Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Craos-Deamhan
Title
An Craos-Deamhan
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1905
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CRAOS-DEAMHAN. An t-Athair Peadar Ua Laoghaire. Caibidiol a h-aon. TAMALL mór ó shin, tamall ana mhór ó shin, na céadta bliaghan sar ar chuir aon tSasanach cos ar thalamh na h-Éirean ach cos go raibh laincis iarainn uirthi, bhí rígh áluinn, óg, uasal ar an Mumhain, agus Cathal ab ainim dó, Cathal mac Finguine. Ní raibh fear i n-Éirinn ba bhreaghtha 'ná é. Bhí sé coraidheacht agus sé troighthe ar aoirde, agus bhí sé chómh cúmtha chómh córach san gur dhóich leat, dá bhfeicfeá i n'aonar é, ná raibh sé na sé troighthe ar fad. Bhí sé cómh láidir sin ní raibh aon fhear ar uaislibh Mumhan d'fhéadfadh a chlaidheamh do chasadh, ná a shleagh do bheartughadh chun gnímh, ná a thuagh do láimhseáil. I gcor iomrasgála ní raibh fear d'fhéadfadh a chosa do bhogadh ó'n dtalamh, agus fós, ag ruith, nó ag léimt, nó ag rinnce, bhí sé chómh h-éadtrom ar a chosaibh le cú nó le fiadh. Bhí sé tréan i gcath, ciallmhar i gcómhairle, sultmhar i gcuid- eachtain. I gCaiseal Mumhan a bhí a rígh-theaghlach. Bhí rath agus séan ar an Mumhain agus ar Mhuimhneachaibh le n-a linn go dtí gur thárla mí-ádh millteach dó. Le linn Chathail a bheith 'na rígh ar an Mumhain bhí rígh ar Ultaibh, 'na chómhnuighe i n-Aileach thuaidh, agus Feargal mac Maoile Dúin ab ainim dó. Bhí mioscais agus formad idir an dá chúige agus idir an dá rígh, feuchaint ciacu Cathal nó Feargal a bhéadh i n' árdrígh ar Éirinn, agus bhí beirt chailleach,
cailleach Ultach agus cailleach Muimhneach, a bíodh coitchianta ag séideadh fútha. Deireadh an chailleach thuaidh:- "Fear sgriosta Mumhan, Fear sgriosta Mumhan, Mac Maoile Dúin, An t-Árdrígh, Ó Sgeilig na sgeól Go Caiseal na slóg. Gamhain ná bó Ní fhágfaidh." Deireadh an chailleach theas, ag freagradh na caillighe thuaidh:- "Fanadh sé thuaidh, Fanadh sé thuaidh. Tá Cathal ar chuaird A's mílte aige. Má castar 'na threó An Feargal, i ngleó, Go h-Aileach go deó Ní fhillfidh sé." Bhí deirbhshiúr ag Feargal, Lígach inghean Maoile Dúin ab ainim di, agus ní raibh i n-Éirinn óig-bhean eile chómh breagh léi. D'airigh Cathal tuairisg ar a breaghthacht, agus thuit sé i ngrádh léi, bíodh ná feacaidh sé riamh í. D'airigh sise tuairisg ar áilneacht agus ar uaisleacht agus ar thréine Chathail, agus thug sí grádh dhó, bíodh a's ná feacaidh sí riamh é. Bhí an sgéal mar sin eatartha, agus gach duine a théidheadh ó'n Mumhain ó-thuaidh go h-Aileach bhíodh an óig-bhean ag baint cainte
asta go dtí go bhfaghadh sí uatha eólus cruinn ar conus a bhíodh Cathal 'na shaoghal agus 'na shláinte, agus ar conus fhéachadh sé. Ar an gcuma gcéadna, nuair a thagadh duine a-dtuaidh ó Chúig Uladh go Caiseal Mumhan, bhíodh rígh Caisil ag baint cainte as go dtí go bhfaghadh sé cúntas cruinn ar conus a bhíodh an óig-bhean áluinn agus ar conus fhéachadh sí. Ba ghearr gur thosnuigh an óig-bhean ar bheith ag cur eithne agus ubhall, agus sóghluistí eile de'n tsórd san, ó Aileach a-dtuaidh go Caiseal, ag triall ar Chathal, ag taisbeáint méid an ghrádh a bhí aici dhó. Níor bh'fhada gur airigh Feargal go raibh na sóghluistí ag dul ó-dheas. Níor thaithin san leis i n-aon chor. Chuir sé fios ar a dheirbhshiúr chun labhartha léi. "An fíor an nídh seo airighim," ar seisean, "ad' thaobh-sa agus i dtaobh rígh Caisil?" Níor labhair sí. "Bíodh do rogha de dhá nídh agat, a ríoghan," ar seisean. "Inis an fhírinne dhom agus bíodh mo bhean- nacht ort, nó séan an fhírinne orm agus bíodh mo mhallacht ort!" Tháinig sgannradh uirthi sar a dtuitfeadh mallacht an rígh uirthi, agus d'inis sí an fhírinne dhó. "Cathain a bhéidh teachtaireacht eile agat 'á chur go Caiseal?" ar seisean. D'inis sí dhó. "Cuir chugam-sa anso ar dtúis," ar seisean, "na neithe a bhéidh agat le cur ó-dheas." Thug sí chuige na h-ubhla agus na h-eithne agus na sóghluistí eile a bhí aici le cur ó-dheas ag triall ar Chathal. "Fág ansan iad." ar seisean. D'fhág.
Chuir sé fios ar fhear piseóg. Tháinig an fear. "Seo," ar seisean leis an bhfear, "imir do chuid deismireachta ortha san i dtreó, an t-é íosfaidh iad, ná béidh aon lá d'á shláinte aige an chuid eile d'á shaoghal." "Is olc é sin," arsa'n fear. "Níor mhaith liom rud de'n tsórd san a dhéanamh ar aoinne." "Tabharfad-sa do thuarasdal go maith dhuit as," arsa Feargal. Do dhein an fear an rud a h-iaradh air. Do ghlaoidh Feargal chuige teachtaire agus dúbhairt sé leis na h-ubla agus na sóghluistí eile do bhreith leis ó-dheas go Caiseal Mumhan agus iad a thabhairt do Chathal le n-ithe. "Agus," ar seisean, "abair gur ó Lígaigh féin a thánadar, agus gur le méid a grádh agus a h-ionmhaine do Chathal a chuir sí chuige ó-dheas iad, agus gur mhór an sásamh aigne uirthi dá mbéadh sé le rádh agat go bhfeacaidh do dhá shúil féin Cathal mac Finguine ag ithe na n-uball san." D'imthigh an teachtaire agus do thóg sé leis na h-ubla agus na h-eithne agus na sóghluistí eile, agus tháinig sé go Caiseal. Ba ghearr go bhfuair sé caoi ar chaint le Cathal. D'inis sé a sgéal dó, agus thaisbeáin sé na h-ubhla agus na sóghluistí dó. D'inis sé dhó cad é an grádh bhí ag Lígaigh dó, agus cad é an t-áthas a bhéadh uirthi nuair a 'neósfaí dhi gur thaithin na h-ubhla agus na mísleáin eile le Cathal. "Agus dúbhairt sí liom, a rígh," ar seisean, "gan imtheacht, dá mb'fhéidir é, go dtí go bhfeicfeadh mo dhá shúil féin tú 'ghá n-ithe." "Ní ró mhór an ríghneas a chuirfidh san ort, a mhic ó," arsa Cathal, ag cromadh ar na h-ubhlaibh a dh'ithe. Chómh luath agus bhí na h-ubhla ithte ag Cathal chuir an teachtaire a bhóthar dé chómh tiugh i n-Éirinn agus d'fhéad sé é.
Nuair a chuaidh na h-ubhla agus na h-eithne isteach i ngoile Chathail is amhlaidh a dhéin piastaí dhíobh istigh 'na chorp, agus deamhain ó ifrean ab eadh na piastaí sin. Bhí deamhan mór ortha, agus do shloig sé sin an chuid eile. Ansan do shloig sé a raibh de bhiadh agus de dhigh i mbolg Chathail. Tháinig tart agus ocras láithreach ar Chathal. Chrom sé ar ithe agus ar ól, ach ní bhainfeadh ithe ná ól an tart ná an t-ocras dé. Sin mar a thárla an lon craois, 'sé sin an Craos- Deamhan, a bheith i mbolg Chathail mhic Finguine, rígh Caisil.
Caibidiol a dó. NUAIR a tháinig an t-ocras ar Chathal b'é b'fhada leis go raibh aimsir dinnéir ann go n-íosfadh sé a dhóithin. Tháinig an dinnéir fé dheire. Do shuigh chun búird cuideachta mhór de ríghthibh agus d'uaislibh Mumhan. Miasa ubhall iseadh ba ghnáth an uair sin do chur ar dtúis os cómhair na cuideachtan. Is ar éigin a bhí an chuideachta suighthe nuair a bhí a raibh d'ubhlaibh ar a mhéis féin ithte ag Cathal. Do rug sé ar an méis a bhí os cómhair an fhir a bhí ar a láimh dheis, agus d'ith sé a raibh d'ubhlaibh uirthi. Ansan do rug sé ar an méis a bhí os chómhair an fhir a bhí ar a láimh chlé, agus d'ith sé a raibh uirthi. Ansan do dhírigh sé ar na miasa a tharang chuige ó-s gach aon taobh de'n bhórd, agus ar na h-ubhla a bhí ortha d'ithe le h-airc agus le h-ampla. Bhí iongnadh agus alltacht ar an gcuideachtain, ach níor leig aoinne aon nídh air. Do sgaoileadar chuige na miasa chómh tiugh agus d'fhéad sé iad d'fholamhughadh. Ba ghearr gur thosnuigh na biadha eile ar theacht. An t-éirleach céadna a dhéin Cathal ar na h-ubhlaibh dhéin sé ar na biadhaibh eile é, i dtreó go raibh sgannradh ag teacht ar a raibh láithreach le h-eagla go sgoilfeadh air. Ni raibh aon phioc d'á dheabhramh air, ámhthach. D'á mhéid a bhí curtha isteach 'na chorp aige bhí sé chómh seang agus dá mbéadh sé dhá lá ar dubh-chéalacan. Sar a raibh an dinnéar leath chríochnuighthe b'éigean tuille bídh d'ollamhughadh. Nuair a bhí a raibh de bhiadh sa rígh-theaghlach ollamhuighthe agus curtha ar an mbórd agus ithte, bhí ocras fós ar Chathal, agus bhí ocras a ndóithin ar an gcuideachtain,
mar níor leig Cathal leó ach fíor bheagán de'n bhiadh. Ach pé ocras a bhí ortha, nuair a bhí an biadh go léir ithte b'éigean dóibh stad. B'é an cleas céadna é i dtaobh an fhíona, agus an leanna, agus i dtaobh gach aon tsaghas eile díghe d'ár tháinig ar an mbórd. Is ar éigin a leig Cathal diúir i mbéal aoinne. An fhaid a bhíodh corn aige d'á dhiúgadh a' láimh leis, bhíodh an lámh eile sínte amach aige ag gabháil ghreama ar chorn eile, agus ba chuma leis cé uaidh go mbíodh an corn aige d'á thógaint. Ceap an chuideachta go mbéadh sé ar meisge láithreach, agus ansan go mb'fhéidir go bhfaighidís féin caoi ar bhraoinín éigin d'ól, ach ba shuarach an tairbhe dhóibh bheith ag brath ar aon nídh dh'á shórd. Bhí Cathal ag ól agus ag ól agus ní raibh aon bhlúire meisge ag teacht air ach chómh beag agus dá mba ag slogadh meidhg a bhéadh sé! Níor bh'fhada go raibh deire leis an ndigh fé mar a bhí deire leis an mbiadh, agus ní raibh an tart bainte de Chathal ach chómh beag agus bhí an t-ocras bainte dhé, agus i dtaobh na cuideachtan, má bhí ocras tar éis athluighthe riamh ar dhaoine bhí sé ortha. Bhí rud ba mheasa ortha 'ná ocras tar éis athluighthe. Bhí buairt agus brón a ndóithin ortha. Bhí droch nídh éigin uathbhásach tagaithe ar an rígh, agus cad a dhéan- faidís? Cé bhéadh 'na cheann uraid i gcómhairle ortha feasda? Cé dhéanfadh córughadh ortha chun catha nuair a thiocfadh an namhaid? Ní ró fhada, dar leó, a bhéadh namhaid gan teacht nuair a h-aireóchfaí ar fuid na h-Éirean go raibh rígh Caisil sa chás 'na raibh sé. Chuadar i gcómhairle feuchaint cad ba cheart a dhéanamh. B'í sin an chómhairle bhuartha. B'í sin an chómhairle gan eólus. Ní fheidir aoinne cad ba cheart a dhéanamh, mar ní raibh 'fhios ag aoinne cad ba bhun leis
an olc uathbhásach. Thánadar as an gcómhairle chómh dal agus bhíodar ag dul inte dhóibh. D'imthigh gach flaith abhaile chun a theaghlaigh féin chun é féin a chur i dtreó chosanta chómh luath agus dob' fhéidir é, agus chómh maith agus dob' fhéidir é, mar, dar leó go léir, bhéadh Feargal mac Maoile Dúin chuca a-dtuaidh chómh luath agus d'aineóchadh sé Cathal a bheith ar mí-threóir. Bhí dhá dhearmhad sa méid sin ortha, ámhthach. Ní raibh aon aidhm ag Feargal ar theacht a-dtuaidh, mar bhí 'fhios aige cad a bhí imthighthe ar Chathal, agus dúbhairt sé leis féin d'á fhaid a sgaoilfí leis féin agus leis na Muimh- neachaibh sa chás 'na rabhadar gur bh'eadh b'usa an lámh uachtair fhághail ortha sa deire. D'á éaghmuis sin, ní raibh Cathal ar mí-threóir i n-aon chor. Ní raibh aon easba sláinte air. Bhí a chroídhe agus a aigne agus a inntinn chómh láidir, chómh h-aibigh agus bhíodar riamh. Ní raibh aon rud air ach an tart agus an t-ocras, an t-ampla mí-nádúrtha chun bídh agus chun díghe. Dá mbéadh sé de dhíth céille ar Fheargal agus ar na h-Ultaigh teacht a-dtuaidh is amhlaidh a thiocfaidís agus ná h-imtheóchaidís. Gheabhaidís amach, nuair a bhéadh sé ró dhéanach acu, go raibh Cathal chómh h-oilte ar chogadh, chómh dian i gcath, chómh contabharthach de theangabhálaidhe agus bhí sé riamh. Ba ghearr gur thuig maithe na Mumhan an sgéal. Níor bh'fhada gur thug Cathal le tuisgint dóibh nár ghádh dhóibh aon eagla bheith ortha roimh aon namhaid. Chuir san suaimhneas aigne ortha, ach má chuir, bhí rud eile chun an tsuaimhnis aigne bhaint díobh. Bhí an t-am ag teacht 'nar ghnáth le Cathal dul ar a chuaird rígh, mór-thímpal na Mumhan. Do stadadh sé féin agus a ghnáth theaghlach seachtmhain nó coicthígheas i dtigh gach flatha agus do caithtí é féin agus a chualacht do chothughad. Ansan
iseadh tháinig an cruadh-chás. Cá bhfaighfí a dhoithin bídh agus díghe dhó ! Do creachfaí iad. Ní fhágfadh sé blúire bídh ná braon díghe sa Mhumhain gan slogadh isteach 'na chorp! Do gluais Cathal chun dul ar a chuaird mór-thímpal na Mumhan. Do h-ollamhuigheadh oiread bídh agus díghe sa chéad teaghlach i n-a dtáinig sé agus gur dóich le h-aoinne go bhfágfadh sé fuighleach. Níor fhág. Do cuireadh na h-ubhla ar na miasaibh osa chómhair féin agus os cómhair a chualachta, ar dtúis, mar ba ghnáth. D'ith sé na h-ubhla agus is ró bheag an fághaltas díobh a fuair an chualacht. Tháinig na biadha eile, agus má tháinig, ba ghearr an mhoill air iad d'ídiughadh. Tháinig an fíon agus an lionn, ach má tháinig, ba ghearr an mhoill ar Chathal na h-árthaí d'fholamhughadh, agus ní raibh aon rian meisge air. Ní baoghal go raibh aon rian meisge ar aoinne de'n chuid- eachtain, mar ní bhfuaradar an chúis. D'fhág Cathal sgórnaighe tirme acu, murar mhaith leó iad a fhliuchadh le fíor uisge. D'fhág sé ocras ortha chómh maith le tart, mar bhí a raibh de bhiadh ann ithte aige sar a raibh dhá ghreim ithte ag aoinne eile. Bhí náire agus ceann-fé ar cheann an rígh-theaghlaigh, ach ní raibh aon leigheas air. Níor ghádh dhó ceann-fé bheith air, mar do thuig gach aoinne go raibh sé tar éis a dhíchil a dhéanamh agus nár bh'fhéidir dó a thuille dhéanamh. Nuair a bhí an tseachtmhain caithte bhí an fear san agus a thriucha-céad beó bocht. Ghluais Cathal agus a chualacht go dtí an triúcha-céad ba ghiorra dhó. Do dhúbail flaith na h-áite sin an biadh agus an fíon agus an lionn. Má dhúbail ní raibh aon mhaith dhó ann. Do sgriosadh é féin agus a thriúcha-céad chómh glan díreach agus do sgriosadh an chéad fhear agus a thriúcha-céad. Mar sin dóibh mór-tímpal go dtí go
raibh a chuaird tabhartha ag an rígh. Thuigeadar 'na n-aigne gur mheasa dhóibh go mór chuca an chuaird sin 'ná dá dtagadh Feargal mac Maoile Dúin agus a shlóighte Ultach a-dtuaidh, mar a deireadh an chailleach, agus gan bó ná gamhain d'fhágáilt, ó Sgeilig Mhichíl go Caiseal, gan breith leis ó-thuaidh. Do lean an sgéal ar an gcuma san acu go dtí go raibh bliaghain gho leith curtha dhíobh acu, agus go rabhadar i ndeire a gcoda agus i ndeire an anama, agus gan aon tsúil le fuasgailt acu, mar, i n-inead aon mhao- lughadh dhul ar ghoile Chathail is amhlaidh a bhí breis airc agus ampla ag teacht air i n-aghaidh an lae. B'fhusaide é, dar leó, dá mbéadh aon phioc de rian an bhídh air, ach ní raibh. Bhí sé chómh lom, chómh tanaidhe, chómh h-ocrach 'na dhriuch agus dá mbéadh sé ceangailte ó'n mbiadh. Bhíodh a gcroídhe briste nuair ná féadaidís a dhóithin a thabhairt dó, agus nuair a chídis é, tar éis a mbíodh an tsaoghal acu bheith ithte aige, agus é ag gluaiseacht i n' aonar ar fuid na mbailte feuchaint cá bhfaghadh sé blúire aráin nó píosa feóla. D'imthigheadh sé mar sin i n' aonar go minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian air agus gan an biadh le fághail. Bhíodh a chlaidheamh nochtaithe 'na láimh dheis aige, agus pé áit 'na dtagadh sé suas le blúire bídh d'itheadh sé láithreach é, agus gan dabht dob' olc an dóich é do'n t-é cheapfadh an biadh choimeád uaidh.
Caibidiol a trí. Do leath tuairisg an sgéil ar fuid na h-Éirean go leir Ar dtúis ní raibh ach iongnadh ar mhuintir na gcúigí eile. Nuair a fuaradar an t-olc ag leanmhaint, ámhthach, agus nuair a thuigeadar cad é an cor a bhí ar an Mumhain, agus i n-inead aon lagachar sláinte bheith ar Chathal gur b'amhlaidh a bhí neart chéad fear ann, thus- nuigheadar ar eagla ghlacadh roimis. Bhí fhios acu go raibh neart mí-nádúrtha ann agus dá dtugadh sé aghaidh soir ar Laighnibh, nó siar ar Chonachtaibh, nó ó-thuaidh ar Ultaibh, gur ró bhaoghal nár bh'fhéidir aon chosg a chur leis, agus go ndéanfadh sé an sgrios céadna ar an gcuid eile d'Éirinn a bhí déanta aige ar an Mumhain. Bhí Feargal mac Maoile Dúin ag cuimhneamh ar neithibh de'n tsórd san nuair airigh sé na tuairisgí uathbhásacha ó'n Mumhain. Bhí 'fhios aige cad a bhí déanta aige féin. Bhí 'fhios aige gur bh'é an feall a déin sé féin ar Chathal fé ndeara do'n mhac mallachtain bheith istigh i gcorp Chathail, agus gur bh'é an mac mallachtain a bhí ag tabhairt an nirt go leir dó sa n-am gcéadna go raibh sé ag cur an ocrais go léir air. An fhaid a bhí an léir-sgrios d'á dhéanamh ar an Mumhain bhí an sgéal go maith, ach conus bhéadh an sgéal ag Feargal agus ag Cúig' Uladh dá dtugadh Cathal aghaidh ó-thuaidh um an dtaca 'na mbéadh a raibh de bhiadh sa Mhumhain ídighthe aige! Bhí an machtnamh san ag baint codladh na h-oídhche de rígh Uladh. Ní deirtear gur labhair aoinne de'n bheirt chailleach nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san. Is dócha go raibh
a mhalairt de chúram ortha; go raibh an sgannradh ortha fé mar a bhí ar gach aoinne eile. Ní lúgha 'ná mar a deirtear aon fhocal i dtaobh Lígaighe, inghean Maoile Dúin. Ní deirtear gur chuir sí a thuille ubhall ó-dheas go Caiseal, ná a thuille eithne, ná a thuille d'aon tsaghas eile mísleán. Is dócha nuair airigh sí na tuairisgí uathbhásacha ó'n Mumhain go dtáinig sgannradh uirthi, díreach mar a tháinig ar a driotháir, agus gur mhúch an sgannradh an grádh a bhí aici do Chathal. Ní fheadar conus a bhíon an sgéal ag mnaoi nuair a gheibhean sí amach goile uathbhásach a bheith ag an bhfear gur thug sí grádh dhó, ach tá 'fhios agam conus a bhíon an sgéal uaireanta ag an bhfear nuair a gheibhean sé amach, tar éis phósta dhó, goile na mná bheith níos mó go mór 'ná mar a mheas sé. Ní bhíon gach aon fhear mar sin, ámhthach. Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ag muintir na h-Éirean agus ag Cathal mac Finguine, an Mhumhain sgriosta aige agus na trí cúige eile ag cur an anama amach le sgannradh, bhí, nídh nár bh'iongnadh, an uile dhuine go raibh eólas aige ar leighseanaibh ná ar luibhneachaibh ag déanamh a dhíchil feuchaint an bhféadfadh sé chuimhneamh ar luibh nó ar leigheas a dhéanfadh aon mhaitheas do Chathal. Bhí 'fhios acu go léir, an t-é go dtiocfadh leis an deamhan a dhíbirt a' corp an rígh go mbéadh saoghal sámh aige féin an fhaid a mhairfeadh sé, agus go mbéadh saoghal sámh agá sliocht 'na diaigh. Ach níor fhéad aoinne acu cuimhneamh ar aon rud a dhéanfadh aon tairbhe. Do cuimhnigheadh ar a lán leighseana agus do trialadh iad ó am go h-am, ach níor dhéineadar blúire tairbhe. Do shloigeadh an Craos-Deamhan iad chómh luath agus do shloigeadh Cathal iad, i dtreó ná biodh sé d'uain acu aon tairbhe dhéanamh dó. Tháinig lucht leigheas áirighthe. Thugadar leó leigheas
maith láidir, leigheas a dhéanfadh an rígh do shaoradh ó'n ndroch nídh a bhí istigh ann, beó nó marbh. Nimh iseadh bhí sa leigheas san, ach níor leig na liagha ortha gur bh'eadh. Ba chuma leó ach go mbéadh Cathal ar thaobh éigin. Dhéan- fadh a bhás féin fuasgailt. Ní mór 'ná gur chuma le h-aoinne eile ach chómh beag leis na liaghaibh conus iom- póchadh an leigheas láidir amach ach go dtiocfadh an fhuasgailt. Ach bhí dearmhad ortha go léir. Do shloig an deamhan an leigheas láidir sar a raibh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh. Thuit a lug ar a lag ag na liaghaibh nuair a fuaradar ná déanfadh nimh féin maitheas ná díobháil. Chuir Feargal mac Maoile Dúin fios airís ar fhear na bpiseóg. "Dhéinis feall orm," ar seisean leis an bhfear. "Níor dhéineas feall ort, a rígh," arsa 'n fear, "ach dhéineas feall ar rígh Caisil, agus isé rígh Uladh chuir suas mé chuige." "Déin an t-olc do leigheas," arsa rígh Uladh, "agus gheabhair dúbailt tuarasdail as." "D'fhéadfá-sa, a rígh," arsa 'n fear, "an ceann a bhaint de dhuine, ach ní fhéadfá an ceann a chur air airís agus é thógaint ó'n mbás." "Conus a bhainean san leis an sgéal?" arsa'n rígh. "D'fhéadas-sa an deamhan do chur isteach i gcorp Chathail," arsa'n fear, "ach ní fhéadfainn an deamhan do chur amach airís as, ach chómh beag agus d'fhéadfadh rígh Uladh an ceann a chur ar dhuine airís agus é thógaint ó'n mbás." "Is ait an sgéal é sin," arsa'n rígh, "a bheith ar do chumas é chur isteach, agus gan a bheith ar do chumas é chur amach." "Bhí toil an deamhain agus toil Chathail ag cabhrughadh
liom chun an deamhain a chur isteach. Bhéadh toil an deamhain agus toil Chathail i n-aonfheacht am choinnibh i n-aon iaracht a thabharfainn ar an ndeamhan do chur amach. Ní féidir an deamhan do chur amach ach le cómhacht a bhéadh níos treise 'ná an deamhan féin." "Is ait an chaint a dhéinean tú," arsa 'n rígh. "Gan amhras bhí toil an deamhain ag cabhrughadh leat chun an deamhain a chur isteach, ach conus fhéadfadh toil Chathail bheith ag cabhrughadh leat sa ghnó?" "Bhí toil Chathail claon," arsa'n fear, "nuair ith sé na h-ubhla agus na h-eithne. Mura mbéadh go raibh ní fhéadfadh an deamhan dul isteach, pé deismireacht a bhéadh déanta agam-sa ar na h-ubhlaibh." "Agus dar ndóich tá 'fhios ag an saoghal ná béadh toil Chathail ad' choinnibh anois dá mbéadh iaracht agat 'á dhéanamh ar é leigheas ó'n olc atá air," arsa 'n rígh. "Ná feicean an saoghal mór, a rígh," arsa'n fear, "go bhfuil toil Chathail coitchianta ar aon intinn le toil an deamhain atá istigh ann? Nach shiní an Mhumhain go léir sgriosta aige a d'iaraidh an deamhain atá istigh ann do shásamh! Is cuma leis cad a dhéanfaidh a rígheacht; is cuma leis cad a dhéanfaidh a cháirde: is cuma leis cad a dhéanfaidh aon nídh ar neamh ná ar talamh, ach go dtioc- faidh leis an deamhan atá istigh ann do shásamh. Deamhan craois iseadh atá istigh i gCathal. Is le craos a leig sé an deamhan san isteach, le n-a thoil mhacánta féin. Is 'mdhó deamhan nach deamhan craois a bhíon istigh i nduine. Bíon deamhan feirg istigh i nduine. Bíon deamhan uabhair istigh i nduine. Bíon deamhan drúise istigh i nduine. Bíon deamhan éada istigh i nduine. Bíon, a rígh, agus deamhan mhioscaise istigh i nduine, agus is cuma leis an nduine cad a dhéanfaidh aon nídh ar neamh ná ar talamh ach an deamhan a bhíon istigh ann do shásamh!"
"Tuigim thú," arsa'n rígh. ""A sheana chroich shúig is chugat-sa san". Bíon, a rascail, agus deamhan piseóg agus diablaideachta istigh i nduine. Is mairg go mbéadh aon deighleail aige le d' leithéid. Sgrios leat féin as mo radharc le h-eagla go mbainfinn an ceann díot agus go mb' fhéidir, mar a deirir, ná féadfainn é chur thar n-ais ort, pé 'cu bhéadh do thoil ag cabhrughadh liom chuige nó ná béadh. Sgrios!" Ní baoghal ná gur sgrios sé chómh tapaidh agus a bhí 'n-a chosaibh é bhreith chun siúbhail.
Caibidiol a ceathair. Bh fear 'na chómhnuighe an uair sin i Ros Comáin. Fear óg ab eadh é. Sgoláire b' eadh é. Bhí éirim aigne aige agus léighean agus eólus, abhfad thar aon duine a bhí i n-Éirinn le n-a linn. Mac Conglinne b'ainim dó. Do tugtí Aniér mac Conglinne air, nó An-éra mac Conglinne. Deir an seana leabhar gur b'é cúis An-éra a thabhairt air mar go mbíodh a leithéid sin d'eagla ag daoine roime n-a theangain ná tugaidís éradh, 'sé sin eiteachas, choídhche air. Dá moladh sé duine ní raibh aoinne eile beó d'fhéadfadh an moladh dhéanamh chómh maith, agus dá ndéineadh sé aoir ar dhuine ní thioc- fadh an duine uaidh choídhche. Do leanfadh an aoir sin i mbéalaibh daoine go deó. Bhíodh gach aoinne ag déanamh a dhíchil chun an fhocail fhóghanta bheith aige ó Mhac Conglinne agus chun dul ó n-a dhroch fhocal. D'á bhrígh sin ní thugadh aoinne an t-eiteachas dó. D'airigh Mac Conglinne na tuairisgí uathbhásacha ó'n Mumhain. Bhí sé ag machtnamh ortha ar feadh abhfad, agus ag cur 's ag cúiteamh i n' aigne féin feuchaint conus a thiocfadh sé ar Chathal mhac Finguine do leigheas. Tar éis a mhachtnaimh shocaruigh sé a aigne ar cad a dhéanfadh sé, ach níor thug sé aon bhlúire eóluis d'aoinne ar cad a bhí ceapaithe aige a dhéanamh. Pé rud a bhí ceap- aithe aige a dhéanamh níor bh'fholáir dó teacht sa Mhumhain, ag triall ar Chathal, chun a dhéanta. Is é rud a dhéin sé 'ná a leigint air go raibh sé cortha de'n fhoghluim; ná raibh aige ar sgáth a chod' foghluma ach an dealbhas agus an t-ocras, agus nár bh'fholáir dó gairm éigin
eile beatha do tharang chuige. Bhí 'fhios ag gach aoinne an fhilidheacht a bheith thar barr aige. Ní raibh iongnadh ortha d'á bhrígh sin nuair airigheadar Aniér mac Conglinne bheith ag caitheamh na sgoluigheachta uaidh agus é bheith ceapaithe ar dhul le filidheacht. Bhí gach aoinne ag cur 's ag cúiteamh feuchaint cá dtabharfadh sé aghaidh ar dtúis, ar a chéad chuaird fhilidheachta. Bhí daoine 'ghá rádh go raghadh sé ó-thuaidh go h-Aileach ag triall ar rígh Uladh. Bhí ana bháidh ag Feargal mac Maoile Dúin le filíbh. Bhéadh cóir mhaith ar Mhac Conglinne an fhaid a bhéadh sé i n-Aileach agus ní folamh a bhéadh sé ag imtheacht dó. Bhí daoine 'ghá rádh gur soir go Cúige Laighean a thabharfadh sé aghaidh. Bhí duine 'ghá rádh so agus duine 'ghá rádh súd, ach ní raibh aon pioc d'fhios aigne Mhic Conglinne ag aoinne acu. Bhí iongnadh ortha go léir nuair a leig sé an sgéal amach gur ó-dheas sa Mhumhain a bhí sé ceapaithe ar dhul, ó-dheas go h-Uíbh Eachach Mumhan, mar a raibh Cathal mac Finguine, rígh Mumhan, an uair sin, ar a chuaird rígh. Cuir san iongnadh ar gach aoinne, ach dúbhairt Aniér mac Cong- linne, pé áit 'na mbéadh Cathal mac Finguine go mbéadh cothrom bídh agus díghe ann, agus gur bh'shin a raibh uaidh féin, a dhóithin fhághail le n-ithe agus le n-ól, "rud ná fuaras riamh fós i Ros Comáin," ar seisean. Níor déineadh a thuille cur isteach air féin ná ar a ghnó. Dhíol sé amach a raibh aige ach raint leabhar. Chean- nuigh sé cúpla bulóg aráin cruithneachtan agus slisne bagúin. Cuir sé na leabair agus an méid sin lóin chuige i mála. Ansan, do réir an tseana leabhair, do chúm sé dhó féin dhá chuarán, 'sé sin dhá bhróig a bhéadh láidir buan agus sa n-am gcéadna, córach, éadtrom chun siúbhlóide. Deir an leabhar gur dhéin sé iad de dhonnleathar seachtfhillte. Ní deintear bróga de'n
tsórd san anois. Na daoine a bhí an uair sin ann ní fhéadfaidís siúbhal i n-aon chor ins na bróga a déintear anois. Nuair a bhí na bróga déanta aige agus gach aon nídh socair aige bhuail sé a mhála chuige ar a mhuin, thóg sé a bhata maith, láidir, áiseach, 'na láimh dheis, d'fhág sé slán agus beannacht agá oide, agus thug sé aghaidh ó-dheas ar an Mumhain. Ní h-ar Uíbh Eachach Mumhan a thug sé aghaidh ar dtúis, ámhthach, ach ar Chorcaigh. Bhí a chúis féin aige leis sin, mar a chídhfear ar ball. Bhí mainistir i gCorcaigh, agus is ar an mainistir a thug Mac Conglinne aghaidh. Ba ghnáth go mbíodh an uair sin i n-Éirinn, i n-aice gach mainistreach, sórd tíghe ósda, agus bhíodh lóisdín le fághail sa tigh ósda san ag an uile dhuine bhéadh ag taisdeal slíghe, agus cóir bídh agus díghe ortha, agus gan aon rud acu le díol as. An teach aoigheadh an ainim a tugtí ar an dtigh ósda san. Cialluighean aoigheadh lóisdéir oídhche. Uaireanta bhíodh an teach aoigheadh lán go maith, agus do tugtí aire mhaith dhó, chun gach aon rud a bhaineadh leis a bheith i dtreó, go glan agus go compórdamhail agus go cluthmhar. Uaireanta eile b'fhéidir go mbéadh sé gan aoinne theacht an treó ar feadh rátha. Ansan, nídh nach iongnadh, do tugtí faillighe ann. An oídhche tháinig Mac Conglinne go teach aoigheadh Chorcaighe bhí sé de chrann agus de thubaist ar Mhac Conglinne agus ar an dteach aoigheadh go raibh an tigh gan aoinne theacht ann ar feadh abhfad roimis sin, agus go raibh sé fuar, folamh, gan glanadh, gan slachtughadh, gan aon spré theine do lasadh ann, níor bh'fhios cad é an fhaid. Bhí tuitim na h-oídhche ann nuair a tháinig Mac Conglinne chun an tíghe aoigheadh. I n-aimsir gheimhridh
ab eadh e, agus bhí an aimsir go h-olc mar le h-aimsir gheimhridh féin. I gcaitheamh an lae bhí sé ag fearthainn tamall agus ag sneachtadh tamall agus ag séideadh coitchianta, i dtreó go raibh fiacala Mhic Conglinne ag déanamh ceóil an ghearaguirt dó, ag bualadh ar a chéile go breagh láidir, nuair a chuaidh sé isteach sa spéalán folamh tíghe. Bhí an dorus ar dian-leathadh agus aghaidh an tsín isteach ann, agus an ghaoth ag séideadh na sop mór-thímpal an úrláir mar bhéadh bullabáisín acu dh'á dhéanamh. Do stad sé agus d'fheuch sé 'na thímpal. Déarfadh aoinne gur cheart ná béadh aige ach dul go dtí an mainistir agus é féin do chur i n-iúil, agus go gcurfaí an uile shaghas córach air gan puinn moille. Níor chuaidh. Ní h-é sin a bhí uaidh. Bhí 'fhios aige féin go maith cad a bhí uaidh. D'fheuch sé'na thímpal feuchaint cá raibh an leabaidh. Fuair sé í. Is amhlaidh a bhí an méid éadaigh leapthan a bhí uirthi fillte go cruaidh i n-aon cheirthlín amháin ar lár na leapthan. D'osgail sé amach iad. Ní rabhadar ró thirm ná ró ghlan, agus ní baoghal go rabhadar ró theith. Níor bh'fhios cad é an fhaid a bhíodar mar sin fillte ar a chéile gan gaoth ná teine thabhairt dóibh. Shocaruigh sé ar an leabaidh iad chómh maith agus d'fhéad sé é, agus chuaidh sé fútha sa leabaidh chun codlata. Níor thuit codladh ná suan air, nídh nár bh'iongnadh. Nuair ná raibh aon chodladh ag teacht air dhírigh sé ar chantaireacht chómh breagh, chómh h-árd, chómh binn, chómh ceólmhar san gur théidh sé é féin go maith. Bhí a ghuth chómh h-árd san go ndeir an seana sgéal gur airigheadh é ar fuid na catharach go léir. Bhí na daoine tar éis tuitim 'na gcodladh. Dhúisigh an ceól breagh as a gcodladh iad. Bhí an fhuaim chómh láidir sin gur mheas gach aoinne gur sa tigh ba ghiorra dhó bhí an chantaireacht ar siúbhal. Bhí iongnadh a gcroídhe ortha
go léir. Ní fheidir aoinne acu conus a thárla ceól chómh breagh i gCorcaigh. Do h-airigheadh an chantaireacht sa mhainistir. Dh'airigh an t-Abb an foghar breagh sa tigh aoigheadh. Cheap sé gur bh' amhlaidh a bhí an teach aoigheadh lán de mhanachaibh éigin iasachta agus go rabhadar go léir ag salmaireacht, agus go mbéadh náire go deó fághalta ag mainistir Corcaighe mura bhfeuchfaí 'na ndiaigh, agus friothálamh a dhéanamh ortha, agus cóir do chur ortha mar ba cheart. Ghlaoidh sé ar dhuine d'á mhanachaibh. Tháinig an manach. "An bhfuil aon daoine iasachta sa teach aoigheadh anocht?" arsa 'n t-Abb. "Ní'l, a Athair," arsa'n manach. "Tá 's dó'!" arsa manach eile. "Chonac-sa fear ó chianaibh, ar thuitim na h-oídhche, agus é ag ruith, ag gabháil fiar-threasna na páirce ó-thuaidh i dtreó an tíghe aoigheadh." "Is fearra dhuit dul agus feuchaint 'na dhiaigh," arsa 'n t-Abb. "Bhí sé ceart aige féin, pé duine é, teacht anso chun na mainistreach i dtreó go bhfaghadh sé rud le n-ithe. Is dócha nár leig an leisge dhó filleadh thar n-ais, agus go deimhin le fírinne níor bh'fhuiriste dhó teacht thar n-ais a leithéid d'oídhche. Measaim nach foláir nó tá níos mó 'ná aoinne amháin ann. Imthigh agus feuch 'na ndiaigh. Bhéadh náire fághalta go deó againn dá bhfágfaí aoinne sa teach aoigheadh 'na throsgadh i gcaiteamh na h-oídche." D'imthigh an bheirt agus ní ró mhór an fonn gluaiste a bhí ortha. Do rugadar leó raint bídh agus síol teine. Isé biadh a rugadar leó 'na raint mine coirce agus árthach meidhg. Bhí trosgadh ar an lá san. Thánadar chun an tíghe aoigheadh. Nuair a thanadar
go dtí an doras agus nuair a chonacadar an spéalán tighe agus é folamh, dorcha, ní leigfeadh sgannradh dhóibh dul isteach. Níor airigheadar aon nídh a chuirfeadh i gcéill dóibh go raibh duine ná daonaidhe istigh. Bhíodar ag crith le h-eagla na bpúcaí. Bhí Mac Conglinne istigh agus gan smiog as. Mheasadar casadh agus ruith, ach ní fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar an Abb gan tuairisg níos fearr a bheith acu ar cé h-iad a bhí sa teach aoigheadh. Fé dheire do ghlac duine acu misneach agus do labhair sé. "An bhfuil aoinne istigh ansan?" ar seisean idir chogar agus glaoidh, agus snagadh 'na sgórnaigh le neart eagla. Nuair airigh Mac Conglinne an guth agus an snagadh sgeóin ann, níor fhéad sé gan sgeartadh gáire cur as. "Tá," ar seisean, "aoinne amháin, agus ní ró mhaith an chóir atá agaibh-se air, cé gur mór é bhúr maoidheamh as bhúr maitheas." "Cé 'tá ag maoidheamh as a mhaitheas!" arsa 'n manach. "B'fhéidir ná fuil 'fhios agat-sa," ar seisean, "gur col geise ar an dtigh seo é chur i n-eagar d'aon fhear amháin." "Col geise!" arsa Mac Conglinne. "Is maith é sin," ar seisean. "Má déineadh col riamh ar an ngeas san do déineadh anocht é, agus is mise dhéin é, mar is mé dhéin an tigh a chur i n-eagar d'aon fhear amháin. D'fhágabhair-se orm é." "Seo, seo!" arsa 'n manach. "Cuir uait an deis- bhéalaighe, agus tar anso agus caith do chuid." "Am briathar," arsa Mac Conglinne, "ná h-eireóchad as so go mbéidh 'fhios agam cad ta le fághail agam. Ar thugabhar solus libh?" Bhí dhá sméaróid teine agus sop tuighe ag an manach. Thug sé leis ó'n mainistir iad. D'imthigh sé suas go dtí
an tínteán. Chuir sé an dá sméaróid sa n-ait 'nar cheart an teine bheith, idir dhá fhóidín móna ná raibh ró thirm, agus chuir sé an sop tuighe anuas ortha, agus chrom sé ar iad do shéideadh le n-a bhéal. I gceann tamaill do las an sop tuighe. "Seadh!" arsa 'n manach, "eirigh anois agus caith do chuid bídh." "Cad tá agat?" arsa Mac Conglinne. "Tá min choirce mhaith agus meadhg maith, an biadh agus an t-annlann is fearr fhéadfadh duine d'fhághail i n-aimsir throsgaidh," arsa 'n manach. "Min choirce agus meadhg!" arsa Mac Conglinne, agus seirbhthean 'n-a ghlór. "Dar fiadh, a sgológ," ar seisean, "má thugann tú biadh agus annlann air sin ní misde thú chur ag raint bídh agus annlainn! "I gCorcaigh na Mumhan Do stadas de m' shiúbhal, Ag brath ar chothughadh Ó mhanachaibh. Do tugadh dom cadhn, Min choirce agus meadhg; Ba ghairid dom treighid Dá mblaisinn é. Beir leat, a sgológ, Thar n-ais chun do stóir, An biadh saidhbhir, sóghach So thaithnean leat. Dá mbéinn ag fághail bháis Do'n ghorta ní rádhaim Go gcuirfinn aon ghra. inne Am' ballaibh dé! I gCorcaigh tá cloga binne; Is árd a gceól 's is milis.
Ní mór a gcabhair do'n duine Ná béadh istigh 'na ghoile Ach bolamac meidhg a's mine. Corcaigh an choirce thirim, Corcaigh na móna flice, Corcaigh gan teas gan teine, Corcaigh gan biadh le n-ithe Ach an biadh nár ith na luchaigh." Do phreab an manach láithreach agus thóg sé leis an mhin agus an meadhg, agus siúd thar n-ais chun na mainistreach é féin agus an manach eile. "An bhfuil aoinne ann?" arsa 'n t-Abb. "Tá, duine greannmhar," arsa 'n manach. "Nár thugabhair a chuid bídh dó?" arsa 'n t-Abb; nuair a chonaic sé an t-árthach mine agus an t-árthach meidhg i láimh an mhanaigh. "Tharaigeamair dó an biadh agus ní ghlacfadh sé uainn é. Is amhlaidh a thug sé tarcuisne agus droch mhúineadh dhúinn. Dúbhairt sé ná h-íosfadh sé an biadh le h-eagla go gcuirfeadh sé an treighid air. Bí sé ag stealladh filidheachta linn go dtí gur fhágamair ansan é." "Cad í an fhilidheacht adúbhairt sé?" arsa 'n t-Abb. "Níor choimeádas am' cheann é, a Athair," arsa 'n manach. "Coimeadas-sa é, a Athair," arsa 'n manach eile. "Abair é," arsa 'n t-Abb. Dúbhairt sé an bhéarsa do'n Abb. Mainchín ab ainim do'n Abb. "Ó!" arsa Mainchín, "tá náire fághalta againn! Ní bhéidh garsún i gCorcaigh ná béidh an bhéarsa san 'na bhéal amáireach aige. Ní bhéidh de port acu ar fuid na catharach ach é. Raghaidh an bhéarsa ó bhéal go bhéal ar fuid na Mumhan. Ní fios cá stadfar leis. Ní bhéidh d'ádhbhar suilt ar fuid na dúithe feasda ach mé féin
agus mainistir Chorcaighe agus min choirce agus meadhg Chorcaighe! Caithfear rud éigin a dhéanamh a chuirfidh cosg leis an sult." "Cad a cheapan tú dhéanamh, a Athair?" arsa 'n manach. "Droch bhuachaill iseadh an fear a dhéin an dán san," arsa Mainchín. "Tháinig sé d'aon ghnó chun tar- cuisne thabairt dúinn. Ní h-eol dom go dtugamair aon chúis d'aoinne chun a leithéid a dhéanamh. Ach is léir nach biadh ná aoigheacht a bhí uaidh i gCorcaigh. Tháinig sé gan aon ghnó eile ach chun na h-Eagailse d'aoireadh. Tá an aoir déanta aige. Imtheóchaidh sé sar a dtioc- faidh an lá agus leathfaidh sé an sgéal ar fuid na dúithe, agus múinfidh sé an aoir do'n uile dhuine bhuail- fidh uime. Tá masla tabhartha aige do'n Eaglais, agus má leigtear leis béidh an masla níosa mheasa. Tá dlígh na rígheachta agus dlígh na h-Eagailse briste i n-aonfheacht aige. Tá an chroch tuillte aige má thuill aoinne riamh í." "Ach conus a tiocfar suas leis, a Athair?" arsa 'n manach. "Imthigidh láithreach," arsa Mainchín, "agus dúisigidh na manaigh eile agus gluaisidh chun an tíghe aoigheadh agus gabhtar é. Déinidh brostúghadh le h-eagla go mbéadh sé imthighthe sar a bhfaighfí greim air! Déinidh é ghabháil go daingean agus é thabhairt anso gabhtha am' láthair. Ansan 'neósfad-sa dhaoibh cad is ceart a dhéanamh leis. Cuirfead-sa i n-iúil dó ná déintear aoireadh na h-Eagailse i n-aisge. Curfar a mhalairt de chúram air i n-éaghmuis bheith ag déanamh na n-aoir. Smacht is ceart a chur ar a leithéidí i n-inead eagla bheith ag daoine rómpa mar a bhíon. Brostuigidh, adeirim!"
Caibidiol a cúig. Bhí Mac Conglinne 'sa leabaidh sínte, sa teach aoigheadh, agus é ag cur an anama amach ag gáiridhe. Nuair a chuimhnigheadh sé ar an sgannradh 'bhí ar an mbeirt mhanach nuair a thánadar chun dorais an tíghe, ní fhéadadh sé gan sgearta gáire chur as. Ansan, nuair a chuimhnigheadh sé ar an spórt a bhéadh ag óg agus críona ar an Abb nuair aireóchaidís an dán beag filidheachta, chuireadh sé sgearta gáire eile as. Shíl sé go gcurfaí mallacht air nó go gcurfaí fé choin- neal-bháthadh é, nó go ndéanfaí rud éigin uathbhásach de'n tsórd san leis. Siné 'bhí uaidh, agus bhí 'fhios aige féin cad 'na thaobh. Ní raibh aon choinne aige go dtabharfaí aon droch úsáid cuirp dó. I lár an tsuilt agus an gháiridhe dhó do líon na inanaigh go léir isteach sa tigh aoigheadh chuige, agus a ndóithin soluis acu. Do stad a chuid suilt. Chonaic sé ná raibh aon fhuadar fóghanta fútha. Níor labhradar focal leis. Níor dhéineadar ach déanamh air agus breith air, agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé, agus é. chomáint leó an dorus amach. Thugadar i láthair Mhainchín é, "Is maith an buachaill tú!" arsa Mainchín, nuair a chonaic sé é. "Ní bheidhfeá sásta le bheith ag déanamh aoirthe ar dhaoine macánta nár dhéin olc ná éagcóir riamh ort, gan teacht anso gan aon ghnó eile ach chun go ndéanfá aoir ar an Eaglais. Má tá eagla ag daoine eile rómhat féin agus roimhe do chuid aoirthe, curfar i n-iúil duit ná fuil aon eagla anso rómhat. Dá
gcurfaí smacht i n-am, agus i gceart, ar do leithéidí ba shuaimhneas ar an ndúthaigh é. Níor cuireadh smacht ort-sa go dtí so. Curfar smacht anois ort. Tógaidh libh thar n-ais é go dtí an teach aoigheadh agus bainidh dé a chuid éadaigh agus gabhaidh d'fhuipeanaibh géara cruadha air go dtí ná béidh órlach d'á chroicean slán. Ansan beiridh síos chun na h-abhan é agus bídhidh 'ghá thumadh sa n-abhainn go dtí go mbéidh a bholg lán d'uisge na h-abhan. B'fhéidir, mura gcuirfeadh meadhg na mainis- treach treighid air, go gcuirfeadh lán a bhoilg d'uisge na Laoi treighid air!" Do tógadh chun siúbhail é sar a raibh uain aige ar fhocal do labhairt. Do rugadh thar n-ais chun an tíghe aoigheadh é, agus do sgiursáladh go maith é. Ansan do rugadh síos chun na h-abhan é, agus bhídhtheas 'ghá thumadh go dtí go raibh sé leath bháidhte. Ansan do rugadh thar n-ais é chun an tíghe aoigheadh agus do cuireadh isteach ann é, agus do dainginigheadh an tigh air. "'Seadh!" arsa Mainchín, "déineadh sé blúire filidheachta anois 'ghá innsint cad d'imthigh air. Gabh- aims' orm ná déanfaidh." "Cad 'déanfar leis siúd amáireach, a Athair?" arsa duine des na manaigh leis an Abb. "Ní foláir," arsa Mainchín, "maithe Corcaighe do chruinniughadh amáireach, agus a innsint dóibh cad í an choir atá déanta aige, conus mar a tháinig sé anso go Corcaigh gan aon ghnó eile ach chun mhasla thabhairt do mhaithibh na catharach, agus do dhaoine na catharach, agus do'n Eaglais, agus dómh-sa, conus mar a dhéin sé aoir ar an mainistir agus ar an Eaglais, agus ar Chorcaigh. Má ghlacaid maithe Chorcaighe mo chómhairle-se ní ragaidh an cuirptheach níos saoire as 'ná é chrochadh!" Do cuireadh fógradh amach ag glaodhach ar mhaithibh na
catharach chun na cúise do thriail. Thánadar go moch ar maidin. D'inis Mainchín dóibh cad a dhéin an fear iasachta. Chuadar go léir do dtí an teach aoigheadh. Do h-osgladh an teach. Bhí Mac Conglinne istigh, agus gan aon dabht ba shuarach an driuch a bhí air tar éis na h-oídhche. Bhailigh na manaigh agus uaisle Chorcaighe isteach. "'Seadh, a rascail," arsa Mainchín, "an dóich leat an mhaith a dhéinis é masla thabhairt do'n Eaglais?" "Ní dóich liom gur ró mhaith a dhéin lucht na h-Eagailse é, mise bheith gan bhiadh acu sa teach aoigheadh. Ba chóir ná creachfadh sé iad a dhóithin le n-ithe thabhairt d'aon fhear amháin," arsa Mac Conglinne. "Ní rud le n-ithe a bhí uait, a chuirpthigh," arsa Mainchín. "Bhí 'fhios agat go maith go raibh aimsir throsgaidh ann, agus nár bh'fhéidir aon bhiadh eile thabhairt duit ach an biadh a tugadh duit. Bhí 'fhios agat go dian mhaith go mbéadh do dhóithin mhór bídh agus díghe le fághail agat chómh luath agus bhéadh gnó an tSatharainn agus gno an Domhnaigh déanta. Ní biadh ná deoch a bhí uait, ach caoi fhághail ar an Eaglais d'aoireadh, agus ar easonóir a thabhairt dómh-sa agus do mhaithibh na catharach so Chorcaighe. Táid maithe Chorcaighe anso anois ag éisteacht linn agus tabharfad-sa caoi dhóibh féin ar a thuisgint cad é an saghas tú agus cad a thug anso go Corcaigh thú. Seasaimh-se anso amach," ar seisean leis an dtimthire, "agus abair i láthair na ndaoine seo an aoir a dhéin an cuirptheach so dhóibh féin agus do'n Eaglais." Tháinig an timthire amach i lár an úrlair agus dúbhairt sé an dán. Nuair airigh Mac Conglinne an dán níor fhéad sé gan sult a theacht 'na shúilibh ag éisteacht leis. Nuair airigh maithe Chorcaighe an dán,
agus nuair a chonacadar an sult i súilibh an fhile tháinig uabhar agus bochtaineacht agus fearg thar bárr ortha. "'Seadh anois, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mainchín, "cad is dóich libh is ceart a dhéanamh leis an rascail seo?" "É chrochadh!" ar siad, d'aon ghuth. Ní raibh aon choinne ag Mac Conglinne le n-a leithéid sin de bhreith. Cheap sé go gcurfaí easgaine nó mallacht nó coinneal-bháthadh, nó rud éigin de'n tsórd san air. Siné a bhí uaidh, agus bhí a chúis féin aige leis. Ach nuair a fuair sé go rabhthas ar tí é chrochadh, ambasa níor oir san i n-aon chor dó. "Aisge dhom, a Mhainchín agus a mhaithe Chorcaighe!" ar seisean. B'é dlígh na h-aimsire sin, nuair a daorfaí duine chun báis, aon rud d'iarfadh sé nár bh'fholáir an rud san a thabhairt dó, ach ná h-iarfadh sé é leigint saor. Aisge a tugtí ar an achainighe d'iartí ar an gcuma san. "Go leigfí t'anam leat, an eadh?" arsa Mainchín. "Ní h-eadh," arsa Mac Conglinne, "cé nár mhisde liom dá dtagadh san as." "Abair an aisge," arsa Mainchín. "Ní déarfad," arsa Mac Conglinne, "go dtí go mbéidh geallamhaint fé cheangal agam go bhfaghad an aisge." Do tugadh an gheallamhaint dó, fé cheangal, agus chuaidh maithe Chorcaighe i n-urudhas air go gcaithfeadh sé an aisge dh'fhághail. Mura dtugtí an gheallamhaint dó ar an gcuma san d'fhéadfadh Mainchín é dh'eiteach ar an aisge chómh luath agus do 'neósfadh sé cad a bhí uaidh. "Abair an aisge anois," arsa Mainchin. "Déarfad," arsa Mac Conglinne. "Tá raint bídh
am' mhála, mála mo leabhar. Tugtar chugam an mála go n-ithead an biadh atá ann. Ní ceart do dhuine dul chun báis gan lón bóthair do chaitheamh." "Feuch!" arsa Mainchín. "Tá masla aige d'á thabhairt do'n Chreideamh! Lón bóthair i gcóir an bháis a thugan sé ar bhiadh chorpartha!" Do tugadh an mála ag triall ar Mhac Conglinne. D'osgail sé an mála. Thóg sé amach as an mála an dá bhulóig agus an slisne bagúin. Bhain sé smut de gach bulóig agus bhain sé smut de'n bhagún. "Siné an deachmhadh," ar seisean. "Ba mhaith liom deachmhadh dhíol. Dá mbéadh 'fhios agam cé is boichte 'ná 'chéile anso do dhíolfainn an deachmhadh leis." Bhí raint daoine bochta ann. Do ritheadar suas agus a lámha sínte amach acu ag brath air go bhfaghaidís an t-arán agus an bagún. D'fheuch Mac Conglinne ortha ó dhuine go duine. "Dar fiadh," ar seisean, "ach ní fheicim-se aoinne anso is mó gádh leis an mbiadh seo 'ná mé féin. Níor chaitheas biadh ná deoch ó thánag go Corcaigh aréir. Ní bhfuaras i dteach aoigheadh Chorcaighe an chóir ná an frio- thálamh is dual do'n deóraidhe. Fuaras a mhalairt, ámhthach. Do baineadh m'éadach díom agus do gabhadh d'fhuipeanaibh orm, agus do tumadh sa n-abhainn mé go dtí go rabhas leath bháidhte. Do daoradh chun mo chrochta mé agus gan coir déanta agam, agus níor tugadh cóir ná ceart dlíghe dhom ó mhaithibh Chorcaighe. Agus is sibh-se muintir Chorcaighe! Greadadh chugaibh, a shloi- gisg! Deachmhadh dhíol libh-se! A shloigisg an ocrais, ní thabharfad-sa aon deachmhadh dhaoibh. Pé rud a bhéidh le cur am' leith ar an saoghal eile ná ná béidh, ní curfar am' leith gur dhíolas deachmhadh libh-se, a rudaí gorta!" Chuir sé an deachmhadh 'na bhéal féin agus d'ith sé é.
Bhí Mainchín ag feuchaint air agus ag éisteacht leis, agus bhí sé go cráidhte agus go loisgithe, mar bhí 'fhios aige go maith gur chuige féin an uile fhocal. Bhí an ceart sa méid sin aige. Níor chuir Mac Conglinne aon tsuim ann, ámhthach. Bhí 'fhios aige go raibh an aisge aige gan bhuidheachas dó, daingean fé urudhas. Chomáin sé leis ag ithe ar a shuaimhneas go dtí go raibh an dá bhulóig agus an slisne bagúin ithte aige. An fhaid a bhí sé ag ithe bhí na bacaigh ag cur na súl tríd, ach níor thug sé blaise dhóibh. Nuair a bhí an dá bhulóig agus an bagún ithte aige, gan oiread agus brúsgar fuíolaigh fhágáil, d'fheuch sé 'na thímpal. Bhí buidhean armtha mar lucht coimeádta air chun gan leigint dó imtheacht. "Ní béile bhídh biadh gan deoch," ar seisean. "Beir- tear go bruach na Laoi mé," ar seisean, "go n-ólad mo dhóithin d'uisge na Laoi. Nuair ná tugtar aon deoch eile dhom, isé is lúgha is gann do mhuintir Chorcaighe, ó 's iad atá fial, mo dhóithin d'uisge na Laoi thabhairt dom. Ní gádh dhóibh eagla bheith ortha go gcuirfead an abha i luighead. Do tugadh cuid mhaith de'n uisge dhom aréir, ach teastuighean deoch eile anois uaim." "Tugtar a dhóithin d'uisge na Laoi dhó," arsa cách. "Isé a cheart é as an aisge a tugadh dó, agus ní ceart gan iomláine na h-aisge thabhairt dó." "Tá nídh eile aige le fághail uaim-se ar dtúis," arsa Mainchín. "Tá masla tabhartha aige do'n Chreid- eamh agus ní foláir sailm na mallacht do léigheadh os a chionn agus é chur fé choinneal-bháthadh ar dtúis, ansan bíodh sé ag ól uisge na Laoi go h-oídhche má's maith leis é." Do léigheadh sailm na mallacht ar Mhac Conglinne, agus do cuireadh fé choinneal-bháthadh é.
"Beirtear chun na h-abhan mé feasda," ar seisean. Tháinig an lucht coimeádta ar gach taobh dé, agus thógadar suas é, agus d'árduigheadar leó é go port na h-abhan. Do leigeadar anuas ar an bport é. "Baintear an ceangal de m' lámhaibh," ar seisean, "go n-ólad mo chuid díghe ar mo shuaimhneas." Bhaineadar na ceangail dé. Ní raibh aon bhreith aige ar imtheacht uatha mar bhí na h-airm acu agus a ndóithin acu ann. Bhain Mac Conglinne an biorán a' brollach a bhrait. Bhain sé dhé an brat. Do leath sé amach an brat ar an bport, i n-aice an uisge. Ansan do shín sé é féin ar an mbrat, ar fleasg a dhroma. Ansan do rug sé ar an mbiorán 'na láimh dheis agus do thúm sé sa n-abhainn an biorán. Ansan do thóg sé an biorán agus do leig sé a cheann siar agus do leath sé a bhéal agus do leig sé do'n bhraon uisge a bhí ar puinnte an bhíoráin tuitim siar 'na bhéal. Nuair a bhí an braon san sloigithe aige chuir sé an biorán sa n-uisge airís, agus thóg sé braon eile ar an gcuma gcéadna. Chomáin sé leis ag ól an uisge ar an gcuma san. D'fheuch an lucht coimeádta ar a chéile. "An fada a leanfair de'n chleas san?" arsa duine acu leis. "Go dtí go mbéidh mo dhóithin ólta agam," ar seisean, agus chomáin sé leis ag ól. Do stadadar ag feuchaint air ar feadh tamaill eile. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag an bhfear tosaigh a bhí ortha. "Seo, seo!" ar seisean, "cuir uait na clis. Má tá tart ort ól do dheoch agus ná coimeád anso go h-oídhche sinn! Ní chun bheith ag imirt cleas a thugamair anso thú. Má tá tart ort ól do dheoch, nó mura bhfuil
tart ort eirigh as an obair sin, agus béarfar thar n-ais tú." "Táim ag ól mo chuid díghe ar an gcuma is fearr 'na réidhteóchaidh an deoch liom. Is fearrde biadh nó deoch é chaitheamh go réidh. Ach i dtaobh an uisge seo na Laoi, isé mo thuairim láidir d'á réidhe a h-óltar é gur b'eadh is fearr é. D'ólas-sa féin cuid dé aréir. Níor leigeadh dom é dh'ól réidh, agus go deimhin ní ró mhaith a réidhtidh sé le m' ghoile. Dhéin sé breóite mé. Ní h-alaidh dhom mé féin a dhéanamh breóite airís leis tré gan aimsir mo dhóithin a ghlacadh 'ghá ól." "Téanam!" arsa'n fear tosaigh. "Árduighmís linn thar n-ais é. Ag magadh fúinn atá sé." Agus dhéin sé anonn ar Mhac Conglinne chun beirthe air. D'fheuch Mac Conglinne idir an dá shúil air. "Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean. "Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa. Ná fuil 'fhios agat go bhfuil aisge agam ó Mhainchín, agus go bhfuil maithe Chorcaighe t'réis dul i n-urudhas ar thabhairt na h-aisge sin dom? Is cuid de'n aisge sin neart a bheith agam ar mo dhóithin de'n uisge seo dh' ól. Ní'l aon aimsir gearrtha amach dom chuige sin. Ní'l bac orm mo dhóithin aimsire chaitheamh leis. Má beirtear thar n-ais as so mé gan mo dhóithin uisge bheith ólta agam cuirfead mo ghearán isteach láithreach, i láthair uaisle Chorcaighe, nár tugadh dom an aisge t'réis iad féin do dhul i n-urudhas air go dtabharfaí. Cad a bhéidh agat-sa le rádh ansan? Deirim leat, a dhuine mhacánta, feuchaint rómhat." "Is fearr sgaoileadh leis," arsa 'n chuid eile de'n lucht coimeádta. "Tá an la fada. Corfar é." Do lean an sgéal ar an gcuma san go ceann tamaill mhaith eile, Mac Conglinne ag ól an uisge de
bharra an bhioráin agus an lucht coimeádta ag faire air. Do labhair an fear tosaigh airís, ach is go réidh a labhair sé. "Cad é an fhaid is dóich leat," ar seisean, "go mbéidh do dhóithin ólta agat?" "Tá buaidhte agam oraibh, a shloigisg!" arsa Mac Conglinne. "Nuair a bhíos-sa sa bhaile is amhlaidh a dh'ithinn d'aon bhéile amháin oiread bídh agus dhéanfadh mo ghnó ar feadh naoi lá agus naoi n-oídhche. An méid sin bídh a dh'itheas ó chianaibh déanfaidh sé mo ghnó anois go ceann naoi lá agus naoi n-oídhche. Fanfad anso go dtí go mbéidh an méid sin aimsire caithte. Béidh sibh-se cortha go maith um an dtaca san, a shloigisg." Do thuit a lug ar a lag ag an lucht coimeádta nuair airigheadar an méid sin. Chuir an fear tosaigh duine ag triall ar Mhainchín ag innsint an sgéil sin dó, Nuair airigh Mainchín an sgéal chuir sé fógra amach chun maithe Chorcaighe do chruinniughadh airís i gcómhairle. "Luathchomarc" a tugtar sa tseana leabhar ar an gcómhairle sin. Isé rud a tháinig as an gcómhairle 'ná so. Do cuireadh teachtaire ag triall ar Mhac Conglinne 'ghá rádh leis go raibh a rogha le fághail aige de dhá nídh. É féin do theacht, le n-a thoil mhacánta, agus é féin do thabhairt suas chun a chrochta, nó é dh'fhanamhaint mar a raibh aige, agus lucht coimeádta ag déanamh uanuigheachta ar a chéile 'ghá choimeád, go dtí go bhfaghadh sé bás leis an ocras ar phort na h-abhan. "Is rógha a' dhá dhíg é!" arsa Mac Conglinne nuair a h-innseadh an sgéal dó. "Ní'l aon daoine eile beó i n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a leithéidh de rogha thabhairt do dhuine. Ach beirtear thar n-ais mé go labhrad le maithibh Chorcaighe, agus go
gcuiread raint ceisteana chuca. D'iaras aisge. Chuaidh maithe Chorcaighe i n-urudhas air go raibh an aisge le fághail agam. Ní mór dom a fhios a bheith agam uatha féin an mór is fiú an t-urudhas. Beirtear thar n-ais mé." Chuir an lucht coimeádta na ceangail ar a lamhaibh airís, agus thógadar eatartha é chun é thabhairt tar n-ais. Tógadar go réidh é, mar bhí áthas mór ortha gan a bheith ortha fanamhaint a thuille ar bruach na h-abhan ag faire air, agus é ag ól an uisge de bharra an bhioráin.
Caibidiol a sé. Do tugadh Mac Conglinne i láthair na cómhairle. Bhí Mainchín agus uaisle Chorcaighe ar an gcómhairle. "Cead cainte dhom uaibh, a Mhainchín agus a mhuintir Chorcaighe!" arsa Mac Conglinne. "Ná tugtar," arsa Mainchín, "aon chead cainte dhó. Ní cead cainte atá uaidh ach cead magaidh. Tháinig sé anso go Corcaigh gan aon ghnó eile ach chun magaidh a dhéanamh fúibh-se, a mhaithe Chorcaighe, agus fúm-sa agus fé'n Eaglais. Tá sgannradh ag teacht anois air mar tá an magadh ag teacht 'na dháiríribh chuige. Deirim libh, a mhaithe Chorcaighe, d'á luíghead caint a leigfear dó dhéanamh gur b'eadh is fearr é." "A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac Conglinne, "ní fheadarabhar cé h-é mé, ná cá dtánag. Má crochtar mé gan a leigint dom mo sgéal féin d'innsint daoibh béidh slóighthe líonmhara ag teacht chugaibh anso, a-dtuaidh ó Chonachtaibh agus ó Ultaibh, agus is tur a bhéidh a fhios cad 'na thaobh uatha." "Cead cainte dhó! Cead cainte dhó!" arsa cách. "Má dhéinean sé raint magaidh féin cad é an díobháil é? Má bhainean sé raint gáirí asainn is fearrde sinn é." "Abair do chaint," arsa Mainchín, "agus ná bí abhfad léi. Tá an lá ag imtheacht agus caithfear tú chrochadh sar a dtiocfaidh an oídhche orainn." "A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac Conglinne, "do tugadh aisge dhom ó Mhainchín. B'é mo cheart ó dhlíghthibh na h-Éirean an aisge sin d'fhághail sar
a gcrochfaí mé. Chuadhabhair-se, a mhaithe Chorcaighe, i n-urudhas air go bhfaghainn an aisge sin. Ba mhaith liom anois a fhios a bheith agam uaibh-se féin, an mór is fiú an t-urudhas san." "Is fiú anam duine é," arsa cách. "Mura mbéadh an t-urudhas san ní bhéidhfeá-sa ag caint linn ansan anois. Bhéadh gad curtha ar do sgrugal fadó riamh indiu agus do chosa sa n-aer agat." Do sgeart a raibh láithreach ar gháiridhe. "Tá go maith, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mac Cong- linne. "B'fhéidir anois go bhfreagrófaí an cheist eile seo dhom. An mór is fiú agaibh-se uisge na Laoi?" "Ba dheacair a innsint," arsa cách. "Is fiú mórán é. Mura mbéadh uisge na Laoi bhéadh an sgéal go h-olc againn go léir. Comáin leat." Bhain Mac Conglinne an biorán as a bhrat. "Feuch, a mhaithe Chorcaighe," ar seisean, "an mór is dóich libh-se dob' fhiú an méid uisge dh'fhéadfainn-se thógaint as an Laoi le barra an bhioráin sin?" "Níor bh'fhiú aon rud é," arsa cách. "Ach cad chuige dhuit a leithéid sin de cheist a chur?" "Tá dearmhad oraibh, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mac Conglinne. "Dob' fhiú mórán an braon uisge sin d'fhanfadh ar bharra an bhioráin sin dá dtumainn sa Laoi é." "Tá an duine as an mheabhair!" arsa cách. "Ni'l aon easba meabhrach orm, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mac Conglinne. "An mór ab fhiú é, má 'seadh?" arsa cách. "Is mó dob' fhiú é," arsa Mac Conglinne, "'ná aoigheacht na mainistreach. Is mó dob' fhiu é 'ná meadhg na mainistreach. Is mó dob' fhiú é 'ná min choirce na mainistreach. Is mó dob' fhiú é 'ná an aisge a tugadh
dómh-sa. Is mó dob' fhiú é 'ná an t-urudhas a dhéinea- bhair-se air go bhfaghainn an aisge sin, a mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe." "Tá go breagh!" arsa cách. "Ach conus a thaisbeán- an tú san?" "Dar libh-se, a mhuintir Chorcaighe," arsa Mac Cong- linne," dob' fhiú anam duine an aisge úd a tugadh dom. Ach do baineadh díom an aisge, i n-aimhdheóin bhúr n-urudhais, mar gheall ar bhraon d'uisge na Laoi a thógas as an abhainn ar bharra an bhioráin sin!" Do léim an fear tosaigh a bhí ar an lucht coim- eádta. "Thug sé a éitheach, a dhaoine uaisle!" ar seisean. "Níor baineadh an aisge dhé; ach bhí sé sínte ar bruach na Laoi agus é ag ól an uisge leis an mbiorán san 'na láimh aige, agus dúbhairt sé go bhfanfadh sé ansan ar feadh naoi lá agus naoi n-oídhche, agus go gcoimeád- fadh sé sinne ann ag faire air." D'iompuigh Mac Conglinne air, agus chuir sé smuta gáire as. "Nach ana dheas an cor a bhéidh ort-sa," ar seisean, "nuair a 'neósfar an sgéal san ort ar fuid na h-Éirean!" Do phléasg a raibh láithreach ar gháiridhe. "Is cuma liom," arsa 'n fear tosaigh go feargach. "Pé cor a bhéidh orm-sa nuair a 'neósfar an sgéal ar fuid na h-Éirean béidh an cor céadna ar mhuintir Chor- caighe go léir!" "Stad! stad!" arsa cách. "Tá sé i n'oídhche feasda. Tugtar dál go maidin do'n chime seo." "Ní'l leath mo chainte ráidhte fós agam," arsa Mac Conglinne. "Do tugadh cead cainte dhom agus siné dh'á bhaint díom airís é, díreach fé mar a baineadh
an aisge dhíom agus maithe Chorcaighe i n-urudhas agam air go bhfaghainn an aisge! Cad é an saghas áite Corcaigh seo i n-aon chor, nó cad é an saghas daoine muintir Chorcaighe!" "Cad é an saghas duine thú féin?" arsa cách. "Siné díreach a bhí agam le h-innsint nuair a chuir- eabhair stop le m'chaint," arsa Mac Conglinne. "An amhlaidh ba mhaith leat go gcrochfaí anocht tú?" arsa cách. "Má crochtar mé," arsa Mac Conglinne, "conus fhéadfad a innsint cad é an saghas duine mé?" "Gheabhfaí amach 'na dhiaigh san é," arsa cách. "'Seadh," arsa Mac Conglinne. ""Tar éis a tuig- tear gach beart." Is minic gur bh'fhearr go dtuigfí an bheart roim ré." "Gheabhair cead cainte amáireach," arsa cách. "Bíodh an oídhche agat chun do sgéal do shocarughadh mura bhfuil sé socair cheana agat." "Agus cathain a crochfar mé?" arsa Mac Cong- linne. "Crochfar amáireach tú, ná bíodh eagal ort," arsa Mainchín. "Aisge dhom, a dheagh-dhuine!" arsa Mac Conglinne. "Aililiú!" arsa Mainchín, "cad í an aisge atá uait anois?" "Ó thánag go Corcaigh," arsa Mac Conglinne, "ní bhfuaras cóir bídh ná cóir leapthan ná cóir codlata. Táim le crochadh amáireach. Do tugadh aisge dhom agus do baineadh díom airís í. Má 'sí seo an oídhche dhéanach agam ar an saoghal so, isé is lúgha is gann aon oídhche amháin chompórdach a thabhairt dom." "Cad tá uait?" arsa Mainchín. "Tá," arsa Mac Conglinne, "béile na h-oídhche seo
de'n bhiadh agus de'n digh is fearr sa mhainistir seo Chorcaighe, agus cead codlata i leabaidh Mhainchín féin, agus í chórughadh dhom fé'n éadach leapthan is fearr sa mhainistir." Do liúigh a raibh láithreach le sult agus le gáirí. "Gheabhair an aisge sin! Gheabhair an aisge sin!" ar siad go léir d'aon-ghuth ach Mainchín féin. D'fheuch sé ar Mhac Conglinne, agus d'fheuch sé 'na thímpal ar lucht an tsuilt. "Is éagsamhlach an duine thú!" ar seisean. "Ach bíodh agat. Crochfar amáireach tú, agus is mór an suaimhneas ar an gcathair é!" Do rugadh Mac Conglinne isteach sa mhainistir, agus do tugadh béile na h-oídhche dhó de'n bhiadh dob' fhearr a bhí sa mhainistir. Ansan do tugadh a dhóithin fíona le n-ól dó de'n fhíon ab fhearr a bhí sa mhainistir. Nuair a bhí a dhóithin ithte agus ólta aige do rugadh isteach é sa tseómra i n-a gcodladh an t-Abb féin, agus do cóirigheadh leaba Mhainchín dó, agus do cuireadh an t-éadach leapthan dob' fhearr a bhí sa mhainistir uirthi dhó. Chuaidh sé a chodladh, agus murar chodail sé go maith an oidhche roim ré ní baoghal ná gur chodail sé go maith an oídhche sin. D'imthigh Mainchín agus na manaigh chun gnótha an Domhnaigh do chríochnugadh agus do chur chun taisge. Bhí a lán le déanamh acu, mar bhí Mac Conglinne tar éis gnótha an lae do chur i n-aimhréidh agus i ndiaigh lámha ortha. Bhí cluig acu le bualadh, agus bhí tráthana acu le léigheadh, agus cantainn salm acu le déanamh, agus biadh le tabhairt do bhochtaibh acu, agus na boicht go díombádhach ag feitheamh leis. Bhí an chéad ghreas cod- alta go sámh ag Mac Conglinne sar ar fhéad Mainchín ná aoinne d'á mhanachaibh síneadh ar leabaidh i n-aon chor.
Agus dá mhí-thráthamhlacht d'fhéad Mainchín dul a chodladh ní ró mhaith a chodail sé an oídhche sin, mar bhí air luighe i leabaidh ná raibh taithighe aige uirthi, agus Mac Cong- linne 'n-a leabaidh féin. Ní raibh leigheas air sin, ámhthach. B'éigean dó chur suas leis agus an ceann ab fhearr a dhéanamh dé.
Caibidiol a seacht. AR maidin lar na mháireach bhí maithe Chorcaighe cruin- nighthe go luath i n-áit na cómhairle agus iad ag cur 's ag cúiteamh i dtaobh Mhic Conglinne. Bí fait- chíos agus mí-shásamh aigne ortha mar gheall ar an bhfocal úd a dúbhairt sé um thráthnóna an lae roimis sin, nuair a dúbhairt sé dá gcurtí chun báis é gan leigint dó a sgéal d'innsint go mbéadh slóighte líon- mhara ag teacht a-dtuaidh a d'iaraidh a fhios cad 'na thaobh fhághail ó mhuintir Chorcaighe. Ní raibh aon lorg ag muintir Chorcaighe ar an saghas san ceistiughcháin. Ní raibh aon lorg acu ar shlóightibh de'n tsórd san do theacht aniar ná a-dtuaidh ná aniar-a-dtuaidh ortha. Is amhlaidh mar a bhí an sgéal acu, dá dtagadh tuairisg chuca ó'n mainistir go raibh an cime tar éis éalódh i gcaitheamh na h-oídhche, agus nár bh'fhios cá raibh sé imthighthe, ní bhéadh aoinne acu ag gol 'na dhiaigh, agus ní baoghal go gcuirfidís aon tóir 'na dhiaigh, nó dá gcuiridís ní baoghal ná go raghadh an toir sa treó baill ba lúgha 'nar dhóich leó a tiocfaí suas leis. B'fhearr leó go léir 'ná rud maith go mbéidis sgartha leis. Ach níor tháinig aoinne ó'n mainistir 'ghá rádh gur éaluigh sé. Níor éaluigh. Ní chuige sin a tháinig sé. Bá ghearr go bhfeacadar é féin agus a lucht coimeádta ag bualadh chuca a leith ó'n mainistir. Tháinig Mainchín leis, agus do shuigh an chómhairle. Do labhair Mainchín. "A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," ar seisean, "is mithid daoibh cúram an chuirpthigh seo thógaint dínn. Tá an chathair agus an mhainistir curtha tré n-a chéile
aige. Do dhaorabhair-se é chun a chrochta nuair a cuireadh i n-iúil daoibh cad a bhí déanta as an slígh aige. Ach táthar 'ghá ghlacadh ró réidh, agus d'á réidhe a glactar é iseadh is mó a dhéinean sé an uile shaghas toirmisg. Is fearr, mar shuaimhneas ar an gcathair, an bhreith a tugadh air do chur i ngníomh láithreach le h-eagla go ndéanfadh sé tuille thoirmisg, agus go mb'fhéidir go mbéadh an toirmeasg nua níos measa 'ná an toirmeasg atá déanta cheana aige." Do stad sé. Níor labhair aoinne. Do phreab Mac Conglinne féin 'na shuighe. "A Mhainchín, agus a mhuintir Chorcaighe," ar seisean, "tugtar cáirde dhom gan mé chrochadh go n-innsead daoibh aisling iongantach a taisbeánadh dom aréir agus mé am' chodladh i leabaidh Mhainchín." "Ní tabharfar aon cháirde dhuit, a rascail," arsa Mainchín. "Tá cáirde do dhóithin fághalta cheana agat," ar seisean, "agus ní maith ná tairbhe atá bainte agat as an gcáirde ach díobháil agus toirmeasg agus cur thré chéile." "Cáirde dhó! go n-innsidh sé an aisling," arsa cách uile. "Nuair a bhéidh an aisling innste aige tugadh Mainchín a rogha cor dó." Nuair airigh Mac Conglinne an méid sin d'fheuch sé ar Mhainchín, agus chuir sé smuta gáire as, agus dúbhairt sé mar seo:- "Beannacht dúinn, a chléirigh Is uasal ó d'shinnsear. Mac Meala, mic Créithir, Mic Cruiceóige maoile. Mic Boighreáin, mic Praisce, Mic Breac-bhainne Buacaigh,
Mic Bláthaighe ó'n gcuigin, Mic Ime, mic Uachtair. Mic Mairtfheóla boirbe, Biadh cuthaigh do dhaoine, Mic Caoírfheóla ag friochaigh, Mic Bruthóige ghríosaigh. Mic Bulóige finne, Mic Cruithneachtan ríghne, Mic Cannta aráin coirce 'S a chothrom de'n ím air. Mic Bagúin, mic Salainn, Mic Buile le h-Íota, Mic Biotáile ar lasadh, Mic Bairille fíona. Mic Meisge, mic Meadhráin, Mic Bagartha Bruídhne, Mic Cleith-Ailpín -" Do léim Mainchín 'na sheasamh. "A mhuintir Chorcaighe," ar seisean, "an fada a mheasan sibh leigint do'n chuirptheach san tarcuisne thabhairt dómh-sa ar an gcuma san! Sin geinealach bídh déanta aige dhom, rud nár déineadh d'aon duine riamh fós. Geinealach bídh! Chómh maith agus ná raibh ins na daoine tháinig rómham ach saighseana bídh agus díghe! Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Bhí mo shinnsear chómh maith, chómh h-uasal, chómh creideamhnach le sinnsear aoinne atá ag éisteacht liom, is cuma liom cé h-é." Níor labhair aoinne. Níor fhéad aoinne labhairt, bhíodar go léir i n-a leithéid de chás le neart gáirí. Do labhair Mac Conglinne. "A mhuintir Chorcaighe," ar seisean, "tá dearmhad ar an nduine, dearmhad mór. Is dóich leis gur air féin
atá an seanachus san agam 'á dhéanamh. Ní h-eadh go deimhin. Ní bhainean an chaint i n-aon chor leis. Ní'lim ag déanamh seanachuis ar aoinne. Ní'lim ach ag innsint na h-aislinge a taisbeánadh dom aréir, agus mé am' chodladh go sámh ar leabaidh an duin'uasail sin. Ní'l sa chaint atá ráidhte agam ach tusach na h-aislinge. Bhíos am' chodladh go sámh i leabaidh an duine mhacánta san, agus go deimhin bhí gádh agam le codladh agus le suaimh- neas tar éis a bhfuaras de dhroch úsáid i gcaitheamh an lae roimis sin, agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré. Ach ní foláir a admháil, pé droch úsáid n-ar ghabhas tríd, gur bh'fhiú é fulang leis chun cead luighte sa leabaidh sin d'fhághail. Níor fhan blúire d'á chuimhne agam nuair a luigheas ins a' leabaidh sin! "Is dóich liom, a mhuintir Chorcaighe, gur thuit mo chodladh orm chómh luath agus do shíneas ar an leabaidh sin, fé'n éadach leapthan a bhí chómh breagh, chómh cúmhrtha, chómh glan, chómh teith, murar bh'ionan a's éadach leapthan an tíghe aoigheadh. "Tráth éigin sa n-oídhche do dhúisígheas, dar liom, as mo chodladh. Chonac an duine 'na sheasamh ag cnaisde na leapthan. D'fheuchas air agus d'fheuch sé orm. D'fhanas feuchaint a' labharfadh sé. Níor labhair. Bhí culaith chléirigh air, agus cochal, díreach mar an gcochal san atá ar Mhainchín anois. "Nuair ab fhada liom gur labhair sé do labhras féin. ""Cé h-é thusa, le toil t'onóra?" arsa mise leis. ""Mise?" ar seisean liom. ""'Seadh, tusa," arsa mise leis. ""Ní mar sin is ceart duit labhairt liom-sa," ar seisean. "B'fhéidir, le toil t'onóra," arsa mise, "go 'neósfá dhom conus is ceart do m' leithéid labhairt le t'onóir."
""'Neósfad," ar seisean. "Cuir cluas ghéar ort féin," ar seisean, "agus coimeád ad" chuimhne an chaint a déarfad leat. Seo mar is ceart duit labhairt liom," ar seisean. ""Beannacht dúinn, a chléirigh," agus an chuid eile, fé mar innseas daoibh, a Mhainchín, agus a mhuintir Chorcaighe. Ní raibh aon bhaint ag an gcaint leat-sa, a dheagh-dhuine, agus ba neamhghádh dhuit í ghlacadh chugat féin agus tú féin a chur i bhfeirg mar gheall uirthi." Nuair airigh an chómhairle an méid sin iseadh bhí an sult agus an spórt ar fad acu, agus d'á mhéid fearg a bhí ar Mhainchín níor fhéad sé gan a gháire dhéanamh chómh maith leó. Tháinig machtnamh dó. Cheap sé go dtí san ná raibh i Mac Conglinne ach fear siúbhail, duine des na rascailí díomhaoine a bhíodh ag gluaiseacht ó theach aoigheadh go teach aoigheadh, ag ithe agus ag ól, ag caitheamh an bhídh nár thuilleadar, agus ansan ag déa- namh aoirthe, ag cáine agus ag imdheargadh na ndaoine a thugadh dóibh an biadh, dá mba rud é ná bíodh an biadh chun a dtoile ar fad. Ní bhíodh aon chuma eile chun bheith suas leó, nuair a gheibhthí greim ortha, ach sgeímhle thabhairt dóibh, mar a tugadh do Mhac Conglinne. Nuair a gheibhdís an sgeímhle d'éaluíghdís leó féin agus ní thagaidís airís. Ach b'shiné donas an sgéil. Ní raibh aon fhonn éaluighthe ar an bhfear so. Dhéin sé an aoir díreach mar a dhéinidís go léir. Do tugadh an sgeímhle dhó mar atugtí dhóibh go léir. Do daoradh chun a chrochta é mar a daorthí i gcómhnuighe iad. D'iar sé an aisge díreach mar iaraidís go léir, i dtreó go bhfaighdís caoi ar éalódh. Ach níor dhéin sé seo aon iaracht ar éalódh. Bhí an lucht coimeádta air gan amhras. Níor mhór iad san do choimeád air chun a chur 'na luighe air go rabhthas dáiríribh. Níor bh'fholáir bheith lom dáiríribh le n-a lán
d'á leithéidí mar bitheamhnaigh ab eadh iad, agus bhíodh an chroch tuillte go maith acu. Ach cad 'na thaobh nár dhéin sé seo aon iaracht ar éalódh? Bhí an cheist sin i n-aigne Mhainchín agus bhí sé ag teip air aon réidhteach fhághail uirthi chun a thoile. B'fhéidir nár bh'fhear siúbhail i n-aon cor é. B'fhéidir gur dhuine uasal é i riocht fir siúbhail. Thuitfeadh neithe ba ghreannmhaire 'ná san féin amach. Níor dhéin Mainchín ach a mhachtnamh do choimeád aige féin agus a gháire dhéanamh chómh maith leis an gcuid eile de'n chómhairle. "An aisling! an aisling!" arsa cách, nuair a stad an sult. "Cár stadadh mé?" arsa Mac Conglinne. "Ag an gcleith-ailpín," arsa cách. "Ó, 'seadh," arsa Mac Conglinne. "'Mic Cleith-ailpín gheanncaigh, Cos gandail ó'n gcoinnligh. Mic Potóige caorach, Mic Maothail, mic Útha, Mic Geire, mic Saille, Mic Smiora, mic Smúsaigh. Mic Creabhair na coille, Mic Philip ó'n Maoilinn, Mic Naosgaighe na mainge, Greim milis do ríghthibh, Mic Sgadáin ó'n bhfairge, Mic Bradáin a' h-Eóchail, Mic Bánbhric ó'n mBríghdigh. Mic Rígh-Cholamóra. Mic Ubhaill, mic Áirne, Mic Silín, mic Pluma, Mic Caoir chúmhrtha Chárthainn,
Mic Eithne cnó coille. Mic Spiúnáin, mic Súbha craobh, Mic Súbha talmhan aibigh, Mic Sochair gach méithris, Mic Abéil, mic Adaim." "Nuair a bhí an méid sin cainte ráidhte aige, a Mhainchín agus a mhuintir Chorcaighe, b'éigean dómh-sa an chaint do rádh 'na dhiaigh agus bheith 'ghá rádh go dtí go raibh sí do ghlan mheabhair agam. Ansan do labhras féin. ""A dhuin'uasail," arsa mise leis, "ní maith an rud an chaint sin a mhúineadh do dhuine go mbéadh ocras agus tart air. Níor beag dó an t-ocras agus an tart gan é bheith coitchianta ag áireamh na sóghluistí breaghtha san agus gan fághail aige ar theacht suas leó." ""Ní'l tart na ocras ort-sa anocht," ar seisean. ""Ní'l," arsa mise, "ach béidh amáireach." ""Téanam," ar seisean, "agus taisbeánfad-sa dúthaigh duit ná bíon tart ná ocras ar aoinne choídhche ann." ""Ghluais sé amach. Ghluaiseas féin amach 'na dhiaigh. Thánamar go bruach na faraige. D'fheuchas amach ar an bhfaraige. Leamhnacht ab eadh an fharaige. Bhí bád i n-imeal na faraige. Chuaidh sé isteach sa bhád. Chuadhas féin isteach 'na dhiaigh. De gheir chruaidh a bhí an bád déanta. Do rug seisean ar cheann des na bataíbh rámha. Do rugas féin ar an gceann eile. Asna mairt ab eadh gach bata rámha acu. D'oibrigheamar na bataí rámha. Do ghluais an bád tríd an leamhnacht. Chonac féin caraig sa bhfaraige. Thánamar i ngoireacht dí. D'fheuchas uirthi go cruinn. Gruth ab eadh an charaig. Do labhair an fear.
""Má bhíon tú ad' aonar ag gabháil an treó so," ar seisean, "fan amach ó'n gcaraig sin. Tá caraigreacha báidhte 'na h-aice agus dá dtéidhtheá 'na measg do brisfí an bád agus do báthfaí sa leamhnacht thú." ""Tá go maith," arsa mise, "ach an gruth iad go léir, le d'thoil?" ""Tá foth charaig cáise ar a measg," ar seisean, "agus slisneacha geire, agus asnaidheacha mart, slis- neacha agus bataí rámha na mbád a briseadh ann ó am go h-am. Fan amach ó'n áit." ""Fanfad," arsa mise, "gura' maith agat." "Chomáineamair linn. Ag feuchaint uaim ar bharra an leamhnachta thugas fé ndeara cnapóga ime agus cnapóga uachtair, agus fé mar a shuathaimís an leamh- nacht leis na bataí rámha d'eirigheadh chugainn aníos, i bhfuirm triosgair, criathra meala agus mion-chnapóga cáise agus grutha, agus anois a's airís, aníos a' tón- poill, téadracha breaghtha fada de bhainne-reamhar ríghin, gur bhreagh le duine bheith 'ghá ghearradh le n'fhia- calaibh agus 'á shlogadh. "Chomáineamair linn. Feuchaint d'á dtugas uaim de dhruim mo ghualan do chonac rud. Chonac oileán áluinn agus caisleán istigh ann. ""Cad é an t-oileán é sin, le d'thoil?" arsa mise leis an bhfear. ""Fan leat go fóil," ar seisean, "agus chídhfir le d'shúilibh féin an t-oileán agus an caisleán agus a bhfuil istigh sa chaisleán." "Shroiseamar an t-oileán. Thánamar i dtír. Geir chruaidh ab eadh an talamh fé n-ár gcosaibh. B'é b'fhada liom-sa go bhfeicfinn an caisleán. Chuadhmar suas chuige. Bhí falla mór cosanta 'na thímpal. De bhrícean- aibh aráin cruithneachtan a bhí an falla déanta, agus
min choirce agus leamhnacht a cuireadh mar mhairtaol ann, nuair a bhítheas 'ghá dhéanamh. Bhí móta mór, doimhinn, leathan, mór-thímpal, lasmuich de'n fhalla chosanta. Leamhnacht a bhí sa mhóta i n-inead uisge. Bhí drochad ar an móta ar aghaidh gheata an chaisleáin. D'im úr chruaidh a bhí an drochad déanta, agus bhí falla bagúin ar gach taobh, mar shlat-drochaid. Chuadhmar thar drochad. D'osgail an geata dhúinn uaidh féin. Do bhileógaibh mairtfheóla a bhí an geata déanta, agus é ar thuisleanaibh agus ar bhacánaibh geire. Chuadhmar isteach. Ba bhreagh an caisleán é, agus ba chúmtha, agus ba chórach, agus ba dhaingean. Bhí na fallaí déanta de bhulógaibh snuidhte agus iad curtha ar a chéile chómh dlúth sin ná raibh aon tslígh eatartha chun aon ghaoithe do lei- gint isteach. Istigh sa chaisleán bhí seómraí móra árda, agus polaí cáise eatartha, a bhí chómh h-árd leis an gcaisleán féin. Arán cruithneachtan a bhí chómh geal le sneachta iseadh bhí i n-úrlár an chaisleáin, agus sail- eana móra fada troma geala, de sheana ghruth chruaidh, thuas mar rachtaí ag coimeád an chinn air, agus bataí- snaidhm de sheana bhagún láidir ag coimeád na rachtaí sin gan leathadh ó chéile. "Ansúd i dtaobh de'n chaisleán bhí tobar breagh, agus ní h-uisge fuar a bhí ag eirighe sa tobar san, ach fíon. Bhí sruthán ag ruith treasna an úrláir, agus ní h-uisge a bhí sa tsruthán san ach beóir; agus bhí sruthán eile, i n'aice sin, agus sruthán leanna b'eadh é. Las- muich de'n chaisleán, idir é agus an fharaige leamhnachta, bhí loch praisge agus dob' áluinn an barra méith a bhí air. Bhí an talamh, idir an caisleán agus an fharaige leamhnachta, leigithe amach 'na gháirdíníbh breaghtha, agus na cladhacha a bhí ar na gáirdíníbh sin is sgeacha ime a bhí ortha, agus bláth-bán blonaige ar na sgeachaibh sin. Ar
an dtaobh eile de'n chaislean, idir é agus an cnoc, bhí coill bhreagh, coill a dhéin fothain áluinn do'n chaisleán ó'n ngaoith a-dtuaidh sa gheimhre. Isé rud a bhí ag fás sa choill sin i n-inead adhmaid 'ná cabáiste geal, agus inniúin, agus meacain, agus an uile shaghas glasraí a bhéadh foláin chun bídh d'ollamhughadh. Bhí gach aon tor de'n chabáiste sin chómh mór chómh h-árd leis an gcrann daraighe is mó d'á bhfeaca-sa riamh. Bhí gach inniún chómh mór chómh h-árd le crann fuinnseóige. Bhí gach meacan chómh mór le crann giúise. Mar sin do gach glasra eile d'á raibh ag fás sa choill sin. Bhíodar chómh mór chómh h-árd le h-aon adhmad coille, agus bhíodar féin agus an duilleabhar a bhí ortha chómh borb agus d'fhéad- fadh glasra bheith. "Tháinig muintir ar chaisleáin ag triall orainn agus chuireadar fáilte rómhainn go fial. Bhíodar 'na suidhe tímpal na teine. Bhí mór-sheisear acu ann. Is iad a bhí go beathuighthe agus go plúrach agus go círí- neach. Bhí ar gach duine acu ceann feóla gur bh'fearrde thú radharc fhághail air. Bhí culaith éadaigh ar gach duine acu de'n bhlonag ba ghile agus ba ghlaine dob' fhéidir fhághail, agus cnaipí cáise ins gach casóig agus cnaipí grutha ins gach bríste. Bhí, fé mhuineál gach duine, slabhra breagh buidhe d'inniúnaibh óga. An taoiseach a bhí ortha bhí clóca air a bhí déanta de shaill mairt agus de gheir úr chaorach agus iad fighte ar a chéile go cliste agus go h-órnáideach. 'Na suidhe i n-aice an taoisigh sin bhí a bhan-chéile, agus cóir éadaigh uirthi chómh h-uasal díreach agus bhí ar an dtaoiseach féin. Bhí coire mór ar an dteine agus é lán de'n uile shaghas feóla d'á fheabhas, agus 'na sheasamh ar aghaidh an choire sin bhí cócaire eólgaiseach agus a ael trí mbeann ar a ghua- lainn aige, agus é ollamh chun aon tsaghas feóla do
h-iarfaí air do thógaint ainíos as an gcoire leis an ael sin. Bhí bior ar aghaidh na teine amach agus trí nó ceathair de shaighseanaibh feóla ar an mbior, d'á róstadh, agus balaith ó'n bhfeóil sin a chuirfeadh mian tuille bídh ar dhuine ná béadh ach tar éis a dhóithin do chaitheamh i láthair na h-uaire sin. "Nuair a chonac féin an radharc san go léir tháinig machtnamh chugam. Chuimhnigheas ar an gcás so 'na bhfuil Cathal Mór mac Finguine, rígh Mumhan, agus ar an gcás 'na bhfuil an Mhumhain go léir mar gheall ar an airc seo chun bídh atá ar Chathal. Thuigeas am' aigne gur mhór an truagh gan an radharc san do thabhairt do Chathal mar go mb'fhéidir go sásóchadh an radharc é agus go n-imtheóchadh an airc dé." D'éirigh Mainchín. "A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," ar seisean, "measaim féin, sar a gcrochtar an cuirptheach so, gur fearr é chur ag triall ar an rígh agus leigint dó an aisling seo d'innsint 'na láthair. Fear iseadh Cathal go bhfuil speóis ana mór aige i sgéaluigheacht shultmhar, agus gheabhaidh sé sult agus caitheamh aimsire sa n-ais- ling seo, agus gheabhaidh a theaghlach caitheamh aimsire inti, agus teaghlach an fhir 'n-a bhfuil Cathal i n'fhochair anois. Cá bh'fhios, mar a deir an fear so féin, ná go mb'fhéidir go ndéanfadh an aisling tairbhe eile i n-éaghmuis an chaitheamh aimsire. B'fhéidir go n-imtheó- chadh an airc de Chathal an fhaid a bhéadh sé ag éisteacht leis an aisling." Do thoiligh an chómhairle go léir láithreach chuige sin. Ní h-amhlaidh a bhí aon tsúil acu go leighisfí Cathal. Ní h-eadh, ach bhí gach aon tsúil acu na feicfidís an cuirp- theach airís. Bíodar cortha a ndóithin dé, agus ba chuma leó cá raghadh sé ach go mbéidís féin sgartha leis.
Mheasadar, luath nó mall, go n-éalóchadh sé uatha nuair a bhéadh an sgeímhle fághalta aige, díreach mar éaluigh- eadh a leithéidí i gcómhnuighe nuair a bhítí chun iad a chrochadh. Níor éaluigh, agus bhíodar i bpúnc mar gheall air. Ní fheadradar cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh leis. Bhí áthas mór ortha nuair airigheadar caint Mhainchín. "Curtar ag triall ar an rígh e!" ar siad go léir. "Ní'l an aisling innste fós agam, a Mhainchín agus a mhuintir Chorcaighe," arsa Mac Conglinne. Deir an seana leabhar gur inis sé an chuid eile de'n aisling dóibh ansan, ach níor cuireadh síos an chuid eile sa n-áit seo de'n leabhar.
Caibidiol a h-Ocht. NUAIR a bhí an aisling innste ag Mac Conglinne do labhair Mainchín airís. "Imthigh anois ag triall ar an rígh agus inis an aisling sin dó. Cá bh'fhios ná go leighisfeá é ó'n olc uathbhásach so atá air." "Má leighisim an rígh," arsa Mac Conglinne, "cad é an díolfiach atá le fághail agam as?" "Nach maith an díolfiach duit do chorp agus t' anam do leigint leat saor ó'n gcroich?" arsa Mainchín. "Ní maith," arsa Mac Conglinne. "Ní'l aon bheann agam-sa oraibh féin nó ar bhúr gcroich," ar seisean, "agus is ró mhaith atá 'fhios agaibh ná fuil. An t-é gheabhaidh bás ar staid na ngrást is cuma dhó cia 'cu le croich nó le faobhar nó le taom breóiteachta a gheabhaidh sé bás. Béidh dóirse na bhflathas ar osgailt roimis agus béidh na fíoraéin go léir ag teacht ag cur fáilte roimis, ó Ádam agus a mhac Ábel anuas go dtí an fíoraon is déanaighe d'fhág an saoghal so sa phúnc aimsire 'na bhfuilimíd anois. Béidh naoi ngráid na n-aingeal, idir Chirophim agus Sarophim, ag seinnim ceólta na bhflathas d'á anam ar feadh na síoruidheachta, i radharc na Tríonóide ró Naomhtha. Cad é sin d'á leithéid sin cad a dhéanfaidh Cathal mac Finguine, ná fir Mumhan, ná muintir Chorcaighe, ná Mainchín, ná a mhainistir, ná aon nídh eile ar an saoghal so!" "Cad é an díolfiach a bhéadh uait," arsa Mainchín "dá leighisteá Cathal?" "Ní ró mhór a bhéadh uaim," arsa Mac Conglinne.
"Ní iarfad ach an cochal beag san atá ar cheann Mhainchín. Is cuimhin libh, a mhaithe Chorcaighe, conus mar a h-iaradh an cochal san cheana ar Mhainchín agus nár bh'fhéidir é fhághail uaidh. Is cuimhin libh conus mar a dhéin cléirigh Leath Mhogha go léir trosgadh i n-aonfheacht feuchaint an bhfaighidís an cochal beag san, agus conus mar a dh'eitigh Mainchín iad ar an gcochal. Má leighistear Cathal mac Finguine ó'n olc so atá air, tré innsint na h-aislinge seo dhó, ní iarfar de dhíolfiach as an leigheasach an cochal beag san." D'iompuigh a líth i Mainchín nuair airigh sé an chaint sin. "Is beag agat-sa an cochal so," ar seisean, "ach is mór agam-sa é. Tá mo chúis féin agam leis sin. Ní féidir dom an chúis a dh'innsint daoibh-se. Ach deirim an méid seo libh, i láthair Dé agus Bharra. Dá mba liom a bhfuil de thalamh i gcrích Chorcaighe, ó lár go h-imeal, do sgarfainn leis níos túisge 'ná mar a sgarfainn leis an gcochal mbeag so!" "Ní ceart san!" arsa cách d'aon ghuth. "Ní ceart an cochal do chur i gcomparáid le leigheas Cathail agus le teasargan na Mumhan. Má leighistear an rígh leighisfear an Mhumhain go léir. Ní maith an gníomh do Mhainchín Cathal agus Leath Mhogha choimeád gan leigheas mar gheall ar an gcochal. Is mairg dó ná tabharfadh uaidh an cochal!" Thuig Mainchín nár bh'fholáir dó géilleadh. "Tabharfad an cochal," ar seisean, "agus níor tugadh riamh fós, agus ní tabharfar choídhche, aisge chómh deacair a thabhairt. Tabharfad an cochal ar an gcuma so. Curtar an cochal ar láimh Easboig Chorcaighe. Ansan, má leighisean an duine seo an rígh tugadh an t-Easbog an cochal dó, agus mura leighisidh tugadh an t-Easbog an cochal thar n-ais dom féin."
Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. D'órduigh maithe Chorcaighe an cochal do chur ar láimh an Easboig agus é fhágaint ar a láimh go dtí go bhfeicfí cad a thiocfadh. Nuair a bhí an socarughadh san déanta do tugadh cead a chos do Mhac Conglinne, agus dúbhradh leis dul agus an aisling a dh'innsint i láthair Chathail mhic Finguine, righ Mumhan. "Cá bhfuil Cathal anois?" arsa Mac Conglinne. "Tá sé thiar," arsa Mainchín, "i dtigh Phicháin mhic Maoile Finne, rígh na n-Eachach, ag Dún Chóba, i gcoigcrích ua n-Eachach agus Corca Laoighdhe. Imthigh anois agus ná leig puinn aimsire thort go mbéir ann." D'imthigh sé, agus ní misde a rádh ná go raibh áthas ar a raibh i gCorcaigh nuair a fuaradar imthighthe é. Bhí áthas ar Mhainchín mar bhí sé ciapaithe glan uaidh. Bhí gnó na mainistreach curtha i n-aimhréidh aige i dtreó nár bh'fhios cathain a bhéadh gach nídh i n'áit féin agus gach obair i n'am féin airís acu. Bhí áthas ar mhuintir Chorchaighe mar ba bheag ná go raibh mí-mheas ag teacht ortha féin agus ar a ndlíghthe agus ar fheidhm a ndlíghthe, mar gheall air. Bhí áthas mór ar an lucht coimeádta. Níor tugadh a leithéid riamh roimis sin dóibh le coimeád. Thuigeadar 'na n-aigne, i n-inead iad a bheith 'na lucht coimeádta air-sin, gur bh'eisean a bhí ag déanamh an choimeádta ortha-san. Dob' fhuasgailt dáiríribh leó é bheith imthighthe uatha, agus neart a bheith dhóibh aghaidh a thabhairt ar ghnó éigin eile. Bhíodar cortha, cráidhte ó bheith ag faire air, agus ná feadradar cad é an neómat a dearfadh sé rud éigin, no dhéanfadh sé rud éigin, a chuirfeadh i bpúnc iad. Ghluais Mac Conglinne air siar go Dún Chóba, go tigh Phicháin mhic Maoile Finne. Bhí Cathal agus a ghnáth- theaghlach ann.
An áit 'na mbíodh an rígh agus a ghnath-theaghlach bhíodh cruinnighthe ann a lán lucht cleas agus lucht spóirt agus lucht greannmhaireachta, agus iad ag déanamh suilt dos na h-uaislibh, ag brath air go bhfaighdís síntiús. Bhídís ag déanamh dán agus ag déanamh rámh- chán agus ag spídiuchán ar a chéile, mar 'dh eadh, nó ag déanamh magaidh fé chuid des na h-uaislibh féin chun na cod' eile chur ag gáiridhe úmpa. Is 'mdhó sult agus greann agus filidheacht mhaith agus freagra géar- chúiseach a thagadh uatha, agus is mór an caitheamh aimsire a gheibheadh na h-uaisle asta go minic, agus is minic a díoltí go maith iad, nuair a dhéinidís sult éigin ab fhearr 'ná 'chéile. Isteach 'na measg san iseadh chuaidh Mac Conglinne, ar an gcéad ásg, chómh luath a's do shrois sé tigh Phicháin. Chrom sé ar spórt a dhéanamh chómh maith le cách. Chuir duine acu air. Má chuir, ba ghearr go raibh an fear san 'na stáicín áiféis d'á raibh láithreach. Chuir duine eile air. Má chuir, do tháinig sé as níos measa 'ná an chéad fhear. Ba ghearr go rabhadar go léir, idir íseal agus uasal, ag faire ar an uile fhocal d'á dtagadh ó bhéal Mhic Conglinne agus ar an uile chor d'á gcuireadh sé dhé, agus nach túisge a bhíodh anál acu d'á fhágháil ó aon tritheamh amháin gáirí 'ná mar a bhíodh tritheamh eile tagaithe ortha, i dtreó go mbíodh teinneas 'na n-asnaidheachaibh agus uisge le n-a súilibh, agus gan ionta focal do labhairt. Thugadar go léir suas é do'n fhear iasachta, nár tháinig riamh isteach i n-aon chuideachtain 'na rabhdar, cleasaidhe chómh glic, file chómh gunta, bearrthóir chómh cliste, fear spóirt chómh sultmhar, cainteóir chómh bríoghmhar, freagarthóir chómh tapaidh chómh do-chlaoidhte. Ar ball, nuair a bhí an spórt i leith taoibh agus na
daoine ag caint agus ag gáiridhe agus ag cur ráidhte Mhic Conglinne i gcuimhne dh'á chéile, tháinig Pichán féin agus do labhair sé le Mac Conglinne. "A mhic léighinn," ar seisean, "tá mórán spóirt tabhartha agat dúinn agus morán suilt, agus is maith chuige thú, ach níor chuiris meidhir ná súbhachas orm-sa." "Agus cad fé ndeara dhuit bheith chómh dúbhach, a rígh?" arsa Mac Conglinne. "An amhlaidh nách eól duit, a mhic léighinn," arsa Pichán, "an t-olc uathbhásach so atá ar an righ? Tá airc, nó deamhan, nó droch nídh éigin nach féidir a leigheas, istigh 'na ghoile. Ní féidir choídhche a dhóithin le n-ithe ná le n-ól a thabhairt dó. Tá uaisle na Mumhan creachta aige, a d'iaraidh a dhóithin bídh agus díghe thabhairt dó, agus, i dteannta iad a bheith creachta, tá náire shaoghalta tabhartha aige dhóibh mar ní fhéadan a ndícheal an tart ná an t-ocras a bhaint dé. Tá buairt agus brón ortha, a bheith le rádh ar fuid Éirean anois, agus a bheith le casadh le n-a sliocht go deó, an t-ocras agus an tart a bheith ar an rígh agus nár fhéadadar a dhóithin le n-ithe ná le n-ól a thabhairt dó. Is cruaidh an cás é, a mhic léighinn, agus isé fé ndeara dhómh-sa gan puinn suime bheith agam i sult ná i súbhachas. Tá biadh agus deoch agam 'á sholáthar dó ó tháinig sé chugam anso ar an gcuaird seo, agus ní fhéadan mo dhícheal a dhóithin a thabhairt dó. Tá mo dhúthaigh sgriosta aige. Béidh mé féin agus mo thuatha beó bocht sar a mbéidh an chuaird críochnuighthe agus é ag imtheacht uainn." "Cad a thabharfá dhómh-sa, a rígh," arsa Mac Cong- linne, "dá gcuirinn cosg le n-a ghoile dhuit ó 'nocht go dtí an taca so amáireach agus é dhéanamh ar chuma nár bhaoghal duit fearg a chur air?" "Cosg le n-a ghoile ar feadh cheithre h-uaire fichid!"
arsa Pichán. "Am briathar, a mhic léiginn, dá mbéadh oiread eile cleas agat, gur b'shin rud ná féadfá dhéanamh. Pé rud a déarfá, ná pé rud a dhéanfá, ná pé cor a churfá dhíot, ní fhéadfá Cathal do chosg ar bhiadh chur 'n-a bhéal dá mbéadh an biadh 'na láimh aige." "Dar ndó, má theipean orm ní bhéidh ort díol. Cad a thabharfair dom má dhéinim an bheart?" arsa Mac Conglinne. "Tabharfad fáinne óir duit agus each Breathnach," arsa Pichán. "Am briathar, a rígh, go dtabharfair, agus tuille 'na theannta, agus ní tuille beag é, sar a nglacfar uait é," arsa Mac Conglinne. "Tabharfad," arsa Pichán. "Gheabhair caora bhán as gach cró caorach ó Charn go Corcaigh. Má chuirean tú cosg le goile Chathail ar feadh cheithre h-uaire fichid béidh Cathal leighiste agat. Má fhanan sé cheithre h-uaire fichid gan biadh béidh deire leis an olc atá air, agus béidh gníomh déanta agat-sa atá teipithe ar liaghaibh na h-Éirean go léir. Má dhéinean tú an gníomh san gheabhair mar a deirim. Má theipean ort ní bhéimíd blúire beirthe ná caillte leis. Má dheinean tú an gníomh gheabhair-se na caoire bána. Má theipean ort íosfaidh Cathal iad." "Tá go maith, a rígh," arsa Mac Conglinne. "Déan- fad-sa an bheart. Ach ní mór dom deimhne bheith agam ar mo thuarasdal. Dá mbéadh Cathal leighiste bhéadh an Mhumhain go léir ar na stárthaíbh le neart áthais agus mire agus mór chroídhe. Ní h-orm-sa ná ar mo chaoire bána a bhéadh daoine ag cuimhneamh ansan, ach ortha féin agus ar Chathal, agus ar an bhfuasgailt a bhéadh fághalta ag gach aoinne. Ba ghearr go bhfágfaí mise gan caoire agus bhéadh sé fuar agam beith 'ghá lorg."
"Agus cad é an deimhne ba mhaith leat fhághail air go bhfaghfá na caoire?" arsa Pichán. "Cad é an tacaidh- eacht a bhéadh uait?" "An tacaidheacht is gnáth le rígh a thabhairt ins na fiacha a bhíon air," arsa Mac Conglinne. "A bhriathar féin go cuirfidh sé m'éileamh i bhfeidhm, agus go ndéan- faid brughaidh agus filí agus lucht cáinte cabhrughadh leis sa ghnó go dtí go mbéidh mo chuid tabhartha dhom sa n-iomláine. Gan órdughadh ó'n rígh ní admhóchfaí m'eileamh. Gan cabhrughadh ó uaislibh na tíre d'fhanfadh mo chuid amuich uaim. I n-aimhdheóin gach díchil bhéadh daoine ná tabharfadh uatha an chaora bhán úd mura gcurfaí eagal ortha. D'á bhrígh sin ní foláir dom filí agus lucht cáinte chun idir rígh agus uaisle agus daoine d'aoireadh agus do cháineadh agus do ghearradh mura ndíoltar m'fhiacha liom sa n-iomláine." "Gheabhair gach nídh dhíobh san, a mhic léighinn," arsa Pichán. Ansan do naisg Mac Conglinne ar Phichán na coinghíll sin go léir, agus do cheangal Pichán é féin chun na gcoinghíoll go léir do chómhlíonadh. Um an dtaca 'na raibh an méid sin déanta bhí aimsir dínnéir ann. Bhí na h-uaisle go léir ag cruinniughadh i dtreó an tseómra mhóir, seómra an bhídh, agus bhí Cathal ar an gcéad duine chuaidh isteach ann. Bhí, mar ba ghnáth, na h-ubhla ar na seithíbh, chun tusnuighthe. Thug Cathal aghaidh ar na h-ubhlaibh, agus deir an seana leabhar nár thug sé uain d'á sheirbhíseach ar leath-éill a bhróige d'os- gailt sar a raibh sé ag stupadh na n-ubhall isteach 'na bhéal le n-a dhá láimh agus 'ghá n-ithe; agus an fothram a bhí aige 'á dhéanamh le n-a dhá chorán ag meilt agus ag cogaint na n-ubhall, do h-airigheadh é ins gach aon pháirt de'n rígh-theach. Bhí an chuideachta go léir ag éisteacht leis an meilt, ach ní leigfeadh eagla d' aoinne acu ubhall a chur 'na bhéal féin.
Bhí Mac Conglinne ann. Do stad sé ar feadh tamaill ag éisteacht leis an meilt. Bhí sé sa taobh thall de'n tseómra ar aghaidh Chathail anonn. I gceann tamaill do chrom sé ar fhothramh a dhéanamh le n-a bhéal féin, ag aithris ar an meilt a bhí ag Cathal 'á dhéanamh ag cogaint na n-ubhall. Ag blasachtaigh, nó ag fáscogaint, a thugan an seana leabhar ar an rud a bhí ag Mac Conglinne dh'á dhéanamh. Bhí an chuideachta ag faire, agus iad ag gáiridhe fé n-a n-anál, feuchaint cad a dhéanfadh Cathal nuair a thabharfadh sé fé ndeara áilteóireacht an fhir iasachta. Níor chuir Cathal aon tsuim i n-aon chor ann. Bhí oiread san fothraim agá bhéal féin 'á dhéanamh nár fhéad sé aon fhothram eile thabhairt fé ndeara. Bhí cloch mhór thall i gcúinne an tseómra, cloch go ndeintí faobhar a chur ar arm léi. Cloch mhór throm ab eadh í, agus bhí soc caol ar cheann dí mar a bhéadh ar inneóin. D'eirigh Mac Conglinne agus siúd anonn é chun na cloiche. Thug sé leis í agus do shuigh sé airís sa n-áit chéadna. Bhuail sé an chloch ar a ghlúin chuige agus sháidh sé an ceann caol di 'na bhéal. Chrom sé ar a fhiacla do mheilt i gcoinnibh na cloiche, mar 'dh eadh go raibh sé 'ghá cogaint. Seo mar adeir an seana leabhar:- "Iseadh admhuíghid lucht eóluis agus seanóirí agus leabhair Chorcaighe, ná raibh duine istigh sa dún, ná i gcómhgar an dúna lasmuich, nár airigh fuaim a dhéd i gcoinnibh na cloiche, bíodh go raibh an chloch ana shleamhain." Thóg Cathal a cheann agus d'feuch sé ar Mhac Cong- linne. Chómh luath agus bhí a raibh d'ubhlaibh 'na bhéal sluigithe aige do labhair sé. "Airiú, a mhic léighinn," ar seisean, "cad d'imthigh ort, nó cad fé ndeara dhuit bheith as do mheabhair?" "Tá dhá nídh ag cur orm, a rígh uasail," arsa
Mac Conglinne. "An chéad nídh dhíobh," ar seisean, "Cathal mac fíor-áluinn Finguine, árdrígh Mór-Leithe Mogha Nuadhat, árd chosnamhaidhe Éirean i n-aghaidh Chlainne Chuinn Chéadchathaigh, fear do h-óirdneadh ó Dhia agus ó dhuilibh, laoch saor so-chinéalach d'Eóganacht gríbhdha Gleannabhrach ó chinéil a athardha, a olcas liom-sa é dh'fheisgint ag ithe bídh i n'aonar. Agus an tarna nídh," ar seisean, "dá mbéadh daoine anso indiu ó dhúthaibh iasachta, ag teacht chun achainíghe nó aisge nó fabhar d'iaraidh ar an rígh, go ndéanfaidís iongnadh dhé mura bhfeicfidís m'ulchain-se ag cómhsgísachtaigh le t'ul- chain-se." "Is fíor!" arsa Cathal, agus thug sé ubhall do Mhac Conglinne, agus le n-a linn sin do sháidh sé dó no trí d'ubhlaibh isteach 'na bhéal féin. Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar an uile dhuine d'á raibh láithreach nuair a chonacadar Cathal ag tabhairt an ubhaill sin do'n mhac léighinn. I gcaitheamh na dtrí leath bhliaghan 'na raibh an deamhan i ngoile Chathail, oiread agus ubhall, ná aon bhlúire eile bídh a thárla 'na láimh, níor sgar sé leis gur chuir sé 'na bhéal féin é. Dar leó go léir, dob' éachtach an gníomh dó an t-ubhall san a thabhairt do'n chleasaidhe. Chuir Mac Conglinne an t-ubhall 'na bhéal, agus ba ró ghearr an mhoill air é mheilt. "Is fearr dhá ubhall 'ná aon ubhall amháin sa mhuil- ean so," ar seisean. Chuir Cathal an tarna h-ubhall ag ruith fan an úrláir chuige. Bhí an t-ubhall san 'na bhéal agus ithte ag Mac Conglinne ar leagadh na súl. "Uimhir na Tríonóide!" arsa Mac Conglinne. Bhí 'fhios aige an uraim a bheith ag Cathal do'n Chreideamh. Thug sé an trímhadh h-ubhall dó.
"A ceathair; leabhair an tSoisgéala, é h-uraim do Thiomna Chríost!" arsa Mac Conglinne. Chaith Cathal chuige an cheathramhadh ubhall. "A cúig; leabhair Mhaoise; le h-uraim do dheich n-aitheanta na sean dlíghe." Thug Cathal an cúigmhadh h-ubhall dó. "A trí faoi dhó, nó a dó fó thrí, sin a sé. Tabhair dhom an sémhadh ceann," arsa Mac Conglinne. Chaith sé ubhall i n-urchar chuige. "Na seacht neithe a targaireadh do d'Dhia ar talamh: a Incholna, é bhreith, a bhaiste," arl. Thug sé ubhall dó. "Ocht mbiati an tSoisgéala, ó 'siad a bhíon i gcómhnuighe ag stiúrughadh do rígh-bhreithe, a rúiri rígh- bhreithigh," arsa Mac Conglinne. Thug sé ubhall dó. "Naoi ngráid na bhflathas, ó's tú a riaras gráid na talmhan." Do sgaoil sé ubhall chuige. "Is leat-sa an deachmhadh grád, grád na beatha so, a chosnamhaidhe an chúige." Thug sé ubhall dó. "Áireamh na n-Aspol nuair a bhí Iúdás i n-easnamh ortha." Thug sé ubhall dó. "Aireamh iomlán na n-Aspol," arsa Mac Cong- linne. Thug sé ubhall dó. "An t-áireamh atá uasal tar gach áireamh," arsa Mac Conglinne, "Críost os cionn na n-Aspol!" Do léim Cathal agus chuir sé búirth as. "Ó!" ar seisean, "dar Barra ach íosfaidh sé mé féin sa deire!"
Do rug sé ar an seithe agus do steall sé na h-ubhlá ar fuid an úrláir. Do dhubh a ghnúis le feirg. Do súghadh súil leis siar 'na cheann i dtreó ná tabharfadh peata cuirre as í. Do leath an tsúil eile gur dhóich leat go raibh sí chómh mór le h-ubh circe, agus í ag spréacharnaigh le feirg. D'imthigh sé anonn go dtí an chathaoir ríoga, agus chaith sé é féin 'na shuidhe inti, agus le linn suidhte dó inti thug sé a leithéid d'únfhairt dó féin gur chrith an rígh-theach go léir. Do léim Mac Conglinne anonn láithreach agus chaith sé é féin ar an dtalamh ar aghaidh Chathail amach. "Úmhluighim duit, a rígh," ar seisean, "do chos ar mo ghruadh! Ná cuir do mhallacht orm! Ná bain neamh díom!" "Cad chuige dhuit é dhéanamh, a mhic léighinn?" arsa Cathal. "D'eirigh aréir idir mé féin agus muintir Chorcaighe agus chuireadar a mallacht ó chroídhe orm. Siné fé ndeara dom é bheith de mhí-ádh orm an méid seo dhéanamh." "Eirigh as, a mhic leighinn," arsa Cathal, "ach dar Imliuch Íbhair, dá mba bhéas dómh-sa mac léighinn a mharbhadh bhéadh teacht gan imtheacht ort." Innsean an seana leabhar cad é an chúis an dearbh- ugadh san a bheith ag Cathal 'na bhéal. Nuair a bhíodh sé ag imtheacht ar fuid na dúithe ag lorg bídh, agus a bhrat odhar uime, agus a chlaidheamh fhada chruaidh dhíreach 'na láimh chlé aige, is i n-Imliuch Íbhair a gheibheadh sé a dhóithin mion-aráin le n-ithe. Tháinig sé lá, i n-Imliuch Íbhair, go tigh mic léighinn a bhí ann. Do cuireadh carn mór aráin os a chómhair. Bhí Cathal ag ithe an aráin. Bhí an mac léighinn ag léigheadh a leabhair. Nuair a bhíodh leathanach de'n leabhar léighthe ag an mac léighinn, i n-inead na bileóige d'iompáil le n-a mhéir, is amhlaidh a shíneadh sé
amach a theanga agus d'iompuigheadh sé an bhileóg le n-a theangain. "Nár bh'usa dhuit, a mhic léighinn," arsa Cathal, "do mhéar a fhliuchadh agus an bhileóg d'iompáil léi 'ná bheith ag síneadh do theangain amach ar an gcuma san?" "Ní h-usa, a rígh," arsa 'n mac léighinn, "mar ní'l oiread fliuchra am' béal agus do fhliuchfadh mo mhéar. Táim seirgthe, triomuighthe ó'n slógadh so a bhíon coit- chianta ag gluaiseacht amach go h-imeal an tsaoghail ag marbhadh daoine. Ní'l ionam ach mar a bhéadh smut d'fhabhra na bulóige agus é súighte le teine agus le luaith agus le deatach, 'na chrústa chruaidh thirm. Ní'l blúire ime ná saille ná feóla agam, ná aon bhraon díghe mura n-ólainn bolmac d'uisge leamh an locháin; i dtreó go bhfuilim gan lúth gan neart gan fuin- neamh; agus mar bharra ar gach ndonas, an slógadh!" "Dar Barra," arsa Cathal, "ach ní bhéidh san le rádh airís agat-sa ná ag aoinne eile de d' ghairm beatha. An fhaid a bhéad-sa beó ní h-iarfar airís ar chléireach dul ar aon tslógadh liom." Go dtí san bhíodh ar chléireachaibh dul ar gach slógadh le rígh Éirean mar aon fhear eile, agus do bhain Cathal díobh an uair sin é. Chuir sé a bheannacht rígh ar Imliuch, gan an áit a bheith choídhche gan flúirse mion-aráin do dheóraithibh ann. Ba mhaith an bhail ar Mhac Conglinne an báidh san a bheith ag Cathal do mhacaibh léighinn.
Caibidiol a naoi. "A RÍGH uasail árd chómhachtaigh," arsa Mac Cong- linne, "iaraim ort as ucht do chómhachta ríoga agus as ucht na h-úmhluigheachta is dual ó dhaoinibh duit, aisge bheag a thabhairt dom sar a n-imthighead!" "Cá bhfuil Pichán?" arsa Cathal. Do glaodhadh isteach ar Phichán. "Tá an mac léighinn sin ag lorg aisge orm, a Phicháin," arsa Cathal. "Ní fheadar-sa cé h-é féin, nó an ceart an aisge thabhairt dó. Cad deirir-se?" "Is ceart í thabhairt dó, a rígh," arsa Pichán. Is sean fhocal é gur "ar sgáth a chéile a mhairid na daoine." Is gnáth, le h-imtheacht aimsire agus do réir mar a chídhtear gádh leó, go bhfásaid nósa áirighthe i ngach treabhchas daoine a bhíon so-bhéasach agus úmhal do dhlíghthibh. Is minic go mbíon feidhm na nós san níos treise 'ná feidhm na ndlíghthe féin. I n-aice na ndlíghthe iseadh fhásaid na nósa, agus is minic gur b'é an nós a thugan neart do'n dlígh. Bhí a lán nós de'n tsórd san i n-Éirinn fadó nuair a bhí ár ndlíghthe féin againn. Dheabhróchadh an sgéal gur ar nós díobh san atá trácht anso i dtaobh na n-aisgeacha so a bhíodh ag Mac Cong- linne 'á iaraidh. Gach aon uair a bhítheas chun é chrochadh d'iar sé aisge. Gach aon uair. a dh'iar sé aisge dob' éigean an aisge thabhairt dó. Cídhtear as san gur bh'é a cheart, do réir nóis na tíre, an aisge dh'fhághail. Mura mbéadh gur bh'é sin nós ná tíre an uair sin ní chuimhneóch' an sgéalaidhe i n-aon chor ar a leithéid de rud, agus ní lúgha ná mar a thuigfeadh na daoine go
raibh an sgéal le h-innsint dóibh, brígh na cainte. Nuair a gheibheadh an t-é bhíodh le crochadh an aisge, agus nuair a h-iartí air an aisge bhíodh uaidh d'innsint, dhiúl- tuigheadh sé d'í dh'innsint go dtí go dtugtí deimhne dhó go bhfaghadh sé í. Taisbeánan san gur bh'é a cheart, do réir nóis na tíre, an deimhne sin d'fhághail. Mura mbéadh go raibh san amhlaidh ní chuimhneóchadh an sgéalaidhe i n-aon chor air. Dá gcuimhnigheadh sé as a mhachtnamh féin air, agus dá gcuireadh sé sa sgéal é, ní tuigfí a chaint agus is amhlaidh a béidhfí ag magadh fé. Nuair a léighid cuid d'ár sgoláirí an sgéal anois téidhean sé sa mhuilean ortha. "Is ait an nídh é seo," adeirid siad leó féin. "Duine a d'iaraidh achainighe orm, agus ansan é ag cur ceangal agus constaicí orm chómh maith agus nár bh' achainighe i n-aon chor a bhéadh uaidh ach rud éigin a bhéadh le fághail aige gan bhuidheachas dom! Ní mheasaim gur dhaoine ró chiallmhara muintir na h-Éirean sa tsean aimsir sin." Tá go breagh, a sgoláire. Ná bíodh aon iongnadh ort mé 'ghá rádh leat nách iad muintir na h-Éirean a bhí gan chiall an uair sin ach gur tusa atá gan tuisgint anois. Bhí nós áirighthe sa tír seo, agus thall i Sasana, tá suim bliaghanta ó shin ann. Tá an nós beó borb, thall sa bhFrainc fós. Do réir an nóis sin, dá mbéinn ag gabháil an bhóthair ar mo shuaimhneas, gan aon chur isteach ná amach agam 'á dhéanamh ar aoinne beó, agus go dtiocfadh rascail suas chugam agus go gcaithfeadh sé seile idir an dá shúil orm, gan chúis gan ádhbhar, bhéadh orm seasamh i lár páirce agus caoi thabhairt do'n ras- cail sin ar phléar a chur tré m'chroídhe! Cad deirir leis sin, a sgoláire? Cé 'cu is mó an chiall atá sa nós san nó sa nós úd a thug do Mhac Conglinne caoi ar
aisge dh'iaraidh sar a' gcrochfaí é, agus ar an aisge chur i n-áirighthe dó féin le ceangalaibh cruadha? Dá dtagadh Mac Conglinne ar an saoghal so airís, agus go bhfeic- feadh sé an nós so na gcómhlann onóra, cad é an meas is dóich leat a bhéadh aige ar chiall na h-aimsire seo? Nós ana thairbheach ab eadh an nós úd na h-aisge. D'á chruinne a déanfaí cás do thriail is féidir duine dhaoradh sa n-éagcóir. Is maith an rud an righneas chun na h-éagcóra san do sheachaint. Nuair iaradh an cime an aisge, pé rud eile dhéanfadh an aisge dhéanfadh sí righneas. B'fhéidir gur minic a dhéanfadh sí níos mó 'ná righneas. Dá n-iartí an aisge cheart b'fhéidir gur minic a thabharfadh sí an fhírinne chun soluis agus go saorfaí an neamhchiontach ó'n gcroich. Pé 'r domhan é, bhí an nós ann, agus do thuig ár sinnsear a thairbhe. Agus taisbeánan an sgéal so go raibh an nós ana dhaingean, chómh daingean san ná raibh ar chumas an rígh féin an nós do bhriseadh. Taisbeánan an sgéal leis go raibh neart dó'n chime an aisge dh'iaraidh nuair a curfaí pionós air ba lúgha 'ná é chrochadh. Ní le crochadh a bhí Mac Conglinne nuair iar sé an aisge ar Chathal, ach le díbirt. "Tabhair aisge bheag dom," ar seisean, "sar a n-imthighead." Ní dúbhairt an rígh leis glanadh as a radharc, mar a déarfadh sé dá mba ná béadh brígh ná feidhm le n-a chaint. Ní h-eadh, ach bhí an sgéal chómh dian, chómh contabharthach san gur chuir an rígh fios ar Phichán chun an sgéil a chur 'na chómhairle. Bhí 'fhios ag Pichán go raibh rud éigin ar aigne ag Mac Conglinne nár thuig aoinne eile. Bhí 'fhios aige go ndúbhairt an cleasaidhe go gcuirfeadh sé fheuchaint ar an rígh fanmhaint gan bhiadh gan deoch ar feadh lae agus oídhche. Níor chreid sé gur bh'fhéidir é dhéanamh. Ach bhí an chuideachta go léir
ag feuchaint ar Chathal ag tabhairt na n-ubhall do'n chleasaidhe, agus mura mbéadh go bhfeacadar an méid sin ní chreidfidís go bhféadfaí a chur fheuchaint ar Chathal é dhéanamh. Bhí Pichán agus an chuideachta ollamh ar aon rud a chreideamhaint nuair a chonacadar an méid sin. D'á bhrígh sin, chómh luath agus d'iar Cathal cómhairle Phicháin i dtaobh na h-aisge a bhí ag an mac léighinn 'á iaraidh, dúbhairt Pichán láithreach an aisge thabhairt dó. "Tabharfar," arsa Cathal. "Cad í an aisge atá uait?" "Sar a n-innsead an aisge, a rígh," arsa Mac Cong- linne, "caithfead deimhne fhághail air go bhfaghad í." "Gheabhair," arsa Cathal. "Cad é an deimhne atá uait?" "An deimhne is fearr fhéadfadh a bheith ag duine; do bhriathar flatha ann," arsa Mac Conglinne. "Mo bhriathar flatha ann duit go bhfaighir an aisge Cad 'tá uait?" arsa Cathal. "D'eirigh toirmeasg aréir," arsa Mac Conglinne, "idir mé féin agus muintir Chorcaighe, agus chuireadar go léir a mallacht orm, agus siné fé ndeara dhom an rud so a dhéineas anso anois ort-sa. Ní'l ach aon nídh amháin a shaorfaidh mé ó'n mallacht san a chuir muintir Chorcaighe orm. Ní'l ach aon duine amháin ar bith d'fhéadfaidh an nídh sin a dhéanamh dom. Is tusa an t-aon duine amháin sin, a rígh, agus isé nídh atá agat le déanamh dom 'ná trosgadh aon oídhche amháin liom chun Dé, agus siní an aisge atá agam 'á iaraidh ort, a rígh." "Trosgadh aon oídhche amháin duit!" arsa Cathal. "Airiú, a mhic léighinn, taoi'n tú ar buile! Conus fhéadfá a leithéid sin d' aisge 'iaraidh orm! Iar rud éigin eile. Iar aon rud eile is maith leat." "Ní dhéanfadh aon rud eile aon tairbhe dhom, a rígh.
Ní shaorfadh aon nídh eile mé ó'n mallacht a cuireadh i gCorcaigh orm, ach rígh Caisil do dhéanamh trosgaidh aon oídhche liom chun Dé." "Iar rud éigin eile, a mhic léighinn," arsa Cathal. "Bó a' gach lios sa Mhumhain duit, agus uinge d'ór as gach tigh, agus brat as gach cill, agus maor 'ghá mbail- iughadh dhuit, agus cead suidhte chun bídh duit am' chuibhrean féin an fhaid a bhéidh an bailiughadh d'á dhéanamh. Agus dar mo dhebhroth!" arsa Cathal, "dá mbéadh orm saidhbhreas na Mumhan go léir a thabhairt duit, b'fhearr liom é dhéanamh 'ná bheith aon oídhche amháin gan biadh." "Dar mo dhebhroth," arsa Mac Conglinne, "dá dtugthá dhom a bhfuil i Leath Mhogha Nuadhat ní ghlacfainn é. Mar ní dhéanfadh sé aon bhlúire tairbhe dhom. Ní'l ach an t-aon nídh amháin a dhéanfaidh tairbhe dhomh, tusa do dhéanamh trosgaidh aon oídhche liom chun Dé. Tá do bhriathar flatha agam chuige sin, agus ní féidir do rígh Caisil a bhriathar flatha do bhriseadh. Ach gan san d' áireamh i n-aon chor, a árdghaisgidhigh agus a rígh-fhéin- nidhe Eórpa, tá so agam le h-innsint duit. Ní'l suim agam i saidhbhreas an tsaoghail seo. Ní'l mo mhian ach i neamh, agus i n-eagna agus ins na gnóthaibh a sheólan an duine ar leas a anama, agus fós tá m'anam damanta, agus raghad go h-ifrean gan crích gan fórchean mura ndéinir-se, a rígh Caisil, mé shaoradh ó'n mallacht so a chuir muintir Chorcaighe orm!" "Gheabhair an aisge," arsa Cathal, "ó tá an sgéal chómh cruaidh sin. Ach tá aon rud amháin deimhnightheach. Níor tugadh riamh, agus ní tabharfar go deó, aisge is deacara thabhairt 'ná an aisge sin atá iartha agat-sa orm-sa, a mhic léighinn." Do throisg Cathal an oídhche sin, agus do throisg Mac Conglinne féin, agus chuir sé fheuchaint ar an uile
dhuine a bhí i dtigh Phicháin an oídhche sin an trosgadh céadna dhéanamh. Níor lamháladh aon bhlúire bídh i n-aon chor isteach sa tigh. Níor leig Mac Conglinne aon bhlúire bídh isteach ann. Níor ghádh dhó puinn trioblóide chur air féin chun an bhídh a choimeád amach. Do leath an sgéal ar fuid na cuideachtan go léir go raibh an rígh ag déanamh trosgaidh an oídhche sin. Bhí a leithéid sin d'iongnadh ortha go léir, agus a leithéid sin d'áthas ortha, níor fhan aon dúil i mbiadh ag aoinne acu. Níor mheasadar go raibh an duine sin beó d'fhéadfadh a chur fheuchaint ar Cathal fanmhaint oídhche gan biadh. Nuair a fuaradar go raibh an cleasaidhe iasachta so tar éis a chur fheuchaint air é dhéanamh, tháinig a leithéid sin d'uraim acu do'n chleasaidhe go rabhadar go léir ollamh ar pé rud a déarfadh sé leó a dhéanamh. Dá n-abradh sé leó trosgadh dhéánamh go ceann seachtmhaine dhéanfaidís é. Ach, i dtreó ná béadh aon bhaoghal go dtiocfadh aon bhiadh isteach, do dhún Mac Conglinne féin an tigh, agus shín sé i dtulg a bhí i leath taoibh an doruis, i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne an dorus d'osgailt a gan fhios dó. Amach i ndeire na h-oídhche d'éirigh fear an tighe, Pichán mac Maoile Finne. "Cad chuige dhuit eirighe chómh moch, a rígh?" arsa Mac Conglinne. "Chun bídh a chur i dtreó dos na slógaibh seo," arsa Pichán, "agus go deimhin ní h-anois is ceart a bheith 'ghá dhéanamh san. Ba chirte an biadh bheith ollamh ó indé." "Bíodh foidhne agat, a rígh," arsa Mac Conglinne. "Tá an oídhche caithte againn go léir ag déanamh tros- gaidh. Nuair a caithtear oídhche ag déanamh trosgaidh, seanamóin an chéad rud is ceart a dhéanamh ar maidin." D'imthigh Pichán a chodladh airís, agus do shín Mac Conglinne sa tulg airís agus níor choruigh aoinne eile
go dtáinig am eirighthe. D'eirigh Mac Conglinne ansan agus d'osgail sé an dorus. Do nigh sé a lámha agus a aghaidh, agus thug sé a shaltair leis as a mhála leabhar, agus do chruinnigh sé a raibh de dhaoine sa tigh agus chrom sé ar sheanamóin a thabhairt dóibh. Bhí sé chómh mhaith chun na seanamóna agus bhí sé chun na gcleas. Seo mar adeir an seana leabhar:- "Iseadh admhuighid lucht seanachuis agus seanóirí agus leabhair Chorcaighe ná raibh aoinne láithreach, d'uasal ná d'íseal, ag éisteacht leis an seanamóin a thug an mac léighinn uaidh, nár shil trí freasa deór an fhaid a bhí an tseanamóin ar siúbhal." Nuair a bhí an tseanamóin críochnuighthe do déineadh úrnuighthe breaghtha, fada; úrnuighthe do'n rígh, 'ghá iaraidh ar Dhia saoghal fada thabhairt dó agus an rath do chur ar an Mumhain ar feadh a réime; úrnuighthe ar son na gcríoch, 'ghá iaraidh ar Dhia an talamh a dhéanamh tortha- mhail; úrnuighthe ar son na ndaoine, 'ghá iaraidh ar Dhia iad do chur ar a leas i dtaobh anama agus chuirp; úrnuighthe ar son na cúige go léir, 'ghá iaraidh ar Dhia síth agus caradas do chur ameasg na ndaoine sa bhaile, agus cosg do chur le gach namhaid iasachta a bhéadh ar tí aon chur isteach a dhéanamh ortha. Do déineadh gach aon tsaghas úrnuighthe, mar sin, mar ba ghnáth a dhéanamh i ndiaigh gach seanamóna. Nuair a bhí an tseanamóin agus na h-úrnuighthe críochnuighthe chuaidh Mac Conglinne chun cainte leis an rígh. D'úmhluigh sé do'n rígh, agus ansan do labhair sé:- "Thánag, a rígh," ar seisean, "chun bhuidheachais a ghabháil leat mar gheall ar an ngníomh mór a dhéinis dom aréir agus chun a fhiafraighe conus atáthar ansan indiu."
"Dar mo dhebhroth," arsa Cathal, "ní rabhthas riamh níos measa, agus ní béidhfear go bráth." "Is ró bheag an iongnadh tú bheith go h-olc, a rígh," arsa Mac Conglinne. "Tá deamhan istigh ad' ghoile le trí leath bhliaghanaibh anois agus é ag déanam an uile shaghas díobhála dhuit, a'd mhilleadh agus a'd mhothughadh ar gach aon tsaghas cuma. Is ró bheag an iongnadh, a rígh, an sgéal a bheith go h-olc agat. Ach feuch, a rígh. Seo rud atá iongantach go leór. I n-aimhdheóin an deamhain atá istigh ad' ghoile d'fhanais oídhche gan biadh chun duine bocht gan áird mar mise do shaoradh ó dhíobháil anama. Ba mhór an gníomh é. Ba ríoga an gníomh é. Ach do dhéinis é, a rígh. Agus feuch. I gcaitheamh na dtrí leath bhliaghan níor dhéinis oiread an méid sin do rígh Caisil!" "Cad é an fuadar é seo anois fút, a mhic léighinn? Nó cad chuige go bhfuilir?" arsa Cathal. "An gníomh a dhéinis, a rígh, ar mhaithe le duine chómh suarach liom-sa ba chóir go ndéanfá é ar mhaithe le duine chómh ríoga le rígh Caisil, agus ar mhaithe leis an Mumhain, agus ar mhaithe le h-Éirinn go léir. Déin an gníomh uasal, a rígh. Do throisgis aréir ar mo shon-sa. Troisg anocht agus troisgfeam go léir i n-aonfheacht leat, 'ghá iaraidh ar Dhia cabhair a thabhairt duit agus tú thabhairt saor ó'n ndroch nídh atá ag imirt ort, a'd mhilleadh féin agus ag milleadh do rígheachta agus ag milleadh do mhaitheasa." "Ná h-abair é, a mhic léighinn, ná h-abair é!" arsa Cathal. "Bhí an oídhche aréir dian, ach ba sheacht ndéine bhéadh an oídhche anocht." "Ná h-abair-se sin, a rígh," arsa Mac Conglinne, "ach déin an rud is gnáth le rígh Caisil a dhéanamh." "Cad é an rud é sin?" arsa Cathal.
"Isé an gníomh calma is gnáth le rígh Caisil a dhéanamh agus ní h-é an gníomh meathta," arsa Mac Conglinne. "Troisgfir an oídhche seo chun Dé, a rígh," ar seisean. "D'á mhéid an fulang iseadh is mó an chalmacht. Agus b'fhéidir go dtabharfadh Dia an buadh dhuit ar an namhaid seo atá ag déanamh an toirmisg go léir ort. Cath crodha i n-aghaidh do namhad iseadh an trosgadh so a dhéanfair anocht. Níor airigheas riamh fós gur staon rígh Caisil ó chath a thabhairt do namhaid, pé neart a bhéadh sa namhaid ná pé cruadhtan a bhéadh sa chath. Nuair a gheibheadh sé an buadh sa chath ní bhíodh cuimhne aige ar an gcruadhtan." D'fheuch Cathal ar Mhac Conglinne. "Is iongantach an duine thú!" ar seisean. "Is fíor do chaint. Nuair a gheibhtear an buadh ní bhíon cuimhne ar chruadhtan an chatha. Má throisgim an oídhche seo is dóich liom gur b'é mo bhás a thiocfaidh dé." "Is minic a thugais aghaidh ar an mbás, a rígh," arsa Mac Conglinne, "agus níor airigheas riamh gur dhéinis dé ach neamhnídh." "Tá agat, a mhic léighinn!" arsa Cathal. "Tá an t-ocras a'm stolladh agus a'm stracadh istigh ionam ach bíodh aige. Fuilingeóchaimíd é."
Caibidiol a deich. DO throisg Cathal an oídhche sin, agus do throisg a theaghlach agus teaghlach Phicháin, agus Mac Cong- linne féin, agus an uile dhuine d'á raibh sa dún. Do dhún Mac Conglinne an tigh fé mar a dhéin sé an oídhche roimh ré é, agus do luigh sé féin sa tulg ag ursain an doruis i dtreó nár fhéad aoinne dul amach ná teacht isteach i gcaitheamh na h-oídhche, agus ná raibh aon bhaoghal go dtabharfaí biadh ná deoch isteach sa tigh a gan fhios dó. Nuair a fuair Pichán agus a raibh láithreach go raibh Cathal ag déanamh an trosgaidh an tarna h-oídhche is beag 'ná go raibh sórd eagla ag teacht ortha roimis an bhfear iasachta. Bhíodar ag faire ar an uile chor a chuireadh sé dhé, agus aon órdughadh a thugadh sé uaidh dhéinidís rud air láithreach gan a fhiafraighe dé cad chuige é. Bhíodar i gcás aige gur thúisge dhéanfaidís rud air 'ná mar a dhéanfaidís ar Chathal féin. D'eirigh Mac Conglinne i ndeire na h-oídhche agus ghlaoidh sé ar Phichán. "An bhfuil Pichán 'na chodladh?" ar seisean. "Am briathar, a mhic léighinn, ná fuil," arsa Pichán. "Ní'l aon fhonn codlata orm. An fhaid a bheidh Cathal mar atá sé ní féidir do Phichán codladh dhéanamh. An fhaid a bhéidh Cathal mar atá sé ní dhéanfad-sa codladh ná suan, soilbhreas ná suairceas, gean ná gáire, a mhic léighinn." "Eirigh, a rígh," arsa Mac Conglinne, "agus tabhair chugam ceathramhadh bhagúin agus ceathramhadh
mhairtfheóla agus ceathramhadh muilt, de'n fheóil is fearr atá sa dún agat. Agus tabhair chugam raint meala 'na chriathraibh, agus raint salainn, salann Sasanach, ar phláta airgid ghil. Agus tabhair chugam cheithre beara fada, glana, geala, finnchuill." Do tugadh chuige an fheóil, agus an mhil, agus an salann ar an méis airgid, agus na ceithre beara. Do tugadh chuige níos mó de'n fheóil 'ná mar a dh'iar sé. D'imthigh sé ansan, agus iad go léir ag faire air, agus shocruigh sé spala mór feóla ar gach bior des na cheithre bearaibh. Ansan do chuir sé aprún breagh geal lín- éadaigh uime agus hata leathan anuas ar mhullach an chinn air féin. Ansan d'aduigh sé teine bhreagh d'fhuinn- seóig thirm, teine mhór go raibh cheithre dóirse teithe geala uirthi, gan deatach ná ceó ná spréacha ag teacht asta, ach solus glan agus teas. Chuir sé bior, agus a spala feóla air, ar aghaidh gach doruis des na cheithre dóirsibh sin, agus an fhaid a bhí an fheóil d'á róstadh bhí sé ag ruith ó bhior go bior, 'ghá gcasadh, agus ag cimilt na meala agus an tsalainn de'n fheóil, agus ag tabh- airt an uile shaghas aireachais di i dtreó go ndéanfaí an róstadh sa cheart. Dhéin sé an gnó chómh maith san nár thuit chun tailimh oiread de shúghlach na spalaí feóla san "agus bháthfadh crithir coinnle, ach pé súghlach a bhí ionta gur isteach 'n-a lár féin a chuaidh sé." Sin mar adeir an seana leabhar. Nuair a bhí an fheóil ollamh le tógaint ó'n dteine do labhair Mac Conglinne:- "Téada agus réitheacha dhom!" ar seisean. Do tugadh chuige iad; oiread téadracha agus slabhraí agus cheangalóchadh fathach. Thug Mac Conglinne cogar do Phichán. D'fheuch Pichán 'na thímpal. Bhailigh na fir ba threise ar an dá
theaghlach, teaghlach Phicháin agus teaghlach Chathail. Chua- dar isteach mar a raibh an righ. Bhí sé i ndeire an anama leis an ocras, nó geall leis. Bhí an neart imthighthe as. Do rugadar air agus cheangaladar é de thaobh an tíghe leis na téadaibh agus leis na slabhraibh. Níor chuir sé 'na gcoinnibh puinn. Bhí sé ró lag. Nuair a bhí sé ceangailte acu tháinig Mac Conglinne 'na ndiaigh, agus níor fhág sé ceangal gan tástáil ná snaidhm gan feuchaint, agus bhí sé tamall maith, le bacánaibh agus le coránaibh agus le díngthibh, ag cur gach ceangail agus gach snaidhme ó bhaoghal sgaoilte. Nuair a bhí an méid sin déanta aige agus a aigne sásta ná raibh aon bhaoghal go bhféadfadh Cathal cos ná lámh leis do sgur ó sna ceangalaibh a bhí air, pé cor a thabharfadh sé dhó féin, ná pé únfhairt a dhéanfadh sé, ná pé buile feirge thiocfadh air, tháinig sé agus do rug sé leis isteach na beara agus an fheóil ortha, agus chuir sé ar bhórd iad i n-aice Chathail. Do labhair sé le sagart a bhí ann agus dúbhairt sé leis fanmhaint ar an dtaobh amuich de'n dorus i dtreó go bhféadfaí glaodhach air dá mbéadh aon deabhramh báis ag teacht ar an rígh. Nuair a chonaic Cathal an fheóil, agus nuair a chuaidh a balaith faoi, d'eirigh an bhuile ocrais istigh 'na ghoile. Bhain sé cúpla únfhairt as féin, ach ní raibh aon mhaith dhó ann. Bhí na ceangalacha ró dhaingean. D'fhan sé socair. Cheap sé, nídh nár bh' iongnadh, gur bh'amhlaidh a bhí an mac léighinn chun na feóla thabhairt le n-ithe dhó ó láimh. Do shuigh Mac Conglinne le h-ais an bhúird. Bain sé a sgian as a chrios. B'é gnás na h-aimsire sin, nuair a théidheadh duine chun dínnéir go tigh duine eile, go mbíodh a sgian féin ag gach aoinne. Díreach mar is gnáth anois go mbíon a phíopa féin ag gach
aoinne. Bain Mac Conglinne a sgian as a chrios. Do ghearr sé greim de'n fheóil de'n phíosa ba ghiorra dhó. Do thum sé an greim feóla sa mhil a bhí ar an mbórd. Do shín sé an greim feóla chun béil Chathail. Do leath Cathal a bhéal. Le n-a linn sin do shnap Mac Cong- linne chuige an greim feóla agus chuir sé 'na bhéal féin é agus d'ith sé é, agus é féin agus Cathal ag feuchaint idir an dá shúil ar a chéile. "Brostuigh! brostuigh, agus tabhair dúinn an biadh, a mhic léighinn!" arsa Cathal. "Déanfad, a rígh," arsa Mac Conglinne. Ghearr sé anuas greim eile de'n fheóil agus dhéin sé an rud céadna. Chuir sé an greim chun béil Chathail, agus ansan do shnap sé chuige é agus chuir sé 'n-a bhéal féin é, agus chogain sé ar a shuaimhneas é agus é ag feuchaint ar Chathal, agus an dá shúil i riocht léimt amach a' ceann Chathail le h-airc agus le buile ocrais. Chomáin Mac Conglinne leis ar an gcuma san ag ithe, agus ag cur gach greama chun béil Chathail sar a gcuireadh sé 'n-a bhéal féin é. "Cad é an fhaid a cheapan tú leanmhaint de'n chleas san, a mhic léighinn?" arsa Cathal. "Ní leanfad dé, a rígh," arsa Mac Conglinne, "ach go dtí go mbéidh an méid seo feóla ithte agam. Ní'l aon teóra le n-a bhfuil d'fheóil mhaith ithte agat-sa le bliaghain gho leith. An méid atá anso anois tá sé beag mo dhóithin agam féin, agus is mise a dh'íosfaidh é, agus déanfidh sé "biadh ó bheólaibh" duit-se." Do bhúir Cathal agus do béic sé. Do ghlaoidh sé ar an muintir a bhí amuich, agus dúbhairt sé leó teacht agus an mac léighinn seo thógaint as a radharc agus é chur chun báis. Níor leigeadar ortha, ámhthach, gur airigh- eadar é.
"'Seadh, a rígh," arsa Mac Conglinne, "an fhaid a bhéidh mé ag ithe na feóla so tá sé chómh maith againn gan bheith díomhaoin. Do taisbeánadh aisling iongantach dómh-sa aréir. Airighim gur fear ana thuisgionach tusa chun bríghe aislinge do bhreithniughadh agus do nochtadh. 'Neósfad an aisling duit-se anois, agus déanfair-se brígh na h-aislinge do nochtadh dhom." "Dar mo dhebhroth," arsa Cathal, "ach pé tuisgint atá agam i n-aislingibh, ná pé duine go ndéanfad brígh aislinge do nochtadh dhó, ní dhéanfad duit-se é, a chladh- aire dhroch mhúinte!" "Agus geallaim-se agus deimhnighim duit-se, a rígh," arsa Mac Conglinne, "pé 'cu dhéanfair an aisling do bhreithniughadh nó ná déanfair, go gcaithfir éisteacht léi, mar 'neósfad duit anso ad' láthair í an fhaid a bhéad ag ithe na feóla so agus ag cur gach greama dhi chun do bhéil-se mar spriocadh ar do thuisgint." Ansan do chrom Mac Conglinne ar an aisling a dh'innsint, agus i n-aghaidh gach trí nó ceathair d'fhocalaibh d'á ndeireadh sé chuireadh sé greim feóla chun béil an rígh agus ansan isteach 'na bhéal féin. Nuair airigh an mhuintir a bhí ar an dtaobh amuich de'n dorus Mac Conglinne 'ghá rádh go raibh sé chun na h-ais linge dh'innsint do Chathal thosnuigheadar ar shleamhnu- ghadh isteach 'na nduine 's 'na nduine. Tháinig an sagart isteach, agus giolla an tsagairt. Seómra breagh mór ab eadh an seómra. Bhí tínteán breagh fairsing i gceann dé, agus teine mhaith sa tínteán, agus coire mór feóla ar an dteine. Thosnuigh Mac Conglinne ar an aisling a dh'innsint.
Caibidiol a h-aondeug. "An oídhche fé dheire, a Cathail," arsa Mac Cong- linne, "bhíos-sa am' luíghe i leabaidh chluthmhar fé éadaighibh geala glana, ar thocht chlúmh-éan a bhí go bog agus go mín agus go compórdach, árd fé m'cheann agus íseal fé m'chosaibh, agus gan oiread barra do lúidín d'aon rud i bhfuirm cnapóige le fághail ann, ó chnaisde go cnaisde ná ó cheann go cois. Bhíos tuirseach tnáithte nuair a shíneas ar an leabaidh áluinn sin, agus ní fada bhíos sínte uirthi nuair a bhíos am' chodladh go sámh. Tráth éigin sa n-oídhche do dúisigheadh as mo chodladh mé. D'airigheas an guth, fé mar a labharfadh duine liom. Níor chuireas aon tsuim sa ghuth. Bhíos ró sheasgair, agus ró chompórdamhail. Bhí an tsáimhirigheacht ró throm orm, agus an iomad dúil sa chodladh agam. Do labhair an guth airís liom. ""Seachain! Seachain! a mhic léighinn," arsa 'n guth. "Chugat an t-anaithre! Báthfar sa n-anaithre thú mura dtugair aire dhuit féin!" "D'fheuchas sa treó 'nar labhair an guth. Chonac an duine 'na sheasamh ar m'aghaidh amach. Bhí an lá ag breacadh, dar liom. ""Móra dhuit," ar seisean liom. ""Móra dhuit-se," arsa mise leis. ""Is ait an duine thú," ar seisean. "Thugas folá- ramh duit go mbáthfaí sa n-anaithre thú mura dtugtá aire dhuit féin, agus ní'l blúire suime agat d'á chur sa bhfoláramh. B'fhéidir, dá mbeidhfeá le báthadh i n-aon chor nár bh'fhearr leat cuma 'na mbáthfaí thú 'na tú bháthadh sa
n-anaithre. Ach thugas-sa an foláramh duit mar is chuige a thanag chugat. Anois má báithtear thú sa n-anaithre bíodh ort féin." ""Ní dóich liom," arsa mise leis, "gur baoghal dom mé bháthadh i n-anaithre. Bíon a leithéid sin de thart orm nuair a chím anaithre, isé mo thuairim, um an dtaca 'na mbéadh mo dhóithin ólta agam dé, ná béadh oiread am' dhiaigh dé agus a bháthfadh luch." ""Ní h-aon mhaith bheith leat, a mhic léighinn," ar seisean liom. "Tá an iomad dúil sa n-anaithre agat." ""Is cruaidh an cás é!" arsa mise leis. ""Conus san?" ar seisean. ""'Neósfad-sa san duit," arsa mise. "Ní fheadar cá dtáinís, ná cá bhfuil do thriall, ná cá raghad féin ar do lorg má bhíon rud agam le fiafraighe dhíot." ""Tabharfad-sa dhuit an t-eólus san go cruinn," ar seisean. "Ní'l agat ach an t-eólus a choimeád go cruinn ad' cheann nuair a thabharfad duit é, agus ní bhéidh bac ort teacht chun cainte liom pé uair is maith leat é. Itheachán, mac Lán na Beilte, is ainim dómh-sa, agus i Sídh Mórbhídh a bhím am' chómhnuighe, agus is ó'n áit sin a thánag chugat-sa anois chun a rádh leat tú féin a sheachaint ar an anaithre nó go mbáthfaí ann tú. Ach measaim gur siúbhal agus aistear atá déanta agam. Bhéadh sé chómh maith agam foláramh a thabhairt do'n luichín féin a sheachaint ar phic an uachtair sar a mbáthfaí sa n-uachtar í." ""Má's Itheachán is ainim duit," arsa mise, "agus má's Lán na Beilte b'ainim do t'athair, agus má's ó Sídh Mórbhídh a tháinis anois, measaim nach foláir nó go bhfuil tuairisgí móra agat, agus cúntas agus fios sgéil, ó Thalamh an Bhídh. An bhfuil san agat?" ""Tá san agam gan amhras," ar seisean, "ach is ró bheag an tairbhe dhuit-se sin."
""Airiú," arsa mise leis, "cad a bhéarfadh gur ró bheag an tairbhe dhómh-sa é! Tá a lán siúbhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail a d'iaraidh mo chuid léighinn a chruinniughadh dhom féin. Am' shiúbhaltaibh go léir níor baineadh an t-ocras ná an tart riamh fós díom i gceart. Agus siné tusa 'ghá rádh liom anois dá dtugtá eólus dom chun Tailimh an Bhídh ná béadh aon tairbhe dom ann Ní thuigim do chaint, a mhic Lán na Beilte." ""Ní deacair mo chaint a thuisgint," ar seisean. "Feuch an builgín beag san ort! Níor ghníomh muin- teartha dhómh-sa fios sgéil a thabhairt duit-se ar na biadhaibh móra atá i dTalamh an Bhídh, mar nuair a raghfá ann ní fhéadfá puinn de'n bhiadh a dh'ithe, mar ní'l aon tslígh agat dó. Ansan bhéadh an sgéal níos measa agat 'ná mar a bhí riamh, na biadha móra ós cómhair do shúl agus gan ar do chumas iad d'ithe."" (Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na bhfocal san chuir sé greim breagh mór méith de'n fheóil chun béil Chathail, agus ansan do shnap sé chuige é agus chuir sé 'na bhéal féin isteach é, agus chogain sé é go réidh, ag breithniughadh a bhlais, agus do leig sé siar é, agus do shúraic sé a bhéal 'na dhiaigh. "Dar fiadh!" arsa gach duine a bhí láithreach, i n'aigne féin, "ach is maith an bhail ort an rígh bheith ceangailte!") ""Cad é an mhéid nár mhór a bheith am' bolg, le t'thoil," arsa mise leis, "i dtreó go bhféadfainn mé féin a shásamh ar na biadhaibh móra san?" ""Níor mhór dhuit chúig duirn a bheith ann agat, ar gach aon tslígh; chúig duirn ar faid agus chúig duirn ar leithead agus chúig duirn ar doimhneas; é bheith cómh- leathan ceithirochair agat, i dtreó go bhféadfá seacht mbéile d'ithe d'aon bhéile, agus dóithin naonbhair de d'shórd-sa i ngach béile acu, agus seacht ndeocha d'ól i
n-aon digh, agus dóithin naonbhair de d'shórd i ngach digh des na seacht ndeocha san." ""Ochón!" arsa mise, "cad a dhéanfad! Tá an donas ar fad anois orm. Ní'l an bolg san agam-sa ná i n-aon ghiorracht dó. Do sgoilfeadh orm sar a mbéadh leath oiread an méid sin ithte ná ólta agam. Agus feuch, tá buile ocrais tagaithe orm ó bheith ag éisteacht leat! Tá dóithin an bhuilg sin a dúbhraís d'ocras orm, agus ní'l an bolg agam chun an ocrais do shásamh. Is cruaidh an cás é, a mhic Lán na Beilte. B'fhéidir le t'thoil, ó chuiris an t-ocras orm le d' chaint, go dtabharfá cómhairle dhom ar cad ab fhearra dhom a dhéanamh chun an ocrais a bhaint díom." ""Tabharfad-sa an chómhairle sin duit, a fhir bhoicht," ar seisean. "Eirigh go dtí Dísert an Fáthléagha." ""Cad é an gnó bhéadh ansan agam?" arsa mise "Ní'l aon easba sláinte orm. Ocras is eadh atá orm. Ní liaigh ná dochtúir atá uaim, ach biadh agus deoch." ""Ó," ar seisean "nach neamhfhoidhneach an duine bocht tú! Ná féadfá fanmhaint agus éisteacht liom go dtí go mbéadh deire ráidhte agam! Eirigh go dtí Dísert an Fháthléagha. Bainfear an t-ocras díot sa n-áit sin chómh maith agus dá mbéadh an bolg mór úd ort. Gheabhair ann lán do chroídhe de'n uile shaghas bídh agus díghe d'á fheabhas, biadh bog bríoghmhar milis foláin, a dhéanfaidh t'fhiacala chómh geal chómh glan chómh líomhtha le fiacalaibh con, agus ná cuirfidh masmus ort dá mbeidh- feá 'ghá dh'ithe ar feadh seachtmhaine gan stad, agus deoch breagh láidir meidhrach meanamnach meisgeamhail, a bhainfidh na cosa uait ach ná goillfidh choídhche ar do cheann, deoch ná cuirfidh teinneas cinn ort ná teinneas croídhe, ná coilic ná dathach ná diachair, ach d'fhágfaidh choídhche thú go suairc agus go sultmhar agus go súgach,
ad' chuideachta shéimh ghrinn ghealgáiriteach duit féin agus do gach aoinne a dhéanfaidh teangabháil leat." ""Ó!" arsa mise, "stiúruigh mé chun na h-áite sin." ""Stiúróchad," ar seisean. "Isé céad rud atá agat le déanamh 'ná tú féin a chur fé chomairce na n-uasal a bhainean le Talamh an Bhídh, i dtreó ná báthfaí thú sa n-anaithre. Ansan caithfir aire mhaith a thabhairt duit féin agus gan dul amú' ar an slígh." ""Agus cé h-iad na h-uaisle nach foláir dom dul fé n-a gcomairce?" arsa mise. ""Tá," ar seisean, "Annleisge, mac Saille Slea- mhaine, agus Císte mac Cruithneachtan, agus Mairt- fheóil mac Tobáin, agus Gruth an Chúil Bhuidhe, agus Goile mac Sgórnaigh nár staon riamh ó chogadh ná ó mhór chathaibh bídh. An fhaid a bhéidh tú fé chomairce na n-uasal san ní baoghal duit choídhche tú bháthadh sa n-anaithre." ""An gcurfá-sa mé fé chomairce na n-uasal san anois?" arsa mise leis. ""Cuirfead cheana," ar seisean. "Ansan do chuir sé mé fé chomairce na n-uasal úd. ""Annleisge mac Saille Sleamhaine go gcosanaidh tú!" ar seisean. "Agus Císte mac Cruithneachtan go ndéinidh díon duit! Mairtfheóil mac Tobáin go dtugaidh misneach duit! Gruth an Chúil Bhuidhe go dtugaidh lán béil duit! Goile mac Sgórnaigh go dtugaidh slogadh dhuit! Imthigh ort anois," ar seisean, "agus ná h-eirigh amú" ar an slígh."" (Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na bhfocal "Goile mac Sgórnaigh go dtugaidh slogadh dhuit," chuir sé greim ana mhéith chun béil Chathail agus shnap sé siar uaidh airís é. Do leath Cathal a bhéal nuair a chonaic sé an greim feóla ag teacht. Nuair as napadh uaidh airis
an greim, agus é nach mór 'na bhéal aige, do h-airigheadh ins gach aon pháirt de'n dún an buille a bhuail a bhéal uachtair agus a bhéal iachtair ar a chéile, agus gan eatartha ach an folamhas.) ""Imthigh ort, a mhic léighinn," ar seisean, "go Talamh an Bhídh; go feóil úr; go feóil ghuirt; go sógh; go rósta; go caoirfheóil; go laoighfheóil; go h-anaithre mairt; go leite leamhnachta; go saill seana bhagúin; go cabáiste geal; go meacain; go h-inniúin; go cáiréadaí; go gruth; go meadhg; go h-úr-mhaothol; go h-ubhla cúmhrtha; go h-eithne cnó; go spiúnáin bhoga; go súgha craobh; go súgha talmhan; go silíní a chuirfidh uisge fé t'fhiacalaibh; go cornaibh lána le folamhughadh; go cornaibh folamha le líonadh agus le folamhughadh airís. Gluais!" ar seisean. "Má imthighean tú láithreach agus gan aon aimsir a chailleamhaint, béidh tú ann an lá a bhéidh an tabhairt amach mór acu. Chídhfir an rígh féin 'na shuidhe 'na chathaoir ríoga, a déineadh dó fadó d'asnaidheachaibh na bhfiadh a mhairbh sé féin agus é ag fiadhach ar shléibhtibh Mórbhídh. Chídhfir 'na suidhe ar gach taobh dé an bheirt uasal, an dá Ridire Luan. Chídhfir na h-uaisle go léir ann, agus a bhrat geal blonaige ar gach uasal acu, agus a chlaidheamh fhada dhíreach, de gheir chaorach, 'na láimh aige, agus a chíste aráin cruithneachtan mar sgiath sa láimh eile aige. Chídhfir an áit go léir lán d'uaislibh agus de dhaoine, agus de'n uile shaghas bídh agus díghe d'á fheabhas agus d'á fholáine agus d'á bhríoghmhaire. Gluais agus bí i n-am!" ""Gluaiseóchad cheana," arsa mise, "ach inis an méid seo dhom, a mhic Lán na Beilte," arsa mise, "ó innsis gach aon rud eile dom. Cé 'cu de thaoiseachaibh Tuath Bídh, seachas a chéile, gur fearra dhom bheith fé n-a gcomairce chun mé chosaint ar thonntachaibh móra anaithre mairt?"
""Bíodh do sheasamh," ar seisean, "ar na Blonagaibh agus ar na Maothalaibh." ""Tá go maith," arsa mise, agus siúd chun siúbhail mé. "Chuireas an talamh díom le misneach croídhe agus le fuinneamh cos, ar mo chromaruathar, mo cheann fúm agus mo dhá shlinneán anáirde, mo bhalcuisí trusáilte, agus ceó agus branar d'á stealladh de m'shálaibh. Níor iompuigheas i leith taoibh ó chlaidh ná ó dhíg ná ó chnocán fraoigh, ach dul do léim thar gach claidh, agus do thrus- lóig thar gach díg, agus do phoc-léimreach fiadh thar na gleanntaibh fraoigh, agus thar na cnocánaibh maola aitinn Ghaedhealaigh, agus thar gach gaortha agus móinteán aerach, féarmhar, féitheach, agus thar gach caol-shruth, glaise nó géar-abhainn, go dtí gur thosnuigheas ar an mbalaith breagh fhághail ar an ngaoith. Do stadas ansan agus do shúghas an ghaoth isteach am' shróin agus am' béal, agus siar am' chraos agus am' chliabh. Dá bhféadainn é ní leigfinn d' aon leóithne de'n ghaoith sin gabháil thorm, ar mo chlí ná ar mo dheis, ach is isteach am' béal a chaith- feadh sí go léir dul! Dar liom ba mhór go léir an truagh agus an scrupal an ghaoth bhreagh chumhrtha shaidhbhir sin a bheith ag imtheacht thorm ar gach taobh díom agus an gádh chómh cruaidh agam féin léi, bhí an t-airc agus an galar ocrais chómh dian san orm. "Thánag de dhruim cnocáin. Chonac an fharaige ar m'aghaidh amach. Faraige leamhnachta b'eadh í. Bhí bád beag ana dheas i n-aice an phuirt. Chuadhas isteach sa bhád. De shúghlach mairtfheóla a bhí an bád déanta agus é clúdaithe lasmuich le geir, chun an leamhnachta choimeád amach, sar a' mbáthfaí an bád. Bhí dhá asna mhóra seana thuirc mar dhá bhata ramha ann. Do rugas ar an dá asna, agus chromas ar an mbád do chomáint tríd an
leamhnacht, sa treó 'na ndúbhradh liom Dísert an Fháthléagha do bheith. Ag gluaiseacht dom bhí an talamh tirim ar thaobh díom agus an fharaige osgailte ar an dtaobh eile dhíom. Conac, agus mé ag cur na slíghe díom, na h-aibhnní ag teacht isteach sa bhfaraige, ó'n dtalamh tirim. Aibhnní beórach, aibhnní fíona, aibhnní leanna, aibhnní méada, aibhnní anaithre, aibhnní leamh- nachta, agus an caise a bhíodh ó gach abhainn díobh do bheireadh sé mo bháidín tamall maith amach sa bhfaraige an fhaid a bhínn ag gabháil thairis. Ach d'fhillinn isteach airís nuair a bhíodh an caise curtha dhíom agam. "Chomáineas liom ar an gcuma san go dtánag i radharc an Díserta. D'aithnigheas an dún mar do tugadh a chómharthaí dhom. "Do thuig an Fáthliaigh féin go rabhas ag teacht. Ghlaoidh sé chuige ar a mhuintir. ""Caithfidh sibh feuchaint chugaibh féin go cruinn agus go h-aireach anocht, a mhuintir," ar seisean. Tá duine ag teacht anso anocht agus ní foláir daoibh sibh féin a sheachaint air. Duine iseadh é go bhfuil eólus uathbhásach aige, agus éirim aigne, agus neart filidh- eachta, agus ruith cainte, agus cothrom focal. Tá sé oilte ar gach sórd ealadhan, agus go mór mór ar gach nídh a bhainean le ceól agus le guthuigheacht agus le h-áineas cliaraidheachta. D'á éaghmais sin tá sé nímh- neach, teasaidhe, droch mhiotalach, tartmhar, ocrach, neamh- fhoidhneach, agus mura bhfriotháltar chun a thoile é, agus i n-am, sa teaghlach 'na dtéidhean sé, tugan sé aghaidh bhéil ar mhuintir an teaghlaigh sin agus ní fearrde iad é an chuid eile d'á saoghal. Ach má friotháltar chun a thoile é tugan sé moladh dhóibh a mhairean i mbéalaibh daoine an fhaid a mhairid na daoine. Má's maith libh a mholadh do thuilleamh déinidh é fhriothálamh go maith."
"Do stiúruigheas mo bháidín isteach chun an dúna. B'áluinn an dún é. Bhí seacht bhfichid céad pola de pholaíbh breaghtha móra árda 'na thímpal, agus ní de chlochaibh ná de mhairtaol a bhí gach pola acu déanta ach de sheana bhagún láidir thathaiceach. Bhí mar a bhéadh tor sgeach thuas ar bharra gach pola dhíobh, agus ní sgeach gheal ná draighean dubh a bhí ins na tuir sin, ach blonag tuirc agus é casta snaidhmighthe, i bhfuirm sgeithe, agus deilgne móra fada curtha 'na seasamh ann, fiachala na dtorc a thug an bhlonag uatha. Isé rud fé ndeár na sgeacha blonaige sin agus na deilgne géara san a bheith thuas an uair sin ar bharraibh na bpolaí, mar bhí cogadh ar siúbhal idir mhuintir an Fháthléagha agus Tuatha Goba- lach. Bhí slóighte Tuatha Gobalach amuich ar an bhfaraige leamhnachta, 'na loingeas, agus iad ar tí dúna an Fháthléagha do bhriseadh agus do thógaint, agus do cuir- eadh suas na polaí agus na sgeacha agus na deilgne mar chosaint ar an ndún i n-aghaidh slóighte cródha líon- mhara Tuatha Gobalach. "Bhí an cogadh san ar siúbhal idir mhuintir an Fháth- léagha agus Tuatha Gobalach ar feadh mórán aimsire roimis sin. Uaireanta bhíodh an buadh ag muintir an Fháthléagha agus uaireanta bhíodh an buadh ag Tuathaibh Gobalach. Ní raibh aon rud a chuireadh sgannradh i gceart ar Thuathaibh Gobalach ach na fiacala fada geala géara úd."
Caibidiol a dódheug. "THUGAS mo bháidín chun puirt," arsa Mac Conglinne, "ar aghaidh an dúna síos. Thánag i dtír. Suas liom an staighre a bhí déanta go ceárdamhail de leaca- chaibh geire a bhí go breagh daingean cruaidh fé m' chosaibh. Thánag go geata an dúna. Cómhla geire a bhí ar an ngeata, agus lúb de photóig chaorach mar dhaingean uirthi. Bhí smachtín cáise 'na sheasamh i leith taoibh an gheata. Do rugas ar an smachtín agus bhuaileas buille dhe ar an gcómhlainn. Do bhog an chómhla uaim isteach. Siúd isteach mé. Chonac dorus dúnta ar m' aghaidh isteach. Cómhla cáise a bhí ar an ndorus san, agus gan ag coimeád na cómhlan dúnta ach lúibín grutha. Ní raibh aon smachtín i n-aice an doruis sin. Níor dhéineas ach an lúibín grutha d'osgailt agus an chómhla do shádh rómham. Do bhog sí rómham go h-éagsa. Siúd isteach mé. Chonac an dóirseóir laistigh de'n dorus. Ba bhreagh an radharc le feisgint é mar dhóir- seóir! Cuir sé fáilte rómham. Thugas freagra air mar ba cheart. Ní fhéadainn mo shúile thógaint dé. Thuig sé go rabhas ag déanamh iongnadh dhé. ""Is maith an teacht agat é, a mhic léighinn," ar seisean, "ach níor thánaís a gan fhios orainn. Tá gach nídh ollamh ad' chóir. Ní dóich linn go mbéidh aon locht agat le fághail ar an áit seo murab ionan a's aon áit 'nar thugais t'aghaidh fós." ""Chím, a fhir mhaith," arsa mise, "go n-aithnighean tú mé, ach ní aithnighim-se thusa." ""Mise dóirseóir an dúna so," ar seisean, "agus
Maolsaille is ainim dom, Maolsaille, Mac Maoilime, mic Blonaige." ""Is ró mhaith an ainim atá ort, a Maoilsaille," arsa mise, "agus is oireamhnach, chómh h-oireamhnach, do réir mar a deirir, agus a bhí ar t'athair, agus ar do sheana mháthair. Thugais leat an dúthchas go léir. Tá saill agus im agus blonag a ndóithin go léir ionat-sa." "Chuir sé sgearta gáire as, agus do leath sé a bhéal. D'eirigh a phluic i dtreó gur dhún a shúile. Bhí a bhéal iochtair ar bogadh agus a theanga ag tuitim isteach 's amach 'na bhéal. Bhí a dhá chliathán agus a dhá ghuala ar crothadh díreach mar a bhéadh ualach féir a béadh d'á tharang ar bhóthar gharbh. An fhaid a bhí sé ag gáirí bhíos féin 'ghá thabhairt fé ndeara. Bí bróga sleamhaine deasa seana bhagúin air, agus buinn de chrústa ruadh aráin cruithneachtan fútha. Bhí stocaí cróna, de shaill mairt, ar a loirgnibh agus suas ar a cholpaibh breaghtha ramhara. Bhí bríste glún air a bhí déanta de bhoighreán bhuidhe go bhfeicfeá thú féin 'na cheathramhnaibh bhí a leithéid sin de shnas ann. Bhí casóg cuirp air de chaoirfheóil thruagh a bhí go sgiomartha agus go bláthmhar. Bhí crios de chroicean bradáin air a bhí, ba dhóich leat, lán de réiltíníbh, mar a bhéadh Síog na Spéire oídhche sheaca. Bhí falaing air de'n sgannán a thagan ar leamhnacht bheirbhthe nuair a leigtear dó fuaradh. Bhí mar bhiorán i mbrollach na falainge sin, asna columóra, agus súil columóra mar cheann ar an mbiorán Bhí lámhainní breaghtha geala nua-uachtair ar a dhá láimh. Ach a cheann! A cheann a mhairbh mé ar fad. Bhí ar dtúis banda boighreáin mór-thímpal a chinn. Bhí os cionn an bhanda san mór-thímpal, sraith de chnapógaibh ime, gur dhóich leat gur cnapóigín óir gach cnapóg acu. Os cionn na gcnapóg ime sin bhí mór-thímpal thuas, fúnsa
meala, agus laistigh de'n fhúnsa meala san, anuas ar mhullach a chinn, bhí liathróid mhór gheal blonaige agus an liathróid lán de choinnlibh beaga 'na seasamh inti agus iad go léir ar lasadh. "Do stadas go dtí go raibh a thritheamh gáirí curtha dhé aige. Ansan do labhras leis. ""D'oirfeadh dom dul isteach sa dún, a Mhaoil- saille," arsa mise, "mar is chuige sin a thánag. An miste dhom dul isteach?" ""Ó, ní miste, ní miste," ar seisean. "Táthar ag feitheamh leat istigh. Imthigh ort isteach. Curfar gach aon chóir ort. Ní fágfar aon nídh d'ár mhair riamh i n-easnamh ort." "Isteach liom gan a thuille ríghnis. Dob' áluinn an dún é. Má b'áluinn ó'n dtaobh amuich é ba sheacht n-áluinne 'ná san ó'n dtaobh istigh é. Ní raibh ach biadh, biadh, biadh, ins gach aon bhall ann. Biadh os mo chionn. Biadh mór-thímpal orm. Biadh fé m'chosaibh sa talamh. Biadh agus deoch rómham agus am' dhiaigh pé ball 'na dtabharfainn m' aghaidh. "Níor bh'fhada go dtánag mar a raibh an Fáthliaigh féin agus é 'na shuidhe 'na chathaoir ríoga, agus na h-uaisle 'na thímpal, mar a dúbhradh liom. D'fheuchas ortha go léir go cruinn. Biadh ab eadh an t-éadach a bhí ortha. Biadh ab eadh na h-órnáidí a bhí ortha. Biadh ab eadh na cathaoireacha agus an uile shaghas triosgáin d'á raibh mór-thímpal an rígh-thíghe. "Chuadhas isteach sa chistin. Bhí mac an Fháthléagha féin istigh sa chistin, agus a shlat-iasgaireachta aige, agus é ag iasgaireacht. Dúbhán geire iseadh bhí aige, agus de smior lurgan fiadh a bhí a suaimneach déanta. Bhí sé ansúd sa chistin 'na sheasamh ar phortán grutha, ar bruach locha anaithre, agus é ag dúbhánacht. Uaireanta
is píosa bagúin a thugadh sé ainíos leis ar an ndúbhán as an loch anairthe. Uaireanta eile thugadh sé ainíos cnámh mairtfheóla, nó cliathán caorach, nó cnapóg cáise. D'airigheas 'na dhiaigh san gur báthadh an buachaill bocht sa loch anairthe. Bhí rud éigin trom aige 'á thabhairt ainíos ar an ndúbhán, agus do shleamhnuigh a chos de'n phortán grutha, agus thuit sé isteach sa n-anairthe agus do báthadh é, slán mar a n-innstear é! Do déineadh tuireamh dó nár déineadh a leithéid d'aoinne roimis ná 'na dhiaigh:- ""Mac Eógan clú mairind," agus mar leanas. "Thánag thar n-ais ó'n gcistin chun dul isteach airís sa tseómra mhór. Toisg gan eólus an tíghe bheith agam, agus aithne ar na póirsibh, ní h-ar an ndorus gceart a thugas aghaidh. D'osgalas an dorus n-a raibh m' aghaidh air. Chómh luath agus chuireas mo chos thar an dtairsigh chonac an tocht breagh geal. Bhí tuirse orm, agus cheapas go sínfinn tamall ar an dtocht agus go gcuirfinn an tuirse dhíom. Chaitheas mé féin ar an dtocht. Síos liom tríd go barraíbh mo dhá chluas! Tocht ime b'eadh é. Do liúghas agus do bhéiceas. Siúd am' thímpal na seirbhísigh. An t-ochtar ba threise a bhí ar seirbhíseachaibh an Fháthléagha, b'é a ndícheal mo tharang as an im, bhíos chómh fada san síos ann, agus bhí an t-im chómh ríghin chómh ceangaltach san. "Tharaingeadar amach mé fé dheire agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam asta le neart gáirídhe nuair a bhíos amuich acu. Níor b'iongnadh é. Bhí culaith ime orm ó mhullach talamh, agus an t-im 'na chnapógaibh agus 'na théadrachaibh thíos agus tsuas orm, agus ar an uile thaobh díom. Bhí sé 'na bhúclaíbh orm agus 'na bheilteanaibh, 'na lámhainnibh ar mo lámhaibh agus 'na laincisíbh ar mo chosaibh. Bhí sé stupaithe siar am' béal
agus suas i bpollaibh mo shróna i dtreó go rabhas leath mhúchta, leath thachtaithe, aige, agus mé ag cneadaigh agus ag casachtaigh, agus mo phus sínte amach agam agus mé ag séideadh an ime as mo bhéal, agus gach aon tsraedh agam, agus iad-san, i n-inead aon truagh bheith acu dhom, ag tuitim ar a gcosaibh le neart gáiridhe. ""Ó!" arsa mise, chómh luath agus d'fhéadas aon fhocal cainte thabhairt liom, "táim réidh! Tá deire liom! Tá mo ghnó déanta! Tá mo phort seinnte! Táim tachtaithe, múchta, imeartha!" - agus sraedh, no séideadh, nó cnead, nó casachtach ag teacht asam idir gach aon dá fhocal. "Ach b'shin mar ba mhó a chuadar ins na trithíbh. Nuair a bhíodh duine acu ag teacht chuige féin agus 'ghá chuimhneamh gur cheart cabhair nó congnamh éigin a thabhairt dom, níor ghádh dhó ach feuchaint orm, agus éist- eacht liom, nuair a bhíodh sé caithte ar an dtalamh airís 'ghá iomlosg féin agus gach aon liúgh gháirí ag teacht as i dtreó gur dhóich leat go gcaillfeadh sé an t-anam. "Ach bhíos ag teacht chugam féin gan aon chongnamh uatha, agus fé mar a bhíos ag teacht chugam féin bhí fearg ag teacht orm chuca. ""Airiú," arsa mise, "an bhfuil ionaibh aon rud a dhéanamh ach gáirídhe? B'fhéidir go mbainfí an fonn gáiridhe dhíbh mura stadaidh sibh uaibh féin. Beirtear chun an Fháthléagha mé láithreach!" "Do stad an sult. Mhothuigheadar an fhearg orm. Do rugadar i láthair an Fháthléagha mé. Ach ba dhóich leat go dtachtfaí iad a d'iaraidh gan gáire dhéanamh nuair fheuchaidís orm."
Caibidiol a trídeug. "CHÓMH luath agus thánag i láthair an Fháthléagha chuireas liúgh asam: "Ó!" arsa mise, "Guidh orainn! guidh orainn! guidh orainn!" ""I n-ainim na maoithile," ar seisean liom, "cad d'imthigh ort! Nó cad a thug an cor san ort!" ""Bhíos ag gabháil tríd an rígh-thigh seo, a rígh uasail," arsa mise, "ag feuchaint an rígh-thíghe, agus, toisg gan eólus ná aithne ná taithighe bheith agam ar na seómraibh ná ar na póirsíbh, do chuadhas amú". Mheasas teacht anso isteach, agus cá seólfaí mé ach isteach i seómra an ime. Chonac, dar liom, an tocht breagh geal lastigh de'n dorus. Bhí tuirse orm, agus cheapas go sínfinn mé féin ar an dtocht ar feadh tamaill. Chai- theas mé féin isteach air agus, dar ndó, siúd síos tríd mé! Mura mbéadh na daoine seo a tháinig chugam agus do tharaing as an im mé, bhíos múchta, tachtaithe, marbh, gan sagart gan bráthair! Ó! Is ar éigin atá m'anál i gceart fós agam. Guidh orm, a rígh, nó is baoghal ná cuirfead díom go deó an t-anaithe a fuaras." "D'fheuch sé go géar orm. ""Cuirfir díot an méid sin, a mhic ó," ar seisean. "Ní fiú biorán gan tón an méid sin. Tá galar ort, ámhthach, is measa dhuit chugat go mór 'ná é. Tá dath mí-lítheach ar t'aghaidh, dath an bháis. Lámha buidhe. Beóil bhreaca. Súile liatha. Cuisle lag. Féitheacha fanna agus iad éirighthe suas, ag baint ó t' chuid fola agus ó t' chuid feóla agus ó t' altaibh agus ó t' ingnibh. Tá triúr ag cur ort, a mhic ó, agus ní
maith an triúr iad; gorta agus uireasba agus bás. Táid siad ag sladadh an anama asat. D'fheuch droch shúil ort. Do thuit droch thaom ort. Ní h-iongnadh san. Ní dheabhruighean tú gur cothuigheadh tú mar a cothóchfaí gamhain samhraidh, le biadh cuthaigh agus le deoch fóghanta, ó láimh mná a bhéadh tuisgionach, ach deabhruighean tú go bhfuarais droch chóir agus droch chothughadh agus go bhfuil a rian ort." ""Tá a rian orm, a rígh," arsa mise. "Ach do stiú- ruigheadh anso chugat-sa mé chun go bhfaghainn leigheas ar mo ghalar. Tá an galar trom agus is deacair an leigheas a dh'fhághail. Dúbhradh liom go bhfaghainn anso é, agus do thánag." ""Suigh ansan, a fhir bhoicht," ar seisean liom, "ar an gcathaoir bhagúin sin ansan, agus aithris dom go cruinn nádúr agus cómharthaí do ghalair. Ní féidir an leigheas d'ainimniughadh go n-aithnightear an galar." "Do shuigheas ar an gcathaoir mar a dúbhradh liom, agus thosnuigheas ar mo sgéal d'innsint. ""'Neósfad duit go cruinn, a rígh," arsa mise, "cad tá ag cur orm, cad 'tá a'm chiapadh agus a'm chrapadh agus a'm chrádh, ag cur seirbthin agus lagspridighe agus easba mire orm. Bíon dúil mhallaighthe agam coitchianta i ngach flúirse bídh agus díghe, agus cuir- ean gach ganachúise bídh agus díghe ar buile mé. Nuair a chím flúirse ar bórd tagan ocras an domhain orm. Cromaim ar ithe agus ar ól, ach d'á mhéid a dh'ithim is ag dul i ngéire a bhíon an t-ocras orm, agus d'á mhéid a d'olaim is ag méadughadh a bhíon an tart orm. Nuair a bhím am' chodladh sa n-oídhche ní bhíon de thaibh- reamh agam ach biadh agus deoch, agus mé ag ithe agus ag ól, dar liom, agus nuair a dhúisighim ar maidin bíon oiread ocrais agus oiread tarta orm agus dá mba ar
ghorta bhéinn ag taibhreamh fan na h-oídhche. Ní fonn liom choídhche aon bhlúire bídh ná aon bhraon díghe a bhéadh agam do raint le h-aoinne, pé gátar a bhéadh air, i dtreó go mbíon an doicheal a'm mharbhughadh chómh maith leis an ocras agus leis an dtart. Níor mhair an fear san riamh ba mhó doicheal 'ná mé, agus ní'l an fear san beó i n-Éirinn indiu is mó doicheal 'ná mé. Ba mhaith liom mo chuid féin a choimeád agus gan blaise thabhairt d'aoinne dhé, agus an rud a chífinn ag duine eile ba mhaith liom é bhaint dé, nó e ghuid uaidh; teacht suas leis dom féin ar ais nó ar éigin. Is amhlaidh mar atá an sgéal agam, dá mbéadh biadha breaghtha, mísle, buacacha an domhain ar m'aghaidh amach, is isteach am' bolg féin ba mhaith liom iad go léir do chur, agus ba chuma liom sa n-anachainn cad a dhéanfadh aoinne eile."" (Le linn na cainte sin a rádh dhó do chuir sé greim breagh meith milis chun béil an rígh, agus do shnap sé siar airís é agus chuir sé 'na bhéal féin é. Ach níor chuir an rígh puinn suime ann um an dtaca san.) ""Is olc an sgéal agam é," arsa mise, "agus mura ndéinir-se mé 'leigheas ní fios cad é an deire bhéidh air." ""Is olc agus is dian olc an sgéal agat é," ar seisean, "agus mura mbéadh tú theacht anso ní bhéadh aon bhreith agat ar aon leigheas a dh'fhághail. Do lean- fadh an galar díot go dtí go gcuirfeadh sé fé 'n bhfód thú, agus go deimhin féin, ní ró fhada a raghadh leat sar a' mbeidhfeá fé'n bhfód aige. Isé galar é is measa a bhí ar aon Chríosdaidhe riamh. Galar mí-nádúrtha iseadh é. Isé nádúr an ocrais go leighisfeadh biadh é. Isé nádúr an tarta go sásóchadh deoch maith é. Isé nádúr an doichil go maolóchadh flúirse é. Ach an t-ocras so atá ort-sa is amhlaidh a mhéaduighean an biadh é, agus an tart atá ort is amlaidh a mhéaduighean an deoch é."
""Is amhlaidh go díreach, a rígh," arsa mise, "agus ansan méaduighean an t-ocras agus an tart an doicheal orm i dtreó go mbíon fuath ag gach aoinne dhom agus gráin ag gach aoinne orm chómh luath agus chuirid siad aithne orm i gceart. Ní'l aon truagh ar an dtalamh so is mó 'ná mé! Má tá doicheal orm cad é an leigheas atá agam air! B'fhéidir go dtiocfadh doicheal ba mhó 'ná é ar chuid acu féin dá mbéadh mo ghalar-sa ortha." ""Ná bíodh ceist ort anois, a fhir bhoicht," ar seisean. "Tabharfad-sa riaghail duit le breith abhaile leat, agus má dhéinean tú beart d'á réir leighisfear thú agus ní fhillfidh an galar ort choídhche." ""Ó," arsa mise, "is maith é sin! Is maith é sin! Cad í an riaghail a thabharfair dom, a rígh?" ""Ní h-aon mhaith dhom," ar seisean, "an riaghail a dh'innsint, ná í thabhairt duit le breith leat abhaile, mura mbéidh deimhne agam go ndéanfair an riaghail do chómhlíonadh go cruinn agus go h-iomlán agus go beacht. Thugas riaghail chun leighis do dhaoinibh cheana, agus do ghlacadar an riaghail uaim agus ghealladar go gcuirfidís an riaghail i ngníomh go h-iomlán. Chua- dar abhaile. Níor chuireadar i ngníomh ach an méid a thaithin leó de'n riaghail, agus san féin níor dhéineadar ach pé faid aimsire a thaithin leó. Níor leighiseadh iad. Níor bh'fhéidir é. Ansan ní raibh acu le rádh ach ná raibh aon mhaith sa leigheas. Ní h-aon mhaith dhómh-sa cómhairle thabhairt duit-se mura ndéinir an chómhairle, agus conus a bhéidh 'fhios agam go ndéanfair an chómhairle mura mbéidh deimhne agam air?" ""Is fíor san, a rígh," arsa mise, "ach cad é an deimhne fhéadfainn-se thabhairt duit go ndéanfad an riaghail do chómhlíonadh cruinn? Ní'l ionam ach deóraidhe bocht gan áird a bhíon ag imtheacht ó áit go h-áit agus
ná feadar anocht cá mbéidh mo thriall amáireach. Ní'l aoinne agam a dhéanfadh urudhas orm ná do raghadh i ngeall dom, go mór mór i n-aon rud abhainfeadh le biadh ná le deoch. Ní'l aon iontaoibh ag aoinne asam, ins na neithibh sin pé 'n-Éirinn é." ""Tá tobar i n-aice an tíghe sa bhaile agat," ar seisean, "nuair a bhíon tú sa bhaile. Imthigh amach gach aon mhaidean chun an tobair sin agus nigh do lámha agus t'aghaidh ann, agus nigh do bhéal leis an uisge, agus déin t'fhiacala do sgiomar le d'mhéireanaibh agus le t'órdógaibh go dtí go mbéid siad chómh geal leis an sneachta, agus do bhéal chómh cúmhra le drúcht ar neóiníníbh. 'Neósfaidh an tobar san dómh-sa cé'cu bhéir ag cómhlíonadh na riaghlach nó ná béir. Tá uisge an tobair ag teacht chugam-sa anso fé thalamh." ""Déanfad-sa san, a rígh," arsa mise. ""Déin," ar seisean, "nó bíodh ort féin. Nuair a bhéidh do bhéal agus t'fhiacala sgiomartha glan agat, le h-uisge an tobair, déin do cheann a chíoradh go maith. Ná fág oiread agus ruibe de t'ghruaig as a inead. Ansan imthigh amach chun coille ag bun sléibhe agus cuarduigh crann daraighe nó crann fuinnseóige n-a bhfeicfir rian na mion-ghealbhún ar a ghéagaibh. Tabhair leat abhaile ádhbhar teine de'n dair dhearg nó de'n fhuinnseóig ocht-slisnigh. Aduigh teine dhuit féin ar thínteán ná béidh ró árd ná ró íseal, i dtreó go dtéidhfidh a gríos tú agus ná loisgfidh a lasair tú agus ná raghadh a deatach ad' shúilibh. Bíodh aghaidh na teine sin soir ó-thuaidh agat. Leath amach ar an dtalamh, ar aghaidh na teine amach, croicean buláin bliaghna, agus cuir bloc truím i n-aice leis an gcroicean. Ansan déin tú féin a shíneadh ar an gcroicean, agus leig do thaobh i gcoinnibh an bhluic agus téidh thú féin go maith.
""Anois, i dtaobh an bhídh. Ná caith aon bhiadh ach biadh a déanfar de shaghas éigin arbhair, agus bíodh cócaire tuisgionach, eólgaiseach agat chun an bhídh sin d'ollamhughadh dhuit, a mhic léighinn. Táid mná ann, a mhic léighinn, agus an biadh is foláine agus is blasta d'ár fhás riamh ainíos as an dtalamh dhéanfaidís biadh mí-fholáin dé, le h-easba eóluis agus le h-easba tuisgiona agus le h-aindeise láimhseála. Táid mná eile ann agus tá eólus agus tuisgint acu agus deas-lámhachaighe. D'ollamhóchaidís an biadh go h-áluinn, ach 'na dhiaigh san ní leigfidís do'n bhiadh aon tairbhe dhéanamh duit mar do loitfidís do ghoile ort nuair a chídhfeá iad, agus muc ar gach malainn acu, agus faobar ar a gcaint, agus iad ag cnáimhseáil agus ag gluai- reán agus ag spriúchadh. Faigh-se, chun an bhídh d'ollamhughadh dhuit, bean go mbéidh an t-eólus agus an tuisgint aici; agus í deaslámhach, slachtmhar, fuinte, fáisgithe, glan; agus í stuamdha, stuidéartha; agus í séimh, sultmhar, gealgháiriteach; bean gur fearrde an biadh é theacht as a láimh chugat, agus gur fearrde thusa an biadh dh'fhághail as a laimh. - I dtusach do leighis, a mhic léighinn, ní'l ceadaighthe dhuit aon tsaghas bídh a chaitheamh ach biadh arbhair." ""Is cruaidh an cás é sin, a rígh!" arsa mise. ""Tá go maith, a mhic léighinn," ar seisean. "Má's cruaidh an cás é ná bac é féin. Bíodh do rogha agat, an galar nó an leigheas. Má's cruaidh é an leigheas is trom é an galar. Cé'cu bhéidh agat?" ""Gabhaim pardún agat, a rígh," arsa mise, "an leigheas thar gach nídh." ""Tá go maith," ar seisean. "Faigh an cócaire ar dtúis. Ansan faigh na h-arbhair. Tá ocht saighseana arbhair ann, agus bíodh do rogha agat díobh, nó bídís go
léir i n-aonfheacht agat. Sidiad na h-ocht saighseana; seagal, searbhán, maolán, ruadhán, cruithneacht, eórna, fídhbach, coirce. Déanfaidh an cócaire dhuit ocht mbulóga de gach saghas arbhair acu san. Ansan déanfaidh sí ocht saighseana annlainn duit le gach bulóig. Agus déan- faidh sí an t-arán agus an t-annlann chómh maith, chómh milis, chómh deigh-bhlasta san, go mbéidh do shúile ag casadh agus ag léimrigh ad' chloigean le linn gach greama de'n bhiadh a bhéidh agat 'á chogaint."" (Nuair a fuair Mac Conglinne ná raibh oiread suime ag Cathal 'á chur ins na blúirí feóla agus bhí i dtusach, chuireadh sé gach blúire chun na teine sar a gcuireadh sé chun béil an rígh é.) ""Nuair a bhéidh raint aimsire caithte agat ag fághail do chod' bídh ar an gcuma san, a mhic léighinn," arsa'n Fáthliaigh, "mothóchair an dúil mhí-nádúrtha ag imtheacht uait. Ach ní foláir duit leanmhaint ar an leigheas go dtí go mbéidh an galar imthighthe ar fad. Is 'mdhó leigheas maith go dteipean air nuair ná faghan sé ceart ar an gcuma san. Nuair ná bíon duine ach leath leighiste ní foláir leis go minic a áiteamh air féin go bhfuil sé leighiste go h-iomlán. Siúd chun siú- bhail é i ndiaigh na seana bhéas agus siúd ar mhullach a chinn sa tseana ghalar airís é. Sin mar a bhéidh agat-sa, a mhic léighinn, mura mbéidh foidhne agat, agus a cheart féin a thabhairt do'n leigheas. Nuair a bhéidh cuid de'n aimsir curtha dhíot agat agus do shláinte ag casadh ort, misneach na sláinte ag teacht airís at' bhallaibh beatha, - tú ag dul i n-óige, dar leat, - na h-abair leat féin, "Táim leighiste! Ní miste dhom feasta imtheacht agus gach biadh d'á mbuail- fidh umam a dh'ithe fé mar a dhéininn nuair a bhíos óg, agus gach deoch d'á fheabhas a leigint siar am' chogansach
agus síos am sgórnaigh. Muicfheóil úr dom feasta; agus luana méithe; agus caoirfheóil bhreagh, bhog, bheirbhthe; agus lionn láidir, deoch na n-uasal; agus seana bhagún, leigheas an chliabh-ghalair; agus im, ola an chroídhe; agus leite leamhnachta; agus drisíní; agus ubhla cúmhartha; agus eithneacha; agus an uile shaghas bídh d'á fheabhas agus d'á shaidhbhre; agus an uile shaghas díghe d'á uaisle agus d'á mheisgeamhla." Má dhéinean tú beart do réir na cainte sin, a mhic léighinn, tiocfaidh an tart agus an t-ocras airís. Béidh tú ag ithe agus ní bhainfidh an biadh an t-ocras díot. Béidh tú ag ól agus ní bhainfidh an deoch an tart díot. Béidh tú ag ithe agus ag ól go dtí go ndeárfaidh an chéad ghreim nó an chéad bholmoc leis an ngreim ndeirineach nó leis an mbolmoc ndeirineach, "Greadadh chugat, a charamhadra, cad é an gnó atá anso anuas agat? Fan thuas adeirim leat! Dar fiadh ach má thagan tusa anuas raghad-sa suas! Ní'l aon tslígh sa n-áit seo d'á thuille againn!" Ansan iseadh bhéidh an sgéal go h-olc agat, a mhic léighinn, agus ní bhéidh do leigheas le fághail an tarna h-uair."" Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na cainte sin thug na daoine fé ndeara go raibh Cathal ana socair agus a bhéal ar osgailt. Chonacadar rud éigin 'na béal. Do rith Mac Conglinne agus do ghríos sé greim ana mhéith de'n fheóil leis an dteine agus chuir sé le béal an rígh é. Nuair a bhí an greim feóla ag teacht chonaic na daoine go raibh an rud a bhí i mbéal an rígh na bheathaidh. Rud i bhfuirm aircluachra ab eadh é. Bhí a cheann lasmuich de bhéal an rígh aige, agus é ag suathadh a chinn anonn 's anall agus ag cur a theangan amach. Chómh luath agus tháinig an greim feóla i n-ach- maireacht dó, fé mar a bhéadh eagal air go snapfaí uaidh
airís é, do leim sé amach a' béal an rígh agus dhaingnigh sé a bhéal féin agus a dá chrobh sa bhfeóil. "Dúnadh gach aoinne a bhéal!" arsa Mac Cong- linne, agus le n-a linn sin do sgaoil sé an greim feóla leis an ndeamhan. "Buidheachas le Dia agus le Bríghid!" ar seisean, agus chuir sé a lámh dheas ar a bhéal féin agus a lámh chlé ar bhéal an rígh. Do dhún gach duine a bhéal ach giolla an tsagairt. Ní raibh sa ghiolla ach leanbh. Bhí a bhéal ar leathadh aige le h-uathbhás. Do léim an deamhan, agus an píosa feóla 'na bhéal agus 'na chrobhnaibh aige, isteach i mbéal an ghiolla bhig. Ach ní túisge a bhí sé istigh 'ná bhí sé amuich airís, mar ní raibh aon pheacadh ar an leanbh. Ansan do léim sé isteach sa tínteán, ar sgáth an chorcáin mhóir a bhí os cionn na teine. Do léim Mac Conglinne agus d'iompuigh sé an corcán ar a bhéal anuas air. Bhí a dhóithin feóla ansan aige agus d'fhan sé ann. "Cad 'déanfar anois?" arsa Pichán. "Beirtear an rígh amach as an dtigh láithreach!" arsa Mac Conglinne. Do rugadh an rígh amach agus do cuireadh i leabaidh i dtigh eile amuich é. Bhí sé chómh mín, chómh socair, le leanbh. "Tugtar amach as an rígh-theach," arsa Mac Cong- linne, "an uile shaghas ruda go bhfuil aon tairbhe ann." Do folamhuigheadh an rígh-theach. Níor fágadh triosgán ná órnáid, ór ná airgead ná olmhaitheas, gan bailiughadh amach, ach amháin an corcán a bhí anuas ar an ndeamhan- craois. Ní baoghal gur chuir aoinne chun an chorcáin sin a bhreith amach. "Curtar teine sa rígh-theach anois," arsa Mac Conglinne.
Do cuireadh. Agus seo mar a déineadh é. Nuair a bhí gach aon rud bailighthe amach as an rígh-theach, ach an corcán mór a bhí anuas ar an gCraos- Deamhan, do dúnadh na dóirse go léir go daing- ean tar éis cheithre teinte móra do chur ar lasadh anso 's ansúd ar fuid an tíghe. Do las na teinte. Ba ghearr gur las an tigh go léir. D'eirigh an buthaire lasrach suas sa spéir. Bhí Mac Conglinne agus na daoine ag feuchaint ar an lasair. Ar ball do thusnuigh ceann an tíghe ar thuitim isteach agus ar na rachtaí do nochtadh. Do nochtadh an maide buaic. Do léim an deamhan suas agus sheasaimh sé ar an maide buaic. Do chonaic Mac Conglinne é. "Feuchaidh! a fhearaibh Mumhan," arsa Mac Cong- linne. "Siné thuas bhúr gcara agaibh. Dúnadh gach aoinne a bhéal agus labharfad-sa leis an mbioránach san." Do dhún gach aoinne a bhéal. Níor ghádh a iaraidh ortha an tarna h-uair san do dhéanamh. Do dhruid Mac Conglinne anonn i dtreó an deamhain agus do labhair sé go h-árd. "Úmhluigh dom, a dhiabhail!" ar seisean. "Úmhluighim duit," arsa 'n deamhan. "Ní foláir dom a dhéanamh mar tá buaidhte agat orm. Níor mheasas go raibh duine ar talamh ná aingeal thuas d'fhéadfadh a chur fheuchaint ar Chathal trosgadh dhéanamh an fhaid a bhíos-sa istigh 'na ghoile. Do chuiris-se fheuchaint air an tros- gadh dhéanamh agus mise ag stracadh a ghoile as a chéile le tart agus le h-ocras. Dá dtéidhinn níos déine air 'ná mar a chuadhas bhainfinn an t-anam ar fad as, agus ní raibh san ceaduighthe dhom. Dhéineas mo dhícheal, ach tá buaidhte glan agat-sa orm. Níor bh'fhéidir duit buach- taint orm ar an gcuma san mura mbéadh go bhfuil rath
ó Dhia ort, agus géire intleachta agat, agus iomad eagna, agus fíor úmhluigheacht, agus mian gach maitheasa, agus seacht tíodhlaicí an Spioraid Naoimh. Diabhal iseadh mise, spioraid gan colann. Táim i ngoile Chathail le trí leath bhliaghnaibh, 'ghá mhilleadh agus ag milleadh na Mumhan go léir, agus dá bhfágtí trí leath bhliaghna eile ann mé bhéadh Éire go léir millte agam. Tháinís-se anso ó mhuintir Corcaighe ag cur isteach orm- sa. Is maith an bhail ort gur uatha san a tháinís. Is maith an bhail ort iad a bheith uasal, naomhtha, mar atáid. Mura mbéadh a n-uaisleacht agus a naomthacht agus a n-ionracas, agus naomhthacht a n-easbog agus a n-anam- charad, agus naomhthacht pobuil Chorcaighe móire Mumhan, agus mura mbéadh ionracas gutha agus bréithre agus oinigh agus anama an rígh uasail seo go dtáinís d'á theasargain ; agus go deimhin mura mbéadh t'uaisleacht féin agus t'ionracas agus glaine do chroídhe agus méid t'eagna agus géire t'intleachta, is isteach at' bhrághaid féin do rachainn-se nuair a chuiris amach a' brághaid Chathail mé, agus ní sgarfainn leat go dtí go gcomáin- fí mór-thímpal na h-Éirean tú ag gabháil de chlochaibh agus de mhaidíbh agus de shlataibh agus d'fhuipeanaibh ort, agus gur b'é bás a gheabhfá sa deire 'ná bás do'n ghorta." "Fíoghar Croise Céasda idir mé agus tú!" arsa Mac Conglinne, agus dhéin sé fíoghar na Croise i gcoinnibh an deamhain trí h-uaire leis an leabhar Soisgéal a bhí 'na láimh aige. Chuir an deamhan sgread as, agus do labhair sé airís go fíochmhar agus go feargach. "Á!" ar seisean, "tugaim-se Dia mar uradh dhuit ann, a Chathail mhic Fhinguine, mura mbéadh an Bhán Bheag a' Cuireach Liffe go mbéadh do chorp i dtalamh agam-sa
agus t'anam i n-ifrean agam sar a mbéadh puinn de'n oídhche anocht curtha dhíot agat!" Ansan d'eirigh sé féin, agus sguainthe deamhan i n-aonfheacht leis, suas sa n-aer agus d'imthigheadar. Nó mar adeir an seana leabhar; "Ocus foluamnighis i n-eithiar iarsin la muintir iffirnn." "Cad 'tá le déanamh anois againn, a mhic léighinn?" arsa Pichán. "'Neósfad-sa san duit," arsa Mac Conglinne. "Déintear deoch do'n rígh," ar seisean. "Conus a déanfar an deoch?" arsa Pichán. "Déintear leamhnacht agus im úr do chómhbheiriughadh ar a chéile," arsa Mac Conglinne, "agus mil do mheasgadh ortha, agus iad a thabhairt le n-ól do'n rígh mar nua- dhigh." Do déineadh san. Do h-ollamhuigheadh dóithin céad duine de'n leamhnacht ar an gcuma san. Bhí Cathal 'á dh'ól go dtí gur chríochnuigh sé é. Ansan do thuit a chod- ladh air. Do cuireadh ceól bog suairc d'á sheinnt dó an fhaid a bhí sé 'na chodladh. Deir cuid de'n tseanachus gur fhan sé sa chodladh san ar feadh trí lá agus trí oídhche. Deir cuid eile dhé nár fhan sé sa chodladh ach lá agus oídhche. Nuair a dhúisigh sé as a chodladh ní raibh de ghoile aige ach mar a bhéadh ag aon Chríosdaidhe.
Caibidiol a ceathairdeug. "CÁ bhfuil an mac léighinn?" arsa Cathal, chómh luath agus a dhúisigh sé as a chodladh. "Táim anso, a rígh," arsa Mac Conglinne. "Inis an aisling dúinn feasta," arsa'n rígh. "Pé faid a bhéidh tú 'ghá h-innsint indiu ní bhéidh mé cortha dhí, murab ionan a's indé." D'inis sé an aisling ansan do'n rígh, ó thusach go deire, ach ní'l an innsint sin curtha síos sa tseanachus. Nuair a bhí an innsint críochnuighthe chuir an rígh rath agus beannacht ar gach duine do 'neósfadh an aisling go deó, agus ar gach duine bhéadh ag éisteacht léi d'á h-innsint. Bhí áthas agus aoibhneas mór aigne ar Phichán agus ar an ríoghra go léir nuair a chonacadar go raibh Cathal leighiste. An fhaid a bhí an leigheas d'á dhéanamh níor fhéadadar cuimhneamh ar aon rud eile ach ar an leigheas, an ndéanfaí é nó an dteipfeadh air. Ní raibh aon choinne i n-aon chor agá lán acu ná go dteipfeadh. Chonacadar gur chuir an cleasaidhe fheuchaint ar Chathal an trosgadh uathbhásach a dhéanamh. Ach níor mhar a chéile, dar leó, trosgadh dhéanamh agus an leigheas a dhéanamh. Bhí 'fhios acu go ndéanfadh an rígh trosgadh go bás ach go gcuirfeadh sé roimis é dhéanamh. Ach nuair a chonacadar an leigheas déanta, é déanta dáiríribh, é déanta go h-iomlán agus go críochnuighthe, os cómhair a súl, is amhlaidh a tháinig a leithéid sin d'uraim acu do'n chleasaidhe, agus dhéineadar a leithéid sin d'iongnadh dhé, gur bh'ar éigin fhéadaidís a súile
thógaint i n-aon chor dé. Ar ball do thosnuigh ceistiugh- chán ar ghluaiseacht eatartha, i gcogarnach, "Cé h-e féin? Cad as é? Cé 'ra díobh é? Cá dtáinig sé? Cár ghabh sé chugainn?" agus mar sin. Bhí Mainchín ann agus a lán de mhuintir Chorcaighe. Thánadar nuair airigheadar na ráflaí mar gheall ar an leigheas agus Cathal mac Finguine bheith ag déanamh an trosgaidh, rud ná creidfidís a dhéanfadh Cathal mura bhfeicfidís le n-a súilibh é 'ghá dhéanamh. D'innseadar, nuair a ghluais an ceistiughchán, an méid a bhí le h-inn- sint acu. Níor thug san puinn eóluis d'aoinne. Cheap cuid acu go dtiocfaidís ar an eólus ó'n gcleasaidhe féin; go meallfaidís uaidh é. Ach do thuit nídh amach dóibh a chuir iongnadh ortha. An uile cheist d'ár cuireadh chuige do fhreagair sé í go breagh, socair, séimh, ach níor thug sé aon bhlúire eóluis uaidh ar ché'r bh'é, ná ar cá'r bh' as é. B'éigean dóibh go léir eirighe dhé. Ach bhí an tairbhe déanta aige, agus, pé 'r bh'é féin, níor bh'fholáir díol- uigheacht a thabhairt dó as. D'inis Pichán an margadh a bhí déanta aige féin. Do thaithin san leis an ríoghra go léir, ach dúbhradar go gcaithfí cur leis. Dúbhradar nár cheart aon rud a dhéanamh chun go socaróchfaí an sgéal go léir i bhfeis cómhairle, i láthair Chathail. Níor bh'fhada go raibh Cathal chómh maith agus bhí sé riamh, 'na shaoghal a's 'na shláinte. Bhí áthas an domhain ar na daoine go léir. Bhí deire leis an umárd ghrána a bhí 'ghá milleadh agus 'ghá gcreachadh agus ag tabhairt náire shaoghalta dhóibh. Bhí uraim ana mhór acu do Chathal agus ana bháidh acu leis, d'aimhdheóin an umáird a bhí air. Rígh fóghanta b'eadh é, rígh ná déanfadh an éagcóir pé cuma 'na mbeidhfí a d'iaraidh é chur suas chun na h-éag-
córa dhéanamh; rígh ná geabhadh páirt an fhir láidir i gcoinnibh an t-é a bhéadh lag; rígh ná tabharfadh breith ar an gcéad sgéal go dtí go mbéarfadh an tarna sgéal air. Agus nuair a thugadh sé an bhreith, dá mb'é an t-é go mbíodh an bhreith 'na choinnibh féin é, ní fhéadadh sé locht fhághail ar an mbreith, do chuireadh Cathal an ceart 'na luighe chómh soiléir chómh solusmhar san. I gcás, má bhí an uraim agus an báidh, agus an grádh acu go léir dó i n-aimhdheóin an umáird, go raibh an uraim agus an báidh agus an grádh curtha i méid naoi n-uaire nuair a fuaradar go raibh an droch nídh imthighthe agus an leigheas déanta. Chuir na smaointe sin go léir iad ag cuimhneamh coitchianta ar an t-é a dhéin an leigheas, agus d'á mhéid a chuimhnighdís air iseadh ba mhó a theastuigheadh uatha a fághail amach cé 'r bh'é féin. Tháinig an ríoghra, idir chléir agus tuath, i láthair Chathail, agus shuigheadar i gcómhairle. Chuir an rígh fios ar an mac léighinn. Tháinig sé. "A mhic léighinn," arsa Cathal, "tá comaoine mhór curtha agat orm-sa agus ar an Mumhain. Ní ceart gan a chothrom de bhuidheachas a ghabháil leat, agus díoluigheacht a thabhairt duit as. Is féidir a chothrom de bhuidheachas a thabhairt duit, ach pé díoluigheacht a tabharfaí dhuit níor bh'fhéidir dó oiread tairbhe dhéanamh duit-se agus atá déanta agat-sa dúinne. Ach tá an méid seo ag cur orainn. Ní féidir dúinn buidheachas ná díoluigheacht a thabhairt duit mar ba chóir gan a fhios a bheith againn cé h-é an duine a chuir an chomaoine mhór so orainn." Ansan do labhair Mac Conglinne. "A rígh onóraigh," ar seisean, "agus a ríoghra Mumhan, agus a uaisle cléire agus tuatha, measaim nach fearra dhom rud a dhéanfad 'ná a innsint daoibh,
tríd síos, cad a tharaing mé ar dtúis isteach sa n-obair seo, agus cad fé ndeara dhom tabhairt i n-aon chor fé n-a leithéid de ghnó. "Tháinig an t-eólus chugam, fé mar a tháinig sé chun an uile dhuine i n-Éirinn, droch nídh éigin uathbhásach a bheith tagaithe ar Chathal. Chuir an t-eólus san díombádh orm-sa fé mar a chuir sé díombádh ar gach aoinne. Ach i dteannta díombádh chur orm do chuir sé ag machtnamh mé. B'é bunús mo mhachtnaimh, conus a gheabhfaí leigheas do'n olc a bhí ar an rígh. As na tuairisgibh a shroiseadh mé do thuigeas ná raibh aon ghearán sláinte air. Thuigeas as san nár bh'í a shláinte a bhí le leigheas. Ní leigheas cuirp a bhí le déanamh air. Thuigeas as san nár bh'fholáir a admháil, nuair nach ar an gcorp a bhí an leigheas le déanamh, gur ar an aigne a bhí sé le déanamh. "Nuair a bhí an méid sin socair agam tháinig eólus eile chugam a chuir ar seachrán airís mé. Do tugadh le tuisgint dom nár dhéin an trioblóid a bhí ar Chathal aon bhaint ó n-a bhreitheamhantas. Go raibh a chiall agus a thuisgint chómh glan chómh cruinn agus a bhíodar aon lá riamh aige. Thug san le tuisgint dom ná raibh aon umárd ar a meabhair shaoghalta. "D'fhág san i gcruadh-chás mé. Ní raibh gearán sláinte air, agus ní raibh bun os cionn aigne air. Cad a bhí air má 'seadh? "D'airigheas, fé mar 'airigheamar go léir, conus a fuair an droch nídh seilbh ar dtúis istigh 'na ghoile. Dúbhairt liom féin, as mo chuid machtnaimh, an dorus ceadna n-ar tháinig an díobháil tríd gur tríd a chaithfeadh an leigheas teacht. Gur le biadh a chuaidh an droch nídh isteach, agus gur le biadh a caithfí an droch nídh a thabhairt amach; ach so a bheith de dheifrigheacht idir an
ndul isteach agus an teacht amach, gur le h-ithe bídh a chuaidh sé isteach, agus gur le diúltughadh do bhiadh a caithfí é thabhairt amach; nó mar seo, gur le craos a chuaidh sé isteach, agus gur le trosgadh a caithfí é thabhairt amach. "Ach ní trosgadh gach easba bídh. Ní trosgadh do dhuine bheith gan biadh mura staonadh sé ó'n mbiadh le saor thoil. Le n-a shaor thoil féin iseadh a dhéinean duine craos, agus má's maith le duine cúiteamh éigin a dhéanamh ar an gcraos, ní foláir dó an cúiteamh a dhéanamh ar an gcuma gcéadna, 'sé sin le n-a shaor thoil féin. "Bhí 'fhios agam nár bh'fhéidir Cathal do leigheas ach le trosgadh a dhéanfadh sé le n-a shaor thoil féin. Dá dtagainn-se anso agus dá n-abrainn le Cathal go leighisfí é ach trosgadh dhéanamh ar an gcuma san, le n-a shaor thoil féin, bhéadh sé gan leigheas, mar ní dhéanfadh sé an trosgadh. B'éigean dom slígh eile tharang chugam chun a chur fheuchaint air an trosgadh dhéanamh, agus é dhéanamh le saor thoil. "Ba mhaith liom a léiriughadh dhaoibh-se anois, a rígh Caisil agus a ríoghra agus a uaisle Mumhan, idir chléir agus tuath, cad í an tslígh eile sin ar ar shocaruigheas agus conus a dhéineas an socarughadh. "Tá aithne againn go léir ar Chathal ó thusach a óige. Tá eólus maith againn ar a dheag-thréithibh. Tá aon deagh-thréith amháin ann agus ní dóich liom go bhfuil duine sa Mhumhain nár chuir aithne uair éigin ar an ndeagh-thréith sin. Aoinne a chuir ní ceart dó dearmhad a dhéanamh dé. Sidí an deagh-thréith adeirim. A thugthacht chun dul isteach sa ghuais is géire chun duine eile thabhairt saor ó ghuais. Ar an dtréith sin iseadh ghreamuigeas chun an rígh
thabhairt as an nguais 'na raibh sé. Bhí 'fhios agam ná déanfadh sé an trosgadh chun é féin do shaoradh ó'n nguais 'na raibh sé, ach bhí tuairim láidir agam, dá bhfeicfeadh sé duine eile i nguais, agus go dtuigfeadh sé i n'aigne go bhféadfadh sé an duine sin d'fhuasgailt le trosgadh, go ndéanfadh sé an trosgadh. Siní an obair a chuireas rómham, tar éis mórán machtnaimh agus mórán buartha aigne, go gcuirfinn Cathal i gcás go ndéanfadh sé an trosgadh ar dtúis ar mhaithe le duine eile. Bhíos ag brath air go mb'fhéidir go meallfaí ansan é chun an trosgaidh a dhéanamh chun Dé, ar mhaithe leis féin. "Bhí 'fhios agam go dian mhaith, nídh nach iongnadh, ná béadh aon bhreith agam ar an obair sin a chur chun cinn gan lámh Dé bheith sa n-obair. D'iaras ar Bhríghid, ó 'sí mo chara anama í i láthair Dé, a guidhe chur suas chun Dé, dhom féin agus do'n rígh. D'aireabhar go léir an focal adúbhairt an mac mallachtain. D'aireabhar conus a mhaoidhimh sé cad a dhéanfadh sé "mura mbéadh an Bhán Bheag a' Cuireach Liffe." Is léir ó'n bhfocal san gur dhéin sí an rud a h-iaradh uirthi a dhéanamh, agus go raibh lámh Dé linn sa n-obair seo ó thusach. Níor bh'fholáir a bheith. Ní'l sé i neart ná i n-intleacht an duine dul i ngleic leis an annsprid gan congnamh ó chómhachtaibh Dé. duine gan mheabhair a dhéanfadh é, go mór mór ó 'tá an congnamh le fághail ach é dh'iaraidh. Mura mbéadh an congnamh a fuaramar, tré impidhe Bhríghde, bhéadh an sgéal go h-olc againn. Ní gan fáth adúbhairt an deamhan an focal úd. "Nuair a bhí congnamh ó Dhia curtha i n-áirighthe agam dom féin ar an gcuma san, tré impidhe Bríghde, mhacht- nuigheas am' aigne ar an gcuma 'nar cheart dom tusnughadh. Níor mhór dhom ar dtúis duine éigin a bheith
i nguais uathbhásach éigin sar a' bhféadfainn a iaraidh ar Chathal trosgadh dhéanamh chun an duine shaoradh ó'n nguais. Ní raibh ach aon duine amháin go raibh ar mo chumas é chur i nguais mar sin. B'é duine é sin 'ná mé féin. Ní bhéadh sé ceart ná dleaghthach agam baint le h-aon duine eile. Shocaruigheas m'aigne air go raghainn féin sa ghuais, agus ó bhíos le dul ann i n-aon chor, cheapas d'á ghéire bhéadh an ghuais gur bh'eadh ba dhóichíghde dhom an rígh do dhéanamh an trosgaidh ar mo shon. Thuigeas am' aigne ná raibh guais ba ghéire 'ná duine bheith fé mhallacht na h-Eagailse agus gearrtha amach ó aon tsúil a bheith go deó aige le radharc fhághail ar sholus na bhflathas. Cheapas go ndéanfainn mé féin a chur sa ghuais sin, agusansan go ndéanfainn mé féin do chaitheam suas ar Chathal agus go n-iarfainn air trosgadh dhéanamh chun mé thabhairt saor ó'n nguais sin. Bhí 'fhios agam ná déan- fadh cleasaidheacht ná leigint orm an gnó, ach nár bh'fholáir gach nídh bheith do chroídhe dáiríribh. "Isé céad rud a bhí agam le déanamh, d'á bhrígh sin, 'ná mallacht na h-Eagailse do thabhairt orm féin; agus thuigeas, d'á naomhthacht a bhéadh an t-é chuirfeadh an mhallacht san orm gur bh'eadh ba ghéire an cruadhtan 'na mbéinn agus gur bh'eadh ba dhóichighde go nglacfadh an rígh truagh dhom. Ní'l sa Mhumhain, ná is dócha i n-Éirinn, fear eagailse is aoirde cáil naomhthachta 'ná Mainchín, Abb Chorcaighe. Deirim anso é os a chómhair féin, agus ní'l aoinne láithreach ná h-admhóchaidh go bhfuil an fhírinne agam. Shocaruigheas am' aigne, d'á bhrígh sin, gur bh'é Mainchín a chaithfeadh an mhallacht a chur orm. Bhí deaca- racht eile sa sgéal ansan. Ní baoghal go gcuirfeadh Mainchín an mhallacht orm mura ndéanfainn an mhallacht a thuilleamh go cruaidh. Thánag go Corcaigh gan aon ghnó eile ach chun í thuilleamh.
"Ach conus a thiocfainn ar an mallacht do thuilleamh? B'shiní an cheist ansan. Ba ró fhuiriste dhom í thuilleamh dá bhféadfainn droch ghníomh a dhéanamh. Ní fhéadfainn í thuilleamh ar an gcuma san. Ní'l sé ceaduighthe ag duine an t-olc a dhéanamh pé tairbhe ba dhóich leis a thiocfadh as dó. Agus níor bh'fhéidir dom lámh Dé bheith ag cabhrughadh liom sa ghnó dá mba le droch ghníomh a bheartóchainn an gnó chur chun cinn. "Ní gádh dhomh a innsint anois do Mhainchín agus do mhuintir Chorcaighe atá anso ag éisteacht liom conus a dhéineas an mhallacht do thuilleamh. Tá 'fhios acu gur thuilleas í go maith, dar leó, agus tá 'fhios acu gur cuireadh orm í ó chroídhe, i dtreó nár ghádh dhom aon bhréag a dh'innsint do'n rígh mar gheall uirthi. Ach má fheuchaid siad siar airís ar an sgéal chífid siad, go soiléir, nár dhéineas aon nídh go bhféadfaí droch ghníomh a thabhairt air. "Ach do déineadh an rud a bhí uaim. Do cuireadh orm an mhallacht. Ansan do bhíos ollamh ar theacht anso feuchaint a' bhféadfainn a chur fhiachaibh ar an righ trosgadh dhéanamh ar mo shon chun na h-easgaine thógaint díom. Do thánag. Bhí 'fhios agam nár bh'fholáir dom gluaiseacht go h-ana ghasta agus go h-ana aireach agus go h-ana aicillidhe sa n-obair. Thuigeas go mb'fhearr tusnughadh go réidh, gan a iaraidh ar Chathal a dhéanamh ar dtúis ach rud éigin suarach. Bhí 'fhios ag gach aoinne, ó'n lá tháinig an t-umárd ar dtúis ar an rígh, nár thárla riamh 'na láimh aige oiread agus ubhall agus gur sgar a lámh leis gan é chur 'na bhéal féin. Dúbhart liom féin dá bhféadainn oiread agus aon ubhall amháin a mhealladh as a láimh uaidh nár bh' olc an tusnughadh é. Ní gádh dhom a innsint conus mar ba mhór ag Cathal riamh a dhualgas rígh. Is cuimhin libh conus mar a dhéineas an fáscogaint, agus conus mar a mheileas an chloch le m'fhiaclaibh,
Nuair fhiafruigh Cathal díom cad abhí orm thugas freagra air a thug chun a aigne a dhualgas rígh. Chuaidh an freag- ra i bhfeidhm. Do leath bhúr súile oraibh go léir nuair a chonacabhar an t-ubhall aige 'á thabhairt dom. Isí Bríghid a dhéin é. Mura mbéadh Bríghid a bheith ag guidhe liom an uair sin ní chuirfeadh Cathal suim ar bith ionam. Mhea- sabhar go léir ná raibh agam 'á dhéanamh ach sult agus áilteóireacht. Ach tríd an sult go léir is árd a bhí m' aigne-se agus mo chroídhe an uair sin ag glaodhach ar Bhríghid agus ar Dhia! Do h-éisteadh liom, moladh le Dia 'á chionn! Do tugadh dom an t-ubhall. Nuair a thugan an duine an chéad chiscéim ar a leas ní bhíon leath deacarachta sa tarna ciscéim. D'iaras an tarna h-ubhall agus do fuaras é. Bhí 'fhios agam an uraim thar bárr a bheith ag Cathal d'fhírinnibh an Chreidimh. D'iaras an trímhadh h-ubhall i n-ainim na Tríonóide. Fuaras é. Níor staonas. Bhí 'fhios agam an annsprid a bheith ag oibriughadh am' choinnibh istigh, ach bhí 'fhios agam, leis, Bríghid a bheith ag guidhe liom go láidir lastuas. Do leanas a d'iaraidh na n-ubhall ar Chathal, gach ubhall ar son fírinne éigin d'fhírinníbh an Chreidimh. Do lean sé 'á dtabhairt dom, le h-uraim dos na fírinníbh sin agus i n-aimhdheóin an éigin a bhí ag an annsprid 'á dhéanamh air lastigh. Nuair a thánag go dtí an trímadh h-ubhall déag do bhris ar an bhfoidhne aige. Níor bh'iong- nadh go mbrisfeadh. Ní raibh ubhall de'n dá ubhall déag a thug sé dhom nach le cath uathbhásach do sgar sé leis. Ní raibh cath dhíobh nár thuigeas a chruadhtan. Do sgar sé leis an dá ubhall déag i ndiaigh 'chéile, agus gníomh Creidimh dó ab eadh sgaramhaint le gach ubhall acu. Buille dian ar an namhaid ab eadh gach gníomh Creidimh acu san. Do bhris ar an bhfoidhne aige fé dheire, ach má bhris, ansan iseadh bhuail sé an buille ba throime dhíobh
go léir ar an namhaid. Nuair 'iaras an trímhadh h-ubhall déag air, i n-onóir do Chríost os cionn na n-Aspol, ní h-amhlaidh a thug sé ubhall uaidh ach is amhlaidh a chaith sé uaidh iad go léir! "Bhí buaidhte glan ar an namhaid againn sa méid sin, ach má bhí, do chuir san mo cheann-sa i gcontabhairt chruaidh. D'úmhluigheas láithreach do'n rígh agus d'inn- seas dó cad d'imthigh orm i gCorcaigh. Do buadhadh ar an namhaid airís tré impidhe Bhríghde agus tré bháidh Chathail le macaibh léighinn. "Ansan d'iaras an aisge. Do fuaras í. D'inn- seas do Chathal an mhallacht a bheith orm agus ná raibh aon rud chun mé dh'fhuasgailt uaithi ach an rígh féin do dhéanamh trosgaidh dom chun Dé. Ba chruaidh an aisge í. le h-iaraidh ar an rígh, ach d'iaras í, agus mar is eól daoibh do dhéin sé an trosgadh. Ansan d'iaras air trosgadh dhéanamh chun Dé ar mhaithe le rígh Caisil. Ba dheacair é. Ach do dhéin sé é. Tá toradh na h-oibre go léir anois againn, buidheachas le Dia!" Do stad Mac Conglinne. Do labhair an rígh airís. "A mhic léighinn," ar seisean, "tá éistithe againn le d'chaint. Má bá léir dúinn sar ar labhrais go raibh comaoine mhór curtha agat orainn go léir, agus orm-sa féin tar chách, is seacht léire dhúinn anois é. Is iongan- tach an duine thú agus is iongantach an gníomh a chuiris romhat, agus is mó go mór 'ná iongantach an chuma 'nar dhéinis an bheart. Ach níor innsis fós dúinn cé h-é thu. Cad é an ainim atá ort, a mhic léighinn?" "Aniér mac Conglinne a tugtar orm, a rígh," arsa'n mac léighinn. Do stad a anál ag gach aoinne chómh luath agus do h-airigheadh an ainim. D'fheuch na daoine ar a chéile. Ansan do fuaradar a n-anál, agus chuireadar liúgh
suas nár h-airigeadh a leitéid sa n-áit níor bh'fhios cad é an fhaid roimis sin, ná 'na dhiaigh san. Bhí aithne mhaith ar fuid na h-Éirean go léir an uaír sin ar ainim Mhic Conglinne ach ní raibh aithne sa Mhumhain a ar phearsain.
Caibidiol a cuigdeug. ANSAN iseadh ghluais an chaint agus an cómhrádh agus an cur thré chéile. "Mo ghraidhn mo shúil!" a deireadh duine, "is maith a bhí 'fhios agam nár bh'fhear cleas é. Aniér mac Cong- linne! Agus siné an t-Aniér mac Conglinne n-a bhfuil an cháil go léir air! Ail-il-iú!" "Má bhí 'fhios agat nár bh'fhear cleas é," a deireadh duine eile, "is ana bhaileach a choimeádais an t-eólus agat féin. Níor leigis amach aon bhlúire dhé go dtí an neómat so." "Go deimhin," a deireadh duine eile, "ní'l ann ach mar a bhéadh aon fhear!" "Ní dócha," a deireadh duine eile, "gur cheapais gur cheart go mbéadh gob agus sgiatháin air." Mar sin dóibh. D'eirigh Cathal agus do labhair sé. "Tá gach nídh soiléir go leór anois," ar seisean. "An gníomh so atá déanta agat, a Mhic Conglinne," ar seisean, "tá buaidhte aige ar ar déineadh riamh fós de ghníomharthaibh iongantacha i n-Éirinn. Dob' iongantach an obair duit cuimhneamh i n-aon chor air. Ansan dob' iongantach an obair duit tabhairt fé. Dob' iongantach an obair duit leanmhaint air mar a dhéinis, i n-aghaidh gach deacarachta agus gach droch úsáide, go dtí gur chuiris gach nídh chun cinn i n'am agus i n'áit féin. Is ró bheag d'á chuimhneamh a bhí agam-sa nuair a bhís ag lorg na n-ubhall orm gur ar mhaithe liom a bhís, ná raibh sa chleasaidheacht agus sa n-áilteóireacht go léir ach chun
a chur fheuchaint orm mo leas a dhéanamh. Ba chóir go gcuimhneóchainn féin fadó riamh ar an bhfírinne sin, nach foláir do dhuine a thoil do chur go seasamhach i gcoinnibh a dhroch mhian sar a bhféadfaidh sé an lámh uachtair a dh'fhághail ortha. Dá mba ná béadh agat-sa le déanamh sa sgéal ach do thoil féin a chur i gcoinnibh droch mhian, déarfadh duine go mbéadh gníomh maith déanta agat nuair a bhéadh san déanta agat. Déarfadh duine nár bheag dhuit de ghnó é. Ach do chuiris-sé rómhat an gnó san a dhéanamh do dhuine eile, toil duine eile do chur i gcoinnibh droch mhian an duine eile sin, agus san do dhéanamh i n-aimhdheóin an duine eile sin; mo thoil féin do chur i gcoinnibh mo thoile féin; a chur fheuchaint orm gníomh a dhéanamh le m' shaor thoil agus mo shaor thoil ag gabháil lom díreach i gcoinnibh an ghnímh sin. "D'á mhéid a dhéinim machtnamh air sin, a Mhic Cong- linne, iseadh is mó a dhéinim iongnadh dhé. Ach gach aon chuid eile de'n obair a dhéinis, tá sé chómh maith chun iongnadh chur ar dhuine leis an méid sin. Ba shuarach an rud ubhall a thabhairt duit i gcoinnibh mo thoile, agus é thabhairt le m' thoil, seachas an trosgadh a chuiris fheuchaint orm a dhéanamh. Ní raibh nídh ar bith ba mhó a bhí i gcoinnibh mo thoile 'ná an trosgadh céadna san, agus feuch, is le m' thoil mhacánta a dhéineas é. Dhéineas é chun tusa shaoradh ó'n mallacht. Mura mbéadh an mhallacht san ní fhéadfá choídhche a chur fheu- chaint orm an trosgadh san do dhéanamh. Is cruinn a bhreithnighis m' aigne nuair a thuigis go ndéanfainn, chun duine eile do shaoradh ó mhallacht, trosgadh ná déan- fainn ar mo shon féin pé tairbhe thiocfadh as dom. B' uathbhásach an obair duit, a Mhic Conglinne, dul agus an mhallacht san do thuilleamh agus í tarang ort féin gan aon chúis eile ach chun a chur fheuchaint orm-sa
an trosgadh dhéanamh, trosgadh ar mhaithe liom féin, tros- gadh gur chóir nár ghádh ach a innsint dom gur bh'air a bhí mo leigheas ag brath, chun mé chur 'ghá déanamh go fonn- mhar uaim féin. "Nuair innsis an aisling dom tar éis an leighis a bheith déanta agat chuireas rath agus beannacht ar an aisling agus ar gach duine do 'neósfadh í go deó, agus ar gach duine a bhéadh ag éisteacht léi d'á h-innsint. Tá nídh eile agam le déanamh anois i dtaobh an leighis. Ní mise an chéad duine a dhéin craos. Ní mé an chéad duine go bhfuair an deamhan san seilbh istigh ann. Is dóich liom, ámhthach, gur mé an chéad duine a fuair a leithéid de leigheas. Is sean-fhocal é, "An t-é n-a mbéadh fios aige go mbéadh leigheas aige." Dá mbéadh fios an leighis agam-sa roim ré, agus dá ndéininn uaim féin na neithe a chuiris-se fheuchaint orm a dhéanamh, níor ghádh dhuit-se an trioblóid go léir a ghlacadh, agus na cúrsaí go léir a thabhairt, agus dul i gcontabhairt t'anama mar a dhéinis. Tá fhios againn go léir conus mar a dúbhairt an Slánuightheóir, moladh go deó leis, go bhfuil deamhain áirighthe agus nach féidir iad do chur amach a' duine ach le trosgadh agus le guidhe chun Dé. Ní foláir nó is deamhan acu san an deamhan úd a bhí ionam-sa. Dá dtuiginn-se an méid sin i n-am, agus dá gcuirinn rómham i gceart an trosgadh dhéanamh agus mo ghuidhe chur chun Dé, bhéadh an Mhumhain go léir ag cur a nguidhe suas chun Dé mar aon liom, agus bhéadh an deamhan díbeartha fadó. "Tá an fios agus an leigheas anois againn, a Mhic Conglinne, agus gan amhras is ort-sa a bhuidheachas, agus ar Dhia a chuir chugainn tú agus do chuir ad' chroídhe a leithéid de trioblóid a chur ort féin. Tá an fios agus an leigheas againn, agus ba mhaith liom-sa go bhfanfadh
an fios agus an leigheas ag ár slíocht i n-Éirinn go deire an tsaoghail "Tiocfaid daoine 'nár ndiaigh i n-Éirinn agus déan- faid siad craos. Glacfaidh an Deamhan-craois seilbh istigh 'na gcroídhe. Tabharfaid siad cead a chinn agus cead a ghoile do'n deamhan san go dtí ná béidh beann acu ar Dhia ná ar dhuine, ar charaid ná ar namhaid, ar mhnaoi ná ar chlainn ná ar chúram; go dtí, mar adúbhairt an annsprid linn, go ngeabhfar de mhaidíbh agus de chlochaibh agus de sgiúirsíbh agus d'fhuipeanaibh ortha mór-thímpal na h-Éirean agus gur b'é bás a bhéarfaidh iad fé dheire 'ná bás do'n ghorta. "Ba mhaith liom an fios agus an leigheas a bheith i n-Éirinn go deó dhóibh sin, i dtreó go bhféadfaidís an fios do leanmhaint, agus úsáid a déanamh de'n leigheas, agus an deamhan do chur a' seilbh. "Cuirim-se anois, d'á bhrígh sin, de gheasaibh ar Mhainchín agus ar mhanachaibh Chorcaighe na focail seo a déarfad do sgríobh' síos i leabhraibh Chorcaighe i dtreó go mbéidh siad ansan le léigheadh go deó. Sidiad na focail:- ""An t-é n-a mbéidh sé de mhí-ádh air deamhan craois do ghabháil sealbha 'na ghoile, pé'chu craos díghe nó craos bídh fé ndear é, ní'l bac air é féin do leigheas agus an deamhan do chur a' seilbh ach go ndéanfaidh sé na neithe a chuir Aniér mac Conglinne fheuchaint ar Chathal mac Finguine a dhéanamh. Cuireadh sé ar dtúis a ghuidhe chun Dé fé chomairce Bhríghde. Cuireadh sé ansan a mhian fé smacht a thoile ins na neithibh is suaraighe. Bíodh uraim aige do'n Chreideamh. Ansan, má's deamhan meisge a bhéidh istigh aige cuireadh sé suas d'aon deoch meisgeamhail a dh'ól. Má's deamhan ocrais a bhéidh istigh aige déineadh sé trosgadh pé ochras a bhéidh air."
"Curtar síos an méid sin go cruinn i leabhraibh Chor- caighe. B'fhéidir go mbéadh gádh go cruaidh leis an leigheas i n-Éirinn 'na dhiaigh so." Do sgríobh Mainchín síos na focail sin, agus chuir sé chuige iad chun iad a chur isteach i leabhraibh Chorcaighe chómh luath agus do raghadh sé abhaile go Corcaigh. Ní fheadar-sa ar thuig Cathal an uair sin go ndéan- fadh meisge, craos-deamhan an díghe, an t-éirleach atá aige 'á dhéanamh anois i n-Éirinn. Pé 'cu thuig nó nár thuig bhí targaireacht 'na chaint. Tá seilbh anois ag craos-deamhan an mheisge istigh i n-a lán daoine agus ní le trí leath-bhliaghnaibh é. Is mó go mór an milleadh agus an creachadh atá aige 'á dhéanamh 'ná mar a dhéin Craos-Deamhan Chathail riamh. Is mó an náire agus an scannal agus an mí-chlú atá ag teacht uaidh 'ná mar a tháinig riamh ó Chraos-Deamhan Chathail. Nuair a bhí na focail sgríbhte, curtha chuige, ag Mainchín, do labhair Cathal airís. "Ní foláir, a ríoghra Mumhan," ar seisean, "a cheart díoluigheachta thabhairt do'n duine seo a dhéin an tairbhe go léir dúinn. Sidé díoluigheacht a cheapaim-se dhó. An obair a dhéinis dómh-sa, a Mic Conglinne," ar seisean, "ag tabhairt mo chod' bídh dom, is tú a dhéan- faidh an obair sin dom i gcómhnuighe, feasda, pé 'cu is "biadh ó bheólaibh" dom é nó nach eadh. 'Na theannta san tabharfar bó a' gach lios duit ó Charn go Corcaigh, agus brat a' gach cill, agus uinge d'ór ó gach fear tíghe, agus caora bhán a' gach cró caorach, agus béidh t'inead suidhte do ghnáth ar mo láimh dheis féin. Ní h-é mo thuairim go mbéidh aon chur 'na choinnibh ag aon duine sa Mhumhain an díoluigheacht san a thabhairt duit. Tá ag dul duit mar an gcéadna, mar is eól dúinn go léir, an cochal so atá ar láimh Easboig Chorcaighe."
D'eirigh Mainchín agus do labhair sé. "A rígh Caisil," ar seisean, "agus a maithe agus a mhór uaisle Mumhan, tá tagaithe go maith agaibh go léir as an ngnó so, ach tá tagaithe go h-olc, go dian olc, agam-sa as. Deir an fear so nár dhéin sé aon droch ghníomh a thuillfeadh coinneal-bháthadh ná mallacht na h-Eagailse dhó. Is ionan san agus a rádh gur cuireadh an mhallacht air sa n-éagcóir. Mhol sé mo bheannuigh- theacht-sa. Dúbhairt sé go dtáinig sé chugam-sa chun na h-easgaine thuilleamh, agus gur mar gheall ar mo bheannuightheacht a tháinig sé chugam. Má mol sé mo bheannuightheacht do cháin sé mo chiall. Deir sé, má fheuchaimíd siar anois ar an gcuma 'nar thuill sé an mhallacht, go bhfeicfimíd nár dhéin sé aon droch ghníomh. Mise a chuir an mhallacht air. D'admhuigh sé nár bhaoghal go gcuirfinn an mhallacht air gan é 'ghá tuilleamh go mhaith. Measan sé a chur 'na luighe oraibh-se anois nár thuill sé í, nár dhéin sé aon droch ghníomh a thuillfeadh mallacht. Dá mbéadh sibh ag feuchaint air agus ag éisteacht leis an fhaid a bhí sé i gCorcaigh, bhéadh 'fhios agaibh cé 'cu thuill sé an mhallacht nó nár thuill. Bíomair-ne ag éisteacht leis agus ag feuchaint air, agus tá so le rádh againn. Níor tháinig, le cuimhne aon duine atá suas, a leithéid eile isteach sa chathair. Dhéin sé oiread toirmisg agus acharainn agus cur thré chéile i gcaitheamh aon cheithre h-uaire fichid amháin agus ná déanfadh an cuirptheach is mó a tháinig riamh chugainn dá bhfaghadh sé bliaghain chuige. Bhí an chathair agus an mhainistir agus an uile shaghas gnótha d'ár bhain leó iompuighthe taobh síos suas aige sar ar imthigh sé. Dhaoramair é chun a chrochta feuchaint an éalóchadh sé uainn. Ba dhóich le duine gur b' amhlaidh a chuir san fheuchaint air fanmhaint. Ba dhóich le duine air ná raibh
uaidh ach go gcrochfaí é. Agus deir se nár dhéin sé aon droch ghníomh! Níor chuir sé oiread agus cor dé an fhaid a bhí sé i gCorcaigh gan droch ghníomh a dhéanamh. "Ach sgaoilimis thorainn gach nídh d'ár dhéin sé ach aon nídh amháin, agus taisbéanfaidh an t-aon nídh amháin sin gur thuill sé an mhallacht. An oídhche tháinig sé go Corcaigh oídhche throsgaidh ab eadh í. Fuair sé an biadh is dleaghthach a chaitheamh i n-aimsir throsgaidh. Do cháin sé an biadh agus d'aoir sé an Eaglais. Agus deir sé nár dhéin sé droch ghníomh! Fiafraighim d'aoinne atá anso ag éisteacht liom an droch ghníomh an Eaglais d'aoireadh? An bhféadfadh duine gníomh ba mheasa a dhéanamh? Agus deir sé linn feuchaint siar agus go n-admhóchaimíd nár dhéin sé droch ghníomh. Mura mbéadh gur dhéin sé an droch ghníomh ní chuirfinn-se fé choinneal-bháthadh é. Molan sé mo bheannuightheact. Ni'l aoinne 'ghá iaraidh air. Ní'l aon bheannuightheacht aige le moladh ionam-sa seachas aoinne eile. Déinim mo dhícheal chun gach dualgais atá orm chun Dé do chómhlíonadh. Ní chóir aoinne mholadh mar gheall air sin. Cuid de'n dualgas san atá orm-sa iseadh duine chur fé choinneal-bháthadh má dhéinean sé an Eaglais d'aoireadh. Dhéin an fear so an Eaglais d'aoireadh. Chuireas-sa fé choinneal-bháthadh é mar gheall air. Deir sé anois nár thuill sé an mhal- lacht. Murar thuill do dhéineas-sa éagcóir air, an éagcóir is truime agus is measa fhéadfadh duine a dhéanamh ar dhuine. Má dhéineas an éagcóir sin ba cheart mé féin do chur fé choinneal- bháthadh. Má dheineas an éagcóir sin cá bhfuil an bhean- nuightheacht so adeir sé atá ionam! Tá an duine ag magadh fúm, a rígh Chaisil agus a ríoghra Mumhan. Má's fíor a chaint féin is ag stealadh-mhagadh atá sé fum-sa ó tháinig sé go Corcaigh. D'a bhrígh sin éilighim
anois, os comhair na gcómhacht atá láithreach, díre agus eineachlán ar an bhfear so, sar a ndéanfar aon ghnó eile." D'eirigh Mac Conglinne. "A rígh Caisil," ar seisean, "agus a ríogra agus a mhór uaisle Mumhan, idir chléir agus tuath, is oth liom go mór Mainchín 'ghá mheas go ndéanfainn-se magadh faoi, ná go dtabharfainn easonóir dó ar aon chuma eile ach chómh beag. Dhéineas aoir ar an Eaglais nó níor dhéineas. Má dhéineas is ceart é agairt orm. Murar dhéineas is dómh-sa is ceart díre agus eineach- lán d'éileamh ar an té chuirfeadh am' leith é. Ní'l puinn aimsire imthighthe fós ó'n oídhche thánag go teach aoigheadh Chorcaighe. Ní deacair cúntas d'fhághail ar gach focal d'ár labhras agus gach nídh d'ár dhéineas i gcaith- eamh na h-aimsire sin. Cuireadh Mainchin geall céad i láimh Chathail agus cuirfead-sa céad eile ar a láimh. Ansan suidheadh na breitheamhain agus breithnighidís an nídh atá eadarainn agus abraidís cé 'cu is dómh-sa ó Mhainchín atá díre agus eineachlán ag dul, nó dó-san uaim-se." Do cuireadh an dá chéad ar láimh Chathail. Do shuigh na breitheamhain agus bhreithnigheadar an cás. Bhí a lan daoine ann ó Chorcaigh i dtreó nár dheacair dóibh a ndóithin fínnithe ghlaodhach. Nuair a bhí an breithniughadh déanta acu thugadar a mbreith. Sidí an bhreith a thuga dar:- "Níor dhéin Mac Conglinne aoir ar an Eaglais. Ní dúbhairt sé ach ná h-íosfadh sé min choirce Chorcaighe. Níor bh'aoir ar an Eaglais san do rádh. Is ó Mhainchín do Mhac Conglinne atá díre agus eineachlán ag dul." Do tugadh an bhreith ag triall ar Chathal agus do léigh sé amach í. Do labhair Mac Conglinne.
"A rígh Caisil," ar seisean, "agus a mhaithe agus a mhór uaisle Mumhan, idir chléir agus tuath, do chabhruigh Mainchín liom-sa go láidir sa n-obair seo atá déanta agam. Nuair a bhíos ag teacht ó Chorcaigh anso chun na h-oibre dhéanamh, do gheall Mainchín dom, dá leighisinn an rígh go bhfaghainn uaidh an cochal úd ná tabharfadh sé ar shaidhbhreas an domhain. Tá an cochal ar láimh Eas- boig Chorcaighe, le tabhairt dómh-sa chómh luath agus bhéadh an leigheas déanta. Sin a n-iarfad anois de dhíre ná d'eineachlán ar Mhainichín, an cochal san a thabairt dom go toilteanach agus a bheannacht 'na theannta." "Bíodh sé agat agus mo bheannacht," arsa Mainchín. "Níor theip riamh ort ná go ndéanfá beart bun os cionn le tuairim aoinne!" Do tugadh an cochal do Mac Conglinne. Do tugadh na ba dhó, agus na caoire bána, agus an t-ór, agus an t-each Breathnach, agus má ba mhór a cháil ar fuid na h-Éirean roimis sin ba dhá mhó as san amach é. Agus feuch. Ní deirtear gur chuimhnigh Cathal a thuille ar Lígaigh, inghean Mhaoile Dúin, ná gur chuir sí a thuille mísleán ag triall air.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services