Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac Ghníomhartha Bhriain
Title
Mac Ghníomhartha Bhriain
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Pen Name
Tomás Bán
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAC-GHNÍOMHARTHA BHRIAIN. Tá sé beagnach míle bliadhain anois ó thuit amach an sgéal a bhfuil mé le trácht air. Ins an am sain bhí ár gcuid righthe féin agus ár ndlighthe féin againn ins gach áit agus cúinne d'Éirinn agus an tÁrd-Rí ós ár gcionn go léir; acht bhí Éire faoi sgrios agus léan mar gheall ar námhaid allmhurach a tháinig ag goid agus ag fuadach i n-ár measg. B'iad seo na Lochlannaigh tháinig thar fairrge i loingis mhóra. Ar dtús budh é a gcleachtadh teacht le goid agus fuadach a dhéanamh, agus nuair thóigidís a ndóithin coirneacha óir, d'imthighidis ar ais d'á dtír féin. Acht chonnaiceadar go mbudh tír bhreagh áluinn í Éire, agus budh mhian le cuid aca fuireacht innti. Throideadar cathanna móra le taoiseacha agus righte na hÉireann, agus is minic a fríoth an ceann is fearr orra. Amanna eile bhíodh an bhuaidh ag na Lochlannaigh agus thóigidís seilbh ar thaltaíbh agus chuiridís dúin agus bailte móra d'á ndéanamh. Chuiridís fútha annsain díreach mar rinne na Sasanaigh ó shoin, acht amháin nach bhfuaireadar seilbh ar Éirinn ar fad mar fuair Seaghán Buidhe — mar gheall Dia dhúinn aon óglách amháin bhí cumhachtach misneamhail, agus shábháil sé Éire ó dhiabhluigheacht na Lochlannach. Bhíodar san am so ag éirghe an-chumhachtach, agus bhí an iomad bailte móra aca ann. Is iondamhail go gcuiridís fútha i n-aice na fairrge 'sa gcaoi go dtiocfadh a gcuid soitheach isteach. Bhí Árd-rí na Lochlannach i n-a chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath, agus ceannphoirtí i bPortláirge, i gCill Mhantáin, agus i mórán áiteacha eile. Chuireadar cíos agus cáin ar na Gaedhil. Dhóigheadar a gcuid tighthe agus séipéil muna n-íocaidís an cháin seo. Mhilleadar na leabhartha áluinne, an Sgríbhinn Diadha agus na sgéalta óirdhearca agus seanchas na hÉireann a sgríobh ollamhain agus daoine naomhtha. Fear bhí i n-a chomhnuidhe ins an am sin, sgríobh sé mar so ar thíorántacht agus ar mailís na Lochlannach: “Ní raibh sé do chumhachta ag aon duine i nÉirinn bainne
a chuid ba ná an oiread is uibheacha aon chirce amháin thabhairt mar bhronntanas nó mar mhuinntireas do shean-fhear ná do dhuine bocht breoidhte, acht b'éigin dó iad a chongbháil do'n stíobhard allmhurach. Siúd is nach mbéadh ins an teach acht aon bhó bhainne amháin, ní fhéadfaidhe í chrúdh do'n naoidheanán nach mbéadh acht aon oidhche amháin d'aois, ná do dhuine thinn, acht chaithfidhe iad a chongbháil le haghaidh fear bailighthe na cána agus na saighdiuirí allmhuracha. Agus na fir óga budh oireamhnaighe, chaithidís dul ar bhord a gcuid loingis gan an oiread is feoirling páidhe, agus iad féin a bheathughadh 'san am céadna chomh mhaith is dá mbeidís 'san mbaile, agus bhí cáin airgid le n-íoc chomh maith céadna.” Seo í an fhírinne 'dtaobh tíorántacht' na Loclannach. Feicthear dhom-sa gur cosamhail leis an bpionús céadna bhíodh na daoine bochta fhágháil ó na tighearnaíbh talmhan tá sgathamh gearr aimsire ó shoin ann agus leis an tíorán- tacht chéadna tá siad fhulaingt ó na Sasanaigh anois féin 'san am atá i láthair. Ní fheicimíd an t-allmhurach ag teacht ag bailiughadh na cána, acht tá sé dh'á ghoid uainn ins gach punnt tae agus ónsa tobac a cheannóchas sinn. Acht caithfimíd cosg agus stopainn a chur leis faoi dheireadh. Ná leigimís dóibh bheith ag goid ár gcuid maoine agus a bhfuil againn níos fuide. Tráchtfad anois ar aimsir na Lochlannach. Bhí treibh mhór do na Gaedhil an t-am sin 'san áit a dtugtar Conndae an Chláir anois air. Ó Cinnéide bhí mar rí orra. Bhí mórán clann mhac aige, agus, tar éis é d'fhagháil bháis, budh é an mac dar bh'ainm Mathghamhain fuair bheith 'n-a rígh. Throid Ó Cinnéide agus gach duine d'á mhuinntir a tháinig roimhe go dian agus go dána i n-aghaidh na Lochlannach. Bhí Mathghamhain tuirseach ag troid. Dubhairt sé leis féin: “Ta na daoine seo socruighthe síos anois i n-ár measg. Ní aon mhaith dhúinn bheith ag troid leó. Is amhlaidh dhéanfas siad sinn a mharbhadh gach uile dhuine againn, agus b'fhéidir go marbhóchaidís mé féin. Béidh mé síothchánta agus muinntreach leó agus leigfidh mé dhóibh a gcuid cána agus cíosa a thógaint, agus nuair bheidhmid muinntreach le n-a cheile, iarrfaidh mé orra bheith níos macánta agus níos síbhialta leis na hÉireann- acha bochta.” Bhí sógh breagh ag Mathghamhain 'n-a phálás i gCeann Coradh tar éis an méid sin cainte leigean as. Bhí sé ag éirghe chum saidhbhris ó lá go lá, mar bhí na Lochlannaigh ag cur
neart airgid agus bronntanas chuige le n-a chongbháil socair — a bhéal a dhúnadh. Níor mhisde leis na daoine bochta bheith d'á gcnagadh agus d'á sgrios níos mó 'ná mar bhíodar ariamh roimhe. Bhí go leor dearbhráithreacha ag Mathghamhain. Ní chainteóchaidh mé anois acht ar aon duine amháin aca dár bh'ainm Brian. 'San am so bhí sé an-óg. Bhí éadach breagh fáilbhe órdha air mar mhac gach uile ríogh. Ní raibh cúram dhó faoi bhacadh le aon rud a dhéanamh acht bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh grinn dó féin. Nuair a tháinig sé chum aois fir, tugadh céad laoch óga dhó mar chomrádaí le bheith ag freastal air agus 'n-a chuideachta. Nuair fuair sé na fir óga so 'n-a thimcheall aon lá amháin, b'éigin dóibh geallamhaint a bheith dílis dó i gcomhnuidhe. Ghlaodh sé annsain orra i n-éinfheacht, agus d'imthigheadar leo amach as a bpálás i bhfochair a chéile. Chonnaic Mathghamhain iad ag imtheacht. Bí sleaghacha agus claidhmhthe aca. “An ag fiadhach atá tú ag dul, a Bhriain, a dhearbhráthair mo chroidhe?” “Is ag fiadhach atámuid ag dul go deimhin,” arsa Brian. D'imthigheadar leo treasna na gcnoc agus na ngleannta, na móinfhéar agus na machairí mín réidh, agus níor fríoth sgéal ná tuairisg uatha go ceann tamaill mhaith. Aon oidhche amháin bhí féasta mór i gCeann Coradh. Bhí Mathghamhain i n-a shuidhe ag ceann an bhuird ar shuidheachán árd, agus an bhainríoghan ríoghamhail le n-a thaobh. Bhí cláir- seóirí agus píobairí ag imirt ceóil dóibh, agus filí ag innseacht agus ag béal-aithris amhrán agus sgéalta. Sgéalta deasa greann- mhara sultmhara bhí aca, i gcruthamhnas go raibh an seomra mór millteach lán suas le fuaim an gháire. Rinne solas láidir na teineadh agus na dtrillseán an áit go han-tsoillseach agus bhíodar ag lonnradh agus ag soillsiughadh ar na coirneachaibh óir agus práis agus ar na héadaighibh breagha galánta bhí ar an gcuideachta. Budh é an rí féin an duine budh garrtha bí ann, faoi n-a chochall uaithne agus a chlóca dearg anuas ar a ghuailnibh agus é breacuighthe mar bheadh ballach Muire le greanntaigh óir. Bhí bóna timcheall a mhuinéil cumtha i gcosamhlacht na gealaighe bioraighe agus chomh soillseach léi, agus biorán brollaigh cruinn déanta de'n ór bhuidhe mar chnaipe ar a chlóca. Budh é baramhail na cuideachtan nach raibh aon rí os cionn Dáil Chais fós ariamh chomh maith le Mathghamhain. Bhí doras an tseomra dúnta, mar bhí an oidhche fuar.
Buaileadh buille láidir trom ar an doras agus hiarradh ortha é fhosgailt. Rinneadar sin agus tháinig chuca isteach fear árd leigthe sgolbánta faoi éadach giobach. Ní raibh giobal de na seacht n-éadaigh air. Tháinig a ghruaig 'n-a dréimribh móra fada anuas ar a leicnibh, agus sneachta agus flich-bháisteach ag sileadh asta. Chuaidh sé síos i n-aice na teineadh an áit a raibh na giollaí 'n-a suidhe, agus níor cuireadh aon mhúisiam air ná níor thug aon duine siúntas dó — mar ins an am sin bhí sé do chleachtadh ag lucht siubhail a theacht isteach mar sin i dtighthibh na n-uaisle agus na ríghte am ar bith budh mhian leo agus d'fhághaidís a ndóithin le n-ithe agus le n-ól. Ní raibh aon doicheall roimhe an aistreánach an t-am sin, mar bhí chroidhe mór fairsing leathan ag na Gaedhil. Ní hionann sain agus indiu, fairíor — le n-a gcuid Béarla mór. Tarraingeadh anall forumna i n-aice an bhuird agus rinneadh slighe dó. Níor labhair sé focal, acht an méid bídh agus dighe a tugadh dó d'ith sé agus d'ól sé é. Bhí cú mór i n-aice an ríogh — an ceann a b'fhearr leis ar fad — agus nuair tháinig an fear siubhail isteach, d'éirigh sí i n-a seasamh agus níor stad go ndeachaidh chomh fada leis an aistreánach agus gur leag sí a dhá cois tosaigh ar a ghlúinibh. “Tá i bhfad níos mó críonnacht' 'san choin,” arsa an strain- séara, “'ná mar tá i gcuid de na daoinibh, mar ní chuireann na giobalacha éadaigh mo fhuil ríoghamhail i bhfolach uirri.” D'éirigh an rí 'n-a sheasamh go tobann agus bhreathnuigh sé cé has a dtáinig an glór. D'aithin sé an guth. Bhí a fhios aige go maith gurab é Briain Ó Cinnéide, a dhearbhráthair féin, bhí ann. Sheas Brian suas os a chomhair i n-a chuid sean-bhalcaisí, le go bhfeicfidís go léir é. Bhí na fir agus na mná uaisle ar fad ag dearcadh air, agus iad ag gáiridhe agus ag cogarnaighil le n-a chéile agus iongnadh a bhfaca tú riamh orra. Tháinig fearg ar Mhathghamhain. D'éirigh a chuid leicne chomh dearg le fuil agus a mhailí gruama, agus dubhairt sé: “Mo náire shaoghalta thú, a Bhriain mhic Chinnéide! Tá tú ag tabhairt sgannal agus easonóir do'n chuideachta mar gheall ar do shean-chiolcaisíbh. Ní'l tú gléasta faoi chomhair na fleidhe.” I n-aghaidh gach seoid bhí ar chlóca an ríogh, bhí braon báis- tighe ar chlóca Bhriain. Bhí sé chomh salach is dá mbeadh sé i n-a luighe ar an talamh agus a chuid balcaisí chomh tréigthe is dá mbéidís faoi an ghréin le lá agus bliadhain. “Raibh tú ag sealgaireacht ar feadh na haimsire?” adeir an rí.
“Bhíos ag fiadhach go cinnte,” arsa Brian. “Cá bhfuil na fir thréana calma de Dhál Cais a thug mé dhuit le bheith mar chuideachta agat mar badh chóir agus badh cheart do mhac ríogh?” “D'fhág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig Léith, agus cuid aca ar imioll-bhorda na Forghusa, cuid eile aca i n-aice Choille Locha Deirgdheirc, agus mórán eile imeasg car- raigreaca na mBúrnán.” “A Bhriain mo chroidhe, cia'n t-am a dtiocfaidh siad thar n-ais chugainn?” “Tá mé chomh cinnte is tá an ghrian ins an spéir nach bhfuil aon bhaoghal ortha teacht ar n-ais go bráth, mar tá siad caillte go léir acht chúig fheara déag agus mé féin.” D'éirigh na daoine 'n-a seasamh agus thosuigheadar ag caoineadh agus ag caoi agus ag géar-ghol mar gheall ar bhás a gcuid cloinne, agus d'fhiafruigheadar dhe cé an tímpisne d'éirigh dhóibh. “Ná bígidh ag gol ná ag buaidhreadh,” adeir Brian. “Ní raibh aon mhac máthar aca nár mharbh cúigear nó níos mó de na Lochlannaigh sul chuadar féin go slighe na fírinne. Badh ceart go sásóchadh sé sin sibh. Ní girrfhiadhcha ná coiníní ná madraí allta a bhíomar a fhiadhach ó shoin acht sluagh na n-allmhurach. Níor thugamar sgíth ná suan dóibh d'oidhche ná de ló, 'san mbaile ná ins na coilltibh, acht i gcomhnuidhe d'á dtreasgairt agus d'á marbhadh. “Sílim,” arsa Brian, “le congnamh Dé, gur féidir linn iad a dhíbirt amach as dúithchíbh Dháil Chais, agus b'fhéidir i n-a dhiaidh sin amach as Éirinn ar fad.” Suas leis na gaisgidhigh bhí i láthair i n-a seasamh ag blaidhriumhach agus ag béiciumhach chomh árd is bhí sé i n-a gceann, agus ag tabhairt árd-mholadh do Bhrian mar gheall ar a thréin- eacht, a chródhacht agus a chalmacht. Chonnaic Mathghamhain go raibh níos mó measa agus moladh dhá thabhairt do Bhrian 'ná dhó féin. Chuir sé a chuid feirge agus a chuid éada i dtaisge, pé sgéal é, agus thosuigh sé féin ag moladh Bhriain mar an gcéadna. “Seo obair mhór atá déanta agat, a Bhriain ó Bhanba,” adeir an rí. “Luach saothair ar bith atá uait, beithidhigh nó talamh, cuacha airgid agus óir, gheobhaidh tú iad agus fáilte, acht ainm a chur ortha. Tóg do roghain.” “Ní theastuigheann dada aca uaim. Fir throda atá uaim,” arsa Brian calma. “Teastuigheann an chuid is tréine de na gaisgidhigh uaim le teacht liom go gcuirimid deireadh agus críoch leis an gcath a thosuigheas.”
Chaith na feara go léir uatha na meadair, agus i n-a n-áit fuaireadar a gcuid claidhmhthe agus a gcuid sgiath, agus d'iarruigheadar ar Bhrian bheith mar thaoiseach ortha agus iad a stiúradh ar bhuaile an chatha. 'Sé seo an chaoi ar thosuigh an cath mór i n-aghaidh na Lochlannach, agus b'éigin do Mhathghamhain féin dul le n-a threibh agus le n-a mhuinntir isteach i bpáirc an bhuailte. Acht bhí Brian i gcomhnuidhe i dtosach nó i n-éadan an chatha, dh'á stiúradh agus ag tabhairt misnigh dhóibh, agus fá dheireadh, nuair cailleadh Mathghamhain, 'sé Brian agus ní duine ar bith eile de Chlainn Chinnéide, a toghadh le iad a riaghlughadh. Agus sin é an chaoi a bhfuair Brian bheith 'n-a rígh ar Éirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services