PURGADOIR PHADRAIG NAOMHTHA
Ag so ionnar ndiaigh Tuarusgabháil ar Phurgattóir
Pháttruicc, agus Suigheamh ar a beith a -Éirinn
Sul do labharam ar Bheatha Bhríghde .i. céad bhan-naomh
nó Ban-Ab<b> Cille Darradh nó aon naomh, nó ban-naomh
eile, cuirfeamaoid síos annso trácht ar Phurgadóir
Pháttruicc, agus suigheamh ar <a> beith a Éirinn agus na
taisbeánta iongantacha do rinneadh do shaighdiúir dáirighthe
san uaimh sin na Purgadóra. Agus is é as fáth dhamh
reis an nídh sin do chur síos san leabhar so, do bhrígh go
measuim go mbiadh sé d'inntinn ag daoine deagh-bheathacha
dul do dhéanamh oileithre na huaimhe sin. Agus ionnus go
ccluinnfeadh <siad> na taisbeánta do rinneadh do'n tsaigh-
diúir sin, agus gurab móide do dhéanaidís deifir re
triall é, do ghéanamaoid an stair do chur síos ar ttúis.
As follus go ttug Dia do Pháttruicc Naomhtha, mar
onóir, Purgadóir do thabhairt ar an ttalamh so dhó, do
réir mur adeir Coesarius Naomhtha, do mhair do'n leith
aistig do sé chéad bliaghain a ndiaigh Chríost: - Agso mar
adeir: "Qui de purgatorio dubitat, Scotiam pergat,
purgatorium Sancti Patricii intret, et de purgatorii
poenis amplius non dubitabit." "Gibé chuirios
conntabhairt a bPurgadóir, trialladh go hÉirionn agus
éirgeach ast<e>ach a bPurgadóir Pháttruicc Naomhtha, agus
ní chuirfe conntabhairt a bpianaibh Purgadóra ós sin amach."
Do'n Aithrighe agus do'n Dul aisteach do rin Saighdiúir
a n-Uaimh na Purgadóra, agus dona Taisbeántaibh do rin
Dia dhó san Uaimh.
Saighdiúir dáirighthe d'ár-bh'ainnim Eóin, noch do bhí ag
seirbhís mórán do bhliaghan<t>aibh fá Rígh Sagson .i.Stiabhna,
agus, maille re cead an Rígh, táinig go hÉirinn, dá dhúithig dhíleas,
d'féuchaint <a> athar agus a mháthar. Agus an tan
do rin comhnuighe nó sos san dúithche, do thionnsgainn a
dhroich-bhearta féin do thabhairt d'á aire gus an am san,
do bhrígh, ó d'fhágaibh sé an cliabhán, gur ab ar ghoid agus
ar fhuadach agus, nídh ba mheasa leis, ar chealagthaibh do
chaith a aimsir, a n-éagmais il-iomad do pheacaidhidh
gráineamhla do ghníodh go foilightheach.
Gidheadh, an Saighdiúir seo, ar nglacadh aithreachais,
táinig do láthair Easboig onóraicc do bhí san dúthaigh,
agus do nocht sé a pheacuidhe go hiomlán do. Gabhus an
t-Easbog dá theagasg agus do chuir a n-amhuil dó méid
na héagcóra do rin ar a Thighearna Dia. Dá bhrígh sin,
an Saighdiúir aithrígheach doilgheasach so, do choir roimhe
leoirghníomh diongamhálta do dhéanamh le Dia. Atá do
bhith nádúrtha ag lucht na críche sin, Éire, do bhrígh gur<a>b
ollaimhe iad, tré neimheolus, chum uilc ná cinneadha eile,
an uair thuigid siad iad féin cionntach gur<a>b iad as
ollaimhe agus as aibidhe uim leoirghníomh agus uim aith-
reachus do dhéanamh ionnta. Agus an tan do mheas an
t-Easbog breith aithrighe do chur air, do fhreagair an Saigh-
diuir agus is é adubhairt: "Do bhrígh gur pheacaigh mé
cómh mór sin a naghaidh Dé, glacfa mé an bhreith aithrighe
as géire, ionnas go bhfaighinn maithfeachus mo pheacaidhe .1.
raca<i>dh mé go Purgadóir Pháttruicc."
Annsan do ghaibh an t-Easbóg ag seannmóir, dá fhoillsiugh-
adh dhó a mhéid do dhaoinibh do caille<adh> leis an turus
sin, ag toirmeasg aiginne an tSaighdiúra. Gidheadh, an
Saighdiúir sárchalma, níor chlaon a aigne do'n uathfás sin.
Is annsin d'iar<r> an t-Easbog air aibíd Conánnaicc nó
Mannaicc do ghabháil uime agus a aimsir do chaitheamh
le deagh-oibreachaibh agus le caoin-dúthracht crábhaidh.
Adubhairt an Saighdiúir ná diongnadh ar aon chor go dul
san uaimh. Agus an tan adchonnairc an t-Easbog é go
fíor-aithrígheach, neamhfhannthuisioch, tug leitireacha uaigh féin
dó go Príor na háite, dá fhógra dhó déanamh reis mar
ba ghnáitheach do dhéanamh leis na hoilithreachaibh eile san
turus san.
An tan adchonnairc an Príor na leitriocha agus na
haithisg réamhráidhthe, do rug an Saighdiúir leis do'n
Eaglais, mar a ndeárna<i>dh, do réir gnáthamh, chúig lá
dhéug do throsga agus urnaighthe. Agus ar gcríochnughadh
na haimsire sin, tair éis Aifrionn do rádh do'n Phríor,
do thug a Thighearna do'n tSaighdiúir agus do láthair na
Cléire agus an Choimhthionóil do chroith uisge coisriogtha
air. Ar ndul go dorus na huaimhe agus ag osgla<dh>
an doruis, a dubhairt <an Príor>: "Féuch anois. Rachair
aisteach anainnim an Tighearna, Iosa Críost, agus bia<i>dh
tú ag siobhal a ndoimhnios na huaimhe ar feadh na compa
go dteangmha dhuith halla déanta go ró-ealadhanta. Agus
ar ndul aisteach ann, do-ghéabhair teachta ó Dhia, fhoillseóchus
duit gach guais agus gach conntabhairt d'á mbiadh ad cheann
san turus san. Agus ar n-imtheacht dó<i>bh san uait, agus
ar mbeith ad t-aonar, tiocfa<i>dh <chughad> na buaithrigh-
theóiríghe, fá mar do gheibhmíd do theangmháil do'n mhuintir
do chua<i>dh róbhatt innte. Agus bíse go buan-tseasamhach
a gcreidiomh Críost."
An Saighdiúir furránta níor eaglaidhe na baoghail
sin cháich é, agus le nar ghnáith le cloidheamh iarnuidhe dul
chum catha le deamhan, eision, le cloidheamh as cruaidhe, le
creidheamh agus le dóchus agus le ceart, an dóchus a mor trocaire
Dé, do chuaidh cum comhraicc agus chum cathaighthe
leis na hadhbharseóiridhe. An Saighdiúir seasmhach, ar
mbuain fioghair na Croise Céasda ar a aghaidh, agus ar
ccur cúraim ar chách guidhe ar a shon, do chua<i>dh aisteach
san dorus go deagh-thapa. Do chua<i>dh an Príor, annsan,
ar n-iaghadh an doruis do'n Eaglais tair éis le Proces-
sion.
An Saighdiúir, umora, ar ttionnsgannadh na Saigh-
diúireachta neamhghnáithighthesi, triallus san uaimh go dána
deagh-thapa deagh-úirmhisnigh. Agus, ar n<d>únadh an dorais,
do chaill an sollus go hiomlán. Air sin táinig sollus
beag, ar éigionn, ar a dhruim san uaimh, agus gan mhoill
táinig gus an cómpa réamhráidhte. Ní raibh solus annsan
acht amhuil bhíos againn san ngeimhre d'éis na gréine do
dhul faoi. Ní rabhadar balladha ag an halla sin acht é a
gcómpás, crochta ar cholmaibh agus ar phostaidhibh, amhuil
do bhiadh clabhastradh Mainnisdireach.
Agus, ar mbeith <do'n tSaighdiuir> ag siubhal a bhfad
tímpchioll an halla, ar ndéanamh iongantuis agus uathfáis
dá iongantaoi agus dá aidhbhse do tógbhadh agus do suigheadh
an halla, do chonnairc, ar an ttaobh aistig dá mhúraibh,
iongantas budh mhó. Ar ndul aisteach, umora, ann, agus
ar mbeith seal éigin ag siubhal ann, do-chonna<i>rc, ar
bhfille do gach aon taobh ar mbeith seal 'na shuighe anaonar,
do chonnairc chúig fheara déag, mar badh daoine eagail-
siumhla nua<dh>-bheartha iad agus iad a néadaibh glé-
mhaiseacha.
Agus ar dteacht aisteach dóibh, do bheannuigheadar <dó>
a n-ainm an Tighearna agus do shuigheadar ina fhochair.
Agus ag éisteacht do chách, do labhair an té, do bhi 'na
thosach nó ionna cheann ortha, leis an Saighdiúir, ag rádh:
"Is beannuighthe Dia uile-chómhachtach, noch thug an aiginne
sin duitsi <eadhon> teacht do'n Phurgadóirsi ar son do
pheacadha. Gidheadh, muna n-iomchraidh tú thú féin go
fearamhuil feidhimláidir, caillfior tú idir chorp agus
annam. Ar an adhbhar, acht go bhfágamna thú, tiocfa<i>dh
iomad do spridibh neamh-ghlanna chughad, noch bhéarus mórán
do phaina<ibh> troma dhuit agus bhagóras ort ní bhus mó.
Agus taireagfaid duit do bhreith chum an tsaoghail .i.
chum an doruis ionnar ghaibh tú aisteach, tar n-ais arís,
ionnus go ttiocfadh díobh, le mealltóireacht do chur tar
n-ais. Gidheadh, má imeagluighion tu géire na bpian nó
má meallthar tu le na ngeallamhnaibh móra, caillfior tú
idir chorp agus annam. Gidheadh, má sheasamhan tú go
fearamhuil foirtil feidhim-láidir ad chreidiomh, ar gcur
do dhóthchuis san Tighearna Thrócaireach, ionnus nach géillfir
d'eagla a bpianta, <d>á mbagarthaibh ná dá ngeallamh-
anaibh, agus le croidhe cródha go ndiúltair dóibh, ní hé
amháin go nglanfuighear ód pheacaidhibh tu, acht fós do chídhfir
an phian atá fá chomhair na bpeacach agus an gáirdeachas
ionna bhfuilid na fíoraoin. Bíoch Dia do shíor ad mheabhair
agus ad bheal agus gach uair céasfuighear thu, gairim
do Thighearna IOSA CRIOST, agus le gairim an ainnim
sin duit, fóirfighear thu ó gach mór-ghabhadh ionna mbeir.
Agus ó nach féidir linn anamhuin annso ad fhochair ní as
sia, cuireamaoid do chúram ar Dhia."
Agus, ar mbeanncadh dhó, do fhágbhadar é.
Do Theacht na n-Aidhbh<ir>seóiridhe agus do'n chéad phéin
do Fhulang an Saighdiúir.
Ar n-imtheacht, umora, do'n bhuidhin sin, do thionnsgain
an Saighdiúir an nuaidh-cheim Saighdiúireachta nó cathaighthe
do dheasghabháil a narmaibh Chríost ag feithiomh go neamh-
sgáthmhar cia aco do na deamhanaibh do chómhraigfiodh leis
ar ttuis, agus é dá éide agus dá árdghabháil féin le lúirig
an Chirt agus <cath-bharr> dothchuis <an> buadh<a> agus na
beatha suthaine dá dhíon ar a cheann, agus le scéith an
Chreidimh do dhíon a chuirp, agus dá chomhchoimead. Is é,
umora, budh chloidheamh chathbhuadhach dó .i. Briathra Dé, ag
fíorghairm IOSA CRIOST go díogruiseach, ionnas, leis
an mion<n>-ríoga ro-áluinn sin, go gcosantuidhe é ar
amus uathbhásach a eascarad. Agus níor chaill an diadhacht
iodhain air, mar nách éol di cailleamhuin ar an tí chuirios
a dhóthchas go diongmhálta innte.
An Saighdiúir, umora, ag feithiomh go fearamhuil ar
choimhriacht agus <ar> chuinntin na n-Aidhbheirseóiridhe, níor
chian dó an tan do chuala an trost agus an torann lán-mhór,
amhuil do bheith an chruinne chóimhleathan dá comhbhuaireadh
agus dá comhghluaiseacht, ionnus dá mheas agus dá bharamhuil,
dá mbeidís ainmhínte an domhain agus éunluith an aeghir
uile ar faonsgor agus ar fol<u>amhuinn, nách déanfaidís ní
ba mhó do throst ná do thóirnéis, ionnus, muna mbeidh sé
ar a dhíon le grásaibh Dé agus le teagasg na muintire
réamhráidhte, go rachach le baois agus le biothbháinidhe.
Agus tar éis na tóirnidhe tréanmhóire sin, táinig
nídh ba uathbhásuidhe ná sin .i. radharc na ndeamhan
ndiabluidhe ndubhgnúiseach. Air sin tángadar isteach do'n
árus iliomad do dheamhnuibh dealbh-ghránna domhaisiocha, ag
fiadhgháire, agus ag fochmhuide agus ag rádh mar iom-aithis:
"Na daoine eile do ghní seirbhís dúin<n>e, ní thaguid
chughain<n> go bhfaighid bás. Agus ní mar sin do rinis<s>e,
mar onóir dúin<n>e, óir tángaois chughain beó idir chorp
agus annam, ionnus go bhfághtha do th<u>illiomh go trom
mar do th<u>illis agus do ghéabhair. Tángaois annso,
umora, chum pian d'fhulang ar son do pheacaoidhe agus do ghéabhaidh
tú th'iaradh, dianchaithighthe <i> agus doilghias díar-
muighthe. Gidheadh, do bhrígh gur dúin<n>e do rin tú seirbhís
go nuige so, má ghéillion tú dhuin<n agus> tille<adh>
tar n-ais gus an dorus ina ttangaois aisteach, tionn-
locaimíd annsan thú, gan dochar, gan díoghbháil ar son do
shaothair, ionnus go bhfaghthá sólás fós ar an saoghal agus
nách caillfeadh <tú> an nídh is millis leis an ccorp."
Agus as uime do ghealladar sin dó, ionnus go
mbainfidís é, le mealltóireacht, d'á thurus. Gidheadh,
Saighdiúir Chríost nách so-chlaoidhte agus nác crithionn le
goimh-eagla agus nách mealltar le miochaireicht, as ionnan
tug táir agus tarcuisne agus tromm-dhiúlta ar na
ceasdun<ach>aibh agus ar na breagairibh bioth-dhamanta,
maille re gach freagra do thabhairt orro mar bhárr
iongana.
Na deamhain, umora, ar bhfaicsin tarcuisne an
tSaighdiúra, do lingeadar air go huathbhásach ainiarmharthach.
Agus do rinneadar teinne chraosach chómh-lasarach agus do
theilgiodar innte é, cuibhrighthe craiplighthe, dá sraoileadh
agus dá tharang anonn agus anall le crúcuighibh cinn-
ghearra cruaidh-iaruinn, ag éighmhe agus ag glamh-ghártha,
mar fhochmhuid faoi.
An Saighdiúir, umora, an tan do mhothaig an tromm-
phian teas-iomarcach na teinne, noch do bhí éidighthe leis
an mion<n> ríoghdha réamhráidhthe agus leis an dteagasg,
níor dhearmuid sé na hairim spriodálta. Do ghairim
ar a Slánaightheóir, ag rádh: "A IOSA, bíodh truadh agad
damh." Agus leis sin do sábháladh agus do fóireadh ón
dteinne, ionnus nár fhan spréidh san teinne dheirg. Agus
an tan do chonnairc an Saighdiúir sin, do fhás a dhásacht
agus a dheagh-mhisneach chum bheith neamh-eaglach ríompa nídh
as mó, <eadhon> an drong-bhuidhion diabluidhe dár briseadh
le rádh nó le gairim ainnime nó coimeirce Ar Slánaigh-
theóra IOSA CRIOST.
Do na Ceithre Champa Pianamha chum ar Tairingeadh
an Saighdiúir.
Iar bhfágbháil, umora, an aruis sin do na deamhnaibh
le hualghártha agus le gol-ghárthaibh uathmhara allta ag
sgarra<d> le chéile, do thairingeadar agus do sraoilleadar
cuid aco an Saighdiúir ní bu shia ina réigiún fada follamh
dubh. Do bhí an talamh agus an t-árus dorcha do-eóluis,
agus ni fheaca<i>dh aoin nídh ann acht na deamhain do bhi
dá theann-taraing. Do bhí gaoth ghintlidhe an<n>, nach
mór gur chlos í, gidheadh, do bhi coimh-nimhneach soin, dar
leis, go ttolladh é thríd.
Do thairingeadar <na deamhain> chum na gcríoch é ina
n-éirge an ghrian a meodhan an tSamhra. An<n>sin do
fhilliodar beagán budh dheas, ar n-imtheacht tré ghleann
ró-aidhbhseach ró-leathan mar a n-éirgean an ghrian a méodan
an ghéimhre. Agus ar n-imtheacht tar an ngleann sin dóibh,
budh clos don tSaighdiúir a chomh mór sin do ghol agus do
gharbh-éimhe gairbhfheirghe truaidhmhéileacha tuirsiocha, amhuil
do bhiadh an chr<u>ínne chóimhleathan ag comhscaradh comh-
bhuartha caonghola. Agus dá mhéid do imthigheadh ar a aghaidh
as mó 's as mó do chluinneadh go mór iad.
Annsan, le tarang na ndeamhan, do ráine an Saighdiúir
an gleann leathan aidhbhseach, líonta d'éighmhibh agus do
gholghárthaibh, agus do bhí comh fada san ann nách air bhféidir
leis <a> iomol-chríocha d'fhaicsinn ná do shú<i>l-radharc.
Agus as amhlaidh do bhí an cámpa, <eadhon> lán do dhaoinibh
óga agus aosda, agus do gach cineál, nochtaighthe ionna
luidhe ar lár ar an dtalamh, agus a mbéal agus a
mbruin<n>e fútha, agus taraingidhe tinntidhe tré n-a ccosaibh
agus tré n-a lámhaibh sáite san talamh, dá bpianadh go
truaidhmhéileach tinneasnach, agus iad ar uairibh ag ithe
na talmhann le nimh a bpian, ag éighimhe agus ag gártha,
ag rádh agus ag garrtha arís: "Sparáil, Sparáil, dein
trócaire oruinn," amhuil do bhi<adh> do láthair <ann> an té
léar-bhféidir a bhfortacht. <Bhí> na deamhain, umora, ag
síor-shiubhal ar na bochtaibh, <agus> ag gabháil do sgiúrsibh
cruaidh-rine iaruinn ortha, agus dá rádh ris an Saighdiúir:
"Na pianta éagsamhuil so do chí tú, móthocad tú iad dod
t'innghréim, muna ngéille tú dhúin<n>e agus fille<adh>
chum an doruis ina tánguis aisteach, mar a mbéaramna
sábháilte thú."
Gidheadh, an Saighdiúir go séunbhuadhach, do smaoinig
cionnus d'fhóir Dia roimhe sin é, <agus> tug táir agus
tarcuisne ortha. Annsan do leagadar na deamhain an
Saighdiúir ar an dtalamh, dá thuargoint agus dá
thromphiana<dh> mar chách. Gidheadh, ar mhaoidheamh agus ar
mhór-ghairim IOSA CRIOST dó, do theip sin ortha.
Ar bhfágbháil an chámpa sin, do tharangadar <na deamhain>
chum cámpa eile é, budh chruadháluidhe ná san. Agus is é
budh deifir idir eisionn agus an chéad chámpa .i. na daoine
annsan ar fleasguibh a ndroma agus draguin t<e>inntidhe
'na suidhe ar chuid aco, agus iad amhuil do bheidís dá n-ithe,
dá sgaráil agus dá sceanaghearadh le na bhfiaclaibh fada
fíor-ghéara fuileacha; agus drong eile <aco> agus deamhain
timpchioll a ccoirp agus a cceann agus a muingheal, ag
sáthadh a soc agus a ngob ngráineamhla ina ccleithibh, amhuil
do bheidís ag tréan-ghearradh nó ag tréan-tharang a
ccroidhthe as a ccliabhaibh amach, agus na deamhain ag gabháil
fútha, tríotha agus tarsa, dá sgiursáil agus dá sgoth-
bhualadh go truadh tuirseach, agus na pianacháin ag sgreadaig
agus ag scréadghártha gan sosadh. Agus ní fhaca<i>dh an
Saighdiúir iomol-chríoch nó ceann an Réigiúin sin acht
atharsna, do bhrígh gur ab tarsna tré gach campa do
shraoillidís é.
"Ag so", ar na deamhain, "na pianta chaithfios tú
d'fhulang, muna bhfillir tar n-ais san cconnaire céadhna."
Agus an tan do dhiúltaig an Saighdiúir sár-chalmo sin,
go deagh-mhisnicc, do chuireadar <na deamhain> rompa na
taraingidhe tinntidhe do sháthadh thríd. Gidheadh, ar neamh-
dhearamad ainnim<e> IOSA CRIOST don tSaighdiúir, do
fóireadh é.
Agus, iar bhfágbháil an chámpa do na deamhain, do
tharangadar é chum an treas chámpa. Agus as amhlaid do bhí
an cámpa sin, <.i.> lán do dhaoinibh óga agus ársadh agus do
gach cinéal, ceangailte cruadhchuibhrighthe do'n talamh le
taraingidhe tinntidhe tromlasarach, ionnus nách raibh
leithead rinne méoir d'fholamh ná d'fhásach. eatortha ó
mhullach a ccinn go trácht a mboinn. Do bhídís na pianacháin
sin ag tairgsin bheith ag éighmhe, gidheadh tré anbhfainne ní
fhéadaidís éighmhe acht amhuil daoine deóracha dian-laga a
bponnc an bháis, agus iad nochtaighthe nuaidh-chreachtnaighthe
le gaothaibh géara géir-neimheamhla geinntlighe, agus le
sliasbhuala na ndeamhan ndiabluidhe. Agus an tan do
chíoradh siad an Saighdiúir sáirmheannamnach so, ar
ngairim IOSA d'imthig <se> gan díobháil, gan dochar.
Agus ar ttaraing an tSaighdiúra chródha as san, do
rugadar <na deamhain> leó é san gceathramhadh cámpa,
do bhí lán de theinntibh tréan-mhóra 'na raibh an uile ghléus
géirphianta agus gráinpheannuidighe. Do <bhí> dream aco
crochta le slabhruidhibh athgharbha iarnuighe as a ccosaibh agus
as a lámhaibh, as a ngruadhaibh agus as a ttairbhfeithibh, agus
a cceann fútha ar lár na lasarach lán aidhbhsioch sin. Do
bhí dream eile crochta as a n-inngnibh, agus crúcaoi iarnuidhe
sáighthe ina súilibh agus ina srónaibh agus ina bplucaibh agus
ina mballaibh corpardha. <Bhí> cuid eile aco dá rósta<dh>
ar ghreilleachaibh gnáith-dhearga agus cuid eile ar bhearaibh
bith-thinntidhe, dá n-iompógh agus dá n-athchasadh agus dá
mbáisdiocht le miotallaibh millteacha míshásda gan
dearmad na sosadh, agus dá lán-ghearadh leis na deamhnuibh
dath-ghrána. Do chonnairc an Saighdiúir annsin cuid dá
chómpánachaibh agus dá lucht cómhaimsire san tsaoghal so
roimhe sin, agus do aithin iad. Éaghsamlacht agus
iliomad a bpian ní féidir le teangain a sgéolsgaoi-
leadh. Agus ní hé amháin go raibh <a> lán de dhaoine
céasda <ann> acht fós do bhí <a> lán do dheamhanaibh dá
síor-chéusadh agus dá sír-ghearradh.
"Ag so," ar siad, "na huathbháis chaithfios tú d'fhulang
muna ndéanair ar réir réamh-ráidhte."
Budh lugha agus badh lugha arís cás an tSaighdiúra
shárchálma fhíorchrodha shearc-láidir ionnta, agus do sgar
riú gan dochar ar ngairim ainnime IOSA CRIOST.
Do'n Roith Theinntidhe, agus do'n Tigh ar Lasadh, do'n
tSliabh Ard, agus do'n Abhuinn Oighreata chum ar
Tharangadar na Deamhuin an Saghdiúir.
Ar ngluaiseacht do'n tSaighdiúir ó na deamhannaibh as
an bpianchrádh sin, tárla ar roith adhbhall-mhór iarnuidhe
teinntidhe, lán do chrúcaoibh teinntidhe as a mbeidís na
daoine ar crochadh. Do curthaoi leath de san aeghir agus
<an> leath eile san talamh ar deárg-lasa<dh> le lasarachaibh
teinntidhe innimionntamhla ruibhe agus roisin .i. neithe
do curthaoi ann mur bharr péine do'n droing do piantuighe
annsan.
"Ag so," ar na deamhain, "an phian chaithfeas tusa
d'fulang, muna bhfillir tar n-ais, agus caithfidh tú ar
ttúis radharc na péine d'fhághail. Lucht feadhma fuath-
mhaire ó Ifrionn do bhí ag gluaiseacht an Rotha sin le leathain-
bhearaibh láin-iarnuidhe go luath luaithmhear, ionnus nár
bhféidir eidirdhealughadh do dhéanamh idir dhuine agus dhuine
ann le luaith-líonadh na lasarach, amhuil do bhiadh ciorchuill
teinne teinntidhe. Agus ar tteilgionn an tSaighdiúra
san Roith, agus ar na iompógh suas, ar ngairim ainme
IOSA, do thuirling <sé> sleamhain sláin-chreachtach.
Ar bhfágbháil na háite <sin> do tharangadh na deamhain
é cum tighe aidhbhseach adhmhal mhór ur-lasrach nár bhféidir
leis a fhaid ná <a> leithead do mheas ná do mhinfhéuchaint.
Agus ar mbeith don tSaighdiúir tamall beag uaidh, do stad
sé le hiomad an teasa trean-bhuirbe, le huamhainn agus le
truagh-uathbhás.
Agus adubhradar na deamhain: "Ag siúd na fothraighte
do ghéabha tú. Madh olc madh maith leat é, caithfir dul ann".
Annsan budh ro chlos dóibh gol agus éighmhe uathbhásacha
ón dteagh sin. Agus ar ndul aisteach ann dhó, do chonnairc
radharc ró-ghráineamhuil .i. úrlár an tighe lán do chlasaibh
chraois-leathana choimh-chruinne, agus iad comhdluith sin
ionnus go madh roigh-dheacair siobhal eatortha. Agus <bhí>
gach clais díobh lán do theinne, agus do mhiotalaibh éagsamhla,
dá leaghadh agus dá lán-losga<d>, ionus go rabhadar <na
daoine> dá mbáthadh agus dá múchadh, ionus go raibh iomad
do gach cineal ann, cuid díobh lán-mhúchta, cuid díobh go a
maillighibh, cuid gus a súilibh, cuid gus a mbéaluibh, cuid
gus a n-ochtaibh, cuid gus a muinghealuibh, cuid gus a
n-imilleannaibh, cuid gus a ttairbhfhéithibh agus cuid gus a
nglúinibh; leath-láimh do dhuine agus leath-chos ó dhuine
eile san ccr<u>adh-lasair sin dá ttruadh-losgadh; iad
ag gol agus ag gnáth-gharthadh le méid agus le neamh-
mheasardhacht na móir-phéine.
"Féuch," ar na diabhail, "caithfir dul san niodhchán
úd."
Agus ar ttabhairt amuis ar a theilgionn is na clasaibh
sin, do ghoir sé ainnim IOSA; agus ar cclos ainnim
IOSA dhóibh, do theip sin ortha.
Agus ar bhfágbháil na háite sin dóibh, do thairingeadur
é chum sléibhe sliomaidhbhsig. Agus do thaisbeánadar dó
gach cineal, an oiread san, ionnus nách raibh toirt ná tabhacht
ina bhfeacadar do dhaoine roimhe sin riamh dá bhféuch-
aint sin, agus iad uile nochtaighthe iona suidhe, agus a
ccosa fillte fútha, agus a n-aighthe uile ag feithiomh na
h-airde budh thuadh amhuil do bheidís ag iaradh báis le bith
eagla. Agus ar mbeith don tSaighdiúir ag déanamh machtnaimh
agus móir-iongantais don radharc neamh-ghnáthach so,
adubhairt deamhan ris: "As dóith leam gurab iongnadh
leat créad re bhfuilid an drong úd ag feithiomh leis an
móir-eagla úd. <Gidheadh>, muna ngéillir dúin<n>e bia<i>dh
a fhios agad gan mhoill."
Agus ní maith do ráinig leis an ndeamhan a chómhrádh do
chríochnughadh, an tan táinig siolla do ghaoith chloich-shneachta
attuaidh, leár sgriosadh agus léar sgoth-fhuaduigheadh
an Saighdiúir, agus an pobal sin uile a n-abhuinn bhreun
bholath mor-gaidhthe ar an ttaobh eile don tsliabh, mar a
rabhadar ag fághail bháis le fuacht agus le foithin-easba.
Agus an tan d'éirgidís suas as an uisge oighreata do
mhúcaidís na deamhainn dealbh-ghrána a cceann fútha airis.
Gidheadh, an Saighdiúir searc-láidir, gan dearmad ina
chabhar-chongnamh ghnáith, ar ngairim ainme IOSA, fuair é
féin a natharach cuain gan díobháil.
Do'n Uaimh Lasair-iomarcach, agus do'n Droichead
Dian-aidhbhseach, chum a Ttugadar na Deamhain
an Saighdiúir, etc.
Na deamhain, umora, neam-shásaighthe le na ndeárnadar
d'éag<c>óir agus d'anfhorlan<n> d'imirt ar an Saighdiúir
sin Chríost, do tharanga<da>r é budh <dheas> mar a bhfaca<i>dh
sé lasair uathbhásach láin-bhréun ó raibh agus ó roisin ag
éirghe suas as uaimh, agus daoine dian-<n>ochtaighthe lán do
theinne amhuil spréacha ag éirghe suas agus le luighe na
teine ag tuitim síos san uaimh chinnte chéadna.
Agus ar tteacht láimh ris an uaimh dóibh, adúbhradar
na deamhain ris an Saighdiúir: "As í an Uaimh sár-
lasarach úd ad chídh <tú>, dorus Ifrnn, agus ag so ár
n-aítreabh. Agus do bhrígh gur ab dúin<n>e do rin tusa
seirbhís go so, bia<i>dh tusa a nár bhfochair go síaruidhe,
ar an adhbhar gach nduine fhóghnas dhúin<n>e, ag so an t-árus
do gheabhuid. Agus má théid tusa aisteach ann aon uair
amháin, bia<i>dh tú caillte idir chorp agus anam, gan chríoch
gan foircheann. Gidheadh, má's áil leat tille ar an ndorus,
dár réirne, imtheóchair gan díth, gan díothbháil."
Gidheadh, an Míleadh mór-aigiontach, ar ttabhairt dá
aire gach cruadh-chás ó ar fóireadh é roimhe sin, le grásaibh
Dé, tug táir agus tarcaisne agus troim-dhiúlta ortha.
Annsan do theilgeadar na deamhain iad féin agus an Saigh-
diúir toll ar cheann san uaimh sin. Agus dá fhad síos do
théigheadh an Saighdiúir, dair leis, is a bhfairsinge agus a
bhfíor-dhoimhne do théigheadh an uaimh agus a mhéid agus a
mhóir-ghéire an phian. Agus fuair an oiread sin do chruadháil
agus do chomhthuargainn innte gur léig a ndearamad a
bhfad ainnim IOSA do ghairm. Gidheadh, le grásaibh Dé.
ar tteacht chuige féin, do chuimhnig agus chomharc-gairim ar
ainnim IOSA.
Annsan do thógaibh neart na lasarach suas é, agus ar
ttuitim láimh ris an uaimh dó, do bhí <a> néal agus a neamh-
eolus cá conair a ngéabhadh. Gidheadh, ar tteacht amach
as an uaimh, do bhí nuadh neamhaithne dósan, d'fhiafruigheadur
na deamhain de créad <é> a chor. "Adubhradar," <ar siad>,
"ár muintirne riot gur ab é so Ifrionn. Gidheadh, tugsad
a n-éitheach. Agus isé ár ngnáithene do shíor, bréag agus
éitheach; ion<n>us gibé neach nách meallfamna le fírin<n>e
go meallfamaois le bréaga é. Agus ní hé so Ifrionn.
Gidheadh, béaramna go hIfrionn tu."
Is annsan tugsad na deamhain sraoille ar an Míleadh
meannamnach, le búithre agus le buainbhéiceadh, go
ttángadar chum abhainn leithne láinbhréine ó dheatuighibh
agus ó dhrochchumasg ruibhe agus roisin, lán do dheamhanaibh
dubha domhaisiocha. Agus adubhradar leis a fhios do bheith
aige gur ab fán abhainn sin do bhí Ifrionn.
Agus do bhí droichead ar an abhuinn ina rabhadar le na
bhfaicsin trí neithe doidhéanta agus go háirighthe, ró uath-
bhásach dá lucht taisdil agus tiormghábhála. An chéad nídh
díobh do bhí sleamhainn ionnus nár'bh'fhurus agus nár'bh'-
féidir, beag nach, d'aon <duine> seasamh ná siobhal air.
An dara nídh go raibh comh cumhang comh caol comh lag sin
os cionn na habhann ionnus gur mór an t-uathbhas agus an
eagla féachaint de siós.
Ní fuláir dhuitsi," ar na deamhain, "gabháil an droichead
dian-aidhbhseach so. Agus teilgfeamna le gaoithibh gáibh-
theacha goimhghéura agus le tóirneacha teinntidhe tréan-
mhóra san abhainn tú. Agus ár muintirne atá san abhuinn,
sloigfid agus suighfid go h-Ifrionn tu. Gidheadh as toil
linne a shuigheamh agus a shárfhéachuint cionnus shiubhalas tú
an droichead. Gidheadh, má's toil leat fille tar n-ais dár
réirne, imeóchair slán."
Gidheadh, an Saighdiúir sárchalmo sárchuimhneach ar a
Shlánaightheóir agus ar a ghnáith-choiméád air roimhe sin, gach
uair bhí 'sna héigionn-chásaibh uathbhásacha, do athghairim
IOSA. Agus do ling ar an ndroichead go deagh
uirmhisneach agus do shiobhail agus do shárghluais do choisc-
éimibh comhtruma cos-tapa gan mothughadh sleamhainne ná
sárchruadhtainn ina shíor ghabháil, le dóthcus daingeann deagh-
úirmhisneach a nDia. Agus ní raibh, dá aoirde do thaisteala
an droichead do-imtheachta, nách a bhfairsinge agus a
bhfírimtheact do ghabhadh a thrácht, agus a thiriomtharang,
ionnus gur fhás coimh leathan coimh réig sin go ndéanaidís
marcradh nó marcshluadh iomruagadh air.
Gidheadh, na deamhain doighchreidmheaca, noch do bhí dá
threantharang do shiocadar agus sheargsheasuigheadur ar an
ndroichead ag feithiomh tuitioma agus trombharrathuisle
an tSaighdiúra shárúirmhisnig. Gidheadh, na deamhain
díothdhóchusacha, ag faicsin an mhíleadh mhóraigionntach ag
tirimghabháil an droichid doimtheachta, do chuadar a bhfolamhain
agus a bhfiansgor, ag sgreadaig agus ag sgréachghártha<ig>
le hualfartaigh adhuathmhar san aodhar iomghrána, ionus gur
mó <do> imeagladar a ngarbhghártha gráineamhla gob-ghonta
an Saighdiúir síoruirmhisneach ná ar imreadar d'uath-
bhásaibh agus d'ainphiantaibh air roimhe sin. Agus ar na
fhaicsin féin slán sabháilte ar ccabhair-ghairim ainm<e> IOSA
a stiuraightheóir <do ghluais roime>. Agus an eascaruid do
bhí fán ndroichead, ar ttairgsin a ccrúcaoi do chur ann, ní
dheachadar a bhfeidhim ná <a> bhfóghnamh. Annsan, ar n-imth-
eacht slán agus ar sgaradh sábháilte, do chonnairc leithead
an droichid comh áidhbhseac sin, ionnus nár bhféidir leis
ceachtar dá dhá thaobh d'fhaicsin na d'fheidhimfhéuchaint.
Do'n Ghlóire Fhlathasda, agus <do'n> Pharrathas
Talmhuidhe, do taisbeanadh do'n tSaighdiúir agus
<do> Chómhrádh agus do Chóimhfhri<o>tal na
n-Easbog leis.
Anois, umora, an Saighdiúir dochlaoidhte saor, ar na
sgaradh agus ar na sgiamhghlanadh ó aindeisibh agus ó bhruid
na n-Adhbherseóiridhe ndíoghaltach neamhghlan, do chonnairc
agus do chaoinradhairc roimhe halla árdaidhbhseach deallraigh-
theach deaghdhéanta ar a raibh aon dorus amháin, agus é
drui<d>te lonnraightheach láintaithniomhach láinlíonta do
chlochaibh buadh agus bisig, agus do phéarlaidhibh nó do gheamaibh
glana glé-mhaisiocha.
Ar tteacht láimh ris, a bhfogus leath-mhile, do'n tSaigh-
diúir, agus ar n-osgladh an doruis sin, táine an oiread
sin do bholaithibh buanbheathaighthe agus do uscaibh diainmhisle,
amhuil do bhiadh an domhan uile dá losga<dh> le túís agus le
tromthorthaibh, ionnus go ndeacaidh a n-éug agus a neamh-
nídh uaidh gac trombhruith agus gach tréanthuargoinn agus
gach annfa agus gach annfhorlan<n> d'ár himeireadh air
roimhe sin. Agus ar bhfaicsinn an taoibh aistig do'n dorus,
ní raibh solus san ngréin ina fhochair.
Táine annsan ionna choinne agus na chomhdháil, a Pro-
cession nó a n-órdúghadh áluinn éagsamhuil, an oiread san,
mail<l>e re crosaibh ciarach<a> le bratachaibh biothbhuadhacha,
agus le géagaibh palm órdha, nách faca san saoghal riamh
an oiread, dar leis féin. Do bhí na dhiaig sin, dá
leanmhuin, óg agus aosda, agus do gach cinéal agus do
gach órd, cuid aco amhuil árdeasbo<i>g, cuid amhuil
easbo<i>g, cuid mar manacaibh, agus cuid do gach céim
agus do gach órd eagailseamhuil, éidighithe innilte 'na
n-éadaibh oireamhannacha. Agus as amhlaidh do bhí gach nduine
do thuath agus do chléir annsna héaduibh ina bhfóghnaidís
ar an saoghal.
Is annsan do ghlacadar an Saighdiúir searc-láidir go
lúthgháireach láin-mheannamnach, agus do rugadar aisteach le
ceól agus le hóirfide é, nár chlos dó san saoghal a shamhail
roimhe sin riamh.
Ar ccríocnughadh an chéóil sin agus ar sgaoilleadh
do'n Procession agus ar sgaradh re chéile dóibh, do rugadar
dias díobh amhuil budh árdeasboig iad, leó é .i. an Saigh-
diúir d'á n-ionnad féin ionna ccomhnuidís, dá thaisbeánadh
dó míneamhlacht agus tromthoradh na dúthaidhe sin. Agus
ar ccómhrádh agus ar ccoimhfhriotal leis, ar ttúis tugadar
glóire do Dhia, noc tug neart agus cumus dó a ccoinne
ainiarsma na péine agus na pianoilithre fuair.
Annsan, umora, iar siubhal agus ar sár-aisdear dóibh
leis an Saighdiúir fá mhághibh mionsgothacha na dúthaidhe sin,
do chonnairc agus do chianradhairc nídh as mó do neithibh
teannáilne taithneamhacha ná dob'fhéidir le teanguinn a
sgeólsgaoile, ná le peann do phraip-sgríobhadh. Do bhí an
dúthaidhe chómh solusghlórmhur, chómh soillsightheach sin ionnus,
dar leis féin, gur dhorchadus diamhair tehsiomarcach na
gréine a meodhan laoi meithiomh shamhra<i>dh dá fhéuchaint.
Ni bhiodh dorchadus oidhche ann do bhrígh go raibh <sí> ar na
shoillsiugadh go síoruidhe le solus ó Fhlaithis Dé. Agus
as amhlaidh do bhí amhuil minfheur mínfhéur ar na imiolló-
thímpchiollughadh le bláthaibh bith-áile buantorthacha agus le
torthaibh taithniomhocha agus le luibheannaibh lán-mhaiseacha,
noch do bhithbhéodhaig le na mbuanbholathaibh é, dá leigthí dhó
ionna bhfocair.
Acht cheana, níor bh'fhéidir leis iomal-chríoch na dúithche
d'fhaicsin. Acht, mar tháine aisteach, do chonairc an oiread
san do dhaoinibh ann, dar leis, nách raibh duine beó ar
an saoghal dá éis, agus iad a cceathramhnaibh fá leith agus
siobhall aco air a chéile chum mórgháirdeachais meanman
aiginne agus inntinne do dhéanamh, ag sinnim ceólta guith-
bhinne agus ag moladh Dé do shíor. Agus amhuil bhíos
deifir idir réalta agus réalta, as mur sin do bhíodh
eidirdhealbhughadh idir a ngnúisibh glé-mhaiseacha ar aon mhodh
amháin, amhuil do bheidís ortha san saoghal .i. cuid aco a
n-éaduighibh óir agus cuid eile a n-éaduighibh purpuir agus
cuid eile a n-éaduighibh gormghlasa, ionnus gur bh'fhéidir
leis gach sórt agus gach órd d'aithne ar a n-aibídibh. <Bhí>
cuid aco fá choróinibh amhuil Righthe, cuid eile agus pailm
órdha ionna lámhaibh.
Do fuair an Saighdiúir an oiread sin sáimhe agus sádh-
aileacht ionna radharc agus ionna éisteacht, budh dóimheasda
an t-iomlán agus <bhí> gach aon aco ag síor mholadDé go
huile agus go haontuightheach. Agus gach aon do chíodh an
Saighdiúir do bhíodh ag moladh Dé ar a shon agus ag urgh-
ardughadh iona thímpchioll. Níor ghoill fuacht ná teas air
agus ní raibh annsan acht neithe budh sáimhe agus budh sádhaile
ná á chéile.
Is annsan adubhairt na háirdeasboig leis:
"Féuch, a Dhearbhráithir, do chonnairc tú, <maille re
congnamh Dé>, gach nídh ba mhian leat d'feicsin .i. pian
na bpeacach agus sólás na bhfíoraon. <Is> beannuighthe
Cruithightheóir agus Slánaightheóir an iomláin, noch tug duit
se an aigne fhoirtil fheidhim-láidir, léár chlaoidhis do
eascaruid.
Anois as maith linn a fhios do bheith agad cia hiad na
háite uathbhásacha, agus cia<h>í an áit shóláis ar ttúis.
Ag so Parrathus Talmhuidhe as ar díbreadh Adamh, ár sean-
athair, tré mhíréir Dé do dhéanamh. Ar an adhbhar gur ab
ar ubhall do thréig a umhalacht do Dhia, do chaill an radharc
so do chídh <tú> agus mórán maille ris, tré neamhchomhall
breithre Dé, <do chaill mar an ccéadna caradas agus
cumann cáirdios na n-aingiol agus na naomh noch> do bhí
aige, gur thuill a ccailleamhuinn. Do chaill sólás inntinne,
ar an adhbhar, an fead do bhí cion agus onóir ag Dia air,
níor thuig agus níor chuimhnig air féin. Annsan, do cuireadh
a ccosamhalacht é le hainmhínntibh éigcialla agus a shliocht
dá éis. Agus do thárthaig an bás iad tré chailleamhuint na
haithne. Uch as truadh loighead na humhlacht<a> do rin siad!
Gidheadh, Dia uile chomhachtach, ó na mhór thrócaire féin,
do ghaibh truadh don chinne dhaona é. Do chuir a Mhac féin
a ccolluinn daona, IOSA CRIOST, ár dtighearna agus
Ar Slánaightheóir, ion<n>us gibé ghlacus a chreidiomh, maille
re baiste, saor ó pheacaidhibh gníomhacha agus sinnsir go
ttuilleamaoid teacht don dutaigh so. Gidheadh, an coch-
allchlóca ghlacamaoid san mbaisde, do bhrígh go sailímíd
é an tan pheacadhmaoid le hanntoil na colna, as riach-
tannus dúin<n> an aithrighe, chum maithfeachuis d'fhághail
innar bpeacadhaibh gníomhacha. An aithrighe dhéaghanach, noch
do ghnidhmíd a bponc an bháis no beagán roimhe, nách críoch-
nuighmíd san saoghal, tair éis an bháis, as éigionn dúin<n>,
annsna hionnadaibh pianamhala sin do chonnarc tusa, do
chríochnugadh, ag fulang do réir ár ccionnta a bhfad no a
ngeárr aimsire, a méid nó a luighead péine, do réir mur
thuillfeam. Agus do ghabhamairne treas na háitibh sin,
an mhéid atámaoid annso. Agus an mhéid do chonna<i>rc
tu annsan' ó dhóirsibh Ifrinn amach, acht go mbia<i>dh glan,
tiocfaid annso agus bia<i>dh sábháilte. Agus tigid chugh ain<n>
gach laoi cuid aco agus glacamaoid annso iad le
gárdachus, amhuil do ghlacamar thusa. Agus ní bhfuil a
fhios ag aon duine dá bhfuil a bpéin cá fad bhíos innte.
Gidheadh, maille re guidhe re déirc agus le haiffrionnaibh
do rádh ar á n-anmannaibh, do gheibid furtacht agus
faoisiomh ó na bpéin, nó malairt péine budh aobhdha do
thabhairt dóibh, go bheith sábháilte dhóibh. Agus an uair thigid
siad chum na háite suaimhnisi seo ní feas dóibh cá faid
biaid ann, agus ní féidir linn a fhios do bheith aguinn,
amhuil congmhuighthear annsan dár bpianadh sin<n>, do réir
ár ccoire. Mar sin, biadhmaoid annso, do réir mur
thuilleamair le ár maith-ghní<o>mharthaibh. Féach, go
bhfuilimid saor ó phéin agus go bhfuilmid ró-shámh suaimhneach.
Gidheadh, ní fiú sin<n> fós dul a naontal nanaomh nó na
n-aingeal, agus ní feas dúin<n> cá tráth. Gidheadh, an
uair chaithfeamaoid ar n-aimsir, do ghéabhamaoid an
sólás as mó. Bímíd gach lá ag dul a méid agus a
luighead ó bheith ag teacht chughain<n> as na háitibh sin do
dhaoinibh, agus dream eile ag dul uain<n> go Flathus Dé."
Ar gcríochnugadh an chómhraidh sin, do rugadar na
hEasboig onóireacha leo é ar sliab mór árd agus adubh-
radar ris féuchainn suas. Créad é a mheas ar dhaith
Fhlathais Dé seoch an áit sin. Agus adubhairt sin, dá
bhfreagra: "Go bhfios damhsa as cosamhuil so re hór
ar dearglasa<dh> a tteaghlach thinntighe."
"An nídhsi do chídh tú anois," ar siad, "as é dorus
Pharrthuis é. Annso ghabhuid aisteach an dreain béarthar
uainn go Fhlathus Dé. Agus ná bíodh ainbhfios ort, óir an
feadh do bhíamna annso, do bhéara<i>dh Dia beatha naomhtha
dhúin<n> uair san ló. Agus, do thoil Dé, bia<i>dh a fhios
agad créad an sórt beatha í a na blaise<adh>.
Tabhair dod taire leis sin gur thúirling amhuil lasair
theinne ó Fhlatheamhnus, do chomhfhoilig iomlán na talmhann,
agus í rannta mar ghaoithibh gréine ag túirling ar cheann
gach aon aco agus do chua<i>dh ionnta aisteach agus annsa
tSaighdiúir mur chách. Agus fuair sé an oiread san taith-
nimh agus tairbheatha dá chorp ionus nárbh feas dó an beó
nó an marbh do bhí; agus d'imthig a móiment beag uaire.
"Agso", <ar siad>, "an biadh le a mbeathuighean Dia
sinne gach lá. Agus an dream théid uainn go Flathamhnus,
bia an biadh so aco go siarruidhe."
d'fhanfadh an Saighdiúir annsan go toilteannach dá
madh dlightheach agus go bhfaghadh an biadh nó an bheatha san.
Gidheadh' tair éis na nglóirsgéal sin, innistear bróinsgéal
dó.
"Anois, umora, a dhearbhráthair," <ar siad>, "do
bhrígh go bhféacaois gach nídh budh mian leat, mar áta, pianta
Purgadóra na bpeacach agus suaimhneas soillsightheach na
bhfíoraon, ní fuláir dhuit tille san cconaire chéadhna tar
nais. Agus dá ttugair do bheatha as so suas go naomhtha
neamhurchóideach, ní headh amháin go bhfaghair an bheathasa acht
do gheabhair an bheatha shuthainn. Gidheadh, má's, nár léige
Dia go holc agus go claon dod hanntoil agus do mhianaibh
na colla do dhéana<i>r, do chonna<i>rc tú féin créad atá
fad chomhair. Agus bí ag imtheacht slán, ar an adhbhar
gach uathbhás dár imreadar na deamhain ort, ag teacht duit,
ní baoghal duit ag imtheacht tar n-ais iad, óir ní bhfaghaid
ionnta féin teacht ad ghoire agus bia<i>d eaglach reómhatt."
An Saighdiúir sáraighthe, do chritheaglaidh agus do chaoi
trés an aitheasg sin, agus diar<r> agus do athchuingeadh
ortha léigean dó san áit sin ionna raibh agus gan a chasadh
airíst tar ais ar an saoghal, dá rádh, nár bhféidir leis
an ball san d'fhágbháil.
"Ar an adhbhar," <arsa sé>, "atáim lán d'uamhainn
agus d'imeagla go ttiocfadh d'ainmhianaibh mo cholla go
ndianghainn ní éiginn do thoirmeasgfadh mé fá roichtainn
do'n áitsi arís."
"Ní mar iarus tú bhia<i>dh sé," ar <s>iad san "acht
mar as toil leis an tí do rin tusa agus sinne, ar an
adhbar gur ab aige as féarr atá a fhios créad fhóghnus don
uile nídh."
Mar do chuaidh an Saighdiúir Síor-chalma tar éis
Purgadóra go Jerusalem, agus cionnus do chaith
ar chuid eile d'á Aimsir, etc.
An Saighdiúir síor-chalma .i. Éoin bríghmhisneach, ar
nglacadh beannachta na n-Easbog, do thriall tar n-ais go
toilteannach deagh-mheanmnach. Agus do thiodhlaiceadar
na h-Easboig onóireacha tar gheataidhibh glé-mhaisiocha
Pharrtha<i>s amach é agus do dhruideadar an dorus ionna
dhiaigh.
Ar ngluaiseacht do'n tSaighdiúir go cumhach ciamhair
tré bheith ag fágbháil an tsóláis shámhghlan shoinean<n>ta
sin, agus tré bheith ag teacht chum dóláis déarmhair an
domhain san chonnair chéadhna táinig gus an halla
réamhráidhte, mar a ndéarnadar na deamhain inghréim ar
dtúis air. Na deamhain, umora, do chíodh é ag teacht,
do theithidís go faitíseach foluaimneach san aeghear, d'á
uamhainn agus d'á imeagla, agus ní fhéadaidís díoghbháil do
dhéanamh dó.
Agus annsan tángadar 'na choinne agus 'na chomhdháil,
go meanmnach móraigionntach, na chúig fhearra déag réamh-
ráidhthe do leasmhúin agus do láintheagaisg é ar ttúis
<agus iad> ag tabhairt glóire agus moladh do Dhia uile-
chomhachtach, noch tug an aigne árdúirmhisneamhuil agus an
ceannus seasmhach cródha cró-dhearbhtha sin dó ria
éigionntaibh uathbhásacha ainfhiarmhartach. Agus <bhíodar>
ag buanbhreith buidheacha<i>s na mbuadh do rug.
"Anois, a dhearbhráthair ionmhuin," ar siad, "atá a
fhios aguinne, mail<l>e ris na huathbháisibh agus ris na
huile phiantaibh d'fhuilingis, gur chlaois an t-adhbhairseóir
agus go bhfuil túglainnighthe go sgiamh-ghlan ód pheacaidhibh.
Agus anois atá an lá ag éirghe ad dhúthaigh agus éirigh
gan mhoill gus an dorus, ar an adhbhar Príor na hEaglaise,
an tan chríochnuigheas an t-Aifrionn agas an Procession,
tiocfa<i>dh chum an doruis, agus imtheóchaidh tar a ais,
dá mheas gur cailleadh mar chách thú."
Is annsan do ghluais an Saighdiúir psailmdhiadha chum
an doruis. Agus an tan d'osgail an Príor an dorus,
do chonna<i>rc an Míleadh mórghaisgeamhuil ar an ttaobh aistigh
agus do ghlac go honóireach umhal árdghárdach é, ag tabhairt
buidheachuis do Dhia. Agus do rug leis do'n Eaglais é
agus do chongaibh ann é go ceann chúig lá dheag ag trosgadh
agus ag urnaighthe agus ag adhmoladh Dé.
Air sin, do ghluais an Saighdiúir, ar nglacadh fíghre
na croiche céasda ar a ghlúnaibh, do imthig roimhe d'á
oilithre féin agus d'á nuaidhleasughadh do'n Talamh Naomhtha,
go Jerusalem, agus go hionnadaibh iomdha eile. Agus
annsin, ar gcríochnughadh agus ar ccoimhlíonadh a oilithre
go somhalta, d'fhill go Rígh Sagsan, d'ár'bh' ainnim
Stiabhna, d'á raibh sé ag fóghnamh agus ag feidhimsheirbhís
roimhe sin. Agus do bhrígh a mhuinteardhais do theagaisg
dó dul a n-órd eagailse éigin, agus <an> chuid eile d'á
aimsir do caitheamh a seirbhís agus a bhfóghnamh do Rígh
na Ríogh.
Tárla fá'n am san go raibh Gervasius, Ab<b> choimh-
thionó<i>l Ludensis, a bhfochair an Rígh. Agus ar bhfághail
ceada agus cómhaonta O Muircheartach Mac Néill, fá
Rígh ar Éirionn an tan san, mainnisdir do dhéanamh a n
Éirinn, chuir manach d'á mhuintir, d'árab' ainnim Gilbert,
le droing eile gus an Rígh chum na h-áite do ghlacadh agus
do ghreim-ghabháil uaidh go ndiongnadh mainnisdir ann.
Agus ar nglacadh Gilbert do'n Rígh go luthgháireach,
do gheará<i>n agus do éagchaoin ris an Rígh nach raibh teanga
na hÉirionn aige .i. an Ghaoidhilge, Agus ar na chlos sin
do'n Rígh adubhairt ris: "Atá agamsa dhuit do thoil d'fhear
teangan nó friotail." Agus do chuir gairim ar Eóin,
agus d'iarr air dul le Gilbert agus fanmhuinn ionna
fhochair a nÉirinn. Agus do ghaibh Éoin an chuing sin go
ró lúthgháireach agus adubhairt go ndiongnadh seirbhís do'n
Manach go ró-ollamh oireamhnach. "Agus, a Rígh agus a
Thighearna," air sé, "déanasa mur an ccéadhna. Tabhair
uirim agus onóir do na manachaibh ad Rígheacht, ar an
adhbhar go fírinneach, ní fheaca<i>dh mise a bParrthus daoine
ba onóirighe ughdarásuidhe ná an t-órd so."
An<n>san ar tteacht go h-Éirinn dóibh, do dealbhuigheadh
mainnisdir leó agus do bhádar innte ag seirbhís do
Dhia dhá bhliadhain go leith. Dob é Gilbert do ghníodh
seirbhís aistig, agus Eóin amuich ag seirbhís go dlisteanach
díreach deighmhéine. Agus ar nglacadh aibíde Mhanuicc
uime, do chaith a bheatha go diadha deaghrúin, do réir fiagh-
nuise Gilbert réamh-ráidhte.
Agus an tan do theangmhadh Gilbert agus an Saighdiúir
uaigneach ar deaghuain, do bhíodh Gilbert ag lorgaireacht
agus ag láin-fhiafruighe dhe tuarasgabháil Phurgadóra, do
réir mur do chonairc agus do chomhmhothaigh iad. Gidheadh,
ón uathbhás do chonairc, níor bh'fhéidir leis éisteacht tráchta
ar Phurgadóir gan éighmhe agus gol go hathgharbh géimláidir.
Agus do thionnsgainn dá innisin, agus dá fhaisnéis,
dá dhearbhchara<i>d fá shéala na secréide, na turais réamh-
ráidhte agus gach nídh uathbhásach eile dá bhfacaidh agus dár
mhothaig, gurab le na shúilibh corpardha do chonnairc iad.
Agus maille re himpidhe agus le díthchioll an Mhanaicc
seo, do tharaing sé an Saighdiúir chum a sgríobhtha, agus do
ghlac teist Easboig onóraicc agus dá fhear déag do dhaoinibh
Eaglaise an Oilea<i>n, noch tug, do ghrádh an chirt, teist
fhírinneach uatha, do neartughadh le fírinne an sgéal so.
Foillsighthe agus Dearbhaighthe iomdha an Sgéal <so>
do Bheith Fírinneach.
An sgéal réamh-ráidhte so as é Henricus Salteriensis
innis é, agus go fírinneach d'innis, agus d'fhaisnéis an
Gilbert réamhráidhte go ró-mhinic dom láthair féin é, do
réir mur do innis an Saighdiúir Eoin dosan é.
Agas tárla fá'n am sin do láithir duine adubhairt go
raibh contabhairt ar an nídh sin. d'freagair Gilbert
agus adubhairt: "Adeirid daoine," ar sé, "an tan do
rugadh an Saighdiúir do'n halla gur fuaduigheadh é a n-egstasis
nó a néal dearmaid, agus gurab mail<l>e re Spriod do chonairc
gach a ttárla do. Agus adubhairt an Saighdiúir
go dearbhtha, gur ab le na shúilibh corpardha agus le na
chéadfadhaibh corpardha, do chonairc iad agus do mhothaig
iad mur an ccéadhna gan ceist gan chontabhairt."
"Agus do bhí mise féin a mainisteir," ar Gilbert,
"agus do chonnarc féin, agus mórán do dhaoinibh eile,
nídh nách éagcosamhuil ris an nídh seo .i. Manach do bhí
san Mainnisdir sin ag a raibh beatha ró-naomhtha ainglidhe.
Agus do bhí an diabhal coimh miosgaisioch sin do, tré naomh-
thacht a bheatha agus tré a neamhurcóidighe do dhuine, go rug
leis é as a leaba agus gur chongaibh é trí lá agus trí oidhche,
gan fios ag na bráithribh cá raibh an feadh sin. Agus an treas
lá fuaireadar in a leaba é beó-loitighthe beag nách marbh.
Agus d 'innis damh féin go bhfaca<i>dh iomad pian agus
peannuide. Agus do mhair sé chúig bhliaghna déag na dhiaigh
sin. Agus níor bh'fhéidir a chneadha do leigheas ná do láin-
tiormughadh agus d'fhanadar go bás úr-osgailte, agus do
bhíod faid mheoir a ndoimhneas coda aco.
Agus an tan do chíodh an Manach so an t-aos óg ag
gáire go hainmheasardha, nó ag déanamh baoise nó baoth-
chómhrádh, adeireadh sé go déarmhar doilghiosach: "Uch, dá
mbiadh a fhios aguibh an cruadhchás an cruadháil, agus an
cúntas chaithfidh sibh do thabhairt ann bhur ndíomhaoineas agus
ann bhur ndíthchéille do mhallartóchadh sibh bhur míbhéasa."
"Do chonnarc féin," ar Gilbert, "cneadha agus
créachta cróilinnteacha an Mhanaicc seo, agus do ghlacas
iad go meinnic leam lámhaibh agus mé dhá chur a dtalamh
tair éis a bháis." Ag sin teist agus teannfhiaghainse
Gilbert go roich sin.
Mise féin Henricus Salteriensis, an t-ughdar, tair
éis a ndubhramair, do chuir an cheist seo chum dá Ab<b>a
Éirionnach mar bhárr deimhnighthe agus dearbhtha damh féin.
Agus adubhairt duine aco gur bhfíor an t-iomlán de, agus
adubhairt liom mórán dá ndeaca<id> aisteach san uaimh
réamh-ráidhte nác tángadar amach tar n-ais riamh. Agus
go nuadh anois do loirgíos ar Easbog onórach do bhí 'na
bhráthair fhogus do'n treas Phátríarc, do ba chompánach
comhaimsire do St. Malchias, dárbh' ainnim Flaithrighe,
noch gurab inna Easbogóideacht <sin do> atá an uaimh.
Agus ar mbeith dá dhearbhfhiaf<r>uighe agus dá dhian-
loirgiriocht air, adubhairt liom:
"Go deimhin, a dhearbhráthair, ní bhfuil contabhairt gur
fíor é, agus as am Easbogóidheacht féin atá an uaimh.
Agus cailltior mórán san Phurgadóir sin. Agus gibé aco
thig tar a nais ó iomad na bpian agus ó <adh>bhal-mhéad
an uathbháis fhuili<n>gid le fannlaige agus le h-anbhfainne
laetheamhuil bíd ag sámh-<chnaoi> agus ag seirglighe. Gidheadh,
biadh san do shólás aco, má fhanuid glan ó pheacadh as sin
suas go bás nác faighid ní as mó do phurgadóireacht tair
éis a mbáis a ndiaigh an tsaoghailsi". An sgéal so
Éóin Onóraicc, an feadh as ughdar dó, etc. Henricus
Salteriensis, do tharrangamar as sean-leabhar láimh-
sgríobhtha do bhí ag St. Victor Zansiensis ina raibh a
thrí n-áitibh tarraingthe agus ana bhfuil anois a ndá áit,
agus an feadh as ughdar dó Matheus Saltensis as a
oibriochaibh féin do thairingeamar é. Agus dá ttangmhadh
gur ab mó do chreidfiodh duine le h<e>agla, nó le fanntais,
nó le diadhacht, 'ná le deighchreidiomh, nó go madh mian
leis cur na choin<n>e, féacha<dh> sé go fírin<n>each friach-
namhach na hatharacha naomhtha .i. Greagóir beannuighthe bioth-
bhuadhach, béadá uasal onórach nó Dionisius Carlusianus,
agus léaghadh go deaghradharcach géur a sgéal<t>a iomdha
agus a ttaisbeánadh tarbhacha iongantacha nách éagsamhuil,
agus nách faighdís ionnta féin a séuna<dh> ná a sáirdhiúltadh.
Do'n Aimsior agus do Chúis na Purgadóra agus do'n
nídh Piantar ann, etc.
Anois, umora, cum críochnaighthe an tráchta so na
Purgadóra, ní foláir dhúin<n> labhairt ar aimsior agus ar
chúis na Purgadóra chum sásaighthe do'n droing bhíos ag
cur a naghaidh. Tabhair do t'aire, d'á bhrígh sin, gur ab
iad na daoine bhíos beó ina ccorpaibh colluighe do gheibh
an Phurgadóir seo agus nach iad na daoine d'éis
bháis; ionnus go bhfuil deifir mhór idir an bPurgadóir
seo an bheatha phribhléidig, agus an Phurgadóir choitcheann
bhíos tar éis an bháis chinnte pangamhuil, agus go bhfuil an
chéad Phurgadóir neamhaithrigheach agus an Phurgadóir eile
aithrigheach, agus tair éis an bháis bí Purgadóir aithrigheach
agus neamhaithrigheach ann do réir na háite agus na
haimsire agus na ccionnta.
Ag sin críoch an tráchta so ar Phurgadóir Pháttruicc,
ar na tharrang ar ttúis a nGaodhailge as Frainncis leis
an Athair Tomás Wellsingham, Sagart Éirionnach, do
fríoth leis a mbeatha Naomh Éirionnach, agus do chaith féin
a bheatha agus a aimsir go críostamhuil caitiolca gur fhulang
Martra ar son a chreidimh; agus ar na aithsgríobhadh le
Taghag O Raghallaigh, Anno Domni 1727, November the 20th;
agus ar na threassgríobhadh le Diarmuid O Mulchaoinne,
Anno Domni 1769, August the 9th, chum úsáide Aindréis
Mac Mathghamhna.
Mur fuaireas sirim
Guibhe an léighthéora
ar anmuinn
mo mharbh
o
---
etc.
Fuaireas an dán so leanas san R.I.A. i láimhscríbhinn
23 M46.
The Pilgrimage of Lough Derg, according to the
Psalter of Cashel.
Do réir Psaltrach Chaisil Turas Locha Deirge.
CzzzzzFil.
A dhuine théid go Loch Dearg
Ná coimhnigh fuath fodhla ná fearg
Taisge na rainnsi mar ualach lóin
Leigheas réidh gach annródha.
Paidir Avé agus Cré
Air do glúinibh don gcéidréim
Ag an Altóir mhór iar tteacht tar tuinn
Go Dún Phaidric mhic Calpuirn.
Ar do ghlúinibh is deimhin liom
Mar ndéantear iodhbairt an Aiffrinn
Trí Paidre trí Avé is Cré
A nonóir an tí is geal gné.
A nonóir an pháis fuair an rí
Do sheacht ndeichneamhair an treas ní
Le gach deichneamhair cuir paidir thort
Go ndéanair suas an uimhir cheart.
Seacht leapthachadh píanta gan bhréig
Tá bhfhothair Phádruic san oiléan
Dualgas gach leaptha sa hurnuighe béoil
O leabuigh bhreinin go hAibheog.
Trí Phaidre don taobh amuigh
fá gach leabuigh phíanta
Trí Avé mar aon is Cré
Do réir ráidhte na naomhchléir.
Ireadsin oile agus ní gó
Air do ghlúinibh faoi annródha
A ndorus gach leabtha dá bhfuil ann
Do réir riaghail an tailghion.
Iread oile don taobh astoigh
Sul do rachfum air ar nglúine
Trí huaire ag dul hart
Air leacaibh loma táirnocht.
Trí Phaidre trí Avé is Cré
Ar lár gach leaptha is gnáthghéar
Ar do ghlúinibh is coimhin linn
Ní bhfuil an ainbhfhios oruinn.
Is mithid damhsa triall tar tuinn
Go leaca dubh an Táilghion
Mar bhfuil cosáin ghéara chrúaidhe
Lán do staide fuil ruaidhe.
Cúig Paidreacha cúig Avé is Cré
A ttimchioll na leaca láinghéir
Trí huaire go n-iomad cloch
San linn lé cosa lomnocht.
Cúig Paidreaca cúig Avé is Cre
Dualgas gach leaptha láinghéir
Ar do glúinibh air an leic go lí
Gabh eolus uaim a Chriostuighe.
Gluaismíd go leac na mbonn
I nair bhfághair furtacht an tannbhfann
Paidir Avé agus Cré go cóir
A sé a deirthior na Honóir.
Ón leic sin gluaistior linn
Go haltóir mhóir an tAilghion
Aon Paidir Avé is Cré
Air dó ghlúinibh gan leithsgéal.
Gluaisiom as sin asteach
Go dún ghlanta na bpeacach
Abramaoid air psaltuir ann
Ar ar nglúinibh ag an nAifrionn.
Ocht ttrátha déag ar ttéarma an<n>
Air dhi<th>coda agus comhrann
Uair gach lá bu mhór air ngráinn
Air aon chuid uisge agus aráin.
A ndeire oidhche goirthior <s>inn
Ré clogchléirigh an Aifrinn
Air bhfritheoladh bás is guidhe
Le teaghallach Phadruig ainghlighe.
Ceithre húaire fidhchiod gan tsuan
A gcaircair chomhghan chaolchruaidh
Gan air do chomas teacht as go tric
As uaimh ghluasaidh Phadruic.
Crích ar tturas do nithear linn
Re trí tonna don loch shinonn
Go ttigmíd slán dair ndún
Gan fhuath gan fhormad gan mhírún.