Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac Ghníomhartha Bhriain

Title
Mac Ghníomhartha Bhriain
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Pen Name
Tomás Bán
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MAC-GHNÍOMHARTHA BHRIAIN.



Tá sé beagnach míle bliadhain anois ó thuit amach an
sgéal a bhfuil mé le trácht air.



Ins an am sain bhí ár gcuid righthe féin agus ár ndlighthe féin
againn ins gach áit agus cúinne d'Éirinn agus an tÁrd-Rí ós ár
gcionn go léir; acht bhí Éire faoi sgrios agus léan mar gheall
ar námhaid allmhurach a tháinig ag goid agus ag fuadach i n-ár
measg.



B'iad seo na Lochlannaigh tháinig thar fairrge i loingis
mhóra. Ar dtús budh é a gcleachtadh teacht le goid agus
fuadach a dhéanamh, agus nuair thóigidís a ndóithin coirneacha
óir, d'imthighidis ar ais d'á dtír féin. Acht chonnaiceadar
go mbudh tír bhreagh áluinn í Éire, agus budh mhian le cuid aca
fuireacht innti.



Throideadar cathanna móra le taoiseacha agus righte na
hÉireann, agus is minic a fríoth an ceann is fearr orra.
Amanna eile bhíodh an bhuaidh ag na Lochlannaigh agus thóigidís
seilbh ar thaltaíbh agus chuiridís dúin agus bailte móra d'á
ndéanamh. Chuiridís fútha annsain díreach mar rinne na
Sasanaigh ó shoin, acht amháin nach bhfuaireadar seilbh ar
Éirinn ar fad mar fuair Seaghán Buidhe — mar gheall Dia
dhúinn aon óglách amháin bhí cumhachtach misneamhail, agus shábháil
sé Éire ó dhiabhluigheacht na Lochlannach.



Bhíodar san am so ag éirghe an-chumhachtach, agus bhí an iomad
bailte móra aca ann. Is iondamhail go gcuiridís fútha i
n-aice na fairrge 'sa gcaoi go dtiocfadh a gcuid soitheach
isteach.



Bhí Árd-rí na Lochlannach i n-a chomhnuidhe i mBaile Átha
Cliath, agus ceannphoirtí i bPortláirge, i gCill Mhantáin, agus
i mórán áiteacha eile.



Chuireadar cíos agus cáin ar na Gaedhil. Dhóigheadar a gcuid
tighthe agus séipéil muna n-íocaidís an cháin seo. Mhilleadar
na leabhartha áluinne, an Sgríbhinn Diadha agus na sgéalta
óirdhearca agus seanchas na hÉireann a sgríobh ollamhain agus
daoine naomhtha.



Fear bhí i n-a chomhnuidhe ins an am sin, sgríobh sé mar so
ar thíorántacht agus ar mailís na Lochlannach:



“Ní raibh sé do chumhachta ag aon duine i nÉirinn bainne


L. 4


a chuid ba ná an oiread is uibheacha aon chirce amháin thabhairt
mar bhronntanas nó mar mhuinntireas do shean-fhear ná do
dhuine bocht breoidhte, acht b'éigin dó iad a chongbháil do'n
stíobhard allmhurach. Siúd is nach mbéadh ins an teach acht
aon bhó bhainne amháin, ní fhéadfaidhe í chrúdh do'n naoidheanán
nach mbéadh acht aon oidhche amháin d'aois, ná do dhuine thinn,
acht chaithfidhe iad a chongbháil le haghaidh fear bailighthe na
cána agus na saighdiuirí allmhuracha. Agus na fir óga budh
oireamhnaighe, chaithidís dul ar bhord a gcuid loingis gan an
oiread is feoirling páidhe, agus iad féin a bheathughadh 'san am
céadna chomh mhaith is dá mbeidís 'san mbaile, agus bhí cáin
airgid le n-íoc chomh maith céadna.”



Seo í an fhírinne 'dtaobh tíorántacht' na Loclannach.
Feicthear dhom-sa gur cosamhail leis an bpionús céadna
bhíodh na daoine bochta fhágháil ó na tighearnaíbh talmhan
tá sgathamh gearr aimsire ó shoin ann agus leis an tíorán-
tacht chéadna tá siad fhulaingt ó na Sasanaigh anois féin
'san am atá i láthair.



Ní fheicimíd an t-allmhurach ag teacht ag bailiughadh na
cána, acht tá sé dh'á ghoid uainn ins gach punnt tae agus ónsa
tobac a cheannóchas sinn.



Acht caithfimíd cosg agus stopainn a chur leis faoi dheireadh.
Ná leigimís dóibh bheith ag goid ár gcuid maoine agus a bhfuil
againn níos fuide.



Tráchtfad anois ar aimsir na Lochlannach.



Bhí treibh mhór do na Gaedhil an t-am sin 'san áit a
dtugtar Conndae an Chláir anois air. Ó Cinnéide bhí mar
rí orra. Bhí mórán clann mhac aige, agus, tar éis é d'fhagháil
bháis, budh é an mac dar bh'ainm Mathghamhain fuair bheith 'n-a
rígh.



Throid Ó Cinnéide agus gach duine d'á mhuinntir a tháinig
roimhe go dian agus go dána i n-aghaidh na Lochlannach. Bhí
Mathghamhain tuirseach ag troid. Dubhairt sé leis féin:
“Ta na daoine seo socruighthe síos anois i n-ár measg. Ní
aon mhaith dhúinn bheith ag troid leó. Is amhlaidh dhéanfas
siad sinn a mharbhadh gach uile dhuine againn, agus b'fhéidir go
marbhóchaidís mé féin. Béidh mé síothchánta agus muinntreach
leó agus leigfidh mé dhóibh a gcuid cána agus cíosa a thógaint,
agus nuair bheidhmid muinntreach le n-a cheile, iarrfaidh mé
orra bheith níos macánta agus níos síbhialta leis na hÉireann-
acha bochta.”



Bhí sógh breagh ag Mathghamhain 'n-a phálás i gCeann Coradh
tar éis an méid sin cainte leigean as. Bhí sé ag éirghe
chum saidhbhris ó lá go lá, mar bhí na Lochlannaigh ag cur


L. 5


neart airgid agus bronntanas chuige le n-a chongbháil socair
— a bhéal a dhúnadh.



Níor mhisde leis na daoine bochta bheith d'á gcnagadh
agus d'á sgrios níos mó 'ná mar bhíodar ariamh roimhe.



Bhí go leor dearbhráithreacha ag Mathghamhain. Ní
chainteóchaidh mé anois acht ar aon duine amháin aca dár
bh'ainm Brian.



'San am so bhí sé an-óg. Bhí éadach breagh fáilbhe órdha
air mar mhac gach uile ríogh. Ní raibh cúram dhó faoi bhacadh
le aon rud a dhéanamh acht bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh
grinn dó féin. Nuair a tháinig sé chum aois fir, tugadh
céad laoch óga dhó mar chomrádaí le bheith ag freastal air
agus 'n-a chuideachta. Nuair fuair sé na fir óga so 'n-a
thimcheall aon lá amháin, b'éigin dóibh geallamhaint a bheith
dílis dó i gcomhnuidhe. Ghlaodh sé annsain orra i n-éinfheacht,
agus d'imthigheadar leo amach as a bpálás i bhfochair a chéile.
Chonnaic Mathghamhain iad ag imtheacht. Bí sleaghacha agus
claidhmhthe aca.



“An ag fiadhach atá tú ag dul, a Bhriain, a dhearbhráthair
mo chroidhe?”



“Is ag fiadhach atámuid ag dul go deimhin,” arsa Brian.



D'imthigheadar leo treasna na gcnoc agus na ngleannta, na
móinfhéar agus na machairí mín réidh, agus níor fríoth sgéal ná
tuairisg uatha go ceann tamaill mhaith.



Aon oidhche amháin bhí féasta mór i gCeann Coradh. Bhí
Mathghamhain i n-a shuidhe ag ceann an bhuird ar shuidheachán
árd, agus an bhainríoghan ríoghamhail le n-a thaobh. Bhí cláir-
seóirí agus píobairí ag imirt ceóil dóibh, agus filí ag innseacht agus
ag béal-aithris amhrán agus sgéalta. Sgéalta deasa greann-
mhara sultmhara bhí aca, i gcruthamhnas go raibh an seomra
mór millteach lán suas le fuaim an gháire. Rinne solas
láidir na teineadh agus na dtrillseán an áit go han-tsoillseach
agus bhíodar ag lonnradh agus ag soillsiughadh ar na coirneachaibh
óir agus práis agus ar na héadaighibh breagha galánta bhí ar an
gcuideachta.



Budh é an rí féin an duine budh garrtha bí ann, faoi n-a
chochall uaithne agus a chlóca dearg anuas ar a ghuailnibh agus é
breacuighthe mar bheadh ballach Muire le greanntaigh óir.
Bhí bóna timcheall a mhuinéil cumtha i gcosamhlacht na
gealaighe bioraighe agus chomh soillseach léi, agus biorán brollaigh
cruinn déanta de'n ór bhuidhe mar chnaipe ar a chlóca.
Budh é baramhail na cuideachtan nach raibh aon rí os cionn
Dáil Chais fós ariamh chomh maith le Mathghamhain.



Bhí doras an tseomra dúnta, mar bhí an oidhche fuar.


L. 6


Buaileadh buille láidir trom ar an doras agus hiarradh ortha é
fhosgailt.



Rinneadar sin agus tháinig chuca isteach fear árd leigthe
sgolbánta faoi éadach giobach. Ní raibh giobal de na
seacht n-éadaigh air. Tháinig a ghruaig 'n-a dréimribh móra
fada anuas ar a leicnibh, agus sneachta agus flich-bháisteach ag
sileadh asta. Chuaidh sé síos i n-aice na teineadh an áit a
raibh na giollaí 'n-a suidhe, agus níor cuireadh aon mhúisiam air
ná níor thug aon duine siúntas dó — mar ins an am sin bhí
sé do chleachtadh ag lucht siubhail a theacht isteach mar sin i
dtighthibh na n-uaisle agus na ríghte am ar bith budh mhian leo agus
d'fhághaidís a ndóithin le n-ithe agus le n-ól. Ní raibh aon
doicheall roimhe an aistreánach an t-am sin, mar bhí chroidhe
mór fairsing leathan ag na Gaedhil. Ní hionann sain agus
indiu, fairíor — le n-a gcuid Béarla mór. Tarraingeadh
anall forumna i n-aice an bhuird agus rinneadh slighe dó. Níor
labhair sé focal, acht an méid bídh agus dighe a tugadh dó
d'ith sé agus d'ól sé é. Bhí cú mór i n-aice an ríogh — an ceann
a b'fhearr leis ar fad — agus nuair tháinig an fear siubhail
isteach, d'éirigh sí i n-a seasamh agus níor stad go ndeachaidh
chomh fada leis an aistreánach agus gur leag sí a dhá cois
tosaigh ar a ghlúinibh.



“Tá i bhfad níos mó críonnacht' 'san choin,” arsa an strain-
séara, “'ná mar tá i gcuid de na daoinibh, mar ní chuireann
na giobalacha éadaigh mo fhuil ríoghamhail i bhfolach uirri.”



D'éirigh an rí 'n-a sheasamh go tobann agus bhreathnuigh sé cé
has a dtáinig an glór. D'aithin sé an guth. Bhí a fhios aige go
maith gurab é Briain Ó Cinnéide, a dhearbhráthair féin, bhí ann.
Sheas Brian suas os a chomhair i n-a chuid sean-bhalcaisí, le
go bhfeicfidís go léir é. Bhí na fir agus na mná uaisle ar
fad ag dearcadh air, agus iad ag gáiridhe agus ag cogarnaighil le
n-a chéile agus iongnadh a bhfaca tú riamh orra. Tháinig fearg
ar Mhathghamhain. D'éirigh a chuid leicne chomh dearg le fuil
agus a mhailí gruama, agus dubhairt sé:



“Mo náire shaoghalta thú, a Bhriain mhic Chinnéide! Tá
tú ag tabhairt sgannal agus easonóir do'n chuideachta mar
gheall ar do shean-chiolcaisíbh. Ní'l tú gléasta faoi chomhair
na fleidhe.”



I n-aghaidh gach seoid bhí ar chlóca an ríogh, bhí braon báis-
tighe ar chlóca Bhriain. Bhí sé chomh salach is dá mbeadh sé i
n-a luighe ar an talamh agus a chuid balcaisí chomh tréigthe is dá
mbéidís faoi an ghréin le lá agus bliadhain.



“Raibh tú ag sealgaireacht ar feadh na haimsire?” adeir
an rí.


L. 7


“Bhíos ag fiadhach go cinnte,” arsa Brian.



“Cá bhfuil na fir thréana calma de Dhál Cais a thug mé
dhuit le bheith mar chuideachta agat mar badh chóir agus badh
cheart do mhac ríogh?”



“D'fhág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig Léith,
agus cuid aca ar imioll-bhorda na Forghusa, cuid eile aca i
n-aice Choille Locha Deirgdheirc, agus mórán eile imeasg car-
raigreaca na mBúrnán.”



“A Bhriain mo chroidhe, cia'n t-am a dtiocfaidh siad thar
n-ais chugainn?”



“Tá mé chomh cinnte is tá an ghrian ins an spéir nach
bhfuil aon bhaoghal ortha teacht ar n-ais go bráth, mar tá
siad caillte go léir acht chúig fheara déag agus mé féin.”



D'éirigh na daoine 'n-a seasamh agus thosuigheadar ag
caoineadh agus ag caoi agus ag géar-ghol mar gheall ar bhás a
gcuid cloinne, agus d'fhiafruigheadar dhe cé an tímpisne
d'éirigh dhóibh.



“Ná bígidh ag gol ná ag buaidhreadh,” adeir Brian.
“Ní raibh aon mhac máthar aca nár mharbh cúigear nó níos
mó de na Lochlannaigh sul chuadar féin go slighe na
fírinne. Badh ceart go sásóchadh sé sin sibh. Ní girrfhiadhcha
ná coiníní ná madraí allta a bhíomar a fhiadhach ó shoin acht
sluagh na n-allmhurach. Níor thugamar sgíth ná suan dóibh
d'oidhche ná de ló, 'san mbaile ná ins na coilltibh, acht i
gcomhnuidhe d'á dtreasgairt agus d'á marbhadh. “Sílim,” arsa
Brian, “le congnamh Dé, gur féidir linn iad a dhíbirt
amach as dúithchíbh Dháil Chais, agus b'fhéidir i n-a dhiaidh sin amach
as Éirinn ar fad.”



Suas leis na gaisgidhigh bhí i láthair i n-a seasamh ag
blaidhriumhach agus ag béiciumhach chomh árd is bhí sé i n-a gceann,
agus ag tabhairt árd-mholadh do Bhrian mar gheall ar a thréin-
eacht, a chródhacht agus a chalmacht. Chonnaic Mathghamhain go
raibh níos mó measa agus moladh dhá thabhairt do Bhrian 'ná dhó
féin. Chuir sé a chuid feirge agus a chuid éada i dtaisge, pé
sgéal é, agus thosuigh sé féin ag moladh Bhriain mar an
gcéadna.



“Seo obair mhór atá déanta agat, a Bhriain ó Bhanba,”
adeir an rí. “Luach saothair ar bith atá uait, beithidhigh nó
talamh, cuacha airgid agus óir, gheobhaidh tú iad agus fáilte,
acht ainm a chur ortha. Tóg do roghain.”



“Ní theastuigheann dada aca uaim. Fir throda atá
uaim,” arsa Brian calma. “Teastuigheann an chuid is
tréine de na gaisgidhigh uaim le teacht liom go gcuirimid
deireadh agus críoch leis an gcath a thosuigheas.”


L. 8


Chaith na feara go léir uatha na meadair, agus i n-a
n-áit fuaireadar a gcuid claidhmhthe agus a gcuid sgiath, agus
d'iarruigheadar ar Bhrian bheith mar thaoiseach ortha agus iad a
stiúradh ar bhuaile an chatha.



'Sé seo an chaoi ar thosuigh an cath mór i n-aghaidh na
Lochlannach, agus b'éigin do Mhathghamhain féin dul le n-a threibh
agus le n-a mhuinntir isteach i bpáirc an bhuailte. Acht bhí Brian
i gcomhnuidhe i dtosach nó i n-éadan an chatha, dh'á stiúradh agus
ag tabhairt misnigh dhóibh, agus fá dheireadh, nuair cailleadh
Mathghamhain, 'sé Brian agus ní duine ar bith eile de Chlainn
Chinnéide, a toghadh le iad a riaghlughadh.



Agus sin é an chaoi a bhfuair Brian bheith 'n-a rígh ar
Éirinn.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services