Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Agallamh idir an Anam agus an Corp

Title
Agallamh idir an Anam agus an Corp
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1736
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1930)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Corpus.



A chnu chailce chléibh 's a rún ghil na n-ae
An bhfúigfirse mé do chompánach?
Ba chubhartha do bhéal, ba mhuinte do mhéin,
Is dubhach bhéad ad' dhéidh 's is dólásach
Gan lúith in mo ghéig ná lonnradh im' ghné
Faoi smúit ag an bpéist, gan sábháil dam,
Im' smúdar i gcré, giodh túirseach an sgéal
Gan súil leat dom' fhéachaint go lá'n-bhráth.



Anima.



A chrú liosta bhaoth, gan únsa de chéill,
Fuagraim don dael thú go lá-'n-bhráth,
Do dhrúis is do chraos is cionntach lem' phéin
Is dfúig mise tréith-lag im shás bhocht


L. 45


Dom' rúsgadh gach lae ó mhúr gheal na naomh,
Fá dhú-bhrataibh déarach an d'láis ghuirt,
Mo chúis ghuil le m' rae nár dhiultas do d'mhéin
Sul ar stiúrais mé 'thréigean na ngrásta



Corpus.



A stóir ghil ná féach ar mhór-chortha an chléibh
Do pósadh leat mé i mbroinn mháthar,
Má dhóbhras bheith claon le póit is le craos
Níor chóir duitse géilleadh dom dhíobhlásaibh
Do sheólais gach laé mo ghlórtha 's mo mhéin
'S is brón liom gur baoghal duit chum díobhála
'S a leomhain ghlain tséimh de phór-fhuil na naomh
Go bhfóire Mac Dé ort d'á mhór-grásaibh.



Anima.



A néoid bhocht bí saor, seo póg duit óm' bhéal
S is leór dhuit i néiric do dhíobhlása
Bheith dreóite faoi chré gan spórt is gan phléidh
Gan glórtha bhinn' baoth' le h-ógánaibh:
Fóir mé a Mhic Dé, is tóg mise ó phéin
Chum sóghchuis na naomh geal go lá 'n bhráth
Go bpósad lá an tSléibhe mo nuachar fá sgéimh
Le glóire nach tréigfeam san ríogacht Neamhdha.



An Ceangal.



Don Ríoghacht neamhdha led' ghrásaibh go stiuraighthear mé,
A Ardmhic rug Máire da humhalaoid césd sic
Is na táinte d'ár gcáirdibh go mur thighead nDé sic
Ag an mbás mbocht ó dfágbhas mo chrú croidhe a gcré.


L. 48


<B 1681-1820lsí 18L>
GzzzzzL
U 0401



Agallamh in anma agus a chuirp le cheile, mar is follus
'san lebhar dá ngoirthear "Dionisius Sicanus,"
edar mion-oibrighthibh in Dochtúir Diadha
Ribert, Esbuic Lincoln, i Sacsan.



An Cheud Chabidil: Feacht n-oen dá roibh dithrebhach
áirithe do'n fhuil ríoghdha Fhranncach, agus ba shub-
hálcach naomhtha a bhetha ar mbreith buadh ar na
loctaibh ar mbeith dho a nárus aithridhe agus úrnuighe
ar an bhfásach go spiriodálta a naimsir in gheimhridh.
<Níor chían dhó ann> go bhfacaidh in ní aoghantach
uathbhásach, dar leis féin, re n-a ais: corp pecaigh fuair
bás isna laethibh sin féin, agus go ttáinig in spiriod do
bhí 'san ccorp sin go dubhach dobrónach dólásach ag
sior-chaoinemh go truaigh-bhéileach tursach fo iomarcidh
mi-ghnimha dubhálcach agus antola na colna ar an
tsaoghalsa, agus do ghabh dá chreim agus dá cháinemh
ris na h-athiscidhibh achmhasánacha so sios ag iomaifar
a bháis síorruidhe agus a dhamnughadh go h-ifrionn
<uirre> agus adubhairt:




A leughthóir, ná bí dána,
Ná sginn re méd h-aleadhna:
An saoghal, gidh sáimh a sheal
Is baoghal a dháil fo deiremh.
Smuain ar do bhetha ria mbás
Tuig féin gur cás uathbhás
Agallamh in anma is a chuirp
Tabhair truaigh duit féin, a shen-chuirp.


L. 50



An dara Cabidil: d'fhiafraighe in anma do'n chorp:
A chollunn bhocht mhithreorach, mheruighthe mheta,
mhillteach, a <chnáimh-> righe na n-anmhían, a
mháthair na bpecadh, a bhuime na bpían, a leasmháthair
na subhálce, a roillic na mallacht, a éisdacht escaoine,
a shúil lionsga, <a chrann dona>, go d-é chuir 'san riocht
sin thu, gan deilbh, gan dreach, gan biadh, gan édach,
gan mhiollach, gan mhothughadh, gan treóir, gan
tapadh, acht an pecadh! <Cred do leag go lár agus go
lán-talmhain thu, gan mhuirn, gan mheaghair, gan
mhuirear, gan mhuinntir, acht an peacadh!> Go d-é
chuir bun os cionn thu acht do smuaintighthe sanntacha
saoghalta, h-uabhar is h-onór, do ghoirm is do ghlóir,
acht an pecadh!



Nách tu bhí anae go subhálcach, suaithnidh, sotallach,
go meir-ghradhach, mórdhálach, meidhreach mórmhen-
amnach ar an tsaoghal bhocht bhreugach, lán do strodh,
do dhiomas, is d'aingidheacht!



4 Taoi tu aniu do thorpán críadh, gan suim, gan áird,
gan áiremh, h-árus daol is diabhal. Do b'uaibhrech
áin aoghantach mithuisgeach go ttrásda thu.


L. 52


Cá bhfuil in forba, in fearann agus in finechus do bhi
tu ag cnúsach ariamh? Cá h-áit a bhfuilid na cúirte,
na caisléin no na cathrecha do chuiris súas? Cár ghabh
in crodh, in chlann agus in chonách do chaith tu?
Cá bhfuil in bunadh, in bantracht, in t-aoibhneas, in
t-ól, in ceól, in chuidechta, in lucht fresdail agus fritheóla
do bhí agud? Ar ndóigh, is eisling do chonnairc tu.



Agus cionnnus a thaithníos riot in riocht bocht deiróil
a n-a bhfuilir anois, id' luighe id' oenfear 'san uaimhe
gan do lucht oen leptha agud acht piasda do do chreim.
Uchón! och! is mairg do lesaidh re h-iomad sóigh in
corp sin dóibh!



Feuch anois mullach do thighe ag tuitim ar do shróin,
is gan cead iómpóidh agud. Atá do shúile druidthe,
do bheul dúnta, do thenga gan urlabhra, agus do
chédfadha uile ar n-a gclaochlodh, is do chailidheacht
ar ndul a sechadh, acht do thruime amháin. d'imthigh
do ludha, do lamhach, do ghal, do ghaisgedh, do
luthmharacht agus do shubháilce ball.



4 Do sguir fesda comhmóradh, oirechtus, aoibhneas is
oedhar do chompánidh ar gach taobh diot.



5 Do sherg blath do bhetha agus do dhearsgnacht, óir
brisedh cuibhrech do chonailbhe, <agus báidhedh do
ghradh>.


L. 54


Chuaidh tu a ccoimhthigheas ar do bhean, ar do
chlainn is ar chách go coitchionn, ar mhodh go mbeidh
in uile duine lán do ghráin ort fesda. Ni'l do chumh-
aidh no do thuirse ar do bhen-chéile níos sía, óir do
thruailligh áilne agus inneall do scéimhe.



Agus, faraoir! bíodh nách mothuigheann tu duadh no
dochar fós, uchón! och! is gerr uait na pianta suathaine
siorruidhe, <agus aontigheas in diabhail a ndúnbhrúg-
haibh duaibhseacha ifrinn>, agus dubhairt:




"Mo mhallacht ort, a chollunn,
Gur ba gunn gallann!
Fa dheóidh is diombuan do chumann,
A thorp criadh, a chollunn!
Is mairg dár ba chéile cían tu,
A bhen bhainse!
Is olc agus is miansi
A phéísd ghrána!
Is tu do mhill go mór mise -
Truagh in tuicse
A ttigh ifrinn a ndíol do mhisge
Buan an ghaisde."


L. 56



An Treas Cabidil: D'fhregra in chuirp ar in anam.



1 A h-aithle na h-eolchuire agus in gheráin a dhénamh
do'n spiriod, d'éirigh in chollunn na sesamh, amhuil
do bheith beó; agus ar ndénamh mór-osna agus égcaoine
2 dhi, 'sí ró-ráidh "Cia thusa?" ar si; "Cionnus na
briathra buile so liomsa? Nách tu in t-anam do bhí
ag stiuradh in chuirp seo go ttrásda? Má's tu, chena,
3 ní fior duit a n-abair tu. Uait féin thánaig in uile olc
chugainn.



4 Ar in adhbhar gur chruthuigh Dia thusa mar imháigh
agus mar chosmhaile Dóféin; réir mar thug trí
chumhachta dersgnaidhthe gnimhacha a n-oen anam
amháin duit: meabhair, tuicse agus toil; tuille eile,
fós, cúig céofadha ailne uaisle éccsamhla duit, maille
re h-iomad tiodhlaicidhe.



Cuir na ccean súd, fós, gur ghradhuigh comh mór sin
thu, ar mhodh go ttug a oen-mhac nádúrtha féin ar
do sgáth ar bherraibh na croise ceusda chun do shaortha
ó mhodhsaine in diabhail.



5 Thug, mar an ccédna, mise, bochtóg, do bhí mar
innilt duit chun do sheirbhise chun go ndénfam leór-
ghníomh agus lesadh, agus go bhfuigheam loghadh is
luadhachta ar an saoghalsa.


L. 58


Acht, chena, ba h-arm a láimh amuide na tiodhlaicidhe
sin thabhairt duitse; agus ba maith ar anduine, maith
a dhénamh ortsa, óir do bhris tu dlighe De' agus do
lean tu in tslighe chodarsna ar lorg na locht. Ar in
adhbhar sin ó is tusa in bhean-tigherna agus gur mise
in bhean-óglach, agus gurab agudsa amháin do bhí in
chiall agus in résún le ar ndligh tu sinn araon a stiúradh
'san mbetha iolchrotha saoghaltasa, is ro-thruagh thug
tu do thoil agus do aonta dochum na ndroch-ghnímha
toirmisgthe truaillighthe sin do dhénamh; agus do
dhemhin ó thugais go h-éccórach écceart do do thoil,
is ort fein id' oenfear is cóir aithfer gach uilc do bheith,
agus ní h-ormsa, donóg, bhí gan chíall, gan résun.



Acht, a Dhia, nár leór dhamhsa m'fhuil agus m'fheóil,
mo ghille agus mo dhirge, mo dhath agus mo chruth,
a bheith ag morgadh, ag lomhadh agus ag leghadh;
go ndernadh cnumha gnímhacha dhíom uile, bhias
ag creim mo chnámh gan sgith 'san ccarcar cruadh



cumhang so ar sgath <h-uilcse agus do dhroch-ghninmh-
hartha>, agus gan mo dhamnughadh siorruidhe. Acht,
monuar, is gein do chuaidh ó fhurtacht mé, agus
dubhairt:




"A anam nách nderna mo leas,
Druid uaim ó rinnis m'aimhleas;
A mbrugh ifrinn - cúis gan cheilt -
Ba soléir suathain ár ccomhghleic.


L. 60



An cethramhadh Cabidil: - d'fhregra in anma ar an
ccorp.



1 "Ní fhágfadsa thu fós," ar in spiriod, agus seasfad
ad' aghaidh agus tairgfead h-aighneas éccórach écceart
a chur ar ccúl; agus dubhairt:



2 "A chollunn, a thruaill thana tholl, a bhochtóg
bhocht bheul-sgaoilte, a shacáin shiabhartha shalach, a
chonablach mhillteach mhallaighthe, a shen-bháid
sgaoilte sgannalach, a amuid uaillech aimhnáirech, a
mheirdrech dhiomhain droch-chomhairlech,
3 cia mhuin duit labhairt comh géar goirt gráinemhail sin
liomsa? Tuig, mar an ccédna, - gidh go ndubhrais
mórán do'n fhírinne, gan féchint dósin, - in tan ba
4 mhían liomsa srían a chur le do sháluidheacht agus re
do ain-mhíanaibh dod' chongbháil ó olc le píantaibh le
h-anrodh, le h-ocrus, le tart, le trosgadh, le treighnios,
le torrach, le tuiris, le dusgadh fada, le droch-lebadh,
le smaintighibh díadha agus le h-urnuighibh, gurab
annsoin do thosuigh tusa diomhaoineas an tsaoghail a
ghradhughadh go ró-mhór mar ailecán an-aoghantach,
gur tharraing brigh do chédfadha chuiche féin ar mhodh
gur leig tu a shecadh go súarach in uile cuidemh grása,
bruidemh consiasa agus teagasg senmór dá bhfuairis
ó Dhia ariamh, ag muchadh do thuicse le h-anmhían
na h-antola, ag ithe, ag ól, ag pótaracht, ag gaduigheacht,
ag sladuigheacht, ag stripeachus, ag brisedh
na n-aithenta, ag sechnadh na subháilce, ag labhairt go


L. 62


gáirsemhail graosda, agus ag ligint in uile dualgais
díadha thart gan suim, agus ag tabhairt a sásadh féin
do'n chollunn go greis, no go rug anbhuadh in bháis
agus tennall in euga ort a líontaibh in tsen-phecaidh,
no gur thuit a ccédóir 'san lebadh sin a bhfuilir anois,
as lár h-aoibhnis agus h-acmhuine, h-inmhe agus h-onóra,
is gan ar do sheilbh acht in eisléine.



1 Is fíor gur dhomhsa ba chóir do stiúradh o ainmhían
agus ó annfadh urcódach na bethasa, óir is agamsa
bhi árd-thighernas agus maighstreacht ort, gidhedh do
mhell tusa mise le cluaintibh sáimhe saoghalta, ag
tabhairt uirrim dhuit go h-athbhrisg tuitmech, mesaim
go fírinneach gur tu is truime cionntach agus is mó do
shaorthuigh na pianta so dhúinn - acht ní bherfeam
fesda ar ár n-aithrechus.



2 Ar ttuicsint do'n cholluinn go mb'fhíor in comhrádh
sin do'n anam, do sgred agus do sgrech, ag gol agus ag
éccaoinedh a locht féin; agus gidh nách roibh tairbhe
dhí 'san aithridh sin, do thinnscain a bheith ag aithfear
ar a máthair Ebha, agus dubhairt:




Níor bh'eól di in cháin do chomhall,
Truagh nách roibh ar fuighioll,
Ben do chuaidh ar fúd abhaill
Rug m'anam uaim ar ubhall.


L. 64



An Cúigeadh Cabidil: d'fhregra na colna.



1 D'fhregair in corp in t-anam le brithraibh gola
géránacha, agus dubhairt:



2 "A charuid ionmhuin go ttrásda," ar sé, "tamuid
araon coirthech a bhfidhnuise Dé agus an tsaoghail,
agus a láthair ár ttigherna Iosa Críost, ar in adhbhar
tar éis é d'ár ccennach go daor doilghe do-fhaisnéis do
ligeamair luach a chuid fola agus feóla amugha agus
a naisgidh a ngeall ar mhaitheas deireóil agus ar shólás
gearr-bhuanach saoghalta. Támuid anois in'-eiric sin
ar ár ndol a ccuidechta a chéile chum na bpían sior-
ruidhe suathain tré bith síar agus tré mhór-cheart Dé.



3 Acht ní h-ionann coirthe dhúinn araon, ar in adhbhar
4 ó is agudsa do bhí in chiall agus an résún agus do bhí
stiúradh na betha imeart go maith no go h-olc, réir
3 na tola saoire bhí agud, is ort is córa <an breitheamhnas>
<5> <is truime agus> na píanta is cruaidhe do thabhairt, mar
6 is féidir a dherbhadh le h-iliomad résun go soléir.


L. 66


1 Ar tús dá mba áil leat Día oirdhirc uile-chomhachtach
adhradh go foirfe, agus gan onóir Dé a thabhairt do'n
tsaoghal no do'n cholluinn ar chomhairle in diabhuil,
acht in Dúilleamh do ghrádhemh go critheglach
comhedach os cionn gach uile ní, d'éireochaidhe go
maith dhúinn. Arís, dá ndeintá cóir agus comhthrom
edar in truagh agus in treun, agus gan lámh-láidir a
legadh ar an bhfann, agus do dheirc do'n mbocht mar
ghell ar Dhía go trócarach, bentrebhidh agus dilechtidhe
do chumhdach, agus gan dibert ná díbhfeirge a dhénamh
ar an eglus, do dhénfadh Día trócaire orruinn fo
dheiredh. An treas fecht dá sechná droch-chuidechta
2 na ndaoine millteach mailliosach dobheir aghaidh ar
gach olc, ag imeart, ag ól, ag adhaltranus, ag dénamh
feille, finghaile agus dúnmharbhtha, ag creim agus ag
cáinemh na ndaoine eile, ag tabhairt na mionn mór,
<ag iomdhergadh Dé agus na naomh re h-ithghibh
blasphémtha agus re tiomantidhibh diabhluidhe do-
choisgthe, ní damaneóntaoi mar so choidhche sinn>
agus ní bheurfadh díomas an tsaoghail buadh ar
cheachtar dhínn.



Anois, ó thárla mise pósda cengailte leatsa ar an
mbetha saoghalta agus go bhfuaireas rann do do shochar
talmhuidhe agus dod' shólás saoghalta, is fíor nách
ttéid maith amugha ná olc gan dighailt, sé is luadhachta
dhamhsa le do mhaillios, na neithe do chi tu láthair -
óir na buill le ndernadh na lochta, táid ag at agus ag
lombadh <agus ag lionadh> do bhreuntas morgaidh agus
droch-bholadh ag teacht diobhtha. Táid daoil, cithróigidhe
agus péisde agus aithre<cha> nimhe <ag> dul tríom síar,
<sechtar mo chompuir agus mo chléibh agus tré abach
mo bhruinne, agus> tré fuinneogaibh mo chédfadha.


L. 68


Is measa liom ná sin uile, in teaghus caol, cumhang,
daor-ghrúma, an-shocair so, 'na bhfuilim dúnta daingean
go h-aonarach 'san uaimhe go lá in bhreithemhnuis.
Mo thruaigh! mo thruaigh! beidh sin dom' chrádh go
minic.



Gan féchint do sin, atá fhios agam go n-éireóchaidh
mé 'do chuidechta lá in bhreithemhnuis; agus, faraoir!
ní athruigh ar glan sin ó'n uaimh go Sliabh Síon agus ó
sin go tinnte tinndhala ifrinn, áit a mbíam d'ár bpiánadh
in fhed bheis Día ag caithemh na glóire síorruidhe - o
bhás gan bás! nech do chuaidh os cionn gach uathbháis;
o bhetha gan betha! ó mháirg go mallacht, ó phían
go píanóid gan crích gan forchenn. Is truagh sinn ag
dul do eug gach momett agus gach uair, agus gan ar
ár gcumas dul ar nemhnidh, acht a bheith croch-bheó
go síorruidhe.



A chriosdaighe chroidhe, cuireadh na brithraso
eagla ort, agus tuig go grinn an rann so síos:




Fiodhbhadh críonn cnámha mo cholna;
Cumhdach fallsa feól mo bhall;
Úir gan toradh, cré mo cholna;
Talamh mé agus anam ann,
<Úir mo charad tar úir eile,
Ní aithním is an uaimh.
Ag seo am' láimh é, 's ní aithním,
Cnáimh an té - d'aithnínn uaim.>


L. 70



An Seisemh Cabidil: Do nuaillghubha in anma.



1 Annsin d'éimh an spiriod le nuaillghuth truagh tursach
agus le tornidh? truaghbhéileach triamhunach, agus
go grúma geránach, agus go dían docrach do-choisgthe,
go ndubhairt: "Uchón! och!" ar sé, "<is truagh do
rugadh mé; is truagh do geinedh mé; och, is truagh
do cuiredh isteach 'san ccollainn gránda so mé>; is
truagh nách am' chloich, am' mhaide, no am' iarann
do bhíos, a nádúr na neithe nemh-urchódach! <Mo
mhallacht ar lá mo thúismighthe! Is truagh nár
éirigheadar crainn agus clocha, gaoth agus aer, reanna
agus reulta nimhe, agus an cheathardhúil go coitcheann
am'aghaidh dom' chur ar neamhní a mbroinn mo
mháthar sul a ráinig dham dul 'san riocht so a naghaidh
mo riogh agus mo thighearna.



Mo chrádh géar créad fár chruthuigh Dia mé agus
a fhios aige go rabhas ar shlighe dhamanta. Is bean-
nuighthe gléas na n-ainmhithe bruideamhail, óir tiaghaid
uile ar neamhní idir anam agus corp tar éis a mbáis
gan phéin gan pheannuid, gan phurgadoir, gan dham-
nughadh. Agus a righ nimhe, is truagh nách mar sin
éirigheas do'n pheacach tar éis a éaga. Dá mba amhla,
nior shearbh a dháil fa dheireadh. Acht, faraoir! is
ro-shearbh dhó.>



Annsin do ghlac racht gola agus eolchuire in t-anam,
agus do chan na brithra so sios ar mhodh edhlaidhna.


L. 72



Mo sgred chráite! is truagh mo chás-<sa>,
Mé bheith beo go ttí an tráth so.
Créd fa ndernas cionnta grána
A naghaidh Dé agus mathios mh'anma?
'Snách do'n chloinn mé geinedh ó Adhmha,
Acht crétúir do chrúithigh Righ na ngrása,
Chum na betha síorruidhe sásda.
Le toil na colna is mairg do thárla!
Mo thruagh do chonnairc mé in lása
Mar a chailleas in uile tairbhe! - -
Flaitheas Dé le méd meanma:
Ar an tsaoghal ag íarridh garma.
'Sé an sáimhín aithrech marga
A bheith choidhche a bpíantaibh searbha:
Le saoghal na saoghal ag sin mo thearma,
<I ttigh ifrinn gan dáil garma>.
A bpiantaibh ifrinn is ro-mhór m'uaill.
A righ na sluagh ní maith in ní,
Mo thecht ar in tsaoghalsa ariamh is truagh,
Dul a lebadh fúar <ós dam is críoch>., etc.


L. 74



An Seachtmhadh Cabidil: Do cheist in chuirp ar an
anam.



1 Is annsin do labhair in corp ris an anam do bhí tursach
triamhunach a h-aithle in cluithe caointe sin do thug
ós árd os cenn na h-uaimhe agus dubhairt:



2 "Cuirim forcedal ort, a spiriod," ar sé, "fa go n-inneósa
dhom go d-é na píanta do chonnairc tu a n-ifrionn; no
bhfuil fáth dhothchuis ag in drong dhamanta as trócaire
Dé no as pháis Criost -?



3 No, fós, an bhfuil céim sochair ag na daoinibh uaisle
onóracha - na righthibh, na tighernaibh, no na pre-
lóidighibh - do bhí go ttrásda a bhflaitheas in tsaoghail-
sa; no bhfuil dúil no dothchuis aca fuasgladh fhaghail
as forba, fearann, finechus; as ór, airgiod no iolmhai-
theas?



An t'-ochtmhadh Cabidil: d'fhregra in anma.



4 "A chollunn," ar sé, "tá do cheist gan chiall, mar
ba mhinic le do chomhrádh go ttrásda bheithar in
adhbhar, no go n-áirmhighthear reulta nimhe, gainemh
na tráighe agus feur na talmhan, agus go ttoimhsighthear
in fhairrge mhór 'na mion-bhraonaibh, ní féidir ínnsint
no áiremh a chur ar phíantaibh ifrinn, ar a mhéd agus
ar a éccsamhlacht, óir atá árus na bpían go h-allta
uathbhásach a n-úirmheodhan na talmhan go diamhair
doimhin ar mhodh go mbeurfá ar lán-dhorn do'n dhor-


L. 76


chadas ann. Gan féchint dósin, chífe tu in uile ní
rachus a ndochar dhuit, agus ní fheicfe tu aen ní rachus
a sochar dhuit; acht beidh gach uile ní do riachtanas
ort, agus gan riachtanas ar bith ar fhaghail agud, acht
in bás a ccenn gach mómett, agus tu dod' athnughadh
arís chum in bháis cédna, agus tu mar sin a seirg eug
do gnath, gan bás, gan betha <ar mhodhaibh éagsamhla
go síorruidhe>; agus beidh tu mar sin lán d'eirc agus
d'éigean, lán d'ainis agus d'amhgar, lán do bhochtaine
agus do dhaibhreas, lán do thinneas agus do thrioblóide
agus d'esláinte, a ttellach tinnte na bpían, mar bhfuil
pláighe agus ocrus, comharc oisnidh agus dortadh deór
agus bualadh bas; mar bhfuil síansán truagh tursach
na ndeamhan agus na ndiabhal níata, naimhdech,
n-athgharbh, ag fresdal agus ag frithóladh na bpían
tintidh dofhaisnéis do na daoine damanta réir méid
agus misúir a bpecaidh. Tá drong aca da gcascairt
agus dá ngerradh; <drong da leghadh, da leadradh
agus da lomadh>; drong da meilt agus da mionbhrughadh;
drong da mbruith agus da mbeirbhiughadh a bpic agus


L. 77


Responsio anime ad corpus.
4 Corpus, ista quaestio caret ratione.
a roisín agus a miotalaibh éccsamhla eile agus a srothaibh
tinntighe, tairpighe, sulphuir agus salehair re n-a
ngnúisibh agus re n-a n-aighthibh.



Edar gach pían athbhél-mhór eile a n-a bhfuilid,
táid a ttinnte nách múchann uisge agus a snechta nách
leaghann teine, agus in leac aere agus in reódh da síor-
chrádh. Atá léim aca ó'n teas chun an fhuachta agus
ó'n fhuacht chun na teine; leim eile aca ó'n tsorn
<tinntighe> a mbeul na bpéisd urchódach fíor-ghrána,
no go ruaigfar uatha arís tar n-ais trés in uile uathbhás
chun an tsoirn chédna.



Táid aithrecha nimhe agus péisde gráinemhla ag
siúbhal ar gach ball díobhtha da sniomhadh agus da
snoighe. Táid cnumha a cconsíasa mallaighthe ag
dénamh fidhnuise 'na n-aghaidh gur cóir agus gur
comhthrom a mbeith 'san bpianóid bhruid sin. Tá
in t-édóchus da sergadh, in tuicse da ngerradh, in toil
da sgrúidemh, agus racht na feirge da ttáchtamh, agus
mebhair na bpecadh da sgiúradh; agus beidh mar sin
a n-amhgar an bháis ag clamhadh a chéile agus ag
imdhergadh agus ag masladh na Trinóide féin tré bhith
síor.


L. 78


1 Do thaobh na ceiste eile do chuiris orm: cionnus táid
na righthe saoghalta a nifrionn - Atá Nían mac Péil,
Caesar, Pompidh, Marcus Crás, Alasdrann uaibhreach,
agus righthe diomasacha na cruinne ceathardha fo
phíantaibh daora dochracha ann. Acht tá ní chena,
is measa agus is truime go mór in phían agus in philóid
a n-a bhfuilid na droch ghubhernóiridhe criosduighthe
agus prelóidighe claon-bhrethacha na h-egluise ná iad
sin uile. Taid lucht in fhuar-chrábha, lucht na siomun-
achta, lucht na fola, lucht in dunmharbhtha, lucht na
drúise gráinemhla, lucht na h-usmharachta, lucht in
diomais, <agus lucht foghla agus loisgthe in domhain>
a bhfíor-íochtar ifrinn fo thuile na bpían, agus gach
drong ann-mhíanach eile ó sin amach réir mar do thuill
a ngnímha dhóibh.



2 Anois glac fa dheóigh fuasgladh 'san treas cheist do
chuir tu orm: "An ndéntar trócaire ar in droing sin,
no an ngabhthar fuasgladh asda: <d'fhorba, d'fhearann,
no d'fhinechus, d'ór, d' airgead no d'iolmhaitheas? >.
Bíodh fhios agud dá mbeidis naoimh na cruinne ar aon
úrnuighe go brách, agus uird riaghalta in domhain 'na
bhfíor-throsgadh go h-eug, agus firéin na betha ag tabhairt
maitheas na talmhan mar dhéirc ar son oen anma da
bhfuil a n-ifrionn íochtarach, nách ndénfadaois rann
faoithimh, furtacht no fuasgladh air; ar in adhbhar
nách féidir le h-ainglibh nimhe, ar ór agus édáil in
domhain <in> foirthin <is lugha> thabhairt do'n drong
damanta in saecula saeculorum.




Brónach in brugh trebh
Fuar na drithléin dían
<'Sé sin> in dún dichumhang daor
Priosún <dubh teinnti> na bpían.


L. 80



An naomhadh Cabidil: d'urghárdus na ndíabhal ag
breith in anma leó go h-ifrionn ar ndul a n-édóchus
as trócaire Dé <dho>.



1 A h-aithle in árd-sgéil sin, do sgaoiledh do'n anam
agus do'n chorp ar tuitim 'san uaímhe <do'n chollainn>
2 ar chlos uaththás ifrinn - go d-é do chí in t-anam bocht
chuige 'san tslighe fa'n am sin acht dha dhiabhal ba
dhuibhe no gúal gabhann, agus lucht filidheachta agus
pintóireachta in domhain níor bhféidir leo éccosg no
samhail na dise sin a sgriobhadh no fhaisnéis ar a
n-uathbhásidh agus ar a ndroch-dhealbha.



3 Ar tteacht a láthair dóibh a ccédóir, do sháith siad
in dá chrúca chroma, cruadh-ghérra, comh-dheirg iarnuidhe
abhus agus thall 'san spiriod damanta sin, agus do rollsed
etortha é da cheusadh go dorus ifrinn agus eisen ag búiredh
agus ag béicidh. Thánic annson slóighte diabhul agus
deamhan ag dénamh luthaire rompa a bh'féidir leo,
agus ag comh-mhaoidhemh in chosgair sin agus ag
fonóid fo in anam bocht a damnuighedh.


L. 82


1 Agus is amhla bhídís ag tabhairt buidhechuis dó
fa n-a sheirbhís dhóibh ar an tsaoghal, óir is iomdha
duine do mhill sé le n-a dhroch-eisiomplár, meisge,
striopachus, etc.; agus da chionn sin go bhfuighedh sé
lúach agus luadhachta diongmhála a bhfochair Lucipher,
agus a lebadh da chórughadh a naice a lebaidh féin
go brách ar tinnteán na bpían, ag éisdeacht le
h-úirlidhacht na ndhiabhal, le braoghnachus na
bhfoireann fíor-ghrána, le tunnioll na n-uisgidh, le
súisdredh <agus le confadh> na bpíast ndeamhnuidhe,
le sgredach <agus le sgréachadh> na droinge damanta
gan furtacht a choidhche agus go brách.



2 Do sgannridh an t-anam go h-athbhél-mhór ar
feicsint <ifrinn osgailte agus> na bpían ullmhighthe
infhedhma chuige, agus dubhairt: A Iosa Críost, a
mhic Dé, dén trócaire ar do chrétúir bhocht féin!"
d'fhregair na diabhail é ag dénamh fonóid fo in anam
bocht do damuuighedh in dara fecht, agus dubhairt:
"Is ro-mhall a ghoireas tu ar chabhair agus ar ainm do
thigherna Dé; agus is écciall duit; óir is dúinne do
bhí tu ag denamh seirbhíse, nách orruinn féin is cóir
duit coimirce iarridh.


L. 84


1 Acht anois tar éis breith thabhairt ort agus tu <ag>
théacht ar ár lámhaibh, agus gan dul le h-athbhreith-
emhnus agud - tuig fesda go mbeidh tu a ccosmhaile
nádaire linne mar gach diabhal eile againn ag mallughadh
Dé go síorruidhe.



Is fíor dubhradar sin, óir do chas in dá spiriod mallidh
sin 'na mheall tinntidh tiompuill, agus thlig gan
mhoill a mbeul ifrinn 'san teinidh é. Níor chían do
annsin nuair do chuaidh a n-édóchus ar Dhía, na naomh
agus na n-aingeal, agus dubhairt:




Mo thigherna dom' thréigin ó tá,
Ag iarridh grása air ní bhiú;
Diúltiom do'n ghlóir, diúltíom do Dhía;
Ní bhéad níos fuide dá righe riú.
Tigh ifrinn ní h-é mo ghradh,
Ní'l grían ann no gin-cheól;
A bheith a bpéin ó 'sé ár ndáil,
Dubh shlán Dé fesda fúinn.




2 Do sgannridh in dithrebhach naomhtha as a shuan
go critheglach, agus do bhuail ag guidhe Dé go díochrach
fo gan a leithide sin d'anbhás fhaghail dóféin go brách.
Is cóir, fós, do'n uile criosduighe aithris a dhénawh
air d'oidhche agus do ló, agus daorbhetha in phecaidh
a shecnadh go deóigh. Guidhim Dia uile-chumhachtidh
go ttigidh liom féin agus le gach Criosduighe degh-bhás
in dithrebhaigh fhaghail.
Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services