Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Purgadóir Phádraig Naomhtha
Title
Purgadóir Phádraig Naomhtha
Compiler/Editor
Condún, Treasa
Composition Date
1766
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N LiaF1 1-48} {L 12} {B 1766-69ls 18D} {G L} {U 0201} {C Prós} {M 8} PURGADOIR PHADRAIG NAOMHTHA Ag so ionnar ndiaigh Tuarusgabháil ar Phurgattóir Pháttruicc, agus Suigheamh ar a beith a -Éirinn Sul do labharam ar Bheatha Bhríghde .i. céad bhan-naomh nó Ban-Ab
Cille Darradh nó aon naomh, nó ban-naomh eile, cuirfeamaoid síos annso trácht ar Phurgadóir Pháttruicc, agus suigheamh ar
beith a Éirinn agus na taisbeánta iongantacha do rinneadh do shaighdiúir dáirighthe san uaimh sin na Purgadóra. Agus is é as fáth dhamh reis an nídh sin do chur síos san leabhar so, do bhrígh go measuim go mbiadh sé d'inntinn ag daoine deagh-bheathacha dul do dhéanamh oileithre na huaimhe sin. Agus ionnus go ccluinnfeadh
na taisbeánta do rinneadh do'n tsaigh- diúir sin, agus gurab móide do dhéanaidís deifir re triall é, do ghéanamaoid an stair do chur síos ar ttúis. As follus go ttug Dia do Pháttruicc Naomhtha, mar onóir, Purgadóir do thabhairt ar an ttalamh so dhó, do réir mur adeir Coesarius Naomhtha, do mhair do'n leith aistig do sé chéad bliaghain a ndiaigh Chríost: - Agso mar adeir: "Qui de purgatorio dubitat, Scotiam pergat, purgatorium Sancti Patricii intret, et de purgatorii poenis amplius non dubitabit." "Gibé chuirios conntabhairt a bPurgadóir, trialladh go hÉirionn agus éirgeach ast
ach a bPurgadóir Pháttruicc Naomhtha, agus ní chuirfe conntabhairt a bpianaibh Purgadóra ós sin amach." Do'n Aithrighe agus do'n Dul aisteach do rin Saighdiúir a n-Uaimh na Purgadóra, agus dona Taisbeántaibh do rin Dia dhó san Uaimh. Saighdiúir dáirighthe d'ár-bh'ainnim Eóin, noch do bhí ag seirbhís mórán do bhliaghan
aibh fá Rígh Sagson .i.Stiabhna,
agus, maille re cead an Rígh, táinig go hÉirinn, dá dhúithig dhíleas, d'féuchaint
athar agus a mháthar. Agus an tan do rin comhnuighe nó sos san dúithche, do thionnsgainn a dhroich-bhearta féin do thabhairt d'á aire gus an am san, do bhrígh, ó d'fhágaibh sé an cliabhán, gur ab ar ghoid agus ar fhuadach agus, nídh ba mheasa leis, ar chealagthaibh do chaith a aimsir, a n-éagmais il-iomad do pheacaidhidh gráineamhla do ghníodh go foilightheach. Gidheadh, an Saighdiúir seo, ar nglacadh aithreachais, táinig do láthair Easboig onóraicc do bhí san dúthaigh, agus do nocht sé a pheacuidhe go hiomlán do. Gabhus an t-Easbog dá theagasg agus do chuir a n-amhuil dó méid na héagcóra do rin ar a Thighearna Dia. Dá bhrígh sin, an Saighdiúir aithrígheach doilgheasach so, do choir roimhe leoirghníomh diongamhálta do dhéanamh le Dia. Atá do bhith nádúrtha ag lucht na críche sin, Éire, do bhrígh gur
b ollaimhe iad, tré neimheolus, chum uilc ná cinneadha eile, an uair thuigid siad iad féin cionntach gur
b iad as ollaimhe agus as aibidhe uim leoirghníomh agus uim aith- reachus do dhéanamh ionnta. Agus an tan do mheas an t-Easbog breith aithrighe do chur air, do fhreagair an Saigh- diuir agus is é adubhairt: "Do bhrígh gur pheacaigh mé cómh mór sin a naghaidh Dé, glacfa mé an bhreith aithrighe as géire, ionnas go bhfaighinn maithfeachus mo pheacaidhe .1. raca
dh mé go Purgadóir Pháttruicc." Annsan do ghaibh an t-Easbóg ag seannmóir, dá fhoillsiugh- adh dhó a mhéid do dhaoinibh do caille
leis an turus sin, ag toirmeasg aiginne an tSaighdiúra. Gidheadh, an Saighdiúir sárchalma, níor chlaon a aigne do'n uathfás sin. Is annsin d'iar
an t-Easbog air aibíd Conánnaicc nó Mannaicc do ghabháil uime agus a aimsir do chaitheamh le deagh-oibreachaibh agus le caoin-dúthracht crábhaidh.
Adubhairt an Saighdiúir ná diongnadh ar aon chor go dul san uaimh. Agus an tan adchonnairc an t-Easbog é go fíor-aithrígheach, neamhfhannthuisioch, tug leitireacha uaigh féin dó go Príor na háite, dá fhógra dhó déanamh reis mar ba ghnáitheach do dhéanamh leis na hoilithreachaibh eile san turus san. An tan adchonnairc an Príor na leitriocha agus na haithisg réamhráidhthe, do rug an Saighdiúir leis do'n Eaglais, mar a ndeárna
dh, do réir gnáthamh, chúig lá dhéug do throsga agus urnaighthe. Agus ar gcríochnughadh na haimsire sin, tair éis Aifrionn do rádh do'n Phríor, do thug a Thighearna do'n tSaighdiúir agus do láthair na Cléire agus an Choimhthionóil do chroith uisge coisriogtha air. Ar ndul go dorus na huaimhe agus ag osgla
an doruis, a dubhairt
: "Féuch anois. Rachair aisteach anainnim an Tighearna, Iosa Críost, agus bia
dh tú ag siobhal a ndoimhnios na huaimhe ar feadh na compa go dteangmha dhuith halla déanta go ró-ealadhanta. Agus ar ndul aisteach ann, do-ghéabhair teachta ó Dhia, fhoillseóchus duit gach guais agus gach conntabhairt d'á mbiadh ad cheann san turus san. Agus ar n-imtheacht dó
bh san uait, agus ar mbeith ad t-aonar, tiocfa
dh
na buaithrigh- theóiríghe, fá mar do gheibhmíd do theangmháil do'n mhuintir do chua
dh róbhatt innte. Agus bíse go buan-tseasamhach a gcreidiomh Críost." An Saighdiúir furránta níor eaglaidhe na baoghail sin cháich é, agus le nar ghnáith le cloidheamh iarnuidhe dul chum catha le deamhan, eision, le cloidheamh as cruaidhe, le creidheamh agus le dóchus agus le ceart, an dóchus a mor trocaire Dé, do chuaidh cum comhraicc agus chum cathaighthe
leis na hadhbharseóiridhe. An Saighdiúir seasmhach, ar mbuain fioghair na Croise Céasda ar a aghaidh, agus ar ccur cúraim ar chách guidhe ar a shon, do chua
dh aisteach san dorus go deagh-thapa. Do chua
dh an Príor, annsan, ar n-iaghadh an doruis do'n Eaglais tair éis le Proces- sion. An Saighdiúir, umora, ar ttionnsgannadh na Saigh- diúireachta neamhghnáithighthesi, triallus san uaimh go dána deagh-thapa deagh-úirmhisnigh. Agus, ar n
únadh an dorais, do chaill an sollus go hiomlán. Air sin táinig sollus beag, ar éigionn, ar a dhruim san uaimh, agus gan mhoill táinig gus an cómpa réamhráidhte. Ní raibh solus annsan acht amhuil bhíos againn san ngeimhre d'éis na gréine do dhul faoi. Ní rabhadar balladha ag an halla sin acht é a gcómpás, crochta ar cholmaibh agus ar phostaidhibh, amhuil do bhiadh clabhastradh Mainnisdireach. Agus, ar mbeith
ag siubhal a bhfad tímpchioll an halla, ar ndéanamh iongantuis agus uathfáis dá iongantaoi agus dá aidhbhse do tógbhadh agus do suigheadh an halla, do chonnairc, ar an ttaobh aistig dá mhúraibh, iongantas budh mhó. Ar ndul aisteach, umora, ann, agus ar mbeith seal éigin ag siubhal ann, do-chonna
rc, ar bhfille do gach aon taobh ar mbeith seal 'na shuighe anaonar, do chonnairc chúig fheara déag, mar badh daoine eagail- siumhla nua
-bheartha iad agus iad a néadaibh glé- mhaiseacha. Agus ar dteacht aisteach dóibh, do bheannuigheadar
a n-ainm an Tighearna agus do shuigheadar ina fhochair. Agus ag éisteacht do chách, do labhair an té, do bhi 'na
thosach nó ionna cheann ortha, leis an Saighdiúir, ag rádh: "Is beannuighthe Dia uile-chómhachtach, noch thug an aiginne sin duitsi
teacht do'n Phurgadóirsi ar son do pheacadha. Gidheadh, muna n-iomchraidh tú thú féin go fearamhuil feidhimláidir, caillfior tú idir chorp agus annam. Ar an adhbhar, acht go bhfágamna thú, tiocfa
dh iomad do spridibh neamh-ghlanna chughad, noch bhéarus mórán do phaina
troma dhuit agus bhagóras ort ní bhus mó. Agus taireagfaid duit do bhreith chum an tsaoghail .i. chum an doruis ionnar ghaibh tú aisteach, tar n-ais arís, ionnus go ttiocfadh díobh, le mealltóireacht do chur tar n-ais. Gidheadh, má imeagluighion tu géire na bpian nó má meallthar tu le na ngeallamhnaibh móra, caillfior tú idir chorp agus annam. Gidheadh, má sheasamhan tú go fearamhuil foirtil feidhim-láidir ad chreidiomh, ar gcur do dhóthchuis san Tighearna Thrócaireach, ionnus nach géillfir d'eagla a bpianta,
á mbagarthaibh ná dá ngeallamh- anaibh, agus le croidhe cródha go ndiúltair dóibh, ní hé amháin go nglanfuighear ód pheacaidhibh tu, acht fós do chídhfir an phian atá fá chomhair na bpeacach agus an gáirdeachas ionna bhfuilid na fíoraoin. Bíoch Dia do shíor ad mheabhair agus ad bheal agus gach uair céasfuighear thu, gairim do Thighearna IOSA CRIOST, agus le gairim an ainnim sin duit, fóirfighear thu ó gach mór-ghabhadh ionna mbeir. Agus ó nach féidir linn anamhuin annso ad fhochair ní as sia, cuireamaoid do chúram ar Dhia." Agus, ar mbeanncadh dhó, do fhágbhadar é. Do Theacht na n-Aidhbh
seóiridhe agus do'n chéad phéin do Fhulang an Saighdiúir. Ar n-imtheacht, umora, do'n bhuidhin sin, do thionnsgain an Saighdiúir an nuaidh-cheim Saighdiúireachta nó cathaighthe
do dheasghabháil a narmaibh Chríost ag feithiomh go neamh- sgáthmhar cia aco do na deamhanaibh do chómhraigfiodh leis ar ttuis, agus é dá éide agus dá árdghabháil féin le lúirig an Chirt agus
dothchuis
buadh
agus na beatha suthaine dá dhíon ar a cheann, agus le scéith an Chreidimh do dhíon a chuirp, agus dá chomhchoimead. Is é, umora, budh chloidheamh chathbhuadhach dó .i. Briathra Dé, ag fíorghairm IOSA CRIOST go díogruiseach, ionnas, leis an mion
-ríoga ro-áluinn sin, go gcosantuidhe é ar amus uathbhásach a eascarad. Agus níor chaill an diadhacht iodhain air, mar nách éol di cailleamhuin ar an tí chuirios a dhóthchas go diongmhálta innte. An Saighdiúir, umora, ag feithiomh go fearamhuil ar choimhriacht agus
chuinntin na n-Aidhbheirseóiridhe, níor chian dó an tan do chuala an trost agus an torann lán-mhór, amhuil do bheith an chruinne chóimhleathan dá comhbhuaireadh agus dá comhghluaiseacht, ionnus dá mheas agus dá bharamhuil, dá mbeidís ainmhínte an domhain agus éunluith an aeghir uile ar faonsgor agus ar fol
amhuinn, nách déanfaidís ní ba mhó do throst ná do thóirnéis, ionnus, muna mbeidh sé ar a dhíon le grásaibh Dé agus le teagasg na muintire réamhráidhte, go rachach le baois agus le biothbháinidhe. Agus tar éis na tóirnidhe tréanmhóire sin, táinig nídh ba uathbhásuidhe ná sin .i. radharc na ndeamhan ndiabluidhe ndubhgnúiseach. Air sin tángadar isteach do'n árus iliomad do dheamhnuibh dealbh-ghránna domhaisiocha, ag fiadhgháire, agus ag fochmhuide agus ag rádh mar iom-aithis: "Na daoine eile do ghní seirbhís dúin
e, ní thaguid chughain
go bhfaighid bás. Agus ní mar sin do rinis
e, mar onóir dúin
e, óir tángaois chughain beó idir chorp agus annam, ionnus go bhfághtha do th
illiomh go trom mar do th
illis agus do ghéabhair. Tángaois annso, umora, chum pian d'fhulang ar son do pheacaoidhe agus do ghéabhaidh tú th'iaradh, dianchaithighthe
agus doilghias díar- muighthe. Gidheadh, do bhrígh gur dúin
e do rin tú seirbhís
go nuige so, má ghéillion tú dhuin
tille
tar n-ais gus an dorus ina ttangaois aisteach, tionn- locaimíd annsan thú, gan dochar, gan díoghbháil ar son do shaothair, ionnus go bhfaghthá sólás fós ar an saoghal agus nách caillfeadh
an nídh is millis leis an ccorp." Agus as uime do ghealladar sin dó, ionnus go mbainfidís é, le mealltóireacht, d'á thurus. Gidheadh, Saighdiúir Chríost nách so-chlaoidhte agus nác crithionn le goimh-eagla agus nách mealltar le miochaireicht, as ionnan tug táir agus tarcuisne agus tromm-dhiúlta ar na ceasdun
aibh agus ar na breagairibh bioth-dhamanta, maille re gach freagra do thabhairt orro mar bhárr iongana. Na deamhain, umora, ar bhfaicsin tarcuisne an tSaighdiúra, do lingeadar air go huathbhásach ainiarmharthach. Agus do rinneadar teinne chraosach chómh-lasarach agus do theilgiodar innte é, cuibhrighthe craiplighthe, dá sraoileadh agus dá tharang anonn agus anall le crúcuighibh cinn- ghearra cruaidh-iaruinn, ag éighmhe agus ag glamh-ghártha, mar fhochmhuid faoi. An Saighdiúir, umora, an tan do mhothaig an tromm- phian teas-iomarcach na teinne, noch do bhí éidighthe leis an mion
ríoghdha réamhráidhthe agus leis an dteagasg, níor dhearmuid sé na hairim spriodálta. Do ghairim ar a Slánaightheóir, ag rádh: "A IOSA, bíodh truadh agad damh." Agus leis sin do sábháladh agus do fóireadh ón dteinne, ionnus nár fhan spréidh san teinne dheirg. Agus an tan do chonnairc an Saighdiúir sin, do fhás a dhásacht agus a dheagh-mhisneach chum bheith neamh-eaglach ríompa nídh as mó,
an drong-bhuidhion diabluidhe dár briseadh le rádh nó le gairim ainnime nó coimeirce Ar Slánaigh- theóra IOSA CRIOST.
Do na Ceithre Champa Pianamha chum ar Tairingeadh an Saighdiúir. Iar bhfágbháil, umora, an aruis sin do na deamhnaibh le hualghártha agus le gol-ghárthaibh uathmhara allta ag sgarra
le chéile, do thairingeadar agus do sraoilleadar cuid aco an Saighdiúir ní bu shia ina réigiún fada follamh dubh. Do bhí an talamh agus an t-árus dorcha do-eóluis, agus ni fheaca
dh aoin nídh ann acht na deamhain do bhi dá theann-taraing. Do bhí gaoth ghintlidhe an
, nach mór gur chlos í, gidheadh, do bhi coimh-nimhneach soin, dar leis, go ttolladh é thríd. Do thairingeadar
chum na gcríoch é ina n-éirge an ghrian a meodhan an tSamhra. An
sin do fhilliodar beagán budh dheas, ar n-imtheacht tré ghleann ró-aidhbhseach ró-leathan mar a n-éirgean an ghrian a méodan an ghéimhre. Agus ar n-imtheacht tar an ngleann sin dóibh, budh clos don tSaighdiúir a chomh mór sin do ghol agus do gharbh-éimhe gairbhfheirghe truaidhmhéileacha tuirsiocha, amhuil do bhiadh an chr
ínne chóimhleathan ag comhscaradh comh- bhuartha caonghola. Agus dá mhéid do imthigheadh ar a aghaidh as mó 's as mó do chluinneadh go mór iad. Annsan, le tarang na ndeamhan, do ráine an Saighdiúir an gleann leathan aidhbhseach, líonta d'éighmhibh agus do gholghárthaibh, agus do bhí comh fada san ann nách air bhféidir leis
iomol-chríocha d'fhaicsinn ná do shú
l-radharc. Agus as amhlaidh do bhí an cámpa,
lán do dhaoinibh óga agus aosda, agus do gach cineál, nochtaighthe ionna luidhe ar lár ar an dtalamh, agus a mbéal agus a
mbruin
e fútha, agus taraingidhe tinntidhe tré n-a ccosaibh agus tré n-a lámhaibh sáite san talamh, dá bpianadh go truaidhmhéileach tinneasnach, agus iad ar uairibh ag ithe na talmhann le nimh a bpian, ag éighimhe agus ag gártha, ag rádh agus ag garrtha arís: "Sparáil, Sparáil, dein trócaire oruinn," amhuil do bhi
do láthair
an té léar-bhféidir a bhfortacht.
na deamhain, umora, ag síor-shiubhal ar na bochtaibh,
ag gabháil do sgiúrsibh cruaidh-rine iaruinn ortha, agus dá rádh ris an Saighdiúir: "Na pianta éagsamhuil so do chí tú, móthocad tú iad dod t'innghréim, muna ngéille tú dhúin
e agus fille
chum an doruis ina tánguis aisteach, mar a mbéaramna sábháilte thú." Gidheadh, an Saighdiúir go séunbhuadhach, do smaoinig cionnus d'fhóir Dia roimhe sin é,
tug táir agus tarcuisne ortha. Annsan do leagadar na deamhain an Saighdiúir ar an dtalamh, dá thuargoint agus dá thromphiana
mar chách. Gidheadh, ar mhaoidheamh agus ar mhór-ghairim IOSA CRIOST dó, do theip sin ortha. Ar bhfágbháil an chámpa sin, do tharangadar
chum cámpa eile é, budh chruadháluidhe ná san. Agus is é budh deifir idir eisionn agus an chéad chámpa .i. na daoine annsan ar fleasguibh a ndroma agus draguin t
inntidhe 'na suidhe ar chuid aco, agus iad amhuil do bheidís dá n-ithe, dá sgaráil agus dá sceanaghearadh le na bhfiaclaibh fada fíor-ghéara fuileacha; agus drong eile
agus deamhain timpchioll a ccoirp agus a cceann agus a muingheal, ag sáthadh a soc agus a ngob ngráineamhla ina ccleithibh, amhuil do bheidís ag tréan-ghearradh nó ag tréan-tharang a ccroidhthe as a ccliabhaibh amach, agus na deamhain ag gabháil fútha, tríotha agus tarsa, dá sgiursáil agus dá sgoth- bhualadh go truadh tuirseach, agus na pianacháin ag sgreadaig agus ag scréadghártha gan sosadh. Agus ní fhaca
dh an
Saighdiúir iomol-chríoch nó ceann an Réigiúin sin acht atharsna, do bhrígh gur ab tarsna tré gach campa do shraoillidís é. "Ag so", ar na deamhain, "na pianta chaithfios tú d'fhulang, muna bhfillir tar n-ais san cconnaire céadhna." Agus an tan do dhiúltaig an Saighdiúir sár-chalmo sin, go deagh-mhisnicc, do chuireadar
rompa na taraingidhe tinntidhe do sháthadh thríd. Gidheadh, ar neamh- dhearamad ainnim
IOSA CRIOST don tSaighdiúir, do fóireadh é. Agus, iar bhfágbháil an chámpa do na deamhain, do tharangadar é chum an treas chámpa. Agus as amhlaid do bhí an cámpa sin, <.i.> lán do dhaoinibh óga agus ársadh agus do gach cinéal, ceangailte cruadhchuibhrighthe do'n talamh le taraingidhe tinntidhe tromlasarach, ionnus nách raibh leithead rinne méoir d'fholamh ná d'fhásach. eatortha ó mhullach a ccinn go trácht a mboinn. Do bhídís na pianacháin sin ag tairgsin bheith ag éighmhe, gidheadh tré anbhfainne ní fhéadaidís éighmhe acht amhuil daoine deóracha dian-laga a bponnc an bháis, agus iad nochtaighthe nuaidh-chreachtnaighthe le gaothaibh géara géir-neimheamhla geinntlighe, agus le sliasbhuala na ndeamhan ndiabluidhe. Agus an tan do chíoradh siad an Saighdiúir sáirmheannamnach so, ar ngairim IOSA d'imthig
gan díobháil, gan dochar. Agus ar ttaraing an tSaighdiúra chródha as san, do rugadar
leó é san gceathramhadh cámpa, do bhí lán de theinntibh tréan-mhóra 'na raibh an uile ghléus géirphianta agus gráinpheannuidighe. Do
dream aco crochta le slabhruidhibh athgharbha iarnuighe as a ccosaibh agus as a lámhaibh, as a ngruadhaibh agus as a ttairbhfeithibh, agus a cceann fútha ar lár na lasarach lán aidhbhsioch sin. Do bhí dream eile crochta as a n-inngnibh, agus crúcaoi iarnuidhe
sáighthe ina súilibh agus ina srónaibh agus ina bplucaibh agus ina mballaibh corpardha.
cuid eile aco dá rósta
ar ghreilleachaibh gnáith-dhearga agus cuid eile ar bhearaibh bith-thinntidhe, dá n-iompógh agus dá n-athchasadh agus dá mbáisdiocht le miotallaibh millteacha míshásda gan dearmad na sosadh, agus dá lán-ghearadh leis na deamhnuibh dath-ghrána. Do chonnairc an Saighdiúir annsin cuid dá chómpánachaibh agus dá lucht cómhaimsire san tsaoghal so roimhe sin, agus do aithin iad. Éaghsamlacht agus iliomad a bpian ní féidir le teangain a sgéolsgaoi- leadh. Agus ní hé amháin go raibh
lán de dhaoine céasda
acht fós do bhí
lán do dheamhanaibh dá síor-chéusadh agus dá sír-ghearradh. "Ag so," ar siad, "na huathbháis chaithfios tú d'fhulang muna ndéanair ar réir réamh-ráidhte." Budh lugha agus badh lugha arís cás an tSaighdiúra shárchálma fhíorchrodha shearc-láidir ionnta, agus do sgar riú gan dochar ar ngairim ainnime IOSA CRIOST. Do'n Roith Theinntidhe, agus do'n Tigh ar Lasadh, do'n tSliabh Ard, agus do'n Abhuinn Oighreata chum ar Tharangadar na Deamhuin an Saghdiúir. Ar ngluaiseacht do'n tSaighdiúir ó na deamhannaibh as an bpianchrádh sin, tárla ar roith adhbhall-mhór iarnuidhe teinntidhe, lán do chrúcaoibh teinntidhe as a mbeidís na daoine ar crochadh. Do curthaoi leath de san aeghir agus
leath eile san talamh ar deárg-lasa
le lasarachaibh teinntidhe innimionntamhla ruibhe agus roisin .i. neithe do curthaoi ann mur bharr péine do'n droing do piantuighe annsan.
"Ag so," ar na deamhain, "an phian chaithfeas tusa d'fulang, muna bhfillir tar n-ais, agus caithfidh tú ar ttúis radharc na péine d'fhághail. Lucht feadhma fuath- mhaire ó Ifrionn do bhí ag gluaiseacht an Rotha sin le leathain- bhearaibh láin-iarnuidhe go luath luaithmhear, ionnus nár bhféidir eidirdhealughadh do dhéanamh idir dhuine agus dhuine ann le luaith-líonadh na lasarach, amhuil do bhiadh ciorchuill teinne teinntidhe. Agus ar tteilgionn an tSaighdiúra san Roith, agus ar na iompógh suas, ar ngairim ainme IOSA, do thuirling
sleamhain sláin-chreachtach. Ar bhfágbháil na háite
do tharangadh na deamhain é cum tighe aidhbhseach adhmhal mhór ur-lasrach nár bhféidir leis a fhaid ná
leithead do mheas ná do mhinfhéuchaint. Agus ar mbeith don tSaighdiúir tamall beag uaidh, do stad sé le hiomad an teasa trean-bhuirbe, le huamhainn agus le truagh-uathbhás. Agus adubhradar na deamhain: "Ag siúd na fothraighte do ghéabha tú. Madh olc madh maith leat é, caithfir dul ann". Annsan budh ro chlos dóibh gol agus éighmhe uathbhásacha ón dteagh sin. Agus ar ndul aisteach ann dhó, do chonnairc radharc ró-ghráineamhuil .i. úrlár an tighe lán do chlasaibh chraois-leathana choimh-chruinne, agus iad comhdluith sin ionnus go madh roigh-dheacair siobhal eatortha. Agus
gach clais díobh lán do theinne, agus do mhiotalaibh éagsamhla, dá leaghadh agus dá lán-losga
, ionus go rabhadar
dá mbáthadh agus dá múchadh, ionus go raibh iomad do gach cineal ann, cuid díobh lán-mhúchta, cuid díobh go a maillighibh, cuid gus a súilibh, cuid gus a mbéaluibh, cuid gus a n-ochtaibh, cuid gus a muinghealuibh, cuid gus a n-imilleannaibh, cuid gus a ttairbhfhéithibh agus cuid gus a nglúinibh; leath-láimh do dhuine agus leath-chos ó dhuine
eile san ccr
adh-lasair sin dá ttruadh-losgadh; iad ag gol agus ag gnáth-gharthadh le méid agus le neamh- mheasardhacht na móir-phéine. "Féuch," ar na diabhail, "caithfir dul san niodhchán úd." Agus ar ttabhairt amuis ar a theilgionn is na clasaibh sin, do ghoir sé ainnim IOSA; agus ar cclos ainnim IOSA dhóibh, do theip sin ortha. Agus ar bhfágbháil na háite sin dóibh, do thairingeadur é chum sléibhe sliomaidhbhsig. Agus do thaisbeánadar dó gach cineal, an oiread san, ionnus nách raibh toirt ná tabhacht ina bhfeacadar do dhaoine roimhe sin riamh dá bhféuch- aint sin, agus iad uile nochtaighthe iona suidhe, agus a ccosa fillte fútha, agus a n-aighthe uile ag feithiomh na h-airde budh thuadh amhuil do bheidís ag iaradh báis le bith eagla. Agus ar mbeith don tSaighdiúir ag déanamh machtnaimh agus móir-iongantais don radharc neamh-ghnáthach so, adubhairt deamhan ris: "As dóith leam gurab iongnadh leat créad re bhfuilid an drong úd ag feithiomh leis an móir-eagla úd.
, muna ngéillir dúin
e bia
dh a fhios agad gan mhoill." Agus ní maith do ráinig leis an ndeamhan a chómhrádh do chríochnughadh, an tan táinig siolla do ghaoith chloich-shneachta attuaidh, leár sgriosadh agus léar sgoth-fhuaduigheadh an Saighdiúir, agus an pobal sin uile a n-abhuinn bhreun bholath mor-gaidhthe ar an ttaobh eile don tsliabh, mar a rabhadar ag fághail bháis le fuacht agus le foithin-easba. Agus an tan d'éirgidís suas as an uisge oighreata do mhúcaidís na deamhainn dealbh-ghrána a cceann fútha airis. Gidheadh, an Saighdiúir searc-láidir, gan dearmad ina chabhar-chongnamh ghnáith, ar ngairim ainme IOSA, fuair é féin a natharach cuain gan díobháil.
Do'n Uaimh Lasair-iomarcach, agus do'n Droichead Dian-aidhbhseach, chum a Ttugadar na Deamhain an Saighdiúir, etc. Na deamhain, umora, neam-shásaighthe le na ndeárnadar d'éag
óir agus d'anfhorlan
d'imirt ar an Saighdiúir sin Chríost, do tharanga
r é budh
mar a bhfaca
dh sé lasair uathbhásach láin-bhréun ó raibh agus ó roisin ag éirghe suas as uaimh, agus daoine dian-
ochtaighthe lán do theinne amhuil spréacha ag éirghe suas agus le luighe na teine ag tuitim síos san uaimh chinnte chéadna. Agus ar tteacht láimh ris an uaimh dóibh, adúbhradar na deamhain ris an Saighdiúir: "As í an Uaimh sár- lasarach úd ad chídh
, dorus Ifrnn, agus ag so ár n-aítreabh. Agus do bhrígh gur ab dúin
e do rin tusa seirbhís go so, bia
dh tusa a nár bhfochair go síaruidhe, ar an adhbhar gach nduine fhóghnas dhúin
e, ag so an t-árus do gheabhuid. Agus má théid tusa aisteach ann aon uair amháin, bia
dh tú caillte idir chorp agus anam, gan chríoch gan foircheann. Gidheadh, má's áil leat tille ar an ndorus, dár réirne, imtheóchair gan díth, gan díothbháil." Gidheadh, an Míleadh mór-aigiontach, ar ttabhairt dá aire gach cruadh-chás ó ar fóireadh é roimhe sin, le grásaibh Dé, tug táir agus tarcaisne agus troim-dhiúlta ortha. Annsan do theilgeadar na deamhain iad féin agus an Saigh- diúir toll ar cheann san uaimh sin. Agus dá fhad síos do théigheadh an Saighdiúir, dair leis, is a bhfairsinge agus a bhfíor-dhoimhne do théigheadh an uaimh agus a mhéid agus a mhóir-ghéire an phian. Agus fuair an oiread sin do chruadháil agus do chomhthuargainn innte gur léig a ndearamad a bhfad ainnim IOSA do ghairm. Gidheadh, le grásaibh Dé.
ar tteacht chuige féin, do chuimhnig agus chomharc-gairim ar ainnim IOSA. Annsan do thógaibh neart na lasarach suas é, agus ar ttuitim láimh ris an uaimh dó, do bhí
néal agus a neamh- eolus cá conair a ngéabhadh. Gidheadh, ar tteacht amach as an uaimh, do bhí nuadh neamhaithne dósan, d'fhiafruigheadur na deamhain de créad <é> a chor. "Adubhradar,"
, "ár muintirne riot gur ab é so Ifrionn. Gidheadh, tugsad a n-éitheach. Agus isé ár ngnáithene do shíor, bréag agus éitheach; ion
us gibé neach nách meallfamna le fírin
e go meallfamaois le bréaga é. Agus ní hé so Ifrionn. Gidheadh, béaramna go hIfrionn tu." Is annsan tugsad na deamhain sraoille ar an Míleadh meannamnach, le búithre agus le buainbhéiceadh, go ttángadar chum abhainn leithne láinbhréine ó dheatuighibh agus ó dhrochchumasg ruibhe agus roisin, lán do dheamhanaibh dubha domhaisiocha. Agus adubhradar leis a fhios do bheith aige gur ab fán abhainn sin do bhí Ifrionn. Agus do bhí droichead ar an abhuinn ina rabhadar le na bhfaicsin trí neithe doidhéanta agus go háirighthe, ró uath- bhásach dá lucht taisdil agus tiormghábhála. An chéad nídh díobh do bhí sleamhainn ionnus nár'bh'fhurus agus nár'bh'- féidir, beag nach, d'aon
seasamh ná siobhal air. An dara nídh go raibh comh cumhang comh caol comh lag sin os cionn na habhann ionnus gur mór an t-uathbhas agus an eagla féachaint de siós. Ní fuláir dhuitsi," ar na deamhain, "gabháil an droichead dian-aidhbhseach so. Agus teilgfeamna le gaoithibh gáibh- theacha goimhghéura agus le tóirneacha teinntidhe tréan- mhóra san abhainn tú. Agus ár muintirne atá san abhuinn,
sloigfid agus suighfid go h-Ifrionn tu. Gidheadh as toil linne a shuigheamh agus a shárfhéachuint cionnus shiubhalas tú an droichead. Gidheadh, má's toil leat fille tar n-ais dár réirne, imeóchair slán." Gidheadh, an Saighdiúir sárchalmo sárchuimhneach ar a Shlánaightheóir agus ar a ghnáith-choiméád air roimhe sin, gach uair bhí 'sna héigionn-chásaibh uathbhásacha, do athghairim IOSA. Agus do ling ar an ndroichead go deagh uirmhisneach agus do shiobhail agus do shárghluais do choisc- éimibh comhtruma cos-tapa gan mothughadh sleamhainne ná sárchruadhtainn ina shíor ghabháil, le dóthcus daingeann deagh- úirmhisneach a nDia. Agus ní raibh, dá aoirde do thaisteala an droichead do-imtheachta, nách a bhfairsinge agus a bhfírimtheact do ghabhadh a thrácht, agus a thiriomtharang, ionnus gur fhás coimh leathan coimh réig sin go ndéanaidís marcradh nó marcshluadh iomruagadh air. Gidheadh, na deamhain doighchreidmheaca, noch do bhí dá threantharang do shiocadar agus sheargsheasuigheadur ar an ndroichead ag feithiomh tuitioma agus trombharrathuisle an tSaighdiúra shárúirmhisnig. Gidheadh, na deamhain díothdhóchusacha, ag faicsin an mhíleadh mhóraigionntach ag tirimghabháil an droichid doimtheachta, do chuadar a bhfolamhain agus a bhfiansgor, ag sgreadaig agus ag sgréachghártha
le hualfartaigh adhuathmhar san aodhar iomghrána, ionus gur mó
imeagladar a ngarbhghártha gráineamhla gob-ghonta an Saighdiúir síoruirmhisneach ná ar imreadar d'uath- bhásaibh agus d'ainphiantaibh air roimhe sin. Agus ar na fhaicsin féin slán sabháilte ar ccabhair-ghairim ainm
IOSA a stiuraightheóir
. Agus an eascaruid do bhí fán ndroichead, ar ttairgsin a ccrúcaoi do chur ann, ní dheachadar a bhfeidhim ná
bhfóghnamh. Annsan, ar n-imth-
eacht slán agus ar sgaradh sábháilte, do chonnairc leithead an droichid comh áidhbhseac sin, ionnus nár bhféidir leis ceachtar dá dhá thaobh d'fhaicsin na d'fheidhimfhéuchaint. Do'n Ghlóire Fhlathasda, agus
Pharrathas Talmhuidhe, do taisbeanadh do'n tSaighdiúir agus
Chómhrádh agus do Chóimhfhri
tal na n-Easbog leis. Anois, umora, an Saighdiúir dochlaoidhte saor, ar na sgaradh agus ar na sgiamhghlanadh ó aindeisibh agus ó bhruid na n-Adhbherseóiridhe ndíoghaltach neamhghlan, do chonnairc agus do chaoinradhairc roimhe halla árdaidhbhseach deallraigh- theach deaghdhéanta ar a raibh aon dorus amháin, agus é drui
te lonnraightheach láintaithniomhach láinlíonta do chlochaibh buadh agus bisig, agus do phéarlaidhibh nó do gheamaibh glana glé-mhaisiocha. Ar tteacht láimh ris, a bhfogus leath-mhile, do'n tSaigh- diúir, agus ar n-osgladh an doruis sin, táine an oiread sin do bholaithibh buanbheathaighthe agus do uscaibh diainmhisle, amhuil do bhiadh an domhan uile dá losga
le túís agus le tromthorthaibh, ionnus go ndeacaidh a n-éug agus a neamh- nídh uaidh gac trombhruith agus gach tréanthuargoinn agus gach annfa agus gach annfhorlan
d'ár himeireadh air roimhe sin. Agus ar bhfaicsinn an taoibh aistig do'n dorus, ní raibh solus san ngréin ina fhochair. Táine annsan ionna choinne agus na chomhdháil, a Pro- cession nó a n-órdúghadh áluinn éagsamhuil, an oiread san, mail
e re crosaibh ciarach
le bratachaibh biothbhuadhacha, agus le géagaibh palm órdha, nách faca san saoghal riamh an oiread, dar leis féin. Do bhí na dhiaig sin, dá leanmhuin, óg agus aosda, agus do gach cinéal agus do
gach órd, cuid aco amhuil árdeasbo
g, cuid amhuil easbo
g, cuid mar manacaibh, agus cuid do gach céim agus do gach órd eagailseamhuil, éidighithe innilte 'na n-éadaibh oireamhannacha. Agus as amhlaidh do bhí gach nduine do thuath agus do chléir annsna héaduibh ina bhfóghnaidís ar an saoghal. Is annsan do ghlacadar an Saighdiúir searc-láidir go lúthgháireach láin-mheannamnach, agus do rugadar aisteach le ceól agus le hóirfide é, nár chlos dó san saoghal a shamhail roimhe sin riamh. Ar ccríocnughadh an chéóil sin agus ar sgaoilleadh do'n Procession agus ar sgaradh re chéile dóibh, do rugadar dias díobh amhuil budh árdeasboig iad, leó é .i. an Saigh- diúir d'á n-ionnad féin ionna ccomhnuidís, dá thaisbeánadh dó míneamhlacht agus tromthoradh na dúthaidhe sin. Agus ar ccómhrádh agus ar ccoimhfhriotal leis, ar ttúis tugadar glóire do Dhia, noc tug neart agus cumus dó a ccoinne ainiarsma na péine agus na pianoilithre fuair. Annsan, umora, iar siubhal agus ar sár-aisdear dóibh leis an Saighdiúir fá mhághibh mionsgothacha na dúthaidhe sin, do chonnairc agus do chianradhairc nídh as mó do neithibh teannáilne taithneamhacha ná dob'fhéidir le teanguinn a sgeólsgaoile, ná le peann do phraip-sgríobhadh. Do bhí an dúthaidhe chómh solusghlórmhur, chómh soillsightheach sin ionnus, dar leis féin, gur dhorchadus diamhair tehsiomarcach na gréine a meodhan laoi meithiomh shamhra
dh dá fhéuchaint. Ni bhiodh dorchadus oidhche ann do bhrígh go raibh
ar na shoillsiugadh go síoruidhe le solus ó Fhlaithis Dé. Agus as amhlaidh do bhí amhuil minfheur mínfhéur ar na imiolló- thímpchiollughadh le bláthaibh bith-áile buantorthacha agus le torthaibh taithniomhocha agus le luibheannaibh lán-mhaiseacha, noch do bhithbhéodhaig le na mbuanbholathaibh é, dá leigthí dhó ionna bhfocair.
Acht cheana, níor bh'fhéidir leis iomal-chríoch na dúithche d'fhaicsin. Acht, mar tháine aisteach, do chonairc an oiread san do dhaoinibh ann, dar leis, nách raibh duine beó ar an saoghal dá éis, agus iad a cceathramhnaibh fá leith agus siobhall aco air a chéile chum mórgháirdeachais meanman aiginne agus inntinne do dhéanamh, ag sinnim ceólta guith- bhinne agus ag moladh Dé do shíor. Agus amhuil bhíos deifir idir réalta agus réalta, as mur sin do bhíodh eidirdhealbhughadh idir a ngnúisibh glé-mhaiseacha ar aon mhodh amháin, amhuil do bheidís ortha san saoghal .i. cuid aco a n-éaduighibh óir agus cuid eile a n-éaduighibh purpuir agus cuid eile a n-éaduighibh gormghlasa, ionnus gur bh'fhéidir leis gach sórt agus gach órd d'aithne ar a n-aibídibh.
cuid aco fá choróinibh amhuil Righthe, cuid eile agus pailm órdha ionna lámhaibh. Do fuair an Saighdiúir an oiread sin sáimhe agus sádh- aileacht ionna radharc agus ionna éisteacht, budh dóimheasda an t-iomlán agus
gach aon aco ag síor mholadDé go huile agus go haontuightheach. Agus gach aon do chíodh an Saighdiúir do bhíodh ag moladh Dé ar a shon agus ag urgh- ardughadh iona thímpchioll. Níor ghoill fuacht ná teas air agus ní raibh annsan acht neithe budh sáimhe agus budh sádhaile ná á chéile. Is annsan adubhairt na háirdeasboig leis: "Féuch, a Dhearbhráithir, do chonnairc tú,
, gach nídh ba mhian leat d'feicsin .i. pian na bpeacach agus sólás na bhfíoraon.
beannuighthe Cruithightheóir agus Slánaightheóir an iomláin, noch tug duit se an aigne fhoirtil fheidhim-láidir, léár chlaoidhis do eascaruid. Anois as maith linn a fhios do bheith agad cia hiad na háite uathbhásacha, agus cia
í an áit shóláis ar ttúis.
Ag so Parrathus Talmhuidhe as ar díbreadh Adamh, ár sean- athair, tré mhíréir Dé do dhéanamh. Ar an adhbhar gur ab ar ubhall do thréig a umhalacht do Dhia, do chaill an radharc so do chídh
agus mórán maille ris, tré neamhchomhall breithre Dé,
do bhí aige, gur thuill a ccailleamhuinn. Do chaill sólás inntinne, ar an adhbhar, an fead do bhí cion agus onóir ag Dia air, níor thuig agus níor chuimhnig air féin. Annsan, do cuireadh a ccosamhalacht é le hainmhínntibh éigcialla agus a shliocht dá éis. Agus do thárthaig an bás iad tré chailleamhuint na haithne. Uch as truadh loighead na humhlacht
do rin siad! Gidheadh, Dia uile chomhachtach, ó na mhór thrócaire féin, do ghaibh truadh don chinne dhaona é. Do chuir a Mhac féin a ccolluinn daona, IOSA CRIOST, ár dtighearna agus Ar Slánaightheóir, ion
us gibé ghlacus a chreidiomh, maille re baiste, saor ó pheacaidhibh gníomhacha agus sinnsir go ttuilleamaoid teacht don dutaigh so. Gidheadh, an coch- allchlóca ghlacamaoid san mbaisde, do bhrígh go sailímíd é an tan pheacadhmaoid le hanntoil na colna, as riach- tannus dúin
an aithrighe, chum maithfeachuis d'fhághail innar bpeacadhaibh gníomhacha. An aithrighe dhéaghanach, noch do ghnidhmíd a bponc an bháis no beagán roimhe, nách críoch- nuighmíd san saoghal, tair éis an bháis, as éigionn dúin
, annsna hionnadaibh pianamhala sin do chonnarc tusa, do chríochnugadh, ag fulang do réir ár ccionnta a bhfad no a ngeárr aimsire, a méid nó a luighead péine, do réir mur thuillfeam. Agus do ghabhamairne treas na háitibh sin, an mhéid atámaoid annso. Agus an mhéid do chonna
rc tu annsan' ó dhóirsibh Ifrinn amach, acht go mbia
dh glan, tiocfaid annso agus bia
dh sábháilte. Agus tigid chugh ain
gach laoi cuid aco agus glacamaoid annso iad le gárdachus, amhuil do ghlacamar thusa. Agus ní bhfuil a
fhios ag aon duine dá bhfuil a bpéin cá fad bhíos innte. Gidheadh, maille re guidhe re déirc agus le haiffrionnaibh do rádh ar á n-anmannaibh, do gheibid furtacht agus faoisiomh ó na bpéin, nó malairt péine budh aobhdha do thabhairt dóibh, go bheith sábháilte dhóibh. Agus an uair thigid siad chum na háite suaimhnisi seo ní feas dóibh cá faid biaid ann, agus ní féidir linn a fhios do bheith aguinn, amhuil congmhuighthear annsan dár bpianadh sin
, do réir ár ccoire. Mar sin, biadhmaoid annso, do réir mur thuilleamair le ár maith-ghní
mharthaibh. Féach, go bhfuilimid saor ó phéin agus go bhfuilmid ró-shámh suaimhneach. Gidheadh, ní fiú sin
fós dul a naontal nanaomh nó na n-aingeal, agus ní feas dúin
cá tráth. Gidheadh, an uair chaithfeamaoid ar n-aimsir, do ghéabhamaoid an sólás as mó. Bímíd gach lá ag dul a méid agus a luighead ó bheith ag teacht chughain
as na háitibh sin do dhaoinibh, agus dream eile ag dul uain
go Flathus Dé." Ar gcríochnugadh an chómhraidh sin, do rugadar na hEasboig onóireacha leo é ar sliab mór árd agus adubh- radar ris féuchainn suas. Créad é a mheas ar dhaith Fhlathais Dé seoch an áit sin. Agus adubhairt sin, dá bhfreagra: "Go bhfios damhsa as cosamhuil so re hór ar dearglasa
a tteaghlach thinntighe." "An nídhsi do chídh tú anois," ar siad, "as é dorus Pharrthuis é. Annso ghabhuid aisteach an dreain béarthar uainn go Fhlathus Dé. Agus ná bíodh ainbhfios ort, óir an feadh do bhíamna annso, do bhéara
dh Dia beatha naomhtha dhúin
uair san ló. Agus, do thoil Dé, bia
dh a fhios agad créad an sórt beatha í a na blaise
. Tabhair dod taire leis sin gur thúirling amhuil lasair theinne ó Fhlatheamhnus, do chomhfhoilig iomlán na talmhann, agus í rannta mar ghaoithibh gréine ag túirling ar cheann gach aon aco agus do chua
dh ionnta aisteach agus annsa tSaighdiúir mur chách. Agus fuair sé an oiread san taith-
nimh agus tairbheatha dá chorp ionus nárbh feas dó an beó nó an marbh do bhí; agus d'imthig a móiment beag uaire. "Agso",
, "an biadh le a mbeathuighean Dia sinne gach lá. Agus an dream théid uainn go Flathamhnus, bia an biadh so aco go siarruidhe." d'fhanfadh an Saighdiúir annsan go toilteannach dá madh dlightheach agus go bhfaghadh an biadh nó an bheatha san. Gidheadh' tair éis na nglóirsgéal sin, innistear bróinsgéal dó. "Anois, umora, a dhearbhráthair,"
, "do bhrígh go bhféacaois gach nídh budh mian leat, mar áta, pianta Purgadóra na bpeacach agus suaimhneas soillsightheach na bhfíoraon, ní fuláir dhuit tille san cconaire chéadhna tar nais. Agus dá ttugair do bheatha as so suas go naomhtha neamhurchóideach, ní headh amháin go bhfaghair an bheathasa acht do gheabhair an bheatha shuthainn. Gidheadh, má's, nár léige Dia go holc agus go claon dod hanntoil agus do mhianaibh na colla do dhéana
r, do chonna
rc tú féin créad atá fad chomhair. Agus bí ag imtheacht slán, ar an adhbhar gach uathbhás dár imreadar na deamhain ort, ag teacht duit, ní baoghal duit ag imtheacht tar n-ais iad, óir ní bhfaghaid ionnta féin teacht ad ghoire agus bia
d eaglach reómhatt." An Saighdiúir sáraighthe, do chritheaglaidh agus do chaoi trés an aitheasg sin, agus diar
agus do athchuingeadh ortha léigean dó san áit sin ionna raibh agus gan a chasadh airíst tar ais ar an saoghal, dá rádh, nár bhféidir leis an ball san d'fhágbháil. "Ar an adhbhar,"
, "atáim lán d'uamhainn agus d'imeagla go ttiocfadh d'ainmhianaibh mo cholla go ndianghainn ní éiginn do thoirmeasgfadh mé fá roichtainn do'n áitsi arís." "Ní mar iarus tú bhia
dh sé," ar
iad san "acht mar as toil leis an tí do rin tusa agus sinne, ar an adhbar gur ab aige as féarr atá a fhios créad fhóghnus don uile nídh."
Mar do chuaidh an Saighdiúir Síor-chalma tar éis Purgadóra go Jerusalem, agus cionnus do chaith ar chuid eile d'á Aimsir, etc. An Saighdiúir síor-chalma .i. Éoin bríghmhisneach, ar nglacadh beannachta na n-Easbog, do thriall tar n-ais go toilteannach deagh-mheanmnach. Agus do thiodhlaiceadar na h-Easboig onóireacha tar gheataidhibh glé-mhaisiocha Pharrtha
s amach é agus do dhruideadar an dorus ionna dhiaigh. Ar ngluaiseacht do'n tSaighdiúir go cumhach ciamhair tré bheith ag fágbháil an tsóláis shámhghlan shoinean
ta sin, agus tré bheith ag teacht chum dóláis déarmhair an domhain san chonnair chéadhna táinig gus an halla réamhráidhte, mar a ndéarnadar na deamhain inghréim ar dtúis air. Na deamhain, umora, do chíodh é ag teacht, do theithidís go faitíseach foluaimneach san aeghear, d'á uamhainn agus d'á imeagla, agus ní fhéadaidís díoghbháil do dhéanamh dó. Agus annsan tángadar 'na choinne agus 'na chomhdháil, go meanmnach móraigionntach, na chúig fhearra déag réamh- ráidhthe do leasmhúin agus do láintheagaisg é ar ttúis
ag tabhairt glóire agus moladh do Dhia uile- chomhachtach, noch tug an aigne árdúirmhisneamhuil agus an ceannus seasmhach cródha cró-dhearbhtha sin dó ria éigionntaibh uathbhásacha ainfhiarmhartach. Agus
ag buanbhreith buidheacha
s na mbuadh do rug. "Anois, a dhearbhráthair ionmhuin," ar siad, "atá a fhios aguinne, mail
e ris na huathbháisibh agus ris na huile phiantaibh d'fhuilingis, gur chlaois an t-adhbhairseóir agus go bhfuil túglainnighthe go sgiamh-ghlan ód pheacaidhibh. Agus anois atá an lá ag éirghe ad dhúthaigh agus éirigh gan mhoill gus an dorus, ar an adhbhar Príor na hEaglaise,
an tan chríochnuigheas an t-Aifrionn agas an Procession, tiocfa
dh chum an doruis, agus imtheóchaidh tar a ais, dá mheas gur cailleadh mar chách thú." Is annsan do ghluais an Saighdiúir psailmdhiadha chum an doruis. Agus an tan d'osgail an Príor an dorus, do chonna
rc an Míleadh mórghaisgeamhuil ar an ttaobh aistigh agus do ghlac go honóireach umhal árdghárdach é, ag tabhairt buidheachuis do Dhia. Agus do rug leis do'n Eaglais é agus do chongaibh ann é go ceann chúig lá dheag ag trosgadh agus ag urnaighthe agus ag adhmoladh Dé. Air sin, do ghluais an Saighdiúir, ar nglacadh fíghre na croiche céasda ar a ghlúnaibh, do imthig roimhe d'á oilithre féin agus d'á nuaidhleasughadh do'n Talamh Naomhtha, go Jerusalem, agus go hionnadaibh iomdha eile. Agus annsin, ar gcríochnughadh agus ar ccoimhlíonadh a oilithre go somhalta, d'fhill go Rígh Sagsan, d'ár'bh' ainnim Stiabhna, d'á raibh sé ag fóghnamh agus ag feidhimsheirbhís roimhe sin. Agus do bhrígh a mhuinteardhais do theagaisg dó dul a n-órd eagailse éigin, agus
chuid eile d'á aimsir do caitheamh a seirbhís agus a bhfóghnamh do Rígh na Ríogh. Tárla fá'n am san go raibh Gervasius, Ab
choimh- thionó
l Ludensis, a bhfochair an Rígh. Agus ar bhfághail ceada agus cómhaonta O Muircheartach Mac Néill, fá Rígh ar Éirionn an tan san, mainnisdir do dhéanamh a n Éirinn, chuir manach d'á mhuintir, d'árab' ainnim Gilbert, le droing eile gus an Rígh chum na h-áite do ghlacadh agus do ghreim-ghabháil uaidh go ndiongnadh mainnisdir ann. Agus ar nglacadh Gilbert do'n Rígh go luthgháireach, do gheará
n agus do éagchaoin ris an Rígh nach raibh teanga na hÉirionn aige .i. an Ghaoidhilge, Agus ar na chlos sin do'n Rígh adubhairt ris: "Atá agamsa dhuit do thoil d'fhear teangan nó friotail." Agus do chuir gairim ar Eóin, agus d'iarr air dul le Gilbert agus fanmhuinn ionna fhochair a nÉirinn. Agus do ghaibh Éoin an chuing sin go ró lúthgháireach agus adubhairt go ndiongnadh seirbhís do'n Manach go ró-ollamh oireamhnach. "Agus, a Rígh agus a
Thighearna," air sé, "déanasa mur an ccéadhna. Tabhair uirim agus onóir do na manachaibh ad Rígheacht, ar an adhbhar go fírinneach, ní fheaca
dh mise a bParrthus daoine ba onóirighe ughdarásuidhe ná an t-órd so." An
san ar tteacht go h-Éirinn dóibh, do dealbhuigheadh mainnisdir leó agus do bhádar innte ag seirbhís do Dhia dhá bhliadhain go leith. Dob é Gilbert do ghníodh seirbhís aistig, agus Eóin amuich ag seirbhís go dlisteanach díreach deighmhéine. Agus ar nglacadh aibíde Mhanuicc uime, do chaith a bheatha go diadha deaghrúin, do réir fiagh- nuise Gilbert réamh-ráidhte. Agus an tan do theangmhadh Gilbert agus an Saighdiúir uaigneach ar deaghuain, do bhíodh Gilbert ag lorgaireacht agus ag láin-fhiafruighe dhe tuarasgabháil Phurgadóra, do réir mur do chonairc agus do chomhmhothaigh iad. Gidheadh, ón uathbhás do chonairc, níor bh'fhéidir leis éisteacht tráchta ar Phurgadóir gan éighmhe agus gol go hathgharbh géimláidir. Agus do thionnsgainn dá innisin, agus dá fhaisnéis, dá dhearbhchara
d fá shéala na secréide, na turais réamh- ráidhte agus gach nídh uathbhásach eile dá bhfacaidh agus dár mhothaig, gurab le na shúilibh corpardha do chonnairc iad. Agus maille re himpidhe agus le díthchioll an Mhanaicc seo, do tharaing sé an Saighdiúir chum a sgríobhtha, agus do ghlac teist Easboig onóraicc agus dá fhear déag do dhaoinibh Eaglaise an Oilea
n, noch tug, do ghrádh an chirt, teist fhírinneach uatha, do neartughadh le fírinne an sgéal so. Foillsighthe agus Dearbhaighthe iomdha an Sgéal
do Bheith Fírinneach. An sgéal réamh-ráidhte so as é Henricus Salteriensis innis é, agus go fírinneach d'innis, agus d'fhaisnéis an Gilbert réamhráidhte go ró-mhinic dom láthair féin é, do réir mur do innis an Saighdiúir Eoin dosan é.
Agas tárla fá'n am sin do láithir duine adubhairt go raibh contabhairt ar an nídh sin. d'freagair Gilbert agus adubhairt: "Adeirid daoine," ar sé, "an tan do rugadh an Saighdiúir do'n halla gur fuaduigheadh é a n-egstasis nó a néal dearmaid, agus gurab mail
e re Spriod do chonairc gach a ttárla do. Agus adubhairt an Saighdiúir go dearbhtha, gur ab le na shúilibh corpardha agus le na chéadfadhaibh corpardha, do chonairc iad agus do mhothaig iad mur an ccéadhna gan ceist gan chontabhairt." "Agus do bhí mise féin a mainisteir," ar Gilbert, "agus do chonnarc féin, agus mórán do dhaoinibh eile, nídh nách éagcosamhuil ris an nídh seo .i. Manach do bhí san Mainnisdir sin ag a raibh beatha ró-naomhtha ainglidhe. Agus do bhí an diabhal coimh miosgaisioch sin do, tré naomh- thacht a bheatha agus tré a neamhurcóidighe do dhuine, go rug leis é as a leaba agus gur chongaibh é trí lá agus trí oidhche, gan fios ag na bráithribh cá raibh an feadh sin. Agus an treas lá fuaireadar in a leaba é beó-loitighthe beag nách marbh. Agus d 'innis damh féin go bhfaca
dh iomad pian agus peannuide. Agus do mhair sé chúig bhliaghna déag na dhiaigh sin. Agus níor bh'fhéidir a chneadha do leigheas ná do láin- tiormughadh agus d'fhanadar go bás úr-osgailte, agus do bhíod faid mheoir a ndoimhneas coda aco. Agus an tan do chíodh an Manach so an t-aos óg ag gáire go hainmheasardha, nó ag déanamh baoise nó baoth- chómhrádh, adeireadh sé go déarmhar doilghiosach: "Uch, dá mbiadh a fhios aguibh an cruadhchás an cruadháil, agus an cúntas chaithfidh sibh do thabhairt ann bhur ndíomhaoineas agus ann bhur ndíthchéille do mhallartóchadh sibh bhur míbhéasa." "Do chonnarc féin," ar Gilbert, "cneadha agus créachta cróilinnteacha an Mhanaicc seo, agus do ghlacas
iad go meinnic leam lámhaibh agus mé dhá chur a dtalamh tair éis a bháis." Ag sin teist agus teannfhiaghainse Gilbert go roich sin. Mise féin Henricus Salteriensis, an t-ughdar, tair éis a ndubhramair, do chuir an cheist seo chum dá Ab
a Éirionnach mar bhárr deimhnighthe agus dearbhtha damh féin. Agus adubhairt duine aco gur bhfíor an t-iomlán de, agus adubhairt liom mórán dá ndeaca
aisteach san uaimh réamh-ráidhte nác tángadar amach tar n-ais riamh. Agus go nuadh anois do loirgíos ar Easbog onórach do bhí 'na bhráthair fhogus do'n treas Phátríarc, do ba chompánach comhaimsire do St. Malchias, dárbh' ainnim Flaithrighe, noch gurab inna Easbogóideacht
atá an uaimh. Agus ar mbeith dá dhearbhfhiaf
uighe agus dá dhian- loirgiriocht air, adubhairt liom: "Go deimhin, a dhearbhráthair, ní bhfuil contabhairt gur fíor é, agus as am Easbogóidheacht féin atá an uaimh. Agus cailltior mórán san Phurgadóir sin. Agus gibé aco thig tar a nais ó iomad na bpian agus ó
bhal-mhéad an uathbháis fhuili
gid le fannlaige agus le h-anbhfainne laetheamhuil bíd ag sámh-
agus ag seirglighe. Gidheadh, biadh san do shólás aco, má fhanuid glan ó pheacadh as sin suas go bás nác faighid ní as mó do phurgadóireacht tair éis a mbáis a ndiaigh an tsaoghailsi". An sgéal so Éóin Onóraicc, an feadh as ughdar dó, etc. Henricus Salteriensis, do tharrangamar as sean-leabhar láimh- sgríobhtha do bhí ag St. Victor Zansiensis ina raibh a thrí n-áitibh tarraingthe agus ana bhfuil anois a ndá áit, agus an feadh as ughdar dó Matheus Saltensis as a oibriochaibh féin do thairingeamar é. Agus dá ttangmhadh gur ab mó do chreidfiodh duine le h
agla, nó le fanntais, nó le diadhacht, 'ná le deighchreidiomh, nó go madh mian leis cur na choin
e, féacha
sé go fírin
each friach-
namhach na hatharacha naomhtha .i. Greagóir beannuighthe bioth- bhuadhach, béadá uasal onórach nó Dionisius Carlusianus, agus léaghadh go deaghradharcach géur a sgéal
a iomdha agus a ttaisbeánadh tarbhacha iongantacha nách éagsamhuil, agus nách faighdís ionnta féin a séuna
ná a sáirdhiúltadh. Do'n Aimsior agus do Chúis na Purgadóra agus do'n nídh Piantar ann, etc. Anois, umora, cum críochnaighthe an tráchta so na Purgadóra, ní foláir dhúin
labhairt ar aimsior agus ar chúis na Purgadóra chum sásaighthe do'n droing bhíos ag cur a naghaidh. Tabhair do t'aire, d'á bhrígh sin, gur ab iad na daoine bhíos beó ina ccorpaibh colluighe do gheibh an Phurgadóir seo agus nach iad na daoine d'éis bháis; ionnus go bhfuil deifir mhór idir an bPurgadóir seo an bheatha phribhléidig, agus an Phurgadóir choitcheann bhíos tar éis an bháis chinnte pangamhuil, agus go bhfuil an chéad Phurgadóir neamhaithrigheach agus an Phurgadóir eile aithrigheach, agus tair éis an bháis bí Purgadóir aithrigheach agus neamhaithrigheach ann do réir na háite agus na haimsire agus na ccionnta. Ag sin críoch an tráchta so ar Phurgadóir Pháttruicc, ar na tharrang ar ttúis a nGaodhailge as Frainncis leis an Athair Tomás Wellsingham, Sagart Éirionnach, do fríoth leis a mbeatha Naomh Éirionnach, agus do chaith féin a bheatha agus a aimsir go críostamhuil caitiolca gur fhulang Martra ar son a chreidimh; agus ar na aithsgríobhadh le Taghag O Raghallaigh, Anno Domni 1727, November the 20th; agus ar na threassgríobhadh le Diarmuid O Mulchaoinne, Anno Domni 1769, August the 9th, chum úsáide Aindréis Mac Mathghamhna. Mur fuaireas sirim Guibhe an léighthéora ar anmuinn mo mharbh o --- etc.
Fuaireas an dán so leanas san R.I.A. i láimhscríbhinn 23 M46. The Pilgrimage of Lough Derg, according to the Psalter of Cashel. Do réir Psaltrach Chaisil Turas Locha Deirge. {C Fil.} A dhuine théid go Loch Dearg Ná coimhnigh fuath fodhla ná fearg Taisge na rainnsi mar ualach lóin Leigheas réidh gach annródha. Paidir Avé agus Cré Air do glúinibh don gcéidréim Ag an Altóir mhór iar tteacht tar tuinn Go Dún Phaidric mhic Calpuirn. Ar do ghlúinibh is deimhin liom Mar ndéantear iodhbairt an Aiffrinn Trí Paidre trí Avé is Cré A nonóir an tí is geal gné. A nonóir an pháis fuair an rí Do sheacht ndeichneamhair an treas ní Le gach deichneamhair cuir paidir thort Go ndéanair suas an uimhir cheart. Seacht leapthachadh píanta gan bhréig Tá bhfhothair Phádruic san oiléan Dualgas gach leaptha sa hurnuighe béoil O leabuigh bhreinin go hAibheog. Trí Phaidre don taobh amuigh
fá gach leabuigh phíanta Trí Avé mar aon is Cré Do réir ráidhte na naomhchléir. Ireadsin oile agus ní gó Air do ghlúinibh faoi annródha A ndorus gach leabtha dá bhfuil ann Do réir riaghail an tailghion. Iread oile don taobh astoigh Sul do rachfum air ar nglúine Trí huaire ag dul hart Air leacaibh loma táirnocht. Trí Phaidre trí Avé is Cré Ar lár gach leaptha is gnáthghéar Ar do ghlúinibh is coimhin linn Ní bhfuil an ainbhfhios oruinn. Is mithid damhsa triall tar tuinn Go leaca dubh an Táilghion Mar bhfuil cosáin ghéara chrúaidhe Lán do staide fuil ruaidhe. Cúig Paidreacha cúig Avé is Cré A ttimchioll na leaca láinghéir Trí huaire go n-iomad cloch San linn lé cosa lomnocht. Cúig Paidreaca cúig Avé is Cre Dualgas gach leaptha láinghéir Ar do glúinibh air an leic go lí Gabh eolus uaim a Chriostuighe. Gluaismíd go leac na mbonn I nair bhfághair furtacht an tannbhfann Paidir Avé agus Cré go cóir A sé a deirthior na Honóir. Ón leic sin gluaistior linn Go haltóir mhóir an tAilghion Aon Paidir Avé is Cré Air dó ghlúinibh gan leithsgéal. Gluaisiom as sin asteach Go dún ghlanta na bpeacach Abramaoid air psaltuir ann Ar ar nglúinibh ag an nAifrionn. Ocht ttrátha déag ar ttéarma an
Air dhi
coda agus comhrann Uair gach lá bu mhór air ngráinn Air aon chuid uisge agus aráin. A ndeire oidhche goirthior
inn
Ré clogchléirigh an Aifrinn Air bhfritheoladh bás is guidhe Le teaghallach Phadruig ainghlighe. Ceithre húaire fidhchiod gan tsuan A gcaircair chomhghan chaolchruaidh Gan air do chomas teacht as go tric As uaimh ghluasaidh Phadruic. Crích ar tturas do nithear linn Re trí tonna don loch shinonn Go ttigmíd slán dair ndún Gan fhuath gan fhormad gan mhírún.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services