Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guaire I, II

Title
Guaire I, II
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime / Cearnach, Conall (E
Compiler/Editor
O'Connell, F. W.
Composition Date
1915
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guaire.



Caibidiol a h-aon.



Aodh Dubh agus Aodh Fionn.



Bhí Suibhne Meann i n'árdrígh ar Éirinn, agus bhí
Aodh mac Duach Duibh 'n-a rígh ar chrích Oirghialla, agus
Aodh Fionn mac Feargna 'n-a rígh ar an mBréifne.
Le linn an trír sin iseadh bhí Guaire mac Colmáin 'n-a
rígh ar Chonnachtaibh. Do tugtí Guaire Aidhne, leis, mar
ainim air, agus Guaire an oinigh, Isé cúis 'n-a dtugtí
Guaire an oinigh mar ainim air, mar bhí sé amuich air
nár eitigh sé aon duine riamh ar pé rud a h-iarrtí air.



Bhí aicme daoine i n-Éirinn an uair sin agus bhí
saoghal breágh acu. B'iad san na filí. Bhídís ag
imtheacht ó thigh ríogh go tigh ríogh eile, agus an rí a chuir-
eadh cóir mhaith ortha dheinidís dánta breághtha 'ghá mholadh.
Bhíodh na dánta cómh maith san go leanaidís i mbéalaibh
na ndaoine, ní h-amháin an fhaid a mhaireadh na daoine
sin, ach ó shliocht go sliocht, ar feadh céadta bliadhan
go minic. An rí ná cuireadh an chóir ortha chómh maith
agus a mheasaidís ba cheart cóir a chur ortha, do
cháinidís é; agus bhíodh an chaint sa cháineadh chómh líomhtha,
chómh gunta, chómh nímhneach san, go bhfanadh an cáineadh i
mbéalaibh na ndaoine chómh fada díreach agus d'fhanadh
an moladh, nó b'fhéidir níba shia. Is minic gur sia
an cuímhne a cimeádtar ar an ndroch-fhocal 'ná ar an
bhfocal fóghanta.


L. 2


Bhíodh a rí féin ar na filíbh, agus rígh-ollamh a tugtí
air. Ní h-aoinne amháin, ná beirt, ná triúr, a bheadh
ag gluaiseacht mar chualacht, i n-aonfheacht leis an rígh-
ollamh san, ó thigh ríogh go tigh ríogh eile; ach b'fhéidir
dachad duine, nó céad duine, nó deich nduine agus dachad.
Thiocfaidís nuair ba mhaith leó féin é, agus d'fhanfaidís
an fhaid ba mhaith leó féin é, agus d'imtheóchaidís nuair
bamhaith leó féin é. An rí 'n-a dtiocfaidís ag triall air,
dá dtaisbeánadh sé go raibh aon doicheall aige rómpa,
d'aoirfidís é nuair a bheidís ag imtheacht uaidh; agus
níor bh'fhada go mbeadh an aoir sin i mbéal an uile
dhuine, óg agus aosta, i rígheacht an ríogh sin féin; agus,
nídhba sheacht míle measa 'ná san, i mbéal an uile dhuine
óg agus aosta i rígheacht a námhad. Nídh nár bh'iongnadh,
do dheineadh gach rí a dhícheall ar gan an aoir do thuil-
leamh, agus ar an moladh do thuilleamh dá mb'fhéidir i
n-aon chor é. Dheinidís breis agus a ndícheall. Dheinidís
éagcóir throm go minic ortha féin agus ar na daoine
a bhíodh fútha, a d'iarraidh na n-aoir do sheachaint agus
a d'iarraidh an moladh do thuilleamh. Is minic a bhídís
beó bocht, agus b'fhéidir múchta i bhfiachaibh, sar a
mbeadh an chuideachta imthighthe uatha; agus gur 'mó lá
agus mí agus bliadhain, b'fhéidir, a bheadh le cur díobh
acu sar a mbeidís arís sa mhaise chéadna 'n-a rabhadar
sar a dtáinig an chuideachta ag triall ortha.



Ach, donas an sgéil ar fad, b'fhéidir, tar éis iad
féin do chreachadh agus do mharbhúghadh le h-obair, ag
brath ar go molfí iad, gur cáineadh agus aoiradh agus
spídiúchán agus tarcaisne a tabharfí dhóibh mar
dhíoluigheacht.



Uaireanta do thuiteadh so amach. Bheadh rí éigin 'n-a
mbeadh droch-aigne ag na filíbh dó. Ní leogfidís ortha
san a bheith amhlaidh. Bhuailfidís chuige ar chuaird


L. 3


ollamhnachta. B'fhéidir go mbeadh coinne aige leó, nó
b'fhéidir ná beadh. Chuirfeadh sé na mílte fáilte rómpa.
Thabharfadh sé dhóibh "nua gacha bídh agus sean gacha
dighe." Bheadh sé féin agus a theaghlach go léir ag solá-
thar chúcha agus ag friothálamh ortha. Ar ball do theas-
tóchadh rud éigin uatha nár bh'fhéidir a dh'fhághail. Thais-
beánfaidís an míshásamh a bheadh ortha. Chuirfeadh san,
b'fhéidir, fearg ar an rígh chun a mhuintire féin, toisg
nár féadadh an rud san do sholáthar. Do leogfadh na
filí ortha gur chúcha féin a bheadh an fhearg. Mhéadóchadh
san an fhearg. Annsan d'éireóchadh na filí agus
d'imtheóchaidís as an áit ag aoiradh agus ag cáineadh an
ríogh, agus ag spídiúchán air, agus'ghá innsint ar fuid na
h-Éireann cad í an easonóir agus an droch-chóir agus
an tarcaisne a thug an rí sin dóibh. Annsan bheadh
díoghaltas déanta acu air, agus a ndroch-aigne féin
imeartha acu air, agus bheadh brón curtha acu ar cháirdibh
an ríogh sin, ar fuid na h-Éireann, agus áthas curtha
acu ar a námhdaibh.



Mar adubhradh, bhí Aodh mac Duach Duibh agus Aodh
Fionn i n-aonfheacht 'n-a ríghthibh Oirghialla agus Bréifne,
agus bhí formad mór acu le n-a chéile, i dtreó,
aon ghníomh fóghanta a dheineadh rí acu nár bh'fholáir
leis an rígh eile gníomh ab fhearr 'ná é do dhéanamh. Níor
mhar a chéile, ámhthach, an cumas a bhí acu araon ar na
gníomharthaibh maithe dhéanamh; mar is amhlaidh a bhí
duine acu agus é lán de shaidhbhreas, i dtreó go raibh
cumas aige ar a chuid saidhbhris do chur chun tairbhthe
do gach aoinne bheadh 'n-a ghátar. B'shiné rí Bréifne.
Ní raibh puinn saidhbhris ag an bhfear eile, ag rígh Oir-
ghialla, ach bhí sé cródha gaisgeamhail, agus dheineadh
sé mórán tairbhthe d'á cháirdibh le n-a chródhacht agus
le n-a ghaisgeamhlacht. Nuair a dheineadh an fear


L. 4


saidhbhir tairbhthe le n-a chuid saidhbhris, bhíodh an fear
cródha a d'iarraidh tairbhthe éigin ba mhó 'ná é sin do
dhéanamh le n-a chródhacht; agus nuair a dheineadh an
fear cródha tairbhthe mór éigin le n-a chródhacht, bhíodh an
fear saidhbhir a d'iarraidh buadhachtaint ar an dtairbhthe
sin leis an úsáid a dheineadh sé d'á chuid saidhbhris.
Déarfadh duine nár bh' fholáir nó go raibh saoghal sámh,
ar gach taobh, ag na daoine a bhí fútha, ach ní deir an
sgéal go raibh.



Má bhí búntáiste ag Aodh Fionn, toisg an saidh-
bhreas go léir a bheith aige, bhí búntáiste 'n-a choinnibh
sin ag Aodh Dubh; mar bhí sgiath uathbhásach aige, sgiath
a bheireadh buadh dhó i gcath pé neart a bheadh 'n-a choinnibh.
Dubhghiolla ab ainim do'n sgéith sin. Nuair a chíodh
an námhaid an sgiath sin i láthair catha ní fhanadh neart
ná meanma ionta. Nuair a chídís í ag déanamh ortha
d'iompuighdís agus do theithidís. Chuireadh an sgiath
sin an teitheadh ortha pé neart slógh a bheadh acu, nó pé
luíghead nirt slógh a bheadh 'n-a gcoinnibh.



Bhí an sgiath sin ag baint codladh na h-oidhche d'Aodh
Fionn. Níor bh'fhéidir dó an lámh uachtair fhághail i
gceart ar Aodh Dubh, ins na deagh-ghníomharthaibh, an
fhaid a bhí an sgiath sin aige. Cheannóchadh sé í, ach d'á
mhéid saidhbhreas a bhí aige ní cheannóchadh an saidhbhreas
an sgiath. Ní thabharfadh Aodh Dubh an sgiath sin uaidh
ar shaidhbhreas na h-Éireann go léir, nídh nár bh'iongnadh.
Bhí Aodh Fionn ag machtnamh agus ag machtnamh féachaint
conus fhéadfadh sé teacht ar an sgéith, agus is amhlaidh
a bhíodh gach machtnamh ag dul sa mhuileann air go dtí
gur thárla nídh áirighthe dhó.



Dallán ab ainim do'n rígh-ollamh a bhí an uair sin ar
fhilíbh na h-Éireann. Do thárla go dtáinig sé ar chuaird
ollamhnachta ag triall ar Aodh Fionn. Bhí an saidhbhreas


L. 5


ag Aodh Fionn, agus d'á bhrígh sin is ag triall air ba
mhaith leis na filíbh teacht. Níor mhór dó an saidhbhreas
a bheith aige. Aicme chosdasamhail ab eadh iad. Bhí
trí naonbhair de chualacht an uair sin ag an rígh-ollamh,
ag Dallán. "Ach," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "cad é
a bhrígh an méid sin!" Fan go fóil. Bhí a bhean agus
a chlann i n-aonfheacht leis an rígh-ollamh, agus bhí a
sheirbhísigh féin agus seirbhísigh a mhná i n-aonfheacht leis.
Bhí a bhean agus a chlann agus a sheirbhísigh féin i
n-aonfheacht le gach file des na trí naonbharaibh a bhí i
gcualacht an rígh-ollaimh. Bhí a chapaill agus a charbad
ag an rígh-ollamh, agus bhí a chapall féin agus a charbad
féin ag gach file des na trí naonbharaibh. Bhí ara do
gach carbad, agus giolla do gach capall. Bhí, annsan,
coin agus gadhair agus éanlaithe, cearca agus géana
agus lachainí, ba agus caoire agus gabhair, agus cailíní
agus buachaillí chun aireachais a thabhairt dóibh go léir;
i gcás, ar ball, nár bhfoláir do'n rígh 'n-a dtiocfaidís
ag triall air bheith saidhbhir go maith nó bheadh sé thiar air
sar a mbeadh sé sgartha leó.



Ach bhí an saidhbhreas ag Aodh Fionn, agus ní raibh
aon bheann aige ar an gcosdas. Chuir sé cóir an uair
sin ortha níb' fhearr 'ná mar a chuir sé aon uair roimis
sin d'á dtángadar chuige. Bhí a chúis féin aige leis sin,
mar a chífear ar ball. Níor thuigeadar-san, ámhthach,
go raibh aon chúis aige leis ach an chúis a bhíodh i gcómh-
nuidhe aige leis, .i. chun a thaisbeáint gur bh'fhearr
d'fhear é, agus gur bh'fhearr de rígh é, 'ná Aodh mac
Duach.


L. 6


Caibidiol a dó.



Dallán agus Aodh Fionn.



Bhí Dallán agus a mhór-chualacht tamhall maith i bhfochair
ríogh Bréifne. Bhíodar go socair agus go sámh agus
go sásta 'n-a n-aigne. Bhí an chóir níb' fhearr agus níb'
uaisle, an deoch níba bhríoghmhaire, an biadh níba dheagh-
bhlasta, an t-ollmhughadh níb' eólgaisíghe, an friothálamh
níba thráthamhla agus níba chruinne agus níba thuisgion-
aighe, 'ná mar a bhíodh ar aon ócáid roimis sin, cé gur
dheacair aon locht fhághail riamh ar an gcuma 'n-a
ndeintí na gnóthaí sin i rígh-theaghlach ríogh Bréifne.



Mar gheall ar gach aon rud a bheith chómh mór chun a
thoile, bhí Dallán go suaimhneasach agus go sásta i
n'aigne agus níor dheacair dul chun cainte leis. Bhíodh
sé féin agus an rí i halla an óil go minic, agus gan
ann ach an bheirt acu, agus iad ag ól fíona an ríogh agus
iad ag moladh a chéile go h-árd, agus gan aoinne ann
a dhéanfadh aon chur 'n-a gcoinnibh. Dallán ag moladh
an ríogh mar gheall ar a fhéile agus ar a dheaghchroidhe
agus ar a shaidhbhreas, agus mar gheall ar na maitheasaíbh
móra a bhí aige 'á dhéanamh coitchianta. An rí ag
moladh an mhór-eóluis a bhí ag Dallán, agus ag moladh
na h-intleachta a bhí aige, agus ag moladh na filidh-
eachta a dheineadh sé, agus 'á rádh ná raibh riamh i n-Éirinn,
agus ná beadh go deó, rígh-ollamh ab uaisle cáil léighinn
ná ba mhó éirim aigne 'ná Dallán.



Ar ball, nuair a mheas Aodh Fionn go raibh an t-am
ann chuige, dubhairt sé mar seo.



"Tá onóir mhór ag dul duit, a rígh-ollamh," ar seisean,
"agus is mise thugann duit an onóir atá ag dul duit.


L. 7


Tugaim duit an onóir atá ag dul duit níos fearr
agus níos iomláine 'ná mar a thugann aon rí ná aon
ró-fhlaith eile dhuit í."



"Admhuighim, a rí," arsa Dallán, "go dtugann
tú onóir mhór dom. Ní foláir san d'admháil. Ach
ní h-aon iongnadh é. Tugtar onóir mhór dómh-sa thall i
n-Albain, agus thall i mBreatain, agus sa bhFrainc.
Tá ollamh uasal as gach crích dhíobh san im' fhochair agam,
agus mura mbeadh go dtuigtear go maith ins na
dúthaighibh iasachta san méid mo chumais ar an oileamhaint
cheart do thabhairt dos na h-uaislibh sin ní thiocfaidis ag
triall orm, a rí. Ní'lim ag fághail locht ar an onóir a
thugann tusa dhom. Ní'lim ach 'á rádh go dtugtar
onóir mhór dom ins gach aon bhall, amuich agus i
mbaile."



"Is fíor, a rígh-ollamh," arsa Aodh Fionn, "go
dtugtar an onóir mhór san duit, i n-Éirinn agus ins
na dúthaighibh iasachta san. Is fíor, leis, gur b'é do
cheart an onóir sin d'fhághail ós na ríghthibh agus ós na
ró-fhlaithibh sin go léir, amuich agus i mbaile. Ach
deirim gur mó an onóir a thugaim-se dhuit 'ná mar a
thugann aon rí ná aon ró-fhlaith dhíobh duit, a rí, amuich
ná i mbaile. Tugaim-se dhuit an onóir is ceart nuair
a bhíonn tú annso sa bhaile. Annsan, nuair a bhíonn tú
amuich ins na dúthaighibh iasachta san, ar do chuardaibh
ollamhnachta, agus tú ag fághail onóra ós na ríghthibh
iasachta san, leanaim-se ag tabhairt na h-onóra dhuit
annso sa bhaile, chómh maith agus dá mbeitheá féin
annso. Bím ag tabhairt aireachais dod' chuid, agus nuair
a bhíonn bó imthighthe as do chuid stuic cuirim féin bó 'n-a
h-inead, agus nuair a bhíonn pingin imthighthe as do chuid
airgid cuirim pingin i n-inead na pingine sin, i dtreó
go bhfaghfá do chuid saidhbhris agus ollmhaithis iomlán


L. 8


gan easnamh rómhat ar do theact abhaile ód' chuar-
daibh.



"Is fíor gach nídh d'á ndeirir, a rí," arsa Dallán,
"ach cad chuige go bhfuilir ag tagairt anois dos na
neithibh sin?"



"Sidé mo chúis leis," arsa Aodh Fionn. "Tá rí
Oirghialla comhnós liom-sa. Ní'l nídh a dh'iarrfá-sa
orm-sa ná beadh le fagháil agat láithreach. Ba cheart do
rígh Oirghialla, mar an gcéadna, pé nídh a dh'iarrfá
air é thabhairt duit, a rí."



"Ní'l nídh 'n-a sheilbh, lasmuich d'á fhlaitheas, ná tabh-
arfadh rí Oirghialla dhómh-sa, a rí," arsa Dallán.



"Ambriathar go bhfuil, a rí," arsa Aodh Fionn,
"rud aige lasmuich d'á fhlaitheas ná tabharfadh sé
dhuit-se.



"Cad é an rud é sin, a rí?" arsa Dallán.
"Tá," arsa Aodh Fionn. "sgiath aige agus Dubh-
ghiolla is ainim di, agus tá sí lasmuich d'á fhlaitheas
aige, agus dá n-iarrthá-sa air í ní thabharfadh sé dhuit í."



"Tá an sgiath sin aige gan amhras," arsa Dallán,
"agus is iongantach an t-seóid í."



"Is iongantach," arsa Aodh Fionn. "Is leis an
sgiath sin a bheireann sé buadh ins gach cath, agus is léi
a chosain sé a rígheacht riamh ar gach námhaid d'ár tháinig
ag cur isteach air. Sa sgiath sin atá a neart go léir
agus a chómhacht go léir. Agus dá n-iarrthá-sa air í, a
rígh-ollamh, ní thabharfadh sé dhuit í. D'á mhéid urraim
atá dhuit i n-Éirinn agus i ndúthaighibh iasachta, i n-Albain
agus i mBreatain agus thall sa bhFrainc, ní thabharfadh
rí Oirghialla dhuit an sgiath sin, .i. Dubhghiolla, dá
n-iarrthá air í thabhairt duit. Thabharfadh sé an t-eit-
eachas duit, a rígh-ollamh, níba thúisge 'nám ar a thabh-
arfadh sé Dubhghiolla dhuit."


L. 9


"Ní h-athchuiníghe fíor-éigis, ná fíor-dhuine an sgiath
sin d'iarraidh ar rí Oirghialla, a rí," arsa Dallán, "ach
mar sin féin tá 'fhios agam dá n-iarrainn í go
bhfaighinn í."



"Agus tá 'fhíos agam-sa dá n-iarrthá í ná faghfá í,"
arsa Aodh Fionn. "Iarr í," ar seisean, "agus annsan
beidh 'fhios ag an saoghal ce'cu gheóbhair í nó ná faighir."



"Mar adubhart, a rí," arsa Dallán, "ní ceart
a leithéid sin de sheóid a dh' iarraidh ar aon rígh."



Do stad an chaint ar feadh tamaill. Annsan do
labhair Aodh Fionn arís.



"Dhíolfainn-se thú go maith, a rígh-ollamh," ar seisean,
as í dh'iarraidh."



Níor labhair Dallán.



"Thabharfainn díoluigheacht duit as í dh'iarraidh," arsa
Aodh, "thabharfainn duit as í dh'iarraidh, céad bó agus
céad each, céad caoira agus céad muc."



I gcionn tamaill eile do labhair Dallán. "Tá go
maith," ar seisean, "raghad-sa a d'iarraidh na sgéithe.
Déanfad duan mholta do rígh Oirghialla, agus annsan
déanfad duan mholta do'n sgéith, do Dhubhghiolla féin,
agus iarrfad an sgiath mar dhíoluigheacht as an dá
dhuan. Annsan mura dtugtar dom an sgiath aoirfad
rígh Oirghialla."



Bhí Aodh Fionn sásta. Chuireadar díobh an oidhche
sin; nó mar adeir an seana leabhar, "rugsad as"
an oidhche sin.



Níor chodail Dallán puínn i gcaitheamh na h-oidhche
sin. Bhí 'fhios aige go raibh obair chontabharthach gabhtha
ar láimh aige. Bhí 'fhios aige, mar adubhairt sé féin
nár bh'athchuiníghe fíor-éigis ná fíor-dhuine an sgiath
sin d'iarraidh ar rígh Oirghialla, agus b'shiné ag dul
'á h-iarraidh é le dúil sa tsaidhbhreas a gheall Aodh


L. 10


Fionn dó as í dh'iarraidh. Bhí Aodh Fionn sásta i n'aigne,
ach má bhí féin níor chodail sé puínn de'n oidhche. Níor
fhéad sé gan bheith ag cuimhneamh ar cad a thuitfeadh amach
nuair iarrfadh Dallán an sgiath ar Aodh Dhubh. Dá
dtugadh Aodh Dubh uaidh an sgiath, bheadh deireadh le n-a
chómhacht agus le n-a chumas ar a thír do chosaint ar
námhdaibh. Annsan bheadh deireadh le n-a chumas ar bheith
a d'iarraidh an lámh uachtair fhághail, ins na gníomharthaibh
móra maithe, ar Aodh Fhionn. Dá n-eitigheadh sé Dallán
agus an sgiath do chimeád, chimeádfadh sé a chómhacht,
agus a bhuadh ins na cathannaibh; ach dhéanfadh Dallán
an aoir dó, agus annsan bheadh sé gan chlú gan cháil,
gan meas air gan urraim dó, i láthair fear Éireann, go
deó; agus níor bhaoghal, as san amach, go ndéanfí aon
ghníomh a dhéanfadh sé do mholadh. Ní curfí i gcomparáid
é, a thuilleadh, le h-Aodh Fionn.



Tháinig an mhaidion. D'éirigh Dallán go moch. Do
gabhadh a chapaill agus a charbad dó. D'éirigh a chualacht
ollamhan. Trí naonbhair acu a bhí aige. Do gabhadh
a gcapaill, agus a gcarbhaid dóibh. Ghluaiseadar go
léir chun bóthair, iad féin agus a ngiollaí agus a seirbh-
ísigh, agus ba mhór agus dob' fhada an radharc ar bóthar
iad, ag gluaiseacht fé dhéin dúna ríogh Oirghialla.
Níor bh'fhada gur h-innseadh do'n rígh go rabhadar ag
teacht. Thuig sé i n' aigne láithreach, ó b' ag teacht ó
theaghlach ríogh Bréifne a bhíodar, nár bh'fholáir dó féin
iad do ghlacadh go fáilteach, agus an chóir ab fhearr a
bhí ar a chumas do chur ortha, i dtreó ná beadh sé le
rádh acu gur bh'fhearr an chóir a cuireadh ortha i dteaghlach
Aodha Fhínn 'ná mar a cuireadh i dteaghlach Aodha Dhuibh.
Chaillfeadh sé an t-anam nó thabharfadh sé féin a
mhalairt sin le rádh dhóibh.


L. 11


Caibidiol a trí.



Athchuiníghe Dhalláin.



Tháinig Dallán agus a chualacht ar an bhfaithche ar
aghaidh dúna ríogh Oirghialla. Bhí Aodh Dubh ann roimis
chun é ghlacadh mar ba chóir. Chuir sé na mílte fáilte
roimis. Thug sé trí póga dhó. Chuir sé míle fáilte
roimis an gcualacht ollamhan a bhí i n-aonfheacht le
Dallán.



"Téanam, a rígh-ollamh," arsa Aodh, "go mbéarfar
isteach im' dhún-sa thú féin agus do chualacht, agus go
gcuirfar oraibh an chóir is ceart do chur oraibh."



"Foidhne, a rí onóraigh," arsa Dallán. "Raghmíd
isteach id' dhún nuair a bheidh innste againn dot' onóir
cad a thug annso sinn anois, agus nuair a bheidh 'fhios
againn an bhfagham ár n-athchuiníghe. Nuair a bheidh an
athchuiníghe iarrtha againn, agus nuair a bheidh innste
agat-sa dhúinn go bhfuil an athchuiníghe le fághail againn,
beidh áthas orainn go léir agus sásamh aigne; agus
annsan beidh aimsir shuairc againn id' dhún-sa, a rí,
mar a bhí gach aon uair riamh d'ár thángamair chúghat."



"Aon athchuiníghe is toil leat-sa, a rígh-ollamh, a dh'iar-
raidh orm-sa, lasmuich de'n rígheacht so Oirghialla, tá sé
le fághail agat. Iarr aon nídh is maith leat a dh'iarraidh.
Ní bheidh sé le rádh go deó i n-Éirinn gur iarrais-se
athchuiníghe ar rígh Oirghialla agus nár tugadh dhuit an
athchuiníghe."



"Tá go maith, a rí," arsa Dallán. "Bhí sé buailte
isteach im' aigne féin go bhfaighinn an athchuiníghe uait,
agus d'á bhrígh sin do chumas dán mholta dhuit, agus
má's toil leat é déarfad an dán duit."


L. 12


"Is ró-mhaith linn an dán do chlos uait, a rígh-ollamh,"
arsa Aodh. Do labhair Dallán an dán, ach bhí an chaint
chómh seanda, chómh dorcha san, nár fhéad Aodh aon
fhocal de'n dán a thuisgint.



"Is breágh agus is maith agus is ceólmhar agus is
uasal an dán é sin, a rígh-ollamh, an t-é thuigfeadh
é," arsa Aodh Dubh.



"Is fíor dhuit-se sin, a rí," arsa Dallán, "agus
an t-é a dhein an fordheargadh file is dó féin is cóir
míniúghadh dhéanamh air. Is mise do dhein an dán agus
is mise mhíneóchaidh an dán."



Annsan do mhínigh sé an chaintársa a bhí sa dán, agus
sidé brígh a bhí sa chaint, .i. ná raibh i n-Éirinn fear gaile
agus gaisge chómh maith le h-Aodh Dubh; go raibh rian
a ghníomh, agus nimh a chródhachta ar a námhaid i ndiaidh
na gcathanna troma a bhí briste aige ortha; agus go
raibh sé tar éis na gcathanna san go léir do chur ar a
námhdaibh go léir tré bhíthin na sgéithe sin a bhí aige, .i.
Dubhghiolla. Dá gcuirtí a mhaitheas i gcomparáid le
maitheas na faraige go mbuadhfadh a mhaitheas ar mhaitheas
na faraige, mar go raibh sé chóm fial nó níos féile le
lucht éigse agus ealadhna, ag bronnadh saidhbhris ortha
mar a bhronnann an fharaige saidhbhreas, nó níba mhó 'ná
mara bhronnfadh an fharaige saidhbreas. Gur chuma solas
a ghnúise nó solus na gréine nuair a nochtann an ghrian
í féin ó'n sgamall i ndiaidh na fearthanna, mar gur
b'shiné uair is fearr agus solusmhaire a thaithneann an
ghrian ar na tíorthaibh, agus gur b'shiné uair a bhíonn a
gnúis cosmhail le gnúisríogh Oirghialla. Gur chuma é nó
an clár fithchille, mar dá mbeadh seacht bhfoirne fithchille
ag duine, agus gan clár fithchille aige, gur bheag an
tairbhthe dhó iad. "Mar sin," ar seisean leis an rígh,
"is tusa clár cothuighthe agus coinnmhe fear Éireann."


L. 13


"Is maith an dán é," arsan rí, "agus is mór an
moladh é. Ní cuímhin liom gur airigheas riamh moladh
chómh maith, i ndán chómh maith, ag rígh-ollamh 'á thabhairt
do rígh cúige. Tá tuillte ag an ndán san díol go
maith as, agus díolfad-sa thusa go maith a rígh-ollamh.
Níor deineadh riamh fós dán chómh maith leis do rígh, agus
níor dhíol rí riamh a' dán níos fearr ná mar a dhíol-
fad-sa thusa as an ndán san, a rígh-ollamh. Tabharfad
crodh agus conách agus airgead agus ór duit mar
cheannach ar an ndán san."



"Tabhair ba agus eachradh agus ór agus airgead agus
ollmhaitheas do'n t-é ghlacfaidh uait iad, a rí," arsa
Dallán, "agus tabhair dómh-sa an rud a ghlacfad uait.
An dán san atá abartha agam duit, do dheineas é 'at'
mholadh féin. Taithneann sé leat. Taithnfidh sé leis
an uile dhuine do chloisfidh é. Tá dán eile déanta
agam, a rí, do'n sgéith uasail sin agat, do Dhubh-
ghiolla, agus má 's maith an dán a dheineas duit féin,
a rí ró-uasail, tá an dán so atá déanta agam do'n
sgéith, do Dhubhghiolla, chómh maith leis, agus déarfad
an dán annso dhuit, a rí," ar seisean, "i dtreó go
bhfeicfir féin an dán a bheith chómh h-uasal leis an
sgéith,"



Annsan dubhairt sé an dán, ach bhí an chaint ró-ársa,
agus níor fhéad an rí ná aoinne dh'á mhuintir í thuis-
gint. Ní deir an leabhar gur mhínigh Dallán caint an
dáin sin do'n rígh, agus ní'l aon mhíniúghadh sa leabhar
uirthí. Ach do mhol an rí an dán chómh maith agus dá
dtuigeadh sé an chaint.



"A rígh-ollamh," ar seisean, "is mór agam-sa Dubh-
ghiolla, agus is maith an ceart dom san. Is mór
agam' dhaoine go léir í, agus is maith an ceart dóibh
sin. Is minic a thug sí saor ó'n gcath mise agus iadsan.


L. 14


Is minic a chuir sí sgannradh agus crith-eagla agus
deargruathar ar ár námhaid nuair a bhíodh ár námhaid
láidir líonmhar agus sinne ar bheagán nirt slógh.



"Dá bhrígh sin, a rígh-ollamh, táim buidheach dhíot-sa
mar gheall ar an ndán áluinn uasal san atá déanta
agat ag moladh na sgéithe seo, agus ceannóchad an
dán do réir uaisleachta agus tairbhthe agus maitheasa
na sgéithe. Gheóbhair uaim, mar dhíoluigheacht as an
ndán áluinn sin, ór agus airgead agus saidhbhreas,
oiread agus nár tugadh ar dhán eile riamh fós."



"Ní ghlacfad-sa uait-se, a rí," arsa Dallán, "ór
ná airgead ná saidhbhreas ar an ndán so do dheineas
ag moladh na sgéithe. Is do'n sgéith féin a dheineas
an dán, agus ní ceart an sgiath do chur i gcomparáid
le h-ór ná le h-airgead ná le saidhbhreas. Do dheineas
dán eile, leis, ag moladh na sgéithe agus déarfad é."



Annsan dubhairt sé dán eile a bhí chómh seanda chómh
h-ársa leis an méid a bhí ráidhte aige.



"Is áluinn an dán é sin, leis," ar san rí, "an
t-é thuigfeadh é. Tá an fhilidheacht go bínn agus go
ceólmhar ann, pé'r domhan é, agus is dócha go bhfuil
an bhrígh chómh maith leis an mbinneas agus leis an
gceól. Ceannóchad-sa é féin agus na dáin eile. Tabh-
arfad duit ortha céad bó agus céad each atá go maith
chun aistir, agus trí chéad muc, agus trí chéad caoira,
agus mór-chuid óir agus airgid agus iolmhaoine."



"Is mór agus is maith agus is saidhbhir an díoluigh-
eacht é sin, a rí," arsa Dallán, "ach dá mbeadh sé
chómh mór, chómh maith, chómh saidhbhir agus do labhair
béal duine riamh fós ní glacfí anois é. Is do'n sgéith
féin, do Dhubhghiolla, do dheineas-sa mo dhán agus ní
ghlacfad mar dhíoluigheacht ach an sgiath féin. Ní'l
nídh ar bíth chómh maith leis an ndán ach Dubhghiolla féin,


L. 15


agus ní'l nídh ar bith chómh maith le Dubhghiolla ach an
dán. Tugaim-se dhuit-se, a rí, an dán ar Dhubhghiolla,
agus tabhair-se dhómh-sa Dubhghiolla ar mo dhán. Beidh
buaidhte, annsan, agat-sa, i bhféile agus i bhfoghantacht
agus i mbronnadh séad, ar a bhfuil de ríghthibh i n-Éirinn,
ní h-eadh ach ar a raibh de ríghthibh i n-Éirinn riamh; agus
beidh buaidhte agam-sa, leis an ndán so a dheineas do
Dhubhghiolla, ar a bhfuil agus ar a raibh riamh fós i
n-Éirinn de ríghthibh filidheachta agus ollamhnachta."



Do dhubhaigh agus do ghormuigh ag Aodh Mac Duach
nuair airigh sé an chaint sin. Do stad sé gan labhairt
ar feadh abhfad. Thuig sé i n'aigne láithreach gur bh'é
Aodh Fionn mac Feargna, rí Bréifne do chuir suas
Dallán chun na sgéithe d'iarraidh. Bhí 'fhios aige, leis,
go n-aoirfadh Dallán é mura dtugadh sé an sgiath
dhó.



Fé dheireadh do labhair sé.



"A Dhalláin," ar seisean, "tuigim thú go maith.
Mura dtuigim an chaint atá id' dhán tuigim an íntinn
atá it' aigne. Ní h-uait féin a tháinís annso ag triall
orm-sa chun na sgéithe d'iarraidh orm. Chuir rí Bréifne
suas tú chuige. Tá 'fhios agam gur gheall rí Bréifne
mórán saidhbhris duit ach teacht agus an athchuiníghe sin
a dh'iarraidh. Is maith is eól duit nách athchuiníghe fíor-
éigis ná fíor-dhuine an athchuiníghe sin, agus is maith
is eól dómh-sa ná h-iarrfá-sa an athchuiníghe sin mura
mbeadh gur gheall rí Bréifne tuarastal maith dhuit
as í dh'iarraidh. Do gheallas-sa saidhbhreas mór duit
ar do dhá dhán, bíodh nár thuigeas féin ná aoinne atá
annso láithreach focal díobh. Chun na fírinne dh'innsint,
ní h-iad na dáin a mheasas a cheannach ach do dheagh-
mhéinn. Tá áthas anois orm nár ghlacais an ceannach.
Ní fiú do dháin é agus ní fiú do dheagh-mhéinn é. Níor


L. 16


ghlacais an saidhbhreas a tharaigeas-sa dhuit. Ní bhfaighir
an saidhbhreas atá geallta ag rígh Bréifne dhuit, mar ní
thabharfad-sa an sgiath dhuit, agus gan an sgiath ní
thabharfaidh Aodh Fionn duit an tuarastal a gheall sé
dhuit. Tá athchuiníghe iarrtha agat ná h-iarrfadh fíor-
éigeas ná fíor-dhuine agus ní'l pioc dá bhárr agat,
uaim-se ná ó rígh Bréifne."



"Ní thabharfair dom an sgiath, a rí," arsa Dallán,
"tar éis na ndán a dheineas ag moladh na sgéithe?"



"Ní thabharfad, a Dhalláin," arsa rí Oirghialla.
"Dheinis dán am' mholadh féin agus do réir mar a
mhínighis an dán do bhréagnóchainn é dá dtugainn duit
an sgiath."



"Conus a bhréagnófá é, a rí?" arsa Dallán.



"Thugais orm "maith mar mhuir mhór ná cuirfí ar
gcúl.' Dá dtugainn duit an sgiath do cuirfí mo mhaith
ar gcúl. Is fíor an dán. Ní cuirfar mo mhaith ar
gcúl; agus cúis mhaith leis sin, mar ní thabharfad duit-
se an sgiath."



"Aoirfad-sa thú dh'á dheasgaibh sin," arsa Dallán.



"Seachain, a Dhalláin," arsan rí.



"Má aoirann tú mise b'fhéidir gur tú féin a dhíol-
fadh as. Tá fearta agus míorbhuiltí ríogh neimhe agus
talmhan uaim-se it' aghaidh-se, chun me chosaint ort
féin agus ar t'aoirthibh agus chun me thabhairt saor
uait. An amhlaidh nách cuimhin leat an socarúghadh a
dhein naoimh Éireann idir sinne, ríghthe Éireann, agus
sibhse, aos ealadhna Éireann? Sidé an socarúghadh.
Pé duine agaibh-se do dhéanfaidh aoir éagcórtha dhúinne
trí bolga aithise d'fhás air; agus dá mba sinne do
thuillfeadh é, agus sibhse 'ghá dhéanamh orainn go cóir, an
oiread chéadna d'fhás orainne. Agus sidiad na naoimh a
dhein an socarúghadh san; .i. Colum Cille mac Feidhlimidh,


L. 17


agus Ciarán Cluana, agus Sean-Chiarán Saighre, agus
Finghín Maighe Bhile, agus Seanach mac Caitin, agus
Ruadhán Lothra, agus Bréanuinn Bhiorra, agus
Bréanuinn Fionnlogha, agus Mocholmóg naomhtha, agus
Comhghall, agus Lúgha Doire, agus Caillin naomhtha.
Siniad na naoimh a dhein an socarúghadh san eadrainn, a
Dhalláin. Anois má aoirann tusa mise, mar gheall ar
gan an sgiath a thabhairt duit, beidh aoir agat 'á
dhéanamh dom san éagcóir. Tá 'fhios agat féin go
maith go mbeidh, agus is ceart duit féachaint romhat
agus gan fearg Dé agus naomh Éireann do tharrac
anuas ort féin leis an éagcóir sin atá ar aigne
agat."



"Tá a lán ráidhte agat, a rí" arsa Dallán, "ach
ní bhéarfaidh an méid sin, ná oiread eile, saor uaim
anois tú. Aoirfad tú má aoiras aoinne riamh. Agus
measaim nách fearr dhom rud a dhéanfad 'ná díriúghadh
ort anois ó táimíd araon annso ar aghaidh a chéile."



Caibidiol a ceathair.



Aoir Dhalláin agus a tuarastal.



Annsan do thosnuigh Dallán ar an aoir do rádh os
cómhair an ríogh.



"A Aodh mhic Duaich Duibh," ar seisean, "A ruaich air
nách ruibh." Níor thuig aoinne focal uaidh, ámhthach, as
san amach. Chomáin sé leis go dtí go raibh a lán
ráidhte aige. Do stad sé. Do labhair an rí.


L. 18


"Dar fiadh," arsan rí, "ní fheadaramair an fearr
nó an measa an dán san a dubhraís anois 'ná an chéad
dhán adubhraís nuair a tháinís annsan. Dubhraís féin
gur dhán mholta an chéad dhán. Dar leat is dán cháinte
an dán san atá ráidhte anois agat. Ca bh'fhios dómh-sa
nách am' cháineadh a bhís sa chéad dhán agus am' mholadh sa
dán so? Nó ca bh'fhios dom an bhfuil brígh ná bunús
i n-aon chor led' chaint?"



"Ní h-iongnadh fear t'ainbhfhiosa 'ghá rádh san," arsa
Dallán, "agus ó's mise do dhein na h-aoir is mise
mhíneóchaidh duit iad. Ní dóich liom go mbeidh aon
fhonn mhagaidh ort um an dtaca 'n-a mbeid siad
mínighthe agam duit."



"A Aodh mhic Duaich Duibh. A ruaich air nách ruibh,"
adubhart leat. "Is ionann san agus lochán uisge
nuair a thagann tiormacht an tsamhraidh air. Nuair a
sataltar sa lochán san sgeinneann an méid uisge a
bhíonn ann amach as, agus annsan ní bhíonn aon
bhraon eile le feisgint ann go dtí go dtagann
fearthainn throm éigin arís. Sin mar a bheidh an sgéal
agat-sa anois, a rí. Tar éis na n-aoir so atá agam-sa
'á dhéanamh duit, imtheóchaidh do chlú agus do cháil
díreach mar a dh'imthigheann uisge an locháin shamhraidh
nuair a sataltar ann, agus ní bheidh cuimhne ag aoinne
i n-Éirinn ar aon nídh fóghanta d'ár dheinis riamh. Beidh
do chlú agus do cháil i ndísg, a rí. Molfar gníomh-
artha ríogh Bréifne agus ní chuimhneóchaidh duine ar aon
ghníomh d'ár dheinis-se riamh, ná ar aon ghníomh d'á
ndéanfair as so amach. Beidh do chlú chómh tirm, chómh
feóchta, chomh searg, leis an lochán samhraidh úd.



"Annsan, a rí, chuireas i gcomparáid thú leis an
éinín ar a dtugtar an cabhcán. Tagann an chuach agus
fágann sí a h-ubh i nid an chabhcáin. Nuair a thagann an


L. 19


chuach óg amach as an ubh san, beathuigheann an cabhcán an
chuach óg, agus marbhuigheann an chuach óg na cabhcáin óga.
Siné buidheachas na cuaiche óige ar an gcabhcán a chothuigh
í. Is cuma thusa, a rí, nó an cabhcán. Do chothuighis éigse
agus lucht ealadhan Éireann go fial go dtí so. Ach
anois, tar éis na n-aoir so atá déanta agam-sa dhuit,
ní bheidh de chuimhne ag éigse agus ag lucht ealadhan
Éireann ar an gcothúghadh san a thugais dóibh ach mar a
bhíonn ag an gcuaich ar an gcothúghadh a thugann an
cabhcán díthcéille dhi."



"Chuireas t'urlabhra i gcomparáid leis an sgread
a chuireann an lon as nuair a dúisighthear sa n-oidhche é.
Cuireann sé aon sgread amháin as, nó aon fhead amháin,
agus ní labhrann sé a thuilleadh an chuid eile de'n oidhche
sin, mar gheall ar an sgannradh do cuireadh air. Sin
mar a bheidh agat-sa, a rí, tar éis na n-aoir so atá
déanta agam-sa dhuit; ní bheidh it' urlabhra feasta
ach mar a bheadh sgread luin sa n-oidhche. Ní bheidh le
labhairt agat ach an t-aon fhocal amháin, i gcuideach-
tain, agus annsan éisteacht."



"Stad, a Dhalláin," ar san rí. "Ná labhair a
thuilleadh de'n tsórd san cainte im' fhiadhnaise le
h-eagla go ndéanfainn gníomh a chuirfeadh aithreachas
'n-a dhiaidh san orm," agus bhí a chlaidheamh aige d'á
tharrac agus é ag rádh na bhfocal.



"Tá an ceart annsan agat, a rí." arsa Dallán.
"Gabhtar m'eich dhom," ar seisean, "agus imtheóchad
láithreach."



"Ní fearr dhuit rud a dhéanfair, a rígh-ollamh," arsa
Aodh agus chuir sé gáire as. "Ní ró-mhaith a chuiris
an lá so," ar seisean. "Ní'l an sgiath agat agus
ní'l do thuarastal le fághail agat ó rígh Bréifne.
Cheapais nár bhaoghal go n-eiteóchainn-se thú. Bhí


L. 20


dearmhad ort. Tá aoir éagcórtha déanta agat
dómh-sa. Tá an socarúghadh a dhein naoimh Éireann
briste agat. Ní thabharfaidh Aodh Fionn aon tuarasdal
duit. Iarraim-se anois ar Cholum Cille an tuarasdal
atá tuillte agat do thabhairt duit."



"Imtheóchad, a rí," arsa Dallán, "ach fanfaid na
h-aoir agat-sa pé rud a dhéanfaidh Colum Cille
liom-sa," agus d'imthigh sé.



Do ghluais Dallán agus a chualacht amach as an áit.
Níor thugadar aghaidh thar n-ais ar dhún ríogh Bréifne. Ní
fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar rígh Bréifne mar ní raibh
an sgiath acu. Bhíodar go léir go dubhach agus go
dobrónach. Sar ar éirigh an coímhsgar san i dtaobh
na sgéithe bhí dhá áit mhaithe acu chun bheith ag dul ó áit
go h-áit díobh ar a gcuardaibh, agus bhí deimhne acu ar
chóir ana mhaith ins gach áit díobh, toisg an dá rígh
bheith ag formad le n-a chéile féachaint cé b'fhearr a
chuirfeadh cóir ortha. Anois bhíodar sgartha leis an
dá áit, agus ní raibh socair acu ar cá dtabharfaidís
aghaidh.



Nuair a bhíodar tamall amach ó dhún ríogh Oirghialla
do stad Dallán. Ghlaoidh sé chuige an chualacht.



"Féach," ar seisean, "a ollamhna, is iongnadh liom
féin an nídh úd adeirid lucht na sgéalaidheachta."



"Cad é an nídh é, a rígh-ollamh?" ar siad-san.



"Deirid," ar seisean, "an t-é a dheineann aoir go
h-éagcórtha gur dó is measa."



"Agus cad 'tá iongantach sa méid sin, a rígh-ollamh?"
ar siad-san.



"Tá so," ar seisean. "Is dóich liom-sa nár dhein
aoinne riamh aoir a bhí níb' éagcórtha 'ná na h-aoir a
dheineas féin, agus i n-inead díoghbhála dhéanamh dom
is amhlaidh atá maitheas mór déanta acu dhom."


L. 21


"Cad é an tairbhthe atá déanta acu dhuit, a rí,
má's iad a dhein é?" ar siad.



"Tairbhthe ana mhór," ar seisean. "Ag teacht
isteach sa bhaile seo dhom, ó chiainibh, bhíos dall, gan
léas radhairc i n-aon tsúil liom. Anois tá dhá súil
mhaithe agam agus radharc breágh géar glan ins gach
súil acu."



"Is maith agus is dian mhaith an sgéal é sin, a rígh-
ollamh," ar siadsan, "má's fíor é."



"Is fíor," ar seisean.



"Is deacair a chreideamhaint go bhfuil maith chómh
mór san tagaithe chúghat," ar siad, "agus, a rígh-ollamh,
i dtreó go mbeadh deimhin againn air, agus nách i n-ais-
tear a bheadh ar n-áthas, innis dúinn cad é an t-eagar
a bhí orainn nuair a ghlaodhais orainn?"



"Bhí dhá naonbhar agaibh rómham," ar seisean, "agus
naonbhar agaibh im' dhiaidh."



"Is fíor," ar siad. "Siné díreach an t-eagar
a bhí orainn, agus ní fhéadfá an méid sin a dh'innsint
dúinn mura mbeadh go bhfuil radharc do shúl agat
chómh maith díreach agus atá ag aoinne againn féin!
Is mór an mhíorbhuilt ó Dhia é!" Agus chromadar ar
chaint agus ar iongnadh dhéanamh de'n nídh uathbhásach san
a bhí tuitithe amach 'na measg. Bhí cuid acu ar a
nglúinibh ag breith bhuidheachais le Dia, agus cuid acu
'n-a seasamh agus gan aon fhocal acu 'á labhairt ach a
súile féin ar leathadh le sgárd, agus iad ag féachaint
ar dhá shúil Dhalláin.



Chonnacadar aghaidh Dhalláin ag bánadh. Do labhair
sé leó:-



"Ní fheadar an sgéal maith atá agam," ar seisean.
"Do naisgeas mo chomairce, tá tamall maith aimsire
ó shin ann, ar Cholum Cille mac Feidhlimidh, 'ghá iarraidh


L. 22


air cómartha éigin éagsamhlach a thabhairt dom a chuir-
feadh i n-úil dom an bás a bheith ag teacht orm nuair a
bheadh sé ag teacht. Nídh éagsamhlach, gan amhras, iseadh
mé bheith gan aon léas radhairc im' shúilibh nuair bhíos
ag teacht isteach sa bhaile seo, agus radharc mo dhá
shúl a bheith agam anois chómh maith agus bhí sé agam na
lá is fearr a bhíos riamh. Beirtear chun mo thighe féin
mé!" ar seisean.



Do rugadar chun a thighe féin é. Dheallróchadh an
sgéal ná rabhadar abhfad ó n-a thigh an uair chéadna,
ach ní deirthear san sa leabhar.



Nuair a thángadar chun an tighe, "Curtar ar mo
leabaidh mé," arsa Dallán. Do cuireadh. Do mhair
sé, ar an leabaidh sin, trí lá agus trí oidhche. Annsan
do fuair sé bás. Do deineadh é thórramh, agus do
cuireadh é, agus annsan tháinig an bhuidhean go léir
go h-aon inead chun go ndéanfí rígh-ollamh do thoghadh
Do toghadh Seanachán Seanfhile agus do deineadh rígh-
ollamh de.



Caibidiol a cúig.



Buime na cléire.



Cómh luath agus bhí Seanachán Seanfhile ceapaithe,
órduighthe, 'n-a rígh-ollamh, dubhairt Muirean, Buime na
cléire, leis dul ós cionn chuirp Dhalláin agus an
marbhna do dhéanamh, mar ba ghnáth. Chómh maith do
chuaidh. Dhein sé an marbhna chómh h-áluinn sin go
raibh gach aoinne sásta agus go ndubhairt gach duine


L. 23


go raibh a sháith féin de rígh-ollamh sa bhfear a dhein an
marbhna san.



Muirean ab ainim don mhnaoi uasail a bhí pósta ag
Dallán, Muirean inghean Chúáin, agus bean-uasal ana
léigheannta ab eadh í. Ba chuma í nó banríoghan ar na
h-ollamhnaibh. An fhaid a bhí Dallán beó bhí oiread
ughdaráis aici ós a gcionn agus bhí ag Dallán féin, ar
shlighe, agus ba mhinic gur bh'é a toil a curtí i bhfeidhm
nuair a meastí gur bh'é toil Dhalláin a bhíodh 'á chur
i bhfeidhm. Bhí urraim ana mhór ag na h-ollamhnaibh go
léir di, agus "Buime na Cléire," an teidiol a thugai-
dís di. Bhí urraim ana mhór ag na h-ollamhnaibh go léir
do Sheanachán; ach má bhí féin ní de a déanfí rígh-ollamh
ach de dhuine eile mura mbeadh Muirean, Buime na
Cléire. Isí a dh'oibrigh an cluiche dhó. Nuair a dhein
sé an marbhna, ámhthach, os cionn chuirp Dhalláin bhí
áthas ar an gcléir go léir é bheith 'n-a rígh-ollamh ós a
gcionn.



Bhí inghean ag Seanachán, agus Méibh ab ainim di,
agus bhí caradas mór idir í féin agus Buime na Cléire.
D'fhanadar na h-ollamhna i bhfochair a chéile, i dtigh
Dhalláin, ar feadh roinnt aimsire tar éis bháis
Dhalláin. Do thárla, lá, an bheirt, Buime na Cléire
agus Méibh, i bhfochair a chéile agus gan ann ach an
bheirt.



"Ní h-é a leas, ná leas na cléire seo, a dhein
Dallán, a Mhéibh," arsa Muirean, "nuair a chuaidh sé
ar lorg na sgéithe úd ar rígh Oirghialla."



"Ní h-é, a Bhuime," arsa Méibh, "agus is mór an
iongnadh liom é 'ghá dhéanamh." "Aodh Fionn a chuir
suas é chuige," arsa Muirean, "agus is beag atá d'á
bhárr aige indiu. Is é ba thrúig bháis do Dhallán.
Tuigfear an nídh sin láithreach ar fuid na h-Éireann,


L. 24


agus ní maith an guidhe a gheóbhaidh Aodh Fionn ó éigsibh
Éireann nuair a tuigfear é."



"Ní fheadar an domhan, a Bhuime," arsa Méibh, "cad
fé ndeár d'Aodh Fionn a leithéid a dhéanamh. Ba
chóir go dtuigfeadh sé ná sgarfadh Aodh Dubh leis an
sgéith pé moladh ná cáineadh a déanfí air féin ná ar
an sgéith."



"Ní h-é Aodh Fionn fé ndeár an toirmeasg, agus ní
h-é Aodh Dubh fé ndeár e."



"Agus a Bhuime a' chroidhe 'stigh," arsa Méibh, "cé
fé ndeár é?"



"'Neósfad-sa dhuit, a laogh, cé fé ndeár é," arsa
Muirean. "Guaire mac Colmáin fé ndeár é."



"Aililiú!" arsa Méibh. "Is uathbásach an sgéal é
sin. Ní féidir liom a thuisgint, a Bhuime, conus a bhí
aon bhaint i n-aon chor ag Guaire leis an sgéal. Tá
'fhios ag an uile dhuine an t-éad agus an formad a
bheith ag Aodh Dubh agus ag Aodh Fionn le n-a chéile
i dtaobh an oinigh, nách chuma leó ce'cu dhíobh is mó a
gheóbhaidh clú an oinigh. Níor airigheas riamh tnúth ná
formad a bheith ag Guaire le h-aoinne de'n bheirt,
ná le h-aoinne eile i n-Éirinn. Ní gádh dhó é. Tá clú an
oinigh aige féin ar fuid na h-Éireann go léir, an fhaid
atá Guaire an oinigh mar ainim cheana ag Gaedhlaibh air i
n-Éirinn agus lasmuich d'oileán na h-Éireann."



"Is fíor, a ghamhain, go bhfuil an ainim cheana san
ar Ghuaire i mbéalaibh Gaedheal, ach ní gan mórán dá
dhuadh fhághail agus é cheannach go daor do fuair Guaire
an ainim sin. Ní'l aon teóra le n-a bhfuil de chostas
déanta aige ag cothúghadh éigeas agus ollamhan agus
dámh Éireann chun an teidil sin a cheannach do féin. Dá
leogadh sé le h-Aodh Dubh agus le h-Aodh Fionn, agus
iad ag sárúghadh ar a chéile mar a bhíodar, ba ghearr nách


L. 25


ar Ghuaire bheadh aoinne ag cuímhneamh i dtaobh oinigh ach
ar an mbeirt úd. Cheap Guaire go gcuirfeadh sé féin
deireadh leis an sárúghadh agus do chuir. Ó dhein
Dallán na h-aoir úd d'Aodh Dubh, tá deireadh le clú
Aodha Dhuibh, agus ó 'tá deireadh le clú Aodha Dhuibh
tá deireadh le tnúth Aodha Fhinn. Cuireann san oineach
Ghuaire ó bhaoghal a sháruighthe.



"Is iongantach an sgéal é sin, a Bhuime," arsa
Méibh. "An bhfuil deimhne agat air?"



"Tá deimhne agam air, deimhne mo dhóithin. Tá aithne
mhaith agam ar Ghuaire le fada. Is 'mó feall atá
déanta aige a gan fhios do'n tsaoghal, agus a gan
fhios do'n mhuintir a bhí thíos leis an bhfeall a dhein sé.
Is mithid díoghaltas a dhéanamh air," arsa Muirean.



"Agus, a Bhuime," arsa Méibh, "cé 'tá chun an
díoghaltais a dhéanamh air? Is eól duit gur b'é a
mhairbh seisear mac agus triúr drithár Fhulartaigh mhic
Eóghain, i Seisgin Uarbheóil, agus féach ná deineann
Fulartach díoghaltas air."



"Déanfad-sa díoghaltas air, a Mhéibh, ar chuma ná
beidh aon choinne aige leis, ach ní mór dom do
chongnamh-sa bheith agam chuige," arsa Muirean.



"Tá go maith, a Bhuime," arsa Méibh. "B'fhéidir go
dtuigfeá gur bh'fhearrde an congnamh a thabharfainn
duit-se mo chúis féin a bheith agam-sa chun díoghaltais
a dhéanamh air. Ach ní thuigim conus is féidir an
díoghaltas a dhéanamh."



"Éist liom go cruinn, a laogh," arsa Muirean,
"agus 'neósfad-sa dhuit conus is féidir an díoghaltas
a dhéanamh. Cuirfead suas an Thromdháimh chun dul ag
triall ar Ghuaire ar chuaird ollamhnachta."



"Ach! a Bhuime," arsa Méibh, "Ní dhéanfaidh san
blúire díoghaltais air. Is amhlaidh a chuirfidh san áthas


L. 26


air. Tá a leithéid d'fhuath agam dó níor mhaith liom
dul 'n-a ghoire!"



"Ná féadfá foidhne bheith agat agus éisteacht liom,
a laogh," arsa Muirean.



"Gaibh mo leathsgéal, a Bhuime," arsa Méibh.



"Comáin leat."



"Is eól duit go bhfuil ceangailte ar rígh, nuair a
bheadh an chléir aige, gan aon nídh i n-aon chor a bheith
i n-easnamh ortha?" arsa Muirean.



"Is eól, a Bhuime," arsa Méibh.



"Is eól duit, dá dtagadh mian d'aon duine acu,
go bhfuil ceangailte ar an rígh sin an mian san do
shásamh gan righneas?" arsa Muirean.



"Is eól go maith, a Bhuime," arsa Méibh, "ach nách
eol duit-se, a Bhuime," ar sisi, "gur b'é sin díreach
an nídh 'n-a mbíonn Guaire coitchianta ag maoidheamh
as, .i. nár fhág sé féin riamh mian de'n tsórd san gan
sásamh?"



"Is eól go maith, a laogh," arsa Muirean, "agus
is eól dom, leis, dá dtagadh mian do dhuine de'n
chléir, agus go dteipfeadh ar Ghuaire an mian san do
shásamh, go bhfágfadh san masla ar chlú Ghuaire agus ná
tiocfadh clú Ghuaire ó'n masla san go deó."



"Ní fheicim fós, a Bhuime," arsa Méibh, "conus atá
beartuighthe agat an díoghaltas a dhéanamh."



"Déanfad soiléir go leór duit é, a Mhéibh," arsa
Muirean. "Raghmíd go léir ag triall ar Ghuaire.
Cuirfidh san mórán cosdais air. Sin cuid de'n
díoghaltas. Tá saidhbhreas mór aige nó creachfaimíd é.
Annsan tiocfaid na mianta. Tiocfaidh mian dómh-sa,
agus beidh an chraobh aige nó teipfidh air an rud a bheidh
uaim do thabhairt chúgham. Má thagann leis an bheart san
a dhéanamh, ní túisge bheidh mo mhian fághalta agam-sa


L. 27


'ná mar á thiocfaidh mian duit-se a bheidh seacht n-uaire
níos deacara dh'fhághail. Má thagann leis do mhian-sa
dh'fhághail, ní túisge bheidh sé fághalta 'ná mar a thiocfaidh
do dhuine éigin eile mian a bheidh níos deacara dh'fhághail
seacht n-uaire 'ná do mhian-sa. Anois an dtuigeann
tú conus a dhéanfaimíd an díoghaltas? Sar a
mbeimíd sgartha leis, geallaim dhuit go ndéarfaidh
sé i n' aigne féin gur truagh chráidhte nár sgaoil se
thairis an dá Aodh agus Dubhghiolla."



"Agus, a Bhuime," arsa Méibh, "dar ndó' ní bheidh
'fhios aige i n-aon chor gur b'iad an dá Aodh agus
Dubhghiolla fé ndeár na mianta bheith ag teacht dúinne."



"Ná bíodh eagal ort ná go dtuigfidh sé an méid
sin go h-áluinn sar a mbéidh deireadh na mian tagaithe
dhúinn. Tuigfidh sé do thaobh-sa, leis, de'n díoghaltas,"
arsa Muirean.



"Tá go maith, a Bhuime," arsa Méibh, "Déanfad-sa
gach nídh díreach mar a déarfair-se liom é."



"Agus féach, a ghamhain," arsa Muirean, "Ná h-innis
dot' athair gur thárla an méid seo cainte eadrainn."



"Tá go maith," arsa Méibh."



Caibidiol a sé.



An Chuaird ar Ghuaire an Oinigh.



Bhí an méid aimsire ab fhéidir dóibh caitthe ag an
dTromdháimh i dtigh Dhalláin. Níor bh'fholáir dóibh, gan
a thuilleadh righnis socarúghadh ar áit éigin 'n-a raghdís
ann ar chuaird ollamhnachta. Ní raibh aon bhreith acu


L. 28


ar dhul go dún ríogh Oirghialla. Bhí an sgiath, Dubh-
ghiolla, tar éis dorais an dúna san do dhúnadh 'n-a
gcoinnibh go daingean. Níor bh' fhéidir dóibh dul ag
triall ar Aodh Fionn tar éis Dhalláin 'á gheallamhaint
go dtabharfadh sé an sgiath leis agus nár thug. Bhí 'sa
Tromdháimh ollamhain uaisle ó Chúig' Uladh. Dubhradar
san gur ó-thuaidh ar Chúig' Uladh ba cheart aghaidh a
thabhairt. Bhí ollamhain uaisle ó'n Múmhain ann agus
dubhradar gur ó-dheas ar an Múmhain ba cheart aghaidh
a thabhairt. Bhí ollamhain uaisle ó Chúige Laighean ann
agus ní shásóchadh aon treó baill iad ach soir. Do labhair
Muirean le Seanachán agus dubhairt sí gur siar ag
triall ar Ghuaire ba mhaith léi féin dul mar gur bh'é
Guaire dob' fhearr a chothuigheadh an chléir riamh. Tamall
'n-a dhiaidh san tháinig Méibh, inghean Sheanacháin agus
dubhairt gur siar ag triall ar Ghuaire ba mhaith léi féin
do raghfí. Ar ball do labhair Seanachán leis an dTrom-
dháimh agus dubhairt sé leó gur siar ag triall ar Ghuaire
ba mhaith leis féin a raghadh an Tromdháimh ar an gcéad
chuaird ollamhnachta a thabharfaidís faoi féin. Dubhra-
dar go léir, ó ba mhaith le Seanachán é gur bh'é ba mhaith
leó féin. Chomáin Seanachán teachtaire ag triall ar
Ghuaire 'ghá innsint dó go raibh an Tromdháimh ag dul
ag triall air.



Bhí tigh fé leith déanta ag Guaire dhóibh, i lár mach-
aire, tamall ó n-a dhún-árus féin. Tigh breágh mór
fairseang ab eadh é, agus na céadta seómraí ann; seómraí
bídh agus seómraí suidhte, seómraí aoibhnis, agus
seómraí codalta, agus hallaí móra chun cruinnighthe
agus cainte, agus seómraí chun cócaireachta agus chun
bídh a dh'ollmhúghadh. Nuair a fuair Guaire go rabhadar
ag teacht, chuir sé an tigh breágh san i n-órdúghadh agus
i n-eagar dóibh. Chuir sé isteach ann, ins na seómhraíbh


L. 29


go léir agus ins na hallaíbh go léir, an uile shaghas
triosgáin 'n-a raibh gádh leis, agus an uile shaghas éadaigh
leapan 'n-a raibh gádh leis, agus flúirse gach bídh d'á
fheabhas agus flúirse de gach adhbhar teine agus soluis.
Bhí mór-thimcheall an tighe mhóir sin aige ocht toibreacha
fíor-uisge dos na mnáibh, agus ocht toibreacha fíor-
uisge dos na fearaibh, i dtreó nár ghádh dóibh bheith ag
troid ná ag achrann ná ag teacht sa tslighe ar a chéile
mar gheall ar uisge.



Nuair a bhí an tigh curtha i dtreó ag Guaire, chuir sé
teachtaireacht ag triall ar Sheanachán, 'ghá iarraidh air
féin agus ar a chléir teacht, mar go raibh gach aon nídh
ollamh 'n-a gcóir aige.



"Tá míle fáilte rómhaibh go léir, a rígh-ollamh," ar
seisean. "Dé bhúr mbeatha go léir, bhúr n-olc agus
bhúr maith, bhúr n-uaisle agus bhúr n-ísle, bhúr bhfir
agus bhúr mná, bhúr n-óg agus bhúr n-aosta."



D'innis an teachtaire cad é an t-ollmhúchán mór a
bhí déanta dhóibh, agus cad é an flúirse bídh agus
dighe a bhí istigh rómpa sa tigh mór.



"Tá gníomh mór maith déanta ag Guaire," arsa
Seanachán, "mar ba ghnáth leis. Ní miste Guaire an
oinigh a thabhairt air, an t-aon rí amháin de ríghthibh
Éireann nár h-aoiradh agus nár cáineadh riamh fós
mar gheall ar bhiadh ná ar dhigh ná ar ór ná ar airgead."
"Agus anois," ar seisean, "ó tá an t-ollmhúchan go
léir sin déanta ag Guaire mac Colmáin, le h-eagla
go mb'fhéidir go gcuirfimís chun tuilleadh costais é, ní
bhéarfad-sa liom ach dhá dtrian na Tromdháimhe seo, ag
triall air. Fágfad annso an trímhadh trian, ag tabhairt
aireachais do'n áit seo. Nuair a bheidh an chuaird seo
tabhartha, béarfad an trímhadh trian so liom ar chuaird
go h-áit éigin eile, agus trian de'n dá dtrian so


L. 30


i n-aonfheacht leó. Déanfaid na trí treana uanuigh-
eacht ar a chéile ar an gcuma san."



Mar sin níor rug sé leis go dtí Guaire ach tri
chaogad éigeas, agus trí chaogad cú, agus trí chaogad bean.
Trí chaogad bean muintire agus trí chaogad giolla,
agus trí chaogad gadhar, agus naonbhar d'aois gach aon
chéirde.



Tháinig an méid sin go Durlas Ghuaire, go dtí an
tigh breágh mór a bhí ollamh ag Guaire dhóibh. Bhí Guaire
sa n-áit rómpa. Chuir sé na mílte fáilte rómpa,
roimhe n-a n-uasal agus roimhe na n-íseal, roimhe n-a
n-olc agus roimhe n-a maith, roimhe n-a n-óg agus
roimhe n-a n-aosta. Thug sé trí póga do Sheanachán
agus thug sé trí póga do gach uasal eile d'á raibh ar an
dTromdháimh. "Dé bhúr mbeatha go léir!" ar
seisean leó, "idir uasal agus íseal! Mór-fháilte
uaim daoibh uile, idir ollamh agus ánradh, idir éigeas
agus adhbhar, idir mhnáibh agus macaoimh, idir choin agus
giolla. Fáilte uaim do gach duine agaibh fé leith,
agus fáilte uaim daoibh go léir i n-aonfheacht!"



Annsan do cuireadh isteach sa tigh iad, agus do
sgaoileadh chúcha gach biadh agus gach deoch d'á fheabhas,
agus dubhairt Guaire leó aon nídh a bheadh i n-easnamh
ortha gan é cheilt agus go ndéanfí an nídh sin do
sholáthar dóibh agus do thabhairt chúcha.



Chuir Guaire obair chruaidh air féin nuair adubhairt
sé an chaint sin leó, mar daoine ana dheacair a shásamh
ab eadh iad. Deir an seana leabhar go gcaithtí biadh fé
leith d'fhághail do gach duine fé leith dhíobh, agus leabaidh
fé leith, agus ná luighdís aon oidhche gan tormas ortha,
agus ná h-éirighdís aon mhaidion gan mian éigin éag
samhlach do theacht do dhuine éigin acu, mian éigin nár
bh'fhéidir a dh'fhághail gan uathbhás trioblóide; agus


L. 31


annsan, d'á mbeadh an mian san puinn aimsire gan
fághail gur bh'ionann san agus gan é fhághail i n-aon chor.



Chuireadar roinnt aimsire dhíobh ar an gcuma san, ag
ithe agus ag ól agus ag tormas agus ag gluaireán
agus ag ceisneamh. A ndóithin le n-ithe agus le n-ól
acu agus gan iad sásta. An rud so agus an rud úd
agus an rud eile úd acu d'á lorg, agus annsan, nuair
a gheibhdís é, tar éis daoine dh'fhághail trioblóide tar
na beartaibh, b'fhéidir, 'ghá sholáthar dóibh, gan aon mheas
acu air ná aon bhuidheachas acu ar an t-é dhein é sholáthar.
Cóir chómhnuidhthe ortha agus cóir léighinn agus cóir
chaitheamh aimsire; cóir luighte agus éirighthe ortha agus
cóir chodlata go sámh, gan buairt lae ná oidhche: gach
aon chóir ortha dob' fhéidir do shaidhbhreas agus do dheagh-
mhéinn an ríogh do chur ortha, agus i n-aimhdheóin gach
córach agus gach deaghmhéinne iad go goirgeach agus go
cealgach agus go do-shásta agus go do-thígheasach agus
go neamh-shuaimhneasach.



D'á olcas a thaithneadh an chóir leó, agus d'á mhéid
pusuíol agus tormas agus ceisneamh a dheinidís,
iseadh ba mhó a gheibhtí d'á nduadh a d'iarraidh iad do
shásamh, agus d'á mhéid a gheibhtí d'á nduadh a d'iarraidh
iad do shásamh iseadh ba mhó a thaisbeánidís mí-shásamh.



Caibidiol a Seacht.



Na Mianta Éagsamhla.



Fé dheireadh, nuair a bhí an rí agus a theaghlach buailte
amach acu, nách mór, a d'iarraidh a mbuidheachais do
thuilleamh dheineadar an donus ar fad. Bhíodar go léir


L. 32


'n-a gcodladh go sámh oidhche áirighthe. Ba dhóich le duine
gur b'amhlaidh a bhíodar cortha de'n cheisneamh agus de'n
ghluaireán, agus go raibh a suaimhneas acu 'á ghlacadh
agus codladh acu 'á dhéanamh i dtreó go mbeidís mis-
neamhail neamhthuirseach i gcóir an lae amáirigh chun
tuilleadh toirmisg a dhéanamh. Níor leogadh dóibh an
codladh do chríochnúghadh. I n-am mhairbh na h-oidhche chuir
duine des na mnáibh liach aiste.



Do h-airigheadh an liach ins gach aon chúinne de'n tigh.
Do dúisigheadh an uile dhuine d'á raibh sa tigh. Do
phreabh gach aoinne 'n-a shuidhe. Chrom na mná agus
na leanbhaí ar ghol go h-árd. Bhíodar ag sgreadaigh
agus ag liúirigh agus ag béicigh. Bhí na fir ag glaodhach
ar a chéile 'ghá fhiafraighe cad fé ndeár an gleó. Cheap
a lán acu gur bh'é an tigh a bhí tré theine agus do
ritheadar amach. Bhí ba ag búirthigh, capaill ag seitrigh,
gadhair ag amhstaraigh. Tháinig Seanachán ag triall ar
Bhuime na Cléire.



"Cé dhein an liach uathbhásach, a ríogan?" ar
seisean.



"Mise," ar sisi.



"Agus, a ríogan a' chroidhe'stigh," ar seisean, "Cad
a tháinig ort?"



"Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh, ar sisi, "agus
mura bhfaghad an mian gan ríghneas gheóbha mé bás.



"Cad é an mian é, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán.



"Mo dhóithin le n-ól," ar sise, "de leamhnacht broc,
agus mo dhóithin le n-ithe de smior múdhorn muice
fiadhaine; agus mura dtugtar dom an mian san
laistigh de cheithre h-uaire fichid is mar a chéile é
agus gan é thabhairt dom i n-aon chor."



"Ní fuiriste an mian san a dh'fhághail, a bhanfhlaith,"
arsa Seanachán.


L. 33


"Caithfear é dh'fhághail," arsa Muirean, "pé deacar-
acht atá ann."



"Tá go maith, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Má
caithfear é dh'fhághail d'á luathacht a raghfar 'á sholáthar
iseadh is túisge a gheóbhfar é. Cuirfead teachtaire ag
triall ar Ghuaire 'ghá innsint dó cad é an mian é seo
a tháinig duit, agus nách foláir é thabhairt chúghat gan
ríghneas."



Ní raibh aon ghádh le teachtaireacht do chur ag triall
ar Ghuaire. D'airigh sé féin agus a theaghlach an gleó
i dtigh na Tromdháimhe agus tháinig sé féin féachaint
cad fé ndeár an gleó. Do bhuail sé féin agus Seana-
chán um á chéile.



"Conus atáthar annso ag an muintir mhóir mhaith so,
a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"Ní rabhthas riamh ní ba mheasa againn, a rí," arsa
Seanachán.



"Cad tá imthighthe oraibh?" arsa Guaire. "Nuair
airigheas an gleó," ar seisean, "mheasas gur bh'é an
tigh a bhí tré theine agaibh, nó gur bh'amhlaidh a bhí bhúr
leath marbh, nó go raibh droch-nídh éigin uathbhásach eile
tuitithe amach daoibh, agus thánag láithreach féachaint
cad fé ndeár an gleó. Cad fé ndeár é, a rígh-ollamh?"



"Mian a thárla do dhuine againn, a rí," arsa
Seanachán.



"Cé dhó go dtáinig an mian, a rígh-ollamh?" arsa
Guaire.



"Do Bhuime na Cléire, a rí," arsa Seanachán, "do
Mhuirean inghean Chúáin, bean Dhalláin."



"Agus cad é an mian a tháinig di, a rígh-ollamh?"
arsa Guaire, "Pé mian é ní foláir é sholáthar agus é
thabhairt di láithreach," ar seisean. "Níor leogas-sa
riamh mian aon duine uaim gan sásamh, go mór mór


L. 34


mian duine de Thromdháimh. Cad é an mian é seo atá
le sásamh anois agam?" ar seisean.



"Isé mian na ríoghna, a rí," arsa Seanachán," a
dóithin le n-ól a dh'fhághail de leamhnacht broc agus a
dóithin le n-ithe de smior múdhorn muice fiadhaine."



Thuit a lug ar a lag ag Guaire nuair airigh sé an
chaint sin, ach níor leog sé aon rud air le Seanachán



"Abair leis an dTromdháimh, a rígh-ollamh," ar seisean
le Seanachán, "a suaimhneas do ghlacadh agus gan a
thuilleadh fothraim a dhéanamh, agus imtheóchad-sa agus
tabharfad an leamhnacht san ag triall ar Mhuirean agus
an smior san. Gheóbhaidh sí a mian gan iomarca ríghnis."



D'imthigh Guaire agus chuir Seanachán an Tromdháimh
chun suaimhnis.



Bhí Guaire i gcruadh-chás. Ní fheidir se an domhan
cá bhfaighfí na bruic le crúdh, ná an 'mó broc a caithfí
chrúdh sar a mbeadh dóithin Mhuirean de'n leamhnacht
fághalta. Ná ní fheidir sé cá bhfaighfí muca fiadhaine
agus go mbeadh a dóithin de'n smior le fághail ins
na h-altaibh acu. Bhí 'fhios aige dá dteipeadh air go
n-aoirfí é, agus annsan go mbeadh deireadh go deó le
n-a chlú; ná h-aireófí "Guaire an oinigh" 'á thabhairt mar
ainim air choidhche arís. Ba thúisge leis go mór bás
d'fhághail agus a chlú bheith 'na dhiaidh 'ná bheith beo agus a
chlú imthighthe. Nó, mar adeireadh sé féin : "B'fhearr
liom bheith marbh agus m'oineach tar m'éis 'ná mé bheith
beó tar éis m'oinigh."


L. 35


Caibidiol a h-ocht.



Marbhán Muicidhe.



Bhí dritháir ag Guaire agus Marbhán ab ainim dó.
Bhí sé n-a chómhnuidhe i n-áit ar a dtugtí Gleann an
Sgáil. Marbhán Muicidhe a tugtí mar leas-ainim
ar Mharbhán, mar is amhlaidh a bhí tréad muc aige sa
ghleann agus é 'ghá n-aédhreacht. Sin mar a bhí a shaoghal
aige 'á chaitheamh. Agus bhí a shaoghal aige dá chaitheamh
chómh h-uaigneach san gur cheap na daoine gur naomh
gur bh'eadh é. Bhí urraim acu dhó mar gheall air sin
agus eagla acu roimis.



D'airigh Marbhán i dtaobh an ghleó a bhí i dtigh na
Tromdháimhe. Tháinig sé ag triall ar Ghuaire. Fuair
sé Guaire as a mheabhair, geall leis, le buaidhirt aigne.



"Cad é seo oraibh, a rí," arsa Marbhán.



"Tá mo dhóithin mór orm, a Phríomh-fháidh, agus breis,"
arsa Guaire; agus d'innis sé dhó conus mar a tháinig
an mian do Bhuime na Cléire, "Agus go deimhin le
fírinne dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean, "b'fhearr
liom, dá mb'é toil Dé é, bás d'fhághail anois láith-
reach 'ná maireachtaint a thuilleadh ar an saoghal so. Ní
féidir an mian úd a dh'fhághail, agus nuair a theipfidh
orm é dh'fhághail aoirfidh an Tromdháimh mé agus b'fhearr
liom bheith marbh 'ná bheith beó agus bheith ag éisteacht
leó ag déanamh na n-aoir dom."



"Níor innsis dom, a rí, cad é an mian é seo a
tháinig do Bhuime na Cléire. B'fhéidir ná fuil an
mian chómh deacair a dh'fághail agus is dóich leat-sa.
B'fhéidir ná fuil sé chómh riachtanach duit bás a dh'fhághail
agus mheasann tú. Pe'cu 'tá nó ná fuil isí Buime na


L. 36


Cléire ba mhaith liom-sa d'fhághail bháis ar dtúis sar a
bhfaighfá-sa bás. Cad é an mian a tháinig di, a rí?"
arsa Marbhán.



"A dóithin le n-ól de leamhnacht broc agus a dóithin
le n-ithe de smior múdhorn muice fiadhaine," arsa
Guaire.



"Cuir t'aigne chun suaimhnis a rí," arsa Marbhán.



"Chuaidh sí fada go leor ó bhaile leis an mian, ach tá
an dá nídh sin le fághail agam-sa i nGleann an Sgáil.
Gheóbhfar leamhnacht na mbroc ann, cuid mhaith dhe pé'r
domhan é; agus bíodh go mb'fhéidir ná féadfaimís
a dóithin a dh'fhághail de, féadfar leamhnacht eile do
mheasgadh air, mar tá blas leamhnachta an bhruic chómh
láidir sin go gcuireann sé a bhlas féin ar an leamhnacht a
measgtar air, i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne a dhéanamh
amach ná gur leamhnacht bruic ar fad é. Gheóbhthar an
smior, leis, agus fágtar fúm-sa é shocarúghadh i dtreó
ná beidh aon bhreith aici ar a dhéanamh amach cad é an
saghas muice as ar baineadh é."



Do fuaradh an leamhnacht bruic agus an smior,
agus do rug Guaire féin leis iad go dtí tigh na
Tromdháimhe. Do tugadh do Mhuirean iad le n-ól
agus le n-ithe. D'ith sí agus d'ól sí a dóithin díobh,
agus d'á mhéid dúil a bhí aici ionta, d'fhág sí fuidhleach
díobh gan ithe agus gan ól.



Annsan chuaidh gach aon rud chun suaimhnis i dtigh
na Tromdháimhe. Ní bhfuair Guaire puínn suaimhnis,
ámhthach, ó mhaidin go h-oidhche ná ó oidhche go maidin,
ach é ag déanamh gach aon tsaghas díchill ag soláthar chun
na Tromdháimhe, agus eagla a chroidhe air coitchianta
go mbeadh rud éigin i n-easnamh ortha a gan fhios dó,
nó go mbeadh cúis ghearáin éigin acu lasmuich d'á
thuisgint. Thagadh sé féin chun an tighe chúcha gach aon


L. 37


mhaidion ar an lóchaint, agus "Conus atáthar ag an
muintir mhóir mhaith seo?" adeireadh sé, agus bhíodh
áthas an domhain air nuair adeirtí leis go rabhthas go
maith, agus ná raibh aon locht le fághail ar aon rud ná
aon ghearán le déanamh ar aoinne.



Ní ró-fhada do lean an suaimhneas. Tháinig mian
eile do Bhuime na Cléire. Chuir sí liach aisti i lár
na h-oidhche. D'éirigh an gleó céadna. Ba mheasa
é 'ná an chéad ghleó, mar do lean sí ag sgreadaigh
agus ag liacharnaigh go dtí go rabhadar go léir as a
meabhair nách mór ó bheith ag éisteacht léi. Tháinig
Seanachán ag triall uirthi.



"Cad é seo ort, a bhanfhlaith a'chroidhe 'stigh!" arsa
Seanachán.



"Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi.



"Ach, go bhfóiridh Dia orainn! a bhanfhlaith," arsa
Seanachán, "an deoch eile de bhainne na mbroc atá
uait!"



"Ní h-eadh,a rígh-ollamh,"ar sisi, "ach rud is deacara
dh'fhághail 'ná bainne na mbroc d'á dheacaracht a
dh'fhághail é."



"Is truagh san, a bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Tá
Guaire go h-ana mhaith dhúinn go léir. Tá ár nduadh
aige d'á fhághail go cruaidh má fuaradh duadh aon daoine
riamh. Cheapas féin go mbainfinn ó'n dtrioblóid atá
againn 'á chur air le gan a thabhairt liom annso ach dhá
dtrian ár muintire; ach isé mo thuairim gur mó an
trioblóid dó an dá dtrian so anois 'ná ar chuir na
trí treana i n-aonfheacht riamh fós de thrioblóid air
féin ná ar aon rígh éile."



"Ní'l leigheas air sin, a rígh-ollamh," arsa
Muirean.



"Ní'l, a Bhanfhlaith, arsa Seanachán, "leigheas anois


L. 38


air, agus is mór an truagh é. Tá dhá rígh mhaithe iom-
puighthe i n-ár gcoinnibh le déidheanaighe mar gheall ar
rud a dh'iarraidh nár bh'fhéidir a thabhairt."



"Má tá, a rígh-ollamh," arsa Muirean. "Tá aoir
déanta ar rígh acu, agus ní thiocfaidh sé ó'n aoir sin go
deó."



"Tá, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán, "agus ní measa
dhó-san 'ná dhúinne é."



"Conus san anois, a rígh-ollamh?" arsa Muirean.



"Ní thiocfaidh rí Oirghialla ó'n aoir sin go deó.
Fágann san sinne gan ar ár gcumas dul ar chuaird
ollamhnachta ag triall ar rígh Oirghialla go deó arís.
Do gealladh an sgiath do rígh Bréifne. Ní bhfuaradh an
sgiath. Ní féidir do'n Tromdháimh aghaidh a thabhairt ar
rígh Bréifne agus gan an sgiath acu le tabhairt dó, fé
mar a gealladh dó. Sin gearrtha amach sinn ó'n dá áit
mhaithe san, a Bhanfhlaith. Anois má theipeann ar Ghuaire
do mhian-sa dh'fhághail duit aoirfar Guaire. Annsan
beidh an Tromdháimh gearrtha amach ó'n dtrímhadh h-áit, ó'n
áit is fearr díobh go léir, ó'n áit is fearr i n-Éirinn
'n-a gcurtar cóir ar aon Tromdháimh. Ní fheadar an
domhan cad a chuir i n-aigne Aodha Fhinn an sgiath a
dh'iarraidh i n-aon chor. Ní h-aon nídh fóghanta do chur
i n' aigne é. Tá díoghbháil mhór déanta aige, pé nídh é,
agus is eagal liom-sa nách 'n-a dheireadh dhúinn,
a Bhanfhlaith."



"Cad 'n-a thaobh gur b'eagal leat nách 'n-a dheireadh
dhúinn, a rí?" arsa Muirean.



"D'airighis, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán, "an
focal adubhairt an rí uasal, Dallán féin, sar a
dtáinig an bás air."



"Dubhairt sé," arsa Muirean, "nár thuig sé
go raibh brígh ná bunús leis an gcaint adeir lucht


L. 39


sgéalaidheachta i dtaobh na n-aoir éagcórtha, mar gur
dhein sé féin aoir éagcórtha agus nár dheineadar
díoghbháil ar bith dhó."



"Dubhairt sé rud eile láithreach 'n-a dhiaidh san, a
Bhanfhlaith," arsa Seanachán. "Dubhairt sé gur bh'é
Colum Cille do thug radharc a shúl dó, mar chómhartha
ar an mbás a bheith buailte leis."



"Agus ar ndó, a rí," arsa Muirean, "níor
dhíoghbháil é sin ach tairbhthe. Nách cuimhin leat go ndubh-
airt sé gur bh'é féin a dh'iarr ar Cholum Cille an
cómartha san a thabhairt dó?"



"Is cuimhin go maith, a Bhanfhlaith," arsa Seanachán,
"agus is cuimhin liom, 'n-a theannta san, nuair a dhein
sé na h-aoir éagcórtha ar Aodh Dhubh, gur chuir Aodh Dubh
Dia agus Colum 'n-a dhiaidh go daingean air. B'é
toil Dé an bás do theacht ar Dhallán mar gheall ar an
aoir éagcórtha agus annsan do thug Colum Cille an
radharc dó, mar chómhartha, i dtreó go ndéanfadh sé
an aithrighe. Nuair a tugadh radharc na súl dó mar
chómhartha ar an mbás a bheith buailte leis, do tugadh
radharc na h-aigne dhó tré ghrásta Dé, chun é féin do
chur i dtreó agus d'ollmhúghadh i gcóir an tsaoghail eile.
Bheadh sé beó fós againn, a Bhanfhlaith, mura mbeadh
an sgiath úd."



"Ná bíodh aon cheist ort, a rígh-ollamh,"arsa Muirean.
"Ní'l baoghal ar Ghuaire. Níor theip riamh fós ar
Ghuaire pé mian a thiocfadh do dhuine de'n Tromdháimh,
an mian a dh'fhághail dó. An rud nár theip riamh fós
air ní theipfidh sé anois air. Féach nár theip leamhnacht
na mbroc air, ná an smior úd."



"Tusa'ghá rádh agus Dia'á chómhlíonadh, a Bhanfhlaith!"
arsa Seanachán, "agus cad é an mian é seo atá aige
le soláthar anois duit?"


L. 40


"Tá," ar sisi, "peata cuaiche do bheith annso im'
fhiadhnaise, ar chraoibh eidhneáin, ag ceileabhradh dhom."



"Ó! a Bhanfhlaith," arsa Seanachán," ar airigh aoinne
riamh cuach ag ceileabhradh um an dtaca so 'bhliadhain!"



"Ní foláir mo mhian do sholáthar dómh-sa gan rígh-
neas," arsa Muirean "nó gheobhad bás!"



Níor dhein Seanachán ach imtheacht an dorus amach.




Caibidiol a Naoi.



An Peata Cuaiche.



Ní fada ó'n ndorus a bhí Seanachán imthighthe nuair
a bhuail Guaire uime, agus é ag teacht chun tighe na
Tromdháimhe, 'ghá fhiafraighe conus a bhítheas ann, nó cad
fé ndeár an gleó.



"Cad é seo anois oraibh, a rígh-ollamh?" ar seisean
le Seanachán.



"Ní rabhthas riamh níba mheasa againn, a rí," arsa
Seanachán.



"Cad 'n-a thaobh a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"Mian a tháinig do dhuine againn aréir, a rí,"
arsa Seanachán.



"Ó, ní fiú biorán agus san, á rígh-ollamh," arsa
Guaire. "Ní'l le déanamh ach an mian do sholáthar.
Cé dhó go dtáinig an mian?"



"Do Bhuime na Cléire, a rí," arsa Seanachán, "agus
is eagal liom-sa," ar seisean, "ná fuil an mian
ró-fhuiriste dh'fhághail."


L. 41


"Cad é an mian é, a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"Mian greannmhar, a rí," arsa Seanachán, ".i.
peata cuaiche bheith ar chraoibh eidhneáin 'n-a h-aice,
ag ceileabhradh. Níor airigheas riamh cuach ag ceileabh-
radh um an dtaca so bhliadhain."



Ní foláir an mian do sholáthar," arsa Guaire, agus
d'iompuigh sé ar a sháil gan a thuilleadh do rádh.



Ní h-abhaile chun a thighe féin a thug Guaire aghaidh
nuair a dh'iompuigh sé ar a sháil ó Sheanachán. Chomh
luath agus d'airigh sé an focal "peata cuaiche ag ceile-
abhradh ar chraoibh eidhneáin," thuig sé i n' aigne nár bh'
fhéidir an mian san a dh'fhághail. Thuig sé go dteipfeadh
air an mian do sholáthar. Thuig sé go n-aoirfeadh an
Tromdháimh é, agus go bhfágfadh san gan clú oinigh é
feasta, os cómhair fear Éireann. Ba rogha leis bás
d'fhághail níba thúisge 'ná mar a thuitfeadh san amach dó.
Bhí sé i dteannta. Bhí sé i dteannta chruaidh. Ní fheidir
sé an domhan cad ba mhaith dhó dhéanamh.



Bhí áit bheannuighthe sa chomhgaracht, áit 'n-a dtagadh
daoine chun turas a thabhairt, agus chun úrnuighthe dhéanamh
chun Dé nuair a bhídís i gcruadhtan,agus nuair ba mhian
leó a iarraidh ar Dhia fóirithint ortha agus iad d'fhuas-
gailt as an nguais 'n-a mbídís. Thug Guaire aghaidh
ar an áit sin. Fionnaragal na Féile ainim na h-áite.
Bhí sé ann, ar a ghlúinibh, agus é ag guidhe go cruaidh
chun Dé, 'ghá iarraidh ar Dhia, tré impidhe na Maighdine
Muire, agus tré impidhe naomh Éireann, agus tré
impidhe Cholum Cille a chuir ceangal dlighe ar éigsibh
Éireann é thabhairt saor as an nguais 'n-a raibh
sé an uair sin; é dh'fhuasgailt ó'n ngéibhinn 'n-a
raibh sé, gan a leogaint do'n Tromdháimh é aoiradh
agus a chlú do chur ar neamhnídh. Bhí a chroidhe agus
a aigne chómh dian san sa ghuidhe nár mhothuigh sé an


L. 42


duine 'n-a sheasamh i n'fhiadhnaise go dtí gur labhair
an duine.



"Móra dhuit, a rí!" arsan duine.



Níor thóg Guaire a cheann, ach d'aithin sé an glór,
glór Mharbháin, mar isé a bhí ann.



"Mór agus Muire dhuit, a bhráthair!" arsa Guaire
'ghá fhreagradh, agus níor labhair sé ach go h-ana íseal
bhí a leithéid sin de bhuaidhirt agus de bhrón agus de
thrioblóid aigne air.



"Cadí an bhuaidhirt seo anois, ort a rí?" arsa
Marbhán.



"Táim réidh anois, a bhráthair, murab ionann a's
riamh," arsa Guaire. "Ní raibh Buime na Cléire
sásta le bainne na mbroc. Tá mian eile tagaithe dhi.
Ní'l aon bhreith agam ar an mian so dh' fhághail di. Beidh
sé gan fághail agus aoirfidh an Tromdháimh me. Cuir-
fear mo chlú ar neamhnídh os comhair fear Éireann.
"Guaire an oinigh" m'ainim go dtí so. Atharóchar
an ainim sin anois. Ní bheidh feasta mar ainim orm
ach "Guaire an doichill, nó" ' Guaire an ocrais,' nó
"Guaire an dealbhais, n"ó ainim éigin a bheidh níos tar-
cuisnighe 'ná aon ainim acu san dá olcas iad. Thánag
annso chun a iarraidh ar Dhia, má 'sé a thoil naomhtha é,
mé thógaint as an saoghal agus in'oineach im' dhiaidh,
nó me dh'fhuasgailt ó'n gcruadhtan so 'n-a bhfuilim."



"Níor innsis dom fós, a rí," arsa Marbhán, "cad
é an mian uathbhásach é seo a tháinig do Bhuime na Cléire
agus do chuir sa teannta so thú."



"Ní foláir léi peata cuaiche bheith ar chraoibh eidhneáin
ag ceileabhradh 'n-a fiadhnaise," arsa Guaire.



"Tá go maith," arsa Marbhán. "Tar-sa liom-sa
anois go Gleann an Sgáil agus taisbeánfad an peata
cuaiche sin duit."


L. 43


Chomáineadar leó go Gleann an Sgáil. Gleann
fada doimhin ab eadh é. Bhí cnuic mhóra árda ar
gach taobh de. Bhí cosán tré n-a lár isteach, agus bhí
sruthán uisge ag rith amach as, fan an chosáin. Chom-
áineadar leo go dtí gur chuadar isteach ar fad sa
cheann ba chumhainge agus ba dhoimhne agus dob' uaig-
nighe de'n Ghleann. Bhí coill mhór istigh sa n-áit sin,
agus an t-adhmad ag fás ana thiugh sa choill sin, agus
na crainn ana mhór ann, ana árd, ana théagartha. Do
leanadar an cosán isteach tríd an gcoill, fan an
tsrutháin, go dtí go raibh mórán slighe curtha dhíobh
acu. Thángadar fé dheireadh chun na h-áite 'n-a raibh an
sruthán ag éirghe as an dtalamh; agus ní h-i bhfuirm
tobair fíor-uisge a bhí sé ag éirghe, ach is amhlaidh a bhí
an t-uisge ag brúth aníos tré phollaibh agus tré
sgoiltibh na carraige, 'n-a chnapógaibh, ba dhóich leat,
agus 'n-a chaisíbh beaga, annso agus annsúd, agus annsan
ag rith le fánaidh go dtí gur tháinig na caistí beaga
chun a chéile agus gur dhein sruth dhíobh, ag gluaiseacht
tríd an ngleann soir ó thuaidh. Tamall i leith-taoibh
ó'n áit 'n-a raibh an t-uisge ag éirghe as an gcarraig ar
an gcuma san, bhí tigh cómhnuidhthe Mharbháin. Tigh ana
bheag ab eadh é. Ní raibh ann ach an dá sheómra, an
chistin agus an seómra codlata.



Cuadar isteach. Chonnaic Guaire an chuach 'n-a
seasamh ar chipín adhmaid a bhí sáidhte sa bhfalla i n-aice
an tínteáin.



"Siní an chuach, a rí," arsa Marbhán.



"Cad é an mhaith í sin, a bhráthair?" arsa Guaire.



"Ní cuach bheó an chuach san," ar seisean.



"Fan leat go fóil, a rí," arsa Marbhán.



"Bliadhain na Bealtaine seo a ghaibh thorainn, a rí,"
arsa Marbhán, "i ndeireadh na Bealtaine, um thráthnóna


L. 44


lae Domhnaigh, bhíos ar mo ghlúinibh annsan i leith-taoibh
an doruis agus mé ag déanamh mo mhachtnaimh.
D'airigheas an fothram ag teacht chun an doruis. Do
léim an chuach san an dorus isteach chúgham agus fiolar
'n-a diaidh ar buile. Bhí an bata so im' láimh agam.
Do thógas an bata i gcoinnibh an fhiolair. Ba bheag
ná gur bhuaileas é sar ar iompuigh sé uaim amach.
Nuair iompuigheas isteach cad a bheadh ach an chuach bhocht
ar an úrlár agus í i ndeireadh an anama. Thógas suas
í. Má thógas ba ghearr a chuaidh léi. Níor bh'fhada
go raibh sí chómh marbh agus d'fhéadfadh an fiolar
í mharbhúghadh.



"Is dócha, a rí, gur minic, nuair a bhís óg, a bhainis
sgread maith láidir a' píopán gé mhairbh," arsa Marbhán.



"Am briathar gur minic," arsa Guaire.



"Ní ró-cheólmhar an guth a baintear a' píopán an
ghé, a rí," arsa Marbhán, "ach do chuir sé mise ag
machtnamh. Dubhart liom féin go mb'fhéidir go bhféad-
fainn guth na cuaiche do bhaint a' píopán na cuaiche sin
ach cur chuige sa cheart, agus go mb'fheidir go mbeadh
sé níba cheólmhaire 'ná an guth a baintear a' píopán
an ghé mhairbh. Thánag ar an gcuaich agus bhaineas amach
aisti a raibh istigh innti. Annsan d'fhuaghas an croiceann
go daingean i dtreó na féadfadh gaoth teacht amach as.
Shocaruigheas an píopán annsan, i dtreó, pé gaoth a
bheadh istigh sa chorpán, gur amach tríd an ngob a
chaithfeadh sí teacht. Annsan do shocaruigheas an luinithe
beag so i dtreó go bhféadfainn an corpán do theannadh
le gaoith, fé mar a dheineann an píobaire a mhála do
theannadh. Féach."



Le n-a linn sin d'oibrigh sé an luinithe agus theann
sé an corpán. Annsan do chuir se a mhéar ar chnaipe
bheag a bhí fé sgórnaigh an éin. Cómh luath agus do


L. 45


bogadh an cnaipe do ghluais an ghaoth amach tríd an
ngob. Do leath an béal. Do thosnuigh an corpán ar
é féin do shuathadh agus do luasgadh aran gcipín, i dtreó
gur dhóich leat gur b'éan beó é, agus i n-aghaidh gach
luasgadh d'ár bhain sé as féin tháinig na guthana
breághtha binne ceólmhara, amach as an ngob, "cuc
-cuach! cuc-cuach! cuc-cuach!" ar seisean, chómh
breágh, chómh binn díreach agus adéarfadh cuach bheó iad
i lár an tsamhraidh!



Bhí iongnadh ar Ghuaire.



"Tá a lán gléas socair agam istigh sa chorpán,"
arsa Marbhán, "ach ní gádh dhom iad do mhíniúghadh
dhuit-se anois, a rí. Ní gádh dhom a mhíniúghadh dhuit-se
ach conus an ceileabhradh do chur ar siubhal."



Thaisbeáin sé do'n rígh conus an ceileabhradh do
chur ar siubhal, agus do rug an rí leis an chuach, agus
chuir sé ar an gcraoibh eidhneáin í, i bhfiadhnaise Buime
na Cléire. Chuir sé a mhéar ar an gcnaipe, mar a
dheineadh Marbhán. Siúd ag labhairt an chuach agus
"cuc-cuach! cuc-cuach! cuc-cuach!" aici, chómh
maith agus gur bh'é lár an tsamhraidh a bheadh ann i n-inead
lár an gheimhridh.



Nuair a chonnaic Buime na Cléire an chuach, agus nuair
airigh sí an "cuc-cúach! cuc-cúach! cuc-cúach!" bhí
iongnadh agus alltacht uirthi má bhí iongnadh agus alltacht
ar aon mhnaoi riamh. Bhí 'fhios aici láithreach, nídh nách
iongnadh, nár chuach bheó an chuach a bhí ar an gcraoibh ag
ceileabhradh 'n-a fiadhnaise; ach bhí 'fhíos aici, leis, nár
chuach bheó a dh'iarr sí; nár iarr sí ach cuach, agus gur chuach
go fíor an rud san a bhí 'n-a fiadhnaise ar an gcraoibh.
Do mheas sí, agus do mheas gach aoinne a bhí láithreach
go raibh an ceól níba bhinne agus níba mhísle 'ná aon
ghuth cuaiche d'ár h-airigheadh riamh. Ní raibh focal le


L. 46


rádh aici. Dá bhfaigheadh sí aon locht ar an éan ná ar an
gceól, is amhlaidh a bheadh gach aoinne ar buile chúichi.
Bhí a lán de'n Tromdháimh a bhí ana bháidheamhail le Guaire
agus ba mhaith an ceart dóibh. Nuair airigh na daoine
sin na mianta deacara d'á n-áireamh bhí fearg agus
diombádh ortha. Nuair a fuaradh an leamhnacht broc
agus an smior bhí áthas mór ortha. Nuair airigheadar an
chuach d'á h-iarraidh um an dtaca san de'n bhliadhain
bhíodar ar buile le feirg, mar, dar leó, níor bh'fhéidir
an chuach san d'fhághail agus do h-aoirfí Guaire. Nuair
a chonnacadar an chuach mharbh ag ceileabhradh chómh breágh.
chómh binn ar an gcraoibh eidhneáin, bhíodar ar buile le
h-iongnadh agus le h-áthas. Bhí an mian fághalta, dar
leó,agus bhí sé fághalta ar shlighe a chuirfeadh clú Ghuaire
agus clú na Tromdháimhe sin suas go h-árd, i mbéal-
aibh fear Éireann, go deó deó.



Do thuig Muirean an méid sin go maith. Dá
bhfaghadh sí aon locht ar an gcuma 'nar soláthruigheadh
an mian di, is amhlaidh a dh'iompóchadh sí an Tromdháimh
go léir 'n-a coinnibh. Is amhlaidh, b'fhéidir, a tuigfí
gur le miosgais chun Guaire do loirg sí an mian san,
agus nách le dúil i gceileabradh na cuaiche. Dá
dtuigtí gur le droch-aigne chun Guaire dhéanfadh sí
a leithéid sin, bheadh an sgéal go h-olc aici. Chaithfeadh
sí imtheacht as an dTromdháimh, agus do h-aoirfí í féin.
Níor dhein sí ach a thaisbeáint go raibh áthas an domhain
uirthi agus buidheachas an domhain aici ar Ghuaire, agus
ana speóis aici sa chuaich agus sa cheileabhradh. D'iarr
sí ar Ghuaire a thaisbheáint di conus an corpán do
theannadh agus an ceileabhradh do chuir ar siubhal. Dhein
Guaire an nídh sin. Annsan ba dhóich le duine ar
Mhuirean go raibh sí chómh sásta san 'n-a h-aigne nár
bh'fhios caithin a thiocfadh aon mhian eile dhi.


L. 47


Um thráthnóna an lae sin bhí sí féin agus Méibh, inghean
Sheanacháin, i bhfochair a chéile.



"Tá buaidhte ag Guaire orainn, a Bhuime," arsa
Mhéibh.



"Ní h-aige atá buaidhte orainn, a Mhéibh," arsa
Muirean, "ach ag an bhfear san i nGleann an Sgáil.
Siné an fear a thug bainne na mbroc agus an smior
do Ghuaire. Siné an fear do shocaruigh an chuach so
chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail. Mura mbeadh
an fear san bhí an díoghaltas déanta fadó againn
ar rígh Connacht, an aoir déanta ag an dTromdháimh dó,
agus é díbeartha as an rígheacht so Connacht. Ní raibh
aon choinne agam go bhféadfí bainne na mbroc do
shóláthar, ná an smior. Ní féidir liom a thuisgint
conus a soláthruigheadh iad, ná cá bhfuaradh iad. Ach
an chuach so, agus í ag ceileabhradh annso im' fhiadhnaise,
idir dhá Nodlaig! cé mheasfadh go bhfeicfí a leithéid!"



"Is uathbhásach an mheabhair chinn agus an intleacht
atá ag an bhfear a cheap agus do shocaruigh í agus do
chuir ag ceileabhradh í! Is ró-fhuiriste a aithint ná
raibh puínn eile le déanamh aige," arsa Méibh.



"Caithfimíd fanmhaint socair anois go ceann
tamaill," arsa Muirean. "Tá iongnadh curtha ar an
dTromdháimh go léir ag an gcuaich seo. Ní'l 'fhios acu
cé ghléas í ná cá bhfuaradh í. Má bhí sé buailte isteach
'n-a n-aigne roimis seo ná teipfeadh ar Ghuaire mian
d'á dheacaracht do sholáthar, nár bh'fhéidir é, tá a n-aigne
socair anois air níos daingne 'ná riamh. Má bhí aon
sgátamhlacht ar chuid acu i dtaobh cad a bheadh ar chumas
Ghuaire nó cad ná beadh, do bhain an chuach so an ceann
de'n sgéal ar fad dóibh."



"Cé h-é an fear so, a Bhuime, do ghléas agus do
shocharuigh an chuach mharbh so?" arsa Méibh.


L. 48


"Gaol éigin do'n rígh iseadh é. Déarfadh daoine
gur naomh é. "Príomhfháidh" a thugann a lán daoine
air. Deir a lán ná fuil ann ach muicidhe i nGleann
an Sgáil. Sin a bhfuil d'eólus ná d'aithne agam-sa
air," arsa Muirean.



Caibidiol a Deich



Mian na Blonaige.



Do ghluais roinnt aimsire. Bhí an Tromdháimh ar a
suaimhneas agus ar a sástacht; a ndóithin le n-ithe agus
le n-ól acu; gach cóir lae agus oidhche ortha d'á fheabhas;
gach duine acu ag tabhairt aireachais do'n ealadhain
a bhí tabhartha dhó féin le cleachtadh agus le saothrúghadh,
agus gach duine ag déanamh a dhíchill ar a chéird féin nó
ar a ealadhain féin; i dtreó, dá dtagadh uaisle móra
an treó agus go n-iarrfaidís ar an dTromdháimh ealadha
nó cleasaidheacht nó aon chaitheamh aimsire dhéanamh
dóibh go ndéanfí dhóibh gan teip an nídh a dh'iarrfaidís.



Do réir dlighe na h-aimsire sin, bhí ceangailte ar
Ghuaire, nó ar pé rígh 'n-a mbeadh an Tromdháimh aige ar
a gcuaird ollamhnachta, gach aon tsaghas córach a bheith
aige ortha, agus gan aon nídh d'ár mhair riamh a bheith
i n-easnamh ortha aige. Ach má bhí an ceangal san ar
an rígh, bhí a chómhthrom de cheangal ar an dTromdháimh.
Bhí ceangailte ortha, aon duine thiocfadh, uasal nó íseal,
dá mb'é Árdrí Éireann é nó bacach an mhála, agus


L. 49


d'iarrfadh ortha caitheamh aimsire dhéanamh dó le filidh-
eacht nó le ceól nó le sgéaluidheacht, an nídh a dh'iarrfadh
sé ortha é thabhairt dó go dtí go mbeadh sé sásta. Dá
dtagadh duine chúcha ar an gcuma san, agus go n-iarrfadh
sé ortha ealadha dhéanamh dó, dá dteipeadh ortha an
ealadha sin a dhéanamh do'n duine sin, bhí mí-chlú fághalta
go deó acu. Mar gheall air sin ní bhídís díomhaoin
choidhche. Bhíodh an obair ab fhearr a dh'oireamhnadh é
ceapaithe do gach duine, agus bhíodh an duine sin coit-
chianta ag déanamh taithighe de'n ghnó san. An t-é 'n-a
mbíodh féith na filidheachta ann, bhíodh sé coitchianta
ag ceapadh dán, agus 'ghá gcur i mbun a chéile, agus ag
piocadh agus ag bearradh agus ag deisiúghadh ortha, ag
cur leó agus ag baint uatha, ag cur ionta agus ag
baint asta, go dtí go mbídís ar áilleacht an domhain
aige, agus ná féadfadh, dar leis, an brabusaídhe ba
ghéire aon lúb ar lár a dh'fhághail i n-aon dán acu. An
t-é 'n-a mbíodh féith an cheóil ann, agus mothughadh agus
tuigsint an cheóil 'n-a chluasaibh, agus mísleacht an cheóil
'n-a ghuth, agus binneas an cheóil 'n-a sgórnaigh agus 'n-a
cheann, agus uchtach ceóil 'n-a chliabh, bhíodh sé coit-
chianta ag déanamh cleachtais ar na saighseanaibh ceóil,
ar ghuthuigheacht agus ar chliaraídheacht agus ar gach sórd
cantainne; ar an gcruit agus ar an gcláirsigh agus ar
gach ceól úirlise. Agus an t-é bhíodh níb' fhearr ar
na guthanaibh 'ná ar na h-úirlisíbh, do leanadh sé de
shaothrúghadh na nguthana; agus an t-é 'n-a mbíodh na
méireana níba chliste aige 'ná mar a bhídís ag cách, do
leanadh sé de'n chruit agus de'n chláirsigh agus des na
h-úirlisíbh eile.



Na daoine ná bíodh an fhéith chun na filidheachta ionta,
ná an fhéith chun an cheóil, bhíodh, b'fhéidir, meabhair chinn
thar na beartaibh ionta chun na sgéaluidheachta. Do


L. 50


luíghdís sin amach ar fad ar shaothrúghadh na tréithe sin.
Bhídís ag foghluim na sgéal ós na seana sgéalaidhthib
agus 'ghá dtógaint do ghlan mheabhair, agus 'ghá bhfogh-
luim a' leabhraibh, agus 'ghá gceapadh as a n-aigne féin
amach, go dtí go mbíodh éacht de sgéaltaibh breághtha
móra fada bailighthe istigh 'n-a n-aigne agus n-a
gcuímhne acu, i dtreó go gcimeádfadh duine acu an
chuideachta dob' uaisle agus ba leigheanta ag éis-
teacht leis ó oidhche go maidin, ag innsint sgéil acu
san, gan codladh ná suan ná míogarnach do theacht ar
aoinne acu. Annsan, an t-é ná bíodh aon cheann des na
tréithibh móra ealadhanta san ann, bhíodh a lán mion
chleasaidheachta aige, ar a mhéireanaibh agus ar a lámhaibh
agus ar a chosaibh, ar liathróidibh agus ar shrangánaibh
agus ar sgeanaibh, fé mar a bhíonn anois ag lucht
méaracán agus ag a leithéidibh ar aontaighibh nú ar
chómhthalánaibh.



Nuair a bheadh cuideachta cortha des na h-ealadhnaibh
móra, gheibhdís caitheamh aimsire go minic sa mhion
chleasaidheacht. Bhí fhiachaint ar an dTromdháimh gach
aon tsaghas caitheamh aimsire thabhairt do gach aon
tsaghas cuideachtan. Dá bhrígh sin níor bhfoláir dóibh
bheith i gcómhnuidhe ag déanamh tathaighe des na h-ealadh-
naibh go léir, agus ní bhídís díomhaoin choidhche.



Nuair a bhí cúrsaidhe na cuaiche 'n-a sheana sgéal ag
muintir na Tromdháimhe agus ag teaghlach Ghuaire, do
cheap Muirean gur mhithid tuilleadh toirmisg do dhéanamh.
Tháinig oidhche do dhéanfadh, dar léi, an gnó. Bhí an
Tromdháimh go léir 'n-a gcodladh go sámh. Bhí níba mhó
tuirse ortha 'ná mar ba ghnáth, mar bhíodar tar éis
mórán oibre dhéanamh, gach aoinne acu ar a chéird nó
ar a ealadhain féin, i gcaitheamh an lae roimis sin.
I lár na h-oidhche do chuir Muirean liach aisti. "Chuir


L. 51


sí mairg aisti" iseadh adeir an seana leabhar. Do
léim gach aoinne as a chodladh. Do léim Seanachán as
a chodladh.



"O!" ar seisean leis féin, "cuach eile atá uaithi!"
Tháinig sé chun na h-áite 'n-a raibh sí.



"Cad é seo ort, a bhanfhlaith?" ar seisean.



"Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi, "agus
mura bhfaghad mo mhian gan ríghneas ní bheidh mé abhfad
beó."



"Cad é an mian é, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán.



"Go ndéanfí mo chuid bídh do bheiriúghadh dhom agus
d'ollmhúghadh dhom i mblonaig tuirc ghléigil nár rugadh
riamh agus na béarfar go deó," ar sisi.



"Ochón, a bhanfhlaith," arsa Seanachán, "ní fhead-
ar-sa an domhan cá bhfaighfar an mian san."



"Caithfear é dh'fhághail," ar sisi, "nó ní bhead-sa
abhfad im' mhuirghín ar an dTromdháimh."



D'iompuigh Seanachán amach. Chuaidh sé chómh fada
le teaghlach an ríogh mar níor deineadh oiread fothraim
an uair sin agus a deineadh an dá uair eile agus níor
dúisigheadh Guaire ná a theaghlach. Tháinig Seanachán
go dorus rígh-theaghlaigh Ghuaire. Do dúisigheadh Guaire
agus go h-innseadh dó go raibh Seanachán ag teacht chun
cainte dhéanamh leis. Do rugadh isteach Seanachán
i seómra codlata Ghuaire.



"Seadh, a rígh-ollamh," arsa Guaire, "míle fáilte
rómhat! Conus atáthar ag an dTromdháimh agus agat
féin?"



"Bhí an sgéal olc go leór againn, a rí," arsa
Seanachán, "nuair a bhí bainne na mbroc uainn. Bhí
an sgéal níba mheasa 'ná san againn nuair a bhí an
chuach uainn. Ach tá an donas ar fad anois orainn, a
rí."


L. 52


"Agus cad 'tá anois oraibh, a rí," arsa Guaire.



"Tá, a rí," arsa Seanachán, "mian a tháinig do
dhuine d'ár muintir ó chiainibh, agus measaim gur mian
é nách féidir a dh'fhághail ar aon tsaghas cuma ná le
h-aon tsaghas cuardaigh."



"Cad é an mian é?" arsa Guaire. "Ba chóir," ar
seisean, "nár bh'fhéidir dúil do chur i rud ná feacathas
uair éigin, i n-áit éigin. Cad é an mian é, agus cé
dhó go dtáinig sé?"



"Do Bhuime na Cléire iseadh tháinig an mian, a rí,"
arsa Seanachán, "agus isé mian a tháinig di ná go
ndéanfí a cuid bídh do bheiriúghadh agus d'ollmhúghadh dhi
i mblonaig tuirc ghléigil nár rugadh riamh agus ná
béarfar go deó.



"Seadh!" arsa Guaire i n'aigne féin, "táim réidh
anois murab ionann a's riamh!" ach níor leog sé air
le Seanachán go raibh aon chorbhuais i n-aon chor air.



"Tá go maith, a rígh-ollamh," ar seisean le Seanachán.
"Caithfear an mian do sholáthar. Imthigh-se thar n-ais
agus abair le Buime na Cléire go bhfaghfar an mian di."



D'imthigh Seanachán thar n-ais chun na Tromdháimhe
agus iongnadh a chroidhe air cá bhfaighfí an torc gléigeal
nár rugadh riamh agus ná raibh le breith choidhche.



"D'imthigh Guaire go Fionargal na Féile agus
chrom ar ghuidhe chun Dé é bhreith as an saoghal, dá mb' é
toil Dé é, sar a gcaillfeadh sé a chlú oinigh. Bhí sé ag
guidhe chómh cruaidh sin go dtáinig meanma an ghuidhe
chun aigne Mharbháin agus é i nGleann an Sgáil. Tháinig
Marbhán láithreach go Fionargal na Féile. Chonnaic
sé an cor a bhí ar Ghuaire.



"Cad é seo oraibh anois, a rí?" arsa Marbhán.
D'innis Guaire dhó an sgéal go léir.



"O! a chreach láidir é!" arsa Marbhán.


L. 53


"Is truagh an sgéal é!" ar seisean. Is agam-sa
atá an torc gléigeal san, a rí," ar seisean. "Ní
cheadóchainn ar shaidhbhreas an domhain go marbhófí é,
ach ní foláir é mharbhúghadh anois. Ach deirim an
méid seo leat-sa, a rí," ar seisean. "Ní h-é a
leas a tháinig chun Buime na Cléire nuair a tháinig an
mian san di."



Chuadar araon abhaile chun righ-theaghlaigh Ghuaire.



Caibidiol a h-aon-dhéag.



An Torc Fionn.



Ag teacht abhaile dhóibh bhíodar ag siubhal go réidh.



"Ní féidir liom a thuisgint, a bhráthair," arsa Guaire.
"conus a fuarais-se torc gléigeal nár rugadh agus
ná béarfar a bheith agat.



"Ní deacair é thuisgint, a rí," arsa Marbhán.
"Beagán bliadhanta ó shin," ar seisean, "do bhí cráin
bhreágh mhuice agam agus í ar bruach bheirthe. Muc
bhreágh mhór láidir ab eadh í, agus í chómh geal leis an
sneachta. Bhí sí chómh láidir sin agus chómh colgánta
san agus chómh h-ollamh san chun cómhraic, ná leogadh
eagla d'aon droch-bheithidheach teacht isteach sa ghleann,
bhí a leithéid de sgannradh ortha roímpi. Bhí sí ana
dheabhruightheach, agus bhí súil agam le h-ál breágh banbh
uaithi. Tháinig faolchú mhór chraosach isteach sa ghleann.
Thug sé aghaidh ar cheann des na mucaibh. Má thug
siúd chuige an chráin. Thug an chú snap ar an gcráin


L. 54


i dtreó gur osgail sé a maothán, agus le n-a línn sin
thug an chráin snap ar an gcoin i dtreó gur bhain sí an
ceann de. Bhí na muca go léir ag cneadaigh agus ag
sgreadaigh. Do ritheas féin amach. Fuaras an chráin
agus an chú marbh i n-aice a chéile. Bhí maothán na
cránach ar leathadh agus soitheach na n-orc tuitithe
amach ar an dtalamh. D'osgalas an soitheach agus
do sgaoileas amach iad. Orca fireanna ab eadh iad
agus ní raibh aon cheann baineann ortha. Do tógadh iad
agus bhí an rath ortha. Bhí aon orc amháin ortha a bhí níba
mhó agus níba threise go mór 'ná aon cheann eile acu.
Thugas aireachas fé leith dhó san, agus fé mar a bhí sé
ag fás bhíos 'ghá mhúineadh. Tá sé ana mhór ana láidir
anois, agus tá sé chómh múinte sin agam go ndéineann
sé gach nídh a dh'iarraim air chómh maith chómh cruínn chómh
ciallmhar, ba dhóich leat, agus a dhéanfadh duine. Má
bhíonn orm dul as baile ní gádh dhom ach a rádh leis air-
eachas a thabhairt do'n áit, do'n ghleann agus dos na
mucaibh; agus ní baoghal go mbeidh aon nídh bun ós cionn
ná aon mhuc i n-easnamh rómham nuair a thiocfad a bhaile.
Is buachaill dom é, mar nuair a bhíonn tuirse orm féin
ní bhíonn agam ach a rádh leis dul agus na muca do
chruinniúghadh agus do chur isteach i gcró na muc.
Imthigheann sé láithreach ar fuaid an ghleanna agus ní
stadann sé go dtí go mbíonn an mhuc dheirineach acu
curtha isteach aige. Is liaigh dom é, mar nuair a bhíd
mó chosa tinn, gearrtha, an leathar stracaithe as a chéile
ortha ó sgeachaibh agus ó dhreasaibh an ghleanna, tagann sé
agus cimileann sé a theanga dhíobh, agus is túisge a
dheineann an teanga san iad do chneasúghadh 'ná mar a
dhéanfadh aon dochtúir iad do chneasúghadh. Is ceóluidhe
dhom é. Nuair a bhíonn mairbhitíghe, nó míogarnach
chodlata orm, ní bhíonn le déanamh agam ach buille


L. 55


dem' chois a bhualadh sa chliathán air agus tugann sé a
dhrom faoí agus a thár anáirde agus deineann sé
crónán dom gur breághtha liom bheith ag éisteacht leis
'ná leis an gceól is breághtha d'ár baineadh riamh a'
cruit ná a' cláirsigh.



"Siné, a rí, an torc fionn nár rugadh agus ná béar-
far, agus is deacair dómhsa sgaramhaint leis. Ach
caithfead sgaramhaint anois leis mar gheall ar an mian
so a tháinig do Bhuime na Cléire. Caithfear an torc
fionn san do mharbhúghadh agus a chuid blonaige do
thabhairt do Bhuime na Cléire. Ní fhéadfainn-se féin
é mharbhúghadh. Ní leogfadh mo chroidhe dhom é. Caithfir-
se daoine uait féin do chur go Gleann an Sgáil chun
na h-oibre sin do dhéanamh."



"Cogar, a bhráthair," arsa Guaire. "Is mór an
truagh an torc san do mharbhúghadh. Ná déanfadh sé an
gnó ceann éigin de'n chuid eile de'n ál san do
mharbhúghadh?"



"Ní dhéanfadh, a rí," arsa Marbhán, "mar ní torc
gléigeal aon cheann eile acu. Tuigim-se im' aigne
go bhfuil droch-aigne ag Buime na Cléire dhom, agus
go bhfuil 'fhios aici an torc fionn so bheith agam. Dá
marbhuightí ceann eile dhi, do beadh 'fhios aici nár bh'é
an torc fionn do marbhuigheadh. Déarfadh sí láith-
reach nár tugadh a mian di, agus gur theip ar Ghuaire
a mian do sholáthar di."



"Tuigim," arsa Guaire. "Annsan is mise bheadh
thíos leis."



"Is tú," arsa Marbhán. "Caithfear an torc fionn
do mharbhúghadh. Ach, a rí," ar seisean, "cuimhnigh cá
bhfuilim ag caint leat. Níor tháinig riamh fós chun
Buime na Cléire mian ba mheasa dhí 'theacht chúichi 'ná
an mian so."


L. 56


Do marbhuigheadh an torc fionn agus do cuireadh
a bhlonag ag triall ar Bhuime na Cléire. Bhí Marbhán
go h-uaigneach, ach bhí Buime na Cléire go sásta 'n-a
h-aigne. Do ghluais roinnt eile aimsire gan aon
mhian do theacht di féin ná d'aoinne eile de'n Trom-
dháimh. Tar éis roinnt aimsire tháinig mian eile dhi
agus chuir sí an liach aisti mar ba ghnáth. Tháinig
Seanachán ag triall uirthi 'ghá fhiafhraighe dhi cad a bhí
uirthi.



"Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sise.



"Cad é an mian atá tagaithe anois duit, a bhan-
fhlaith?" arsa Seanachán.



"Táimíd go léir annso, a rígh-ollamh," ar sise, "le
tamall maith aimsire, agus ní'l aon radharc fághalta
fós agam ar rígh-theaghlach Ghuaire. Isé mian atá tag-
aithe chúgham ná go bhfaighinn each riabhach agus muing
dhearg uirthi agus cheithre cosa gléigeala fúithi; agus
annsan go bhfaighinn le cur umam brat ioldathach de líon
an rúdháin ealla, agus go suidhfinn ar muin an eich sin,
agus go mbeinn ag crónán rómham go Dhurlas Ghuaire."



D'imthigh Seanachán ag triall ar Ghuaire agus d'innis
sé a sgéal do'n rígh, agus d'imthigh Guaire go Gleann
an Sgáil. Bhí Marbhán 'n-a choinnibh amach as an
n-Gleann.



"Móra dhuit, a rí!" arsa Marbhán.



"Mór' a's Muire dhuit, a bhráthair," arsá Guaire.



"Measaim," ar seisean, "gur dhóbair dom mo
chuaird a bheith i n-aistear. Dá mbeinn beagán níba
dhéidheanaighe ní bheifá rómham."



"Is fé d' dhéin a bhíos ag dul, a rí," arsa Marbhán.



Agus cad a bhí 'ghat' bhreith fé m' dhéin, a bhráthair?"
arsa Guaire.



"Meanma do bhuadhartha a tháinig chugam, a rí," arsa


L. 57


Marbhán, "agus bhíos ag dul ag triall ort féachaint
cad fe ndeár an bhuaidhirt."



"Agus bhíos-sa ag teacht ag triall ort-sa a
bhráthair," arsa Guaire, "chun cúise mo bhuadhartha
dh'innsint duit. Tá mian eile tagaithe do Bhuime na
Cléire."



"Tar éis an tuirc fhínn an eadh!" arsa Marbhán.



"'Seadh go deimhin, a bhráthair," arsa Guaire.



"Agus cad 'tá uaithi anois?" arsa Marbhán.



"Teacht ar cuaird chun mo rígh-theaghlaigh-se," arsa
Guaire.



"Ní deacair an mian san a thabhairt di. Cad é an
bac atá uirthi teacht chómh luath agus is maith léi
teacht?" arsa Marbhán.



"Caithfear each do sholáthar di," arsa Guaire.



"Ba chóir nár chéim ró-chruaidh ort, a rí, an t-each
do sholáthar di," arsa Marbhán.



"Each riabhach atá uaithi," arsa Guaire, "agus ní
foláir muing dhearg a bheith ar an each, agus cheithre
cosa gléigeala bheith fé'n each.



"Tá an sgéal níos deacra 'ná mar a mheasas,"
arsa Marbhán. "Ba dheacair each de'n tsórd san
do sholáthar mura mbeadh a fhios a bheith agam-sa cá
bhfuil sé le fághail."



"Agus cá bhfuil sé le fághail a bhráthair?" arsa
Guaire. "Ní fheaca féin riamh a leithéid."



"Tá an t-each riabhach san, agus an mhuing dhearg
air agus na cheithre cosa gléigeala faoí, ag Iubhdán,
agat' chómhalta féin, theas ar bhruach na Sionainne."



"Tá go maith," arsa Guaire, "ach d'iarr sí nídh eile."



"Achaidhe!" arsa Marbhán. "Cad é an nídh eile a
dh'iarr sí?"



"Caithfear brat ioldathacha dh'fhághail di, agus é déanta


L. 58


de líon an rúdháin ealla, i dtreó go bhféadfaidh sí an
brat san a bheith uímpi aici agus í ag teact chun mo
rígh-theaghlaigh-se, ar muin an eich riabhaigh, agus a port
cronáin aici," arsa Guaire.



"Tá an brat san," arsa Marbhán, "ag inghín an
Iúbhdáin chéadna úd. Brat áluinn uasal iseadh é.
Ní déintear an t-éadach atá ann i nÉirinn. De líon
rúdháin ealla atá sa domhan toir a déintear an
t-éadach san. Ní fheadar conus a fuair Muirean amach
a leithéid a bheith ar bith."



"Is cuma conus a fuair sí amach é, ach ó 'tá an
brat ag inghín Iúbhdáin gheobhad-sa é le tabhairt do
Mhuirean," arsa Guaire.



Caibidiol a dó-dhéag.



An t-each raibhach agus an brat ioldathach.



Do chomáin Guaire teachtaire ó dheas láithreach baill
go bruach na Sionainne, chun na h-áite 'n-a raibh Iúbhdán
'n-a chómhnuidhe, 'ghá innsint dó cad é an púnc 'n-a raibh
sé féin agus 'ghá iarraidh air an t-each riabhach agus an
brat ioldathach do chur ag triall air. Ní raibh blúire
cur 'n-a choinnibh ag Iúbhdán an t-each do thabhairt uaidh,
ach do mheas an inghean nár rug sgéal dian riamh uirthi
féin ach an brat thabhairt uaithi. Brat ana áluinn, ana
ghreanta, dob eadh é. Ní raibh a leithéid eile le feis-
gint i n-Éirinn an uair sin. Ó'n Spáinn a tháinig sé
go h-Éirinn. Bhí Iúbhdán lá ar a bhád, thiar i n-aice


L. 59


na sróna ar a dtugtar léim Chúchulainn. Bhí stoirm
uathbhásach amuich ar an bhfaraige an lá céadna. Do
chomáin an ghaoth béal na Sionainne isteach long mhór
agus í leath-bháidhte. Bhí bád Iúbhdáin ar thaobh na
fothana de cheann na léime. Bhí crainn agus seólta
na luinge imthighthe. Do séideadh an long féin isteach
i dtreó na h-áite 'n-a raibh an bád. Ní raibh an t-uisge
doimhinn a dóithin sa n-áit. Do buaileadh i gcoinnibh
an ghrin í agus do thuit sí as a chéile. Do báthadh a
raibh de dhaoine uirthi ach aoinne amháin. Bean uasal
ab eadh an t-aoinne amháin sin. Do chaith an t-uisge
í i dtreo na h-áite 'n-a raibh Iúbhdán 'n-a bhád. Do
thóg sé an bhean isteach sa bhád. Mheas sé ar dtúis go
raibh sí marbh. Tháinig sí chúichi féin. Thug sé leis
abhaile í. Thug an inghean aire dhi, agus ba ghearr go
raibh sí chómh maith agus bhí sí riamh. Tar éis roinnt
aimsire tháinig long eile ó'n Spáinn chun na h-áite
céadna. Fuair muintir na luinge sin tuairisg ar an
luing a báthadh agus ar an mnaoi uasail a chuaidh saor,
agus do h-innseadh dóibh cá raibh sí an uair sin. Do
ráinig go raibh aithne acu ar an luing agus ar an
mnaoi uasail. Chuaidh an captaen agus cuid d'á
mhuintir go tigh Iúbhdáin. Do cuireadh míle fáilte
rómpa. Bhí áthas mór ar an mnaoi uasail. Do
shocaruigh sí ar dhul leó abhaile. Mheas sí díol-
uigheacht do thabhairt d'Iúbhdán agus d'á inghín. Ní
glacfí aon díoluigheacht uaithi. Bhí an brat ioldathach
úd uimpi nuair a tógadh as an uisge í. An fhaid a
bhí sí i dtigh Iúbhdáin thug sé fé ndeara go mbíodh
an inghean ag déanamh iongnadh de'n bhrat agus go raibh
ana dhúil aici ann. Nuair ná glacfí aon díoluigheacht
eile uaithi do bhronn sí an brat ar an inghín.



Bhí áthas an domhain ar an inghín. Chimeád sí an brat


L. 60


i bhfolach chómh maith agus d'fhéad sí é. Ní thabharfadh
sí ar ór ná ar airgead é. Ba chruaidh an cás é a rádh
go gcaithfí é thabhairt do Bhuime na Cléire. Ní raibh
leigheas air. Ní féadfí Guaire d'fhágáilt sa chruadhchás
'n-a raibh sé.



Do cuireadh an t-each riabhach agus an brat ioldathach
ag triall ar Ghuaire. Chuir Guaire ag triall ar Bhuime
na Cléire iad. Do cuireadh Buime na Cléire ar mhuin
an eich riabhaigh láithreach agus an brat ioldathach uímpi
aici. Siúd chun bóthair í agus an crónán aici d'á
chasadh go breágh bínn, agus í ag dul go Durlas Ghuaire,
díreach fé mar a tháinig an mian di.



Bhí an t-each riabhach ag gluaiseacht ar a shodar, go
breágh anamamhail, éasga, agus a crónán ar siubhal
ag Muirean go h-árd agus go ceólmhar. Ar leagadh
na súl do chuir an t-each riabhách cos tosaigh leis ar
chloich ghéir, agus siúd i ndiaidh mhullaigh a chínn amach é ar
fleasg a dhroma ar an mbóthar agus na cheithre cosa
gléigeala sa n-aer aige agus Muirean féi thíos!
D'éirigh an t-each. Níor éirigh Muirean. Nuair a
tógadh í do fuaradh go raibh sí marbh, gur briseadh
cnámh a lorgan agus cnámh a cuislean agus cnámh a
muiníl.



Do cuireadh an brat ioldathach thar n-ais ag triall
ar inghín Iúbhdáin, agus an t-each riabhach thar n-ais ag
triall ar Iúbhdán féin, agus do rugadh Muirean thar
n-ais chun teaghlaigh na Tromdháimhe chun go ndéanfí
í thórramh agus d'adhlacadh.



Ní miste a rádh ná go raibh iongnadh agus alltacht
agus buaidhirt agus brón i dteaghlach na Tromdháimhe
nuair a tugadh abhaile an corp. Do stad gach gnó d'á
raibh ar siubhal. Do cuireadh gnó an tórraimh ar bun.
Tháinig Guaire agus a theaghlach chun an tórraimh. Tháinig


L. 61


sagairt ann agus dubhradh aifrinní le h-anam Mhuirean.
Tháinig na cómharsain go líonmhar ann. Dhein Seanachán
marbhna os cionn an chuirp. Dhein gach file a bhí ábalta
air a dhán féin, ag moladh na mná a bhí marbh agus ag
moladh a gaolta agus a sínsear. Mholadar a tréithe
maithe féin, agus d'áirmhighdar gach tairbhthe d'ár dhein sí
do'n Tromdháimh i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sí
'n-a bhfochair, ó'n lá do phós Dallán í. Annsan do
mholadar Dallán agus d'áirmhighdar a mhór-thréithe agus
a mhór-eólus agus an urraim agus an onóir a bhí ag
dul dó, agus a tugtí dhó, i n-Éirinn agus i ndúthaíghibh
iasachta. Nuair a tháinig lá na sochraide do tháinig
an dúthaigh go léir chun na sochraide. Bhí na sagairt
ann ar tosach. Bhí an chómhra i ndiaidh na sagart. Bhí
Guaire agus a theaghlach i ndiaidh na cómhran. Bhí an
Tromdháimh i ndiaidh an ríogh. Annsan bhí uaisle agus
daoine na tíre mór-thimcheall. Do ghluais an tsochraid
i dtreó na h-áite 'n-a raibh teaghlach na Tromdháimhe
féin, mar ar fhág Seanachán an trian díobh nár thug
sé leis ag triall ar Ghuaire. Tháinig an trian san
i gcoinnibh na sochraide tamall maith de'n tslighe. Do
rugadh corp Mhuirean chun na h-áite 'n-a raibh corp
Dhalláin curtha, agus do cuireadh an chómhra síos sa
talamh i n-aice cómhran Dhalláin.



Do críochnuigheadh gnó na sochraide mar ba cheart
agus tháinig an rí agus na h-uaisle agus na daoine
abhaile chun a dtighthe féin, agus tháinig Seanachán agus
an Tromdháimh abhaile chun an tighe a bhí tabhartha ag
Guaire dhóibh. Do luigh gach duine de'n Tromdháimh
arís ar a chuid oibre féin do chleachtadh mar ba ghnáth
leis. Bhí uaigneas ortha ar feadh tamaill, ach bhí oiread
san acu le déanamh níor bh'fhada gur chuireadar díobh
an t-uaigneas.


L. 62


Bhí ceisneamh agus buadhairt ar Ghuaire mar gheall ar
an gcuma 'n-a bhfuair Buime na Cléire an bás do
theacht uirthi, ach, nídh nár locht air, bhí súil aige go
mb'fhéidir go raibh deireadh leis na miantaibh. Dá
mbeadh aige fios na cainte úd a thárla idir Bhuime na
Cléire agus Méibh, inghean Sheanacháin, tar éis bháis do
Dhallán, ní chodlóchadh sé ar an gcluais sin. Ní raibh
aon phioc d'fhios na cainte sin aige agus dá bhrígh sin
bhí súil aige le suaimhneas.



Nuair a thuit an tionóisg amach do Bhuime na Cléire
bhí Méibh ar buile. Thuig sí 'n-a h-aigne gur d'aon ghnó
a thug Guaire an t-each riabhach leis ag triall ar Bhuime
na Cléire, mar go raibh 'fhios aige na cosa tosaigh a
bheith go h-olc aige agus go ndéanfadh sé an bharthuisle.
Thuig sí 'n-a h-aigne, bhí sí deimhnightheach de, gur bh'é
Guaire fé ndeár an bás a fuair Buime na Cléire.
Bhí sí ar buile, ach ní raibh aon rud le rádh aici. Muir-
ean féin a dh'iarr an t-each riabhach 'n-a raibh an mhuing
dhearg air agus na cosa geala féi. Fuair sí an rud
a dh'iarr sí agus ní raibh aon rud le rádh ag aoinne.
Thug Méibh a h-aigne d'á máthair, do Bhrighid, bean
Sheanacháin. D'aontuigh an mháthair léi. Do shocaruigh
an bheirt 'n-a n-aigne go ndéanfaidís ar Ghuaire olc ba
mhó naoi n-uaire 'ná an t-olc a bhí ceapaithe ag Brighid
agus ag Buime na Cléire a dhéanamh air.



Ní raibh aon phioc d'á fhios san ag Guaire, agus d'á
bhrígh sin bhí sé ag brath ar go mb'fhéidir go raibh roinnt
suaimhnis aige le fághail.



Do fanadh socair ar feadh tamaill, go dtí go raibh
cuímhne na sochraide imthighthe, nó maoluighthe. Annsan
tháinig rud a bhain an mhíogarnach de Ghuaire.


L. 63


Caibidiol a trí-déag.



Na sméara dubha.



Bhí Méibh, inghean Sheanacháin ag machtnamh ar cad é
an mian ba mhaith dhi theacht di, i dtreó go gcuirfeadh sí
Guaire i bpúnc. Chuimhnigh sí ar na miantaibh a tháinig
do Bhuime na Cléire, agus ar conus mar fuaradh iad
go léir d'á dheacaracht iad. Do fuaradh bainne na
mbroc, rud ba dhóich le h-aoinne nár bh'fhéidir a
dh'fhághail pé cuardach a déanfí dhó. Do fuaradh an
smior, agus gur dhóich le duine nár bh'fholáir a raibh
de mhucaibh fiadhaine i n-Éirinn do mharbhúghadh chun é
fhághail. Do fuaradh blonag an tuirc fhinn nár rugadh
agus ná raibh le breith. Do fuaradh an chuach agus í ag
ceileabhradh idir an dá Nodlaig. Ba dhóich le h-aoinne
nár bh'fhéidir an chuach san d'fhághail ach do fuaradh í.
Do fuaradh an t-each riabhach agus an brat ioldathach,
déanta de líon an rúdháin ealla. Cé mheasfadh go
bhféadfí an brat san d'fhághail, ach do fuaradh é. Níor
mhaith an bhail ar Mhuirean gur fuaradh an t-each riabhach.
Ní bhfuair Muirean "áthas ar muin an eich."



Bhí Méibh i gcruadh-chás a d'iarraidh cuimhneamh ar rud
éigin nár bh'fhéidir a dh'fhághail. Fé dheireadh do chuimhnigh
sí air, dar léi. Tháinig oidhche do mheas sí a bhí oireamh-
nach. I n-aimsir na h-Inide ab eadh é. Bhí sioc agus
sneachta ann. Ní baoghal go raibh aon chorramhíola ann,
ná aon sméara dubha ar sgeachaibh.



I lár na h-oidhche, agus an Trómdháimh go léir 'n-a
gcodladh, chuir Méibh liach aisti, liach a bhí níba chaoile
agus níb' aoirde agus níb' fhiadhaine 'ná aon liach d'ár
chuir Muirean aisti. Do léim gach aoinne as a chodladh.


L. 64


Do lean an liach ag éirghe agus ag casadh agus ag dul,
i bhfiadhaine, go dtí gur mheas gach aoinne ná raibh aon
bhean beó a dh'fhéadfadh a leithéid d'fhuaim a chur as a
h-ucht ná as a sgórnaigh. Bhíodar deimhnightheach gur ó'n
saoghal eile do tháinig an liach agus gur bh'í Muirean
a tháinig chúcha agus do chuir an liach san aisti, agus gur
bh'amhlaidh a bhí sí chun díoghaltais éigin a dhéanamh ar
Ghuaire mar gheall ar an dtionóisg, agus a fhios acu
go léir nár bh'é Guaire fe ndeár an tionóisg ach í féin
nuair iarr sí an t-each riabhach.



Bhí 'fhios ag Seanachán nár bh'aoinne ó'n saoghal eile
do dhein an liach uathbhásach. Bhí 'fhios aige gur bh'í Méibh,
a inghean féin do chuir an liach aisti.



"Cad é sin ort, a 'nghín ó?" ar seisean léi.



"Mian a tháinig dom, a athair," ar sisi, "agus mura
bhfaghad mo mhian gheóbhad bás.



"Cad é an mian é?" ar seisean.



"Go dtabharfí chúgham," ar sisi, "lán beinne mo
bhrait de sméaraibh dubha, agus iad go breágh mór milis
aibigh."



"A ghamhain," arsa Seanachán, "cá bhfaighfí sméara
dubha um an dtaca so 'bhliadhain!"



"Ní foláir iad d'fhághail," ar sisi, "nó ní bhead-sa
abhfad beó."



Bhí an lá ag teacht. D'imthigh Seanachán amach chun
dul fé dhéin tighe Ghuaire. Bhuail Guaire uime agus é
ag teacht ag fiafraighe na Tromdháimhe. Thagadh sé
gach aon mhaidion chun na fiafraighe sin do dhéanamh.
Bhí freagra fóghanta fághalta aige gach maidion ó
lá na sochraide. Bhí sé deimhnightheach go raibh an
freagra fóghanta le fághail aige an mhaidion san, leis.
Bheannuigh sé do Sheanachán. Bheannuigh Seanachán
dó.


L. 65


"Conus atáthar indiu ag an muintir mhóir mhaith seo,
a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"Ní rabhthas riamh níba mheasa, a rí," arsa Seanachán.



"Cad fé ndeár san?" arsa Guaire.



"Mian a tháinig do dhuine againn, a rí," arsa
Seanachán.



"Ní'l ach an mian do sholáthar, a rígh-ollamh," arsa
Guaire. "Cad é an mian é agus cé dhó go dtáinig
sé?"



"Do m'inghín féin, do Mhéibh, iseadh tháinig sé, a
rí," arsa Seanachán, "agus is eagal liom-sa, a rí,
gur mian é nách féidir a dh'fhághail."



"Cad 'tá uaithi, a rí?" arsa Guaire.



"Lán beinne a brait de sméaraibh dubha, a rí, agus
iad a bheith breágh mór aibigh milis," arsa Seanachán.



"Ní'l ach iad do sholáthar, a rígh-olamh," arsa Guaire,
agus d'iompuigh sé abhaile.



Bhí sé i gcruadh-chás. Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar
aon áit 'n-a bhféadfí sméara dubha dh'fhághail um an
dtaca san de bhliadhain. "Measaim go dteipfidh an
méid seo ar Mharbhán féin!" ar seisean i n'aigne.



Thug Guaire aghaidh ar Ghleann an Sgáil. Bhí Marbhán
ag teacht 'n-a choinnibh amach as an nGleann.



"Cad é seo ort anois, a rí?" arsa Marbhán.



"Mheasas, a bhráthair, go mbeadh suaimhneas agam
ós na miantaibh tar éis bháis Bhuime na Cléire. Ní
mar sin atá ach ar a mhalairt de chuma," arsa Guaire.



"Agus cé 'tá ag déanamh toirmisg anois duit, a
rí?" arsa Marbhán.



"Tá," arsa Guaire, "Méibh, inghean Sheanacháin.



"Cad 'tá aici 'á dhéanamh?" arsa Marbhán.



"Tá an Tromdháimh go léir curtha as a meabhair aici.
Is measa í 'ná Muirean seacht n-uaire. Tháinig mian


L. 66


di agus is eagal liom ná fuil ar chumas aoinne an
mian a sholáthar di. Lán beinne a brait de sméaraibh
dubha atá uaithi, agus iad a bheith go breágh mór milis aibigh.
Bhí an chuach deacair go leór a dh'fhághail. Chuiris-se an
chuach mharbh ag ceileabhradh, i riocht cuaiche beó. Ba
mhór an obair duit é dhéanamh, ach do dheinis é. Ní
fheicim conus is féidir duit aon rud do chur i riocht
na sméar, agus iad breágh mor milis aibigh, um an
dtaca so 'bhliadhain."



"An cuimhin leat, a rí?" arsa Marbhán, "an lá
úd i dtosach Mheithimh an fhoghmair seo a ghaibh thorainn
'n-a rabhais ag fiadhach i nGleann an Sgáil?"



"Is cuimhin go maith," arsa Guaire. "Bhí mo chú
agam ar éil nuair éirigh an fiadh. Do sgaoileas an
chú d'á h-éil, agus do lean an chú an fiadh amach as an
nGleann agus mhairbh sí an fiadh."



"B'fhéidir nách cuimhin leat, a rí," arsa Marbhán,
"an nídh a thuit amach nuair a léim an chú agus a thar-
aing sí léi thú roinnt slighe sar ar tháinig leat í do
sgur d'á h-éil."



"Is cuimhin liom gur rug duine éigin mo bhrat uaim,
ach is cuma san," arsa Guaire.



"Ní duine do rug an brat uait, a rí," arsa
Marbhán, "ach driseóg a rug greim ar an mbrat
díreach le linn na con dod' tharrac 'n-a diaidh. Do
sgaoilis an brat leis an ndriseóig, fé mar is gnáth
leat i gcómhnuidhe gach aon nídh a h-iarrtar ort do
leogaint leis an t-é a dh'iarrann é. Bhíos-sa ag féach-
aint ar an ngníomh a dheinis an uair sin, a rí, agus bhí
'fhios agam go mbeadh buadh th'oinigh-se ar an ndris-
eóig sin. Thánag chun na driseóige. Fuaras go
raibh sméara ar an ndriseóig, cuid acu dearg agus
cuid acu ag tosnúghadh ar dhubhachtaint. Do leathas do


L. 67


bhrat-sa ortha agus d'fhágas ann é ó shin. Níor leog
an brat san sioc ná sneachta ná droch-ghaoth chúcha,
tré bhíthin th'oinigh-se. Tré bhíthin an oinigh chéadna
tá an chuid des na sméaraibh sin a bhí dearg an uair sin
aibigh anois, agus an chuid acu a bhí dubh an uair sin is
cuma nó mil iad anois. Téanam go dtaisbeánad
duit iad, a rí."



D'imthigheadar agus fuaradar an driseóg agus brat
an ríogh anuas uirthi. Do thóg Marbhán an brat. Bhí
iongnadh a chroidhe ar Ghuaire nuair a chonnaic sé na
sméara breághtha móra ciardhubha, agus an driseóg ag
lúbadh go talamh fútha, bhíodar chómh trom san. Thug
Marbhán mias leis agus phioc sé na sméara agus chuir sé
ar an méis iad. Do rug Guaire leis iad agus isé a bhí
go lán d'áthas. Níor stad sé go ndeaghaidh sé go
teaghlach na Tromdháimhe. Do tugadh na sméara do Mhéibh
agus d'ith sí a dóithin díobh. Ní ró-mhór díobh a dh'fhéad
sí a dh'ithe mar bhíodar ró-bhorb, ró-mhilis. Bhí sí go
cráidhte agus go cancarach agus go miosgaiseach 'n-a
croidhe agus 'n-a h-aigne. Ní raibh aon choinne aici go
bhféadfí na sméara san do sholáthar. Bhí sí deimh-
nightheach go dteipfeadh ar an rígh iad d'fhághail, agus
annsan go n-aoirfadh an Tromdháimh é agus go mbeadh
an díoghaltas déanta aici air; go mbeadh deireadh le
"Guaire an oinigh" mar ainim air, agus go mbeadh
sé fé mhasla os cómhair fear Éireann go deó.



Do lean cogarnach agus ceistiúchán sa Tromdháimh
agus i dteaghlach Ghuaire féin i dtaobh na sméar san,
daoine 'ghá fhiafraighe d'á chéile cá bhfuaradh iad, go
dtí gur tháinig an sgéal go léir amach. Annsan iseadh
bhí an fhearg ar fad ar Mhéibh, nuair a fuair sí gur
bh'amhlaidh a bhí tuilleadh oirdheircis curtha aici ar chlú
Ghuaire i n-inead aon dorchúghadh bheith déanta aici air.


L. 68


Bhí an cancar céadna ar thuilleadh de'n Tromdháim, ach
bhí áthas thar bárr ar an gcuid ba mhó acu. Bhí sgannradh
ar an gcuid sin díobh nuair airigheadar ar dtúis i
dtaobh na sméar, ach nuair a fuaradh na sméara
dubhradar ná raibh aon nídh le teip ar Ghuaire.



Caibidiol a ceathair-déag.



Mian Neantógach.



Bhí suaimhneas sa Tromdháimh ar feadh tamaill. Bhí
Méibh go séimh agus go gealgháiriteach le gach aoinne,
ach bhí an fhearg agus an mhiosgais agus an canncar
istigh 'n-a croidhe, agus í go loisgithe agus go sgólta
nuair nár fhéad sí aon díoghbháil a dhéanamh do Ghuaire
leis an mian a tháinig di. "Ní h-amháin," ar sisi 'n-a
h-aigne féin, "gur theip orm aon díoghaltas a dhéanamh
air, tar éis a bhfuil déanta aige orm agus tar éis
an anbháis a thug sé do Mhuirean bhocht, ach is amhlaidh
atá a chlú agus a cháil curtha i méid agus i n-oirdhearcas
agam! Is truagh an sgéal é!"



Tár éis roinnt aimsire tháinig mian eile dhi. Chuir
sí an liach aisti, mar ba ghnáth, i lár na h-oidhche. Siúd
chúichi a h-athair.



"Cad é seo ort, a 'nghín ó?" ar seisean.



"Mian atá tagaithe dhom, a athair," ar sisi.



"Cad é an mian é, a 'nghín ó?" ar seisean. "Go
raighinn ar chuaird go Durlas Ghuaire, a athair." ar sisi,
"agus gur 'n-a luighe i mbreóiteacht a gheóbhainn


L. 69


Guaire rómham agus an uile dhuine d'á bhfuil 'n-a
theaghlach."



"Ó!" arsa Seanachán, "Cad chuige dhuit a leithéid
sin do rádh, a 'nghín ó, agus a bhfuil de thairbhthe ag Guaire
'á dhéanamh dúinn! Dá mbeadh sé ar an bhfear ba
mheasa i n-Éirinn, agus dá mba díoghbháil agus toir-
measg a bheadh aige 'á dhéanamh dúinn coitchianta, ní
fhéadfá nídh ba mheasa 'ná san do theacht it' aigne!
Cad chuige dhuit cuimhneamh ar a leithéid?"



"An bhfuil 'fhios agat, a athair," ar sisi, "gur cuma
mise nó an neantóg?"



"Ní fheadar, a 'nghín ó," ar seisean, "agus ní lúgha
'ná mar a thuigim conus a bhaineann an neantóg leis
an sgéal."



"Dá mbeifá-sa, a athair," ar sisi, "lá ó mhaidin
go h-oidhche ag déanamh aireachais ar thor neantóige, ag
cur uisge ar an neantóig sin agus 'ghá leasúghadh go
maith, do loisgfeadh an neantóg san tusa, a athair, chóm
luath díreach agus go loisgfeadh sí duine nár dhein aon
tairbhthe riamh di. Is mar a chéile mise agus an nean-
tóg san. Ní fearr liom duine a chífad ag fághail bháis
'ná an t-é is mó dhein de thairbhthe riamh dom."



Ní deir an leabhar gur imthigh Seanachán láithreach ag
triall ar Ghuaire. Ní deir an seana leabhar ach, "Do
rugadar as an oidhche sin go dtáinig an mhaidion."



Tháinig Guaire ar maidin, mar ba ghnáth leis. Tháinig
Seanachán chuige.



"Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo indiu?"
arsa Guaire.



"Ní raibh an donus i gceart riamh orainn go dtí
indiu, a rí," arsa Seanachán.



"Is olc é sin, a rígh-ollamh," arsa Guaire. "Cad
'tá tagaithe oraibh?" ar seisean.


L. 70


"Mian eile a tháinig do m'inghín-se aréir, a rí,"
arsa Seanachán.



"Cad é an mian a tháinig di, a rígh-ollamh?" arsa
Guaire.



B'fhada gur innis sé an mian dó. Bhí náire air. Fé
dheireadh d'innis sé dhó é.



D'iompuigh Guaire uaidh gan labhairt. Tháinig sé
ag triall ar Mharbhán.



"Cad é seo ort anois, a rí?" arsa Marbhán.



"Ní deirim, a bhráthair," arsa Guaire "ná go bhfuil
Méibh, inghean Sheanacháin, as a meabhair."



"Cad é an chúis atá agat leis an méid sin do rádh,
a rí?" arsa Marbhán.



D'innis sé an mian do Mharbhán.



Níor labhair Marbhán go ceann tamaill.



"Tuigim," ar seisean, fé dheireadh. D'imthigh sé
agus thug sé leis dhá bhuidéal.



"Féach, a rí," ar seisean. "Tiocfaidh sí siúd
amáireach ag triall ort. Ní h-alaidh dhúinn aon rud do
thabhairt le rádh dhi. Bíodh duine amuich agat ag faire.
Nuair a chífar ag teacht í tabhair braon as an mbuidéal
so do gach duine ded' mhuintir, - Ach stad! Is
fearr dhom féin dul leat anois," ar seisean. Tháinig
an bheirt go Durlas Ghuaire an oidhche sin.



Chómh luath agus tháinig breacadh an lae, amáireach
a bhí chúghainn, do chuir Marbhán duine amach ag faire
an bhóthair a bhí ó thigh na Tromdháimhe go Durlas Ghuaire;
"agus," ar seisean leis an nduine, "chómh luath agus
a chífir bean ag teacht preab isteach agus innis dom é."



Annsan d'imthigh sé féin agus dubhairt sé le Guaire
árthach maith mór fíona thabhairt chuige, agus gloine
i n-aghaidh gach duine d'á raibh sa teaghlach. Annsan
d'órduigh sé an uile dhuine d'á raibh sa teaghlach do


L. 71


thabhairt chuige, agus chuir sé 'n-a suidhe iad 'n-a
thimcheall ar shuidhchánaibh. Níor bh'fhada gur phreab
chuige isteach an fear a bhí ag déanamh na faire.



"Tá sí ag teacht," arsan fear.



"Tá go maith," arsa Marbhán, "Suidh annsan," ar
seisean.



Do líon Marbhán gloine fíona chun an uile dhuine
d'á raibh láithreach, agus gloine chun Guaire agus gloine
dhó féin.



"Ólaimís sláinte an ríogh, a chlann ó," ar seisean,
"sláinte Ghuaire!"



Do dhiúg gach aoinne a ghloine. "Bhúr sláinte go
léir!" arsa Guaire, 'ghá bhfreagra, agus do dhiúg sé
a ghlaine féin.



"Imthighidh go léir a chodladh anois go ceann tamaill,"
arsa Marbhán, "agus raghad-sa a chodladh leis. Tá an
fíon so láidir go maith. Codlóchaimíd greas agus
cuirfimíd dínn é."



D'imthigh gach aoinne chun a leapan féin. Níor
bh'fada go raibh an uile dhuine acu chómh breóite agus
bheadh sé dá mba 'n-a luighe i n-éagcruas a bheadh sé, slán
beó mar a n-innstear é!



Tháinig Méibh. Bhí na dóirse go léir ar osgailt.
Bhuail sí isteach. Ní raibh aoinne ag siubhal an tighe
roímpi. Chuaidh sí isteach ins na seómraíbh codlata.
Ní raibh seómra acu gan duine breóite ann! Chonnaic
sí, dar léi, gur bh'éagcruas a bhí ortha go léir. Tháinig
sgannradh uirthi. Do rith sí abhaile. Ar éigin a shrois
sí an baile, bhí sí chomh lag san. Shín sí ar a leabaidh.
Tháinig an t-éagcruas dáiríribh uirthi féin, agus ar
éigin bháis a tháinig sí uaidh!



An túisge 'n-a raibh sí imthighthe ó Dhurlas Ghuaire, d'ól
Marbhán gloine eile fíona agus thug sé gloine do


L. 72


Ghuaire agus gloine do'n uile dhuine de mhuintir an
teaghlaigh, agus bhí an bhréoiteacht imthighthe glan chómh
tapaidh díreach agus do tháinig sí.



'Sa dá bhuidéal úd iseadh bhí an bhreóiteacht agus an
leigheas. Chuir Marbhán braon a' buidéal acu sa bhfíon
a chuir sé ins na gloinibh ar dtúis; agus annsan chuir
sé braon as an mbuidéal eile sa bhfíon a chuir sé an
tarna h-uair ionta. Níor thuig aoinne acu, ach Guaire
féin agus Marbhán, cad a bhí déanta, ná cad fé ndeár
é dhéanamh, go ceann abhfad 'n-a dhiaidh san.



An fhaid a bhí Méibh 'n-a luighe, agus an t-éagcruas
uirthi, bhíodh sí coitchianta 'ghá mhaoidheamh go raibh díogh-
altas déanta aici ar Ghuaire agus ar a theaghlach fé
dheireadh; go raibh éagcruas curtha aici ortha go léir,
agus nár bhaoghal go dtiocfaidís uaidh. Níor chuir
aoinne aon tsuím 'n-a caint, ámhthach; dar leó ní raibh
sa chaint sin ach speabhraoídí. Dá mb'é Seanachán
féin é, níor thuig sé cad d'imthigh uirthi, ná cad a chuir
an t-éagcruas uirthi. Tháinig sí chúichi féin. Annsan
do h-innseadh di ná raibh Guaire ná a mhuintir breóite
i n-aon chor i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sisi 'n-a
luighe.



"Ná feacaidh mo dhá shúil iad go léir 'n-a luighe le
h-éagcruas," ar sisi, "an lá a chuadhas go Durlas
Ghuaire! An é radharc mo shúl a bhainfeá dhíom."



"Id' chuid fola féin a bhí sé," arsa duine, "Is ar
éigin a bhís tagaithe abhaile nuair a chuadhas-sa go Durlas
Ghuaire, le teachtaireacht ó Sheanachán, agus ní raibh
aoinne breóite ann!"



"Id' chuid fola féin a bhí sé, a 'nghín ó," arsa
Seanachán. Chuir an sgéal amúdha í. Ní fheidir sí an
tsaoghal cad é an bhrígh a bhí leis.



Nuair a tháinig Méibh chúichi féin ó'n mbreóiteacht,


L. 73


ní fhéadadh sí gan bheith coitchianta ag machtnamh ar an
gcuma 'n-a bhfeacaidh sí muintir theaghlaigh Ghuaire 'n-a
luighe sa n-éagcruas an mhaidion a thug sí an chuaird.
D'á mhéid machtnamh a dhein sí ar an radharc a chonnaic sí i
an mhaidion san, iseadh ba dhaingine a chuaidh 'n-a luighe
uirthi nár bh'aon speabhraoídí a bhí uirthi, ná aon chorr-
uighe fola, ach an nídh a chonnaic sí go raibh sé díreach
mar a chonnaic sí é. Annsan bhí sí 'ghá fhiafraighe dhi
féin, má bhí na daoine sin go léir 'n-a luighe sa n-éag-
cruas san, mara chonnaic sí iad le radharc a súl, conas
a thárla ná feacaidh aoinne eile iad? An teachtaire
a chuaidh soir ann láithreach baill tar éis í féin do
theacht ó'n áit, conus ná fuair sé aoinne breóite sa
teaghlach, ach iad go léir 'n-a saoghal agus 'n-a sláinte
agus gan focal a' béal aoinne i dtaobh galair ná
breóiteachta? Bhí 'fhios aige, gan amhras, gur tugadh
gloine fíona dhó chómh luath agus chuaidh sé isteach. Agus
do h-innseadh dó go bhfuair gach aoinne sa teaghlach
cúpla gloine fíona an mhaidion chéadna, agus go raibh
an fíon ana láidir, i dtreó gur chuir sé cuid acu ar
meisge. Ach, níor chuir fé aon tsuím sa chaint sin,
nídh nár bh'iongnadh. Bhí 'fhios aige go dian-mhaith ná
raibh éagcruas, ná aon bhreóiteacht eile ar aoinne d'á
raibh sa n-áit díobh. Nuair adubhairt sé le Méibh ná
raibh tinneas ná breóiteacht ar aon duine d'á raibh
i dteaghlach Ghuaire nuair a chonnaic sé féin iad, d'innis
sé an fhírinne. Níor chuimhnigh sé i n-aon chor ar an
ngloine fíona, nídh nár bh'iongnadh. Ní lúgha 'ná mar
a chuimhnigh aoinne de mhuintir Ghuaire ar aon nídh
i bhfuirm breóiteachta. Mheas gach duine acu gur
bh'amhlaidh a bhí sé féin beagáinín ar meisge, bhí an fíon
chómh láidir sin. Bhí gach aoinne acu, ámhthach, 'ghá dhéanamh
amach ná táinig aon mheisge air fein, bíodh go dtáinig


L. 74


iarracht meisge ar an gcuid eile. D'á mhéid machtnamh
a dhein Méibh ar an sgéal, agus ní fhéadadh sí é chur as
a h-aigne, iseadh ba mhó a chuaidh sé sa mhuileann
uirthi.



Ní raibh sí abhfad tagaithe as an mbreóiteacht, agus
a neart ag casadh uirthi, nuair a labhair sí le n-a máthair
i dtaobh an sgéil.



"Ní h-aon mhaith dhuit bheith liom, a mháthair," ar sise,
"ná bheith 'ghá chur 'n-a luighe orm gur im' chuid fola bhí
sé. Bhí mo chuid fola chómh socair an mhaidion san
díreach agus 'tá sí anois. Ní raibh aon choinne agam
go bhfeicfinn aon duine breóite i dteaghlach an ríogh
an lá san. Bhíos deimhnightheach ná feicfinn, agus
annsan go mbeadh teipithe ar Ghuaire mo mhian do thabh-
airt dom, agus go gcaithfeadh an Tromdháimh Guaire
d'aoiradh, agus mar sin go mbeadh díoghaltas déanta
agam air. Nuair a shroiseas an rígh-theaghlach bhí na
dóirse go léir ar dian-leathadh rómham, agus gan duine
ná daonnaidhe le feisgint i n-aon bhall ar fuid an
rígh-thighe. Chuadhas isteach i seómra agus chonnac duine
sa leabaidh ann, 'n-a luighe le h-éagcruas, chómh soiléir
agus do chonnac éagcruas ar aon duine riamh. Chuadhas
isteach i seómra eile. Chonnac duine eile sa tseómra san,
agus é sa chás chéadna, agus na cómharthaí céadna air.
Chuadhas isteach sa trímhadh seómra; agus sa cheathramhadh
seómra. Bhí an nídh céadna le feisgint ins gach aon
tseómra acu. Fé dheireadh do mhothuigheas mo chuid
fola ag corruighe, agus tháinig sgannradh orm, agus do
ritheas as an áit. Is ar éigin is cuimhin liom conus
a shroiseas an áit seo arís. Bhíodar go léir 'n-a luighe
i n-éagcruas; slán mar a n-innstear é! Ná bíodh
aon phioc d'á mhearathal ort, a mháthair."



"Má's fíor do chaint, a 'nghín ó," arsan mháthair,


L. 75


"ní féidir an sgéal do thuisgint ach ar aon chuma
amháin."



"Agus cad é an t-aon chuma amháin é sin, a
mháthair?" arsan inghean.



"Dhein Marbhán míorbhuilt éigin ar mhuintir Ghuaire,
i dtreó ná beifeá-sa gan do mhian a dh'fhághail,"
arsan mháthair.



Caibidiol a cúig-déag.



Saill an Luin uisge.



"Cad í an mhíorbhuilt d'fhéadfadh sé a dhéanamh ortha!"
arsan inghean.



"Ní fheadar, a 'nghín ó," arsan mháthair, "deir a lán
daoine gur naomh é agus go ndeineann sé míorbhuiltí.
D'airigheas-sa go ndeaghaidh Guaire go Fionargal na
Féile nuair a h-innseadh dó an mian a tháinig duit-se,
agus go raibh sé ag guidhe go cruaidh chun Dé é thabhairt
saor as an bpúnc 'n-a raibh sé curtha agat, agus sa
n-am gcéadna go raibh Marbhán i nGleann an Sgáil ag
guidhe go cruaidh chun Dé, leis, 'ghá iarraidh ar Dhia muin-
tear Ghuaire bheith 'n-a luighe i ngalar throm éigin rómhat-
sa, an mhaidion san, agus iad a bheith slán arís ó'n
ngalar chómh luath agus thabharfá do chúl leó. Annsan
bheadh do mhian fághalta agat-sa, agus ní h-aoirfí
Guaire, agus ní bheadh dochar déanta d'aoinne."



"Seadh, a mháthair," arsan inghean, "agus thais-
beánfadh san conus a thárla go bhfeaca-sa iad go léir sa


L. 76


bhreóiteacht, agus ná feacaidh an teachtaire úd a chuaidh
ann láithréach im' dhiaidh tinneas ná breóiteacht ortha!



"Thaisbeánfadh go díreach," arsan mháthair.



"Murar dhein an cleas san dochar d'aoinne eile,
dhein sé dochar agus díoghbháil dómh-sa. Chuir Marbhán
galar ar mhuintir Ghuaire agus bhain sé dhíobh arís é go
luath. Chuir an galar san galar orm-sa, agus ní go
luath a sgaras leis an ngalar," arsan inghean.



"Is fíor, a laogh," arsan mháthair, "agus má tá
díoghaltas againn le déanamh ar Ghuaire mar gheall ar
na droch-bheartaibh atá déanta aige orainn, tá díoghaltas
chómh dian leis againn le déanamh anois ar Mharbhán
mar gheall ar an mbreóiteacht san a chuir sé ort-sa.
Do chaill Buime na Cléire a h-anam mar gheall air
féin agus ar Ghuaire, agus ba ró-dhóbair duit-se
t'anam a chailleamhaint, leis, mar gheall ar an mbeirt
gcéadna."



"Tá eagla ag teacht agam-sa, a mháthair, roimis an
mbeirt," arsan inghean. "Ní maith liom a thuilleadh
cur isteach a dheanamh ortha. Má dhein Marbhán an
mhíorbhuilt sin adeirir, - má chuir sé an bhreóiteacht san
ar mhuintir Ghuaire, agus má bhain sé dhíob arís í chómh
tapaidh, ní h-aon dóichín é; agus ní h-aon iontaoibh é.
Ní dhéanfad-sa a thuilleadh cur isteach air. Má tá
tagaithe agam ó n-a chleasaibh aon uair amháin, ca bh'fhios
dom a' dtiocfainn uatha an tarna h-uair! Ní raghad
sa chontabhairt, an tarna h-uair. Is fearr gan dul.
"Ní thagann an crúisgín slán ó'n dtobar i gcómhnuidhe."
Thugadar a mian do Bhuime na Chléire. B'fhearr dhi
ná tabharfaidís. Ní thabharfaidís mura mbeadh gur
h-iarradh ortha é thabhairt di. Tuigid siad go maith
go n-aoirfidh an Tromdháimh Guaire má theipeann air
mian aon duine againn do sholáthar. Caillfidh Marbhán


L. 77


an t-anam nó ní theipfidh san. Caillfidh sé an t-anam,
leis, nó déanfaidh sé díoghaltas ar gach aoinne atá ag
cur Ghuaire i gcontabhairt. Airighim go bhfuil árd-
fhearg air mar gheall ar an dtorc fionn. Is dóich liom,
a mháthair, gur fearr éirghe as mar ghnó. Ní'l aon
iarracht d'ár dheineamair fós ná fuil gabhtha i n-ár
gcoinnibh ar dhá chuma. I n-inead díoghbhála dhéanamh
do'n rígh is amhlaidh atá tairbhthe déanta againn dó,
agus i n-inead tairbhthe dhéanamh dúinn féin is amhlaidh
atá breóiteacht, agus contabhairt anama, agus bás,
tabhartha againn orainn féin. Is fearr éirghe as."



"Éirigh-se as má's maith leat é, a Mhéibh, arsan
mháthair, "Ní éireochad-sa as go ceann tamaill eile.
Má's maith leat-sa leogaint do Mharbhán agus do
Ghuaire bheith ag magadh fút ní'l bac ort ann. Ní
leogfad-sa dhóibh bheith ag magadh fúm, má's féidir
liom a mhalairt de chúram a chur ortha. Isiad ba bhun
leis an mbás a tháinig ar Dhallán uasal. Is eól duit
gur b'iad ba bhun leis an ana-bhás a tháinig ar Bhuime na
Cléire. Ní dócha go ndéarfair nách iad ba bhun leis
an éagcruas a tháinig ort féin. Is lag an bheart
sgaoileadh leó anois tar éis a bhfuil déanta acu."



"Sdó, a mháthair," arsa Méibh, "B'fhéidir gur
tuilleadh, a bheadh nísa mheasa, a dhéanfaidís orainn.
Má tá ar cumas Marbháin míorbhuiltí dhéanamh, conus
is féidir dúinne aon cheart a bhaint de?"



"Ní'l ar a chumas aon mhíorbhuiltí dhéanamh. Ní'l
ann ach cleasaidhe. Pé sgéal é ní éireóchad-sa as go
mbainead féin triail as a chleasaibh, nó as a mhíor-
bhuiltíbh," arsan mháthair.



Ní raibh abhfad tar éis na cainte sin idir an mháthair
agus an inghean, go dtí gur baineadh geit i lár na
h-oidhche as a raibh i dtigh na Tromdháimhe. Chuir Brighid,


L. 78


máthair Mhéibhe, liach uathbhásach aisti. Siúd ag triall
uirthi a fear, Seanachán Seanfhile féin.



"Cad é sin ort, a bhanfhlaith?" arsa Seanachán.



"Mian atá tagaithe dhom, a rígh-ollamh," ar sisi,
"agus mura bhfaghad mo mhian ní bheidh mé abhfad beó."



"Abhair an mian, a bhanfhlaith," arsa Seanachán.



"Go dtabharfí mo dhóithin dom," ar sisi, "de shaill
luin uisge."



"Is deacair an mian san d'fhághail, a bhanfhlaith,"
arsa Seanachán.



"Pé deacaracht atá ann, a rígh-ollamh," ar sisi, "ní
foláir é dh'fhághail nó ní bhead-sa beó."



Chuireadar díobh an oidhche sin. Tháinig Guaire ar
maidin.



"Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo
indiu?" arsa Guaire.



"Ní raibh an sgéal riamh níba mheasa againn, a rí,
'ná mar atá indiu," arsa Seanachán.



"Conus san, a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"Mian a tháinig do dhuine againn," arsa Seanachán.



"Cad é an mian é?" arsa Guaire, "agus cé dhó
go dtáinig sé?"



"Do Bhrighid, inghean Oinithcheirne, mo bhean-sa féin,
iseadh atá an mian tagaithe, agus isé mian atá tagaithe
dhi ná go dtabharfí dhi a sáith de shaill luin uisge."



Is deacair an mian san d'fhághail, a rígh-ollamh," arsa
Guaire, "ach gheóbhthar é."



Tháinig Guaire ó'n áit, agus isé a bhí go troma-
chroidheach. Níor bh'fhada gur casadh Marbhán air.
Bheannuigheadar d'á chéile.



"Cad é an brón so anois ort, a rí?" arsa Marbhán.



"Mian atá tagaithe do dhuine sa Tromdháimh," arsa
Guaire.


L. 79


"Tar éis an tuirc fhinn an eadh?" arsa Marbhán.



"'Seadh go deimhin," arsa Guaire, "agus is eagal
liom gur deacara é dh'fhághail 'ná blonag an tuirc fhinn
a dh'fhághail."



"Cad 'tá uatha anois?" arsa Marbhán.



"Brighid inghean Oinithcheirne adeir ná beidh sí abhfad
beó mura bhfaighidh sí a sáith de shaill luin uisge," arsa
Guaire.



"Siní an bhanfhlaith, bean Sheanacháin féin," arsa
Marbhán.



"Isí go díreach," arsa Guaire.



"Tuigim," arsa Marbhán.



"Cad a thuigeann tú, a bhráthair?" arsa Guaire.



"Tuigim," arsa Marbhán, "gur dóich liom nách
beag leis an inghin des na miantaibh. Bhí dúil sa ghalar
aici. Ba mhaith léi daoine eile dh'fheisgint i ngalar.
Fuair sí féin breis agus a sáith dhe. Ba ró-dhóbair di
é bheith 'n-a ghalar báis aici. Ní beag léi dhe. Tá an
mháthair ag tabhairt fúinn anois. Bain an chluas anuas
ó'n gceann díom-sa mura dtugad cuaird aon lae
ortha súd, tré n-a chéile dhóibh, agus mura mbainead
an mhór-chúis agus an mianfuíach i n-aonfheacht díobh!
Díolfaid siad as an dtorc fionn fós, geallaim duit
é."



"Ach conus a gheóbhthar a dóithin de shaill an luin
uisge do mhnaoi Sheanacháin, a bhráthair?" arsa Guaire.



""A sgéal féin sgéal gach aoinne agus sgéal an
chait a phiscín,," arsa Marbhán. "Mo sgéal-sa an
torc fionn," ar seisean, "agus do sgéal-sa saill an
luin uisge, a rí, bíodh gur ró-olc an díol ar Bhrighid
é sholáthar di. Bíodh aici go fóil. Ná bíodh ceist ort,
a rí. Is eól dómh-sa ca bhfuil an lon uisge sin. Tá
teaghlach ban riaghalta thiar i dTuaim dá Ghualann,


L. 80


agus is ag na mnáibh riaghalta san atá an lon uisge
sin. Éan iongantach iseadh an t-éan san. Táid
naoi bhfichid bean riaghalta sa teaghlach san, agus nuair
aluigheann an bhean deireannach díobh ar a leabaidh cun
codlata seinneann an lon san ceól dóibh, gur cuma
é nó ceólta na bhflaitheas, le binneas agus le h-aoibh-
neas; i dtreó go dtuiteann a gcodladh láithreach ortha
go léir, agus go ndeinid siad codladh suairc, sámh,
beannuighthe, deaghshláinteamhail. Gheóbhair-se an lon
san, ach ní foláir duit naoi bhfichid lon a thabhairt dóibh
air. Agus go deimhin is fearr é 'ná an naoi bhfichid
lon a thabharfair dóibh."



Do tugadh an naoi bhfichid lon dos na mnáibh riagh-
alta, agus do marbhuigheadh an lon uisge agus do
tugadh an tsaill do Bhrighid. Do h-airigheadh an sgéal
san ar fuid na h-Éireann. Bhí fearg ar an uile dhuine
d'airigh an sgéal, agus isé rud adubhairt fir Éireann
d'aon ghuth, nár bhfiú an Tromdháimh go léir, i dteannta
a chéile, an t-éan san do mharbhúghadh mar gheall ortha.



Caibidiol a sé-dhéag.



An bhó chluas-dearg, agus "feathnadh
feada fuinn."



Bhí roinnt suaimhnis i dtigh na Tromdháimhe ar feadh
tamaill tar éis an luin uisge do mharbhadh do mhnaoi
Sheanacháin, ach bhí mórán cainte d'á dhéanamh mar gheall
ar an éan, agus mórán magaidh 'á dhéanamh fé Bhrighid
mar gheall ar an dtrioblóid mhóir a bhí i soláthar an


L. 81


bhéile bhig. D'airigh Brighid an magadh agus an chaint.
Bhí uaigneas ar na mnáibh riaghalta i ndiaidh an luin.
Dob' fhíor an rud a dubhairt Marbhán, .i. gur bh'fhearr
an t-aon lon amháin sin a marbhuigheadh do Bhrighid 'ná
an naoi bhfichid lon do chuir Guaire siar, mar mhalairt
air, go Tuaim dá Ghualann. Bhí iongnadh ar na mnáibh
riaghalta go léir, a rádh go gceadóchadh an Tromdháimh
éan an cheóil go léir do mharbhughadh mar gheall ar an
méid saille a bhí le fághail as! Dubhairt an uile dhuine
d'airigh an sgéal gur bh' uathbhásach na daoine le dúire
Seanachán agusa chualacht, agus a rádh gur chuireadar ar
neamhnídh an ceól breágh go léir ar an suarachas saille
sin! Bhí droch-mheas ag teacht ar an dTromdháimh.
Thuig Brighid go raibh sí tar éis dearmhaid a dhéanamh.
Tháinig mian eile dhi. Chuir sí an liach aisti i lár na
h-oidhche, mar ba ghnath. Do tháinig Seanachán ag triall
uirthi.



"Cad tá ort a bhanfhlaith?" ar seisean.



"Mian a tháinig dom, a rígh-ollamh," ar sisi.



"Cad é an mian é?" ar seisean.



"Go bhfaghainn mo sháith," ar sisi, "de bhoin chluais
deirg ghléigil, agus gan aon sgeanach ae innti, ach geir
i n-inead a h-ae."



"Is deacair an bhó san d'fhághail, a bhanfhlaith," arsa
Seanachán; "Ní fheadar," ar seisean, "an bhfuil a
leithéid ar bith."



"Caithfear í dh'fhághail, a rígh-ollamh," arsa Brighid,
"nó ní bhead-sa beó abhfad."



Chuireadar an oidhche sin díobh. Ar maidin tháinig
Guaire. Bheannuigh sé agus chuir sé tuairisg na
Tromdháimhe mar ba ghnáth. Do h-innseadh dhó, mar ba
ghnáth, an mian a tháinig do Bhrighid. D'imthigh Guaire
agus d'innis sé an mian do Mharbhán.


L. 82


"'Seadh!" arsa Marbhán, "ní féidir a rádh leis an
sáith seo gur b'é a locht a luighead, murab ionann agus
saill an luin."



"Is eagal liom, a bhráthair," arsa Guaire, "murab
é a locht a luighead gurab é a locht a dheacaracht."



"Ná bac san, a rí," arsa Marbhán. "Is eól dómh-sa
an áit 'n-a bhfuil an bhó san. Tá sí san áit chéadna'n-a
raibh an lon, i dTuaim dá Ghualann, ag na mnáibh
riaghalta céadna. Ní'l agat le déanamh ach naoi bhfichid
bó, agus a gamhain féin le cois gach bó acu, do chur
siar ag triall ar na mnáibh riaghalta, agus gheóbhair an
bhó chluas-dearg ghléigeal san."



"Nach mór an ceannach, a bhráthair, ar aon bhoin amháin,
naoi bhfichid bó?" arsa Guaire.



"Ní mór, a rí," arsa Marbhán, "mar is mó an
bainne a bhíonn ag an aon bhoin amháin úd, 'ná ag an
naoi bhfichid bó a thabharfair-se mar mhalairt uirthi.
Isiad na mná riaghalta a bheidh caillte leis an
margadh."



Do cuireadh siar an naoi bhfichid bó, agus do tugadh
aniar an bhó chluas-dearg ghléigeal, agus do marbh-
uigheadh í, agus fuair Brighid a sáith dhi.



Ba ghearr gur imthigh an sgéal ó bhéal go béal, ar
fuaid na h-Éireann, gur marbhuigheadh an bhó san chun
go bhfaigheadh Brighid a sáith dhi, agus bhí árd-fhearg ar
gach aoinne, íseal agus uasal; agus dubhairt fir
Éireann nár bh'fhiú an Tromdháimh, dá mbeadh oiread
eile acu ann, an lon uisge sin agus an bhó san do
mharbhúghadh dhóibh.



Do thuig Brighid, agus do thuig Seanachán Seanfhile,
go raibh fuath ag teacht ag fearaibh Éireann do'n
Tromdháimh mar gheall ar mharbhúghadh an luin agus ar
mharbhughadh na bó.


L. 83


Cheap Brighid go gcuirfeadh sí féin an dá nídh as
aigne na ndaoine le mian eile a bheadh bun os cionn
ar fad leis an dá mhian san, agus go mb' fhéidir ná
féadfí an mian eile sin do sholáthar, agus annsan go,
mbeadh buaidhte fé dheireadh aici ar Ghuaire agus ar
Mharbhán.



Níor bh'fholáir an mian eile do theacht di gan a thuil-
leadh ríghnis, mar níor mhór cosg do chur chóm luath
agus dob' fhéidir é leis an gcaint a bhí ar siubhal i
dtaobh an luin agus i dtaobh na bó.



Bhí an chaint ar siubhal, agus an magadh, agus an
fhearg. Daoine ag gáirídhe mar gheall ar an uathbhás
trioblóide do glacadh chun blúire beag saille thabhairt
do Bhrighid.



"Nách ana bheag an goile atá aici!" adéarfadh
duine. "A sáith de shaill luin uisge! Ar nóin d'íos-
fadh cat an lon ar fad, idir shaill agus feóil agus
cnámha!"



"Éist do bhéal!" adéarfadh duine eile. "Ní'l
annsan go léir ach forcamás. D'íosfadh Brighid, leis,
an lon go léir, idir fheóil agus saill, agus d'íosfadh
sí mias mhór leitean 'n-a dhiaidh. Is mór an náire
dhóibh bheith'ghá leogaint ortha ná h-ithid siad puínn agus
an rí creachta acu."



"Seachain!" adéarfadh duine eile. "Má airigh-
tear go ndubhraís a leithéid sin, aoirfar thú agus
déanfar gabhar díot!"



"Is truagh ná h-aoirann duine éigin an Tromdháimh,"
adéarfadh duine eile. "Tá an dá sheóid is fearr a
bhí i n-Éirinn curtha ar neamhnídh acu, - an lon uisge
úd agus an bhó chluas-dearg ghléigeal. Nár chóir go
ndéanfadh Marbhán rud éigin léo? Ní'l rí ná rath
ar an ndúthaigh ó thángadar chúghainn!"


L. 84


Bhí cogarnach de'n tsórd san ar siubhal go tiugh,
ach ní leogfadh eagla d'aoinne labhairt amach.



I lár na cogarnaighe tháinig sgéal nua. 'Tháinig mian
eile do Bhrighid. Chuir sí an liach aisti mar ba ghnáth.
Siúd ag triall uirthi Seanachán.



"Cad é seo ort, a bhanfhlaith?" ar seisean.



"Mian a tháinig dom, a rí," ar sisi, "agus ní bhead
abhfad beó mura dtugtar mo mhian dom."



"Cad é an mian é?" ar seisean.



"Mo sháith," ar sisi, "de shubha réidhe ró-dhearga
agus deoch feathnaid feadha fuinn."



"Is deacair na neithe sin a dh'fhághail san áit seo, a
bhanfhlaith," arsa Seanachán.



"Caithfear iad do sholáthar," ar sisi, "nó ní fada
a bhead-sa beó."



Chuireadar an oidhche sin díobh, agus tháinig Guaire ar
maidion agus d'innis Seanachán a sgéal dó. Ní fheidir
Guaire cá bhfaighfí na subha réidhe ná an deoch san. Siúd
ag triall ar Mharbhán é. D'innis sé a sgéal do Mharbhán.



"'Seadh!" arsa Marbhán. "Tá eagla ag teacht
uirthi. Ba mhaith léi anois, dá mb'fhéidir é, an lon uisge
agus an bhó chluas-dearg ghléigeal do chur as aigne na
ndaoine. Ní dhéanfaidh na subha réidhe, ná an feathnad
feadha fuinn, an méid sin di chómh tapaidh agus is dóich
léi é. Ach sa n-am gcéadna ní miste an mian san do
sholáthar di. Is dóich léi ná fuil na subha san le fághail
sa dúthaigh seo. Ach, táid siad ag fás agam-sa i
nGleann an Sgáil. Is dócha gur dóich léi ná fuil 'fhios
ag aoinne cad é an saghas dighe feathnad feadha fuinn.
Tá'fhios agam-sa go maith cad é an saghas dighe é. Ní'l
ann ach mil na féithleann. Téanam go dtugad duit
roinnt de gach taobh acu, agus go mbéarfair ag triall
uirthi iad."


L. 85


Do tugadh na subha agus an mhil sin na féithleann do
Ghuaire, agus do rug sé leis iad go teaghlach na Trom-
dháimhe, agus do tugadh do Bhrighid iad, agus d'ith sí
na subha agus d'ól sí an mhil, agus do cuireadh ó bhaoghal
báis an uair sin í, mar dh'eadh.



Nuair a tuigeadh ar fuaid na tíre ná raibh fé'n ainim
uathbhásach úd, .i. "feathnad feadha fuinn," ach mil na
féithleann, is amhlaidh a tháinig seirbhthean ar gach aoinne. i
Thuig na daoine gur bh'amhlaidh a bhí ainimneacha cruadha
ag muintir na Tromdháime 'á thabhairt ar rudaíbh coit-
chianna chun méid a n-eóluis féin do chur 'n-a luighe ar
an bpobal, agus gan puínn de'n eólus acu, b'fhéidir.
Bhí a lán cainte agus a lán cogarnaighe ar siubhal i
sa chéill sin. D'airigh Brighid, agus Seanachán, agus
tuilleadh acu, cuid mhaith de'n chaint sin agus de'n chog-
arnaigh san. Thuigeadar 'n-a n-aigne go raibh buaidhte
glan ag Marbhán agus ag Guaire ortha, agus bhíodar ar
buile. Bhí Seanachán féin ar dearg-bhuile. B'é an i
rígh-ollamh é i ndiaidh Dhalláin. Is air a bhí clú na
Tromdháimhe do chimeád go h-árd agus go h-oirdheirc,
fé mar a chimeád Dallán í, an fhaid a mhair sé. Bí san
ag teip air. Bhí clú na Tromdháimhe ag imtheacht.
Chonnaic sé go raibh. Bhí sé ar buile. Bhí milleán
aige ar Ghuaire, agus bhí milleán aige ar na miantaibh
úd. Ní raibh aon mhaith, dar leis, ins na mnáibh chun
aon mhian a theacht dóibh do theipfeadh ar Ghuaire. Mura
mbeadh san bheadh buaidhte ar Ghuaire fadó ag an
dTromhdháimh.


L. 125


Guaire.



Caibidiol a seacht-déag.



Mian Sheanacháin.



Sa bhuile agus sa bhfeirg dó, do cheap Seanachán go
dtiocfadh dó féin mian ná féadfadh Marbhán a sholáthar
agus do dhéanfadh san am chéadna clú na Tromdháimhe
do chur suas arís i meas agus i mbreitheamhantas
na poibilidheachta. Tháinig an t-am, dar leis, chuige
sin. I lár na h-oidhche do chuir sé ologón as. Siúd
chuige an Tromdháimh go léir agus sgannradh ortha, agus
iad ag baint tosach na bhfocal d'á chéile 'ghá fhiafraighe
dhe cad a bhí air, nó cad fé ndeár dhó a leithéid
d'ologón do chur as.



"Mian a tháinig dom, a chlann ó," ar seisean, "agus
niura bhfaghad mo mhian tá deireadh liom gan a thuilleadh
ríghnis."



"Cad é an mian é, a rígh-ollamh?" ar siad go léir
i n-aonfheacht.



"Tá," ar seisean, "mo sháith a dh'fhághail dom féin
agus dom' chléir, agus do mhaithibh Connacht uile, de
shaill muice nár rugadh fós, agus de chuirm aon
Ghráinne cruithneachtan; agus mura bhfaghad an mian
san sar a mbeiridh an tráth so isdoidhche amáireach
orm, ní bhead beó!"



Bhí Guaire ar a leabaidh, 'n-a ríghtheaghlach. Tháinig
chuige, agus é ar a leabaidh, meanma na buadhartha a
bhí i dteaghlach na Tromdháimhe. Phreab sé 'n-a shuidhe


L. 126


agus tháinig sé gan ríghneas go teaghlach na Trom-
dháimhe. Fuair sé an chléir cruinnighthe san áit 'n-a raibh
Seanachán, agus iad ag measgadh ar a chéile, agus ag
brúth ar a chéile, agus ná feidir aoinne acu cad ba
cheart dó féin ná d'aoinne eile a dhéanamh.



"Conus atáthar ag an muintir mhóir mhaith seo
anocht?" ar seisean.



"O, a rí," ar siad, agus iad go léir ag caint i
n-aonfheacht, "táimíd réidh ar fad anois."



"Conus san, a chlann ó?" arsa Guaire.



D'innseadar dó. Do thuit a lug ar a lag ag Guaire
nuair airigh sé an mian a bhí tagaithe do Sheanachán
Seanfhile. Dar leis ní raibh aon bhreith ar an dá nídh
sin d'fhághail, .i. maithe agus mór-uaisle Connacht do
shásamh le cuirm aon ghráinne cruithneachtan, agus le
saill mtice nár rugadh fós; agus gan d'aimsir chun
an dá nidh sin do sholáthas ach go dtí an taca san
isdoidche amáireach a bhí chúghainn! Siúd fé dhéin
Mharbháin é. Ní fada chuaidh sé nuair a bhuail Marbhán
uime.



"Táim réidh fé dheireadh, a bhráthair!" arsa Guaire.



"Cad 'tá oraibh anois, a rí?" arsa Marbhán.



D'innis sé dhó.



"Ná bíodh ceist ort, a rí," arsa Marbhán, "tá an
dá nídh sin le fághail gan ríghneas agam-sa i nGleann
an Sgáil."



"Airiú, a bhráthair a' chroidhe 'stigh, conus san!"
arsa Guaire.



"'Guaire mór-oinigh' a tugtar ort-sa, a rí,"' arsa
Marbhán, "agus tá reachtaire agat agus "Guaire
beag-oinigh" a tugtar air."



"Tá san mar sin, a bhráthair," arsa Guaire.



"Tá, a rí," arsa Marbhán, "agus tá so mar seo,"


L. 127


ar seisean. "Lá d'á raibh an 'Guaire beag-oinigh' sin
ag teacht ó bheith ag cur síl do mhothuigh sé árd éigin
istigh 'n-a bhróig, idir an bhróg agus bun a choise. Chuir
sé a lámh síos 'n-a bhróig, agus fuair sé thíos gráinne
cruithneachtan.



Bhí an gráinne ana mhór, cómh mór, ba dhóich leat, le
dearcu fordaraighe, .i. le cnó daraighe. Thug 'Guaire
beag-oinigh' an gráinne san chúgham-sa. Chuireas-sa
i dtalamh é i n-ithir fé leith, agus thugas aire mhaith dhó.
D'fhás sé agus sa bhfóghmhar a bhí chúghainn do bhí seacht
bpríomh-dhiasa fichid tagaithe as, agus seacht bhfaon-diasa
fichid. Do chuireas, an bhliadhain a bhí chúghainn, an méid
cruithneachtan a bhí ins na seacht príomh-diasa fichid sin,
agus d'fhás sé ar an gcuma gcéadna. Tá aon bhliadhain
déag ó shin anois, ó chuireas an gráinne cruithneachtan
san. Níor leogas aon arbhar eile tríd i gcaitheamh na
h-aimsire sin, agus tá seacht bpríomh-chruacha de thoradh
an aon ghráinne sin agam. Do cheapas féin fleadh
mhór do dhéanamh i nGleann an Sgáil de chuirm an
arbhair sin: déanfad an fhleadh anois do Sheanachán
agus dá chléir agus do mhaithibh Connacht, agus is dóich
liom go mbeidh breis agus a ndóithin ann."



"Beidh breis agus ár ndóithin de'n chuirm againn
gan amhras, a bhráthair. Ba mhór an cuimhneamh dhuit
an gráinne sin do chur, agus aireachas chómh maith do
thabhairt dó. Mura mbeadh san bheadh an sgéal go
h-olc agam-sa anois. Déanfaid an Tromdháimh agus
uaisle Connacht éirleach uathbhásach ag ithe agus ag ól,
nó beidh breis agus a ndóithin le fághail acu a' toradh an
aon ghráinne sin. Ach cá bhfaighfar saill na muice nár
rugadh fós?" arsa Guaire.



"Nách cuimhin leat an torc fionn, a rí?" arsa
Marbhán.


L. 128


"Is cuimhin go maith. Ach ar nóin tá saill an tuirc
fhinn agus feóil an tuirc fhinn ithte fadó," arsa Guaire.



"Nách cuimhin leat, a rí," arsa Marbhán, "Go
ndubhart leat go raibh trí naoi n-orca breághtha móra
fireanna eile ag an gcráin úd 'n-a raibh an torc fionn
aici? Do bhí, agus bhíodar chómh maith chómh deabhruighth-
each san gur mharbhuigheas orca ná raibh i n-aon chor
chómh maith leó agus do bhí ag cráin eile, agus gur
thugas do'n chráin sin iad le tógaint. Do thóg sí iad,
agus d'fhásadar go h-áluinn, agus bhí an rath ortha.
Táid siad agam anois i nGleann an Sgáil, trí naoi
gcinn de thorcaibh breághtha móra cas-fhiaclacha, agus gach
torc díobh chómh ramhar le rón. Saill muice nár rugadh
fós iseadh saill gach tuirc díobh san, a rí, agus mura
bhfaighid an Tromdháimh, agus Seanachán Seanfhile, agus
a bhfuil d'uaislibh i gConnachtaibh, saill a ndóithin ins
na trí naoi dtorcaibh sin, leogfad-sa do'n Tromdháimh
mé dh'aoiradh."



"Ní baoghal duit, a bhráthair!" arsa Guaire.



"Thugas féin fé ndeara iad go minic agus mé ag
gabháil tríd an nGleann. Ní dóich liom go bhfeaca
riamh muca chómh mór leó ná chómh ramhar leó. Is
fearr gan iad do mharbhughadh ach fé mar a bheidh gádh
leó. Mar sin ní h-é mo thuairim go marbhóchar a
leath. Cathain a déanfar an fhleadh?"



"Bhíos féin chun cuireadh thabhairt duit-se, a rí, agus
do mhaithibh Connacht, annso go Gleann an Sgáil, agus
chun na fleidhe do chórúghadh annso dhaoibh; ach b'fhéidir
go mbeadh sé chómh maith a rádh le maithibh Connacht a
dh'fhiafraighe de Sheanachán agus de'n Tromdháimh ce'cu is
fearr leo teacht annso chun na fleidhe, nó go ndéanfí
an fhleadh do chur ag triall ortha chun a dtighe féin,"
arsa Marbhán.


L. 129


"Tá go maith, a bhráthair," arsa Guaire. "Labharfad-
sa le cuid de mhaithib Connacht, agus déarfad leó an
fhiafraighe sin do dhéanamh."



Do sgar an bheirt. Tháinig Guaire go tigh na
Tromdháimhe, agus áthas mór air, agus dubhairt sé leó
go raib a mhian ag Seanachán le fághail gan ríghneas;
ná beadh de ríghneas ach an fhleadh d'ollmhúghadh agus
maithe Connacht do chruinniúghadh chúichi.



Bhí iongnadh a chroidhe ar Sheanachán conus a féadadh
cuirm an aon ghráinne d'fhághail chómh tapaidh sin, agus
saill na muice nár rugadh fós, ach níor leog sé aon
nídh air. Bhí 'fhios aige go maith nár bh'fhéidir aon bhún-
táiste do bhreith ar an sgéal; go gcaithfí an dá choin-
ghioll do chómhlíonadh go fíor, nó nár bh'fhéidir do
Ghuaire dul as gan a aoiradh. Níor dhein sé ach
éisteacht, agus iongnadh air.



Chuir Guaire teachtaireacht ag triall ar triúr des
na maithibh ba mhó agus ba chreideamhnaighe de mhaithibh
Connacht. Tháinig an triúr uaisle sin go teaghlach na
Tromdháimhe. D'fhiafraigheadar de Sheanachán agus
de'n Tromdháimh ce'cu ba rogha leó, dul go Gleann
an Sgáil chun na fleidhe do chaitheamh, nó Guaire do
thabhairt na fleidhe chúcha chun a dteaghlaigh féin.



Chómh luath agus d'airigh Seanachán an cheist sin
d'éirigh sé ar buile.



"Ó," ar seisean, "is truagh an sgéal é! A rádh gur
rug sé im' bheathaidh orm a leithéid d'easonóir fhághail
ó mhaithibh Connacht! Níor tugadh a leithéid de mhasla
riamh roimis seo dhom féin ná dom' chléir!"



Do leath a shúile agus a bhéal ar gach uasal de'n triúr
nuair airigheadar an chaint sin.



"A rígh-ollamh," arsan fear tosaigh a bhí ortha; "ca
bhfuil an easonóir? Ca bhfuil an masla?"


L. 130


"Masla mór," arsa Seanachán, "agus easonóir
mhór iseadh a chuimhneamh i n-aon chor i nbhúr n-aigne, ní
áirmhim an cheist sin do chur, go bhfágfadh an Tromdháimh
a dteaghlach féin chun fleidhe do chaitheamh i dteaghlach
iasachta! Ní foláir maithe Connacht d'aoiradh mar
gheall ar chuimhneamh ar a leithéid!"



Le mórán úmhluigheachta agus cimilt bhaise iseadh
do chuaidh an triúr as gan a n-aoiradh!



Caibidiol a h-ocht-déag.



An fhleadh agus tormas Sheanacháin.



Do h-ollmhuigheadh an fhleadh, agus do rugadh go
teaghlach na Tromdháimhe í. Tháinig uaisle Connacht go
léir agus bhíodar féin agus an Tromdháimh ag ithe agus
ag ól agus "ag aoibhneas," mar adeir an seana leabhar.
Bhi Seanachán ar a mhór-shásacht, ag riaradh gach aon
ruda, agus ag cur gach aon duine 'n-a shuidhe san áit
'n-ar cheart dó bheith, do réir a dhána agus a uaisleachta.
Do lean an t-ól agus an t-aoibhneas ar feadh trí lá
agus trí oidhche. Fé dheireadh thug Seanachán fé ndeara
go raibh giollanradh agus díosgar-shluagh Connacht
ag ól na dighe agus ag ithe an bhídh níba iomadamhla
go mór 'ná mar a thaithn leis. Tháinig doicheall air.
Tháinig doicheall mór air agus fearg. Do stad sé
d'aon nídh dh'ithe ná dh'ól. Bhí sé ag tormas. Do chrom
na daoine a bhí i n'aice ar bheith ag tathant air an biadh
do chaitheamh, agus an deoch a dh'ól. Ní raibh aon mhaith


L. 131


dhóibh ann. Ní íosfadh sé biadh, agus ní ólfadh sé deoch,
agus ní thabharfadh sé freagra ar aoinne do labharfadh
leis. Níor bh'fhada go raibh an chuideachta go léir tré
n-a chéile agus ar mearathal. Do labhair duine de
mhaithibh Connacht.



"A rígh-ollamh," ar seisean, "cad tá ar do shoilse
ná h-itheann tú biadh agus ná h-ólann tú deoch. Tá
an biadh go maith, agus tá an deoch go maith, a rígh-
ollamh, agus is tusa fé ndeár iad a bheith againn le
n-ithe agus le n-ól. Is truagh linn ná feicimíd thú
ag ithe agus ag ól i n-ár dteannta."



"Is mise fé ndeár iad a bheith agaibh le n-ithe agus
le n-ól," arsa Seanachán, "agus is ró-olc an díol
oraibh iad a thabhairt daoibh le n-ithe agus le n-ól!"



"Conus san a rígh-ollamh?" arsan fear a labhair.



"Féach," arsa Seanachán, "bhúr ngiollanradh agus
bhúr ndíosgar-shluagh, an sgeanfairt atá acu 'á dhéanamh
de'n bhiadh, agus a bhfuil de chuirm acu d'á sgaoileadh
uatha fé n-a gcosaibh sa luachair, gan trácht ar a bhfuil
acu d'á shlogadh isteach 'n-a gcorp de idir bhiadh agus
deoch!"



"A rígh-ollamh," arsan fear a labhair," níor thánga-
mair annso go dtí go bhfuaramair cuireadh! Chun
bídh agus dighe dh'fhághail a thángamair, agus ní chun
easonóra dh'fhághail!"



Do bhuail duine eile bas láithreach ar bhéal an fhir
sin, le h-eagla go ndéarfadh sé a thuilleadh agus go
n-aoirfadh an Tromdáimh maithe Connacht.



"Glanaidh uaim amach as an dtigh seo láithreach!"
arsa Seanachán go h-árd agus go feargach. "Sgrios-
aidh as mo radharc idir uasal agus íseal agaibh! Ní
íosfad biadh agus ní ólfad deoch go dtí go mbeidh
sibh amach as an dtig uaim agus amach as an mbaile."


L. 132


B'éigean dóibh imtheacht. Annsan féin ní íosfadh
Seanachán biadh agus ní ólfadh sé deoch. Thug sé an
lá san go léir ag tormas, agus an oidhche. D'airigh
Guaire an sgéal. Dob' olc le Guaire an Tromdháimh
go léir a bheith ag ithe agus ag ól, agus Seanachán 'n-a
throsgadh. Ghlaoidh sé chuige dalta a bhí aige, buachaill
breágh dathamhail glan a bhí timcheall seacht mbliadhna
déag d'aois.



"Féach, a bhuachaill bháin," ar seisean, "tabhair leat
bior fada fionn-chuill agus cuir gé air, agus bíodh dhá
dtrian an bheara rómhat agat, agus an trímhadh trian
dé id' dhiaidh, agus éirigh chun na h-áite 'n-a bhfuil
Seanachán, agus féach an bhféadfá é mhealladh chun
blúire de'n ghé d'ithe."



Dhein an buachaill fé mar a dubhradh leis a dhéanamh.
Tháinig sé chun na h-áite 'n-a raibh Seanachán. Chonnaic
Seanachán an bior agus an gé air.



"Cad ab' áil leat de'n ghé sin a mhacaoimh?" arsa
Seanachán.



"Chun é dh'ollmhúghadh duit-se, a rígh-ollamh," arsan
buachaill.



"Cad chuige gur cuireadh thusa leis?" arsa
Seanachán.



"Ba mhaith le Guaire an t-é ba ghlaine agus ba
dhathamhla d'á raibh aige do chur chúghat-sa led' chuid, a
rí," arsan buachaill.



"Is dóich liom-sa," arsa Seanachán," nár bh'fhéidir
dó duine eile dh'fhághail ar an mbaile ba neamh-ghlaine
agus ba mhí-sgiamhaighe 'ná thusa."



"Conus san?" arsan buachaill.



"Bhí aithne agam-sa ar do mháthair-se," arsa Sean
achán," agus bhí sí meill-ingneach, agus bhí do sheana-
mháthair meill-ingneach, leis. Ní fhéadfainn-se biadh


L. 133


do chaitheamh as do lámhaibh-se. Ní féidir dóibh bheith
glan."



Tháinig an buachaill bocht tar n-ais ag triall ar
Ghuaire, agus é ag gol, agus d'innis sé dhó cad dubh-
airt Seanachán. Do chuir san buaidhirt agus brón ar
Ghuaire.



Bhí Guaire go buadhartha agus go brónach, agus bhí a
chúis aige. Bhí 'fhios aige go raibh buaidhte aige féin
agus ag Marbhán ar Sheanachán agus ar an gcuid de'n
Tromdháimh a bhí ar a thí. Bhí 'fhios aige dá bhrígh sin, go
raibh árd-fhearg ar Sheanachán mar gheall ar gur fuaradh
saill na muice nár rugadh, agus dóithin uaisle Connacht
de'n tsaill sin agus de chuirm an aon ghráinne arbhair.
Bhí 'fhios aige gur bh'í an fhearg san a chuir an tormas
ar Sheanachán, agus nár bh'é an sgeanfairt a bhí 'á
dhéanamh de'n bhiadh. Bhí 'fhios aige nách gan fáth adubh-
airt Seanachán go raibh máthair an bhuachalla meill-
ingneach. Agus bhí sgannradh air le h-eagla go
n-aoirfadh Seanachán é, mar gheall ar mhac na mná
meill-ingnighe do chur le n-a chuid bídh chuige. Bhí
buaidhirt agus brón air, agus bhí a dhóithin de chúis
aige chuige. Chuir sé an sgéal i gcómhairle Mharbháin.



"Nách dalta dhuit, a rí," arsa Marbán, "an óigbhean
áluinn sin a chím id' theaghlach, an inghean san Beag
Bainighe?"



"Iseadh cheana," arsa Guaire.



"Cuir í sin ag triall ar Sheanachán chun a choda
d'ollmhúghadh dhó," arsa Marbhán, "ní raibh aoinne a
bhain léi sin riamh meill-ingneach, ar thaobh a h-athar ná
ar thaobh a máthar. Ní fhéadfadh súil aon duine i
n-Éirinn, uasal ná íseal, aon locht a dh'fheisgint innti
féin. Ní'l cailín is áilne 'ná í i n-Éirinn, agus tá
sí múinte béasach, deagh-thabhartha suas. Ní féidir dó,


L. 134


agus a dhícheall a dhéanamh, aon locht fhághail uirthi féin
ná ar a sínsear. Bhí aithne agam ar a sean-athair.
Duin'uasal creideamhnach, diadha, carthanach ab eadh
é. Ní raibh aon teóra le n-a dtugadh sé de dhéirc
uaidh do bhochtaibh Dé. Ní baoghal go raibh sé meill-
ingneach. Níor chas aoinne riamh fós aon asachán leis,
agus ní dóich liom-sa go bhféadfaidh Seanachán aon
asachán do chasadh le h-aoinne d'á chlainn, ná de chlainn
a chlainne. Má chasann sé asachán bréagach leó, is dó
féin is measa. Tuigfear an bhréag chómh luath agus
do labharfar í. Agus féach, a rí," ar seisean, "is eól
dómh-sa ná fuil biadh ar bith is fearr a thaithneann le
Seanachán 'ná arán déanta de phlúr cruithneachtan
agus d'iuchraibh bradáin, agus iad fuinte ar a chéile.
B'fhéidir, nuair a thaithnfadh an biadh leis go n-imtheóchadh
an fhearg de."



Do ghlaoidh Guaire chuige an cailín. "Féach, a 'nghín
ó," ar seisean, "beir leat iuchra bradáin agus plúr
cruithneachtan, agus fuin i láthair Sheanacháin iad chun
aráin a dhéanamh díobh, agus féach a' bhféadfá é
mhealladh chun an aráin d'ithe."



D'imthigh an cailín, agus dhein sí fé mar a dubhradh léi.
Do rug sí léi an plúr agus na h-iuchra, agus chuaidh sí
chun na h-áite 'n-a raibh Seanachán, agus é ag tormas,
agus an t-ocras go dian air. Do fhliuch sí an plúr
agus do mheasg sí na h-iuchra air, agus chroin sí ar iad
d'fhuineadh le n-a lámhaibh. Bí na lámha go geal agus
go deagh-chúmtha aici, agus bhí Seanachán ag féachaint
ortha, agus uirthi féin.



"Cad ab' áil leat de sin, a inghean?" arsa
Seanachán.



"'Ghá ollmhúghadh dhuit-se atáim, a rígh-ollamh," ar
sisi.


L. 135


"Cad uime 'n-ar cuireadh thusa 'ghá dhéanamh san?"
arsa Seanachán.



"Guaire a dubhairt, a rí," ar sise, "nár bh'fholáir
dó féin an t-é ba ghlaine agus ba dhathamhla d'a
raibh aige do chur annso chúghat-sa, chun do choda
d'ollmhúghadh dhuit."



"Isé is dóich liom-sa, ámhthach," arsa Seanachán,
"nár bh'fuiriste do Ghuaire duine dh'fhághail ar an
mbaile seo ba neamh-ghlaine ná ba ghráinne 'ná thusa,
ach amháin, b'fhéidir, an t-é a tháinig annso rómhat."



"Cad'n-a thaobh go n-abrann tusa san, a rígh-ollamh?"
arsan cailín.



"Tá cúis mo dhóithin agam leis," arsa Seanachán.



"Bhí aithne agam ar do shean-athair agus bhíodh sé
anáirde ar charraig, agus é ag teagasg éoluis do
lobhraibh. Le linn an eólus do theagasg dóibh dó, do
shíneadh sé a lámh 'n-a dtreó. Conus is féidir dómh-sa
biadh do ghlacadh a fuineadh led' láimh-se, agus go
mbíodh lámh do shean-athar dh'á síneadh ar an gcuma
san chun na lobhar salach úd!"



Tháinig an cailín bocht abhaile ag triall ar Ghuaire,
agus í ag briseadh a croidhe ag gol.



"Cad tá ort a 'nghín ó?" arsa Guaire.



D'innis sí dhó, agus an gol ag baint a h-anála dhi
mar gheall ar an masla a tugadh di féin agus d'á
sean-athair.



"Guidhim-se aon nídh amháin anois," arsa Guaire.



"Nár fhághaidh Seanachán bás choidhche go dtugaidh sé
póg le n-a bhéal do bhéal lobhair!"


L. 136


Caibidiol a naoi-déag.



Aoiradh na luch agus ná gcat.



D'innis Guaire do Mharbhán an rud a dubhairt
Seanachán leis an gcailín.



"Dubhraís, a bhráthair," arsa Guaire, "ná féadfadh
sé locht d'fhághail uirthi. Féach féin gur fhéad. Nách
deacair dul uaidh!"



"Is fíor, a rí," arsa Marbhán, "gur deacair dul
uaidh. Gan amhras is fíor go mbíodh sean-athair an
chailín sin ag teagasg na lobhar, agus go mbíodh sé
'n-a shuidhe ar an gcarraig 'á dhéanamh. Ach is ag
múineadh an chreidimh dóibh a bhíodh sé. Le grádh do
Dhia agus do'n chómharsain a dheineadh sé an obair sin.
Tá luach saothair anois aige d'á bhárr, agus is cuma
dhó cad a dhéanfaidh tormas Sheanacháin. Ach nách fada
ó bhaile a chuaidh Seanachán chun locht fhághail ar an
gcailín!"



"Is baoghal go n-aoirfidh sé mé mar gheall ar í chur
ag ollmhúghadh bídh dó, agus mar gheall ar mhac na mná
meill-ingnighe do chur ag ollmhúghadh bídh dó. Déan-
faidh sé an donus orm mar gheall ar an mbeirt, agus
mar gheall ar an ngé, agus mar gheall ar iuchra an
bhradáin," arsa Guaire.



"Ní dhéanfaidh sé aon nídh dh'á shórd, a rí," arsa
Marbhán. "Tá 'fhios aige go maith cad í an chreideamh-
aint a bhí ag sean-athair an chailín sin, agus gur mhasla
d'á chreidheamhaint féin aon rud a dhéanamh a thabharfadh
masla dhi féin ná d'á sean-athair. Ní aireóchair a
thuilleadh mar gheall ar an ngé, ná mar gheall ar iuchra
an bhradáin, ná bíodh blúire eagla ort, a rí. Ní baoghal


L. 137


duit. Ní aireóchair puínn eile des na miantaibh ó'n
dTromdháimh, ach b'fhéidir nár bh'fada go n-aireóchthá
rud éigin eile. Fan leat go fóil."



B'fhíor do Mharbhán é. Níor tháinig a thuilleadh
des na miantaibh. Do lean Seanachán ag déanamh an
tormais, bíodh go raibh an t-ocras 'ghá stracadh, agus
go raibh sgannradh ar an dTromdháimh le h-eagla go
dtabharfadh sé an bás dó féin.



Fé dheireadh do labhair Brighid le n-a mnaoi fhrioth-
álmha.



"Imthigh," ar sisi, "agus beir leat m'fhuidhleach-sa,
agus tabhair do'n rígh-ollamh é féachaint a' n-íosfadh
sé é."



Beadghill ab ainim do'n mhnaoi fhriothálmha. Thainig
sí i láthair Sheanacháin.



"Dubhairt an ríogan liom, a rígh-ollamh," ar sisi,
"a fuidhleach féin do thabhairt chúghat agus go n-íosfá
é."



"Cad é an fuidhleach atá fágtha aici?" arsa
Seanachán.



"Ubh circe, a rí," arsan bhean.



"Is beag ná gur b'é mo sháith é," arsa Seanachán,
"agus ní beag liom é an turus so. Imthigh agus
tabhair chúgham é."



D'imthigh sí, agus d'imthigh roinnt aimsire agus ní
raibh sí ag teacht. Chuir Seanachán teachtaire 'n-a
diaidh féachaint cad a bhí 'ghá cimeád. Tháinig sí agus
ní raibh an t-ubh aici.



"Do theip orm é dh'fhághail, a rí," ar sisi.



"Ní deirim ná gur b'amhlaidh a d'ithis féin é," arsa
Seanachán.



"Níor itheas, a rí," ar sisi, "ach d'ith na luchaigh é."



"Níor chóir dos na luchaigh a leithéid do dhéanamh!"


L. 138


arsa Seanachán. "Is minic cheana a dheineadar a leithéid,
agus dob' olc an gníomh le déanamh dóibh é. Ní'l rí
ná flaith d'á uaisleacht ná d'á aoírde nách maith leo
rian a bhfiacal do chur ar a gcuid. Is droch-mhúinte an
obair dóibh gníomh de'n tsórd san a dhéanamh. Is
ainbhfíosach an obair dóibh é, mar an biadh 'n-a mbeidh
rian a bhfiacal san air, ní ceart é chur ós cómhair
aoinne, íseal ná uasal. Tá aoiradh tuillte acu mar
gheall ar an ubh san a dh'ithe, agus aoirfad-sa iad
anois."



Chrom sé ar na luchaigh d'aoiradh, agus is dócha gur
dhein sé an obair go h-ana dhian agus go h-ana ghéar.
Bhí an fhearg air, agus bhí an t-ocras air, agus bhí an
fhilidheacht go millteach aige, agus do dhíol na luchaigh
as. Ní raibh sé abhfad ag labhairt na n-aoir, nuair a
rith luch chuige amach a' pholl agus thuit sí marbh agá
chosaibh. Chomáin sé leis agus an fhearg ag éirghe ann,
agus an chaint ag dul i ngéire agus i neimhneacht. Do
rith luch eile amach chuige, agus thuit sí marbh agá chosaibh.
Bhí sé ag labhairt na cainte, agus na luchaigh ag teacht
chuige amach as na pollaibh agus ag tuitim agá chosaibh,
gan anam ionta, go dtí go raibh deich gcinn acu ann
sínte. Annsan dubhairt sé focal éigin leó a bhí níba
ghéire 'ná aon fhocal d'á raibh ráidhte fós aige, agus le
n-a linn sin do rith luichín agus a h-ál go léir amach a'
poll agus thángadar i n-aice a chos, agus thuiteadar
marbh idir mháthair agus ál. Tháinig cathúghadh air agus
do stad sé.



"Is eagal liom, a lucha," ar seisean, "go bhfuil
éagcóir déanta agam oraibh. Ní sibh-se atá ciontach
ach an mhuintir ar a bhfuil bhúr gcosg, .i. tuatha cat."



"Is truagh chráidhte," ar seisean, "nár chuimhnigheas
ar an méid sin sar ar aoiras na luchaigh bhochta so.


L. 139


Isiad na cait atá ciontach, agus isiad is ceart d'aoiradh.
Dá ndeineadh na cait an gnó atá ortha a dhéanamh, ní
íosfadh na luchaigh fuidhleach Bhrighde, mar ní bheidís
ann chuige. Isiad na cait is ceart d'aoiradh agus
aoirfad-sa go maith anois iad. Agus ó's 'ghá n-aoiradh
dhom i n-aon chor, tá sé chómh maith agam an rí atá ortha
d'aoiradh. Tá aithne mhaith agam air, agus tá 'fhios
agam cá gcómhnuidheann sé. Iorusán is ainim dó agus
i n-uaimh Chnódhbha atá sé 'n-a chómhnuidhe, lastoir de
Chluain mic Nóis naoimh-Chiaráin. Arusán is ainm
d'á athair; agus Riachall Rinnfhiaclach, inghean Chlab-aith-
inne, a bhean. Tá beirt drithár aige i n-aon-tigheas
leis i n-uaimh Cnódhbha, .i. an Crónánach a' Cruachain agus
Gruamán Garbh-fhiaclach. Agus tá inghean aige agus
Reang Ghéar-fhiaclach, is ainim di. Dá ndeinidís
sin a ngnó mar ba cheart dóibh a dhéanamh is ró-bheag
na luchaigh a bheadh i n-Éirinn againn. Cait ana mhóra,
ana láidre iseadh iad. Isé Iorusán mac Arusáin is
rí ar chataibh na h-Éireann go léir agus dá ndeineadh
sé a dhualgas ríogh do chómhlíonadh, agus dlighthe na
gcat do chur i bhfeidhm, níor ghádh dhómh-sa bheith ag
déanamh aoir chun na luch so do mharbhúghadh. Aoirfad-
sa anois é féin agus a bhean agus a mhuintir."



Annsan do chrom Seanachán ar an aoir a dhéanamh
dos na cataibh, agus do rígh na gcat, go mór mór.
"Athach ingneach" a thug sé ar Iorusán. Thug sé a lán
eile ainmneach tarcuisneacha air. Thug sé "Fuidheall
Doibhre" air. Dubhairt sé go raibh sínsear na gcat
lá 'n-a chodladh ar bhruach locha agus go dtáinig an
dobhrán, .i. an madra-uisge, amach as an loch, agus
gur ith sé barr a dhá chluas de shínsear na gcat, agus
gur b' shiné a bheir na cait go léir gearb-chluasach ó
shin i leith. Chomáin sé leis ar an gcuma san, ag


L. 140


tabhairt gach asacháin agus gach tarcuisne ba mheasa 'ná
chéile do rígh na gcat, agus dos na cait go léir, mar
gheall ar nár choisgeadar na luchaigh ar fhuidhleach
Brighde d'ithe.



Tháinig meanma na n-aoir san d'Iorusán agus é
i n-uaimh Chnódhbha. Do labhair sé le n-a mhuintir.



"D'aoir Seanachán mise" ar seisean.



"Ní mór dom dul agus díoghaltas a dhéanamh air."



"Dob' fhearr linn," arsa Reang Ghéar-fhiaclach,
"go dtabharfá Seanachán chúghainn annso 'n-a bheathaidh,
i dtreo go bhféadfaimís go léir díoghaltas a dhéanamh
air."



"Tá go maith, a laogh," arsa Iorusán. "Tabharfad
chúghaibh 'n-a bheathaidh é. Beidh 'fhios aige annsan ce'cu
is treise na h-aoir nó na cait," agus do ghluais sé.



Do h-innseadh do Sheanachán go raibh Iorusán mac
Arusáin, rí na gcat, ag teacht chuige chun é mharbhúghadh
mar gheall ar na h-aoiribh. D'iarr Seanachán ar
Ghuaire agus ar ríogradh Connacht teacht agus é chos-
aint ar Iorusán. Tháinig Guaire agus ríogradh Connacht
go léir, agus chuireadar Seanachán i lár baill eatartha
istigh, agus do nocht gach fear a chlaidheamh. Bhíodar
'n-a seasamh ag feitheamh leis an námhaid. Ba ghearr
gur airigheadar an brúth agus an fothram ag teacht
'n-a dtreó. Dar leó ba chuma an fothram san nó
an bhúirtheacht a dhéanfadh "buinne teine mire mór-
dhéine ag mear-losgadh." Annsan do chonnacadar
Iorusán féin, agus ní misde a rádh ná gur chuir an
radharc ag crith 'n-a gcroiceann iad. Bhí se níba mhó
'ná an tarbh ba mhó d'á bfeacadar riamh! Seo mar
adeir an seanaleabhar:



"Is amhlaidh boí-seom .i. Irusán agus é srón-
mhael, santach, séidfeadhach, bailc, cearb-chluasach,


L. 141


cliabh-leathan, ingin-ghéar, srón-bheárnach, géar-fhiaclach,
garbh, guib-reamhar, taobh-leathan, fuascrach, fír-
mhiscneach, mear, crónánach, crón-shúileach, agus sin
mar a tháinig sé chúcha."



Do bhuail sé tríotha isteach gan ionga ná fiacal do
chur i n-aoinne acu. Do bhuaileadar é ach níor chuaidh
faobhar ná rinn i bhfeidhm air. Níor dhein sé aon
díoghbháil dóibh. Níor dhein sé ach bualadh tríotha, chómh
maith agus ná beidís ann, go dtí go dtáinig sé mar
a raibh Seanachán. Annsan níor dhein sé ach breith
ar leath-láim ar Sheanachán, agus é chaitheamh chuige ar a
mhuin, díreach mar a dhéanfadh an mada ruadh an gandal
do chaitheam chuige ar a mhuin. Do ghluas sé amach arís,
tríd an sluagh, díreach mar a tháinig sé tríotha isteach,
gan aon tsuim a chur 'n-a n-airm, agus Seanachán ar a
mhuin aige, díreach mar beadh an gandal ag an mada
ruadh.



Bhí iongnadh agus alltacht ar Ghuaire agus ar ríogradh
Connacht nuair a chonnacadar Seanachán ag imtheacht
ar ghualainn an chait, agus nár fhéadadar é chosaint.



Annsan iseadh adubhairt gach aoinne go n-aoirfadh
an Tromdháimh Guaire, agus ná féadfadh Marbhán féin
é thabhairt saor, toisg nár chosain sé Seanachán ar an
gcat.



Caibidiol a fiche.



Seanacháin agus Iorusán.



Do ghluais Iorusán amach ó shlóightibh Connacht, agus
Seanachán ar a mhuin aige, agus greim daingean aige
ar leath-láimh air, díreach mar a bheadh greim ar sgrugal


L. 142


ag an mada ruadh ar an gandal. Bhí a leithéid sin
d'iongnadh agus d'uathbhás agus de sgannradh ar na
slóightibh nár choruigh aoinne acu as an áit 'n-a raibh
sé 'n-a sheasamh. Do sheasuigheadar annsúd ag féach-
aint ar an radharc - an cat ag imtheacht agus Seanachán
ar a mhuin aige, go dtí go raibh sé imthighthe as a radharc
agus níor choruigh aoinne acu ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh
san.



Nuair a chonnaic Seanachán nár bh'aon mhaith dhó bheith
ag brath ar Ghuaire ná ar shlóightibh Connacht chun é
dh'fhuasgailt as an ngéibhinn 'n-a raibh sé, tharraing sé
chuige seift eile. Chrom sé ar Iorusán do mholadh.



"Ó," adeireadh sé, "nách cómhachtach an rí Iorusán!
Níl beann aige ar Ghuaire ná ar shlóightibh líonmhara
Connacht! Do mharbhóchadh sé féin, i n'aonar, Guaire
agus a shlóighte go léir i n-aonfheacht!" Nuair a
léimeadh Iorusán thar chlaidhe nó thar abhainn, "Ó,"
adeireadh Seanachán, "nách iongantach an léim atá ag
Iorusán! Rí i gcómhacht iseadh Iorusán! León i neart
iseadh Iorusán mac Arusáin. Is mó oineach Iorusáin
'ná oineach Ghuaire. Iorusán an oinigh! Ar ghrádh a
oinigh iseadh do leogfidh uaidh mé!"



Chomáin sé leis ar an gcuma san ag moladh agus ag
plámás ar Iorusán, ach níor chuir Iorusán aon tsuim
'n-a mholadh ná 'n-a phlámás, ach comáint leis soir
i dtreó Chnódhbha. Nuair a chonnaic Seanachán nár
bh'aon mhaith dhó bheith ag plámás ná ag moladh do chuimh-
nigh sé ar Dhia.



"Adhraim-se Dia idir mé agus tú!" ar seisean.



"Tá caillte ag Guaire agus ag slóightibh Connacht orm.
Dia le m'anam! Dia le m'anam!" Do lean sé
ag rádh an fhocail sin gan a thuilleadh cainte dhéanamh
leis an gcat, 'á mholadh ná 'á cháineadh. Bhí an cat ag


L. 143


cur na slighe soir de go tiugh, agus bhí a mhuintir thoir
ag feitheamh leis go tnúthach, agus iad ag cuimhneamh
ar an spórt a bheadh acu ag súgradh le Seanachán ar
feadh tamaill sar a n-íosfaidís é, mar is gnáth le cat
bheith ag súgradh le luichín. Chomáin Seanachán leis
agus "Dia le m'anam! Dia le m'anam!" aige.
Ghaibh an cat thar doras ceárdchan Chiaráin Naomhtha.
Bí Ciarán sa cheárdchain ag obair. D'airigh sé an
focal, "Dia le m'anam! Dia le m'anam!" D'fhéach
sé amach. Chonnaic sé Iorusán agus an duine ar
a mhuin aige. D'aithin sé Iorusán agus d'aithin sé
Seanachán.



"Ó! a chreach láidir é," ar seisean, "íosfaidh
Iorusán an righ-ollamh agus aoirfar Guaire agus cad
a dhéanfaimíd! Cad a dhéanfaimíd!"



Do thárla go raibh caor iarainn i mbéal na teana-
chaire aige ar dearg-lasadh. Níor dhein sé ach an tean-
achair do chasadh agus an caor do chaitheamh leis an gcat.
Ba dhíreach an t-urchar é! D'aimsigh sé an cat 'n-a
thaobh, agus chuaidh an caor iarainn treasna tré n-a
chabhail agus tré n-a chroidhe agus amach ar an dtaobh eile,
agus do thuit Iorusán marbh. Do bhog an bás greim an
chait de láimh Sheanacháin agus d'éirigh sé. Cad a dhein
sé, ámh, chómh luath agus bhí sé éirighthe 'n-a sheasamh, buidh-
eachas do ghabháil le Ciarán mar gheall ar é shaoradh
ó'n gcat? Ní h-eadh i n-aon chor. Is amhlaidh a dhírigh
sé ar spídiúchán go dian agus go fíochmhar agus go
feargach ar an láimh a chaith an t-urchar san!



"An é sin do bhuidheachas orm?" arsa Ciarán.



"Isé sin díreach mo bhuidheachas ort!" arsa
Seanachán. "Is neamhchúramach a bhís. Ba chirte dhuit
go mór aire thabhairt dod' ghnó féin agus mise do
sgaoileadh thort!"


L. 144


Bhí iongnadh ar Chiarán. "Ní foláir, a rígh-ollamh,"
ar seisean, "nó tá cúis éigin agat leis an gcaint sin
atá ráidhte agat. Bhís ag glaodhach go cruaidh ar Dhia
nuair a chaitheas-sa an t-urchar a mhairbh Iorusán. Bhís
'ghá iarraidh ar Dhia thú dh'fhuasgailt ó'n mbás. Do
stiúruigh Dia m'urchar-sa, agus fuasgladh thú. Cad
eile a bhí uait?"



"Bhíos ag glaodhach ar Dhia, ach ní chun mé dh'fhuas-
gailt ó'n mbás é, ach chun m'anam do bhreith saor go
flaitheamhnas. Ní raibh aon lorg agam ar dhul ó'n
mbás. B'fhearr liom go mór go n-íosfadh an cat
mé, mar annsan d'aoirfadh an Tromdháimh Guaire, agus
chuirfeadh san deireadh le h-oineach Ghuaire. Siné a
bhí uaim. Do chuiris-se ar neamhnídh an rud a bhí uaim,
agus nár chúitighthear do shaothar leat!" arsa Seanachán.



Do sgaradar. Tháinig Seanachán abhaile go dtí an
Tromdháimh. Bhí Guaire agus uaisle Connacht, agus a
slóighte, roimis san áit 'n-ar fhág sé iad nuair a rug
Iorusán chun siubhail uatha é. Bhí áthas mór ortha nuair
a chonnacadar ag teacht é. Chuireadar liúgh suas ag
fáiltiúghadh roimis. Tháinig Guaire agus na h-uaisle
chuige chun labhartha leis, agus chun é phógadh, agus chun a
fhiafraighe conus fhéad sé teacht saor ó'n gcat. Níor
dhein sé ach féachaint ortha go feargach agus imtheacht
isteach gan oiread agus focal do labhairt le h-aoinne
acu.


L. 145


Caibidiol a h-aon a's fiche.



Cuaird Mharbháin.



Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis sa Tromdháimh ar
feadh tamaill mhaith. Níor tháinig aon mhian eile d'fhear
ná do mhnaoi acu. Bhíodar go léir go dícheallach,
gach aoinne ag tabhairt aireachais d'á dhán féin agus
d'á ghnó féin, gan cur isteach ná cur amach a dhéanamh
ar dhán ná ar ghnó aoinne eile. An uile shaghas ruda
a bhíodh i n-easnamh ortha, bhíodh Guaire 'á chur ag triall
ortha, i dtreó, an rud a bhíodh uatha go mbíodh sé tag-
aithe chúcha sar a mothuíghdís uatha é. Thagadh Guaire
féin gach maidion agus an cheist chéadna úd aige .i.
"Conus atáthar annso indiu ag an muintir mhóir
mhaith seo?" Ní h-innstí dhó, 'ghá fhreagra, go mbíodh
mian ná mór-dhúil tagaithe d'aoinne, ach do h-innstí
dhó go mbíodh gach nídh 'n-a cheart agus an uile dhuine
sásta.



Tar éis roinnt mhaith aimsire bheith caithte acu go
léir ar an gcuma san, tháinig machtnamh do Mharbhán
i nGleann an Sgáil. "Seadh!" ar seisean i n'aigne
féin, "is mithid dom dul agus an torc fionn do
dhíoghailt ar an dTromdháimh seo, fé mar a gheallas."



Do ghluais sé agus tháinig sé fé dhéin teaghlaigh na
Tromdháimhe. Níor bh'é an bóthar díreach a tháinig sé.
Tháinig sé cómhgar éigin nár ghnáth le daoine teacht.
Thug sé treó air féin a chimeádfadh é gan Guaire 'ghá
fheisgint ag teacht. Dá bhfeiceadh Guaire ag teacht é,
agus go mbeadh 'fhios aige cad é an fuadar a bhí féi,
do chuirfeadh sé cosg leis an ndíoghaltas. Nuair a
tháinig Marbhán i gcómhgar do thigh na Tromdháimhe


L. 146


chonnaic sé cuid des na mnáibh uaisle ag tobar a bhí
ann, agus iad ag nighe a lámh. Do labhair sé leó:



"Dia 's Muire dhaoibh, a mhná uaisle," ar seisean.



"Dia 's Muire dhuit agus Pádraig, a dhuine mhac-
ánta," arsa bean acu, agus dob' í bean í ná Méibh,
inghean Sheanacháin.



"Ar bh'é bhúr dtoil a dh'innsint dom cá bhfuil teagh-
lach na Tromdháimhe?" arsa Marbhán.



"Ochón!" arsa Méibh, "airiú, a dhuine mhacánta,''
ar sisi, "cad é an dúthaigh iasachta as a bhfuilir
tagaithe!"



"Níor thánag ó aon dúthaigh iasachta, a bhean-uasal,"
ar seisean. "I gcómhgar na h-áite seo do rugadh agus
do tógadh mé."



"Má 'seadh," ar sisi, "ní foláir nó is i n-áit éigin
uaigneach atá cómhnuidhe ort, tréas ná fuil 'fhios agat
ca bhfuil tigh na Tromdháimhe. Níor mheasas go bhféad-
fadh aoinne bheith puínn aimsire 'n-a chómhnuidhe sa tír
seo gan 'fhios a bheith aige cá bhfuil tigh na Tromdháimhe,
agus aithne ar an dTromdháimh féin agus ar a ngnóthaíbh
móra léighinn agus ealadhan."



"Muicidheacht iseadh mo dhán-sa, a bhean-uasal,"
arsa Marbhán, "agus ní fhágaim an baile ach go
h-annamh. D'airigheas go dtugann an Tromdháimh a
rogha ealadha do'n t-é a thagann a d'iarraidh ealadhan
ortha, agus thánag féin chun a dh'iarraidh ortha roinnt
ealadhan do thabhairt dom."



"Is fíor," arsa Méibh, "go dtugann an Tromdháimh
a rogha ealadha do'n té a thagann 'ghá iarraidh ortha, ach
is ar choinghill é."



"Cad é an coinghioll, a bhean-uasal?" arsa Marbhán.



"Ní foláir dó," ar sisi, "gaol nó cómhgas éigin
a bheith aige le h-éigsibh nó le lucht ealadhan."


L. 147


"Tá san agam-sa, a bhean-uasal," arsa Marbhán.



"Conus san?" ar sisi.



"Tá giolla agam," ar seisean, "agus inghean mic
inghíne file ab eadh seana-mháthair a mhná."



"Seana-mháthair mná do ghiolla inghean mic inghíne
file dob eadh í!" arsa Méibh "Dar fiadh, a mhic ó,"
ar sisi, "is fada amach go leór an gaol é. Ach, is
dócha go gcaithfead é dh'admháil. Tá sé 'n-a ghaol agus
'n-a chómhgas agat, ach ní'l cuid agat-sa de'n ghaol
ná de'n chómhgas. Is led' ghiolla a bhaineann sé idir
ghaol agus cómhgas."



"Ach is liom-sa an giolla," arsa Marbhán.



"Tá go maith," arsa Méibh. "Téanam," ar sisi,
"agus taisbeánfad an teaghlach duit."



Thaisbeáin sí an teaghlach dó. Lá fuar sgaloídeach
ab eadh é. Bhí cheithre dóirse ar an dtigh; dorus ag
féachaint ó-thuaidh, agus dorus ag féachaint ó-dheas;
dorus ag féachaint soir, agus dorus ag féachaint siar.
Adtuaidh a bhí an ghaoth an lá san, agus bhí na dóirse go
léir dúnta ach an dorus a bhí ag féachaint ó-dheas. Ní
h-ar an ndorus a bhí ar osgailt a thug Marbhán aghaidh,
ámhthach; ná ar aon cheann eile acu, ach ar an dorus a bhí
ag féachaint ó-thuaidh. D'osgail sé an dorus san, agus
má dhein do shéid an ghaoth, 'n-a lán neart, an dorus
isteach; i dtreó gur chuir sí brat Mharbháin féin suas
timcheall a chinn, agus gur ghluais sí mór-thimcheall an
tighe, agusgur chuir sí fionachrith fhuachta ar an uile dhuine
d'á raibh istigh. Phreabadar go léir 'n-a suidhe.



"Ó!" arsa Seanachán, "cé h-é seo a tháinig chúgh-
ainn i n-aghaidh na gaoithe!"



"Sin caint gan chiall," arsa Marbhán. "Ní h-i
n-aghaidh na gaoithe a thánag-sa ach leis an ngaoith. Isí
an ghaoth do shéid annso isteach mé."


L. 148


"Is deis-bhéalach an duine thú!" arsa Seanachán.



"Do réir mar a dh'airighim," arsa Marbhán, "ní
bheadh aon ghnó ag duine ná beadh deis-bhéalach go
maith ag teacht annso."



"Agus ar airighis cad d'imthigheann ar an t-é a
thagann annso agus a bhíonn ró-dheis-bhéalach?" arsa
Seanachán.



"D'airigheas go dtugtar a sháith deis-bhéalaighe dó,"
arsa Marbhán.



"Tugtar agus breis," arsa Seanachán.



"Thaisbeánfadh san go bhfuil muintir an tighe seo
ró-dheis-bhéalach," arsa Marbhán.



"Cár ghabhais chúghainn?" arsa Seanachán.



"Thánag aniar-adtuaidh oraibh," arsa Marbhán.



"Thugais mórán gaoithe leat," arsa Seanachán.



"Ní bhfuaras-sa aon phioc d'á duadh chun í thabhairt
liom," arsa Marbhán.



"Conus san?" arsa Seanachán.



"Tháinig sí uaithi féin," arsa Marbhán.



"Ochón!" arsa Seanachán, "ag dul i ngéire ataoi!"



"Tá an chloch go maith," arsa Marbhán.



"Cad í an chloch?" arsa Seanachán.



"An chloch atá ag cur an fhaobhair orm," arsa
Marbhán.



"Agus cad í an chloch atá ag cur an fhaobhair ort?"
arsa Seanachán.



"Tusa," arsa Marbhán.



"Mise! Ó tuigim," arsa Seanachán. "Má's cloch
fhaobhair mé, an bhfuil 'fhios agat gur féidir dom faobhar
do mhaolúghadh, leis?"



"Ní deirim," arsa Marbhán, "ná gur fearr tú
chun faobhair a bhaint anuas 'ná chun faobhair a chur
suas."


L. 149


"Nach eól duit, an chloch is fearr chun faobhair do
chaolúghadh gur b'í is fearr chun faobhair do mhaol-
úghadh?" arsa Seanachán.



"Dhéanfadh aon tsaghas cloiche faobhar do mhaolúghadh,"
arsa Marbhán.



"Measaim gur chun aighnis a dhéanamh a tháinís annso,
agus gur ar an intinn sin a leogais isteach oiread
gaoite," arsa Seanachán.



"Ní mise do leog an ghaoth isteach, ach is í an ghaoth
do leog mise isteach. D'osgail sí an dorus dom agus
chomáin sí isteach mé. Ba dhóich le duine uirthi go mba
lei féin an tigh seo. Má's leis an ngaoith an tigh, nách
mór an iongnadh nách "Tigh na Gaoithe, atá mar ainm
ar an dtigh? "Tigh na Tromdháimhe,' ainm an tighe.
Measaim gur chirte mar ainm air "Tigh na Mór-
ghaoithe,'" arsa Marbhán.



"Ní mise atá ag cur an fhaobhair anois ort," arsa
Seanachán.



"Tú féin nó an ghaoth," arsa Marbhán, "is cuma
cé'cu."



"An chun aighnis a tháinís?" arsa Seanachán.



"Iseadh má tá aoinne ábalta ar aighneas a dhéanamh
liom," arsa Marbhán.



"An bhfuil 'fhios agat cad é an chéad rud riamh a
chuir aighneas ar siubhal?" arsa Seanachán.



"Deir a lán gur "dhá ghé" é. Deir a lán eile gur
"cad a cham srón Firín?" é. Ní h-aon taobh acu san
é. Na cnóa seasga isiad do chuir ar siubhal an chéad
choímhsgar riamh," arsa Marbhán.



"Cad é an coímhsgar a chuir an dá ghé ar siubhal?"
arsa Seanachán.



"Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thigh an
tsagairt. Chonnacadar dhá éan ar pháirc.


L. 150


"Is breágh an dá ghé iad san," arsan bhean.



"Ní'l ann ach aon ghé amháin," arsan fear.



"Deirim-se go bhfuil dhá ghé ann," arsan bhean.



"Ní'l, go deimhin, ach aon ghé amháin," arsan fear.



Do leanadar ag áiteamh ar a chéile. Do chaith an
bhean í féin ar an mbóthar.



"Éirigh," arsan fear, "agus téanam ort abhaile."



"An bhfuil an dhá ghé ann?" ar sisi.



"Ní'l," ar seisean, "ach aon ghé amháin."



Dhún sí a súil, agus do leog sí uirthi bheith marbh.
D'imthigh seisean agus thug sé leis a h-athair agus a
máthair. Do rugadh abhaile an corp, mar dh'eadh.
Tháinig na cómharsain chun an tórraimh. Amach san
oidhche tháinig an fear ós cionn an chuirp ag gol, mar
dh'eadh. Thug sé cogar di.



"Éirigh as san," ar seisean, "agus bíodh ciall
agat!"



"An bhfuil an dá ghé ann?" ar sisi.



"Ní'l," ar seisean, "ach aon ghé amháin."



D'fhan sí mar a raibh aici. Ghluais an tsochraid
ar maidin. Do tángathas chun na roilge. Bhí an
uaigh ar leathadh. Do léigh an sagart na paidreacha.
Do cuireadh an chómhra síos san uaigh. Do caitheadh
sluasad cré anuas ar an gcómhrainn. Do sgread
an bhean. - "A Thaidhg! a Thaidhg!" ar sisi, "leog amach
as so me! Ní'l ann ach aon ghé amháin nó dhá ghé, pé
'cu is maith leat-sa! "Do rith na daoine as an roilig.
D'osgail an fear an chómhra. Thóg sé aníos an bhean
agus í leath-mhúchta. Chuir sí cúpla fantais di. Tháinig
sí chúichi féin. Thugadar aghaidh ar an mbaile. Ba
ghearr go bhfeacadar ar an bpáirc chéadna an dá ghé
chéadna.



"Féach, a Thaidhg!" ar sisi, "ach is cuma liom. Ó


L. 151


deirir-se ná fuil ann ach aon ghé amháin, deirim-se
ná fuil ann ach aon ghé amháin."



"Aon ghé amháin," ar seisean - "agus aon ghandal
amháin."



"Ó - Ó - Ó!" ar sisi. Agus ó'n lá san go lá a báis
níor labhair sé focal nár ghéill sí dhó ann, pé 'cu bhí
an ceart aige nó ná raibh."



"Níor dhein an "dá ghé" puínn díoghbhála. Is mó
an tairbhthe 'ná an díoghbháil a dheineadar. Cad é an
coímhsgar a dhein "srón Firín"?" arsa Seanachán.



"Beirt seana-bhan a bhí 'n-a gcómhnuidhe i dhá mbothán
bheaga i n-aice 'chéile, agus Méibhín ab ainm do mhnaoi
acu, agus Murainn do'n mhnaoi eile. Dhein Murainn
rud éigin nár thaithn le Méibh. Cheap Méibhín é agairt
uirthi. Thagadh Méibhín isteach ag triall ar Mhurainn
go minic, cun bheith ag caint. Théidheadh Murainn go
minic isteach ag triall ar Mhéibhín ar an intinn
gcéadna. Bhí maidirín ag Méibh, agus Firín ab ainm
dó. Nuair a thagadh Méibh isteach i mbothán Mhurainn,
thagadh Firín le n-a cois. Annsan bhíodh Méibh ar
thaobh de'n teine, agus Murainn ar an dtaobh eile,
agus Firín eatartha 'n-a shuidhe ar lic an tínteáin 'ghá
ghoradh féin.



Lá, nuair a bhí an fhearg ar Mhéibhín, tháinig sí féin
agus Firín isteach i dtigh Mhurainn. Do shuidh sí chun
na teine ar aghaidh Mhurainn anonn, agus do shuidh
Firín ar an lic ar aghaidh na teine amach. Bhí Méibh
ag cur 's ag chúiteamh 'n-a h-aigne féachaint conus a
thosnóchadh sí an t-aighneas. Fé dheireadh d'fhéach sí
ar shróin an mhaidirín, agus thug sí fé ndeara go raibh
an tsrón cam.



"A Mhurainn!" ar sisi.



"Teacht, a Mhéibh arsa Murainn.


L. 152


"Cad a cham srón Firín?" arsa Méibh.



D'fhéach Murainn ar an sróin. "Ní caime anois a
shrón 'ná mar a bhí sí aon lá riamh aige," ar sisi.



"Deirim-se go dtugais d'éitheach!" arsa Méibh.



"Deirim-se go dtugais-se t'éitheach!" arsa Murainn,
"agus tú is fearr chuige!"



Siúd i gcochall a chéile iad, ag sgreadaigh, agus
Firín ag amhstaraigh. Tháinig bean isteach. Ghaibh sí
páirt le duine acu. Tháinig bean eile isteach. Ghaibh
sí páirt leis an mnaoi eile. Bhailigh na cómharsain go
léir isteach. Gach duine, fé mar a thagadh, ghabhadh sé
páirt le duine éigin de'n bheirt. Ba ghearr go raibh
an baile go léir sáidhte sa choímhsgar ; leath na ndaoine.
ar thaobh Mhurainn, agus an leath eile ar thaobh Mhéibhín.
Tar éis roinnt aimsire bhí an pharóiste go léir sáidhte
sa bhruighin. Do lean an coímhsgar. Ní thagadh aonach
ná margadh gan an dá thaobh ann ag éirghe chun a chéile,
ag marbhadh a chéile. Annsan, nuair fhiafraigheadh
duine iasachta éigin cad fé ndeár an bhruighean, "Cad
a cham srón Firín" a tugtí mar fhreagra air."



"Conus do stad an troid?" arsa Seanachán.



"Tá an troid ar siubhal fós, a rígh-ollamh," arsa
Marbhán. "Agus," ar seisean, "tá an cheist chéadna
d'á cur fós, agus an freagra céadna d'á thabhairt
uirthi, .i.



"Cad fé ndeár an t-achrann?"



"Cad a cham srón Firín?"



"Níor bh'é Firín a dhein an chéad aighneas riamh,"
arsa Seanachán.



"Níor bh'é, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Cnódha
seasga do dhein an chéad toirmeasg riamh."



"An bhfuil 'fhios agat-sa conus a dheineadar an
toirmeasg?" arsa Seanachán.


L. 153


"Tá 'fhios, a rí," arsa Marbhán. "Do throid beirt
mar gheall ar na cnóibh. Do mhairbh an bheirt a chéile.
Ar ball, nuair a h-osgaladh na cnódha do fuaradh
folamh iad. Ní raibh ionnta ach na plaoisg. Cnódha
seasga ab eadh iad. Annsan dubhairt gach aoinne
gur bhaoth an gnó do'n bheirt a chéile do mharbhúghadh
mar gheall ar chnóibh seasga."



"Is fíor do chaint," arsa Seanachán, "agus meas-
aim go bhfuil 'fhios agam-sa um an dtaca so ce h-é thú.
An tú Marbhán Muicidhe, Priomh-fháidh neamha agus
talmhan?"



"Is mé cheana, a rígh-ollamh" arsa Marbhán.



"Céad míle fáilte rómhat!" arsa Seanachán.



Tháinig an Tromdháimh go léir, agus chuireadar na
mílte fáilte roimh Marbhán. Nuair a bhí an méid sin
déanta do labhair Marbhán.



"A rígh-ollamh agus a uaisle na Tromdháimhe," ar
seisean. "D'airigheas go dtugann sibhse a rogha
ealadha do'n t-é a thagann agus d'iarrann oraibh é."



"Tugaimíd, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "ach
is ar aon choinghioll amháin é."



"Cad é an coinghioll é sin, a rígh-ollamh?" arsa
Marbhán.



"Ní foláir dó," arsa Seanachán, "a ghaol nó a
charadradh do bheith le h-ealadhain."



"Tá mo charadradh-sa le h-ealadhain, a rígh-ollamh,"
arsa Marbhán.



"Conus san, a Phríomh-fháidh?" arsa Seanachán.



"Iar-ua file ab eadh seana-mháthair mná mo ghiolla,"
arsa Marbhán.



"Tá gaol agus cómhgas ann," arsa Seanachán, "ach
táid siad araon fada amach go leór. Sé glúine
gaoil, agus aon ghlúin amháin cómhgais, agus gan cuid


L. 154


agat-sa de'n ghaol ná de'n chómhgas. Is led ghiolla
iad araon, idir ghaol agus cómhgas."



"Ach is liom-sa an giolla, a rígh-ollamh," arsa
Marbhán.



"Is fíor," arsa Seanachán, "ach is cuma san. Ní
foláir do'n Tromdháimh do rogha ealadha thabhairt
duit-se, a Phríomh-fháidh, ded' bhíthin féin, gan bac do
ghaol ná do chómhgas ná do charadradh. Iarr do rogha
ealadha agus gheóbhair í."



"Ba mhaith liom, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "go
ndéanfadh an Tromdháimh seo mo sháith crónáin dom."



"Déanfar san duit," arsa Seanachán.



Caibidiol a dó a's fiche.



Díoghaltas Mharbháin.



"Nár chóir, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "gur
bh'fhearr leat ealadha éigin a bheadh níb' fhearr 'ná
crónán a dh'fhághail uainn? D'fhéadfaimís a lán
ceólta thabhairt duit, a lán filidheachta, agus sgéal-
aidheacht, agus greann, agus sult, agus cantainn
cliaraidheachta do thógfadh an ceó ded' chroidhe. Iarr
rud éigin is fearr 'ná crónán, a Phríomhfháidh."



"Is amhlaidh mar atá an sgéal agam, a rígh-ollamh,"
arsa Marbhán, "ó thráchtais ar cheó do thógaint de
chroidhe dhuine, tá ceó ar mo chroidhe-se anois le tamall
maith, agus ní féidir liom teacht ar aon nídh do thógfadh
dem' chroidhe é. Bhí nídh agam tamall ó shoin a thógadh


L. 155


an ceó dem' chroidhe, agus is le crónán a dheineadh sé
é. Thagadh an ceó ar mo chroidhe go minic agus go
trom. Annsan do déintí an crónán dom, agus do
thógadh an crónán san an ceó dem' chroidhe. Do
baineadh díom sás an chrónáin sin a dhéanamh. Do
fágadh gan crónán mé. Do fágadh mé gan sás an
chrónáin a dhéanamh dom; gan sás an cheóidh a bhaint
dem' chroidhe. Do h-innseadh dom go ndéanfadh an
Tromdháimh seo do dhuine aon ealadha ba mhaith leis a
dh'iarraidh ortha dhéanamh. Do shocaruigheas ar theacht
agus ar a iarraidh ar an dTromdáimh mo sháith crónáin
a dhéanamh dom, féachaint a dtógfadh sé an ceó dem'
chroidhe. Táim anois 'ghá iarraidh oraibh-se, a uaisle
ealadhanta na Tromdháimhe seo, mo sháith crónáin a
dhéanamh dom."



"Tá go maith, a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán.



"Ní'l ealadha is usa do'n Tromdháimh seo a dhéanamh
duit 'ná crónán ; agus ó isé an crónán an ealadha
is usa dhóibh a dhéanamh, measaim-se gurab é is lúgha
is gann dóibh do sháith de sin a dhéanamh duit. An
'mó duine ba mhaith leat bheith ag déanamh an chrónáin
duit, a Phríomh-fháidh."



"D'á mhéid daoine a bheidh 'á dhéanamh, a rígh-ollamh,"
arsa Marbhán, "iseadh is saidhbhre agus is ceolmhaire
bheidh sé, agus iseadh is túisge thógfaidh sé an ceó dem'
chroidhe, is dócha."



"Tugtar annso na crónánuidhthe," arsa Seanachán.



Do tugadh ann iad. Trí naonbhair aca a bhí ann. Bhí
dhá shaghas crónáin ar eólus acu, ceart-chrónán agus
crónan snagach.



"Cé'cu an ceart-chrónán nó an crónán snagach ba
mhaith leat a déanfí dhuit, a Phríomh-fháidh?" arsa
Seanachán.


L. 156


"An crónán snagach isé is maith liom a déanfí dhom,
a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "mar isé a déintí dhom
sar ar baineadh díom sás a dhéanta."



Isé cúis, ámhthach, 'n-ar thogh Marbhán an crónán
snagach, mar b'é ba dheacra a dhéanamh, agus b'é ba
dhéine ar an sgórnaigh; agus bhí Marbhán ceapaithe ar
thinneas do chur ins na sgórnachaibh acu.



Do cuireadh Marbhán 'n-a shuidhe ar chathaoir, agus do
shuidh na crónánuidhthe, na trí naonbhair díobh, ar a
aghaidh amach.



Do thosnuigh an crónán. Do dhún Marbhán a dhá
shúil, agus do leog sé siar a cheann, agus bhí sé ag
éisteacht leis an gcrónán i dtreó gur dhóich le duine
nár airigh sé riamh ceól ba bhreághtha 'ná é. Bhí an dórd
chómh breágh, chómh bog, chómh suairc sin gur dheacair
d'aoinne éisteacht abhfad leis gan tuitim 'n-a chodladh.
Bhí a shúile dúnta ag Marbhán, agus é ag glacadh
suaircis an chrónáin. Cheap na crónánuidhthe gur
'n-a chodladh dáiríribh a bhí sé. Do stadadar. Do
léim sé 'n-a sheasamh:



"Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean,
go tur. Do chomáineadar leo arís. D'fhéach sé
'n-a thimcheall ortha féachaint a' rabhadar go léir ag
déanamh an chrónáin. Bhíodar. Do shuidh sé arís, agus
dhún sé a shúile ag éisteacht leis an gcrónán, agus
ag glacadh an tsuaircis agus an aoibhnis, dar leis.



Mhothuigh sé an dórd ag lagúghadh. D'osgail sé a
shúile. Bhí cuid aca 'n-a stad, agus a lámha le n-a
sgórnachaibh acu, agus uisge le n-a súilibh.



"Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean,
fé mar a gealladh dom!"



B'éigean dóibh cur chuige arís, bíodh go raibh na
sgórnaighe d'á mbriseadh acu, agus a nglór ag teip


L. 157


ortha. Chomáineadar leó ar feadh tamaill eile agus
iad leath-thachtaithe, agus Marbhán ag éisteacht leó
agus a dhá shúil dúnta ; agus a fhios acu go maith nách
'n-a chodladh a bhí sé, ach 'n-a lán-dhúiseacht, agus é ag
faire ortha féachaint an stadfaidís de'n chrónán.



Fé dheireadh do chuir duine acu casachtach as
D'osgail Marbhán a shúile, agus d'fhéach sé ar an bhfear
san a dhein an chasachtach. "Deintear mo sháith crónáin
dom!" ar seisean. B'éigin do'n fhear san díriúghadh
ar an gcrónán arís, agus is amhlaidh a bhíodh gach re
snag crónáin aige agus gach re snap casachtaighe, agus
sgannradh air le h-eagla go labharfadh Marbhán arís.



Do lean an obair ar an gcuma san go dtí go raibh
oiread casachtaighe ar siubhal agus a bhí de chrónán 'á
dhéanamh, agus go raibh cuid des na crónánuidhthibh
gan aon ghuth i n-aon chor acu, agus nách cronán ceart
ná snagach a bhí acu 'á dhéanamh, ach gaoth gan fuaim
gan guth, ag teacht as na sgórnachaibh acu.



Bhí Marbhán 'n-a shuidhe agus é ar a shuaimhneas agus
a dhá shúil dúnta aige agus é ag éisteacht leis an gceól,
agus é ag machtnamh i n' aigne ar an gcruadhchás 'n-a
raibh na crónánuidhthe aige. Do réir na dlighe bhí sé
ceangailte ortha a rogha ealadha thabhairt dó. B'é
an crónán a rogha ealadha. D'iarr sé ortha a sháith
crónáin a thabhairt dó. Dá dteipeadh san ortha bheadh
Seanachán agus an Tromdháimh i bpúnc ag Marbhán,
i bpúnc a bheadh chómh cruadh díreach agus bheadh an
púnc 'n-a mbeadh Guaire acu-san dá dteipeadh air-
sean aon cheann des na miantaibh úd do sholáthar
dóibh. Thuig na crónánuidhthe an méid sin go h-áluinn.
D'á bhrígh sin do shocaruigheadar a n-aigne chun gan
cailleamhaint ar an gcrónán do thabhairt uatha dá
gcaillidís an t-anam leis. Chomáineadar leo ag


L. 158


déanamh an chrónáin, agus 'ghá ghlacadh chómh réidh agus
ab fhéidir é, agus iad ag brath, i n-aghaidh an neómait,
ar go ndéarfadh Marbhán leó stad mar go raibh a
sháith fághalta aige. Ní baoghal go ndubhairt. Ní
chuige sin a bhí sé. Bhí trí saghas ceóil aige ar ball.
Bhí crónán aige, agus é ag lagúghadh. Bhí casachtach
ar siubhal, agus í ag neartúghadh. Agus bhí feaduíol
gaoithe ar siubhal, agus í ag neartúghadh go mór.
Nuair a mheasadh Marbhán go mbíodh na crónánuidhthe
ag cuimhneamh ar stad, d'osgaladh sé a shúile agus
d'fhéachadh sé 'n-a thimcheall ortha agus "Deintear
mo sháith crónáin dom!" adeireadh sé.



Fé dheireadh ní raibh aon chrónán i n-aon chor d'á
dhéanamh, ach casachtach agus feaduíol ar fad. D'osgail
Marbhán a shúile. "Deintear mo sháith crónáin dom!"
ar seisean, go h-árd agus go feargach.



Tháinig Seanachán isteach.



"Táid siad so buailte amach, a Phríomh-fháidh," ar
seisean. "Tógfad uait iad agus cuirfead chúghat
isteach annso crónánuidhthe neamh-thuirseacha."



"Tá go maith, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Is
cuma liom-sa ach go ndéanfar mo sháith crónáin dom,
fé mar a gealladh dom agus fé mar atá ceangailte
ar an dTromdháimh seo a dhéanamh dom."



"Déanfar san duit, a Phriomh-fháidh, go macánta,"
arsa Seanachán.



Do tugadh isteach cualacht eile crónánuidhthe a bhí
neamh-thuirseach. Ní raibh ann, ámhthach, ach aon naonbhar
amháin díobh. Do cuireadh 'n-a suidhe iad mar a raibh
na trí naonbhair a tuirsigheadh agus a bhí imthighthe amach.
Do thosnuigh an t-aon naonbhar amháin sin ar an
gcrónán do dhéanamh. Thosnuigheadar go breágh réidh.
Níor chuireadar puínn nirt cléibh leis an bhfuaim


L. 159


i dtreó go mba shiade a sheasóchadh a nglór. D'fhéach
Marbhán sa timcheall ortha. Thuig sé an nídh a bhí ar
aigne acu agus chuir sé gáire beag as. "Caoira mhór
an t-uan abhfad," ar seisean. Dhún sé a shúile agus
do leog sé siar a cheann, mar a dhein sé i dtosach na
h-oibre, ag glacadh an aoibhnis mar 'dh'eadh.



Do lean an crónán. Níor bh'fhada gur thuig cuid
de sna crónánuidhthe, dar leo, go raibh an snag, sa
chrónan íseal, níba chruadha ar an sgórnaigh 'ná mar a
beadh sé dá gcurtaí roinnt nirt cléibh leis an nguth.
Do neartuigheadar é. D'osgail Marbhán a shúile.
"Is maith é sin!" ar seisean. "Is ana mhaith e sin!
Deintear mo sháith dhe sin dom."



Tar éis roinnt aimsire dhein duine des na crón-
ánuidhthe casachtach. Bhí sé tamall maith a d'iarraidh na
casachtaighe do chosg. Isé rud a tháinig as san dó
ná go dtáinig an chasachtach d'á aimhdheóin, agus nuair
a bhris sí amach air d'á aimhdheóin gur theip air stad di.
Chuir duine eile acu sraedh as, agus d'imthigh an cleas
céadna air. Do choisg sé an tsraedh an fhaid ab
fhéidir dó í chosg. Annsan, nuair á tháinig sí d'á
aimhdheóin ní fhéadfadh sé stad i n-aon chor ach ag
sraethartaigh, agus é ag lúbadh le gach sraedh, i dtreó
gur dóich le duine go dtuitfeadh an t-anam as. Ba
ghearr gur chuir duine eile sraedh as, agus gur dhein
duine eile casachtach. Neithe tógálacha iseadh sraeth-
artach agus casachtach. Fé dheireadh bhíodar go léir
ag sraethartaigh nó ag casachtaigh, agus gan aoinne ag
déanamh an chrónáin. D'osgail Marbhán a shúile agus
d'fhéach sé 'n-a thimcheall ortha.



"Aililiú!" ar seisean. "Airiú cad é an saghas
ealadhan é sin atá ar siubhal agaibh anois! Casachtach
agus sraetharthach!" (Do neartuigh ar an gcasachtaigh


L. 160


agus ar an sraethartaigh.) "Fágaim le h-udhacht,"
arsa Marbhán, "gur dóich liom go bhfuil an chraobh
agaibh san ealadhain sin. Ní casachtach ná sraeth-
artach atá uaim-se, ámhthach, ach crónán snagach! Dein-
tear mo sháith crónáin dom, fé mar a gheall Seanachán
agus an Tromdháimh seo dhom!"



Caibidiol a trí a's fiche.



Daol Duileadh agus Casmhaol Cruitire.



Tháinig Seanachán isteach. "Cad é seo oraibh, a
Phríomh-fháidh?" ar seisean.



"Do gealladh dom go ndéanfí mo sháith crónáin
dom, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "agus ní'ltear 'á
dhéanamh dom."



"Thángadar so annso, a Phríomh-fháidh chun an chrónáin
a dhéanamh duit, agus is mór an iongnadh liom gan
iad a bheith 'ghá dhéanamh," arsa Seanachán.



"Táimíd ag déanamh ár ndíchill!" arsa duine des
na crónánuidhthibh, agus níor labhair se ach i gcogar
mar bhí a ghlór imthighthe.



"Is fearr iad a bhreith leat amach, a rígh-ollamh,"
arsa Marbhán, "agus daoine do chur chúgham annso a
bheidh ábalta ar chrónán a dhéanamh dom. Tá fhiachaint
ar an dTromdháimh seo mo sháith crónáin a dhéanamh
dómh-sa, agus ní foláir dóibh é dhéanamh dom. B'éigean
do'n rígh, do Ghuaire, na mianta úd do sholáthar do
gach duine sa Tromdháimh 'n-a dtagadh mian dó. Do


L. 161


soláthruigheadh na mianta go léir. Ní féidir do'n
Tromdháimh a rádh gur fágadh mian aon duine acu gan
sásamh. Tá fhiachaint ar an dTromdháimh a rogha ealadha
a dhéanamh do'n t-é a thagann 'ghá iarraidh ortha. Má
chailleann an Tromdháimh ar an ndualgas san tá
deireadh le n-a réim, deireadh le n-a gclú, agus le
n-a gcáil, ós cómhair fear Éireann.



"Ní caillfear ar an ndualgas san, a Phríomh-fháidh,"
arsa Seanachán, "ach ealadha ana dheacair le déanamh
ar feadh abhfad iseadh crónán, go mór mór crónán
snagach. Na trí naonbhair úd a bhí annso ar dtúis ag
déanamh an chrónáin sin duit, táid siad go léir 'n-a
luighe anois agus iad tinn, breóidhte go maith. 'Sé
mo thuairim go bhfuil cuid acu ná déanfaidh aon
tsaghas crónáin a thuilleadh an dá lá 's an fhaid a mhair-
fid siad. Tá cnuic ins na sgórnachaibh ag cuid acu
agus tá rud éigin i bhfuirm leicinighe ar chuid acu.
Tá beirt nó triúr acu agus is eagal liom ná cuirfidh
siad dhíobh an saghas breóidhteachta atá ortha. Is eagal
liom go dtiocfaidh sé chun éagcruais do chuid acu,
slán beó mar a n-innstear é!"



"Is fíor, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "go bhfuil
crónán snagach deacair a dhéanamh. Ní dóich liom-sa,
ámhthach, go bhfuil sé chómh deacair a dhéanamh agus atá
sé peata cuaiche do chur ag ceileabhradh ar ghéig idir
dhá Nodlaig."



"Bíodh an crónán deacair a dhéanamh nó ná bhíodh,
a Phríomh-fháidh, ní folái ré dhéanamh duit-se go dtí go
mbeidh do sháith agat de."



An fhaid a bhí an chaint sin ar siubhal tháinig duine
de'n Tromdháimh isteach.



"Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," arsan
fear a tháinig.


L. 162


"Cé h-é thusa, led' thoil?" arsa Marbhán.



"Ollamh Laighean mise, a Phríomh-fháidh," arsan fear,
"agus Daol Duileadh is ainim dom."



"Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom, a Dhaoil,"
arsa Marbhán.



"Ceastamhnach maith iseadh mé," arsa Daol.



"Táim-se féin maith go leór ar an gcéird sin,"
arsa Marbhán. "Cuirfead ceist chúghat-sa anois má's
maith leat é."



"Cuir chúgham í, a Phríomh-fháidh," arsa Daol.



"Innis dom, a Dhaoil," arsa Marbhán, "cad é
an nídh a fuair duine ar talamh agus ná fuair
Dia?"



"Ní mheasaim," arsa Daol, "go bhfuil aon nídh ar
talamh a fuair duine agus ná fuair Dia, óir isé Dia
féin do chruthuigh gach nídh d'á bhfuil ar neamh agus ar
talamh."



"Is fíor, a Dhaoil," arsa Marbhán, "gur b'é Dia
do chruthuigh gach nídh d'á bhfuil ar neamh agus ar talamh,
ach mar sin féin do fuair duine nídh ar talamh ná
fuair Dia."



"Cad é an nídh é, a Phríomh-fháidh?" arsa Daol agus
iongnadh air.



"A sháith de thighearna, a Dhaoil," arsa Marbhán.
"Ní'l aon duine, a Dhaoil," ar seisean, "olc ná maith,
íseal ná uasal, ná fuair a sháith de thighearna i nduine
éigin eile, nó mura bhfuair sé a sháith de thighearna
i nduine ní baoghal ná go bhfuair sé a sháith de thighearna
i nDia féin, (moladh go deó leis!), agus ní bhfuair Dia
riamh a sháith de thighearna, ar neamh ná ar talamh, óir
isé Dia Tighearna na dtighearnaí go léir."



"Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsa Daol.



"Ná cuir orm agus ní chuirfead ort a thuilleadh."


L. 163


"Ní chuirfead, cheana," arsa Marbhán, "ach deintear
mo sháith crónáin dom."



"Ba mhaith liom-sa ceist do chur chúghat, a Phríomh-
fháidh," arsa duine eile.



"Cuir í," arsa Marbhán.



"Cad é an beithidheach, a Phríomh-fháidh," arsan fear,
"gur b'é a bheatha é chur sa teine, agus gur b'é a los-
gadh é bhaint as an dteine?"



"Salamandar ainm an bheithidhigh sin anois, a fhir
mhaith," arsa Marbhan, "agus Tegillus an chéad ainm a
bhí air."



"Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsan fear
san, "ná cuir orm agus ní chuirfead ort a thuilleadh."



Do labhair duine sa Tromdháimh. Duine dob' eadh
é a mheas go bhféadfadh sé rud a dhéanamh ná féadfadh
Marbhán aon locht d'fhághail air. Cruitire dob' eadh
é agus cheap sé nár bhféidir do dhuine a bhí, ba dhóich
leis, gan eólus ar chruitireacht, locht d'fhághail ar an
gcuma 'n-a ndéanfí an chruitireacht.



"Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar
seisean.



"Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom," arsa Marbhán,
"agus cé h-é thú?"



"Ollamh maith is eadh mé, ar mo chéird féin, ag
Seanachán," arsan fear, "agus Casmhaol Cruitire is
ainm dom."



"Má tá eólus chómh maith agus adeirir agat ar an
gcruitireacht, a Chasmhaoil Cruitire," arsa Marbhán,
"is dócha go bhfuil eólus agat ar gach nídh a bhaineann
le cruit."



"Ní'l aon nídh a bhaineann le cruit ná fuil eólus
agam air, a Phríomh-fháidh," arsa Casmhaol.



"Má 'seadh," arsa Marbhán, "fiafraighim-se dhíot-sa


L. 164


anois, a Chasmhaoil Cruitire, cad é an nídh as a bhfuaradh
an chruitireacht ar dtúis, agus conus a deineadh an
chéad chruit?"



Do stad an cruitire. D'fhéach Marbhán air.



"Freagair," arsa Marbhán, "má tá an t-eólus agat."



"Ní'l an t-eólus san agam, a Phríomh-fháidh," arsa
Casmhaol, "agus bheinn ana bhuidheach díot-sa ach an
t-eólus do thabhairt dom."



"Tá go maith," arsa Marbhán, "Tabharfad-sa dhuit
an t-eólus. Lánamha a bhí ann i dtosach aimsire,
agus Macuel ab ainim do'n fhear, agus Cana Chlúmhór
ab ainm do'n mhnaoi. Do thárla go dtug an bhean san
fuath fíochmhar d'á fear agus gur imthigh sí uaidh. Do
lean sé í agus é go croidhe-bhriste, mar do bhí árd-chion
aige uirthi i n-aimhdheóin an fhuatha a bhí aici dhó. Do
thárla go raibh sisi ag siubhal ar thráigh mara Cámais
Chonnaic sí ar an dtráigh cleatrach míolmhóir. Bhí
teas na gréine tar éis an chleatraigh do thriomughadh
i dtreó ná raibh ann ach na cnámha, agus na lúithreacha,
go tirim agus go cruaidh agus go caol, sínte go fáis-
githe agus go teann, ó chnámh go cnámh. Bhí an bhean
ag féachaint ar an gcleatrach agus í ag déanamh iong-
nadh de, agus ag déanamh iongnadh de'n neart a bhí
i dteas na gréine do thriomuigh an cleatrach ar an
gcuma san. Le n-a linn sin do shéid gaoth mhaith láidir
isteach ó'n bhfaraige, agus thosnuigh na lúithreacha caola
teanna tiorma ar ceól breágh do dhéanamh fé shéideadh
na gaoithe. Do shuidh an bhean ar an dtráigh ag éis-
teacht leis an gceól. Bhí an foghar chómh breágh chómh
binn sin gur thuit an bhean 'n-a codladh ó bheith ag éis-
teacht leis. Le n-a linn sin cé thiocfadh chun na h-áite
ach a fear agus é go buadhartha ar a lorg. Fuair sé
ann í agus í 'n-a codladh. Thuig sé i n' aigne gur bh'é


L. 165


binneas agus aoibhneas an cheóil do chuir fhiachaint uirthi
tuitim 'n-a codladh. D'imthigh sé isteach sa choill,
agus dhein sé gléas adhmaid, i riocht chleatraigh an
mhíolmhóir, ach é bheith níba lúgha, agus bhain sé na lúith-
reacha tiorma de'n chleatrach agus shocruigh sé iad ar
an ngléas a dhein sé féin. Annsan do bhuail sé na
lúithreacha le n-a mhéireannaibh, agus dhein sé ceól
breágh. As san amach, nuair a thagadh an fuath ag an
mnaoi dhó dheineadh sé an ceól, agus do dhíbreadh an
ceól an fuath, i dtreó go raibh saoghal suairc ag an
lánamhain sin as san amach. Sin agat, a Chasmhaoil,
conus mar a deineadh an chéad chruit riamh."



"Táim ana bhuidheach dhíot, a Phríomh-fháidh," arsa
Casmhaol Cruitire. "Is náireach an sgéal dom a
rádh gur mise an cruitire, agus tusa d'innis dómh-sa
conus a deineadh an chéad chruit riamh, i n-inead mise
'ghá innsint duit-se!"



"Cimeád an t-eólus anois a Chasmhaoil, ó tá sé
agat, agus ná bíodh easnamh an cóluis sin le casadh
leat arís. Ach deintear feasta mó sháith crónáin
dómh-sa. Do gealladh dom go ndéanfadh an Trom-
dháimh seo mo sháith crónáin dom. Ní'l aon ealadha is
lúgha a dh'iarrann d'éirim aigne 'ná crónán a dhéanamh.
Féadaid na beacha crónán a dhéanamh, agus na cait.
Dá mb'é an trúmpalán féin é, ná fuil do chiall aige
gan a cheann do bhualadh i gcoinnibh na gcrann agus
i gcoinnibh na gcloch, féadann sé crónán breágh dhéanamh.
Is ait an sgéal é ma theipeann ar an dTromdháimh
uasal, eólgaiseach, ealadhanta so ealadha dhéanamh ná
teipeann ar an dtrúmpalán mbocht gan chiall. Is
mór é ainm na Tromdháimhe seo ar fuid na h-Éireann.
Is mór an urraim atá ag fearaibh Éireann do'n
Tromdháimh seo. Dá dtagadh mian do dhuine acu agus


L. 166


go dteipfeadh ar an rígh an mian san do sholáthar,
d'aoirfadh an Tromdháimh an rígh, agus do gheóbhadh fir
Éireann páirt na Tromdháimhe sa sgéal. Cad a bheidh
le rádh ag fearaibh Éireann nuair a bheidh 'fhios acu ná
fuil ar chumas na Tromdháimhe mo sháith crónáin do
dhéanamh dómh-sa? Níor iarras aon nídh ba dheacra
'ná an crónán, mar bhí 'fhios agam ná beadh aon mhaith
dhom ann. Níor iarras ach an crónán, an rud a
gheineann an cat nó an trúmpalán, agus tá ag teip
oraibh an rud san a dhéanamh dom."



Caibidiol a ceathair a's fiche.



An Tiompánuidhe, an file, agus Seanachán
Crónánuidhe.



Bhí Seanachán agus an Tromdháimh ag éisteacht le
Marbhán agus é ag rádh na cainte sin i dtaobh an chrónáin
a dheineann an bheach, agus an chrónáin a dheineann an
cat, agus an chrónáin a dheineann an trúmpalán ;
agus i dtaobh an fhocail a bheadh i mbéalaibh fear
Éireann go léir nuair a 'neósfí dhóibh gur theip ar an
dTromdháimh an crónán a dh'iarr sé ortha do dhéanamh
do Mharbhán féin. Dá n-iarradh sé ortha rud éigin
a dhéanamh a bheadh deacair nó trioblóideach, nó rud
a dh'iarrfadh éirim aigne nó oilteacht lámh nó géire
intleachta, bheadh leathsgéal éigin acu dá dteipeadh
ortha. Ach crónán! Agus annsan a bheith le rádh ar
fuid na h-Éireann gur theip an crónán féin ortha


L. 167


Bhíodar go cráidhte agus go scarbh díobh féin agus go
lán d'fheirg chun Marbháin.



Do labhair duine acu. Tiompánuidhe ab eadh é.
Chonnaic sé cad d'imthigh ar an gcruitire, agus ba
dheacair leis labhairt ; ach bhí an Tromdháimh i gcontabh-
airt náire dh'fhághail, agus chaithfeadh duine éigin labhairt.



"Déanfad-sa ealadha dhuit, a Phríomh-fháidh," ar
seisean.



"Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom, a fhir
mhaith?" arsa Marbhán, "agus ce h-é thú?"



"Cairche Ceólbhinn is ainm dómh-sa, a Phríomh-fhaidh,"
ar seisean, "agus is ollamh ceóil do Sheanachán agus
do'n Tromdháimh seo mé, agus is ar an dtiompán a
sheinnim an ceól."



"An bhféadfá-sa a dh'innsint dom, a Chairche Cheól-
bhinn," arsa Marbhán, "ce'cu is túisge a deineadh
an tiompán nó an chruit?"



Níor labhair Cairche.



"B'fhéidir go 'neósfá dhom," arsa Marbhán, "cad
'n-a thaobh gur tugadh tiompán naoimh ar an dtiom-
pán."



"Is dócha," arsa Cairche, "gur tugadh tiompán
naoimh air mar gur daoine naomhtha do sheinn ar dtúis
air."



"Ní dócha aon nídh dh'á shórd, a Chairche," arsa
Marbhán. "Ní'l aon bhaint ag an ainim le naomh ná
le daoinibh naomhtha."



"B'fhéidir, a Phríomh-fháidh," arsa Cairche, "go 'neósfá
féin dúinn cad 'n-a thaobh gur tugadh tiompán naoimh
air."



"Níor tugadh tiompán naoimh riamh air, a Chairche,"
arsa Marbhán. "Tiompán Naoi an ainim cheart le
tabhairt air. Nuair a bhí Naoi agus a chlann ag dul


L. 168


san Airc do rugadar gléasa ceóil leó isteach innti.
Tiompán ab eadh gléas díobh san. Nuair a bhíodar
ag teacht as an Airc dob' áil le duine de mhacaibh
Naoi an tiompán do chimeád aige féin."



"Ní bhéarfair leat é," arsa Naoi, "gan lógh thabhairt
dómh-sa."



"Cad é an lógh a bheidh uait, a athair?" arsan mac.



"Ní iarrfad," arsan t-athair, "ach go dtabharfar
m'ainim féin ar an dtiompán."



"Tá go maith," arsan mac, "Is "tiompán Naoi" é
feasta.



"Ach sibh-se," arsa Marbhán, "i nbhúr n-ainbhfios,
do thug tiompán naoimh air, ainm atá gan bhunús."



"Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsa Caische
Ceólbhinn. "Ná bí liom agus ní bheidh mé leat níos mó."



"Ní bhead," arsa Marbhán, "ach deintear mo sháith
crónáin dom."



Do labhair duine eile. "Déanfad-sa ealadha
dhuit, a Phríomh-fháidh," ar seisean.



"Cad í an ealadha a dhéanfair-se dhom?" arsa
Marbhán.



"File iseadh mé," arsan fear, "agus déanfad
rann duit."



"Má's file thú," arsa Marbhán, "is dócha go bhfuil
'fhios agat conus a deineadh an chéad rann riamh."



"Andaigh ní fheadar, a Phríomh-fháidh," arsan file.



"'Neósfad-sa dhuit é," arsa Marbhán. "Bhí beirt
mac ag Lamhiach, agus gabha ab eadh mac díobh, agus
Túbhal Caoin ab ainm do'n mhac san. Bhí sé ag obair
lá 'n-a cheardchain, é féin agus an fear conganta a
bhí aige, agus bhí dhá órd acu agus iad ag bualadh an
iarainn ar an inneóin. Bhí Túbhal Caoin ag éisteacht
le bualadh na n-ord, agus thuig sé gur labhair na buillí


L. 169


sin tomhas rainn, agus dhein sé rann do réir mar a
labhair na h-úird. B'shiné an chéad rann a deineadh
riam."



"Ca bh'fhios dómh-sa an fíor é sin?" arsan file.



"Is fíor dhuit an méid sin, a mhic ó," arsa Marbhán.



"Ní fheadaraís an fíor an nídh adeirim. An bhfead-
araís an fíor aon rud! Nó an bhfeadaraís aon nídh
i n-aon chor!"



Dá mhéid cancar a bhí ar Sheanachán agus ar an
dTromdháimh do sgeartadar go léir ar gháirí.



"Mo chomairce ort, a Phríomh-fháidh," arsan file,
"ná h-abair a thuilleadh liom!"



"Ní déarfad, ná bíodh eagal ort," arsa Marbhán,
"ach deintear mo sháith crónáin dom. Déanfaidh gach
aoinne agaibh an uile shaghas ealadhna dhom ach an ealadha
atá uaim. Ní h-é an rud a thaithneann libh féin a dhéanamh
atá ceangailte oraibh a dhéanamh, ach amháin an rud a
h-iarrtar oraibh a dhéanamh. An rud a dh'iarras-sa
oraibh a dhéanamh dom ní'l ar bhúr gcumas é dhéanamh, is
dóich liom. Na rudaí a cheapabhair féin a dhéanamh dom
do cheistigheas sibh ortha agus ní fheadarabhair cad a
bhaineann leó. Ní'l so ná súd ar eólus agaibh mar a
mheasaim. Is eagal liom gur b'olc an gnó atá ag an
rígh 'á dhéanamh ag cothúghadh bhúr leithéidí."



Do ghearr an focal san, go cnámh agus go croidhe,
an uile dhuine de'n Tromdháimh. Do ghearr an focal
san Seanachán níba dhoimhne 'ná mar a ghearr sé aon
duine eile d'á raibh ar an dTromdháimh. Bheadh an
donas ar fad déanta nuair a leathfadh an sgéal ar
fuid na h-Éireann gur theip ar an dTromdháimh a sháith
crónáin a thabhairt do Mharbhán; agus annsan, gach
ealadha eile dár tharaigeadar a thabhairt dó, nár fhéad-
adar freagra thabhairt air nuair a cheistigh sé iad 'n-a


L. 170


taobh. Ní rabhadar ábalta ar an gcrónán a dhéanamh,
agus na h-ealadhna a mheasadar féin a dhéanamh do
thaisbeáin Marbhán ná raibh fios ná eólus acu ar cad a
bhain leó. Cad a bheadh le rádh acu nuair a sgaoilfeadh
Marbhán an méid sin sgéil ar fuid na h-Éireann!
Cad í an chosaint a bheadh acu le déanamh ortha féin!
Bhí an crónán teipithe ortha, an rud ná teipeann ar an
gcat ná ar an dtrúmpalán, agus nuair a ceistigheadh
iad i dtaobh na n-ealadhan a tharaigeadar féin a dhéanamh
ní raibh focal i n-aoinne acu! Cad a bheadh le rádh
acu nuair adéarfadh Marbhán, i láthair fear Éireann,
ná raibh sa Tromdháimh ach Tromdháimh bréige, Trom
dháimh gan eólus gan ealadhain; agus gur bh'olc an gnó
a bhí ag Guaire 'á dhéanamh ag soláthar bídh agus dighe
dóibh, agus ag sásamh na mian mí-réasúnta a thagadh
dóibh! Bhíodar i gcruadh-chás. Bhíodar 'n-a seasamh
annsúd, cuid aca istigh i láthair Mharbháin, agus cuid
acu i n-áiteannaibh eile ar fuid an teaghlaigh, agus gan
focal ag teacht as aoinne acu. Bhí Marbhán ag féach-
aint 'n-a thimcheall ar Sheanachán agus ar an méid acu
a bhí i dteannta Sheanacháin, istigh, agus áthas
air nuair a chonnaic sé an púnc 'n-a rabhadar
aige. "Seadh!" ar seisean, i n'aigne féin. "Ní
deirim ná go mb'fhearr dhaoibh an torc fionn do
sgaoileadh tharaibh!"



"An fada a cimeádfar annso mé, a rígh-ollamh, gan
mo sháith crónáin a dhéanamh dom, fé mar a gealladh
dom, agus fé mar atá fhiachaint oraibh a thabhairt
dom?" ar seisean.



"Nuair ná déanfadh aoinne eile an crónán duit,
a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "déanfad-sa féin
duit é."



"Tá go maith, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Is


L. 171


fearr linn uait-se é 'ná ó aon duine eile. Is fearr
go mór."



Do shuidh Seanachán i n'aonar ar aghaidh Mharbháin
amach. Do leog sé siar a cheann. D'éirigh a chuid
feasóige suas ó n'ucht go dtí go raibh sí 'n-a seasamh
anáirde, idir é agus aghaidh Mharbháin, go breágh mór
árd mothalach, 'n-a sguaib dhúbalta, mar bheadh dhá
eirball mada-ruaidh, ach í bheith liath i n-inead bheith
ruadh. Do thosnuigh sé ar an gcrónán a dhéanamh.



Do dhún Marbhán a dhá shúil agus do leog sé siar a
cheann, ag éisteacht leis an gcrónán agus ag glacadh
an aoibhnis, mar dh'eadh, díreach mar a dheineadh sé agus
é ag éisteacht leis na crónánuidhthibh eile, ach gur
bh'fhuiriste a aithne air gur bh'aoibhinne leis go mór
bheith ag éisteacht le crónán Sheanacháin 'ná le h-aon
chrónán eile. Do líon an Tromdháimh go léir isteach
agus bhíodar ag féachaint ar an mbeirt, agus sgannradh
ortha le h-eagla ná féadfadh Seanachán an obair do
sheasamh abhfad agus le h-eagla go ndéanfadh feidhm
agus duadh na h-oibre sin, um an dtaca san d'á aois,
díoghbháil sláinte dhó.



Do lean an crónán. Do lean an fhéasóg 'n-a
seasamh anáirde go breágh, agus í ag crith agus ag
luasgadh agus ag preabarnaigh le snagadh an chrónáin.
Ar ball, ambasa, bhí an crónánuidhe d'á thuirsiúghadh.
Bhí Brighid agus tuilleadh des na mnáibh ag sileadh.
Do lean an crónán. Do lean an tuirsiúghadh. Thos-
nuigh an fhéasóg ar thuitim i ndiaidh ar ndiaidh go dtí
go raibh radharc ag Seanachán ar ghnúis Mharbháin.
Chonnaic sé an dá shúil agus iad dúnta. Do stad sé.
Mheas sé gur 'n-a chodladh a bhí Marbhán. Chómh luath
agus go stad an crónán d'osgail an dá shúil go
h-aibigh.


L. 172


"Deintear ár sáith crónáin dúinn!" arsa Marbhán.



Suas leis an bhféasóig arís, agus siúd ar siubhal an
crónán arís, agus Seanachán bocht i riocht dul i laige
le tuirse agus le h-easba anála agus le tinneas 'n-a
mhuineál agus 'n-a sgórnaigh agus suas 'n-a cheann.



Um an dtaca san bhí na mná go léir ag sileadh agus
ag fásgadh a lámh, agus ná leogfadh eagla dhóibh labh-
airt ná a leogaint ortha go rabhadar ag gol.



Caibidiol a cúig a's fiche.



"Táin - Bó - Cuailgne!"



Bhí Seanachán d'á thuirsiúghadh go tiugh. Chonnaic na
mná go raibh, agus bhí na deóracha ag teacht uatha go
bog, agus iad ag osnuíol agus ag cneadaigh agus ag
fásgadh a ladhar. Chonnaic na fir, leis, go raibh sé
d'á thuirsiúghadh. Níor bh'fhéidir dóibh aon fhocal do
rádh, ach bhí ag dubhadh agus ag gormúghadh acu, agus ag
bánadh, do réir an chuma 'n-a raibh an sgéal ag breith
ar chroidhe ar gach fear acu fé leith. Chomáin an sean-
duine leis ag déanamh an chrónáin, ach dob' fhuiriste
a aithint ná raibh ann leanamhaint puínn níba shia air.
Bhí pairithis ag teacht 'n-a cheann agus creathán ag
teacht 'n-a ghlór, creathán nár bh'ionann agus snagadh
an chrónáin, agus bhí na braonacha alluis ag cruinniúghadh
ar a éadan agus ar a ghruadhnaibh, agus iad ag tuitim
isteach sa bhféasóig aige. Fé dheireadh tháinig gearr-


L. 173


análaighe air, agus chaith sé stad. D'osgail Marbhán
a dhá shúil.



"Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean,
go géar.



Do chaith Seanachán a cheann siar arís agus chaith sé
an fhéasóg anáirde agus bhain sé fásgadh as a sgórnaigh.
Thug sé sreangadh ró-theann ar a mhuineál nuair a bhí
an snag aige 'á dhéanamh, agus le déine an tsreangtha
sin sgeinn súil leis amach as a cheann, i dtreó go raibh
an tsúil ar a ghruadh ar sileadh leis. Nuair a chonnaic
Marbhán an tsúil ar ghruadh an duine, tháinig sgannradh
air le h-eagla go mbeadh fearg ar an rígh chuige. Níor
dhein sé ach a phaidir do rádh isteach 'n-a láimh dheis féin,
agus annsan an lámh dheas san do chur fé'n súil, agus
an tsúil do chur thar n-ais 'n-a h-inead cheart. Chimeád
sé an lámh ar an súil go dtí go raibh sí socair 'n-a
h-inead. Níor bh'fhada go raibh sí chómh maith a's bhí sí
riamh. Nuair a bhí, d'fhéach Marbhán 'n-a thimcheall ar
an dTromdháimh.



"Deintear mo sháith crónáin dom!" ar seisean.



"Is náireach an obair daoibh," ar seisean, "agus sibh
chómh h-óg, chómh láidir, déanamh an chrónáin seo
d'fhágáilt ar bhúr rígh-ollamh! Deinidh mo sháith crónáin
dómh-sa láithreach nó díolfaidh sibh as!"



Do labhair duine acu. "Déanfad-sa ealadha dhuit,
a Phríomh-fháidh," ar seisean.



"Cé h-é thusa, led' thoil?" arsa Marbhán.



"Fios Mac Fochmhairc is ainm dom, a Phríomh-fháidh,"
ar seisean.



"Agus cad é do dhán, a Fhios Mhic Fhochmhairc?" arsa
Marbhán.



"Sgéalaidheacht is dán dom, a Phríomh-fháidh," arsa
Fios Mac Fochmhairc. "Is mise an sgéaluidhe is


L. 174


fearr i n-Éirinn, agus is mé sgéaluidhe na Tromdháimhe
seo. Do cheap Seanachán féin mé chun na h-oibre sin."



"Agus cad í an ealadha a dhéanfair dómh-sa anois,
a Fhios Mhic Fhochmhairc?" arsa Marbhán, "nó an
amhlaidh a 'neósfair sgéal dom?"



"'Neosfad sgéal duit, a Phríomh-fáidh," arsa Fios
Mac Fochmhairc.



"Cad é an sgéal a 'neósfair dom?" arsa Marbhán,
"nó b'fhéidir go 'neósfá mo rogha sgéal dom nuair
ná déintear mo sháith crónáin dom."



"'Neósfad do rogha sgéal duit, a Príomh-fháidh,"
arsa Fios Mac Fochmhairc, "agus is ana mhaith liom
mar a labhras," ar seisean.



"Cad 'n-a thaobh gur b'ana mhaith leat gur labhrais,
a Fhios?" arsa Marbhán.



"Mar tá súil agam nuair a 'neosfad-sa cuid dem'
sgéaltaibh breághtha maithe dhuit ná fanfaidh a thuilleadh
dúil agat sa chrónán," arsa Fios Mac Fochmhairc.



"Mo sháith crónáin a dh'iarras ar an dTromdháimh seo,
a Fhios," arsa Marbhán, "agus mo sháith crónáin a
caithfear a thabhairt dom sar a sgarad libh. Ach ó
táthaoi go léir chómh tuirseach de'n chrónán, ní miste
liom tamall a thabhairt daoibh ar ealadhain éigin eile
an fhaid a bheidh sibh ag cur tuirse an chrónáin díbh.
Nuair a bheidh an tuirse curtha dhíbh agaibh fillfimíd ar
an gcrónán. Is dócha go bhfuil éacht de sgéaltaibh
agat-sa le h-innsint a Fhios."



"Is fíor," arsa Fios. "Ní dóich liom gur h-innseadh
riamh aon sgéal ná fuil agam."



"Gan amhras tá príomh-sgéal Éireann agat," arsa
Marbhán.



"Tá go deimhin," arsa Fios. "Ní'l aon sgéal
d'ár h-innseadh i n-Éirinn riamh ná fuil agam."


L. 175


"Má 'seadh, a Fhios," arsa Marbhán, "suidh annsan
anois agus innis dómh-sa príomh-sgéal Éireann, 'sé sin
Táin Bó Cuailgne."



"Táin-Bó-Cuailgne!" arsa Fios, agus a shúile
ag leathadh air. "Táin-Bó-Cuailgne!" ar seisean
arís, agus lán a chróidhe d'iongnadh agus d'alltacht ag
teacht air.



"Táin-Bó-Cuailgne," arsa Marbhán, ag athnasc
air. "Suidh annsan, a Fhios," ar seisean, "agus
innis ' Táin-Bó-Cuailgne' dhúinn!"



"Táin-Bó-Cuailgne," arsa Fios.



"Táin-Bó-Cuailgne," arsan cruitire.



"Táin-Bó-Cuailgne," arsan tiompánuidhe.



"Táin-Bó-Cuailgne," arsa Seanachán.



Ba ghearr ná raibh i mbéal gach aoinne sa teaghlach
ach, "Táin-Bó-Cuailgne." B'shiné an chéad uair
riamh acu ag aireachtaint an fhocail.



"Cad é seo oraibh?" arsa Marbhán. "Cad 'n-a
thaobh ná tagann duine éigin agaibh annso agus an
sgéal san a dh'innsint dom? Suidh annso, a Fhios Mhic
Fhochmhairc, agus innis Táin Bó Cuailgne dhom. Is
tú an sgéaluidhe is fearr i n-Éirinn. Níor h-innseadh
i n-Éirinn riamh sgéal ná fuil agat. Is tú sgéaluidhe
na Tromdháimhe seo. Do cheap Seanachán féin tú chun
sgéalaidheachta na Tromdháimhe dhéanamh. Suidh annso
ar m'aghaidh amach agus innis Táin Bó Cuailgne dhom!"



Níor labhair an sgéaluidhe. Do las sé suas go
bun na gcluas. Annsan do bhánuigh air, go dtí go
raibh dath an bháis air. Annsan do las sé suas arís.
Bí sé ag lasadh agus ag bánadh mar sin ar feadh tam-
aill. Do labhair Seanachán leis.



"Cad 'n-a thaobh ná h-innseann tú an sgéal do
Mharbhán, a Fhios?" arsa Seanachán.


L. 176


"Cad 'n-a thaobh ná h-innsim an sgéal do Mharbhán!"
arsa Fios. "Conus is féidir dom sgéal nár airigheas
féin riamh a dh'innsint do Mharbhán ná d'aoinne eile!"
arsa Fios Mac Fochmhairc. "Níor airigheas-sa sgéal
na Tána san riamh," ar seisean, "ná ní fheadar cár
tugadh an táin sin, cé'cu i n-Éirinn a tugadh í nó
i ndúthaigh éigin iasachta. Ní dóigh liom gur i n-Éirinn
a tugadh í. Dá mb' eadh níor bh'fhéidir dom gan eólus
éigin a bheith agam uirthi."



"Is i n-Éirinn a tugadh í, a Fhios," arsa Marbhán,
"agus is a' triúcha céad Cuailgne do tugadh í. Agus
príomh-sgéal na h-Éireann sgéal na tána san, agus
Táin Bó Cuailgne ainm an phríomh-sgéil sin. Agus
is lag an obair do'n Tromdháimh seo, tar éis a bhfuil
caillte ag Guaire leó, 'ghá gcothughadh agus ag soláthar
na mian éigciallaidhe úd dóibh, a bheith le h-admháil
acu nár airigheadar riamh sgéal na tána úd! Agus
anois, a Fhios Mhic Fhochmhairc, cuirim-se de gheasaibh
ort-sa agus ar an dTromdháimh seo gan sibh a bheith dhá
oidhche i n-aon bhaile go ndeinidh sibh Táin Bó Cuailgne
d'fhághail agus é dh'innsint dómh-sa. Agus cuirim
geasa eile oraibh. Ní'l sé ceart ná dleaghthach cead a
bheith ag daoinibh ainbhfiosacha mar sibh chun bheith ag
déanamh aoir, ná ag déanamh dán molta, do ríghthibh
ná do ró-thaoiseachaibh. D'á bhrígh sin, cuirim de
gheasaibh anois oraibh gan a bheith ar bhúr gcumas aoir
ná dán a dhéanamh go dtí go bhfaighidh sibh an sgéal san,
agus go dtugadh sibh libh é, agus go n-innsidh sibh
dómh-sa é."



"Is cruaidh na geasa iad san, a Phríomh-fháidh," arsa
Seanachán. "Ní fios an mór de thalamh an domhain a
bheidh siubhalta againn sar a dtiocfaidh linn an sgéal
san d'fhághail."


L. 177


"Is fíor a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "ach má's
cruaidh iad na geasa, agus má's fada iad na cúrsaí a
bheidh oraibh, tiocfaidh tairbhthe dhaoibh asta."



"Cad é an tairbhthe a dh'fhéadfaidh teacht asta dhúinn,
nó conus is féidir dúinn costas na slighe dh'fhághail,
agus gan ar ár gcumas dán molta dhéanamh do rígh
ná do ró-thaoiseach a thabharfadh tuarasdal dúinn as,
nó aoir a dheanamh do námhaid a mheasfadh cosg do
chur le n-ár gcuardach?" arsa Seanachán.



"Tiocfaidh tairbhthe dhaoibh asta," arsa Marbhán,
"mar cuirfid siad ag machtnam sibh."



"Conus san? Cad é an machtnamh a thabharfaid
siad dúinn?" arsa Seanachán.



"An machtnamh so," arsa Marbhán, "gur truagh nách
ar phríomh-sgéal Éireann a bhíobhair ag cuimneamh an
uair úd a bhí na mianta éagsamhlacha ag teacht chúgaibh,
.i. an peata cuaiche idir an dá Nodlaig agus na sméara
idir Nodlaig agus Inid, agus an fhleadh a' cuirm an
aon ghráinne, agus saill an tuirc fhinn nár rugadh,
agus na neithe eile úd de'n tsórd san.



"Agus má theipeann orainn an sgéal a dh'fhághail
a Phríomh-fháidh," arsa Seanachán, "cad a dhéanfaimíd?"



"Caithfidh sibh an chuid eile d'bhúr saoghal do chaitheam
ag cuardach an sgéil go dtí go bhfaghaidh sibh e. Má
thagann an bás oraibh sar a bhfaghaidh sibh é' saorfaidh
an bás sibh ós na geasaibh seo atá curtha agam-sa oraibh
anois. Ní'l aon nidh eile chun sibh a shaoradh ós na
geasaibh ach an bás, nó teacht suas leis an sgéal agus
teacht annso agus é dh'innsint dómh-sa," arsa Marbhán.



"Is cruaidh an bhreith atá tabhartha agat orainn, a
Mharbháin!" arsa Seanachán.



"Ní'l an bhreith leath chómh cruaidh agus ba cheart í
bheith," arsa Marbhán. "Mura mbeadh le h-eagla roimh


L. 178


Ghuaire do thabharfainn-se breith oraibh a bheadh níba
chruaidhe go mór 'ná í: bhúr leithéidí de shloigisg gan
chiall gan mheabhair gan eólas gan tuisgint gan léigh-
cheann gan urlabhra, agus gur deacra go mór sibh a
chur chun suidhte agus friothálamh oraibh 'ná daoine
'n-a mbeadh tabhairt suas ortha agus léigheann agus
urlabhra acu do chur chun suidhte agus friothálamh ortha!
Nuair a dhéanfadh rí a dhícheall do'n Tromdháimh ba
chóir gur bh'é ba lugha ba ghann dóibh bheith buidheach de.
D'á mhéid a dheineadh Guaire dhaoibh-se iseadh ba lugha
bhúr mbuidheachas air, agus iseadh ba mhó an t-olc a
dheineadh sibh air. Bídhidh ag machtnamh anois ar na
neithibh sin."



D'iompuigh sé uatha agus d'imthigh sé amach agus
abhaile go Gleann an Sgáil chun a thighe féin, agus
d'fhág sé annsan iad.



Níor labhair aoinne acu ar feadh tamaill. Annsan
do chromadar ar an milleán do chur ar a chéile.



"Stadaidh," arsa Seanachán. "Táid na geasa
orainn go daingean. Annso iseadh chodlamair aréir.
Ní foláir dúinn imtheacht agus codladh i n-áit éigin
eile anocht."



Caibidiol a sé a's fiche.



Imtheacht na Tromdháimhe.



Chómh luath agus do h-airigheadh ar fuid teaghlaigh na
Tromdháimhe an focal san ó Sheanachán, .i. "annso is
eadh do chodlamair aréir. Ní foláir imtheacht agus


L. 179


codladh i n-áit éigin eile anocht," tháinig ochlán bróin
ar an uile dhuine de'n Tromdháimh. Annsan iseadh
thuigeadar i gceart an díoghaltas a bhí déanta ag
Marbhán ortha mar gheall ar an dtorc fionn, agus an
dearmhad a dheineadar féin nuair a tharraingeadar ortha
fearg Mharbháin. An fhaid a bhíodar socair ar a suaimh-
neas sa rígh theaghlach breágh san a chuir Guaire suas
dóibh, níor thuigeadar cad a bhain le bheith ar fán. Thuit
a lug ar a lag acu nuair a thuigeadar nár bh'fholáir
dóibh go léir éirghe amach agus dul chun bóthair, agus
bheith glan as an mbaile sin sar a dtiocfadh an oidhche
ortha, nó go mbeadh col déanta acu ar na geasaibh a
bhí curtha ag Marbhán ortha, dá mbeidís dhá oidhche i
n-aon inead go dtí go mbeadh an Táin fághalta acu.



"Ní foláir dúinn imtheacht, a chlann ó," arsa
Seanachán leó. "Tá éagcóir mhór 'á dhéanamh orainn,
ach ní'l leigheas againn air sin. Tá fuath ag a lán
daoine dhúinn, agus gráin acu orainn. Meastar gur
Tromdháimh ana chostasamhail sinn. Ní fíor san i n-aon
chor, a chlann ó. Bíodh go bhfuil mórán againn ann,
ní mór é ár sáith de bhiadh agus de dhigh. Is ró-fhuiriste
ár ndóithin le n-ithe agus le n-ól do thabhairt dúinn.
Is í mo bhean-sa féin, Brighid inghean Oinithcheirne,
duine is mó goile ar an dTromdháimh, agus ní itheann
sí ach ubh circe d'aon bhéile ; agus bíodh ná h-itheann
sí ach an méid sin d'aon bhéile, tugann an Tromdháimh
"Brighid Mhórsháith "uirthi mar gheall ar mhéid an bhéile
a dh'itheann sí!" "Ní gádh do Mharbhán, d'á bhrígh sin,
ná do dhaoine d'á shórd, bheith 'ghá chasadh linn go mbíd
ríghthe agus uaisle na h-Éireann creachta againn nuair
a thugaimíd roinnt aimsire ar ár gcuardaibh acu."



"Ach bíodh ná cuirimíd puínn costais ar na ríghthibh
ná ar na h-uaislibh 'n-a dtéighmíd ar ár gcuardaibh


L. 180


chúcha, bímíd chómh buidheach díobh agus dá gcuirimís.
Táimíd go léir buidheach de Ghuaire anois mar gheall
ar an dtigh seo do chuir sé suas dúinn san áit seo
agus mar gheall ar na miantaibh úd do sholáthair sé do
gach duine againn 'n-a dtáinig mian dó."



"Ní foláir dúinn imtheacht, a chlann ó, agus isé
céad rud atá againn le déanamh ná dul i n-aonfheacht
i láthair Ghuaire agus ár mbuidheachas do ghabháil leis,
agus a dh'innsint dó cad iad na geasa so atá curtha
ag Marbhán orainn ; conus mar nách féidir dúinn,
gan ár ngeasa do chailleamhaint, codladh dhá oidhche i
n-aon ionad chun go bhfaighmíd an Táin.".



Do ghluaiseadar go léir láithreach, idir ollamh agus
ánradh, idir fhile agus éigeas, idir fhear agus mnaoi,
idir choin agus giolla, idir óg agus sean, agus
thángadar chun na h-áite 'n-a raibh Guaire. D'éirigh
Guaire agus tháinig sé 'n-a gcoinnibh. Bhí iongnadh
air nuair a chonnaic sé chuige iad ar an bhfaithche. Thug
sé trí póga do Sheanachán agus chuir sé fáilte
choitchiann rómpa go léir.



"Cad é an sgéal é, a rígh-ollamh?" ar seisean le
Seanachán, "Nó cad a ghluais ó nbhúr mbruighin féin
sibh?"



"Tá droch-sgéal againn duit, a rí," arsa Seanachán.
"Tháinig Marbhán Muicidhe ag triall orainn ag díoghailt
an tuirc fhinn orainn."



"Níor aithnighmair é ar dtúis, agus ní raibh aon
choinne againn go raibh aon fhearg aige chúghainn, ná
gur thugamair cúis dó chun feirge bheith aige chúghainn.
D'iarr sé a rogha ealadha agus airfideacht orainn. Do
tugadh san dó. Annsan, isé rogha a thogh sé ná go
ndéanfí a sháith crónáin dó, agus isé saghas crónáin
a theastuigh uaidh ná crónán snagach. Chuaidh trí


L. 181


naonbhair ag déanamh an chrónáin sin dó. Nuair a bhí
na trí naonbhair sin d'á dtuirsiúghadh, agus go gceap-
aidís stad, d'iarradh sé go tur agus go teasaidhe
a sháith chrónáin a dhéanamh dó. Do tuirsigheadh iad go
léir, i dtreó ná raibh aoinne chun an chrónáin a dhéanamh
dó. Annsan do chuadhas-sa féin ag déanamh an
chrónáin dó, agus nuair a mheasainn stad, le neart
tuirse, "Deintear ár sáith crónáin dúinn!" adeireadh
sé, "mar a gheallabhair dúinn!" Do leanas ar an
gcrónán go dtí, le sreangadh ró-theann d'á dtugas
orm féin, gur chuireas mo leath-shúil amach ar mo
ghruadh. Chóm luath agus chonnaic seisean san d'fhóir
sé mé tré chómhachtaibh Dé. Annsan d'é righ sgéal-
uidhe atá againn, agus dubhairt sé go ndéanfadh sé
sgéalaidheacht dó ; ach d'iarr seisean sgéal ná raibh
aige air, .i., Táin Bó Cuailgne. Dubhairt an sgéal-
uidhe ná raibh an sgéal san aige. Annsan do chuir
seisean sinne, agus an sgéaluidhe, fé gheasaibh gan
aon rann d'ár ndán d'fhághail, agus gan bheith dhá oidhche
i n-aon inead, chun go bhfaighmís an Táin dó. Sa bhaile
seo a bhíomair aréir, a rí, agus ní bheam anocht ann,
mar gheall ar ár ngeasaibh."



"Agus cad é an treó baill 'n-a bhfuil ceapaithe
agaibh aghaidh do thabhairt anois, a rígh-ollamh?" arsa
Guaire.



"Go h-Albain, a rí," arsa Seanachán.



"Ná téighidh go h-Albain, a rígh-ollamh," arsa Guaire.



"Is i n-Éirinn a tugadh an Táin agus ní h-i n-Albain,
agus d'á bhrígh sin is i n-Albain is lúgha a gheóbhaidh sibh
aon tuairisg uirthi. Tá 'fhios agam-sa," ar seisean
"cad is ceart daoibh a dhéanamh."



"Cad is ceart dúinn a dhéanamh, a rí," arsa
Seanachán.


L. 182


"Na bacaidh Marbhán, ná an Táin," arsa Guaire,
"ach fanaidh annso agam-sa agus an onóir a
fuarabhair uaim-se agus ó fhearaibh Éireann go
dtí so, gheobhaidh sibh as so amach í, i n-éagmuis bhúr
ndán."



"Ní bheadh ach maith déirce sa nídh sin, a rí," arsa
Seanachán.



"Is mór an truagh, a rígh-ollamh," arsa Guaire, "bhúr
mná agus bhúr ngiollanradh ag gluaiseacht, i n-aon-
fheacht libh-se, tré dhúthaighibh iasachta, fé gach sórd soin-
inne agus doininne! Cad a chothóchaidh iad? Tioc-
faidh breóidhteacht agus bás ortha, agus tuitfid siad ar
an slighe oraibh leis an ocras agus le tuirse. Ní'l
ciall ná meabhair leis mar sgéal!"



"Ní'l leigheas air, a rí," arsa Seanachán. "Sinn
féin a tharraing orainn an cruadhtan, caithfimíd an
cruadhtan a dh'fhulang anois."



"Tá go deimhin, leigheas air," arsa Guaire. "Do
chuir Marbhán na geasa oraibh-se, ar bhúr n-ollamhanaibh
agus ar bhúr bhfilíbh agus ar bhur lucht ceóil agus air-
fideachta. Níor chuir sé aon gheasa ar bhúr mnáibh
ná ar bhúr ngiollanradh. Ní'l fhiachaint ortha san dul
i n-aonfheacht libh ag lorg na Tána. Ní congnamh
daoibh iad chun na Tána dh'fhághail, ach a mhalairt. Imthigh-
eadh an Tromdháimh féin, na h-ollamhain agus na filí
agus na h-éigse agus siubhluighdís an domhan ar lorg
na Tána, ach fanadh na mná agus na giollaí agus an
t-aos óg 'n-a ndiaidh sa bhaile."



"Agus cá bhfanfaid siad, a rí?" arsa Seanachán.



"Cá bhfanfaidís, a rígh-ollamh." arsa Guaire, "ach
sa tigh sin a thugas-sa dhaoibh-se? Fanaidís sa tigh
sin ar a suaimhneas agus cothóchad-sa iad go dtagaidh
sibhse thar n-ais. Beidh an chóir chéadna ortha, an fhaid


L. 183


a bheidh sibh amuich, a bhí ortha féin agus oraibh ó thánga-
bhair chúgham annso."



Do socaruigheadh ar an gcómhairle sin. D'fhill na
mná agus na giollaí thar n-ais chun rígh-theaghlaigh na
Tromdháimhe, agus bhí áthas mór ortha. Bhíodar go
léir ag gol go fuidheach nuair a bhíodar ag imtheacht ;
thriomuigheadar a súile nuair a fuaradar cead teacht
thar n-ais agus fanamhaint. D'fhág Marbhán cead ag
an dTromdháimh aon dán amháin do ghabháil nuair a
bheidís ag sgaramhaint le Guaire, ag fágáilt slán
aige. Do ghaibh Seanachán an t-aon dán amháin sin.
Sidé an chéad bhéarsa dhe:-



"Triallam uait, a Ghuaire ghlain
Fágmaid agat beannachtain,
Bliadhain agus ráithe is mí
Atám agat, a Árdrí."



Dán gan mhaith iseadh é. Ní'l ann ach go ndeintear
maoidheamh as an gcóir a chuir Guaire ortha ; agus, mar
gheall ar an gcóis sin, go ngealltar teacht arís ag
triall air.



"Ca bhfuil ceapaithe agaibh stad i gcóir na h-oidhche
anocht, a rígh-ollamh?" arsa Guaire.



"I Nás na ríogh, má shroisimíd é, a rí," arsa Seana-
chán, "i ndún ríogh Laighean."



"Táthaoí ag dul ag triall ar rígh fóghanta," arsa
Guaire. "Ní'l rí cúige ná árdrí is fearr 'ná Connra
Caoch."



"Is fearr Guaire 'ná é! Is fearr Guaire 'ná
é!" arsan Tromdháimh go léir d'aon ghuth.



"Go dtéithí slán!" arsa Guaire.



"Slán beó agat, a rí!" ar siad go léir.



Chomáineadar leó go dtángadar go Nás. Nuair


L. 184


a bhíodar ag teacht i gcómhgar do'n bhaile, do thárla
lobhar ar lár an bhóthair rómpa. Do labhair sé leis
an gcéad duine a tháinig chuige:-



"Cad é an áit as a dtáinig an fhian mhór bhachlach
mheirgeach úd?" arsan clamh.



"Ní fian bhachlach ná fian mheirgeach iad san," arsan
fear 'n-ar chuireadh an cheist chuige, "ach Seanachán
Seanfhile agus a Thromdháimh uasal."



"Tá aithne agam oraibh," arsan clamh, "agus ar an
ainim mhór fhada atá oraibh, agus bíodh gur ainim fhada
í ní h-ainim fhoghanta í. Is fearrde an tír as a
dtángabhair sibh bheith tagaithe as, agus an tír 'n-a
bhfuiltí ag dul ann ní maith an bhail air é. An fada
cheapann sibh dul anocht?" ar seisean.



"Go dún Chonnra Chaoich, rí Laighean," arsan fear
eile. Bhí Seanachán agus maithe na Tromdáimhe tag-
aithe suas um an dtaca san. Chómh luath agus d'airigh
an clamh gur go Dún ríogh Laighean a bhíodar ag dul,
chuir sé sgeartadh gáire as, i dtreó gur dhóich le
duine ná faghadh sé a anál.



"Cad 'tá ad' chur ag gáirí, a fhir mhaith?" arsa
Seanachán.



"Cad a bheadh am' chur ag gáirí," arsan clamh, "ach
tusa agus do shluagh bachlach ag dul go dún ríogh
Laighean, agus gan cumas ar aon rann d'bhúr ndán
agaibh!"



"Airiú," ar seisean, "ná téighidh go dún ríogh
Laighean, nó is amhlaidh a curfar na gadhair libh!"



"Cé innis duit-se an méid sin a chlaimh?" ar
siadsan.



"Nach cuma cé innis dom é má's fíor é?" arsan
lobhar. "Anois an t-am agaibh-se chun a thaisbeáint
an fíor é nó an bréag é. Táthaoí ag dul go h-Albain.


L. 185


Is é Connra Caoch a thabharfaidh luingeas agus lón
daoibh i gcóir an aistir sin. Nách deas a d'fhéachfaidh sibh
i láthair Chonnra, nuair a bheidh oraibh dán mholta agus
buidheachais a thabhairt dó mar gheall ar loingeas agus
lón a thabhairt daoibh, agus gan ar bhúr gcumas aon
rann d'bhúr ndán do chur le chéile."



"Is fíor do'n chlamh an méid úd," arsan Trom-
dháimh. "Is fearr dhúinn sinn féin do thriail, féachaint
an bhfuil ár ndán againn nó ná fuil. Is fearr dhúinn
anois féachaint an bhféadfaimís duan a dhéanamh do
rígh Laighean."



Siúd ag casadh leis an nduan a dhéanamh iad, rann
ó gach ollamh acu. Ach dá mbeidís ag gabháil do'n
obair go h-oidhche ní fhéadfadh aoinne acu a rann féin
do chur le chéile. Is amhlaidh a bhíodh na focail ag
measgadh ar a chéile ortha, agus ag dul i n-aimhréidh ortha.
Nuair a mheasaidís an rígh do mholadh is amhlaidh a bhíodh
a gcaint 'á cháineadh. Ar ball is amhlaidh ná bíodh
moladh ná cáineadh ná aon tsaghas céille i n-aon chor
sa chaint acu. Annsan, ní fhéadaidís aon líne amháin
de'n fhilidheacht do thabhairt amach gan ciscéim bacaighe
ann. Do thugadh gach aoinne fé ndeara an bhacaighe
i bhfilidheacht an duune eile, ach ní féadadh sé choidhche
an bhacaighe thabhairt fé ndeara 'n-a chuid filidheachta
féin, go dtí go dtaisbeánadh an clamh dó an bhacaighe.
Fé dheireadh d'éirigheadar as an ngnó. Annsan bhíodar
gcruadhchás dáiríribh. Níor bh'fhéidir dóibh dul go
h-Albain gan luingeas agus lón d'fhághail ó rígh
Laighean, agus níor bh'fhéidir dóibh luingeas agus lón
a dh'iarraidh ar an rígh gan duan a dhéanamh dó chun iad
a dh'iarraidh air. Ach pé iarracht a dheinidís ar an
nduan ní thagadh leo a dhéanamh ach bhrille bhreaille.
Bhí an sgéal go breac acu.


L. 186


Caibidiol a seacht a's fiche.



"Póg do bhéal lobhair."



Bhí Seanachán agus maithe na Tromdháimhe ag féach-
aint ar a chéile agus gan focal ag teacht asta. Ní
raibh 'fhios ag aoinne acu cad ba cheart a rádh ná cad
ba cheart a dhéanamh. Ní raibh aoinne acu i bhfonn cómh-
airle dh'iarraidh, ná i bhfonn cómhairle thabhairt uaidh.
Níor bh'fhéidir casadh thar n-ais go dtí Guaire mar bhí
na geasa ortha. Níor bh'fhéidir dul go h-Albain mar
ní raibh long ná lón luinge acu. Níor bh'fhéidir dul
go dún ríogh Laighean mar ní raibh a ndán acu. Bhíodar
annsúd ag féachaint ar a chéile agus gan cor acu 'á
chur díobh ná focal ag teacht asta. Bhí cuid acu ag
stathadh brobhnacha luachra agus 'ghá gcogaint.



"D'fhág Marbhán ar bhúr gcumas duan a dhéanamh
do Ghuaire nuair a bhíobhair ag teacht uaidh," arsan
lobhar.



"D'fhág," ar siad.



"Nách truagh," arsan lobhar, "nár iarrabhair air a
gh'fhágáilt ar bhúr gcumas duan a dhéanamh do Chonnra
Chaoch nuair a bheadh an long agus an lón agaibh 'á
iarraidh air."



"Níor chuimhnigh aoinne againn air sin go dtí anois,"
ar siad.



"Níor chuimhnigh go díreach," arsan lobhar. "B'fhearr
libh bheith ag cuimhneamh ar bhúr miantaibh áiféiseacha.
Tá an sgéal go h-aindeis agaibh! Tá mian ag gach
aoinne agaibh anois, mian nár tháinig a leithéid riamh
chuige go dtí anois. Cad 'n-a thaobh ná h-iarrann sibh
anois ar Ghuaire an mian so do sholáthar daoibh. Dá


L. 187


bhféadadh Guaire an mian so do sholáthar daoibh anois,
ba thairbhthighe dhaoibh é 'ná peata cuaiche ; ba thairbhthe
dhaoibh é 'ná na sméara úd."



"Ní chúghainne a tháinig na mianta san," arsa
Seanachán, "ach chun na mban."



"Cé chuige go dtáinig an mian úd na fleidhe móire
a déanfí de chuirm an aon ghráinne arbhair agus de
shaill na muice nár rugadh?" arsan lobhar.



Níor fhreagair Seanachán. Níor fhreagair aoinne.
D'fhan an lobhar ag féachaint ortha ar feadh tamaill.
Dubhairt sé ar ball:-



"Dá bhfaighinn tuarastal áirighthe uaibh do dhéanfainn
duan thar bhúr gceann do rígh Laighean."



"Duan do rígh Laighean tar ár gceann!" ar siad.
"Níor chás duit!" ar siad.



"Níor bhain Marbhán cumas mo dhána dhíom-sa,"
arsan lobhar. "B'fhéidir gur maith an bhail oraibh-se
mise do bhualadh umaibh annso. An bhfaghad an tuar-
astal?"



"Gheóbhair an tuarastal má dheineann tú an duan,"
ar siad. "Ach cé chreidfeadh go bhféadfá-sa duan a
dhéanamh do rígh Laighean!"



"Déanfad-sa an duan má tugtar an tuarastal
dom," arsan lobhar. "Do dheineas-sa filidheacht go
minic cheana," ar seisean, agus chrom sé ar dhuanaibh
breághtha do ghabháil dóibh, i dtreó gur chuir sé iongnadh
ortha.



"File maith iseadh an clamh so," ar siad. "Is
fearr an tuarastal a thabhairt dó agus a iarraidh air
an duan a dhéanamh thar ár gceann, do rígh Laighean.
Réidhteóchaidh san sinn as an bpúnc 'n-a bhfuilimíd."



"Cad é an tuarastal a bheidh uait as an duan so
dhéanamh?" ar siad.


L. 188


"Sar a n-innsead san daoibh," ar seisean, "ní
mór dom deimhne bheith agam ar go bhfaghad an
tuarastal."



"Gheóbhair an tuarastal," ar siad.



"Tugaid bhúr luighe leis sin," ar seisean.



Thugadar go leir an leabhar go dtabharfí dhó pé
tuarastal a dh'iarrfadh sé ortha, ach go mbeadh san
ar a gcumas.



"Ní baoghal go n-iarrfad-sa aon rud oraibh," arsan
lobhar, "ach rud atá ar bhúr gcumas a thabhairt dom.
Déanfad an duan thar bhúr gceann agus ní iarrfad
de thuarastal as ach go dtabharfaidh Seanachán póg
ar mo bhéal dom le n-a bhéal féin. Ní baoghal ná go
bhfuil ar bhúr gcumas an tuarastal san do thabhairt
dom."



Do léim Seanachán. "Ó" ar seisean, "dá mbeinn
féin agus an Tromdháimh go leir i mbraighdineas, agus
go saorfadh an phóg san mé féin agus iad-san, ní
thabharfainn an phóg san do'n chlamh."



Nuair airigh an Tromdháimh an chaint sin chuireadar
stailc suas.



"Is olc an mhaise ag ár rígh-ollamh é," ar siad, "ná
tabharfadh póg do'n lobhar chun na Tromdháimhe do
shaoradh as an bpúnc so 'n-a bhfuilid! Ní h-aon mhaith
dhúinne dul aon chiscéim eile de'n tslighe ag lorg na
Tána. Is fearr casadh agus dul thar n-ais ag triall
ar Ghuaire i n-aimhdheóin na ngeas. Pé droch-nídh a
thabharfaidh cailleamhaint ár ngeas orainn, ní bheidh
sé níosa mheasa 'ná an cor a bheidh orainn má fhanaimíd
annso. Is fearr casadh agus dul thar n-ais!"



Nuair airigh Seanachán an chaint sin, do thuig sé
i n'aigne go gcaithfeadh sé an phóg do thabhairt.



"Ná casaidh thar n-ais, a chlann ó!" ar seisean


L. 189


"Tabharfad-sa an phóg do'n duine seo ó tá an dúil go
léir aige innti."



"Tá an dúil sin agam innti," arsan lobhar, "níor
cheapas go dtiocfadh sé de chor sa tsaoghal orm choidhche
go bhfaghadh mo leithéid-se de chlamh póg ar mo bhéal
ó bhéal an fhir úd ná h-íosfadh an t-arán amach
a' láimh an chailín áluinn uasail mar gheall ar gan na
lámha bheith glan aici, agus gan de shalachar ortha ach
an salachar a fuaradar ó láimh a sean-athar, agus gan
de salachar ar láimh a sean-athar ach go mbíodh sé ag
teagasg eoluis ar chreideamh do lobhraibh agus go
síneadh sé a lámh 'n-a dtreó. An fear a dh'fhuathuigh
an t-arán san mar gheall ar an gcúis sin, is uathbhásach
an sgéal a rádh go bhféadfadh sé póg a thabhairt dom'
leithéid-se de lobhar shalach. Tá ana dhúil agam sa
phóig sin. Ní bheidh aon tsásamh ar m'aigne go
bhfaghad í."



"Cé innis duit-se i dtaobh an chailín úd?" arsa
Seanachán.



"Tá an sgéal ar fuid na h-Éireann," arsan clamh.



"Seo, má seadh, bíodh an sgéal so, leis, ar fuid na
h-Éireann!" arsa Seanachán, agus d'imthigh sé anonn
agus thug sé an phóg do'n lobhar.



"Seadh!" arsan lobhar. "Tá a ghuidhe fághalta
ag Guaire."



"Cad í an ghuidhe?" arsa Seanachán.



"Nuair a tháinig a dhalta a bhaile ag triall air, agus
í ag gol mar gheall ar an easonóir a thugais-se dá
sean-athair, d'iarr sé ar Dhia gan tú d'fhághail bháis go
dtabharfá an phóg san dómh-sa!"



"Seadh!" arsa Seanachán, "Tá an phóg fághalta
agat anois, agus tar linn go dún an ríogh agus dein
an duan thar ár gceann."


L. 190


"Téanaidh oraibh i n-ainm Dé," arsan clamh.



Ghluaiseadhar ortha agus thángadar go dorus an
dúna. Bhuaileadar buille de'n bhaschrann ar an
dorus. Tháinig an dóirseóir amach.



"Cé h-iad sibhse?" arsan dóirseóir.



"Seanachán Seanfhile agus a chualacht," ar siad.



"Agus cad tá ó Sheanachán Seanfhile agus ó n-a
chualacht annso?" arsan dóirseóir.



"An rígh a dh'fheisgint," ar siad.



"Agus cad é an gnó atá agaibh de'n rígh?" arsan
dóirseóir.



"Chun luinge agus lóin a dh'iarraidh air," arsa
Seanachán, "mar tá orainn dul go h-Albain ag lorg
príomh-sgéil Éireann."



"An bhfuil duan agaibh do'n rígh?" arsan dóir-
seóir.



"Tá, cheana," arsan clamh, "agus mise is reacaire
dhóibh."



D'fhéach an dóirseóir ortha, agus d'fhéach sé ar an
reacaire. "Ní ró-mhaith an mhaise reacaire atá ort-sa,
a mhic," ar seisean, ag cur smuta gáire as, "ach
tagaidh isteach," ar seisean.



Chuadar isteach. Do rugadh i láthair an ríogh iad.
Bhí uabhar agus bochtaineacht agus ceann fé ar Sheanachán
mar gheall ar an saghas reacaire a bhí aige, ach b'éigean
dó a chuid cancair do bhrúth chuige. Bhí aon adhbhar
sóláis amháin aige. Bhí an rí caoch agus ní fheicfeadh
sé an reacaire.



Chómh luath agus bhíodar 'n-a seasamh i láthair an ríogh,
do ghaibh an clamh an duan mholta. Bhí an duan go
h-áluinn ar fad. Bhí áthas thar bárr ar an rígh.



"Is maith an reacaire atá agat, a righ-ollamh," arsa
Connra Caoch, "agus ní fearr é 'ná an duan. Is


L. 191


dóich liom gur b'é an duan san an blúire filidheachta
is breághtha d'ár airigheas riamh agus is 'mó filidheacht
mhaith a dh'airigheas. Tá an long agus an lón tuillte
agaibh agus gheóbhaidh sibh iad. Curtar cóir mhaith ortha
i gcóir na h-oidhche," ar seisean leis an ndóirseóir.



Do rugadh isteach iad i halla an bhídh agus do tugadh
a ndóithin le n-ithe agus le n-ól dóibh. Nuair a bhí a
ndóithin ithte agus ólta acu, do taisbeánadh seómraí
codlata dhóibh a bhí go feisteamhail agus go breágh glan
compórdamhail. Do chodladar an oidhche sin go sámh
agus d'éirigheadar ar maidin gan tuirse gan troma-
chroidhe. Do glanadh long dóibh agus do cuireadh lón
innti. D'órduigh an rí an long ab fheárr a bhí sa chuan
do ghlanadh dhóibh, agus gan aon easnamh a bheith ar an
lón a curfí isteach innti dhóibh. Nuair a bhí an long
ollamh, bhíodar go léir ag dul ar bórd ; bhí trí caogaid
acu ann, sé sin céad agus deichneabhar agus dachad.



"Raghad-sa libh," arsan clamh.



"Am briathar ná raghair!" arsa Seanachán.



"Is fearr é dhul linn," arsa cuid de'n Tromdháimh.



"Ní fios conus a bheadh gnó againn de. Bheadh an sgéal
go breac againn nuair a bhíomair ag dul go tigh an ríogh."



"Má théidheann sé sin ar bórd na luinge i n-aon-
fheacht libh," arsa Seanachán, "fanfad-sa siar."



"Ní gádh dhuit fanamhaint siar, a rígh-ollamh," arsan
clamh, "fanfad-sa siar. Dá dtéidhinn libh," ar
seisean, "is ar mhaithe libh-se do raghainn libh. Ní'l
aon ghádh agam féin le dul libh. Ní baoghal daoibh go
raghad ag brúth oraibh ná ag cur isteach oraibh."



Chuadar ar bórd. Chuireadar suas na seólta. Do
ghlac na seólta an ghaoth go breágh. Do leathadar
agus do líonadar agus go ghluais an long béal an
chuain amach, go h-éasga agus go stuamdha agus go


L. 192


luaimneach, ag freagairt na gaoithe agus ag freagairt
d'á stiúir. Do ghluais sí amach ar an bhfaraige. Do
lean an ghaoth 'n-a gcúl, go maith láidir, gan bheith ró
láidir, agus ní raibh an fharaige ró-gharbh, agus níor
stadadar d'á seól go dtí gur thángadar lámh le
carraigibh Manainn. Chonnacadar duine 'n-a sheasamh
anáirde ar cheann des na carraigibh. Chonnacadar
an lobhar amuich ar chuirr tosaigh na luinge acu féin,
agus crónán snagach ar siubhal aige!



"Cé tá sa luing?" arsan duine ar an gcarraig.



"Tá Seanachán Seanfhile agus a chliar," arsan lobhar.



"Má 'seadh," arsan duine thuas, "cuirim-se fé
gheasaibh anois sibh go léir gan teacht i dtír annso go
bhfaighidh sibh leath-rann i n-aghaidh an leath-rainn so a
gheóbhad-sa dhaoibh."



"Gaibh do leath-rann," arsan lobhar.



Do ghaibh an duine thuas leath-rann. Do ghaibh an
lobhar leath-rann ag freagairt an leath-rainn sin.



"Tá an leath-rann cóir tabhartha agat dom," arsan
duine thuas, "ach tá leath-rann eile agam duit agus
caithfir a leath-rann do thabhairt dom."



"Gaibh do leath-rann eile," arsan lobhar.



Do ghaibh an duine thuas leath-rann eile, agus má
ghaibh do chuir an lobhar leath-rann ag freagairt an
leath-rainn sin.



"Tá an leath-rann cóir tabhartha agat dom arís,"
arsan duine a bhí thuas. "Tá leath-rann eile agam
duit, ámhthach, agus má thugann tú an trímhadh leath-
rann cóir dom féadfaidh sibh teacht i dtír."



"Gaibh do leath-rann dom," arsan lobhar.



Do ghaibh, agus thug an lobhar leath-rann an leath-
rainn sin uaidh chómh cruinn agus a thug an dá leath-
rann eile uaidh.


L. 193


"Tagaidh i dtír anois," arsan t-é a bhí ar an
gcarraig. "Agus tá an méid seo agam-sa le rádh
leat-sa, a Sheanacháin, agus led' chléir. Is ró-bheag an
gnó bheadh agaibh ag teacht ar an gcuaird seo, mura
mbeadh an lobhar a bheith i n-aonfheacht libh. Bhí 'fhios
agam-sa ná raibh bhúr ndán agaibh. Mheasas, d'á
bhrígh sin, ná féadfadh aoinne agaibh na leath-ranna
úd a thabhairt dom. Mura mbeadh an lobhar chaithfeadh
sibh dul thar n-ais go h-Éirinn agus breall oraibh.
Tagaidh i dtír anois."



Caibidiol a h-ocht a's fiche.



Caillin Naomhtha.



Annsan d'imthigh an duine a bhí ar an gcarraig, agus
do labhair an lobhar leis an dTromdháimh.



"Bean is eadh an duine sin a bhí ar an gcarraig,"
ar seisean. "Banliaigh iseadh í, agus bíonn sí gach
re mbliadhan 'n-a banliaigh agus ag déanamh salainn.
Tá teaghdas cloiche aici ar an oileán so agus tá ciste
aici sa teaghdas san. Tá trí fichid mairg óir aici sa
chiste sin. Tabharfaidh sí leath an óir sin daoibh-si,
agus beidh an méid sin agaibh chun costais bóthair an
fhaid a bheidh sibh ar an gcuaird seo i n-Albain."



"Bhí doicheall ort, a rígh-ollamh," ar seisean,
"rómham-sa. D'fhanfá siar níba thúisge 'ná mar a
leogfá dhom teacht. Thánag a gan fhios duit mar i


L. 194


'fhios agam ná féadfadh sibh an gnó dhéanamh im' éagh-
muis. Ní bheadh aon bhreith agaibh ar na leath-ranna
úd a thabhairt dí siúd, ná ar an ór a dh'fhághail uaithi,
mara mbeadh mé theacht libh. Ní bheidh aon ghádh agaibh
liom a thuilleadh anois, agus d'á bhrígh sin imtheóchad
uaibh chómh luath agus taisbeánfad teaghdas na mná
úd daoibh.



Do rug an lobhar timcheall iad fan chiúmhais an
oileáin gur shroiseadar cuan beag deas fothanamhail.
Chuadar isteach sa chuan san. Chuireadar amach na
h-ancairí, i dtreó go raibh an long daingean, agus
annsan chuadar i dtír. Do stiúruigh an lobhar iad
go teaghdas na mná. Bhí maithe na Tromdháimhe cea-
paithe ar gan an lobhar do leogaint uatha.



"Cimeádfaimíd é," ar siad le n-a chéile, "pé olc
maith le Seanachán é. Ní fios cad é a luathacht a bheadh
gnó againn arís de, agus d'á éaghmuis sin tá ár
mbuidheachas tuillte go maith aige."



Ar ball, nuair a bhí an tigh taisbeánta aige dhóibh,
agus nuair a mheasadar labhairt leis agus a iarraidh
air gan imtheacht uatha, d'fhéachadar 'n-a dtimcheall
agus ní raibh aon tuairisg air! Bhí sé imthighthe uatha a
gan fhios dóibh.



Ach do rug an bhanliaigh isteach 'n-a teaghdas iad
agus chuir sí fíorchaoin fáilte rómpa agus thug biadh
agus deoch go fial agus go fairsing dóibh, agus do
deineadh togha friothálmha ortha. Nuair a bhí a ndóithin
ithte agus ólta acu do labhair Seanachán.



"Is truagh an sgéal é a bhanliaigh!" ar seisean.



"Tá cuma orainn anocht, i n-ár dTromdháimh, ná raibh
orainn riamh roimis seo. Tá cóir uasal curtha agat
orainn agus ní'l ar ár gcumas duan a dhéanamh
dhuit! Is náireach an sgéal é, agus is cruaidh an


L. 195


agairt a dhein Marbhán Muicidhe orainn nuair a chuir
sé i n-a leithéid de chás sinn!" agus tháinig na
deóracha ó n-a shúilibh go bog.



"Ná bíodh ceist ort, a rígh-ollamh," ar sisi.



"D'innis an lobhar dómh-sa cad a bhí imthighthe oraibh.
B'éigean dom a gheallamhaint dó go gcuirfinn an chóir
seo oraibh annso anocht agus ná h-iarrfainn duan
ná ealadha oraibh. B'éigean dom a gheallamhaint dó,
leis, go dtabharfainn daoibh, chun costais bhúr gcuarda,
tríochad mairg óir atá agam annso. Tabharfad an
t-ór san daoibh ar maidin nuair a bheidh sibh ag imtheacht.
Ná bíodh aon cheist oraibh."



Do cuireadh cóir chodlata ortha a bhí chomh maith leis
an gcóir bídh agus dighe a cuireadh ortha. Nuair a
bhíodar ag imtheacht ar maidin do thug an bhanliaigh an
t-ór do Seanachán.



"Seo," ar sisi, "a Sheanacháin, agus sidí do dhuais
dhéidheanach go bhfaighir an Táin agus do dhán arís;
ba bhaoth bhúr ngnó ag teacht annso agus ag dul go
h-Albain ag lorg na Tána, agus gan aon rann d'bhúr
ndán agaibh. Mura mbeadh an lobhar bhí an sgéal go
breac agaibh. Ach déanfaidh an méid sin airgid do
ghnó, ach amháin aire thabhairt dó, agus gan é chaitheamh
ró-bhog. Is fearr dhaoibh aghaidh a thabhart ar dtúis
ar Mhaol Gheidhic, ollamh Alban. Stiúróchaidh sé sibh
sa tslighe 'n-ar dóichighe dhaoibh tuairisg na Tána
dh'fhághail, má tá a tuairisg le fághail i n-aon chor, agus
ní h-é mo thuairim-se go bhfuil."



Chuadar ar bórd a luinge. Do thógadar isteach
chúcha na h-ancairí. Do leathadar na seólta. Do
ghluais an long amach as an gcuan mbeag agus thuga-
dar a h-aghaidh ar Albain. Do shroiseadar Alba gan
bhárthan gan tionóisg. Bhí 'fhios acu cá'r chómhnuidh


L. 196


Maol Geidhic mac Fir Gobhoc. Thugadar aghaidh ar
a dhún-árus san. Chuir sé na mílte fáilte rómpa.
D'ollmhuigh sé fleadh dhóibh, agus bhíodar an oidhche sin
aige fé rogha freastail agus friothálmha.



Bhí iongnadh ar Mhaol Gheidhic cad a thug go h-Albain
iad, ach níor chuir sé aon cheist chúcha 'n-a thaobh. B'é
dlighe na h-aimsire sin cóir bídh agus dighe agus oidhe-
achta do chur ar dheóraidhthibh agus ar lucht taistil,
agus gan ceist do chur chúcha i dtaobh a ngnótha, ach
fanamhaint gur mhaith leó féin fios a ngnótha thabhairt
uatha.



Nuair a mheas Seanachán gur mhithid dó an gnó a
thug go h-Albain é féin agus an Tromdháimh d'innsint
do Mhaol Geidhic, d'innis sé dhó é.



"Tabharfad-sa gach aon chongnamh atá ar mo chumas
daoibh, a rígh-ollamh," arsa Maol Geidhic. "Ach is
eagal liom ná fuil aon bhreith agaibh ar an sgéal san
d'fhághail i n-Albain."



Ní innstear cúrsaí ná cuarda na Tromdháimhe an
fhaid a bhíodar i n-Albain. Ní deirtear ach gur thuga-
dar bliadhain ann, agus gur chuarduigheadar an tír
ó'n dtaobh theas go dtí an taobh thuaidh, agus ó'n dtaobh
thoir go dtí an taobh thiar, agus ná fuaradar an Táin;
ná raibh aon bhlúire d'fhios na Tána acu an lá deir-
eanach seachas mar a bhí acu an chéad lá.



Nuair a bhí an bhliadhain caithte agus gan an Táin
fághalta, bhí brón agus tuirse agus seirbhthean aigne
ar Sheanachán agus ar an dTromdháimh. D'fhágadar
slán ag Maol Geidhic agus ag éigse Alban, agus
chuadar ar bórd a luinge agus thángadar rómpa,
treasna na faraige agus isteach i gcuan Átha Cliath.
Ghlacadar caladh-phort sa chuan san agus thángadar
i dtír.


L. 197


Bhíodar i gcruadhchás annsan. Conus a thabharfaidís
aghaidh ar ríghthibh agus ar uaislibh Éireann, agus gan
cumas ar a ndán acu? Conus a thabharfaidís aghaidh
ar Ghuaire agus ar Mharbhan, agus gan an Táin acu, ná
aon tuairisg ar an dTáin, tar éis na gcuard agus tar
éis na bliadhna? Dá raghaidís siar go dúrlas Guaire,
go dtí an teaghlach a bhí tabhartha ag Guaire dóibh, ní
fhéadfaidís a chaitheamh ann ach aon oidhche amháin. Chaith-
fidís gluaiseacht arís ar maidin amáireach a bheadh
chúcha, mar ní lámhálfadh na geasa dhóibh bheith dhá oidhche
i n-aon bhaile go dtí go mbeadh an Táin fághalta acu
do Mharbhán. Dá dtugaidís aghaidh ar aoinne eile
de ríghthibh ná d'uaislibh na h-Éireann, is amhlaidh a
bheidís 'ghá gcur féin sa phúnc 'n-a rabhadar nuair a
thángadar go dún ríogh Laighean agus gan aon chumas
ar a ndán acu. Bhíodar 'n-a seasamh ar an gcaladh ag
féachaint ar a chéile, agus gan blúire d'á fhios ag
Seanachán ná ag aoinne eile acu cad ba cheart a
dhéanamh. Bhíodar go léir 'á chuimhneamh 'n-a n-aigne
gur thruagh ná raibh an lobhar úd aca, d'á olcas é.
Chuirfidís, dar leo, fhiachaint ar Sheanachán póg eile
thabhairt dó, d'á ghráinneacht é, ach go ndéanfadh sé
reacaireacht arís dóibh, fé mar a dhein sé i láthair ríogh
Laighean, nó ach go ndéanfadh sé aon rud a thabharfadh
fuasgailt ortha as an gcruadhchás 'n-a rabhadar.



I lár an mhachtnaimh dóibh chonnacadar duine ag
déanamh ortha. Chómh luath agus bhí sé i ngiorracht
dóibh d'aithnigheadar é. Caillin Naomhtha isé bhí ann.
Mac máthar do Sheanachán ab eadh an Caillin sin. Clann
na h-aon mháthar ab eadh iad, ach níor chlann aon athar
amháin iad. D'fháiltigh an bheirt d'á chéile, agus thuga-
dar trí póga dá chéile.



"Cá rabhabhair anois a dhritháir?" arsa Caillin.


L. 198


"Tá bliadhain tabhartha againn i n-Albain, a dhrith-
áir," arsa Seanachán, "agus anois atáimíd tagaithe
abhaile."



"Agus cad a bhí agaibh 'á dhéanamh i n-Albain?"
arsa Caillin.



"Marbhán Muicidhe a tháinig chúghainn, chun an
rígh-theaghlaigh a thug Guaire dhúinn, agus d'iarr
orainn príomh-sgéal Éireann a dh'innsint dó, .i.
"Táin Bó Cuailgne." Ní raibh ár sgéaluidhe, ná
aoinne eile againn ábalta ar an sgéal san a dh'innsint
dó. Annsan chuir sé de gheasaibh orainn gan bheith dhá
oidhche i n-aon bhaile chun go bhfaghmís an sgéal dó.
Chuadhamair go h-Albain bliadhain ó shin ag lorg an
sgéil, agus tá teipithe orainn é dh'fhághail. Ní h-eól
dúinn anois cad is maith dhúinn a dhéanamh."



"Cad a dheanfadh sibh," arsa Caillin, "ach imtheacht
ar chuaird ollamhnachta mór-thimcheall na h-Éireann,
agus Éire do chuardach fé mar a chuardabhair Alba.
Ní gádh dhaoibh bheith dhá oidhche i n-aon bhaile. Tabharfaid
ríghthe agus uaisle na h-Éireann bhúr ndóithin le n-ithe
agus le n-ól daoibh, chómh maith agus thug ríghthe agus
uaisle Alban; níos fearr dar liom-sa."



"Thabharfaidís, gan amhras," arsa Seanachán, "ach
tá cosg eile orainn."


L. 199


Caibidiol a naoi a's fiche.



An Lobar Bréige.



"Cad é an cosg eile atá oraibh, a dhritháir?" arsa
Caillin.



"Tá," arsa Seanachán, "gur bhain Marbhán cumas
ár ndán dínn, i dtreó, má théidhmíd i láthair ríogh nó
i láthair uasail, ná beidh ionainn ach mar bheadh sluagh
amadán, toisg gan a bheith ar ár gcumas dán molta
dhéanamh do'n rígh nó do'n uasal 'n-a raghmíd ag triall
air. Bhíomair i bpúnc chruaidh bliadhain ó shin nuair
a bhíomair ag imtheacht a h-Éirinn. Bhíomair ag dul
i láthair Chonnra Chaoich, rí Laighean chun luinge agus
lóin d'iarraidh. Díreach agus sinn nách mór agá dhún-
árus fuaramair ná raibh ar ár gcumas dán a dhéanamh
dó. Má théidhmíd i láthair aon ríogh anois beidh an
t-easnamh céadna orainn. Ní fheadar an domhan,
a dhritháir, cad a dhéanfaimíd."



"Agus conus a fuarabhair an long agus an lón, a
dhritháir?" arsa Caillin.



"Ar chuma ghreannmhar," arsa Seanachán. "Nuair
a bhíomair i n-achmaireacht do dhún-árus an ríogh, do
casadh lobhar orainn, an lobhar ba ghráinne agus ba
shailiche d'á bhfeaca-sa riamh. Dubhairt sé go ndéan-
fadh sé dán do'n rígh thar ár gceann, agus go ndéanfadh
sé reacaireacht an dána dhúinn, ach go bhfaghadh sé póg
uaim-se. B'éigean dom an phóg a thabhairt dó. Tagann
griofad orm gach aon uair a chuimhnighim air. Ach dhein
sé an dán agus chuaidh sé linn i láthair an ríogh. Dhein
sé an dán go maith agus dhein sé an reacaireacht go
maith. Bhí áthas thar bárr ar an rígh. Ach measaim dá


L. 200


mbeadh radharc a shúl aige, agus go bhfeicfeadh sé an
reacaire, go mb'fhéidir ná beadh an t-áthas chómh mór
air agus bhí."



"Ach do dhein sé an dán thar bhúr gceann," arsa
Caillin.



"Do dhein go deimhin," arsa Seanachán.



"Agus innis an méid seo dhom, a dhritháir," arsa
Caillin, "cad fé ndeár dó súd an phóg úd a
dh'iarraidh ort-sa mar thuarastal? Nár bh'ait an
saghas tuarastail é?"



"Ní fheadar an domhan," arsa Seanachán. "D'iarr
sé an phóg agus níor iarr sé aon tuarastal eile ach
í. Chómh luath agus bhí sí fághalta aige, dubhairt sé go
raibh a ghuidhe fághalta ag Guaire; go raibh Guaire tar
éis a iarraidh ar Dhia gan mise dh'fhághail bháis go dtí go
dtabharfainn póg lem' bhéal do bhéal lobhair, agus go
raibh guidhe Ghuaire fághalta nuair a thugas an phóg dó
féin."



"Tuigim," arsa Caillin. "An aithneófá an lobhar
úd, a dhritháir," ar seisean, "da- bhfeicfeá arís é?"



"Am briathar go n-aithneóchainn," arsa Seanachán.
"Bhí mo dhá shúil athchumair go leór dá aghaidh ghránna
mheirgeach nuair a bhíos ag tabhairt na póige dhó. Ní
baoghal go n-imtheóchaidh cuimhne na gnúise meirgighe,
méisgirighe úd as m'aigne an dá lá 's 'n fhaid a mhair-
fead! Gheibhim a baluith anois féin nuair a chuimh-
nighim uirthi!"



"Fan annsan go fóil, a dhritháir," arsa Caillin.



"Beidh mé chúghat láithreach."



D'imthigh sé isteach i dtigh a bhí i n-aice na h-áite
'n-a rabhadar 'n-a seasamh. D'fhanadar 'n-a seasamh
san áit ag feitheamh le Caillin. Tar éis tamaill bhig
siúd chúcha amach as an dtigh an lobhar. Dhein sé anonn


L. 201


ar Sheanachán. Do léim Seanachán uaidh siar i ndiaidh
a chúil.



"Fan uaim amach, a rud shailigh!" ar seisean. "Ná
tar i ngoire nó brisfead do phlaosg!"



"Leog dó féin, a rígh-ollamh!" ar san Tromdháimh
go léir d'aon ghuth. "Tá míle fáilte rómhat!" ar
siad leis an lobhar. "Ná h-imthigh uainn a thuilleadh!"
ar siad. "Tá gádh go cruaidh againn leat. Bhíomair
i bpúnc cheana agus d'fhóiris sinn. Táimíd i bpúnc
anois chómh cruaidh le h-aon phúnc 'n-a rabhamair riamh
ann. Fan againn. Caithfir fanamhaint pé olc maith
leis an rígh-ollamh é!"



Do chimil an lobhar éadach fliuch d'á aghaidh agus chaith
sé dhe seana chlóca a bhí uime agus seana bhiréad a bhí
ar a cheann aige, agus b'shiné Caillin Naomhtha 'n-a
steile-bheathaidh acu ar a n-aghaidh amach!



"A dhritháir a' chroidhe 'stigh," arsa Seanachán, "an
tusa an lobhar gur thugas an phóg úd dó!"



"Is mé go díreach, a dhritháir," arsa Caillin.



"Agus is tú dhein an dán breágh úd, agus an rea-
caireacht uasal úd, agus is tú thug na leath-ranna
cruadha úd do'n mhnaoi a bí ar an gcarraig!"



"Is mé, cheana," arsa Caillin.



"Ó, a dhritháir," arsa Seanachán, "nách truagh nár
chuiris tú féin i n-úil dúinn!"



"Ní truagh i n-aon chor, a dhritháir," arsa Caillin,
"ach is truagh ná raibh a mhalairt de chiall agat-sa
agus ag an dTromdháimh seachas mar a bhí, nuair a thug
Guaire an rígh-theaghlach breágh úd daoibh. Dhein Guaire
a dhícheall chun gach aon tsaghas comaoine chur oraibh-se,
agus dheineabhair-se bhúr ndícheall chun gach aon tsaghas
uilc a dhéanamh air-sean. Dheinis-se féin, a dhritháir,
gníomh a bhí go h-olc i láthair Dé agus daoine nuair a


L. 202


thugais an easonóir úd do'n chailín áluinn, do dhalta
Ghuaire. Chuaidh guidhe Ghuaire suas i láthair Dé id'
choinnibh, agus ní raibh aon dul agat ó'n bpóig úd a
thabhairt do lobhar éigin. Mura mbeadh an cleas a
dh'imreas-sa ort chaithfeá an phóg a thabhairt do lobhar
a bheadh 'n-a lobhar dáiríribh. Do thógfá an galar uaidh,
agus go deimhin níor chuid ba lúgha 'ná san féin a bhí
tuillte agat. Ach is dómh-sa a thugais an phóg, agus
chuadhais as. Ní rud tógálach taos seagail."



"Táim ana bhuidheach díot, a dhritháir," arsa Seanachán,
"ach cad 'tá le déanamh anois againn? Ní bhfuara-
mair aon tuairisg ar sgéal na Tána i n-Albain. Ní
dócha go bhfuil aon tuairisg le fághail air i n-Éirinn
ach chómh beag. B'fhéidir go bhféadfá-sa a dh'innsint
dúinn cár ceart dúinn aghaidh a thabhairt anois, nó
cad é an treó baill 'n-a mbeadh aon deabhramh go
dtiocfaimis suas leis an sgéal. Ní'l aon bhreith
againn ar dhul abhaile go dúrlas Ghuaire go dtí go
mbeidh an sgéal againn, agus ní féidir dúinn bheith dhá
oidhche i n-aon bhaile go bhfaghmíd an sgéal. Is cruaidh
na geasa chuir Marbhán orainn!"



"Ní'l aon mhilleán agam-sa ar Mharbhán, a dhritháir,"
arsa Caillin, "ná ní bheadh dá gcuireadh sé oraibh geasa
ba chruadha go mór 'ná na geasa do chuir sé oraibh.
Is eól dómh-sa ca bhfuil an Táin le fághail, ach ní thabh-
arfad aon phioc de'n eólus duit-se, a dhritháir, ná
do'n Tromdháimh seo, ach ar aon choinghioll amháin."



"Cad é an coinghioll é, a dhritháir an chroidhe 'stigh?"
arsa Seanachán. "Ní mór linn duit aon choinghioll
is maith leat a dh'iarraidh orainn ach go 'neósfair dúinn
cá bhfaghmíd an Táin."



"Tá go maith," arsa Caillin Naomhtha. "Isé
coinghioll ar a dtabharfad-sa an t-eólus san daoibh


L. 203


ná so, .i., ná h-iarrfaidh aon duine de'n Tromdháimh
aon mhian, go bráth arís, ar Ghuaire ná ar aon rígh 'n-a
mbeidh siad ar chuaird ollamhnachta i n'fhochair, ná ar
aoinne eile ach chómh beag."



"Gheóbhair an coinghioll san, a dhritháir!" arsa
Seanachán. "Gheóbhair an coinghioll san le lán-toil!"
arsan Tromdháimh d'aon ghuth.



"Tá go maith," arsa Caillin. "Ní'l ach aon fhear
amháin beó anois," ar seisean, "go bhfuil 'fhios aige
conus is féidir an Táin d'fhághail. Ní foláir dúinn
go léir dul chun cainte leis an bhfear san, agus an
t-eólus atá uainn a dh'iarraidh air."



"Agus ce h-é an fear é sin, a dhritháir?" arsa
Seanachán.



"Isé fear é sin, a dhritháir," arsa Caillin, "ná an
fear céadna do chuir na geasa cruadha so oraibh-se,
.i., Marbhán Muicidhe." Nuair airigh Seanachán agus
an Tromdháimh an méid sin, do thuit a lug ar a lag
i gceart acu.



"Anois atáimíd i bpúnc dáiríribh, murab ionann
a's riamh," arsa Seanachán. "Ní féidir dúinn aghaidh
a thabhairt ar Mharbhán gan an Táin a bheith againn, agus
ní féidir dúinn tuairisg ar an dTáin a dh'fhághail ach
ó Mharbhán féin."



"Glacaidh misneach, a dhritháir," arsa Caillin
Naomhtha. "Ní'l an sgéal chómh dona san ar fad.
Ní féidir daoibh-se aghaidh a thabhairt ar Mharbhán toisg
na geasa bheith oraibh. Níor chuir Marbhán aon gheasa
orm-sa. Raghad-sa chun cainte leis. 'Neósfad dó
cad é an cruadhtan atá fuilingthe agaibh-se ag cuardach
na Tána, conus mar atá dóich agus andóich cuar-
duighthe agaibh agus gan aon nídh d'á bhárr agaibh.
'Neósfad dó conus mar atá geallta agaibh dómh-sa


L. 204


ná tiocfaidh mian d'aoinne agaibh go deó arís agus má
thagann féin ná h-iarrfar ar aoinne an mian do
sholáthar. Nuair aireóchaidh Marbhán an méid sin,
maithfidh sé dhaoibh-se an torc fionn agus gach droch-
nídh eile d'ár dheineabhair air féin agus ar Ghuaire."



Annsan do thaisbeáin sé tigh dóibh, agus dubhairt
sé leó fanamhaint ann, agus d'imthigh sé ag triall ar
Mharbhán.



Caibidiol a tríochad.



"Ag magadh fúinn ataoi!"



Bhí an Tromdháimh sa tigh a thaisbeáin Caillin Naomhtha
dhóibh go dtí go raibh seachtmhain caithte acu ann.
Annsan tháinig Caillin ag triall ortha arís.



"Téanaidh anois," ar seisean, "Táid na geasa
bainte dhíbh. Tá cead agaibh dul thar n-ais go dtí bhúr
rígh-theaghlach féin - an rígh-theaghlach a dhein Guaire dhaoibh
agus a thug sé dhaoibh. Tá innste ag Guaire dos na
mnáibh agus do'n chlainn a fágadh i nbhúr ndiaidh sa
bhaile go bhfuiltí ag teacht thar n-ais."



Bhí áthas an domhain ar Sheanachán agus ortha go léir
nuair airigheadar an chaint sin. Siúd chun siubhail iad
láithreach. Bhí slighe fhada acu le cur díobh sar a
mbeidís thiar, ach má bhí féin níor chuireadar puínn
suime i bhfaid na slighe; agus an fhaid a bhíodar ar an
slighe, ní h-ag méadúghadh a bhí tuirse ortha ach ag
luigheadughadh, agus san go tiugh; i dtreó, nuair a


L. 205


shroiseadar dúrlas Guaire, go rabhadar níba neamh-
thuirsighe go mór 'ná mar a bhíodar nuair fhágadar Áth
Cliath.



Ar rígh-theaghlach Ghuaire do thugadar aghaidh ar dtúis.
Tháinig Guaire amach ag cur fáilte rómpa. Thug sé
trí póga do Sheanachán agus thug sé póg an duine do'n
triúr ab' uaisle d'á raibh ar an dTromdháimh. Do
labhair sé go cneasta agus go fáilteach le gach aon
duine acu, ó'n t-é dob' uaisle go dtí an t-é dob'
ísle. Annsan dubhairt sé leó dul abhaile chun a
dtighe féin, mar go raibh a muintir ag feitheamh leó,
agus nár cheart iad do chimeád uatha níba shia.



Chuadar abhaile. Níor chuaidh Caillin Naomhtha leó
chun a dtighe féin. Chuaidh sé go Gleann an Sgáil,
ag triall ar Mharbhán. Tháinig Marbhán agus é féin
go rígh-theaghlach na Tromdháimhe. Bhí a leithéid sin de
sgáth ar an dTromdháimh roimh Mharbhán gur bh'ar éigin
a bhíodar ábalta ar theacht 'n-a láthair i n-aon chor. Na
mná go mór mór, do ritheadar i bhfolach nuair a fuara-
dar ag teacht é, agus ba ró-fhada gur fhéad Caillin
Naomhtha iad do mhealladh as na folachaibh agus a chur
'n-a luighe ortha nár chuibhe dhóibh i n-aon chor an saghas
san oibre. Thángadar go léir fé dheireadh agus
chuireadar fáilte roimh Mharbhán. Annsan tháinig an
Tromdháimh go léir isteach sa tseómra mhór chun go
n-éistfidís le caint a bhí ag Marbhán le déanamh.
Nuair a bhíodar cruinnighthe do labhair Marbhán leó.



"A Sheanacháin," ar seisean, "agus a lucht na
Tromdháimhe seo uile, measaim gur dóich libh-se gur
dheineas-sa beart ana chruaidh oraibh nuair a chuireas
na geasa úd oraibh agus nuair a chuireas chun siubhail
sibh ag lorg sgéil na Tána. Ní'l agaibh ach machtnamh
beag a dhéanamh ar an gcuma 'n-ar thuilleabhair an


L. 206


bheart a dheineas oraibh, agus tuigfidh sibh go maith
nár dheineas oraibh ach an rud a bhí tuillte agaibh. Bíodh
a bhuidheachas agaibh ar an nduine naomhtha so, ar Chaillin,
nár lean mo dhíoghaltas oraibh chómh fada agus a bhí
tuillte agaibh-se, agus beartuighthe agam-sa ar dtúis.
Dá leanadh is fada ó'n áit seo bheadh sibh anois, agus
ní fheicfeadh aoinne agaibh an áit seo an dá lá 's 'n
fhaid a mhairfeadh sé. Ach do bhuaidh Caillin orm, agus
bhog sé an fhearg a bhí agam chúghaibh.



"Ach caithfear an Táin a dh'fhághail. Nuair nár fhág
Caillin sibhse ag siubhal an domhain ar lorg na Tána,
caithfidh sé féin anois an Táin a dh'fhághail. Ní ró-
fhuiriste dhó san. Ní'l ach aon duine amháin gur féidir
an Táin a dh'fhághail uaidh. Isé duine é sin ná Feargus
mac Róigh féin. Bhí Feargus mac Róigh ar shluagh
Mhéibhe agus Oiliolla nuair a tugadh Táin na mbó a'
Cuailgne. Chonnaic sé an gnó go léir. Bhí sé ins
na cathannaibh go léir. Dalta dhó ab eadh Cúchulainn
- an fear ba mhó a dhein de bhárthan do shlóighthibh Mhéibe
an fhaid a bhíodar ar an slóghadh san. Ní'l aon duine
'n-a bhfuil fios sgéil na Tána san i gceart aige ach
Feargus mac Róigh, agus is ó Fheargus mhac Róigh a
chaithfidh Caillin an sgéal d'fhághail. Nó mura bhfaighidh
Caillin an sgéal caithfidh an Tromdháimh é dh'fhághail.
Nuair a chuireas an Tromdháimh ar siubhal bliadhain
ó shin ag lorg sgéal na Tána, ní raibh 'fhios acu cá
bhfaghfí é. Ní'l an sgéal chómh h-olc anois acu agus a
bhí an uair sin. Tá 'fhios acu anois cá bhfuil an sgéal
le fághail."



D'éirigh Seanachán. "Ag magadh fúinn ataoi, a
Mharbháin!" ar seisean, agus é d'á thachtadh le feirg.



"Tá Feargus mac Róigh marbh le chúig céad bliadhan,"
ar seisean, "agus measann tú sinne do chur ag


L. 207


lorg sgéil na Tána anois air! Ag magadh fúinn
ataoi!"



"Caithfidh sibh féin nó Caillin sgéal na Tána dh'fhághail
ó Fheargus mhac Róigh dómh-sa," arsa Marbhán, "nó
cuirfead-sa na geasa céadna arís oraibh."



"Sinn féin nó Caillin!" arsa Seanachán. "Is ait
an chaint í sin," ar seisean. "Conus is féidir dúinne
ná dom' dhritháir sgéal na Tána ná aon sgéal eile
dh'fhághail ó dhuine atá imthighthe as an saoghal so le chúig
céad bliadhan! Tháinís annso ar dtúis, a Mharbháin,
chun díoghaltais a dhéanamh orainne. Nuair iarrais
sgéal na Tána orainn bhí 'fhios agat go maith ná raibh
an sgéal le fághail ó aon duine beó. Bhainis ár ndán
dínn agus chomáinis ar fán sinn tré dhúthaighibh iasachta
- ar lorg sgéil ná raibh le fághail ins na dúthaighibh
iasachta san. Mura mbeadh mo dhritháir bheimís go
léir marbh um an dtaca so. Do leogais dó sinn a
thabhairt annso a bhaile arís, agus anois ní foláir leat
beart is measa 'ná an chéad bheart féin do dhéanamh
orainn; ár rogha thabairt dúinn eólus na Tána
dh'fhághail ó fhear atá marbh le chúig céad bliadhan, nó
imtheacht arís agus gluaiseacht tré dhúthaighibh iasachta
i n-ár n-amadánaibh, ag lorg ruda ná fuil le fághail
amuich ná i mbaile. Isé mo thuairim láidir, a Mharbháin,
ná fuil aon phioc eóluis agat féin ar Tháin Bó Cuailgne,
ná ar cá bhfuil an sgéal le fághail."



"Gan amhras, a rígh-ollamh," arsa Marbhán, "is
cruaidh an obair le cur ar aon duine é chur, cois baile
ná i ndúthaighibh iasachta, ag lorg ruda nách féidir a
dh'fhághail; ach is tusa féin, nó do Thromdháimh, a thos-
nuigh é. Cár mheasais a bhí fleadh 'n-a mbeadh dóithin
ríoghraidhe Connacht innti le fághail a' cuirm aon ghráinne
amháin arbhair? Dein machtnamh beag ar na miantaibh


L. 208


eile úd a tháinig chúghaibh féin agus chun bhúr mban.
Níor bhfoláir iad do sholáthar daoibh nó ní bheadh sibh beó.
Dá dteipeadh orainn iad d'fhághail daoibh, d'aoirfeadh
sibh an rígh, agus chuirfeadh sibh a oineach ar neamhnídh
i láthair fear Éireann. Ba chaillte an iarracht í agaibh
'á thabhairt fé Ghuaire, agus a raibh de thairbhthe aige 'á
dhéanamh daoibh. Ní h-eól dómh-sa cad é an chúis a bhí
agaibh chun a leithéid sin d'iarracht mharbhuightheach a
thabhairt fé aoinne, go mór mór fé Ghuaire. Ach is
eól dom an méid seo, gur dhóich liom go raibh sé ceart
agaibh féachaint rómhaibh nuair a bhíobhair ag lorg na
mian úd, le h-eagla go mb' fhéidir go dtiocfadh cor
éigin sa tsaoghal a chuirfeadh ar chumas duine eile sibh
féin do chur chun siubhail ag lorg ruda nár bh'fhéidir a
dh'fhághail. Do fuaradh na mianta úd go léir. Níor
bh'oraibh-se a bhuidheachas san, ámhthach. Bhí ceangailte
ar Ghuaire gan mian ar bith a thiocfadh do dhuine agaibh
d'fhágaint gan sásamh. Bhí ceangailte oraibh-se,
i nbhúr dTromdháimh, aon ealadha a h-iarrfí oraibh a
dhéanamh, gan cailleamhaint ar an t-é a dh'iarrfadh é.
D'iarras-sa oraibh Táin Bó Cuailgne dh'innsint dom.
Ar innseadh an sgéal dom? Níor innseadh. Innstear
an sgéal san anois dom agus beidh buaidhte agaibh!
Ní 'neósfar, mar ní'l an sgéal agaibh. An Tromdháimh
is creideamhnaighe i n-Éirinn, dar leó féin, agus gan
príomh-sgéal Éireann acu! Agus iad ag déanamh
an uile shaghas díchill chun oinigh Ghuaire do chur ar
neamhnídh os cómhair fear Éireann! Ní féidir liom
foidhneamh libh. Imthigh-se, a Chaillin, agus faigh Táin
Bó Cuailgne dhómh-sa ó Fheargus Mhac Róigh, nó cuir-
fead-sa na geasa céadna ortha so arís."



D'imthigh Marbhán agus d'fhág sé annsan iad.



Chromadar na mná ar ghol agus ar an milleán do


L. 209


chur ar a chéile. "Tusa fé ndeár an obair seo go
léir!" adeireadh bean acu le mnaoi eile.



"Ní mé ach tusa!" adeireadh an bhean eile.



"Bíodh foidhne agaibh," arsa Caillin Naomhtha.



"Caithfear an Táin do sholáthar. Ní'l aon dul eile
agaibh as an bpúnc so 'n-a bhfuilthí anois. Fanaidh
annso agus bídhidh ag déanamh trosgaidh agus úrnuigthe
ar bhúr ndícheall go dtagad-sa chúghaibh," agus d'imthigh
sé.



Caibidiol a h-aon a's tríochad.



Trosgadh na Tromdháimhe.



Nuair a fágadh an Tromdháimh 'n-a n-aonar bhíodar
go buadhartha agus go goirgeach agus go loisgithe agus
go h-imeaglach 'n-a n-aigne. Bhí na mná ag gol agus
ag spídiúchán ar a chéile, gach bean díobh nár tháinig
aon mhian di riamh i rachtaibh an chinn a stracadh de gach
bean gur tháinig aon mhian des na miantaibh úd di.
Na mná gur tháinig na mianta dhóibh, ní raibh acu le
déanamh ach a gceann do chromadh agus bheith ag gol.
Bhí na fir sgaipithe annso agus annsúd agus iad go
dúr agus go ciúin agus go gruamdha, gan a fhios acu
cad ba mhaith dhóibh a rádh ná a dhéanamh.



Fé dheireadh thug duine des na mnáibh aghaidh ar an
sgéaluidhe. "Tusa fé ndeár an t-olc so go léir!"
ar sisi. "Cad é mar obair duit a rádh le Marbhán
ná raibh sgéal d'ár h-innseadh riamh i n-Éirinn ná raibh
agat, agus gan an sgéal úd a dh'iarr sé ort agat?"


L. 210


"Cad é an sgéal ad a dh'iarr sé orm?" arsan
sgéaluidhe.



"An Táin- nó an bhó - nó pé ainm é siúd a thug
sé air. Ní cuimhin liom an ainm," ar sisi.



"Ní cuimhin leat an ainm," arsan sgéaluidhe.



"Níor airighis féin riamh an sgéal," ar seisean. "An
bhfuil aon duine ar an dTromdháimh seo d'airigh riamh
an sgéal?" ar seisean.



Níor labhair aoinne.



"Ná bídhidh 'ghá chasadh liom-sa," ar seisean, "nár
airigheas riamh, agus ná fuil agam, sgéal nár airigh
aoinne agaibh féin riamh."



"Stadaidh, a chlann ó," arsa Seanachán, "ní dhéan-
faidh caint de'n tsórd san aon tairbhthe dhúinn. Tá
Caillin imthighthe ag lorg na Tána. Má gheibheann
sé an sgéal beidh gach aon rud go maith."



"Conus is féidir dó sgéal a dh'fhághail ó dhuine atá
marbh le chúig céad bliadhan!" arsan sgéaluidhe.



"Is aige féin is fearr a fhios san," arsa Seanachán.
"Mura mbeadh go bhfuil súil aige leis an sgéal a
dh'fhághail ní raghadh sé ar a lorg. Is fearr dhúinne
go mór an rud adubhairt sé linn a dhéanamh 'ná bheith
ag aighneas le n-a chéile ar an gcuma so. Dubhairt
sé linn bheith ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe ar
ár ndícheall go dtí go dtiocfadh sé thar n-ais chúghainn.
Imthigheadh gach aoinne anois chun a sheómra féin agus
deinimís an rud adubhairt Caillin linn a dhéanamh.
Ní déarfadh sé linn an trosgadh agus na h-úrnuighthe
dhéanamh mura mbeadh go raibh cúis aige leis. Ca
bhfios ná go mb' fhéidir go bhfuilimíd 'ghá chosg ar
thairbhthe dhéanamh dúinn anois féin leis an aighneas so
atá ar siubhal againn. Imthigheadh gach aoinne láith-
reach chun a sheómra féin, agus an t-é is fearr a


L. 211


dhéanfaidh an trosgadh agus na h-úrnuighthe isé is
fearr a chabhróchaidh le Caillin chun sinn a dh'fhuasgailt
as an ngéibhinn seo 'n-a bhfuilimíd."



D'imthigh gach aoinne chun a sheómra féin agus chroma-
dar ar an dtrosgadh, agus ar a nguidhe do chur suas
chun Dé, 'ghá iarraidh Air gach greim do réidhteach dóibh,
agus gach beárna dh'osgailt dóibh. Bhíodh an focal so
coitchianta 'n-a mbéalaibh:



"An greim is géire,
Dia 'ghá réidhteach!"



nó,



"Dia go léir linn
'S a Mháthair Naomhtha!"



Thugadar seachtmhain ar an gcuma san. Annsan
do tháinig beirt chun an rígh-theaghlaigh chúcha, Marbhán
agus fear ná raibh aon aithne acu air. Chuir Marbhán
teachtaire mór-thimcheall an rígh-theaghlaigh 'ghá rádh le
Seanachán agus leis an dTromdháimh go léir teacht
chun an tseómra mhóir. Do thángadar. Chonnacadar
Marbhán, agus an fear iasachta nár aithnigheadar. Do
labhair Marbhán leó. Dubhairt sé leó go léir suidhe,
gach duine i n'áit féin, do réir a dhána agus a uaisleachta.
Annsan do labhair sé leis an bhfear iasachta:



"Cad é seo atá agat le rádh leis an dTromdháimh
seo?" ar seisean.



"Do cuireadh annso me, a Phríomh-fháidh," ar seisean,
"ó Chaillin naomhtha agus ó'n gcuid eile des na naoimh
atá cruinnighthe le trí lá ag leacht Fheargusa Mhic Róigh,
ag éisteacht le Feargus féin agus é ag innsint sgéil
Tána Bó Cuailgne dhóibh. Dubhradh liom a rádh leó so
leanamhaint níos déine ar an dtrosgadh agus ar na
h-úrnuighthibh."


L. 212


Chómh luath agus bhí an focal san ráidhte ag an bhfear
iasachta d'éirigh sé féin agus Marbhán agus d'imthigh-
eadar.



D'fhan Seanachán agus an Tromdháimh ag féachaint
ar a chéile. D'fhanadar tamall maith ar an gcuma san,
agus na focail adubhairt an fear iasachta ag rith tré
n-a n-aigne-" Caillin Naomhtha agus an chuid eile des
na naoimh cruinnighthe le trí lá ag leacht Fhearguis Mhic
Róigh, ag éisteacht le Feargus féin agus é ag innsint
sgéil Tána Bó Cuailgne dhóibh." Níor bh'fhéidir le
cuimhneamh ar aon rud eile, bhí an méid sin sgéil chómh
h-iongantach san.



"Ní'l ann ach éitheach!" adeireadh duine.



"Cleas eile des na cleasaibh atá ag Marbhán d'á
imirt orainn!" adeireadh duine eile.



"Feargus Mac Róig, atá san uaigh le chúig céad
bliadhan, ag innsint sgéil éigin anois, do Chaillin agus
do dhaoinibh eile atá cruinnighthe ag leacht Fhearguis!
Dá dtugadh Marbhán an leabhar ann ní chreidfinn focal
de!" adeireadh duine eile.



"Ná beadh sé chómh maith ag beirt nó triúr éigin
againn féin dul go dtí an leacht san agus féachaint
cad tá ar siubhal ann anois, nó cé h-iad atá cruinn-
ighthe ann, nó an bhfuil aoinne ann!" arsan sgéaluidhe.



"Ní bheadh i n-aon chor, a mhic ó," arsa Seanachán.



"Cad é sin dúinne cé atá ann, ná cé h-iad atá cruinn-
ighthe ann! Dubhairt Caillin Naomhtha linn fanamhaint
annso go dtí go dtiocfadh sé chúghainn, agus bheith ag
déanam trosgaidh agus úrnuighthe. Is ar mhaithe linne
a dubhairt Caillin linn san do dhéanamh. Ní'l ó
Chaillin ach go ndéanfaimís ár leas."



"Mura mbeadh é ní thiocfaimís as na céimeannaibh
cruadha 'n-a rabhamair nuair a bhíomair ag dul go


L. 213


h-Albain, agus an fhaid a bhíomair i n-Albain, agus
nuair a thángamair thar n-ais go caladhphuirt Átha
Cliath. Pé rud atá ar siubhal ag Caillin anois, is ar
mhaithe linne atá sé ar siubhal aige. Má tá neart
trosgaidh agus neart úrnuighthe tar éis anama
Fhearguis do thabhairt ó'n saoghal eile chun an sgéil a
dh'innsint do Chaillin agus dos na naoimh eile, cad é
mar obair dúinne dul ag cur isteach ar an ngnó san!
An t-é do raghadh ag cur isteach air, b'fhéidir nach ró-
bhuidheach de féin a bheadh sé i ndeireadh na dála. Fana-
imís annso, mar adubhradh linn, go dtagaidh Caillin
ag triall orainn."



Do socaruigheadh air sin. D'imthigh gach aoinne arís
chun a sheómra féin agus do leanadh ar an dtrosgadh
agus ar na h-úrnuighthe.



I gceann trí lá eile do tháinig Caillin agus Marbhán
agus an fear iasachta úd. Do cruinnigheadh an
Tromdháimh arís sa tseómra mhór. Nuair a bhíodar
cruinnighthe, do ghlaoidh Marbhán ar an sgéaluidhe.
D'fhreagair seisean.



"Tar annso, a sgéaluidhe," arsa Marbhán. Do
tháinig.



"Tabhair do'n sgéaluidhe seo an leabhar san atá
agat," arsa Marbhán leis an bhfear iasachta. Do
tharraing an fear iasachta leabhar as a bhrollach agus
shín sé chun an sgéaluIdhe é.



"Léigh-se an leabhar san dómh-sa, a sgéaluidhe,"
arsa Marbhán.



D'osgail an sgéaluidhe an leabhar agus thosnuigh sé
ar é léigheadh.



Isé rud a bhí sa leabhar ná sgéal na Tána agus é
sgríobhtha go breágh soiléir blasta slachtmhar, ó thosach
go deireadh. Do léigh an sgéaluidhe é, tríd síos, gan


L. 214


stad, go dtí go raibh an focal deireannach de léighte
aige. An fhaid a bhí sé 'ghá léigheadh, bhí Seanachán agus
an Tromdháimh go léir ag éisteacht leis, agus iad chómh
ciúin sin gur dhóich le duine go rabhadar gan anam
gan anál. Chomh luath agus bhí an focal deireannach
léighte d'éirigh Marbhán.



"A Sheanacháin agus a mhaithe na Tromdháimhe seo,"
ar seisean, "an rud a dh'iarras ar bhúr sgéaluidhe a
dhéanamh dom tá sé déanta anois aige dhom. Tá
Táin Bó Cuailgne innste aige dhom. Táim sásta
anois, agus táim ag imtheacht uaibh. Tabharfad aon
fhocailín beag amháin cómhairle dhaoibh sar a n-imthighead.
An dá lá 's 'n fhaid a mhairfidh sibh ná tagadh dúil
ag aoinne agaibh i mblonaig tuirc fhinn." Annsan
d'imthigh sé féin agus Caillin agus an fear iasachta.



D'fhan an Táin ag an dTromdháimh agus bhí áthas ana
mhór ortha. Chómh luath agus d'fhéadadar iad féin
do chur i dtreó chun gluaiste, d'fhágadar slán ag
Guaire agus d'imthigheadar ar chuaird ollamhnachta
sa Mhumhain. Agus ó'n lá san amach níor tháinig
mian d'aon duine acu.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services