AN CRAOS-DEAMHAN. An t-Athair Peadar Ua Laoghaire.
Caibidiol a h-aon.
TAMALL mór ó shin, tamall ana mhór ó shin, na
céadta bliaghan sar ar chuir aon tSasanach cos ar
thalamh na h-Éirean ach cos go raibh laincis iarainn
uirthi, bhí rígh áluinn, óg, uasal ar an Mumhain, agus
Cathal ab ainim dó, Cathal mac Finguine. Ní raibh
fear i n-Éirinn ba bhreaghtha 'ná é. Bhí sé coraidheacht
agus sé troighthe ar aoirde, agus bhí sé chómh cúmtha chómh
córach san gur dhóich leat, dá bhfeicfeá i n'aonar é, ná
raibh sé na sé troighthe ar fad. Bhí sé cómh láidir sin
ní raibh aon fhear ar uaislibh Mumhan d'fhéadfadh a
chlaidheamh do chasadh, ná a shleagh do bheartughadh chun
gnímh, ná a thuagh do láimhseáil. I gcor iomrasgála ní
raibh fear d'fhéadfadh a chosa do bhogadh ó'n dtalamh,
agus fós, ag ruith, nó ag léimt, nó ag rinnce, bhí sé
chómh h-éadtrom ar a chosaibh le cú nó le fiadh. Bhí sé
tréan i gcath, ciallmhar i gcómhairle, sultmhar i gcuid-
eachtain. I gCaiseal Mumhan a bhí a rígh-theaghlach. Bhí
rath agus séan ar an Mumhain agus ar Mhuimhneachaibh
le n-a linn go dtí gur thárla mí-ádh millteach dó.
Le linn Chathail a bheith 'na rígh ar an Mumhain bhí rígh
ar Ultaibh, 'na chómhnuighe i n-Aileach thuaidh, agus
Feargal mac Maoile Dúin ab ainim dó.
Bhí mioscais agus formad idir an dá chúige agus
idir an dá rígh, feuchaint ciacu Cathal nó Feargal a
bhéadh i n' árdrígh ar Éirinn, agus bhí beirt chailleach,
cailleach Ultach agus cailleach Muimhneach, a bíodh
coitchianta ag séideadh fútha.
Deireadh an chailleach thuaidh:-
"Fear sgriosta Mumhan,
Fear sgriosta Mumhan,
Mac Maoile Dúin,
An t-Árdrígh,
Ó Sgeilig na sgeól
Go Caiseal na slóg.
Gamhain ná bó
Ní fhágfaidh."
Deireadh an chailleach theas, ag freagradh na caillighe
thuaidh:-
"Fanadh sé thuaidh,
Fanadh sé thuaidh.
Tá Cathal ar chuaird
A's mílte aige.
Má castar 'na threó
An Feargal, i ngleó,
Go h-Aileach go deó
Ní fhillfidh sé."
Bhí deirbhshiúr ag Feargal, Lígach inghean Maoile
Dúin ab ainim di, agus ní raibh i n-Éirinn óig-bhean
eile chómh breagh léi. D'airigh Cathal tuairisg ar a
breaghthacht, agus thuit sé i ngrádh léi, bíodh ná feacaidh
sé riamh í. D'airigh sise tuairisg ar áilneacht agus ar
uaisleacht agus ar thréine Chathail, agus thug sí grádh dhó,
bíodh a's ná feacaidh sí riamh é. Bhí an sgéal mar sin
eatartha, agus gach duine a théidheadh ó'n Mumhain
ó-thuaidh go h-Aileach bhíodh an óig-bhean ag baint cainte
asta go dtí go bhfaghadh sí uatha eólus cruinn ar conus
a bhíodh Cathal 'na shaoghal agus 'na shláinte, agus ar
conus fhéachadh sé. Ar an gcuma gcéadna, nuair a
thagadh duine a-dtuaidh ó Chúig Uladh go Caiseal Mumhan,
bhíodh rígh Caisil ag baint cainte as go dtí go bhfaghadh
sé cúntas cruinn ar conus a bhíodh an óig-bhean áluinn
agus ar conus fhéachadh sí.
Ba ghearr gur thosnuigh an óig-bhean ar bheith ag cur
eithne agus ubhall, agus sóghluistí eile de'n tsórd san,
ó Aileach a-dtuaidh go Caiseal, ag triall ar Chathal, ag
taisbeáint méid an ghrádh a bhí aici dhó. Níor bh'fhada
gur airigh Feargal go raibh na sóghluistí ag dul ó-dheas.
Níor thaithin san leis i n-aon chor. Chuir sé fios ar a
dheirbhshiúr chun labhartha léi.
"An fíor an nídh seo airighim," ar seisean, "ad'
thaobh-sa agus i dtaobh rígh Caisil?"
Níor labhair sí.
"Bíodh do rogha de dhá nídh agat, a ríoghan," ar
seisean. "Inis an fhírinne dhom agus bíodh mo bhean-
nacht ort, nó séan an fhírinne orm agus bíodh mo
mhallacht ort!"
Tháinig sgannradh uirthi sar a dtuitfeadh mallacht an
rígh uirthi, agus d'inis sí an fhírinne dhó.
"Cathain a bhéidh teachtaireacht eile agat 'á chur go
Caiseal?" ar seisean.
D'inis sí dhó.
"Cuir chugam-sa anso ar dtúis," ar seisean, "na
neithe a bhéidh agat le cur ó-dheas."
Thug sí chuige na h-ubhla agus na h-eithne agus na
sóghluistí eile a bhí aici le cur ó-dheas ag triall ar
Chathal.
"Fág ansan iad." ar seisean.
D'fhág.
Chuir sé fios ar fhear piseóg. Tháinig an fear.
"Seo," ar seisean leis an bhfear, "imir do chuid
deismireachta ortha san i dtreó, an t-é íosfaidh iad, ná
béidh aon lá d'á shláinte aige an chuid eile d'á shaoghal."
"Is olc é sin," arsa'n fear. "Níor mhaith liom rud
de'n tsórd san a dhéanamh ar aoinne."
"Tabharfad-sa do thuarasdal go maith dhuit as,"
arsa Feargal.
Do dhein an fear an rud a h-iaradh air.
Do ghlaoidh Feargal chuige teachtaire agus dúbhairt
sé leis na h-ubla agus na sóghluistí eile do bhreith leis
ó-dheas go Caiseal Mumhan agus iad a thabhairt do
Chathal le n-ithe. "Agus," ar seisean, "abair gur ó
Lígaigh féin a thánadar, agus gur le méid a grádh agus
a h-ionmhaine do Chathal a chuir sí chuige ó-dheas iad, agus
gur mhór an sásamh aigne uirthi dá mbéadh sé le rádh
agat go bhfeacaidh do dhá shúil féin Cathal mac Finguine
ag ithe na n-uball san."
D'imthigh an teachtaire agus do thóg sé leis na h-ubla
agus na h-eithne agus na sóghluistí eile, agus tháinig
sé go Caiseal. Ba ghearr go bhfuair sé caoi ar chaint
le Cathal. D'inis sé a sgéal dó, agus thaisbeáin sé na
h-ubhla agus na sóghluistí dó. D'inis sé dhó cad é an
grádh bhí ag Lígaigh dó, agus cad é an t-áthas a bhéadh
uirthi nuair a 'neósfaí dhi gur thaithin na h-ubhla agus na
mísleáin eile le Cathal. "Agus dúbhairt sí liom, a
rígh," ar seisean, "gan imtheacht, dá mb'fhéidir é, go
dtí go bhfeicfeadh mo dhá shúil féin tú 'ghá n-ithe."
"Ní ró mhór an ríghneas a chuirfidh san ort, a mhic ó,"
arsa Cathal, ag cromadh ar na h-ubhlaibh a dh'ithe.
Chómh luath agus bhí na h-ubhla ithte ag Cathal chuir an
teachtaire a bhóthar dé chómh tiugh i n-Éirinn agus d'fhéad
sé é.
Nuair a chuaidh na h-ubhla agus na h-eithne isteach i
ngoile Chathail is amhlaidh a dhéin piastaí dhíobh istigh 'na
chorp, agus deamhain ó ifrean ab eadh na piastaí sin.
Bhí deamhan mór ortha, agus do shloig sé sin an chuid
eile. Ansan do shloig sé a raibh de bhiadh agus de dhigh i
mbolg Chathail. Tháinig tart agus ocras láithreach ar
Chathal. Chrom sé ar ithe agus ar ól, ach ní bhainfeadh ithe
ná ól an tart ná an t-ocras dé.
Sin mar a thárla an lon craois, 'sé sin an Craos-
Deamhan, a bheith i mbolg Chathail mhic Finguine, rígh
Caisil.
Caibidiol a dó.
NUAIR a tháinig an t-ocras ar Chathal b'é b'fhada leis
go raibh aimsir dinnéir ann go n-íosfadh sé a dhóithin.
Tháinig an dinnéir fé dheire. Do shuigh chun búird
cuideachta mhór de ríghthibh agus d'uaislibh Mumhan.
Miasa ubhall iseadh ba ghnáth an uair sin do chur ar
dtúis os cómhair na cuideachtan. Is ar éigin a bhí an
chuideachta suighthe nuair a bhí a raibh d'ubhlaibh ar a mhéis
féin ithte ag Cathal. Do rug sé ar an méis a bhí os
cómhair an fhir a bhí ar a láimh dheis, agus d'ith sé a raibh
d'ubhlaibh uirthi. Ansan do rug sé ar an méis a bhí os
chómhair an fhir a bhí ar a láimh chlé, agus d'ith sé a raibh
uirthi. Ansan do dhírigh sé ar na miasa a tharang chuige
ó-s gach aon taobh de'n bhórd, agus ar na h-ubhla a bhí
ortha d'ithe le h-airc agus le h-ampla. Bhí iongnadh
agus alltacht ar an gcuideachtain, ach níor leig aoinne
aon nídh air. Do sgaoileadar chuige na miasa chómh
tiugh agus d'fhéad sé iad d'fholamhughadh. Ba ghearr gur
thosnuigh na biadha eile ar theacht. An t-éirleach céadna
a dhéin Cathal ar na h-ubhlaibh dhéin sé ar na biadhaibh
eile é, i dtreó go raibh sgannradh ag teacht ar a raibh
láithreach le h-eagla go sgoilfeadh air. Ni raibh aon
phioc d'á dheabhramh air, ámhthach. D'á mhéid a bhí curtha
isteach 'na chorp aige bhí sé chómh seang agus dá mbéadh
sé dhá lá ar dubh-chéalacan. Sar a raibh an dinnéar
leath chríochnuighthe b'éigean tuille bídh d'ollamhughadh.
Nuair a bhí a raibh de bhiadh sa rígh-theaghlach ollamhuighthe
agus curtha ar an mbórd agus ithte, bhí ocras fós ar
Chathal, agus bhí ocras a ndóithin ar an gcuideachtain,
mar níor leig Cathal leó ach fíor bheagán de'n bhiadh.
Ach pé ocras a bhí ortha, nuair a bhí an biadh go léir ithte
b'éigean dóibh stad.
B'é an cleas céadna é i dtaobh an fhíona, agus an
leanna, agus i dtaobh gach aon tsaghas eile díghe d'ár
tháinig ar an mbórd. Is ar éigin a leig Cathal diúir i
mbéal aoinne. An fhaid a bhíodh corn aige d'á dhiúgadh
a' láimh leis, bhíodh an lámh eile sínte amach aige ag
gabháil ghreama ar chorn eile, agus ba chuma leis cé
uaidh go mbíodh an corn aige d'á thógaint. Ceap an
chuideachta go mbéadh sé ar meisge láithreach, agus
ansan go mb'fhéidir go bhfaighidís féin caoi ar bhraoinín
éigin d'ól, ach ba shuarach an tairbhe dhóibh bheith ag brath
ar aon nídh dh'á shórd. Bhí Cathal ag ól agus ag ól
agus ní raibh aon bhlúire meisge ag teacht air ach chómh
beag agus dá mba ag slogadh meidhg a bhéadh sé!
Níor bh'fhada go raibh deire leis an ndigh fé mar a bhí
deire leis an mbiadh, agus ní raibh an tart bainte de
Chathal ach chómh beag agus bhí an t-ocras bainte dhé, agus
i dtaobh na cuideachtan, má bhí ocras tar éis athluighthe
riamh ar dhaoine bhí sé ortha.
Bhí rud ba mheasa ortha 'ná ocras tar éis athluighthe.
Bhí buairt agus brón a ndóithin ortha. Bhí droch nídh
éigin uathbhásach tagaithe ar an rígh, agus cad a dhéan-
faidís? Cé bhéadh 'na cheann uraid i gcómhairle ortha
feasda? Cé dhéanfadh córughadh ortha chun catha nuair a
thiocfadh an namhaid? Ní ró fhada, dar leó, a bhéadh
namhaid gan teacht nuair a h-aireóchfaí ar fuid
na h-Éirean go raibh rígh Caisil sa chás 'na raibh
sé. Chuadar i gcómhairle feuchaint cad ba cheart a
dhéanamh. B'í sin an chómhairle bhuartha. B'í sin an
chómhairle gan eólus. Ní fheidir aoinne cad ba cheart a
dhéanamh, mar ní raibh 'fhios ag aoinne cad ba bhun leis
an olc uathbhásach. Thánadar as an gcómhairle chómh dal
agus bhíodar ag dul inte dhóibh. D'imthigh gach flaith
abhaile chun a theaghlaigh féin chun é féin a chur i dtreó
chosanta chómh luath agus dob' fhéidir é, agus chómh maith
agus dob' fhéidir é, mar, dar leó go léir, bhéadh Feargal
mac Maoile Dúin chuca a-dtuaidh chómh luath agus
d'aineóchadh sé Cathal a bheith ar mí-threóir.
Bhí dhá dhearmhad sa méid sin ortha, ámhthach. Ní raibh
aon aidhm ag Feargal ar theacht a-dtuaidh, mar bhí 'fhios
aige cad a bhí imthighthe ar Chathal, agus dúbhairt sé leis
féin d'á fhaid a sgaoilfí leis féin agus leis na Muimh-
neachaibh sa chás 'na rabhadar gur bh'eadh b'usa an lámh
uachtair fhághail ortha sa deire. D'á éaghmuis sin, ní
raibh Cathal ar mí-threóir i n-aon chor. Ní raibh aon
easba sláinte air. Bhí a chroídhe agus a aigne agus a
inntinn chómh láidir, chómh h-aibigh agus bhíodar riamh. Ní
raibh aon rud air ach an tart agus an t-ocras, an
t-ampla mí-nádúrtha chun bídh agus chun díghe. Dá
mbéadh sé de dhíth céille ar Fheargal agus ar na
h-Ultaigh teacht a-dtuaidh is amhlaidh a thiocfaidís agus
ná h-imtheóchaidís. Gheabhaidís amach, nuair a bhéadh sé
ró dhéanach acu, go raibh Cathal chómh h-oilte ar chogadh,
chómh dian i gcath, chómh contabharthach de theangabhálaidhe
agus bhí sé riamh.
Ba ghearr gur thuig maithe na Mumhan an sgéal.
Níor bh'fhada gur thug Cathal le tuisgint dóibh nár ghádh
dhóibh aon eagla bheith ortha roimh aon namhaid. Chuir san
suaimhneas aigne ortha, ach má chuir, bhí rud eile chun an
tsuaimhnis aigne bhaint díobh. Bhí an t-am ag teacht
'nar ghnáth le Cathal dul ar a chuaird rígh, mór-thímpal
na Mumhan. Do stadadh sé féin agus a ghnáth theaghlach
seachtmhain nó coicthígheas i dtigh gach flatha agus do
caithtí é féin agus a chualacht do chothughad. Ansan
iseadh tháinig an cruadh-chás. Cá bhfaighfí a dhoithin bídh
agus díghe dhó ! Do creachfaí iad. Ní fhágfadh sé
blúire bídh ná braon díghe sa Mhumhain gan slogadh
isteach 'na chorp!
Do gluais Cathal chun dul ar a chuaird mór-thímpal
na Mumhan. Do h-ollamhuigheadh oiread bídh agus díghe
sa chéad teaghlach i n-a dtáinig sé agus gur dóich le
h-aoinne go bhfágfadh sé fuighleach. Níor fhág. Do
cuireadh na h-ubhla ar na miasaibh osa chómhair féin agus
os cómhair a chualachta, ar dtúis, mar ba ghnáth. D'ith
sé na h-ubhla agus is ró bheag an fághaltas díobh a
fuair an chualacht. Tháinig na biadha eile, agus má
tháinig, ba ghearr an mhoill air iad d'ídiughadh.
Tháinig an fíon agus an lionn, ach má tháinig, ba
ghearr an mhoill ar Chathal na h-árthaí d'fholamhughadh,
agus ní raibh aon rian meisge air. Ní baoghal
go raibh aon rian meisge ar aoinne de'n chuid-
eachtain, mar ní bhfuaradar an chúis. D'fhág Cathal
sgórnaighe tirme acu, murar mhaith leó iad a fhliuchadh
le fíor uisge. D'fhág sé ocras ortha chómh maith le tart,
mar bhí a raibh de bhiadh ann ithte aige sar a raibh dhá
ghreim ithte ag aoinne eile. Bhí náire agus ceann-fé ar
cheann an rígh-theaghlaigh, ach ní raibh aon leigheas air.
Níor ghádh dhó ceann-fé bheith air, mar do thuig gach aoinne
go raibh sé tar éis a dhíchil a dhéanamh agus nár bh'fhéidir
dó a thuille dhéanamh. Nuair a bhí an tseachtmhain caithte
bhí an fear san agus a thriucha-céad beó bocht. Ghluais
Cathal agus a chualacht go dtí an triúcha-céad ba ghiorra
dhó. Do dhúbail flaith na h-áite sin an biadh agus an
fíon agus an lionn. Má dhúbail ní raibh aon mhaith dhó
ann. Do sgriosadh é féin agus a thriúcha-céad chómh
glan díreach agus do sgriosadh an chéad fhear agus
a thriúcha-céad. Mar sin dóibh mór-tímpal go dtí go
raibh a chuaird tabhartha ag an rígh. Thuigeadar 'na
n-aigne gur mheasa dhóibh go mór chuca an chuaird sin 'ná
dá dtagadh Feargal mac Maoile Dúin agus a shlóighte
Ultach a-dtuaidh, mar a deireadh an chailleach, agus gan
bó ná gamhain d'fhágáilt, ó Sgeilig Mhichíl go Caiseal,
gan breith leis ó-thuaidh.
Do lean an sgéal ar an gcuma san acu go dtí go
raibh bliaghain gho leith curtha dhíobh acu, agus go rabhadar
i ndeire a gcoda agus i ndeire an anama, agus gan
aon tsúil le fuasgailt acu, mar, i n-inead aon mhao-
lughadh dhul ar ghoile Chathail is amhlaidh a bhí breis airc
agus ampla ag teacht air i n-aghaidh an lae. B'fhusaide
é, dar leó, dá mbéadh aon phioc de rian an bhídh air, ach
ní raibh. Bhí sé chómh lom, chómh tanaidhe, chómh h-ocrach 'na
dhriuch agus dá mbéadh sé ceangailte ó'n mbiadh. Bhíodh
a gcroídhe briste nuair ná féadaidís a dhóithin a thabhairt
dó, agus nuair a chídis é, tar éis a mbíodh an tsaoghal
acu bheith ithte aige, agus é ag gluaiseacht i n' aonar ar
fuid na mbailte feuchaint cá bhfaghadh sé blúire aráin
nó píosa feóla. D'imthigheadh sé mar sin i n' aonar go
minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian air agus gan an
biadh le fághail. Bhíodh a chlaidheamh nochtaithe 'na láimh
dheis aige, agus pé áit 'na dtagadh sé suas le blúire
bídh d'itheadh sé láithreach é, agus gan dabht dob' olc an
dóich é do'n t-é cheapfadh an biadh choimeád uaidh.
Caibidiol a trí.
Do leath tuairisg an sgéil ar fuid na h-Éirean go leir
Ar dtúis ní raibh ach iongnadh ar mhuintir na gcúigí
eile. Nuair a fuaradar an t-olc ag leanmhaint,
ámhthach, agus nuair a thuigeadar cad é an cor a bhí ar an
Mumhain, agus i n-inead aon lagachar sláinte bheith ar
Chathal gur b'amhlaidh a bhí neart chéad fear ann, thus-
nuigheadar ar eagla ghlacadh roimis. Bhí fhios acu go
raibh neart mí-nádúrtha ann agus dá dtugadh sé aghaidh
soir ar Laighnibh, nó siar ar Chonachtaibh, nó ó-thuaidh ar
Ultaibh, gur ró bhaoghal nár bh'fhéidir aon chosg a chur
leis, agus go ndéanfadh sé an sgrios céadna ar an
gcuid eile d'Éirinn a bhí déanta aige ar an Mumhain.
Bhí Feargal mac Maoile Dúin ag cuimhneamh ar
neithibh de'n tsórd san nuair airigh sé na tuairisgí
uathbhásacha ó'n Mumhain. Bhí 'fhios aige cad a bhí
déanta aige féin. Bhí 'fhios aige gur bh'é an feall a
déin sé féin ar Chathal fé ndeara do'n mhac mallachtain
bheith istigh i gcorp Chathail, agus gur bh'é an mac
mallachtain a bhí ag tabhairt an nirt go leir dó sa n-am
gcéadna go raibh sé ag cur an ocrais go léir air. An
fhaid a bhí an léir-sgrios d'á dhéanamh ar an Mumhain bhí
an sgéal go maith, ach conus bhéadh an sgéal ag Feargal
agus ag Cúig' Uladh dá dtugadh Cathal aghaidh ó-thuaidh
um an dtaca 'na mbéadh a raibh de bhiadh sa Mhumhain
ídighthe aige! Bhí an machtnamh san ag baint codladh
na h-oídhche de rígh Uladh.
Ní deirtear gur labhair aoinne de'n bheirt chailleach
nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san. Is dócha go raibh
a mhalairt de chúram ortha; go raibh an sgannradh ortha
fé mar a bhí ar gach aoinne eile. Ní lúgha 'ná mar a
deirtear aon fhocal i dtaobh Lígaighe, inghean Maoile
Dúin. Ní deirtear gur chuir sí a thuille ubhall ó-dheas
go Caiseal, ná a thuille eithne, ná a thuille d'aon tsaghas
eile mísleán. Is dócha nuair airigh sí na tuairisgí
uathbhásacha ó'n Mumhain go dtáinig sgannradh uirthi,
díreach mar a tháinig ar a driotháir, agus gur mhúch an
sgannradh an grádh a bhí aici do Chathal. Ní fheadar
conus a bhíon an sgéal ag mnaoi nuair a gheibhean sí
amach goile uathbhásach a bheith ag an bhfear gur thug sí
grádh dhó, ach tá 'fhios agam conus a bhíon an sgéal
uaireanta ag an bhfear nuair a gheibhean sé amach, tar
éis phósta dhó, goile na mná bheith níos mó go mór 'ná
mar a mheas sé. Ní bhíon gach aon fhear mar sin, ámhthach.
Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ag muintir
na h-Éirean agus ag Cathal mac Finguine, an Mhumhain
sgriosta aige agus na trí cúige eile ag cur an anama
amach le sgannradh, bhí, nídh nár bh'iongnadh, an uile dhuine
go raibh eólas aige ar leighseanaibh ná ar luibhneachaibh
ag déanamh a dhíchil feuchaint an bhféadfadh sé chuimhneamh
ar luibh nó ar leigheas a dhéanfadh aon mhaitheas do
Chathal. Bhí 'fhios acu go léir, an t-é go dtiocfadh leis
an deamhan a dhíbirt a' corp an rígh go mbéadh saoghal
sámh aige féin an fhaid a mhairfeadh sé, agus go mbéadh
saoghal sámh agá sliocht 'na diaigh. Ach níor fhéad aoinne
acu cuimhneamh ar aon rud a dhéanfadh aon tairbhe. Do
cuimhnigheadh ar a lán leighseana agus do trialadh iad ó
am go h-am, ach níor dhéineadar blúire tairbhe. Do
shloigeadh an Craos-Deamhan iad chómh luath agus do
shloigeadh Cathal iad, i dtreó ná biodh sé d'uain acu aon
tairbhe dhéanamh dó.
Tháinig lucht leigheas áirighthe. Thugadar leó leigheas
maith láidir, leigheas a dhéanfadh an rígh do shaoradh ó'n
ndroch nídh a bhí istigh ann, beó nó marbh. Nimh iseadh bhí
sa leigheas san, ach níor leig na liagha ortha gur bh'eadh.
Ba chuma leó ach go mbéadh Cathal ar thaobh éigin. Dhéan-
fadh a bhás féin fuasgailt. Ní mór 'ná gur chuma le
h-aoinne eile ach chómh beag leis na liaghaibh conus iom-
póchadh an leigheas láidir amach ach go dtiocfadh an
fhuasgailt. Ach bhí dearmhad ortha go léir. Do shloig
an deamhan an leigheas láidir sar a raibh uain aige ar
aon díobháil a dhéanamh. Thuit a lug ar a lag ag na
liaghaibh nuair a fuaradar ná déanfadh nimh féin
maitheas ná díobháil.
Chuir Feargal mac Maoile Dúin fios airís ar fhear
na bpiseóg.
"Dhéinis feall orm," ar seisean leis an bhfear.
"Níor dhéineas feall ort, a rígh," arsa 'n fear,
"ach dhéineas feall ar rígh Caisil, agus isé rígh Uladh
chuir suas mé chuige."
"Déin an t-olc do leigheas," arsa rígh Uladh, "agus
gheabhair dúbailt tuarasdail as."
"D'fhéadfá-sa, a rígh," arsa 'n fear, "an ceann a
bhaint de dhuine, ach ní fhéadfá an ceann a chur air airís
agus é thógaint ó'n mbás."
"Conus a bhainean san leis an sgéal?" arsa'n rígh.
"D'fhéadas-sa an deamhan do chur isteach i gcorp
Chathail," arsa'n fear, "ach ní fhéadfainn an deamhan do
chur amach airís as, ach chómh beag agus d'fhéadfadh rígh
Uladh an ceann a chur ar dhuine airís agus é thógaint ó'n
mbás."
"Is ait an sgéal é sin," arsa'n rígh, "a bheith ar do
chumas é chur isteach, agus gan a bheith ar do chumas é
chur amach."
"Bhí toil an deamhain agus toil Chathail ag cabhrughadh
liom chun an deamhain a chur isteach. Bhéadh toil an
deamhain agus toil Chathail i n-aonfheacht am choinnibh i
n-aon iaracht a thabharfainn ar an ndeamhan do chur amach.
Ní féidir an deamhan do chur amach ach le cómhacht a
bhéadh níos treise 'ná an deamhan féin."
"Is ait an chaint a dhéinean tú," arsa 'n rígh. "Gan
amhras bhí toil an deamhain ag cabhrughadh leat chun an
deamhain a chur isteach, ach conus fhéadfadh toil Chathail
bheith ag cabhrughadh leat sa ghnó?"
"Bhí toil Chathail claon," arsa'n fear, "nuair ith sé
na h-ubhla agus na h-eithne. Mura mbéadh go raibh ní
fhéadfadh an deamhan dul isteach, pé deismireacht a bhéadh
déanta agam-sa ar na h-ubhlaibh."
"Agus dar ndóich tá 'fhios ag an saoghal ná béadh
toil Chathail ad' choinnibh anois dá mbéadh iaracht agat 'á
dhéanamh ar é leigheas ó'n olc atá air," arsa 'n rígh.
"Ná feicean an saoghal mór, a rígh," arsa'n fear,
"go bhfuil toil Chathail coitchianta ar aon intinn le toil
an deamhain atá istigh ann? Nach shiní an Mhumhain go
léir sgriosta aige a d'iaraidh an deamhain atá istigh ann
do shásamh! Is cuma leis cad a dhéanfaidh a rígheacht; is
cuma leis cad a dhéanfaidh a cháirde: is cuma leis cad
a dhéanfaidh aon nídh ar neamh ná ar talamh, ach go dtioc-
faidh leis an deamhan atá istigh ann do shásamh. Deamhan
craois iseadh atá istigh i gCathal. Is le craos a leig sé
an deamhan san isteach, le n-a thoil mhacánta féin. Is
'mdhó deamhan nach deamhan craois a bhíon istigh i nduine.
Bíon deamhan feirg istigh i nduine. Bíon deamhan
uabhair istigh i nduine. Bíon deamhan drúise istigh i
nduine. Bíon deamhan éada istigh i nduine. Bíon, a rígh,
agus deamhan mhioscaise istigh i nduine, agus is cuma
leis an nduine cad a dhéanfaidh aon nídh ar neamh ná ar
talamh ach an deamhan a bhíon istigh ann do shásamh!"
"Tuigim thú," arsa'n rígh. ""A sheana chroich shúig is
chugat-sa san". Bíon, a rascail, agus deamhan piseóg
agus diablaideachta istigh i nduine. Is mairg go
mbéadh aon deighleail aige le d' leithéid. Sgrios leat
féin as mo radharc le h-eagla go mbainfinn an ceann
díot agus go mb' fhéidir, mar a deirir, ná féadfainn é
chur thar n-ais ort, pé 'cu bhéadh do thoil ag cabhrughadh
liom chuige nó ná béadh. Sgrios!"
Ní baoghal ná gur sgrios sé chómh tapaidh agus a bhí
'n-a chosaibh é bhreith chun siúbhail.
Caibidiol a ceathair.
Bh fear 'na chómhnuighe an uair sin i Ros Comáin.
Fear óg ab eadh é. Sgoláire b' eadh é. Bhí éirim
aigne aige agus léighean agus eólus, abhfad thar aon
duine a bhí i n-Éirinn le n-a linn. Mac Conglinne
b'ainim dó. Do tugtí Aniér mac Conglinne air, nó
An-éra mac Conglinne. Deir an seana leabhar gur
b'é cúis An-éra a thabhairt air mar go mbíodh a leithéid
sin d'eagla ag daoine roime n-a theangain ná tugaidís
éradh, 'sé sin eiteachas, choídhche air. Dá moladh sé duine
ní raibh aoinne eile beó d'fhéadfadh an moladh dhéanamh
chómh maith, agus dá ndéineadh sé aoir ar dhuine ní thioc-
fadh an duine uaidh choídhche. Do leanfadh an aoir sin i
mbéalaibh daoine go deó. Bhíodh gach aoinne ag déanamh
a dhíchil chun an fhocail fhóghanta bheith aige ó Mhac
Conglinne agus chun dul ó n-a dhroch fhocal. D'á bhrígh
sin ní thugadh aoinne an t-eiteachas dó.
D'airigh Mac Conglinne na tuairisgí uathbhásacha
ó'n Mumhain. Bhí sé ag machtnamh ortha ar feadh abhfad,
agus ag cur 's ag cúiteamh i n' aigne féin feuchaint
conus a thiocfadh sé ar Chathal mhac Finguine do leigheas.
Tar éis a mhachtnaimh shocaruigh sé a aigne ar cad a
dhéanfadh sé, ach níor thug sé aon bhlúire eóluis d'aoinne
ar cad a bhí ceapaithe aige a dhéanamh. Pé rud a bhí ceap-
aithe aige a dhéanamh níor bh'fholáir dó teacht sa Mhumhain,
ag triall ar Chathal, chun a dhéanta. Is é rud a dhéin sé
'ná a leigint air go raibh sé cortha de'n fhoghluim; ná
raibh aige ar sgáth a chod' foghluma ach an dealbhas
agus an t-ocras, agus nár bh'fholáir dó gairm éigin
eile beatha do tharang chuige. Bhí 'fhios ag gach aoinne
an fhilidheacht a bheith thar barr aige. Ní raibh iongnadh
ortha d'á bhrígh sin nuair airigheadar Aniér mac
Conglinne bheith ag caitheamh na sgoluigheachta uaidh agus
é bheith ceapaithe ar dhul le filidheacht. Bhí gach aoinne
ag cur 's ag cúiteamh feuchaint cá dtabharfadh sé aghaidh
ar dtúis, ar a chéad chuaird fhilidheachta. Bhí daoine 'ghá
rádh go raghadh sé ó-thuaidh go h-Aileach ag triall ar rígh
Uladh. Bhí ana bháidh ag Feargal mac Maoile Dúin le
filíbh. Bhéadh cóir mhaith ar Mhac Conglinne an fhaid a
bhéadh sé i n-Aileach agus ní folamh a bhéadh sé ag
imtheacht dó. Bhí daoine 'ghá rádh gur soir go Cúige
Laighean a thabharfadh sé aghaidh. Bhí duine 'ghá rádh so
agus duine 'ghá rádh súd, ach ní raibh aon pioc d'fhios
aigne Mhic Conglinne ag aoinne acu. Bhí iongnadh ortha
go léir nuair a leig sé an sgéal amach gur ó-dheas sa
Mhumhain a bhí sé ceapaithe ar dhul, ó-dheas go h-Uíbh
Eachach Mumhan, mar a raibh Cathal mac Finguine, rígh
Mumhan, an uair sin, ar a chuaird rígh. Cuir san
iongnadh ar gach aoinne, ach dúbhairt Aniér mac Cong-
linne, pé áit 'na mbéadh Cathal mac Finguine go mbéadh
cothrom bídh agus díghe ann, agus gur bh'shin a raibh uaidh
féin, a dhóithin fhághail le n-ithe agus le n-ól, "rud ná
fuaras riamh fós i Ros Comáin," ar seisean. Níor
déineadh a thuille cur isteach air féin ná ar a ghnó.
Dhíol sé amach a raibh aige ach raint leabhar. Chean-
nuigh sé cúpla bulóg aráin cruithneachtan agus slisne
bagúin. Cuir sé na leabair agus an méid sin lóin
chuige i mála. Ansan, do réir an tseana leabhair, do
chúm sé dhó féin dhá chuarán, 'sé sin dhá bhróig a bhéadh
láidir buan agus sa n-am gcéadna, córach, éadtrom
chun siúbhlóide. Deir an leabhar gur dhéin sé iad de
dhonnleathar seachtfhillte. Ní deintear bróga de'n
tsórd san anois. Na daoine a bhí an uair sin ann ní
fhéadfaidís siúbhal i n-aon chor ins na bróga a déintear
anois.
Nuair a bhí na bróga déanta aige agus gach aon nídh
socair aige bhuail sé a mhála chuige ar a mhuin, thóg sé a
bhata maith, láidir, áiseach, 'na láimh dheis, d'fhág sé slán
agus beannacht agá oide, agus thug sé aghaidh ó-dheas ar
an Mumhain.
Ní h-ar Uíbh Eachach Mumhan a thug sé aghaidh ar dtúis,
ámhthach, ach ar Chorcaigh. Bhí a chúis féin aige leis sin,
mar a chídhfear ar ball.
Bhí mainistir i gCorcaigh, agus is ar an mainistir a
thug Mac Conglinne aghaidh. Ba ghnáth go mbíodh an uair
sin i n-Éirinn, i n-aice gach mainistreach, sórd tíghe ósda,
agus bhíodh lóisdín le fághail sa tigh ósda san ag an uile
dhuine bhéadh ag taisdeal slíghe, agus cóir bídh agus díghe
ortha, agus gan aon rud acu le díol as. An teach
aoigheadh an ainim a tugtí ar an dtigh ósda san.
Cialluighean aoigheadh lóisdéir oídhche.
Uaireanta bhíodh an teach aoigheadh lán go maith, agus
do tugtí aire mhaith dhó, chun gach aon rud a bhaineadh leis
a bheith i dtreó, go glan agus go compórdamhail agus
go cluthmhar. Uaireanta eile b'fhéidir go mbéadh sé
gan aoinne theacht an treó ar feadh rátha. Ansan, nídh
nach iongnadh, do tugtí faillighe ann. An oídhche tháinig
Mac Conglinne go teach aoigheadh Chorcaighe bhí sé de
chrann agus de thubaist ar Mhac Conglinne agus ar an
dteach aoigheadh go raibh an tigh gan aoinne theacht ann ar
feadh abhfad roimis sin, agus go raibh sé fuar, folamh,
gan glanadh, gan slachtughadh, gan aon spré theine do
lasadh ann, níor bh'fhios cad é an fhaid.
Bhí tuitim na h-oídhche ann nuair a tháinig Mac
Conglinne chun an tíghe aoigheadh. I n-aimsir gheimhridh
ab eadh e, agus bhí an aimsir go h-olc mar le h-aimsir
gheimhridh féin. I gcaitheamh an lae bhí sé ag fearthainn
tamall agus ag sneachtadh tamall agus ag séideadh
coitchianta, i dtreó go raibh fiacala Mhic Conglinne ag
déanamh ceóil an ghearaguirt dó, ag bualadh ar a chéile
go breagh láidir, nuair a chuaidh sé isteach sa spéalán
folamh tíghe. Bhí an dorus ar dian-leathadh agus aghaidh
an tsín isteach ann, agus an ghaoth ag séideadh na sop
mór-thímpal an úrláir mar bhéadh bullabáisín acu dh'á
dhéanamh. Do stad sé agus d'fheuch sé 'na thímpal.
Déarfadh aoinne gur cheart ná béadh aige ach dul go dtí
an mainistir agus é féin do chur i n-iúil, agus go
gcurfaí an uile shaghas córach air gan puinn moille.
Níor chuaidh. Ní h-é sin a bhí uaidh. Bhí 'fhios aige féin
go maith cad a bhí uaidh. D'fheuch sé'na thímpal feuchaint
cá raibh an leabaidh. Fuair sé í. Is amhlaidh a bhí an
méid éadaigh leapthan a bhí uirthi fillte go cruaidh i
n-aon cheirthlín amháin ar lár na leapthan. D'osgail
sé amach iad. Ní rabhadar ró thirm ná ró ghlan, agus
ní baoghal go rabhadar ró theith. Níor bh'fhios cad é an
fhaid a bhíodar mar sin fillte ar a chéile gan gaoth ná
teine thabhairt dóibh. Shocaruigh sé ar an leabaidh iad
chómh maith agus d'fhéad sé é, agus chuaidh sé fútha sa
leabaidh chun codlata. Níor thuit codladh ná suan air,
nídh nár bh'iongnadh. Nuair ná raibh aon chodladh ag
teacht air dhírigh sé ar chantaireacht chómh breagh, chómh
h-árd, chómh binn, chómh ceólmhar san gur théidh sé é féin
go maith. Bhí a ghuth chómh h-árd san go ndeir an seana
sgéal gur airigheadh é ar fuid na catharach go léir. Bhí
na daoine tar éis tuitim 'na gcodladh. Dhúisigh an ceól
breagh as a gcodladh iad. Bhí an fhuaim chómh láidir sin
gur mheas gach aoinne gur sa tigh ba ghiorra dhó bhí an
chantaireacht ar siúbhal. Bhí iongnadh a gcroídhe ortha
go léir. Ní fheidir aoinne acu conus a thárla ceól
chómh breagh i gCorcaigh.
Do h-airigheadh an chantaireacht sa mhainistir.
Dh'airigh an t-Abb an foghar breagh sa tigh aoigheadh.
Cheap sé gur bh' amhlaidh a bhí an teach aoigheadh lán de
mhanachaibh éigin iasachta agus go rabhadar go léir ag
salmaireacht, agus go mbéadh náire go deó fághalta ag
mainistir Corcaighe mura bhfeuchfaí 'na ndiaigh, agus
friothálamh a dhéanamh ortha, agus cóir do chur ortha mar
ba cheart. Ghlaoidh sé ar dhuine d'á mhanachaibh. Tháinig
an manach.
"An bhfuil aon daoine iasachta sa teach aoigheadh
anocht?" arsa 'n t-Abb.
"Ní'l, a Athair," arsa'n manach.
"Tá 's dó'!" arsa manach eile. "Chonac-sa fear
ó chianaibh, ar thuitim na h-oídhche, agus é ag ruith, ag
gabháil fiar-threasna na páirce ó-thuaidh i dtreó an
tíghe aoigheadh."
"Is fearra dhuit dul agus feuchaint 'na dhiaigh,"
arsa 'n t-Abb. "Bhí sé ceart aige féin, pé duine é,
teacht anso chun na mainistreach i dtreó go bhfaghadh sé
rud le n-ithe. Is dócha nár leig an leisge dhó filleadh
thar n-ais, agus go deimhin le fírinne níor bh'fhuiriste
dhó teacht thar n-ais a leithéid d'oídhche. Measaim nach
foláir nó tá níos mó 'ná aoinne amháin ann. Imthigh
agus feuch 'na ndiaigh. Bhéadh náire fághalta go deó
againn dá bhfágfaí aoinne sa teach aoigheadh 'na
throsgadh i gcaiteamh na h-oídche."
D'imthigh an bheirt agus ní ró mhór an fonn gluaiste
a bhí ortha. Do rugadar leó raint bídh agus síol teine.
Isé biadh a rugadar leó 'na raint mine coirce agus
árthach meidhg. Bhí trosgadh ar an lá san.
Thánadar chun an tíghe aoigheadh. Nuair a thanadar
go dtí an doras agus nuair a chonacadar an spéalán
tighe agus é folamh, dorcha, ní leigfeadh sgannradh dhóibh
dul isteach. Níor airigheadar aon nídh a chuirfeadh i
gcéill dóibh go raibh duine ná daonaidhe istigh. Bhíodar
ag crith le h-eagla na bpúcaí. Bhí Mac Conglinne istigh
agus gan smiog as. Mheasadar casadh agus ruith, ach
ní fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar an Abb gan tuairisg
níos fearr a bheith acu ar cé h-iad a bhí sa teach aoigheadh.
Fé dheire do ghlac duine acu misneach agus do labhair sé.
"An bhfuil aoinne istigh ansan?" ar seisean idir
chogar agus glaoidh, agus snagadh 'na sgórnaigh le
neart eagla.
Nuair airigh Mac Conglinne an guth agus an snagadh
sgeóin ann, níor fhéad sé gan sgeartadh gáire cur as.
"Tá," ar seisean, "aoinne amháin, agus ní ró mhaith
an chóir atá agaibh-se air, cé gur mór é bhúr maoidheamh
as bhúr maitheas."
"Cé 'tá ag maoidheamh as a mhaitheas!" arsa 'n
manach. "B'fhéidir ná fuil 'fhios agat-sa," ar seisean,
"gur col geise ar an dtigh seo é chur i n-eagar d'aon
fhear amháin."
"Col geise!" arsa Mac Conglinne. "Is maith é
sin," ar seisean. "Má déineadh col riamh ar an ngeas
san do déineadh anocht é, agus is mise dhéin é, mar is
mé dhéin an tigh a chur i n-eagar d'aon fhear amháin.
D'fhágabhair-se orm é."
"Seo, seo!" arsa 'n manach. "Cuir uait an deis-
bhéalaighe, agus tar anso agus caith do chuid."
"Am briathar," arsa Mac Conglinne, "ná
h-eireóchad as so go mbéidh 'fhios agam cad ta le fághail
agam. Ar thugabhar solus libh?"
Bhí dhá sméaróid teine agus sop tuighe ag an manach.
Thug sé leis ó'n mainistir iad. D'imthigh sé suas go dtí
an tínteán. Chuir sé an dá sméaróid sa n-ait 'nar
cheart an teine bheith, idir dhá fhóidín móna ná raibh ró
thirm, agus chuir sé an sop tuighe anuas ortha, agus
chrom sé ar iad do shéideadh le n-a bhéal. I gceann
tamaill do las an sop tuighe.
"Seadh!" arsa 'n manach, "eirigh anois agus caith
do chuid bídh."
"Cad tá agat?" arsa Mac Conglinne.
"Tá min choirce mhaith agus meadhg maith, an biadh
agus an t-annlann is fearr fhéadfadh duine d'fhághail i
n-aimsir throsgaidh," arsa 'n manach.
"Min choirce agus meadhg!" arsa Mac Conglinne,
agus seirbhthean 'n-a ghlór. "Dar fiadh, a sgológ," ar
seisean, "má thugann tú biadh agus annlann air sin ní
misde thú chur ag raint bídh agus annlainn!
"I gCorcaigh na Mumhan
Do stadas de m' shiúbhal,
Ag brath ar chothughadh
Ó mhanachaibh.
Do tugadh dom cadhn,
Min choirce agus meadhg;
Ba ghairid dom treighid
Dá mblaisinn é.
Beir leat, a sgológ,
Thar n-ais chun do stóir,
An biadh saidhbhir, sóghach
So thaithnean leat.
Dá mbéinn ag fághail bháis
Do'n ghorta ní rádhaim
Go gcuirfinn aon ghra. inne
Am' ballaibh dé!
I gCorcaigh tá cloga binne;
Is árd a gceól 's is milis.
Ní mór a gcabhair do'n duine
Ná béadh istigh 'na ghoile
Ach bolamac meidhg a's mine.
Corcaigh an choirce thirim,
Corcaigh na móna flice,
Corcaigh gan teas gan teine,
Corcaigh gan biadh le n-ithe
Ach an biadh nár ith na luchaigh."
Do phreab an manach láithreach agus thóg sé leis an
mhin agus an meadhg, agus siúd thar n-ais chun na
mainistreach é féin agus an manach eile.
"An bhfuil aoinne ann?" arsa 'n t-Abb.
"Tá, duine greannmhar," arsa 'n manach.
"Nár thugabhair a chuid bídh dó?" arsa 'n t-Abb;
nuair a chonaic sé an t-árthach mine agus an t-árthach
meidhg i láimh an mhanaigh.
"Tharaigeamair dó an biadh agus ní ghlacfadh sé
uainn é. Is amhlaidh a thug sé tarcuisne agus droch
mhúineadh dhúinn. Dúbhairt sé ná h-íosfadh sé an biadh
le h-eagla go gcuirfeadh sé an treighid air. Bí sé ag
stealladh filidheachta linn go dtí gur fhágamair ansan é."
"Cad í an fhilidheacht adúbhairt sé?" arsa 'n t-Abb.
"Níor choimeádas am' cheann é, a Athair," arsa 'n
manach.
"Coimeadas-sa é, a Athair," arsa 'n manach eile.
"Abair é," arsa 'n t-Abb.
Dúbhairt sé an bhéarsa do'n Abb. Mainchín ab
ainim do'n Abb.
"Ó!" arsa Mainchín, "tá náire fághalta againn!
Ní bhéidh garsún i gCorcaigh ná béidh an bhéarsa san 'na
bhéal amáireach aige. Ní bhéidh de port acu ar fuid na
catharach ach é. Raghaidh an bhéarsa ó bhéal go bhéal ar
fuid na Mumhan. Ní fios cá stadfar leis. Ní bhéidh
d'ádhbhar suilt ar fuid na dúithe feasda ach mé féin
agus mainistir Chorcaighe agus min choirce agus meadhg
Chorcaighe! Caithfear rud éigin a dhéanamh a chuirfidh
cosg leis an sult."
"Cad a cheapan tú dhéanamh, a Athair?" arsa 'n
manach.
"Droch bhuachaill iseadh an fear a dhéin an dán
san," arsa Mainchín. "Tháinig sé d'aon ghnó chun tar-
cuisne thabairt dúinn. Ní h-eol dom go dtugamair
aon chúis d'aoinne chun a leithéid a dhéanamh. Ach is léir
nach biadh ná aoigheacht a bhí uaidh i gCorcaigh. Tháinig
sé gan aon ghnó eile ach chun na h-Eagailse d'aoireadh.
Tá an aoir déanta aige. Imtheóchaidh sé sar a dtioc-
faidh an lá agus leathfaidh sé an sgéal ar fuid na
dúithe, agus múinfidh sé an aoir do'n uile dhuine bhuail-
fidh uime. Tá masla tabhartha aige do'n Eaglais,
agus má leigtear leis béidh an masla níosa mheasa.
Tá dlígh na rígheachta agus dlígh na h-Eagailse briste
i n-aonfheacht aige. Tá an chroch tuillte aige má thuill
aoinne riamh í."
"Ach conus a tiocfar suas leis, a Athair?" arsa 'n
manach.
"Imthigidh láithreach," arsa Mainchín, "agus dúisigidh
na manaigh eile agus gluaisidh chun an tíghe aoigheadh
agus gabhtar é. Déinidh brostúghadh le h-eagla go
mbéadh sé imthighthe sar a bhfaighfí greim air! Déinidh é
ghabháil go daingean agus é thabhairt anso gabhtha am'
láthair. Ansan 'neósfad-sa dhaoibh cad is ceart a
dhéanamh leis. Cuirfead-sa i n-iúil dó ná déintear
aoireadh na h-Eagailse i n-aisge. Curfar a mhalairt
de chúram air i n-éaghmuis bheith ag déanamh na n-aoir.
Smacht is ceart a chur ar a leithéidí i n-inead eagla
bheith ag daoine rómpa mar a bhíon. Brostuigidh,
adeirim!"
Caibidiol a cúig.
Bhí Mac Conglinne 'sa leabaidh sínte, sa teach
aoigheadh, agus é ag cur an anama amach ag
gáiridhe. Nuair a chuimhnigheadh sé ar an sgannradh
'bhí ar an mbeirt mhanach nuair a thánadar chun dorais
an tíghe, ní fhéadadh sé gan sgearta gáire chur as.
Ansan, nuair a chuimhnigheadh sé ar an spórt a bhéadh ag
óg agus críona ar an Abb nuair aireóchaidís an dán
beag filidheachta, chuireadh sé sgearta gáire eile as.
Shíl sé go gcurfaí mallacht air nó go gcurfaí fé choin-
neal-bháthadh é, nó go ndéanfaí rud éigin uathbhásach de'n
tsórd san leis. Siné 'bhí uaidh, agus bhí 'fhios aige féin
cad 'na thaobh. Ní raibh aon choinne aige go dtabharfaí
aon droch úsáid cuirp dó.
I lár an tsuilt agus an gháiridhe dhó do líon na
inanaigh go léir isteach sa tigh aoigheadh chuige, agus
a ndóithin soluis acu. Do stad a chuid suilt. Chonaic
sé ná raibh aon fhuadar fóghanta fútha. Níor labhradar
focal leis. Níor dhéineadar ach déanamh air agus
breith air, agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé, agus
é. chomáint leó an dorus amach. Thugadar i láthair
Mhainchín é,
"Is maith an buachaill tú!" arsa Mainchín, nuair a
chonaic sé é. "Ní bheidhfeá sásta le bheith ag déanamh
aoirthe ar dhaoine macánta nár dhéin olc ná éagcóir
riamh ort, gan teacht anso gan aon ghnó eile ach chun go
ndéanfá aoir ar an Eaglais. Má tá eagla ag daoine
eile rómhat féin agus roimhe do chuid aoirthe, curfar i
n-iúil duit ná fuil aon eagla anso rómhat. Dá
gcurfaí smacht i n-am, agus i gceart, ar do leithéidí
ba shuaimhneas ar an ndúthaigh é. Níor cuireadh smacht
ort-sa go dtí so. Curfar smacht anois ort. Tógaidh
libh thar n-ais é go dtí an teach aoigheadh agus bainidh dé
a chuid éadaigh agus gabhaidh d'fhuipeanaibh géara cruadha
air go dtí ná béidh órlach d'á chroicean slán. Ansan
beiridh síos chun na h-abhan é agus bídhidh 'ghá thumadh sa
n-abhainn go dtí go mbéidh a bholg lán d'uisge na
h-abhan. B'fhéidir, mura gcuirfeadh meadhg na mainis-
treach treighid air, go gcuirfeadh lán a bhoilg d'uisge
na Laoi treighid air!"
Do tógadh chun siúbhail é sar a raibh uain aige ar
fhocal do labhairt. Do rugadh thar n-ais chun an tíghe
aoigheadh é, agus do sgiursáladh go maith é. Ansan do
rugadh síos chun na h-abhan é, agus bhídhtheas 'ghá thumadh
go dtí go raibh sé leath bháidhte. Ansan do rugadh thar
n-ais é chun an tíghe aoigheadh agus do cuireadh isteach
ann é, agus do dainginigheadh an tigh air.
"'Seadh!" arsa Mainchín, "déineadh sé blúire
filidheachta anois 'ghá innsint cad d'imthigh air. Gabh-
aims' orm ná déanfaidh."
"Cad 'déanfar leis siúd amáireach, a Athair?"
arsa duine des na manaigh leis an Abb.
"Ní foláir," arsa Mainchín, "maithe Corcaighe do
chruinniughadh amáireach, agus a innsint dóibh cad í an
choir atá déanta aige, conus mar a tháinig sé anso go
Corcaigh gan aon ghnó eile ach chun mhasla thabhairt do
mhaithibh na catharach, agus do dhaoine na catharach, agus
do'n Eaglais, agus dómh-sa, conus mar a dhéin sé aoir
ar an mainistir agus ar an Eaglais, agus ar Chorcaigh.
Má ghlacaid maithe Chorcaighe mo chómhairle-se ní ragaidh
an cuirptheach níos saoire as 'ná é chrochadh!"
Do cuireadh fógradh amach ag glaodhach ar mhaithibh na
catharach chun na cúise do thriail. Thánadar go moch ar
maidin. D'inis Mainchín dóibh cad a dhéin an fear
iasachta. Chuadar go léir do dtí an teach aoigheadh.
Do h-osgladh an teach. Bhí Mac Conglinne istigh, agus
gan aon dabht ba shuarach an driuch a bhí air tar éis na
h-oídhche. Bhailigh na manaigh agus uaisle Chorcaighe
isteach.
"'Seadh, a rascail," arsa Mainchín, "an dóich leat
an mhaith a dhéinis é masla thabhairt do'n Eaglais?"
"Ní dóich liom gur ró mhaith a dhéin lucht na
h-Eagailse é, mise bheith gan bhiadh acu sa teach aoigheadh.
Ba chóir ná creachfadh sé iad a dhóithin le n-ithe thabhairt
d'aon fhear amháin," arsa Mac Conglinne.
"Ní rud le n-ithe a bhí uait, a chuirpthigh," arsa
Mainchín. "Bhí 'fhios agat go maith go raibh aimsir
throsgaidh ann, agus nár bh'fhéidir aon bhiadh eile thabhairt
duit ach an biadh a tugadh duit. Bhí 'fhios agat go dian
mhaith go mbéadh do dhóithin mhór bídh agus díghe le fághail
agat chómh luath agus bhéadh gnó an tSatharainn agus
gno an Domhnaigh déanta. Ní biadh ná deoch a bhí uait,
ach caoi fhághail ar an Eaglais d'aoireadh, agus ar
easonóir a thabhairt dómh-sa agus do mhaithibh na catharach
so Chorcaighe. Táid maithe Chorcaighe anso anois ag
éisteacht linn agus tabharfad-sa caoi dhóibh féin ar a
thuisgint cad é an saghas tú agus cad a thug anso go
Corcaigh thú. Seasaimh-se anso amach," ar seisean leis
an dtimthire, "agus abair i láthair na ndaoine seo an
aoir a dhéin an cuirptheach so dhóibh féin agus do'n
Eaglais."
Tháinig an timthire amach i lár an úrlair agus
dúbhairt sé an dán. Nuair airigh Mac Conglinne an
dán níor fhéad sé gan sult a theacht 'na shúilibh ag
éisteacht leis. Nuair airigh maithe Chorcaighe an dán,
agus nuair a chonacadar an sult i súilibh an fhile
tháinig uabhar agus bochtaineacht agus fearg thar bárr
ortha.
"'Seadh anois, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mainchín,
"cad is dóich libh is ceart a dhéanamh leis an rascail
seo?"
"É chrochadh!" ar siad, d'aon ghuth.
Ní raibh aon choinne ag Mac Conglinne le n-a
leithéid sin de bhreith. Cheap sé go gcurfaí easgaine
nó mallacht nó coinneal-bháthadh, nó rud éigin de'n
tsórd san air. Siné a bhí uaidh, agus bhí a chúis féin
aige leis. Ach nuair a fuair sé go rabhthas ar tí é
chrochadh, ambasa níor oir san i n-aon chor dó.
"Aisge dhom, a Mhainchín agus a mhaithe Chorcaighe!"
ar seisean.
B'é dlígh na h-aimsire sin, nuair a daorfaí duine
chun báis, aon rud d'iarfadh sé nár bh'fholáir an rud
san a thabhairt dó, ach ná h-iarfadh sé é leigint saor.
Aisge a tugtí ar an achainighe d'iartí ar an gcuma san.
"Go leigfí t'anam leat, an eadh?" arsa Mainchín.
"Ní h-eadh," arsa Mac Conglinne, "cé nár mhisde
liom dá dtagadh san as."
"Abair an aisge," arsa Mainchín.
"Ní déarfad," arsa Mac Conglinne, "go dtí go
mbéidh geallamhaint fé cheangal agam go bhfaghad an
aisge."
Do tugadh an gheallamhaint dó, fé cheangal, agus
chuaidh maithe Chorcaighe i n-urudhas air go gcaithfeadh sé
an aisge dh'fhághail. Mura dtugtí an gheallamhaint dó
ar an gcuma san d'fhéadfadh Mainchín é dh'eiteach ar an
aisge chómh luath agus do 'neósfadh sé cad a bhí uaidh.
"Abair an aisge anois," arsa Mainchin.
"Déarfad," arsa Mac Conglinne. "Tá raint bídh
am' mhála, mála mo leabhar. Tugtar chugam an mála
go n-ithead an biadh atá ann. Ní ceart do dhuine dul
chun báis gan lón bóthair do chaitheamh."
"Feuch!" arsa Mainchín. "Tá masla aige d'á
thabhairt do'n Chreideamh! Lón bóthair i gcóir an bháis
a thugan sé ar bhiadh chorpartha!"
Do tugadh an mála ag triall ar Mhac Conglinne.
D'osgail sé an mála. Thóg sé amach as an mála an dá
bhulóig agus an slisne bagúin. Bhain sé smut de gach
bulóig agus bhain sé smut de'n bhagún.
"Siné an deachmhadh," ar seisean. "Ba mhaith liom
deachmhadh dhíol. Dá mbéadh 'fhios agam cé is boichte 'ná
'chéile anso do dhíolfainn an deachmhadh leis."
Bhí raint daoine bochta ann. Do ritheadar suas
agus a lámha sínte amach acu ag brath air go bhfaghaidís
an t-arán agus an bagún.
D'fheuch Mac Conglinne ortha ó dhuine go duine.
"Dar fiadh," ar seisean, "ach ní fheicim-se aoinne
anso is mó gádh leis an mbiadh seo 'ná mé féin. Níor
chaitheas biadh ná deoch ó thánag go Corcaigh aréir. Ní
bhfuaras i dteach aoigheadh Chorcaighe an chóir ná an frio-
thálamh is dual do'n deóraidhe. Fuaras a mhalairt,
ámhthach. Do baineadh m'éadach díom agus do gabhadh
d'fhuipeanaibh orm, agus do tumadh sa n-abhainn mé go
dtí go rabhas leath bháidhte. Do daoradh chun mo chrochta
mé agus gan coir déanta agam, agus níor tugadh cóir
ná ceart dlíghe dhom ó mhaithibh Chorcaighe. Agus is
sibh-se muintir Chorcaighe! Greadadh chugaibh, a shloi-
gisg! Deachmhadh dhíol libh-se! A shloigisg an ocrais,
ní thabharfad-sa aon deachmhadh dhaoibh. Pé rud a bhéidh
le cur am' leith ar an saoghal eile ná ná béidh, ní curfar
am' leith gur dhíolas deachmhadh libh-se, a rudaí gorta!"
Chuir sé an deachmhadh 'na bhéal féin agus d'ith sé é.
Bhí Mainchín ag feuchaint air agus ag éisteacht leis,
agus bhí sé go cráidhte agus go loisgithe, mar bhí 'fhios
aige go maith gur chuige féin an uile fhocal. Bhí an
ceart sa méid sin aige. Níor chuir Mac Conglinne
aon tsuim ann, ámhthach. Bhí 'fhios aige go raibh an aisge
aige gan bhuidheachas dó, daingean fé urudhas. Chomáin
sé leis ag ithe ar a shuaimhneas go dtí go raibh an dá
bhulóig agus an slisne bagúin ithte aige. An fhaid a bhí
sé ag ithe bhí na bacaigh ag cur na súl tríd, ach níor thug
sé blaise dhóibh.
Nuair a bhí an dá bhulóig agus an bagún ithte aige,
gan oiread agus brúsgar fuíolaigh fhágáil, d'fheuch sé
'na thímpal. Bhí buidhean armtha mar lucht coimeádta
air chun gan leigint dó imtheacht.
"Ní béile bhídh biadh gan deoch," ar seisean. "Beir-
tear go bruach na Laoi mé," ar seisean, "go n-ólad
mo dhóithin d'uisge na Laoi. Nuair ná tugtar aon deoch
eile dhom, isé is lúgha is gann do mhuintir Chorcaighe, ó
's iad atá fial, mo dhóithin d'uisge na Laoi thabhairt dom.
Ní gádh dhóibh eagla bheith ortha go gcuirfead an abha i
luighead. Do tugadh cuid mhaith de'n uisge dhom aréir,
ach teastuighean deoch eile anois uaim."
"Tugtar a dhóithin d'uisge na Laoi dhó," arsa cách.
"Isé a cheart é as an aisge a tugadh dó, agus ní ceart
gan iomláine na h-aisge thabhairt dó."
"Tá nídh eile aige le fághail uaim-se ar dtúis,"
arsa Mainchín. "Tá masla tabhartha aige do'n Chreid-
eamh agus ní foláir sailm na mallacht do léigheadh os
a chionn agus é chur fé choinneal-bháthadh ar dtúis,
ansan bíodh sé ag ól uisge na Laoi go h-oídhche má's
maith leis é."
Do léigheadh sailm na mallacht ar Mhac Conglinne,
agus do cuireadh fé choinneal-bháthadh é.
"Beirtear chun na h-abhan mé feasda," ar seisean.
Tháinig an lucht coimeádta ar gach taobh dé, agus
thógadar suas é, agus d'árduigheadar leó é go port
na h-abhan. Do leigeadar anuas ar an bport é.
"Baintear an ceangal de m' lámhaibh," ar seisean,
"go n-ólad mo chuid díghe ar mo shuaimhneas."
Bhaineadar na ceangail dé. Ní raibh aon bhreith
aige ar imtheacht uatha mar bhí na h-airm acu agus a
ndóithin acu ann.
Bhain Mac Conglinne an biorán a' brollach a
bhrait. Bhain sé dhé an brat. Do leath sé amach an
brat ar an bport, i n-aice an uisge. Ansan do shín sé
é féin ar an mbrat, ar fleasg a dhroma. Ansan do
rug sé ar an mbiorán 'na láimh dheis agus do thúm
sé sa n-abhainn an biorán. Ansan do thóg sé an
biorán agus do leig sé a cheann siar agus do
leath sé a bhéal agus do leig sé do'n bhraon uisge a
bhí ar puinnte an bhíoráin tuitim siar 'na bhéal. Nuair
a bhí an braon san sloigithe aige chuir sé an biorán sa
n-uisge airís, agus thóg sé braon eile ar an gcuma
gcéadna. Chomáin sé leis ag ól an uisge ar an gcuma
san. D'fheuch an lucht coimeádta ar a chéile.
"An fada a leanfair de'n chleas san?" arsa duine
acu leis.
"Go dtí go mbéidh mo dhóithin ólta agam," ar
seisean, agus chomáin sé leis ag ól.
Do stadadar ag feuchaint air ar feadh tamaill
eile. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag an bhfear
tosaigh a bhí ortha.
"Seo, seo!" ar seisean, "cuir uait na clis. Má
tá tart ort ól do dheoch agus ná coimeád anso go
h-oídhche sinn! Ní chun bheith ag imirt cleas a thugamair
anso thú. Má tá tart ort ól do dheoch, nó mura bhfuil
tart ort eirigh as an obair sin, agus béarfar thar
n-ais tú."
"Táim ag ól mo chuid díghe ar an gcuma is fearr
'na réidhteóchaidh an deoch liom. Is fearrde biadh nó
deoch é chaitheamh go réidh. Ach i dtaobh an uisge seo na
Laoi, isé mo thuairim láidir d'á réidhe a h-óltar é gur
b'eadh is fearr é. D'ólas-sa féin cuid dé aréir. Níor
leigeadh dom é dh'ól réidh, agus go deimhin ní ró mhaith a
réidhtidh sé le m' ghoile. Dhéin sé breóite mé. Ní
h-alaidh dhom mé féin a dhéanamh breóite airís leis tré
gan aimsir mo dhóithin a ghlacadh 'ghá ól."
"Téanam!" arsa'n fear tosaigh. "Árduighmís
linn thar n-ais é. Ag magadh fúinn atá sé." Agus
dhéin sé anonn ar Mhac Conglinne chun beirthe air.
D'fheuch Mac Conglinne idir an dá shúil air.
"Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean.
"Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm,
nó is duit is measa. Ná fuil 'fhios agat go bhfuil
aisge agam ó Mhainchín, agus go bhfuil maithe Chorcaighe
t'réis dul i n-urudhas ar thabhairt na h-aisge sin dom?
Is cuid de'n aisge sin neart a bheith agam ar mo dhóithin
de'n uisge seo dh' ól. Ní'l aon aimsir gearrtha amach
dom chuige sin. Ní'l bac orm mo dhóithin aimsire
chaitheamh leis. Má beirtear thar n-ais as so mé gan
mo dhóithin uisge bheith ólta agam cuirfead mo ghearán
isteach láithreach, i láthair uaisle Chorcaighe, nár tugadh
dom an aisge t'réis iad féin do dhul i n-urudhas air go
dtabharfaí. Cad a bhéidh agat-sa le rádh ansan?
Deirim leat, a dhuine mhacánta, feuchaint rómhat."
"Is fearr sgaoileadh leis," arsa 'n chuid eile de'n
lucht coimeádta. "Tá an la fada. Corfar é."
Do lean an sgéal ar an gcuma san go ceann
tamaill mhaith eile, Mac Conglinne ag ól an uisge de
bharra an bhioráin agus an lucht coimeádta ag faire
air.
Do labhair an fear tosaigh airís, ach is go réidh a
labhair sé.
"Cad é an fhaid is dóich leat," ar seisean, "go
mbéidh do dhóithin ólta agat?"
"Tá buaidhte agam oraibh, a shloigisg!" arsa Mac
Conglinne. "Nuair a bhíos-sa sa bhaile is amhlaidh a
dh'ithinn d'aon bhéile amháin oiread bídh agus dhéanfadh mo
ghnó ar feadh naoi lá agus naoi n-oídhche. An méid sin
bídh a dh'itheas ó chianaibh déanfaidh sé mo ghnó anois go
ceann naoi lá agus naoi n-oídhche. Fanfad anso go dtí
go mbéidh an méid sin aimsire caithte. Béidh sibh-se
cortha go maith um an dtaca san, a shloigisg."
Do thuit a lug ar a lag ag an lucht coimeádta
nuair airigheadar an méid sin. Chuir an fear tosaigh
duine ag triall ar Mhainchín ag innsint an sgéil sin dó,
Nuair airigh Mainchín an sgéal chuir sé fógra amach chun
maithe Chorcaighe do chruinniughadh airís i gcómhairle.
"Luathchomarc" a tugtar sa tseana leabhar ar an
gcómhairle sin. Isé rud a tháinig as an gcómhairle 'ná
so. Do cuireadh teachtaire ag triall ar Mhac Conglinne
'ghá rádh leis go raibh a rogha le fághail aige de dhá nídh.
É féin do theacht, le n-a thoil mhacánta, agus é féin do
thabhairt suas chun a chrochta, nó é dh'fhanamhaint mar a
raibh aige, agus lucht coimeádta ag déanamh uanuigheachta
ar a chéile 'ghá choimeád, go dtí go bhfaghadh sé bás leis
an ocras ar phort na h-abhan.
"Is rógha a' dhá dhíg é!" arsa Mac Conglinne nuair
a h-innseadh an sgéal dó. "Ní'l aon daoine eile beó i
n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a
leithéidh de rogha thabhairt do dhuine. Ach beirtear thar
n-ais mé go labhrad le maithibh Chorcaighe, agus go
gcuiread raint ceisteana chuca. D'iaras aisge. Chuaidh
maithe Chorcaighe i n-urudhas air go raibh an aisge le
fághail agam. Ní mór dom a fhios a bheith agam uatha
féin an mór is fiú an t-urudhas. Beirtear thar n-ais
mé."
Chuir an lucht coimeádta na ceangail ar a lamhaibh
airís, agus thógadar eatartha é chun é thabhairt tar n-ais.
Tógadar go réidh é, mar bhí áthas mór ortha gan a bheith
ortha fanamhaint a thuille ar bruach na h-abhan ag faire
air, agus é ag ól an uisge de bharra an bhioráin.
Caibidiol a sé.
Do tugadh Mac Conglinne i láthair na cómhairle. Bhí
Mainchín agus uaisle Chorcaighe ar an gcómhairle.
"Cead cainte dhom uaibh, a Mhainchín agus a mhuintir
Chorcaighe!" arsa Mac Conglinne.
"Ná tugtar," arsa Mainchín, "aon chead cainte dhó.
Ní cead cainte atá uaidh ach cead magaidh. Tháinig sé
anso go Corcaigh gan aon ghnó eile ach chun magaidh a
dhéanamh fúibh-se, a mhaithe Chorcaighe, agus fúm-sa agus
fé'n Eaglais. Tá sgannradh ag teacht anois air mar
tá an magadh ag teacht 'na dháiríribh chuige. Deirim
libh, a mhaithe Chorcaighe, d'á luíghead caint a leigfear dó
dhéanamh gur b'eadh is fearr é."
"A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac
Conglinne, "ní fheadarabhar cé h-é mé, ná cá dtánag.
Má crochtar mé gan a leigint dom mo sgéal féin
d'innsint daoibh béidh slóighthe líonmhara ag teacht
chugaibh anso, a-dtuaidh ó Chonachtaibh agus ó Ultaibh,
agus is tur a bhéidh a fhios cad 'na thaobh uatha."
"Cead cainte dhó! Cead cainte dhó!" arsa cách.
"Má dhéinean sé raint magaidh féin cad é an díobháil
é? Má bhainean sé raint gáirí asainn is fearrde
sinn é."
"Abair do chaint," arsa Mainchín, "agus ná bí
abhfad léi. Tá an lá ag imtheacht agus caithfear tú
chrochadh sar a dtiocfaidh an oídhche orainn."
"A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac
Conglinne, "do tugadh aisge dhom ó Mhainchín. B'é mo
cheart ó dhlíghthibh na h-Éirean an aisge sin d'fhághail sar
a gcrochfaí mé. Chuadhabhair-se, a mhaithe Chorcaighe, i
n-urudhas air go bhfaghainn an aisge sin. Ba mhaith
liom anois a fhios a bheith agam uaibh-se féin, an mór is
fiú an t-urudhas san."
"Is fiú anam duine é," arsa cách. "Mura mbéadh
an t-urudhas san ní bhéidhfeá-sa ag caint linn ansan
anois. Bhéadh gad curtha ar do sgrugal fadó riamh
indiu agus do chosa sa n-aer agat."
Do sgeart a raibh láithreach ar gháiridhe.
"Tá go maith, a mhaithe Chorcaighe," arsa Mac Cong-
linne. "B'fhéidir anois go bhfreagrófaí an cheist eile
seo dhom. An mór is fiú agaibh-se uisge na Laoi?"
"Ba dheacair a innsint," arsa cách. "Is fiú mórán
é. Mura mbéadh uisge na Laoi bhéadh an sgéal go
h-olc againn go léir. Comáin leat."
Bhain Mac Conglinne an biorán as a bhrat.
"Feuch, a mhaithe Chorcaighe," ar seisean, "an mór is
dóich libh-se dob' fhiú an méid uisge dh'fhéadfainn-se
thógaint as an Laoi le barra an bhioráin sin?"
"Níor bh'fhiú aon rud é," arsa cách. "Ach cad chuige
dhuit a leithéid sin de cheist a chur?"
"Tá dearmhad oraibh, a mhaithe Chorcaighe," arsa
Mac Conglinne. "Dob' fhiú mórán an braon uisge
sin d'fhanfadh ar bharra an bhioráin sin dá dtumainn sa
Laoi é."
"Tá an duine as an mheabhair!" arsa cách.
"Ni'l aon easba meabhrach orm, a mhaithe Chorcaighe,"
arsa Mac Conglinne.
"An mór ab fhiú é, má 'seadh?" arsa cách.
"Is mó dob' fhiú é," arsa Mac Conglinne, "'ná
aoigheacht na mainistreach. Is mó dob' fhiu é 'ná meadhg
na mainistreach. Is mó dob' fhiú é 'ná min choirce na
mainistreach. Is mó dob' fhiú é 'ná an aisge a tugadh
dómh-sa. Is mó dob' fhiú é 'ná an t-urudhas a dhéinea-
bhair-se air go bhfaghainn an aisge sin, a mhaithe agus
a mhór uaisle Chorcaighe."
"Tá go breagh!" arsa cách. "Ach conus a thaisbeán-
an tú san?"
"Dar libh-se, a mhuintir Chorcaighe," arsa Mac Cong-
linne," dob' fhiú anam duine an aisge úd a tugadh
dom. Ach do baineadh díom an aisge, i n-aimhdheóin bhúr
n-urudhais, mar gheall ar bhraon d'uisge na Laoi a
thógas as an abhainn ar bharra an bhioráin sin!"
Do léim an fear tosaigh a bhí ar an lucht coim-
eádta.
"Thug sé a éitheach, a dhaoine uaisle!" ar seisean.
"Níor baineadh an aisge dhé; ach bhí sé sínte ar bruach
na Laoi agus é ag ól an uisge leis an mbiorán san
'na láimh aige, agus dúbhairt sé go bhfanfadh sé ansan
ar feadh naoi lá agus naoi n-oídhche, agus go gcoimeád-
fadh sé sinne ann ag faire air."
D'iompuigh Mac Conglinne air, agus chuir sé smuta
gáire as.
"Nach ana dheas an cor a bhéidh ort-sa," ar seisean,
"nuair a 'neósfar an sgéal san ort ar fuid na
h-Éirean!"
Do phléasg a raibh láithreach ar gháiridhe.
"Is cuma liom," arsa 'n fear tosaigh go feargach.
"Pé cor a bhéidh orm-sa nuair a 'neósfar an sgéal ar
fuid na h-Éirean béidh an cor céadna ar mhuintir Chor-
caighe go léir!"
"Stad! stad!" arsa cách. "Tá sé i n'oídhche feasda.
Tugtar dál go maidin do'n chime seo."
"Ní'l leath mo chainte ráidhte fós agam," arsa
Mac Conglinne. "Do tugadh cead cainte dhom agus
siné dh'á bhaint díom airís é, díreach fé mar a baineadh
an aisge dhíom agus maithe Chorcaighe i n-urudhas agam
air go bhfaghainn an aisge! Cad é an saghas áite
Corcaigh seo i n-aon chor, nó cad é an saghas daoine
muintir Chorcaighe!"
"Cad é an saghas duine thú féin?" arsa cách.
"Siné díreach a bhí agam le h-innsint nuair a chuir-
eabhair stop le m'chaint," arsa Mac Conglinne.
"An amhlaidh ba mhaith leat go gcrochfaí anocht tú?"
arsa cách.
"Má crochtar mé," arsa Mac Conglinne, "conus
fhéadfad a innsint cad é an saghas duine mé?"
"Gheabhfaí amach 'na dhiaigh san é," arsa cách.
"'Seadh," arsa Mac Conglinne. ""Tar éis a tuig-
tear gach beart." Is minic gur bh'fhearr go dtuigfí an
bheart roim ré."
"Gheabhair cead cainte amáireach," arsa cách. "Bíodh
an oídhche agat chun do sgéal do shocarughadh mura bhfuil
sé socair cheana agat."
"Agus cathain a crochfar mé?" arsa Mac Cong-
linne.
"Crochfar amáireach tú, ná bíodh eagal ort," arsa
Mainchín.
"Aisge dhom, a dheagh-dhuine!" arsa Mac Conglinne.
"Aililiú!" arsa Mainchín, "cad í an aisge atá
uait anois?"
"Ó thánag go Corcaigh," arsa Mac Conglinne, "ní
bhfuaras cóir bídh ná cóir leapthan ná cóir codlata.
Táim le crochadh amáireach. Do tugadh aisge dhom
agus do baineadh díom airís í. Má 'sí seo an oídhche
dhéanach agam ar an saoghal so, isé is lúgha is gann
aon oídhche amháin chompórdach a thabhairt dom."
"Cad tá uait?" arsa Mainchín.
"Tá," arsa Mac Conglinne, "béile na h-oídhche seo
de'n bhiadh agus de'n digh is fearr sa mhainistir seo
Chorcaighe, agus cead codlata i leabaidh Mhainchín féin,
agus í chórughadh dhom fé'n éadach leapthan is fearr sa
mhainistir."
Do liúigh a raibh láithreach le sult agus le gáirí.
"Gheabhair an aisge sin! Gheabhair an aisge sin!"
ar siad go léir d'aon-ghuth ach Mainchín féin. D'fheuch sé
ar Mhac Conglinne, agus d'fheuch sé 'na thímpal ar lucht
an tsuilt.
"Is éagsamhlach an duine thú!" ar seisean. "Ach
bíodh agat. Crochfar amáireach tú, agus is mór an
suaimhneas ar an gcathair é!"
Do rugadh Mac Conglinne isteach sa mhainistir,
agus do tugadh béile na h-oídhche dhó de'n bhiadh dob'
fhearr a bhí sa mhainistir. Ansan do tugadh a dhóithin
fíona le n-ól dó de'n fhíon ab fhearr a bhí sa mhainistir.
Nuair a bhí a dhóithin ithte agus ólta aige do rugadh
isteach é sa tseómra i n-a gcodladh an t-Abb féin, agus
do cóirigheadh leaba Mhainchín dó, agus do cuireadh an
t-éadach leapthan dob' fhearr a bhí sa mhainistir uirthi dhó.
Chuaidh sé a chodladh, agus murar chodail sé go maith an
oidhche roim ré ní baoghal ná gur chodail sé go maith an
oídhche sin.
D'imthigh Mainchín agus na manaigh chun gnótha an
Domhnaigh do chríochnugadh agus do chur chun taisge. Bhí
a lán le déanamh acu, mar bhí Mac Conglinne tar éis
gnótha an lae do chur i n-aimhréidh agus i ndiaigh lámha
ortha. Bhí cluig acu le bualadh, agus bhí tráthana acu
le léigheadh, agus cantainn salm acu le déanamh, agus
biadh le tabhairt do bhochtaibh acu, agus na boicht go
díombádhach ag feitheamh leis. Bhí an chéad ghreas cod-
alta go sámh ag Mac Conglinne sar ar fhéad Mainchín
ná aoinne d'á mhanachaibh síneadh ar leabaidh i n-aon chor.
Agus dá mhí-thráthamhlacht d'fhéad Mainchín dul a chodladh
ní ró mhaith a chodail sé an oídhche sin, mar bhí air luighe i
leabaidh ná raibh taithighe aige uirthi, agus Mac Cong-
linne 'n-a leabaidh féin. Ní raibh leigheas air sin,
ámhthach. B'éigean dó chur suas leis agus an ceann ab
fhearr a dhéanamh dé.
Caibidiol a seacht.
AR maidin lar na mháireach bhí maithe Chorcaighe cruin-
nighthe go luath i n-áit na cómhairle agus iad ag
cur 's ag cúiteamh i dtaobh Mhic Conglinne. Bí fait-
chíos agus mí-shásamh aigne ortha mar gheall ar an
bhfocal úd a dúbhairt sé um thráthnóna an lae roimis
sin, nuair a dúbhairt sé dá gcurtí chun báis é gan
leigint dó a sgéal d'innsint go mbéadh slóighte líon-
mhara ag teacht a-dtuaidh a d'iaraidh a fhios cad 'na
thaobh fhághail ó mhuintir Chorcaighe. Ní raibh aon lorg
ag muintir Chorcaighe ar an saghas san ceistiughcháin.
Ní raibh aon lorg acu ar shlóightibh de'n tsórd san do
theacht aniar ná a-dtuaidh ná aniar-a-dtuaidh ortha.
Is amhlaidh mar a bhí an sgéal acu, dá dtagadh
tuairisg chuca ó'n mainistir go raibh an cime tar éis
éalódh i gcaitheamh na h-oídhche, agus nár bh'fhios cá raibh
sé imthighthe, ní bhéadh aoinne acu ag gol 'na dhiaigh, agus
ní baoghal go gcuirfidís aon tóir 'na dhiaigh, nó dá
gcuiridís ní baoghal ná go raghadh an toir sa treó baill
ba lúgha 'nar dhóich leó a tiocfaí suas leis. B'fhearr
leó go léir 'ná rud maith go mbéidis sgartha leis.
Ach níor tháinig aoinne ó'n mainistir 'ghá rádh gur
éaluigh sé. Níor éaluigh. Ní chuige sin a tháinig sé.
Bá ghearr go bhfeacadar é féin agus a lucht coimeádta
ag bualadh chuca a leith ó'n mainistir. Tháinig Mainchín
leis, agus do shuigh an chómhairle. Do labhair Mainchín.
"A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," ar seisean,
"is mithid daoibh cúram an chuirpthigh seo thógaint dínn.
Tá an chathair agus an mhainistir curtha tré n-a chéile
aige. Do dhaorabhair-se é chun a chrochta nuair a cuireadh
i n-iúil daoibh cad a bhí déanta as an slígh aige. Ach
táthar 'ghá ghlacadh ró réidh, agus d'á réidhe a glactar é
iseadh is mó a dhéinean sé an uile shaghas toirmisg. Is
fearr, mar shuaimhneas ar an gcathair, an bhreith a tugadh
air do chur i ngníomh láithreach le h-eagla go ndéanfadh
sé tuille thoirmisg, agus go mb'fhéidir go mbéadh an
toirmeasg nua níos measa 'ná an toirmeasg atá
déanta cheana aige."
Do stad sé. Níor labhair aoinne. Do phreab Mac
Conglinne féin 'na shuighe.
"A Mhainchín, agus a mhuintir Chorcaighe," ar seisean,
"tugtar cáirde dhom gan mé chrochadh go n-innsead
daoibh aisling iongantach a taisbeánadh dom aréir agus
mé am' chodladh i leabaidh Mhainchín."
"Ní tabharfar aon cháirde dhuit, a rascail," arsa
Mainchín. "Tá cáirde do dhóithin fághalta cheana agat,"
ar seisean, "agus ní maith ná tairbhe atá bainte agat
as an gcáirde ach díobháil agus toirmeasg agus cur thré
chéile."
"Cáirde dhó! go n-innsidh sé an aisling," arsa cách
uile. "Nuair a bhéidh an aisling innste aige tugadh
Mainchín a rogha cor dó."
Nuair airigh Mac Conglinne an méid sin d'fheuch sé
ar Mhainchín, agus chuir sé smuta gáire as, agus
dúbhairt sé mar seo:-
"Beannacht dúinn, a chléirigh
Is uasal ó d'shinnsear.
Mac Meala, mic Créithir,
Mic Cruiceóige maoile.
Mic Boighreáin, mic Praisce,
Mic Breac-bhainne Buacaigh,
Mic Bláthaighe ó'n gcuigin,
Mic Ime, mic Uachtair.
Mic Mairtfheóla boirbe,
Biadh cuthaigh do dhaoine,
Mic Caoírfheóla ag friochaigh,
Mic Bruthóige ghríosaigh.
Mic Bulóige finne,
Mic Cruithneachtan ríghne,
Mic Cannta aráin coirce
'S a chothrom de'n ím air.
Mic Bagúin, mic Salainn,
Mic Buile le h-Íota,
Mic Biotáile ar lasadh,
Mic Bairille fíona.
Mic Meisge, mic Meadhráin,
Mic Bagartha Bruídhne,
Mic Cleith-Ailpín -"
Do léim Mainchín 'na sheasamh.
"A mhuintir Chorcaighe," ar seisean, "an fada a
mheasan sibh leigint do'n chuirptheach san tarcuisne
thabhairt dómh-sa ar an gcuma san! Sin geinealach bídh
déanta aige dhom, rud nár déineadh d'aon duine riamh
fós. Geinealach bídh! Chómh maith agus ná raibh ins na
daoine tháinig rómham ach saighseana bídh agus díghe!
Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Bhí mo shinnsear chómh
maith, chómh h-uasal, chómh creideamhnach le sinnsear
aoinne atá ag éisteacht liom, is cuma liom cé h-é."
Níor labhair aoinne. Níor fhéad aoinne labhairt,
bhíodar go léir i n-a leithéid de chás le neart gáirí.
Do labhair Mac Conglinne.
"A mhuintir Chorcaighe," ar seisean, "tá dearmhad
ar an nduine, dearmhad mór. Is dóich leis gur air féin
atá an seanachus san agam 'á dhéanamh. Ní h-eadh go
deimhin. Ní bhainean an chaint i n-aon chor leis. Ní'lim
ag déanamh seanachuis ar aoinne. Ní'lim ach ag innsint
na h-aislinge a taisbeánadh dom aréir, agus mé am'
chodladh go sámh ar leabaidh an duin'uasail sin. Ní'l sa
chaint atá ráidhte agam ach tusach na h-aislinge. Bhíos
am' chodladh go sámh i leabaidh an duine mhacánta san,
agus go deimhin bhí gádh agam le codladh agus le suaimh-
neas tar éis a bhfuaras de dhroch úsáid i gcaitheamh an
lae roimis sin, agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré.
Ach ní foláir a admháil, pé droch úsáid n-ar ghabhas tríd,
gur bh'fhiú é fulang leis chun cead luighte sa leabaidh
sin d'fhághail. Níor fhan blúire d'á chuimhne agam nuair
a luigheas ins a' leabaidh sin!
"Is dóich liom, a mhuintir Chorcaighe, gur thuit mo
chodladh orm chómh luath agus do shíneas ar an leabaidh
sin, fé'n éadach leapthan a bhí chómh breagh, chómh cúmhrtha,
chómh glan, chómh teith, murar bh'ionan a's éadach leapthan
an tíghe aoigheadh.
"Tráth éigin sa n-oídhche do dhúisígheas, dar liom, as
mo chodladh. Chonac an duine 'na sheasamh ag cnaisde na
leapthan. D'fheuchas air agus d'fheuch sé orm. D'fhanas
feuchaint a' labharfadh sé. Níor labhair. Bhí culaith
chléirigh air, agus cochal, díreach mar an gcochal san atá
ar Mhainchín anois.
"Nuair ab fhada liom gur labhair sé do labhras féin.
""Cé h-é thusa, le toil t'onóra?" arsa mise leis.
""Mise?" ar seisean liom.
""'Seadh, tusa," arsa mise leis.
""Ní mar sin is ceart duit labhairt liom-sa," ar
seisean.
"B'fhéidir, le toil t'onóra," arsa mise, "go 'neósfá
dhom conus is ceart do m' leithéid labhairt le t'onóir."
""'Neósfad," ar seisean. "Cuir cluas ghéar ort
féin," ar seisean, "agus coimeád ad" chuimhne an chaint a
déarfad leat. Seo mar is ceart duit labhairt liom,"
ar seisean.
""Beannacht dúinn, a chléirigh," agus an chuid eile, fé
mar innseas daoibh, a Mhainchín, agus a mhuintir
Chorcaighe. Ní raibh aon bhaint ag an gcaint leat-sa, a
dheagh-dhuine, agus ba neamhghádh dhuit í ghlacadh chugat féin
agus tú féin a chur i bhfeirg mar gheall uirthi."
Nuair airigh an chómhairle an méid sin iseadh bhí an
sult agus an spórt ar fad acu, agus d'á mhéid fearg
a bhí ar Mhainchín níor fhéad sé gan a gháire dhéanamh chómh
maith leó. Tháinig machtnamh dó. Cheap sé go dtí san
ná raibh i Mac Conglinne ach fear siúbhail, duine des
na rascailí díomhaoine a bhíodh ag gluaiseacht ó theach
aoigheadh go teach aoigheadh, ag ithe agus ag ól, ag
caitheamh an bhídh nár thuilleadar, agus ansan ag déa-
namh aoirthe, ag cáine agus ag imdheargadh na ndaoine a
thugadh dóibh an biadh, dá mba rud é ná bíodh an biadh
chun a dtoile ar fad. Ní bhíodh aon chuma eile chun bheith
suas leó, nuair a gheibhthí greim ortha, ach sgeímhle
thabhairt dóibh, mar a tugadh do Mhac Conglinne. Nuair
a gheibhdís an sgeímhle d'éaluíghdís leó féin agus ní
thagaidís airís. Ach b'shiné donas an sgéil. Ní raibh
aon fhonn éaluighthe ar an bhfear so. Dhéin sé an aoir
díreach mar a dhéinidís go léir. Do tugadh an sgeímhle
dhó mar atugtí dhóibh go léir. Do daoradh chun a chrochta
é mar a daorthí i gcómhnuighe iad. D'iar sé an aisge
díreach mar iaraidís go léir, i dtreó go bhfaighdís caoi
ar éalódh. Ach níor dhéin sé seo aon iaracht ar éalódh.
Bhí an lucht coimeádta air gan amhras. Níor mhór iad
san do choimeád air chun a chur 'na luighe air go rabhthas
dáiríribh. Níor bh'fholáir bheith lom dáiríribh le n-a lán
d'á leithéidí mar bitheamhnaigh ab eadh iad, agus bhíodh an
chroch tuillte go maith acu. Ach cad 'na thaobh nár dhéin
sé seo aon iaracht ar éalódh? Bhí an cheist sin i n-aigne
Mhainchín agus bhí sé ag teip air aon réidhteach fhághail
uirthi chun a thoile. B'fhéidir nár bh'fhear siúbhail i n-aon
cor é. B'fhéidir gur dhuine uasal é i riocht fir siúbhail.
Thuitfeadh neithe ba ghreannmhaire 'ná san féin amach.
Níor dhéin Mainchín ach a mhachtnamh do choimeád aige féin
agus a gháire dhéanamh chómh maith leis an gcuid eile de'n
chómhairle.
"An aisling! an aisling!" arsa cách, nuair a stad
an sult.
"Cár stadadh mé?" arsa Mac Conglinne.
"Ag an gcleith-ailpín," arsa cách.
"Ó, 'seadh," arsa Mac Conglinne.
"'Mic Cleith-ailpín gheanncaigh,
Cos gandail ó'n gcoinnligh.
Mic Potóige caorach,
Mic Maothail, mic Útha,
Mic Geire, mic Saille,
Mic Smiora, mic Smúsaigh.
Mic Creabhair na coille,
Mic Philip ó'n Maoilinn,
Mic Naosgaighe na mainge,
Greim milis do ríghthibh,
Mic Sgadáin ó'n bhfairge,
Mic Bradáin a' h-Eóchail,
Mic Bánbhric ó'n mBríghdigh.
Mic Rígh-Cholamóra.
Mic Ubhaill, mic Áirne,
Mic Silín, mic Pluma,
Mic Caoir chúmhrtha Chárthainn,
Mic Eithne cnó coille.
Mic Spiúnáin, mic Súbha craobh,
Mic Súbha talmhan aibigh,
Mic Sochair gach méithris,
Mic Abéil, mic Adaim."
"Nuair a bhí an méid sin cainte ráidhte aige, a
Mhainchín agus a mhuintir Chorcaighe, b'éigean dómh-sa an
chaint do rádh 'na dhiaigh agus bheith 'ghá rádh go dtí go
raibh sí do ghlan mheabhair agam. Ansan do labhras
féin.
""A dhuin'uasail," arsa mise leis, "ní maith an
rud an chaint sin a mhúineadh do dhuine go mbéadh ocras
agus tart air. Níor beag dó an t-ocras agus an tart
gan é bheith coitchianta ag áireamh na sóghluistí breaghtha
san agus gan fághail aige ar theacht suas leó."
""Ní'l tart na ocras ort-sa anocht," ar seisean.
""Ní'l," arsa mise, "ach béidh amáireach."
""Téanam," ar seisean, "agus taisbeánfad-sa
dúthaigh duit ná bíon tart ná ocras ar aoinne choídhche
ann."
""Ghluais sé amach. Ghluaiseas féin amach 'na dhiaigh.
Thánamar go bruach na faraige. D'fheuchas amach ar an
bhfaraige. Leamhnacht ab eadh an fharaige. Bhí bád i
n-imeal na faraige. Chuaidh sé isteach sa bhád. Chuadhas
féin isteach 'na dhiaigh. De gheir chruaidh a bhí an bád
déanta. Do rug seisean ar cheann des na bataíbh
rámha. Do rugas féin ar an gceann eile. Asna mairt
ab eadh gach bata rámha acu. D'oibrigheamar na bataí
rámha. Do ghluais an bád tríd an leamhnacht. Chonac
féin caraig sa bhfaraige. Thánamar i ngoireacht dí.
D'fheuchas uirthi go cruinn. Gruth ab eadh an charaig.
Do labhair an fear.
""Má bhíon tú ad' aonar ag gabháil an treó so," ar
seisean, "fan amach ó'n gcaraig sin. Tá caraigreacha
báidhte 'na h-aice agus dá dtéidhtheá 'na measg do
brisfí an bád agus do báthfaí sa leamhnacht thú."
""Tá go maith," arsa mise, "ach an gruth iad go léir,
le d'thoil?"
""Tá foth charaig cáise ar a measg," ar seisean,
"agus slisneacha geire, agus asnaidheacha mart, slis-
neacha agus bataí rámha na mbád a briseadh ann ó am
go h-am. Fan amach ó'n áit."
""Fanfad," arsa mise, "gura' maith agat."
"Chomáineamair linn. Ag feuchaint uaim ar bharra
an leamhnachta thugas fé ndeara cnapóga ime agus
cnapóga uachtair, agus fé mar a shuathaimís an leamh-
nacht leis na bataí rámha d'eirigheadh chugainn aníos, i
bhfuirm triosgair, criathra meala agus mion-chnapóga
cáise agus grutha, agus anois a's airís, aníos a' tón-
poill, téadracha breaghtha fada de bhainne-reamhar
ríghin, gur bhreagh le duine bheith 'ghá ghearradh le n'fhia-
calaibh agus 'á shlogadh.
"Chomáineamair linn. Feuchaint d'á dtugas uaim
de dhruim mo ghualan do chonac rud. Chonac oileán
áluinn agus caisleán istigh ann.
""Cad é an t-oileán é sin, le d'thoil?" arsa mise
leis an bhfear.
""Fan leat go fóil," ar seisean, "agus chídhfir le
d'shúilibh féin an t-oileán agus an caisleán agus a
bhfuil istigh sa chaisleán."
"Shroiseamar an t-oileán. Thánamar i dtír. Geir
chruaidh ab eadh an talamh fé n-ár gcosaibh. B'é b'fhada
liom-sa go bhfeicfinn an caisleán. Chuadhmar suas
chuige. Bhí falla mór cosanta 'na thímpal. De bhrícean-
aibh aráin cruithneachtan a bhí an falla déanta, agus
min choirce agus leamhnacht a cuireadh mar mhairtaol
ann, nuair a bhítheas 'ghá dhéanamh. Bhí móta mór,
doimhinn, leathan, mór-thímpal, lasmuich de'n fhalla
chosanta. Leamhnacht a bhí sa mhóta i n-inead uisge.
Bhí drochad ar an móta ar aghaidh gheata an chaisleáin.
D'im úr chruaidh a bhí an drochad déanta, agus bhí falla
bagúin ar gach taobh, mar shlat-drochaid. Chuadhmar thar
drochad. D'osgail an geata dhúinn uaidh féin. Do
bhileógaibh mairtfheóla a bhí an geata déanta, agus é ar
thuisleanaibh agus ar bhacánaibh geire. Chuadhmar isteach.
Ba bhreagh an caisleán é, agus ba chúmtha, agus ba
chórach, agus ba dhaingean. Bhí na fallaí déanta de
bhulógaibh snuidhte agus iad curtha ar a chéile chómh dlúth
sin ná raibh aon tslígh eatartha chun aon ghaoithe do lei-
gint isteach. Istigh sa chaisleán bhí seómraí móra árda,
agus polaí cáise eatartha, a bhí chómh h-árd leis an
gcaisleán féin. Arán cruithneachtan a bhí chómh geal le
sneachta iseadh bhí i n-úrlár an chaisleáin, agus sail-
eana móra fada troma geala, de sheana ghruth chruaidh,
thuas mar rachtaí ag coimeád an chinn air, agus bataí-
snaidhm de sheana bhagún láidir ag coimeád na rachtaí
sin gan leathadh ó chéile.
"Ansúd i dtaobh de'n chaisleán bhí tobar breagh,
agus ní h-uisge fuar a bhí ag eirighe sa tobar san, ach
fíon. Bhí sruthán ag ruith treasna an úrláir, agus ní
h-uisge a bhí sa tsruthán san ach beóir; agus bhí sruthán
eile, i n'aice sin, agus sruthán leanna b'eadh é. Las-
muich de'n chaisleán, idir é agus an fharaige leamhnachta,
bhí loch praisge agus dob' áluinn an barra méith a bhí
air. Bhí an talamh, idir an caisleán agus an fharaige
leamhnachta, leigithe amach 'na gháirdíníbh breaghtha, agus
na cladhacha a bhí ar na gáirdíníbh sin is sgeacha ime a bhí
ortha, agus bláth-bán blonaige ar na sgeachaibh sin. Ar
an dtaobh eile de'n chaislean, idir é agus an cnoc, bhí
coill bhreagh, coill a dhéin fothain áluinn do'n chaisleán
ó'n ngaoith a-dtuaidh sa gheimhre. Isé rud a bhí ag fás
sa choill sin i n-inead adhmaid 'ná cabáiste geal, agus
inniúin, agus meacain, agus an uile shaghas glasraí
a bhéadh foláin chun bídh d'ollamhughadh. Bhí gach aon tor
de'n chabáiste sin chómh mór chómh h-árd leis an gcrann
daraighe is mó d'á bhfeaca-sa riamh. Bhí gach inniún chómh
mór chómh h-árd le crann fuinnseóige. Bhí gach meacan
chómh mór le crann giúise. Mar sin do gach glasra
eile d'á raibh ag fás sa choill sin. Bhíodar chómh mór
chómh h-árd le h-aon adhmad coille, agus bhíodar féin
agus an duilleabhar a bhí ortha chómh borb agus d'fhéad-
fadh glasra bheith.
"Tháinig muintir ar chaisleáin ag triall orainn
agus chuireadar fáilte rómhainn go fial. Bhíodar 'na
suidhe tímpal na teine. Bhí mór-sheisear acu ann.
Is iad a bhí go beathuighthe agus go plúrach agus go círí-
neach. Bhí ar gach duine acu ceann feóla gur bh'fearrde
thú radharc fhághail air. Bhí culaith éadaigh ar gach duine
acu de'n bhlonag ba ghile agus ba ghlaine dob' fhéidir
fhághail, agus cnaipí cáise ins gach casóig agus cnaipí
grutha ins gach bríste. Bhí, fé mhuineál gach duine,
slabhra breagh buidhe d'inniúnaibh óga. An taoiseach a
bhí ortha bhí clóca air a bhí déanta de shaill mairt agus
de gheir úr chaorach agus iad fighte ar a chéile go cliste
agus go h-órnáideach. 'Na suidhe i n-aice an taoisigh
sin bhí a bhan-chéile, agus cóir éadaigh uirthi chómh h-uasal
díreach agus bhí ar an dtaoiseach féin. Bhí coire mór ar
an dteine agus é lán de'n uile shaghas feóla d'á
fheabhas, agus 'na sheasamh ar aghaidh an choire sin bhí
cócaire eólgaiseach agus a ael trí mbeann ar a ghua-
lainn aige, agus é ollamh chun aon tsaghas feóla do
h-iarfaí air do thógaint ainíos as an gcoire leis an ael
sin. Bhí bior ar aghaidh na teine amach agus trí nó
ceathair de shaighseanaibh feóla ar an mbior, d'á róstadh,
agus balaith ó'n bhfeóil sin a chuirfeadh mian tuille bídh
ar dhuine ná béadh ach tar éis a dhóithin do chaitheamh i
láthair na h-uaire sin.
"Nuair a chonac féin an radharc san go léir tháinig
machtnamh chugam. Chuimhnigheas ar an gcás so 'na bhfuil
Cathal Mór mac Finguine, rígh Mumhan, agus ar an
gcás 'na bhfuil an Mhumhain go léir mar gheall ar an
airc seo chun bídh atá ar Chathal. Thuigeas am' aigne
gur mhór an truagh gan an radharc san do thabhairt do
Chathal mar go mb'fhéidir go sásóchadh an radharc é agus
go n-imtheóchadh an airc dé."
D'éirigh Mainchín.
"A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," ar seisean,
"measaim féin, sar a gcrochtar an cuirptheach so, gur
fearr é chur ag triall ar an rígh agus leigint dó an
aisling seo d'innsint 'na láthair. Fear iseadh Cathal
go bhfuil speóis ana mór aige i sgéaluigheacht shultmhar,
agus gheabhaidh sé sult agus caitheamh aimsire sa n-ais-
ling seo, agus gheabhaidh a theaghlach caitheamh aimsire
inti, agus teaghlach an fhir 'n-a bhfuil Cathal i n'fhochair
anois. Cá bh'fhios, mar a deir an fear so féin, ná
go mb'fhéidir go ndéanfadh an aisling tairbhe eile i
n-éaghmuis an chaitheamh aimsire. B'fhéidir go n-imtheó-
chadh an airc de Chathal an fhaid a bhéadh sé ag éisteacht
leis an aisling."
Do thoiligh an chómhairle go léir láithreach chuige sin.
Ní h-amhlaidh a bhí aon tsúil acu go leighisfí Cathal. Ní
h-eadh, ach bhí gach aon tsúil acu na feicfidís an cuirp-
theach airís. Bíodar cortha a ndóithin dé, agus ba chuma
leó cá raghadh sé ach go mbéidís féin sgartha leis.
Mheasadar, luath nó mall, go n-éalóchadh sé uatha nuair
a bhéadh an sgeímhle fághalta aige, díreach mar éaluigh-
eadh a leithéidí i gcómhnuighe nuair a bhítí chun iad a
chrochadh. Níor éaluigh, agus bhíodar i bpúnc mar gheall
air. Ní fheadradar cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh leis.
Bhí áthas mór ortha nuair airigheadar caint Mhainchín.
"Curtar ag triall ar an rígh e!" ar siad go léir.
"Ní'l an aisling innste fós agam, a Mhainchín agus
a mhuintir Chorcaighe," arsa Mac Conglinne.
Deir an seana leabhar gur inis sé an chuid eile
de'n aisling dóibh ansan, ach níor cuireadh síos an chuid
eile sa n-áit seo de'n leabhar.
Caibidiol a h-Ocht.
NUAIR a bhí an aisling innste ag Mac Conglinne do
labhair Mainchín airís.
"Imthigh anois ag triall ar an rígh agus inis an
aisling sin dó. Cá bh'fhios ná go leighisfeá é ó'n olc
uathbhásach so atá air."
"Má leighisim an rígh," arsa Mac Conglinne, "cad
é an díolfiach atá le fághail agam as?"
"Nach maith an díolfiach duit do chorp agus t' anam
do leigint leat saor ó'n gcroich?" arsa Mainchín.
"Ní maith," arsa Mac Conglinne. "Ní'l aon bheann
agam-sa oraibh féin nó ar bhúr gcroich," ar seisean,
"agus is ró mhaith atá 'fhios agaibh ná fuil. An t-é
gheabhaidh bás ar staid na ngrást is cuma dhó cia 'cu le
croich nó le faobhar nó le taom breóiteachta a gheabhaidh
sé bás. Béidh dóirse na bhflathas ar osgailt roimis
agus béidh na fíoraéin go léir ag teacht ag cur fáilte
roimis, ó Ádam agus a mhac Ábel anuas go dtí an
fíoraon is déanaighe d'fhág an saoghal so sa phúnc
aimsire 'na bhfuilimíd anois. Béidh naoi ngráid na
n-aingeal, idir Chirophim agus Sarophim, ag seinnim
ceólta na bhflathas d'á anam ar feadh na síoruidheachta,
i radharc na Tríonóide ró Naomhtha. Cad é sin d'á
leithéid sin cad a dhéanfaidh Cathal mac Finguine, ná fir
Mumhan, ná muintir Chorcaighe, ná Mainchín, ná a
mhainistir, ná aon nídh eile ar an saoghal so!"
"Cad é an díolfiach a bhéadh uait," arsa Mainchín
"dá leighisteá Cathal?"
"Ní ró mhór a bhéadh uaim," arsa Mac Conglinne.
"Ní iarfad ach an cochal beag san atá ar cheann Mhainchín.
Is cuimhin libh, a mhaithe Chorcaighe, conus mar a h-iaradh
an cochal san cheana ar Mhainchín agus nár bh'fhéidir é
fhághail uaidh. Is cuimhin libh conus mar a dhéin cléirigh
Leath Mhogha go léir trosgadh i n-aonfheacht feuchaint an
bhfaighidís an cochal beag san, agus conus mar a dh'eitigh
Mainchín iad ar an gcochal. Má leighistear Cathal mac
Finguine ó'n olc so atá air, tré innsint na h-aislinge
seo dhó, ní iarfar de dhíolfiach as an leigheasach an cochal
beag san."
D'iompuigh a líth i Mainchín nuair airigh sé an chaint sin.
"Is beag agat-sa an cochal so," ar seisean, "ach is
mór agam-sa é. Tá mo chúis féin agam leis sin. Ní
féidir dom an chúis a dh'innsint daoibh-se. Ach deirim
an méid seo libh, i láthair Dé agus Bharra. Dá mba
liom a bhfuil de thalamh i gcrích Chorcaighe, ó lár go
h-imeal, do sgarfainn leis níos túisge 'ná mar a
sgarfainn leis an gcochal mbeag so!"
"Ní ceart san!" arsa cách d'aon ghuth. "Ní ceart
an cochal do chur i gcomparáid le leigheas Cathail agus
le teasargan na Mumhan. Má leighistear an rígh
leighisfear an Mhumhain go léir. Ní maith an gníomh do
Mhainchín Cathal agus Leath Mhogha choimeád gan leigheas
mar gheall ar an gcochal. Is mairg dó ná tabharfadh
uaidh an cochal!"
Thuig Mainchín nár bh'fholáir dó géilleadh.
"Tabharfad an cochal," ar seisean, "agus níor
tugadh riamh fós, agus ní tabharfar choídhche, aisge chómh
deacair a thabhairt. Tabharfad an cochal ar an gcuma
so. Curtar an cochal ar láimh Easboig Chorcaighe.
Ansan, má leighisean an duine seo an rígh tugadh an
t-Easbog an cochal dó, agus mura leighisidh tugadh an
t-Easbog an cochal thar n-ais dom féin."
Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san.
D'órduigh maithe Chorcaighe an cochal do chur ar láimh an
Easboig agus é fhágaint ar a láimh go dtí go bhfeicfí
cad a thiocfadh.
Nuair a bhí an socarughadh san déanta do tugadh cead
a chos do Mhac Conglinne, agus dúbhradh leis dul agus
an aisling a dh'innsint i láthair Chathail mhic Finguine,
righ Mumhan.
"Cá bhfuil Cathal anois?" arsa Mac Conglinne.
"Tá sé thiar," arsa Mainchín, "i dtigh Phicháin mhic
Maoile Finne, rígh na n-Eachach, ag Dún Chóba, i gcoigcrích
ua n-Eachach agus Corca Laoighdhe. Imthigh anois agus ná
leig puinn aimsire thort go mbéir ann."
D'imthigh sé, agus ní misde a rádh ná go raibh áthas
ar a raibh i gCorcaigh nuair a fuaradar imthighthe é. Bhí
áthas ar Mhainchín mar bhí sé ciapaithe glan uaidh. Bhí
gnó na mainistreach curtha i n-aimhréidh aige i dtreó nár
bh'fhios cathain a bhéadh gach nídh i n'áit féin agus gach
obair i n'am féin airís acu. Bhí áthas ar mhuintir
Chorchaighe mar ba bheag ná go raibh mí-mheas ag teacht
ortha féin agus ar a ndlíghthe agus ar fheidhm a ndlíghthe,
mar gheall air. Bhí áthas mór ar an lucht coimeádta.
Níor tugadh a leithéid riamh roimis sin dóibh le coimeád.
Thuigeadar 'na n-aigne, i n-inead iad a bheith 'na lucht
coimeádta air-sin, gur bh'eisean a bhí ag déanamh an
choimeádta ortha-san. Dob' fhuasgailt dáiríribh leó é
bheith imthighthe uatha, agus neart a bheith dhóibh aghaidh a
thabhairt ar ghnó éigin eile. Bhíodar cortha, cráidhte ó
bheith ag faire air, agus ná feadradar cad é an neómat
a dearfadh sé rud éigin, no dhéanfadh sé rud éigin, a
chuirfeadh i bpúnc iad.
Ghluais Mac Conglinne air siar go Dún Chóba, go
tigh Phicháin mhic Maoile Finne. Bhí Cathal agus a ghnáth-
theaghlach ann.
An áit 'na mbíodh an rígh agus a ghnath-theaghlach bhíodh
cruinnighthe ann a lán lucht cleas agus lucht spóirt
agus lucht greannmhaireachta, agus iad ag déanamh
suilt dos na h-uaislibh, ag brath air go bhfaighdís
síntiús. Bhídís ag déanamh dán agus ag déanamh rámh-
chán agus ag spídiuchán ar a chéile, mar 'dh eadh, nó ag
déanamh magaidh fé chuid des na h-uaislibh féin chun na
cod' eile chur ag gáiridhe úmpa. Is 'mdhó sult agus
greann agus filidheacht mhaith agus freagra géar-
chúiseach a thagadh uatha, agus is mór an caitheamh aimsire
a gheibheadh na h-uaisle asta go minic, agus is minic a
díoltí go maith iad, nuair a dhéinidís sult éigin ab
fhearr 'ná 'chéile.
Isteach 'na measg san iseadh chuaidh Mac Conglinne,
ar an gcéad ásg, chómh luath a's do shrois sé tigh Phicháin.
Chrom sé ar spórt a dhéanamh chómh maith le cách. Chuir
duine acu air. Má chuir, ba ghearr go raibh an fear
san 'na stáicín áiféis d'á raibh láithreach. Chuir duine
eile air. Má chuir, do tháinig sé as níos measa 'ná an
chéad fhear. Ba ghearr go rabhadar go léir, idir íseal
agus uasal, ag faire ar an uile fhocal d'á dtagadh ó
bhéal Mhic Conglinne agus ar an uile chor d'á gcuireadh
sé dhé, agus nach túisge a bhíodh anál acu d'á fhágháil ó
aon tritheamh amháin gáirí 'ná mar a bhíodh tritheamh
eile tagaithe ortha, i dtreó go mbíodh teinneas
'na n-asnaidheachaibh agus uisge le n-a súilibh, agus
gan ionta focal do labhairt. Thugadar go léir suas é
do'n fhear iasachta, nár tháinig riamh isteach i n-aon
chuideachtain 'na rabhdar, cleasaidhe chómh glic, file chómh
gunta, bearrthóir chómh cliste, fear spóirt chómh sultmhar,
cainteóir chómh bríoghmhar, freagarthóir chómh tapaidh chómh
do-chlaoidhte.
Ar ball, nuair a bhí an spórt i leith taoibh agus na
daoine ag caint agus ag gáiridhe agus ag cur ráidhte
Mhic Conglinne i gcuimhne dh'á chéile, tháinig Pichán féin
agus do labhair sé le Mac Conglinne.
"A mhic léighinn," ar seisean, "tá mórán spóirt
tabhartha agat dúinn agus morán suilt, agus is maith
chuige thú, ach níor chuiris meidhir ná súbhachas orm-sa."
"Agus cad fé ndeara dhuit bheith chómh dúbhach, a rígh?"
arsa Mac Conglinne.
"An amhlaidh nách eól duit, a mhic léighinn," arsa
Pichán, "an t-olc uathbhásach so atá ar an righ? Tá airc,
nó deamhan, nó droch nídh éigin nach féidir a leigheas,
istigh 'na ghoile. Ní féidir choídhche a dhóithin le n-ithe ná
le n-ól a thabhairt dó. Tá uaisle na Mumhan creachta
aige, a d'iaraidh a dhóithin bídh agus díghe thabhairt dó,
agus, i dteannta iad a bheith creachta, tá náire shaoghalta
tabhartha aige dhóibh mar ní fhéadan a ndícheal an tart
ná an t-ocras a bhaint dé. Tá buairt agus brón ortha,
a bheith le rádh ar fuid Éirean anois, agus a bheith le
casadh le n-a sliocht go deó, an t-ocras agus an tart a
bheith ar an rígh agus nár fhéadadar a dhóithin le n-ithe ná
le n-ól a thabhairt dó. Is cruaidh an cás é, a mhic
léighinn, agus isé fé ndeara dhómh-sa gan puinn suime
bheith agam i sult ná i súbhachas. Tá biadh agus deoch
agam 'á sholáthar dó ó tháinig sé chugam anso ar an
gcuaird seo, agus ní fhéadan mo dhícheal a dhóithin a
thabhairt dó. Tá mo dhúthaigh sgriosta aige. Béidh mé
féin agus mo thuatha beó bocht sar a mbéidh an chuaird
críochnuighthe agus é ag imtheacht uainn."
"Cad a thabharfá dhómh-sa, a rígh," arsa Mac Cong-
linne, "dá gcuirinn cosg le n-a ghoile dhuit ó 'nocht go
dtí an taca so amáireach agus é dhéanamh ar chuma nár
bhaoghal duit fearg a chur air?"
"Cosg le n-a ghoile ar feadh cheithre h-uaire fichid!"
arsa Pichán. "Am briathar, a mhic léiginn, dá mbéadh
oiread eile cleas agat, gur b'shin rud ná féadfá
dhéanamh. Pé rud a déarfá, ná pé rud a dhéanfá, ná pé
cor a churfá dhíot, ní fhéadfá Cathal do chosg ar bhiadh chur
'n-a bhéal dá mbéadh an biadh 'na láimh aige."
"Dar ndó, má theipean orm ní bhéidh ort díol. Cad
a thabharfair dom má dhéinim an bheart?" arsa Mac
Conglinne.
"Tabharfad fáinne óir duit agus each Breathnach,"
arsa Pichán.
"Am briathar, a rígh, go dtabharfair, agus tuille 'na
theannta, agus ní tuille beag é, sar a nglacfar uait
é," arsa Mac Conglinne.
"Tabharfad," arsa Pichán. "Gheabhair caora bhán
as gach cró caorach ó Charn go Corcaigh. Má chuirean tú
cosg le goile Chathail ar feadh cheithre h-uaire fichid béidh
Cathal leighiste agat. Má fhanan sé cheithre h-uaire
fichid gan biadh béidh deire leis an olc atá air, agus
béidh gníomh déanta agat-sa atá teipithe ar liaghaibh na
h-Éirean go léir. Má dhéinean tú an gníomh san
gheabhair mar a deirim. Má theipean ort ní bhéimíd
blúire beirthe ná caillte leis. Má dheinean tú an
gníomh gheabhair-se na caoire bána. Má theipean ort
íosfaidh Cathal iad."
"Tá go maith, a rígh," arsa Mac Conglinne. "Déan-
fad-sa an bheart. Ach ní mór dom deimhne bheith agam ar
mo thuarasdal. Dá mbéadh Cathal leighiste bhéadh an
Mhumhain go léir ar na stárthaíbh le neart áthais agus
mire agus mór chroídhe. Ní h-orm-sa ná ar mo chaoire
bána a bhéadh daoine ag cuimhneamh ansan, ach ortha féin
agus ar Chathal, agus ar an bhfuasgailt a bhéadh fághalta
ag gach aoinne. Ba ghearr go bhfágfaí mise gan caoire
agus bhéadh sé fuar agam beith 'ghá lorg."
"Agus cad é an deimhne ba mhaith leat fhághail air go
bhfaghfá na caoire?" arsa Pichán. "Cad é an tacaidh-
eacht a bhéadh uait?"
"An tacaidheacht is gnáth le rígh a thabhairt ins na
fiacha a bhíon air," arsa Mac Conglinne. "A bhriathar
féin go cuirfidh sé m'éileamh i bhfeidhm, agus go ndéan-
faid brughaidh agus filí agus lucht cáinte cabhrughadh
leis sa ghnó go dtí go mbéidh mo chuid tabhartha dhom
sa n-iomláine. Gan órdughadh ó'n rígh ní admhóchfaí
m'eileamh. Gan cabhrughadh ó uaislibh na tíre d'fhanfadh
mo chuid amuich uaim. I n-aimhdheóin gach díchil bhéadh
daoine ná tabharfadh uatha an chaora bhán úd mura
gcurfaí eagal ortha. D'á bhrígh sin ní foláir dom filí
agus lucht cáinte chun idir rígh agus uaisle agus daoine
d'aoireadh agus do cháineadh agus do ghearradh mura
ndíoltar m'fhiacha liom sa n-iomláine."
"Gheabhair gach nídh dhíobh san, a mhic léighinn," arsa
Pichán. Ansan do naisg Mac Conglinne ar Phichán na
coinghíll sin go léir, agus do cheangal Pichán é féin
chun na gcoinghíoll go léir do chómhlíonadh.
Um an dtaca 'na raibh an méid sin déanta bhí aimsir
dínnéir ann. Bhí na h-uaisle go léir ag cruinniughadh i
dtreó an tseómra mhóir, seómra an bhídh, agus bhí Cathal
ar an gcéad duine chuaidh isteach ann. Bhí, mar ba ghnáth,
na h-ubhla ar na seithíbh, chun tusnuighthe. Thug Cathal
aghaidh ar na h-ubhlaibh, agus deir an seana leabhar nár
thug sé uain d'á sheirbhíseach ar leath-éill a bhróige d'os-
gailt sar a raibh sé ag stupadh na n-ubhall isteach 'na
bhéal le n-a dhá láimh agus 'ghá n-ithe; agus an fothram
a bhí aige 'á dhéanamh le n-a dhá chorán ag meilt agus ag
cogaint na n-ubhall, do h-airigheadh é ins gach aon pháirt
de'n rígh-theach. Bhí an chuideachta go léir ag éisteacht
leis an meilt, ach ní leigfeadh eagla d' aoinne acu
ubhall a chur 'na bhéal féin.
Bhí Mac Conglinne ann. Do stad sé ar feadh
tamaill ag éisteacht leis an meilt. Bhí sé sa
taobh thall de'n tseómra ar aghaidh Chathail anonn.
I gceann tamaill do chrom sé ar fhothramh a dhéanamh le
n-a bhéal féin, ag aithris ar an meilt a bhí ag Cathal 'á
dhéanamh ag cogaint na n-ubhall. Ag blasachtaigh, nó ag
fáscogaint, a thugan an seana leabhar ar an rud a bhí
ag Mac Conglinne dh'á dhéanamh. Bhí an chuideachta ag
faire, agus iad ag gáiridhe fé n-a n-anál, feuchaint cad
a dhéanfadh Cathal nuair a thabharfadh sé fé ndeara
áilteóireacht an fhir iasachta. Níor chuir Cathal aon
tsuim i n-aon chor ann. Bhí oiread san fothraim agá
bhéal féin 'á dhéanamh nár fhéad sé aon fhothram eile
thabhairt fé ndeara. Bhí cloch mhór thall i gcúinne an
tseómra, cloch go ndeintí faobhar a chur ar arm léi.
Cloch mhór throm ab eadh í, agus bhí soc caol ar cheann dí
mar a bhéadh ar inneóin. D'eirigh Mac Conglinne agus
siúd anonn é chun na cloiche. Thug sé leis í agus do
shuigh sé airís sa n-áit chéadna. Bhuail sé an chloch ar a
ghlúin chuige agus sháidh sé an ceann caol di 'na bhéal.
Chrom sé ar a fhiacla do mheilt i gcoinnibh na cloiche,
mar 'dh eadh go raibh sé 'ghá cogaint. Seo mar adeir an
seana leabhar:-
"Iseadh admhuíghid lucht eóluis agus seanóirí agus
leabhair Chorcaighe, ná raibh duine istigh sa dún, ná i
gcómhgar an dúna lasmuich, nár airigh fuaim a dhéd i
gcoinnibh na cloiche, bíodh go raibh an chloch ana shleamhain."
Thóg Cathal a cheann agus d'feuch sé ar Mhac Cong-
linne. Chómh luath agus bhí a raibh d'ubhlaibh 'na bhéal
sluigithe aige do labhair sé.
"Airiú, a mhic léighinn," ar seisean, "cad d'imthigh
ort, nó cad fé ndeara dhuit bheith as do mheabhair?"
"Tá dhá nídh ag cur orm, a rígh uasail," arsa
Mac Conglinne. "An chéad nídh dhíobh," ar seisean,
"Cathal mac fíor-áluinn Finguine, árdrígh Mór-Leithe
Mogha Nuadhat, árd chosnamhaidhe Éirean i n-aghaidh
Chlainne Chuinn Chéadchathaigh, fear do h-óirdneadh ó Dhia
agus ó dhuilibh, laoch saor so-chinéalach d'Eóganacht
gríbhdha Gleannabhrach ó chinéil a athardha, a olcas
liom-sa é dh'fheisgint ag ithe bídh i n'aonar. Agus an
tarna nídh," ar seisean, "dá mbéadh daoine anso indiu
ó dhúthaibh iasachta, ag teacht chun achainíghe nó aisge nó
fabhar d'iaraidh ar an rígh, go ndéanfaidís iongnadh dhé
mura bhfeicfidís m'ulchain-se ag cómhsgísachtaigh le t'ul-
chain-se."
"Is fíor!" arsa Cathal, agus thug sé ubhall do
Mhac Conglinne, agus le n-a linn sin do sháidh sé dó no
trí d'ubhlaibh isteach 'na bhéal féin.
Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar an uile dhuine
d'á raibh láithreach nuair a chonacadar Cathal ag tabhairt
an ubhaill sin do'n mhac léighinn. I gcaitheamh na dtrí
leath bhliaghan 'na raibh an deamhan i ngoile Chathail,
oiread agus ubhall, ná aon bhlúire eile bídh a thárla 'na
láimh, níor sgar sé leis gur chuir sé 'na bhéal féin é.
Dar leó go léir, dob' éachtach an gníomh dó an t-ubhall
san a thabhairt do'n chleasaidhe.
Chuir Mac Conglinne an t-ubhall 'na bhéal, agus ba
ró ghearr an mhoill air é mheilt.
"Is fearr dhá ubhall 'ná aon ubhall amháin sa mhuil-
ean so," ar seisean.
Chuir Cathal an tarna h-ubhall ag ruith fan an
úrláir chuige. Bhí an t-ubhall san 'na bhéal agus ithte
ag Mac Conglinne ar leagadh na súl.
"Uimhir na Tríonóide!" arsa Mac Conglinne. Bhí
'fhios aige an uraim a bheith ag Cathal do'n Chreideamh.
Thug sé an trímhadh h-ubhall dó.
"A ceathair; leabhair an tSoisgéala, é h-uraim
do Thiomna Chríost!" arsa Mac Conglinne.
Chaith Cathal chuige an cheathramhadh ubhall.
"A cúig; leabhair Mhaoise; le h-uraim do dheich
n-aitheanta na sean dlíghe."
Thug Cathal an cúigmhadh h-ubhall dó.
"A trí faoi dhó, nó a dó fó thrí, sin a sé. Tabhair
dhom an sémhadh ceann," arsa Mac Conglinne.
Chaith sé ubhall i n-urchar chuige.
"Na seacht neithe a targaireadh do d'Dhia ar talamh:
a Incholna, é bhreith, a bhaiste," arl.
Thug sé ubhall dó.
"Ocht mbiati an tSoisgéala, ó 'siad a bhíon i
gcómhnuighe ag stiúrughadh do rígh-bhreithe, a rúiri rígh-
bhreithigh," arsa Mac Conglinne.
Thug sé ubhall dó.
"Naoi ngráid na bhflathas, ó's tú a riaras gráid na
talmhan."
Do sgaoil sé ubhall chuige.
"Is leat-sa an deachmhadh grád, grád na beatha so, a
chosnamhaidhe an chúige."
Thug sé ubhall dó.
"Áireamh na n-Aspol nuair a bhí Iúdás i n-easnamh
ortha."
Thug sé ubhall dó.
"Aireamh iomlán na n-Aspol," arsa Mac Cong-
linne.
Thug sé ubhall dó.
"An t-áireamh atá uasal tar gach áireamh," arsa
Mac Conglinne, "Críost os cionn na n-Aspol!"
Do léim Cathal agus chuir sé búirth as.
"Ó!" ar seisean, "dar Barra ach íosfaidh sé mé
féin sa deire!"
Do rug sé ar an seithe agus do steall sé na h-ubhlá
ar fuid an úrláir. Do dhubh a ghnúis le feirg. Do súghadh
súil leis siar 'na cheann i dtreó ná tabharfadh peata
cuirre as í. Do leath an tsúil eile gur dhóich leat go
raibh sí chómh mór le h-ubh circe, agus í ag spréacharnaigh
le feirg. D'imthigh sé anonn go dtí an chathaoir ríoga,
agus chaith sé é féin 'na shuidhe inti, agus le linn suidhte
dó inti thug sé a leithéid d'únfhairt dó féin gur chrith an
rígh-theach go léir.
Do léim Mac Conglinne anonn láithreach agus chaith
sé é féin ar an dtalamh ar aghaidh Chathail amach.
"Úmhluighim duit, a rígh," ar seisean, "do chos ar mo
ghruadh! Ná cuir do mhallacht orm! Ná bain neamh
díom!"
"Cad chuige dhuit é dhéanamh, a mhic léighinn?" arsa
Cathal.
"D'eirigh aréir idir mé féin agus muintir Chorcaighe
agus chuireadar a mallacht ó chroídhe orm. Siné fé
ndeara dom é bheith de mhí-ádh orm an méid seo dhéanamh."
"Eirigh as, a mhic leighinn," arsa Cathal, "ach dar
Imliuch Íbhair, dá mba bhéas dómh-sa mac léighinn a
mharbhadh bhéadh teacht gan imtheacht ort."
Innsean an seana leabhar cad é an chúis an dearbh-
ugadh san a bheith ag Cathal 'na bhéal. Nuair a bhíodh sé
ag imtheacht ar fuid na dúithe ag lorg bídh, agus a bhrat
odhar uime, agus a chlaidheamh fhada chruaidh dhíreach 'na
láimh chlé aige, is i n-Imliuch Íbhair a gheibheadh sé a dhóithin
mion-aráin le n-ithe. Tháinig sé lá, i n-Imliuch Íbhair, go
tigh mic léighinn a bhí ann. Do cuireadh carn mór aráin
os a chómhair. Bhí Cathal ag ithe an aráin. Bhí an mac
léighinn ag léigheadh a leabhair. Nuair a bhíodh leathanach
de'n leabhar léighthe ag an mac léighinn, i n-inead na
bileóige d'iompáil le n-a mhéir, is amhlaidh a shíneadh sé
amach a theanga agus d'iompuigheadh sé an bhileóg le n-a
theangain.
"Nár bh'usa dhuit, a mhic léighinn," arsa Cathal,
"do mhéar a fhliuchadh agus an bhileóg d'iompáil léi 'ná
bheith ag síneadh do theangain amach ar an gcuma san?"
"Ní h-usa, a rígh," arsa 'n mac léighinn, "mar
ní'l oiread fliuchra am' béal agus do fhliuchfadh mo mhéar.
Táim seirgthe, triomuighthe ó'n slógadh so a bhíon coit-
chianta ag gluaiseacht amach go h-imeal an tsaoghail
ag marbhadh daoine. Ní'l ionam ach mar a bhéadh smut
d'fhabhra na bulóige agus é súighte le teine agus le
luaith agus le deatach, 'na chrústa chruaidh thirm. Ní'l
blúire ime ná saille ná feóla agam, ná aon bhraon
díghe mura n-ólainn bolmac d'uisge leamh an locháin;
i dtreó go bhfuilim gan lúth gan neart gan fuin-
neamh; agus mar bharra ar gach ndonas, an slógadh!"
"Dar Barra," arsa Cathal, "ach ní bhéidh san le
rádh airís agat-sa ná ag aoinne eile de d' ghairm
beatha. An fhaid a bhéad-sa beó ní h-iarfar airís ar
chléireach dul ar aon tslógadh liom."
Go dtí san bhíodh ar chléireachaibh dul ar gach slógadh
le rígh Éirean mar aon fhear eile, agus do bhain Cathal
díobh an uair sin é.
Chuir sé a bheannacht rígh ar Imliuch, gan an áit a
bheith choídhche gan flúirse mion-aráin do dheóraithibh ann.
Ba mhaith an bhail ar Mhac Conglinne an báidh san a
bheith ag Cathal do mhacaibh léighinn.
Caibidiol a naoi.
"A RÍGH uasail árd chómhachtaigh," arsa Mac Cong-
linne, "iaraim ort as ucht do chómhachta ríoga
agus as ucht na h-úmhluigheachta is dual ó dhaoinibh duit,
aisge bheag a thabhairt dom sar a n-imthighead!"
"Cá bhfuil Pichán?" arsa Cathal.
Do glaodhadh isteach ar Phichán.
"Tá an mac léighinn sin ag lorg aisge orm, a
Phicháin," arsa Cathal. "Ní fheadar-sa cé h-é féin, nó
an ceart an aisge thabhairt dó. Cad deirir-se?"
"Is ceart í thabhairt dó, a rígh," arsa Pichán.
Is sean fhocal é gur "ar sgáth a chéile a mhairid na
daoine." Is gnáth, le h-imtheacht aimsire agus do réir
mar a chídhtear gádh leó, go bhfásaid nósa áirighthe i
ngach treabhchas daoine a bhíon so-bhéasach agus úmhal do
dhlíghthibh. Is minic go mbíon feidhm na nós san níos
treise 'ná feidhm na ndlíghthe féin. I n-aice na ndlíghthe
iseadh fhásaid na nósa, agus is minic gur b'é an nós a
thugan neart do'n dlígh. Bhí a lán nós de'n tsórd san
i n-Éirinn fadó nuair a bhí ár ndlíghthe féin againn.
Dheabhróchadh an sgéal gur ar nós díobh san atá trácht
anso i dtaobh na n-aisgeacha so a bhíodh ag Mac Cong-
linne 'á iaraidh. Gach aon uair a bhítheas chun é chrochadh
d'iar sé aisge. Gach aon uair. a dh'iar sé aisge dob'
éigean an aisge thabhairt dó. Cídhtear as san gur bh'é
a cheart, do réir nóis na tíre, an aisge dh'fhághail.
Mura mbéadh gur bh'é sin nós ná tíre an uair sin ní
chuimhneóch' an sgéalaidhe i n-aon chor ar a leithéid de
rud, agus ní lúgha ná mar a thuigfeadh na daoine go
raibh an sgéal le h-innsint dóibh, brígh na cainte.
Nuair a gheibheadh an t-é bhíodh le crochadh an aisge, agus
nuair a h-iartí air an aisge bhíodh uaidh d'innsint, dhiúl-
tuigheadh sé d'í dh'innsint go dtí go dtugtí deimhne dhó
go bhfaghadh sé í. Taisbeánan san gur bh'é a cheart, do
réir nóis na tíre, an deimhne sin d'fhághail. Mura
mbéadh go raibh san amhlaidh ní chuimhneóchadh an sgéalaidhe
i n-aon chor air. Dá gcuimhnigheadh sé as a mhachtnamh
féin air, agus dá gcuireadh sé sa sgéal é, ní tuigfí a
chaint agus is amhlaidh a béidhfí ag magadh fé.
Nuair a léighid cuid d'ár sgoláirí an sgéal anois
téidhean sé sa mhuilean ortha.
"Is ait an nídh é seo," adeirid siad leó féin.
"Duine a d'iaraidh achainighe orm, agus ansan é ag cur
ceangal agus constaicí orm chómh maith agus nár bh'
achainighe i n-aon chor a bhéadh uaidh ach rud éigin a bhéadh
le fághail aige gan bhuidheachas dom! Ní mheasaim gur
dhaoine ró chiallmhara muintir na h-Éirean sa tsean
aimsir sin."
Tá go breagh, a sgoláire. Ná bíodh aon iongnadh
ort mé 'ghá rádh leat nách iad muintir na h-Éirean a bhí
gan chiall an uair sin ach gur tusa atá gan tuisgint
anois. Bhí nós áirighthe sa tír seo, agus thall i Sasana,
tá suim bliaghanta ó shin ann. Tá an nós beó borb,
thall sa bhFrainc fós. Do réir an nóis sin, dá mbéinn
ag gabháil an bhóthair ar mo shuaimhneas, gan aon chur
isteach ná amach agam 'á dhéanamh ar aoinne beó, agus
go dtiocfadh rascail suas chugam agus go gcaithfeadh sé
seile idir an dá shúil orm, gan chúis gan ádhbhar, bhéadh
orm seasamh i lár páirce agus caoi thabhairt do'n ras-
cail sin ar phléar a chur tré m'chroídhe! Cad deirir
leis sin, a sgoláire? Cé 'cu is mó an chiall atá sa
nós san nó sa nós úd a thug do Mhac Conglinne caoi ar
aisge dh'iaraidh sar a' gcrochfaí é, agus ar an aisge chur
i n-áirighthe dó féin le ceangalaibh cruadha? Dá dtagadh
Mac Conglinne ar an saoghal so airís, agus go bhfeic-
feadh sé an nós so na gcómhlann onóra, cad é an meas
is dóich leat a bhéadh aige ar chiall na h-aimsire seo?
Nós ana thairbheach ab eadh an nós úd na h-aisge.
D'á chruinne a déanfaí cás do thriail is féidir duine
dhaoradh sa n-éagcóir. Is maith an rud an righneas chun
na h-éagcóra san do sheachaint. Nuair iaradh an cime
an aisge, pé rud eile dhéanfadh an aisge dhéanfadh sí
righneas. B'fhéidir gur minic a dhéanfadh sí níos mó 'ná
righneas. Dá n-iartí an aisge cheart b'fhéidir gur minic
a thabharfadh sí an fhírinne chun soluis agus go saorfaí
an neamhchiontach ó'n gcroich.
Pé 'r domhan é, bhí an nós ann, agus do thuig ár
sinnsear a thairbhe. Agus taisbeánan an sgéal so go
raibh an nós ana dhaingean, chómh daingean san ná raibh
ar chumas an rígh féin an nós do bhriseadh.
Taisbeánan an sgéal leis go raibh neart dó'n chime
an aisge dh'iaraidh nuair a curfaí pionós air ba lúgha
'ná é chrochadh. Ní le crochadh a bhí Mac Conglinne nuair
iar sé an aisge ar Chathal, ach le díbirt.
"Tabhair aisge bheag dom," ar seisean, "sar a
n-imthighead." Ní dúbhairt an rígh leis glanadh as a
radharc, mar a déarfadh sé dá mba ná béadh brígh ná
feidhm le n-a chaint. Ní h-eadh, ach bhí an sgéal chómh
dian, chómh contabharthach san gur chuir an rígh fios ar
Phichán chun an sgéil a chur 'na chómhairle. Bhí 'fhios ag
Pichán go raibh rud éigin ar aigne ag Mac Conglinne
nár thuig aoinne eile. Bhí 'fhios aige go ndúbhairt an
cleasaidhe go gcuirfeadh sé fheuchaint ar an rígh fanmhaint
gan bhiadh gan deoch ar feadh lae agus oídhche. Níor chreid
sé gur bh'fhéidir é dhéanamh. Ach bhí an chuideachta go léir
ag feuchaint ar Chathal ag tabhairt na n-ubhall do'n
chleasaidhe, agus mura mbéadh go bhfeacadar an méid
sin ní chreidfidís go bhféadfaí a chur fheuchaint ar Chathal
é dhéanamh. Bhí Pichán agus an chuideachta ollamh ar aon
rud a chreideamhaint nuair a chonacadar an méid sin.
D'á bhrígh sin, chómh luath agus d'iar Cathal cómhairle
Phicháin i dtaobh na h-aisge a bhí ag an mac léighinn 'á
iaraidh, dúbhairt Pichán láithreach an aisge thabhairt dó.
"Tabharfar," arsa Cathal. "Cad í an aisge atá
uait?"
"Sar a n-innsead an aisge, a rígh," arsa Mac Cong-
linne, "caithfead deimhne fhághail air go bhfaghad í."
"Gheabhair," arsa Cathal. "Cad é an deimhne atá
uait?"
"An deimhne is fearr fhéadfadh a bheith ag duine;
do bhriathar flatha ann," arsa Mac Conglinne.
"Mo bhriathar flatha ann duit go bhfaighir an aisge
Cad 'tá uait?" arsa Cathal.
"D'eirigh toirmeasg aréir," arsa Mac Conglinne,
"idir mé féin agus muintir Chorcaighe, agus chuireadar
go léir a mallacht orm, agus siné fé ndeara dhom an
rud so a dhéineas anso anois ort-sa. Ní'l ach aon nídh
amháin a shaorfaidh mé ó'n mallacht san a chuir muintir
Chorcaighe orm. Ní'l ach aon duine amháin ar bith
d'fhéadfaidh an nídh sin a dhéanamh dom. Is tusa an
t-aon duine amháin sin, a rígh, agus isé nídh atá agat le
déanamh dom 'ná trosgadh aon oídhche amháin liom chun
Dé, agus siní an aisge atá agam 'á iaraidh ort, a rígh."
"Trosgadh aon oídhche amháin duit!" arsa Cathal.
"Airiú, a mhic léighinn, taoi'n tú ar buile! Conus
fhéadfá a leithéid sin d' aisge 'iaraidh orm! Iar rud
éigin eile. Iar aon rud eile is maith leat."
"Ní dhéanfadh aon rud eile aon tairbhe dhom, a rígh.
Ní shaorfadh aon nídh eile mé ó'n mallacht a cuireadh i
gCorcaigh orm, ach rígh Caisil do dhéanamh trosgaidh aon
oídhche liom chun Dé."
"Iar rud éigin eile, a mhic léighinn," arsa Cathal.
"Bó a' gach lios sa Mhumhain duit, agus uinge d'ór as
gach tigh, agus brat as gach cill, agus maor 'ghá mbail-
iughadh dhuit, agus cead suidhte chun bídh duit am'
chuibhrean féin an fhaid a bhéidh an bailiughadh d'á dhéanamh.
Agus dar mo dhebhroth!" arsa Cathal, "dá mbéadh orm
saidhbhreas na Mumhan go léir a thabhairt duit, b'fhearr
liom é dhéanamh 'ná bheith aon oídhche amháin gan biadh."
"Dar mo dhebhroth," arsa Mac Conglinne, "dá
dtugthá dhom a bhfuil i Leath Mhogha Nuadhat ní ghlacfainn
é. Mar ní dhéanfadh sé aon bhlúire tairbhe dhom. Ní'l
ach an t-aon nídh amháin a dhéanfaidh tairbhe dhomh, tusa
do dhéanamh trosgaidh aon oídhche liom chun Dé. Tá do
bhriathar flatha agam chuige sin, agus ní féidir do rígh
Caisil a bhriathar flatha do bhriseadh. Ach gan san d'
áireamh i n-aon chor, a árdghaisgidhigh agus a rígh-fhéin-
nidhe Eórpa, tá so agam le h-innsint duit. Ní'l suim
agam i saidhbhreas an tsaoghail seo. Ní'l mo mhian ach i
neamh, agus i n-eagna agus ins na gnóthaibh a sheólan an
duine ar leas a anama, agus fós tá m'anam damanta,
agus raghad go h-ifrean gan crích gan fórchean mura
ndéinir-se, a rígh Caisil, mé shaoradh ó'n mallacht so a
chuir muintir Chorcaighe orm!"
"Gheabhair an aisge," arsa Cathal, "ó tá an sgéal
chómh cruaidh sin. Ach tá aon rud amháin deimhnightheach.
Níor tugadh riamh, agus ní tabharfar go deó, aisge is
deacara thabhairt 'ná an aisge sin atá iartha agat-sa
orm-sa, a mhic léighinn."
Do throisg Cathal an oídhche sin, agus do throisg
Mac Conglinne féin, agus chuir sé fheuchaint ar an uile
dhuine a bhí i dtigh Phicháin an oídhche sin an trosgadh
céadna dhéanamh. Níor lamháladh aon bhlúire bídh i n-aon
chor isteach sa tigh. Níor leig Mac Conglinne aon
bhlúire bídh isteach ann. Níor ghádh dhó puinn trioblóide chur
air féin chun an bhídh a choimeád amach. Do leath an
sgéal ar fuid na cuideachtan go léir go raibh an rígh ag
déanamh trosgaidh an oídhche sin. Bhí a leithéid sin
d'iongnadh ortha go léir, agus a leithéid sin d'áthas
ortha, níor fhan aon dúil i mbiadh ag aoinne acu. Níor
mheasadar go raibh an duine sin beó d'fhéadfadh a chur
fheuchaint ar Cathal fanmhaint oídhche gan biadh. Nuair a
fuaradar go raibh an cleasaidhe iasachta so tar éis a
chur fheuchaint air é dhéanamh, tháinig a leithéid sin d'uraim
acu do'n chleasaidhe go rabhadar go léir ollamh ar
pé rud a déarfadh sé leó a dhéanamh. Dá n-abradh sé
leó trosgadh dhéánamh go ceann seachtmhaine dhéanfaidís
é. Ach, i dtreó ná béadh aon bhaoghal go dtiocfadh aon
bhiadh isteach, do dhún Mac Conglinne féin an tigh, agus
shín sé i dtulg a bhí i leath taoibh an doruis, i dtreó nár
bh'fhéidir d'aoinne an dorus d'osgailt a gan fhios dó.
Amach i ndeire na h-oídhche d'éirigh fear an tighe,
Pichán mac Maoile Finne.
"Cad chuige dhuit eirighe chómh moch, a rígh?" arsa
Mac Conglinne.
"Chun bídh a chur i dtreó dos na slógaibh seo," arsa
Pichán, "agus go deimhin ní h-anois is ceart a bheith 'ghá
dhéanamh san. Ba chirte an biadh bheith ollamh ó indé."
"Bíodh foidhne agat, a rígh," arsa Mac Conglinne.
"Tá an oídhche caithte againn go léir ag déanamh tros-
gaidh. Nuair a caithtear oídhche ag déanamh trosgaidh,
seanamóin an chéad rud is ceart a dhéanamh ar maidin."
D'imthigh Pichán a chodladh airís, agus do shín Mac
Conglinne sa tulg airís agus níor choruigh aoinne eile
go dtáinig am eirighthe. D'eirigh Mac Conglinne ansan
agus d'osgail sé an dorus. Do nigh sé a lámha agus
a aghaidh, agus thug sé a shaltair leis as a mhála leabhar,
agus do chruinnigh sé a raibh de dhaoine sa tigh agus
chrom sé ar sheanamóin a thabhairt dóibh. Bhí sé chómh
mhaith chun na seanamóna agus bhí sé chun na gcleas.
Seo mar adeir an seana leabhar:-
"Iseadh admhuighid lucht seanachuis agus seanóirí
agus leabhair Chorcaighe ná raibh aoinne láithreach,
d'uasal ná d'íseal, ag éisteacht leis an seanamóin a
thug an mac léighinn uaidh, nár shil trí freasa deór an
fhaid a bhí an tseanamóin ar siúbhal."
Nuair a bhí an tseanamóin críochnuighthe do déineadh
úrnuighthe breaghtha, fada; úrnuighthe do'n rígh, 'ghá iaraidh
ar Dhia saoghal fada thabhairt dó agus an rath do chur ar
an Mumhain ar feadh a réime; úrnuighthe ar son na
gcríoch, 'ghá iaraidh ar Dhia an talamh a dhéanamh tortha-
mhail; úrnuighthe ar son na ndaoine, 'ghá iaraidh ar Dhia
iad do chur ar a leas i dtaobh anama agus chuirp;
úrnuighthe ar son na cúige go léir, 'ghá iaraidh ar Dhia
síth agus caradas do chur ameasg na ndaoine sa bhaile,
agus cosg do chur le gach namhaid iasachta a bhéadh ar tí
aon chur isteach a dhéanamh ortha. Do déineadh gach aon
tsaghas úrnuighthe, mar sin, mar ba ghnáth a dhéanamh i
ndiaigh gach seanamóna.
Nuair a bhí an tseanamóin agus na h-úrnuighthe
críochnuighthe chuaidh Mac Conglinne chun cainte leis an
rígh. D'úmhluigh sé do'n rígh, agus ansan do labhair
sé:-
"Thánag, a rígh," ar seisean, "chun bhuidheachais a
ghabháil leat mar gheall ar an ngníomh mór a dhéinis dom
aréir agus chun a fhiafraighe conus atáthar ansan
indiu."
"Dar mo dhebhroth," arsa Cathal, "ní rabhthas riamh
níos measa, agus ní béidhfear go bráth."
"Is ró bheag an iongnadh tú bheith go h-olc, a rígh,"
arsa Mac Conglinne. "Tá deamhan istigh ad' ghoile le
trí leath bhliaghanaibh anois agus é ag déanam an uile
shaghas díobhála dhuit, a'd mhilleadh agus a'd mhothughadh ar
gach aon tsaghas cuma. Is ró bheag an iongnadh, a rígh, an
sgéal a bheith go h-olc agat. Ach feuch, a rígh. Seo rud
atá iongantach go leór. I n-aimhdheóin an deamhain atá
istigh ad' ghoile d'fhanais oídhche gan biadh chun duine bocht
gan áird mar mise do shaoradh ó dhíobháil anama. Ba
mhór an gníomh é. Ba ríoga an gníomh é. Ach do dhéinis
é, a rígh. Agus feuch. I gcaitheamh na dtrí leath
bhliaghan níor dhéinis oiread an méid sin do rígh
Caisil!"
"Cad é an fuadar é seo anois fút, a mhic léighinn?
Nó cad chuige go bhfuilir?" arsa Cathal.
"An gníomh a dhéinis, a rígh, ar mhaithe le duine chómh
suarach liom-sa ba chóir go ndéanfá é ar mhaithe le
duine chómh ríoga le rígh Caisil, agus ar mhaithe leis an
Mumhain, agus ar mhaithe le h-Éirinn go léir. Déin an
gníomh uasal, a rígh. Do throisgis aréir ar mo shon-sa.
Troisg anocht agus troisgfeam go léir i n-aonfheacht
leat, 'ghá iaraidh ar Dhia cabhair a thabhairt duit agus
tú thabhairt saor ó'n ndroch nídh atá ag imirt ort, a'd
mhilleadh féin agus ag milleadh do rígheachta agus ag
milleadh do mhaitheasa."
"Ná h-abair é, a mhic léighinn, ná h-abair é!" arsa
Cathal. "Bhí an oídhche aréir dian, ach ba sheacht ndéine
bhéadh an oídhche anocht."
"Ná h-abair-se sin, a rígh," arsa Mac Conglinne,
"ach déin an rud is gnáth le rígh Caisil a dhéanamh."
"Cad é an rud é sin?" arsa Cathal.
"Isé an gníomh calma is gnáth le rígh Caisil a
dhéanamh agus ní h-é an gníomh meathta," arsa Mac
Conglinne. "Troisgfir an oídhche seo chun Dé, a rígh,"
ar seisean. "D'á mhéid an fulang iseadh is mó an
chalmacht. Agus b'fhéidir go dtabharfadh Dia an buadh
dhuit ar an namhaid seo atá ag déanamh an toirmisg go
léir ort. Cath crodha i n-aghaidh do namhad iseadh an
trosgadh so a dhéanfair anocht. Níor airigheas riamh fós
gur staon rígh Caisil ó chath a thabhairt do namhaid, pé
neart a bhéadh sa namhaid ná pé cruadhtan a bhéadh sa
chath. Nuair a gheibheadh sé an buadh sa chath ní bhíodh
cuimhne aige ar an gcruadhtan."
D'fheuch Cathal ar Mhac Conglinne.
"Is iongantach an duine thú!" ar seisean. "Is fíor
do chaint. Nuair a gheibhtear an buadh ní bhíon cuimhne
ar chruadhtan an chatha. Má throisgim an oídhche seo is
dóich liom gur b'é mo bhás a thiocfaidh dé."
"Is minic a thugais aghaidh ar an mbás, a rígh," arsa
Mac Conglinne, "agus níor airigheas riamh gur dhéinis
dé ach neamhnídh."
"Tá agat, a mhic léighinn!" arsa Cathal. "Tá an
t-ocras a'm stolladh agus a'm stracadh istigh ionam ach
bíodh aige. Fuilingeóchaimíd é."
Caibidiol a deich.
DO throisg Cathal an oídhche sin, agus do throisg a
theaghlach agus teaghlach Phicháin, agus Mac Cong-
linne féin, agus an uile dhuine d'á raibh sa dún. Do
dhún Mac Conglinne an tigh fé mar a dhéin sé an oídhche
roimh ré é, agus do luigh sé féin sa tulg ag ursain an
doruis i dtreó nár fhéad aoinne dul amach ná teacht
isteach i gcaitheamh na h-oídhche, agus ná raibh aon bhaoghal
go dtabharfaí biadh ná deoch isteach sa tigh a gan fhios
dó.
Nuair a fuair Pichán agus a raibh láithreach go raibh
Cathal ag déanamh an trosgaidh an tarna h-oídhche is
beag 'ná go raibh sórd eagla ag teacht ortha roimis an
bhfear iasachta. Bhíodar ag faire ar an uile chor a
chuireadh sé dhé, agus aon órdughadh a thugadh sé uaidh
dhéinidís rud air láithreach gan a fhiafraighe dé cad chuige
é. Bhíodar i gcás aige gur thúisge dhéanfaidís rud air
'ná mar a dhéanfaidís ar Chathal féin.
D'eirigh Mac Conglinne i ndeire na h-oídhche agus
ghlaoidh sé ar Phichán.
"An bhfuil Pichán 'na chodladh?" ar seisean.
"Am briathar, a mhic léighinn, ná fuil," arsa Pichán.
"Ní'l aon fhonn codlata orm. An fhaid a bheidh Cathal
mar atá sé ní féidir do Phichán codladh dhéanamh. An
fhaid a bhéidh Cathal mar atá sé ní dhéanfad-sa codladh
ná suan, soilbhreas ná suairceas, gean ná gáire, a mhic
léighinn."
"Eirigh, a rígh," arsa Mac Conglinne, "agus
tabhair chugam ceathramhadh bhagúin agus ceathramhadh
mhairtfheóla agus ceathramhadh muilt, de'n fheóil is
fearr atá sa dún agat. Agus tabhair chugam raint
meala 'na chriathraibh, agus raint salainn, salann
Sasanach, ar phláta airgid ghil. Agus tabhair chugam
cheithre beara fada, glana, geala, finnchuill."
Do tugadh chuige an fheóil, agus an mhil, agus an
salann ar an méis airgid, agus na ceithre beara. Do
tugadh chuige níos mó de'n fheóil 'ná mar a dh'iar sé.
D'imthigh sé ansan, agus iad go léir ag faire air, agus
shocruigh sé spala mór feóla ar gach bior des na cheithre
bearaibh. Ansan do chuir sé aprún breagh geal lín-
éadaigh uime agus hata leathan anuas ar mhullach an
chinn air féin. Ansan d'aduigh sé teine bhreagh d'fhuinn-
seóig thirm, teine mhór go raibh cheithre dóirse teithe
geala uirthi, gan deatach ná ceó ná spréacha ag teacht
asta, ach solus glan agus teas. Chuir sé bior, agus a
spala feóla air, ar aghaidh gach doruis des na cheithre
dóirsibh sin, agus an fhaid a bhí an fheóil d'á róstadh bhí
sé ag ruith ó bhior go bior, 'ghá gcasadh, agus ag cimilt
na meala agus an tsalainn de'n fheóil, agus ag tabh-
airt an uile shaghas aireachais di i dtreó go ndéanfaí an
róstadh sa cheart. Dhéin sé an gnó chómh maith san nár
thuit chun tailimh oiread de shúghlach na spalaí feóla san
"agus bháthfadh crithir coinnle, ach pé súghlach a bhí ionta
gur isteach 'n-a lár féin a chuaidh sé." Sin mar adeir
an seana leabhar.
Nuair a bhí an fheóil ollamh le tógaint ó'n dteine do
labhair Mac Conglinne:-
"Téada agus réitheacha dhom!" ar seisean.
Do tugadh chuige iad; oiread téadracha agus slabhraí
agus cheangalóchadh fathach.
Thug Mac Conglinne cogar do Phichán. D'fheuch Pichán
'na thímpal. Bhailigh na fir ba threise ar an dá
theaghlach, teaghlach Phicháin agus teaghlach Chathail. Chua-
dar isteach mar a raibh an righ. Bhí sé i ndeire an
anama leis an ocras, nó geall leis. Bhí an neart
imthighthe as. Do rugadar air agus cheangaladar é de
thaobh an tíghe leis na téadaibh agus leis na slabhraibh.
Níor chuir sé 'na gcoinnibh puinn. Bhí sé ró lag. Nuair
a bhí sé ceangailte acu tháinig Mac Conglinne 'na
ndiaigh, agus níor fhág sé ceangal gan tástáil ná
snaidhm gan feuchaint, agus bhí sé tamall maith, le
bacánaibh agus le coránaibh agus le díngthibh, ag cur
gach ceangail agus gach snaidhme ó bhaoghal sgaoilte.
Nuair a bhí an méid sin déanta aige agus a aigne
sásta ná raibh aon bhaoghal go bhféadfadh Cathal cos ná
lámh leis do sgur ó sna ceangalaibh a bhí air, pé cor a
thabharfadh sé dhó féin, ná pé únfhairt a dhéanfadh sé, ná
pé buile feirge thiocfadh air, tháinig sé agus do rug sé
leis isteach na beara agus an fheóil ortha, agus chuir sé
ar bhórd iad i n-aice Chathail.
Do labhair sé le sagart a bhí ann agus dúbhairt sé
leis fanmhaint ar an dtaobh amuich de'n dorus i dtreó
go bhféadfaí glaodhach air dá mbéadh aon deabhramh báis
ag teacht ar an rígh.
Nuair a chonaic Cathal an fheóil, agus nuair a chuaidh
a balaith faoi, d'eirigh an bhuile ocrais istigh 'na ghoile.
Bhain sé cúpla únfhairt as féin, ach ní raibh aon mhaith dhó
ann. Bhí na ceangalacha ró dhaingean. D'fhan sé
socair. Cheap sé, nídh nár bh' iongnadh, gur bh'amhlaidh a
bhí an mac léighinn chun na feóla thabhairt le n-ithe dhó ó
láimh. Do shuigh Mac Conglinne le h-ais an bhúird.
Bain sé a sgian as a chrios. B'é gnás na h-aimsire
sin, nuair a théidheadh duine chun dínnéir go tigh duine
eile, go mbíodh a sgian féin ag gach aoinne. Díreach
mar is gnáth anois go mbíon a phíopa féin ag gach
aoinne. Bain Mac Conglinne a sgian as a chrios. Do
ghearr sé greim de'n fheóil de'n phíosa ba ghiorra dhó.
Do thum sé an greim feóla sa mhil a bhí ar an mbórd.
Do shín sé an greim feóla chun béil Chathail. Do leath
Cathal a bhéal. Le n-a linn sin do shnap Mac Cong-
linne chuige an greim feóla agus chuir sé 'na bhéal féin
é agus d'ith sé é, agus é féin agus Cathal ag feuchaint
idir an dá shúil ar a chéile.
"Brostuigh! brostuigh, agus tabhair dúinn an biadh,
a mhic léighinn!" arsa Cathal.
"Déanfad, a rígh," arsa Mac Conglinne.
Ghearr sé anuas greim eile de'n fheóil agus dhéin sé
an rud céadna. Chuir sé an greim chun béil Chathail,
agus ansan do shnap sé chuige é agus chuir sé 'n-a bhéal
féin é, agus chogain sé ar a shuaimhneas é agus é ag
feuchaint ar Chathal, agus an dá shúil i riocht léimt
amach a' ceann Chathail le h-airc agus le buile ocrais.
Chomáin Mac Conglinne leis ar an gcuma san ag
ithe, agus ag cur gach greama chun béil Chathail sar a
gcuireadh sé 'n-a bhéal féin é.
"Cad é an fhaid a cheapan tú leanmhaint de'n chleas
san, a mhic léighinn?" arsa Cathal.
"Ní leanfad dé, a rígh," arsa Mac Conglinne, "ach
go dtí go mbéidh an méid seo feóla ithte agam. Ní'l
aon teóra le n-a bhfuil d'fheóil mhaith ithte agat-sa le
bliaghain gho leith. An méid atá anso anois tá sé beag
mo dhóithin agam féin, agus is mise a dh'íosfaidh é, agus
déanfidh sé "biadh ó bheólaibh" duit-se."
Do bhúir Cathal agus do béic sé. Do ghlaoidh sé ar
an muintir a bhí amuich, agus dúbhairt sé leó teacht
agus an mac léighinn seo thógaint as a radharc agus é
chur chun báis. Níor leigeadar ortha, ámhthach, gur airigh-
eadar é.
"'Seadh, a rígh," arsa Mac Conglinne, "an fhaid a
bhéidh mé ag ithe na feóla so tá sé chómh maith againn gan
bheith díomhaoin. Do taisbeánadh aisling iongantach
dómh-sa aréir. Airighim gur fear ana thuisgionach tusa
chun bríghe aislinge do bhreithniughadh agus do nochtadh.
'Neósfad an aisling duit-se anois, agus déanfair-se
brígh na h-aislinge do nochtadh dhom."
"Dar mo dhebhroth," arsa Cathal, "ach pé tuisgint
atá agam i n-aislingibh, ná pé duine go ndéanfad brígh
aislinge do nochtadh dhó, ní dhéanfad duit-se é, a chladh-
aire dhroch mhúinte!"
"Agus geallaim-se agus deimhnighim duit-se, a rígh,"
arsa Mac Conglinne, "pé 'cu dhéanfair an aisling do
bhreithniughadh nó ná déanfair, go gcaithfir éisteacht léi,
mar 'neósfad duit anso ad' láthair í an fhaid a bhéad ag
ithe na feóla so agus ag cur gach greama dhi chun do
bhéil-se mar spriocadh ar do thuisgint."
Ansan do chrom Mac Conglinne ar an aisling a
dh'innsint, agus i n-aghaidh gach trí nó ceathair d'fhocalaibh
d'á ndeireadh sé chuireadh sé greim feóla chun béil an
rígh agus ansan isteach 'na bhéal féin.
Nuair airigh an mhuintir a bhí ar an dtaobh amuich de'n
dorus Mac Conglinne 'ghá rádh go raibh sé chun na h-ais
linge dh'innsint do Chathal thosnuigheadar ar shleamhnu-
ghadh isteach 'na nduine 's 'na nduine. Tháinig an sagart
isteach, agus giolla an tsagairt. Seómra breagh mór
ab eadh an seómra. Bhí tínteán breagh fairsing i
gceann dé, agus teine mhaith sa tínteán, agus coire
mór feóla ar an dteine.
Thosnuigh Mac Conglinne ar an aisling a dh'innsint.
Caibidiol a h-aondeug.
"An oídhche fé dheire, a Cathail," arsa Mac Cong-
linne, "bhíos-sa am' luíghe i leabaidh chluthmhar fé
éadaighibh geala glana, ar thocht chlúmh-éan a bhí go bog
agus go mín agus go compórdach, árd fé m'cheann agus
íseal fé m'chosaibh, agus gan oiread barra do lúidín
d'aon rud i bhfuirm cnapóige le fághail ann, ó chnaisde
go cnaisde ná ó cheann go cois. Bhíos tuirseach tnáithte
nuair a shíneas ar an leabaidh áluinn sin, agus ní fada
bhíos sínte uirthi nuair a bhíos am' chodladh go sámh. Tráth
éigin sa n-oídhche do dúisigheadh as mo chodladh mé.
D'airigheas an guth, fé mar a labharfadh duine liom.
Níor chuireas aon tsuim sa ghuth. Bhíos ró sheasgair,
agus ró chompórdamhail. Bhí an tsáimhirigheacht ró throm
orm, agus an iomad dúil sa chodladh agam. Do labhair
an guth airís liom.
""Seachain! Seachain! a mhic léighinn," arsa 'n guth.
"Chugat an t-anaithre! Báthfar sa n-anaithre thú mura
dtugair aire dhuit féin!"
"D'fheuchas sa treó 'nar labhair an guth. Chonac an
duine 'na sheasamh ar m'aghaidh amach. Bhí an lá ag
breacadh, dar liom.
""Móra dhuit," ar seisean liom.
""Móra dhuit-se," arsa mise leis.
""Is ait an duine thú," ar seisean. "Thugas folá-
ramh duit go mbáthfaí sa n-anaithre thú mura dtugtá aire
dhuit féin, agus ní'l blúire suime agat d'á chur sa
bhfoláramh. B'fhéidir, dá mbeidhfeá le báthadh i n-aon chor
nár bh'fhearr leat cuma 'na mbáthfaí thú 'na tú bháthadh sa
n-anaithre. Ach thugas-sa an foláramh duit mar is chuige
a thanag chugat. Anois má báithtear thú sa n-anaithre
bíodh ort féin."
""Ní dóich liom," arsa mise leis, "gur baoghal dom
mé bháthadh i n-anaithre. Bíon a leithéid sin de thart orm
nuair a chím anaithre, isé mo thuairim, um an dtaca 'na
mbéadh mo dhóithin ólta agam dé, ná béadh oiread am'
dhiaigh dé agus a bháthfadh luch."
""Ní h-aon mhaith bheith leat, a mhic léighinn," ar
seisean liom. "Tá an iomad dúil sa n-anaithre agat."
""Is cruaidh an cás é!" arsa mise leis.
""Conus san?" ar seisean.
""'Neósfad-sa san duit," arsa mise. "Ní fheadar
cá dtáinís, ná cá bhfuil do thriall, ná cá raghad féin ar
do lorg má bhíon rud agam le fiafraighe dhíot."
""Tabharfad-sa dhuit an t-eólus san go cruinn," ar
seisean. "Ní'l agat ach an t-eólus a choimeád go
cruinn ad' cheann nuair a thabharfad duit é, agus ní
bhéidh bac ort teacht chun cainte liom pé uair is maith
leat é. Itheachán, mac Lán na Beilte, is ainim dómh-sa,
agus i Sídh Mórbhídh a bhím am' chómhnuighe, agus is ó'n áit
sin a thánag chugat-sa anois chun a rádh leat tú féin a
sheachaint ar an anaithre nó go mbáthfaí ann tú. Ach
measaim gur siúbhal agus aistear atá déanta agam.
Bhéadh sé chómh maith agam foláramh a thabhairt do'n luichín
féin a sheachaint ar phic an uachtair sar a mbáthfaí sa
n-uachtar í."
""Má's Itheachán is ainim duit," arsa mise, "agus
má's Lán na Beilte b'ainim do t'athair, agus má's ó
Sídh Mórbhídh a tháinis anois, measaim nach foláir nó go
bhfuil tuairisgí móra agat, agus cúntas agus fios
sgéil, ó Thalamh an Bhídh. An bhfuil san agat?"
""Tá san agam gan amhras," ar seisean, "ach is ró
bheag an tairbhe dhuit-se sin."
""Airiú," arsa mise leis, "cad a bhéarfadh gur ró
bheag an tairbhe dhómh-sa é! Tá a lán siúbhalta agam i
gcaitheamh mo shaoghail a d'iaraidh mo chuid léighinn a
chruinniughadh dhom féin. Am' shiúbhaltaibh go léir níor
baineadh an t-ocras ná an tart riamh fós díom i gceart.
Agus siné tusa 'ghá rádh liom anois dá dtugtá eólus
dom chun Tailimh an Bhídh ná béadh aon tairbhe dom ann
Ní thuigim do chaint, a mhic Lán na Beilte."
""Ní deacair mo chaint a thuisgint," ar seisean.
"Feuch an builgín beag san ort! Níor ghníomh muin-
teartha dhómh-sa fios sgéil a thabhairt duit-se ar na
biadhaibh móra atá i dTalamh an Bhídh, mar nuair a
raghfá ann ní fhéadfá puinn de'n bhiadh a dh'ithe, mar ní'l
aon tslígh agat dó. Ansan bhéadh an sgéal níos measa
agat 'ná mar a bhí riamh, na biadha móra ós cómhair do
shúl agus gan ar do chumas iad d'ithe.""
(Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na bhfocal san
chuir sé greim breagh mór méith de'n fheóil chun béil
Chathail, agus ansan do shnap sé chuige é agus chuir sé
'na bhéal féin isteach é, agus chogain sé é go réidh, ag
breithniughadh a bhlais, agus do leig sé siar é, agus do
shúraic sé a bhéal 'na dhiaigh. "Dar fiadh!" arsa gach
duine a bhí láithreach, i n'aigne féin, "ach is maith an
bhail ort an rígh bheith ceangailte!")
""Cad é an mhéid nár mhór a bheith am' bolg, le
t'thoil," arsa mise leis, "i dtreó go bhféadfainn mé
féin a shásamh ar na biadhaibh móra san?"
""Níor mhór dhuit chúig duirn a bheith ann agat, ar
gach aon tslígh; chúig duirn ar faid agus chúig duirn ar
leithead agus chúig duirn ar doimhneas; é bheith cómh-
leathan ceithirochair agat, i dtreó go bhféadfá seacht
mbéile d'ithe d'aon bhéile, agus dóithin naonbhair de
d'shórd-sa i ngach béile acu, agus seacht ndeocha d'ól i
n-aon digh, agus dóithin naonbhair de d'shórd i ngach digh
des na seacht ndeocha san."
""Ochón!" arsa mise, "cad a dhéanfad! Tá an
donas ar fad anois orm. Ní'l an bolg san agam-sa
ná i n-aon ghiorracht dó. Do sgoilfeadh orm sar a
mbéadh leath oiread an méid sin ithte ná ólta agam.
Agus feuch, tá buile ocrais tagaithe orm ó bheith ag
éisteacht leat! Tá dóithin an bhuilg sin a dúbhraís
d'ocras orm, agus ní'l an bolg agam chun an
ocrais do shásamh. Is cruaidh an cás é, a mhic Lán na
Beilte. B'fhéidir le t'thoil, ó chuiris an t-ocras orm
le d' chaint, go dtabharfá cómhairle dhom ar cad ab
fhearra dhom a dhéanamh chun an ocrais a bhaint díom."
""Tabharfad-sa an chómhairle sin duit, a fhir bhoicht,"
ar seisean. "Eirigh go dtí Dísert an Fáthléagha."
""Cad é an gnó bhéadh ansan agam?" arsa mise
"Ní'l aon easba sláinte orm. Ocras is eadh atá orm.
Ní liaigh ná dochtúir atá uaim, ach biadh agus deoch."
""Ó," ar seisean "nach neamhfhoidhneach an duine
bocht tú! Ná féadfá fanmhaint agus éisteacht liom go
dtí go mbéadh deire ráidhte agam! Eirigh go dtí Dísert
an Fháthléagha. Bainfear an t-ocras díot sa n-áit sin
chómh maith agus dá mbéadh an bolg mór úd ort.
Gheabhair ann lán do chroídhe de'n uile shaghas bídh agus
díghe d'á fheabhas, biadh bog bríoghmhar milis foláin, a
dhéanfaidh t'fhiacala chómh geal chómh glan chómh líomhtha le
fiacalaibh con, agus ná cuirfidh masmus ort dá mbeidh-
feá 'ghá dh'ithe ar feadh seachtmhaine gan stad, agus deoch
breagh láidir meidhrach meanamnach meisgeamhail, a
bhainfidh na cosa uait ach ná goillfidh choídhche ar do
cheann, deoch ná cuirfidh teinneas cinn ort ná teinneas
croídhe, ná coilic ná dathach ná diachair, ach d'fhágfaidh
choídhche thú go suairc agus go sultmhar agus go súgach,
ad' chuideachta shéimh ghrinn ghealgáiriteach duit féin agus
do gach aoinne a dhéanfaidh teangabháil leat."
""Ó!" arsa mise, "stiúruigh mé chun na h-áite sin."
""Stiúróchad," ar seisean. "Isé céad rud atá
agat le déanamh 'ná tú féin a chur fé chomairce na
n-uasal a bhainean le Talamh an Bhídh, i dtreó ná báthfaí
thú sa n-anaithre. Ansan caithfir aire mhaith a thabhairt
duit féin agus gan dul amú' ar an slígh."
""Agus cé h-iad na h-uaisle nach foláir dom dul
fé n-a gcomairce?" arsa mise.
""Tá," ar seisean, "Annleisge, mac Saille Slea-
mhaine, agus Císte mac Cruithneachtan, agus Mairt-
fheóil mac Tobáin, agus Gruth an Chúil Bhuidhe, agus
Goile mac Sgórnaigh nár staon riamh ó chogadh ná ó mhór
chathaibh bídh. An fhaid a bhéidh tú fé chomairce na
n-uasal san ní baoghal duit choídhche tú bháthadh sa
n-anaithre."
""An gcurfá-sa mé fé chomairce na n-uasal san
anois?" arsa mise leis.
""Cuirfead cheana," ar seisean.
"Ansan do chuir sé mé fé chomairce na n-uasal úd.
""Annleisge mac Saille Sleamhaine go gcosanaidh
tú!" ar seisean. "Agus Císte mac Cruithneachtan go
ndéinidh díon duit! Mairtfheóil mac Tobáin go
dtugaidh misneach duit! Gruth an Chúil Bhuidhe go
dtugaidh lán béil duit! Goile mac Sgórnaigh go
dtugaidh slogadh dhuit! Imthigh ort anois," ar seisean,
"agus ná h-eirigh amú" ar an slígh.""
(Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na bhfocal
"Goile mac Sgórnaigh go dtugaidh slogadh dhuit," chuir
sé greim ana mhéith chun béil Chathail agus shnap sé siar
uaidh airís é. Do leath Cathal a bhéal nuair a chonaic sé
an greim feóla ag teacht. Nuair as napadh uaidh airis
an greim, agus é nach mór 'na bhéal aige, do h-airigheadh
ins gach aon pháirt de'n dún an buille a bhuail a bhéal
uachtair agus a bhéal iachtair ar a chéile, agus gan
eatartha ach an folamhas.)
""Imthigh ort, a mhic léighinn," ar seisean, "go Talamh
an Bhídh; go feóil úr; go feóil ghuirt; go sógh; go
rósta; go caoirfheóil; go laoighfheóil; go h-anaithre
mairt; go leite leamhnachta; go saill seana bhagúin;
go cabáiste geal; go meacain; go h-inniúin; go
cáiréadaí; go gruth; go meadhg; go h-úr-mhaothol; go
h-ubhla cúmhrtha; go h-eithne cnó; go spiúnáin bhoga;
go súgha craobh; go súgha talmhan; go silíní a chuirfidh
uisge fé t'fhiacalaibh; go cornaibh lána le folamhughadh;
go cornaibh folamha le líonadh agus le folamhughadh airís.
Gluais!" ar seisean. "Má imthighean tú láithreach
agus gan aon aimsir a chailleamhaint, béidh tú ann an
lá a bhéidh an tabhairt amach mór acu. Chídhfir an rígh
féin 'na shuidhe 'na chathaoir ríoga, a déineadh dó fadó
d'asnaidheachaibh na bhfiadh a mhairbh sé féin agus é ag
fiadhach ar shléibhtibh Mórbhídh. Chídhfir 'na suidhe ar gach
taobh dé an bheirt uasal, an dá Ridire Luan. Chídhfir na
h-uaisle go léir ann, agus a bhrat geal blonaige ar
gach uasal acu, agus a chlaidheamh fhada dhíreach, de gheir
chaorach, 'na láimh aige, agus a chíste aráin cruithneachtan
mar sgiath sa láimh eile aige. Chídhfir an áit go léir
lán d'uaislibh agus de dhaoine, agus de'n uile shaghas
bídh agus díghe d'á fheabhas agus d'á fholáine agus d'á
bhríoghmhaire. Gluais agus bí i n-am!"
""Gluaiseóchad cheana," arsa mise, "ach inis an méid seo
dhom, a mhic Lán na Beilte," arsa mise, "ó innsis gach aon
rud eile dom. Cé 'cu de thaoiseachaibh Tuath Bídh, seachas
a chéile, gur fearra dhom bheith fé n-a gcomairce chun mé
chosaint ar thonntachaibh móra anaithre mairt?"
""Bíodh do sheasamh," ar seisean, "ar na Blonagaibh
agus ar na Maothalaibh."
""Tá go maith," arsa mise, agus siúd chun siúbhail
mé.
"Chuireas an talamh díom le misneach croídhe agus
le fuinneamh cos, ar mo chromaruathar, mo cheann fúm
agus mo dhá shlinneán anáirde, mo bhalcuisí trusáilte,
agus ceó agus branar d'á stealladh de m'shálaibh. Níor
iompuigheas i leith taoibh ó chlaidh ná ó dhíg ná ó chnocán
fraoigh, ach dul do léim thar gach claidh, agus do thrus-
lóig thar gach díg, agus do phoc-léimreach fiadh thar na
gleanntaibh fraoigh, agus thar na cnocánaibh maola
aitinn Ghaedhealaigh, agus thar gach gaortha agus móinteán
aerach, féarmhar, féitheach, agus thar gach caol-shruth,
glaise nó géar-abhainn, go dtí gur thosnuigheas ar an
mbalaith breagh fhághail ar an ngaoith. Do stadas ansan
agus do shúghas an ghaoth isteach am' shróin agus am' béal,
agus siar am' chraos agus am' chliabh. Dá bhféadainn é
ní leigfinn d' aon leóithne de'n ghaoith sin gabháil thorm,
ar mo chlí ná ar mo dheis, ach is isteach am' béal a chaith-
feadh sí go léir dul! Dar liom ba mhór go léir an
truagh agus an scrupal an ghaoth bhreagh chumhrtha shaidhbhir
sin a bheith ag imtheacht thorm ar gach taobh díom agus an
gádh chómh cruaidh agam féin léi, bhí an t-airc agus an
galar ocrais chómh dian san orm.
"Thánag de dhruim cnocáin. Chonac an fharaige ar
m'aghaidh amach. Faraige leamhnachta b'eadh í. Bhí bád
beag ana dheas i n-aice an phuirt. Chuadhas isteach sa bhád.
De shúghlach mairtfheóla a bhí an bád déanta agus é
clúdaithe lasmuich le geir, chun an leamhnachta choimeád
amach, sar a' mbáthfaí an bád. Bhí dhá asna mhóra
seana thuirc mar dhá bhata ramha ann. Do rugas ar an
dá asna, agus chromas ar an mbád do chomáint tríd an
leamhnacht, sa treó 'na ndúbhradh liom Dísert an
Fháthléagha do bheith. Ag gluaiseacht dom bhí an talamh
tirim ar thaobh díom agus an fharaige osgailte ar an
dtaobh eile dhíom. Conac, agus mé ag cur na slíghe
díom, na h-aibhnní ag teacht isteach sa bhfaraige, ó'n
dtalamh tirim. Aibhnní beórach, aibhnní fíona, aibhnní
leanna, aibhnní méada, aibhnní anaithre, aibhnní leamh-
nachta, agus an caise a bhíodh ó gach abhainn díobh do
bheireadh sé mo bháidín tamall maith amach sa bhfaraige
an fhaid a bhínn ag gabháil thairis. Ach d'fhillinn isteach
airís nuair a bhíodh an caise curtha dhíom agam.
"Chomáineas liom ar an gcuma san go dtánag i
radharc an Díserta. D'aithnigheas an dún mar do
tugadh a chómharthaí dhom.
"Do thuig an Fáthliaigh féin go rabhas ag teacht.
Ghlaoidh sé chuige ar a mhuintir.
""Caithfidh sibh feuchaint chugaibh féin go cruinn
agus go h-aireach anocht, a mhuintir," ar seisean. Tá
duine ag teacht anso anocht agus ní foláir daoibh sibh
féin a sheachaint air. Duine iseadh é go bhfuil eólus
uathbhásach aige, agus éirim aigne, agus neart filidh-
eachta, agus ruith cainte, agus cothrom focal. Tá sé
oilte ar gach sórd ealadhan, agus go mór mór ar gach
nídh a bhainean le ceól agus le guthuigheacht agus le
h-áineas cliaraidheachta. D'á éaghmais sin tá sé nímh-
neach, teasaidhe, droch mhiotalach, tartmhar, ocrach, neamh-
fhoidhneach, agus mura bhfriotháltar chun a thoile é, agus
i n-am, sa teaghlach 'na dtéidhean sé, tugan sé aghaidh
bhéil ar mhuintir an teaghlaigh sin agus ní fearrde iad é
an chuid eile d'á saoghal. Ach má friotháltar chun a
thoile é tugan sé moladh dhóibh a mhairean i mbéalaibh
daoine an fhaid a mhairid na daoine. Má's maith libh a
mholadh do thuilleamh déinidh é fhriothálamh go maith."
"Do stiúruigheas mo bháidín isteach chun an dúna.
B'áluinn an dún é. Bhí seacht bhfichid céad pola de
pholaíbh breaghtha móra árda 'na thímpal, agus ní de
chlochaibh ná de mhairtaol a bhí gach pola acu déanta ach
de sheana bhagún láidir thathaiceach. Bhí mar a bhéadh tor
sgeach thuas ar bharra gach pola dhíobh, agus ní sgeach
gheal ná draighean dubh a bhí ins na tuir sin, ach blonag
tuirc agus é casta snaidhmighthe, i bhfuirm sgeithe, agus
deilgne móra fada curtha 'na seasamh ann, fiachala na
dtorc a thug an bhlonag uatha. Isé rud fé ndeár na
sgeacha blonaige sin agus na deilgne géara san a bheith
thuas an uair sin ar bharraibh na bpolaí, mar bhí cogadh
ar siúbhal idir mhuintir an Fháthléagha agus Tuatha Goba-
lach. Bhí slóighte Tuatha Gobalach amuich ar an bhfaraige
leamhnachta, 'na loingeas, agus iad ar tí dúna an
Fháthléagha do bhriseadh agus do thógaint, agus do cuir-
eadh suas na polaí agus na sgeacha agus na deilgne
mar chosaint ar an ndún i n-aghaidh slóighte cródha líon-
mhara Tuatha Gobalach.
"Bhí an cogadh san ar siúbhal idir mhuintir an Fháth-
léagha agus Tuatha Gobalach ar feadh mórán aimsire
roimis sin. Uaireanta bhíodh an buadh ag muintir an
Fháthléagha agus uaireanta bhíodh an buadh ag Tuathaibh
Gobalach. Ní raibh aon rud a chuireadh sgannradh i
gceart ar Thuathaibh Gobalach ach na fiacala fada geala
géara úd."
Caibidiol a dódheug.
"THUGAS mo bháidín chun puirt," arsa Mac Conglinne,
"ar aghaidh an dúna síos. Thánag i dtír. Suas liom
an staighre a bhí déanta go ceárdamhail de leaca-
chaibh geire a bhí go breagh daingean cruaidh fé m' chosaibh.
Thánag go geata an dúna. Cómhla geire a bhí ar an
ngeata, agus lúb de photóig chaorach mar dhaingean
uirthi. Bhí smachtín cáise 'na sheasamh i leith taoibh an
gheata. Do rugas ar an smachtín agus bhuaileas
buille dhe ar an gcómhlainn. Do bhog an chómhla uaim
isteach. Siúd isteach mé. Chonac dorus dúnta ar m'
aghaidh isteach. Cómhla cáise a bhí ar an ndorus san,
agus gan ag coimeád na cómhlan dúnta ach lúibín
grutha. Ní raibh aon smachtín i n-aice an doruis sin.
Níor dhéineas ach an lúibín grutha d'osgailt agus an
chómhla do shádh rómham. Do bhog sí rómham go h-éagsa.
Siúd isteach mé. Chonac an dóirseóir laistigh de'n
dorus. Ba bhreagh an radharc le feisgint é mar dhóir-
seóir! Cuir sé fáilte rómham. Thugas freagra air
mar ba cheart. Ní fhéadainn mo shúile thógaint dé.
Thuig sé go rabhas ag déanamh iongnadh dhé.
""Is maith an teacht agat é, a mhic léighinn," ar
seisean, "ach níor thánaís a gan fhios orainn. Tá gach
nídh ollamh ad' chóir. Ní dóich linn go mbéidh aon locht
agat le fághail ar an áit seo murab ionan a's aon áit
'nar thugais t'aghaidh fós."
""Chím, a fhir mhaith," arsa mise, "go n-aithnighean tú
mé, ach ní aithnighim-se thusa."
""Mise dóirseóir an dúna so," ar seisean, "agus
Maolsaille is ainim dom, Maolsaille, Mac Maoilime,
mic Blonaige."
""Is ró mhaith an ainim atá ort, a Maoilsaille,"
arsa mise, "agus is oireamhnach, chómh h-oireamhnach, do
réir mar a deirir, agus a bhí ar t'athair, agus ar do
sheana mháthair. Thugais leat an dúthchas go léir. Tá
saill agus im agus blonag a ndóithin go léir ionat-sa."
"Chuir sé sgearta gáire as, agus do leath sé a
bhéal. D'eirigh a phluic i dtreó gur dhún a shúile. Bhí a
bhéal iochtair ar bogadh agus a theanga ag tuitim isteach
's amach 'na bhéal. Bhí a dhá chliathán agus a dhá ghuala
ar crothadh díreach mar a bhéadh ualach féir a béadh d'á
tharang ar bhóthar gharbh. An fhaid a bhí sé ag gáirí bhíos
féin 'ghá thabhairt fé ndeara. Bí bróga sleamhaine
deasa seana bhagúin air, agus buinn de chrústa ruadh
aráin cruithneachtan fútha. Bhí stocaí cróna, de shaill
mairt, ar a loirgnibh agus suas ar a cholpaibh breaghtha
ramhara. Bhí bríste glún air a bhí déanta de bhoighreán
bhuidhe go bhfeicfeá thú féin 'na cheathramhnaibh bhí a
leithéid sin de shnas ann. Bhí casóg cuirp air de
chaoirfheóil thruagh a bhí go sgiomartha agus go bláthmhar.
Bhí crios de chroicean bradáin air a bhí, ba dhóich leat,
lán de réiltíníbh, mar a bhéadh Síog na Spéire oídhche
sheaca. Bhí falaing air de'n sgannán a thagan ar
leamhnacht bheirbhthe nuair a leigtear dó fuaradh. Bhí
mar bhiorán i mbrollach na falainge sin, asna columóra,
agus súil columóra mar cheann ar an mbiorán Bhí
lámhainní breaghtha geala nua-uachtair ar a dhá láimh.
Ach a cheann! A cheann a mhairbh mé ar fad. Bhí ar
dtúis banda boighreáin mór-thímpal a chinn. Bhí os cionn
an bhanda san mór-thímpal, sraith de chnapógaibh ime,
gur dhóich leat gur cnapóigín óir gach cnapóg acu. Os
cionn na gcnapóg ime sin bhí mór-thímpal thuas, fúnsa
meala, agus laistigh de'n fhúnsa meala san, anuas ar
mhullach a chinn, bhí liathróid mhór gheal blonaige agus an
liathróid lán de choinnlibh beaga 'na seasamh inti agus
iad go léir ar lasadh.
"Do stadas go dtí go raibh a thritheamh gáirí curtha
dhé aige. Ansan do labhras leis.
""D'oirfeadh dom dul isteach sa dún, a Mhaoil-
saille," arsa mise, "mar is chuige sin a thánag. An
miste dhom dul isteach?"
""Ó, ní miste, ní miste," ar seisean. "Táthar ag
feitheamh leat istigh. Imthigh ort isteach. Curfar gach
aon chóir ort. Ní fágfar aon nídh d'ár mhair riamh i
n-easnamh ort."
"Isteach liom gan a thuille ríghnis. Dob' áluinn an
dún é. Má b'áluinn ó'n dtaobh amuich é ba sheacht
n-áluinne 'ná san ó'n dtaobh istigh é. Ní raibh ach biadh,
biadh, biadh, ins gach aon bhall ann. Biadh os mo chionn.
Biadh mór-thímpal orm. Biadh fé m'chosaibh sa talamh.
Biadh agus deoch rómham agus am' dhiaigh pé ball 'na
dtabharfainn m' aghaidh.
"Níor bh'fhada go dtánag mar a raibh an Fáthliaigh
féin agus é 'na shuidhe 'na chathaoir ríoga, agus na
h-uaisle 'na thímpal, mar a dúbhradh liom. D'fheuchas
ortha go léir go cruinn. Biadh ab eadh an t-éadach a bhí
ortha. Biadh ab eadh na h-órnáidí a bhí ortha. Biadh ab
eadh na cathaoireacha agus an uile shaghas triosgáin d'á
raibh mór-thímpal an rígh-thíghe.
"Chuadhas isteach sa chistin. Bhí mac an Fháthléagha
féin istigh sa chistin, agus a shlat-iasgaireachta aige,
agus é ag iasgaireacht. Dúbhán geire iseadh bhí aige,
agus de smior lurgan fiadh a bhí a suaimneach déanta.
Bhí sé ansúd sa chistin 'na sheasamh ar phortán grutha, ar
bruach locha anaithre, agus é ag dúbhánacht. Uaireanta
is píosa bagúin a thugadh sé ainíos leis ar an ndúbhán
as an loch anairthe. Uaireanta eile thugadh sé ainíos
cnámh mairtfheóla, nó cliathán caorach, nó cnapóg cáise.
D'airigheas 'na dhiaigh san gur báthadh an buachaill bocht
sa loch anairthe. Bhí rud éigin trom aige 'á thabhairt
ainíos ar an ndúbhán, agus do shleamhnuigh a chos de'n
phortán grutha, agus thuit sé isteach sa n-anairthe agus
do báthadh é, slán mar a n-innstear é! Do déineadh
tuireamh dó nár déineadh a leithéid d'aoinne roimis
ná 'na dhiaigh:-
""Mac Eógan clú mairind," agus mar leanas.
"Thánag thar n-ais ó'n gcistin chun dul isteach airís
sa tseómra mhór. Toisg gan eólus an tíghe bheith agam,
agus aithne ar na póirsibh, ní h-ar an ndorus gceart
a thugas aghaidh. D'osgalas an dorus n-a raibh m'
aghaidh air. Chómh luath agus chuireas mo chos thar an
dtairsigh chonac an tocht breagh geal. Bhí tuirse orm,
agus cheapas go sínfinn tamall ar an dtocht agus go
gcuirfinn an tuirse dhíom. Chaitheas mé féin ar an
dtocht. Síos liom tríd go barraíbh mo dhá chluas!
Tocht ime b'eadh é. Do liúghas agus do bhéiceas. Siúd
am' thímpal na seirbhísigh. An t-ochtar ba threise a bhí
ar seirbhíseachaibh an Fháthléagha, b'é a ndícheal mo
tharang as an im, bhíos chómh fada san síos ann, agus bhí
an t-im chómh ríghin chómh ceangaltach san.
"Tharaingeadar amach mé fé dheire agus ba dhóich
leat go dtuitfeadh an t-anam asta le neart gáirídhe
nuair a bhíos amuich acu. Níor b'iongnadh é. Bhí culaith
ime orm ó mhullach talamh, agus an t-im 'na chnapógaibh
agus 'na théadrachaibh thíos agus tsuas orm, agus ar an
uile thaobh díom. Bhí sé 'na bhúclaíbh orm agus 'na
bheilteanaibh, 'na lámhainnibh ar mo lámhaibh agus 'na
laincisíbh ar mo chosaibh. Bhí sé stupaithe siar am' béal
agus suas i bpollaibh mo shróna i dtreó go rabhas leath
mhúchta, leath thachtaithe, aige, agus mé ag cneadaigh agus
ag casachtaigh, agus mo phus sínte amach agam agus mé
ag séideadh an ime as mo bhéal, agus gach aon tsraedh
agam, agus iad-san, i n-inead aon truagh bheith acu dhom,
ag tuitim ar a gcosaibh le neart gáiridhe.
""Ó!" arsa mise, chómh luath agus d'fhéadas aon
fhocal cainte thabhairt liom, "táim réidh! Tá deire
liom! Tá mo ghnó déanta! Tá mo phort seinnte!
Táim tachtaithe, múchta, imeartha!" - agus sraedh, no
séideadh, nó cnead, nó casachtach ag teacht asam idir gach
aon dá fhocal.
"Ach b'shin mar ba mhó a chuadar ins na trithíbh.
Nuair a bhíodh duine acu ag teacht chuige féin agus 'ghá
chuimhneamh gur cheart cabhair nó congnamh éigin a
thabhairt dom, níor ghádh dhó ach feuchaint orm, agus éist-
eacht liom, nuair a bhíodh sé caithte ar an dtalamh airís
'ghá iomlosg féin agus gach aon liúgh gháirí ag teacht as
i dtreó gur dhóich leat go gcaillfeadh sé an t-anam.
"Ach bhíos ag teacht chugam féin gan aon chongnamh
uatha, agus fé mar a bhíos ag teacht chugam féin bhí
fearg ag teacht orm chuca.
""Airiú," arsa mise, "an bhfuil ionaibh aon rud a
dhéanamh ach gáirídhe? B'fhéidir go mbainfí an fonn
gáiridhe dhíbh mura stadaidh sibh uaibh féin. Beirtear
chun an Fháthléagha mé láithreach!"
"Do stad an sult. Mhothuigheadar an fhearg orm.
Do rugadar i láthair an Fháthléagha mé. Ach ba dhóich
leat go dtachtfaí iad a d'iaraidh gan gáire dhéanamh
nuair fheuchaidís orm."
Caibidiol a trídeug.
"CHÓMH luath agus thánag i láthair an Fháthléagha
chuireas liúgh asam: "Ó!" arsa mise, "Guidh orainn!
guidh orainn! guidh orainn!"
""I n-ainim na maoithile," ar seisean liom, "cad
d'imthigh ort! Nó cad a thug an cor san ort!"
""Bhíos ag gabháil tríd an rígh-thigh seo, a rígh
uasail," arsa mise, "ag feuchaint an rígh-thíghe, agus,
toisg gan eólus ná aithne ná taithighe bheith agam ar na
seómraibh ná ar na póirsíbh, do chuadhas amú". Mheasas
teacht anso isteach, agus cá seólfaí mé ach isteach i
seómra an ime. Chonac, dar liom, an tocht breagh geal
lastigh de'n dorus. Bhí tuirse orm, agus cheapas go
sínfinn mé féin ar an dtocht ar feadh tamaill. Chai-
theas mé féin isteach air agus, dar ndó, siúd síos tríd
mé! Mura mbéadh na daoine seo a tháinig chugam agus
do tharaing as an im mé, bhíos múchta, tachtaithe, marbh,
gan sagart gan bráthair! Ó! Is ar éigin atá m'anál
i gceart fós agam. Guidh orm, a rígh, nó is baoghal ná
cuirfead díom go deó an t-anaithe a fuaras."
"D'fheuch sé go géar orm.
""Cuirfir díot an méid sin, a mhic ó," ar seisean.
"Ní fiú biorán gan tón an méid sin. Tá galar ort,
ámhthach, is measa dhuit chugat go mór 'ná é. Tá dath
mí-lítheach ar t'aghaidh, dath an bháis. Lámha buidhe.
Beóil bhreaca. Súile liatha. Cuisle lag. Féitheacha
fanna agus iad éirighthe suas, ag baint ó t' chuid
fola agus ó t' chuid feóla agus ó t' altaibh agus
ó t' ingnibh. Tá triúr ag cur ort, a mhic ó, agus ní
maith an triúr iad; gorta agus uireasba agus bás.
Táid siad ag sladadh an anama asat. D'fheuch droch
shúil ort. Do thuit droch thaom ort. Ní h-iongnadh san.
Ní dheabhruighean tú gur cothuigheadh tú mar a cothóchfaí
gamhain samhraidh, le biadh cuthaigh agus le deoch fóghanta,
ó láimh mná a bhéadh tuisgionach, ach deabhruighean tú go
bhfuarais droch chóir agus droch chothughadh agus go bhfuil
a rian ort."
""Tá a rian orm, a rígh," arsa mise. "Ach do stiú-
ruigheadh anso chugat-sa mé chun go bhfaghainn leigheas
ar mo ghalar. Tá an galar trom agus is deacair an
leigheas a dh'fhághail. Dúbhradh liom go bhfaghainn anso
é, agus do thánag."
""Suigh ansan, a fhir bhoicht," ar seisean liom, "ar
an gcathaoir bhagúin sin ansan, agus aithris dom go
cruinn nádúr agus cómharthaí do ghalair. Ní féidir an
leigheas d'ainimniughadh go n-aithnightear an galar."
"Do shuigheas ar an gcathaoir mar a dúbhradh liom,
agus thosnuigheas ar mo sgéal d'innsint.
""'Neósfad duit go cruinn, a rígh," arsa mise, "cad
tá ag cur orm, cad 'tá a'm chiapadh agus a'm chrapadh
agus a'm chrádh, ag cur seirbthin agus lagspridighe
agus easba mire orm. Bíon dúil mhallaighthe agam
coitchianta i ngach flúirse bídh agus díghe, agus cuir-
ean gach ganachúise bídh agus díghe ar buile mé.
Nuair a chím flúirse ar bórd tagan ocras an domhain
orm. Cromaim ar ithe agus ar ól, ach d'á mhéid a dh'ithim
is ag dul i ngéire a bhíon an t-ocras orm, agus d'á
mhéid a d'olaim is ag méadughadh a bhíon an tart orm.
Nuair a bhím am' chodladh sa n-oídhche ní bhíon de thaibh-
reamh agam ach biadh agus deoch, agus mé ag ithe agus
ag ól, dar liom, agus nuair a dhúisighim ar maidin bíon
oiread ocrais agus oiread tarta orm agus dá mba ar
ghorta bhéinn ag taibhreamh fan na h-oídhche. Ní fonn
liom choídhche aon bhlúire bídh ná aon bhraon díghe a bhéadh
agam do raint le h-aoinne, pé gátar a bhéadh air, i
dtreó go mbíon an doicheal a'm mharbhughadh chómh maith
leis an ocras agus leis an dtart. Níor mhair an fear
san riamh ba mhó doicheal 'ná mé, agus ní'l an fear
san beó i n-Éirinn indiu is mó doicheal 'ná mé. Ba
mhaith liom mo chuid féin a choimeád agus gan blaise
thabhairt d'aoinne dhé, agus an rud a chífinn ag duine
eile ba mhaith liom é bhaint dé, nó e ghuid uaidh; teacht
suas leis dom féin ar ais nó ar éigin. Is amhlaidh mar
atá an sgéal agam, dá mbéadh biadha breaghtha, mísle,
buacacha an domhain ar m'aghaidh amach, is isteach am'
bolg féin ba mhaith liom iad go léir do chur, agus ba
chuma liom sa n-anachainn cad a dhéanfadh aoinne eile.""
(Le linn na cainte sin a rádh dhó do chuir sé greim
breagh meith milis chun béil an rígh, agus do shnap sé
siar airís é agus chuir sé 'na bhéal féin é. Ach níor
chuir an rígh puinn suime ann um an dtaca san.)
""Is olc an sgéal agam é," arsa mise, "agus mura
ndéinir-se mé 'leigheas ní fios cad é an deire bhéidh air."
""Is olc agus is dian olc an sgéal agat é," ar
seisean, "agus mura mbéadh tú theacht anso ní bhéadh
aon bhreith agat ar aon leigheas a dh'fhághail. Do lean-
fadh an galar díot go dtí go gcuirfeadh sé fé 'n bhfód
thú, agus go deimhin féin, ní ró fhada a raghadh leat sar
a' mbeidhfeá fé'n bhfód aige. Isé galar é is measa a
bhí ar aon Chríosdaidhe riamh. Galar mí-nádúrtha iseadh
é. Isé nádúr an ocrais go leighisfeadh biadh é. Isé
nádúr an tarta go sásóchadh deoch maith é. Isé nádúr
an doichil go maolóchadh flúirse é. Ach an t-ocras so
atá ort-sa is amhlaidh a mhéaduighean an biadh é, agus
an tart atá ort is amlaidh a mhéaduighean an deoch é."
""Is amhlaidh go díreach, a rígh," arsa mise, "agus
ansan méaduighean an t-ocras agus an tart an doicheal
orm i dtreó go mbíon fuath ag gach aoinne dhom agus
gráin ag gach aoinne orm chómh luath agus chuirid siad
aithne orm i gceart. Ní'l aon truagh ar an dtalamh so
is mó 'ná mé! Má tá doicheal orm cad é an leigheas
atá agam air! B'fhéidir go dtiocfadh doicheal ba mhó
'ná é ar chuid acu féin dá mbéadh mo ghalar-sa ortha."
""Ná bíodh ceist ort anois, a fhir bhoicht," ar
seisean. "Tabharfad-sa riaghail duit le breith abhaile
leat, agus má dhéinean tú beart d'á réir leighisfear thú
agus ní fhillfidh an galar ort choídhche."
""Ó," arsa mise, "is maith é sin! Is maith é sin!
Cad í an riaghail a thabharfair dom, a rígh?"
""Ní h-aon mhaith dhom," ar seisean, "an riaghail a
dh'innsint, ná í thabhairt duit le breith leat abhaile,
mura mbéidh deimhne agam go ndéanfair an riaghail
do chómhlíonadh go cruinn agus go h-iomlán agus go
beacht. Thugas riaghail chun leighis do dhaoinibh cheana,
agus do ghlacadar an riaghail uaim agus ghealladar
go gcuirfidís an riaghail i ngníomh go h-iomlán. Chua-
dar abhaile. Níor chuireadar i ngníomh ach an méid a
thaithin leó de'n riaghail, agus san féin níor dhéineadar
ach pé faid aimsire a thaithin leó. Níor leighiseadh iad.
Níor bh'fhéidir é. Ansan ní raibh acu le rádh ach ná
raibh aon mhaith sa leigheas. Ní h-aon mhaith dhómh-sa
cómhairle thabhairt duit-se mura ndéinir an chómhairle,
agus conus a bhéidh 'fhios agam go ndéanfair an
chómhairle mura mbéidh deimhne agam air?"
""Is fíor san, a rígh," arsa mise, "ach cad é an
deimhne fhéadfainn-se thabhairt duit go ndéanfad an
riaghail do chómhlíonadh cruinn? Ní'l ionam ach deóraidhe
bocht gan áird a bhíon ag imtheacht ó áit go h-áit agus
ná feadar anocht cá mbéidh mo thriall amáireach. Ní'l
aoinne agam a dhéanfadh urudhas orm ná do raghadh i
ngeall dom, go mór mór i n-aon rud abhainfeadh le biadh
ná le deoch. Ní'l aon iontaoibh ag aoinne asam, ins
na neithibh sin pé 'n-Éirinn é."
""Tá tobar i n-aice an tíghe sa bhaile agat," ar
seisean, "nuair a bhíon tú sa bhaile. Imthigh amach gach
aon mhaidean chun an tobair sin agus nigh do lámha agus
t'aghaidh ann, agus nigh do bhéal leis an uisge, agus
déin t'fhiacala do sgiomar le d'mhéireanaibh agus le
t'órdógaibh go dtí go mbéid siad chómh geal leis an
sneachta, agus do bhéal chómh cúmhra le drúcht ar
neóiníníbh. 'Neósfaidh an tobar san dómh-sa cé'cu bhéir
ag cómhlíonadh na riaghlach nó ná béir. Tá uisge an
tobair ag teacht chugam-sa anso fé thalamh."
""Déanfad-sa san, a rígh," arsa mise.
""Déin," ar seisean, "nó bíodh ort féin. Nuair a
bhéidh do bhéal agus t'fhiacala sgiomartha glan agat, le
h-uisge an tobair, déin do cheann a chíoradh go maith.
Ná fág oiread agus ruibe de t'ghruaig as a inead.
Ansan imthigh amach chun coille ag bun sléibhe agus
cuarduigh crann daraighe nó crann fuinnseóige
n-a bhfeicfir rian na mion-ghealbhún ar a ghéagaibh.
Tabhair leat abhaile ádhbhar teine de'n dair dhearg nó
de'n fhuinnseóig ocht-slisnigh. Aduigh teine dhuit féin
ar thínteán ná béidh ró árd ná ró íseal, i dtreó go
dtéidhfidh a gríos tú agus ná loisgfidh a lasair tú agus
ná raghadh a deatach ad' shúilibh. Bíodh aghaidh na teine
sin soir ó-thuaidh agat. Leath amach ar an dtalamh, ar
aghaidh na teine amach, croicean buláin bliaghna, agus
cuir bloc truím i n-aice leis an gcroicean. Ansan
déin tú féin a shíneadh ar an gcroicean, agus leig do
thaobh i gcoinnibh an bhluic agus téidh thú féin go maith.
""Anois, i dtaobh an bhídh. Ná caith aon bhiadh ach
biadh a déanfar de shaghas éigin arbhair, agus bíodh
cócaire tuisgionach, eólgaiseach agat chun an bhídh sin
d'ollamhughadh dhuit, a mhic léighinn. Táid mná ann, a
mhic léighinn, agus an biadh is foláine agus is blasta
d'ár fhás riamh ainíos as an dtalamh dhéanfaidís biadh
mí-fholáin dé, le h-easba eóluis agus le h-easba
tuisgiona agus le h-aindeise láimhseála. Táid mná
eile ann agus tá eólus agus tuisgint acu agus
deas-lámhachaighe. D'ollamhóchaidís an biadh go h-áluinn,
ach 'na dhiaigh san ní leigfidís do'n bhiadh aon tairbhe
dhéanamh duit mar do loitfidís do ghoile ort nuair a
chídhfeá iad, agus muc ar gach malainn acu, agus faobar
ar a gcaint, agus iad ag cnáimhseáil agus ag gluai-
reán agus ag spriúchadh. Faigh-se, chun an bhídh
d'ollamhughadh dhuit, bean go mbéidh an t-eólus agus an
tuisgint aici; agus í deaslámhach, slachtmhar, fuinte,
fáisgithe, glan; agus í stuamdha, stuidéartha; agus í
séimh, sultmhar, gealgháiriteach; bean gur fearrde an
biadh é theacht as a láimh chugat, agus gur fearrde thusa
an biadh dh'fhághail as a laimh. - I dtusach do leighis, a mhic
léighinn, ní'l ceadaighthe dhuit aon tsaghas bídh a chaitheamh
ach biadh arbhair."
""Is cruaidh an cás é sin, a rígh!" arsa mise.
""Tá go maith, a mhic léighinn," ar seisean. "Má's
cruaidh an cás é ná bac é féin. Bíodh do rogha agat, an
galar nó an leigheas. Má's cruaidh é an leigheas is
trom é an galar. Cé'cu bhéidh agat?"
""Gabhaim pardún agat, a rígh," arsa mise, "an
leigheas thar gach nídh."
""Tá go maith," ar seisean. "Faigh an cócaire ar
dtúis. Ansan faigh na h-arbhair. Tá ocht saighseana
arbhair ann, agus bíodh do rogha agat díobh, nó bídís go
léir i n-aonfheacht agat. Sidiad na h-ocht saighseana;
seagal, searbhán, maolán, ruadhán, cruithneacht, eórna,
fídhbach, coirce. Déanfaidh an cócaire dhuit ocht mbulóga
de gach saghas arbhair acu san. Ansan déanfaidh sí ocht
saighseana annlainn duit le gach bulóig. Agus déan-
faidh sí an t-arán agus an t-annlann chómh maith, chómh
milis, chómh deigh-bhlasta san, go mbéidh do shúile ag
casadh agus ag léimrigh ad' chloigean le linn gach
greama de'n bhiadh a bhéidh agat 'á chogaint.""
(Nuair a fuair Mac Conglinne ná raibh oiread
suime ag Cathal 'á chur ins na blúirí feóla agus bhí i
dtusach, chuireadh sé gach blúire chun na teine sar a
gcuireadh sé chun béil an rígh é.)
""Nuair a bhéidh raint aimsire caithte agat ag
fághail do chod' bídh ar an gcuma san, a mhic léighinn,"
arsa'n Fáthliaigh, "mothóchair an dúil mhí-nádúrtha ag
imtheacht uait. Ach ní foláir duit leanmhaint ar an
leigheas go dtí go mbéidh an galar imthighthe ar fad.
Is 'mdhó leigheas maith go dteipean air nuair ná faghan
sé ceart ar an gcuma san. Nuair ná bíon duine ach
leath leighiste ní foláir leis go minic a áiteamh air
féin go bhfuil sé leighiste go h-iomlán. Siúd chun siú-
bhail é i ndiaigh na seana bhéas agus siúd ar mhullach
a chinn sa tseana ghalar airís é. Sin mar a bhéidh
agat-sa, a mhic léighinn, mura mbéidh foidhne agat,
agus a cheart féin a thabhairt do'n leigheas. Nuair a
bhéidh cuid de'n aimsir curtha dhíot agat agus do
shláinte ag casadh ort, misneach na sláinte ag teacht
airís at' bhallaibh beatha, - tú ag dul i n-óige, dar
leat, - na h-abair leat féin, "Táim leighiste! Ní
miste dhom feasta imtheacht agus gach biadh d'á mbuail-
fidh umam a dh'ithe fé mar a dhéininn nuair a bhíos óg,
agus gach deoch d'á fheabhas a leigint siar am' chogansach
agus síos am sgórnaigh. Muicfheóil úr dom feasta;
agus luana méithe; agus caoirfheóil bhreagh, bhog,
bheirbhthe; agus lionn láidir, deoch na n-uasal; agus
seana bhagún, leigheas an chliabh-ghalair; agus im, ola
an chroídhe; agus leite leamhnachta; agus drisíní;
agus ubhla cúmhartha; agus eithneacha; agus an uile
shaghas bídh d'á fheabhas agus d'á shaidhbhre; agus an uile
shaghas díghe d'á uaisle agus d'á mheisgeamhla." Má
dhéinean tú beart do réir na cainte sin, a mhic léighinn,
tiocfaidh an tart agus an t-ocras airís. Béidh tú ag
ithe agus ní bhainfidh an biadh an t-ocras díot. Béidh tú
ag ól agus ní bhainfidh an deoch an tart díot. Béidh
tú ag ithe agus ag ól go dtí go ndeárfaidh an chéad
ghreim nó an chéad bholmoc leis an ngreim ndeirineach
nó leis an mbolmoc ndeirineach, "Greadadh chugat, a
charamhadra, cad é an gnó atá anso anuas agat? Fan
thuas adeirim leat! Dar fiadh ach má thagan tusa
anuas raghad-sa suas! Ní'l aon tslígh sa n-áit seo
d'á thuille againn!" Ansan iseadh bhéidh an sgéal go
h-olc agat, a mhic léighinn, agus ní bhéidh do leigheas le
fághail an tarna h-uair.""
Nuair a bhí Mac Conglinne ag rádh na cainte sin
thug na daoine fé ndeara go raibh Cathal ana socair
agus a bhéal ar osgailt. Chonacadar rud éigin 'na
béal. Do rith Mac Conglinne agus do ghríos sé greim
ana mhéith de'n fheóil leis an dteine agus chuir sé le
béal an rígh é. Nuair a bhí an greim feóla ag teacht
chonaic na daoine go raibh an rud a bhí i mbéal an rígh
na bheathaidh. Rud i bhfuirm aircluachra ab eadh é. Bhí
a cheann lasmuich de bhéal an rígh aige, agus é ag
suathadh a chinn anonn 's anall agus ag cur a theangan
amach. Chómh luath agus tháinig an greim feóla i n-ach-
maireacht dó, fé mar a bhéadh eagal air go snapfaí uaidh
airís é, do leim sé amach a' béal an rígh agus dhaingnigh
sé a bhéal féin agus a dá chrobh sa bhfeóil.
"Dúnadh gach aoinne a bhéal!" arsa Mac Cong-
linne, agus le n-a linn sin do sgaoil sé an greim
feóla leis an ndeamhan. "Buidheachas le Dia agus le
Bríghid!" ar seisean, agus chuir sé a lámh dheas ar a
bhéal féin agus a lámh chlé ar bhéal an rígh.
Do dhún gach duine a bhéal ach giolla an tsagairt.
Ní raibh sa ghiolla ach leanbh. Bhí a bhéal ar leathadh aige
le h-uathbhás. Do léim an deamhan, agus an píosa
feóla 'na bhéal agus 'na chrobhnaibh aige, isteach i mbéal
an ghiolla bhig. Ach ní túisge a bhí sé istigh 'ná bhí sé
amuich airís, mar ní raibh aon pheacadh ar an leanbh.
Ansan do léim sé isteach sa tínteán, ar sgáth an
chorcáin mhóir a bhí os cionn na teine. Do léim Mac
Conglinne agus d'iompuigh sé an corcán ar a bhéal
anuas air. Bhí a dhóithin feóla ansan aige agus d'fhan
sé ann.
"Cad 'déanfar anois?" arsa Pichán.
"Beirtear an rígh amach as an dtigh láithreach!"
arsa Mac Conglinne.
Do rugadh an rígh amach agus do cuireadh i leabaidh i
dtigh eile amuich é. Bhí sé chómh mín, chómh socair, le
leanbh.
"Tugtar amach as an rígh-theach," arsa Mac Cong-
linne, "an uile shaghas ruda go bhfuil aon tairbhe ann."
Do folamhuigheadh an rígh-theach. Níor fágadh triosgán
ná órnáid, ór ná airgead ná olmhaitheas, gan bailiughadh
amach, ach amháin an corcán a bhí anuas ar an ndeamhan-
craois. Ní baoghal gur chuir aoinne chun an chorcáin
sin a bhreith amach.
"Curtar teine sa rígh-theach anois," arsa Mac
Conglinne.
Do cuireadh. Agus seo mar a déineadh é. Nuair
a bhí gach aon rud bailighthe amach as an rígh-theach,
ach an corcán mór a bhí anuas ar an gCraos-
Deamhan, do dúnadh na dóirse go léir go daing-
ean tar éis cheithre teinte móra do chur ar lasadh
anso 's ansúd ar fuid an tíghe. Do las na
teinte. Ba ghearr gur las an tigh go léir. D'eirigh an
buthaire lasrach suas sa spéir. Bhí Mac Conglinne
agus na daoine ag feuchaint ar an lasair. Ar ball do
thusnuigh ceann an tíghe ar thuitim isteach agus ar na
rachtaí do nochtadh. Do nochtadh an maide buaic. Do
léim an deamhan suas agus sheasaimh sé ar an maide
buaic. Do chonaic Mac Conglinne é.
"Feuchaidh! a fhearaibh Mumhan," arsa Mac Cong-
linne. "Siné thuas bhúr gcara agaibh. Dúnadh gach
aoinne a bhéal agus labharfad-sa leis an mbioránach
san."
Do dhún gach aoinne a bhéal. Níor ghádh a iaraidh
ortha an tarna h-uair san do dhéanamh. Do dhruid Mac
Conglinne anonn i dtreó an deamhain agus do labhair
sé go h-árd.
"Úmhluigh dom, a dhiabhail!" ar seisean.
"Úmhluighim duit," arsa 'n deamhan. "Ní foláir dom
a dhéanamh mar tá buaidhte agat orm. Níor mheasas go
raibh duine ar talamh ná aingeal thuas d'fhéadfadh a chur
fheuchaint ar Chathal trosgadh dhéanamh an fhaid a bhíos-sa
istigh 'na ghoile. Do chuiris-se fheuchaint air an tros-
gadh dhéanamh agus mise ag stracadh a ghoile as a chéile
le tart agus le h-ocras. Dá dtéidhinn níos déine air
'ná mar a chuadhas bhainfinn an t-anam ar fad as, agus
ní raibh san ceaduighthe dhom. Dhéineas mo dhícheal, ach tá
buaidhte glan agat-sa orm. Níor bh'fhéidir duit buach-
taint orm ar an gcuma san mura mbéadh go bhfuil rath
ó Dhia ort, agus géire intleachta agat, agus iomad
eagna, agus fíor úmhluigheacht, agus mian gach maitheasa,
agus seacht tíodhlaicí an Spioraid Naoimh. Diabhal
iseadh mise, spioraid gan colann. Táim i ngoile
Chathail le trí leath bhliaghnaibh, 'ghá mhilleadh agus ag
milleadh na Mumhan go léir, agus dá bhfágtí trí leath
bhliaghna eile ann mé bhéadh Éire go léir millte agam.
Tháinís-se anso ó mhuintir Corcaighe ag cur isteach orm-
sa. Is maith an bhail ort gur uatha san a tháinís. Is
maith an bhail ort iad a bheith uasal, naomhtha, mar atáid.
Mura mbéadh a n-uaisleacht agus a naomthacht agus a
n-ionracas, agus naomhthacht a n-easbog agus a n-anam-
charad, agus naomhthacht pobuil Chorcaighe móire Mumhan,
agus mura mbéadh ionracas gutha agus bréithre agus
oinigh agus anama an rígh uasail seo go dtáinís d'á
theasargain ; agus go deimhin mura mbéadh t'uaisleacht
féin agus t'ionracas agus glaine do chroídhe agus méid
t'eagna agus géire t'intleachta, is isteach at' bhrághaid
féin do rachainn-se nuair a chuiris amach a' brághaid
Chathail mé, agus ní sgarfainn leat go dtí go gcomáin-
fí mór-thímpal na h-Éirean tú ag gabháil de chlochaibh
agus de mhaidíbh agus de shlataibh agus d'fhuipeanaibh
ort, agus gur b'é bás a gheabhfá sa deire 'ná bás do'n
ghorta."
"Fíoghar Croise Céasda idir mé agus tú!" arsa
Mac Conglinne, agus dhéin sé fíoghar na Croise i
gcoinnibh an deamhain trí h-uaire leis an leabhar
Soisgéal a bhí 'na láimh aige.
Chuir an deamhan sgread as, agus do labhair sé airís
go fíochmhar agus go feargach.
"Á!" ar seisean, "tugaim-se Dia mar uradh dhuit
ann, a Chathail mhic Fhinguine, mura mbéadh an Bhán Bheag
a' Cuireach Liffe go mbéadh do chorp i dtalamh agam-sa
agus t'anam i n-ifrean agam sar a mbéadh puinn de'n
oídhche anocht curtha dhíot agat!"
Ansan d'eirigh sé féin, agus sguainthe deamhan i
n-aonfheacht leis, suas sa n-aer agus d'imthigheadar.
Nó mar adeir an seana leabhar; "Ocus foluamnighis i
n-eithiar iarsin la muintir iffirnn."
"Cad 'tá le déanamh anois againn, a mhic léighinn?"
arsa Pichán.
"'Neósfad-sa san duit," arsa Mac Conglinne.
"Déintear deoch do'n rígh," ar seisean.
"Conus a déanfar an deoch?" arsa Pichán.
"Déintear leamhnacht agus im úr do chómhbheiriughadh
ar a chéile," arsa Mac Conglinne, "agus mil do mheasgadh
ortha, agus iad a thabhairt le n-ól do'n rígh mar nua-
dhigh."
Do déineadh san. Do h-ollamhuigheadh dóithin céad
duine de'n leamhnacht ar an gcuma san. Bhí Cathal 'á
dh'ól go dtí gur chríochnuigh sé é. Ansan do thuit a chod-
ladh air. Do cuireadh ceól bog suairc d'á sheinnt dó
an fhaid a bhí sé 'na chodladh. Deir cuid de'n tseanachus
gur fhan sé sa chodladh san ar feadh trí lá agus trí
oídhche. Deir cuid eile dhé nár fhan sé sa chodladh ach lá
agus oídhche. Nuair a dhúisigh sé as a chodladh ní raibh de
ghoile aige ach mar a bhéadh ag aon Chríosdaidhe.
Caibidiol a ceathairdeug.
"CÁ bhfuil an mac léighinn?" arsa Cathal, chómh luath
agus a dhúisigh sé as a chodladh.
"Táim anso, a rígh," arsa Mac Conglinne.
"Inis an aisling dúinn feasta," arsa'n rígh. "Pé
faid a bhéidh tú 'ghá h-innsint indiu ní bhéidh mé cortha
dhí, murab ionan a's indé."
D'inis sé an aisling ansan do'n rígh, ó thusach go
deire, ach ní'l an innsint sin curtha síos sa tseanachus.
Nuair a bhí an innsint críochnuighthe chuir an rígh rath
agus beannacht ar gach duine do 'neósfadh an aisling
go deó, agus ar gach duine bhéadh ag éisteacht léi d'á
h-innsint.
Bhí áthas agus aoibhneas mór aigne ar Phichán agus
ar an ríoghra go léir nuair a chonacadar go raibh
Cathal leighiste. An fhaid a bhí an leigheas d'á dhéanamh
níor fhéadadar cuimhneamh ar aon rud eile ach ar an
leigheas, an ndéanfaí é nó an dteipfeadh air. Ní raibh
aon choinne i n-aon chor agá lán acu ná go dteipfeadh.
Chonacadar gur chuir an cleasaidhe fheuchaint ar Chathal
an trosgadh uathbhásach a dhéanamh. Ach níor mhar a
chéile, dar leó, trosgadh dhéanamh agus an leigheas a
dhéanamh. Bhí 'fhios acu go ndéanfadh an rígh trosgadh
go bás ach go gcuirfeadh sé roimis é dhéanamh. Ach
nuair a chonacadar an leigheas déanta, é déanta
dáiríribh, é déanta go h-iomlán agus go críochnuighthe,
os cómhair a súl, is amhlaidh a tháinig a leithéid sin
d'uraim acu do'n chleasaidhe, agus dhéineadar a leithéid
sin d'iongnadh dhé, gur bh'ar éigin fhéadaidís a súile
thógaint i n-aon chor dé. Ar ball do thosnuigh ceistiugh-
chán ar ghluaiseacht eatartha, i gcogarnach, "Cé h-e
féin? Cad as é? Cé 'ra díobh é? Cá dtáinig sé?
Cár ghabh sé chugainn?" agus mar sin.
Bhí Mainchín ann agus a lán de mhuintir Chorcaighe.
Thánadar nuair airigheadar na ráflaí mar gheall ar an
leigheas agus Cathal mac Finguine bheith ag déanamh an
trosgaidh, rud ná creidfidís a dhéanfadh Cathal mura
bhfeicfidís le n-a súilibh é 'ghá dhéanamh. D'innseadar,
nuair a ghluais an ceistiughchán, an méid a bhí le h-inn-
sint acu. Níor thug san puinn eóluis d'aoinne. Cheap
cuid acu go dtiocfaidís ar an eólus ó'n gcleasaidhe
féin; go meallfaidís uaidh é. Ach do thuit nídh amach
dóibh a chuir iongnadh ortha. An uile cheist d'ár cuireadh
chuige do fhreagair sé í go breagh, socair, séimh, ach níor
thug sé aon bhlúire eóluis uaidh ar ché'r bh'é, ná ar cá'r
bh' as é.
B'éigean dóibh go léir eirighe dhé. Ach bhí an tairbhe
déanta aige, agus, pé 'r bh'é féin, níor bh'fholáir díol-
uigheacht a thabhairt dó as. D'inis Pichán an margadh a
bhí déanta aige féin. Do thaithin san leis an ríoghra go
léir, ach dúbhradar go gcaithfí cur leis.
Dúbhradar nár cheart aon rud a dhéanamh chun go
socaróchfaí an sgéal go léir i bhfeis cómhairle, i láthair
Chathail.
Níor bh'fhada go raibh Cathal chómh maith agus bhí sé
riamh, 'na shaoghal a's 'na shláinte. Bhí áthas an domhain
ar na daoine go léir. Bhí deire leis an umárd ghrána
a bhí 'ghá milleadh agus 'ghá gcreachadh agus ag tabhairt
náire shaoghalta dhóibh. Bhí uraim ana mhór acu do Chathal
agus ana bháidh acu leis, d'aimhdheóin an umáird a bhí air.
Rígh fóghanta b'eadh é, rígh ná déanfadh an éagcóir pé
cuma 'na mbeidhfí a d'iaraidh é chur suas chun na h-éag-
córa dhéanamh; rígh ná geabhadh páirt an fhir láidir i
gcoinnibh an t-é a bhéadh lag; rígh ná tabharfadh breith
ar an gcéad sgéal go dtí go mbéarfadh an tarna sgéal
air. Agus nuair a thugadh sé an bhreith, dá mb'é an t-é
go mbíodh an bhreith 'na choinnibh féin é, ní fhéadadh sé locht
fhághail ar an mbreith, do chuireadh Cathal an ceart 'na
luighe chómh soiléir chómh solusmhar san. I gcás, má bhí an
uraim agus an báidh, agus an grádh acu go léir dó i
n-aimhdheóin an umáird, go raibh an uraim agus an báidh
agus an grádh curtha i méid naoi n-uaire nuair a
fuaradar go raibh an droch nídh imthighthe agus an leigheas
déanta.
Chuir na smaointe sin go léir iad ag cuimhneamh
coitchianta ar an t-é a dhéin an leigheas, agus d'á mhéid
a chuimhnighdís air iseadh ba mhó a theastuigheadh uatha a
fághail amach cé 'r bh'é féin.
Tháinig an ríoghra, idir chléir agus tuath, i láthair
Chathail, agus shuigheadar i gcómhairle.
Chuir an rígh fios ar an mac léighinn. Tháinig sé.
"A mhic léighinn," arsa Cathal, "tá comaoine mhór
curtha agat orm-sa agus ar an Mumhain. Ní ceart gan
a chothrom de bhuidheachas a ghabháil leat, agus díoluigheacht
a thabhairt duit as. Is féidir a chothrom de bhuidheachas
a thabhairt duit, ach pé díoluigheacht a tabharfaí dhuit níor
bh'fhéidir dó oiread tairbhe dhéanamh duit-se agus atá
déanta agat-sa dúinne. Ach tá an méid seo ag cur
orainn. Ní féidir dúinn buidheachas ná díoluigheacht a
thabhairt duit mar ba chóir gan a fhios a bheith againn cé
h-é an duine a chuir an chomaoine mhór so orainn."
Ansan do labhair Mac Conglinne.
"A rígh onóraigh," ar seisean, "agus a ríoghra
Mumhan, agus a uaisle cléire agus tuatha, measaim
nach fearra dhom rud a dhéanfad 'ná a innsint daoibh,
tríd síos, cad a tharaing mé ar dtúis isteach sa n-obair
seo, agus cad fé ndeara dhom tabhairt i n-aon chor fé
n-a leithéid de ghnó.
"Tháinig an t-eólus chugam, fé mar a tháinig sé chun
an uile dhuine i n-Éirinn, droch nídh éigin uathbhásach a
bheith tagaithe ar Chathal. Chuir an t-eólus san díombádh
orm-sa fé mar a chuir sé díombádh ar gach aoinne. Ach i
dteannta díombádh chur orm do chuir sé ag machtnamh mé.
B'é bunús mo mhachtnaimh, conus a gheabhfaí leigheas do'n
olc a bhí ar an rígh. As na tuairisgibh a shroiseadh mé
do thuigeas ná raibh aon ghearán sláinte air. Thuigeas
as san nár bh'í a shláinte a bhí le leigheas. Ní leigheas
cuirp a bhí le déanamh air. Thuigeas as san nár
bh'fholáir a admháil, nuair nach ar an gcorp a bhí an
leigheas le déanamh, gur ar an aigne a bhí sé le
déanamh.
"Nuair a bhí an méid sin socair agam tháinig eólus
eile chugam a chuir ar seachrán airís mé. Do tugadh le
tuisgint dom nár dhéin an trioblóid a bhí ar Chathal
aon bhaint ó n-a bhreitheamhantas. Go raibh a chiall
agus a thuisgint chómh glan chómh cruinn agus a bhíodar
aon lá riamh aige. Thug san le tuisgint dom ná raibh
aon umárd ar a meabhair shaoghalta.
"D'fhág san i gcruadh-chás mé. Ní raibh gearán
sláinte air, agus ní raibh bun os cionn aigne air.
Cad a bhí air má 'seadh?
"D'airigheas, fé mar 'airigheamar go léir, conus a
fuair an droch nídh seilbh ar dtúis istigh 'na ghoile.
Dúbhairt liom féin, as mo chuid machtnaimh, an dorus
ceadna n-ar tháinig an díobháil tríd gur tríd a
chaithfeadh an leigheas teacht. Gur le biadh a chuaidh an droch
nídh isteach, agus gur le biadh a caithfí an droch nídh a
thabhairt amach; ach so a bheith de dheifrigheacht idir an
ndul isteach agus an teacht amach, gur le h-ithe bídh a
chuaidh sé isteach, agus gur le diúltughadh do bhiadh a
caithfí é thabhairt amach; nó mar seo, gur le craos a
chuaidh sé isteach, agus gur le trosgadh a caithfí é
thabhairt amach.
"Ach ní trosgadh gach easba bídh. Ní trosgadh do
dhuine bheith gan biadh mura staonadh sé ó'n mbiadh le
saor thoil. Le n-a shaor thoil féin iseadh a dhéinean
duine craos, agus má's maith le duine cúiteamh éigin a
dhéanamh ar an gcraos, ní foláir dó an cúiteamh a
dhéanamh ar an gcuma gcéadna, 'sé sin le n-a shaor thoil
féin.
"Bhí 'fhios agam nár bh'fhéidir Cathal do leigheas ach
le trosgadh a dhéanfadh sé le n-a shaor thoil féin. Dá
dtagainn-se anso agus dá n-abrainn le Cathal go
leighisfí é ach trosgadh dhéanamh ar an gcuma san, le n-a
shaor thoil féin, bhéadh sé gan leigheas, mar ní dhéanfadh
sé an trosgadh. B'éigean dom slígh eile tharang chugam
chun a chur fheuchaint air an trosgadh dhéanamh, agus é
dhéanamh le saor thoil.
"Ba mhaith liom a léiriughadh dhaoibh-se anois, a rígh
Caisil agus a ríoghra agus a uaisle Mumhan, idir chléir
agus tuath, cad í an tslígh eile sin ar ar shocaruigheas
agus conus a dhéineas an socarughadh.
"Tá aithne againn go léir ar Chathal ó thusach
a óige. Tá eólus maith againn ar a dheag-thréithibh.
Tá aon deagh-thréith amháin ann agus ní dóich liom
go bhfuil duine sa Mhumhain nár chuir aithne uair éigin
ar an ndeagh-thréith sin. Aoinne a chuir ní ceart
dó dearmhad a dhéanamh dé. Sidí an deagh-thréith
adeirim. A thugthacht chun dul isteach sa ghuais
is géire chun duine eile thabhairt saor ó ghuais.
Ar an dtréith sin iseadh ghreamuigeas chun an rígh
thabhairt as an nguais 'na raibh sé. Bhí 'fhios agam ná
déanfadh sé an trosgadh chun é féin do shaoradh ó'n
nguais 'na raibh sé, ach bhí tuairim láidir agam, dá
bhfeicfeadh sé duine eile i nguais, agus go dtuigfeadh
sé i n'aigne go bhféadfadh sé an duine sin d'fhuasgailt
le trosgadh, go ndéanfadh sé an trosgadh. Siní an
obair a chuireas rómham, tar éis mórán machtnaimh agus
mórán buartha aigne, go gcuirfinn Cathal i gcás go
ndéanfadh sé an trosgadh ar dtúis ar mhaithe le duine
eile. Bhíos ag brath air go mb'fhéidir go meallfaí
ansan é chun an trosgaidh a dhéanamh chun Dé, ar mhaithe
leis féin.
"Bhí 'fhios agam go dian mhaith, nídh nach iongnadh, ná
béadh aon bhreith agam ar an obair sin a chur chun cinn
gan lámh Dé bheith sa n-obair. D'iaras ar Bhríghid, ó
'sí mo chara anama í i láthair Dé, a guidhe chur suas chun
Dé, dhom féin agus do'n rígh. D'aireabhar go léir an
focal adúbhairt an mac mallachtain. D'aireabhar conus
a mhaoidhimh sé cad a dhéanfadh sé "mura mbéadh an Bhán
Bheag a' Cuireach Liffe." Is léir ó'n bhfocal san gur
dhéin sí an rud a h-iaradh uirthi a dhéanamh, agus go raibh
lámh Dé linn sa n-obair seo ó thusach. Níor bh'fholáir a
bheith. Ní'l sé i neart ná i n-intleacht an duine dul i
ngleic leis an annsprid gan congnamh ó chómhachtaibh Dé.
duine gan mheabhair a dhéanfadh é, go mór mór ó 'tá an
congnamh le fághail ach é dh'iaraidh. Mura mbéadh an
congnamh a fuaramar, tré impidhe Bhríghde, bhéadh an
sgéal go h-olc againn. Ní gan fáth adúbhairt an
deamhan an focal úd.
"Nuair a bhí congnamh ó Dhia curtha i n-áirighthe agam
dom féin ar an gcuma san, tré impidhe Bríghde, mhacht-
nuigheas am' aigne ar an gcuma 'nar cheart dom
tusnughadh. Níor mhór dhom ar dtúis duine éigin a bheith
i nguais uathbhásach éigin sar a' bhféadfainn a iaraidh ar
Chathal trosgadh dhéanamh chun an duine shaoradh ó'n nguais.
Ní raibh ach aon duine amháin go raibh ar mo chumas é chur
i nguais mar sin. B'é duine é sin 'ná mé féin. Ní
bhéadh sé ceart ná dleaghthach agam baint le h-aon duine
eile. Shocaruigheas m'aigne air go raghainn féin sa
ghuais, agus ó bhíos le dul ann i n-aon chor, cheapas d'á
ghéire bhéadh an ghuais gur bh'eadh ba dhóichíghde dhom an
rígh do dhéanamh an trosgaidh ar mo shon. Thuigeas am'
aigne ná raibh guais ba ghéire 'ná duine bheith fé mhallacht
na h-Eagailse agus gearrtha amach ó aon tsúil a bheith
go deó aige le radharc fhághail ar sholus na bhflathas.
Cheapas go ndéanfainn mé féin a chur sa ghuais sin,
agusansan go ndéanfainn mé féin do chaitheam suas ar
Chathal agus go n-iarfainn air trosgadh dhéanamh chun mé
thabhairt saor ó'n nguais sin. Bhí 'fhios agam ná déan-
fadh cleasaidheacht ná leigint orm an gnó, ach nár
bh'fholáir gach nídh bheith do chroídhe dáiríribh.
"Isé céad rud a bhí agam le déanamh, d'á bhrígh sin,
'ná mallacht na h-Eagailse do thabhairt orm féin; agus
thuigeas, d'á naomhthacht a bhéadh an t-é chuirfeadh an
mhallacht san orm gur bh'eadh ba ghéire an cruadhtan 'na
mbéinn agus gur bh'eadh ba dhóichighde go nglacfadh an
rígh truagh dhom. Ní'l sa Mhumhain, ná is dócha i n-Éirinn,
fear eagailse is aoirde cáil naomhthachta 'ná Mainchín,
Abb Chorcaighe. Deirim anso é os a chómhair féin, agus
ní'l aoinne láithreach ná h-admhóchaidh go bhfuil an fhírinne
agam. Shocaruigheas am' aigne, d'á bhrígh sin, gur bh'é
Mainchín a chaithfeadh an mhallacht a chur orm. Bhí deaca-
racht eile sa sgéal ansan. Ní baoghal go gcuirfeadh
Mainchín an mhallacht orm mura ndéanfainn an mhallacht
a thuilleamh go cruaidh. Thánag go Corcaigh gan aon ghnó
eile ach chun í thuilleamh.
"Ach conus a thiocfainn ar an mallacht do thuilleamh?
B'shiní an cheist ansan. Ba ró fhuiriste dhom í thuilleamh
dá bhféadfainn droch ghníomh a dhéanamh. Ní fhéadfainn í
thuilleamh ar an gcuma san. Ní'l sé ceaduighthe ag
duine an t-olc a dhéanamh pé tairbhe ba dhóich leis a
thiocfadh as dó. Agus níor bh'fhéidir dom lámh Dé bheith
ag cabhrughadh liom sa ghnó dá mba le droch ghníomh a
bheartóchainn an gnó chur chun cinn.
"Ní gádh dhomh a innsint anois do Mhainchín agus do
mhuintir Chorcaighe atá anso ag éisteacht liom conus a
dhéineas an mhallacht do thuilleamh. Tá 'fhios acu gur
thuilleas í go maith, dar leó, agus tá 'fhios acu gur
cuireadh orm í ó chroídhe, i dtreó nár ghádh dhom aon bhréag
a dh'innsint do'n rígh mar gheall uirthi. Ach má fheuchaid
siad siar airís ar an sgéal chífid siad, go soiléir, nár
dhéineas aon nídh go bhféadfaí droch ghníomh a thabhairt air.
"Ach do déineadh an rud a bhí uaim. Do cuireadh
orm an mhallacht. Ansan do bhíos ollamh ar theacht anso
feuchaint a' bhféadfainn a chur fhiachaibh ar an righ trosgadh
dhéanamh ar mo shon chun na h-easgaine thógaint díom.
Do thánag. Bhí 'fhios agam nár bh'fholáir dom gluaiseacht
go h-ana ghasta agus go h-ana aireach agus go h-ana
aicillidhe sa n-obair. Thuigeas go mb'fhearr tusnughadh
go réidh, gan a iaraidh ar Chathal a dhéanamh ar dtúis ach
rud éigin suarach. Bhí 'fhios ag gach aoinne, ó'n lá
tháinig an t-umárd ar dtúis ar an rígh, nár thárla riamh
'na láimh aige oiread agus ubhall agus gur sgar a lámh
leis gan é chur 'na bhéal féin. Dúbhart liom féin dá
bhféadainn oiread agus aon ubhall amháin a mhealladh as
a láimh uaidh nár bh' olc an tusnughadh é. Ní gádh dhom a
innsint conus mar ba mhór ag Cathal riamh a dhualgas
rígh. Is cuimhin libh conus mar a dhéineas an fáscogaint,
agus conus mar a mheileas an chloch le m'fhiaclaibh,
Nuair fhiafruigh Cathal díom cad abhí orm thugas freagra
air a thug chun a aigne a dhualgas rígh. Chuaidh an freag-
ra i bhfeidhm. Do leath bhúr súile oraibh go léir nuair a
chonacabhar an t-ubhall aige 'á thabhairt dom. Isí Bríghid
a dhéin é. Mura mbéadh Bríghid a bheith ag guidhe liom an
uair sin ní chuirfeadh Cathal suim ar bith ionam. Mhea-
sabhar go léir ná raibh agam 'á dhéanamh ach sult agus
áilteóireacht. Ach tríd an sult go léir is árd a bhí
m' aigne-se agus mo chroídhe an uair sin ag glaodhach
ar Bhríghid agus ar Dhia! Do h-éisteadh liom, moladh
le Dia 'á chionn! Do tugadh dom an t-ubhall. Nuair
a thugan an duine an chéad chiscéim ar a leas ní bhíon
leath deacarachta sa tarna ciscéim. D'iaras an tarna
h-ubhall agus do fuaras é. Bhí 'fhios agam an uraim
thar bárr a bheith ag Cathal d'fhírinnibh an Chreidimh.
D'iaras an trímhadh h-ubhall i n-ainim na Tríonóide.
Fuaras é. Níor staonas. Bhí 'fhios agam an annsprid
a bheith ag oibriughadh am' choinnibh istigh, ach bhí 'fhios agam,
leis, Bríghid a bheith ag guidhe liom go láidir lastuas.
Do leanas a d'iaraidh na n-ubhall ar Chathal, gach ubhall
ar son fírinne éigin d'fhírinníbh an Chreidimh. Do lean
sé 'á dtabhairt dom, le h-uraim dos na fírinníbh sin
agus i n-aimhdheóin an éigin a bhí ag an annsprid 'á
dhéanamh air lastigh. Nuair a thánag go dtí an trímadh
h-ubhall déag do bhris ar an bhfoidhne aige. Níor bh'iong-
nadh go mbrisfeadh. Ní raibh ubhall de'n dá ubhall déag
a thug sé dhom nach le cath uathbhásach do sgar sé leis.
Ní raibh cath dhíobh nár thuigeas a chruadhtan. Do sgar sé
leis an dá ubhall déag i ndiaigh 'chéile, agus gníomh
Creidimh dó ab eadh sgaramhaint le gach ubhall acu.
Buille dian ar an namhaid ab eadh gach gníomh Creidimh
acu san. Do bhris ar an bhfoidhne aige fé dheire, ach má
bhris, ansan iseadh bhuail sé an buille ba throime dhíobh
go léir ar an namhaid. Nuair 'iaras an trímhadh h-ubhall
déag air, i n-onóir do Chríost os cionn na n-Aspol, ní
h-amhlaidh a thug sé ubhall uaidh ach is amhlaidh a chaith sé
uaidh iad go léir!
"Bhí buaidhte glan ar an namhaid againn sa méid
sin, ach má bhí, do chuir san mo cheann-sa i gcontabhairt
chruaidh. D'úmhluigheas láithreach do'n rígh agus d'inn-
seas dó cad d'imthigh orm i gCorcaigh. Do buadhadh ar
an namhaid airís tré impidhe Bhríghde agus tré bháidh
Chathail le macaibh léighinn.
"Ansan d'iaras an aisge. Do fuaras í. D'inn-
seas do Chathal an mhallacht a bheith orm agus ná raibh
aon rud chun mé dh'fhuasgailt uaithi ach an rígh féin do
dhéanamh trosgaidh dom chun Dé. Ba chruaidh an aisge í.
le h-iaraidh ar an rígh, ach d'iaras í, agus mar is eól
daoibh do dhéin sé an trosgadh. Ansan d'iaras air
trosgadh dhéanamh chun Dé ar mhaithe le rígh Caisil. Ba
dheacair é. Ach do dhéin sé é. Tá toradh na h-oibre go
léir anois againn, buidheachas le Dia!"
Do stad Mac Conglinne. Do labhair an rígh airís.
"A mhic léighinn," ar seisean, "tá éistithe againn le
d'chaint. Má bá léir dúinn sar ar labhrais go raibh
comaoine mhór curtha agat orainn go léir, agus orm-sa
féin tar chách, is seacht léire dhúinn anois é. Is iongan-
tach an duine thú agus is iongantach an gníomh a chuiris
romhat, agus is mó go mór 'ná iongantach an chuma 'nar
dhéinis an bheart. Ach níor innsis fós dúinn cé h-é thu.
Cad é an ainim atá ort, a mhic léighinn?"
"Aniér mac Conglinne a tugtar orm, a rígh,"
arsa'n mac léighinn.
Do stad a anál ag gach aoinne chómh luath agus do
h-airigheadh an ainim. D'fheuch na daoine ar a chéile.
Ansan do fuaradar a n-anál, agus chuireadar liúgh
suas nár h-airigeadh a leitéid sa n-áit níor bh'fhios cad
é an fhaid roimis sin, ná 'na dhiaigh san.
Bhí aithne mhaith ar fuid na h-Éirean go léir an uaír
sin ar ainim Mhic Conglinne ach ní raibh aithne sa
Mhumhain a ar phearsain.
Caibidiol a cuigdeug.
ANSAN iseadh ghluais an chaint agus an cómhrádh agus
an cur thré chéile.
"Mo ghraidhn mo shúil!" a deireadh duine, "is maith
a bhí 'fhios agam nár bh'fhear cleas é. Aniér mac Cong-
linne! Agus siné an t-Aniér mac Conglinne n-a
bhfuil an cháil go léir air! Ail-il-iú!"
"Má bhí 'fhios agat nár bh'fhear cleas é," a deireadh
duine eile, "is ana bhaileach a choimeádais an t-eólus
agat féin. Níor leigis amach aon bhlúire dhé go dtí an
neómat so."
"Go deimhin," a deireadh duine eile, "ní'l ann ach
mar a bhéadh aon fhear!"
"Ní dócha," a deireadh duine eile, "gur cheapais gur
cheart go mbéadh gob agus sgiatháin air."
Mar sin dóibh.
D'eirigh Cathal agus do labhair sé.
"Tá gach nídh soiléir go leór anois," ar seisean.
"An gníomh so atá déanta agat, a Mhic Conglinne," ar
seisean, "tá buaidhte aige ar ar déineadh riamh fós de
ghníomharthaibh iongantacha i n-Éirinn. Dob' iongantach
an obair duit cuimhneamh i n-aon chor air. Ansan dob'
iongantach an obair duit tabhairt fé. Dob' iongantach
an obair duit leanmhaint air mar a dhéinis, i n-aghaidh
gach deacarachta agus gach droch úsáide, go dtí gur
chuiris gach nídh chun cinn i n'am agus i n'áit féin. Is
ró bheag d'á chuimhneamh a bhí agam-sa nuair a bhís ag
lorg na n-ubhall orm gur ar mhaithe liom a bhís, ná raibh
sa chleasaidheacht agus sa n-áilteóireacht go léir ach chun
a chur fheuchaint orm mo leas a dhéanamh. Ba chóir go
gcuimhneóchainn féin fadó riamh ar an bhfírinne sin, nach
foláir do dhuine a thoil do chur go seasamhach i gcoinnibh
a dhroch mhian sar a bhféadfaidh sé an lámh uachtair a
dh'fhághail ortha. Dá mba ná béadh agat-sa le déanamh
sa sgéal ach do thoil féin a chur i gcoinnibh droch mhian,
déarfadh duine go mbéadh gníomh maith déanta agat
nuair a bhéadh san déanta agat. Déarfadh duine nár
bheag dhuit de ghnó é. Ach do chuiris-sé rómhat an gnó
san a dhéanamh do dhuine eile, toil duine eile do chur i
gcoinnibh droch mhian an duine eile sin, agus san do
dhéanamh i n-aimhdheóin an duine eile sin; mo thoil féin
do chur i gcoinnibh mo thoile féin; a chur fheuchaint orm
gníomh a dhéanamh le m' shaor thoil agus mo shaor thoil ag
gabháil lom díreach i gcoinnibh an ghnímh sin.
"D'á mhéid a dhéinim machtnamh air sin, a Mhic Cong-
linne, iseadh is mó a dhéinim iongnadh dhé. Ach gach aon
chuid eile de'n obair a dhéinis, tá sé chómh maith chun
iongnadh chur ar dhuine leis an méid sin. Ba shuarach
an rud ubhall a thabhairt duit i gcoinnibh mo thoile, agus
é thabhairt le m' thoil, seachas an trosgadh a chuiris
fheuchaint orm a dhéanamh. Ní raibh nídh ar bith ba mhó a
bhí i gcoinnibh mo thoile 'ná an trosgadh céadna san,
agus feuch, is le m' thoil mhacánta a dhéineas é.
Dhéineas é chun tusa shaoradh ó'n mallacht. Mura
mbéadh an mhallacht san ní fhéadfá choídhche a chur fheu-
chaint orm an trosgadh san do dhéanamh. Is cruinn a
bhreithnighis m' aigne nuair a thuigis go ndéanfainn, chun
duine eile do shaoradh ó mhallacht, trosgadh ná déan-
fainn ar mo shon féin pé tairbhe thiocfadh as dom.
B' uathbhásach an obair duit, a Mhic Conglinne, dul
agus an mhallacht san do thuilleamh agus í tarang ort
féin gan aon chúis eile ach chun a chur fheuchaint orm-sa
an trosgadh dhéanamh, trosgadh ar mhaithe liom féin, tros-
gadh gur chóir nár ghádh ach a innsint dom gur bh'air a bhí
mo leigheas ag brath, chun mé chur 'ghá déanamh go fonn-
mhar uaim féin.
"Nuair innsis an aisling dom tar éis an leighis a
bheith déanta agat chuireas rath agus beannacht ar an
aisling agus ar gach duine do 'neósfadh í go deó, agus
ar gach duine a bhéadh ag éisteacht léi d'á h-innsint.
Tá nídh eile agam le déanamh anois i dtaobh an leighis.
Ní mise an chéad duine a dhéin craos. Ní mé an chéad
duine go bhfuair an deamhan san seilbh istigh ann. Is
dóich liom, ámhthach, gur mé an chéad duine a fuair a
leithéid de leigheas. Is sean-fhocal é, "An t-é n-a
mbéadh fios aige go mbéadh leigheas aige." Dá mbéadh
fios an leighis agam-sa roim ré, agus dá ndéininn
uaim féin na neithe a chuiris-se fheuchaint orm a dhéanamh,
níor ghádh dhuit-se an trioblóid go léir a ghlacadh, agus
na cúrsaí go léir a thabhairt, agus dul i gcontabhairt
t'anama mar a dhéinis. Tá fhios againn go léir conus
mar a dúbhairt an Slánuightheóir, moladh go deó leis, go
bhfuil deamhain áirighthe agus nach féidir iad do chur
amach a' duine ach le trosgadh agus le guidhe chun Dé.
Ní foláir nó is deamhan acu san an deamhan úd a bhí
ionam-sa. Dá dtuiginn-se an méid sin i n-am, agus
dá gcuirinn rómham i gceart an trosgadh dhéanamh agus
mo ghuidhe chur chun Dé, bhéadh an Mhumhain go léir ag cur
a nguidhe suas chun Dé mar aon liom, agus bhéadh an
deamhan díbeartha fadó.
"Tá an fios agus an leigheas anois againn, a Mhic
Conglinne, agus gan amhras is ort-sa a bhuidheachas, agus
ar Dhia a chuir chugainn tú agus do chuir ad' chroídhe a
leithéid de trioblóid a chur ort féin. Tá an fios agus
an leigheas againn, agus ba mhaith liom-sa go bhfanfadh
an fios agus an leigheas ag ár slíocht i n-Éirinn go
deire an tsaoghail
"Tiocfaid daoine 'nár ndiaigh i n-Éirinn agus déan-
faid siad craos. Glacfaidh an Deamhan-craois seilbh
istigh 'na gcroídhe. Tabharfaid siad cead a chinn agus
cead a ghoile do'n deamhan san go dtí ná béidh beann
acu ar Dhia ná ar dhuine, ar charaid ná ar namhaid, ar
mhnaoi ná ar chlainn ná ar chúram; go dtí, mar
adúbhairt an annsprid linn, go ngeabhfar de mhaidíbh
agus de chlochaibh agus de sgiúirsíbh agus d'fhuipeanaibh
ortha mór-thímpal na h-Éirean agus gur b'é bás a
bhéarfaidh iad fé dheire 'ná bás do'n ghorta.
"Ba mhaith liom an fios agus an leigheas a bheith i
n-Éirinn go deó dhóibh sin, i dtreó go bhféadfaidís an
fios do leanmhaint, agus úsáid a déanamh de'n leigheas,
agus an deamhan do chur a' seilbh.
"Cuirim-se anois, d'á bhrígh sin, de gheasaibh ar
Mhainchín agus ar mhanachaibh Chorcaighe na focail seo a
déarfad do sgríobh' síos i leabhraibh Chorcaighe i dtreó
go mbéidh siad ansan le léigheadh go deó. Sidiad na
focail:-
""An t-é n-a mbéidh sé de mhí-ádh air deamhan craois
do ghabháil sealbha 'na ghoile, pé'chu craos díghe nó craos
bídh fé ndear é, ní'l bac air é féin do leigheas agus an
deamhan do chur a' seilbh ach go ndéanfaidh sé na neithe a
chuir Aniér mac Conglinne fheuchaint ar Chathal mac
Finguine a dhéanamh. Cuireadh sé ar dtúis a ghuidhe
chun Dé fé chomairce Bhríghde. Cuireadh sé ansan a
mhian fé smacht a thoile ins na neithibh is suaraighe. Bíodh
uraim aige do'n Chreideamh. Ansan, má's deamhan
meisge a bhéidh istigh aige cuireadh sé suas d'aon deoch
meisgeamhail a dh'ól. Má's deamhan ocrais a bhéidh istigh
aige déineadh sé trosgadh pé ochras a bhéidh air."
"Curtar síos an méid sin go cruinn i leabhraibh Chor-
caighe. B'fhéidir go mbéadh gádh go cruaidh leis an
leigheas i n-Éirinn 'na dhiaigh so."
Do sgríobh Mainchín síos na focail sin, agus chuir
sé chuige iad chun iad a chur isteach i leabhraibh Chorcaighe
chómh luath agus do raghadh sé abhaile go Corcaigh.
Ní fheadar-sa ar thuig Cathal an uair sin go ndéan-
fadh meisge, craos-deamhan an díghe, an t-éirleach atá
aige 'á dhéanamh anois i n-Éirinn. Pé 'cu thuig nó nár
thuig bhí targaireacht 'na chaint. Tá seilbh anois ag
craos-deamhan an mheisge istigh i n-a lán daoine agus ní
le trí leath-bhliaghnaibh é. Is mó go mór an milleadh
agus an creachadh atá aige 'á dhéanamh 'ná mar a dhéin
Craos-Deamhan Chathail riamh. Is mó an náire agus an
scannal agus an mí-chlú atá ag teacht uaidh 'ná mar a
tháinig riamh ó Chraos-Deamhan Chathail.
Nuair a bhí na focail sgríbhte, curtha chuige, ag
Mainchín, do labhair Cathal airís.
"Ní foláir, a ríoghra Mumhan," ar seisean, "a
cheart díoluigheachta thabhairt do'n duine seo a dhéin an
tairbhe go léir dúinn. Sidé díoluigheacht a cheapaim-se
dhó. An obair a dhéinis dómh-sa, a Mic Conglinne," ar
seisean, "ag tabhairt mo chod' bídh dom, is tú a dhéan-
faidh an obair sin dom i gcómhnuighe, feasda, pé 'cu is
"biadh ó bheólaibh" dom é nó nach eadh. 'Na theannta san
tabharfar bó a' gach lios duit ó Charn go Corcaigh, agus
brat a' gach cill, agus uinge d'ór ó gach fear tíghe, agus
caora bhán a' gach cró caorach, agus béidh t'inead suidhte
do ghnáth ar mo láimh dheis féin. Ní h-é mo thuairim go
mbéidh aon chur 'na choinnibh ag aon duine sa Mhumhain an
díoluigheacht san a thabhairt duit. Tá ag dul duit mar
an gcéadna, mar is eól dúinn go léir, an cochal so atá
ar láimh Easboig Chorcaighe."
D'eirigh Mainchín agus do labhair sé.
"A rígh Caisil," ar seisean, "agus a maithe agus a
mhór uaisle Mumhan, tá tagaithe go maith agaibh go léir
as an ngnó so, ach tá tagaithe go h-olc, go dian olc,
agam-sa as. Deir an fear so nár dhéin sé aon droch
ghníomh a thuillfeadh coinneal-bháthadh ná mallacht na
h-Eagailse dhó. Is ionan san agus a rádh gur cuireadh
an mhallacht air sa n-éagcóir. Mhol sé mo bheannuigh-
theacht-sa. Dúbhairt sé go dtáinig sé chugam-sa chun na
h-easgaine thuilleamh, agus gur mar gheall ar mo
bheannuightheacht a tháinig sé chugam. Má mol sé mo
bheannuightheacht do cháin sé mo chiall. Deir sé, má
fheuchaimíd siar anois ar an gcuma 'nar thuill sé an
mhallacht, go bhfeicfimíd nár dhéin sé aon droch ghníomh.
Mise a chuir an mhallacht air. D'admhuigh sé nár bhaoghal
go gcuirfinn an mhallacht air gan é 'ghá tuilleamh go
mhaith. Measan sé a chur 'na luighe oraibh-se anois nár
thuill sé í, nár dhéin sé aon droch ghníomh a thuillfeadh
mallacht. Dá mbéadh sibh ag feuchaint air agus ag
éisteacht leis an fhaid a bhí sé i gCorcaigh, bhéadh 'fhios
agaibh cé 'cu thuill sé an mhallacht nó nár thuill.
Bíomair-ne ag éisteacht leis agus ag feuchaint air,
agus tá so le rádh againn. Níor tháinig, le cuimhne aon
duine atá suas, a leithéid eile isteach sa chathair. Dhéin
sé oiread toirmisg agus acharainn agus cur thré chéile
i gcaitheamh aon cheithre h-uaire fichid amháin agus ná
déanfadh an cuirptheach is mó a tháinig riamh chugainn dá
bhfaghadh sé bliaghain chuige. Bhí an chathair agus an
mhainistir agus an uile shaghas gnótha d'ár bhain leó
iompuighthe taobh síos suas aige sar ar imthigh sé.
Dhaoramair é chun a chrochta feuchaint an éalóchadh sé
uainn. Ba dhóich le duine gur b' amhlaidh a chuir san
fheuchaint air fanmhaint. Ba dhóich le duine air ná raibh
uaidh ach go gcrochfaí é. Agus deir se nár dhéin sé aon
droch ghníomh! Níor chuir sé oiread agus cor dé an fhaid
a bhí sé i gCorcaigh gan droch ghníomh a dhéanamh.
"Ach sgaoilimis thorainn gach nídh d'ár dhéin sé ach
aon nídh amháin, agus taisbéanfaidh an t-aon nídh amháin
sin gur thuill sé an mhallacht. An oídhche tháinig sé go
Corcaigh oídhche throsgaidh ab eadh í. Fuair sé an biadh is
dleaghthach a chaitheamh i n-aimsir throsgaidh. Do cháin sé
an biadh agus d'aoir sé an Eaglais. Agus deir sé nár
dhéin sé droch ghníomh! Fiafraighim d'aoinne atá anso
ag éisteacht liom an droch ghníomh an Eaglais d'aoireadh?
An bhféadfadh duine gníomh ba mheasa a dhéanamh? Agus
deir sé linn feuchaint siar agus go n-admhóchaimíd nár
dhéin sé droch ghníomh. Mura mbéadh gur dhéin sé an droch
ghníomh ní chuirfinn-se fé choinneal-bháthadh é. Molan sé
mo bheannuightheact. Ni'l aoinne 'ghá iaraidh air. Ní'l aon
bheannuightheacht aige le moladh ionam-sa seachas aoinne
eile. Déinim mo dhícheal chun gach dualgais atá orm
chun Dé do chómhlíonadh. Ní chóir aoinne mholadh mar
gheall air sin. Cuid de'n dualgas san atá orm-sa
iseadh duine chur fé choinneal-bháthadh má dhéinean sé an
Eaglais d'aoireadh. Dhéin an fear so an Eaglais
d'aoireadh. Chuireas-sa fé choinneal-bháthadh é mar
gheall air. Deir sé anois nár thuill sé an mhal-
lacht. Murar thuill do dhéineas-sa éagcóir air,
an éagcóir is truime agus is measa fhéadfadh
duine a dhéanamh ar dhuine. Má dhéineas an
éagcóir sin ba cheart mé féin do chur fé choinneal-
bháthadh. Má dheineas an éagcóir sin cá bhfuil an bhean-
nuightheacht so adeir sé atá ionam! Tá an duine ag
magadh fúm, a rígh Chaisil agus a ríoghra Mumhan.
Má's fíor a chaint féin is ag stealadh-mhagadh atá sé
fum-sa ó tháinig sé go Corcaigh. D'a bhrígh sin éilighim
anois, os comhair na gcómhacht atá láithreach, díre agus
eineachlán ar an bhfear so, sar a ndéanfar aon ghnó
eile."
D'eirigh Mac Conglinne.
"A rígh Caisil," ar seisean, "agus a ríogra agus
a mhór uaisle Mumhan, idir chléir agus tuath, is oth liom
go mór Mainchín 'ghá mheas go ndéanfainn-se magadh
faoi, ná go dtabharfainn easonóir dó ar aon chuma
eile ach chómh beag. Dhéineas aoir ar an Eaglais nó
níor dhéineas. Má dhéineas is ceart é agairt orm.
Murar dhéineas is dómh-sa is ceart díre agus eineach-
lán d'éileamh ar an té chuirfeadh am' leith é. Ní'l
puinn aimsire imthighthe fós ó'n oídhche thánag go teach
aoigheadh Chorcaighe. Ní deacair cúntas d'fhághail ar gach
focal d'ár labhras agus gach nídh d'ár dhéineas i gcaith-
eamh na h-aimsire sin. Cuireadh Mainchin geall céad i
láimh Chathail agus cuirfead-sa céad eile ar a láimh.
Ansan suidheadh na breitheamhain agus breithnighidís an
nídh atá eadarainn agus abraidís cé 'cu is dómh-sa ó
Mhainchín atá díre agus eineachlán ag dul, nó dó-san
uaim-se."
Do cuireadh an dá chéad ar láimh Chathail. Do shuigh
na breitheamhain agus bhreithnigheadar an cás. Bhí a lan
daoine ann ó Chorcaigh i dtreó nár dheacair dóibh a
ndóithin fínnithe ghlaodhach. Nuair a bhí an breithniughadh
déanta acu thugadar a mbreith. Sidí an bhreith a thuga
dar:-
"Níor dhéin Mac Conglinne aoir ar an Eaglais.
Ní dúbhairt sé ach ná h-íosfadh sé min choirce Chorcaighe.
Níor bh'aoir ar an Eaglais san do rádh. Is ó Mhainchín
do Mhac Conglinne atá díre agus eineachlán ag dul."
Do tugadh an bhreith ag triall ar Chathal agus do
léigh sé amach í. Do labhair Mac Conglinne.
"A rígh Caisil," ar seisean, "agus a mhaithe agus a
mhór uaisle Mumhan, idir chléir agus tuath, do chabhruigh
Mainchín liom-sa go láidir sa n-obair seo atá déanta
agam. Nuair a bhíos ag teacht ó Chorcaigh anso chun na
h-oibre dhéanamh, do gheall Mainchín dom, dá leighisinn
an rígh go bhfaghainn uaidh an cochal úd ná tabharfadh sé
ar shaidhbhreas an domhain. Tá an cochal ar láimh Eas-
boig Chorcaighe, le tabhairt dómh-sa chómh luath agus bhéadh
an leigheas déanta. Sin a n-iarfad anois de dhíre ná
d'eineachlán ar Mhainichín, an cochal san a thabairt dom
go toilteanach agus a bheannacht 'na theannta."
"Bíodh sé agat agus mo bheannacht," arsa Mainchín.
"Níor theip riamh ort ná go ndéanfá beart bun os
cionn le tuairim aoinne!"
Do tugadh an cochal do Mac Conglinne. Do tugadh
na ba dhó, agus na caoire bána, agus an t-ór, agus an
t-each Breathnach, agus má ba mhór a cháil ar fuid na
h-Éirean roimis sin ba dhá mhó as san amach é.
Agus feuch. Ní deirtear gur chuimhnigh Cathal a
thuille ar Lígaigh, inghean Mhaoile Dúin, ná gur chuir sí
a thuille mísleán ag triall air.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11