Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuireadh Mhaoil Uí Mhananáin
Title
Cuireadh Mhaoil Uí Mhananáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1831
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1930)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ oireachtais agus mórdháil sluágh do ceapadh agus do comóradh le Fionn mac Cumhaill agus le uaisle na Féine ar an mórchnoc dá ngoirthear an tan so Collán a dTuathmhumhain. Ar dtionól agus ar chruinniú dona sluaighte ar aon bhall agus ar amharc na mara agus na tíre iona mórdtimcheall dóibh, go bhfeacadar chúcha a bhfánghleanntaibh an tsléibhe anoir n
eas óglaoch beag cnámhach mór-cheannach, gan folt gan féasóg air, agus go mba samhail le bád broinn-fhairsing rámhad gach bróg don dá bhróig shalacha shál-bhriste bhí ar a chrúbaibh coirtrithe lorg-dhói
te, agus gach mall-choiscéim dá dtugach na
iomlot siubhail go spréachach mór bhar
aille grealluidhe agus uisge air féin agus ar a mhásaibh creatbhuidhe ion
as go mba mhór an fhéidhm dó dá siubhalach míle fearain
san ló. Is amhla bhí agus urra chai
te lom-snáitheach uime agus lorg-fhearsad shleamhain iarainn iona láimh dheas aige, agus ceann cána cam clochbhuadhach ar théad mar cómhartha giolla turais nú coisidhe. Déinis go réimdhíreach tríd an sluagh go dtáinig a láthair an Ríogh féine agus beannuigheas d'Fionn go foisteanach binn- bhriathrach, agus freagras Fionn an beannacha mar an ccéadna, agus fiafruigeas sgéal don fhear bheag, agus cé an flaith dá bhfóghanach. "Dom féin do gním feidhm" ar an fear beag, "agus tá mo lios agus mo dhún comhnuighthe féin san tír seo a bhfogus duit, agus gan cíos agadsa orm." "Créad is ainm duit a fhir bhig "ar Fionn. "Maol Ua Mananáin is ainm domhsa," ar sé; "agus mo dhún mór láimh leat, agus le cuire comhaltais agus dinéir na hoidhche anocht thángas chughadsa, agus chun na Féine uile an
is don dul so," ar sé. "Maiseadh, ' ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, is ceart gur mór an tórrúadhach agus an fear saothair tusa, agus bheith ar ccumas duit dinéir ná fós súipéar do thabhairt don oiread so daoine a nao
nfheacht, óir is mór an muirear aon oidhche an Fhian." "Is fírinneach sin a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "ná bíonn do thórrúacas ná do churaigheacht agamsa acht naoi n-iomaire crui
neachta gach bliadhain." "Maiseadh," ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, tá sin ró bheag chun súipéir na Féine anocht." "Ní bhfuil a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "óir bíonn nao
mór-chruachaibh crui
neachta ar gach iomaire díob síud, agus sibhse uile seacht ccatha na Féine agus fós 30 catha na hAithfhéinne, do bhéarfa an chruach is táire díobh súd arán míosa dóibh." "Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin, ar Fionn. " Ní maith a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir cómh
luath agus a bhíos an chruach agus cei
re fichid úd bainte ceangailte cruachda, tig muir aon oidhche orra, agus tógas uaim, béal na fairge móire, gach déas agus gach gráinne díobh." "Ó! tá an donas go léir ann san ort, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "Is fírinneach nách fuil a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "óir is bláthmhar díonmhar ceangailte d'fhágann sí agam ag baile san iothlainn gach déas agus gach gráinne dí ar maidin." "Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin" ar Fionn. "Ní maith a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir atá trí ba maola odhra agamsa agus cómhluath agus gheibh siad iad siúd ag baile tugaid ionsuidhe oidhche
agus bíonn gach déas agus gach gráinne dí pollta i
te aco ar maidin." "Tá an donas ar fad annsin ort a Mhaoil Uí Mhananáin" ar Fionn. "Ní bhfuil a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir mnáibh Éireann uile agus a mbeith ar aon bhall agus árthaigh Éireann uile aco do líonfaidh
iad gach maidean agus gach neóin le lacht na dtrí mbó úd." "Is maith sin, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "A ccead duit a Fhinn, ní maith; óir atá trí tuirc agamsa, agus cómhluath agus bhíos an lacht úd uile crúi
te, ólaid agus dortaid gach braon agus gach deór de, d' aimhdheoin caogad fear bhíos dá ccosaint gach tráith." "Ó is iongnadh mór liom nó tá an donas go fírinneach annsin ort, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "Ní bhfuil a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir an torc is táire díobh siud atá mór throigh soille a cclár
éadain, ball is luime a muic ná
mart ar bith, agus sibhse seacht gcatha na Féine, agus fós deich ccatha fithchiod na hAithfhéine, gheobhach sibh uile bhúr sáith feóla dí, agus níor lughaide a léim, a rith, a cabhail ná a cuid feóla, ar na mháireach é, agus dogheabhthá le marbhughadh mar sin gach lá í." An
san labhras Conán agus as eadh adubhairt "Croidhe
cruaidh ar an bhFéin níor dhóig go mbeadh do shonas orra a samhail sin de mhuic do bheith aco, agus an mhéid do theastóchadh sí uatha." "Ná bíodh cás ort a ghaiscidhigh," ar Maol Ua Mananáin. "dogheobhair féin agus an Fhian bhur sáith dí siúd anocht: agus is ceart go bhfaghthar fear san bhFéin do shiubhalfaidh liomsa agus choiméadfaidh mé go traithneónach
anocht." "Maiseadh a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn, "is dóigh liomsa gur dithcheall duitse na bróga sin ort d'iompchar go traithneóna agus gan dul a ccomórtas r
atha le aon duine don Fhéin." "Ná tabhair drochthuairim dom a Fhionn, ach cuir fear maith liom agus b'fhéidir nár bheag leis
fheabhas do shiubhalfainn." "Cé choiméadfas Maol Ua Meananáin?" ar Fionn. "Coiméadfaidh mise é," ar Diarmuid Ua Duibhne, "gídh gur leisg liom aon duine dom fhaicsint a ccómhshiubhal le na shamhail." "Ná bíodh cás ort a Dhiarmuid," ar Maol Ua Mananáin, óir ní móide gur fada bheidh mise a naonacht leat agus bhéara an tráthneóna sgéala dhúinn ar an iomlán," ar sé. Airsin gluaiseas Maol Ua Mananáin uatha agus leanas Diarmuid é go haimhleisg, agus ba ghearr nár léir dó cár ghaibh uaidh; óir ba shamhail le ruathar garbh gaoithe lá tirim Márta a' gabháil do mhaoilinn carraigreach an ruathar tréan r
atha bhí fá Mhaol Ua Mananáin an tráith sin, agus gan cumas ag Diarmuid ar dhul 'na ghaor acht mar a bheadh ar dhul ag marcuidheacht ar an ngeallaigh. Tugann Maol Ua Mananáin aghaidh ar Calaith na hAille Ruadh síos, agus do léim go húr-éad
rom tar Sionainn anonn, go Gleann Rána ar a ngoirthear an tan go Gleann an Ridire, agus go réimdhíreach don Mhongartaigh mhongbhuidhe taobh le loch áluinn Léin, agus as sin go Cuan Fionntráigh, as sin go Carraig Dhúin na mbarc a Laighnibh. Ann sin níorbh fheas do Dhiarmuid cár ghaibh Maol Ua Mana- náin uaidh; agus féachas na ceithre hárdaibh iona thimcheall agus níorbh fheas dó god é an t-árd d'Éirinn a ngeobhadh ar lorg Mhaoil Uí Mhananáin, agus é féin cortha suai
te sárui
the, lán d'ocras agus de náire. Agus do cheap
sé síne
ar an mbán glas agus a reast do bheith déanta aige, agus triall air ais chun na Féine cómh maith agus d'fhéadfadh. Níor chian dó mar sin agus codladh trom ag teacht air, an tan bhíodhgas as a néall, agus ar fhéachaint iona thimcheall do, chon
airc Maol Ua Mananáin fá bhun na carraige agus a bhróga móra len' ais agus a chuid éadaighe uile in a fhiadhnuise, agus é dá n-aisce
go luathléir. Éirgheas Diarmuid agus déineas ar Mhaol Ua Mananáin, agus innseas dó gur mhithidh dóibh triall abhaile feasda agus caoi bídh do chur ar an bhFéin. "A Dhiarmuid, ' ar Maol Ua Mananáin, "is suarach mó chás ionatsa agus san bhFéinn" ar sé, "Créad é an t-éileamh atá agad orm?" ar sé. "Is dual," ar Diarmuid "gur ceart do gach n-aon a gheallamhaint do chóimhlíonadh agus sin fáth mo éileamh ort." "Do gheall tusa ar maidin mise do choiméad go nuig an oidhche 'nocht agus níor chó
mhlíonais é, agus gé beag an meas do bhí agad orm ar maidin, is lugha ná san mo mheas ortsa anis," ar Maol Ua Mananáin, ag buala
a bhróga agus
éadach air, ar phrap na súl, agus a' rith a ccómhluas na gaoithe síos uaidh chum Cúige Uladh badh thuaidh, agus níor stad don tréan-ruathar soin go ráinig go Dún na nGall, agus gan ar ccumas do Dhiarmuid teacht 'na chómhair acht oiread agus do rachadh a mbronnaibh na spéire. Ó Dhun na nGall tugan
Maol Ua Mananáin aghaidh aníos trí Chúige Chonnacht go réim-dhíreach go ráinig go Glaise a mBoirinn, agus Diarmuid a nionad radhairc dó go troigh-mhall speairt- chosach. As sin tháinig a measg caraigibh na Bóirne. Níorbh fheas do Dhiarmuid créad an t-ard ar ghaibh Maol Ua Mananáin uaidh ná cá ngeobhadh ar a lorg, agus measas tarraingt ar lorg na Féine. Le sin déineas go réimdhíreach ar Challán mar ar fhág an Fhian ar maidin, agus éirgheas de thóruigheacht Mhaoil Uí Mhananáin, óir
bhí sé suaithte sárui
the salach san am céadna, gan a sgéal féin ná sgéal duine eile aige. Agus ar dteacht ar mhaoilinn Chollán dó, ní bhfuair tuaraisg na Féinne ann, agus néalaibh dorcha na hoidhche ag teacht. Déineas ó dheas go díreach ó Chollán le fánadh go ráinig don cheann thoir do Dhúbhlach agus do Shámhlaig > agus níor chian uaidh ar thaobh an tsléibhe caol-teach Olltach, agus triallas go réimdhíreach agus táinig isteach ann
súil go bhfaigheach sgéala ann ó'n bhFéinn nó tuairisg cá rabhadar. Agus créad fuair ann acht Maol Ua Mananáin sínte ar a dhrom ar an úrlár a' gabháil crónáin go bog binn agus glas-luachair croi
te ar fuaid an tighe aige. Suidheas Diarmuid ar an ndoras le heagla go rithfeadh Maol Ua Mananáin uaidh ní bhus mó, agus cuireas lámh ar dhornchlann a chlaidhimh, agus fiafruigheas do Mhaol Ua Mananáin an é sin a thig. "Is ceann dom thighthibh é," ar Maol Ua Mananáin. "Maise! a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Diarmuid, "ní bhfáigh' an fhian ná an ficheamhadh cuid díobh sligh
san tigh seo anocht." "An chuid nach bhfaighadh sligh
astig díobh faghaidís amuigh ar an ccnoc é fá chomhdach na spéire. Seinnse do stoc gairme a Dhiarmuid," ar sé, "agus cluinfidh siad tú, óir ní cian uait iad. Annsan siar ag pioca duillisg, am dhóith, atáid ó mhaidian." Do sheinn Diarmuid, agus chualaig an Fhian é, agus gluaisid d'aon bhuidhean go rángadar go bothán Mhaoil Uí Mhananáin; agus cuireas Maol UaMananáin fáilte roimh Fhionn, agus freagras Fionn dó, agus fiafruigheas dé an é sin a thigh, agus innseas Maol Ua Mananáin dó gurb é: "Maise," ar Fionn, "tá an teach so ró chumhang dhuit féin má tá aon mhuirear ort." Ar Maol Ua Mananáin "a Fhinn tá naoi gcúiple san tigh seo, agus goirse asteach naoi naonbhair a naghaidh gach cúpla díobh, agus do réir mar bheidh sligh
aco soin imóim > leis an ccuid eile.
Do déanamh amhla soin; agus ar mbeith astigh don uimhir sin ba mhó slighe an tigh
go mór ná roimhe sin. Annsan adubhairt Maol Ua Mananáin iad do sgaoile le chéile asteach, agus an tan bhíodar le chéile astig do gheabhach oiread eile sligh
san tigh chéadna. Suidheas gach n-aon díobh síos timcheall an tigh
do réir a chéime agus fanaid ar an slighe sin aga fhada go dtáinig an fuacht ar Chonán is mó dá mb'éidir le neach d'fhulaing, agus adubhairt leis an bhfear ba neasa dó go n-éagfadh le fuacht muna bhfaghach ní éigin do dhéanfadh teas dó; agus d'féach chum an taoibh thuas don tigh agus chonairc Maol Óg Ua Mananáin 'na shuidhe ar shuidhiste ceathair- chúinneach portaigh mór do bhain Brian breallach dó thuas a pportaicc an Charain Chraobhaigh le sleághan maol- bheannach, agus a thrí nó
cheathar de smeachaidígh dubha aige idir a dhá chois cnámh-dhóighte go bolg agus lom-bhléan > creatbhuidhe. Is amhla do bhí an Maol Óg sin agus a cheannstollach stuacach carrach air, ba samhail le mór-thor dlúith cómhchruinn aitinne, agus gach uair do chuireadh a cham-chrúca lom-mhéarach fad-ingneach suas agus chuireadh tora
na sgríbe sin ar na smeachaidibh ba chlos ar fuaid an tighe an siosán agus an pléasgarnach bhíodh aige. "Druid as san," ar Conán, "go bhfeic
ad a' bhfaighinn mé féin do théidheamh leis na smeachaidibh sin." "Ní dhruidfead," ar Maol Óg, "óir is fírinneach gur scrathánach meathta mílaochais tú, agus bheith a' brath ormsa agus ar mo dhá smeachaide." Buaileann Conán a chos faoi, chum a chai
te as an slighe. Air sin tógas Maol Óg suas a chaol-spág agus buaileas Conán ar a thóin, agus féachas Conán iona thimcheall, d'eagla go raibh an Fhian ag féachaint air. Do b'éigean dó fuireach annsoin. Agus buaileas an fuacht céadna fear eile don Fhéin, dárbh ainm Faolán Fial mac an Fheamhuir, agus adubhairt
iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán teas isna smeachaidibh ní fhanfadh sé ann chómh fada so." Triallas Faolán agus fiafruigheas do Chonán an raibh aon teas san teine sin. "Mo chroidhe nár crái
tear" ar Conán, "má chonnarcais bruith Fian riamh ná oighean bhéil-teine > a dTeamhair is mó teas ná an teine seo." "Cá suidhfe mise?" ar Faolán. "Caith as soin an phéist sin," ar Conán, "agus suidh ann' áit." Tógas Faolán a chos chum Maol Óg do chur as an slighe. Airsin tógas Maol Óg a chaol-spág cnámh-dhói
te go bolg agus buaileas Faolán treasna an dá lorgain agus briseas go mion-bhrúi
te mar chosa Chonáin iad. Tuiteas Faolán taobh ar thaobh le Conán a bhfochair Mhaoil Óig Uí Mhananáin. Buaileas an fuacht taoiseach eile don Fhéin dárbh ainm Caoilte luath-chosach Mac Rónáin, agus adubhairt iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán agus Faolán teas ósna smeachaidibh úd ná fanfadís ann an fhaid seo;" agus gluaiseas, agus fiafruigheas do Chonán an raibh aon teas an sa marbh-theine sin. Adubhairt Conán ná feacaig riamh ní ba solásaigh
, "agus," ar sé, "caitha soin an rud soin, agus suidh a n
áit." Tógas Caoilte a chos chum Maoil Óig do chaitheamh as a shligh; agus tógas Maol Óg a chaol-spág agus buaileas Caoilte go mear treasna an dá lorgan agus briseas mar an gcéadna iad. Tuiteas Caoilte taobh leis an mbeirt eile agus fanaid annsin le chéile. Eirgheas Maol Ua Mananáin agus aseadh adubhairt: "a Fhinn mhic Chumhaill," ar sé, "is mór na scrathánaigh na fir seo agat agus a bheith a gcomórtas le Maol charrac so agamsa." Annson téidheann suas go nuig na fir cos-bhriste agus adubhairt "éirghidh suas a sgraithairnighe," arsé, "agus dochar ar an té dubhairt riamh go mba fir mhaithe an Fhian, más mar sin atá an chuid eile agaibh." Airsin preabas Conán, Faolán agus Caoilte iona seasamh cómh slán-chosach agus bhíodar riamh. Téidhid suas agus suidhid a measg chách. An
sin labhrais Conán agus adubhairt: a " Mhaoil Uí
Mhananáin is bás don ocras atá fonn ort a thabhairt don Fhéin anocht, agus ba dhuineamhla dhuit léigion dóibh ar a bhfádhmur féin ó mhaidin 'ná a dtabhairt don tigh seo dá bhfonomhaid." "A Chonáin" ar Maol Ua Mananáin," tá na trí tuirc do luadh mise libh annsoin amuigh iona bhfail, agus tugadh fear agaibhse asteach bhur rogha díobh, agus cuirigh a gcóir díbh féin é, óir níl feadhmantóir tighe ná lucht friotháil agamsa anocht, acht mar is léir duit, Maol Óg Ua Mananáin." Imthigheas Conán amach agus fuair na tuirc iona bhfail, agus ba ádhbhal-mhór leis an reamhracht do bhí ionnta, agus déineas togha den torc ba sia isteach, agus an tan mhothaigh an torc Conán ag breith ar a chois preabas agus buaileas Conán faoi thóin an chro, agus rithid na trí tuirc amach, agus ritheas Conán iona ndiaidh. Rithid fo choillte na cathrach móire, as soin go Coill Dhoire na Liceadh, ó Choill Dhoire na Liceadh go Cluain Áiris, agus cailleas Conán a gcoill Cluain Áiris iad. Filleann tar ais go troigh-mhall cos-trom suai
te sárui
the salach go nuig an bhFéinn
go hárus Mhaoil Uí Mhananáin, agus suidheas a measg chách go ceann-chrom malaidh-náireach. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin de Chonán "gá bhfuil an torc." Freagras Conán agus adubhairt: "bé áit a bhfuil na tuirc ní fheacfa tusa go lá iad ná go moch a máireach," agus innseas d'Fhionn agus don Fhéin gach conair dár ghaibh iona ndiaidh. "A Fhinn Mhic Chumhaill," ar Maol Ua Mananáin, "is bréagach an sluagh an Fhian, más mar Chonán atáid uile." "Maiseadh," ar Fionn, "gebé anntlás eile bhí an Conán ní fheacamair a bheag ná a mhór dá bhréagaibh riamh roimhe seo." "Maiseadh!" ar Maol Ua Mananáin dá mbudh é do thoil dul amach do-gheabhthá na trí tuirc iona ccodladh iona ccró, agus, "ar Maol Ua Mananáin, "cé eile do-bhéarfas an torc asteac?" Imthigheas Diarmuid agus téidheas amach chum go
mbeith fhios aige an bréag do rinn Conán, agus do-gheibh na trí tuirc iona ccodladh iona ccró, agus adubhairt iona mheanmuin gurab í sin an chéad bhréag do chualaidh ó Chonán riamh. Féachas na trí tuirc agus déineas rogha don torc ba sia asteach. Beireas ar chois uirthe. An uair mhothuigh an torc Diarmuid a' breith ar chois air preabas agus buaileas Diarmuid fá thóin an chro, agus rithid amach, agus sul ráinig an torc tar doras fuair Diarmuid greim ar earball air agus coinnigh- eas an greim sin uirthi síos go Coill Chúil na Slighe; ar soin go Cathair dá Choin. An
soin tugaid na tuirc a n-aghaidh ar an Sionainn agus Diarmuid mar aon leo. Gidheadh cailleann Diarmuid a ghreim ansa tsnámh agus leanann na tuirc go Coill Biadhaille agus cailleas annsoin iad. Filleas Diarmuid ar ais go suaidhte sáruighthe salach, agus suidheas a measg na Féinne go ceann-chrom malaidh-náireach. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin dé cá bhfuil an torc. Adubhairt Diarmuid nárbh fheas do acht gur chaill féin a ccómhluadar a cCoill Biadhaille agus gur bhaoghal don Fhéin a bheith gan súipéar má's ag braith ar na tuirc úd do bhíodar. "A uasail
Fhinn," ar Maol Ua Mananáin "dá mb'é do thoil dul amach dogheabhthá na trí tuirc úd iona ccodladh iona ccró." "Maiseadh ní hé" ar Fionn, "óir ní raibh de bhréaga a nDiarmuid riamh ach a ndéanadh sé de bhladar le mnáibh, agus," ar Fionn, "ní rachadsa ag déanamh amhrais air." "Cé eile bhéarfas an torc asteach?" ar Maol Ua Mananáin. "Rachadsa dá iarradh" ar Caoilte "bíodh gur leisg liom é, d éis na díse deaghlaoch chuaidh ann reomham." Triallas Caoilte chum an chró agus gheibh na trí tuirc iona ccodla ann, agus ba iongnadh mhór leis Conán ná Diarmuid ag déanamh bréige dá dtaoibh. Láimhsigheas na tuirc agus beireas go feidhm-láidir ar iosgaid ar an dtorc
do bhí a dtóin an chró. An uair mhothaigh an torc an duine, preabas agus ritheas amach mar aon leis an dá thorc eile, agus buailtear Caoilte fá'n mballa. Mar sin féin le mór-thapacht agus le lúthmhaireacht Chaoilte do bhí greim earbaill aige sul a chuaidh péirse uaidh. Rithid na tuirc a ccómhluas na gaoithe chum Móinmhóir, siar as soin go Cathair na hAonmhná, ar ais chum Trágh na Croise, agus treasna as soin go Cathair Chiarraighe, agus do choinnigh Caoilte an sleamhain-ghreim ar an earball an fhaid sin. Tugas na tuirc a n-aghaidh ar Ghleann na nGealt, go Sliabh Luachradh, as soin go Fionn-Trágh, as soin go Gleann an Smól a cConntae ghlan áluinn Chorcaighe, agus a
gabháil taoibh an ghleanna do Chaoilte sleamhnuigheas a chos uaidh agus cailleas a ghreim agus radharc na dtorc mar aon leis. Triallas Caoilte tar ais go suaithte salach sáruighte agus tigeas asteach go cúthail ceann-chrom agus suidheas go gruaidh-náireach a measg na Féine. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin de cá bhfuil na tuirc. Adubhairt Caoilte nach raibh maith san t-seanchas acht gur fhág sé féin a nGleann an Smóil a gConntae Chorcaighe iad. "A uasail
Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "táid siad amuigh iona bhfail iona ccodla agus cé eile do bhéarfas an torc isteach"
. "Ní rachaidh aon don Fhéin a' tabhairt aon torc isteach go lá, ' ar Fionn, "óir dá dtugadh lúth neart agus ruith isteach é is fada ó bheadh sé astigh." "Maise! a Mhaoil Óig Uí Mhananáin"
Maol Críonna "más náire don Fhéin é, tabhairse isteach an torc." "Ba chóra dona scrathánaibh féin a thabhairt leo, ós siad nár chléith chum í ithe." Ar an uair sin imthigheas amach agus ar phreaba na súl do bhí astigh agus an torc aige ar ghreim chluaise agus earbaill, agus fágbhas ar cheart-lár an úrláir é, agus suidheas as cionn a dhá smeachaide. Eirgheas Maol Ua Mananáin agus
órd gabhan aige agus fiafruigheas "cé bhuailfeas an torc ó fuaireamar istigh é." "Cuirfimíd a n-iúl dí ar bhain sé de rith asainn anocht," ar Conán. Annsan beireas ar an órd agus tigeas as cómhair an tuirc agus buaileas go feidm-láidir an torc a cceart-lár an éadain. An uair mhothaigh an torc gaoth an bhuille ag teacht air, tógbhas a cheann a ccuinne an bhuille, agus cuireas grontha as, agus buaileas Conán go hanásda faoi thóin an tighe, agus leointear ceithre asna iona thaobh, agus níor mhothuig
ruibe a malain an tuirc le na bhuille. Caitheas Conán an t-órd uaidh agus suidheas go ceann-náireach tineasnach, a measg na Féine. "Cé eile do bhuailfeas an torc?" ar Maol Ua Mananáin. Eirgheas Diarmuid agus beireas ar an órd agus tig as comair an tuirc agus buaileas tréan-bhuille a cclár an éadain air. Tógbhas an torc a cheann agus buaileas Diarmuid faoi thóin an tighe mar do rinne le Conán, acht nár ghortuigh aon asna ann. Caitheas Diarmuid an t-órd uaidh agus suidheas a measg chách, mar Chonán. "Éirigh a Goill Mic Mhóirne agus buail an torc, ' ar Fionn. "Dá leagadh neart é," ar Goll, "do buaileadh reomham é." Éirgheas Goll agus beireas ar an órd agus buaileas tréan-bhuille ar éadan an tuirc agus cuirtear é féin go nuig a dhá ghlúin san úrlár chruaidh le feidhm an bhuille. "Beir buadh a ghaiscidhigh," ar Maol Ua Mananáin, "is maith an buille do bhuailis." Tarraingeas Goll é féin as an úrlár go luthmhar láidir deaghthapa, agus, mar sin féin, ní bhuailfeadh an torc ní bhus mó. "A Mhaoil Óig Uí Mhananáin" ar Maol Críonna, "éirigh agus buail an torc." "Budh ar a luighead dona scraistigh féin a chur a ccóir dóibh féin ó fuaireadar istigh é." Éirgheas Maol Óg Ua Mananáin agus beireas ar a shean-mháilléidín agus buaileas an torc san ruibe agus leagas go lár agus go lán-talamh é, agus beireas ar a sgéin agus tair-
ingeas a chuid fola go luath éasga. Beireas ar choinlín choirce agus loisgeas ó bharra a earbaill é go bárr a shrón. Scriosas agus glanas é agus gearras 'na trí roinnt cómhthroma an
trí h-íanaibh le na sháith uisge ghlan iona thimcheall, agus fágann annsan é, agus suidheas as cionn a dhá smeachaide. "Crádh do chroicinn chughad!"
Conán "ó's tú do bhuaidh orainn uile. Créad fáth nár chuiris sórt éigin teine faoi siúd?" Annsan labhras Maol Ó Mananáin agus adubhairt: "a ghaiscidhigh ní teine ná teas saoghalta do bheirbhigheas an fheoil úd, acht trí sgéalta fírinneacha." "Maiseadh!" ar Conán, "is fuiris don Fhéin céad sgéal fírinneach d'innsint ar an anródh, agus is cóir go bhfuil a cceart aco anocht féin de!" Air sin osglann dóirsín dreóil cnapach cumhang slat agus gad, do bhí ar an dtaoibh astig de smeachaidibh Mhaoil Óig Uí Mhananáin, agus tig chúcha amach an fhinne- bhean do b'áilne dá bhfeacaig súil duine riamh, ionnas gur shoillsigh an tigh uile ar dteacht amach dí le fír-ghile a cnis agus a héadain, agus níor chómhachtach ughdar san mbith ar thrian a scéimhe do chur a n-eagar ná d'fhaisnéis. Féachas go modh
mhail maorga ar an bhFéin uile, agus beannuigheas d'Fhionn Mac Cumhaill, agus fáiltigheas roimhe agus roimh uaisle na Féine mar an ccéadna, ionnas gur thuig gach fear don Fhéin gur fháiltigh roimhe féin fo leith. Ar leagadh na súl, suidheann an righ-bhean fhíor- áluinn síos, agus adubhairt: "A Fhinn Mhic Chumhaill," ar sí," is méin liom féin trian na feóla so bhruith ar do los, an uair 'néosad duit gé mé féin agus cionnas do thángas go hÉirinn. Bí
a fhios agad a Uasail Fhinn gur óigbhean mise inghean do Raemon tréan- bhuilleach, rígh Inse Thuile, oileán fairsing toirteamhail atá cúig stáide fichead ar faid ó'n dtaobh thuaidh
den Chrios Ghrianda, siar ó dheas ó'n mBreatain Mhóir. Is críoch fhairsing fholláin thoramhail í, ná goilleann teas, fearthain > ná fuacht ar neach innte do chuir
each ó theas na gréine fo dhuille na gcrann é, ná chum na teine leis an bhfuacht é. Mar an gcéadna ní ghoilleann teas ná fuacht ar aon nídh innte. Atá dá fhichid stáid iona thímpchioll agus is aoibhinn féar agus duilleabhar bláth innte. Is fada saoghal duine agus is aoibhinn a bheatha innte. Ba rí ceart-bhreathach cómhachtach Réamon tréan-bhuilleach agus ba mhór a choidreamh le righthibh agus le cómhachtaibh eile gach críche ba neasa dó, agus ba mhór a dtráchtáil leis, agus le na mhuinntir; agus ba mhinic a dtúirlint chum a chúirte idir óg agus aosta. A measg gach n-aon dá dtigeadh ann tháinig an tréan-óg-fhear dár ba chómhainm Dollar Éachtach Mac Ríogh na Sorcha Móire. Is gairid gur chuir sé féin agus mo dhearbhráthair féin dárbh ainm Borb na dTreas coidreamh ar a chéile, agus a gcúrsa an dá mhí do chaith Mac Ríogh Sorcha a ccúirt Ríogh Inse Tuile thug fá ndeara mé féin agus gan mé acht a n-aois mo dá bhliadhain déag an tan soin, agus iarras ar m'athair mé le pósa. Mar ba thír ró-chómhachtach an Sorcha níor mheas m'athair diultadh obann ná anásda do thabhairt do Mhac Ríogh na Sorcha, agus adubhairt go rabhas féin ró-óg fós, agus ná tabhrach d'fhear ar bith mé acht le mo thoil féin. Le sin labhras Dollar Éachtach le mo dhearbhráthair féin Borb-na-dtreas, agus fiafruigheas de créad do dhéanfadh; agus do innis dó nár bheo dho muna bhfaghadh Eithne ór-fholtach le pósa, <óir bíodh a fhios agad a Fhinn" ar sí "gurab é sin m'ainm>. Air sin tig an dias go nuig mé féin, agus innseas Borb dom an mhór-shearc do bhí ag Mac Ríogh na Sorcha dom, agus nár mhór do mé d'fhághail mar mhnaoi. "Maise! a Bhuirb táim ró-óg fós chum pósa agus tairis sin ní bhfáighinn ó m'aigne
Dollar do phósa, agus ní thuigim go dtiubhradh m'athair. dó mé tar mo thoil. Tá fhios aige go mbíonn pósadh róthoirmeasgach." Air sin innseas do Dhollar an freagra fuair, agus ba feargach buartha do bhí Mac Ríogh Sorcha de sin; agus adubhairt: "is dóigh liom a Bhuirb go dtiocfaidh olc mór don diúltadh soin Eithne dómhsa, óir ní beo mise muna mbeidh sí agam 'na mnaoi, d'ais nú d'éigin." Le sin cuireas na seirbhísig
eich agus a charbaid le chéile go héasga agus gluaiseas abhaile don t-Sorcha, agus innseas d'uaisle na Sorcha agus d'á athair go bhfuair mí-chás agus diúltadh a ccúirt Ríogh Inse Tuile, agus ná tabhrach
inghean dó le pósa, agus nár bheo é féin gan í. Air sin cuireas
athair teachta go hInis Tuile le sgéala chum m'athar muna dtugadh mé féin mar mhnaoi do Dhollar Éachtach go ccuirfeach sé Inis Tuile ar fad fá ghoin gá agus claidhimh. Ba feargach mo athair den bhagairt dóllánta soin Ríogh na Sorcha, agus adubhairt ná tabhrach, agus a dhíthcheall do dhéanamh. Gluaiseas na teachtaibh abhaile leis a
bhfreagradh sin Ríogh Inse Tuile. Ti
nóltar sluagh na Tíre le Rígh na Sorcha ar aonbhall, gur dhein suas deich míle agus dá-fhichid fear fromhtha fíor-chalma, agus lena sáith airm chum a dtabhairt go hInnse Tuile. Glacaid uile a loingias agus ní hai
ristear sgéala ortha gur ghabhadar cuan agus caladh-phort a ccuan na mBeomann a nInnis Tuile. Léigid ar chreachadh agus ar losgadh na tíre iona dtimpcheall. Ar rochtain sgéala chum m'athar triallas d'ionnsuidhe mo dhearbhráthair agus a lucht comhairle agus nochtas éirim an sgéal dóibh. Tionóltar sluagha Innse Tuile ar aon bhall, agus fuair é féin iomlán le Mac Ríogh na Sorcha, agus do ghoir chuige Borb-na- dtreas, a mhac féin, agus do thug cómhachta do bheith iona
thaoiseach orra, agus adubhairt: "Anois ó's éigean duit troid, cómhr
ic go cródhach ar son do thíre agus t'onóra agus onóra do chúirte, óir má geabhaid na Sorchaigh an treise a nInnse Tuile is truagh an tír." Gluaiseas Borb agus sluagh Innse Tuile a ccómhdháil leis, a ccoinne sluagh na Sorcha, agus thugadar tréan-thuargaint agus trom-ghleó dá chéile ionnas gur thuit dá mhíle déag do mhuinntir na Sorcha ann, agus ocht míle do mhuinntir Innse Tuile. An uair do chonnairc an dá thaoiseach díth na sluagh ar gach taobh connairceas dóibh chum cosg do chur ar ní ba mhó fola daonda do dhorta. Do cheap an dá thaoiseach a dtreas d'fhéachaint le chéile, agus dá mbadh é Mac Ríogh na Sorcha do claoidhfidhe ann, muinntir na Sorcha do imtheacht abhaile gan ní ba mhó buaidhreamh do dhéanamh do Rígh Inse Tuile ná dá mhuinntir. Air sin cómhracas an dias tréan-fhear sin le chéile ar feadh cúig lá agus teóra oidhche, gur thuit Dollar Éachtach le mór-bhéimeanna Bhuirb-na-dtreas a cceann an chúigeadh lá, agus níor mhair féin dá éis acht trí huaire an chluig. Do bhí an ríoghacht uile fá scamall dóláis agus dobróin trí éag Bhuirb-na-dtreas, agus bí
a fhios agat a Fhinn," ar an Ríghbhean, "go mba thruagh mise féin an uair do chon
airc mé mo dhearbhráthair marbh agus an t-ár do bhí ar gach taobh dom' mhuinntir féin, agus d'ár namhaid. Do chailleas mo chiall agus iomlán mo chéadfadh, agus thuiteas a dtámh-néallaibh agus a bhfanntaisibh, agus níor mheas neach go dtiocfainn asda go bráth. Do ghaibh galar agus anbhuain éaga mé, agus ba chruaidh do bhí sé ar leaghaibh agus ar dochtúirígh Innse Tuile agus na ccríoch ba chómhneasa dóibh, a cceann sé mí, a luadh go mairfinn. Gidheadh thánag chugham féin a cceann na rae sin ionnas go dtéidhin
gach lá a caoi dreise ar leacht nó ar thuama mo dhearbhráthar. Lá n-aon dá ndeachas ann mar aon le mo bhantracht d'éirigh gaoth
árd agus fothram éagsamhail ionnas nárbh fhéidir le aon neach san mbith a mheas ná gurab é deire an domhain nó an tsaoghail do bhí a fogas dúinn, tré ró-mhéid gach sceimhle agus anafa dá dtáinig an tráth sin. Acht fá dheoigh tuirlingeas cóiste órdha agus sé alanaibh clúimh-gheala dá tharraint, anuas am fhía
naise, agus aon óglaoch amháin ann. Beireas orm féin agus fuaduigheas asteach san ccóiste mé ar leaga na súl. Air sin árduighid annsa spéir leó mé sul do ráinig liomsa mo mhnáibh coimhdeachta do ghairm, agus ní bhfuil fáth innste sgéil orm go riachtain go hErinn dúinn, a n-dún agus a ndeagh-bhaile m'fhir pósda atá annsoin láithreach. Ar dteacht ann dúinn do mheas Maol Ua Mananáin a chur d'fhiachaibh orm féin a phósa gan cháirde ar bith. Gidheadh do bhaineas cáirde dhe go ceann lae agus bliadhna gan a phósa a
tnúith am éigin don aimsir sin sgéala nó tuairisg d'fagháil ó'm thír ó'm athair agus ó'm mhuin
tir féin. Níorbh fhéidir le cúirt ríogh ná impire san domhan fhuisíde > meas ná urraim do thabhairt dom ná fuaireas a ndún Mhaoil Uí Mhananáin an bhliadhain sin agus ó shoin a leith. d'aontuigheas an uair chuaidh díom aon chunntas d'fagháil ó mo mhuin
tir féin é phósa. Air sin póstar sinn, agus is maith ceanamhail urramach grádhach an fear é. Lá n-aon a cceann bliadhna d'éis pósta dúinn d'imthigh Maol Ua Mananáin uaim le ocáid éigin don Easpáin agus d'fhan uaim triochad lá gan tuairisg san mbith d'fhagháil uaidh. A cceann na haimsire sin tháinig chugham, agus gaisgidheach ró-álainn mar aon leis, agus go bhfaghach mion-éanlaibh Éireann uile folach agus clúid iona chréachtaibh, óir ní raibh leithead baise dá cholainn gan lot agus créacht, agus cuid aco a
bagairt ar bheith marbhthach. Labhras Maol Ua Mananáin agus iarras orm an gaisgidheach soin do ghlaca chugham dá léigheas; óir bí
a fhios agad a Uasail Fhinn gur bean leigheis mé. Do innis mé dho go raibh luit an óigfhir ró-dhainnséarach agus go rabhas eaglach nárbh fhéidir a léigheas. Gidheadh ar chómhairle m'fhir pósda do ghlacas chugham fá léigheas é, agus do bhí lá agus bliadhain a n-
othar agam go mba slán gan éalaing do a gceann na rae sin. Tháinig chugham féin agus d'fhéach orm agus adubhairt: 'A Eithne ór-fholtac tá mé féin le lá agus bliadhain ar t'úrlár agus fá d'láimh, gur dhéinis slán gan éalaing mé, agus gan fios agad gé mé féin; anois ó táim ag imtheacht uait is méin liom innsint duit gé mé féin agus ag seo seoid ceanamhail d'fhágbhaim agad do chuirfidh ad chuimhne gur shaorais ó'n éag mé. Bíodh a fhios agad a rígh-bhean gur mac mise do Rígh na Spáine, agus gurab é m'ainm Buineán Borra, agus gur goineadh agus gur créachtadh mé le Caol-chrua-bhuilleach Mac Ríogh na hIndia do casag liom san mBreatain Mhóir, agus thugamar comhthrom créacht dá chéile gan fios tláis ná téime ar cheachtair againn. Agus ar fhaicsint an chruith iona rabhas ann don fhear so agad- sa thug leis chughad mé. Ag seo sgóraid nó éadach cláir duit, ar sé, ' agus gach uair do leathfar leat amach é dá mbeadh fir Éireann uile agad le cur ar aon bhall chum bídh do-gheobhaid uile a sáith do gach sórt bídh is mian lena dtoil do chaitheamh air; agus fillfe agus eirfhaig an dá chumhainge póca.' Air sin d'imthigh uaim." "Monuar!" ar Conán, "gan a shamhail d'éadach cláir ag an bhFéin, agus is minic do theasdóchadh sé uatha." "Leathfar duit é siúd gan moill, a ghaiscidhigh," ar an rígh-bhean. "Do thárla mé féin trom" ar sí,
"an tan do bhí Mac Ríogh na hEaspáine fá léigheas agam, agus an uair chuireas díom an toircheas soin d'iompuig m'fhear orm féin , agus do thóg uaim é, a dtuairim go mba le Mac Ríogh na hEaspáine é; agus le deimhin mo sgéil agus gur choiméad mise m'ionnracas ó aon fhear acht m'fhear féin, agus gur lem' fhear féin an ghein siúd, féachtar an fheoil agus tá a trian beirbhthe." Éirgheas Maol Ua Mananáin go héasga agus goireas Fionn Mac Cumhaill leis agus fuaireadar trian an tuirc beirbhthe. Ba lúthgháir mhór le Maol Ua Mananáin sin, agus ba mhór meas Fhinn ar gheanmnaidheacht na ríogh-mhná. "A Ghoill Mhic Mhóirne," ar sí, "is mór tuairisg do ghoil agus do ghaisce a mbéalaibh suadh agus seanchaidhe na ccríoch ionár dtimpcheall agus bruithfead féin trian eile don fheóil as do los." Gabhas air sin Goll buidheachas le inghin an ríogh. "Bí
a fhios agaibh a uaisle"
"a cceann bliadhna eile d'éis Mac Ríogh na Sorcha d'imtheacht go dtug an fear so Maol Ua Mananáin chugham gaiscidheach grianmhar gníomh-éachtach eile agus go mba shamhail le spóla do scorálfach cócaire chum a phroinne gach leathad sgiatháin féileacáin dá cholainn gheal-sgáileach le cneadh
dubha dúire dó-leighiste, agus go leór d'ádhbhar gnáis agus gránacht do neach san mbith amharc súl d'fhagháil air. Labhras Maol liom agus adubhairt: "A shearc tar mhnáibh an domhain"
"féach ar chruith an óigfhir seo agus glac chugad fá léigheas é, óir is mór mo ghrádh- sa do agus a chomann orm." "A Mhaoil Uí Mhananáin tá fhios agad féin nach ceart dómhsa othar san mbith do ghlaca fá m'láimh." "Mar sin féin ar mo ghrádhsa glac chugad é," ar Maol. Air sin do ghabhas chugam fá m'láimh é, agus a cceann bliadhna do bhí léighiste slán- chréachtach agam. Táinig chugham agus adubhairt: "A inghin Innse Tuile is tú thóg ó éag mé, agus bí
a
fhios agad a rígh-bhean", ar sé, "gur mise Lugh leabhair- ghéagach mac Ríogh agus Impire na Gearmáine agus gur a n-Albain do créachtadh mé mar do chonnaircis mé le Sgiathán Sgiath-shollais mac Ríogh Lochlainn. Ag seo"
"corn duit agus gach am dá ccuirfidh neach nó duine san mbith chum a bhéil é beidh líonta dá méid deoch is méin leis d'ól, ionnas fir an domhain go n-ólfach a sáith do gach sórt ba mhéin leo d'ól", is an
san d imthigh uaim. Do ráinig to
rcheas chugham an bhliadhain sin do bhí Mac an Impire fá léigheas agam agus do chuir Maol Ua Mananáin a ccéill do féin go mba le Mac an Impire é, agus an uair chuireas díom é tógas an ghein uaim ionnas nach feas dom cár ghaibh leis, acht mar an ccéad ghein ó shoin a leith. De bhrígh a Uasail Fhinn, ar sí, gur bean gan truaill mé féachtar an fheoil, agus tá dá dtrian beirbhthe. Féachag, agus do bhí a dá dtrian beirbhthe mar adubhairt an righ-bhean. Ba mhór lúathgháir Mhaoil Uí Mananáin de sin. "A Dhiarmuid ghlé-mhianaigh Uí Dhuibhne", ar sí, "is méin liom an trian eile don fheoil do bheir
iughadh as do los. A cceann bliadhna dá éis sin thug Maol Ua Mananáin óig-fhear eile chugham féin, ní ba mhó luit ná aon don bheirt eile, agus adubhairt: 'a chéile ghil agus
iomlán mo shaoghail agus mo bheatha ná smuain ar aon nídh dár imthigh ort, agus glac ar mo ghrádhsa an laoch so, agus bhéarfadsa sásamh lúathgháireach duit fós, a ngach nídh dá bhfuil ag déanamh buai
rimh duit.' Air sin do ghlacas chugam é gan focal freagra do thabhairt ar Mhaol Ua Mananáin. Do bhí bliadhain a n-
othar agam agus a cceann na haimsire sin do ghaibh buidheachas liom agus do innis dom gur Mac do Sholamh Mac Lachtna Rí Lochlann é, 'agus a rígh-bhean' ar sé ' bí
a fhios agad gur Sgiathán Sgiath-sholais is ainm dom féin' ar sé, 'agus ag seo brat leap
an duit do chlúdóchadh
fir Éireann uile fútha agus tórsda ar an machaire is luime san aimsir is fuaire da dtáinig riamh, nó fós dá dtiocfaidh choidhche. Air sin d'imthigh uaim. Agus do theangmhas féin trom an bliadhain chéadna agus ar chur an toirchis sin díom do thóg uaim é mar an ccuid eile ionnas nach bhfeaca a bheag ná
mhór dá dtuairisg ó shoin a leith. Agus do bhrígh gur fíor mo chaint agus go bhfuilim geanmnuidhe fós ar gach fear ar dhruim an domhain acht m'fhear fhéin féachtar an fheoil agus tá sí go léir beirbhthe." Éirgheas Maol Ua Mananáin go haosga agus do bhí an fheoil uile réidh. Leagtar buird agus cuireas Conán a sgian a mbarra faobhair agus gear
as Maol Ua Mananáin éadan an tuirc agus do bhí mór-throigh soille a cclár an éadain. Druideas Conán asteach chum an bhuird agus goireas an Fhian uile leis agus adubhairt le Maol Ua Mananáin gur mhithid sin, agus nár chaith an Fian súipéar riamh is fearr do cheannaigh féin ná é. Air sin adubhairt Maol Ua Mananáin nárbh fhiú deoch fíor-uisge í. Séideas puith dá anáil fúithe agus preabas an torc amach cómhmaith agus do bhí sí riamh, ionnas ná béarfach an fear dob' fhearr a bhFianuidh- eacht air. Féachas Conán go crái
te ar Maol Ua Mananáin agus adubhairt: "Is annsprid éigin mhalluighthe do chuir ionár sligh indiu tú, agus ba ar a luighead do Fhaolán do Chaoilte agus dómhsa ár sáith dí d'fhágháil tar éis
fheabhas agus do chean- nuigheamar í, agus tú dá reic linne a dtúis nár lughaide a cabhail ná a cuid feola a rith ná a léim ar na bháireach é,"
. "Síothcháin a ghaiscidhigh," ar an rígh-bhean, "do- gheobhair do mhór-sháith gan mhoill." "Maiseadh am' dhóigh"
Conán "is fearr t'fhocal leis ná focal an fhir so thug cuire dinnéir dúinn, agus tar éis gach nídh dár imthigh, chonnarcais féin agus cách créad do rinn sé linn!"
Air sin leathas an rígh-bhean an scóraid roimh-ráidhte agus bhí sásamh gach n-aon ar phlátaibh as a ccómhair, do gach sórd bidh dá fheabhas agus dá bhlastacht dá mbéidir do chuimhneamh air. Suidheas an Fhian uile, gach n-aon do réir a chéime, agus suigheas an rígh-bhean mar aon leó, agus Maol Ua Mananáin mar an gcéadna re mór- fháilte roimh an bhFéin uile. Ibhid deoch ar a chéile d'éis a mbeith go hiomlán sásda den bhiadh, agus ba sásda iad uile dá ól. Leathas an rígh-bhean an brat do fuair ó Mhac Ríogh Lochlonn agus luigheas an Fhian uile le chéile faoi, agus ba theith tirim sásta gach n-aon aca acht Fionn amháin agus Diarmuid. Do thug
tuile seirce agus trom-ghrádh do inghin Riogh Inse Thuile, bean Mhaoil Uí Mhananáin, ionnas nárbh fhéidir leo néall do chodla. Airsin éirgheas Fionn agus téidheas chum an doirsín slat mar a bhfeacaidh Maol Ua Mananáin agus an rígh-bhean a' dul. Agus ar dteacht chum an dorais do, do fuair ró-dhaingean é ionnas nár fhéad a fhosgailt. Air sin tarraingeas chuige a sgian sgoith-ghéar agus cromas ar an doras do ghearra. Éirgheas Diarmuid mar an gcéadna agus tig chum an dorais, acht níor mhothuigh Fionn ann roimhe, ná Fionn eisean. Tarraingeas Diarmuid amach a sgian agus cromas ar an ndoras do ghearra, agus do bhí an dís ag cómh-ghearradh an dorais gan
fhios ag aon díobh an fear éile bheith ann, gur éirigh an lá go lán-shoillseach ortha ar na mháireach, agus gá mbeidís acht ar fhaithche na Teamhrach agus an crann pléisiúir fá n-a shuidhidís go minic ó theas na gréine bun-ghearrtha nach mór ag Fionn agus ag Diarmuid d'éis na hoidhche, agus an Fhian uile ar an bhfaithche guirm féar-ghlais, sínte gan luid iompa, a ccuid éadaigh fá na cceannaibh 'na dtoirchim suain. D'fhéach Fionn agus Diarmuid ar a chéile agus fia-
ruighid dá chéile créad thug an dara fear ann. "A Fhinn," ar Diarmuid, "mo mheas is d'aon aigne bhíomar ar dtúis na hoibre seo." "As eadh gan amhras", ar Fionn, "agus is náir dúinn an chruith iona bhfuil an bile pléisiúir seo againn d'éis na hoidhche. Cuiream 'na suidhe an Fhian," "ar Fionn, agus tréigeam an faithche sul d'éirighidh aon do-chídhfeadh sinn." Déanadh amhla sin. "A Dhiarmuid isé siúd Donn na Doidhche bhí iona Mhaol Ua Mananáin againn ó mhaidin indé, agus d'imir an bheart so orainn d'fhéachaint méin a mhná," ar Fionn. "Nár éirig a phósa leis!" ar Diarmuid, "is maith do cheannuigh mise ó mhaidin indé é, agus ba chóir dúinn Cnoc-an-tsodair do chaitheamh leis an muir." "Ní bhainfeam leis," ar Fionn, "óir is maith an charaid é féin. Deire le na bhfuaireas Miachael Ua hAnnracháin an tan so fá haois an Tighearna 1831
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services