RÉAMHRÁDH.
Thosuigheas atá dhá bhliain ó shoin ann ar
ainmneacha Gaedhilge na n-éan do bhailiú
agus d'éirigh liom an foclóir atá i ndeire
an leabhráin seo do chur le chéile. Chuireas
beagán leis na hainmneacha a bhí ann cheana
féin. Bhí "meanntán" againn ar titmouse,
agus "geabhróg" ar tern, agus "ceolaire"
ar warbler, agus bunfhocla eile. Cheapas go
raibh sé riachtanach dúinn na cineáil a
dheighilt ó n-a chéile agus rinneas dá réir
mar chídhfear ins an bhfoclóir.
Táim faoi chumaoin ag na daoine a chuidigh
liom in obair an fhoclóra, ag an Ollamh
Tomás Ó Raithile, ag "an Seabhac," ag an
Dochtúir Conchubhar Mag Uidhir, ag Pádhraic
Ó Conghaile, ag Mac Uí Ghallchobhair, Gárda
Síothchána, ag an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh,
agus ag go leor daoine in Iar-Chonnachta.
TADHG Ó CEALLAIGH.
SAOGHAL ÉANACHA
AN LONDUBH.
Lá i ndeire Samhna bhí duilleoga na gcrann
agus iad críon caithte ina mbrat ar an
bhféar taobh amuich de'n fhuinneoig. Tháinig
an londubh go dtí tor beag le hais na fuinn-
eoige agus d'ísligh go tapa ar an bhféar
imeasg na nduilleog. Níor phreab sé chun
siubhail mar is gnáthach leis, ach chuir leath-
cheann air agus bhreathnuigh go géar duilleog
dhearg a bhí dhá chorrú aníos beagán. Níor
leig sé gíog as, ach gheiteadh an dá sgiathán
agus an t-iorball gach ré meandar amhail
is dá mbeadh sgannradh air, nó droch-aimhreas
air i dtaoibh na duilleoige. Bhí iongnadh mór
air agus é ag féachaint go cíocrach ar an
duilleoig. Bhíos ghá fhaire agus gan a fhios
agam céard a bhain dó mar nár facthas tada
as bealach dom ach an duilleog a raibh
corrú beag faoi. Níor cuireadh moill orm
mar ba ghearr gur aimsigh an gob géar buidhe
rud a bhí faoi'n duilleoig agus nár facthas
dom ar dtús. Péist dearg chréafóige a bhí
ann. Tharraing an lon aníos as an bpoll í
go dtí go raibh sí ar thalamh slán aige, agus
bhí ghá piocadh go fíochmhar go dtí nach raibh cor
as an bpéist bhoicht. Annsin shlug an lon an
phéist dearg ghránna a bhí chó fada leis féin,
nach mór, agus bhí go sásta. Níor dhéin ceol,
ámh, mar dhéanfadh spideog tar éis bídh dí.
Craosaire éin 'seadh an lon. Is slugaire
críochnuighthe é agus tá blas aige ar gach
sórt — arbhar, síolanna, seilíní, cuiríní agus
ubhla, có maith le ciaróga, péisteacha agus
daola na talmhan. Tá an-dúil aige ins na
seilíní agus pollann sé na hubhla go náireach.
Slugann sé na cuiríní ina gcraiceann, agus
piocann sé an croidhe as na spíonáin.
An geimhreadh agus an t-earrach an t-am
is gainne ag éanacha. Le linn doininne
agus cruatain aimsire is minice a chídhtear
an londubh in aice le háitreabh daonna.
Díbrigheann sioc agus cruatan isteach é ar
lorg bídh agus chó luath is thagas leaghadh
agus boige aimsire tréigeann sé sinn agus
imthigheann sé faoi na páirceanna arís. Is
minice a thagas sé in aice linn ná an smólach.
Níl sé chó glic leis an smólach agus is fusa
do ghasúir a mhealladh isteach i gcliabhán ná
an smólach.
Éan breagh luath ar sgiathán atá san
londubh nuair is cruaidh dó. Lá geimhridh
chaitheas giotaí beaga aráin taobh amuich
de'n fhuinneoig. D'ísligh cathóg ar chraoibh
agus d'fhan ag faire na ngiotaí aráin, ach
bhí sgáth uirthi ísliú san áit a rabhadar.
Tháinig londubh, sgiob giota de'n arán agus
d'imthigh, an t-arán ina ghob aige. Is ar
éigin a bhí sé ar sgiathán nuair bhí an chathóg
san tóir air. D'imthigh an londubh go híseal
le talamh go dtáinig an chathóg ró-ghar dó.
Annsin d'árduigh sé caol díreach suas san
aér. Lean an chathóg é, theannuigh leis agus
bhain cor as os cionn na gcrann. Anuas
leis an dá éan dubha arís agus d'imthigheadar
as m'amharc.
Dubhras ar ball nach bhfuil an londubh chó
glic leis an smólach agus gur fusa é a
cheapadh in inneall ná an smólach. Is fusa
go mór. Bhí sgriosadh dhá dhéanamh ar gharrdha
ag éanacha. Leag an garradóir inneall
iarainn san ngarrdha agus chuir baoite de
sheilíní agus cuiríní ar theangaidh an innill.
Rug sé ar dhá fhichid lon leis an inneall,
ach níor eirigh leis thar trí smólach a mharbhú.
Is maith leis an londubh feoil — péisteacha
agus a leitheid — ach ní fhacas ariamh é ag
imirt cleas an smólaigh ar an seilmeide.
Má thagann smólach ar phlaoisg seilmeide
aithnigheann go maith má's folamh nó lán dí.
Má gheibh sé plaosg throm tógann leis ina
ghob go dtí cloch í agus buaileann in aghaidh
na cloiche go mbriseann ina smidiríní í.
Bíonn an seilmeide lom gan plaosg chosanta
annsin agus ghníonn an smólach béile dhe.
Is iongnadh liom nach bhfóghluimigheann an lon
an cleas soin ó'n smólach.
Éaluigheann smólach ó chontabhairt gan gíog
as. Má sgannruighthear londubh cuireann sé
a chor i gcéill do'n domhan mór. An cat
is mó a chuireas faitchíos air. In aimsir
guir tagann misneach dó agus athruigheann
sé an faitchíos uaidh féin 'dtí'n cat. Bhí
fál sgeach gheal in aice an tighe againn fadó.
Fál dlúth deilgneach a bhí ann. Bhí nead
ag péire lon i lár sgeiche san bhfál, agus
dá mbeadh meabhair aca air, níor bhaoghal
dóibh an cat, mar nach dtiocfadh leis dul
tríd an dlúthas dealg. An fhaid is bhíodh
an chearc loin ar gor bhíodh an londubh timcheall
ar an nead agus thug an cat faoi deara é.
Cat dubh bradach a bhí ann nach gcodluigheadh
istigh ó Lá Bealtaine go Lá Samhna. Thagadh
sé go dtí sgeach an nid agus bhíodh sé ag faire
an choiligh, féachaint an bhfuighfeadh sé deis
air le n-a cheapadh. Ní raibh baoghal air
dul i dteannta ins na dealga ach níor
tuigeadh soin do'n éan. Bhíodh droch-aimhreas
ar fad aige ar an mbeithidheach agus chuireadh
sé fógra mór contabhairte as:
Cinc cinc, cinc cinc,
Cinc cinc, cinc cinc,
Cinc, cinc!
Leanadh sé do'n ghleo soin agus d'eitealladh
timcheall os cionn an chait, ghá ionnsú, mar
dheadh, ach gan a theacht ró-ghar dhó, nó go síleadh
an cat gur éan fíochmhar an londubh agus
go n-imthigheadh sé. Is iomdha maidin shamhraidh
a dhúisigh an "cinc cinc" mé roimh éirghe
gréine.
Ba dheacair dom cur síos i bhfocla ar
cheol an londuibh. Thug mórán faoi sin a
dhéanamh agus chlis sé ortha a dhéanamh go
beacht. Na ceoltóirí féin is deacair dóibh
aithris chruinn a dhéanamh ar cheol na n-éan.
Níl riachtanas leis sin, ámh, mar go bhfuil
na héanacha ceoil chó fairsing agus chó
coitchianta ar fud Éireann gur féidir iad
uile a aithneachtáil thar a chéile. Tugtar
ceol nó ceileabhar ar gach sórt gleo a ghníos
éanacha a bhfuil ceol ar bith aca. Taobh
amuich de phort ceart an londuibh tá trí
saghas ceileabhair ar a laghad aige. Tá
an "cinc cinc," nó an fógra contabhairte,
aige. Tá an fógra oidhche aige a cheileabharas
sé roimh dul a chodladh dó san trathnóna,
agus is binne an fógra oidhche ná an "cinc
cinc." Tá aige freisin nótaí boga sgórnaighe
a ghníos sé ar sgiathán dó go díreach nuair
bhíos sé ag teacht thar claidhe nó fál isteach
san ngarrdha a thaithigheas sé. Nótaí sástachta
iad so agus bíd go binn. Ach port fíor an
loin, is breagh an port é agus ní hiongnadh
na filí ó oisín anuas ghá mholadh. Guth árd
binn 'seadh an guth a sgaoileas an gob buidhe
thar coillte is bánta ó bhreacadh lae go
mbíonn an ghrian ag teacht chun láidreachta,
agus arís trathnóna. Ceileabhrann an
londubh ar chraoibh agus is maith leis ceol a
dhéanamh ar bharr balla an gháirdín in aice
le nead na circe. Ní miste leis an bháisteach
throm. Ní chuireann sí isteach ar a phort.
Ní ceol casta ceol an loin mar cheol na
fuiseoige. Is casta ceol an smólaigh ná é,
ach tá sé chó fuaimeach ceolmhar go líonann
sé coill is spéar, agus cloistear é míle i
gcéin. Má tá rud ar bith saoghalta a
mbaineann draoidheacht leis, 'sé an ceol é.
Má éistighir le ceol an loin an t-am in
a mbíonn an domhan ina gcodhladh ach eisean
is tú féin mothóchaidh tú an draoidheacht.
Bhí sé socruighthe ag Naomh Proinnsias
tráth seanmóir a thabhairt uaidh faoi sgáth
crainnte coille. Nuair tháinig sé isteach
san gcoill bhí an oiread soin ceoil dhá
dhéanamh ag éanlaith nárbh fhéidir leis an
Naomh a ghlór a chur i gcéill. D'éist sé
leo ar feadh sgathaimh agus annsin dubhairt
leo stad de'n cheol, gur theastuigh uaidh féin
labhairt. Stadadar ar an bpoinnte. Is
dóigh liom go raibh an londubh ar cheann de
na héanacha a choinnigh an Naomh ina thost,
mar gur beag éan ceoil atá chó binn ná
chó hárdghlórach leis.
Taithigheann an londubh fálta, agus
cladhacha, má bhíonn tomanna nó corr-sgeach
ortha. Cois chlaidhe nó fáil nó faoi sgeacha
ins an ngáirdín is fearr leis le bheith ag
tóiridheacht bídh. Ní feicfidhe go deo é i lár
páirce, agus ag eiteall dó ní théidheann sé
go hárd nó abhfad ó'n bhfasgadh.
Ní bhíonn nead an loin ró-árd ó'n talamh.
Muna mbíonn sgeach nó tor feiliúineach dó
toghann áit clúthmhar faoi sgáth an eidhin ar
thaoibh an bhalla, nó cuasán faoi bhruach,
b'fhéidir. Cleachtann an lon de réir mar
gheibheas sé caoi. Bíonn an nead go breagh
fairsing agus é an-chosúil le nead an
smólaigh. Bíonn difridheacht ann, ámh. Cuir-
eann an lon líneáil de'n fhéar mhín ar an
taoibh istigh dá nead féin. Ní bhíonn a leitheid
sin i nead an smólaigh. Ceithre nó cúig
ubh a bheireas an chearc loin nó go ndéanann
gor ortha, ach is minic a ghoras cearc loin
trí uaire san mbliain.
Is cosúla an chearc loin le smólach a
mbeadh clúmh agus cleiteacha ciardhubha air
ná leis an gcoileach loin a bhfuil clúmh agus
cleiteacha chó dubh le daol air, agus gob
buidhe. Go deimhin, tá spotaí dubha ar
bhrollach na circe loin mar atá ar an
smólach ach nach bhfuil na spotaí chó cruinn
le spotaí an smólaigh. Stríocaí dubha treasna
ar an mbrollach atá ar an gcearc loin. Is
dócha gur mar gheall ar an dath ciardhubh a
tugtar "ciarseach" nó "céarseach" ar an
gcearc loin. Tá an t-ainm sin uirthi i
gCiarraidhe, i dTír Conaill agus in áiteanna
i gCondae na Gaillimhe. De'n treibh céadna
seadh lon is smólach agus ní hiongnadh na
hainmneacha bheith tré na chéile. Is ar an
smólach bheag cheoil a tugtar "ciarseach"
in Árainn agus i Rosmuc.
AN CHUACH.
Níor fheád filí na n-amhrán grádha samhailt
níos deise ná an chuach a thabhairt do mhéin
na mban. "'Sí cuaichín barr an tsléibhe í,"
agus "Is binne ná an chuach í," agus
cainteanna de'n chineál soin a bhíodh ag ár bhfilí
tuaithe. Thaithnigh an tsamhailt leis na mná,
ach ná tógtar ortha é, mar nach bhfuil sárú
na cuaiche imeasg éan. Taithnigheann an guth
bog binn leis an domhan mór, le slán agus
easlán, le sean agus óg. Tig an t-éan
chugainn thar sáile anall i ndeireadh an
earraigh agus cuireann in úil dúinn go
bhfuil laetheannta geala an tsamhraidh buailte
linn. Tugann an sgéal soin misneach agus
dóchas do'n sgolóig, agus cuireann sé fear
an bhaile mhóir ag drimleoid faoi'n gcnoicín
fraoich atá abhfad uaidh. Cuireann sé tógáil
chinn ar an diúgaire féin agus crochann a
chroidhe ina lár. Is binn linn sgéal na
cuaiche, idir ghuth agus chiall.
Cé gur geal linn an chuach, níl cluanaidhe
chó mór léithe imeasg na n-éan. Na héanacha
is bradaighe beo — an seabhac, éan na sgadán,
an chorr-fhaoileán, tógann gach éan aca nead
agus ghníonn gor ar na huibheacha go cneasta.
Ní dhéanann an chuach nead dí féin, agus ní
dhéanann gor ar ubh. Ní bheathuigheann sí
gearrcach ach an oiread. 'Sí giolla na
cuaiche a ghoras ar uibheacha na cuaiche agus
a thógas na cuachóga. Ní hé an cineál céadna
éin a thoghas an chuach mar bhanaltra i gcomh-
naidhe. Tá sé cruthuighthe le fada go mbíonn
suas le céad nó sé fichid cineál éan ina
mbanaltracha ag na cuacha, ach 'sí an riabhóg
mhóna (anthus pratensis) is coitchianta a bhíos
ag giollaidheacht do'n chuaich. 'Sí is minice
a ghniós altromacht do chlainn na cuaiche.
Ní hionann an t-éan so agus an riabhóg, an
t-einín riabhach eile ar a dtugtar na hainm-
neacha gealbhan toime, gealbhan claidhe, caológ
riabhach, "bráthair a' dreolín" agus "buach-
aill an dreolín" Bíonn an riabhóg so ina
giolla cuaiche corr-uair, ach 'sí an riabhóg
mhóna is fearr leis an gcuaich mar mháthair
altroma dá clainn. "Banaltra na cuaiche,"
atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig
móna. "Coimhdre na cuaiche," atá ag
muintir Thír Eoghain uirthi. Tá "gobadán
na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag
na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na
cuaiche" uirthi freisin. Is maith an aghaidh
uirthi na leas-ainmneacha ar fad.
Tagann an cluanaidhe cuaiche i ngan fhios
do'n riabhóig móna agus beireann an t-ubh
ina nead, nó cuireann isteach ins an nead
é le n-a gob. Ní feasach dúinn go cruinn
cé'n bealach a gcuirtear an t-ubh san nead,
é a bhreith ann, nó é a leagan anuas ann as
béal na cuaiche. Ubh an-bheag, 'seadh ubh na
cuaiche, níos lugha faoi dhó ná ubh an tseabhaic
ruaidh, éan atá ar chó-mhéad beagnach leis an
gcuaich. Thiocfadh le sean-chuaich an t-ubh a
ghabhail ina gob go réidh agus deirtear go
ndéanann sí sin agus go n-iomchruigheann sí
mar sin é, nó ina sgórnaigh, ó áit a bhreithe
go dtí nead an ghiolla. Is cuma do'n riabhóig
móna cé aca é. Ghníonn sise gor ar an ubh
iasachtach chó maith le n-a huibheacha féin.
Nuair a thagann an t-am tagann an chlann
amach, clann na cuaiche agus clann na riabh-
óige. Ní fada a fhanas an dá chlainn le
chéile, mar go gcaitheann an sgalltán cuaiche
clann na riabhóige móna amach as an nead
agus tógann sé a sheilbh dó féin.
An mháthair riabhóige is dócha nach dtuigtear
an sgéal dí, nó b'fhéidir go gcuirtear faoi
gheasa troma í gan faillighe a dhéanamh i
mbeathú na cuachóige. Tógann sí an chlann
altroma go dílis agus go dúthrachtach. Is
fada ó na chéile goile na cuaiche agus goile
na riabhóige móna. B'fhurasta do'n éan bheag
a hiogán féin a shású, ach is cinnte go gcuire-
ann iogán craosach na cuaiche saothar uirthi.
Nuair a thagas neart sgiatháin ins an
gcuachóig fágann sí an nead ina diaidh agus
tógann sí an mháthair altroma in éinfeacht
léithe ar fud na tuaithe. Níl aon chur síos
ar dhílseacht na n-éan dá ngearrcaigh. Dá
mba léithe féin an chuachóg ní thiocfadh leis
an riabhóig móna bheith níos dílse dí ná mar
bhíonn sí. Leanann sí dá somachán altroma
ar fud na bpáirceann, eisean ag eiteall
roimhe ina rogha áird, agus ise, beag bídeach
mar atá sí, ina dhiaidh aniar agus gach ré
seal ag osnuíl agus ag casaoid aice.
Níor chualas ariamh ó éan, cé's moite d'éan
an nid sladtha, casaoid chó brónach le casaoid
na riabhóige móna agus an chuachóg ar a haire.
Shílfeá gur cúis náire aice an gearrcach mór.
Chuirfeadh an péire "An Sota is a Mháthair"
i gcuimhne dhuit. An mac gan mhúineadh gan
bhéas, gan foighid fanacht le cois na máthar.
An chailleach agus a cuid foighde sise caithte
aice, agus náire uirthi faoi nach bhfuil cosú-
lacht athar nó mháthar ar an mac, faoi nach
leanann sé do nósa a shinnsear, ach é gan
modh gan meas.
Chídhtear go minic éan beag ag leanúint
na sean-chuaiche. Cuireann éiníní tóir ar
an seabhac go minic freisin. Faitchíos is
fáth leis an tóir sin ar an seabhac, agus is
dóigh liom gurb amhlaidh atá an sgéal ag an
éan beag a bhíos le sála na sean-chuaiche.
Dá dtagadh cuach go dtí nead éinín, ba leor
soin le faitchíos a chur ar an éinín agus
chuirfeadh sé tóir ar an gcuaich.
Tá an riabhóg mhóna gaolmhar leis an
riabhóig coille. Tá méara na gcos roinnt
fhada aice agus ní fheileann an chraobh ná
an tslat dí. Taithigheann sí an talamh
réidh, an léana nó an mhóin. Is ins an bhféar
a bhíos an nead aice, gan aon chosaint air
agus tagann an chuach air gan strómh nuair
bhíos an riabhóg mhóna amuich. Is cinnte go
mba dheacair do'n chuaich teacht ar nead i
lár sgeiche agus ní leigfeadh na héanacha
móra ina ngaobhthar í. Ní fhéadfadh cuach
dul isteach i nead dreoilín agus ní bheadh
sé de mhisneach aice aghaidh a thabhairt ar
nead smólaigh nó loin.
Ó bharr guib go rinn iorbaill tá ceithre
ordhlach déag dh'fhad san gcuaich. Tá an gob
dubh agus na cosa buidhe. An ceann, an
muinéal, an brollach, an druim agus an
t-iorball, táid liath-ghorm, agus tá baill
gheala chruinne ar chleiteacha an iorbaill,
An t-íochtar, ó bhrollach go bun an iorbaill,
tá sé geal agus stríocaí gearra dubha
treasna ann. Éan péacach dathúil 'seadh
an chuach, agus is éan sgáthmhar í. Ní éirigh-
eann le mórán teacht ina haice.
Tagann na sean-chuacha chugainn i mí
Abráin agus imthigheann uainn tar na
fairrgí ó dheas i mí Lughnasa. Fágann siad
na cuachóga ina ndiaidh ach imthigheann
siadsan uainn i mí Mheadhon-fhoghmhair. Tógann
siad na fairrgí tréana ortha féin gan sean-
chuach le n-a dtreorú.
Níor mhaith le n-ár sean an chuach a chlosint
ro-luath san earrach. Droch-chomhartha ab eadh
é:
"Má labharann an chuach ar chrann gan
duilleabhar,
Díol do bhó agus ceannuigh arbhar."
AN DREOILÍN.
Tar éis na Féile Pádhraic bíonn an
dreoilín go cruadhógach gach lá in éadan a
nid. 'Sí a ghníos an nead go cruinn, com-
pórtach agus is fíor nach bhfágann sí bun
cleite amach nó barr cleite isteach ann.
Ní de chleiteacha a ghníos sí an nead, ámh,
ach de chaonach úr, de dhuilleogaí beaga agus
de chlúmh. Baineann sí an caonach úr go
héasgaidh, agus tig léithe a chasadh síos suas,
isteach is amach, de réir mar fheileas sé
dí. Is furasta an t-adhbhar úr a bhrughadh
agus a fhigheachan go dlúth le chéile, agus ní
mór soin nó bheadh báisteach anuas agus
gaoth isteach.
Cuireann sí corr-dhuilleog tríd an
gcaonach, agus cuireann caonach mín agus
clúmh ar an taobh istigh de'n nead. Coinnigh-
eann an clúmh an teas do na huibheacha
nuair bhíos an t-éan ar gor. Triomuigheann
agus cruadhann grian agus gaoth an caonach.
Bíonn an oiread soin toirte san nead agus
bíonn an mianach fighte chó dlúth ar a chéile
nach ndéanann an triomacht deannach dhe ná
dochar dó, ach a mhalairt.
Tógtar nead an dreoilín go hiondual i
lár sgeiche nó i gcuas san gclaidhe nó i
bpoll san tigh faoi'n mbuntsop. Déanamh
cruinn a bhíos air, gan é bheith fosgailte ar
a bharr ar chor ar bith. Ní cosúil le nead
gealbhain é, ach 'déarfá gur cuma nó ceirtlín
caonaigh é ar gach bealach, tá sé chó cruinn
sin idir bun agus barr. Is ar éigin atá
ceithre ordhlach d'aoirde ann ó íochtar go
huachtar. Tá poll ar bholg an nid ar thaoibh
na fóthana, mar bhealach isteach is amach.
Tá fairsingeacht slighe istigh do'n mháthair
agus do na seacht n-ubh déag a bhíonn go
minic ag dreoilín na hÉireann. Nuair thig
na sgalltáin as an bplaoisg bíonn slighe
dóibh go léir istigh in éinfeacht leis an sean-
dreoilín.
Ní bhíonn dreoilíní taobh le nead an ghuir.
Tógann an sean-choileach neadanna in aice
le nead an ghuir agus ghníonn sé ar an gcuma
céadna iad agus de'n mhianach chéadna, ach
nach gcuirtear an líneáil mhín dé chlúmh ar
an taoibh istigh ionnta. Is le haghaidh an
gheimhridh a tógtar neadanna an choiligh agus
is féidir na dreoilíní a fheiceáil agus iad ag
cruinniú ionnta trathnóna garbh geimhridh.
Is éachtach an t-ál a bhíonn ar an dreoilín
agus is dúthrachtach an mháthair í a thugann
aire dóibh ar fad. Dá bhfeictheá í féin agus
an t-athair maidin shamhraidh agus iad ag
cnuasach crumhann agus péistíní do'n aos óg,
chuirfídis iongnadh ort leis an bhfuadar a
bhíonn fútha.
Éinín sgáthmhar 'seadh an dreoilín. Ní
miste léithe comhnaidhe in áitreabh daonna.
Imeasg na sgeach ins na garrannta is mó
a chomhnuigheann sí, agus ní miste léithe
bántaí agus criathracha uaigneacha má bhíonn
tom sgeiche nó aitinne ionnta chun fasgtha.
Ní ceoltóir ró-mhaith an dreoilín, cé gur
fearr é ('sé an coileach a ghníos an ceol)
ná an gealbhan cátha, ná an bhuidheóg, agus
cuid mhaith eile. Níl de cheol aige ach aon
amhrán amháin agus gabhann sé é sin go
croidhiúil gach mí san mbliain.
Dath donn-riabhach atá ar an dreoilín in
uachtar agus dath liath gan é bheith riabhach in
íochtar mar bhíos ar go leor de na héanacha.
Tá ganntanas ceoil agus dathann ar an
dreoilín, ach má tá, níor dhéin Dia
éagcóir uirthi. Thug Sé cothrom dí ar bhealach
eile, mar thug Sé ciall agus gliocas dí.
Ní thíg le mórán éan nead a dhéanamh chó
maith léithe, ná áit chosanta do'n nead a
thoghadh mar ghníos sise. Ní baoghal do nead
an dreoilín an cat nó an seabhac.
Tá sé ina sgéal go raibh comórtas idir
na héanacha tráth ag féachaint dóibh cé aca
is aoirde a d'eitleochadh san aér. Chruinnigh
eadar ar fad le chéile lá breagh samhraidh.
Tháinigeadar ó na naoi n-áird, idir éanacha
coille agus éanacha fairrge. Bhí an t-iolar,
an chorr éisg, an gainéad, an bhroigheall agus
na faoileáin ann. Bhí na héanacha aille
ó'n bhfairrge ann; bhí na géabhaí fiadháine
agus lachain fhiadháine ann; bhí na ladhráin
trágha ann ina míltí; bhí an chathóg, an
préachán, agus an snag breac ann; bhí cuilm
agus cearca fraoich agus feadóga ó'n sliabh
ann; bhí druideacha agus pilbíní agus crot-
acha ann.
Tháinig na héanacha ceoil agus iad ar fad
go sgáthmhar, cúthail, an smól, an lon, an
glasair choille, an spideog, an gleoiseach,
an chuach, an fhuiseog, agus an bhuidheog.
Tháinig na fáinleoga, na meanntáin agus
na gealbhain, an dreoilín easpuig agus snag
na gcrann.
Ní tháinig ach aon dreoilín amháin do
láthair agus bhí na héanacha uile ag magadh
faoi. Tháinig an oiread sgátha air gur
dhruid sé siar uatha go ndeachaidh i bhfolach
taobh thiar de'n iolar. Ar ball beag sul
ar tosnuigheadh ar an rás in áirde léim
an dreoilín isteach faoi chleite mór iorbaill
an iolair agus d'fhan annsin.
Tosnuigheadh ar an rás agus d'Árduigh na
héanacha ar fad san aér. Bhí na cinn bheaga
chun tosaigh ar dtús agus na cinn mhóra ar
deireadh, ach ba ghearr gur thosaigh na sgiatháin
laga ag tuitim anuas agus bhíodar ag tuit-
im as an rás de réir a chéile go dtí nach
raibh le feiceál in áirde ach an t-iolar.
Nuair chonnaic an t-iolar go raibh buaidhte
aige, mar shíl sé, chuir sé gáir mhaoidhte as.
"Is liom-sa an chraobh," ar sé, "is mise
rí na n-éan."
Sin í an uair a d'éaluigh an dreoilín as
iorball an iolair go ndeachaidh sé in Áirde
os cionn an éin mhóir.
"Ní headh," ar an dreoilín anuas, "is
liom-sa an chraobh, is mise rí na néan."
Thuit an triall ar an treall ar an
iolar agus tá an dreoilín ina rí ar na
héanacha uaidh sin anuas.
AN tÉAN IS LUGHA SAN EURÓIP
An t-oileán úd ba mhór le rádh le linn
cogaidh an Dá Ghall — Heligoland atá mé a
rádh — tá sé ar an mbealach a ghabhas na
héanacha imirce ag teacht adtuaidh dóibh ó'n
Orbhuaidh san bhfóghmhar. Tá teach soluis
ann agus meallann an solus oidhche na
héanacha go minic agus cuireann dá dtreoir
iad.
Oidhche amháin i ndeire fóghmhair bhí an
domhan mór de dhreoilíní easpuig ag teacht
adtuaidh ó'n Orbhuaidh. Tháinigeadar bealach
Heligoland. An solus agus anfa gaoithe in
éinfeacht leis, b'éidir, a chuir dá dtreoir
iad gur thúirlingeadar ar an oileán.
Connacthas na céadta aca timcheall an
tighe soluis feadh na hoidhche agus ar n-a
mháireach bhí an t-oileán faoi bhrat clúimh.
Is ar éigin a d'fhéadfaidhe coisméig a shiubhal
ann gan bróg a leagan ar dhreoilín easpuig.
Níl aon iongnadh d'iongantaisí na n-éan
is mó ná is spéisiúla ná an chaoi ina
dtugann an t-éinín seo aghaidh ar an dtréan-
fhairrge agus ina ndéanann sé bealach thar
uisge ó thír go tír. Níl de mhéad ann ach
mar a bheadh smuta clúimh. Níl meadhchaint
onnsa i gcúig cinn aca le chéile. Dá réir
sin is beag neart atá san dreoilín easpuig,
ach seolann Dia slán thar tuinn é faoi dhó
gach bliain, mar is éan imirce é.
Tá ár gcuid féin de dhreoilíní easpuig
in Éirinn. Fanaid againn ó cheann ceann na
bliana agus tógaid ál annso. Gheibhimid
freisin ár gcuid de na dreoilíní imirce ach
is ar éigin a tógtar faoi deara iad. An
chuid is mó aca tagaid i dtír i gcúige
Laighean, ach tagaid i dtír ag Ceann Léime
san iarthar, in Árainn agus i dTír Conaill.
Tagaid chugainn san bhfóghmhar agus imthighid
uainn arís faoi Mhárta agus Aibreán,
'Sé an dreoilín easpuig an t-éan is lugha
d'éanacha na hEorpa, agus tá an coileach
ar cheann de na héanacha is deise dath dá
bhfuil ann. An dreoilín donn atá an-
choitchianta san tír seo taithigheann sé áiteacha
atá ar ganntanas crann. Ní miste leis an
áit is luime má bhíonn fasgadh beag dó féin
ann. Cleachtuigheann an dreoilín easpuig a
malairt de shaoghal. Tá sé tugtha do na
crainnte. Ní hamhlaidh a thaithigheas sé
dlúthas coille i gcomhnaidhe mar is beag áit
in Éirinn a bhfuil crainnte go réasúnta
fairsing nach dtagann sé ann. Oileán
Acla féin, dá fhiadháine é, ní thugann sé cúl
air, ná ar iarthar na Gaillimhe.
Lorgann sé biadh ins na crainnte agus
ins an aér. Ní fheicfeá go deo é faoi'n
bhfál mar a mbíonn an dreoilín donn go
minic. Maireann sé in áirde na gcrann
agus ní dhéanann moill in aon bhall.
Gluaiseann sé go sgioptha ins na craobacha
agus é de shíor ag cuartú cairte an crainn
ar lorg bídh.
Bíonn go leor míol mbeag ina gcodladh
nó i bhfalach i ngága na cairte, cuileoga,
gailseacha, crumhanna, Máiríní smeacha,
leamhain, réadáin, corra míoltóg, agus
míola nach iad. Is ortha so a bheathuigheas
an dreoilín easpuig agus is ar a lorg a
bhíos sé an t-am a bhfeictear é ag cuartú
géag. Níl sé ina chó mhaith de chuartaidhe
leis an snag. Is amhlaidh a ghníos an snag
snámhuíl ar an gcairt ó bhun an chrainn
go dtí an barr gan poillín a fhágáil gan
chuartú. Gluaiseann sé go mall. Preab-
aire 'seadh an dreoilín easpuig a ghluaiseas
go tapaidh ó ghéig go géig gan ach tamall
beag a thabhairt do chrann dá méad.
Níl gar aige bheith chó gasta 'san aér leis
an bhfáinleoig, nó leis an ngabhlán gaoithe.
Éanacha gasta ar sgiathán 'seadh iad-san,
ach is greannmhar an ruidín an dreoilín
easpuig agus é ar thóir cuileoige san aér.
Tá an tsnáthad mhór chó fada leis, nach mór,
agus is cinnte go bhfuil sé chó mear leis
ar sgiathán.
Ba chirte an t-éan so a shamhailt leis na
meanntáin — go mór mhór leis an meanntán
gorm — ná le éan ar bith eile. Is rí-chosúil
é le Diarmuid Beag (an meanntán gorm)
ach nach bhfuil ruainne de'n ghoirme álainn
ina chlúmh, agus nach bhfuil sé chó mór ná
chó teann leis. Tá gaol aige leis na
meanntáin agus bíonn sé go minic ina gcomhluadar.
Is mar gheall air sin nach n-aithnighthear é
thar meanntán ag go leor daoine.
Is minice ina aonar é ná leis na
meanntáin, ámh, agus bíonn sé i gcomhnaidhe
ar siubhal. Ní fhacas ariamh dreoilín
easpuig ag leigint a sgíthe, nó ina chomhnaidhe
ach nuair bheadh sé ag cíoradh a chlúimh. Ní
mar sin do na héanacha eile. Caitheann
an gealbhan buidhe tamall de'n lá ag osnuíl
do féin ar bharr slaite. Leigeann an
spideog agus an gealbhan binne a sgíth go
rí-mhinic, agus is minic do'n ghealbhan cátha
ar chraoibh gan ceileabhar as. Ní thagann
an "círín órdha," mar thugas an Béarla
air, agus an díomhaointeas le chéile.
Is amhlaidh atá dath clúimh an éin seo: an
druim uaithne; an brollach, an bolg, agus
an dá thaoibh, buidhe-bhán; an dá sgiathán
dubh-uaithne, agus stríocaí geala treasna
ortha. Ball chó buidhe le hór ar a bhaithis,
agus ar chúl cinn an choiligh tá ball álainn
dearg. Is uaidh sin, is dóigh liom, a tugtar
dreoilín easpuig air.
Neadann an dreoilín easpuig ins na
crainnte giúise, má bhíonn an cineál soin
ann, ach ní miste leis neadú i dtom aitinne,
nó faoi'n eidhean ar thaoibh crainn nó balla.
Nuair a thoghann crann do'n nead cuireann
sé deis ar an nead a dhealuigheann é ó nead
éin ar bith eile. Tógann sé an nead idir
dhá chraoibhín, craoibhín os a chionn agus
craoibhín faoi n-a bhun. Greamuigheann sé
go daingean é agus ghníonn go mín teolaidhe
ar an taoibh istigh é le caonach, fionnadh
agus clúmh. Suas le deich n-ubh a bheireas
an t-éinín seo.
Dá laghad é mar éinín is rógaire é an
uair a gheibh sé faill. Lá a raibh an gealbhan
cátha ag déanamh nid bhí an dreoilín easpuig
ghá fhaire. Thagadh an gealbhan cátha gach ré
móiméad le giota adhbhair do'n nead agus
bhí go cruadhógach ar fad agus olann, fionnadh
agus clúmh dá bhfigheachan le n-a chéile aige.
Nuair d'imthigheadh sé ar lorg tuilleadh
adhbhair thagadh an dreoilín easpuig, ghoideadh
giota clúimh as nead an ghealbhain agus
chuireadh ina nead féin é. Bhí an ghadaidh-
eacht ar siubhal feadh tamaill nuair tháinig
an gealbhan cátha aniar ar an rógaire.
Thuig sé an sgéal ar an bpoinnte agus chuir
ruaig ar an dreoilín easpuig as an gcomh-
arsanacht ar fad.
TRÍ CEOLTÓIRÍ.
Bhíos lá earraigh ar leiceann cnuic i
mBéal Leice,áit i bhfíor-iarthar Iar-Chonnacht.
An trathnóna a bhí ann, trathnóna glas, agus
soillse an lae imthighthe, beagnach. Bhí gaoth
fhuar aníos ó'n bhfairrge móir agus gan
d'fhasgadh san áit ach corr-sgeach nó cuaille
ar chlaidhe agus ceann cromtha ar
gach fás aca, mar go mbíonn síor-shéideadh
ó'n bhfairrge ar an leiceann lom úd.
Ag dul siar an cnoc dom chualas ceol
éin. Bhí an fhuaim go hárd agus an port
go mall réidh. Shílfeá go mba fuaim bhinn
chluig corr-nóta de'n cheol, agus shílfeá go
mba fead bog binn corr-nóta eile, agus
ní fhéadfá samhailt a thabhairt do chuid móir
de na nótaí. Bhí na nótaí ar fad ag teacht
le chéile agus árdfhuaim fútha go léir ins
an gcaoi gur chualas an port thar séideadh
na gaoithe agus thar glór na fairrge i mbéal
na leice thíos. Nuair a bhí an port gabhtha
stad an t-éan agus i gceann tamaill bhig
thosuigh arís. Ghabh sé an port céanna arís
go mall, go binn, agus go hárd. Ní tháinig
na nótaí i ndiaidh a chéile díreach mar
tháinigeadar ins an gcéad gabhail, ach bhí
teacht-le-chéile ins an bport agus an tsástacht
chéanna ag an éan ghá gabhail, agus agam-sa
ghá chlos.
Thugas aghaidh ar an áit a raibh an ceol.
Ba ghearr go bhfacas an ceoltóir ar bharr
cuaille aonraic ar thaoibh claidhe an chasáin.
Smólach a bhí ann, smólach beag, nó céarseach,
mar thugann muintir Iar-Chonnacht air.
Nuair tháinig mé in aice na cuaille d'imthigh
an t-éan. Shiubhail mé liom agus brón orm
faoi gur chuireas ruaig air. Ní raibh mé
céad slat ó'n gcuaille nuair chualas an
port arís. Bhreathnuigheas siar agus bhí an
ceoltóir aoibhinn ar bharr na cuaille arís.
Níor chuireas isteach air an darna uair ach
shuidheas ar chloich agus d'fhanas ag éisteacht
leis an smólach ba bhinne dár chualas ariamh
gur chuir an dorchadas ina thost é.
Is minic a chualas ceol an smólaigh bhig
roimhe. Gach maidin earraigh cloistear dom
é agus is minic a bhím tuirseach dhe. Fiadh-
ántas Bhéil Leice a rinne an smólach úd
ar an gcuaille claidhe chómh binn, is dócha.
Tá Inis Múscraidhe ina oileán uaigneach
indiu. Níl áitreabh daonna ann, ná sgeach
ná tor ná tom fraoich, ach an ghaoth láidir
ó'n mbóchna mór de ló is d'oidhche ann, an
ghaoth a fhágas blas guirt ido bhéal. Ó dheas
ó Charna agus ó thuaidh ó Árainn atá
Múscraidhe agus é suidhthe i mbéal chuain
na Gaillimhe. Leath-cheád acra de thalamh
cothrom is méad do'n oileán, agus bíonn féar
thar bróga ann agus caonach mín in áiteanna
a tharraingeann éanacha chun guir ann.
Chuadhas go dtí an t-oileán lá samhraidh.
Chonnaiceas uibheacha geabhróg go tiugh ar an
tráigh gan nead fútha, agus sgalltáin philbíní
gan sgáth ortha. Bhí ladhráin ag feaduíl
agus geabhróga ag sgréachuíl san aér os
mo chionn. Níor mhaith leo mé agus níor
cheol liom a nglór. Shiubhail mé isteach go
lár an oileáin agus chualas ceol fuiseoige,
ach níor fhéadas an fhuiseóg d'fheicsint. Bhí
an spéar go glan ach ní raibh fuiseog in amharc.
Bhíos ag ceapadh ar dtús gur anuas a bhí
an ceol ag teacht, mar is gnáthach le ceol
fuiseoige, ach thugas faoi deara nárbh eadh.
D'éisteas tamall go haireach agus dhearcas
i dtreo an cheoil. Bhí an t-éan ar an talamh,
cinnte, agus ba ghearr go bhfacas é. Bhí
sé ina sheasamh ar thom féir agus é ag ceol-
tóireacht ar a dhícheall. Bhí ionganadh an
domhain orm fuiseog a fheicsint ag déanamh
ceoil ar an talamh, mar nárbh eol dom
roimhe sin go ndéanfadh fuiseog ceol agus é
ar a cosa. Aimsir ghuir a bhí ann agus is
amhlaidh a bhí an coileach ag coinneál comh-
luadair le n-a chéile a bhí ar an nead ins
an bhféar in aice leis.
Is dócha gur mhéaduigh uaigneas an oileáin
binneas ceoil na fuiseoige úd, ach is ceoltóir
binn éifeachtach an fhuiseog is cuma cé'n áit
a mbíonn. Gan lon ná smólach a chomhaireamh,
creidim go bhfuil an chraobh tuillte ag an
bhfuiseoig thar na héanacha beaga ar fad.
Gabhann sé a phort gan sos gan stad
ar feadh achair fhada. Tá éifeacht ina
ghabhail cheoil, tá binneas mór agus
éagsamhlacht ann, tá árdú is ísliú ann,
agus is cinnte nach bhfuil againn i nÉirinn
éan ceoil chomh beag leis atá leath chomh maith
leis.
Na héiníní ceoil a thagas thar sáile anoir
chugainn ní thagann mórán aca go hIar-
Chonnachta. Fanaid, an cuid is mó aca,
in aice na gcoillte i gCúige Laighean agus
i ngleannta clúthmhara na Mumhan. Tagann
an t-éinín sailighe chugainn agus an "sif
seaf." Ceolairí 'seadh an péire ach ní
minic a cloistear ag ceileabhar san iarthar
iad. Is i gCúige Laighean is minice a chualas
an t-éinín sailighe. Tá gleann clúthmhar
coillteach in aice na fairrge thoir na dtagann
na héiníní sailighe go fairsing ins an earrach
agus fanaid ann go dtí an fóghmhar. Gleann
Dá Loch atá mé a rádh. Lá aoibhinn samhraidh
dom ins an sean-roilig ann chualas ceil-
eabhar an éinín sailighe de'n chéad uair. Bhí
an t-éan ar chrann in aice leis an gcloigtheach.
Ní raibh ceol ó éan eile le clos. Bhí an
smólach agus an londubh ina dtost ó mhaidin
agus ba dóigh liom nár airigheas ariamh aon
áit chó ciúin leis. Ní áit uaigneach é ach
bíonn an ciúineadas ina rí imeasg na gcrann
ins an sean-roilig lá breagh samhraidh. Bhíos
ag déanamh iongnaidh de'n chiúineadas agus
ag cuimhneadh ar Chaoimhghin agus ar chogadh a
bhí idir manaigh is tuataigh in allód faoi
ghiodán talmhan bhí i seilbh na manach, nuair
labhair an t-éinín sailighe ó bhárr an chrainn.
Is aoibhinn ar fad é port an éin bhig seo.
Port gearr é ach tá éagsamhlacht ann agus
mianach de'n bhrón. Gabhann an t-éan go
hárd é ar dtús agus ísligheann a ghlór ina
dheireadh. Níor chualas ceileabhar éin ariamh
a mheabhruigh cineáltas agus cumha chómh mór
dom.
AN CREABHAR CAOCH.
Nuair bhíos an creabhar ag teacht adtuaidh
thar sáile chugainn tugann sé leis go minic
ina dhá chrúb maide beag gearr. Má
éirigheann sé tuirseach ar an turas ísligheann
sé ar an uisge le n-a sgíth a leigint agus
coinnigheann an maide ar uachtar uisge é
san gcaoi nach mbáidhtear é, agus tugann
congnadh dó le éirghe de'n uisge arís. Nuair
a bhíos a sgíth leigthe aige eirigheann sé de'n
uisge arís agus tugann an maide beag leis.
Filleann na creabhair ar na coillte
céadna bliain i ndiaidh bliana. Má bhíonn
neart aca ní dhéanaid moill nó ísliú ar an
gcladach, ach tagaid caol díreach isteach faoi
thír go dtí n-a gcoill féin agus bíonn an
maide i ina gcrúbaí aca go n-íslighid go
talamh.
An sgéal so faoi'n maide ní fhacas in
aon leabhar é, agus ní heol dom gur tugadh
an maide faoi deara roimhe seo ach ag aon
fhear amháin. Ní fhacas féin na creabhair
ag teacht i dtír, agus mórán daoine a rug
ortha ar aill nó cladach agus iad traochta
tar éis aistir dóibh níor thugadar an maide
faoi deara, nó má thug níl cunntas againn
air. An fear a thug an cunntas dom-sa
tá sé ina chomhnaidhe in aice le sean-choill in
iarthar na tíre agus bíonn an choill sin
lomalán de chreabhair ins an ngeimhreadh.
Níl bliain le dhá fhichid bliain, cé is moite de
bhliain a raibh sé faoi ghlas ag Gaill, nach
bhfaca sé na creabhair ag filleadh ar
sgiathán go dtí an tsean-choill. Thagaidís
ina n-éan is ina n-éan, agus dhearbhuigh sé
dom go bhfaca sé go minic maide beag i
gcrúbaí creabhair ar bheith ag filleadh ar an
gcoill do'n éan ins an bhfóghmhar. Deir sé
liom gur maide snáimh an maide beag so
a thugas an t-éan leis ionnus go bhféadfadh
sé a sgíth a leigint ar an bhfairrge dó.
Gorann an creabhar imirce abhfad ó thuaidh
in Orbhuaidh agus ins na réagúin níos fuide
ó thuaidh. Bíd ó thuaidh ar feadh an tsamhraidh
— iad so a théidheas ar imirce. Tagaid
adtuaidh ar ais chugainn timcheall na Féile
Michíl ins an bhfóghmhar agus uaidh sin go dtí
an Nodlaig.
Na héanacha imirce a mbíonn turas fada
fairrge ortha leanaid cósta tíre má's
féidir, agus coinnighid leis an gcóir gaoithe.
Ag teacht ó'n Orbhuaidh d'éanacha d'fhéadfaidhe
go sguabfaidhe leis an ngaoith iad taobh thiar
d'Albain agus d'Éirinn agus nach dtiocfaidís
i dtír go dtí an Spáinn. Dá mbeadh aimsir
chiúin ann dhéanfaidís an turas níos dírighe.
Thiocfaidís bealach Inse Cad agus Inse Gall
agus bhuailfidís le hÉire ar an gcósta ó
thuaidh. B'éidir go dtiocfadh cuid aca treasna
Alban nó Shasan agus treasna na Maoile
go hÉirinn.
Tagann creabhair i dtír go fairsing ins
na hÁrda i gCondae an Dúin, agus is ó
Albain díreach a thagaid is dócha, ach caithfear
a rádh go dtagann creabhair i dtír ar oileáin
agus ar chósta Thír Chonaill agus timcheall
na hÉireann uile. Is fairsinge a thagaid
ó thuaidh ná in aon áit eile.
Iad so a thagas an bealach ar fad ó'n
Orbhuaidh le fairrge bíd sáruighthe ag an
aistear agus ní chuirfeadh sé iongnadh orm
dá mbeadh maide snáimh dá iomchur ag cuid
aca. Is eol dúinn go cinnte go leigeann
na creabhair a sgíth ar an aistear fada
fairrge agus go n-íslighid ar longa ar bheith
traochta dóibh. Connacthas iad go minic ag
lucht taistil na mara ag ísliú ar an uisge
féin le n-a neart a chruinniú arís.
Is éan cliste le n-a chosa an creabhar.
Má ghorann cearc chreabhair i gcoill críon
tirim, bíonn uirthe taisteal a dhéanamh gach
tráthnóna go dtí an talamh bog ina mbíonn
péisteanna créafóige le fághail. Ní thig
léithe mórán péisteann a iomchur go dtí an
nead agus 'séard a ghníos sí na gearrcaigh
a thabhairt léithe idir na crúbaí go dtí an
biadh agus tógann sí léithe iad ar sgiathán
dí féin.
Tá creabhair againn thar na creabhair
imirce. Tá creabhair dhúthchasacha againn
leis na cianta agus gorann siad so in
Éirinn tar éis imtheacht do na héanacha
iasachtacha uainn timcheall na Cásga. Shíl
go leor de na sgríbhneoirí Béarla nárbh
éan dúthchasach an creabhar in Éirinn, ach
is fada "creabhar an ghuib fhada" dá luadh
ag Gaedhilgeoirí. Tá sé luaidhte i sean-
amhrán atá againn ó aimsir an tSáirséalaigh.
Tosuigheann na héanacha dúthchasacha ar
neadú i mí Márta agus bíonn an gor ar
siubhal aca go dtí Iúl. Éanacha sgáth-
mhara iad gan muinghin dá laghad as an
gcineadh daonna. "Faire san lá agus
fághtailt san oidhche" is focal faire dóibh
agus ní feictear ag mórán iad. An crann
cuilinn nó an crann labhrais is fearr leo
mar fhasgadh, agus muna mbíonn a rogha aca
sásuigheann crann giúise iad, nó tom de'n
árdfhraoch, nó tor fasgúil ar bith. Ní
hamhlaidh a chodluighid ar ghéaga crainn. Ní
thaithighid na craobhacha beag ná mór, ach an
talamh faoi na crainnte. Sin é an fáth ar
tugadh "creabhar caoch" agus "crom na
nduilleog" ar an éan. Neaduigheann sé
ar na talamh agus, cosúil le gach gob fada,
ní chaitheann sé mórán dúthrachta leis an
nead. Éan ceithre ubh 'seadh an creabhar.
Níl cur síos ar an méad creabhar a
marbhuightí in Éirinn le linn do na tighearnaí
talmhan bheith i réim. Gach duine a raibh
"dúithche" aige bhíodh an "game" ar cosaint
aige agus deintí ár ar na creabhair lá
áithrid gach bliain. Cuirtí fir is buachaillí
ag cuartú na coille leis na héanacha a chur
in áirde roimh na gunnaí. Marbhuightí ina
gcéadta iad.
Éan bréagh buird 'seadh an creabhar. Crot
an naosga atá air, ach tá sé chó mór faoi
dhó leis an naosga. Bhíodh agus tá fós
tóir mhór ag na fiadhaidhthe air. Is dóigh
liom nach bhfuil creabhair chó fairsing agus a
bhíodh. Tá na dúithchí dá roint agus na coillte
dá leagan, agus níl an fasgadh ann do'n
chlúmh.
Dá mhéad cosaint a deintí ar an "game"
gheibheadh muintir na tuaithe éanacha in aisge
go minic in aindeoin na dtighearnaí. Ag
teacht i dtír do na creabhair imirce tagaid
ina sgataí. In aimsir gairbh bid cortha de'n
aistear agus tuitid lag tuirseach ar shroichint
an chósta dóibh. Is minic a rugadh ortha
mar sin agus níor gádh gunna le n-a gceapadh.
Is reamhaire a bhíd ag imtheacht nó ag teacht
dóibh agus bailighid le chéile ina gcéadta
roimh aghaidh a thabhairt ar an bhfairrge. An
fiadhaidhe eolgaiseach bhíodh sé i gcomhnaidhe
ag faire na gcreabhar aimsir na himirce.
Dhá bhliain agus dhá fhichid ó shoin thuit na
mílte creabhar "ó na néalta" i gCondae
an Chláir. Éanacha ar ghnáthach leo dul
níos fuide ó dheas ná Éire a bhí ionnta, is
dócha, agus chliseadar bealach a dhéanamh in
aghaidh gaoithe. Séideadh isteach faoi thír iad
agus níor éirigh leo fasgadh maith d'fhághail.
Bhítí ghá marbhú le bataí agus bhíodh
creabhair dá ndíol go saor ar mhargaidh na
sráideann an geimhreadh úd.
IASGAIRÍ.
Leath-chéad slat de chiumhais báin ar an
bhfairrge agus an chiumhais sin dá suathadh
síos is aníos, amach is isteach arís in aghaidh
na gcarraig. Taobh thiar de'n chiumhais
cubhair sin tá na hárdtonna dá mbriseadh ag
na dubh-charraigreacha faoi'n taoille, agus
iad go garbh-ghlórach "ag teacht go tologach
torannach trom." Níl aon bheithidheach a
chuireas as gáir chó garbh nó chó hárd leis
an ollgháir gairbh fadghlóraigh a chuireas an
fhairrge chugainn. An tóirneach mhór an
t-aon torann nádúrdha a sháruigheas garbh-
ghlór na mara ar an tráigh.
Taobh thiar de'n chiumhais báin, agus de na
tonnta árda, agus de'n tormán mór tá an
stoirm. Nuair a thagas meisge ar na gaotha
an t-am a n-éirigheann eatortha amuich i lár
na haigéine, sin í an uair a ropaid rómpa
go dtéighid i dteangbháil leis an bhfairrge
agus go gcuirid umhan agus uafás ar mhín-
chlár na mara. Rud ciúin 'seadh an fhairrge
nó go gcuirtear uirthi. Nuair cuirtear uirthi
go teann is go dian tagann crith-eagla is
umhan uirthi agus téigheann sí thar comraidh-
eacht ar fad. Is mian léithe an uair sin
imtheacht dá leabaidh agus dul ar ais nó
ar éigin thar druim na talmhan. Bíonn an
stoirm taobh thiar dí ghá díbirt agus buaileann
sí ina tonna ar aill, ar charraig, is ar
thráigh, nó go mbristear agus go gcaithtear a
neart.
I lár na stoirme sin a bhrostuigheas na
tonna chun buile bíonn na hiasgairí ar
snámh agus iad dhá n-árdú is dhá n-ísliú le
suathadh an uisge gan beann aca ar na gaotha.
Bíonn na héin ghiúrainn agus na crosáin
annsin amuich. Bíonn na héanacha aille
is na cánóga ann. Bíonn na gainéid is na
lachain mhara ann, agus na guardail, agus
na hiasgairí dána uile nach dtaithigheann an
tráigh.
Má théighir ar turas loinge chífir na
sguainte éan achar ó'n talamh, agus tógfair
faoi deara nach n-éirighid de'n uisge in anfa
gaoithe. Is amuich san bhfairrge sgathamh ó'n
tráigh is mó a lorgann na hiasgairí seo an
t-iasg. Is maith leo cuan fasgúil,
fairsingeach, iasgach, ach ní maith leo an talamh
agus ní maith leo teacht ina ghar, ach amháin
in aimsir na nead. Bhíodh sé ina sgéal
fadó go ngoradh an t-iasgaire cóirneach ar
an muir agus go mbíodh an mhuir ina clár
mhín chiúin feadh ama an ghuir. Ní raibh ann
ach sgéal gan ughdar. Ní ghorann éan ar
bith ar uisge. Is éigin do na héanacha is
fiadháine teacht i dtír le haghaidh guir. Sin
é is dlighe dóibh, agus muna mbeadh an dlighe
sin is beag eolas a bheadh againn ar éanacha
aille, ar chrosáin, ar chánóga, ná ar na
héanacha a thaithigheann an tréan-fhairrge.
Taithnigheann comhluadar a chéile leo agus
tagaid i dtír ina mílte san earrach san
áit is rogha leo mar neadlann.
AN GAINÉAD.
Tugaim féin an chraobh do'n ghainéad ó
éanacha uile na fairrge. Ní heol dom
tomaire éin a théidheann chó fada síos faoi
uisge leis ar lorg éisg, agus tá sé chó láidir
ar sgiathán, dar le sean-ughdar Gaedhealach,
go rachadh sé tríd seolta luinge gan strómh.
Tá iongantaisí le feiceáil ar muir. An
gainéad agus é ghá theilgean féin ó áirde
an aéir caol díreach síos san uisge ar thóir
sgadáin, tá sé ar cheann de na hiongantaisí
is mó aca. Ní facthas dom-sa amharc níos
breaghtha ar muir ná an gainéad ag iasgach.
In aice le hÁrainn dom lá chonnaiceas an
t-éan mór ag timcheallú go hárd san aér.
Is ag brath na sgadán a bhí sé agus ba chosúil
ó'n áirde a bhí aige go raibh na sgadáin an
fhaid chéadna síos ó uachtar uisge. Bhí sé
ag eiteall go tréan agus cearcall de
leath-mhíle treasna dhá dhéanamh aige. Shílfeá
ó'n bhfuadar a bhí faoi nach bhfeicfidhe tada
faoi chlár na fairrge dó. Bhíos ghá fhaire
tamall maith nuair lag sé na sgiatháin go
raibh sé stadtha beagnach. Go hobann dhírigh
sé anuas ar an uisge, ceann faoi agus
iorball in áirde. Thuit sé mar thuitfeadh
cloch mhór agus nuair bhuail sé uachtar uisge
cuireadh stealladh agus maidhm bhaistighe go
hárd os cionn na dtonn.
Caithfidh sé gur bhuail sé an t-uisge le
neart agus truime nó ní cuirfidhe an t-uisge
chó hárd de bharr na teangbhála, agus níor
mhór do'n éan bheith láidir, cnámhach nó ní
fhuilingeochadh sé an teangbháil sin.
D'fhan sé faoi uisge tamall maith agus
an dá luath 's tháinig sé aníos d'árduigh sé
ar sgiathán arís agus d'imthigh leis.
Nach breagh an saoghal atá ag an ngainéad.
Grian agus gaoth agus fairrge, snámh ar
uachtar uisge agus dubh-shnámh faoi uisge,
tomadh agus iasgach, suas le céad míle ar
sgiathán ar maidin agus an turas céadna
ar ais go dtí an neadlann tráthnóna,
codladh oidhche ar ailltreacha árda na Sgeilge
Bige nó an Tairbh agus gan beann aige ar
gunna mar nach mbacann fiadhaidhthe na
hÉireann leis. Ní hé amháin gurb éan mór
breagh é a bhfuil crot agus cosúlacht air,
ach caitheann sé a shaoghal go réimiúil. Is
breagh an saoghal é agus is fiadháin.
Rud faoi leith a bhaineas leis an ngainéad
nach bhfuil ach dhá neadlainn ar chóstaí
Éireann aige, agus ní ar an gcósta díreach
atá an dá áit sin ach ar dhá oileán bheaga
mhara, an Sgealg Bheag atá in aice le
Sgeilg Mhichíl agus an Tarbh atá fiche míle
ó dheas ó'n Sgeilg agus siar ó Chondae
Chorcaighe.
Ní ghorann an gainéad seo 'gainn-ne
taobh amuich de'n dá áit seo. Gorann suas
le cúig céad péire aca gach samhradh ar an
Sgeilg agus timcheall trí céad péire aca ar
an Tarbh. Árduigheann an Sgealg Beag a
ceann clochach cúig céad troigh os cionn na
fairrge agus is ar shleasaibh na haille
agus i gcuasána na gcarraig a bhíonn
neadracha na ngainéad. Is cosúil le tréad
caorach na gainéid ar an Sgeilg séasúr na
nead. Cuirid iongnadh agus aiteas ar
bhádóirí a thagas i ngar do'n charraig.
Taithigheann na gainéid gach cuan agus
inbhear timcheall Éireann. Ní ó Chiarraidhe,
ámh, ná a ndeas a thagas a leath, mar go
bhfuilid an-fhairsing ar chóstaí Alban agus
'siad gainéid Alban a bhíos le feiceál ar
fhairrigí Uladh ó Thír Conaill go Condae an
Dúin. Téidheann gainéid ag iasgach ina
sguana ach is minic a bhíonn ceann corr le
feicéail ag iasgach dó féin. Nuair bhíos
sgadáin nó runnacha go fairsing i gcuan na
Gaillimhe bíonn lear mór gainéad ar a
dtóir taobh istigh d'Árainn. Taithnigheann
le hiasgairí sguan gainéad a fheiceáil ar
muir. An áit a mbíonn gainéid bíonn
sgadáin agus níl rud is fearr le hiasgaire
ná an sgadán.
Ba mhinic do na héanacha so dul a bhfastó
ins na heangacha. Tráth bhí iasgairí ag
iasgach ins an domhan-fhairrge soir ó Chondae
an Dúin agus na heangacha céad agus ceithre
fichid troigh faoi uisge aca thógadar aníos
ceithre fichid agus deich ngainéad a d'ionnsuigh
a gcuid sgadán faoi uisge agus a sáinnigheadh
ins na heangacha. Beireann iasgairí go
minic ar ghainéad chorr agus é ina chodladh
ar an tuinn tar éis an iomarca bídh. Tá
ealadhain chó mór de dhíth ar an éan so gur
féidir a ghabhail mar sin, nó a mharbhú go
réidh. Cleas atá ag iasgairí iasg a cheangal
de chlár ádhmuid agus a chaitheamh amach ar
an bhfairrge nuair bhíos gainéad ag eiteall
ós a gcionn. Tagann an gainéad anuas
go díreach trom ar an gclár go mbriseann
a mhuinéal ina aghaidh.
Éan bán an gainéad agus barr an dá
sgiathán dubh. Tá sé chó toirtiúil ina
chonablach le heala, beagnach, ach nach bhfuil
an muinéal fada aige. Is éan gan gangaid
é, nach bhfuil gadaidheacht ag baint leis, ná
braduíl, mara n-áirimhighthear an sgadán
a sgiobann sé as eangach an iasgaire. Ní
ghoideann sé adhbhar nid a chomharsan, mar
ghníos an bhroigheall, ná ubh as nead éin eile
mar ghoideas faoileán na sgadán.
De'n fheamain agus de shopaí fánacha tuighe
ghníthear an nead. Ní bheireann an ghé thar
aon ubh amháin go ndéanann sí gor air agus
ní dhéanann gor ach uair san mbliain.
Plaosg ghorm-bhán nó bán-uaithne ar an ubh,
ach go mba dóigh leat gur plaosg bhán í bíonn
an oiread soin cailce greamuighthe dí ar an
taoibh amuich.
Is ar éigin a bhíonn clúmh ar bith ar an
ngearrcach an chéad lá ach é ina chraiceann
lom. Is gearr go dtig neart ann agus
clúmh dá réir. Tógann sé an fhairrge air
féin go luath agus foghluimigheann sé an
t-iasgach ó na sean-éanacha. Ní thagann sé
chun feadhma go dtí an ceathramha bliain
agus ní luigheann an ghé ghainéid ar ubh roimhe
Sin An "t-ugasdún" atá ag muintir Chonnacht
an éan so.
AN t-ÉAN GIÚRAINN.
Éan fairrge atá go hait agus go hálainn
'seadh an t-éan giúrainn, nó an fuipín, mar
thugas muintir na mBlascaodaí air. (Is
mar sin adeirid an focal Béarla puffin).
Is minic a tháinig páiste gléigeal as bothán
súghaidh. Is as poll talmhan aníos a thagas
gearrcach álainn an éin ghiúrainn. Ní dóigh
liom go bhfuil éan ar bith de na héanacha
fairrge chó dathúil leis. Stumpa éin 'seadh
an sean-éan, iorball gearr, cosa gearra,
agus sgiatháin ghearra air, agus gob gearr,
ach é láidir, acfuinneach agus daithte. An
druim, na sgiatháin agus an bhaithis dubh.
An brollach, an bolg agus an dá
leathcheann bán. Fásann dá shliogán, nó giúrann,
ar uachtar agus ar íochtar an ghuib. Sgoith-
eann an t-éan na sliogáin sin san ngeimhreadh,
ach fásaid arís san earrach. Bíonn na
sliogáin daithte ar na héanacha óga ag
teacht san bhfairrge dóibh.
Dálta mar ghníos an gainéad, an crosán,
agus cuid eile de na héanacha fairrge, ní
leagann an t-éan giúrainn cos ar aill nó
carraig nó talamh taobh amuich de'n
neadlainn. Tá áiteanna timcheall ar
cóstaí Éireann ina ngorann sé. Ar na
háiteanna so atá Reachra Breagh in aice le
Binn Éadair, na hoileáin Sáile, an Tarbh,
na Blascaodaí, oileán na gCánóg, Aill-
treacha an Mhóthair, oileáin Árann, cóstaí
thuaidh Mhuigheo, Tórach, Corrán Binne, agus
oileán Rachlann. Is cosúil nach maith leis
na héanacha fairrge an cineadh daonna agus
go bhfuil sgáth ortha romhainn. Nuair a
thagas siad i dtír chun guir toghaid dóibh féin
na h-áiteanna is uaignighe agus is fiadháine
dár chruthuigh Dia, agus ní thaithighid aon
áitreabh daonna. Tá éadan an Chorráin
Bhinne cúig céad troigh ar áirde agus deirtear
gurb é sin an t-áitreabh is mó in Éirinn ag
éanacha giúrainn.
Is andeas chugainn a thagas an t-éan
giúrainn san earrach. Gorann éanacha
imirce san taoibh ó thuaidh dá réagún agus
imthighid ó dheas le haghaidh an gheimhridh. Ní
feasach dúinn díreach cá gcaitheann éanacha
giúrainn an geimhreadh, ach is fíor go mbíonn
corr-cheann aca ar an bhfairrge mór in
aice linn, mar go gcaithtear isteach faoi
thír leis an stoirm iad. Ní feictear na
sgataí ag eiteall chugainn go dtí tar éis
Lá Fhéile Pádraic. Tagaid i dtír ar
shroichint ár gcósta dóibh, ach ní fhanfaid san
neadlainn. Imthighid go fairrge arís an lá
céadna agus bíd ag teacht i dtír ar an
aill gach lá go dtosuighid ar neadú tar éis
Lae Bhealtaine. Taithighid an neadlann
chéadna ó bhliain go bliain agus is iondual
go bhfillid andeas ar an lá céadna de'n
earrach gach bliain.
An t-éan aille agus an crosán ní dhéanaid
nead, ach gorann ar an gcarraig loim. Ní
réidhtigheann an charraig lom leis an éan
giúrainn. Ní hamhlaidh a ghníos sé nead
mar ghníos éanacha coille agus éanacha móna
nó léana, ach tá dúil aige san bhfasgadh. Ní
shásóchadh ionad ar uachtar talmhan an t-éan
so, agus is gnáthach leis poll trí troighthe
ar dhoimhne a dhéanamh ar uachtar aille
go leagann an t-éan buinean an t-ubh
in íochtar an phuill agus go ndéanann gor
air, gan gaoth ag séideadh air ná grian
ghá théidheadh. Má gheibh éanacha giúrainn
puill choiníní in aice na haille cuireann
siad na coiníní as na puill agus neadann
ionnta iad féin.
Aon ubh amháin a bheireann an t-éan buinean
go ndéanann sí gor, agus 'deirtear nach
ndéanann gor ach uair san mbliain. Fágann
sin go mbíonn sí taobh le aon ghearrcach
amháin mar ál. Ní thagann an gearrcach
aníos as an bpoll go mbíonn clúmh agus
cleiteacha air. Tráth thárla dom bheith ag
bádóireacht faoi bhun aille tháinigeas ar
sguan fuipíní óg. Bhí an snámh go maith
aca ach ní rabhadar go láidir ar sgiathán,
agus níor fhéadadar imtheacht leis na sean-
éanacha. Nuair theann an bád leo is amhlaidh
a ritheadar ar bharr an uisge agus cos is
sgiathán ag obair in éindigh aca. D'árduigh
cuid aca ar sgiathán ach thuiteadar go luath
arís san uisge. Thom cuid eile aca ach
tháinigeadar aníos arís gan ró-mhoill. Ba
ghleoidhte an taisbeántas éan iad le n-a
mbrollacha bána agus le n-a nguib
ioldaithte.
Muna dtagann an fuipín óg as an bpoll
guir go mbíonn neart ann, tá réasún leis
an moill. Is beag nós ag éanacha gan fáth
leis. Sanntuigheann an seabhac seilge feoil
an fhuipín óig agus tóruigheann sé na héanacha
óga go dian ar na hailltreacha agus sgiobann
leis na cinn laga má gheibh sé faill ortha.
De réir mar thagas neart ins na cinn óga
tugann sean agus óg aghaidh ar an bhfairrge.
Ní mórán nirt a bhíos ins na héanacha beaga
go díreach tar éis teacht as an bpoll guir
dóibh, agus, ar nós na dtomairí ar fad,
táid go tuaithealach ar na cosa. Ag fágáil
na nead dóibh tuiteann siad anuas le
caitheamh na haille isteach san bhfairrge. Ní
eirigheann leo go léir uisge a shroichint.
Téidheann cuid aca i dteannta i gcuasáin
na gcarraig agus fágtar san sáinn iad
go dtagann an seabhac seilge ortha, mar
nach mbíonn neart ag an sean-éan ar éan
óg a thuiteann i bpoll domhan charraige.
Níl éan ar bith is dílse dá ghearrcach ná
an t-éan giúrainn. Má ionnsuightear an
fuipín óg seasann an sean-éan fód agus
tugann aghaidh ar an námhaid. Ní imthigheann
an t-éan buinean as an nead roimh duine ná
beithidheach agus tugann a hanam go minic
ar son an ghearrcaigh. An imirce an t-aon
rud amháin a chuireas isteach ar an dílse
sin an éin ghiúrainn. Ní ar an lá céadna
a thosuigheann na fuipíní ar gor. Tosuigheann
cuid aca i dtús an Bhealtaine agus bíonn
cuid eile aca ar gor i mí Iúil. Tagann
an tráth nuair is éigin d'éanacha imirce
imtheacht thar sáile. Bíonn an imirce ar
siubhal ar feadh sgathaimh, ach tagann an lá
deireannach agus is eol do gach fuipín an
lá soin amhail is dá mba Lá Brátha é. Tagann
lá deireannach na himirce — imirce na
bhfuipíní — roimh Lá Fhéile Muire i mí Lughnasa
i gcomhnuidhe, agus an mháthair fhuipín is dílse
ar bith ní fhanfadh sí i mbun gearrcaigh tar
éis an lae sin. An méad aca a bhíos mall
leis an ngor tréigid na gearrcaigh nach
mbíonn clúmh agus cleiteacha ortha agus
neart ionnta chun na fairrge.
Ní ar sgiathán a imthigheas na héanacha
giúrainn uainn ach ar snámh, agus ní feasach
dúinn go n-árduigheann siad ar sgiathán ar
an turas ó dheas dóibh. Laige na n-éan n-óg
is cionntach leis seo is dócha, agus ní hé
laige na sean-éan é, mar is éan láidir
mear ar sgiathán an sean-éan giúrainn.
B'ait leat na sguainte éan d'fheiceáil ag
dul ó dheas dóibh thar oileána iarthair Éireann
i lár mí Lughnasa agus na mílte aca, sean
agus óg, ag snámh le cheile ar ucht na mara
móire. Is áilne ná sin arís na sgataí
ag teacht andeas ar sgiathán tar éis Lae
Fhéile Pádhraic san earrach.
Tumaire cumasach cliste atá san éan
giúrainn agus maireann sé ar iasg, nó ar
shíol éisg. An gob láidir atá aige cuireann
sé ar a chumas iasg chó mór le sgadán a
mharbhú gan strómh, ach is ar an síol éisg is
mó a thagann fuipíní suas. Connacthas
sean-fhuipín go minic ag teacht go dtí an
nead agus oiread agus cúig cinn de sgadáin
bheaga ina ghob aige le haghaidh an ghearrcaigh.
Ní tugtar an t-iasg do'n ghearrcach go ceann
beagán lá tar éis teacht as an bplaoisg dó.
Biadh ro-láidir 'seadh é. Is amhlaidh a shlugann
an sean-éan an t-iasg ina hiogán go mbíonn
sé leath-leághaite, agus is leis sin a beath-
uightear an gearrcach go dtagann neart ann.
AN BHROIGHEALL NÓ FIACH MARA.
Éan mór atá san mbroighill, toirt ghé
innte, ach go bhfuil a mhalairt de chrot uirthe.
Muinéal fada, gob láidir, ach gan é bheith
chó fada le gob na coirre éisg; cosa gearra
agus iad siar fúithe; ruball leathan, agus
ina seasamh dí bíonn cruit uirthi, an ruball
ar thalamh agus an ceann in áirde. Dath
dubh agus sgáil ghorm tríd an duibhe uirthe,
agus dá bhall bheaga bhána ins na taobhanna.
Iompuigheann clúmh an chloiginn geal san
earrach agus tagann coc ar an mbaithis,
cosúil leis an seaga. Ní thagann an
bhroigheall chun feadhma go ceann trí nó
ceithre mblian, agus bíonn brollach geal ag
an mbroighill óig. Comhartha óige 'seadh an
brollach geal.
"Bocht le fairrge agus saidhbhir le
sliabh," ach tugann an bhroigheall tír agus
fairrge léithe, mar taithigheann sí lochanna
agus aibhne chó maith leis an muir. Is gnáthach
le broigheallacha dul ag iasgach ina sguana,
ach is minic a chídhtear éan aonraic aca
ar an gcladach nó ag déanamh bealaigh ar
loch isteach agus é go hárd san aér.
Trathnóna dom ar Loch Coirb chonnaiceas
sgata mór broigheall ins an aér agus iad
ina V mar bheadh géabhaí fiadháine. Bhíodar
ag teacht adtuaid go dtí cuan na Gaillimhe
tar éis an lá a chaitheamh ag iasgach ar an
loc.
In áiteanna is ins an oidhche a imthighid
isteach ó chladach go dtí na lochanna. Tá
a mhalairt de nós aca in áiteanna eile
agus caithid an oidhche ar muir agus an lá
ar loch nó abhainn.
Ar úr-uisge nó ar fairrge do'n bhroighill
is tréan an t-iasgaire í. Tá súil seabhaic
aice agus snámh éisg. Tomaire í chó maith
leis an gcuid is mó d'éanlaith na fairrge.
Slugann sé na héisg ina mbeatha go
mbíonn an t-iogán mór lán go píobán aige.
Baineann muintir na Síne obair as an
mbroighill. Tógaid ina peata í agus nuair
a thagas láidreacht inntí tógaid ag iasgach
leo í. Cuirid fáinne ar an muinéal nach
leigeann do'n éan an t-iasg a shlugadh ar
fad. Sgaoilid an bhroigheall san abhainn
agus tagann sí go bruach le gach iasg dá
marbhuigheann sí.
'Sí an aill árd ar aghaidh na fairrge is
áitreabh do'n bhroighill in aimsir guir, ach ní
héan gan seift í agus ní miste léithe neadú
ar chrann cois cladaigh nó abhann, nó ar
shean-chaisleán. Tá oileán i Loch Coirb a
bhfuil go leor nead broigheall ann agus iad
leagtha ar an talamh lom gan fasgadh. An
t-éan aille agus éanacha eile ní dhéanaid
nead, ach goraid ar an gcarraig loim. Tá
an bhroigheall níos síbhialta ná iad-san.
Ghníonn sise nead mór de chipíní aitinne,
slatacha mara, feamain, féar agus caonach,
go mbíonn carn mór brúsgair aice. Ar
a bharr soin beireann sí trí ubh.
Nuair a bhíos nead dhá dhéanamh ag péire
broigheall fanann éan aca ina bhun agus
téidheann an comrádaidhe amach ag cnuasacht
adhbhair. An t-éan a bhíos ag cnuasacht ní
mór dó bheith glic agus gasta mar go ndéanann
a chomharsanna "luigheachán" air ar a
bhealach abhaile dó agus baineann na cipíní
dhe má's féidir.
Rudaí gránna atá ins na gearrcaigh, nídh
nach iongantach agus a laghad d'áilne atá
ins na sean-éanacha. Tá gob láidir ar an
sean-éan ach níl sí deisiúil leis chun biadh
a riaradh ar na gearrcaigh. Is amhlaidh a
líonann sí an t-iogán le héisg bheaga agus
ar a bheith ag beathú na ngearrcach dí fosglann
sí a gob go leathan, sáthann an gearrcach
a ghob féin siar i sgórnaigh an tsean-éin,
tógann na héisg aníos as an iogán agus
itheann go mbíonn sáthach.
Is cosúil leis an mbroighill an seaga ach
nach bhfuil sé chó mór baileach, agus níl an
ball geal ar an taobh aige. Ní thaithigheann
an seaga na haibhne nó na lochanna ach go
fíor-annamh agus caitheann sé a shaoghal idir
cladach agus fairrge. "Cailleach dhubh"
atá mar ainm ag go leor de mhuintir an
chladaigh ar an seaga, agus tá "fiach mara"
ag muintir Chiarraidhe ar an mbroighill.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11