Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuireadh Mhaoil Uí Mhananáin

Title
Cuireadh Mhaoil Uí Mhananáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1831
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1930)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



LÁ oireachtais agus mórdháil sluágh do ceapadh agus do
comóradh le Fionn mac Cumhaill agus le uaisle na
Féine ar an mórchnoc dá ngoirthear an tan so Collán
a dTuathmhumhain. Ar dtionól agus ar chruinniú dona
sluaighte ar aon bhall agus ar amharc na mara agus
na tíre iona mórdtimcheall dóibh, go bhfeacadar chúcha
a bhfánghleanntaibh an tsléibhe anoir n<d>eas óglaoch beag
cnámhach mór-cheannach, gan folt gan féasóg air, agus
go mba samhail le bád broinn-fhairsing rámhad gach bróg
don dá bhróig shalacha shál-bhriste bhí ar a chrúbaibh coirtrithe
lorg-dhói<gh>te, agus gach mall-choiscéim dá dtugach na


L. 92


iomlot siubhail go spréachach mór bhar<r>aille grealluidhe
agus uisge air féin agus ar a mhásaibh creatbhuidhe ion<n>as
go mba mhór an fhéidhm dó dá siubhalach míle fearain<n>
san ló. Is amhla bhí agus urra chai<th>te lom-snáitheach
uime agus lorg-fhearsad shleamhain iarainn iona láimh
dheas aige, agus ceann cána cam clochbhuadhach ar théad
mar cómhartha giolla turais nú coisidhe. Déinis go
réimdhíreach tríd an sluagh go dtáinig a láthair an Ríogh
féine agus beannuigheas d'Fionn go foisteanach binn-
bhriathrach, agus freagras Fionn an beannacha mar an
ccéadna, agus fiafruigeas sgéal don fhear bheag, agus
cé an flaith dá bhfóghanach.



"Dom féin do gním feidhm" ar an fear beag, "agus
tá mo lios agus mo dhún comhnuighthe féin san tír seo
a bhfogus duit, agus gan cíos agadsa orm."



"Créad is ainm duit a fhir bhig "ar Fionn.



"Maol Ua Mananáin is ainm domhsa," ar sé; "agus
mo dhún mór láimh leat, agus le cuire comhaltais agus
dinéir na hoidhche anocht thángas chughadsa, agus chun
na Féine uile an<o>is don dul so," ar sé.



"Maiseadh, ' ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, is
ceart gur mór an tórrúadhach agus an fear saothair
tusa, agus bheith ar ccumas duit dinéir ná fós súipéar
do thabhairt don oiread so daoine a nao<i>nfheacht, óir
is mór an muirear aon oidhche an Fhian."



"Is fírinneach sin a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin,
"ná bíonn do thórrúacas ná do churaigheacht agamsa
acht naoi n-iomaire crui<th>neachta gach bliadhain."



"Maiseadh," ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, tá
sin ró bheag chun súipéir na Féine anocht." "Ní bhfuil
a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "óir bíonn nao<i>
mór-chruachaibh crui<th>neachta ar gach iomaire díob síud, agus
sibhse uile seacht ccatha na Féine agus fós 30 catha na
hAithfhéinne, do bhéarfa an chruach is táire díobh súd arán
míosa dóibh."



"Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin, ar Fionn.



" Ní maith a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir cómh


L. 93


luath agus a bhíos an chruach agus cei<th>re fichid úd
bainte ceangailte cruachda, tig muir aon oidhche orra,
agus tógas uaim, béal na fairge móire, gach déas
agus gach gráinne díobh."



"Ó! tá an donas go léir ann san ort, a Mhaoil Uí
Mhananáin," ar Fionn.



"Is fírinneach nách fuil a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin,
"óir is bláthmhar díonmhar ceangailte d'fhágann sí
agam ag baile san iothlainn gach déas agus gach gráinne
dí ar maidin."



"Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin" ar Fionn.



"Ní maith a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir atá
trí ba maola odhra agamsa agus cómhluath agus gheibh
siad iad siúd ag baile tugaid ionsuidhe oidhche <orra>
agus bíonn gach déas agus gach gráinne dí pollta i<th>te
aco ar maidin."



"Tá an donas ar fad annsin ort a Mhaoil Uí
Mhananáin" ar Fionn.



"Ní bhfuil a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir mnáibh
Éireann uile agus a mbeith ar aon bhall agus árthaigh
Éireann uile aco do líonfaidh<e> iad gach maidean agus gach
neóin le lacht na dtrí mbó úd."



"Is maith sin, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn.



"A ccead duit a Fhinn, ní maith; óir atá trí tuirc
agamsa, agus cómhluath agus bhíos an lacht úd uile crúi<dh>te,
ólaid agus dortaid gach braon agus gach deór de, d'
aimhdheoin caogad fear bhíos dá ccosaint gach tráith."



"Ó is iongnadh mór liom nó tá an donas go fírinneach
annsin ort, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn.



"Ní bhfuil a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir an
torc is táire díobh siud atá mór throigh soille a cclár <a>
éadain, ball is luime a muic ná <a> mart ar bith, agus
sibhse seacht gcatha na Féine, agus fós deich ccatha fithchiod
na hAithfhéine, gheobhach sibh uile bhúr sáith feóla dí, agus
níor lughaide a léim, a rith, a cabhail ná a cuid feóla,
ar na mháireach é, agus dogheabhthá le marbhughadh mar sin
gach lá í."



An<n>san labhras Conán agus as eadh adubhairt "Croidhe


L. 94


cruaidh ar an bhFéin níor dhóig go mbeadh do shonas
orra a samhail sin de mhuic do bheith aco, agus an mhéid
do theastóchadh sí uatha."



"Ná bíodh cás ort a ghaiscidhigh," ar Maol Ua Mananáin.
"dogheobhair féin agus an Fhian bhur sáith dí siúd anocht:
agus is ceart go bhfaghthar fear san bhFéin do shiubhalfaidh
liomsa agus choiméadfaidh mé go traithneónach <sic>
anocht."



"Maiseadh a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn, "is
dóigh liomsa gur dithcheall duitse na bróga sin ort
d'iompchar go traithneóna agus gan dul a ccomórtas
r<e>atha le aon duine don Fhéin."



"Ná tabhair drochthuairim dom a Fhionn, ach cuir fear
maith liom agus b'fhéidir nár bheag leis <a> fheabhas do
shiubhalfainn." "Cé choiméadfas Maol Ua Meananáin?"
ar Fionn. "Coiméadfaidh mise é," ar Diarmuid
Ua Duibhne, "gídh gur leisg liom aon duine dom fhaicsint
a ccómhshiubhal le na shamhail." "Ná bíodh cás ort a
Dhiarmuid," ar Maol Ua Mananáin, óir ní móide gur
fada bheidh mise a naonacht leat agus bhéara an tráthneóna
sgéala dhúinn ar an iomlán," ar sé.



Airsin gluaiseas Maol Ua Mananáin uatha agus leanas
Diarmuid é go haimhleisg, agus ba ghearr nár léir dó cár
ghaibh uaidh; óir ba shamhail le ruathar garbh gaoithe lá
tirim Márta a' gabháil do mhaoilinn carraigreach an
ruathar tréan r<e>atha bhí fá Mhaol Ua Mananáin an
tráith sin, agus gan cumas ag Diarmuid ar dhul 'na
ghaor acht mar a bheadh ar dhul ag marcuidheacht ar an
ngeallaigh. Tugann Maol Ua Mananáin aghaidh ar Calaith
na hAille Ruadh síos, agus do léim go húr-éad<t>rom
tar Sionainn anonn, go Gleann Rána ar a ngoirthear
an tan go Gleann an Ridire, agus go réimdhíreach don
Mhongartaigh mhongbhuidhe taobh le loch áluinn Léin, agus
as sin go Cuan Fionntráigh, as sin go Carraig Dhúin na
mbarc a Laighnibh.



Ann sin níorbh fheas do Dhiarmuid cár ghaibh Maol Ua Mana-
náin uaidh; agus féachas na ceithre hárdaibh iona thimcheall
agus níorbh fheas dó god é an t-árd d'Éirinn a ngeobhadh ar
lorg Mhaoil Uí Mhananáin, agus é féin cortha suai<th>te
sárui<gh>the, lán d'ocras agus de náire. Agus do cheap


L. 95


sé síne<adh> ar an mbán glas agus a reast do bheith déanta
aige, agus triall air ais chun na Féine cómh maith agus
d'fhéadfadh. Níor chian dó mar sin agus codladh trom
ag teacht air, an tan bhíodhgas as a néall, agus ar
fhéachaint iona thimcheall do, chon<n>airc Maol Ua
Mananáin fá bhun na carraige agus a bhróga móra len'
ais agus a chuid éadaighe uile in a fhiadhnuise, agus é
dá n-aisce<adh> go luathléir. Éirgheas Diarmuid agus
déineas ar Mhaol Ua Mananáin, agus innseas dó gur
mhithidh dóibh triall abhaile feasda agus caoi bídh do
chur ar an bhFéin.



"A Dhiarmuid, ' ar Maol Ua Mananáin, "is suarach
mó chás ionatsa agus san bhFéinn" ar sé, "Créad é
an t-éileamh atá agad orm?" ar sé.



"Is dual," ar Diarmuid "gur ceart do gach n-aon
a gheallamhaint do chóimhlíonadh agus sin fáth mo éileamh
ort."



"Do gheall tusa ar maidin mise do choiméad go
nuig an oidhche 'nocht agus níor chó<i>mhlíonais é, agus gé
beag an meas do bhí agad orm ar maidin, is lugha ná
san mo mheas ortsa anis," ar Maol Ua Mananáin, ag
buala<dh> a bhróga agus <a> éadach air, ar phrap na súl,
agus a' rith a ccómhluas na gaoithe síos uaidh chum Cúige
Uladh badh thuaidh, agus níor stad don tréan-ruathar soin
go ráinig go Dún na nGall, agus gan ar ccumas do
Dhiarmuid teacht 'na chómhair acht oiread agus do rachadh
a mbronnaibh na spéire. Ó Dhun na nGall tugan<n>
Maol Ua Mananáin aghaidh aníos trí Chúige Chonnacht go
réim-dhíreach go ráinig go Glaise a mBoirinn, agus
Diarmuid a nionad radhairc dó go troigh-mhall speairt-
chosach. As sin tháinig a measg caraigibh na Bóirne.



Níorbh fheas do Dhiarmuid créad an t-ard ar ghaibh
Maol Ua Mananáin uaidh ná cá ngeobhadh ar a lorg, agus
measas tarraingt ar lorg na Féine. Le sin déineas
go réimdhíreach ar Challán mar ar fhág an Fhian ar maidin,
agus éirgheas de thóruigheacht Mhaoil Uí Mhananáin, óir


L. 96


bhí sé suaithte sárui<gh>the salach san am céadna, gan a
sgéal féin ná sgéal duine eile aige. Agus ar dteacht
ar mhaoilinn Chollán dó, ní bhfuair tuaraisg na Féinne
ann, agus néalaibh dorcha na hoidhche ag teacht. Déineas
ó dheas go díreach ó Chollán le fánadh go ráinig don cheann
thoir do Dhúbhlach agus do Shámhlaig <?> agus níor chian
uaidh ar thaobh an tsléibhe caol-teach Olltach, agus
triallas go réimdhíreach agus táinig isteach ann <le>
súil go bhfaigheach sgéala ann ó'n bhFéinn nó tuairisg
cá rabhadar. Agus créad fuair ann acht Maol Ua
Mananáin sínte ar a dhrom ar an úrlár a' gabháil crónáin
go bog binn agus glas-luachair croi<th>te ar fuaid an
tighe aige.



Suidheas Diarmuid ar an ndoras le heagla go rithfeadh
Maol Ua Mananáin uaidh ní bhus mó, agus cuireas lámh
ar dhornchlann a chlaidhimh, agus fiafruigheas do Mhaol
Ua Mananáin an é sin a thig.



"Is ceann dom thighthibh é," ar Maol Ua Mananáin.



"Maise! a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Diarmuid, "ní
bhfáigh' an fhian ná an ficheamhadh cuid díobh sligh<e> san
tigh seo anocht."



"An chuid nach bhfaighadh sligh<e> astig díobh faghaidís
amuigh ar an ccnoc é fá chomhdach na spéire. Seinnse
do stoc gairme a Dhiarmuid," ar sé, "agus cluinfidh
siad tú, óir ní cian uait iad. Annsan siar ag pioca
duillisg, am dhóith, atáid ó mhaidian." Do sheinn
Diarmuid, agus chualaig an Fhian é, agus gluaisid d'aon
bhuidhean go rángadar go bothán Mhaoil Uí Mhananáin;
agus cuireas Maol UaMananáin fáilte roimh Fhionn, agus
freagras Fionn dó, agus fiafruigheas dé an é sin a
thigh, agus innseas Maol Ua Mananáin dó gurb é:
"Maise," ar Fionn, "tá an teach so ró chumhang dhuit
féin má tá aon mhuirear ort."



Ar Maol Ua Mananáin "a Fhinn tá naoi gcúiple san
tigh seo, agus goirse asteach naoi naonbhair a naghaidh
gach cúpla díobh, agus do réir mar bheidh sligh<e> aco
soin imóim <?> leis an ccuid eile.


L. 97


Do déanamh amhla soin; agus ar mbeith astigh don
uimhir sin ba mhó slighe an tigh<e> go mór ná roimhe sin.
Annsan adubhairt Maol Ua Mananáin iad do sgaoile
le chéile asteach, agus an tan bhíodar le chéile astig
do gheabhach oiread eile sligh<e> san tigh chéadna. Suidheas
gach n-aon díobh síos timcheall an tigh<e> do réir a chéime
agus fanaid ar an slighe sin aga fhada go dtáinig an
fuacht ar Chonán is mó dá mb'éidir le neach d'fhulaing,
agus adubhairt leis an bhfear ba neasa dó go n-éagfadh
le fuacht muna bhfaghach ní éigin do dhéanfadh teas dó;
agus d'féach chum an taoibh thuas don tigh agus chonairc
Maol Óg Ua Mananáin 'na shuidhe ar shuidhiste ceathair-
chúinneach portaigh mór do bhain Brian breallach dó thuas
a pportaicc an Charain Chraobhaigh le sleághan maol-
bheannach, agus a thrí nó <a> cheathar de smeachaidígh
dubha aige idir a dhá chois cnámh-dhóighte go bolg agus
lom-bhléan <?> creatbhuidhe. Is amhla do bhí an Maol
Óg sin agus a cheannstollach stuacach carrach air, ba
samhail le mór-thor dlúith cómhchruinn aitinne, agus gach
uair do chuireadh a cham-chrúca lom-mhéarach fad-ingneach
suas agus chuireadh tora<dh> na sgríbe sin ar na
smeachaidibh ba chlos ar fuaid an tighe an siosán agus
an pléasgarnach bhíodh aige.



"Druid as san," ar Conán, "go bhfeic<e>ad a' bhfaighinn
mé féin do théidheamh leis na smeachaidibh sin." "Ní
dhruidfead," ar Maol Óg, "óir is fírinneach gur
scrathánach meathta mílaochais tú, agus bheith a' brath
ormsa agus ar mo dhá smeachaide." Buaileann Conán
a chos faoi, chum a chai<th>te as an slighe. Air sin tógas
Maol Óg suas a chaol-spág agus buaileas Conán ar
a thóin, agus féachas Conán iona thimcheall, d'eagla go
raibh an Fhian ag féachaint air. Do b'éigean dó fuireach
annsoin.



Agus buaileas an fuacht céadna fear eile don Fhéin,
dárbh ainm Faolán Fial mac an Fheamhuir, agus adubhairt


L. 98


iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán teas isna
smeachaidibh ní fhanfadh sé ann chómh fada so." Triallas
Faolán agus fiafruigheas do Chonán an raibh aon teas
san teine sin. "Mo chroidhe nár crái<dh>tear" ar
Conán, "má chonnarcais bruith Fian riamh ná oighean
bhéil-teine <?> a dTeamhair is mó teas ná an teine seo."
"Cá suidhfe mise?" ar Faolán. "Caith as soin an
phéist sin," ar Conán, "agus suidh ann' áit." Tógas
Faolán a chos chum Maol Óg do chur as an slighe. Airsin
tógas Maol Óg a chaol-spág cnámh-dhói<gh>te go bolg
agus buaileas Faolán treasna an dá lorgain agus
briseas go mion-bhrúi<gh>te mar chosa Chonáin iad.
Tuiteas Faolán taobh ar thaobh le Conán a bhfochair Mhaoil
Óig Uí Mhananáin. Buaileas an fuacht taoiseach eile
don Fhéin dárbh ainm Caoilte luath-chosach Mac Rónáin,
agus adubhairt iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán
agus Faolán teas ósna smeachaidibh úd ná fanfadís
ann an fhaid seo;" agus gluaiseas, agus fiafruigheas
do Chonán an raibh aon teas an sa marbh-theine sin.
Adubhairt Conán ná feacaig riamh ní ba solásaigh<e>,
"agus," ar sé, "caitha soin an rud soin, agus suidh
a n<a> áit." Tógas Caoilte a chos chum Maoil Óig do
chaitheamh as a shligh; agus tógas Maol Óg a chaol-spág
agus buaileas Caoilte go mear treasna an dá lorgan
agus briseas mar an gcéadna iad. Tuiteas Caoilte
taobh leis an mbeirt eile agus fanaid annsin le chéile.



Eirgheas Maol Ua Mananáin agus aseadh adubhairt:
"a Fhinn mhic Chumhaill," ar sé, "is mór na scrathánaigh
na fir seo agat agus a bheith a gcomórtas le Maol
charrac so agamsa." Annson téidheann suas go nuig
na fir cos-bhriste agus adubhairt "éirghidh suas a
sgraithairnighe," arsé, "agus dochar ar an té dubhairt
riamh go mba fir mhaithe an Fhian, más mar sin atá an
chuid eile agaibh." Airsin preabas Conán, Faolán agus
Caoilte iona seasamh cómh slán-chosach agus bhíodar
riamh. Téidhid suas agus suidhid a measg chách.
An<n>sin labhrais Conán agus adubhairt: a " Mhaoil Uí


L. 99


Mhananáin is bás don ocras atá fonn ort a thabhairt
don Fhéin anocht, agus ba dhuineamhla dhuit léigion dóibh
ar a bhfádhmur féin ó mhaidin 'ná a dtabhairt don
tigh seo dá bhfonomhaid."



"A Chonáin" ar Maol Ua Mananáin," tá na trí
tuirc do luadh mise libh annsoin amuigh iona bhfail,
agus tugadh fear agaibhse asteach bhur rogha díobh, agus
cuirigh a gcóir díbh féin é, óir níl feadhmantóir tighe ná
lucht friotháil agamsa anocht, acht mar is léir duit,
Maol Óg Ua Mananáin."



Imthigheas Conán amach agus fuair na tuirc iona bhfail,
agus ba ádhbhal-mhór leis an reamhracht do bhí ionnta,
agus déineas togha den torc ba sia isteach, agus an
tan mhothaigh an torc Conán ag breith ar a chois preabas
agus buaileas Conán faoi thóin an chro, agus rithid na
trí tuirc amach, agus ritheas Conán iona ndiaidh. Rithid
fo choillte na cathrach móire, as soin go Coill Dhoire
na Liceadh, ó Choill Dhoire na Liceadh go Cluain Áiris,
agus cailleas Conán a gcoill Cluain Áiris iad. Filleann
tar ais go troigh-mhall cos-trom suai<dh>te sárui<gh>the
salach go nuig an bhFéinn <sic> go hárus Mhaoil Uí
Mhananáin, agus suidheas a measg chách go ceann-chrom
malaidh-náireach. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin de
Chonán "gá bhfuil an torc." Freagras Conán agus
adubhairt: "bé áit a bhfuil na tuirc ní fheacfa tusa
go lá iad ná go moch a máireach," agus innseas d'Fhionn
agus don Fhéin gach conair dár ghaibh iona ndiaidh.



"A Fhinn Mhic Chumhaill," ar Maol Ua Mananáin,
"is bréagach an sluagh an Fhian, más mar Chonán atáid
uile." "Maiseadh," ar Fionn, "gebé anntlás eile bhí an
Conán ní fheacamair a bheag ná a mhór dá bhréagaibh riamh
roimhe seo." "Maiseadh!" ar Maol Ua Mananáin dá
mbudh é do thoil dul amach do-gheabhthá na trí tuirc
iona ccodladh iona ccró, agus, "ar Maol Ua Mananáin,
"cé eile do-bhéarfas an torc asteac?"



Imthigheas Diarmuid agus téidheas amach chum go


L. 100


mbeith fhios aige an bréag do rinn Conán, agus do-gheibh
na trí tuirc iona ccodladh iona ccró, agus adubhairt
iona mheanmuin gurab í sin an chéad bhréag do chualaidh
ó Chonán riamh. Féachas na trí tuirc agus déineas rogha
don torc ba sia asteach. Beireas ar chois uirthe. An
uair mhothuigh an torc Diarmuid a' breith ar chois air
preabas agus buaileas Diarmuid fá thóin an chro,
agus rithid amach, agus sul ráinig an torc tar doras
fuair Diarmuid greim ar earball air agus coinnigh-
eas an greim sin uirthi síos go Coill Chúil na Slighe;
ar soin go Cathair dá Choin. An<n>soin tugaid na tuirc
a n-aghaidh ar an Sionainn agus Diarmuid mar aon
leo. Gidheadh cailleann Diarmuid a ghreim ansa
tsnámh agus leanann na tuirc go Coill Biadhaille agus
cailleas annsoin iad. Filleas Diarmuid ar ais go
suaidhte sáruighthe salach, agus suidheas a measg na
Féinne go ceann-chrom malaidh-náireach. Fiafruigheas
Maol Ua Mananáin dé cá bhfuil an torc. Adubhairt
Diarmuid nárbh fheas do acht gur chaill féin a ccómhluadar
a cCoill Biadhaille agus gur bhaoghal don Fhéin a bheith
gan súipéar má's ag braith ar na tuirc úd do bhíodar.



"A uasail <a> Fhinn," ar Maol Ua Mananáin "dá
mb'é do thoil dul amach dogheabhthá na trí tuirc úd
iona ccodladh iona ccró." "Maiseadh ní hé" ar Fionn,
"óir ní raibh de bhréaga a nDiarmuid riamh ach a ndéanadh
sé de bhladar le mnáibh, agus," ar Fionn, "ní rachadsa
ag déanamh amhrais air." "Cé eile bhéarfas an torc
asteach?" ar Maol Ua Mananáin. "Rachadsa dá
iarradh" ar Caoilte "bíodh gur leisg liom é, d éis na
díse deaghlaoch chuaidh ann reomham." Triallas Caoilte
chum an chró agus gheibh na trí tuirc iona ccodla ann,
agus ba iongnadh mhór leis Conán ná Diarmuid ag
déanamh bréige dá dtaoibh. Láimhsigheas na tuirc
agus beireas go feidhm-láidir ar iosgaid ar an dtorc


L. 101


do bhí a dtóin an chró. An uair mhothaigh an torc an duine,
preabas agus ritheas amach mar aon leis an dá thorc
eile, agus buailtear Caoilte fá'n mballa. Mar sin
féin le mór-thapacht agus le lúthmhaireacht Chaoilte
do bhí greim earbaill aige sul a chuaidh péirse uaidh.
Rithid na tuirc a ccómhluas na gaoithe chum Móinmhóir,
siar as soin go Cathair na hAonmhná, ar ais chum Trágh
na Croise, agus treasna as soin go Cathair Chiarraighe,
agus do choinnigh Caoilte an sleamhain-ghreim ar an
earball an fhaid sin. Tugas na tuirc a n-aghaidh ar
Ghleann na nGealt, go Sliabh Luachradh, as soin go
Fionn-Trágh, as soin go Gleann an Smól a cConntae
ghlan áluinn Chorcaighe, agus a<g> gabháil taoibh an ghleanna
do Chaoilte sleamhnuigheas a chos uaidh agus cailleas a
ghreim agus radharc na dtorc mar aon leis. Triallas
Caoilte tar ais go suaithte salach sáruighte agus
tigeas asteach go cúthail ceann-chrom agus suidheas
go gruaidh-náireach a measg na Féine. Fiafruigheas
Maol Ua Mananáin de cá bhfuil na tuirc. Adubhairt
Caoilte nach raibh maith san t-seanchas acht gur fhág sé
féin a nGleann an Smóil a gConntae Chorcaighe iad.
"A uasail <a> Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "táid
siad amuigh iona bhfail iona ccodla agus cé eile do
bhéarfas an torc isteach" <ar sé>. "Ní rachaidh aon
don Fhéin a' tabhairt aon torc isteach go lá, ' ar Fionn,
"óir dá dtugadh lúth neart agus ruith isteach é is fada ó
bheadh sé astigh."



"Maise! a Mhaoil Óig Uí Mhananáin" <ar> Maol
Críonna "más náire don Fhéin é, tabhairse isteach an
torc." "Ba chóra dona scrathánaibh féin a thabhairt
leo, ós siad nár chléith chum í ithe." Ar an uair sin
imthigheas amach agus ar phreaba na súl do bhí astigh agus
an torc aige ar ghreim chluaise agus earbaill, agus
fágbhas ar cheart-lár an úrláir é, agus suidheas as cionn
a dhá smeachaide. Eirgheas Maol Ua Mananáin agus


L. 102


órd gabhan aige agus fiafruigheas "cé bhuailfeas an
torc ó fuaireamar istigh é." "Cuirfimíd a n-iúl dí
ar bhain sé de rith asainn anocht," ar Conán. Annsan
beireas ar an órd agus tigeas as cómhair an tuirc agus
buaileas go feidm-láidir an torc a cceart-lár an
éadain. An uair mhothaigh an torc gaoth an bhuille ag
teacht air, tógbhas a cheann a ccuinne an bhuille, agus
cuireas grontha as, agus buaileas Conán go hanásda
faoi thóin an tighe, agus leointear ceithre asna iona
thaobh, agus níor mhothuig <ghortuigh?> ruibe a malain an
tuirc le na bhuille. Caitheas Conán an t-órd uaidh agus
suidheas go ceann-náireach tineasnach, a measg na
Féine.



"Cé eile do bhuailfeas an torc?" ar Maol Ua Mananáin.
Eirgheas Diarmuid agus beireas ar an órd agus tig
as comair an tuirc agus buaileas tréan-bhuille a cclár
an éadain air. Tógbhas an torc a cheann agus buaileas
Diarmuid faoi thóin an tighe mar do rinne le Conán,
acht nár ghortuigh aon asna ann. Caitheas Diarmuid an
t-órd uaidh agus suidheas a measg chách, mar Chonán.



"Éirigh a Goill Mic Mhóirne agus buail an torc, ' ar
Fionn. "Dá leagadh neart é," ar Goll, "do buaileadh
reomham é." Éirgheas Goll agus beireas ar an órd
agus buaileas tréan-bhuille ar éadan an tuirc agus
cuirtear é féin go nuig a dhá ghlúin san úrlár chruaidh
le feidhm an bhuille. "Beir buadh a ghaiscidhigh," ar
Maol Ua Mananáin, "is maith an buille do bhuailis."
Tarraingeas Goll é féin as an úrlár go luthmhar
láidir deaghthapa, agus, mar sin féin, ní bhuailfeadh an
torc ní bhus mó. "A Mhaoil Óig Uí Mhananáin" ar
Maol Críonna, "éirigh agus buail an torc." "Budh ar
a luighead dona scraistigh féin a chur a ccóir dóibh
féin ó fuaireadar istigh é." Éirgheas Maol Óg Ua
Mananáin agus beireas ar a shean-mháilléidín agus
buaileas an torc san ruibe agus leagas go lár agus
go lán-talamh é, agus beireas ar a sgéin agus tair-


L. 103


ingeas a chuid fola go luath éasga. Beireas ar
choinlín choirce agus loisgeas ó bharra a earbaill é go
bárr a shrón. Scriosas agus glanas é agus gearras
'na trí roinnt cómhthroma an<n> trí h-íanaibh le na
sháith uisge ghlan iona thimcheall, agus fágann annsan é,
agus suidheas as cionn a dhá smeachaide.



"Crádh do chroicinn chughad!" <ar> Conán "ó's tú do
bhuaidh orainn uile. Créad fáth nár chuiris sórt éigin
teine faoi siúd?" Annsan labhras Maol Ó Mananáin
agus adubhairt: "a ghaiscidhigh ní teine ná teas saoghalta
do bheirbhigheas an fheoil úd, acht trí sgéalta fírinneacha."
"Maiseadh!" ar Conán, "is fuiris don Fhéin céad
sgéal fírinneach d'innsint ar an anródh, agus is cóir go
bhfuil a cceart aco anocht féin de!"



Air sin osglann dóirsín dreóil cnapach cumhang
slat agus gad, do bhí ar an dtaoibh astig de smeachaidibh
Mhaoil Óig Uí Mhananáin, agus tig chúcha amach an fhinne-
bhean do b'áilne dá bhfeacaig súil duine riamh, ionnas
gur shoillsigh an tigh uile ar dteacht amach dí le fír-ghile
a cnis agus a héadain, agus níor chómhachtach ughdar
san mbith ar thrian a scéimhe do chur a n-eagar ná
d'fhaisnéis. Féachas go modh<a>mhail maorga ar an
bhFéin uile, agus beannuigheas d'Fhionn Mac Cumhaill,
agus fáiltigheas roimhe agus roimh uaisle na Féine
mar an ccéadna, ionnas gur thuig gach fear don Fhéin
gur fháiltigh roimhe féin fo leith.



Ar leagadh na súl, suidheann an righ-bhean fhíor-
áluinn síos, agus adubhairt: "A Fhinn Mhic Chumhaill,"
ar sí," is méin liom féin trian na feóla so bhruith ar
do los, an uair 'néosad duit gé mé féin agus cionnas
do thángas go hÉirinn. Bí<odh> a fhios agad a Uasail
Fhinn gur óigbhean mise inghean do Raemon tréan-
bhuilleach, rígh Inse Thuile, oileán fairsing toirteamhail
atá cúig stáide fichead ar faid ó'n dtaobh thuaidh


L. 104


den Chrios Ghrianda, siar ó dheas ó'n mBreatain Mhóir.
Is críoch fhairsing fholláin thoramhail í, ná goilleann
teas, fearthain <?> ná fuacht ar neach innte do
chuir<f>each ó theas na gréine fo dhuille na gcrann é, ná
chum na teine leis an bhfuacht é. Mar an gcéadna ní
ghoilleann teas ná fuacht ar aon nídh innte. Atá dá
fhichid stáid iona thímpchioll agus is aoibhinn féar agus
duilleabhar bláth innte. Is fada saoghal duine agus is
aoibhinn a bheatha innte. Ba rí ceart-bhreathach cómhachtach
Réamon tréan-bhuilleach agus ba mhór a choidreamh le
righthibh agus le cómhachtaibh eile gach críche ba neasa
dó, agus ba mhór a dtráchtáil leis, agus le na mhuinntir;
agus ba mhinic a dtúirlint chum a chúirte idir óg agus
aosta. A measg gach n-aon dá dtigeadh ann tháinig an
tréan-óg-fhear dár ba chómhainm Dollar Éachtach Mac
Ríogh na Sorcha Móire. Is gairid gur chuir sé féin agus
mo dhearbhráthair féin dárbh ainm Borb na dTreas
coidreamh ar a chéile, agus a gcúrsa an dá mhí do
chaith Mac Ríogh Sorcha a ccúirt Ríogh Inse Tuile thug
fá ndeara mé féin agus gan mé acht a n-aois mo dá
bhliadhain déag an tan soin, agus iarras ar m'athair
mé le pósa. Mar ba thír ró-chómhachtach an Sorcha
níor mheas m'athair diultadh obann ná anásda do
thabhairt do Mhac Ríogh na Sorcha, agus adubhairt go rabhas
féin ró-óg fós, agus ná tabhrach d'fhear ar bith mé acht
le mo thoil féin. Le sin labhras Dollar Éachtach le mo
dhearbhráthair féin Borb-na-dtreas, agus fiafruigheas de
créad do dhéanfadh; agus do innis dó nár bheo dho muna
bhfaghadh Eithne ór-fholtach le pósa, <óir bíodh a fhios agad
a Fhinn" ar sí "gurab é sin m'ainm>. Air sin tig an dias
go nuig mé féin, agus innseas Borb dom an mhór-shearc
do bhí ag Mac Ríogh na Sorcha dom, agus nár mhór do
mé d'fhághail mar mhnaoi. "Maise! a Bhuirb táim
ró-óg fós chum pósa agus tairis sin ní bhfáighinn ó m'aigne


L. 105


Dollar do phósa, agus ní thuigim go dtiubhradh m'athair.
dó mé tar mo thoil. Tá fhios aige go mbíonn pósadh
róthoirmeasgach." Air sin innseas do Dhollar an
freagra fuair, agus ba feargach buartha do bhí Mac
Ríogh Sorcha de sin; agus adubhairt: "is dóigh liom
a Bhuirb go dtiocfaidh olc mór don diúltadh soin Eithne
dómhsa, óir ní beo mise muna mbeidh sí agam 'na
mnaoi, d'ais nú d'éigin." Le sin cuireas na seirbhísig
<a> eich agus a charbaid le chéile go héasga agus gluaiseas
abhaile don t-Sorcha, agus innseas d'uaisle na Sorcha
agus d'á athair go bhfuair mí-chás agus diúltadh
a ccúirt Ríogh Inse Tuile, agus ná tabhrach <a> inghean
dó le pósa, agus nár bheo é féin gan í. Air sin cuireas
<a> athair teachta go hInis Tuile le sgéala chum m'athar
muna dtugadh mé féin mar mhnaoi do Dhollar Éachtach
go ccuirfeach sé Inis Tuile ar fad fá ghoin gá agus
claidhimh. Ba feargach mo athair den bhagairt
dóllánta soin Ríogh na Sorcha, agus adubhairt ná
tabhrach, agus a dhíthcheall do dhéanamh. Gluaiseas na
teachtaibh abhaile leis a<n> bhfreagradh sin Ríogh Inse
Tuile. Ti<o>nóltar sluagh na Tíre le Rígh na Sorcha ar
aonbhall, gur dhein suas deich míle agus dá-fhichid fear
fromhtha fíor-chalma, agus lena sáith airm chum a
dtabhairt go hInnse Tuile. Glacaid uile a loingias
agus ní hai<th>ristear sgéala ortha gur ghabhadar cuan
agus caladh-phort a ccuan na mBeomann a nInnis
Tuile. Léigid ar chreachadh agus ar losgadh na tíre
iona dtimpcheall. Ar rochtain sgéala chum m'athar
triallas d'ionnsuidhe mo dhearbhráthair agus a lucht
comhairle agus nochtas éirim an sgéal dóibh. Tionóltar
sluagha Innse Tuile ar aon bhall, agus fuair é féin iomlán
le Mac Ríogh na Sorcha, agus do ghoir chuige Borb-na-
dtreas, a mhac féin, agus do thug cómhachta do bheith iona


L. 106


thaoiseach orra, agus adubhairt: "Anois ó's éigean
duit troid, cómhr<a>ic go cródhach ar son do thíre
agus t'onóra agus onóra do chúirte, óir má geabhaid
na Sorchaigh an treise a nInnse Tuile is truagh an
tír." Gluaiseas Borb agus sluagh Innse Tuile a
ccómhdháil leis, a ccoinne sluagh na Sorcha, agus thugadar
tréan-thuargaint agus trom-ghleó dá chéile ionnas gur
thuit dá mhíle déag do mhuinntir na Sorcha ann, agus ocht
míle do mhuinntir Innse Tuile. An uair do chonnairc
an dá thaoiseach díth na sluagh ar gach taobh connairceas
dóibh chum cosg do chur ar ní ba mhó fola daonda do
dhorta. Do cheap an dá thaoiseach a dtreas d'fhéachaint
le chéile, agus dá mbadh é Mac Ríogh na Sorcha do
claoidhfidhe ann, muinntir na Sorcha do imtheacht
abhaile gan ní ba mhó buaidhreamh do dhéanamh do Rígh Inse
Tuile ná dá mhuinntir. Air sin cómhracas an dias
tréan-fhear sin le chéile ar feadh cúig lá agus teóra
oidhche, gur thuit Dollar Éachtach le mór-bhéimeanna
Bhuirb-na-dtreas a cceann an chúigeadh lá, agus níor
mhair féin dá éis acht trí huaire an chluig. Do bhí an
ríoghacht uile fá scamall dóláis agus dobróin trí éag
Bhuirb-na-dtreas, agus bí<odh> a fhios agat a Fhinn," ar
an Ríghbhean, "go mba thruagh mise féin an uair do chon<n>airc
mé mo dhearbhráthair marbh agus an t-ár do
bhí ar gach taobh dom' mhuinntir féin, agus d'ár namhaid.
Do chailleas mo chiall agus iomlán mo chéadfadh,
agus thuiteas a dtámh-néallaibh agus a bhfanntaisibh,
agus níor mheas neach go dtiocfainn asda go bráth. Do
ghaibh galar agus anbhuain éaga mé, agus ba chruaidh
do bhí sé ar leaghaibh agus ar dochtúirígh Innse Tuile
agus na ccríoch ba chómhneasa dóibh, a cceann sé mí, a
luadh go mairfinn. Gidheadh thánag chugham féin a cceann
na rae sin ionnas go dtéidhin<n> gach lá a caoi dreise
ar leacht nó ar thuama mo dhearbhráthar. Lá n-aon dá
ndeachas ann mar aon le mo bhantracht d'éirigh gaoth


L. 107


árd agus fothram éagsamhail ionnas nárbh fhéidir le
aon neach san mbith a mheas ná gurab é deire an domhain
nó an tsaoghail do bhí a fogas dúinn, tré ró-mhéid gach
sceimhle agus anafa dá dtáinig an tráth sin. Acht fá
dheoigh tuirlingeas cóiste órdha agus sé alanaibh
clúimh-gheala dá tharraint, anuas am fhía<dh>naise, agus
aon óglaoch amháin ann. Beireas orm féin agus
fuaduigheas asteach san ccóiste mé ar leaga na súl.
Air sin árduighid annsa spéir leó mé sul do ráinig
liomsa mo mhnáibh coimhdeachta do ghairm, agus ní bhfuil
fáth innste sgéil orm go riachtain go hErinn
dúinn, a n-dún agus a ndeagh-bhaile m'fhir pósda
atá annsoin láithreach. Ar dteacht ann dúinn do mheas
Maol Ua Mananáin a chur d'fhiachaibh orm féin a phósa
gan cháirde ar bith. Gidheadh do bhaineas cáirde dhe go
ceann lae agus bliadhna gan a phósa a<g> tnúith am
éigin don aimsir sin sgéala nó tuairisg d'fagháil
ó'm thír ó'm athair agus ó'm mhuin<n>tir féin. Níorbh
fhéidir le cúirt ríogh ná impire san domhan fhuisíde <?>
meas ná urraim do thabhairt dom ná fuaireas a ndún
Mhaoil Uí Mhananáin an bhliadhain sin agus ó shoin a leith.
d'aontuigheas an uair chuaidh díom aon chunntas d'fagháil
ó mo mhuin<n>tir féin é phósa. Air sin póstar sinn,
agus is maith ceanamhail urramach grádhach an fear é.
Lá n-aon a cceann bliadhna d'éis pósta dúinn d'imthigh
Maol Ua Mananáin uaim le ocáid éigin don Easpáin
agus d'fhan uaim triochad lá gan tuairisg san mbith
d'fhagháil uaidh. A cceann na haimsire sin tháinig
chugham, agus gaisgidheach ró-álainn mar aon leis,
agus go bhfaghach mion-éanlaibh Éireann uile folach
agus clúid iona chréachtaibh, óir ní raibh leithead baise
dá cholainn gan lot agus créacht, agus cuid aco a<g>


L. 108


bagairt ar bheith marbhthach. Labhras Maol Ua Mananáin
agus iarras orm an gaisgidheach soin do ghlaca chugham
dá léigheas; óir bí<odh> a fhios agad a Uasail Fhinn gur
bean leigheis mé. Do innis mé dho go raibh luit an
óigfhir ró-dhainnséarach agus go rabhas eaglach nárbh
fhéidir a léigheas. Gidheadh ar chómhairle m'fhir pósda
do ghlacas chugham fá léigheas é, agus do bhí lá agus bliadhain
a n-<a> othar agam go mba slán gan éalaing do a gceann
na rae sin. Tháinig chugham féin agus d'fhéach orm agus
adubhairt: 'A Eithne ór-fholtac tá mé féin le lá agus
bliadhain ar t'úrlár agus fá d'láimh, gur dhéinis slán gan
éalaing mé, agus gan fios agad gé mé féin; anois ó táim
ag imtheacht uait is méin liom innsint duit gé mé féin
agus ag seo seoid ceanamhail d'fhágbhaim agad do chuirfidh
ad chuimhne gur shaorais ó'n éag mé. Bíodh a fhios
agad a rígh-bhean gur mac mise do Rígh na Spáine,
agus gurab é m'ainm Buineán Borra, agus gur
goineadh agus gur créachtadh mé le Caol-chrua-bhuilleach
Mac Ríogh na hIndia do casag liom san mBreatain
Mhóir, agus thugamar comhthrom créacht dá chéile gan
fios tláis ná téime ar cheachtair againn. Agus
ar fhaicsint an chruith iona rabhas ann don fhear so agad-
sa thug leis chughad mé. Ag seo sgóraid nó éadach cláir
duit, ar sé, ' agus gach uair do leathfar leat amach é
dá mbeadh fir Éireann uile agad le cur ar aon bhall
chum bídh do-gheobhaid uile a sáith do gach sórt bídh
is mian lena dtoil do chaitheamh air; agus fillfe agus
eirfhaig an dá chumhainge póca.' Air sin d'imthigh uaim."



"Monuar!" ar Conán, "gan a shamhail d'éadach
cláir ag an bhFéin, agus is minic do theasdóchadh sé
uatha."



"Leathfar duit é siúd gan moill, a ghaiscidhigh,"
ar an rígh-bhean. "Do thárla mé féin trom" ar sí,


L. 109


"an tan do bhí Mac Ríogh na hEaspáine fá léigheas agam,
agus an uair chuireas díom an toircheas soin d'iompuig
m'fhear orm féin , agus do thóg uaim é, a dtuairim
go mba le Mac Ríogh na hEaspáine é; agus le deimhin
mo sgéil agus gur choiméad mise m'ionnracas ó aon
fhear acht m'fhear féin, agus gur lem' fhear féin an ghein
siúd, féachtar an fheoil agus tá a trian beirbhthe."



Éirgheas Maol Ua Mananáin go héasga agus goireas
Fionn Mac Cumhaill leis agus fuaireadar trian an
tuirc beirbhthe. Ba lúthgháir mhór le Maol Ua Mananáin
sin, agus ba mhór meas Fhinn ar gheanmnaidheacht na
ríogh-mhná. "A Ghoill Mhic Mhóirne," ar sí, "is mór
tuairisg do ghoil agus do ghaisce a mbéalaibh suadh
agus seanchaidhe na ccríoch ionár dtimpcheall agus
bruithfead féin trian eile don fheóil as do los."
Gabhas air sin Goll buidheachas le inghin an ríogh.



"Bí<odh> a fhios agaibh a uaisle" <ar sí> "a cceann bliadhna
eile d'éis Mac Ríogh na Sorcha d'imtheacht go dtug an
fear so Maol Ua Mananáin chugham gaiscidheach grianmhar
gníomh-éachtach eile agus go mba shamhail le spóla do
scorálfach cócaire chum a phroinne gach leathad sgiatháin
féileacáin dá cholainn gheal-sgáileach le cneadh<a> dubha
dúire dó-leighiste, agus go leór d'ádhbhar gnáis agus
gránacht do neach san mbith amharc súl d'fhagháil air.
Labhras Maol liom agus adubhairt: "A shearc tar
mhnáibh an domhain" <ar sé> "féach ar chruith an óigfhir seo
agus glac chugad fá léigheas é, óir is mór mo ghrádh-
sa do agus a chomann orm." "A Mhaoil Uí Mhananáin
tá fhios agad féin nach ceart dómhsa othar san mbith do
ghlaca fá m'láimh." "Mar sin féin ar mo ghrádhsa
glac chugad é," ar Maol. Air sin do ghabhas chugam fá
m'láimh é, agus a cceann bliadhna do bhí léighiste slán-
chréachtach agam. Táinig chugham agus adubhairt: "A
inghin Innse Tuile is tú thóg ó éag mé, agus bí<odh> a


L. 110


fhios agad a rígh-bhean", ar sé, "gur mise Lugh leabhair-
ghéagach mac Ríogh agus Impire na Gearmáine agus
gur a n-Albain do créachtadh mé mar do chonnaircis
mé le Sgiathán Sgiath-shollais mac Ríogh Lochlainn.
Ag seo" <ar sé> "corn duit agus gach am dá ccuirfidh
neach nó duine san mbith chum a bhéil é beidh líonta
dá méid deoch is méin leis d'ól, ionnas fir an domhain
go n-ólfach a sáith do gach sórt ba mhéin leo d'ól", is
an<n>san d imthigh uaim. Do ráinig to<i>rcheas chugham
an bhliadhain sin do bhí Mac an Impire fá léigheas
agam agus do chuir Maol Ua Mananáin a ccéill do
féin go mba le Mac an Impire é, agus an uair chuireas
díom é tógas an ghein uaim ionnas nach feas dom cár
ghaibh leis, acht mar an ccéad ghein ó shoin a leith. De
bhrígh a Uasail Fhinn, ar sí, gur bean gan truaill mé
féachtar an fheoil, agus tá dá dtrian beirbhthe.



Féachag, agus do bhí a dá dtrian beirbhthe mar adubhairt
an righ-bhean. Ba mhór lúathgháir Mhaoil Uí Mananáin
de sin.



"A Dhiarmuid ghlé-mhianaigh Uí Dhuibhne", ar sí, "is
méin liom an trian eile don fheoil do bheir<bh>iughadh as
do los. A cceann bliadhna dá éis sin thug Maol Ua
Mananáin óig-fhear eile chugham féin, ní ba mhó luit ná
aon don bheirt eile, agus adubhairt: 'a chéile ghil agus <a>
iomlán mo shaoghail agus mo bheatha ná smuain ar aon
nídh dár imthigh ort, agus glac ar mo ghrádhsa an laoch
so, agus bhéarfadsa sásamh lúathgháireach duit fós, a
ngach nídh dá bhfuil ag déanamh buai<dh>rimh duit.' Air sin
do ghlacas chugam é gan focal freagra do thabhairt ar
Mhaol Ua Mananáin. Do bhí bliadhain a n-<a> othar agam
agus a cceann na haimsire sin do ghaibh buidheachas
liom agus do innis dom gur Mac do Sholamh Mac Lachtna
Rí Lochlann é, 'agus a rígh-bhean' ar sé ' bí<odh> a fhios
agad gur Sgiathán Sgiath-sholais is ainm dom féin' ar
sé, 'agus ag seo brat leap<th>an duit do chlúdóchadh


L. 111


fir Éireann uile fútha agus tórsda ar an machaire
is luime san aimsir is fuaire da dtáinig riamh, nó fós
dá dtiocfaidh choidhche. Air sin d'imthigh uaim. Agus
do theangmhas féin trom an bliadhain chéadna agus
ar chur an toirchis sin díom do thóg uaim é mar an ccuid
eile ionnas nach bhfeaca a bheag ná <a> mhór dá dtuairisg
ó shoin a leith. Agus do bhrígh gur fíor mo chaint agus
go bhfuilim geanmnuidhe fós ar gach fear ar dhruim an
domhain acht m'fhear fhéin féachtar an fheoil agus tá sí
go léir beirbhthe."



Éirgheas Maol Ua Mananáin go haosga agus do bhí
an fheoil uile réidh. Leagtar buird agus cuireas
Conán a sgian a mbarra faobhair agus gear<r>as Maol
Ua Mananáin éadan an tuirc agus do bhí mór-throigh
soille a cclár an éadain. Druideas Conán asteach
chum an bhuird agus goireas an Fhian uile leis agus
adubhairt le Maol Ua Mananáin gur mhithid sin, agus
nár chaith an Fian súipéar riamh is fearr do cheannaigh
féin ná é. Air sin adubhairt Maol Ua Mananáin nárbh
fhiú deoch fíor-uisge í. Séideas puith dá anáil fúithe
agus preabas an torc amach cómhmaith agus do bhí sí
riamh, ionnas ná béarfach an fear dob' fhearr a bhFianuidh-
eacht air. Féachas Conán go crái<dh>te ar Maol Ua
Mananáin agus adubhairt: "Is annsprid éigin
mhalluighthe do chuir ionár sligh indiu tú, agus ba
ar a luighead do Fhaolán do Chaoilte agus dómhsa
ár sáith dí d'fhágháil tar éis <a> fheabhas agus do chean-
nuigheamar í, agus tú dá reic linne a dtúis nár lughaide
a cabhail ná a cuid feola a rith ná a léim ar na bháireach
é," <ar> <Conán>.



"Síothcháin a ghaiscidhigh," ar an rígh-bhean, "do-
gheobhair do mhór-sháith gan mhoill."



"Maiseadh am' dhóigh" <ar> Conán "is fearr t'fhocal
leis ná focal an fhir so thug cuire dinnéir dúinn, agus
tar éis gach nídh dár imthigh, chonnarcais féin agus
cách créad do rinn sé linn!"


L. 112


Air sin leathas an rígh-bhean an scóraid roimh-ráidhte
agus bhí sásamh gach n-aon ar phlátaibh as a ccómhair, do
gach sórd bidh dá fheabhas agus dá bhlastacht dá mbéidir
do chuimhneamh air. Suidheas an Fhian uile, gach n-aon
do réir a chéime, agus suigheas an rígh-bhean mar aon
leó, agus Maol Ua Mananáin mar an gcéadna re mór-
fháilte roimh an bhFéin uile. Ibhid deoch ar a chéile d'éis
a mbeith go hiomlán sásda den bhiadh, agus ba sásda
iad uile dá ól. Leathas an rígh-bhean an brat do
fuair ó Mhac Ríogh Lochlonn agus luigheas an Fhian uile
le chéile faoi, agus ba theith tirim sásta gach n-aon
aca acht Fionn amháin agus Diarmuid.



Do thug <siadsan> tuile seirce agus trom-ghrádh do
inghin Riogh Inse Thuile, bean Mhaoil Uí Mhananáin, ionnas
nárbh fhéidir leo néall do chodla. Airsin éirgheas Fionn
agus téidheas chum an doirsín slat mar a bhfeacaidh
Maol Ua Mananáin agus an rígh-bhean a' dul. Agus
ar dteacht chum an dorais do, do fuair ró-dhaingean é ionnas
nár fhéad a fhosgailt. Air sin tarraingeas chuige a
sgian sgoith-ghéar agus cromas ar an doras do ghearra.
Éirgheas Diarmuid mar an gcéadna agus tig chum an
dorais, acht níor mhothuigh Fionn ann roimhe, ná Fionn
eisean. Tarraingeas Diarmuid amach a sgian agus
cromas ar an ndoras do ghearra, agus do bhí an dís
ag cómh-ghearradh an dorais gan <a> fhios ag aon díobh
an fear éile bheith ann, gur éirigh an lá go lán-shoillseach
ortha ar na mháireach, agus gá mbeidís acht ar fhaithche
na Teamhrach agus an crann pléisiúir fá n-a shuidhidís
go minic ó theas na gréine bun-ghearrtha nach mór ag
Fionn agus ag Diarmuid d'éis na hoidhche, agus an Fhian
uile ar an bhfaithche guirm féar-ghlais, sínte gan luid
iompa, a ccuid éadaigh fá na cceannaibh 'na
dtoirchim suain.




D'fhéach Fionn agus Diarmuid ar a chéile agus fia-


L. 113


ruighid dá chéile créad thug an dara fear ann. "A
Fhinn," ar Diarmuid, "mo mheas is d'aon aigne bhíomar
ar dtúis na hoibre seo." "As eadh gan amhras", ar
Fionn, "agus is náir dúinn an chruith iona bhfuil an bile
pléisiúir seo againn d'éis na hoidhche. Cuiream 'na
suidhe an Fhian," "ar Fionn, agus tréigeam an faithche
sul d'éirighidh aon do-chídhfeadh sinn." Déanadh
amhla sin.



"A Dhiarmuid isé siúd Donn na Doidhche bhí iona
Mhaol Ua Mananáin againn ó mhaidin indé, agus
d'imir an bheart so orainn d'fhéachaint méin a mhná,"
ar Fionn.



"Nár éirig a phósa leis!" ar Diarmuid, "is maith
do cheannuigh mise ó mhaidin indé é, agus ba chóir
dúinn Cnoc-an-tsodair do chaitheamh leis an muir."



"Ní bhainfeam leis," ar Fionn, "óir is maith an
charaid é féin.



Deire le na bhfuaireas
Miachael Ua hAnnracháin
an tan so fá haois
an Tighearna
1831



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services