Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Agallamh idir an Anam agus an Corp
Title
Agallamh idir an Anam agus an Corp
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1736
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1930)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Corpus. A chnu chailce chléibh 's a rún ghil na n-ae An bhfúigfirse mé do chompánach? Ba chubhartha do bhéal, ba mhuinte do mhéin, Is dubhach bhéad ad' dhéidh 's is dólásach Gan lúith in mo ghéig ná lonnradh im' ghné Faoi smúit ag an bpéist, gan sábháil dam, Im' smúdar i gcré, giodh túirseach an sgéal Gan súil leat dom' fhéachaint go lá'n-bhráth. Anima. A chrú liosta bhaoth, gan únsa de chéill, Fuagraim don dael thú go lá-'n-bhráth, Do dhrúis is do chraos is cionntach lem' phéin Is dfúig mise tréith-lag im shás bhocht
Dom' rúsgadh gach lae ó mhúr gheal na naomh, Fá dhú-bhrataibh déarach an d'láis ghuirt, Mo chúis ghuil le m' rae nár dhiultas do d'mhéin Sul ar stiúrais mé 'thréigean na ngrásta Corpus. A stóir ghil ná féach ar mhór-chortha an chléibh Do pósadh leat mé i mbroinn mháthar, Má dhóbhras bheith claon le póit is le craos Níor chóir duitse géilleadh dom dhíobhlásaibh Do sheólais gach laé mo ghlórtha 's mo mhéin 'S is brón liom gur baoghal duit chum díobhála 'S a leomhain ghlain tséimh de phór-fhuil na naomh Go bhfóire Mac Dé ort d'á mhór-grásaibh. Anima. A néoid bhocht bí saor, seo póg duit óm' bhéal S is leór dhuit i néiric do dhíobhlása Bheith dreóite faoi chré gan spórt is gan phléidh Gan glórtha bhinn' baoth' le h-ógánaibh: Fóir mé a Mhic Dé, is tóg mise ó phéin Chum sóghchuis na naomh geal go lá 'n bhráth Go bpósad lá an tSléibhe mo nuachar fá sgéimh Le glóire nach tréigfeam san ríogacht Neamhdha. An Ceangal. Don Ríoghacht neamhdha led' ghrásaibh go stiuraighthear mé, A Ardmhic rug Máire da humhalaoid césd sic Is na táinte d'ár gcáirdibh go mur thighead nDé sic Ag an mbás mbocht ó dfágbhas mo chrú croidhe a gcré.
Agallamh in anma agus a chuirp le cheile, mar is follus 'san lebhar dá ngoirthear "Dionisius Sicanus," edar mion-oibrighthibh in Dochtúir Diadha Ribert, Esbuic Lincoln, i Sacsan. An Cheud Chabidil: Feacht n-oen dá roibh dithrebhach áirithe do'n fhuil ríoghdha Fhranncach, agus ba shub- hálcach naomhtha a bhetha ar mbreith buadh ar na loctaibh ar mbeith dho a nárus aithridhe agus úrnuighe ar an bhfásach go spiriodálta a naimsir in gheimhridh.
go bhfacaidh in ní aoghantach uathbhásach, dar leis féin, re n-a ais: corp pecaigh fuair bás isna laethibh sin féin, agus go ttáinig in spiriod do bhí 'san ccorp sin go dubhach dobrónach dólásach ag sior-chaoinemh go truaigh-bhéileach tursach fo iomarcidh mi-ghnimha dubhálcach agus antola na colna ar an tsaoghalsa, agus do ghabh dá chreim agus dá cháinemh ris na h-athiscidhibh achmhasánacha so sios ag iomaifar a bháis síorruidhe agus a dhamnughadh go h-ifrionn
agus adubhairt:
A leughthóir, ná bí dána, Ná sginn re méd h-aleadhna: An saoghal, gidh sáimh a sheal Is baoghal a dháil fo deiremh. Smuain ar do bhetha ria mbás Tuig féin gur cás uathbhás Agallamh in anma is a chuirp Tabhair truaigh duit féin, a shen-chuirp.
An dara Cabidil: d'fhiafraighe in anma do'n chorp: A chollunn bhocht mhithreorach, mheruighthe mheta, mhillteach, a
righe na n-anmhían, a mháthair na bpecadh, a bhuime na bpían, a leasmháthair na subhálce, a roillic na mallacht, a éisdacht escaoine, a shúil lionsga,
, go d-é chuir 'san riocht sin thu, gan deilbh, gan dreach, gan biadh, gan édach, gan mhiollach, gan mhothughadh, gan treóir, gan tapadh, acht an pecadh!
Go d-é chuir bun os cionn thu acht do smuaintighthe sanntacha saoghalta, h-uabhar is h-onór, do ghoirm is do ghlóir, acht an pecadh! Nách tu bhí anae go subhálcach, suaithnidh, sotallach, go meir-ghradhach, mórdhálach, meidhreach mórmhen- amnach ar an tsaoghal bhocht bhreugach, lán do strodh, do dhiomas, is d'aingidheacht! 4 Taoi tu aniu do thorpán críadh, gan suim, gan áird, gan áiremh, h-árus daol is diabhal. Do b'uaibhrech áin aoghantach mithuisgeach go ttrásda thu.
Cá bhfuil in forba, in fearann agus in finechus do bhi tu ag cnúsach ariamh? Cá h-áit a bhfuilid na cúirte, na caisléin no na cathrecha do chuiris súas? Cár ghabh in crodh, in chlann agus in chonách do chaith tu? Cá bhfuil in bunadh, in bantracht, in t-aoibhneas, in t-ól, in ceól, in chuidechta, in lucht fresdail agus fritheóla do bhí agud? Ar ndóigh, is eisling do chonnairc tu. Agus cionnnus a thaithníos riot in riocht bocht deiróil a n-a bhfuilir anois, id' luighe id' oenfear 'san uaimhe gan do lucht oen leptha agud acht piasda do do chreim. Uchón! och! is mairg do lesaidh re h-iomad sóigh in corp sin dóibh! Feuch anois mullach do thighe ag tuitim ar do shróin, is gan cead iómpóidh agud. Atá do shúile druidthe, do bheul dúnta, do thenga gan urlabhra, agus do chédfadha uile ar n-a gclaochlodh, is do chailidheacht ar ndul a sechadh, acht do thruime amháin. d'imthigh do ludha, do lamhach, do ghal, do ghaisgedh, do luthmharacht agus do shubháilce ball. 4 Do sguir fesda comhmóradh, oirechtus, aoibhneas is oedhar do chompánidh ar gach taobh diot. 5 Do sherg blath do bhetha agus do dhearsgnacht, óir brisedh cuibhrech do chonailbhe,
.
Chuaidh tu a ccoimhthigheas ar do bhean, ar do chlainn is ar chách go coitchionn, ar mhodh go mbeidh in uile duine lán do ghráin ort fesda. Ni'l do chumh- aidh no do thuirse ar do bhen-chéile níos sía, óir do thruailligh áilne agus inneall do scéimhe. Agus, faraoir! bíodh nách mothuigheann tu duadh no dochar fós, uchón! och! is gerr uait na pianta suathaine siorruidhe,
, agus dubhairt:
"Mo mhallacht ort, a chollunn, Gur ba gunn gallann! Fa dheóidh is diombuan do chumann, A thorp criadh, a chollunn! Is mairg dár ba chéile cían tu, A bhen bhainse! Is olc agus is miansi A phéísd ghrána! Is tu do mhill go mór mise - Truagh in tuicse A ttigh ifrinn a ndíol do mhisge Buan an ghaisde."
An Treas Cabidil: D'fhregra in chuirp ar in anam. 1 A h-aithle na h-eolchuire agus in gheráin a dhénamh do'n spiriod, d'éirigh in chollunn na sesamh, amhuil do bheith beó; agus ar ndénamh mór-osna agus égcaoine 2 dhi, 'sí ró-ráidh "Cia thusa?" ar si; "Cionnus na briathra buile so liomsa? Nách tu in t-anam do bhí ag stiuradh in chuirp seo go ttrásda? Má's tu, chena, 3 ní fior duit a n-abair tu. Uait féin thánaig in uile olc chugainn. 4 Ar in adhbhar gur chruthuigh Dia thusa mar imháigh agus mar chosmhaile Dóféin; réir mar thug trí chumhachta dersgnaidhthe gnimhacha a n-oen anam amháin duit: meabhair, tuicse agus toil; tuille eile, fós, cúig céofadha ailne uaisle éccsamhla duit, maille re h-iomad tiodhlaicidhe. Cuir na ccean súd, fós, gur ghradhuigh comh mór sin thu, ar mhodh go ttug a oen-mhac nádúrtha féin ar do sgáth ar bherraibh na croise ceusda chun do shaortha ó mhodhsaine in diabhail. 5 Thug, mar an ccédna, mise, bochtóg, do bhí mar innilt duit chun do sheirbhise chun go ndénfam leór- ghníomh agus lesadh, agus go bhfuigheam loghadh is luadhachta ar an saoghalsa.
Acht, chena, ba h-arm a láimh amuide na tiodhlaicidhe sin thabhairt duitse; agus ba maith ar anduine, maith a dhénamh ortsa, óir do bhris tu dlighe De' agus do lean tu in tslighe chodarsna ar lorg na locht. Ar in adhbhar sin ó is tusa in bhean-tigherna agus gur mise in bhean-óglach, agus gurab agudsa amháin do bhí in chiall agus in résún le ar ndligh tu sinn araon a stiúradh 'san mbetha iolchrotha saoghaltasa, is ro-thruagh thug tu do thoil agus do aonta dochum na ndroch-ghnímha toirmisgthe truaillighthe sin do dhénamh; agus do dhemhin ó thugais go h-éccórach écceart do do thoil, is ort fein id' oenfear is cóir aithfer gach uilc do bheith, agus ní h-ormsa, donóg, bhí gan chíall, gan résun. Acht, a Dhia, nár leór dhamhsa m'fhuil agus m'fheóil, mo ghille agus mo dhirge, mo dhath agus mo chruth, a bheith ag morgadh, ag lomhadh agus ag leghadh; go ndernadh cnumha gnímhacha dhíom uile, bhias ag creim mo chnámh gan sgith 'san ccarcar cruadh cumhang so ar sgath
, agus gan mo dhamnughadh siorruidhe. Acht, monuar, is gein do chuaidh ó fhurtacht mé, agus dubhairt:
"A anam nách nderna mo leas, Druid uaim ó rinnis m'aimhleas; A mbrugh ifrinn - cúis gan cheilt - Ba soléir suathain ár ccomhghleic.
An cethramhadh Cabidil: - d'fhregra in anma ar an ccorp. 1 "Ní fhágfadsa thu fós," ar in spiriod, agus seasfad ad' aghaidh agus tairgfead h-aighneas éccórach écceart a chur ar ccúl; agus dubhairt: 2 "A chollunn, a thruaill thana tholl, a bhochtóg bhocht bheul-sgaoilte, a shacáin shiabhartha shalach, a chonablach mhillteach mhallaighthe, a shen-bháid sgaoilte sgannalach, a amuid uaillech aimhnáirech, a mheirdrech dhiomhain droch-chomhairlech, 3 cia mhuin duit labhairt comh géar goirt gráinemhail sin liomsa? Tuig, mar an ccédna, - gidh go ndubhrais mórán do'n fhírinne, gan féchint dósin, - in tan ba 4 mhían liomsa srían a chur le do sháluidheacht agus re do ain-mhíanaibh dod' chongbháil ó olc le píantaibh le h-anrodh, le h-ocrus, le tart, le trosgadh, le treighnios, le torrach, le tuiris, le dusgadh fada, le droch-lebadh, le smaintighibh díadha agus le h-urnuighibh, gurab annsoin do thosuigh tusa diomhaoineas an tsaoghail a ghradhughadh go ró-mhór mar ailecán an-aoghantach, gur tharraing brigh do chédfadha chuiche féin ar mhodh gur leig tu a shecadh go súarach in uile cuidemh grása, bruidemh consiasa agus teagasg senmór dá bhfuairis ó Dhia ariamh, ag muchadh do thuicse le h-anmhían na h-antola, ag ithe, ag ól, ag pótaracht, ag gaduigheacht, ag sladuigheacht, ag stripeachus, ag brisedh na n-aithenta, ag sechnadh na subháilce, ag labhairt go
gáirsemhail graosda, agus ag ligint in uile dualgais díadha thart gan suim, agus ag tabhairt a sásadh féin do'n chollunn go greis, no go rug anbhuadh in bháis agus tennall in euga ort a líontaibh in tsen-phecaidh, no gur thuit a ccédóir 'san lebadh sin a bhfuilir anois, as lár h-aoibhnis agus h-acmhuine, h-inmhe agus h-onóra, is gan ar do sheilbh acht in eisléine. 1 Is fíor gur dhomhsa ba chóir do stiúradh o ainmhían agus ó annfadh urcódach na bethasa, óir is agamsa bhi árd-thighernas agus maighstreacht ort, gidhedh do mhell tusa mise le cluaintibh sáimhe saoghalta, ag tabhairt uirrim dhuit go h-athbhrisg tuitmech, mesaim go fírinneach gur tu is truime cionntach agus is mó do shaorthuigh na pianta so dhúinn - acht ní bherfeam fesda ar ár n-aithrechus. 2 Ar ttuicsint do'n cholluinn go mb'fhíor in comhrádh sin do'n anam, do sgred agus do sgrech, ag gol agus ag éccaoinedh a locht féin; agus gidh nách roibh tairbhe dhí 'san aithridh sin, do thinnscain a bheith ag aithfear ar a máthair Ebha, agus dubhairt:
Níor bh'eól di in cháin do chomhall, Truagh nách roibh ar fuighioll, Ben do chuaidh ar fúd abhaill Rug m'anam uaim ar ubhall.
An Cúigeadh Cabidil: d'fhregra na colna. 1 D'fhregair in corp in t-anam le brithraibh gola géránacha, agus dubhairt: 2 "A charuid ionmhuin go ttrásda," ar sé, "tamuid araon coirthech a bhfidhnuise Dé agus an tsaoghail, agus a láthair ár ttigherna Iosa Críost, ar in adhbhar tar éis é d'ár ccennach go daor doilghe do-fhaisnéis do ligeamair luach a chuid fola agus feóla amugha agus a naisgidh a ngeall ar mhaitheas deireóil agus ar shólás gearr-bhuanach saoghalta. Támuid anois in'-eiric sin ar ár ndol a ccuidechta a chéile chum na bpían sior- ruidhe suathain tré bith síar agus tré mhór-cheart Dé. 3 Acht ní h-ionann coirthe dhúinn araon, ar in adhbhar 4 ó is agudsa do bhí in chiall agus an résún agus do bhí stiúradh na betha imeart go maith no go h-olc, réir 3 na tola saoire bhí agud, is ort is córa
<5>
na píanta is cruaidhe do thabhairt, mar 6 is féidir a dherbhadh le h-iliomad résun go soléir.
1 Ar tús dá mba áil leat Día oirdhirc uile-chomhachtach adhradh go foirfe, agus gan onóir Dé a thabhairt do'n tsaoghal no do'n cholluinn ar chomhairle in diabhuil, acht in Dúilleamh do ghrádhemh go critheglach comhedach os cionn gach uile ní, d'éireochaidhe go maith dhúinn. Arís, dá ndeintá cóir agus comhthrom edar in truagh agus in treun, agus gan lámh-láidir a legadh ar an bhfann, agus do dheirc do'n mbocht mar ghell ar Dhía go trócarach, bentrebhidh agus dilechtidhe do chumhdach, agus gan dibert ná díbhfeirge a dhénamh ar an eglus, do dhénfadh Día trócaire orruinn fo dheiredh. An treas fecht dá sechná droch-chuidechta 2 na ndaoine millteach mailliosach dobheir aghaidh ar gach olc, ag imeart, ag ól, ag adhaltranus, ag dénamh feille, finghaile agus dúnmharbhtha, ag creim agus ag cáinemh na ndaoine eile, ag tabhairt na mionn mór,
agus ní bheurfadh díomas an tsaoghail buadh ar cheachtar dhínn. Anois, ó thárla mise pósda cengailte leatsa ar an mbetha saoghalta agus go bhfuaireas rann do do shochar talmhuidhe agus dod' shólás saoghalta, is fíor nách ttéid maith amugha ná olc gan dighailt, sé is luadhachta dhamhsa le do mhaillios, na neithe do chi tu láthair - óir na buill le ndernadh na lochta, táid ag at agus ag lombadh
do bhreuntas morgaidh agus droch-bholadh ag teacht diobhtha. Táid daoil, cithróigidhe agus péisde agus aithre
nimhe
dul tríom síar,
tré fuinneogaibh mo chédfadha.
Is measa liom ná sin uile, in teaghus caol, cumhang, daor-ghrúma, an-shocair so, 'na bhfuilim dúnta daingean go h-aonarach 'san uaimhe go lá in bhreithemhnuis. Mo thruaigh! mo thruaigh! beidh sin dom' chrádh go minic. Gan féchint do sin, atá fhios agam go n-éireóchaidh mé 'do chuidechta lá in bhreithemhnuis; agus, faraoir! ní athruigh ar glan sin ó'n uaimh go Sliabh Síon agus ó sin go tinnte tinndhala ifrinn, áit a mbíam d'ár bpiánadh in fhed bheis Día ag caithemh na glóire síorruidhe - o bhás gan bás! nech do chuaidh os cionn gach uathbháis; o bhetha gan betha! ó mháirg go mallacht, ó phían go píanóid gan crích gan forchenn. Is truagh sinn ag dul do eug gach momett agus gach uair, agus gan ar ár gcumas dul ar nemhnidh, acht a bheith croch-bheó go síorruidhe. A chriosdaighe chroidhe, cuireadh na brithraso eagla ort, agus tuig go grinn an rann so síos:
Fiodhbhadh críonn cnámha mo cholna; Cumhdach fallsa feól mo bhall; Úir gan toradh, cré mo cholna; Talamh mé agus anam ann, <Úir mo charad tar úir eile, Ní aithním is an uaimh. Ag seo am' láimh é, 's ní aithním, Cnáimh an té - d'aithnínn uaim.>
An Seisemh Cabidil: Do nuaillghubha in anma. 1 Annsin d'éimh an spiriod le nuaillghuth truagh tursach agus le tornidh? truaghbhéileach triamhunach, agus go grúma geránach, agus go dían docrach do-choisgthe, go ndubhairt: "Uchón! och!" ar sé, "
; is truagh nách am' chloich, am' mhaide, no am' iarann do bhíos, a nádúr na neithe nemh-urchódach!
Annsin do ghlac racht gola agus eolchuire in t-anam, agus do chan na brithra so sios ar mhodh edhlaidhna.
Mo sgred chráite! is truagh mo chás-
, Mé bheith beo go ttí an tráth so. Créd fa ndernas cionnta grána A naghaidh Dé agus mathios mh'anma? 'Snách do'n chloinn mé geinedh ó Adhmha, Acht crétúir do chrúithigh Righ na ngrása, Chum na betha síorruidhe sásda. Le toil na colna is mairg do thárla! Mo thruagh do chonnairc mé in lása Mar a chailleas in uile tairbhe! - - Flaitheas Dé le méd meanma: Ar an tsaoghal ag íarridh garma. 'Sé an sáimhín aithrech marga A bheith choidhche a bpíantaibh searbha: Le saoghal na saoghal ag sin mo thearma,
. A bpiantaibh ifrinn is ro-mhór m'uaill. A righ na sluagh ní maith in ní, Mo thecht ar in tsaoghalsa ariamh is truagh, Dul a lebadh fúar <ós dam is críoch>., etc.
An Seachtmhadh Cabidil: Do cheist in chuirp ar an anam. 1 Is annsin do labhair in corp ris an anam do bhí tursach triamhunach a h-aithle in cluithe caointe sin do thug ós árd os cenn na h-uaimhe agus dubhairt: 2 "Cuirim forcedal ort, a spiriod," ar sé, "fa go n-inneósa dhom go d-é na píanta do chonnairc tu a n-ifrionn; no bhfuil fáth dhothchuis ag in drong dhamanta as trócaire Dé no as pháis Criost -? 3 No, fós, an bhfuil céim sochair ag na daoinibh uaisle onóracha - na righthibh, na tighernaibh, no na pre- lóidighibh - do bhí go ttrásda a bhflaitheas in tsaoghail- sa; no bhfuil dúil no dothchuis aca fuasgladh fhaghail as forba, fearann, finechus; as ór, airgiod no iolmhai- theas? An t'-ochtmhadh Cabidil: d'fhregra in anma. 4 "A chollunn," ar sé, "tá do cheist gan chiall, mar ba mhinic le do chomhrádh go ttrásda bheithar in adhbhar, no go n-áirmhighthear reulta nimhe, gainemh na tráighe agus feur na talmhan, agus go ttoimhsighthear in fhairrge mhór 'na mion-bhraonaibh, ní féidir ínnsint no áiremh a chur ar phíantaibh ifrinn, ar a mhéd agus ar a éccsamhlacht, óir atá árus na bpían go h-allta uathbhásach a n-úirmheodhan na talmhan go diamhair doimhin ar mhodh go mbeurfá ar lán-dhorn do'n dhor-
chadas ann. Gan féchint dósin, chífe tu in uile ní rachus a ndochar dhuit, agus ní fheicfe tu aen ní rachus a sochar dhuit; acht beidh gach uile ní do riachtanas ort, agus gan riachtanas ar bith ar fhaghail agud, acht in bás a ccenn gach mómett, agus tu dod' athnughadh arís chum in bháis cédna, agus tu mar sin a seirg eug do gnath, gan bás, gan betha
; agus beidh tu mar sin lán d'eirc agus d'éigean, lán d'ainis agus d'amhgar, lán do bhochtaine agus do dhaibhreas, lán do thinneas agus do thrioblóide agus d'esláinte, a ttellach tinnte na bpían, mar bhfuil pláighe agus ocrus, comharc oisnidh agus dortadh deór agus bualadh bas; mar bhfuil síansán truagh tursach na ndeamhan agus na ndiabhal níata, naimhdech, n-athgharbh, ag fresdal agus ag frithóladh na bpían tintidh dofhaisnéis do na daoine damanta réir méid agus misúir a bpecaidh. Tá drong aca da gcascairt agus dá ngerradh;
; drong da meilt agus da mionbhrughadh; drong da mbruith agus da mbeirbhiughadh a bpic agus
Responsio anime ad corpus. 4 Corpus, ista quaestio caret ratione. a roisín agus a miotalaibh éccsamhla eile agus a srothaibh tinntighe, tairpighe, sulphuir agus salehair re n-a ngnúisibh agus re n-a n-aighthibh. Edar gach pían athbhél-mhór eile a n-a bhfuilid, táid a ttinnte nách múchann uisge agus a snechta nách leaghann teine, agus in leac aere agus in reódh da síor- chrádh. Atá léim aca ó'n teas chun an fhuachta agus ó'n fhuacht chun na teine; leim eile aca ó'n tsorn
a mbeul na bpéisd urchódach fíor-ghrána, no go ruaigfar uatha arís tar n-ais trés in uile uathbhás chun an tsoirn chédna. Táid aithrecha nimhe agus péisde gráinemhla ag siúbhal ar gach ball díobhtha da sniomhadh agus da snoighe. Táid cnumha a cconsíasa mallaighthe ag dénamh fidhnuise 'na n-aghaidh gur cóir agus gur comhthrom a mbeith 'san bpianóid bhruid sin. Tá in t-édóchus da sergadh, in tuicse da ngerradh, in toil da sgrúidemh, agus racht na feirge da ttáchtamh, agus mebhair na bpecadh da sgiúradh; agus beidh mar sin a n-amhgar an bháis ag clamhadh a chéile agus ag imdhergadh agus ag masladh na Trinóide féin tré bhith síor.
1 Do thaobh na ceiste eile do chuiris orm: cionnus táid na righthe saoghalta a nifrionn - Atá Nían mac Péil, Caesar, Pompidh, Marcus Crás, Alasdrann uaibhreach, agus righthe diomasacha na cruinne ceathardha fo phíantaibh daora dochracha ann. Acht tá ní chena, is measa agus is truime go mór in phían agus in philóid a n-a bhfuilid na droch ghubhernóiridhe criosduighthe agus prelóidighe claon-bhrethacha na h-egluise ná iad sin uile. Taid lucht in fhuar-chrábha, lucht na siomun- achta, lucht na fola, lucht in dunmharbhtha, lucht na drúise gráinemhla, lucht na h-usmharachta, lucht in diomais,
a bhfíor-íochtar ifrinn fo thuile na bpían, agus gach drong ann-mhíanach eile ó sin amach réir mar do thuill a ngnímha dhóibh. 2 Anois glac fa dheóigh fuasgladh 'san treas cheist do chuir tu orm: "An ndéntar trócaire ar in droing sin, no an ngabhthar fuasgladh asda:
. Bíodh fhios agud dá mbeidis naoimh na cruinne ar aon úrnuighe go brách, agus uird riaghalta in domhain 'na bhfíor-throsgadh go h-eug, agus firéin na betha ag tabhairt maitheas na talmhan mar dhéirc ar son oen anma da bhfuil a n-ifrionn íochtarach, nách ndénfadaois rann faoithimh, furtacht no fuasgladh air; ar in adhbhar nách féidir le h-ainglibh nimhe, ar ór agus édáil in domhain
foirthin
thabhairt do'n drong damanta in saecula saeculorum.
Brónach in brugh trebh Fuar na drithléin dían <'Sé sin> in dún dichumhang daor Priosún
na bpían.
An naomhadh Cabidil: d'urghárdus na ndíabhal ag breith in anma leó go h-ifrionn ar ndul a n-édóchus as trócaire Dé
. 1 A h-aithle in árd-sgéil sin, do sgaoiledh do'n anam agus do'n chorp ar tuitim 'san uaímhe
2 ar chlos uaththás ifrinn - go d-é do chí in t-anam bocht chuige 'san tslighe fa'n am sin acht dha dhiabhal ba dhuibhe no gúal gabhann, agus lucht filidheachta agus pintóireachta in domhain níor bhféidir leo éccosg no samhail na dise sin a sgriobhadh no fhaisnéis ar a n-uathbhásidh agus ar a ndroch-dhealbha. 3 Ar tteacht a láthair dóibh a ccédóir, do sháith siad in dá chrúca chroma, cruadh-ghérra, comh-dheirg iarnuidhe abhus agus thall 'san spiriod damanta sin, agus do rollsed etortha é da cheusadh go dorus ifrinn agus eisen ag búiredh agus ag béicidh. Thánic annson slóighte diabhul agus deamhan ag dénamh luthaire rompa a bh'féidir leo, agus ag comh-mhaoidhemh in chosgair sin agus ag fonóid fo in anam bocht a damnuighedh.
1 Agus is amhla bhídís ag tabhairt buidhechuis dó fa n-a sheirbhís dhóibh ar an tsaoghal, óir is iomdha duine do mhill sé le n-a dhroch-eisiomplár, meisge, striopachus, etc.; agus da chionn sin go bhfuighedh sé lúach agus luadhachta diongmhála a bhfochair Lucipher, agus a lebadh da chórughadh a naice a lebaidh féin go brách ar tinnteán na bpían, ag éisdeacht le h-úirlidhacht na ndhiabhal, le braoghnachus na bhfoireann fíor-ghrána, le tunnioll na n-uisgidh, le súisdredh
na bpíast ndeamhnuidhe, le sgredach
na droinge damanta gan furtacht a choidhche agus go brách. 2 Do sgannridh an t-anam go h-athbhél-mhór ar feicsint
na bpían ullmhighthe infhedhma chuige, agus dubhairt: A Iosa Críost, a mhic Dé, dén trócaire ar do chrétúir bhocht féin!" d'fhregair na diabhail é ag dénamh fonóid fo in anam bocht do damuuighedh in dara fecht, agus dubhairt: "Is ro-mhall a ghoireas tu ar chabhair agus ar ainm do thigherna Dé; agus is écciall duit; óir is dúinne do bhí tu ag denamh seirbhíse, nách orruinn féin is cóir duit coimirce iarridh.
1 Acht anois tar éis breith thabhairt ort agus tu
théacht ar ár lámhaibh, agus gan dul le h-athbhreith- emhnus agud - tuig fesda go mbeidh tu a ccosmhaile nádaire linne mar gach diabhal eile againn ag mallughadh Dé go síorruidhe. Is fíor dubhradar sin, óir do chas in dá spiriod mallidh sin 'na mheall tinntidh tiompuill, agus thlig gan mhoill a mbeul ifrinn 'san teinidh é. Níor chían do annsin nuair do chuaidh a n-édóchus ar Dhía, na naomh agus na n-aingeal, agus dubhairt:
Mo thigherna dom' thréigin ó tá, Ag iarridh grása air ní bhiú; Diúltiom do'n ghlóir, diúltíom do Dhía; Ní bhéad níos fuide dá righe riú. Tigh ifrinn ní h-é mo ghradh, Ní'l grían ann no gin-cheól; A bheith a bpéin ó 'sé ár ndáil, Dubh shlán Dé fesda fúinn.
2 Do sgannridh in dithrebhach naomhtha as a shuan go critheglach, agus do bhuail ag guidhe Dé go díochrach fo gan a leithide sin d'anbhás fhaghail dóféin go brách. Is cóir, fós, do'n uile criosduighe aithris a dhénawh air d'oidhche agus do ló, agus daorbhetha in phecaidh a shecnadh go deóigh. Guidhim Dia uile-chumhachtidh go ttigidh liom féin agus le gach Criosduighe degh-bhás in dithrebhaigh fhaghail. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services