chuma
na feacathas le linn t'athar ná do sheanathar ná do
shínsear riamh ó'n lá shealbhuighdar an Éigipt go dtí an
lá atá indiu ann.""



D'imthigh Maois agus Aaron amach nuair a bhí an
méid sin ráidhte ag Maois. Ansan do labhradar a
mhuinntir le Pharó. "An fada chaithfimíd an obair
seo d'fholag? Ná feicean tú an íde atá ag imtheacht
ar an Éigipt go léir!"



Do glaodhadh isteach airís i láthair an rí Maois agus
Aaron.



"Imthighidh," arsan rí, "agus deinidh an ídhbirt sin
chun bhúr nDé. Cé h-iad a raghaid libh?"



"Béarfimíd linn," arsa Maois, "ár gclann óg
agus ár seandaoine, ár dtreuda caereach agus ár
mbeithidhigh. Is ócáid sholamanta é seo ag ár
dTighearna Dia."



"Tá droch fhuadar éigin fúibh!" arsan rí. "Pé
rud a dhéanfidh bhúr dTighearna Dia ní leogfad-sa uaim
sibh féin agus bhúr gclann. Imthigheadh na fir agus
deinidís an ídhbirt. Siné an rud a dh'iarrbhúir féin."
Agus do comáineadh amach iad.



LXV.



An Doircheacht.



Nuair adubhairt Maois nár bh'foláir do chlainn
Israéil a ndaoine óga agus a seandaoine agus a
dtreudta agus a gcuid stuic do bhreith leó as an
Éigipt tháinig fearg ar an rí agus dubhairt sé ná
leogfadh sé uaidh i n-aon chor iad. Thug sé tarcuisne
do Mhaois agus d'Aaron agus dhíbir sé as a láthair


L. 21


iad. Níor bh'fhada go dtáinig toradh na tarcuisne sin
air féin agus ar a theaghlach agus ar an Éigipt.



Do labhair an Tighearna le Maois: "Sín do lámh,"
ar seisean, "os cionn tailimh na h-Éigipte i dtreó
go dtiocfidh an lócust."



Do shín Maois a shlat os cionn na h-Éigipte. An
túisge 'n-ar shín do chuir Dia gaoth a bhí teith ag séide
ar an Éigipt. Do lean an ghaoth sin ag séide i gcaitheamh
an lae sin agus i gcaitheamh na h-oidhche. D'eirigh na
lócuistí leis an ngaoith sin agus do leathadar isteach
ar talamh na h-Éigipte go léir 'n-a suathantaisíbh
uathbhásacha i dtreó ná feacathas a leithéid de shatha
lócuistí sa n-Éigipt riamh roimis sin ná riamh ó shin.
Bhíodar 'n-a sgreamh ghrána ramhar ar an dtalamh agus
d'itheadar gach aon rud ach amháin an chré agus na clocha.
Do rith Pharó agus chuir sé fios ar Mhaois agus ar
Aaron.



"Ó," ar sheisean, "tá peaca déanta agam i n-aghaidh
bhúr nDé agus i nbhúr n-aghaidh-se! Maithidh dom an
turus so leis, agus iarraidh ar bhúr nDia an phláigh
mharbhuightheach so do thógaint díom!"



D'imthigh Maois amach a' láthair Pharó agus chuir sé
a ghuidhe suas chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia na lócuistí
do thógaint chun siubhail. Chuir Dia gaoth láidir ag
séide aniar agus do thóg an ghaoth sin na lócuistí go
léir ó'n dtalamh agus do shéid sí soir iad isteach sa
Mhuir Ruaidh chómh glan san nár fágadh oiread agus
aon lócust amháin acu ar thalamh na h-Éigipte.



Déarfadh duine nár bh'fholáir nú gur ghéill Pharó an
uair sin. Níor ghéill. Chómh luath agus bhí an sgreamh
lócuistí tógtha de thalamh na h-Éigipte agus sguabtha
chun siubhail dubhairt sé leis féin gur bh'í an ghaoth
aniar a thóg chun siubhail iad agus nár bh'é Maois ná
Dia Mhaoise. Dubhairt sé ná leogfadh sé clann
Israéil chun siubhail; nách ar Mhaois a bhí a bhuidheachas
aige na lócuistí bheith imthighthe ach ar an ngaoith.


L. 22


Do labhair Dia airís agus dubhairt sé le Maois,
"Sín do lámh suas sa spéir agus tagadh doircheacht
ar thalamh na h-Éigipte, doircheacht a bheidh chómh trom
chómh dlúth sin go bhféadfar í mhothú fé'n láimh." Do shín
Maois a lámh suas sa spéir agus tháinig an doirch-
eacht, doircheacht sgannramhail, ar an Éigipt go léir.
Do lean an doircheacht ar feadh trí lá. I gcaitheamh
an trí lá san bhí an sgéal go fíor olc ag muinntir na
h-Éigipte. Nuair a tháinig an doircheacht b'éigean do
gach aoinne stad mar a raibh aige agus gan corruidhe
as an áit 'n-a raibh sé nuair a dh'imthigh an solus. Ní
leogfadh sgannra dhó corruidhe. Ní raibh aon bhreith ag
duine ar dhuine eile dh'feisgint. Ach bhí solus sa
n-áit 'n-a raibh clann Israéil 'n-a gcómhnuighe, agus
in sna tighthibh acu.



Chuir an doircheacht sgannra ar Pharó. Do ghlaoidh
sé ar Mhaois agus ar Aaron. "Feuch," ar seisean,
"imthighidh agus deinidh an ídhbirt sin chun an Tighearna.
Beiridh libh bhúr gclann agus bhúr seandaoine ach fanadh
na treudta agus na beithidhigh i nbhúr ndiaidh."



Dubhairt Maois: "Caithfir gach nídh do leogaint linn
a d'oirfidh dúinn chun na h-ídhbirte, chómh maith agus
a leogfir linn an chlann agus na sean daoine. Ní'l
aon phioc d'á fhios againn cad iad na h-ainmhidhthe a
theastóchaidh uainn chun na h-ídhbirte go dtí go mbeidh
an ídhbirt 'á dhéanamh againn. D'á bhrígh sin béarfimíd
linn ár mbeithidhigh go léir, oiread agus aon chrúb
amháin acu ní fhágfam i n-ár ndiaidh."



Nuair airigh Pharó an focal san d'eirigh sé ar buile.
D'eirigh an stailc agus an fhearg ann ní ba mheasa 'ná
mar a bhíodar ann aon uair roimis sin. "Ní imtheó-
chaidh sibh-se ná bhúr gclann ná bhúr stoc ná bhúr
dtréadta uaim-se anois ná choidhche!" ar seisean.
"Glanaidh as mo radharc!" ar seisean, "agus má thagan
sibh am' radharc arís," ar seisean, "is díbh is measa. Má
thagan sibh am' láthair airís ní imtheóchaidh sibh beó uaim!"


L. 23


"Is fíor do chainnt," arsa Maois. "Díreach mar
adeirir sin mar a bheidh. Ní fheicfad-fa do ghnúis-se
a thuille."



Is beag d'á fhios a bhí ag an rí an uair sin cad é an
brígh a bhí leis an bhfocal san a tháinig ó Mhaois.



LXVI.



Bás na gcéad-ghein.



Ansan dubhairt an Tighearna le Maois: "Tá aon
phláigh amháin eile agam le cur ar Pharó agus ar an
Éigipt. Cuirfidh an t-aon phláigh amháin sin fhiachaint
air sibh do chur uaidh agus sibh a chomáint as an Éigipt
amach! Labhair-se le clainn Israéil. Abair le gach
fear agus le gach mnaoi árthaí óir agus airgid a dh'iar-
raidh ar iasacht ó sna h-uaislibh Éigipteacha n-a bhfuil
aithne acu ortha agus cómharsanacht déanta acu leó.
Déanfidh an Tighearna na h-Éigipteacha báidheamhail do
chlainn Israéil, i dtreó go dtabharfid siad an t-ór
agus an t-airgead agus an t-ollmhaitheas dóibh."



Duine mór ab eadh Maois an uair sin sa n-Éigipt, i
láthair muinntire an rí agus i láthair na n-Éigipteach
go léir. Do labhair sé leó: "Seo mar adeir an
Tighearna," ar seisean, "Raghad-sa amach ar fuaid na
h-Éigipte i lár na h-oidhche agus gheóbhaidh gach céad-
ghein i dtalamh na n-Éigipteach bás, ó chéad-ghein
Pharó atá 'n-a chathaoir ríoga go céad-ghein na daor-
mhná atá sa mhuilean; agus céad-ghein gach beithidhigh;
agus beidh uaill ghuil ar fuaid na h-Éigipte mórthímpal
nár h-airigheadh a leithéid riamh fós agus ná h-aireófar
a leithéid airís go deó. Ach ameasg clainne Israéil
ní h-aireófar oiread agus amhstarach gadhair ar dhuine
ná ar bheithidheach. I gcás go bhfeicfidh sibh an t-eidir-


L. 24


dhealbhú mírbhúilteach a dheinean an Tighearna idir
mhuinntir na h-Éigipte agus clann Israéil."
"Ansan," arsa Maois leis an rí, "Tiocfid na
seirbhísigh seo go léir atá agat-sa tiocfid siad
chugham-sa ag umhlú dhom agus déarfid siad liom,
'Imthigh leat amach as an dtír, tú féin agus do
dhaoine go léir, an uile dhuine acu.' Ansan iseadh
dh'imtheóchaimíd." D'imthigh Maois amach a' láthair
an rí ansan agus bhí árd fhearg air ag imtheacht dó.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le
h-Aaron. "Bíodh an mí seo agaibh go deó," ar seisean,
"'n-a chéad mhí de'n bhliain. Labraidh le clainn Israéil
go léir agus abraidh leó: "an deichmhadh lá de'n mhí
seo tógadh gach líntighe agaibh uan firean bliana, gan
mháchail, agus cimeádaidh é go dtí an ceathramhadh lá
déag de'n mhí seo. Ansan déanfid clann Israéil go
léir an t-uan san d'ídhbirt um thráthnóna, agus tóg-
tar cuid d'á chuid fola agus curtar ar dhá lígh an
doruis an fhuil, agus ar an bhfárdorus, agus itheadh
muinntir an tighe an fheóil, sa n-oidhche, tar éis í
ghríosadh ar sméaróidíbh. Ná fágtar aon bhluire dhi gan
ithe nú má bhíon aon chuid di nách féidir a dh'ithe loisgtear
le teine an méid sin. Bíodh a bhróga uime agus a chrios
fáisgithe air agus a chleith 'n-a láimh ag gach duine le
linn na feóla san a dh'ithe dhó. Bíodh arán gan giost
agaibh mar annlan leis an bhfeóil sin agus deinidh ithe
le dithineas, óir isí Cáisg, (i. dul thart), an Tighearna
an obair sin. Óir geóbhad tríd an Éigipt an oidhche
sin agus cuirfad chun báis an uile chéad-ghein d'á bhfuil
sa n-Éigipt idir dhuine agus bheithidheach, agus imireóchad
breitheamhantas ar dhéithibh na h-Éigipte. Is mise an
Tighearna. Beidh an fhuil mar chómhartha ar bhúr dtighthibh-
se agus nuair a chífad an fhuil geóbhad thar an dtigh sin.
Ní déanfar aon díobháil díbh-se nuair a bheidh an t-éir-
leach dhá dhéanam ar mhuinntir na h-Éigipte. Agus
cimeádfidh sibh an lá so de'n bhliain go deó 'n-a lá


L. 25


sholamanta mar chuimhneamh ar an obair seo atá dhá
dhéanamh díbh indiu.'"



Ansan do chruinnigh Maois agus Aaron seanóirí an
phobuil agus d'innseadar dóibh cad a bhí le déanamh acu,
agus dubhradar leó gan aon duine acu do theacht amach
as a thigh féin i gcaitheamh na h-oidhche 'n-a mbeadh uan na
Cásga dh'á ithe acu.



Tháinig an oidhche a bhí ceapaithe. Dhein clann Israéil
fé mar a bhí órduighthe dhóibh. Chuireadar fuil an uain
ar na dóirsibh. Chuireadar a mbróga ar a gcosaibh
agus d'fháisgeadar iad féin chun gluaiseachta. Bhíodar
ag ithe feóla an uain. I lár na h-oidhche d'eirigh an
liúireach agus an bhúirtheach agus an bhéiceach agus an
sgreadach agus an t-ologón buile, morthímpal na
h-Éigipte go léir! Do ghluais an uaill ghuil 'n-a
ghuth árd ar an ngaoith, suas tré spéir dhorcha na
h-oidhche, idtreó go dtáinig crith chos agus lámh ar
chlainn Israéil a bhí ag éisteacht leis agus gur
thuigeadar nár h-airigheadh riamh roimis sin ar thalamh
an domhain fuaim guth daoine chómh h-árd, chómh truagh-
bhéileach, chómh sgannramhail! Níor bh'iongna é. Las-
muich de thighthibh na n-Eabhrach ní raibh tigh sa n-Éigipt
an meadhon oidhche sin gan duine de mhuinntir an tighe
sínte marbh ann.



LXVII.



Clann Israéil ag imtheacht as an Éigipt.



I lár an éirligh mhóir, nuair a bhí an guth árd agus an
ualfartach agus an sgreadach nímhneach buartha agus
brise croidhe, agus an bualadh bas meilteach, ar
siubhal 'n-a lán neart agus 'n-a lán ghéire, agus clann
Israéil ag crith le sgannra roimh chómhacht Dé agus
roimhe n-a dhíbhfeirg, siúd teachtaireacht ó'n rí, ó


L. 26


Pharó, ag triall ar Aaron 'ghá iarraidh ortha teacht chun
cainnte leis. Thánadar. Chómh luath agus bhíodar i
láthair an rí do labhair sé
leó:-



"Eirighidh láithreach," ar seisean, "sibh féin agus
clann Israéil, agus imthighidh uaim agus óm' dhaoine!
Tógaidh libh bhúr stoc agus bhúr dtréadta agus a bhfuil
an tsaoghal agaibh agus imthighidh uaim! Imthighidh agus
deinidh an ídhbirt úd chun bhúr nDé, ach fágaidh beannacht
agam ag imtheacht díbh."



Do bhailigh sluagh mhór de mhuinntir na h-Éigipte,
leis, tímpal ar Mhaois agus ar Aaron agus bhíodar ar
a ndítheal 'ghá mbrostú chun siubhail. Thánadar leó
isteach i dtalamh Ghessen agus chromadar ar gach aon
chongnamh a thabhairt do chlainn Israéil 'ghá n-ullmhú chun
bóthair. B'é b'fhada leó go rabhadar go léir bailighthe
amach as an Éigipt acu, idir dhuine agus beithidheach,
idir fhear agus bean, idir óg agus aosta. Bhíodar
cortha glan díobh. Thugadar dóibh gach aon rud a
dh'iarradar ortha. Ba chuma leó cad a thabharfidís
dóibh ach go n-imtheóchaidis gan a thuille ríghnis. Thug-
adar dóibh aon rud in aon chor ba dhóich leó do bhros-
tóchadh chun siubhail iad. Ní leogfidís dóibh fanamhaint
go lá, bhí a leithéid sin de sgannra ortha le h-eagla ná
stadfadh an marbhú go dtí go mbeadh an uile dhuine
de chlainn Israéil amach as an dtír uatha. Ansan iseadh
thugadar dóibh an t-ollmhaithas go léir, na h-árthaí óir
agus airgid agus na h-órnáidí agus na h-éadaí uaisle;
i dtreó gur fhág clann Israéil dhá bhárthan mhóra ar
mhuinntir na h-Éigipte 'n-a ndiaidh. D'fhágadar teinn
iad agus d'fhágadar dealbh iad. Mar adeir an
Sgríbhinn Diadha: "Do chreachadar an Éigipt."



Bhí a leithéid sin de dhithineas ar mhuinntir na
h-Éigipte 'ghá gcur chun siubhail ná tabharfidís uain
dóibh ar aon bhlúire bídh a dh'ullmhú dhóibh féin sar a'
n-imtheóchaidís. B'éigean dóibh an bia bhreith leó gan
ullmhú.


L. 27


Sé chéad míle fear, gan mná ná mion daoine
dh'áireamh, ab eadh neart slógh clainne Israéil ag im-
theacht as an Éigipt dóibh. Níor bh'fhios an 'mó míle
duine gheóbhfí ann d'á n-áirímhthí na mná agus an chlann.
Agus bhí clann Israéil tar éis cheithre chéad blian agus
deich mbliana fichid do chaitheamh sa n-Éigipt an uair sin.
Ba mhaith an fás é ó'n ndeichniúbhar agus trí fichid a
chuaidh síos ann ag triall ar Ióseph. Bheadh níba mhó
go mór acu ann, ag teacht thar n-ais dóibh, mara mbeadh
ar caitheadh sa n-abhainn d'á leanbhaíbh agus ar cuireadh
chun báis díobh le déine agus le cruadhtan oibre.



Chómh luath agus bhíodar ar bóthar thugadar aghaidh
soir. Ní h-ar an istmus atá idir an Muir Ruaidh
agus an Mhuir Torrainn, ámhthach, a thugadar aghaidh. Bhí
bóthar breágh an uair sin soir tríd an mbeárnain sin
agus an bóthar san anoir a thagadh muinntir Phalestín
agus na ndúthaí eile lastoir nuair a bhíodh gnó le
déanamh sa n-Éigipt acu. An bóthar san anoir
iseadh tháinig na ceannaidhthe úd, clann Ismaéil,
breis agus cheithre chéad blian roimis sin, nuair a
thugadar leó an buachaill chúig mblian ndéag úd a
cheannaighdar ó chlainn Iácóib, agus nuair a dhíoladar
é leis an nduin'uasal Éigipteach. An bóthar san
anoir a tháinig an chlann Iácóib chéana san chun an
arbhair a cheannach rainnt aimsire n-a dhiaidh san. An
bóthar céadna san anoir iseadh tháinig Iácób féin
agus a chlann nuair a bhíodar chun cur fútha sa
n-Éigipt.



An bóthar céadna san soir óthuaidh ba cheart do chlainn
Israéil gabháil anois nuair a bhíodar ag dul soir
airís chun na tíre a bhí geallta ag Dia dhóibh. Siné an
bóthar a gheóbhdís, leis, ach bhí namhaid chontabharthacha ar
an slighe sin rómpa agus bíodh go rabhadar armtha go
maith ní raibh taithighe ar arm ná ar chogadh fós acu.


L. 28


An Tóir.



Do stiúruigh Dia Maois chun gan aghaidh do thabhairt ar
an istmus ach aghaidh do thabhairt soir tríd an ngainmheach
i dtreó go bhféadfadh an chualacht stad ar bruach na
Mara Ruadh ar feadh tamail agus go mbeadh uain ag na
fearaibh ar thaithighe dhéanamh de láimhseáil na gclaidheamh
agus na n-arm eile a bhí acu. Bhí dlighthe agus riaghalta
áirighthe leis, ag Maois, le tabhairt dóibh, le h-órdú
ó Dhia, dlighthe agus riaghalta a bhí le cómhlíonadh acu
nuair a bheidís 'n-a gcómhnuighe thoir sa talamh a bhí
geallta dhóibh, agus do chimeádfadh 'n-a gcuimhne, agus
i gcuimhne a sleachta na mírbhúiltí uathbhásacha a dhein
Dia ar a son chun iad do thabhairt as an ndaor-bhruid
a bhí ortha sa n-Éigipt.



Dá dtugaidís aghaidh ar namhaid armtha ró luath tar
éis teacht as an ndaor-bhruid dóibh ba ró bhaoghal i
n-inead na troda dhéanamh, gur b'amhlaidh a dh'iompó-
chaidís thar n-ais chun na h-Éigipte agus go luighfidís
isteach airís fé'n ndaor-bhruid. Ní h-iontaoibh daor-
aicme chun catha do sheasamh.



Bhí Dia féin 'ghá stiúrú agus ag taisbeáint na slighe
dhóibh ó fhágadar talamh Ghessen go dtanadar go bruach
na Mara Ruadh. Do chídís rómpa amach ar an slighe
i gcaitheamh an lae rud i bhfuirm sgamail agus é 'n-a
sheasamh mar a bheadh uaithne. Ba sgamal sa lá é agus
ba uaithne teine sa n-oidhche é.



Agus níor dhearmhaid Maois cnámha Ióseph do thabhairt
leis as an Éigipt an uair sin, fé mar a dh'órduigh Ióseph
do chlainn Israéil nuair a bhí sé ag dul chun báis suas
le cheithre chéad blian roimis sin.



Bhí an sgannra ar Pharó agus ar mhuinntir na h-Éigipte
go dtí go raibh Maois agus Aaron agus slóighthe líon-


L. 29


mhara clainne Israéil imthighthe uatha. Nuair a bhíodar
imthighthe do thosnuigh an sgannra ar imtheacht. Nuair
a thosnuigh an sgannra ar imtheacht do thosnuigh fearg
ar theacht i n-inead an sgannra. Do chuimhnigh
Pharó agus a dhaoine ar na tiobaistíbh uathbhásacha,
marbhuightheacha a bhí tagaithe ortha mar gheall ar
Mhaois agus ar Aaron agus ar chlainn Israéil.
Chuimhnighdar ar an dtiobaist thar gach tiobaist eile,
an tiobaist a tháinig ortha go léir idir rí agus daoine,
an oidhche úd a bhí duine marbh ins gach tigh sa n-Éigipt.
Ar Mhaois agus ar Aaron a bhí a mhilleán acu. Nár
innis Maois féin amach as a bhéal dóibh go ndéanfí
an íde sin ortha? Agus nár deineadh an íde ortha
díreach mar adubhairt sé a déanfí? Ní raibh aon phioc
d'á mhearathal ortha ná gur bh'é Maois fé ndeár an
marbhú go léir. Ba mhór an truagh an marbhú san do
leogaint i n-aisge leis! Bhí an Éigipt fágta 'n-a
dhiaidh sgriosta aige! Agus bhí sé féin agus clann
Israéil imthighthe agus saidhbhreas na h-Éigipte beirtha
leo acu! bhí an saidhbhreas beirtha leo acu agus ní
raibh aoinne 'n-a ndiaidh chun na h-oibre dhéanamh a
dheinidís!



Bhí machtnamh de'n tsórd san ag losgadh a n-aigne
do Pharó agus d'á dhaoine agus ag dul i ngéire a bhí
an losgadh i n-aghaidh an lae. I lár an mhachtnaimh dóibh
siúd chucha sgéala go raibh Maois agus Aaron agus
clann Israéil thoir ar bruach na faraige 'n-a long-
phort.



"Seadh," arsa Pharó, "táid siad againn! Tá
greim againn ortha!" Siúd amach órdú uaidh mór-
thímpal na h-Éigipte ag cruinnú slógh. Do cruin-
nigheadh na slóighte go tiugh. Níor bh'fhada go raibh na
mílte slógh cruinnighthe, na mílte marcach agus na
mílte troightheach agus na mílte caráistí cogaidh agus
níor thúisge an mhór shluagh cruinnighthe ná mar a bhíodar
féin agus an rí ag gluaiseacht soir go mear meanmnach,


L. 30


go fíochmhar feargach, fé dhéin na h-áite 'n-a raibh fhios
acu clann Israéil a bheith ar bruach na faraige. Do
leath an mhór shluagh amach ar gach taobh agus dhúnadar
isteach chun na faraige ar gach taobh de chlainn Israéil,
i dtreó ná raibh aon bhreith ag clainn Israéil ar dhul
uatha ó thuaidh ná ódheas, i leith na lámha deise ná i leith
na lámha clé. Ansan d'aistirigh an uaithne sgamail
a bhí lasmuich de chlainn Israéil, ghá stiúrú, agus tháinig
sí agus sheasaimh sí laistiar díobh idir iad agus a
namhaid.



LXIX.



An Mhuir Ruaidh.



Do mheas Pharó agus a shluagh go raibh gach aon rud
ar a dtoil acu nuair a bhí Maois agus Aaron agus
clann Israéil go léir cruinnighthe, cnuasta, dúnta
suas acu idir iad agus an fharaige. Bhí sé chéad míle
fear armtha de chlainn Israéil ann. D'fhágfadh san,
do réir gach deabhraimh, go raibh breis agus fiche
céad míle pearsa ar fad de chlainn Israéil ann. Níor
bh'iongna má bhí Pharó sásta i n-aigne. D'fhéadfadh sé,
dar leis, na fir armtha go léir do chur chun báis ansúd
ar bruach na Mara Ruadh, agus na mná agus an
chlann do bhreith leis thar n-ais siar abhaile agus
daor-bhruid do chur airís ortha, níba chruadha 'ná mar
a bhí riamh ortha. D'fhéadfadh sé na táinte bó agus na
tréadta caereach do bhreith leis abhaile agus iad do
chimeád aige féin. Ar an gcuma san bheadh díoltas
áluinn déanta aige ar Mhaois agus ar Aaron agus ar
shliocht Israéil as a raibh de dhíbhfeirg tagaithe ar an
Éigipt mar gheall ortha ó'n lá a dh'iarr Maois agus
Aaron air iad do leogaint uaidh. Bhí a aigne sásta
go maith. Chonaic sé an sgamal 'n-a sheasamh idir é


L. 31


agus slóighte Israéil. Níor chuir sé aon tsuim sa
sgamal. Ní raibh sa sgamal san, dar leis, ach ceó
éigin ag eirighe a' féith.



Má bhí áthas agus sásamh aigne ar Pharó bhí a mhalairt
sin ar fad ar chlainn Israéil. Nuair a chonnacadar iad
féin dúnta isteach idir shlóightibh a namhad agus uisge na
faraige, agus gan aon bhreith acu ar dhul ar óthuaidh ná
ódheas, do thuit a lug ar a lag acu. Do liúghdar agus
do bhéiceadar agus chasadar an dá ologón déag.
D'airigh Pharó agus a mhór shluagh an t-árd-ghol san
agus do gháireadar ó chroidhe. Do chrom clann Israéil
ar aighneas le Maois agus le h-Aaron "Is deas atá
sé déanta agaibh orainn," ar siad, "sinn a thabhairt
annso amach sa bhfiantas agus sinn do shádh isteach sa
ghreim seo! Tá deire linn tar éis bhúr saothair go
léir! Is truagh nách thiar sa n-Éigipt a cuireadh chun
báis sinn mar a bhfaighmís adhlacadh ceart; ach sinn a
thabhairt amach anso chun ár gcnámha d'fhágáilt anso
ag feóchadh ar an ngainimh seo ar bruach na Mara
Ruadh so!" Sin mar a labhradar agus iad go léir
ag gol go h-árd.



"Ná dubhairt libh muinighin a bheith agaibh as Dia,"
arsa Maois, "agus go dtabharfadh sé saor sibh! Ná
bíodh aon eagla agaibh rómpa san atá laistiar díbh.
Troidfidh an Tighearna thar bhúr gceann. Na h-Éigip-
teacha san a chíon sibh ansan anois ní fheicfidh sibh airís
iad go deó. Éistidh agus chífidh sibh mórghníomhartha an
Tighearna."



Le n-a linn sin do thosnuigh an namaidh ar dhúnadh
isteach ar chlainn Israéil. Ach bhí an sgamal ghá gcur
amú i dtreó nár fhéadadar teangmháil leó.



Bhí Maois ag guidhe go cruaidh chun Dé ar son na
ndaoine sin a bhí ag gol agus ag gluaireán ar an
gcuma san. Do labhair an Tighearna leis.



"Cad chuige dhuit bheith ag glaodhach orm-sa!" arsan
Tighearna. "Labhair le clainn Israéil. Abair leo


L. 32


gluaiseacht anso. Sín do lámh os cionn na faraige
agus osgail bóthar tríthi do chlainn Israéil."



Do dhein Maois mar a dubhrad leis. Do shín sé a lámh
os cionn na faraige. Do h-osgladh bóthar tríd an
bhfaraige. Do ghluais clann Israéil isteach ar an
mbóthar. Bhí an grean tirm fé n-a gcosaibh agus an
t-uisge, mar a bheadh dhá fhalla, n-a sheasamh suas leó
ar gach taobh díobh.



Nuair a chonnaic mór shluagh na h-Éigipte clann Israéil
ag gluaiseacht tríd an bhfaraige ar an gcosán tirm
tháinig fearg ortha. Bhí an díoltas agus an saidhbhreas
ag imtheacht i n-aonfheacht uatha. Siúd isteach 'n-a
ndiaidh iad tríd an bhfaraige, ar an mbóthar idir an
dá chlaidhe uisge. Bhíodar a d'iarraidh teacht suas le
clainn Israéil chun iad do bhualadh. Bhí an t-aingeal
ansúd sa sgamal, ámhthach, idir na h-Éigipteachaibh agus
clann Israéil, agus bhí sé ag bualadh na n-Éigipteach
agus 'ghá leagadh agus ag brise na gcarbad ortha, go
dtí go ndubhradar leó féin gur b'fhearra dhóibh casadh
mar go raibh Dia ag cosaint na n-Eabhrach. Thugadar
iaracht ar chasadh ach bhí sé ró dhéanach acu. Bhí an oidhche
caithte acu sa tóir. Bhí an duine deirineach de chlainn
Israéil ag dul amach ar an dtaobh thoir de'n fharaige.
Bhí Pharó agus a mhór shluagh go léir istigh sa bhóthar agus
an t-uisge n-a sheasamh ar gach taobh díobh. Do shín
Maois a lámh os cionn na faraige ó'n dtaobh thoir. Do
dhún an t-uisge isteach láithreach, ó'n dá thaobh ar an rí
agus ar a mhór-shluagh agus do bádhadh iad go léir.



LXX.



An Tart.



Fé mar a neartuigh solus an lae do fuair clann
Israéil feuchaint ó'n dtráigh isteach ar an bhfaraige


L. 33


agus chonacadar radharc a bhí sgannramhail. Chonaca-
dar na mílte corp agus tonnthacha na faraige ghá
gcaitheamh anonn 's anall ar barr uisge. Chonacadar
cuirp na gcapall agus cuirp na ndaoine measgaithe
ar a chéile agus ar a measg go léir slisneacha
agus rothana agus cláraca na gcarbad mbriste agus
iad 'n-a suathantais ag gluaiseacht ar barr uisge.
Ansan d'umhluigh clann Israéil iad féin agus ghabhadar
buidheachas leis an dTighearna ó chroidhe mar gheall ar
an ngníomh uathbhásach san a dhein Sé dhóibh chun iad a
dh'fhuasgailt ó'n namhaid a bhí chómh cómhachtach agus chómh
líonmhar agus chómh lán cheapaithe ar iad go léir do
dhísgiú ansúd ar bruach na Mara Ruadh.



I gcaitheamh an lae sin agus i gcaitheamh mórán laeth-
anta i ndiaidh an lae sin bhí na cuirp, cuirp daoine
agus eachra, dh'á gcaitheamh isteach ar an dtráigh ó'n
bhfaraige. Bhí ar na corpaibh sin cuid mhaith de chor-
paibh na n-uasal dob' aoirde d'á raibh sa n-Éigipt.
Gan amhras do chuir clann Israéil fé ghainimh na trágha
iad, agus gan amhras do fuaradar ar na corpaibh
uaisle sin mórán órnáidí óir agus airgid agus mórán
de gach aon tsaghas saidhbhris agus de gach aon tsaghas
ollmhaithis. Cheap an rí agus uaisle na h-Éigipte, nuair
a bhíodar ag teacht ar thóir clainne Israéil, agus go
h-áirighthe nuair a mheasadar go raibh beirtha ar chlainn
Israéil acu idir iad agus an fharaige, nár bh'fhios cad
é an saidhbhreas a bheadh acu ag dul thar n-ais abhaile.
Bheadh, dar leó, na fir go léir curtha chun báis acu agus
an t-ór agus an t-airgead a fuaradar ar iasacht ó
mhuinntir na h-Éigipte tógtha d'á gcorpaibh acu, agus
d'á éaghmuis sin bheadh na mná agus an chlann chun
sglábhaidheachta acu, agus bheadh na tréadta caereach
agus na beithidhigh go léir acu chun a dtairbhthe féin.
A mhalairt sin ar fad, ámhthach, iseadh bhí le feisgint
ansúd ar an dtráigh thoir de'n Mhuir Ruaidh nuair a bhí
an cluiche críochnuighthe. Rí na h-Éigipte agus uaisle


L. 34


na h-Éigipte agus mílte slógh na h-Éigipte sínte
ansúd marbh ar an dtráigh, agus clann Israéil ag
piocadh an óir as a bpócaíbh agus ag piocadh na
n-órnáidí d'á méireanaibh agus as a gcluasaibh san
ar chuireadar fé ghainimh na trágha iad. Ansan do
chúm Maois dán filidheachta ag moladh Dé go h-árd
mar gheal ar an mírbhúilt uathbhásach san, agus do
thóg Máire, drifiúr a bhí ag Maois agus ag Aaron, a
tímpán, agus do thóg na mná eile a n-úirlisí ceóil
agus sheinneadar ceól leis an ndán a dhein Maois
agus chuireadar guth air agus bhíodar go léir ag moladh
Dé agus ag gabháil buidheachais leis mar gheall ar an
bhfuasgailt a thug sé ortha.



Tímpal cheithre chéad déag blian roimh theacht an
tSlánuightheóra iseadh do chúm Maois an dán san,
agus deir lucht eóluis ná fuil dán ar bith anois is
sine ná é, agus ná fuil blúire filidheachta is breághtha
'ná é.



Do thóg Maois clann Israéil leis ó bhruach na Mara
Ruadh isteach tríd an uaigneas ar a nglaodhtí Sin.
Shiubhluighdar trí lá tríd an uaigneas san agus bhí tart
ortha agus ní raibh aon bhraon uisge acu le n-ól. Thána-
dar go h-áit 'n-a raibh uisge ann, ach bhí an t-uisge chómh
searbh san nár bhféidir dóibh é dh'ól. Thugadar mara
mar ainm ar an áit sin, mar cialluighean an focal
Mara searbhas. Chromadar ar ghluaireán i gcoinnibh
Mhaoise.



"Cad 'n-a thaobh ná tugan tú rud éigin le n-ól
dúinn!" adeiridís.



Do chrom Maois ar a ghuidhe do chur suas chun Dé.
Thaisbeán Dia dhó adhmad éigin le cur sa n-uisge. Do
bhain an t-adhmad an searbhas as an uisge agus d'óladar
a ndóithin agus bhíodar sásta. Do ghluaiseadar as
an áit sin agus thánadar go n-Elim. Bhí dhá thobar
déag fíor uisge sa n-áit agus do dhein clann Israéil
longphort ann agus d'fhanadar ann tamal. Bhí an


L. 35


t-uisge breágh acu ann agus bhí sgáth ó'n ngréin acu ann
mar bhí deich cinn agus trí fichid de chrannaibh pailme
ag fás mórthímpal na dtoibreacha.



D'fhágadar an áit sin nuair a bhí tamal caithte ann
acu agus chuadar amach airís fé'n uaigneas tirm, idir
Eilim agus Sinai. Tháinig an tart airís ortha, agus
tháinig an t-ocaras ortha chómh maith leis an dtart.
Bhíodar ag tuitim le tart agus le h-ocaras. Chrom-
adar ar cheisneamh agus ar ghluaireán agus ar spídiúchán.



"Ó," adeiridís, "nách truagh nách é an bás a tháinig
orainn thíos sa n-Éigipt ó láimh an Tighearna! nuair a bhí
neart dúinn suidhe in aice na gcorcán feóla agus ár
ndóithin de'n arán a dh'ithe!"



LXXI.



Bia Mírbhúilteach.



Bhí clann Israéil ag gluaireán agus ag ceisneamh
agus ag spídiúchán ar Mhaois agus ar Aaron, mar
gheall ar iad a thabhairt amach i n-aon chor as an Éigipt.
"Cad chuige dhíbh," adeiridís, "sinn a thabhairt amach
anso sa bhfiantas so? An sinn go léir do chur chun
báis leis an dtart agus leis an ocaras a theastuigh
uaibh!"



I lár an ghluaireáin dóibh do labhair an Tighearna
le Maois: "Feuch," arsan Tighearna, "Fearfad-sa arán
as an spéir chughaibh. Téidheadh na daoine amach agus
bailighdís dóithin an lae i gcómhnuighe dhe, i dtreó go
dtrialfad iad feuchaint an siubhlóchaid siad do réir
mo dhlighe nú ná siubhlóchaid. Ná bailigheadh aoinne ach
dóithin an lae dhe go dtagaidh an sémhadh lá. Nuair a
thiocfidh an sémhadh lá bailightear dóithin dá lá, i dtreó
ná beidh aon nídh le déanamh an seachtmhadh lá."



Do labhair Maois le clainn Israéil: "Um thráth-
nóna iseadh do chífidh sibh gur b'é an Tighearna, agus


L. 36


nách sinne, do thug as an Éigipt sibh, agus chífidh sibh a
mhór ghlóire ar maidin amáireach. I gcoinnibh Dé
féin atá an gluaireán so agaibh 'á dhéanamh agus ní i
n-ár gcoinnibh-ne. Cad é 'bhrígh sinne agaibh chun bheith
ag gluaireán i n-ár gcoinnibh. Tabharfidh an Tighearna
bhúr ndóithin feóla dhíbh um thráthnóna anocht agus
bhúr ndóithin aráin ar maidin amáireach."



Ansan do labhair Maois le h-Aaron: "Abair le
pobul Israéil go léir seasamh i láthair an Tighearna."
"Tagaidh," arsa Aaron, "agus seasuighidh i láthair an
Tighearna, óir do chlois an Tighearna bhúr gceisneamh."
D'fheuch an pobul go léir amach fé'n nganimheach agus
do chonnacadar glóire an Tighearna sa sgamal, agus
do labhair an Tighearna le Maois:



"Do chloiseas ceisneamh clainne Israéil. Abair
leó: 'íosfidh sibh feóil um thráthnóna agus íosfidh sibh
bhúr ndóithin aráin ar maidin amáireach. Beidh fhios
agaibh gur mise bhúr dTighearna Dia.'"



Tháinig an tráthnóna. Chonaic na daoine an suathantas
éanlaithe ag teacht chucha tríd an spéir i dtreó go
raibh an spéir dubh acu bhí oiread san ann díobh. Thána-
dar os cionn an longphuirt agus thuiteadar ameasg
na gcábán i dtreó go raibh an talamh clúdaithe acu.
Saghas éanlaithe i bhfuirm paitrisgí ab eadh iad. Do
tógadh iad agus do h-ullmhuigheadh chun bídh iad agus
bhí an fheóil ana mhaith, anadheighbhlasta. Do baineadh
an t-ocaras de chlainn Israéil an oidhche sin.



D'eirighdar go moch ar maidin agus chonacadar
leathta ar an dtalamh lasmuich de'n longphort, rud
mar bhead reódh liath. Bhí sé 'n-a ghráinníníbh i bhfuirim
síl córiándeir. "Manhu? Manhu?" adeireadh gach
aoinne a chonaic é. Cialluighean an focal "Manhu,"
sa teangain Eabhra, "Cad é an rud é?" mar
siní ceist a chuireadh an duine nuair a chíodh sé na
gráinníní ar an dtalamh, óir ní raibh fhios acu cad é
an nídh é.


L. 37


Do labhair Maois leó: "Siné an t-arán atá tabhartha
ag an dTighearna dhíbh-se le n-ithe. Agus seo mar atá
órduighthe ag an dTighearna dhíbh. Bailigheadh gach
aoinne oiread de sin agus dhéanfidh a dhóithin chun bídh,
gómer i n-aghaidh an duine d'á bhfuil i n-aon chábán
iseadh do baileófar." Dhein clann Israéil mar sin
agus bhailighdar an bia. Bhailigh duine cuid mhór agus
duine cuid bheag, agus iongna an sgéil, ní raibh ar
ball ag an t-é a bhailigh cuid mhór ach aon ghómer amháin,
agus lán an ghómeir ag an t-é nár bhailigh ach cuid bheag.
Saghas tómhais ab eadh an gómer. Bhí a shaothar i
n-aistear ag an t-é a bhailigh mór chuid mar ní raibh
aige ar ball ach gómer i n-aghaidh an duine d'á raibh chun
an bhídh a dh'ithe aige.



Dubhairt Maois leó, leis, gan aon chuid de do chur i
gcimeád i gcóir an lae amáirigh a bhí chughainn. Níor
dheineadar rud air. Mheasadar gur mhór an nídh
dhóibh gan a bheith ortha eirighe ró mhoch, nú mheasadar go
mb'fhéidir ná beadh an bia ann le bailiú amáireach a
bhí chughainn. Bhí ciall acu, dar leó. Chuireadar cuid
de'n bhia i gcimeád i gcóir an lae amáirigh. Nuair a
thánadar amáireach agus d'fheuchadar air bhí sé lán de
chnuimhe agus baluith bréan uaidh! Nuair airigh Maois
an méid sin bhí árd fhearg air chucha.



As san amach níor bhailigh aoinne ar maidin ach an
méid a dhéanfadh a dhóithin féin an lá san agus dóithin
na muinntire a bhí ag brath air. An t-é nár leog an
leisge dhó eirighe moch ní raibh aon rud aige le bailiú,
mar nuair a neartuigheadh teas na gréine do leigheadh
an bia ar an dtalamh.



Nuair a thagadh an sémhadh maidin de'n tseachtmhain
do bailightí dóithin an lae sin agus dóithin an lae 'n-a
dhiaidh, i dtreó nár ghádh d'aoinne obair do dhéanamh
lá an tsuainis nuair a bhí obair coisgithe.


L. 38


LXXII.



Uisge as an gcaraig.



Agus bíodh go gcurtí an bia i gcimeád i gcóir an
seachtmhadh lae ní lobhadh sé ná ní thagadh aon chnuimhe
ann. Agus d'á éaghmuis sin níor bh'aon mhaith d'aoinne
eirighe moch agus dul amach maidean an seachtmhadh lae
chun an bhídh a bhailiú mar ní bhíodh an bia ann chuige.
Ní thagadh an bia anuas i n-aon chor an seachtmhadh lá.
B'shin slighe de sna slightibh 'n-ar chuir an Tighearna i
n-iúil do chlainn Israéil ná raibh ceadaithe dhóibh obair
do dhéanamh an lá san ach obair a bheadh riachtanach. Bhí
ceadaithe dhóibh an bia do bailigheadh indé roimis sin
d'ullmhú chun a chaithte an lá san.



Bia milis, foláin deigh-bhlasta ab eadh an bia sin,
bia do réidhtigheadh go maith le goile agus le sláinte.
Do lean an Tighearna ag tabhairt an bhídh sin do'n phobul
Eabhra i gcaitheamh an dachad blian a chaitheadar ag
gluaiseacht anonn 's anall tríd an ndúthaigh gainimhe
atá idir an Muir Ruaidh agus an Tír Naomhtha. Chífar
ar ball cad é an chúis nár leogadh dóibh dul isteach sa
Tír Naomhtha nuair a thánadar chun teóran na tíre sin
an chéad uair.



Bhailighdís an bia gach aon mhaidean, dóithin an lae sin,
agus dheinidís arán breágh dhe. Agus nuair a bhídís 'ghá
ullmhú ní leigheadh an teine é, bíodh go leigheadh an ghrian
é ar an ngainimh amuich nuair a neartuigheadh an teas
innti.



Ba mhírbhúilteach an saoghal ag clainn Israéil é i
gcaitheamh an dachad blian san! An bia mírbhúilteach
dh'á thabhairt dóibh, ar an gcuma mírbhúilteach san, gach
aon mhaidean a dh'eirigheadh ortha, i gcaitheamh na h-aim-
sire sin go léir! Ach bhí cúis leis an mírbhúilt, diong-


L. 39


bháil na mírbhúilte de chúis. Samhaltas ab eadh an
t-arán mírbhúilteach san a thug Dia do chlainn Israéil
sa bhfiantas gainimhe ar feadh an dachad blian san,
ar an Arán is mírbhúiltighe go mór 'ná é, an t-Arán
so atá tabhartha ag an Slánuightheóir, moladh go deó
leis, ní do chlainn Israéil amháin ach do'n chine daona
go léir, agus ní h-ar feadh dachad blian ach an fhaid
a mhairfidh an saoghal, i., Fuil agus Feóil, Anam agus
Diacht an tSlánuightheóra féin fé ghné an aráin agus
an fhíona.



Dó ghluais clann Israéil ó ghainmheach Sin agus
thánadar go Raphidim agus chuireadar suas longphort
ann. Ní raibh aon bhraon uisge le fághail sa n-áit sin.
Chrom na daoine ar chasaoid le Maois. "Tabhair uisge
dhúinn!" ar siad. "Cad 'n-a thaobh ná tugan tú uisge
dhúinn! Nú cad 'n-a thaobh nár fhágais thíos sa n-Éigipt
sinn! Cad chuige dhuit sinn a thabhairt amach sa ghain-
mheach thirm seo chun sinn féin agus ár leanbhaí agus
ár mbeithidhigh do chur chun báis le tart!"



"Cad chuige díbh bheith ag fromadh ar an dTighearna!"
arsa Maois leó.



"Cad 'n-a thaobh ná tugan tú uisge dhúinn!" ar
siad. "Táimíd ag fághail bháis leis an dtart. Tabhair
uisge dhúinn!"



Do labhair Maois leis an dTighearna. "A Thighearna,"
ar seisean, "cad a dhéanfad leó san! Geóbhaid siad
do chlochaibh ionam feasta!"



Do labhair an Tighearna le Maois. "Tóg ad' láimh,"
arsan Tighearna, "an tslat le n-ar bhuailis abha na
h-Éigipte agus imthigh féin agus rainnt de sheanóiríbh
an phobuil amach roimis an bpobul agus bead-sa am'
sheasamh rómhat ansúd ag carraig Horeb, agus buail
an charraig leis an slait agus tiocfidh uisge amach as
an gcaraig do phobul Israéil."



Do dhein Maois an nídh sin mar a dubhradh leis agus
nuair a bhuail sé an charaig leis an slait do sgeinn an


L. 40


t-uisge n-a chaise láidir amach a' cliathán na carraige
agus bhí a ndóithin le n-ól ag clainn Israéil.



Bhí áiteana sa chómharsanacht ná raibh 'n-a ngain-
mheachaibh ar fad; áiteana 'n-a raibh rainnt éigin fáis
ionta. Bhíodh daoine 'n-a gcómhnuidhe in sna h-áit-
eannaibh sin. Do thárla go raibh daoine 'n-a gcómhnuidhe
an uair sin i n-áit ná raibh abhfad ó Raphidim. Sliocht
Ameleic a tugtar ortha. Treibh de shliocht Esau ab
eadh iad. Thánadar agus chuireadar cath ar chlainn
Israéil. Do labhair Maois le Iósue. "Eirigh," ar
seisean, "agus dein fir do thoghadh agus imthigh amach
agus tabhair cath dhóibh siúd, agus seasóchad-sa ar bhara
an chnuic agus slat Dé am' laimh agam."



LXXIII.



Na Lámha Anáirde.



Do dhein Iósue an rud adubhairt Maois leis a
dhéanamh. Do thoibh sé na fir ab fhearr chun an chatha
agus do ghluais sé amach leó agus thug sé cath do
shliocht Ameleic. Chuaidh Maois suas ar an gcnoc agus
an tslat 'n-a láimh aige agus bhí a dhá láimh anáirde
aige agus é ag guidhe chun Dé, 'ghá iarraidh ar Dhia an
buadh thabhairt do chlainn Israéil. Ansan do thárla
rud mírbhúilteach. Bhí an cath ar siubhal go dian.
Thagadh tuirse agus mairbhitighe i lámhaibh Mhaoise nuair
a bhídís sínte anáirde ró fhada aige. Do thagadh na
lámha anuas le neart tuirse. Nuair a bhíodh na lámha
ag teacht anuas bhíodh sliocht Ameleic ag buachtaint
agus clann Israéil ag dul i ndiaidh a gcúil. Ansan
dheineadh Maois iaracht ar na lámha do chur anáirde
airís i n-aindeóin an tuirse agus bhíodh clann
Israéil ag buachtaint agus sliocht Ameleic ag dul i
ndiaidh a gcúil. Bhí Aaron agus Hur i n-aice le Maois


L. 41


ar an gcnoc. Chonaic an bheirt conus mar a bhíodh
an buadh ag clainn Israéil an fhaid a bhíodh lámha Mhaoise
anáirde, agus an buadh ag an namhaid nuair a thuiteadh
na lámha le neart tuirse. D'aimsighdar cloch agus chuir-
eadar Maois 'n-a shuidhe uirthi agus tháinig duine acu
ar gach taobh de agus do rugadar ar an dá láimh agus
chimeádadar anáirde iad i gcaitheamh an lae go léir.
An fhaid a cimeádadh na lámha gan tuitim do lean an
buadh ag clainn Israéil agus ag Iósue go dtí go
dtáinig an tráthnóna agus go raibh buaidhte glan ar
shliocht Ameleic.



Deir lucht eóluis go raibh Maois an uair sin, agus
é ar an gcnoc agus a dhá láimh sínte anáirde aige, 'n-a
shamhaltas do'n t-Slánuightheóir nuair a bhí sé ar an
gCruis, ar chnoc Chalbharaí, agus a dhá láimh tárnálta
ar an adhmad, agus buadh aige dh'á bhreith, do'n chine
daona, ar chómhachtaibh an diabhail.



Dubhairt an Tighearna le Maois gníomh an lae sin
do sgrí' i leabhar agus an leabhar a thabhairt do Iósue
le cimeád, i dtreó go leanfadh cuimhne ar an mírbhúilt.



Nuair a bhí Maois ag sgaramhaint le Ietró, le h-athair
a chéile, do rug sé a bhean agus a chlann leis síos sa
n-Éigipt. 'N-a dhiaidh san, nuair a bhí sé ag dul ag
aighneas le Pharó do chuir sé an bhean agus an chlann
thar n-ais ag triall ar Ietró mar a mbeidís ó bhaoghal
agus ar láimh shábhála ó fheirg an rí. Tar éis an chatha san
i n-aghaidh sleachta Ameleic tháinig Ietró ag triall ar
Mhaois agus thug sé leis chuige an bhean agus an chlann.
Ní raibh an áit 'n-ar chómhnuigh Ietró ró fhada ó'n áit
'n-ar buaileadh an cath. Nuair a fuair Maois go raibh
athair a chéile ag teacht agus ag tabhairt a mhná agus
a chlainne ag triall air bhí áthas mór air. Chuaidh sé
amach i gcoinnibh Ietró agus bheannuighdar d'á chéile go
muinnteartha agus go cáirdeamhail agus do phógadar
a chéile go dlúth. Thug Maois leis isteach iad 'n-a
chábán féin agus d'innis sé dhóibh ó thúis go deire, na


L. 42


mírbhúilti móra agus na díbhfeirgí uathbhásacha a dhein
an Tighearna ar Pharó agus ar an Éigipt ar son clainne
Israéil. Bhí áthas mór ar Ietró nuair airigh sé na
neithe sin go léir, agus dubhairt sé: "Moladh leis
an dTighearna do thug saor sibh-se ó láimh na n-Éigipteach
agus ó láimh Pharó. Do thug an Tighearna a phobhul féin
saor as an Éigipt! Chím anois go bhfuil cómhacht an
Tighearna níos treise 'ná comhacht na ndéithe go léir.
D'eirighdar go h-uaibhreach i n-aghaidh a phobuil agus
do leag a chómhacht iad."



Ansan do dhein Ietró ídhbirt agus holocaust chun
Dé agus tháinig Aaron agus seanóirí Israéil agus
d'itheadar arán 'n-a chuibhrean i láthair Dé.



Amáireach a bhí chughainn bhí Maois ag éisteacht cúiseana
dlighe agus 'ghá mbreithniú. Bhí sé ag glaodhach fínnithe
agus 'ghá gceistiú chun teacht ar fhírinne gach cúise.
Cúiseana troma ab eadh cuid de sna cúiseanaibh agus
níor bhfoláir feuchaint isteach ionta go cruinn agus
go h-aireach agus aimsir do chaitheamh leó. Cúiseana
gan puinn brighe ab eadh tuille acu, agus nídh a bhí
ceatach go leór, do loiteadh an chúis gan bhrígh, go minic,
níba mhó de'n aimsir 'ná mar ba cheart agus d'fhágadh
san easba aimsire chun na cúise truime ar an
mbreitheamh.



LXXIV.



Cómhairle ó Ietró.



Nuair a bhí lá caithte ar an gcuma san agus Maois
buailte amach le tuirse agus le ciapadh aigne do labhair
Ietró leis, mar seo:-



"Feuch, a mhic," ar seisean, "Tá eugcóir throm agat
'á dhéanamh ort féin, agus ní h-ort féin amháin atá an
eugcóir agat á dhéanamh ach ar na daoine seo chómh maith.


L. 43


Daoine 'n-a bhfuil cúiseana troma acu le cur os do
chómhair do thugadar an lá go léir anso ag feitheamh
go nglaodhfí iad. Tháinig daoine agus gan acu ach
cúiseana gan bhrígh laistigh díobh, agus an aimsir ba
cheart a chaitheamh leis na cúiseanaibh troma do caitheadh
í leis na cúiseanaibh gan ró bhrígh. Má leanan tusa,
a mhic, ag déanamh na h-oibre ar an gcuma san mar-
bhóchaidh an obair thusa agus ní bheidh an obair féin dh'á
déanamh ar aon tslacht."



"Níl leigheas agam air, a Athair," arsa Maois. "Is
uaim-se atá briathar Dé le fághail ag na daoine seo
agus is chugham-sa nach foláir leó teacht chun é
dh'fhághail. Nuair eirighean díospóireacht eatartha
is maith leó an díospóireacht do shocarú do réir dlighe
Dé agus is uaim-se thuigid siad an dlighe sin a bheidh
le fágháil acu."



"Ní maith an nídh atá agat dh'á dhéanamh, a mhic,"
arsa Ietró, "ad' mharbhú féin agus ag marbhú do dhaoine
le saothar gan ghátar. Tá an obair os cionn do nirt.
Ní sheasóchair an obair agus ní sheasóchaid na daoine
a leithéid d'obair. Glac mo chómhairle-se, a mhic, agus
dein rud orm, agus beidh Dia leat. Ceap duit féin
an gnó a bhainean le Dia do mhúine do sna daoine
agus a thaisbeáint dóibh conus is ceart dóibh gnóthaí
creidimh agus a dhualgaisí do chómhlíonadh, agus conus
is ceart dóibh iad féin d'ullmhú chun na ndualgaisí
sin agus iad féin d'iompar nuair a bheid siad 'ghá
gcómhlíonadh. Ansan dein fir do thoghadh as an bpobul
go léir, fir chreideamhnacha n-a mbeidh uraim ag gach
aoinne dhóibh, fir 'n-a mbeidh eagla Dé ortha, 'n-a mbeidh
fírinne ionta agus 'n-a mbeidh fuath do shainnt ionta.
Ceap na fir sin 'n-a mbreitheamhnaibh, agus 'n-a dtaois-
eachaibh céad agus 'n-a dtaoiseachaibh caogad agus
n-a dtaoiseachaibh deichneabhar, agus deinidís cúiseana
na ndaoine do bhreithniú. Ansan, má eirighean cúis
ró throm tugtar os do chómhair-se an chúis sin, agus


L. 44


breithnighdís féin na mion chúiseana. Má dheinean tú
mar sin, a gcion de'n trioblóid do chur ar dhaoinibh
eile, déanfir saoráid mhór duit féin, cómhlíonfir an
obair mhór so atá curtha ag Dia ort agus beidh sásamh
aigne ar an bpobul." Do dhein Maois an nídh sin a
chómhairligh Ietró dhó. Do thoibh sé na fir chreideamhnacha
'n-a raibh neart aigne ionta agus iontaoibh ag gach
aoinne asta, agus dhein sé giúistísí dhíobh os cionn an
phobuil, fé mar adubhairt Ietró leis a dhéanamh, agus as
san amach ní raibh brúth ná ríghneas i n-obair na gcúiseana
do bhreithniú.



Nuair a bhí an méid sin déanta do sgar Maois agus
Ietró. D'fhág Ietró slán ag Maois agus ag uaislibh
chlainne Israéil agus chuaidh sé abhaile chun a thighe féin.



Taisbeánan an méid sin sgéil gur dhuine ana naomhtha
gur bh'eadh Ietró agus go raibh aithne ar Dhia aige agus
eólus ar dhlighe Dé, bíodh go raibh sé 'n-a chómhnuidhe
i ndúthaigh phágánach. Bhí rainnt daoine an uair sin sa
tsaoghal, anso agus annsúd, a chimeád aithne ar Dhia,
fé mar a fuaradar an aithne sin ó n-a sínsear; ó athair
go clainn, ó aimsir na dílean anuas. Duine acu san
ab eadh Iób Naomhtha. Duine eile acu ab eadh Ietró
so 'n-a raibh a inghean pósta ag Maois.



Bhí Maois agus clann Israéil tar éis trí mhí do
chaitheamh sa bhfásach gainmhighe an uair sin. Nuair a bhí
Ietró imthighthe thug an chualacht aghaidh ar chnoc Sinai.
Chuireadar suas a gcábáin ag bun an chnuic sin.
D'imthigh Maois an cnoc suas chun bheith i láthair Dé.
Do labhair Dia leis mar seo:-



"Abair-se le clainn Israéil agus le sliocht Iácóib:
"Do chonacabhair féin na neithe a dheineas-sa ar mhuinntir
na h-Éigipte nuair a thugas liom sibh-se uatha agus
ghlacas chugham féin sibh. Anois, má éistean sibh lem'
ghlór agus má chimeádan sibh mo chonnradh beidh sibh
i nbhúr bpobul liom féin agam-sa, toghtha agam as na
pobulaibh eile go léir, óir is liom-sa an domhan go


L. 45


léir. Agus beidh sibh-se agam i nbhúr rígheacht naomhtha
agus i nbhúr bpobul beannuighthe." Siní an chainnt a
déarfir le clainn Israéil."



LXXV.



Maois ar an gcnoc.



Tháinig Maois anuas ó'n gcnoc agus d'innis sé do'n
phobul an chainnt adubhairt an Tighearna leis a dh'innsint
dóibh. Nuair airigh an pobul an chainnt d'fhreagradar
go léir d'aon ghuth: "Déanfimíd gach nídh d'á ndubhairt
an Tighearna."



Ansan d'imthigh Maois suas an cnoc airís agus nuair
a bhí sé i láthair an Tighearna d'innis sé an freagra a
fuair sé ó'n bpobul. Ansan dubhairt an Tighearna:



"Tiocfad chughat anois i ndoircheacht sgamail i dtreó
go n-aireóchaid na daoine me ag cainnt leat agus go
gcreidfid siad tu i gcomhnuidhe. Imthigh síos ag triall
ortha agus dein iad do bheannú indiu agus amáireach,
agus nighdís a gcuid éadaigh agus bídís ullamh i gcóir
an trímhadh lae. Nuair a thiocfidh an trímhadh lá, túir-
liceóchaidh an Tighearna ar an gcnoc so Sinai os cómhair
an phobuil go léir. Cuir-se teóra mórthímpal ar an
gcnoc agus abair leis na daoine gan teacht an cnoc
aníos ná teangmháil i n-aon chor leis an dteórainn.
Aoinne theangóchaidh leis an gcnoc curfar chun báis é.
Ní theangóchaidh lámh duine leis. Is le gabháil do
chlochaibh ann nú le lámhach arm a curfar chun báis é.
Pé'cu beithidheach é nú duine ná fágtar beó é. Nuair
thosnóchaidh fuaim na h-adhairce tagaidís aníos chun
an chnuic."



D'imthigh Maois síos agus d'innis sé do'n phobul
cad a bhí le déanamh acu. Do naomhuigh sé iad agus do


L. 46


nighdar a gcuid éadaigh agus dubhairt sé leó iad féin
do chimeád ullamh i gcóir an trímhadh lae.



Tháinig an trímhadh lá. Chómh luath agus do gheal solus
an lae do las na splancracha agus thosnuigh an tóirth-
neach agus do luigh sgamal dorcha dubh anuas ar mhullach
an chnuic. Ansan do labhair an trúmpa. Do labhair
an trúmpa agus bhí an glór ag neartú agus ag dul
i n-aoirde agus i ngéire agus i mbuirbe, agus na
splancracha ag dul i ngléineacht agus i n-iomadamh-
lacht, agus an tóirthneach ag dul i méid agus i dtruime
agus i sgannramhla go dtí go raibh na daoine go léir ag
crith le h-eagla istigh 'n-a gcábánaibh. Tháinig Maois
chucha agus dubhairt sé leó teacht chun an chnuic. Thánadar
leis, ach d'fhanadar thíos ar fad ag bun an chnuic. Bhí an
cnoc go léir 'n-a sheó le deatach agus le splancracha
agus le tóirthnigh agus glór an trúmpa ag dul i n-aoirde
agus i gcuthaighe i n-aghaidh an neómait, agus tríd an
bhfothram go léir d'airigh an pobul an Tighearna ag
labhairt agus Maois ghá fhreagairt, agus bhí fhios acu
go raibh an Tighearna tagaithe anuas ar fhíor mhullach
an chnuic.



Do ghlaoidh an Tighearna ar Mhaois agus dubhairt sé
leis teacht aníos go dtí an mullach. Chuaidh Maois
suas.



"Imthigh síos," arsan Tighearna, "agus tabhair foláramh
do sna daoine le h-eagla go dtiocfadh aon chuid acu
thar an dteórainn aníos ag brath air go bhféadfidís an
Tighearna d'fheisgint agus go ndísgeófí buidhean mhór
díobh agus na sagairt atá ag teacht i láthair an Tighearna,
naomhuightear iad le h-eagla go mbuailfadh sé iad."



Dubhairt Maois leis an dTighearna: "A Thighearna, ní
féidir do'n phobul teacht aníos, óir d'órduighis-se
féin teóra do chur mórthímpal an chnuic." Agus
dubhairt an Tighearna leis: "Imthigh síos agus tar
féin agus Aaron aníos, agus fanadh na sagairt agus
an pobul thíos. Ná tagaidís thar an dteórainn. Ná


L. 47


tagaidís i láthair an Tighearna le h-eagla go gcuirfadh
sé chun báis iad."



Tháinig Maois anuas ag triall ar an bpobul agus
d'innis sé gach aon rud dóibh.



Ach d'airigh na daoine guthana na cainnte idir Mhaois
agus an Tighearna, agus chonacadar na splancracha ag
síor-lasadh agus bhíodar ag éisteacht leis an dtóirthnigh
agus leis an dtrúmpa uathbhásach, agus ní leogfadh
sgannra dhóibh dul i ngoire an chnuic.



LXXVI.



Ríghneas.



Nuair a tháinig an seachtmhadh lá do ghlaoidh an
Tighearna ar Mhaois. Tháinig guth an Tighearna as an
sgamal. Ansan do chonaic Maois, i n-inead an sgamail,
nú istigh i lár an sgamail, glóire an Tighearna, mar
bheadh lasair theine, ar fhíor-mhullach an chnuic. Chuaidh
Maois isteach i láthair na lasrach agus bhí sé ann ar feadh
dachad lá 'n-a dhiaidh san. Do labhair Dia le Maois
agus d'innis sé dhó conus a chaithfadh sé an Tabernacul
do dhéanamh agus an Airc 'n-a raibh an Chonnradh le
cimeád innti, agus na h-órnáidí a bhí le cur ortha
araon, agus cá raibh an t-adhbhar agus na h-órnáidí le
fághail, gur ó'n bpobul a bhí an t-ór agus an t-airgead
le fághail, agus na clocha lóghmhara, agus an t-adhmad
ró áluinn. Thug sé dhó, trítha síos go mion, na
cúntaisí ar conus a bhí an obair le déanamh. Ansan
dubhairt sé leis go gcaithfadh sé Aaron agus a chlann
do cheapadh agus d'órdnú 'n-a sagartaibh, chun gach
sórd gnóthaí creidimh do dhéanamh chun Dé. D'innis sé
dhó conus a déanfí éadach na sagart agus cad iad na
h-órnáidí uaisle do curfí ortha. D'innis dhó conus
mar a chaithfadh sé na gaibhní geala do b'fhearr a bhí sa


L. 48


phobul, agus na ceárdaidhthe do b'fhearr, agus na
figheadóirí do b'fhearr, do chur ag déanamh na n-oibreacha
san go léir: Ansan d'innis sé dhó cad iad na h-ídhbirtí
a bhí le déanamh agus cad iad na riaghalta solamanta
a bhí le cómhlíonadh i n-órdnú na sagart, agus cad
iad na h-ainmhidhthe a bhí le h-ídhbirt i gcómhlíonadh na
riaghalta san.



Nuair a bhí an stiúrú go léir tabhartha ag Dia do
Mhaois bhí an dachad lá geall le bheith caithte. Ansan thug
Dia dhó na h-aitheanta sgríobhtha ar an dá lic, ar dhá
lic na Connartha, agus isé Dia féin do sgríbh iad.



Bhí Maois ar an gcnoc i gcaitheamh an dachad lá agus
bhí Aaron agus an pobul thíos ag bun an chnuic ag
feitheamh leis. Do ghluais lá agus do ghluais dhá lá,
agus níor tháinig Maois ná aon tuairisg uaidh. Do
ghluais an tseachtmhain, do lean seachtmhain eile an
tseachtmhain sin agus níor tháinig Maois anuas, ná aon
tuairisg uaidh. D'imthig an trímhadh seachtmhain. Bhí
an droch thaithighe ag clainn Israéil ar nósaibh na
h-Éigipte. Do réir an nóis sin na h-Éigipte ní fhéadfadh
aon phobul daoine aon rath a bheith ortha gan saghas éigin
déithe bheith acu le h-adhradh. Bhíodh gach aon tsaghas déithe
ag muinntir na h-Éigipte. D'adhraidís an ghrian agus
an ghealach, agus d'adhraidís cuid de sna h-ainmhidhthe
móra grána a bhíodh sa n-abhann mór acu, sa Níle.
Bhíodh tarbh beannuighthe acu agus d'adhraidís é. An nídh
a dheineadh tairbhthe dhóibh d'adhraidís é, le h-ionachus
go bhfanfadh a thairbhthe acu, agus an nídh a dhéineadh
díobháil dóibh d'adhraidís é le h-ionachus go maolóchadh
san a dhíobháil nú go luigheadóchadh sé é. D'adhraidís
a lán ainmhidhthe ar an gcuma san ach ní raibh aon ainmhidhthe
ba naomhtha, dar leó, 'ná an cat! Bhí a leithéid d'uraim
acu do'n chat gur bh'usa le duine acu bás d'fhághail 'ná
aon díobháil a dhéanamh dó. Do bhuaidh namhaid ó'n
ndomhan toir ortha i gcath mar gheall ar an uraim sin.
Abhfad i ndiaidh aimsire Mhaoise ab eadh é. Bhí fhios ag


L. 49


an namhaid an uraim uathbhásach a bheith ag na h-Éigipte-
achaibh do'n chat. Do bhailigh an namhaid na céadta cat
agus chimeádadar i máilíníbh iad. Cait a bhain leis an
Éigipt na cait a bhailighdar. Bhí an dá shluagh, sluagh na
h-Éigipte agus a namhaid ar aghaidh a chéile agus iad
díreach chun a chéile do bhualadh. Do sgaoil an namhaid
na cait go léir amach as na máilíníbh! Siúd an tsluagh
cat fé dhéin na n-Éigipteach. Siúd ag teiche sluagh na
n-Éigipteach nuair a chonacadar chucha na cait go léir!
Chailleadar an cath mar gheall ar na cait.



Níor chaith clann Israéil cheithre chéad blian sa
n-Éigipt gan droch nósa agus adhradh fallsa de'n tsórd
san do dhul i bhfeidhm ortha. Chromadar ar chuimhneamh
nuair ná raibh Maois ag teacht, gur cheart dóibh saghas
éigin déithe bheith acu, le h-eagla, mar a deireadh na
h-Éigiptigh, ná beadh an rath ortha.



LXXVII.



Leabhar na Connartha.



"Ní leogfadh eagla dhúinne dul i ngoire an chnuic,"
ar siad le Maois. "Dein-se labhairt thar ár gceann
leis an dTighearna agus ansan labhair féin linne agus
éistfimíd leat. Ná labhradh an Tighearna linn le h-eagla
go bhfaighmís bás!"



"Ná bíodh eagal oraibh," arsa Maois leó. "Ag
déanamh fromtha oraibh a tháinig an Tighearna, i dtreó
go mbeadh eagla agaibh roimis agus go gcimeádfadh an
t-eagla sibh ó pheaca dhéanamh."



Ansan do stad an pobul abhfad amach agus chuaidh
Maois isteach sa sgamal mar a raibh Dia.



Ansan do labhair Dia le Maois na dlighthe a bhí le
cur i bhfeidhm ar chlainn Israéil nuair a bheidís 'n-a


L. 50


gcomhnuidhe sa talamh a bhí geallta ag Dia dhóibh. Agus
d'innis Dia dhó na deich n-aitheanta, ach níor sgríbh Dia
ar an dá lic iad go dtí 'n-a dhiaidh san. D'innis Dia
dhó conus a bhí an altóir le déanamh agus le frithálamh;
conus a bhí seirbhísigh agus lucht oibre agus daoir le
riaradh; na dlighthe agus na riaghalta do shocaróchadh
aighneas cómharsanachta; an pionós a curfí ar lucht
godaidheachta, ar lucht díobhála dhéanamh do thalamh
chómharsan nú d'fhíonghort cómharsan; agus mar sin
dóibh. D'innis Dia, leis, do Mhaois na riaghalta do
caithfí a leanamhaint i dtaobh gnóthaí creidimh; conus
mar a cimeádfí gach seachtmhadh lá 'n-a lá suainis;
agus gach seachtmhadh bliain 'n-a bliain suainis gan
saothrú tailimh, gan curadóireacht earraigh, gan buaint
fóghmhair.



Agus dubhairt Dia i ndeire na cainnte sin: "Cuir-
fad-sa m'aingeal rómhat amach ar an slighe chun tu
chosaint agus do stiúrú isteach sa n-áit atá ullamh
agam duit. Feuch suas chuige agus éist le n-a ghlór.
Ná dein neamh-shuim de mar nuair a dhéanfir peaca ní
sgarfidh sé leat, agus tá m'ainim-se sa n-aingeal san.
Má éistean tú le n-a ghlór agus má dheinean tú gach
nídh a labhraim bead-sa am' namhaid agat' namhaid-se
agus buairfad lucht do bhuartha. Gluaiseóchaidh
m'aingeal rómhat amach agus stiúróchaidh sé isteach tu
sa talamh atá geallta dhuit," agus c.



Nuair a bhí deire ráidhte ag Dia an uair sin thánaig
Maois anuas agus d'innis sé an chainnt go léir do
chlainn Israéil. Nuair airigh clann Israéil an chainnt
do labhradar go léir d'aon ghuth: "Déanfimíd-ne
gach nídh d'á bhfuil labhartha ag an dTighearna!"



Sin mar a críochnuigheadh an Chonnradh idir chlainn
Israéil agus Dia nuair a cuireadh dlighe Mhaoise ar
bun.



Ansan do sgríbh Maois i leabhar an uile fhocal de'n
chainnt a labhair Dia leis ar an gcnoc. Ansan do chuir


L. 51


sé suas altóir ag bun an chnuic agus chuir sé na
h-ídhbirtí dh'á ndéanamh fé mar a bhí órduighthe sa chainnt
a bhí sgríobhtha síos aige. Do dhoirt sé cuid d'fhuil na
n-ídhbirtí ar an altóir. Ansan do thóg sé an leabhar 'n-a
raibh an Chonnradh sgríobhtha aige ann agus chuir sé cuid
de'n fhuil ar an leabhar. Ansan do léigh sé amach as
an leabhar dóibh cainnt na Connartha. Do labhradar
go léir airís d'aon ghuth agus dubhradar: "Gach nídh d'á
bhfuil labhartha ag an dTighearna cómhlíonfimíd é agus
déanfimíd a réir!



Nuair a bhí Maois ag cur na fola ar an leabhar do
labhair sé na focail seo:



"Fuil na Connartha an fhuil seo, fuil na Connartha
atá déanta ag an dTighearna libh-se ar na neithibh go
léir atá ráidhte annso."



Ansan do chuaidh Maois agus Aaron suas ar an
gcnoc, agus Nadab agus Abía, agus deichneabhar agus
trí fichid eile de sheanóiríbh Israéil, agus chonacadar
an Tighearna agus mar bheadh obair chloiche saphíre fé n-a
chosaibh, agus mar bheadh spéir nuair a bhíon sé ciúin.
Agus níor luigh sé a lámh ar an gcuid de chlainn Israéil
d'imthigh abhfad siar. Do chonacadar Dia agus dheinea-
dar ithe agus ól.



Ansan dubhairt an Tighearna le Maois:- "Tar
chugham aníos anso ar an gcnoc agus fan ann. Tabharfad
duit leacacha cloiche agus an dlighe agus na h-aitheanta
sgríobhtha ortha i dtreó go múinfir dóibh iad."



D'eirigh Maois agus Iósue a thimthire, agus dubhairt
sé leis na seanóiríbh: "Fanaidh-se go dtagam thar
n-ais chughaibh. Tá Aaron agus Hur agaibh. Má eirighean
aon cheist eadraibh fágaidh fútha-san an sgéal." Ansan
d'imthigh Maois an cnoc suas agus tháinig an sgamal
ar an gcnoc agus chlúdaigh an sgamal an cnoc, agus
bhí glóire an Tighearna ar Shinai ar an gcuma san agus
an cnoc clúdaithe aige, ar feadh sé lá.


L. 52


LXXVIII.



An Gamhain Leachta.



Nuair a chonaic clann Israéil ná raibh Maois ag teacht
anuas ó'n gcnoc do chruinnighdar i láthair Aaron agus
do labhradar leis.



"Eirigh," ar siad, "agus dein déithe dhúinn i dtreó
go mbeid siad ag imtheacht rómhainn amach againn. An
Maois úd, ámhthach, an fear a thug aníos as an Éigipt
sinn, ní fheadramair cad tá imthighthe air."



Do ghéill Aaron dóibh. Chonaic sé go raibh droch
fhuadar fútha agus bhí eagla aige rómpa.



"Tugaidh chugham," ar seisean, "na fáinní óir atá
i gcluasaibh bhúr mban agus i gcluasaibh bhúr n-inghean
agus i gcluasaibh bhúr mac."



Thugadar chuige an t-ór. Do deineadh teine. Do
cuireadh an t-ór sa teine agus do leigheadh é agus do
deineadh íomhágh gamhna dhe. Do thóg na daoine an íomhágh
agus dubhradar d'aon ghuth, go h-árd; "Sid iad bhúr
ndéithe, a chlann Israéil, na déithe a thug amach sibh as
an Éigipt!"



Nuair a chonaic Aaron an méidh sin chuir sé suas
altóir do'n ghamhain agus ar maidin amáireach a bhí
chughainn do deinead ídhbirt mhór, .i. lán-ídhbirt loisgithe
chun an ghamhna. Ansan do deineadh féasta mór agus
do shuidh na daoine go léir síos ag ithe agus ag ól agus
nuair a bhí a ndóithin ithte ólta acu d'eirighdar agus
bhíodar ag spórt agus ag súgradh.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois thuas ar an
gcnoc.



"Imthigh síos," arsan Tighearna, "tá peaca déanta
agat' dhaoine, na daoine sin a thugais leat as an Éigipt.
Is luath atá imthighthe acu ó'n slighe a thaisbeánais dhóibh!


L. 53


Tá íomhágh gamhna acu a dheineadar d'ór leachta, agus
dheineadar ídhbirt chun an ghamhna san agus dubhradar,
"Sid iad do dhéithe, a Israéil, atá tar éis tú thabhairt
amach as an Éigipt.""



Sar ar fhág Maois an cnoc do labhair an Tighearna
airís leis mar seo: "Is léir gur daoine ró cheanndána
na daoine seo. Leog dom, agus lasadh m'fhearg n-a
gcoinnibh go ndísgighead iad. Ansan déanfad náisiún
mór díot féin."



Ach bhí Maois ag guidhe go cruaidh chun a Thighearna
Dia ar son na ndaoine. "A Thighearna," adeireadh
sé, "cad fá go lasfadh t'fhearg i gcoinnibh do phobuil
féin, an pobul a thugais leat as an Éigipt le mór
chómhacht agus le lámh chuthaigh? Athcim ort ná tabhair le
rádh do mhuinntir na h-Éigipte, 'do rug sé leis amach
iad i bhfeall chun iad do mharbhú in sna cnocaibh agus chun
iad do dhísgiú as an saoghal.' Maoluigheadh t'fhearg agus
maith dod' phobul an peaca so atá déanta acu.
Cuimhnigh ar Ábraham agus ar Isaac agus ar Israél,
do sheirbhíseacha dílse n-ar thugais tú féin mar ura dhóibh
nuair a dubhraís, 'Méadóchad-sa bhúr sliocht chómh
h-iomadamhail le réalta na spéire agus tabharfad
dóibh an talamh so go léir ar a bhfuil labhartha agam
agus beidh sé agaibh i gcómhnuidhe.'" Agus do maol-
uigheadh fearg an Tighearna ionus ná déanfadh sé i
n-aghaidh a phobuil an t-olc adubhairt sé.



Ansan tháinig Maois anuas ó'n gcnoc agus dá leac
na Connartha 'n-a laimh aige, agus an sgríbhinn ar gach
taobh ortha, an sgríbhinn a chuir Dia féin ortha. Bhí
Iósue tamal anuas ar chliathán an chnuic ag feitheamh
leis. Do labhair Iósue nuair a tháinig Maois chun na
h-áite 'n-a raibh sé. Bhí sé ag éisteacht leis an bhfothram
mór a bhí á dhéanamh thíos mar a raibh an pobul. "Airigh-
tear ualfairt catha sa longphort," ar seisean le
Maois.



"Ní gártha lucht gríosaithe chun cómhraic ná liúireach


L. 54


lucht ruagartha ar teiche, a dh'airim-se," arsa Maois,
"ach guthana lucht cantainne ceóil."



Nuair a tháinig sé i ngar do'n longphort chonaic sé
an gamhain agus na cantairí ag cantaireacht 'n-a
thímpal. Tháinig árd fhearg air. Thóg sé suas an dá
leac a bhí n-a láimh aige, dhá leac na Connartha, agus
bhuail sé i gcoinnibh caraige iad, ag bun an chnuic, agus
dhein sé brúscar díobh. Ansan do rug sé ar an íomhágh,
ar an ngamhain, agus do loisg sé sa teine é, agus do
mhionuigh sé é go dtí gur dhein sé luaithreach de. Ansan
do mheasg sé an luaithreach ar uisge agus chuir sé fhiach-
aint ar an bpobul an t-uisge sin d'ól, ghá chur i n-iúil
dóibh cad é mar neamhnídh an saghas dé a dheineadar
dóibh féin.



LXXIX.



An Dá Leac.



Ansan d'iompuigh Maois ar a dhritháir, ar Aaron.
"Cad a bhí déanta ag na daoine seo ort-sa gur thugais
a leithéid de dhroch pheaca anuas ortha!" ar seisean leis.



"Ná bí i bhfeirg liom, a rí," arsa Aaron, "Is eól
duit cad é an saghas na daoine seo agus gur daoine
iad atá ana thugtha do'n olc. Do thánadar chugham
agus dubhradar liom déithe dhéanamh dóibh chun iad a
bheith ag imtheacht rómpa amach. "An Maois seo," ar
siad, "a thug amach as an Éigipt sinn ní fheadramair
cad tá imthighthe air." "An bhfuil aon ór agaibh?" arsa
mise leó. Thugadar chugham an t-ór. Chuireas an t-ór
sa teine agus tháinig an gamhain amach as an dteine."
Ansan do chuir Maois pionós trom ar an bpobul mar
gheall ar an bpeaca a dheineadar. Do labhair sé leó
amáireach a bhí chughainn. "Do dheineabhair peaca," ar
seisean, "an peaca ba mheasa féadfí a dhéanamh. Táim
ag dul suas i láthair an Tighearna feuchaint a' bhféad-


L. 55


finn i n-aon chor é bhogadh chun an pheaca san do
mhaitheamh díbh."



Ansan d'imthigh Maois suas agus bhí sé i láthair Dé
agus do labhair sé mar seo:-



"A Thighearna, do dhein na daoine seo peaca mór,
an peaca ba mhó agus ba mheasa fhéadfidís a dhéanamh.
Dheineadar déithe óir dóibh féin. Aithcuinighim ort
anois, a Thighearna, an peaca san do mhaitheamh dóibh, nú
marab é do thoil naomhtha an peaca san do mhaitheamh
bain mise amach as an leabhar atá sgríobhtha agat!" Do
fhreagair an Tighearna é:-



"An t-é dhéanfidh peaca am' aghaidh siné an t-é do
chuirfad as mo leabhar. Ach imthigh-se agus stiúruigh
an pobul san chun na h-áite adubhairt leat. Beidh
m'aingeal rómhat amach. An peaca so a dheineadar
cuirfad pionós ortha mar gheall air nuair a thiocfidh
an t-am chuige." Agus do dhein an Tighearna díoltas
ar na daoine mar gheall ar an bpeaca a dheineadar i
dtaobh an ghamhna do dhein Aaron.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt
sé leis clann Israéil do sheóladh chun na tíre a bhí
geallta dóibh. "Agus," ars an Tighearna leis, "dein
dhá leac eile do dhéanamh de shaghas na leach a bhrisis,
agus beir leat suas iad go mullach cnuic Sinai agus
seasaimh am' fhochair ar mhullach an chnuic. Ná téidheadh
aoinne suas i n-aonfheacht leat agus ná feictear aon
duine i n-aon chor ar an gcnoc, agus ná bíodh ba ná
caoire ag fosaidheacht ar an gcnoc."



Do chúm Maois dhá leac mar an dá leac a bhris sé.
Ansan d'eirigh sé sa n-oidhche, fé mar a dh'órduigh an
Tighearna dhó, agus d'imthigh sé suas agus an dá leac
aige, go bara cnuic Sinai. Ansan do thúirling an
Tighearna tríd an sgamal agus bhí Maois 'n-a sheasamh
i n'fhochair agus é ag guidhe go cruaidh ar son na ndaoine,
agus chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair an Tighearna,
ghá adhradh agus ag guidhe chuige.


L. 56


Thug Maois dachad lá ar an gcnoc an uair sin, i
bhfochair an Tighearna agus níor ith sé bia ná níor ól
sé deoch i gcaitheamh an dachad lá san. Ansan do thug an
Tighearna dhó airís na h-aitheanta agus an dlighe,
sgríobhtha ar an dá lic, agus thug sé leis anuas iad ag
triall ar chlainn Israéil. Do thuit rud iongantach
amach ansan. Thug Maois fé ndeára nuair fheuchadh
Aaron, nú aon duine eile acu suas sa n-aghaidh air go
mbídís ag dúnadh a súl agus ag cromadh a gceann fé
mar a dhéanfadh duine a bheadh a d'iarraidh feuchaint
ar an ngréin i lár an lae. Ansan do tuigeadh go raibh
an solus mírbhúilteach san i n-aghaidh Mhaoise mar gheall
ar é bheith i láthair an Tighearna ar an gcnoc. B'éigean
dó clúdach do chur ar a aghaidh as san amach nuair a
theastuigheadh uaidh labhairt leis an bpobul mar bhí an
solus chómh láidir ó n-a cheannachaibh ná féadfadh aoinne
feuchaint díreach air. Chuir san iongna air féin agus
sgannra ar an bpobul.



Chuir sé an clúdach ar a aghaidh agus tháinig an pobul
os a chómhair agus d'innis sé dhóibh tríd síos gach nídh
d'ár órduigh an Tighearna dhó a dh'innsint dóibh.



Bhí sgáth agus eagla ar Aaron agus ar na h-uaislibh
go léir ar dtúis nuair a chonacadar an solus uathbhásach,
ach nuair a chuir sé an clúdach ar a aghaidh agus ghlaoidh
sé chuighe iad do thánadar agus d'éisteadar leis go
h-umhal. Bhí an t-eagal ortha agus níor mhiste dhóibh
é. Do b'fhearrde iad é.



LXXX.



An Tabernacul.



Ansan do mhúin Maois do'n phobul na deich n-aitheanta
agus na dlighthe go léir agus na riaghalta go léir, fé
mar órduigh Dia dhó a mhúine dhóibh. Bhí lucht ealadhan


L. 57


agus lucht ceárd ar an bpobul agus iad go h-ana oilte
agus go h-ana thuisgionach ins gach sórd oibre d'ár
bhain le gréas óir agus airgid agus éadaigh agus
adhmaid; agus do chuir Maois ag obair iad, tré órdú
an Tighearna, ag déanamh an tabernacuil, agus ag
déanamh na h-airce, agus ag déanamh na n-órnáidí
daora, uaisle, óir agus airgid, a bhí le cur ortha.
Agus thug na daoine uatha go fonnmhar an t-ór agus
an t-airgead agus na clocha lóghmhara a bhí riachtanach
chun na h-órnáidí sin do dhéanamh agus do ghleusadh
mar ba chóir.



Ansan, le h-órdú an Tighearna, d'órduigh Maois
Aaron agus a chlann 'n-a sagartaibh, agus chuir sé ortha
cúram tabernacuil na connartha agus chuir sé úmpa
na h-éidí beannuighthe do bhain leis an gcúram san
agus leis an obair a bheadh acu le déanamh do shíor.
Ansan do chuir sé airc na connartha isteach sa taber-
nacul agus chuir sé an brat os cómhair an tabernacuil.
Chuir sé gach nídh de sna neithibh eile go léir i n'áit féin,
os cómhair an tabernacuil, fé mar a bhí órduighte ag an
dTighearna.



Nuair a bhí gach aon rud críochnuighthe tháinig an sgamal
agus do luigh sé ar an dtabernacul i dtreó gur
chlúdaigh sé é, agus do líon glóire an Tighearna an
tabernacul laistigh. As san amach, nuair imthigheadh an
sgamal ó'n dtabernacul do ghluaiseadh clann Israéil
ar a slighe, n-a mbuidhnibh. Nuair a stadadh an sgamal
os cionn an tabernacuil do stadadh an pobul agus
d'fhanaidís san-áit sin go dtí go ngluaiseadh an sgamal
airís. Agus sgamal a bhíodh ann i gcaitheamh an lae
agus lasair theine i gcaitheamh na h-oidhche. Agus bhíodh
radharc ag slóightibh Israéil air ó n-a gcábánaibh go léir.



Nuair a bhí na dlighthe agus na riaghalta go léir múinte
ag Maois do'n phobul, do réir mar a bhí órduighthe dhó
d'órduigh an Tighearna dhó an pobul do chómhreamh. Do
dhein. Do chómhrimh sé na daoine go léir agus do


L. 58


chómhrimh sé go cruinn na fir láidre do bhí ins gach treibh
de dhá threabh déag clainne Israéil. Nuair a cuireadh
an cómhreamh le chéile do fuaradh go raibh ann sé chéad
míle fear agus trí míle sa mbreis. Ba bhreágh an
tsluagh iad. Agus ní raibh fear lag ná fear leóinte
ar na míltibh sin go léir. Bhíodar go léir i mbláth a
n-óige. Níor cuireadh síos sa chómhreamh san na bhfear
a bhí chun cogaidh aon duine a bhí fé bhun fiche blian ná
aon fhear a bhí ag tosnú ar thuitim i n-aois. I gcás go
raibh ag clainn Israéil an uair sin breis agus sé chéad
míle fear a bhí oireamhnach chun aghaidh a thabhairt ar aon
tsaghas namhad a dh'fhéadfadh bualadh úmpa. Bhí dhá
bhliain ó fhágadar an Éigipt, agus d'á bhrígh sin bhí uain
acu ar thaithighe mhaith a bheith déanta acu de sna h-airm
a bhí 'n-a lámhaibh acu.



Nuair a bhí an cómhreamh déanta agus gach aon rud
ullamh do ghluaiseadar 'n-a mbuidhnibh, "gach buidhean
um a dtaoiseach" mar a deirtí fadó, agus thugadar
aghaidh soir ó thuaidh. Thugadar aghaidh soir ó thuaidh chun
na tíre a bhí geallta ag Dia dhóibh ó thug sé an
gheallamhaint d'Ábraham.



I n-éaghmuis an sé chéad míle fear armtha, bhí sa
ghluaiseacht san an fiche céad míle ban agus leanbh agus
seandaoine, agus n-a n-éaghmuis sin airís bhí an díosgar
sluagh de mhuinntir na h-Éigipte do tháinig leó aníos
nuair a bhíodar ag teacht. Bhí an ghainmheach thirim
agus teas na gréine deacair le folag agus an
siubhal trioblóideach. Do ghoill an brothal agus an
tart agus an tuirse ar an ndíosgar sluagh ar dtúis.
Bhíodar ag sodar leó agus ag gol. Ansan do ghoill an
brothal agus an tart agus an tuirse ar na fearaibh
láidre. Nuair a bhí deire an lae tagaithe agus na
cábáin curtha suas acu bhíodar i ndóirse na gcábán
ag cásamh a ndeacaraí le n-a chéile agus iad go léir ag
gol go fuigheach. "Ó," a deiridís, "nách truagh nár
fhanamair thíos sa n-Éigipt! Dá mbeimís thíos anois


L. 59


ann nách breágh suairc a bheadh an saoghal againn! Bheadh
ár ndóithin feóla againn i n-inead sinn a bheith ag brath
ar an mana so ná féadfadh duine a bhólg a líonadh dhe
pé méid d'íosfadh sé dhe ná pé ocras a bheadh air. Bia
lag iseadh é gan ghus gan bhlas. An fear so a thug aníos
sinn ní ceart dúinn aon bhuidheachas a bheith againn air.
Ba chirte dhó go mór sinn fhágáilt thíos. Ní fios cathain
a gheóbhmíd aon bhlúire feóla le n-ithe! Is maith is
cuimhin linn na corcáin feóla a bhíodh againn agus neart
dúinn bheith ag ithe na feóla san go dtí go mbímís
cortha dhi; agus an t-iasg; agus na cúcumeir bhreághtha,
agus na h-inniúin; agus na glasaraí áluinne eile;
agus gan orainn díol a h-aon rud."



LXXXI.



An Lucht Brath.



Nuair airigh Maois iad go léir ag gol agus ag cásamh
agus 'á rádh go raibh cathú ortha nár fágadh thíos sa
n-Éigipt iad, bhí ana dhiombádh air. Do chrom sé ar a
ghearán a dhéanamh leis an dTighearna mar gheall ortha.



"A Thighearna," ar seisean, "cad 'n-a thaobh go
bhfuilir chómh dian orm? Agus cad 'n-a thaobh ná faighim
fabhar uait? Agus cad 'n-a thaobh gur chuiris cúram
na ndaoine seo go léir orm-sa? An mise do ghaibh
agus do thug ar an saoghal an mhór-shluagh daoine seo go
ndéarfá liom, 'glac ad' ucht chughat iad agus beir leat
iad, mar is gnáth leis an mbanaltrain an leanbh do
bhreith léi, go mbeirir isteach iad sa tír a gheallas
dóibh?' Cá bhfaghad-sa feóil le tabhairt d'á leithéid de
shluagh? Agus siniad ag gol iad ag lorg feóla orm.
Ní féidir dom cúram an phobuil seo go léir d'fholag.
Tá an cúram ró throm dom. Má's é do thoil naomhtha,
ámhthach, an cúram d'fhágaint orm iarraim ort mé chur


L. 60


chun báis, ionus go bhfaighinn fabhar ad' shúilibh agus ná
beadh na h-uilc mhóra so le folag agam!"



Bhí fearg ar an dTighearna chun na ndaoine, ach d'éist
sé le guidhe Mhaoise. Do toghadh deichneabhar agus trí
fichid de sna fearaibh ba bhunúsaighe agus ba thuisgionaighe
ar an bpobul agus do ceapadh iad chun cabhruighthe le
Maois i n-obair an riaghaltais.



Ansan d'órduigh Diado Mhaois na daoine do chruinniú
agus a rádh leó iad féin do bheannú agus go dtabharfí
feóil a ndóithin le n-ithe dhóibh. Do deineadh san, ach do
cuireadh i n-iúil, leis, do sna daoine go raibh Dia i bhfeirg
leó mar gheall ar a n-easba buidheachais ar Dhia agus
ar Mhaois, tar éis na mírbhúiltí go léir a deineadh dóibh
ghá dtabhairt as an ndaorbhruid a bhí ortha sa n-Éigipt.
Do casadh leó gur bh'fhearr leó dul thar n-ais síos sa
n-Éigipt, ar son na feóla, 'ná fanmhaint sa n-uaigneas,
bíodh go raibh an Tighearna féin 'n-a bhfochair ann.



Ansan do dhein an Tighearna airís an mhírbhúilt úd
i dtaobh na n-éanlaithe. Do shéid an ghaoth na h-éanlaithe
chun na h-áite 'n-a raibh an pobul in sna cábánaibh.
Do thuit na h-éanlaithe mórthimpal ar na cábánaibh
agus anuas ortha, agus anuas ar an dtalamh abhfad
amach ó sna cábánaibh. Do bhailigh clann Israéil na
h-éanlaithe agus bhíodar ghá n-ullmhú agus ghá n-ithe go
dtí gur itheadar an iomad de'n fheóil agus gur
dheineadar craos náireach. Dheineadar an craos
chómh tiobasteach san go bhfuair a lán acu bás d'á
dhruim.



Do ghluais slóighte Israéil ó'n áit sin agus thánadar
go h-áit d'ár bh'ainim Hesarot agus do stadadar ann.
Tar éis tamail do ghluaiseadar ó'n áit sin agus
thánadar chun na h-áite ar a dtugtí Pharan. Do
stadadar sa n-áit sin. Ní rabhadar abhfad an uair sin ó
Thír Chanaain, an tír a bhí geallta dhóibh, agus bhí gach aon
deabhramh gur ghearr go mbeadh deire le n-a gcuardaibh
agus le n-a ndeacaraíbh agus le n-a dtrioblóidíbh.


L. 61


Do labhair an Tighearna le Maois. "Dein fir do
thoghadh," ars an Tighearna, "fear as gach treibh de chlainn
Israéil, agus téidís a feuchaint na tíre sin Chanaain,
an tír a thabharfad do chlainn Israéil."



Do thoibh Maois na fir. Do labhair sé leó.
"Imthighidh," ar seisean, "isteach i dtír Chanaain agus
deinidh an tír do mheas. Breithnighidh an talamh feuchaint
cad é an saghas é. Breithnighidh na daoine atá n-a
gcómhnuidhe ann, an daoine láidre iad nú daoine laga;
an bhfuilid siad iomadamhail nú a mhalairt. Breith-
nighidh na catharacha feuchaint cad é an saghas iad; an
bhfuil fallaí n-a dtímpal nú ná fuil. Breithnighidh ithir
an tailimh feuchaint an ithir shaidhbhir í nú ithir bhocht;
an bhfuil adhmad ag fás uirthi nú ná fuil. Glacaid
misneach. Nuair a bheidh sibh ag teacht thar n-ais tugaidh
libh chughainn cuid de thoradh an tailimh." Bhí sé sa n-am
de'n bhliain 'n-a bhféadfí san do dhéanamh.



D'imthigh na fir. Chuadar isteach i dtír Chanaain.
Do shiubhluighdar an tír soir agus siar, óthuaidh agus
ódheas.



Níor chuir muinntir na tíre puinn suime ionta, nídh
nár bh'iongna. Ní raibh ionta ach fánaidhthe iasachta.
Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muinntir na h-áite
gur theinn na fánaidhthe dhóibh-sin iad! Fuaradar amach
abhfad 'n-a dhiaidh san é.



Nuair a bhí an siubhal agus an cuardach agus an
breithniú déanta acu thánadar thar n-ais ag triall ar
Mhaois agus ar chlainn Israéil. Thugadar leó cuid de
thoradh tailimh na tíre. "Is fíor," ar siad, "gur tír
ana shaidhbhir í. Taisbeánaid na torthaí sin a thugamair
linn go bhfuil an tír saidhbhir thar barr. Is tír í n-a
bhfuil a cuid meala agus bainne 'n-a slaodaibh uirthi,
fé mar a gheall an Tighearna."


L. 62


LXXXII.



Easumhluidheacht.



D'éist clann Israéil leis an dtuairisg a tugadh dóibh
ar shaidhbhreas tailimh na tíre agus do thaithn an tuairisg
leó go h-áluinn. Chonacadar na samplaí a tugadh ag
triall ortha ghá thaisbeáint cad é an neart fáis a bhí i dta-
lamh agus i n-ithir na tíre. Chonacadar an chrobhaing de
chaoraibh fíneamhna do thug na fir leó, agus í chómh mór
chómh trom san go mb'éigean dóibh í chur ar crochadh ar
lár cleithe agus beirt fhear do theacht, fear acu fé gach
ceann de'n chleith, chun na crobhainge sin d'iompar agus
do thabhairt leó. Dob' uathbhásach an talamh le feabhas
agus le saidhbhreas agus le torthamhlacht an talamh 'n-ar
fhás an chrobhaing caor san as! Ach do lean sgéal eile
an sgéal breágh san.



"Cad é an saghas na daoine atá sa n-áit?" arsa
clann Israéil leis na teachtairíbh.



"Fir chruadha láidire chródha iseadh iad," adubhairt
na teachtairí, "agus iad líonmhar, dána, oilte ar
ghnóthaíbh cogaidh; agus catharacha láidre daingeana acu,
agus fallaí cosanta tímpal ar na catharachaibh sin agus
na fallaí sin chómh h-árd san gur dóigh le duine gur
ar éigin fhéadfadh éan dul de dhruim aon fhalla acu
isteach. Ach nídh is dona 'ná gach nídh eile, na fir atá ag
cosaint na gcatharach, laistigh de sna fallaíbh sin, fir
mhóra ghroidhe chumasacha iseadh iad. Is mó go mór gach
fear díobh 'ná aoinne againne. Ní raibh ionainn ach
mar bheadh lócuistí i gcomparáid leó! Fathaigh iseadh
iad. Isiad sliocht Enaic iad."



Thuit a lug ar a lag ag clainn Israéil nuair airighdar
an chainnt sin. Bhí an chuid ba mhó de sna teachtairíbh
agus bhíodar á chur n-a luighe ar an bpobul ná beadh aon
bhreith acu ar sheilbh na tíre d'fhághail mar go raibh armáil


L. 63


na tíre ró láidir agus catharacha na tíre ró dhaingean.
Dubhradar ná beadh ach fiantas ann dóibh aon iarracht a
dhéanamh ar sheilbh na tíre sin do ghabháil. Ansan iseadh
d'eirigh guil agus bladhthrighe agus lógóireachta. Thug
an pobul an oidhche ag lógóireacht ar an gcuma san,
agus iad ag spídiúchán ar Mhaois agus ar Aaron mar
gheall ar iad do thabhairt aníos as an Éigipt.



"Ó," adeiridís, "nach truagh ná fuaramair bás thíos
sa n-Éigipt! Anois féin," ar siad, "is fearra dhúinn
bás d'fhághail anso sa n-uaigneas fhairsing seo agus
gan an Tighearna ghár mbreith isteach sa tír sin, le
h-eagla go dtuitfimís le claidheamh agus go mbeadh
ár mná agus ár gclann 'n-a ndaoraibh! Nach fearra
dhúinn dul thar n-ais sa n-Éigipt? Is fearra dhúinn
flaith eile do thoghadh i n-inead Maoise agus iompáil
agus dul síos thar n-ais sa n-Éigipt!"



Nuair airigh Maois agus Aaron an gol agus an
logóireacht agus an chainnt i dtaobh flatha eile do thoghadh
agus iompáil agus dul thar n-ais síos sa n-Éigipt, do
chaitheadar iad féin ar an dtalamh i láthair na ndaoine
go léir 'ghá iarraidh ortha gan a leithéid de ghníomh a
dhéanamh i gcoinnibh an Tighearna. Ansan do labhair
Caleb agus Iósue, beirt de'n mhuinntir a cuireadh ag
feuchaint na tíre.



"Do shiubhluighmair an tír," ar siad. "Tír ana mhaith
iseadh í. Má bhíon an Tighearna linn béarfidh sé isteach
ann sinn agus tabharfaidh sé dhúinn an talamh san atá
ag sgéidhe le mil agus le leamhnacht. Ná deinidh easumh-
luidheacht i n-aghaidh an Tighearna, agus ná bíodh aon
eagla agaibh roimis na daoine atá sa tír sin. Táimíd
ábalta ar iad d'ithe mar íosfimís arán. Tá an uile
chosnamh imthighthe uatha súd agus tá an Tighearna i
bpáirt linne. Ná bíodh aon eagla oraibh!"



Níor h-éisteadh a thuille leó. D'aimsigh na daoine
na clocha agus thugadar aghaidh ar Mhaois agus ar Aaron
agus ar Chaleb agus ar Iósue chun iad do mharbhú leis na


L. 64


clochaibh, i dtreó go bhféadfidís flaith eile do thoghadh
agus dul thar n-ais síos sa n-Éigipt. Le n-a linn sin
sar a dtáinig leó aon chloch do chaitheamh, do thaisbeáin
an Tighearna é féin 'n-a lán ghlóire os cionn chúmhdaigh
na connartha, i dtreó go bhfeacaidh an pobul go léir
é. Do labhair an Tighearna le Maois, mar seo:-



"Cad é an fhaid a bheidh an pobul so am' tharcuisniú?
An fada a bheid siad gan mé chreideamhaint, agus a
bhfuil de mhírbhúiltíbh iongantacha déanta agam os a
gcomhair? D'á bhrígh sin buailfad le pláigh iad agus
dísgeóchad iad; agus ansan déanfad rí dhíot-sa ar
chine mhór a bheidh níos treise 'ná an chine seo."



B'é sin le rádh go ndéanfadh an Tighearna le Maois
fé mar a dhein sé le h-Ábraham, i., sliocht líonmhar do
thabhairt dó, agus ansan an talamh naomhtha thabhairt
do'n tsliocht san.



LXXXIII.



Daoine gan chiall.



Nuair airigh Maois an focal san ó'n dTighearna do
sgread sé do ghuth árd. "A Thighearna!" ar seisean,
"má thugan tú an íde sin ar an sluagh daoine seo, iad
do dísgiú i n-aonfheacht anso sa bhfiantas leathan so,
aireóchaid muinntir na h-Éigipte an gníomh. Tá fhios
acu agus ag muinntir na ndúthaí sa tímpal, go bhfuilir-
se, a Thighearna, i bhfochair an phobuil seo i gcómhnuidhe,
go bhfeictear thú aghaidh ar aghaidh, go mbíon tú rómpa
amach sa lá at' uaithne sgamail, agus at' uaithne teine
sa n-oidhche, go bhfuil geallta agat dóibh, fé bhrígh do
bhréithir, an tír a gheallais d'Ábraham a thabhairt d'á
shliocht. Má chuirean tu chun báis iad go léir anois
déarfid muinntir na h-Éigipte, agus muinntir na
ndúthaí seo i n-ár dtímpal: "Do theip air iad do bhreith


L. 65


leis isteach sa tír a gheall sé dhóibh fé dhearbhú agus
nuair nár fhéad sé iad a bhreith isteach do mhairbh sé iad
i lár an uaignis!' D'á bhrígh sin, a Thighearna, tugtar
moladh dod' chómhacht, fé mar a dhearbhuighis nuair
a dubhraís; 'Tá an Tighearna trócaireach, foidhneach.
Maithean sé an peaca agus an droch ghníomh, bíodh go
gcuirean sé pionós ortha go léir, agus droch ghníomh
an athar, ghá agairt ar an gclainn go dtí an trímhadh
glúin agus go dtí an ceathramhadh glúin.' Iarraim ort,
a Thighearna, an peaca so do mhaitheamh anois do'n phobul
so, ó's mór é do thrócaire. Bí ceannsa leó anois fé
mar a bhís ó'n lá a thugais amach as an Éigipt iad go dtí
an lá so." Ansan d'fhreagair an Tighearna.



"Maithim dóibh ó iarrais orm é. Is mise atá beó,
agus leathfar glóire an Tighearna ar fuaid an domhain
go léir. Ach so. Na daoine seo go léir a chonaic mo
chómhacht agus na mírbhúiltí a dheineas sa n-Éigipt, agus
sa n-uaigneas, agus i n-aindeóin na mírbhúiltí sin go
bhfuil fromadh déanta acu orm deich n-uaire, agus
easumhluidheacht tabhartha acu dom' ghlór, ní raghaidh aon
duine acu isteach sa tír sin a gheallas, fé dhearbhú, d'á
sínsear. Ní bhfaighidh aon duine a thug tarcuisne dhom
aon radharc ar an dtír sin. Caleb, mo sheirbhíseach
dílis, siné a bhéarfaidh isteach iad sa tír sin a shiubhluigh
sé agus gur innis sé an fhírinne 'n-a taobh nuair a tháinig
thar n-ais. Deinidh-se an longphort do sgur agus
tugaidh aghaidh airís ar an uaigneas i dtreó na Mara
Rua."



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le
h-Aaron, agus dubhairt sé: "An fada a bheidh an pobul
mallaighthe seo ag gluaireán am' choinnibh? Táim ag
éisteacht le ceisneamh chlainne Israéil. Abair na focail
seo leó: 'Is mise atá beó,' adeir an Tighearna, 'An
nídh atá ráidhte agaibh liom siné an nídh a dhéanfad libh.
An méid agaibh atá fiche blian agus os a chionn is anso
sa n-uaigneas so fhanfid bhúr gcuirp, an méid agaibh a


L. 66


dhein ceisneamh am' choinnibh. An tír sin n-ar thógas mo
lámh os a cionn chun sibh a chur chun cómhnuighthe innti ní
raghaidh aon duine agaibh isteach innti ach Caleb agus
Iósue. Ach an chlann san atá agaibh agus go ndubhrabhair
gur bhaoghal go ndéanfí daora dhíobh, béarfad iad san
isteach ann agus chífid siad san an tír a tharcuisnabhair-
se anois. Fágfidh sibh bhúr gcuirp sínte sa n-uaigneas
ar feadh dachad blian. Thugabhair dachad lá ag feuchaint
na tíre. Tabharfid bliain i n-aghaidh gach lae acu san
sa n-uaigneas. Ar feadh dachad blian a bheidh sibh ag
feuchaint siar ar an easumhluidheacht atá déanta agaibh
agus ag folag na péine a curfar oraibh. Mar atá
ráidhte agam iseadh dhéanfad leis an sluagh malluighthe
seo go léir a dh'eirigh am' choinnibh. Sa n-uaigneas iseadh
do thuitfid siad le h-aois agus do gheóbhaid siad bás.'"
Ansan do tháinig an bás, le cómhachtaibh Dé, ar an uile
dhuine de sna fearaibh a chuir Maois uaidh ag feuchaint
na tíre agus do thug an droch thuairisg ar an dtír uatha
nuair a thánadar thar n-ais, agus gur ghríosadar ar an
gcuma san an pobal i gcoinnibh Mhaoise. Do
dheabhróchadh an sgéal gur dheineadar go léir an feall
san ach amháin beirt .i., Caleb agus Iósue, mar deir
an Bíobla nár fágadh beó ach an bheirt sin.



D'innis Maois do'n phobal gach nídh d'á ndubhairt
an Tighearna. Bhí árd bhuairt ortha. "Imtheó'míd
anois," ar siad, "agus troidfimíd i gcoinnibh muinn-
tire na tíre úd."



"Ná deinidh," arsa Maois, "Tá lámh an Tighearna
i nbhúr gcoinnibh anois agus ní eireóchaidh libh."



Ní dhéanfidís rud air. D'imthighdar agus thugadar
cath do mhuinntir na tíre. Do briseadh cath fuilteach
ortha agus do cuireadh dearg-ruathar ortha.


L. 67


LXXXIV.



Córé agus Dáthan.



B'éigean do chlainn Israéil aghaidh do thabhairt ar
an uaigneas agus ar an dachad blian. Do lean an
Tighearna, ámhthach, ag tabhairt gach aon aireachais dóibh
ghá stiúrú ins gach treó 'n-ar cheart dóibh dul agus cur
fútha, agus ag múine na ndlighthe agus na riaghalta
dhóibh a bheadh acu le cómhlíonadh nuair a bheadh an dachad
blian caithte agus an méid a bheadh beó dhíobh i dteannta
an méid a bheadh tagaithe ar an saoghal díobh, tar éis dul
isteach i dtalamh Chanaain; na dlighthe agus na riaghalta
a tugadh dóibh ar chnoc Sinai, agus gur ceapadh Aaron
agus a chlann chun iad do mhúine dhóibh, bhí fhiachaint ortha
na dlighthe sin agus na riaghalta san go léir do chimeád
agus do chómhlíonadh sa n-uaigneas, chómh maith díreach
agus bheadh ortha iad do chimeád agus do chómhlíonadh i
dtalamh Chanaain dá mbeidís tar éis dul isteach ann.
Bhí Aaron agus a chlann órdnuighthe 'n-a sagartaibh, mar
adubhradh thuas. D'fhág san a ndóithin le déanamh ag
Aaron agus agá chlainn, ag déanamh na n-ídhbeartha
chun Dé agus ag cur na ndaoine, do réir mar a
bhí órduighthe, tré thaithighe agus tré ghnáthú gach cleachta
beannuighthe d'á raibh ceangailte ortha. Thug san, mar
ba chóir, creideamhaint mhór agus cumas mór, i láthair
an phobuil, d'Aaron agus d'á chlainn. Ansan do thuit
amach, an rud is gnáth do thuitim amach i n-a leithéid de
chás, go dtáinig lán a gcinn d'éad ar dhaoinibh áirithe
a mheas gur acu féin ba cheart an chreideamhaint sin do
bheith. Do chrom rainnt de lucht an éada ar chainnt
eatartha féin ar feadh tamail. "Ní ceart," ar siad,
"an t-úghdarás so go léir a bheith ag Maois agus ag
Aaron agus gan aon phioc de'n úghdarás a bheith againne.
Ní'l aon naomhthacht fé leith ionta ná fuil sa chuid eile


L. 68


againn chómh maith. Tá sé ceart againn an méid sin do
chur i dtuisgint do'n phobul go léir. Tá an naomhthacht
sa phobul go léir. Pobul Dé sinn go léir. Ní
dleaghthach d'aoinne an t-úghdarás go léir do ghlacadh
chuige féin agus do chimeád aige féin."



Bhí triúr acu ag déanamh an uisge fé thalamh san,
Córé agus Dáthan agus Abírón. Do mhealladar chucha
dhá chéad agus deich nduine agus dachad d'uaislibh
Israéil agus bhíodar go léir ar an aigne chéadna.
Thánadar agus sheasuighdar i láthair Mhaoise agus
Aaroin agus do labhradar mar seo:- "Cá beag
díbh-se bheith mar aoinne eile sa phobul so. Isé pobul
Dé é. Pobul naomhtha iseadh é. Tá an chuid eile de'n
phobul chómh naomhtha agus atáthaoi-se. Cad chuige
díbh-se sibh féin do chur suas os cionn phobuil Dé?"



Nuair airigh Maois an chainnt sin do chaith sé é féin
ar a bhéal a's ar a aghaidh os cómhair Chóré. Do labhair sé
le Córé agus leis an gcualacht mór a bhí 'n-a theannta.



"Ar maidin amáireach," ar seisean, "taisbeánfidh
an Tighearna cé h-iad is leis. Tagaidh go léir anso ar
maidin, tusa, a Chóré, agus na daoine seo go léir atá
ad' theannta anso, agus tugadh gach duine agaibh leis
a thúribul féin, agus cuiridh an túis ar an dteine os
cómhair an Tighearna agus an t-é n-a dtógfidh an
Tighearna é isé sin a bheidh naomhtha. Is mór an t-eirighe
anáirde atá oraibh a chlann Lébhi!" De chlainn Lébhi ab
eadh Córé agus bhí éad air féin agus ar an gcuid eile
de'n chlainn sin chun Aaroin. De chlainn Lébhi ab eadh
Aaron leis agus, dar le Córé, bhí oiread cirt aige féin
chun dáin sagairt agus bhí ag Aaron.



"Éistidh liom a chlann Lébhi," arsa Maois le Córé
agus leis na fir a bhí i n-a theannta, "An neamhnídh
libh-se an rud a dhein Dia dhíbh nuair a dheighil sé amach
sibh ó'n gcuid eile de'n phobul agus nuair a ghlac sé
chuige féin sibh chun seirbhíse agus onóra dhéanamh do'n
tabernacul agus chun na ngnóthaí atá le chómhlíonadh os


L. 69


cómhair na poibilidheachta? An amhlaidh nách leór san
díbh gan sagairt a dhéanamh díbh uile go léir? Cé h-é
Aaron go mbeadh sibh ag gearán 'n-a choinnibh? Is i
n-aghaidh an Tighearna atá an chasaoid seo agaibh á'
dhéanamh."



Do chuir Maois teachtaireacht ag triall ar Dháthan
agus ar Abírón 'ghá iarraidh ortha teacht chuige. Do
dhiúltuighdar.



"Ní thiocfimíd!" ar siad. "Tá an bheart déanta
go deas agat orainn. Do gheallais tír shaidhbhir dúinn.
Thugais dúinn í. Tá a cuid meala agus bainne 'n-a
slaodaibh uirthi! Tá, gan amhras-clocha agus gainimh!
Radharc ár súl a mheasfá a bhaint dínn, an eadh! An
amhlaidh is dóich leat ná tuigimíd an feall atá déanta
agat orainn? Ní raighmíd-ne ag triall ort." Tháinig
fearg ar Mhaois chucha agus do ghearán sé le Dia iad.
"A Thighearna," ar seisean, "ná glac ídhbirt uatha san.
Is eól duit nár thógas oiread agus asal riamh uatha,
agus nár dheineas eugcóir ar aoinne acu riamh."



LXXXV.



D'osgail an talamh.



Agus dubhairt Maois le Córé agus le n-a chualacht.



"Tagaidh go léir anso, an dá chéad agus deich nduine
a's dachad agaibh atá ann, agus bíodh a thúribul féin ag
gach duine agaibh, agus bíodh Aaron ann agus a thúribul
féin aige." Deineadh amhlaidh sin. Ansan bhí Maois
agus Aaron 'n-a seasamh agus an chualacht eile ar a
n-aghaidh amach, ag dorus an tabernacuil, agus do tais-
beánadh glóire an Tighearna do chách uile. Do labhair
an Tighearna le Maois agus le h-Aaron agus dubhairt:



"Druididh amach ó'n gcualacht so go ndísgighead
iad."


L. 70


Do chaith Maois agus Aaron iad féin ar an dtalamh
os cómhair an Tighearna agus dubhairt Maois:-



"A Dhia láidir, an dtuitfidh do dhíbhfeirg ar chách uile
mar gheall ar pheaca aon duine amháin!" Agus dubhairt
an Tighearna:-



"Abair leis an bpobul go léir druidim amach ó
thabernaculaibh Chóré agus Dháthain agus Abíróin."



D'eirigh Maois agus chuaidh sé ag triall ar Dháthan agus
ar Abírón agus ar an méid de sheanóiríbh Israéil a bhí ghá
leanmhaint agus do labhair sé leis an gcualacht:-



"Imthighidh," ar seisean, "ó thabernaculaibh na ndroch
dhaoine, agus ná bíodh aon bhaint agaibh le h-aon nídh is
leó, le h-eagla go luighfadh an peaca atá déanta acu
oraibh-se, leis."



D'imthigh an pobul uatha, fé mar a dubhairt Maois leó.
Ansan bhí Dáthan agus Abírón 'n-a seasamh i ndóirsibh a
gcábán féin. Do labhair Maois:



"Bíodh so mar chómhartha agaibh anois ar cé'cu is le
h-órdú ó Dhia nú as m'aigne féin atá an gnó so go léir
agam-sa 'á dhéanamh. Má's bás do réir nádúra, nú
bás le breóiteacht nú le pláigh éigin nách neamh-ghnáth,
a chuirfidh an Tighearna ortha so, abarthar nár chuir Dia
uaidh mise i n-aon chor chun na h-oibre seo dhéanamh.
Ach má dheinean Dia rud neamh-choitchianta leó, má
osglan an talamh fé n-á gcosaibh agus má shloigean
sé 'n-a mbeathaidh iad, taisbeánfidh san go bhfuil dia-
mhasla déanta acu le n-a rádh ná fuil úghdarás agam-sa
ó Dhia chun na h-oibre seo do dhéanamh."



An túisge 'n-a raibh an focal deirineach tagaithe a'
béal Mhaoise d'osgail an talamh fé n-a gcosaibh-sin
agus do sloigeadh síos iad féin agus a gcábán agus
gach ar bhain leó! Do dhún an talamh airís os a gcionn
agus níor fhan aon rian díobh os cionn tailimh ach chómh
beag agus dá mba ná beidís ann riamh. Nuair a chonaic
na daoine dh'á slogadh agus dh'á súghadh síos sa talamh
iad agus nuair airighdar an sgreadach nímhneach a chuir-


L. 71


eadar asta ag dul síos dóibh, do ritheadar chun siubhail
mórthimpal le sgannra sar a sloigfí síos iad féin. Le
n-a linn do ghluais teine amach ó'n dTighearna agus do
loisg sí an dá chéad agus deichneabhar agus dachad
fear a bhí ag ofráil na túise in sna túribulaibh.



Do labhair an Tighearna le Maois: "Abair le
h-Eleásar," arsan Tighearna, "dul agus na túribuil
úd do thógaint as an dteine agus an teine do sgaipe
anonn 's anall, óir is neithe beannuighthe na túribuil
sin feasta toisg gur ofráladh túis do'n Tighearna ionta.
Leathanuightear amach iad 'n-a bplátaíbh agus dainginigh-
tear ar an altóir iad, i dtreó go mbeid siad ann i
gcómhnuidhe le feisgint ag clainn Israéil mar chuimhniú
ar an íde mírbhúilteach so."



Do dhein Eleásar an nídh sin. Thug sé leis isteach na
túribuil a bhí ag Córé agus agá chualacht agus do leath
sé amach iad 'n-a bplátaíbh agus ansan do dhaingnigh sé
ar an altóir iad agus d'fhanadar ansan chun a chur i
n-iúil do chách uile go deó nár dhleaghthach d'aoinne ach
d'Aaron nú do dhuine d'á shliocht túis d'ofráil do'n
Tighearna, agus aoinne dhéanfadh gur bhaoghal dó íde
Chóré agus a mhuinntire do theacht air.



Ach níor thug íde Chóré agus a mhuinntire ciall do'n
phobul. An lá i ndiaidh an lae a fuair Córé agus a
chualacht an bás mírbhúilteach do chrom an pobul ar
ghluaireán airís i gcoinnibh Mhaoise.



"Do chuireabhair chun báis daoine naomhtha!" ar siad,
agus bhíodar ag druidim chun Maoise agus chun
Aaroin agus a dheabhramh ortha go raibh droch-fhuadar
fútha. Do rith Maois agus Aaron uatha isteach i
dTabernacul na Connartha. Chómh luath agus bhí an
bheirt istigh ann do chlúdaigh an sgamal é agus do conac-
thas glóire an Tighearna. Do labhair an Tighearna le
Maois. "Imthigh i leithtaoibh ó'n bpobul san," arsan
Tighearna, "go ndísgighead iad láithreach!" Bhí an
bheirt sínte ar an dtalamh. Do labhair Maois le


L. 72


h-Aaron. "Imthigh agus tóg do thúribul agus cuir
teine ó'n altóir ann agus túis agus imthigh amach
d'urachur agus tar idir na daoine agus an teine atá 'ghá
ndísgiú cheana féin agus guidh ortha. Táid siad ag
tuitim le feirg an Tighearna!" Do dhein Aaron mar
a dubhradh leis. Do rith sé isteach i lár na ndaoine.
Bhí an lasair ó fheirg De 'ghá marbhú. Tháinig sé idir na
beóibh agus na mairbh agus bhí sé ag ofráil na túise
agus ag guidhe Dé. Do stad an marbhú.



LXXXVI.



Mírbhúilt na Slaite.



Do stad an marbhú agus ansan do fuaradh gur
marbhuigheadh seacht gcéad agus cheithre mhíle dhéag de'n
phobul, i n-éaghmuis ar marbhuigheadh sa n-íde tháinig ar
Chóre agus ar Dháthan agus ar Abírón. Nuair a stad
an marbhú tháinig Aaron thar n-ais ag triall ar Mhaois.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt
sé leis: "Labhair le clainn Israéil agus abair leó
slata do thabhairt duit, slat ó gach treibh, .i. dhá shlait
dhéag, agus cuir ainim na treibhe ar shlait na treibhe i
dteannta ainmneacha na dteaghlach a bhainean leis an
dtreibh sin. Agus cuir ainim Aaroin ar shlait treibhe
Lébhi agus ainmneacha na dteaghlach a bhainean leis an
dtreibh sin ar an slait gcéadna. Ansan cuireadh sé na
slata san isteach i dtabernacul na Connartha. An
treibh a thógfad-sa asta go léir séidfidh slat na treibhe
sin bláthana agus cuirfad cosg leis an ngluaireán
so a bhíon ag clainn Israéil á dhéanamh i nbhúr
n-aghaidh-se."



Do dhein Maois an nídh sin. Do tugadh chuige na
slata agus na h-ainimneacha ortha. Chuir sé isteach iad
sa tabernacul. Ar maidin amáireach a bhí chughainn do
fuaradh bláthana breághtha tar éis teacht ar shlait Aaroin


L. 73


chómh breágh chómh borb agus dá mbeadh an tslat ag fás
as an dtalamh agus an t-am ceart de'n bhliain ann chun
na mbláthana do theacht, agus an aimsir cheart caithte
chun iad a theacht, i n-inead aon oidhche amháin. Thug
Maois na slata go léir amach chun clainne Israéil,
i láthair an Tighearna, agus chonacadar conus mar a bhí
na bláthana ar shlait Aaroin, agus do tugadh a slat féin
do gach treibh. Ansan d'órduigh an Tighearna do Mhaois
slat Aaroin fé n-a bláthanaibh do chur isteach sa taber-
nacul agus do chimeád ann i gcómhnuidhe mar theist ar
theidiol Aaroin agus a chlainne chun dána árdshagairt.



Nuair a chonaic clann Israéil an mhírbhúilt sin na
slaite ní raibh a thuille le rádh acu. Do chonacadar gur
cuireadh na slata go léir isteach sa tabernacul i
dteannta chéile. Bhí na h-ainimneacha ar na slataibh
i dtreó gur aithin gach treibh a slat féin go h-ana mhaith.
Nuair a tháinig an mhaidean agus chonacadar na bláthana
ar shlait Aaroin ní raibh a thuille le rádh acu. Bhí 'fhios
acu go maith ná raibh aon bhlúire fill sa ghnó ná aon
fhághail ar a bheith.



Níor bh'í an tslat le n-ar deineadh na mírbhúiltí sa
n-Éigipt a chuir Aaron isteach ach slat eile. Géag a
baineadh de chrann almoinde ab eadh an tslat a chuir sé
isteach. Is amhlaidh a bhíodh sí 'n-a láimh aige ag comáint
bheithidheach, i dtreó go raibh sí chómh feóchta le bata lámha.
Nuair a tógadh amach ar maidin í i n-aonfheacht leis na
slataibh, bhí na bláthana ar chuid di agus na bileóga
ar áit eile dhi agus na torthaí ar áit eile dhi, cuid acu
glas agus cuid acu aibidh.



Ba mhór an iongna í! Bhí sí ansúd, fé n-a bileógaibh
agus fé n-a bláthanaibh agus fé n-a torthaíbh breághtha,
glas agus aibidh, le feisgint ag an bpobul go léir. I
n-éaghmuis na mbileóg agus na mbláthana agus na
dtorthaí do chonaic an pobul, leis, áit di 'n-a raibh na
píochana beaga agus gan iad ach 'ghá sádh féin amach as
an gcoirt. Bhí an fás tar éis stad, ámhthach. Do


L. 74


cuireadh í féin agus an tslat eile, an tslat le n-ar
deineadh na mírbhúiltí móra thíos sa n-Éigipt, do
cuireadh isteach iad sa tabernacul agus do cimeádadh
ann iad.



Deir na h-aithreacha naomhtha go raibh sa mhírbhúilt
sin na slaite samhaltas roimh ré ar an Maighdin Muire;
fé mar a thug an tslat san bileóga agus bláth agus
toradh uaithi, go mírbhúilteach, gan aon phréamh i dtalamh
aici, gur b'eadh thug an Mhaighdean Ghlórmhar, a bhfad 'n-a
dhiaidh san, a Mac, Mac Dé, ar an saoghal, gan dochar
d'á maighdeanas. Ar an gcuma san b'é toil Dé a thais-
beáint, an uair sin, do phobul Israéil gur bh'é Aaron
agus a chlann na sagairt a bhí ceapaithe chun gnóthaí
creidimh agus ídhbirt chun Dé do dhéanamh fé'n sean
dlighe, agus san do thaisbeáint le mírbhúilt na slaite,
mírbhúilt ná raibh innti ach neamhnídh, d'á mhéid í, seachas
an mhírbhúilt ar ar shamhaltas í, an mhírbhúilt tré n-ar
tháinig Mac Dé, Mac na Maighdine, ar an saoghal chun
bheith i n'Árdshagart os cionn na cine daona go léir
agus chun É féin do thabhairt suas mar ídhbirt dó'n
Athair Síoruidhe.



LXXXVII.



Uisge as an gcaraig.



Tar éis na mírbhúilte sin na slaite ní h-innstear
puinn eile d'ár thárla do'n phobul Eabhra i gcaitheamh
an dachad blian a thugadar sa ghainmheach roimh dhul
isteach sa tír naomhtha dhóibh. Nuair a bhíodar ag déanamh
amach ar dheire na h-aimsire innstear go raibh clann
Israéil 'n-a stad sa ghainmheach ar a dtugtí Sin. An
fhaid a bhíodar sa n-áit sin tháinig deire a saoghail ar
Mháire, drifiúr Mhaoise, agus fuair sí bás agus do
h-adhlacadh í. Meastar go raibh sí céad agus deich
mbliana fichid d'aois an uair sin. Bhí sí i mbliantaibh


L. 75


na tuisgiona nuair a bhí sí ar bruach na h-abhan sa
n-Éigipt, ag faire ar an gcliabhán 'n-a raibh an leanbh,
a dritháir, Maois, go dtí gur thóg an ríogan, inghean
an rí, é agus gur sholáthair a dhrifiúr banaltra dhó, i.
a máthair féin .i. máthair an leinbh. Tuigtear ó chómh-
aireamh na h-aimsire ná féadfadh an drifiúr bheith fé
bhun céad agus deich mbliana fichid nuair a fuair sí bás
i ngainmheach Sin.



Níor leogadh di dul isteach sa tír gheallta mar do dhein
sí féin agus Aaron cur i n-aghaidh Mhaoise uaireanta.



Innstear, leis, gur dhein an pobul ana ghluaireán i
n-aghaidh Mhaoise agus iad sa n-áit chéadna san. Bhí
easba uisge ortha go cruaidh. Siúd ag gearán iad go
cruaidh.



"Nách truagh," adeiridís, "ná fuaramair bás, thíos
sa n-Éigipt mar a bhfuil ár sínsear curtha agus ár
ngaolta! Cad chuige dhíbh pobul an Tighearna thabhairt
isteach sa n-uaigneas so chun sinn féin agus ar
dtreudta do chur chun báis! Cad chuige dhíbh a chur
fhiachaint orainn teacht aníos as an Éigipt agus sinn
a thabhairt isteach sa n-áit chaillte seo, áit nách féidir
a shaothrú, áit ná fásan crann fíge ná fineamhain ann,
agus ná fuil aon bhraon uisge againn le n-ól ann!"



Nuair airigh Maois agus Aaron an chainnt sin chuadar
isteach sa tabernacul agus chaitheadar iad féin ar an
dtalamh agus chromadar ar ghuidhe go cruaidh chun an
Tighearna.



"A Thighearna Dia," ar siad, "éist le h-ualfairt na
ndaoine seo agus tabhair dóibh, ded' shaidhbhreas, tiobraid
uisge bheó, i dtreó go n-ólfid siad a ndóithin agus
go stadfid siad d'á n-ualfairt!"



Ansan do thaisbeáin an Tighearna a ghlóire agus do
labhair sé le Maois. "Tóg leat an tslat agus cruinnigh
na daoine, tú féin agus do dhritháir, agus labhraidh
leis an gcaraig os cómhair na ndaoine agus tabharfidh
an charaig uisge dhóibh, agus nuair a thabharfir-se an


L. 76


t-uisge as an gcaraig ólfid na daoine agus na
beithidhigh a sáith."



Do thóg Maois an tslat a bhí i láthair an Tighearna,
fé mar a dh'órduigh an Tighearna, agus do chruinnigh sé
an pobul agus do labhair sé leó:-



"Feuch," ar seisean, "a dhaoine stuacacha gan
creideamh, an féidir dúinn uisge thabhairt as an
gcaraig seo dhíbh?" Ansan d'árduigh sé a lámh agus
bhuail sé an charaig dhá uair agus do ghluais caise líon-
mhar uisge amach as an gcaraig i dtreó gur óladar na
daoine agus na beithidhigh a ndóithin mór uisge agus
gur baineadh an tart díobh go h-iomlán.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus le
h-Aaron na focail seo:



"Toisg nár chreideabhair me, i dtreó go naomhóchadh
sibh mé i láthair clainne Israéil ní bhéarfidh sibh an pobul
so isteach sa tír a thabharfad dóibh."



Deir na h-aithreacha naomhtha ná raibh aon cheart
ag Maois an charaig do bhualadh an tarna h-uair;
gur fheuch san, i súilibh na ndaoine, fé mar a bheadh droch
iontaoibh éigin aige as an dTighearna. Bhí locht éigin
ar an gcuma 'n-ar dhein sé an gnó. Mara mbeadh go
raibh ní bhfaghadh an Tighearna an locht air. Chuir an
Tighearna ainm ar an áit mar gheall ar an nídh do thárla
ann.



"Sidé," arsan Tighearna, "uisge an fhrithlabhartha,
an áit 'n-ar dhein clann Israéil frithlabhairt i n-aghaidh
an Tighearna, agus gur naomhuigheadh é d'á ndruim."



Bhí an dachad blian nách mór caithte um an dtaca
san agus do thosnuigh clann Israéil ar iad féin d'ullmhú
agus do chur i dtreó chun dul isteach, fé dheire thiar thall,
sa tír a bhí geallta dhóibh an fhaid sin aimsire agus go
mbeidís socair istigh ann dachad blian roimis sin mar
a mbeadh a stuacacht agus a neamhfhoidhne féin agus na
droch nósa agus na droch bhéasa do thugadar leó ainíos
as an Éigipt.


L. 77


LXXXVIII.



Bás Aaroin.



Do thuig Maois agus clann Israéil, ó bhí an dachad
blian caithte nách mór, gur mhithid bheith ag druidim i
dtreó tíre Chanaain. Bhí tír Edoim idir iad agus tír
Chanaain, agus bhí pobul láidir, agus rí comhachtach ortha,
n-a gcomhnuidhe i dtír Edoim. Chuir Maois teachtaireacht
ag triall ar rí Edoim. Dubhairt sé leis na teachtairíbh
an chainnt seo do rádh leis an rí:-



"Deir do bhráthair Israél, linn, a rí, a rádh leat mar
seo: Is eól duit an cruadhtan go léir a tháinig orainn,
conus mar a chuaidh ár sínsear síos sa n-Éigipt agus
gur chómhnuighdar ann ar feadh mórán aimsire, conus
mar a chuir muinntir na h-Éigipte cruadhtan truagh-
bhéileach orainn agus conus mar a ghlaodhmair ar an
dTighearna agus mar a dh'éist an Tighearna linn agus
mar a chuir sé a aingeal chughainn agus gur fhuasgail
an t-aingeal sinn as an Éigipt. Táimíd anso anois
i gcathair Chades, ar imeal do thíre-se. Táimíd 'ghá
iarraidh ort go dtabharfá cead dúinn gabháil tréd'
dhúthaigh. Ní gheóbhmíd tré pháirceanaibh ná tré
fhíonghortaibh. Ní ólfimíd uisge as do thoibreachaibh.
Geóbhmíd an bóthar poibilidhe gan iompáil chun na
láimhe deise ná chun na láimhe clé go dtí go mbeimíd
imthighthe as do chríochaibh amach." Dubhairt rí Edoim
leó 'ghá bhfreagra.



"Ní gheóbhaidh sibh trém' thír-se. Má chuirean sibh
chuige ionsóchad-sa sibh le h-armáil."



"Geóbhmídh an bóthar coitchian," ar siad san. "Ní
dhéanfimíd aon bhlúire díobhála. Má bhíon gádh againn
le h-uisge díolfimíd as go macánta. Gluaiseóchai-
míd go mear i dtreó gur túisge de a bheimíd imthighthe
as do thír."


L. 78


"Ní gheóbhaidh aon chos díbh trém' thir-se!" ar seisean
leó. Do chruinnigh sé mór shluagh gan mhoill agus
tháinig sé amach 'n-a gcoinnibh agus ármáil líonmhar
láidir aige, ullamh ar chath do thabhairt do chlainn Israéil
dá ndeinidís aon iaracht ar ghabháil tré n-a thír d'á
aindeóin.



Deir lucht eóluis go mbeadh sé dleaghthach ag clainn
Israéil cath do thabhairt do'n rí sin agus gabháil tré
n-a thír d'á aindeóin ó bhíodar ceapaithe ar gan aon
díobháil a dhéanamh. Deir lucht eóluis eile, ámhthach, ná
beadh sé dleaghthach acu san do dhéanamh; agus go raibh
gach aon cheart ag rí Edoim iad do chosg; óir ca bh'fhios
dó-san cé'cu dhéanfidís díobháil nú ná déanfidís.
Cé fhéadfadh a gheallamhaint ná déanfadh a leithéid de
shluagh díobháil an fhaid a bheidís ag gabháil tríd an
dtír?



Ach chífar ar ball gur choisg an Tighearna féin ar
chlainn Israéil aon troid a dhéanamh i gcoinnibh na
ndaoine a bhí sa tír sin mar go raibh gaol acu le clainn
Israéil agus go raibh an Tighearna ceapaithe ar gan aon
fhód de thalamh na ndaoine sin do thabhairt do chlainn
Israéil. Ba mhór an tsaoráid do chlainn Israéil dá
leogtí dhóibh an cómhgar san do ghabháil chun tíre Chanaain.
Níor leogadh. B'éigean dóibh gabháil tímpal, fan na
slighe ag bun chnuic Hór.



Nuair a bhíodar i longphort ag bun chnuic Hór do
labhair an Tighearna le Maois: "Teidheadh Aaron ag
triall ar a dhaoine, óir ní raghaidh sé isteach sa tír atá
tabhartha agam do chlainn Israéil, toisg nár chreid
sé mo bhéal-sa ag uisge an aighnis. Tóg leat Aaron,
agus a mhac i n-aonfheacht leis, agus beir leat suas iad
go mullach chnuic Hór, agus ansan bain a bhrait d'Aaron
agus cuir na brait ar a mhac Eleásar. Ansan
gheóbhaidh Aaron bás." Do dhein Maois fé mar a
dh'órduigh an Tighearna dhó a dhéanamh, agus chuadar
suas ar chnoc Hór agus na daoine go léir ag


L. 79


feuchaint ortha. Nuair a bhíodar ar an gcnoc do bhain
Maois na brait d'Aaron agus chuir sé ar Eleásar iad.
Ansan do fuair Aaron bás.



Nuair a bhí Aaron tar éis bháis tháinig Maois agus
Eleásar anuas ó'n gcnoc, agus nuair a chonaic na
daoine go raibh Aaron marbh do chaoineadar go léir é
ar feadh deich lá fichid.



Bhí rí Canaanach sa chómharsanacht. D'airigh sé i
dtaobh bháis Aaroin. Chuir sé cath ar chlainn Israéil
agus bhuaidh sé ortha agus do rug sé creach uatha.
Ansan do chuir clann Israéil ceangal ortha féin i
láthair an Tighearna agus dubhradar, "A Thighearna má
thugan tú an lámh uachtair dúinn ar an bpobul úd
dísgeóchaimíd a gcatharacha." Thug an Tighearna a
nguidhe dhóibh. Chuireadar cath ar na Canaanachaibh agus
do dhísgighdar iad agus do leagadar a gcatharacha
chun tailimh agus do tugadh Hórma, i. Íde, mar ainm
ar an áit.



LXXXIX.



Athair Nímhe Práis.



Theastuigh ó chlainn Israéil, nuair a bhí Aaron tar
éis bháis agus an pobul Canaanach úd dísgithe, aghaidh
a thabhairt, ar chuma éigin, ar an dtír a bhí geallta dhóibh.
Ní fhéadfidís gabháil an cómhgar chuige mar ní leogfadh
rí Edoim dóibh gabháil tré n-a dhúthaigh, agus ní lamhálfadh
an Tighearna dhóibh é throid. B'éigean dóibh a n-aigne
do shocarú ar ghabháil tímpal. Bhí an tímpal ana fhada.
B'éigean dóibh aghaidh a thabhairt ódheas airís i dtreó na
Mara Rua, agus ansan, aghaidh a thabhairt soir, agus
mar sin mórthímpal, lasmuich de thír Edoim, sar ar
fhéadadar aghaidh do thabhairt óthuaidh ar thír Mhóab atá
lastoir de'n Iórdan. Bhí an tímpal fada agus an


L. 80


ghainmheach ana thirim fé n-a gcosaibh. Níor bh'fhada gur
chromadar ar ghluaireán mar ba ghnáth leó chómh luath
agus thagadh an cruadhtan. Bhí Aaron tar éis bháis agus
ní raibh aoinne acu an uair sin chun a ndroch aigne
dh'imirt air ach Maois féin. Thugadar aghaidh air, agus
do labhradar i gcoinnibh an Tighearna, leis.



"Cad chuige dhuit sinn a thabhairt aníos as an Éigipt!"
ar siad; an seana sgéal i gcomhnuidhe, "chun sinn a chur
chun báis sa n-uaigneas so! Ní'l aon arán againn.
Ní'l aon bhraon uisge le fághail. Tá gráin againn ar
an arán lag so. Ní bhfaighmíd aon ghus ann." B'é an
mana an t-arán "gan ghus" go raibh an "ghráin" acu
air. B'olc an chainnt í sin agus Dia ag tabhairt an
aráin sin dóibh ó neamh chun iad do chimeád 'n-a
mbeathaidh sa ghainmheach. Easanóir do Dhia ab eadh
an chainnt sin. Do chuir Dia pionós ortha mar gheall
ar an gcainnt sin. Tháinig aithreacha nímhe isteach 'n-a
measg. Bhí na h-aithreacha nímhe ag breith ortha agus
bhí nimh a bhfiacal 'ghá marbhú. Fé dheire do thuigeadar
go raibh an easonóir tabhartha do Dhia acu agus gur mar
gheall ar an easonóir a cuireadh na piastaí nímhe sin
ag triall ortha. Do sgreadadar ar Mhaois agus
d'iarradar air a ghuidhe do chur suas chun Dé 'ghá iarraidh
ar Dhia na piastaí sin do thógaint uatha. Do dhein
Maois an nídh sin. Pé easonóir a thugaidís do Mhaois
bhíodh sé ullamh i gcómhnuidhe ar ghuidhe chun Dé ar a son.
Dhein sé an ghuidhe an uair sin agus dhein sé ó chroidhe
é mar bhí truagh aige dhóibh nuair a chonaic sé ag tuitim
agus ag fághail bháis iad le nimh na bpiastaí úd. Do
labhair an Tighearna leis. "Dein athair nímhe práis,"
arsan Tighearna leis, "agus cuir suas é mar chómhartha
i dtreó go bhféadfid na daoine feuchaint air. Ansan
an t-é a buailfar; .i. an t-é go gcuirfidh piast acu
fiacal ann, ní'l aige ach feuchaint ar an bpéist phráis
agus tiocfidh sé saor ó'n nimh." Do dhein Maois an
nídh sin. Dhein sé an íomhágh phráis i bhfuirm péiste


L. 81


nímhe agus chuir sé suas an íomhágh i radharc na ndaoine
agus as san amach nuair a bheireadh ceann de sna pias-
taíbh nímhe ar dhuine ní bhíodh aige ach feuchaint ar an
bpéist phráis agus do leighistí láithreach an chneadh a chuir-
eadh an phiast nímhe ann agus ní théidheadh an nimh i bhfeidhm.



Bhí clann Israéil ag cur na slighe dhíobh ar an gcuma
san, mórthímpal, ódheas, agus soir, agus ansan soir
óthuaidh, agus ansan óthuaidh díreach, go dtí, fé dheire
go rabhadar ar bruach abhan Sared, i n-imeal tíre
Mhóab, áit 'n-a mbeidís abhfad roimis sin dá leogtí
dhóibh an cómhgar do ghabháil. Do dhruideadar tamal
eile óthuaidh agus chuireadar fútha ar bruach abhan
Arnoin, i dteórainn tíre na Móabíteach agus tíre na
n-Amorréach.



Cad 'n-a thaobh gur órduigh an Tighearna do Mhaois
an phiast phráis úd do dhéanamh agus a rádh leis na
daoinibh a goinfí feuchaint uirthi i dtreó go leighisfí iad?
Tuigtear gur chialluigh an íomhágh phráis sin ár Slánuigh-
theóir, moladh go deó leis! Do cuireadh an íomhágh, an
phiast phráis, anáirde ar mhaide ag dorus an tabernacuil
i dtreó go bhfeuchfadh an duine uirthi nuair a curfí an
fhiacal nímhe ann. Ar an gcuma gcéadna, abhfad 'n-a
dhiaidh san, do tárnáladh ár Slánuightheóir ar chrann
na cruise, agus do cimeádadh íomhágh na cruise céasta
riamh ó shin, i dtreó, nuair a chuirfadh an mac mallachtain
fiacal nímhe an pheaca isteach sa duine go bhféadfadh an
duine feuchaint ar íomhágh na cruise céasta agus go
gcuirfadh an radharc san nimh an pheaca ar neamhnídh agus
go saorfí anam an duine tré neart pháise an tSlánuigh-
theóra.



Ní raibh sa phéist phráis úd aon bhrígh, ag baint léi
féin, a dh'fhéadfadh na daoine úd do leigheas ó nimh na
bhfiacal, ach bhí a dóithin mór de bhrígh innti chun an leighis
sin do dhéanamh sa mhéid gur chialluigh sí roimh ré an
brígh a bhí an uair sin, agus atá anois, i bpáis an tSlán-
uightheóra chun an duine do leigheas ó nimh an pheaca.


L. 82


XC.



Amorrítigh agus Móabíthigh.



Nuair a bhí clann Israéil ar bruach abhan Arnoin
bhíodar ar an dtaobh thoir de'n Fharaige Mharbh. Theas-
tuigh uatha dul óthuaidh tímpal trí fichid míle ó'n áit 'n-a
rabhadar i dtreó ná beadh ach an abha, an Iórdan,
idir iad agus an Talamh Naomhtha. Níor mhór dóibh,
chuige sin, gabháil cuid de thosach na slighe, tré thalamh
na n-Amorríteach. Sehon ainm an rí a bhí ar na
h-Amorrítigh. Chuireadar teachtaireacht ag triall air ghá
iarraidh air leogaint dóibh gabháil tríd an dtír agus
ghá gheallamhaint ná déanfidís aon díobháil, ná geóbhaidís
tré thalamh a bheadh saothruighthe agus ná h-ólfidís an
t-uisge as na toibreachaibh agus go ndéanfidís árd-
dithineas i dtreó go mbeadh an siubhal déanta acu
go luath agus go mbeidís imthighthe. Níor tugadh dóibh an
cead. I n'inead san do bhailigh an rí a shlóighte agus
tháinig sé chucha chun catha thabhairt dóibh. Do throideadar
é. Do bhuadar air agus do thuit sé féin agus a shlóighte
sa chath agus do ghlac clann Israéil seilbh na tíre sin
ó Arnon go Ieboc.



Do stad clann Israéil sa tír sin ar feadh tamail.
Ansan do chuir Maois uaidh buidhean chun na tíre
d'fheuchaint chómh fada le Iaser. Do thóg an bhuidhean
rainnt mion-bhailte agus thugadar leó na daoine asta.
Bhíodar ag gabháil tré Bhasan. D'eirigh rí Bhasan, Óg ab
ainm dó, agus do chruinnigh sé neart slógh agus tháinig
sé chun catha thabhairt do chlainn Israéil i n-Edrai. Do
labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt sé leis:
"Ná bíodh aon eagla agat roimis. Tá sé tabhartha dhuit
agam, é féin agus a thír agus a dhaoine. Déanfir leis
mar a dheinis le Sehon, rí na n-Amorríteach a bhí i
Hesebon."


L. 83


Do buaileadh an cath agus do thuit an rí sin agus
a chlann mhac go léir agus a dhaoine go léir agus bhí an
tír sin, leis, ag clainn Israéil.



Bhí sgannra ag teacht um an dtaca san, ar na righthibh
go léir sa tímpal. Do ghluais clann Israéil óthuaidh
tríd an dtír lastoir de'n Mhuir Mharbh agus dheineadar
longphort dóibh féin i lár an mhachaire, lastoir d'abhainn
Iórdain, ar aghaidh na h-áite 'n-a raibh cathair Iericó
laistiar de'n abhainn chéadna.



Bhí clann Israéil suidhte ar a suaineas i lár an
mhachaire agus iad tar éis an dá chine úd do dhísgiú,
bíodh gur dhá chine chómhachtacha iad, agus seilbh a dtíortha
do ghlacadh. Bhí sgannra ar na cineachaibh eile sa
tímpal agus níor bh'aon iongna é. Bhí fear d'ár
bh'ainm Balac 'n-a rí ar an gcine ba threise dhíobh san,
i., ar na Móabíteachaibh. Ba leis an machaire ar a raibh
longphort chlainne Israéil. Bhíodar ansúd, anuas ar a
chuid tailimh agus ní leogfadh sgannra dhó aon chur
isteach a dhéanamh ortha. Ní fheidir sé cad ba mhaith
dhó dhéanamh. Bhí cine ann ar a dtugtí na Mádianítigh.
Ní raibh rí ar an gcine sin. Is amhlaidh a dheineadh uaisle
na cine an riaghaltas d'oibiriú agus na dlighthe do chur
i bhfeidhm. Do labhair Balac leis na h-uaislibh sin.



"Feuch," ar seisean, "a uaisle Mhádian, dísgeó'id
an tsluagh san sibh-se agus mise agus a bhfuil de
chineachaibh sa dúthaigh seo ar fad! Dísgeó'id siad sinn
mar a dhísgighean an damh an feur glas a bhíon fé n-a
chosaibh!"



Ní h-innstear gur thug uaisle Mhádian aon chómhairle
dhó a dhéanfadh tairbhthe dhó. B'fhéidir, dá labhraidís
ná déarfidís leis ach, "Tarraigeadh gach aoinne a chuid
féin ó sna gadharaibh!" Níor tháinig aon rud as an
gcómhairle pé'r domhan é. Ach do chuimhmgh Balac ar
shlighe, dar leis, a chuirfadh ar a chumas féin "a chuid
do tharrac ó sna gadharaibh," mar a 'neósfar.


L. 84


XCI.



Balaam.



Bhí fear 'n-a chómhnuidhe an uair sin abhfad soir ó'n
dtír sin Mhóab. Deir cuid de sna tuairisgíbh go raibh
sé n-a chómhnuidhe chómh fada soir leis an abhainn ar a
dtugtí Euphrates. Balaam ab ainm dó. Fáidh ab
eadh é. Fáidh ana mhór ab eadh é. Bhí creideamhaint
ana mhór aige 'n-a dhúthaigh féin thoir, agus abhfad lasmuich
d'á dhúthaigh féin, tré mhéid an eóluis a bhí aige air idir
neithe do tháinig agus neithe le teacht. Bhí aithne ar
Dhia aige, fé mar a bhí ag Iób agus ag Ietró agus ag
rainnt daoine eile an uair sin lasmuich de chlainn
Israéil. Bhí sé i n-aigne Bhalac dá gcuireadh fáidh de
shaghas Bhalaam a bheannacht ar dhuine go mbeadh an rath ar
an nduine sin, agus dá gcuireadh sé a mhallacht air go
mbeadh mí-rath air. Dubhairt sé leis féin, nuair ná
raibh ar a chumas clann Israéil do ghortú ar aon chuma
eile go n-iarrfadh sé ar an bhfáidh mór, ar Bhalaam, a
mhallacht do chur ortha. Chomáin sé teachtairí soir chun
na h-áite 'n-a raibh Balaam n-a chómhnuidhe. Abha tíre
chlainne Ammoin a tugtar ar an áit.



"Abaraidh mar seo le Balaam," ar seisean leis na
teachtairíbh a chuir sé uaidh. "Feuch, tá pobul mór
daoine tagaithe as an Éigipt agus tá an dúthaigh clúdaithe
leó. Táid siad suidhte anso ar m'aghaidh amach, ar mo
thí. Táid siad ró láidir dómh-sa. Tar agus cuir do
mhallacht ortha feuchaint an bhféadfinn i n-aon chor iad
do bhualadh agus do dhíbirt as mo dhúthaigh. Tá fhios agam,
an t-é go gcuirfir-se do mhallacht air go mbeidh an
easgaine air agus an t-é go gcuirfir do bheannacht air
go mbeidh an rath air."



Do ghluais rainnt d'uaislibh Mhóab agus cuid de
sheanóiríbh Mhádian agus do rugadar leó fiacha na


L. 85


fáistineachta. Thánadar mar a raibh Balaam agus
d'innseadar a sgéal dó. D'éist sé leó go dtí go
raibh deire ráidhte acu. Ansan do labhair sé.



"Fanaidh anso anocht," ar seisean, "agus 'neósfad
díbh ar maidin an rud a déarfidh an Tighearna liom."



Fáidh ab eadh Balaam gan amhras, ach níor dhuine
fóghanta é, marar bh'ionan a's Iób, nú Ietró. Fear
sanntach ab eadh é. Ba mhaith leis an t-airgead do
thuilleamh, ach ní leogfadh eagla dhó an mhallacht do chur
ar chlainn Israéil go dtí go mbeadh 'fhios aige a mbeadh
san ró mhór i gcoinnibh toile an Tighearna. Siné cúis
'n-a ndubhairt sé leis na teachtairíbh fanmhaint go lá.
Deir an Scriptiúir gur thug Dia le tuisgint dó, i
gcaitheamh na h-oidhche ná raibh ceadaithe dhó dul leis na
teachtairíbh ag triall ar Bhalac, ná a mhallacht do chur
ar phobul Israéil mar go raibh beannacht ó Dhia ortha.
Nuair eirigh sé ar maidin dubhairt sé leis na teacht-
airíbh ná féadfadh sé dul leó mar ná leogfadh an
Tighearna dhó é.



Thánadar abhaile ag triall ar Bhalac agus d'innseadar
a sgéal dó. Ní raibh sé sásta. Chruinnigh sé buidhean
eile teachtairí do b'uaisle go mór 'ná an chéad bhuidhean
agus thug sé a dhá oiread airgid dóibh le tabhairt do'n
fháidh. D'imthighdar chun siubhail. Shroiseadar Balaam.
D'innseadar cad a thug iad agus tharraigeadar an
t-airgead mór dó ach teacht leó agus an mhallacht do
chur ar an bpobul mór a tháinig as an Éigipt. "Dá
dtugadh Balac dom," arsa Balaam, "lán a thighe féin
d'ór agus d'airgead níor bh'fhéidir dom focal an
Tighearna d'atharú ná breis ná easnamh do chur air;
ach fanaidh anso airís anocht go bhfeicead cad déarfidh
an Tighearna liom."



Bhí ana dhúil aige dul leó agus an t-airgead do
thuilleamh dá mb'fhéidir i n-aon chor é. Bhí rud eile
geallta ag Balac dó i n-éaghmuis an airgid. Bhí geallta
aige dhó go dtabharfadh sé onóir mhór éigin dó. Rí


L. 86


cómhachtach ab eadh Balac agus creideamhaint mhór do
Bhalaam, 'n-a dhúthaigh féin, ab eadh an onóir sin a
dh'fhághail. Bhí onóir mhór fághalta cheana féin aige mar
na h-uaisle ab aoirde a bhí ag an rí isiad a tháinig ar an
dteachtaireacht an tarna h-uair. Dá bhrígh sin go léir
bhí gach aon tsúil ag Balaam go dtabharfí cead gluaiste
dhó leis na teachtairíbh sin a tháinig an tarna h-uair.



I gcaitheamh na h-oidhche sin, dubhradh leis imtheacht
leis na teachtairíbh sin, ach gan aon fhocal do labhairt i
dtaobh clainne Israéil ach an focal a chuirfadh an
Tighearna 'n-a bhéal. Chómh luath agus tháinig an lá chuir
sé iallait ar láir asail a bhí aige agus ghluais sé chun
bóthair.



XCII.



Asal ag labhairt.



Fuair Balaam cead gluaiste ag triall ar Bhalac ach
má fuair féin bhí fearg ar an dTighearna chuige. Bhí
sé ró thugtha chun na díobhála dhéanamh agus bhí an iomad
dúil sa n-airgead aige agus sa n-onóir. Bhí sé ag
cur na slighe dhe ar muin na lárach asail. Tháinig sé go
dtí áit áirithe de'n bhóthar. Bhí aingeal an Tighearna
ansan ar an mbóthar roimhis agus claidheamh ar tarrach
'n-a láimh aige. Chonaic an láir é ach ní fhéacaidh
Balaam é. Do stad an láir.



Do bhuail an marcach í. D'iompuigh sí de'n bhóthar
agus chuaidh sí isteach sa pháirc a bhí ar thaobh an bhóthair.
Chuir an marcach fhiachaint uirthi teacht ar an mbóthar
airís. Ansan do thánadar go dtí áit 'n-a raibh an
bóthar cumhang agus claidhe ar gach taobh de. Bhí an
t-aingeal sa n-áit chumhang rómpa. Chonaic an láirín
an t-aingeal agus an claidheamh nocht 'n-a láimh aige ach
ní fheacaidh an marcach i n-aon chor é. Do stad an


L. 87


láirín. Do chrom an marcach ar í léasadh. Do dhruidh
sí i leithtaoibh i dtreó gur ghaibh sí amach idir an t-aingeal
agus an falla agus gur bhrúigh sí cos an mharcaigh idir
í agus an falla. Ansan do sheasaimh an t-aingeal i
n-áit de'n bhóthar a bhí chómh cumhang san nár bh'fhéidir
do'n láir gabháil thairis i n-aon chor. Nuair a chonaic
an láirín an t-aingeal agus nár bh'fhéidir di gabháil
thairis amach do thuit sí fé'n marcach anuas ar an
dtalamh. Isé rud a dhein an marcach ansan 'ná cromadh
ar í léasadh go h-ana dhian leis an mbata a bhí 'n-a láimh.
Deir an Scriptiúir ansan gur osgail an Tighearna béal
na lárach bige agus gur labhair sí leis an marcach.
"Cad 'tá déanta agam ort!" ar sisi. "Cad chuige
dhuit bheith ag gabháil orm! Sidé an trímhadh h-uair
agat 'á dhéanamh."



"Mar sin tá sé tuillte agat uaim! Is truagh gan
claidheamh agam go marbhóchainn tu!" ar seisean.



"Nách beithidheach leat féin mé?" arsan láirín,
"agus nách orm a bhíthá ar marcaidheacht i gcómhnuidhe go
dtí an lá so? Ar dheineas a leithéid seo riamh fós
ort?"



"Níor dheinis riamh," arsa Balaam. Le n-a linn sin
d'osgail an Tighearna súile Bhalaaim agus chonaic sé an
t-aingeal 'n-a sheasamh ar an mbóthar agus an claidheamh
nocht 'n-a láimh aige. Chómh luath agus chonaic sé an
t-aingeal chaith sé é féin anuas ar an dtalamh 'n-a
láthair.



"Cad chuige dhuit gabháil trí h-uaire ar do láir asail,"
arsan t-aingeal leis. "Thánag-sa anso chun tú chosg mar
tá an droch fhuadar fút agus taoi ag cur am' choinnibh-se.
Mara mbeadh gur imthigh an láir i leithtaoibh uaim
bheithá-sa marbh agam agus bheadh an láir beó."



"Tá peaca déanta agam!" arsa Balaam, "mar
ní raibh fhios agam tusa bheith at' sheasamh am' choinnibh;
agus anois mara maith leat mé dhul ar aghaidh iompóchad
thar n-ais."


L. 88


"Imthigh ar aghaidh i n-aonfheacht leó san," arsan
t-aingeal, "agus tabhair aire mhaith gan aon fhocal do
labhairt ach mar adéarfad-sa leat."



Ansan do ghluais sé ar aghaidh i n-aonfheacht leis na
h-uaislibh a tháinig 'ghá iarraidh. Uaisle ríoga ab eadh
iad. Ní deirtear gur leogadh dóibh aon phioc de ghnó
an aingil do thabhairt fé ndeára.



Do h-innseadh do Bhalac go raibh na h-uaisle ag
teacht agus Balaam i n-aonfheacht leó. Do chuaidh sé
amach 'n-a gcoinnibh. Nuair a bhuail sé úmpa do labhair
sé le Balaam.



"Chuireas teachtairí ag triall ort," ar seisean,
"ghá rádh leat teacht. Cad 'n-a thaobh nár tháinís? An
amhlaidh a mheasais ná féadfainn thú dhíol?"



"Táim anso anois," arsa Balaam, "an amhlaidh is
dóich leat gur féidir domh-sa aon fhocal do labhairt
ach an focal do chuirfidh an Tighearna am' béal!"



Do rug Balach leis suas é go bara cnuic i dtreó go
raibh radharc aige ar longphort chlainne Israéil. Bhí an
longphort san go h-ana bhreágh le feuchaint air. Bhí
sé go fada fairsing, leathta amach ansúd os a gcómhair,
agus an ghrian ag taithneamh ar anairtibh breághtha geala
na gcábán, agus an deatach ag eirighe as na tein-
teachaibh, as na míltibh acu, agus ag gluaiseacht leis
an ngaoith go breágh réidh, agus ag leighe amach nuair
eirigheadh sé suas sa spéir a bhí gan sgamal.



"Cuir suas seacht n-altóracha anso ar an gcnoc so,"
arsa Balaam leis an rí, "agus cuir gamhain agus reithe
mar ídhbirt ar gach altóir díobh." Do dhein. "Seasaimh-
se ansan anois, tamal beag i n-aice na n-altórach san
go dtéidhead-sa anonn anso feuchaint cad déarfidh
an Tighearna liom."



D'imthigh sé i leithtaoibh go h-ana mhear. Do labhair
an Tighearna leis. Tháinig sé thar n-ais agus fuair sé
Balac 'n-a sheasamh i n-aice na n-altórach agus riogra
na Móabíteach i n'aice. D'árduigh sé a ghlór agus do


L. 89


labhair sé: "Thug Balac leis me ó Aram, ó árdaibh
an domhain tsoir. "Cuir do mhallacht ar Iácób," ar
seisean. "Brostuigh agus cuir do ghráin ar Israél."
Conus a chuirfad mallacht ar an t-é nár chuir Dia
mallacht air! Conus a chuirfad gráin ar an t-é nár
chuir Dia gráin air!"



XCIII.



Beannacht.



"Conus is féidir domh-sa mallacht do chur ar an
t-é nár chuir Dia mallacht air!" arsa Balaam agus é
ag labhairt go h-árd. "Conus fhéadfinn gráin a bheith
agam ar an t-é ná fuil aon ghráin ag Dia air! Chífad
é ó bharraíbh na gcarraigreach. Ó bharraíbh na gcnoc a
bhreithneóchad é; 'n-a phobul aonair a dhéanfidh sé cómh-
nuidhe, agus ní áireófar é ameasg na ngeinte. Cé
fhéadfidh luaithreach Iácóib d'áireamh! Ná uimhir chlainne
Israéil d'aithint! Mo bhás-sa go raibh mar bhás na
bhfíoraon! Agus mo chrích go raibh mar a gcrích so!"



"Cad é seo agat á dhéanamh!" arsa Balac. "Chun
go gcuirfá mallacht ar mo namhaid a thugas anso thu
agus is beannacht atá agat d'á chur ortha!"



"An féidir dom a labhairt ach an nídh a dh'órduighean
an Tighearna dhom!" arsa Balaam.



"Tar liom," arsa Balac, "agus béarfad go h-áit
eile thú, áit as a mbeidh radharc agat ar chuid de
shlóightibh Israéil agus ná beidh radharc agat ortha go
léir as."



Do rug sé leis suas é go h-áit ana árd ar mhullach
cnuic Phasga. Chuir Balac suas ar an áit sin seacht
n-altóracha eile agus chuir sé gamhain agus reithe ar gach
altóir díobh.


L. 90


"Stad-se ansan i n-aice na h-altórach san," arsa
Balaam leis an rí, "go dtéidhead-sa anonn anso
tamal."



D'imthigh sé anonn tamal. Do chuir an Tighearna
'n-a bhéal an chainnt a bhí le labhairt aige. Tháinig sé
thar n-ais agus fuair sé Balac 'n-a sheasamh i n-aice na
n-altórach.



"Cad 'tá ráidhte ag an dTighearna leat?" arsa
Balac. Do thóg Balaam a stair agus dubhairt sé:-



"Seasaimh, a Bhalac, agus cuir cluas ort féin. Éist
liom, a mhic Sephoir. Ní cosmhail Dia le duine, go
ndéarfadh sé bréag; ná le mac duine, go n-atharófí é.
D'á bhrígh sin, an amhlaidh a labharfidh sé agus ná déanfidh
sé? An ndéarfidh sé agus ná comhlíonfidh sé? Chun
beannacht do chur a tugadh mé. Ní féidir dom an
bheannacht do chosg. Níl aon íodal sa phobul san Iácóib.
Ní feictear íomágh i n-Israél. Tá a Thighearna Dia i
n'fhochair, agus tá fothram ann, fothram na mbuadh do
rug an rí. Isé Dia do thug amach as an Éigipt é agus
tá a neart mar neart an rhinocerois. Ní'l lucht feasa
i Iácób, ná lucht fáistine i n-Israél. I n'am féin
'neósfar do Iácób agus d'Israél cad a bheidh déanta
ag Dia. Feuch, eireochaidh an pobul ar nós leóin
bhainean, agus árdóchaidh sé é féin ar nós an leóin.
Ní luighfidh sé go dtí go n-íosfidh an tseilg, go n-ólfaidh
sé fuil na neithe a mhairbh sé."



"Stad!" arsa Balac, "ná cuir beannacht ná
mallacht ortha!"



"Ná dubhart leat," arsa Balam, "nách foláir dom
an rud a dhéanamh a dh'órdóchadh Dia dhom?"



"Téanam," arsa Balac, "agus béarfad go dtí áit
eile thu feuchaint ar bh'é toil Dé dhuit mallacht do chur
ó'n áit sin ortha."



Do rug sé leis é go mullach cnuic Phogoir. Do
cuireadh seacht n-altóracha suas, mar a deineadh in sna
h-áiteanaibh eile. Níor chuaidh Balaam i leithtaoibh an


L. 91


uair sin. Do thuig sé cad ba thoil le Dia dhó a dhéanamh.
Do thóg sé a stair agus d'árduigh sé a ghlór nuair fheuch
sé uaidh ar chábánaibh anairte Israéil agus iad leathta
amach ansúd os a chómhair: "Do labhair Balaam
mac Beóir," ar seisean, "do labhair an duine n-ar
dúnadh suas a shúil; an duine d'éist le h-urlabhra Dé,
an duine d'fheuch ar radharc an Uilechómhachtaigh; an
duine do thuit agus gur osgaladh a shúile. Nách áluinn
iad do phubail-se, a Iácóib! Agus do chábáin anairte,
a Israéil! mar ghleannta fé choilltibh; mar gharaidhthe
agus uisge d'á leogaint ortha i n-aice le h-aibhníbh; mar
phubail a shocaruigh an Tighearna ar a mbunaibh; mar
chédruisí láimh le h-uisgeachaibh."



Chomáin sé leis ar an gcuma san ag moladh clainne
Israéil agus 'ghá innsint conus mar a bhí an uile shaghas
beannachta ortha ó Dhia.



"Stad!" arsa Balac, ag bualadh a bhas i gcoinnibh
a chéile agus árd fhearg air. "Thugas anso thu," ar
seisean, "chun go gcuirfá do mhallacht ar mo namhaid
agus do bheannacht atá curtha agat ortha trí h-uaire as
a chéile! Imthigh uaim abhaile. Bhíos ceapaithe ar onóir
mhór do chur ort ach tá an Tighearna tar éis na h-onóra
bhaint díot."



"Ná dubhart leis na teachtairíbh a chuiris ag triall
orm ná féadfinn focal an Tighearna do shárú dhuit dá
dtugthá dhom lán do thighe féin d'ór agus d'airgead.
Ach tabharfad cómhairle dhuit i dtaobh cad a dhéanfidh
do dhaoine-se leis na daoine sin."



Bhí sé tar éis a dh'innsint do Bhalac gur bh'é cúis go
raibh lámh Dé le clainn Israéil 'ná gan aon déithe
fallsa bheith ag clainn Israéil. Ansan thug sé le
tuisgint dó dá leogadh sé do mhnáibh a mhuinntire féin
cómhluadar a dhéanamh le fearaibh Israéil go meallfadh
na mná iad chun peaca dhéanamh agus ansan nár dheacair
iad do mhealladh chun déithe fallsa d'adhradh. Ansan
go mbeadh lámh Dé 'n-a gcoinnibh agus mallacht Dé ortha.


L. 92


XCIV.



Crochadh agus Pláigh.



Do sgar an bheirt le n-a chéile. D'imthigh Balaam
abhaile chun a thíre féin agus chuaidh Balac abhaile chun
a ríghtheaghlaigh, agus bhí clann Israéil 'n-a gcábánaibh
ar a suaineas agus gan aon phioc d'á chuimhneamh acu
cad é an t-uisge fé thalamh a bhí 'á dhéanamh 'n-a gcoinnibh
thuas ar na cnocaibh úd. Bhí Balac go feargach i n'aigne
i gcoinnibh Bhalaaim, ach nuair a thosnuigh an fhearg ar
fhuaradh do thosnuigh sé ar mhachtnamh ar an staraidheacht
a bhí ar siubhal ag Balaam an fhaid a bhíodar ar an gcnoc.
Chuimhnigh sé ar an bhfocal úd i dtaobh na n-íodal; go
raibh lámh Dé le clainn Israéil toisg gan aon rud i
bhfuirm íodail, a bheith 'n-a measg. Chuimhnigh sé ansan
ar an gcómhairle úd, .i. dá bhféadfí clann Israéil do
mhealladh chun na n-íodal do ghlacadh agus d'adhradh go
dtabharfadh san mallacht Dé ortha. "Agus," ar
seisean i n'aigne féin, "nách shiné díreach a bhí uaim!
B'fhéidir go bhfuil a thuarastal tuillte ag Balaam
i n-aindeóin na mbeanneachtaí go léir úd a chuir sé
ortha! Dar fiadh ach déanfad an chómhairle!"



Do cuireadh ar bun, le h-órdú an rí, caradas agus
muinntearthas idir mhuinntir an rí agus clann Israéil
feasta. Do cuireadh mórán tabharthaistí ó'n rí go dtí an
longphort. Ar ball do tháinig na mná. Níor bh'fhada
gur thuit mórán de chlainn Israéil i bpeaca na drúise.
Ansan níor bh'fhada gur mealladh iad chun na n-íodal
do ghlacadh; ansan chun urama thaisbeáint dóibh; ansan
chun iad d'adhradh agus chun an Tighearna, Dia na Glóire,
do shéanadh. Thugadar do sna h-íodalaibh salacha an
onóir a bhí ceangailte ortha a thabhairt do Dhia na Glóire.
D'eirigh fioch agus fearg Dé 'n-a gcoinnibh. Beelphegor
ab ainm do'n íodal ab aoirde a bhí ag na geintibh.


L. 93


An t-é do naisgfí le Beelphegor bhí druim lámha
tabhartha aige le creidemh Israéil agus an creideamh
fallsa glacaithe aige. Dhein a lán de chlainn Israéil
an nasgadh san, agus uaisle chlainne Israéil isiad ba
mhó a dhein é. Bhí fearg an Tighearna ar dearg lasadh
'n-a gcoinnibh. Do labhair sé le Maois. "Tóg,"
arsan Tighearna, "na h-uaisle sin go léir agus dein
iad do chrochadh ar aghaidh na gréine ar chrochaibh, i dtreó
go n-iompófar m'fhearg ó chlainn Israéil.



D'órduigh Maois do sna breitheamhain an crochadh
san do dhéanamh. "Agus," arsa Maois leó, "cuireadh
gach duine agaibh chun báis a ghaolta féin má naisgeadh
iad le Beelphegor." Bhí pláigh ag marbhú na ndaoine
agus bhí Maois ag dorus an tabernacuil ag sile deór
go fuigheach nuair a chonaic sé na peacaí d'á ndéanamh
agus an phláigh ag leagadh na ndaoine, agus na h-uaisle
ghá dtabhairt féin suas do mhí-iompair agus do
Bheelphegor. Bhí gach aon deabhramh, marar chuir Balaam
an easgaine ar chlainn Israéil gur chuir clann Israéil
féin ortha í. Nú b'fhéidir gur ceart a rádh, marar chuir
Balaam an easgaine ortha gur chuir a chómhairle ortha í.



Ach do mhaoluigh an crochadh an fhearg. Do dheineadar
na breitheamhain an rud adubhairt Maois leó a dhéanamh,
agus do dhein Phineas, mac d'Eleásar, gníomh oirdheirc
an uair sin. Do mhairbh sé i n-aonfheacht duin'uasal mór
de chlainn Israéil agus ríogan uasal de sna Mádian-
achaibh. Do mhol an Tighearna an gníomh san agus do
stad an phláigh a bhí ag marbhú an phobuil.



Do fuaradh, nuair a bhí an phláigh tar éis stad, go raibh,
ó'n bpláigh agus ó'n gcrochadh, chuig mhíle fhichid de chlainn
Israéil tar éis bháis. Ach do cómhairigheadh clann Israéil
an uain sin airís agus do fuaradh, tar éis an crochadh
agus ar thuit leis an bpláigh, go raibh chúig céad míle agus
ocht míle agus dachad ann d'fhearaibh a bhí fiche blian
d'aois agus os a chionn. Fir luatha láidire ab eadh iad
san go léir, fir nár bhlais aoinne acu riamh feóil na


L. 94


h-Éigipte agus ná raibh aon chaitheamh 'n-a diaidh acu.
An uile dhuine riamh de sna míltibh a tháinig amach as an
Éigipt bhíodar, mar a gealladh dóibh, tar éis bháis
d'fhághail i gcaitheamh an dachad blian a caitheadh sa
ghainmheach. I gcruadhtan na gainmhighe do rugadh agus
do tógadh an uile dhuine de'n bhreis agus chúig céad
go leith de mhíltibh fear san a bhí ansúd an uair sin sa
longphort leathan san ar an machaire, lastoir de'n
Iórdan, ag feitheamh go bhfaighdís an focal chun dul
treasna na h-abhan siar agus seilbh do ghlacadh sa tír
a bhí geallta dhóibh. Ba mhór an neart slógh iad. Níor
bh'iongna an t-eagla bheith ar Bhalac rómpa.



XCV.



Buadh.



Do mheas Balaam go raibh rud ana ghasta aige 'á
dhéanamh nuair a thug sé an chómhairle úd do Bhalac i
dtaobh conus fhéadfadh sé an mhallacht a thabhairt ar
chlainn Israéil. Do mheas Balac, leis, go raibh rud ana
ghasta aige 'á dhéanamh nuair a ghlac sé an chómhairle agus
nuair a dhein sé beart d'á réir. Gan amhras d'eirigh leis
maith go leór ar feadh tamail. Chuir sé fhiachaint ar
chuid mhór de chlainn Israéil peacaí do dhéanamh, agus
ansan iad féin do nasgadh le Beelphegor, an íomhágh
ghrána a bhí ag na págánachaibh i dtír Mhádian. Tháinig
díbhfeirg uathbhásach ar chlainn Israéil mar gheall ar na
peacaíbh sin agus ar an nasgadh san. Ach do cuireadh
an pionós a bhí tuillte acu ar an méid acu do dhein
an nasgadh agus tháinig an phláigh ar an bpobul mar
gheall ar na peacaíbh agus ar an nasgadh. Ansan, nuair
a dhein Phinees an marbhú uathbhásach úd do cuireadh
fearg Dé i leithtaoibh ó'n bpobul. Ansan do deineadh
an cómhaireamh. Nuair a bhí an cómhaireamh déanta agus


L. 95


a fuaradh an neart slógh go léir úd ag clainn Israéil
do labhair an Tighearna le Maois.



"Dein díoltas ar dtúis," arsan Tighearna, "ar
na Mádianítigh mar gheall ar an nídh úd a dheineadar
i gcoinnibh chlainne Israéil, agus annsan gheóbhair féin
bás."



Do labhair Maois leis an bpobul. "Deinidh," ar
seisean, "le h-órdú an Tighearna, fir armtha do thoghadh
chun dul agus díoltas an Tighearna do dhéanamh ar na
Mádianítigh. Toghtar míle fear as gach treibh de chlainn
Israéil, chun cogaidh."



Do toghadh an míle fear as gach treibh, 'sé sin, dhá mhíle
dhéag fear agus iad gléasta chun catha. Chuir Maois
an dá mhíle dhéag san fé láimh Phinees agus d'órduigh sé
dhóibh dul agus an díoltas a dhéanamh ar na Mádianítea-
chaibh. D'imthighdar agus do chómhracadar leis na
Mádianíteachaibh. Do buadhadh ar na Mádianítigh agus
níor fágadh aoinne d'á bhfearaibh beó. Do thuit cúigear
righthe a bhí ortha. Do thuit Balaam sa chogadh san.
Do thug an dá mhíle dhéag leó abhaile ag triall ar
Mhaois éacht d'ór agus d'airgead agus d'ollmhaitheas,
agus do rainneadh é mar ba cheart. Do cómhairigheadh
an tsluagh a chuaidh amach agus do fuaradh nár thuit
oiread agus aon fhear amháin de'n dá mhíle dhéag fear.
Do thuig gach aoinne gur mhírbhúilt ó Dhia an nídh sin.
Do thuit sa chogadh san an uile dhuine de sna mnáibh úd
a tháinig isteach i longphort Israéil ag mealladh clainne
Israéil chun peaca agus chun na n-íodal d'ádhradh.
B'shiné órdú Mhaoise.



Siné deire a tháinig ar ghastacht Bhalac agus Bhalaam,
agus ar an gcómhairle úd a thug Balaam do Bhalach.



I n-éaghmuis ar tugadh de shaidhbhreas agus
d'ollmhaitheas abhaile ó'n gcogadh san d'fhág an cogadh ar
chumas chlainne Israéil rud ba mhó ab fhiú 'ná an t-oll-
mhaitheas go léir. B'é rud é sin 'ná an tír a bhí ag na
treabhchasaíbh a cuireadh chun báis sa chogadh. Talamh ana


L. 96


shaidhbhir ab eadh an talamh san. Bhí dhá threibh de'n dá
threibh déag agus bhí ana chuid stuic agus ana chuid
caereach acu. B'iad dá threibh iad san 'ná sliocht Rúben
agus sliocht Ghaid. Thánadar ag triall ar Mhaois agus
do labhradar leis.



"Feuch, a rí," ar siad le Maois agus le Eleásar agus
le ríogra Israéil, "talamh ana mhaith chun treud agus
chun stuic iseadh an talamh so atá anois folamh ó dhaoine
i ndiaidh an íde atá tabhartha ag an dTighearna ar na
daoine a bhí ann. Táimíd-ne ghá iarraidh ort-sa, a rí,
gan sinn a bhreith treasna abhan Iórdain, isteach sa tír
gheallta, ach leogaint dúinn cur fúinn ar an dtalamh
fóghanta so atá anso ar an dtaobh so de'n abhainn."



"An amhlaidh," arsa Maois, "a raghaid bhúr mbráithre
chun an chogaidh agus chuirfidh sibh-se fúibh anso ar bhúr
suaineas! Cad é mar obair díbh bheith ag baint ó aigne
chlainne Israéil, 'ghá gcur ó dhul treasna na h-abhan
isteach sa talamh atá ag an dTighearna le tabhairt dóibh!
Nách shiné díreach an rud a dhein bhúr n-aithreacha nuair
a chuireas na teachtairí ó Chades Barne ag feuchaint na
tíre! Do chuireadar atharú aigne ar chlainn Israéil
'ghá gcur suas chun gan dul isteach sa tír a bhí bronntha
ag an dTighearna ortha. Do mhúisgil an obair sin fearg
an Tighearna i gcoinnibh chlainne Israéil agus do
cimeádadh sinn ar feadh an dachad blian ag fánaidh-
eacht sa bhfiantas. As an méid a bhí beó an uair sin
níl beó anois, chun dul isteach sa talamh gheallta ach
an bheirt a bhí dílis agus d'innis an fhírinne i dtaobh na
cuarda, .i. Caleb agus Iósue.



XCVI.



Cómhairle a Leasa.



"Agus anois," arsa Maois leó, "táthaoi-se ag
déanamh díreach mar a dhein bhúr n-aithreacha an uair sin.


L. 97


Is sibh sliocht agus síolrach na ndroch dhaoine úd agus
méadóchaidh sibh fíoch an Tighearna i gcoinnibh Israéil.
Má shocaruighean sibh-se ar gan dul leis tréigfidh sé an
pobul sa n-uaigneas agus is sibh-se a bheidh cionntach sa
n-íde a thiocfidh ortha go léir."



Ansan do dhruideadar-san chuige agus dubhradar:



"Déanfimíd cróthana d'ár dtreudtaibh agus d'ár
gcuid stuic agus déanfimíd catharacha daingeana d'ár
gclainn agus fágfimíd anso iad i n-ár ndiaidh agus
raighmíd féin, leis an gcuid eile de chlainn Israéil
chun an chogaidh, gleusta córuighthe chun catha, agus
beimíd ar tosach ag dul ins gach cath, roimh chlainn Israéil
amach, go dtí go gcuirfimíd isteach 'n-a n-inead féin
iad. Ní thiocfimíd thar n-ais anso chun ár gclainne go
dtí go mbeidh clann Israéil suidhte socair 'n-a n-oigh-
reacht féin."



"Má dheinean sibh mar sin," arsa Maois leó, "agus
má sheasuighean sibh an gheallamhaint sin, agus má théidhean
gach fear cómhraic agaibh gleusta armtha, treasna an
Iórdain, gan teacht thar n-ais go dtí go mbeidh a
namhaid claoidhte ag an dTighearna agus an tír go
léir fé smacht beidh sibh gan choir i láthair Dé agus i
láthair Israéil, agus gheóbhaidh sibh na críocha san atá
uaibh, os cómhair an Tighearna. Ach má dheinean sibh a
mhalairt sin, mara gcómhlíonaidh sibh an rud atá geallta
agaibh anois, ná bíodh aon phioc d'á mhearathal oraibh 'ná
go mbeidh peaca déanta agaibh i n-aghaidh Dé, agus ná
bíodh aon phioc d'á mhearathal oraibh 'ná go bhfaighidh
an peaca san greim oraibh go daingean. Deinidh, d'a
bhrígh sin, na cróthana d'bhúr dtreudta agus d'bhúr gcuid
stuic agus na catharacha daingeana d'bhúr gclainn agus
téidhidh sa chogadh, mar aon leis an gcuid eile de chlainn
Israéil, gleusta chun cómhraic, agus ansan bíodh an
talamh so a thaithnean libh bíodh sé agaibh féin agus ag
bhúr sliocht."



Ansan d'innis an Tighearna do Mhaois conus a déanfí


L. 98


rainnt an tailimh naomhtha idir dhá threibh déag chlainne
Israéil agus gur le crannchur a caithfí an rainnt do
dhéanamh.



Ansan do dhein Maois mórán cainnte leis an bpobul,
ag tabhairt chun a gcuimhne gach ar thuit amach dóibh i
gcaitheamh na h-aimsire a bhí imthighthe, agus 'ghá ngríosadh
chum bheith dílis do'n Tighearna sa n-aimsir a bhí le
teacht. Do mhínigh sé airís dóibh na deich n-aitheanta agus
an obliogáid a bhí ortha iad do chimeád go dúthrachtach.
Do mhínigh sé dhóibh na riaghalta a bhain le seirbhís phoibilidhe
an Tighearna agus na fuirmeacha a bhí le leanmhaint ionta.
Do mhínigh sé dhóibh na dlighthe do shocaróchadh gach aighneas
agus gach achran agus gach sórd imreasáin idir dhuine
agus duine acu féin. D'innis sé dhóibh conus mar
a bhí ceangailte ortha i láthair Dé na h-íodail a bhí ag
muinntir na tíre sin do bhrise agus do losgadh, agus na
droch bhéasa do bhain leó do chur ar neamhnídh, nuair a
gheóbhdís féin seilbh na tíre. Agus d'innis sé dhóibh conus
mar a bhí ceangailte ortha iad féin do chimeád go deó
glan ó sna droch bhéasaibh sin agus ó gach nídh do sprioc-
fadh chucha iad. D'innis sé dhóibh, leis, cad iad na
pionóisí uathbhásacha do chuirfadh an Tighearna ortha dá
mba ná cimeádfidís na h-aitheanta, agus dá mba ná
leanfidís na fuirmeacha a bhí tabhartha ag an dTighearna
dhóibh, agus dá ngéillidís do dhroch shampla na ngeinte
a bhí 'n-a dtímpal.



Sa chainnt sin go léir a dhein Maois an uair sin leis
an bpobul san chlainne Israéil is amhlaidh a labhair sé i
bpearsain an Tighearna féin. Do labhair sé an chainnt
fé mar a labharfadh an Tighearna féin í. Nuair a bhí sé
ag áireamh na mallachtaí a bhí le teacht ar chlainn Israéil
dá mba ná beidís dílis, do labhair sé cainnt a cuirfadh
sgann-ra agus crith-eagla ar aoinne beó. Agus feuch,
do fíoradh an uile fhocal de'n chainnt 'n-a dhiaidh
san, agus do thuit na mallachtaí sin go léir ar chlainn
Israéil.


L. 99



Duan.



"Taim-se anois," arsa Maois le clainn Israéil,
"céad agus fiche blian d'aois agus ní féidir dom
feasta bheith ag gabháil isteach agus amach, go mór mór
ó tá ráidhte ag an dTighearna liom: "Ní raghair-se
treasna na h-abhan san Iórdain." Raghaidh an Tighearna
féin treasna na h-abhan rómhaibh amach. Claoidhfidh an
Tighearna féin na geinte sin go léir os cómhair bhúr súl.
Raghaidh Iósue anso treasna na h-abhan rómhaibh, fé mar
atá ráidhte ag an dTighearna. Déanfidh an Tighearna
leis na geintibh sin fé mar a dhein sé le Sehon agus le
h-Óg, righthe na n-Amorréach, agus le n-a dtír. Dísgeó-
chaidh sé iad. D'á bhrígh sin nuair a thabharfidh sé suas
díbh iad-so deinidh-se an cor céadna thabhairt dóibh, fé
mar atá órduighthe agam díbh. Deinidh go fortuil, agus
glacaidh misneach. Ná bíodh sgáth ná eagla agaibh
rómpa. Isé an Tighearna féin is ceannuraid oraibh.
Ní thréigfidh sé sibh ná ní chaillfidh sé oraibh."



Ansan do ghlaoidh Maois chuige Iósue agus do labhair
sé leis os cómhair na ndaoine. "Glac neart agus
misneach" ar seisean leis, "mar is tusa do sheólfidh
an pobul so isteach sa tír sin a dhearbhuigh an Tighearna
d'á sínsear a thabharfadh sé dhóibh, agus is tusa do rainn-
fidh eatartha an tír le crannchur. Stiúróchaidh an
Tighearna sibh. Ní leogfidh sé uaidh sibh agus ní chaillfidh
sé oraibh. Ná bíodh sgáth ort ná eagla."



Nuair a bhí an méid sin raídhte ag Maois do sgríbh
sé síos an dlighe agus thug sé an sgríbhinn do sna sagairt,
do chlainn Lébhí a bhí ag iompar Airce Connartha an
Tighearna, agus do sheanóiríbh Israéil go léir agus
do labhair sé léo:-



"I n-aghaidh gach tréimhse seacht mblian, le linn


L. 100


solumnachta na dtabernacul, deintear clann Israéil
do thabhairt ar aon láthair agus an dlighe seo do léighe
dhóibh i dtreó go n-aireóchaid siad go léir an chainnt,
idir fhear agus bean, idir óg agus aosta, agus go
mbeidh an chainnt do ghlan mheabhair acu, agus go mbeidh
eagla an Tighearna ortha agus go gcimeádfid siad an
uile fhocal d'fhocalaibh na dlighe seo, iad féin agus a
gclann atá anois gan tuisgint; go n-aireóchaid siad
an dlighe agus go mbeidh eagla an Tighearna ortha, i
gcaitheamh na h-aimsire go léir a chaithfid siad sa tír
sin atá agaibh-se le fághail anois ag dul thar Iórdan
siar díbh."



Ansan do labhair an Tighearna le Maois: "Feuch,
tá lá do bháis i n-achamaireacht. Glaoidh ar Iósue agus
seasaídh i dtabernacul na connartha go dtugad órdú
dhó."



D'imthigh Maois agus Iósue agus sheasuighdar i
dtabarnacul na connartha. Do tháinig an Tighearna agus
thaisbeáin sé é féin dóibh sa n-uaithne sgamail, agus
bhí an sgamal 'n-a sheasamh i ndorus an tabernacuil.
Agus dubhairt an Tighearna le Maois:-



"Feuch, luighfir-se feasta i bhfochair do shínsear;
agus an pobul san, imtheóchaid siad i ndiaidh na ndéithe
iasachta sa tír seo 'n-a bhfuilid siad ag dul chun cómh-
nuighthe ann. Tréigfid siad mé sa tír sin agus cuirfid
siad mo chonnradh ar neamhnídh. Lasfidh m'fhearg 'n-a
gcoinnibh an lá san; agus tréigfad-sa iad san, agus
beidh m'aghaidh i bhfolach agam uatha agus tiocfidh an
uile shaghas uilc ortha. Deinidh-se d'á bhrígh sín, an duan
so do sgrí dhóibh agus múinidh é i dtreó go mbeidh sé
acu do ghlan mheabhair agus go mbeid siad 'ghá rádh,
agus go mbeidh sé 'n-a theastas orm-sa idir mé agus
clann Israéil.



"Táim 'ghá dtabhairt isteach sa tír a gheallas d'á sín-
sear, tír ar a bhfuil a cuid bainne agus a cuid meala
n-a slaodaibh. Ansan, nuair a bheid siad cothuighte,


L. 101


beathuighthe, ramhar, iompóchaidh siad chun déithe iasachta
agus adharfidh siad iad agus tabharfidh siad cúl liom-sa
agus cuirfidh siad mo chonnradh ar neamhnídh. Ansan,
nuair a thiocfadh na h-uilc ortha freagaróchaidh an duan
san iad mar theastas agus leanfidh a chuimhne agá
sliocht."



Do sgríbh Maois an duan agus chuir sé dh'á mhúine
é do chlainn Israéil, agus dubhairt an Tighearna le
Iósue. "Glac neart agus bí cródha, óir is tusa do
sheólfidh clann Israéil isteach sa talamh so atá geallta
agam-sa dhóibh, agus bead-sa leat."



Labhran an duan tríd síos, ar na mírbhúiltibh móra a
dhein an Tighearna ó thosach ar son clainne Israéil, agus
ar na peacaibh a bhí ag clainn Israéil á dhéanamh i gcomh-
nuidhe i gcoinnibh an Tighearna.



XCVIII.



Bás Mhaoise.



Do mhúin Maois an duan do chlainn Israéil, agus do
mhúin sé an dlighe dhóibh. D'innis sé dhóibh cad iad na
pionóisí a thiocfadh ortha dá mba ná cimeádfidís an
dlighe agus cad é an rath agus an séan a bheadh ortha ó
láimh Dé an fhaid a chimeádfidís an dlighe go dílis agus
go dúthrachtach. Ansan do chuir sé beannacht fé leith ar
gach treibh de'n dá threibh déag a bhí ann díobh.



Ansan do labhair an Tighearna le Maois agus dubhairt
sé leis: "Tar suas go bara chnuic Nébó agus feuch
ar an dtír sin Chanaain, an thír a thabharfad-sa do chlainn
Israéil, agus gheóbhair-se bás ar mhullach an chnuic sin
fé mar a fuair do dhritháir Aaron bás ar mhullach chnuic
Hór. Do dheineabhair beart am' aghaidh ag uisge na frith-
bhirte, i gCádes, i ngainmheach Sin. Níor dheineabhair me


L. 102


do naomhú ameasg clainne Israéil. Chífir an tír os
do chómhair, agus ní raghair isteach sa tír."



Agus d'imthigh Maois suas ó mhachaire Mhóab go
mullach chnuic Nébó, ar aghaidh Iericó soir, agus do
thaisbeáin an Tighearna dhó an tír go léir, óthuaidh agus
ódheas, soir chómh fada agus chuaidh clann Israéil 'n-a
dhiaidh san agus siar chómh fada leis an bhfaraige ar ar
tugadh an Mhuir Torrainn. Agus dubhairt an Tighearna
leis: "Siné an talamh a thabharfad-sa do chlainn
Israéil fé mar a dhearbhuigheas d'Ábraham agus
d'Isaac agus do Iácób nuair adubhart: 'Tabharfad an
tír sin dod' shliocht?' Tá radharc fághalta agat ar an
dtír led' shúilibh, ach ní bhfaighir dul thar an abhainn sin
siar."



Ansan, le h-órdú an Tighearna, fuair Maois bás,
ar mhullach an chnuic sin, i dtalamh Mhóab, agus d'adhlaic
an Tighearna é.



D'adhlaic an Tighearna féin é i ngleann éigin i dtír
Mhóabh, agus ní raibh fios na h-áite ag aoinne riamh.
Deir lucht eóluis gur bh'é cúis nár fágadh fios na h-áite
ag aon duine 'ná le h-eagla, le h-imtheacht aimsire, go
dtosnochadh clann Israél ar é dh'adhradh mar is ceart
Dia d'adhradh.



Bhí sé céad agus fiche blian nuair a fuair sé bás agus
ní raibh lagachar ar a shúilibh ná ní raibh aon cheann d'á
fhiacalaibh imthighthe uaidh ná aon bhogadh tagaithe ortha.
Do chaoineadar clann Israéil é, ar mhachaire Mhóab ar
feadh tríochad lá. Ansan do líonadh Iósue le spirid
na h-eagna mar do chuir Maois a lámh os a chionn; agus
bhí clann Israéil umhal dó agus dheineadar a réir agus
do chómhlíonadar gach nídh fé mar a bhí órduighthe ag an
dTighearna do Mhaois.



Agus deir an Sgriptiúir ná raibh riamh i n-Israél
fáidh eile mar Mhaois, mar go raibh an Tighearna os a
chómhair, aghaidh ar aghaidh, nuair a bhí sé ag déanamh na
n-iongnaí agus na mírbhúiltí uathbhásacha, i dtír na


L. 103


h-Éigipte, i láthair Pharó agus i láthair na n-Éigipteach go
léir ar fuaid na h-Égipte, agus nuair a bhí sé ag tais-
beáint nirt láimhe an Tighearna coitchianta os cómhair
chlainne Israéil an fhaid a bhí sé os a gcionn.



Mírbhúilt i riocht duine ab eadh Maois ó thosach a
bheatha go dtí gur chríochnuigh sé a chéad agus fiche blian.
Le mírbhúilt a tugadh saor ó'n uisge é nuair a bhí sé
sa chliabhán brobhnacha i n-imeal na h-abhan. Le mírbhúilt
a tugadh saor é ó fheirg an rí nuair a mhairbh sé an
t-Éigipteach a bhí ag gabháil ar an Israélíteach. Le mír-
bhúilt an tuir ar lasadh iseadh do cuireadh síos thar n-ais
sa n-Éigipt é chun clainne Israéil d'fhuasgailt. Le
suathantas mírbhúiltí uathbhásacha iseadh do dhein sé an
fhuasgailt sin, le n-ar fhág sé an Éigipt traochta,
sgriosta creachta tar éis deich pláige sgannramhla do
chur i n-diaidh chéile uirthi, agus ansan a rí agus a h-uaisle
go léir agus a slóighte cródha líonmhara láidire, do bháth'
i n-aonfheacht sa Mhuir Ruaidh. Le mírbhúilt troscaidh
i lár sgamal agus teine agus tóirthnighe, iseadh fuair
sé na deich n-aitheanta ar Shliabh Sinai, nuair a cuireadh
ar a ghnúis an solus gléineach úd a dhalladh súile na
ndaoine, i dtreó go mb'éigean dó a aghaidh do chlúdach
uatha. Agus do lean an solus céadna san ar a ghnúis
i gcaitheamh an dachad blian go léir go dtí an lá a fuair
sé bás ar mhullach cnuic Nébó i dtír Mhóab. Aon mhír-
bhúilt amháin, ó thosach go deire, ab eadh an dachad blian
a thug sé ag tabhairt aire do chlainn Israéil i gcaitheamh
a bhfánaidheacht sa ghainmheach, an fhaid a bhí an bia ag
teacht chucha anuas as an spéir agus, mar adubhairt
Maois féin leó, nár chríonuigh an t-éadach a bhí úmpa
agus nár caitheadh na bróga a bhí ar a gcosaibh acu.
Mírbhúilt i riocht duine ab eadh é ó thosach go deire. Isé
an Tighearna féin a bhí os cionn a bháis agus d'adhlaic
an Tighearna é i n-áit nár bh'eól d'aon duine.


L. 104


XCIX.



Rachab.



Nuair a bhí Maois tar éis bháis do labhair an Tighearna
le Iósue agus dubhairt sé leis: "Tá mo sheirbhíseach,
Maois tar éis bháis. Eirigh-se, tú féin agus an pobul so
go léir, agus imthigh thar Iórdan siar, isteach sa tír seo a
thabharfad-sa do chlainn Israéil. An uile áit de thalamh
na tíre sin ar a luighfidh bhúr dtroighthe ó'n ngainmheach
agus ó'n Libanus soir go h-abhainn mór Euphrates,
tabharfad díbh é, fé mar adubhart le Maois. An tír go
léir atá ag na Hetaeachaibh, siar go bruach na faraige
móire, mar a dtéidhean an ghrian féi, beidh sé agaibh-se.
Bead-sa ag cabhrú libh. Ní bheidh aoinne ábalta ar
sheasamh i nbhúr gcoinnibh an fhaid a bheir-se beó. Bead-sa
leat-sa fé mar a bhíos le Maois. Ní leogfad uaim tu
agus ní thréigfad tu. Glac misneach agus bí cuthaigh,
óir is tusa do rainnfidh le crannchur, ar an bpobul so,
an talamh so n-ar dhearbhuigheas d'á sínsear go dtabhar-
finn dóibh é. Glac misneach, d'á bhrígh sin, agus bí ana
chródha, agus cimeád agus cómhlíon an dlighe sin go léir
n-ar órduigh mo sheirbhíseach Maois duit é chomhlionadh.
Ná h-iompuigh ó'n ndlighe sin deiseal ná tuathal, i
dtreó go dtuigfir gach nídh de sna neithibh a dhéanfir.
Ná sgaradh leabhar na ndlighe sin led' bhéal. Bí ag
machtnamh ar an ndlighe sin do ló agus d'oidhche i dtreó
go gcimeádfir agus go gcómhlíonfir an uile nídh d'á
bhfuil sgríobhtha ann. Ansan seólfir do shlighe agus
tuigfir an seóladh. Feuch, glac misneach adeirim leat,
agus bí cuthaigh. Ná bíodh aon eagal ort ná aon sgáth.
Tá do Thighearna Dia leat ins gach uile nídh d'á nglacfir
ar láimh." Ansan do labhair Iósue le h-uaislibh an
phobuil. "Imthighidh," ar seisean, "tré lár an long-
phuirt agus labhraidh leis an bpobul agus abraidh leó


L. 105


mar seo: 'Deinidh lón bídh d'ullmhú. I gceann trí
lá raghaidh sibh thar Iórdan siar agus glacfidh sibh seilbh
sa tír sin atá ag bhúr dTighearna Dia le tabhairt díbh.'"



Agus dubhairt sé le muinntir treibhe Rúben agus
treibhe Ghaid agus le leath treibhe Mhanasse; "Cuimh-
nighidh-se ar an gcainnt adubhairt Maois libh: 'Thug bhúr
dTighearna Dia suaineas díbh agus an talamh so go léir!'
Fanadh bhúr mná agus bhúr gclann agus bhúr gcuid stuic
anso sa talamh so a thug Maois díbh agus téidhidh-se,
fé arm cómhraic agus cosanta, roimis an gcuid eile de
chlainn Israéil, thar Iórdan siar, agus deinidh troid
i n-aonfheacht leó, go dtí go dtabharfidh an Tighearna
suaineas d'bhúr mbráithribh fé mar atá tabhartha aige
dhíbh-se, agus go dtí go mbeidh an talamh tabhartha aige
dhóibh fé mar atá geallta ag an dTighearna Dia a thabhairt
dóibh. Ansan féadfidh sibh dul thar n-ais soir airís thar
abhainn agus fanmhaint ar bhúr suaineas sa talamh san
atá fághalta agaibh ó Mhaois."



"Déanfimíd," ar siad san, "an uile nídh de sna
neithibh sin atá órduighthe agat dúinn a dhéanamh. Fé mar
a bhíomair umhal do Mhaois beimíd umhal duit-se ins
gach uile nídh. Ach go raibh Dia leat-sa fé mar a bhí
sé le Maois. Agus an t-é ná déanfidh do réir-se agus
ná beidh umhal duit ins gach órdú d'á dtabharfir uait
curtar chun báis é. Ach bí-se misneamhail agus dein
gníomh fir."



Ansan do chuir Iósue uaidh, a gan fhios, beirt lucht
brath. "Imthighidh," ar seisean leó, "agus deinidh an
tír d'fhéachaint, agus an chathair sin Iericó." D'imthigh
an bheirt agus 'n-a gcuaird dóibh chuadar isteach i dtigh
áirithe, agus méirdreach ab eadh an bhean n-ar léi an tigh
agus Rachab ab ainm di. D'fhan an bheirt fear sa tigh
ar lóisdín. Do conacthas ag dul isteach ann iad.
D'imthigh daoine agus d'innseadar an sgéal do rí
na catharach. Do chuir an rí a lucht airm chun an tighe 'ghá
iarraidh ar Rachab an bheirt fhear do thabhairt suas dóibh


L. 106


mar gur lucht brath gur bh'eadh iad agus gur thánadar ó
chlainn Israéil ag brath na catharach agus na tíre. Do
chuir Rachab na fir i bhfolach. "Admhuighim," ar sise
ansan le muinntir an rí, "go dtáinig a leithéidí anso,
ach ní raibh fhios agam-sa cad é an saghas iad ná cad
as iad. Ach d'imthighdar as an gcathair sa doircheacht
nuair a bhí geataí na catharach d'á ndúnadh agus ní
fheadar-sa cár imthighdar. Má leanan sibh láithreach iad
ní baoghal ná go dtiocfidh sibh suas leó." Do rug sí léi
na fir suas go bara an tighe agus do chlúdaigh sí iad le
líon gan bualadh a bhí sa n-áit. Do ghluais an mhuinntir
eile ar a dtóir, mar a mheasadar, agus níor stadadar
go dtí go rabhadar ag áthaibh abhan Iórdain.



C.



Éaló.



Bhí an bheirt thuas i mbara an tighe i bhfolach fé'n líon.
Chómh luath agus bhí muinntir na catharach 'n-a gcodladh
d'imthigh Rachab suas agus do labhair sí leó. "Tá
fhios agam-sa," ar sisi, "go bhfuil an Tighearna tar
éis na tíre seo do thabhairt díbh-se. Tuigid muinntir
na tíre an méid sin go maith agus tá sgannra ortha go
léir agus táid siad ag tuitim ar a gcosaibh le h-eagla
rómhaibh. Ní'l brígh ná meanmna tar éis fanmhaint
ionta. D'airighmair conus mar a thriomuigh an Tighearna
uisge na Mara Rua rómhaibh nuair a bhíobhair ag teacht
as an Éigipt. D'airighmair conus mar a dheineabhair
léirsgrios ar bheirt righthe na n-Amorréach agus ar a
ndaoine go léir, gur chuireabhair chun báis iad. Nuair a
dh'airighmair na neithe sin do thuit a lug ar a lag ag ár
ndaoine go léir, le neart eagla rómhaibh. Níor fhan brígh


L. 107


ná misneach ionainn nuair a fuaramair ag teacht chughainn
sibh. Óir an Tighearna Dia so agaibh-se isé Dia na
bhflathas thuas é agus isé Dia an tailimh thíos é. Agus
anois deinidh-se a dhearbhú dhomh-sa, dar an Tighearna,
go mb[h]eidh sibh-se athtruaghach ar theaghlach m'áthar-sa fé
mar atá fóirithint déanta agam-sa oraibh-se. Tugaidh
dom cómhartha a dhéanfidh m'athair agus mo mháthair agus
a líntighe go léir do thabhairt saor ó bhás, agus ár
dtigh agus ár maoin do thabhairt saor ó léirsgrios."



"Ár n-anamna chun báis thar cheann bhúr n-anama-sa,"
ar siad, "ach ná sgéidhfir orainn. Nuair a thabharfidh an
Tighearna dhúinn an tír déanfimíd ort-sa fóirithint agus
fírinne." Ansan do leog sí amach an fhinneóg iad le
téid. Bhí an tigh buailte suas le falla na catharach i
dtreó, nuair a thánadar chun tailimh ó'n bhfinneóig go
rabhadar lasmuich de'n fhalla. "Imthighidh anois suas
chun na gcnoc," ar sisi leó, "le h-eagla go mbuailfadh
sibh úmpa súd ag teacht thar n-ais dóibh. Fanaidh in
sna cnocaibh ar feadh trí lá go mbeidh siad tagaithe.
Ansan féadfidh sibh imtheacht bhúr mbóthar."



"Bíodh an téad chorcra san le n-ar leogais anuas
sinn," ar siad san léi, "ar sile amach as an bhfinneóig
sin agat i dtreó go bhfeicfimíd í agus go n-aithneómíd
an tigh, agus bíodh do mhuinntir go léir istigh sa tigh agat,
t'athair agus do mháthair agus an líntighe go léir, nuair
a thiocfimíd ag glacadh sealbha na tíre. Ansan, má
théidhan aoinne leat amach ar an dtigh bíodh air féin. Ach
má chuirean aoinne bara méire ar aon duine a bheidh
istigh anso sa tigh agat beimíd-ne freagarthach duit-se
ann. Ach má sgéidhean tu orainn agus an chainnt seo
d'innsint orainn beimíd saor ó'n ndearbhú so atá
déanta againn duit."



"Bíodh san mar atá ráidhte agaibh," ar sisi, agus
d'imthighdar. Ansan do cheangail sí an téad chorcra
as an bhfinneóig agus d'fhág ar sile síos í lasmuich de'n
fhinneóig. D'imthigh an bheirt an cnoc suas agus


L. 108


d'fhanadar ann i bhfolach ar feadh trí lá, go dtí go raibh
an mhuinntir a bhí ar a dtóir tagaithe ó'n gcuardach
agus imthighthe isteach sa chathair. Ansan thánadar anuas
ó'n gcnoc agus chuadar ag triall ar Iósue agus
d'innseadar a sgéal dó; "agus" ar siad, "tá an
tír sin go léir tabhartha suas dúinn ag an Tighearna.
Tá muinntir na tíre, an uile dhuine riamh acu, ag
dul i laige le sgannra romhainn."



Nuair airigh Iósue an méid sin do sgur sé an long-
phort i lár na h-oidhche agus d'imthigh sé féin agus clann
Israéil as an áit 'n-a rabhadar agus thánadar go bruach
abhan Iórdain. D'fhanadar trí lá ar bruach na h-abhan.
Nuair a bhí an méid sin aimsire caithte do ghluais lucht
fógartha tré lár an phobuil agus iad ag labhairt go
h-árd agus sidí an chainnt a labhradar le clainn Israéil:



"Nuair a chífidh sibh airc chonnartha bhúr dTighearna Dia
agus sagairt treibhe Lébhi 'ghá h-iompur eirighidh agus
leanaidh iad, agus cimeádaidh chómh fada siar uatha agus
go mbeidh dhá mhíle cúbat de shlighe idir sibh agus an airc,
i dtreó, go mbeidh radharc agaibh uirthi agus go mbeidh
fhios agaibh cad é an treó a gheóbhaidh sibh, mar níor
shiubhalabhair an tslighe riamh fós; agus seachnaidh sar a
dtiocfadh sibh ró achamair do'n airc."



Ansan do labhair Iósue leis an bpobul: "Deinidh,"
ar seisean, "sibh féin do bheannú mar deanfidh an
Tighearna neithe iongantacha amáireach eadraibh."



"Tógaidh-se an airc," ar seisean leis na sagartaibh,
"agus gluaisighidh roimis an bpobul amach." Do dhein-
eadar an nídh sin. Do thógadar an airc agus ghluaise-
adar roimis an bpobul amach. Ansan do labhair an
Tighearna le Iórue mar seo: "Tosnóchad indiu ar thusa
d árdú i láthair clainne Israéil go léir agus chífid siad
go bhfuilim leat-sa mar a bhíos le Maois."


L. 109


CI.



Átha gan uisge.



"Tosnóchad indiu ar thusa dh'árdú," ars an Tighearna
le Iósue, "os cómhair chlainne Israéil go léir, i dtreó
go mbeidh fhios acu go bhfuilim leat-sa díreach mar a
bhíos le Maois. Agus abair-se leis na sagartaibh atá
ag iompar airce na connartha: "Nuair a raghaidh sibh
isteach tamal i n-uisge na h-abhan deinidh seasamh sa
n-uisge.'" Ansan do labhair Iósue leis an bpobul:
"Tagaidh anso," ar seisean leó, "agus éistidh le
briathar bhúr dTighearna Dia. Chífidh sibh anois," ar
seisean, "go bhfuil an Tighearna Dia 'n-a chómhnuidhe
i nbhúr measg agus go sgaipfidh sé os bhúr gcómhair na
cineacha san atá anois 'n-a gcómhnuidhe sa talamh so atá
geallta aige dhíbh-se. Feuch; siní airc chonnartha
Tighearna an dómhain go léir ag dul rómhaibh isteach sa
Iórdan: Cuiridh chugham anso dháréag fear, fear as gach
treibh de'n dá threibh déag. Anois, nuair a chuirfid na
sagairt atá ag iompar airce connartha an Tighearna a
gcosa isteach i n-uisge na h-abhan rithfidh an t-uisge
a bheidh laistíos díobh rithfidh sé síos le fánaidh i dtreó
go mbeidh an áit gan aon uisge; agus an t-uisge atá
ag teacht chucha anuas stadfidh sé agus cruinneóchaidh sé
'n-a chnocán lastuas díobh." Ansan tháinig na daoine
amach as a gcábánaibh chun dul thar an abhainn siar agus
do ghluaiseadar na sagairt rómpa amach agus iad ag
iompar airce na connartha. Chomh luath agus chuir na
sagairt a gcosa isteach sa n-uisge do stad an t-uisge
de dhul thórsa síos agus d'eirigh cnoc mór uisge
lastuas de'n áit, agus bhí an cnocán uisge sin chomh mór
chómh h-árd chómh leathan san go raibh radharc air ag muinn-
tir na tíre mórthímpal, ar gach taobh de'n abhainn,


L. 110


chómh fada suas ó'n áit le cathair Adoim agus leis an
áit ar a dtugtí Sastan. An t-uisge, ámhthach, a bhí
lastíos de'n bhall 'n-a raibh na sagairt 'n-a seasamh fé'n
airc, do rith sé síos isteach sa bhFaraige Mharbh agus do
fágadh an méid sin de leaba na h-abhan gan aon bhraon
uisge ann. Ansan do ghluais an pobul anonn treasna
an chaidhséir thirim i dtreó catharach Iericó, agus d'fhana-
dar na sagairt, agus an airc ar iompar acu, 'n-a
seasamh istigh i lár an chaidhséir gan uisge, agus an cnoc
mór uisge n-a sheasamh lastuas díobh. Nuair a bhí deire
an phobuil gabhtha siar thar leaba na h-abhan do labhair
an Tighearna le Iósue. "Dein dáréag fear do thogha as
an dá threibh déag, fear as gach treibh," arsan Tighearna,
"agus abair leó dhá chloich dhéag, de sna clochaibh is
cruadha sa n-áit, do thógaint a' leabaidh na h-abhan as
an áit i n-a bhfuil na sagairt 'n-a seasamh agus beiridh
libh an dá chloich dhéag san chun na h-áite 'n-a ndéanfidh
sibh longphort do chur suas anocht agus cuiridh na clocha
ar an áit sin."



Do ghlaoidh Iósue chuige an dáréag agus do labhair
sé leó, "Imthighidh," ar seisean, "mar a bhfuil airc bhúr
dTighearna Dia i lár abhan Iórdain agus tugadh gach
fear agaibh cloch leis, ar a ghualainn, as an áit; dhá chloich
dhéag; cloch i n-aghaidh gach treibhe de dhá threibh déag
clainne Israéil, i dtreó go gcurfar suas mar chómhartha
iad do sna daoine atá le teacht. Ansan, sa n-aimsir
atá le teacht, nuair fhiafróchaid bhúr gclann díbh cad
chuige na clocha san, déarfidh sibh leo: "Do thráig uisge
abhan Iórdain roimh airc chonnartha an Tighearna nuair a
bhí an airc ag teacht anall thar an abhainn sin, agus do
cuireadh na clocha san sa n-áit sin mar adhbhar cuimhne
ar an mírbhúilt sin go bráth.""



D'imthigh an dáréag fear agus thugadar leó amach a'
lár leapan na h-abhan, ó'n áit 'n-a raibh na sagairt 'n-a
seasamh agus an airc acu dh'á h-iompar, an dá chloich
dhéag agus do rugadar leó iad chun áite an longphuirt.


L. 111


Ansan d'órduigh Iósue dhá chloich dhéag eile do bhreith
isteach sa n-áit 'n-a raibh na sagairt 'n-a seasamh agus
iad d'fhágáilt ann.



Nuair a bhí an obair sin go léir déanta do labhair an
Tighearna le Iósue: "Abair leis na sagartaibh atá
ag iompar airce na connartha teacht aníos a' leabaidh
na h-abhan," arsan Tighearna. Thug Iósue an t-órdú
san uaidh. Tháinig na sagairt amach as an gcaidhséar.
Nuair a bhíodar 'n-a seasamh anáirde ar an bport, tar
éis teacht amach a' leabaidh na h-abhan do sgaoileadh
airís le fánaidh an cnoc mór uisge a bhí tar éis cruinniú
lastuas díobh an fhaid a bhíodar 'n-a seasamh i lár
leapan na h-abhan.



Do móradh ainm Iósue agus do h-árduigheadh a cháil
go h-iongantach tré bhíthinn na mírbhúilte sin, i dtreó
go raibh clann Israéil go léir umhal dó, agus go raibh
sgáth agus eagla acu roimis, fé mar a bhí acu roimhe
Maois féin, an fhaid a bhí sé beó os a gcionn. Ní raibh
an bheirt gan cosmhalacht le n-a chéile sa dá mhírbhúilt
mhóra úd. D'osgail Maois bóthar tirim do chlainn
Israéil tríd an Muir Ruaidh agus d'osgail Iósue bóthar
tirim dóibh tríd an Iórdan.



CII.



Tímpalghearradh.



Nuair airigh muinntir na tíre mórthímpal conus
mar a cimeádadh siar uisge na h-abhan chun leogaint
do chlainn Israéil teacht thar abhainn anoir do chosaibh
tiorma do thuit a lug ar a lag acu ar fad. Ba chuimhin
leó go maith conus mar a h-osgaladh an bóthar tirim
tríd an Muir Ruaidh do'n mhuinntir chéadna tímpal
dachad blian roimis sin. B'shin mírbhúilt eile de'n
tsaghas chéadna déanta ansúd 'n-a n-aice an uair sin,


L. 112


agus conus ab fhéidir dóibh féin seasamh agus iad féin
do chosaint i n-aghaidh na cómhachta a dhein an dá mhírbhúilt
sin! Níor fhan sprid ná misneach ionta. Bhí fhios acu
go raibh an talamh san a bhí acu féin go dtí san, go raibh
sé le baint díobh an uair sin agus le tabhairt do chlainn
Israéil, agus go raibh sé geallta do'n chlainn Israéil
chéadna ar feadh mórán aimsire roimis sin.



B'fhéidir go bhfuil daoine ann anois adéarfadh gur
mhór an eugcóir an talamh san a bhaint de sna daoine
sin agus é thabhairt do'n tsluagh iasachta san a tháinig
isteach ann ó'n bhfásach agus ó'n ngainmheach. Ní'l le rádh
le daoine de'n tsórd san ach so. Is le Dia talamh an
domhain. Isé Dia a thug ar dtúis talamh Chanaain do
sna geintibh sin a bhí ghá áitreabh an uair sin. Má b'é toil
Dé an talamh a thógaint thar n-ais chuige féin uatha cá
raibh an eugcóir? Go mór mór má iompuigh na
daoine amach go h-olc, má thugadar cúl agus druim
lámha le Dia agus le dlighe Dé, cad é an chúis ná tógfí
uatha an talamh? Thug Dia dhóibh an talamh saidhbhir
sin ar dtúis agus do b'olc an díol ortha é. Bhí foláramh
acu dh'á fhághail i gcaitheamh an dachad blian, go raibh
an t-am ag teacht 'n-a mbainfí dhíobh an talamh san agus
'n-a dtabharfí é do'n chlainn Israéil úd a bhí ag fánaidh-
eacht sa bhfiantas. Níor chuireadar aon tsuim sa
bhfoláramh. Do leanadar ar a ndroch bhéasaibh gráin-
neamhla. Tháinig ortha, fé dheire, an léirsgrios a bhí
tuillte acu, an léirsgrios nár tháinig a gan fhios ortha,
an léirsgrios a bhí geallta dhóibh agus a bhí fhios acu a
bheith ag teacht. Daoine gan creideamh iseadh na daoine
adéarfadh gur bh'eugcóir an talamh úd a bhaint díobh súd
agus é thabhairt d'á malairt.



Nuair a bhí clann Israéil tagaithe anoir thar an abhainn
dheineadar longphort i n-áit ar a dtugtar Galgala, ar
an machaire, idir abhainn Iórdain agus cathair Iericó.
Ansan do chuir Iósue 'n-a n-áit féin an dá chloich dhéag
úd a tugadh as an abhainn an fhaid a bhí an t-uisge dhá


L. 113


chimeád siar, agus dubhairt sé leis an bpobul: "'N-a
dhiaidh so," ar seisean leó, "nuair fhiafróchaid bhúr
gclann díbh-se cad chuige na clocha san, abraidh leó:
'Do chimeád an Tighearna siar uisge na h-abhan san ó
chlainn Israéil i dtreó gur thánadar anall tré leaba
na h-abhan do chosaibh tiorma, díreach mar a h-osgaladh
bóthar dóibh tríd an Muir Ruaidh agus gur thánadar
tríthi do chosaibh tiorma. Do tógadh na clocha san a'
lár na h-abhan nuair a bhí an t-uisge 'á chimeád siar agus
leaba na h-abhan gan aon uisge, agus tugadh na clocha
anso agus do cuireadh ansan mar a bhfuilid siad anois,
i dtreó go dtuigfadh muinntir an domhain go léir
lámh uilechomhachtach an Tighearna, agus i dtreó go
mbeadh oraibh-se do ghnáth eagla bhúr dTighearna Dia.'"



Ansan do thug an Tighearna órdú eile do Iósue.
Dubhairt sé leis tímpalghearradh do dhéanamh ar chlainn
Israéil. Sidé cúis 'n-ar caitheadh an tímpalghearradh
san do dhéanamh.



I gcaitheamh an dachad blian a thug clann Israéil sa
ghainmheach níor deineadh an tímpalghearradh. Ansan
nuair a dhiúltuigh an pobul do theacht isteach sa Talamh
Naomhtha agus nuair eirighdar i gcoinnibh Mhaoise agus
Aaroin, agus nuair a mheasadar Maois do chur chun báis
agus ceannuraid eile do thoghadh agus dul thar n-ais sa
n-Éigipt, do cuireadh an dachad blian mar phionós
ortha agus dubhradh leó ná leogfí d'aon duine acu, ach
do'n bheirt a bhí dílis, dul isteach sa Talamh Naomhtha.
Nuair a bhí an dachad blian caithte do fuaradh go raibh
na fir a bhí tímpalghearrtha go rabhadar go léir tar éis
bháis. B'shiné an cómhartha. An mhuinntir a rugadh sa
n-uaigneas ní raibh tímpalghearradh déanta i n-aon chor
ortha, agus isiad a chuaidh isteach.


L. 114


CIII.



Do thuit na fallaí chun tailimh.



D'fhan clann Israéil i nGalgala go dtí gur dhein-
eadar gnó na cásga ann. Chun an ghnótha san a dhéanamh
bhí arbhar na tíre sin acu. Bhí an t-arbhar san acu, leis,
chun bídh dóibh féin, agus bhí torthaí eile na tíre acu mar
an gcéadna. Ní raibh aon ghádh feasta acu leis an
manna. D'á bhrígh sin do stad an manna de thuitim
as an spéir chucha. Bhí sé ag tuitim as an spéir chucha
ar feadh an dachad blian, an fhaid a bhí gádh acu leis.
Chimeád sé 'n-a mbeathaidh iad an fhaid ná raibh aon bhia
eile acu le n-ithe. Chómh luath agus bhíodar tar éis teacht
anoir treasna abhan Iórdain, isteach sa tír fhóghanta,
a bhí ábalta ar a ndóithin bídh a thabhairt dóibh, do stad
sé.



Tar éis na cásga bheith déanta do thárla go raibh
Iósue ag siubhal ar an machaire lasmuich de'n longphort.
Thóg sé a cheann agus chonaic sé an fear 'n-a sheasamh
ar a aghaidh amach agus claidheamh nocht 'n-a láimh dheis
aige. Do dhruid Iósue 'n-a threó agus do labhair sé
leis.



"An cara thu nú an namhaid tu," arsa Iósue leis.



"Ní namhaid mé," ar seisean, "Is priúnsa mé ar
shlóightibh an Tighearna agus thánag anois."



Nuair airigh Iósue an chainnt sin, do shléacht se dhó
'ghá onórú agus dubhairt sé. "Cad tá agam' Thighearna
le rádh le n-a sheirbhíseach?"



"Bain díot do bhróga," arsan priúnsa, "mar is
áit naomhtha an áit ar a bhfuilir ad' sheasamh."



Bhain Iósue dhe na bróga. Bhí cathair Iericó dúnta
daingean an uair sin le h-eagla roimh chlainn Israéil
agus bhí na fallaí cosanta a bhí 'n-a tímpal ana árd
agus ana láidir. Dubhairt an Tighearna le Iósue:-


L. 115


"Feuch, tá Iericó tabhartha dhuit agam indiu, í féin
agus a rí agus a daoine, a slóighte tréana go léir.
Deinidh-se mar seo ar feadh sé lá. Gabhadh bhúr slóighte
armtha go léir tímpal na catharach uair sa ló, ansan
nuair a thiocfidh an seachtmhadh lá tógadh na sagairt, na
seacht trúmpaí a bhainean leis an iúbilé agus gabhdís
roim airc na connartha amach, agus gabhaidh tímpal
na catharach seacht n-uaire. Ansan séideadh na sagairt
na trúmpaí, agus nuair a bheidh fuaim na dtrúmpa
'n-a lán neart i nbhúr gcluasaibh cuireadh clann Israéil
go léir liú i n-aonfheacht asta chómh tréan chóm h-árd
agus d'fhéadfid siad é, agus tuitfid fallaí cosanta
na catharach chun tailimh, ó bharr go bonn, i dtreó go
bhféadfidh gach fear agaibh dul isteach ar aghaidh na h-áite
'n-a mbeidh sé 'n-a sheasamh."



D'imthigh Iósue agus ghlaoidh sé chuige na sagairt agus
d'innis sé dhóibh cad a bhí le déanamh acu. D'innis sé,
mar an gcéadna, do'n tsluagh cad a bhí le déanamh acu.
Do deineadh mar a dh'órduigh an t-aingeal. Do chuadhthas
tímpal ar an gcathair uair sa ló ar feadh sé lá. Ansan
do tugadh an chuaird tímpal seacht n-uaire an seachtmhadh
lá agus nuair a bhí an seachtmhadh cuaird tabhartha do
séideadh na trúmraí agus chuir an pobal an liú asta
agus do thuith na fallaí go léir chun tailimh. Do thuit-
eadar chómh h-íseal san ná raibh ag gach fear de chlainn
Israéil le déanamh ach bualadh ar a aghaidh féin isteach.



Do tugadh foláramh dóibh ó'n aingeal, go raibh an
chathair agus na daoine go léir agus gach aon rud beó
d'á raibh istigh sa chathair, agus an uile shaghas maoine
d'á raibh istigh sa chathair go rabhadar fé easgaine, agus
go raibh gráin na h-easgaine ortha, agus dá bhrígh sin
ná raibh ceaduighthe d'aon duine de chlainn Israéil
aon nídh do thógaint ná do bhreith leis as an gcathair
nuair a tógfí í. Bhí ceangailte ar chlainn Israéil an
uile rud beó, idir dhuine agus beithidheach, d'á raibh sa
chathair, do chur chun báis, agus an uile rud ná raibh


L. 116


beó, pé tairbhthe bheadh ann, do losgadh, agus gach sórd
mitil d'á bhfaghfí ann do thabhairt ag triall ar Iósue
i dtreó go ndéanfí é bheannu chun Dé. B'shiné órdú
an Tighearna. Ní foláir nú bhí na daoine go h-ana olc
ar fad i láthair Dé.



CIV.



Mallacht ar Iericó.



Nuair a bhí an chathair le tógaint, sar ar thuit na
fallaí agus sar ar ghluais clann Israéil isteach, do
labhair Iósue leis an mbeirt spiairí úd. "Chómh luath
agus a raghaidh sibh isteach sa chathair," ar seisean,
"tugaidh aghaidh ar thigh na mná úd a dhein fóirithint oraibh
agus, fé mar a gheallabhair di fé dhéarbhú, deinidh í féin
agus a líntighe do chosaint ar an léirsgrios."



Do deineadh san. Do rith an bheirt chun an tighe.
Chonacadar an téad chorchra ar sile as an bhfinneóig.
Chuadar isteach agus thugadar leó amach Rachab agus
a h-athair agus a máthair agus a dritháracha agus a
driféaracha agus pé fághaltas maoine a bhí acu, agus do
rugadar leó iad go dtí longphort chlainne Israéil agus
dheineadar inead cómhnuighthe dhóibh lasmuich de'n long-
phort agus chuireadar ann iad chun cómhnuighthe. D'fhán
an líntighe sin i bhfochair clainne Israéil as san amach.



Do loisgeadh an chathair agus níor fágadh aon rud
beó d'á raibh ann gan marbhú ná aon phioc maoine ann
gan losgadh. Agus aon tsaghas mitil d'á raibh ann,
d'ór nú d'airgead nú d'iarann, do tugadh ag triall ar
Iósue é le beannú chun Dé.



Ansan do chuir Iósue mallacht ar an gcathair agus ar
aon duine do thabharfadh fé'n gcathair sin do chur suas
airís.



Déarfadh daoine, b'fhéidir, gur chruaidh an rud a


L. 117


leithéid d'íde do dhéanamh ar an gcathair sin agus ar a
raibh de dhaoinibh innti, idir óg agus aosta. Ba chruaidh
an rud an domhan go léir do bháth' le h-uisge na
dílean. Agus ba chruaidh an rud Sodom agus Gomorra
do losgadh le teine, na daoine a bhí ionta do losgadh,
idir óg agus aosta. Ní baoghal go ndéanfí aon léir-
sgrios ortha san mara mbeadh an léirsgrios a bheith
tuillte ag na daoine. Níor dhein Dia eugcóir riamh,
moladh go deó leis.



Bhí cathair eile tímpal deich míle fhichid siar óthuaidh ó
Iericó agus Hai an ainm a bhí uirthi. Chuir Iósue daoine
ghá feuchaint. D'fheuchadar an chathair agus thánadar
thar n-ais.



"Ní gádh puinn nirt slógh chun na catharach san do
thógaint," ar siad. "Déanfidh trí nú ceathair de
mhíltibh fear an gnó. Cad chuige go gcurfí trioblóid
ar an bpobul go léir chun suarachais nirt do chlaoidhe?"



Do cuireadh trí mhíle fear armtha chun na catharach
bige sin do thógaint. Thainig muinntir na catharach amach
'n-a gcoinnibh agus throideadar iad. Do bhuaidh muinntir
na catharach ar an dtrí mhíle, do theich an trí mhíle. Do
leanadh iad go dian. Do marbhuigheadh rainnt acu.
Níor mhór é. Níor marbhuigheadh ach sé feara déag ar
fhichid acu. Do rug an chuid eile na cosa leó agus
shroiseadar an longphort agus náire ortha, a ndóithin,
agus ceannfé agus diombádh.



Bhí iongna ar gach aoinne. Bhí iongna agus alltacht
ar Iósue. Bhí buairt mhór ar an bpobul go léir. Ní raibh
aon choinne acu le n-a leithéid de mhatalong.



Do chaith Iósue é féin ar an dtalamh agus chrom sé
ar é féin do chaitheamh suas ar an dTighearna:-



"Ochón ó, a Thighearna Dia," ar seisean, "cad a
dhéanfad nú cad tá le rádh agam! Chím fir Israéil ag
tabhairt cúl le cath agus ag teiche ó namhaid!
Aireóchaid na geinte seo i n-ár dtímpal an sgéal so.
Tiocfidh misneach dóibh. Cruinneóchaid siad i n-ár


L. 118


dtímpal. Dísgeóchaid siad sinn. Ní fágfar duine
againn beó, agus beidh masla fághalta agat' mhór
ainm féin, a Thighearna! An chuige sin a thugais an
pobul so anall thar Iórdan!"



Thug Iósue an lá go léir 'n-a luighe ar a bhéal agus
ar a aghaidh ar an dtalamh ag guidhe chun an Tighearna
ar an gcuma san. Fé dheire do labhair an Tighearna
leis.



CV.



Cuirptheach.



Dubhairt an Thighearna le Iósue. "Eirigh! Cad chuige
dhuit bheith sínte ar an dtalamh? Tá peaca deanta ag
clainn Israéil. Do bhriseadar mo reacht. Do thógadar
cuid de'n rud a bhí fé'n easgaine. Do ghoideadar é
agus dheineadar éitheach ann agus chuireadar i bhfolach é
ameasg a gcoda féin. Ní féidir dóibh seasamh i n-aghaidh
a namhad mar tá gráin na h-easgaine ortha. Ní bhead-sa
libh feasta go dtí go ndéanfidh sibh íde ar an t-é a dhein
an gníomh san. Eirigh-se suas agus beannuigh an pobul
agus abair leó mar seo: 'Deinidh sibh féin do naomhú
amáireach, óir seo mar adeir an Tighearna Dia Israéil:
Tá an easgaine istigh ionat, a Israéil. Ní fhéadfir
seasamh i n-aghaidh do namhad go ndeintear íde amach
asat ar an t-é atá truallighthe ó'n gcoir seo. Tagaidh
anso ar maidin, gach aoinne 'n-a threibh féin. Ansan,
muinntir na treibhe ar a dtuitfidh an crann tagaidís
anso do réir a gcineacha, agus an chine ar a dtuitfidh
an crann tagadh muinntir na cine sin do réir a
dteaghlacha. Ansan an teaghlach ar a dtuitfidh an crann
tagadh fir an teaghlaigh sin agus feictear cé h-é an
fear ar a dtuitfidh an crann. Ansan, an fear ar a
dtuitfidh an crann isé atá cionntach, agus deintear


L. 119


é chur chun báis agus a chuid go léir do losgadh toisg
gur mhill sé reacht an Tighearna agus gur dhein sé cuirp-
theacht i n-Israél.'"



D'eirigh Iósue ar maidin agus chuir sé clann Israéil
go léir fé chrannaibh ar an gcuma san. Do thuit an
crann ar dtúis ar threibh Iúda, ansan, ar chine Saré,
ansan ar theaghlach Sabdi. Do tuigeadh ansan go
raibh an cuirptheach sa teaghlach san agus do cruinnigheadh
fir an teaghlaigh sin agus do cuireadh fé chrannaibh iad go
léir feuchaint cé'r bh'é an cuirptheach. Do thuit an crann
ar Achan, mac Charmi, mhic Sabdi, mhic Saré, de threibh
Iúda. Do labhair Iósue leis:-



"A mhic," arsa Iósue leis, "tabhair glóire do'n
Tighearna, do Dhia Israéil, agus admhuigh do ghníomh.
Innis dom cad a dheinis. Ná ceil orm é."



"Is fíor," arsa Achan, "gur dheineas peaca i n-aghaidh
an Tighearna, i n-aghaidh Dé Israéil, agus seo mar a
dheineas é. Chonac ameasg na bhfoghlacha brat áluinn
corcra, agus brat ana uasal, ana luachmhar, ab eadh é,
agus chonac dhá chéad sical airgid, agus slat óir n-ar
bh'fhiú deich sical a's dachad í. Do shanntuigheas na neithe
sin agus chuireas chugham iad agus do rugas liom iad
agus chuireas i bhfolach am' chábán féin iad. Dheineas
poll sa talamh agus chuireas an t-ór agus an t-airgead
ann."



Chuir Iósue a theachtairí go cábán Achain chun go
bhfaighdís na neithe sin agus go dtabharfidís leó iad.
Do fuaradar iad agus thugadar leó iad ag triall ar
Iósue agus chaitheadar uatha ansúd iad i láthair clainne
Israéil go léir. Ansan do tógadh Achan agus do
cuireadh chun báis é, do réir mar a dh'órduigh an Tighearna
agus do loisgeadh a chábán agus gach aon rud ba leis,
agus do tógadh leacht mhór chloch os cionn na h-áite i
n-ar cuireadh a chorp. Do chuir san fearg an Tighearna
i leithtaoibh ó chlainn Israéil.



Ansan do labhair an Tighearna le Iósue: "Ná bíodh


L. 120


eagal ort ná faitchíos. Tóg leat na fir chómhraic go
léir agus imthigh leó óthuaidh go Hai. Tá an chathair sin
agus rí na catharach agus na daoine atá sa chathair
tabhartha suas duit agam, agus an tír mórthímpal ar an
gcathair. Déanfir leó mar a dheinis le Iericó agus
leis an rí a bhí uirthi. Ach bíodh an fhoghail agaibh féin."



Do ghluais Iósue, líon a shlógh, i dtreó Hai. Nuair
a bhí sé ag teacht i gcómhgar do'n chathair do thoibh sé
amach deich míle fhichid fear agus dubhairt sé leó dul,
a gan fhios do mhuinntir na catharach, agus fanmhaint i
bhfolach laistiar de'n chathair. "Agus," ar seisean
leó, "ná fanaidh ró fhada amach ó'n gcathair. Tabhar-
fad-sa agus an chuid eile d'ár bhfearaibh fogha fé'n
gcathair ó'n dtaobh thoir. Ansan, nuair thiocfid muinntir
na catharach amach chun troda linn leogfimíd orainn
teiche, fé mar a theich an trí mhíle fear an lá fé dheire.
Rithfid a bhfuil d'fhearaibh sa chathair amach ar ár dtóir.
Nuair a bheid siad go léir imthighthe amach léimidh-se
isteach sa chathair agus cuiridh teine innti. Deinidh an
gnó san go cruinn, díreach mar adeirim libh. Eireóchaidh
libh go h-iomlán, tá an chathair tabhartha dhúinn ag an
dTighearna."



CVI.



Cleas Cogaidh.



Nuair a bhí na fir a chuaidh laistiar de'n chathair, idir
an chathair agus Betel, 'n-a luighe go socair i gceilt, do
thug Iósue agus an chuid eile de'n tsluagh aghaidh ar an
gcathair ó'n dtaobh thoir. Siúd chucha amach fir na
catharach chun catha do thabhairt dóibh go fonnmhar, fé
mar a thugadar do'n trí mhíle fear an lá eile úd. Nuair
a thosnuigh an cath do dhruid clann Israéil i ndiaidh a
gcúil. Nuair a chonaic an mhuinntir eile iad ag druidim


L. 121


siar do bhrúghdar ortha go cuthaigh. D'iompuigh clann
Israéil agus theicheadar. Cheap muinntir na catharach
go raibh an buadh airís acu agus siúd ar thóir clainne
Israéil iad, dar leó ná raghadh oiread acu gan marbhú
uatha agus chuaidh an chéad lá. Do conacthas ó'n gcathair
an teiche agus an tóir. Siúd amach a raibh d'fhearaibh sa
chathair chun dul sa tóir, dar leó. Bhí Iósue agus clann
Israéil ag teiche ach bhí gach aon fheuchaint acu siar ar an
gcathair. Níor bh'fhada go bhfeacadar na bothairí deataigh
ag eirighe anso agus ansúd as an gcathair. Níor bh'fhada
go bhfeacadar na bladhmana lasrach ag léimt suas
tríd an ndeatach. Do sheasaimh Iósue agus thóg sé
a sgiath anáirde le h-órdú an Tighearna. B'shiné an
cómhartha chun iompáil ó'n dteiche. D'iompuigh clann
Israéil go léir d'aon iompáil amháin agus thugadar
aghaidh ar a namhaid. Ní raibh aon choinne ag an namhaid
leis an iompáil sin ná leis an neart a bhí sa n-iompáil
ná leis an bhfuinneamh a bhí léi. Thuigeadar láithreach,
agus iad ag tuitim go tiugh, nár bhféidir dóibh seasamh
i gcoinnibh an nirt sin. Thugadar iarracht ar dhul thar
n-ais isteach sa chathair. Nuair fheuchadar i dtreó na
catharach ní raibh le feisgint acu ach an sgamal mór
dubh deataigh ag imtheacht leis an ngaoith agus na bladh-
mana dearga lasrach ag eirighe suas tríd sa spéir
as gach aon pháirt de'n chathair. Ní fada a bhíodar ag
feuchaint ar an lasair nuair siúd chucha amach as an
gcathair an chuid ba mhó de'n deich míle fichid fear a
bhí tar éis na catharach do thógaint agus do chur tré
theine. Níor bh'fhada gur thuit an uile dhuine riamh
d'fhearaibh na catharach nuair a bhíodar idir an dá shluagh
agus bás dh'á imirt ortha lasmuich dhíobh agus laistiar
díobh. Do thuiteadar go léir agus bhí an chathair agus
a raibh de shaidhbhreas innti ag clainn Israéil.



Do dheabhróchadh an sgéal ná raibh na daoine a bhí
gcathair Hai chómh h-olc i láthair an Tighearna leis na
daoine a bhí i gcathair Iericó. Ní raibh aon easgaine


L. 122


ar shaidhbhreas Hai agus bhí cead ag clainn Israéil an
saidhbhreas san do thógaint agus do chimeád dóibh
féinidh.



Is ana dheacair dúinne anois a thuisgint cad é olcas
na ndaoine a bhí i n-a lán de'n tsaoghal an uair sin.
Ní'l de chómhartha againn ar a n-olcas ach dibhfeirgí de
shaghas uisge na dílean agus losgadh Shodoim agus de
shaghas na h-easgaine úd a bhí ar Iericó.



"Ach," adéarfidh duine, b'fhéidir, "bhí an donas
le h-olcas ortha súd nú tá daoine ar an saoghal anois
atá chómh h-olc leó, nú níosa mheasa ná iad. Feuch ar an
bhFrainc. Feuch ar na catharachaibh móra ar fuaid na
h-Euróipe go léir, agus thiar i n-America."



Is fíor. Tá oiread uilc sa tsaoghal anois, gan
amhras, agus a thabharfadh díbhfeirg Shodoim, nú eas-
gaine Iericó, nú uisge na dílean féin, nú rud éigin
b'fhéidir a bheadh níba mheasa 'ná aon taobh acu, anuas
ar an gcine daona mara mbeadh aon nídh amháin. Deir
daoine naomhtha gur b'í Naomh Ídhbirt an Aifrinn atá
anois ag cosaint na cine daona ar an ndíbhfeirg atá
tuillte, agus tá dh'á tuilleamh gach lá, ag peacaíbh na
ndaoine.



Agus bíodh go bhfuil a lán droch dhaoine sa tsaoghal
anois, tá a lán daoine fóghanta sa tsaoghal leis. Ní
raibh oiread agus aoine amháin fóghanta le fághail i
Sodom.



CVII.



Bob.



Nuair a bhí cathair Hai tógtha dísgithe ag clainn Israéil
do chuir Iósue suas altóir chun Dé ar chnoc Hébal, fé
mar a dh'órduigh Maois dó a dhéanamh, agus dhein sé
ídhbirt chun an Tighearna ar an altóir sin, do réir mar


L. 123


a bhí órduighthe sa dlighe. Agus do léigh sé amach an
dlighe do'n phobul go léir. Do léigh sé amach dóibh
na beannachtaí a bhí le teacht ar na daoinibh a chimeádfadh
an dlighe agus na mallachtaí a bhí le teacht ar na daoinibh
a bhrisfadh í. Do chuir sé gach aon rud os a gcómhair
díreach mar a bhí órduighthe i ndiaidh Mhaoise, gan aon
fhocal do leogaint ar lár.



D'airigh na geinte go léir, mórthímpal na tíre, in
sna cnocaibh agus ar na machairíbh, siar go bruach na
faraige móire, an léirsgrios a bhí déanta ag clainn
Israéil ar Iericó agus ar Hai. Thuigeadar go ndéanfí
an léirsgrios céadna ortha féin mara ndeinidís iarracht
roim ré ar iad féin do chur i gcóir éigin chosanta sar a
dtiocfadh an neart san clainne Israéil chucha. Chuireadar
sgéala ag triall ar a chéile agus shocaruighdar ar theacht
chun a chéile agus aon neart amháin a dhéanamh d'á neart
go léir, chun troda i n-aghaidh Iósue agus chlainne Israéil.



Bhí treibh áirithe ag áitreabh tíre Ghabaon, ámhthach, agus
dheineadar gnó gasta. Glacadar seana mhálaí briste
agus chuireadar rainnt lóin bhídh isteach ionta agus
chuireadar anáirde ar asalaibh iad. Ansan chuireadar
rainnt fíona i seana bhuidéalaibh leathair a bhí briste,
deisighthe. Ansan do chuireadar chucha rainnt aráin
a bhí briste, stáluighthe, cruaidh. Ansan chuireadar
úmpa seana bhalcaisí a bhí caithte, deisighthe, athdheisighthe,
agus seana bhróga a bhí chómh caithte, chómh deisighthe,
chómh h-athdheisighthe leis na balcaisíbh. Thánadar, agus
an córú san ortha, go dtí longphort Israéil i nGalgala.
Do tugadh i láthair Iósue iad agus do fiafraigheadh díobh
cé 'r bh'iad. Do labhradar le Iósue agus le h-uaislibh
Israéil.



"Daoine a tháinig abhfad ag triall ar bhúr n-onóir
iseadh sinne, a uaisle," ar siad, "ag brath ar shíothcháin
agus ar charadas do ghreamú idir ár muinntir agus
sibh-se."



Do labhair uaisle Israéil leó mar seo. "B'fhéidir


L. 124


gur sa tír atá geallta fé chrannaibh dúinne atá cómh-
nuidhe oraibh-se agus ná fuil ar ár gcumas ceangal
caradais a dhéanamh libh."



"Cé h-iad sibh?" arsa Iósue leó, "agus cad as
daoibh?"



"Thánamair, a rí," ar siad, "a' tír atá ana shlighe
le faid ó'n áit seo. Thánamair i n-ainm do Thighearna
Dia-se. D'airighmair trácht ar a chómhachtaibh móra;
ar na mírbhúiltíbh a dhein sé sa n-Éigipt, agus ar an
léirsgrios a dhein sé ar dhá rí na n-Amorréach lastall
de'n Iórdan, agus ar Óg, agus ar Bhasan a bhí i n-
Astarot. Dubhairt ár seanóirí agus muinntir ár
dtíre linn mar seo: "Tógaidh lón bídh libh ó tá bóthar
fada rómhaibh, agus téidhidh ag triall ortha agus abaraidh
leó: "Táimíd i n-ár seirbhíseachaibh agaibh; deinidh
ceangal caradais linn."' Agus féachaidh an t-arán so;
arán úr, nua-dhéanta ab eadh é nuair fhágamair an baile.
Tá sé seanda go maith anois. Nuair a bhíomair ag
gluaiseacht chuireamair ár gcuid fíona in sna buid-
éalaibh seo agus bhíodar nua an uair sin. Táid siad
briste anois. Siniad ár mbróga briste agus ár
mbalcaisí caithte, tré fhaid na slighe atá curtha dhínn
againn."



Do creideadh iad. D'ith uaisle Israéil cuid de'n
arán briste gan labhairt leis an dTighearna. Do dein-
eadh an ceangal caradais. Thug Iósue dearbhú dhóibh,
i láthair Dé ná h-imtheóchadh aon droch nídh ortha, 'sé sin,
ná curfí chun báis iad. Thug ríogra Israéil an dearbhú
céadna dhóibh agus an gheallamhaint chéadna fé'n ndearbhú
san. Trí lá 'n-a dhiaidh san do h-innseadh do Iósue
agus do ríogra Israéil ná raibh ach feall i gcainnt na
ndaoine úd i dtaobh an bhóthair fhada. Nár thánadar
ach ó'n gcómharsanacht achamair. Do sguradar clann
Israéil a longphort agus i gceann trí lá bhíodar i
dtír Ghabaon.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services