Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saoghal Éanacha
Title
Saoghal Éanacha
Author(s)
Mac Giollarnáth, Seán,
Pen Name
Cóilín / Maine / Tadhg Ó Ceallaigh
Composition Date
1925
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMHRÁDH. Thosuigheas atá dhá bhliain ó shoin ann ar ainmneacha Gaedhilge na n-éan do bhailiú agus d'éirigh liom an foclóir atá i ndeire an leabhráin seo do chur le chéile. Chuireas beagán leis na hainmneacha a bhí ann cheana féin. Bhí "meanntán" againn ar titmouse, agus "geabhróg" ar tern, agus "ceolaire" ar warbler, agus bunfhocla eile. Cheapas go raibh sé riachtanach dúinn na cineáil a dheighilt ó n-a chéile agus rinneas dá réir mar chídhfear ins an bhfoclóir. Táim faoi chumaoin ag na daoine a chuidigh liom in obair an fhoclóra, ag an Ollamh Tomás Ó Raithile, ag "an Seabhac," ag an Dochtúir Conchubhar Mag Uidhir, ag Pádhraic Ó Conghaile, ag Mac Uí Ghallchobhair, Gárda Síothchána, ag an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh, agus ag go leor daoine in Iar-Chonnachta. TADHG Ó CEALLAIGH.
SAOGHAL ÉANACHA AN LONDUBH. Lá i ndeire Samhna bhí duilleoga na gcrann agus iad críon caithte ina mbrat ar an bhféar taobh amuich de'n fhuinneoig. Tháinig an londubh go dtí tor beag le hais na fuinn- eoige agus d'ísligh go tapa ar an bhféar imeasg na nduilleog. Níor phreab sé chun siubhail mar is gnáthach leis, ach chuir leath- cheann air agus bhreathnuigh go géar duilleog dhearg a bhí dhá chorrú aníos beagán. Níor leig sé gíog as, ach gheiteadh an dá sgiathán agus an t-iorball gach ré meandar amhail is dá mbeadh sgannradh air, nó droch-aimhreas air i dtaoibh na duilleoige. Bhí iongnadh mór air agus é ag féachaint go cíocrach ar an duilleoig. Bhíos ghá fhaire agus gan a fhios agam céard a bhain dó mar nár facthas tada as bealach dom ach an duilleog a raibh corrú beag faoi. Níor cuireadh moill orm mar ba ghearr gur aimsigh an gob géar buidhe rud a bhí faoi'n duilleoig agus nár facthas dom ar dtús. Péist dearg chréafóige a bhí ann. Tharraing an lon aníos as an bpoll í go dtí go raibh sí ar thalamh slán aige, agus bhí ghá piocadh go fíochmhar go dtí nach raibh cor as an bpéist bhoicht. Annsin shlug an lon an phéist dearg ghránna a bhí chó fada leis féin,
nach mór, agus bhí go sásta. Níor dhéin ceol, ámh, mar dhéanfadh spideog tar éis bídh dí. Craosaire éin 'seadh an lon. Is slugaire críochnuighthe é agus tá blas aige ar gach sórt — arbhar, síolanna, seilíní, cuiríní agus ubhla, có maith le ciaróga, péisteacha agus daola na talmhan. Tá an-dúil aige ins na seilíní agus pollann sé na hubhla go náireach. Slugann sé na cuiríní ina gcraiceann, agus piocann sé an croidhe as na spíonáin. An geimhreadh agus an t-earrach an t-am is gainne ag éanacha. Le linn doininne agus cruatain aimsire is minice a chídhtear an londubh in aice le háitreabh daonna. Díbrigheann sioc agus cruatan isteach é ar lorg bídh agus chó luath is thagas leaghadh agus boige aimsire tréigeann sé sinn agus imthigheann sé faoi na páirceanna arís. Is minice a thagas sé in aice linn ná an smólach. Níl sé chó glic leis an smólach agus is fusa do ghasúir a mhealladh isteach i gcliabhán ná an smólach. Éan breagh luath ar sgiathán atá san londubh nuair is cruaidh dó. Lá geimhridh chaitheas giotaí beaga aráin taobh amuich de'n fhuinneoig. D'ísligh cathóg ar chraoibh agus d'fhan ag faire na ngiotaí aráin, ach bhí sgáth uirthi ísliú san áit a rabhadar. Tháinig londubh, sgiob giota de'n arán agus d'imthigh, an t-arán ina ghob aige. Is ar éigin a bhí sé ar sgiathán nuair bhí an chathóg san tóir air. D'imthigh an londubh go híseal le talamh go dtáinig an chathóg ró-ghar dó.
Annsin d'árduigh sé caol díreach suas san aér. Lean an chathóg é, theannuigh leis agus bhain cor as os cionn na gcrann. Anuas leis an dá éan dubha arís agus d'imthigheadar as m'amharc. Dubhras ar ball nach bhfuil an londubh chó glic leis an smólach agus gur fusa é a cheapadh in inneall ná an smólach. Is fusa go mór. Bhí sgriosadh dhá dhéanamh ar gharrdha ag éanacha. Leag an garradóir inneall iarainn san ngarrdha agus chuir baoite de sheilíní agus cuiríní ar theangaidh an innill. Rug sé ar dhá fhichid lon leis an inneall, ach níor eirigh leis thar trí smólach a mharbhú. Is maith leis an londubh feoil — péisteacha agus a leitheid — ach ní fhacas ariamh é ag imirt cleas an smólaigh ar an seilmeide. Má thagann smólach ar phlaoisg seilmeide aithnigheann go maith má's folamh nó lán dí. Má gheibh sé plaosg throm tógann leis ina ghob go dtí cloch í agus buaileann in aghaidh na cloiche go mbriseann ina smidiríní í. Bíonn an seilmeide lom gan plaosg chosanta annsin agus ghníonn an smólach béile dhe. Is iongnadh liom nach bhfóghluimigheann an lon an cleas soin ó'n smólach. Éaluigheann smólach ó chontabhairt gan gíog as. Má sgannruighthear londubh cuireann sé a chor i gcéill do'n domhan mór. An cat is mó a chuireas faitchíos air. In aimsir guir tagann misneach dó agus athruigheann sé an faitchíos uaidh féin 'dtí'n cat. Bhí fál sgeach gheal in aice an tighe againn fadó.
Fál dlúth deilgneach a bhí ann. Bhí nead ag péire lon i lár sgeiche san bhfál, agus dá mbeadh meabhair aca air, níor bhaoghal dóibh an cat, mar nach dtiocfadh leis dul tríd an dlúthas dealg. An fhaid is bhíodh an chearc loin ar gor bhíodh an londubh timcheall ar an nead agus thug an cat faoi deara é. Cat dubh bradach a bhí ann nach gcodluigheadh istigh ó Lá Bealtaine go Lá Samhna. Thagadh sé go dtí sgeach an nid agus bhíodh sé ag faire an choiligh, féachaint an bhfuighfeadh sé deis air le n-a cheapadh. Ní raibh baoghal air dul i dteannta ins na dealga ach níor tuigeadh soin do'n éan. Bhíodh droch-aimhreas ar fad aige ar an mbeithidheach agus chuireadh sé fógra mór contabhairte as: Cinc cinc, cinc cinc, Cinc cinc, cinc cinc, Cinc, cinc! Leanadh sé do'n ghleo soin agus d'eitealladh timcheall os cionn an chait, ghá ionnsú, mar dheadh, ach gan a theacht ró-ghar dhó, nó go síleadh an cat gur éan fíochmhar an londubh agus go n-imthigheadh sé. Is iomdha maidin shamhraidh a dhúisigh an "cinc cinc" mé roimh éirghe gréine. Ba dheacair dom cur síos i bhfocla ar cheol an londuibh. Thug mórán faoi sin a dhéanamh agus chlis sé ortha a dhéanamh go beacht. Na ceoltóirí féin is deacair dóibh aithris chruinn a dhéanamh ar cheol na n-éan.
Níl riachtanas leis sin, ámh, mar go bhfuil na héanacha ceoil chó fairsing agus chó coitchianta ar fud Éireann gur féidir iad uile a aithneachtáil thar a chéile. Tugtar ceol nó ceileabhar ar gach sórt gleo a ghníos éanacha a bhfuil ceol ar bith aca. Taobh amuich de phort ceart an londuibh tá trí saghas ceileabhair ar a laghad aige. Tá an "cinc cinc," nó an fógra contabhairte, aige. Tá an fógra oidhche aige a cheileabharas sé roimh dul a chodladh dó san trathnóna, agus is binne an fógra oidhche ná an "cinc cinc." Tá aige freisin nótaí boga sgórnaighe a ghníos sé ar sgiathán dó go díreach nuair bhíos sé ag teacht thar claidhe nó fál isteach san ngarrdha a thaithigheas sé. Nótaí sástachta iad so agus bíd go binn. Ach port fíor an loin, is breagh an port é agus ní hiongnadh na filí ó oisín anuas ghá mholadh. Guth árd binn 'seadh an guth a sgaoileas an gob buidhe thar coillte is bánta ó bhreacadh lae go mbíonn an ghrian ag teacht chun láidreachta, agus arís trathnóna. Ceileabhrann an londubh ar chraoibh agus is maith leis ceol a dhéanamh ar bharr balla an gháirdín in aice le nead na circe. Ní miste leis an bháisteach throm. Ní chuireann sí isteach ar a phort. Ní ceol casta ceol an loin mar cheol na fuiseoige. Is casta ceol an smólaigh ná é, ach tá sé chó fuaimeach ceolmhar go líonann sé coill is spéar, agus cloistear é míle i gcéin. Má tá rud ar bith saoghalta a mbaineann draoidheacht leis, 'sé an ceol é.
Má éistighir le ceol an loin an t-am in a mbíonn an domhan ina gcodhladh ach eisean is tú féin mothóchaidh tú an draoidheacht. Bhí sé socruighthe ag Naomh Proinnsias tráth seanmóir a thabhairt uaidh faoi sgáth crainnte coille. Nuair tháinig sé isteach san gcoill bhí an oiread soin ceoil dhá dhéanamh ag éanlaith nárbh fhéidir leis an Naomh a ghlór a chur i gcéill. D'éist sé leo ar feadh sgathaimh agus annsin dubhairt leo stad de'n cheol, gur theastuigh uaidh féin labhairt. Stadadar ar an bpoinnte. Is dóigh liom go raibh an londubh ar cheann de na héanacha a choinnigh an Naomh ina thost, mar gur beag éan ceoil atá chó binn ná chó hárdghlórach leis. Taithigheann an londubh fálta, agus cladhacha, má bhíonn tomanna nó corr-sgeach ortha. Cois chlaidhe nó fáil nó faoi sgeacha ins an ngáirdín is fearr leis le bheith ag tóiridheacht bídh. Ní feicfidhe go deo é i lár páirce, agus ag eiteall dó ní théidheann sé go hárd nó abhfad ó'n bhfasgadh. Ní bhíonn nead an loin ró-árd ó'n talamh. Muna mbíonn sgeach nó tor feiliúineach dó toghann áit clúthmhar faoi sgáth an eidhin ar thaoibh an bhalla, nó cuasán faoi bhruach, b'fhéidir. Cleachtann an lon de réir mar gheibheas sé caoi. Bíonn an nead go breagh fairsing agus é an-chosúil le nead an smólaigh. Bíonn difridheacht ann, ámh. Cuir- eann an lon líneáil de'n fhéar mhín ar an taoibh istigh dá nead féin. Ní bhíonn a leitheid
sin i nead an smólaigh. Ceithre nó cúig ubh a bheireas an chearc loin nó go ndéanann gor ortha, ach is minic a ghoras cearc loin trí uaire san mbliain. Is cosúla an chearc loin le smólach a mbeadh clúmh agus cleiteacha ciardhubha air ná leis an gcoileach loin a bhfuil clúmh agus cleiteacha chó dubh le daol air, agus gob buidhe. Go deimhin, tá spotaí dubha ar bhrollach na circe loin mar atá ar an smólach ach nach bhfuil na spotaí chó cruinn le spotaí an smólaigh. Stríocaí dubha treasna ar an mbrollach atá ar an gcearc loin. Is dócha gur mar gheall ar an dath ciardhubh a tugtar "ciarseach" nó "céarseach" ar an gcearc loin. Tá an t-ainm sin uirthi i gCiarraidhe, i dTír Conaill agus in áiteanna i gCondae na Gaillimhe. De'n treibh céadna seadh lon is smólach agus ní hiongnadh na hainmneacha bheith tré na chéile. Is ar an smólach bheag cheoil a tugtar "ciarseach" in Árainn agus i Rosmuc.
AN CHUACH. Níor fheád filí na n-amhrán grádha samhailt níos deise ná an chuach a thabhairt do mhéin na mban. "'Sí cuaichín barr an tsléibhe í," agus "Is binne ná an chuach í," agus cainteanna de'n chineál soin a bhíodh ag ár bhfilí tuaithe. Thaithnigh an tsamhailt leis na mná, ach ná tógtar ortha é, mar nach bhfuil sárú na cuaiche imeasg éan. Taithnigheann an guth bog binn leis an domhan mór, le slán agus easlán, le sean agus óg. Tig an t-éan chugainn thar sáile anall i ndeireadh an earraigh agus cuireann in úil dúinn go bhfuil laetheannta geala an tsamhraidh buailte linn. Tugann an sgéal soin misneach agus dóchas do'n sgolóig, agus cuireann sé fear an bhaile mhóir ag drimleoid faoi'n gcnoicín fraoich atá abhfad uaidh. Cuireann sé tógáil chinn ar an diúgaire féin agus crochann a chroidhe ina lár. Is binn linn sgéal na cuaiche, idir ghuth agus chiall. Cé gur geal linn an chuach, níl cluanaidhe chó mór léithe imeasg na n-éan. Na héanacha is bradaighe beo — an seabhac, éan na sgadán, an chorr-fhaoileán, tógann gach éan aca nead agus ghníonn gor ar na huibheacha go cneasta. Ní dhéanann an chuach nead dí féin, agus ní dhéanann gor ar ubh. Ní bheathuigheann sí gearrcach ach an oiread. 'Sí giolla na cuaiche a ghoras ar uibheacha na cuaiche agus
a thógas na cuachóga. Ní hé an cineál céadna éin a thoghas an chuach mar bhanaltra i gcomh- naidhe. Tá sé cruthuighthe le fada go mbíonn suas le céad nó sé fichid cineál éan ina mbanaltracha ag na cuacha, ach 'sí an riabhóg mhóna (anthus pratensis) is coitchianta a bhíos ag giollaidheacht do'n chuaich. 'Sí is minice a ghniós altromacht do chlainn na cuaiche. Ní hionann an t-éan so agus an riabhóg, an t-einín riabhach eile ar a dtugtar na hainm- neacha gealbhan toime, gealbhan claidhe, caológ riabhach, "bráthair a' dreolín" agus "buach- aill an dreolín" Bíonn an riabhóg so ina giolla cuaiche corr-uair, ach 'sí an riabhóg mhóna is fearr leis an gcuaich mar mháthair altroma dá clainn. "Banaltra na cuaiche," atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig móna. "Coimhdre na cuaiche," atá ag muintir Thír Eoghain uirthi. Tá "gobadán na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na cuaiche" uirthi freisin. Is maith an aghaidh uirthi na leas-ainmneacha ar fad. Tagann an cluanaidhe cuaiche i ngan fhios do'n riabhóig móna agus beireann an t-ubh ina nead, nó cuireann isteach ins an nead é le n-a gob. Ní feasach dúinn go cruinn cé'n bealach a gcuirtear an t-ubh san nead, é a bhreith ann, nó é a leagan anuas ann as béal na cuaiche. Ubh an-bheag, 'seadh ubh na cuaiche, níos lugha faoi dhó ná ubh an tseabhaic ruaidh, éan atá ar chó-mhéad beagnach leis an gcuaich. Thiocfadh le sean-chuaich an t-ubh a
ghabhail ina gob go réidh agus deirtear go ndéanann sí sin agus go n-iomchruigheann sí mar sin é, nó ina sgórnaigh, ó áit a bhreithe go dtí nead an ghiolla. Is cuma do'n riabhóig móna cé aca é. Ghníonn sise gor ar an ubh iasachtach chó maith le n-a huibheacha féin. Nuair a thagann an t-am tagann an chlann amach, clann na cuaiche agus clann na riabh- óige. Ní fada a fhanas an dá chlainn le chéile, mar go gcaitheann an sgalltán cuaiche clann na riabhóige móna amach as an nead agus tógann sé a sheilbh dó féin. An mháthair riabhóige is dócha nach dtuigtear an sgéal dí, nó b'fhéidir go gcuirtear faoi gheasa troma í gan faillighe a dhéanamh i mbeathú na cuachóige. Tógann sí an chlann altroma go dílis agus go dúthrachtach. Is fada ó na chéile goile na cuaiche agus goile na riabhóige móna. B'fhurasta do'n éan bheag a hiogán féin a shású, ach is cinnte go gcuire- ann iogán craosach na cuaiche saothar uirthi. Nuair a thagas neart sgiatháin ins an gcuachóig fágann sí an nead ina diaidh agus tógann sí an mháthair altroma in éinfeacht léithe ar fud na tuaithe. Níl aon chur síos ar dhílseacht na n-éan dá ngearrcaigh. Dá mba léithe féin an chuachóg ní thiocfadh leis an riabhóig móna bheith níos dílse dí ná mar bhíonn sí. Leanann sí dá somachán altroma ar fud na bpáirceann, eisean ag eiteall roimhe ina rogha áird, agus ise, beag bídeach mar atá sí, ina dhiaidh aniar agus gach ré seal ag osnuíl agus ag casaoid aice.
Níor chualas ariamh ó éan, cé's moite d'éan an nid sladtha, casaoid chó brónach le casaoid na riabhóige móna agus an chuachóg ar a haire. Shílfeá gur cúis náire aice an gearrcach mór. Chuirfeadh an péire "An Sota is a Mháthair" i gcuimhne dhuit. An mac gan mhúineadh gan bhéas, gan foighid fanacht le cois na máthar. An chailleach agus a cuid foighde sise caithte aice, agus náire uirthi faoi nach bhfuil cosú- lacht athar nó mháthar ar an mac, faoi nach leanann sé do nósa a shinnsear, ach é gan modh gan meas. Chídhtear go minic éan beag ag leanúint na sean-chuaiche. Cuireann éiníní tóir ar an seabhac go minic freisin. Faitchíos is fáth leis an tóir sin ar an seabhac, agus is dóigh liom gurb amhlaidh atá an sgéal ag an éan beag a bhíos le sála na sean-chuaiche. Dá dtagadh cuach go dtí nead éinín, ba leor soin le faitchíos a chur ar an éinín agus chuirfeadh sé tóir ar an gcuaich. Tá an riabhóg mhóna gaolmhar leis an riabhóig coille. Tá méara na gcos roinnt fhada aice agus ní fheileann an chraobh ná an tslat dí. Taithigheann sí an talamh réidh, an léana nó an mhóin. Is ins an bhféar a bhíos an nead aice, gan aon chosaint air agus tagann an chuach air gan strómh nuair bhíos an riabhóg mhóna amuich. Is cinnte go mba dheacair do'n chuaich teacht ar nead i lár sgeiche agus ní leigfeadh na héanacha móra ina ngaobhthar í. Ní fhéadfadh cuach dul isteach i nead dreoilín agus ní bheadh
sé de mhisneach aice aghaidh a thabhairt ar nead smólaigh nó loin. Ó bharr guib go rinn iorbaill tá ceithre ordhlach déag dh'fhad san gcuaich. Tá an gob dubh agus na cosa buidhe. An ceann, an muinéal, an brollach, an druim agus an t-iorball, táid liath-ghorm, agus tá baill gheala chruinne ar chleiteacha an iorbaill, An t-íochtar, ó bhrollach go bun an iorbaill, tá sé geal agus stríocaí gearra dubha treasna ann. Éan péacach dathúil 'seadh an chuach, agus is éan sgáthmhar í. Ní éirigh- eann le mórán teacht ina haice. Tagann na sean-chuacha chugainn i mí Abráin agus imthigheann uainn tar na fairrgí ó dheas i mí Lughnasa. Fágann siad na cuachóga ina ndiaidh ach imthigheann siadsan uainn i mí Mheadhon-fhoghmhair. Tógann siad na fairrgí tréana ortha féin gan sean- chuach le n-a dtreorú. Níor mhaith le n-ár sean an chuach a chlosint ro-luath san earrach. Droch-chomhartha ab eadh é: "Má labharann an chuach ar chrann gan duilleabhar, Díol do bhó agus ceannuigh arbhar."
AN DREOILÍN. Tar éis na Féile Pádhraic bíonn an dreoilín go cruadhógach gach lá in éadan a nid. 'Sí a ghníos an nead go cruinn, com- pórtach agus is fíor nach bhfágann sí bun cleite amach nó barr cleite isteach ann.
Ní de chleiteacha a ghníos sí an nead, ámh, ach de chaonach úr, de dhuilleogaí beaga agus de chlúmh. Baineann sí an caonach úr go héasgaidh, agus tig léithe a chasadh síos suas, isteach is amach, de réir mar fheileas sé dí. Is furasta an t-adhbhar úr a bhrughadh agus a fhigheachan go dlúth le chéile, agus ní mór soin nó bheadh báisteach anuas agus gaoth isteach. Cuireann sí corr-dhuilleog tríd an gcaonach, agus cuireann caonach mín agus clúmh ar an taobh istigh de'n nead. Coinnigh- eann an clúmh an teas do na huibheacha nuair bhíos an t-éan ar gor. Triomuigheann agus cruadhann grian agus gaoth an caonach. Bíonn an oiread soin toirte san nead agus bíonn an mianach fighte chó dlúth ar a chéile nach ndéanann an triomacht deannach dhe ná dochar dó, ach a mhalairt. Tógtar nead an dreoilín go hiondual i lár sgeiche nó i gcuas san gclaidhe nó i bpoll san tigh faoi'n mbuntsop. Déanamh cruinn a bhíos air, gan é bheith fosgailte ar a bharr ar chor ar bith. Ní cosúil le nead gealbhain é, ach 'déarfá gur cuma nó ceirtlín caonaigh é ar gach bealach, tá sé chó cruinn sin idir bun agus barr. Is ar éigin atá ceithre ordhlach d'aoirde ann ó íochtar go huachtar. Tá poll ar bholg an nid ar thaoibh na fóthana, mar bhealach isteach is amach. Tá fairsingeacht slighe istigh do'n mháthair agus do na seacht n-ubh déag a bhíonn go minic ag dreoilín na hÉireann. Nuair thig
na sgalltáin as an bplaoisg bíonn slighe dóibh go léir istigh in éinfeacht leis an sean- dreoilín. Ní bhíonn dreoilíní taobh le nead an ghuir. Tógann an sean-choileach neadanna in aice le nead an ghuir agus ghníonn sé ar an gcuma céadna iad agus de'n mhianach chéadna, ach nach gcuirtear an líneáil mhín dé chlúmh ar an taoibh istigh ionnta. Is le haghaidh an gheimhridh a tógtar neadanna an choiligh agus is féidir na dreoilíní a fheiceáil agus iad ag cruinniú ionnta trathnóna garbh geimhridh. Is éachtach an t-ál a bhíonn ar an dreoilín agus is dúthrachtach an mháthair í a thugann aire dóibh ar fad. Dá bhfeictheá í féin agus an t-athair maidin shamhraidh agus iad ag cnuasach crumhann agus péistíní do'n aos óg, chuirfídis iongnadh ort leis an bhfuadar a bhíonn fútha. Éinín sgáthmhar 'seadh an dreoilín. Ní miste léithe comhnaidhe in áitreabh daonna. Imeasg na sgeach ins na garrannta is mó a chomhnuigheann sí, agus ní miste léithe bántaí agus criathracha uaigneacha má bhíonn tom sgeiche nó aitinne ionnta chun fasgtha. Ní ceoltóir ró-mhaith an dreoilín, cé gur fearr é ('sé an coileach a ghníos an ceol) ná an gealbhan cátha, ná an bhuidheóg, agus cuid mhaith eile. Níl de cheol aige ach aon amhrán amháin agus gabhann sé é sin go croidhiúil gach mí san mbliain. Dath donn-riabhach atá ar an dreoilín in uachtar agus dath liath gan é bheith riabhach in
íochtar mar bhíos ar go leor de na héanacha. Tá ganntanas ceoil agus dathann ar an dreoilín, ach má tá, níor dhéin Dia éagcóir uirthi. Thug Sé cothrom dí ar bhealach eile, mar thug Sé ciall agus gliocas dí. Ní thíg le mórán éan nead a dhéanamh chó maith léithe, ná áit chosanta do'n nead a thoghadh mar ghníos sise. Ní baoghal do nead an dreoilín an cat nó an seabhac. Tá sé ina sgéal go raibh comórtas idir na héanacha tráth ag féachaint dóibh cé aca is aoirde a d'eitleochadh san aér. Chruinnigh eadar ar fad le chéile lá breagh samhraidh. Tháinigeadar ó na naoi n-áird, idir éanacha coille agus éanacha fairrge. Bhí an t-iolar, an chorr éisg, an gainéad, an bhroigheall agus na faoileáin ann. Bhí na héanacha aille ó'n bhfairrge ann; bhí na géabhaí fiadháine agus lachain fhiadháine ann; bhí na ladhráin trágha ann ina míltí; bhí an chathóg, an préachán, agus an snag breac ann; bhí cuilm agus cearca fraoich agus feadóga ó'n sliabh ann; bhí druideacha agus pilbíní agus crot- acha ann. Tháinig na héanacha ceoil agus iad ar fad go sgáthmhar, cúthail, an smól, an lon, an glasair choille, an spideog, an gleoiseach, an chuach, an fhuiseog, agus an bhuidheog. Tháinig na fáinleoga, na meanntáin agus na gealbhain, an dreoilín easpuig agus snag na gcrann. Ní tháinig ach aon dreoilín amháin do láthair agus bhí na héanacha uile ag magadh
faoi. Tháinig an oiread sgátha air gur dhruid sé siar uatha go ndeachaidh i bhfolach taobh thiar de'n iolar. Ar ball beag sul ar tosnuigheadh ar an rás in áirde léim an dreoilín isteach faoi chleite mór iorbaill an iolair agus d'fhan annsin. Tosnuigheadh ar an rás agus d'Árduigh na héanacha ar fad san aér. Bhí na cinn bheaga chun tosaigh ar dtús agus na cinn mhóra ar deireadh, ach ba ghearr gur thosaigh na sgiatháin laga ag tuitim anuas agus bhíodar ag tuit- im as an rás de réir a chéile go dtí nach raibh le feiceál in áirde ach an t-iolar. Nuair chonnaic an t-iolar go raibh buaidhte aige, mar shíl sé, chuir sé gáir mhaoidhte as. "Is liom-sa an chraobh," ar sé, "is mise rí na n-éan." Sin í an uair a d'éaluigh an dreoilín as iorball an iolair go ndeachaidh sé in Áirde os cionn an éin mhóir. "Ní headh," ar an dreoilín anuas, "is liom-sa an chraobh, is mise rí na néan." Thuit an triall ar an treall ar an iolar agus tá an dreoilín ina rí ar na héanacha uaidh sin anuas.
AN tÉAN IS LUGHA SAN EURÓIP An t-oileán úd ba mhór le rádh le linn cogaidh an Dá Ghall — Heligoland atá mé a rádh — tá sé ar an mbealach a ghabhas na héanacha imirce ag teacht adtuaidh dóibh ó'n Orbhuaidh san bhfóghmhar. Tá teach soluis ann agus meallann an solus oidhche na héanacha go minic agus cuireann dá dtreoir iad. Oidhche amháin i ndeire fóghmhair bhí an domhan mór de dhreoilíní easpuig ag teacht adtuaidh ó'n Orbhuaidh. Tháinigeadar bealach Heligoland. An solus agus anfa gaoithe in éinfeacht leis, b'éidir, a chuir dá dtreoir
iad gur thúirlingeadar ar an oileán. Connacthas na céadta aca timcheall an tighe soluis feadh na hoidhche agus ar n-a mháireach bhí an t-oileán faoi bhrat clúimh. Is ar éigin a d'fhéadfaidhe coisméig a shiubhal ann gan bróg a leagan ar dhreoilín easpuig. Níl aon iongnadh d'iongantaisí na n-éan is mó ná is spéisiúla ná an chaoi ina dtugann an t-éinín seo aghaidh ar an dtréan- fhairrge agus ina ndéanann sé bealach thar uisge ó thír go tír. Níl de mhéad ann ach mar a bheadh smuta clúimh. Níl meadhchaint onnsa i gcúig cinn aca le chéile. Dá réir sin is beag neart atá san dreoilín easpuig, ach seolann Dia slán thar tuinn é faoi dhó gach bliain, mar is éan imirce é. Tá ár gcuid féin de dhreoilíní easpuig in Éirinn. Fanaid againn ó cheann ceann na bliana agus tógaid ál annso. Gheibhimid freisin ár gcuid de na dreoilíní imirce ach is ar éigin a tógtar faoi deara iad. An chuid is mó aca tagaid i dtír i gcúige Laighean, ach tagaid i dtír ag Ceann Léime san iarthar, in Árainn agus i dTír Conaill. Tagaid chugainn san bhfóghmhar agus imthighid uainn arís faoi Mhárta agus Aibreán, 'Sé an dreoilín easpuig an t-éan is lugha d'éanacha na hEorpa, agus tá an coileach ar cheann de na héanacha is deise dath dá bhfuil ann. An dreoilín donn atá an- choitchianta san tír seo taithigheann sé áiteacha atá ar ganntanas crann. Ní miste leis an áit is luime má bhíonn fasgadh beag dó féin
ann. Cleachtuigheann an dreoilín easpuig a malairt de shaoghal. Tá sé tugtha do na crainnte. Ní hamhlaidh a thaithigheas sé dlúthas coille i gcomhnaidhe mar is beag áit in Éirinn a bhfuil crainnte go réasúnta fairsing nach dtagann sé ann. Oileán Acla féin, dá fhiadháine é, ní thugann sé cúl air, ná ar iarthar na Gaillimhe. Lorgann sé biadh ins na crainnte agus ins an aér. Ní fheicfeá go deo é faoi'n bhfál mar a mbíonn an dreoilín donn go minic. Maireann sé in áirde na gcrann agus ní dhéanann moill in aon bhall. Gluaiseann sé go sgioptha ins na craobacha agus é de shíor ag cuartú cairte an crainn ar lorg bídh. Bíonn go leor míol mbeag ina gcodladh nó i bhfalach i ngága na cairte, cuileoga, gailseacha, crumhanna, Máiríní smeacha, leamhain, réadáin, corra míoltóg, agus míola nach iad. Is ortha so a bheathuigheas an dreoilín easpuig agus is ar a lorg a bhíos sé an t-am a bhfeictear é ag cuartú géag. Níl sé ina chó mhaith de chuartaidhe leis an snag. Is amhlaidh a ghníos an snag snámhuíl ar an gcairt ó bhun an chrainn go dtí an barr gan poillín a fhágáil gan chuartú. Gluaiseann sé go mall. Preab- aire 'seadh an dreoilín easpuig a ghluaiseas go tapaidh ó ghéig go géig gan ach tamall beag a thabhairt do chrann dá méad. Níl gar aige bheith chó gasta 'san aér leis an bhfáinleoig, nó leis an ngabhlán gaoithe.
Éanacha gasta ar sgiathán 'seadh iad-san, ach is greannmhar an ruidín an dreoilín easpuig agus é ar thóir cuileoige san aér. Tá an tsnáthad mhór chó fada leis, nach mór, agus is cinnte go bhfuil sé chó mear leis ar sgiathán. Ba chirte an t-éan so a shamhailt leis na meanntáin — go mór mhór leis an meanntán gorm — ná le éan ar bith eile. Is rí-chosúil é le Diarmuid Beag (an meanntán gorm) ach nach bhfuil ruainne de'n ghoirme álainn ina chlúmh, agus nach bhfuil sé chó mór ná chó teann leis. Tá gaol aige leis na meanntáin agus bíonn sé go minic ina gcomhluadar. Is mar gheall air sin nach n-aithnighthear é thar meanntán ag go leor daoine. Is minice ina aonar é ná leis na meanntáin, ámh, agus bíonn sé i gcomhnaidhe ar siubhal. Ní fhacas ariamh dreoilín easpuig ag leigint a sgíthe, nó ina chomhnaidhe ach nuair bheadh sé ag cíoradh a chlúimh. Ní mar sin do na héanacha eile. Caitheann an gealbhan buidhe tamall de'n lá ag osnuíl do féin ar bharr slaite. Leigeann an spideog agus an gealbhan binne a sgíth go rí-mhinic, agus is minic do'n ghealbhan cátha ar chraoibh gan ceileabhar as. Ní thagann an "círín órdha," mar thugas an Béarla air, agus an díomhaointeas le chéile. Is amhlaidh atá dath clúimh an éin seo: an druim uaithne; an brollach, an bolg, agus an dá thaoibh, buidhe-bhán; an dá sgiathán dubh-uaithne, agus stríocaí geala treasna
ortha. Ball chó buidhe le hór ar a bhaithis, agus ar chúl cinn an choiligh tá ball álainn dearg. Is uaidh sin, is dóigh liom, a tugtar dreoilín easpuig air. Neadann an dreoilín easpuig ins na crainnte giúise, má bhíonn an cineál soin ann, ach ní miste leis neadú i dtom aitinne, nó faoi'n eidhean ar thaoibh crainn nó balla. Nuair a thoghann crann do'n nead cuireann sé deis ar an nead a dhealuigheann é ó nead éin ar bith eile. Tógann sé an nead idir dhá chraoibhín, craoibhín os a chionn agus craoibhín faoi n-a bhun. Greamuigheann sé go daingean é agus ghníonn go mín teolaidhe ar an taoibh istigh é le caonach, fionnadh agus clúmh. Suas le deich n-ubh a bheireas an t-éinín seo. Dá laghad é mar éinín is rógaire é an uair a gheibh sé faill. Lá a raibh an gealbhan cátha ag déanamh nid bhí an dreoilín easpuig ghá fhaire. Thagadh an gealbhan cátha gach ré móiméad le giota adhbhair do'n nead agus bhí go cruadhógach ar fad agus olann, fionnadh agus clúmh dá bhfigheachan le n-a chéile aige. Nuair d'imthigheadh sé ar lorg tuilleadh adhbhair thagadh an dreoilín easpuig, ghoideadh giota clúimh as nead an ghealbhain agus chuireadh ina nead féin é. Bhí an ghadaidh- eacht ar siubhal feadh tamaill nuair tháinig an gealbhan cátha aniar ar an rógaire. Thuig sé an sgéal ar an bpoinnte agus chuir ruaig ar an dreoilín easpuig as an gcomh- arsanacht ar fad.
TRÍ CEOLTÓIRÍ. Bhíos lá earraigh ar leiceann cnuic i mBéal Leice,áit i bhfíor-iarthar Iar-Chonnacht. An trathnóna a bhí ann, trathnóna glas, agus soillse an lae imthighthe, beagnach. Bhí gaoth fhuar aníos ó'n bhfairrge móir agus gan d'fhasgadh san áit ach corr-sgeach nó cuaille ar chlaidhe agus ceann cromtha ar
gach fás aca, mar go mbíonn síor-shéideadh ó'n bhfairrge ar an leiceann lom úd. Ag dul siar an cnoc dom chualas ceol éin. Bhí an fhuaim go hárd agus an port go mall réidh. Shílfeá go mba fuaim bhinn chluig corr-nóta de'n cheol, agus shílfeá go mba fead bog binn corr-nóta eile, agus ní fhéadfá samhailt a thabhairt do chuid móir de na nótaí. Bhí na nótaí ar fad ag teacht le chéile agus árdfhuaim fútha go léir ins an gcaoi gur chualas an port thar séideadh na gaoithe agus thar glór na fairrge i mbéal na leice thíos. Nuair a bhí an port gabhtha stad an t-éan agus i gceann tamaill bhig thosuigh arís. Ghabh sé an port céanna arís go mall, go binn, agus go hárd. Ní tháinig na nótaí i ndiaidh a chéile díreach mar tháinigeadar ins an gcéad gabhail, ach bhí teacht-le-chéile ins an bport agus an tsástacht chéanna ag an éan ghá gabhail, agus agam-sa ghá chlos. Thugas aghaidh ar an áit a raibh an ceol. Ba ghearr go bhfacas an ceoltóir ar bharr cuaille aonraic ar thaoibh claidhe an chasáin. Smólach a bhí ann, smólach beag, nó céarseach, mar thugann muintir Iar-Chonnacht air. Nuair tháinig mé in aice na cuaille d'imthigh an t-éan. Shiubhail mé liom agus brón orm faoi gur chuireas ruaig air. Ní raibh mé céad slat ó'n gcuaille nuair chualas an port arís. Bhreathnuigheas siar agus bhí an ceoltóir aoibhinn ar bharr na cuaille arís. Níor chuireas isteach air an darna uair ach
shuidheas ar chloich agus d'fhanas ag éisteacht leis an smólach ba bhinne dár chualas ariamh gur chuir an dorchadas ina thost é. Is minic a chualas ceol an smólaigh bhig roimhe. Gach maidin earraigh cloistear dom é agus is minic a bhím tuirseach dhe. Fiadh- ántas Bhéil Leice a rinne an smólach úd ar an gcuaille claidhe chómh binn, is dócha. Tá Inis Múscraidhe ina oileán uaigneach indiu. Níl áitreabh daonna ann, ná sgeach ná tor ná tom fraoich, ach an ghaoth láidir ó'n mbóchna mór de ló is d'oidhche ann, an ghaoth a fhágas blas guirt ido bhéal. Ó dheas ó Charna agus ó thuaidh ó Árainn atá Múscraidhe agus é suidhthe i mbéal chuain na Gaillimhe. Leath-cheád acra de thalamh cothrom is méad do'n oileán, agus bíonn féar thar bróga ann agus caonach mín in áiteanna a tharraingeann éanacha chun guir ann. Chuadhas go dtí an t-oileán lá samhraidh. Chonnaiceas uibheacha geabhróg go tiugh ar an tráigh gan nead fútha, agus sgalltáin philbíní gan sgáth ortha. Bhí ladhráin ag feaduíl agus geabhróga ag sgréachuíl san aér os mo chionn. Níor mhaith leo mé agus níor cheol liom a nglór. Shiubhail mé isteach go lár an oileáin agus chualas ceol fuiseoige, ach níor fhéadas an fhuiseóg d'fheicsint. Bhí an spéar go glan ach ní raibh fuiseog in amharc. Bhíos ag ceapadh ar dtús gur anuas a bhí an ceol ag teacht, mar is gnáthach le ceol fuiseoige, ach thugas faoi deara nárbh eadh. D'éisteas tamall go haireach agus dhearcas
i dtreo an cheoil. Bhí an t-éan ar an talamh, cinnte, agus ba ghearr go bhfacas é. Bhí sé ina sheasamh ar thom féir agus é ag ceol- tóireacht ar a dhícheall. Bhí ionganadh an domhain orm fuiseog a fheicsint ag déanamh ceoil ar an talamh, mar nárbh eol dom roimhe sin go ndéanfadh fuiseog ceol agus é ar a cosa. Aimsir ghuir a bhí ann agus is amhlaidh a bhí an coileach ag coinneál comh-
luadair le n-a chéile a bhí ar an nead ins an bhféar in aice leis. Is dócha gur mhéaduigh uaigneas an oileáin binneas ceoil na fuiseoige úd, ach is ceoltóir binn éifeachtach an fhuiseog is cuma cé'n áit a mbíonn. Gan lon ná smólach a chomhaireamh, creidim go bhfuil an chraobh tuillte ag an bhfuiseoig thar na héanacha beaga ar fad. Gabhann sé a phort gan sos gan stad ar feadh achair fhada. Tá éifeacht ina ghabhail cheoil, tá binneas mór agus éagsamhlacht ann, tá árdú is ísliú ann, agus is cinnte nach bhfuil againn i nÉirinn éan ceoil chomh beag leis atá leath chomh maith leis. Na héiníní ceoil a thagas thar sáile anoir chugainn ní thagann mórán aca go hIar- Chonnachta. Fanaid, an cuid is mó aca, in aice na gcoillte i gCúige Laighean agus i ngleannta clúthmhara na Mumhan. Tagann an t-éinín sailighe chugainn agus an "sif seaf." Ceolairí 'seadh an péire ach ní minic a cloistear ag ceileabhar san iarthar iad. Is i gCúige Laighean is minice a chualas an t-éinín sailighe. Tá gleann clúthmhar coillteach in aice na fairrge thoir na dtagann na héiníní sailighe go fairsing ins an earrach agus fanaid ann go dtí an fóghmhar. Gleann Dá Loch atá mé a rádh. Lá aoibhinn samhraidh dom ins an sean-roilig ann chualas ceil- eabhar an éinín sailighe de'n chéad uair. Bhí an t-éan ar chrann in aice leis an gcloigtheach. Ní raibh ceol ó éan eile le clos. Bhí an
smólach agus an londubh ina dtost ó mhaidin agus ba dóigh liom nár airigheas ariamh aon áit chó ciúin leis. Ní áit uaigneach é ach bíonn an ciúineadas ina rí imeasg na gcrann ins an sean-roilig lá breagh samhraidh. Bhíos ag déanamh iongnaidh de'n chiúineadas agus ag cuimhneadh ar Chaoimhghin agus ar chogadh a bhí idir manaigh is tuataigh in allód faoi ghiodán talmhan bhí i seilbh na manach, nuair labhair an t-éinín sailighe ó bhárr an chrainn. Is aoibhinn ar fad é port an éin bhig seo. Port gearr é ach tá éagsamhlacht ann agus mianach de'n bhrón. Gabhann an t-éan go hárd é ar dtús agus ísligheann a ghlór ina dheireadh. Níor chualas ceileabhar éin ariamh a mheabhruigh cineáltas agus cumha chómh mór dom.
AN CREABHAR CAOCH. Nuair bhíos an creabhar ag teacht adtuaidh thar sáile chugainn tugann sé leis go minic ina dhá chrúb maide beag gearr. Má éirigheann sé tuirseach ar an turas ísligheann sé ar an uisge le n-a sgíth a leigint agus coinnigheann an maide ar uachtar uisge é san gcaoi nach mbáidhtear é, agus tugann congnadh dó le éirghe de'n uisge arís. Nuair
a bhíos a sgíth leigthe aige eirigheann sé de'n uisge arís agus tugann an maide beag leis. Filleann na creabhair ar na coillte céadna bliain i ndiaidh bliana. Má bhíonn neart aca ní dhéanaid moill nó ísliú ar an gcladach, ach tagaid caol díreach isteach faoi thír go dtí n-a gcoill féin agus bíonn an maide i ina gcrúbaí aca go n-íslighid go talamh. An sgéal so faoi'n maide ní fhacas in aon leabhar é, agus ní heol dom gur tugadh an maide faoi deara roimhe seo ach ag aon fhear amháin. Ní fhacas féin na creabhair ag teacht i dtír, agus mórán daoine a rug ortha ar aill nó cladach agus iad traochta tar éis aistir dóibh níor thugadar an maide faoi deara, nó má thug níl cunntas againn air. An fear a thug an cunntas dom-sa tá sé ina chomhnaidhe in aice le sean-choill in iarthar na tíre agus bíonn an choill sin lomalán de chreabhair ins an ngeimhreadh. Níl bliain le dhá fhichid bliain, cé is moite de bhliain a raibh sé faoi ghlas ag Gaill, nach bhfaca sé na creabhair ag filleadh ar sgiathán go dtí an tsean-choill. Thagaidís ina n-éan is ina n-éan, agus dhearbhuigh sé dom go bhfaca sé go minic maide beag i gcrúbaí creabhair ar bheith ag filleadh ar an gcoill do'n éan ins an bhfóghmhar. Deir sé liom gur maide snáimh an maide beag so a thugas an t-éan leis ionnus go bhféadfadh sé a sgíth a leigint ar an bhfairrge dó. Gorann an creabhar imirce abhfad ó thuaidh
in Orbhuaidh agus ins na réagúin níos fuide ó thuaidh. Bíd ó thuaidh ar feadh an tsamhraidh — iad so a théidheas ar imirce. Tagaid adtuaidh ar ais chugainn timcheall na Féile Michíl ins an bhfóghmhar agus uaidh sin go dtí an Nodlaig. Na héanacha imirce a mbíonn turas fada fairrge ortha leanaid cósta tíre má's féidir, agus coinnighid leis an gcóir gaoithe. Ag teacht ó'n Orbhuaidh d'éanacha d'fhéadfaidhe go sguabfaidhe leis an ngaoith iad taobh thiar d'Albain agus d'Éirinn agus nach dtiocfaidís i dtír go dtí an Spáinn. Dá mbeadh aimsir chiúin ann dhéanfaidís an turas níos dírighe. Thiocfaidís bealach Inse Cad agus Inse Gall agus bhuailfidís le hÉire ar an gcósta ó thuaidh. B'éidir go dtiocfadh cuid aca treasna Alban nó Shasan agus treasna na Maoile go hÉirinn. Tagann creabhair i dtír go fairsing ins na hÁrda i gCondae an Dúin, agus is ó Albain díreach a thagaid is dócha, ach caithfear a rádh go dtagann creabhair i dtír ar oileáin agus ar chósta Thír Chonaill agus timcheall na hÉireann uile. Is fairsinge a thagaid ó thuaidh ná in aon áit eile. Iad so a thagas an bealach ar fad ó'n Orbhuaidh le fairrge bíd sáruighthe ag an aistear agus ní chuirfeadh sé iongnadh orm dá mbeadh maide snáimh dá iomchur ag cuid aca. Is eol dúinn go cinnte go leigeann na creabhair a sgíth ar an aistear fada fairrge agus go n-íslighid ar longa ar bheith
traochta dóibh. Connacthas iad go minic ag lucht taistil na mara ag ísliú ar an uisge féin le n-a neart a chruinniú arís. Is éan cliste le n-a chosa an creabhar. Má ghorann cearc chreabhair i gcoill críon tirim, bíonn uirthe taisteal a dhéanamh gach tráthnóna go dtí an talamh bog ina mbíonn péisteanna créafóige le fághail. Ní thig léithe mórán péisteann a iomchur go dtí an nead agus 'séard a ghníos sí na gearrcaigh a thabhairt léithe idir na crúbaí go dtí an biadh agus tógann sí léithe iad ar sgiathán dí féin. Tá creabhair againn thar na creabhair imirce. Tá creabhair dhúthchasacha againn leis na cianta agus gorann siad so in Éirinn tar éis imtheacht do na héanacha iasachtacha uainn timcheall na Cásga. Shíl go leor de na sgríbhneoirí Béarla nárbh éan dúthchasach an creabhar in Éirinn, ach is fada "creabhar an ghuib fhada" dá luadh ag Gaedhilgeoirí. Tá sé luaidhte i sean- amhrán atá againn ó aimsir an tSáirséalaigh. Tosuigheann na héanacha dúthchasacha ar neadú i mí Márta agus bíonn an gor ar siubhal aca go dtí Iúl. Éanacha sgáth- mhara iad gan muinghin dá laghad as an gcineadh daonna. "Faire san lá agus fághtailt san oidhche" is focal faire dóibh agus ní feictear ag mórán iad. An crann cuilinn nó an crann labhrais is fearr leo mar fhasgadh, agus muna mbíonn a rogha aca sásuigheann crann giúise iad, nó tom de'n
árdfhraoch, nó tor fasgúil ar bith. Ní hamhlaidh a chodluighid ar ghéaga crainn. Ní thaithighid na craobhacha beag ná mór, ach an talamh faoi na crainnte. Sin é an fáth ar tugadh "creabhar caoch" agus "crom na nduilleog" ar an éan. Neaduigheann sé ar na talamh agus, cosúil le gach gob fada, ní chaitheann sé mórán dúthrachta leis an nead. Éan ceithre ubh 'seadh an creabhar. Níl cur síos ar an méad creabhar a marbhuightí in Éirinn le linn do na tighearnaí talmhan bheith i réim. Gach duine a raibh "dúithche" aige bhíodh an "game" ar cosaint aige agus deintí ár ar na creabhair lá áithrid gach bliain. Cuirtí fir is buachaillí ag cuartú na coille leis na héanacha a chur in áirde roimh na gunnaí. Marbhuightí ina gcéadta iad. Éan bréagh buird 'seadh an creabhar. Crot an naosga atá air, ach tá sé chó mór faoi dhó leis an naosga. Bhíodh agus tá fós tóir mhór ag na fiadhaidhthe air. Is dóigh liom nach bhfuil creabhair chó fairsing agus a bhíodh. Tá na dúithchí dá roint agus na coillte dá leagan, agus níl an fasgadh ann do'n chlúmh. Dá mhéad cosaint a deintí ar an "game" gheibheadh muintir na tuaithe éanacha in aisge go minic in aindeoin na dtighearnaí. Ag teacht i dtír do na creabhair imirce tagaid ina sgataí. In aimsir gairbh bid cortha de'n aistear agus tuitid lag tuirseach ar shroichint an chósta dóibh. Is minic a rugadh ortha
mar sin agus níor gádh gunna le n-a gceapadh. Is reamhaire a bhíd ag imtheacht nó ag teacht dóibh agus bailighid le chéile ina gcéadta roimh aghaidh a thabhairt ar an bhfairrge. An fiadhaidhe eolgaiseach bhíodh sé i gcomhnaidhe ag faire na gcreabhar aimsir na himirce. Dhá bhliain agus dhá fhichid ó shoin thuit na mílte creabhar "ó na néalta" i gCondae an Chláir. Éanacha ar ghnáthach leo dul níos fuide ó dheas ná Éire a bhí ionnta, is dócha, agus chliseadar bealach a dhéanamh in aghaidh gaoithe. Séideadh isteach faoi thír iad agus níor éirigh leo fasgadh maith d'fhághail. Bhítí ghá marbhú le bataí agus bhíodh creabhair dá ndíol go saor ar mhargaidh na sráideann an geimhreadh úd.
IASGAIRÍ. Leath-chéad slat de chiumhais báin ar an bhfairrge agus an chiumhais sin dá suathadh síos is aníos, amach is isteach arís in aghaidh na gcarraig. Taobh thiar de'n chiumhais cubhair sin tá na hárdtonna dá mbriseadh ag na dubh-charraigreacha faoi'n taoille, agus iad go garbh-ghlórach "ag teacht go tologach torannach trom." Níl aon bheithidheach a chuireas as gáir chó garbh nó chó hárd leis an ollgháir gairbh fadghlóraigh a chuireas an fhairrge chugainn. An tóirneach mhór an t-aon torann nádúrdha a sháruigheas garbh- ghlór na mara ar an tráigh. Taobh thiar de'n chiumhais báin, agus de na tonnta árda, agus de'n tormán mór tá an stoirm. Nuair a thagas meisge ar na gaotha an t-am a n-éirigheann eatortha amuich i lár na haigéine, sin í an uair a ropaid rómpa go dtéighid i dteangbháil leis an bhfairrge agus go gcuirid umhan agus uafás ar mhín- chlár na mara. Rud ciúin 'seadh an fhairrge nó go gcuirtear uirthi. Nuair cuirtear uirthi go teann is go dian tagann crith-eagla is umhan uirthi agus téigheann sí thar comraidh- eacht ar fad. Is mian léithe an uair sin imtheacht dá leabaidh agus dul ar ais nó ar éigin thar druim na talmhan. Bíonn an stoirm taobh thiar dí ghá díbirt agus buaileann sí ina tonna ar aill, ar charraig, is ar thráigh, nó go mbristear agus go gcaithtear a neart.
I lár na stoirme sin a bhrostuigheas na tonna chun buile bíonn na hiasgairí ar snámh agus iad dhá n-árdú is dhá n-ísliú le suathadh an uisge gan beann aca ar na gaotha. Bíonn na héin ghiúrainn agus na crosáin annsin amuich. Bíonn na héanacha aille is na cánóga ann. Bíonn na gainéid is na lachain mhara ann, agus na guardail, agus na hiasgairí dána uile nach dtaithigheann an tráigh. Má théighir ar turas loinge chífir na sguainte éan achar ó'n talamh, agus tógfair faoi deara nach n-éirighid de'n uisge in anfa gaoithe. Is amuich san bhfairrge sgathamh ó'n tráigh is mó a lorgann na hiasgairí seo an t-iasg. Is maith leo cuan fasgúil, fairsingeach, iasgach, ach ní maith leo an talamh agus ní maith leo teacht ina ghar, ach amháin in aimsir na nead. Bhíodh sé ina sgéal fadó go ngoradh an t-iasgaire cóirneach ar an muir agus go mbíodh an mhuir ina clár mhín chiúin feadh ama an ghuir. Ní raibh ann ach sgéal gan ughdar. Ní ghorann éan ar bith ar uisge. Is éigin do na héanacha is fiadháine teacht i dtír le haghaidh guir. Sin é is dlighe dóibh, agus muna mbeadh an dlighe sin is beag eolas a bheadh againn ar éanacha aille, ar chrosáin, ar chánóga, ná ar na héanacha a thaithigheann an tréan-fhairrge. Taithnigheann comhluadar a chéile leo agus tagaid i dtír ina mílte san earrach san áit is rogha leo mar neadlann.
AN GAINÉAD. Tugaim féin an chraobh do'n ghainéad ó éanacha uile na fairrge. Ní heol dom tomaire éin a théidheann chó fada síos faoi uisge leis ar lorg éisg, agus tá sé chó láidir ar sgiathán, dar le sean-ughdar Gaedhealach, go rachadh sé tríd seolta luinge gan strómh. Tá iongantaisí le feiceáil ar muir. An gainéad agus é ghá theilgean féin ó áirde an aéir caol díreach síos san uisge ar thóir sgadáin, tá sé ar cheann de na hiongantaisí
is mó aca. Ní facthas dom-sa amharc níos breaghtha ar muir ná an gainéad ag iasgach. In aice le hÁrainn dom lá chonnaiceas an t-éan mór ag timcheallú go hárd san aér. Is ag brath na sgadán a bhí sé agus ba chosúil ó'n áirde a bhí aige go raibh na sgadáin an fhaid chéadna síos ó uachtar uisge. Bhí sé ag eiteall go tréan agus cearcall de leath-mhíle treasna dhá dhéanamh aige. Shílfeá ó'n bhfuadar a bhí faoi nach bhfeicfidhe tada faoi chlár na fairrge dó. Bhíos ghá fhaire tamall maith nuair lag sé na sgiatháin go raibh sé stadtha beagnach. Go hobann dhírigh sé anuas ar an uisge, ceann faoi agus iorball in áirde. Thuit sé mar thuitfeadh cloch mhór agus nuair bhuail sé uachtar uisge cuireadh stealladh agus maidhm bhaistighe go hárd os cionn na dtonn. Caithfidh sé gur bhuail sé an t-uisge le neart agus truime nó ní cuirfidhe an t-uisge chó hárd de bharr na teangbhála, agus níor mhór do'n éan bheith láidir, cnámhach nó ní fhuilingeochadh sé an teangbháil sin. D'fhan sé faoi uisge tamall maith agus an dá luath 's tháinig sé aníos d'árduigh sé ar sgiathán arís agus d'imthigh leis. Nach breagh an saoghal atá ag an ngainéad. Grian agus gaoth agus fairrge, snámh ar uachtar uisge agus dubh-shnámh faoi uisge, tomadh agus iasgach, suas le céad míle ar sgiathán ar maidin agus an turas céadna ar ais go dtí an neadlann tráthnóna, codladh oidhche ar ailltreacha árda na Sgeilge
Bige nó an Tairbh agus gan beann aige ar gunna mar nach mbacann fiadhaidhthe na hÉireann leis. Ní hé amháin gurb éan mór breagh é a bhfuil crot agus cosúlacht air, ach caitheann sé a shaoghal go réimiúil. Is breagh an saoghal é agus is fiadháin. Rud faoi leith a bhaineas leis an ngainéad nach bhfuil ach dhá neadlainn ar chóstaí Éireann aige, agus ní ar an gcósta díreach atá an dá áit sin ach ar dhá oileán bheaga mhara, an Sgealg Bheag atá in aice le Sgeilg Mhichíl agus an Tarbh atá fiche míle ó dheas ó'n Sgeilg agus siar ó Chondae Chorcaighe. Ní ghorann an gainéad seo 'gainn-ne taobh amuich de'n dá áit seo. Gorann suas le cúig céad péire aca gach samhradh ar an Sgeilg agus timcheall trí céad péire aca ar an Tarbh. Árduigheann an Sgealg Beag a ceann clochach cúig céad troigh os cionn na fairrge agus is ar shleasaibh na haille agus i gcuasána na gcarraig a bhíonn neadracha na ngainéad. Is cosúil le tréad caorach na gainéid ar an Sgeilg séasúr na nead. Cuirid iongnadh agus aiteas ar bhádóirí a thagas i ngar do'n charraig. Taithigheann na gainéid gach cuan agus inbhear timcheall Éireann. Ní ó Chiarraidhe, ámh, ná a ndeas a thagas a leath, mar go bhfuilid an-fhairsing ar chóstaí Alban agus 'siad gainéid Alban a bhíos le feiceál ar fhairrigí Uladh ó Thír Conaill go Condae an Dúin. Téidheann gainéid ag iasgach ina
sguana ach is minic a bhíonn ceann corr le feicéail ag iasgach dó féin. Nuair bhíos sgadáin nó runnacha go fairsing i gcuan na Gaillimhe bíonn lear mór gainéad ar a dtóir taobh istigh d'Árainn. Taithnigheann le hiasgairí sguan gainéad a fheiceáil ar muir. An áit a mbíonn gainéid bíonn sgadáin agus níl rud is fearr le hiasgaire ná an sgadán. Ba mhinic do na héanacha so dul a bhfastó ins na heangacha. Tráth bhí iasgairí ag iasgach ins an domhan-fhairrge soir ó Chondae an Dúin agus na heangacha céad agus ceithre fichid troigh faoi uisge aca thógadar aníos ceithre fichid agus deich ngainéad a d'ionnsuigh a gcuid sgadán faoi uisge agus a sáinnigheadh ins na heangacha. Beireann iasgairí go minic ar ghainéad chorr agus é ina chodladh ar an tuinn tar éis an iomarca bídh. Tá ealadhain chó mór de dhíth ar an éan so gur féidir a ghabhail mar sin, nó a mharbhú go réidh. Cleas atá ag iasgairí iasg a cheangal de chlár ádhmuid agus a chaitheamh amach ar an bhfairrge nuair bhíos gainéad ag eiteall ós a gcionn. Tagann an gainéad anuas go díreach trom ar an gclár go mbriseann a mhuinéal ina aghaidh. Éan bán an gainéad agus barr an dá sgiathán dubh. Tá sé chó toirtiúil ina chonablach le heala, beagnach, ach nach bhfuil an muinéal fada aige. Is éan gan gangaid é, nach bhfuil gadaidheacht ag baint leis, ná braduíl, mara n-áirimhighthear an sgadán
a sgiobann sé as eangach an iasgaire. Ní ghoideann sé adhbhar nid a chomharsan, mar ghníos an bhroigheall, ná ubh as nead éin eile mar ghoideas faoileán na sgadán. De'n fheamain agus de shopaí fánacha tuighe ghníthear an nead. Ní bheireann an ghé thar aon ubh amháin go ndéanann sí gor air agus ní dhéanann gor ach uair san mbliain. Plaosg ghorm-bhán nó bán-uaithne ar an ubh, ach go mba dóigh leat gur plaosg bhán í bíonn an oiread soin cailce greamuighthe dí ar an taoibh amuich. Is ar éigin a bhíonn clúmh ar bith ar an ngearrcach an chéad lá ach é ina chraiceann lom. Is gearr go dtig neart ann agus clúmh dá réir. Tógann sé an fhairrge air féin go luath agus foghluimigheann sé an t-iasgach ó na sean-éanacha. Ní thagann sé chun feadhma go dtí an ceathramha bliain agus ní luigheann an ghé ghainéid ar ubh roimhe Sin An "t-ugasdún" atá ag muintir Chonnacht an éan so.
AN t-ÉAN GIÚRAINN. Éan fairrge atá go hait agus go hálainn 'seadh an t-éan giúrainn, nó an fuipín, mar thugas muintir na mBlascaodaí air. (Is mar sin adeirid an focal Béarla puffin). Is minic a tháinig páiste gléigeal as bothán súghaidh. Is as poll talmhan aníos a thagas gearrcach álainn an éin ghiúrainn. Ní dóigh liom go bhfuil éan ar bith de na héanacha
fairrge chó dathúil leis. Stumpa éin 'seadh an sean-éan, iorball gearr, cosa gearra, agus sgiatháin ghearra air, agus gob gearr, ach é láidir, acfuinneach agus daithte. An druim, na sgiatháin agus an bhaithis dubh. An brollach, an bolg agus an dá leathcheann bán. Fásann dá shliogán, nó giúrann, ar uachtar agus ar íochtar an ghuib. Sgoith- eann an t-éan na sliogáin sin san ngeimhreadh, ach fásaid arís san earrach. Bíonn na sliogáin daithte ar na héanacha óga ag teacht san bhfairrge dóibh. Dálta mar ghníos an gainéad, an crosán, agus cuid eile de na héanacha fairrge, ní leagann an t-éan giúrainn cos ar aill nó carraig nó talamh taobh amuich de'n neadlainn. Tá áiteanna timcheall ar cóstaí Éireann ina ngorann sé. Ar na háiteanna so atá Reachra Breagh in aice le Binn Éadair, na hoileáin Sáile, an Tarbh, na Blascaodaí, oileán na gCánóg, Aill- treacha an Mhóthair, oileáin Árann, cóstaí thuaidh Mhuigheo, Tórach, Corrán Binne, agus oileán Rachlann. Is cosúil nach maith leis na héanacha fairrge an cineadh daonna agus go bhfuil sgáth ortha romhainn. Nuair a thagas siad i dtír chun guir toghaid dóibh féin na h-áiteanna is uaignighe agus is fiadháine dár chruthuigh Dia, agus ní thaithighid aon áitreabh daonna. Tá éadan an Chorráin Bhinne cúig céad troigh ar áirde agus deirtear gurb é sin an t-áitreabh is mó in Éirinn ag éanacha giúrainn.
Is andeas chugainn a thagas an t-éan giúrainn san earrach. Gorann éanacha imirce san taoibh ó thuaidh dá réagún agus imthighid ó dheas le haghaidh an gheimhridh. Ní feasach dúinn díreach cá gcaitheann éanacha giúrainn an geimhreadh, ach is fíor go mbíonn corr-cheann aca ar an bhfairrge mór in aice linn, mar go gcaithtear isteach faoi thír leis an stoirm iad. Ní feictear na sgataí ag eiteall chugainn go dtí tar éis Lá Fhéile Pádraic. Tagaid i dtír ar shroichint ár gcósta dóibh, ach ní fhanfaid san neadlainn. Imthighid go fairrge arís an lá céadna agus bíd ag teacht i dtír ar an aill gach lá go dtosuighid ar neadú tar éis Lae Bhealtaine. Taithighid an neadlann chéadna ó bhliain go bliain agus is iondual go bhfillid andeas ar an lá céadna de'n earrach gach bliain. An t-éan aille agus an crosán ní dhéanaid nead, ach gorann ar an gcarraig loim. Ní réidhtigheann an charraig lom leis an éan giúrainn. Ní hamhlaidh a ghníos sé nead mar ghníos éanacha coille agus éanacha móna nó léana, ach tá dúil aige san bhfasgadh. Ní shásóchadh ionad ar uachtar talmhan an t-éan so, agus is gnáthach leis poll trí troighthe ar dhoimhne a dhéanamh ar uachtar aille go leagann an t-éan buinean an t-ubh in íochtar an phuill agus go ndéanann gor air, gan gaoth ag séideadh air ná grian ghá théidheadh. Má gheibh éanacha giúrainn puill choiníní in aice na haille cuireann
siad na coiníní as na puill agus neadann ionnta iad féin. Aon ubh amháin a bheireann an t-éan buinean go ndéanann sí gor, agus 'deirtear nach ndéanann gor ach uair san mbliain. Fágann sin go mbíonn sí taobh le aon ghearrcach amháin mar ál. Ní thagann an gearrcach aníos as an bpoll go mbíonn clúmh agus cleiteacha air. Tráth thárla dom bheith ag bádóireacht faoi bhun aille tháinigeas ar sguan fuipíní óg. Bhí an snámh go maith aca ach ní rabhadar go láidir ar sgiathán, agus níor fhéadadar imtheacht leis na sean- éanacha. Nuair theann an bád leo is amhlaidh a ritheadar ar bharr an uisge agus cos is sgiathán ag obair in éindigh aca. D'árduigh cuid aca ar sgiathán ach thuiteadar go luath arís san uisge. Thom cuid eile aca ach tháinigeadar aníos arís gan ró-mhoill. Ba ghleoidhte an taisbeántas éan iad le n-a mbrollacha bána agus le n-a nguib ioldaithte. Muna dtagann an fuipín óg as an bpoll guir go mbíonn neart ann, tá réasún leis an moill. Is beag nós ag éanacha gan fáth leis. Sanntuigheann an seabhac seilge feoil an fhuipín óig agus tóruigheann sé na héanacha óga go dian ar na hailltreacha agus sgiobann leis na cinn laga má gheibh sé faill ortha. De réir mar thagas neart ins na cinn óga tugann sean agus óg aghaidh ar an bhfairrge. Ní mórán nirt a bhíos ins na héanacha beaga go díreach tar éis teacht as an bpoll guir
dóibh, agus, ar nós na dtomairí ar fad, táid go tuaithealach ar na cosa. Ag fágáil na nead dóibh tuiteann siad anuas le caitheamh na haille isteach san bhfairrge. Ní eirigheann leo go léir uisge a shroichint. Téidheann cuid aca i dteannta i gcuasáin na gcarraig agus fágtar san sáinn iad go dtagann an seabhac seilge ortha, mar nach mbíonn neart ag an sean-éan ar éan óg a thuiteann i bpoll domhan charraige. Níl éan ar bith is dílse dá ghearrcach ná an t-éan giúrainn. Má ionnsuightear an fuipín óg seasann an sean-éan fód agus tugann aghaidh ar an námhaid. Ní imthigheann an t-éan buinean as an nead roimh duine ná beithidheach agus tugann a hanam go minic ar son an ghearrcaigh. An imirce an t-aon rud amháin a chuireas isteach ar an dílse sin an éin ghiúrainn. Ní ar an lá céadna a thosuigheann na fuipíní ar gor. Tosuigheann cuid aca i dtús an Bhealtaine agus bíonn cuid eile aca ar gor i mí Iúil. Tagann an tráth nuair is éigin d'éanacha imirce imtheacht thar sáile. Bíonn an imirce ar siubhal ar feadh sgathaimh, ach tagann an lá deireannach agus is eol do gach fuipín an lá soin amhail is dá mba Lá Brátha é. Tagann lá deireannach na himirce — imirce na bhfuipíní — roimh Lá Fhéile Muire i mí Lughnasa i gcomhnuidhe, agus an mháthair fhuipín is dílse ar bith ní fhanfadh sí i mbun gearrcaigh tar éis an lae sin. An méad aca a bhíos mall leis an ngor tréigid na gearrcaigh nach
mbíonn clúmh agus cleiteacha ortha agus neart ionnta chun na fairrge. Ní ar sgiathán a imthigheas na héanacha giúrainn uainn ach ar snámh, agus ní feasach dúinn go n-árduigheann siad ar sgiathán ar an turas ó dheas dóibh. Laige na n-éan n-óg is cionntach leis seo is dócha, agus ní hé laige na sean-éan é, mar is éan láidir mear ar sgiathán an sean-éan giúrainn. B'ait leat na sguainte éan d'fheiceáil ag dul ó dheas dóibh thar oileána iarthair Éireann i lár mí Lughnasa agus na mílte aca, sean agus óg, ag snámh le cheile ar ucht na mara móire. Is áilne ná sin arís na sgataí ag teacht andeas ar sgiathán tar éis Lae Fhéile Pádhraic san earrach. Tumaire cumasach cliste atá san éan giúrainn agus maireann sé ar iasg, nó ar shíol éisg. An gob láidir atá aige cuireann sé ar a chumas iasg chó mór le sgadán a mharbhú gan strómh, ach is ar an síol éisg is mó a thagann fuipíní suas. Connacthas sean-fhuipín go minic ag teacht go dtí an nead agus oiread agus cúig cinn de sgadáin bheaga ina ghob aige le haghaidh an ghearrcaigh. Ní tugtar an t-iasg do'n ghearrcach go ceann beagán lá tar éis teacht as an bplaoisg dó. Biadh ro-láidir 'seadh é. Is amhlaidh a shlugann an sean-éan an t-iasg ina hiogán go mbíonn sé leath-leághaite, agus is leis sin a beath- uightear an gearrcach go dtagann neart ann.
AN BHROIGHEALL NÓ FIACH MARA. Éan mór atá san mbroighill, toirt ghé innte, ach go bhfuil a mhalairt de chrot uirthe. Muinéal fada, gob láidir, ach gan é bheith chó fada le gob na coirre éisg; cosa gearra agus iad siar fúithe; ruball leathan, agus ina seasamh dí bíonn cruit uirthi, an ruball ar thalamh agus an ceann in áirde. Dath
dubh agus sgáil ghorm tríd an duibhe uirthe, agus dá bhall bheaga bhána ins na taobhanna. Iompuigheann clúmh an chloiginn geal san earrach agus tagann coc ar an mbaithis, cosúil leis an seaga. Ní thagann an bhroigheall chun feadhma go ceann trí nó ceithre mblian, agus bíonn brollach geal ag an mbroighill óig. Comhartha óige 'seadh an brollach geal. "Bocht le fairrge agus saidhbhir le sliabh," ach tugann an bhroigheall tír agus fairrge léithe, mar taithigheann sí lochanna agus aibhne chó maith leis an muir. Is gnáthach le broigheallacha dul ag iasgach ina sguana, ach is minic a chídhtear éan aonraic aca ar an gcladach nó ag déanamh bealaigh ar loch isteach agus é go hárd san aér. Trathnóna dom ar Loch Coirb chonnaiceas sgata mór broigheall ins an aér agus iad ina V mar bheadh géabhaí fiadháine. Bhíodar ag teacht adtuaid go dtí cuan na Gaillimhe tar éis an lá a chaitheamh ag iasgach ar an loc. In áiteanna is ins an oidhche a imthighid isteach ó chladach go dtí na lochanna. Tá a mhalairt de nós aca in áiteanna eile agus caithid an oidhche ar muir agus an lá ar loch nó abhainn. Ar úr-uisge nó ar fairrge do'n bhroighill is tréan an t-iasgaire í. Tá súil seabhaic aice agus snámh éisg. Tomaire í chó maith leis an gcuid is mó d'éanlaith na fairrge. Slugann sé na héisg ina mbeatha go
mbíonn an t-iogán mór lán go píobán aige. Baineann muintir na Síne obair as an mbroighill. Tógaid ina peata í agus nuair a thagas láidreacht inntí tógaid ag iasgach leo í. Cuirid fáinne ar an muinéal nach leigeann do'n éan an t-iasg a shlugadh ar fad. Sgaoilid an bhroigheall san abhainn agus tagann sí go bruach le gach iasg dá marbhuigheann sí. 'Sí an aill árd ar aghaidh na fairrge is áitreabh do'n bhroighill in aimsir guir, ach ní héan gan seift í agus ní miste léithe neadú ar chrann cois cladaigh nó abhann, nó ar shean-chaisleán. Tá oileán i Loch Coirb a bhfuil go leor nead broigheall ann agus iad leagtha ar an talamh lom gan fasgadh. An t-éan aille agus éanacha eile ní dhéanaid nead, ach goraid ar an gcarraig loim. Tá an bhroigheall níos síbhialta ná iad-san. Ghníonn sise nead mór de chipíní aitinne, slatacha mara, feamain, féar agus caonach, go mbíonn carn mór brúsgair aice. Ar a bharr soin beireann sí trí ubh. Nuair a bhíos nead dhá dhéanamh ag péire broigheall fanann éan aca ina bhun agus téidheann an comrádaidhe amach ag cnuasacht adhbhair. An t-éan a bhíos ag cnuasacht ní mór dó bheith glic agus gasta mar go ndéanann a chomharsanna "luigheachán" air ar a bhealach abhaile dó agus baineann na cipíní dhe má's féidir. Rudaí gránna atá ins na gearrcaigh, nídh nach iongantach agus a laghad d'áilne atá
ins na sean-éanacha. Tá gob láidir ar an sean-éan ach níl sí deisiúil leis chun biadh a riaradh ar na gearrcaigh. Is amhlaidh a líonann sí an t-iogán le héisg bheaga agus ar a bheith ag beathú na ngearrcach dí fosglann sí a gob go leathan, sáthann an gearrcach a ghob féin siar i sgórnaigh an tsean-éin, tógann na héisg aníos as an iogán agus itheann go mbíonn sáthach. Is cosúil leis an mbroighill an seaga ach nach bhfuil sé chó mór baileach, agus níl an ball geal ar an taobh aige. Ní thaithigheann an seaga na haibhne nó na lochanna ach go fíor-annamh agus caitheann sé a shaoghal idir cladach agus fairrge. "Cailleach dhubh" atá mar ainm ag go leor de mhuintir an chladaigh ar an seaga, agus tá "fiach mara" ag muintir Chiarraidhe ar an mbroighill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services