Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cnoc na nGabha II

Title
Cnoc na nGabha II
Author(s)
Kickham, Charles J.,
Pen Name
Matal, An / Cois Fhairrge (Aistr.)
Translator
Breathnach, Micheál 1881-1908
Composition Date
1910
Publisher
Ó Dubhthaigh, S agus a chuideachtain (Teoranta)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CNOC NA nGABHA.



CUID A DÓ.



CAIBIDIL XXII.



PILIB Ó LAOCHDHA I DTIGH AN
BHUAILTEORA



Ar fhilleadh ar ais do'n Bhuailteoir cé bhéadh roimhe
acht Pilib Ó Laochdha. 'Ar ndóigh, ní gábhadh a rádh
go raibh "braon sa gcoircín" aige. Bhí sé ag cur
dhe go láidir agus ag coinneál chainnte le gach duine.
Bhí sé 'n-a shuidhe cois na teineadh agus Liam ó hEithfearnáin
'n-a shuidhe le n'ais — Pilib agus a pháipéar nuaidheachta
aige agus é ag léigheadh agus Liam i ngreim sa gcoinneall
le nach mbéadh easbaidh soluis air. Acht ní raibh ag
léigheadh dhe mar sin féin. B'fhéidir go raibh fáth
aige leis — ní i gcomhnaidhe a bhíos léargus na súl
go ceart ag cuid de na daoinibh!



"Nach bhfuil sé chomh maith dhuit a bheith ag baint
coisméig' as a bhaile feasta, a Philib?" arsa Liam
sa deireadh. "Tá sé ag éirghe deireannach agus cá bhfios
nach mbéithidhe imnidhtheach ag baile?"



"Á, a Liam, gheall Dia bean mhaith dhom-sa" arsa
Pilib. "Níor cruthuigheadh a leitheid! Focal
ropannta níor dhubhairt sí liom riamh, agus ní abróch-
aidh, pé'r bith céard a dhéanfas mé. Tá cead a chinn


L. 2


ag Pilib Ó Laochdha an fhad 's fhágfas Dia Nóra
aige."



"Maise, go bhfágaidh Sé i bhfad agat í — agus
sibh féin ag a chéile! Níor dhubhairt tú acht an
fhírinne; acht teanam ort a bhaile anois agus ná fág faoi
imnidhe í."



"Dar mo leabhar, a Liam," arsa Pilib — ag baint
lán na súl as — "agus tá cuma na donachta ort!
Tá droch-shnódh ort. Dar mo choinsiar go bhfuil!
Céard tá ag gabháil duit? Ní móide go bhfuil tú
ag caitheamh leat féin mar badh chóir? An easbaidh
goile atá ort, nó an amhlaidh nach bhfuil an beathughadh
ceart dhá fhágháil agat? Badh cheart duit aire thabhairt
duit féin, a mhic ó, agus rud a chaitheamh a bhéaradh
brígh agus croidhe dhuit agus a ghéaróchadh an droch-
ghoile sin agat! Sin é mo chomhairle-se dhuit. Theas-
tócadh sé uait, bíodh 'fhios agat é!"



"Dheamhan deoch d'aon chineál a théigheas ar mo
bhéal ó Luan go céile acht fíor-uisge an tobair agus
bainne na bó," arsa Liam. "Is beag a bhí dhá bhárr
agam acht an mí-ádh mór agus an clampar an fhad
's bhí mo phléidhe leis!"



"Agus tuige — meas' tú? N'áit a gcuirtheá
do shúil thar do chuid! Ghnítheá pleidhce dhíot féin 'ghá
ól mar d'ólfá leamhnacht! Ól riar maith dhe nuair
a theastuigheas sé uait — acht maidir le bheith 'ghá ól
'n-a fhoracuin mar ghníos cuid de na daoinibh níl
ann acht fíor-leibideacht, a Liam! Seachain sgluig-
éaracht, agus ól do bhraoinín duit féin go mín réidh
socair, agus go múinte caoitheamhail mar dhéanfadh fear,
agus béidh biadh 'gus bheatha agat ann — agus sásamh
freisin. Meas tú an le grádh dhó a ólaim-se
braonacha ó am go ham? Measann tú, an eadh?
Maise, go deimhin, ní headh! Dheamhan deich triuf
a bhéarainn ar lán bairille dhe marach le grádh do'n
chomhluadar — nó "le grádh do na daoinibh bhíos i n-aice"
mar deir an Reachtabhrach."


L. 3


"Is iomdha comhluadar lághach gnoidheamhail a
chonnaic mise gan ól beag ná mór acab acht an oiread
le chéile" arsa Liam. "Agus ní raibh aon easbaidh
grinn ortha. Agus bhíodar go léir lán-tsásta."



Níor leig Pilib air féin go gcualaidh sé é.



"A Eibhlín" ar seisean, le deirbhshíur an Bhuail-
teora, "bhí fúm mo mhíle buidheachas a ghabháil leat
ar son na n-uibheacha úr a chuiris chuig m'inghin
bhoicht an lá cheana, acht do dheamhan ar chuimhnigheas
air. Go raibh seacht gcéad míle maith agat! Támuid
féin leath-bhánuighthe ag na cearca' mí-ádhsacha atá
againn. Dheamhan sin ubh a rugadar leis an fhaid
seo!"



"Dhá bhfághadh Maitiú a chomhairle féin ní breith
mhór a dhéanfadh ár gcearca sinne acht an oiread,"
arsa Eibhlín "mar tá an clampar air 'n-a ndiaidh!"



"Tabhair dhom an biorán stoca sin," arsa Pilib.
"Tá an píopa so agam bunáite tachtuighthe."



Sach sé isteach an biorán stoc thrí chois an phíopa.
Acht dhearmad sé a tharraingt ar ais, agus ar a
bheith ag cur an phíopa 'n-a bhéal dó chuaidh bárr an
bhioráin 'n-a shróin, agus baineadh uaill uathbhásach
as.



"Ní fhéadfaidh aon duine a rádh, a bhean an tighe,"
ar seisean thar éis tamaill — "ní fhéadfaidh sin —
go ndeachaidh Pilib Ó Laochdha chun codalta fós riamh
gan an t-uisge coisrig a chur air féin! Ní dheachaidh,
agus le congnamh Dé ní rachaidh! Agus Críostaidhe
ar bith a dhéanfas sin is deacair a rádh gur meisgeoir
é! Ní meisgeoir Pilib Ó Laochdha agus nár leigidh
Dia go mbadh eadh! Agus creid thusa sin uaim-se,
a bhean an tighe," ar seisean. "Ní thug mé mo
leaba orm féin ó bhí sé ionnam a dhéanamh gan an
Chroich Chéasta Bheannuighthe a ghearradh orm féin, agus
gan uisge coisrig na hEaglaise a chrathadh fúm 's tarm.
Agus measann tú arb 'in rud a dhéanfadh meisg-
eoir?"


L. 4


"Ní dóigh gurab eadh," arsa Liam, "acht nár
bh'fheárr dhúinn a bheith ag giorrughadh an bhealaigh a bhaile
anois i n-ainm Dé?"



Ní baileach a bhí na focla as a bhéal aige nuair
a fosgluigheadh an doras go tobann. Shéid sgallach
gaoithe go láidir isteach. Múchadh na coinnle.
Sgannruigheadh gach duine. Thosuigh na cearca ag glaodhach
agus ag sgreadach le teann uathbháis. Cuireadh
criothnughadh croidhe san gcoileach mór féin i mbárr
an tighe. Chuir sé sgread ghéar agus síon as.
Baineadh geit as Pilib. Phreab sé ar an stól.
D'éirigh sé de léim. "Céard seo?" ar seisean fá
sgannradh.



Anuas leis an gcoileach mór 'n mhaide-treasna
i mbárr an tighe d'aon tuairt amháin — ag sgreadach
go cráidhte. Buaileadh san éadan ar Philib é ag
teacht anuas dó agus marach Liam Ó hEithfearnáin
cuirfidhe an táilliúr caol díreach isteach sa teinidh!
Choisrig bean an tighe í féin. "Na daoine maithe!"
ar sise 'n-a hintinn féin. Acht níor bh'iad — acht
duine saoghalta.



Bhí cailín óg 'n-a seasamh i lár an urláir agus na deora
le n-a súilibh nuair a lasadh na coinnle.



"Mise atá ann," ar sise. "Ní fhéadfainn a dhul
thar an teach gan a theacht isteach agus slán fhágáil agaibh!
Agus bhí an oiread deifre orm 's nár chuimhnigh mo
chroidhe ar an doras a dhúnadh 'mo dhiaidh."



"Maise, ní féidir gur tú atá ann — nó an tú
Siubhán Ní Chonaill?" arsa Eibhlín.



"Is mé go deimhin, a Eibhlín, a Eibhlín dhil, agus tá
faitchíos orm gur bhaineas geit asaibh ag chomh tobann
's chuireas díom an doras — acht níl 'fhios agam céard
tá mé a dhéanamh le briseadh croidhe ó d'fhágas an teach!
Acht dheamhan neart air anois! Fágaim mo sheacht
míle slán agus beannacht agaibh go léir! Tá lucht an
cháirr ag fanacht liom taobh amuigh agus níl aon mhoill
le déanamh. A Mhaitiú, nach minic a dhaimhsigheamar


L. 5


le chéile ag an Sgeich"!" ar sise agus líon a súile le
deoraibh ag dul amach dhi agus ghuil sí go bog úr.



"Nach beag a cheapfadh go sgarfadh sí féin agus Seosamh
le chéile mar seo," arsa Eibhlín, "agus an cion mór a
a bhí aca ar a chéile le fada an lá?"



"Ní ag Seosamh atá neart air, an fear bocht,"
arsa Maitiú. "Is beag an baoghal gur go
'Meiriocá a bhéadh sí ag imtheacht indiu dhá mbéadh léas
ar a cuid talmhan aige. 'Ar ndóigh, níl 'fhios aige
cé'n lá a mbéidh air féin a theach 's a chuid talmhan
fhágáil! Tá an léas caithte, agus ceart ná cóir
níl i ndán dó ó'n tighearna. Béidh air gluaiseacht,
agus imtheacht le fán agus le seachrán an tsaoghail go
luath, an fear bocht, agus 'sé an truagh é! Nach beag
an ar dhó a chroidhe a bheith briste ar a leithid de
chaoi? Droch-rath críochnuighthe ar na tighearnaibh
bradacha Gallda céadna, agus sgéal cráidhte ar an
mí-ádh a thug 'na tíre chugainn iad an ch ad lá
riamh!"



"Marach a deirbhshiúracha ní imtheochadh sí. 'Siad-
san a chuir fios uirthi, agus a d'íoc gach costas di," arsa
Eibhlín. "Acht má tá sí ag imtheacht féin ní
haoibhneach ná go héadtrom-chroidhtheach é. Tá a
croidhe ag briseadh le cumha — an créatúr."



"B'fhéidir gur gearr a bhéadh," arsa Liam. "Is
gearr go mbídh plíoma de Phuncán aici, agus annsin
is beag an chuimhne a bhéas aici ar Sheosamh. Ó bhéas
siad as amharc a chéile fuaróchaidh an grádh — tá
faitchíos orm."



"B'fhéidir é," arsa Eibhlín. "Acht níor bh'iongnadh
liom-sa dhá mbéadh sí níos dílse 'ná é féin."



""Bíonn an dá bhféidir ann," a stór," arsa bean
an tighe, "agus is deacair a rádh céard a thárlóchas
amach annso. Cá bhfios nach bhfuil siad i ndán dá
chéile ag Dia, agus má tá, béidh siad ag a chéile gan
bhuidheachas do'n tsaoghal. Níl 'fhios céard atá i
gcinneamhaint dhuine ar bith, a stór."


L. 6


"Tá daoine ann agus an saoghal mór ní chuirfeadh
as cuimhne a chéile iad," arsa Maitiú. "Acht ní i
gcomhnaidhe a bhíos an fíor-ghrádh agus an fíor-dhílseacht
sin le fágháil, faríor! Ní túisge as amharc thú ná
as cuimhne chuid de na daoinibh.



"Maise, dheamhan aithne ort nach bhfuilir chomh dílis 's
bhí Roibeárd Emmet agus a ghrádh geal dá chéile
lá de'n tsaoghal!" arsa Eibhlín. "Nach ag spalluigh-
eacht le 'ch uile chailín is túisge agat thusa! Cé'n
mhaith dhuit a bheith ag cainnt? 'Ar ndóigh, níor
cruthuigheadh do leithid de spalluightheoir! B'fhearr liom
seacht n-uaire déag 's fiche thú féin, a Liam, nach
gcuireann suim i n-aon chailín 'ná buachaill báire
mar Mhaitiú atá i ndiaidh 'ch uile dhuine!"



"Maise, go maithidh Dia dhuit-se, a Eibhlín, a bheith
ag tabhairt fúm-sa mar gheall ar mo chuid spalluigh-
eachta!" arsa Maitiú. "'Ar ndóigh, níor bhreathnuigh
tú féin ar aon bhuachaill riamh! Dheamhan é, muise!
Agus gan thú sásta mara mbídh dháréag 's fiche aca
thar bhárr a gcéille id' dhiaidh san am céadna! Má
bhím mór féin le cuid de na cailíní ce'n dochar?
Nach gcaithfear a bheith lághach grádhmhar leob — na
créatúir? Agus cá bhfuil an duine aca adubhairt
droch-fhocal fúm fós riamh? Níor dhubhairt — nó má
dubhairt níor chualas-sa é."



Sguir sé de'n chainnt go tobann. Thosuigh ag
smaoineadh. Dhearc isteach sa teinidh. Facthas dó
go raibh a lán rudaí le tabhairt fá deara sa ngríosaigh
dheirg. Rinne sé meangadh beag gáire. Annsin
chraith sé a cheann beagáinín. Leig osnadh mhór throm.
Leig siar 'n-a chathaoir é féin agus — thosuigh ag gabháil
amhráin. Amhrán a bhí ann ar a raibh tóir mhór i gCnoc
na nGabha. Thaithnigh sé go mór mór le gach duine,
agus ba ghnáthach le Maitiú a ghabháil go minic nuair
a bhíodh beagáinín cumha air de bhárr smaointe mar
bhí aige fá láthair.



Ghabh sé an t-amhrán go binn-ghuthach ceolmhar agus


L. 7


chuir amach dhá chroidhe é. Cé'r bh'iongnadh gur chuir
an cheathramha seo cumha agus díombuadh air?



""Tá gleann beag ró-aoibhinn i nÉirinn,
Agus baile beag thíos ins an ngleann,
Tá sruthán beag bídeach cois coille,
Agus cró beag ar fasgadh faoi chrann;
Agus b'fhearr liom 'ná cumhacht na cruinne,
Bheith a' seoladh thar sáile anonn —
Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a dhul ann!"



A Mhaitiú Mhóir chroidhe, ní thusa an t-aon duine a
gcuireann focla binne brónacha mar iad so cumha
air go minic! Nach iomdha Gaedheal ar fud an domhain
mhóir a dtagann na frasa deor ó n-a shúilibh ar
smaoineadh dhó ar bhaile beag eicínt "thíos ins an
ngleann" — áit, mo nuar! "nach dtig leis níos mó
a dhul ann!" Nach minic dhó ag smaoineadh ar na
sean-cháirdibh ag baile! Nach minic a chuireas sé
"an t-am fad ó," agus gach greann agus siamsa dhá
mbíodh ar siubhal thrí n-a chéile! Agus nach grádhmhar
ceanamhail mar tá siad i dtaisge aige — agus mar
bhéas go deo — i bhfíor-íochtar a chroidhe!



Chuir an t-amhrán roinnt cumhaidh ar Eibhlín agus
ba chosamhail gur chuir sé ag smaoineadh í. Focal
níor fhan ag Liam Ó hEithfearnáin. Agus bean an
tighe féin, bhain sé deor aisti sul bhí sé críochnuighthe.



Bhí Pilib Ó Laochdha 'n-a chodladh ar an bhfaid
seo, agus gan cor ná car dhá chur dhe aige.



"Seo, éirigh suas feasta, agus téirigh a bhaile"
arsa Liam, ag tabhairt strachailt dó.



Baineadh geit as Pilib, agus rinne sé iarracht
ar a shúile fhosgailt. Acht ní go ró-mhaith a d'éirigh
an chéad iarracht leis.



"Seo, a Philib! a Philib! Éirigh! An gcluin tú


L. 8


leat mé? Dúisigh, adeirim leat! Biorruigh suas!"
arsa Maitiú ag baint crathadh as.



"Céard so? Céard so?" arsa Pilib fá
sgannradh. "Cá bhfuilim?"



"Táir i n-áit a gcaithfir íoc ar do leabaidh, a mhic
ó," arsa Maitiú.



D'fhosgail Pilib a shúile sa deireadh. Dhearc faoi
's tairis. D'aithnigh sé Maitiú agus shílfeá go
mbrisfeadh a chroidhe ag gáiridhe.



"Dheamhan lá riamh nach buachaill báire a bhí ionnat,
a Mhaitiú," ar seisean ag tabhairt iarracht ar
dhíriughadh suas. Is beag bídeach nár cuireadh i
ndiaidh a mhullaigh isteach i gceart-lár na teineadh é
nuair a d'fhéach sé le corrughadh de'n stól.



"Bogamuist linn anois i n-ainm Dé agus bímist
ag giorrughadh an bhealaigh a bhaile. Cá bhfios cé'n
imnidhe agus mí-shuaimhneas a bhéadh ar do mhnaoi agus
ar Nóra?" arsa Liam.



"Is fíor dhuit," arsa Pilib. "B'fhéidir go mbéadh.
Acht focal a béil ní abróchaidh mo bhean. Agus
Nóra bhocht — mo chréatúr — Dia go bhfóiridh Sé uirthi! —
níor cruthuigheadh a leithid. Níl inghean chomh cean-
amhail léithi san domhan mór ar fad, a Liam. Dhá
gcurtaoi slat ar Éirinn ní bhfuighthí leithid Nóra
Ní Laochdha!"



Níor labhair Liam focal. Tháinic tocht 'n-a
sgórnach. Bhí an bharamhail chéadna aige féin. Is
fadó 'n lá a cheap sé ar dtús nár cruthuigheadh a leithid.
Bhí gean aige uirthi i gcomhnaidhe. Bhí grádh sean-charad
aige dhi. Bhí truagh ag a chroidhe dhi ó rinne Dia na
Trócaire cláiríneach dhi. Bhídís le chéile ar sgoil.
Bhídís le chéile ag baile. Chaithidís laetheannta
aoibhinne ag baint na mbláth agus na nóiníní le chéile
tráth rabhadar óg. Bhídís ag gabháil fhuinn i dteannta
'chéile 'n-a suidhe ar bhruach an tsruthláin agus ag
éisteacht le ceol binn na n-éan 's le crónán an tsrotha.
An uair sin, bhí croidheamhlacht agus meidhir na hóige


L. 9


aca. Bhí sólás agus aoibhneas aca. Ní raibh brón ná
buaidhreadh ag gabháil dóibh. Agus nárbh' aoibhinn
é a saoghal! Acht tháinic athrughadh agus "athrughadh
mór!" Bhí Nóra bhocht anois agus gan brígh gan
spreacamh innti ná éirghe 'n-a seasamh. Acht pé rud
a thárlóchadh nó athrughadh a thiocfadh, níl aon lá go deo
nach mbéadh gean mór ar Nóra Ní Laochdha i dtaisge
i lár a chléibhe ag Liam Ó hEithfearnáin!



Bhí 'fhios ag Eibhlín go maith go raibh an tsuim seo ag
Liam i Nóra. Acht is amhlaidh do thaithnigh sin léithi
agus ba mhóide a meas ar Liam é.



"Badh cheart dúinn a bheith ag giorrughadh an
bhealaigh, a Liam," arsa Pilib. "Tá sé thar am
agat-sa a bheith sa mbaile, a mhic ó! Siubhail uait
feasda 's ná bí a' moilleadóireacht níos fuide. Bhí
rud eicínt agam le rádh leat-sa, a Mhaitiú, acht
innseochad duit é an chéad uair eile a casfar an
bealach mé. Míle beannacht agaibh!" ar seisean ag
bualadh amach.



Amach le Liam 'n-a dhiaidh agus d'imthigh leob i
n-éinfheacht ar uair an mheadhoin oidhche.



Is gearr a bhíodar imthighthe nuair a chuaidh Maitiú
mór ar a ghlúinibh agus dubhairt a phaidreacha. Annsin
thug a leaba air féin, agus sul bhí an teallach
sguabtha agus an teine coiglighthe ag Eibhlín bhí an
Buailteoir i dtoirchim suain agus sámh-chodlata.


L. 10


CAIBIDIL XXIII.



PILIB Ó LAOCHDHA: GLEACAIDHE CRÍONNA.



D'imthigh le Liam agus le Pilib cos ar chois. Níor
stadadar go rabhadar i ngar do theach an Táilliúra.
B' áin le Pilib cuairt a thabhairt ar Phádhraic Gabha,
acht bhí Liam ag gabháil dó go dtáinic sé leis sa
deireadh.



"Tarra uait isteach," arsa Pilib, "agus déan do
chuairt. 'Ar ndóigh, ní i bhfad san oidhche atá sé fós?"



Bhí 'fhios ag Liam go maith gur faitchíos a bhí air
bualadh isteach leis féin. Bhí smacht ag Nóra air —
cé nach leigfeadh sé air féin é — agus bhíodh roinnt sgátha
aige roimpi i gcomhnaidhe nuair a bhíodh ól déanta aige.



Chuadar isteach. Bhí bean an tighe, agus Nóra, an
inghean, 'n-a suidhe cois na teineadh, agus an tae ar
maos aca. Bhí Tomáisín 'n-a chodladh.



"Anois, a Nóra" arsa Pilib, "is mór an náire
dhuit gan a bheith in do chodladh ar do leabaidh! Ní
réidhtigheann an t-áirneán fada leat-sa agus ní fheileann
sé dhuit a bheith id' shuidhe chomh deireannach so."



Ní raibh aithne air nárbh' é féin an fear ba chríonna
chéillidhe ar dhruim talmhan! Cheap sé féin nach raibh
aon ghoir ag an madadh ruadh air le críonnacht agus le
ealadhain — go háithrid nuair a bhíodh braon ólta aige.
Agus dá ndéanfadh deagh-chainnt é ní bheadh. Acht
tá críonnacht 's críonnacht ann.



"Maise, nach raibh 'fhios ag do chroidhe istigh nach
bhféadfadh sí codladh," ars' an bhean, "agus gan 'fhios
cá raibh tusa nó cé'n uair nó tráth go "gairm na
gcoileach" a mb'fhéidir duit bualadh isteach chugainn!


L. 11


Ba beag do thruagh dhóibh seo a chaith an oidhche faoi
imnidhe ag súil leat. Acht má's cuma leat-sa é,
ní cuma linne é, a Philib, — bíodh 'fhios agat é! Bhí
sé mór agat imtheacht de mhaol de mhainge féin mar
rinnis agus gan a theacht ar air go dtí an tráth so
d'oidhche! Agus is maith a bhí 'fhios agat go mbéadh
Nóra bhocht aoi imnidhe!"



"Thoir i dtigh an Bhuailteora a bhíos féin agus Liam,
go deimhin, agus bhí sé mall san oidhche sul bhí 'fhios againn
é" arsa Pilib. "Ghabhas buidheachas le Eibhlín ar son
na n-uibheacha a chuir sí chugat. Chaitheamar an oidhche
ag léigheadh an pháipéir nuaidheacht' agus thugas liom
anoir é go léighinn óráid an Easbuig dhíbh. Is cumasach
breagh an cainnteoir é an tEasbog, a Nóra!"



Theastuigh ó Liam imtheacht. Bhí imnidhe air fá'n
múille a d'fhág sé gan blas le n-ithe, agus ní raibh aon
fonn air fanacht ní b'fhuide.



"Caithfead bualadh suas agus gabháil fhéir a chaitheamh
chuig an múille," ar seisean, "dheamhan greim ná
deoch a chuaidh ar a bhéal ó árd-tráthnóna agus béidh sé
stiúgtha. Bhéarfad liom an fhídeog ag teacht ar
ais dom."



"Acht ar a bhfacais riamh seachain nach dtiocfá ar
ais!" arsa Nóra. "Tá an tae bunáite maosta."



"Tiocfad," ar sesean — agus tháinic.



Bhí an séaras ar bord ar fhilleadh dhó. B'éigin dó
cupán tae ól 'n-a dteannta agus ní mórán dá fhonn a
bhí air — mar nach bhfacais riamh duine ba mhó cúthaileacht
'ná é i dteach comhursan.



Bhí croidheamhlacht mhór agus misneach ag Pilib ó d'ól
sé an chéad chupán. Bhain sé amach sa gcainnt. Thosuigh
air ag cur síos ar léigheann agus ar fhoghlaim. Tharraing
sé anuas fá phoilitidheacht agus fá thír-ghrádh. D'innis
sé gan sgáth gan eagla cé'n tsuim a bhí aige féin i
gcuid de na daoinibh a raibh gaisge mhór aca. Leig sé
air, 'ar ndóigh, nach raibh cur síos ar a raibh d'eolas
aige féin. Bhí 'fhios aige gur mór a thaithneochadh


L. 12


an chainnt seo le Nóra agus ní raibh uaidh fá láthair
acht a sásughadh — agus a suaimhniughadh. Gleacaidhe maith
agus ealadhantóir cruthanta a b'eadh é. Bhí a bhean lán-
tsásta, 'ar ndóigh. D'éist sí go fonnmhar agus go haireach
le n-a chuid cainnte. Bhí bród aici as a chuid eolais.
Bhí ríméad uirthi é bheith 'n-a chainnteoir chomh maith 's
bhí sé. Agus ba mhór a háthas ag éisteacht leis ag cur
síos go tuigseanach céillidhe ar chúrsaíbh an tsaoghail.



Bhíodar go léir 'n-a suidhe go suaimhneach sásta cois
na teineadh anois. Bhí an séaras thart, agus an
maosán falamh. Bhí Pilib i ngreim sa bpáipéar
agus bhí Liam fá réir le tosughadh ag seinnm nuair a
buaileadh chuca isteach go tobann. Níor haithnigheadh
an taisdealaidhe ar dtús. Acht ar theannadh anuas
i n-aice an tsoluis dó facthas gurbh' é Diarmaid
Ruadh, searbhfhóghanta Bheresford Phender, a bhí ann.



"Isteach a tháiniceas leis an lampa so a lasadh," ar
seisean. "Múchadh orainn é nuair a bhíomar ag
teacht anoir ag an gCoiléar."



Shín Nóra an choinneall chuige. Bhí sé ag lasadh
an lampa bóthair go díreach nuair a bhuail Beresford
féin isteach agus é le cúthach agus le báine.



"Cé'n mhoill sin ort, nó an amhlaidh nach bhfuil
sé lasta agat fós?" ar seisean go feargach garg.
"Nach deas an tráth dhúinn a bheith gan solus gan
léargus! Acht dar sliabh! ní bhainfidh siad liom-sa
nó má bhaineann íocfaidh siad ann — na cneamhairí de
bhitheamhnaigh! Níl oidhche suaimhnis againn ag na
dúnmharbhthóirí' malluighthe de "phápairí" bradacha
céadna!"



Mhionnuigh sé agus chasgair sé. Loisg sé agus spalp
sé na mionnaí móra go huathbhásach. Chuir sé diabh-
sgannradh croidhe san inghin bhoicht ag easgainidhe agus ag
laidheacht agus ag gearradh Dé ar a leithid de chaoi.
Bhí a chuid piostal ceangailte dhá chrios fá n-a lár.
Rug ortha. Láimhsigh go cúramach iad. Sgrúduigh iad go
grinn géar. Annsin chuir 'n-a n-áit féin aríst iad.


L. 13


"Tá siad i gcaoi agus i gcóir má thagann orm!" ar
seisean fá n'fhiacail.



Chuaidh an searbhfhoghanta amach leis an lampa.
D'fhan Beresford sgathamh gearr istigh 'n-a dhiaidh.
Nuair a thug sé fá deara mar sgannruigh sé Nóra — an
inghean — sguir sé de losgadh na mionn mar bhéadh fear
ann a mbéadh sgáth nó faitchíos air. Chiúinigh sé go mór.
Dhearc idir an dá shúil uirthi. Focal eile níor labhair.
Smid níor dhubhairt.



"Go raibh maith agat!" ar seisean go mín réidh
soineannta le mnaoi an tighe. "Tá súil a'm nár
sgannruigheas t'inghean" agus amach leis gan focal eile
a rádh.



Tugadh suas 'na leabtha braon de'n tae chuig
Tomáisín agus rúinne de bhuilín. Sheinn Liam cúpla
fonn dóibh thar a éis sin. Annsin d'fhág slán 's
beannacht aca agus d'imthigh.



Droch-oidhche ar bóthar a b'eadh í. Bhí an gála mór
ag séideadh 'na sgallach. Bhí na croinnte ag uailfirt
go láidir agus duilleoga dhá sguabadh 'un bealaigh le
fothramán gaoithe. Bhí sinneáin an anfaidh ag ropadh
leob fá mhór-ghearradh agus giolcaigh na mbograch ag
olagón go géar-chráidhte ar aghaidh na síonaidhe.
Thosuigh sé ag clasgairt bháistighe. Anuas léithi 'n-a
braonachaibh móra troma ag baint deataigh as na
clochaibh le neart fórsa. Acht níor chuir sin aon
mhí-shuaimhneas ar Philib Ó Laochdha agus lean leis do'n
léigheadh.



Rug Nóra idir a dhá láimh ar an inghin agus d'iomchuir
'na leabtha í.



"Táir tuirseach, a leanbh mo chroidhe" ar sise.
"Is mairg dhuit a d'fhan in do shuidhe chomh fada."



"Nílim tuirseach go deimhin, a mháthair dhil. Táim
chomh haoibhneach sólásach anocht agus bhíos aon oidhche fós
riamh, buidheachas le Dia," ars' an inghean bhocht.



"Maise, míle altughadh agus buidheachas le Rígh na
Glóire ar a shon, a mhuirnín!" ars' an mháthair.


L. 14


"Ara, leag thart é mar pháipéar, agus tabhair do
leabaidh ort féin feasta — 'sé dhéanfas tú. Tá
sé doimhin san oidhche," arsa Nóra nuair a d'fhill sí.



"Níl orm acht óráid an Easbuig a chríochnughadh,"
arsa Pilib. "Ní fiú dhom a leagan tharm anois
go bhfeicead cé mar chríochnuigh sé. Togha cainnteora
é, a Nóra. Is beag acab a bhfuil a dteangthacha ar
a gcomhairle féin acab, ar nós an Easbuig, deirim-se
leat é!"



"Tá sé 'n-a ghála mhór anocht, i nDomhnach," arsa
Nóra. "An gcluin tú an séideadh mór agus an
stolladh gaoithe atá ann?"



"Is cóir adubhairt an Féilire féin sin," arsa
Pilib. "Gealladh go mbeadh gairbhthean mór nó
báisteach throm againn i rith na míosa so — sin nó
sioc agus sneachta. Acht dá n-éireochadh do'n ghaoith a
bheith a ndeas nó anoir nó aniar dtuaidh dubhradh nach
mbéadh aon chailleadh ar an aimsir cé's móide de
chorr-mhúr fánach báistighe!"



"Nach fearr dhom mo chuid urnaighthe a rádh agus
mo bhreitheamhnas aithrighe a chur dhíom, i n-ainm Dé?"
ar seisean go tobann. "Sín anall chugam an
leabhar."



"Meabhruigh dhom i mbárach — fá n-a bheith slán
dúinn — bualadh faoi bhríste Thomáis Uí Dhonnghaile,"
ar sé nuair a bhí a phaidreacha críochnuighthe aige.



"Maise, leabhar-sa tá sé i n-ann agat a dhéanamh
dhó!" ars' an bhean. "Níl snáth de na seacht n-éadaigh
ar an duine bocht acht sean-chiomacha stiallta stróicthe
agus é ag súil leis an éadach nuadh le dul 'un
míosa."



"Is fiú rud maith fanacht leis, a Nóra," arsa
Pilib. "Is minic a bhí sé ag súil le rud is measa
'ná culaith nuadh éadaigh agus acht a dtugad-sa ó mo dhá
láimh dhó í ní náire dhó í. Tosóchad uirthi go moch
ar maidin i mbárach, má's beó dhom."



Siar leis 'n-a sheomsa leabtha. Rug ar an maiste


L. 15


tuighe a bhí i mbuidéal an uisge choisrig agus chraith
braonacha maithe slachtmhara faoi agus tairis agus ar fud
an tseomra. Bhain de gan deabhadh gan deifir.
Isteach leis 'n-a leabaidh. Shín siar. Thosuigh ag
srannadh go roighin réidh. Agus níor dhúisigh as a
shoirm sámh chodlata go raibh sé 'n-a eadar-thráth buidhe
gréine lá'r n-a bháireach.



CAIBIDIL XXIV.



MAITIÚ MÓR AGUS ÉAMONN Ó BROITHE I dTIGH
AN CHEITHEARNAIGH.



An lá roimhe seo bhí fiadhach ar siubhal i n-aice l
Cnoc na nGabha. Bhí an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe
ann, agus níor fhilleadar go raibh sé deireannach go maith
sa lá. Ba mhór a thaithnigh na gadhair leis an Sasanach
agus chuir sé suim mhór sa ngreann a bhí ar siubhal. Casadh
an Laoideach ortha, agus bhí dínnéar aca leis. Casadh
Learaidhe Ó hAnnlaighe ortha ar an bhfiadhach freisin.
Bhí sé ar chapall óg fiadháin agus ba mhór an sólás a bheith
ag breathnughadh air ag sguabadh na bhfálta 's na
dtulchán. Bhí sé dána agus misneamhail gan bhréig gan
mhagadh, agus ní raibh aon duine ann is mó ar tugadh
sunndas dó 'ná é. Bhí bromach óg aige nach raibh ag
fiadhach cheana riamh — agus nárbh' fhurusta a cheann-
sughadh.



Lá'r n-a bháireach badh é "an Fiadhach" an t-ádhbhar
seanchuis a bhí aca i dtigh an Cheithearnaigh.



"Tuige nach dtáinic sibh ar ais níos túisge?"


L. 16


arsa bean an tighe. "Bhíomar ag súil libh ar feadh
i bhfad. Shíleamar nach mbeadh baoghal ar bith gan
sibh a bheith ar ais i n-am dínnéir."



Ghabh Mac Uí Luaithe agus an Dochtúr gach leith-sgéal
a b'fhéidir leob, agus dubhairt gur chinn sé ortha sgaradh
ó'n Laoideach.



Ba ghearr a bhí an seanchus ar siubhal nuair a bhuail
Éamonn Ó Broithe isteach agus é gléasta go galánta.
Bhí Maitiú Mór 'n-a chuideachta. Ní go ró-mhaith a
chuaidh an t-aistear do chulaith nuaidh Éamuinn mar
bhí sí leath-bhreactha go leor le guta an bhealaigh. Bhí
an lá fliuch salach mí-thaithneamhach agus bhí a chomhartha
le n-a chois ar an éadach. Ar shiubhail tú riamh
"bealach fliuch salach agus bóithrín cam" lá dá léithid,
a léightheoir? Má shiubhlais, tá 'fhios agat é.



"'Sé bhur mbeatha! Buailidh anuas!" ars' an
Ceithearnach.



Leag sé dhá chathaoir cois na fuinneoige.



"Cé'n sgéal é, a Éamuinn?"



"Maise, de dheamhan cuid aithris," arsa Éamonn.
"Nach caillte an aimsir í?"



"Tháiniceamar ag féachaint an dtiubharthá an tsean-
láir d' Éamonn lá na bainfheise" arsa Maitiú.



"Tá cárr Thomáis Uí Bheoláin le fágháil agam,"
arsa Éamonn, "acht bheadh faitchíos orm an bromach
óg fiadháin sin agam féin a chur faoi."



"Mise adubhairt le Éamonn a theacht," arsa Maitiú.
"Tig liom-sa ceart a bhaint de'n bhromach, mar srian
's diallaid is fearr leis. Acht cá bhfios nach sgann-
rughadh a dhéanfadh sé dhá gcuirtí an cárr air? Agus
ní bhéidh 'fhios ag aon duine dhíobh seo thar baile isteach
nach le Éamonn féin an lair."



Bhí fonn mór ar Mhaitiú an bromach óg a bheith
aige féin lá na bainfheise. Togha marcaigh a b'eadh
é. Agus b'fhéidir go raibh beagáinín bróid aige as
féin. Bhí an chulaith nuadh le bheith ar mo Bhuailteoir
breagh freisin, agus — cé nach fear gaisgeamhail a


L. 17


bhí ann — facthas dó go mbadh bhreagh an rud capall,
srian, 's diallaid a bheith aige lá na bainfheise.



"Ó, gheobhair an láir agus fáilte" ars' an Ceithearnach.
"Tig leat a tabhairt leat anois má's breágh leat é.
Gabh amach, a Liaimín, agus abair le Brian a tabhairt
amach as an stábla."



"Tuige nach n-abruigheann tú leis nead na
smólaighe a 'sbánadh dhom, a Dheaide?" arsa Liaimín.



"Tusa féin an t-amadáinín agus do cháca milis
a thabhairt dó sul mar chonnaic tú an nead," ars' an
t-athair. "Thug tú ceannacht "muice i mála" uirthi,
a bhuachaill!"



"'Ar ndóigh, bhí an sean-smólach ag éisteacht leis
'ghá rádh," arsa Liaimín, "agus chroch sí léithi na héiníní
óga, adeir Brian. Rachaidh sé féin agus mise soir go
Roinn an tSrutháin 'ghá dtóruigheacht agus béidh éiníní óga
agam annsin, a Dheaide, agus cuirfidh tú san éanadán
iad do Liaimín! Agus béidh ceoilín binn aca — mar
tá ag éan Nóra Ní Laochdha! Agus béidh beatha go leor
agus uisge glan aca i gcomhnaidhe. Agus ní leigfidh tú
do'n "chat mór breac ballach" a dhul 'n-a n-aice!"



"Ní leigfead" ars' an t-athair "acht níl siad agat
fós, a mhic."



"Mara bhfághamuid na héiníní, bainfidh sé maide
an-deas le m'aghaidh, adeir sé, a Dheaide."



"Céaróch maide?"



"Maide daraighe cuilinn a mbéidh ailtíní deasa
droighin air! Annsin nach ag Liaimín a bhéas an
maide deas?"



"Maide deas go cinnte a bhéas ann," ars' an
t-athair, "agus maide galánta. Acht caithfidh tú foighid
a bheith agat, a Liaimhín. Ní furusta maide mar sin
fhágháil."



"Acht gheobhaidh Brian é, a Dheaide," ars' an mac
ag imtheacht.



"'Ar ndóigh, béidh tú ar an mbainfheis, a Mhaitiú?"
arsa Máire. "Cé mar thaithnigheas an cailín óg leat?"


L. 18


"Mh'anam nach bhfaca mé féin riamh í," arsa Maitiú.
"Acht 'ar ndóigh, tá eolas maith ag Éamonn uirthi, agus
tig leis innseacht duit 'n-a taoibh níos fearr 'ná
mise."



Dheamhan amharc a fuair mise uirthi acht dhá uair,
má's é sin do sgéal," arsa Éamonn, "agus ní go
maith a chonnaic mé an dá uair sin féin í mar go raibh
braon beag ólta agam 'ch aon uair aca!"



"Deirtear gur cailín breagh dathamhail í, ar chuma
ar bith," arsa Maitiú. "Agus maidir le spré — is
é Éamonn atá 'ghá fágháil!"



"An dtugadar an dá chéad duit fós, a Éamuinn?"
ars' an Ceithearnach.



"Níor thug, acht comhaireadh é os mo chomhair, agus
cuireadh i dtaisge aríst é," arsa Éamonn.



"Rachaidh mise i mbannaibh gur cuireadh!" ars'
an Ceithearnach "Nach iongantach an bailiughadh airgid
a rinne fear an tighe sin! A' bhfacais an ciste go
léir?"



"Chonnaiceas. Ní fhacas cheana riamh an oiread
airgid i dteannta 'chéile. Go deimhin ní ceal airgid
atá ortha. Shílfeá nach mbeadh an oiread le feiceál
san mBannc Éireannach."



"Anois, a Mhaitiú, badh cheart go n-éireochadh leat-sa
go geal ar an mbainfheis," ars' an Ceithearnach.



"Agus go mairidh tú 's go gcaithidh tú do chóta! Is
deas agus is rígh-dheas é! Níorbh' iongnadh liom dhá
mbíodh bean agus spré agat de bhárr na hoidhche, a mhic ó
— agus má tá rath ort, béidh! Teann leob, a Mhaitiú,
a bhuachaill, agus glac comhairle do leasa. Má ghnír,
béidh agat, creid sin uaim-se. Níl aon rud is fearr
leis na cailíníbh seo 'ná buachaill breagh misneamhail
— fear atá lán de mheidhir agus de chroidheamhlacht na hóige.
Cá bhfios nach mbeadh duine de dheirbhshiúrachaibh an
chailín óig agat? Bheadh Éamonn 'n-a charaid mhaith
dhuit."



"Níl goir a dhéanamh, tá faitchíos orm," arsa


L. 19


Maitiú. "D'imthigh "an t-am fadó." Ní hionann
anois agus ariamh," ar seisean ag dearcadh ar Mháire.



"Tá súil agam go rachaidh tú soir anocht chuig an
mbainfheis," arsa Éamonn. "Béidh fearadh na
fíorchaoin fáilte romhaibh go léir. Agus, 'ar ndóigh, ní
gábhadh dhom a rádh go mbéidh fáilte agus míle roimh Mháire
agus roimh Ghráinne má thagann siad. Béidh damhsaí go
leor ar siubhal."



"Is fearr dhom-sa fanacht sa mbaile, a Éamuinn,"
ars' an Ceithearnach. "Táim ag éirghe aosta anois,
agus ní mór dhom aire a thabhairt dom féin, a mhic ó. Is
gearr a bhéinn san úir go mbeadh buachaill óg d'fhear
aici seo!"



"Ara, leig ded' chuid pleidhceacht' agus ná bí 'ghar
mbodhrughadh! — 'sé dhéanfas tú," arsa bean an
tighe. "Nach ciallmhar an mhaise dhuit é! Dhá mbadh
diuine ar bith eile adéarfadh sin badh mhór do ghleo!
Is maith atá 'fhios ag do chroidhe istigh nár phós aon
duine de mo mhuinntir-se riamh an dara huair."



"B'fhéidir nár fhéadadar!" ars' an Ceithearnach.



"B'fhurusta dhóibh a dhéanamh," ars' an bhean "dhá
mbadh bhreagh leob é. Bhí an oiread daoine i ndiaidh
m'aintín Siubhán 's bhí i ndiaidh a raibh de chailíníbh sa
gconndae. Agus 'n-a dhiaidh sin níor phós sí — cé gur
minic adubhairt m'oncail Domhnall go mbadh cheart
di é."



Amach léithi as an seomra agus cosamhlacht feirge
uirthi. D'imthigh le Éamonn agus le Maitiú. Is gearr
a bhíodar imthighthe gur fhill an Buailteoir ar ais.



"Céard atá uait, a Mhaitiú? An é do mhaide a
dhearmad a rinne tú?" arsa Máire.



"Ní hé," ar seisean ag sgríobadh a mhullaigh.
"Acht isteach a tháinic mé 'n-áit ar mhaith liom an
fonn nuadh úd a sheinn Gráinne dhúinn an oidhche cheana
a chloisteáil aríst. Taithnigheann sé liom go mór, agus
badh mhaith liom é bheith agam le haghaidh na bainfheise."



"Céard is ainm dhó?" arsa Gráinne.


L. 20


""Goidé sin do'n té sin nach mbaineann sé
dhó?"" arsa Maitiú.



"Sílim go dtiocfaidh linn a fhágháil i "Leabhar na
bhFonn," arsa Gráinne — agus d'imthigh leob ar a thóir.



Bhí an lá an-fhliuch, agus chaith Mac Uí Luaithe cuid
mhaith de'n lá ag cainnt le Máire. Bhíodar ag éirghe
mór go maith le chéile anois, agus ní bhéidís tuirseach go
deo i gcomhluadar a chéile de réir chosamhlachta.



CAIBIDIL XXV.



BRIAN Ó BRUADAIR I dTEACH AN ÓIL.
MAR GHNÓTHUIGH SÉ GEALL.



Nuair a bhí Maitiú cinnte go raibh an fonn i gceart
aige ghlac sé míle buidheachas le Gráinne agus d'imthigh.
Ní mórán a thárla i rith an lae go tráthnóna i dtigh
an Cheithearnaigh. Bhí an lá chomh fliuch 's nár féadadh
bualadh amach ag spaisteoireacht féin. Shin an
Dochtúr siar ar an sínteán. Bhí Aodh 'n-a shuidhe
'n-a chathaoir agus níorbh' fhada gur thuit néall chodlata
air. Bhí seanchus ag Máire agus ag Gráinne le Mac Uí
Luaithe. Bhí a lán sgéalta baramhla greannmhara
ag Gráinne agus chuir sí Hannraoi i n-arainneachaibh ag
gáiridhe go mion minic.



Bhí Aodh 'n-a chodladh go suaimhneach sásta. Bhreath-
nuigh Gráinne air agus thosuigh ag meangadh. D'éirigh sí
'n-a seasamh. Anonn léithi go héadtrom-chosach go
dtí é. Tharraing a siosúr aníos as a póca. Rug
ar dhlaoi dhá ghruaig agus ghearr go tapaidh í. Chuir
an siosúr agus an dlaoi n-a póca go deifreach agus anonn


L. 21


léithi chuig Máire agus chuig Mac Uí Luaithe gan focal
a rádh. Acht níor éirigh léithi. D'airigh Aodh í. D'éirigh
sé de léim. Lean í. Rug uirthi. Bhain di an siosúr
dá buidheachas. Agus ghearr dlaoi mhór fhada dh'á cuid
gruaige sul sgaoil sé uaidh í.



"Anois," ar seisean, "níl agat acht malairt, a
Ghráinne, agus ní móide go mbéitheá chomh dána an chéad
uair eile!"



"Bainfidh mise sásamh dhiót, a Aoidh. Feicfidh tú
go mbainfead," arsa Gráinne. Acht níor bhain.



"An rachaidh tú chuig an mbainfheis, a Aoidh?"
arsa Máire.



"Is dóigh é," arsa Aodh. "Creidim go gcaithfidh
mé a dhul ann ó thárla nach rachaidh sé féin ann."



"Ní fhaca tú leithid Aoidh riamh," ar sise le Mac
Uí Luaithe. "Ní bhíonn aon fhonn grinn air chor ar
bith. Agus níl suim ar bith aige i ndamhsaíbh."



"Nuair a bhíos cailín ag damhsughadh leis a mhúineas
gach rud dó, agus a 'sbáineas dó céard is cóir a dhéanamh
bíonn sé sásta go leor," arsa Gráinne.



""Fágamaois siúd mar atá sé,"" arsa Aodh.
"Ní mise an t-aon duine a dteastuigheann a threor-
ughadh anois agus aríst, agus is maith atá 'fhios agat é, a
Ghráinne!" ar seisean ag leigean a shean-sgairt
gháire.



D'éirigh sé i n-aitiolla tráthnóna, agus bhí cosamhlacht
bhreagh air le dul faoi na gréine. Chuir seo áthas
croidhe ar gach duine dhá raibh ag dul chuig an
mbainfheis, — agus ar ndóigh níorbh' iongnadh ar bith é.



"Muise, ní' mé beirthe ná beo céard atá ag
coinneál Bhriain?" arsa bean an tighe, ag bualadh
isteach. "Chuir mé ag iarraidh feola é a theastuigheas
le haghaidh an dínnéir, agus a chos ná a chnámh níor tháinic
fós — ná fios cá bhfuil sé. Tá mo chroidhe briste ag
Brian mí-ádhsach céadna. Nuair is mó mo chruadhóg
'seadh is measa é. Ní bhíonn blas áirde aige ar mo
ghlór. Agus mo cheann finne ní chuirfeadh fá ndeara


L. 22


dhó brostughadh, ná deifir a dhéanamh! Ceannuigheann
sé rud nach n-abruighim leis chor ar bith, agus an rud
adeirim leis a cheannacht ní chuimhnigheann sé air beag
ná mór. Ní bhéidh blas againn le haghaidh an dínnéir
dá bhárr! Nach mé an truagh-Mhuire ag an mbuachaill
céadna!"



"Béidh na fir óga ag dul chuig an mbainfheis,"
arsa Máire, "agus mar sin, ní bhéidh dochar ann indiu.
Táim cinnte, marach an bháisteach, gur fad ó bheadh
sé ar ais. Tá 'fhios agat go maith nach bhféadfá
buachaill níos cneasta ná níos dílse 'ná é fhágháil,
agus maith dhó an turas so."



"Tá sé cneasta, go deimhin" ars' an mháthair, "agus
tá gean aige ar gach duine againn — agus bhí a athair amhlaidh
an fhad 's mhair sé. Trócaire na ngrást go bhfághaidh
sé! — bhí grádh ó chroidhe aige ar m'oncail Domhnall."



Bhí Brian ar an bhfaid seo go socamhlach sásta i
dteach an ósta agus gan smaoineadh aige ar imtheacht.
Bhí teine bhreagh mhór shoillseach thar éis a croicinn os
a chomhair, agus ní raibh aon deifir air 'ghá fágáil. Bhí sé
'n-a bháistigh mhóir taobh amuigh, agus b'fhéidir nár mhilleán
air gan an iomarca deifre a bheith air agus chomh fuar fliuch
's bhí an lá. Ní raibh an fheoil ceannuighthe fós, agus
bhí an t-asal ar fasgadh ó'n mbáistigh ar chúl an tighe.
Bhí leath-chos le Brian ar an mbac, agus maidir le téitheadh
'sí bhí 'ghá fhágháil. Bhí an chos eile faoi'n stól agus gan
amharc ar bith le fágháil uirthi. An chos a bhí ar an
mbac, bhí an labar agus an guta a bhí uirthi triomuighthe,
acht ní raibh teacht i láthair ar bith sa gcois eile leis an
mbail a bhí uirthi!



Is gearr gur bhuail Domhnall Súdaire isteach.
Sgluigéara mór b'eadh Domhnall. Bhí dúil chráidhte
aige san ól, agus ní chaithfeadh sé dhá chuid féin acht chomh
beag i nÉirinn 's b'fhéidir leis. Cráidhteachán bocht
a bhí ann a bhéaradh a dhá shúil ar lán a ghliúraighe de
lionn dubh, agus chaitheadh sé cuid mhaith de gach lá sa
siopa seo ag súil le "deoch" ó "fhear bóthair nó


L. 23


bealaigh." Ní shásóchadh áit ar bith é acht an bac.
Dhearc sé go mí-chéadthach ar Bhrian nuair a chonnaic
sé an áit a raibh a chos leagtha aige — ba mhór leis an
áit sin do dhuine ar bith acht dó féin.



"Dheamhan cos níos gráinne 'ná í sin a chonnaic
mé ó rugadh mé" as seisean.



"B'fhéidir go bhfacais," arsa Brian.



"Ní fhacas — ná de dheamhan feiceál" arsa Domhnall.
"Is mór an náire a léithid de chois a bheith ar Chríos-
taidhe ar bith!"



"An gcuirfeá geall nach bhfuil cos níos gráinne
'ná í le fágháil sa teach?" arsa Brian.



"Do lámh leis!" arsa Domhnall, "cos is gráinne
'ná í ní fhéadfá fhágháil dá siubhailteá na seacht
ríoghachta! Cuirfidh mé cárt leanna leat nach
bhfuightheá."



"Cuirfidh mise leat!" arsa Brian — "agus go bhfuil
cos ar dhuine sa teach seo i bhfad níos gráinne 'ná í."



Leagadar amach an t-airgead ar bhois an chailín
freastail.



"Béidh an lionn ar an té a chaillfeas an geall,"
arsa Brian.



"Go díreach!" arsa Domhnall. "Gabh 'n-a
choinne, a Cháit. Tá sé caillte aige."



"Tá sé caillte agat-sa," arsa Brian, "nó mara
bhfuil, béidh."



"Is mór an t-amádán thú agus a chur leis, a Bhriain,"
ars' an cailín.



"Cá bhfios nach agat féin atá an chos is gráinne
'ná í!" arsa Brian.



"Tabhair aire dhuit féin, agus ná bac le mo chosa'-sa
má tá lá de'n ádh ort!" ar sise. "Ní hé 'fhearacht
do spága féin é, níor dhubhairt aon duine riamh nach
raibh cosa deasa orm-sa!"



"Seo, anuas leis an ól feasta!" arsa Domhnall
ag cuimilt a bhéil.



"Go réidh go fóill!" arsa Brian — "Bíodh foighid


L. 24


agat leis mar lionn, a mhic ó! Acht a dtigidh sé,
is tusa a íocfas air."



"Nár chuiris geall go raibh cos sa teach ba ghráinne
'ná í sin?" arsa Domhnall, ag síneadh a mhéire chuig
an gcois a bhí ar an mbac.



"Chuireas," arsa Brian.



"Agus cá bhfuil sí?" arsa Domhnall.



"Tá sí annso!" arsa Brian ag tóigeál na coise
eile amach ó'n stól. "Nach gráinne de chois í sin
'ná í lá ar bith sa tseachtmhain?"



Níor fhan smid ag Domhnall. Leig Cáit a sean-
sgairt.



"Tá gnóthuighthe agat, a Bhriain," ar sise, "agus is leat
an geall gan bhréig gan mhagadh."



D'ól Domhnall a chuid de'n lionn gan focal a bhéil
a labhairt agus d'imthigh leis go pusach smutach mar
buailfidhe ar an gcluais é!



Nuair a stad sé de'n bháistigh d'imthigh le Brian
ag iarraidh na feola. I dtigh Uáitéir Uí Murchadha
'seadh ceannuigheadh í.



"Má bhíonn an mháighistreás ag lochtughadh na feola
so," arsa Uáitéar, "abair léithi gur cuid d'fheoil a
bó féin í."



Acht níorbh' eadh! Agus níorbh' í sin an chéad bhréag
aige!



Cuireadh an fheoil sa gciseán.



"Croch leat anois í," ars' an brothaire.



"Tá an d--l 's a mháthair uirthi le meádhchan,
a Uáitéir!" arsa Brian. "Nach orm a bhí sé nach
dtug liom an t-asal!"



"Cuir an ciseán ar do mhullach," arsa Uáitéar.
"Is amhlaidh is fearr a fhéadfas tú a iomchur."



"Ar mo mhullach, b'fhéidir! nach tú a mheasas an
pleidhce a bheith agat ann! — An ghá iarraidh bean a
dhéanamh dhíom atá tú?" arsa Brian.



"D--l mé gur breagh an bhean a dhéanfá go
cinnte!" arsa Uáitear ag cur a shean-sgairt gháire as.


L. 25


D'imthigh le Brian le n-a chiseán. Ní raibh ann
acht gur bh'fhéidir leis a iomchur, bhí sé chomh trom sin.
Is gearr a bhí siubhalta aige nuair a chonnaic sé bean
ag déanamh chuige agus í ag rith chomh tréan i nÉirinn 's
b'fhéidir léithi é.



"Óra, ná himthigh!" ar sise. "Fan! Seas! Cá
raibh tú?"



"Inghean bhreagh an Laoidigh, a m'anam!" arsa
Brian. "Tuige sa mí-ádh mór nach dtiocfadh sí
le moill a choinneál orm i gceart-lár mo dheifre?
Acht is minic adubhras nach raibh splannc chéille 'n-a
ceann."



"Nach tusa buachaill aimsire an Cheithearnaigh?"
ar sise.



"Is mé," ar seisean. "Is mise Brian."



"Céard tá agat sa gciseán?"



"Feoil," arsa Brian.



"An mbíonn feoil úr agaibh 'ch uile lá?"



"Bíonn, 'ch uile lá acht Dia hAoine."



"Ó, is fíor dhuit. Caitlicigh iad. An Caitliceach
thusa?"



"Seadh, mh'anam! — cé nach raibh creideamh ar bith ag
mo mháthair ar dtús."



"Ní raibh creideamh ar bith ag do mháthair! Ní
féidir?"



"Dheamhan creideamh, 'muis — acht an oiread le
Crom Cruach! Acht d'iompuigh sí nuair d'imthigh
sí féin agus m'athair le chéile."



"Cárbh' as di?" ar sise.



"As a tír dhúthchais féin!" arsa Brian. "Rugadh
's tóigeadh í i mBaile an Phóirín."



"Agus cé'n chaoi ar casadh í féin agus t'athair ar a
chéile?"



"Casadh ar a chéile iad sul dár imthigheadar le
chéile," arsa Brian. "Bhí ceann slinne dhá chur ar an
teampall Gallda, agus bhí m'athair ag freastal ar na
fir oibre. Bhí Págánach d'fhear cúraim sa teampall


L. 26


agus b'inghean dó mo mháthair. Bhíodh ar m'athair
an lá ó dhubh go dubh a chaitheamh ag dul suas 's anuas
an dréimire, agus bhí sé chomh lúthmhar éasgaidh 's go dtug
mo mháthair searc a croidhe dhó, agus sguab léithi 'n-a
dhiaidh bog te. Dheamhan filleadh a dhéanfadh sí — acht
an oiread le Gráinne nuair d'imthigh sí le Diarmaid
Ó Duibhne bocht dhá mhíle buidheachas sa tsean-aimsir —
agus phósadar. Ní raibh mise ar an saoghal an t-am sin,
sílim, acht chualaidh mé iad ag cur síos air go minic.
Acht caithfidh mé imtheacht! Dheamhan fata a chonglóchas
mé choidhche má ghním níos mó moille!"



"Nach ort atá an deifir! Bhfuil Mac Uí Luaithe
ar cuairt agaibh i mBaile na Claise fós?"



"Tá," arsa Brian. "Tá litreacha agam le
tabhairt chuige."



"Á! 'sbáin dom iad, a Bhriain."



"Níl siad agam annso," arsa Brian. "D'fhág mé
sa teach ósta iad, agus caithfidh mé a dtabhairt liom nuair
a bhéas mé ag dul ar ais."



"Cé mar tá sé ag cur an tsaoghail thairis?" ar
sise.



"'Mh'anam go gcaitheann sé an chuid is mó dhe ag
cainnt agus ag spalluigheacht le Máire."



"Is dóigh nach bhfuil aon neart aige air. Sin a
dtig leis a bheith de ghreann aige. Níl ann acht í féin
agus an priompalláinín bunáiteach sin, Gráinne Ní
Chadhlaigh, 'ar ndóigh!"



"Agus téigheann an Dochtúr agus é féin ar cuairt
chuig Caitlín Ní Ainnlighe agus chuig Rós go minic,"
arsa Brian. "Bhíodar ar cuairt ag Roibeard
se 'agaibh-se aréir agus níor tháiniceadar a bhaile go raibh sé
ag maidneachan — pé'r bith céard a bhí ar siubhal acab
i rith na hoidhche."



Níor labhair inghean an Laoidigh níos mó. Bhain
sí as 'sna fásgaí' agus rith. Sheas Brian agus bhreathnuigh 'n-a
diaidh.



"Ná raibh an t-ádh ar áirdín do mhullaigh!" ar


L. 27


seisean, "mara'n beag agat moill a chur ar dhuine
i gceart-lár a chruadhóige! Nach tú an truaigh
shaoghalta gan 'ch uile sgéal a bheith ar bhárr do ghuib agat!
Ara, nach mór an truagh gan "cluas-le-éisteacht"
agat mar bhí ag an bhfear fad ó! Acht ní fearr do'n
tír a bheith! Mh'anam nach fearr! — mar gurab é
an iomarca éisteachta a ghníos do chluasa cheana.
Acht d--l mórán feasa a gheobhair feasta ó Bhrian
Ó Bruadair, bíodh a fhios agat é! An iomarca atá
'fhios agat dá bhárr cheana — 'seadh sin — a' Chaol an
Iarainn'!" ar seisean, ag imtheacht.



Stad ní dhearnaidh Nóra Laoide gur shroich sí an
baile. Bhí sí cinnte glan anois go dtiocfadh Mac
Uí Luaithe ar cuairt chuca féin ó thárla go raibh sé
ar cuairt ag Roibeard.



"Níl orainn acht a iarraidh," ar sise le n-a máthair,
"agus tiocfaidh sé. Bhí sé ar cuairt ag Roibeard aréir.
Táim cinnte go mbéidh fonn air a theacht."



Is gearr gur bhuail Roibeard féin isteach.



"Nach raibh Mac Uí Luaithe ar cuairt agat aréir?"
ars' an deirbhshiúr.



"Bhí."



"Meas tú an bhfanfadh sé cúpla lá ar cuairt
agat dhá n-iarrtá air é?"



"Tá sé i bhfad níos sólásaighe san áit a bhfuil
sé. Fairíor gan mise in' áit!"



"Go deimhin, muise, is mór a bheadh dá bhárr agat
freisin dá mbeitheá!" ar sise. Ní chreidfeadh sí,
'ar ndóigh, go bhféadfadh sólás ar bith a bheith ag fear
óg i gcomhluadar Mháire Ní Cheithearnaigh! B'in
tuilleadh de'n aisteacht a bhí ag siubhal léithi. Dhá mbeadh
an tsuim chéadna ag fearaibh óga innti-se bheadh an
croidhe bocht i síor-chonntabhairt. Acht ní raibh baoghal
air, nó má bhí ní de bhárr na mbuachaillí é. Ní
le gach croidhe is cóir do bhuachaillíbh a bheith ag pléidhe,
agus go cinnte ní raibh aon bhaoghal go ndéanfaidhe mórán
dochair dá croidhe sise de bhárr spalluigheachta.


L. 28


"'Seadh, an gcualaidh sibh go mbéidh Mac Uí Luaithe
ar an mbainfheis anocht?" arsa Roibeard. "Tugadh
cuireadh dhó ar chuma 'r bith."



Phreab Nóra. "Rachamuide freisin ann, a Shibéal!"
ar sise le n-a deirbhshiúr "fuaireamar cuireadh,
agus, 'ar ndóigh, ní dochar ar bith dhúinn a dhul chuig bain-
fheis duine bhoicht. Béidh an-ghreann ann."



"Tabhair an leabhar leis," arsa Roibeard, "béidh
beirt phíobairí ann agus triúr fidiléaraí agus dheamhan oidhche
ghrinn a bhí i gCnoc na nGabha le bliadhanta fada mar
bhéas anocht."



Focal eile níor labhair an inghean. D'imthigh léithi
as an seomra. Suas léithi 'n-a seomra féin. Ghléas
í féin thar cionn. Chuir uirthi an chulaith thráthnóna ba
bhreaghtha agus ba ghalánta dhá raibh aici. Níor fhág sí
seod dá luachmhaire ná péarla dhá áilne 'n-a diaidh.
Níor dhearmad sí bráighsiléid a máthar. Bhí "a
brollach gléigeal" leis, agus lonnradh soillseach na
seod agus na bpéarlaí 'n-a thimcheall. Bhí fúithi "ár"
a dhéanamh ag an mbainfheis. Sin a raibh uaithi. Bhí
Mac Uí Luaithe le bheith ann. Bhuailfeadh sí bleid air.
Bheadh faill aici a háilneacht a theasbáint dó, agus mara'n
codaidhe críochnuighthe é bheadh an-oidhche ghrinn agus seanchuis
aici leis! Agus níor "chodaidhe" é acht óig-fhear
múinte cliste céillidhe agus fear an-deas! Mar sin, bhí
fúithi a dícheall a dhéanamh. Thaithnigh sé léithi go mór
ó thús agus bhí fúithi sin a innseacht dó anocht. Tuige nach
n-innseochadh? Nach mb'fhearr sin 'ná é do bheith gan
aon fhios air, b'fhéidir? B'fhearr go mór fada.


L. 29


CAIBIDIL XXVI.



TRÁTHNÓNA NA BAINFHEISE. MÁIRE AGUS
GRÁINNE AR CUAIRT NÓRA NÍ LAOCHDHA.



Bhí Brian agus an t-asal gan corrughadh ó'n
tsráidbhaile fós agus bhí bean an Cheithearnaigh gan an fheoil.
Nuair a bhí sé bunáite réidh le himtheacht cé bhuailfeadh
chuige anall acht Siubhán Ní Bhriain agus a sean-eireadh
d'ualach uirthi.



"Cliabhán nuadh atáim thar éis a cheannacht, a Bhriain,
a stór, agus b'fhéidir go dtiocfadh leat a iomchur a
bhaile sa gcárr dhom — agus luach-saothair ó Dhia go raibh
agat!" ar sise.



"Iomchróchad agus míle fáilte," arsa Brian "agus
thú féin 'n-a theannta má's maith leat marcaidheacht
i n-aisge a bheith agat."



Cheangail sé an cliabhán le "rópa caol cnáibe"
agus bhí réidh glan le himtheacht nuair a casadh an Laoideach
agus Liam Ó hEithfearnáin an bealach. Tosuigheadh ag
cainnt i dtaoibh na bainfheise. Dubhairt Liam go raibh
an oiread de ghaoltaibh an chailín óig le bheith ann is go
mb'éigin d' Éamonn fios a chur ar ghalún d'uisge-
beathadh thar a raibh orduighthe ó thús. Ar an bpointe 's
a gcualaidh Brian go raibh "an bhainfheis" le dhul
thart an tráthnóna sin dubhairt go bhfanfadh le bheith
a bhaile léithi — agus d'fhan.



Níorbh fhada go dtáinic lucht na bainfheise. Agus
níor bhainfheis go dtí í! Níor facthas an oiread
daoine ar aon bhainfheis san áit le bliadhanta.
B'iongantach an méid carbad 's carrann a bhí ann
agus ní raibh ceann díobh gan a bheith lán. Tháinic go
leor leor fear ar a gcuid capall. Is iomdha fear


L. 30


pósta a raibh a bhean ar cúlóig aige. Ba bhreagh an
t-amharc iad ag teacht, go cinnte. Ní raibh ceann
bóthair ó Chill Tobair go Cnoc na nGabha nach raibh
plód daoine bailighthe ann. Ní raibh fear, bean,
leanbh, ná páiste san áit nach gcualaidh trácht ar an
mbainfheis, agus nach raibh ag faire ar bhéal an bhealaigh
le n-a feiceál. Agus ní ag faire amháin a bhíodar —
acht ag glaodhach go hárd nuair a bhí lucht na
bainfheise ag dul tharta. Chloisfeá trí mhíle uait an
torann a bhí na capaill a bhaint as an mbóthar. Is
iomdha deagh-mharcach a bhí ann, acht ní raibh aon fhear
diallaide ann is mó ar tugadh sunndas dó 'ná Maitiú
Mór. Ba mhór an sólás a bheith ag breathnughadh air!
Níor fhág sé capall dá raibh ann gan sgothadh. Bhí
sé 'n-a choimhlinnt idir cuid de na marcaigh. Bhí
séideán mór i gcuid de na capaill agus bhí go leor
aca fá chubhar agus fá allus. Acht, mar sin féin, bhítheas
ghá mbualadh agus ghá lasgadh gan truagh. Ní raibh ó gach
marcach acht é féin a bheith i dtosach. Bhí na cailíní
óga agus na buachaillí a bhí sna carbaid go meidhreach
croidheamhail, 'ar ndóigh. Bhí amhráin go leor ar siubhal
aca, agus ní easbaidh grinn a bhí ortha. B'fhéidir go raibh
beagáinín spalluigheachta ar siubhal freisin. Níorbh'
iongnadh ar bith dá mbíodh! Agus cé móide gur
dhochar é má bhí féin.



Ní bheadh ceathramhadh cuid an oiread grinn ann
marach Brian Ó Bruadair agus an cliabhán. Bhí 'ch uile
dhuine dhá bhfaca é i n-arainneacha. Bhí Brian 'n-a
sheasamh suas san gcáirín, agus 'ch aon tsnaidhm aige ar
an asal bocht. Bhí an cliabhán feistighthe fáisgthe aige
i mbárr an ualaigh, agus an t-asal ag imtheacht 'sna
cosa' i n-áirde chomh tréan 's b'fhéidir leis. Shíl gach
duine gur le haghaidh Éamuinn a bhí an cliabhán, agus
sin é an fáth a raibh na daoine i lagracha ag gáiridhe,
mar bhí, ar feadh an bhealaigh. 'Ar ndóigh, níorbh'
iongnadh dhá mbíthidhe ag gáiridhe fá fhear ar bith a
cheannóchadh cliabhán lá a phósta! Acht rinneadh


L. 31


éagcóir ar Éamonn bhocht. Níorbh' leis an cliabhán
chor ar bith acht le Siubhán Ní Bhriain. Ní raibh ag
Éamonn de bhárr Bhriain acht a ndearnadh de mhagadh
faoi.



Bhí Máire agus Gráinne agus Eibhlín amuigh ag
spaisteoireacht 'n-a dtriúr. Nuair a chonnaiceadar lucht
na bainfheise ag teacht, chuadar isteach i dtigh an
Bhuailteora, agus chonnaiceadar iad go léir ag gabháil
thart. Bhí Eibhlín Ní Dhonnabháin 'ghá gléasadh féin
i gcomhair na bainfheise agus deabhadh an tsaoghail uirthi.



"Gabh i leith, agus tasbáin an cailín óg dhúinn," arsa
Máire.



"Níl aon aithne agam uirthi," arsa Eibhlín; "acht
a' bhfeiceann sibh an cailín a bhfuil an chulaith ghalánta
uirthi? Sin í Eilís Ní Mhuirghéis, col-ceathar
Éamuinn. Tá sí thar éis a theacht ó Bhaile Átha Cliath,
agus tá sí chomh galánta anois 's dá mbadh ann a
chaithfeadh sí a saoghal. Acht bhíodh sí gléasta go maith
i gcomhnaidhe. Is dóigh gurab í an cailín óg eile bean
Éamuinn. Agus an bhfeiceann sibh Éamonn féin?"



"Shílfeá gur dhá chrochadh atá sé ag dul leis an
gcosamlacht atá air!" arsa Gráinne. "Go
bhféachaidh Dia ar an bhfear a bhéas agam-sa má bhíonn
cosamhlacht dhuairceach mar sin air lá a phósta! Ní
bhéinn-se sásta le n-a léithid sin d'fhear. Níl aon
rud is mó a thaithnigheas liom i bhfear óg 'ná
croidheamhlacht, a Mháire — mar dubhras leat go mion minic,
agus go cinnte ní cosamhlacht croidheamhlachta atá ar
Éamonn, ná cosamhlacht sóláis acht an oiread."



"B'fhéidir go bhfuil fáth aige leis," arsa Eibhlín,
"agus níorbh' iongnadh liom dá mbíodh. Is dóigh gur chuir
an teach sin thíos i measg na gcrann duine eicínt i
gcuimhne dhó."



"Agus ar eitigh sí a phósadh?" arsa Gráinne.



"Níor eitigh," arsa Eibhlín. "Bhí tóir mhór aici
air, acht bhí sí gan spré agus ní raibh goir aici a fhágháil.
Sin mar bhí an sgéal."


L. 32


"Is breagh dathamhail an bhean a fuair sé," arsa
Máire.



"Is fíor dhuit" arsa Eibhlín — "cé gur dhubhairt
Liam Ó hEithfearnáin go raibh sí chomh hárd agus chomh
fada le dréimire!"



"Tá sé i n-am againne a bheith ag imtheacht, a
Ghráinne" arsa Máire. "Caithfimid cuairt a thabhairt
ar Nóra Ní Laochdha."



"Abraidh le Pilib deifriughadh" arsa Eibhlín.
"Gheall mise go bhfanfainn leis."



"Bhfuil Pilib ag dul 'na bainfheise?" arsa
Máire.



"Maise, nach bhfuil 'fhios agat nach mbeadh sí 'n-a
bainfheis gan é?" arsa Eibhlín.



"nDomhnach, a Eibhlín, is cosamhail go bhfuil fút-sa
croidhe buachalla eicínt a bhriseadh anocht!" arsa
Máire. "Tá an t-éadach sin ag dul duit go rígh-
cheart, agus feileann sé thú go toghtha. Béidh seisear
acab in do dhiaidh, ar a laghad."



Chraith Eibhlín a ceann, agus leig osnadh.



"Tá baoghal mór ortha go deimhin!" ar sise. "Má
rugadh le haghaidh an ádh' sinn, béidh sé orainn, a
Mháire; agus mara rugadh, glactar leis an saoghal mar
thiocfas sé. Béidh buachaillí go leor ann ar chuma
'r bith."



D'imthigh le Máire agus le Gráinne agus d'imthigh Eibhlín
Ní Cheithearnaigh 'n-a ndiaidh. Bhuaileadar isteach
chuig Pilib. Bhí sé ullmhuighthe le dhul 'na bainfheise
agus gan focal aige acht é ag siubhal anonn 's anall
mar fhear ann a bheadh ag smaoineadh go doimhin. Nuair
d'innis Máire dhó go raibh Eibhlín Ní Dhonnabháin
ag fanacht leis, bhuail sé air a hata agus amach leis gan
focal a rádh.



"Tá sé thar éis gealladh dhom deor uisge beathadh,
ná deor d'aon chineál a bhfuil dochar ann, nach rachaidh
ar a bhéal anocht, a mhuirnín" ars' an bhean. "Acht
níl 'fhios agam! Ní fear dá ghealladh é, fairíor,


L. 33


go minic. Gheall sé cheana nach n-ólfadh sé deor,
istigh ná amuigh 'go ceann bliadhna, agus meas tú céard
a ghníodh sé acht a ól ar an tairsigh! Cé'n mhaith
dá leithid gealladh a thabhairt i n-aghaidh an óil an lá
nach bhfuil sé de rún daingean aige a bheith dílis dá
ghealladh? Tá faitchíos mo chroidhe orm go mbéidh
sé óltach ar an mbainfheis. Acht, dhá n-abróchthá le
Aodh a bheith san áirdeall air, agus meabhrughadh dhó ó am
go ham gur gheall sé nach mblaisfeadh sé de'n uisge
beathadh, b'fhéidir nach leigfeadh an náire dhó a ól."



"Innseochad-sa sin d'Aodh, agus ná bíodh imnidhe
ort nach mbéidh sé san aireachas air," arsa Máire,
ag meangadh gáire.



Anonn le Gráinne go dtí an inghean. Ar dtús,
bhíodh roinnt sgáth' ag Gráinne roimpi. Chuireadh
Nóra bhocht an tinneas, an t-anshógh, agus — an bás, i
gcuimhne dhi. B'in é an fáth nach mbíodh fonn uirthi
a bheith 'n-a haice. Acht, le goirid, ní mar sin a bhí.
Bhí truagh mhór ag a croidhe do Nóra bhoicht anois. Bhí
gean mór aici uirthi. Agus ba mhaith léithi a bheith 'na
haice, agus a bheith ag cainnt léithi.



"Bhfuil áthas ort go bhfuil an tEarrach ag teannadh
linn anois, a Nóra?" ar sise.



"Ó! tá, agus áthas mór. Is fada liom go dtigidh
na laetheannta breagha fada, nuair a bhéas an féar
glas ag fás agus na héanlaithe ag seinnm. Annsin
féadfad suidhe taobh amuigh cois an chrainn fá
lóchrann na gréine. Agus feicfead na huainíní óga
ag rith agus ag léimnigh sna móinfhéir!"



"Agus an mbéidh áthas ort iad fheiceál, a Nóra?"



"Á, béidh, — agus aoibhneas croidhe! Agus feicfead
na héanlaithe ag déanamh a gcuid neadracha! Béidh
an spéar geal gléigeal freisin — agus bíonn mo chroidhe
éadtrom i gcomhnaidhe le sólás nuair a bhíos an aimsir
go breagh áluinn."



"An léighir mórán leabhar, nó an bhfuil aon tsuim
agat i léightheoireacht?"


L. 34


"Léighim leabhra go leor nuair a bhím sáthach láidir
le n-a léigheadh, agus nuair nach mbím léigheann Tomáisín
agus m'athair iad agus bím-se ag éisteacht. Tá tóir mhór
agam ar na leabhra. Bíonn sgealta agus dánta binne
in go leor aca, agus cuireann siad go leor de'n
am tharm go sólásach nuair a bhím liom féin."



"Tá go leor leabhar deas a thaithneochadh leat
agam-sa sa mbaile" arsa Gráinne, "agus cuirfead
chugat iad. Nach bhfuil tóir mhór agat ar cheol
freisin?"



"Maise, tá tóir agam ar an gceol go cinnte,"
ar sise, "agus ní bheinn tuirseach go deo ag éisteacht
leis na fuinn agus na puirt Ghaedhealacha. Is mór an
sólás a bheith ag éisteacht leob. Agus na fuinn atá
cráidhte brónach dólásach, is maith liom i gcomhnaidhe
a bheith ag éisteacht leob, cé nach dtaithnigheann siad
chor ar bith le mo mháthair. Cuireann sí fá ndeara
do'n "Cheoltóir" port croidheamhail aerach eicínt
a sheinnm i gcomhnaidhe. An gcualaidh tú an
Buailteoir ag gabháil fhuinn? Is breagh an guth atá aige.
Cuireann sé sólás ar mo chroidhe le n-a chuid amhrán
go minic."



"Gabh i leith, a Ghráinne, go bhfeicidh tú leabhra
Thomáisín," arsa Eibhlín. "Is iongantach mar tá sé
ag dul ar aghaidh. Is gearr go mbídh sé chomh fada
amach 's tá ann."



"Tabhair i leith annso iad," arsa Gráinne.



Thug. Dhearc Gráinne thrí "Eolas ar Áireamh."



"Is dóigh go bhfuilir i n-an gach cruaidh-cheist sa
leabhar so a fhuasgailt anois, a Thomáisín?" ar
sise.



"Tá cuid acab an-chruaidh," ar seisean. "Seo
ceann a chinn ar Shiubháinín Pháidin Sheagháinín an lá
cheana, agus rinne mise é."



""Cuir i gcás go mbéarfadh cearc go leith ubh go
leith i lá go leith; cé mhéad ubh a bheadh beirthe ag dhá
chirc dhéag i gceann dhá lá dhéag.""


L. 35


"Ní dhearnaidh aon duine sa sgoil é acht mé féin
agus Colm Ó Conaire."



"Níorbh' fhurusta a dhéanamh" arsa Gráinne.



"Bhfuil 'fhios agat cé mhéad a choisneochadh trí clocha
's trí ceathramhna fataí dhá n-íoctaoi trí pighne 's
trí feoirlinneacha ar an gcloich?" arsa Tomáisín.



"nDomhnach muise, níl 'fhios!" arsa Gráinne.
"Cá bhfuighinn-se eolas ar fhataí'?"



"Deir an máighistir go bhfuil sé an-chliste leis
na leabhra" ars' an mháthair. "Acht cé'n mhaith
sin, a stór, marbhóchaidh sé é féin leis an strap-
adóireacht sa deireadh mara bhfuil ag Dia. Tá an
clampar air le aerighil."



"Anois, buachaill maith é Tomáisín, agus ní bhéidh
baoghal air le congnamh Dé" arsa Máire. "Déanfaidh
sé togha sgoláire leis an aimsir. Tá áthas ar mo
chroidhe go bhfuil Nóra ag feabhsughadh. Nuair a
thiocfas an aimsir bhreagh neartóchaidh sí go tapaidh le
congnamh Dé, agus tiocfaidh sí ar cuairt chugainn.
'Sbáinfimid an gáirdín di agus na bláthanna áilne atá
ag fás ann. Taithneochaidh siad léithi go mór."



"Taithneochaidh go mór, a Mháire, agus go raibh míle
maith agus míle beannacht agat," ar sise. "Is aoibhinn
an rud a bheith i measg na mbláth!"



Ar an mbealach ar ais dóibh thosuigh Gráinne ag
cainnt ar Nóra Ní Laochdha.



"Á, a Mháire" ar sise, "creidim nach bhfuil aon
duine beo is mó sólás 'ná í!"



"A' gcreideann tú sin sa deireadh, a Ghráinne?"



"Creidim."



"Creidim-se an rud céadna," arsa Máire. "Má
bhain Dia an tsláinte dhi, thug sé sólás di nach bhfuil
a leithid ag ceachtar againne."



Chuaidh an Laoideach tharta ar a chapall. D'umhluigh
sé do Mháire acht níor thug sí fá deara é.



"Tuige nár umhluighis dó?" arsa Gráinne.



"Níor thugas fá deara é ag baint a hata dhe,"


L. 36


arsa Máire. "Bhfuil "fhios agat, a Ghráinne, nach
cóir d'fhear umhlughadh do mhnaoi uasail no — go gcurtar
i n-aithne dhi é ar dtús? Dhá mbadh "bean uasal"
mise is beag an baoghal go n-umhlóchadh fear dhom agus
gan aithne ná eolas aige orm."



""Dhá mbadh bean-uasal thú"!" arsa Gráinne.
"Céard sin i gceist agat?"



"Cheal nach bhfuil "fhios agat fós cé air a dtugtar
"duine uasal" nó "bean uasal" sa tír seo, a
Ghráinne? Ní "duine uasal" duine ar bith i nÉirinn
marar boicín de Shasanach, nó tighearna talmhan
Gallda, nó seoinín saidhbhir galánta atá ann — bíodh
'fhios agat é."



"Ó, nach beag an spioraid atá i muinntir na
tíre!" arsa Gráinne.



"Bhfuil "fhios agat céard dubhairt Sorcha Nic
Aodhagáin — an bhean chúraim a bhí agaibh-se nuair a
bhí tusa id' pháiste — agus í ar thóir posta le goirid?"



"Níl "fhios" arsa Gráinne. "Céard dubhairt
sí?"



"Fiafruigheadh dhi cé aige a raibh sí sul bhí sí agaibh-se.
"Ag duine uasal" ar sise. "Agus cheal nach "duine
uasal" a bhí sa máighistir a rabhais aige go deireannach?"
arsa bean an tighe. "Níorbh" eadh acht dochtúr," arsa
Sorcha!"



Dhearg Gráinne le teann feirge agus focal níor fhan
aici ar feadh tamaill.



"Ó, nár dheas an buidheachas a thasbáin sí" ar sise,
"agus chomh ceanamhail 's bhíomar uirthi!" "Mara'n
"duine uasal" m'athair níl 'fhios agam-sa cá bhfuightheá
"duine uasal," muis!"



"Ní le droch-mheas ar bith air a dubhairt sí é"
arsa Máire, "agus ná creid gurbh' eadh. Acht cruthuigh-
eann sin an rud d'innis mise dhuit. Má's Gall
mór díomhaoineach saidhbhir fear, nó tighearna Gallda,
a chaitheas an chuid is mó dá saoghal ag cur droch-rath
ar airgead dhaoine bocht na tíre seo i Lonndain


L. 37


Shasana agus thall i bPáras, tá sé 'n-a "dhuine
uasal" aca, acht a bhfillidh sé! Tá siad-san "uasal"
agus "galánta" agus tá 'ch uile dhuine eile bocht suarach,
'ar ndóigh!"



"Tá na hÉireannaigh suarach go cinnte — agus 'n-a
sglábhaidhthe cruthanta" arsa Gráinne, "an lá go
bhfuil an gnás úr-íseall sin aca! Chuirfeadh sé duine
thar bhárr a chéille smaoineadh ar a leithid de chomhartha
suaraighil agus truailleachais! Caithfear an Galldachas
bradach agus an tseoinínteacht a chur fá chois, a Mháire,
agus múnadh do mhuinntir na tíre le meas a thasbáint
dóibh féin, agus do gach rud Gaedhealach. Nó go
ndéantar sin, ní bhéidh rath ná rathamhnas ar an tír.
"Ar ndóigh, tá na daoine ag dul i mbealach a
mbasgtha!"



""Tá an lá ag teacht le cabhair lucht léighinn 's
Ríogh na nGrást"" arsa Máire, "nuair a déanfar
sin! Agus go dtugaidh Dia dhó a theacht go luath!
Tá muinntir na tíre millte ag an ngalántacht
bhréige chéadna."



Bhíodar i n-aice an tighe anois, agus chonnaiceadar
an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe sa ngáirdín.



"Maise, a Mháire, cé mar thaithnigheas Hannraoi
leat? Caithfidh tú a innseacht dom" arsa Gráinne.



"Leis an fhírinne a rádh, taithnigheann sé go mór
liom. Níl lá dhá dtéigheann tharm nach ag méadughadh
air atá mo mheas."



"Thaithnigh sé liom-sa go mór freisin ar dtús,"
arsa Gráinne. "Acht níl an oiread sin suime
agam ann anois. Tá sé in' fhear mhúinte ghalánta,
acht 'n-a dhiaidh sin 's uilig níl an croidhe ceart aige
mar tá ag Risteard; agus ní chreidim go mbeadh an
dílseacht chéadna aige 's bheadh ag Aodh."



Sguir sí de'n chainnt go tobann, agus thosuigh ag
smaoineadh. Níor labhair go ceann sgathaimh.



"Á, a Mháire," ar sise "bhíos ag smaoineadh ar
Nóra Ní Laochdha! Nach aoibhinn di! Nach aici atá


L. 38


an sólás! Nach í atá ag glacadh le toil Dé mar is
ceart do Chríostaidhe a ghlacadh! Nach í atá ag
fulaingt leis an bpéin go sásta foighdeach! Ó!
Nach fada go bhféadfainn se fulaingt mar tá sí
a dhéanamh!"



"D'fhéadfá," arsa Máire. "Chuideochadh Dia leat
dá nglactá le n-a thoil go foighdeach. Má thagann sé
sa saoghal, a Ghráinne, gur toil le Dia tinneas nó
anshógh a chur orainne is ceart dúinn smaoineadh ar
Nóra Ní Laochdha."



"Ó, is ceart," arsa Gráinne, "acht cuireann sé
sgannradh orm smaoineadh ar an mbás go minic.
Agus tá an bás idir dhá shúil Nóra — an créatúr!



"Bhfuilir réidh i gcomhair na bainfheise?" arsa
Máire le Mac Uí Luaithe. "Tá súil agam go
dtaithneochaidh sí leat go mór."



"Níl aon aimhreas nach dtaithneochaidh," ar seisean.
"Táim cinnte go mbéidh an-ghreann amach 's amach
ann. Tá fonn mór orm bainfheis cheart Ghaedhealach
fheiceál."



"Feicfir sin, muise" ars' an dochtúr "agus
feicfir greann freisin. Is mór an truagh nach
dtiocfaidh liom-sa a dhul ann. Acht dheamhan goir
agam air. Táim le bheith i n-áit eile."



Chuaidh Máire agus d'innis d'Aodh céard a dubhairt
bean Philibh Uí Laochdha léithi a rádh leis. Annsin
d'imthigh le Aodh agus le Mac Uí Luaithe 'na bainfheise.


L. 39


CAIBIDIL XXVII.



AN BHAINFHEIS.



Bhí sé in' obair i dteach na bainfheise go cinnte
nuair a shroich Mac Uí Luaithe agus Aodh Ó Ceithearnaigh
ceann cúrsa. Bhí bainfheis Éamuinn Uí Bhroithe
ionchuir síos le "Bainfheis an tSlígheáin Mhóir" féin leis
an ngreann agus an rí-rá a bhí ar siubhal. Bhí na daoine
ag bailiughadh isteach 'n-a sluaightibh. Bhí capaill dhá
mbaint ó charranaibh. Bhí buird dhá socrughadh agus biadh
dhá ghléasadh. Bhí géadha ramhara dhá róstadh; feoil dhá
bruith, agus girr-fhiadhacha dhá bhfeannadh. Bhí urlár an
sgiobóil mhóir dhá sguabadh 's dhá ghlanadh agus tuighe
dhá sgaradh ar a fhuaid le go bhféadfaidhe luighe agus
síneadh nuair a theastóchadh sé.



I.



Bhí ól dhá fhágháil ag fearaibh,
Arán dhá roinnt ar bhacaigh,
Ceol go binn dhá spreagadh,
'S biadh go leor dhá ghléas;
Bhí croidhe ban óg ag preabadh
— Cé'n t-iongnadh sinn 'ghá cheapadh? —
'S na buachaillí breagh' deasa
Bhí a' cainnt leo ar gach taobh!



II.



Bhí buird fá éadaigh geala,
Biadh 'gus ól go fairsing,
'S óg-mhná múinte deasa,
Ag freastal ar gach aon;


L. 40


Daoine dhá gcur i n-aithne,
An braoinín cruadh dhá bhlaiseadh,
'S Maitiú a' roinnt an leanna
'S an uisge-beath' go tréan!



III.



Bhí greann ann 's gáirí geala
Bhí damhsaí ann go fairsing —
An port 's an cor-ceathrar,
'S an corn-phíb gan bhréig;
Bhí suirighe ann thar éis sgathaimh
Bhí trácht ar "ghrádh," gan mhagadh,
'S níor fágadh teach na bain'se
Go fáinne geal an lae!



Ba ghnóthach an áit a bheith ann air a' chluig sul
suidheadh síos chum buird. Bhí na cailíní freastail ag
obair ar a mine-ghéire. Bhí na buachaillí conganta
ar chroidhe a ndíchill. Bhí Maitiú Mór agus a seacht
sáith ar a aire. Acht ní raibh Úna Mhór, an t-árd-
chócaire, i riocht a theacht i láthair an chomhluadair chor
ar bith. D'ól sí braoinín beag thar an gceart de
"shúgh an ghráin eorna" agus d'éirigh sé 'n-a ceann.
B'iongantach an h-árd-chócaire í go cinnte! Bhí sí
hocht gclocha déag meadhchain ar a laghad. Bhí sí i
n-aon tuailgín amháin, agus b'ionann fad 's leithead di,
bunáite. Daigéad de mhnaoi a b'eadh í. Bhí sí ramhar,
beathuighthe, teann, trom, toirteamhail. Bhí geolbhach
mór feola uirthi, agus maidir le colpaíbh cos is uirthi
a bhíodar! Níor leas-ainm Úna Mhór a thabhairt uirthi.
"An Tulchán Mór" a thugadh cuid de na buachaillíbh
uirthi. Ní raibh tarraingt na gcos innti oidhche na
bainfheise, "le neart tuirse" adubhairt sí; agus
cor ná car ní raibh innti "de bhárr a bheith 'n-a suidhe
gan néall chodlata fhágháil an oidhche roimhe sin."
B'éigin di an seomra leabtha a thabhairt uirthi féin agus
luighe siar. Luigh, agus thuit 'n-a codladh. Acht má luigh,


L. 41


níorbh' ar an leabaidh é! Dhá mbeithidhe i gcleitheamhnas
Úma Mhór bheithidhe ar deireadh oidhche na bainfheise!
Acht rinne Eibhlín Ní Dhonnabháin agus Sibéal Laoide cúis
'n-a leabaidh, agus chuireadar gach rud i gcaoi 's i
gcóir chomh maith 's b'fhéidir leo.



Cuireadh fáilte 'gus fiche roimh Aodh Ó Ceithearnaigh
agus roimh Mhac Uí Luaithe. Chuir Maitiú Mór i n-aithne
do na strainséaraíbh iad. Chuir máthair Éamuinn
fáilte ar leith rómpa. Agus d'fháiltigh an inghean
rómpa go rígh-shubháilceach.



Níor thúisge istigh iad 'ná bhuail Nóra Laoide bleid
ar Mhac Uí Luaithe. Ar éigin d'aithnigh sé í chor ar
bith. Bhí an chulaith ghalánta uirthi, agus mar deir an
Reachtaire "bhí an solus lasta 'n-a brollach gléigeal."
Acht má bhí, ba le seodaibh 's péarlaíbh é nach raibh a
leithidí ag "Máire Ní Eidhin" nuair adubhairt an
file na focla binne fileadhta so fúithi.



Chuaidh Nóra Laoide go bhfeicfeadh sí céard ba chor
d'Úna Mhór — mar ní raibh aon lá riamh nach raibh an
imnidhe uirthi! Siar léithi sa seomra leabtha. Solus
ná léargus ní raibh ann. Bhí sí ag déanamh ar an
leabaidh nuair a truisleáladh í go tobann. Baineadh
na cosa uaithi agus anuas léithi d'aon phlimp amháin ar
shlatracha' a droma ar an urlár. Leig sí uaill. Chuir
sí glaodh árd uathbháis aisti. Bhéic sí le mór
sgannradh. Thosuigh ag crathadh na gcos. Agus
d'fhuagair go raibh sí marbh. Chualaidh Aodh Ó Ceith-
earnaigh agus Maitiú Mór í. Isteach leo. Lasadar coinn-
eall. Dhearcadar fútha 's tharta. Céard a bheadh acht
Úna Mhór "sínte siar 'na spéic ó chluais go
hiorball" — mar deir Brian Ó Bruadair — i lár an
urláir, agus Nóra Laoide sínte le n-a hais! Ní raibh
aithne ar Nóra nárbh' é an "púca breilleach" a bhí
ann leis an sgannradh agus leis an gcrith-eagla a bhí
uirthi.



"Óra! céard a leag mé?" ar sise. "Tá mo
chuid éadaigh millte!"


L. 42


"Tulchán a casadh leat sa dorchadas," arsa Maitiú.
"Cheal nach bhfeiceann tú céard a leag thú?"



Sin é an uair a chonnaic sí le solus na coinnle an
cócaire mór 's gan cor aisti.



"Seo, éirigh suas as seo!" arsa Maitiú ag baint
craithte aisti. Bhain crathadh 's crathadh eile aisti.
Sa deireadh rinne sí méanfhadhach. D'fhosgail sí a súile
agus bhreathnuigh ar fud an tseomra.



"Níl aon bhean beo, a stór," ar sise, "is measa
goile agus is laige coimpléasg 'ná mise. An
braoinín is lugha ar bith ghoillfeadh sé orm dá mblais-
inn de. Agus meas' tú nach sgadán guirt a chuir
an bhail seo orm! Dheamhan tarraingt na gcos
d'fhág sé ionnam!"



Thug sí thob ar éirghe acht níor éirigh léithi.



"Níor fhág an sgadán bradach sin éirghe in mo
sheasamh ionnam!" ar sise.



Rug Maitiú i bhfus 's tall uirthi, agus chroch de chothrom
talmhan í.



"Sin gníomh nach bhfuil aon fhear beathta 'sna trí
paráistíbh a dhéanfadh é acht thú féin, a Mhaitiú!"
arsa Aodh.



"I n-ainm Dé, buail síos go dtí iad san gcistean-
aigh agus cuidigh leob leis an gcócaireacht feasta, a
Úna," arsa Maitiú. "Tá cuid aca aineolach ar an
obair, agus tá siad ag súil leat le dhá uair a' chluig. Tá
faitchíos orm go bhfuil 'chuile rud thrí n-a chéile aca."



"Ní mórán cleachta ar shúgh ná ar róstadh a bhí ag a
bhfurmhór" arsa Úna, "mar is beag de'n rath a
chonnaiceadar ariamh!"



Bhí sí ag déanamh ar dhoras an tseomra go díreach
nuair a baineadh tuairt aisti fá'n tairsigh. Amach
léithi i ndiaidh a mullaigh agus cá mbuailfidhe í acht
isteach glan díreach san ucht ar Mhac Uí Luaithe!
Baineadh crathadh mór as Hannraoi bocht. Acht rug
sé greim uirthi le n-a coinneál gan tuitim — agus a
bhéal fosgailte le teann uathbháis.


L. 43


"Sgaoil amach mé! Sgaoil amach mé!" ar sise
go feargach. "Cad chuige go bhfuightheá ionnat féin
barróg fháisgeadh orm-sa? An amhlaidh a cheapas tú
gur óinseach de mhnaoi atá agat ann? Nach dána an
mhaise dhuit é, a mhic ó! Seachain thú féin má tá an
t-ádh in do chaipín, agus bíodh 'fhios agat cé air a
mbéarfaidh tú an chéad uair eile!"



"Ní bhéarfaidh sé ort-sa aríst má bhíonn neart aige
air!" arsa Aodh fán' fhiacail.



Bhí sgannradh an tsaoghail ar Mhac Uí Luaithe bocht.
Chuir an chainnt adubhairt sí náire air freisin agus
dhearg sé chomh dearg leis an bhfuil. Acht chroch Maitiú
'un bealaigh í go dtí an chisteanach le n-a cuid feirge
ídiughadh ar na cailíníbh freastail.



Ba ghearr 'n-a dhiaidh seo go dtáinic an tAthair Ó
hAnnagáin. Fearadh fíor-chaoin fáilte roimhe. Bhí
áthas ar gach duine go dtáinic sé, agus tugadh sin le
tasbánadh dhó freisin.



"Má tháiniceas, ní go haonraic é," ars' an sagart.



"Thugas liom an píobaire, — agus seo chugaibh é. Seo é
an Flaithbheartach," ar seisean, "an píobaire iongan-
tach a gcualabhair go léir trácht air."



Fáiltigheadh roimh an bpíobaire. Cuireadh Nóra
Laoide as an gclúid, agus cuireadh an fear ceoil 'n-a
háit. Sean-fhear liath a bhí ann, nach raibh caithte ná
claoidhte. Sean-fhear rúpach láidir a b'eadh é freisin.
Bhí sé árd go maith ó thalamh, agus ní raibh sé crutach ná
eile. Bhí culaith dhubh éadaigh air nach raibh caithte ná
tréigthe agus peiriúic fhada.



"Sílim gurab 'eo í Sibéal Laoide lem' ais" ar
seisean. "Go mbeannuighidh Dia dhuit."



"Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin Is
fad ó 'nois nach bhfacamar thú sa gceanntar so," arsa
Sibéal.



"Ní go minic a castar 'na bóllaí seo mé," ar
seisean. "An é seo an Sasanach óg, a gcualamar trácht
air, atá ag cainnt leis an Athair Ó hAnnagáin?"


L. 44


"'Sé," ar sise. "Mac deirbhshíre do'n Ridire
Gearat de Buitléir é. Agus tá sé ar cuairt annso
le sgathamh."



Tháinic buachaill beag isteach agus leag sé málaí an
cheoil treasna ar ghlúinibh an phíobaire.



"Nach mairg nach dtosuigheann sé ag seinnm," arsa
Mac Uí Luaithe. "Tá fonn an tsaoghail orm an
ceol a chloisteáil, agus a fheiceál cé mar oibrighthear na
píobaí."



"Is gearr go bhfeicir sin anois, agus fáilte," ars' an
píobaire.



"Go raibh míle maith agat," arsa Mac Uí Luaithe.
"Táim an-bhuidheach dhíot. Acht níor shíleas go gclois-
feá mé."



Á! chloisfinn an féar ag fás!" ar seisean.



Tharraing sé aníos a uaireadóir as a phóca.
D'fhosgail an ghloine. Láimhsigh an uaireadóir ar feadh
móiméid.



"Fiche móiméad thar éis a naoi," ar seisean agus chuir
ar ais 'n-a phóca í.



Nuair a tharraing sé amach an uaireadóir thug
Mac Uí Luaithe fá deara nár dhearc sé uirthi chor ar
bith. Bhreathnuigh sé go grinn ar an bpíobaire, agus b'in
é an uair a thug sé fá deara go raibh mo dhuine bocht
dall! Ní raibh 'fhios ag Hannraoi sa domhan mór cé'n
chaoi a mb'fhéidir leis fios a fhágháil go raibh sé fiche
móiméad thar éis a naoi. Acht b'fhéidir! Ba é sin
an t-am go díreach. "Suidh síos annso lem' ais a Mhic
Uí Luaithe," ars' an píobaire. "Bhí aithne agus eolas
agam-sa ar an Ridire agus ar do mháthair lá de'n
tsaoghal. Seinnfidh mé fonn duit anois a mbíodh
tóir mhór ag Gearat de Buitléir air fad ó 'n lá."



Tharraing sé chuige a phíobaí — agus b'áluinn na píobaí
iad. Chuir i gcaoi 's i gcóir iad. Dheisigh é féin.
Shocruigh na píobaí. Bhrúigh leis an asgaill. D'oibrigh
leis na méarachaibh. Agus thosuigh ar an "gCúil-
Fhionn". Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis ag


L. 45


seinnm an fhuinn seo. Ceol-sidhe ní fhéadfadh a bheith
níos binne ceolmhaire 'ná mar bhí sé. Focal ní raibh
ag aon duine an fhad 's bhí sé ar siubhal. Smid níor
labhruigheadh go raibh sé réidh. Bhí iongnadh mór ar Mhac
Uí Luaithe agus súil níor thóig sé de'n phíobaire ó thús
go deireadh. Acht ní raibh áird ag an gceoltóir ar
aon duine beo an tráth sin. Níorbh' ar lucht na
bainfheise a bhí sé ag smaoineadh. Bhí a smaointe
féin aige — smaointe árda iongantacha — smaointe
nár bhain leis an saoghal so chor ar bith — smaointe an
fhír-fhir cheoil. D'árduigheadh sé a "shúile gan solus"
agus d'fhéachadh suas mar dhéanfadh fear ann a bheadh ag
impidhe agus ag athchuingidh ar Rígh na bhFeart agus ar ainglibh
Dé éisteacht le n-a chuid ceoil. Annsin, chromadh a
cheann, agus ba dhóigh leat gur ag cogarnaighil leis na
píobaíbh a bhíodh sé agus ag innsint dóibh go rabhthar ag
éisteacht leob ar neamh! Tháinic na "smaointe bróin"
atá i dtaisge i gceol na nGaedheal ar ais agus b'iomdha
duine ar bhain an fonn brónach so na deora ó n-a
shúilibh an oidhche úd!



"Ó!" ars' an tAthair Ó hAnnagáin, ag cuimilt a
shúl, "níl aon lá riamh nár bhain na fuinn chráidhte
sin deora asam. Bhí amhrán san "Nation" an
tseachtmhain seo caithte faoi an "gCúilfhionn," agus
b'áluinn ar fad mar bhí sé sgríobhtha. Bhí an chainnt a
bhí ann chomh ceolmhar, agus na smaointe chomh brónach 's
tá an fonn féin. Ar léighis é?" ar seisean le Aodh.



"Léigheas," arsa Aodh. "Níl seachtmhain ar bith
nach léighim an "Nation." 'Sé Dochtúr Ó Cadhlaigh
a mhol dom a fhágháil ar dtús."



"Níl aon tseachtmhain beo nach bhfeicim ag an Athair
Ó Néill é," ars' an sagart. "Tá suim an tsaoghail
aige ann. Sílim go sgríobhann sé féin corr-amhrán
le n'aghaidh ó am go ham. Tá grádh ag a chroidhe do'n
pháipéar, agus do gach duine dhá bhfuil ag cuidiughadh
leis."



"Go mbeannuighidh Dia annso! Bail ó Dhia


L. 46


oraibh! Bail ó Dia oraibh!" arsa sean-fhear ag
bualadh isteach.



"Maise, go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin,
a Philib!" arsa dháréag i n-éinfheacht. "'Sé do
bheatha!"



"Go mairidh sibh," arsa Pilib.



"Ní féidir gurab é Pilib Ó Muirghéis atá ann!"
arsa Maitiú Mór. "Céad mile fáilte romhat! Cé'n
chaoi bhfuil 'ch uile chnámh in do chreatacha? Seo, caith
siar í seo," ar seisean ag síneadh gloine uisge beathadh
chuige.



Ba é seo Pilib Ó Muirghéis figheadóir. Bhí
maide láimhe aige ag teacht isteach, mar bhí sé bacach.
Sean-fhear cruaidh fáisgthe a bhí ann. Ní bheadh ort
acht dearcadh air le n-a thabhairt fá deara gur fear
a bhí ann a raibh misneach agus dúthracht ann. D'aithneochthá
ar a shúilibh nár shúile cladhaire iad. Bhí beodhas agus
grinneas ionnta thar mar bhíos i súilibh a lán. Ní raibh
ort acht a dhul 'un cainnte leis le n-a thabhairt fá
deara gur fear tuigsionach eolgach a bhí ann. Agus ní
raibh beann aige ar aon fhear. Bhí a bharamhail féin aige
i gcomhnaidhe agus spleadh ní raibh aige le duine íseal
ná uasal. Ní ghéillfeadh sé d'aon duine nuair a cheap-
fadh sé gur aige féin a bhí an ceart. Thaithnigh daoine
misneamhla fuinneamhla fearamhla leis. Thaithnigh
spioraid agus spreacamh leis. Thaithnigh tír-ghrádh agus tír-
ghrádhuightheoirí leis. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe
aige ar na ceóláin agus ar na suaracháin; ar na seóiníní
's na staigíní; ar lucht eagla 's faitchís. Bhí grádh
croidhe aige dóibh seo a bhí gha iarraidh an tír a chur ar
bhealach a leasa. Agus bhí fuath agus gráin ag a chroidhe
istigh ar Shasana. Bhí sé ar dhuine de na "Fiannaibh"
fá láthair agus rinne sé cion fir n-a sgorach óg ar mhachaire
an dubhshláin sa mbliadhain "ocht gcéad déag acht
dó!"



Níorbh' fhada Pilib istigh nuair a tháinic beirt
phíobairí. Bhí 'ch aon duine aca dall. Bhíodar feis-


L. 47


tighthe go suarach. Ní raibh ortha acht fíor-dhroch-éadach.
Agus na píobaí a bhí aca, bhíodar i ndroch-chóir agus iad
caithte spíonta, 's gan brígh ná binneas 'n-a gcuid
ceoil i gcomórtas le píobaí an Fhlaithbheartaigh.



Bhí an Flaithbheartach ag tosughadh ar fhonn eile go
díreach nuair a tháiniceadar isteach. D'éisteadar
sgathamh leis an gceol, agus b'áin leob féin tosughadh ar
am bhfonn céadna sul bhí an píobaire leath-réidh. Níor
thúisge a chualaidh sé an chéad ghíog dhá gcuid ceoil
'ná phreab agus gheit go tobann. Tháinic gruaim uath-
bhásach air. Bhreathnuigh faoi 's tairis, i bhfus 's tall,
's ar gach taobh dhe chomh maith 's dá dtiocfadh leis a
bhfeiceál. Chuir gráig agus uaill as a sgannruigh gach
duine.



"Amach, go beo tapaidh!" ar seisean. "Sguabaidh
as mo radharc! Greadaidh go beo! Agus ná fágh-
aim amharc oraibh faoi chaolach an tighe seo go bhfágad
é!"



B'éigin a gcur amach sa gcisteanaigh. Ní raibh aon
chailleadh ortha annsin féin. Bhí biadh agus beatha agus neart
dighe le fágháil aca ann. Chaitheadar sgathamh thar éis
sin ag seinnm sa sgioból. Acht níor thaobhuigheadar
an Flaithbheartach aríst go maidin.



"Seadh, a Philib, cé'n sgéal é?" ars' an tAthair
Ó hAnnagáin le Pilib Ó Laochdha.



"De dheamhan cuid aithris, a Athair, acht sgéal fada
ar an anró," ar seisean. "Acht, 'ar ndóigh, cé'n mhaith
dhúinn a bheith ag casaoid?"



"Agus cé mar táir-se, a sheadaire ghaisgidhigh?" ar
seisean le Pilib Ó Muirghéis.



"Mar sin réasúnta," ars' an figheadóir.



"Seo, caith siar í seo," arsa Maitiú ag síneadh
gloine uisge beathadh chuig an táilliúr.



"Dheamhan é, a Mhaitiú! Ní ólfad. Chuireas gealladh
orm féin i n'aghaidh."



"Agus céard ólfas tú?" arsa Maitiú.



"Na cineálacha laga sin nach bhfuil aon dochar


L. 48


ionnta," arsa Pilib. Agus bhí an oiread dúil' aige
'sna "cineálacha laga" 's gur dhearmad sé an gealladh
sa deireadh!



Bhí Úna Mhór ag cur na gcos uaithi sa gcisteanaigh
mar seo agus bhí 'ch uile rud thrí n-a chéile d'á bárr. Ní
raibh goir a theacht 'n-a haice. Thug sí íde na muc 's
na madraidhe ar Eibhlín Ni Dhonnabháin agus ar na cailíníbh
eile. Bhí sí le cuthach agus le báine le gach duine. Agus
níorbh' fhéidir a dhul ar aghaidh leis an obair i ngeall
ar a feirg agus a droch-mhúnadh. B'éigin do Shibéal
Laoide a dhul síos sa gcisteanaigh i n-ath-uair le
réidhteach a dhéanamh. D'éirigh léithi-se ceart agus cóir a
bhaint di. Agus theastuigh sin go géar.



CAIBIDIL XXVIII.



OIDHCHE NA BAINFHEISE. GREANN AGUS DÍOS-
PÓIREACHT. PILIB Ó MUIRGHÉIS AGUS AN
SAGART.



Suidheadh síos chum buird nuair a bhí an biadh réidh
Socruigheadh bord ar leith i gceann an tseomra, agus
shuidh an tAthair Ó hAnnagáin ag a cheann. Cuireadh
an bhean óg ar thaoibh a láimhe deise, agus hiarradh a
Éamonn suidhe ar an taobh eile. Acht ní raibh maith
dhóibh leis. Ní shuidhfeadh! Daoine ar leith a bhí ag an
mbord so — bhí bunáite na ndaoine 'n-a suidhe ag na
buird eile.



Ní rabhadar tosuighthe baileach nuair a bhuail an
Laoideach chuca isteach. Suas leis agus shuidh síos le
taoibh an tsagairt. Cuireadh "fáilte 'gus fiche"
roimhe. Bhí áthas mór ar Éamonn go dtáinic sé. Ba


L. 49


é an Laoideach tighearna talmhan Éamuinn agus is go
hannamh a thárluigheas rud mar thárla an oidhche seo
.i. tighearna ar bhainfheis tunónta. Chuir Éamonn
an bhean i n-aithne dhó agus ghabh an Laoideach míle comh-
gháirdeachas leob. Ghuidh gach ádh agus gach sonas dóibh.
Agus chríochnuigh le rádh a bhain a sean-sgairt asta
araon, agus as gach duine dá gcualaidh é.



Is gearr gur bhuail an Ceithearnach agus Learaidhe Ó
hAnnlaighe isteach 's gan súil ar bith leob. Fáiltigheadh
rómpa go groidheamhail. Chuir Maitiú 'n-a suidhe ag
bord an tsagairt iad.



"Má b'fhíor nach dtiocfá-sa chor ar bith, a Mhuiris?"
ars' an tAthair Ó hAnnagáin leis an gCeithearnach.



"Ní raibh fúm a theacht," ars' an Ceithearnach — "cé
go bhfuaireas cuireadh ar leith. Acht thárla do Learaidhe
bualadh isteach chugainn tráthnóna agus dheamhan marar
shíleas go mbadh mhór an feall gan é bheith ar an
mbainfheis, agus chrochas liom é féin agus Brian sa gcóiste
beag. Tá Learaidhe 'n-a dhaimhseoir bhreagh, agus bainfidh
sé sásamh as an oidhche. Agus tá Brian ag éirghe ó
thalamh agus gan 'fhios aige an 'n-a shuidhe nó 'n-a sheasamh
atá sé le teann glionndair ó d'fhág sé an teach."



"Go deimhin tá áthas mór orm go dtáinicis," ars'
an sagart. "Agus maidir leis na hógánaigh, déan-
aidís an méid grinn is breagh leob. Ní dochar ar bith
é."



Bhí súil ag Eibhlín Ní Dhonnabháin agus ag Sibéal Laoide
go mbeadh an chócaireacht gan locht. Acht bhí faitchíos
ortha go mb'fhéidir go ndearna Úna Mhór rud
eicínt ciotach 's gan fios aca air. Mar sin de, bhí
beagán beag imnidhe ortha. Sin rud nach raibh ar
Úna! Ní raibh — ná a dhath!



Leagadh mias mhór i bhfiadhnaise an tsagairt. Thóig
sé an clár. Céard a bheadh os a chomhair acht péire
géadha ramhar le taoibh a chéile agus lán na méise de
chabáiste bhealaighthe! Úna Mhór ba chionntach, 'ar
ndóigh. Agus rud a b'aistighe 'ná na géadha a bheith


L. 50


i méis na cabáiste — bhí ceann aca a raibh a craiceann
donn agus craiceann an chinn eile geal gléigeal!



Gheit Eibhlín Ní Dhonnabháin nuair a chonnaic sí na
géadha agus an chabáiste thrí n-a chéile. Rug sí ar an
méis ar an bpointe, agus chroch 'un bealaigh í 's chuir mias
mhór mhairt-fheola 'n a leabaidh.



Thosuigh ar an Athair Ó hAnnagáin ag gearradh na
feola. Agus ba bhreagh slachtmhar uaidh feoil a ghearr-
adh agus a stialladh freisin. Rug an Ceithearnach ar sgin
agus thosuigh sé féin ag gearradh 's ag roinnt. Agus
rinne Aodh mar an gcéadna.



Is gearr go raibh gach duine beag 's mór sa teach
"ag ithe 'gus ag gearradh, acht ní ag ithe ná ag gearradh
ar a gcomhursain é" mar deir an sean-fhocal. Bhí a
dhóthain mhór agus a leor-dhóthain ag gach duine. Agus
d'fhan díol dháréag 's fiche' d'fhuighleach. Sin é an
áit a raibh an greann an fhad 's bhí an dínnéar ar
siubhal. Maidir le gáire b'ann a bhí sé. Bhí sgéalta
baramhla greannmhara dhá n-innsint ar gach taobh. Bhí
an t-ógánach ghá iarraidh a shean-sgairt a bhaint as an
sean-duine. Bhí an sean-duine ag cur síos ar "an
sean-tsaoghal" agus ar na bainfheiseacha a bhíodh ann le
linn a óige. Bhí na buachaillí go croidheamhail geal-
gháireach. Bhí na cailíní go meangach. Agus bhí na
máthaireacha go haireach áirdeallach agus gan iad ghá leig-
ean ortha féin go raibh, 'ar ndóigh.



Cuireadh críoch leis an ithe agus leis an ól. Réidh-
tigheadh an teach. Crapadh suas éadaigh cláir agus sgar-
aoideacha buird. Crochadh miasa agus plátaí 'un bealaigh.
Cuireadh stólta agus buird agus cathaoireacha le balla.
Agus thosuigh an ceol.



Dhaimhsigh an Laoideach leis an mnaoi óig. Bhíthear
ag gabháil d' Éamonn nó go mb'éigin dó bualadh amach
agus daimhsiughadh le Nóra Laoide. Amach le Eibhlín Ní
Dhonnabháin agus le Learaidhe.



"Seo, a Mhic Uí Luaithe. Corruigh ort," ars' an
tAthair Ó hAnnagáin "agus ná leig an ceol amudha!


L. 51


Nach bhfeiceann tú Sibéal Laoide sa gcúinne agus súil
na glasóige aici ort? Amachaidh libh, agus buailidh cos
air."



Amach leob agus "dhaimhsigheadar an cúrsa."



"'Tuige nach bhfuil tusa ag damhsughadh?" arsa
Maitiú le Aodh Ó Ceithearnaigh.



"Níl aon chailín agam" arsa Aodh.



"Is gearr a bhéas tú mar sin" arsa Maitiú. "Cé
mar thaithneochadh an cailín deas sgiamhach úd sa
gcúinne leat?"



"Cé hí féin, a Mhaitiú?" arsa Aodh.



"Eilís Ní Mhuirghéis," arsa Maitiú go mall réidh.



"Inghean mic do shean-Philib, an eadh?"



"Seadh," arsa Maitiú, "cheal, nach bhfuil aithne
agat uirthi?"



"Ní aithneochainn anois an bhfacas riamh í," arsa
Aodh, "ag an gcaoi ar mhéaduigh sí ó chonnaic mé í tá
bliadhanta ó shoin. Acht bhí aithne mhaith agam uirthi
nuair a bhí sí beag bídeach. Dar fiadh! a Mhaitiú, is
breagh deas slachtmhar an bhruinneall í."



"Is fíor dhuit, a Aoidh, sin é a deireas gach duine"
arsa Maitiú, agus shílfeá gur osnadh a tháinic uaidh.
"Bhí sí ar cuairt ag a haintín i mBaile Átha Cliath le
fada, agus is le gairid a tháinic sí a bhaile."



Chuir Maitiú i n-aithne dhá chéile iad agus d'imthigh leis.
Dhaimhsigheadar "go lúthmhar cliste éasgaidh" agus bhí
seanchus caoin aca san am céadna — seanchus na rinn-
ceoirí. Thaithnigh sí go mór le Aodh agus d'fhan sé sgathamh
fada 'n-a comhluadar.



Bhí an oidhche ag gabháil thart go rígh-shásamhail. Bhí
an t-aos óg ag damhsughadh 's ag déanamh grinn. Bhí an
píobaire ag seinnm. Bhí daoine annso 's annsiúd ag
brúghadh cáirdis ar a chéile. Bhí fear i dtaoibh de'n
teach ag moladh a mhic le sean-fheilméara agus ag cur
síos ar an ngabhaltas breagh talmhan a bhí aige. Bhí
fear eile ag moladh a inghine féin agus ag a dhearbhughadh
gurbh togha mná tighe í, agus óig-bhean chríonna chéillidhe


L. 52


stuamdha 'n-a theannta sin. Bhí triúr sean-bhan sa
gcúinne ag cainnt go prímhléideach agus ag cogarnuighil.
Agus bhí Nóra Laoide go priaclach gan fios a bheith aici
cé'n fáth craiceann chinn de na géadha a bheith geal mar
bhí, agus ní raibh suaimhneach dhi go gcualaidh sí cé 'n
t-ádhbhar. Chuir sí Brian ar thóir Eibhlín le n' fhios fhágháil
uaithi. Tháinic Brian ar ais i gceann uaire le sgéala
gurab í Úna Mhór a chuir an ghé sin i gcorcán uisge
bhruithte i leabaidh a cur san oigheann mar cuireadh an
ceann eile. Bhí Nóra sásta annsin agus chuaidh agus bhuail
bleid ar Mhac Uí Luaithe. Bhí an tAthair Ó hAnnagáin
agus an Ceithearnach i gcúinne de'n teach. Bhí Pilib Ó
Laochdha agus Pilib Ó Muirghéis ann freisin, agus sean-
Labhrás Mac Fhlannchadha, athair na mná. Bhí siad-san
ag cur na hoidhche tharta ag cur síos ar chúrsaí an
tsaoghail, agus ar thighearnaí talmhan, 's gan mórán áird
aca ar an ngreann a bhí ar siubhal ag an aos óg.



"Dheamhan bréag nach bhfuair sé bean mhaith" arsa
Pilib Ó Laochdha. "Go bhfágaidh Dia iad féin i bhfad
ag a chéile! Níor bhéim súl a buaileadh ar Éamonn
Ó Broithe nuair a thug sé taithneamh dhi ar dtús."



"Ní chreidim go raibh mórán aithne ná eolais aige
uirthi go dtí le goirid féin" arsa Labhrás. "Fuair
sé m'inghean-sa mar tá léas fhada ar a chuid talmhan
aige. Sin é agat-sa anois an fáth, a Philib Uí
Laochdha — mise féin nach ndéanfaidh an bhréag. Níl
maith i sgéal ar bith gan ughdar — marach an léas atá
aige ní fhuigheadh sé í."



"An té a bhfuil deagh-thighearna talmhan air tá sé
'ch uile ordlach chomh sásta 's dá mbeadh léas fhada
aige," ars' an Ceithearnach.



"Má tá duine a chreideas sin tá dháréag nach
gcreideann," arsa Labhrás. "B'fhearr liom-sa — mar
aon fhear amháin — a bheith ag pléidhe leis an tighearna
talmhan is measa a cruthuigheadh agus léas fhada agam
ar mo chuid talmhan 'ná bheith faoi'n tighearna is fearr
a chuir cos i mbróig 's gan agam acht léas ghearr."


L. 53


"Dhá ndéantaoi mo chomhairle-sa bheadh léasa —
agus talamh — againn d'á míle buidheachas!" arsa Pilib
Ó Muirghéis. "Dar sliabh, bheadh! Acht is beag de'n
rath a fuair cladhairí riamh, ná a gheobhfas go bráthach —
acht an mí-ádh mór agus an donas!"



"Dúin do bhéal — 'sé dhéanfas tú!"" ars' an
sagart. "Níl aon lá riamh nach ag iarraidh na troda
a bhís! Cé'n mhaith dhuit a bheith ag seafóid chainnte
mar sin?"



"Ní ag seafóid chainnte atáim, acht ag cainnt,"
arsa Pilib, "agus ag cainnt gan sgáth gan faitchíos
freisin! Ní fear do sgáth ná d"fhaitchíos mé — ná
fear a dtaithnigheann seafóid leis acht an oiread, —
a Athair Uí Annagáin, bíodh "fhios agat é! An la ar
theastuigh mise sa troid bhíos 'n-a ceart-lár, agus ní
fhéadfar a rádh go dtugas cúl do'n námhaid. Agus
dhá dtigeadh lá na troda i mbárach dhéanfainn aríst
é! Acht "is maith an sgéalaidhe an aimsir."
B'fhéidir dhó a theacht go luath. Agus go dtigidh!
Cá bhfios nach ndéanfaidhe úsáid amach annso de'n
tsean-phíce a bhí agam-sa sa mbliadhain "ocht gcéad déag
acht dó?" Acht mara ndéantar úsáid ar bith eile
dhe, mo chraiceann-sa ná raibh ag an D--l go ndéan-
far úsáid dhe má thagann aon tighearna le mise a
chaitheamh amach chois an chlaidhe! Ní bheadh de shuim
agam a chur thríd acht an oiread 's bheadh agam a chur
thrí mhadadh buileach, dhá dtigeadh sé leis an mbail a
chur orm-sa a curtar ar chréatúir bhochta eile! Chuir-
finn thríd é chomh cinnte 's chruthuigh Dia Maoise!"



"Chuirfeá, agus chuirfeá an "róipín caol cnáibe" faoi
do mhuineál féin!" ars' an sagart.



"Dá gcuirtí míle uair faoi mo mhuineál é, dhéan-
fainn é!" arsa Pilib.



"Agus thuillfeá damnughadh síorraidhe dhuit féin,"
ars' an sagart, "faoi dhún-mharbhughadh a dhéanamh!"



"Níl 'fhios agam sin" arsa Pilib. "Agus níl
'fhios agam ar dhún-mharbhughadh é acht an oiread. Bheadh


L. 54


muinghin agam as paidreacha' mo chomhursan agus creidim
go rachadh m'anam go Flaitheas Dé le neart a
nguidhe. Níl aon lá go deo nach nguidhfear ar son
an té a dhéanfas gníomh fearamhail ar son a thíre!"



"Creid uaim-se go mb'fhearr leigean do'n obair
sin," ars' an sagart. "Ní bhéidh lá de'n ádh ar an
té a mbéidh lámh ná cos aige innti."



"Ní bhéidh lá de'n ádh orainn — tá sé fánach aige a
bheith — an fhad 's bhéas cead ag tíoránaigh Gallda a
bheith ag éirghe 'n-ár mullach!" arsa Pilib. "B'fhearr
leigean do'n obair sin!" Ar ndóigh, ní thóigfeadh Dia
ná daoine orainn a ruaigeadh amach as an tír! Nach
bhfuilmid sgriosta creachta bánuighthe aca? Nach
bhfuilmid 'n-ár sglábhaidhthibh suaracha aca ar ár dtalamh
dúthchais féin? Nach bhfuil lom an donais mhóir ar
fud na tíre ó'n gcéad lá ar chas an mac mallachtain
chugainn na cneamhairí céadna? Dún-mharbhughadh,
b'fhéidir! Deirim-se nach headh acht ceart agus cóir
dhúinn féin agus do'n tsliocht a thiocfas 'n-ár ndiaidh!
Nílmid ag iarraidh acht ár gceart agus! béidh sé againn!"
ar seisean go dána.



"Maith go leor, a Philib!" ars' an sagart. "Níl
aon mhaith ag cur comhairle do leasa ort. Níl ann
acht amaideacht duit a bheith ag cainnt mar sin, agus béidh
aithmhéala lá is fuide anonn 'ná indiu ar aon duine
a ghlacfas do chomhairle."



"Ní bheadh mórán maitheasa ag glacadh a chomhairle,"
arsa Aodh.



"Nach cuma liom-sa sa D--l mór thú ag glacadh
mo chomhairle nó gan a glacadh!" arsa Pilib. "Tá
tusa socamhlach go leor, agus te teolaidhe mar táir, agus is
cuma leat céard a dhéanfas créatúir bhochta eile atá
dhá gcaitheamh amach chois an chlaidhe!"



"Á, a Philib, ní cuma!" arsa Aodh. "Ná ceap é,
a chara! Badh mhaith liom-sa an sean-phíce meirgeach
sin agat a sgiúradh, agus breith i gcúl glaice air mar
rinne tusa i mBliadhain na bhFranncach! Badh mhaith


L. 55


liom seasamh os comhair na nGall agus buille a chur i
gcion ar son mo thíre ar mhachaire an chatha mar rinne
tusa an tráth sin. Acht is mór an t-athrughadh a
tháinic ar an saoghal ó shoin, fairíor!"



"Tá 'fhios agam go ndéanfá an fhearamhlacht, a
Aoidh!" arsa Pilib. "Agus tá 'fhios agam go bhfuil-
ir dílis do Chaitlín Ní Uallacháin. Ná tóig orm
an méid adubhras leat — ní raibh aon neart agam
air! Acht éist liom-sa go fóill, a Athair Uí Anna-
gáin. Chúig bliadhna ó shoin bhí sin trí tighthe fichead idir
Crois-Bhóthar Leasa na Corraighe agus Droichead an
tSean-Bhaile. Indiu níl ann acht an t-aon teach.
Agus cé'n teach é sin?"



"Do theach-sa," arsa Pilib Ó Laochdha.



"Agus meas' tú cé'n fáth ar fágadh mise annsin
gan cur amach? Cé'n fáth ar fágadh mo bhothán-sa
'n-a chadhan aonraic leis féin? Mar bhí 'fhios ag na
creachadóiríbh cé leis a mbeidís ag pléidhe! Bhí 'fhios
ag na sgriosadóiríbh céard a dhéanfainn!" ar seisean.



"Leigtear dhó féineacht," ars' an sagart — "Níl
aon mhaith dhúinn leis ó bhaineas sé amach mar seo.
Bhí sé chomh maith a bheith ag a iarraidh gaineamh a chur i
ngad, nó bualadh fá uisgí na mara móire a thaosgadh,
le ciall a chur i gceann Philib!



"Tá go leor de'n cheart aige — tá sin," arsa
sean-Labhrás. "Dar go dearbhtha, tá."



"Ara, leig ded' chuid leibideacht' agus ná bí ag
seafóid!" ars' an sagart. "Nár dhubhras cheana,
agus nach n-abraim aríst nach mbéidh de bhárr an achrainn
agaibh acht an léan-sgrios? Acht dá bhfághadh Pilib
Ó Muirghéis a dtug tonn ar tráigh ó aimsir Mhana-
náin Mhic Lir ní bheadh sé sásta mara mbeadh an sean-
phíce sin aige ar a ghuailníbh "le glan-éirghe na
gealaighe!""



"Níl ag ceachtar agaibh acht cuid de'n cheart," arsa
Aodh, "de réir mar mheasaim-se. Má bhímid sásta
le bheith 'n-ár snagairíbh suaracha gan croidhe gan fear-


L. 56


amhlacht ní bhéidh aon lá go deo nach mbéithear sa
mullach orainn. Bíodh croidhe agus fearamhlacht ionnainn
ar chuma 'r bith! Seasamaois go daingean docht ar
son ár gcirt, pé 'r bith céard a thárlóchas dúinn.
Acht maidir le iarracht a thabhairt fá láthair mar
tugadh i mBliadhain na bhFrancach ní bheadh ann acht
ár agus sléacht 's gan tadaidh eile dhá bhárr. Tá sé le
tabhairt fá deara ag gach duine annso gurab é an
duine is lugha sprid is mó a gheibheas creachadh ó na
tighearnaíbh. Agus an té a bhfuil cáil air a bheith dána
garg fearamhail gurab é is lugha a mbíonn fonn ortha
bualadh faoi. Tá an ceart ag Pilib sa méid sin ar
chuma 'r bith."



"Is fíor dhuit," arsa Labhrás. "Sin é Pilib Ó
Muirghéis agus a theach 'n-a sheasamh 'n-a "chadhan
aonraic" mar dubhairt sé féin os comhair an tsaoghail,
agus gach teach dá raibh sa gcomhursannacht leagtha go dtí
an chloch bhuinn, agus na daoine bochta sgaipthe le fán agus le
seachrán an tsaoghail ghá iarraidh a bheith ag saothrughadh
greim a mbéil. Agus cad chuige ar fágadh eisean
annsin, measann sibh? 'Measann sibh an le truaigh
dhó nár cuireadh an gró faoi n-a theach mar rinneadh
leis na tighthibh eile?"



"Ná trácht ar thruaigh ná ar charghaos san dream
sin" arsa Pilib Ó Laochdha ag ól lán gloine d'aon
bhlogam amháin. "Fágadh annsin é mar gur Fiann-
aidhe é! Tá 'fhios aca-san chomh maith 's tá 'fhios ag
ceachtar againne nach bhfuil aon bheann aige ortha ná
aon fhaitchíos aige rómpa. Tá 'fhios aca go ndéanfadh
sé an cleas céadna i mbárach a rinne sé i mBliadhain
na bhFranncach dhá shine d'fhear é! Measann sibh-se
nach bhfuil 'fhios aca-san chomh maith 's tá 'fhios ag
Pilib Ó Laochdha gur de bhárr urchair gunna a cuireadh
thrí n-a ghlúin ar mhachaire an chatha atá sé bacach mar
tá! Ná bíodh aon dalladh mullóg oraibh, a cháirde,
tá 'fhios, chomh cinnte 's tá 'fhios agam go bhfuil an
ghloine sin os mo chomhair!"


L. 57


"Dá ndéantaoi comhairle Philib Uí Mhuirghéis,"
ars' an sagart, "is amhlaidh mar bheadh an sgéal —
bheadh gach duine ag cur a shocruighthe féin ar an
dlighe, agus dlighe ar bith ní bheadh ann sa deireadh."



"Agus cé air a dtugair dlighe?" arsa Pilib.
"'Ar ndóigh, ní cheapair — ná ní féidir go gceapfá —
gur dlighe cóir ná ceart ná dlisteanach atá againn
mar támuid fá láthair? Nach ndaortar gach duine
má tá 'fios gur togha Éireannaigh é? An 'in é an
cineál dlighe a mholas tusa, a Athair? Ní chreidfead
go dtéighead san úir go n-abróchadh mac t'athar a leithid!
Cé bhíos againn mar bhreitheamh, fiafruighim dhíot é?
Nár chumasach tír-ghrádhach an breitheamh agus an coisde
a dhaoruigh Roibeard Emmeit? An deagh — Éireannaigh
a curtar ar na coistíbh? Tá 'fhios agat in do chroidhe
istigh nach headh acht daoine a dhaorfas an deagh-
Éireannach. An dtugair-se "dlighe" air sin, a Athair
Uí Annagáin? An dtugair ceart 's cóir air?"



"B'fhéidir go bhfuil an oiread de cheart 's de chóir
ann 's bheadh le fágháil ag cuid de na daoinibh dhá mbíodh
breitheamh 's coistí sa tír mar badh mhian leat-sa
agus le do leithidíbh," ars' an sagart. "Dhá mbadh
agaibh-se a bheadh, bheadh cead a chinn ag 'ch uile dhuine
a bheadh ag a iarraidh deireadh a chur leis na tighearnaíbh."



"Dhéanfaidhe níos mó de'n cheart dhá mb'againn a
bheadh," arsa Pilib. "Agus ní daorfaidhe acht an té
a thuillfeadh é — ní hionann agus anois."



"Ara, leig ded' chuid cainnte agus coinnigh do bhéal
ar a chéile!" ars' an sagart go feargach.



"Ó, sin é do sgéal i gcomhnaidhe," arsa Pilib.
""Coinnigh do bhéal ar a chéile" — chomh maith 's dá
socróchadh sin an sgéal! Acht ní shocróchaidh!"



"Sin é an Laoideach annsin anois" ars' an sagart.
"Dá gcuireadh seisean tunónta amach a' mbeitheá ar
a thóir le buille fealltach a thabhairt dó?"



"Ní bheinn," arsa Pilib, "agus innseochad duit cé'n
fáth. Bheireann sé deagh-léasa uaidh ar chíos nach bhfuil


L. 58


as bealach, agus sin rud nach ndéanann na sgriosadóirí
eile. An bhfaca tusa fós riamh deagh-thighearna a
marbhuigheadh nó ar féachadh le n-a mharbhughadh san
gconndae so? An gcualais trácht ar aon deagh-
thighearna ar tugadh an buille fealltach dhó nó ar
sgaoilead urchar faoi? An gcualais?"



"Caithfead a rádh nach gcualas," ars' an sagart.



"Ní chualais, a Athair, agus ní fhéadfá a chloisteáil,
mar nár thárla a leithid," arsa sean — Labhrás.



CAIBIDIL XXIX.



DÉANTÚIS GHAEDHEALACHA. FEILMÉARAÍ AGUS
CEARDAIDHTHE.



"A Mhic Uí Luaithe, céard do mheas-sa ar an díos-
póireacht so?" ars' an tAthair Ó hAnnagáin.



"Ní mórán eolais atá agam ar an gcaoi 'bhfuil an
saoghal ag imtheacht sa tír fós," arsa Hannraoi,
"agus ní maith a thuigim i gceart go leor dá
mbaineann le talamh, le léasa, 's le tighearnaíbh.
Mar sin, bheadh sé mór ag mo leithid mórán a rádh.
Acht níl aon lá ó bhíos im' ghasúr nach gcualas trácht
ar laghad a raibh de shuim ag muinntir Thiobraid Árann
san dlighe, agus an ghráin agus an fuath a bhí aca do
thighearnaíbh talmhan."



"Nílmid leath chomh dona 's deirtear," ars'
an sagart.



"Má tá — ní thugaim-se fá deara é," arsa
Hannraoi. "Agus de réir mar chloisim ag gabháil


L. 59


tharm níl muinntir na háite seo gan ádhbhar casaoide.
Cloisim nach bfuil croidhe ná coinsias ar bith i gcuid
de na tighearnaíbh. Bhíos ar dínnéar le breitheamh
áithrid le goirid, agus seo iad na focla adubhairt sé,
"Nár cuireadh dhá chois aon tighearna talmhan i n-a
cheanntar féin nár thuill, ní hé amháin a mharbhughadh, acht
A DHAMNUGHADH" leis an mbail a bhí sé a chur ar na
daoine bochta. Go deimhin díbh, sin iad na focla a
tháinic as a bhéal."



"Anois céard adeir tú, a Athair Uí Annagáin?"
arsa Pilib Ó Muirghéis ag éirghe de léim agus ag crathadh
láimhe le Hannraoi.



"Dhá mbadh diabhal as ifreann thú níl ionnat acht
fear cneasta! Leag annso í!" arsa Pilib ag breith
ar láimh air.



"Ceartóchar gach rud leis an aimsir," ars' an
sagart. "Le congnamh Dé béidh Éire suaimhneach
Sólásach amach annso."



""I ndiaidh a chéile a déantar na caisleáin," agus is
fearr a bheith roinnt foighdeach," arsa Pilib
Ó Laochdha. "Is iomdha rud atá romhainn amach
le déanamh. Tá an tír fá láthair gan earraidh
Gaedhealacha agus gan déantúis — acht i bhfíor-chorr-áit
— agus ciomacha brocacha salacha suaracha ó Shasana
dhá gcaitheamh ar fud na tíre. Nach sgriosfadh sin
an tír dhá mbeadh gan tadaidh a bheith ann acht é?"



"Bhí earraidh agus déantúis i nÉirinn lá de'n tsaoghal —
agus ní i bhfad ó shoin é acht an oiread — acht chuir Sasana
deireadh leob," ars' an sagart. "Bhí earraidh agus
déantúis na tíre faoi mhór-mheas ar Roinn na hEorpa
na céadta bliadhain ó shoin. Bhí ár longa tráchtála
féin againn an uair sin agus bhí rath agus slacht ar ár
mbailtibh cuain — ní hionann agus anois. 'Ar ndóigh,
chuirfeadh sé crádh croidhe ar dhuine siubhal thrí
"Chathair na dTreabh" agus thrí Chathair Luimnigh fá
láthair! Tá cosamhlacht an bhochtanais ortha. Níl
croidhe ná sprid le tabhairt fá deara ionnta. Agus


L. 60


bhí lá de'n tsaoghal agus ba bhreagh saidhbhir na bailte
móra iad. Acht fairíor géar! D'imthigh sin."



"D'imthigh sin agus go leor eile 'n-a theannta,"
arsa Pilib Ó Muirghéis. "Fairíor, d'imthigh ár
ndaoine agus tá siad ag imtheacht 'n-a sluaighte.
Agus is measa dhúinn iad-san a bheith ag imtheacht
'ná rud ar bith eile."



"Níor ghábhadh do chuid mhaith acab imtheacht
dhá dtograidís é," arsa Pilib Ó Laochdha. "Dhá
gcuidigheadh muinntir na tíre le chéile, agus gan aon
tsuim a chur 'sna héadaigh lobhtha a curtar anall
as Sasana, is gearr go mbeadh bail níos fearr ar
an tír 'ná mar tá. Acht tá an ghalántacht bhréige
agus an tseoinínteacht 'ghár bhfágáil ar deireadh.
Tá go leor dhár ndaoinibh féin chomh galánta 's
nach mbéidh aon phléidhe aca le ceird. Caithtear
droch-mheas ar an ngréasaidhe, ar an saor agus ar an
táilliúr, ar an bhfigheadóir agus ar an ngabha agus ar an
siúinéara. Feilméaracht! Talmhaidheacht! Sin a bhfuil ó
mhuinntir na tíre anois. Agus an feilméirín is
suaraighe dhár shiubhail talamh nó féar, measann sé
gur mó agus gur árd-nósaighe d'fhear é 'ná fear na
ceirde! Measann, a mhic ó! Agus é chomh mór agus
chomh hárd-nósach 's nach n-aithneochadh sé mairt-fheoil
thar chaoir-fheoil dhá leagtaoi chuige iad — rud nach
ndéantar acht fá Féil' Mártan nó fá Nodlaig."



"Teastuigheann na déantúis go géar go cinnte,"
ars' an sagart. "Agus béidh Éire bocht chomh fada
's bhéas sí dhá n-uireasbhaidh. Acht mar sin féin,
caithfear leanacht do'n talmhaidheacht. Badh mhór
an sgrios mara leantaoi. Níl slighe bheathadh is
folláine le fágháil 'ná mar tá ag fear na talmhan.
Tá aer úr glé glan-fhuar na tuaithe aige. Tá
sé i bhfad ó dhiabhalaidheacht agus ó dhroch-
chomhluadar na mbailte mór. Agus mara bhfuil
saidhbhreas féin aige tá sé lán-tsásta leis an saoghal,
's gan aon imnidhe air acht a chíos d'íoc. Amhduighim


L. 61


agus deirim go bhfuil an iomarca droch-mheasa
ar fhear na ceirde — rud nach ceart a bheith. Acht
mar sin féin, a Philib, táir ró-mhór sa mullach ar
na feilméaraíbh. I dteannta chéile is fearr an dá
dhream."



"Is mise an fear adéarfas an rud a chreidim
agus atá 'fhios agam," arsa Pilib, "dhá mbeadh a bhfuil
d'fheilméaraíbh ó Chluain Meala go Cnoc na nGabha
ag éisteacht liom."



Rug sé ar an dara gloine. Chroch í, agus deor níor fhág
innti d'aon bhlogam amháin. Annsin líon aríst í.



"A Philib, táir ag a dhearmad gur gheallais nach
n-ólfá aon uisge beathadh!" arsa Aodh.



Bhreathnuigh Pilib air agus níor labhair. Breathnuigh
faoi agus tairis. D'fhéach ar an ngloine. Chonnaic
buidéal de leann sinséir ar cheann an bhuird. Rug
ar an ngloine agus dhóirt a raibh innti isteach i gcorn
mór 's líon an corn go béal le leann sinséir!



"Anois a' bhfuilir sásta?" ar seisean.



Thosuigh Aodh ag sgríobadh a mhullaigh agus ag meangadh,
acht níor labhair. Thosuigh cuid de na daoinibh eile
ag gáiridhe.



"Béidh Éire i seilbh Chaitlín Ní Uallacháin fós," arsa
Pilib nuair a chonnaic sé na daoine ag breathnughadh
air, "agus béidh an "Druimfhionn Donn Dílis"
go haoibhneach ar bhántaibh glasa míne Inse Fáil!
Tiocfaidh sé sa saoghal go mbéidh ádh agus sólás ar
Chlanna' Gaedheal ar a dtalamh dúthchais féin. Agus
ruaigfear Seaghán Buidhe bradach as Tír na nGaedheal
chomh cinnte 's shoillsigheas an ghrian 'sna spéarthaibh i
lár an lae ghléigil! Ruaigfear! — agus tubaiste
agus anachain na bliadhna le gach creachadóir a
thuilleas é!" ar seisean.



"A Philib, leig de'n easgainidhe!" ars' an sagart.
"Ní ceart duit tubaiste ná anachain a ghuidhe d'aon
duine beo. Tá sé sin le léigheadh agat sa Teagasg
Críostaidhe. Ná cloisim a leithid uait aríst! Is


L. 62


mór an náire d'fhear ar bith a bhfuil an Teagasg
Críostaidhe aige ó thús go deireadh — agus fear a
bhíos ag fríotháil an Aifrinn! — a bheith ag
losgadh na mionn."



Níor labhair Pilib. Rug ar an gcorn, agus chaith
siar a raibh ann gan breathnughadh ar an sagart.



"An gcualaidh tú an t-amhrán breagh atá ag an
mBuailteoir?" ar seisean i gceann tamaill.
"Chuirfeadh sé sólás ort a chloisteáil."



"Ní chualas," ars' an sagart. "Gabh é, a Mhaitiú.
Tá sé i n'am againn éirghe as an argúinteacht
feasta."



"Táir a' rádh na fírinne," arsa Pilib, "Is
dona an rud leanacht do nídh ar bith ró-fhada."



CAIBIDIL XXX.



RINNCE AGUS CEOL. AN PÍOBAIRE AGUS LIAM
Ó hEITHFEARNÁIN.



"Sguir de'n cheol anois," ars' an tAthair Ó
hAnnagáin leis an bpíobaire, "'s béidh amhrán
againn ó Mhaitiú. Tá sé i n' am agat a bheith tuirseach
ag seinnm ar feadh na hoidhche."



"Nílim i n-an aon amhrán a ghabháil, a mh'anam,
a Athair," arsa Maitiú. "'Ar ndóigh, dhá mbínn
níor ghábhadh a iarraidh orm an dara huair."



"Is breagh binn uait a ghabháil ar do theallach
féin nó ar mo theallach-sa, muis' — má's é sin do
sgéal!" arsa Pilib Ó Laochdha.


L. 63


"Muise, 'ar ndóigh, ní gabháil a bheirim air!" arsa
Maitiú. "Ní theag liom an guth ceart a chur leis."



"Rachaidh mise faoi go dteag, marar imthigh sé ó
aréir uait," ars' an Ceithearnach.



"Anois, a Mhaitiú, déan ann, déan ann!" ars'
an sagart. "Sgaoil chugainn é. 'Ar ndóigh, ní ag
fágháil locht ort a bhéithear annso?"



"Déan, a Mhaitiú, agus Dia go gcuiridh rath ort!"
arsa Pilib Ó Laochdha. "Tá daoine annso ar bís nó
go gcloisidh siad an t-amhrán nuadh atá agat. A
Learaidhe! Bí 'do thost annsin! Tá Maitiú ag dul
ag gabháil amhráin."



"'Sé Brian a bhí ag spochadh asam!" arsa
Learaidhe.



"Tá mise san áirdeall ort-sa, a Bhriain!"
ars' an Ceithearnach. "Leig de do chuid éirghe i
n-áirde sa gcúinne sin má tá an t-ádh in do
chaipín!"



"Ní mise is cionntach acht Learaidhe a bhí ag
glaodhach "spágachán" orm," arsa Brian.



"Marar dhubhairt sé leat acht sin, coinnigh do
bhéal ar a chéile!" ars' an Ceithearnach. "Sgaoil
chugainn an t-amhrán, a Mhaitiú."



"Is fearr dhom féachaint leis, ar chuma 'r bith,
le grádh do'n réidhteach," arsa Maitiú. "Acht
tá faitchíos orm nach bhfuil sé de ghlan-mheabhair
i gceart agam, mar nár thosuigh mé 'ghá fhóghlaim go
dtí athrughadh indé."



Ba bhreagh bog binn an guth a bhí ag an mBuail-
teoir go cinnte. Chuir sé fuinneamh agus spreacadh
leis an amhrán. Bhí meidhir agus croidheamhlacht
ann. Bhí ceol agus binneas ann. Agus bhí an guth
ceart aige leis — ag árdughadh 's ag ísliughadh, ag
láidriughadh 's ag lagadh, de réir mar d'fheil do'n fhonn.



"Sin agaibh anois, "goidé sin do'n hé sin nach
mbaineann sé dhó"," arsa Maitiú nuair a bhí an
t-amhrán críochnuighthe aige.


L. 64


Bhí dháréag 's fiche ag bualadh bos i n-éinfheacht.
Agus moladh Maitiú go mór.



"Nár lagaidh Dia annsin thú!" arsa Pilib
Ó Laochdha. "Bhí 'fhios agam-sa go raibh tú i n-an
a ghabhála. Acht," ar ndóigh, tá eolas ag 'ch uile dhuine
ar an bhfonn sin. Tá sé chomh sean leis an gceo."



"Dhá shine é 'seadh is fearr agus is Gaedhealaighe
é," ars' an sagart, "acht ní chualas an t-amhrán
féin cheana riamh. Bhí sé go rígh-dheas gan bhréig,
agus is breagh a ghabh Maitiú é."



"Tá guth agus glór agus croidhe ag an mBuailteoir agus
go bhfágaidh Dia aige iad!" arsa Pilib.



"Maise go bhfágaidh!" arsa dháréag d'aon
ghuth. "Is meas agus is creideamhaint do'n pharáiste
é!"



Ba ghearr 'n-a dhiaidh sin go dtug an tAthair
Ó hAnnagáin agus na "daoine móra" eile an párlús
ortha féin, agus fágadh an t-aos óg i dteannta chéile
le leanacht dá gcuid grinn. Agus sin é an áit
a raibh an greann agus an siamsa leis an fhírinne a
rádh. Daimhsigheadh go lúthmhar éadtrom deas.
Gabhadh amhráin ghrádha go binn-ghothach. Rinneadh
comhrádh caoin le óg-mhnáibh deasa. Cuireadh cogair
i n-umhal go binn-bhriathrach ós íseall. Bhí soillse
an ghrádha go lonnrach lóchrannach le tabhairt fá
deara i súilibh annso 's annsúd. Bhí lámha dh'á
bhfásgadh agus croidhthe ag preabadh. Bhítheas ag
tuigsint sgéalta gan cainnt agus 'ghá n-innsint
gan focla. Bhítheas! Aithnigheann an tsúil go
leor. Is mór a bheireas sí fá deara. Is mór a thig
léithi a chur i n-umhal. Innsigeann dearc uaithi
go minic sgéal báis nó beathadh, sgéal bróid nó
bróin, sgéal suaircis agus aoibhnis croidhe, nó
sgéal fada ar an donas agus ar an anshógh.
Innsigheann!



Dhaimhsigh Learaidhe nó go raibh sé i gcruth tuitim.
Agus ní shásóchadh an saoghal Brian mara bhfághadh


L. 65


sé féin cead daimhsiughadh ar an mbord mór.
Dhaimhsigh, agus shílfeá go leagfaidhe an teach leis
an ngáire agus leis an mór-ghreadadh bos a bhí
ann an fhad 's bhí sé ag oibriughadh na gcos. Nuair
a bhí an bualadh bos thart isteach le Eibhlín Ní
Dhonnabháin ar thóir Liam Uí Eithfearnáin.



"Tá siad god' iarraidh sa bpárlús," ar sise,
"agus ní bhéidh an tAthair Ó hAnnagáin sásta
go seinnir dóibh an fonn nuadh a chumais le goirid.
Isteach leat go beo. Táthar ag súil leat. 'Ar
ndóigh, tá an fhídeog agat?"



"Tá" arsa Liam. "Acht," ar ndóigh, ní ceoltóir
mise i gcomórtas leis an bhFlaithbheartach, agus bheadh
sgáth orm seinnm 'n-a láthair. Is beag an meas
a bheadh aige orm! Ní bheadh, acht an oiread 's bhí
aige ar na píobairíbh a ruaig sé i dtús na hoidhche!"



"Nach hé an Flaithbheartach is mó atá god'
iarraidh!" arsa Eibhlín. "Cé'n chainnt sin ort?
Agus mhol an tAthair Ó hAnnagáin thú go mór."



"Cé hiad atá sa bpárlús?" arsa Liam.



"Tá an tAthair Ó hAnnagáin agus Mac Uí Luaithe,
's Aodh ann, agus an Ceithearnach féin. Agus, 'ar ndóigh,
tá Nóra Laoide ann! — agus Sibéal. Agus tá Eilís
Ní Mhuirghéis ann anois — agus a Liam, dheamhan
"steár" ag na buachaillíbh 'n-a diaidh! Tá siad
go léir 'n-a diaidh agus ag a iarraidh a bheith 'n-a haice
ó thús na hoidhche. Dheamhan blas áird' aca ar Eilís
Ní Riain le n-a hais, dhá dheise agus dhá ríméadaighe
dhá bhfuil sí. Agus mh'anam go mbíonn súil
na glasóige minic go leor ag Sibéal Laoide ar
Aodh! Agus dheamhan suaimhneas ar bith ag Mac
Uí Luaithe de bhárr Nóra! Tá sí ag faire air mar
bheadh cat ag faire ar luich agus gan goir aige a dhul
anonn ná anall gan í do bheith leis na sála aige."



"Tá tú féin chomh deas le cailín ar bith ann,
a Eibhlín!" arsa Liam.



Bhreathnuigh Eibhlín air.


L. 66


"Anois, a Liam, ná ceap go bhfuilim chomh
díchéillidhe agus go dtiubhrainn áird ar do chuid plámáis!"
ar sise. "Má cheapair, táir ag dul amudha go
mór, bíodh 'fhios agat é!"



"Creid nó ná creid mé — níl mé ag rádh acht
an fhírinne" arsa Liam. "Ní fhacais thú féin
ag damhsughadh an phuirt le Tomás Mac Domhnaill
mar chonnaic cuid againne! Níl cailín sa teach
'n-a daimhseoir chomh maith leat, a Eibhlín. Bíodh
a fhios agat. Tá bród againn asat!"



Níor fhreagair Eibhlín.



Bhfuil Pilib Ó Laochdha sa bpárlús?" arsa
Liam.



"Tá" arsa Eibhlín, "'d eile, cá mbeadh sé acht
leis "na daoine móra!""



"'Meas tú a' ndearnaidh sé dearmad dhá
ghealladh?" arsa Liam.



"Mh'anam go bhfuil faitchíos orm go ndearnaidh.
Tá sé ag ól neart de'n leann sinséir acht sílim
go mbaisteann sé é le braonacha maithe de'n uisge
beathadh!"



"Níl aon bhaoghal meisge air nó go dtosuighidh
sé ag cainnt ar an "uisge coisrig"!" arsa
Liam.



"Tá baoghal meisge ceana mar sin air, muis' —
mar nuair a bhíos-sa ag teacht amach bhí sé ghá innsint
do'n tsagart go gcuireann sé an t-uisge coisrig
air féin gach oidhche sa mbliadhain."



"Ní mór a bheith san áirdeall air mar sin," arsa
Liam. "Sin comhartha go bhfuil braon sa gcoircín
aige."



Chuaidh Liam siar sa bpárlús agus gan mórán
dá fhonn air. Bhí roinnt sgáth' agus faitchís
air. Dhá mbeadh gan an píobaire clúthamhail seo
a bheith sa láthair níor mhisde leis seinnm. Acht
cheap sé nár mhór do dhuine a bheith go rígh-mhaith le
theacht agus seinnm os comhair an Fhlaithbheartaigh.


L. 67


Agus ní raibh aon bharamhail ag Liam é féin a bheith
go rígh-mhaith ná i ngar dhó. Acht bhí sé i bhfad ní b'fhearr
'ná mar bhí baramhail aige dhó féin, agus is minic
amhlaidh é ag fear cúthal dá leithid.



Bhítheas ag gabháil dó nó gur thosuigh sé ag seinnm.
Tháinic loinnir i n'aghaidh, agus lonnradh 'n-a shúilibh.
Chuir sé a chroidhe agus a anam 'n-a chuid ceoil. Agus
sheinn sé an fonn chomh háluinn 's gur chuir sé
iongnadh mór ar an bhFlaithbheartach féin. Níor
labhair an píobaire smid an fhad 's bhí Liam ag
seinnm. D'éist sé go dlúth agus go haireach ó thús
go deireadh. Ní raibh cor ná casadh sa bhfonn nár
thuig sé. Thagadh faoilte an gháire i n'aghaidh ó am
go ham ag chomh mór 's bhí an ceol ag taithneachtáil
leis. Agus nuair a bhí an ceoltóir réidh mhol sé
thar bárr é.



"A Liam Uí Eithfearnáin, is ceoltóir thú agus ná
creid ó'n saoghal nach headh!" ar seisean.



Bhí áthas ar gach duine gur mhol an Flaithbheartach
Liam.



"Bhí 'fhios agam-sa i gcomhnaidhe go raibh mianach
an cheoltóra ann" ars' an sagart. "Níl aon lá
ó bhí airde mo ghlúine ann nach raibh tóir aige ar
an gceol. Cá fhaide ó chumais é sin a Liam?"



"Dheamhan cumadh ná ceapadh a thug mise air, a
Athair" arsa Liam. "'Mo chodladh ar mo leabaidh
'seadh bhíos nuair a tháinic sé 'n-a bhríonglóididhe
in mo cheann, agus bhí sé agam ar maidin."



Dheisigh an píobaire é féin, agus chuir na píobaí
i gcóir.



"Éist leis anois" ar seisean, "go bhfeicidh tú
an bhfuil sé i gceart agam-sa."



Sheinn sé an fonn chomh háluinn 's go seasfá sa
sneachta ag éisteacht leis. Chuir sé áilneacht ar
chroidhe gach duine. Ní raibh 'fhios ag Liam arbh'
'n-a shuidhe nó 'n-a sheasamh a bhí sé le aoibhneas
agus glionndar. Ní chreidfeadh sé gur bh'fhéidir leis


L. 68


a chumadh, ná smaoineadh ar fhonn chomh binn agus chomh
háluinn leis, ó chualaidh sé an píobaire 'ghá sheinnm.
Bhí sé ag éirghe ó thalamh le ríméad. Bhí maoil
ar a chroidhe le áthas. Agus bhí iongnadh an tsaoghail
air cé'n chaoi a mb'fhéidir leis an bhFlaithbheartach
a fhóghlaim mar rinne ar an bpointe boise.



"Ó, ní féidir nó chualais cheana é?" ar seisean.



"Go deimhin, ní chualas" ars' an píobaire,
"acht cloisfidh go leor feasta é. Seinnfead i
mbáireach é i dteach an tsagairt. Agus is gearr go
mbídh eolas ag ceoltóiríbh agus ag píobairíbh na
tíre air. Is fiú é é. Creid uaim-se go mbéidh do
cháil ar fud na tíre dhá bhárr go luath, a mhic ó."



Bhí Liam 'n-a shuidhe ar chathaoir i n-aice le
Mac Uí Luaithe. Anall le Nóra Laoide agus cá
suidhfeadh sí acht ar ghlúinibh Liam! Thosuigh uirthi
ag cainnt le Hannraoi agus bhí ag a iarraidh gealladh
a bhaint de a theacht ar cuairt chuca. D'fhan Liam
socair go leor go ceann tamaill bhig, acht
ba ghearr go ndeachaidh ar an bhfoighid aige.



"Éirigh dhíom!" ar seisean. "Tá mo luirgne
strompuighthe agat, agus mé do mo chrádhadh ag codladh
driúilic in mo chosa!"



B'éigin do Hannraoi tosuighe ag gáiridhe dá
mhíle buidheachas.



"Éirigh!" arsa Liam an dara huair. "Ní
féidir liom fulaingt leis an gcodladh driúilic
níos fuide!"



D'éirigh Nóra, agus d'imthigh léithe mí-shásta go leor.
Shíl sise gur buidheach ba chóir dhó a bheith faoi gur shuidh
"stáid-bhean bhéasach" mar í ar a ghlúinibh. Acht
níor shíl sé féin sin.



Bhí sé 'n-a mheadhon oidhche go díreach anois. Chuir
Maitiú an pláta thart, agus chuir gach duine an méid
a thogair sé féin air le haghaidh na bpíobairí. Chuir
daoine leath-choróin an duine air, daoine sgilling,
agus furmhór na ndaoine eile sé pighne. Bhí maoil


L. 69


ar an bpláta sa deireadh. Annsin rinneadh bailiughadh
ar leith le haghaidh na mbacach a tháinic ag súil le
beagáinín iad féin.



"Tá sé ag éirghe deireannach agus tá sé i n'am ag
cuid againn a bheith ag giorrughadh an bhealaigh a
bhaile" ars' an sagart.



"Tá sé i n'am agam-sa féin a bheith ag triall ar
m'árus agus ar mo leabaidh" ars' an Ceithearnach.



"Béidh Mac Uí Luaithe agus mise leat ar an
bpointe," arsa Aodh.



"Tá Sibéal agus mise ag dul ag imtheacht freisin!"
arsa Nóra Laoide ag baint lán na súl as Mac
Uí Luaithe.



"Béimid go léir i dteannta 'chéile go sroichtear
an Crois-Bhóthar," ars' an sagart, "agus annsin ní
i bhfad a bhéas le dhul ag ceachtar againn."



D'imthigh leob i n-éinfheacht as teach na bainfheise,
thar éis "go mairidh sibh bhur nuaidheacht!" a rádh le
Éamonn agus leis an mnaoi.



Nuair a bhíodar imthighthe cuireadh damhsa ar siubhal
sa bpárlús. Agus roinneadh fíon agus uisge
beathadh go flaitheamhail agus go slachtmhar ortha so
a raibh dúil sa "mbraon" aca, mar bhí fear an
chroidhe mhóir — Maitiú — 'n-a bhun agus 'ghá roinnt.
Bhí gach duine go beo bíodhgamhail, agus go croidheamhail
geal-gháireach — acht an lánamhain nuadh-phósta iad
féin! Bhí an bhean, 's gan focal aici, 'n-a suidhe i
gcúinne léithi féin, agus Éamonn ag éisteacht le
sean — Philib Ó Muirghéis ag cur síos ar Bhliadhain
na bhFranncach i gclúid na cisteanaighe. Ba
chosamhail leis nach raibh blas suime aige 'n-a
bhainfheis féin, ná é ag fágháil mórán sóláis aisti.
Agus focal níor labhair sé leis an mnaoi ó thús
na hoidhche! Bhí sise 's gan mórán suime aici sa
mbainfheis acht an oiread, agus níor chosamhail
léithi go raibh mórán suime aici i nÉamonn — nó má
bhí, ní raibh sin le tabhairt fá deara. Níorbh' é


L. 70


Éamonn Ó Broithe an chéad fhear chuaidh ag déanamh
cleamhnais le n-a hathair. Hiarradh go mion minic
í. Bhí a cleamhnas déanta dó nó trí de chuarta'
agus briseadh é gach uair. Acht bhí dhá chéad punnt
de spré le fágháil aici agus bhí a fhios aici nár strómh
uirthi fear agus gabhaltas maith talmhan fhágháil. Agus
ó bhí an léas ag Éamonn Ó Broithe 'sé fuair í sa
deireadh. Marach go raibh giodán maith talmhan
aige agus é deiseamhail is beag an baoghal go bhfuigheadh
sé í. Bheadh sé fánach aige.



Bhí na buachaillí sa tóir ar Eilís Ní Mhuirghéis
i gcomhnaidhe. Ba mhinic ceathar 'ghá hiarraidh ag
damhsughadh i n-éinfheacht. Bhí Maitiú ag faire go
bhfuigheadh sé faill le beagán cainnte a bheith aige léithi,
acht ní fhuair sé an deis cheart ar feadh na hoidhche — thar
éis a raibh d'fhonn air labhairt léithi. Bhí go leor neithe
ar mhaith leis trácht léithi 'n-a dtaobh. Acht dhá mbeadh
an fhaill féin aige ní bheadh sé de mhisneach aige a
smaointe a nochtughadh mar is ceart os a comhair.
Bhí a sgéal féin aige. Bhí a fhios aige cé mar bhí
tráth, acht ní raibh a fhios aige cé mar bheadh. Bhí a
rún i dtaisge 'n-a inntinn féin, agus ní gábhadh a
rádh go raibh baint aici-se leis an rún sin. Bhí. Agus
b'fhurusta aithne ar gach amharc dá dtug sé uirthi
gur uirthi a bhí sé ag smaoineadh. Acht ní mórán
sóláis a bhí aige de bhárr na smaointe. Chuireadar
brón agus cumha air mar chuireas smaointe dhá
leithid i dtaoibh "an am' fad ó" ar dhuine beagnach
i gcomhnaidhe. Sa deireadh d'éirigh leis faill fhágháil
ar labhairt léithi, acht níor dhubhairt sé acht cúpla
focal dhá mhéad dá raibh aige le rádh.



"Do shláinte, a Eilís!" ar seisean — agus bhog
a chuid súl beagán 'ghá rádh dhó — "go mbeirimid
beo ar an am so aríst!"



B'éigin d'Eilís braoinín beag a ól as a ghloine
agus d'óladar sláinte a chéile.



"Go raibh maith agat!" arsa Maitiú. "Tá


L. 71


an blas níos milse anois ó bhlaisis-se dhi!" agus
d'imthigh.



"Meas' tú céard atá ar Mhaitiú?" arsa Eilís
le Eibhlín i gcogar. "Sílim nach bhfuil sé chomh
croidheamhail 's bhíodh sé roimhe seo."



"Sin é a bhímid féin a rádh," arsa Eibhlín. "Níl
a leath oiread suime i ngreann aige le sgathamh 's
bhíodh. Ní bhíonn fonn air a dhul chuig damhsa ná
báire — pé'r bith cé'n fáth é. Acht buidheachas le Dia
ní rud ar bith atá ar cearr le n-a shláinte."



"Buidheachas le Dia nach headh!" arsa Eilís ag
dearcadh aríst ar Mhaitiú, agus ag baint lán na sul as.
Acht ní thug sé fá deara í. Is gearr a bhí sí ag
dearcadh air nó gur thuig sí, dar léithi, céard a bhí
air. "Tuigeann fear léighinn leath-fhocal."



"Maitiú bocht!" ar sí léithi féin.



"Cé mar thaithnigheas bean Éamuinn leat?"
arsa Eibhlín.



"Ní dhearnas mórán cainnte léithi," arsa Eilís,
"acht nach aisteach an rud a laghad a bhfuil de chroidhe
aici anocht. Shílfeá gur ar tórramh atá sí i leabaidh
a bheith ar a bainfheis féin!"



"Tá Éamonn chomh dona léithi," arsa Eibhlín.
"Dheamhan anonn ná anall a chuaidh sé ar feadh na
hoidhche."



"Acht 'tuige nach dteagann sé agus labhairt léithi
féin?" arsa Eilís. "Tá sé luath acab a bheith ag
seachnughadh comhluadair a chéile!"



"Ara, dheamhan grádh a bhí aca dá chéile!" arsa
Eibhlín. "'Ar ndóigh, chualaidh tú go raibh sé i ngrádh
le Neansaidh Ní Ógáin? Acht cuireadh fá ndeara
dhó a dhul ar thóir na spré."



"Á, a Eibhlín, féach féin gur aisteach an rud
pósadh le grádh do'n airgead 'n-a dhiaidh sin! Is
mairg a cheapfadh gurab é ádhbhar gach sóláis é!"
arsa Eilís.



"Droch-chríoch air mar airgead!" arsa Eibhlín.


L. 72


"Cé'n mhaith do dhuine é mara mbídh sólás eicínt aige
dhá bhárr? 'Ar ndóigh, b'fhearr liom-sa fear óg gan
cíonóg ruadh a mbeadh grádh agam dhó 'ná Ridire
a mbeadh an ghráin agam air. Agus b'fhearr dhom
é freisin acht an grádh fíor ceart a bheith againn féin
dá chéile."



"Ara, anonn leat go dtí í, a Eilís, agus b'fhéidir go
mbiorróchadh sí suas beagán," arsa Eibhlín. "Tá
sí annsin 's gan focal aici ó thús na hoidhche."



Chuaidh Eilís chuici go meangach agus shuidh síos le n-a hais.



"Táir roinnt uaigneach fós, 'ar ndóigh, nídh nach
iongnadh," ar sise. "Acht taithneochaidh an áit go
maith leat nuair a chuirfeas tú aithne ar na comhur-
sanna. Daoine lághacha iad. Agus is gearr a bhéas
an t-uaigneas ort 'n-a measg, feicfidh tú féin."



Níor fhreagair an bhean ná níor labhair focal.



"Acht, 'ar ndóigh, is mór an sólás duit nach
bhfuilir i bhfad ó do mhuinntir féin" arsa Eilís.



"Bhfuil aon rath ar a chuid beithidheach?" arsa
bean Éamuinn.



"Cé na beithidhigh atá i gceist agat?" arsa Eilís
fá iongnadh.



"Cé na beithidhigh a bheadh i gceist agam acht
beithidhigh Éamuinn!" ar sise. "Ní fhacas dhá
laoighín chomh suarach riamh 's chonnaiceas san iothlainn
nuair a bhíomar ag teacht. A leithidí de shuaracháin
bheaga bhídeacha ní fhacas riamh roimhe i n-aon áit!
Tá súil le Dia agam go bhfuil slacht agus teacht i
láthair eicínt ins na beithidhigh. Agus má's d'aon
chineál amháin iad féin agus na laoghannta is dóigh
gur beag le rádh iad! A' bhfaca tusa na laogh-
annta?" ar sise.



"Ní fhacas. Ní thugas fá deara iad" arsa
Eilís ag meangadh.



"Tá siad chomh caol leis an gcat," ar sise, "agus
gan oiread na fríghde ionnta. A leithidí níor facthas
i n-iothlainn m'athar riamh!"


L. 73


"Gabh mo leith-sgéal go fóill" arsa Eilís.
"Caithfead a dhul ar thóir Eibhlín Ní Dhonnabháin."
Agus d'imthigh.



"Níl aon bhaoghal gur briseadh croidhe atá uirthi
ar chuma 'r bith," ar sise le Eibhlín. "Níl tada ag
déanamh imnidhe dhi acht na beithidhigh!"



CAIBIDIL XXXI.



LE FÁINNE GEAL AN LAE.



"A Eibhlín, b'fhearr dhuit-se bheith san aireachas
ar Philib Ó Laochdha," arsa Liam. Ó hEithfearnáin le
Eibhlín Ní Dhonnabháin. "Agus ná leigidh dhó imtheacht
go mbídh duine eicínt i n-éinfheacht leis. Ní mór
a bheith san áirdeall air!"



"Tá baoghal mór air go deimhin!" arsa Eibhlín.



"Nach gcluin' tú é ag cainnt ar an "uisge
coisrig"?" arsa Liam. "Céard a chruthuigheas sin
acht go bhfuil an iomarca istigh aige?"



"Má tá, níl mórán dá chosamhlacht sin air," arsa
Eibhlín.



"Á, go bhféachaidh Dia ar do cheann! 'Ar ndóigh
tá go leor daoine nach n-aithneochadh air an mbeadh
deor n-a bholg," arsa Liam — "le neart a chuid
gleacaidheachta. Mar deir an sean-fhocal, tá sé
"chomh glic leis an madadh ruadh, chomh sleamhain
leis an eascoin, agus chomh milis leis an siúcra." Anois
ar do bhás ná leig dhó imtheacht go mbír leis, nó níl
'fios cé'n bóthar a thóigfeadh sé. Bhéinn féin a bhaile leis
marach go bhfuil orm imtheacht ar an bpointe boise.


L. 74


Caithfidh mé cairt mhónadh a thabhairt 'na bhaile mhóir.
Badh cheart dom imtheacht, tá uair ó shoin ann."



"Fan go n-ólair braon tae ar chuma 'r bith,
arsa Eibhlín. "Béidh Maitiú san áirdeall ar
Philib agus rachaidh siad a bhaile i gcuideacht."



Thug sí dhó cupán tae agus bhí sí leis go mb'éigin dó
an dara cupán ól agus gan mórán dá fhonn air.



"Agus an mbíonn uaigneas ort mar sin, a Liam,
ar na bóithribh uaigneacha leat féin de shiubhal oidhche?"



"Ní bhíonn. Níl aon rud is mó a thaithnigheas
liom 'ná an t-uaigneas anois agus aríst! Nuair
a bhím liom féin i gceart-lár an chriathraigh agus
gan duine, gan deoraidhe, gan bothán, gan baile, in
mo thimcheall, is minic a thagas sólás mór — agus
amannta tagann brón — ar mo chroidhe. Nuair
a bhím i ngleanntán fraochmhar sléibhe sínte siar
liom féin lá breagh fada aoibhinn samhraidh, bím chomh
sásta agus chomh sólásach 's dá mbéinn 'mo Rígh
ar Chúige Mumhan!"



"Agus 'tuige a' mbíonn an sólás agat i measg
na gcnoc nó i ngleanntaibh iargcúlacha an tsléibhe
seachas áit ar bith eile?" arsa Eibhlín.



"Deir Pilib Ó Laochdha gur mar gheall air gur
ceoltóir mé é. Agus b'fhéidir gurab eadh. Acht
pé'r bith cé'n fáth atá leis, a Eibhlín, níl aon áit
is fearr liom a bheith de shiubhal lae ná 'sna gleanntaibh
sléibhe is uaignighe. Nuair a thagas laetheannta
breagha grianmhara an tsamhraidh agus bhíos an
fraoch faoi bhláth agus spéartha áilne neimhe gan
smúit, gan sgamall — nuair a bhíos na héanlaithe go
haoibhneach ag cantain cheoil — agus an ghrian ag
sgairteadh go lonnrach soillseach ar na sléibhte — is
minic a bhuailim amach liom féin ó'n bportach agus
a chaithim an lá go sólásach ag seinnm d'fheadógaibh
an tsléibhe agus d'fhuiseogaibh an aeir. Chítear dhom
go mbíonn na cnuic 's na cnocáin, na gleannta 's
na srutháin ag éisteacht le ceol m'fhídeoige, agus


L. 75


mé liom féin i n-uaigneas an tsléibhe gan de
chomhluadar acht mo smaointe agus an tulchán bán!"



"Agus sin é bhíos tú a dhéanamh i leabaidh a bheith
i n-éadan do phortaigh agus ag baint do chuid
mónadh!"



"Ghním an dá rud," arsa Liam. "Deir Pilib
Ó Laochdha go bhfuilim chomh díthchéillidhe le file. Agus
deir daoine eile gurab aisteach an rud an oiread
sin grádha do bheith agam do'n uaigneas, acht níl aon
neart agam-sa air. An rud a ghrádhuigheas duine
creidim gur cóir dhó leanacht dó — an lá nach bhfuil
aon dochar ann. Agus, 'ar ndóigh, ní dochar a bheith
ag seinnm cheoil 'sna gleanntaibh agus ag éisteacht
le crónán sruthláin ag dul le fánaidh? Acht céard
táim a rádh chor ar bith? Béad deireannach! Nach
orm a bhí an cathughadh nár imthigh i bhfad ó shoin!"
ar seisean go tobann agus amach leis de seársa.



Ghabh an Laoideach dhá amhrán thar a éis sin. Daimh-
sigheadh trí nó ceathair de phuirt, agus annsin
tosuigheadh ag stócáil le dhul a bhaile.



"Tá sé 'n-a lá gheal," arsa Pilib Ó Muirghéis,
"agus thar am a bheith ag dul a bhaile. A Mhaitiú, cuir an
cárr ar an asal dom, le do thoil, agus abair le Eilís
deifriughadh. Mara bhfuil a dóthain damhsa aici
anois, ní lá go maidin é!"



Chuir Maitiú an gléas ar an asal. Chuir faoi'n
gcárr é. Agus sgar gabháil mhór thuighe ar urlár an
cháirr. Ba mhaith leis Eilís a bheith chomh socamhlach
's b'fhéidir é. Agus bhí sí socamhlach freisin sa
gcáirrín. Bhí ceathar buachaillí ag cuidiughadh léithi
ag dul isteach sa gcárr dhi. Agus ní bheadh a fhios
agat céard a bhí aca le déanamh!



"'Tuige nach dteagann tú ar cuairt chugainn
chor ar bith ar an aimsir seo, a Mhaitiú?" ar sise
nuair a bhí sí ag imtheacht.



"Dheamhan a mbíonn d'am agam," ar seisean,
"acht amháin Dia Domhnaigh."


L. 76


"Anois, ná dearmad cuairt a thabhairt orainn
go luath," ar sise. "Béidh áthas mór ar mo shean-
athair seanchus a bheith aige leat."



"Go raibh míle maith agaibh!" arsa Maitiú.
"Rachad soir go luath."



"Tar Dia Domhnaigh seo chugainn," ar sise ag
meangadh.



"Tá báire le bheith againn Dia Domhnaigh seo
chugainn," arsa Maitiú, "agus bhí sé chomh mhaith
dhom an tír fhágáil dhá gclisinn ar na buachaillíbh
eile. Agus freisin béidh orm mé féin fhéachaint ag
caitheamh an uird i n-aghaidh an Chaiptín. Dhá bhfághadh
sé a bhfuil sa mbith bán ní bheadh sé sásta gan
mé fhéachaint. Agus, ar ndóigh, ní loicfidh mise uaidh.
Ní bheadh an deifir air atá marach go bhfuil na
saighdiúirí atá faoi le cur do na hIndiacha', agus béidh
air-sean a dhul 'n-a dteannta, adeir sé."



"Bhfuil na saighdiúirí le himtheacht?" arsa
Eilís ag preabadh, agus ag dearcadh air fá iongnadh.



"Tá," arsa Maitiú.



"Agus nach cuma linne faoi bhonnacha' an diabhail
a theacht nó a imtheacht dóibh!" arsa sean-Philib,
ag bualadh laisg' ó mhaol gualann ar an asal a
chuir ag lúbarnaighil é i lár an bhóthair.



"Is cóir do'n asal bocht a bheith buidheach de na
saighdiúiríbh," arsa Maitiú leis féin. "'Siad is
cionntach leis an mbuille sin a fuair sé!"



Isteach le Maitiú. Bhí go leor de lucht na bain-
fheise imthighthe anois. Acht bhí cuid mhaith daoine sa
láthair fós féin. Bhí Learaidhe ag cur a chraicinn
de ag damhsughadh agus bhí an Laoideach ag feadghail agus
ag casadh puirt.



"Ní fhacas Maitiú ag daimhsiughadh oiread 's
port ó thús na hoidhche," ars an Laoideach le Eibhlín.
"'Tuige nach gcuireann sibh ag damhsughadh é?"



"Is gearr go bhfeicidh tú ag damhsughadh anois é,
nó cinnfidh sé orm-sa," arsa Eibhlín.


L. 77


Anonn léithi agus rug i bhfus 's tall air.



"Is mór an náire dhuit é," ar sise," gan oiread
is port a dhaimhsiughadh ar feadh na hoidhche. Nach
támh-leisgeamhail an mhaise dhuit é, a mhic ó! Nach
tú an sean-duine críon caithte againn le nach
ndaimhseochaidh tú! Níl aithne ort nach thar éis do
mhná a chur i gcill atáir! Amach leat annso i lár
an urláir agus ná bí annsin in do leoiste níos fuide!"



"Nár lagaidh Dia thú, a Eibhlín!" ars an Laoideach.



"Seas amach ar m'aghaidh mar sin!" arsa Maitiú le
n-a dheirbhshiúr, "agus daimhseochad ar deireadh thiar
féin."



""Is fearr go deireannach 'ná go bráthach,""
ars' an Laoideach. "Is maith anois féin é."



Amach le Maitiú i lár an urláir go beo líomhtha.
Sheas Eibhlín ar a aghaidh. Rugadar ar dhá láimh ar a
chéile. Thug a n-aighthe ar na daoinibh, agus d'umhluigh go
múinte do'n phíobaire agus dhá raibh i láthair. Socruigheadh
doras mór leathan i lár an urláir. Sheasadar amach
ó chéile ar an doras. Bhreathnuigheadar féin ar a
chéile. Agus d'fhiafruigh Maitiú de'n phíobaire an
raibh sé fá réir.



"Táim anois," ars' an píobaire. "Acht céard is
fearr libh?"



"Bhfuil an "Londubh" in do mhála?" arsa
Maitiú.



"Tá — nó is gearr ó d'fhág sé é," ars' an píobaire.



Thosuigh an ceol agus níor leis na daimhseoirí a
b'fhaillighe é. 'Siad a bhuail cos air go lúthmhar
cliste éasgaidh. Ní raibh iongnadh ar bith le fágháil
acht an Buailteoir ag leagan na gcos, anois deiseall,
annsin tuaithbheall, anois leis an tsáil, aríst le
bárr na bróige, ar gach siolla, gach cor, agus gach casadh
de'n "Londubh," chomh réidh agus chomh cliste agus chomh
héadtrom-chosach agus go mbadh dhóigh leat nach
mbrisfeadh sé ubh fá n-a chosaibh. Agus bhí Eibhlín
thar cionn freisin. Níor facthas cheana riamh daimh-


L. 78


seoir "chomh lúthmhar éadtrom deas" ar bhainfheis i
gCnoc na nGabha. Gheall Dia croidhe mór, misneach,
agus spioraid di. Bhí cleachtadh aici ar an damhsa ó
bhí sí beag bídeach. Agus is beag oidhche áirneáin a
leig sí féin agus Maitiú tharta le bliadhanta gan
damhsa eicínt a chleachtughadh ar a dteallach féin.
Shílfeá go minic nach rabhadar ag leagan cos ar
bith ar an doras. Is beag nach dtiubharthá an leabhar
go mbídís anois agus aríst ag baint torainn as gan cos
ar bith a bhualadh air. Bhí an damhsa aca go díreach
mar a chéile. Níor chuir ceachtar aca cor dhe nach
ndearnaidh an duine eile. Bhí bród ag gach duine
asta. Agus dhá mbeadh a máthair sa láthair bheadh
mór-ríméad uirthi a mac agus a hinghean fheiceál ag
damhsughadh mar bhíodar.



"Maise, croidhe do'n Bhuailteoir!" adeireadh
duine.



"Dia le Eibhlín!" adeireadh duine eile.



"Faoi do chois é, a Mhaitiú!" a d'fhuagruigheadh
duine eile.



"Goirm go deo sibh!" arsa Pilib Ó Laochdha nuair
a bhíodar críochnuighthe. "Chuir sé sólás ar ár
gcroidhe a bheith ag breathnughadh oraibh. Mo ghoirm
go héag bhur gcnámha! 'Siad atá acluighthe agaibh i
Nach bhfuil damhsa mar sin i n-an bláth na hóige a
chur ar shean-duine críon caithte? Anois, a ghearr-
chailí, cá bhfuigheadh sibh fear chomh croidheamhail leis
an mBuailteoir — slán a bhéas sé agus nár fheicidh súil
droch-dhuine é! Is ait agus is áidhbhéil go léir an
éadtruimeacht agus an chlisteacht atá in do chosaibh, a
Mhaitiú, agus deirim-se gurab agat atá an smacht ortha,
dhá thruime d'fhear thú, bail ó Dhia ort! Agus ní
náire dhuit do dheirbhshiúr, leabhar so! Agus ní
náire dhíbh féin a chéile. Is meas agus is creideamhaint
do Chnoc na nGabha an bheirt agaibh — 'seadh sin.
Nuair a bhíos-sa in mo bhuachaill óg is iomdha cailín
ar dhaimhsigheas léithi agus is iomdha áit a rabhas ag


L. 79


damhsughadh, acht ní fhacas fós riamh an óig-bhean a
gheobhadh an ceann is fearr ort-sa, a Eibhlín Ní
Dhonnabháin!"



"Ní chuirfeadh an saoghal srian le n-a theangaidh
nuair a bhíos an iomarca de "shugh an ghráin eorna"
istigh aige!" arsa Eibhlín i gcogar leis an Laoideach.



"Nuair a bhíos-sa in mo fhear óg mar thusa, a
Maitiú, ní raibh de chailleadh orm ag greadadh urláir,"
arsa Pilib. "Acht ní thig leis an óige ná le croidheamh-
lacht na hóige maireachtáil i gcomhnaidhe. Fairíor
nach ró-luath i gcomhnaidhe a imthigheas siad! Nach
ró-ghearr a mhaireas siad — na laetheannta aoibhinne
a bhí againn i n-aimsir ár n-óige — agus a thagas
buaidhreadh agus anshógh agus anró an tsaoghail seo 'n-a
leabaidh! Mo Nóra bhocht!" ar seisean go tobann
agus líon a shúile le deoraibh 's focal eile níor labhair.



"A Philib, tá sé i n'am againn a bheith ag dul a
bhaile anois," arsa Maitiú ag teacht anall go dtí é.
"Ná bí ag cainnt mar sin. Tiocfaidh croidheamhlacht
na hóige ar ais chuig Nóra le congnamh Dé, feicfidh
tú féin."



Ní thug acht cúpla duine fá deara Pilib ag silt
na ndeor, agus ní chualaidh acht beirt nó triúr é ag
a rádh "Mo Nóra bhocht!"



"Tá an ghrian 'n-a suidhe," arsa Maitiú "agus é thar
am againn a bheith ag dul a bhaile."



Fágadh céad slán agus míle beannacht ag Éamonn agus
ag a mhnaoi. Guidheadh gach sonas agus gach sólás dóibh.
D'ól go leor "sláintí" a chéile, agus "deoch an dorais"
ag imtheacht. D'fhág sean-cháirde míle slán ag a chéile.
Agus labhair cáirde óga go caoin le chéile ag sgaradh.
Dubhairt gach duine "go mairidh sibh bhur nuaidheacht!"
leis an lánamhain phósta. Hinnsigheadh dhóibh chomh
mór 's thaithnigh an bhainfheis le gach duine. Agus
buaileadh amach as tigh Éamuinn Uí Bhroithe go moch
ar maidin. Anois ghnímid féin comh-gháirdeachas
le Éamonn agus le n-a mhnaoi ar deireadh thiar. Thaithnigh


L. 80


a bhainfheis linn go mór. Níor mholamar agus níor
cháineamar acht de réir mar tuilleadh. Fágfamuid
míle slán ag lucht na bainfheise freisin. Guidhmid
go leor bainfheiseach fíor-Ghaedhealach a bheith sa tír
sul dá gcaithtear an bhliadhain. Agus guidhmid
Dia ag cur rath agus séan, sonas agus sógh ar gach Gaedheal
a bhuaileas fá'n bpósadh, "ó anocht go bliadhain ó
anocht agus anocht féin!"



CAIBIDIL XXXII



AR BHÓTHAR UAIGNEACH CHLUANA MEALA



Chuaidh Liam Ó hEithfearnáin a bhaile ó'n mbainfheis
fá bhog-dheifir mhaith. Moill ní dhearnaidh sé gur
shroich sé a bhotháinín beag uaigneach féin ar bhóthar
iargcúlach an phortaigh. Ní raibh duine ar bóthar
ná ar bealach ag teacht dó. Solus ní raibh le feiceál
i bhfuinneoig aon tighe. Bhí an oidhche go han-chiúin —
dhá ghairbhe dhá raibh sé dhá lá roimhe sin. Ní raibh
puth as aer. Bhí gach rud ar suaimhneas an tráth so
d'oidhche. Ní raibh de thorann le cloisteáil ag Liam
acht crónán an tsruthláin i ngar dhó agus glór an
easa i bhfad uaidh. Oidhche bhreagh aoibhinn ghealaighe
a b'eadh í. Bhí sé thar am mharbhtha na hoidhche anois,
agus níorbh' fhada go mbeadh sé ag déanamh lae.
Ní raibh an "Streoilín" le feiceál agus bhí na réalta
ag dul as amharc i leabaidh a chéile.



Bhí 'fhios ag Liam go mbadh é a chloch nirt a bheith
i gCluain Meala i n-am leis an móin, agus bhí sé 'n-a
dheabhaidh mhóir agus 'n-a chruadhóig air. Thóig sé an
eochair as puillín beag fá'n díon os cionn an dorais.


L. 81


Bhain an glas, agus isteach leis 'n-a theachaín féin. Solus
ná léargus ní raibh roimhe. Ní raibh dé ná deatach
sa teach, ná aithinne sa gcoigilt. Tharraing sé
bosga lasóg as a phóca. Rug ar shliseoigín thirm
ghiúsaighe, agus las í.



"Is mairg d'íosfadh ná d'ólfadh luach an
tsoluis! Míle glóire le Dia níl aon rud ann mar
é!" arsa Liam nuair a chonnaic sé an lasair bhreagh
shoillseach a bhí ar an tsliseoig. "Acht tá sé air
agam-sa agus agat-sa, a mhúille, brostughadh orainn.
Béithear ag súil linn. Tá bóthar fada romhainn.
Agus is fada an choisméig as seo go Cluain Meala,
mar tá 'fhios agat. Bímis ag ullmhughadh mar sin
i n-ainm Dé."



Chraith an múille a cheann ag cur i gcéill gur
thuig sé féin an sgéal ceart go leor agus go raibh réidh
leis an aistear a thabhairt.



Chuir Liam an gléas air. Chuir fá'n gcárr é agus
níorbh' fhada go rabhadar ag giorrughadh an bhealaigh.



"Maise, go cinnte, is uaigneach an bóthar é seo —
agus ní bréag a rádh gurab eadh!" arsa Liam leis
féin. "Ní bheadh 'fhios cé aca is uaignighe an bóthar mór
nó an criathrach. Is beag nach hionann dóibh. Acht
ní aon tsuim san uaigneas atá agam-sa, go deimhin
ní headh, agus d'innsigheas sin do Eibhlín ag an mbainfheis.
Acht is ait an rud é, mar uaigneas, mar sin féin.
Agus 'sé an t-uaigneas croidhe is measa! Nuair
a bhíos an t-uaigneas sin ag gabháil do dhuine bíonn
saoghal uaigneach aige dhá mbeadh sé i measg na mílte
gach lá. Bíonn. Agus b'fhéidir gurab uaignighe a
chroidhe 'n-a lár 'ná dhá mbeadh sé 'n-a chadhan aonraic
leis féin. Nár mhór é uaigneas Oisín i ndiaidh na
Féinne? Nár mhór a chumha agus a chathughadh 'n-a ndiaidh?
Agus cé'r bh'iongnadh é? Mar deir Pilib Ó
Muirghéis ní raibh an áit seo chomh huaigneach 's tá
am de'n tsaoghal. Is fairsing a bhí tighthe i leath-
taoibh an bhóthair. B'fhurusta d'fhear bóthair 's


L. 82


bealaigh greim agus blogam agus lóistín na hoidhche
fhágháil ann. Acht fairíor! d'imthigh an sean-
tsaoghal. Níl teach ann anois 'n-a bhféadfadh
duine a phíopa a dheargadh. Is gearr go mbídh
an áit i n'aon fhásach amháin gan duine gan
deoraidhe — cé is moite do shean-Philib. Níor
leig an faitchíos dóibh drannadh leis-sean?
Maise, nár lagaidh Dia do chabhail annsin, a
Philib! Fairíor géar, gan thú i n-aois do chúig
mbliadhan fichead agus leath-chéad míle buachaill againn
ded' leithid! Nach ann a bheadh an greadadh, an
rúsgadh, an smíochadh agus an tréan-tuairgint!
Bainfidhe deatach as Seaghán Buidhe an uair sin!
Acht bainfear cnead agus osnadh ó chroidhe as fós,
agus go mbaintear! Nár leigidh Dia nach mbainfidhe
díoghaltas as ar son gach treasgairte agus gach géar-
leanamhna dá dtug sé dhúinn ó'n gcéad lá ar chuir
sé a chrúba móra sanntacha 'n-ár dtírín dúthchais.
Sin é thuas an áit a raibh teach Mhícheáil Uí Bhriain,
an duine bocht! Go bhfóiridh Dia na trócaire ar gach
duine a dtastuigheann sé uaidh! Nach iomdha deoch
bhreagh bhainne d'ólas 'n-a theach! Agus nárbh'
fháilteach subháilceach an áit bualadh isteach chuca?
Ní fhacas aon bhean riamh ba fhlaitheamhla agus ba
ghnaoidheamhla 'ná í féin — an bhean bhocht — Dia le
cabhair chuici! Nár dheas te teolaidhe é a dteach lá
de'n tsaoghal sul dár bhuail an tighearna bradach
sin fútha? Agus nach beag le cois na sláinte ag mo
Mhícheál bocht anois? Acht níl neart aige air!"



Is gearr gur shroicheadar an sruthán 'n-ar ghnáthach
leis an múille a thart a choisgeadh i gcomhnaidhe ag
dul go Cluain Meala dhó. Níor dhearmad sé anois
féin cor a thabhairt nuair a tháinic sé go dtí an áit.
D'ól sé deoch agus leig a sgíth ar feadh tamaill bhig.



Sheas Liam le n-a thaoibh. Dhearc uaidh ar bhruach
an tsrutháin taobh thall agus leig osnadh.



"Nach maith is cuimhneach liom an lá fad ó ar casadh


L. 83


í féin agus mé féin ar a chéile ag an sruthán so!" arsa
Liam leis féin. "Ní dheachas thairis ó shoin gan
cuimhniughadh uirthi agus ní rachad an dá lá is beo
mé. Nár chroidheamhail láidir an cailín í an lá úd!
Nár bheag an chosamhlacht tinnis ná donachta a bhí
uirthi! Nár lághach geal-gháireach, nár mhisneamhail
croidheamhail í! Agus nár dheas an seanchus a bhí
againn le chéile annso go díreach! Á, nár bheag an
ceapadh a bhí agam gurbh' é an uair dheireannach aici
é ag teacht go dtí an sruthán so! Agus ní shiubhailfidh
sí go dtí é go deo aríst — mara bhfuil ag Dia! Nóra
bhocht! Go bhfóiridh Dia uirthi! Nach Aige a bhí sé
le n-a haghaidh! Nach sílfidhe nach leagfadh Dia ar
lár í, mar rinne, go húr óg i dtús a maitheasa — agus
gan inghean ag a máthair acht í! Acht cé'n mhaith
a bheith ag dul i n-aghaidh tola Dé? B'fhéidir gurab é
a leas é! Acht cá bhfios dúinn? Cá bhfios dúinn?"



Chuir Liam a lámha suas ar a éadan agus ghuil go
bog úr. Tháinic na deora 'n-a mbraonachaibh móra
le n-a shúilibh. D'fhan sé 'n-a sheasamh annsin ag
smaoineadh. Níor chorruigh nó gur bhain an múille
amach dá dheoin féin. Ní ar an múille ná ar an
móin a bhí Liam ag cuimhniughadh an móiméad sin cois
an tsrutháin. Níorbh' eadh — acht, mar tá 'fhios agat,
a léightheoir dhil, bhí sé ag smaoineadh ar chailín óg
áluinn a bhí mar chara agus mar chompánach aige nuair
a bhí sí 'n-a gearr-chaile — óig-bhean a raibh gean agus
grádh aige dhi i gcomhnaidhe 'n-a chroidhe istigh — maighdean
aoibhinn óg sgathamh gearr ó shoin, acht fairíor! —
cláiríneach bocht gan lúthad gan spreacamh gan
sláinte anois! Bhí níos mó grádha i dtaisge 'n-a
chroidhe dhi anois 'ná mar bhí riamh. Acht má
bhí an croidhe lán de ghrádh bhí sé lán freisin de'n
"uaigneas" ó'n gcéad lá ar bhuail an donacht agus
an droch-shláinte Nóra Ní Laochdha!



D'imthigh leis an múille agus le n-a chinnire go mín
réidh socair thar a éis sin. Bhí árd mór amach rómpa


L. 84


anois. Chuaidh Liam i ndeireadh an cháirr agus sháith leis
an múille. De bhárr an áird chonnaic sé solus i dtigh
Philib Uí Mhuirghéis.



"Is mór an t-iongnadh nach 'n-a gcodladh atá siad
an tráth so," ar seisean. "Acht is dóigh nárbh' fhiú
leob é thar éis na bainfheise. Nach fearr dhom rith suas
agus mo phíopa a dheargadh."



Suas leis an bóithrín. Bhí ag dul isteach an geata
beag go díreach nuair a buaileadh go tobann buille
cruaidh treasna na luirgne air. Buaileadh aríst agus aríst
eile é agus crádhadh go croidhe é. Bhreathnuigh sé
faoi agus thairis acht bhí an áit chomh dorcha 's nach
bhfaca sé duine ná beithidheach ná nídh dhá laghad.
Tagadh air go tobann de rith reatha aríst. Buaileadh
buille mór eile go teann cruaidh aniar sa leath-
deiridh air agus baineadh crathadh mór as. Tagadh
air an tríomhadh huair. Buaileadh caol díreach
'sna hiosgadaíbh é agus is beag nár cuireadh amach
ar a bhéal 's ar a fhiaclaibh ar an tsráid é.



"Do chraiceann bruithte feannta ag an gcleabhar.
An ag iarraidh mo mharbhtha atáir?" arsa Liam
go hárd-ghlórach feargach. "A chladhaire shalaigh —
pé'r bith cé thú féin! Seas amach, má's fear thú, agus
ná bí ag a iarraidh mé a dhonughadh go fealltach! Seas
amach annso agus déan do dhícheall! De'n D--l is
móide a mbeadh de mo bhárr-sa agat, a mhic ó! Seas
amach!" ar seisean ag caitheamh dhe a chóta.



Acht freagra ní fhuair. Torann ní chualaidh.
Sheas sé gan cor a chur dhe. D'éist go haireach. Acht
duine ní fhaca. Annsin bhuail sgannradh é.



"Sábháil Dé orainn! Céard a bhí ann chor ar
bith?" ar seisean.



"Meig, geig, geig, geig," arsa rud eicínt ag an
ngeata.



D'iompuigh Liam thairis. Bhreathnuigh. Chonnaic sé
gabhar Philib Uí Mhuirghéis ag bualadh isteach an
geata.


L. 85


"Maise, crochadh árd lá gaoithe chugat agus bearradh
salach Sathairn — má's tusa atá annsin!" ar seisean.
"Sgread mhíle mhaidne annsin ort mara'n tú an
fealltóir! Is beag a bhéarfadh orm an smig shalach
shuarach a ghearradh dhíot anuas, a rud fhéasógaigh
ghránda!"



Ag dul thar fhuinneoig na cisteanaighe dhó baineadh
geit as. Acht níorbh' é an gabhar a casadh 'n-a
bhealach anois. Istigh sa teach 'seadh chonnaic sé an
rud a chuir iongnadh air. Nuair a thug sé an tsúil
thairis ag dul thar an bhfuinneoig dhó chonnaic sé fear
mór istigh sa gcisteanaigh. Bhí casóg dhearg air fá
chnaipí buidhe ar dhath an óir. Sheas Liam ag an
bhfuinneoig fá iongnadh. Bhí an doras ó thuaidh
fosgailte. Bhí fear mór na casóige deirge ag cainnt
le Eilís agus i ngreim láimhe innti.



Saighdiúr!" arsa Liam! "Mh'anam gurab eadh!
Céard a chas an bealach so é, nó céard a thug ar
a tóir é chor ar bith?"



Chonnaic sé an saighdiúr ag fágáil "slán" ag
Eilís. B'fhurusta aithne go raibh sé ag cainnt go
caoin grádhmhar léithi. Sa deireadh chuir sé air a
chathbhárr agus amach leis.



Chonnaic Liam é ag imtheacht. Chonnaic sé Eilís Ní
Mhuirghéis istigh 'n-a suidhe síos. Bhí a lámha ar a
héadan. Ba chosamhail go raibh sí ag smaoineadh.
B'fhéidir go raibh áthas uirthi. B'fhéidir gur náire a bhí
uirthi. Ní raibh a fhios ag Liam céard a b'fhearr dhó
a dhéanamh. Níor mhaith leis go gceapfaidhe gur ag
faire ortha a bhí sé. Agus ceapfaidhe sin dhá
n-imthigheadh sé gan a dhul isteach. Mar sin, d'imthigh
leis timcheall ó'n bhfuinneoig agus isteach leis.



"Go mbeannuighidh Dia annso!" arsa Liam.
"Bhuaileas isteach leis an bpíopa a dheargadh."



"'Sé do bheatha, a mhic ó!" arsa bean óg a bhí
'n-a suidhe sa gclúid.



Ní fhaca Liam ise go dtí sin. Cailín mór ramhar


L. 86


láidir trom teann a b'eadh í. Peig Ní Bhrádaigh a
b'ainm dhi.



"Rabhais ar an mbainfheis, a Liam?" ar sise.



"Bhíos," arsa Liam. "Bhí an-oidhche ghrinn againn.
'Tuige nach rabhais féin ann?"



"'Tuige nár hiarradh orm a theacht?" ar sise.



"Nach luath atá sibh sa mbaile?" arsa Liam le
Eilís.



"Níor mhaith le mo shean-athair fanacht ró-
dheireannach," ar sise. "Níor cheapas go bhfanfadh
sé leath chomh fada."



"Raibh Maitiú Mór Ó Donnabháin ann?" ars'
an bhean ramhar.



"'Tuige nach mbéadh?" arsa Liam. "Nach hé
a sheas le Éamonn?"



"An t-amadán bocht!" ar sise ag dearcadh ar
Eilís. "Shílfeá go bhfuil sé sáthach sean le ciall a
bheith aige feasta — rud nach bhfuil. Raibh Siubhán Nic
Lochlainn ann?"



"Bhí," arsa Liam.



"Suidh síos agus déan do chuairt, a Liam," arsa
Eilís.



"Ara, déan!" ars an bhean mhór. "Ar ndóigh, ní
tuirseach ded' chomhluadar atá cuid againn? Suidh
síos annso le m'ais ar an stól."



Dhearg Eilís agus focal níor labhair.



"Caithfead imtheacht," arsa Liam. "Dheamhan
fhios agam céard is cor do'n mhúille ar an bhfaid seo.
D'fhágas amuigh i lár an bhóthair é. Agus tá orm a bheith,
i gCluain Meala go moch ar maidin. Slán agaibh!"
ar seisean agus d'imthigh.


L. 87


CAIBIDIL XXXIII.



LIAM Ó hEITHFEARNÁIN AGUS AN SAIGHDIÚR



Ba ghearr a bhí siubhalta ag Liam Ó hEithfearnáin
nuair a casadh air an saighdiúr.



"Go mbeannuighidh Dia dhuit!" arsa Liam.



"Go mba hé dhuit!" ars' an saighdiúr.



"Is mór an t-iongnadh nach "Dia 's Muire dhuit"
adubhairt sé," arsa Liam leis féin, "acht is dóigh
nach Caitliceach é."



"An as an gceanntar so dhuit-se?" ars' an
saighdiúr.



"'Seadh," arsa Liam. "Rugadh 's tóigeadh mé
taobh thall de'n chnoc sin."



"Bhfuil aon eolas agat ar na daoine ha, chomh-
nuigheas sa teach 'n-a bhfeiceann tú an solus?"



"Tá. Sin é teach shean-Philib Uí Mhuirghéis — an
figheadóir."



"'Mbéir ag dul i bhfadh an bealach so?" ars'
an saighdiúr.



"Béad," arsa Liam. "Go Cluain Meala atá
mo thriall fá láthair."



"Is ann atáim-se ag dul freisin," ars an
saighdiúr. "Béimíd i gcuideacht, a chara."



Níor fhreagair Liam. Bhreathnuigh an saighdiúr
go grinn air agus bhain lán na súl as.



"Is fiadháin an dream sibh timcheall na háite
seo!" ar seisean.



"Deireann daoine áithride gurab eadh," ars
Liam. "Acht ní chreidim féin go bhfuilmid níos
fiadháine 'ná dream ar bith eile."



"Nach bhfuil inghean ag an sean-fhear a chomhnuigheas
sa teach sin a bhfuil an solus ann?"


L. 88


"Níl," arsa Liam. "Tá óig-bhean sa teach acht
ní inghean dó í. Is dóigh gurab í Eilís Ní Mhuirghéis
atá i gceist agat."



"'Sí," ars' an saighdiúr. "Shíleas gurab inghean
dó í."



"Ní headh, acht inghean dá mhac," arsa Liam.
"Agus is deas gleoite an cailín í freisin."



"Dheamhan bréag annsin," ars' an saighdiúr.



"Ar mhisde dhom a fhiafrughadh dhíot an bhfuil eolas
agat uirthi?" arsa Liam.



Bhreathnuigh an saighdiúr go grinn air arís agus níor
fhreagair go ceann tamaill bhig.



"Tá," ar seisean. "Bhí aithne 'gus eolas agam
uirthi i mBaile Átha Cliath."



"Ó, an mar sin é?" arsa Liam. "Is gearr
sa mbaile í."



"Cé hí an bhean eile atá ag comhnaidhe sa teach fá
láthair i n-éindigh le Eilís?"



"Peig Ní Bhrádaigh," arsa Liam. "Tá sí i ngaol
do shean-Philib."



"Is lághach an bhean í," ars' an saighdiúr.



"Dheamhan a bhfuil de mhórán anachain' innti,
sílim," arsa Liam.



"Chualaidh mé go bhfuil an ghráin shíorraidhe ag an
sean-fhear ar na saighdiúiríbh."



"Má tá — ní gan fáth é," arsa Liam ag bualadh
laisge treasna an chaithrín ar an múille.



Bhiorruigh an múille a chluasa, chraith a iorball
agus bhain amach sa siubhal.



Shiubhaileadar leo cos ar chois gan focal eile a
labhairt go ceann sgathaimh. Acht níorbh' fhada gur
baineadh geit asta. Chonnaiceadar fear ag rith
chom tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é sa ngarrdha
i leath-taoibh an bhóthair. Bhí sé 'n-a mhaoil. Ní raibh
casóg ná cóta air. Bhí sgéin 'n-a shúilibh. Ba
chosamhail é le duine a mbeadh saobhchan céille air,
nó duine a bheadh thar éis éáluighthe as Teach nah nGealt.


L. 89


"Ó! as a chéill atá sé go cinnte," ars' an
saighdiúr.



Tá rud eicínt air," arsa Liam. "Marach go
bhfuil, ní bhéadh sé ar an obair sin. Ní' mé cé hé
chor ar bith? Agus 'tuige bhfuil sé ag rith mar sin?
Dar fiadh! is dóigh gur as a chéill féin atá an duine
bocht."



"Níl splannc chéille 'n-a cheann, a chara. Creid
uaim-se sin. Is fiú a leithid sin d'fhear a sheachaint,"
ars' an saighdiúr.



"Mo chraiceann ag Dia na nGrást — gurab é
Mícheál Ó Briain bocht atá ann!" arsa Liam.
"Aithnighim anois é. Leigfead glaoidh air."



Leig, agus tháinic Mícheál chuca.



"Céard sin a bhí ort chor ar bith, i n-ainm Dé, ag
rith mar sin?" arsa Liam.



Bhreathnuigh Mícheál ar an saighdiúr agus tháinic sgéin
'n-a shúilibh. Tháinic droch-chosamhlacht air. Acht má
tháinic níorbh' le faitchíos é. Níorbh' eadh. Bhí fáth
eile aige leis. Nár ghearr ó chonnaic sé na saighdiúirí
cheana! Nárb' aige a bhí 'fhios céard a rinneadar
ar a dturas deireannach san gceanntar! Agus
nárbh' aige bhí a ádhbhar? Tháiniceadar sgathamh gearr
roimhe sin do'n pharáiste. Bhuaileadar isteach na
tighe chuige. Chrochadar 'un bealaigh a chuid trosgáin
agus 'ch uile luach feoirlinge dhá raibh faoi chaolach an
tighe aige. Thiománadar leob a chuid beithidheach.
Níor fhágadar punann tuighe, ná dornán coirce, ná
gabháil fhéir dá raibh san iothlainn aige, gan tabhairt
'un bealaigh i gcairteachaibh an tighearna talmhan.
Chaitheadar é féin agus a bhean bhocht agus a pháistí amach
i leath-taoibh an bhóthair fá fhuacht agus faoi dheártan.
Chuireadar gróití fá'n sean-teach a bhí ag a athair
agus ag gach athair dhá dtáinic roimhe le dhá chéad bliadhain,
agus níor fhágadar cloch dhe gan leagan go dtí an
chloch íochtair! Arbh' iongnadh mar sin go dtáinic
sgéin 'n-a shúilibh nuair a chonnaic sé an saighdiúr


L. 90


so? Arbh' iongnadh gur chuir sé an "droch-
chosamhlacht" air féin?



D'aithnigh an saighdiúr go maith air nár lugha'r
leis an mac mallachtain féin a fheiceál 'ná casóg
dhearg shaighdiúra.



"Ar cuairt chuig caraid 'seadh bhíos-sa," ars' an
saighdiúr. "Agus ar mo bhealach ar ais casadh fear
an cháirr orm 's támuid i n-éinfheacht ó shoin."



"Sin í an fhírinne," arsa Liam.



Níor labhair Mícheál go ceann tamaill. Thar éis
sgathaimh ag smaoineadh dhó thosuigh ag cainnt.



"Is dóigh gur shíl sibh gurbh' as mo chéill a bhíos,"
ar seisean, "nuair a chonnaiceabhar ag rith mé.
Acht míle buidheachas do Dhia ní aon easbaidh céille
atá orm — cé gurab iomdha duine a gcuirfeadh
ceathramha cuid a mb'éigin dom-sa fhulaingt thar
bhárr a chéille é. D'fhuaduigh an ghaoth mhór a bhí ann
athrughadh aréir na sgrathacha de thaobh de'n chró beag
orainn agus níor fhéadas caoi ná cuma a chur air
ar feadh an lae indé. Meas' tú nár thuit leath-
taobh dhe fré chéile isteach i lár an mheadhoin oidhche!
Bhíomar préachta dallruighthe leis an bhfuacht agus
ó bhí duine de na páistíbh beaga tinn b'éigin dúinn
bunáite a raibh d'éadach leabtha ag gabháil linn a
chur fúithi 's thairti le n-a coinneál te. Dhúisigheas
féin as mo chodladh tá uair ó shoin ann agus mé ar
creathadh ar nós na bog-eidhinne. Bhí drioganna
fuaicht in gach ball de mo chorp, agus cheapas nach
raibh caoi ar bith a b'fhearr leis an bhfuacht a chur
amach as mo chreatacha 'ná éirghe amach agus mé fhéin
a théitheadh ag rith mar chonnaic sibh mé. Nach
bhfeiceann tú féin an bhail atá ar an gcró beag thar
éis na hoidhche?"



Bhíodar anois ar aghaidh an chroithe bhig. Bhí go
leor de'n díon fuaduighthe de thaobh dhe, agus na sgrathacha
leis. Agus ní raibh na sgrathacha féin 'n-a seasamh ar
chuid de'n taobh eile. Sguab an gála 'un bealaigh


L. 91


iad. Tháinic crádh croidhe ar Liam nuair a chonnaic
sé an bhail a bhí air. Agus tháinic deora ó n-a shúilibh
le truaigh do Mhícheál bocht. Ba ghearr ó bhí teach
deas te téagarthach aige agus a dhóthain féin agus dóthain
a mhuirghine de mhaoin shaoghalta. Agus anois ní
raibh aige acht comhnaidhe i gcró beag suarach gan
'fhios aige cá bhfuigheadh sé greim ná blogam dhá
pháistíbh beaga laga agus dhá mhnaoi bhoicht a bhí go tréith-
lag tinn. Nár chóir dhó a bheith buidheach de'n tighearna
talmhan dúr-chroidhtheach a chuir an bhail sin air?
Nár chóir go mbeadh gean aige ar an dlighe a dhíbir as
teach agus as talamh a shinnsir é?



"Caithfidh mé a dhul isteach anois," arsa Mícheál.



Ní raibh na focla baileach as a bhéal nuair a bhuail
racht mhór thollta chasachta é, agus thosuigh sé ag
sgárdadh fola aniar as a sgórnach! Tháinic creathadh
mór air agus marach Liam a rug greim air thuitfeadh
mo dhuine bocht i lár an bhóthair.



"Ó, a Liam, cuidigh liom go sroichead an doras.
Táim an-lag!" ar seisean.



Chuaidh Liam isteach leis. Chuirfeadh an t-amharc
a bhí os a chomhair na clocha glasa ag silt na ndeor.
Acht chuirfeadh sé an iomarca dóláis ort, a léightheoir
chroidhe, dá gcuirtí síos go cruinn ar an gcaoi
bhí ar mhuinntir an tighe — nó muinntir an chroithe
badh chóir dhúinn a rádh. Bhí an bhean bhocht tinn. Bhí na
páistí dallruighthe leis an bhfuacht agus stiúgtha leis
an ocras. Bhí an páiste a b'óige go dona tinn agus
gan tada le n-a haghaidh. Ag is anois bhí Mícheál
bocht féin 's gan éirghe 'n-a sheasamh ann. Bhris na
deora go bog úr fá shúilibh Liam Uí Eithfearnáin,
agus crádhadh a chroidhe 'n-a lár. Níor fhéad sé focal
a labhairt. Tharraing sé chuige punann tuighe agus
sgar sa gclúid í. Chuir Mícheál 'n-a luighe uirthi.
Annsin bhain de a chóta mór bóthair. Chuir timcheall
air é agus d'imthigh gan focal a labhairt.



"Dia dílis 'ghá réidhteach!" ar seisean leis féin,


L. 92


"nach hé an truagh shaoghalta é féin agus a mhuirghin
lag! Agus na páistí bochta! Nár dhearg lasmhanta
na gasúir iad, tá tamall gearr ó shoin ann! Nach
mbéadh ríméad ag fear ar bith as a leithidí! Beirt
bhuachaillíní catacha agus gruaig ar dhath an óir ortha!
Agus anois, mara bhfuil ag Dia, is gearr a bhéas
siad aige. Níor leigeadar thar an teach mé ó
bhíodar i n-an labhartha gan tosughadh ag glaodhach
orm nó ag rith in mo dhiaidh. Agus thagaidís amach
chugam le sgéala ó n-a máthair ghá rádh liom a dhul
isteach agus deoch bhainne d'ól. Dia go bhfóiridh Sé ar
na créatúir bhochta!"



Bhí an saighdiúr ag feitheamh leis amuigh ar an
mbóthar. Ar éigin d'aithnigh sé Liam nuair a
chonnaic sé ag teacht chuige gan an cóta mór é.
Ghluais leob aríst.



"Is gearr anois go bhfeicir an néall dorcha os
cionn Chluana Meala," arsa Liam.



"Céaróch néall?" ars' an saighdiúr.



"Cheal nach gcualais go bhfuil néall dorcha le
feiceál os cionn an bhaile 'ch uile lá ó'n lá ar crochadh
an tAthair Mac Síthigh?" arsa Liam.



"Ní chualas," ars' an saighdiúr. "'Tuige ar
crochadh é?"



"'N áit ar cuireadh 'n-a leith gur mharbhuigh sé fear
a bhí beo beathadhach fiche bliadhain ó'n am sin!"
arsa Liam. "Acht tá 'fhios ag an saoghal gur mar
gheall ar chomh mór 's bhí sé i n-aghaidh na dtighearnaí
talmhan a crochadh é. Bhí sé ró-dhílis do na daoinibh
bochta agus an iomarca gean' agus an iomarca truaighe
aige dhóibh. Sin é an fáth ar crochadh é mar deir
Pilib Ó Muirghéis. 'Sbáinfead duit an teach ar
cuimligheadh a chuid fola de'n doras ann."



"Agus 'tuige a ndearnadh sin?" ars' an
saighdiúr fá iongnadh.



"Mar gurbh' é teach an Easbuig é," arsa Liam,
"agus marach an tEaspog ní crochfaidhe é. Ní


L. 93


thiubhradh sé deagh-cháil air, ná teisteas ghá dhearbhughadh
gur dhuine cneasta a bhí sa sagart bocht agus sin
é a dhaor é."



"'Tuige nach dtiubhradh an tEaspog deagh-theisteas
dhó?" ars' an saighdiúr.



"Mar bhí an tEaspog mór leis na Gallaibh agus leis
na tighearnaíbh," arsa Liam, "agus bhí an oiread
de'n chladhaireacht ann 's gur sgaoil sé an tAthair
Mac Síthigh bocht 'na croiche le faitchíos go gcuirfeadh
sé na boicíní gallda in' aghaidh féin dá gcuidigheadh
sé le n-a shaoradh. Sin é an fáth agat! Bhí go leor
de mhuinntir an pharáiste sa láthair nuair a baineadh
an ceann de'n tsagart dílis bocht — beannacht na
ngrás le n'anam! Acht ní raibh goir aca a shábháil.
Annsin thugadar leob cuid dá chuid fola, agus chuireadar
dath dearg ar dhoras an Easpuig léithi — bhíodar chomh
mór sin in' aghaidh i ngeall ar an gcleas a rinne sé.
'Sbáinfead an doras duit acht a mbímid thar mhullach
an áird."



CAIBIDIL XXXIV.



I gCLUAIN MEALA AGUS AR AN mBEALACH AR AIS.



Bhí Liam Ó hEithfearnáin agus an saighdiúr ag
teannadh isteach le Cluain Meala anois. Bhí an
mhaidin go haoibhinn áluinn agus aer fionn-fhuar
na tuaithe ag séideadh go bog úr treasna talta
mín Thiobraid Árann. Bhí go leor daoine ar bóthar
ag dul 'na bhaile mhóir. Bhí ualaigh móra fataí
'gus coirce agus málaí móra cruithneachta dhá
n-iomchur i gcarranaibh chum an mhargaidh. Bhí carranna


L. 94


tuighe agus féir ag déanamh an bhealaigh isteach.
Bhí cairteanna mónadh le feiceál go fairsing. Bhí
carranna go leor ag dul isteach i gcoinne ualach le
haghaidh siopadóirí tuaithe. Agus bhí Liam Ó
hEithfearnáin ag dul 'na bhaile mhóir le n-a chairtín
mhónadh.



Dhíol sé an mhóin. Thug sé biadh agus deoch do'n
mhúille. Mar deir Riocard Mór, nuair a bhí sé
ag dul ar thóir a "láirín" a ghoid Finnbheara uaidh —
"nígh sé a aghaidh 's a lámha." Chuaidh agus chaith a
chéad-phroinn — muigín mór tae agus builín pighne.
Rinne gach ar theastuigh uaidh de ghraithíbh beaga sa
mbaile mór. Agus bhí réidh glan le bheith ag déanamh
an bhealaigh a bhaile nuair a casadh an saighdiúr air
i lár na sráide. Bhí an saighdiúr le Liam nó go
ndeachadar 's gur óladar "deoch" le chéile sa
teach ósta ba ghoire dhóibh. Annsin ní raibh aon mhaith
ann nó go mb'éigin "d'fhear an chóta dheirg"
"deoch" d'ól ó Liam. Bhí gealladh i n-aghaidh an óil
ar an "gCeoltóir" agus níor ól sé acht leann sinséir.
Go deimhin ba i n-aghaidh a chos a chuaidh sé leis an
saighdiúr chor ar bith. Acht ó thárla go rabhadar ar
bóthar le chéile ó dheireadh na hoidhche níor mhaith leis a
eiteach. Agus, 'ar ndóigh, ní bhéadh Liam
mí-fhiúntach 's nach dtiubhradh sé "deoch" do'n
tsaighdiúr ó thug seisean "deoch" dhó-san!



"An coirce atá 'sna málaíbh sin go léir atá dhá
dtabhairt 'na mhargaidh?" ars' an saighdiúr.



"Cruithneacht 'seadh tá ionnta bunáite ar fad,"
arsa Liam.



"Ní fhacas an oiread cruithneachta ar aon mhargadh
cheana riamh," ars' an saighdiúr. "Cé'n chaoi a
bhféadfadh gorta ná gábhatar a bheith sa tír agus chomh
fairsing 's tá cruithneacht 's coirce agaibh? Agus
'n-a dhiaidh sin deireann sibh go mbíonn gorta i
nÉirinn beagnach gach bliadhain!"



"Is minic a cheapas féin go mb'aisteach an rud


L. 95


an sgéal a bheith amhlaidh" arsa Liam. "Acht dhá
mhéad cruithneachta dhá gcurtar, bíonn an gorta
agus an t-ocras sa tír, fairíor, go minic."



"Acht cá dtéigheann sí — nó céard a ghníthear
léithi?" ars' an saighdiúr.



"Meiltear cuid di 'sna muilte annso" arsa
Liam. "Agus cuirtear go leor dhi 'un bealaigh
gan a meilt chor ar bith. Ní fágtar gráinne dhi gan
sguabadh 'un siubhail. Níl 'fhios agam féin cá
dtéigheann sí. Acht tá 'fhios agam go dtugtar 'un
bealaigh 'sna báid í go Carraig na Siúire ar dtús,
agus as sin go Port Láirge, acht dheamhan a fhios ná
a fhaisnéis agam cá seoltar as sin í. 'Sé Pilib
Ó Muirghéis an fear a bhfuil 'fhios aige 'ch uile rud
dhá ndéantar léithi agus 'ch uile áit dhá dtéigheann sí.
Marach an chruithneacht, badh bheag le rádh cuid mhaith
de mhuinntir an bhaile seo — ó's dá innseacht duit é.
Bíonn saothrughadh ag a lán daoine 'ghá cur 's 'ghá
baint. Acht ní shásuigheann sin sean-Philib. Deir
sé gurab 'in a mbíonn de shásamh againn aisti —
'ghá cur 's 'ghá baint do dhaoinibh eile. Acht ó thrácht
tú ar ghorta agus ar bhoichteanas — sílim féin nach
mbéidh lá ratha ar an tír go deo nó go roinntear
na talta míne maithe ar na daoinibh bochta nach
bhfuil mórán talmhan aca fá láthair. Tá a lán
feilméaraí láidre saidhbhre annso i dTiobraid
Árann agus réimsí móra talmhan aca ag tabhairt
fhéir agus ag cothughadh bulán ó bhliadhain go bliadhain
agus daoine bochta eile ag ciapadh leis an saoghal ar
ghiodáin bheaga shuaracha. Ní bhéidh lá suaimhnis
againn an fhad 's bhéas sin amhlaidh. Dhá mbadh
feilméara bocht thú féin i leabaidh a bheith in do
"shaighdiúirín dearg" dhuit, b'fhéidir go mbéitheá
chomh "fiadháin" le cuid de mhuinntir na háite seo.
B'fhéidir sin!"



Níor labhair an saighdiúr go ceann tamaill.



"Cá fhaide go mbéir ag imtheacht?" ar seisean.


L. 96


"Ar an bpointe boise," arsa Liam. "Táim
réidh glan anois."



"Ar mhisde leat é seo a thabhairt chuig Eilís Ní
Mhuirghéis?" ar seisean, ag tabhairt boisgín bhig
do Liam.



"'Tuige ar mhisde?" arsa Liam. "Céard
déarfas mé léithi?"



Smaoin an saighdiúr ar feadh tamaill.



"Abair gur cara dhi a chuir chuici é," ar seisean.



"Déanfaidh sin," arsa Liam ag cur an bhoisgín
'n-a phóca agus ag imtheacht.



"Maise, ní' mé céard atá ann chor ar bhith?" ar
seisean leis féin. "Acht nach cuma dhom céard
é acht a thabhairt chuici? Agus ní fonn mór atá orm
bronntanas a thabhairt chuici ó'n saighdiúr céadna!
Tá súil le Dia agam nach bhfuil aon tsuim aici ann.
Dheamhan greim d'íosfadh sí go lá Philib an Chleite
dhá mbíodh 'fhios ag Pilib go raibh tóir aici ar
shaighdiúr! B'fhearr leis beo i dtalamh í 'ná a tabhairt
d'aon fhear i n-arm Shasana!"



D'fhág Liam Cluain Meala go deireannach sa
tráthnóna. Bhí an ghrian ag dul faoi sul dá raibh
sé i bhfad ó'n mbaile mór. Bhí solus an lae ag
éalughadh 'un bealaigh i leabaidh a chéile agus dorchadas
na h-oidhche ag teacht. Bhí bóthar fada uaigneach
roimhe, "le tuitim cheo na hoidhche." Agus bhí sé an-
tuirseach de bhárr gan aon néall a chodladh an oidhche
roimhe sin. B'fhada leis go mbéadh an t-aistear dhe
agus é sa mbaile 'n-a bhotháinín beag féin. Bhí
codladh mór ag teacht air agus is beag nach raibh a
shúile ag dúnadh dá bhuidheachas. Oidhche bhreagh chiúin
réaltógach a b'eadh í. Bhí réalta neimhe ag lonnrughadh
'sna spéarthaibh — na mílte agus na milliúin de
lóchrainn bheaga shoillseacha nach múchfadh gaoth dha
láidre ná anfadh dhá uathbhásaighe. Bhí Liam ag dearcadh
ortha agus ag smaoineadh. Bhí cuid aca ba soillsighe
'ná a chéile. Sguab réaltóg treasna na spéartha le


L. 97


iompughadh do bhoise agus iorball mór soillseach
'n-a diaidh aniar. D'imthigh sí as amharc ar an
bpointe. Thug Liam aon réalt mhór amháin fá deara
a raibh lóchrann ní ba lonnraighe uirthi 'ná mar bhí
ar an gcuid eile. Chaith sé sgathamh fada ag dearcadh
uirthi agus ag déanamh iongantais di.



"Tá sí ag soillsiughadh go díreach os cionn tighe
Philib Uí Laochdha!" ar seisean.



Shuidh sé síos ar mhála sa gcairt agus thosuigh ag
bordáil chodlata. Leag sé a cheann thairis ar
mhála eile agus dhúin a shúile gan mórán duaidh.
Tháinic néillín chodlata air, dar leis féin, agus bhí
sé cinnte nach raibh sé thar chúig mhóiméad nó gur
dhúisigh sé. Chuimil sé a shúlie, rinne méanfhadhach, agus
bhain searradh as féin. Níor léar dhó cá raibh sé go
ceann tamaill. Bhreathnuigh sé faoi 's tairis 's
thart timcheall air. Bhí an múille 'n-a sheasamh 's
gan cor aige.



"Cá bhfuilim chor ar bith?" arsa Liam.



Bhreathnuigh sé uaidh arís.



"D--l a' féidir gurab ann atáim chomh luath
so!" ar seisean — "Nó an eo é an sruthán?"



Do b'é an sruthán é go cinnte — an áit a n-óladh an
múille deoch i gcomhnaidhe — an sruthán céadna a chuir
ag smaoineadh ar Nóra Ní Laochdha é an oidhche roimhe
sin. Bhí deich míle bóthair curtha dhe aige agus é 'n-a
chodladh ar feadh an achair! Bhí sé anois beagnach
ar ais i gCnoc na nGabha. Bhí an solus i bhfuinneoig
tighe an Bhuailteora le feiceál aige uaidh.



"Dheamhan a leithid a thárla ar bóthar dhom cheana
riamh!" arsa Liam. "Ní' mé an bhfuil sé i bhfad san
oidhche?"



Bhí a bhotháinín féin ar bhóthar an phortaigh gar go
maith dhó anois, agus bhí teach Philib Uí Laochdha le feiceál
aige uaidh de mhullach an áird.



Níor shroich sé an t-árd céadna ag teacht ó'n
mbaile mór dhó le bliadhanta nach dtagadh criothnughadh


L. 98


faitchís ar a chroidhe. Ní imnidhe fá theach ná fá
thalamh a bhíodh air — mar nach mórán de chúram an
tsaoghail a bhí air le fada. Bhí a athair agus a mháthair
ghrádhmhar go doimhin fá fhódaibh sa gcill. Níor gheall
Dia deirbhshiúr ná dearbhráthair dhó. Ní raibh céile
ná clann ag déanamh imnidhe dhó. Ní raibh ar a aire
acht greim a bhéil a shaothrughadh dhó féin go cneasta;
an t-aon bheithidheach ceithre gcos a bhí aige a bheathughadh
chomh maith 's b'fhéidir leis; agus a bhotháinín beag a
choinneál i dtoll a chéile. Acht ba mhór é a imnidhe
i gcomhnaidhe ag teacht a bhaile dhó mar sin féin.
Bhíodh eagla agus sgannradh ar a chroidhe go mb'fhéidir
nach deagh-sgéal a bhéadh roimhe. Bhíodh faitchíos
síorraidhe air go mbéadh duine eicínt roimhe ar bhéal
an bhealaigh le sgéal brónach a innsint dó. Agus
anois bhí creathadh ann le faitchíos go mbéadh an
sgéala dólásach sin le hinnsint. Á! bhíodh a chroidhe
"uaigneach" ag geiteadh agus ag preabadh, le faitchíos
go mbéadh Nóra Ní Laochdha bhocht básuighthe roimhe!



Buidheachas do Dhia! ní raibh an droch-sgéala sin
roimhe. Agus bhí aoibhneas agus glionndar ar a
chroidhe. Sgaoil sé an múille ó'n gcairt. Bhain de
an gléas. Leag chuige a "bhéile" agus amach
leis sa teach ba ghoire dhó le splannc fhágháil a dhearg-
óchadh an teine. Tháinic ar ais agus d'fhaduigh í. Chuir
an splannc dhearg 'n-a croidhe, acht ba roighin
leisgeamhail uaithi deargadh mar sin féin. Rug Liam
chuige ar shoitheach agus chuaidh 'na tobair. Bhain sé
geit ó chroidhe as sean-Cháit Ní Chuimín a bhí ann
roimhe. Shíl sí gur taidhbhse a bhí ann nó an mac
mallachtain féin a bhíodh le feiceál 'n-a mhadadh
mhór dhubh timcheall na háite má b'fhíor do Cháit.
Tháinic Liam ar ais leis an bhfeádhnach ó'n tobar.
Chuir cuid de'n uisge i sgilléad na bhfataí — bhí na
fataí féin nighte ó'n oidhche roimhe sin. Chuir an lúb
ann agus chroch as an gcroich é os cionn na teineadh.
Annsin d'imthigh le sgadán a cheannacht i dtigh Philib
Uí Laochdha.


L. 99


CAIBIDIL XXXV.



TOMÁS Ó hÓGÁIN AGUS A GHABHALTAS TALMHAN.



Bhí Tomás Ó hÓgáin agus an Buailteoir ar cuairt
i dtigh Philib Uí Laochdha nuair a bhuail Liam isteach.
Bhí an táilliúr 'n-a shuidhe sa gclúid agus é ag a
dhearbhughadh go láidir Dhóibh nach mbéadh lá ratha ná
rathamhnais ar an tír go deo ná goir ag muinntir
na hÉireann déantúis Ghaedhealacha a leathnughadh
ar fud na tíre an fhad 's bhéadh smacht ag an Sasanach
ar Chlannaibh Gaedheal 'n-a dtír dhúthchais féin.



"Bhí sé chomh maith a bheith ghá iarraidh an lá indé
a thabhairt ar ais le bheith ghá iarraidh bail ná rath
a chur ar an tír agus an chaoi a bhfuilmid fá láthair,"
arsa Pilib. "Caithfear an tír bhocht so a shaoradh
ó chuibhreach na nGall sul dá bhféadtar tosughadh
ar a neartughadh mar is ceart. Suidh síos, a Liam.
'Sé do bheatha!"



Shuidh Liam síos n-aice le Nóra sa gclúid.



"Ní maith a thuigim féin an sgéal," arsa
Tomás Ó hÓgáin. "Dheamhan mórán suime a chuirim
i dtada acht in mo chuid oibre. Tá daoine ag
déanamh go leor gleo ghá rádh gur cheart dúinn seo
'gus siúd a bheith againn. Acht béidh a dhóthain ag
duine ar bith a bhéaras aire dá ghraithíbh agus dá
ghiodáinín talmhan. Thug mise mo sgilling do
Dhomhnall Ó Conaill chomh maith le fear ar bith eile
ó thárla gur iarr an sagart orm é. Acht má thugas
féin, ní chreidim gur mórán dá bhárr a bhéas againn.
Níl aon easbaidh ar dhuine ar bith a bheireas aire dá
ghraithíbh — mara bhfuil duine ann a dhíbrigheas an
thighearna talmhan."


L. 100


Bhreathnuigh Pilib idir an dá shúil air agus níor labhair
go ceann tamaill bhig.



"A Thomáis, níl aon mhaith a bheith ag cainnt leat-
sa!" ar seisean. "Mo cheann finne ní chuirfeadh
tada i gcéill duit. Cé'n mhaith dhuit a bheith ag
leibideacht chainnte mar sin, a dhuine? Is iomdha
páiste sgoile a bhfuil níos mó céille i n-a cheann
'ná thú — dhá mhéad dhá dtáinic ded' shaoghal!"



"Má's ciallmhar nó díchéillidhe dhom," arsa
Tomás, "ní chuirim aon tsuim 'sna daoinibh atá ghá
iarraidh troid agus achrann a tharraingt — mar nach
bhfuil aon mhaith a bheith ag dul i n-aghaidh na
dtighearnaí ar an saoghal so, a Philib."



Bhreathnuigh Pilib idir an dá shúil air aríst acht
níor labhair.



"Tá mo ghabhaltas talmhan in mo sheilbh anois,"
arsa Tomás, "le deich mbliadhna fichead go díreach.
An lá a dtáinic mé nár bheag a b'fhiú é? Bhí sé 'n-a
bhograigh bháidhte fá ghiolcaigh 's fá sheilstrom, gan
claidhe gan fál. Ní raibh oiread 's clais láir ann
le haghaidh an uisge. Acht d'oibrigheas orm. Bhíos
leis go moch agus go deireannach ar feadh bliadhanta
fada. Agus anois tá a shliocht air. Níl aon ghiodán
talmhan i dTiobraid Árann is fearr ná is deise 'ná
é ar an uair seo de ló. Agus dhá n-oibrigheadh daoine
eile mar rinne mise bhéadh an sgéal céadna le
hinnseacht aca."



"Agus cé'n cíos atá ort anois, a Thomáis?"
arsa Pilib.



"Tá cíos trom go leor féin orm," arsa Tomás.
"Acht is fiú an talamh é!" ar seisean go gais-
geamhail bródamhail.



"Agus cé chuir an talamh sa gcruth gur fiú é
é?" arsa Pilib.



"Chuir mise!" arsa Tomás. "Níor chuir sé
lámh as gualainn, an fear a d'oibrigh níos cruaidhe
ar feadh bliadhanta 'ná mar d'oibrigh mise agus í féin


L. 101


ghá iarraidh feabhas a chur ar an talamh sin. Acht
buidheachas do Dhia b'fhiú dhúinn anró fhágháil uaidh.
Ní raibh aon lá easbadh' orainn ó tháiniceamar ann.
Agus tá sé cinn de bha bainne agam ar an uair
seo de ló chomh maith le aon bha bainne a gheobhthá in do
shiubhal lae. Agus tá mo bhuachaill aimsire agam —
rud nach bhfuil ag cuid de na daoinibh!"



"Acht cé'n cíos atá ort?" arsa Pilib.



"Hocht déag 's punnt an t-acra, — ó hárduigheadh
go deireannach é," arsa Tomás.



"Agus cuir i gcás go n-árdóchthaidhe aríst go luath
é agus go ndéanfaidhe hocht 's dá fhichid de?" arsa
Pilib.



Gheit Tomás. "Dhá mbadh é an diabhal as fíor-
íochtar ifrinn mo thighearna talmhan ní árdóchadh
sé chomh mór sin é!" ar seisean.



"Agus cé'n cíos a bhí ort nuair a tháinicis do'n
áit ar dtús?"



"Cúig déag an t-acra. Acht is fiú hocht déag 's
punnt an t-acra é anois, lá ar bith sa tseachtmhain."



"Bhfuil léas agat air?"



"Níl, agus nílim 'ghá hiarraidh an fhad 's bhéas mé
ag pléidhe le duine uasal nach gcuirfidhe áird orm
ó bhliadhain go bliadhain acht a chíos a íoc len'
fhear ionaid go cneasta."



"'Seadh, agus de réir mar fheabhsóchas tusa an talamh
árdóchaidh seisean an cíos! Go cinnte is lághach
"cneasta" an duine uasal do thighearna talmhan!"
arsa Pilib.



"'Tuige nach n-árdóchadh sé é acht gan a bheith as
bealach amach 's amach?" arsa Tomás.



Bhain Pilib lán na súl as ó mhullach a chinn go
bonn a chos. Annsin dhearc go grinn idir an dá
shúil air.



"A Thomáis, cuimhnigh ar an rud atáim-se ag dul
a rádh leat!" ar seisean. "Agus rachaidh mé faoi
dhuit go mbéidh cuimhne agat ar mo chuid cainnte


L. 102


lá is fuide anonn 'ná indiu. Tiocfaidh an lá nach
mbéidh de mhaoin ná de thalamh agat acht an oiread
leis an mbacach a théigheas an bóthar agus a mhála ar a
dhruim! Agus tú féin is cionntach. 'Sé do chuid
simplidheachta a fhágfas ar deireadh thú sa deireadh,
a mhic ó! Níl 'fhios agat cé leis a bhfuilir ag pléidhe!
Ar ndóigh, táir ar creathadh in do chraiceann le
faitchíos roimh na tighearnaíbh Gallda céadna.
Breagh nach bhfuil misneach agus fearamhlacht eicínt
ionnat, a dhuine! 'Ar ndóigh, ní fhacas do leithid
d'fhear ó'n lá rugadh mé!"



Chuir an chainnt seo iongnadh agus roinnt sgannraidh
ar Thomás. Acht smid níor labhair sé.



"Sílim féin gurab ait an rud a bheith ag árdughadh
an chíosa ort de réir mar fheabhsuigheas tú do chuid
talmhan," arsa Maitiú. "Nach gcuirfeadh sin droch-
mhisneach ar aon fhear? Agus na daoine nach
gcuireann aon fheabhas ar a gcuid talmhan gan ortha
acht an sean-chíos!"



"Cé mhéad a ghlacfá ar do ghabhaltas anois, a
Thomáis?" arsa Pilib.



"Ní ghlacfainn milliún punnt air dá gcómhairthí
amach ar mo bhois é!" ar seisean. "Tá mo chroidhe
i ngrádh leis. Ní sgarfainn leis ar ór an tsaoghail!"



"Á, go bhfóiridh Dia ar a bhfuil de sglábhaidhthibh
suaracha gan croidhe gan sprid sa tír!" arsa
Pilib. "Is beag an dochar dhúinn a bheith mar
támuid! Dhá n-abruigheadh an tighearna cneasta
so leat luighe siar sa nguta dhéanfá é go lán-
toilteannach. Ag déanamh gaisge as a bheith in do
sglábhaidhe bhocht a bhéitheá! 'Ar ndóigh, chuirfeadh
cuid agaibh duine thar bhárr a chéille! Tá grádh ag
do chroidhe do'n talamh. Acht tá grádh agat freisin
dá bheith in do sglábhaidhe ag Beresford Pender!"



Á, a Thomáis Uí Ógáin, is mairg nach raibh níos mó
de'n chur leis, agus de'n fhearamhlacht ionnat! Dhá
mbéadh ní thárlóchadh dhuit mar thárla amach annso.


L. 103


Bhí do chroidhe i ngrádh leis an ngabhaltas talmhan a
shaothruighis go cruaidh allusach le bliadhanta fada.
Fairíor! nach raibh léas agus seilbh agat air thar mar
bhí!



D'éirigh Tomás Ó hÓgáin agus chuaidh a bhaile sáthach
imnidheach.



"Tá sé i n-am agam-sa féin a bheith ag dul a
bhaile," arsa Maitiú.



"Agus céard deir tú liom-sa d'fhág mo
sgilléad fataí ar an teinidh?" arsa Liam. "Béidh
siad millte orm! Caith chugam sgadán," ar seisean
le mnaoi Philib.



Cheannuigh sé an sgadán, agus d'imthigh leis féin agus le
Maitiú i gcuideacht.



"Meas' tú bhfuil aon bhaoghal go gcuirfear amach
Tomás Ó hÓgáin bocht?" arsa Maitiú. "Go
bhfóiridh Dia air má curtar!"



"Tá mé ghá cheapadh nach bhfuil baoghal air," arsa
Liam. "Tá caoi mhaith ar Thomás anois — agus ní gan
saothrughadh agus anró é, mar deir sé féin."



"Níl suim aige in aon rud eile fá'n domhan mór
acht sa talamh," arsa Maitiú. "Caitheann sé
bunáite 'ch uile phighinn dá mbíonn ag gabháil leis ag
cur feabhais air gach bliadhain. Níorbh' fhéidir leis
spré a thabhairt do Neansaidh. Agus tá Séamus óg
ag brath ar imtheacht agus a dhul sna saighdiúir ag chomh
cruaidh 's chaitheas sé oibriughadh 's nach dtiubhradh
a athair oiread 's sgilling dhó le haghaidh aonaigh ná
báire ó bhliadhain go bliadhain 'n-a dhiaidh sin.
Go bhfóiridh Dia ar Thomás má curtar amach é ar
deireadh thiar. Ní bhéidh cíonóg ruadh aige!"



"Nach beag an baoghal go gcuirfidh siad amach
Pilib Ó Muirghéis!" arsa Liam. "Sin é an
buachaill aca! Dar brígh mo chuirp! a Mhaitiú, dhá
dteagaidís le mise a chaitheamh amach as mo bhotháinín —
dhá shuaraighe le rádh é — bhéadh achrann ann! Sílim
go ndéanfainn-se an gníomh dhéanfadh Pilib dá


L. 104


gcuiridís chuige mé. Acht níl misneach ná fear-
amhlacht ar bith i dTomás Ó hÓgáin!"



"Ara, a Liam, bhí Peig Ní Bhrádaigh 'ghá rádh liom
go ndeachais isteach i dtigh Philib ar do bhealach go
Cluain Meala aréir, agus dubhairt sí dhá mbéadh
'fhios agam neithe a thárla go mbéadh iongnadh orm,"
arsa Maitiú. "Acht rinne sí Sgéal an Ghamhna
Bhuidhe dhe agus ní bhfuaireas bun ná bárr 'n-a cuid
cainnte. Ní' mé céard a bhí i gceist aici?"



Chuimhnigh Liam ar an mboisgín ar an bpointe.
Bhí sé 'n-a chodladh sa gcairt ag teacht thar an teach
dhó agus bhí an boisgín gan fágháil ag Eilís fós, 'ar
ndóigh.



Níor fhreagair Liam.



"A' bhfacais Eilís?" arsa Maitiú.



"Chonnaiceas," arsa Liam. "Bhí an bheirt aca
'n a suidhe cois na teineadh."



"Cé'n bheirt?"



"Peig agus Eilís," arsa Liam.



"Cheal nach raibh aon duine eile istigh?"



"Dheamhan duine, muis' — ar a dhul isteach dhom.
Bhí Pilib ar an leabaidh agus é 'n-a chodladh."



Bhí leisg ar Liam innseacht dó i dtaoibh an
tsaighdiúra ná trácht ar an mboisgín a chuir sé leis
féin chuig Eilís. D'aithnigh sé ar Mhaitiú go raibh
aimhreas eicínt aige agus an chaoi ar cheistnigh sé é; agus
d'aithnigh Maitiú air-sean go raibh sgéal nuaidhe
eicínt aige nach raibh fonn air innseacht.



Sgaradar le chéile ag doras botháinín Liam.



Thóig Liam an sgilléad de'n teinidh, agus bhí áthas
air nuair a chonnaic sé nach raibh na fataí "millte"
'n-a dhiaidh sin. Chuir sé síos a sgadán ar an tlú.
Agus bhí sé chomh sásta le n-a bhéile 's dhá mbéadh
togha gach bídh agus rogha gach dighe aige agus dháréag ag
freastal air.



"Ní' mé céard atá sa mboisgín chor ar bith?"
ar seisean ag baint crathadh as. "Sílim gur


L. 105


méaracán atá ann. Acht pé'r bith rud é, amharc ní
fhuighidh aon duine beo air go dtugaidh mise dhi féin
isteach 'n-a dhá láimh é. Dhá laghad de rud é déanfaidhe
cainnt de dhá mbéadh 'fhios cé uaidh a dtáinic sé.
Is fada le cuid de mhuinntir an tsaoghail seo go
bhfuighidh siad faill ar thosuighe ag cúl-chainnt agus ag
biadán! Táim cinnte go bhfuil Maitiú bocht go
mór 'n-a diaidh — agus gan é 'ghá leigean air féin chor
ar bith! Acht níl 'fhios agam an mbéidh mórán
maitheasa dhó annsin. Tá an diabhal mór uirthi le
suirigheacht agus le spallaidheacht! Acht 'n-a dhiaidh sin
ní chreidim go bhfuil thairis sin innti. Is measa
cailíní nach sílfeá go leághfadh an t-im 'n-a mbéal
'ná í go minic. Mh'anam gur measa! Acht tá sé
'n-a mheadhon oidhche! 'nDomhnach, is fearr dhom an
leaba a thabhairt orm féin i n-ainm Dé. Caithfidh
mé bheith 'mo shuidhe leis an bhfuiseoig má's beo
dhom."



Chuaidh Liam ar a dhá ghlúin ar an teallach.
Dubhairt a chuid paidreach. Choigil an teine. Chraith
an t-uisge coisrig faoi 's tairis ar an leabaidh.
Agus ba ghearr go raibh sé i dtoirchim suain.



CAIBIDIL XXXVI.



EILÍS NÍ MHUIRGHÉIS FÁ IMNIDHE. — GRÁINNE
AGUS NA "LORGA SA SNEACHTA."



Ní raibh Eilís Ní Mhuirghéis go ró-shásta 'n-a
hintinn fá láthair. Cuireadh criothnughadh mór innti
nuair a tháinic an saighdiúr ar a tóir. Bhí eagla
ar a croidhe go mbéithí ag cur síos uirthi ar fud


L. 106


an pharáiste agus ag tromachan uirthi mar gheall
air. Acht bhí súil aici nach bhfaca mórán daoine é. Bhí
faitchíos a hanma uirthi go bhfuigheadh a sean-athair
sgéala air. Sin é is mó a bhí ag déanamh imnidhe dhi.



"Cá fhaide ó tháinic sé?" ar sise le Peig Ní
Bhrádaigh thar éis imtheacht do Liam Ó hEithfearnáin.



"Is gearr a bhí sibh imthighthe nuair a bhuail sé
isteach," arsa Peig. "Bhí mise ag brath ar a chur
in do dhiaidh chuig an mbainfheis."



Gheit Eilís.



"Ó," ar sí léithi féin, "dhá dteagadh sé ann céard
a dhéanfainn chor ar bith? Bhéinn náirighthe os a
gcomhair go léir! — Ó, a Pheig, cé'n chiall duit leigean
dó fanacht?"



"An ag a iarraidh orm a dhíbirt amach as an teach
a bhéitheá?" arsa Peig. "Agus cé'n ceapadh a
bhí agam nach mbéitheá sa mbaile ar an dó-dhéag, ar
a fhad? Nár dheas an rud dom an té tháinic a
leithid d'achar d'aon úim amháin le thú a fheiceál a
chur 'un bealaigh! 'nDomhnach, badh dheas!"



"Acht nach raibh 'fhios ag do chroidhe istigh go raibh
an dearg-ghráin ag mo shean-athair ar na
saighdiúiríbh, agus cá bhfios céard a thárlóchadh dá
bhfeiceadh sé é!"



"Sin é do bhuidheachas orm," arsa Peig, "thar
éis é a chur i bhfalach in do sheomra nuair d'airigheas
ag teacht sibh, agus a choinneál annsin nó go raibh
an sean-bhuachaill 'n-a chodladh!"



"Ó, a Pheig, 'tuige ar chuiris in mo sheomra é?
Shíleas go raibh níos mó céille 'ná sin agat. Céard
adéarfaidhe dá mbéadh 'fhios é?"



"Muise, is furusta faitchíos a chur ort! Nár
chuma dhuit céard adéarfaidhe?" arsa Peig.
"Mh'anam gur breagh luath leathan láidir an géagán
d'fhear é freisin, a Eilís. Dubhairt sé gur chuir sé
litir chugat ó Bhaile Átha Cliath."



"Ní fhuaireas í," arsa Eilís. "Is dóigh go


L. 107


bhfuil sí i n-oifig an phosta. Ar do bhás, a Pheig,
seachain an mbéadh an oiread de'n fhad ar do theangaidh
's go n-innseochthá d'aon duine beo go raibh sé annso!"



""Nach bog é an t-asal 's gan é acht seachtmhain,""
arsa Peig. "Nach simplidhe a mheasas tú mé a bheith!
Acht, a Eilís, tá dháréag aca in do dhiaidh! 'Tuige nach
ndéanann tú reoghain feasta agus bóthar a sgaoileadh
leis an gcuid eile — agus gan na créatúir go léir
a bheith ag súil leat?"



Níor fhreagair Eilís.



"Níl 'fhios agam beirthe ná beo céard a b'fhearr
dhom a dhéanamh!" ar sí léithi féin i gceann tamaill.



Bhí sí fá mhí-shuaimhneas agus fá imnidhe ar feadh
an lae sin. Agus néall níor thuit ar a súilibh i rith
na hoidhche. Chaith sí ó mhaidin go hoidhche agus ó oidhche
go maidin ag smaoineadh agus ag machtnamh ar
aistear an tsaighdiúra. Agus ní dhearnaidh 'na
smaointe acht a déanamh níos mí-shuaimhnighe 'ná
mar bhí sí ar dtús, agus is minic amhlaidh é, ar
ndóigh.



Bhí Gráinne 'n-a suidhe go sásta i seomra Mháire
Ní Cheithearnaigh cúpla lá thar éis na bainfheise. Bhí
Máire 'n-a suidhe i n-aice léithi ag an bhfuinneoig.
Bhí Gráinne ag dearcadh uaithi ar an ngáirdín ar
feadh sgathaimh fhada gan focal a labhairt. Bhí sí
ag smaoineadh agus ag dian-mhachtnamh. Facthas di go
raibh na "lorga sa sneachta" os a comhair aríst mar
bhí lá áithrid geimhridh a raibh sí 'n-a suidhe ag an
bhfuinneoig chéadna. Bhíodar ag déanamh imnidhe
dhi i gcomhnaidhe. Ní bhéadh sí sásta go deo go mbéadh
'fhios aici go fírinneach cé'n duine dár "lorga"
iad. D'fhiafruigheadh sí sin de Mháire go mion minic.
Acht sin a raibh dá bhárr aici. Ní admhóchadh Máire
go raibh aon fhios aici cé casadh an bealach. Agus
ní innseochadh sí céard a bhí sa litir a chaith Brian
aníos chuici an lá raibh trácht aca ar na "lorga"
ar dtús. Dhá mbíodh a fhios ag Gráinne cé sgríobh


L. 108


an litir sin ní bhéadh na "lorga" ag déanamh an
oiread imnidhe dhi fá láthair agus bhí.



Fuair Gráinne litir maidin an lae seo ó Éamonn,
a dearbhráthair. Thrácht sé sa litir ar charaid dó ar
a gcualaidh Gráinne trácht go minic roimhe sin —
Art Ó Conchubhair. Bhí Art i gColáiste ag fóghluim
le bheith 'n-a shagart. Chualaidh Gráinne go raibh
suim mhór aige féin agus ag Máire 'n-a chéile cúpla
bliadhain ó shoin. Acht bhí sé ceaptha le bheith 'n-a
shagart anois, agus ní raibh a fhios ag Gráinne an
mbídís ag smaoineadh ar a chéile fá láthair nó nach
mbíodh. Bhí seo ag déanamh imnidhe dhi freisin.



"A Mháire," ar sise, "a' bhfághann tú sgéala
ar bith ó Art Ó Conchubhair ar an aimsir seo?"



"Ní fhághaim," arsa Máire. "'Tuige?"



"Níl 'tuige ar bith," arsa Gráinne. "Acht deir
Éamonn nach bhfuil cosamhlacht air a bheith ar fóghnamh
pé'r bith céard tá air. B'fhéidir nach bhfuil sé sásta
sa gColáiste."



"Níl 'fhios agam," arsa Máire ag cromadh a cinn.



"Ó, bí ghá leigean ort féin anois nach raibh aon
tsuim agat ann!" arsa Gráinne. "Nach bhfuil
'fhios agam-sa go maith go raibh tóir agaibh ar a
chéile! Tá mé ghá cheapadh gur buaidhreadh, nó
aithmhéala, nó uaigneas atá ag gabháil dó sa
gColáiste."



"Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Ní fhághaim
aon sgéala uaidh. Bhfuil áthas ort go mbéir ag dul
a bhaile go luath anois, a Ghráinne? Béidh cumha agus
uaigneas mór orm annso liom féin in do dhiaidh."



"Tá áthas orm a bheith ag dul a bhaile," arsa
Gráinne. "Acht béidh cumha mhór orm ag sgaradh
leis an áit seo. Is iomdha lá aoibhinn sólásach a
chaitheas libh."



"Béidh an áit uaigneach go leor acht a mbídh tusa
agus Hannraoi agus Risteard imthighthe uainn," arsa
Máire.


L. 109


"Béidh Hannraoi bocht uaigneach go leor is
dóigh," arsa Gráinne — "agus cumhamhar freisin. Nach
mairg nach fear saidhbhir é! Dhá mbeadh — atch tá
mé ghá cheapadh go bhfuil an col-ceathar so aige,
inghean de Buitléir, i ngrádh leis. Ní mór dhut a
seachaint, a Mháire! Béidh sí in do dhiaidh!"



"Seafóid, a Ghráinne! Ní bhéidh aon chall aici
leis," arsa Máire.



"Dhá mbíodh 'fhios aici go bhfuil Hannraoi chomh
mór sa tóir ort caillfidhe le éad í," arsa Gráinne.



"Cá bhfios duit an eisean an t-aon duine atá sa
tóir orm, b'fhéidir?" arsa Máire.



"Agus, a Mháire, a' bhfuil grádh agat d'aon
duine?"



"Go dearbhtha, níl!"



Níor labhair Gráinne go ceann tamaill.



"Ó, a Máire, seo í anois Eilís Ní Mhuirghéis,"
ar sí. "Tá Liam Ó hEithfearnáin ag cainnt léithi i
lár an bhóthair anois, agus tá Maitiú ag dul suas
ag an "Sgeich" le dhul 'un cainnte léithi freisin.
Meas tú an mbéadh goir ar bith aige a fágháil?"



"Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Is deacair a
rádh go fírinneach cinnte. Níorbh' iongnadh liom dá
mbíodh roinnt suime aici ann i gcomhnaidhe."



"Acht nach galánta an cailín í, a Mháire?"



"Bhí sí roinnt galánta — nó "onórach" mar
deireadh na buachaillí — sul dá ndeachaidh sí go
Baile Átha Cliath riamh," arsa Máire. "Deirthí
gur le teann ríméid a bhíodh sí gléasta chomh deas 's
bhíodh. Acht níorbh' eadh. Cailín cliste cúramach
céillidhe críonna a b'eadh í i gcomhnaidhe. Níl aon lá
ó bhí sí beag bídeach nach raibh grádh aici do léigheann
's d'fhóghluim."



"Níl "steár" ag na buachaillíbh 'n-a diaidh ar
chuma 'r bith — má's í a clisteacht nó a háilneacht is
fáth leis," arsa Gráinne. "Agus ní cailín deas
mar sin í, a Mháire."


L. 110


""Ní breaghthacht a ghníos brochán acht min," a
Ghráinne — mar deir an sean-fhocal," arsa Máire.



"Meas tú, a Mháire, cé's fearr leis na buachaillíbh
cailíní deasa nó cailíní cliste?"



"Is cruaidh an ceistneóir thú, a Ghráinne," arsa
Máire. "Is dóigh go mb'fhearr le n-a bhfurmhór
cailín deas agus cliste mar thú féin."



"nDomhnach, is gearr go mbídh mé sé troighthe ó
thalamh má leanann duit!" arsa Gráinne. "Acht
b'fhéidir go mb'fhearr gan a bheith acht ar chaoi aca.
"Is minic dathamhail dona," tá 'fhios agat!"



"Agus is minic mise i dteannta ag do chuid
ceisteann-sa, a Ghráinne!" arsa Máire.



""Fágamuis siúd mar atá sé," mar sin," arsa
Gráinne. "Meas tú cá bhfuil Hannraoi le dhul
ar a chapall anois?"



"Ar cuairt chuig Beresford Pender," arsa
Máire.



Tháinic Eibhlín Óg Ní Cheithearnaigh isteach sa
seomra chuca.



"Tá Eilís Ní Mhuirghéis thíos," ar sí.



"Abair léithi nach mbéidh aon mhoill orainn.
Béimid síos ar an bpointe," arsa Máire.



"A Ghráinne, siubhail ag déanamh "i bhfalach bhfíog'
san iothlainn," arsa Eibhlín.



"Muise, nach mé an páiste agat!" arsa Gráinne.
"Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire acht a dhul
ag déanamh "i bhfalach bhfíog" le plód gasúr!"



"Muise, is tú atá ríméadach!" arsa Eibhlín ag
imtheacht agus puisín feirge uirthi.



Bhí an diallaid ar an gcapall ar aghaidh an dorais
agus Brian i ngreim béalmhaighe innti — ag fanacht
go dtigeadh Mac Uí Luaithe amach. Bhí sé istigh sa
bpárlús mar seo agus cosamhlacht mhór mí-shuaimhnis
intinne air. Bhí litir 'n-a láimh agus é 'ghá léigheadh.
Gheit sé dó nó trí de chuartaibh ag léigheadh na litre
dhó. D'aithnigh an Ceithearnach air go raibh imnidhe


L. 111


mhór eicínt air. Mar sin, níor leig sé air féin go
dtug sé fá deara é.



Tháinic Máire agus Gráinne isteach sa bpárlús go
tobann. Chuir sé an litir 'n-a phóca ar an bpointe
's a bhfaca iad agus tháinic lasadh dearg i n'éadan.



"Ó, gabhaim míle párdún agaibh!" ar seisean.
"Bhíos ag léigheadh litre agus is olc liom nach bhfacas ag
teacht isteach sibh!"



"Béidh lá breagh bóthair agat," arsa Máire.
"Nach áluinn iad na sléibhte indiu?"



"Ó, go deimhin, is áluinn," ar seisean ag dearcadh
amach.



"Cuireann na sléibhte i gcuimhne dhom an lá úd
a raibh Éamonn se'ainne agus Art Ó Conchubhair agus muid
féin thuas ar bhárr an chnuic, a Mháire," arsa Gráinne.
"Lá breagh mar an lá indiu a b'eadh é. Nach
cuimhneach leat go ndeachamar ag baint fhraochóg
sa gclochar?"



"Is cuimhneach," arsa Máire, os íseall. "Acht
támuid ag coinneál an iomarca moille ar Mhac
Uí Luaithe, agus deifir air."



D'umhluigh sé dhóibh agus amach leis. Chuaidh de léim sa
diallaid agus d'imthigh.



"Tá rud eicínt ag cur imnidhe air go cinnte,"
arsa Gráinne.



"Tá beirt thunóntaí le cur amach go luath," arsa
Máire, "agus b'fhéidir gurab é sin is cionntach leis an
gcosamhlacht imnidhe atá air indiu."



"Is dóigh é," arsa Gráinne. "Acht bíonn sgéalta
nuaidhe eicínt 'n-a chuid litreacha freisin nach mbíonn
ró-thaithneamhach, tá mé ag ceapadh."



"Tá súil agam nach aon bhaoghal atá ar mo léas,"
ars' an Ceithearnach. "Agus ní mórán muinghine
is cóir a bheith as Pender bradach sin. Ní raibh
fear cúraim ag aon tighearna talmhan riamh is
measa bhéas 'ná é má leanann dó. 'Sé'n chaoi bhfuil
sé ghá iarraidh léan agus anshógh a thabhairt isteach ar an


L. 112


dúthaigh ar gach caoi ar féidir leis é. Béidh sé ag
gabháil do'n Ridire Gearat nó go ndéanaidh sé
tíoránach chomh cruthanta dhe le Sam Buidhe
Somerfield mara dtéighthear roimhe. Acht dhá
n-éirigheadh do'n Ridire féin a theacht agus aon choicighis
amháin a chaitheamh 'n-ár measg ní bheadh baoghal orainn.
Táim i n-aimhreas nach bhfuil 'fhios aige ceathramhadh
cuid a dtárluigheann ar a dhúthaigh!"



"Tá Pender breagh leis an gcró beag a leagan ar
Mhícheál Ó Briain bocht. Chuireas ualach tuighe soir
chuig mo dhuine bocht indé. Is rígh-mhór an truagh é.
Tá sé féin agus a mhuirghin lag i ngéar-chall. Agus
go bhfóiridh Dia ortha acht a leagtar an cró beag
ortha! Sgrúdfaidís an Turcach leis an gcaoi atá
ortha mar tá siad."



"Bitheamhnach bradach é Pender agus is furusta
aithne ar a ghnúis chrosaigh é!" arsa Gráinne.



CAIBIDIL XXXVII



TOMÁS Ó hÓGÁIN AGUS A CHOMHLUADAR.



B'imnidheach an fear é Tomás Ó hÓgáin ag
teacht a bhaile dhó ó n-a chuairt chuig Pilib Ó Laochdha.
Bhí sé ag geiteadh agus ag preabadh le neart sgannraidh.
Ní maith a bhí a fhios aige ar 'n-a shuidhe nó 'n-a
sheasamh a bhí sé. Chuir cainnt Philib criothnughadh ann.
Smaoinigh sé go mb'fhéidir go mb'fhíor dhó ar
dhubhairt sé. Facthas dó go dtárlóchadh an mí-ádh
dhó féin agus do'n ghabhaltas a ghrádhuigh sé thar rud ar
bith beo, ar deireadh thiar. Cá bhfios nach ruaigfidhe
as a theach agus as a chuid talmhan eisean mar


L. 113


ruaigeadh na céadta agus na mílte nach hé? B'uathbhásach
an smaoineadh é! B'uathbhásach. Agus b'in é an
smaoineadh a tháinic 'n-a intinn ag teannadh leis
an teach dhó. Bhí go leor de shaothar a shaoghail annsin
os a chomhair. Bhí cruacha móra féir agus coirce san
iothlainn. Bhí sgioból breagh ceann-slinne aige
a mbéadh bród ag feilméara ar bith as. Bí teach
breagh geal aolta, te téagarthach teolaidhe aige.
Bhí sé cinn de bha bainne aige. Bhí láir chapaill agus
bromach aige. Ní raibh pighinn chíosa ná feoirling
fiacha ag aon duine beo ná marbh air. Smaoinigh
sé anois ar an méid a b'fhiú é. Smaoinigh sé ar an
deis a bhí aige. Smaoinigh sé ar an ngabhaltas breagh
talmhan a bhí aige. Agus tháinic bród ar a chroidhe!
Acht dhá dtagadh sé sa saoghal go gcaithfeadh sé sgaradh
leis an méid seo go léir! Á, dhá dtagadh! Sin
é an smaoineadh a tháinic anois. Agus tháinic
crith in gach ball dá chorp, agus tháinic dath air chomh bán
leis an bpáipéar!



Acht níor leig sé air féin go raibh aon imnidhe
air. Agus isteach leis. Ní raibh de sholus sa
gcisteanaigh acht solus na teineadh. Ní i gcomhnaidhe
a bhíodh fonn ar an mnaoi coinneall a lasadh — agus níor
lasadh an choinneall an oidhche seo nó go rabhadar ag
réidhtiughadh le dhul chun suain. Sin é an uair a
thug a bhean fá deara an chosamhlacht a bhí air.



"Ó! a Thomáis chroidhe céard atá ort?" ar sise.
"Goirim 's coisrigim thú! Tá dath caillte ort!"
D'éirigh Séamus, an mac, de léim de'n stól, agus
gheit Neansaidh le sgannradh.



"Go deimhin, níl tada orm," arsa Tomás. "Cé'n
sgannradh sin ort?"



"Ó, táir chomh bán leis an bpáipéar!" ar sise.
"B'fhéidir gur taidhbhse a chonnaic tú — Dia idir sinn
agus an t-olc!"



"Go deimhin, ní fhacas taidhbhse ná taise — ná
sidheog acht an oiread," arsa Tomás, "agus ní fhacas


L. 114


riamh. Cé'n chainnt sin ort, a bhean? 'Ar ndóigh,
níl tada orm!"



"Muise, dar udhachta mo bheathadh, bhainis sgannradh
asam!" ars' an bhean. "Ní fhacas a leithid de
chosamhlacht cheana ort ó'n lá a ndeachaidh an bhó dhá
báthadh sa gcaoch-pholl. Tá braoinín beag sa
mbuidéal agus caith siar lán spunóige dhe agus bhéarfaidh
sé croidhe agus misneach dhuit. Táir ar creathadh!"



"Níl crith ná creathadh orm acht an oiread le
chéile!" arsa Tomás. "Agus cé'n mhaith dhuit a
bheith ag a rádh go bhfuil?"



"Ara, caith siar lán béil as an mbuidéal! Tá
braon ann ó'n lá a raibh mo dhearbhráthair ar cuairt."



"Ní fear d'uisge beathadh mé — agus ní theastuigheann
sé uaim," arsa Tomás. "Tabhair dhom an choinneall.
Tá sé thar am a bheith ag dul a chodladh — agus a mbéidh
ar ár n-aire — fá n-a bheith slán dúinn — i mbárach."



"Muise, tá cheana!" ars' an bhean. "Suas leat a
chodladh, a Neansaidh, agus ná bí in do shuidhe annsin níos
fuide. Is beag an dochar dhuit a bheith tanaidhe caithte
mar táir agus ar bheagán croidhe — agus thú ag áirneán go
meadhon oidhche ar a leithid de chaoi! In do chodladh ar
do leabaidh badh chóir dhuit a bheith le dhá uair a' chluig!"



Bhí Séamus sínte siar ar stól fada agus a lámha ar a
éadan 's gan smid aige. Bhí seisean agus a smaointe
féin aige.



Buachaill óg rígh-dheas a b'eadh Séamus. Bhí éadan
geal mín taithneamhach aige agus súile glas-ghorma.
Bhí sé fionn-bhán. Bhí gruag air chomh deas agus chomh
sleamhain mín réidh agus bheadh ar ghearr-chaile. Bhí
lonnradh 'n-a shúilibh. Bhí snódh na sláinte ar a
leacaibh. Ní fhuightheá buachaill in do shiubhal lae ba
deise béal agus a b'áilne ceann-aghaidh 'ná é. D'aithneoch-
adh duine ar an gcéad amharc é féin agus Neansaidh
as a chéile. Buachaill lághach carthannach a b'eadh é,
acht buachaill dána fearamhail neamh-eaglach nuair a
bainfidhe as é. Togha fir oibre a b'eadh é. Agus


L. 115


ní bhíodh fear camáin ar pháirc an bháire a b'fhearr 'ná
é acht Maitiú Mór féin.



"A Shéamuis, badh cheart duit-se féin a dhul a
chodladh feasta," arsa Neansaidh, nuair a bhíodar
le chéile ar an teallach.



"Níl 'fhios agam céard badh cheart dom a dhéanamh,
a Neansaidh!" ar seisean agus é ag dearcadh go grinn
ar an teinidh.



"'Tuige nach n-innsigheann tú dhom i dtaoibh an
aonaigh?" arsa Neansaidh. "A' ndeachaidh tú isteach
i dtigh an Bhúrcaigh."



"Chuadhas. Acht níl 'fhios agam cé'n ghraithe atá
agam ag dul i n-áit ar bith."



"Ó, bí 'ghá rádh mar sin!" arsa Neansaidh.
"Cé'n chaoi bhfuil Sibéal?"



"Tá sí go maith," ar seisean gan meangadh ná eile.



"Ó, bí ghá leigean ort féin nach bhfuil aon tsuim
agat innti mar 'dheadh!"



"Cé'n mhaith dhom suim a bheith agam innti — ná i
n-aon chailín eile?" ar seisean.



"Ó, 'ar ndóigh, tá sé ró-luath agat a bheith ag
smaoineadh ar phósadh," arsa Neansaidh. "Acht ní
hé sin an fáth nach mbéitheá sa tóir ar dhuine eicínt,
b'fhéidir. Agus dhá mbeadh 'fhios agat a bhfuil aca
in do dhiaidh!" ar sise ag meangadh.



"A Neansaidh, níl aon mhaith dhá cheilt níos fuide,"
ar seisean. "Táim le himtheacht uaibh!"



"Ó, a Shéamuis, leig de'n tseafóid sin agus bíodh
ciall agat!" ar sí. "Céard atá ag teacht ort chor
ar bith ag cainnt ar a leithid de chaoi?"



"Cé'n mhaith dhom fanacht annso níos fuide?
Níl m'athair dom' iarraidh. Táim in mo spailpín aige
fada go leor — agus ró-fhada — gan tada dhá bhárr.
Ní thiubhradh sé sgilling airgid phóca dhom dhá dtóigeadh
sí ó bhás go beathaidh mé! Níl aon mhaith dhuit ag cainnt,
a Neansaidh, imtheochad! Tá sé ceaptha socruighthe
agam anois agus an saoghal ní choinneochadh mé."


L. 116


"Ó a Shéamuis, a dhearbhráthairín, bíodh ciall agat
anois. Ná himthigh uainn nó brisfidh mo chroidhe le
cumha agus le uaigneas in do dhiaidh!" arsa Neansaidh,
agus thosuigh sí ag gul.



"A Neansaidh, is fearr dhom imtheacht," ar seisean.
"Tá 'fhios agat féin, an fhad 's bhéas an teach mar
tá sé, cé mar bhéas tusa. Ní bhéidh aon spré le t'
aghaidh, agus ní bhéithear sa tóir ort gan í. Dhá bhfághainn-se
bean agus spré — agus an spré a thabhairt duit-se — ní
bhéitheá mar sin. Acht níl 'fhios cé'n uair a éireochas
liom sin a dhéanamh. Bíodh an áit agat-sa agus annsin is
iomdha fear a mbéidh suim aige ionnat agus ar mhaith leis
thú fhágháil."



"A Shéamuis, ná habair é, a dhearbhráthairín! Ní
phósfaidh mise go deo. Níl uaim acht sinn go léir
a bheith go sólásach sásta i dteannta 'chéile annso
i gcomhnaidhe. Agus béidh do dhóthain agat fós le
congnamh Dé má fhanair."



"Ní phósfair, an eadh?" arsa Séamus. "An
i ngeall ar an gcleas a rinne an snagaire bocht
suarach sin, Éamonn Ó Broithe, nach bpósfá? Acht
casfar mise agus Éamonn ar a chéile amach annso, a
Neansaidh! Agus béidh cuimhne aige orm freisin —
an cladhaire de shuarachán ó's eisean é!"



"Ná bac leis, a Shéamuis. Ní móide gurbh' é
ba chionntach."



"Nuair a bhí 'fhios aige nach mbéadh goir aige thú
a phósadh gan spré 'tuige nár innis sé sin duit agus
bóthar eicínt eile a thóigeál 's gan a bheith in do dhiaidh
go dtí ar deireadh thiar thall mar bhí sé? 'Ar ndóigh,
tá an tír ag cur síos ort mar gheall air!"



"Abruighdís rud ar bith is breagh leob. Is cuma
liom-sa céard adéarfas siad," arsa Neansaidh agus na
deora 'n-a súilibh.



"Bainfear sásamh dhe fós!" arsa Séamus. "Nár
chuma dhó céard — adéarfadh duine ar bith má bhí gean
aige ort?"


L. 117


"Bhí gean aige orm, agus bhí gean agam-sa air," arsa
Neansaidh. "Acht is cuma sin anois. Shíl mé nach
raibh aon bhaoghal go ndéanfadh sé an rud a rinne.
Acht tá an oiread milleáin agam ar mo mháthair 's
tá agam ar Éamonn. Bhíodh sí i gcomhnaidhe ag
brúghadh cáirdis air agus ag déanamh muinntiris leis.
Ní bhíodh goir aige seasamh ar aonach ná ar margadh
nach mbíodh sí le n-a shála. 'Ar ndóigh, bhíodh sí ag
gabháil dó go minic nó go dteagadh sé ar cuairt
chugainn 's gan blas dá fhonn air. Shíl sí nár
theastuigh acht a bhladar. Bhíos féin dí-chéillidhe go
leor freisin, acht ní raibh neart agam air agus an
chaoi a mbíodh 'ch uile dhuine ag cainnt ar Éamonn
liom. Acht tá deireadh leis sin anois. Mar adeir
Máire Ní Cheithearnaigh, b'fhéidir le Dia gurab é
mo leas é. Nach beag is fiú an saoghal mór i
gcomórtas leis an tsíorraidheacht? Air sin is
córa dhúinn a bheith ag smaoineadh — agus ní ar neithe
saoghalta."



"A Shéamuis, tá duine eicínt thar éis seasaimh
amuigh ag an ngeata," ars' an t-athair dá leabaidh.
"Gabh amach agus féach cé tá ann."



"Mícheál Ó Briain a bhí ann," arsa Séamus ag
teacht isteach.



"Mícheál Ó Briain bocht! — go bhfóiridh Dia air!"
ars' an bhean. "Dubhairt a bhean liom indiu go
raibh faitchíos uirthi gurab é an fiabhras a bhí ar an
bpáiste is óige agus bhí sí ag dul ag cur fios ar an
dochtúr. Agus cá bhfuil sé ag dul an tráth so d'oidhche,
a Shéamuis?"



"Sílim nach bhfuil 'fhios ag an duine bocht go
barainneach cá bhfuil sé ag dul. Acht dubhairt sé
go raibh sé ag dul treasna an aithgiorra go tigh
Phender."



"Go tigh Phender!" ars' an t-athair. "Ní' mé
céard atá 'ghá thabhairt annsin? Dubhairt Diarmaid
Ruadh liom go rabhadar leis an gcró a leagan air,


L. 118


agus dubhairt Uaitéar Ó Corcoráin, an báille, go
mb'fhearr leis féin nach leagfaidhe. Ní' mé céard
atá 'ghá thabhairt an bealach an tráth so d'oidhche?



"Tá 'fhios agam-sa go maith gurab é buachaill
an Chaiptín atá ghá mholadh dhuit imtheacht, a Shéamuis,"
arsa Neansaidh, "agus is tú an t-amadán agus áird a
thabhairt ar a ghlór."



"Is fada mé ag smaoineadh air," arsa Séamus.



"An go 'Meiriocá a rachas tú?" ar sise.



D'éist sé sgathamh agus níor labhair.



"Ní headh" ar sé sa deireadh. "Ní thiubhradh
m'athair an oiread dom 's d'íocfadh mo phaisinéaracht
anonn."



"Agus cá bhfuil fút a dhul, a dhearbhráthairín?
'Tuige nach n-innsigheann tú dhom é?"



"Béidh a fhios agat luath go leor, a Neansaidh!"
ar seisean — agus bhí a fhios.



CAIBIDIL XXXVIII.



AN tATHAIR AGUS AN MAC .i. ISAAC AGUS BERESFORD.



Tá a fhios agat, a léightheoir na gcarad, cé'n fáth
a dtáinic Hannraoi Ó Luaithe ar cuairt go Tiobrad
Árann, agus tá tuairim mhaith agat faoi seo cé mar
bhí sé ag caitheamh na haimsire ann. Bhí súil ag a
mháthair go n-éireochadh leis a bheith os cionn na dúithche
ag an Ridire Gearat de Buitléir i gceann tamaill.
Ní bhéadh de chúram air acht aire a thabhairt do'n talamh,
an cíos a bhailiughadh, agus an t-airgead a chur chuig
an Ridire ó am go ham. Agus, 'ar ndóigh, bhí súil ag
an máthair freisin go mbéadh an dúthaigh i seilbh a


L. 119


"micín mhuirnigh" thar éis bháis an Ridire. Sin é
is mó a raibh súil ag an mnaoi chroidhe leis.



Badh é sean-Isaac Pender agus a mhac Beresford, a bhí
i gcionn na talmhan fá láthair, agus b'iad a bhí ag
máighistireacht na dúithche i gCnoc na Gabha le
bliadhanta fada.



Máighistirí agus tioránaigh ba mheasa ba dheacair
fhágháil. Sean-duine faitcheach a b'eadh an t-athair.
Cladhaire bocht gan mórán misnigh a bhí ann. Chuirfeadh
an rud ba suaraighe ar creathadh 'n-a chraiceann é
le teann faitchís. Bhíodh síor-sgannradh air go mbíthí
ar a thóir. Agus d'fhéachfadh sé le dhul thrí pholl an
ghlais ó dhuine ar bith a bhéadh ag faire air. Bhí a fhios
aige nach raibh aon ghrádh ag muinntir na dúithche dhó,
agus sheachnuigheadh sé iad chomh maith 's b'fhéidir leis i
gcomhnaidhe. Acht sean-ghleacaidhe a b'eadh é, mar sin
féin. Bhí sé glic sean-chéillidhe fad-bhreathnuightheach,
agus d'éirigheadh leis droch-bhearta a dhéanamh ar
thunóntaíbh bochta gan mórán gleo ná torainn go
minic. Acht má bhí an t-athair faitcheach cladhaireamhail
bhí an mac neamh-eaglach agus borb dána. Ní raibh
uaidh-san acht troid agus achrann. Ní loicfeadh sé
ó aon fhear dár choisrig a mhala, agus sheasfadh sé ar
aghaidh an Áidhbheirseóra féin gan sgáth gan eagla. Ní
dheachaidh sé fad cois' coiligh ó n-a dhoras féin le
bliadhanta fada gan gléas cosanta. Bhíodh a chuid
piostal ar ceangailt dá chrios i gcomhnaidhe, agus
dhá dteagadh air ní bheadh de shuim aige urchar a chur thrí
dhuine acht an oiread 's bhéadh aige tosughadh ag losgadh
agus ag spalpadh na mionn — agus ní beag sin de!



Bhí an t-athair agus an mac mí-shuaimhneach go leor ó
tháinic Mac Uí Luaithe. Bhí aimhreas aca gurbh' é an
Ridire adubhairt leis a theacht le n-a thabhairt fá
deara cé mar bhíodar féin ag déanamh na ngraithe.
Bhí a fhios aca gur chuir cuid de na tunóntaíbh sgéala
chuig an Ridire ag gearán agus ag clamhsán. Agus
bhí aimhreas aca anois go mb'fhéidir gur le bheith 'n-a


L. 120


mháighistir ar an dúthaigh a tháinic Hannraoi. Sin é
an faitchíos a bhí ortha. Agus b'fhearr leob fiche troigh
i dtalamh é fá láthair 'ná ar cuairt i mBaile na
Claise. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe aca air.
Dhá bhféadfaidhe an oiread faitchís a chur air roimh na
tunóntaíbh 's go n-imtheochadh sé go mín réidh socair
dá dheoin féin, b'amhlaidh a b'fhearr é. Mara ndéanfadh
sin cúis d'fhéachfaidhe le faitchíos a chur i gcéill dó ar
chaoi eicínt eile. Sin mar bhí ceaptha socruighthe ag
Beresford Pender.



"Sílim, a Bheresford, nach bhfuil aon áird ag Mac
Uí Luaithe ar an talamh," ars' an t-athair. "Ní
chreidim go dtéigheann sé i ngoir ná i ngaobhar na
dtunóntaí, agus is dóigh go mbéidh sé ag imtheacht
go luath. Ar cuairt chuig an gCeithearnach sin a
tháinic sé, a Bheresford. Níl aon áird aige ar an
dúthaigh, agus ná creid go bhfuil."



"Acht cá bhfios dúinn céard a chuirfeadh muinntir
Uí Cheithearnaigh 'n-a cheann? Cá bhfios cé'n chomhairle
a bhéaradh na cneamhairí sin dó?" arsa Beresford.



"Ní chuirfidh siad tada mar sin 'n-a cheann, a
Bheresford," ars' an t-athair. "Agus dá gcuireadh
féin ní mheasaim go ndéanfadh sin mórán dochair
dhúinn. Ní chuireann an Ridire aon tsuim 'sna
sgéalta so a curtar chuige ghá rádh go bhfuilmid ag
déanamh 'gus siúd. Dá gcuireadh is fad ó
thiocfadh sé féin leis an dúthaigh fheiceál. Agus is
gearr an bás uaidh agus an droch-shláinte atá aige
i dteannta a aoise. Nach bhfuil 'fhios agat féin nach
dtiubhradh sé léas nuadh do'n Cheithearnach nuair a
chuireas-sa i gcéill dó go raibh tighearnaí an Chonndae
i n-aghaidh léasa nuadha a thabhairt do na tunóntaíbh
fá láthair. Acht dhá n-éireochadh do Mhac Uí Luaithe
an tír fhágáil go luath b'amhlaidh a b'fhearr dhúinn é.
Cá bhfios cé air a mbéadh sé ag smaoineadh? Agus
dá laghad eolas dá mbídh aige i dtaoibh na dúithche is
amhlaidh ns fearr agus is suaimhnighe dhúinn é."


L. 121


"Sílim go n-éireochaidh linn faitchíos a chur i gcéill
dó réidh go leor," arsa Beresford. "Is gearr ar
Dhiarmaid Ruadh an méid sin a dhéanamh. Ní
thastuigheann acht a sgannrughadh mar is ceart, agus
sguabfaidh leis — nó mara sguabaidh!" —



"Anois, a Bheresford, seachain!" ars' an t-athair.



"Seachnuigheadh seisean freisin má tá an t-ádh
'n-a chaipín!" arsa Beresford, "nó mara seachnuighidh,
mo chraiceann-sa ná raibh ag an d--l go —!!"



"Anois, a Bheresford, bí aireach cúramach! Pé'r
bith céard a dhéanfas tú déan gan gleo gan torann
é. Dhá laghad trácht dá mbéidh orainn 'sna páipéir
nuaidheachta is amhlaidh is fearr é."



"Agus céard a déanfar leob so i mBaile an
Raithín?" arsa Beresford. "An ag a iarraidh a
bhfágáil mar tá siad atáir? Na bitheamhnaigh de
chneamhairíbh! Ní fhágfad mac máthar aca gan glanadh
amach as an áit!"



"Anois, a Bheresford, bíodh ciall agat! Bí
foighdeach, a mhic ó. Bí foighdeach! Ní gábhadh dhuit sin
a dhéanamh. Cuir amach beirt nó triúr aca agus roinn a
gcuid talmhan ar na tunóntaíbh is láidre. Annsin
béidh tuilleadh aca ghá cheapadh go ndéanfar mar an
gcéadna leob féin — níl baoghal ar bith nach mbéidh.
Na daoine atá cinnte go gcuirfear amach iad béidh
siad sásta an talamh a thabhairt do thunóntaíbh eile
ar an oiread so, agus imtheochaidh siad thar éis
sgartha le n-a gcuid talmhan dóibh dá ndeoin féin.
Annsin is furusta na tunóntaí láidre a dhíbirt sa
deireadh má cheapamuid gurab amhlaidh a b'fhearr é.
Cuiridís féin ruaig ar a chéile, a Bheresford. Cuiridís
féin ruaig ar a chéile. Sin é an chaoi is fearr le n-a
dhéanamh."



"Agus céard a déanfar leis ar gCeithearnach?
Tá cíos bliadhna caithte ar a chuid talmhan anois,"
arsa Beresford.



"Leigimis dó féineacht go ceann bliadhna nó dhó


L. 122


eile. Sin é is fearr dhúinn a dhéanamh. Is gearr
go mbídh an tsean-léas caithte anois. Nuair a bhéas —
agus cíos cúpla bliadhain caithte air san am céadna —
'seadh is fusa dhúinn bualadh faoi. Is furusta a
ruaigeadh annsin, acht bhéadh sé contabhairteach fá
láthair — bhéadh sin. Is fearr dhúinn an fhoighid a
ghlacadh leis-sean. Bhí roinnt báidhe ag an Ridire
leis, a Bheresford."



"Bhfuil Mac Uí Ainnlighe, an dligheadóir" in do dhiaidh
fá'n airgead sin i gcomhnaidhe?" arsa Beresford.



Gheit sean-Isaac" agus thosuigh ag sgríobadh a
mhullaigh mar bheadh fear ann a mbéadh míoltóga géara
leis.



"Déanfaidh sé rud eicínt mara dtugamuid feilm
dhó" a Bheresford — déanfaidh sin" ar seisean. "Is
fearr dhúinn féachaint le Mac Uí Ainnlighe a shásamh,
a Bheresford. Duine aisteach é. Duine aisteach é —
agus dligheadóir glic" a mhic ó. Chuirfeadh sé i dteannta
sinn dhá dtogruigheadh sé é i ngeall ar an airgead sin.
Is orm a bhí an cathughadh biorach agus an mí-ádh an
lá ar bhuaileas fá chodacha a cheannacht san mbóthar
iarainn céadna! Agus marach Mac Uí Ainnlighe,
bhéinn i dteannta, mar tá 'fhios agat."



"Béimid i dteannta ag an gcneamhaire uair ar bith
is breagh leis é ag na codacha mí-ádhsacha céadna!"
arsa Beresford. "Ná raibh an t-ádh ortha agat,
mar chodacha — ó nach bhfuil! Caithfear a shásamh ar
bhealach eicínt anois ó bhí an oiread de'n leibideacht
ort 's go raibh aon phléidhe agat leis ó thús."



"Caithfimid feilm a thabhairt dó" ars an t-athair"
"agus sásóchaidh sin é. Thug sé leide dhom go sásóchadh.
Acht ní bhéidh aon ghlacadh aige acht le feilm mhaith
— ní bhéidh sin."



"Cá bhfuil an fheilm le n'aghaidh?" arsa
Beresford.



"Níl aon áit fheileamhnach acht an dá réimse sin
ar 'ch aon taobh de ghabhaltas Thomáis Uí Ógáin — as ar


L. 123


díbrigheadh an bheirt dheiridh" arsa Isaac. "Acht
ní bhéadh sé sásta leis an méid sin. Mara bhféadtar
talamh Thomáis Uí Ógáin a chur isteach leis an gcuid
eile ní bhéidh aon áit fheileamhnach againn le n'aghaidh."



"Buaileadh Tomás Ó hÓgáin bóthar, 's baineadh
sé deatach as — má's breagh leis é!" arsa Beresford.
"Níl aon léas aige agus glanadh sé leis!"



"Mara sásuighidh an dá ghabhaltas eile Mac Uí
Ainnlighe caithfear a dhíbirt" ars' an t-athair.
"Acht níl pighinn chíosa air agus —"



"Is cuma liom-sa sa d--l mór a bheith nó gan
a bheith!" arsa Beresford. "Sguabadh sé leis!
Acht seo chugainn Mac Uí Luaithe! Fáiltigh thusa
roimhe. Caithfidh mise a dhul agus Diarmaid a chur ar
theachtaireacht. Béad ar ais ar an bpointe."



D'fháiltigh sean-Isaac roimh Hannraoi. Ba ghearr
go raibh Beresford ar ais.



"Lá breagh" ar seisean. "Tá súil agam go
bhfanfair le dínnéar a chaitheamh linn."



"Go raibh maith agaibh" arsa Hannraoi" "acht
gheallas a bheith ar ais i dtigh an Cheithearnaigh i n-am
dínnéir. Fuaireas litir indiu ó'n Ridire agus tá sé
ag dul ar ais do'n mhór-thír gan mhoill. Caithfidh mé
féin a bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain seo
chugainn. Tá orm imtheacht."



Bhíodhg sean-Isaac le áthas.



"Bhí 'fhios agam nach bhfanfadh an Ridire i nÉirinn"
ar seisean. "Bhí 'fhios sin. Dubhras i gcomhnaidhe
nach bhfanfadh. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear a bhí
ar easbaidh na sláinte mar é comhnaidhe sa tír seo?"



Thosuigh Hannraoi ag gáiridhe.



"Ó thárla ag imtheacht mé," ar seisean, "badh
mhaith liom cuid de na tighthibh atá ar an dúthaigh
fheiceál. A' dtiocfair?" ar seisean le Beresford.



"Tiocfad gan mhoill" arsa Beresford.



Chuir Beresford srian 's diallaid ar shean-ghearrán
caithte claoidhte nach raibh tarraingt na gcos ann


L. 124


acht ar éigin — leis an aois agus leis an donacht. Níor
facthas riamh a leithid de chapall bóthair. Ní raibh air
acht na cnámha agus an craiceann. Bhí sé chomh caithte leis
an bhfeág, agus sgioltar feola ní raibh air. Bhíodh sé
ag dul thar a chéile, ag siubhal dó, le lagar agus le donacht.
Seo é an "gearrán gasta" ar bhuail Beresford
Pender ar marcaidheacht air!



"Ara, a Bheresford, 'ar ndóigh, ní hé an sean-
ghearrán atáir a thabhairt leat!" ars' an t-athair.
"Ní dhéanfaidh sé an bealach, a Bheresford. Ní
dhéanfaidh sé an bealach! Féach an bhail atá ar a
ghlúinibh!"



"Tá crudh sgoithte ag mo chapall féin," arsa
Beresford. "Déanfaidh "Uaterloo" cúis ceart
go leor indiu. Níl baoghal ar an mbuachaill!"



CAIBIDIL XXXIX.



AN SEAN-GHEARRÁN AGUS A UALACH. BRIAN
Ó BRUADAIR AGUS BAIRBRE.



D'imthigh le Mac Uí Luaithe agus le Beresford Pender
go mín réidh socair. Focal níor labhair ceachtar aca
leis an duine eile go ceann leath-uaire. Chuadar
suas bóthar cumhang uaigneach i n-aice an tsléibhe agus
ba ghairid go rabhadar i ngar d'fheilm an Cheithearnaigh.



"Sin í feilm an Cheithearnaigh," arsa Beresford.
"Níl de chíos ar an talamh sin aige acht coróin 's
punnt an t-acra. Badh cheart dhá phunnt ar a laghad
a bheith air."



"Nach iúd é an Ceithearnach féin i gceann na
páirce?" arsa Mac Uí Luaithe.


L. 125


"Is cosamhail leis é," arsa Beresford.



Tháiniceadar suas leis an mBuailteoir agus
ag cur an bhealaigh dhe "go lághach réidh" amach
rómpa.



"Cé'n sgéal é, a Mhaitiú?" arsa Hannraoi.



"Dheamhan sgéal ar a' domhan — acht go bhfuilim
ag dul ag crathadh cruithneachta do'n Cheithearnach.
Táthar ag spréadhadh aige indiu," arsa Maitiú.



Bhí cáirín asail an Cheithearnaigh amach rómpa agus gan
duine 'n-a dhiaidh.



"Cá bhfuil fear an cháirr?" arsa Hannraoi.



"D'imthigh leis ag baint maide droighin," arsa
Maitiú "agus d'fhágaibh sé an t-asal agus an cárr agus na
málaí cruithneachta i lár an bhóthair, tá leath-uair ó
shoin ann!"



Ba ghearr go raibh Brian ar an talamh, agus a mhaide
mór trom fad-altach droighin i gcúl ciotóige aige.



"Nach bhfuilir thairis sin fós!" an seisean leis
an asal — 'ghá bhualadh treasna an leath-deiridh leis
an maide agus ag cur cor sníomháin ann i lár an
bhóthair.



"Nach bhfuil an Ceithearnach le capall a cheannacht?"
arsa Beresford le Maitiú. "Díolfad an gearrán
so leis agus ní bhéad as bealach sa luach — má's breagh
leis é."



"Óra, a dh--l, a ghasúir, coinnigh mé nó
tuitfead!" arsa Briain ag leigean a shean-sgairt
gháire.



"Níor cheart go mbéitheá as bealach sa luach ar
chuma 'r bith," arsa Maitiú. "Is gearr uaidh!
Dheamhan an chuach a chloisfeas sé nó go gcloisidh
mise Fionn Mac Cumhaill ag feadghail ar Bhran!"



"Díol a shean-chraiceann lobhtha le "Ceannaidhe
an Leathair" — 'sé b'fhearr dhuit a dhéanamh!" arsa
Brian.



Bhreathnuigh Beresford air go gruamdha arannta
acht focal níor labhair.


L. 126


"Gabh mo leith-sgéal," arsa Hannraoi." Caithfead
beagán cainnte a dhéanamh leis an gCeithearnach.



"Béarfaidh tú orm-sa" arsa Beresford. "Ní
dhéanfad mórán siubhail."



"Is breagh an lá ag spréadhadh é seo, a Cheithearnaigh,"
arsa Mac Uí Luaithe. "Agus is breagh tirim an
talamh é seo agat."



"Ní raibh sé mar sin lá de'n tsaoghal, muis,""
ars' an Ceithearnach. "Bhí an réimse seo fré chéile
fliuch báidhte, tá bliadhanta ó shoin ann, acht bhíos leis
go ndearnas togha talmhana dhe. B'éigin clasganna
móra doimhne a dhéanamh leis an uisge a sgaoileadh
le fánaidh — agus níorbh' fhurusta a thriomughadh,
deirim-se leat."



Bhain Beresford Pender amach sna sodair soir an
bóthar, agus thosuigh sé ag éirghe i ndiallaid go
croidheamhail. Acht bhí an meadhchan ró-mhór do'n
tsean-ghearrán, agus ní baileach a bhí sé bainte amach
i gceart san sodar 'ná thuit i mbun a chos i lár an
bhóthair! Caitheadh Beresford amach i ndiaidh a
mhullaigh agus buaileadh go láidir i n-aghaidh an bhóthair
é. Chuir sé uaill as, acht níor éirigh.



"Dar an leabhar! Tá Beresford leagtha!" ars'
an Ceithearnach.



"Mh'anam go bhfuil!" arsa Hannraoi. "Sin a
bhfuil de bhárr an tsean-ghearráin aige!"



Ritheadar síos chuige. Rith fear a bhí ag obair i
leath-taoibh an bóthair freisin chomh tréan 's b'fhéidir leis.



"Bhfuilir gortuighthe?" arsa Hannraoi.



Níor fhreagair Beresford, acht thug a aghaidh ar an
tríomhad fear.



"Nach bhfacais do mo leagan mé?" ar seisean
go feargach.



"Mh'anam go bhfacas," arsa mo dhuine agus é i
ngreim srianach sa ngearrán, "acht nuair nár
chorruighis shíleas go rabhais marbh agus criogtha amach 's
amach agus bhí faitchíos orm a dhul i n-aice leat mar


L. 127


gheall air gur tú féin a bhí ann. Cá bhfios céard
adéarfaidhe, b'fhéidir, dhá bhfeictí mise i n-aice na
háite?"



Thosuigh Beresford ag spalpadh na mionn fá
n'fhiacail.



"Ba le bheith ciallmhar dhó nach ndeachaidh sé 'n-a
ghaobhar" ars' an Ceithearnach i gcogar le Mac Uí
Luaithe," agus bíodh sé buidheach go raibh muide annso,
nó bhéadh mo dhuine bocht i gcontabhairt faoi gur
éirigh leis a bheith chomh gar do Bheresford 's bhí sé.
Is iomdha duine a crochadh faoi rud chomh suarach leis
nuair nach raibh aon chruthughadh aige."



Cuireadh Brian fá mhór-dheifir le sgéala chuig
Diarmaid Ruadh ghá rádh leis a theacht agus an
gearrán a thabhairt ar ais.



"Go mbeannuighidh Dia annso! Cá bhfuil Diarmaid?"
arsa Brian ag bualadh isteach i dtigh Phender.



"Muise, ní féidir gur tú Brian!" ars' an
tsean-bhean a bhí i gcionn an tighe. "Céad fáilte
romhat! Ara, suidh síos, a Bhriain! Agus cé chaoi
bhfuil tú — nó cé'n sgéal nuaidhe agat ar an aimsir
seo? 'nDomhnach, chualamar go raibh pósadh le bheith
agaibh i dtigh an Cheithearnaigh, a Bhriain! Ara, céaróch
buachaill é an fear óg? Bhí 'fhios agam i gcomhnaidhe
go bhfuigheadh Máire fear maith."



"Tá mé ceart go leor, a Bhairbre" arsa Brian.
"Cá bhfuil Diarmaid?" — níor bhac sé leis na
ceisteanna eile a fhreagairt ó bhí deifir air.



"Muise, nach tú atá ag méadughadh, a Bhriain,
míle glóire le Dia! Táir in do bhéinneach d'fhear cheana —
mh'ainín go bhfuilir! Nach cóir adeireadh do mháthair
féin gur le t'athair a bhí tú ag 'ul? Níl aon duine
a chonnaic riamh é nach n-aithneochadh as thú — dhá mbadh é
a shiubhal agus a rith é bhí siad agat ag éirghe suas duit —"



"Nach mar gheall ar chomh héasgaidh 's bhí sé a
d'imthigh sí leis dhá mhíle buidheachas!" arsa Brian.
"Cá 'uil Diarmaid, a Bhairbre?"


L. 128


"Má d'imthigh féin níor náire ar bith dhi sin. Fuair
sí lán a gabhála d'fhear luath láidir, agus má bhí sé
basach féin, 'ar ndóigh, níor locht ar bith air é! Is
iomdha fear maith a bhí basach!"



"Is fíor do phort, a Bhairbre," arsa Brian ag cur
coise os cionn na coise eile. "Acht, a Bhairbre, a
dh--il, cá 'uil Diarmaid? Íosaidh siad beo
beathadhach mé má ghním aon mhoill!"



"Leabhar-sa, is maith an aghaidh ar Mháire Ní
Cheithearnaigh fear maith fhágháil, a Bhriain — is maith
sin! Is breagh dathamhail an cailín í mar deir
Beresford. "Nach mór an truagh gan spré le fágháil
aici, a Bhairbre?" ar seisean. "Ara, 'tuige nach
mbéadh" arsa mise, "nach bhfuil na céadta agá n-a
hathair?" "Níl ná de dh--l cianóg le n-a haghaidh,"
arsa Beresford. "Tá a hathair i n'amadán ag
caitheamh a chuid airgid leis an talamh — agus sin a mbéidh
dhá bhárr aige sa deireadh," ar seisean.



"Meas' tú an é pósadh Bheresford chrosaigh an
choincín mhóir a dhéanfadh sí — ná aon Phender eile dár
shíolruigh ó pé'r bith D--l duine a bhí sa gcéad
Phender acab?" arsa Brian. "Acht leig de'n chainnt
agus innis dom cá 'uil Diarmaid!"



"Ara, muise, Diarmaid gan mhúnadh ó's eisean é,
leabhar-sa! Acht ní bhéidh de mo bhárr-sa ag an
mbuachaill! Tháinic sé isteach agus chroch leis an
gunna amach as an gcisteanaigh uaim. "Cá bhfuilir
ag dul anois, 'riú?" arsa mé féin. "Fiafruigh de'n
D--l sin — nach mór a bhainim dhuit!" arsa
Diarmaid. Acht b'fhéidir go mb'fhearrde Diarmaid
fios a labhartha a bheith ag an mbuachaill! Síleann
sé nach bhfuil 'fhios agam-sa tada dhá mbíonn ar
siubhal aige. Acht tá 'fhios agam níos mó 'ná leigim
orm, a Bhriain. Mh'ainín go bhfuil 'fhios!"



"Ara, amhgar na mbó maol ort! — agus innis
dom feasta cá bhfuil sé, nó cá ndeachaidh sé, a
Bhairbre. Nár dhubhras cheana leat fá dhó agus trí


L. 129


huaire go raibh sé 'n-a dheifir orm agus sgaoil 'un
bealaigh mé — 'sé dhéanfas tú!" arsa Brian.



"Chroch Diarmaid leis an gunna agus thug an
sgioból air féin" arsa Bairbre. "Agus ní móide
go bhfuil 'fhios ag an mbuachaill báire go bhfaca mise é
ag cur piléir luaidhe ann — acht chonnaiceas. D'imthigh
leis amach an geata agus níl 'fhios agam-sa cé'n bóthar
a thóig sé, acht —"



Amach le Brian gan éisteacht le níos mó. Bhí
sé le cuthach le Bairbre fá'n moill a choinnigh sí
air.



"nDomhnach, is measa í 'ná Nóra Laoide féin le
n-a bhfuil le rádh aici!" arsa Brian. "Tá an oiread
cainnte ag cuid de na sean-mhnáibh céadna le dháréag
's fiche. Agus thar éis mé a bheith ag éisteacht léithi le
leath-uair a' chluig gan agam ar deireadh thiar acht
bonnacha! Claidhe siúcra go dtuitidh ort-sa, a
Bhairbre — mara'n agat atá do theanga ar do
chomhairle féin! Acht ní abróchad leat acht sin agus
chomh lághach 's thráchtais ar m'athair bocht. Go maithidh
Dia dhom an easgainidhe — acht dheamhan focal di a
thagas ó mo chroidhe acht uair sa gcéad, sílim, agus
chualaidh mé mara dteagaidh sí ó'n gcroidhe nach fiú
trompa gan teanga a dtig léithi a dhéanamh de
dhíoghbháil. Dubhairt an tAthair Ó hAnnagáin liom
lá an fhaoistin gur mhór an peacadh a bheith ag losgadh
mionna mór, acht d'innsigheas-sa dhó gurbh' é a
bhuachaill féin is mó a bhain easgainidhe asam an lá
ar bhuail sé isteach ar an bpus mé faoi go dtugas
"péacóg de shagairtín" air!" Amach le Brian
sa stábla agus sa sgioból acht ní raibh Diarmaid i
gceachtar aca. Bhreathnuigh sé thart timcheall in gach
áit acht ní fhaca é.



"Muise, dar piachta! — mar deir cé deir é," arsa
Brian, "is fuar falamh an áit é seo ag sean-Isaac
creathach, agus ag Beresford crosach an ghleo mhóir!
Níl gé ná lacha, cearc ná coileach, muc ná banbh, bó


L. 130


ná gamhain, laogh ná uan acab! Má tá, cá bhfuil siad?
Dheamhan réithe ná caora, mult ná uasgán, bárdal
ná coileach, le feiceál timcheall na háite. Mh'anam
nach bhfuil. Shílfeá gur fuath atá ag éanlaithe an aeir
féin do'n teach malluighthe céadna. Ní fheicim druid
ná céirseach, buidheog ná smólach, londubh, filibín,
spideog, fáinleog ná dreoilín. Deamhan é — is
fearr leob comhnaidhe 'sna háiteachaibh nach bhfuil
mallachta na mbocht — agus tá mallachta na mbocht
chomh tiugh "le gaineamh ar thráigh nó drúcht ar bharr
glasaire," mar deir Seaghán De hÓra, os cionn an tighe
mhí-ádhsaigh seo. Táim cinnte go bhfuil. 'nDomhnach
muise, is beag is fiú thú dhá mhéad gaisge dhá bhfuil ag
an gcloigneachán droch-mhúinte is mac dhuit, a shean.
Isaac! Mh'anam gur beag, de réir chosamhlachta —
agus ní fiú thú ceathramha cuid a bhfuil agat. Nár
leigidh Dia gurbh' fhiú — mar is olc an aghaidh ort é!
Agus dheamhan mórán is fiú an fheág de shean-
ghearrán atá agat ar an móiméad so acht an oiread.
Tá a chnaipe déanta! Acht nach fearr dhom seasamh
thoir ar an gClaidhe Árd agus b'fhéidir go bhfeicfinn
Diarmaid Ruadh uaim i n-áit eicínt. Sgéal cam
orthab ar fud fad a chéile! Dhá mbéinn chomh luath
leis an ngaoith Mhárta agus chomh lúthmhar le Caoilte
Mac Rónáin ní fhéadfainn freastal dá bhfuil orm a
dhéanamh ó Luan go Satharn!"



Sheas sé ar bhárr an chlaidhe agus dhearc uaidh go grinn.
Sa deireadh facthas dó gur duine a thug sé fá deara
ar a chromada sa nGleann Mór ó dheas de bhóthar.
Bhreathnuigh aríst agus chonnaic ní b'fhearr 'ná sin é. Bhí
'fhios aige anois gur sa gclais ghainimhe a bhí sa ngleann
a bhí sé. Rinne air. Acht sul bhí sé i n-amharc an té
bhí sa gclais ghainimhe chonnaic sé é ag breith ar ghunna.
Chonnaic Brian beirt mharcach ag teacht anoir an
bóthar. Bhí fear an ghunna ag faire go deo go
rabhadar gar go maith do láthair. Annsin chuir deis
air féin. Thug béal an ghunna ortha — agus bhí ag dul


L. 131


ag caitheamh acht — pé'r bith cé'n fáth é — leag sé uaidh
an gunna go tapaidh, agus shín siar go ndeachaidh an bheirt
mharcach thairis. Beirt shíth-mhaor a b'eadh iad.



"Mo chraiceann ó'n d--l gurab é Diarmaid
Ruadh atá ann!" arsa Brian. "Tá tú ar fágháil, a
Sheagháin figheadóir!" ar seisean ag rith aniar an
cnocán.



"Cé'n d--l a thug an bealach so thú?" arsa
Diarmaid.



"Sguab leat go beo agus iomchuir an sean-ghearrán
a bhaile ar do dhruim!" arsa Brian. "Thuit sé féin
agus Beresford i mullach a chéile thoir ar bhóthar an
Ráithín agus tá an gearrán 's gan éirghe 'n-a sheasamh
ann!"



"Agus cá bhfuil Beresford agus Mac Uí Luaithe?
Nach bhfuil siad le theacht an bealach so?"



"Dheamhan teacht ná teacht," arsa Brian. "Thug
Beresford do na buinn a bhaile é, agus chuaidh Mac
Uí Luaithe a bhaile chuig a dhínnéar tá uair ó shoin
ann."



"Go bhfeannaidh an d--l an sean-ghearrán
céadna! — má's sin a bhfuil agam thar éis mo chuid
trioblóide!" arsa Diarmaid Ruadh ag éirghe agus ag
imtheacht.



Dhá n-éirigheadh leob a theacht ar ais an bealach a bhí
fútha, bainfidhe sgannradh as Mac Uí Luaithe a mbéadh
cuimhne aige air. Nuair a bhéidís ag dul thar an
gclais ghainimhe bhí Diarmaid Ruadh le urchar a chaitheamh
go tobann agus le piléar a chur thríd an ngearrán a
shínfeadh mín marbh é i lár an bhóthair. Mhionnóchadh agus
chasgróchadh Beresford gur "cneamhaire bradach de
thunónta" a bhí i bhfalach le n-a ndún-mharbhughadh i lár
an lae ghléigil. Bhéadh Diarmaid sguabtha sul
d'fhéadfadh Hannraoi é d'aithneachtáil — má bhí aon
aithne aige air. Chreidfeadh Mac Uí Luaithe go rabhthas
sa tóir air féin. Bhéadh a fhios aige go mbéadh sé i
gcontabhairt a chaithte dá bhfanadh sé san áit. Dheif-


L. 132


reochadh leis go Baile Átha Cliath — agus annsin bhéadh
Beresford agus sean-Isaac chomh suaimhneach sásta 's
b'fhéidir le beirt thíoránach bradach ar bith a bheith.
Sin mar bhí socruighthe ag Beresford agus ag a bhuachaill.
Acht níor éirigh leob fá láthair — agus ba hé an sean-
ghearrán ba chionntach.



CAIBIDIL XL.



BRONNTANAS AN tSAIGHDIÚRA. RÚN AGUS
DÓCHAS EILÍS NÍ MHUIRGHÉIS.



Thug Liam Ó hEithfearnáin an "boisgín" do
Eilís Ní Mhuirghéis nuair a casadh dá chéile ar an
mbóthar iad. Shín sé chuici é gan focal a rádh acht
amháin gur duine a casadh air i gCluan Meala a chuir
chuici é. 'Ar ndóigh, bhí a fhios ag Eilís go maith cé
uaidh a dtáinic sé. Bhí sí ag dul ag osgailt an
bhoisgín go díreach nuair a chonnaic sí an Buailteoir
ag teacht, agus shac sí síos 'n-a póca ar an bpointe
boise é. Níor fhéad sí faill fhágháil ar bhreathnughadh
céard a bhí ann gur shroich sí teach an Cheithearnaigh.
Ag déanamh gúnna chuig Máire 'seadh tháinic sí — mar
gúnnadóir cliste a b'eadh í.



Bhí Máire agus Gráinne agus í féin ag seanchus fá láthair.
Thug Gráinne fá deara go gcuireadh Eilís lámh 'n-a
póca go minic, agus go láimhsigheadh sí rud eicínt. Acht
ní raibh a fhios ag Gráinne céard é — marar airgead
a bhí ann. Thug sí fá deara freisin gur chosamhail le
Eilís a bheith ag smaoineadh gach uair dá gcuireadh
sí a lámh 'n-a póca. Agus, 'ar ndóigh, bhí Gráinne
go priaclach gan a fhios a bheith aici céard a bhí sa bpóca


L. 133


agus cé air a raibh sí ag smaoineadh. "Acht béidh 'fhios
a'm é," ar sise léithi féin.



"Ceapann Máire annso nach ceart do dhuine a
bheith ag smaoineadh ar ór ná ar airgead 'chor ar
bith, a Eilís," ar sise. "Agus bhí sí ag tabhairt
fúm-sa sul da dtáinicis faoi gur dhubhras nár
thaithnigh an bhoichteanacht liom."



"'nDomhnach, shílfeá nach mbéadh aon duine ann nár
mhaith leis a dhóthain saidhbhris a bheith aige," arsa
Eilís.



"Meas' tú nár dheas an rud do chailín fear
saidhbhir fhágháil?" arsa Gráinne.



"B'fhéidir é," arsa Eilís. "Is minic a shíleas go
mbadh dheas. Acht 'sér'd a b'fhearr liom féin —
gan a bheith i gcleitheamhnas ná i dtuilleamaigh aon
duine. Sin é an fáth a ndeachas go Baile Átha
Cliath le gúnnadóireacht fhoghlaim."



"Agus an saothruightheá mórán, a Eilís? Is
breagh deas uait gúnnaí a dhéanamh — ní as ucht a
bheith i láthair dhuit é," arsa Gráinne.



"Shaothruighinn roinnt. Acht is deacair saidhbhreas
a dhéanamh i mBaile Átha Cliath. Marach a bheith ag
comhnaidhe i n-aon teach le m'aintín dom rachadh an
saoghal cruaidh go leor liom amannta."



"Nach mór an t-iongnadh gur fhágais cathair áluinn
mar Bhaile Átha Cliath? Fairíor gan mise ann! Nach
agam a bhéadh an saoghal! Ní aireochainn na laetheannta
dá gcaitheamh acht an oiread 's d'airigh Oisín i dTír
na nÓg!"



"B'fhéidir go n-aireochthá, a Ghráinne!" arsa
Máire. ""Is glas iad na cnuic i bhfad uainn acht
ní féarmhar!" B'fhéidir gur ghearr go mbéitheá
sáthach tuirseach dhi. Feicthear dhom-sa nach mairfinn
i bhfad ann. Bhéadh briseadh croidhe orm i ndiaidh na
ngort agus na móinfhéar agus i ndiaidh mágh maiseach mín
Thiobraid Árann."



"Is minic a bhínn-se féin ag smaoineadh ortha agus


L. 134


go cumhamhara 'n-a ndiaidh," arsa Eilís. "Agus
freisin, bhínn ag smaoineadh ara mo shean-athair bocht
leis féin gan duine gan deoraidhe. Marach le
truaigh dhó ní móide go bhfágfainn Baile Átha Cliath —
cé go raibh fáth thairis sin agam le theacht."



"Seo litir a bhí ag Brian 'n-a hata agus níor
chuimhnigh sé uirthi go dtí anois" arsa Liaimín beag
ag teacht isteach sa seomra.



Gheit Máire. Acht d' Eilís do b'eadh an litir. Shín
Máire chuici í. Bhí Eilís ag dul 'ghá cur 'n-a póca
gan a fosgailt.



"Ó, léigh í" arsa Gráinne, "nach cuma dhuit,
má támuide féin annso?"



"Litir ghrádha, an eadh?" arsa Máire ag meangadh.



"'Seadh" arsa Eilís ag gáiridhe. "B'fhéidir gur
mhaith leat a léigheadh?" ara sí le Gráinne ag síneadh
na litre chuici.



Léigh Gráinne í go fonnmhara. Litir gan mórán
céille a bhí sa gcéad chuid di gidh go raibh ráidhte
fileadhta a sgríobh Byron (de réir mar dubhradh sa
litir) go fairsing innti. Bhí focla móra agus
"carraigreacha" cainnte innti go tiugh. De réir a
chéile coisgeadh ar sgód an fhoclóra, héirigheadh as
ráidhtibh mór-fhoclacha, sgaoileadh cainnt an fhile
Shasanaigh le gaoith, laghaduigheadh ara thorann agus ar
fothram na mbriathar béil, agus críochnuigheadh an
litir go grádhmhar Gaedhealach caoin mara leanas:-



"Mo lom dubh dubhach agus mo chreach chráidhte, thú
imthighthe, a Eilís chaoin, a ghrádh ghil! Tháiniceas ar
cuairt chugaibh tráthnóna Dia Domhnaigh agus is beag
bídeach nár bhris mo chroidhe bocht i gceart-lár mo
chléibhe nuair a hinnsigheadh dhom go raibh mo stóirín
muirneach imthighthe! Agus cé'rbh' iongnadh mé a bheith
go buadhartha cráidhte, fá dhólás croidhe, fá mhór-
chumha, agus fá bhrón? Nach tusa "mo rún 's mo ghrádh
geal?" Nach tú an réalt eolais lóchrannach
lonnrach a threoruigheas mé d'oidhche agus de ló le soillse


L. 135


agus le loinnir do shúl? Nach bhfuil 'fhios agat
go bhfuil mo chroidhe ag cur thar maoil le grádh dhuit,
agus nach mbéad suaimhneach go deo na ndeor gan thú?
Á, a Eilís dhil, dhá bhfághainn a dtug tonn ar tráigh
agus mo chomhnaidhe a bheith i dTír na nÓg ní bhéadh suim
ná sásamh agam ann gan mé 'gus tú bheith i n-éinfheacht,
mara is tú "mo rún agus mo chumann go buan" go dtéighead
san úir. Go síntear siar mé in mo chomhairín caol
fada, agus go leagtar na fóide glasa os mo chionn sa
gcill — ní ghrádhóchad aon óig-bhean acht thú! Siad
do shúile lonnracha agus "glórtha bog' binn' do bhéil" a
sguab mo chroidhe bocht 'un bealaigh. "Is fada ó n-a
chéile orainn éirigheas gach lá" fá láthair — mara
deir an file. Acht ní bhéidh sin amhlaidh i bhfad. Tá
cead cuarta fáighte agam go ceann seachtmhaine, agus
ní bhéarfaidh an ghaoth Mhárta orm nó go sroichead
Cnoc na nGabha le aon amharc amháin fhágháil ort agus
aon phóigín amháin eile fhágháil ó mo mhuirnín dílis
féin!"



"Ó, is áluinn an litir í sin!" arsa Gráinne.
"'Sí an chéad litir ghrádha a chonnaiceas riamh í acht
amháin sna leabhra. Tá mo dhuine bocht sáthach suarach,
ar chuma 'r bith. Agus nach deas fileadhta uaidh
litir a sgríobhadh! Táim cinnte go bhfuil eolas aige
ara amhráin ghrádha na bhfilí. Tá go leora dá gcuid
cainnte sa litir ar chuma 'r bith."



"B'fhéidir gur as leabhra a fuair sé na ráidhte
deasa sin," arsa Máire.



"Acht ní thig liom a ainm a dhéanamh amach chora ar
bith" arsa Gráinne, "ag an gcaoi a bhfuil sé
sgríobhtha. Chím gur ó Bhaile Átha Cliath a tháinic an
litir."



"A Eilís, seachain a, raibh na "póigíní" deasa sin
sa gcás!" arsa Máire. "Mara bhfuil suim an-mhór
ar fad agat ann badh cheart duit a bheith níos cúra-
maighe 'ná sin. B'fhéidir gur fíor dhó a n-abrann sé
sa litir. B'fhéidir go dtáinic gach focal de'n chainnt


L. 136


ó n-a chroidhe amach agus go bhfuil sé dáríribh. Cá
bhfios nach bhfuil sé i ngrádh ceart críochnuighthe leat?
Acht mara bhfuil grádh agat-sa dhó, badh cheart go
mbéadh 'fhios sin ag an duine bocht."



"Ara, ná bac le n-a cuid cainnte, a Eilís!"
arsa Gráinne. "Níl aithne ar Mháire nach bhfuil sí
chomh críonna céillidhe le "Sean-dall glic" — agus fios
maith agam-sa cé'n chríonnacht atá innti! 'Ar ndóigh,
is breagh an rud a bheith ag briseadh croidhe na
mbuachaillí! Fan go dtéighidh mise go Baile Átha
Cliath — béidh greann ann!"



Níor fhreagair Eilís. Chuir sí a lámh 'n-a póca agus
thóig sí amach an boisgín. D'fhosgail é agus phreab sí le
áthas nuair a chonnaic sí céard a bhí ann.



"Seo bronntanas a chuir sé chugam," ar sise.



"Péire fáinní cluas óir!" arsa Gráinne. "Ó,
nach áluinn iad? Péire mar tá ag Meadhbh
s' againne go díreach!"



"Má's ór atá ionnta," arsa Eilís, "caithfidh sé
go bhfuil grádh fíor-cheart aige dhom."



"B'fhéidir é," arsa Máire, "acht ní chruthóchadh
an bronntanas is luachmhaire d'fhéadfaidhe fhágháil
fíor-dhílseacht an bhronntóra go minic. Má's fear
bocht é caithfidh sé go bhfuil suim aige ionnat ar chuma
'r bith agus a gcur chugat."



"Ní fear saidhbhir é, a Mháire, gan bhréig," arsa
Eilís. "Níl ann acht sáirseant airm."



Níor labhair Eilís focal thar a éis seo. Níor
fhreagair Máire. Bhí Gráinne féin ag smaoineadh.
Agus thosuigh ar an smaoineadh ag Eilís freisin.
Smaoinigh sí ar an saighdiúr, agus chomh mór 's bhí sí leis tráth.
Ní raibh uaithi an uair sin acht suim a bheith aige innti.
Agus d'éirigh léithi. Bhí an saighdiúr 'n-a diaidh agus
sa tóir uirthi i gcomhnaidhe. Thagadh sé ar cuairt
chuici go mion agus go minic. Bhí cailíní eile éadmhar
léithi mar gheall air. Acht is amhlaidh do thaithnigh sin
léithi ar dtús. B'fhurus di a thabhairt fá deara thar


L. 137


éis sgathaimh go raibh grádh aige dhi. Acht ní raibh
grádh aici-se dhó aon am! Agus fá láthair bhí imnidhe
agus mí-shuaimhneas ag gabháil di faoi nár chuir sí sin
i dtuigsint dó i bhfad níos túisge. Bhí an ceart ag
Máire. Ní raibh sé cóir ná ceart aici a bheith ag a
leigean uirthi féin go raibh sí sa tóir air! B'fhéidir
gur le n-a sheachaint d'fhág sí Baile Átha Cliath. Acht
aici féin a b'fhearr a fhios sin.



D'éirigh sí 'n-a seasamh agus dhearc amach. Níor thóig
sí súil d'áit áithrid ar feadh sgathaimh. Leig sí osnadh.
B'fhurusta aithne uirthi go raibh sí ag smaoineadh.



"A' bhfeiceann tú na croinnte údaigh thuas ar thaobh
an chnuic, a Ghráinne?" ar sise. "Is ortha atáim
ag dearcadh le sgathamh. Is iomdha rud a chuireas
siad i gcuimhne dhom. Tá siad le hais an tighe
a bhí ag m'athair agus ag mo mháthair — an áit a rugadh
mise!"



"Maise, an 'in é an áit a rugadh thú?" arsa
Gráinne. "Agus a' bhfuil t'athair agus do mháthair beo?"



"Tá súil le Dia agam go bhfuil m'athair beo — acht
níl 'fhios agam! Acht tá mo mháthairín bhocht
sa gcill le fada'n lá! Bhí gabhaltas deas talmhan
aca annsin. Acht hárduigheadh an cíos ortha. Loic
an cur. Chuaidh an saoghal 'n-a n-aghaidh. Tháinic an
bhoichteanacht ortha. Agus cuireadh amach as an teach
's as an talamh iad. Acht is minic a smaoinighim
go mbéidh teach 's talamh m'athar agam fós!"



"B'fhéidir le Dia go dtiocfadh sé sa saoghal go
mbéadh," arsa Gráinne. "Acht cá bhfuil t'athair, a
Eilís?"



"Fairíor géar níl 'fhios agam! Níl 'fhios an
beo nó marbh dhó, ná cé'n tír nó talamh a bhfuil sé.
Níor facthas amharc air i dTiobraid Árann ó'n lá
ar cailleadh mo máthair. Tháinic na báillí agus an sirriam
le n-a gcur amach — is maith is cuimhneach liom go raibh
an tsráid lán de shaighdiúiríbh. Rug mo mháthair bhocht
greim ar an doras agus ní rachadh sí amach. Nuair nach


L. 138


rachadh sí amach dá deoin strachail na báillí amach
í sa deireadh. Buaileadh a ceann i n-aghaidh cloiche ar
an tsráid agus níor mhair sí acht go maidneachan an
lae lá'r n-a bháireach. Trócaire na bhFlaitheas go raibh
ag mo mháthairín dhil! Nach maith is cuimhneach liom an
mhaidin dhólásach úd! 'Sé Diarmaid Ruadh ba
chionntach le n-a bás, adeir go leor dá raibh ann,
mar 'sé a leag í nuair a buaileadh a ceann i n-aghaidh
na cloiche. Nuair a chonnaic m'athair céard a rinne
sé strachail sé gunna ó dhuine de na saighdiúiríbh
agus bhuail sé buille ó mhaol gualann anuas sa
mblaoisg ar Dhiarmaid Ruadh nár fhág mothughadh
ná arann ann i lár na sráide. Annsin mhionnuigh
agus chasgair go gcuirfeadh sé a raibh sa ngunna thríd
an gcéad duine a leagfadh lámh air. Agus bhí
an oiread uathbháis ortha 's go raibh sguabtha leis
sul dár air gheadar imthighthe é."



"Agus a' rugthas air?" arsa Gráinne.



"Ní rugthas" arsa Eilís go deorach. "Chinn ortha
breith air thar a éis sin."



"Agus an bhfuil cuimhne mhaith agat ar t'athair
agus ar do mháthair?" arsa Máire.



"Á, tá, agus béidh go deo! B'áluinn an bhean í mo
mháthair, a Mháire! Go dtugaidh Dia na trócaire
grásta síorraidhe na bhFlaitheas dá hanam! Chonnaic
mé í nuair a bhí sí ag séalughadh! Is maith a
chuimhnighim go dtáinic m'athair le "slán" fhágáil
aici i dtigh mo shean-athar an oidhche chéadna ar cailleadh
í! Ba hé an "slán" deireannach aca é! Ní fhágfadh
sé an tír gan aon amharc amháin fhágháil uirthi cé go
raibh na saighdiúirí sa tóir air i n-aice an tighe.
Tairgeadh luach saothair mór do dhuine ar bith a
bhéarfadh air. Níor fágadh teach beag ná mór sa
bparáiste gan cuartughadh acht níor éirigh leob breith
air. Mhol mo shean-athair dhó a dhul go 'Meiriocá agus
fanacht annsin go ceann roinnt bliadhanta. Dubhairt
sé go dtiubhradh sé féin aire dhom-sa go dtigeadh


L. 139


m'athair ar ais, agus go mbéadh sé i n'athair agus 'n-a
mháthair agam, 'agus feicim-se cé thiocfas le seilbh
fhágháil ar do chuid talmhan!" ar seisean. Agus
b'fhíor dhó. Ní fhéadfadh athair ná máthair a bheith
níos ceanamhla orm 'ná mar tá sé 'ch uile lá ó shoin.
Níor leig an faitchíos d'aon duine cur faoi ar an
talamh ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann!"
arsa Eilís ag cuimilt na ndeor ó n-a súilibh le n-a
naipcín póca.



"Agus ar sgríobh sé aon litir a bhaile ó shoin?"
arsa Gráinne.



"Níor sgríobh. Acht fuaireamar sgéala go raibh
sé i gceann de na Státaíbh is fuide uainn de 'Mheiriocá
agus é an-deiseamhail. Acht b'fhéidir nach fíor é.
Is minic a cheapaim gur easbaidh sláinte atá air,
nó go bhfuil sé an-bhocht 's gur fearr leis gan fios
a bheith cá bhfuil sé."



"Agus a' mbéadh fonn ort a dhul ar a thóir?"
arsa Gráinne.



"Níl aon rud eile ar an domhan a b'fhearr liom
a dhéanamh 'ná a dhul le n'fheiceál má tá sé beo. Agus
marach le leisge mo shean-athair fhágáil is fad ó
d'imtheochainn. Sin fáth eile bhí agam le gúnnadóireacht
fhóghlaim. Cheapas go bhféadfainn mo bheatha a
shaothrughadh 'sna bailte móra thall an fhad 's bhéinn
ar a thóir. Ní bhéad suaimhneach go deo ná go
bráthach go mbéidh 'fhios agam go fírinneach céard
a thárla dhó."



Thosuigh sí ag smaoineadh aríst. Chuimhnigh gur
fhreagair dhá litir dár chuir an saighdiúr chuici. Bhí
aithmhéala uirthi gur fhreagair. B'fhearr léithi anois
'ná go leor dhá mbéadh gan aon bhaint a bheith aici leis.
Níor innis sí d'aon duine beo go dtáinic sé ar
cuairt chuici go Cnoc na nGabha. Ní chualaidh sí
aon chur síos air san áit, agus bhí súil aici nach mbéadh
'fhios é. Bhí dóchas aice nach labhróchadh Liam Ó
hEithfearnáin ar a chastáil dó i gCluan Meala, agus bhí


L. 140


muinghin aici nach n-innseochadh Peig Ní Bhrádaigh gach
thar éis a theacht ar ais di ó'n mbainfheis.



"Déarfad leis gan a theacht níos mó" ar sise
léithi féin. "Agus má's fear é a bhfuil aon spioraid
ann ní thiocfaidh."



"Ní féidir go bhfuil Hannraoi ar ais chomh luath
so?" arsa Gráinne.



"Marab é a thaise atá ann sin é sa ngáirdín é,"
arsa Máire. "Shíleas nach mbéadh sé ar ais go hárd-
tráthnóna."



Bhí an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe ag ullmhughadh le
cuairt a thabhairt ar chlainn inghean Uí Ainnlighe.
Bhí Risteard gléasta thar cionn, mar bhí súil aige
Caitlín aoibhinn phéarlach a fheiceál. Bhí Aodh 'n-a
dteannta sa ngáirdín fá láthair.



"Meas' tú, a Eilís, cé aca fear is deise?" arsa
Gráinne.



Dhearc Eilís amach. "Ceapaim féin gur deise
d'fhear an Dochtúr 'ná Mac Uí Luaithe," ar sise.



"Acht b'fhearr liom d'fhear Aodh 'ná ceachtar aca."



"An abrann tú gurab é "Fionn mac Cumhaill" an
fear is deise?" arsa Gráinne ag leigean a sean-
sgairt gháire.



"Cé air a dtugair an t-ainm sin?" arsa Eilís.
"Má's ar Aodh é ní fhéadfá ainm níos breaghtha a
thabhairt air. Ba hé Fionn mac Cumhaill an rí bhí
ar na Fiannaibh sul dá dtáinic Naomh Pádhraic go
hÉirinn. Cheal nach gcualais trácht ar Oisín binn-
bhriathrach fileadhta mhac Fhinn, ar Osgar tréanmhar
mhac Oisín, ar Chaoilte lúthmhar luath mhac Rónáin,
ar Dhiarmaid Ó Duibhne an bhaill seirce, nó ar Chonán
Maol, fear chaithte na gcloch agus fear dhéanta an
achrainn? 'Sé mo shean-athair an fear d'fhéadfadh
na sean-sgéalta iongantacha innseacht duit 'n-a
dtaobh. Deireann go leor de na seanchaidhthibh nach
raibh leithid Fhinn de ghaisgidheach i nÉirinn roimhe ná 'n-a
dhiaidh, mara raibh Cú Chulainn na Craoibhe Ruaidhe ann."


L. 141


"'nDomhnach, is tusa an cailín a bhfuil an seanchus
agat!" arsa Gráinne. "Agus bí buidheach ded'
shean-athair d'innis na sgéalta iongantacha sin
duit. Acht 'tuige a mb'fhearr leat Aodh? 'Ar
ndóigh, ní deiseacht ná áilneacht atá san éadan dorcha
sin aige.?"



"Tá deiseacht agus deiseacht ann" arsa Eilís. "Agus
'sé mo mheas gur deise Aodh in go leor bealach 'ná
ceachtar aca. Tá an fhearamhlacht agus an chneastacht
agus an neamh-eagla le feiceál i n-a éadan. Dhá mbítheá
i gcontabhairt do bháidhte nó do mharbhuighthe nach
mbéadh 'fhios agat nár bhaoghal duit dhá mbíodh Aodh
i n-aice leat?"



"Creidim nach mbéadh aon easbaidh misnigh ná
fearamhlachta air go cinnte" arsa Gráinne. "Níl
baoghal ar bith nach gcuirfeadh sé i gcontabhairt é
féin le duine eile a chosaint agus a shábháil. Dhá
dteagadh leomhan treasna an gháirdín agus a chlab
fosgailte le mo shluigeadh d'aon iarraidh, sheasfadh
Aodh ar a aghaidh go dána, — agus creidim nach rachadh
Hannraoi ar gcúl go cladhaireamhail acht an oiread —
acht chuirfinn mo rogha geall' go mbainfeadh Risteárd
as chomh tréan 's béadh 'n-a chosa! Ní smaoineochadh
sé ar thada acht é féin a shábháil! Is breagh an rud
an misneach, a Eilís. Agus sin rud a bhíos ag lucht
airm. B'fhéidir gurab 'in é an fáth a dtaithnigheann
an saighdiúr leat?"



"A Ghráinne, is mór an t-iongnadh liom cailín
chomh tír-ghrádhach leat-sa a bheith ag cainnt ar
shaighdiúiríbh mar sin!" arsa Máire.



"Ó, nach iomdha saighdiúr sa saoghal thar shaighdiúir
Shasana!" arsa Gráinne. "'Ar ndóigh, ní suim a
béadh agam ionnta-san?"



"Agus cé'n fáth ar thaithnigh an sáirseant leat,
a Eilís?" arsa Máire.



"Muise, ní maith a thig liom sin innseacht i
gceart, a Mháire, acht fear breagh croidheamhail


L. 142


misneamhail é gan eagla gan faitchíos. Sílim gurab
'in é an fáth ar thaithnigh sé liom ar dtús."



"Agus cé mar thaithneochadh sé leat dá bhfeictheá ag
gabháil thart an bóthar é anois i measg plóid de
shaighdiúiríbh Shasana le do chomhursanna agus do ghaolta
fola 'gus feola a chaitheamh amach i leath-taoibh an
bhóthair?" arsa Máire.



"Is fíor dhuit, a Mháire. Ní thaithneochadh sin
liom! Á, nár leigidh Dia go dtaithneochadh! Nár
cheart go gcuimhneochainn ar a ndearnaidh mo shean-
athair ar son a thíre i mBliadhain na bhFranncach?"



"Badh cheart a Eilís!" arsa Máire.



CAIBIDIL XLI.



MAC UÍ AINNLIGHE AGUS SEAN-ISAAC PENDER.



"Nach dtiocfaidh sibh-se a' spaisteoireacht freisin?"
arsa Mac Uí Luaithe le Máire agus le Gráinne.



"Tara uait, a Mháire," arsa Gráinne, "is
áluinn an lá ag déanamh aeir é."



"Fan go gcríochnuighead an litir seo," arsa Máire.
"Gheallas do'n Athair Ó Cearbhaill sgríobhadh chuige
indiu agus béidh sé ag súil leis an litir."



"Bhfuil aithne agat ar mo dhearbhráthair Éamonn,
a Eilís?" arsa Gráinne.



"Tá aithne shúl agam air," arsa Eilís, "acht ní
mórán eolais atá agam air. Bhíodh sé féin agus
Aodh ag iasgach go minic ar an abhainn, tá bliadhanta
ó shoin, agus thagaidís isteach le seanchus a bheith aca
le mo shean-athair."



"Cé mar thaithnigh sé leat?" arsa Gráinne.


L. 143


"Buachaill breagh a b'eadh é go deimhin, agus, 'ar
ndóigh, thaithneochadh a leithid le cailín ar bith," arsa
Eilís.



"A' gcluinir sin, a Mháire?" arsa Gráinne.



"Táim ag éisteacht libh," arsa Máire — "is beag
nach bhfuil an litir réidh agam."



"Tá cailín áithrid sa saoghal, muis," agus ba
mhór an glionndar a bhéadh ar chroidhe Éamuinn dá
gcloiseadh sé uaithi an rud adubhrais-se, a Eilís!"
arsa Gráinne ag síneadh a méire chuig an áit a raibh
Máire 'n-a suidhe. "Bhí sé le theacht a bhaile fá
Nodlaic seo chuaidh tharainn acht dubhras leis nach
mbéadh aon ghraithe ag teacht aige! Ní bhéadh aon
áird ag daoine áithride nach bhfuil i bhfad as láthair
air! Ar dhuine eicínt eile atá an áird anois, 'ar
ndóigh!" ar sise ag síneadh a méire chuig Mac Uí
Luaithe a bhí amuigh sa ngáirdín.



Chonnaic Máire í agus leig a sean-sgairt gháire.



"Acht ar chuiris sgéala chuige céard adubhairt
Anna leat a rádh leis?" ar sí.



"Chuireas, acht cé'n mhaith sin? Nach i gclochar
na mBan Riaghalta a chaithfeas do dheirbhshiúr Anna
a saoghal — má leanann di?"



"Níl 'fhios agam sin, muise!" arsa Máire.
"B'fhéidir dhi a bheith níos aeraighe 'ná cheapfá dhi!
Acht a' bhfuil Éamonn sa tóir i gcomhnaidhe ar óg-mhnaoi
aoibhin na ngcraobh-fholt úd a raibh na buachaillí go
léir 'n-a diaidh cúpla bliadhain ó shoin?"



"Sílim go bhfuil sé bunáite chomh dona 's bhí an
chuid eile aca. Acht tiocfaidh ciall dó, a Mháire! Ní
hé an chéad duine ná an duine deireannach é a bhí
sa tóir ar Mháire Ní Dhíolamhnaigh. Acht tá sé i
ndiaidh cailín eicínt — pé'r bith cé hí. Is gearr ó bhí
an tAthair Ó Cearbhaill agus Art Ó Conchubhair ag cur
síos air eatortha féin, agus ag gáiridhe — — pé'r bith cé'n
fáth é. Tá rud eicínt ar bun aca nach bhfuil aon
fhios agam air."


L. 144


"Amach linn, a Ghráinne!" arsa Máire. "Tá
an litir sgríobhtha, — agus an iomarca moille coinnighthe
againn cheana ar Hannraoi agus ar Risteard."



D'iarr Gráinne ar Aodh a theacht, agus tháinic.
Ghluais leis an Dochtúr rómpa as féin, agus bhíodar-san
ag teacht 'n-a dhiaidh go mall réidh gan deabhaidh gan
deifir. Sheas Risteard i lár an bhóthair go dtigidís
suas leis, acht bhain an oiread moille dhóibh ag teacht
thrí Chnoc na nGabha 's go raibh sé tuirseach sáruighthe
sul tháiniceadar. Ní bhéadh an Dochtúr sásta muna
dtéighthí an aithgiorra. Chuadhthas. D'fhágadar an
bóthar mór agus chuadar treasna thrí thalamh Thomáis
Uí Ógáin. An fhad 's tá siad ag cur an bhealaigh
dhíobh — ag dul thar fháltaibh, 's thar chlaidheacha —
rachamuid féin d'aon léim ghlan-osgardha amháin
treasna na talmhan, agus buailfimid isteach chuig Mac
Uí Ainnlighe agus chuig a chomhluadar.



Tá a fhios ag an léightheoir gur dligheadóir a b'eadh
fear an tighe. Agus ní gábhadh dhúinn a mheabhrughadh
"go n-imthigheadh sé ar nós na bhfáinnleog" ó'n
mbaile go minic. Fear an-rúnmhar a bhí ann. 'Sé
nach mbéadh ag cur síos do'n tsaoghal ar a ghnó agus
nach sgaoilfeadh a rún le aon mhac máthar!



Bhí sé 'n-a shuidhe cois na fuinneoige ag léigheadh
páipéir nuaidheachta go sásta suaimhneach fá láthair.
Bhreathnuigh sé uaidh amach. D'éirigh go tobann agus amach
leis. Shíl an bhean gur "ag imtheacht" a bhí sé agus
nach bhfuighthí amharc aríst air go ceann míosa b'fhéidir.



"Gabh amach 'n-a dhiaidh, 'riú, a Learaidhe!" ar sise,
agus abair leis roinnt airgid a fhágáil agam le haghaidh
an tighe seo."



Bhí sean-Isaac Pender agus an dligheadóir amuigh ag
an ngeata. Chuaidh Learaidhe amach agus d'iarr an
t-airgead. Níor fhág an t-athair póca ag gabháil
leis gan cuartughadh. Shín sé dhá phunnt d'airgead
páipéir chuige, dhá ghiní bhuidhe, deich sgilleacha
d'airgead geal, agus lán a ghlaice d'airgead ruadh.


L. 145


Abair léithi gurab 'in a bhfuil d'airgead ag
gabháil liom," ar seisean ag baint lán na súl as
sean-Isaac. Thosuigh sean-Isaac ag sgríobadh a
mhullaigh agus níor labhair. Agus bhain Learaidhe as ar
ais leis an airgead.



"Seo dhuit é," ar seisean le n-a mháthair. "Acht
nach mór an t-iongnadh go dtug sé na pighinneacha
ruadha so dhom!"



"Go bhféachaidh Dia ar do cheann, a mhic!" ars' an
mháthair. "Badh mhór ar t-iongnadh mara dtugadh!
Sileann sé uaidh 'ch uile phighinn dá mbíonn aige."



"Ó thug sé dhom iad 's go dtug, is fearr dhom a
gcoinneál!" arsa Learaidhe 'ghá gcur 'n-a phóca.



"Nach tú atá in do thruaigh Mhuire gan airgead!"
arsa Rós ag breith i bhfus 's tall air. "Leag uait é,
adeirim! Tá 'fhios agam-sa go maith cé le n' aghaidh
a bhfuil sé ag teastáil uait, a mhic ó! Acht ní bhéidh
sé agat!"



Rugadar féin ar a chéile agus bhí sé 'n-a charraidheacht
i lár an urláir. Acht chinn ar Rós an t-airgead a
bhaint as a phóca. Má bhí Learaidhe "caol-iosgadach"
bhí sé "cruaidh miotalach" — mar dubhairt an fear fadó.
Bhí Caitlín sínte siar ar an sínteán agus í i lagracha' ag
gáiridhe. D'iarr Rós congnamh uirthi. Acht d'fhuagair
Learaidhe "cothrom na Féinne" a bheith aca 'n-a
shean-ghlaoidh.



"Eatortha féin bíodh sé!" arsa Caitlín ag leigean
a sean-sgairt gháire.



B'éigin do Rós éirghe as an gcarraidheacht agus
gan puth anála aici.



"Teastuigheann ól ó'n mbuachaill — sin é a theas-
tuigheas uaidh!" ar sí nuair a fuair sí a hanáil léithi.



"Cá bhfios duit?" arsa Learaidhe.



"Nár dhubhairt Nóra Laoide liom go bhfaca sí ag
glaodhach trí phionta i dtigh an Bhúrcaigh thú an lá cheana,
a sgluigéara — ó's tusa é!"



"Agus cá raibh sise?" arsa Learaidhe.


L. 146


"Bhí sí ar chúl an dorais nuair a tháinic tú isteach
sa siopa," arsa Rós, "agus chonnaic sí céard a rinne
tú freisin."



"Fairíor nach raibh 'fhios agam-sa go raibh sí ann!"
arsa Learaidhe. — "agus d'fheicfeadh sí rud eicínt eile!
Nach muid a chaill é! Chuirfinn an gabha dubh 'n-a
diaidh le póg a bhaint di — agus leigfeadh sé air
féin gur shíl sé gurbh' í an cailín aimsire í! Nach
dona a chailleamar é!"



"Tá sé chomh maith leigean dó féineacht" arsa Rós
léithi féin. "Níl aon mhaith dhom leis."



Facthas na cuartóirí ag teacht. D'éirigh Caitlín
de léim 's chuir cosamhlacht oibre uirthi féin acht ní
dhearnaidh tada! Tá a fhios agat, a léightheoir, na
gcarad, chomh mór 's bhí an Dochtúr sa tóir ar Chaitlín.
Ní raibh "steár" aige 'n-a diaidh — go háithrid ó
tháinic sé a bhaile ar a chuairt dheiridh. Agus ní raibh
aige acht malairt ar feadh sgathaimh. Bhí Caitlín lán
de mheidhir agus de chroidheamhlacht na hóige — agus thug sí
taithneamh mór dhó. Acht ní raibh a hathair sásta.
Ní raibh mórán measa aige ar an Dochtúr — ó thárla
nach raibh sé i n'fhear shaidhbhir agus cliú mór 's cáil air —
agus chomhairligh sé Caitlín 'n-a thaoibh. Tháinic
athrughadh intinne dhi thar éis na comhairle seo, agus
ní dheachaidh a taithneamh do Risteard Ó Ceithearnaigh
ar aghaidh ar an "modh díreach" thar a éis sin. Cailín
críonna céillidhe a b'eadh í má bhí sí croidheamhail
leath-aerach féin. Chuaidh sí le n-a hathair sa
gcríonnacht, agus, 'ar ndóigh, ní raibh sí gan suim
a chur i gcomhrádh céillidhe a máthar. Ní raibh ó n-a
máthair acht feilméara láidir dhi. Thaithnigh Aodh Ó
Ceithearnaigh léithi go mór agus facthas di nach mbéadh sí
i ndiaidh a hinghine air. Go deimhin d'innis sí do
Chaitlín féin cé'n meas a bhí aici air, agus bhí fúithi
trácht air le n-a fear freisin. Ní raibh sí cinnte
a mbéadh Caitlín sásta leis, agus, 'ar ndóigh, ba
lugha 'ná sin an fios a bhí aici céard adéarfadh an


L. 147


"dligheadóir." "Acht teagann gach maith le cáirde,"
ars' an bhean chroidhe léithi féin. "Agus cá bhfios
nach hé atá i ndán do mo chailín beag ag Dia."



Bhí an dligheadóir agus sean-Isaac amuigh ag an
ngeata mar seo. Bhí na cuartóirí ag teacht treasna
na ngarranta chuig an teach. Agus bhí stócáil ar
siubhal istigh ó facthas ag teacht iad.



"Bhí 'fhios agam féin go maith go raibh sé i n'am
cúitiughadh leat ar bhealach eicínt — bhí 'fhios sin,"
arsa sean-Isaac. "Cé mar thaithneochadh an fheilm
sin a bhí ag Riocard Ó Muirghéis leat? B'fhurusta
togha talmhan a dhéanamh dhi."



"Ní fheilfeadh sí dhom dubh buidhe ná bán" arsa Mac
Uí Ainnlighe. "Ní bhéidh baint beag ná mór agam leis
an talamh sin."



"Bhíos féin 'ghá cheapadh sin go deimhin. Bhíos féin
'ghá cheapadh sin," arsa sean-Isaac agus thosuigh air ag
sgríobadh a mhullaigh aríst. "Bhí 'fhios agam féin go
maith gur feilm i n-aice do thighe a bhéadh uait."



Ó'n lá ar ruaigeadh Riocard Ó Muirghéis, athair
Eilíse, duine ní tháinic ag iarraidh seilbhe ar a
chuid talmhan. Feilm bheag rígh-dheas de thogha
talmhan a bhí innti, agus is iomdha duine a mbéadh áthas
croidhe air í do bheith aige. Acht ar feadh na mbliadhanta
níor iarr aon duine í ar an tighearna. Bhí Beresford
Pender 'n-a cionn — agus b'fhearr leis nach mbéadh-
Ní raibh uaidh acht duine eicínt a theacht a thairgeochadh
a glacadh agus an cíos a íoc. Acht d'fhan sé leis an té
sin le bliadhanta móra fada, agus ní tháinic sé fós.
Seo í an fheilm nach mbéadh "baint beag ná mór"
ag Mac Uí Ainnlighe dhi. Agus cad chuige nach mbéadh?
Cad chuige a raibh sí bán leis an fhaid seo aimsire
agus gan duine 'n-a seilbh? Bhí fáth leis — bhíodh fear dhá
fheiceál ann de shiubhal oidhche go minic! Sean-fhear
bacach a mbíodh maide droighin aige. Ba mhinic a
cloistí é ag cainnt leis féin. Ba mhinic a feictí é
timcheall an tsean-tighe a bhí ag Riocard Ó Muirghéis.


L. 148


Sean-fhear cruaidh láidir a b'eadh é. Bhí amharc aige
chomh géar agus chomh grinn 's bhéadh ag seabhac na haille.
Sean-duine a b'eadh é a mbíodh sgáth ag daoine áithride
roimhe. Agus níor thaidhbhse ná taise é. Níor
shídheog ná ainsprid é. Níorbh' eadh acht sean-duine
saoghalta — fear a sheachnuigheadh báillí agus tighearnaí —
duine a raibh sé de cháil aca air go mb'fhiú a sheachaint
agus go mb'fhearr leigean dó. Bhí Beresford Pender
i gcleitheamhnas a bheith i gcionn na talmhan. Acht
ba héan sean-fhear so a bhí 'ghá chionn agus 'n-a fhaire ó cheart.
B'eisean an té raibh an faitchíos roimhe ag gach duine
ar mhaith leis an fheilm a bheith aige. Agus chuirfeadh
sé faitchíos i ndán do'n té bhuailfeadh fá'n talamh
céadna! Bhí sean-Philib Ó Muirghéis i gcionn talmhan
a mhic agus cá raibh an mac máthar a mbéadh sé aige — go
bhfilleadh an té ar leis é, — sin nó go bhfuigheadh Eilís
Ní Mhuirghéis seilbh ar thalamh a hathar! Tá a fhios agat
anois, a léightheoir, cé'n fáth nach mbuailfeadh Mac
Uí Ainnlighe fá'n bhfeilm seo. "Agus nárbh' iongnadh,"
arsa tusa, "faitchíos a bheith aige roimh shean-fhear
liath?" Níorbh' iongnadh ar bith é — dhá mbéadh a fhios
agat i gceart cé'n intinn a bhí ag sean-Philib. Bhí a
fhios sin ag Mac Uí Ainnlighe agus ní raibh aon bhaint aige
leis an talamh ná aon phléidhe aige le sean-tseadaire
gaisgidhigh Bliadhna na bhFranncach. B'fhéidir go mba le
bheith ciallmhar dhó é.



"Táim ag dul le n'innseacht do Thomás Ó hÓgáin
gur hárduigheadh a chíos," arsa sean-Isaac.



"Bhfuil sé árduighthe agat air go cinnte?" ars'
an dligheadóir agus tháinic cosamhlacht áthais air.



"Is beag é go deimhin. Is beag é. Ní fiú trácht
air. Ní thuigeann an Ridire Gearat na graithí
seo chor ar bith. Níl 'fhios aige céard a bhaineas do
dhúthaigh acht an oiread le páiste. Ba mhór an sgéal
bás an Ridire Tomás agus ba mhór an chailleamhaint
dúinn é. B'eisean an fear a raibh 'fhios aige céard
a bhain do chíos agus do thalamh. Ar an Mór-Thír 'seadh


L. 149


chaitheas Gearat an chuid is mó de'n aimsir. Tá sé
le dhul i gcéin go luath aríst, adeir Mac Uí Luaithe
liom. Agus ó's ag trácht ar Mhac Uí Luaithe éis
cosamhail leis seo ag teacht treasna na ngarranta
leis na mnáibh óga é. Buachaill óg lághach socair é
Hannraoi. Is gearr go mbídh sé ag imtheacht. Níor
chuir sé mórán suime sa dúthaigh ná sna tunóntaíbh
ó #tháinic sé. Thug a mháthair comhairle dhó a bheith san
áirdeall agus gan é féin a chur i gcontabhairt — agus is
maith a rinne sí é. Tá 'fhios aici go maith go bhfuil
na droch-dhaoine ann. Tá an oiread so de'n chíos
ag dul dá mháthair gach bliadhain agus tá sí i
gcomhnaidhe ag sgríobhadh ag iarraidh airgid orainn. Go
deimhin, tá. Ní féidir a sásughadh!"



Lean Isaac Pender agus Mac Uí Ainnlighe do'n chomhrádh
agus rinneadar socrughadh a shásuigh an dligheadóir
ceart go leor.



"Dhá mbéadh gach túnónta chomh dútrachtach saoth-
ruightheach le Tomás Ó hÓgáin," arsa Isaac, "ní bhéadh
aon dúthaigh thalmhan i nÉirinn a b'fhearr 'ná an dúthaigh
seo. Nach bhfheiceann tú féin cé'n slacht atá ar a
ghabhaltas thar mar tá ar na taltaí thart timcheall?"



"Feicim sin," arsa Mac Uí Ainnlighe.



"'Ar ndóigh, mar deir tú féin níl aige acht gabhaltas
beag," arsa Isaac. "Acht is mó is fiú é 'ná gabhaltas
cheachtar de'n bheirt a chuir Beresford 'un bealaigh.
Agus nuair a cuirfear na trí gabhaltais le chéile
is deas feileamhnach an fheilm a bhéas agat ionnta i
n-aice do thighe."



Bhí Tomás Ó hÓgáin ag obair ar a mhine-ghéire i
gclais mhóir an tsrotha i lár na talmhan agus nuair
a chonnaic sé ag teacht iad bhuail sgannradh agus faitchíos
é. Bhí sé ag creathadh mar bhéadh an bog-eidheann ann.
Níor leig eagla dhó fanacht go dtigidís. Agus
d'imthigh leis ag ruaigeadh préacháin a bhí thar éis
íslighthe i ngort na cruithneachta i n-aice an tighe.
Acht ní ag ruaigeadh an phréacháin a chuaidh sé. Ní


L. 150


raibh uaidh acht leith-sgéal le imtheacht as bealach na
beirte a bhí ag déanamh air.



"Shílfeá gur faitchíos a bhí aige romhainn," arsa
Mac Uí Ainnlighe.



"Ní headh. Ar thóir rud' eicínt síos 'na tighe a
d'imthigh sé, is dóigh" arsa sean-Isaac. "Níl aon
tuairim aige 'tuige a bhfuilmid ag teacht — mara
dtug Diarmaid aon leide dhó 'n-a thaoibh. Ní chuirfidh
sé aon tsuim san árdughadh beag cíosa a rinne
Beresford. Duine macánta cneasta é Tomás
Ó hÓgáin."



"Níor chosamhail le duine macánta an té a
chonnaic mise go moch ar maidin sa bhfás-choill,"
arsa Mac Uí Ainnlighe — "pé'r bith cé hé féin. Táim
lán-chinnte gur piostal a shac sé siar 'na bhrollach
nuair a chonnaic sé ag teacht mé."



"Céaróch duine é.?" arsa Isaac.



"Fear mór árd fiadháin é" arsa Mac Uí Ainnlighe.
"Bhí sean-éadaigh stiallta stróicthe air, agus 'sé mo
mheas go bhfacas an fear céadna i n-áit eicínt
cheana."



"Mícheál Ó Briain, Mícheál Ó Briain — b'eisean
a bhí ann" arsa sean-Isaac agus thosuigh air ag
sgríobadh a mhullaigh aríst. "Deir Diarmaid nach
mór a bheith san áirdeall air. Tá sé ag cur dín
ar a chró beag cé go bhfuil 'fhios aige go bhfuil
Beresford le n-a leagan. Duine dána te-intinneach
é sin agus b'fhearr as an áit é."



"Seadh, a' bhfuilir cinnte go n-éireochaidh leat léas
nuadh a fhágháil dom ar an sean-chíos?" ars' an
dligheadóir go tobann.



"Léas nuadh, léas nuadh, léas nuadh," arsa sean-
Isaac leis féin, "labhramuis go socair. Cá bhfios
cé bhéadh ag éisteacht. Bímis aireach. Bímis
aireach. Sílim go bhfacas duine eicínt ar a chromada
ar chúl an chlaidhe annsin thiar. Gheobhair léas nuadh
ar an sean-chíos. Táim bunáite cinnte go


L. 151


n-éireochaidh le Beresford a fágháil. Acht cé'n
deifir sin ort? Bí breagh foighdeach. Bí breagh
foighdeach. Bímis lághach réidh mar sin. Tárlóchaidh
gach rud mar is ceart leis an aimsir. Ní gábhadh
dhuit a hiarraidh fá láthair. Bhéadh an Ceithearnach úd
ag iarraidh léas' nuaidhe é féin dhá mbéadh 'fhios aige
é."



"'Tuige nach mbéadh?" arsa Mac Uí Ainnlighe.
"Nach maith an aghaidh air léas nuadh a fhágháil?"



Thosuigh sean-Isaac ag sgríobadh a mhullaigh aríst
agus níor fhreagair. Níor leig air féin anois gur
thrácht ar an gCeithearnach chor ar bith.



"Nach sílfeá go mbéadh 'fhios ag Tomás Ó
hÓgáin féin go bhfuil an gabhaltas sin aige ró-bheag
dhó?" ar se sean thar éis tamaill. "Is mór an
t-iongnadh nach n-éirigheann sé as é féin agus gan a
bheith ag cur trioblóide ar na daoine. Nach léar
do'n tsaoghal Fódlach go bhfuil an giodáinín sin aige
ró-bheag d'fhear muirghine mar é? Is mairg nach
sguabann leis dá thoil féin mar rinne an bheirt
dheireannach a d'imthigh. Acht tá buachaill fiadháin
árd-intinneach de mhac aige a bhfuil droch-cháil air,
adeir Beresford liom, agus is contabhairteach
an dream daoine dhá leithid. 'Siad na buachaillí
óga ceann-dána sin is measa. 'Siad bun agus bárr
gach achrainn a thárluigheas ar an dúthaigh iad, adeir
Beresford. Rachthaidhe amach go mín réidh socair gan
gleo gan torann go minic marach iad.



"An faitchíos roimh sgurach óg mar Shéamus Ó
hÓgáin atá ort?" arsa Mac Uí Ainnlighe ag
breathnughadh go mí-chéadthach ar shean-Isaac agus ag
baint lán na súl as.



Níor fhreagair sean-Isaac. Acht níor thrácht Mac
Uí Ainnlighe an mhisnigh mhóir ar an bhfaitchíos a bhí
air féin roimh shean-Philib Ó Muirghéis!


L. 152


CAIBIDIL XLII.



SEAN-ISAAC PENDER AGUS MAC UÍ AINNLIGHE
FÁ MHÓR-SGANNRADH.



Bhí Mac Uí Ainnlighe agus sean-Isaac ag cainnt go
prímhléideach le chéile ar chúl an chlaidhe i ngarrdha
Thomáis Uí Ógáin fá láthair. Bhí Tomás imthighthe
as a n-amharc agus ní raibh ag éisteacht leis an seanchus
a bhí eatortha acht iad féin agus Dia na nGrás. Bhíodar
chomh mór le chéile de réir chosamhlachta 's bhéadh
gearrán bán agus coca féir. Bhí sean-Isaac ag tosuighe
ag sgríobadh a mhullaigh go díreach — de bhárr ruda eicínt
adubhairt Mac Uí Ainnlighe — nuair a baineadh torann
uathbhásach amach i ngar dhóibh. Bhain sé geit iongantach as
sean-Isaac. Phreab Mac Uí Ainnlighe féin nuair a
thárla sé, acht níor sgannruigh sé.



"Rud eicínt a pléasgadh dó nó trí de gharranta'
uainn," ar seisean. "Ní chreidim gur urchar a bhí
ann. Seasfad ar an gclaidhe go bhfeicead cár
thárla sé."



"Má ghníonn tú mo chómhairle-sa ní sheasfair!"
arsa sean-Isaac, agus é ar creathadh le sgannradh.



"'Tuige nach seasfainn, a dhuine? An faitchíos
atá ort gur urchar a cuirfear thríot? Má chuireann
gach urchar dá gcloisir ó Luan go Satharn ar creathadh
thú deirim-se gur díol truaighe thú! Siubhail uait
agus feicfimid ó'n taobh eile de'n gharrdha céard a
rinne an torann."



D'imthigheadar. Bhí clais mhór dhoimhin i ngar do'n
mhúta i gceann an gharrdha. Chuaidh sean-Isaac suas i
mullach an mhúta leath-eaglach go leor. Bhí Mac Uí


L. 153


Ainnlighe ag teacht 'n-a dhiaidh, Ní baileach a í sean-
Isaac 'n-a sheasamh ar an múta 'ná leig sé uaill, agus
siar leis ar chúl a chinn de'n mhúta. Sgannruigh Mac
Uí Ainnlighe. Rug sé faoi n-a lár ar shean-Isaac ag
tuitim dhó. Ní baileach a bhí sé i bhfástódh aige
nuair a chonnaic sé féin an "feic." Phreab sé le
teann uathbháis. Sgaoil sé sean-Isaac 'na talmhan
de thuairt. Thug sé aon choiscéim amháin i ndiaidh a
chúil. Baineadh a chosa uaidh go tobann. Leig sé
uaill. Agus siar leis glan díreach ar chúl a chinn
i gceart-lár chlaise an tsrotha! Bhí sean-Isaac ag
útamáil agus ag ionfairt anonn 's anall ar an
mbruach. Ní leigfeadh an faitchíos dó dearcadh 'n-a
thimcheall ná a cheann a thóigeál. Shíl sé go mbéadh
sé 'n-a chriathar le urchair gach móiméid. Shíl Mac
Uí Ainnlighe sin freisin i n-íochtar na claise agus a
anam i gcruth a dhul amach thar a bhéal le teann uathbháis.



Agus céard a sgannruigh iad? Cad chuige ar
sgannruigh sean-Isaac chomh mór 's gur thuit sé de
bhárr an mhúta? Céard a bhain an gheit as Mac Uí
Ainnlighe a chuir ar chúl a chinn i gclais an tsrotha é
féin? Mar deir an sean-fhocal, "níl maith i sgéal
ar bith gan ughdar," agus seo mar thárla: — Nuais
a sheas sean-Isaac ar an múta chonnaic sé Tomár
Ó hÓgáin ag déanamh air fá fhuadar, agus dath dubh ar
a éadan! Ba hé Tomás a bhain an sgannradh croidhe
as an dligheadóir freisin. Shíleadar araon go raibh
a lá deireannach ar fágháil. Bhíodar lán-chinnte gur
le n-a gcaitheamh ar áit na mbonn a bhí sé ag teacht
agus a éadan dathuighthe mar bhí. Bhíodar cinnte anois
go gcualaidh sé iad ag socrughadh céard a dhéanfaidhe
le n-a chuid talmhan. Ní iongnadh ar bith gur cheapadar
gur le n-a gcur dá gcois a bhí sé ag déanamh ortha
agus a éadan dathuighthe mar bhéadh éadan dearg-
bhitheamhnaigh nach mbéadh uaidh acht creachadh,
gadaidheacht, 's dún-mharbhughadh.



Níor chladhaire Mac Uí Ainnlighe — má bhí sgáth aige


L. 154


roimh Philib Ó Muirghéis féin. Ní dhá dheoin a chuaidh sé
ar chúl a chinn i gclais an tsrotha. Le timpist a cuir-
eadh innti é. Agus ó thárla dhó a bheith innti cheap sé go
mb'fhearr fanacht annsin agus gan cor a chur dhe go mbéadh
na hurchair caithte ag Tomás Ó hÓgáin. Bhí deis eicínt
aige-sean le é féin a thárrtháil acht bhí sean-Isaac
sínte ar an mbruach agus gan goir aige é féin a chosaint
ná áit aige le dhul i bhfalach, mara dtéigheadh sé de
léim sa gclais dhoimhin 'n-a raibh Mac Uí Ainnlighe.



Bhí Mac Uí Ainnlighe ag súil go gcaithfidhe na hurchair
gach móiméad. D'éist sgathamh eile acht torann
níor chualaidh. Urchar níor caitheadh. Sgread níor
leigeadh. Bhí sé cinnte annsin gurab é marbhughadh
shean-Isaac d'aon iarraidh amháin a rinneadh agus go raibh
sguabtha leis an dún-mharbhthóir, b'fhéidir. D'éist
sé go gcualaidh sé daoine ag cainnt mar bhéidís
i lár an gharrdha.



"Bhfuilir gortuighthe?" arsa duine aca.



"Níl 'fhios agam. Tá mo lámh ag tabhairt fhola
ar chuma 'r bith. Agus crathadh go mór mé" ars' an
dara fear.



Dhírigh Mac Uí Ainnlighe aniar sa gclais agus sheas
suas. Bhreathnuigh faoi agus tairis. Bhí sean-Isaac
fá bhun an mhúta agus a dhá shúil i gcruth a dhul amach
thar a cheann leis an sgéin uathbháis a bhí ionnta.
Bhí Tomás Ó hÓgáin agus Aodh Ó Ceithearnaigh ag teacht
treasna an gharrdha, agus ní gábhadh dhúinn a rádh go
raibh iongnadh ortha nuair a chonnaiceadar ag éirghe
millte salach as an gclais é. Ba mhó 'ná sin a
n-iongnadh nuair a chonnaiceadar an chosamhlacht
uathbháis a bhí ar shean-Isaac.



"Céard d'éirigh dhuit chor ar bith?" arsa Aodh
leis an dligheadóir.



"Timpist a d'éirigh dhom," ar seisean, "agus cuireadh
ar chúl mo chinn sa gclais mé — acht níl dochar ann."



"Timpist a d'éirigh dhom-sa freisin," arsa sean-
Isaac ag breathnughadh faoi 's tairis acht níor éirigh.


L. 155


Ba ghearr go raibh bean Thomáis Uí Ógáin agus Neansaidh
sa láthair.



"Ó, a Thomáis, a stór, céard d'éirigh dhuit? Céard
a chuir an bhail sin ar t'éadan?" ars' an bhean agus
thosuigh ag gol. "Tá dath ort chomh dubh leis an
ngual! Céard d'éirigh dhuit i n-aon chor?"



"Ní fiú biorán a bhfuil orm," arsa Tomás. "Ná
bíodh blas imnidhe ort."



Bhí an Dochtúr 's Mac Uí Luaithe agus na mná óga
thuas i dtigh Mhic Ainnlighe ar a gcuairt dóibh féin
mar seo. Cuireadh Neansaidh le sgéala chuig
Risteárd ghá rádh leis a theacht ar an bpointe boise.
Sguab léithi ar nós eilite agus ba rí-ghairid go raibh an
dochtúr agus Hannraoi ar an talamh. Ba ghearr go raibh
Máire agus Gráinne agus clann inghean an dligheadóra
sa láthair freisin.



Sgrúduigh an dochtúr aghaidh agus éadan Thomáis.
Sgrúduigh sé na súile. Rug sé ar a láimh. Bhí an
chuisle ag preabadh go láidir agus an croidhe ag léimnigh
de bhárr an sgannartha a cuireadh i dTomás bocht.



"Níl mórán air," ars' an dochtúr. "Tá dóghadh
beag ar an leicinn, agus rinneadh roinnt bheag dochair
dá láimh. Acht ní fiú trácht ar an méid sin. 'Sé'n
sgannradh a baineadh as an chuid is measa de'n sgéal.
Acht ná bíodh blas imnidhe ar aon duine. Ní bhéidh
faic na frighde air i gceann trí lá."



Ní baileach a bhí na focla deiridh ráidhte ag an
dochtúr 'ná sguab Séamus Ó hÓgáin de léim thar
an múta. Bhí a shúile ar lasadh 'n-a cheann le teann
uathbháis agus feirge.



"Cá bhfuil an té a chuir an bhail sin ort?" ar
seisean ag breith ar a athair, agus sgéin 'n-a
shúilibh. Bhí a dhá dhorn dúinte agus é 'ghá shníomh féin le
teann feirge.



"Timpist a d'éirigh dhó, a Shéamuis, a dhearbhráth-
airín" arsa Neansaidh. "Ní aon duine a rinne
tada air."


L. 156


"Ní dhearnaidh aon duine tada orm, a Shéamuis,"
ars an t-athair, "bíodh ciall agat. Bíodh ciall agat,
a mhic ó!"



"Ní fearr dhó a dhéanamh!" arsa Séamus fá
n' fhiacail.



"Céard d'éirigh dhó, a Mháire?" arsa Gráinne.
"Tá dath air chomh dubh le gual ceardchan."



"Níl 'fhios agam," arsa Máire. "Bhfuil 'fhios
agat-sa, a Aoidh?"



"Ní fhacas-sa é go raibh sé éirighthe dhó," arsa
Aodh. "Ar an bpointe 's a gcualas an torann
ritheas go dtí é. Is maith a chuaidh mo dhuine bocht
as nár marbhuigheadh é ar áit na mbonn. Ag
pléasgadh púdair a bhí sé leis na príocháin a ruaigeadh,
adeir sé. Acht sgannruigh sé daoine freisin!"
arsa Aodh ag leigean a shean-sgairt gháire. "'Sé chuir
Mac Uí Ainnlighe ar chúl a chinn i gclais an tsrotha!"
ar seisean os íseall, "agus níor fhág sé éirghe 'n-a
sheasamh i sean-Isaac leis an gcriothnughadh a chuir
sé ann! A Thomáis, innis do Mhac Uí Luaithe agus
do na mnáibh óga cé mar d'éirigh sé dhuit."



"Ag ruaigeadh na bpríochán a bhíos," arsa Tomás.
Cheapas nach raibh caoi ar bith a b'fhearr le n-a
gcoinneál as an gcruithneacht 'ná púdar a phléasgadh
a dhéanfadh torann mór a sgannróchadh iad. Acht
creidim gur creathadh a bhí in mo láimh agus thuit
aithinneacha as an splainnc i lár an phúdair sul dá
rabhas fá réir agus phléasg sé suas san éadan orm.
Acht níl dochar ann, míle altughadh le Dia! — nuair
nár dalladh mé amach 's amach."



"Agus cá raibh an púdar agat?" arsa Mac Uí
Luaithe.



"I bpoll talmhan," arsa Tomás, "agus leac os
a chionn."



"Agus 'tuige nach bhféadfá na príocháin a
sgannrughadh le do ghunna?"



"An mise a bhéarfadh ar ghunna? Measann tú


L. 157


an droch-dhuine de'n tsaghas sin atá agat ann? Ní
rug mise ar ghunna riamh agus ní bhéarfad go deo.
Buidheachas do Dhia ní fhéadfaidh aon fhear a rádh go
bhfacaidh sé ag caitheamh urchair as gunna mise aon
lá riamh!"



"Agus 'tuige nach gcaithfeá?" arsa Hannraoi.



"Nach bhfuil 'fhios agat go bhfuil sé i n-aghaidh
dhlighe do thíre-sa cead a bheith againn gunnaí a bheith
againn?" arsa Aodh. "An té nach gábhadh faitchíos
a bheith roimhe gheobhaidh sé cead gunna a bheith aige acht
an oiread so íoc air. Acht duine ar bith bhfuil
aimhreas ag Sasana air ní fhuighidh sé cead ar ór ná
ar airgead."



"Casadh fear dúinn ar an mbóthar a raibh piostal
aige," arsa Hannraoi.



"Acht má casadh ba é Uáitéar Ó Corcoráin, an
báille' é. Ní dochar ar bith piostail a bheith ag báille,
'ar ndóigh!" arsa Aodh.



"Níl aon lá riamh nár dhuine cneasta socair
Tomás Ó hÓgáin," arsa sean-Isaac, "agus ní
féidir a rádh leis — ní hionann 's go leor daoine eile —
gur facthas gunna ná piostal aige riamh."



"Agus ní feicfear go deo," arsa Tomás.



"Níor facthas, a Thomáis — ná ag an mbuachaill
macánta is mac dhuit!" arsa sean-Isaac ag
dearcadh ar Shéamus. "Dhá mbéadh buachaillí na tíre
mar do mhac-sa ní mar tá a bhéadh."



Acht 'n-a chroidhe istigh níor cheap sean-Isaac sin.
Bhí 'fhios aige gur buachaill fearamhail dána árd-
intinneach a b'eadh Séamus. Acht sean-ghleacaidhe
plámásach a b'eadh sean-Isaac nuair a cheapadh sé go
bhfeilfeadh an plámás. Agus cheap sé go mb'fhearr
beagán molta a thabhairt do Shéamus fá láthair.



Chonnaic Mac Uí Ainnlighe carbad an phosta ag
teacht. Bhuail suas air agus d'imthigh. Níor fhill sé
ar ais go ceann trí seachtmhain ó'n lá sin.



"B'fhíor do shean-Isaac é," ar seisean leis féin


L. 158


thar éis bualadh suas ar an gcarbad dó. 'd Is mac
dána te-intinneach é sin ag Tomás Ó hÓgáin. Níl
'fhios céard a dhéanfadh sé dá gcuirtí chuige é! Is
deacair drannadh leis an talamh an fhad 's bhéas
seisean sa taobh tíre seo. Acht ag sean-Isaac atá
na graithe a dhéanamh agus ní agam-sa. Déanadh seisean
a chuid féin de'n ghnó i dtosach. Déanfad-sa mo chuid
féin ar chaoi nach mbéidh 'fhios an raibh lámh ná cos agam
sa sgéal."



CAIBIDIL XLIII.



SMAOINTE AGUS BÉASA AODHA UÍ
CHEITHEARNAIGH.



Chuaidh Tomás O hÓgáin agus a mhuinntir féin a bhaile
thar éis imtheacht do Mhac Uí Ainnlighe. D'imthigh sean-
Isaac as féin. Ghluais le Máire agus le Gráinne agus le
Mac Uí Luaithe an bóthar réidh i gcuideacht. D'fhan
an Dochtúr n-a ndiaidh ag cainnt le Caitlín Ní Ainnlighe
agus b'éigin d'Aodh iad go léir fhágáil "le dhul
go Cnoc an Dúna ag breathnughadh ar a chuid caorach"
adeir sé.



Bhí iongnadh ar Ghráinne gur imthigh sé, agus ní raibh
'fhios aici cé'n fáth a dtáinic athrughadh intinne dhó
chomh tobann 's tháinic, mar nach raibh cainnt ar bith aige
ar imtheacht ann nuair a bhíodar ag teacht. Acht ní
hé gach duine a dtiocfadh leis fios intinne Aodha
fhághail go minic. Ar an mbealach ag teacht dóibh
bhí Gráinne ag cur síos dó go geal-gháireach ar ar
dhubhairt Eilís Ní Mhuirghéis faoi. B'fhéidir, ar
bhealach, gurbh' in é ba chionntach le n-a chur ag
smaoineadh ar Eilís fá láthair. Pé rud ba chionntach
leis dob' uirri a bhí sé ag smaoineadh. Thaithnigh sí go


L. 159


mór leis oidhche na bainfheise. Bhí sí n-a hóg-mhnaoi
thaithneamhaigh lán de chroidhe, de mhisneach agus ní raibh
easbaidh clisteachta ná foghluime uirri. Níor éirigh
leis a feiceál ó oidhche na bainfeise nó go bhfaca sé
sa ngáirdín le Gráinne ar maidin an lae seo í agus
níor fhéad sé a leigean as a chuimhne ó shoin. Nár
bh'fhearr dhó seársa a thabhairt go Cnoc an Dúna leis
na caoirigh a fheiceál? D'fhéadfadh sé bualadh treasna
an aithgiorra agus a dhul isteach 's sgathamh cómhráidh a
bheith aige le Eilis ar an mbealach? Bhí sí ag déanamh
gúna do Mháire agus ní bhéadh ann acht í féin! Bhí sé
idir dhá chómhairle. Acht rachadh sé isteach sa teach ar
chuma 'r bith agus mara n-éireochadh leis a feiceál go réidh
bhuailfeadh leis ag breathnughadh ar a chuid caorach!



D'imthigh leis. Bhí Eilís sa ngáirdín roimhe agus í
ag fuagháil. Bheannuigh sé dhi, agus bheannuigheadar féin
dá chéile. Bhí faill mhaith aige anois seanchus fada
a bheith aige léithi, acht ní mórán cainnte a rinne sé
na dhiaidh sin, agus níor leig sé a smaointe le n'ais.
Fear cúramach céillidhe tuigsionach a b'eadh é. Bhí
sé críonna fad-bhreathnuightheach. Bhí meas ag gach
duine air — mar bhí meas aige air féin, agus b'fhéidir
gurabh in é an fáth nár dhubhairt sé tuilleadh.



D'fhiafruigh sé dhi a dtéigheadh a sean-athair ag iasgach
ar an abhainn chor ar bith fá láthair. Dubhairt sí go
dtéigheadh go minic. "Deasóchad-sa mo shlat féin"
arsa Aodh, "agus déanfad féin agus sean-Philib sgaithte
iasgaireachta i n-éinfheacht ar an abhainn i rith an
Earraigh agus an tSamhraidh."



Smaoinigh sé ar an am a mbídís ag iasgach le
chéile bliadhanta ó shoin. Nach iomdha sgéal breágh
a chloiseadh sé ó shean-Philib i dtaoibh an Éirghe
Amach agus fá "Bhliadhain na bhFranncach!" Tháinic
na sgéalta ar ais 'n-a chuimhne anois aríst. Chuimhnigh
sé cé mar théighidís isteach i dtigh shean-Philib ó'n
mbáisdigh mhóir. Agus ba chuimhneach leis freisin go
raibh Eilís 'n-a cailín beag rí-dheas an t-am


L. 160


sin. Nach maith an chuimhne bhí aige cé mar bhíodh sí
ag dearcadh air — agus cé'n lonnradh a bhí n-a súilibh!
Nach mór an t-iongnadh nár chuir sé níos mó suime innti
an uair sin! Go cinnte ba mhór — agus chomh lághach
gleóidhte carthannach 's bhí sí! Acht nuair a bhéadh
a shlat-iasgach deasuighthe is minic a d'éireochadh leis
seanchus a bheith aige le sean-Philib — agus le Eilís,
b'fhéidir. Bhí an teach i n-aice na habhann agus ní bhéadh
air acht bualadh isteach leis an mbáisdigh a leigean
thairis anois agus aríst! Bhéadh fonn ar aon fhear a bheith
i gcómhluadar na hóg-mhná — agus níor sheanchuidhe
go dtí sean-Philib! Nár bh'fheárr dhó an tslat a chur
chuig an mBuailteóir le deasughadh gan mhoill? Sin
mar bhí Aodh O Ceithearnaigh ag smaoineadh fá láthair
ar an mbealach go Cnoc an Dúna dhó.



Fear ciallmhar críonna eolasach a b'eadh Aodh. Ní
chuireadh sé go leór suime sna mnáibh óga — nó deirtí
nach gcuireadh ar chuma ar bith. Bhí sé a bhfad níos
cúdramaighe agus níos fad-bhreathnuighthe ná an dochtúr
óg ba dearbhráthair dhó. Deireadh a cháirde nach dtug
sé grádh d'aon óg-mhnaoi fós riamh. Agus b'féidir
go mb'fhíor é. Acht, mar sin féin, bhí croidhe te
grádhmhar fíor-Ghaedhealach i lár a chléibhe. Bhí an
grádh i bhfalach agus i dtaisge i gcómhairín a chroidhe acht
níor casadh air fós an té a mbéadh sé sásta seilbh
a thabhairt di ar an gcisde. Bhí balla críonnachta agus
céille ghá chosaint. Nó go dtigeadh an té a thaith-
neochadh leis i gceart — an té a gheobhadh fíor-ghrádh a
chroidhe — ní leagfaidhe an balla agus ní goidfidhe an cisde!
Ba mhinic ag spaisdeóireacht leis féin é i ngleannta
uaigneacha, iargcúlacha an tsléibhe gan duine ná
deóraidhe n-a chuideacht. Ba mhinic ar "bhóithrín na
smaointe" é sínte siar ar thulchán fraochmhar ag
dearcadh uaidh suas ar spéarthaibh áilne neimhe agus
ag éisteacht leis na fuiseogaibh ag seinnm go
haoibhneach sólásach os a chionn. Thagadh smaointe
fileadhta — smaointe an ghrádha — chuige go minic agus


L. 161


é leis féin i measg sléibhte móra agus gleannta míne
Thiobruid Árann. Feictí dhó gurab "seóithín seó"
grádha a bhíodh dá chrónán os íseall ag an srúthláinín
i ngar dó; gurab ag cantain cheóil le grádh dhá chéile
a bhíodh an dá fhuiseoigín mar dhubhradáin os a chionn
sa spéir; — gur le nádúr agus le grádh dhá chéile a bhíodh
bláthanna an fhraoigh ag fás go buacach áluinn le taobh
a chéile ar an tulchán os a chomhair. Bhíodh croidhe
éadtrom an fhile aige ar a bheith mar seo dhó. Bhíodh
an saoghal go haoibhinn os a chomhair agus sólás in
gach puth de'n aer bog úr a shéideadh go fionn-fhuar
treasna na gcnoc 's na ngleann. Bhíodh maighdean
óg gan ainm agus é féin i ndán dá chéile ag Dia — agus
gan 'fhios aige cérbh' í.



"Ba dheirge a gruadh ná an rós.
Do bhí a beol ar dhath na gcaor,
A cneas cailce mar an mbláth.
'S a leaca bána mar an aol."



Cá bhfuil an té nach bhfeicthear dhó go dtagann
sompla áluinn maiseach os comhair a amhairc spiorad-
áilte uair éigin? Thagadh "ainnir chiúin na
dtriopall n-óir" os comhair Aodha anois agus aríst.



"Ar dhath an óir do bhí a folt
Mar réalta seaca a rosg do bhí,
Ní raibh i gCrích Fáil bean b'áilne dreach
'Sí fuair a shearc 's grádh a chroidhe."



Nuair a d'fheiceadh Aodh O Ceithearnaigh samhail os
comhair a shúl mar thagadh chuige ar "bhóithrín a smaointe"
— nuair a chloiseadh sé "glórtha bog' binn' a béil,"
agus d'fheiceadh sé lonnradh a súl — bhéadh sé i ngrádh
ceart críochnuighthe. Acht ní fhaca sé an tsamhail sin
fós. Ba mhinic é agus a ghunna aige ag éanlaidheacht
ar fud an chriathraigh. Ba mhinic ar a chapall é ag
sguabadh claidheacha, fálta, díoga agus portaigh i ndiaidh
na ngadhar agus an tsionnaigh. Níor ghnáthach na smaointe


L. 162


céadna aige i n-éadan a ghnótha agus ar éadan an
tulcháin i measg na gcnoc 's na ngleann — agus
b fhéidir nach iongnadh sin, a léightheóir dhil. Ní hé
gach am 's tráth a thagas na smaointe fileadhta go
fonnmhar! Bhí tóir aige ar leabhraibh ó'n gcéad lá
riamh a ndeachaidh sé ar sgoil. Bhí sé léigheannta agus
eolasach ar go leor neithe, agus bhí níos mó feasa agus
eolais aige ná ceapfaidhe dhó. Ní raibh gaisge ná
ríméad ann acht an oiread le aon bhuachaill tuaithe,
acht bhí meas aige air féin i gcomhnuidhe do réir mar
b'fhiú é é. Bhí sé múinte deagh-bhéasach, fial, flaith-
eamhail agus tír-ghrádhach go smior. Ní raibh
galántacht bhréige ná seoinínteacht ag siubhal leis.
Bhí truagh aige do'n bhochtán, agus fuath do'n tighearna
'n-a chroidhe istigh, acht ní thugadh sé sin le taisbeánadh
go han-mhinic.



D'imthigh leis go Cnoc an Dúna go mín réidh socair.
Chómhair na, muilt agus na huasgáin, na caoirigh agus nia
huain agus d'fhill ar ais go smaointeach, mar ba
ghnáthach leis.



CAIBIDIL XLIV.



CASTAR TOMÁS MAC CÓDA AGUS A GHRÁDH GEAL
AR Á CHÉILE.



Bhí comórtas báire ceaptha socruighthe idir
buachaillíbh Chnoc na nGabha agus buachaillíbh an
Rátha fá láthair. I bPáirc na Tornóige an Cheithearnaigh
'seadh bhí an báire le bualadh. B'é Maitiú Mór
taoiseach agus cúl báire na n-óig-fhear i gCnoc na
nGabha, agus óglaoch lúthmhar sgolabánta darbh' ainm
Tomás Mac Códa a bhí mar thaoiseach ar an sgata
buachaillí a bhí le bheith n-a n-aghaidh. Níorbh é seo an


L. 163


chéad chluiche báire a bhí eatorra. D'fhéachadar a
chéile go binn sgathamh roimhe sin, acht níor shásuigheadar
féin a chéile mar nach raibh an talamh sáthach cothrom.
Bhí sé le bheith i n'fhéachaint dá ríribh anois i bpáirc
bhreágh mhín réidh an Cheithearnaigh agus ní bhéadh leith-
sgéal ná cam-leith-sgéal ag ceachtar aca.



Bhí Maitiú agus an Caiptín airm le n-a chéile
fhéachaint an lá céadna ag caitheamh an uird, agus
b'iad an bheirt tús agus deireadh gach sgéil ar fud an dá
pharáiste ó'n lá ar socruigheadh an comórtas a bheith
eatorra. Ní raibh fear, bean, leanbh ná páisde nach
ortha a bhí ag cur síos — daoine ghá rádh gur ag an
mBuailteoir a bhéadh an bhuaidh, agus tuilleadh ghá
rádh nach mbéadh aon ghoir aige ar an gCaiptín. Bhí an
"draoi" daoine le bheith ag breathnughadh ortha.
Dhá mbéadh gan tada a bheith ar siubhal acht báire na
gcamánuidhe tiocfaidhe i sluaightibh. Acht leis an
gCaiptín agus Maitiú Mór fheiceál 'seadh bhí furmhór
na ndaoine le theacht.



Bhí Maitiú ar a bhealach a bhaile árd-tráthnóna thar
éis a bheith ag crathadh cruithneachta agus ag spréadhadh
ag an gCeithearnach. Ar an mbáire agus ar chomórtas
an uird 'seadh bhí sé ag smaoineadh. Theastuigh uaidh
sgéala a chur do'n Ráth chuig Tomás ghá innseacht dó
cé'n uair a tosóchthaidhe ar an iománuidheacht agus
bhí súil aige go gcasfaidhe duine eicínt dó a bhéarfadh
sgéala uaidh. Níorbh' fhada go bhfaca sé sean-Pháidín
Ó Lochlainn ag teacht chuige ar a chapall thar éis a
bheith ar shochraid dó.



"Is maith mar thárla," arsa Maitiú leis féin.
"Bhéarfaidh sé sgéala uaim."



Bheannuigheadar féin dá chéile. Ba gheárr ag cainnt
iad nuair a tháinic fear óg anoir an bóthar le n-a
chapall srian is diallaid. Choinnigh sé an capall n-a
seasamh go tobann ar a theacht go dtí iad dó. Bhí sé
gléasta go galánta — agus thosuigh ghá shníomh féin go
gaisgeamhail ríméadach sa diallaid i lár an bhóthair.


L. 164


D'aithnigh Maitiú é ar an bpointe 's a bhfaca sé é.
Ba é an fear óg é a bhí luaidhte le Siubhán Níc
Lochlainn agus bhí sé i gceist go rabhadar le pósadh go
luath. Acht ní dhá deoin a bhí an óig-bhean le n-a
phósadh. Bhí grádh aici d'ógánach breagh luath láidir le
fada'n lá agus ní raibh aici acht malairt. Bhí sí féin
agus Tomás Mac Códa i ngrádh le chéile le bliadhanta
fada. Acht ní mórán de mhaoin an tsaoghail a bhí
ag Tomás. Ní raibh ann acht feilméar bocht gan
go leor slighe ná fághaltais, agus ba bheag an baoghal
go mbéadh sean-Pháidín Ó Lochlainn sásta a inghean a
thabhairt dó! Bhí fear óg eile n-a diaidh a raibh feilm
mhór aige agus is dó-san a bhéarfadh sé í. Chonnaic
Maitiú ar an mbainfheis an buachaill óg agus d'aithnigh
sé anois gurbh 'eo é an fear céadna — an té a raibh
an tóir aige ar Eilís Ní Mhuirghéis oidhche na bainfheise,
cé go raibh sé luaidhte le Siubhán Nic Lochlainn!



"Go soirbhighidh Dia dhíbh!" arsa Maitiú nuair a
bhíodar ag imtheacht agus d'imthigh leis féin gan an sgéala
a chur le sean-Pháidín.



"Sgread mhaidne air mar airgead," arsa Maitiú
leis féin "maran iomdha dochar a ghníos sé go
minic! 'Sé is cionntach le croidhe dóighte bheith ag
Tomás bocht ar chuma 'r bith — agus aici féin, an
cailín bocht, freisin! Nach é an truagh shaoghalta iad
a bheith sgartha ó chéile agus an grádh mór fíor-dhílis ó
chroidhe a bhí aca dá chéile le fada! Acht bídís
buidheach de'n spré! Dhá mbéadh gan pighinn a bheith
ag gabháil le sean-Pháidín ní hamhlaidh a bhéadh. 'Siad
na cheithre chéad a sgar ó chéile iad agus a fhágfas gan
mórán sóláis iad araon, is baoghalach. Mh'anam,
muise, nach bhfuil 'fhios agam-sa nár bh'fhearr dhuit
Tomás, a Shiubhán, dhá laghad a shaidhbhreas, ná leath-
bhoicín anuas ó na cnuic nach bhfuil mórán aithne ná
eolais agat air! Acht mara n-éirighidh leat bí
buidheach ded' "dheaide" agus dá shean-sparán!
Béidh fiche bó bhainne ag teacht 'na dorais chugat ar


L. 165


chuma 'r bith, agus béidh do theach ceann-slinne agat, agus
péacóigín ríméadach d'fhear — má ghníonn sin sólás
a thabhairt duit — agus go dtugaidh Dia dhuit sonas
agus séan a bheith ort, mar is maith an aghaidh ort é,
leabhar-sa! Cailín níos groidheamhla ní fhuigheadh
aon fhear in a shiubhal lae. Ní raibh biadán ná
anachain innti, ná blas amháin gaisge ag siubhal
léithi, ní hionann 's go leor eile aca nach bhfuil 'fhios
aca céard a bhíos siad a dhéanamh le teann sotail
agus ríméid! Béidh croidhe Thomáis bhoicht briste leonta
'n-a lár 'n-a diaidh! Dubhairt sé liom nach raibh cead
aici focal a béil a labhairt leis le os cionn bliadhna.
Acht go dtugaidh Dia dhóibh araon gurab é a leas é!
Cá bhfios nach hé an rud is doilighe linn is feárr
dhúinn go minic? Ag Dia Mór Uile-Chumhachtach
atá 'fhios — agus go dtugaidh Sé do gach créatúr a leas
a dhéanamh!"



Dhearc Maitiú uaidh ar an teach a bhí i n-aice na
gcrann ar thaobh an chnuic, agus leig osna. Nach iomdha
amharc a bheireadh sé ar an teachaín úd ó Luan go
Satharn! Á, a Eilís na gcraobh-fholt, nach minic ó
mhaidin go faoithin a dearctaoi sa taobh a mbítheá!
Raibh aon tuairim agat faoi? Ní abróchamuid
acht amháin gurab agat féin a b'fheárr 'fhios do
smaointe má bhí. Nochtfair dhúinn iad, b'fhéidir,
amach annso agus annsin 'seadh bhéas a fhios againn
do sgéal i gceart.



Dá mbíodh a fhios ag Maitiú go raibh Tomás Mac
Códa chomh gar do láthair 's bhí, an móiméad sin, ní
bhéadh sé chomh himnidheach fá'n sgéala a theastuigh
uaidh a chur chuige. Bhí Tomás ar an mbóthar roimhe ag
tigh an Cheithearnaigh fá láthair. Bhí sé ag dul soir
an bóthar, a chapall i ngreim srianach aige, agus a cheann
faoi beagán. Bhí cárr ag teacht i n'aghaidh acht ní
fhaca sé é go raibh sé ag teannadh gar go maith dhó.
Acht facthas ó'n gcárr eisean. Bhí óig-bhean
ag cur na súl thríd ó chonnaic sí ag déanamh aniar


L. 166


an t-árd é. Tháinic lonnradh áthais 'n-a haghaidh 's
'n-a héadan go tobann. Bhí meangadh agus faoilte an
gháire le feiceál n-a ceann-aghaidh. Thosuigh sí ag
corrughadh anonn 's anall go mí-shuaimhneach sa
gcárr agus dheisigh í féin fá dhó agus trí huaire. Bhí an
cárr an-ghar dhó sul dá bhfaca Tomás í. Phreab a
chroidhe. Bhí "a ghrádh geal" os a chómhair! Chrathadar
féin lámh le chéile go rí-cháirdeamhail, acht níor labhair
ceachtar aca oiread 's focal. Níor fhéadadar!
Agus d'fhágadar slán ag a chéile agus na deóra n-a
súilibh.



Ní raibh Siubhán Nic Lochlainn imthighthe as amharc
gur tharraing sí chuici a céirsiúr agus thosuigh ag silt
na ndeor. Ghuil sí go bog úr i ngan 'fhios do'n
tsaoghal. Bhí Tomás bocht féin trom-chroidhtheach go
leor ag imtheacht dó. Smaoinigh sé ar an "am
fadó," agus is iomdha lá agus oidhche aoibhnis a tháinic ar
ais 'n-a chuimhne. Acht bhí deireadh leis an saoghal sin
fá láthair. Ní raibh ann acht a bheith ag smaoineadh
ar an am a caitheadh agus céad míle slán 's beannacht a
chur leis anois!



Is gearr gur casadh Maitiú agus Tomás ar a chéile.
Rinneadar sgathamh gearr cómhráidh. Shocruigheadar
gach ar theastuigh. Annsin sgaradar ó chéile agus chuaidh
'ch aon duine a bhealach féin.



CAIBIDIL XLV.



AN BUAILTEOIR I GCONTABHAIRT.



Tráthnóna an lae sin le dhul faoi na gréine ní raibh
duine i gCnoc na nGabha nár cuireadh sgannradh
croidhe ann. Thuit cruach mhór fhéir leis an gCeithearnach
i mullach an Bhuailteora agus síleadh go raibh sé plúchta


L. 167


marbh. Cruach mhór shean-fhéir le haghaidh na gcaorach a
b'eadh í. Bhí sí i pBáirc an Mhóinfhéir i n-aice an tighe
ag an gCeithearnach agus ag tarraingt fhéir aisti 'seadh
bhí Maitiú nuair a thuit sí fré chéile anuas 'na mhullach.
Má bhí an chruach láidir i n-uachtar bhí sí lag i n-íochtar
de bhárr na gcaorach. Bhí sí leathan sa gconablach acht
caol-iosgadach agus thug sí uaithi as a híochtar sa
deireadh.



Bhí Maitiú ag gabháil fhuinn dó féin — agus é ag
smaoineadh ar go leor dár chuir an t-abhrán céadna
i gcuimhne dhó — sul dár thárla an timpist a
sgannruigh gach duine. Bhí Eilís Ní Mhuirghéis ag
stócáil le dhul a bhaile agus í fá láthair istigh cois na
fuinneóige i dtigh an Cheithearnaigh. Bhí Gráinne 'na
seomra féin, agus bhí Aodh ag léigheadh an "Nation"
sa gcisteanaigh. Bhí Eilís ag smaoineadh agus ag
éisteacht leis an abhrán. Nach mór a chuir an t-abhrán
i gcuimhne dhi-se freisin! Nach minic a ghabhadh Maitiú
é bliadhanta ó shoin — sul dá ndeachaidh sí go Baile
Átha Cliath! Nach maith a bhí a fhios aici cé air a mbíodh
sé ag smaoineadh an uair úd — agus nach maith an tuairim
a bhí aici cé air a raibh sé ag smaoineadh fá láthair!



Cloiseadh sgread uathbháis ó mhnaoi go tobann.
Gheit agus sgannruigh gach duine dá gcualaidh í. Leigeadh
sgread árd eile agus glaoidh, agus fuagruigheadh d'uaill agus
de bhéic go raibh Maitiú Mór marbh! D'éirigh Aodh
Ó Ceithearnaigh d'aon léim amháin agus ghread. Sguab le
Tomás Ó Meachair, an buachaill aimsire, comh tréan
's bhí 'na chosaibh 'na dhiaidh. Amach le Máire agus le
Gráinne de ruathar. Bhí Aodh agus Tomás Ó Meachair
ag cartadh sa bhféar rómpa agus an chruach fré chéile
leagtha. Bhí Maitiú fá'n bhféar acht ní raibh aon
tuairim cé'n giodán 'na raibh sé. Ní raibh glaoidh
ná sgread le cloisteáil uaidh, ná fios ar bheó nó
marbh dhó. Thosuigh na daoine ag bailiughadh 'na
bplódaibh. Ba ghearr go raibh bunáite muinntire
an bhaile go léir sa láthair.


L. 168


Bhí Eilís Ní Mhuirghéis 'na seasamh ag breathnughadh
ar na buachaillíbh ag tochailt agus ag cartadh sa bhféar agus
ghá chaitheamh i leath-taoibh. Focal níor labhair sí.
Cosamhlacht uathbháis ná sgannraidh ní raibh uirthi.
Acht ní doe cheal nach raibh faitchíos uirthi, mar sin féin!
I gceann tamaill facthas an féar ag corrughadh.
Déarfá gur corruigheadh ní ba láidre ná sin é. Annsin
crochadh slám mór dhe go tobann — agus chuir an Buailteoir
a cheann i n-aer mar chuirfeadh fear a bhéadh dhá
bháthadh agus d'éireochadh go dána i mbárr na dtonn.
Leigeadh trí gártha bróid agus aoibhnis. Chuir Eibhlín, a
dheirbhshiúr, a dhá láimh fá n-a mhuineál agus thosuigh ag gul
le teann áthais. Shuidh a mháthair síos agus níor fhéad
oiread 's focal a labhairt. Tháinic Pilib Ó Laochdha
anall agus thug cogar cluaise d'Aodh agus dubhairt leis
duine a chur i gcoinne "braoinín bhig." Agus
d'imthigh le Liam Ó hEithfearnáin sna fásgaibh le
sgéala chuig Nóra Ní Laochdha.



Sgaip na daoine go léir ó chéile go haoibneach
áthasach agus thug an baile ortha féin lán de ghlionndar
agus de bhuidheachas ar Dhia.



"A' dtug tú fá deara Eilís Ní Mhuirghéis nuair a
bhíthear ag cuartughadh Mhaitiú?" arsa Gráinne le
Máire Ní Cheithearnaigh nuair a bhí na daoine sgaipthe.



"Thugas," arsa Máire. "Ní raibh blas amháin
sgannraidh uirthi. Bhí iongnadh mór orm laghad a raibh
de chosamhlacht faitchís nó uathbháis uirthi."



"Bhí faitchíos uirthi, muis, a Mháire, — agus uathbhás,"
arsa Gráinne, "acht níor leig sí uirthi féin go raibh.
Nach bhfeiceann tú gur imthigh sí gan cuimhniughadh ar a
ciseán?"



B'fhíor do Ghráinne é. Bhí mór-fhaitchíos agus sgannradh
ar Eilís — agus áthas agus aoibhneas croidhe nuair a chonnaic
sí slán arís é. Mar dubhramar cheana, ba mhór a chuir
an t-abhrán a bhí Maitiú a ghabháil sgathamh gearr roimhe
sin i gcuimhne dhi! Chuimhnigh sí ar an "am fadó"
— nuair a chloiseadh sí gach duine ag cur síos ar


L. 169


Mhaitiú. Na sean-daoine a thagadh ar cuairt chuig a
sean-athair ní théigheadh aobh ortha acht ag trácht ar
ghníomhaibh móra an Bhuailteóra — ar a neart, a bhrígh agus
a spreacamh — ar a mhisneach, a chroidheamhlacht, agus a
dheagh-bhéasaibh. Bhí gean agus mór-mheas ag gach duine air.
Na buachaillí beaga sgoile agus na geárr-chailídh bhí
grádh aca dhó. Bhí sé chomh simplidhe le gasúr agus chomh
láidir le fathach. Ní raibh blas amháin urchóide ná
gangaide ann. Agus ní chualaidh aon duine ariamh
é ag déanamh gaisge ná ghá mholadh féin. Chuimhnigh
sí freisin air chomh mór 's bhíodar le chéile — bliadhanta
ó shoin. Bhí a fhios aici 'na croidhe istigh go raibh gean
aige uirthi — cé nár dhubhairt sé sin léithi fós ariamh.
Chainntigheadh sé anois 's arís ar an "ngrádh" — acht
má ghníodh, ba chosamhail gur ag magadh agus ag fonómhoid
a bhíodh sé. Agus ghníodh sé sin le cailíníbh eile
freisin. Acht, mar sin féin, bhí aimhreas aici i gcómhnuidhe
go raibh sé 'na diaidh. Ba mhinic a dhaimhsigheadh sé léithi
ag rinncíbh. Ba mhinic ar cuairt i dtigh a sean-athar é,
agus ba mhinic 'na cómhluadar é ag teacht ó'n Aifreann.
Acht thug sí fá deara go raibh áird ag daoinibh eile
uirthi freisin. Bhí beirt fheilméaraí óg 'na diaidh —
facthas di — agus nárbh' fheárr iad-san ná fear
bocht nach raibh aige acht a bheith ag saothrughadh a lá
páidhe i Sin mar cheap sí — dhá mhéad dár thaithnigh
Maitiú léithi. I gceann dó nó trí de bhliadhantaibh
seadh facthas di gur mhór an dul amugha a bhí uirthi.
Ní raibh ceachtar dhíobh seo a bhíodh 'na diaidh nach raibh
pósta anois — agus níor chosamhail go mbéadh aon bhaoghal
go n-éireochadh léithi feilméara saidhbhir fhághail fá
láthair. Nuair a chuaidh sí go Baile Átha Cliath ba
mhinic ag smaoineadh ar Chnoc na nGabha í, agus ar gach
greann agus siamsa dá mbíodh ar siubhal ann. Ba mhinic
Maitiú ag rith thrí na h-intinn, agus ba mhinic adeireadh
sí léithi féin gur mhór a thaithnigh sé léithi. Acht ba
gearr sa gcathair í go dtáinic athrughadh smaointe dhi.
D'éirigh sí roinnt ríméadach innti féin ó chuir sí


L. 170


aithne 'gus eolas ar bheirt nó triúr de bhuachaillíbh
deasa Bhaile Átha Cliath. Théigheadh sí chuig an
amharclainn go minic i gcomhluadar taithneamhach.
Bhíodh sult 's sólás aici i measg a carad sa mbaile
mór. Théigheadh sí ar seilg go Binn Éadair na
bhFiann anois agus arís. Amannta théigheadh sí ag
bádóireacht le n-a compánaighibh. Is iomdha oidhche a
mbíodh "céilidhe" ar siubhal, agus chaitheadh sí an t-am
go sólásach ag damhsadh 's ag caoin-chómhrádh. Bhí sí
ag saothrughadh roinnt mhaith airgid, agus bhíodh sí gléasta
go maith i gcómhnuidhe. Rinne sí dearmad ar
Mhaitiú ar feadh sgathaimh. Acht ar a theacht ar
ais di go Cnoc na nGabha tháinic an sean-chion
ar ais arís. Chuir cuairt an tsaighdiúir imnidhe
mhór agus mí-shuaimhneas uirthi, agus bhí súil aici nach bhfuigheadh
Maitiú aon sgéala air. Bhí sí beagnach lán-chinnte
go mbéadh an gean céadna ag "Maitiú bocht" — mar
deireadh sí féin — uirthi i gcómhnuidhe. Acht dá gceapadh
sé nárbh 'fhiú í é bhéadh deireadh go deo le n-a ghrádh dhi.
Sin é an fáth a raibh faitchíos uirthi go gcloisfeadh sé
go dtug an saighdiúr cuairt uirthi. Tháinic ualach
mór bróin ar a croidhe nuair a shíl sí go raibh sé
marbh fá'n gcruaich. "Gheit a croidhe le buaidhreadh agus
sgannruigh sí naoi n-uaire" i ngan fhios do'n tsaoghal.
Agus nuair a chonnaic sí beó slán arís é nach uirthi a
bhí an glionndar agus an t-aoibhneas croidhe!



Agus Maitiú bocht! B'uirthi-se a bhí sé ag
smaoineadh nuair a bhí sé ag gabháil an abhráin.
B'uirthi a bhí sé ag smaoineadh an móiméad sul thuit
an chruach 'na mhullach. 'Siad na focla deireannacha
déidheanacha a dubhairt sé "Slán go deo agat, a
Eilís!" — nuair a bhí sé cinnte go raibh a sheal ar an
saoghal so tugtha. Tháinic meirbhshion air annsin.
Nuair a fuair sé an anáil leis arís bhí sé dhá phlúchadh
leis an meádhchan a bhí 'na mhullach. Annsin smaoinigh
sé ar a mháthair bhoicht agus ar Eibhlín, agus air chomh huaigneach
's bhéadh a saoghal 'na dhiaidh! Facthas dó annsin go


L. 171


raibh meirbhshion eile ag teacht air agus d'iarr maiteamhnas
agus trócaire ar Dhia, agus ghuidh Ríoghacht na Glóire dá
anam. Acht d'fhóir Dia air — míle altughadh leis féin!
— agus tháinic sé slán ó'n gcontabhairt mhóir 'na raibh sé.



Ní raibh sé de mhisneach ag Eilís a dhul 'un cainnte
le Maitiú. Bhí sí beagnach ag gol le áthas — agus b'fhearr
léithi a sheachaint fá láthair. Bhí sí ag dul amach an
bhearna ar chúl an tighe — ag imtheacht a bhaile — nuair a
casadh Eibhlín Ní Dhonnabháin di agus í ag dul amach le
cupán uisge chuig Maitiú. Ní mó ná sásta a bhí
Eibhlín nuair a chonnaic sí ag imtheacht í gan oiread
's focal a labhairt leis. Acht ní raibh a fhios aici cé'n fáth!



"Ó, a Eibhlín chroidhe, míle buidheachas agus altughadh
le Dia go bhfuil sé slán sábháilte!" ar sise. "Chonnaic
mé ó'n bhfuinneóig gach ar thárla ó thús go deireadh."
"Agus 'tuige a bhfuilir ag imtheacht gan fiú focal
a labhairt leis — má's é sin do sgéal?" arsa Eibhlín.



"Cheapas go mb'fhéidir go mb'fhearr libh nach
ndéanfaidhe mórán cainnte leis thar éis an sgannraidh,"
arsa Eilís. "Agus bhí leisg orm brúghadh isteach
nuair a bhí tú féin agus do mháthair ag cainnt leis, a
Eibhlín, mar cheapas dhá shuaimhnighe dhá mbéadh sé go
mb'amhlaidh a b'fhearr libh é."



"B'fhéidir go raibh an ceart agat" arsa Eibhlín.
"Acht pé'r bith cé'n chaoi a mbéadh sé — nó cé bhéadh
'na thimcheall — creidim go mbéadh fonn air thú fheiceál.
Buail isteach ar do bhealach a bhaile — níor chuireas an
glas ar an doras — agus déan cuairt ghearr againn.
Béidh an tsean-fháilte romhat i gcomhnuidhe, tá 'fhios
agat. Acht deirthear gur éirighis an-ríméadach, a
Eilís, agus nach bhfuil aon mheas agat ar do shean-cháirdibh!"



"Á, a Eibhlín, ná bac le céard a deir siad. Ní
fíor é!"



"Nílim ghá rádh gur fíor," arsa Eibhlín. "Is
gearr go mbímid réidh anois le dhul a bhaile, agus tá
súil agam go mbéir istigh romhainn in do shuidhe sa
tsean-chathaoir 'na suidhteá fad ó! Acht caithfead


L. 172


deifriughadh leis an gcupán uisge chuig Maitiú.
Ná dearmad bualadh isteach!" ar sise aríst ag
imtheacht.



D'ól Maitiú an deoch agus dhearc 'na thimcheall. Bhí
áthas air a mháthair agus Eibhlín fheiceál agus gan sgannradh
ná uathbhás ortha anois. Bhí Máire Ní Cheithearnaigh os
a chomhair-ag meangadh gáire is bród uirthi fá go raibh sé
slán. Bhí Gráinne go geal-gháireach le teann lúthgháire.
Tháinic Brian Ó Bruadair ag caitheamh na sál thar a
chéile treasna na páirce agus dhearbhuigh dhá raibh sa
láthair nach ndearnadh aon chruach fhéir ó aimsir
Chruim Chruach d'fhéadfadh an Buailteóir a mharbhughadh!
Bhí bean an Cheithearnaigh agus na deóra 'na súilibh. Chuir
sé i gcuimhne dhi an lá ar leag an capall a honcail
Dómhnall agus ar gortuigheadh go domáisteach é!
Tháinic an Ceithearnach agus dubhairt go gcaithfeadh
Maitiú a dhul isteach 'na tighe agus "braoinín" d'ól.
Agus dubhairt Pilib Ó Laochdha, 'ar ndóigh, nach raibh
aon rud a b'fhearr ná "braoinín beag" le croidhe agus
misneach a thabhairt dó thar éis an sgannraidh.



Acht bhí neithe a chuir iongnadh ar Mhaitiú, dhá nídh
nár thuig sé agus a bhí ag déanamh imnidhe dhó fá láthair .i.
gur imthigh Eilís Ní Mhuirghéis gan labhairt leis, agus
nach dtáinic Liam Ó hEithfearnáin le n'fheiceál slán.



CAIBIDIL XLVI.



COMHAIRLE NÓRA NÍ LAOCHDHA DO LIAM
Ó hEITHFEARNÁIN. SEANCHUS I dTIGH AN
TÁILLIÚRA.



Ghluais le Liam Ó hEithfearnáin chomh tréan i
nÉirinn 's b'fhéidir leis é nuair a chonnaic sé Maitiú
slán. Níor fhan sé le focal a labhairt leis mar


L. 173


bhí mór-dheabhaidh agus deithneas air. Bhí an deagh-sgéal
le hinnseacht aige do Nóra Ní Laochdha agus níor mhór
dhó deifriughadh! Agus dhá mba le sgéala go raibh a
saorsacht gnóthuighthe ag Clannaibh Gaedheal a bhéadh sé
ag dul ní fhéadfadh fuadar agus gearradh siubhail a bheith
faoi thar mar bhí. Nuair a bhí sé i n-aice an tighe bhí sé
chomh tugtha sáruighthe 's go mb'éigin dó sgíth ghearr
a leigean nó go bhfuair sé an anáil leis. Chuimil
sé an t-allas dá éadan annsin — mar bhí faoi bualadh
isteach go mín réidh socair gan deabhaidh gan deifir
agus an sgéal d'innseacht do Nóra "go lághach réidh"
ar chaoi nach mbainfidhe geit ná sgannradh aisti.



Isteach leis go ciúin éadtrom-chosach. Shuidh síos
cois an bhuird. Rug ar chailc Philib agus thosuigh ag
sgríobhadh na litreacha a, b, c, agusrl., go roighin réidh ar
chlár an táilliúra. Níor chuir Nóra aon cheist air
faoi Mhaitiú, agus mar sin bhí sé cinnte nach gcualaidh
sí céard a thárla. Bhí sí "'na háitín féin" sa gclúid
ag meangadh gáire gan cosamhlacht bróin ná imnidhe
uirthi.



"A Liam," ar sí go tobann," 'tuige nach
n-innsigheann tú dhom céard d'éirigh do Mhaitiú?
Bhí Eibhlín annso nuair a chualamar go raibh sé marbh,
agus b'uathbhásach mar sgannruigheadh an créatúr."



"Ní féidir go gcualaidh sí é!" arsa Liam leis
féin — bhí mór-iongnadh air laghad an chosamhlacht
sgannraidh a bhí uirthi.



"Níor éirigh tada dhó" arsa Liam.



"Tá fhios agam nár éirigh" ar sise, "acht chuaidh
sé sáthach gar dhó. Agus, a Liam, tá iongnadh ort
go bhfuil fhios agam é! Maitiú bocht, — a ghrádhuigheas
gach duine! Nuair a chualas go raibh sé i gcon-
tabhairt, dubhras cúpla paidir agus ghuidheas Dia 'ghá
thabhairt slán. Agus nuair a chualas an ghlaodhach
bhí fhios agam nár éirigh tada dhó a raibh dochar ann —
agus bhí 'fhios agam freisin, a Liam, gur tusa an
chéad duine a thiocfadh le sgéala chugam!"


L. 174


D'innis Liam dhi cé mar thárla agus dubhairt nach
ndearnadh "blas amháin díoghbhála" dhó mar go bhfaca
sé féin slán sábháilte é.



"Míle buidheachas le Dia go bhfuil sé slán!"
ar sise, "dhá ngortuighthí é ba mhór an sgéal é, a
Liam."



"Níor sgéal go dtí é," arsa Liam, "bhéadh deir-
eadh le Cnoc na nGabha!"



"Dhá mbéadh tada air gheobhadh sé deagh-aire ó n-a
dheirbhshiúr, a Liam," arsa Nóra.



"Gheobhadh agus ó na mháthair," arsa Liam.



"Cailín níos lághaighe ná Eibhlín ní féidir fhágháil,
a Liam. Bhí sí féin agus mise mór le chéile i gcomhnuidhe.
Tá fhios agat go rabhamar ag dul ar sgoil i n-éinfheacht
ar feadh bliadhanta. Tá an-chion aici orm-sa agus níl
aici acht malairt."



"Tá a fhios sin agam, a Nóra," arsa Liam.



"Á, bheadh duine ag Maitiú le aire a thabhairt dó,"
ar sise. "Acht, a Liam, dá mbeadh tinneas ná an-shógh
ort-sa ní bheadh aon duine agat! Céard a dhéanfá
chor ar bith leat féin?"



"Tá Dia go maith agus Máthair mhaith aige," arsa
Liam. "Agus tá dóchas agam go bhfóirfeadh Sé
orm!"



"Tá Sé go maith, a Liam! — agus go dtugaidh Dia dhuit
É 'ga do choinneál slán! Acht nach deacair dhuit
sólás a bheith agat in do bhotháinín uaigneach leat
féin i gcómhnuidhe? Agus deirtear go bhfuil an
saoghal ag éirghe leat maith go leór anois, a Liam."



"Bím buidheach dhíot-sa — a bhí liom nó go dtugas
gealladh i n-aghaidh an óil. Marach sin is dóigh gur
ar chúl mo chinn sa gcill a bhéinn anois. Tá a fhios agat
féin cé mar bhínn sul dá'r gheallas i n'aghaidh. Agus
tá 'fhios agam-sa nach mbéadh sé in mo chúmhacht ná im
mo chumas seasamh dílis do'n ghealladh marach thusa agus
a liachta paidir adubhrais ar mo shon. 'Ar ndóigh,
ba díol truaighe mé go dtí sin! Agus anois tá


L. 175


meas ag muinntir an pharáiste orm ó d'éirigheas as
an ól."



"Agus dhá dtugainn comhairle eile dhuit anois, a
Liam, cé mar thaithneochadh sí leat, — ní mé?"



"nDómhnach ní'l fhios agam go gcloisead í. Acht
ní chreidim gur droch-chómhairle atá agat dom ar
chuma 'r bith."



"A Liam, tá fhios agat céard tá i gceist agam!"
ar sise. "Is minic a smaoinighim air nuair a bhím
féin agus Eibhlín Ní Dhonnabháin le chéile annso agus muid
ag cur síos ar an sean-tsaoghal."



"A Nóra, ar son Dé agus ná bí ag cainnt ar a
leithid!" arsa Liam. "Táim sásta go leor mar
táim. Agus má táim uaigneach féin is go huaigneach
is fearr liom a bheith!"



Rinne Nóra meangadh. Bhí fonn uirthi cómhairle
a thabhairt dó. Agus bhí roinnt áthais uirthi nach
n-éistfeadh sé le cainnt dá leithid, mar sin féin!
Bhéadh fonn uirthi Liam agus Eibhlín Ní Dhonnabháin
fheiceál go sólásach le chéile. Agus 'na dhiaidh sin ní
raibh sí gan roinnt áthais nuair a chonnaic sí nach
mbéadh Liam sásta — mar bhí a fhios aici cé'n fáth.



"Cuimhneóchaidh tú ar mo chuid cainnte-sa lá is
fuide anonn ná indiu, a Liam, nuair nach mbéidh
mé agat le cómhairle a thabhairt duit!" ar sí.



Bhí Liam ag dearcadh ar chlár an táilliúra agus, níor
labhair. Acht tháinic na deora fá n-a shúilibh agus d'airigh
sé a chroidhe ag preabadh le brón agus le dólás.



"Ní'l fhios agam céard atá ag teacht uirthi le
sgathamh!" ar seisean leis féin. "Roimhe seo ní
cloistí focal i dtaoibh an bháis uaithi ó bhliadhain go
bliadhain. Deir a máthair féin nach gcloiseadh sí
focal uaithi 'na thaoibh ó Luan go Satharn. Acht le
goirid tháinic athrughadh eicínt uirthi. Sin é an
tríomhadh nuair aici ghá tharraingt anuas chugam le
seachtmhain. Ní mé beó cé'n fáth? An oidhche fá
dheireadh thosuigh sí ag cur síos ar an lá fadó ar


L. 176


iomchair mé treasna an tsrutháin í — rud nach ndear-
naidh sí riamh cheana. Marach athrughadh eicínt tagtha
uirthi ní bhéadh sí ag smaoineadh mar tá!"



D'airigh sé torann na mbróg ag teacht agus is
gearr gur bhuail Pilib agus an bhean isteach.



"Maise, an annso atáir-se, a Liam? Bhí Maitiú ghá
fhiafrughadh de ch'uile dhuine cá ndeachais agus ní raibh
fhios ag aon duine cár imthighis," ars' an bhean.



"Creidim nár tugadh fá deara ag imtheacht mé,"
arsa Liam. "Le sgéala chuig Nóra go raibh sé
slán a tháiniceas."



"Maise anois, a Liam, nach maith a chuimhnighis a
theacht le sgéala chuici! Dheamhan cuimhniughadh a
rinne ceachtar againne air — le raibh de sgannradh
orainn. Agus, 'ar ndóigh, ba chóir go mbéadh 'fhios
againn go mbéadh imnidhe uirthi. Níor cheart dúinn
imtheacht agus a fágáil annso léithi féin mar rinneamar.
Acht bhí an oiread uathbháis orainn 's nach raibh 'fhios
againn céard a bhíomar a dhéanamh."



Shuidh Pilib síos gan focal a labhairt. Bhreathnuigh
sé go grinn ar a mhnaoi agus níor labhair. Dhearc ar
Nóra gan focal a rádh. Thosuigh ag cur na súl thríd
an teinidh agus chraith a cheann cúpla uair.



"A Liam," ar seisean i gceann tamaill, "is
aisteach an saoghal é! Táim thar éis sgathamh
cómhráidh a bheith agam leis an sglábhuidhe bocht suarach
sin — Tomás Ó hÓgáin, agus táim thrí na chéile dá bhárr!"



"'Tuige, a Philib?" arsa Liam. "Céard dubhairt sé?"



"A Liam Uí Eithfearnáin — go bhfóiridh Dia ar
dhaoinibh suaracha cladhaireamhla an tsaoghail — agus tá
siad ann go fairsing, tá faitchíos orm!" arsa
Pilib. "Tá cuid d'ár ndaoinibh féin a chuirfeadh
Éireannach ar bith a bhfuil croidhe ná sprid ann thar
bhárr a chéille! Agus leithid Thomáis Uí Ógáin níor
casadh orm in mo bhóthar ná in mo bhealach fós riamh!
Tá a leithid i n-an Fiannuidhe a dhéanamh d'aon fhear
a rachas 'un cainnte leis! Chualaidh tú an cómhrádh


L. 177


a bhí agam-sa leis annso ar mo theallach — nach
gcualais?"



"Chualas go deimhin," arsa Liam "Séard a bhí
Maitiú ghá rádh ar an mbealach a bhaile dhúinn an
oidhche sin nach mbíonn feoirling ruadh ag gabháil
leis ó bhliadhain go bliadhain nach gcaitheann sé ag cur
feabhais ar an talamh."



"Nuair a bhíos ag teacht thar a dhoras, tá tamaillín
beag ó shoin ann, ghlaoidh sé chuige orm," arsa
Pilib. ""Is fear feasa thú, a Philib!" ar seisean.
"Céard atá i gceist agat, a Thomáis?" arsa mise.
"Mo chíos a hárduigheadh!" arsa Tomás. "Ní'l
Diarmuid Ruadh acht thar éis imtheacht." Níor
chreideas é," arsa Pilib, "go dtáinic a bhean amach
agus gur innis sise an sgéal céadna. Bhreathnuigh mé
air," arsa Pilib — ag iompughadh na cathaoireach agus
ag baint lán na súl as Liam — "agus measann tusa
céard a rinne sé? — tosughadh ag briseadh a chroidhe
ag gáiridhe!" Ní'l d'árdughadh air acht dhá sgilling
an t-acra" ar seisean. "Agus ní aireóchamuid uainn
a gcuiridh sin as dúinn! Nach cóir adubhrais féin
go n-árdóchthaidhe é!" "A Thomáis," arsa mise "focal
mo bhéil ní'l agam le rádh let at 'na thaoibh!" Dubhairt
an bhean gur ó'n Ridire féin a tháinic ordughadh de
réir mar deir Diarmuid, agus nach ag Pender a bhí
neart air. Acht ní'l fhios agam! Tá saoghal corrach
rómhainn amach, a Liam! Agus creidim go mbéidh
sé i n'obair!"



"Ara, céard é, a Philib, i n-ainm Dé?" ars' an
bhean fá sgannradh.



"De réir mar chloisim," arsa Pilib, "tá go leór
d'ár tgcomharsanna dorais le cur amach. Cloiseadh
Uáitéar Ó Corcoráin, báille, agus Diarmuid Ruadh
ag cur síos go cúlshráideach dóibh féin air i n-áit eicínt
indiu — agus ní dóigh go bhfuil aon bhréag ann. Tá
faitchíos orm go mbainfear a gharrdha de'n Bhuailteóir.
Agus thugadar sgéala do Mhícheál Ó Briain bocht


L. 178


glanadh leis as an gcró sul dá leagtar é. Go
bhféachaidh Dia ar mo dhuine bocht! — Is díol truaighe
é. Thar éis a dhíbeartha as teach agus as talamh a shinnsir
le céadtaibh bliadhain níl maith ann anois go gcuirtear
as an gcróítín beag é féin agus a chuid páistí! Tá sé
i ndáil le bheith as a chéill chualaidh mé. Thug an
Ceithearnach an oiread tuighe dhó 's chuirfeadh díon ar
an gcró agus nuair a bhí sé réidh glan aige 'seadh fhair
sé sgéala sguabadh leis. Tá an bhean bhocht go dona
tinn agus chualaidh mé go gceaptar gurab é an fiabhras
atá ar bheirt de na páistíbh. 'Séard atá ag briseadh a
chroidhe ar fad faitchíos go mbéidh air a dhul i dTeach
na mBocht ar deireadh thiar — mo dhuine bocht!"



Bhí Nóra ag éisteacht agus na deora briste fá n-a
súilibh.



Maise, go bhfóiridh Dia ortha!" ars' an bhean.
"'Sé an truagh iad a bheith ar a leithid de chaoi. Bean
níos lághaighe ná níos grádh-Dia-amhla ná bean
Mhíchíl Uí Bhriain níor cruthuigheadh. Nach minic
minic adeireadh an tAthair Mac Mathghamhna gurbh' é
an truagh gan í do bheith chomh saidhbhir le Damer!"



"Go deimhin bhí sí go lághach agus go carthannach agus
ní bréag nach raibh," arsa Liam. "Níor bhuaileas
isteach chuig mnaoi ba shubháilcighe ná ba fhlaitheamhla
croidhe ná í ariamh. Bhéadh fearadh na fíor-chaoin
fáilte romham dhá dteagainn fiche huair sa ló. Agus
níor leig sí ar siubhal ariamh mé gan deoch bhainne
a thabhairt dom. Tá truagh ag mo chroidhe dhóibh — na
créatúir — ar a leithid de chaoi ag diabhail de
mháighistrí talmhan gan croidhe gan carghaos! Chuaidh
sé thrí mo chroidhe a fheiceál cé'n chóir a bhí ortha an
oidhche cheana agus mé ag dul go Cluan Meala. D'fhágas
mo shean-chóta mór ag Mícheál le cur timcheall air —
an duine bocht — agus meas' tú nár tháinic sé ar ais leis
chugam indé! B'fhearr liom go gcoinneóchadh sé é —
mar dheamhan mórán dochair a rinne gaoth ná
báisteach dhom-sa riamh."


L. 179


"Sílim go mbuailfead suas go bhfeicead Maitiú,"
arsa Pilib go tobann. "Tá beagán cainnte agam
le déanamh leis."



"Fan go mbídh sé thar éis a bhéile, 'riú" ars'
an bhean. "'Ar ndóigh, ní cruadhóg atá ort?"



"Sílim go mb'fhearr dhó gan an Caiptín fhéachaint
go ceann tamaill," arsa Pilib. "Cuirfidh timpist
an lae indiu as dó go ceann sgathaimh, agus ní ceart
leigean dó a dhul i n-aghaidh an Chaiptín fá láthair.
Cá bhfios céard a thárlóchadh? Agus dá mbuailtí
é badh mhór an mí-ádh dár dtaobh tíre é! Caithfead
bualadh suas agus comhairle thabhairt dó éirghe as an
gcomórtas fá láthair, i n-ainm Dé, agus a chur ar cáirde
go ceann tamaill."



"Meas tú bhfuil aon bhaoghal go mbuailfidhe é?"
arsa Liam ag preabadh.



"Ní'l fhios agam. Ní'l fhios agam, a Liam," arsa
Pilib — "Acht ní ceart dúinn leigean dó é féin a
chur i gcontabhairt a bhuailte fá láthair."



"Á, a Philib, nár leigidh Dia go bhfuighthí an ceann is
fearr air!" arsa Liam. "Agus ní chreidim go
bhfuil aon duine beó atá i n-an a bhuailte ag
caitheamh an uird!"



"Ní'l," arsa Pilib, "má bheireann sé aire dhó féin.
"Acht tá Maitiú ró-shimplidhe, a Liam. Tá sé ró-
shimplidhe agus ní mór dhúinn go léir cómhairle
thabhairt dó fá láthair. Tá mé cinnte nach mbéidh an
croidhe ceart ná an sean-mhisneach aige go ceann
sgathaimh. Baineadh leagan mór as indiu. Sgann-
ruigheadh go mór é. Agus cuirfidh sin as dó go
ceann tamaill. Caithfead bualadh suas agus
comhairliughadh dhó éirghe as an gcomórtas."



D'fhág Liam Ó hEithfearnáin slán agus beannacht
aca agus d'imthigh a bhaile mí-shuaimhneach go leór i n'intinn.
Bhí faitchíos a anama air go mbuailfidhe Maitiú.
Agus bhí iongnadh agus mór-imnidhe air de bhárr na
cainnte a chualaidh sé ó Nóra Ní Laochdha.


L. 180


CAIBIDIL XLVII.



SMAOINTE AGUS ATH-CHUIMHNE.



D'imthigh le Eilís Ní Mhuirghéis suas an bóthar gan
aon mhoill a dhéanamh. Nuair a tháinic sí chomh fada
le teach an Bhuailteora sheas sí agus dhearc 'na timcheall.
Ní raibh duine i n-amharc ná i n-éisteacht timcheall an
tighe. D'fhan sí' na seasamh ar feadh tamaill agus í
ag smaoineadh. Níorbh' iongnadh é. Cá bhfuil an té a
sheasas i n-aice na háite ar chaith sé laetheannta aoibhne
a óige nach dtosóchadh ag smaoineadh ar go leor dár
thárla sul thosuigh a chiapadh le obair agus le mór-
chúram an tsaoghail? — An greann, an sult agus an
siamsa a bhíodh againn "fadó" — na cleasa a
chleachtuighmís, na compánaigh a ghrádhuighmís, na
cuarta a ghnímís, na sean-sgéalta a chluinimís,
féach mar thagaid ar ais!



Nach mór a chuireas "an tsean-sgoil" agus "teach
an phobail" i gcuimhne dhuit! Nach grádhmhar cean-
amhail mar háir ortha anois! Nach aoibhneach mar
ghluaisir amach bóthar an tsléibhe — nó síos cois na
fairrge — an áit a dtéightheá go minic ag foghluim do
cheachta lá de'n tsaoghal! Nach ceanamhail mar bhíos
tú ar na sean-bhealaighibh — agus ar na sean-cháirdibh a
chuireas siad i gcuimhne dhuit — agus nach uaigneach
cumhamhar mar bhíos tú 'na ndiaidh go léir agus tú a bhfad
uatha!



Smaoinigh Eilís Ní Muirghéis ar laetheanntaibh
a hóige féin — agus tháinic bliadhanta fada sólásacha ar
ais le n-a gcuid smaointe aoibhnis. Nach beag
d'eólas an tsaoghail a bhí aici an uair sin — agus nach
hí bhí sólásach 'na gearr-chaile? Théigheadh sí gach
maidin agus tráthnóna an bealach céadna so. Théigheadh


L. 181


sí thar theach Mhaitiú gach lá. Nár mhinic i mbéal an
dorais é le labhairt léithi? Nár mhinic sa "ngáirdín"
beag i n-aice an tighe é le cuid de na torthaíbh milse
a chaitheamh chuici thar an gclaidhe! Nach iomdha caoi
a dtaisbeánadh sé cé'n cion a bhí aige uirthi 'na cailín
beag — agus nach iomdha caoi ar thaisbeáin sé ó shoin cé
mar thaithnigh sí leis!



"Rachad isteach mar d'iarr Eibhlín orm," ar sise
thar éis machtnaimh fhada, "agus fanfad go dtigidh siad
ar ais."



Bhain sí an laiste agus isteach léithi. Bhí an teach chomh
as, chomh glan, chomh sgiúrtha, agus chomh sguabtha 's
bhíodh sé fadó. Ní raibh athrughadh dhá laghad le tabhairt
fá deara. Bhí an drisiúr san áit chéadna fá 'na
chuid gréithí deas. Bhí an túirne le balla 'na
chúinne féin. Bhí an tsean-chathaoir bhaclann, 'na
suidheadh sí bliadhanta ó shoin, sa gclúid. Agus bhí
an droma mór ar crochadh i n'áit féin os cionn an
mhatail. Shuidh sí síos cois an bhuird. Chonnaic sí
slinn — nó sgláta — cheithre gcoirnéal ar íochtar na
fuinneoige agus cúpla "rádh" nó "abairt"
sgríobhtha go deas aireach cúramach uirthi. Bhí an chuid
eile d'aghaidh na slinne brattha le uimhreachaibh
móra agus an méid a choisneochadh an oiread so
camán báire ar a leithid seo de luach comruigh-
the ag Maitiú. Ní raibh a fhios ag Eilís go dtí
anois go raibh sé ag foghluim — acht bhí. Agus ní
raibh de mhúinteóir aige acht é féin ná de mhodh
foghlumtha acht a "Mhodh Díreach" féin. Ní raibh na
Sgolta "Náisiúnta" ar bun nuair a bhí Maitiú na
ghasúr agus níorbh' fhurasta do Chaitliceach foghluim
"Ghallda" féin fhághail in go leor áiteacha tuaithe.
Acht is iomdha sgoláire maith agus deagh-Éireannach
a fuair a chuid oideachais i sean-sgioból — agus cois an
chlaidhe — lá de'n tsaoghal, agus ná dearmadtar é.
Bhí "sgoláire bocht" 'na chómhnuidhe i bhfoigseacht dó
nó trí de mhíltibh do'n áit agus bhí súil ag Maitiú go


L. 182


n-éireochadh leob a fhághail le cur faoi i gCnoc na
nGabha agus "sgoil oidhche" a chur ar bun. Acht ní
thiocfadh an "máighistir" gan níos mó "leath-
chorónacha" ná b'fhéidir le Maitiú a sholáthar sa
bparáiste agus, mar sin de, d'fhan an "sgoil"
gan a cur ar bun agus an "máighistir" gan a theacht.
Ar deireadh thiar thosuigh Maitiú ag foghluim as féin gan
múinteoir gan teagasgthóir. Bhí sé "dall" go
leor ar dtús acht níor ghéill sé do'n droch-mhisneach
ná do'n mhí-mhuinghín, agus bhí sé ag dul ar aghaidh agus
ag feabhsughadh do réir a chéile ó lá go lá.



Bhí a mháthair go buadhartha cráidhte nuair a thosuigh
sé ag cur suime i leabhraibh. Ní raibh a fhios aici céard
a bhí faoi — munar 'sna "peelers" a bhí brath aige
a dhul, agus b'fhearr léithi míle uair a fheiceál sínte
os cionn cláir ná "an caipín speiceach" fheiceál
air. Bhí an-ghráin aici ar na saighdiúiríbh agus ar na
síth-mhaoraibh chomh maith le chéile, — agus bhí fáth ag an
mnaoi chroidhe leis. Bhí grádh mór aici dá tírín
dhúthchais agus fuath mór do lucht a sladtha agus a creachta.



B'fhearr léithi go gcrochfaidhe a mac muirneach
ar an "sgalán árd" ar son a thíre ná a fheiceál ag
breith ar shlabhraíbh móra troma an tSasanaigh agus ag
cuidiughadh le cuibhreach na daorsachta a fháisgeadh
ar bhallaibh agus ar chuisleachaibh Chaitlín Ní Uallacháin.
Cé'n chaoi nach mbéadh fuath aici do'n tSasanach agus
dá arm? Nach raibh sí ar an saoghal sa mbliadhain
"ocht gcéad déag acht dó" — agus nach bhfaca sí go leor
dár thárla? Nár chuimhneach léithi an lá breagh
gréine samhraidh ar bhuail "an t-arm" isteach
i dteach a hathar? Nach rugadar ar an t-aon dear-
bhráthair a bhí aici, agus nár chuireadar urchar thríd os
cómhair a súl taobh amuigh de'n doras? Nach bhfaca
sí a dearbhráthaírín bocht sínte mín marbh os a
cómhair? Nach bhfaca sí an t-"oifigeach" ag breith
i ngreim gruaige air, agus ag gabháil dá chlaidheamh sa
muineál air nó gur sgoith sé an ceann de? Nach


L. 183


bhfaca sí é ag bualadh speiche dá bhróig ar an gceann
i lár na sráide — agus nach gcualaidh sí é ghá rádh gurab
in é an cleas a dhéanfadh sé le gach "rebel "Gaedhil""?



Ní raibh a dearbhráthair acht seacht mbliadhna déag
d'aois an lá ar marbhuigheadh é. Ba mheasa léithi é
ná amharc a súl. Ó'n lá sin go lá a báis bhí ualach
mór bróin ar a croidhe 'na dhiaidh. Agus anois b'fhearr
léithi Maitiú a chur sa gcill go húr óg ná a fheiceál ag
greamughadh d'arm seasta Shasana. Acht ní raibh
baoghal ar an mBuailteoir croidhe! Bhí nádúr an
Ghaedhil ró-láidir ann le bheith in a fhealltóir i n-aghaidh
a thíre. Bhí fuil the an Ghaedhil ag rith agus ag preabadh
go láidir 'na chuisleachaibh. Bhí a chroidhe mór fial
lán de ghrádh dá thír agus dá chreideamh. Agus dá dtagadh
sé sa saoghal go dteastóchadh "na buachaillí" le
ruaig a chur ar an nGall mar cuireadh air as Caisleán
an Bharraigh i "mBliadhain na bhFranncach" — ní bhéadh
aon fhear ba dílse a throidfeadh ná ba cumhachtaighe agus
ba láidre a bhuailfeadh buille ar son saorsachta a
thíre ná Maitiú Mór Ó Donnabháin! Ba mhac dá
mháthair é — agus ba dhual athar dó an croidhe agus an
t-anam a bheith san áit chirt ann — agus bhí!



Bhí Eilís Ní Mhuirghéis ag dearcadh ar an tslinn
mar seo. Bhí Maitiú agus a mháthair agus Eibhlín ag teannadh
leis an teach acht ní raibh a fhios aici. D'iompuigh sí
an tslinn. Dhearc agus gheit agus thosuigh ag meangadh.
Bhí druim na slinne brathta ó bhun go bárr leis an
t-aon fhocal "Eilís" "Eilís," "Eilís," agusrl!
"Tuigeann fear léighinn leath-fhocal," agus thuig
sise go leor de bhárr an fhocail sin. Acht d'airigh sí
an torann ag teacht. Leag uaithi an tslinn go
deifreach agus shuidh síos 'sa gcathaoir cois na teineadh.



Sheas Maitiú sa doras agus phreab a chroidhe chomh mór
's nár fhéad sé focal a labhairt nuair a chonnaic sé
cé bhí istigh roimhe.



"Céad míle fáilte rómhat!" ar seisean thar éis
sgathaimh, agus thosuigh ag meangadh gáire.


L. 184


Chraitheadar lámh le chéile. Facthas do Mhaitiú gur
baineadh fáisgeadh beag as a láimh — acht ní raibh ann
acht gur airigh sé é.



"Is maith a chuaidh tú as, a Mhaitiú," arsa Eilís,
"tá súil agam nár gortuigheadh thú."



"Níor gortuigheadh," arsa Maitiú. "Ní fiú
biorán ar éirigh dhom."



Bhuail an mháthair agus Eibhlín isteach.



D'fháiltigh an mháthair go rí-shubháilceach roimpi agus
chuir sin áthas mór ar Mhaitiú. Ní raibh a fhios aige gur
casadh Eilís agus Eibhlín ar a chéile tamall gearr roimhe sin.



"Maise, ní féidir gur tú féin atá ann, a Eilís!"
ars' an mháthair. "Mh'ainín nach n-aithneóchainn an
bhfaca mé riamh thú. Nach iomdha athrughadh a tháinic
ar an saoghal, a stór, ó bhítheá ag teacht ar cuairt
chugainn annso bliadhanta ó shoin! Agus cé'n chaoi
bhfuil do shean-athair? — is fadó anois nach bhfacas é
le seanchus a bheith againn i dtaoibh an tsean-tsaoghail.
Ní'l blas dár thárla i "mBliadhain na bhFranncach"
nach bhfuil cuimhne aige air chomh maith 's dá mbadh indé
a thárlóchadh sé. Agus, a Eilís, a mhuirnín, cá fhaid'
ó fuair sibh aon sgéala ó t'athair — nó bhfuil 'fhios
agaibh cá bhfuil sé?"



"Sgéal ná sguan ní fhuaireamar uaidh ó d'imthigh
sé," arsa Eilís — agus tháinic na deora fá n-a súilibh.



"Ní bhéidh sibh mar sin. Gheobhaidh sibh deagh-sgéala
fós uaidh, a Eilís, agus nár leigidh Dia nach bhfuigheadh!
Dubhairt an fear a tháinic a bhaile cúpla bliadhain ó
shoin — an fear a bhfuil an siopa aige thoir i ngar do'n
Choiléar — go raibh sé ag cainnt leis i Meiriocá agus istigh
'na theach. Agus is aige atá an teach breágh, ar seisean,
fá n-a chuid éadaigh cláir agus faoi fhuinneógaibh móra."



"Chualamar sin," arsa Eilís. "Acht b'fhéidir
nárbh' é m'athair é. Agus is fad ó shoin é sin anois.
Bhí sé ag cur tuairisge mo shean-athar, adeir an fear
úd, acht níor innis sé tada dhó 'na thaoibh féin."



"Go deimhin, tá sé dh'á fheiceál dom gurab é bhí ann,


L. 185


a Eilís. Agus cé mar tá t'aintín i mBaile Átha
Cliath?"



"Bhí sí suarach go leor ar feadh a bhfad, acht míle
buidheachas le Dia, tá biseach maith aici anois, má
fhanann aici. Dubhairt an dochtúr léithi an chathair
fhágáil agus a theacht agus comhnuidhe sa tuaith. Sílim go
gcaithfidh sí cuid de'n tsamhradh linne."



"Maise, caithfidh, adeir tú liom! Dar brígh an
ghabhair agus béidh áthas orainn a feiceál! Nach iomdha
duine adubhairt gurbh' í a rinne an pósadh maith — agus
nach beag an sólás a bhí aici dá bhárr, an bhean bhocht!
Nach beag a cheapfadh go ndéanfadh sé an cleas a
rinne?"



"Ní mórán sóláis a thug sé dhi go deimhin," arsa
Eilís.



"A stór, níl a fhios ag duine go minic céard is
fearr dhó. B'fhéidir go mb'fhearr dhi buachaill eicínt
a phósadh a raibh aithne 'gus eólas aici air. Acht, 'ar
ndóigh, shíl sise — agus shíleamar go léir — gur toghadh
duine uasail a bhí ann."



"Tiocfad isteach aríst i mbárach, nó athrughadh
i mbárach," arsa Eilís. "Gheall mé do mo shean-
athair a bheith sa mbaile go luath — agus béidh Peig Ní
Bhrádaigh curtha ar mo thóir aige má ghním níos mó
moille."



Gabh agus tiodhlaic sgathamh de'n bhóthar í, 'riú!" ars'
an mháthair agus í ag baint lán na súl as Maitiú.



"Ó, ní bhéidh aon uaigneas orm," arsa Eilís. "Tá
an oidhche go breagh geal anois, agus, 'ar ndóigh, tá
eolas an bhealaigh a bhaile agam go rí-mhaith, — agus badh
cheart go mbéadh!"



"Rachad leat chomh fada leis an sruthán," arsa
Maitiú ag éirghe agus ag baint searrtha as féin.



Bhíodar ag dul an doras amach go díreach nuair
a ghlaoidh máthair Mhaitiú ar Eilís.



"Ara, dheamhan ar chuimhnigh mo chroidhe ar a rádh
leat innseacht dod' shean-athair fá'n saighdiúr!" ar


L. 186


sise. "Sgéal cam ar a chasóig dheirg — is é bhain an
sgannradh asam! Bhuail sé isteach chugam de mhaol
a mhainge féin i lár na hoidhche go bhfuigheadh sé fios
cé'n áit a raibh teach comhnuidhthe Philib Uí Mhuirghéis,
agus gan duine ná deoraidhe sa teach acht mé féin!"



"Ó, tig leat féin an sgéal innseacht do Philib acht
a gcastar ort é," arsa Maitiú. Bhí sé cinnte gur
sean-sgéal a bhí ann a chualaidh sé go minic roimhe
sin.



"Déanfaidh sin cúis," ars' an mháthair. "Ní bhéad
ag coinneál moille oraibh anois. Innseochad daoibh
uair eicínt eile é."



Bhí áthas croidhe ar Eilís nár thug Maitiú aon áird ar
an sgéal. Amach leob i n-éinfheacht thar a éis sin.



Dhearc Maitiú uaidh ar réaltaibh neimhe a bhí go
soillseach os a chionn, acht níor labhair. Annsin
bhreathnuigh sé uaidh ar an ngealaigh agus ar na
spéarthaibh acht ní tháinic an chainnt a bhí uaidh
chuige. Bhí Eilís ag siubhal agus gan smid aici le n-a
thaoibh. Ní raibh a fhios ag Maitiú fá thalamh na
hÉireann cé air a mb'fhearr dhó tosughadh ag cur síos,
acht b'amhlaidh mar bhí an sgéal sroicheadh an sruthán
sul labhradh fiú an fhocail! Rug Maitiú ar láimh
ar Eilís ag fágáil "slán" aici. Acht bhí sé ag
dearcadh uaidh ar an ngealaigh anois aríst, agus
choinnigh sé an láimhín mhín-gheal i ngreim níos fuide
ná mar bhí a fhios aige féin.



"Maise, an annsin atá sibh?" arsa duine eicínt
taobh thall de'n tsruthán agus thosuigh ag gáiridhe.



"Peig Ní Bhrádaigh!" arsa Maitiú ag sgaoileadh
na láimhe uaidh go tapaidh.



Chuaidh Eilís agus Peig a bhaile le chéile agus d'fhill Maitiú
ar ais thar éis "slán" fhágáil aca.



"Ní'l 'fhios agam céard tá ag teacht orm ar chor
ar bith!" ar seisean.



"Ní bhínn mar seo go dtí le goirid — pé'r bith
cé'n fáth atá leis. Tá sí chomh lághach agus chomh carthannach


L. 187


's bhí sí riamh. Níl a fhios agam cé'n fáth a ndearcann
sí orm mar ghníos go minic? Is minic a cheapaim
go bhfuil fios mo rúin agus m'intinne aici. Acht ní
innseochad di é — mar chuirfeadh sé trioblóid uirthi,
agus nár leigidh Dia go gcuirfinn-se brón ná
buaidhreadh ort, a Eilís! Níl a leithid le fágháil
ar thalamh na cruinne!"



Sheas sé i lár an bhóthair agus thosuigh ag smaoineadh.
Smaoinigh seisean freisin ar an am fadó a dtéigheadh
cailín beag áithrid an bóthar go minic. Smaoinigh sé
ar an "ngáirdín" agus ar na "torthaíbh milse" —
agus tháinic an tsean-aimsear ar ais.



Facthas dó go raibh an t-am a caitheadh go soiléir
os a chomhair agus gach greann agus siamsa dá mbíodh ar
siubhal le feiceál aige. Bhí sé ag dearcadh uaidh ar na
réaltaibh anois arís agus "bóithrín na smaointe" amach
os a chomhair. Thar éis tamaill bhreathnuigh sé faoi
agus tairis. Bhí solas le feiceál aige i ngar dhó. "Cá
bhfuil sé?" ar sé le iongnadh ag dearcadh 'na thimcheall.
"An choinneall atá i bhfuinneoig an tighe ag mo
mháthair!" ar seisean, ag meangadh gáire agus isteach
leis.



Bhí duine eile freisin ag smaoineadh mar seo ar
an am a caitheadh. Óig-bhean aoibhinn áluinn a b'eadh í.
Bhí sí léithi féin cois fuinneoige fá láthair ag dearcadh
uaithi ar na réaltaibh agus cosamhlacht cumha agus uaignis uirthi.
Facthas di go raibh sí ag siubhal ar thráigh mhóir mhín
cois na fairrge. Bhí cara dil le n-a taoibh — duine a
raibh mór-mheas aici air. Acht ní fhéadfadh sí acht
"grádh carad" a bheith aici dhó — i ngeall ar nídh
áithrid. Bhí na tonna ag bualadh go héadtrom agus
ag briseadh go lag réidh i n-aghaidh an ghainimh. Bhí an
fhairrge mhór chomh mín le sgáthán amach os a gcomhair.
Ní raibh puth as aer ag séideadh. Bhí na réalta agus an
ghealach ag soillsiughadh go háluinn os cionn na mara.
Bhí ciúineas na hoidhche ar gach taobh. Ní raibh de ghlór
le cloisint acht sgread an ladharáin, agus fuaim bhog


L. 188


cheolmhar na tuinne. Facthas di go raibh sí féin
agus "a cara dil" 'na seasamh ar an tráigh. Ní raibh
duine i n-amharc ná i n-éisteacht acht iad féin le chéile.
Bhíodar ag cómhrádh go caoin-ghothach íseall. Bhí a
n-aighthe ar dhruim na bóchna móire agus iad ag
déanamh iongantais d'áilneacht agus de mhór-
chiúineas na hoidhche. Bhí croidhe na hóg-mhná go
haoibhneach agus bhí sí cinnte go raibh a chroidhe seisean
amhlaidh. Acht níor mhair an móiméad sólásach
úd — acht móiméad. Bhí a fhios aici nach bhféadfadh
bheith mar smaoinigh sí agus tháinic cumha agus duairceas
ar a croidhe i lár na trágha. Bhreathnuigh Máire Ní
Cheithearnaigh amach díreach ar a haghaidh agus chonnaic solas
i ngar dhi ag lonnrughadh i ndorchadas na hoidhche.
Phreab sí agus d'éirigh 'na seasamh — agus leig osnadh. Bhí
sí músgluighthe ó thaidhbhreamh gan codladh — agus b'é an
solas i bhfuinneoig an Bhuailteora a mheall ar ais í
ó n-a cuid "smaointe aoibhnis — smaointe bróin."



CAIBIDIL XLVIII.



MÍCHEÁL Ó BRIAIN AGUS AN GUNNA.



Bhí fear 'na sheasamh leis féin i lár an chriathraigh
an tráth sin d'oidhche. Bhí seisean ag smaoineadh ar
an am caitheadh freisin — agus é ag dearcadh uaidh ar an
ngealaigh os a chionn sa spéir. Smaoinigh sé ar
thráthnóna aoibhinn i ndeireadh an tsamhraidh roinnt
bliadhanta roimhe sin. Bhí sé féin agus maighdean áluinn
óg na seasamh ag cainnt go grádhmhar caoin le chéile.
Ba hí an óig-bhean aoibhinn seo a ghrádh geal agus searc


L. 189


a chroidhe. Thairg sé é féin agus a raibh aige de mhaoin
shaoghalta dhi. Agus nárbh' shólásach an fear é thar éis
an fhreagartha a thug a mhuirnín air an tráthnóna úd!
Smaoinigh sé ar thrí nó ceathair de bhliadhantaibh thar
a éis sin. Bhí a ghrádh geal 'na máthair triúr páistí
chomh deas 's b'fhéidir fhágháil. Nár mhór é a mbród
asta, — nárbh' iongantach a gcion ortha! B'iad amharc
a súl iad de ló 'gus d'oidhche. Ní raibh uaidh féin acht
gan easbaidh ná ceal a bheith ar na malraigh agus suaimh-
neas agus sólás a bheith ag a máthair. D'oibrigh sé go
cruaidh agus go hallasach ar a son, agus cé gur mhór a anró
agus gur throm a chuid oibre ó Luan go Satharn níor
mhisde leis acht a pháistí agus a máthair a bheith go
sólásach gan aon easbaidh i dteannta a chéile. Agus
bhíodar go án-tsólásach agus lán-tsásta leis an saoghal.
Ní raibh máthair i dTiobruid Árann ba shuaimhnighe
i n-intinn agus ba haoibhnighe i gcroidhe 'ná an mháthair
ar a bhfuil an tráchtas so. Acht nár ghearr a mhair an
sólás — nár ghearr a mhair an smaoineadh? Chonnaic ár
dteastalaidhe sléibhe solais mar bhéadh coinneall nó
lampa — ag lonnrughadh sa dorchadas a bhfad uaidh.
Bhí an solas sin ag soillsiughadh i dteach gan brón
acht ní raibh solas ná sólás sa gcró beag dorcha 'na
raibh Máire bhocht agus na páistí! Ní raibh! — agus
tháinic athrughadh mór i n'aghaidh go tobann. Tháinic
sgéin iongantach 'na shúilibh. D'fháisg a chuid fiacal
ar a chéile le feirg. Dhún a dhá dhorn chomh cruaidh le
iarann. Bhí a chroidhe ag preabadh go huathbhásach leis
an mbuile mór agus leis an tadhad a tháinic air. Bhí sé
mar fhear a bhéadh as a chéill an móiméad sin! Is ann-
sin ní raibh teach ná árus aige mar bhí tráth. Ní raibh
gort ná garrdha aige. Baineadh dhe an gabhaltas mór
talmhan a bhí ag a athair agus ag go leor aithreacha dhá
dtáinic roimhe. Leagadh a theach breagh geal-aolta
go talamh. Níor fágadh luach pighne fá chaolach an
tighe gan crochadh 'un bealaigh. Agus caitheadh a bhean
agus a chuid páistí amach i leath-taoibh an bhóthair le bás


L. 190


fhághail leis an bhfuacht agus leis an ocras! Bhí sé agus
a dhruim le bruach portaigh aige fá láthair — ag
smaoineadh. D'ísligh ar a leath-ghlúin agus dhearc 'na
thimcheall. Torann ní chualaidh sé. Duine ní
fhaca sé. Bhí ciúineas mór na hoidhche ar chnoc 's ar
ghleann ar fud an tsléibhe. Cor ní raibh ag duine
ná ag beithidheach. Sgread ní raibh ó'n bhfeadóig.
Glaoidh ní raibh ó'n gcoileach fraoigh. Bhí codladh na
hoidhche ar éanlaithibh an aeir agus ar bheithidheachaibh na
coilleadh. Bhí an girr-fhiadh go clúmhthar 'na leabaidh
dheirg, agus an broc fá dhíon 's fá fhasgadh san mbrocaigh.
Bhí an chaora 'na luighe go suaimhneach sásta ag congailt
a círe ar sgáth an tulcháin, agus an chearc fhraoigh
agus a hál go ciúin sa tom. An té a bhí leis féin mar seo
i n-uaigneas an tsléibhe, dhearc sé uaidh arís agus arís eile.
Bhreathnuigh faoi agus tairis agus ar gach taobh dhe. Acht
"bhí an saoghal ar fad uaigneach" ar fud an chriath-
raigh. Ní raibh ann acht é féin, agus na cnocáin árda
a bhí mar bhéadh fathaigh mhóra sléibhe ag faire san
dorchadas. Tharraing sé chuige gunna a bhí leagtha le
n'ais ar an mbruach, agus láimhsigh go haireach
cúramach é. Sgrúduigh go grinn é le solas na gealaighe.
Bhí sé ag dul ghá leagan uaidh ar an mbruach arís nuair
d'airigh sé mar bhéadh duine ag tarraingt a anála
go láidir i ngar dhó. Shíl sé gur trom-osnadh a
leigeadh anois ní ba ghoire 'ná sin dó agus tháinic roinnt
faitchís air. Bhreathnuigh agus gheit! Bhí rud mór dorcha
eicínt os a chionn san aer! Ba chosamhail le éan é
marach an mhéid mhór agus an toirt a bhí ann. Cheap sé
go mb'fheidir go mba néall é. Acht d'airigh sé
na sgiatháin ag corrughadh. Chonnaic sé an muineál
iongantach fada sínte amach. Leigeadh gráig ar
an mbruach os a chionn a chuir creathadh ann ó bhun go
bárr. D'éirigh an t-éan mór iongantach de'n bhruach
taobh thiar dhe agus chuir gráig mhór ghéar uathbháis
as an dara huair. Gheit mo dhuine arís. Bhuail
creathadh é, agus sgaoil sé uaidh an gunna a bhí i


L. 191


ngreim aige leis an sgannradh tobann a cuireadh
ann. Thuit an gunna síos sa bportach. Chonnaic sé
an t-éan ag eiteall treasna an chriathraigh os a
chionn annsin — agus b'in é an uair a bhí a fhios aige
gur corr éisg mhór a bhí ann. Bhí sí ag dul ag
ísliughadh go díreach ar an mbruach le n'ais nuair a
sgannruigheadh í.



"Tá an gunna tuitthe sa bportach ar chuma ar
bith," ar seisean. "Nach mé an t-amadán suarach
agus corr éisg 'ga mo sgannrughadh ar a leithid de chaoi!"



Chuaidh sé leis an ngunna a thóigeál acht bhí an
portach lán go béal d'uisge agus é deich dtroighthe
ar doimhin. Mar sin de ní raibh aon ghoir aige a
fhágháil.



"B'fhéidir gurab é Dia a rinne é!" ar seisean i
gceann tamaill. "B'fhéidir! Acht caithfidh mé
féachaint le n-a thóigéal i mbáireach nó gheobhaidh Brian
bocht milleán faoi. Ní raibh aon cheart agam a thabhairt
liom, acht nuair a chonnaiceas Brian ghá chaitheamh sa
tom agus ag imtheacht i ndiaidh na ngadhar chrochas liom é.
Creidim gur le deasughadh eicínt a chur air a bhí sé
ghá thabhairt chuig an mBuailteoir. Acht ní chuimh-
neochaidh sé cé'n tom 'n-ar chaith sé é, is dóigh. Mar sin
féin, ní ceart dom a fhágáil ar íochtar. Caithfead
a thóigeál ar chaoi eicínt. Ba mhór an amadántacht
dom a thabhairt liom ar chor ar bith agus é seo agam!" ar
seisean ag tarraingt piostail aniar as a bhrollach.
"Seo é is fearr a dhéanfas an gnó!



Dhearc sé síos sa bportach. Leag a lámh ar bhárr an
uisge. Chuir sin an t-uisge coisrig a chuireadh sé
air féin gach Domhnach sa séipéal i gcuimhne dhó.
Smaoinigh sé tamall gearr. Chuir a lámh suas ar a
éadan agus ghearr lorg na Croise air féin.



"Tá athrughadh mór eicínt thar éis a theacht orm,"
ar seisean. "Táim a bhfad níos socra agus níos suaimh-
nighe in m'intinn 'ná mar bhíos — agus tá an cuthach
feirge a bhí orm imthighthe dhíom.


L. 192


"Ní dhéanfad tada anocht," ar seisean thar éis
tamaill ag cur an phiostail 'na bhrollach agus ag leigean
osnadh. "Dá dtugadh Dia dhom tuitim in mo chodladh
annso anois i lár an chriathraigh agus gan dúiseacht go
bráthach bhéinn lán-tsásta! Bhéadh deireadh le mo chuid
bróin agus le m'anshógh! Bhéadh! — Acht céard a dhéanfadh
Máire bhocht agus na páistí?"



Dhearc sé uaidh arís. Bhí an solas ag soillsiughadh
san áit chéadna. Bhí a fhios aige anois gur i dteach
an Bhuailteora a bhí sé.



"Is fadó 'nois nach ndearnas mórán cainnte le
aon duine de na cómharsannaibh," ar seisean. "Acht
ní raibh aon fhonn cainnte orm! Nach minic a bhuailinn
isteach leis an bpíopa a dheargadh i dtigh Mhaitiú!
Is fadó 'nois nach rabhas istigh ann — agus pé'r bith cé'n
fáth é — tá fonn orm focal cómhráidh a bheith agam leób
anocht."



D'imthigh leis gan focal eile a rádh. Rinne aith-
giorra treasna na bportach agus níorbh' fhada go raibh
sé ag ceann bóthair an tsléibhe agus i ngar do'n
bhaile. Shiubhail leis síos an bóthar go haireach
áirdeallach mar dhéanfadh duine a mbéadh sgáth nó
faitchíos air. Níor casadh duine ná deóraidhe dhó ó
cheann an bhóthair gur shroich sé Cnoc na nGabha.
Nuair a shroich sé teach an táilliúra sheas i n-aice
fuinneoige na cisteanaighe. Bhí Nóra Ní Laochdha
le feiceál aige uaidh isteach agus í ar a dhá glúin ag rádh
urnaighthe na hoidhche. Bhí lonnradh diadhachta agus
cráibhtheachta le feiceál 'na súilibh. Bhí dealbh ár
Slánuightheora ar an gCroich os a cómhair, agus í ag
impidhe agus ag athchuinge Air ó dhoimhneacht a croidhe
trócaire shíorruidhe na bhflaitheas a thabhairt dá hanam.



"Ó!" ar seisean taobh amuigh, "míle altughadh
agus glóire le Dia, nach aoibhinn di! Cá bhfuil an té
d'fheicfeadh í an móiméad so nach gcaithfeadh a
chreideamhaint go bhfuil Dia agus na Flaithis ann?
Marach le faitchíos go sgannróchainn í rachainn isteach


L. 193


agus d'iarrfainn uirthi guidhe ar mo shon, mar ní'l duine
a nguidhfeadh an cailín naomhtha sin ar a shon nár
bh'fhearrde é. 'Sé Dia féin a chas an bealach so mé!
Tráthnóna anocht bhíos as mo chéill ceart críochnuighthe.
Bhí fúm sásamh dearg a bhaint de'n chreachadóir a
sgrios mé féin agus mo mhuirghin. Bhí sé de rún agam
dúnmharbhughadh a dhéanamh i ngan-fhios do'n tsaoghal.
Níor chuimhnigheas go raibh Dia ag breathnughadh orm
— acht bhí! Míle glóire Leis féin! — tá an buile mór
imthighthe dhíom anois, agus creidim gurab é Dia
a rinne é. Roimhe seo níorbh' fhéidir liom Paidir ná
Cré a rádh mar ba cheart. Bhíodh an easgaine ag
teacht — agus mé ar mo dhá ghlúin — easgaine ar an té
a sgrios mé féin agus mo pháistí bochta. Níorbh' fhéidir
liom Dia a ghuidhe! Nach minic a cheapainn nach raibh
Dia ceart ná trócaireach agus leigean a leithid de bhail
a chur orm! Go dtugaidh Rí na glóire maitheamhnas
dom — as mo chéill a bhínn! Acht anois, míle
buidheachas agus onóir Leis féin, nílim mar sin ar chor
ar bith!"



I gceann tamaill bhig bhí sé 'na sheasamh amach ar
aghaidh dorais an Bhuailteora.



"Is suarach an feic mé le dhul i láthair aon chomh-
luadair!" ar seisean, "acht mar sin féin rachad
isteach."



Bhain sé an laiste agus isteach leis.



"Go mbeannuighidh Dia annso!" ar seisean ag
seasamh thoir ag an doras.



"Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit féin!" arsa
Maitiú. "Buail anuas chuig an teinidh. Agus
ní féidir gurab é Mícheál Ó Briain atá agam
ann?"



"An fear céadna," arsa Mícheál. Bhreathnuigh an
mháthair agus an inghean ar a chéile acht níor labhair.



"Suidh síos, a Mhícheáil," arsa Maitiú ag leagan
cathaoireach cois na teineadh.



"Ag gabháil thart a bhíos go deimhin agus nuair a


L. 194


chonnaiceas an solas sa bhfuinneoig cheapas bualadh
isteach sgathamh beag," arsa Mícheál.



"Suidh síos cois na teineadh, a Mhícheáil, agus céad fáilte
romhat!" arsa Eibhlín. "Tá súil a'm go bhfuil sí
féin agus na páistí go maith."



"Maise, ní'l acht réasúnta dhíobh, a Eibhlín, slán an
t-é a fhiafruigheas" ar seisean. "Bhí an geimhreadh go
holc agus níor chuidigh sé leób mórán tá faitchíos orm."



Shuidh sé síos i ngar do'n teinidh.



"Táir féin ag fágháil na sláinte de réir chosamh-
lachta, a bhean an tighe" ar seisean, "bail ó Dhia ort.
Ní aithneochainn go dtáinic lá aoise ort ó'n oidhche ar
tórradh mo Shorcha bheag bhocht, beannacht Dé le n-a
hanam! Agus go deimhin táim cinnte go mbéidh,
mar ní raibh de pheacadh ar a hanam acht an
oiread leis an naoidheanán, cé go raibh sí
isteach 's amach le trí bliadhna déag d'aois nuair a
thug Dia Chuige féin í."



"Ba bhreagh áluinn an cailín beag í go cinnte, a
Mhícheáil — go ndéanaidh Dia trócaire uirthi!" arsa
baintreabhach Uí Dhonnabháin. "Is aoibhinn di le congnamh
Dé agus is maith an mhalairt aici é anocht! Caithfear
glacadh le toil Dé, a dhearbhráthair ó! Is Aige is
fearr a fhios céard is fearr dhúinn go léir, míle
buidheachas Leis féin!"



"Is fíor sin," arsa Mícheál. "Is minic a cheapaim
go mbéadh Dia buidheach dhíobh dhá dtugadh Sé Chuige féin
an chuid eile dhíobh freisin. Badh gheal a n-áit sna
flaithis, agus bhéadh deireadh go deo le n-a gcall agus le n-a
n-anshógh!"



"Bí breagh misneamhail, a dhearbhráthair. Bí
breagh misneamhail. Ní'l aon maith san droch-mhisneach,
agus bíodh muinghin agat as Dia. Tá sólás saoghalta
agus sólás síorruidhe i ndán dóibh le congnamh Dé!
B'fheidir le Dia go mbéadh a ndóthain acab fós. "Níor
dhún Dia bearna riamh nár fhosgail sé bearna.
Ní mhairfidh an droch-shaoghal so acht sgathamh."


L. 195


"Tá faitchíos orm nach mórán sóláis saoghalta
atá i ndán dóibh, fairíor!" arsa Mícheál. "Bíonn
an chosamhlacht ann!"



Bhí Maitiú ag líonadh an phíopa mar seo. Nuair
a bhí sé réidh shín sé anonn chuig Mícheál é."



"Bíodh gail as seo agat, a Mhícheáil!" ar seisean.
Rug Mícheál ar an bpíopa, agus rug ar an maiste a
bhí ar an mbac le n-a dheargadh. Smaoinigh sgathamh
beag. Leag an maiste san áit a bhfuair sé é, agus shin
an píopa ar ais chuig Maitiú.



"Is fad ó 'nois nár chaitheas aon ghail, a Mhaitiú,
agus b'fhéidir go mb'fhearr dhom féachaint le éirghe as,"
ars' an duine bocht. "Dá gcaithinn anois é tá
faitchíos orm go dtiocfadh dúil ar ais agam ann."



Bhreathnuigh an mháthair ar Eibhlín agus chraith a ceann.



Tharraing Mícheál a chathaoir ní ba ghoire do'n
teinidh agus thosuigh ag téitheadh a lámh.



"An amach fá'n gcriathrach a bhís, a Mhícheáil?"
arsa Maitiú. "Tá a chosamhlacht ar do lámhaibh agus ar do
bhrógaíbh gurab eadh ar chuma 'r bith."



Gheit Mícheál beagán agus ní raibh 'fhios céard a b'fhearr
dhó a rádh. Ní raibh aon leith-sgéal aige muna n-innsigh
eadh sé go fírinneach céard a chas an bealach é. Thug
Maitiú fá deara go ndearnaidh an cheist roinnt
mí-shuaimhneach é agus níor leig air féin anois gur
fhiafruigh sé tada de Mhícheál.



"A Eibhlín," ar seisean, "béidh an cáca sin bruithte
dóighte mara dtóigir de'n ghreideall feasta é.
Mara bhfuil sé bruithte anois ní bhruithfeadh a bhfuil de
mhóin i gConamara é!"



Thóig Eibhlín an cáca de'n ghreideall agus dheasuigh
an teine.


L. 196


CAIBIDIL XLIX.



MÍCHEÁL Ó BRIAIN AGUS TOMÁS Ó hÓGÁIN.
DIARMUID RUADH AGUS AN BÁILLE.



"Go mbeannuighidh Dia annso!" arsa beirt fhear ag
bualadh isteach i dtigh an Bhuailteora.



"Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhíbh!" arsa Maitiú
gan mórán cosamhlachta fáilte ná subháilcis.



Bhí an bheirt ag teannadh síos le n-a bpíopaí a
dheargadh nuair a chonnaiceadar Mícheál Ó Briain 'na
shuidhe cois na teineadh. Thugadar geit. D'iompuig
tharta agus amach leob go beodha tapaidh. B'iad Diarmuid
Ruadh agus Uáitéar Ó Corcoráin a bhí ann. Sguab leob
mar dhéanfadh dhá chneamhaire ar bith nuair a chonnaic-
eadar an t-é bhí istigh. Ní raibh acht go rabhadar glanta
leob nuair a bhuail Tomás Ó hÓgáin isteach.



"Maise, ní féidir gur tú féin atá ann, a Thomáis!"
arsa Maitiú. "'Sé do bheatha! is fadó 'nois nach dtugais
cuairt orainn."



"Thíos i dtigh Philib Uí Laochdha a bhíos," arsa Tomás,
"acht ní raibh istigh dhe agus bhuaileas aníos le súil gur
annso a bhí sé."



Bhí an oiread imnidhe ar Thomás le goirid i dtaoibh a
chuid talmhan 's nach sásóchadh an saoghal é gan bheith
go síorruidhe ag cur síos ar "thighearnaíbh," ar
"chíos," agus ar "léasa." Is iomdha liobairt a bheireadh
Pilib dhó — acht níor mhisde leis. Ní bhíodh uaidh acht
an seanchus. Facthas dó anocht dá bhféadfadh beagán
cainnte a bheith aige leis an táilliúr gur mór an
sásamh intinne a bhéaradh sé dhó — agus sin é an fáth
a dtáinic sé ar a thóir anois.


L. 197


Bhí iongnadh mór air nuair a chonnaic sé cé bhí cois
na teineadh.



"Ar hárduigheadh an cíos ort-sa, a Mhícheáil?" arsa
Tomás ag dearcadh isteach san éadan air.



Níor thuig Mícheál céard a bhí i gceist aige.



"An é cíos an chróithe?" ar seisean.



"Ní hé, acht cíos na talmhan sul dár cuireadh amach
thú."



"Níor hárduigheadh," arsa Mícheál. "Nuair a bhí
mo léas caithte dubhradh go gcaithfinn imtheacht mar
go raibh mo ghabhaltas ró-bheag, agus pé'r bith cé'n cíos a
thairgeochainn a íoc ní glacfaidhe uaim é ó bhí fútha
an talamh a thabhairt do bhoicín sa gcómharsanacht.



"Agus níor hárduigheadh do chíos chor ar bith?"
arsa Tomás.



"Níor hárduigheadh," arsa Mícheál



"Nach cóir adubhras-sa leat é, a Mhaitiú!" arsa
Tomás — "nach cóir sin?"



"nDómhnach, ní cuimhneach liom-sa gur dhubhrais
tada liom faoi!" arsa Maitiú.



"Nach cóir adubhras-sa féin nach n-árduighthear an
cíos ar aon duine a bhíos le cur amach!" arsa Tomás.
"Ná creid aon duine adeireas go n-árduighthear,
a mhic ó!"



"B'fhéidir té," arsa Maitiú.



"Bí cinnte dhe!" arsa Tomás. "Is ádhbhar suaimhnis
do dhuine ar bith a chíos d'árdughadh air, a mhic ó. Tá
fhios aige annsin nach bhfuil baoghal go gcuirfear
amach é. Nár bheag a b'ionann do Mhícheál Ó Briain
a chíos d'árdughadh leis an mbail a cuireadh ar an duine
bocht? Creidim go raibh cúig acra dhéag agat, a
Mhícheáil, thar mar tá agam féin?"



"Creidim go raibh," arsa Mícheál.



"Níl, a Maitiú! — ní'l aon rud is fearr do'n fhear
bocht ná a chíos d'árdughadh ó am go ham." arsa Tomás.
"Bheireann sin misneach dhó — mar bíonn 'fhios aige
nach baoghal dó. Caithfidh mé a dhul ar thóir Philib.


L. 198


Síleann sé nach dtuigeann aon duine an sgéal acht é
féin!"



Amach leis. Nuair a bhí sé taobh amuigh de'n doras
sheas.



"Ara, Mhaitiú, céard a sheól isteach Uáitéar agus
Diarmuid chugat?" ar seisean. "Casadh dhom iad
nuair a bhíos ag teacht isteach ar baillín beag.



"Ba é teacht "chuireadh gan iarraidh" aca é, a
Thomáis" arsa Maitiú. "Dheamhan mórán fáilte
bhí rómpa. Isteach le n-a bpíopaí a dheargadh 'seadh
tháiniceadar."



Amach le Tomás Ó hÓgáin ar thóir Philib Uí
Laochdha.



Bhí Diarmuid Ruadh agus Uáitéar Ó Corcoráin ag
cur an bhóthair dhíobh go deifreach mar seo.



"Nach iongantach chomh fada 's tá sé ag fanacht
timcheall na háite," arsa Uáitéar. "Shíleas gur
fadó bhéadh sé imthighthe."



"Shíleamar féin sin," arsa Diarmuid. "Duine
contabhairteach é sin, a Uáitéir. Thar éis sgéala a
bheith fáighte aige go gcaithfeadh sé imtheacht, meas' tú
nár thosuigh air ag cur dín ar an gcró! Ní mór
a bheith san áirdeall ar an mbuachaill."



"Ní baoghal go ndéanfaidh sé aon dochar do
cheachtar againne," arsa Uáitéar.



"Cá bhfios duit? Is cuma le cuid acab cé air
a n-ídeochaidh siad a gcuid feirge — agus is le bheith 'na
n-amadáin dóibh é! Níor bh'fhearr leis an buille
marbhthach a thabhairt do Bheresford a dhíbir é ná
dhuit-se nó dhom-sa, bíodh 'fhios agat é!"



"Agus Tomás Ó hÓgáin — céard a déanfar leis?"
arsa Uáitéar.



"Caithfidh sé glanadh leis," arsa Diarmuid.



"Béidh sé éasgaidh go leór Tomás a chur 'un
bealaigh" arsa Uáitéar. "Ní bhéidh orainn acht
beagán airgid a thabhairt dó agus imtheóchaidh leis."


L. 199


"Ní'l a fhios sin agam, a Uáitéir," arsa Diarmuid.
"Is minic gurab é a leithid is measa."



"Acht níor facthas 'riamh gunna ná piostal aige,"
arsa Uáitéar. "Nach minic a chualaidh tú é ag
déanamh gaisge nár chaith sé urchar fós 'riamh?"



"Acht is minic a caitheadh na hurchair dá leithid,
a mhic ó!" arsa Diarmuid. "Ná bíodh aon dalladh
mullóg ort! — bhí pléidh agam-sa le n-a leithid cheana
agus ní mórán muinghine a bhéadh agam as!"



"Tá mé ghá cheapadh gurab iomdha rud aisteach a
b'éigin duit a dhéanamh, a Dhiarmuid, ó bhuailis fá'n
obair seo ar dtús."



"Agus, dar sliabh, b'fhéidir gurab iomdha rud
aisteach a dhéanfainn amach annso freisin!" arsa
Diarmuid. "Nach gcuirfeadh sé fear ar bith thar
bhárr a chéille laghad a bhfuil de luach saothair dhá
fhágháil againn! Níl lá dh'á n-éirigheann grian nach
bhfuilmid i gcontabhairt. Ní'l lá cúirte nach
gcaithimid mionnughadh mar hiarrtar orainn. Agus
'na dhiaidh sin agus uilig gan páidhe spailpín dúinn!"



"Is cruaidh an saoghal é, a Dhiarmuid," arsa
Uáitéar, "agus is minic a b'fhearr liom ná go
leor nach mbeadh aon bhaint agam leis an obair
chéadna ó thús. Acht ó tosuighthear uirthi is deacair
éirghe aisti."



"Is deacair — mara n-éirigheadh le duine cárnán
a ghoid agus sguabadh go 'Meiriocá!" arsa Diarmuid.



Sgaradar le chéile ag an gcrois-bhóthar, agus chuaidh
'ch aon duine a bhealach féin.



Theann Mícheál Ó Briain a chathaoir anonn ó'n teinidh.
Bhí an t-allas 'na bhraonacha móra ar a éadan agus
nuair a bhain sé dhe a hata thugadar fá deara go raibh
a chuid gruaige fliuch tais. Acht níorbh' é an teas a
chuir ag tabhairt an allais é. Ní ró-the a bhí an teine.
Níorbh' eadh — baladh an aráin a chuir ghá thabhairt é!


L. 200


Bhí lagar ag teacht air anois — acht níor leig air féin
sin — agus d'iarr deoch uisge.



Thug Eibhlín cupán mór fíor-uisge chuige. Nuair
a bhí an deoch ólta aige thosuigh ag cainnt.



"Bhfuil sgéal nuaidhe ar bith agat ar an aimsir seo,
a Mhaitiú?" ar seisean.



"Maise, dheamhan cuid aithris", a Mhícheáil, mara
bhfághaidh mé uait féin é," arsa Maitiú.



"Is maith an nídh gan an droch-sgéal, buidheachas do
Dhia!" arsa Mícheál.



Leag an bhaintreabhach uaithi an stoca a bhí sí a
dheasughadh agus d'éirigh 'na suidhe. Suas léithi chuig an
drisiúr. Tharraing chuici canna an bhainne agus líon
soitheach beag stánach beagnach go béal. Anuas
léithi agus chuir ghá théitheadh ar an teinidh é. Bhí Eibhlín
ag breathnughadh uirthi acht níor labhair.



"Tá súil agam go bhfuighmid sgathamh de'n
uair bhreagh anois, a Mhaitiú," arsa Mícheál thar éis
tamaill.



"B'fhéidir le Dia sin," arsa Maitiú. "Acht deir
Pilib Ó Laochdha liom go mbéidh an ghealach sa
gceathramhain dheireannaigh i mbáireach, agus de réir an
fhéilire béidh neart báistighe agus gairbhthin againn go
ceann tamaill adeir sé."



Níor fhreagair Mícheál. Bhí sé ag bordáil chodlata
ar an gcathaoir le teann tuirse agus lagair.



Thóig baintreabhach Uí Dhonnabháin an bainne te
de'n teinidh agus chuir i muigín é.



"Seo, a Mhícheáil, airiú! Ól é seo agus Dia go
gcuiridh rath ort! Is fearr dhuit a chaitheamh siar an
fhad 's tá sé te. Aithnighim ort go bhfuil rud eicínt
ort agus feicfidh tú féin go ndéanfaidh an bainne te
maith dhuit."



D'fhosgail sé a shúile agus bhreathnuigh 'na thimcheall.
Dhearc ar an mbainne. D'fhéach idir an dá shúil ar
mhnaoi an deagh-chroidhe ar feadh móiméid. Annsin
rug ar an muigín.


L. 201


"Ól é, agus maith agus sláinte go ndéanaidh sé dhuit!"
ar sise.



D'ól sé an bainne go mall roighin réidh mar d'ólfadh
páiste agus bhí áthas ar Eibhlín gur ól. Bhí faitchíos
uirthi nach dtaithneochadh leis a thairisgint dó. Ba
ghearr ó bhí a dhóthain mhór — agus fuighleach — dá chuid féin
aige agus bhí faitchíos a croidhe uirthi go gcuirfidhe múisiam
ar bith air anois. Nach gcuirfeadh seo i gcuimhne dhó go
raibh ceal agus easbaidh air — agus go raibh sé beagnach mar
dhéirceóir an bhóthair! Sin é an sgannradh a bhí ar
Eibhlín. Acht níor chosamhail go raibh múisiam ná
fearg ar an duine bocht — agus bhíodar go léir lán-
tsásta — acht truaightheach brónach na gcroidhe.



Shín sé ar ais an muigín. Chrom a cheann, agus chuir a
dhá láimh ar a éadan agus ar a shúilibh. Is gearr go raibh
sé 'na chodladh. Chodail sé leis gan cor a chur dhe
ar feadh a bhfad. Ní raibh a fhios aca cé b'fhearr a
dhúiseacht nó a fhágáil ar a shuaimhneas. Bhí sé
a bhfad san oidhche, agus mar sin féin bhí leisg ortha a
chorrughadh.



Sa deireadh dhírigh sé aniar agus chuimil a shúile.



"nDómhnach, sílim gur ag brath ar thuitim 'mo
chodladh a bhíos!" ar seisean. "Tá sé thar am
agam a bheith ag dul a bhaile!"



"Cé an deifir sin ort?" arsa Maitiú. "Nach
mbéir luath go leór?"



"Béidh imnidhe uirthi féin. Ní'l a fhios aici cá
bhfuilim ó thráthnóna. Bail ó Dhia oraibh!" ar seisean
agus amach leis.



"Hé! a Mhícheáil!" arsa Eibhlín. "Seas móiméad!"
agus amach léithi 'na dhiaidh.



Bhí búrla eicínt aici idir a dhá láimh, acht bhí roinnt
sgátha uirthi a thairisgint dó. Dhearg sí chomh dearg
leis an bhfuil nuair a tháinic sí go dtí é.



"Tabhair leat é seo, a Mhícheáil," ar sí go cúthal
sgáthmhar.



Rug Mícheál ar an gceangaltán beag agus níor labhair


L. 202


— níor fhéad sé! Agus chuaidh Eibhlín ar ais go
héadtrom-chroidhtheach. Bhí leath an cháca ag Mícheál
Ó Briain bocht fá'n asgaill ar a bhealach a bhaile dhó
chuig a mhnaoi agus a pháistíbh ocracha.



Chaith sé ó thráthnóna an lae go raibh sé a bhfad san
oidhche i lár an chriathraigh mar fhear a bhéadh as a chéill.
Bhí sé de rún agus d'intinn aige gan an oidhche a leigean
thairis go mbaineadh sé sásamh de'n t-é a rinne léir-
sgrios agus creach air féin agus ar a pháistíbh. Ní caithfidhe
an oidhche go mbéadh anam an tsladaidhe bhradaigh aige!
Acht ní amhlaidh a thárla. Bhí Dia san áirdeall air.
Bhí a aingeal coimhdigh san aireachas air. Agus
choinnigh sgread agus eiteall éin é ó dhéanamh an droch-
ghníomha — mar ba toil le Dia!



"Go bhfóiridh Dia air!" arsa Eibhlín ar a theacht
isteach dhi.



"Go bhfóiridh!" ars' a máthair.



"Go bhfóiridh!" arsa Maitiú.



Focal eile níor dubhradh i dtigh an Bhuailteóra an
oidhche sin.



Bhí Tomás Ó hÓgáin 'na shuidhe cois na teineadh i
dtigh an táilliúra fá'n tráth sin. Bhí Pilib sa gclúid ag
coinneál chainnte leis. Ní rabhadar ag teacht le
chéile. Bhí Pilib ag éirghe feargach mí-fhoighdeach sa
deireadh.



"A Thomáis, b'fhearr liom nach dtairneochthá anuas
na neithe seo chugam dubh buidhe ná bán!" ar seisean.
"Dá liathainn mo cheann leat badh tú an fear céadna
sa deireadh! Ní maith liom bheith ag tabhairt
fút i gcomhnuidhe 'gcomhnuidhe. Acht dá mbadh aingeal
as na flaithis mé ní fhéadfainn seasamh leat! Do
leithid níor casadh orm ó lá mo bhaiste — agus ní casfar
go lá mo bháis. Cé an chaoi a bhféadfadh aon fhear
foighid a bheith aige leat — fiafruighim dhíot é?"



"Bhí 'fhios agam-sa go bhfuighinn an ceann is fearr
ort anocht, a Philib!" arsa Tomas. "Táir buailte,
a mhic ó! Mh'anam go bhfuilir! Ní'l aon mhaith dhuit


L. 203


ag cainnt, a Philib, — ní'l aon rud is fearr ná an
cíos d'árdughadh ar dhuine ó am go ham. Féach an
bhail atá ar Mhícheál Ó Briain! Nach mb'fhearr dhó
go n-árdóchthaidhe air é ná mo dhuine bocht a bheith
mar tá sé? Bail ó Dhia oraibh!" ar seisean agus amach
leis.



"Tá faitchíos orm go bhfuil beagán saobhchain
céille ar Thomás, a athair" arsa Nóra.



"Mara bhfuil, béidh — má leanann dó!" arsa Pilib.
"Agus tá faitchíos orm nach a bhfad go mbídh go leor
aige freisin. Tá truagh mhór agam dhó — dhá mhéad
dá dtugaim faoi! Ní'l aon neart ag mo dhuine
bocht air."



CRÍOCH CODA A DÓ.












19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services