Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnoc na nGabha II
Title
Cnoc na nGabha II
Author(s)
Kickham, Charles J.,
Pen Name
Matal, An / Cois Fhairrge (Aistr.)
Translator
Breathnach, Micheál 1881-1908
Composition Date
1910
Publisher
Ó Dubhthaigh, S agus a chuideachtain (Teoranta)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CNOC NA nGABHA. CUID A DÓ. CAIBIDIL XXII. PILIB Ó LAOCHDHA I DTIGH AN BHUAILTEORA Ar fhilleadh ar ais do'n Bhuailteoir cé bhéadh roimhe acht Pilib Ó Laochdha. 'Ar ndóigh, ní gábhadh a rádh go raibh "braon sa gcoircín" aige. Bhí sé ag cur dhe go láidir agus ag coinneál chainnte le gach duine. Bhí sé 'n-a shuidhe cois na teineadh agus Liam ó hEithfearnáin 'n-a shuidhe le n'ais — Pilib agus a pháipéar nuaidheachta aige agus é ag léigheadh agus Liam i ngreim sa gcoinneall le nach mbéadh easbaidh soluis air. Acht ní raibh ag léigheadh dhe mar sin féin. B'fhéidir go raibh fáth aige leis — ní i gcomhnaidhe a bhíos léargus na súl go ceart ag cuid de na daoinibh! "Nach bhfuil sé chomh maith dhuit a bheith ag baint coisméig' as a bhaile feasta, a Philib?" arsa Liam sa deireadh. "Tá sé ag éirghe deireannach agus cá bhfios nach mbéithidhe imnidhtheach ag baile?" "Á, a Liam, gheall Dia bean mhaith dhom-sa" arsa Pilib. "Níor cruthuigheadh a leitheid! Focal ropannta níor dhubhairt sí liom riamh, agus ní abróch- aidh, pé'r bith céard a dhéanfas mé. Tá cead a chinn
ag Pilib Ó Laochdha an fhad 's fhágfas Dia Nóra aige." "Maise, go bhfágaidh Sé i bhfad agat í — agus sibh féin ag a chéile! Níor dhubhairt tú acht an fhírinne; acht teanam ort a bhaile anois agus ná fág faoi imnidhe í." "Dar mo leabhar, a Liam," arsa Pilib — ag baint lán na súl as — "agus tá cuma na donachta ort! Tá droch-shnódh ort. Dar mo choinsiar go bhfuil! Céard tá ag gabháil duit? Ní móide go bhfuil tú ag caitheamh leat féin mar badh chóir? An easbaidh goile atá ort, nó an amhlaidh nach bhfuil an beathughadh ceart dhá fhágháil agat? Badh cheart duit aire thabhairt duit féin, a mhic ó, agus rud a chaitheamh a bhéaradh brígh agus croidhe dhuit agus a ghéaróchadh an droch- ghoile sin agat! Sin é mo chomhairle-se dhuit. Theas- tócadh sé uait, bíodh 'fhios agat é!" "Dheamhan deoch d'aon chineál a théigheas ar mo bhéal ó Luan go céile acht fíor-uisge an tobair agus bainne na bó," arsa Liam. "Is beag a bhí dhá bhárr agam acht an mí-ádh mór agus an clampar an fhad 's bhí mo phléidhe leis!" "Agus tuige — meas' tú? N'áit a gcuirtheá do shúil thar do chuid! Ghnítheá pleidhce dhíot féin 'ghá ól mar d'ólfá leamhnacht! Ól riar maith dhe nuair a theastuigheas sé uait — acht maidir le bheith 'ghá ól 'n-a fhoracuin mar ghníos cuid de na daoinibh níl ann acht fíor-leibideacht, a Liam! Seachain sgluig- éaracht, agus ól do bhraoinín duit féin go mín réidh socair, agus go múinte caoitheamhail mar dhéanfadh fear, agus béidh biadh 'gus bheatha agat ann — agus sásamh freisin. Meas tú an le grádh dhó a ólaim-se braonacha ó am go ham? Measann tú, an eadh? Maise, go deimhin, ní headh! Dheamhan deich triuf a bhéarainn ar lán bairille dhe marach le grádh do'n chomhluadar — nó "le grádh do na daoinibh bhíos i n-aice" mar deir an Reachtabhrach."
"Is iomdha comhluadar lághach gnoidheamhail a chonnaic mise gan ól beag ná mór acab acht an oiread le chéile" arsa Liam. "Agus ní raibh aon easbaidh grinn ortha. Agus bhíodar go léir lán-tsásta." Níor leig Pilib air féin go gcualaidh sé é. "A Eibhlín" ar seisean, le deirbhshíur an Bhuail- teora, "bhí fúm mo mhíle buidheachas a ghabháil leat ar son na n-uibheacha úr a chuiris chuig m'inghin bhoicht an lá cheana, acht do dheamhan ar chuimhnigheas air. Go raibh seacht gcéad míle maith agat! Támuid féin leath-bhánuighthe ag na cearca' mí-ádhsacha atá againn. Dheamhan sin ubh a rugadar leis an fhaid seo!" "Dhá bhfághadh Maitiú a chomhairle féin ní breith mhór a dhéanfadh ár gcearca sinne acht an oiread," arsa Eibhlín "mar tá an clampar air 'n-a ndiaidh!" "Tabhair dhom an biorán stoca sin," arsa Pilib. "Tá an píopa so agam bunáite tachtuighthe." Sach sé isteach an biorán stoc thrí chois an phíopa. Acht dhearmad sé a tharraingt ar ais, agus ar a bheith ag cur an phíopa 'n-a bhéal dó chuaidh bárr an bhioráin 'n-a shróin, agus baineadh uaill uathbhásach as. "Ní fhéadfaidh aon duine a rádh, a bhean an tighe," ar seisean thar éis tamaill — "ní fhéadfaidh sin — go ndeachaidh Pilib Ó Laochdha chun codalta fós riamh gan an t-uisge coisrig a chur air féin! Ní dheachaidh, agus le congnamh Dé ní rachaidh! Agus Críostaidhe ar bith a dhéanfas sin is deacair a rádh gur meisgeoir é! Ní meisgeoir Pilib Ó Laochdha agus nár leigidh Dia go mbadh eadh! Agus creid thusa sin uaim-se, a bhean an tighe," ar seisean. "Ní thug mé mo leaba orm féin ó bhí sé ionnam a dhéanamh gan an Chroich Chéasta Bheannuighthe a ghearradh orm féin, agus gan uisge coisrig na hEaglaise a chrathadh fúm 's tarm. Agus measann tú arb 'in rud a dhéanfadh meisg- eoir?"
"Ní dóigh gurab eadh," arsa Liam, "acht nár bh'fheárr dhúinn a bheith ag giorrughadh an bhealaigh a bhaile anois i n-ainm Dé?" Ní baileach a bhí na focla as a bhéal aige nuair a fosgluigheadh an doras go tobann. Shéid sgallach gaoithe go láidir isteach. Múchadh na coinnle. Sgannruigheadh gach duine. Thosuigh na cearca ag glaodhach agus ag sgreadach le teann uathbháis. Cuireadh criothnughadh croidhe san gcoileach mór féin i mbárr an tighe. Chuir sé sgread ghéar agus síon as. Baineadh geit as Pilib. Phreab sé ar an stól. D'éirigh sé de léim. "Céard seo?" ar seisean fá sgannradh. Anuas leis an gcoileach mór 'n mhaide-treasna i mbárr an tighe d'aon tuairt amháin — ag sgreadach go cráidhte. Buaileadh san éadan ar Philib é ag teacht anuas dó agus marach Liam Ó hEithfearnáin cuirfidhe an táilliúr caol díreach isteach sa teinidh! Choisrig bean an tighe í féin. "Na daoine maithe!" ar sise 'n-a hintinn féin. Acht níor bh'iad — acht duine saoghalta. Bhí cailín óg 'n-a seasamh i lár an urláir agus na deora le n-a súilibh nuair a lasadh na coinnle. "Mise atá ann," ar sise. "Ní fhéadfainn a dhul thar an teach gan a theacht isteach agus slán fhágáil agaibh! Agus bhí an oiread deifre orm 's nár chuimhnigh mo chroidhe ar an doras a dhúnadh 'mo dhiaidh." "Maise, ní féidir gur tú atá ann — nó an tú Siubhán Ní Chonaill?" arsa Eibhlín. "Is mé go deimhin, a Eibhlín, a Eibhlín dhil, agus tá faitchíos orm gur bhaineas geit asaibh ag chomh tobann 's chuireas díom an doras — acht níl 'fhios agam céard tá mé a dhéanamh le briseadh croidhe ó d'fhágas an teach! Acht dheamhan neart air anois! Fágaim mo sheacht míle slán agus beannacht agaibh go léir! Tá lucht an cháirr ag fanacht liom taobh amuigh agus níl aon mhoill le déanamh. A Mhaitiú, nach minic a dhaimhsigheamar
le chéile ag an Sgeich"!" ar sise agus líon a súile le deoraibh ag dul amach dhi agus ghuil sí go bog úr. "Nach beag a cheapfadh go sgarfadh sí féin agus Seosamh le chéile mar seo," arsa Eibhlín, "agus an cion mór a a bhí aca ar a chéile le fada an lá?" "Ní ag Seosamh atá neart air, an fear bocht," arsa Maitiú. "Is beag an baoghal gur go 'Meiriocá a bhéadh sí ag imtheacht indiu dhá mbéadh léas ar a cuid talmhan aige. 'Ar ndóigh, níl 'fhios aige cé'n lá a mbéidh air féin a theach 's a chuid talmhan fhágáil! Tá an léas caithte, agus ceart ná cóir níl i ndán dó ó'n tighearna. Béidh air gluaiseacht, agus imtheacht le fán agus le seachrán an tsaoghail go luath, an fear bocht, agus 'sé an truagh é! Nach beag an ar dhó a chroidhe a bheith briste ar a leithid de chaoi? Droch-rath críochnuighthe ar na tighearnaibh bradacha Gallda céadna, agus sgéal cráidhte ar an mí-ádh a thug 'na tíre chugainn iad an ch ad lá riamh!" "Marach a deirbhshiúracha ní imtheochadh sí. 'Siad- san a chuir fios uirthi, agus a d'íoc gach costas di," arsa Eibhlín. "Acht má tá sí ag imtheacht féin ní haoibhneach ná go héadtrom-chroidhtheach é. Tá a croidhe ag briseadh le cumha — an créatúr." "B'fhéidir gur gearr a bhéadh," arsa Liam. "Is gearr go mbídh plíoma de Phuncán aici, agus annsin is beag an chuimhne a bhéas aici ar Sheosamh. Ó bhéas siad as amharc a chéile fuaróchaidh an grádh — tá faitchíos orm." "B'fhéidir é," arsa Eibhlín. "Acht níor bh'iongnadh liom-sa dhá mbéadh sí níos dílse 'ná é féin." ""Bíonn an dá bhféidir ann," a stór," arsa bean an tighe, "agus is deacair a rádh céard a thárlóchas amach annso. Cá bhfios nach bhfuil siad i ndán dá chéile ag Dia, agus má tá, béidh siad ag a chéile gan bhuidheachas do'n tsaoghal. Níl 'fhios céard atá i gcinneamhaint dhuine ar bith, a stór."
"Tá daoine ann agus an saoghal mór ní chuirfeadh as cuimhne a chéile iad," arsa Maitiú. "Acht ní i gcomhnaidhe a bhíos an fíor-ghrádh agus an fíor-dhílseacht sin le fágháil, faríor! Ní túisge as amharc thú ná as cuimhne chuid de na daoinibh. "Maise, dheamhan aithne ort nach bhfuilir chomh dílis 's bhí Roibeárd Emmet agus a ghrádh geal dá chéile lá de'n tsaoghal!" arsa Eibhlín. "Nach ag spalluigh- eacht le 'ch uile chailín is túisge agat thusa! Cé'n mhaith dhuit a bheith ag cainnt? 'Ar ndóigh, níor cruthuigheadh do leithid de spalluightheoir! B'fhearr liom seacht n-uaire déag 's fiche thú féin, a Liam, nach gcuireann suim i n-aon chailín 'ná buachaill báire mar Mhaitiú atá i ndiaidh 'ch uile dhuine!" "Maise, go maithidh Dia dhuit-se, a Eibhlín, a bheith ag tabhairt fúm-sa mar gheall ar mo chuid spalluigh- eachta!" arsa Maitiú. "'Ar ndóigh, níor bhreathnuigh tú féin ar aon bhuachaill riamh! Dheamhan é, muise! Agus gan thú sásta mara mbídh dháréag 's fiche aca thar bhárr a gcéille id' dhiaidh san am céadna! Má bhím mór féin le cuid de na cailíní ce'n dochar? Nach gcaithfear a bheith lághach grádhmhar leob — na créatúir? Agus cá bhfuil an duine aca adubhairt droch-fhocal fúm fós riamh? Níor dhubhairt — nó má dubhairt níor chualas-sa é." Sguir sé de'n chainnt go tobann. Thosuigh ag smaoineadh. Dhearc isteach sa teinidh. Facthas dó go raibh a lán rudaí le tabhairt fá deara sa ngríosaigh dheirg. Rinne sé meangadh beag gáire. Annsin chraith sé a cheann beagáinín. Leig osnadh mhór throm. Leig siar 'n-a chathaoir é féin agus — thosuigh ag gabháil amhráin. Amhrán a bhí ann ar a raibh tóir mhór i gCnoc na nGabha. Thaithnigh sé go mór mór le gach duine, agus ba ghnáthach le Maitiú a ghabháil go minic nuair a bhíodh beagáinín cumha air de bhárr smaointe mar bhí aige fá láthair. Ghabh sé an t-amhrán go binn-ghuthach ceolmhar agus
chuir amach dhá chroidhe é. Cé'r bh'iongnadh gur chuir an cheathramha seo cumha agus díombuadh air? ""Tá gleann beag ró-aoibhinn i nÉirinn, Agus baile beag thíos ins an ngleann, Tá sruthán beag bídeach cois coille, Agus cró beag ar fasgadh faoi chrann; Agus b'fhearr liom 'ná cumhacht na cruinne, Bheith a' seoladh thar sáile anonn — Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh Nach dtig liom níos mó a dhul ann!" A Mhaitiú Mhóir chroidhe, ní thusa an t-aon duine a gcuireann focla binne brónacha mar iad so cumha air go minic! Nach iomdha Gaedheal ar fud an domhain mhóir a dtagann na frasa deor ó n-a shúilibh ar smaoineadh dhó ar bhaile beag eicínt "thíos ins an ngleann" — áit, mo nuar! "nach dtig leis níos mó a dhul ann!" Nach minic dhó ag smaoineadh ar na sean-cháirdibh ag baile! Nach minic a chuireas sé "an t-am fad ó," agus gach greann agus siamsa dhá mbíodh ar siubhal thrí n-a chéile! Agus nach grádhmhar ceanamhail mar tá siad i dtaisge aige — agus mar bhéas go deo — i bhfíor-íochtar a chroidhe! Chuir an t-amhrán roinnt cumhaidh ar Eibhlín agus ba chosamhail gur chuir sé ag smaoineadh í. Focal níor fhan ag Liam Ó hEithfearnáin. Agus bean an tighe féin, bhain sé deor aisti sul bhí sé críochnuighthe. Bhí Pilib Ó Laochdha 'n-a chodladh ar an bhfaid seo, agus gan cor ná car dhá chur dhe aige. "Seo, éirigh suas feasta, agus téirigh a bhaile" arsa Liam, ag tabhairt strachailt dó. Baineadh geit as Pilib, agus rinne sé iarracht ar a shúile fhosgailt. Acht ní go ró-mhaith a d'éirigh an chéad iarracht leis. "Seo, a Philib! a Philib! Éirigh! An gcluin tú
leat mé? Dúisigh, adeirim leat! Biorruigh suas!" arsa Maitiú ag baint crathadh as. "Céard so? Céard so?" arsa Pilib fá sgannradh. "Cá bhfuilim?" "Táir i n-áit a gcaithfir íoc ar do leabaidh, a mhic ó," arsa Maitiú. D'fhosgail Pilib a shúile sa deireadh. Dhearc faoi 's tairis. D'aithnigh sé Maitiú agus shílfeá go mbrisfeadh a chroidhe ag gáiridhe. "Dheamhan lá riamh nach buachaill báire a bhí ionnat, a Mhaitiú," ar seisean ag tabhairt iarracht ar dhíriughadh suas. Is beag bídeach nár cuireadh i ndiaidh a mhullaigh isteach i gceart-lár na teineadh é nuair a d'fhéach sé le corrughadh de'n stól. "Bogamuist linn anois i n-ainm Dé agus bímist ag giorrughadh an bhealaigh a bhaile. Cá bhfios cé'n imnidhe agus mí-shuaimhneas a bhéadh ar do mhnaoi agus ar Nóra?" arsa Liam. "Is fíor dhuit," arsa Pilib. "B'fhéidir go mbéadh. Acht focal a béil ní abróchaidh mo bhean. Agus Nóra bhocht — mo chréatúr — Dia go bhfóiridh Sé uirthi! — níor cruthuigheadh a leithid. Níl inghean chomh cean- amhail léithi san domhan mór ar fad, a Liam. Dhá gcurtaoi slat ar Éirinn ní bhfuighthí leithid Nóra Ní Laochdha!" Níor labhair Liam focal. Tháinic tocht 'n-a sgórnach. Bhí an bharamhail chéadna aige féin. Is fadó 'n lá a cheap sé ar dtús nár cruthuigheadh a leithid. Bhí gean aige uirthi i gcomhnaidhe. Bhí grádh sean-charad aige dhi. Bhí truagh ag a chroidhe dhi ó rinne Dia na Trócaire cláiríneach dhi. Bhídís le chéile ar sgoil. Bhídís le chéile ag baile. Chaithidís laetheannta aoibhinne ag baint na mbláth agus na nóiníní le chéile tráth rabhadar óg. Bhídís ag gabháil fhuinn i dteannta 'chéile 'n-a suidhe ar bhruach an tsruthláin agus ag éisteacht le ceol binn na n-éan 's le crónán an tsrotha. An uair sin, bhí croidheamhlacht agus meidhir na hóige
aca. Bhí sólás agus aoibhneas aca. Ní raibh brón ná buaidhreadh ag gabháil dóibh. Agus nárbh' aoibhinn é a saoghal! Acht tháinic athrughadh agus "athrughadh mór!" Bhí Nóra bhocht anois agus gan brígh gan spreacamh innti ná éirghe 'n-a seasamh. Acht pé rud a thárlóchadh nó athrughadh a thiocfadh, níl aon lá go deo nach mbéadh gean mór ar Nóra Ní Laochdha i dtaisge i lár a chléibhe ag Liam Ó hEithfearnáin! Bhí 'fhios ag Eibhlín go maith go raibh an tsuim seo ag Liam i Nóra. Acht is amhlaidh do thaithnigh sin léithi agus ba mhóide a meas ar Liam é. "Badh cheart dúinn a bheith ag giorrughadh an bhealaigh, a Liam," arsa Pilib. "Tá sé thar am agat-sa a bheith sa mbaile, a mhic ó! Siubhail uait feasda 's ná bí a' moilleadóireacht níos fuide. Bhí rud eicínt agam le rádh leat-sa, a Mhaitiú, acht innseochad duit é an chéad uair eile a casfar an bealach mé. Míle beannacht agaibh!" ar seisean ag bualadh amach. Amach le Liam 'n-a dhiaidh agus d'imthigh leob i n-éinfheacht ar uair an mheadhoin oidhche. Is gearr a bhíodar imthighthe nuair a chuaidh Maitiú mór ar a ghlúinibh agus dubhairt a phaidreacha. Annsin thug a leaba air féin, agus sul bhí an teallach sguabtha agus an teine coiglighthe ag Eibhlín bhí an Buailteoir i dtoirchim suain agus sámh-chodlata.
CAIBIDIL XXIII. PILIB Ó LAOCHDHA: GLEACAIDHE CRÍONNA. D'imthigh le Liam agus le Pilib cos ar chois. Níor stadadar go rabhadar i ngar do theach an Táilliúra. B' áin le Pilib cuairt a thabhairt ar Phádhraic Gabha, acht bhí Liam ag gabháil dó go dtáinic sé leis sa deireadh. "Tarra uait isteach," arsa Pilib, "agus déan do chuairt. 'Ar ndóigh, ní i bhfad san oidhche atá sé fós?" Bhí 'fhios ag Liam go maith gur faitchíos a bhí air bualadh isteach leis féin. Bhí smacht ag Nóra air — cé nach leigfeadh sé air féin é — agus bhíodh roinnt sgátha aige roimpi i gcomhnaidhe nuair a bhíodh ól déanta aige. Chuadar isteach. Bhí bean an tighe, agus Nóra, an inghean, 'n-a suidhe cois na teineadh, agus an tae ar maos aca. Bhí Tomáisín 'n-a chodladh. "Anois, a Nóra" arsa Pilib, "is mór an náire dhuit gan a bheith in do chodladh ar do leabaidh! Ní réidhtigheann an t-áirneán fada leat-sa agus ní fheileann sé dhuit a bheith id' shuidhe chomh deireannach so." Ní raibh aithne air nárbh' é féin an fear ba chríonna chéillidhe ar dhruim talmhan! Cheap sé féin nach raibh aon ghoir ag an madadh ruadh air le críonnacht agus le ealadhain — go háithrid nuair a bhíodh braon ólta aige. Agus dá ndéanfadh deagh-chainnt é ní bheadh. Acht tá críonnacht 's críonnacht ann. "Maise, nach raibh 'fhios ag do chroidhe istigh nach bhféadfadh sí codladh," ars' an bhean, "agus gan 'fhios cá raibh tusa nó cé'n uair nó tráth go "gairm na gcoileach" a mb'fhéidir duit bualadh isteach chugainn!
Ba beag do thruagh dhóibh seo a chaith an oidhche faoi imnidhe ag súil leat. Acht má's cuma leat-sa é, ní cuma linne é, a Philib, — bíodh 'fhios agat é! Bhí sé mór agat imtheacht de mhaol de mhainge féin mar rinnis agus gan a theacht ar air go dtí an tráth so d'oidhche! Agus is maith a bhí 'fhios agat go mbéadh Nóra bhocht aoi imnidhe!" "Thoir i dtigh an Bhuailteora a bhíos féin agus Liam, go deimhin, agus bhí sé mall san oidhche sul bhí 'fhios againn é" arsa Pilib. "Ghabhas buidheachas le Eibhlín ar son na n-uibheacha a chuir sí chugat. Chaitheamar an oidhche ag léigheadh an pháipéir nuaidheacht' agus thugas liom anoir é go léighinn óráid an Easbuig dhíbh. Is cumasach breagh an cainnteoir é an tEasbog, a Nóra!" Theastuigh ó Liam imtheacht. Bhí imnidhe air fá'n múille a d'fhág sé gan blas le n-ithe, agus ní raibh aon fonn air fanacht ní b'fhuide. "Caithfead bualadh suas agus gabháil fhéir a chaitheamh chuig an múille," ar seisean, "dheamhan greim ná deoch a chuaidh ar a bhéal ó árd-tráthnóna agus béidh sé stiúgtha. Bhéarfad liom an fhídeog ag teacht ar ais dom." "Acht ar a bhfacais riamh seachain nach dtiocfá ar ais!" arsa Nóra. "Tá an tae bunáite maosta." "Tiocfad," ar sesean — agus tháinic. Bhí an séaras ar bord ar fhilleadh dhó. B'éigin dó cupán tae ól 'n-a dteannta agus ní mórán dá fhonn a bhí air — mar nach bhfacais riamh duine ba mhó cúthaileacht 'ná é i dteach comhursan. Bhí croidheamhlacht mhór agus misneach ag Pilib ó d'ól sé an chéad chupán. Bhain sé amach sa gcainnt. Thosuigh air ag cur síos ar léigheann agus ar fhoghlaim. Tharraing sé anuas fá phoilitidheacht agus fá thír-ghrádh. D'innis sé gan sgáth gan eagla cé'n tsuim a bhí aige féin i gcuid de na daoinibh a raibh gaisge mhór aca. Leig sé air, 'ar ndóigh, nach raibh cur síos ar a raibh d'eolas aige féin. Bhí 'fhios aige gur mór a thaithneochadh
an chainnt seo le Nóra agus ní raibh uaidh fá láthair acht a sásughadh — agus a suaimhniughadh. Gleacaidhe maith agus ealadhantóir cruthanta a b'eadh é. Bhí a bhean lán- tsásta, 'ar ndóigh. D'éist sí go fonnmhar agus go haireach le n-a chuid cainnte. Bhí bród aici as a chuid eolais. Bhí ríméad uirthi é bheith 'n-a chainnteoir chomh maith 's bhí sé. Agus ba mhór a háthas ag éisteacht leis ag cur síos go tuigseanach céillidhe ar chúrsaíbh an tsaoghail. Bhíodar go léir 'n-a suidhe go suaimhneach sásta cois na teineadh anois. Bhí an séaras thart, agus an maosán falamh. Bhí Pilib i ngreim sa bpáipéar agus bhí Liam fá réir le tosughadh ag seinnm nuair a buaileadh chuca isteach go tobann. Níor haithnigheadh an taisdealaidhe ar dtús. Acht ar theannadh anuas i n-aice an tsoluis dó facthas gurbh' é Diarmaid Ruadh, searbhfhóghanta Bheresford Phender, a bhí ann. "Isteach a tháiniceas leis an lampa so a lasadh," ar seisean. "Múchadh orainn é nuair a bhíomar ag teacht anoir ag an gCoiléar." Shín Nóra an choinneall chuige. Bhí sé ag lasadh an lampa bóthair go díreach nuair a bhuail Beresford féin isteach agus é le cúthach agus le báine. "Cé'n mhoill sin ort, nó an amhlaidh nach bhfuil sé lasta agat fós?" ar seisean go feargach garg. "Nach deas an tráth dhúinn a bheith gan solus gan léargus! Acht dar sliabh! ní bhainfidh siad liom-sa nó má bhaineann íocfaidh siad ann — na cneamhairí de bhitheamhnaigh! Níl oidhche suaimhnis againn ag na dúnmharbhthóirí' malluighthe de "phápairí" bradacha céadna!" Mhionnuigh sé agus chasgair sé. Loisg sé agus spalp sé na mionnaí móra go huathbhásach. Chuir sé diabh- sgannradh croidhe san inghin bhoicht ag easgainidhe agus ag laidheacht agus ag gearradh Dé ar a leithid de chaoi. Bhí a chuid piostal ceangailte dhá chrios fá n-a lár. Rug ortha. Láimhsigh go cúramach iad. Sgrúduigh iad go grinn géar. Annsin chuir 'n-a n-áit féin aríst iad.
"Tá siad i gcaoi agus i gcóir má thagann orm!" ar seisean fá n'fhiacail. Chuaidh an searbhfhoghanta amach leis an lampa. D'fhan Beresford sgathamh gearr istigh 'n-a dhiaidh. Nuair a thug sé fá deara mar sgannruigh sé Nóra — an inghean — sguir sé de losgadh na mionn mar bhéadh fear ann a mbéadh sgáth nó faitchíos air. Chiúinigh sé go mór. Dhearc idir an dá shúil uirthi. Focal eile níor labhair. Smid níor dhubhairt. "Go raibh maith agat!" ar seisean go mín réidh soineannta le mnaoi an tighe. "Tá súil a'm nár sgannruigheas t'inghean" agus amach leis gan focal eile a rádh. Tugadh suas 'na leabtha braon de'n tae chuig Tomáisín agus rúinne de bhuilín. Sheinn Liam cúpla fonn dóibh thar a éis sin. Annsin d'fhág slán 's beannacht aca agus d'imthigh. Droch-oidhche ar bóthar a b'eadh í. Bhí an gála mór ag séideadh 'na sgallach. Bhí na croinnte ag uailfirt go láidir agus duilleoga dhá sguabadh 'un bealaigh le fothramán gaoithe. Bhí sinneáin an anfaidh ag ropadh leob fá mhór-ghearradh agus giolcaigh na mbograch ag olagón go géar-chráidhte ar aghaidh na síonaidhe. Thosuigh sé ag clasgairt bháistighe. Anuas léithi 'n-a braonachaibh móra troma ag baint deataigh as na clochaibh le neart fórsa. Acht níor chuir sin aon mhí-shuaimhneas ar Philib Ó Laochdha agus lean leis do'n léigheadh. Rug Nóra idir a dhá láimh ar an inghin agus d'iomchuir 'na leabtha í. "Táir tuirseach, a leanbh mo chroidhe" ar sise. "Is mairg dhuit a d'fhan in do shuidhe chomh fada." "Nílim tuirseach go deimhin, a mháthair dhil. Táim chomh haoibhneach sólásach anocht agus bhíos aon oidhche fós riamh, buidheachas le Dia," ars' an inghean bhocht. "Maise, míle altughadh agus buidheachas le Rígh na Glóire ar a shon, a mhuirnín!" ars' an mháthair.
"Ara, leag thart é mar pháipéar, agus tabhair do leabaidh ort féin feasta — 'sé dhéanfas tú. Tá sé doimhin san oidhche," arsa Nóra nuair a d'fhill sí. "Níl orm acht óráid an Easbuig a chríochnughadh," arsa Pilib. "Ní fiú dhom a leagan tharm anois go bhfeicead cé mar chríochnuigh sé. Togha cainnteora é, a Nóra. Is beag acab a bhfuil a dteangthacha ar a gcomhairle féin acab, ar nós an Easbuig, deirim-se leat é!" "Tá sé 'n-a ghála mhór anocht, i nDomhnach," arsa Nóra. "An gcluin tú an séideadh mór agus an stolladh gaoithe atá ann?" "Is cóir adubhairt an Féilire féin sin," arsa Pilib. "Gealladh go mbeadh gairbhthean mór nó báisteach throm againn i rith na míosa so — sin nó sioc agus sneachta. Acht dá n-éireochadh do'n ghaoith a bheith a ndeas nó anoir nó aniar dtuaidh dubhradh nach mbéadh aon chailleadh ar an aimsir cé's móide de chorr-mhúr fánach báistighe!" "Nach fearr dhom mo chuid urnaighthe a rádh agus mo bhreitheamhnas aithrighe a chur dhíom, i n-ainm Dé?" ar seisean go tobann. "Sín anall chugam an leabhar." "Meabhruigh dhom i mbárach — fá n-a bheith slán dúinn — bualadh faoi bhríste Thomáis Uí Dhonnghaile," ar sé nuair a bhí a phaidreacha críochnuighthe aige. "Maise, leabhar-sa tá sé i n-ann agat a dhéanamh dhó!" ars' an bhean. "Níl snáth de na seacht n-éadaigh ar an duine bocht acht sean-chiomacha stiallta stróicthe agus é ag súil leis an éadach nuadh le dul 'un míosa." "Is fiú rud maith fanacht leis, a Nóra," arsa Pilib. "Is minic a bhí sé ag súil le rud is measa 'ná culaith nuadh éadaigh agus acht a dtugad-sa ó mo dhá láimh dhó í ní náire dhó í. Tosóchad uirthi go moch ar maidin i mbárach, má's beó dhom." Siar leis 'n-a sheomsa leabtha. Rug ar an maiste
tuighe a bhí i mbuidéal an uisge choisrig agus chraith braonacha maithe slachtmhara faoi agus tairis agus ar fud an tseomra. Bhain de gan deabhadh gan deifir. Isteach leis 'n-a leabaidh. Shín siar. Thosuigh ag srannadh go roighin réidh. Agus níor dhúisigh as a shoirm sámh chodlata go raibh sé 'n-a eadar-thráth buidhe gréine lá'r n-a bháireach. CAIBIDIL XXIV. MAITIÚ MÓR AGUS ÉAMONN Ó BROITHE I dTIGH AN CHEITHEARNAIGH. An lá roimhe seo bhí fiadhach ar siubhal i n-aice l Cnoc na nGabha. Bhí an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe ann, agus níor fhilleadar go raibh sé deireannach go maith sa lá. Ba mhór a thaithnigh na gadhair leis an Sasanach agus chuir sé suim mhór sa ngreann a bhí ar siubhal. Casadh an Laoideach ortha, agus bhí dínnéar aca leis. Casadh Learaidhe Ó hAnnlaighe ortha ar an bhfiadhach freisin. Bhí sé ar chapall óg fiadháin agus ba mhór an sólás a bheith ag breathnughadh air ag sguabadh na bhfálta 's na dtulchán. Bhí sé dána agus misneamhail gan bhréig gan mhagadh, agus ní raibh aon duine ann is mó ar tugadh sunndas dó 'ná é. Bhí bromach óg aige nach raibh ag fiadhach cheana riamh — agus nárbh' fhurusta a cheann- sughadh. Lá'r n-a bháireach badh é "an Fiadhach" an t-ádhbhar seanchuis a bhí aca i dtigh an Cheithearnaigh. "Tuige nach dtáinic sibh ar ais níos túisge?"
arsa bean an tighe. "Bhíomar ag súil libh ar feadh i bhfad. Shíleamar nach mbeadh baoghal ar bith gan sibh a bheith ar ais i n-am dínnéir." Ghabh Mac Uí Luaithe agus an Dochtúr gach leith-sgéal a b'fhéidir leob, agus dubhairt gur chinn sé ortha sgaradh ó'n Laoideach. Ba ghearr a bhí an seanchus ar siubhal nuair a bhuail Éamonn Ó Broithe isteach agus é gléasta go galánta. Bhí Maitiú Mór 'n-a chuideachta. Ní go ró-mhaith a chuaidh an t-aistear do chulaith nuaidh Éamuinn mar bhí sí leath-bhreactha go leor le guta an bhealaigh. Bhí an lá fliuch salach mí-thaithneamhach agus bhí a chomhartha le n-a chois ar an éadach. Ar shiubhail tú riamh "bealach fliuch salach agus bóithrín cam" lá dá léithid, a léightheoir? Má shiubhlais, tá 'fhios agat é. "'Sé bhur mbeatha! Buailidh anuas!" ars' an Ceithearnach. Leag sé dhá chathaoir cois na fuinneoige. "Cé'n sgéal é, a Éamuinn?" "Maise, de dheamhan cuid aithris," arsa Éamonn. "Nach caillte an aimsir í?" "Tháiniceamar ag féachaint an dtiubharthá an tsean- láir d' Éamonn lá na bainfheise" arsa Maitiú. "Tá cárr Thomáis Uí Bheoláin le fágháil agam," arsa Éamonn, "acht bheadh faitchíos orm an bromach óg fiadháin sin agam féin a chur faoi." "Mise adubhairt le Éamonn a theacht," arsa Maitiú. "Tig liom-sa ceart a bhaint de'n bhromach, mar srian 's diallaid is fearr leis. Acht cá bhfios nach sgann- rughadh a dhéanfadh sé dhá gcuirtí an cárr air? Agus ní bhéidh 'fhios ag aon duine dhíobh seo thar baile isteach nach le Éamonn féin an lair." Bhí fonn mór ar Mhaitiú an bromach óg a bheith aige féin lá na bainfheise. Togha marcaigh a b'eadh é. Agus b'fhéidir go raibh beagáinín bróid aige as féin. Bhí an chulaith nuadh le bheith ar mo Bhuailteoir breagh freisin, agus — cé nach fear gaisgeamhail a
bhí ann — facthas dó go mbadh bhreagh an rud capall, srian, 's diallaid a bheith aige lá na bainfheise. "Ó, gheobhair an láir agus fáilte" ars' an Ceithearnach. "Tig leat a tabhairt leat anois má's breágh leat é. Gabh amach, a Liaimín, agus abair le Brian a tabhairt amach as an stábla." "Tuige nach n-abruigheann tú leis nead na smólaighe a 'sbánadh dhom, a Dheaide?" arsa Liaimín. "Tusa féin an t-amadáinín agus do cháca milis a thabhairt dó sul mar chonnaic tú an nead," ars' an t-athair. "Thug tú ceannacht "muice i mála" uirthi, a bhuachaill!" "'Ar ndóigh, bhí an sean-smólach ag éisteacht leis 'ghá rádh," arsa Liaimín, "agus chroch sí léithi na héiníní óga, adeir Brian. Rachaidh sé féin agus mise soir go Roinn an tSrutháin 'ghá dtóruigheacht agus béidh éiníní óga agam annsin, a Dheaide, agus cuirfidh tú san éanadán iad do Liaimín! Agus béidh ceoilín binn aca — mar tá ag éan Nóra Ní Laochdha! Agus béidh beatha go leor agus uisge glan aca i gcomhnaidhe. Agus ní leigfidh tú do'n "chat mór breac ballach" a dhul 'n-a n-aice!" "Ní leigfead" ars' an t-athair "acht níl siad agat fós, a mhic." "Mara bhfághamuid na héiníní, bainfidh sé maide an-deas le m'aghaidh, adeir sé, a Dheaide." "Céaróch maide?" "Maide daraighe cuilinn a mbéidh ailtíní deasa droighin air! Annsin nach ag Liaimín a bhéas an maide deas?" "Maide deas go cinnte a bhéas ann," ars' an t-athair, "agus maide galánta. Acht caithfidh tú foighid a bheith agat, a Liaimhín. Ní furusta maide mar sin fhágháil." "Acht gheobhaidh Brian é, a Dheaide," ars' an mac ag imtheacht. "'Ar ndóigh, béidh tú ar an mbainfheis, a Mhaitiú?" arsa Máire. "Cé mar thaithnigheas an cailín óg leat?"
"Mh'anam nach bhfaca mé féin riamh í," arsa Maitiú. "Acht 'ar ndóigh, tá eolas maith ag Éamonn uirthi, agus tig leis innseacht duit 'n-a taoibh níos fearr 'ná mise." Dheamhan amharc a fuair mise uirthi acht dhá uair, má's é sin do sgéal," arsa Éamonn, "agus ní go maith a chonnaic mé an dá uair sin féin í mar go raibh braon beag ólta agam 'ch aon uair aca!" "Deirtear gur cailín breagh dathamhail í, ar chuma ar bith," arsa Maitiú. "Agus maidir le spré — is é Éamonn atá 'ghá fágháil!" "An dtugadar an dá chéad duit fós, a Éamuinn?" ars' an Ceithearnach. "Níor thug, acht comhaireadh é os mo chomhair, agus cuireadh i dtaisge aríst é," arsa Éamonn. "Rachaidh mise i mbannaibh gur cuireadh!" ars' an Ceithearnach "Nach iongantach an bailiughadh airgid a rinne fear an tighe sin! A' bhfacais an ciste go léir?" "Chonnaiceas. Ní fhacas cheana riamh an oiread airgid i dteannta 'chéile. Go deimhin ní ceal airgid atá ortha. Shílfeá nach mbeadh an oiread le feiceál san mBannc Éireannach." "Anois, a Mhaitiú, badh cheart go n-éireochadh leat-sa go geal ar an mbainfheis," ars' an Ceithearnach. "Agus go mairidh tú 's go gcaithidh tú do chóta! Is deas agus is rígh-dheas é! Níorbh' iongnadh liom dhá mbíodh bean agus spré agat de bhárr na hoidhche, a mhic ó — agus má tá rath ort, béidh! Teann leob, a Mhaitiú, a bhuachaill, agus glac comhairle do leasa. Má ghnír, béidh agat, creid sin uaim-se. Níl aon rud is fearr leis na cailíníbh seo 'ná buachaill breagh misneamhail — fear atá lán de mheidhir agus de chroidheamhlacht na hóige. Cá bhfios nach mbeadh duine de dheirbhshiúrachaibh an chailín óig agat? Bheadh Éamonn 'n-a charaid mhaith dhuit." "Níl goir a dhéanamh, tá faitchíos orm," arsa
Maitiú. "D'imthigh "an t-am fadó." Ní hionann anois agus ariamh," ar seisean ag dearcadh ar Mháire. "Tá súil agam go rachaidh tú soir anocht chuig an mbainfheis," arsa Éamonn. "Béidh fearadh na fíorchaoin fáilte romhaibh go léir. Agus, 'ar ndóigh, ní gábhadh dhom a rádh go mbéidh fáilte agus míle roimh Mháire agus roimh Ghráinne má thagann siad. Béidh damhsaí go leor ar siubhal." "Is fearr dhom-sa fanacht sa mbaile, a Éamuinn," ars' an Ceithearnach. "Táim ag éirghe aosta anois, agus ní mór dhom aire a thabhairt dom féin, a mhic ó. Is gearr a bhéinn san úir go mbeadh buachaill óg d'fhear aici seo!" "Ara, leig ded' chuid pleidhceacht' agus ná bí 'ghar mbodhrughadh! — 'sé dhéanfas tú," arsa bean an tighe. "Nach ciallmhar an mhaise dhuit é! Dhá mbadh diuine ar bith eile adéarfadh sin badh mhór do ghleo! Is maith atá 'fhios ag do chroidhe istigh nár phós aon duine de mo mhuinntir-se riamh an dara huair." "B'fhéidir nár fhéadadar!" ars' an Ceithearnach. "B'fhurusta dhóibh a dhéanamh," ars' an bhean "dhá mbadh bhreagh leob é. Bhí an oiread daoine i ndiaidh m'aintín Siubhán 's bhí i ndiaidh a raibh de chailíníbh sa gconndae. Agus 'n-a dhiaidh sin níor phós sí — cé gur minic adubhairt m'oncail Domhnall go mbadh cheart di é." Amach léithi as an seomra agus cosamhlacht feirge uirthi. D'imthigh le Éamonn agus le Maitiú. Is gearr a bhíodar imthighthe gur fhill an Buailteoir ar ais. "Céard atá uait, a Mhaitiú? An é do mhaide a dhearmad a rinne tú?" arsa Máire. "Ní hé," ar seisean ag sgríobadh a mhullaigh. "Acht isteach a tháinic mé 'n-áit ar mhaith liom an fonn nuadh úd a sheinn Gráinne dhúinn an oidhche cheana a chloisteáil aríst. Taithnigheann sé liom go mór, agus badh mhaith liom é bheith agam le haghaidh na bainfheise." "Céard is ainm dhó?" arsa Gráinne.
""Goidé sin do'n té sin nach mbaineann sé dhó?"" arsa Maitiú. "Sílim go dtiocfaidh linn a fhágháil i "Leabhar na bhFonn," arsa Gráinne — agus d'imthigh leob ar a thóir. Bhí an lá an-fhliuch, agus chaith Mac Uí Luaithe cuid mhaith de'n lá ag cainnt le Máire. Bhíodar ag éirghe mór go maith le chéile anois, agus ní bhéidís tuirseach go deo i gcomhluadar a chéile de réir chosamhlachta. CAIBIDIL XXV. BRIAN Ó BRUADAIR I dTEACH AN ÓIL. MAR GHNÓTHUIGH SÉ GEALL. Nuair a bhí Maitiú cinnte go raibh an fonn i gceart aige ghlac sé míle buidheachas le Gráinne agus d'imthigh. Ní mórán a thárla i rith an lae go tráthnóna i dtigh an Cheithearnaigh. Bhí an lá chomh fliuch 's nár féadadh bualadh amach ag spaisteoireacht féin. Shin an Dochtúr siar ar an sínteán. Bhí Aodh 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir agus níorbh' fhada gur thuit néall chodlata air. Bhí seanchus ag Máire agus ag Gráinne le Mac Uí Luaithe. Bhí a lán sgéalta baramhla greannmhara ag Gráinne agus chuir sí Hannraoi i n-arainneachaibh ag gáiridhe go mion minic. Bhí Aodh 'n-a chodladh go suaimhneach sásta. Bhreath- nuigh Gráinne air agus thosuigh ag meangadh. D'éirigh sí 'n-a seasamh. Anonn léithi go héadtrom-chosach go dtí é. Tharraing a siosúr aníos as a póca. Rug ar dhlaoi dhá ghruaig agus ghearr go tapaidh í. Chuir an siosúr agus an dlaoi n-a póca go deifreach agus anonn
léithi chuig Máire agus chuig Mac Uí Luaithe gan focal a rádh. Acht níor éirigh léithi. D'airigh Aodh í. D'éirigh sé de léim. Lean í. Rug uirthi. Bhain di an siosúr dá buidheachas. Agus ghearr dlaoi mhór fhada dh'á cuid gruaige sul sgaoil sé uaidh í. "Anois," ar seisean, "níl agat acht malairt, a Ghráinne, agus ní móide go mbéitheá chomh dána an chéad uair eile!" "Bainfidh mise sásamh dhiót, a Aoidh. Feicfidh tú go mbainfead," arsa Gráinne. Acht níor bhain. "An rachaidh tú chuig an mbainfheis, a Aoidh?" arsa Máire. "Is dóigh é," arsa Aodh. "Creidim go gcaithfidh mé a dhul ann ó thárla nach rachaidh sé féin ann." "Ní fhaca tú leithid Aoidh riamh," ar sise le Mac Uí Luaithe. "Ní bhíonn aon fhonn grinn air chor ar bith. Agus níl suim ar bith aige i ndamhsaíbh." "Nuair a bhíos cailín ag damhsughadh leis a mhúineas gach rud dó, agus a 'sbáineas dó céard is cóir a dhéanamh bíonn sé sásta go leor," arsa Gráinne. ""Fágamaois siúd mar atá sé,"" arsa Aodh. "Ní mise an t-aon duine a dteastuigheann a threor- ughadh anois agus aríst, agus is maith atá 'fhios agat é, a Ghráinne!" ar seisean ag leigean a shean-sgairt gháire. D'éirigh sé i n-aitiolla tráthnóna, agus bhí cosamhlacht bhreagh air le dul faoi na gréine. Chuir seo áthas croidhe ar gach duine dhá raibh ag dul chuig an mbainfheis, — agus ar ndóigh níorbh' iongnadh ar bith é. "Muise, ní' mé beirthe ná beo céard atá ag coinneál Bhriain?" arsa bean an tighe, ag bualadh isteach. "Chuir mé ag iarraidh feola é a theastuigheas le haghaidh an dínnéir, agus a chos ná a chnámh níor tháinic fós — ná fios cá bhfuil sé. Tá mo chroidhe briste ag Brian mí-ádhsach céadna. Nuair is mó mo chruadhóg 'seadh is measa é. Ní bhíonn blas áirde aige ar mo ghlór. Agus mo cheann finne ní chuirfeadh fá ndeara
dhó brostughadh, ná deifir a dhéanamh! Ceannuigheann sé rud nach n-abruighim leis chor ar bith, agus an rud adeirim leis a cheannacht ní chuimhnigheann sé air beag ná mór. Ní bhéidh blas againn le haghaidh an dínnéir dá bhárr! Nach mé an truagh-Mhuire ag an mbuachaill céadna!" "Béidh na fir óga ag dul chuig an mbainfheis," arsa Máire, "agus mar sin, ní bhéidh dochar ann indiu. Táim cinnte, marach an bháisteach, gur fad ó bheadh sé ar ais. Tá 'fhios agat go maith nach bhféadfá buachaill níos cneasta ná níos dílse 'ná é fhágháil, agus maith dhó an turas so." "Tá sé cneasta, go deimhin" ars' an mháthair, "agus tá gean aige ar gach duine againn — agus bhí a athair amhlaidh an fhad 's mhair sé. Trócaire na ngrást go bhfághaidh sé! — bhí grádh ó chroidhe aige ar m'oncail Domhnall." Bhí Brian ar an bhfaid seo go socamhlach sásta i dteach an ósta agus gan smaoineadh aige ar imtheacht. Bhí teine bhreagh mhór shoillseach thar éis a croicinn os a chomhair, agus ní raibh aon deifir air 'ghá fágáil. Bhí sé 'n-a bháistigh mhóir taobh amuigh, agus b'fhéidir nár mhilleán air gan an iomarca deifre a bheith air agus chomh fuar fliuch 's bhí an lá. Ní raibh an fheoil ceannuighthe fós, agus bhí an t-asal ar fasgadh ó'n mbáistigh ar chúl an tighe. Bhí leath-chos le Brian ar an mbac, agus maidir le téitheadh 'sí bhí 'ghá fhágháil. Bhí an chos eile faoi'n stól agus gan amharc ar bith le fágháil uirthi. An chos a bhí ar an mbac, bhí an labar agus an guta a bhí uirthi triomuighthe, acht ní raibh teacht i láthair ar bith sa gcois eile leis an mbail a bhí uirthi! Is gearr gur bhuail Domhnall Súdaire isteach. Sgluigéara mór b'eadh Domhnall. Bhí dúil chráidhte aige san ól, agus ní chaithfeadh sé dhá chuid féin acht chomh beag i nÉirinn 's b'fhéidir leis. Cráidhteachán bocht a bhí ann a bhéaradh a dhá shúil ar lán a ghliúraighe de lionn dubh, agus chaitheadh sé cuid mhaith de gach lá sa siopa seo ag súil le "deoch" ó "fhear bóthair nó
bealaigh." Ní shásóchadh áit ar bith é acht an bac. Dhearc sé go mí-chéadthach ar Bhrian nuair a chonnaic sé an áit a raibh a chos leagtha aige — ba mhór leis an áit sin do dhuine ar bith acht dó féin. "Dheamhan cos níos gráinne 'ná í sin a chonnaic mé ó rugadh mé" as seisean. "B'fhéidir go bhfacais," arsa Brian. "Ní fhacas — ná de dheamhan feiceál" arsa Domhnall. "Is mór an náire a léithid de chois a bheith ar Chríos- taidhe ar bith!" "An gcuirfeá geall nach bhfuil cos níos gráinne 'ná í le fágháil sa teach?" arsa Brian. "Do lámh leis!" arsa Domhnall, "cos is gráinne 'ná í ní fhéadfá fhágháil dá siubhailteá na seacht ríoghachta! Cuirfidh mé cárt leanna leat nach bhfuightheá." "Cuirfidh mise leat!" arsa Brian — "agus go bhfuil cos ar dhuine sa teach seo i bhfad níos gráinne 'ná í." Leagadar amach an t-airgead ar bhois an chailín freastail. "Béidh an lionn ar an té a chaillfeas an geall," arsa Brian. "Go díreach!" arsa Domhnall. "Gabh 'n-a choinne, a Cháit. Tá sé caillte aige." "Tá sé caillte agat-sa," arsa Brian, "nó mara bhfuil, béidh." "Is mór an t-amádán thú agus a chur leis, a Bhriain," ars' an cailín. "Cá bhfios nach agat féin atá an chos is gráinne 'ná í!" arsa Brian. "Tabhair aire dhuit féin, agus ná bac le mo chosa'-sa má tá lá de'n ádh ort!" ar sise. "Ní hé 'fhearacht do spága féin é, níor dhubhairt aon duine riamh nach raibh cosa deasa orm-sa!" "Seo, anuas leis an ól feasta!" arsa Domhnall ag cuimilt a bhéil. "Go réidh go fóill!" arsa Brian — "Bíodh foighid
agat leis mar lionn, a mhic ó! Acht a dtigidh sé, is tusa a íocfas air." "Nár chuiris geall go raibh cos sa teach ba ghráinne 'ná í sin?" arsa Domhnall, ag síneadh a mhéire chuig an gcois a bhí ar an mbac. "Chuireas," arsa Brian. "Agus cá bhfuil sí?" arsa Domhnall. "Tá sí annso!" arsa Brian ag tóigeál na coise eile amach ó'n stól. "Nach gráinne de chois í sin 'ná í lá ar bith sa tseachtmhain?" Níor fhan smid ag Domhnall. Leig Cáit a sean- sgairt. "Tá gnóthuighthe agat, a Bhriain," ar sise, "agus is leat an geall gan bhréig gan mhagadh." D'ól Domhnall a chuid de'n lionn gan focal a bhéil a labhairt agus d'imthigh leis go pusach smutach mar buailfidhe ar an gcluais é! Nuair a stad sé de'n bháistigh d'imthigh le Brian ag iarraidh na feola. I dtigh Uáitéir Uí Murchadha 'seadh ceannuigheadh í. "Má bhíonn an mháighistreás ag lochtughadh na feola so," arsa Uáitéar, "abair léithi gur cuid d'fheoil a bó féin í." Acht níorbh' eadh! Agus níorbh' í sin an chéad bhréag aige! Cuireadh an fheoil sa gciseán. "Croch leat anois í," ars' an brothaire. "Tá an d--l 's a mháthair uirthi le meádhchan, a Uáitéir!" arsa Brian. "Nach orm a bhí sé nach dtug liom an t-asal!" "Cuir an ciseán ar do mhullach," arsa Uáitéar. "Is amhlaidh is fearr a fhéadfas tú a iomchur." "Ar mo mhullach, b'fhéidir! nach tú a mheasas an pleidhce a bheith agat ann! — An ghá iarraidh bean a dhéanamh dhíom atá tú?" arsa Brian. "D--l mé gur breagh an bhean a dhéanfá go cinnte!" arsa Uáitear ag cur a shean-sgairt gháire as.
D'imthigh le Brian le n-a chiseán. Ní raibh ann acht gur bh'fhéidir leis a iomchur, bhí sé chomh trom sin. Is gearr a bhí siubhalta aige nuair a chonnaic sé bean ag déanamh chuige agus í ag rith chomh tréan i nÉirinn 's b'fhéidir léithi é. "Óra, ná himthigh!" ar sise. "Fan! Seas! Cá raibh tú?" "Inghean bhreagh an Laoidigh, a m'anam!" arsa Brian. "Tuige sa mí-ádh mór nach dtiocfadh sí le moill a choinneál orm i gceart-lár mo dheifre? Acht is minic adubhras nach raibh splannc chéille 'n-a ceann." "Nach tusa buachaill aimsire an Cheithearnaigh?" ar sise. "Is mé," ar seisean. "Is mise Brian." "Céard tá agat sa gciseán?" "Feoil," arsa Brian. "An mbíonn feoil úr agaibh 'ch uile lá?" "Bíonn, 'ch uile lá acht Dia hAoine." "Ó, is fíor dhuit. Caitlicigh iad. An Caitliceach thusa?" "Seadh, mh'anam! — cé nach raibh creideamh ar bith ag mo mháthair ar dtús." "Ní raibh creideamh ar bith ag do mháthair! Ní féidir?" "Dheamhan creideamh, 'muis — acht an oiread le Crom Cruach! Acht d'iompuigh sí nuair d'imthigh sí féin agus m'athair le chéile." "Cárbh' as di?" ar sise. "As a tír dhúthchais féin!" arsa Brian. "Rugadh 's tóigeadh í i mBaile an Phóirín." "Agus cé'n chaoi ar casadh í féin agus t'athair ar a chéile?" "Casadh ar a chéile iad sul dár imthigheadar le chéile," arsa Brian. "Bhí ceann slinne dhá chur ar an teampall Gallda, agus bhí m'athair ag freastal ar na fir oibre. Bhí Págánach d'fhear cúraim sa teampall
agus b'inghean dó mo mháthair. Bhíodh ar m'athair an lá ó dhubh go dubh a chaitheamh ag dul suas 's anuas an dréimire, agus bhí sé chomh lúthmhar éasgaidh 's go dtug mo mháthair searc a croidhe dhó, agus sguab léithi 'n-a dhiaidh bog te. Dheamhan filleadh a dhéanfadh sí — acht an oiread le Gráinne nuair d'imthigh sí le Diarmaid Ó Duibhne bocht dhá mhíle buidheachas sa tsean-aimsir — agus phósadar. Ní raibh mise ar an saoghal an t-am sin, sílim, acht chualaidh mé iad ag cur síos air go minic. Acht caithfidh mé imtheacht! Dheamhan fata a chonglóchas mé choidhche má ghním níos mó moille!" "Nach ort atá an deifir! Bhfuil Mac Uí Luaithe ar cuairt agaibh i mBaile na Claise fós?" "Tá," arsa Brian. "Tá litreacha agam le tabhairt chuige." "Á! 'sbáin dom iad, a Bhriain." "Níl siad agam annso," arsa Brian. "D'fhág mé sa teach ósta iad, agus caithfidh mé a dtabhairt liom nuair a bhéas mé ag dul ar ais." "Cé mar tá sé ag cur an tsaoghail thairis?" ar sise. "'Mh'anam go gcaitheann sé an chuid is mó dhe ag cainnt agus ag spalluigheacht le Máire." "Is dóigh nach bhfuil aon neart aige air. Sin a dtig leis a bheith de ghreann aige. Níl ann acht í féin agus an priompalláinín bunáiteach sin, Gráinne Ní Chadhlaigh, 'ar ndóigh!" "Agus téigheann an Dochtúr agus é féin ar cuairt chuig Caitlín Ní Ainnlighe agus chuig Rós go minic," arsa Brian. "Bhíodar ar cuairt ag Roibeard se 'agaibh-se aréir agus níor tháiniceadar a bhaile go raibh sé ag maidneachan — pé'r bith céard a bhí ar siubhal acab i rith na hoidhche." Níor labhair inghean an Laoidigh níos mó. Bhain sí as 'sna fásgaí' agus rith. Sheas Brian agus bhreathnuigh 'n-a diaidh. "Ná raibh an t-ádh ar áirdín do mhullaigh!" ar
seisean, "mara'n beag agat moill a chur ar dhuine i gceart-lár a chruadhóige! Nach tú an truaigh shaoghalta gan 'ch uile sgéal a bheith ar bhárr do ghuib agat! Ara, nach mór an truagh gan "cluas-le-éisteacht" agat mar bhí ag an bhfear fad ó! Acht ní fearr do'n tír a bheith! Mh'anam nach fearr! — mar gurab é an iomarca éisteachta a ghníos do chluasa cheana. Acht d--l mórán feasa a gheobhair feasta ó Bhrian Ó Bruadair, bíodh a fhios agat é! An iomarca atá 'fhios agat dá bhárr cheana — 'seadh sin — a' Chaol an Iarainn'!" ar seisean, ag imtheacht. Stad ní dhearnaidh Nóra Laoide gur shroich sí an baile. Bhí sí cinnte glan anois go dtiocfadh Mac Uí Luaithe ar cuairt chuca féin ó thárla go raibh sé ar cuairt ag Roibeard. "Níl orainn acht a iarraidh," ar sise le n-a máthair, "agus tiocfaidh sé. Bhí sé ar cuairt ag Roibeard aréir. Táim cinnte go mbéidh fonn air a theacht." Is gearr gur bhuail Roibeard féin isteach. "Nach raibh Mac Uí Luaithe ar cuairt agat aréir?" ars' an deirbhshiúr. "Bhí." "Meas tú an bhfanfadh sé cúpla lá ar cuairt agat dhá n-iarrtá air é?" "Tá sé i bhfad níos sólásaighe san áit a bhfuil sé. Fairíor gan mise in' áit!" "Go deimhin, muise, is mór a bheadh dá bhárr agat freisin dá mbeitheá!" ar sise. Ní chreidfeadh sí, 'ar ndóigh, go bhféadfadh sólás ar bith a bheith ag fear óg i gcomhluadar Mháire Ní Cheithearnaigh! B'in tuilleadh de'n aisteacht a bhí ag siubhal léithi. Dhá mbeadh an tsuim chéadna ag fearaibh óga innti-se bheadh an croidhe bocht i síor-chonntabhairt. Acht ní raibh baoghal air, nó má bhí ní de bhárr na mbuachaillí é. Ní le gach croidhe is cóir do bhuachaillíbh a bheith ag pléidhe, agus go cinnte ní raibh aon bhaoghal go ndéanfaidhe mórán dochair dá croidhe sise de bhárr spalluigheachta.
"'Seadh, an gcualaidh sibh go mbéidh Mac Uí Luaithe ar an mbainfheis anocht?" arsa Roibeard. "Tugadh cuireadh dhó ar chuma 'r bith." Phreab Nóra. "Rachamuide freisin ann, a Shibéal!" ar sise le n-a deirbhshiúr "fuaireamar cuireadh, agus, 'ar ndóigh, ní dochar ar bith dhúinn a dhul chuig bain- fheis duine bhoicht. Béidh an-ghreann ann." "Tabhair an leabhar leis," arsa Roibeard, "béidh beirt phíobairí ann agus triúr fidiléaraí agus dheamhan oidhche ghrinn a bhí i gCnoc na nGabha le bliadhanta fada mar bhéas anocht." Focal eile níor labhair an inghean. D'imthigh léithi as an seomra. Suas léithi 'n-a seomra féin. Ghléas í féin thar cionn. Chuir uirthi an chulaith thráthnóna ba bhreaghtha agus ba ghalánta dhá raibh aici. Níor fhág sí seod dá luachmhaire ná péarla dhá áilne 'n-a diaidh. Níor dhearmad sí bráighsiléid a máthar. Bhí "a brollach gléigeal" leis, agus lonnradh soillseach na seod agus na bpéarlaí 'n-a thimcheall. Bhí fúithi "ár" a dhéanamh ag an mbainfheis. Sin a raibh uaithi. Bhí Mac Uí Luaithe le bheith ann. Bhuailfeadh sí bleid air. Bheadh faill aici a háilneacht a theasbáint dó, agus mara'n codaidhe críochnuighthe é bheadh an-oidhche ghrinn agus seanchuis aici leis! Agus níor "chodaidhe" é acht óig-fhear múinte cliste céillidhe agus fear an-deas! Mar sin, bhí fúithi a dícheall a dhéanamh. Thaithnigh sé léithi go mór ó thús agus bhí fúithi sin a innseacht dó anocht. Tuige nach n-innseochadh? Nach mb'fhearr sin 'ná é do bheith gan aon fhios air, b'fhéidir? B'fhearr go mór fada.
CAIBIDIL XXVI. TRÁTHNÓNA NA BAINFHEISE. MÁIRE AGUS GRÁINNE AR CUAIRT NÓRA NÍ LAOCHDHA. Bhí Brian agus an t-asal gan corrughadh ó'n tsráidbhaile fós agus bhí bean an Cheithearnaigh gan an fheoil. Nuair a bhí sé bunáite réidh le himtheacht cé bhuailfeadh chuige anall acht Siubhán Ní Bhriain agus a sean-eireadh d'ualach uirthi. "Cliabhán nuadh atáim thar éis a cheannacht, a Bhriain, a stór, agus b'fhéidir go dtiocfadh leat a iomchur a bhaile sa gcárr dhom — agus luach-saothair ó Dhia go raibh agat!" ar sise. "Iomchróchad agus míle fáilte," arsa Brian "agus thú féin 'n-a theannta má's maith leat marcaidheacht i n-aisge a bheith agat." Cheangail sé an cliabhán le "rópa caol cnáibe" agus bhí réidh glan le himtheacht nuair a casadh an Laoideach agus Liam Ó hEithfearnáin an bealach. Tosuigheadh ag cainnt i dtaoibh na bainfheise. Dubhairt Liam go raibh an oiread de ghaoltaibh an chailín óig le bheith ann is go mb'éigin d' Éamonn fios a chur ar ghalún d'uisge- beathadh thar a raibh orduighthe ó thús. Ar an bpointe 's a gcualaidh Brian go raibh "an bhainfheis" le dhul thart an tráthnóna sin dubhairt go bhfanfadh le bheith a bhaile léithi — agus d'fhan. Níorbh fhada go dtáinic lucht na bainfheise. Agus níor bhainfheis go dtí í! Níor facthas an oiread daoine ar aon bhainfheis san áit le bliadhanta. B'iongantach an méid carbad 's carrann a bhí ann agus ní raibh ceann díobh gan a bheith lán. Tháinic go leor leor fear ar a gcuid capall. Is iomdha fear
pósta a raibh a bhean ar cúlóig aige. Ba bhreagh an t-amharc iad ag teacht, go cinnte. Ní raibh ceann bóthair ó Chill Tobair go Cnoc na nGabha nach raibh plód daoine bailighthe ann. Ní raibh fear, bean, leanbh, ná páiste san áit nach gcualaidh trácht ar an mbainfheis, agus nach raibh ag faire ar bhéal an bhealaigh le n-a feiceál. Agus ní ag faire amháin a bhíodar — acht ag glaodhach go hárd nuair a bhí lucht na bainfheise ag dul tharta. Chloisfeá trí mhíle uait an torann a bhí na capaill a bhaint as an mbóthar. Is iomdha deagh-mharcach a bhí ann, acht ní raibh aon fhear diallaide ann is mó ar tugadh sunndas dó 'ná Maitiú Mór. Ba mhór an sólás a bheith ag breathnughadh air! Níor fhág sé capall dá raibh ann gan sgothadh. Bhí sé 'n-a choimhlinnt idir cuid de na marcaigh. Bhí séideán mór i gcuid de na capaill agus bhí go leor aca fá chubhar agus fá allus. Acht, mar sin féin, bhítheas ghá mbualadh agus ghá lasgadh gan truagh. Ní raibh ó gach marcach acht é féin a bheith i dtosach. Bhí na cailíní óga agus na buachaillí a bhí sna carbaid go meidhreach croidheamhail, 'ar ndóigh. Bhí amhráin go leor ar siubhal aca, agus ní easbaidh grinn a bhí ortha. B'fhéidir go raibh beagáinín spalluigheachta ar siubhal freisin. Níorbh' iongnadh ar bith dá mbíodh! Agus cé móide gur dhochar é má bhí féin. Ní bheadh ceathramhadh cuid an oiread grinn ann marach Brian Ó Bruadair agus an cliabhán. Bhí 'ch uile dhuine dhá bhfaca é i n-arainneacha. Bhí Brian 'n-a sheasamh suas san gcáirín, agus 'ch aon tsnaidhm aige ar an asal bocht. Bhí an cliabhán feistighthe fáisgthe aige i mbárr an ualaigh, agus an t-asal ag imtheacht 'sna cosa' i n-áirde chomh tréan 's b'fhéidir leis. Shíl gach duine gur le haghaidh Éamuinn a bhí an cliabhán, agus sin é an fáth a raibh na daoine i lagracha ag gáiridhe, mar bhí, ar feadh an bhealaigh. 'Ar ndóigh, níorbh' iongnadh dhá mbíthidhe ag gáiridhe fá fhear ar bith a cheannóchadh cliabhán lá a phósta! Acht rinneadh
éagcóir ar Éamonn bhocht. Níorbh' leis an cliabhán chor ar bith acht le Siubhán Ní Bhriain. Ní raibh ag Éamonn de bhárr Bhriain acht a ndearnadh de mhagadh faoi. Bhí Máire agus Gráinne agus Eibhlín amuigh ag spaisteoireacht 'n-a dtriúr. Nuair a chonnaiceadar lucht na bainfheise ag teacht, chuadar isteach i dtigh an Bhuailteora, agus chonnaiceadar iad go léir ag gabháil thart. Bhí Eibhlín Ní Dhonnabháin 'ghá gléasadh féin i gcomhair na bainfheise agus deabhadh an tsaoghail uirthi. "Gabh i leith, agus tasbáin an cailín óg dhúinn," arsa Máire. "Níl aon aithne agam uirthi," arsa Eibhlín; "acht a' bhfeiceann sibh an cailín a bhfuil an chulaith ghalánta uirthi? Sin í Eilís Ní Mhuirghéis, col-ceathar Éamuinn. Tá sí thar éis a theacht ó Bhaile Átha Cliath, agus tá sí chomh galánta anois 's dá mbadh ann a chaithfeadh sí a saoghal. Acht bhíodh sí gléasta go maith i gcomhnaidhe. Is dóigh gurab í an cailín óg eile bean Éamuinn. Agus an bhfeiceann sibh Éamonn féin?" "Shílfeá gur dhá chrochadh atá sé ag dul leis an gcosamlacht atá air!" arsa Gráinne. "Go bhféachaidh Dia ar an bhfear a bhéas agam-sa má bhíonn cosamhlacht dhuairceach mar sin air lá a phósta! Ní bhéinn-se sásta le n-a léithid sin d'fhear. Níl aon rud is mó a thaithnigheas liom i bhfear óg 'ná croidheamhlacht, a Mháire — mar dubhras leat go mion minic, agus go cinnte ní cosamhlacht croidheamhlachta atá ar Éamonn, ná cosamhlacht sóláis acht an oiread." "B'fhéidir go bhfuil fáth aige leis," arsa Eibhlín, "agus níorbh' iongnadh liom dá mbíodh. Is dóigh gur chuir an teach sin thíos i measg na gcrann duine eicínt i gcuimhne dhó." "Agus ar eitigh sí a phósadh?" arsa Gráinne. "Níor eitigh," arsa Eibhlín. "Bhí tóir mhór aici air, acht bhí sí gan spré agus ní raibh goir aici a fhágháil. Sin mar bhí an sgéal."
"Is breagh dathamhail an bhean a fuair sé," arsa Máire. "Is fíor dhuit" arsa Eibhlín — "cé gur dhubhairt Liam Ó hEithfearnáin go raibh sí chomh hárd agus chomh fada le dréimire!" "Tá sé i n-am againne a bheith ag imtheacht, a Ghráinne" arsa Máire. "Caithfimid cuairt a thabhairt ar Nóra Ní Laochdha." "Abraidh le Pilib deifriughadh" arsa Eibhlín. "Gheall mise go bhfanfainn leis." "Bhfuil Pilib ag dul 'na bainfheise?" arsa Máire. "Maise, nach bhfuil 'fhios agat nach mbeadh sí 'n-a bainfheis gan é?" arsa Eibhlín. "nDomhnach, a Eibhlín, is cosamhail go bhfuil fút-sa croidhe buachalla eicínt a bhriseadh anocht!" arsa Máire. "Tá an t-éadach sin ag dul duit go rígh- cheart, agus feileann sé thú go toghtha. Béidh seisear acab in do dhiaidh, ar a laghad." Chraith Eibhlín a ceann, agus leig osnadh. "Tá baoghal mór ortha go deimhin!" ar sise. "Má rugadh le haghaidh an ádh' sinn, béidh sé orainn, a Mháire; agus mara rugadh, glactar leis an saoghal mar thiocfas sé. Béidh buachaillí go leor ann ar chuma 'r bith." D'imthigh le Máire agus le Gráinne agus d'imthigh Eibhlín Ní Cheithearnaigh 'n-a ndiaidh. Bhuaileadar isteach chuig Pilib. Bhí sé ullmhuighthe le dhul 'na bainfheise agus gan focal aige acht é ag siubhal anonn 's anall mar fhear ann a bheadh ag smaoineadh go doimhin. Nuair d'innis Máire dhó go raibh Eibhlín Ní Dhonnabháin ag fanacht leis, bhuail sé air a hata agus amach leis gan focal a rádh. "Tá sé thar éis gealladh dhom deor uisge beathadh, ná deor d'aon chineál a bhfuil dochar ann, nach rachaidh ar a bhéal anocht, a mhuirnín" ars' an bhean. "Acht níl 'fhios agam! Ní fear dá ghealladh é, fairíor,
go minic. Gheall sé cheana nach n-ólfadh sé deor, istigh ná amuigh 'go ceann bliadhna, agus meas tú céard a ghníodh sé acht a ól ar an tairsigh! Cé'n mhaith dá leithid gealladh a thabhairt i n-aghaidh an óil an lá nach bhfuil sé de rún daingean aige a bheith dílis dá ghealladh? Tá faitchíos mo chroidhe orm go mbéidh sé óltach ar an mbainfheis. Acht, dhá n-abróchthá le Aodh a bheith san áirdeall air, agus meabhrughadh dhó ó am go ham gur gheall sé nach mblaisfeadh sé de'n uisge beathadh, b'fhéidir nach leigfeadh an náire dhó a ól." "Innseochad-sa sin d'Aodh, agus ná bíodh imnidhe ort nach mbéidh sé san aireachas air," arsa Máire, ag meangadh gáire. Anonn le Gráinne go dtí an inghean. Ar dtús, bhíodh roinnt sgáth' ag Gráinne roimpi. Chuireadh Nóra bhocht an tinneas, an t-anshógh, agus — an bás, i gcuimhne dhi. B'in é an fáth nach mbíodh fonn uirthi a bheith 'n-a haice. Acht, le goirid, ní mar sin a bhí. Bhí truagh mhór ag a croidhe do Nóra bhoicht anois. Bhí gean mór aici uirthi. Agus ba mhaith léithi a bheith 'na haice, agus a bheith ag cainnt léithi. "Bhfuil áthas ort go bhfuil an tEarrach ag teannadh linn anois, a Nóra?" ar sise. "Ó! tá, agus áthas mór. Is fada liom go dtigidh na laetheannta breagha fada, nuair a bhéas an féar glas ag fás agus na héanlaithe ag seinnm. Annsin féadfad suidhe taobh amuigh cois an chrainn fá lóchrann na gréine. Agus feicfead na huainíní óga ag rith agus ag léimnigh sna móinfhéir!" "Agus an mbéidh áthas ort iad fheiceál, a Nóra?" "Á, béidh, — agus aoibhneas croidhe! Agus feicfead na héanlaithe ag déanamh a gcuid neadracha! Béidh an spéar geal gléigeal freisin — agus bíonn mo chroidhe éadtrom i gcomhnaidhe le sólás nuair a bhíos an aimsir go breagh áluinn." "An léighir mórán leabhar, nó an bhfuil aon tsuim agat i léightheoireacht?"
"Léighim leabhra go leor nuair a bhím sáthach láidir le n-a léigheadh, agus nuair nach mbím léigheann Tomáisín agus m'athair iad agus bím-se ag éisteacht. Tá tóir mhór agam ar na leabhra. Bíonn sgealta agus dánta binne in go leor aca, agus cuireann siad go leor de'n am tharm go sólásach nuair a bhím liom féin." "Tá go leor leabhar deas a thaithneochadh leat agam-sa sa mbaile" arsa Gráinne, "agus cuirfead chugat iad. Nach bhfuil tóir mhór agat ar cheol freisin?" "Maise, tá tóir agam ar an gceol go cinnte," ar sise, "agus ní bheinn tuirseach go deo ag éisteacht leis na fuinn agus na puirt Ghaedhealacha. Is mór an sólás a bheith ag éisteacht leob. Agus na fuinn atá cráidhte brónach dólásach, is maith liom i gcomhnaidhe a bheith ag éisteacht leob, cé nach dtaithnigheann siad chor ar bith le mo mháthair. Cuireann sí fá ndeara do'n "Cheoltóir" port croidheamhail aerach eicínt a sheinnm i gcomhnaidhe. An gcualaidh tú an Buailteoir ag gabháil fhuinn? Is breagh an guth atá aige. Cuireann sé sólás ar mo chroidhe le n-a chuid amhrán go minic." "Gabh i leith, a Ghráinne, go bhfeicidh tú leabhra Thomáisín," arsa Eibhlín. "Is iongantach mar tá sé ag dul ar aghaidh. Is gearr go mbídh sé chomh fada amach 's tá ann." "Tabhair i leith annso iad," arsa Gráinne. Thug. Dhearc Gráinne thrí "Eolas ar Áireamh." "Is dóigh go bhfuilir i n-an gach cruaidh-cheist sa leabhar so a fhuasgailt anois, a Thomáisín?" ar sise. "Tá cuid acab an-chruaidh," ar seisean. "Seo ceann a chinn ar Shiubháinín Pháidin Sheagháinín an lá cheana, agus rinne mise é." ""Cuir i gcás go mbéarfadh cearc go leith ubh go leith i lá go leith; cé mhéad ubh a bheadh beirthe ag dhá chirc dhéag i gceann dhá lá dhéag.""
"Ní dhearnaidh aon duine sa sgoil é acht mé féin agus Colm Ó Conaire." "Níorbh' fhurusta a dhéanamh" arsa Gráinne. "Bhfuil 'fhios agat cé mhéad a choisneochadh trí clocha 's trí ceathramhna fataí dhá n-íoctaoi trí pighne 's trí feoirlinneacha ar an gcloich?" arsa Tomáisín. "nDomhnach muise, níl 'fhios!" arsa Gráinne. "Cá bhfuighinn-se eolas ar fhataí'?" "Deir an máighistir go bhfuil sé an-chliste leis na leabhra" ars' an mháthair. "Acht cé'n mhaith sin, a stór, marbhóchaidh sé é féin leis an strap- adóireacht sa deireadh mara bhfuil ag Dia. Tá an clampar air le aerighil." "Anois, buachaill maith é Tomáisín, agus ní bhéidh baoghal air le congnamh Dé" arsa Máire. "Déanfaidh sé togha sgoláire leis an aimsir. Tá áthas ar mo chroidhe go bhfuil Nóra ag feabhsughadh. Nuair a thiocfas an aimsir bhreagh neartóchaidh sí go tapaidh le congnamh Dé, agus tiocfaidh sí ar cuairt chugainn. 'Sbáinfimid an gáirdín di agus na bláthanna áilne atá ag fás ann. Taithneochaidh siad léithi go mór." "Taithneochaidh go mór, a Mháire, agus go raibh míle maith agus míle beannacht agat," ar sise. "Is aoibhinn an rud a bheith i measg na mbláth!" Ar an mbealach ar ais dóibh thosuigh Gráinne ag cainnt ar Nóra Ní Laochdha. "Á, a Mháire" ar sise, "creidim nach bhfuil aon duine beo is mó sólás 'ná í!" "A' gcreideann tú sin sa deireadh, a Ghráinne?" "Creidim." "Creidim-se an rud céadna," arsa Máire. "Má bhain Dia an tsláinte dhi, thug sé sólás di nach bhfuil a leithid ag ceachtar againne." Chuaidh an Laoideach tharta ar a chapall. D'umhluigh sé do Mháire acht níor thug sí fá deara é. "Tuige nár umhluighis dó?" arsa Gráinne. "Níor thugas fá deara é ag baint a hata dhe,"
arsa Máire. "Bhfuil "fhios agat, a Ghráinne, nach cóir d'fhear umhlughadh do mhnaoi uasail no — go gcurtar i n-aithne dhi é ar dtús? Dhá mbadh "bean uasal" mise is beag an baoghal go n-umhlóchadh fear dhom agus gan aithne ná eolas aige orm." ""Dhá mbadh bean-uasal thú"!" arsa Gráinne. "Céard sin i gceist agat?" "Cheal nach bhfuil "fhios agat fós cé air a dtugtar "duine uasal" nó "bean uasal" sa tír seo, a Ghráinne? Ní "duine uasal" duine ar bith i nÉirinn marar boicín de Shasanach, nó tighearna talmhan Gallda, nó seoinín saidhbhir galánta atá ann — bíodh 'fhios agat é." "Ó, nach beag an spioraid atá i muinntir na tíre!" arsa Gráinne. "Bhfuil "fhios agat céard dubhairt Sorcha Nic Aodhagáin — an bhean chúraim a bhí agaibh-se nuair a bhí tusa id' pháiste — agus í ar thóir posta le goirid?" "Níl "fhios" arsa Gráinne. "Céard dubhairt sí?" "Fiafruigheadh dhi cé aige a raibh sí sul bhí sí agaibh-se. "Ag duine uasal" ar sise. "Agus cheal nach "duine uasal" a bhí sa máighistir a rabhais aige go deireannach?" arsa bean an tighe. "Níorbh" eadh acht dochtúr," arsa Sorcha!" Dhearg Gráinne le teann feirge agus focal níor fhan aici ar feadh tamaill. "Ó, nár dheas an buidheachas a thasbáin sí" ar sise, "agus chomh ceanamhail 's bhíomar uirthi!" "Mara'n "duine uasal" m'athair níl 'fhios agam-sa cá bhfuightheá "duine uasal," muis!" "Ní le droch-mheas ar bith air a dubhairt sí é" arsa Máire, "agus ná creid gurbh' eadh. Acht cruthuigh- eann sin an rud d'innis mise dhuit. Má's Gall mór díomhaoineach saidhbhir fear, nó tighearna Gallda, a chaitheas an chuid is mó dá saoghal ag cur droch-rath ar airgead dhaoine bocht na tíre seo i Lonndain
Shasana agus thall i bPáras, tá sé 'n-a "dhuine uasal" aca, acht a bhfillidh sé! Tá siad-san "uasal" agus "galánta" agus tá 'ch uile dhuine eile bocht suarach, 'ar ndóigh!" "Tá na hÉireannaigh suarach go cinnte — agus 'n-a sglábhaidhthe cruthanta" arsa Gráinne, "an lá go bhfuil an gnás úr-íseall sin aca! Chuirfeadh sé duine thar bhárr a chéille smaoineadh ar a leithid de chomhartha suaraighil agus truailleachais! Caithfear an Galldachas bradach agus an tseoinínteacht a chur fá chois, a Mháire, agus múnadh do mhuinntir na tíre le meas a thasbáint dóibh féin, agus do gach rud Gaedhealach. Nó go ndéantar sin, ní bhéidh rath ná rathamhnas ar an tír. "Ar ndóigh, tá na daoine ag dul i mbealach a mbasgtha!" ""Tá an lá ag teacht le cabhair lucht léighinn 's Ríogh na nGrást"" arsa Máire, "nuair a déanfar sin! Agus go dtugaidh Dia dhó a theacht go luath! Tá muinntir na tíre millte ag an ngalántacht bhréige chéadna." Bhíodar i n-aice an tighe anois, agus chonnaiceadar an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe sa ngáirdín. "Maise, a Mháire, cé mar thaithnigheas Hannraoi leat? Caithfidh tú a innseacht dom" arsa Gráinne. "Leis an fhírinne a rádh, taithnigheann sé go mór liom. Níl lá dhá dtéigheann tharm nach ag méadughadh air atá mo mheas." "Thaithnigh sé liom-sa go mór freisin ar dtús," arsa Gráinne. "Acht níl an oiread sin suime agam ann anois. Tá sé in' fhear mhúinte ghalánta, acht 'n-a dhiaidh sin 's uilig níl an croidhe ceart aige mar tá ag Risteard; agus ní chreidim go mbeadh an dílseacht chéadna aige 's bheadh ag Aodh." Sguir sí de'n chainnt go tobann, agus thosuigh ag smaoineadh. Níor labhair go ceann sgathaimh. "Á, a Mháire," ar sise "bhíos ag smaoineadh ar Nóra Ní Laochdha! Nach aoibhinn di! Nach aici atá
an sólás! Nach í atá ag glacadh le toil Dé mar is ceart do Chríostaidhe a ghlacadh! Nach í atá ag fulaingt leis an bpéin go sásta foighdeach! Ó! Nach fada go bhféadfainn se fulaingt mar tá sí a dhéanamh!" "D'fhéadfá," arsa Máire. "Chuideochadh Dia leat dá nglactá le n-a thoil go foighdeach. Má thagann sé sa saoghal, a Ghráinne, gur toil le Dia tinneas nó anshógh a chur orainne is ceart dúinn smaoineadh ar Nóra Ní Laochdha." "Ó, is ceart," arsa Gráinne, "acht cuireann sé sgannradh orm smaoineadh ar an mbás go minic. Agus tá an bás idir dhá shúil Nóra — an créatúr! "Bhfuilir réidh i gcomhair na bainfheise?" arsa Máire le Mac Uí Luaithe. "Tá súil agam go dtaithneochaidh sí leat go mór." "Níl aon aimhreas nach dtaithneochaidh," ar seisean. "Táim cinnte go mbéidh an-ghreann amach 's amach ann. Tá fonn mór orm bainfheis cheart Ghaedhealach fheiceál." "Feicfir sin, muise" ars' an dochtúr "agus feicfir greann freisin. Is mór an truagh nach dtiocfaidh liom-sa a dhul ann. Acht dheamhan goir agam air. Táim le bheith i n-áit eile." Chuaidh Máire agus d'innis d'Aodh céard a dubhairt bean Philibh Uí Laochdha léithi a rádh leis. Annsin d'imthigh le Aodh agus le Mac Uí Luaithe 'na bainfheise.
CAIBIDIL XXVII. AN BHAINFHEIS. Bhí sé in' obair i dteach na bainfheise go cinnte nuair a shroich Mac Uí Luaithe agus Aodh Ó Ceithearnaigh ceann cúrsa. Bhí bainfheis Éamuinn Uí Bhroithe ionchuir síos le "Bainfheis an tSlígheáin Mhóir" féin leis an ngreann agus an rí-rá a bhí ar siubhal. Bhí na daoine ag bailiughadh isteach 'n-a sluaightibh. Bhí capaill dhá mbaint ó charranaibh. Bhí buird dhá socrughadh agus biadh dhá ghléasadh. Bhí géadha ramhara dhá róstadh; feoil dhá bruith, agus girr-fhiadhacha dhá bhfeannadh. Bhí urlár an sgiobóil mhóir dhá sguabadh 's dhá ghlanadh agus tuighe dhá sgaradh ar a fhuaid le go bhféadfaidhe luighe agus síneadh nuair a theastóchadh sé. I. Bhí ól dhá fhágháil ag fearaibh, Arán dhá roinnt ar bhacaigh, Ceol go binn dhá spreagadh, 'S biadh go leor dhá ghléas; Bhí croidhe ban óg ag preabadh — Cé'n t-iongnadh sinn 'ghá cheapadh? — 'S na buachaillí breagh' deasa Bhí a' cainnt leo ar gach taobh! II. Bhí buird fá éadaigh geala, Biadh 'gus ól go fairsing, 'S óg-mhná múinte deasa, Ag freastal ar gach aon;
Daoine dhá gcur i n-aithne, An braoinín cruadh dhá bhlaiseadh, 'S Maitiú a' roinnt an leanna 'S an uisge-beath' go tréan! III. Bhí greann ann 's gáirí geala Bhí damhsaí ann go fairsing — An port 's an cor-ceathrar, 'S an corn-phíb gan bhréig; Bhí suirighe ann thar éis sgathaimh Bhí trácht ar "ghrádh," gan mhagadh, 'S níor fágadh teach na bain'se Go fáinne geal an lae! Ba ghnóthach an áit a bheith ann air a' chluig sul suidheadh síos chum buird. Bhí na cailíní freastail ag obair ar a mine-ghéire. Bhí na buachaillí conganta ar chroidhe a ndíchill. Bhí Maitiú Mór agus a seacht sáith ar a aire. Acht ní raibh Úna Mhór, an t-árd- chócaire, i riocht a theacht i láthair an chomhluadair chor ar bith. D'ól sí braoinín beag thar an gceart de "shúgh an ghráin eorna" agus d'éirigh sé 'n-a ceann. B'iongantach an h-árd-chócaire í go cinnte! Bhí sí hocht gclocha déag meadhchain ar a laghad. Bhí sí i n-aon tuailgín amháin, agus b'ionann fad 's leithead di, bunáite. Daigéad de mhnaoi a b'eadh í. Bhí sí ramhar, beathuighthe, teann, trom, toirteamhail. Bhí geolbhach mór feola uirthi, agus maidir le colpaíbh cos is uirthi a bhíodar! Níor leas-ainm Úna Mhór a thabhairt uirthi. "An Tulchán Mór" a thugadh cuid de na buachaillíbh uirthi. Ní raibh tarraingt na gcos innti oidhche na bainfheise, "le neart tuirse" adubhairt sí; agus cor ná car ní raibh innti "de bhárr a bheith 'n-a suidhe gan néall chodlata fhágháil an oidhche roimhe sin." B'éigin di an seomra leabtha a thabhairt uirthi féin agus luighe siar. Luigh, agus thuit 'n-a codladh. Acht má luigh,
níorbh' ar an leabaidh é! Dhá mbeithidhe i gcleitheamhnas Úma Mhór bheithidhe ar deireadh oidhche na bainfheise! Acht rinne Eibhlín Ní Dhonnabháin agus Sibéal Laoide cúis 'n-a leabaidh, agus chuireadar gach rud i gcaoi 's i gcóir chomh maith 's b'fhéidir leo. Cuireadh fáilte 'gus fiche roimh Aodh Ó Ceithearnaigh agus roimh Mhac Uí Luaithe. Chuir Maitiú Mór i n-aithne do na strainséaraíbh iad. Chuir máthair Éamuinn fáilte ar leith rómpa. Agus d'fháiltigh an inghean rómpa go rígh-shubháilceach. Níor thúisge istigh iad 'ná bhuail Nóra Laoide bleid ar Mhac Uí Luaithe. Ar éigin d'aithnigh sé í chor ar bith. Bhí an chulaith ghalánta uirthi, agus mar deir an Reachtaire "bhí an solus lasta 'n-a brollach gléigeal." Acht má bhí, ba le seodaibh 's péarlaíbh é nach raibh a leithidí ag "Máire Ní Eidhin" nuair adubhairt an file na focla binne fileadhta so fúithi. Chuaidh Nóra Laoide go bhfeicfeadh sí céard ba chor d'Úna Mhór — mar ní raibh aon lá riamh nach raibh an imnidhe uirthi! Siar léithi sa seomra leabtha. Solus ná léargus ní raibh ann. Bhí sí ag déanamh ar an leabaidh nuair a truisleáladh í go tobann. Baineadh na cosa uaithi agus anuas léithi d'aon phlimp amháin ar shlatracha' a droma ar an urlár. Leig sí uaill. Chuir sí glaodh árd uathbháis aisti. Bhéic sí le mór sgannradh. Thosuigh ag crathadh na gcos. Agus d'fhuagair go raibh sí marbh. Chualaidh Aodh Ó Ceith- earnaigh agus Maitiú Mór í. Isteach leo. Lasadar coinn- eall. Dhearcadar fútha 's tharta. Céard a bheadh acht Úna Mhór "sínte siar 'na spéic ó chluais go hiorball" — mar deir Brian Ó Bruadair — i lár an urláir, agus Nóra Laoide sínte le n-a hais! Ní raibh aithne ar Nóra nárbh' é an "púca breilleach" a bhí ann leis an sgannradh agus leis an gcrith-eagla a bhí uirthi. "Óra! céard a leag mé?" ar sise. "Tá mo chuid éadaigh millte!"
"Tulchán a casadh leat sa dorchadas," arsa Maitiú. "Cheal nach bhfeiceann tú céard a leag thú?" Sin é an uair a chonnaic sí le solus na coinnle an cócaire mór 's gan cor aisti. "Seo, éirigh suas as seo!" arsa Maitiú ag baint craithte aisti. Bhain crathadh 's crathadh eile aisti. Sa deireadh rinne sí méanfhadhach. D'fhosgail sí a súile agus bhreathnuigh ar fud an tseomra. "Níl aon bhean beo, a stór," ar sise, "is measa goile agus is laige coimpléasg 'ná mise. An braoinín is lugha ar bith ghoillfeadh sé orm dá mblais- inn de. Agus meas' tú nach sgadán guirt a chuir an bhail seo orm! Dheamhan tarraingt na gcos d'fhág sé ionnam!" Thug sí thob ar éirghe acht níor éirigh léithi. "Níor fhág an sgadán bradach sin éirghe in mo sheasamh ionnam!" ar sise. Rug Maitiú i bhfus 's tall uirthi, agus chroch de chothrom talmhan í. "Sin gníomh nach bhfuil aon fhear beathta 'sna trí paráistíbh a dhéanfadh é acht thú féin, a Mhaitiú!" arsa Aodh. "I n-ainm Dé, buail síos go dtí iad san gcistean- aigh agus cuidigh leob leis an gcócaireacht feasta, a Úna," arsa Maitiú. "Tá cuid aca aineolach ar an obair, agus tá siad ag súil leat le dhá uair a' chluig. Tá faitchíos orm go bhfuil 'chuile rud thrí n-a chéile aca." "Ní mórán cleachta ar shúgh ná ar róstadh a bhí ag a bhfurmhór" arsa Úna, "mar is beag de'n rath a chonnaiceadar ariamh!" Bhí sí ag déanamh ar dhoras an tseomra go díreach nuair a baineadh tuairt aisti fá'n tairsigh. Amach léithi i ndiaidh a mullaigh agus cá mbuailfidhe í acht isteach glan díreach san ucht ar Mhac Uí Luaithe! Baineadh crathadh mór as Hannraoi bocht. Acht rug sé greim uirthi le n-a coinneál gan tuitim — agus a bhéal fosgailte le teann uathbháis.
"Sgaoil amach mé! Sgaoil amach mé!" ar sise go feargach. "Cad chuige go bhfuightheá ionnat féin barróg fháisgeadh orm-sa? An amhlaidh a cheapas tú gur óinseach de mhnaoi atá agat ann? Nach dána an mhaise dhuit é, a mhic ó! Seachain thú féin má tá an t-ádh in do chaipín, agus bíodh 'fhios agat cé air a mbéarfaidh tú an chéad uair eile!" "Ní bhéarfaidh sé ort-sa aríst má bhíonn neart aige air!" arsa Aodh fán' fhiacail. Bhí sgannradh an tsaoghail ar Mhac Uí Luaithe bocht. Chuir an chainnt adubhairt sí náire air freisin agus dhearg sé chomh dearg leis an bhfuil. Acht chroch Maitiú 'un bealaigh í go dtí an chisteanach le n-a cuid feirge ídiughadh ar na cailíníbh freastail. Ba ghearr 'n-a dhiaidh seo go dtáinic an tAthair Ó hAnnagáin. Fearadh fíor-chaoin fáilte roimhe. Bhí áthas ar gach duine go dtáinic sé, agus tugadh sin le tasbánadh dhó freisin. "Má tháiniceas, ní go haonraic é," ars' an sagart. "Thugas liom an píobaire, — agus seo chugaibh é. Seo é an Flaithbheartach," ar seisean, "an píobaire iongan- tach a gcualabhair go léir trácht air." Fáiltigheadh roimh an bpíobaire. Cuireadh Nóra Laoide as an gclúid, agus cuireadh an fear ceoil 'n-a háit. Sean-fhear liath a bhí ann, nach raibh caithte ná claoidhte. Sean-fhear rúpach láidir a b'eadh é freisin. Bhí sé árd go maith ó thalamh, agus ní raibh sé crutach ná eile. Bhí culaith dhubh éadaigh air nach raibh caithte ná tréigthe agus peiriúic fhada. "Sílim gurab 'eo í Sibéal Laoide lem' ais" ar seisean. "Go mbeannuighidh Dia dhuit." "Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin Is fad ó 'nois nach bhfacamar thú sa gceanntar so," arsa Sibéal. "Ní go minic a castar 'na bóllaí seo mé," ar seisean. "An é seo an Sasanach óg, a gcualamar trácht air, atá ag cainnt leis an Athair Ó hAnnagáin?"
"'Sé," ar sise. "Mac deirbhshíre do'n Ridire Gearat de Buitléir é. Agus tá sé ar cuairt annso le sgathamh." Tháinic buachaill beag isteach agus leag sé málaí an cheoil treasna ar ghlúinibh an phíobaire. "Nach mairg nach dtosuigheann sé ag seinnm," arsa Mac Uí Luaithe. "Tá fonn an tsaoghail orm an ceol a chloisteáil, agus a fheiceál cé mar oibrighthear na píobaí." "Is gearr go bhfeicir sin anois, agus fáilte," ars' an píobaire. "Go raibh míle maith agat," arsa Mac Uí Luaithe. "Táim an-bhuidheach dhíot. Acht níor shíleas go gclois- feá mé." Á! chloisfinn an féar ag fás!" ar seisean. Tharraing sé aníos a uaireadóir as a phóca. D'fhosgail an ghloine. Láimhsigh an uaireadóir ar feadh móiméid. "Fiche móiméad thar éis a naoi," ar seisean agus chuir ar ais 'n-a phóca í. Nuair a tharraing sé amach an uaireadóir thug Mac Uí Luaithe fá deara nár dhearc sé uirthi chor ar bith. Bhreathnuigh sé go grinn ar an bpíobaire, agus b'in é an uair a thug sé fá deara go raibh mo dhuine bocht dall! Ní raibh 'fhios ag Hannraoi sa domhan mór cé'n chaoi a mb'fhéidir leis fios a fhágháil go raibh sé fiche móiméad thar éis a naoi. Acht b'fhéidir! Ba é sin an t-am go díreach. "Suidh síos annso lem' ais a Mhic Uí Luaithe," ars' an píobaire. "Bhí aithne agus eolas agam-sa ar an Ridire agus ar do mháthair lá de'n tsaoghal. Seinnfidh mé fonn duit anois a mbíodh tóir mhór ag Gearat de Buitléir air fad ó 'n lá." Tharraing sé chuige a phíobaí — agus b'áluinn na píobaí iad. Chuir i gcaoi 's i gcóir iad. Dheisigh é féin. Shocruigh na píobaí. Bhrúigh leis an asgaill. D'oibrigh leis na méarachaibh. Agus thosuigh ar an "gCúil- Fhionn". Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis ag
seinnm an fhuinn seo. Ceol-sidhe ní fhéadfadh a bheith níos binne ceolmhaire 'ná mar bhí sé. Focal ní raibh ag aon duine an fhad 's bhí sé ar siubhal. Smid níor labhruigheadh go raibh sé réidh. Bhí iongnadh mór ar Mhac Uí Luaithe agus súil níor thóig sé de'n phíobaire ó thús go deireadh. Acht ní raibh áird ag an gceoltóir ar aon duine beo an tráth sin. Níorbh' ar lucht na bainfheise a bhí sé ag smaoineadh. Bhí a smaointe féin aige — smaointe árda iongantacha — smaointe nár bhain leis an saoghal so chor ar bith — smaointe an fhír-fhir cheoil. D'árduigheadh sé a "shúile gan solus" agus d'fhéachadh suas mar dhéanfadh fear ann a bheadh ag impidhe agus ag athchuingidh ar Rígh na bhFeart agus ar ainglibh Dé éisteacht le n-a chuid ceoil. Annsin, chromadh a cheann, agus ba dhóigh leat gur ag cogarnaighil leis na píobaíbh a bhíodh sé agus ag innsint dóibh go rabhthar ag éisteacht leob ar neamh! Tháinic na "smaointe bróin" atá i dtaisge i gceol na nGaedheal ar ais agus b'iomdha duine ar bhain an fonn brónach so na deora ó n-a shúilibh an oidhche úd! "Ó!" ars' an tAthair Ó hAnnagáin, ag cuimilt a shúl, "níl aon lá riamh nár bhain na fuinn chráidhte sin deora asam. Bhí amhrán san "Nation" an tseachtmhain seo caithte faoi an "gCúilfhionn," agus b'áluinn ar fad mar bhí sé sgríobhtha. Bhí an chainnt a bhí ann chomh ceolmhar, agus na smaointe chomh brónach 's tá an fonn féin. Ar léighis é?" ar seisean le Aodh. "Léigheas," arsa Aodh. "Níl seachtmhain ar bith nach léighim an "Nation." 'Sé Dochtúr Ó Cadhlaigh a mhol dom a fhágháil ar dtús." "Níl aon tseachtmhain beo nach bhfeicim ag an Athair Ó Néill é," ars' an sagart. "Tá suim an tsaoghail aige ann. Sílim go sgríobhann sé féin corr-amhrán le n'aghaidh ó am go ham. Tá grádh ag a chroidhe do'n pháipéar, agus do gach duine dhá bhfuil ag cuidiughadh leis." "Go mbeannuighidh Dia annso! Bail ó Dhia
oraibh! Bail ó Dia oraibh!" arsa sean-fhear ag bualadh isteach. "Maise, go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin, a Philib!" arsa dháréag i n-éinfheacht. "'Sé do bheatha!" "Go mairidh sibh," arsa Pilib. "Ní féidir gurab é Pilib Ó Muirghéis atá ann!" arsa Maitiú Mór. "Céad mile fáilte romhat! Cé'n chaoi bhfuil 'ch uile chnámh in do chreatacha? Seo, caith siar í seo," ar seisean ag síneadh gloine uisge beathadh chuige. Ba é seo Pilib Ó Muirghéis figheadóir. Bhí maide láimhe aige ag teacht isteach, mar bhí sé bacach. Sean-fhear cruaidh fáisgthe a bhí ann. Ní bheadh ort acht dearcadh air le n-a thabhairt fá deara gur fear a bhí ann a raibh misneach agus dúthracht ann. D'aithneochthá ar a shúilibh nár shúile cladhaire iad. Bhí beodhas agus grinneas ionnta thar mar bhíos i súilibh a lán. Ní raibh ort acht a dhul 'un cainnte leis le n-a thabhairt fá deara gur fear tuigsionach eolgach a bhí ann. Agus ní raibh beann aige ar aon fhear. Bhí a bharamhail féin aige i gcomhnaidhe agus spleadh ní raibh aige le duine íseal ná uasal. Ní ghéillfeadh sé d'aon duine nuair a cheap- fadh sé gur aige féin a bhí an ceart. Thaithnigh daoine misneamhla fuinneamhla fearamhla leis. Thaithnigh spioraid agus spreacamh leis. Thaithnigh tír-ghrádh agus tír- ghrádhuightheoirí leis. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe aige ar na ceóláin agus ar na suaracháin; ar na seóiníní 's na staigíní; ar lucht eagla 's faitchís. Bhí grádh croidhe aige dóibh seo a bhí gha iarraidh an tír a chur ar bhealach a leasa. Agus bhí fuath agus gráin ag a chroidhe istigh ar Shasana. Bhí sé ar dhuine de na "Fiannaibh" fá láthair agus rinne sé cion fir n-a sgorach óg ar mhachaire an dubhshláin sa mbliadhain "ocht gcéad déag acht dó!" Níorbh' fhada Pilib istigh nuair a tháinic beirt phíobairí. Bhí 'ch aon duine aca dall. Bhíodar feis-
tighthe go suarach. Ní raibh ortha acht fíor-dhroch-éadach. Agus na píobaí a bhí aca, bhíodar i ndroch-chóir agus iad caithte spíonta, 's gan brígh ná binneas 'n-a gcuid ceoil i gcomórtas le píobaí an Fhlaithbheartaigh. Bhí an Flaithbheartach ag tosughadh ar fhonn eile go díreach nuair a tháiniceadar isteach. D'éisteadar sgathamh leis an gceol, agus b'áin leob féin tosughadh ar am bhfonn céadna sul bhí an píobaire leath-réidh. Níor thúisge a chualaidh sé an chéad ghíog dhá gcuid ceoil 'ná phreab agus gheit go tobann. Tháinic gruaim uath- bhásach air. Bhreathnuigh faoi 's tairis, i bhfus 's tall, 's ar gach taobh dhe chomh maith 's dá dtiocfadh leis a bhfeiceál. Chuir gráig agus uaill as a sgannruigh gach duine. "Amach, go beo tapaidh!" ar seisean. "Sguabaidh as mo radharc! Greadaidh go beo! Agus ná fágh- aim amharc oraibh faoi chaolach an tighe seo go bhfágad é!" B'éigin a gcur amach sa gcisteanaigh. Ní raibh aon chailleadh ortha annsin féin. Bhí biadh agus beatha agus neart dighe le fágháil aca ann. Chaitheadar sgathamh thar éis sin ag seinnm sa sgioból. Acht níor thaobhuigheadar an Flaithbheartach aríst go maidin. "Seadh, a Philib, cé'n sgéal é?" ars' an tAthair Ó hAnnagáin le Pilib Ó Laochdha. "De dheamhan cuid aithris, a Athair, acht sgéal fada ar an anró," ar seisean. "Acht, 'ar ndóigh, cé'n mhaith dhúinn a bheith ag casaoid?" "Agus cé mar táir-se, a sheadaire ghaisgidhigh?" ar seisean le Pilib Ó Muirghéis. "Mar sin réasúnta," ars' an figheadóir. "Seo, caith siar í seo," arsa Maitiú ag síneadh gloine uisge beathadh chuig an táilliúr. "Dheamhan é, a Mhaitiú! Ní ólfad. Chuireas gealladh orm féin i n'aghaidh." "Agus céard ólfas tú?" arsa Maitiú. "Na cineálacha laga sin nach bhfuil aon dochar
ionnta," arsa Pilib. Agus bhí an oiread dúil' aige 'sna "cineálacha laga" 's gur dhearmad sé an gealladh sa deireadh! Bhí Úna Mhór ag cur na gcos uaithi sa gcisteanaigh mar seo agus bhí 'ch uile rud thrí n-a chéile d'á bárr. Ní raibh goir a theacht 'n-a haice. Thug sí íde na muc 's na madraidhe ar Eibhlín Ni Dhonnabháin agus ar na cailíníbh eile. Bhí sí le cuthach agus le báine le gach duine. Agus níorbh' fhéidir a dhul ar aghaidh leis an obair i ngeall ar a feirg agus a droch-mhúnadh. B'éigin do Shibéal Laoide a dhul síos sa gcisteanaigh i n-ath-uair le réidhteach a dhéanamh. D'éirigh léithi-se ceart agus cóir a bhaint di. Agus theastuigh sin go géar. CAIBIDIL XXVIII. OIDHCHE NA BAINFHEISE. GREANN AGUS DÍOS- PÓIREACHT. PILIB Ó MUIRGHÉIS AGUS AN SAGART. Suidheadh síos chum buird nuair a bhí an biadh réidh Socruigheadh bord ar leith i gceann an tseomra, agus shuidh an tAthair Ó hAnnagáin ag a cheann. Cuireadh an bhean óg ar thaoibh a láimhe deise, agus hiarradh a Éamonn suidhe ar an taobh eile. Acht ní raibh maith dhóibh leis. Ní shuidhfeadh! Daoine ar leith a bhí ag an mbord so — bhí bunáite na ndaoine 'n-a suidhe ag na buird eile. Ní rabhadar tosuighthe baileach nuair a bhuail an Laoideach chuca isteach. Suas leis agus shuidh síos le taoibh an tsagairt. Cuireadh "fáilte 'gus fiche" roimhe. Bhí áthas mór ar Éamonn go dtáinic sé. Ba
é an Laoideach tighearna talmhan Éamuinn agus is go hannamh a thárluigheas rud mar thárla an oidhche seo .i. tighearna ar bhainfheis tunónta. Chuir Éamonn an bhean i n-aithne dhó agus ghabh an Laoideach míle comh- gháirdeachas leob. Ghuidh gach ádh agus gach sonas dóibh. Agus chríochnuigh le rádh a bhain a sean-sgairt asta araon, agus as gach duine dá gcualaidh é. Is gearr gur bhuail an Ceithearnach agus Learaidhe Ó hAnnlaighe isteach 's gan súil ar bith leob. Fáiltigheadh rómpa go groidheamhail. Chuir Maitiú 'n-a suidhe ag bord an tsagairt iad. "Má b'fhíor nach dtiocfá-sa chor ar bith, a Mhuiris?" ars' an tAthair Ó hAnnagáin leis an gCeithearnach. "Ní raibh fúm a theacht," ars' an Ceithearnach — "cé go bhfuaireas cuireadh ar leith. Acht thárla do Learaidhe bualadh isteach chugainn tráthnóna agus dheamhan marar shíleas go mbadh mhór an feall gan é bheith ar an mbainfheis, agus chrochas liom é féin agus Brian sa gcóiste beag. Tá Learaidhe 'n-a dhaimhseoir bhreagh, agus bainfidh sé sásamh as an oidhche. Agus tá Brian ag éirghe ó thalamh agus gan 'fhios aige an 'n-a shuidhe nó 'n-a sheasamh atá sé le teann glionndair ó d'fhág sé an teach." "Go deimhin tá áthas mór orm go dtáinicis," ars' an sagart. "Agus maidir leis na hógánaigh, déan- aidís an méid grinn is breagh leob. Ní dochar ar bith é." Bhí súil ag Eibhlín Ní Dhonnabháin agus ag Sibéal Laoide go mbeadh an chócaireacht gan locht. Acht bhí faitchíos ortha go mb'fhéidir go ndearna Úna Mhór rud eicínt ciotach 's gan fios aca air. Mar sin de, bhí beagán beag imnidhe ortha. Sin rud nach raibh ar Úna! Ní raibh — ná a dhath! Leagadh mias mhór i bhfiadhnaise an tsagairt. Thóig sé an clár. Céard a bheadh os a chomhair acht péire géadha ramhar le taoibh a chéile agus lán na méise de chabáiste bhealaighthe! Úna Mhór ba chionntach, 'ar ndóigh. Agus rud a b'aistighe 'ná na géadha a bheith
i méis na cabáiste — bhí ceann aca a raibh a craiceann donn agus craiceann an chinn eile geal gléigeal! Gheit Eibhlín Ní Dhonnabháin nuair a chonnaic sí na géadha agus an chabáiste thrí n-a chéile. Rug sí ar an méis ar an bpointe, agus chroch 'un bealaigh í 's chuir mias mhór mhairt-fheola 'n a leabaidh. Thosuigh ar an Athair Ó hAnnagáin ag gearradh na feola. Agus ba bhreagh slachtmhar uaidh feoil a ghearr- adh agus a stialladh freisin. Rug an Ceithearnach ar sgin agus thosuigh sé féin ag gearradh 's ag roinnt. Agus rinne Aodh mar an gcéadna. Is gearr go raibh gach duine beag 's mór sa teach "ag ithe 'gus ag gearradh, acht ní ag ithe ná ag gearradh ar a gcomhursain é" mar deir an sean-fhocal. Bhí a dhóthain mhór agus a leor-dhóthain ag gach duine. Agus d'fhan díol dháréag 's fiche' d'fhuighleach. Sin é an áit a raibh an greann an fhad 's bhí an dínnéar ar siubhal. Maidir le gáire b'ann a bhí sé. Bhí sgéalta baramhla greannmhara dhá n-innsint ar gach taobh. Bhí an t-ógánach ghá iarraidh a shean-sgairt a bhaint as an sean-duine. Bhí an sean-duine ag cur síos ar "an sean-tsaoghal" agus ar na bainfheiseacha a bhíodh ann le linn a óige. Bhí na buachaillí go croidheamhail geal- gháireach. Bhí na cailíní go meangach. Agus bhí na máthaireacha go haireach áirdeallach agus gan iad ghá leig- ean ortha féin go raibh, 'ar ndóigh. Cuireadh críoch leis an ithe agus leis an ól. Réidh- tigheadh an teach. Crapadh suas éadaigh cláir agus sgar- aoideacha buird. Crochadh miasa agus plátaí 'un bealaigh. Cuireadh stólta agus buird agus cathaoireacha le balla. Agus thosuigh an ceol. Dhaimhsigh an Laoideach leis an mnaoi óig. Bhíthear ag gabháil d' Éamonn nó go mb'éigin dó bualadh amach agus daimhsiughadh le Nóra Laoide. Amach le Eibhlín Ní Dhonnabháin agus le Learaidhe. "Seo, a Mhic Uí Luaithe. Corruigh ort," ars' an tAthair Ó hAnnagáin "agus ná leig an ceol amudha!
Nach bhfeiceann tú Sibéal Laoide sa gcúinne agus súil na glasóige aici ort? Amachaidh libh, agus buailidh cos air." Amach leob agus "dhaimhsigheadar an cúrsa." "'Tuige nach bhfuil tusa ag damhsughadh?" arsa Maitiú le Aodh Ó Ceithearnaigh. "Níl aon chailín agam" arsa Aodh. "Is gearr a bhéas tú mar sin" arsa Maitiú. "Cé mar thaithneochadh an cailín deas sgiamhach úd sa gcúinne leat?" "Cé hí féin, a Mhaitiú?" arsa Aodh. "Eilís Ní Mhuirghéis," arsa Maitiú go mall réidh. "Inghean mic do shean-Philib, an eadh?" "Seadh," arsa Maitiú, "cheal, nach bhfuil aithne agat uirthi?" "Ní aithneochainn anois an bhfacas riamh í," arsa Aodh, "ag an gcaoi ar mhéaduigh sí ó chonnaic mé í tá bliadhanta ó shoin. Acht bhí aithne mhaith agam uirthi nuair a bhí sí beag bídeach. Dar fiadh! a Mhaitiú, is breagh deas slachtmhar an bhruinneall í." "Is fíor dhuit, a Aoidh, sin é a deireas gach duine" arsa Maitiú, agus shílfeá gur osnadh a tháinic uaidh. "Bhí sí ar cuairt ag a haintín i mBaile Átha Cliath le fada, agus is le gairid a tháinic sí a bhaile." Chuir Maitiú i n-aithne dhá chéile iad agus d'imthigh leis. Dhaimhsigheadar "go lúthmhar cliste éasgaidh" agus bhí seanchus caoin aca san am céadna — seanchus na rinn- ceoirí. Thaithnigh sí go mór le Aodh agus d'fhan sé sgathamh fada 'n-a comhluadar. Bhí an oidhche ag gabháil thart go rígh-shásamhail. Bhí an t-aos óg ag damhsughadh 's ag déanamh grinn. Bhí an píobaire ag seinnm. Bhí daoine annso 's annsiúd ag brúghadh cáirdis ar a chéile. Bhí fear i dtaoibh de'n teach ag moladh a mhic le sean-fheilméara agus ag cur síos ar an ngabhaltas breagh talmhan a bhí aige. Bhí fear eile ag moladh a inghine féin agus ag a dhearbhughadh gurbh togha mná tighe í, agus óig-bhean chríonna chéillidhe
stuamdha 'n-a theannta sin. Bhí triúr sean-bhan sa gcúinne ag cainnt go prímhléideach agus ag cogarnuighil. Agus bhí Nóra Laoide go priaclach gan fios a bheith aici cé'n fáth craiceann chinn de na géadha a bheith geal mar bhí, agus ní raibh suaimhneach dhi go gcualaidh sí cé 'n t-ádhbhar. Chuir sí Brian ar thóir Eibhlín le n' fhios fhágháil uaithi. Tháinic Brian ar ais i gceann uaire le sgéala gurab í Úna Mhór a chuir an ghé sin i gcorcán uisge bhruithte i leabaidh a cur san oigheann mar cuireadh an ceann eile. Bhí Nóra sásta annsin agus chuaidh agus bhuail bleid ar Mhac Uí Luaithe. Bhí an tAthair Ó hAnnagáin agus an Ceithearnach i gcúinne de'n teach. Bhí Pilib Ó Laochdha agus Pilib Ó Muirghéis ann freisin, agus sean- Labhrás Mac Fhlannchadha, athair na mná. Bhí siad-san ag cur na hoidhche tharta ag cur síos ar chúrsaí an tsaoghail, agus ar thighearnaí talmhan, 's gan mórán áird aca ar an ngreann a bhí ar siubhal ag an aos óg. "Dheamhan bréag nach bhfuair sé bean mhaith" arsa Pilib Ó Laochdha. "Go bhfágaidh Dia iad féin i bhfad ag a chéile! Níor bhéim súl a buaileadh ar Éamonn Ó Broithe nuair a thug sé taithneamh dhi ar dtús." "Ní chreidim go raibh mórán aithne ná eolais aige uirthi go dtí le goirid féin" arsa Labhrás. "Fuair sé m'inghean-sa mar tá léas fhada ar a chuid talmhan aige. Sin é agat-sa anois an fáth, a Philib Uí Laochdha — mise féin nach ndéanfaidh an bhréag. Níl maith i sgéal ar bith gan ughdar — marach an léas atá aige ní fhuigheadh sé í." "An té a bhfuil deagh-thighearna talmhan air tá sé 'ch uile ordlach chomh sásta 's dá mbeadh léas fhada aige," ars' an Ceithearnach. "Má tá duine a chreideas sin tá dháréag nach gcreideann," arsa Labhrás. "B'fhearr liom-sa — mar aon fhear amháin — a bheith ag pléidhe leis an tighearna talmhan is measa a cruthuigheadh agus léas fhada agam ar mo chuid talmhan 'ná bheith faoi'n tighearna is fearr a chuir cos i mbróig 's gan agam acht léas ghearr."
"Dhá ndéantaoi mo chomhairle-sa bheadh léasa — agus talamh — againn d'á míle buidheachas!" arsa Pilib Ó Muirghéis. "Dar sliabh, bheadh! Acht is beag de'n rath a fuair cladhairí riamh, ná a gheobhfas go bráthach — acht an mí-ádh mór agus an donas!" "Dúin do bhéal — 'sé dhéanfas tú!"" ars' an sagart. "Níl aon lá riamh nach ag iarraidh na troda a bhís! Cé'n mhaith dhuit a bheith ag seafóid chainnte mar sin?" "Ní ag seafóid chainnte atáim, acht ag cainnt," arsa Pilib, "agus ag cainnt gan sgáth gan faitchíos freisin! Ní fear do sgáth ná d"fhaitchíos mé — ná fear a dtaithnigheann seafóid leis acht an oiread, — a Athair Uí Annagáin, bíodh "fhios agat é! An la ar theastuigh mise sa troid bhíos 'n-a ceart-lár, agus ní fhéadfar a rádh go dtugas cúl do'n námhaid. Agus dhá dtigeadh lá na troda i mbárach dhéanfainn aríst é! Acht "is maith an sgéalaidhe an aimsir." B'fhéidir dhó a theacht go luath. Agus go dtigidh! Cá bhfios nach ndéanfaidhe úsáid amach annso de'n tsean-phíce a bhí agam-sa sa mbliadhain "ocht gcéad déag acht dó?" Acht mara ndéantar úsáid ar bith eile dhe, mo chraiceann-sa ná raibh ag an D--l go ndéan- far úsáid dhe má thagann aon tighearna le mise a chaitheamh amach chois an chlaidhe! Ní bheadh de shuim agam a chur thríd acht an oiread 's bheadh agam a chur thrí mhadadh buileach, dhá dtigeadh sé leis an mbail a chur orm-sa a curtar ar chréatúir bhochta eile! Chuir- finn thríd é chomh cinnte 's chruthuigh Dia Maoise!" "Chuirfeá, agus chuirfeá an "róipín caol cnáibe" faoi do mhuineál féin!" ars' an sagart. "Dá gcuirtí míle uair faoi mo mhuineál é, dhéan- fainn é!" arsa Pilib. "Agus thuillfeá damnughadh síorraidhe dhuit féin," ars' an sagart, "faoi dhún-mharbhughadh a dhéanamh!" "Níl 'fhios agam sin" arsa Pilib. "Agus níl 'fhios agam ar dhún-mharbhughadh é acht an oiread. Bheadh
muinghin agam as paidreacha' mo chomhursan agus creidim go rachadh m'anam go Flaitheas Dé le neart a nguidhe. Níl aon lá go deo nach nguidhfear ar son an té a dhéanfas gníomh fearamhail ar son a thíre!" "Creid uaim-se go mb'fhearr leigean do'n obair sin," ars' an sagart. "Ní bhéidh lá de'n ádh ar an té a mbéidh lámh ná cos aige innti." "Ní bhéidh lá de'n ádh orainn — tá sé fánach aige a bheith — an fhad 's bhéas cead ag tíoránaigh Gallda a bheith ag éirghe 'n-ár mullach!" arsa Pilib. "B'fhearr leigean do'n obair sin!" Ar ndóigh, ní thóigfeadh Dia ná daoine orainn a ruaigeadh amach as an tír! Nach bhfuilmid sgriosta creachta bánuighthe aca? Nach bhfuilmid 'n-ár sglábhaidhthibh suaracha aca ar ár dtalamh dúthchais féin? Nach bhfuil lom an donais mhóir ar fud na tíre ó'n gcéad lá ar chas an mac mallachtain chugainn na cneamhairí céadna? Dún-mharbhughadh, b'fhéidir! Deirim-se nach headh acht ceart agus cóir dhúinn féin agus do'n tsliocht a thiocfas 'n-ár ndiaidh! Nílmid ag iarraidh acht ár gceart agus! béidh sé againn!" ar seisean go dána. "Maith go leor, a Philib!" ars' an sagart. "Níl aon mhaith ag cur comhairle do leasa ort. Níl ann acht amaideacht duit a bheith ag cainnt mar sin, agus béidh aithmhéala lá is fuide anonn 'ná indiu ar aon duine a ghlacfas do chomhairle." "Ní bheadh mórán maitheasa ag glacadh a chomhairle," arsa Aodh. "Nach cuma liom-sa sa D--l mór thú ag glacadh mo chomhairle nó gan a glacadh!" arsa Pilib. "Tá tusa socamhlach go leor, agus te teolaidhe mar táir, agus is cuma leat céard a dhéanfas créatúir bhochta eile atá dhá gcaitheamh amach chois an chlaidhe!" "Á, a Philib, ní cuma!" arsa Aodh. "Ná ceap é, a chara! Badh mhaith liom-sa an sean-phíce meirgeach sin agat a sgiúradh, agus breith i gcúl glaice air mar rinne tusa i mBliadhain na bhFranncach! Badh mhaith
liom seasamh os comhair na nGall agus buille a chur i gcion ar son mo thíre ar mhachaire an chatha mar rinne tusa an tráth sin. Acht is mór an t-athrughadh a tháinic ar an saoghal ó shoin, fairíor!" "Tá 'fhios agam go ndéanfá an fhearamhlacht, a Aoidh!" arsa Pilib. "Agus tá 'fhios agam go bhfuil- ir dílis do Chaitlín Ní Uallacháin. Ná tóig orm an méid adubhras leat — ní raibh aon neart agam air! Acht éist liom-sa go fóill, a Athair Uí Anna- gáin. Chúig bliadhna ó shoin bhí sin trí tighthe fichead idir Crois-Bhóthar Leasa na Corraighe agus Droichead an tSean-Bhaile. Indiu níl ann acht an t-aon teach. Agus cé'n teach é sin?" "Do theach-sa," arsa Pilib Ó Laochdha. "Agus meas' tú cé'n fáth ar fágadh mise annsin gan cur amach? Cé'n fáth ar fágadh mo bhothán-sa 'n-a chadhan aonraic leis féin? Mar bhí 'fhios ag na creachadóiríbh cé leis a mbeidís ag pléidhe! Bhí 'fhios ag na sgriosadóiríbh céard a dhéanfainn!" ar seisean. "Leigtear dhó féineacht," ars' an sagart — "Níl aon mhaith dhúinn leis ó bhaineas sé amach mar seo. Bhí sé chomh maith a bheith ag a iarraidh gaineamh a chur i ngad, nó bualadh fá uisgí na mara móire a thaosgadh, le ciall a chur i gceann Philib! "Tá go leor de'n cheart aige — tá sin," arsa sean-Labhrás. "Dar go dearbhtha, tá." "Ara, leig ded' chuid leibideacht' agus ná bí ag seafóid!" ars' an sagart. "Nár dhubhras cheana, agus nach n-abraim aríst nach mbéidh de bhárr an achrainn agaibh acht an léan-sgrios? Acht dá bhfághadh Pilib Ó Muirghéis a dtug tonn ar tráigh ó aimsir Mhana- náin Mhic Lir ní bheadh sé sásta mara mbeadh an sean- phíce sin aige ar a ghuailníbh "le glan-éirghe na gealaighe!"" "Níl ag ceachtar agaibh acht cuid de'n cheart," arsa Aodh, "de réir mar mheasaim-se. Má bhímid sásta le bheith 'n-ár snagairíbh suaracha gan croidhe gan fear-
amhlacht ní bhéidh aon lá go deo nach mbéithear sa mullach orainn. Bíodh croidhe agus fearamhlacht ionnainn ar chuma 'r bith! Seasamaois go daingean docht ar son ár gcirt, pé 'r bith céard a thárlóchas dúinn. Acht maidir le iarracht a thabhairt fá láthair mar tugadh i mBliadhain na bhFrancach ní bheadh ann acht ár agus sléacht 's gan tadaidh eile dhá bhárr. Tá sé le tabhairt fá deara ag gach duine annso gurab é an duine is lugha sprid is mó a gheibheas creachadh ó na tighearnaíbh. Agus an té a bhfuil cáil air a bheith dána garg fearamhail gurab é is lugha a mbíonn fonn ortha bualadh faoi. Tá an ceart ag Pilib sa méid sin ar chuma 'r bith." "Is fíor dhuit," arsa Labhrás. "Sin é Pilib Ó Muirghéis agus a theach 'n-a sheasamh 'n-a "chadhan aonraic" mar dubhairt sé féin os comhair an tsaoghail, agus gach teach dá raibh sa gcomhursannacht leagtha go dtí an chloch bhuinn, agus na daoine bochta sgaipthe le fán agus le seachrán an tsaoghail ghá iarraidh a bheith ag saothrughadh greim a mbéil. Agus cad chuige ar fágadh eisean annsin, measann sibh? 'Measann sibh an le truaigh dhó nár cuireadh an gró faoi n-a theach mar rinneadh leis na tighthibh eile?" "Ná trácht ar thruaigh ná ar charghaos san dream sin" arsa Pilib Ó Laochdha ag ól lán gloine d'aon bhlogam amháin. "Fágadh annsin é mar gur Fiann- aidhe é! Tá 'fhios aca-san chomh maith 's tá 'fhios ag ceachtar againne nach bhfuil aon bheann aige ortha ná aon fhaitchíos aige rómpa. Tá 'fhios aca go ndéanfadh sé an cleas céadna i mbárach a rinne sé i mBliadhain na bhFranncach dhá shine d'fhear é! Measann sibh-se nach bhfuil 'fhios aca-san chomh maith 's tá 'fhios ag Pilib Ó Laochdha gur de bhárr urchair gunna a cuireadh thrí n-a ghlúin ar mhachaire an chatha atá sé bacach mar tá! Ná bíodh aon dalladh mullóg oraibh, a cháirde, tá 'fhios, chomh cinnte 's tá 'fhios agam go bhfuil an ghloine sin os mo chomhair!"
"Dá ndéantaoi comhairle Philib Uí Mhuirghéis," ars' an sagart, "is amhlaidh mar bheadh an sgéal — bheadh gach duine ag cur a shocruighthe féin ar an dlighe, agus dlighe ar bith ní bheadh ann sa deireadh." "Agus cé air a dtugair dlighe?" arsa Pilib. "'Ar ndóigh, ní cheapair — ná ní féidir go gceapfá — gur dlighe cóir ná ceart ná dlisteanach atá againn mar támuid fá láthair? Nach ndaortar gach duine má tá 'fios gur togha Éireannaigh é? An 'in é an cineál dlighe a mholas tusa, a Athair? Ní chreidfead go dtéighead san úir go n-abróchadh mac t'athar a leithid! Cé bhíos againn mar bhreitheamh, fiafruighim dhíot é? Nár chumasach tír-ghrádhach an breitheamh agus an coisde a dhaoruigh Roibeard Emmeit? An deagh — Éireannaigh a curtar ar na coistíbh? Tá 'fhios agat in do chroidhe istigh nach headh acht daoine a dhaorfas an deagh- Éireannach. An dtugair-se "dlighe" air sin, a Athair Uí Annagáin? An dtugair ceart 's cóir air?" "B'fhéidir go bhfuil an oiread de cheart 's de chóir ann 's bheadh le fágháil ag cuid de na daoinibh dhá mbíodh breitheamh 's coistí sa tír mar badh mhian leat-sa agus le do leithidíbh," ars' an sagart. "Dhá mbadh agaibh-se a bheadh, bheadh cead a chinn ag 'ch uile dhuine a bheadh ag a iarraidh deireadh a chur leis na tighearnaíbh." "Dhéanfaidhe níos mó de'n cheart dhá mb'againn a bheadh," arsa Pilib. "Agus ní daorfaidhe acht an té a thuillfeadh é — ní hionann agus anois." "Ara, leig ded' chuid cainnte agus coinnigh do bhéal ar a chéile!" ars' an sagart go feargach. "Ó, sin é do sgéal i gcomhnaidhe," arsa Pilib. ""Coinnigh do bhéal ar a chéile" — chomh maith 's dá socróchadh sin an sgéal! Acht ní shocróchaidh!" "Sin é an Laoideach annsin anois" ars' an sagart. "Dá gcuireadh seisean tunónta amach a' mbeitheá ar a thóir le buille fealltach a thabhairt dó?" "Ní bheinn," arsa Pilib, "agus innseochad duit cé'n fáth. Bheireann sé deagh-léasa uaidh ar chíos nach bhfuil
as bealach, agus sin rud nach ndéanann na sgriosadóirí eile. An bhfaca tusa fós riamh deagh-thighearna a marbhuigheadh nó ar féachadh le n-a mharbhughadh san gconndae so? An gcualais trácht ar aon deagh- thighearna ar tugadh an buille fealltach dhó nó ar sgaoilead urchar faoi? An gcualais?" "Caithfead a rádh nach gcualas," ars' an sagart. "Ní chualais, a Athair, agus ní fhéadfá a chloisteáil, mar nár thárla a leithid," arsa sean — Labhrás. CAIBIDIL XXIX. DÉANTÚIS GHAEDHEALACHA. FEILMÉARAÍ AGUS CEARDAIDHTHE. "A Mhic Uí Luaithe, céard do mheas-sa ar an díos- póireacht so?" ars' an tAthair Ó hAnnagáin. "Ní mórán eolais atá agam ar an gcaoi 'bhfuil an saoghal ag imtheacht sa tír fós," arsa Hannraoi, "agus ní maith a thuigim i gceart go leor dá mbaineann le talamh, le léasa, 's le tighearnaíbh. Mar sin, bheadh sé mór ag mo leithid mórán a rádh. Acht níl aon lá ó bhíos im' ghasúr nach gcualas trácht ar laghad a raibh de shuim ag muinntir Thiobraid Árann san dlighe, agus an ghráin agus an fuath a bhí aca do thighearnaíbh talmhan." "Nílmid leath chomh dona 's deirtear," ars' an sagart. "Má tá — ní thugaim-se fá deara é," arsa Hannraoi. "Agus de réir mar chloisim ag gabháil
tharm níl muinntir na háite seo gan ádhbhar casaoide. Cloisim nach bfuil croidhe ná coinsias ar bith i gcuid de na tighearnaíbh. Bhíos ar dínnéar le breitheamh áithrid le goirid, agus seo iad na focla adubhairt sé, "Nár cuireadh dhá chois aon tighearna talmhan i n-a cheanntar féin nár thuill, ní hé amháin a mharbhughadh, acht A DHAMNUGHADH" leis an mbail a bhí sé a chur ar na daoine bochta. Go deimhin díbh, sin iad na focla a tháinic as a bhéal." "Anois céard adeir tú, a Athair Uí Annagáin?" arsa Pilib Ó Muirghéis ag éirghe de léim agus ag crathadh láimhe le Hannraoi. "Dhá mbadh diabhal as ifreann thú níl ionnat acht fear cneasta! Leag annso í!" arsa Pilib ag breith ar láimh air. "Ceartóchar gach rud leis an aimsir," ars' an sagart. "Le congnamh Dé béidh Éire suaimhneach Sólásach amach annso." ""I ndiaidh a chéile a déantar na caisleáin," agus is fearr a bheith roinnt foighdeach," arsa Pilib Ó Laochdha. "Is iomdha rud atá romhainn amach le déanamh. Tá an tír fá láthair gan earraidh Gaedhealacha agus gan déantúis — acht i bhfíor-chorr-áit — agus ciomacha brocacha salacha suaracha ó Shasana dhá gcaitheamh ar fud na tíre. Nach sgriosfadh sin an tír dhá mbeadh gan tadaidh a bheith ann acht é?" "Bhí earraidh agus déantúis i nÉirinn lá de'n tsaoghal — agus ní i bhfad ó shoin é acht an oiread — acht chuir Sasana deireadh leob," ars' an sagart. "Bhí earraidh agus déantúis na tíre faoi mhór-mheas ar Roinn na hEorpa na céadta bliadhain ó shoin. Bhí ár longa tráchtála féin againn an uair sin agus bhí rath agus slacht ar ár mbailtibh cuain — ní hionann agus anois. 'Ar ndóigh, chuirfeadh sé crádh croidhe ar dhuine siubhal thrí "Chathair na dTreabh" agus thrí Chathair Luimnigh fá láthair! Tá cosamhlacht an bhochtanais ortha. Níl croidhe ná sprid le tabhairt fá deara ionnta. Agus
bhí lá de'n tsaoghal agus ba bhreagh saidhbhir na bailte móra iad. Acht fairíor géar! D'imthigh sin." "D'imthigh sin agus go leor eile 'n-a theannta," arsa Pilib Ó Muirghéis. "Fairíor, d'imthigh ár ndaoine agus tá siad ag imtheacht 'n-a sluaighte. Agus is measa dhúinn iad-san a bheith ag imtheacht 'ná rud ar bith eile." "Níor ghábhadh do chuid mhaith acab imtheacht dhá dtograidís é," arsa Pilib Ó Laochdha. "Dhá gcuidigheadh muinntir na tíre le chéile, agus gan aon tsuim a chur 'sna héadaigh lobhtha a curtar anall as Sasana, is gearr go mbeadh bail níos fearr ar an tír 'ná mar tá. Acht tá an ghalántacht bhréige agus an tseoinínteacht 'ghár bhfágáil ar deireadh. Tá go leor dhár ndaoinibh féin chomh galánta 's nach mbéidh aon phléidhe aca le ceird. Caithtear droch-mheas ar an ngréasaidhe, ar an saor agus ar an táilliúr, ar an bhfigheadóir agus ar an ngabha agus ar an siúinéara. Feilméaracht! Talmhaidheacht! Sin a bhfuil ó mhuinntir na tíre anois. Agus an feilméirín is suaraighe dhár shiubhail talamh nó féar, measann sé gur mó agus gur árd-nósaighe d'fhear é 'ná fear na ceirde! Measann, a mhic ó! Agus é chomh mór agus chomh hárd-nósach 's nach n-aithneochadh sé mairt-fheoil thar chaoir-fheoil dhá leagtaoi chuige iad — rud nach ndéantar acht fá Féil' Mártan nó fá Nodlaig." "Teastuigheann na déantúis go géar go cinnte," ars' an sagart. "Agus béidh Éire bocht chomh fada 's bhéas sí dhá n-uireasbhaidh. Acht mar sin féin, caithfear leanacht do'n talmhaidheacht. Badh mhór an sgrios mara leantaoi. Níl slighe bheathadh is folláine le fágháil 'ná mar tá ag fear na talmhan. Tá aer úr glé glan-fhuar na tuaithe aige. Tá sé i bhfad ó dhiabhalaidheacht agus ó dhroch- chomhluadar na mbailte mór. Agus mara bhfuil saidhbhreas féin aige tá sé lán-tsásta leis an saoghal, 's gan aon imnidhe air acht a chíos d'íoc. Amhduighim
agus deirim go bhfuil an iomarca droch-mheasa ar fhear na ceirde — rud nach ceart a bheith. Acht mar sin féin, a Philib, táir ró-mhór sa mullach ar na feilméaraíbh. I dteannta chéile is fearr an dá dhream." "Is mise an fear adéarfas an rud a chreidim agus atá 'fhios agam," arsa Pilib, "dhá mbeadh a bhfuil d'fheilméaraíbh ó Chluain Meala go Cnoc na nGabha ag éisteacht liom." Rug sé ar an dara gloine. Chroch í, agus deor níor fhág innti d'aon bhlogam amháin. Annsin líon aríst í. "A Philib, táir ag a dhearmad gur gheallais nach n-ólfá aon uisge beathadh!" arsa Aodh. Bhreathnuigh Pilib air agus níor labhair. Breathnuigh faoi agus tairis. D'fhéach ar an ngloine. Chonnaic buidéal de leann sinséir ar cheann an bhuird. Rug ar an ngloine agus dhóirt a raibh innti isteach i gcorn mór 's líon an corn go béal le leann sinséir! "Anois a' bhfuilir sásta?" ar seisean. Thosuigh Aodh ag sgríobadh a mhullaigh agus ag meangadh, acht níor labhair. Thosuigh cuid de na daoinibh eile ag gáiridhe. "Béidh Éire i seilbh Chaitlín Ní Uallacháin fós," arsa Pilib nuair a chonnaic sé na daoine ag breathnughadh air, "agus béidh an "Druimfhionn Donn Dílis" go haoibhneach ar bhántaibh glasa míne Inse Fáil! Tiocfaidh sé sa saoghal go mbéidh ádh agus sólás ar Chlanna' Gaedheal ar a dtalamh dúthchais féin. Agus ruaigfear Seaghán Buidhe bradach as Tír na nGaedheal chomh cinnte 's shoillsigheas an ghrian 'sna spéarthaibh i lár an lae ghléigil! Ruaigfear! — agus tubaiste agus anachain na bliadhna le gach creachadóir a thuilleas é!" ar seisean. "A Philib, leig de'n easgainidhe!" ars' an sagart. "Ní ceart duit tubaiste ná anachain a ghuidhe d'aon duine beo. Tá sé sin le léigheadh agat sa Teagasg Críostaidhe. Ná cloisim a leithid uait aríst! Is
mór an náire d'fhear ar bith a bhfuil an Teagasg Críostaidhe aige ó thús go deireadh — agus fear a bhíos ag fríotháil an Aifrinn! — a bheith ag losgadh na mionn." Níor labhair Pilib. Rug ar an gcorn, agus chaith siar a raibh ann gan breathnughadh ar an sagart. "An gcualaidh tú an t-amhrán breagh atá ag an mBuailteoir?" ar seisean i gceann tamaill. "Chuirfeadh sé sólás ort a chloisteáil." "Ní chualas," ars' an sagart. "Gabh é, a Mhaitiú. Tá sé i n'am againn éirghe as an argúinteacht feasta." "Táir a' rádh na fírinne," arsa Pilib, "Is dona an rud leanacht do nídh ar bith ró-fhada." CAIBIDIL XXX. RINNCE AGUS CEOL. AN PÍOBAIRE AGUS LIAM Ó hEITHFEARNÁIN. "Sguir de'n cheol anois," ars' an tAthair Ó hAnnagáin leis an bpíobaire, "'s béidh amhrán againn ó Mhaitiú. Tá sé i n' am agat a bheith tuirseach ag seinnm ar feadh na hoidhche." "Nílim i n-an aon amhrán a ghabháil, a mh'anam, a Athair," arsa Maitiú. "'Ar ndóigh, dhá mbínn níor ghábhadh a iarraidh orm an dara huair." "Is breagh binn uait a ghabháil ar do theallach féin nó ar mo theallach-sa, muis' — má's é sin do sgéal!" arsa Pilib Ó Laochdha.
"Muise, 'ar ndóigh, ní gabháil a bheirim air!" arsa Maitiú. "Ní theag liom an guth ceart a chur leis." "Rachaidh mise faoi go dteag, marar imthigh sé ó aréir uait," ars' an Ceithearnach. "Anois, a Mhaitiú, déan ann, déan ann!" ars' an sagart. "Sgaoil chugainn é. 'Ar ndóigh, ní ag fágháil locht ort a bhéithear annso?" "Déan, a Mhaitiú, agus Dia go gcuiridh rath ort!" arsa Pilib Ó Laochdha. "Tá daoine annso ar bís nó go gcloisidh siad an t-amhrán nuadh atá agat. A Learaidhe! Bí 'do thost annsin! Tá Maitiú ag dul ag gabháil amhráin." "'Sé Brian a bhí ag spochadh asam!" arsa Learaidhe. "Tá mise san áirdeall ort-sa, a Bhriain!" ars' an Ceithearnach. "Leig de do chuid éirghe i n-áirde sa gcúinne sin má tá an t-ádh in do chaipín!" "Ní mise is cionntach acht Learaidhe a bhí ag glaodhach "spágachán" orm," arsa Brian. "Marar dhubhairt sé leat acht sin, coinnigh do bhéal ar a chéile!" ars' an Ceithearnach. "Sgaoil chugainn an t-amhrán, a Mhaitiú." "Is fearr dhom féachaint leis, ar chuma 'r bith, le grádh do'n réidhteach," arsa Maitiú. "Acht tá faitchíos orm nach bhfuil sé de ghlan-mheabhair i gceart agam, mar nár thosuigh mé 'ghá fhóghlaim go dtí athrughadh indé." Ba bhreagh bog binn an guth a bhí ag an mBuail- teoir go cinnte. Chuir sé fuinneamh agus spreacadh leis an amhrán. Bhí meidhir agus croidheamhlacht ann. Bhí ceol agus binneas ann. Agus bhí an guth ceart aige leis — ag árdughadh 's ag ísliughadh, ag láidriughadh 's ag lagadh, de réir mar d'fheil do'n fhonn. "Sin agaibh anois, "goidé sin do'n hé sin nach mbaineann sé dhó"," arsa Maitiú nuair a bhí an t-amhrán críochnuighthe aige.
Bhí dháréag 's fiche ag bualadh bos i n-éinfheacht. Agus moladh Maitiú go mór. "Nár lagaidh Dia annsin thú!" arsa Pilib Ó Laochdha. "Bhí 'fhios agam-sa go raibh tú i n-an a ghabhála. Acht," ar ndóigh, tá eolas ag 'ch uile dhuine ar an bhfonn sin. Tá sé chomh sean leis an gceo." "Dhá shine é 'seadh is fearr agus is Gaedhealaighe é," ars' an sagart, "acht ní chualas an t-amhrán féin cheana riamh. Bhí sé go rígh-dheas gan bhréig, agus is breagh a ghabh Maitiú é." "Tá guth agus glór agus croidhe ag an mBuailteoir agus go bhfágaidh Dia aige iad!" arsa Pilib. "Maise go bhfágaidh!" arsa dháréag d'aon ghuth. "Is meas agus is creideamhaint do'n pharáiste é!" Ba ghearr 'n-a dhiaidh sin go dtug an tAthair Ó hAnnagáin agus na "daoine móra" eile an párlús ortha féin, agus fágadh an t-aos óg i dteannta chéile le leanacht dá gcuid grinn. Agus sin é an áit a raibh an greann agus an siamsa leis an fhírinne a rádh. Daimhsigheadh go lúthmhar éadtrom deas. Gabhadh amhráin ghrádha go binn-ghothach. Rinneadh comhrádh caoin le óg-mhnáibh deasa. Cuireadh cogair i n-umhal go binn-bhriathrach ós íseall. Bhí soillse an ghrádha go lonnrach lóchrannach le tabhairt fá deara i súilibh annso 's annsúd. Bhí lámha dh'á bhfásgadh agus croidhthe ag preabadh. Bhítheas ag tuigsint sgéalta gan cainnt agus 'ghá n-innsint gan focla. Bhítheas! Aithnigheann an tsúil go leor. Is mór a bheireas sí fá deara. Is mór a thig léithi a chur i n-umhal. Innsigeann dearc uaithi go minic sgéal báis nó beathadh, sgéal bróid nó bróin, sgéal suaircis agus aoibhnis croidhe, nó sgéal fada ar an donas agus ar an anshógh. Innsigheann! Dhaimhsigh Learaidhe nó go raibh sé i gcruth tuitim. Agus ní shásóchadh an saoghal Brian mara bhfághadh
sé féin cead daimhsiughadh ar an mbord mór. Dhaimhsigh, agus shílfeá go leagfaidhe an teach leis an ngáire agus leis an mór-ghreadadh bos a bhí ann an fhad 's bhí sé ag oibriughadh na gcos. Nuair a bhí an bualadh bos thart isteach le Eibhlín Ní Dhonnabháin ar thóir Liam Uí Eithfearnáin. "Tá siad god' iarraidh sa bpárlús," ar sise, "agus ní bhéidh an tAthair Ó hAnnagáin sásta go seinnir dóibh an fonn nuadh a chumais le goirid. Isteach leat go beo. Táthar ag súil leat. 'Ar ndóigh, tá an fhídeog agat?" "Tá" arsa Liam. "Acht," ar ndóigh, ní ceoltóir mise i gcomórtas leis an bhFlaithbheartach, agus bheadh sgáth orm seinnm 'n-a láthair. Is beag an meas a bheadh aige orm! Ní bheadh, acht an oiread 's bhí aige ar na píobairíbh a ruaig sé i dtús na hoidhche!" "Nach hé an Flaithbheartach is mó atá god' iarraidh!" arsa Eibhlín. "Cé'n chainnt sin ort? Agus mhol an tAthair Ó hAnnagáin thú go mór." "Cé hiad atá sa bpárlús?" arsa Liam. "Tá an tAthair Ó hAnnagáin agus Mac Uí Luaithe, 's Aodh ann, agus an Ceithearnach féin. Agus, 'ar ndóigh, tá Nóra Laoide ann! — agus Sibéal. Agus tá Eilís Ní Mhuirghéis ann anois — agus a Liam, dheamhan "steár" ag na buachaillíbh 'n-a diaidh! Tá siad go léir 'n-a diaidh agus ag a iarraidh a bheith 'n-a haice ó thús na hoidhche. Dheamhan blas áird' aca ar Eilís Ní Riain le n-a hais, dhá dheise agus dhá ríméadaighe dhá bhfuil sí. Agus mh'anam go mbíonn súil na glasóige minic go leor ag Sibéal Laoide ar Aodh! Agus dheamhan suaimhneas ar bith ag Mac Uí Luaithe de bhárr Nóra! Tá sí ag faire air mar bheadh cat ag faire ar luich agus gan goir aige a dhul anonn ná anall gan í do bheith leis na sála aige." "Tá tú féin chomh deas le cailín ar bith ann, a Eibhlín!" arsa Liam. Bhreathnuigh Eibhlín air.
"Anois, a Liam, ná ceap go bhfuilim chomh díchéillidhe agus go dtiubhrainn áird ar do chuid plámáis!" ar sise. "Má cheapair, táir ag dul amudha go mór, bíodh 'fhios agat é!" "Creid nó ná creid mé — níl mé ag rádh acht an fhírinne" arsa Liam. "Ní fhacais thú féin ag damhsughadh an phuirt le Tomás Mac Domhnaill mar chonnaic cuid againne! Níl cailín sa teach 'n-a daimhseoir chomh maith leat, a Eibhlín. Bíodh a fhios agat. Tá bród againn asat!" Níor fhreagair Eibhlín. Bhfuil Pilib Ó Laochdha sa bpárlús?" arsa Liam. "Tá" arsa Eibhlín, "'d eile, cá mbeadh sé acht leis "na daoine móra!"" "'Meas tú a' ndearnaidh sé dearmad dhá ghealladh?" arsa Liam. "Mh'anam go bhfuil faitchíos orm go ndearnaidh. Tá sé ag ól neart de'n leann sinséir acht sílim go mbaisteann sé é le braonacha maithe de'n uisge beathadh!" "Níl aon bhaoghal meisge air nó go dtosuighidh sé ag cainnt ar an "uisge coisrig"!" arsa Liam. "Tá baoghal meisge ceana mar sin air, muis' — mar nuair a bhíos-sa ag teacht amach bhí sé ghá innsint do'n tsagart go gcuireann sé an t-uisge coisrig air féin gach oidhche sa mbliadhain." "Ní mór a bheith san áirdeall air mar sin," arsa Liam. "Sin comhartha go bhfuil braon sa gcoircín aige." Chuaidh Liam siar sa bpárlús agus gan mórán dá fhonn air. Bhí roinnt sgáth' agus faitchís air. Dhá mbeadh gan an píobaire clúthamhail seo a bheith sa láthair níor mhisde leis seinnm. Acht cheap sé nár mhór do dhuine a bheith go rígh-mhaith le theacht agus seinnm os comhair an Fhlaithbheartaigh.
Agus ní raibh aon bharamhail ag Liam é féin a bheith go rígh-mhaith ná i ngar dhó. Acht bhí sé i bhfad ní b'fhearr 'ná mar bhí baramhail aige dhó féin, agus is minic amhlaidh é ag fear cúthal dá leithid. Bhítheas ag gabháil dó nó gur thosuigh sé ag seinnm. Tháinic loinnir i n'aghaidh, agus lonnradh 'n-a shúilibh. Chuir sé a chroidhe agus a anam 'n-a chuid ceoil. Agus sheinn sé an fonn chomh háluinn 's gur chuir sé iongnadh mór ar an bhFlaithbheartach féin. Níor labhair an píobaire smid an fhad 's bhí Liam ag seinnm. D'éist sé go dlúth agus go haireach ó thús go deireadh. Ní raibh cor ná casadh sa bhfonn nár thuig sé. Thagadh faoilte an gháire i n'aghaidh ó am go ham ag chomh mór 's bhí an ceol ag taithneachtáil leis. Agus nuair a bhí an ceoltóir réidh mhol sé thar bárr é. "A Liam Uí Eithfearnáin, is ceoltóir thú agus ná creid ó'n saoghal nach headh!" ar seisean. Bhí áthas ar gach duine gur mhol an Flaithbheartach Liam. "Bhí 'fhios agam-sa i gcomhnaidhe go raibh mianach an cheoltóra ann" ars' an sagart. "Níl aon lá ó bhí airde mo ghlúine ann nach raibh tóir aige ar an gceol. Cá fhaide ó chumais é sin a Liam?" "Dheamhan cumadh ná ceapadh a thug mise air, a Athair" arsa Liam. "'Mo chodladh ar mo leabaidh 'seadh bhíos nuair a tháinic sé 'n-a bhríonglóididhe in mo cheann, agus bhí sé agam ar maidin." Dheisigh an píobaire é féin, agus chuir na píobaí i gcóir. "Éist leis anois" ar seisean, "go bhfeicidh tú an bhfuil sé i gceart agam-sa." Sheinn sé an fonn chomh háluinn 's go seasfá sa sneachta ag éisteacht leis. Chuir sé áilneacht ar chroidhe gach duine. Ní raibh 'fhios ag Liam arbh' 'n-a shuidhe nó 'n-a sheasamh a bhí sé le aoibhneas agus glionndar. Ní chreidfeadh sé gur bh'fhéidir leis
a chumadh, ná smaoineadh ar fhonn chomh binn agus chomh háluinn leis, ó chualaidh sé an píobaire 'ghá sheinnm. Bhí sé ag éirghe ó thalamh le ríméad. Bhí maoil ar a chroidhe le áthas. Agus bhí iongnadh an tsaoghail air cé'n chaoi a mb'fhéidir leis an bhFlaithbheartach a fhóghlaim mar rinne ar an bpointe boise. "Ó, ní féidir nó chualais cheana é?" ar seisean. "Go deimhin, ní chualas" ars' an píobaire, "acht cloisfidh go leor feasta é. Seinnfead i mbáireach é i dteach an tsagairt. Agus is gearr go mbídh eolas ag ceoltóiríbh agus ag píobairíbh na tíre air. Is fiú é é. Creid uaim-se go mbéidh do cháil ar fud na tíre dhá bhárr go luath, a mhic ó." Bhí Liam 'n-a shuidhe ar chathaoir i n-aice le Mac Uí Luaithe. Anall le Nóra Laoide agus cá suidhfeadh sí acht ar ghlúinibh Liam! Thosuigh uirthi ag cainnt le Hannraoi agus bhí ag a iarraidh gealladh a bhaint de a theacht ar cuairt chuca. D'fhan Liam socair go leor go ceann tamaill bhig, acht ba ghearr go ndeachaidh ar an bhfoighid aige. "Éirigh dhíom!" ar seisean. "Tá mo luirgne strompuighthe agat, agus mé do mo chrádhadh ag codladh driúilic in mo chosa!" B'éigin do Hannraoi tosuighe ag gáiridhe dá mhíle buidheachas. "Éirigh!" arsa Liam an dara huair. "Ní féidir liom fulaingt leis an gcodladh driúilic níos fuide!" D'éirigh Nóra, agus d'imthigh léithe mí-shásta go leor. Shíl sise gur buidheach ba chóir dhó a bheith faoi gur shuidh "stáid-bhean bhéasach" mar í ar a ghlúinibh. Acht níor shíl sé féin sin. Bhí sé 'n-a mheadhon oidhche go díreach anois. Chuir Maitiú an pláta thart, agus chuir gach duine an méid a thogair sé féin air le haghaidh na bpíobairí. Chuir daoine leath-choróin an duine air, daoine sgilling, agus furmhór na ndaoine eile sé pighne. Bhí maoil
ar an bpláta sa deireadh. Annsin rinneadh bailiughadh ar leith le haghaidh na mbacach a tháinic ag súil le beagáinín iad féin. "Tá sé ag éirghe deireannach agus tá sé i n'am ag cuid againn a bheith ag giorrughadh an bhealaigh a bhaile" ars' an sagart. "Tá sé i n'am agam-sa féin a bheith ag triall ar m'árus agus ar mo leabaidh" ars' an Ceithearnach. "Béidh Mac Uí Luaithe agus mise leat ar an bpointe," arsa Aodh. "Tá Sibéal agus mise ag dul ag imtheacht freisin!" arsa Nóra Laoide ag baint lán na súl as Mac Uí Luaithe. "Béimid go léir i dteannta 'chéile go sroichtear an Crois-Bhóthar," ars' an sagart, "agus annsin ní i bhfad a bhéas le dhul ag ceachtar againn." D'imthigh leob i n-éinfheacht as teach na bainfheise, thar éis "go mairidh sibh bhur nuaidheacht!" a rádh le Éamonn agus leis an mnaoi. Nuair a bhíodar imthighthe cuireadh damhsa ar siubhal sa bpárlús. Agus roinneadh fíon agus uisge beathadh go flaitheamhail agus go slachtmhar ortha so a raibh dúil sa "mbraon" aca, mar bhí fear an chroidhe mhóir — Maitiú — 'n-a bhun agus 'ghá roinnt. Bhí gach duine go beo bíodhgamhail, agus go croidheamhail geal-gháireach — acht an lánamhain nuadh-phósta iad féin! Bhí an bhean, 's gan focal aici, 'n-a suidhe i gcúinne léithi féin, agus Éamonn ag éisteacht le sean — Philib Ó Muirghéis ag cur síos ar Bhliadhain na bhFranncach i gclúid na cisteanaighe. Ba chosamhail leis nach raibh blas suime aige 'n-a bhainfheis féin, ná é ag fágháil mórán sóláis aisti. Agus focal níor labhair sé leis an mnaoi ó thús na hoidhche! Bhí sise 's gan mórán suime aici sa mbainfheis acht an oiread, agus níor chosamhail léithi go raibh mórán suime aici i nÉamonn — nó má bhí, ní raibh sin le tabhairt fá deara. Níorbh' é
Éamonn Ó Broithe an chéad fhear chuaidh ag déanamh cleamhnais le n-a hathair. Hiarradh go mion minic í. Bhí a cleamhnas déanta dó nó trí de chuarta' agus briseadh é gach uair. Acht bhí dhá chéad punnt de spré le fágháil aici agus bhí a fhios aici nár strómh uirthi fear agus gabhaltas maith talmhan fhágháil. Agus ó bhí an léas ag Éamonn Ó Broithe 'sé fuair í sa deireadh. Marach go raibh giodán maith talmhan aige agus é deiseamhail is beag an baoghal go bhfuigheadh sé í. Bheadh sé fánach aige. Bhí na buachaillí sa tóir ar Eilís Ní Mhuirghéis i gcomhnaidhe. Ba mhinic ceathar 'ghá hiarraidh ag damhsughadh i n-éinfheacht. Bhí Maitiú ag faire go bhfuigheadh sé faill le beagán cainnte a bheith aige léithi, acht ní fhuair sé an deis cheart ar feadh na hoidhche — thar éis a raibh d'fhonn air labhairt léithi. Bhí go leor neithe ar mhaith leis trácht léithi 'n-a dtaobh. Acht dhá mbeadh an fhaill féin aige ní bheadh sé de mhisneach aige a smaointe a nochtughadh mar is ceart os a comhair. Bhí a sgéal féin aige. Bhí a fhios aige cé mar bhí tráth, acht ní raibh a fhios aige cé mar bheadh. Bhí a rún i dtaisge 'n-a inntinn féin, agus ní gábhadh a rádh go raibh baint aici-se leis an rún sin. Bhí. Agus b'fhurusta aithne ar gach amharc dá dtug sé uirthi gur uirthi a bhí sé ag smaoineadh. Acht ní mórán sóláis a bhí aige de bhárr na smaointe. Chuireadar brón agus cumha air mar chuireas smaointe dhá leithid i dtaoibh "an am' fad ó" ar dhuine beagnach i gcomhnaidhe. Sa deireadh d'éirigh leis faill fhágháil ar labhairt léithi, acht níor dhubhairt sé acht cúpla focal dhá mhéad dá raibh aige le rádh. "Do shláinte, a Eilís!" ar seisean — agus bhog a chuid súl beagán 'ghá rádh dhó — "go mbeirimid beo ar an am so aríst!" B'éigin d'Eilís braoinín beag a ól as a ghloine agus d'óladar sláinte a chéile. "Go raibh maith agat!" arsa Maitiú. "Tá
an blas níos milse anois ó bhlaisis-se dhi!" agus d'imthigh. "Meas' tú céard atá ar Mhaitiú?" arsa Eilís le Eibhlín i gcogar. "Sílim nach bhfuil sé chomh croidheamhail 's bhíodh sé roimhe seo." "Sin é a bhímid féin a rádh," arsa Eibhlín. "Níl a leath oiread suime i ngreann aige le sgathamh 's bhíodh. Ní bhíonn fonn air a dhul chuig damhsa ná báire — pé'r bith cé'n fáth é. Acht buidheachas le Dia ní rud ar bith atá ar cearr le n-a shláinte." "Buidheachas le Dia nach headh!" arsa Eilís ag dearcadh aríst ar Mhaitiú, agus ag baint lán na sul as. Acht ní thug sé fá deara í. Is gearr a bhí sí ag dearcadh air nó gur thuig sí, dar léithi, céard a bhí air. "Tuigeann fear léighinn leath-fhocal." "Maitiú bocht!" ar sí léithi féin. "Cé mar thaithnigheas bean Éamuinn leat?" arsa Eibhlín. "Ní dhearnas mórán cainnte léithi," arsa Eilís, "acht nach aisteach an rud a laghad a bhfuil de chroidhe aici anocht. Shílfeá gur ar tórramh atá sí i leabaidh a bheith ar a bainfheis féin!" "Tá Éamonn chomh dona léithi," arsa Eibhlín. "Dheamhan anonn ná anall a chuaidh sé ar feadh na hoidhche." "Acht 'tuige nach dteagann sé agus labhairt léithi féin?" arsa Eilís. "Tá sé luath acab a bheith ag seachnughadh comhluadair a chéile!" "Ara, dheamhan grádh a bhí aca dá chéile!" arsa Eibhlín. "'Ar ndóigh, chualaidh tú go raibh sé i ngrádh le Neansaidh Ní Ógáin? Acht cuireadh fá ndeara dhó a dhul ar thóir na spré." "Á, a Eibhlín, féach féin gur aisteach an rud pósadh le grádh do'n airgead 'n-a dhiaidh sin! Is mairg a cheapfadh gurab é ádhbhar gach sóláis é!" arsa Eilís. "Droch-chríoch air mar airgead!" arsa Eibhlín.
"Cé'n mhaith do dhuine é mara mbídh sólás eicínt aige dhá bhárr? 'Ar ndóigh, b'fhearr liom-sa fear óg gan cíonóg ruadh a mbeadh grádh agam dhó 'ná Ridire a mbeadh an ghráin agam air. Agus b'fhearr dhom é freisin acht an grádh fíor ceart a bheith againn féin dá chéile." "Ara, anonn leat go dtí í, a Eilís, agus b'fhéidir go mbiorróchadh sí suas beagán," arsa Eibhlín. "Tá sí annsin 's gan focal aici ó thús na hoidhche." Chuaidh Eilís chuici go meangach agus shuidh síos le n-a hais. "Táir roinnt uaigneach fós, 'ar ndóigh, nídh nach iongnadh," ar sise. "Acht taithneochaidh an áit go maith leat nuair a chuirfeas tú aithne ar na comhur- sanna. Daoine lághacha iad. Agus is gearr a bhéas an t-uaigneas ort 'n-a measg, feicfidh tú féin." Níor fhreagair an bhean ná níor labhair focal. "Acht, 'ar ndóigh, is mór an sólás duit nach bhfuilir i bhfad ó do mhuinntir féin" arsa Eilís. "Bhfuil aon rath ar a chuid beithidheach?" arsa bean Éamuinn. "Cé na beithidhigh atá i gceist agat?" arsa Eilís fá iongnadh. "Cé na beithidhigh a bheadh i gceist agam acht beithidhigh Éamuinn!" ar sise. "Ní fhacas dhá laoighín chomh suarach riamh 's chonnaiceas san iothlainn nuair a bhíomar ag teacht. A leithidí de shuaracháin bheaga bhídeacha ní fhacas riamh roimhe i n-aon áit! Tá súil le Dia agam go bhfuil slacht agus teacht i láthair eicínt ins na beithidhigh. Agus má's d'aon chineál amháin iad féin agus na laoghannta is dóigh gur beag le rádh iad! A' bhfaca tusa na laogh- annta?" ar sise. "Ní fhacas. Ní thugas fá deara iad" arsa Eilís ag meangadh. "Tá siad chomh caol leis an gcat," ar sise, "agus gan oiread na fríghde ionnta. A leithidí níor facthas i n-iothlainn m'athar riamh!"
"Gabh mo leith-sgéal go fóill" arsa Eilís. "Caithfead a dhul ar thóir Eibhlín Ní Dhonnabháin." Agus d'imthigh. "Níl aon bhaoghal gur briseadh croidhe atá uirthi ar chuma 'r bith," ar sise le Eibhlín. "Níl tada ag déanamh imnidhe dhi acht na beithidhigh!" CAIBIDIL XXXI. LE FÁINNE GEAL AN LAE. "A Eibhlín, b'fhearr dhuit-se bheith san aireachas ar Philib Ó Laochdha," arsa Liam. Ó hEithfearnáin le Eibhlín Ní Dhonnabháin. "Agus ná leigidh dhó imtheacht go mbídh duine eicínt i n-éinfheacht leis. Ní mór a bheith san áirdeall air!" "Tá baoghal mór air go deimhin!" arsa Eibhlín. "Nach gcluin' tú é ag cainnt ar an "uisge coisrig"?" arsa Liam. "Céard a chruthuigheas sin acht go bhfuil an iomarca istigh aige?" "Má tá, níl mórán dá chosamhlacht sin air," arsa Eibhlín. "Á, go bhféachaidh Dia ar do cheann! 'Ar ndóigh tá go leor daoine nach n-aithneochadh air an mbeadh deor n-a bholg," arsa Liam — "le neart a chuid gleacaidheachta. Mar deir an sean-fhocal, tá sé "chomh glic leis an madadh ruadh, chomh sleamhain leis an eascoin, agus chomh milis leis an siúcra." Anois ar do bhás ná leig dhó imtheacht go mbír leis, nó níl 'fios cé'n bóthar a thóigfeadh sé. Bhéinn féin a bhaile leis marach go bhfuil orm imtheacht ar an bpointe boise.
Caithfidh mé cairt mhónadh a thabhairt 'na bhaile mhóir. Badh cheart dom imtheacht, tá uair ó shoin ann." "Fan go n-ólair braon tae ar chuma 'r bith, arsa Eibhlín. "Béidh Maitiú san áirdeall ar Philib agus rachaidh siad a bhaile i gcuideacht." Thug sí dhó cupán tae agus bhí sí leis go mb'éigin dó an dara cupán ól agus gan mórán dá fhonn air. "Agus an mbíonn uaigneas ort mar sin, a Liam, ar na bóithribh uaigneacha leat féin de shiubhal oidhche?" "Ní bhíonn. Níl aon rud is mó a thaithnigheas liom 'ná an t-uaigneas anois agus aríst! Nuair a bhím liom féin i gceart-lár an chriathraigh agus gan duine, gan deoraidhe, gan bothán, gan baile, in mo thimcheall, is minic a thagas sólás mór — agus amannta tagann brón — ar mo chroidhe. Nuair a bhím i ngleanntán fraochmhar sléibhe sínte siar liom féin lá breagh fada aoibhinn samhraidh, bím chomh sásta agus chomh sólásach 's dá mbéinn 'mo Rígh ar Chúige Mumhan!" "Agus 'tuige a' mbíonn an sólás agat i measg na gcnoc nó i ngleanntaibh iargcúlacha an tsléibhe seachas áit ar bith eile?" arsa Eibhlín. "Deir Pilib Ó Laochdha gur mar gheall air gur ceoltóir mé é. Agus b'fhéidir gurab eadh. Acht pé'r bith cé'n fáth atá leis, a Eibhlín, níl aon áit is fearr liom a bheith de shiubhal lae ná 'sna gleanntaibh sléibhe is uaignighe. Nuair a thagas laetheannta breagha grianmhara an tsamhraidh agus bhíos an fraoch faoi bhláth agus spéartha áilne neimhe gan smúit, gan sgamall — nuair a bhíos na héanlaithe go haoibhneach ag cantain cheoil — agus an ghrian ag sgairteadh go lonnrach soillseach ar na sléibhte — is minic a bhuailim amach liom féin ó'n bportach agus a chaithim an lá go sólásach ag seinnm d'fheadógaibh an tsléibhe agus d'fhuiseogaibh an aeir. Chítear dhom go mbíonn na cnuic 's na cnocáin, na gleannta 's na srutháin ag éisteacht le ceol m'fhídeoige, agus
mé liom féin i n-uaigneas an tsléibhe gan de chomhluadar acht mo smaointe agus an tulchán bán!" "Agus sin é bhíos tú a dhéanamh i leabaidh a bheith i n-éadan do phortaigh agus ag baint do chuid mónadh!" "Ghním an dá rud," arsa Liam. "Deir Pilib Ó Laochdha go bhfuilim chomh díthchéillidhe le file. Agus deir daoine eile gurab aisteach an rud an oiread sin grádha do bheith agam do'n uaigneas, acht níl aon neart agam-sa air. An rud a ghrádhuigheas duine creidim gur cóir dhó leanacht dó — an lá nach bhfuil aon dochar ann. Agus, 'ar ndóigh, ní dochar a bheith ag seinnm cheoil 'sna gleanntaibh agus ag éisteacht le crónán sruthláin ag dul le fánaidh? Acht céard táim a rádh chor ar bith? Béad deireannach! Nach orm a bhí an cathughadh nár imthigh i bhfad ó shoin!" ar seisean go tobann agus amach leis de seársa. Ghabh an Laoideach dhá amhrán thar a éis sin. Daimh- sigheadh trí nó ceathair de phuirt, agus annsin tosuigheadh ag stócáil le dhul a bhaile. "Tá sé 'n-a lá gheal," arsa Pilib Ó Muirghéis, "agus thar am a bheith ag dul a bhaile. A Mhaitiú, cuir an cárr ar an asal dom, le do thoil, agus abair le Eilís deifriughadh. Mara bhfuil a dóthain damhsa aici anois, ní lá go maidin é!" Chuir Maitiú an gléas ar an asal. Chuir faoi'n gcárr é. Agus sgar gabháil mhór thuighe ar urlár an cháirr. Ba mhaith leis Eilís a bheith chomh socamhlach 's b'fhéidir é. Agus bhí sí socamhlach freisin sa gcáirrín. Bhí ceathar buachaillí ag cuidiughadh léithi ag dul isteach sa gcárr dhi. Agus ní bheadh a fhios agat céard a bhí aca le déanamh! "'Tuige nach dteagann tú ar cuairt chugainn chor ar bith ar an aimsir seo, a Mhaitiú?" ar sise nuair a bhí sí ag imtheacht. "Dheamhan a mbíonn d'am agam," ar seisean, "acht amháin Dia Domhnaigh."
"Anois, ná dearmad cuairt a thabhairt orainn go luath," ar sise. "Béidh áthas mór ar mo shean- athair seanchus a bheith aige leat." "Go raibh míle maith agaibh!" arsa Maitiú. "Rachad soir go luath." "Tar Dia Domhnaigh seo chugainn," ar sise ag meangadh. "Tá báire le bheith againn Dia Domhnaigh seo chugainn," arsa Maitiú, "agus bhí sé chomh mhaith dhom an tír fhágáil dhá gclisinn ar na buachaillíbh eile. Agus freisin béidh orm mé féin fhéachaint ag caitheamh an uird i n-aghaidh an Chaiptín. Dhá bhfághadh sé a bhfuil sa mbith bán ní bheadh sé sásta gan mé fhéachaint. Agus, ar ndóigh, ní loicfidh mise uaidh. Ní bheadh an deifir air atá marach go bhfuil na saighdiúirí atá faoi le cur do na hIndiacha', agus béidh air-sean a dhul 'n-a dteannta, adeir sé." "Bhfuil na saighdiúirí le himtheacht?" arsa Eilís ag preabadh, agus ag dearcadh air fá iongnadh. "Tá," arsa Maitiú. "Agus nach cuma linne faoi bhonnacha' an diabhail a theacht nó a imtheacht dóibh!" arsa sean-Philib, ag bualadh laisg' ó mhaol gualann ar an asal a chuir ag lúbarnaighil é i lár an bhóthair. "Is cóir do'n asal bocht a bheith buidheach de na saighdiúiríbh," arsa Maitiú leis féin. "'Siad is cionntach leis an mbuille sin a fuair sé!" Isteach le Maitiú. Bhí go leor de lucht na bain- fheise imthighthe anois. Acht bhí cuid mhaith daoine sa láthair fós féin. Bhí Learaidhe ag cur a chraicinn de ag damhsughadh agus bhí an Laoideach ag feadghail agus ag casadh puirt. "Ní fhacas Maitiú ag daimhsiughadh oiread 's port ó thús na hoidhche," ars an Laoideach le Eibhlín. "'Tuige nach gcuireann sibh ag damhsughadh é?" "Is gearr go bhfeicidh tú ag damhsughadh anois é, nó cinnfidh sé orm-sa," arsa Eibhlín.
Anonn léithi agus rug i bhfus 's tall air. "Is mór an náire dhuit é," ar sise," gan oiread is port a dhaimhsiughadh ar feadh na hoidhche. Nach támh-leisgeamhail an mhaise dhuit é, a mhic ó! Nach tú an sean-duine críon caithte againn le nach ndaimhseochaidh tú! Níl aithne ort nach thar éis do mhná a chur i gcill atáir! Amach leat annso i lár an urláir agus ná bí annsin in do leoiste níos fuide!" "Nár lagaidh Dia thú, a Eibhlín!" ars an Laoideach. "Seas amach ar m'aghaidh mar sin!" arsa Maitiú le n-a dheirbhshiúr, "agus daimhseochad ar deireadh thiar féin." ""Is fearr go deireannach 'ná go bráthach,"" ars' an Laoideach. "Is maith anois féin é." Amach le Maitiú i lár an urláir go beo líomhtha. Sheas Eibhlín ar a aghaidh. Rugadar ar dhá láimh ar a chéile. Thug a n-aighthe ar na daoinibh, agus d'umhluigh go múinte do'n phíobaire agus dhá raibh i láthair. Socruigheadh doras mór leathan i lár an urláir. Sheasadar amach ó chéile ar an doras. Bhreathnuigheadar féin ar a chéile. Agus d'fhiafruigh Maitiú de'n phíobaire an raibh sé fá réir. "Táim anois," ars' an píobaire. "Acht céard is fearr libh?" "Bhfuil an "Londubh" in do mhála?" arsa Maitiú. "Tá — nó is gearr ó d'fhág sé é," ars' an píobaire. Thosuigh an ceol agus níor leis na daimhseoirí a b'fhaillighe é. 'Siad a bhuail cos air go lúthmhar cliste éasgaidh. Ní raibh iongnadh ar bith le fágháil acht an Buailteoir ag leagan na gcos, anois deiseall, annsin tuaithbheall, anois leis an tsáil, aríst le bárr na bróige, ar gach siolla, gach cor, agus gach casadh de'n "Londubh," chomh réidh agus chomh cliste agus chomh héadtrom-chosach agus go mbadh dhóigh leat nach mbrisfeadh sé ubh fá n-a chosaibh. Agus bhí Eibhlín thar cionn freisin. Níor facthas cheana riamh daimh-
seoir "chomh lúthmhar éadtrom deas" ar bhainfheis i gCnoc na nGabha. Gheall Dia croidhe mór, misneach, agus spioraid di. Bhí cleachtadh aici ar an damhsa ó bhí sí beag bídeach. Agus is beag oidhche áirneáin a leig sí féin agus Maitiú tharta le bliadhanta gan damhsa eicínt a chleachtughadh ar a dteallach féin. Shílfeá go minic nach rabhadar ag leagan cos ar bith ar an doras. Is beag nach dtiubharthá an leabhar go mbídís anois agus aríst ag baint torainn as gan cos ar bith a bhualadh air. Bhí an damhsa aca go díreach mar a chéile. Níor chuir ceachtar aca cor dhe nach ndearnaidh an duine eile. Bhí bród ag gach duine asta. Agus dhá mbeadh a máthair sa láthair bheadh mór-ríméad uirthi a mac agus a hinghean fheiceál ag damhsughadh mar bhíodar. "Maise, croidhe do'n Bhuailteoir!" adeireadh duine. "Dia le Eibhlín!" adeireadh duine eile. "Faoi do chois é, a Mhaitiú!" a d'fhuagruigheadh duine eile. "Goirm go deo sibh!" arsa Pilib Ó Laochdha nuair a bhíodar críochnuighthe. "Chuir sé sólás ar ár gcroidhe a bheith ag breathnughadh oraibh. Mo ghoirm go héag bhur gcnámha! 'Siad atá acluighthe agaibh i Nach bhfuil damhsa mar sin i n-an bláth na hóige a chur ar shean-duine críon caithte? Anois, a ghearr- chailí, cá bhfuigheadh sibh fear chomh croidheamhail leis an mBuailteoir — slán a bhéas sé agus nár fheicidh súil droch-dhuine é! Is ait agus is áidhbhéil go léir an éadtruimeacht agus an chlisteacht atá in do chosaibh, a Mhaitiú, agus deirim-se gurab agat atá an smacht ortha, dhá thruime d'fhear thú, bail ó Dhia ort! Agus ní náire dhuit do dheirbhshiúr, leabhar so! Agus ní náire dhíbh féin a chéile. Is meas agus is creideamhaint do Chnoc na nGabha an bheirt agaibh — 'seadh sin. Nuair a bhíos-sa in mo bhuachaill óg is iomdha cailín ar dhaimhsigheas léithi agus is iomdha áit a rabhas ag
damhsughadh, acht ní fhacas fós riamh an óig-bhean a gheobhadh an ceann is fearr ort-sa, a Eibhlín Ní Dhonnabháin!" "Ní chuirfeadh an saoghal srian le n-a theangaidh nuair a bhíos an iomarca de "shugh an ghráin eorna" istigh aige!" arsa Eibhlín i gcogar leis an Laoideach. "Nuair a bhíos-sa in mo fhear óg mar thusa, a Maitiú, ní raibh de chailleadh orm ag greadadh urláir," arsa Pilib. "Acht ní thig leis an óige ná le croidheamh- lacht na hóige maireachtáil i gcomhnaidhe. Fairíor nach ró-luath i gcomhnaidhe a imthigheas siad! Nach ró-ghearr a mhaireas siad — na laetheannta aoibhinne a bhí againn i n-aimsir ár n-óige — agus a thagas buaidhreadh agus anshógh agus anró an tsaoghail seo 'n-a leabaidh! Mo Nóra bhocht!" ar seisean go tobann agus líon a shúile le deoraibh 's focal eile níor labhair. "A Philib, tá sé i n'am againn a bheith ag dul a bhaile anois," arsa Maitiú ag teacht anall go dtí é. "Ná bí ag cainnt mar sin. Tiocfaidh croidheamhlacht na hóige ar ais chuig Nóra le congnamh Dé, feicfidh tú féin." Ní thug acht cúpla duine fá deara Pilib ag silt na ndeor, agus ní chualaidh acht beirt nó triúr é ag a rádh "Mo Nóra bhocht!" "Tá an ghrian 'n-a suidhe," arsa Maitiú "agus é thar am againn a bheith ag dul a bhaile." Fágadh céad slán agus míle beannacht ag Éamonn agus ag a mhnaoi. Guidheadh gach sonas agus gach sólás dóibh. D'ól go leor "sláintí" a chéile, agus "deoch an dorais" ag imtheacht. D'fhág sean-cháirde míle slán ag a chéile. Agus labhair cáirde óga go caoin le chéile ag sgaradh. Dubhairt gach duine "go mairidh sibh bhur nuaidheacht!" leis an lánamhain phósta. Hinnsigheadh dhóibh chomh mór 's thaithnigh an bhainfheis le gach duine. Agus buaileadh amach as tigh Éamuinn Uí Bhroithe go moch ar maidin. Anois ghnímid féin comh-gháirdeachas le Éamonn agus le n-a mhnaoi ar deireadh thiar. Thaithnigh
a bhainfheis linn go mór. Níor mholamar agus níor cháineamar acht de réir mar tuilleadh. Fágfamuid míle slán ag lucht na bainfheise freisin. Guidhmid go leor bainfheiseach fíor-Ghaedhealach a bheith sa tír sul dá gcaithtear an bhliadhain. Agus guidhmid Dia ag cur rath agus séan, sonas agus sógh ar gach Gaedheal a bhuaileas fá'n bpósadh, "ó anocht go bliadhain ó anocht agus anocht féin!" CAIBIDIL XXXII AR BHÓTHAR UAIGNEACH CHLUANA MEALA Chuaidh Liam Ó hEithfearnáin a bhaile ó'n mbainfheis fá bhog-dheifir mhaith. Moill ní dhearnaidh sé gur shroich sé a bhotháinín beag uaigneach féin ar bhóthar iargcúlach an phortaigh. Ní raibh duine ar bóthar ná ar bealach ag teacht dó. Solus ní raibh le feiceál i bhfuinneoig aon tighe. Bhí an oidhche go han-chiúin — dhá ghairbhe dhá raibh sé dhá lá roimhe sin. Ní raibh puth as aer. Bhí gach rud ar suaimhneas an tráth so d'oidhche. Ní raibh de thorann le cloisteáil ag Liam acht crónán an tsruthláin i ngar dhó agus glór an easa i bhfad uaidh. Oidhche bhreagh aoibhinn ghealaighe a b'eadh í. Bhí sé thar am mharbhtha na hoidhche anois, agus níorbh' fhada go mbeadh sé ag déanamh lae. Ní raibh an "Streoilín" le feiceál agus bhí na réalta ag dul as amharc i leabaidh a chéile. Bhí 'fhios ag Liam go mbadh é a chloch nirt a bheith i gCluain Meala i n-am leis an móin, agus bhí sé 'n-a dheabhaidh mhóir agus 'n-a chruadhóig air. Thóig sé an eochair as puillín beag fá'n díon os cionn an dorais.
Bhain an glas, agus isteach leis 'n-a theachaín féin. Solus ná léargus ní raibh roimhe. Ní raibh dé ná deatach sa teach, ná aithinne sa gcoigilt. Tharraing sé bosga lasóg as a phóca. Rug ar shliseoigín thirm ghiúsaighe, agus las í. "Is mairg d'íosfadh ná d'ólfadh luach an tsoluis! Míle glóire le Dia níl aon rud ann mar é!" arsa Liam nuair a chonnaic sé an lasair bhreagh shoillseach a bhí ar an tsliseoig. "Acht tá sé air agam-sa agus agat-sa, a mhúille, brostughadh orainn. Béithear ag súil linn. Tá bóthar fada romhainn. Agus is fada an choisméig as seo go Cluain Meala, mar tá 'fhios agat. Bímis ag ullmhughadh mar sin i n-ainm Dé." Chraith an múille a cheann ag cur i gcéill gur thuig sé féin an sgéal ceart go leor agus go raibh réidh leis an aistear a thabhairt. Chuir Liam an gléas air. Chuir fá'n gcárr é agus níorbh' fhada go rabhadar ag giorrughadh an bhealaigh. "Maise, go cinnte, is uaigneach an bóthar é seo — agus ní bréag a rádh gurab eadh!" arsa Liam leis féin. "Ní bheadh 'fhios cé aca is uaignighe an bóthar mór nó an criathrach. Is beag nach hionann dóibh. Acht ní aon tsuim san uaigneas atá agam-sa, go deimhin ní headh, agus d'innsigheas sin do Eibhlín ag an mbainfheis. Acht is ait an rud é, mar uaigneas, mar sin féin. Agus 'sé an t-uaigneas croidhe is measa! Nuair a bhíos an t-uaigneas sin ag gabháil do dhuine bíonn saoghal uaigneach aige dhá mbeadh sé i measg na mílte gach lá. Bíonn. Agus b'fhéidir gurab uaignighe a chroidhe 'n-a lár 'ná dhá mbeadh sé 'n-a chadhan aonraic leis féin. Nár mhór é uaigneas Oisín i ndiaidh na Féinne? Nár mhór a chumha agus a chathughadh 'n-a ndiaidh? Agus cé'r bh'iongnadh é? Mar deir Pilib Ó Muirghéis ní raibh an áit seo chomh huaigneach 's tá am de'n tsaoghal. Is fairsing a bhí tighthe i leath- taoibh an bhóthair. B'fhurusta d'fhear bóthair 's
bealaigh greim agus blogam agus lóistín na hoidhche fhágháil ann. Acht fairíor! d'imthigh an sean- tsaoghal. Níl teach ann anois 'n-a bhféadfadh duine a phíopa a dheargadh. Is gearr go mbídh an áit i n'aon fhásach amháin gan duine gan deoraidhe — cé is moite do shean-Philib. Níor leig an faitchíos dóibh drannadh leis-sean? Maise, nár lagaidh Dia do chabhail annsin, a Philib! Fairíor géar, gan thú i n-aois do chúig mbliadhan fichead agus leath-chéad míle buachaill againn ded' leithid! Nach ann a bheadh an greadadh, an rúsgadh, an smíochadh agus an tréan-tuairgint! Bainfidhe deatach as Seaghán Buidhe an uair sin! Acht bainfear cnead agus osnadh ó chroidhe as fós, agus go mbaintear! Nár leigidh Dia nach mbainfidhe díoghaltas as ar son gach treasgairte agus gach géar- leanamhna dá dtug sé dhúinn ó'n gcéad lá ar chuir sé a chrúba móra sanntacha 'n-ár dtírín dúthchais. Sin é thuas an áit a raibh teach Mhícheáil Uí Bhriain, an duine bocht! Go bhfóiridh Dia na trócaire ar gach duine a dtastuigheann sé uaidh! Nach iomdha deoch bhreagh bhainne d'ólas 'n-a theach! Agus nárbh' fháilteach subháilceach an áit bualadh isteach chuca? Ní fhacas aon bhean riamh ba fhlaitheamhla agus ba ghnaoidheamhla 'ná í féin — an bhean bhocht — Dia le cabhair chuici! Nár dheas te teolaidhe é a dteach lá de'n tsaoghal sul dár bhuail an tighearna bradach sin fútha? Agus nach beag le cois na sláinte ag mo Mhícheál bocht anois? Acht níl neart aige air!" Is gearr gur shroicheadar an sruthán 'n-ar ghnáthach leis an múille a thart a choisgeadh i gcomhnaidhe ag dul go Cluain Meala dhó. Níor dhearmad sé anois féin cor a thabhairt nuair a tháinic sé go dtí an áit. D'ól sé deoch agus leig a sgíth ar feadh tamaill bhig. Sheas Liam le n-a thaoibh. Dhearc uaidh ar bhruach an tsrutháin taobh thall agus leig osnadh. "Nach maith is cuimhneach liom an lá fad ó ar casadh
í féin agus mé féin ar a chéile ag an sruthán so!" arsa Liam leis féin. "Ní dheachas thairis ó shoin gan cuimhniughadh uirthi agus ní rachad an dá lá is beo mé. Nár chroidheamhail láidir an cailín í an lá úd! Nár bheag an chosamhlacht tinnis ná donachta a bhí uirthi! Nár lághach geal-gháireach, nár mhisneamhail croidheamhail í! Agus nár dheas an seanchus a bhí againn le chéile annso go díreach! Á, nár bheag an ceapadh a bhí agam gurbh' é an uair dheireannach aici é ag teacht go dtí an sruthán so! Agus ní shiubhailfidh sí go dtí é go deo aríst — mara bhfuil ag Dia! Nóra bhocht! Go bhfóiridh Dia uirthi! Nach Aige a bhí sé le n-a haghaidh! Nach sílfidhe nach leagfadh Dia ar lár í, mar rinne, go húr óg i dtús a maitheasa — agus gan inghean ag a máthair acht í! Acht cé'n mhaith a bheith ag dul i n-aghaidh tola Dé? B'fhéidir gurab é a leas é! Acht cá bhfios dúinn? Cá bhfios dúinn?" Chuir Liam a lámha suas ar a éadan agus ghuil go bog úr. Tháinic na deora 'n-a mbraonachaibh móra le n-a shúilibh. D'fhan sé 'n-a sheasamh annsin ag smaoineadh. Níor chorruigh nó gur bhain an múille amach dá dheoin féin. Ní ar an múille ná ar an móin a bhí Liam ag cuimhniughadh an móiméad sin cois an tsrutháin. Níorbh' eadh — acht, mar tá 'fhios agat, a léightheoir dhil, bhí sé ag smaoineadh ar chailín óg áluinn a bhí mar chara agus mar chompánach aige nuair a bhí sí 'n-a gearr-chaile — óig-bhean a raibh gean agus grádh aige dhi i gcomhnaidhe 'n-a chroidhe istigh — maighdean aoibhinn óg sgathamh gearr ó shoin, acht fairíor! — cláiríneach bocht gan lúthad gan spreacamh gan sláinte anois! Bhí níos mó grádha i dtaisge 'n-a chroidhe dhi anois 'ná mar bhí riamh. Acht má bhí an croidhe lán de ghrádh bhí sé lán freisin de'n "uaigneas" ó'n gcéad lá ar bhuail an donacht agus an droch-shláinte Nóra Ní Laochdha! D'imthigh leis an múille agus le n-a chinnire go mín réidh socair thar a éis sin. Bhí árd mór amach rómpa
anois. Chuaidh Liam i ndeireadh an cháirr agus sháith leis an múille. De bhárr an áird chonnaic sé solus i dtigh Philib Uí Mhuirghéis. "Is mór an t-iongnadh nach 'n-a gcodladh atá siad an tráth so," ar seisean. "Acht is dóigh nárbh' fhiú leob é thar éis na bainfheise. Nach fearr dhom rith suas agus mo phíopa a dheargadh." Suas leis an bóithrín. Bhí ag dul isteach an geata beag go díreach nuair a buaileadh go tobann buille cruaidh treasna na luirgne air. Buaileadh aríst agus aríst eile é agus crádhadh go croidhe é. Bhreathnuigh sé faoi agus thairis acht bhí an áit chomh dorcha 's nach bhfaca sé duine ná beithidheach ná nídh dhá laghad. Tagadh air go tobann de rith reatha aríst. Buaileadh buille mór eile go teann cruaidh aniar sa leath- deiridh air agus baineadh crathadh mór as. Tagadh air an tríomhadh huair. Buaileadh caol díreach 'sna hiosgadaíbh é agus is beag nár cuireadh amach ar a bhéal 's ar a fhiaclaibh ar an tsráid é. "Do chraiceann bruithte feannta ag an gcleabhar. An ag iarraidh mo mharbhtha atáir?" arsa Liam go hárd-ghlórach feargach. "A chladhaire shalaigh — pé'r bith cé thú féin! Seas amach, má's fear thú, agus ná bí ag a iarraidh mé a dhonughadh go fealltach! Seas amach annso agus déan do dhícheall! De'n D--l is móide a mbeadh de mo bhárr-sa agat, a mhic ó! Seas amach!" ar seisean ag caitheamh dhe a chóta. Acht freagra ní fhuair. Torann ní chualaidh. Sheas sé gan cor a chur dhe. D'éist go haireach. Acht duine ní fhaca. Annsin bhuail sgannradh é. "Sábháil Dé orainn! Céard a bhí ann chor ar bith?" ar seisean. "Meig, geig, geig, geig," arsa rud eicínt ag an ngeata. D'iompuigh Liam thairis. Bhreathnuigh. Chonnaic sé gabhar Philib Uí Mhuirghéis ag bualadh isteach an geata.
"Maise, crochadh árd lá gaoithe chugat agus bearradh salach Sathairn — má's tusa atá annsin!" ar seisean. "Sgread mhíle mhaidne annsin ort mara'n tú an fealltóir! Is beag a bhéarfadh orm an smig shalach shuarach a ghearradh dhíot anuas, a rud fhéasógaigh ghránda!" Ag dul thar fhuinneoig na cisteanaighe dhó baineadh geit as. Acht níorbh' é an gabhar a casadh 'n-a bhealach anois. Istigh sa teach 'seadh chonnaic sé an rud a chuir iongnadh air. Nuair a thug sé an tsúil thairis ag dul thar an bhfuinneoig dhó chonnaic sé fear mór istigh sa gcisteanaigh. Bhí casóg dhearg air fá chnaipí buidhe ar dhath an óir. Sheas Liam ag an bhfuinneoig fá iongnadh. Bhí an doras ó thuaidh fosgailte. Bhí fear mór na casóige deirge ag cainnt le Eilís agus i ngreim láimhe innti. Saighdiúr!" arsa Liam! "Mh'anam gurab eadh! Céard a chas an bealach so é, nó céard a thug ar a tóir é chor ar bith?" Chonnaic sé an saighdiúr ag fágáil "slán" ag Eilís. B'fhurusta aithne go raibh sé ag cainnt go caoin grádhmhar léithi. Sa deireadh chuir sé air a chathbhárr agus amach leis. Chonnaic Liam é ag imtheacht. Chonnaic sé Eilís Ní Mhuirghéis istigh 'n-a suidhe síos. Bhí a lámha ar a héadan. Ba chosamhail go raibh sí ag smaoineadh. B'fhéidir go raibh áthas uirthi. B'fhéidir gur náire a bhí uirthi. Ní raibh a fhios ag Liam céard a b'fhearr dhó a dhéanamh. Níor mhaith leis go gceapfaidhe gur ag faire ortha a bhí sé. Agus ceapfaidhe sin dhá n-imthigheadh sé gan a dhul isteach. Mar sin, d'imthigh leis timcheall ó'n bhfuinneoig agus isteach leis. "Go mbeannuighidh Dia annso!" arsa Liam. "Bhuaileas isteach leis an bpíopa a dheargadh." "'Sé do bheatha, a mhic ó!" arsa bean óg a bhí 'n-a suidhe sa gclúid. Ní fhaca Liam ise go dtí sin. Cailín mór ramhar
láidir trom teann a b'eadh í. Peig Ní Bhrádaigh a b'ainm dhi. "Rabhais ar an mbainfheis, a Liam?" ar sise. "Bhíos," arsa Liam. "Bhí an-oidhche ghrinn againn. 'Tuige nach rabhais féin ann?" "'Tuige nár hiarradh orm a theacht?" ar sise. "Nach luath atá sibh sa mbaile?" arsa Liam le Eilís. "Níor mhaith le mo shean-athair fanacht ró- dheireannach," ar sise. "Níor cheapas go bhfanfadh sé leath chomh fada." "Raibh Maitiú Mór Ó Donnabháin ann?" ars' an bhean ramhar. "'Tuige nach mbéadh?" arsa Liam. "Nach hé a sheas le Éamonn?" "An t-amadán bocht!" ar sise ag dearcadh ar Eilís. "Shílfeá go bhfuil sé sáthach sean le ciall a bheith aige feasta — rud nach bhfuil. Raibh Siubhán Nic Lochlainn ann?" "Bhí," arsa Liam. "Suidh síos agus déan do chuairt, a Liam," arsa Eilís. "Ara, déan!" ars an bhean mhór. "Ar ndóigh, ní tuirseach ded' chomhluadar atá cuid againn? Suidh síos annso le m'ais ar an stól." Dhearg Eilís agus focal níor labhair. "Caithfead imtheacht," arsa Liam. "Dheamhan fhios agam céard is cor do'n mhúille ar an bhfaid seo. D'fhágas amuigh i lár an bhóthair é. Agus tá orm a bheith, i gCluain Meala go moch ar maidin. Slán agaibh!" ar seisean agus d'imthigh.
CAIBIDIL XXXIII. LIAM Ó hEITHFEARNÁIN AGUS AN SAIGHDIÚR Ba ghearr a bhí siubhalta ag Liam Ó hEithfearnáin nuair a casadh air an saighdiúr. "Go mbeannuighidh Dia dhuit!" arsa Liam. "Go mba hé dhuit!" ars' an saighdiúr. "Is mór an t-iongnadh nach "Dia 's Muire dhuit" adubhairt sé," arsa Liam leis féin, "acht is dóigh nach Caitliceach é." "An as an gceanntar so dhuit-se?" ars' an saighdiúr. "'Seadh," arsa Liam. "Rugadh 's tóigeadh mé taobh thall de'n chnoc sin." "Bhfuil aon eolas agat ar na daoine ha, chomh- nuigheas sa teach 'n-a bhfeiceann tú an solus?" "Tá. Sin é teach shean-Philib Uí Mhuirghéis — an figheadóir." "'Mbéir ag dul i bhfadh an bealach so?" ars' an saighdiúr. "Béad," arsa Liam. "Go Cluain Meala atá mo thriall fá láthair." "Is ann atáim-se ag dul freisin," ars an saighdiúr. "Béimíd i gcuideacht, a chara." Níor fhreagair Liam. Bhreathnuigh an saighdiúr go grinn air agus bhain lán na súl as. "Is fiadháin an dream sibh timcheall na háite seo!" ar seisean. "Deireann daoine áithride gurab eadh," ars Liam. "Acht ní chreidim féin go bhfuilmid níos fiadháine 'ná dream ar bith eile." "Nach bhfuil inghean ag an sean-fhear a chomhnuigheas sa teach sin a bhfuil an solus ann?"
"Níl," arsa Liam. "Tá óig-bhean sa teach acht ní inghean dó í. Is dóigh gurab í Eilís Ní Mhuirghéis atá i gceist agat." "'Sí," ars' an saighdiúr. "Shíleas gurab inghean dó í." "Ní headh, acht inghean dá mhac," arsa Liam. "Agus is deas gleoite an cailín í freisin." "Dheamhan bréag annsin," ars' an saighdiúr. "Ar mhisde dhom a fhiafrughadh dhíot an bhfuil eolas agat uirthi?" arsa Liam. Bhreathnuigh an saighdiúr go grinn air arís agus níor fhreagair go ceann tamaill bhig. "Tá," ar seisean. "Bhí aithne 'gus eolas agam uirthi i mBaile Átha Cliath." "Ó, an mar sin é?" arsa Liam. "Is gearr sa mbaile í." "Cé hí an bhean eile atá ag comhnaidhe sa teach fá láthair i n-éindigh le Eilís?" "Peig Ní Bhrádaigh," arsa Liam. "Tá sí i ngaol do shean-Philib." "Is lághach an bhean í," ars' an saighdiúr. "Dheamhan a bhfuil de mhórán anachain' innti, sílim," arsa Liam. "Chualaidh mé go bhfuil an ghráin shíorraidhe ag an sean-fhear ar na saighdiúiríbh." "Má tá — ní gan fáth é," arsa Liam ag bualadh laisge treasna an chaithrín ar an múille. Bhiorruigh an múille a chluasa, chraith a iorball agus bhain amach sa siubhal. Shiubhaileadar leo cos ar chois gan focal eile a labhairt go ceann sgathaimh. Acht níorbh' fhada gur baineadh geit asta. Chonnaiceadar fear ag rith chom tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é sa ngarrdha i leath-taoibh an bhóthair. Bhí sé 'n-a mhaoil. Ní raibh casóg ná cóta air. Bhí sgéin 'n-a shúilibh. Ba chosamhail é le duine a mbeadh saobhchan céille air, nó duine a bheadh thar éis éáluighthe as Teach nah nGealt.
"Ó! as a chéill atá sé go cinnte," ars' an saighdiúr. Tá rud eicínt air," arsa Liam. "Marach go bhfuil, ní bhéadh sé ar an obair sin. Ní' mé cé hé chor ar bith? Agus 'tuige bhfuil sé ag rith mar sin? Dar fiadh! is dóigh gur as a chéill féin atá an duine bocht." "Níl splannc chéille 'n-a cheann, a chara. Creid uaim-se sin. Is fiú a leithid sin d'fhear a sheachaint," ars' an saighdiúr. "Mo chraiceann ag Dia na nGrást — gurab é Mícheál Ó Briain bocht atá ann!" arsa Liam. "Aithnighim anois é. Leigfead glaoidh air." Leig, agus tháinic Mícheál chuca. "Céard sin a bhí ort chor ar bith, i n-ainm Dé, ag rith mar sin?" arsa Liam. Bhreathnuigh Mícheál ar an saighdiúr agus tháinic sgéin 'n-a shúilibh. Tháinic droch-chosamhlacht air. Acht má tháinic níorbh' le faitchíos é. Níorbh' eadh. Bhí fáth eile aige leis. Nár ghearr ó chonnaic sé na saighdiúirí cheana! Nárb' aige a bhí 'fhios céard a rinneadar ar a dturas deireannach san gceanntar! Agus nárbh' aige bhí a ádhbhar? Tháiniceadar sgathamh gearr roimhe sin do'n pharáiste. Bhuaileadar isteach na tighe chuige. Chrochadar 'un bealaigh a chuid trosgáin agus 'ch uile luach feoirlinge dhá raibh faoi chaolach an tighe aige. Thiománadar leob a chuid beithidheach. Níor fhágadar punann tuighe, ná dornán coirce, ná gabháil fhéir dá raibh san iothlainn aige, gan tabhairt 'un bealaigh i gcairteachaibh an tighearna talmhan. Chaitheadar é féin agus a bhean bhocht agus a pháistí amach i leath-taoibh an bhóthair fá fhuacht agus faoi dheártan. Chuireadar gróití fá'n sean-teach a bhí ag a athair agus ag gach athair dhá dtáinic roimhe le dhá chéad bliadhain, agus níor fhágadar cloch dhe gan leagan go dtí an chloch íochtair! Arbh' iongnadh mar sin go dtáinic sgéin 'n-a shúilibh nuair a chonnaic sé an saighdiúr
so? Arbh' iongnadh gur chuir sé an "droch- chosamhlacht" air féin? D'aithnigh an saighdiúr go maith air nár lugha'r leis an mac mallachtain féin a fheiceál 'ná casóg dhearg shaighdiúra. "Ar cuairt chuig caraid 'seadh bhíos-sa," ars' an saighdiúr. "Agus ar mo bhealach ar ais casadh fear an cháirr orm 's támuid i n-éinfheacht ó shoin." "Sin í an fhírinne," arsa Liam. Níor labhair Mícheál go ceann tamaill. Thar éis sgathaimh ag smaoineadh dhó thosuigh ag cainnt. "Is dóigh gur shíl sibh gurbh' as mo chéill a bhíos," ar seisean, "nuair a chonnaiceabhar ag rith mé. Acht míle buidheachas do Dhia ní aon easbaidh céille atá orm — cé gurab iomdha duine a gcuirfeadh ceathramha cuid a mb'éigin dom-sa fhulaingt thar bhárr a chéille é. D'fhuaduigh an ghaoth mhór a bhí ann athrughadh aréir na sgrathacha de thaobh de'n chró beag orainn agus níor fhéadas caoi ná cuma a chur air ar feadh an lae indé. Meas' tú nár thuit leath- taobh dhe fré chéile isteach i lár an mheadhoin oidhche! Bhíomar préachta dallruighthe leis an bhfuacht agus ó bhí duine de na páistíbh beaga tinn b'éigin dúinn bunáite a raibh d'éadach leabtha ag gabháil linn a chur fúithi 's thairti le n-a coinneál te. Dhúisigheas féin as mo chodladh tá uair ó shoin ann agus mé ar creathadh ar nós na bog-eidhinne. Bhí drioganna fuaicht in gach ball de mo chorp, agus cheapas nach raibh caoi ar bith a b'fhearr leis an bhfuacht a chur amach as mo chreatacha 'ná éirghe amach agus mé fhéin a théitheadh ag rith mar chonnaic sibh mé. Nach bhfeiceann tú féin an bhail atá ar an gcró beag thar éis na hoidhche?" Bhíodar anois ar aghaidh an chroithe bhig. Bhí go leor de'n díon fuaduighthe de thaobh dhe, agus na sgrathacha leis. Agus ní raibh na sgrathacha féin 'n-a seasamh ar chuid de'n taobh eile. Sguab an gála 'un bealaigh
iad. Tháinic crádh croidhe ar Liam nuair a chonnaic sé an bhail a bhí air. Agus tháinic deora ó n-a shúilibh le truaigh do Mhícheál bocht. Ba ghearr ó bhí teach deas te téagarthach aige agus a dhóthain féin agus dóthain a mhuirghine de mhaoin shaoghalta. Agus anois ní raibh aige acht comhnaidhe i gcró beag suarach gan 'fhios aige cá bhfuigheadh sé greim ná blogam dhá pháistíbh beaga laga agus dhá mhnaoi bhoicht a bhí go tréith- lag tinn. Nár chóir dhó a bheith buidheach de'n tighearna talmhan dúr-chroidhtheach a chuir an bhail sin air? Nár chóir go mbeadh gean aige ar an dlighe a dhíbir as teach agus as talamh a shinnsir é? "Caithfidh mé a dhul isteach anois," arsa Mícheál. Ní raibh na focla baileach as a bhéal nuair a bhuail racht mhór thollta chasachta é, agus thosuigh sé ag sgárdadh fola aniar as a sgórnach! Tháinic creathadh mór air agus marach Liam a rug greim air thuitfeadh mo dhuine bocht i lár an bhóthair. "Ó, a Liam, cuidigh liom go sroichead an doras. Táim an-lag!" ar seisean. Chuaidh Liam isteach leis. Chuirfeadh an t-amharc a bhí os a chomhair na clocha glasa ag silt na ndeor. Acht chuirfeadh sé an iomarca dóláis ort, a léightheoir chroidhe, dá gcuirtí síos go cruinn ar an gcaoi bhí ar mhuinntir an tighe — nó muinntir an chroithe badh chóir dhúinn a rádh. Bhí an bhean bhocht tinn. Bhí na páistí dallruighthe leis an bhfuacht agus stiúgtha leis an ocras. Bhí an páiste a b'óige go dona tinn agus gan tada le n-a haghaidh. Ag is anois bhí Mícheál bocht féin 's gan éirghe 'n-a sheasamh ann. Bhris na deora go bog úr fá shúilibh Liam Uí Eithfearnáin, agus crádhadh a chroidhe 'n-a lár. Níor fhéad sé focal a labhairt. Tharraing sé chuige punann tuighe agus sgar sa gclúid í. Chuir Mícheál 'n-a luighe uirthi. Annsin bhain de a chóta mór bóthair. Chuir timcheall air é agus d'imthigh gan focal a labhairt. "Dia dílis 'ghá réidhteach!" ar seisean leis féin,
"nach hé an truagh shaoghalta é féin agus a mhuirghin lag! Agus na páistí bochta! Nár dhearg lasmhanta na gasúir iad, tá tamall gearr ó shoin ann! Nach mbéadh ríméad ag fear ar bith as a leithidí! Beirt bhuachaillíní catacha agus gruaig ar dhath an óir ortha! Agus anois, mara bhfuil ag Dia, is gearr a bhéas siad aige. Níor leigeadar thar an teach mé ó bhíodar i n-an labhartha gan tosughadh ag glaodhach orm nó ag rith in mo dhiaidh. Agus thagaidís amach chugam le sgéala ó n-a máthair ghá rádh liom a dhul isteach agus deoch bhainne d'ól. Dia go bhfóiridh Sé ar na créatúir bhochta!" Bhí an saighdiúr ag feitheamh leis amuigh ar an mbóthar. Ar éigin d'aithnigh sé Liam nuair a chonnaic sé ag teacht chuige gan an cóta mór é. Ghluais leob aríst. "Is gearr anois go bhfeicir an néall dorcha os cionn Chluana Meala," arsa Liam. "Céaróch néall?" ars' an saighdiúr. "Cheal nach gcualais go bhfuil néall dorcha le feiceál os cionn an bhaile 'ch uile lá ó'n lá ar crochadh an tAthair Mac Síthigh?" arsa Liam. "Ní chualas," ars' an saighdiúr. "'Tuige ar crochadh é?" "'N áit ar cuireadh 'n-a leith gur mharbhuigh sé fear a bhí beo beathadhach fiche bliadhain ó'n am sin!" arsa Liam. "Acht tá 'fhios ag an saoghal gur mar gheall ar chomh mór 's bhí sé i n-aghaidh na dtighearnaí talmhan a crochadh é. Bhí sé ró-dhílis do na daoinibh bochta agus an iomarca gean' agus an iomarca truaighe aige dhóibh. Sin é an fáth ar crochadh é mar deir Pilib Ó Muirghéis. 'Sbáinfead duit an teach ar cuimligheadh a chuid fola de'n doras ann." "Agus 'tuige a ndearnadh sin?" ars' an saighdiúr fá iongnadh. "Mar gurbh' é teach an Easbuig é," arsa Liam, "agus marach an tEaspog ní crochfaidhe é. Ní
thiubhradh sé deagh-cháil air, ná teisteas ghá dhearbhughadh gur dhuine cneasta a bhí sa sagart bocht agus sin é a dhaor é." "'Tuige nach dtiubhradh an tEaspog deagh-theisteas dhó?" ars' an saighdiúr. "Mar bhí an tEaspog mór leis na Gallaibh agus leis na tighearnaíbh," arsa Liam, "agus bhí an oiread de'n chladhaireacht ann 's gur sgaoil sé an tAthair Mac Síthigh bocht 'na croiche le faitchíos go gcuirfeadh sé na boicíní gallda in' aghaidh féin dá gcuidigheadh sé le n-a shaoradh. Sin é an fáth agat! Bhí go leor de mhuinntir an pharáiste sa láthair nuair a baineadh an ceann de'n tsagart dílis bocht — beannacht na ngrás le n'anam! Acht ní raibh goir aca a shábháil. Annsin thugadar leob cuid dá chuid fola, agus chuireadar dath dearg ar dhoras an Easpuig léithi — bhíodar chomh mór sin in' aghaidh i ngeall ar an gcleas a rinne sé. 'Sbáinfead an doras duit acht a mbímid thar mhullach an áird." CAIBIDIL XXXIV. I gCLUAIN MEALA AGUS AR AN mBEALACH AR AIS. Bhí Liam Ó hEithfearnáin agus an saighdiúr ag teannadh isteach le Cluain Meala anois. Bhí an mhaidin go haoibhinn áluinn agus aer fionn-fhuar na tuaithe ag séideadh go bog úr treasna talta mín Thiobraid Árann. Bhí go leor daoine ar bóthar ag dul 'na bhaile mhóir. Bhí ualaigh móra fataí 'gus coirce agus málaí móra cruithneachta dhá n-iomchur i gcarranaibh chum an mhargaidh. Bhí carranna
tuighe agus féir ag déanamh an bhealaigh isteach. Bhí cairteanna mónadh le feiceál go fairsing. Bhí carranna go leor ag dul isteach i gcoinne ualach le haghaidh siopadóirí tuaithe. Agus bhí Liam Ó hEithfearnáin ag dul 'na bhaile mhóir le n-a chairtín mhónadh. Dhíol sé an mhóin. Thug sé biadh agus deoch do'n mhúille. Mar deir Riocard Mór, nuair a bhí sé ag dul ar thóir a "láirín" a ghoid Finnbheara uaidh — "nígh sé a aghaidh 's a lámha." Chuaidh agus chaith a chéad-phroinn — muigín mór tae agus builín pighne. Rinne gach ar theastuigh uaidh de ghraithíbh beaga sa mbaile mór. Agus bhí réidh glan le bheith ag déanamh an bhealaigh a bhaile nuair a casadh an saighdiúr air i lár na sráide. Bhí an saighdiúr le Liam nó go ndeachadar 's gur óladar "deoch" le chéile sa teach ósta ba ghoire dhóibh. Annsin ní raibh aon mhaith ann nó go mb'éigin "d'fhear an chóta dheirg" "deoch" d'ól ó Liam. Bhí gealladh i n-aghaidh an óil ar an "gCeoltóir" agus níor ól sé acht leann sinséir. Go deimhin ba i n-aghaidh a chos a chuaidh sé leis an saighdiúr chor ar bith. Acht ó thárla go rabhadar ar bóthar le chéile ó dheireadh na hoidhche níor mhaith leis a eiteach. Agus, 'ar ndóigh, ní bhéadh Liam mí-fhiúntach 's nach dtiubhradh sé "deoch" do'n tsaighdiúr ó thug seisean "deoch" dhó-san! "An coirce atá 'sna málaíbh sin go léir atá dhá dtabhairt 'na mhargaidh?" ars' an saighdiúr. "Cruithneacht 'seadh tá ionnta bunáite ar fad," arsa Liam. "Ní fhacas an oiread cruithneachta ar aon mhargadh cheana riamh," ars' an saighdiúr. "Cé'n chaoi a bhféadfadh gorta ná gábhatar a bheith sa tír agus chomh fairsing 's tá cruithneacht 's coirce agaibh? Agus 'n-a dhiaidh sin deireann sibh go mbíonn gorta i nÉirinn beagnach gach bliadhain!" "Is minic a cheapas féin go mb'aisteach an rud
an sgéal a bheith amhlaidh" arsa Liam. "Acht dhá mhéad cruithneachta dhá gcurtar, bíonn an gorta agus an t-ocras sa tír, fairíor, go minic." "Acht cá dtéigheann sí — nó céard a ghníthear léithi?" ars' an saighdiúr. "Meiltear cuid di 'sna muilte annso" arsa Liam. "Agus cuirtear go leor dhi 'un bealaigh gan a meilt chor ar bith. Ní fágtar gráinne dhi gan sguabadh 'un siubhail. Níl 'fhios agam féin cá dtéigheann sí. Acht tá 'fhios agam go dtugtar 'un bealaigh 'sna báid í go Carraig na Siúire ar dtús, agus as sin go Port Láirge, acht dheamhan a fhios ná a fhaisnéis agam cá seoltar as sin í. 'Sé Pilib Ó Muirghéis an fear a bhfuil 'fhios aige 'ch uile rud dhá ndéantar léithi agus 'ch uile áit dhá dtéigheann sí. Marach an chruithneacht, badh bheag le rádh cuid mhaith de mhuinntir an bhaile seo — ó's dá innseacht duit é. Bíonn saothrughadh ag a lán daoine 'ghá cur 's 'ghá baint. Acht ní shásuigheann sin sean-Philib. Deir sé gurab 'in a mbíonn de shásamh againn aisti — 'ghá cur 's 'ghá baint do dhaoinibh eile. Acht ó thrácht tú ar ghorta agus ar bhoichteanas — sílim féin nach mbéidh lá ratha ar an tír go deo nó go roinntear na talta míne maithe ar na daoinibh bochta nach bhfuil mórán talmhan aca fá láthair. Tá a lán feilméaraí láidre saidhbhre annso i dTiobraid Árann agus réimsí móra talmhan aca ag tabhairt fhéir agus ag cothughadh bulán ó bhliadhain go bliadhain agus daoine bochta eile ag ciapadh leis an saoghal ar ghiodáin bheaga shuaracha. Ní bhéidh lá suaimhnis againn an fhad 's bhéas sin amhlaidh. Dhá mbadh feilméara bocht thú féin i leabaidh a bheith in do "shaighdiúirín dearg" dhuit, b'fhéidir go mbéitheá chomh "fiadháin" le cuid de mhuinntir na háite seo. B'fhéidir sin!" Níor labhair an saighdiúr go ceann tamaill. "Cá fhaide go mbéir ag imtheacht?" ar seisean.
"Ar an bpointe boise," arsa Liam. "Táim réidh glan anois." "Ar mhisde leat é seo a thabhairt chuig Eilís Ní Mhuirghéis?" ar seisean, ag tabhairt boisgín bhig do Liam. "'Tuige ar mhisde?" arsa Liam. "Céard déarfas mé léithi?" Smaoin an saighdiúr ar feadh tamaill. "Abair gur cara dhi a chuir chuici é," ar seisean. "Déanfaidh sin," arsa Liam ag cur an bhoisgín 'n-a phóca agus ag imtheacht. "Maise, ní' mé céard atá ann chor ar bhith?" ar seisean leis féin. "Acht nach cuma dhom céard é acht a thabhairt chuici? Agus ní fonn mór atá orm bronntanas a thabhairt chuici ó'n saighdiúr céadna! Tá súil le Dia agam nach bhfuil aon tsuim aici ann. Dheamhan greim d'íosfadh sí go lá Philib an Chleite dhá mbíodh 'fhios ag Pilib go raibh tóir aici ar shaighdiúr! B'fhearr leis beo i dtalamh í 'ná a tabhairt d'aon fhear i n-arm Shasana!" D'fhág Liam Cluain Meala go deireannach sa tráthnóna. Bhí an ghrian ag dul faoi sul dá raibh sé i bhfad ó'n mbaile mór. Bhí solus an lae ag éalughadh 'un bealaigh i leabaidh a chéile agus dorchadas na h-oidhche ag teacht. Bhí bóthar fada uaigneach roimhe, "le tuitim cheo na hoidhche." Agus bhí sé an- tuirseach de bhárr gan aon néall a chodladh an oidhche roimhe sin. B'fhada leis go mbéadh an t-aistear dhe agus é sa mbaile 'n-a bhotháinín beag féin. Bhí codladh mór ag teacht air agus is beag nach raibh a shúile ag dúnadh dá bhuidheachas. Oidhche bhreagh chiúin réaltógach a b'eadh í. Bhí réalta neimhe ag lonnrughadh 'sna spéarthaibh — na mílte agus na milliúin de lóchrainn bheaga shoillseacha nach múchfadh gaoth dha láidre ná anfadh dhá uathbhásaighe. Bhí Liam ag dearcadh ortha agus ag smaoineadh. Bhí cuid aca ba soillsighe 'ná a chéile. Sguab réaltóg treasna na spéartha le
iompughadh do bhoise agus iorball mór soillseach 'n-a diaidh aniar. D'imthigh sí as amharc ar an bpointe. Thug Liam aon réalt mhór amháin fá deara a raibh lóchrann ní ba lonnraighe uirthi 'ná mar bhí ar an gcuid eile. Chaith sé sgathamh fada ag dearcadh uirthi agus ag déanamh iongantais di. "Tá sí ag soillsiughadh go díreach os cionn tighe Philib Uí Laochdha!" ar seisean. Shuidh sé síos ar mhála sa gcairt agus thosuigh ag bordáil chodlata. Leag sé a cheann thairis ar mhála eile agus dhúin a shúile gan mórán duaidh. Tháinic néillín chodlata air, dar leis féin, agus bhí sé cinnte nach raibh sé thar chúig mhóiméad nó gur dhúisigh sé. Chuimil sé a shúlie, rinne méanfhadhach, agus bhain searradh as féin. Níor léar dhó cá raibh sé go ceann tamaill. Bhreathnuigh sé faoi 's tairis 's thart timcheall air. Bhí an múille 'n-a sheasamh 's gan cor aige. "Cá bhfuilim chor ar bith?" arsa Liam. Bhreathnuigh sé uaidh arís. "D--l a' féidir gurab ann atáim chomh luath so!" ar seisean — "Nó an eo é an sruthán?" Do b'é an sruthán é go cinnte — an áit a n-óladh an múille deoch i gcomhnaidhe — an sruthán céadna a chuir ag smaoineadh ar Nóra Ní Laochdha é an oidhche roimhe sin. Bhí deich míle bóthair curtha dhe aige agus é 'n-a chodladh ar feadh an achair! Bhí sé anois beagnach ar ais i gCnoc na nGabha. Bhí an solus i bhfuinneoig tighe an Bhuailteora le feiceál aige uaidh. "Dheamhan a leithid a thárla ar bóthar dhom cheana riamh!" arsa Liam. "Ní' mé an bhfuil sé i bhfad san oidhche?" Bhí a bhotháinín féin ar bhóthar an phortaigh gar go maith dhó anois, agus bhí teach Philib Uí Laochdha le feiceál aige uaidh de mhullach an áird. Níor shroich sé an t-árd céadna ag teacht ó'n mbaile mór dhó le bliadhanta nach dtagadh criothnughadh
faitchís ar a chroidhe. Ní imnidhe fá theach ná fá thalamh a bhíodh air — mar nach mórán de chúram an tsaoghail a bhí air le fada. Bhí a athair agus a mháthair ghrádhmhar go doimhin fá fhódaibh sa gcill. Níor gheall Dia deirbhshiúr ná dearbhráthair dhó. Ní raibh céile ná clann ag déanamh imnidhe dhó. Ní raibh ar a aire acht greim a bhéil a shaothrughadh dhó féin go cneasta; an t-aon bheithidheach ceithre gcos a bhí aige a bheathughadh chomh maith 's b'fhéidir leis; agus a bhotháinín beag a choinneál i dtoll a chéile. Acht ba mhór é a imnidhe i gcomhnaidhe ag teacht a bhaile dhó mar sin féin. Bhíodh eagla agus sgannradh ar a chroidhe go mb'fhéidir nach deagh-sgéal a bhéadh roimhe. Bhíodh faitchíos síorraidhe air go mbéadh duine eicínt roimhe ar bhéal an bhealaigh le sgéal brónach a innsint dó. Agus anois bhí creathadh ann le faitchíos go mbéadh an sgéala dólásach sin le hinnsint. Á! bhíodh a chroidhe "uaigneach" ag geiteadh agus ag preabadh, le faitchíos go mbéadh Nóra Ní Laochdha bhocht básuighthe roimhe! Buidheachas do Dhia! ní raibh an droch-sgéala sin roimhe. Agus bhí aoibhneas agus glionndar ar a chroidhe. Sgaoil sé an múille ó'n gcairt. Bhain de an gléas. Leag chuige a "bhéile" agus amach leis sa teach ba ghoire dhó le splannc fhágháil a dhearg- óchadh an teine. Tháinic ar ais agus d'fhaduigh í. Chuir an splannc dhearg 'n-a croidhe, acht ba roighin leisgeamhail uaithi deargadh mar sin féin. Rug Liam chuige ar shoitheach agus chuaidh 'na tobair. Bhain sé geit ó chroidhe as sean-Cháit Ní Chuimín a bhí ann roimhe. Shíl sí gur taidhbhse a bhí ann nó an mac mallachtain féin a bhíodh le feiceál 'n-a mhadadh mhór dhubh timcheall na háite má b'fhíor do Cháit. Tháinic Liam ar ais leis an bhfeádhnach ó'n tobar. Chuir cuid de'n uisge i sgilléad na bhfataí — bhí na fataí féin nighte ó'n oidhche roimhe sin. Chuir an lúb ann agus chroch as an gcroich é os cionn na teineadh. Annsin d'imthigh le sgadán a cheannacht i dtigh Philib Uí Laochdha.
CAIBIDIL XXXV. TOMÁS Ó hÓGÁIN AGUS A GHABHALTAS TALMHAN. Bhí Tomás Ó hÓgáin agus an Buailteoir ar cuairt i dtigh Philib Uí Laochdha nuair a bhuail Liam isteach. Bhí an táilliúr 'n-a shuidhe sa gclúid agus é ag a dhearbhughadh go láidir Dhóibh nach mbéadh lá ratha ná rathamhnais ar an tír go deo ná goir ag muinntir na hÉireann déantúis Ghaedhealacha a leathnughadh ar fud na tíre an fhad 's bhéadh smacht ag an Sasanach ar Chlannaibh Gaedheal 'n-a dtír dhúthchais féin. "Bhí sé chomh maith a bheith ghá iarraidh an lá indé a thabhairt ar ais le bheith ghá iarraidh bail ná rath a chur ar an tír agus an chaoi a bhfuilmid fá láthair," arsa Pilib. "Caithfear an tír bhocht so a shaoradh ó chuibhreach na nGall sul dá bhféadtar tosughadh ar a neartughadh mar is ceart. Suidh síos, a Liam. 'Sé do bheatha!" Shuidh Liam síos n-aice le Nóra sa gclúid. "Ní maith a thuigim féin an sgéal," arsa Tomás Ó hÓgáin. "Dheamhan mórán suime a chuirim i dtada acht in mo chuid oibre. Tá daoine ag déanamh go leor gleo ghá rádh gur cheart dúinn seo 'gus siúd a bheith againn. Acht béidh a dhóthain ag duine ar bith a bhéaras aire dá ghraithíbh agus dá ghiodáinín talmhan. Thug mise mo sgilling do Dhomhnall Ó Conaill chomh maith le fear ar bith eile ó thárla gur iarr an sagart orm é. Acht má thugas féin, ní chreidim gur mórán dá bhárr a bhéas againn. Níl aon easbaidh ar dhuine ar bith a bheireas aire dá ghraithíbh — mara bhfuil duine ann a dhíbrigheas an thighearna talmhan."
Bhreathnuigh Pilib idir an dá shúil air agus níor labhair go ceann tamaill bhig. "A Thomáis, níl aon mhaith a bheith ag cainnt leat- sa!" ar seisean. "Mo cheann finne ní chuirfeadh tada i gcéill duit. Cé'n mhaith dhuit a bheith ag leibideacht chainnte mar sin, a dhuine? Is iomdha páiste sgoile a bhfuil níos mó céille i n-a cheann 'ná thú — dhá mhéad dhá dtáinic ded' shaoghal!" "Má's ciallmhar nó díchéillidhe dhom," arsa Tomás, "ní chuirim aon tsuim 'sna daoinibh atá ghá iarraidh troid agus achrann a tharraingt — mar nach bhfuil aon mhaith a bheith ag dul i n-aghaidh na dtighearnaí ar an saoghal so, a Philib." Bhreathnuigh Pilib idir an dá shúil air aríst acht níor labhair. "Tá mo ghabhaltas talmhan in mo sheilbh anois," arsa Tomás, "le deich mbliadhna fichead go díreach. An lá a dtáinic mé nár bheag a b'fhiú é? Bhí sé 'n-a bhograigh bháidhte fá ghiolcaigh 's fá sheilstrom, gan claidhe gan fál. Ní raibh oiread 's clais láir ann le haghaidh an uisge. Acht d'oibrigheas orm. Bhíos leis go moch agus go deireannach ar feadh bliadhanta fada. Agus anois tá a shliocht air. Níl aon ghiodán talmhan i dTiobraid Árann is fearr ná is deise 'ná é ar an uair seo de ló. Agus dhá n-oibrigheadh daoine eile mar rinne mise bhéadh an sgéal céadna le hinnseacht aca." "Agus cé'n cíos atá ort anois, a Thomáis?" arsa Pilib. "Tá cíos trom go leor féin orm," arsa Tomás. "Acht is fiú an talamh é!" ar seisean go gais- geamhail bródamhail. "Agus cé chuir an talamh sa gcruth gur fiú é é?" arsa Pilib. "Chuir mise!" arsa Tomás. "Níor chuir sé lámh as gualainn, an fear a d'oibrigh níos cruaidhe ar feadh bliadhanta 'ná mar d'oibrigh mise agus í féin
ghá iarraidh feabhas a chur ar an talamh sin. Acht buidheachas do Dhia b'fhiú dhúinn anró fhágháil uaidh. Ní raibh aon lá easbadh' orainn ó tháiniceamar ann. Agus tá sé cinn de bha bainne agam ar an uair seo de ló chomh maith le aon bha bainne a gheobhthá in do shiubhal lae. Agus tá mo bhuachaill aimsire agam — rud nach bhfuil ag cuid de na daoinibh!" "Acht cé'n cíos atá ort?" arsa Pilib. "Hocht déag 's punnt an t-acra, — ó hárduigheadh go deireannach é," arsa Tomás. "Agus cuir i gcás go n-árdóchthaidhe aríst go luath é agus go ndéanfaidhe hocht 's dá fhichid de?" arsa Pilib. Gheit Tomás. "Dhá mbadh é an diabhal as fíor- íochtar ifrinn mo thighearna talmhan ní árdóchadh sé chomh mór sin é!" ar seisean. "Agus cé'n cíos a bhí ort nuair a tháinicis do'n áit ar dtús?" "Cúig déag an t-acra. Acht is fiú hocht déag 's punnt an t-acra é anois, lá ar bith sa tseachtmhain." "Bhfuil léas agat air?" "Níl, agus nílim 'ghá hiarraidh an fhad 's bhéas mé ag pléidhe le duine uasal nach gcuirfidhe áird orm ó bhliadhain go bliadhain acht a chíos a íoc len' fhear ionaid go cneasta." "'Seadh, agus de réir mar fheabhsóchas tusa an talamh árdóchaidh seisean an cíos! Go cinnte is lághach "cneasta" an duine uasal do thighearna talmhan!" arsa Pilib. "'Tuige nach n-árdóchadh sé é acht gan a bheith as bealach amach 's amach?" arsa Tomás. Bhain Pilib lán na súl as ó mhullach a chinn go bonn a chos. Annsin dhearc go grinn idir an dá shúil air. "A Thomáis, cuimhnigh ar an rud atáim-se ag dul a rádh leat!" ar seisean. "Agus rachaidh mé faoi dhuit go mbéidh cuimhne agat ar mo chuid cainnte
lá is fuide anonn 'ná indiu. Tiocfaidh an lá nach mbéidh de mhaoin ná de thalamh agat acht an oiread leis an mbacach a théigheas an bóthar agus a mhála ar a dhruim! Agus tú féin is cionntach. 'Sé do chuid simplidheachta a fhágfas ar deireadh thú sa deireadh, a mhic ó! Níl 'fhios agat cé leis a bhfuilir ag pléidhe! Ar ndóigh, táir ar creathadh in do chraiceann le faitchíos roimh na tighearnaíbh Gallda céadna. Breagh nach bhfuil misneach agus fearamhlacht eicínt ionnat, a dhuine! 'Ar ndóigh, ní fhacas do leithid d'fhear ó'n lá rugadh mé!" Chuir an chainnt seo iongnadh agus roinnt sgannraidh ar Thomás. Acht smid níor labhair sé. "Sílim féin gurab ait an rud a bheith ag árdughadh an chíosa ort de réir mar fheabhsuigheas tú do chuid talmhan," arsa Maitiú. "Nach gcuirfeadh sin droch- mhisneach ar aon fhear? Agus na daoine nach gcuireann aon fheabhas ar a gcuid talmhan gan ortha acht an sean-chíos!" "Cé mhéad a ghlacfá ar do ghabhaltas anois, a Thomáis?" arsa Pilib. "Ní ghlacfainn milliún punnt air dá gcómhairthí amach ar mo bhois é!" ar seisean. "Tá mo chroidhe i ngrádh leis. Ní sgarfainn leis ar ór an tsaoghail!" "Á, go bhfóiridh Dia ar a bhfuil de sglábhaidhthibh suaracha gan croidhe gan sprid sa tír!" arsa Pilib. "Is beag an dochar dhúinn a bheith mar támuid! Dhá n-abruigheadh an tighearna cneasta so leat luighe siar sa nguta dhéanfá é go lán- toilteannach. Ag déanamh gaisge as a bheith in do sglábhaidhe bhocht a bhéitheá! 'Ar ndóigh, chuirfeadh cuid agaibh duine thar bhárr a chéille! Tá grádh ag do chroidhe do'n talamh. Acht tá grádh agat freisin dá bheith in do sglábhaidhe ag Beresford Pender!" Á, a Thomáis Uí Ógáin, is mairg nach raibh níos mó de'n chur leis, agus de'n fhearamhlacht ionnat! Dhá mbéadh ní thárlóchadh dhuit mar thárla amach annso.
Bhí do chroidhe i ngrádh leis an ngabhaltas talmhan a shaothruighis go cruaidh allusach le bliadhanta fada. Fairíor! nach raibh léas agus seilbh agat air thar mar bhí! D'éirigh Tomás Ó hÓgáin agus chuaidh a bhaile sáthach imnidheach. "Tá sé i n-am agam-sa féin a bheith ag dul a bhaile," arsa Maitiú. "Agus céard deir tú liom-sa d'fhág mo sgilléad fataí ar an teinidh?" arsa Liam. "Béidh siad millte orm! Caith chugam sgadán," ar seisean le mnaoi Philib. Cheannuigh sé an sgadán, agus d'imthigh leis féin agus le Maitiú i gcuideacht. "Meas' tú bhfuil aon bhaoghal go gcuirfear amach Tomás Ó hÓgáin bocht?" arsa Maitiú. "Go bhfóiridh Dia air má curtar!" "Tá mé ghá cheapadh nach bhfuil baoghal air," arsa Liam. "Tá caoi mhaith ar Thomás anois — agus ní gan saothrughadh agus anró é, mar deir sé féin." "Níl suim aige in aon rud eile fá'n domhan mór acht sa talamh," arsa Maitiú. "Caitheann sé bunáite 'ch uile phighinn dá mbíonn ag gabháil leis ag cur feabhais air gach bliadhain. Níorbh' fhéidir leis spré a thabhairt do Neansaidh. Agus tá Séamus óg ag brath ar imtheacht agus a dhul sna saighdiúir ag chomh cruaidh 's chaitheas sé oibriughadh 's nach dtiubhradh a athair oiread 's sgilling dhó le haghaidh aonaigh ná báire ó bhliadhain go bliadhain 'n-a dhiaidh sin. Go bhfóiridh Dia ar Thomás má curtar amach é ar deireadh thiar. Ní bhéidh cíonóg ruadh aige!" "Nach beag an baoghal go gcuirfidh siad amach Pilib Ó Muirghéis!" arsa Liam. "Sin é an buachaill aca! Dar brígh mo chuirp! a Mhaitiú, dhá dteagaidís le mise a chaitheamh amach as mo bhotháinín — dhá shuaraighe le rádh é — bhéadh achrann ann! Sílim go ndéanfainn-se an gníomh dhéanfadh Pilib dá
gcuiridís chuige mé. Acht níl misneach ná fear- amhlacht ar bith i dTomás Ó hÓgáin!" "Ara, a Liam, bhí Peig Ní Bhrádaigh 'ghá rádh liom go ndeachais isteach i dtigh Philib ar do bhealach go Cluain Meala aréir, agus dubhairt sí dhá mbéadh 'fhios agam neithe a thárla go mbéadh iongnadh orm," arsa Maitiú. "Acht rinne sí Sgéal an Ghamhna Bhuidhe dhe agus ní bhfuaireas bun ná bárr 'n-a cuid cainnte. Ní' mé céard a bhí i gceist aici?" Chuimhnigh Liam ar an mboisgín ar an bpointe. Bhí sé 'n-a chodladh sa gcairt ag teacht thar an teach dhó agus bhí an boisgín gan fágháil ag Eilís fós, 'ar ndóigh. Níor fhreagair Liam. "A' bhfacais Eilís?" arsa Maitiú. "Chonnaiceas," arsa Liam. "Bhí an bheirt aca 'n a suidhe cois na teineadh." "Cé'n bheirt?" "Peig agus Eilís," arsa Liam. "Cheal nach raibh aon duine eile istigh?" "Dheamhan duine, muis' — ar a dhul isteach dhom. Bhí Pilib ar an leabaidh agus é 'n-a chodladh." Bhí leisg ar Liam innseacht dó i dtaoibh an tsaighdiúra ná trácht ar an mboisgín a chuir sé leis féin chuig Eilís. D'aithnigh sé ar Mhaitiú go raibh aimhreas eicínt aige agus an chaoi ar cheistnigh sé é; agus d'aithnigh Maitiú air-sean go raibh sgéal nuaidhe eicínt aige nach raibh fonn air innseacht. Sgaradar le chéile ag doras botháinín Liam. Thóig Liam an sgilléad de'n teinidh, agus bhí áthas air nuair a chonnaic sé nach raibh na fataí "millte" 'n-a dhiaidh sin. Chuir sé síos a sgadán ar an tlú. Agus bhí sé chomh sásta le n-a bhéile 's dhá mbéadh togha gach bídh agus rogha gach dighe aige agus dháréag ag freastal air. "Ní' mé céard atá sa mboisgín chor ar bith?" ar seisean ag baint crathadh as. "Sílim gur
méaracán atá ann. Acht pé'r bith rud é, amharc ní fhuighidh aon duine beo air go dtugaidh mise dhi féin isteach 'n-a dhá láimh é. Dhá laghad de rud é déanfaidhe cainnt de dhá mbéadh 'fhios cé uaidh a dtáinic sé. Is fada le cuid de mhuinntir an tsaoghail seo go bhfuighidh siad faill ar thosuighe ag cúl-chainnt agus ag biadán! Táim cinnte go bhfuil Maitiú bocht go mór 'n-a diaidh — agus gan é 'ghá leigean air féin chor ar bith! Acht níl 'fhios agam an mbéidh mórán maitheasa dhó annsin. Tá an diabhal mór uirthi le suirigheacht agus le spallaidheacht! Acht 'n-a dhiaidh sin ní chreidim go bhfuil thairis sin innti. Is measa cailíní nach sílfeá go leághfadh an t-im 'n-a mbéal 'ná í go minic. Mh'anam gur measa! Acht tá sé 'n-a mheadhon oidhche! 'nDomhnach, is fearr dhom an leaba a thabhairt orm féin i n-ainm Dé. Caithfidh mé bheith 'mo shuidhe leis an bhfuiseoig má's beo dhom." Chuaidh Liam ar a dhá ghlúin ar an teallach. Dubhairt a chuid paidreach. Choigil an teine. Chraith an t-uisge coisrig faoi 's tairis ar an leabaidh. Agus ba ghearr go raibh sé i dtoirchim suain. CAIBIDIL XXXVI. EILÍS NÍ MHUIRGHÉIS FÁ IMNIDHE. — GRÁINNE AGUS NA "LORGA SA SNEACHTA." Ní raibh Eilís Ní Mhuirghéis go ró-shásta 'n-a hintinn fá láthair. Cuireadh criothnughadh mór innti nuair a tháinic an saighdiúr ar a tóir. Bhí eagla ar a croidhe go mbéithí ag cur síos uirthi ar fud
an pharáiste agus ag tromachan uirthi mar gheall air. Acht bhí súil aici nach bhfaca mórán daoine é. Bhí faitchíos a hanma uirthi go bhfuigheadh a sean-athair sgéala air. Sin é is mó a bhí ag déanamh imnidhe dhi. "Cá fhaide ó tháinic sé?" ar sise le Peig Ní Bhrádaigh thar éis imtheacht do Liam Ó hEithfearnáin. "Is gearr a bhí sibh imthighthe nuair a bhuail sé isteach," arsa Peig. "Bhí mise ag brath ar a chur in do dhiaidh chuig an mbainfheis." Gheit Eilís. "Ó," ar sí léithi féin, "dhá dteagadh sé ann céard a dhéanfainn chor ar bith? Bhéinn náirighthe os a gcomhair go léir! — Ó, a Pheig, cé'n chiall duit leigean dó fanacht?" "An ag a iarraidh orm a dhíbirt amach as an teach a bhéitheá?" arsa Peig. "Agus cé'n ceapadh a bhí agam nach mbéitheá sa mbaile ar an dó-dhéag, ar a fhad? Nár dheas an rud dom an té tháinic a leithid d'achar d'aon úim amháin le thú a fheiceál a chur 'un bealaigh! 'nDomhnach, badh dheas!" "Acht nach raibh 'fhios ag do chroidhe istigh go raibh an dearg-ghráin ag mo shean-athair ar na saighdiúiríbh, agus cá bhfios céard a thárlóchadh dá bhfeiceadh sé é!" "Sin é do bhuidheachas orm," arsa Peig, "thar éis é a chur i bhfalach in do sheomra nuair d'airigheas ag teacht sibh, agus a choinneál annsin nó go raibh an sean-bhuachaill 'n-a chodladh!" "Ó, a Pheig, 'tuige ar chuiris in mo sheomra é? Shíleas go raibh níos mó céille 'ná sin agat. Céard adéarfaidhe dá mbéadh 'fhios é?" "Muise, is furusta faitchíos a chur ort! Nár chuma dhuit céard adéarfaidhe?" arsa Peig. "Mh'anam gur breagh luath leathan láidir an géagán d'fhear é freisin, a Eilís. Dubhairt sé gur chuir sé litir chugat ó Bhaile Átha Cliath." "Ní fhuaireas í," arsa Eilís. "Is dóigh go
bhfuil sí i n-oifig an phosta. Ar do bhás, a Pheig, seachain an mbéadh an oiread de'n fhad ar do theangaidh 's go n-innseochthá d'aon duine beo go raibh sé annso!" ""Nach bog é an t-asal 's gan é acht seachtmhain,"" arsa Peig. "Nach simplidhe a mheasas tú mé a bheith! Acht, a Eilís, tá dháréag aca in do dhiaidh! 'Tuige nach ndéanann tú reoghain feasta agus bóthar a sgaoileadh leis an gcuid eile — agus gan na créatúir go léir a bheith ag súil leat?" Níor fhreagair Eilís. "Níl 'fhios agam beirthe ná beo céard a b'fhearr dhom a dhéanamh!" ar sí léithi féin i gceann tamaill. Bhí sí fá mhí-shuaimhneas agus fá imnidhe ar feadh an lae sin. Agus néall níor thuit ar a súilibh i rith na hoidhche. Chaith sí ó mhaidin go hoidhche agus ó oidhche go maidin ag smaoineadh agus ag machtnamh ar aistear an tsaighdiúra. Agus ní dhearnaidh 'na smaointe acht a déanamh níos mí-shuaimhnighe 'ná mar bhí sí ar dtús, agus is minic amhlaidh é, ar ndóigh. Bhí Gráinne 'n-a suidhe go sásta i seomra Mháire Ní Cheithearnaigh cúpla lá thar éis na bainfheise. Bhí Máire 'n-a suidhe i n-aice léithi ag an bhfuinneoig. Bhí Gráinne ag dearcadh uaithi ar an ngáirdín ar feadh sgathaimh fhada gan focal a labhairt. Bhí sí ag smaoineadh agus ag dian-mhachtnamh. Facthas di go raibh na "lorga sa sneachta" os a comhair aríst mar bhí lá áithrid geimhridh a raibh sí 'n-a suidhe ag an bhfuinneoig chéadna. Bhíodar ag déanamh imnidhe dhi i gcomhnaidhe. Ní bhéadh sí sásta go deo go mbéadh 'fhios aici go fírinneach cé'n duine dár "lorga" iad. D'fhiafruigheadh sí sin de Mháire go mion minic. Acht sin a raibh dá bhárr aici. Ní admhóchadh Máire go raibh aon fhios aici cé casadh an bealach. Agus ní innseochadh sí céard a bhí sa litir a chaith Brian aníos chuici an lá raibh trácht aca ar na "lorga" ar dtús. Dhá mbíodh a fhios ag Gráinne cé sgríobh
an litir sin ní bhéadh na "lorga" ag déanamh an oiread imnidhe dhi fá láthair agus bhí. Fuair Gráinne litir maidin an lae seo ó Éamonn, a dearbhráthair. Thrácht sé sa litir ar charaid dó ar a gcualaidh Gráinne trácht go minic roimhe sin — Art Ó Conchubhair. Bhí Art i gColáiste ag fóghluim le bheith 'n-a shagart. Chualaidh Gráinne go raibh suim mhór aige féin agus ag Máire 'n-a chéile cúpla bliadhain ó shoin. Acht bhí sé ceaptha le bheith 'n-a shagart anois, agus ní raibh a fhios ag Gráinne an mbídís ag smaoineadh ar a chéile fá láthair nó nach mbíodh. Bhí seo ag déanamh imnidhe dhi freisin. "A Mháire," ar sise, "a' bhfághann tú sgéala ar bith ó Art Ó Conchubhair ar an aimsir seo?" "Ní fhághaim," arsa Máire. "'Tuige?" "Níl 'tuige ar bith," arsa Gráinne. "Acht deir Éamonn nach bhfuil cosamhlacht air a bheith ar fóghnamh pé'r bith céard tá air. B'fhéidir nach bhfuil sé sásta sa gColáiste." "Níl 'fhios agam," arsa Máire ag cromadh a cinn. "Ó, bí ghá leigean ort féin anois nach raibh aon tsuim agat ann!" arsa Gráinne. "Nach bhfuil 'fhios agam-sa go maith go raibh tóir agaibh ar a chéile! Tá mé ghá cheapadh gur buaidhreadh, nó aithmhéala, nó uaigneas atá ag gabháil dó sa gColáiste." "Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Ní fhághaim aon sgéala uaidh. Bhfuil áthas ort go mbéir ag dul a bhaile go luath anois, a Ghráinne? Béidh cumha agus uaigneas mór orm annso liom féin in do dhiaidh." "Tá áthas orm a bheith ag dul a bhaile," arsa Gráinne. "Acht béidh cumha mhór orm ag sgaradh leis an áit seo. Is iomdha lá aoibhinn sólásach a chaitheas libh." "Béidh an áit uaigneach go leor acht a mbídh tusa agus Hannraoi agus Risteard imthighthe uainn," arsa Máire.
"Béidh Hannraoi bocht uaigneach go leor is dóigh," arsa Gráinne — "agus cumhamhar freisin. Nach mairg nach fear saidhbhir é! Dhá mbeadh — atch tá mé ghá cheapadh go bhfuil an col-ceathar so aige, inghean de Buitléir, i ngrádh leis. Ní mór dhut a seachaint, a Mháire! Béidh sí in do dhiaidh!" "Seafóid, a Ghráinne! Ní bhéidh aon chall aici leis," arsa Máire. "Dhá mbíodh 'fhios aici go bhfuil Hannraoi chomh mór sa tóir ort caillfidhe le éad í," arsa Gráinne. "Cá bhfios duit an eisean an t-aon duine atá sa tóir orm, b'fhéidir?" arsa Máire. "Agus, a Mháire, a' bhfuil grádh agat d'aon duine?" "Go dearbhtha, níl!" Níor labhair Gráinne go ceann tamaill. "Ó, a Máire, seo í anois Eilís Ní Mhuirghéis," ar sí. "Tá Liam Ó hEithfearnáin ag cainnt léithi i lár an bhóthair anois, agus tá Maitiú ag dul suas ag an "Sgeich" le dhul 'un cainnte léithi freisin. Meas tú an mbéadh goir ar bith aige a fágháil?" "Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Is deacair a rádh go fírinneach cinnte. Níorbh' iongnadh liom dá mbíodh roinnt suime aici ann i gcomhnaidhe." "Acht nach galánta an cailín í, a Mháire?" "Bhí sí roinnt galánta — nó "onórach" mar deireadh na buachaillí — sul dá ndeachaidh sí go Baile Átha Cliath riamh," arsa Máire. "Deirthí gur le teann ríméid a bhíodh sí gléasta chomh deas 's bhíodh. Acht níorbh' eadh. Cailín cliste cúramach céillidhe críonna a b'eadh í i gcomhnaidhe. Níl aon lá ó bhí sí beag bídeach nach raibh grádh aici do léigheann 's d'fhóghluim." "Níl "steár" ag na buachaillíbh 'n-a diaidh ar chuma 'r bith — má's í a clisteacht nó a háilneacht is fáth leis," arsa Gráinne. "Agus ní cailín deas mar sin í, a Mháire."
""Ní breaghthacht a ghníos brochán acht min," a Ghráinne — mar deir an sean-fhocal," arsa Máire. "Meas tú, a Mháire, cé's fearr leis na buachaillíbh cailíní deasa nó cailíní cliste?" "Is cruaidh an ceistneóir thú, a Ghráinne," arsa Máire. "Is dóigh go mb'fhearr le n-a bhfurmhór cailín deas agus cliste mar thú féin." "nDomhnach, is gearr go mbídh mé sé troighthe ó thalamh má leanann duit!" arsa Gráinne. "Acht b'fhéidir go mb'fhearr gan a bheith acht ar chaoi aca. "Is minic dathamhail dona," tá 'fhios agat!" "Agus is minic mise i dteannta ag do chuid ceisteann-sa, a Ghráinne!" arsa Máire. ""Fágamuis siúd mar atá sé," mar sin," arsa Gráinne. "Meas tú cá bhfuil Hannraoi le dhul ar a chapall anois?" "Ar cuairt chuig Beresford Pender," arsa Máire. Tháinic Eibhlín Óg Ní Cheithearnaigh isteach sa seomra chuca. "Tá Eilís Ní Mhuirghéis thíos," ar sí. "Abair léithi nach mbéidh aon mhoill orainn. Béimid síos ar an bpointe," arsa Máire. "A Ghráinne, siubhail ag déanamh "i bhfalach bhfíog' san iothlainn," arsa Eibhlín. "Muise, nach mé an páiste agat!" arsa Gráinne. "Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire acht a dhul ag déanamh "i bhfalach bhfíog" le plód gasúr!" "Muise, is tú atá ríméadach!" arsa Eibhlín ag imtheacht agus puisín feirge uirthi. Bhí an diallaid ar an gcapall ar aghaidh an dorais agus Brian i ngreim béalmhaighe innti — ag fanacht go dtigeadh Mac Uí Luaithe amach. Bhí sé istigh sa bpárlús mar seo agus cosamhlacht mhór mí-shuaimhnis intinne air. Bhí litir 'n-a láimh agus é 'ghá léigheadh. Gheit sé dó nó trí de chuartaibh ag léigheadh na litre dhó. D'aithnigh an Ceithearnach air go raibh imnidhe
mhór eicínt air. Mar sin, níor leig sé air féin go dtug sé fá deara é. Tháinic Máire agus Gráinne isteach sa bpárlús go tobann. Chuir sé an litir 'n-a phóca ar an bpointe 's a bhfaca iad agus tháinic lasadh dearg i n'éadan. "Ó, gabhaim míle párdún agaibh!" ar seisean. "Bhíos ag léigheadh litre agus is olc liom nach bhfacas ag teacht isteach sibh!" "Béidh lá breagh bóthair agat," arsa Máire. "Nach áluinn iad na sléibhte indiu?" "Ó, go deimhin, is áluinn," ar seisean ag dearcadh amach. "Cuireann na sléibhte i gcuimhne dhom an lá úd a raibh Éamonn se'ainne agus Art Ó Conchubhair agus muid féin thuas ar bhárr an chnuic, a Mháire," arsa Gráinne. "Lá breagh mar an lá indiu a b'eadh é. Nach cuimhneach leat go ndeachamar ag baint fhraochóg sa gclochar?" "Is cuimhneach," arsa Máire, os íseall. "Acht támuid ag coinneál an iomarca moille ar Mhac Uí Luaithe, agus deifir air." D'umhluigh sé dhóibh agus amach leis. Chuaidh de léim sa diallaid agus d'imthigh. "Tá rud eicínt ag cur imnidhe air go cinnte," arsa Gráinne. "Tá beirt thunóntaí le cur amach go luath," arsa Máire, "agus b'fhéidir gurab é sin is cionntach leis an gcosamhlacht imnidhe atá air indiu." "Is dóigh é," arsa Gráinne. "Acht bíonn sgéalta nuaidhe eicínt 'n-a chuid litreacha freisin nach mbíonn ró-thaithneamhach, tá mé ag ceapadh." "Tá súil agam nach aon bhaoghal atá ar mo léas," ars' an Ceithearnach. "Agus ní mórán muinghine is cóir a bheith as Pender bradach sin. Ní raibh fear cúraim ag aon tighearna talmhan riamh is measa bhéas 'ná é má leanann dó. 'Sé'n chaoi bhfuil sé ghá iarraidh léan agus anshógh a thabhairt isteach ar an
dúthaigh ar gach caoi ar féidir leis é. Béidh sé ag gabháil do'n Ridire Gearat nó go ndéanaidh sé tíoránach chomh cruthanta dhe le Sam Buidhe Somerfield mara dtéighthear roimhe. Acht dhá n-éirigheadh do'n Ridire féin a theacht agus aon choicighis amháin a chaitheamh 'n-ár measg ní bheadh baoghal orainn. Táim i n-aimhreas nach bhfuil 'fhios aige ceathramhadh cuid a dtárluigheann ar a dhúthaigh!" "Tá Pender breagh leis an gcró beag a leagan ar Mhícheál Ó Briain bocht. Chuireas ualach tuighe soir chuig mo dhuine bocht indé. Is rígh-mhór an truagh é. Tá sé féin agus a mhuirghin lag i ngéar-chall. Agus go bhfóiridh Dia ortha acht a leagtar an cró beag ortha! Sgrúdfaidís an Turcach leis an gcaoi atá ortha mar tá siad." "Bitheamhnach bradach é Pender agus is furusta aithne ar a ghnúis chrosaigh é!" arsa Gráinne. CAIBIDIL XXXVII TOMÁS Ó hÓGÁIN AGUS A CHOMHLUADAR. B'imnidheach an fear é Tomás Ó hÓgáin ag teacht a bhaile dhó ó n-a chuairt chuig Pilib Ó Laochdha. Bhí sé ag geiteadh agus ag preabadh le neart sgannraidh. Ní maith a bhí a fhios aige ar 'n-a shuidhe nó 'n-a sheasamh a bhí sé. Chuir cainnt Philib criothnughadh ann. Smaoinigh sé go mb'fhéidir go mb'fhíor dhó ar dhubhairt sé. Facthas dó go dtárlóchadh an mí-ádh dhó féin agus do'n ghabhaltas a ghrádhuigh sé thar rud ar bith beo, ar deireadh thiar. Cá bhfios nach ruaigfidhe as a theach agus as a chuid talmhan eisean mar
ruaigeadh na céadta agus na mílte nach hé? B'uathbhásach an smaoineadh é! B'uathbhásach. Agus b'in é an smaoineadh a tháinic 'n-a intinn ag teannadh leis an teach dhó. Bhí go leor de shaothar a shaoghail annsin os a chomhair. Bhí cruacha móra féir agus coirce san iothlainn. Bhí sgioból breagh ceann-slinne aige a mbéadh bród ag feilméara ar bith as. Bí teach breagh geal aolta, te téagarthach teolaidhe aige. Bhí sé cinn de bha bainne aige. Bhí láir chapaill agus bromach aige. Ní raibh pighinn chíosa ná feoirling fiacha ag aon duine beo ná marbh air. Smaoinigh sé anois ar an méid a b'fhiú é. Smaoinigh sé ar an deis a bhí aige. Smaoinigh sé ar an ngabhaltas breagh talmhan a bhí aige. Agus tháinic bród ar a chroidhe! Acht dhá dtagadh sé sa saoghal go gcaithfeadh sé sgaradh leis an méid seo go léir! Á, dhá dtagadh! Sin é an smaoineadh a tháinic anois. Agus tháinic crith in gach ball dá chorp, agus tháinic dath air chomh bán leis an bpáipéar! Acht níor leig sé air féin go raibh aon imnidhe air. Agus isteach leis. Ní raibh de sholus sa gcisteanaigh acht solus na teineadh. Ní i gcomhnaidhe a bhíodh fonn ar an mnaoi coinneall a lasadh — agus níor lasadh an choinneall an oidhche seo nó go rabhadar ag réidhtiughadh le dhul chun suain. Sin é an uair a thug a bhean fá deara an chosamhlacht a bhí air. "Ó! a Thomáis chroidhe céard atá ort?" ar sise. "Goirim 's coisrigim thú! Tá dath caillte ort!" D'éirigh Séamus, an mac, de léim de'n stól, agus gheit Neansaidh le sgannradh. "Go deimhin, níl tada orm," arsa Tomás. "Cé'n sgannradh sin ort?" "Ó, táir chomh bán leis an bpáipéar!" ar sise. "B'fhéidir gur taidhbhse a chonnaic tú — Dia idir sinn agus an t-olc!" "Go deimhin, ní fhacas taidhbhse ná taise — ná sidheog acht an oiread," arsa Tomás, "agus ní fhacas
riamh. Cé'n chainnt sin ort, a bhean? 'Ar ndóigh, níl tada orm!" "Muise, dar udhachta mo bheathadh, bhainis sgannradh asam!" ars' an bhean. "Ní fhacas a leithid de chosamhlacht cheana ort ó'n lá a ndeachaidh an bhó dhá báthadh sa gcaoch-pholl. Tá braoinín beag sa mbuidéal agus caith siar lán spunóige dhe agus bhéarfaidh sé croidhe agus misneach dhuit. Táir ar creathadh!" "Níl crith ná creathadh orm acht an oiread le chéile!" arsa Tomás. "Agus cé'n mhaith dhuit a bheith ag a rádh go bhfuil?" "Ara, caith siar lán béil as an mbuidéal! Tá braon ann ó'n lá a raibh mo dhearbhráthair ar cuairt." "Ní fear d'uisge beathadh mé — agus ní theastuigheann sé uaim," arsa Tomás. "Tabhair dhom an choinneall. Tá sé thar am a bheith ag dul a chodladh — agus a mbéidh ar ár n-aire — fá n-a bheith slán dúinn — i mbárach." "Muise, tá cheana!" ars' an bhean. "Suas leat a chodladh, a Neansaidh, agus ná bí in do shuidhe annsin níos fuide. Is beag an dochar dhuit a bheith tanaidhe caithte mar táir agus ar bheagán croidhe — agus thú ag áirneán go meadhon oidhche ar a leithid de chaoi! In do chodladh ar do leabaidh badh chóir dhuit a bheith le dhá uair a' chluig!" Bhí Séamus sínte siar ar stól fada agus a lámha ar a éadan 's gan smid aige. Bhí seisean agus a smaointe féin aige. Buachaill óg rígh-dheas a b'eadh Séamus. Bhí éadan geal mín taithneamhach aige agus súile glas-ghorma. Bhí sé fionn-bhán. Bhí gruag air chomh deas agus chomh sleamhain mín réidh agus bheadh ar ghearr-chaile. Bhí lonnradh 'n-a shúilibh. Bhí snódh na sláinte ar a leacaibh. Ní fhuightheá buachaill in do shiubhal lae ba deise béal agus a b'áilne ceann-aghaidh 'ná é. D'aithneoch- adh duine ar an gcéad amharc é féin agus Neansaidh as a chéile. Buachaill lághach carthannach a b'eadh é, acht buachaill dána fearamhail neamh-eaglach nuair a bainfidhe as é. Togha fir oibre a b'eadh é. Agus
ní bhíodh fear camáin ar pháirc an bháire a b'fhearr 'ná é acht Maitiú Mór féin. "A Shéamuis, badh cheart duit-se féin a dhul a chodladh feasta," arsa Neansaidh, nuair a bhíodar le chéile ar an teallach. "Níl 'fhios agam céard badh cheart dom a dhéanamh, a Neansaidh!" ar seisean agus é ag dearcadh go grinn ar an teinidh. "'Tuige nach n-innsigheann tú dhom i dtaoibh an aonaigh?" arsa Neansaidh. "A' ndeachaidh tú isteach i dtigh an Bhúrcaigh." "Chuadhas. Acht níl 'fhios agam cé'n ghraithe atá agam ag dul i n-áit ar bith." "Ó, bí 'ghá rádh mar sin!" arsa Neansaidh. "Cé'n chaoi bhfuil Sibéal?" "Tá sí go maith," ar seisean gan meangadh ná eile. "Ó, bí ghá leigean ort féin nach bhfuil aon tsuim agat innti mar 'dheadh!" "Cé'n mhaith dhom suim a bheith agam innti — ná i n-aon chailín eile?" ar seisean. "Ó, 'ar ndóigh, tá sé ró-luath agat a bheith ag smaoineadh ar phósadh," arsa Neansaidh. "Acht ní hé sin an fáth nach mbéitheá sa tóir ar dhuine eicínt, b'fhéidir. Agus dhá mbeadh 'fhios agat a bhfuil aca in do dhiaidh!" ar sise ag meangadh. "A Neansaidh, níl aon mhaith dhá cheilt níos fuide," ar seisean. "Táim le himtheacht uaibh!" "Ó, a Shéamuis, leig de'n tseafóid sin agus bíodh ciall agat!" ar sí. "Céard atá ag teacht ort chor ar bith ag cainnt ar a leithid de chaoi?" "Cé'n mhaith dhom fanacht annso níos fuide? Níl m'athair dom' iarraidh. Táim in mo spailpín aige fada go leor — agus ró-fhada — gan tada dhá bhárr. Ní thiubhradh sé sgilling airgid phóca dhom dhá dtóigeadh sí ó bhás go beathaidh mé! Níl aon mhaith dhuit ag cainnt, a Neansaidh, imtheochad! Tá sé ceaptha socruighthe agam anois agus an saoghal ní choinneochadh mé."
"Ó a Shéamuis, a dhearbhráthairín, bíodh ciall agat anois. Ná himthigh uainn nó brisfidh mo chroidhe le cumha agus le uaigneas in do dhiaidh!" arsa Neansaidh, agus thosuigh sí ag gul. "A Neansaidh, is fearr dhom imtheacht," ar seisean. "Tá 'fhios agat féin, an fhad 's bhéas an teach mar tá sé, cé mar bhéas tusa. Ní bhéidh aon spré le t' aghaidh, agus ní bhéithear sa tóir ort gan í. Dhá bhfághainn-se bean agus spré — agus an spré a thabhairt duit-se — ní bhéitheá mar sin. Acht níl 'fhios cé'n uair a éireochas liom sin a dhéanamh. Bíodh an áit agat-sa agus annsin is iomdha fear a mbéidh suim aige ionnat agus ar mhaith leis thú fhágháil." "A Shéamuis, ná habair é, a dhearbhráthairín! Ní phósfaidh mise go deo. Níl uaim acht sinn go léir a bheith go sólásach sásta i dteannta 'chéile annso i gcomhnaidhe. Agus béidh do dhóthain agat fós le congnamh Dé má fhanair." "Ní phósfair, an eadh?" arsa Séamus. "An i ngeall ar an gcleas a rinne an snagaire bocht suarach sin, Éamonn Ó Broithe, nach bpósfá? Acht casfar mise agus Éamonn ar a chéile amach annso, a Neansaidh! Agus béidh cuimhne aige orm freisin — an cladhaire de shuarachán ó's eisean é!" "Ná bac leis, a Shéamuis. Ní móide gurbh' é ba chionntach." "Nuair a bhí 'fhios aige nach mbéadh goir aige thú a phósadh gan spré 'tuige nár innis sé sin duit agus bóthar eicínt eile a thóigeál 's gan a bheith in do dhiaidh go dtí ar deireadh thiar thall mar bhí sé? 'Ar ndóigh, tá an tír ag cur síos ort mar gheall air!" "Abruighdís rud ar bith is breagh leob. Is cuma liom-sa céard adéarfas siad," arsa Neansaidh agus na deora 'n-a súilibh. "Bainfear sásamh dhe fós!" arsa Séamus. "Nár chuma dhó céard — adéarfadh duine ar bith má bhí gean aige ort?"
"Bhí gean aige orm, agus bhí gean agam-sa air," arsa Neansaidh. "Acht is cuma sin anois. Shíl mé nach raibh aon bhaoghal go ndéanfadh sé an rud a rinne. Acht tá an oiread milleáin agam ar mo mháthair 's tá agam ar Éamonn. Bhíodh sí i gcomhnaidhe ag brúghadh cáirdis air agus ag déanamh muinntiris leis. Ní bhíodh goir aige seasamh ar aonach ná ar margadh nach mbíodh sí le n-a shála. 'Ar ndóigh, bhíodh sí ag gabháil dó go minic nó go dteagadh sé ar cuairt chugainn 's gan blas dá fhonn air. Shíl sí nár theastuigh acht a bhladar. Bhíos féin dí-chéillidhe go leor freisin, acht ní raibh neart agam air agus an chaoi a mbíodh 'ch uile dhuine ag cainnt ar Éamonn liom. Acht tá deireadh leis sin anois. Mar adeir Máire Ní Cheithearnaigh, b'fhéidir le Dia gurab é mo leas é. Nach beag is fiú an saoghal mór i gcomórtas leis an tsíorraidheacht? Air sin is córa dhúinn a bheith ag smaoineadh — agus ní ar neithe saoghalta." "A Shéamuis, tá duine eicínt thar éis seasaimh amuigh ag an ngeata," ars' an t-athair dá leabaidh. "Gabh amach agus féach cé tá ann." "Mícheál Ó Briain a bhí ann," arsa Séamus ag teacht isteach. "Mícheál Ó Briain bocht! — go bhfóiridh Dia air!" ars' an bhean. "Dubhairt a bhean liom indiu go raibh faitchíos uirthi gurab é an fiabhras a bhí ar an bpáiste is óige agus bhí sí ag dul ag cur fios ar an dochtúr. Agus cá bhfuil sé ag dul an tráth so d'oidhche, a Shéamuis?" "Sílim nach bhfuil 'fhios ag an duine bocht go barainneach cá bhfuil sé ag dul. Acht dubhairt sé go raibh sé ag dul treasna an aithgiorra go tigh Phender." "Go tigh Phender!" ars' an t-athair. "Ní' mé céard atá 'ghá thabhairt annsin? Dubhairt Diarmaid Ruadh liom go rabhadar leis an gcró a leagan air,
agus dubhairt Uaitéar Ó Corcoráin, an báille, go mb'fhearr leis féin nach leagfaidhe. Ní' mé céard atá 'ghá thabhairt an bealach an tráth so d'oidhche? "Tá 'fhios agam-sa go maith gurab é buachaill an Chaiptín atá ghá mholadh dhuit imtheacht, a Shéamuis," arsa Neansaidh, "agus is tú an t-amadán agus áird a thabhairt ar a ghlór." "Is fada mé ag smaoineadh air," arsa Séamus. "An go 'Meiriocá a rachas tú?" ar sise. D'éist sé sgathamh agus níor labhair. "Ní headh" ar sé sa deireadh. "Ní thiubhradh m'athair an oiread dom 's d'íocfadh mo phaisinéaracht anonn." "Agus cá bhfuil fút a dhul, a dhearbhráthairín? 'Tuige nach n-innsigheann tú dhom é?" "Béidh a fhios agat luath go leor, a Neansaidh!" ar seisean — agus bhí a fhios. CAIBIDIL XXXVIII. AN tATHAIR AGUS AN MAC .i. ISAAC AGUS BERESFORD. Tá a fhios agat, a léightheoir na gcarad, cé'n fáth a dtáinic Hannraoi Ó Luaithe ar cuairt go Tiobrad Árann, agus tá tuairim mhaith agat faoi seo cé mar bhí sé ag caitheamh na haimsire ann. Bhí súil ag a mháthair go n-éireochadh leis a bheith os cionn na dúithche ag an Ridire Gearat de Buitléir i gceann tamaill. Ní bhéadh de chúram air acht aire a thabhairt do'n talamh, an cíos a bhailiughadh, agus an t-airgead a chur chuig an Ridire ó am go ham. Agus, 'ar ndóigh, bhí súil ag an máthair freisin go mbéadh an dúthaigh i seilbh a
"micín mhuirnigh" thar éis bháis an Ridire. Sin é is mó a raibh súil ag an mnaoi chroidhe leis. Badh é sean-Isaac Pender agus a mhac Beresford, a bhí i gcionn na talmhan fá láthair, agus b'iad a bhí ag máighistireacht na dúithche i gCnoc na Gabha le bliadhanta fada. Máighistirí agus tioránaigh ba mheasa ba dheacair fhágháil. Sean-duine faitcheach a b'eadh an t-athair. Cladhaire bocht gan mórán misnigh a bhí ann. Chuirfeadh an rud ba suaraighe ar creathadh 'n-a chraiceann é le teann faitchís. Bhíodh síor-sgannradh air go mbíthí ar a thóir. Agus d'fhéachfadh sé le dhul thrí pholl an ghlais ó dhuine ar bith a bhéadh ag faire air. Bhí a fhios aige nach raibh aon ghrádh ag muinntir na dúithche dhó, agus sheachnuigheadh sé iad chomh maith 's b'fhéidir leis i gcomhnaidhe. Acht sean-ghleacaidhe a b'eadh é, mar sin féin. Bhí sé glic sean-chéillidhe fad-bhreathnuightheach, agus d'éirigheadh leis droch-bhearta a dhéanamh ar thunóntaíbh bochta gan mórán gleo ná torainn go minic. Acht má bhí an t-athair faitcheach cladhaireamhail bhí an mac neamh-eaglach agus borb dána. Ní raibh uaidh-san acht troid agus achrann. Ní loicfeadh sé ó aon fhear dár choisrig a mhala, agus sheasfadh sé ar aghaidh an Áidhbheirseóra féin gan sgáth gan eagla. Ní dheachaidh sé fad cois' coiligh ó n-a dhoras féin le bliadhanta fada gan gléas cosanta. Bhíodh a chuid piostal ar ceangailt dá chrios i gcomhnaidhe, agus dhá dteagadh air ní bheadh de shuim aige urchar a chur thrí dhuine acht an oiread 's bhéadh aige tosughadh ag losgadh agus ag spalpadh na mionn — agus ní beag sin de! Bhí an t-athair agus an mac mí-shuaimhneach go leor ó tháinic Mac Uí Luaithe. Bhí aimhreas aca gurbh' é an Ridire adubhairt leis a theacht le n-a thabhairt fá deara cé mar bhíodar féin ag déanamh na ngraithe. Bhí a fhios aca gur chuir cuid de na tunóntaíbh sgéala chuig an Ridire ag gearán agus ag clamhsán. Agus bhí aimhreas aca anois go mb'fhéidir gur le bheith 'n-a
mháighistir ar an dúthaigh a tháinic Hannraoi. Sin é an faitchíos a bhí ortha. Agus b'fhearr leob fiche troigh i dtalamh é fá láthair 'ná ar cuairt i mBaile na Claise. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe aca air. Dhá bhféadfaidhe an oiread faitchís a chur air roimh na tunóntaíbh 's go n-imtheochadh sé go mín réidh socair dá dheoin féin, b'amhlaidh a b'fhearr é. Mara ndéanfadh sin cúis d'fhéachfaidhe le faitchíos a chur i gcéill dó ar chaoi eicínt eile. Sin mar bhí ceaptha socruighthe ag Beresford Pender. "Sílim, a Bheresford, nach bhfuil aon áird ag Mac Uí Luaithe ar an talamh," ars' an t-athair. "Ní chreidim go dtéigheann sé i ngoir ná i ngaobhar na dtunóntaí, agus is dóigh go mbéidh sé ag imtheacht go luath. Ar cuairt chuig an gCeithearnach sin a tháinic sé, a Bheresford. Níl aon áird aige ar an dúthaigh, agus ná creid go bhfuil." "Acht cá bhfios dúinn céard a chuirfeadh muinntir Uí Cheithearnaigh 'n-a cheann? Cá bhfios cé'n chomhairle a bhéaradh na cneamhairí sin dó?" arsa Beresford. "Ní chuirfidh siad tada mar sin 'n-a cheann, a Bheresford," ars' an t-athair. "Agus dá gcuireadh féin ní mheasaim go ndéanfadh sin mórán dochair dhúinn. Ní chuireann an Ridire aon tsuim 'sna sgéalta so a curtar chuige ghá rádh go bhfuilmid ag déanamh 'gus siúd. Dá gcuireadh is fad ó thiocfadh sé féin leis an dúthaigh fheiceál. Agus is gearr an bás uaidh agus an droch-shláinte atá aige i dteannta a aoise. Nach bhfuil 'fhios agat féin nach dtiubhradh sé léas nuadh do'n Cheithearnach nuair a chuireas-sa i gcéill dó go raibh tighearnaí an Chonndae i n-aghaidh léasa nuadha a thabhairt do na tunóntaíbh fá láthair. Acht dhá n-éireochadh do Mhac Uí Luaithe an tír fhágáil go luath b'amhlaidh a b'fhearr dhúinn é. Cá bhfios cé air a mbéadh sé ag smaoineadh? Agus dá laghad eolas dá mbídh aige i dtaoibh na dúithche is amhlaidh ns fearr agus is suaimhnighe dhúinn é."
"Sílim go n-éireochaidh linn faitchíos a chur i gcéill dó réidh go leor," arsa Beresford. "Is gearr ar Dhiarmaid Ruadh an méid sin a dhéanamh. Ní thastuigheann acht a sgannrughadh mar is ceart, agus sguabfaidh leis — nó mara sguabaidh!" — "Anois, a Bheresford, seachain!" ars' an t-athair. "Seachnuigheadh seisean freisin má tá an t-ádh 'n-a chaipín!" arsa Beresford, "nó mara seachnuighidh, mo chraiceann-sa ná raibh ag an d--l go —!!" "Anois, a Bheresford, bí aireach cúramach! Pé'r bith céard a dhéanfas tú déan gan gleo gan torann é. Dhá laghad trácht dá mbéidh orainn 'sna páipéir nuaidheachta is amhlaidh is fearr é." "Agus céard a déanfar leob so i mBaile an Raithín?" arsa Beresford. "An ag a iarraidh a bhfágáil mar tá siad atáir? Na bitheamhnaigh de chneamhairíbh! Ní fhágfad mac máthar aca gan glanadh amach as an áit!" "Anois, a Bheresford, bíodh ciall agat! Bí foighdeach, a mhic ó. Bí foighdeach! Ní gábhadh dhuit sin a dhéanamh. Cuir amach beirt nó triúr aca agus roinn a gcuid talmhan ar na tunóntaíbh is láidre. Annsin béidh tuilleadh aca ghá cheapadh go ndéanfar mar an gcéadna leob féin — níl baoghal ar bith nach mbéidh. Na daoine atá cinnte go gcuirfear amach iad béidh siad sásta an talamh a thabhairt do thunóntaíbh eile ar an oiread so, agus imtheochaidh siad thar éis sgartha le n-a gcuid talmhan dóibh dá ndeoin féin. Annsin is furusta na tunóntaí láidre a dhíbirt sa deireadh má cheapamuid gurab amhlaidh a b'fhearr é. Cuiridís féin ruaig ar a chéile, a Bheresford. Cuiridís féin ruaig ar a chéile. Sin é an chaoi is fearr le n-a dhéanamh." "Agus céard a déanfar leis ar gCeithearnach? Tá cíos bliadhna caithte ar a chuid talmhan anois," arsa Beresford. "Leigimis dó féineacht go ceann bliadhna nó dhó
eile. Sin é is fearr dhúinn a dhéanamh. Is gearr go mbídh an tsean-léas caithte anois. Nuair a bhéas — agus cíos cúpla bliadhain caithte air san am céadna — 'seadh is fusa dhúinn bualadh faoi. Is furusta a ruaigeadh annsin, acht bhéadh sé contabhairteach fá láthair — bhéadh sin. Is fearr dhúinn an fhoighid a ghlacadh leis-sean. Bhí roinnt báidhe ag an Ridire leis, a Bheresford." "Bhfuil Mac Uí Ainnlighe, an dligheadóir" in do dhiaidh fá'n airgead sin i gcomhnaidhe?" arsa Beresford. Gheit sean-Isaac" agus thosuigh ag sgríobadh a mhullaigh mar bheadh fear ann a mbéadh míoltóga géara leis. "Déanfaidh sé rud eicínt mara dtugamuid feilm dhó" a Bheresford — déanfaidh sin" ar seisean. "Is fearr dhúinn féachaint le Mac Uí Ainnlighe a shásamh, a Bheresford. Duine aisteach é. Duine aisteach é — agus dligheadóir glic" a mhic ó. Chuirfeadh sé i dteannta sinn dhá dtogruigheadh sé é i ngeall ar an airgead sin. Is orm a bhí an cathughadh biorach agus an mí-ádh an lá ar bhuaileas fá chodacha a cheannacht san mbóthar iarainn céadna! Agus marach Mac Uí Ainnlighe, bhéinn i dteannta, mar tá 'fhios agat." "Béimid i dteannta ag an gcneamhaire uair ar bith is breagh leis é ag na codacha mí-ádhsacha céadna!" arsa Beresford. "Ná raibh an t-ádh ortha agat, mar chodacha — ó nach bhfuil! Caithfear a shásamh ar bhealach eicínt anois ó bhí an oiread de'n leibideacht ort 's go raibh aon phléidhe agat leis ó thús." "Caithfimid feilm a thabhairt dó" ars an t-athair" "agus sásóchaidh sin é. Thug sé leide dhom go sásóchadh. Acht ní bhéidh aon ghlacadh aige acht le feilm mhaith — ní bhéidh sin." "Cá bhfuil an fheilm le n'aghaidh?" arsa Beresford. "Níl aon áit fheileamhnach acht an dá réimse sin ar 'ch aon taobh de ghabhaltas Thomáis Uí Ógáin — as ar
díbrigheadh an bheirt dheiridh" arsa Isaac. "Acht ní bhéadh sé sásta leis an méid sin. Mara bhféadtar talamh Thomáis Uí Ógáin a chur isteach leis an gcuid eile ní bhéidh aon áit fheileamhnach againn le n'aghaidh." "Buaileadh Tomás Ó hÓgáin bóthar, 's baineadh sé deatach as — má's breagh leis é!" arsa Beresford. "Níl aon léas aige agus glanadh sé leis!" "Mara sásuighidh an dá ghabhaltas eile Mac Uí Ainnlighe caithfear a dhíbirt" ars' an t-athair. "Acht níl pighinn chíosa air agus —" "Is cuma liom-sa sa d--l mór a bheith nó gan a bheith!" arsa Beresford. "Sguabadh sé leis! Acht seo chugainn Mac Uí Luaithe! Fáiltigh thusa roimhe. Caithfidh mise a dhul agus Diarmaid a chur ar theachtaireacht. Béad ar ais ar an bpointe." D'fháiltigh sean-Isaac roimh Hannraoi. Ba ghearr go raibh Beresford ar ais. "Lá breagh" ar seisean. "Tá súil agam go bhfanfair le dínnéar a chaitheamh linn." "Go raibh maith agaibh" arsa Hannraoi" "acht gheallas a bheith ar ais i dtigh an Cheithearnaigh i n-am dínnéir. Fuaireas litir indiu ó'n Ridire agus tá sé ag dul ar ais do'n mhór-thír gan mhoill. Caithfidh mé féin a bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain seo chugainn. Tá orm imtheacht." Bhíodhg sean-Isaac le áthas. "Bhí 'fhios agam nach bhfanfadh an Ridire i nÉirinn" ar seisean. "Bhí 'fhios sin. Dubhras i gcomhnaidhe nach bhfanfadh. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear a bhí ar easbaidh na sláinte mar é comhnaidhe sa tír seo?" Thosuigh Hannraoi ag gáiridhe. "Ó thárla ag imtheacht mé," ar seisean, "badh mhaith liom cuid de na tighthibh atá ar an dúthaigh fheiceál. A' dtiocfair?" ar seisean le Beresford. "Tiocfad gan mhoill" arsa Beresford. Chuir Beresford srian 's diallaid ar shean-ghearrán caithte claoidhte nach raibh tarraingt na gcos ann
acht ar éigin — leis an aois agus leis an donacht. Níor facthas riamh a leithid de chapall bóthair. Ní raibh air acht na cnámha agus an craiceann. Bhí sé chomh caithte leis an bhfeág, agus sgioltar feola ní raibh air. Bhíodh sé ag dul thar a chéile, ag siubhal dó, le lagar agus le donacht. Seo é an "gearrán gasta" ar bhuail Beresford Pender ar marcaidheacht air! "Ara, a Bheresford, 'ar ndóigh, ní hé an sean- ghearrán atáir a thabhairt leat!" ars' an t-athair. "Ní dhéanfaidh sé an bealach, a Bheresford. Ní dhéanfaidh sé an bealach! Féach an bhail atá ar a ghlúinibh!" "Tá crudh sgoithte ag mo chapall féin," arsa Beresford. "Déanfaidh "Uaterloo" cúis ceart go leor indiu. Níl baoghal ar an mbuachaill!" CAIBIDIL XXXIX. AN SEAN-GHEARRÁN AGUS A UALACH. BRIAN Ó BRUADAIR AGUS BAIRBRE. D'imthigh le Mac Uí Luaithe agus le Beresford Pender go mín réidh socair. Focal níor labhair ceachtar aca leis an duine eile go ceann leath-uaire. Chuadar suas bóthar cumhang uaigneach i n-aice an tsléibhe agus ba ghairid go rabhadar i ngar d'fheilm an Cheithearnaigh. "Sin í feilm an Cheithearnaigh," arsa Beresford. "Níl de chíos ar an talamh sin aige acht coróin 's punnt an t-acra. Badh cheart dhá phunnt ar a laghad a bheith air." "Nach iúd é an Ceithearnach féin i gceann na páirce?" arsa Mac Uí Luaithe.
"Is cosamhail leis é," arsa Beresford. Tháiniceadar suas leis an mBuailteoir agus ag cur an bhealaigh dhe "go lághach réidh" amach rómpa. "Cé'n sgéal é, a Mhaitiú?" arsa Hannraoi. "Dheamhan sgéal ar a' domhan — acht go bhfuilim ag dul ag crathadh cruithneachta do'n Cheithearnach. Táthar ag spréadhadh aige indiu," arsa Maitiú. Bhí cáirín asail an Cheithearnaigh amach rómpa agus gan duine 'n-a dhiaidh. "Cá bhfuil fear an cháirr?" arsa Hannraoi. "D'imthigh leis ag baint maide droighin," arsa Maitiú "agus d'fhágaibh sé an t-asal agus an cárr agus na málaí cruithneachta i lár an bhóthair, tá leath-uair ó shoin ann!" Ba ghearr go raibh Brian ar an talamh, agus a mhaide mór trom fad-altach droighin i gcúl ciotóige aige. "Nach bhfuilir thairis sin fós!" an seisean leis an asal — 'ghá bhualadh treasna an leath-deiridh leis an maide agus ag cur cor sníomháin ann i lár an bhóthair. "Nach bhfuil an Ceithearnach le capall a cheannacht?" arsa Beresford le Maitiú. "Díolfad an gearrán so leis agus ní bhéad as bealach sa luach — má's breagh leis é." "Óra, a dh--l, a ghasúir, coinnigh mé nó tuitfead!" arsa Briain ag leigean a shean-sgairt gháire. "Níor cheart go mbéitheá as bealach sa luach ar chuma 'r bith," arsa Maitiú. "Is gearr uaidh! Dheamhan an chuach a chloisfeas sé nó go gcloisidh mise Fionn Mac Cumhaill ag feadghail ar Bhran!" "Díol a shean-chraiceann lobhtha le "Ceannaidhe an Leathair" — 'sé b'fhearr dhuit a dhéanamh!" arsa Brian. Bhreathnuigh Beresford air go gruamdha arannta acht focal níor labhair.
"Gabh mo leith-sgéal," arsa Hannraoi." Caithfead beagán cainnte a dhéanamh leis an gCeithearnach. "Béarfaidh tú orm-sa" arsa Beresford. "Ní dhéanfad mórán siubhail." "Is breagh an lá ag spréadhadh é seo, a Cheithearnaigh," arsa Mac Uí Luaithe. "Agus is breagh tirim an talamh é seo agat." "Ní raibh sé mar sin lá de'n tsaoghal, muis,"" ars' an Ceithearnach. "Bhí an réimse seo fré chéile fliuch báidhte, tá bliadhanta ó shoin ann, acht bhíos leis go ndearnas togha talmhana dhe. B'éigin clasganna móra doimhne a dhéanamh leis an uisge a sgaoileadh le fánaidh — agus níorbh' fhurusta a thriomughadh, deirim-se leat." Bhain Beresford Pender amach sna sodair soir an bóthar, agus thosuigh sé ag éirghe i ndiallaid go croidheamhail. Acht bhí an meadhchan ró-mhór do'n tsean-ghearrán, agus ní baileach a bhí sé bainte amach i gceart san sodar 'ná thuit i mbun a chos i lár an bhóthair! Caitheadh Beresford amach i ndiaidh a mhullaigh agus buaileadh go láidir i n-aghaidh an bhóthair é. Chuir sé uaill as, acht níor éirigh. "Dar an leabhar! Tá Beresford leagtha!" ars' an Ceithearnach. "Mh'anam go bhfuil!" arsa Hannraoi. "Sin a bhfuil de bhárr an tsean-ghearráin aige!" Ritheadar síos chuige. Rith fear a bhí ag obair i leath-taoibh an bóthair freisin chomh tréan 's b'fhéidir leis. "Bhfuilir gortuighthe?" arsa Hannraoi. Níor fhreagair Beresford, acht thug a aghaidh ar an tríomhad fear. "Nach bhfacais do mo leagan mé?" ar seisean go feargach. "Mh'anam go bhfacas," arsa mo dhuine agus é i ngreim srianach sa ngearrán, "acht nuair nár chorruighis shíleas go rabhais marbh agus criogtha amach 's amach agus bhí faitchíos orm a dhul i n-aice leat mar
gheall air gur tú féin a bhí ann. Cá bhfios céard adéarfaidhe, b'fhéidir, dhá bhfeictí mise i n-aice na háite?" Thosuigh Beresford ag spalpadh na mionn fá n'fhiacail. "Ba le bheith ciallmhar dhó nach ndeachaidh sé 'n-a ghaobhar" ars' an Ceithearnach i gcogar le Mac Uí Luaithe," agus bíodh sé buidheach go raibh muide annso, nó bhéadh mo dhuine bocht i gcontabhairt faoi gur éirigh leis a bheith chomh gar do Bheresford 's bhí sé. Is iomdha duine a crochadh faoi rud chomh suarach leis nuair nach raibh aon chruthughadh aige." Cuireadh Brian fá mhór-dheifir le sgéala chuig Diarmaid Ruadh ghá rádh leis a theacht agus an gearrán a thabhairt ar ais. "Go mbeannuighidh Dia annso! Cá bhfuil Diarmaid?" arsa Brian ag bualadh isteach i dtigh Phender. "Muise, ní féidir gur tú Brian!" ars' an tsean-bhean a bhí i gcionn an tighe. "Céad fáilte romhat! Ara, suidh síos, a Bhriain! Agus cé chaoi bhfuil tú — nó cé'n sgéal nuaidhe agat ar an aimsir seo? 'nDomhnach, chualamar go raibh pósadh le bheith agaibh i dtigh an Cheithearnaigh, a Bhriain! Ara, céaróch buachaill é an fear óg? Bhí 'fhios agam i gcomhnaidhe go bhfuigheadh Máire fear maith." "Tá mé ceart go leor, a Bhairbre" arsa Brian. "Cá bhfuil Diarmaid?" — níor bhac sé leis na ceisteanna eile a fhreagairt ó bhí deifir air. "Muise, nach tú atá ag méadughadh, a Bhriain, míle glóire le Dia! Táir in do bhéinneach d'fhear cheana — mh'ainín go bhfuilir! Nach cóir adeireadh do mháthair féin gur le t'athair a bhí tú ag 'ul? Níl aon duine a chonnaic riamh é nach n-aithneochadh as thú — dhá mbadh é a shiubhal agus a rith é bhí siad agat ag éirghe suas duit —" "Nach mar gheall ar chomh héasgaidh 's bhí sé a d'imthigh sí leis dhá mhíle buidheachas!" arsa Brian. "Cá 'uil Diarmaid, a Bhairbre?"
"Má d'imthigh féin níor náire ar bith dhi sin. Fuair sí lán a gabhála d'fhear luath láidir, agus má bhí sé basach féin, 'ar ndóigh, níor locht ar bith air é! Is iomdha fear maith a bhí basach!" "Is fíor do phort, a Bhairbre," arsa Brian ag cur coise os cionn na coise eile. "Acht, a Bhairbre, a dh--il, cá 'uil Diarmaid? Íosaidh siad beo beathadhach mé má ghním aon mhoill!" "Leabhar-sa, is maith an aghaidh ar Mháire Ní Cheithearnaigh fear maith fhágháil, a Bhriain — is maith sin! Is breagh dathamhail an cailín í mar deir Beresford. "Nach mór an truagh gan spré le fágháil aici, a Bhairbre?" ar seisean. "Ara, 'tuige nach mbéadh" arsa mise, "nach bhfuil na céadta agá n-a hathair?" "Níl ná de dh--l cianóg le n-a haghaidh," arsa Beresford. "Tá a hathair i n'amadán ag caitheamh a chuid airgid leis an talamh — agus sin a mbéidh dhá bhárr aige sa deireadh," ar seisean. "Meas' tú an é pósadh Bheresford chrosaigh an choincín mhóir a dhéanfadh sí — ná aon Phender eile dár shíolruigh ó pé'r bith D--l duine a bhí sa gcéad Phender acab?" arsa Brian. "Acht leig de'n chainnt agus innis dom cá 'uil Diarmaid!" "Ara, muise, Diarmaid gan mhúnadh ó's eisean é, leabhar-sa! Acht ní bhéidh de mo bhárr-sa ag an mbuachaill! Tháinic sé isteach agus chroch leis an gunna amach as an gcisteanaigh uaim. "Cá bhfuilir ag dul anois, 'riú?" arsa mé féin. "Fiafruigh de'n D--l sin — nach mór a bhainim dhuit!" arsa Diarmaid. Acht b'fhéidir go mb'fhearrde Diarmaid fios a labhartha a bheith ag an mbuachaill! Síleann sé nach bhfuil 'fhios agam-sa tada dhá mbíonn ar siubhal aige. Acht tá 'fhios agam níos mó 'ná leigim orm, a Bhriain. Mh'ainín go bhfuil 'fhios!" "Ara, amhgar na mbó maol ort! — agus innis dom feasta cá bhfuil sé, nó cá ndeachaidh sé, a Bhairbre. Nár dhubhras cheana leat fá dhó agus trí
huaire go raibh sé 'n-a dheifir orm agus sgaoil 'un bealaigh mé — 'sé dhéanfas tú!" arsa Brian. "Chroch Diarmaid leis an gunna agus thug an sgioból air féin" arsa Bairbre. "Agus ní móide go bhfuil 'fhios ag an mbuachaill báire go bhfaca mise é ag cur piléir luaidhe ann — acht chonnaiceas. D'imthigh leis amach an geata agus níl 'fhios agam-sa cé'n bóthar a thóig sé, acht —" Amach le Brian gan éisteacht le níos mó. Bhí sé le cuthach le Bairbre fá'n moill a choinnigh sí air. "nDomhnach, is measa í 'ná Nóra Laoide féin le n-a bhfuil le rádh aici!" arsa Brian. "Tá an oiread cainnte ag cuid de na sean-mhnáibh céadna le dháréag 's fiche. Agus thar éis mé a bheith ag éisteacht léithi le leath-uair a' chluig gan agam ar deireadh thiar acht bonnacha! Claidhe siúcra go dtuitidh ort-sa, a Bhairbre — mara'n agat atá do theanga ar do chomhairle féin! Acht ní abróchad leat acht sin agus chomh lághach 's thráchtais ar m'athair bocht. Go maithidh Dia dhom an easgainidhe — acht dheamhan focal di a thagas ó mo chroidhe acht uair sa gcéad, sílim, agus chualaidh mé mara dteagaidh sí ó'n gcroidhe nach fiú trompa gan teanga a dtig léithi a dhéanamh de dhíoghbháil. Dubhairt an tAthair Ó hAnnagáin liom lá an fhaoistin gur mhór an peacadh a bheith ag losgadh mionna mór, acht d'innsigheas-sa dhó gurbh' é a bhuachaill féin is mó a bhain easgainidhe asam an lá ar bhuail sé isteach ar an bpus mé faoi go dtugas "péacóg de shagairtín" air!" Amach le Brian sa stábla agus sa sgioból acht ní raibh Diarmaid i gceachtar aca. Bhreathnuigh sé thart timcheall in gach áit acht ní fhaca é. "Muise, dar piachta! — mar deir cé deir é," arsa Brian, "is fuar falamh an áit é seo ag sean-Isaac creathach, agus ag Beresford crosach an ghleo mhóir! Níl gé ná lacha, cearc ná coileach, muc ná banbh, bó
ná gamhain, laogh ná uan acab! Má tá, cá bhfuil siad? Dheamhan réithe ná caora, mult ná uasgán, bárdal ná coileach, le feiceál timcheall na háite. Mh'anam nach bhfuil. Shílfeá gur fuath atá ag éanlaithe an aeir féin do'n teach malluighthe céadna. Ní fheicim druid ná céirseach, buidheog ná smólach, londubh, filibín, spideog, fáinleog ná dreoilín. Deamhan é — is fearr leob comhnaidhe 'sna háiteachaibh nach bhfuil mallachta na mbocht — agus tá mallachta na mbocht chomh tiugh "le gaineamh ar thráigh nó drúcht ar bharr glasaire," mar deir Seaghán De hÓra, os cionn an tighe mhí-ádhsaigh seo. Táim cinnte go bhfuil. 'nDomhnach muise, is beag is fiú thú dhá mhéad gaisge dhá bhfuil ag an gcloigneachán droch-mhúinte is mac dhuit, a shean. Isaac! Mh'anam gur beag, de réir chosamhlachta — agus ní fiú thú ceathramha cuid a bhfuil agat. Nár leigidh Dia gurbh' fhiú — mar is olc an aghaidh ort é! Agus dheamhan mórán is fiú an fheág de shean- ghearrán atá agat ar an móiméad so acht an oiread. Tá a chnaipe déanta! Acht nach fearr dhom seasamh thoir ar an gClaidhe Árd agus b'fhéidir go bhfeicfinn Diarmaid Ruadh uaim i n-áit eicínt. Sgéal cam orthab ar fud fad a chéile! Dhá mbéinn chomh luath leis an ngaoith Mhárta agus chomh lúthmhar le Caoilte Mac Rónáin ní fhéadfainn freastal dá bhfuil orm a dhéanamh ó Luan go Satharn!" Sheas sé ar bhárr an chlaidhe agus dhearc uaidh go grinn. Sa deireadh facthas dó gur duine a thug sé fá deara ar a chromada sa nGleann Mór ó dheas de bhóthar. Bhreathnuigh aríst agus chonnaic ní b'fhearr 'ná sin é. Bhí 'fhios aige anois gur sa gclais ghainimhe a bhí sa ngleann a bhí sé. Rinne air. Acht sul bhí sé i n-amharc an té bhí sa gclais ghainimhe chonnaic sé é ag breith ar ghunna. Chonnaic Brian beirt mharcach ag teacht anoir an bóthar. Bhí fear an ghunna ag faire go deo go rabhadar gar go maith do láthair. Annsin chuir deis air féin. Thug béal an ghunna ortha — agus bhí ag dul
ag caitheamh acht — pé'r bith cé'n fáth é — leag sé uaidh an gunna go tapaidh, agus shín siar go ndeachaidh an bheirt mharcach thairis. Beirt shíth-mhaor a b'eadh iad. "Mo chraiceann ó'n d--l gurab é Diarmaid Ruadh atá ann!" arsa Brian. "Tá tú ar fágháil, a Sheagháin figheadóir!" ar seisean ag rith aniar an cnocán. "Cé'n d--l a thug an bealach so thú?" arsa Diarmaid. "Sguab leat go beo agus iomchuir an sean-ghearrán a bhaile ar do dhruim!" arsa Brian. "Thuit sé féin agus Beresford i mullach a chéile thoir ar bhóthar an Ráithín agus tá an gearrán 's gan éirghe 'n-a sheasamh ann!" "Agus cá bhfuil Beresford agus Mac Uí Luaithe? Nach bhfuil siad le theacht an bealach so?" "Dheamhan teacht ná teacht," arsa Brian. "Thug Beresford do na buinn a bhaile é, agus chuaidh Mac Uí Luaithe a bhaile chuig a dhínnéar tá uair ó shoin ann." "Go bhfeannaidh an d--l an sean-ghearrán céadna! — má's sin a bhfuil agam thar éis mo chuid trioblóide!" arsa Diarmaid Ruadh ag éirghe agus ag imtheacht. Dhá n-éirigheadh leob a theacht ar ais an bealach a bhí fútha, bainfidhe sgannradh as Mac Uí Luaithe a mbéadh cuimhne aige air. Nuair a bhéidís ag dul thar an gclais ghainimhe bhí Diarmaid Ruadh le urchar a chaitheamh go tobann agus le piléar a chur thríd an ngearrán a shínfeadh mín marbh é i lár an bhóthair. Mhionnóchadh agus chasgróchadh Beresford gur "cneamhaire bradach de thunónta" a bhí i bhfalach le n-a ndún-mharbhughadh i lár an lae ghléigil. Bhéadh Diarmaid sguabtha sul d'fhéadfadh Hannraoi é d'aithneachtáil — má bhí aon aithne aige air. Chreidfeadh Mac Uí Luaithe go rabhthas sa tóir air féin. Bhéadh a fhios aige go mbéadh sé i gcontabhairt a chaithte dá bhfanadh sé san áit. Dheif-
reochadh leis go Baile Átha Cliath — agus annsin bhéadh Beresford agus sean-Isaac chomh suaimhneach sásta 's b'fhéidir le beirt thíoránach bradach ar bith a bheith. Sin mar bhí socruighthe ag Beresford agus ag a bhuachaill. Acht níor éirigh leob fá láthair — agus ba hé an sean- ghearrán ba chionntach. CAIBIDIL XL. BRONNTANAS AN tSAIGHDIÚRA. RÚN AGUS DÓCHAS EILÍS NÍ MHUIRGHÉIS. Thug Liam Ó hEithfearnáin an "boisgín" do Eilís Ní Mhuirghéis nuair a casadh dá chéile ar an mbóthar iad. Shín sé chuici é gan focal a rádh acht amháin gur duine a casadh air i gCluan Meala a chuir chuici é. 'Ar ndóigh, bhí a fhios ag Eilís go maith cé uaidh a dtáinic sé. Bhí sí ag dul ag osgailt an bhoisgín go díreach nuair a chonnaic sí an Buailteoir ag teacht, agus shac sí síos 'n-a póca ar an bpointe boise é. Níor fhéad sí faill fhágháil ar bhreathnughadh céard a bhí ann gur shroich sí teach an Cheithearnaigh. Ag déanamh gúnna chuig Máire 'seadh tháinic sí — mar gúnnadóir cliste a b'eadh í. Bhí Máire agus Gráinne agus í féin ag seanchus fá láthair. Thug Gráinne fá deara go gcuireadh Eilís lámh 'n-a póca go minic, agus go láimhsigheadh sí rud eicínt. Acht ní raibh a fhios ag Gráinne céard é — marar airgead a bhí ann. Thug sí fá deara freisin gur chosamhail le Eilís a bheith ag smaoineadh gach uair dá gcuireadh sí a lámh 'n-a póca. Agus, 'ar ndóigh, bhí Gráinne go priaclach gan a fhios a bheith aici céard a bhí sa bpóca
agus cé air a raibh sí ag smaoineadh. "Acht béidh 'fhios a'm é," ar sise léithi féin. "Ceapann Máire annso nach ceart do dhuine a bheith ag smaoineadh ar ór ná ar airgead 'chor ar bith, a Eilís," ar sise. "Agus bhí sí ag tabhairt fúm-sa sul da dtáinicis faoi gur dhubhras nár thaithnigh an bhoichteanacht liom." "'nDomhnach, shílfeá nach mbéadh aon duine ann nár mhaith leis a dhóthain saidhbhris a bheith aige," arsa Eilís. "Meas' tú nár dheas an rud do chailín fear saidhbhir fhágháil?" arsa Gráinne. "B'fhéidir é," arsa Eilís. "Is minic a shíleas go mbadh dheas. Acht 'sér'd a b'fhearr liom féin — gan a bheith i gcleitheamhnas ná i dtuilleamaigh aon duine. Sin é an fáth a ndeachas go Baile Átha Cliath le gúnnadóireacht fhoghlaim." "Agus an saothruightheá mórán, a Eilís? Is breagh deas uait gúnnaí a dhéanamh — ní as ucht a bheith i láthair dhuit é," arsa Gráinne. "Shaothruighinn roinnt. Acht is deacair saidhbhreas a dhéanamh i mBaile Átha Cliath. Marach a bheith ag comhnaidhe i n-aon teach le m'aintín dom rachadh an saoghal cruaidh go leor liom amannta." "Nach mór an t-iongnadh gur fhágais cathair áluinn mar Bhaile Átha Cliath? Fairíor gan mise ann! Nach agam a bhéadh an saoghal! Ní aireochainn na laetheannta dá gcaitheamh acht an oiread 's d'airigh Oisín i dTír na nÓg!" "B'fhéidir go n-aireochthá, a Ghráinne!" arsa Máire. ""Is glas iad na cnuic i bhfad uainn acht ní féarmhar!" B'fhéidir gur ghearr go mbéitheá sáthach tuirseach dhi. Feicthear dhom-sa nach mairfinn i bhfad ann. Bhéadh briseadh croidhe orm i ndiaidh na ngort agus na móinfhéar agus i ndiaidh mágh maiseach mín Thiobraid Árann." "Is minic a bhínn-se féin ag smaoineadh ortha agus
go cumhamhara 'n-a ndiaidh," arsa Eilís. "Agus freisin, bhínn ag smaoineadh ara mo shean-athair bocht leis féin gan duine gan deoraidhe. Marach le truaigh dhó ní móide go bhfágfainn Baile Átha Cliath — cé go raibh fáth thairis sin agam le theacht." "Seo litir a bhí ag Brian 'n-a hata agus níor chuimhnigh sé uirthi go dtí anois" arsa Liaimín beag ag teacht isteach sa seomra. Gheit Máire. Acht d' Eilís do b'eadh an litir. Shín Máire chuici í. Bhí Eilís ag dul 'ghá cur 'n-a póca gan a fosgailt. "Ó, léigh í" arsa Gráinne, "nach cuma dhuit, má támuide féin annso?" "Litir ghrádha, an eadh?" arsa Máire ag meangadh. "'Seadh" arsa Eilís ag gáiridhe. "B'fhéidir gur mhaith leat a léigheadh?" ara sí le Gráinne ag síneadh na litre chuici. Léigh Gráinne í go fonnmhara. Litir gan mórán céille a bhí sa gcéad chuid di gidh go raibh ráidhte fileadhta a sgríobh Byron (de réir mar dubhradh sa litir) go fairsing innti. Bhí focla móra agus "carraigreacha" cainnte innti go tiugh. De réir a chéile coisgeadh ar sgód an fhoclóra, héirigheadh as ráidhtibh mór-fhoclacha, sgaoileadh cainnt an fhile Shasanaigh le gaoith, laghaduigheadh ara thorann agus ar fothram na mbriathar béil, agus críochnuigheadh an litir go grádhmhar Gaedhealach caoin mara leanas:- "Mo lom dubh dubhach agus mo chreach chráidhte, thú imthighthe, a Eilís chaoin, a ghrádh ghil! Tháiniceas ar cuairt chugaibh tráthnóna Dia Domhnaigh agus is beag bídeach nár bhris mo chroidhe bocht i gceart-lár mo chléibhe nuair a hinnsigheadh dhom go raibh mo stóirín muirneach imthighthe! Agus cé'rbh' iongnadh mé a bheith go buadhartha cráidhte, fá dhólás croidhe, fá mhór- chumha, agus fá bhrón? Nach tusa "mo rún 's mo ghrádh geal?" Nach tú an réalt eolais lóchrannach lonnrach a threoruigheas mé d'oidhche agus de ló le soillse
agus le loinnir do shúl? Nach bhfuil 'fhios agat go bhfuil mo chroidhe ag cur thar maoil le grádh dhuit, agus nach mbéad suaimhneach go deo na ndeor gan thú? Á, a Eilís dhil, dhá bhfághainn a dtug tonn ar tráigh agus mo chomhnaidhe a bheith i dTír na nÓg ní bhéadh suim ná sásamh agam ann gan mé 'gus tú bheith i n-éinfheacht, mara is tú "mo rún agus mo chumann go buan" go dtéighead san úir. Go síntear siar mé in mo chomhairín caol fada, agus go leagtar na fóide glasa os mo chionn sa gcill — ní ghrádhóchad aon óig-bhean acht thú! Siad do shúile lonnracha agus "glórtha bog' binn' do bhéil" a sguab mo chroidhe bocht 'un bealaigh. "Is fada ó n-a chéile orainn éirigheas gach lá" fá láthair — mara deir an file. Acht ní bhéidh sin amhlaidh i bhfad. Tá cead cuarta fáighte agam go ceann seachtmhaine, agus ní bhéarfaidh an ghaoth Mhárta orm nó go sroichead Cnoc na nGabha le aon amharc amháin fhágháil ort agus aon phóigín amháin eile fhágháil ó mo mhuirnín dílis féin!" "Ó, is áluinn an litir í sin!" arsa Gráinne. "'Sí an chéad litir ghrádha a chonnaiceas riamh í acht amháin sna leabhra. Tá mo dhuine bocht sáthach suarach, ar chuma 'r bith. Agus nach deas fileadhta uaidh litir a sgríobhadh! Táim cinnte go bhfuil eolas aige ara amhráin ghrádha na bhfilí. Tá go leora dá gcuid cainnte sa litir ar chuma 'r bith." "B'fhéidir gur as leabhra a fuair sé na ráidhte deasa sin," arsa Máire. "Acht ní thig liom a ainm a dhéanamh amach chora ar bith" arsa Gráinne, "ag an gcaoi a bhfuil sé sgríobhtha. Chím gur ó Bhaile Átha Cliath a tháinic an litir." "A Eilís, seachain a, raibh na "póigíní" deasa sin sa gcás!" arsa Máire. "Mara bhfuil suim an-mhór ar fad agat ann badh cheart duit a bheith níos cúra- maighe 'ná sin. B'fhéidir gur fíor dhó a n-abrann sé sa litir. B'fhéidir go dtáinic gach focal de'n chainnt
ó n-a chroidhe amach agus go bhfuil sé dáríribh. Cá bhfios nach bhfuil sé i ngrádh ceart críochnuighthe leat? Acht mara bhfuil grádh agat-sa dhó, badh cheart go mbéadh 'fhios sin ag an duine bocht." "Ara, ná bac le n-a cuid cainnte, a Eilís!" arsa Gráinne. "Níl aithne ar Mháire nach bhfuil sí chomh críonna céillidhe le "Sean-dall glic" — agus fios maith agam-sa cé'n chríonnacht atá innti! 'Ar ndóigh, is breagh an rud a bheith ag briseadh croidhe na mbuachaillí! Fan go dtéighidh mise go Baile Átha Cliath — béidh greann ann!" Níor fhreagair Eilís. Chuir sí a lámh 'n-a póca agus thóig sí amach an boisgín. D'fhosgail é agus phreab sí le áthas nuair a chonnaic sí céard a bhí ann. "Seo bronntanas a chuir sé chugam," ar sise. "Péire fáinní cluas óir!" arsa Gráinne. "Ó, nach áluinn iad? Péire mar tá ag Meadhbh s' againne go díreach!" "Má's ór atá ionnta," arsa Eilís, "caithfidh sé go bhfuil grádh fíor-cheart aige dhom." "B'fhéidir é," arsa Máire, "acht ní chruthóchadh an bronntanas is luachmhaire d'fhéadfaidhe fhágháil fíor-dhílseacht an bhronntóra go minic. Má's fear bocht é caithfidh sé go bhfuil suim aige ionnat ar chuma 'r bith agus a gcur chugat." "Ní fear saidhbhir é, a Mháire, gan bhréig," arsa Eilís. "Níl ann acht sáirseant airm." Níor labhair Eilís focal thar a éis seo. Níor fhreagair Máire. Bhí Gráinne féin ag smaoineadh. Agus thosuigh ar an smaoineadh ag Eilís freisin. Smaoinigh sí ar an saighdiúr, agus chomh mór 's bhí sí leis tráth. Ní raibh uaithi an uair sin acht suim a bheith aige innti. Agus d'éirigh léithi. Bhí an saighdiúr 'n-a diaidh agus sa tóir uirthi i gcomhnaidhe. Thagadh sé ar cuairt chuici go mion agus go minic. Bhí cailíní eile éadmhar léithi mar gheall air. Acht is amhlaidh do thaithnigh sin léithi ar dtús. B'fhurus di a thabhairt fá deara thar
éis sgathaimh go raibh grádh aige dhi. Acht ní raibh grádh aici-se dhó aon am! Agus fá láthair bhí imnidhe agus mí-shuaimhneas ag gabháil di faoi nár chuir sí sin i dtuigsint dó i bhfad níos túisge. Bhí an ceart ag Máire. Ní raibh sé cóir ná ceart aici a bheith ag a leigean uirthi féin go raibh sí sa tóir air! B'fhéidir gur le n-a sheachaint d'fhág sí Baile Átha Cliath. Acht aici féin a b'fhearr a fhios sin. D'éirigh sí 'n-a seasamh agus dhearc amach. Níor thóig sí súil d'áit áithrid ar feadh sgathaimh. Leig sí osnadh. B'fhurusta aithne uirthi go raibh sí ag smaoineadh. "A' bhfeiceann tú na croinnte údaigh thuas ar thaobh an chnuic, a Ghráinne?" ar sise. "Is ortha atáim ag dearcadh le sgathamh. Is iomdha rud a chuireas siad i gcuimhne dhom. Tá siad le hais an tighe a bhí ag m'athair agus ag mo mháthair — an áit a rugadh mise!" "Maise, an 'in é an áit a rugadh thú?" arsa Gráinne. "Agus a' bhfuil t'athair agus do mháthair beo?" "Tá súil le Dia agam go bhfuil m'athair beo — acht níl 'fhios agam! Acht tá mo mháthairín bhocht sa gcill le fada'n lá! Bhí gabhaltas deas talmhan aca annsin. Acht hárduigheadh an cíos ortha. Loic an cur. Chuaidh an saoghal 'n-a n-aghaidh. Tháinic an bhoichteanacht ortha. Agus cuireadh amach as an teach 's as an talamh iad. Acht is minic a smaoinighim go mbéidh teach 's talamh m'athar agam fós!" "B'fhéidir le Dia go dtiocfadh sé sa saoghal go mbéadh," arsa Gráinne. "Acht cá bhfuil t'athair, a Eilís?" "Fairíor géar níl 'fhios agam! Níl 'fhios an beo nó marbh dhó, ná cé'n tír nó talamh a bhfuil sé. Níor facthas amharc air i dTiobraid Árann ó'n lá ar cailleadh mo máthair. Tháinic na báillí agus an sirriam le n-a gcur amach — is maith is cuimhneach liom go raibh an tsráid lán de shaighdiúiríbh. Rug mo mháthair bhocht greim ar an doras agus ní rachadh sí amach. Nuair nach
rachadh sí amach dá deoin strachail na báillí amach í sa deireadh. Buaileadh a ceann i n-aghaidh cloiche ar an tsráid agus níor mhair sí acht go maidneachan an lae lá'r n-a bháireach. Trócaire na bhFlaitheas go raibh ag mo mháthairín dhil! Nach maith is cuimhneach liom an mhaidin dhólásach úd! 'Sé Diarmaid Ruadh ba chionntach le n-a bás, adeir go leor dá raibh ann, mar 'sé a leag í nuair a buaileadh a ceann i n-aghaidh na cloiche. Nuair a chonnaic m'athair céard a rinne sé strachail sé gunna ó dhuine de na saighdiúiríbh agus bhuail sé buille ó mhaol gualann anuas sa mblaoisg ar Dhiarmaid Ruadh nár fhág mothughadh ná arann ann i lár na sráide. Annsin mhionnuigh agus chasgair go gcuirfeadh sé a raibh sa ngunna thríd an gcéad duine a leagfadh lámh air. Agus bhí an oiread uathbháis ortha 's go raibh sguabtha leis sul dár air gheadar imthighthe é." "Agus a' rugthas air?" arsa Gráinne. "Ní rugthas" arsa Eilís go deorach. "Chinn ortha breith air thar a éis sin." "Agus an bhfuil cuimhne mhaith agat ar t'athair agus ar do mháthair?" arsa Máire. "Á, tá, agus béidh go deo! B'áluinn an bhean í mo mháthair, a Mháire! Go dtugaidh Dia na trócaire grásta síorraidhe na bhFlaitheas dá hanam! Chonnaic mé í nuair a bhí sí ag séalughadh! Is maith a chuimhnighim go dtáinic m'athair le "slán" fhágáil aici i dtigh mo shean-athar an oidhche chéadna ar cailleadh í! Ba hé an "slán" deireannach aca é! Ní fhágfadh sé an tír gan aon amharc amháin fhágháil uirthi cé go raibh na saighdiúirí sa tóir air i n-aice an tighe. Tairgeadh luach saothair mór do dhuine ar bith a bhéarfadh air. Níor fágadh teach beag ná mór sa bparáiste gan cuartughadh acht níor éirigh leob breith air. Mhol mo shean-athair dhó a dhul go 'Meiriocá agus fanacht annsin go ceann roinnt bliadhanta. Dubhairt sé go dtiubhradh sé féin aire dhom-sa go dtigeadh
m'athair ar ais, agus go mbéadh sé i n'athair agus 'n-a mháthair agam, 'agus feicim-se cé thiocfas le seilbh fhágháil ar do chuid talmhan!" ar seisean. Agus b'fhíor dhó. Ní fhéadfadh athair ná máthair a bheith níos ceanamhla orm 'ná mar tá sé 'ch uile lá ó shoin. Níor leig an faitchíos d'aon duine cur faoi ar an talamh ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann!" arsa Eilís ag cuimilt na ndeor ó n-a súilibh le n-a naipcín póca. "Agus ar sgríobh sé aon litir a bhaile ó shoin?" arsa Gráinne. "Níor sgríobh. Acht fuaireamar sgéala go raibh sé i gceann de na Státaíbh is fuide uainn de 'Mheiriocá agus é an-deiseamhail. Acht b'fhéidir nach fíor é. Is minic a cheapaim gur easbaidh sláinte atá air, nó go bhfuil sé an-bhocht 's gur fearr leis gan fios a bheith cá bhfuil sé." "Agus a' mbéadh fonn ort a dhul ar a thóir?" arsa Gráinne. "Níl aon rud eile ar an domhan a b'fhearr liom a dhéanamh 'ná a dhul le n'fheiceál má tá sé beo. Agus marach le leisge mo shean-athair fhágáil is fad ó d'imtheochainn. Sin fáth eile bhí agam le gúnnadóireacht fhóghlaim. Cheapas go bhféadfainn mo bheatha a shaothrughadh 'sna bailte móra thall an fhad 's bhéinn ar a thóir. Ní bhéad suaimhneach go deo ná go bráthach go mbéidh 'fhios agam go fírinneach céard a thárla dhó." Thosuigh sí ag smaoineadh aríst. Chuimhnigh gur fhreagair dhá litir dár chuir an saighdiúr chuici. Bhí aithmhéala uirthi gur fhreagair. B'fhearr léithi anois 'ná go leor dhá mbéadh gan aon bhaint a bheith aici leis. Níor innis sí d'aon duine beo go dtáinic sé ar cuairt chuici go Cnoc na nGabha. Ní chualaidh sí aon chur síos air san áit, agus bhí súil aici nach mbéadh 'fhios é. Bhí dóchas aice nach labhróchadh Liam Ó hEithfearnáin ar a chastáil dó i gCluan Meala, agus bhí
muinghin aici nach n-innseochadh Peig Ní Bhrádaigh gach thar éis a theacht ar ais di ó'n mbainfheis. "Déarfad leis gan a theacht níos mó" ar sise léithi féin. "Agus má's fear é a bhfuil aon spioraid ann ní thiocfaidh." "Ní féidir go bhfuil Hannraoi ar ais chomh luath so?" arsa Gráinne. "Marab é a thaise atá ann sin é sa ngáirdín é," arsa Máire. "Shíleas nach mbéadh sé ar ais go hárd- tráthnóna." Bhí an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe ag ullmhughadh le cuairt a thabhairt ar chlainn inghean Uí Ainnlighe. Bhí Risteard gléasta thar cionn, mar bhí súil aige Caitlín aoibhinn phéarlach a fheiceál. Bhí Aodh 'n-a dteannta sa ngáirdín fá láthair. "Meas' tú, a Eilís, cé aca fear is deise?" arsa Gráinne. Dhearc Eilís amach. "Ceapaim féin gur deise d'fhear an Dochtúr 'ná Mac Uí Luaithe," ar sise. "Acht b'fhearr liom d'fhear Aodh 'ná ceachtar aca." "An abrann tú gurab é "Fionn mac Cumhaill" an fear is deise?" arsa Gráinne ag leigean a sean- sgairt gháire. "Cé air a dtugair an t-ainm sin?" arsa Eilís. "Má's ar Aodh é ní fhéadfá ainm níos breaghtha a thabhairt air. Ba hé Fionn mac Cumhaill an rí bhí ar na Fiannaibh sul dá dtáinic Naomh Pádhraic go hÉirinn. Cheal nach gcualais trácht ar Oisín binn- bhriathrach fileadhta mhac Fhinn, ar Osgar tréanmhar mhac Oisín, ar Chaoilte lúthmhar luath mhac Rónáin, ar Dhiarmaid Ó Duibhne an bhaill seirce, nó ar Chonán Maol, fear chaithte na gcloch agus fear dhéanta an achrainn? 'Sé mo shean-athair an fear d'fhéadfadh na sean-sgéalta iongantacha innseacht duit 'n-a dtaobh. Deireann go leor de na seanchaidhthibh nach raibh leithid Fhinn de ghaisgidheach i nÉirinn roimhe ná 'n-a dhiaidh, mara raibh Cú Chulainn na Craoibhe Ruaidhe ann."
"'nDomhnach, is tusa an cailín a bhfuil an seanchus agat!" arsa Gráinne. "Agus bí buidheach ded' shean-athair d'innis na sgéalta iongantacha sin duit. Acht 'tuige a mb'fhearr leat Aodh? 'Ar ndóigh, ní deiseacht ná áilneacht atá san éadan dorcha sin aige.?" "Tá deiseacht agus deiseacht ann" arsa Eilís. "Agus 'sé mo mheas gur deise Aodh in go leor bealach 'ná ceachtar aca. Tá an fhearamhlacht agus an chneastacht agus an neamh-eagla le feiceál i n-a éadan. Dhá mbítheá i gcontabhairt do bháidhte nó do mharbhuighthe nach mbéadh 'fhios agat nár bhaoghal duit dhá mbíodh Aodh i n-aice leat?" "Creidim nach mbéadh aon easbaidh misnigh ná fearamhlachta air go cinnte" arsa Gráinne. "Níl baoghal ar bith nach gcuirfeadh sé i gcontabhairt é féin le duine eile a chosaint agus a shábháil. Dhá dteagadh leomhan treasna an gháirdín agus a chlab fosgailte le mo shluigeadh d'aon iarraidh, sheasfadh Aodh ar a aghaidh go dána, — agus creidim nach rachadh Hannraoi ar gcúl go cladhaireamhail acht an oiread — acht chuirfinn mo rogha geall' go mbainfeadh Risteárd as chomh tréan 's béadh 'n-a chosa! Ní smaoineochadh sé ar thada acht é féin a shábháil! Is breagh an rud an misneach, a Eilís. Agus sin rud a bhíos ag lucht airm. B'fhéidir gurab 'in é an fáth a dtaithnigheann an saighdiúr leat?" "A Ghráinne, is mór an t-iongnadh liom cailín chomh tír-ghrádhach leat-sa a bheith ag cainnt ar shaighdiúiríbh mar sin!" arsa Máire. "Ó, nach iomdha saighdiúr sa saoghal thar shaighdiúir Shasana!" arsa Gráinne. "'Ar ndóigh, ní suim a béadh agam ionnta-san?" "Agus cé'n fáth ar thaithnigh an sáirseant leat, a Eilís?" arsa Máire. "Muise, ní maith a thig liom sin innseacht i gceart, a Mháire, acht fear breagh croidheamhail
misneamhail é gan eagla gan faitchíos. Sílim gurab 'in é an fáth ar thaithnigh sé liom ar dtús." "Agus cé mar thaithneochadh sé leat dá bhfeictheá ag gabháil thart an bóthar é anois i measg plóid de shaighdiúiríbh Shasana le do chomhursanna agus do ghaolta fola 'gus feola a chaitheamh amach i leath-taoibh an bhóthair?" arsa Máire. "Is fíor dhuit, a Mháire. Ní thaithneochadh sin liom! Á, nár leigidh Dia go dtaithneochadh! Nár cheart go gcuimhneochainn ar a ndearnaidh mo shean- athair ar son a thíre i mBliadhain na bhFranncach?" "Badh cheart a Eilís!" arsa Máire. CAIBIDIL XLI. MAC UÍ AINNLIGHE AGUS SEAN-ISAAC PENDER. "Nach dtiocfaidh sibh-se a' spaisteoireacht freisin?" arsa Mac Uí Luaithe le Máire agus le Gráinne. "Tara uait, a Mháire," arsa Gráinne, "is áluinn an lá ag déanamh aeir é." "Fan go gcríochnuighead an litir seo," arsa Máire. "Gheallas do'n Athair Ó Cearbhaill sgríobhadh chuige indiu agus béidh sé ag súil leis an litir." "Bhfuil aithne agat ar mo dhearbhráthair Éamonn, a Eilís?" arsa Gráinne. "Tá aithne shúl agam air," arsa Eilís, "acht ní mórán eolais atá agam air. Bhíodh sé féin agus Aodh ag iasgach go minic ar an abhainn, tá bliadhanta ó shoin, agus thagaidís isteach le seanchus a bheith aca le mo shean-athair." "Cé mar thaithnigh sé leat?" arsa Gráinne.
"Buachaill breagh a b'eadh é go deimhin, agus, 'ar ndóigh, thaithneochadh a leithid le cailín ar bith," arsa Eilís. "A' gcluinir sin, a Mháire?" arsa Gráinne. "Táim ag éisteacht libh," arsa Máire — "is beag nach bhfuil an litir réidh agam." "Tá cailín áithrid sa saoghal, muis," agus ba mhór an glionndar a bhéadh ar chroidhe Éamuinn dá gcloiseadh sé uaithi an rud adubhrais-se, a Eilís!" arsa Gráinne ag síneadh a méire chuig an áit a raibh Máire 'n-a suidhe. "Bhí sé le theacht a bhaile fá Nodlaic seo chuaidh tharainn acht dubhras leis nach mbéadh aon ghraithe ag teacht aige! Ní bhéadh aon áird ag daoine áithride nach bhfuil i bhfad as láthair air! Ar dhuine eicínt eile atá an áird anois, 'ar ndóigh!" ar sise ag síneadh a méire chuig Mac Uí Luaithe a bhí amuigh sa ngáirdín. Chonnaic Máire í agus leig a sean-sgairt gháire. "Acht ar chuiris sgéala chuige céard adubhairt Anna leat a rádh leis?" ar sí. "Chuireas, acht cé'n mhaith sin? Nach i gclochar na mBan Riaghalta a chaithfeas do dheirbhshiúr Anna a saoghal — má leanann di?" "Níl 'fhios agam sin, muise!" arsa Máire. "B'fhéidir dhi a bheith níos aeraighe 'ná cheapfá dhi! Acht a' bhfuil Éamonn sa tóir i gcomhnaidhe ar óg-mhnaoi aoibhin na ngcraobh-fholt úd a raibh na buachaillí go léir 'n-a diaidh cúpla bliadhain ó shoin?" "Sílim go bhfuil sé bunáite chomh dona 's bhí an chuid eile aca. Acht tiocfaidh ciall dó, a Mháire! Ní hé an chéad duine ná an duine deireannach é a bhí sa tóir ar Mháire Ní Dhíolamhnaigh. Acht tá sé i ndiaidh cailín eicínt — pé'r bith cé hí. Is gearr ó bhí an tAthair Ó Cearbhaill agus Art Ó Conchubhair ag cur síos air eatortha féin, agus ag gáiridhe — — pé'r bith cé'n fáth é. Tá rud eicínt ar bun aca nach bhfuil aon fhios agam air."
"Amach linn, a Ghráinne!" arsa Máire. "Tá an litir sgríobhtha, — agus an iomarca moille coinnighthe againn cheana ar Hannraoi agus ar Risteard." D'iarr Gráinne ar Aodh a theacht, agus tháinic. Ghluais leis an Dochtúr rómpa as féin, agus bhíodar-san ag teacht 'n-a dhiaidh go mall réidh gan deabhaidh gan deifir. Sheas Risteard i lár an bhóthair go dtigidís suas leis, acht bhain an oiread moille dhóibh ag teacht thrí Chnoc na nGabha 's go raibh sé tuirseach sáruighthe sul tháiniceadar. Ní bhéadh an Dochtúr sásta muna dtéighthí an aithgiorra. Chuadhthas. D'fhágadar an bóthar mór agus chuadar treasna thrí thalamh Thomáis Uí Ógáin. An fhad 's tá siad ag cur an bhealaigh dhíobh — ag dul thar fháltaibh, 's thar chlaidheacha — rachamuid féin d'aon léim ghlan-osgardha amháin treasna na talmhan, agus buailfimid isteach chuig Mac Uí Ainnlighe agus chuig a chomhluadar. Tá a fhios ag an léightheoir gur dligheadóir a b'eadh fear an tighe. Agus ní gábhadh dhúinn a mheabhrughadh "go n-imthigheadh sé ar nós na bhfáinnleog" ó'n mbaile go minic. Fear an-rúnmhar a bhí ann. 'Sé nach mbéadh ag cur síos do'n tsaoghal ar a ghnó agus nach sgaoilfeadh a rún le aon mhac máthar! Bhí sé 'n-a shuidhe cois na fuinneoige ag léigheadh páipéir nuaidheachta go sásta suaimhneach fá láthair. Bhreathnuigh sé uaidh amach. D'éirigh go tobann agus amach leis. Shíl an bhean gur "ag imtheacht" a bhí sé agus nach bhfuighthí amharc aríst air go ceann míosa b'fhéidir. "Gabh amach 'n-a dhiaidh, 'riú, a Learaidhe!" ar sise, agus abair leis roinnt airgid a fhágáil agam le haghaidh an tighe seo." Bhí sean-Isaac Pender agus an dligheadóir amuigh ag an ngeata. Chuaidh Learaidhe amach agus d'iarr an t-airgead. Níor fhág an t-athair póca ag gabháil leis gan cuartughadh. Shín sé dhá phunnt d'airgead páipéir chuige, dhá ghiní bhuidhe, deich sgilleacha d'airgead geal, agus lán a ghlaice d'airgead ruadh.
Abair léithi gurab 'in a bhfuil d'airgead ag gabháil liom," ar seisean ag baint lán na súl as sean-Isaac. Thosuigh sean-Isaac ag sgríobadh a mhullaigh agus níor labhair. Agus bhain Learaidhe as ar ais leis an airgead. "Seo dhuit é," ar seisean le n-a mháthair. "Acht nach mór an t-iongnadh go dtug sé na pighinneacha ruadha so dhom!" "Go bhféachaidh Dia ar do cheann, a mhic!" ars' an mháthair. "Badh mhór ar t-iongnadh mara dtugadh! Sileann sé uaidh 'ch uile phighinn dá mbíonn aige." "Ó thug sé dhom iad 's go dtug, is fearr dhom a gcoinneál!" arsa Learaidhe 'ghá gcur 'n-a phóca. "Nach tú atá in do thruaigh Mhuire gan airgead!" arsa Rós ag breith i bhfus 's tall air. "Leag uait é, adeirim! Tá 'fhios agam-sa go maith cé le n' aghaidh a bhfuil sé ag teastáil uait, a mhic ó! Acht ní bhéidh sé agat!" Rugadar féin ar a chéile agus bhí sé 'n-a charraidheacht i lár an urláir. Acht chinn ar Rós an t-airgead a bhaint as a phóca. Má bhí Learaidhe "caol-iosgadach" bhí sé "cruaidh miotalach" — mar dubhairt an fear fadó. Bhí Caitlín sínte siar ar an sínteán agus í i lagracha' ag gáiridhe. D'iarr Rós congnamh uirthi. Acht d'fhuagair Learaidhe "cothrom na Féinne" a bheith aca 'n-a shean-ghlaoidh. "Eatortha féin bíodh sé!" arsa Caitlín ag leigean a sean-sgairt gháire. B'éigin do Rós éirghe as an gcarraidheacht agus gan puth anála aici. "Teastuigheann ól ó'n mbuachaill — sin é a theas- tuigheas uaidh!" ar sí nuair a fuair sí a hanáil léithi. "Cá bhfios duit?" arsa Learaidhe. "Nár dhubhairt Nóra Laoide liom go bhfaca sí ag glaodhach trí phionta i dtigh an Bhúrcaigh thú an lá cheana, a sgluigéara — ó's tusa é!" "Agus cá raibh sise?" arsa Learaidhe.
"Bhí sí ar chúl an dorais nuair a tháinic tú isteach sa siopa," arsa Rós, "agus chonnaic sí céard a rinne tú freisin." "Fairíor nach raibh 'fhios agam-sa go raibh sí ann!" arsa Learaidhe. — "agus d'fheicfeadh sí rud eicínt eile! Nach muid a chaill é! Chuirfinn an gabha dubh 'n-a diaidh le póg a bhaint di — agus leigfeadh sé air féin gur shíl sé gurbh' í an cailín aimsire í! Nach dona a chailleamar é!" "Tá sé chomh maith leigean dó féineacht" arsa Rós léithi féin. "Níl aon mhaith dhom leis." Facthas na cuartóirí ag teacht. D'éirigh Caitlín de léim 's chuir cosamhlacht oibre uirthi féin acht ní dhearnaidh tada! Tá a fhios agat, a léightheoir, na gcarad, chomh mór 's bhí an Dochtúr sa tóir ar Chaitlín. Ní raibh "steár" aige 'n-a diaidh — go háithrid ó tháinic sé a bhaile ar a chuairt dheiridh. Agus ní raibh aige acht malairt ar feadh sgathaimh. Bhí Caitlín lán de mheidhir agus de chroidheamhlacht na hóige — agus thug sí taithneamh mór dhó. Acht ní raibh a hathair sásta. Ní raibh mórán measa aige ar an Dochtúr — ó thárla nach raibh sé i n'fhear shaidhbhir agus cliú mór 's cáil air — agus chomhairligh sé Caitlín 'n-a thaoibh. Tháinic athrughadh intinne dhi thar éis na comhairle seo, agus ní dheachaidh a taithneamh do Risteard Ó Ceithearnaigh ar aghaidh ar an "modh díreach" thar a éis sin. Cailín críonna céillidhe a b'eadh í má bhí sí croidheamhail leath-aerach féin. Chuaidh sí le n-a hathair sa gcríonnacht, agus, 'ar ndóigh, ní raibh sí gan suim a chur i gcomhrádh céillidhe a máthar. Ní raibh ó n-a máthair acht feilméara láidir dhi. Thaithnigh Aodh Ó Ceithearnaigh léithi go mór agus facthas di nach mbéadh sí i ndiaidh a hinghine air. Go deimhin d'innis sí do Chaitlín féin cé'n meas a bhí aici air, agus bhí fúithi trácht air le n-a fear freisin. Ní raibh sí cinnte a mbéadh Caitlín sásta leis, agus, 'ar ndóigh, ba lugha 'ná sin an fios a bhí aici céard adéarfadh an
"dligheadóir." "Acht teagann gach maith le cáirde," ars' an bhean chroidhe léithi féin. "Agus cá bhfios nach hé atá i ndán do mo chailín beag ag Dia." Bhí an dligheadóir agus sean-Isaac amuigh ag an ngeata mar seo. Bhí na cuartóirí ag teacht treasna na ngarranta chuig an teach. Agus bhí stócáil ar siubhal istigh ó facthas ag teacht iad. "Bhí 'fhios agam féin go maith go raibh sé i n'am cúitiughadh leat ar bhealach eicínt — bhí 'fhios sin," arsa sean-Isaac. "Cé mar thaithneochadh an fheilm sin a bhí ag Riocard Ó Muirghéis leat? B'fhurusta togha talmhan a dhéanamh dhi." "Ní fheilfeadh sí dhom dubh buidhe ná bán" arsa Mac Uí Ainnlighe. "Ní bhéidh baint beag ná mór agam leis an talamh sin." "Bhíos féin 'ghá cheapadh sin go deimhin. Bhíos féin 'ghá cheapadh sin," arsa sean-Isaac agus thosuigh air ag sgríobadh a mhullaigh aríst. "Bhí 'fhios agam féin go maith gur feilm i n-aice do thighe a bhéadh uait." Ó'n lá ar ruaigeadh Riocard Ó Muirghéis, athair Eilíse, duine ní tháinic ag iarraidh seilbhe ar a chuid talmhan. Feilm bheag rígh-dheas de thogha talmhan a bhí innti, agus is iomdha duine a mbéadh áthas croidhe air í do bheith aige. Acht ar feadh na mbliadhanta níor iarr aon duine í ar an tighearna. Bhí Beresford Pender 'n-a cionn — agus b'fhearr leis nach mbéadh- Ní raibh uaidh acht duine eicínt a theacht a thairgeochadh a glacadh agus an cíos a íoc. Acht d'fhan sé leis an té sin le bliadhanta móra fada, agus ní tháinic sé fós. Seo í an fheilm nach mbéadh "baint beag ná mór" ag Mac Uí Ainnlighe dhi. Agus cad chuige nach mbéadh? Cad chuige a raibh sí bán leis an fhaid seo aimsire agus gan duine 'n-a seilbh? Bhí fáth leis — bhíodh fear dhá fheiceál ann de shiubhal oidhche go minic! Sean-fhear bacach a mbíodh maide droighin aige. Ba mhinic a cloistí é ag cainnt leis féin. Ba mhinic a feictí é timcheall an tsean-tighe a bhí ag Riocard Ó Muirghéis.
Sean-fhear cruaidh láidir a b'eadh é. Bhí amharc aige chomh géar agus chomh grinn 's bhéadh ag seabhac na haille. Sean-duine a b'eadh é a mbíodh sgáth ag daoine áithride roimhe. Agus níor thaidhbhse ná taise é. Níor shídheog ná ainsprid é. Níorbh' eadh acht sean-duine saoghalta — fear a sheachnuigheadh báillí agus tighearnaí — duine a raibh sé de cháil aca air go mb'fhiú a sheachaint agus go mb'fhearr leigean dó. Bhí Beresford Pender i gcleitheamhnas a bheith i gcionn na talmhan. Acht ba héan sean-fhear so a bhí 'ghá chionn agus 'n-a fhaire ó cheart. B'eisean an té raibh an faitchíos roimhe ag gach duine ar mhaith leis an fheilm a bheith aige. Agus chuirfeadh sé faitchíos i ndán do'n té bhuailfeadh fá'n talamh céadna! Bhí sean-Philib Ó Muirghéis i gcionn talmhan a mhic agus cá raibh an mac máthar a mbéadh sé aige — go bhfilleadh an té ar leis é, — sin nó go bhfuigheadh Eilís Ní Mhuirghéis seilbh ar thalamh a hathar! Tá a fhios agat anois, a léightheoir, cé'n fáth nach mbuailfeadh Mac Uí Ainnlighe fá'n bhfeilm seo. "Agus nárbh' iongnadh," arsa tusa, "faitchíos a bheith aige roimh shean-fhear liath?" Níorbh' iongnadh ar bith é — dhá mbéadh a fhios agat i gceart cé'n intinn a bhí ag sean-Philib. Bhí a fhios sin ag Mac Uí Ainnlighe agus ní raibh aon bhaint aige leis an talamh ná aon phléidhe aige le sean-tseadaire gaisgidhigh Bliadhna na bhFranncach. B'fhéidir go mba le bheith ciallmhar dhó é. "Táim ag dul le n'innseacht do Thomás Ó hÓgáin gur hárduigheadh a chíos," arsa sean-Isaac. "Bhfuil sé árduighthe agat air go cinnte?" ars' an dligheadóir agus tháinic cosamhlacht áthais air. "Is beag é go deimhin. Is beag é. Ní fiú trácht air. Ní thuigeann an Ridire Gearat na graithí seo chor ar bith. Níl 'fhios aige céard a bhaineas do dhúthaigh acht an oiread le páiste. Ba mhór an sgéal bás an Ridire Tomás agus ba mhór an chailleamhaint dúinn é. B'eisean an fear a raibh 'fhios aige céard a bhain do chíos agus do thalamh. Ar an Mór-Thír 'seadh
chaitheas Gearat an chuid is mó de'n aimsir. Tá sé le dhul i gcéin go luath aríst, adeir Mac Uí Luaithe liom. Agus ó's ag trácht ar Mhac Uí Luaithe éis cosamhail leis seo ag teacht treasna na ngarranta leis na mnáibh óga é. Buachaill óg lághach socair é Hannraoi. Is gearr go mbídh sé ag imtheacht. Níor chuir sé mórán suime sa dúthaigh ná sna tunóntaíbh ó #tháinic sé. Thug a mháthair comhairle dhó a bheith san áirdeall agus gan é féin a chur i gcontabhairt — agus is maith a rinne sí é. Tá 'fhios aici go maith go bhfuil na droch-dhaoine ann. Tá an oiread so de'n chíos ag dul dá mháthair gach bliadhain agus tá sí i gcomhnaidhe ag sgríobhadh ag iarraidh airgid orainn. Go deimhin, tá. Ní féidir a sásughadh!" Lean Isaac Pender agus Mac Uí Ainnlighe do'n chomhrádh agus rinneadar socrughadh a shásuigh an dligheadóir ceart go leor. "Dhá mbéadh gach túnónta chomh dútrachtach saoth- ruightheach le Tomás Ó hÓgáin," arsa Isaac, "ní bhéadh aon dúthaigh thalmhan i nÉirinn a b'fhearr 'ná an dúthaigh seo. Nach bhfheiceann tú féin cé'n slacht atá ar a ghabhaltas thar mar tá ar na taltaí thart timcheall?" "Feicim sin," arsa Mac Uí Ainnlighe. "'Ar ndóigh, mar deir tú féin níl aige acht gabhaltas beag," arsa Isaac. "Acht is mó is fiú é 'ná gabhaltas cheachtar de'n bheirt a chuir Beresford 'un bealaigh. Agus nuair a cuirfear na trí gabhaltais le chéile is deas feileamhnach an fheilm a bhéas agat ionnta i n-aice do thighe." Bhí Tomás Ó hÓgáin ag obair ar a mhine-ghéire i gclais mhóir an tsrotha i lár na talmhan agus nuair a chonnaic sé ag teacht iad bhuail sgannradh agus faitchíos é. Bhí sé ag creathadh mar bhéadh an bog-eidheann ann. Níor leig eagla dhó fanacht go dtigidís. Agus d'imthigh leis ag ruaigeadh préacháin a bhí thar éis íslighthe i ngort na cruithneachta i n-aice an tighe. Acht ní ag ruaigeadh an phréacháin a chuaidh sé. Ní
raibh uaidh acht leith-sgéal le imtheacht as bealach na beirte a bhí ag déanamh air. "Shílfeá gur faitchíos a bhí aige romhainn," arsa Mac Uí Ainnlighe. "Ní headh. Ar thóir rud' eicínt síos 'na tighe a d'imthigh sé, is dóigh" arsa sean-Isaac. "Níl aon tuairim aige 'tuige a bhfuilmid ag teacht — mara dtug Diarmaid aon leide dhó 'n-a thaoibh. Ní chuirfidh sé aon tsuim san árdughadh beag cíosa a rinne Beresford. Duine macánta cneasta é Tomás Ó hÓgáin." "Níor chosamhail le duine macánta an té a chonnaic mise go moch ar maidin sa bhfás-choill," arsa Mac Uí Ainnlighe — "pé'r bith cé hé féin. Táim lán-chinnte gur piostal a shac sé siar 'na bhrollach nuair a chonnaic sé ag teacht mé." "Céaróch duine é.?" arsa Isaac. "Fear mór árd fiadháin é" arsa Mac Uí Ainnlighe. "Bhí sean-éadaigh stiallta stróicthe air, agus 'sé mo mheas go bhfacas an fear céadna i n-áit eicínt cheana." "Mícheál Ó Briain, Mícheál Ó Briain — b'eisean a bhí ann" arsa sean-Isaac agus thosuigh air ag sgríobadh a mhullaigh aríst. "Deir Diarmaid nach mór a bheith san áirdeall air. Tá sé ag cur dín ar a chró beag cé go bhfuil 'fhios aige go bhfuil Beresford le n-a leagan. Duine dána te-intinneach é sin agus b'fhearr as an áit é." "Seadh, a' bhfuilir cinnte go n-éireochaidh leat léas nuadh a fhágháil dom ar an sean-chíos?" ars' an dligheadóir go tobann. "Léas nuadh, léas nuadh, léas nuadh," arsa sean- Isaac leis féin, "labhramuis go socair. Cá bhfios cé bhéadh ag éisteacht. Bímis aireach. Bímis aireach. Sílim go bhfacas duine eicínt ar a chromada ar chúl an chlaidhe annsin thiar. Gheobhair léas nuadh ar an sean-chíos. Táim bunáite cinnte go
n-éireochaidh le Beresford a fágháil. Acht cé'n deifir sin ort? Bí breagh foighdeach. Bí breagh foighdeach. Bímis lághach réidh mar sin. Tárlóchaidh gach rud mar is ceart leis an aimsir. Ní gábhadh dhuit a hiarraidh fá láthair. Bhéadh an Ceithearnach úd ag iarraidh léas' nuaidhe é féin dhá mbéadh 'fhios aige é." "'Tuige nach mbéadh?" arsa Mac Uí Ainnlighe. "Nach maith an aghaidh air léas nuadh a fhágháil?" Thosuigh sean-Isaac ag sgríobadh a mhullaigh aríst agus níor fhreagair. Níor leig air féin anois gur thrácht ar an gCeithearnach chor ar bith. "Nach sílfeá go mbéadh 'fhios ag Tomás Ó hÓgáin féin go bhfuil an gabhaltas sin aige ró-bheag dhó?" ar se sean thar éis tamaill. "Is mór an t-iongnadh nach n-éirigheann sé as é féin agus gan a bheith ag cur trioblóide ar na daoine. Nach léar do'n tsaoghal Fódlach go bhfuil an giodáinín sin aige ró-bheag d'fhear muirghine mar é? Is mairg nach sguabann leis dá thoil féin mar rinne an bheirt dheireannach a d'imthigh. Acht tá buachaill fiadháin árd-intinneach de mhac aige a bhfuil droch-cháil air, adeir Beresford liom, agus is contabhairteach an dream daoine dhá leithid. 'Siad na buachaillí óga ceann-dána sin is measa. 'Siad bun agus bárr gach achrainn a thárluigheas ar an dúthaigh iad, adeir Beresford. Rachthaidhe amach go mín réidh socair gan gleo gan torann go minic marach iad. "An faitchíos roimh sgurach óg mar Shéamus Ó hÓgáin atá ort?" arsa Mac Uí Ainnlighe ag breathnughadh go mí-chéadthach ar shean-Isaac agus ag baint lán na súl as. Níor fhreagair sean-Isaac. Acht níor thrácht Mac Uí Ainnlighe an mhisnigh mhóir ar an bhfaitchíos a bhí air féin roimh shean-Philib Ó Muirghéis!
CAIBIDIL XLII. SEAN-ISAAC PENDER AGUS MAC UÍ AINNLIGHE FÁ MHÓR-SGANNRADH. Bhí Mac Uí Ainnlighe agus sean-Isaac ag cainnt go prímhléideach le chéile ar chúl an chlaidhe i ngarrdha Thomáis Uí Ógáin fá láthair. Bhí Tomás imthighthe as a n-amharc agus ní raibh ag éisteacht leis an seanchus a bhí eatortha acht iad féin agus Dia na nGrás. Bhíodar chomh mór le chéile de réir chosamhlachta 's bhéadh gearrán bán agus coca féir. Bhí sean-Isaac ag tosuighe ag sgríobadh a mhullaigh go díreach — de bhárr ruda eicínt adubhairt Mac Uí Ainnlighe — nuair a baineadh torann uathbhásach amach i ngar dhóibh. Bhain sé geit iongantach as sean-Isaac. Phreab Mac Uí Ainnlighe féin nuair a thárla sé, acht níor sgannruigh sé. "Rud eicínt a pléasgadh dó nó trí de gharranta' uainn," ar seisean. "Ní chreidim gur urchar a bhí ann. Seasfad ar an gclaidhe go bhfeicead cár thárla sé." "Má ghníonn tú mo chómhairle-sa ní sheasfair!" arsa sean-Isaac, agus é ar creathadh le sgannradh. "'Tuige nach seasfainn, a dhuine? An faitchíos atá ort gur urchar a cuirfear thríot? Má chuireann gach urchar dá gcloisir ó Luan go Satharn ar creathadh thú deirim-se gur díol truaighe thú! Siubhail uait agus feicfimid ó'n taobh eile de'n gharrdha céard a rinne an torann." D'imthigheadar. Bhí clais mhór dhoimhin i ngar do'n mhúta i gceann an gharrdha. Chuaidh sean-Isaac suas i mullach an mhúta leath-eaglach go leor. Bhí Mac Uí
Ainnlighe ag teacht 'n-a dhiaidh, Ní baileach a í sean- Isaac 'n-a sheasamh ar an múta 'ná leig sé uaill, agus siar leis ar chúl a chinn de'n mhúta. Sgannruigh Mac Uí Ainnlighe. Rug sé faoi n-a lár ar shean-Isaac ag tuitim dhó. Ní baileach a bhí sé i bhfástódh aige nuair a chonnaic sé féin an "feic." Phreab sé le teann uathbháis. Sgaoil sé sean-Isaac 'na talmhan de thuairt. Thug sé aon choiscéim amháin i ndiaidh a chúil. Baineadh a chosa uaidh go tobann. Leig sé uaill. Agus siar leis glan díreach ar chúl a chinn i gceart-lár chlaise an tsrotha! Bhí sean-Isaac ag útamáil agus ag ionfairt anonn 's anall ar an mbruach. Ní leigfeadh an faitchíos dó dearcadh 'n-a thimcheall ná a cheann a thóigeál. Shíl sé go mbéadh sé 'n-a chriathar le urchair gach móiméid. Shíl Mac Uí Ainnlighe sin freisin i n-íochtar na claise agus a anam i gcruth a dhul amach thar a bhéal le teann uathbháis. Agus céard a sgannruigh iad? Cad chuige ar sgannruigh sean-Isaac chomh mór 's gur thuit sé de bhárr an mhúta? Céard a bhain an gheit as Mac Uí Ainnlighe a chuir ar chúl a chinn i gclais an tsrotha é féin? Mar deir an sean-fhocal, "níl maith i sgéal ar bith gan ughdar," agus seo mar thárla: — Nuais a sheas sean-Isaac ar an múta chonnaic sé Tomár Ó hÓgáin ag déanamh air fá fhuadar, agus dath dubh ar a éadan! Ba hé Tomás a bhain an sgannradh croidhe as an dligheadóir freisin. Shíleadar araon go raibh a lá deireannach ar fágháil. Bhíodar lán-chinnte gur le n-a gcaitheamh ar áit na mbonn a bhí sé ag teacht agus a éadan dathuighthe mar bhí. Bhíodar cinnte anois go gcualaidh sé iad ag socrughadh céard a dhéanfaidhe le n-a chuid talmhan. Ní iongnadh ar bith gur cheapadar gur le n-a gcur dá gcois a bhí sé ag déanamh ortha agus a éadan dathuighthe mar bhéadh éadan dearg- bhitheamhnaigh nach mbéadh uaidh acht creachadh, gadaidheacht, 's dún-mharbhughadh. Níor chladhaire Mac Uí Ainnlighe — má bhí sgáth aige
roimh Philib Ó Muirghéis féin. Ní dhá dheoin a chuaidh sé ar chúl a chinn i gclais an tsrotha. Le timpist a cuir- eadh innti é. Agus ó thárla dhó a bheith innti cheap sé go mb'fhearr fanacht annsin agus gan cor a chur dhe go mbéadh na hurchair caithte ag Tomás Ó hÓgáin. Bhí deis eicínt aige-sean le é féin a thárrtháil acht bhí sean-Isaac sínte ar an mbruach agus gan goir aige é féin a chosaint ná áit aige le dhul i bhfalach, mara dtéigheadh sé de léim sa gclais dhoimhin 'n-a raibh Mac Uí Ainnlighe. Bhí Mac Uí Ainnlighe ag súil go gcaithfidhe na hurchair gach móiméad. D'éist sgathamh eile acht torann níor chualaidh. Urchar níor caitheadh. Sgread níor leigeadh. Bhí sé cinnte annsin gurab é marbhughadh shean-Isaac d'aon iarraidh amháin a rinneadh agus go raibh sguabtha leis an dún-mharbhthóir, b'fhéidir. D'éist sé go gcualaidh sé daoine ag cainnt mar bhéidís i lár an gharrdha. "Bhfuilir gortuighthe?" arsa duine aca. "Níl 'fhios agam. Tá mo lámh ag tabhairt fhola ar chuma 'r bith. Agus crathadh go mór mé" ars' an dara fear. Dhírigh Mac Uí Ainnlighe aniar sa gclais agus sheas suas. Bhreathnuigh faoi agus tairis. Bhí sean-Isaac fá bhun an mhúta agus a dhá shúil i gcruth a dhul amach thar a cheann leis an sgéin uathbháis a bhí ionnta. Bhí Tomás Ó hÓgáin agus Aodh Ó Ceithearnaigh ag teacht treasna an gharrdha, agus ní gábhadh dhúinn a rádh go raibh iongnadh ortha nuair a chonnaiceadar ag éirghe millte salach as an gclais é. Ba mhó 'ná sin a n-iongnadh nuair a chonnaiceadar an chosamhlacht uathbháis a bhí ar shean-Isaac. "Céard d'éirigh dhuit chor ar bith?" arsa Aodh leis an dligheadóir. "Timpist a d'éirigh dhom," ar seisean, "agus cuireadh ar chúl mo chinn sa gclais mé — acht níl dochar ann." "Timpist a d'éirigh dhom-sa freisin," arsa sean- Isaac ag breathnughadh faoi 's tairis acht níor éirigh.
Ba ghearr go raibh bean Thomáis Uí Ógáin agus Neansaidh sa láthair. "Ó, a Thomáis, a stór, céard d'éirigh dhuit? Céard a chuir an bhail sin ar t'éadan?" ars' an bhean agus thosuigh ag gol. "Tá dath ort chomh dubh leis an ngual! Céard d'éirigh dhuit i n-aon chor?" "Ní fiú biorán a bhfuil orm," arsa Tomás. "Ná bíodh blas imnidhe ort." Bhí an Dochtúr 's Mac Uí Luaithe agus na mná óga thuas i dtigh Mhic Ainnlighe ar a gcuairt dóibh féin mar seo. Cuireadh Neansaidh le sgéala chuig Risteárd ghá rádh leis a theacht ar an bpointe boise. Sguab léithi ar nós eilite agus ba rí-ghairid go raibh an dochtúr agus Hannraoi ar an talamh. Ba ghearr go raibh Máire agus Gráinne agus clann inghean an dligheadóra sa láthair freisin. Sgrúduigh an dochtúr aghaidh agus éadan Thomáis. Sgrúduigh sé na súile. Rug sé ar a láimh. Bhí an chuisle ag preabadh go láidir agus an croidhe ag léimnigh de bhárr an sgannartha a cuireadh i dTomás bocht. "Níl mórán air," ars' an dochtúr. "Tá dóghadh beag ar an leicinn, agus rinneadh roinnt bheag dochair dá láimh. Acht ní fiú trácht ar an méid sin. 'Sé'n sgannradh a baineadh as an chuid is measa de'n sgéal. Acht ná bíodh blas imnidhe ar aon duine. Ní bhéidh faic na frighde air i gceann trí lá." Ní baileach a bhí na focla deiridh ráidhte ag an dochtúr 'ná sguab Séamus Ó hÓgáin de léim thar an múta. Bhí a shúile ar lasadh 'n-a cheann le teann uathbháis agus feirge. "Cá bhfuil an té a chuir an bhail sin ort?" ar seisean ag breith ar a athair, agus sgéin 'n-a shúilibh. Bhí a dhá dhorn dúinte agus é 'ghá shníomh féin le teann feirge. "Timpist a d'éirigh dhó, a Shéamuis, a dhearbhráth- airín" arsa Neansaidh. "Ní aon duine a rinne tada air."
"Ní dhearnaidh aon duine tada orm, a Shéamuis," ars an t-athair, "bíodh ciall agat. Bíodh ciall agat, a mhic ó!" "Ní fearr dhó a dhéanamh!" arsa Séamus fá n' fhiacail. "Céard d'éirigh dhó, a Mháire?" arsa Gráinne. "Tá dath air chomh dubh le gual ceardchan." "Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Bhfuil 'fhios agat-sa, a Aoidh?" "Ní fhacas-sa é go raibh sé éirighthe dhó," arsa Aodh. "Ar an bpointe 's a gcualas an torann ritheas go dtí é. Is maith a chuaidh mo dhuine bocht as nár marbhuigheadh é ar áit na mbonn. Ag pléasgadh púdair a bhí sé leis na príocháin a ruaigeadh, adeir sé. Acht sgannruigh sé daoine freisin!" arsa Aodh ag leigean a shean-sgairt gháire. "'Sé chuir Mac Uí Ainnlighe ar chúl a chinn i gclais an tsrotha!" ar seisean os íseall, "agus níor fhág sé éirghe 'n-a sheasamh i sean-Isaac leis an gcriothnughadh a chuir sé ann! A Thomáis, innis do Mhac Uí Luaithe agus do na mnáibh óga cé mar d'éirigh sé dhuit." "Ag ruaigeadh na bpríochán a bhíos," arsa Tomás. Cheapas nach raibh caoi ar bith a b'fhearr le n-a gcoinneál as an gcruithneacht 'ná púdar a phléasgadh a dhéanfadh torann mór a sgannróchadh iad. Acht creidim gur creathadh a bhí in mo láimh agus thuit aithinneacha as an splainnc i lár an phúdair sul dá rabhas fá réir agus phléasg sé suas san éadan orm. Acht níl dochar ann, míle altughadh le Dia! — nuair nár dalladh mé amach 's amach." "Agus cá raibh an púdar agat?" arsa Mac Uí Luaithe. "I bpoll talmhan," arsa Tomás, "agus leac os a chionn." "Agus 'tuige nach bhféadfá na príocháin a sgannrughadh le do ghunna?" "An mise a bhéarfadh ar ghunna? Measann tú
an droch-dhuine de'n tsaghas sin atá agat ann? Ní rug mise ar ghunna riamh agus ní bhéarfad go deo. Buidheachas do Dhia ní fhéadfaidh aon fhear a rádh go bhfacaidh sé ag caitheamh urchair as gunna mise aon lá riamh!" "Agus 'tuige nach gcaithfeá?" arsa Hannraoi. "Nach bhfuil 'fhios agat go bhfuil sé i n-aghaidh dhlighe do thíre-sa cead a bheith againn gunnaí a bheith againn?" arsa Aodh. "An té nach gábhadh faitchíos a bheith roimhe gheobhaidh sé cead gunna a bheith aige acht an oiread so íoc air. Acht duine ar bith bhfuil aimhreas ag Sasana air ní fhuighidh sé cead ar ór ná ar airgead." "Casadh fear dúinn ar an mbóthar a raibh piostal aige," arsa Hannraoi. "Acht má casadh ba é Uáitéar Ó Corcoráin, an báille' é. Ní dochar ar bith piostail a bheith ag báille, 'ar ndóigh!" arsa Aodh. "Níl aon lá riamh nár dhuine cneasta socair Tomás Ó hÓgáin," arsa sean-Isaac, "agus ní féidir a rádh leis — ní hionann 's go leor daoine eile — gur facthas gunna ná piostal aige riamh." "Agus ní feicfear go deo," arsa Tomás. "Níor facthas, a Thomáis — ná ag an mbuachaill macánta is mac dhuit!" arsa sean-Isaac ag dearcadh ar Shéamus. "Dhá mbéadh buachaillí na tíre mar do mhac-sa ní mar tá a bhéadh." Acht 'n-a chroidhe istigh níor cheap sean-Isaac sin. Bhí 'fhios aige gur buachaill fearamhail dána árd- intinneach a b'eadh Séamus. Acht sean-ghleacaidhe plámásach a b'eadh sean-Isaac nuair a cheapadh sé go bhfeilfeadh an plámás. Agus cheap sé go mb'fhearr beagán molta a thabhairt do Shéamus fá láthair. Chonnaic Mac Uí Ainnlighe carbad an phosta ag teacht. Bhuail suas air agus d'imthigh. Níor fhill sé ar ais go ceann trí seachtmhain ó'n lá sin. "B'fhíor do shean-Isaac é," ar seisean leis féin
thar éis bualadh suas ar an gcarbad dó. 'd Is mac dána te-intinneach é sin ag Tomás Ó hÓgáin. Níl 'fhios céard a dhéanfadh sé dá gcuirtí chuige é! Is deacair drannadh leis an talamh an fhad 's bhéas seisean sa taobh tíre seo. Acht ag sean-Isaac atá na graithe a dhéanamh agus ní agam-sa. Déanadh seisean a chuid féin de'n ghnó i dtosach. Déanfad-sa mo chuid féin ar chaoi nach mbéidh 'fhios an raibh lámh ná cos agam sa sgéal." CAIBIDIL XLIII. SMAOINTE AGUS BÉASA AODHA UÍ CHEITHEARNAIGH. Chuaidh Tomás O hÓgáin agus a mhuinntir féin a bhaile thar éis imtheacht do Mhac Uí Ainnlighe. D'imthigh sean- Isaac as féin. Ghluais le Máire agus le Gráinne agus le Mac Uí Luaithe an bóthar réidh i gcuideacht. D'fhan an Dochtúr n-a ndiaidh ag cainnt le Caitlín Ní Ainnlighe agus b'éigin d'Aodh iad go léir fhágáil "le dhul go Cnoc an Dúna ag breathnughadh ar a chuid caorach" adeir sé. Bhí iongnadh ar Ghráinne gur imthigh sé, agus ní raibh 'fhios aici cé'n fáth a dtáinic athrughadh intinne dhó chomh tobann 's tháinic, mar nach raibh cainnt ar bith aige ar imtheacht ann nuair a bhíodar ag teacht. Acht ní hé gach duine a dtiocfadh leis fios intinne Aodha fhághail go minic. Ar an mbealach ag teacht dóibh bhí Gráinne ag cur síos dó go geal-gháireach ar ar dhubhairt Eilís Ní Mhuirghéis faoi. B'fhéidir, ar bhealach, gurbh' in é ba chionntach le n-a chur ag smaoineadh ar Eilís fá láthair. Pé rud ba chionntach leis dob' uirri a bhí sé ag smaoineadh. Thaithnigh sí go
mór leis oidhche na bainfheise. Bhí sí n-a hóg-mhnaoi thaithneamhaigh lán de chroidhe, de mhisneach agus ní raibh easbaidh clisteachta ná foghluime uirri. Níor éirigh leis a feiceál ó oidhche na bainfeise nó go bhfaca sé sa ngáirdín le Gráinne ar maidin an lae seo í agus níor fhéad sé a leigean as a chuimhne ó shoin. Nár bh'fhearr dhó seársa a thabhairt go Cnoc an Dúna leis na caoirigh a fheiceál? D'fhéadfadh sé bualadh treasna an aithgiorra agus a dhul isteach 's sgathamh cómhráidh a bheith aige le Eilis ar an mbealach? Bhí sí ag déanamh gúna do Mháire agus ní bhéadh ann acht í féin! Bhí sé idir dhá chómhairle. Acht rachadh sé isteach sa teach ar chuma 'r bith agus mara n-éireochadh leis a feiceál go réidh bhuailfeadh leis ag breathnughadh ar a chuid caorach! D'imthigh leis. Bhí Eilís sa ngáirdín roimhe agus í ag fuagháil. Bheannuigh sé dhi, agus bheannuigheadar féin dá chéile. Bhí faill mhaith aige anois seanchus fada a bheith aige léithi, acht ní mórán cainnte a rinne sé na dhiaidh sin, agus níor leig sé a smaointe le n'ais. Fear cúramach céillidhe tuigsionach a b'eadh é. Bhí sé críonna fad-bhreathnuightheach. Bhí meas ag gach duine air — mar bhí meas aige air féin, agus b'fhéidir gurabh in é an fáth nár dhubhairt sé tuilleadh. D'fhiafruigh sé dhi a dtéigheadh a sean-athair ag iasgach ar an abhainn chor ar bith fá láthair. Dubhairt sí go dtéigheadh go minic. "Deasóchad-sa mo shlat féin" arsa Aodh, "agus déanfad féin agus sean-Philib sgaithte iasgaireachta i n-éinfheacht ar an abhainn i rith an Earraigh agus an tSamhraidh." Smaoinigh sé ar an am a mbídís ag iasgach le chéile bliadhanta ó shoin. Nach iomdha sgéal breágh a chloiseadh sé ó shean-Philib i dtaoibh an Éirghe Amach agus fá "Bhliadhain na bhFranncach!" Tháinic na sgéalta ar ais 'n-a chuimhne anois aríst. Chuimhnigh sé cé mar théighidís isteach i dtigh shean-Philib ó'n mbáisdigh mhóir. Agus ba chuimhneach leis freisin go raibh Eilís 'n-a cailín beag rí-dheas an t-am
sin. Nach maith an chuimhne bhí aige cé mar bhíodh sí ag dearcadh air — agus cé'n lonnradh a bhí n-a súilibh! Nach mór an t-iongnadh nár chuir sé níos mó suime innti an uair sin! Go cinnte ba mhór — agus chomh lághach gleóidhte carthannach 's bhí sí! Acht nuair a bhéadh a shlat-iasgach deasuighthe is minic a d'éireochadh leis seanchus a bheith aige le sean-Philib — agus le Eilís, b'fhéidir. Bhí an teach i n-aice na habhann agus ní bhéadh air acht bualadh isteach leis an mbáisdigh a leigean thairis anois agus aríst! Bhéadh fonn ar aon fhear a bheith i gcómhluadar na hóg-mhná — agus níor sheanchuidhe go dtí sean-Philib! Nár bh'fheárr dhó an tslat a chur chuig an mBuailteóir le deasughadh gan mhoill? Sin mar bhí Aodh O Ceithearnaigh ag smaoineadh fá láthair ar an mbealach go Cnoc an Dúna dhó. Fear ciallmhar críonna eolasach a b'eadh Aodh. Ní chuireadh sé go leór suime sna mnáibh óga — nó deirtí nach gcuireadh ar chuma ar bith. Bhí sé a bhfad níos cúdramaighe agus níos fad-bhreathnuighthe ná an dochtúr óg ba dearbhráthair dhó. Deireadh a cháirde nach dtug sé grádh d'aon óg-mhnaoi fós riamh. Agus b'féidir go mb'fhíor é. Acht, mar sin féin, bhí croidhe te grádhmhar fíor-Ghaedhealach i lár a chléibhe. Bhí an grádh i bhfalach agus i dtaisge i gcómhairín a chroidhe acht níor casadh air fós an té a mbéadh sé sásta seilbh a thabhairt di ar an gcisde. Bhí balla críonnachta agus céille ghá chosaint. Nó go dtigeadh an té a thaith- neochadh leis i gceart — an té a gheobhadh fíor-ghrádh a chroidhe — ní leagfaidhe an balla agus ní goidfidhe an cisde! Ba mhinic ag spaisdeóireacht leis féin é i ngleannta uaigneacha, iargcúlacha an tsléibhe gan duine ná deóraidhe n-a chuideacht. Ba mhinic ar "bhóithrín na smaointe" é sínte siar ar thulchán fraochmhar ag dearcadh uaidh suas ar spéarthaibh áilne neimhe agus ag éisteacht leis na fuiseogaibh ag seinnm go haoibhneach sólásach os a chionn. Thagadh smaointe fileadhta — smaointe an ghrádha — chuige go minic agus
é leis féin i measg sléibhte móra agus gleannta míne Thiobruid Árann. Feictí dhó gurab "seóithín seó" grádha a bhíodh dá chrónán os íseall ag an srúthláinín i ngar dó; gurab ag cantain cheóil le grádh dhá chéile a bhíodh an dá fhuiseoigín mar dhubhradáin os a chionn sa spéir; — gur le nádúr agus le grádh dhá chéile a bhíodh bláthanna an fhraoigh ag fás go buacach áluinn le taobh a chéile ar an tulchán os a chomhair. Bhíodh croidhe éadtrom an fhile aige ar a bheith mar seo dhó. Bhíodh an saoghal go haoibhinn os a chomhair agus sólás in gach puth de'n aer bog úr a shéideadh go fionn-fhuar treasna na gcnoc 's na ngleann. Bhíodh maighdean óg gan ainm agus é féin i ndán dá chéile ag Dia — agus gan 'fhios aige cérbh' í. "Ba dheirge a gruadh ná an rós. Do bhí a beol ar dhath na gcaor, A cneas cailce mar an mbláth. 'S a leaca bána mar an aol." Cá bhfuil an té nach bhfeicthear dhó go dtagann sompla áluinn maiseach os comhair a amhairc spiorad- áilte uair éigin? Thagadh "ainnir chiúin na dtriopall n-óir" os comhair Aodha anois agus aríst. "Ar dhath an óir do bhí a folt Mar réalta seaca a rosg do bhí, Ní raibh i gCrích Fáil bean b'áilne dreach 'Sí fuair a shearc 's grádh a chroidhe." Nuair a d'fheiceadh Aodh O Ceithearnaigh samhail os comhair a shúl mar thagadh chuige ar "bhóithrín a smaointe" — nuair a chloiseadh sé "glórtha bog' binn' a béil," agus d'fheiceadh sé lonnradh a súl — bhéadh sé i ngrádh ceart críochnuighthe. Acht ní fhaca sé an tsamhail sin fós. Ba mhinic é agus a ghunna aige ag éanlaidheacht ar fud an chriathraigh. Ba mhinic ar a chapall é ag sguabadh claidheacha, fálta, díoga agus portaigh i ndiaidh na ngadhar agus an tsionnaigh. Níor ghnáthach na smaointe
céadna aige i n-éadan a ghnótha agus ar éadan an tulcháin i measg na gcnoc 's na ngleann — agus b fhéidir nach iongnadh sin, a léightheóir dhil. Ní hé gach am 's tráth a thagas na smaointe fileadhta go fonnmhar! Bhí tóir aige ar leabhraibh ó'n gcéad lá riamh a ndeachaidh sé ar sgoil. Bhí sé léigheannta agus eolasach ar go leor neithe, agus bhí níos mó feasa agus eolais aige ná ceapfaidhe dhó. Ní raibh gaisge ná ríméad ann acht an oiread le aon bhuachaill tuaithe, acht bhí meas aige air féin i gcomhnuidhe do réir mar b'fhiú é é. Bhí sé múinte deagh-bhéasach, fial, flaith- eamhail agus tír-ghrádhach go smior. Ní raibh galántacht bhréige ná seoinínteacht ag siubhal leis. Bhí truagh aige do'n bhochtán, agus fuath do'n tighearna 'n-a chroidhe istigh, acht ní thugadh sé sin le taisbeánadh go han-mhinic. D'imthigh leis go Cnoc an Dúna go mín réidh socair. Chómhair na, muilt agus na huasgáin, na caoirigh agus nia huain agus d'fhill ar ais go smaointeach, mar ba ghnáthach leis. CAIBIDIL XLIV. CASTAR TOMÁS MAC CÓDA AGUS A GHRÁDH GEAL AR Á CHÉILE. Bhí comórtas báire ceaptha socruighthe idir buachaillíbh Chnoc na nGabha agus buachaillíbh an Rátha fá láthair. I bPáirc na Tornóige an Cheithearnaigh 'seadh bhí an báire le bualadh. B'é Maitiú Mór taoiseach agus cúl báire na n-óig-fhear i gCnoc na nGabha, agus óglaoch lúthmhar sgolabánta darbh' ainm Tomás Mac Códa a bhí mar thaoiseach ar an sgata buachaillí a bhí le bheith n-a n-aghaidh. Níorbh é seo an
chéad chluiche báire a bhí eatorra. D'fhéachadar a chéile go binn sgathamh roimhe sin, acht níor shásuigheadar féin a chéile mar nach raibh an talamh sáthach cothrom. Bhí sé le bheith i n'fhéachaint dá ríribh anois i bpáirc bhreágh mhín réidh an Cheithearnaigh agus ní bhéadh leith- sgéal ná cam-leith-sgéal ag ceachtar aca. Bhí Maitiú agus an Caiptín airm le n-a chéile fhéachaint an lá céadna ag caitheamh an uird, agus b'iad an bheirt tús agus deireadh gach sgéil ar fud an dá pharáiste ó'n lá ar socruigheadh an comórtas a bheith eatorra. Ní raibh fear, bean, leanbh ná páisde nach ortha a bhí ag cur síos — daoine ghá rádh gur ag an mBuailteoir a bhéadh an bhuaidh, agus tuilleadh ghá rádh nach mbéadh aon ghoir aige ar an gCaiptín. Bhí an "draoi" daoine le bheith ag breathnughadh ortha. Dhá mbéadh gan tada a bheith ar siubhal acht báire na gcamánuidhe tiocfaidhe i sluaightibh. Acht leis an gCaiptín agus Maitiú Mór fheiceál 'seadh bhí furmhór na ndaoine le theacht. Bhí Maitiú ar a bhealach a bhaile árd-tráthnóna thar éis a bheith ag crathadh cruithneachta agus ag spréadhadh ag an gCeithearnach. Ar an mbáire agus ar chomórtas an uird 'seadh bhí sé ag smaoineadh. Theastuigh uaidh sgéala a chur do'n Ráth chuig Tomás ghá innseacht dó cé'n uair a tosóchthaidhe ar an iománuidheacht agus bhí súil aige go gcasfaidhe duine eicínt dó a bhéarfadh sgéala uaidh. Níorbh' fhada go bhfaca sé sean-Pháidín Ó Lochlainn ag teacht chuige ar a chapall thar éis a bheith ar shochraid dó. "Is maith mar thárla," arsa Maitiú leis féin. "Bhéarfaidh sé sgéala uaim." Bheannuigheadar féin dá chéile. Ba gheárr ag cainnt iad nuair a tháinic fear óg anoir an bóthar le n-a chapall srian is diallaid. Choinnigh sé an capall n-a seasamh go tobann ar a theacht go dtí iad dó. Bhí sé gléasta go galánta — agus thosuigh ghá shníomh féin go gaisgeamhail ríméadach sa diallaid i lár an bhóthair.
D'aithnigh Maitiú é ar an bpointe 's a bhfaca sé é. Ba é an fear óg é a bhí luaidhte le Siubhán Níc Lochlainn agus bhí sé i gceist go rabhadar le pósadh go luath. Acht ní dhá deoin a bhí an óig-bhean le n-a phósadh. Bhí grádh aici d'ógánach breagh luath láidir le fada'n lá agus ní raibh aici acht malairt. Bhí sí féin agus Tomás Mac Códa i ngrádh le chéile le bliadhanta fada. Acht ní mórán de mhaoin an tsaoghail a bhí ag Tomás. Ní raibh ann acht feilméar bocht gan go leor slighe ná fághaltais, agus ba bheag an baoghal go mbéadh sean-Pháidín Ó Lochlainn sásta a inghean a thabhairt dó! Bhí fear óg eile n-a diaidh a raibh feilm mhór aige agus is dó-san a bhéarfadh sé í. Chonnaic Maitiú ar an mbainfheis an buachaill óg agus d'aithnigh sé anois gurbh 'eo é an fear céadna — an té a raibh an tóir aige ar Eilís Ní Mhuirghéis oidhche na bainfheise, cé go raibh sé luaidhte le Siubhán Nic Lochlainn! "Go soirbhighidh Dia dhíbh!" arsa Maitiú nuair a bhíodar ag imtheacht agus d'imthigh leis féin gan an sgéala a chur le sean-Pháidín. "Sgread mhaidne air mar airgead," arsa Maitiú leis féin "maran iomdha dochar a ghníos sé go minic! 'Sé is cionntach le croidhe dóighte bheith ag Tomás bocht ar chuma 'r bith — agus aici féin, an cailín bocht, freisin! Nach é an truagh shaoghalta iad a bheith sgartha ó chéile agus an grádh mór fíor-dhílis ó chroidhe a bhí aca dá chéile le fada! Acht bídís buidheach de'n spré! Dhá mbéadh gan pighinn a bheith ag gabháil le sean-Pháidín ní hamhlaidh a bhéadh. 'Siad na cheithre chéad a sgar ó chéile iad agus a fhágfas gan mórán sóláis iad araon, is baoghalach. Mh'anam, muise, nach bhfuil 'fhios agam-sa nár bh'fhearr dhuit Tomás, a Shiubhán, dhá laghad a shaidhbhreas, ná leath- bhoicín anuas ó na cnuic nach bhfuil mórán aithne ná eolais agat air! Acht mara n-éirighidh leat bí buidheach ded' "dheaide" agus dá shean-sparán! Béidh fiche bó bhainne ag teacht 'na dorais chugat ar
chuma 'r bith, agus béidh do theach ceann-slinne agat, agus péacóigín ríméadach d'fhear — má ghníonn sin sólás a thabhairt duit — agus go dtugaidh Dia dhuit sonas agus séan a bheith ort, mar is maith an aghaidh ort é, leabhar-sa! Cailín níos groidheamhla ní fhuigheadh aon fhear in a shiubhal lae. Ní raibh biadán ná anachain innti, ná blas amháin gaisge ag siubhal léithi, ní hionann 's go leor eile aca nach bhfuil 'fhios aca céard a bhíos siad a dhéanamh le teann sotail agus ríméid! Béidh croidhe Thomáis bhoicht briste leonta 'n-a lár 'n-a diaidh! Dubhairt sé liom nach raibh cead aici focal a béil a labhairt leis le os cionn bliadhna. Acht go dtugaidh Dia dhóibh araon gurab é a leas é! Cá bhfios nach hé an rud is doilighe linn is feárr dhúinn go minic? Ag Dia Mór Uile-Chumhachtach atá 'fhios — agus go dtugaidh Sé do gach créatúr a leas a dhéanamh!" Dhearc Maitiú uaidh ar an teach a bhí i n-aice na gcrann ar thaobh an chnuic, agus leig osna. Nach iomdha amharc a bheireadh sé ar an teachaín úd ó Luan go Satharn! Á, a Eilís na gcraobh-fholt, nach minic ó mhaidin go faoithin a dearctaoi sa taobh a mbítheá! Raibh aon tuairim agat faoi? Ní abróchamuid acht amháin gurab agat féin a b'fheárr 'fhios do smaointe má bhí. Nochtfair dhúinn iad, b'fhéidir, amach annso agus annsin 'seadh bhéas a fhios againn do sgéal i gceart. Dá mbíodh a fhios ag Maitiú go raibh Tomás Mac Códa chomh gar do láthair 's bhí, an móiméad sin, ní bhéadh sé chomh himnidheach fá'n sgéala a theastuigh uaidh a chur chuige. Bhí Tomás ar an mbóthar roimhe ag tigh an Cheithearnaigh fá láthair. Bhí sé ag dul soir an bóthar, a chapall i ngreim srianach aige, agus a cheann faoi beagán. Bhí cárr ag teacht i n'aghaidh acht ní fhaca sé é go raibh sé ag teannadh gar go maith dhó. Acht facthas ó'n gcárr eisean. Bhí óig-bhean ag cur na súl thríd ó chonnaic sí ag déanamh aniar
an t-árd é. Tháinic lonnradh áthais 'n-a haghaidh 's 'n-a héadan go tobann. Bhí meangadh agus faoilte an gháire le feiceál n-a ceann-aghaidh. Thosuigh sí ag corrughadh anonn 's anall go mí-shuaimhneach sa gcárr agus dheisigh í féin fá dhó agus trí huaire. Bhí an cárr an-ghar dhó sul dá bhfaca Tomás í. Phreab a chroidhe. Bhí "a ghrádh geal" os a chómhair! Chrathadar féin lámh le chéile go rí-cháirdeamhail, acht níor labhair ceachtar aca oiread 's focal. Níor fhéadadar! Agus d'fhágadar slán ag a chéile agus na deóra n-a súilibh. Ní raibh Siubhán Nic Lochlainn imthighthe as amharc gur tharraing sí chuici a céirsiúr agus thosuigh ag silt na ndeor. Ghuil sí go bog úr i ngan 'fhios do'n tsaoghal. Bhí Tomás bocht féin trom-chroidhtheach go leor ag imtheacht dó. Smaoinigh sé ar an "am fadó," agus is iomdha lá agus oidhche aoibhnis a tháinic ar ais 'n-a chuimhne. Acht bhí deireadh leis an saoghal sin fá láthair. Ní raibh ann acht a bheith ag smaoineadh ar an am a caitheadh agus céad míle slán 's beannacht a chur leis anois! Is gearr gur casadh Maitiú agus Tomás ar a chéile. Rinneadar sgathamh gearr cómhráidh. Shocruigheadar gach ar theastuigh. Annsin sgaradar ó chéile agus chuaidh 'ch aon duine a bhealach féin. CAIBIDIL XLV. AN BUAILTEOIR I GCONTABHAIRT. Tráthnóna an lae sin le dhul faoi na gréine ní raibh duine i gCnoc na nGabha nár cuireadh sgannradh croidhe ann. Thuit cruach mhór fhéir leis an gCeithearnach i mullach an Bhuailteora agus síleadh go raibh sé plúchta
marbh. Cruach mhór shean-fhéir le haghaidh na gcaorach a b'eadh í. Bhí sí i pBáirc an Mhóinfhéir i n-aice an tighe ag an gCeithearnach agus ag tarraingt fhéir aisti 'seadh bhí Maitiú nuair a thuit sí fré chéile anuas 'na mhullach. Má bhí an chruach láidir i n-uachtar bhí sí lag i n-íochtar de bhárr na gcaorach. Bhí sí leathan sa gconablach acht caol-iosgadach agus thug sí uaithi as a híochtar sa deireadh. Bhí Maitiú ag gabháil fhuinn dó féin — agus é ag smaoineadh ar go leor dár chuir an t-abhrán céadna i gcuimhne dhó — sul dár thárla an timpist a sgannruigh gach duine. Bhí Eilís Ní Mhuirghéis ag stócáil le dhul a bhaile agus í fá láthair istigh cois na fuinneóige i dtigh an Cheithearnaigh. Bhí Gráinne 'na seomra féin, agus bhí Aodh ag léigheadh an "Nation" sa gcisteanaigh. Bhí Eilís ag smaoineadh agus ag éisteacht leis an abhrán. Nach mór a chuir an t-abhrán i gcuimhne dhi-se freisin! Nach minic a ghabhadh Maitiú é bliadhanta ó shoin — sul dá ndeachaidh sí go Baile Átha Cliath! Nach maith a bhí a fhios aici cé air a mbíodh sé ag smaoineadh an uair úd — agus nach maith an tuairim a bhí aici cé air a raibh sé ag smaoineadh fá láthair! Cloiseadh sgread uathbháis ó mhnaoi go tobann. Gheit agus sgannruigh gach duine dá gcualaidh í. Leigeadh sgread árd eile agus glaoidh, agus fuagruigheadh d'uaill agus de bhéic go raibh Maitiú Mór marbh! D'éirigh Aodh Ó Ceithearnaigh d'aon léim amháin agus ghread. Sguab le Tomás Ó Meachair, an buachaill aimsire, comh tréan 's bhí 'na chosaibh 'na dhiaidh. Amach le Máire agus le Gráinne de ruathar. Bhí Aodh agus Tomás Ó Meachair ag cartadh sa bhféar rómpa agus an chruach fré chéile leagtha. Bhí Maitiú fá'n bhféar acht ní raibh aon tuairim cé'n giodán 'na raibh sé. Ní raibh glaoidh ná sgread le cloisteáil uaidh, ná fios ar bheó nó marbh dhó. Thosuigh na daoine ag bailiughadh 'na bplódaibh. Ba ghearr go raibh bunáite muinntire an bhaile go léir sa láthair.
Bhí Eilís Ní Mhuirghéis 'na seasamh ag breathnughadh ar na buachaillíbh ag tochailt agus ag cartadh sa bhféar agus ghá chaitheamh i leath-taoibh. Focal níor labhair sí. Cosamhlacht uathbháis ná sgannraidh ní raibh uirthi. Acht ní doe cheal nach raibh faitchíos uirthi, mar sin féin! I gceann tamaill facthas an féar ag corrughadh. Déarfá gur corruigheadh ní ba láidre ná sin é. Annsin crochadh slám mór dhe go tobann — agus chuir an Buailteoir a cheann i n-aer mar chuirfeadh fear a bhéadh dhá bháthadh agus d'éireochadh go dána i mbárr na dtonn. Leigeadh trí gártha bróid agus aoibhnis. Chuir Eibhlín, a dheirbhshiúr, a dhá láimh fá n-a mhuineál agus thosuigh ag gul le teann áthais. Shuidh a mháthair síos agus níor fhéad oiread 's focal a labhairt. Tháinic Pilib Ó Laochdha anall agus thug cogar cluaise d'Aodh agus dubhairt leis duine a chur i gcoinne "braoinín bhig." Agus d'imthigh le Liam Ó hEithfearnáin sna fásgaibh le sgéala chuig Nóra Ní Laochdha. Sgaip na daoine go léir ó chéile go haoibneach áthasach agus thug an baile ortha féin lán de ghlionndar agus de bhuidheachas ar Dhia. "A' dtug tú fá deara Eilís Ní Mhuirghéis nuair a bhíthear ag cuartughadh Mhaitiú?" arsa Gráinne le Máire Ní Cheithearnaigh nuair a bhí na daoine sgaipthe. "Thugas," arsa Máire. "Ní raibh blas amháin sgannraidh uirthi. Bhí iongnadh mór orm laghad a raibh de chosamhlacht faitchís nó uathbháis uirthi." "Bhí faitchíos uirthi, muis, a Mháire, — agus uathbhás," arsa Gráinne, "acht níor leig sí uirthi féin go raibh. Nach bhfeiceann tú gur imthigh sí gan cuimhniughadh ar a ciseán?" B'fhíor do Ghráinne é. Bhí mór-fhaitchíos agus sgannradh ar Eilís — agus áthas agus aoibhneas croidhe nuair a chonnaic sí slán arís é. Mar dubhramar cheana, ba mhór a chuir an t-abhrán a bhí Maitiú a ghabháil sgathamh gearr roimhe sin i gcuimhne dhi! Chuimhnigh sí ar an "am fadó" — nuair a chloiseadh sí gach duine ag cur síos ar
Mhaitiú. Na sean-daoine a thagadh ar cuairt chuig a sean-athair ní théigheadh aobh ortha acht ag trácht ar ghníomhaibh móra an Bhuailteóra — ar a neart, a bhrígh agus a spreacamh — ar a mhisneach, a chroidheamhlacht, agus a dheagh-bhéasaibh. Bhí gean agus mór-mheas ag gach duine air. Na buachaillí beaga sgoile agus na geárr-chailídh bhí grádh aca dhó. Bhí sé chomh simplidhe le gasúr agus chomh láidir le fathach. Ní raibh blas amháin urchóide ná gangaide ann. Agus ní chualaidh aon duine ariamh é ag déanamh gaisge ná ghá mholadh féin. Chuimhnigh sí freisin air chomh mór 's bhíodar le chéile — bliadhanta ó shoin. Bhí a fhios aici 'na croidhe istigh go raibh gean aige uirthi — cé nár dhubhairt sé sin léithi fós ariamh. Chainntigheadh sé anois 's arís ar an "ngrádh" — acht má ghníodh, ba chosamhail gur ag magadh agus ag fonómhoid a bhíodh sé. Agus ghníodh sé sin le cailíníbh eile freisin. Acht, mar sin féin, bhí aimhreas aici i gcómhnuidhe go raibh sé 'na diaidh. Ba mhinic a dhaimhsigheadh sé léithi ag rinncíbh. Ba mhinic ar cuairt i dtigh a sean-athar é, agus ba mhinic 'na cómhluadar é ag teacht ó'n Aifreann. Acht thug sí fá deara go raibh áird ag daoinibh eile uirthi freisin. Bhí beirt fheilméaraí óg 'na diaidh — facthas di — agus nárbh' fheárr iad-san ná fear bocht nach raibh aige acht a bheith ag saothrughadh a lá páidhe i Sin mar cheap sí — dhá mhéad dár thaithnigh Maitiú léithi. I gceann dó nó trí de bhliadhantaibh seadh facthas di gur mhór an dul amugha a bhí uirthi. Ní raibh ceachtar dhíobh seo a bhíodh 'na diaidh nach raibh pósta anois — agus níor chosamhail go mbéadh aon bhaoghal go n-éireochadh léithi feilméara saidhbhir fhághail fá láthair. Nuair a chuaidh sí go Baile Átha Cliath ba mhinic ag smaoineadh ar Chnoc na nGabha í, agus ar gach greann agus siamsa dá mbíodh ar siubhal ann. Ba mhinic Maitiú ag rith thrí na h-intinn, agus ba mhinic adeireadh sí léithi féin gur mhór a thaithnigh sé léithi. Acht ba gearr sa gcathair í go dtáinic athrughadh smaointe dhi. D'éirigh sí roinnt ríméadach innti féin ó chuir sí
aithne 'gus eolas ar bheirt nó triúr de bhuachaillíbh deasa Bhaile Átha Cliath. Théigheadh sí chuig an amharclainn go minic i gcomhluadar taithneamhach. Bhíodh sult 's sólás aici i measg a carad sa mbaile mór. Théigheadh sí ar seilg go Binn Éadair na bhFiann anois agus arís. Amannta théigheadh sí ag bádóireacht le n-a compánaighibh. Is iomdha oidhche a mbíodh "céilidhe" ar siubhal, agus chaitheadh sí an t-am go sólásach ag damhsadh 's ag caoin-chómhrádh. Bhí sí ag saothrughadh roinnt mhaith airgid, agus bhíodh sí gléasta go maith i gcómhnuidhe. Rinne sí dearmad ar Mhaitiú ar feadh sgathaimh. Acht ar a theacht ar ais di go Cnoc na nGabha tháinic an sean-chion ar ais arís. Chuir cuairt an tsaighdiúir imnidhe mhór agus mí-shuaimhneas uirthi, agus bhí súil aici nach bhfuigheadh Maitiú aon sgéala air. Bhí sí beagnach lán-chinnte go mbéadh an gean céadna ag "Maitiú bocht" — mar deireadh sí féin — uirthi i gcómhnuidhe. Acht dá gceapadh sé nárbh 'fhiú í é bhéadh deireadh go deo le n-a ghrádh dhi. Sin é an fáth a raibh faitchíos uirthi go gcloisfeadh sé go dtug an saighdiúr cuairt uirthi. Tháinic ualach mór bróin ar a croidhe nuair a shíl sí go raibh sé marbh fá'n gcruaich. "Gheit a croidhe le buaidhreadh agus sgannruigh sí naoi n-uaire" i ngan fhios do'n tsaoghal. Agus nuair a chonnaic sí beó slán arís é nach uirthi a bhí an glionndar agus an t-aoibhneas croidhe! Agus Maitiú bocht! B'uirthi-se a bhí sé ag smaoineadh nuair a bhí sé ag gabháil an abhráin. B'uirthi a bhí sé ag smaoineadh an móiméad sul thuit an chruach 'na mhullach. 'Siad na focla deireannacha déidheanacha a dubhairt sé "Slán go deo agat, a Eilís!" — nuair a bhí sé cinnte go raibh a sheal ar an saoghal so tugtha. Tháinic meirbhshion air annsin. Nuair a fuair sé an anáil leis arís bhí sé dhá phlúchadh leis an meádhchan a bhí 'na mhullach. Annsin smaoinigh sé ar a mháthair bhoicht agus ar Eibhlín, agus air chomh huaigneach 's bhéadh a saoghal 'na dhiaidh! Facthas dó annsin go
raibh meirbhshion eile ag teacht air agus d'iarr maiteamhnas agus trócaire ar Dhia, agus ghuidh Ríoghacht na Glóire dá anam. Acht d'fhóir Dia air — míle altughadh leis féin! — agus tháinic sé slán ó'n gcontabhairt mhóir 'na raibh sé. Ní raibh sé de mhisneach ag Eilís a dhul 'un cainnte le Maitiú. Bhí sí beagnach ag gol le áthas — agus b'fhearr léithi a sheachaint fá láthair. Bhí sí ag dul amach an bhearna ar chúl an tighe — ag imtheacht a bhaile — nuair a casadh Eibhlín Ní Dhonnabháin di agus í ag dul amach le cupán uisge chuig Maitiú. Ní mó ná sásta a bhí Eibhlín nuair a chonnaic sí ag imtheacht í gan oiread 's focal a labhairt leis. Acht ní raibh a fhios aici cé'n fáth! "Ó, a Eibhlín chroidhe, míle buidheachas agus altughadh le Dia go bhfuil sé slán sábháilte!" ar sise. "Chonnaic mé ó'n bhfuinneóig gach ar thárla ó thús go deireadh." "Agus 'tuige a bhfuilir ag imtheacht gan fiú focal a labhairt leis — má's é sin do sgéal?" arsa Eibhlín. "Cheapas go mb'fhéidir go mb'fhearr libh nach ndéanfaidhe mórán cainnte leis thar éis an sgannraidh," arsa Eilís. "Agus bhí leisg orm brúghadh isteach nuair a bhí tú féin agus do mháthair ag cainnt leis, a Eibhlín, mar cheapas dhá shuaimhnighe dhá mbéadh sé go mb'amhlaidh a b'fhearr libh é." "B'fhéidir go raibh an ceart agat" arsa Eibhlín. "Acht pé'r bith cé'n chaoi a mbéadh sé — nó cé bhéadh 'na thimcheall — creidim go mbéadh fonn air thú fheiceál. Buail isteach ar do bhealach a bhaile — níor chuireas an glas ar an doras — agus déan cuairt ghearr againn. Béidh an tsean-fháilte romhat i gcomhnuidhe, tá 'fhios agat. Acht deirthear gur éirighis an-ríméadach, a Eilís, agus nach bhfuil aon mheas agat ar do shean-cháirdibh!" "Á, a Eibhlín, ná bac le céard a deir siad. Ní fíor é!" "Nílim ghá rádh gur fíor," arsa Eibhlín. "Is gearr go mbímid réidh anois le dhul a bhaile, agus tá súil agam go mbéir istigh romhainn in do shuidhe sa tsean-chathaoir 'na suidhteá fad ó! Acht caithfead
deifriughadh leis an gcupán uisge chuig Maitiú. Ná dearmad bualadh isteach!" ar sise aríst ag imtheacht. D'ól Maitiú an deoch agus dhearc 'na thimcheall. Bhí áthas air a mháthair agus Eibhlín fheiceál agus gan sgannradh ná uathbhás ortha anois. Bhí Máire Ní Cheithearnaigh os a chomhair-ag meangadh gáire is bród uirthi fá go raibh sé slán. Bhí Gráinne go geal-gháireach le teann lúthgháire. Tháinic Brian Ó Bruadair ag caitheamh na sál thar a chéile treasna na páirce agus dhearbhuigh dhá raibh sa láthair nach ndearnadh aon chruach fhéir ó aimsir Chruim Chruach d'fhéadfadh an Buailteóir a mharbhughadh! Bhí bean an Cheithearnaigh agus na deóra 'na súilibh. Chuir sé i gcuimhne dhi an lá ar leag an capall a honcail Dómhnall agus ar gortuigheadh go domáisteach é! Tháinic an Ceithearnach agus dubhairt go gcaithfeadh Maitiú a dhul isteach 'na tighe agus "braoinín" d'ól. Agus dubhairt Pilib Ó Laochdha, 'ar ndóigh, nach raibh aon rud a b'fhearr ná "braoinín beag" le croidhe agus misneach a thabhairt dó thar éis an sgannraidh. Acht bhí neithe a chuir iongnadh ar Mhaitiú, dhá nídh nár thuig sé agus a bhí ag déanamh imnidhe dhó fá láthair .i. gur imthigh Eilís Ní Mhuirghéis gan labhairt leis, agus nach dtáinic Liam Ó hEithfearnáin le n'fheiceál slán. CAIBIDIL XLVI. COMHAIRLE NÓRA NÍ LAOCHDHA DO LIAM Ó hEITHFEARNÁIN. SEANCHUS I dTIGH AN TÁILLIÚRA. Ghluais le Liam Ó hEithfearnáin chomh tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é nuair a chonnaic sé Maitiú slán. Níor fhan sé le focal a labhairt leis mar
bhí mór-dheabhaidh agus deithneas air. Bhí an deagh-sgéal le hinnseacht aige do Nóra Ní Laochdha agus níor mhór dhó deifriughadh! Agus dhá mba le sgéala go raibh a saorsacht gnóthuighthe ag Clannaibh Gaedheal a bhéadh sé ag dul ní fhéadfadh fuadar agus gearradh siubhail a bheith faoi thar mar bhí. Nuair a bhí sé i n-aice an tighe bhí sé chomh tugtha sáruighthe 's go mb'éigin dó sgíth ghearr a leigean nó go bhfuair sé an anáil leis. Chuimil sé an t-allas dá éadan annsin — mar bhí faoi bualadh isteach go mín réidh socair gan deabhaidh gan deifir agus an sgéal d'innseacht do Nóra "go lághach réidh" ar chaoi nach mbainfidhe geit ná sgannradh aisti. Isteach leis go ciúin éadtrom-chosach. Shuidh síos cois an bhuird. Rug ar chailc Philib agus thosuigh ag sgríobhadh na litreacha a, b, c, agusrl., go roighin réidh ar chlár an táilliúra. Níor chuir Nóra aon cheist air faoi Mhaitiú, agus mar sin bhí sé cinnte nach gcualaidh sí céard a thárla. Bhí sí "'na háitín féin" sa gclúid ag meangadh gáire gan cosamhlacht bróin ná imnidhe uirthi. "A Liam," ar sí go tobann," 'tuige nach n-innsigheann tú dhom céard d'éirigh do Mhaitiú? Bhí Eibhlín annso nuair a chualamar go raibh sé marbh, agus b'uathbhásach mar sgannruigheadh an créatúr." "Ní féidir go gcualaidh sí é!" arsa Liam leis féin — bhí mór-iongnadh air laghad an chosamhlacht sgannraidh a bhí uirthi. "Níor éirigh tada dhó" arsa Liam. "Tá fhios agam nár éirigh" ar sise, "acht chuaidh sé sáthach gar dhó. Agus, a Liam, tá iongnadh ort go bhfuil fhios agam é! Maitiú bocht, — a ghrádhuigheas gach duine! Nuair a chualas go raibh sé i gcon- tabhairt, dubhras cúpla paidir agus ghuidheas Dia 'ghá thabhairt slán. Agus nuair a chualas an ghlaodhach bhí fhios agam nár éirigh tada dhó a raibh dochar ann — agus bhí 'fhios agam freisin, a Liam, gur tusa an chéad duine a thiocfadh le sgéala chugam!"
D'innis Liam dhi cé mar thárla agus dubhairt nach ndearnadh "blas amháin díoghbhála" dhó mar go bhfaca sé féin slán sábháilte é. "Míle buidheachas le Dia go bhfuil sé slán!" ar sise, "dhá ngortuighthí é ba mhór an sgéal é, a Liam." "Níor sgéal go dtí é," arsa Liam, "bhéadh deir- eadh le Cnoc na nGabha!" "Dhá mbéadh tada air gheobhadh sé deagh-aire ó n-a dheirbhshiúr, a Liam," arsa Nóra. "Gheobhadh agus ó na mháthair," arsa Liam. "Cailín níos lághaighe ná Eibhlín ní féidir fhágháil, a Liam. Bhí sí féin agus mise mór le chéile i gcomhnuidhe. Tá fhios agat go rabhamar ag dul ar sgoil i n-éinfheacht ar feadh bliadhanta. Tá an-chion aici orm-sa agus níl aici acht malairt." "Tá a fhios sin agam, a Nóra," arsa Liam. "Á, bheadh duine ag Maitiú le aire a thabhairt dó," ar sise. "Acht, a Liam, dá mbeadh tinneas ná an-shógh ort-sa ní bheadh aon duine agat! Céard a dhéanfá chor ar bith leat féin?" "Tá Dia go maith agus Máthair mhaith aige," arsa Liam. "Agus tá dóchas agam go bhfóirfeadh Sé orm!" "Tá Sé go maith, a Liam! — agus go dtugaidh Dia dhuit É 'ga do choinneál slán! Acht nach deacair dhuit sólás a bheith agat in do bhotháinín uaigneach leat féin i gcómhnuidhe? Agus deirtear go bhfuil an saoghal ag éirghe leat maith go leór anois, a Liam." "Bím buidheach dhíot-sa — a bhí liom nó go dtugas gealladh i n-aghaidh an óil. Marach sin is dóigh gur ar chúl mo chinn sa gcill a bhéinn anois. Tá a fhios agat féin cé mar bhínn sul dá'r gheallas i n'aghaidh. Agus tá 'fhios agam-sa nach mbéadh sé in mo chúmhacht ná im mo chumas seasamh dílis do'n ghealladh marach thusa agus a liachta paidir adubhrais ar mo shon. 'Ar ndóigh, ba díol truaighe mé go dtí sin! Agus anois tá
meas ag muinntir an pharáiste orm ó d'éirigheas as an ól." "Agus dhá dtugainn comhairle eile dhuit anois, a Liam, cé mar thaithneochadh sí leat, — ní mé?" "nDómhnach ní'l fhios agam go gcloisead í. Acht ní chreidim gur droch-chómhairle atá agat dom ar chuma 'r bith." "A Liam, tá fhios agat céard tá i gceist agam!" ar sise. "Is minic a smaoinighim air nuair a bhím féin agus Eibhlín Ní Dhonnabháin le chéile annso agus muid ag cur síos ar an sean-tsaoghal." "A Nóra, ar son Dé agus ná bí ag cainnt ar a leithid!" arsa Liam. "Táim sásta go leor mar táim. Agus má táim uaigneach féin is go huaigneach is fearr liom a bheith!" Rinne Nóra meangadh. Bhí fonn uirthi cómhairle a thabhairt dó. Agus bhí roinnt áthais uirthi nach n-éistfeadh sé le cainnt dá leithid, mar sin féin! Bhéadh fonn uirthi Liam agus Eibhlín Ní Dhonnabháin fheiceál go sólásach le chéile. Agus 'na dhiaidh sin ní raibh sí gan roinnt áthais nuair a chonnaic sí nach mbéadh Liam sásta — mar bhí a fhios aici cé'n fáth. "Cuimhneóchaidh tú ar mo chuid cainnte-sa lá is fuide anonn ná indiu, a Liam, nuair nach mbéidh mé agat le cómhairle a thabhairt duit!" ar sí. Bhí Liam ag dearcadh ar chlár an táilliúra agus, níor labhair. Acht tháinic na deora fá n-a shúilibh agus d'airigh sé a chroidhe ag preabadh le brón agus le dólás. "Ní'l fhios agam céard atá ag teacht uirthi le sgathamh!" ar seisean leis féin. "Roimhe seo ní cloistí focal i dtaoibh an bháis uaithi ó bhliadhain go bliadhain. Deir a máthair féin nach gcloiseadh sí focal uaithi 'na thaoibh ó Luan go Satharn. Acht le goirid tháinic athrughadh eicínt uirthi. Sin é an tríomhadh nuair aici ghá tharraingt anuas chugam le seachtmhain. Ní mé beó cé'n fáth? An oidhche fá dheireadh thosuigh sí ag cur síos ar an lá fadó ar
iomchair mé treasna an tsrutháin í — rud nach ndear- naidh sí riamh cheana. Marach athrughadh eicínt tagtha uirthi ní bhéadh sí ag smaoineadh mar tá!" D'airigh sé torann na mbróg ag teacht agus is gearr gur bhuail Pilib agus an bhean isteach. "Maise, an annso atáir-se, a Liam? Bhí Maitiú ghá fhiafrughadh de ch'uile dhuine cá ndeachais agus ní raibh fhios ag aon duine cár imthighis," ars' an bhean. "Creidim nár tugadh fá deara ag imtheacht mé," arsa Liam. "Le sgéala chuig Nóra go raibh sé slán a tháiniceas." "Maise anois, a Liam, nach maith a chuimhnighis a theacht le sgéala chuici! Dheamhan cuimhniughadh a rinne ceachtar againne air — le raibh de sgannradh orainn. Agus, 'ar ndóigh, ba chóir go mbéadh 'fhios againn go mbéadh imnidhe uirthi. Níor cheart dúinn imtheacht agus a fágáil annso léithi féin mar rinneamar. Acht bhí an oiread uathbháis orainn 's nach raibh 'fhios againn céard a bhíomar a dhéanamh." Shuidh Pilib síos gan focal a labhairt. Bhreathnuigh sé go grinn ar a mhnaoi agus níor labhair. Dhearc ar Nóra gan focal a rádh. Thosuigh ag cur na súl thríd an teinidh agus chraith a cheann cúpla uair. "A Liam," ar seisean i gceann tamaill, "is aisteach an saoghal é! Táim thar éis sgathamh cómhráidh a bheith agam leis an sglábhuidhe bocht suarach sin — Tomás Ó hÓgáin, agus táim thrí na chéile dá bhárr!" "'Tuige, a Philib?" arsa Liam. "Céard dubhairt sé?" "A Liam Uí Eithfearnáin — go bhfóiridh Dia ar dhaoinibh suaracha cladhaireamhla an tsaoghail — agus tá siad ann go fairsing, tá faitchíos orm!" arsa Pilib. "Tá cuid d'ár ndaoinibh féin a chuirfeadh Éireannach ar bith a bhfuil croidhe ná sprid ann thar bhárr a chéille! Agus leithid Thomáis Uí Ógáin níor casadh orm in mo bhóthar ná in mo bhealach fós riamh! Tá a leithid i n-an Fiannuidhe a dhéanamh d'aon fhear a rachas 'un cainnte leis! Chualaidh tú an cómhrádh
a bhí agam-sa leis annso ar mo theallach — nach gcualais?" "Chualas go deimhin," arsa Liam "Séard a bhí Maitiú ghá rádh ar an mbealach a bhaile dhúinn an oidhche sin nach mbíonn feoirling ruadh ag gabháil leis ó bhliadhain go bliadhain nach gcaitheann sé ag cur feabhais ar an talamh." "Nuair a bhíos ag teacht thar a dhoras, tá tamaillín beag ó shoin ann, ghlaoidh sé chuige orm," arsa Pilib. ""Is fear feasa thú, a Philib!" ar seisean. "Céard atá i gceist agat, a Thomáis?" arsa mise. "Mo chíos a hárduigheadh!" arsa Tomás. "Ní'l Diarmuid Ruadh acht thar éis imtheacht." Níor chreideas é," arsa Pilib, "go dtáinic a bhean amach agus gur innis sise an sgéal céadna. Bhreathnuigh mé air," arsa Pilib — ag iompughadh na cathaoireach agus ag baint lán na súl as Liam — "agus measann tusa céard a rinne sé? — tosughadh ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe!" Ní'l d'árdughadh air acht dhá sgilling an t-acra" ar seisean. "Agus ní aireóchamuid uainn a gcuiridh sin as dúinn! Nach cóir adubhrais féin go n-árdóchthaidhe é!" "A Thomáis," arsa mise "focal mo bhéil ní'l agam le rádh let at 'na thaoibh!" Dubhairt an bhean gur ó'n Ridire féin a tháinic ordughadh de réir mar deir Diarmuid, agus nach ag Pender a bhí neart air. Acht ní'l fhios agam! Tá saoghal corrach rómhainn amach, a Liam! Agus creidim go mbéidh sé i n'obair!" "Ara, céard é, a Philib, i n-ainm Dé?" ars' an bhean fá sgannradh. "De réir mar chloisim," arsa Pilib, "tá go leór d'ár tgcomharsanna dorais le cur amach. Cloiseadh Uáitéar Ó Corcoráin, báille, agus Diarmuid Ruadh ag cur síos go cúlshráideach dóibh féin air i n-áit eicínt indiu — agus ní dóigh go bhfuil aon bhréag ann. Tá faitchíos orm go mbainfear a gharrdha de'n Bhuailteóir. Agus thugadar sgéala do Mhícheál Ó Briain bocht
glanadh leis as an gcró sul dá leagtar é. Go bhféachaidh Dia ar mo dhuine bocht! — Is díol truaighe é. Thar éis a dhíbeartha as teach agus as talamh a shinnsir le céadtaibh bliadhain níl maith ann anois go gcuirtear as an gcróítín beag é féin agus a chuid páistí! Tá sé i ndáil le bheith as a chéill chualaidh mé. Thug an Ceithearnach an oiread tuighe dhó 's chuirfeadh díon ar an gcró agus nuair a bhí sé réidh glan aige 'seadh fhair sé sgéala sguabadh leis. Tá an bhean bhocht go dona tinn agus chualaidh mé go gceaptar gurab é an fiabhras atá ar bheirt de na páistíbh. 'Séard atá ag briseadh a chroidhe ar fad faitchíos go mbéidh air a dhul i dTeach na mBocht ar deireadh thiar — mo dhuine bocht!" Bhí Nóra ag éisteacht agus na deora briste fá n-a súilibh. Maise, go bhfóiridh Dia ortha!" ars' an bhean. "'Sé an truagh iad a bheith ar a leithid de chaoi. Bean níos lághaighe ná níos grádh-Dia-amhla ná bean Mhíchíl Uí Bhriain níor cruthuigheadh. Nach minic minic adeireadh an tAthair Mac Mathghamhna gurbh' é an truagh gan í do bheith chomh saidhbhir le Damer!" "Go deimhin bhí sí go lághach agus go carthannach agus ní bréag nach raibh," arsa Liam. "Níor bhuaileas isteach chuig mnaoi ba shubháilcighe ná ba fhlaitheamhla croidhe ná í ariamh. Bhéadh fearadh na fíor-chaoin fáilte romham dhá dteagainn fiche huair sa ló. Agus níor leig sí ar siubhal ariamh mé gan deoch bhainne a thabhairt dom. Tá truagh ag mo chroidhe dhóibh — na créatúir — ar a leithid de chaoi ag diabhail de mháighistrí talmhan gan croidhe gan carghaos! Chuaidh sé thrí mo chroidhe a fheiceál cé'n chóir a bhí ortha an oidhche cheana agus mé ag dul go Cluan Meala. D'fhágas mo shean-chóta mór ag Mícheál le cur timcheall air — an duine bocht — agus meas' tú nár tháinic sé ar ais leis chugam indé! B'fhearr liom go gcoinneóchadh sé é — mar dheamhan mórán dochair a rinne gaoth ná báisteach dhom-sa riamh."
"Sílim go mbuailfead suas go bhfeicead Maitiú," arsa Pilib go tobann. "Tá beagán cainnte agam le déanamh leis." "Fan go mbídh sé thar éis a bhéile, 'riú" ars' an bhean. "'Ar ndóigh, ní cruadhóg atá ort?" "Sílim go mb'fhearr dhó gan an Caiptín fhéachaint go ceann tamaill," arsa Pilib. "Cuirfidh timpist an lae indiu as dó go ceann sgathaimh, agus ní ceart leigean dó a dhul i n-aghaidh an Chaiptín fá láthair. Cá bhfios céard a thárlóchadh? Agus dá mbuailtí é badh mhór an mí-ádh dár dtaobh tíre é! Caithfead bualadh suas agus comhairle thabhairt dó éirghe as an gcomórtas fá láthair, i n-ainm Dé, agus a chur ar cáirde go ceann tamaill." "Meas tú bhfuil aon bhaoghal go mbuailfidhe é?" arsa Liam ag preabadh. "Ní'l fhios agam. Ní'l fhios agam, a Liam," arsa Pilib — "Acht ní ceart dúinn leigean dó é féin a chur i gcontabhairt a bhuailte fá láthair." "Á, a Philib, nár leigidh Dia go bhfuighthí an ceann is fearr air!" arsa Liam. "Agus ní chreidim go bhfuil aon duine beó atá i n-an a bhuailte ag caitheamh an uird!" "Ní'l," arsa Pilib, "má bheireann sé aire dhó féin. "Acht tá Maitiú ró-shimplidhe, a Liam. Tá sé ró- shimplidhe agus ní mór dhúinn go léir cómhairle thabhairt dó fá láthair. Tá mé cinnte nach mbéidh an croidhe ceart ná an sean-mhisneach aige go ceann sgathaimh. Baineadh leagan mór as indiu. Sgann- ruigheadh go mór é. Agus cuirfidh sin as dó go ceann tamaill. Caithfead bualadh suas agus comhairliughadh dhó éirghe as an gcomórtas." D'fhág Liam Ó hEithfearnáin slán agus beannacht aca agus d'imthigh a bhaile mí-shuaimhneach go leór i n'intinn. Bhí faitchíos a anama air go mbuailfidhe Maitiú. Agus bhí iongnadh agus mór-imnidhe air de bhárr na cainnte a chualaidh sé ó Nóra Ní Laochdha.
CAIBIDIL XLVII. SMAOINTE AGUS ATH-CHUIMHNE. D'imthigh le Eilís Ní Mhuirghéis suas an bóthar gan aon mhoill a dhéanamh. Nuair a tháinic sí chomh fada le teach an Bhuailteora sheas sí agus dhearc 'na timcheall. Ní raibh duine i n-amharc ná i n-éisteacht timcheall an tighe. D'fhan sí' na seasamh ar feadh tamaill agus í ag smaoineadh. Níorbh' iongnadh é. Cá bhfuil an té a sheasas i n-aice na háite ar chaith sé laetheannta aoibhne a óige nach dtosóchadh ag smaoineadh ar go leor dár thárla sul thosuigh a chiapadh le obair agus le mór- chúram an tsaoghail? — An greann, an sult agus an siamsa a bhíodh againn "fadó" — na cleasa a chleachtuighmís, na compánaigh a ghrádhuighmís, na cuarta a ghnímís, na sean-sgéalta a chluinimís, féach mar thagaid ar ais! Nach mór a chuireas "an tsean-sgoil" agus "teach an phobail" i gcuimhne dhuit! Nach grádhmhar cean- amhail mar háir ortha anois! Nach aoibhneach mar ghluaisir amach bóthar an tsléibhe — nó síos cois na fairrge — an áit a dtéightheá go minic ag foghluim do cheachta lá de'n tsaoghal! Nach ceanamhail mar bhíos tú ar na sean-bhealaighibh — agus ar na sean-cháirdibh a chuireas siad i gcuimhne dhuit — agus nach uaigneach cumhamhar mar bhíos tú 'na ndiaidh go léir agus tú a bhfad uatha! Smaoinigh Eilís Ní Muirghéis ar laetheanntaibh a hóige féin — agus tháinic bliadhanta fada sólásacha ar ais le n-a gcuid smaointe aoibhnis. Nach beag d'eólas an tsaoghail a bhí aici an uair sin — agus nach hí bhí sólásach 'na gearr-chaile? Théigheadh sí gach maidin agus tráthnóna an bealach céadna so. Théigheadh
sí thar theach Mhaitiú gach lá. Nár mhinic i mbéal an dorais é le labhairt léithi? Nár mhinic sa "ngáirdín" beag i n-aice an tighe é le cuid de na torthaíbh milse a chaitheamh chuici thar an gclaidhe! Nach iomdha caoi a dtaisbeánadh sé cé'n cion a bhí aige uirthi 'na cailín beag — agus nach iomdha caoi ar thaisbeáin sé ó shoin cé mar thaithnigh sí leis! "Rachad isteach mar d'iarr Eibhlín orm," ar sise thar éis machtnaimh fhada, "agus fanfad go dtigidh siad ar ais." Bhain sí an laiste agus isteach léithi. Bhí an teach chomh as, chomh glan, chomh sgiúrtha, agus chomh sguabtha 's bhíodh sé fadó. Ní raibh athrughadh dhá laghad le tabhairt fá deara. Bhí an drisiúr san áit chéadna fá 'na chuid gréithí deas. Bhí an túirne le balla 'na chúinne féin. Bhí an tsean-chathaoir bhaclann, 'na suidheadh sí bliadhanta ó shoin, sa gclúid. Agus bhí an droma mór ar crochadh i n'áit féin os cionn an mhatail. Shuidh sí síos cois an bhuird. Chonnaic sí slinn — nó sgláta — cheithre gcoirnéal ar íochtar na fuinneoige agus cúpla "rádh" nó "abairt" sgríobhtha go deas aireach cúramach uirthi. Bhí an chuid eile d'aghaidh na slinne brattha le uimhreachaibh móra agus an méid a choisneochadh an oiread so camán báire ar a leithid seo de luach comruigh- the ag Maitiú. Ní raibh a fhios ag Eilís go dtí anois go raibh sé ag foghluim — acht bhí. Agus ní raibh de mhúinteóir aige acht é féin ná de mhodh foghlumtha acht a "Mhodh Díreach" féin. Ní raibh na Sgolta "Náisiúnta" ar bun nuair a bhí Maitiú na ghasúr agus níorbh' fhurasta do Chaitliceach foghluim "Ghallda" féin fhághail in go leor áiteacha tuaithe. Acht is iomdha sgoláire maith agus deagh-Éireannach a fuair a chuid oideachais i sean-sgioból — agus cois an chlaidhe — lá de'n tsaoghal, agus ná dearmadtar é. Bhí "sgoláire bocht" 'na chómhnuidhe i bhfoigseacht dó nó trí de mhíltibh do'n áit agus bhí súil ag Maitiú go
n-éireochadh leob a fhághail le cur faoi i gCnoc na nGabha agus "sgoil oidhche" a chur ar bun. Acht ní thiocfadh an "máighistir" gan níos mó "leath- chorónacha" ná b'fhéidir le Maitiú a sholáthar sa bparáiste agus, mar sin de, d'fhan an "sgoil" gan a cur ar bun agus an "máighistir" gan a theacht. Ar deireadh thiar thosuigh Maitiú ag foghluim as féin gan múinteoir gan teagasgthóir. Bhí sé "dall" go leor ar dtús acht níor ghéill sé do'n droch-mhisneach ná do'n mhí-mhuinghín, agus bhí sé ag dul ar aghaidh agus ag feabhsughadh do réir a chéile ó lá go lá. Bhí a mháthair go buadhartha cráidhte nuair a thosuigh sé ag cur suime i leabhraibh. Ní raibh a fhios aici céard a bhí faoi — munar 'sna "peelers" a bhí brath aige a dhul, agus b'fhearr léithi míle uair a fheiceál sínte os cionn cláir ná "an caipín speiceach" fheiceál air. Bhí an-ghráin aici ar na saighdiúiríbh agus ar na síth-mhaoraibh chomh maith le chéile, — agus bhí fáth ag an mnaoi chroidhe leis. Bhí grádh mór aici dá tírín dhúthchais agus fuath mór do lucht a sladtha agus a creachta. B'fhearr léithi go gcrochfaidhe a mac muirneach ar an "sgalán árd" ar son a thíre ná a fheiceál ag breith ar shlabhraíbh móra troma an tSasanaigh agus ag cuidiughadh le cuibhreach na daorsachta a fháisgeadh ar bhallaibh agus ar chuisleachaibh Chaitlín Ní Uallacháin. Cé'n chaoi nach mbéadh fuath aici do'n tSasanach agus dá arm? Nach raibh sí ar an saoghal sa mbliadhain "ocht gcéad déag acht dó" — agus nach bhfaca sí go leor dár thárla? Nár chuimhneach léithi an lá breagh gréine samhraidh ar bhuail "an t-arm" isteach i dteach a hathar? Nach rugadar ar an t-aon dear- bhráthair a bhí aici, agus nár chuireadar urchar thríd os cómhair a súl taobh amuigh de'n doras? Nach bhfaca sí a dearbhráthaírín bocht sínte mín marbh os a cómhair? Nach bhfaca sí an t-"oifigeach" ag breith i ngreim gruaige air, agus ag gabháil dá chlaidheamh sa muineál air nó gur sgoith sé an ceann de? Nach
bhfaca sí é ag bualadh speiche dá bhróig ar an gceann i lár na sráide — agus nach gcualaidh sí é ghá rádh gurab in é an cleas a dhéanfadh sé le gach "rebel "Gaedhil""? Ní raibh a dearbhráthair acht seacht mbliadhna déag d'aois an lá ar marbhuigheadh é. Ba mheasa léithi é ná amharc a súl. Ó'n lá sin go lá a báis bhí ualach mór bróin ar a croidhe 'na dhiaidh. Agus anois b'fhearr léithi Maitiú a chur sa gcill go húr óg ná a fheiceál ag greamughadh d'arm seasta Shasana. Acht ní raibh baoghal ar an mBuailteoir croidhe! Bhí nádúr an Ghaedhil ró-láidir ann le bheith in a fhealltóir i n-aghaidh a thíre. Bhí fuil the an Ghaedhil ag rith agus ag preabadh go láidir 'na chuisleachaibh. Bhí a chroidhe mór fial lán de ghrádh dá thír agus dá chreideamh. Agus dá dtagadh sé sa saoghal go dteastóchadh "na buachaillí" le ruaig a chur ar an nGall mar cuireadh air as Caisleán an Bharraigh i "mBliadhain na bhFranncach" — ní bhéadh aon fhear ba dílse a throidfeadh ná ba cumhachtaighe agus ba láidre a bhuailfeadh buille ar son saorsachta a thíre ná Maitiú Mór Ó Donnabháin! Ba mhac dá mháthair é — agus ba dhual athar dó an croidhe agus an t-anam a bheith san áit chirt ann — agus bhí! Bhí Eilís Ní Mhuirghéis ag dearcadh ar an tslinn mar seo. Bhí Maitiú agus a mháthair agus Eibhlín ag teannadh leis an teach acht ní raibh a fhios aici. D'iompuigh sí an tslinn. Dhearc agus gheit agus thosuigh ag meangadh. Bhí druim na slinne brathta ó bhun go bárr leis an t-aon fhocal "Eilís" "Eilís," "Eilís," agusrl! "Tuigeann fear léighinn leath-fhocal," agus thuig sise go leor de bhárr an fhocail sin. Acht d'airigh sí an torann ag teacht. Leag uaithi an tslinn go deifreach agus shuidh síos 'sa gcathaoir cois na teineadh. Sheas Maitiú sa doras agus phreab a chroidhe chomh mór 's nár fhéad sé focal a labhairt nuair a chonnaic sé cé bhí istigh roimhe. "Céad míle fáilte rómhat!" ar seisean thar éis sgathaimh, agus thosuigh ag meangadh gáire.
Chraitheadar lámh le chéile. Facthas do Mhaitiú gur baineadh fáisgeadh beag as a láimh — acht ní raibh ann acht gur airigh sé é. "Is maith a chuaidh tú as, a Mhaitiú," arsa Eilís, "tá súil agam nár gortuigheadh thú." "Níor gortuigheadh," arsa Maitiú. "Ní fiú biorán ar éirigh dhom." Bhuail an mháthair agus Eibhlín isteach. D'fháiltigh an mháthair go rí-shubháilceach roimpi agus chuir sin áthas mór ar Mhaitiú. Ní raibh a fhios aige gur casadh Eilís agus Eibhlín ar a chéile tamall gearr roimhe sin. "Maise, ní féidir gur tú féin atá ann, a Eilís!" ars' an mháthair. "Mh'ainín nach n-aithneóchainn an bhfaca mé riamh thú. Nach iomdha athrughadh a tháinic ar an saoghal, a stór, ó bhítheá ag teacht ar cuairt chugainn annso bliadhanta ó shoin! Agus cé'n chaoi bhfuil do shean-athair? — is fadó anois nach bhfacas é le seanchus a bheith againn i dtaoibh an tsean-tsaoghail. Ní'l blas dár thárla i "mBliadhain na bhFranncach" nach bhfuil cuimhne aige air chomh maith 's dá mbadh indé a thárlóchadh sé. Agus, a Eilís, a mhuirnín, cá fhaid' ó fuair sibh aon sgéala ó t'athair — nó bhfuil 'fhios agaibh cá bhfuil sé?" "Sgéal ná sguan ní fhuaireamar uaidh ó d'imthigh sé," arsa Eilís — agus tháinic na deora fá n-a súilibh. "Ní bhéidh sibh mar sin. Gheobhaidh sibh deagh-sgéala fós uaidh, a Eilís, agus nár leigidh Dia nach bhfuigheadh! Dubhairt an fear a tháinic a bhaile cúpla bliadhain ó shoin — an fear a bhfuil an siopa aige thoir i ngar do'n Choiléar — go raibh sé ag cainnt leis i Meiriocá agus istigh 'na theach. Agus is aige atá an teach breágh, ar seisean, fá n-a chuid éadaigh cláir agus faoi fhuinneógaibh móra." "Chualamar sin," arsa Eilís. "Acht b'fhéidir nárbh' é m'athair é. Agus is fad ó shoin é sin anois. Bhí sé ag cur tuairisge mo shean-athar, adeir an fear úd, acht níor innis sé tada dhó 'na thaoibh féin." "Go deimhin, tá sé dh'á fheiceál dom gurab é bhí ann,
a Eilís. Agus cé mar tá t'aintín i mBaile Átha Cliath?" "Bhí sí suarach go leor ar feadh a bhfad, acht míle buidheachas le Dia, tá biseach maith aici anois, má fhanann aici. Dubhairt an dochtúr léithi an chathair fhágáil agus a theacht agus comhnuidhe sa tuaith. Sílim go gcaithfidh sí cuid de'n tsamhradh linne." "Maise, caithfidh, adeir tú liom! Dar brígh an ghabhair agus béidh áthas orainn a feiceál! Nach iomdha duine adubhairt gurbh' í a rinne an pósadh maith — agus nach beag an sólás a bhí aici dá bhárr, an bhean bhocht! Nach beag a cheapfadh go ndéanfadh sé an cleas a rinne?" "Ní mórán sóláis a thug sé dhi go deimhin," arsa Eilís. "A stór, níl a fhios ag duine go minic céard is fearr dhó. B'fhéidir go mb'fhearr dhi buachaill eicínt a phósadh a raibh aithne 'gus eólas aici air. Acht, 'ar ndóigh, shíl sise — agus shíleamar go léir — gur toghadh duine uasail a bhí ann." "Tiocfad isteach aríst i mbárach, nó athrughadh i mbárach," arsa Eilís. "Gheall mé do mo shean- athair a bheith sa mbaile go luath — agus béidh Peig Ní Bhrádaigh curtha ar mo thóir aige má ghním níos mó moille." Gabh agus tiodhlaic sgathamh de'n bhóthar í, 'riú!" ars' an mháthair agus í ag baint lán na súl as Maitiú. "Ó, ní bhéidh aon uaigneas orm," arsa Eilís. "Tá an oidhche go breagh geal anois, agus, 'ar ndóigh, tá eolas an bhealaigh a bhaile agam go rí-mhaith, — agus badh cheart go mbéadh!" "Rachad leat chomh fada leis an sruthán," arsa Maitiú ag éirghe agus ag baint searrtha as féin. Bhíodar ag dul an doras amach go díreach nuair a ghlaoidh máthair Mhaitiú ar Eilís. "Ara, dheamhan ar chuimhnigh mo chroidhe ar a rádh leat innseacht dod' shean-athair fá'n saighdiúr!" ar
sise. "Sgéal cam ar a chasóig dheirg — is é bhain an sgannradh asam! Bhuail sé isteach chugam de mhaol a mhainge féin i lár na hoidhche go bhfuigheadh sé fios cé'n áit a raibh teach comhnuidhthe Philib Uí Mhuirghéis, agus gan duine ná deoraidhe sa teach acht mé féin!" "Ó, tig leat féin an sgéal innseacht do Philib acht a gcastar ort é," arsa Maitiú. Bhí sé cinnte gur sean-sgéal a bhí ann a chualaidh sé go minic roimhe sin. "Déanfaidh sin cúis," ars' an mháthair. "Ní bhéad ag coinneál moille oraibh anois. Innseochad daoibh uair eicínt eile é." Bhí áthas croidhe ar Eilís nár thug Maitiú aon áird ar an sgéal. Amach leob i n-éinfheacht thar a éis sin. Dhearc Maitiú uaidh ar réaltaibh neimhe a bhí go soillseach os a chionn, acht níor labhair. Annsin bhreathnuigh sé uaidh ar an ngealaigh agus ar na spéarthaibh acht ní tháinic an chainnt a bhí uaidh chuige. Bhí Eilís ag siubhal agus gan smid aici le n-a thaoibh. Ní raibh a fhios ag Maitiú fá thalamh na hÉireann cé air a mb'fhearr dhó tosughadh ag cur síos, acht b'amhlaidh mar bhí an sgéal sroicheadh an sruthán sul labhradh fiú an fhocail! Rug Maitiú ar láimh ar Eilís ag fágáil "slán" aici. Acht bhí sé ag dearcadh uaidh ar an ngealaigh anois aríst, agus choinnigh sé an láimhín mhín-gheal i ngreim níos fuide ná mar bhí a fhios aige féin. "Maise, an annsin atá sibh?" arsa duine eicínt taobh thall de'n tsruthán agus thosuigh ag gáiridhe. "Peig Ní Bhrádaigh!" arsa Maitiú ag sgaoileadh na láimhe uaidh go tapaidh. Chuaidh Eilís agus Peig a bhaile le chéile agus d'fhill Maitiú ar ais thar éis "slán" fhágáil aca. "Ní'l 'fhios agam céard tá ag teacht orm ar chor ar bith!" ar seisean. "Ní bhínn mar seo go dtí le goirid — pé'r bith cé'n fáth atá leis. Tá sí chomh lághach agus chomh carthannach
's bhí sí riamh. Níl a fhios agam cé'n fáth a ndearcann sí orm mar ghníos go minic? Is minic a cheapaim go bhfuil fios mo rúin agus m'intinne aici. Acht ní innseochad di é — mar chuirfeadh sé trioblóid uirthi, agus nár leigidh Dia go gcuirfinn-se brón ná buaidhreadh ort, a Eilís! Níl a leithid le fágháil ar thalamh na cruinne!" Sheas sé i lár an bhóthair agus thosuigh ag smaoineadh. Smaoinigh seisean freisin ar an am fadó a dtéigheadh cailín beag áithrid an bóthar go minic. Smaoinigh sé ar an "ngáirdín" agus ar na "torthaíbh milse" — agus tháinic an tsean-aimsear ar ais. Facthas dó go raibh an t-am a caitheadh go soiléir os a chomhair agus gach greann agus siamsa dá mbíodh ar siubhal le feiceál aige. Bhí sé ag dearcadh uaidh ar na réaltaibh anois arís agus "bóithrín na smaointe" amach os a chomhair. Thar éis tamaill bhreathnuigh sé faoi agus tairis. Bhí solas le feiceál aige i ngar dhó. "Cá bhfuil sé?" ar sé le iongnadh ag dearcadh 'na thimcheall. "An choinneall atá i bhfuinneoig an tighe ag mo mháthair!" ar seisean, ag meangadh gáire agus isteach leis. Bhí duine eile freisin ag smaoineadh mar seo ar an am a caitheadh. Óig-bhean aoibhinn áluinn a b'eadh í. Bhí sí léithi féin cois fuinneoige fá láthair ag dearcadh uaithi ar na réaltaibh agus cosamhlacht cumha agus uaignis uirthi. Facthas di go raibh sí ag siubhal ar thráigh mhóir mhín cois na fairrge. Bhí cara dil le n-a taoibh — duine a raibh mór-mheas aici air. Acht ní fhéadfadh sí acht "grádh carad" a bheith aici dhó — i ngeall ar nídh áithrid. Bhí na tonna ag bualadh go héadtrom agus ag briseadh go lag réidh i n-aghaidh an ghainimh. Bhí an fhairrge mhór chomh mín le sgáthán amach os a gcomhair. Ní raibh puth as aer ag séideadh. Bhí na réalta agus an ghealach ag soillsiughadh go háluinn os cionn na mara. Bhí ciúineas na hoidhche ar gach taobh. Ní raibh de ghlór le cloisint acht sgread an ladharáin, agus fuaim bhog
cheolmhar na tuinne. Facthas di go raibh sí féin agus "a cara dil" 'na seasamh ar an tráigh. Ní raibh duine i n-amharc ná i n-éisteacht acht iad féin le chéile. Bhíodar ag cómhrádh go caoin-ghothach íseall. Bhí a n-aighthe ar dhruim na bóchna móire agus iad ag déanamh iongantais d'áilneacht agus de mhór- chiúineas na hoidhche. Bhí croidhe na hóg-mhná go haoibhneach agus bhí sí cinnte go raibh a chroidhe seisean amhlaidh. Acht níor mhair an móiméad sólásach úd — acht móiméad. Bhí a fhios aici nach bhféadfadh bheith mar smaoinigh sí agus tháinic cumha agus duairceas ar a croidhe i lár na trágha. Bhreathnuigh Máire Ní Cheithearnaigh amach díreach ar a haghaidh agus chonnaic solas i ngar dhi ag lonnrughadh i ndorchadas na hoidhche. Phreab sí agus d'éirigh 'na seasamh — agus leig osnadh. Bhí sí músgluighthe ó thaidhbhreamh gan codladh — agus b'é an solas i bhfuinneoig an Bhuailteora a mheall ar ais í ó n-a cuid "smaointe aoibhnis — smaointe bróin." CAIBIDIL XLVIII. MÍCHEÁL Ó BRIAIN AGUS AN GUNNA. Bhí fear 'na sheasamh leis féin i lár an chriathraigh an tráth sin d'oidhche. Bhí seisean ag smaoineadh ar an am caitheadh freisin — agus é ag dearcadh uaidh ar an ngealaigh os a chionn sa spéir. Smaoinigh sé ar thráthnóna aoibhinn i ndeireadh an tsamhraidh roinnt bliadhanta roimhe sin. Bhí sé féin agus maighdean áluinn óg na seasamh ag cainnt go grádhmhar caoin le chéile. Ba hí an óig-bhean aoibhinn seo a ghrádh geal agus searc
a chroidhe. Thairg sé é féin agus a raibh aige de mhaoin shaoghalta dhi. Agus nárbh' shólásach an fear é thar éis an fhreagartha a thug a mhuirnín air an tráthnóna úd! Smaoinigh sé ar thrí nó ceathair de bhliadhantaibh thar a éis sin. Bhí a ghrádh geal 'na máthair triúr páistí chomh deas 's b'fhéidir fhágháil. Nár mhór é a mbród asta, — nárbh' iongantach a gcion ortha! B'iad amharc a súl iad de ló 'gus d'oidhche. Ní raibh uaidh féin acht gan easbaidh ná ceal a bheith ar na malraigh agus suaimh- neas agus sólás a bheith ag a máthair. D'oibrigh sé go cruaidh agus go hallasach ar a son, agus cé gur mhór a anró agus gur throm a chuid oibre ó Luan go Satharn níor mhisde leis acht a pháistí agus a máthair a bheith go sólásach gan aon easbaidh i dteannta a chéile. Agus bhíodar go án-tsólásach agus lán-tsásta leis an saoghal. Ní raibh máthair i dTiobruid Árann ba shuaimhnighe i n-intinn agus ba haoibhnighe i gcroidhe 'ná an mháthair ar a bhfuil an tráchtas so. Acht nár ghearr a mhair an sólás — nár ghearr a mhair an smaoineadh? Chonnaic ár dteastalaidhe sléibhe solais mar bhéadh coinneall nó lampa — ag lonnrughadh sa dorchadas a bhfad uaidh. Bhí an solas sin ag soillsiughadh i dteach gan brón acht ní raibh solas ná sólás sa gcró beag dorcha 'na raibh Máire bhocht agus na páistí! Ní raibh! — agus tháinic athrughadh mór i n'aghaidh go tobann. Tháinic sgéin iongantach 'na shúilibh. D'fháisg a chuid fiacal ar a chéile le feirg. Dhún a dhá dhorn chomh cruaidh le iarann. Bhí a chroidhe ag preabadh go huathbhásach leis an mbuile mór agus leis an tadhad a tháinic air. Bhí sé mar fhear a bhéadh as a chéill an móiméad sin! Is ann- sin ní raibh teach ná árus aige mar bhí tráth. Ní raibh gort ná garrdha aige. Baineadh dhe an gabhaltas mór talmhan a bhí ag a athair agus ag go leor aithreacha dhá dtáinic roimhe. Leagadh a theach breagh geal-aolta go talamh. Níor fágadh luach pighne fá chaolach an tighe gan crochadh 'un bealaigh. Agus caitheadh a bhean agus a chuid páistí amach i leath-taoibh an bhóthair le bás
fhághail leis an bhfuacht agus leis an ocras! Bhí sé agus a dhruim le bruach portaigh aige fá láthair — ag smaoineadh. D'ísligh ar a leath-ghlúin agus dhearc 'na thimcheall. Torann ní chualaidh sé. Duine ní fhaca sé. Bhí ciúineas mór na hoidhche ar chnoc 's ar ghleann ar fud an tsléibhe. Cor ní raibh ag duine ná ag beithidheach. Sgread ní raibh ó'n bhfeadóig. Glaoidh ní raibh ó'n gcoileach fraoigh. Bhí codladh na hoidhche ar éanlaithibh an aeir agus ar bheithidheachaibh na coilleadh. Bhí an girr-fhiadh go clúmhthar 'na leabaidh dheirg, agus an broc fá dhíon 's fá fhasgadh san mbrocaigh. Bhí an chaora 'na luighe go suaimhneach sásta ag congailt a círe ar sgáth an tulcháin, agus an chearc fhraoigh agus a hál go ciúin sa tom. An té a bhí leis féin mar seo i n-uaigneas an tsléibhe, dhearc sé uaidh arís agus arís eile. Bhreathnuigh faoi agus tairis agus ar gach taobh dhe. Acht "bhí an saoghal ar fad uaigneach" ar fud an chriath- raigh. Ní raibh ann acht é féin, agus na cnocáin árda a bhí mar bhéadh fathaigh mhóra sléibhe ag faire san dorchadas. Tharraing sé chuige gunna a bhí leagtha le n'ais ar an mbruach, agus láimhsigh go haireach cúramach é. Sgrúduigh go grinn é le solas na gealaighe. Bhí sé ag dul ghá leagan uaidh ar an mbruach arís nuair d'airigh sé mar bhéadh duine ag tarraingt a anála go láidir i ngar dhó. Shíl sé gur trom-osnadh a leigeadh anois ní ba ghoire 'ná sin dó agus tháinic roinnt faitchís air. Bhreathnuigh agus gheit! Bhí rud mór dorcha eicínt os a chionn san aer! Ba chosamhail le éan é marach an mhéid mhór agus an toirt a bhí ann. Cheap sé go mb'fheidir go mba néall é. Acht d'airigh sé na sgiatháin ag corrughadh. Chonnaic sé an muineál iongantach fada sínte amach. Leigeadh gráig ar an mbruach os a chionn a chuir creathadh ann ó bhun go bárr. D'éirigh an t-éan mór iongantach de'n bhruach taobh thiar dhe agus chuir gráig mhór ghéar uathbháis as an dara huair. Gheit mo dhuine arís. Bhuail creathadh é, agus sgaoil sé uaidh an gunna a bhí i
ngreim aige leis an sgannradh tobann a cuireadh ann. Thuit an gunna síos sa bportach. Chonnaic sé an t-éan ag eiteall treasna an chriathraigh os a chionn annsin — agus b'in é an uair a bhí a fhios aige gur corr éisg mhór a bhí ann. Bhí sí ag dul ag ísliughadh go díreach ar an mbruach le n'ais nuair a sgannruigheadh í. "Tá an gunna tuitthe sa bportach ar chuma ar bith," ar seisean. "Nach mé an t-amadán suarach agus corr éisg 'ga mo sgannrughadh ar a leithid de chaoi!" Chuaidh sé leis an ngunna a thóigeál acht bhí an portach lán go béal d'uisge agus é deich dtroighthe ar doimhin. Mar sin de ní raibh aon ghoir aige a fhágháil. "B'fhéidir gurab é Dia a rinne é!" ar seisean i gceann tamaill. "B'fhéidir! Acht caithfidh mé féachaint le n-a thóigéal i mbáireach nó gheobhaidh Brian bocht milleán faoi. Ní raibh aon cheart agam a thabhairt liom, acht nuair a chonnaiceas Brian ghá chaitheamh sa tom agus ag imtheacht i ndiaidh na ngadhar chrochas liom é. Creidim gur le deasughadh eicínt a chur air a bhí sé ghá thabhairt chuig an mBuailteoir. Acht ní chuimh- neochaidh sé cé'n tom 'n-ar chaith sé é, is dóigh. Mar sin féin, ní ceart dom a fhágáil ar íochtar. Caithfead a thóigeál ar chaoi eicínt. Ba mhór an amadántacht dom a thabhairt liom ar chor ar bith agus é seo agam!" ar seisean ag tarraingt piostail aniar as a bhrollach. "Seo é is fearr a dhéanfas an gnó! Dhearc sé síos sa bportach. Leag a lámh ar bhárr an uisge. Chuir sin an t-uisge coisrig a chuireadh sé air féin gach Domhnach sa séipéal i gcuimhne dhó. Smaoinigh sé tamall gearr. Chuir a lámh suas ar a éadan agus ghearr lorg na Croise air féin. "Tá athrughadh mór eicínt thar éis a theacht orm," ar seisean. "Táim a bhfad níos socra agus níos suaimh- nighe in m'intinn 'ná mar bhíos — agus tá an cuthach feirge a bhí orm imthighthe dhíom.
"Ní dhéanfad tada anocht," ar seisean thar éis tamaill ag cur an phiostail 'na bhrollach agus ag leigean osnadh. "Dá dtugadh Dia dhom tuitim in mo chodladh annso anois i lár an chriathraigh agus gan dúiseacht go bráthach bhéinn lán-tsásta! Bhéadh deireadh le mo chuid bróin agus le m'anshógh! Bhéadh! — Acht céard a dhéanfadh Máire bhocht agus na páistí?" Dhearc sé uaidh arís. Bhí an solas ag soillsiughadh san áit chéadna. Bhí a fhios aige anois gur i dteach an Bhuailteora a bhí sé. "Is fadó 'nois nach ndearnas mórán cainnte le aon duine de na cómharsannaibh," ar seisean. "Acht ní raibh aon fhonn cainnte orm! Nach minic a bhuailinn isteach leis an bpíopa a dheargadh i dtigh Mhaitiú! Is fadó 'nois nach rabhas istigh ann — agus pé'r bith cé'n fáth é — tá fonn orm focal cómhráidh a bheith agam leób anocht." D'imthigh leis gan focal eile a rádh. Rinne aith- giorra treasna na bportach agus níorbh' fhada go raibh sé ag ceann bóthair an tsléibhe agus i ngar do'n bhaile. Shiubhail leis síos an bóthar go haireach áirdeallach mar dhéanfadh duine a mbéadh sgáth nó faitchíos air. Níor casadh duine ná deóraidhe dhó ó cheann an bhóthair gur shroich sé Cnoc na nGabha. Nuair a shroich sé teach an táilliúra sheas i n-aice fuinneoige na cisteanaighe. Bhí Nóra Ní Laochdha le feiceál aige uaidh isteach agus í ar a dhá glúin ag rádh urnaighthe na hoidhche. Bhí lonnradh diadhachta agus cráibhtheachta le feiceál 'na súilibh. Bhí dealbh ár Slánuightheora ar an gCroich os a cómhair, agus í ag impidhe agus ag athchuinge Air ó dhoimhneacht a croidhe trócaire shíorruidhe na bhflaitheas a thabhairt dá hanam. "Ó!" ar seisean taobh amuigh, "míle altughadh agus glóire le Dia, nach aoibhinn di! Cá bhfuil an té d'fheicfeadh í an móiméad so nach gcaithfeadh a chreideamhaint go bhfuil Dia agus na Flaithis ann? Marach le faitchíos go sgannróchainn í rachainn isteach
agus d'iarrfainn uirthi guidhe ar mo shon, mar ní'l duine a nguidhfeadh an cailín naomhtha sin ar a shon nár bh'fhearrde é. 'Sé Dia féin a chas an bealach so mé! Tráthnóna anocht bhíos as mo chéill ceart críochnuighthe. Bhí fúm sásamh dearg a bhaint de'n chreachadóir a sgrios mé féin agus mo mhuirghin. Bhí sé de rún agam dúnmharbhughadh a dhéanamh i ngan-fhios do'n tsaoghal. Níor chuimhnigheas go raibh Dia ag breathnughadh orm — acht bhí! Míle glóire Leis féin! — tá an buile mór imthighthe dhíom anois, agus creidim gurab é Dia a rinne é. Roimhe seo níorbh' fhéidir liom Paidir ná Cré a rádh mar ba cheart. Bhíodh an easgaine ag teacht — agus mé ar mo dhá ghlúin — easgaine ar an té a sgrios mé féin agus mo pháistí bochta. Níorbh' fhéidir liom Dia a ghuidhe! Nach minic a cheapainn nach raibh Dia ceart ná trócaireach agus leigean a leithid de bhail a chur orm! Go dtugaidh Rí na glóire maitheamhnas dom — as mo chéill a bhínn! Acht anois, míle buidheachas agus onóir Leis féin, nílim mar sin ar chor ar bith!" I gceann tamaill bhig bhí sé 'na sheasamh amach ar aghaidh dorais an Bhuailteora. "Is suarach an feic mé le dhul i láthair aon chomh- luadair!" ar seisean, "acht mar sin féin rachad isteach." Bhain sé an laiste agus isteach leis. "Go mbeannuighidh Dia annso!" ar seisean ag seasamh thoir ag an doras. "Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin!" arsa Maitiú. "Buail anuas chuig an teinidh. Agus ní féidir gurab é Mícheál Ó Briain atá agam ann?" "An fear céadna," arsa Mícheál. Bhreathnuigh an mháthair agus an inghean ar a chéile acht níor labhair. "Suidh síos, a Mhícheáil," arsa Maitiú ag leagan cathaoireach cois na teineadh. "Ag gabháil thart a bhíos go deimhin agus nuair a
chonnaiceas an solas sa bhfuinneoig cheapas bualadh isteach sgathamh beag," arsa Mícheál. "Suidh síos cois na teineadh, a Mhícheáil, agus céad fáilte romhat!" arsa Eibhlín. "Tá súil a'm go bhfuil sí féin agus na páistí go maith." "Maise, ní'l acht réasúnta dhíobh, a Eibhlín, slán an t-é a fhiafruigheas" ar seisean. "Bhí an geimhreadh go holc agus níor chuidigh sé leób mórán tá faitchíos orm." Shuidh sé síos i ngar do'n teinidh. "Táir féin ag fágháil na sláinte de réir chosamh- lachta, a bhean an tighe" ar seisean, "bail ó Dhia ort. Ní aithneochainn go dtáinic lá aoise ort ó'n oidhche ar tórradh mo Shorcha bheag bhocht, beannacht Dé le n-a hanam! Agus go deimhin táim cinnte go mbéidh, mar ní raibh de pheacadh ar a hanam acht an oiread leis an naoidheanán, cé go raibh sí isteach 's amach le trí bliadhna déag d'aois nuair a thug Dia Chuige féin í." "Ba bhreagh áluinn an cailín beag í go cinnte, a Mhícheáil — go ndéanaidh Dia trócaire uirthi!" arsa baintreabhach Uí Dhonnabháin. "Is aoibhinn di le congnamh Dé agus is maith an mhalairt aici é anocht! Caithfear glacadh le toil Dé, a dhearbhráthair ó! Is Aige is fearr a fhios céard is fearr dhúinn go léir, míle buidheachas Leis féin!" "Is fíor sin," arsa Mícheál. "Is minic a cheapaim go mbéadh Dia buidheach dhíobh dhá dtugadh Sé Chuige féin an chuid eile dhíobh freisin. Badh gheal a n-áit sna flaithis, agus bhéadh deireadh go deo le n-a gcall agus le n-a n-anshógh!" "Bí breagh misneamhail, a dhearbhráthair. Bí breagh misneamhail. Ní'l aon maith san droch-mhisneach, agus bíodh muinghin agat as Dia. Tá sólás saoghalta agus sólás síorruidhe i ndán dóibh le congnamh Dé! B'fheidir le Dia go mbéadh a ndóthain acab fós. "Níor dhún Dia bearna riamh nár fhosgail sé bearna. Ní mhairfidh an droch-shaoghal so acht sgathamh."
"Tá faitchíos orm nach mórán sóláis saoghalta atá i ndán dóibh, fairíor!" arsa Mícheál. "Bíonn an chosamhlacht ann!" Bhí Maitiú ag líonadh an phíopa mar seo. Nuair a bhí sé réidh shín sé anonn chuig Mícheál é." "Bíodh gail as seo agat, a Mhícheáil!" ar seisean. Rug Mícheál ar an bpíopa, agus rug ar an maiste a bhí ar an mbac le n-a dheargadh. Smaoinigh sgathamh beag. Leag an maiste san áit a bhfuair sé é, agus shin an píopa ar ais chuig Maitiú. "Is fad ó 'nois nár chaitheas aon ghail, a Mhaitiú, agus b'fhéidir go mb'fhearr dhom féachaint le éirghe as," ars' an duine bocht. "Dá gcaithinn anois é tá faitchíos orm go dtiocfadh dúil ar ais agam ann." Bhreathnuigh an mháthair ar Eibhlín agus chraith a ceann. Tharraing Mícheál a chathaoir ní ba ghoire do'n teinidh agus thosuigh ag téitheadh a lámh. "An amach fá'n gcriathrach a bhís, a Mhícheáil?" arsa Maitiú. "Tá a chosamhlacht ar do lámhaibh agus ar do bhrógaíbh gurab eadh ar chuma 'r bith." Gheit Mícheál beagán agus ní raibh 'fhios céard a b'fhearr dhó a rádh. Ní raibh aon leith-sgéal aige muna n-innsigh eadh sé go fírinneach céard a chas an bealach é. Thug Maitiú fá deara go ndearnaidh an cheist roinnt mí-shuaimhneach é agus níor leig air féin anois gur fhiafruigh sé tada de Mhícheál. "A Eibhlín," ar seisean, "béidh an cáca sin bruithte dóighte mara dtóigir de'n ghreideall feasta é. Mara bhfuil sé bruithte anois ní bhruithfeadh a bhfuil de mhóin i gConamara é!" Thóig Eibhlín an cáca de'n ghreideall agus dheasuigh an teine.
CAIBIDIL XLIX. MÍCHEÁL Ó BRIAIN AGUS TOMÁS Ó hÓGÁIN. DIARMUID RUADH AGUS AN BÁILLE. "Go mbeannuighidh Dia annso!" arsa beirt fhear ag bualadh isteach i dtigh an Bhuailteora. "Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhíbh!" arsa Maitiú gan mórán cosamhlachta fáilte ná subháilcis. Bhí an bheirt ag teannadh síos le n-a bpíopaí a dheargadh nuair a chonnaiceadar Mícheál Ó Briain 'na shuidhe cois na teineadh. Thugadar geit. D'iompuig tharta agus amach leob go beodha tapaidh. B'iad Diarmuid Ruadh agus Uáitéar Ó Corcoráin a bhí ann. Sguab leob mar dhéanfadh dhá chneamhaire ar bith nuair a chonnaic- eadar an t-é bhí istigh. Ní raibh acht go rabhadar glanta leob nuair a bhuail Tomás Ó hÓgáin isteach. "Maise, ní féidir gur tú féin atá ann, a Thomáis!" arsa Maitiú. "'Sé do bheatha! is fadó 'nois nach dtugais cuairt orainn." "Thíos i dtigh Philib Uí Laochdha a bhíos," arsa Tomás, "acht ní raibh istigh dhe agus bhuaileas aníos le súil gur annso a bhí sé." Bhí an oiread imnidhe ar Thomás le goirid i dtaoibh a chuid talmhan 's nach sásóchadh an saoghal é gan bheith go síorruidhe ag cur síos ar "thighearnaíbh," ar "chíos," agus ar "léasa." Is iomdha liobairt a bheireadh Pilib dhó — acht níor mhisde leis. Ní bhíodh uaidh acht an seanchus. Facthas dó anocht dá bhféadfadh beagán cainnte a bheith aige leis an táilliúr gur mór an sásamh intinne a bhéaradh sé dhó — agus sin é an fáth a dtáinic sé ar a thóir anois.
Bhí iongnadh mór air nuair a chonnaic sé cé bhí cois na teineadh. "Ar hárduigheadh an cíos ort-sa, a Mhícheáil?" arsa Tomás ag dearcadh isteach san éadan air. Níor thuig Mícheál céard a bhí i gceist aige. "An é cíos an chróithe?" ar seisean. "Ní hé, acht cíos na talmhan sul dár cuireadh amach thú." "Níor hárduigheadh," arsa Mícheál. "Nuair a bhí mo léas caithte dubhradh go gcaithfinn imtheacht mar go raibh mo ghabhaltas ró-bheag, agus pé'r bith cé'n cíos a thairgeochainn a íoc ní glacfaidhe uaim é ó bhí fútha an talamh a thabhairt do bhoicín sa gcómharsanacht. "Agus níor hárduigheadh do chíos chor ar bith?" arsa Tomás. "Níor hárduigheadh," arsa Mícheál "Nach cóir adubhras-sa leat é, a Mhaitiú!" arsa Tomás — "nach cóir sin?" "nDómhnach, ní cuimhneach liom-sa gur dhubhrais tada liom faoi!" arsa Maitiú. "Nach cóir adubhras-sa féin nach n-árduighthear an cíos ar aon duine a bhíos le cur amach!" arsa Tomás. "Ná creid aon duine adeireas go n-árduighthear, a mhic ó!" "B'fhéidir té," arsa Maitiú. "Bí cinnte dhe!" arsa Tomás. "Is ádhbhar suaimhnis do dhuine ar bith a chíos d'árdughadh air, a mhic ó. Tá fhios aige annsin nach bhfuil baoghal go gcuirfear amach é. Nár bheag a b'ionann do Mhícheál Ó Briain a chíos d'árdughadh leis an mbail a cuireadh ar an duine bocht? Creidim go raibh cúig acra dhéag agat, a Mhícheáil, thar mar tá agam féin?" "Creidim go raibh," arsa Mícheál. "Níl, a Maitiú! — ní'l aon rud is fearr do'n fhear bocht ná a chíos d'árdughadh ó am go ham." arsa Tomás. "Bheireann sin misneach dhó — mar bíonn 'fhios aige nach baoghal dó. Caithfidh mé a dhul ar thóir Philib.
Síleann sé nach dtuigeann aon duine an sgéal acht é féin!" Amach leis. Nuair a bhí sé taobh amuigh de'n doras sheas. "Ara, Mhaitiú, céard a sheól isteach Uáitéar agus Diarmuid chugat?" ar seisean. "Casadh dhom iad nuair a bhíos ag teacht isteach ar baillín beag. "Ba é teacht "chuireadh gan iarraidh" aca é, a Thomáis" arsa Maitiú. "Dheamhan mórán fáilte bhí rómpa. Isteach le n-a bpíopaí a dheargadh 'seadh tháiniceadar." Amach le Tomás Ó hÓgáin ar thóir Philib Uí Laochdha. Bhí Diarmuid Ruadh agus Uáitéar Ó Corcoráin ag cur an bhóthair dhíobh go deifreach mar seo. "Nach iongantach chomh fada 's tá sé ag fanacht timcheall na háite," arsa Uáitéar. "Shíleas gur fadó bhéadh sé imthighthe." "Shíleamar féin sin," arsa Diarmuid. "Duine contabhairteach é sin, a Uáitéir. Thar éis sgéala a bheith fáighte aige go gcaithfeadh sé imtheacht, meas' tú nár thosuigh air ag cur dín ar an gcró! Ní mór a bheith san áirdeall ar an mbuachaill." "Ní baoghal go ndéanfaidh sé aon dochar do cheachtar againne," arsa Uáitéar. "Cá bhfios duit? Is cuma le cuid acab cé air a n-ídeochaidh siad a gcuid feirge — agus is le bheith 'na n-amadáin dóibh é! Níor bh'fhearr leis an buille marbhthach a thabhairt do Bheresford a dhíbir é ná dhuit-se nó dhom-sa, bíodh 'fhios agat é!" "Agus Tomás Ó hÓgáin — céard a déanfar leis?" arsa Uáitéar. "Caithfidh sé glanadh leis," arsa Diarmuid. "Béidh sé éasgaidh go leór Tomás a chur 'un bealaigh" arsa Uáitéar. "Ní bhéidh orainn acht beagán airgid a thabhairt dó agus imtheóchaidh leis."
"Ní'l a fhios sin agam, a Uáitéir," arsa Diarmuid. "Is minic gurab é a leithid is measa." "Acht níor facthas 'riamh gunna ná piostal aige," arsa Uáitéar. "Nach minic a chualaidh tú é ag déanamh gaisge nár chaith sé urchar fós 'riamh?" "Acht is minic a caitheadh na hurchair dá leithid, a mhic ó!" arsa Diarmuid. "Ná bíodh aon dalladh mullóg ort! — bhí pléidh agam-sa le n-a leithid cheana agus ní mórán muinghine a bhéadh agam as!" "Tá mé ghá cheapadh gurab iomdha rud aisteach a b'éigin duit a dhéanamh, a Dhiarmuid, ó bhuailis fá'n obair seo ar dtús." "Agus, dar sliabh, b'fhéidir gurab iomdha rud aisteach a dhéanfainn amach annso freisin!" arsa Diarmuid. "Nach gcuirfeadh sé fear ar bith thar bhárr a chéille laghad a bhfuil de luach saothair dhá fhágháil againn! Níl lá dh'á n-éirigheann grian nach bhfuilmid i gcontabhairt. Ní'l lá cúirte nach gcaithimid mionnughadh mar hiarrtar orainn. Agus 'na dhiaidh sin agus uilig gan páidhe spailpín dúinn!" "Is cruaidh an saoghal é, a Dhiarmuid," arsa Uáitéar, "agus is minic a b'fhearr liom ná go leor nach mbeadh aon bhaint agam leis an obair chéadna ó thús. Acht ó tosuighthear uirthi is deacair éirghe aisti." "Is deacair — mara n-éirigheadh le duine cárnán a ghoid agus sguabadh go 'Meiriocá!" arsa Diarmuid. Sgaradar le chéile ag an gcrois-bhóthar, agus chuaidh 'ch aon duine a bhealach féin. Theann Mícheál Ó Briain a chathaoir anonn ó'n teinidh. Bhí an t-allas 'na bhraonacha móra ar a éadan agus nuair a bhain sé dhe a hata thugadar fá deara go raibh a chuid gruaige fliuch tais. Acht níorbh' é an teas a chuir ag tabhairt an allais é. Ní ró-the a bhí an teine. Níorbh' eadh — baladh an aráin a chuir ghá thabhairt é!
Bhí lagar ag teacht air anois — acht níor leig air féin sin — agus d'iarr deoch uisge. Thug Eibhlín cupán mór fíor-uisge chuige. Nuair a bhí an deoch ólta aige thosuigh ag cainnt. "Bhfuil sgéal nuaidhe ar bith agat ar an aimsir seo, a Mhaitiú?" ar seisean. "Maise, dheamhan cuid aithris", a Mhícheáil, mara bhfághaidh mé uait féin é," arsa Maitiú. "Is maith an nídh gan an droch-sgéal, buidheachas do Dhia!" arsa Mícheál. Leag an bhaintreabhach uaithi an stoca a bhí sí a dheasughadh agus d'éirigh 'na suidhe. Suas léithi chuig an drisiúr. Tharraing chuici canna an bhainne agus líon soitheach beag stánach beagnach go béal. Anuas léithi agus chuir ghá théitheadh ar an teinidh é. Bhí Eibhlín ag breathnughadh uirthi acht níor labhair. "Tá súil agam go bhfuighmid sgathamh de'n uair bhreagh anois, a Mhaitiú," arsa Mícheál thar éis tamaill. "B'fhéidir le Dia sin," arsa Maitiú. "Acht deir Pilib Ó Laochdha liom go mbéidh an ghealach sa gceathramhain dheireannaigh i mbáireach, agus de réir an fhéilire béidh neart báistighe agus gairbhthin againn go ceann tamaill adeir sé." Níor fhreagair Mícheál. Bhí sé ag bordáil chodlata ar an gcathaoir le teann tuirse agus lagair. Thóig baintreabhach Uí Dhonnabháin an bainne te de'n teinidh agus chuir i muigín é. "Seo, a Mhícheáil, airiú! Ól é seo agus Dia go gcuiridh rath ort! Is fearr dhuit a chaitheamh siar an fhad 's tá sé te. Aithnighim ort go bhfuil rud eicínt ort agus feicfidh tú féin go ndéanfaidh an bainne te maith dhuit." D'fhosgail sé a shúile agus bhreathnuigh 'na thimcheall. Dhearc ar an mbainne. D'fhéach idir an dá shúil ar mhnaoi an deagh-chroidhe ar feadh móiméid. Annsin rug ar an muigín.
"Ól é, agus maith agus sláinte go ndéanaidh sé dhuit!" ar sise. D'ól sé an bainne go mall roighin réidh mar d'ólfadh páiste agus bhí áthas ar Eibhlín gur ól. Bhí faitchíos uirthi nach dtaithneochadh leis a thairisgint dó. Ba ghearr ó bhí a dhóthain mhór — agus fuighleach — dá chuid féin aige agus bhí faitchíos a croidhe uirthi go gcuirfidhe múisiam ar bith air anois. Nach gcuirfeadh seo i gcuimhne dhó go raibh ceal agus easbaidh air — agus go raibh sé beagnach mar dhéirceóir an bhóthair! Sin é an sgannradh a bhí ar Eibhlín. Acht níor chosamhail go raibh múisiam ná fearg ar an duine bocht — agus bhíodar go léir lán- tsásta — acht truaightheach brónach na gcroidhe. Shín sé ar ais an muigín. Chrom a cheann, agus chuir a dhá láimh ar a éadan agus ar a shúilibh. Is gearr go raibh sé 'na chodladh. Chodail sé leis gan cor a chur dhe ar feadh a bhfad. Ní raibh a fhios aca cé b'fhearr a dhúiseacht nó a fhágáil ar a shuaimhneas. Bhí sé a bhfad san oidhche, agus mar sin féin bhí leisg ortha a chorrughadh. Sa deireadh dhírigh sé aniar agus chuimil a shúile. "nDómhnach, sílim gur ag brath ar thuitim 'mo chodladh a bhíos!" ar seisean. "Tá sé thar am agam a bheith ag dul a bhaile!" "Cé an deifir sin ort?" arsa Maitiú. "Nach mbéir luath go leór?" "Béidh imnidhe uirthi féin. Ní'l a fhios aici cá bhfuilim ó thráthnóna. Bail ó Dhia oraibh!" ar seisean agus amach leis. "Hé! a Mhícheáil!" arsa Eibhlín. "Seas móiméad!" agus amach léithi 'na dhiaidh. Bhí búrla eicínt aici idir a dhá láimh, acht bhí roinnt sgátha uirthi a thairisgint dó. Dhearg sí chomh dearg leis an bhfuil nuair a tháinic sí go dtí é. "Tabhair leat é seo, a Mhícheáil," ar sí go cúthal sgáthmhar. Rug Mícheál ar an gceangaltán beag agus níor labhair
— níor fhéad sé! Agus chuaidh Eibhlín ar ais go héadtrom-chroidhtheach. Bhí leath an cháca ag Mícheál Ó Briain bocht fá'n asgaill ar a bhealach a bhaile dhó chuig a mhnaoi agus a pháistíbh ocracha. Chaith sé ó thráthnóna an lae go raibh sé a bhfad san oidhche i lár an chriathraigh mar fhear a bhéadh as a chéill. Bhí sé de rún agus d'intinn aige gan an oidhche a leigean thairis go mbaineadh sé sásamh de'n t-é a rinne léir- sgrios agus creach air féin agus ar a pháistíbh. Ní caithfidhe an oidhche go mbéadh anam an tsladaidhe bhradaigh aige! Acht ní amhlaidh a thárla. Bhí Dia san áirdeall air. Bhí a aingeal coimhdigh san aireachas air. Agus choinnigh sgread agus eiteall éin é ó dhéanamh an droch- ghníomha — mar ba toil le Dia! "Go bhfóiridh Dia air!" arsa Eibhlín ar a theacht isteach dhi. "Go bhfóiridh!" ars' a máthair. "Go bhfóiridh!" arsa Maitiú. Focal eile níor dubhradh i dtigh an Bhuailteóra an oidhche sin. Bhí Tomás Ó hÓgáin 'na shuidhe cois na teineadh i dtigh an táilliúra fá'n tráth sin. Bhí Pilib sa gclúid ag coinneál chainnte leis. Ní rabhadar ag teacht le chéile. Bhí Pilib ag éirghe feargach mí-fhoighdeach sa deireadh. "A Thomáis, b'fhearr liom nach dtairneochthá anuas na neithe seo chugam dubh buidhe ná bán!" ar seisean. "Dá liathainn mo cheann leat badh tú an fear céadna sa deireadh! Ní maith liom bheith ag tabhairt fút i gcomhnuidhe 'gcomhnuidhe. Acht dá mbadh aingeal as na flaithis mé ní fhéadfainn seasamh leat! Do leithid níor casadh orm ó lá mo bhaiste — agus ní casfar go lá mo bháis. Cé an chaoi a bhféadfadh aon fhear foighid a bheith aige leat — fiafruighim dhíot é?" "Bhí 'fhios agam-sa go bhfuighinn an ceann is fearr ort anocht, a Philib!" arsa Tomas. "Táir buailte, a mhic ó! Mh'anam go bhfuilir! Ní'l aon mhaith dhuit
ag cainnt, a Philib, — ní'l aon rud is fearr ná an cíos d'árdughadh ar dhuine ó am go ham. Féach an bhail atá ar Mhícheál Ó Briain! Nach mb'fhearr dhó go n-árdóchthaidhe air é ná mo dhuine bocht a bheith mar tá sé? Bail ó Dhia oraibh!" ar seisean agus amach leis. "Tá faitchíos orm go bhfuil beagán saobhchain céille ar Thomás, a athair" arsa Nóra. "Mara bhfuil, béidh — má leanann dó!" arsa Pilib. "Agus tá faitchíos orm nach a bhfad go mbídh go leor aige freisin. Tá truagh mhór agam dhó — dhá mhéad dá dtugaim faoi! Ní'l aon neart ag mo dhuine bocht air." CRÍOCH CODA A DÓ.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services