Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guaire I, II
Title
Guaire I, II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime / Cearnach, Conall (E
Compiler/Editor
O'Connell, F. W.
Composition Date
1915
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guaire. Caibidiol a h-aon. Aodh Dubh agus Aodh Fionn. Bhí Suibhne Meann i n'árdrígh ar Éirinn, agus bhí Aodh mac Duach Duibh 'n-a rígh ar chrích Oirghialla, agus Aodh Fionn mac Feargna 'n-a rígh ar an mBréifne. Le linn an trír sin iseadh bhí Guaire mac Colmáin 'n-a rígh ar Chonnachtaibh. Do tugtí Guaire Aidhne, leis, mar ainim air, agus Guaire an oinigh, Isé cúis 'n-a dtugtí Guaire an oinigh mar ainim air, mar bhí sé amuich air nár eitigh sé aon duine riamh ar pé rud a h-iarrtí air. Bhí aicme daoine i n-Éirinn an uair sin agus bhí saoghal breágh acu. B'iad san na filí. Bhídís ag imtheacht ó thigh ríogh go tigh ríogh eile, agus an rí a chuir- eadh cóir mhaith ortha dheinidís dánta breághtha 'ghá mholadh. Bhíodh na dánta cómh maith san go leanaidís i mbéalaibh na ndaoine, ní h-amháin an fhaid a mhaireadh na daoine sin, ach ó shliocht go sliocht, ar feadh céadta bliadhan go minic. An rí ná cuireadh an chóir ortha chómh maith agus a mheasaidís ba cheart cóir a chur ortha, do cháinidís é; agus bhíodh an chaint sa cháineadh chómh líomhtha, chómh gunta, chómh nímhneach san, go bhfanadh an cáineadh i mbéalaibh na ndaoine chómh fada díreach agus d'fhanadh an moladh, nó b'fhéidir níba shia. Is minic gur sia an cuímhne a cimeádtar ar an ndroch-fhocal 'ná ar an bhfocal fóghanta.
Bhíodh a rí féin ar na filíbh, agus rígh-ollamh a tugtí air. Ní h-aoinne amháin, ná beirt, ná triúr, a bheadh ag gluaiseacht mar chualacht, i n-aonfheacht leis an rígh- ollamh san, ó thigh ríogh go tigh ríogh eile; ach b'fhéidir dachad duine, nó céad duine, nó deich nduine agus dachad. Thiocfaidís nuair ba mhaith leó féin é, agus d'fhanfaidís an fhaid ba mhaith leó féin é, agus d'imtheóchaidís nuair bamhaith leó féin é. An rí 'n-a dtiocfaidís ag triall air, dá dtaisbeánadh sé go raibh aon doicheall aige rómpa, d'aoirfidís é nuair a bheidís ag imtheacht uaidh; agus níor bh'fhada go mbeadh an aoir sin i mbéal an uile dhuine, óg agus aosta, i rígheacht an ríogh sin féin; agus, nídhba sheacht míle measa 'ná san, i mbéal an uile dhuine óg agus aosta i rígheacht a námhad. Nídh nár bh'iongnadh, do dheineadh gach rí a dhícheall ar gan an aoir do thuil- leamh, agus ar an moladh do thuilleamh dá mb'fhéidir i n-aon chor é. Dheinidís breis agus a ndícheall. Dheinidís éagcóir throm go minic ortha féin agus ar na daoine a bhíodh fútha, a d'iarraidh na n-aoir do sheachaint agus a d'iarraidh an moladh do thuilleamh. Is minic a bhídís beó bocht, agus b'fhéidir múchta i bhfiachaibh, sar a mbeadh an chuideachta imthighthe uatha; agus gur 'mó lá agus mí agus bliadhain, b'fhéidir, a bheadh le cur díobh acu sar a mbeidís arís sa mhaise chéadna 'n-a rabhadar sar a dtáinig an chuideachta ag triall ortha. Ach, donas an sgéil ar fad, b'fhéidir, tar éis iad féin do chreachadh agus do mharbhúghadh le h-obair, ag brath ar go molfí iad, gur cáineadh agus aoiradh agus spídiúchán agus tarcaisne a tabharfí dhóibh mar dhíoluigheacht. Uaireanta do thuiteadh so amach. Bheadh rí éigin 'n-a mbeadh droch-aigne ag na filíbh dó. Ní leogfidís ortha san a bheith amhlaidh. Bhuailfidís chuige ar chuaird
ollamhnachta. B'fhéidir go mbeadh coinne aige leó, nó b'fhéidir ná beadh. Chuirfeadh sé na mílte fáilte rómpa. Thabharfadh sé dhóibh "nua gacha bídh agus sean gacha dighe." Bheadh sé féin agus a theaghlach go léir ag solá- thar chúcha agus ag friothálamh ortha. Ar ball do theas- tóchadh rud éigin uatha nár bh'fhéidir a dh'fhághail. Thais- beánfaidís an míshásamh a bheadh ortha. Chuirfeadh san, b'fhéidir, fearg ar an rígh chun a mhuintire féin, toisg nár féadadh an rud san do sholáthar. Do leogfadh na filí ortha gur chúcha féin a bheadh an fhearg. Mhéadóchadh san an fhearg. Annsan d'éireóchadh na filí agus d'imtheóchaidís as an áit ag aoiradh agus ag cáineadh an ríogh, agus ag spídiúchán air, agus'ghá innsint ar fuid na h-Éireann cad í an easonóir agus an droch-chóir agus an tarcaisne a thug an rí sin dóibh. Annsan bheadh díoghaltas déanta acu air, agus a ndroch-aigne féin imeartha acu air, agus bheadh brón curtha acu ar cháirdibh an ríogh sin, ar fuid na h-Éireann, agus áthas curtha acu ar a námhdaibh. Mar adubhradh, bhí Aodh mac Duach Duibh agus Aodh Fionn i n-aonfheacht 'n-a ríghthibh Oirghialla agus Bréifne, agus bhí formad mór acu le n-a chéile, i dtreó, aon ghníomh fóghanta a dheineadh rí acu nár bh'fholáir leis an rígh eile gníomh ab fhearr 'ná é do dhéanamh. Níor mhar a chéile, ámhthach, an cumas a bhí acu araon ar na gníomharthaibh maithe dhéanamh; mar is amhlaidh a bhí duine acu agus é lán de shaidhbhreas, i dtreó go raibh cumas aige ar a chuid saidhbhris do chur chun tairbhthe do gach aoinne bheadh 'n-a ghátar. B'shiné rí Bréifne. Ní raibh puinn saidhbhris ag an bhfear eile, ag rígh Oir- ghialla, ach bhí sé cródha gaisgeamhail, agus dheineadh sé mórán tairbhthe d'á cháirdibh le n-a chródhacht agus le n-a ghaisgeamhlacht. Nuair a dheineadh an fear
saidhbhir tairbhthe le n-a chuid saidhbhris, bhíodh an fear cródha a d'iarraidh tairbhthe éigin ba mhó 'ná é sin do dhéanamh le n-a chródhacht; agus nuair a dheineadh an fear cródha tairbhthe mór éigin le n-a chródhacht, bhíodh an fear saidhbhir a d'iarraidh buadhachtaint ar an dtairbhthe sin leis an úsáid a dheineadh sé d'á chuid saidhbhris. Déarfadh duine nár bh' fholáir nó go raibh saoghal sámh, ar gach taobh, ag na daoine a bhí fútha, ach ní deir an sgéal go raibh. Má bhí búntáiste ag Aodh Fionn, toisg an saidh- bhreas go léir a bheith aige, bhí búntáiste 'n-a choinnibh sin ag Aodh Dubh; mar bhí sgiath uathbhásach aige, sgiath a bheireadh buadh dhó i gcath pé neart a bheadh 'n-a choinnibh. Dubhghiolla ab ainim do'n sgéith sin. Nuair a chíodh an námhaid an sgiath sin i láthair catha ní fhanadh neart ná meanma ionta. Nuair a chídís í ag déanamh ortha d'iompuighdís agus do theithidís. Chuireadh an sgiath sin an teitheadh ortha pé neart slógh a bheadh acu, nó pé luíghead nirt slógh a bheadh 'n-a gcoinnibh. Bhí an sgiath sin ag baint codladh na h-oidhche d'Aodh Fionn. Níor bh'fhéidir dó an lámh uachtair fhághail i gceart ar Aodh Dubh, ins na deagh-ghníomharthaibh, an fhaid a bhí an sgiath sin aige. Cheannóchadh sé í, ach d'á mhéid saidhbhreas a bhí aige ní cheannóchadh an saidhbhreas an sgiath. Ní thabharfadh Aodh Dubh an sgiath sin uaidh ar shaidhbhreas na h-Éireann go léir, nídh nár bh'iongnadh. Bhí Aodh Fionn ag machtnamh agus ag machtnamh féachaint conus fhéadfadh sé teacht ar an sgéith, agus is amhlaidh a bhíodh gach machtnamh ag dul sa mhuileann air go dtí gur thárla nídh áirighthe dhó. Dallán ab ainim do'n rígh-ollamh a bhí an uair sin ar fhilíbh na h-Éireann. Do thárla go dtáinig sé ar chuaird ollamhnachta ag triall ar Aodh Fionn. Bhí an saidhbhreas
ag Aodh Fionn, agus d'á bhrígh sin is ag triall air ba mhaith leis na filíbh teacht. Níor mhór dó an saidhbhreas a bheith aige. Aicme chosdasamhail ab eadh iad. Bhí trí naonbhair de chualacht an uair sin ag an rígh-ollamh, ag Dallán. "Ach," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "cad é a bhrígh an méid sin!" Fan go fóil. Bhí a bhean agus a chlann i n-aonfheacht leis an rígh-ollamh, agus bhí a sheirbhísigh féin agus seirbhísigh a mhná i n-aonfheacht leis. Bhí a bhean agus a chlann agus a sheirbhísigh féin i n-aonfheacht le gach file des na trí naonbharaibh a bhí i gcualacht an rígh-ollaimh. Bhí a chapaill agus a charbad ag an rígh-ollamh, agus bhí a chapall féin agus a charbad féin ag gach file des na trí naonbharaibh. Bhí ara do gach carbad, agus giolla do gach capall. Bhí, annsan, coin agus gadhair agus éanlaithe, cearca agus géana agus lachainí, ba agus caoire agus gabhair, agus cailíní agus buachaillí chun aireachais a thabhairt dóibh go léir; i gcás, ar ball, nár bhfoláir do'n rígh 'n-a dtiocfaidís ag triall air bheith saidhbhir go maith nó bheadh sé thiar air sar a mbeadh sé sgartha leó. Ach bhí an saidhbhreas ag Aodh Fionn, agus ní raibh aon bheann aige ar an gcosdas. Chuir sé cóir an uair sin ortha níb' fhearr 'ná mar a chuir sé aon uair roimis sin d'á dtángadar chuige. Bhí a chúis féin aige leis sin, mar a chífear ar ball. Níor thuigeadar-san, ámhthach, go raibh aon chúis aige leis ach an chúis a bhíodh i gcómh- nuidhe aige leis, .i. chun a thaisbeáint gur bh'fhearr d'fhear é, agus gur bh'fhearr de rígh é, 'ná Aodh mac Duach.
Caibidiol a dó. Dallán agus Aodh Fionn. Bhí Dallán agus a mhór-chualacht tamhall maith i bhfochair ríogh Bréifne. Bhíodar go socair agus go sámh agus go sásta 'n-a n-aigne. Bhí an chóir níb' fhearr agus níb' uaisle, an deoch níba bhríoghmhaire, an biadh níba dheagh- bhlasta, an t-ollmhughadh níb' eólgaisíghe, an friothálamh níba thráthamhla agus níba chruinne agus níba thuisgion- aighe, 'ná mar a bhíodh ar aon ócáid roimis sin, cé gur dheacair aon locht fhághail riamh ar an gcuma 'n-a ndeintí na gnóthaí sin i rígh-theaghlach ríogh Bréifne. Mar gheall ar gach aon rud a bheith chómh mór chun a thoile, bhí Dallán go suaimhneasach agus go sásta i n'aigne agus níor dheacair dul chun cainte leis. Bhíodh sé féin agus an rí i halla an óil go minic, agus gan ann ach an bheirt acu, agus iad ag ól fíona an ríogh agus iad ag moladh a chéile go h-árd, agus gan aoinne ann a dhéanfadh aon chur 'n-a gcoinnibh. Dallán ag moladh an ríogh mar gheall ar a fhéile agus ar a dheaghchroidhe agus ar a shaidhbhreas, agus mar gheall ar na maitheasaíbh móra a bhí aige 'á dhéanamh coitchianta. An rí ag moladh an mhór-eóluis a bhí ag Dallán, agus ag moladh na h-intleachta a bhí aige, agus ag moladh na filidh- eachta a dheineadh sé, agus 'á rádh ná raibh riamh i n-Éirinn, agus ná beadh go deó, rígh-ollamh ab uaisle cáil léighinn ná ba mhó éirim aigne 'ná Dallán. Ar ball, nuair a mheas Aodh Fionn go raibh an t-am ann chuige, dubhairt sé mar seo. "Tá onóir mhór ag dul duit, a rígh-ollamh," ar seisean, "agus is mise thugann duit an onóir atá ag dul duit.
Tugaim duit an onóir atá ag dul duit níos fearr agus níos iomláine 'ná mar a thugann aon rí ná aon ró-fhlaith eile dhuit í." "Admhuighim, a rí," arsa Dallán, "go dtugann tú onóir mhór dom. Ní foláir san d'admháil. Ach ní h-aon iongnadh é. Tugtar onóir mhór dómh-sa thall i n-Albain, agus thall i mBreatain, agus sa bhFrainc. Tá ollamh uasal as gach crích dhíobh san im' fhochair agam, agus mura mbeadh go dtuigtear go maith ins na dúthaighibh iasachta san méid mo chumais ar an oileamhaint cheart do thabhairt dos na h-uaislibh sin ní thiocfaidis ag triall orm, a rí. Ní'lim ag fághail locht ar an onóir a thugann tusa dhom. Ní'lim ach 'á rádh go dtugtar onóir mhór dom ins gach aon bhall, amuich agus i mbaile." "Is fíor, a rígh-ollamh," arsa Aodh Fionn, "go dtugtar an onóir mhór san duit, i n-Éirinn agus ins na dúthaighibh iasachta san. Is fíor, leis, gur b'é do cheart an onóir sin d'fhághail ós na ríghthibh agus ós na ró-fhlaithibh sin go léir, amuich agus i mbaile. Ach deirim gur mó an onóir a thugaim-se dhuit 'ná mar a thugann aon rí ná aon ró-fhlaith dhíobh duit, a rí, amuich ná i mbaile. Tugaim-se dhuit an onóir is ceart nuair a bhíonn tú annso sa bhaile. Annsan, nuair a bhíonn tú amuich ins na dúthaighibh iasachta san, ar do chuardaibh ollamhnachta, agus tú ag fághail onóra ós na ríghthibh iasachta san, leanaim-se ag tabhairt na h-onóra dhuit annso sa bhaile, chómh maith agus dá mbeitheá féin annso. Bím ag tabhairt aireachais dod' chuid, agus nuair a bhíonn bó imthighthe as do chuid stuic cuirim féin bó 'n-a h-inead, agus nuair a bhíonn pingin imthighthe as do chuid airgid cuirim pingin i n-inead na pingine sin, i dtreó go bhfaghfá do chuid saidhbhris agus ollmhaithis iomlán
gan easnamh rómhat ar do theact abhaile ód' chuar- daibh. "Is fíor gach nídh d'á ndeirir, a rí," arsa Dallán, "ach cad chuige go bhfuilir ag tagairt anois dos na neithibh sin?" "Sidé mo chúis leis," arsa Aodh Fionn. "Tá rí Oirghialla comhnós liom-sa. Ní'l nídh a dh'iarrfá-sa orm-sa ná beadh le fagháil agat láithreach. Ba cheart do rígh Oirghialla, mar an gcéadna, pé nídh a dh'iarrfá air é thabhairt duit, a rí." "Ní'l nídh 'n-a sheilbh, lasmuich d'á fhlaitheas, ná tabh- arfadh rí Oirghialla dhómh-sa, a rí," arsa Dallán. "Ambriathar go bhfuil, a rí," arsa Aodh Fionn, "rud aige lasmuich d'á fhlaitheas ná tabharfadh sé dhuit-se. "Cad é an rud é sin, a rí?" arsa Dallán. "Tá," arsa Aodh Fionn. "sgiath aige agus Dubh- ghiolla is ainim di, agus tá sí lasmuich d'á fhlaitheas aige, agus dá n-iarrthá-sa air í ní thabharfadh sé dhuit í." "Tá an sgiath sin aige gan amhras," arsa Dallán, "agus is iongantach an t-seóid í." "Is iongantach," arsa Aodh Fionn. "Is leis an sgiath sin a bheireann sé buadh ins gach cath, agus is léi a chosain sé a rígheacht riamh ar gach námhaid d'ár tháinig ag cur isteach air. Sa sgiath sin atá a neart go léir agus a chómhacht go léir. Agus dá n-iarrthá-sa air í, a rígh-ollamh, ní thabharfadh sé dhuit í. D'á mhéid urraim atá dhuit i n-Éirinn agus i ndúthaighibh iasachta, i n-Albain agus i mBreatain agus thall sa bhFrainc, ní thabharfadh rí Oirghialla dhuit an sgiath sin, .i. Dubhghiolla, dá n-iarrthá air í thabhairt duit. Thabharfadh sé an t-eit- eachas duit, a rígh-ollamh, níba thúisge 'nám ar a thabh- arfadh sé Dubhghiolla dhuit."
"Ní h-athchuiníghe fíor-éigis, ná fíor-dhuine an sgiath sin d'iarraidh ar rí Oirghialla, a rí," arsa Dallán, "ach mar sin féin tá 'fhios agam dá n-iarrainn í go bhfaighinn í." "Agus tá 'fhíos agam-sa dá n-iarrthá í ná faghfá í," arsa Aodh Fionn. "Iarr í," ar seisean, "agus annsan beidh 'fhios ag an saoghal ce'cu gheóbhair í nó ná faighir." "Mar adubhart, a rí," arsa Dallán, "ní ceart a leithéid sin de sheóid a dh' iarraidh ar aon rígh." Do stad an chaint ar feadh tamaill. Annsan do labhair Aodh Fionn arís. "Dhíolfainn-se thú go maith, a rígh-ollamh," ar seisean, as í dh'iarraidh." Níor labhair Dallán. "Thabharfainn díoluigheacht duit as í dh'iarraidh," arsa Aodh, "thabharfainn duit as í dh'iarraidh, céad bó agus céad each, céad caoira agus céad muc." I gcionn tamaill eile do labhair Dallán. "Tá go maith," ar seisean, "raghad-sa a d'iarraidh na sgéithe. Déanfad duan mholta do rígh Oirghialla, agus annsan déanfad duan mholta do'n sgéith, do Dhubhghiolla féin, agus iarrfad an sgiath mar dhíoluigheacht as an dá dhuan. Annsan mura dtugtar dom an sgiath aoirfad rígh Oirghialla." Bhí Aodh Fionn sásta. Chuireadar díobh an oidhche sin; nó mar adeir an seana leabhar, "rugsad as" an oidhche sin. Níor chodail Dallán puínn i gcaitheamh na h-oidhche sin. Bhí 'fhios aige go raibh obair chontabharthach gabhtha ar láimh aige. Bhí 'fhios aige, mar adubhairt sé féin nár bh'athchuiníghe fíor-éigis ná fíor-dhuine an sgiath sin d'iarraidh ar rígh Oirghialla, agus b'shiné ag dul 'á h-iarraidh é le dúil sa tsaidhbhreas a gheall Aodh
Fionn dó as í dh'iarraidh. Bhí Aodh Fionn sásta i n'aigne, ach má bhí féin níor chodail sé puínn de'n oidhche. Níor fhéad sé gan bheith ag cuimhneamh ar cad a thuitfeadh amach nuair iarrfadh Dallán an sgiath ar Aodh Dhubh. Dá dtugadh Aodh Dubh uaidh an sgiath, bheadh deireadh le n-a chómhacht agus le n-a chumas ar a thír do chosaint ar námhdaibh. Annsan bheadh deireadh le n-a chumas ar bheith a d'iarraidh an lámh uachtair fhághail, ins na gníomharthaibh móra maithe, ar Aodh Fhionn. Dá n-eitigheadh sé Dallán agus an sgiath do chimeád, chimeádfadh sé a chómhacht, agus a bhuadh ins na cathannaibh; ach dhéanfadh Dallán an aoir dó, agus annsan bheadh sé gan chlú gan cháil, gan meas air gan urraim dó, i láthair fear Éireann, go deó; agus níor bhaoghal, as san amach, go ndéanfí aon ghníomh a dhéanfadh sé do mholadh. Ní curfí i gcomparáid é, a thuilleadh, le h-Aodh Fionn. Tháinig an mhaidion. D'éirigh Dallán go moch. Do gabhadh a chapaill agus a charbad dó. D'éirigh a chualacht ollamhan. Trí naonbhair acu a bhí aige. Do gabhadh a gcapaill, agus a gcarbhaid dóibh. Ghluaiseadar go léir chun bóthair, iad féin agus a ngiollaí agus a seirbh- ísigh, agus ba mhór agus dob' fhada an radharc ar bóthar iad, ag gluaiseacht fé dhéin dúna ríogh Oirghialla. Níor bh'fhada gur h-innseadh do'n rígh go rabhadar ag teacht. Thuig sé i n' aigne láithreach, ó b' ag teacht ó theaghlach ríogh Bréifne a bhíodar, nár bh'fholáir dó féin iad do ghlacadh go fáilteach, agus an chóir ab fhearr a bhí ar a chumas do chur ortha, i dtreó ná beadh sé le rádh acu gur bh'fhearr an chóir a cuireadh ortha i dteaghlach Aodha Fhínn 'ná mar a cuireadh i dteaghlach Aodha Dhuibh. Chaillfeadh sé an t-anam nó thabharfadh sé féin a mhalairt sin le rádh dhóibh.
Caibidiol a trí. Athchuiníghe Dhalláin. Tháinig Dallán agus a chualacht ar an bhfaithche ar aghaidh dúna ríogh Oirghialla. Bhí Aodh Dubh ann roimis chun é ghlacadh mar ba chóir. Chuir sé na mílte fáilte roimis. Thug sé trí póga dhó. Chuir sé míle fáilte roimis an gcualacht ollamhan a bhí i n-aonfheacht le Dallán. "Téanam, a rígh-ollamh," arsa Aodh, "go mbéarfar isteach im' dhún-sa thú féin agus do chualacht, agus go gcuirfar oraibh an chóir is ceart do chur oraibh." "Foidhne, a rí onóraigh," arsa Dallán. "Raghmíd isteach id' dhún nuair a bheidh innste againn dot' onóir cad a thug annso sinn anois, agus nuair a bheidh 'fhios againn an bhfagham ár n-athchuiníghe. Nuair a bheidh an athchuiníghe iarrtha againn, agus nuair a bheidh innste agat-sa dhúinn go bhfuil an athchuiníghe le fághail againn, beidh áthas orainn go léir agus sásamh aigne; agus annsan beidh aimsir shuairc againn id' dhún-sa, a rí, mar a bhí gach aon uair riamh d'ár thángamair chúghat." "Aon athchuiníghe is toil leat-sa, a rígh-ollamh, a dh'iar- raidh orm-sa, lasmuich de'n rígheacht so Oirghialla, tá sé le fághail agat. Iarr aon nídh is maith leat a dh'iarraidh. Ní bheidh sé le rádh go deó i n-Éirinn gur iarrais-se athchuiníghe ar rígh Oirghialla agus nár tugadh dhuit an athchuiníghe." "Tá go maith, a rí," arsa Dallán. "Bhí sé buailte isteach im' aigne féin go bhfaighinn an athchuiníghe uait, agus d'á bhrígh sin do chumas dán mholta dhuit, agus má's toil leat é déarfad an dán duit."
"Is ró-mhaith linn an dán do chlos uait, a rígh-ollamh," arsa Aodh. Do labhair Dallán an dán, ach bhí an chaint chómh seanda, chómh dorcha san, nár fhéad Aodh aon fhocal de'n dán a thuisgint. "Is breágh agus is maith agus is ceólmhar agus is uasal an dán é sin, a rígh-ollamh, an t-é thuigfeadh é," arsa Aodh Dubh. "Is fíor dhuit-se sin, a rí," arsa Dallán, "agus an t-é a dhein an fordheargadh file is dó féin is cóir míniúghadh dhéanamh air. Is mise do dhein an dán agus is mise mhíneóchaidh an dán." Annsan do mhínigh sé an chaintársa a bhí sa dán, agus sidé brígh a bhí sa chaint, .i. ná raibh i n-Éirinn fear gaile agus gaisge chómh maith le h-Aodh Dubh; go raibh rian a ghníomh, agus nimh a chródhachta ar a námhaid i ndiaidh na gcathanna troma a bhí briste aige ortha; agus go raibh sé tar éis na gcathanna san go léir do chur ar a námhdaibh go léir tré bhíthin na sgéithe sin a bhí aige, .i. Dubhghiolla. Dá gcuirtí a mhaitheas i gcomparáid le maitheas na faraige go mbuadhfadh a mhaitheas ar mhaitheas na faraige, mar go raibh sé chóm fial nó níos féile le lucht éigse agus ealadhna, ag bronnadh saidhbhris ortha mar a bhronnann an fharaige saidhbhreas, nó níba mhó 'ná mara bhronnfadh an fharaige saidhbreas. Gur chuma solas a ghnúise nó solus na gréine nuair a nochtann an ghrian í féin ó'n sgamall i ndiaidh na fearthanna, mar gur b'shiné uair is fearr agus solusmhaire a thaithneann an ghrian ar na tíorthaibh, agus gur b'shiné uair a bhíonn a gnúis cosmhail le gnúisríogh Oirghialla. Gur chuma é nó an clár fithchille, mar dá mbeadh seacht bhfoirne fithchille ag duine, agus gan clár fithchille aige, gur bheag an tairbhthe dhó iad. "Mar sin," ar seisean leis an rígh, "is tusa clár cothuighthe agus coinnmhe fear Éireann."
"Is maith an dán é," arsan rí, "agus is mór an moladh é. Ní cuímhin liom gur airigheas riamh moladh chómh maith, i ndán chómh maith, ag rígh-ollamh 'á thabhairt do rígh cúige. Tá tuillte ag an ndán san díol go maith as, agus díolfad-sa thusa go maith a rígh-ollamh. Níor deineadh riamh fós dán chómh maith leis do rígh, agus níor dhíol rí riamh a' dán níos fearr ná mar a dhíol- fad-sa thusa as an ndán san, a rígh-ollamh. Tabharfad crodh agus conách agus airgead agus ór duit mar cheannach ar an ndán san." "Tabhair ba agus eachradh agus ór agus airgead agus ollmhaitheas do'n t-é ghlacfaidh uait iad, a rí," arsa Dallán, "agus tabhair dómh-sa an rud a ghlacfad uait. An dán san atá abartha agam duit, do dheineas é 'at' mholadh féin. Taithneann sé leat. Taithnfidh sé leis an uile dhuine do chloisfidh é. Tá dán eile déanta agam, a rí, do'n sgéith uasail sin agat, do Dhubh- ghiolla, agus má 's maith an dán a dheineas duit féin, a rí ró-uasail, tá an dán so atá déanta agam do'n sgéith, do Dhubhghiolla, chómh maith leis, agus déarfad an dán annso dhuit, a rí," ar seisean, "i dtreó go bhfeicfir féin an dán a bheith chómh h-uasal leis an sgéith," Annsan dubhairt sé an dán, ach bhí an chaint ró-ársa, agus níor fhéad an rí ná aoinne dh'á mhuintir í thuis- gint. Ní deir an leabhar gur mhínigh Dallán caint an dáin sin do'n rígh, agus ní'l aon mhíniúghadh sa leabhar uirthí. Ach do mhol an rí an dán chómh maith agus dá dtuigeadh sé an chaint. "A rígh-ollamh," ar seisean, "is mór agam-sa Dubh- ghiolla, agus is maith an ceart dom san. Is mór agam' dhaoine go léir í, agus is maith an ceart dóibh sin. Is minic a thug sí saor ó'n gcath mise agus iadsan.
Is minic a chuir sí sgannradh agus crith-eagla agus deargruathar ar ár námhaid nuair a bhíodh ár námhaid láidir líonmhar agus sinne ar bheagán nirt slógh. "Dá bhrígh sin, a rígh-ollamh, táim buidheach dhíot-sa mar gheall ar an ndán áluinn uasal san atá déanta agat ag moladh na sgéithe seo, agus ceannóchad an dán do réir uaisleachta agus tairbhthe agus maitheasa na sgéithe. Gheóbhair uaim, mar dhíoluigheacht as an ndán áluinn sin, ór agus airgead agus saidhbhreas, oiread agus nár tugadh ar dhán eile riamh fós." "Ní ghlacfad-sa uait-se, a rí," arsa Dallán, "ór ná airgead ná saidhbhreas ar an ndán so do dheineas ag moladh na sgéithe. Is do'n sgéith féin a dheineas an dán, agus ní ceart an sgiath do chur i gcomparáid le h-ór ná le h-airgead ná le saidhbhreas. Do dheineas dán eile, leis, ag moladh na sgéithe agus déarfad é." Annsan dubhairt sé dán eile a bhí chómh seanda chómh h-ársa leis an méid a bhí ráidhte aige. "Is áluinn an dán é sin, leis," ar san rí, "an t-é thuigfeadh é. Tá an fhilidheacht go bínn agus go ceólmhar ann, pé'r domhan é, agus is dócha go bhfuil an bhrígh chómh maith leis an mbinneas agus leis an gceól. Ceannóchad-sa é féin agus na dáin eile. Tabh- arfad duit ortha céad bó agus céad each atá go maith chun aistir, agus trí chéad muc, agus trí chéad caoira, agus mór-chuid óir agus airgid agus iolmhaoine." "Is mór agus is maith agus is saidhbhir an díoluigh- eacht é sin, a rí," arsa Dallán, "ach dá mbeadh sé chómh mór, chómh maith, chómh saidhbhir agus do labhair béal duine riamh fós ní glacfí anois é. Is do'n sgéith féin, do Dhubhghiolla, do dheineas-sa mo dhán agus ní ghlacfad mar dhíoluigheacht ach an sgiath féin. Ní'l nídh ar bíth chómh maith leis an ndán ach Dubhghiolla féin,
agus ní'l nídh ar bith chómh maith le Dubhghiolla ach an dán. Tugaim-se dhuit-se, a rí, an dán ar Dhubhghiolla, agus tabhair-se dhómh-sa Dubhghiolla ar mo dhán. Beidh buaidhte, annsan, agat-sa, i bhféile agus i bhfoghantacht agus i mbronnadh séad, ar a bhfuil de ríghthibh i n-Éirinn, ní h-eadh ach ar a raibh de ríghthibh i n-Éirinn riamh; agus beidh buaidhte agam-sa, leis an ndán so a dheineas do Dhubhghiolla, ar a bhfuil agus ar a raibh riamh fós i n-Éirinn de ríghthibh filidheachta agus ollamhnachta." Do dhubhaigh agus do ghormuigh ag Aodh Mac Duach nuair airigh sé an chaint sin. Do stad sé gan labhairt ar feadh abhfad. Thuig sé i n'aigne láithreach gur bh'é Aodh Fionn mac Feargna, rí Bréifne do chuir suas Dallán chun na sgéithe d'iarraidh. Bhí 'fhios aige, leis, go n-aoirfadh Dallán é mura dtugadh sé an sgiath dhó. Fé dheireadh do labhair sé. "A Dhalláin," ar seisean, "tuigim thú go maith. Mura dtuigim an chaint atá id' dhán tuigim an íntinn atá it' aigne. Ní h-uait féin a tháinís annso ag triall orm-sa chun na sgéithe d'iarraidh orm. Chuir rí Bréifne suas tú chuige. Tá 'fhios agam gur gheall rí Bréifne mórán saidhbhris duit ach teacht agus an athchuiníghe sin a dh'iarraidh. Is maith is eól duit nách athchuiníghe fíor- éigis ná fíor-dhuine an athchuiníghe sin, agus is maith is eól dómh-sa ná h-iarrfá-sa an athchuiníghe sin mura mbeadh gur gheall rí Bréifne tuarastal maith dhuit as í dh'iarraidh. Do gheallas-sa saidhbhreas mór duit ar do dhá dhán, bíodh nár thuigeas féin ná aoinne atá annso láithreach focal díobh. Chun na fírinne dh'innsint, ní h-iad na dáin a mheasas a cheannach ach do dheagh- mhéinn. Tá áthas anois orm nár ghlacais an ceannach. Ní fiú do dháin é agus ní fiú do dheagh-mhéinn é. Níor
ghlacais an saidhbhreas a tharaigeas-sa dhuit. Ní bhfaighir an saidhbhreas atá geallta ag rígh Bréifne dhuit, mar ní thabharfad-sa an sgiath dhuit, agus gan an sgiath ní thabharfaidh Aodh Fionn duit an tuarastal a gheall sé dhuit. Tá athchuiníghe iarrtha agat ná h-iarrfadh fíor- éigeas ná fíor-dhuine agus ní'l pioc dá bhárr agat, uaim-se ná ó rígh Bréifne." "Ní thabharfair dom an sgiath, a rí," arsa Dallán, "tar éis na ndán a dheineas ag moladh na sgéithe?" "Ní thabharfad, a Dhalláin," arsa rí Oirghialla. "Dheinis dán am' mholadh féin agus do réir mar a mhínighis an dán do bhréagnóchainn é dá dtugainn duit an sgiath." "Conus a bhréagnófá é, a rí?" arsa Dallán. "Thugais orm "maith mar mhuir mhór ná cuirfí ar gcúl.' Dá dtugainn duit an sgiath do cuirfí mo mhaith ar gcúl. Is fíor an dán. Ní cuirfar mo mhaith ar gcúl; agus cúis mhaith leis sin, mar ní thabharfad duit- se an sgiath." "Aoirfad-sa thú dh'á dheasgaibh sin," arsa Dallán. "Seachain, a Dhalláin," arsan rí. "Má aoirann tú mise b'fhéidir gur tú féin a dhíol- fadh as. Tá fearta agus míorbhuiltí ríogh neimhe agus talmhan uaim-se it' aghaidh-se, chun me chosaint ort féin agus ar t'aoirthibh agus chun me thabhairt saor uait. An amhlaidh nách cuimhin leat an socarúghadh a dhein naoimh Éireann idir sinne, ríghthe Éireann, agus sibhse, aos ealadhna Éireann? Sidé an socarúghadh. Pé duine agaibh-se do dhéanfaidh aoir éagcórtha dhúinne trí bolga aithise d'fhás air; agus dá mba sinne do thuillfeadh é, agus sibhse 'ghá dhéanamh orainn go cóir, an oiread chéadna d'fhás orainne. Agus sidiad na naoimh a dhein an socarúghadh san; .i. Colum Cille mac Feidhlimidh,
agus Ciarán Cluana, agus Sean-Chiarán Saighre, agus Finghín Maighe Bhile, agus Seanach mac Caitin, agus Ruadhán Lothra, agus Bréanuinn Bhiorra, agus Bréanuinn Fionnlogha, agus Mocholmóg naomhtha, agus Comhghall, agus Lúgha Doire, agus Caillin naomhtha. Siniad na naoimh a dhein an socarúghadh san eadrainn, a Dhalláin. Anois má aoirann tusa mise, mar gheall ar gan an sgiath a thabhairt duit, beidh aoir agat 'á dhéanamh dom san éagcóir. Tá 'fhios agat féin go maith go mbeidh, agus is ceart duit féachaint romhat agus gan fearg Dé agus naomh Éireann do tharrac anuas ort féin leis an éagcóir sin atá ar aigne agat." "Tá a lán ráidhte agat, a rí" arsa Dallán, "ach ní bhéarfaidh an méid sin, ná oiread eile, saor uaim anois tú. Aoirfad tú má aoiras aoinne riamh. Agus measaim nách fearr dhom rud a dhéanfad 'ná díriúghadh ort anois ó táimíd araon annso ar aghaidh a chéile." Caibidiol a ceathair. Aoir Dhalláin agus a tuarastal. Annsan do thosnuigh Dallán ar an aoir do rádh os cómhair an ríogh. "A Aodh mhic Duaich Duibh," ar seisean, "A ruaich air nách ruibh." Níor thuig aoinne focal uaidh, ámhthach, as san amach. Chomáin sé leis go dtí go raibh a lán ráidhte aige. Do stad sé. Do labhair an rí.
"Dar fiadh," arsan rí, "ní fheadaramair an fearr nó an measa an dán san a dubhraís anois 'ná an chéad dhán adubhraís nuair a tháinís annsan. Dubhraís féin gur dhán mholta an chéad dhán. Dar leat is dán cháinte an dán san atá ráidhte anois agat. Ca bh'fhios dómh-sa nách am' cháineadh a bhís sa chéad dhán agus am' mholadh sa dán so? Nó ca bh'fhios dom an bhfuil brígh ná bunús i n-aon chor led' chaint?" "Ní h-iongnadh fear t'ainbhfhiosa 'ghá rádh san," arsa Dallán, "agus ó's mise do dhein na h-aoir is mise mhíneóchaidh duit iad. Ní dóich liom go mbeidh aon fhonn mhagaidh ort um an dtaca 'n-a mbeid siad mínighthe agam duit." "A Aodh mhic Duaich Duibh. A ruaich air nách ruibh," adubhart leat. "Is ionann san agus lochán uisge nuair a thagann tiormacht an tsamhraidh air. Nuair a sataltar sa lochán san sgeinneann an méid uisge a bhíonn ann amach as, agus annsan ní bhíonn aon bhraon eile le feisgint ann go dtí go dtagann fearthainn throm éigin arís. Sin mar a bheidh an sgéal agat-sa anois, a rí. Tar éis na n-aoir so atá agam-sa 'á dhéanamh duit, imtheóchaidh do chlú agus do cháil díreach mar a dh'imthigheann uisge an locháin shamhraidh nuair a sataltar ann, agus ní bheidh cuimhne ag aoinne i n-Éirinn ar aon nídh fóghanta d'ár dheinis riamh. Beidh do chlú agus do cháil i ndísg, a rí. Molfar gníomh- artha ríogh Bréifne agus ní chuimhneóchaidh duine ar aon ghníomh d'ár dheinis-se riamh, ná ar aon ghníomh d'á ndéanfair as so amach. Beidh do chlú chómh tirm, chómh feóchta, chomh searg, leis an lochán samhraidh úd. "Annsan, a rí, chuireas i gcomparáid thú leis an éinín ar a dtugtar an cabhcán. Tagann an chuach agus fágann sí a h-ubh i nid an chabhcáin. Nuair a thagann an
chuach óg amach as an ubh san, beathuigheann an cabhcán an chuach óg, agus marbhuigheann an chuach óg na cabhcáin óga. Siné buidheachas na cuaiche óige ar an gcabhcán a chothuigh í. Is cuma thusa, a rí, nó an cabhcán. Do chothuighis éigse agus lucht ealadhan Éireann go fial go dtí so. Ach anois, tar éis na n-aoir so atá déanta agam-sa dhuit, ní bheidh de chuimhne ag éigse agus ag lucht ealadhan Éireann ar an gcothúghadh san a thugais dóibh ach mar a bhíonn ag an gcuaich ar an gcothúghadh a thugann an cabhcán díthcéille dhi." "Chuireas t'urlabhra i gcomparáid leis an sgread a chuireann an lon as nuair a dúisighthear sa n-oidhche é. Cuireann sé aon sgread amháin as, nó aon fhead amháin, agus ní labhrann sé a thuilleadh an chuid eile de'n oidhche sin, mar gheall ar an sgannradh do cuireadh air. Sin mar a bheidh agat-sa, a rí, tar éis na n-aoir so atá déanta agam-sa dhuit; ní bheidh it' urlabhra feasta ach mar a bheadh sgread luin sa n-oidhche. Ní bheidh le labhairt agat ach an t-aon fhocal amháin, i gcuideach- tain, agus annsan éisteacht." "Stad, a Dhalláin," ar san rí. "Ná labhair a thuilleadh de'n tsórd san cainte im' fhiadhnaise le h-eagla go ndéanfainn gníomh a chuirfeadh aithreachas 'n-a dhiaidh san orm," agus bhí a chlaidheamh aige d'á tharrac agus é ag rádh na bhfocal. "Tá an ceart annsan agat, a rí." arsa Dallán. "Gabhtar m'eich dhom," ar seisean, "agus imtheóchad láithreach." "Ní fearr dhuit rud a dhéanfair, a rígh-ollamh," arsa Aodh agus chuir sé gáire as. "Ní ró-mhaith a chuiris an lá so," ar seisean. "Ní'l an sgiath agat agus ní'l do thuarastal le fághail agat ó rígh Bréifne. Cheapais nár bhaoghal go n-eiteóchainn-se thú. Bhí
dearmhad ort. Tá aoir éagcórtha déanta agat dómh-sa. Tá an socarúghadh a dhein naoimh Éireann briste agat. Ní thabharfaidh Aodh Fionn aon tuarasdal duit. Iarraim-se anois ar Cholum Cille an tuarasdal atá tuillte agat do thabhairt duit." "Imtheóchad, a rí," arsa Dallán, "ach fanfaid na h-aoir agat-sa pé rud a dhéanfaidh Colum Cille liom-sa," agus d'imthigh sé. Do ghluais Dallán agus a chualacht amach as an áit. Níor thugadar aghaidh thar n-ais ar dhún ríogh Bréifne. Ní fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar rígh Bréifne mar ní raibh an sgiath acu. Bhíodar go léir go dubhach agus go dobrónach. Sar ar éirigh an coímhsgar san i dtaobh na sgéithe bhí dhá áit mhaithe acu chun bheith ag dul ó áit go h-áit díobh ar a gcuardaibh, agus bhí deimhne acu ar chóir ana mhaith ins gach áit díobh, toisg an dá rígh bheith ag formad le n-a chéile féachaint cé b'fhearr a chuirfeadh cóir ortha. Anois bhíodar sgartha leis an dá áit, agus ní raibh socair acu ar cá dtabharfaidís aghaidh. Nuair a bhíodar tamall amach ó dhún ríogh Oirghialla do stad Dallán. Ghlaoidh sé chuige an chualacht. "Féach," ar seisean, "a ollamhna, is iongnadh liom féin an nídh úd adeirid lucht na sgéalaidheachta." "Cad é an nídh é, a rígh-ollamh?" ar siad-san. "Deirid," ar seisean, "an t-é a dheineann aoir go h-éagcórtha gur dó is measa." "Agus cad 'tá iongantach sa méid sin, a rígh-ollamh?" ar siad-san. "Tá so," ar seisean. "Is dóich liom-sa nár dhein aoinne riamh aoir a bhí níb' éagcórtha 'ná na h-aoir a dheineas féin, agus i n-inead díoghbhála dhéanamh dom is amhlaidh atá maitheas mór déanta acu dhom."
"Cad é an tairbhthe atá déanta acu dhuit, a rí, má's iad a dhein é?" ar siad. "Tairbhthe ana mhór," ar seisean. "Ag teacht isteach sa bhaile seo dhom, ó chiainibh, bhíos dall, gan léas radhairc i n-aon tsúil liom. Anois tá dhá súil mhaithe agam agus radharc breágh géar glan ins gach súil acu." "Is maith agus is dian mhaith an sgéal é sin, a rígh- ollamh," ar siadsan, "má's fíor é." "Is fíor," ar seisean. "Is deacair a chreideamhaint go bhfuil maith chómh mór san tagaithe chúghat," ar siad, "agus, a rígh-ollamh, i dtreó go mbeadh deimhin againn air, agus nách i n-ais- tear a bheadh ar n-áthas, innis dúinn cad é an t-eagar a bhí orainn nuair a ghlaodhais orainn?" "Bhí dhá naonbhar agaibh rómham," ar seisean, "agus naonbhar agaibh im' dhiaidh." "Is fíor," ar siad. "Siné díreach an t-eagar a bhí orainn, agus ní fhéadfá an méid sin a dh'innsint dúinn mura mbeadh go bhfuil radharc do shúl agat chómh maith díreach agus atá ag aoinne againn féin! Is mór an mhíorbhuilt ó Dhia é!" Agus chromadar ar chaint agus ar iongnadh dhéanamh de'n nídh uathbhásach san a bhí tuitithe amach 'na measg. Bhí cuid acu ar a nglúinibh ag breith bhuidheachais le Dia, agus cuid acu 'n-a seasamh agus gan aon fhocal acu 'á labhairt ach a súile féin ar leathadh le sgárd, agus iad ag féachaint ar dhá shúil Dhalláin. Chonnacadar aghaidh Dhalláin ag bánadh. Do labhair sé leó:- "Ní fheadar an sgéal maith atá agam," ar seisean. "Do naisgeas mo chomairce, tá tamall maith aimsire ó shin ann, ar Cholum Cille mac Feidhlimidh, 'ghá iarraidh
air cómartha éigin éagsamhlach a thabhairt dom a chuir- feadh i n-úil dom an bás a bheith ag teacht orm nuair a bheadh sé ag teacht. Nídh éagsamhlach, gan amhras, iseadh mé bheith gan aon léas radhairc im' shúilibh nuair bhíos ag teacht isteach sa bhaile seo, agus radharc mo dhá shúl a bheith agam anois chómh maith agus bhí sé agam na lá is fearr a bhíos riamh. Beirtear chun mo thighe féin mé!" ar seisean. Do rugadar chun a thighe féin é. Dheallróchadh an sgéal ná rabhadar abhfad ó n-a thigh an uair chéadna, ach ní deirthear san sa leabhar. Nuair a thángadar chun an tighe, "Curtar ar mo leabaidh mé," arsa Dallán. Do cuireadh. Do mhair sé, ar an leabaidh sin, trí lá agus trí oidhche. Annsan do fuair sé bás. Do deineadh é thórramh, agus do cuireadh é, agus annsan tháinig an bhuidhean go léir go h-aon inead chun go ndéanfí rígh-ollamh do thoghadh Do toghadh Seanachán Seanfhile agus do deineadh rígh- ollamh de. Caibidiol a cúig. Buime na cléire. Cómh luath agus bhí Seanachán Seanfhile ceapaithe, órduighthe, 'n-a rígh-ollamh, dubhairt Muirean, Buime na cléire, leis dul ós cionn chuirp Dhalláin agus an marbhna do dhéanamh, mar ba ghnáth. Chómh maith do chuaidh. Dhein sé an marbhna chómh h-áluinn sin go raibh gach aoinne sásta agus go ndubhairt gach duine
go raibh a sháith féin de rígh-ollamh sa bhfear a dhein an marbhna san. Muirean ab ainim don mhnaoi uasail a bhí pósta ag Dallán, Muirean inghean Chúáin, agus bean-uasal ana léigheannta ab eadh í. Ba chuma í nó banríoghan ar na h-ollamhnaibh. An fhaid a bhí Dallán beó bhí oiread ughdaráis aici ós a gcionn agus bhí ag Dallán féin, ar shlighe, agus ba mhinic gur bh'é a toil a curtí i bhfeidhm nuair a meastí gur bh'é toil Dhalláin a bhíodh 'á chur i bhfeidhm. Bhí urraim ana mhór ag na h-ollamhnaibh go léir di, agus "Buime na Cléire," an teidiol a thugai- dís di. Bhí urraim ana mhór ag na h-ollamhnaibh go léir do Sheanachán; ach má bhí féin ní de a déanfí rígh-ollamh ach de dhuine eile mura mbeadh Muirean, Buime na Cléire. Isí a dh'oibrigh an cluiche dhó. Nuair a dhein sé an marbhna, ámhthach, os cionn chuirp Dhalláin bhí áthas ar an gcléir go léir é bheith 'n-a rígh-ollamh ós a gcionn. Bhí inghean ag Seanachán, agus Méibh ab ainim di, agus bhí caradas mór idir í féin agus Buime na Cléire. D'fhanadar na h-ollamhna i bhfochair a chéile, i dtigh Dhalláin, ar feadh roinnt aimsire tar éis bháis Dhalláin. Do thárla, lá, an bheirt, Buime na Cléire agus Méibh, i bhfochair a chéile agus gan ann ach an bheirt. "Ní h-é a leas, ná leas na cléire seo, a dhein Dallán, a Mhéibh," arsa Muirean, "nuair a chuaidh sé ar lorg na sgéithe úd ar rígh Oirghialla." "Ní h-é, a Bhuime," arsa Méibh, "agus is mór an iongnadh liom é 'ghá dhéanamh." "Aodh Fionn a chuir suas é chuige," arsa Muirean, "agus is beag atá d'á bhárr aige indiu. Is é ba thrúig bháis do Dhallán. Tuigfear an nídh sin láithreach ar fuid na h-Éireann,
agus ní maith an guidhe a gheóbhaidh Aodh Fionn ó éigsibh Éireann nuair a tuigfear é." "Ní fheadar an domhan, a Bhuime," arsa Méibh, "cad fé ndeár d'Aodh Fionn a leithéid a dhéanamh. Ba chóir go dtuigfeadh sé ná sgarfadh Aodh Dubh leis an sgéith pé moladh ná cáineadh a déanfí air féin ná ar an sgéith." "Ní h-é Aodh Fionn fé ndeár an toirmeasg, agus ní h-é Aodh Dubh fé ndeár e." "Agus a Bhuime a' chroidhe 'stigh," arsa Méibh, "cé fé ndeár é?" "'Neósfad-sa dhuit, a laogh, cé fé ndeár é," arsa Muirean. "Guaire mac Colmáin fé ndeár é." "Aililiú!" arsa Méibh. "Is uathbásach an sgéal é sin. Ní féidir liom a thuisgint, a Bhuime, conus a bhí aon bhaint i n-aon chor ag Guaire leis an sgéal. Tá 'fhios ag an uile dhuine an t-éad agus an formad a bheith ag Aodh Dubh agus ag Aodh Fionn le n-a chéile i dtaobh an oinigh, nách chuma leó ce'cu dhíobh is mó a gheóbhaidh clú an oinigh. Níor airigheas riamh tnúth ná formad a bheith ag Guaire le h-aoinne de'n bheirt, ná le h-aoinne eile i n-Éirinn. Ní gádh dhó é. Tá clú an oinigh aige féin ar fuid na h-Éireann go léir, an fhaid atá Guaire an oinigh mar ainim cheana ag Gaedhlaibh air i n-Éirinn agus lasmuich d'oileán na h-Éireann." "Is fíor, a ghamhain, go bhfuil an ainim cheana san ar Ghuaire i mbéalaibh Gaedheal, ach ní gan mórán dá dhuadh fhághail agus é cheannach go daor do fuair Guaire an ainim sin. Ní'l aon teóra le n-a bhfuil de chostas déanta aige ag cothúghadh éigeas agus ollamhan agus dámh Éireann chun an teidil sin a cheannach do féin. Dá leogadh sé le h-Aodh Dubh agus le h-Aodh Fionn, agus iad ag sárúghadh ar a chéile mar a bhíodar, ba ghearr nách
ar Ghuaire bheadh aoinne ag cuímhneamh i dtaobh oinigh ach ar an mbeirt úd. Cheap Guaire go gcuirfeadh sé féin deireadh leis an sárúghadh agus do chuir. Ó dhein Dallán na h-aoir úd d'Aodh Dubh, tá deireadh le clú Aodha Dhuibh, agus ó 'tá deireadh le clú Aodha Dhuibh tá deireadh le tnúth Aodha Fhinn. Cuireann san oineach Ghuaire ó bhaoghal a sháruighthe. "Is iongantach an sgéal é sin, a Bhuime," arsa Méibh. "An bhfuil deimhne agat air?" "Tá deimhne agam air, deimhne mo dhóithin. Tá aithne mhaith agam ar Ghuaire le fada. Is 'mó feall atá déanta aige a gan fhios do'n tsaoghal, agus a gan fhios do'n mhuintir a bhí thíos leis an bhfeall a dhein sé. Is mithid díoghaltas a dhéanamh air," arsa Muirean. "Agus, a Bhuime," arsa Méibh, "cé 'tá chun an díoghaltais a dhéanamh air? Is eól duit gur b'é a mhairbh seisear mac agus triúr drithár Fhulartaigh mhic Eóghain, i Seisgin Uarbheóil, agus féach ná deineann Fulartach díoghaltas air." "Déanfad-sa díoghaltas air, a Mhéibh, ar chuma ná beidh aon choinne aige leis, ach ní mór dom do chongnamh-sa bheith agam chuige," arsa Muirean. "Tá go maith, a Bhuime," arsa Méibh. "B'fhéidir go dtuigfeá gur bh'fhearrde an congnamh a thabharfainn duit-se mo chúis féin a bheith agam-sa chun díoghaltais a dhéanamh air. Ach ní thuigim conus is féidir an díoghaltas a dhéanamh." "Éist liom go cruinn, a laogh," arsa Muirean, "agus 'neósfad-sa dhuit conus is féidir an díoghaltas a dhéanamh. Cuirfead suas an Thromdháimh chun dul ag triall ar Ghuaire ar chuaird ollamhnachta." "Ach! a Bhuime," arsa Méibh, "Ní dhéanfaidh san blúire díoghaltais air. Is amhlaidh a chuirfidh san áthas
air. Tá a leithéid d'fhuath agam dó níor mhaith liom dul 'n-a ghoire!" "Ná féadfá foidhne bheith agat agus éisteacht liom, a laogh," arsa Muirean. "Gaibh mo leathsgéal, a Bhuime," arsa Méibh. "Comáin leat." "Is eól duit go bhfuil ceangailte ar rígh, nuair a bheadh an chléir aige, gan aon nídh i n-aon chor a bheith i n-easnamh ortha?" arsa Muirean. "Is eól, a Bhuime," arsa Méibh. "Is eól duit, dá dtagadh mian d'aon duine acu, go bhfuil ceangailte ar an rígh sin an mian san do shásamh gan righneas?" arsa Muirean. "Is eól go maith, a Bhuime," arsa Méibh, "ach nách eol duit-se, a Bhuime," ar sisi, "gur b'é sin díreach an nídh 'n-a mbíonn Guaire coitchianta ag maoidheamh as, .i. nár fhág sé féin riamh mian de'n tsórd san gan sásamh?" "Is eól go maith, a laogh," arsa Muirean, "agus is eól dom, leis, dá dtagadh mian do dhuine de'n chléir, agus go dteipfeadh ar Ghuaire an mian san do shásamh, go bhfágfadh san masla ar chlú Ghuaire agus ná tiocfadh clú Ghuaire ó'n masla san go deó." "Ní fheicim fós, a Bhuime," arsa Méibh, "conus atá beartuighthe agat an díoghaltas a dhéanamh." "Déanfad soiléir go leór duit é, a Mhéibh," arsa Muirean. "Raghmíd go léir ag triall ar Ghuaire. Cuirfidh san mórán cosdais air. Sin cuid de'n díoghaltas. Tá saidhbhreas mór aige nó creachfaimíd é. Annsan tiocfaid na mianta. Tiocfaidh mian dómh-sa, agus beidh an chraobh aige nó teipfidh air an rud a bheidh uaim do thabhairt chúgham. Má thagann leis an bheart san a dhéanamh, ní túisge bheidh mo mhian fághalta agam-sa
'ná mar á thiocfaidh mian duit-se a bheidh seacht n-uaire níos deacara dh'fhághail. Má thagann leis do mhian-sa dh'fhághail, ní túisge bheidh sé fághalta 'ná mar a thiocfaidh do dhuine éigin eile mian a bheidh níos deacara dh'fhághail seacht n-uaire 'ná do mhian-sa. Anois an dtuigeann tú conus a dhéanfaimíd an díoghaltas? Sar a mbeimíd sgartha leis, geallaim dhuit go ndéarfaidh sé i n' aigne féin gur truagh chráidhte nár sgaoil se thairis an dá Aodh agus Dubhghiolla." "Agus, a Bhuime," arsa Méibh, "dar ndó' ní bheidh 'fhios aige i n-aon chor gur b'iad an dá Aodh agus Dubhghiolla fé ndeár na mianta bheith ag teacht dúinne." "Ná bíodh eagal ort ná go dtuigfidh sé an méid sin go h-áluinn sar a mbéidh deireadh na mian tagaithe dhúinn. Tuigfidh sé do thaobh-sa, leis, de'n díoghaltas," arsa Muirean. "Tá go maith, a Bhuime," arsa Méibh, "Déanfad-sa gach nídh díreach mar a déarfair-se liom é." "Agus féach, a ghamhain," arsa Muirean, "Ná h-innis dot' athair gur thárla an méid seo cainte eadrainn." "Tá go maith," arsa Méibh." Caibidiol a sé. An Chuaird ar Ghuaire an Oinigh. Bhí an méid aimsire ab fhéidir dóibh caitthe ag an dTromdháimh i dtigh Dhalláin. Níor bh'fholáir dóibh, gan a thuilleadh righnis socarúghadh ar áit éigin 'n-a raghdís ann ar chuaird ollamhnachta. Ní raibh aon bhreith acu
ar dhul go dún ríogh Oirghialla. Bhí an sgiath, Dubh- ghiolla, tar éis dorais an dúna san do dhúnadh 'n-a gcoinnibh go daingean. Níor bh' fhéidir dóibh dul ag triall ar Aodh Fionn tar éis Dhalláin 'á gheallamhaint go dtabharfadh sé an sgiath leis agus nár thug. Bhí 'sa Tromdháimh ollamhain uaisle ó Chúig' Uladh. Dubhradar san gur ó-thuaidh ar Chúig' Uladh ba cheart aghaidh a thabhairt. Bhí ollamhain uaisle ó'n Múmhain ann agus dubhradar gur ó-dheas ar an Múmhain ba cheart aghaidh a thabhairt. Bhí ollamhain uaisle ó Chúige Laighean ann agus ní shásóchadh aon treó baill iad ach soir. Do labhair Muirean le Seanachán agus dubhairt sí gur siar ag triall ar Ghuaire ba mhaith léi féin dul mar gur bh'é Guaire dob' fhearr a chothuigheadh an chléir riamh. Tamall 'n-a dhiaidh san tháinig Méibh, inghean Sheanacháin agus dubhairt gur siar ag triall ar Ghuaire ba mhaith léi féin do raghfí. Ar ball do labhair Seanachán leis an dTrom- dháimh agus dubhairt sé leó gur siar ag triall ar Ghuaire ba mhaith leis féin a raghadh an Tromdháimh ar an gcéad chuaird ollamhnachta a thabharfaidís faoi féin. Dubhra- dar go léir, ó ba mhaith le Seanachán é gur bh'é ba mhaith leó féin. Chomáin Seanachán teachtaire ag triall ar Ghuaire 'ghá innsint dó go raibh an Tromdháimh ag dul ag triall air. Bhí tigh fé leith déanta ag Guaire dhóibh, i lár mach- aire, tamall ó n-a dhún-árus féin. Tigh breágh mór fairseang ab eadh é, agus na céadta seómraí ann; seómraí bídh agus seómraí suidhte, seómraí aoibhnis, agus seómraí codalta, agus hallaí móra chun cruinnighthe agus cainte, agus seómraí chun cócaireachta agus chun bídh a dh'ollmhúghadh. Nuair a fuair Guaire go rabhadar ag teacht, chuir sé an tigh breágh san i n-órdúghadh agus i n-eagar dóibh. Chuir sé isteach ann, ins na seómhraíbh
go léir agus ins na hallaíbh go léir, an uile shaghas triosgáin 'n-a raibh gádh leis, agus an uile shaghas éadaigh leapan 'n-a raibh gádh leis, agus flúirse gach bídh d'á fheabhas agus flúirse de gach adhbhar teine agus soluis. Bhí mór-thimcheall an tighe mhóir sin aige ocht toibreacha fíor-uisge dos na mnáibh, agus ocht toibreacha fíor- uisge dos na fearaibh, i dtreó nár ghádh dóibh bheith ag troid ná ag achrann ná ag teacht sa tslighe ar a chéile mar gheall ar uisge. Nuair a bhí an tigh curtha i dtreó ag Guaire, chuir sé teachtaireacht ag triall ar Sheanachán, 'ghá iarraidh air féin agus ar a chléir teacht, mar go raibh gach aon nídh ollamh 'n-a gcóir aige. "Tá míle fáilte rómhaibh go léir, a rígh-ollamh," ar seisean. "Dé bhúr mbeatha go léir, bhúr n-olc agus bhúr maith, bhúr n-uaisle agus bhúr n-ísle, bhúr bhfir agus bhúr mná, bhúr n-óg agus bhúr n-aosta." D'innis an teachtaire cad é an t-ollmhúchán mór a bhí déanta dhóibh, agus cad é an flúirse bídh agus dighe a bhí istigh rómpa sa tigh mór. "Tá gníomh mór maith déanta ag Guaire," arsa Seanachán, "mar ba ghnáth leis. Ní miste Guaire an oinigh a thabhairt air, an t-aon rí amháin de ríghthibh Éireann nár h-aoiradh agus nár cáineadh riamh fós mar gheall ar bhiadh ná ar dhigh ná ar ór ná ar airgead." "Agus anois," ar seisean, "ó tá an t-ollmhúchan go léir sin déanta ag Guaire mac Colmáin, le h-eagla go mb'fhéidir go gcuirfimís chun tuilleadh costais é, ní bhéarfad-sa liom ach dhá dtrian na Tromdháimhe seo, ag triall air. Fágfad annso an trímhadh trian, ag tabhairt aireachais do'n áit seo. Nuair a bheidh an chuaird seo tabhartha, béarfad an trímhadh trian so liom ar chuaird go h-áit éigin eile, agus trian de'n dá dtrian so
i n-aonfheacht leó. Déanfaid na trí treana uanuigh- eacht ar a chéile ar an gcuma san." Mar sin níor rug sé leis go dtí Guaire ach tri chaogad éigeas, agus trí chaogad cú, agus trí chaogad bean. Trí chaogad bean muintire agus trí chaogad giolla, agus trí chaogad gadhar, agus naonbhar d'aois gach aon chéirde. Tháinig an méid sin go Durlas Ghuaire, go dtí an tigh breágh mór a bhí ollamh ag Guaire dhóibh. Bhí Guaire sa n-áit rómpa. Chuir sé na mílte fáilte rómpa, roimhe n-a n-uasal agus roimhe na n-íseal, roimhe n-a n-olc agus roimhe n-a maith, roimhe n-a n-óg agus roimhe n-a n-aosta. Thug sé trí póga do Sheanachán agus thug sé trí póga do gach uasal eile d'á raibh ar an dTromdháimh. "Dé bhúr mbeatha go léir!" ar seisean leó, "idir uasal agus íseal! Mór-fháilte uaim daoibh uile, idir ollamh agus ánradh, idir éigeas agus adhbhar, idir mhnáibh agus macaoimh, idir choin agus giolla. Fáilte uaim do gach duine agaibh fé leith, agus fáilte uaim daoibh go léir i n-aonfheacht!" Annsan do cuireadh isteach sa tigh iad, agus do sgaoileadh chúcha gach biadh agus gach deoch d'á fheabhas, agus dubhairt Guaire leó aon nídh a bheadh i n-easnamh ortha gan é cheilt agus go ndéanfí an nídh sin do sholáthar dóibh agus do thabhairt chúcha. Chuir Guaire obair chruaidh air féin nuair adubhairt sé an chaint sin leó, mar daoine ana dheacair a shásamh ab eadh iad. Deir an seana leabhar go gcaithtí biadh fé leith d'fhághail do gach duine fé leith dhíobh, agus leabaidh fé leith, agus ná luighdís aon oidhche gan tormas ortha, agus ná h-éirighdís aon mhaidion gan mian éigin éag samhlach do theacht do dhuine éigin acu, mian éigin nár bh'fhéidir a dh'fhághail gan uathbhás trioblóide; agus
annsan, d'á mbeadh an mian san puinn aimsire gan fághail gur bh'ionann san agus gan é fhághail i n-aon chor. Chuireadar roinnt aimsire dhíobh ar an gcuma san, ag ithe agus ag ól agus ag tormas agus ag gluaireán agus ag ceisneamh. A ndóithin le n-ithe agus le n-ól acu agus gan iad sásta. An rud so agus an rud úd agus an rud eile úd acu d'á lorg, agus annsan, nuair a gheibhdís é, tar éis daoine dh'fhághail trioblóide tar na beartaibh, b'fhéidir, 'ghá sholáthar dóibh, gan aon mheas acu air ná aon bhuidheachas acu ar an t-é dhein é sholáthar. Cóir chómhnuidhthe ortha agus cóir léighinn agus cóir chaitheamh aimsire; cóir luighte agus éirighthe ortha agus cóir chodlata go sámh, gan buairt lae ná oidhche: gach aon chóir ortha dob' fhéidir do shaidhbhreas agus do dheagh- mhéinn an ríogh do chur ortha, agus i n-aimhdheóin gach córach agus gach deaghmhéinne iad go goirgeach agus go cealgach agus go do-shásta agus go do-thígheasach agus go neamh-shuaimhneasach. D'á olcas a thaithneadh an chóir leó, agus d'á mhéid pusuíol agus tormas agus ceisneamh a dheinidís, iseadh ba mhó a gheibhtí d'á nduadh a d'iarraidh iad do shásamh, agus d'á mhéid a gheibhtí d'á nduadh a d'iarraidh iad do shásamh iseadh ba mhó a thaisbeánidís mí-shásamh. Caibidiol a Seacht. Na Mianta Éagsamhla. Fé dheireadh, nuair a bhí an rí agus a theaghlach buailte amach acu, nách mór, a d'iarraidh a mbuidheachais do thuilleamh dheineadar an donus ar fad. Bhíodar go léir
'n-a gcodladh go sámh oidhche áirighthe. Ba dhóich le duine gur b'amhlaidh a bhíodar cortha de'n cheisneamh agus de'n ghluaireán, agus go raibh a suaimhneas acu 'á ghlacadh agus codladh acu 'á dhéanamh i dtreó go mbeidís mis- neamhail neamhthuirseach i gcóir an lae amáirigh chun tuilleadh toirmisg a dhéanamh. Níor leogadh dóibh an codladh do chríochnúghadh. I n-am mhairbh na h-oidhche chuir duine des na mnáibh liach aiste. Do h-airigheadh an liach ins gach aon chúinne de'n tigh. Do dúisigheadh an uile dhuine d'á raibh sa tigh. Do phreabh gach aoinne 'n-a shuidhe. Chrom na mná agus na leanbhaí ar ghol go h-árd. Bhíodar ag sgreadaigh agus ag liúirigh agus ag béicigh. Bhí na fir ag glaodhach ar a chéile 'ghá fhiafraighe cad fé ndeár an gleó. Cheap a lán acu gur bh'é an tigh a bhí tré theine agus do ritheadar amach. Bhí ba ag búirthigh, capaill ag seitrigh, gadhair ag amhstaraigh. Tháinig Seanachán ag triall ar Bhuime na Cléire. "Cé dhein an liach uathbhásach, a ríogan?" ar seisean. "Mise," ar sisi. "Agus, a ríogan a' chroidhe'stigh," ar seisean, "Cad a tháinig ort?" "Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh, ar sisi, "agus mura bhfaghad an mian gan ríghneas gheóbha mé bás. "Cad é an mian é, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán. "Mo dhóithin le n-ól," ar sise, "de leamhnacht broc, agus mo dhóithin le n-ithe de smior múdhorn muice fiadhaine; agus mura dtugtar dom an mian san laistigh de cheithre h-uaire fichid is mar a chéile é agus gan é thabhairt dom i n-aon chor." "Ní fuiriste an mian san a dh'fhághail, a bhanfhlaith," arsa Seanachán.
"Caithfear é dh'fhághail," arsa Muirean, "pé deacar- acht atá ann." "Tá go maith, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Má caithfear é dh'fhághail d'á luathacht a raghfar 'á sholáthar iseadh is túisge a gheóbhfar é. Cuirfead teachtaire ag triall ar Ghuaire 'ghá innsint dó cad é an mian é seo a tháinig duit, agus nách foláir é thabhairt chúghat gan ríghneas." Ní raibh aon ghádh le teachtaireacht do chur ag triall ar Ghuaire. D'airigh sé féin agus a theaghlach an gleó i dtigh na Tromdháimhe agus tháinig sé féin féachaint cad fé ndeár an gleó. Do bhuail sé féin agus Seana- chán um á chéile. "Conus atáthar annso ag an muintir mhóir mhaith so, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Ní rabhthas riamh ní ba mheasa againn, a rí," arsa Seanachán. "Cad tá imthighthe oraibh?" arsa Guaire. "Nuair airigheas an gleó," ar seisean, "mheasas gur bh'é an tigh a bhí tré theine agaibh, nó gur bh'amhlaidh a bhí bhúr leath marbh, nó go raibh droch-nídh éigin uathbhásach eile tuitithe amach daoibh, agus thánag láithreach féachaint cad fé ndeár an gleó. Cad fé ndeár é, a rígh-ollamh?" "Mian a thárla do dhuine againn, a rí," arsa Seanachán. "Cé dhó go dtáinig an mian, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Do Bhuime na Cléire, a rí," arsa Seanachán, "do Mhuirean inghean Chúáin, bean Dhalláin." "Agus cad é an mian a tháinig di, a rígh-ollamh?" arsa Guaire, "Pé mian é ní foláir é sholáthar agus é thabhairt di láithreach," ar seisean. "Níor leogas-sa riamh mian aon duine uaim gan sásamh, go mór mór
mian duine de Thromdháimh. Cad é an mian é seo atá le sásamh anois agam?" ar seisean. "Isé mian na ríoghna, a rí," arsa Seanachán," a dóithin le n-ól a dh'fhághail de leamhnacht broc agus a dóithin le n-ithe de smior múdhorn muice fiadhaine." Thuit a lug ar a lag ag Guaire nuair airigh sé an chaint sin, ach níor leog sé aon rud air le Seanachán "Abair leis an dTromdháimh, a rígh-ollamh," ar seisean le Seanachán, "a suaimhneas do ghlacadh agus gan a thuilleadh fothraim a dhéanamh, agus imtheóchad-sa agus tabharfad an leamhnacht san ag triall ar Mhuirean agus an smior san. Gheóbhaidh sí a mian gan iomarca ríghnis." D'imthigh Guaire agus chuir Seanachán an Tromdháimh chun suaimhnis. Bhí Guaire i gcruadh-chás. Ní fheidir se an domhan cá bhfaighfí na bruic le crúdh, ná an 'mó broc a caithfí chrúdh sar a mbeadh dóithin Mhuirean de'n leamhnacht fághalta. Ná ní fheidir sé cá bhfaighfí muca fiadhaine agus go mbeadh a dóithin de'n smior le fághail ins na h-altaibh acu. Bhí 'fhios aige dá dteipeadh air go n-aoirfí é, agus annsan go mbeadh deireadh go deó le n-a chlú; ná h-aireófí "Guaire an oinigh" 'á thabhairt mar ainim air choidhche arís. Ba thúisge leis go mór bás d'fhághail agus a chlú bheith 'na dhiaidh 'ná bheith beo agus a chlú imthighthe. Nó, mar adeireadh sé féin : "B'fhearr liom bheith marbh agus m'oineach tar m'éis 'ná mé bheith beó tar éis m'oinigh."
Caibidiol a h-ocht. Marbhán Muicidhe. Bhí dritháir ag Guaire agus Marbhán ab ainim dó. Bhí sé n-a chómhnuidhe i n-áit ar a dtugtí Gleann an Sgáil. Marbhán Muicidhe a tugtí mar leas-ainim ar Mharbhán, mar is amhlaidh a bhí tréad muc aige sa ghleann agus é 'ghá n-aédhreacht. Sin mar a bhí a shaoghal aige 'á chaitheamh. Agus bhí a shaoghal aige dá chaitheamh chómh h-uaigneach san gur cheap na daoine gur naomh gur bh'eadh é. Bhí urraim acu dhó mar gheall air sin agus eagla acu roimis. D'airigh Marbhán i dtaobh an ghleó a bhí i dtigh na Tromdháimhe. Tháinig sé ag triall ar Ghuaire. Fuair sé Guaire as a mheabhair, geall leis, le buaidhirt aigne. "Cad é seo oraibh, a rí," arsa Marbhán. "Tá mo dhóithin mór orm, a Phríomh-fháidh, agus breis," arsa Guaire; agus d'innis sé dhó conus mar a tháinig an mian do Bhuime na Cléire, "Agus go deimhin le fírinne dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean, "b'fhearr liom, dá mb'é toil Dé é, bás d'fhághail anois láith- reach 'ná maireachtaint a thuilleadh ar an saoghal so. Ní féidir an mian úd a dh'fhághail, agus nuair a theipfidh orm é dh'fhághail aoirfidh an Tromdháimh mé agus b'fhearr liom bheith marbh 'ná bheith beó agus bheith ag éisteacht leó ag déanamh na n-aoir dom." "Níor innsis dom, a rí, cad é an mian é seo a tháinig do Bhuime na Cléire. B'fhéidir ná fuil an mian chómh deacair a dh'fághail agus is dóich leat-sa. B'fhéidir ná fuil sé chómh riachtanach duit bás a dh'fhághail agus mheasann tú. Pe'cu 'tá nó ná fuil isí Buime na
Cléire ba mhaith liom-sa d'fhághail bháis ar dtúis sar a bhfaighfá-sa bás. Cad é an mian a tháinig di, a rí?" arsa Marbhán. "A dóithin le n-ól de leamhnacht broc agus a dóithin le n-ithe de smior múdhorn muice fiadhaine," arsa Guaire. "Cuir t'aigne chun suaimhnis a rí," arsa Marbhán. "Chuaidh sí fada go leor ó bhaile leis an mian, ach tá an dá nídh sin le fághail agam-sa i nGleann an Sgáil. Gheóbhfar leamhnacht na mbroc ann, cuid mhaith dhe pé'r domhan é; agus bíodh go mb'fhéidir ná féadfaimís a dóithin a dh'fhághail de, féadfar leamhnacht eile do mheasgadh air, mar tá blas leamhnachta an bhruic chómh láidir sin go gcuireann sé a bhlas féin ar an leamhnacht a measgtar air, i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne a dhéanamh amach ná gur leamhnacht bruic ar fad é. Gheóbhthar an smior, leis, agus fágtar fúm-sa é shocarúghadh i dtreó ná beidh aon bhreith aici ar a dhéanamh amach cad é an saghas muice as ar baineadh é." Do fuaradh an leamhnacht bruic agus an smior, agus do rug Guaire féin leis iad go dtí tigh na Tromdháimhe. Do tugadh do Mhuirean iad le n-ól agus le n-ithe. D'ith sí agus d'ól sí a dóithin díobh, agus d'á mhéid dúil a bhí aici ionta, d'fhág sí fuidhleach díobh gan ithe agus gan ól. Annsan chuaidh gach aon rud chun suaimhnis i dtigh na Tromdháimhe. Ní bhfuair Guaire puínn suaimhnis, ámhthach, ó mhaidin go h-oidhche ná ó oidhche go maidin, ach é ag déanamh gach aon tsaghas díchill ag soláthar chun na Tromdháimhe, agus eagla a chroidhe air coitchianta go mbeadh rud éigin i n-easnamh ortha a gan fhios dó, nó go mbeadh cúis ghearáin éigin acu lasmuich d'á thuisgint. Thagadh sé féin chun an tighe chúcha gach aon
mhaidion ar an lóchaint, agus "Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo?" adeireadh sé, agus bhíodh áthas an domhain air nuair adeirtí leis go rabhthas go maith, agus ná raibh aon locht le fághail ar aon rud ná aon ghearán le déanamh ar aoinne. Ní ró-fhada do lean an suaimhneas. Tháinig mian eile do Bhuime na Cléire. Chuir sí liach aisti i lár na h-oidhche. D'éirigh an gleó céadna. Ba mheasa é 'ná an chéad ghleó, mar do lean sí ag sgreadaigh agus ag liacharnaigh go dtí go rabhadar go léir as a meabhair nách mór ó bheith ag éisteacht léi. Tháinig Seanachán ag triall uirthi. "Cad é seo ort, a bhanfhlaith a'chroidhe 'stigh!" arsa Seanachán. "Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi. "Ach, go bhfóiridh Dia orainn! a bhanfhlaith," arsa Seanachán, "an deoch eile de bhainne na mbroc atá uait!" "Ní h-eadh,a rígh-ollamh,"ar sisi, "ach rud is deacara dh'fhághail 'ná bainne na mbroc d'á dheacaracht a dh'fhághail é." "Is truagh san, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Tá Guaire go h-ana mhaith dhúinn go léir. Tá ár nduadh aige d'á fhághail go cruaidh má fuaradh duadh aon daoine riamh. Cheapas féin go mbainfinn ó'n dtrioblóid atá againn 'á chur air le gan a thabhairt liom annso ach dhá dtrian ár muintire; ach isé mo thuairim gur mó an trioblóid dó an dá dtrian so anois 'ná ar chuir na trí treana i n-aonfheacht riamh fós de thrioblóid air féin ná ar aon rígh éile." "Ní'l leigheas air sin, a rígh-ollamh," arsa Muirean. "Ní'l, a Bhanfhlaith, arsa Seanachán, "leigheas anois
air, agus is mór an truagh é. Tá dhá rígh mhaithe iom- puighthe i n-ár gcoinnibh le déidheanaighe mar gheall ar rud a dh'iarraidh nár bh'fhéidir a thabhairt." "Má tá, a rígh-ollamh," arsa Muirean. "Tá aoir déanta ar rígh acu, agus ní thiocfaidh sé ó'n aoir sin go deó." "Tá, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán, "agus ní measa dhó-san 'ná dhúinne é." "Conus san anois, a rígh-ollamh?" arsa Muirean. "Ní thiocfaidh rí Oirghialla ó'n aoir sin go deó. Fágann san sinne gan ar ár gcumas dul ar chuaird ollamhnachta ag triall ar rígh Oirghialla go deó arís. Do gealladh an sgiath do rígh Bréifne. Ní bhfuaradh an sgiath. Ní féidir do'n Tromdháimh aghaidh a thabhairt ar rígh Bréifne agus gan an sgiath acu le tabhairt dó, fé mar a gealladh dó. Sin gearrtha amach sinn ó'n dá áit mhaithe san, a Bhanfhlaith. Anois má theipeann ar Ghuaire do mhian-sa dh'fhághail duit aoirfar Guaire. Annsan beidh an Tromdháimh gearrtha amach ó'n dtrímhadh h-áit, ó'n áit is fearr díobh go léir, ó'n áit is fearr i n-Éirinn 'n-a gcurtar cóir ar aon Tromdháimh. Ní fheadar an domhan cad a chuir i n-aigne Aodha Fhinn an sgiath a dh'iarraidh i n-aon chor. Ní h-aon nídh fóghanta do chur i n' aigne é. Tá díoghbháil mhór déanta aige, pé nídh é, agus is eagal liom-sa nách 'n-a dheireadh dhúinn, a Bhanfhlaith." "Cad 'n-a thaobh gur b'eagal leat nách 'n-a dheireadh dhúinn, a rí?" arsa Muirean. "D'airighis, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán, "an focal adubhairt an rí uasal, Dallán féin, sar a dtáinig an bás air." "Dubhairt sé," arsa Muirean, "nár thuig sé go raibh brígh ná bunús leis an gcaint adeir lucht
sgéalaidheachta i dtaobh na n-aoir éagcórtha, mar gur dhein sé féin aoir éagcórtha agus nár dheineadar díoghbháil ar bith dhó." "Dubhairt sé rud eile láithreach 'n-a dhiaidh san, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Dubhairt sé gur bh'é Colum Cille do thug radharc a shúl dó, mar chómhartha ar an mbás a bheith buailte leis." "Agus ar ndó, a rí," arsa Muirean, "níor dhíoghbháil é sin ach tairbhthe. Nách cuimhin leat go ndubh- airt sé gur bh'é féin a dh'iarr ar Cholum Cille an cómartha san a thabhairt dó?" "Is cuimhin go maith, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán, "agus is cuimhin liom, 'n-a theannta san, nuair a dhein sé na h-aoir éagcórtha ar Aodh Dhubh, gur chuir Aodh Dubh Dia agus Colum 'n-a dhiaidh go daingean air. B'é toil Dé an bás do theacht ar Dhallán mar gheall ar an aoir éagcórtha agus annsan do thug Colum Cille an radharc dó, mar chómhartha, i dtreó go ndéanfadh sé an aithrighe. Nuair a tugadh radharc na súl dó mar chómhartha ar an mbás a bheith buailte leis, do tugadh radharc na h-aigne dhó tré ghrásta Dé, chun é féin do chur i dtreó agus d'ollmhúghadh i gcóir an tsaoghail eile. Bheadh sé beó fós againn, a Bhanfhlaith, mura mbeadh an sgiath úd." "Ná bíodh aon cheist ort, a rígh-ollamh,"arsa Muirean. "Ní'l baoghal ar Ghuaire. Níor theip riamh fós ar Ghuaire pé mian a thiocfadh do dhuine de'n Tromdháimh, an mian a dh'fhághail dó. An rud nár theip riamh fós air ní theipfidh sé anois air. Féach nár theip leamhnacht na mbroc air, ná an smior úd." "Tusa'ghá rádh agus Dia'á chómhlíonadh, a Bhanfhlaith!" arsa Seanachán, "agus cad é an mian é seo atá aige le soláthar anois duit?"
"Tá," ar sisi, "peata cuaiche do bheith annso im' fhiadhnaise, ar chraoibh eidhneáin, ag ceileabhradh dhom." "Ó! a Bhanfhlaith," arsa Seanachán," ar airigh aoinne riamh cuach ag ceileabhradh um an dtaca so 'bhliadhain!" "Ní foláir mo mhian do sholáthar dómh-sa gan rígh- neas," arsa Muirean "nó gheobhad bás!" Níor dhein Seanachán ach imtheacht an dorus amach. Caibidiol a Naoi. An Peata Cuaiche. Ní fada ó'n ndorus a bhí Seanachán imthighthe nuair a bhuail Guaire uime, agus é ag teacht chun tighe na Tromdháimhe, 'ghá fhiafraighe conus a bhítheas ann, nó cad fé ndeár an gleó. "Cad é seo anois oraibh, a rígh-ollamh?" ar seisean le Seanachán. "Ní rabhthas riamh níba mheasa againn, a rí," arsa Seanachán. "Cad 'n-a thaobh a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Mian a tháinig do dhuine againn aréir, a rí," arsa Seanachán. "Ó, ní fiú biorán agus san, á rígh-ollamh," arsa Guaire. "Ní'l le déanamh ach an mian do sholáthar. Cé dhó go dtáinig an mian?" "Do Bhuime na Cléire, a rí," arsa Seanachán, "agus is eagal liom-sa," ar seisean, "ná fuil an mian ró-fhuiriste dh'fhághail."
"Cad é an mian é, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Mian greannmhar, a rí," arsa Seanachán, ".i. peata cuaiche bheith ar chraoibh eidhneáin 'n-a h-aice, ag ceileabhradh. Níor airigheas riamh cuach ag ceileabh- radh um an dtaca so bhliadhain." Ní foláir an mian do sholáthar," arsa Guaire, agus d'iompuigh sé ar a sháil gan a thuilleadh do rádh. Ní h-abhaile chun a thighe féin a thug Guaire aghaidh nuair a dh'iompuigh sé ar a sháil ó Sheanachán. Chomh luath agus d'airigh sé an focal "peata cuaiche ag ceile- abhradh ar chraoibh eidhneáin," thuig sé i n' aigne nár bh' fhéidir an mian san a dh'fhághail. Thuig sé go dteipfeadh air an mian do sholáthar. Thuig sé go n-aoirfeadh an Tromdháimh é, agus go bhfágfadh san gan clú oinigh é feasta, os cómhair fear Éireann. Ba rogha leis bás d'fhághail níba thúisge 'ná mar a thuitfeadh san amach dó. Bhí sé i dteannta. Bhí sé i dteannta chruaidh. Ní fheidir sé an domhan cad ba mhaith dhó dhéanamh. Bhí áit bheannuighthe sa chomhgaracht, áit 'n-a dtagadh daoine chun turas a thabhairt, agus chun úrnuighthe dhéanamh chun Dé nuair a bhídís i gcruadhtan,agus nuair ba mhian leó a iarraidh ar Dhia fóirithint ortha agus iad d'fhuas- gailt as an nguais 'n-a mbídís. Thug Guaire aghaidh ar an áit sin. Fionnaragal na Féile ainim na h-áite. Bhí sé ann, ar a ghlúinibh, agus é ag guidhe go cruaidh chun Dé, 'ghá iarraidh ar Dhia, tré impidhe na Maighdine Muire, agus tré impidhe naomh Éireann, agus tré impidhe Cholum Cille a chuir ceangal dlighe ar éigsibh Éireann é thabhairt saor as an nguais 'n-a raibh sé an uair sin; é dh'fhuasgailt ó'n ngéibhinn 'n-a raibh sé, gan a leogaint do'n Tromdháimh é aoiradh agus a chlú do chur ar neamhnídh. Bhí a chroidhe agus a aigne chómh dian san sa ghuidhe nár mhothuigh sé an
duine 'n-a sheasamh i n'fhiadhnaise go dtí gur labhair an duine. "Móra dhuit, a rí!" arsan duine. Níor thóg Guaire a cheann, ach d'aithin sé an glór, glór Mharbháin, mar isé a bhí ann. "Mór agus Muire dhuit, a bhráthair!" arsa Guaire 'ghá fhreagradh, agus níor labhair sé ach go h-ana íseal bhí a leithéid sin de bhuaidhirt agus de bhrón agus de thrioblóid aigne air. "Cadí an bhuaidhirt seo anois, ort a rí?" arsa Marbhán. "Táim réidh anois, a bhráthair, murab ionann a's riamh," arsa Guaire. "Ní raibh Buime na Cléire sásta le bainne na mbroc. Tá mian eile tagaithe dhi. Ní'l aon bhreith agam ar an mian so dh' fhághail di. Beidh sé gan fághail agus aoirfidh an Tromdháimh me. Cuir- fear mo chlú ar neamhnídh os comhair fear Éireann. "Guaire an oinigh" m'ainim go dtí so. Atharóchar an ainim sin anois. Ní bheidh feasta mar ainim orm ach "Guaire an doichill, nó" ' Guaire an ocrais,' nó "Guaire an dealbhais, n"ó ainim éigin a bheidh níos tar- cuisnighe 'ná aon ainim acu san dá olcas iad. Thánag annso chun a iarraidh ar Dhia, má 'sé a thoil naomhtha é, mé thógaint as an saoghal agus in'oineach im' dhiaidh, nó me dh'fhuasgailt ó'n gcruadhtan so 'n-a bhfuilim." "Níor innsis dom fós, a rí," arsa Marbhán, "cad é an mian uathbhásach é seo a tháinig do Bhuime na Cléire agus do chuir sa teannta so thú." "Ní foláir léi peata cuaiche bheith ar chraoibh eidhneáin ag ceileabhradh 'n-a fiadhnaise," arsa Guaire. "Tá go maith," arsa Marbhán. "Tar-sa liom-sa anois go Gleann an Sgáil agus taisbeánfad an peata cuaiche sin duit."
Chomáineadar leó go Gleann an Sgáil. Gleann fada doimhin ab eadh é. Bhí cnuic mhóra árda ar gach taobh de. Bhí cosán tré n-a lár isteach, agus bhí sruthán uisge ag rith amach as, fan an chosáin. Chom- áineadar leo go dtí gur chuadar isteach ar fad sa cheann ba chumhainge agus ba dhoimhne agus dob' uaig- nighe de'n Ghleann. Bhí coill mhór istigh sa n-áit sin, agus an t-adhmad ag fás ana thiugh sa choill sin, agus na crainn ana mhór ann, ana árd, ana théagartha. Do leanadar an cosán isteach tríd an gcoill, fan an tsrutháin, go dtí go raibh mórán slighe curtha dhíobh acu. Thángadar fé dheireadh chun na h-áite 'n-a raibh an sruthán ag éirghe as an dtalamh; agus ní h-i bhfuirm tobair fíor-uisge a bhí sé ag éirghe, ach is amhlaidh a bhí an t-uisge ag brúth aníos tré phollaibh agus tré sgoiltibh na carraige, 'n-a chnapógaibh, ba dhóich leat, agus 'n-a chaisíbh beaga, annso agus annsúd, agus annsan ag rith le fánaidh go dtí gur tháinig na caistí beaga chun a chéile agus gur dhein sruth dhíobh, ag gluaiseacht tríd an ngleann soir ó thuaidh. Tamall i leith-taoibh ó'n áit 'n-a raibh an t-uisge ag éirghe as an gcarraig ar an gcuma san, bhí tigh cómhnuidhthe Mharbháin. Tigh ana bheag ab eadh é. Ní raibh ann ach an dá sheómra, an chistin agus an seómra codlata. Cuadar isteach. Chonnaic Guaire an chuach 'n-a seasamh ar chipín adhmaid a bhí sáidhte sa bhfalla i n-aice an tínteáin. "Siní an chuach, a rí," arsa Marbhán. "Cad é an mhaith í sin, a bhráthair?" arsa Guaire. "Ní cuach bheó an chuach san," ar seisean. "Fan leat go fóil, a rí," arsa Marbhán. "Bliadhain na Bealtaine seo a ghaibh thorainn, a rí," arsa Marbhán, "i ndeireadh na Bealtaine, um thráthnóna
lae Domhnaigh, bhíos ar mo ghlúinibh annsan i leith-taoibh an doruis agus mé ag déanamh mo mhachtnaimh. D'airigheas an fothram ag teacht chun an doruis. Do léim an chuach san an dorus isteach chúgham agus fiolar 'n-a diaidh ar buile. Bhí an bata so im' láimh agam. Do thógas an bata i gcoinnibh an fhiolair. Ba bheag ná gur bhuaileas é sar ar iompuigh sé uaim amach. Nuair iompuigheas isteach cad a bheadh ach an chuach bhocht ar an úrlár agus í i ndeireadh an anama. Thógas suas í. Má thógas ba ghearr a chuaidh léi. Níor bh'fhada go raibh sí chómh marbh agus d'fhéadfadh an fiolar í mharbhúghadh. "Is dócha, a rí, gur minic, nuair a bhís óg, a bhainis sgread maith láidir a' píopán gé mhairbh," arsa Marbhán. "Am briathar gur minic," arsa Guaire. "Ní ró-cheólmhar an guth a baintear a' píopán an ghé, a rí," arsa Marbhán, "ach do chuir sé mise ag machtnamh. Dubhart liom féin go mb'fhéidir go bhféad- fainn guth na cuaiche do bhaint a' píopán na cuaiche sin ach cur chuige sa cheart, agus go mb'fheidir go mbeadh sé níba cheólmhaire 'ná an guth a baintear a' píopán an ghé mhairbh. Thánag ar an gcuaich agus bhaineas amach aisti a raibh istigh innti. Annsan d'fhuaghas an croiceann go daingean i dtreó na féadfadh gaoth teacht amach as. Shocaruigheas an píopán annsan, i dtreó, pé gaoth a bheadh istigh sa chorpán, gur amach tríd an ngob a chaithfeadh sí teacht. Annsan do shocaruigheas an luinithe beag so i dtreó go bhféadfainn an corpán do theannadh le gaoith, fé mar a dheineann an píobaire a mhála do theannadh. Féach." Le n-a linn sin d'oibrigh sé an luinithe agus theann sé an corpán. Annsan do chuir se a mhéar ar chnaipe bheag a bhí fé sgórnaigh an éin. Cómh luath agus do
bogadh an cnaipe do ghluais an ghaoth amach tríd an ngob. Do leath an béal. Do thosnuigh an corpán ar é féin do shuathadh agus do luasgadh aran gcipín, i dtreó gur dhóich leat gur b'éan beó é, agus i n-aghaidh gach luasgadh d'ár bhain sé as féin tháinig na guthana breághtha binne ceólmhara, amach as an ngob, "cuc -cuach! cuc-cuach! cuc-cuach!" ar seisean, chómh breágh, chómh binn díreach agus adéarfadh cuach bheó iad i lár an tsamhraidh! Bhí iongnadh ar Ghuaire. "Tá a lán gléas socair agam istigh sa chorpán," arsa Marbhán, "ach ní gádh dhom iad do mhíniúghadh dhuit-se anois, a rí. Ní gádh dhom a mhíniúghadh dhuit-se ach conus an ceileabhradh do chur ar siubhal." Thaisbeáin sé do'n rígh conus an ceileabhradh do chur ar siubhal, agus do rug an rí leis an chuach, agus chuir sé ar an gcraoibh eidhneáin í, i bhfiadhnaise Buime na Cléire. Chuir sé a mhéar ar an gcnaipe, mar a dheineadh Marbhán. Siúd ag labhairt an chuach agus "cuc-cuach! cuc-cuach! cuc-cuach!" aici, chómh maith agus gur bh'é lár an tsamhraidh a bheadh ann i n-inead lár an gheimhridh. Nuair a chonnaic Buime na Cléire an chuach, agus nuair airigh sí an "cuc-cúach! cuc-cúach! cuc-cúach!" bhí iongnadh agus alltacht uirthi má bhí iongnadh agus alltacht ar aon mhnaoi riamh. Bhí 'fhios aici láithreach, nídh nách iongnadh, nár chuach bheó an chuach a bhí ar an gcraoibh ag ceileabhradh 'n-a fiadhnaise; ach bhí 'fhíos aici, leis, nár chuach bheó a dh'iarr sí; nár iarr sí ach cuach, agus gur chuach go fíor an rud san a bhí 'n-a fiadhnaise ar an gcraoibh. Do mheas sí, agus do mheas gach aoinne a bhí láithreach go raibh an ceól níba bhinne agus níba mhísle 'ná aon ghuth cuaiche d'ár h-airigheadh riamh. Ní raibh focal le
rádh aici. Dá bhfaigheadh sí aon locht ar an éan ná ar an gceól, is amhlaidh a bheadh gach aoinne ar buile chúichi. Bhí a lán de'n Tromdháimh a bhí ana bháidheamhail le Guaire agus ba mhaith an ceart dóibh. Nuair airigh na daoine sin na mianta deacara d'á n-áireamh bhí fearg agus diombádh ortha. Nuair a fuaradh an leamhnacht broc agus an smior bhí áthas mór ortha. Nuair airigheadar an chuach d'á h-iarraidh um an dtaca san de'n bhliadhain bhíodar ar buile le feirg, mar, dar leó, níor bh'fhéidir an chuach san d'fhághail agus do h-aoirfí Guaire. Nuair a chonnacadar an chuach mharbh ag ceileabhradh chómh breágh. chómh binn ar an gcraoibh eidhneáin, bhíodar ar buile le h-iongnadh agus le h-áthas. Bhí an mian fághalta, dar leó,agus bhí sé fághalta ar shlighe a chuirfeadh clú Ghuaire agus clú na Tromdháimhe sin suas go h-árd, i mbéal- aibh fear Éireann, go deó deó. Do thuig Muirean an méid sin go maith. Dá bhfaghadh sí aon locht ar an gcuma 'nar soláthruigheadh an mian di, is amhlaidh a dh'iompóchadh sí an Tromdháimh go léir 'n-a coinnibh. Is amhlaidh, b'fhéidir, a tuigfí gur le miosgais chun Guaire do loirg sí an mian san, agus nách le dúil i gceileabradh na cuaiche. Dá dtuigtí gur le droch-aigne chun Guaire dhéanfadh sí a leithéid sin, bheadh an sgéal go h-olc aici. Chaithfeadh sí imtheacht as an dTromdháimh, agus do h-aoirfí í féin. Níor dhein sí ach a thaisbeáint go raibh áthas an domhain uirthi agus buidheachas an domhain aici ar Ghuaire, agus ana speóis aici sa chuaich agus sa cheileabhradh. D'iarr sí ar Ghuaire a thaisbheáint di conus an corpán do theannadh agus an ceileabhradh do chuir ar siubhal. Dhein Guaire an nídh sin. Annsan ba dhóich le duine ar Mhuirean go raibh sí chómh sásta san 'n-a h-aigne nár bh'fhios caithin a thiocfadh aon mhian eile dhi.
Um thráthnóna an lae sin bhí sí féin agus Méibh, inghean Sheanacháin, i bhfochair a chéile. "Tá buaidhte ag Guaire orainn, a Bhuime," arsa Mhéibh. "Ní h-aige atá buaidhte orainn, a Mhéibh," arsa Muirean, "ach ag an bhfear san i nGleann an Sgáil. Siné an fear a thug bainne na mbroc agus an smior do Ghuaire. Siné an fear do shocaruigh an chuach so chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail. Mura mbeadh an fear san bhí an díoghaltas déanta fadó againn ar rígh Connacht, an aoir déanta ag an dTromdháimh dó, agus é díbeartha as an rígheacht so Connacht. Ní raibh aon choinne agam go bhféadfí bainne na mbroc do shóláthar, ná an smior. Ní féidir liom a thuisgint conus a soláthruigheadh iad, ná cá bhfuaradh iad. Ach an chuach so, agus í ag ceileabhradh annso im' fhiadhnaise, idir dhá Nodlaig! cé mheasfadh go bhfeicfí a leithéid!" "Is uathbhásach an mheabhair chinn agus an intleacht atá ag an bhfear a cheap agus do shocaruigh í agus do chuir ag ceileabhradh í! Is ró-fhuiriste a aithint ná raibh puínn eile le déanamh aige," arsa Méibh. "Caithfimíd fanmhaint socair anois go ceann tamaill," arsa Muirean. "Tá iongnadh curtha ar an dTromdháimh go léir ag an gcuaich seo. Ní'l 'fhios acu cé ghléas í ná cá bhfuaradh í. Má bhí sé buailte isteach 'n-a n-aigne roimis seo ná teipfeadh ar Ghuaire mian d'á dheacaracht do sholáthar, nár bh'fhéidir é, tá a n-aigne socair anois air níos daingne 'ná riamh. Má bhí aon sgátamhlacht ar chuid acu i dtaobh cad a bheadh ar chumas Ghuaire nó cad ná beadh, do bhain an chuach so an ceann de'n sgéal ar fad dóibh." "Cé h-é an fear so, a Bhuime, do ghléas agus do shocharuigh an chuach mharbh so?" arsa Méibh.
"Gaol éigin do'n rígh iseadh é. Déarfadh daoine gur naomh é. "Príomhfháidh" a thugann a lán daoine air. Deir a lán ná fuil ann ach muicidhe i nGleann an Sgáil. Sin a bhfuil d'eólus ná d'aithne agam-sa air," arsa Muirean. Caibidiol a Deich Mian na Blonaige. Do ghluais roinnt aimsire. Bhí an Tromdháimh ar a suaimhneas agus ar a sástacht; a ndóithin le n-ithe agus le n-ól acu; gach cóir lae agus oidhche ortha d'á fheabhas; gach duine acu ag tabhairt aireachais do'n ealadhain a bhí tabhartha dhó féin le cleachtadh agus le saothrúghadh, agus gach duine ag déanamh a dhíchill ar a chéird féin nó ar a ealadhain féin; i dtreó, dá dtagadh uaisle móra an treó agus go n-iarrfaidís ar an dTromdháimh ealadha nó cleasaidheacht nó aon chaitheamh aimsire dhéanamh dóibh go ndéanfí dhóibh gan teip an nídh a dh'iarrfaidís. Do réir dlighe na h-aimsire sin, bhí ceangailte ar Ghuaire, nó ar pé rígh 'n-a mbeadh an Tromdháimh aige ar a gcuaird ollamhnachta, gach aon tsaghas córach a bheith aige ortha, agus gan aon nídh d'ár mhair riamh a bheith i n-easnamh ortha aige. Ach má bhí an ceangal san ar an rígh, bhí a chómhthrom de cheangal ar an dTromdháimh. Bhí ceangailte ortha, aon duine thiocfadh, uasal nó íseal, dá mb'é Árdrí Éireann é nó bacach an mhála, agus
d'iarrfadh ortha caitheamh aimsire dhéanamh dó le filidh- eacht nó le ceól nó le sgéaluidheacht, an nídh a dh'iarrfadh sé ortha é thabhairt dó go dtí go mbeadh sé sásta. Dá dtagadh duine chúcha ar an gcuma san, agus go n-iarrfadh sé ortha ealadha dhéanamh dó, dá dteipeadh ortha an ealadha sin a dhéanamh do'n duine sin, bhí mí-chlú fághalta go deó acu. Mar gheall air sin ní bhídís díomhaoin choidhche. Bhíodh an obair ab fhearr a dh'oireamhnadh é ceapaithe do gach duine, agus bhíodh an duine sin coit- chianta ag déanamh taithighe de'n ghnó san. An t-é 'n-a mbíodh féith na filidheachta ann, bhíodh sé coitchianta ag ceapadh dán, agus 'ghá gcur i mbun a chéile, agus ag piocadh agus ag bearradh agus ag deisiúghadh ortha, ag cur leó agus ag baint uatha, ag cur ionta agus ag baint asta, go dtí go mbídís ar áilleacht an domhain aige, agus ná féadfadh, dar leis, an brabusaídhe ba ghéire aon lúb ar lár a dh'fhághail i n-aon dán acu. An t-é 'n-a mbíodh féith an cheóil ann, agus mothughadh agus tuigsint an cheóil 'n-a chluasaibh, agus mísleacht an cheóil 'n-a ghuth, agus binneas an cheóil 'n-a sgórnaigh agus 'n-a cheann, agus uchtach ceóil 'n-a chliabh, bhíodh sé coit- chianta ag déanamh cleachtais ar na saighseanaibh ceóil, ar ghuthuigheacht agus ar chliaraídheacht agus ar gach sórd cantainne; ar an gcruit agus ar an gcláirsigh agus ar gach ceól úirlise. Agus an t-é bhíodh níb' fhearr ar na guthanaibh 'ná ar na h-úirlisíbh, do leanadh sé de shaothrúghadh na nguthana; agus an t-é 'n-a mbíodh na méireana níba chliste aige 'ná mar a bhídís ag cách, do leanadh sé de'n chruit agus de'n chláirsigh agus des na h-úirlisíbh eile. Na daoine ná bíodh an fhéith chun na filidheachta ionta, ná an fhéith chun an cheóil, bhíodh, b'fhéidir, meabhair chinn thar na beartaibh ionta chun na sgéaluidheachta. Do
luíghdís sin amach ar fad ar shaothrúghadh na tréithe sin. Bhídís ag foghluim na sgéal ós na seana sgéalaidhthib agus 'ghá dtógaint do ghlan mheabhair, agus 'ghá bhfogh- luim a' leabhraibh, agus 'ghá gceapadh as a n-aigne féin amach, go dtí go mbíodh éacht de sgéaltaibh breághtha móra fada bailighthe istigh 'n-a n-aigne agus n-a gcuímhne acu, i dtreó go gcimeádfadh duine acu an chuideachta dob' uaisle agus ba leigheanta ag éis- teacht leis ó oidhche go maidin, ag innsint sgéil acu san, gan codladh ná suan ná míogarnach do theacht ar aoinne acu. Annsan, an t-é ná bíodh aon cheann des na tréithibh móra ealadhanta san ann, bhíodh a lán mion chleasaidheachta aige, ar a mhéireanaibh agus ar a lámhaibh agus ar a chosaibh, ar liathróidibh agus ar shrangánaibh agus ar sgeanaibh, fé mar a bhíonn anois ag lucht méaracán agus ag a leithéidibh ar aontaighibh nú ar chómhthalánaibh. Nuair a bheadh cuideachta cortha des na h-ealadhnaibh móra, gheibhdís caitheamh aimsire go minic sa mhion chleasaidheacht. Bhí fhiachaint ar an dTromdháimh gach aon tsaghas caitheamh aimsire thabhairt do gach aon tsaghas cuideachtan. Dá bhrígh sin níor bhfoláir dóibh bheith i gcómhnuidhe ag déanamh tathaighe des na h-ealadh- naibh go léir, agus ní bhídís díomhaoin choidhche. Nuair a bhí cúrsaidhe na cuaiche 'n-a sheana sgéal ag muintir na Tromdháimhe agus ag teaghlach Ghuaire, do cheap Muirean gur mhithid tuilleadh toirmisg do dhéanamh. Tháinig oidhche do dhéanfadh, dar léi, an gnó. Bhí an Tromdháimh go léir 'n-a gcodladh go sámh. Bhí níba mhó tuirse ortha 'ná mar ba ghnáth, mar bhíodar tar éis mórán oibre dhéanamh, gach aoinne acu ar a chéird nó ar a ealadhain féin, i gcaitheamh an lae roimis sin. I lár na h-oidhche do chuir Muirean liach aisti. "Chuir
sí mairg aisti" iseadh adeir an seana leabhar. Do léim gach aoinne as a chodladh. Do léim Seanachán as a chodladh. "O!" ar seisean leis féin, "cuach eile atá uaithi!" Tháinig sé chun na h-áite 'n-a raibh sí. "Cad é seo ort, a bhanfhlaith?" ar seisean. "Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi, "agus mura bhfaghad mo mhian gan ríghneas ní bheidh mé abhfad beó." "Cad é an mian é, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán. "Go ndéanfí mo chuid bídh do bheiriúghadh dhom agus d'ollmhúghadh dhom i mblonaig tuirc ghléigil nár rugadh riamh agus na béarfar go deó," ar sisi. "Ochón, a bhanfhlaith," arsa Seanachán, "ní fhead- ar-sa an domhan cá bhfaighfar an mian san." "Caithfear é dh'fhághail," ar sisi, "nó ní bhead-sa abhfad im' mhuirghín ar an dTromdháimh." D'iompuigh Seanachán amach. Chuaidh sé chómh fada le teaghlach an ríogh mar níor deineadh oiread fothraim an uair sin agus a deineadh an dá uair eile agus níor dúisigheadh Guaire ná a theaghlach. Tháinig Seanachán go dorus rígh-theaghlaigh Ghuaire. Do dúisigheadh Guaire agus go h-innseadh dó go raibh Seanachán ag teacht chun cainte dhéanamh leis. Do rugadh isteach Seanachán i seómra codlata Ghuaire. "Seadh, a rígh-ollamh," arsa Guaire, "míle fáilte rómhat! Conus atáthar ag an dTromdháimh agus agat féin?" "Bhí an sgéal olc go leór againn, a rí," arsa Seanachán, "nuair a bhí bainne na mbroc uainn. Bhí an sgéal níba mheasa 'ná san againn nuair a bhí an chuach uainn. Ach tá an donas ar fad anois orainn, a rí."
"Agus cad 'tá anois oraibh, a rí," arsa Guaire. "Tá, a rí," arsa Seanachán, "mian a tháinig do dhuine d'ár muintir ó chiainibh, agus measaim gur mian é nách féidir a dh'fhághail ar aon tsaghas cuma ná le h-aon tsaghas cuardaigh." "Cad é an mian é?" arsa Guaire. "Ba chóir," ar seisean, "nár bh'fhéidir dúil do chur i rud ná feacathas uair éigin, i n-áit éigin. Cad é an mian é, agus cé dhó go dtáinig sé?" "Do Bhuime na Cléire iseadh tháinig an mian, a rí," arsa Seanachán, "agus isé mian a tháinig di ná go ndéanfí a cuid bídh do bheiriúghadh agus d'ollmhúghadh dhi i mblonaig tuirc ghléigil nár rugadh riamh agus ná béarfar go deó. "Seadh!" arsa Guaire i n'aigne féin, "táim réidh anois murab ionann a's riamh!" ach níor leog sé air le Seanachán go raibh aon chorbhuais i n-aon chor air. "Tá go maith, a rígh-ollamh," ar seisean le Seanachán. "Caithfear an mian do sholáthar. Imthigh-se thar n-ais agus abair le Buime na Cléire go bhfaghfar an mian di." D'imthigh Seanachán thar n-ais chun na Tromdháimhe agus iongnadh a chroidhe air cá bhfaighfí an torc gléigeal nár rugadh riamh agus ná raibh le breith choidhche. "D'imthigh Guaire go Fionargal na Féile agus chrom ar ghuidhe chun Dé é bhreith as an saoghal, dá mb' é toil Dé é, sar a gcaillfeadh sé a chlú oinigh. Bhí sé ag guidhe chómh cruaidh sin go dtáinig meanma an ghuidhe chun aigne Mharbháin agus é i nGleann an Sgáil. Tháinig Marbhán láithreach go Fionargal na Féile. Chonnaic sé an cor a bhí ar Ghuaire. "Cad é seo oraibh anois, a rí?" arsa Marbhán. D'innis Guaire dhó an sgéal go léir. "O! a chreach láidir é!" arsa Marbhán.
"Is truagh an sgéal é!" ar seisean. Is agam-sa atá an torc gléigeal san, a rí," ar seisean. "Ní cheadóchainn ar shaidhbhreas an domhain go marbhófí é, ach ní foláir é mharbhúghadh anois. Ach deirim an méid seo leat-sa, a rí," ar seisean. "Ní h-é a leas a tháinig chun Buime na Cléire nuair a tháinig an mian san di." Chuadar araon abhaile chun righ-theaghlaigh Ghuaire. Caibidiol a h-aon-dhéag. An Torc Fionn. Ag teacht abhaile dhóibh bhíodar ag siubhal go réidh. "Ní féidir liom a thuisgint, a bhráthair," arsa Guaire. "conus a fuarais-se torc gléigeal nár rugadh agus ná béarfar a bheith agat. "Ní deacair é thuisgint, a rí," arsa Marbhán. "Beagán bliadhanta ó shin," ar seisean, "do bhí cráin bhreágh mhuice agam agus í ar bruach bheirthe. Muc bhreágh mhór láidir ab eadh í, agus í chómh geal leis an sneachta. Bhí sí chómh láidir sin agus chómh colgánta san agus chómh h-ollamh san chun cómhraic, ná leogadh eagla d'aon droch-bheithidheach teacht isteach sa ghleann, bhí a leithéid de sgannradh ortha roímpi. Bhí sí ana dheabhruightheach, agus bhí súil agam le h-ál breágh banbh uaithi. Tháinig faolchú mhór chraosach isteach sa ghleann. Thug sé aghaidh ar cheann des na mucaibh. Má thug siúd chuige an chráin. Thug an chú snap ar an gcráin
i dtreó gur osgail sé a maothán, agus le n-a línn sin thug an chráin snap ar an gcoin i dtreó gur bhain sí an ceann de. Bhí na muca go léir ag cneadaigh agus ag sgreadaigh. Do ritheas féin amach. Fuaras an chráin agus an chú marbh i n-aice a chéile. Bhí maothán na cránach ar leathadh agus soitheach na n-orc tuitithe amach ar an dtalamh. D'osgalas an soitheach agus do sgaoileas amach iad. Orca fireanna ab eadh iad agus ní raibh aon cheann baineann ortha. Do tógadh iad agus bhí an rath ortha. Bhí aon orc amháin ortha a bhí níba mhó agus níba threise go mór 'ná aon cheann eile acu. Thugas aireachas fé leith dhó san, agus fé mar a bhí sé ag fás bhíos 'ghá mhúineadh. Tá sé ana mhór ana láidir anois, agus tá sé chómh múinte sin agam go ndéineann sé gach nídh a dh'iarraim air chómh maith chómh cruínn chómh ciallmhar, ba dhóich leat, agus a dhéanfadh duine. Má bhíonn orm dul as baile ní gádh dhom ach a rádh leis air- eachas a thabhairt do'n áit, do'n ghleann agus dos na mucaibh; agus ní baoghal go mbeidh aon nídh bun ós cionn ná aon mhuc i n-easnamh rómham nuair a thiocfad a bhaile. Is buachaill dom é, mar nuair a bhíonn tuirse orm féin ní bhíonn agam ach a rádh leis dul agus na muca do chruinniúghadh agus do chur isteach i gcró na muc. Imthigheann sé láithreach ar fuaid an ghleanna agus ní stadann sé go dtí go mbíonn an mhuc dheirineach acu curtha isteach aige. Is liaigh dom é, mar nuair a bhíd mó chosa tinn, gearrtha, an leathar stracaithe as a chéile ortha ó sgeachaibh agus ó dhreasaibh an ghleanna, tagann sé agus cimileann sé a theanga dhíobh, agus is túisge a dheineann an teanga san iad do chneasúghadh 'ná mar a dhéanfadh aon dochtúir iad do chneasúghadh. Is ceóluidhe dhom é. Nuair a bhíonn mairbhitíghe, nó míogarnach chodlata orm, ní bhíonn le déanamh agam ach buille
dem' chois a bhualadh sa chliathán air agus tugann sé a dhrom faoí agus a thár anáirde agus deineann sé crónán dom gur breághtha liom bheith ag éisteacht leis 'ná leis an gceól is breághtha d'ár baineadh riamh a' cruit ná a' cláirsigh. "Siné, a rí, an torc fionn nár rugadh agus ná béar- far, agus is deacair dómhsa sgaramhaint leis. Ach caithfead sgaramhaint anois leis mar gheall ar an mian so a tháinig do Bhuime na Cléire. Caithfear an torc fionn san do mharbhúghadh agus a chuid blonaige do thabhairt do Bhuime na Cléire. Ní fhéadfainn-se féin é mharbhúghadh. Ní leogfadh mo chroidhe dhom é. Caithfir- se daoine uait féin do chur go Gleann an Sgáil chun na h-oibre sin do dhéanamh." "Cogar, a bhráthair," arsa Guaire. "Is mór an truagh an torc san do mharbhúghadh. Ná déanfadh sé an gnó ceann éigin de'n chuid eile de'n ál san do mharbhúghadh?" "Ní dhéanfadh, a rí," arsa Marbhán, "mar ní torc gléigeal aon cheann eile acu. Tuigim-se im' aigne go bhfuil droch-aigne ag Buime na Cléire dhom, agus go bhfuil 'fhios aici an torc fionn so bheith agam. Dá marbhuightí ceann eile dhi, do beadh 'fhios aici nár bh'é an torc fionn do marbhuigheadh. Déarfadh sí láith- reach nár tugadh a mian di, agus gur theip ar Ghuaire a mian do sholáthar di." "Tuigim," arsa Guaire. "Annsan is mise bheadh thíos leis." "Is tú," arsa Marbhán. "Caithfear an torc fionn do mharbhúghadh. Ach, a rí," ar seisean, "cuimhnigh cá bhfuilim ag caint leat. Níor tháinig riamh fós chun Buime na Cléire mian ba mheasa dhí 'theacht chúichi 'ná an mian so."
Do marbhuigheadh an torc fionn agus do cuireadh a bhlonag ag triall ar Bhuime na Cléire. Bhí Marbhán go h-uaigneach, ach bhí Buime na Cléire go sásta 'n-a h-aigne. Do ghluais roinnt eile aimsire gan aon mhian do theacht di féin ná d'aoinne eile de'n Trom- dháimh. Tar éis roinnt aimsire tháinig mian eile dhi agus chuir sí an liach aisti mar ba ghnáth. Tháinig Seanachán ag triall uirthi 'ghá fhiafhraighe dhi cad a bhí uirthi. "Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sise. "Cad é an mian atá tagaithe anois duit, a bhan- fhlaith?" arsa Seanachán. "Táimíd go léir annso, a rígh-ollamh," ar sise, "le tamall maith aimsire, agus ní'l aon radharc fághalta fós agam ar rígh-theaghlach Ghuaire. Isé mian atá tag- aithe chúgham ná go bhfaighinn each riabhach agus muing dhearg uirthi agus cheithre cosa gléigeala fúithi; agus annsan go bhfaighinn le cur umam brat ioldathach de líon an rúdháin ealla, agus go suidhfinn ar muin an eich sin, agus go mbeinn ag crónán rómham go Dhurlas Ghuaire." D'imthigh Seanachán ag triall ar Ghuaire agus d'innis sé a sgéal do'n rígh, agus d'imthigh Guaire go Gleann an Sgáil. Bhí Marbhán 'n-a choinnibh amach as an n-Gleann. "Móra dhuit, a rí!" arsa Marbhán. "Mór' a's Muire dhuit, a bhráthair," arsá Guaire. "Measaim," ar seisean, "gur dhóbair dom mo chuaird a bheith i n-aistear. Dá mbeinn beagán níba dhéidheanaighe ní bheifá rómham." "Is fé d' dhéin a bhíos ag dul, a rí," arsa Marbhán. Agus cad a bhí 'ghat' bhreith fé m' dhéin, a bhráthair?" arsa Guaire. "Meanma do bhuadhartha a tháinig chugam, a rí," arsa
Marbhán, "agus bhíos ag dul ag triall ort féachaint cad fe ndeár an bhuaidhirt." "Agus bhíos-sa ag teacht ag triall ort-sa a bhráthair," arsa Guaire, "chun cúise mo bhuadhartha dh'innsint duit. Tá mian eile tagaithe do Bhuime na Cléire." "Tar éis an tuirc fhínn an eadh!" arsa Marbhán. "'Seadh go deimhin, a bhráthair," arsa Guaire. "Agus cad 'tá uaithi anois?" arsa Marbhán. "Teacht ar cuaird chun mo rígh-theaghlaigh-se," arsa Guaire. "Ní deacair an mian san a thabhairt di. Cad é an bac atá uirthi teacht chómh luath agus is maith léi teacht?" arsa Marbhán. "Caithfear each do sholáthar di," arsa Guaire. "Ba chóir nár chéim ró-chruaidh ort, a rí, an t-each do sholáthar di," arsa Marbhán. "Each riabhach atá uaithi," arsa Guaire, "agus ní foláir muing dhearg a bheith ar an each, agus cheithre cosa gléigeala bheith fé'n each. "Tá an sgéal níos deacra 'ná mar a mheasas," arsa Marbhán. "Ba dheacair each de'n tsórd san do sholáthar mura mbeadh a fhios a bheith agam-sa cá bhfuil sé le fághail." "Agus cá bhfuil sé le fághail a bhráthair?" arsa Guaire. "Ní fheaca féin riamh a leithéid." "Tá an t-each riabhach san, agus an mhuing dhearg air agus na cheithre cosa gléigeala faoí, ag Iubhdán, agat' chómhalta féin, theas ar bhruach na Sionainne." "Tá go maith," arsa Guaire, "ach d'iarr sí nídh eile." "Achaidhe!" arsa Marbhán. "Cad é an nídh eile a dh'iarr sí?" "Caithfear brat ioldathacha dh'fhághail di, agus é déanta
de líon an rúdháin ealla, i dtreó go bhféadfaidh sí an brat san a bheith uímpi aici agus í ag teact chun mo rígh-theaghlaigh-se, ar muin an eich riabhaigh, agus a port cronáin aici," arsa Guaire. "Tá an brat san," arsa Marbhán, "ag inghín an Iúbhdáin chéadna úd. Brat áluinn uasal iseadh é. Ní déintear an t-éadach atá ann i nÉirinn. De líon rúdháin ealla atá sa domhan toir a déintear an t-éadach san. Ní fheadar conus a fuair Muirean amach a leithéid a bheith ar bith." "Is cuma conus a fuair sí amach é, ach ó 'tá an brat ag inghín Iúbhdáin gheobhad-sa é le tabhairt do Mhuirean," arsa Guaire. Caibidiol a dó-dhéag. An t-each raibhach agus an brat ioldathach. Do chomáin Guaire teachtaire ó dheas láithreach baill go bruach na Sionainne, chun na h-áite 'n-a raibh Iúbhdán 'n-a chómhnuidhe, 'ghá innsint dó cad é an púnc 'n-a raibh sé féin agus 'ghá iarraidh air an t-each riabhach agus an brat ioldathach do chur ag triall air. Ní raibh blúire cur 'n-a choinnibh ag Iúbhdán an t-each do thabhairt uaidh, ach do mheas an inghean nár rug sgéal dian riamh uirthi féin ach an brat thabhairt uaithi. Brat ana áluinn, ana ghreanta, dob eadh é. Ní raibh a leithéid eile le feis- gint i n-Éirinn an uair sin. Ó'n Spáinn a tháinig sé go h-Éirinn. Bhí Iúbhdán lá ar a bhád, thiar i n-aice
na sróna ar a dtugtar léim Chúchulainn. Bhí stoirm uathbhásach amuich ar an bhfaraige an lá céadna. Do chomáin an ghaoth béal na Sionainne isteach long mhór agus í leath-bháidhte. Bhí bád Iúbhdáin ar thaobh na fothana de cheann na léime. Bhí crainn agus seólta na luinge imthighthe. Do séideadh an long féin isteach i dtreó na h-áite 'n-a raibh an bád. Ní raibh an t-uisge doimhinn a dóithin sa n-áit. Do buaileadh i gcoinnibh an ghrin í agus do thuit sí as a chéile. Do báthadh a raibh de dhaoine uirthi ach aoinne amháin. Bean uasal ab eadh an t-aoinne amháin sin. Do chaith an t-uisge í i dtreo na h-áite 'n-a raibh Iúbhdán 'n-a bhád. Do thóg sé an bhean isteach sa bhád. Mheas sé ar dtúis go raibh sí marbh. Tháinig sí chúichi féin. Thug sé leis abhaile í. Thug an inghean aire dhi, agus ba ghearr go raibh sí chómh maith agus bhí sí riamh. Tar éis roinnt aimsire tháinig long eile ó'n Spáinn chun na h-áite céadna. Fuair muintir na luinge sin tuairisg ar an luing a báthadh agus ar an mnaoi uasail a chuaidh saor, agus do h-innseadh dóibh cá raibh sí an uair sin. Do ráinig go raibh aithne acu ar an luing agus ar an mnaoi uasail. Chuaidh an captaen agus cuid d'á mhuintir go tigh Iúbhdáin. Do cuireadh míle fáilte rómpa. Bhí áthas mór ar an mnaoi uasail. Do shocaruigh sí ar dhul leó abhaile. Mheas sí díol- uigheacht do thabhairt d'Iúbhdán agus d'á inghín. Ní glacfí aon díoluigheacht uaithi. Bhí an brat ioldathach úd uimpi nuair a tógadh as an uisge í. An fhaid a bhí sí i dtigh Iúbhdáin thug sé fé ndeara go mbíodh an inghean ag déanamh iongnadh de'n bhrat agus go raibh ana dhúil aici ann. Nuair ná glacfí aon díoluigheacht eile uaithi do bhronn sí an brat ar an inghín. Bhí áthas an domhain ar an inghín. Chimeád sí an brat
i bhfolach chómh maith agus d'fhéad sí é. Ní thabharfadh sí ar ór ná ar airgead é. Ba chruaidh an cás é a rádh go gcaithfí é thabhairt do Bhuime na Cléire. Ní raibh leigheas air. Ní féadfí Guaire d'fhágáilt sa chruadhchás 'n-a raibh sé. Do cuireadh an t-each riabhach agus an brat ioldathach ag triall ar Ghuaire. Chuir Guaire ag triall ar Bhuime na Cléire iad. Do cuireadh Buime na Cléire ar mhuin an eich riabhaigh láithreach agus an brat ioldathach uímpi aici. Siúd chun bóthair í agus an crónán aici d'á chasadh go breágh bínn, agus í ag dul go Durlas Ghuaire, díreach fé mar a tháinig an mian di. Bhí an t-each riabhach ag gluaiseacht ar a shodar, go breágh anamamhail, éasga, agus a crónán ar siubhal ag Muirean go h-árd agus go ceólmhar. Ar leagadh na súl do chuir an t-each riabhách cos tosaigh leis ar chloich ghéir, agus siúd i ndiaidh mhullaigh a chínn amach é ar fleasg a dhroma ar an mbóthar agus na cheithre cosa gléigeala sa n-aer aige agus Muirean féi thíos! D'éirigh an t-each. Níor éirigh Muirean. Nuair a tógadh í do fuaradh go raibh sí marbh, gur briseadh cnámh a lorgan agus cnámh a cuislean agus cnámh a muiníl. Do cuireadh an brat ioldathach thar n-ais ag triall ar inghín Iúbhdáin, agus an t-each riabhach thar n-ais ag triall ar Iúbhdán féin, agus do rugadh Muirean thar n-ais chun teaghlaigh na Tromdháimhe chun go ndéanfí í thórramh agus d'adhlacadh. Ní miste a rádh ná go raibh iongnadh agus alltacht agus buaidhirt agus brón i dteaghlach na Tromdháimhe nuair a tugadh abhaile an corp. Do stad gach gnó d'á raibh ar siubhal. Do cuireadh gnó an tórraimh ar bun. Tháinig Guaire agus a theaghlach chun an tórraimh. Tháinig
sagairt ann agus dubhradh aifrinní le h-anam Mhuirean. Tháinig na cómharsain go líonmhar ann. Dhein Seanachán marbhna os cionn an chuirp. Dhein gach file a bhí ábalta air a dhán féin, ag moladh na mná a bhí marbh agus ag moladh a gaolta agus a sínsear. Mholadar a tréithe maithe féin, agus d'áirmhighdar gach tairbhthe d'ár dhein sí do'n Tromdháimh i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sí 'n-a bhfochair, ó'n lá do phós Dallán í. Annsan do mholadar Dallán agus d'áirmhighdar a mhór-thréithe agus a mhór-eólus agus an urraim agus an onóir a bhí ag dul dó, agus a tugtí dhó, i n-Éirinn agus i ndúthaíghibh iasachta. Nuair a tháinig lá na sochraide do tháinig an dúthaigh go léir chun na sochraide. Bhí na sagairt ann ar tosach. Bhí an chómhra i ndiaidh na sagart. Bhí Guaire agus a theaghlach i ndiaidh na cómhran. Bhí an Tromdháimh i ndiaidh an ríogh. Annsan bhí uaisle agus daoine na tíre mór-thimcheall. Do ghluais an tsochraid i dtreó na h-áite 'n-a raibh teaghlach na Tromdháimhe féin, mar ar fhág Seanachán an trian díobh nár thug sé leis ag triall ar Ghuaire. Tháinig an trian san i gcoinnibh na sochraide tamall maith de'n tslighe. Do rugadh corp Mhuirean chun na h-áite 'n-a raibh corp Dhalláin curtha, agus do cuireadh an chómhra síos sa talamh i n-aice cómhran Dhalláin. Do críochnuigheadh gnó na sochraide mar ba cheart agus tháinig an rí agus na h-uaisle agus na daoine abhaile chun a dtighthe féin, agus tháinig Seanachán agus an Tromdháimh abhaile chun an tighe a bhí tabhartha ag Guaire dhóibh. Do luigh gach duine de'n Tromdháimh arís ar a chuid oibre féin do chleachtadh mar ba ghnáth leis. Bhí uaigneas ortha ar feadh tamaill, ach bhí oiread san acu le déanamh níor bh'fhada gur chuireadar díobh an t-uaigneas.
Bhí ceisneamh agus buadhairt ar Ghuaire mar gheall ar an gcuma 'n-a bhfuair Buime na Cléire an bás do theacht uirthi, ach, nídh nár locht air, bhí súil aige go mb'fhéidir go raibh deireadh leis na miantaibh. Dá mbeadh aige fios na cainte úd a thárla idir Bhuime na Cléire agus Méibh, inghean Sheanacháin, tar éis bháis do Dhallán, ní chodlóchadh sé ar an gcluais sin. Ní raibh aon phioc d'fhios na cainte sin aige agus dá bhrígh sin bhí súil aige le suaimhneas. Nuair a thuit an tionóisg amach do Bhuime na Cléire bhí Méibh ar buile. Thuig sí 'n-a h-aigne gur d'aon ghnó a thug Guaire an t-each riabhach leis ag triall ar Bhuime na Cléire, mar go raibh 'fhios aige na cosa tosaigh a bheith go h-olc aige agus go ndéanfadh sé an bharthuisle. Thuig sí 'n-a h-aigne, bhí sí deimhnightheach de, gur bh'é Guaire fé ndeár an bás a fuair Buime na Cléire. Bhí sí ar buile, ach ní raibh aon rud le rádh aici. Muir- ean féin a dh'iarr an t-each riabhach 'n-a raibh an mhuing dhearg air agus na cosa geala féi. Fuair sí an rud a dh'iarr sí agus ní raibh aon rud le rádh ag aoinne. Thug Méibh a h-aigne d'á máthair, do Bhrighid, bean Sheanacháin. D'aontuigh an mháthair léi. Do shocaruigh an bheirt 'n-a n-aigne go ndéanfaidís ar Ghuaire olc ba mhó naoi n-uaire 'ná an t-olc a bhí ceapaithe ag Brighid agus ag Buime na Cléire a dhéanamh air. Ní raibh aon phioc d'á fhios san ag Guaire, agus d'á bhrígh sin bhí sé ag brath ar go mb'fhéidir go raibh roinnt suaimhnis aige le fághail. Do fanadh socair ar feadh tamaill, go dtí go raibh cuímhne na sochraide imthighthe, nó maoluighthe. Annsan tháinig rud a bhain an mhíogarnach de Ghuaire.
Caibidiol a trí-déag. Na sméara dubha. Bhí Méibh, inghean Sheanacháin ag machtnamh ar cad é an mian ba mhaith dhi theacht di, i dtreó go gcuirfeadh sí Guaire i bpúnc. Chuimhnigh sí ar na miantaibh a tháinig do Bhuime na Cléire, agus ar conus mar fuaradh iad go léir d'á dheacaracht iad. Do fuaradh bainne na mbroc, rud ba dhóich le h-aoinne nár bh'fhéidir a dh'fhághail pé cuardach a déanfí dhó. Do fuaradh an smior, agus gur dhóich le duine nár bh'fholáir a raibh de mhucaibh fiadhaine i n-Éirinn do mharbhúghadh chun é fhághail. Do fuaradh blonag an tuirc fhinn nár rugadh agus ná raibh le breith. Do fuaradh an chuach agus í ag ceileabhradh idir an dá Nodlaig. Ba dhóich le h-aoinne nár bh'fhéidir an chuach san d'fhághail ach do fuaradh í. Do fuaradh an t-each riabhach agus an brat ioldathach, déanta de líon an rúdháin ealla. Cé mheasfadh go bhféadfí an brat san d'fhághail, ach do fuaradh é. Níor mhaith an bhail ar Mhuirean gur fuaradh an t-each riabhach. Ní bhfuair Muirean "áthas ar muin an eich." Bhí Méibh i gcruadh-chás a d'iarraidh cuimhneamh ar rud éigin nár bh'fhéidir a dh'fhághail. Fé dheireadh do chuimhnigh sí air, dar léi. Tháinig oidhche do mheas sí a bhí oireamh- nach. I n-aimsir na h-Inide ab eadh é. Bhí sioc agus sneachta ann. Ní baoghal go raibh aon chorramhíola ann, ná aon sméara dubha ar sgeachaibh. I lár na h-oidhche, agus an Trómdháimh go léir 'n-a gcodladh, chuir Méibh liach aisti, liach a bhí níba chaoile agus níb' aoirde agus níb' fhiadhaine 'ná aon liach d'ár chuir Muirean aisti. Do léim gach aoinne as a chodladh.
Do lean an liach ag éirghe agus ag casadh agus ag dul, i bhfiadhaine, go dtí gur mheas gach aoinne ná raibh aon bhean beó a dh'fhéadfadh a leithéid d'fhuaim a chur as a h-ucht ná as a sgórnaigh. Bhíodar deimhnightheach gur ó'n saoghal eile do tháinig an liach agus gur bh'í Muirean a tháinig chúcha agus do chuir an liach san aisti, agus gur bh'amhlaidh a bhí sí chun díoghaltais éigin a dhéanamh ar Ghuaire mar gheall ar an dtionóisg, agus a fhios acu go léir nár bh'é Guaire fe ndeár an tionóisg ach í féin nuair iarr sí an t-each riabhach. Bhí 'fhios ag Seanachán nár bh'aoinne ó'n saoghal eile do dhein an liach uathbhásach. Bhí 'fhios aige gur bh'í Méibh, a inghean féin do chuir an liach aisti. "Cad é sin ort, a 'nghín ó?" ar seisean léi. "Mian a tháinig dom, a athair," ar sisi, "agus mura bhfaghad mo mhian gheóbhad bás. "Cad é an mian é?" ar seisean. "Go dtabharfí chúgham," ar sisi, "lán beinne mo bhrait de sméaraibh dubha, agus iad go breágh mór milis aibigh." "A ghamhain," arsa Seanachán, "cá bhfaighfí sméara dubha um an dtaca so 'bhliadhain!" "Ní foláir iad d'fhághail," ar sisi, "nó ní bhead-sa abhfad beó." Bhí an lá ag teacht. D'imthigh Seanachán amach chun dul fé dhéin tighe Ghuaire. Bhuail Guaire uime agus é ag teacht ag fiafraighe na Tromdháimhe. Thagadh sé gach aon mhaidion chun na fiafraighe sin do dhéanamh. Bhí freagra fóghanta fághalta aige gach maidion ó lá na sochraide. Bhí sé deimhnightheach go raibh an freagra fóghanta le fághail aige an mhaidion san, leis. Bheannuigh sé do Sheanachán. Bheannuigh Seanachán dó.
"Conus atáthar indiu ag an muintir mhóir mhaith seo, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Ní rabhthas riamh níba mheasa, a rí," arsa Seanachán. "Cad fé ndeár san?" arsa Guaire. "Mian a tháinig do dhuine againn, a rí," arsa Seanachán. "Ní'l ach an mian do sholáthar, a rígh-ollamh," arsa Guaire. "Cad é an mian é agus cé dhó go dtáinig sé?" "Do m'inghín féin, do Mhéibh, iseadh tháinig sé, a rí," arsa Seanachán, "agus is eagal liom-sa, a rí, gur mian é nách féidir a dh'fhághail." "Cad 'tá uaithi, a rí?" arsa Guaire. "Lán beinne a brait de sméaraibh dubha, a rí, agus iad a bheith breágh mór aibigh milis," arsa Seanachán. "Ní'l ach iad do sholáthar, a rígh-olamh," arsa Guaire, agus d'iompuigh sé abhaile. Bhí sé i gcruadh-chás. Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon áit 'n-a bhféadfí sméara dubha dh'fhághail um an dtaca san de bhliadhain. "Measaim go dteipfidh an méid seo ar Mharbhán féin!" ar seisean i n'aigne. Thug Guaire aghaidh ar Ghleann an Sgáil. Bhí Marbhán ag teacht 'n-a choinnibh amach as an nGleann. "Cad é seo ort anois, a rí?" arsa Marbhán. "Mheasas, a bhráthair, go mbeadh suaimhneas agam ós na miantaibh tar éis bháis Bhuime na Cléire. Ní mar sin atá ach ar a mhalairt de chuma," arsa Guaire. "Agus cé 'tá ag déanamh toirmisg anois duit, a rí?" arsa Marbhán. "Tá," arsa Guaire, "Méibh, inghean Sheanacháin. "Cad 'tá aici 'á dhéanamh?" arsa Marbhán. "Tá an Tromdháimh go léir curtha as a meabhair aici. Is measa í 'ná Muirean seacht n-uaire. Tháinig mian
di agus is eagal liom ná fuil ar chumas aoinne an mian a sholáthar di. Lán beinne a brait de sméaraibh dubha atá uaithi, agus iad a bheith go breágh mór milis aibigh. Bhí an chuach deacair go leór a dh'fhághail. Chuiris-se an chuach mharbh ag ceileabhradh, i riocht cuaiche beó. Ba mhór an obair duit é dhéanamh, ach do dheinis é. Ní fheicim conus is féidir duit aon rud do chur i riocht na sméar, agus iad breágh mor milis aibigh, um an dtaca so 'bhliadhain." "An cuimhin leat, a rí?" arsa Marbhán, "an lá úd i dtosach Mheithimh an fhoghmair seo a ghaibh thorainn 'n-a rabhais ag fiadhach i nGleann an Sgáil?" "Is cuimhin go maith," arsa Guaire. "Bhí mo chú agam ar éil nuair éirigh an fiadh. Do sgaoileas an chú d'á h-éil, agus do lean an chú an fiadh amach as an nGleann agus mhairbh sí an fiadh." "B'fhéidir nách cuimhin leat, a rí," arsa Marbhán, "an nídh a thuit amach nuair a léim an chú agus a thar- aing sí léi thú roinnt slighe sar ar tháinig leat í do sgur d'á h-éil." "Is cuimhin liom gur rug duine éigin mo bhrat uaim, ach is cuma san," arsa Guaire. "Ní duine do rug an brat uait, a rí," arsa Marbhán, "ach driseóg a rug greim ar an mbrat díreach le linn na con dod' tharrac 'n-a diaidh. Do sgaoilis an brat leis an ndriseóig, fé mar is gnáth leat i gcómhnuidhe gach aon nídh a h-iarrtar ort do leogaint leis an t-é a dh'iarrann é. Bhíos-sa ag féach- aint ar an ngníomh a dheinis an uair sin, a rí, agus bhí 'fhios agam go mbeadh buadh th'oinigh-se ar an ndris- eóig sin. Thánag chun na driseóige. Fuaras go raibh sméara ar an ndriseóig, cuid acu dearg agus cuid acu ag tosnúghadh ar dhubhachtaint. Do leathas do
bhrat-sa ortha agus d'fhágas ann é ó shin. Níor leog an brat san sioc ná sneachta ná droch-ghaoth chúcha, tré bhíthin th'oinigh-se. Tré bhíthin an oinigh chéadna tá an chuid des na sméaraibh sin a bhí dearg an uair sin aibigh anois, agus an chuid acu a bhí dubh an uair sin is cuma nó mil iad anois. Téanam go dtaisbeánad duit iad, a rí." D'imthigheadar agus fuaradar an driseóg agus brat an ríogh anuas uirthi. Do thóg Marbhán an brat. Bhí iongnadh a chroidhe ar Ghuaire nuair a chonnaic sé na sméara breághtha móra ciardhubha, agus an driseóg ag lúbadh go talamh fútha, bhíodar chómh trom san. Thug Marbhán mias leis agus phioc sé na sméara agus chuir sé ar an méis iad. Do rug Guaire leis iad agus isé a bhí go lán d'áthas. Níor stad sé go ndeaghaidh sé go teaghlach na Tromdháimhe. Do tugadh na sméara do Mhéibh agus d'ith sí a dóithin díobh. Ní ró-mhór díobh a dh'fhéad sí a dh'ithe mar bhíodar ró-bhorb, ró-mhilis. Bhí sí go cráidhte agus go cancarach agus go miosgaiseach 'n-a croidhe agus 'n-a h-aigne. Ní raibh aon choinne aici go bhféadfí na sméara san do sholáthar. Bhí sí deimh- nightheach go dteipfeadh ar an rígh iad d'fhághail, agus annsan go n-aoirfadh an Tromdháimh é agus go mbeadh an díoghaltas déanta aici air; go mbeadh deireadh le "Guaire an oinigh" mar ainim air, agus go mbeadh sé fé mhasla os cómhair fear Éireann go deó. Do lean cogarnach agus ceistiúchán sa Tromdháimh agus i dteaghlach Ghuaire féin i dtaobh na sméar san, daoine 'ghá fhiafraighe d'á chéile cá bhfuaradh iad, go dtí gur tháinig an sgéal go léir amach. Annsan iseadh bhí an fhearg ar fad ar Mhéibh, nuair a fuair sí gur bh'amhlaidh a bhí tuilleadh oirdheircis curtha aici ar chlú Ghuaire i n-inead aon dorchúghadh bheith déanta aici air.
Bhí an cancar céadna ar thuilleadh de'n Tromdháim, ach bhí áthas thar bárr ar an gcuid ba mhó acu. Bhí sgannradh ar an gcuid sin díobh nuair airigheadar ar dtúis i dtaobh na sméar, ach nuair a fuaradh na sméara dubhradar ná raibh aon nídh le teip ar Ghuaire. Caibidiol a ceathair-déag. Mian Neantógach. Bhí suaimhneas sa Tromdháimh ar feadh tamaill. Bhí Méibh go séimh agus go gealgháiriteach le gach aoinne, ach bhí an fhearg agus an mhiosgais agus an canncar istigh 'n-a croidhe, agus í go loisgithe agus go sgólta nuair nár fhéad sí aon díoghbháil a dhéanamh do Ghuaire leis an mian a tháinig di. "Ní h-amháin," ar sisi 'n-a h-aigne féin, "gur theip orm aon díoghaltas a dhéanamh air, tar éis a bhfuil déanta aige orm agus tar éis an anbháis a thug sé do Mhuirean bhocht, ach is amhlaidh atá a chlú agus a cháil curtha i méid agus i n-oirdhearcas agam! Is truagh an sgéal é!" Tár éis roinnt aimsire tháinig mian eile dhi. Chuir sí an liach aisti, mar ba ghnáth, i lár na h-oidhche. Siúd chúichi a h-athair. "Cad é seo ort, a 'nghín ó?" ar seisean. "Mian atá tagaithe dhom, a athair," ar sisi. "Cad é an mian é, a 'nghín ó?" ar seisean. "Go raighinn ar chuaird go Durlas Ghuaire, a athair." ar sisi, "agus gur 'n-a luighe i mbreóiteacht a gheóbhainn
Guaire rómham agus an uile dhuine d'á bhfuil 'n-a theaghlach." "Ó!" arsa Seanachán, "Cad chuige dhuit a leithéid sin do rádh, a 'nghín ó, agus a bhfuil de thairbhthe ag Guaire 'á dhéanamh dúinn! Dá mbeadh sé ar an bhfear ba mheasa i n-Éirinn, agus dá mba díoghbháil agus toir- measg a bheadh aige 'á dhéanamh dúinn coitchianta, ní fhéadfá nídh ba mheasa 'ná san do theacht it' aigne! Cad chuige dhuit cuimhneamh ar a leithéid?" "An bhfuil 'fhios agat, a athair," ar sisi, "gur cuma mise nó an neantóg?" "Ní fheadar, a 'nghín ó," ar seisean, "agus ní lúgha 'ná mar a thuigim conus a bhaineann an neantóg leis an sgéal." "Dá mbeifá-sa, a athair," ar sisi, "lá ó mhaidin go h-oidhche ag déanamh aireachais ar thor neantóige, ag cur uisge ar an neantóig sin agus 'ghá leasúghadh go maith, do loisgfeadh an neantóg san tusa, a athair, chóm luath díreach agus go loisgfeadh sí duine nár dhein aon tairbhthe riamh di. Is mar a chéile mise agus an nean- tóg san. Ní fearr liom duine a chífad ag fághail bháis 'ná an t-é is mó dhein de thairbhthe riamh dom." Ní deir an leabhar gur imthigh Seanachán láithreach ag triall ar Ghuaire. Ní deir an seana leabhar ach, "Do rugadar as an oidhche sin go dtáinig an mhaidion." Tháinig Guaire ar maidin, mar ba ghnáth leis. Tháinig Seanachán chuige. "Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo indiu?" arsa Guaire. "Ní raibh an donus i gceart riamh orainn go dtí indiu, a rí," arsa Seanachán. "Is olc é sin, a rígh-ollamh," arsa Guaire. "Cad 'tá tagaithe oraibh?" ar seisean.
"Mian eile a tháinig do m'inghín-se aréir, a rí," arsa Seanachán. "Cad é an mian a tháinig di, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. B'fhada gur innis sé an mian dó. Bhí náire air. Fé dheireadh d'innis sé dhó é. D'iompuigh Guaire uaidh gan labhairt. Tháinig sé ag triall ar Mharbhán. "Cad é seo ort anois, a rí?" arsa Marbhán. "Ní deirim, a bhráthair," arsa Guaire "ná go bhfuil Méibh, inghean Sheanacháin, as a meabhair." "Cad é an chúis atá agat leis an méid sin do rádh, a rí?" arsa Marbhán. D'innis sé an mian do Mharbhán. Níor labhair Marbhán go ceann tamaill. "Tuigim," ar seisean, fé dheireadh. D'imthigh sé agus thug sé leis dhá bhuidéal. "Féach, a rí," ar seisean. "Tiocfaidh sí siúd amáireach ag triall ort. Ní h-alaidh dhúinn aon rud do thabhairt le rádh dhi. Bíodh duine amuich agat ag faire. Nuair a chífar ag teacht í tabhair braon as an mbuidéal so do gach duine ded' mhuintir, - Ach stad! Is fearr dhom féin dul leat anois," ar seisean. Tháinig an bheirt go Durlas Ghuaire an oidhche sin. Chómh luath agus tháinig breacadh an lae, amáireach a bhí chúghainn, do chuir Marbhán duine amach ag faire an bhóthair a bhí ó thigh na Tromdháimhe go Durlas Ghuaire; "agus," ar seisean leis an nduine, "chómh luath agus a chífir bean ag teacht preab isteach agus innis dom é." Annsan d'imthigh sé féin agus dubhairt sé le Guaire árthach maith mór fíona thabhairt chuige, agus gloine i n-aghaidh gach duine d'á raibh sa teaghlach. Annsan d'órduigh sé an uile dhuine d'á raibh sa teaghlach do
thabhairt chuige, agus chuir sé 'n-a suidhe iad 'n-a thimcheall ar shuidhchánaibh. Níor bh'fhada gur phreab chuige isteach an fear a bhí ag déanamh na faire. "Tá sí ag teacht," arsan fear. "Tá go maith," arsa Marbhán, "Suidh annsan," ar seisean. Do líon Marbhán gloine fíona chun an uile dhuine d'á raibh láithreach, agus gloine chun Guaire agus gloine dhó féin. "Ólaimís sláinte an ríogh, a chlann ó," ar seisean, "sláinte Ghuaire!" Do dhiúg gach aoinne a ghloine. "Bhúr sláinte go léir!" arsa Guaire, 'ghá bhfreagra, agus do dhiúg sé a ghlaine féin. "Imthighidh go léir a chodladh anois go ceann tamaill," arsa Marbhán, "agus raghad-sa a chodladh leis. Tá an fíon so láidir go maith. Codlóchaimíd greas agus cuirfimíd dínn é." D'imthigh gach aoinne chun a leapan féin. Níor bh'fada go raibh an uile dhuine acu chómh breóite agus bheadh sé dá mba 'n-a luighe i n-éagcruas a bheadh sé, slán beó mar a n-innstear é! Tháinig Méibh. Bhí na dóirse go léir ar osgailt. Bhuail sí isteach. Ní raibh aoinne ag siubhal an tighe roímpi. Chuaidh sí isteach ins na seómraíbh codlata. Ní raibh seómra acu gan duine breóite ann! Chonnaic sí, dar léi, gur bh'éagcruas a bhí ortha go léir. Tháinig sgannradh uirthi. Do rith sí abhaile. Ar éigin a shrois sí an baile, bhí sí chomh lag san. Shín sí ar a leabaidh. Tháinig an t-éagcruas dáiríribh uirthi féin, agus ar éigin bháis a tháinig sí uaidh! An túisge 'n-a raibh sí imthighthe ó Dhurlas Ghuaire, d'ól Marbhán gloine eile fíona agus thug sé gloine do
Ghuaire agus gloine do'n uile dhuine de mhuintir an teaghlaigh, agus bhí an bhréoiteacht imthighthe glan chómh tapaidh díreach agus do tháinig sí. 'Sa dá bhuidéal úd iseadh bhí an bhreóiteacht agus an leigheas. Chuir Marbhán braon a' buidéal acu sa bhfíon a chuir sé ins na gloinibh ar dtúis; agus annsan chuir sé braon as an mbuidéal eile sa bhfíon a chuir sé an tarna h-uair ionta. Níor thuig aoinne acu, ach Guaire féin agus Marbhán, cad a bhí déanta, ná cad fé ndeár é dhéanamh, go ceann abhfad 'n-a dhiaidh san. An fhaid a bhí Méibh 'n-a luighe, agus an t-éagcruas uirthi, bhíodh sí coitchianta 'ghá mhaoidheamh go raibh díogh- altas déanta aici ar Ghuaire agus ar a theaghlach fé dheireadh; go raibh éagcruas curtha aici ortha go léir, agus nár bhaoghal go dtiocfaidís uaidh. Níor chuir aoinne aon tsuím 'n-a caint, ámhthach; dar leó ní raibh sa chaint sin ach speabhraoídí. Dá mb'é Seanachán féin é, níor thuig sé cad d'imthigh uirthi, ná cad a chuir an t-éagcruas uirthi. Tháinig sí chúichi féin. Annsan do h-innseadh di ná raibh Guaire ná a mhuintir breóite i n-aon chor i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sisi 'n-a luighe. "Ná feacaidh mo dhá shúil iad go léir 'n-a luighe le h-éagcruas," ar sisi, "an lá a chuadhas go Durlas Ghuaire! An é radharc mo shúl a bhainfeá dhíom." "Id' chuid fola féin a bhí sé," arsa duine, "Is ar éigin a bhís tagaithe abhaile nuair a chuadhas-sa go Durlas Ghuaire, le teachtaireacht ó Sheanachán, agus ní raibh aoinne breóite ann!" "Id' chuid fola féin a bhí sé, a 'nghín ó," arsa Seanachán. Chuir an sgéal amúdha í. Ní fheidir sí an tsaoghal cad é an bhrígh a bhí leis. Nuair a tháinig Méibh chúichi féin ó'n mbreóiteacht,
ní fhéadadh sí gan bheith coitchianta ag machtnamh ar an gcuma 'n-a bhfeacaidh sí muintir theaghlaigh Ghuaire 'n-a luighe sa n-éagcruas an mhaidion a thug sí an chuaird. D'á mhéid machtnamh a dhein sí ar an radharc a chonnaic sí i an mhaidion san, iseadh ba dhaingine a chuaidh 'n-a luighe uirthi nár bh'aon speabhraoídí a bhí uirthi, ná aon chorr- uighe fola, ach an nídh a chonnaic sí go raibh sé díreach mar a chonnaic sí é. Annsan bhí sí 'ghá fhiafraighe dhi féin, má bhí na daoine sin go léir 'n-a luighe sa n-éag- cruas san, mara chonnaic sí iad le radharc a súl, conas a thárla ná feacaidh aoinne eile iad? An teachtaire a chuaidh soir ann láithreach baill tar éis í féin do theacht ó'n áit, conus ná fuair sé aoinne breóite sa teaghlach, ach iad go léir 'n-a saoghal agus 'n-a sláinte agus gan focal a' béal aoinne i dtaobh galair ná breóiteachta? Bhí 'fhios aige, gan amhras, gur tugadh gloine fíona dhó chómh luath agus chuaidh sé isteach. Agus do h-innseadh dó go bhfuair gach aoinne sa teaghlach cúpla gloine fíona an mhaidion chéadna, agus go raibh an fíon ana láidir, i dtreó gur chuir sé cuid acu ar meisge. Ach, níor chuir fé aon tsuím sa chaint sin, nídh nár bh'iongnadh. Bhí 'fhios aige go dian-mhaith ná raibh éagcruas, ná aon bhreóiteacht eile ar aoinne d'á raibh sa n-áit díobh. Nuair adubhairt sé le Méibh ná raibh tinneas ná breóiteacht ar aon duine d'á raibh i dteaghlach Ghuaire nuair a chonnaic sé féin iad, d'innis sé an fhírinne. Níor chuimhnigh sé i n-aon chor ar an ngloine fíona, nídh nár bh'iongnadh. Ní lúgha 'ná mar a chuimhnigh aoinne de mhuintir Ghuaire ar aon nídh i bhfuirm breóiteachta. Mheas gach duine acu gur bh'amhlaidh a bhí sé féin beagáinín ar meisge, bhí an fíon chómh láidir sin. Bhí gach aoinne acu, ámhthach, 'ghá dhéanamh amach ná táinig aon mheisge air fein, bíodh go dtáinig
iarracht meisge ar an gcuid eile. D'á mhéid machtnamh a dhein Méibh ar an sgéal, agus ní fhéadadh sí é chur as a h-aigne, iseadh ba mhó a chuaidh sé sa mhuileann uirthi. Ní raibh sí abhfad tagaithe as an mbreóiteacht, agus a neart ag casadh uirthi, nuair a labhair sí le n-a máthair i dtaobh an sgéil. "Ní h-aon mhaith dhuit bheith liom, a mháthair," ar sise, "ná bheith 'ghá chur 'n-a luighe orm gur im' chuid fola bhí sé. Bhí mo chuid fola chómh socair an mhaidion san díreach agus 'tá sí anois. Ní raibh aon choinne agam go bhfeicfinn aon duine breóite i dteaghlach an ríogh an lá san. Bhíos deimhnightheach ná feicfinn, agus annsan go mbeadh teipithe ar Ghuaire mo mhian do thabh- airt dom, agus go gcaithfeadh an Tromdháimh Guaire d'aoiradh, agus mar sin go mbeadh díoghaltas déanta agam air. Nuair a shroiseas an rígh-theaghlach bhí na dóirse go léir ar dian-leathadh rómham, agus gan duine ná daonnaidhe le feisgint i n-aon bhall ar fuid an rígh-thighe. Chuadhas isteach i seómra agus chonnac duine sa leabaidh ann, 'n-a luighe le h-éagcruas, chómh soiléir agus do chonnac éagcruas ar aon duine riamh. Chuadhas isteach i seómra eile. Chonnac duine eile sa tseómra san, agus é sa chás chéadna, agus na cómharthaí céadna air. Chuadhas isteach sa trímhadh seómra; agus sa cheathramhadh seómra. Bhí an nídh céadna le feisgint ins gach aon tseómra acu. Fé dheireadh do mhothuigheas mo chuid fola ag corruighe, agus tháinig sgannradh orm, agus do ritheas as an áit. Is ar éigin is cuimhin liom conus a shroiseas an áit seo arís. Bhíodar go léir 'n-a luighe i n-éagcruas; slán mar a n-innstear é! Ná bíodh aon phioc d'á mhearathal ort, a mháthair." "Má's fíor do chaint, a 'nghín ó," arsan mháthair,
"ní féidir an sgéal do thuisgint ach ar aon chuma amháin." "Agus cad é an t-aon chuma amháin é sin, a mháthair?" arsan inghean. "Dhein Marbhán míorbhuilt éigin ar mhuintir Ghuaire, i dtreó ná beifeá-sa gan do mhian a dh'fhághail," arsan mháthair. Caibidiol a cúig-déag. Saill an Luin uisge. "Cad í an mhíorbhuilt d'fhéadfadh sé a dhéanamh ortha!" arsan inghean. "Ní fheadar, a 'nghín ó," arsan mháthair, "deir a lán daoine gur naomh é agus go ndeineann sé míorbhuiltí. D'airigheas-sa go ndeaghaidh Guaire go Fionargal na Féile nuair a h-innseadh dó an mian a tháinig duit-se, agus go raibh sé ag guidhe go cruaidh chun Dé é thabhairt saor as an bpúnc 'n-a raibh sé curtha agat, agus sa n-am gcéadna go raibh Marbhán i nGleann an Sgáil ag guidhe go cruaidh chun Dé, leis, 'ghá iarraidh ar Dhia muin- tear Ghuaire bheith 'n-a luighe i ngalar throm éigin rómhat- sa, an mhaidion san, agus iad a bheith slán arís ó'n ngalar chómh luath agus thabharfá do chúl leó. Annsan bheadh do mhian fághalta agat-sa, agus ní h-aoirfí Guaire, agus ní bheadh dochar déanta d'aoinne." "Seadh, a mháthair," arsan inghean, "agus thais- beánfadh san conus a thárla go bhfeaca-sa iad go léir sa
bhreóiteacht, agus ná feacaidh an teachtaire úd a chuaidh ann láithréach im' dhiaidh tinneas ná breóiteacht ortha! "Thaisbeánfadh go díreach," arsan mháthair. "Murar dhein an cleas san dochar d'aoinne eile, dhein sé dochar agus díoghbháil dómh-sa. Chuir Marbhán galar ar mhuintir Ghuaire agus bhain sé dhíobh arís é go luath. Chuir an galar san galar orm-sa, agus ní go luath a sgaras leis an ngalar," arsan inghean. "Is fíor, a laogh," arsan mháthair, "agus má tá díoghaltas againn le déanamh ar Ghuaire mar gheall ar na droch-bheartaibh atá déanta aige orainn, tá díoghaltas chómh dian leis againn le déanamh anois ar Mharbhán mar gheall ar an mbreóiteacht san a chuir sé ort-sa. Do chaill Buime na Cléire a h-anam mar gheall air féin agus ar Ghuaire, agus ba ró-dhóbair duit-se t'anam a chailleamhaint, leis, mar gheall ar an mbeirt gcéadna." "Tá eagla ag teacht agam-sa, a mháthair, roimis an mbeirt," arsan inghean. "Ní maith liom a thuilleadh cur isteach a dheanamh ortha. Má dhein Marbhán an mhíorbhuilt sin adeirir, - má chuir sé an bhreóiteacht san ar mhuintir Ghuaire, agus má bhain sé dhíob arís í chómh tapaidh, ní h-aon dóichín é; agus ní h-aon iontaoibh é. Ní dhéanfad-sa a thuilleadh cur isteach air. Má tá tagaithe agam ó n-a chleasaibh aon uair amháin, ca bh'fhios dom a' dtiocfainn uatha an tarna h-uair! Ní raghad sa chontabhairt, an tarna h-uair. Is fearr gan dul. "Ní thagann an crúisgín slán ó'n dtobar i gcómhnuidhe." Thugadar a mian do Bhuime na Chléire. B'fhearr dhi ná tabharfaidís. Ní thabharfaidís mura mbeadh gur h-iarradh ortha é thabhairt di. Tuigid siad go maith go n-aoirfidh an Tromdháimh Guaire má theipeann air mian aon duine againn do sholáthar. Caillfidh Marbhán
an t-anam nó ní theipfidh san. Caillfidh sé an t-anam, leis, nó déanfaidh sé díoghaltas ar gach aoinne atá ag cur Ghuaire i gcontabhairt. Airighim go bhfuil árd- fhearg air mar gheall ar an dtorc fionn. Is dóich liom, a mháthair, gur fearr éirghe as mar ghnó. Ní'l aon iarracht d'ár dheineamair fós ná fuil gabhtha i n-ár gcoinnibh ar dhá chuma. I n-inead díoghbhála dhéanamh do'n rígh is amhlaidh atá tairbhthe déanta againn dó, agus i n-inead tairbhthe dhéanamh dúinn féin is amhlaidh atá breóiteacht, agus contabhairt anama, agus bás, tabhartha againn orainn féin. Is fearr éirghe as." "Éirigh-se as má's maith leat é, a Mhéibh, arsan mháthair, "Ní éireochad-sa as go ceann tamaill eile. Má's maith leat-sa leogaint do Mharbhán agus do Ghuaire bheith ag magadh fút ní'l bac ort ann. Ní leogfad-sa dhóibh bheith ag magadh fúm, má's féidir liom a mhalairt de chúram a chur ortha. Isiad ba bhun leis an mbás a tháinig ar Dhallán uasal. Is eól duit gur b'iad ba bhun leis an ana-bhás a tháinig ar Bhuime na Cléire. Ní dócha go ndéarfair nách iad ba bhun leis an éagcruas a tháinig ort féin. Is lag an bheart sgaoileadh leó anois tar éis a bhfuil déanta acu." "Sdó, a mháthair," arsa Méibh, "B'fhéidir gur tuilleadh, a bheadh nísa mheasa, a dhéanfaidís orainn. Má tá ar cumas Marbháin míorbhuiltí dhéanamh, conus is féidir dúinne aon cheart a bhaint de?" "Ní'l ar a chumas aon mhíorbhuiltí dhéanamh. Ní'l ann ach cleasaidhe. Pé sgéal é ní éireóchad-sa as go mbainead féin triail as a chleasaibh, nó as a mhíor- bhuiltíbh," arsan mháthair. Ní raibh abhfad tar éis na cainte sin idir an mháthair agus an inghean, go dtí gur baineadh geit i lár na h-oidhche as a raibh i dtigh na Tromdháimhe. Chuir Brighid,
máthair Mhéibhe, liach uathbhásach aisti. Siúd ag triall uirthi a fear, Seanachán Seanfhile féin. "Cad é sin ort, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán. "Mian atá tagaithe dhom, a rígh-ollamh," ar sisi, "agus mura bhfaghad mo mhian ní bheidh mé abhfad beó." "Abhair an mian, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Go dtabharfí mo dhóithin dom," ar sisi, "de shaill luin uisge." "Is deacair an mian san d'fhághail, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Pé deacaracht atá ann, a rígh-ollamh," ar sisi, "ní foláir é dh'fhághail nó ní bhead-sa beó." Chuireadar díobh an oidhche sin. Tháinig Guaire ar maidin. "Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo indiu?" arsa Guaire. "Ní raibh an sgéal riamh níba mheasa againn, a rí, 'ná mar atá indiu," arsa Seanachán. "Conus san, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Mian a tháinig do dhuine againn," arsa Seanachán. "Cad é an mian é?" arsa Guaire, "agus cé dhó go dtáinig sé?" "Do Bhrighid, inghean Oinithcheirne, mo bhean-sa féin, iseadh atá an mian tagaithe, agus isé mian atá tagaithe dhi ná go dtabharfí dhi a sáith de shaill luin uisge." Is deacair an mian san d'fhághail, a rígh-ollamh," arsa Guaire, "ach gheóbhthar é." Tháinig Guaire ó'n áit, agus isé a bhí go troma- chroidheach. Níor bh'fhada gur casadh Marbhán air. Bheannuigheadar d'á chéile. "Cad é an brón so anois ort, a rí?" arsa Marbhán. "Mian atá tagaithe do dhuine sa Tromdháimh," arsa Guaire.
"Tar éis an tuirc fhinn an eadh?" arsa Marbhán. "'Seadh go deimhin," arsa Guaire, "agus is eagal liom gur deacara é dh'fhághail 'ná blonag an tuirc fhinn a dh'fhághail." "Cad 'tá uatha anois?" arsa Marbhán. "Brighid inghean Oinithcheirne adeir ná beidh sí abhfad beó mura bhfaighidh sí a sáith de shaill luin uisge," arsa Guaire. "Siní an bhanfhlaith, bean Sheanacháin féin," arsa Marbhán. "Isí go díreach," arsa Guaire. "Tuigim," arsa Marbhán. "Cad a thuigeann tú, a bhráthair?" arsa Guaire. "Tuigim," arsa Marbhán, "gur dóich liom nách beag leis an inghin des na miantaibh. Bhí dúil sa ghalar aici. Ba mhaith léi daoine eile dh'fheisgint i ngalar. Fuair sí féin breis agus a sáith dhe. Ba ró-dhóbair di é bheith 'n-a ghalar báis aici. Ní beag léi dhe. Tá an mháthair ag tabhairt fúinn anois. Bain an chluas anuas ó'n gceann díom-sa mura dtugad cuaird aon lae ortha súd, tré n-a chéile dhóibh, agus mura mbainead an mhór-chúis agus an mianfuíach i n-aonfheacht díobh! Díolfaid siad as an dtorc fionn fós, geallaim duit é." "Ach conus a gheóbhthar a dóithin de shaill an luin uisge do mhnaoi Sheanacháin, a bhráthair?" arsa Guaire. ""A sgéal féin sgéal gach aoinne agus sgéal an chait a phiscín,," arsa Marbhán. "Mo sgéal-sa an torc fionn," ar seisean, "agus do sgéal-sa saill an luin uisge, a rí, bíodh gur ró-olc an díol ar Bhrighid é sholáthar di. Bíodh aici go fóil. Ná bíodh ceist ort, a rí. Is eól dómh-sa ca bhfuil an lon uisge sin. Tá teaghlach ban riaghalta thiar i dTuaim dá Ghualann,
agus is ag na mnáibh riaghalta san atá an lon uisge sin. Éan iongantach iseadh an t-éan san. Táid naoi bhfichid bean riaghalta sa teaghlach san, agus nuair aluigheann an bhean deireannach díobh ar a leabaidh cun codlata seinneann an lon san ceól dóibh, gur cuma é nó ceólta na bhflaitheas, le binneas agus le h-aoibh- neas; i dtreó go dtuiteann a gcodladh láithreach ortha go léir, agus go ndeinid siad codladh suairc, sámh, beannuighthe, deaghshláinteamhail. Gheóbhair-se an lon san, ach ní foláir duit naoi bhfichid lon a thabhairt dóibh air. Agus go deimhin is fearr é 'ná an naoi bhfichid lon a thabharfair dóibh." Do tugadh an naoi bhfichid lon dos na mnáibh riagh- alta, agus do marbhuigheadh an lon uisge agus do tugadh an tsaill do Bhrighid. Do h-airigheadh an sgéal san ar fuid na h-Éireann. Bhí fearg ar an uile dhuine d'airigh an sgéal, agus isé rud adubhairt fir Éireann d'aon ghuth, nár bhfiú an Tromdháimh go léir, i dteannta a chéile, an t-éan san do mharbhúghadh mar gheall ortha. Caibidiol a sé-dhéag. An bhó chluas-dearg, agus "feathnadh feada fuinn." Bhí roinnt suaimhnis i dtigh na Tromdháimhe ar feadh tamaill tar éis an luin uisge do mharbhadh do mhnaoi Sheanacháin, ach bhí mórán cainte d'á dhéanamh mar gheall ar an éan, agus mórán magaidh 'á dhéanamh fé Bhrighid mar gheall ar an dtrioblóid mhóir a bhí i soláthar an
bhéile bhig. D'airigh Brighid an magadh agus an chaint. Bhí uaigneas ar na mnáibh riaghalta i ndiaidh an luin. Dob' fhíor an rud a dubhairt Marbhán, .i. gur bh'fhearr an t-aon lon amháin sin a marbhuigheadh do Bhrighid 'ná an naoi bhfichid lon do chuir Guaire siar, mar mhalairt air, go Tuaim dá Ghualann. Bhí iongnadh ar na mnáibh riaghalta go léir, a rádh go gceadóchadh an Tromdháimh éan an cheóil go léir do mharbhughadh mar gheall ar an méid saille a bhí le fághail as! Dubhairt an uile dhuine d'airigh an sgéal gur bh' uathbhásach na daoine le dúire Seanachán agusa chualacht, agus a rádh gur chuireadar ar neamhnídh an ceól breágh go léir ar an suarachas saille sin! Bhí droch-mheas ag teacht ar an dTromdháimh. Thuig Brighid go raibh sí tar éis dearmhaid a dhéanamh. Tháinig mian eile dhi. Chuir sí an liach aisti i lár na h-oidhche, mar ba ghnath. Do tháinig Seanachán ag triall uirthi. "Cad tá ort a bhanfhlaith?" ar seisean. "Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi. "Cad é an mian é?" ar seisean. "Go bhfaghainn mo sháith," ar sisi, "de bhoin chluais deirg ghléigil, agus gan aon sgeanach ae innti, ach geir i n-inead a h-ae." "Is deacair an bhó san d'fhághail, a bhanfhlaith," arsa Seanachán; "Ní fheadar," ar seisean, "an bhfuil a leithéid ar bith." "Caithfear í dh'fhághail, a rígh-ollamh," arsa Brighid, "nó ní bhead-sa beó abhfad." Chuireadar an oidhche sin díobh. Ar maidin tháinig Guaire. Bheannuigh sé agus chuir sé tuairisg na Tromdháimhe mar ba ghnáth. Do h-innseadh dhó, mar ba ghnáth, an mian a tháinig do Bhrighid. D'imthigh Guaire agus d'innis sé an mian do Mharbhán.
"'Seadh!" arsa Marbhán, "ní féidir a rádh leis an sáith seo gur b'é a locht a luighead, murab ionann agus saill an luin." "Is eagal liom, a bhráthair," arsa Guaire, "murab é a locht a luighead gurab é a locht a dheacaracht." "Ná bac san, a rí," arsa Marbhán. "Is eól dómh-sa an áit 'n-a bhfuil an bhó san. Tá sí san áit chéadna'n-a raibh an lon, i dTuaim dá Ghualann, ag na mnáibh riaghalta céadna. Ní'l agat le déanamh ach naoi bhfichid bó, agus a gamhain féin le cois gach bó acu, do chur siar ag triall ar na mnáibh riaghalta, agus gheóbhair an bhó chluas-dearg ghléigeal san." "Nach mór an ceannach, a bhráthair, ar aon bhoin amháin, naoi bhfichid bó?" arsa Guaire. "Ní mór, a rí," arsa Marbhán, "mar is mó an bainne a bhíonn ag an aon bhoin amháin úd, 'ná ag an naoi bhfichid bó a thabharfair-se mar mhalairt uirthi. Isiad na mná riaghalta a bheidh caillte leis an margadh." Do cuireadh siar an naoi bhfichid bó, agus do tugadh aniar an bhó chluas-dearg ghléigeal, agus do marbh- uigheadh í, agus fuair Brighid a sáith dhi. Ba ghearr gur imthigh an sgéal ó bhéal go béal, ar fuaid na h-Éireann, gur marbhuigheadh an bhó san chun go bhfaigheadh Brighid a sáith dhi, agus bhí árd-fhearg ar gach aoinne, íseal agus uasal; agus dubhairt fir Éireann nár bh'fhiú an Tromdháimh, dá mbeadh oiread eile acu ann, an lon uisge sin agus an bhó san do mharbhúghadh dhóibh. Do thuig Brighid, agus do thuig Seanachán Seanfhile, go raibh fuath ag teacht ag fearaibh Éireann do'n Tromdháimh mar gheall ar mharbhúghadh an luin agus ar mharbhughadh na bó.
Cheap Brighid go gcuirfeadh sí féin an dá nídh as aigne na ndaoine le mian eile a bheadh bun os cionn ar fad leis an dá mhian san, agus go mb' fhéidir ná féadfí an mian eile sin do sholáthar, agus annsan go, mbeadh buaidhte fé dheireadh aici ar Ghuaire agus ar Mharbhán. Níor bh'fholáir an mian eile do theacht di gan a thuil- leadh ríghnis, mar níor mhór cosg do chur chóm luath agus dob' fhéidir é leis an gcaint a bhí ar siubhal i dtaobh an luin agus i dtaobh na bó. Bhí an chaint ar siubhal, agus an magadh, agus an fhearg. Daoine ag gáirídhe mar gheall ar an uathbhás trioblóide do glacadh chun blúire beag saille thabhairt do Bhrighid. "Nách ana bheag an goile atá aici!" adéarfadh duine. "A sáith de shaill luin uisge! Ar nóin d'íos- fadh cat an lon ar fad, idir shaill agus feóil agus cnámha!" "Éist do bhéal!" adéarfadh duine eile. "Ní'l annsan go léir ach forcamás. D'íosfadh Brighid, leis, an lon go léir, idir fheóil agus saill, agus d'íosfadh sí mias mhór leitean 'n-a dhiaidh. Is mór an náire dhóibh bheith'ghá leogaint ortha ná h-ithid siad puínn agus an rí creachta acu." "Seachain!" adéarfadh duine eile. "Má airigh- tear go ndubhraís a leithéid sin, aoirfar thú agus déanfar gabhar díot!" "Is truagh ná h-aoirann duine éigin an Tromdháimh," adéarfadh duine eile. "Tá an dá sheóid is fearr a bhí i n-Éirinn curtha ar neamhnídh acu, - an lon uisge úd agus an bhó chluas-dearg ghléigeal. Nár chóir go ndéanfadh Marbhán rud éigin léo? Ní'l rí ná rath ar an ndúthaigh ó thángadar chúghainn!"
Bhí cogarnach de'n tsórd san ar siubhal go tiugh, ach ní leogfadh eagla d'aoinne labhairt amach. I lár na cogarnaighe tháinig sgéal nua. 'Tháinig mian eile do Bhrighid. Chuir sí an liach aisti mar ba ghnáth. Siúd ag triall uirthi Seanachán. "Cad é seo ort, a bhanfhlaith?" ar seisean. "Mian a tháinig dom, a rí," ar sisi, "agus ní bhead abhfad beó mura dtugtar mo mhian dom." "Cad é an mian é?" ar seisean. "Mo sháith," ar sisi, "de shubha réidhe ró-dhearga agus deoch feathnaid feadha fuinn." "Is deacair na neithe sin a dh'fhághail san áit seo, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Caithfear iad do sholáthar," ar sisi, "nó ní fada a bhead-sa beó." Chuireadar an oidhche sin díobh, agus tháinig Guaire ar maidion agus d'innis Seanachán a sgéal dó. Ní fheidir Guaire cá bhfaighfí na subha réidhe ná an deoch san. Siúd ag triall ar Mharbhán é. D'innis sé a sgéal do Mharbhán. "'Seadh!" arsa Marbhán. "Tá eagla ag teacht uirthi. Ba mhaith léi anois, dá mb'fhéidir é, an lon uisge agus an bhó chluas-dearg ghléigeal do chur as aigne na ndaoine. Ní dhéanfaidh na subha réidhe, ná an feathnad feadha fuinn, an méid sin di chómh tapaidh agus is dóich léi é. Ach sa n-am gcéadna ní miste an mian san do sholáthar di. Is dóich léi ná fuil na subha san le fághail sa dúthaigh seo. Ach, táid siad ag fás agam-sa i nGleann an Sgáil. Is dócha gur dóich léi ná fuil 'fhios ag aoinne cad é an saghas dighe feathnad feadha fuinn. Tá'fhios agam-sa go maith cad é an saghas dighe é. Ní'l ann ach mil na féithleann. Téanam go dtugad duit roinnt de gach taobh acu, agus go mbéarfair ag triall uirthi iad."
Do tugadh na subha agus an mhil sin na féithleann do Ghuaire, agus do rug sé leis iad go teaghlach na Trom- dháimhe, agus do tugadh do Bhrighid iad, agus d'ith sí na subha agus d'ól sí an mhil, agus do cuireadh ó bhaoghal báis an uair sin í, mar dh'eadh. Nuair a tuigeadh ar fuaid na tíre ná raibh fé'n ainim uathbhásach úd, .i. "feathnad feadha fuinn," ach mil na féithleann, is amhlaidh a tháinig seirbhthean ar gach aoinne. i Thuig na daoine gur bh'amhlaidh a bhí ainimneacha cruadha ag muintir na Tromdháime 'á thabhairt ar rudaíbh coit- chianna chun méid a n-eóluis féin do chur 'n-a luighe ar an bpobal, agus gan puínn de'n eólus acu, b'fhéidir. Bhí a lán cainte agus a lán cogarnaighe ar siubhal i sa chéill sin. D'airigh Brighid, agus Seanachán, agus tuilleadh acu, cuid mhaith de'n chaint sin agus de'n chog- arnaigh san. Thuigeadar 'n-a n-aigne go raibh buaidhte glan ag Marbhán agus ag Guaire ortha, agus bhíodar ar buile. Bhí Seanachán féin ar dearg-bhuile. B'é an i rígh-ollamh é i ndiaidh Dhalláin. Is air a bhí clú na Tromdháimhe do chimeád go h-árd agus go h-oirdheirc, fé mar a chimeád Dallán í, an fhaid a mhair sé. Bí san ag teip air. Bhí clú na Tromdháimhe ag imtheacht. Chonnaic sé go raibh. Bhí sé ar buile. Bhí milleán aige ar Ghuaire, agus bhí milleán aige ar na miantaibh úd. Ní raibh aon mhaith, dar leis, ins na mnáibh chun aon mhian a theacht dóibh do theipfeadh ar Ghuaire. Mura mbeadh san bheadh buaidhte ar Ghuaire fadó ag an dTromhdháimh.
Guaire. Caibidiol a seacht-déag. Mian Sheanacháin. Sa bhuile agus sa bhfeirg dó, do cheap Seanachán go dtiocfadh dó féin mian ná féadfadh Marbhán a sholáthar agus do dhéanfadh san am chéadna clú na Tromdháimhe do chur suas arís i meas agus i mbreitheamhantas na poibilidheachta. Tháinig an t-am, dar leis, chuige sin. I lár na h-oidhche do chuir sé ologón as. Siúd chuige an Tromdháimh go léir agus sgannradh ortha, agus iad ag baint tosach na bhfocal d'á chéile 'ghá fhiafraighe dhe cad a bhí air, nó cad fé ndeár dhó a leithéid d'ologón do chur as. "Mian a tháinig dom, a chlann ó," ar seisean, "agus niura bhfaghad mo mhian tá deireadh liom gan a thuilleadh ríghnis." "Cad é an mian é, a rígh-ollamh?" ar siad go léir i n-aonfheacht. "Tá," ar seisean, "mo sháith a dh'fhághail dom féin agus dom' chléir, agus do mhaithibh Connacht uile, de shaill muice nár rugadh fós, agus de chuirm aon Ghráinne cruithneachtan; agus mura bhfaghad an mian san sar a mbeiridh an tráth so isdoidhche amáireach orm, ní bhead beó!" Bhí Guaire ar a leabaidh, 'n-a ríghtheaghlach. Tháinig chuige, agus é ar a leabaidh, meanma na buadhartha a bhí i dteaghlach na Tromdháimhe. Phreab sé 'n-a shuidhe
agus tháinig sé gan ríghneas go teaghlach na Trom- dháimhe. Fuair sé an chléir cruinnighthe san áit 'n-a raibh Seanachán, agus iad ag measgadh ar a chéile, agus ag brúth ar a chéile, agus ná feidir aoinne acu cad ba cheart dó féin ná d'aoinne eile a dhéanamh. "Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo anocht?" ar seisean. "O, a rí," ar siad, agus iad go léir ag caint i n-aonfheacht, "táimíd réidh ar fad anois." "Conus san, a chlann ó?" arsa Guaire. D'innseadar dó. Do thuit a lug ar a lag ag Guaire nuair airigh sé an mian a bhí tagaithe do Sheanachán Seanfhile. Dar leis ní raibh aon bhreith ar an dá nídh sin d'fhághail, .i. maithe agus mór-uaisle Connacht do shásamh le cuirm aon ghráinne cruithneachtan, agus le saill mtice nár rugadh fós; agus gan d'aimsir chun an dá nidh sin do sholáthas ach go dtí an taca san isdoidche amáireach a bhí chúghainn! Siúd fé dhéin Mharbháin é. Ní fada chuaidh sé nuair a bhuail Marbhán uime. "Táim réidh fé dheireadh, a bhráthair!" arsa Guaire. "Cad 'tá oraibh anois, a rí?" arsa Marbhán. D'innis sé dhó. "Ná bíodh ceist ort, a rí," arsa Marbhán, "tá an dá nídh sin le fághail gan ríghneas agam-sa i nGleann an Sgáil." "Airiú, a bhráthair a' chroidhe 'stigh, conus san!" arsa Guaire. "'Guaire mór-oinigh' a tugtar ort-sa, a rí,"' arsa Marbhán, "agus tá reachtaire agat agus "Guaire beag-oinigh" a tugtar air." "Tá san mar sin, a bhráthair," arsa Guaire. "Tá, a rí," arsa Marbhán, "agus tá so mar seo,"
ar seisean. "Lá d'á raibh an 'Guaire beag-oinigh' sin ag teacht ó bheith ag cur síl do mhothuigh sé árd éigin istigh 'n-a bhróig, idir an bhróg agus bun a choise. Chuir sé a lámh síos 'n-a bhróig, agus fuair sé thíos gráinne cruithneachtan. Bhí an gráinne ana mhór, cómh mór, ba dhóich leat, le dearcu fordaraighe, .i. le cnó daraighe. Thug 'Guaire beag-oinigh' an gráinne san chúgham-sa. Chuireas-sa i dtalamh é i n-ithir fé leith, agus thugas aire mhaith dhó. D'fhás sé agus sa bhfóghmhar a bhí chúghainn do bhí seacht bpríomh-dhiasa fichid tagaithe as, agus seacht bhfaon-diasa fichid. Do chuireas, an bhliadhain a bhí chúghainn, an méid cruithneachtan a bhí ins na seacht príomh-diasa fichid sin, agus d'fhás sé ar an gcuma gcéadna. Tá aon bhliadhain déag ó shin anois, ó chuireas an gráinne cruithneachtan san. Níor leogas aon arbhar eile tríd i gcaitheamh na h-aimsire sin, agus tá seacht bpríomh-chruacha de thoradh an aon ghráinne sin agam. Do cheapas féin fleadh mhór do dhéanamh i nGleann an Sgáil de chuirm an arbhair sin: déanfad an fhleadh anois do Sheanachán agus dá chléir agus do mhaithibh Connacht, agus is dóich liom go mbeidh breis agus a ndóithin ann." "Beidh breis agus ár ndóithin de'n chuirm againn gan amhras, a bhráthair. Ba mhór an cuimhneamh dhuit an gráinne sin do chur, agus aireachas chómh maith do thabhairt dó. Mura mbeadh san bheadh an sgéal go h-olc agam-sa anois. Déanfaid an Tromdháimh agus uaisle Connacht éirleach uathbhásach ag ithe agus ag ól, nó beidh breis agus a ndóithin le fághail acu a' toradh an aon ghráinne sin. Ach cá bhfaighfar saill na muice nár rugadh fós?" arsa Guaire. "Nách cuimhin leat an torc fionn, a rí?" arsa Marbhán.
"Is cuimhin go maith. Ach ar nóin tá saill an tuirc fhinn agus feóil an tuirc fhinn ithte fadó," arsa Guaire. "Nách cuimhin leat, a rí," arsa Marbhán, "Go ndubhart leat go raibh trí naoi n-orca breághtha móra fireanna eile ag an gcráin úd 'n-a raibh an torc fionn aici? Do bhí, agus bhíodar chómh maith chómh deabhruighth- each san gur mharbhuigheas orca ná raibh i n-aon chor chómh maith leó agus do bhí ag cráin eile, agus gur thugas do'n chráin sin iad le tógaint. Do thóg sí iad, agus d'fhásadar go h-áluinn, agus bhí an rath ortha. Táid siad agam anois i nGleann an Sgáil, trí naoi gcinn de thorcaibh breághtha móra cas-fhiaclacha, agus gach torc díobh chómh ramhar le rón. Saill muice nár rugadh fós iseadh saill gach tuirc díobh san, a rí, agus mura bhfaighid an Tromdháimh, agus Seanachán Seanfhile, agus a bhfuil d'uaislibh i gConnachtaibh, saill a ndóithin ins na trí naoi dtorcaibh sin, leogfad-sa do'n Tromdháimh mé dh'aoiradh." "Ní baoghal duit, a bhráthair!" arsa Guaire. "Thugas féin fé ndeara iad go minic agus mé ag gabháil tríd an nGleann. Ní dóich liom go bhfeaca riamh muca chómh mór leó ná chómh ramhar leó. Is fearr gan iad do mharbhughadh ach fé mar a bheidh gádh leó. Mar sin ní h-é mo thuairim go marbhóchar a leath. Cathain a déanfar an fhleadh?" "Bhíos féin chun cuireadh thabhairt duit-se, a rí, agus do mhaithibh Connacht, annso go Gleann an Sgáil, agus chun na fleidhe do chórúghadh annso dhaoibh; ach b'fhéidir go mbeadh sé chómh maith a rádh le maithibh Connacht a dh'fhiafraighe de Sheanachán agus de'n Tromdháimh ce'cu is fearr leo teacht annso chun na fleidhe, nó go ndéanfí an fhleadh do chur ag triall ortha chun a dtighe féin," arsa Marbhán.
"Tá go maith, a bhráthair," arsa Guaire. "Labharfad- sa le cuid de mhaithib Connacht, agus déarfad leó an fhiafraighe sin do dhéanamh." Do sgar an bheirt. Tháinig Guaire go tigh na Tromdháimhe, agus áthas mór air, agus dubhairt sé leó go raib a mhian ag Seanachán le fághail gan ríghneas; ná beadh de ríghneas ach an fhleadh d'ollmhúghadh agus maithe Connacht do chruinniúghadh chúichi. Bhí iongnadh a chroidhe ar Sheanachán conus a féadadh cuirm an aon ghráinne d'fhághail chómh tapaidh sin, agus saill na muice nár rugadh fós, ach níor leog sé aon nídh air. Bhí 'fhios aige go maith nár bh'fhéidir aon bhún- táiste do bhreith ar an sgéal; go gcaithfí an dá choin- ghioll do chómhlíonadh go fíor, nó nár bh'fhéidir do Ghuaire dul as gan a aoiradh. Níor dhein sé ach éisteacht, agus iongnadh air. Chuir Guaire teachtaireacht ag triall ar triúr des na maithibh ba mhó agus ba chreideamhnaighe de mhaithibh Connacht. Tháinig an triúr uaisle sin go teaghlach na Tromdháimhe. D'fhiafraigheadar de Sheanachán agus de'n Tromdháimh ce'cu ba rogha leó, dul go Gleann an Sgáil chun na fleidhe do chaitheamh, nó Guaire do thabhairt na fleidhe chúcha chun a dteaghlaigh féin. Chómh luath agus d'airigh Seanachán an cheist sin d'éirigh sé ar buile. "Ó," ar seisean, "is truagh an sgéal é! A rádh gur rug sé im' bheathaidh orm a leithéid d'easonóir fhághail ó mhaithibh Connacht! Níor tugadh a leithéid de mhasla riamh roimis seo dhom féin ná dom' chléir!" Do leath a shúile agus a bhéal ar gach uasal de'n triúr nuair airigheadar an chaint sin. "A rígh-ollamh," arsan fear tosaigh a bhí ortha; "ca bhfuil an easonóir? Ca bhfuil an masla?"
"Masla mór," arsa Seanachán, "agus easonóir mhór iseadh a chuimhneamh i n-aon chor i nbhúr n-aigne, ní áirmhim an cheist sin do chur, go bhfágfadh an Tromdháimh a dteaghlach féin chun fleidhe do chaitheamh i dteaghlach iasachta! Ní foláir maithe Connacht d'aoiradh mar gheall ar chuimhneamh ar a leithéid!" Le mórán úmhluigheachta agus cimilt bhaise iseadh do chuaidh an triúr as gan a n-aoiradh! Caibidiol a h-ocht-déag. An fhleadh agus tormas Sheanacháin. Do h-ollmhuigheadh an fhleadh, agus do rugadh go teaghlach na Tromdháimhe í. Tháinig uaisle Connacht go léir agus bhíodar féin agus an Tromdháimh ag ithe agus ag ól agus "ag aoibhneas," mar adeir an seana leabhar. Bhi Seanachán ar a mhór-shásacht, ag riaradh gach aon ruda, agus ag cur gach aon duine 'n-a shuidhe san áit 'n-ar cheart dó bheith, do réir a dhána agus a uaisleachta. Do lean an t-ól agus an t-aoibhneas ar feadh trí lá agus trí oidhche. Fé dheireadh thug Seanachán fé ndeara go raibh giollanradh agus díosgar-shluagh Connacht ag ól na dighe agus ag ithe an bhídh níba iomadamhla go mór 'ná mar a thaithn leis. Tháinig doicheall air. Tháinig doicheall mór air agus fearg. Do stad sé d'aon nídh dh'ithe ná dh'ól. Bhí sé ag tormas. Do chrom na daoine a bhí i n'aice ar bheith ag tathant air an biadh do chaitheamh, agus an deoch a dh'ól. Ní raibh aon mhaith
dhóibh ann. Ní íosfadh sé biadh, agus ní ólfadh sé deoch, agus ní thabharfadh sé freagra ar aoinne do labharfadh leis. Níor bh'fhada go raibh an chuideachta go léir tré n-a chéile agus ar mearathal. Do labhair duine de mhaithibh Connacht. "A rígh-ollamh," ar seisean, "cad tá ar do shoilse ná h-itheann tú biadh agus ná h-ólann tú deoch. Tá an biadh go maith, agus tá an deoch go maith, a rígh- ollamh, agus is tusa fé ndeár iad a bheith againn le n-ithe agus le n-ól. Is truagh linn ná feicimíd thú ag ithe agus ag ól i n-ár dteannta." "Is mise fé ndeár iad a bheith agaibh le n-ithe agus le n-ól," arsa Seanachán, "agus is ró-olc an díol oraibh iad a thabhairt daoibh le n-ithe agus le n-ól!" "Conus san a rígh-ollamh?" arsan fear a labhair. "Féach," arsa Seanachán, "bhúr ngiollanradh agus bhúr ndíosgar-shluagh, an sgeanfairt atá acu 'á dhéanamh de'n bhiadh, agus a bhfuil de chuirm acu d'á sgaoileadh uatha fé n-a gcosaibh sa luachair, gan trácht ar a bhfuil acu d'á shlogadh isteach 'n-a gcorp de idir bhiadh agus deoch!" "A rígh-ollamh," arsan fear a labhair," níor thánga- mair annso go dtí go bhfuaramair cuireadh! Chun bídh agus dighe dh'fhághail a thángamair, agus ní chun easonóra dh'fhághail!" Do bhuail duine eile bas láithreach ar bhéal an fhir sin, le h-eagla go ndéarfadh sé a thuilleadh agus go n-aoirfadh an Tromdáimh maithe Connacht. "Glanaidh uaim amach as an dtigh seo láithreach!" arsa Seanachán go h-árd agus go feargach. "Sgrios- aidh as mo radharc idir uasal agus íseal agaibh! Ní íosfad biadh agus ní ólfad deoch go dtí go mbeidh sibh amach as an dtig uaim agus amach as an mbaile."
B'éigean dóibh imtheacht. Annsan féin ní íosfadh Seanachán biadh agus ní ólfadh sé deoch. Thug sé an lá san go léir ag tormas, agus an oidhche. D'airigh Guaire an sgéal. Dob' olc le Guaire an Tromdháimh go léir a bheith ag ithe agus ag ól, agus Seanachán 'n-a throsgadh. Ghlaoidh sé chuige dalta a bhí aige, buachaill breágh dathamhail glan a bhí timcheall seacht mbliadhna déag d'aois. "Féach, a bhuachaill bháin," ar seisean, "tabhair leat bior fada fionn-chuill agus cuir gé air, agus bíodh dhá dtrian an bheara rómhat agat, agus an trímhadh trian dé id' dhiaidh, agus éirigh chun na h-áite 'n-a bhfuil Seanachán, agus féach an bhféadfá é mhealladh chun blúire de'n ghé d'ithe." Dhein an buachaill fé mar a dubhradh leis a dhéanamh. Tháinig sé chun na h-áite 'n-a raibh Seanachán. Chonnaic Seanachán an bior agus an gé air. "Cad ab' áil leat de'n ghé sin a mhacaoimh?" arsa Seanachán. "Chun é dh'ollmhúghadh duit-se, a rígh-ollamh," arsan buachaill. "Cad chuige gur cuireadh thusa leis?" arsa Seanachán. "Ba mhaith le Guaire an t-é ba ghlaine agus ba dhathamhla d'á raibh aige do chur chúghat-sa led' chuid, a rí," arsan buachaill. "Is dóich liom-sa," arsa Seanachán," nár bh'fhéidir dó duine eile dh'fhághail ar an mbaile ba neamh-ghlaine agus ba mhí-sgiamhaighe 'ná thusa." "Conus san?" arsan buachaill. "Bhí aithne agam-sa ar do mháthair-se," arsa Sean achán," agus bhí sí meill-ingneach, agus bhí do sheana- mháthair meill-ingneach, leis. Ní fhéadfainn-se biadh
do chaitheamh as do lámhaibh-se. Ní féidir dóibh bheith glan." Tháinig an buachaill bocht tar n-ais ag triall ar Ghuaire, agus é ag gol, agus d'innis sé dhó cad dubh- airt Seanachán. Do chuir san buaidhirt agus brón ar Ghuaire. Bhí Guaire go buadhartha agus go brónach, agus bhí a chúis aige. Bhí 'fhios aige go raibh buaidhte aige féin agus ag Marbhán ar Sheanachán agus ar an gcuid de'n Tromdháimh a bhí ar a thí. Bhí 'fhios aige dá bhrígh sin, go raibh árd-fhearg ar Sheanachán mar gheall ar gur fuaradh saill na muice nár rugadh, agus dóithin uaisle Connacht de'n tsaill sin agus de chuirm an aon ghráinne arbhair. Bhí 'fhios aige gur bh'í an fhearg san a chuir an tormas ar Sheanachán, agus nár bh'é an sgeanfairt a bhí 'á dhéanamh de'n bhiadh. Bhí 'fhios aige nách gan fáth adubh- airt Seanachán go raibh máthair an bhuachalla meill- ingneach. Agus bhí sgannradh air le h-eagla go n-aoirfadh Seanachán é, mar gheall ar mhac na mná meill-ingnighe do chur le n-a chuid bídh chuige. Bhí buaidhirt agus brón air, agus bhí a dhóithin de chúis aige chuige. Chuir sé an sgéal i gcómhairle Mharbháin. "Nách dalta dhuit, a rí," arsa Marbán, "an óigbhean áluinn sin a chím id' theaghlach, an inghean san Beag Bainighe?" "Iseadh cheana," arsa Guaire. "Cuir í sin ag triall ar Sheanachán chun a choda d'ollmhúghadh dhó," arsa Marbhán, "ní raibh aoinne a bhain léi sin riamh meill-ingneach, ar thaobh a h-athar ná ar thaobh a máthar. Ní fhéadfadh súil aon duine i n-Éirinn, uasal ná íseal, aon locht a dh'fheisgint innti féin. Ní'l cailín is áilne 'ná í i n-Éirinn, agus tá sí múinte béasach, deagh-thabhartha suas. Ní féidir dó,
agus a dhícheall a dhéanamh, aon locht fhághail uirthi féin ná ar a sínsear. Bhí aithne agam ar a sean-athair. Duin'uasal creideamhnach, diadha, carthanach ab eadh é. Ní raibh aon teóra le n-a dtugadh sé de dhéirc uaidh do bhochtaibh Dé. Ní baoghal go raibh sé meill- ingneach. Níor chas aoinne riamh fós aon asachán leis, agus ní dóich liom-sa go bhféadfaidh Seanachán aon asachán do chasadh le h-aoinne d'á chlainn, ná de chlainn a chlainne. Má chasann sé asachán bréagach leó, is dó féin is measa. Tuigfear an bhréag chómh luath agus do labharfar í. Agus féach, a rí," ar seisean, "is eól dómh-sa ná fuil biadh ar bith is fearr a thaithneann le Seanachán 'ná arán déanta de phlúr cruithneachtan agus d'iuchraibh bradáin, agus iad fuinte ar a chéile. B'fhéidir, nuair a thaithnfadh an biadh leis go n-imtheóchadh an fhearg de." Do ghlaoidh Guaire chuige an cailín. "Féach, a 'nghín ó," ar seisean, "beir leat iuchra bradáin agus plúr cruithneachtan, agus fuin i láthair Sheanacháin iad chun aráin a dhéanamh díobh, agus féach a' bhféadfá é mhealladh chun an aráin d'ithe." D'imthigh an cailín, agus dhein sí fé mar a dubhradh léi. Do rug sí léi an plúr agus na h-iuchra, agus chuaidh sí chun na h-áite 'n-a raibh Seanachán, agus é ag tormas, agus an t-ocras go dian air. Do fhliuch sí an plúr agus do mheasg sí na h-iuchra air, agus chroin sí ar iad d'fhuineadh le n-a lámhaibh. Bí na lámha go geal agus go deagh-chúmtha aici, agus bhí Seanachán ag féachaint ortha, agus uirthi féin. "Cad ab' áil leat de sin, a inghean?" arsa Seanachán. "'Ghá ollmhúghadh dhuit-se atáim, a rígh-ollamh," ar sisi.
"Cad uime 'n-ar cuireadh thusa 'ghá dhéanamh san?" arsa Seanachán. "Guaire a dubhairt, a rí," ar sise, "nár bh'fholáir dó féin an t-é ba ghlaine agus ba dhathamhla d'a raibh aige do chur annso chúghat-sa, chun do choda d'ollmhúghadh dhuit." "Isé is dóich liom-sa, ámhthach," arsa Seanachán, "nár bh'fuiriste do Ghuaire duine dh'fhághail ar an mbaile seo ba neamh-ghlaine ná ba ghráinne 'ná thusa, ach amháin, b'fhéidir, an t-é a tháinig annso rómhat." "Cad'n-a thaobh go n-abrann tusa san, a rígh-ollamh?" arsan cailín. "Tá cúis mo dhóithin agam leis," arsa Seanachán. "Bhí aithne agam ar do shean-athair agus bhíodh sé anáirde ar charraig, agus é ag teagasg éoluis do lobhraibh. Le linn an eólus do theagasg dóibh dó, do shíneadh sé a lámh 'n-a dtreó. Conus is féidir dómh-sa biadh do ghlacadh a fuineadh led' láimh-se, agus go mbíodh lámh do shean-athar dh'á síneadh ar an gcuma san chun na lobhar salach úd!" Tháinig an cailín bocht abhaile ag triall ar Ghuaire, agus í ag briseadh a croidhe ag gol. "Cad tá ort a 'nghín ó?" arsa Guaire. D'innis sí dhó, agus an gol ag baint a h-anála dhi mar gheall ar an masla a tugadh di féin agus d'á sean-athair. "Guidhim-se aon nídh amháin anois," arsa Guaire. "Nár fhághaidh Seanachán bás choidhche go dtugaidh sé póg le n-a bhéal do bhéal lobhair!"
Caibidiol a naoi-déag. Aoiradh na luch agus ná gcat. D'innis Guaire do Mharbhán an rud a dubhairt Seanachán leis an gcailín. "Dubhraís, a bhráthair," arsa Guaire, "ná féadfadh sé locht d'fhághail uirthi. Féach féin gur fhéad. Nách deacair dul uaidh!" "Is fíor, a rí," arsa Marbhán, "gur deacair dul uaidh. Gan amhras is fíor go mbíodh sean-athair an chailín sin ag teagasg na lobhar, agus go mbíodh sé 'n-a shuidhe ar an gcarraig 'á dhéanamh. Ach is ag múineadh an chreidimh dóibh a bhíodh sé. Le grádh do Dhia agus do'n chómharsain a dheineadh sé an obair sin. Tá luach saothair anois aige d'á bhárr, agus is cuma dhó cad a dhéanfaidh tormas Sheanacháin. Ach nách fada ó bhaile a chuaidh Seanachán chun locht fhághail ar an gcailín!" "Is baoghal go n-aoirfidh sé mé mar gheall ar í chur ag ollmhúghadh bídh dó, agus mar gheall ar mhac na mná meill-ingnighe do chur ag ollmhúghadh bídh dó. Déan- faidh sé an donus orm mar gheall ar an mbeirt, agus mar gheall ar an ngé, agus mar gheall ar iuchra an bhradáin," arsa Guaire. "Ní dhéanfaidh sé aon nídh dh'á shórd, a rí," arsa Marbhán. "Tá 'fhios aige go maith cad í an chreideamh- aint a bhí ag sean-athair an chailín sin, agus gur mhasla d'á chreidheamhaint féin aon rud a dhéanamh a thabharfadh masla dhi féin ná d'á sean-athair. Ní aireóchair a thuilleadh mar gheall ar an ngé, ná mar gheall ar iuchra an bhradáin, ná bíodh blúire eagla ort, a rí. Ní baoghal
duit. Ní aireóchair puínn eile des na miantaibh ó'n dTromdháimh, ach b'fhéidir nár bh'fada go n-aireóchthá rud éigin eile. Fan leat go fóil." B'fhíor do Mharbhán é. Níor tháinig a thuilleadh des na miantaibh. Do lean Seanachán ag déanamh an tormais, bíodh go raibh an t-ocras 'ghá stracadh, agus go raibh sgannradh ar an dTromdháimh le h-eagla go dtabharfadh sé an bás dó féin. Fé dheireadh do labhair Brighid le n-a mnaoi fhrioth- álmha. "Imthigh," ar sisi, "agus beir leat m'fhuidhleach-sa, agus tabhair do'n rígh-ollamh é féachaint a' n-íosfadh sé é." Beadghill ab ainim do'n mhnaoi fhriothálmha. Thainig sí i láthair Sheanacháin. "Dubhairt an ríogan liom, a rígh-ollamh," ar sisi, "a fuidhleach féin do thabhairt chúghat agus go n-íosfá é." "Cad é an fuidhleach atá fágtha aici?" arsa Seanachán. "Ubh circe, a rí," arsan bhean. "Is beag ná gur b'é mo sháith é," arsa Seanachán, "agus ní beag liom é an turus so. Imthigh agus tabhair chúgham é." D'imthigh sí, agus d'imthigh roinnt aimsire agus ní raibh sí ag teacht. Chuir Seanachán teachtaire 'n-a diaidh féachaint cad a bhí 'ghá cimeád. Tháinig sí agus ní raibh an t-ubh aici. "Do theip orm é dh'fhághail, a rí," ar sisi. "Ní deirim ná gur b'amhlaidh a d'ithis féin é," arsa Seanachán. "Níor itheas, a rí," ar sisi, "ach d'ith na luchaigh é." "Níor chóir dos na luchaigh a leithéid do dhéanamh!"
arsa Seanachán. "Is minic cheana a dheineadar a leithéid, agus dob' olc an gníomh le déanamh dóibh é. Ní'l rí ná flaith d'á uaisleacht ná d'á aoírde nách maith leo rian a bhfiacal do chur ar a gcuid. Is droch-mhúinte an obair dóibh gníomh de'n tsórd san a dhéanamh. Is ainbhfíosach an obair dóibh é, mar an biadh 'n-a mbeidh rian a bhfiacal san air, ní ceart é chur ós cómhair aoinne, íseal ná uasal. Tá aoiradh tuillte acu mar gheall ar an ubh san a dh'ithe, agus aoirfad-sa iad anois." Chrom sé ar na luchaigh d'aoiradh, agus is dócha gur dhein sé an obair go h-ana dhian agus go h-ana ghéar. Bhí an fhearg air, agus bhí an t-ocras air, agus bhí an fhilidheacht go millteach aige, agus do dhíol na luchaigh as. Ní raibh sé abhfad ag labhairt na n-aoir, nuair a rith luch chuige amach a' pholl agus thuit sí marbh agá chosaibh. Chomáin sé leis agus an fhearg ag éirghe ann, agus an chaint ag dul i ngéire agus i neimhneacht. Do rith luch eile amach chuige, agus thuit sí marbh agá chosaibh. Bhí sé ag labhairt na cainte, agus na luchaigh ag teacht chuige amach as na pollaibh agus ag tuitim agá chosaibh, gan anam ionta, go dtí go raibh deich gcinn acu ann sínte. Annsan dubhairt sé focal éigin leó a bhí níba ghéire 'ná aon fhocal d'á raibh ráidhte fós aige, agus le n-a linn sin do rith luichín agus a h-ál go léir amach a' poll agus thángadar i n-aice a chos, agus thuiteadar marbh idir mháthair agus ál. Tháinig cathúghadh air agus do stad sé. "Is eagal liom, a lucha," ar seisean, "go bhfuil éagcóir déanta agam oraibh. Ní sibh-se atá ciontach ach an mhuintir ar a bhfuil bhúr gcosg, .i. tuatha cat." "Is truagh chráidhte," ar seisean, "nár chuimhnigheas ar an méid sin sar ar aoiras na luchaigh bhochta so.
Isiad na cait atá ciontach, agus isiad is ceart d'aoiradh. Dá ndeineadh na cait an gnó atá ortha a dhéanamh, ní íosfadh na luchaigh fuidhleach Bhrighde, mar ní bheidís ann chuige. Isiad na cait is ceart d'aoiradh agus aoirfad-sa go maith anois iad. Agus ó's 'ghá n-aoiradh dhom i n-aon chor, tá sé chómh maith agam an rí atá ortha d'aoiradh. Tá aithne mhaith agam air, agus tá 'fhios agam cá gcómhnuidheann sé. Iorusán is ainim dó agus i n-uaimh Chnódhbha atá sé 'n-a chómhnuidhe, lastoir de Chluain mic Nóis naoimh-Chiaráin. Arusán is ainm d'á athair; agus Riachall Rinnfhiaclach, inghean Chlab-aith- inne, a bhean. Tá beirt drithár aige i n-aon-tigheas leis i n-uaimh Cnódhbha, .i. an Crónánach a' Cruachain agus Gruamán Garbh-fhiaclach. Agus tá inghean aige agus Reang Ghéar-fhiaclach, is ainim di. Dá ndeinidís sin a ngnó mar ba cheart dóibh a dhéanamh is ró-bheag na luchaigh a bheadh i n-Éirinn againn. Cait ana mhóra, ana láidre iseadh iad. Isé Iorusán mac Arusáin is rí ar chataibh na h-Éireann go léir agus dá ndeineadh sé a dhualgas ríogh do chómhlíonadh, agus dlighthe na gcat do chur i bhfeidhm, níor ghádh dhómh-sa bheith ag déanamh aoir chun na luch so do mharbhúghadh. Aoirfad- sa anois é féin agus a bhean agus a mhuintir." Annsan do chrom Seanachán ar an aoir a dhéanamh dos na cataibh, agus do rígh na gcat, go mór mór. "Athach ingneach" a thug sé ar Iorusán. Thug sé a lán eile ainmneach tarcuisneacha air. Thug sé "Fuidheall Doibhre" air. Dubhairt sé go raibh sínsear na gcat lá 'n-a chodladh ar bhruach locha agus go dtáinig an dobhrán, .i. an madra-uisge, amach as an loch, agus gur ith sé barr a dhá chluas de shínsear na gcat, agus gur b' shiné a bheir na cait go léir gearb-chluasach ó shin i leith. Chomáin sé leis ar an gcuma san, ag
tabhairt gach asacháin agus gach tarcuisne ba mheasa 'ná chéile do rígh na gcat, agus dos na cait go léir, mar gheall ar nár choisgeadar na luchaigh ar fhuidhleach Brighde d'ithe. Tháinig meanma na n-aoir san d'Iorusán agus é i n-uaimh Chnódhbha. Do labhair sé le n-a mhuintir. "D'aoir Seanachán mise" ar seisean. "Ní mór dom dul agus díoghaltas a dhéanamh air." "Dob' fhearr linn," arsa Reang Ghéar-fhiaclach, "go dtabharfá Seanachán chúghainn annso 'n-a bheathaidh, i dtreo go bhféadfaimís go léir díoghaltas a dhéanamh air." "Tá go maith, a laogh," arsa Iorusán. "Tabharfad chúghaibh 'n-a bheathaidh é. Beidh 'fhios aige annsan ce'cu is treise na h-aoir nó na cait," agus do ghluais sé. Do h-innseadh do Sheanachán go raibh Iorusán mac Arusáin, rí na gcat, ag teacht chuige chun é mharbhúghadh mar gheall ar na h-aoiribh. D'iarr Seanachán ar Ghuaire agus ar ríogradh Connacht teacht agus é chos- aint ar Iorusán. Tháinig Guaire agus ríogradh Connacht go léir, agus chuireadar Seanachán i lár baill eatartha istigh, agus do nocht gach fear a chlaidheamh. Bhíodar 'n-a seasamh ag feitheamh leis an námhaid. Ba ghearr gur airigheadar an brúth agus an fothram ag teacht 'n-a dtreó. Dar leó ba chuma an fothram san nó an bhúirtheacht a dhéanfadh "buinne teine mire mór- dhéine ag mear-losgadh." Annsan do chonnacadar Iorusán féin, agus ní misde a rádh ná gur chuir an radharc ag crith 'n-a gcroiceann iad. Bhí se níba mhó 'ná an tarbh ba mhó d'á bfeacadar riamh! Seo mar adeir an seanaleabhar: "Is amhlaidh boí-seom .i. Irusán agus é srón- mhael, santach, séidfeadhach, bailc, cearb-chluasach,
cliabh-leathan, ingin-ghéar, srón-bheárnach, géar-fhiaclach, garbh, guib-reamhar, taobh-leathan, fuascrach, fír- mhiscneach, mear, crónánach, crón-shúileach, agus sin mar a tháinig sé chúcha." Do bhuail sé tríotha isteach gan ionga ná fiacal do chur i n-aoinne acu. Do bhuaileadar é ach níor chuaidh faobhar ná rinn i bhfeidhm air. Níor dhein sé aon díoghbháil dóibh. Níor dhein sé ach bualadh tríotha, chómh maith agus ná beidís ann, go dtí go dtáinig sé mar a raibh Seanachán. Annsan níor dhein sé ach breith ar leath-láim ar Sheanachán, agus é chaitheamh chuige ar a mhuin, díreach mar a dhéanfadh an mada ruadh an gandal do chaitheam chuige ar a mhuin. Do ghluas sé amach arís, tríd an sluagh, díreach mar a tháinig sé tríotha isteach, gan aon tsuim a chur 'n-a n-airm, agus Seanachán ar a mhuin aige, díreach mar beadh an gandal ag an mada ruadh. Bhí iongnadh agus alltacht ar Ghuaire agus ar ríogradh Connacht nuair a chonnacadar Seanachán ag imtheacht ar ghualainn an chait, agus nár fhéadadar é chosaint. Annsan iseadh adubhairt gach aoinne go n-aoirfadh an Tromdháimh Guaire, agus ná féadfadh Marbhán féin é thabhairt saor, toisg nár chosain sé Seanachán ar an gcat. Caibidiol a fiche. Seanacháin agus Iorusán. Do ghluais Iorusán amach ó shlóightibh Connacht, agus Seanachán ar a mhuin aige, agus greim daingean aige ar leath-láimh air, díreach mar a bheadh greim ar sgrugal
ag an mada ruadh ar an gandal. Bhí a leithéid sin d'iongnadh agus d'uathbhás agus de sgannradh ar na slóightibh nár choruigh aoinne acu as an áit 'n-a raibh sé 'n-a sheasamh. Do sheasuigheadar annsúd ag féach- aint ar an radharc - an cat ag imtheacht agus Seanachán ar a mhuin aige, go dtí go raibh sé imthighthe as a radharc agus níor choruigh aoinne acu ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh san. Nuair a chonnaic Seanachán nár bh'aon mhaith dhó bheith ag brath ar Ghuaire ná ar shlóightibh Connacht chun é dh'fhuasgailt as an ngéibhinn 'n-a raibh sé, tharraing sé chuige seift eile. Chrom sé ar Iorusán do mholadh. "Ó," adeireadh sé, "nách cómhachtach an rí Iorusán! Níl beann aige ar Ghuaire ná ar shlóightibh líonmhara Connacht! Do mharbhóchadh sé féin, i n'aonar, Guaire agus a shlóighte go léir i n-aonfheacht!" Nuair a léimeadh Iorusán thar chlaidhe nó thar abhainn, "Ó," adeireadh Seanachán, "nách iongantach an léim atá ag Iorusán! Rí i gcómhacht iseadh Iorusán! León i neart iseadh Iorusán mac Arusáin. Is mó oineach Iorusáin 'ná oineach Ghuaire. Iorusán an oinigh! Ar ghrádh a oinigh iseadh do leogfidh uaidh mé!" Chomáin sé leis ar an gcuma san ag moladh agus ag plámás ar Iorusán, ach níor chuir Iorusán aon tsuim 'n-a mholadh ná 'n-a phlámás, ach comáint leis soir i dtreó Chnódhbha. Nuair a chonnaic Seanachán nár bh'aon mhaith dhó bheith ag plámás ná ag moladh do chuimh- nigh sé ar Dhia. "Adhraim-se Dia idir mé agus tú!" ar seisean. "Tá caillte ag Guaire agus ag slóightibh Connacht orm. Dia le m'anam! Dia le m'anam!" Do lean sé ag rádh an fhocail sin gan a thuilleadh cainte dhéanamh leis an gcat, 'á mholadh ná 'á cháineadh. Bhí an cat ag
cur na slighe soir de go tiugh, agus bhí a mhuintir thoir ag feitheamh leis go tnúthach, agus iad ag cuimhneamh ar an spórt a bheadh acu ag súgradh le Seanachán ar feadh tamaill sar a n-íosfaidís é, mar is gnáth le cat bheith ag súgradh le luichín. Chomáin Seanachán leis agus "Dia le m'anam! Dia le m'anam!" aige. Ghaibh an cat thar doras ceárdchan Chiaráin Naomhtha. Bí Ciarán sa cheárdchain ag obair. D'airigh sé an focal, "Dia le m'anam! Dia le m'anam!" D'fhéach sé amach. Chonnaic sé Iorusán agus an duine ar a mhuin aige. D'aithin sé Iorusán agus d'aithin sé Seanachán. "Ó! a chreach láidir é," ar seisean, "íosfaidh Iorusán an righ-ollamh agus aoirfar Guaire agus cad a dhéanfaimíd! Cad a dhéanfaimíd!" Do thárla go raibh caor iarainn i mbéal na teana- chaire aige ar dearg-lasadh. Níor dhein sé ach an tean- achair do chasadh agus an caor do chaitheamh leis an gcat. Ba dhíreach an t-urchar é! D'aimsigh sé an cat 'n-a thaobh, agus chuaidh an caor iarainn treasna tré n-a chabhail agus tré n-a chroidhe agus amach ar an dtaobh eile, agus do thuit Iorusán marbh. Do bhog an bás greim an chait de láimh Sheanacháin agus d'éirigh sé. Cad a dhein sé, ámh, chómh luath agus bhí sé éirighthe 'n-a sheasamh, buidh- eachas do ghabháil le Ciarán mar gheall ar é shaoradh ó'n gcat? Ní h-eadh i n-aon chor. Is amhlaidh a dhírigh sé ar spídiúchán go dian agus go fíochmhar agus go feargach ar an láimh a chaith an t-urchar san! "An é sin do bhuidheachas orm?" arsa Ciarán. "Isé sin díreach mo bhuidheachas ort!" arsa Seanachán. "Is neamhchúramach a bhís. Ba chirte dhuit go mór aire thabhairt dod' ghnó féin agus mise do sgaoileadh thort!"
Bhí iongnadh ar Chiarán. "Ní foláir, a rígh-ollamh," ar seisean, "nó tá cúis éigin agat leis an gcaint sin atá ráidhte agat. Bhís ag glaodhach go cruaidh ar Dhia nuair a chaitheas-sa an t-urchar a mhairbh Iorusán. Bhís 'ghá iarraidh ar Dhia thú dh'fhuasgailt ó'n mbás. Do stiúruigh Dia m'urchar-sa, agus fuasgladh thú. Cad eile a bhí uait?" "Bhíos ag glaodhach ar Dhia, ach ní chun mé dh'fhuas- gailt ó'n mbás é, ach chun m'anam do bhreith saor go flaitheamhnas. Ní raibh aon lorg agam ar dhul ó'n mbás. B'fhearr liom go mór go n-íosfadh an cat mé, mar annsan d'aoirfadh an Tromdháimh Guaire, agus chuirfeadh san deireadh le h-oineach Ghuaire. Siné a bhí uaim. Do chuiris-se ar neamhnídh an rud a bhí uaim, agus nár chúitighthear do shaothar leat!" arsa Seanachán. Do sgaradar. Tháinig Seanachán abhaile go dtí an Tromdháimh. Bhí Guaire agus uaisle Connacht, agus a slóighte, roimis san áit 'n-ar fhág sé iad nuair a rug Iorusán chun siubhail uatha é. Bhí áthas mór ortha nuair a chonnacadar ag teacht é. Chuireadar liúgh suas ag fáiltiúghadh roimis. Tháinig Guaire agus na h-uaisle chuige chun labhartha leis, agus chun é phógadh, agus chun a fhiafraighe conus fhéad sé teacht saor ó'n gcat. Níor dhein sé ach féachaint ortha go feargach agus imtheacht isteach gan oiread agus focal do labhairt le h-aoinne acu.
Caibidiol a h-aon a's fiche. Cuaird Mharbháin. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis sa Tromdháimh ar feadh tamaill mhaith. Níor tháinig aon mhian eile d'fhear ná do mhnaoi acu. Bhíodar go léir go dícheallach, gach aoinne ag tabhairt aireachais d'á dhán féin agus d'á ghnó féin, gan cur isteach ná cur amach a dhéanamh ar dhán ná ar ghnó aoinne eile. An uile shaghas ruda a bhíodh i n-easnamh ortha, bhíodh Guaire 'á chur ag triall ortha, i dtreó, an rud a bhíodh uatha go mbíodh sé tag- aithe chúcha sar a mothuíghdís uatha é. Thagadh Guaire féin gach maidion agus an cheist chéadna úd aige .i. "Conus atáthar annso indiu ag an muintir mhóir mhaith seo?" Ní h-innstí dhó, 'ghá fhreagra, go mbíodh mian ná mór-dhúil tagaithe d'aoinne, ach do h-innstí dhó go mbíodh gach nídh 'n-a cheart agus an uile dhuine sásta. Tar éis roinnt mhaith aimsire bheith caithte acu go léir ar an gcuma san, tháinig machtnamh do Mharbhán i nGleann an Sgáil. "Seadh!" ar seisean i n'aigne féin, "is mithid dom dul agus an torc fionn do dhíoghailt ar an dTromdháimh seo, fé mar a gheallas." Do ghluais sé agus tháinig sé fé dhéin teaghlaigh na Tromdháimhe. Níor bh'é an bóthar díreach a tháinig sé. Tháinig sé cómhgar éigin nár ghnáth le daoine teacht. Thug sé treó air féin a chimeádfadh é gan Guaire 'ghá fheisgint ag teacht. Dá bhfeiceadh Guaire ag teacht é, agus go mbeadh 'fhios aige cad é an fuadar a bhí féi, do chuirfeadh sé cosg leis an ndíoghaltas. Nuair a tháinig Marbhán i gcómhgar do thigh na Tromdháimhe
chonnaic sé cuid des na mnáibh uaisle ag tobar a bhí ann, agus iad ag nighe a lámh. Do labhair sé leó: "Dia 's Muire dhaoibh, a mhná uaisle," ar seisean. "Dia 's Muire dhuit agus Pádraig, a dhuine mhac- ánta," arsa bean acu, agus dob' í bean í ná Méibh, inghean Sheanacháin. "Ar bh'é bhúr dtoil a dh'innsint dom cá bhfuil teagh- lach na Tromdháimhe?" arsa Marbhán. "Ochón!" arsa Méibh, "airiú, a dhuine mhacánta,'' ar sisi, "cad é an dúthaigh iasachta as a bhfuilir tagaithe!" "Níor thánag ó aon dúthaigh iasachta, a bhean-uasal," ar seisean. "I gcómhgar na h-áite seo do rugadh agus do tógadh mé." "Má 'seadh," ar sisi, "ní foláir nó is i n-áit éigin uaigneach atá cómhnuidhe ort, tréas ná fuil 'fhios agat ca bhfuil tigh na Tromdháimhe. Níor mheasas go bhféad- fadh aoinne bheith puínn aimsire 'n-a chómhnuidhe sa tír seo gan 'fhios a bheith aige cá bhfuil tigh na Tromdháimhe, agus aithne ar an dTromdháimh féin agus ar a ngnóthaíbh móra léighinn agus ealadhan." "Muicidheacht iseadh mo dhán-sa, a bhean-uasal," arsa Marbhán, "agus ní fhágaim an baile ach go h-annamh. D'airigheas go dtugann an Tromdháimh a rogha ealadha do'n t-é a thagann a d'iarraidh ealadhan ortha, agus thánag féin chun a dh'iarraidh ortha roinnt ealadhan do thabhairt dom." "Is fíor," arsa Méibh, "go dtugann an Tromdháimh a rogha ealadha do'n té a thagann 'ghá iarraidh ortha, ach is ar choinghill é." "Cad é an coinghioll, a bhean-uasal?" arsa Marbhán. "Ní foláir dó," ar sisi, "gaol nó cómhgas éigin a bheith aige le h-éigsibh nó le lucht ealadhan."
"Tá san agam-sa, a bhean-uasal," arsa Marbhán. "Conus san?" ar sisi. "Tá giolla agam," ar seisean, "agus inghean mic inghíne file ab eadh seana-mháthair a mhná." "Seana-mháthair mná do ghiolla inghean mic inghíne file dob eadh í!" arsa Méibh "Dar fiadh, a mhic ó," ar sisi, "is fada amach go leór an gaol é. Ach, is dócha go gcaithfead é dh'admháil. Tá sé 'n-a ghaol agus 'n-a chómhgas agat, ach ní'l cuid agat-sa de'n ghaol ná de'n chómhgas. Is led' ghiolla a bhaineann sé idir ghaol agus cómhgas." "Ach is liom-sa an giolla," arsa Marbhán. "Tá go maith," arsa Méibh. "Téanam," ar sisi, "agus taisbeánfad an teaghlach duit." Thaisbeáin sí an teaghlach dó. Lá fuar sgaloídeach ab eadh é. Bhí cheithre dóirse ar an dtigh; dorus ag féachaint ó-thuaidh, agus dorus ag féachaint ó-dheas; dorus ag féachaint soir, agus dorus ag féachaint siar. Adtuaidh a bhí an ghaoth an lá san, agus bhí na dóirse go léir dúnta ach an dorus a bhí ag féachaint ó-dheas. Ní h-ar an ndorus a bhí ar osgailt a thug Marbhán aghaidh, ámhthach; ná ar aon cheann eile acu, ach ar an dorus a bhí ag féachaint ó-thuaidh. D'osgail sé an dorus san, agus má dhein do shéid an ghaoth, 'n-a lán neart, an dorus isteach; i dtreó gur chuir sí brat Mharbháin féin suas timcheall a chinn, agus gur ghluais sí mór-thimcheall an tighe, agusgur chuir sí fionachrith fhuachta ar an uile dhuine d'á raibh istigh. Phreabadar go léir 'n-a suidhe. "Ó!" arsa Seanachán, "cé h-é seo a tháinig chúgh- ainn i n-aghaidh na gaoithe!" "Sin caint gan chiall," arsa Marbhán. "Ní h-i n-aghaidh na gaoithe a thánag-sa ach leis an ngaoith. Isí an ghaoth do shéid annso isteach mé."
"Is deis-bhéalach an duine thú!" arsa Seanachán. "Do réir mar a dh'airighim," arsa Marbhán, "ní bheadh aon ghnó ag duine ná beadh deis-bhéalach go maith ag teacht annso." "Agus ar airighis cad d'imthigheann ar an t-é a thagann annso agus a bhíonn ró-dheis-bhéalach?" arsa Seanachán. "D'airigheas go dtugtar a sháith deis-bhéalaighe dó," arsa Marbhán. "Tugtar agus breis," arsa Seanachán. "Thaisbeánfadh san go bhfuil muintir an tighe seo ró-dheis-bhéalach," arsa Marbhán. "Cár ghabhais chúghainn?" arsa Seanachán. "Thánag aniar-adtuaidh oraibh," arsa Marbhán. "Thugais mórán gaoithe leat," arsa Seanachán. "Ní bhfuaras-sa aon phioc d'á duadh chun í thabhairt liom," arsa Marbhán. "Conus san?" arsa Seanachán. "Tháinig sí uaithi féin," arsa Marbhán. "Ochón!" arsa Seanachán, "ag dul i ngéire ataoi!" "Tá an chloch go maith," arsa Marbhán. "Cad í an chloch?" arsa Seanachán. "An chloch atá ag cur an fhaobhair orm," arsa Marbhán. "Agus cad í an chloch atá ag cur an fhaobhair ort?" arsa Seanachán. "Tusa," arsa Marbhán. "Mise! Ó tuigim," arsa Seanachán. "Má's cloch fhaobhair mé, an bhfuil 'fhios agat gur féidir dom faobhar do mhaolúghadh, leis?" "Ní deirim," arsa Marbhán, "ná gur fearr tú chun faobhair a bhaint anuas 'ná chun faobhair a chur suas."
"Nach eól duit, an chloch is fearr chun faobhair do chaolúghadh gur b'í is fearr chun faobhair do mhaol- úghadh?" arsa Seanachán. "Dhéanfadh aon tsaghas cloiche faobhar do mhaolúghadh," arsa Marbhán. "Measaim gur chun aighnis a dhéanamh a tháinís annso, agus gur ar an intinn sin a leogais isteach oiread gaoite," arsa Seanachán. "Ní mise do leog an ghaoth isteach, ach is í an ghaoth do leog mise isteach. D'osgail sí an dorus dom agus chomáin sí isteach mé. Ba dhóich le duine uirthi go mba lei féin an tigh seo. Má's leis an ngaoith an tigh, nách mór an iongnadh nách "Tigh na Gaoithe, atá mar ainm ar an dtigh? "Tigh na Tromdháimhe,' ainm an tighe. Measaim gur chirte mar ainm air "Tigh na Mór- ghaoithe,'" arsa Marbhán. "Ní mise atá ag cur an fhaobhair anois ort," arsa Seanachán. "Tú féin nó an ghaoth," arsa Marbhán, "is cuma cé'cu." "An chun aighnis a tháinís?" arsa Seanachán. "Iseadh má tá aoinne ábalta ar aighneas a dhéanamh liom," arsa Marbhán. "An bhfuil 'fhios agat cad é an chéad rud riamh a chuir aighneas ar siubhal?" arsa Seanachán. "Deir a lán gur "dhá ghé" é. Deir a lán eile gur "cad a cham srón Firín?" é. Ní h-aon taobh acu san é. Na cnóa seasga isiad do chuir ar siubhal an chéad choímhsgar riamh," arsa Marbhán. "Cad é an coímhsgar a chuir an dá ghé ar siubhal?" arsa Seanachán. "Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thigh an tsagairt. Chonnacadar dhá éan ar pháirc.
"Is breágh an dá ghé iad san," arsan bhean. "Ní'l ann ach aon ghé amháin," arsan fear. "Deirim-se go bhfuil dhá ghé ann," arsan bhean. "Ní'l, go deimhin, ach aon ghé amháin," arsan fear. Do leanadar ag áiteamh ar a chéile. Do chaith an bhean í féin ar an mbóthar. "Éirigh," arsan fear, "agus téanam ort abhaile." "An bhfuil an dhá ghé ann?" ar sisi. "Ní'l," ar seisean, "ach aon ghé amháin." Dhún sí a súil, agus do leog sí uirthi bheith marbh. D'imthigh seisean agus thug sé leis a h-athair agus a máthair. Do rugadh abhaile an corp, mar dh'eadh. Tháinig na cómharsain chun an tórraimh. Amach san oidhche tháinig an fear ós cionn an chuirp ag gol, mar dh'eadh. Thug sé cogar di. "Éirigh as san," ar seisean, "agus bíodh ciall agat!" "An bhfuil an dá ghé ann?" ar sisi. "Ní'l," ar seisean, "ach aon ghé amháin." D'fhan sí mar a raibh aici. Ghluais an tsochraid ar maidin. Do tángathas chun na roilge. Bhí an uaigh ar leathadh. Do léigh an sagart na paidreacha. Do cuireadh an chómhra síos san uaigh. Do caitheadh sluasad cré anuas ar an gcómhrainn. Do sgread an bhean. - "A Thaidhg! a Thaidhg!" ar sisi, "leog amach as so me! Ní'l ann ach aon ghé amháin nó dhá ghé, pé 'cu is maith leat-sa! "Do rith na daoine as an roilig. D'osgail an fear an chómhra. Thóg sé aníos an bhean agus í leath-mhúchta. Chuir sí cúpla fantais di. Tháinig sí chúichi féin. Thugadar aghaidh ar an mbaile. Ba ghearr go bhfeacadar ar an bpáirc chéadna an dá ghé chéadna. "Féach, a Thaidhg!" ar sisi, "ach is cuma liom. Ó
deirir-se ná fuil ann ach aon ghé amháin, deirim-se ná fuil ann ach aon ghé amháin." "Aon ghé amháin," ar seisean - "agus aon ghandal amháin." "Ó - Ó - Ó!" ar sisi. Agus ó'n lá san go lá a báis níor labhair sé focal nár ghéill sí dhó ann, pé 'cu bhí an ceart aige nó ná raibh." "Níor dhein an "dá ghé" puínn díoghbhála. Is mó an tairbhthe 'ná an díoghbháil a dheineadar. Cad é an coímhsgar a dhein "srón Firín"?" arsa Seanachán. "Beirt seana-bhan a bhí 'n-a gcómhnuidhe i dhá mbothán bheaga i n-aice 'chéile, agus Méibhín ab ainm do mhnaoi acu, agus Murainn do'n mhnaoi eile. Dhein Murainn rud éigin nár thaithn le Méibh. Cheap Méibhín é agairt uirthi. Thagadh Méibhín isteach ag triall ar Mhurainn go minic, cun bheith ag caint. Théidheadh Murainn go minic isteach ag triall ar Mhéibhín ar an intinn gcéadna. Bhí maidirín ag Méibh, agus Firín ab ainm dó. Nuair a thagadh Méibh isteach i mbothán Mhurainn, thagadh Firín le n-a cois. Annsan bhíodh Méibh ar thaobh de'n teine, agus Murainn ar an dtaobh eile, agus Firín eatartha 'n-a shuidhe ar lic an tínteáin 'ghá ghoradh féin. Lá, nuair a bhí an fhearg ar Mhéibhín, tháinig sí féin agus Firín isteach i dtigh Mhurainn. Do shuidh sí chun na teine ar aghaidh Mhurainn anonn, agus do shuidh Firín ar an lic ar aghaidh na teine amach. Bhí Méibh ag cur 's ag chúiteamh 'n-a h-aigne féachaint conus a thosnóchadh sí an t-aighneas. Fé dheireadh d'fhéach sí ar shróin an mhaidirín, agus thug sí fé ndeara go raibh an tsrón cam. "A Mhurainn!" ar sisi. "Teacht, a Mhéibh arsa Murainn.
"Cad a cham srón Firín?" arsa Méibh. D'fhéach Murainn ar an sróin. "Ní caime anois a shrón 'ná mar a bhí sí aon lá riamh aige," ar sisi. "Deirim-se go dtugais d'éitheach!" arsa Méibh. "Deirim-se go dtugais-se t'éitheach!" arsa Murainn, "agus tú is fearr chuige!" Siúd i gcochall a chéile iad, ag sgreadaigh, agus Firín ag amhstaraigh. Tháinig bean isteach. Ghaibh sí páirt le duine acu. Tháinig bean eile isteach. Ghaibh sí páirt leis an mnaoi eile. Bhailigh na cómharsain go léir isteach. Gach duine, fé mar a thagadh, ghabhadh sé páirt le duine éigin de'n bheirt. Ba ghearr go raibh an baile go léir sáidhte sa choímhsgar ; leath na ndaoine. ar thaobh Mhurainn, agus an leath eile ar thaobh Mhéibhín. Tar éis roinnt aimsire bhí an pharóiste go léir sáidhte sa bhruighin. Do lean an coímhsgar. Ní thagadh aonach ná margadh gan an dá thaobh ann ag éirghe chun a chéile, ag marbhadh a chéile. Annsan, nuair fhiafraigheadh duine iasachta éigin cad fé ndeár an bhruighean, "Cad a cham srón Firín" a tugtí mar fhreagra air." "Conus do stad an troid?" arsa Seanachán. "Tá an troid ar siubhal fós, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Agus," ar seisean, "tá an cheist chéadna d'á cur fós, agus an freagra céadna d'á thabhairt uirthi, .i. "Cad fé ndeár an t-achrann?" "Cad a cham srón Firín?" "Níor bh'é Firín a dhein an chéad aighneas riamh," arsa Seanachán. "Níor bh'é, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Cnódha seasga do dhein an chéad toirmeasg riamh." "An bhfuil 'fhios agat-sa conus a dheineadar an toirmeasg?" arsa Seanachán.
"Tá 'fhios, a rí," arsa Marbhán. "Do throid beirt mar gheall ar na cnóibh. Do mhairbh an bheirt a chéile. Ar ball, nuair a h-osgaladh na cnódha do fuaradh folamh iad. Ní raibh ionnta ach na plaoisg. Cnódha seasga ab eadh iad. Annsan dubhairt gach aoinne gur bhaoth an gnó do'n bheirt a chéile do mharbhúghadh mar gheall ar chnóibh seasga." "Is fíor do chaint," arsa Seanachán, "agus meas- aim go bhfuil 'fhios agam-sa um an dtaca so ce h-é thú. An tú Marbhán Muicidhe, Priomh-fháidh neamha agus talmhan?" "Is mé cheana, a rígh-ollamh" arsa Marbhán. "Céad míle fáilte rómhat!" arsa Seanachán. Tháinig an Tromdháimh go léir, agus chuireadar na mílte fáilte roimh Marbhán. Nuair a bhí an méid sin déanta do labhair Marbhán. "A rígh-ollamh agus a uaisle na Tromdháimhe," ar seisean. "D'airigheas go dtugann sibhse a rogha ealadha do'n t-é a thagann agus d'iarrann oraibh é." "Tugaimíd, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "ach is ar aon choinghioll amháin é." "Cad é an coinghioll é sin, a rígh-ollamh?" arsa Marbhán. "Ní foláir dó," arsa Seanachán, "a ghaol nó a charadradh do bheith le h-ealadhain." "Tá mo charadradh-sa le h-ealadhain, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Conus san, a Phríomh-fháidh?" arsa Seanachán. "Iar-ua file ab eadh seana-mháthair mná mo ghiolla," arsa Marbhán. "Tá gaol agus cómhgas ann," arsa Seanachán, "ach táid siad araon fada amach go leór. Sé glúine gaoil, agus aon ghlúin amháin cómhgais, agus gan cuid
agat-sa de'n ghaol ná de'n chómhgas. Is led ghiolla iad araon, idir ghaol agus cómhgas." "Ach is liom-sa an giolla, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Is fíor," arsa Seanachán, "ach is cuma san. Ní foláir do'n Tromdháimh do rogha ealadha thabhairt duit-se, a Phríomh-fháidh, ded' bhíthin féin, gan bac do ghaol ná do chómhgas ná do charadradh. Iarr do rogha ealadha agus gheóbhair í." "Ba mhaith liom, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "go ndéanfadh an Tromdháimh seo mo sháith crónáin dom." "Déanfar san duit," arsa Seanachán. Caibidiol a dó a's fiche. Díoghaltas Mharbháin. "Nár chóir, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "gur bh'fhearr leat ealadha éigin a bheadh níb' fhearr 'ná crónán a dh'fhághail uainn? D'fhéadfaimís a lán ceólta thabhairt duit, a lán filidheachta, agus sgéal- aidheacht, agus greann, agus sult, agus cantainn cliaraidheachta do thógfadh an ceó ded' chroidhe. Iarr rud éigin is fearr 'ná crónán, a Phríomhfháidh." "Is amhlaidh mar atá an sgéal agam, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "ó thráchtais ar cheó do thógaint de chroidhe dhuine, tá ceó ar mo chroidhe-se anois le tamall maith, agus ní féidir liom teacht ar aon nídh do thógfadh dem' chroidhe é. Bhí nídh agam tamall ó shoin a thógadh
an ceó dem' chroidhe, agus is le crónán a dheineadh sé é. Thagadh an ceó ar mo chroidhe go minic agus go trom. Annsan do déintí an crónán dom, agus do thógadh an crónán san an ceó dem' chroidhe. Do baineadh díom sás an chrónáin sin a dhéanamh. Do fágadh gan crónán mé. Do fágadh mé gan sás an chrónáin a dhéanamh dom; gan sás an cheóidh a bhaint dem' chroidhe. Do h-innseadh dom go ndéanfadh an Tromdháimh seo do dhuine aon ealadha ba mhaith leis a dh'iarraidh ortha dhéanamh. Do shocaruigheas ar theacht agus ar a iarraidh ar an dTromdáimh mo sháith crónáin a dhéanamh dom, féachaint a dtógfadh sé an ceó dem' chroidhe. Táim anois 'ghá iarraidh oraibh-se, a uaisle ealadhanta na Tromdháimhe seo, mo sháith crónáin a dhéanamh dom." "Tá go maith, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán. "Ní'l ealadha is usa do'n Tromdháimh seo a dhéanamh duit 'ná crónán ; agus ó isé an crónán an ealadha is usa dhóibh a dhéanamh, measaim-se gurab é is lúgha is gann dóibh do sháith de sin a dhéanamh duit. An 'mó duine ba mhaith leat bheith ag déanamh an chrónáin duit, a Phríomh-fháidh." "D'á mhéid daoine a bheidh 'á dhéanamh, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "iseadh is saidhbhre agus is ceolmhaire bheidh sé, agus iseadh is túisge thógfaidh sé an ceó dem' chroidhe, is dócha." "Tugtar annso na crónánuidhthe," arsa Seanachán. Do tugadh ann iad. Trí naonbhair aca a bhí ann. Bhí dhá shaghas crónáin ar eólus acu, ceart-chrónán agus crónan snagach. "Cé'cu an ceart-chrónán nó an crónán snagach ba mhaith leat a déanfí dhuit, a Phríomh-fháidh?" arsa Seanachán.
"An crónán snagach isé is maith liom a déanfí dhom, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "mar isé a déintí dhom sar ar baineadh díom sás a dhéanta." Isé cúis, ámhthach, 'n-ar thogh Marbhán an crónán snagach, mar b'é ba dheacra a dhéanamh, agus b'é ba dhéine ar an sgórnaigh; agus bhí Marbhán ceapaithe ar thinneas do chur ins na sgórnachaibh acu. Do cuireadh Marbhán 'n-a shuidhe ar chathaoir, agus do shuidh na crónánuidhthe, na trí naonbhair díobh, ar a aghaidh amach. Do thosnuigh an crónán. Do dhún Marbhán a dhá shúil, agus do leog sé siar a cheann, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcrónán i dtreó gur dhóich le duine nár airigh sé riamh ceól ba bhreághtha 'ná é. Bhí an dórd chómh breágh, chómh bog, chómh suairc sin gur dheacair d'aoinne éisteacht abhfad leis gan tuitim 'n-a chodladh. Bhí a shúile dúnta ag Marbhán, agus é ag glacadh suaircis an chrónáin. Cheap na crónánuidhthe gur 'n-a chodladh dáiríribh a bhí sé. Do stadadar. Do léim sé 'n-a sheasamh: "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean, go tur. Do chomáineadar leo arís. D'fhéach sé 'n-a thimcheall ortha féachaint a' rabhadar go léir ag déanamh an chrónáin. Bhíodar. Do shuidh sé arís, agus dhún sé a shúile ag éisteacht leis an gcrónán, agus ag glacadh an tsuaircis agus an aoibhnis, dar leis. Mhothuigh sé an dórd ag lagúghadh. D'osgail sé a shúile. Bhí cuid aca 'n-a stad, agus a lámha le n-a sgórnachaibh acu, agus uisge le n-a súilibh. "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean, fé mar a gealladh dom!" B'éigean dóibh cur chuige arís, bíodh go raibh na sgórnaighe d'á mbriseadh acu, agus a nglór ag teip
ortha. Chomáineadar leó ar feadh tamaill eile agus iad leath-thachtaithe, agus Marbhán ag éisteacht leó agus a dhá shúil dúnta ; agus a fhios acu go maith nách 'n-a chodladh a bhí sé, ach 'n-a lán-dhúiseacht, agus é ag faire ortha féachaint an stadfaidís de'n chrónán. Fé dheireadh do chuir duine acu casachtach as D'osgail Marbhán a shúile, agus d'fhéach sé ar an bhfear san a dhein an chasachtach. "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean. B'éigin do'n fhear san díriúghadh ar an gcrónán arís, agus is amhlaidh a bhíodh gach re snag crónáin aige agus gach re snap casachtaighe, agus sgannradh air le h-eagla go labharfadh Marbhán arís. Do lean an obair ar an gcuma san go dtí go raibh oiread casachtaighe ar siubhal agus a bhí de chrónán 'á dhéanamh, agus go raibh cuid des na crónánuidhthibh gan aon ghuth i n-aon chor acu, agus nách cronán ceart ná snagach a bhí acu 'á dhéanamh, ach gaoth gan fuaim gan guth, ag teacht as na sgórnachaibh acu. Bhí Marbhán 'n-a shuidhe agus é ar a shuaimhneas agus a dhá shúil dúnta aige agus é ag éisteacht leis an gceól, agus é ag machtnamh i n' aigne ar an gcruadhchás 'n-a raibh na crónánuidhthe aige. Do réir na dlighe bhí sé ceangailte ortha a rogha ealadha thabhairt dó. B'é an crónán a rogha ealadha. D'iarr sé ortha a sháith crónáin a thabhairt dó. Dá dteipeadh san ortha bheadh Seanachán agus an Tromdháimh i bpúnc ag Marbhán, i bpúnc a bheadh chómh cruadh díreach agus bheadh an púnc 'n-a mbeadh Guaire acu-san dá dteipeadh air- sean aon cheann des na miantaibh úd do sholáthar dóibh. Thuig na crónánuidhthe an méid sin go h-áluinn. D'á bhrígh sin do shocaruigheadar a n-aigne chun gan cailleamhaint ar an gcrónán do thabhairt uatha dá gcaillidís an t-anam leis. Chomáineadar leo ag
déanamh an chrónáin, agus 'ghá ghlacadh chómh réidh agus ab fhéidir é, agus iad ag brath, i n-aghaidh an neómait, ar go ndéarfadh Marbhán leó stad mar go raibh a sháith fághalta aige. Ní baoghal go ndubhairt. Ní chuige sin a bhí sé. Bhí trí saghas ceóil aige ar ball. Bhí crónán aige, agus é ag lagúghadh. Bhí casachtach ar siubhal, agus í ag neartúghadh. Agus bhí feaduíol gaoithe ar siubhal, agus í ag neartúghadh go mór. Nuair a mheasadh Marbhán go mbíodh na crónánuidhthe ag cuimhneamh ar stad, d'osgaladh sé a shúile agus d'fhéachadh sé 'n-a thimcheall ortha agus "Deintear mo sháith crónáin dom!" adeireadh sé. Fé dheireadh ní raibh aon chrónán i n-aon chor d'á dhéanamh, ach casachtach agus feaduíol ar fad. D'osgail Marbhán a shúile. "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean, go h-árd agus go feargach. Tháinig Seanachán isteach. "Táid siad so buailte amach, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Tógfad uait iad agus cuirfead chúghat isteach annso crónánuidhthe neamh-thuirseacha." "Tá go maith, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Is cuma liom-sa ach go ndéanfar mo sháith crónáin dom, fé mar a gealladh dom agus fé mar atá ceangailte ar an dTromdháimh seo a dhéanamh dom." "Déanfar san duit, a Phriomh-fháidh, go macánta," arsa Seanachán. Do tugadh isteach cualacht eile crónánuidhthe a bhí neamh-thuirseach. Ní raibh ann, ámhthach, ach aon naonbhar amháin díobh. Do cuireadh 'n-a suidhe iad mar a raibh na trí naonbhair a tuirsigheadh agus a bhí imthighthe amach. Do thosnuigh an t-aon naonbhar amháin sin ar an gcrónán do dhéanamh. Thosnuigheadar go breágh réidh. Níor chuireadar puínn nirt cléibh leis an bhfuaim
i dtreó go mba shiade a sheasóchadh a nglór. D'fhéach Marbhán sa timcheall ortha. Thuig sé an nídh a bhí ar aigne acu agus chuir sé gáire beag as. "Caoira mhór an t-uan abhfad," ar seisean. Dhún sé a shúile agus do leog sé siar a cheann, mar a dhein sé i dtosach na h-oibre, ag glacadh an aoibhnis mar 'dh'eadh. Do lean an crónán. Níor bh'fhada gur thuig cuid de sna crónánuidhthe, dar leo, go raibh an snag, sa chrónan íseal, níba chruadha ar an sgórnaigh 'ná mar a beadh sé dá gcurtaí roinnt nirt cléibh leis an nguth. Do neartuigheadar é. D'osgail Marbhán a shúile. "Is maith é sin!" ar seisean. "Is ana mhaith e sin! Deintear mo sháith dhe sin dom." Tar éis roinnt aimsire dhein duine des na crón- ánuidhthe casachtach. Bhí sé tamall maith a d'iarraidh na casachtaighe do chosg. Isé rud a tháinig as san dó ná go dtáinig an chasachtach d'á aimhdheóin, agus nuair a bhris sí amach air d'á aimhdheóin gur theip air stad di. Chuir duine eile acu sraedh as, agus d'imthigh an cleas céadna air. Do choisg sé an tsraedh an fhaid ab fhéidir dó í chosg. Annsan, nuair á tháinig sí d'á aimhdheóin ní fhéadfadh sé stad i n-aon chor ach ag sraethartaigh, agus é ag lúbadh le gach sraedh, i dtreó gur dóich le duine go dtuitfeadh an t-anam as. Ba ghearr gur chuir duine eile sraedh as, agus gur dhein duine eile casachtach. Neithe tógálacha iseadh sraeth- artach agus casachtach. Fé dheireadh bhíodar go léir ag sraethartaigh nó ag casachtaigh, agus gan aoinne ag déanamh an chrónáin. D'osgail Marbhán a shúile agus d'fhéach sé 'n-a thimcheall ortha. "Aililiú!" ar seisean. "Airiú cad é an saghas ealadhan é sin atá ar siubhal agaibh anois! Casachtach agus sraetharthach!" (Do neartuigh ar an gcasachtaigh
agus ar an sraethartaigh.) "Fágaim le h-udhacht," arsa Marbhán, "gur dóich liom go bhfuil an chraobh agaibh san ealadhain sin. Ní casachtach ná sraeth- artach atá uaim-se, ámhthach, ach crónán snagach! Dein- tear mo sháith crónáin dom, fé mar a gheall Seanachán agus an Tromdháimh seo dhom!" Caibidiol a trí a's fiche. Daol Duileadh agus Casmhaol Cruitire. Tháinig Seanachán isteach. "Cad é seo oraibh, a Phríomh-fháidh?" ar seisean. "Do gealladh dom go ndéanfí mo sháith crónáin dom, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "agus ní'ltear 'á dhéanamh dom." "Thángadar so annso, a Phríomh-fháidh chun an chrónáin a dhéanamh duit, agus is mór an iongnadh liom gan iad a bheith 'ghá dhéanamh," arsa Seanachán. "Táimíd ag déanamh ár ndíchill!" arsa duine des na crónánuidhthibh, agus níor labhair se ach i gcogar mar bhí a ghlór imthighthe. "Is fearr iad a bhreith leat amach, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "agus daoine do chur chúgham annso a bheidh ábalta ar chrónán a dhéanamh dom. Tá fhiachaint ar an dTromdháimh seo mo sháith crónáin a dhéanamh dómh-sa, agus ní foláir dóibh é dhéanamh dom. B'éigean do'n rígh, do Ghuaire, na mianta úd do sholáthar do gach duine sa Tromdháimh 'n-a dtagadh mian dó. Do
soláthruigheadh na mianta go léir. Ní féidir do'n Tromdháimh a rádh gur fágadh mian aon duine acu gan sásamh. Tá fhiachaint ar an dTromdháimh a rogha ealadha a dhéanamh do'n t-é a thagann 'ghá iarraidh ortha. Má chailleann an Tromdháimh ar an ndualgas san tá deireadh le n-a réim, deireadh le n-a gclú, agus le n-a gcáil, ós cómhair fear Éireann. "Ní caillfear ar an ndualgas san, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "ach ealadha ana dheacair le déanamh ar feadh abhfad iseadh crónán, go mór mór crónán snagach. Na trí naonbhair úd a bhí annso ar dtúis ag déanamh an chrónáin sin duit, táid siad go léir 'n-a luighe anois agus iad tinn, breóidhte go maith. 'Sé mo thuairim go bhfuil cuid acu ná déanfaidh aon tsaghas crónáin a thuilleadh an dá lá 's an fhaid a mhair- fid siad. Tá cnuic ins na sgórnachaibh ag cuid acu agus tá rud éigin i bhfuirm leicinighe ar chuid acu. Tá beirt nó triúr acu agus is eagal liom ná cuirfidh siad dhíobh an saghas breóidhteachta atá ortha. Is eagal liom go dtiocfaidh sé chun éagcruais do chuid acu, slán beó mar a n-innstear é!" "Is fíor, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "go bhfuil crónán snagach deacair a dhéanamh. Ní dóich liom-sa, ámhthach, go bhfuil sé chómh deacair a dhéanamh agus atá sé peata cuaiche do chur ag ceileabhradh ar ghéig idir dhá Nodlaig." "Bíodh an crónán deacair a dhéanamh nó ná bhíodh, a Phríomh-fháidh, ní folái ré dhéanamh duit-se go dtí go mbeidh do sháith agat de." An fhaid a bhí an chaint sin ar siubhal tháinig duine de'n Tromdháimh isteach. "Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," arsan fear a tháinig.
"Cé h-é thusa, led' thoil?" arsa Marbhán. "Ollamh Laighean mise, a Phríomh-fháidh," arsan fear, "agus Daol Duileadh is ainim dom." "Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom, a Dhaoil," arsa Marbhán. "Ceastamhnach maith iseadh mé," arsa Daol. "Táim-se féin maith go leór ar an gcéird sin," arsa Marbhán. "Cuirfead ceist chúghat-sa anois má's maith leat é." "Cuir chúgham í, a Phríomh-fháidh," arsa Daol. "Innis dom, a Dhaoil," arsa Marbhán, "cad é an nídh a fuair duine ar talamh agus ná fuair Dia?" "Ní mheasaim," arsa Daol, "go bhfuil aon nídh ar talamh a fuair duine agus ná fuair Dia, óir isé Dia féin do chruthuigh gach nídh d'á bhfuil ar neamh agus ar talamh." "Is fíor, a Dhaoil," arsa Marbhán, "gur b'é Dia do chruthuigh gach nídh d'á bhfuil ar neamh agus ar talamh, ach mar sin féin do fuair duine nídh ar talamh ná fuair Dia." "Cad é an nídh é, a Phríomh-fháidh?" arsa Daol agus iongnadh air. "A sháith de thighearna, a Dhaoil," arsa Marbhán. "Ní'l aon duine, a Dhaoil," ar seisean, "olc ná maith, íseal ná uasal, ná fuair a sháith de thighearna i nduine éigin eile, nó mura bhfuair sé a sháith de thighearna i nduine ní baoghal ná go bhfuair sé a sháith de thighearna i nDia féin, (moladh go deó leis!), agus ní bhfuair Dia riamh a sháith de thighearna, ar neamh ná ar talamh, óir isé Dia Tighearna na dtighearnaí go léir." "Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsa Daol. "Ná cuir orm agus ní chuirfead ort a thuilleadh."
"Ní chuirfead, cheana," arsa Marbhán, "ach deintear mo sháith crónáin dom." "Ba mhaith liom-sa ceist do chur chúghat, a Phríomh- fháidh," arsa duine eile. "Cuir í," arsa Marbhán. "Cad é an beithidheach, a Phríomh-fháidh," arsan fear, "gur b'é a bheatha é chur sa teine, agus gur b'é a los- gadh é bhaint as an dteine?" "Salamandar ainm an bheithidhigh sin anois, a fhir mhaith," arsa Marbhan, "agus Tegillus an chéad ainm a bhí air." "Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsan fear san, "ná cuir orm agus ní chuirfead ort a thuilleadh." Do labhair duine sa Tromdháimh. Duine dob' eadh é a mheas go bhféadfadh sé rud a dhéanamh ná féadfadh Marbhán aon locht d'fhághail air. Cruitire dob' eadh é agus cheap sé nár bhféidir do dhuine a bhí, ba dhóich leis, gan eólus ar chruitireacht, locht d'fhághail ar an gcuma 'n-a ndéanfí an chruitireacht. "Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom," arsa Marbhán, "agus cé h-é thú?" "Ollamh maith is eadh mé, ar mo chéird féin, ag Seanachán," arsan fear, "agus Casmhaol Cruitire is ainm dom." "Má tá eólus chómh maith agus adeirir agat ar an gcruitireacht, a Chasmhaoil Cruitire," arsa Marbhán, "is dócha go bhfuil eólus agat ar gach nídh a bhaineann le cruit." "Ní'l aon nídh a bhaineann le cruit ná fuil eólus agam air, a Phríomh-fháidh," arsa Casmhaol. "Má 'seadh," arsa Marbhán, "fiafraighim-se dhíot-sa
anois, a Chasmhaoil Cruitire, cad é an nídh as a bhfuaradh an chruitireacht ar dtúis, agus conus a deineadh an chéad chruit?" Do stad an cruitire. D'fhéach Marbhán air. "Freagair," arsa Marbhán, "má tá an t-eólus agat." "Ní'l an t-eólus san agam, a Phríomh-fháidh," arsa Casmhaol, "agus bheinn ana bhuidheach díot-sa ach an t-eólus do thabhairt dom." "Tá go maith," arsa Marbhán, "Tabharfad-sa dhuit an t-eólus. Lánamha a bhí ann i dtosach aimsire, agus Macuel ab ainim do'n fhear, agus Cana Chlúmhór ab ainm do'n mhnaoi. Do thárla go dtug an bhean san fuath fíochmhar d'á fear agus gur imthigh sí uaidh. Do lean sé í agus é go croidhe-bhriste, mar do bhí árd-chion aige uirthi i n-aimhdheóin an fhuatha a bhí aici dhó. Do thárla go raibh sisi ag siubhal ar thráigh mara Cámais Chonnaic sí ar an dtráigh cleatrach míolmhóir. Bhí teas na gréine tar éis an chleatraigh do thriomughadh i dtreó ná raibh ann ach na cnámha, agus na lúithreacha, go tirim agus go cruaidh agus go caol, sínte go fáis- githe agus go teann, ó chnámh go cnámh. Bhí an bhean ag féachaint ar an gcleatrach agus í ag déanamh iong- nadh de, agus ag déanamh iongnadh de'n neart a bhí i dteas na gréine do thriomuigh an cleatrach ar an gcuma san. Le n-a linn sin do shéid gaoth mhaith láidir isteach ó'n bhfaraige, agus thosnuigh na lúithreacha caola teanna tiorma ar ceól breágh do dhéanamh fé shéideadh na gaoithe. Do shuidh an bhean ar an dtráigh ag éis- teacht leis an gceól. Bhí an foghar chómh breágh chómh binn sin gur thuit an bhean 'n-a codladh ó bheith ag éis- teacht leis. Le n-a linn sin cé thiocfadh chun na h-áite ach a fear agus é go buadhartha ar a lorg. Fuair sé ann í agus í 'n-a codladh. Thuig sé i n' aigne gur bh'é
binneas agus aoibhneas an cheóil do chuir fhiachaint uirthi tuitim 'n-a codladh. D'imthigh sé isteach sa choill, agus dhein sé gléas adhmaid, i riocht chleatraigh an mhíolmhóir, ach é bheith níba lúgha, agus bhain sé na lúith- reacha tiorma de'n chleatrach agus shocruigh sé iad ar an ngléas a dhein sé féin. Annsan do bhuail sé na lúithreacha le n-a mhéireannaibh, agus dhein sé ceól breágh. As san amach, nuair a thagadh an fuath ag an mnaoi dhó dheineadh sé an ceól, agus do dhíbreadh an ceól an fuath, i dtreó go raibh saoghal suairc ag an lánamhain sin as san amach. Sin agat, a Chasmhaoil, conus mar a deineadh an chéad chruit riamh." "Táim ana bhuidheach dhíot, a Phríomh-fháidh," arsa Casmhaol Cruitire. "Is náireach an sgéal dom a rádh gur mise an cruitire, agus tusa d'innis dómh-sa conus a deineadh an chéad chruit riamh, i n-inead mise 'ghá innsint duit-se!" "Cimeád an t-eólus anois a Chasmhaoil, ó tá sé agat, agus ná bíodh easnamh an cóluis sin le casadh leat arís. Ach deintear feasta mó sháith crónáin dómh-sa. Do gealladh dom go ndéanfadh an Trom- dháimh seo mo sháith crónáin dom. Ní'l aon ealadha is lúgha a dh'iarrann d'éirim aigne 'ná crónán a dhéanamh. Féadaid na beacha crónán a dhéanamh, agus na cait. Dá mb'é an trúmpalán féin é, ná fuil do chiall aige gan a cheann do bhualadh i gcoinnibh na gcrann agus i gcoinnibh na gcloch, féadann sé crónán breágh dhéanamh. Is ait an sgéal é ma theipeann ar an dTromdháimh uasal, eólgaiseach, ealadhanta so ealadha dhéanamh ná teipeann ar an dtrúmpalán mbocht gan chiall. Is mór é ainm na Tromdháimhe seo ar fuid na h-Éireann. Is mór an urraim atá ag fearaibh Éireann do'n Tromdháimh seo. Dá dtagadh mian do dhuine acu agus
go dteipfeadh ar an rígh an mian san do sholáthar, d'aoirfadh an Tromdháimh an rígh, agus do gheóbhadh fir Éireann páirt na Tromdháimhe sa sgéal. Cad a bheidh le rádh ag fearaibh Éireann nuair a bheidh 'fhios acu ná fuil ar chumas na Tromdháimhe mo sháith crónáin do dhéanamh dómh-sa? Níor iarras aon nídh ba dheacra 'ná an crónán, mar bhí 'fhios agam ná beadh aon mhaith dhom ann. Níor iarras ach an crónán, an rud a gheineann an cat nó an trúmpalán, agus tá ag teip oraibh an rud san a dhéanamh dom." Caibidiol a ceathair a's fiche. An Tiompánuidhe, an file, agus Seanachán Crónánuidhe. Bhí Seanachán agus an Tromdháimh ag éisteacht le Marbhán agus é ag rádh na cainte sin i dtaobh an chrónáin a dheineann an bheach, agus an chrónáin a dheineann an cat, agus an chrónáin a dheineann an trúmpalán ; agus i dtaobh an fhocail a bheadh i mbéalaibh fear Éireann go léir nuair a 'neósfí dhóibh gur theip ar an dTromdháimh an crónán a dh'iarr sé ortha do dhéanamh do Mharbhán féin. Dá n-iarradh sé ortha rud éigin a dhéanamh a bheadh deacair nó trioblóideach, nó rud a dh'iarrfadh éirim aigne nó oilteacht lámh nó géire intleachta, bheadh leathsgéal éigin acu dá dteipeadh ortha. Ach crónán! Agus annsan a bheith le rádh ar fuid na h-Éireann gur theip an crónán féin ortha
Bhíodar go cráidhte agus go scarbh díobh féin agus go lán d'fheirg chun Marbháin. Do labhair duine acu. Tiompánuidhe ab eadh é. Chonnaic sé cad d'imthigh ar an gcruitire, agus ba dheacair leis labhairt ; ach bhí an Tromdháimh i gcontabh- airt náire dh'fhághail, agus chaithfeadh duine éigin labhairt. "Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom, a fhir mhaith?" arsa Marbhán, "agus ce h-é thú?" "Cairche Ceólbhinn is ainm dómh-sa, a Phríomh-fhaidh," ar seisean, "agus is ollamh ceóil do Sheanachán agus do'n Tromdháimh seo mé, agus is ar an dtiompán a sheinnim an ceól." "An bhféadfá-sa a dh'innsint dom, a Chairche Cheól- bhinn," arsa Marbhán, "ce'cu is túisge a deineadh an tiompán nó an chruit?" Níor labhair Cairche. "B'fhéidir go 'neósfá dhom," arsa Marbhán, "cad 'n-a thaobh gur tugadh tiompán naoimh ar an dtiom- pán." "Is dócha," arsa Cairche, "gur tugadh tiompán naoimh air mar gur daoine naomhtha do sheinn ar dtúis air." "Ní dócha aon nídh dh'á shórd, a Chairche," arsa Marbhán. "Ní'l aon bhaint ag an ainim le naomh ná le daoinibh naomhtha." "B'fhéidir, a Phríomh-fháidh," arsa Cairche, "go 'neósfá féin dúinn cad 'n-a thaobh gur tugadh tiompán naoimh air." "Níor tugadh tiompán naoimh riamh air, a Chairche," arsa Marbhán. "Tiompán Naoi an ainim cheart le tabhairt air. Nuair a bhí Naoi agus a chlann ag dul
san Airc do rugadar gléasa ceóil leó isteach innti. Tiompán ab eadh gléas díobh san. Nuair a bhíodar ag teacht as an Airc dob' áil le duine de mhacaibh Naoi an tiompán do chimeád aige féin." "Ní bhéarfair leat é," arsa Naoi, "gan lógh thabhairt dómh-sa." "Cad é an lógh a bheidh uait, a athair?" arsan mac. "Ní iarrfad," arsan t-athair, "ach go dtabharfar m'ainim féin ar an dtiompán." "Tá go maith," arsan mac, "Is "tiompán Naoi" é feasta. "Ach sibh-se," arsa Marbhán, "i nbhúr n-ainbhfios, do thug tiompán naoimh air, ainm atá gan bhunús." "Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsa Caische Ceólbhinn. "Ná bí liom agus ní bheidh mé leat níos mó." "Ní bhead," arsa Marbhán, "ach deintear mo sháith crónáin dom." Do labhair duine eile. "Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom?" arsa Marbhán. "File iseadh mé," arsan fear, "agus déanfad rann duit." "Má's file thú," arsa Marbhán, "is dócha go bhfuil 'fhios agat conus a deineadh an chéad rann riamh." "Andaigh ní fheadar, a Phríomh-fháidh," arsan file. "'Neósfad-sa dhuit é," arsa Marbhán. "Bhí beirt mac ag Lamhiach, agus gabha ab eadh mac díobh, agus Túbhal Caoin ab ainm do'n mhac san. Bhí sé ag obair lá 'n-a cheardchain, é féin agus an fear conganta a bhí aige, agus bhí dhá órd acu agus iad ag bualadh an iarainn ar an inneóin. Bhí Túbhal Caoin ag éisteacht le bualadh na n-ord, agus thuig sé gur labhair na buillí
sin tomhas rainn, agus dhein sé rann do réir mar a labhair na h-úird. B'shiné an chéad rann a deineadh riam." "Ca bh'fhios dómh-sa an fíor é sin?" arsan file. "Is fíor dhuit an méid sin, a mhic ó," arsa Marbhán. "Ní fheadaraís an fíor an nídh adeirim. An bhfead- araís an fíor aon rud! Nó an bhfeadaraís aon nídh i n-aon chor!" Dá mhéid cancar a bhí ar Sheanachán agus ar an dTromdháimh do sgeartadar go léir ar gháirí. "Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsan file, "ná h-abair a thuilleadh liom!" "Ní déarfad, ná bíodh eagal ort," arsa Marbhán, "ach deintear mo sháith crónáin dom. Déanfaidh gach aoinne agaibh an uile shaghas ealadhna dhom ach an ealadha atá uaim. Ní h-é an rud a thaithneann libh féin a dhéanamh atá ceangailte oraibh a dhéanamh, ach amháin an rud a h-iarrtar oraibh a dhéanamh. An rud a dh'iarras-sa oraibh a dhéanamh dom ní'l ar bhúr gcumas é dhéanamh, is dóich liom. Na rudaí a cheapabhair féin a dhéanamh dom do cheistigheas sibh ortha agus ní fheadarabhair cad a bhaineann leó. Ní'l so ná súd ar eólus agaibh mar a mheasaim. Is eagal liom gur b'olc an gnó atá ag an rígh 'á dhéanamh ag cothúghadh bhúr leithéidí." Do ghearr an focal san, go cnámh agus go croidhe, an uile dhuine de'n Tromdháimh. Do ghearr an focal san Seanachán níba dhoimhne 'ná mar a ghearr sé aon duine eile d'á raibh ar an dTromdháimh. Bheadh an donas ar fad déanta nuair a leathfadh an sgéal ar fuid na h-Éireann gur theip ar an dTromdháimh a sháith crónáin a thabhairt do Mharbhán; agus annsan, gach ealadha eile dár tharaigeadar a thabhairt dó, nár fhéad- adar freagra thabhairt air nuair a cheistigh sé iad 'n-a
taobh. Ní rabhadar ábalta ar an gcrónán a dhéanamh, agus na h-ealadhna a mheasadar féin a dhéanamh do thaisbeáin Marbhán ná raibh fios ná eólus acu ar cad a bhain leó. Cad a bheadh le rádh acu nuair a sgaoilfeadh Marbhán an méid sin sgéil ar fuid na h-Éireann! Cad í an chosaint a bheadh acu le déanamh ortha féin! Bhí an crónán teipithe ortha, an rud ná teipeann ar an gcat ná ar an dtrúmpalán, agus nuair a ceistigheadh iad i dtaobh na n-ealadhan a tharaigeadar féin a dhéanamh ní raibh focal i n-aoinne acu! Cad a bheadh le rádh acu nuair adéarfadh Marbhán, i láthair fear Éireann, ná raibh sa Tromdháimh ach Tromdháimh bréige, Trom dháimh gan eólus gan ealadhain; agus gur bh'olc an gnó a bhí ag Guaire 'á dhéanamh ag soláthar bídh agus dighe dóibh, agus ag sásamh na mian mí-réasúnta a thagadh dóibh! Bhíodar i gcruadh-chás. Bhíodar 'n-a seasamh annsúd, cuid aca istigh i láthair Mharbháin, agus cuid acu i n-áiteannaibh eile ar fuid an teaghlaigh, agus gan focal ag teacht as aoinne acu. Bhí Marbhán ag féach- aint 'n-a thimcheall ar Sheanachán agus ar an méid acu a bhí i dteannta Sheanacháin, istigh, agus áthas air nuair a chonnaic sé an púnc 'n-a rabhadar aige. "Seadh!" ar seisean, i n'aigne féin. "Ní deirim ná go mb'fhearr dhaoibh an torc fionn do sgaoileadh tharaibh!" "An fada a cimeádfar annso mé, a rígh-ollamh, gan mo sháith crónáin a dhéanamh dom, fé mar a gealladh dom, agus fé mar atá fhiachaint oraibh a thabhairt dom?" ar seisean. "Nuair ná déanfadh aoinne eile an crónán duit, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "déanfad-sa féin duit é." "Tá go maith, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Is
fearr linn uait-se é 'ná ó aon duine eile. Is fearr go mór." Do shuidh Seanachán i n'aonar ar aghaidh Mharbháin amach. Do leog sé siar a cheann. D'éirigh a chuid feasóige suas ó n'ucht go dtí go raibh sí 'n-a seasamh anáirde, idir é agus aghaidh Mharbháin, go breágh mór árd mothalach, 'n-a sguaib dhúbalta, mar bheadh dhá eirball mada-ruaidh, ach í bheith liath i n-inead bheith ruadh. Do thosnuigh sé ar an gcrónán a dhéanamh. Do dhún Marbhán a dhá shúil agus do leog sé siar a cheann, ag éisteacht leis an gcrónán agus ag glacadh an aoibhnis, mar dh'eadh, díreach mar a dheineadh sé agus é ag éisteacht leis na crónánuidhthibh eile, ach gur bh'fhuiriste a aithne air gur bh'aoibhinne leis go mór bheith ag éisteacht le crónán Sheanacháin 'ná le h-aon chrónán eile. Do líon an Tromdháimh go léir isteach agus bhíodar ag féachaint ar an mbeirt, agus sgannradh ortha le h-eagla ná féadfadh Seanachán an obair do sheasamh abhfad agus le h-eagla go ndéanfadh feidhm agus duadh na h-oibre sin, um an dtaca san d'á aois, díoghbháil sláinte dhó. Do lean an crónán. Do lean an fhéasóg 'n-a seasamh anáirde go breágh, agus í ag crith agus ag luasgadh agus ag preabarnaigh le snagadh an chrónáin. Ar ball, ambasa, bhí an crónánuidhe d'á thuirsiúghadh. Bhí Brighid agus tuilleadh des na mnáibh ag sileadh. Do lean an crónán. Do lean an tuirsiúghadh. Thos- nuigh an fhéasóg ar thuitim i ndiaidh ar ndiaidh go dtí go raibh radharc ag Seanachán ar ghnúis Mharbháin. Chonnaic sé an dá shúil agus iad dúnta. Do stad sé. Mheas sé gur 'n-a chodladh a bhí Marbhán. Chómh luath agus go stad an crónán d'osgail an dá shúil go h-aibigh.
"Deintear ár sáith crónáin dúinn!" arsa Marbhán. Suas leis an bhféasóig arís, agus siúd ar siubhal an crónán arís, agus Seanachán bocht i riocht dul i laige le tuirse agus le h-easba anála agus le tinneas 'n-a mhuineál agus 'n-a sgórnaigh agus suas 'n-a cheann. Um an dtaca san bhí na mná go léir ag sileadh agus ag fásgadh a lámh, agus ná leogfadh eagla dhóibh labh- airt ná a leogaint ortha go rabhadar ag gol. Caibidiol a cúig a's fiche. "Táin - Bó - Cuailgne!" Bhí Seanachán d'á thuirsiúghadh go tiugh. Chonnaic na mná go raibh, agus bhí na deóracha ag teacht uatha go bog, agus iad ag osnuíol agus ag cneadaigh agus ag fásgadh a ladhar. Chonnaic na fir, leis, go raibh sé d'á thuirsiúghadh. Níor bh'fhéidir dóibh aon fhocal do rádh, ach bhí ag dubhadh agus ag gormúghadh acu, agus ag bánadh, do réir an chuma 'n-a raibh an sgéal ag breith ar chroidhe ar gach fear acu fé leith. Chomáin an sean- duine leis ag déanamh an chrónáin, ach dob' fhuiriste a aithint ná raibh ann leanamhaint puínn níba shia air. Bhí pairithis ag teacht 'n-a cheann agus creathán ag teacht 'n-a ghlór, creathán nár bh'ionann agus snagadh an chrónáin, agus bhí na braonacha alluis ag cruinniúghadh ar a éadan agus ar a ghruadhnaibh, agus iad ag tuitim isteach sa bhféasóig aige. Fé dheireadh tháinig gearr-
análaighe air, agus chaith sé stad. D'osgail Marbhán a dhá shúil. "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean, go géar. Do chaith Seanachán a cheann siar arís agus chaith sé an fhéasóg anáirde agus bhain sé fásgadh as a sgórnaigh. Thug sé sreangadh ró-theann ar a mhuineál nuair a bhí an snag aige 'á dhéanamh, agus le déine an tsreangtha sin sgeinn súil leis amach as a cheann, i dtreó go raibh an tsúil ar a ghruadh ar sileadh leis. Nuair a chonnaic Marbhán an tsúil ar ghruadh an duine, tháinig sgannradh air le h-eagla go mbeadh fearg ar an rígh chuige. Níor dhein sé ach a phaidir do rádh isteach 'n-a láimh dheis féin, agus annsan an lámh dheas san do chur fé'n súil, agus an tsúil do chur thar n-ais 'n-a h-inead cheart. Chimeád sé an lámh ar an súil go dtí go raibh sí socair 'n-a h-inead. Níor bh'fhada go raibh sí chómh maith a's bhí sí riamh. Nuair a bhí, d'fhéach Marbhán 'n-a thimcheall ar an dTromdháimh. "Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean. "Is náireach an obair daoibh," ar seisean, "agus sibh chómh h-óg, chómh láidir, déanamh an chrónáin seo d'fhágáilt ar bhúr rígh-ollamh! Deinidh mo sháith crónáin dómh-sa láithreach nó díolfaidh sibh as!" Do labhair duine acu. "Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Cé h-é thusa, led' thoil?" arsa Marbhán. "Fios Mac Fochmhairc is ainm dom, a Phríomh-fháidh," ar seisean. "Agus cad é do dhán, a Fhios Mhic Fhochmhairc?" arsa Marbhán. "Sgéalaidheacht is dán dom, a Phríomh-fháidh," arsa Fios Mac Fochmhairc. "Is mise an sgéaluidhe is
fearr i n-Éirinn, agus is mé sgéaluidhe na Tromdháimhe seo. Do cheap Seanachán féin mé chun na h-oibre sin." "Agus cad í an ealadha a dhéanfair dómh-sa anois, a Fhios Mhic Fhochmhairc?" arsa Marbhán, "nó an amhlaidh a 'neósfair sgéal dom?" "'Neosfad sgéal duit, a Phríomh-fáidh," arsa Fios Mac Fochmhairc. "Cad é an sgéal a 'neósfair dom?" arsa Marbhán, "nó b'fhéidir go 'neósfá mo rogha sgéal dom nuair ná déintear mo sháith crónáin dom." "'Neósfad do rogha sgéal duit, a Príomh-fháidh," arsa Fios Mac Fochmhairc, "agus is ana mhaith liom mar a labhras," ar seisean. "Cad 'n-a thaobh gur b'ana mhaith leat gur labhrais, a Fhios?" arsa Marbhán. "Mar tá súil agam nuair a 'neosfad-sa cuid dem' sgéaltaibh breághtha maithe dhuit ná fanfaidh a thuilleadh dúil agat sa chrónán," arsa Fios Mac Fochmhairc. "Mo sháith crónáin a dh'iarras ar an dTromdháimh seo, a Fhios," arsa Marbhán, "agus mo sháith crónáin a caithfear a thabhairt dom sar a sgarad libh. Ach ó táthaoi go léir chómh tuirseach de'n chrónán, ní miste liom tamall a thabhairt daoibh ar ealadhain éigin eile an fhaid a bheidh sibh ag cur tuirse an chrónáin díbh. Nuair a bheidh an tuirse curtha dhíbh agaibh fillfimíd ar an gcrónán. Is dócha go bhfuil éacht de sgéaltaibh agat-sa le h-innsint a Fhios." "Is fíor," arsa Fios. "Ní dóich liom gur h-innseadh riamh aon sgéal ná fuil agam." "Gan amhras tá príomh-sgéal Éireann agat," arsa Marbhán. "Tá go deimhin," arsa Fios. "Ní'l aon sgéal d'ár h-innseadh i n-Éirinn riamh ná fuil agam."
"Má 'seadh, a Fhios," arsa Marbhán, "suidh annsan anois agus innis dómh-sa príomh-sgéal Éireann, 'sé sin Táin Bó Cuailgne." "Táin-Bó-Cuailgne!" arsa Fios, agus a shúile ag leathadh air. "Táin-Bó-Cuailgne!" ar seisean arís, agus lán a chróidhe d'iongnadh agus d'alltacht ag teacht air. "Táin-Bó-Cuailgne," arsa Marbhán, ag athnasc air. "Suidh annsan, a Fhios," ar seisean, "agus innis ' Táin-Bó-Cuailgne' dhúinn!" "Táin-Bó-Cuailgne," arsa Fios. "Táin-Bó-Cuailgne," arsan cruitire. "Táin-Bó-Cuailgne," arsan tiompánuidhe. "Táin-Bó-Cuailgne," arsa Seanachán. Ba ghearr ná raibh i mbéal gach aoinne sa teaghlach ach, "Táin-Bó-Cuailgne." B'shiné an chéad uair riamh acu ag aireachtaint an fhocail. "Cad é seo oraibh?" arsa Marbhán. "Cad 'n-a thaobh ná tagann duine éigin agaibh annso agus an sgéal san a dh'innsint dom? Suidh annso, a Fhios Mhic Fhochmhairc, agus innis Táin Bó Cuailgne dhom. Is tú an sgéaluidhe is fearr i n-Éirinn. Níor h-innseadh i n-Éirinn riamh sgéal ná fuil agat. Is tú sgéaluidhe na Tromdháimhe seo. Do cheap Seanachán féin tú chun sgéalaidheachta na Tromdháimhe dhéanamh. Suidh annso ar m'aghaidh amach agus innis Táin Bó Cuailgne dhom!" Níor labhair an sgéaluidhe. Do las sé suas go bun na gcluas. Annsan do bhánuigh air, go dtí go raibh dath an bháis air. Annsan do las sé suas arís. Bí sé ag lasadh agus ag bánadh mar sin ar feadh tam- aill. Do labhair Seanachán leis. "Cad 'n-a thaobh ná h-innseann tú an sgéal do Mharbhán, a Fhios?" arsa Seanachán.
"Cad 'n-a thaobh ná h-innsim an sgéal do Mharbhán!" arsa Fios. "Conus is féidir dom sgéal nár airigheas féin riamh a dh'innsint do Mharbhán ná d'aoinne eile!" arsa Fios Mac Fochmhairc. "Níor airigheas-sa sgéal na Tána san riamh," ar seisean, "ná ní fheadar cár tugadh an táin sin, cé'cu i n-Éirinn a tugadh í nó i ndúthaigh éigin iasachta. Ní dóigh liom gur i n-Éirinn a tugadh í. Dá mb' eadh níor bh'fhéidir dom gan eólus éigin a bheith agam uirthi." "Is i n-Éirinn a tugadh í, a Fhios," arsa Marbhán, "agus is a' triúcha céad Cuailgne do tugadh í. Agus príomh-sgéal na h-Éireann sgéal na tána san, agus Táin Bó Cuailgne ainm an phríomh-sgéil sin. Agus is lag an obair do'n Tromdháimh seo, tar éis a bhfuil caillte ag Guaire leó, 'ghá gcothughadh agus ag soláthar na mian éigciallaidhe úd dóibh, a bheith le h-admháil acu nár airigheadar riamh sgéal na tána úd! Agus anois, a Fhios Mhic Fhochmhairc, cuirim-se de gheasaibh ort-sa agus ar an dTromdháimh seo gan sibh a bheith dhá oidhche i n-aon bhaile go ndeinidh sibh Táin Bó Cuailgne d'fhághail agus é dh'innsint dómh-sa. Agus cuirim geasa eile oraibh. Ní'l sé ceart ná dleaghthach cead a bheith ag daoinibh ainbhfiosacha mar sibh chun bheith ag déanamh aoir, ná ag déanamh dán molta, do ríghthibh ná do ró-thaoiseachaibh. D'á bhrígh sin, cuirim de gheasaibh anois oraibh gan a bheith ar bhúr gcumas aoir ná dán a dhéanamh go dtí go bhfaighidh sibh an sgéal san, agus go dtugadh sibh libh é, agus go n-innsidh sibh dómh-sa é." "Is cruaidh na geasa iad san, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán. "Ní fios an mór de thalamh an domhain a bheidh siubhalta againn sar a dtiocfaidh linn an sgéal san d'fhághail."
"Is fíor a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "ach má's cruaidh iad na geasa, agus má's fada iad na cúrsaí a bheidh oraibh, tiocfaidh tairbhthe dhaoibh asta." "Cad é an tairbhthe a dh'fhéadfaidh teacht asta dhúinn, nó conus is féidir dúinn costas na slighe dh'fhághail, agus gan ar ár gcumas dán molta dhéanamh do rígh ná do ró-thaoiseach a thabharfadh tuarasdal dúinn as, nó aoir a dheanamh do námhaid a mheasfadh cosg do chur le n-ár gcuardach?" arsa Seanachán. "Tiocfaidh tairbhthe dhaoibh asta," arsa Marbhán, "mar cuirfid siad ag machtnam sibh." "Conus san? Cad é an machtnamh a thabharfaid siad dúinn?" arsa Seanachán. "An machtnamh so," arsa Marbhán, "gur truagh nách ar phríomh-sgéal Éireann a bhíobhair ag cuimneamh an uair úd a bhí na mianta éagsamhlacha ag teacht chúgaibh, .i. an peata cuaiche idir an dá Nodlaig agus na sméara idir Nodlaig agus Inid, agus an fhleadh a' cuirm an aon ghráinne, agus saill an tuirc fhinn nár rugadh, agus na neithe eile úd de'n tsórd san. "Agus má theipeann orainn an sgéal a dh'fhághail a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "cad a dhéanfaimíd?" "Caithfidh sibh an chuid eile d'bhúr saoghal do chaitheam ag cuardach an sgéil go dtí go bhfaghaidh sibh e. Má thagann an bás oraibh sar a bhfaghaidh sibh é' saorfaidh an bás sibh ós na geasaibh seo atá curtha agam-sa oraibh anois. Ní'l aon nidh eile chun sibh a shaoradh ós na geasaibh ach an bás, nó teacht suas leis an sgéal agus teacht annso agus é dh'innsint dómh-sa," arsa Marbhán. "Is cruaidh an bhreith atá tabhartha agat orainn, a Mharbháin!" arsa Seanachán. "Ní'l an bhreith leath chómh cruaidh agus ba cheart í bheith," arsa Marbhán. "Mura mbeadh le h-eagla roimh
Ghuaire do thabharfainn-se breith oraibh a bheadh níba chruaidhe go mór 'ná í: bhúr leithéidí de shloigisg gan chiall gan mheabhair gan eólas gan tuisgint gan léigh- cheann gan urlabhra, agus gur deacra go mór sibh a chur chun suidhte agus friothálamh oraibh 'ná daoine 'n-a mbeadh tabhairt suas ortha agus léigheann agus urlabhra acu do chur chun suidhte agus friothálamh ortha! Nuair a dhéanfadh rí a dhícheall do'n Tromdháimh ba chóir gur bh'é ba lugha ba ghann dóibh bheith buidheach de. D'á mhéid a dheineadh Guaire dhaoibh-se iseadh ba lugha bhúr mbuidheachas air, agus iseadh ba mhó an t-olc a dheineadh sibh air. Bídhidh ag machtnamh anois ar na neithibh sin." D'iompuigh sé uatha agus d'imthigh sé amach agus abhaile go Gleann an Sgáil chun a thighe féin, agus d'fhág sé annsan iad. Níor labhair aoinne acu ar feadh tamaill. Annsan do chromadar ar an milleán do chur ar a chéile. "Stadaidh," arsa Seanachán. "Táid na geasa orainn go daingean. Annso iseadh chodlamair aréir. Ní foláir dúinn imtheacht agus codladh i n-áit éigin eile anocht." Caibidiol a sé a's fiche. Imtheacht na Tromdháimhe. Chómh luath agus do h-airigheadh ar fuid teaghlaigh na Tromdháimhe an focal san ó Sheanachán, .i. "annso is eadh do chodlamair aréir. Ní foláir imtheacht agus
codladh i n-áit éigin eile anocht," tháinig ochlán bróin ar an uile dhuine de'n Tromdháimh. Annsan iseadh thuigeadar i gceart an díoghaltas a bhí déanta ag Marbhán ortha mar gheall ar an dtorc fionn, agus an dearmhad a dheineadar féin nuair a tharraingeadar ortha fearg Mharbháin. An fhaid a bhíodar socair ar a suaimh- neas sa rígh theaghlach breágh san a chuir Guaire suas dóibh, níor thuigeadar cad a bhain le bheith ar fán. Thuit a lug ar a lag acu nuair a thuigeadar nár bh'fholáir dóibh go léir éirghe amach agus dul chun bóthair, agus bheith glan as an mbaile sin sar a dtiocfadh an oidhche ortha, nó go mbeadh col déanta acu ar na geasaibh a bhí curtha ag Marbhán ortha, dá mbeidís dhá oidhche i n-aon inead go dtí go mbeadh an Táin fághalta acu. "Ní foláir dúinn imtheacht, a chlann ó," arsa Seanachán leó. "Tá éagcóir mhór 'á dhéanamh orainn, ach ní'l leigheas againn air sin. Tá fuath ag a lán daoine dhúinn, agus gráin acu orainn. Meastar gur Tromdháimh ana chostasamhail sinn. Ní fíor san i n-aon chor, a chlann ó. Bíodh go bhfuil mórán againn ann, ní mór é ár sáith de bhiadh agus de dhigh. Is ró-fhuiriste ár ndóithin le n-ithe agus le n-ól do thabhairt dúinn. Is í mo bhean-sa féin, Brighid inghean Oinithcheirne, duine is mó goile ar an dTromdháimh, agus ní itheann sí ach ubh circe d'aon bhéile ; agus bíodh ná h-itheann sí ach an méid sin d'aon bhéile, tugann an Tromdháimh "Brighid Mhórsháith "uirthi mar gheall ar mhéid an bhéile a dh'itheann sí!" "Ní gádh do Mharbhán, d'á bhrígh sin, ná do dhaoine d'á shórd, bheith 'ghá chasadh linn go mbíd ríghthe agus uaisle na h-Éireann creachta againn nuair a thugaimíd roinnt aimsire ar ár gcuardaibh acu." "Ach bíodh ná cuirimíd puínn costais ar na ríghthibh ná ar na h-uaislibh 'n-a dtéighmíd ar ár gcuardaibh
chúcha, bímíd chómh buidheach díobh agus dá gcuirimís. Táimíd go léir buidheach de Ghuaire anois mar gheall ar an dtigh seo do chuir sé suas dúinn san áit seo agus mar gheall ar na miantaibh úd do sholáthair sé do gach duine againn 'n-a dtáinig mian dó." "Ní foláir dúinn imtheacht, a chlann ó, agus isé céad rud atá againn le déanamh ná dul i n-aonfheacht i láthair Ghuaire agus ár mbuidheachas do ghabháil leis, agus a dh'innsint dó cad iad na geasa so atá curtha ag Marbhán orainn ; conus mar nách féidir dúinn, gan ár ngeasa do chailleamhaint, codladh dhá oidhche i n-aon ionad chun go bhfaighmíd an Táin.". Do ghluaiseadar go léir láithreach, idir ollamh agus ánradh, idir fhile agus éigeas, idir fhear agus mnaoi, idir choin agus giolla, idir óg agus sean, agus thángadar chun na h-áite 'n-a raibh Guaire. D'éirigh Guaire agus tháinig sé 'n-a gcoinnibh. Bhí iongnadh air nuair a chonnaic sé chuige iad ar an bhfaithche. Thug sé trí póga do Sheanachán agus chuir sé fáilte choitchiann rómpa go léir. "Cad é an sgéal é, a rígh-ollamh?" ar seisean le Seanachán, "Nó cad a ghluais ó nbhúr mbruighin féin sibh?" "Tá droch-sgéal againn duit, a rí," arsa Seanachán. "Tháinig Marbhán Muicidhe ag triall orainn ag díoghailt an tuirc fhinn orainn." "Níor aithnighmair é ar dtúis, agus ní raibh aon choinne againn go raibh aon fhearg aige chúghainn, ná gur thugamair cúis dó chun feirge bheith aige chúghainn. D'iarr sé a rogha ealadha agus airfideacht orainn. Do tugadh san dó. Annsan, isé rogha a thogh sé ná go ndéanfí a sháith crónáin dó, agus isé saghas crónáin a theastuigh uaidh ná crónán snagach. Chuaidh trí
naonbhair ag déanamh an chrónáin sin dó. Nuair a bhí na trí naonbhair sin d'á dtuirsiúghadh, agus go gceap- aidís stad, d'iarradh sé go tur agus go teasaidhe a sháith chrónáin a dhéanamh dó. Do tuirsigheadh iad go léir, i dtreó ná raibh aoinne chun an chrónáin a dhéanamh dó. Annsan do chuadhas-sa féin ag déanamh an chrónáin dó, agus nuair a mheasainn stad, le neart tuirse, "Deintear ár sáith crónáin dúinn!" adeireadh sé, "mar a gheallabhair dúinn!" Do leanas ar an gcrónán go dtí, le sreangadh ró-theann d'á dtugas orm féin, gur chuireas mo leath-shúil amach ar mo ghruadh. Chóm luath agus chonnaic seisean san d'fhóir sé mé tré chómhachtaibh Dé. Annsan d'é righ sgéal- uidhe atá againn, agus dubhairt sé go ndéanfadh sé sgéalaidheacht dó ; ach d'iarr seisean sgéal ná raibh aige air, .i., Táin Bó Cuailgne. Dubhairt an sgéal- uidhe ná raibh an sgéal san aige. Annsan do chuir seisean sinne, agus an sgéaluidhe, fé gheasaibh gan aon rann d'ár ndán d'fhághail, agus gan bheith dhá oidhche i n-aon inead, chun go bhfaighmís an Táin dó. Sa bhaile seo a bhíomair aréir, a rí, agus ní bheam anocht ann, mar gheall ar ár ngeasaibh." "Agus cad é an treó baill 'n-a bhfuil ceapaithe agaibh aghaidh do thabhairt anois, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "Go h-Albain, a rí," arsa Seanachán. "Ná téighidh go h-Albain, a rígh-ollamh," arsa Guaire. "Is i n-Éirinn a tugadh an Táin agus ní h-i n-Albain, agus d'á bhrígh sin is i n-Albain is lúgha a gheóbhaidh sibh aon tuairisg uirthi. Tá 'fhios agam-sa," ar seisean "cad is ceart daoibh a dhéanamh." "Cad is ceart dúinn a dhéanamh, a rí," arsa Seanachán.
"Na bacaidh Marbhán, ná an Táin," arsa Guaire, "ach fanaidh annso agam-sa agus an onóir a fuarabhair uaim-se agus ó fhearaibh Éireann go dtí so, gheobhaidh sibh as so amach í, i n-éagmuis bhúr ndán." "Ní bheadh ach maith déirce sa nídh sin, a rí," arsa Seanachán. "Is mór an truagh, a rígh-ollamh," arsa Guaire, "bhúr mná agus bhúr ngiollanradh ag gluaiseacht, i n-aon- fheacht libh-se, tré dhúthaighibh iasachta, fé gach sórd soin- inne agus doininne! Cad a chothóchaidh iad? Tioc- faidh breóidhteacht agus bás ortha, agus tuitfid siad ar an slighe oraibh leis an ocras agus le tuirse. Ní'l ciall ná meabhair leis mar sgéal!" "Ní'l leigheas air, a rí," arsa Seanachán. "Sinn féin a tharraing orainn an cruadhtan, caithfimíd an cruadhtan a dh'fhulang anois." "Tá go deimhin, leigheas air," arsa Guaire. "Do chuir Marbhán na geasa oraibh-se, ar bhúr n-ollamhanaibh agus ar bhúr bhfilíbh agus ar bhur lucht ceóil agus air- fideachta. Níor chuir sé aon gheasa ar bhúr mnáibh ná ar bhúr ngiollanradh. Ní'l fhiachaint ortha san dul i n-aonfheacht libh ag lorg na Tána. Ní congnamh daoibh iad chun na Tána dh'fhághail, ach a mhalairt. Imthigh- eadh an Tromdháimh féin, na h-ollamhain agus na filí agus na h-éigse agus siubhluighdís an domhan ar lorg na Tána, ach fanadh na mná agus na giollaí agus an t-aos óg 'n-a ndiaidh sa bhaile." "Agus cá bhfanfaid siad, a rí?" arsa Seanachán. "Cá bhfanfaidís, a rígh-ollamh." arsa Guaire, "ach sa tigh sin a thugas-sa dhaoibh-se? Fanaidís sa tigh sin ar a suaimhneas agus cothóchad-sa iad go dtagaidh sibhse thar n-ais. Beidh an chóir chéadna ortha, an fhaid
a bheidh sibh amuich, a bhí ortha féin agus oraibh ó thánga- bhair chúgham annso." Do socaruigheadh ar an gcómhairle sin. D'fhill na mná agus na giollaí thar n-ais chun rígh-theaghlaigh na Tromdháimhe, agus bhí áthas mór ortha. Bhíodar go léir ag gol go fuidheach nuair a bhíodar ag imtheacht ; thriomuigheadar a súile nuair a fuaradar cead teacht thar n-ais agus fanamhaint. D'fhág Marbhán cead ag an dTromdháimh aon dán amháin do ghabháil nuair a bheidís ag sgaramhaint le Guaire, ag fágáilt slán aige. Do ghaibh Seanachán an t-aon dán amháin sin. Sidé an chéad bhéarsa dhe:- "Triallam uait, a Ghuaire ghlain Fágmaid agat beannachtain, Bliadhain agus ráithe is mí Atám agat, a Árdrí." Dán gan mhaith iseadh é. Ní'l ann ach go ndeintear maoidheamh as an gcóir a chuir Guaire ortha ; agus, mar gheall ar an gcóis sin, go ngealltar teacht arís ag triall air. "Ca bhfuil ceapaithe agaibh stad i gcóir na h-oidhche anocht, a rígh-ollamh?" arsa Guaire. "I Nás na ríogh, má shroisimíd é, a rí," arsa Seana- chán, "i ndún ríogh Laighean." "Táthaoí ag dul ag triall ar rígh fóghanta," arsa Guaire. "Ní'l rí cúige ná árdrí is fearr 'ná Connra Caoch." "Is fearr Guaire 'ná é! Is fearr Guaire 'ná é!" arsan Tromdháimh go léir d'aon ghuth. "Go dtéithí slán!" arsa Guaire. "Slán beó agat, a rí!" ar siad go léir. Chomáineadar leó go dtángadar go Nás. Nuair
a bhíodar ag teacht i gcómhgar do'n bhaile, do thárla lobhar ar lár an bhóthair rómpa. Do labhair sé leis an gcéad duine a tháinig chuige:- "Cad é an áit as a dtáinig an fhian mhór bhachlach mheirgeach úd?" arsan clamh. "Ní fian bhachlach ná fian mheirgeach iad san," arsan fear 'n-ar chuireadh an cheist chuige, "ach Seanachán Seanfhile agus a Thromdháimh uasal." "Tá aithne agam oraibh," arsan clamh, "agus ar an ainim mhór fhada atá oraibh, agus bíodh gur ainim fhada í ní h-ainim fhoghanta í. Is fearrde an tír as a dtángabhair sibh bheith tagaithe as, agus an tír 'n-a bhfuiltí ag dul ann ní maith an bhail air é. An fada cheapann sibh dul anocht?" ar seisean. "Go dún Chonnra Chaoich, rí Laighean," arsan fear eile. Bhí Seanachán agus maithe na Tromdáimhe tag- aithe suas um an dtaca san. Chómh luath agus d'airigh an clamh gur go Dún ríogh Laighean a bhíodar ag dul, chuir sé sgeartadh gáire as, i dtreó gur dhóich le duine ná faghadh sé a anál. "Cad 'tá ad' chur ag gáirí, a fhir mhaith?" arsa Seanachán. "Cad a bheadh am' chur ag gáirí," arsan clamh, "ach tusa agus do shluagh bachlach ag dul go dún ríogh Laighean, agus gan cumas ar aon rann d'bhúr ndán agaibh!" "Airiú," ar seisean, "ná téighidh go dún ríogh Laighean, nó is amhlaidh a curfar na gadhair libh!" "Cé innis duit-se an méid sin a chlaimh?" ar siadsan. "Nach cuma cé innis dom é má's fíor é?" arsan lobhar. "Anois an t-am agaibh-se chun a thaisbeáint an fíor é nó an bréag é. Táthaoí ag dul go h-Albain.
Is é Connra Caoch a thabharfaidh luingeas agus lón daoibh i gcóir an aistir sin. Nách deas a d'fhéachfaidh sibh i láthair Chonnra, nuair a bheidh oraibh dán mholta agus buidheachais a thabhairt dó mar gheall ar loingeas agus lón a thabhairt daoibh, agus gan ar bhúr gcumas aon rann d'bhúr ndán do chur le chéile." "Is fíor do'n chlamh an méid úd," arsan Trom- dháimh. "Is fearr dhúinn sinn féin do thriail, féachaint an bhfuil ár ndán againn nó ná fuil. Is fearr dhúinn anois féachaint an bhféadfaimís duan a dhéanamh do rígh Laighean." Siúd ag casadh leis an nduan a dhéanamh iad, rann ó gach ollamh acu. Ach dá mbeidís ag gabháil do'n obair go h-oidhche ní fhéadfadh aoinne acu a rann féin do chur le chéile. Is amhlaidh a bhíodh na focail ag measgadh ar a chéile ortha, agus ag dul i n-aimhréidh ortha. Nuair a mheasaidís an rígh do mholadh is amhlaidh a bhíodh a gcaint 'á cháineadh. Ar ball is amhlaidh ná bíodh moladh ná cáineadh ná aon tsaghas céille i n-aon chor sa chaint acu. Annsan, ní fhéadaidís aon líne amháin de'n fhilidheacht do thabhairt amach gan ciscéim bacaighe ann. Do thugadh gach aoinne fé ndeara an bhacaighe i bhfilidheacht an duune eile, ach ní féadadh sé choidhche an bhacaighe thabhairt fé ndeara 'n-a chuid filidheachta féin, go dtí go dtaisbeánadh an clamh dó an bhacaighe. Fé dheireadh d'éirigheadar as an ngnó. Annsan bhíodar gcruadhchás dáiríribh. Níor bh'fhéidir dóibh dul go h-Albain gan luingeas agus lón d'fhághail ó rígh Laighean, agus níor bh'fhéidir dóibh luingeas agus lón a dh'iarraidh ar an rígh gan duan a dhéanamh dó chun iad a dh'iarraidh air. Ach pé iarracht a dheinidís ar an nduan ní thagadh leo a dhéanamh ach bhrille bhreaille. Bhí an sgéal go breac acu.
Caibidiol a seacht a's fiche. "Póg do bhéal lobhair." Bhí Seanachán agus maithe na Tromdháimhe ag féach- aint ar a chéile agus gan focal ag teacht asta. Ní raibh 'fhios ag aoinne acu cad ba cheart a rádh ná cad ba cheart a dhéanamh. Ní raibh aoinne acu i bhfonn cómh- airle dh'iarraidh, ná i bhfonn cómhairle thabhairt uaidh. Níor bh'fhéidir casadh thar n-ais go dtí Guaire mar bhí na geasa ortha. Níor bh'fhéidir dul go h-Albain mar ní raibh long ná lón luinge acu. Níor bh'fhéidir dul go dún ríogh Laighean mar ní raibh a ndán acu. Bhíodar annsúd ag féachaint ar a chéile agus gan cor acu 'á chur díobh ná focal ag teacht asta. Bhí cuid acu ag stathadh brobhnacha luachra agus 'ghá gcogaint. "D'fhág Marbhán ar bhúr gcumas duan a dhéanamh do Ghuaire nuair a bhíobhair ag teacht uaidh," arsan lobhar. "D'fhág," ar siad. "Nách truagh," arsan lobhar, "nár iarrabhair air a gh'fhágáilt ar bhúr gcumas duan a dhéanamh do Chonnra Chaoch nuair a bheadh an long agus an lón agaibh 'á iarraidh air." "Níor chuimhnigh aoinne againn air sin go dtí anois," ar siad. "Níor chuimhnigh go díreach," arsan lobhar. "B'fhearr libh bheith ag cuimhneamh ar bhúr miantaibh áiféiseacha. Tá an sgéal go h-aindeis agaibh! Tá mian ag gach aoinne agaibh anois, mian nár tháinig a leithéid riamh chuige go dtí anois. Cad 'n-a thaobh ná h-iarrann sibh anois ar Ghuaire an mian so do sholáthar daoibh. Dá
bhféadadh Guaire an mian so do sholáthar daoibh anois, ba thairbhthighe dhaoibh é 'ná peata cuaiche ; ba thairbhthe dhaoibh é 'ná na sméara úd." "Ní chúghainne a tháinig na mianta san," arsa Seanachán, "ach chun na mban." "Cé chuige go dtáinig an mian úd na fleidhe móire a déanfí de chuirm an aon ghráinne arbhair agus de shaill na muice nár rugadh?" arsan lobhar. Níor fhreagair Seanachán. Níor fhreagair aoinne. D'fhan an lobhar ag féachaint ortha ar feadh tamaill. Dubhairt sé ar ball:- "Dá bhfaighinn tuarastal áirighthe uaibh do dhéanfainn duan thar bhúr gceann do rígh Laighean." "Duan do rígh Laighean tar ár gceann!" ar siad. "Níor chás duit!" ar siad. "Níor bhain Marbhán cumas mo dhána dhíom-sa," arsan lobhar. "B'fhéidir gur maith an bhail oraibh-se mise do bhualadh umaibh annso. An bhfaghad an tuar- astal?" "Gheóbhair an tuarastal má dheineann tú an duan," ar siad. "Ach cé chreidfeadh go bhféadfá-sa duan a dhéanamh do rígh Laighean!" "Déanfad-sa an duan má tugtar an tuarastal dom," arsan lobhar. "Do dheineas-sa filidheacht go minic cheana," ar seisean, agus chrom sé ar dhuanaibh breághtha do ghabháil dóibh, i dtreó gur chuir sé iongnadh ortha. "File maith iseadh an clamh so," ar siad. "Is fearr an tuarastal a thabhairt dó agus a iarraidh air an duan a dhéanamh thar ár gceann, do rígh Laighean. Réidhteóchaidh san sinn as an bpúnc 'n-a bhfuilimíd." "Cad é an tuarastal a bheidh uait as an duan so dhéanamh?" ar siad.
"Sar a n-innsead san daoibh," ar seisean, "ní mór dom deimhne bheith agam ar go bhfaghad an tuarastal." "Gheóbhair an tuarastal," ar siad. "Tugaid bhúr luighe leis sin," ar seisean. Thugadar go leir an leabhar go dtabharfí dhó pé tuarastal a dh'iarrfadh sé ortha, ach go mbeadh san ar a gcumas. "Ní baoghal go n-iarrfad-sa aon rud oraibh," arsan lobhar, "ach rud atá ar bhúr gcumas a thabhairt dom. Déanfad an duan thar bhúr gceann agus ní iarrfad de thuarastal as ach go dtabharfaidh Seanachán póg ar mo bhéal dom le n-a bhéal féin. Ní baoghal ná go bhfuil ar bhúr gcumas an tuarastal san do thabhairt dom." Do léim Seanachán. "Ó" ar seisean, "dá mbeinn féin agus an Tromdháimh go leir i mbraighdineas, agus go saorfadh an phóg san mé féin agus iad-san, ní thabharfainn an phóg san do'n chlamh." Nuair airigh an Tromdháimh an chaint sin chuireadar stailc suas. "Is olc an mhaise ag ár rígh-ollamh é," ar siad, "ná tabharfadh póg do'n lobhar chun na Tromdháimhe do shaoradh as an bpúnc so 'n-a bhfuilid! Ní h-aon mhaith dhúinne dul aon chiscéim eile de'n tslighe ag lorg na Tána. Is fearr casadh agus dul thar n-ais ag triall ar Ghuaire i n-aimhdheóin na ngeas. Pé droch-nídh a thabharfaidh cailleamhaint ár ngeas orainn, ní bheidh sé níosa mheasa 'ná an cor a bheidh orainn má fhanaimíd annso. Is fearr casadh agus dul thar n-ais!" Nuair airigh Seanachán an chaint sin, do thuig sé i n'aigne go gcaithfeadh sé an phóg do thabhairt. "Ná casaidh thar n-ais, a chlann ó!" ar seisean
"Tabharfad-sa an phóg do'n duine seo ó tá an dúil go léir aige innti." "Tá an dúil sin agam innti," arsan lobhar, "níor cheapas go dtiocfadh sé de chor sa tsaoghal orm choidhche go bhfaghadh mo leithéid-se de chlamh póg ar mo bhéal ó bhéal an fhir úd ná h-íosfadh an t-arán amach a' láimh an chailín áluinn uasail mar gheall ar gan na lámha bheith glan aici, agus gan de shalachar ortha ach an salachar a fuaradar ó láimh a sean-athar, agus gan de salachar ar láimh a sean-athar ach go mbíodh sé ag teagasg eoluis ar chreideamh do lobhraibh agus go síneadh sé a lámh 'n-a dtreó. An fear a dh'fhuathuigh an t-arán san mar gheall ar an gcúis sin, is uathbhásach an sgéal a rádh go bhféadfadh sé póg a thabhairt dom' leithéid-se de lobhar shalach. Tá ana dhúil agam sa phóig sin. Ní bheidh aon tsásamh ar m'aigne go bhfaghad í." "Cé innis duit-se i dtaobh an chailín úd?" arsa Seanachán. "Tá an sgéal ar fuid na h-Éireann," arsan clamh. "Seo, má seadh, bíodh an sgéal so, leis, ar fuid na h-Éireann!" arsa Seanachán, agus d'imthigh sé anonn agus thug sé an phóg do'n lobhar. "Seadh!" arsan lobhar. "Tá a ghuidhe fághalta ag Guaire." "Cad í an ghuidhe?" arsa Seanachán. "Nuair a tháinig a dhalta a bhaile ag triall air, agus í ag gol mar gheall ar an easonóir a thugais-se dá sean-athair, d'iarr sé ar Dhia gan tú d'fhághail bháis go dtabharfá an phóg san dómh-sa!" "Seadh!" arsa Seanachán, "Tá an phóg fághalta agat anois, agus tar linn go dún an ríogh agus dein an duan thar ár gceann."
"Téanaidh oraibh i n-ainm Dé," arsan clamh. Ghluaiseadhar ortha agus thángadar go dorus an dúna. Bhuaileadar buille de'n bhaschrann ar an dorus. Tháinig an dóirseóir amach. "Cé h-iad sibhse?" arsan dóirseóir. "Seanachán Seanfhile agus a chualacht," ar siad. "Agus cad tá ó Sheanachán Seanfhile agus ó n-a chualacht annso?" arsan dóirseóir. "An rígh a dh'fheisgint," ar siad. "Agus cad é an gnó atá agaibh de'n rígh?" arsan dóirseóir. "Chun luinge agus lóin a dh'iarraidh air," arsa Seanachán, "mar tá orainn dul go h-Albain ag lorg príomh-sgéil Éireann." "An bhfuil duan agaibh do'n rígh?" arsan dóir- seóir. "Tá, cheana," arsan clamh, "agus mise is reacaire dhóibh." D'fhéach an dóirseóir ortha, agus d'fhéach sé ar an reacaire. "Ní ró-mhaith an mhaise reacaire atá ort-sa, a mhic," ar seisean, ag cur smuta gáire as, "ach tagaidh isteach," ar seisean. Chuadar isteach. Do rugadh i láthair an ríogh iad. Bhí uabhar agus bochtaineacht agus ceann fé ar Sheanachán mar gheall ar an saghas reacaire a bhí aige, ach b'éigean dó a chuid cancair do bhrúth chuige. Bhí aon adhbhar sóláis amháin aige. Bhí an rí caoch agus ní fheicfeadh sé an reacaire. Chómh luath agus bhíodar 'n-a seasamh i láthair an ríogh, do ghaibh an clamh an duan mholta. Bhí an duan go h-áluinn ar fad. Bhí áthas thar bárr ar an rígh. "Is maith an reacaire atá agat, a righ-ollamh," arsa Connra Caoch, "agus ní fearr é 'ná an duan. Is
dóich liom gur b'é an duan san an blúire filidheachta is breághtha d'ár airigheas riamh agus is 'mó filidheacht mhaith a dh'airigheas. Tá an long agus an lón tuillte agaibh agus gheóbhaidh sibh iad. Curtar cóir mhaith ortha i gcóir na h-oidhche," ar seisean leis an ndóirseóir. Do rugadh isteach iad i halla an bhídh agus do tugadh a ndóithin le n-ithe agus le n-ól dóibh. Nuair a bhí a ndóithin ithte agus ólta acu, do taisbeánadh seómraí codlata dhóibh a bhí go feisteamhail agus go breágh glan compórdamhail. Do chodladar an oidhche sin go sámh agus d'éirigheadar ar maidin gan tuirse gan troma- chroidhe. Do glanadh long dóibh agus do cuireadh lón innti. D'órduigh an rí an long ab fheárr a bhí sa chuan do ghlanadh dhóibh, agus gan aon easnamh a bheith ar an lón a curfí isteach innti dhóibh. Nuair a bhí an long ollamh, bhíodar go léir ag dul ar bórd ; bhí trí caogaid acu ann, sé sin céad agus deichneabhar agus dachad. "Raghad-sa libh," arsan clamh. "Am briathar ná raghair!" arsa Seanachán. "Is fearr é dhul linn," arsa cuid de'n Tromdháimh. "Ní fios conus a bheadh gnó againn de. Bheadh an sgéal go breac againn nuair a bhíomair ag dul go tigh an ríogh." "Má théidheann sé sin ar bórd na luinge i n-aon- fheacht libh," arsa Seanachán, "fanfad-sa siar." "Ní gádh dhuit fanamhaint siar, a rígh-ollamh," arsan clamh, "fanfad-sa siar. Dá dtéidhinn libh," ar seisean, "is ar mhaithe libh-se do raghainn libh. Ní'l aon ghádh agam féin le dul libh. Ní baoghal daoibh go raghad ag brúth oraibh ná ag cur isteach oraibh." Chuadar ar bórd. Chuireadar suas na seólta. Do ghlac na seólta an ghaoth go breágh. Do leathadar agus do líonadar agus go ghluais an long béal an chuain amach, go h-éasga agus go stuamdha agus go
luaimneach, ag freagairt na gaoithe agus ag freagairt d'á stiúir. Do ghluais sí amach ar an bhfaraige. Do lean an ghaoth 'n-a gcúl, go maith láidir, gan bheith ró láidir, agus ní raibh an fharaige ró-gharbh, agus níor stadadar d'á seól go dtí gur thángadar lámh le carraigibh Manainn. Chonnacadar duine 'n-a sheasamh anáirde ar cheann des na carraigibh. Chonnacadar an lobhar amuich ar chuirr tosaigh na luinge acu féin, agus crónán snagach ar siubhal aige! "Cé tá sa luing?" arsan duine ar an gcarraig. "Tá Seanachán Seanfhile agus a chliar," arsan lobhar. "Má 'seadh," arsan duine thuas, "cuirim-se fé gheasaibh anois sibh go léir gan teacht i dtír annso go bhfaighidh sibh leath-rann i n-aghaidh an leath-rainn so a gheóbhad-sa dhaoibh." "Gaibh do leath-rann," arsan lobhar. Do ghaibh an duine thuas leath-rann. Do ghaibh an lobhar leath-rann ag freagairt an leath-rainn sin. "Tá an leath-rann cóir tabhartha agat dom," arsan duine thuas, "ach tá leath-rann eile agam duit agus caithfir a leath-rann do thabhairt dom." "Gaibh do leath-rann eile," arsan lobhar. Do ghaibh an duine thuas leath-rann eile, agus má ghaibh do chuir an lobhar leath-rann ag freagairt an leath-rainn sin. "Tá an leath-rann cóir tabhartha agat dom arís," arsan duine a bhí thuas. "Tá leath-rann eile agam duit, ámhthach, agus má thugann tú an trímhadh leath- rann cóir dom féadfaidh sibh teacht i dtír." "Gaibh do leath-rann dom," arsan lobhar. Do ghaibh, agus thug an lobhar leath-rann an leath- rainn sin uaidh chómh cruinn agus a thug an dá leath- rann eile uaidh.
"Tagaidh i dtír anois," arsan t-é a bhí ar an gcarraig. "Agus tá an méid seo agam-sa le rádh leat-sa, a Sheanacháin, agus led' chléir. Is ró-bheag an gnó bheadh agaibh ag teacht ar an gcuaird seo, mura mbeadh an lobhar a bheith i n-aonfheacht libh. Bhí 'fhios agam-sa ná raibh bhúr ndán agaibh. Mheasas, d'á bhrígh sin, ná féadfadh aoinne agaibh na leath-ranna úd a thabhairt dom. Mura mbeadh an lobhar chaithfeadh sibh dul thar n-ais go h-Éirinn agus breall oraibh. Tagaidh i dtír anois." Caibidiol a h-ocht a's fiche. Caillin Naomhtha. Annsan d'imthigh an duine a bhí ar an gcarraig, agus do labhair an lobhar leis an dTromdháimh. "Bean is eadh an duine sin a bhí ar an gcarraig," ar seisean. "Banliaigh iseadh í, agus bíonn sí gach re mbliadhan 'n-a banliaigh agus ag déanamh salainn. Tá teaghdas cloiche aici ar an oileán so agus tá ciste aici sa teaghdas san. Tá trí fichid mairg óir aici sa chiste sin. Tabharfaidh sí leath an óir sin daoibh-si, agus beidh an méid sin agaibh chun costais bóthair an fhaid a bheidh sibh ar an gcuaird seo i n-Albain." "Bhí doicheall ort, a rígh-ollamh," ar seisean, "rómham-sa. D'fhanfá siar níba thúisge 'ná mar a leogfá dhom teacht. Thánag a gan fhios duit mar i
'fhios agam ná féadfadh sibh an gnó dhéanamh im' éagh- muis. Ní bheadh aon bhreith agaibh ar na leath-ranna úd a thabhairt dí siúd, ná ar an ór a dh'fhághail uaithi, mara mbeadh mé theacht libh. Ní bheidh aon ghádh agaibh liom a thuilleadh anois, agus d'á bhrígh sin imtheóchad uaibh chómh luath agus taisbeánfad teaghdas na mná úd daoibh. Do rug an lobhar timcheall iad fan chiúmhais an oileáin gur shroiseadar cuan beag deas fothanamhail. Chuadar isteach sa chuan san. Chuireadar amach na h-ancairí, i dtreó go raibh an long daingean, agus annsan chuadar i dtír. Do stiúruigh an lobhar iad go teaghdas na mná. Bhí maithe na Tromdháimhe cea- paithe ar gan an lobhar do leogaint uatha. "Cimeádfaimíd é," ar siad le n-a chéile, "pé olc maith le Seanachán é. Ní fios cad é a luathacht a bheadh gnó againn arís de, agus d'á éaghmuis sin tá ár mbuidheachas tuillte go maith aige." Ar ball, nuair a bhí an tigh taisbeánta aige dhóibh, agus nuair a mheasadar labhairt leis agus a iarraidh air gan imtheacht uatha, d'fhéachadar 'n-a dtimcheall agus ní raibh aon tuairisg air! Bhí sé imthighthe uatha a gan fhios dóibh. Ach do rug an bhanliaigh isteach 'n-a teaghdas iad agus chuir sí fíorchaoin fáilte rómpa agus thug biadh agus deoch go fial agus go fairsing dóibh, agus do deineadh togha friothálmha ortha. Nuair a bhí a ndóithin ithte agus ólta acu do labhair Seanachán. "Is truagh an sgéal é a bhanliaigh!" ar seisean. "Tá cuma orainn anocht, i n-ár dTromdháimh, ná raibh orainn riamh roimis seo. Tá cóir uasal curtha agat orainn agus ní'l ar ár gcumas duan a dhéanamh dhuit! Is náireach an sgéal é, agus is cruaidh an
agairt a dhein Marbhán Muicidhe orainn nuair a chuir sé i n-a leithéid de chás sinn!" agus tháinig na deóracha ó n-a shúilibh go bog. "Ná bíodh ceist ort, a rígh-ollamh," ar sisi. "D'innis an lobhar dómh-sa cad a bhí imthighthe oraibh. B'éigean dom a gheallamhaint dó go gcuirfinn an chóir seo oraibh annso anocht agus ná h-iarrfainn duan ná ealadha oraibh. B'éigean dom a gheallamhaint dó, leis, go dtabharfainn daoibh, chun costais bhúr gcuarda, tríochad mairg óir atá agam annso. Tabharfad an t-ór san daoibh ar maidin nuair a bheidh sibh ag imtheacht. Ná bíodh aon cheist oraibh." Do cuireadh cóir chodlata ortha a bhí chomh maith leis an gcóir bídh agus dighe a cuireadh ortha. Nuair a bhíodar ag imtheacht ar maidin do thug an bhanliaigh an t-ór do Seanachán. "Seo," ar sisi, "a Sheanacháin, agus sidí do dhuais dhéidheanach go bhfaighir an Táin agus do dhán arís; ba bhaoth bhúr ngnó ag teacht annso agus ag dul go h-Albain ag lorg na Tána, agus gan aon rann d'bhúr ndán agaibh. Mura mbeadh an lobhar bhí an sgéal go breac agaibh. Ach déanfaidh an méid sin airgid do ghnó, ach amháin aire thabhairt dó, agus gan é chaitheamh ró-bhog. Is fearr dhaoibh aghaidh a thabhart ar dtúis ar Mhaol Gheidhic, ollamh Alban. Stiúróchaidh sé sibh sa tslighe 'n-ar dóichighe dhaoibh tuairisg na Tána dh'fhághail, má tá a tuairisg le fághail i n-aon chor, agus ní h-é mo thuairim-se go bhfuil." Chuadar ar bórd a luinge. Do thógadar isteach chúcha na h-ancairí. Do leathadar na seólta. Do ghluais an long amach as an gcuan mbeag agus thuga- dar a h-aghaidh ar Albain. Do shroiseadar Alba gan bhárthan gan tionóisg. Bhí 'fhios acu cá'r chómhnuidh
Maol Geidhic mac Fir Gobhoc. Thugadar aghaidh ar a dhún-árus san. Chuir sé na mílte fáilte rómpa. D'ollmhuigh sé fleadh dhóibh, agus bhíodar an oidhche sin aige fé rogha freastail agus friothálmha. Bhí iongnadh ar Mhaol Gheidhic cad a thug go h-Albain iad, ach níor chuir sé aon cheist chúcha 'n-a thaobh. B'é dlighe na h-aimsire sin cóir bídh agus dighe agus oidhe- achta do chur ar dheóraidhthibh agus ar lucht taistil, agus gan ceist do chur chúcha i dtaobh a ngnótha, ach fanamhaint gur mhaith leó féin fios a ngnótha thabhairt uatha. Nuair a mheas Seanachán gur mhithid dó an gnó a thug go h-Albain é féin agus an Tromdháimh d'innsint do Mhaol Geidhic, d'innis sé dhó é. "Tabharfad-sa gach aon chongnamh atá ar mo chumas daoibh, a rígh-ollamh," arsa Maol Geidhic. "Ach is eagal liom ná fuil aon bhreith agaibh ar an sgéal san d'fhághail i n-Albain." Ní innstear cúrsaí ná cuarda na Tromdháimhe an fhaid a bhíodar i n-Albain. Ní deirtear ach gur thuga- dar bliadhain ann, agus gur chuarduigheadar an tír ó'n dtaobh theas go dtí an taobh thuaidh, agus ó'n dtaobh thoir go dtí an taobh thiar, agus ná fuaradar an Táin; ná raibh aon bhlúire d'fhios na Tána acu an lá deir- eanach seachas mar a bhí acu an chéad lá. Nuair a bhí an bhliadhain caithte agus gan an Táin fághalta, bhí brón agus tuirse agus seirbhthean aigne ar Sheanachán agus ar an dTromdháimh. D'fhágadar slán ag Maol Geidhic agus ag éigse Alban, agus chuadar ar bórd a luinge agus thángadar rómpa, treasna na faraige agus isteach i gcuan Átha Cliath. Ghlacadar caladh-phort sa chuan san agus thángadar i dtír.
Bhíodar i gcruadhchás annsan. Conus a thabharfaidís aghaidh ar ríghthibh agus ar uaislibh Éireann, agus gan cumas ar a ndán acu? Conus a thabharfaidís aghaidh ar Ghuaire agus ar Mharbhan, agus gan an Táin acu, ná aon tuairisg ar an dTáin, tar éis na gcuard agus tar éis na bliadhna? Dá raghaidís siar go dúrlas Guaire, go dtí an teaghlach a bhí tabhartha ag Guaire dóibh, ní fhéadfaidís a chaitheamh ann ach aon oidhche amháin. Chaith- fidís gluaiseacht arís ar maidin amáireach a bheadh chúcha, mar ní lámhálfadh na geasa dhóibh bheith dhá oidhche i n-aon bhaile go dtí go mbeadh an Táin fághalta acu do Mharbhán. Dá dtugaidís aghaidh ar aoinne eile de ríghthibh ná d'uaislibh na h-Éireann, is amhlaidh a bheidís 'ghá gcur féin sa phúnc 'n-a rabhadar nuair a thángadar go dún ríogh Laighean agus gan aon chumas ar a ndán acu. Bhíodar 'n-a seasamh ar an gcaladh ag féachaint ar a chéile, agus gan blúire d'á fhios ag Seanachán ná ag aoinne eile acu cad ba cheart a dhéanamh. Bhíodar go léir 'á chuimhneamh 'n-a n-aigne gur thruagh ná raibh an lobhar úd aca, d'á olcas é. Chuirfidís, dar leo, fhiachaint ar Sheanachán póg eile thabhairt dó, d'á ghráinneacht é, ach go ndéanfadh sé reacaireacht arís dóibh, fé mar a dhein sé i láthair ríogh Laighean, nó ach go ndéanfadh sé aon rud a thabharfadh fuasgailt ortha as an gcruadhchás 'n-a rabhadar. I lár an mhachtnaimh dóibh chonnacadar duine ag déanamh ortha. Chómh luath agus bhí sé i ngiorracht dóibh d'aithnigheadar é. Caillin Naomhtha isé bhí ann. Mac máthar do Sheanachán ab eadh an Caillin sin. Clann na h-aon mháthar ab eadh iad, ach níor chlann aon athar amháin iad. D'fháiltigh an bheirt d'á chéile, agus thuga- dar trí póga dá chéile. "Cá rabhabhair anois a dhritháir?" arsa Caillin.
"Tá bliadhain tabhartha againn i n-Albain, a dhrith- áir," arsa Seanachán, "agus anois atáimíd tagaithe abhaile." "Agus cad a bhí agaibh 'á dhéanamh i n-Albain?" arsa Caillin. "Marbhán Muicidhe a tháinig chúghainn, chun an rígh-theaghlaigh a thug Guaire dhúinn, agus d'iarr orainn príomh-sgéal Éireann a dh'innsint dó, .i. "Táin Bó Cuailgne." Ní raibh ár sgéaluidhe, ná aoinne eile againn ábalta ar an sgéal san a dh'innsint dó. Annsan chuir sé de gheasaibh orainn gan bheith dhá oidhche i n-aon bhaile chun go bhfaghmís an sgéal dó. Chuadhamair go h-Albain bliadhain ó shin ag lorg an sgéil, agus tá teipithe orainn é dh'fhághail. Ní h-eól dúinn anois cad is maith dhúinn a dhéanamh." "Cad a dheanfadh sibh," arsa Caillin, "ach imtheacht ar chuaird ollamhnachta mór-thimcheall na h-Éireann, agus Éire do chuardach fé mar a chuardabhair Alba. Ní gádh dhaoibh bheith dhá oidhche i n-aon bhaile. Tabharfaid ríghthe agus uaisle na h-Éireann bhúr ndóithin le n-ithe agus le n-ól daoibh, chómh maith agus thug ríghthe agus uaisle Alban; níos fearr dar liom-sa." "Thabharfaidís, gan amhras," arsa Seanachán, "ach tá cosg eile orainn."
Caibidiol a naoi a's fiche. An Lobar Bréige. "Cad é an cosg eile atá oraibh, a dhritháir?" arsa Caillin. "Tá," arsa Seanachán, "gur bhain Marbhán cumas ár ndán dínn, i dtreó, má théidhmíd i láthair ríogh nó i láthair uasail, ná beidh ionainn ach mar bheadh sluagh amadán, toisg gan a bheith ar ár gcumas dán molta dhéanamh do'n rígh nó do'n uasal 'n-a raghmíd ag triall air. Bhíomair i bpúnc chruaidh bliadhain ó shin nuair a bhíomair ag imtheacht a h-Éirinn. Bhíomair ag dul i láthair Chonnra Chaoich, rí Laighean chun luinge agus lóin d'iarraidh. Díreach agus sinn nách mór agá dhún- árus fuaramair ná raibh ar ár gcumas dán a dhéanamh dó. Má théidhmíd i láthair aon ríogh anois beidh an t-easnamh céadna orainn. Ní fheadar an domhan, a dhritháir, cad a dhéanfaimíd." "Agus conus a fuarabhair an long agus an lón, a dhritháir?" arsa Caillin. "Ar chuma ghreannmhar," arsa Seanachán. "Nuair a bhíomair i n-achmaireacht do dhún-árus an ríogh, do casadh lobhar orainn, an lobhar ba ghráinne agus ba shailiche d'á bhfeaca-sa riamh. Dubhairt sé go ndéan- fadh sé dán do'n rígh thar ár gceann, agus go ndéanfadh sé reacaireacht an dána dhúinn, ach go bhfaghadh sé póg uaim-se. B'éigean dom an phóg a thabhairt dó. Tagann griofad orm gach aon uair a chuimhnighim air. Ach dhein sé an dán agus chuaidh sé linn i láthair an ríogh. Dhein sé an dán go maith agus dhein sé an reacaireacht go maith. Bhí áthas thar bárr ar an rígh. Ach measaim dá
mbeadh radharc a shúl aige, agus go bhfeicfeadh sé an reacaire, go mb'fhéidir ná beadh an t-áthas chómh mór air agus bhí." "Ach do dhein sé an dán thar bhúr gceann," arsa Caillin. "Do dhein go deimhin," arsa Seanachán. "Agus innis an méid seo dhom, a dhritháir," arsa Caillin, "cad fé ndeár dó súd an phóg úd a dh'iarraidh ort-sa mar thuarastal? Nár bh'ait an saghas tuarastail é?" "Ní fheadar an domhan," arsa Seanachán. "D'iarr sé an phóg agus níor iarr sé aon tuarastal eile ach í. Chómh luath agus bhí sí fághalta aige, dubhairt sé go raibh a ghuidhe fághalta ag Guaire; go raibh Guaire tar éis a iarraidh ar Dhia gan mise dh'fhághail bháis go dtí go dtabharfainn póg lem' bhéal do bhéal lobhair, agus go raibh guidhe Ghuaire fághalta nuair a thugas an phóg dó féin." "Tuigim," arsa Caillin. "An aithneófá an lobhar úd, a dhritháir," ar seisean, "da- bhfeicfeá arís é?" "Am briathar go n-aithneóchainn," arsa Seanachán. "Bhí mo dhá shúil athchumair go leór dá aghaidh ghránna mheirgeach nuair a bhíos ag tabhairt na póige dhó. Ní baoghal go n-imtheóchaidh cuimhne na gnúise meirgighe, méisgirighe úd as m'aigne an dá lá 's 'n fhaid a mhair- fead! Gheibhim a baluith anois féin nuair a chuimh- nighim uirthi!" "Fan annsan go fóil, a dhritháir," arsa Caillin. "Beidh mé chúghat láithreach." D'imthigh sé isteach i dtigh a bhí i n-aice na h-áite 'n-a rabhadar 'n-a seasamh. D'fhanadar 'n-a seasamh san áit ag feitheamh le Caillin. Tar éis tamaill bhig siúd chúcha amach as an dtigh an lobhar. Dhein sé anonn
ar Sheanachán. Do léim Seanachán uaidh siar i ndiaidh a chúil. "Fan uaim amach, a rud shailigh!" ar seisean. "Ná tar i ngoire nó brisfead do phlaosg!" "Leog dó féin, a rígh-ollamh!" ar san Tromdháimh go léir d'aon ghuth. "Tá míle fáilte rómhat!" ar siad leis an lobhar. "Ná h-imthigh uainn a thuilleadh!" ar siad. "Tá gádh go cruaidh againn leat. Bhíomair i bpúnc cheana agus d'fhóiris sinn. Táimíd i bpúnc anois chómh cruaidh le h-aon phúnc 'n-a rabhamair riamh ann. Fan againn. Caithfir fanamhaint pé olc maith leis an rígh-ollamh é!" Do chimil an lobhar éadach fliuch d'á aghaidh agus chaith sé dhe seana chlóca a bhí uime agus seana bhiréad a bhí ar a cheann aige, agus b'shiné Caillin Naomhtha 'n-a steile-bheathaidh acu ar a n-aghaidh amach! "A dhritháir a' chroidhe 'stigh," arsa Seanachán, "an tusa an lobhar gur thugas an phóg úd dó!" "Is mé go díreach, a dhritháir," arsa Caillin. "Agus is tú dhein an dán breágh úd, agus an rea- caireacht uasal úd, agus is tú thug na leath-ranna cruadha úd do'n mhnaoi a bí ar an gcarraig!" "Is mé, cheana," arsa Caillin. "Ó, a dhritháir," arsa Seanachán, "nách truagh nár chuiris tú féin i n-úil dúinn!" "Ní truagh i n-aon chor, a dhritháir," arsa Caillin, "ach is truagh ná raibh a mhalairt de chiall agat-sa agus ag an dTromdháimh seachas mar a bhí, nuair a thug Guaire an rígh-theaghlach breágh úd daoibh. Dhein Guaire a dhícheall chun gach aon tsaghas comaoine chur oraibh-se, agus dheineabhair-se bhúr ndícheall chun gach aon tsaghas uilc a dhéanamh air-sean. Dheinis-se féin, a dhritháir, gníomh a bhí go h-olc i láthair Dé agus daoine nuair a
thugais an easonóir úd do'n chailín áluinn, do dhalta Ghuaire. Chuaidh guidhe Ghuaire suas i láthair Dé id' choinnibh, agus ní raibh aon dul agat ó'n bpóig úd a thabhairt do lobhar éigin. Mura mbeadh an cleas a dh'imreas-sa ort chaithfeá an phóg a thabhairt do lobhar a bheadh 'n-a lobhar dáiríribh. Do thógfá an galar uaidh, agus go deimhin níor chuid ba lúgha 'ná san féin a bhí tuillte agat. Ach is dómh-sa a thugais an phóg, agus chuadhais as. Ní rud tógálach taos seagail." "Táim ana bhuidheach díot, a dhritháir," arsa Seanachán, "ach cad 'tá le déanamh anois againn? Ní bhfuara- mair aon tuairisg ar sgéal na Tána i n-Albain. Ní dócha go bhfuil aon tuairisg le fághail air i n-Éirinn ach chómh beag. B'fhéidir go bhféadfá-sa a dh'innsint dúinn cár ceart dúinn aghaidh a thabhairt anois, nó cad é an treó baill 'n-a mbeadh aon deabhramh go dtiocfaimis suas leis an sgéal. Ní'l aon bhreith againn ar dhul abhaile go dúrlas Ghuaire go dtí go mbeidh an sgéal againn, agus ní féidir dúinn bheith dhá oidhche i n-aon bhaile go bhfaghmíd an sgéal. Is cruaidh na geasa chuir Marbhán orainn!" "Ní'l aon mhilleán agam-sa ar Mharbhán, a dhritháir," arsa Caillin, "ná ní bheadh dá gcuireadh sé oraibh geasa ba chruadha go mór 'ná na geasa do chuir sé oraibh. Is eól dómh-sa ca bhfuil an Táin le fághail, ach ní thabh- arfad aon phioc de'n eólus duit-se, a dhritháir, ná do'n Tromdháimh seo, ach ar aon choinghioll amháin." "Cad é an coinghioll é, a dhritháir an chroidhe 'stigh?" arsa Seanachán. "Ní mór linn duit aon choinghioll is maith leat a dh'iarraidh orainn ach go 'neósfair dúinn cá bhfaghmíd an Táin." "Tá go maith," arsa Caillin Naomhtha. "Isé coinghioll ar a dtabharfad-sa an t-eólus san daoibh
ná so, .i., ná h-iarrfaidh aon duine de'n Tromdháimh aon mhian, go bráth arís, ar Ghuaire ná ar aon rígh 'n-a mbeidh siad ar chuaird ollamhnachta i n'fhochair, ná ar aoinne eile ach chómh beag." "Gheóbhair an coinghioll san, a dhritháir!" arsa Seanachán. "Gheóbhair an coinghioll san le lán-toil!" arsan Tromdháimh d'aon ghuth. "Tá go maith," arsa Caillin. "Ní'l ach aon fhear amháin beó anois," ar seisean, "go bhfuil 'fhios aige conus is féidir an Táin d'fhághail. Ní foláir dúinn go léir dul chun cainte leis an bhfear san, agus an t-eólus atá uainn a dh'iarraidh air." "Agus ce h-é an fear é sin, a dhritháir?" arsa Seanachán. "Isé fear é sin, a dhritháir," arsa Caillin, "ná an fear céadna do chuir na geasa cruadha so oraibh-se, .i., Marbhán Muicidhe." Nuair airigh Seanachán agus an Tromdháimh an méid sin, do thuit a lug ar a lag i gceart acu. "Anois atáimíd i bpúnc dáiríribh, murab ionann a's riamh," arsa Seanachán. "Ní féidir dúinn aghaidh a thabhairt ar Mharbhán gan an Táin a bheith againn, agus ní féidir dúinn tuairisg ar an dTáin a dh'fhághail ach ó Mharbhán féin." "Glacaidh misneach, a dhritháir," arsa Caillin Naomhtha. "Ní'l an sgéal chómh dona san ar fad. Ní féidir daoibh-se aghaidh a thabhairt ar Mharbhán toisg na geasa bheith oraibh. Níor chuir Marbhán aon gheasa orm-sa. Raghad-sa chun cainte leis. 'Neósfad dó cad é an cruadhtan atá fuilingthe agaibh-se ag cuardach na Tána, conus mar atá dóich agus andóich cuar- duighthe agaibh agus gan aon nídh d'á bhárr agaibh. 'Neósfad dó conus mar atá geallta agaibh dómh-sa
ná tiocfaidh mian d'aoinne agaibh go deó arís agus má thagann féin ná h-iarrfar ar aoinne an mian do sholáthar. Nuair aireóchaidh Marbhán an méid sin, maithfidh sé dhaoibh-se an torc fionn agus gach droch- nídh eile d'ár dheineabhair air féin agus ar Ghuaire." Annsan do thaisbeáin sé tigh dóibh, agus dubhairt sé leó fanamhaint ann, agus d'imthigh sé ag triall ar Mharbhán. Caibidiol a tríochad. "Ag magadh fúinn ataoi!" Bhí an Tromdháimh sa tigh a thaisbeáin Caillin Naomhtha dhóibh go dtí go raibh seachtmhain caithte acu ann. Annsan tháinig Caillin ag triall ortha arís. "Téanaidh anois," ar seisean, "Táid na geasa bainte dhíbh. Tá cead agaibh dul thar n-ais go dtí bhúr rígh-theaghlach féin - an rígh-theaghlach a dhein Guaire dhaoibh agus a thug sé dhaoibh. Tá innste ag Guaire dos na mnáibh agus do'n chlainn a fágadh i nbhúr ndiaidh sa bhaile go bhfuiltí ag teacht thar n-ais." Bhí áthas an domhain ar Sheanachán agus ortha go léir nuair airigheadar an chaint sin. Siúd chun siubhail iad láithreach. Bhí slighe fhada acu le cur díobh sar a mbeidís thiar, ach má bhí féin níor chuireadar puínn suime i bhfaid na slighe; agus an fhaid a bhíodar ar an slighe, ní h-ag méadúghadh a bhí tuirse ortha ach ag luigheadughadh, agus san go tiugh; i dtreó, nuair a
shroiseadar dúrlas Guaire, go rabhadar níba neamh- thuirsighe go mór 'ná mar a bhíodar nuair fhágadar Áth Cliath. Ar rígh-theaghlach Ghuaire do thugadar aghaidh ar dtúis. Tháinig Guaire amach ag cur fáilte rómpa. Thug sé trí póga do Sheanachán agus thug sé póg an duine do'n triúr ab' uaisle d'á raibh ar an dTromdháimh. Do labhair sé go cneasta agus go fáilteach le gach aon duine acu, ó'n t-é dob' uaisle go dtí an t-é dob' ísle. Annsan dubhairt sé leó dul abhaile chun a dtighe féin, mar go raibh a muintir ag feitheamh leó, agus nár cheart iad do chimeád uatha níba shia. Chuadar abhaile. Níor chuaidh Caillin Naomhtha leó chun a dtighe féin. Chuaidh sé go Gleann an Sgáil, ag triall ar Mharbhán. Tháinig Marbhán agus é féin go rígh-theaghlach na Tromdháimhe. Bhí a leithéid sin de sgáth ar an dTromdháimh roimh Mharbhán gur bh'ar éigin a bhíodar ábalta ar theacht 'n-a láthair i n-aon chor. Na mná go mór mór, do ritheadar i bhfolach nuair a fuara- dar ag teacht é, agus ba ró-fhada gur fhéad Caillin Naomhtha iad do mhealladh as na folachaibh agus a chur 'n-a luighe ortha nár chuibhe dhóibh i n-aon chor an saghas san oibre. Thángadar go léir fé dheireadh agus chuireadar fáilte roimh Mharbhán. Annsan tháinig an Tromdháimh go léir isteach sa tseómra mhór chun go n-éistfidís le caint a bhí ag Marbhán le déanamh. Nuair a bhíodar cruinnighthe do labhair Marbhán leó. "A Sheanacháin," ar seisean, "agus a lucht na Tromdháimhe seo uile, measaim gur dóich libh-se gur dheineas-sa beart ana chruaidh oraibh nuair a chuireas na geasa úd oraibh agus nuair a chuireas chun siubhail sibh ag lorg sgéil na Tána. Ní'l agaibh ach machtnamh beag a dhéanamh ar an gcuma 'n-ar thuilleabhair an
bheart a dheineas oraibh, agus tuigfidh sibh go maith nár dheineas oraibh ach an rud a bhí tuillte agaibh. Bíodh a bhuidheachas agaibh ar an nduine naomhtha so, ar Chaillin, nár lean mo dhíoghaltas oraibh chómh fada agus a bhí tuillte agaibh-se, agus beartuighthe agam-sa ar dtúis. Dá leanadh is fada ó'n áit seo bheadh sibh anois, agus ní fheicfeadh aoinne agaibh an áit seo an dá lá 's 'n fhaid a mhairfeadh sé. Ach do bhuaidh Caillin orm, agus bhog sé an fhearg a bhí agam chúghaibh. "Ach caithfear an Táin a dh'fhághail. Nuair nár fhág Caillin sibhse ag siubhal an domhain ar lorg na Tána, caithfidh sé féin anois an Táin a dh'fhághail. Ní ró- fhuiriste dhó san. Ní'l ach aon duine amháin gur féidir an Táin a dh'fhághail uaidh. Isé duine é sin ná Feargus mac Róigh féin. Bhí Feargus mac Róigh ar shluagh Mhéibhe agus Oiliolla nuair a tugadh Táin na mbó a' Cuailgne. Chonnaic sé an gnó go léir. Bhí sé ins na cathannaibh go léir. Dalta dhó ab eadh Cúchulainn - an fear ba mhó a dhein de bhárthan do shlóighthibh Mhéibe an fhaid a bhíodar ar an slóghadh san. Ní'l aon duine 'n-a bhfuil fios sgéil na Tána san i gceart aige ach Feargus mac Róigh, agus is ó Fheargus mhac Róigh a chaithfidh Caillin an sgéal d'fhághail. Nó mura bhfaighidh Caillin an sgéal caithfidh an Tromdháimh é dh'fhághail. Nuair a chuireas an Tromdháimh ar siubhal bliadhain ó shin ag lorg sgéal na Tána, ní raibh 'fhios acu cá bhfaghfí é. Ní'l an sgéal chómh h-olc anois acu agus a bhí an uair sin. Tá 'fhios acu anois cá bhfuil an sgéal le fághail." D'éirigh Seanachán. "Ag magadh fúinn ataoi, a Mharbháin!" ar seisean, agus é d'á thachtadh le feirg. "Tá Feargus mac Róigh marbh le chúig céad bliadhan," ar seisean, "agus measann tú sinne do chur ag
lorg sgéil na Tána anois air! Ag magadh fúinn ataoi!" "Caithfidh sibh féin nó Caillin sgéal na Tána dh'fhághail ó Fheargus mhac Róigh dómh-sa," arsa Marbhán, "nó cuirfead-sa na geasa céadna arís oraibh." "Sinn féin nó Caillin!" arsa Seanachán. "Is ait an chaint í sin," ar seisean. "Conus is féidir dúinne ná dom' dhritháir sgéal na Tána ná aon sgéal eile dh'fhághail ó dhuine atá imthighthe as an saoghal so le chúig céad bliadhan! Tháinís annso ar dtúis, a Mharbháin, chun díoghaltais a dhéanamh orainne. Nuair iarrais sgéal na Tána orainn bhí 'fhios agat go maith ná raibh an sgéal le fághail ó aon duine beó. Bhainis ár ndán dínn agus chomáinis ar fán sinn tré dhúthaighibh iasachta - ar lorg sgéil ná raibh le fághail ins na dúthaighibh iasachta san. Mura mbeadh mo dhritháir bheimís go léir marbh um an dtaca so. Do leogais dó sinn a thabhairt annso a bhaile arís, agus anois ní foláir leat beart is measa 'ná an chéad bheart féin do dhéanamh orainn; ár rogha thabairt dúinn eólus na Tána dh'fhághail ó fhear atá marbh le chúig céad bliadhan, nó imtheacht arís agus gluaiseacht tré dhúthaighibh iasachta i n-ár n-amadánaibh, ag lorg ruda ná fuil le fághail amuich ná i mbaile. Isé mo thuairim láidir, a Mharbháin, ná fuil aon phioc eóluis agat féin ar Tháin Bó Cuailgne, ná ar cá bhfuil an sgéal le fághail." "Gan amhras, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "is cruaidh an obair le cur ar aon duine é chur, cois baile ná i ndúthaighibh iasachta, ag lorg ruda nách féidir a dh'fhághail; ach is tusa féin, nó do Thromdháimh, a thos- nuigh é. Cár mheasais a bhí fleadh 'n-a mbeadh dóithin ríoghraidhe Connacht innti le fághail a' cuirm aon ghráinne amháin arbhair? Dein machtnamh beag ar na miantaibh
eile úd a tháinig chúghaibh féin agus chun bhúr mban. Níor bhfoláir iad do sholáthar daoibh nó ní bheadh sibh beó. Dá dteipeadh orainn iad d'fhághail daoibh, d'aoirfeadh sibh an rígh, agus chuirfeadh sibh a oineach ar neamhnídh i láthair fear Éireann. Ba chaillte an iarracht í agaibh 'á thabhairt fé Ghuaire, agus a raibh de thairbhthe aige 'á dhéanamh daoibh. Ní h-eól dómh-sa cad é an chúis a bhí agaibh chun a leithéid sin d'iarracht mharbhuightheach a thabhairt fé aoinne, go mór mór fé Ghuaire. Ach is eól dom an méid seo, gur dhóich liom go raibh sé ceart agaibh féachaint rómhaibh nuair a bhíobhair ag lorg na mian úd, le h-eagla go mb' fhéidir go dtiocfadh cor éigin sa tsaoghal a chuirfeadh ar chumas duine eile sibh féin do chur chun siubhail ag lorg ruda nár bh'fhéidir a dh'fhághail. Do fuaradh na mianta úd go léir. Níor bh'oraibh-se a bhuidheachas san, ámhthach. Bhí ceangailte ar Ghuaire gan mian ar bith a thiocfadh do dhuine agaibh d'fhágaint gan sásamh. Bhí ceangailte oraibh-se, i nbhúr dTromdháimh, aon ealadha a h-iarrfí oraibh a dhéanamh, gan cailleamhaint ar an t-é a dh'iarrfadh é. D'iarras-sa oraibh Táin Bó Cuailgne dh'innsint dom. Ar innseadh an sgéal dom? Níor innseadh. Innstear an sgéal san anois dom agus beidh buaidhte agaibh! Ní 'neósfar, mar ní'l an sgéal agaibh. An Tromdháimh is creideamhnaighe i n-Éirinn, dar leó féin, agus gan príomh-sgéal Éireann acu! Agus iad ag déanamh an uile shaghas díchill chun oinigh Ghuaire do chur ar neamhnídh os cómhair fear Éireann! Ní féidir liom foidhneamh libh. Imthigh-se, a Chaillin, agus faigh Táin Bó Cuailgne dhómh-sa ó Fheargus Mhac Róigh, nó cuir- fead-sa na geasa céadna ortha so arís." D'imthigh Marbhán agus d'fhág sé annsan iad. Chromadar na mná ar ghol agus ar an milleán do
chur ar a chéile. "Tusa fé ndeár an obair seo go léir!" adeireadh bean acu le mnaoi eile. "Ní mé ach tusa!" adeireadh an bhean eile. "Bíodh foidhne agaibh," arsa Caillin Naomhtha. "Caithfear an Táin do sholáthar. Ní'l aon dul eile agaibh as an bpúnc so 'n-a bhfuilthí anois. Fanaidh annso agus bídhidh ag déanamh trosgaidh agus úrnuigthe ar bhúr ndícheall go dtagad-sa chúghaibh," agus d'imthigh sé. Caibidiol a h-aon a's tríochad. Trosgadh na Tromdháimhe. Nuair a fágadh an Tromdháimh 'n-a n-aonar bhíodar go buadhartha agus go goirgeach agus go loisgithe agus go h-imeaglach 'n-a n-aigne. Bhí na mná ag gol agus ag spídiúchán ar a chéile, gach bean díobh nár tháinig aon mhian di riamh i rachtaibh an chinn a stracadh de gach bean gur tháinig aon mhian des na miantaibh úd di. Na mná gur tháinig na mianta dhóibh, ní raibh acu le déanamh ach a gceann do chromadh agus bheith ag gol. Bhí na fir sgaipithe annso agus annsúd agus iad go dúr agus go ciúin agus go gruamdha, gan a fhios acu cad ba mhaith dhóibh a rádh ná a dhéanamh. Fé dheireadh thug duine des na mnáibh aghaidh ar an sgéaluidhe. "Tusa fé ndeár an t-olc so go léir!" ar sisi. "Cad é mar obair duit a rádh le Marbhán ná raibh sgéal d'ár h-innseadh riamh i n-Éirinn ná raibh agat, agus gan an sgéal úd a dh'iarr sé ort agat?"
"Cad é an sgéal ad a dh'iarr sé orm?" arsan sgéaluidhe. "An Táin- nó an bhó - nó pé ainm é siúd a thug sé air. Ní cuimhin liom an ainm," ar sisi. "Ní cuimhin leat an ainm," arsan sgéaluidhe. "Níor airighis féin riamh an sgéal," ar seisean. "An bhfuil aon duine ar an dTromdháimh seo d'airigh riamh an sgéal?" ar seisean. Níor labhair aoinne. "Ná bídhidh 'ghá chasadh liom-sa," ar seisean, "nár airigheas riamh, agus ná fuil agam, sgéal nár airigh aoinne agaibh féin riamh." "Stadaidh, a chlann ó," arsa Seanachán, "ní dhéan- faidh caint de'n tsórd san aon tairbhthe dhúinn. Tá Caillin imthighthe ag lorg na Tána. Má gheibheann sé an sgéal beidh gach aon rud go maith." "Conus is féidir dó sgéal a dh'fhághail ó dhuine atá marbh le chúig céad bliadhan!" arsan sgéaluidhe. "Is aige féin is fearr a fhios san," arsa Seanachán. "Mura mbeadh go bhfuil súil aige leis an sgéal a dh'fhághail ní raghadh sé ar a lorg. Is fearr dhúinne go mór an rud adubhairt sé linn a dhéanamh 'ná bheith ag aighneas le n-a chéile ar an gcuma so. Dubhairt sé linn bheith ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe ar ár ndícheall go dtí go dtiocfadh sé thar n-ais chúghainn. Imthigheadh gach aoinne anois chun a sheómra féin agus deinimís an rud adubhairt Caillin linn a dhéanamh. Ní déarfadh sé linn an trosgadh agus na h-úrnuighthe dhéanamh mura mbeadh go raibh cúis aige leis. Ca bhfios ná go mb' fhéidir go bhfuilimíd 'ghá chosg ar thairbhthe dhéanamh dúinn anois féin leis an aighneas so atá ar siubhal againn. Imthigheadh gach aoinne láith- reach chun a sheómra féin, agus an t-é is fearr a
dhéanfaidh an trosgadh agus na h-úrnuighthe isé is fearr a chabhróchaidh le Caillin chun sinn a dh'fhuasgailt as an ngéibhinn seo 'n-a bhfuilimíd." D'imthigh gach aoinne chun a sheómra féin agus chroma- dar ar an dtrosgadh, agus ar a nguidhe do chur suas chun Dé, 'ghá iarraidh Air gach greim do réidhteach dóibh, agus gach beárna dh'osgailt dóibh. Bhíodh an focal so coitchianta 'n-a mbéalaibh: "An greim is géire, Dia 'ghá réidhteach!" nó, "Dia go léir linn 'S a Mháthair Naomhtha!" Thugadar seachtmhain ar an gcuma san. Annsan do tháinig beirt chun an rígh-theaghlaigh chúcha, Marbhán agus fear ná raibh aon aithne acu air. Chuir Marbhán teachtaire mór-thimcheall an rígh-theaghlaigh 'ghá rádh le Seanachán agus leis an dTromdháimh go léir teacht chun an tseómra mhóir. Do thángadar. Chonnacadar Marbhán, agus an fear iasachta nár aithnigheadar. Do labhair Marbhán leó. Dubhairt sé leó go léir suidhe, gach duine i n'áit féin, do réir a dhána agus a uaisleachta. Annsan do labhair sé leis an bhfear iasachta: "Cad é seo atá agat le rádh leis an dTromdháimh seo?" ar seisean. "Do cuireadh annso me, a Phríomh-fháidh," ar seisean, "ó Chaillin naomhtha agus ó'n gcuid eile des na naoimh atá cruinnighthe le trí lá ag leacht Fheargusa Mhic Róigh, ag éisteacht le Feargus féin agus é ag innsint sgéil Tána Bó Cuailgne dhóibh. Dubhradh liom a rádh leó so leanamhaint níos déine ar an dtrosgadh agus ar na h-úrnuighthibh."
Chómh luath agus bhí an focal san ráidhte ag an bhfear iasachta d'éirigh sé féin agus Marbhán agus d'imthigh- eadar. D'fhan Seanachán agus an Tromdháimh ag féachaint ar a chéile. D'fhanadar tamall maith ar an gcuma san, agus na focail adubhairt an fear iasachta ag rith tré n-a n-aigne-" Caillin Naomhtha agus an chuid eile des na naoimh cruinnighthe le trí lá ag leacht Fhearguis Mhic Róigh, ag éisteacht le Feargus féin agus é ag innsint sgéil Tána Bó Cuailgne dhóibh." Níor bh'fhéidir le cuimhneamh ar aon rud eile, bhí an méid sin sgéil chómh h-iongantach san. "Ní'l ann ach éitheach!" adeireadh duine. "Cleas eile des na cleasaibh atá ag Marbhán d'á imirt orainn!" adeireadh duine eile. "Feargus Mac Róig, atá san uaigh le chúig céad bliadhan, ag innsint sgéil éigin anois, do Chaillin agus do dhaoinibh eile atá cruinnighthe ag leacht Fhearguis! Dá dtugadh Marbhán an leabhar ann ní chreidfinn focal de!" adeireadh duine eile. "Ná beadh sé chómh maith ag beirt nó triúr éigin againn féin dul go dtí an leacht san agus féachaint cad tá ar siubhal ann anois, nó cé h-iad atá cruinn- ighthe ann, nó an bhfuil aoinne ann!" arsan sgéaluidhe. "Ní bheadh i n-aon chor, a mhic ó," arsa Seanachán. "Cad é sin dúinne cé atá ann, ná cé h-iad atá cruinn- ighthe ann! Dubhairt Caillin Naomhtha linn fanamhaint annso go dtí go dtiocfadh sé chúghainn, agus bheith ag déanam trosgaidh agus úrnuighthe. Is ar mhaithe linne a dubhairt Caillin linn san do dhéanamh. Ní'l ó Chaillin ach go ndéanfaimís ár leas." "Mura mbeadh é ní thiocfaimís as na céimeannaibh cruadha 'n-a rabhamair nuair a bhíomair ag dul go
h-Albain, agus an fhaid a bhíomair i n-Albain, agus nuair a thángamair thar n-ais go caladhphuirt Átha Cliath. Pé rud atá ar siubhal ag Caillin anois, is ar mhaithe linne atá sé ar siubhal aige. Má tá neart trosgaidh agus neart úrnuighthe tar éis anama Fhearguis do thabhairt ó'n saoghal eile chun an sgéil a dh'innsint do Chaillin agus dos na naoimh eile, cad é mar obair dúinne dul ag cur isteach ar an ngnó san! An t-é do raghadh ag cur isteach air, b'fhéidir nach ró- bhuidheach de féin a bheadh sé i ndeireadh na dála. Fana- imís annso, mar adubhradh linn, go dtagaidh Caillin ag triall orainn." Do socaruigheadh air sin. D'imthigh gach aoinne arís chun a sheómra féin agus do leanadh ar an dtrosgadh agus ar na h-úrnuighthe. I gceann trí lá eile do tháinig Caillin agus Marbhán agus an fear iasachta úd. Do cruinnigheadh an Tromdháimh arís sa tseómra mhór. Nuair a bhíodar cruinnighthe, do ghlaoidh Marbhán ar an sgéaluidhe. D'fhreagair seisean. "Tar annso, a sgéaluidhe," arsa Marbhán. Do tháinig. "Tabhair do'n sgéaluidhe seo an leabhar san atá agat," arsa Marbhán leis an bhfear iasachta. Do tharraing an fear iasachta leabhar as a bhrollach agus shín sé chun an sgéaluIdhe é. "Léigh-se an leabhar san dómh-sa, a sgéaluidhe," arsa Marbhán. D'osgail an sgéaluidhe an leabhar agus thosnuigh sé ar é léigheadh. Isé rud a bhí sa leabhar ná sgéal na Tána agus é sgríobhtha go breágh soiléir blasta slachtmhar, ó thosach go deireadh. Do léigh an sgéaluidhe é, tríd síos, gan
stad, go dtí go raibh an focal deireannach de léighte aige. An fhaid a bhí sé 'ghá léigheadh, bhí Seanachán agus an Tromdháimh go léir ag éisteacht leis, agus iad chómh ciúin sin gur dhóich le duine go rabhadar gan anam gan anál. Chomh luath agus bhí an focal deireannach léighte d'éirigh Marbhán. "A Sheanacháin agus a mhaithe na Tromdháimhe seo," ar seisean, "an rud a dh'iarras ar bhúr sgéaluidhe a dhéanamh dom tá sé déanta anois aige dhom. Tá Táin Bó Cuailgne innste aige dhom. Táim sásta anois, agus táim ag imtheacht uaibh. Tabharfad aon fhocailín beag amháin cómhairle dhaoibh sar a n-imthighead. An dá lá 's 'n fhaid a mhairfidh sibh ná tagadh dúil ag aoinne agaibh i mblonaig tuirc fhinn." Annsan d'imthigh sé féin agus Caillin agus an fear iasachta. D'fhan an Táin ag an dTromdháimh agus bhí áthas ana mhór ortha. Chómh luath agus d'fhéadadar iad féin do chur i dtreó chun gluaiste, d'fhágadar slán ag Guaire agus d'imthigheadar ar chuaird ollamhnachta sa Mhumhain. Agus ó'n lá san amach níor tháinig mian d'aon duine acu.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services